Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tadhg Gaedhlach

Title
Tadhg Gaedhlach
Author(s)
Ó Súilleabháin, Tadhg Gaedhlach,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1795
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1929)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



DUAN ÍOSA.
A Mhórmhic cathrach cailce na soillse aoibhinn
A thrócaire Pharrathais a phearsain 'en tríor naoimhtha
A stóir ghil maithmheachas tabhair 'n-ár gclaoinsmaointe
Is treóruigh m'anam gan anfadh it ríoghacht, a Íosa - Amen.
Amen a Íosa do cheannuigh go daoir me
Ar an gcrann Dé hAoine
Do namhaid dot thraoichadh abhfad ót ghaoilta
Do bhanaltra taoibh leat go cathach 'ot chaoineadh
Is mise go millteach ó tháinig brígh ionnam
Dot chéasadh ar mo dhícheall
Is mo chúig chéad míle de chéadthaibh sceimhle
Mar is é sin mo dhíoghal duit!



A Íosa dhealbhuigh talamh is tréanmhuir dúinn
A Naoimhspirid Bheannuighthe cheannuigh go daor me ar dtúis
Díbir m'ainbhfios damanta, a Dhé na ndúl
Is dírigh m'anam gan pheannaid gan phéin dot chúirt. - Amen.
Amen a Rí na ndúl
Cé thugas leat mo chúl
Do ritheas uait ar siubhal
Do thréigeas do shéanas do ghnúis


L. 30


'S cé rinneas go minic súd
Ná cuir druim do láimhe liúm
Mar is leatsa atáid ag tnúth
M'anam, mo chroidhe, is mo dhá shúil.



Dot chúirt cheólmhar chompórdach dlígh ár dtriall
Chughat seól ár ngnúis bóthair a Rí na riaghal
A stiúir ghlórmhar úird chomhachtaigh Chríost na gcliar
Tabhair stór it dhún damhsa agus díon me, a Dhia. - Amen.
Amen, mar is tu mo stiúir, mo liaigh
Is mo dhochtúir thar dochtúirí a Dhia
'S an charaid sin do cheannuigh me go dian
Trét bhás sa Pháis ag fulaing na bpian.



A Dhia ghléigil na féile is a athair dhílis
A liaigh naomhtha do shaor sinn ó pheaca an tsinnsir
Riar, réidhtigh, ní céim ort ár nglasa scaoile
A Thiarna Aenmhic na daonnachta i bhflaitheas soillsigh. - Amen.
Amen a Íosa, cé fada me im shaighead nimh
Dhamanta 'ot dhíbirt
'S as gangaid an ghnímh sin tá m'anam bocht cíordubh
Ceangailte i gcuibhreach nach féidir a scaoile
Go saorfir arís me le déirc shéin d'fhíorfhuil
Naomhtha do chroidhe ghil.



Soillse na maighdna agus grása an Uain
Go bhfaghamna mar oighreacht 'n-a n-árus buan
Goidhnigh me a dheighleinbh Mháire it chuan
Is roinn linn do shaidhbhreas, a ghrádh gan ghruaim. - Amen.
Amen go binn a Rí agus a Uain
Do cheannuigh me go carthannach ar cuaird


L. 31


Ag an bpiolóir sa phionós chruaidh
'S na Giúdaigh fhallsa, dream an uabhair,
'Ot sciúrsáil eatortha 'ot mhasladh go muar;
Do bhrughadar do shúil mhilis shuairc
Do ghreadadar do ghearradar do ghruadh
'S d'árduigh íota an fheill sa tsluagh
Chum ár dTiarna do threascairt gan taise gan truagh.



Gan ghruaim beir leat fé bhrataigh Mhuire go fial
Suas ar neamh mo phearsa ó stoirm an diabhail
Fuascail m'anam, tair dom choimirc sa tsliabh
'S Luan na Breatha glac me it chuideachta a Dhia. - Amen.
Amen go dlúth dúthrachtach fial
Do bhriseas foríor do dhlighe 's do riaghail
I ngach tír 'n-a mbíodh mo thriall
Im dhall im dhaol fé shéala an diabhail
Trém thuitim go dubhach ag dúbailt na bhfiach
Níor bh'iongna liúm le cumha le ciach
Le buile bhróin is dheóir is liach
Dá scoilteadh tríd mo chroidhe in mo chliabh
Le luighead mo pháirt 's mo ghrádha do Dhia.



A Dhia na n-aingeal 's a bhanaltra an Ríogh chomhachtaigh
Stiallaidh m'anbhroid, scaipidh mo mhídhóchas
Riaruigh m'anam i mbeatha na binnghlóire
Fé sciath na n-aspol ag amharc na Tríonóide. - Amen.
Amen, a Tríonóid na naomh ghlórmhar, machtnuigh
Gur thúirling gealphrionnsa na bhflaitheas
Fá bhánbhruinne Mháire 'n-a leanbh:
Trí ráithe dfhan máistir na n-aingeal
Le humhlaidheacht le húirísleacht aici
Is fuirnéis grádha 'n-a lár ar lasadh;


L. 32


Dfhuaduigh anuas ar an dtalamh
An tUan geal dár bhfuascailt ón bpeaca;
A Mháthair ní bhfághadh bheith sa chathair
Go dtáine san stábla chum leabtha;
Is ann do bhí 'n-a luighe go dealbh
Gan fíon gan feóil dá beól le blaise;
I gcolgás táir in árus an eallaigh
Do rug sí Aonmhac Dé na n-aspol
Fuacht is fán níor cháin mar chleachtadh
'S do b'é an radharc naomhtha mainséar an asail.



A Thríonóid, a chríochnóir an teagaisc i réim
A chaoinchomhairligh ríshómplaigh, chneasuigh ár gcréim
A dhíodhacht óirdchirt chinn Rómha na saltrach séin
Feighil fóir go sitheóilte agus tearmain mé. - Amen.
Amen, is me an meathach ná smaoineann go dtiocfa an
lá (daor)
Lá diachrach ár dTiarna do théacht
'N-a chathaoir is leathchloidheamh na n-éacht
'N-a láimh chomhachtaigh chirt stróicfe gach tréad
Gan fábhar le fagháil ar bith d'aon
Acht an bhantracht bhinn is milse méinn
Do bhaistfar i ndeóraibh órdha an tséin
Ní hiadhfar rómpa dóirse Dé
'S beidh geataí na gealríoghachta réidh
Chum iad do ghlacadh insna flaithis i réim.



Is me airgtheach an ainbhfis 's an aimhlis, réab
Aitheanta na heagailse agus dlighe na naomh,
A dhalta shil go cathach fuil do chroidhe 'n-ár dtaobh
Sealbhuigh ár n-anamacha it ríoghacht is glaeidh. - Amen.


L. 33


Amen, a Rí ríghthe an tsaoghail
Do leath 'n-a linn binnghuth do bhéil
Ar chlannaibh Éibh thimcheall 'n-a dhéirc
Let mhaith let mhínmhilseacht dár nglaodhach
Ar Neamh ag suidheamh soillse gach séin
I mbeatha shíoraoibhinn na naomh
'N-ár lasair fhíor ghrinnghlain mar ghréin
Dot phearsa naoimhtha a Íosa a Mhic Dé.



Glaodhmíd dár gcaomhchoimhdeacht Peadair is Pól
Céile Íosa naomh Cíprian Basil is Iób;
Cléir shoillseach Dé, Síomon, Marcus geal, Eóin
Go saothruighid dúinn séan-ríoghacht na bhflaitheas mar
lón. - Amen.
Amen a shaoi shoillseach na salm
Do dhortas ar dhream fhallsa na faladh
Sonas sruith séin séadach 'n-a cheathaibh
'S do bhronnas mar bhéile éachtach it bhainis
Dár gcobhar do chló chomhachtach do phearsa
Tobar is lón trócaireach na beathadh
San tSácraimínt Naoimhtha dot leanbh
Ar staid na ngrás ngrádhmhar tu ghlacas.



Lón beannuighthe na bhflaitheas agus Chríost neamhdha
Lón saltrach na n-aspol agus dlighe an Áirdmhic
Lón Parrathais na n-aingeal is an Ríogh ghrásaigh
'N-ár stór seasaimh ag ár n-anmaibh is díon Mháire. - Amen.
Amen, a Mháire mhíorbhúilteach, díon mé
Ar mo naímhde lá an díoghaltuis go léir
Lá ghiúistís na ngiúistísí is é
Lá an deighilte, lá an aighnis, lá an phléidhe
Lá leighfid na braighde ruisc cré
Lá liughrigh is búithrigh chloinne Éibh


L. 34


Lá an chongcais lá ár gconntais do léigheadh
Lá tóirneach is mórchuisne scéith
Lá an ghleó so, mo scólladh, mo scéan,
Ní bhfaighidh teiche ar bith ó fheirg Mhic Dé.



A Mháire bhrolla-gheal shochma 's a mháthair Chríost
Gárda' ar dhoilbheas dhorcha ár námhad sinn
Táthuigh, cosnaimh go sochrach sámh 'n-ár gcroidhe
Grása an tSoluismhic crosadh sa Pháis 'n-ár dtaoibh. - Amen.
Amen, a oighreacht shaidhbhir na naomh
Do thaighid is do thuill me go daor
It íspirt ar mhaoilinn an tsléibhe
Le fíorfhuil do chroidhe agus do chléibh
Is nuair shuidhfir it ríbhreitheamh thréan
Scaoil me let chloinn mhilis féin,
Lá an díoghaltais, lá an sceimhle, lá an léin,
Lá an bhuairimh, lá an ruathair go léir,
Lá an luain duibh, lá an chruadhchoiste ghéir,
Lá an tsluagh nimh i nduadhrith 'san spéir
Lá buailfar gan truagh an buille daor
Lá scuabfaid ó chuallacht Mhic Dé
'N-a splangcaibh uilc dream na láimhe clé.



A thaoibh nur scoilteadh i gcochall na croise céasta
Do chroidhe is do cholann i gcobhair na cine daonna
Dár saoiradh ó dhoirtis 'n-a srothanna fuil do chléibh ghil
Díon it fhochair is fortuigh ón uilephéin sinn. - Amen.
Amen, a ghnúis lonnrach na ngrás
Cé chuir na dúbh-Ghiúdaigh chum báis
Do chorp geal clúmhail cúmtha gan spás
Ar an gcrois fé chiach phiantach sa Pháis


L. 35


Osna mo chroidhe choidhche do chás
Gan sórt ort ót choróinn go dtí t'thrácht
Acht nódhchulaith beóluit mar bhláith
Is t'fhíorfhuil naomhtha le taoscadh dhet chneadha
Creach na gcreach tar creachtha chách
An chreach so i gcreatha 'om chreathadh is 'om chrádh
Mo shearc tar lear go lag ar lár
Mo thruagh mo Thiarna ar shliabh an áir.



Sinn díon a Bhríd naoimhtha gheanmnach ghrádhach
Ar sceimhlibh an fheill mheilltigh mhalluighthe ghnáith
A Mhichíl ghil bí 'e shíor mar charaid dhom scáth
Is le linn Íosa 'om ghlaoidhach guidhimsea árdaingil tu 'om
láimh. - Amen.
Amen, cé gur me an cladhaire meillteach méirligh
Is tíoránach táir an áir 's an éirligh
Dfheall ort, mo channtla, lem chlaonchuir
Is a ghrian 'na ngrás ngeal grádhaimse is glaodhaim tu
Grádh do mháthar, grádh na naomh duit
Grádh na n-aspol 's na n-aingeal so i réim duit
Grádh deaghcroidheach na mairtíreach dtréan duit
Is na maighdean n-áluinn mbreagh nár shéan tu;
Grádh do leanbh thar taithneamh an tsaoghail duit
Is gach grádh dhíobh dá n-áirmhinnse i gcéill duit
Mfhocal 's mo lámh duit a ghrádh ghil dá bhféadainn
Go glórmhar go ngrádhfinn leis an ngrádh san go léir tu.



A Íosa ghil aoibhinn is a Athair an Uain
Chíonn sinn-na cuibhrighthe ceangailte i ngruaim
A Rí mhilis dhaoinnachtaigh freagair mo dhuain -
Díbir is dírigh an mhalluightheacht uainn.


L. 36


DUAN MUIRE.
Ullaimh a Íosa, naoimhuigh neartuigh
Mo thoil mo chroidhe mo smaointe 's m'anam
Le toradh ghnáith do ghrása geala
'S in aghaidh mo námhad árduigh m'acmhuinn.



A Mháthair Chríost im chroidhe istigh glaodhaimse
Do bhláth ghlan shoillseach naoimhtha, a réiltean,
Dom ghárdadh ar shaighdaibh nimhe na péiste
Atá de shíor ar tí mo thraochta.



Grádhaim is guidhim do ghnaoi, do dhaonnacht,
Do ghrása geala, do charthannacht naomhtha,
A Mháire bheannuighthe, a bhanaltra an Aenmhic
Ag scáth 's ag tearmain m'anma taobh leat.



Ó's deóraidhe dúrlag dubhach i gcéin me
A stóir chroidhe anonn ná diúltuigh m'aodhaireacht
Go cuan go cathair gheal Pharrathais phéarlaigh
A ghrianáin ainglidhe an Phaidrín naomhtha.



Bím deaghshláinteach sáitheach séanmhar
Súgach seang go ceann an téarma
Ní im árthach galair gan earradh gan éadach
Mo liaigh leighis tu a Mhaighdean naomhtha.


L. 37


A bhainríghin bheannuighthe gheanmnach ghléigeal
Shoillseach thrócaireach ghlórmhar naomhtha
Lonnruigh leasuigh mo bheatha 's mo bhéasa
fát bhánbhrat comhachtach ceólmhar caomhnach.



A thionnscnóir thaitneamhaigh theagasc na cléire
Dúinn fóir freagair go cabharthach déarcach
Compórd m'anma 's m'aigne t'éileamh
A stiúir-threóir cailce na gCarmelites aosta.



A rós na hAoine a shaoi na féile
I gcomhar i gcuideachta i gculaith do thréadtha
Fuascail friotháil me lá an tsléibhe
Ar scólladh ar sceimhle an díoghaltais éachtaigh.



Ar ár ar anaithe ar eagla ar éirleach
Ar sceón ar scíos ar scríbh nimh léanmhair
Ar splangca ar shíonta ar theinte ar dhaorbhroid
Ar chogaidhe ar chathanna cathacha an lae sin.



Lá na breithe na creiche na créime
Lá na feirge teinne mar léightar
Lá dubh deórach brónach baog<h>ail
Goilmneach galarach anacrach éignach.


L. 38


Le binb le buirbe stoirme an lae sin
Crithfid na flaithis is lasfid na spéartha
Iompoghaidh an ghealach chomh dearg le héanfhuil
'S beidh an ghrian fé mhúrthaibh smúite ag éclips.



Na crainn na clocha uile ag scoltadh 's ag scréachaigh
Na tíortha ag bogbhrise ag oscailt 's ag réabadh
Ruathar reódhtha, ceó agus caora
Anuas dá gcaitheamh 'n-a gceathannaibh tréana.



I gclos don domhan is foghlach fraochmhar
Gáibhtheach greadaithe garbh do ghéimfe
An mhuarmhuir bhrúchtach thonntach thaoscach
Trí chruaidhscrios chogaidhe is choistí an lae sin.



Tóirneach thrompa annsúd noch séidfe
Micheál milis go fuinneamhail faobhrach
Ar Neamh 's in Ifreann cluinfar in éinfheacht
Fothram fuaim na huaille céadna.



Órdughadh an aingil 'A pheacachaibh éirighidh
Suas go haibidh go hairthinneach éasca
Bhur dtaidhbhsí fachtar i bhfaraid a chéile
I radharc Sléibhe Olibhet is Calbhaire ar aonchnoc.'


L. 39


Is ann do shuidhfidh Rí na naomhaibh
Ár ngiúistís Íosa Críost gan bhréagnadh
Ler fuilingeadh páis is bás dár saoradh
I gcochall na croise ina rinneadh a chéasadh.



Mo cheasna mo chás a chneadha 's a chréachta
Ar leathadh do láthair áil chloinne Ébha
Cuisleanna a chroidhe ar fad scaoilte scéidhte
Gan tlás ag rith ina thuile chraorag.



Fianna Fódla is fórsa Chaesar,
Fuireann an túir is trúip na Trae thoir
Bíodh go rabhadar acmhuinneach éadach
Impreamhail óirdheirc lóchrach léidmhach.



Clogadach cathbhuadhach mathshluaghach maomach
Curanta cródha a leomhain 's a laochra
Cumasach ceannusach sealad sa tsaogal -
An lá úd is tláith cúthail dhfhéachfaid.



Mo chiach mo chumhangrach pudhair is péine
Liacht mo pheacaidhe is m'aithrighe éadtrom
M'iarsma m'athtuirse m'aindeise 's m'éalaing
Trian mo chortha ní thuigim gur léir dham.


L. 40


Le baois le buile le luige mo laochais
Le daoile daille is le moille mo bhuidheachus
'S le cíocras cuiripe an toirmisc thaomaigh
Dlighe Mhic Muire na gcoinneal do réabas.



Go mailíseach calaoiseach claonmhar
Casaoideach scallaoideach scéalach
Scigeamhail scannalach easmailteach éadmhar
Munabrach meascaithe i malluightheacht éigin.



Taidhbhseach tóicheastalach sclóndrach scléipeach
Uaibhreach iomarcach mustarach péacach
Poimpeamhail póiteach cóisreach craosach
Loscaithe ag leisce na meisce do thréigean.



Gruamdha goirgeach colgach caethach
Buartha bladarach bagarach bréagach
Fuathmhar feargach tarcuisneach taodach
Suaidhte searbh i mbearta 's i mbréithre.



Mioscaiseach meabhlach sanntach saoghaltach
Goinideach gangaideach cealgach caolruisc
Lochtach loititheach slighteach séantach
I dturus i dteagasc mo leasa do dhéanamh.


L. 41


Is sómpla don Eóraip le chéile
Mo chionta mo chalcathacht m'ainbhfios d'éisteacht
Fallsacht fochalldubh cogal mo chléibhse
'S an canncar chleachtas ler cailleadh na céadta.



Mo thruagh-sa an teanga do spalpas do spréachas
An Tríonóid le saoibhnósaibh éithigh
An corp 's an t-anam do ghearras 'n-a stéigibh
I ndoimhnibh ifrinn uile mar éiric.



Mo thruaghsa an aicme do theannas go saothrach
Cáise chúmhra is plúr na déise
Rífheóil rathmhar is carrbhas craobhach
Brothallach blasta le bacaigh mar bhéile.



Is dhíbreas donán diombáidheach déarach
Seanóir singil i dtuise gan téagar
Is baintreabhach mhuirearach uireasbhach aonair
Uatha ar siubhal gan fiú na déarca.



Mo thruagh-sa an drong dubh diúltach d'éimigh
Aoibhneas armas Eagaisle an Aenmhic
Intinn aitheanta charraige Chlément
Cathaoir chomhairle Rómha na réiltean.


L. 42


Mo thruagh-sa an dream bocht allta ghléasas
Gnáthmhaidhm mhaslathach mharbhthach aonaigh
Íota uilc aithisigh 'dheasca drochmhéinne
Is fíorfhonn fola do dhortadh go déistnach.



Mo thruagh-sa an táin gan tábhacht ler tréigeadh
Tiarna an teampuil sheanda thréithigh
Is tug flaitheas na gcomhacht ar nóimeant réime
Do scaipeas mar bhláth de bharr na géige.



Mo thruagh-sa tachtaithe i dtaisce gan téarnamh
An t-athair 's an mháthair fá n-a ngéarghlais
Sloigithe súighte múchta i mbréantas
Ar leacachaibh Lucifer liosta dá léasadh.



M'uathbhás adhbhar a ndamanta a dhéanamh
Luacht cuid feóla an Mhóirmhic naomhtha
A gclann 'n-a gconairt mar thugaid ar théadaibh
Do shúistíbh diana an diabhail dá bpléascadh.



A cháirde thuigeas script oidis mo dhréachta
Meabhruighidh machtnuighidh go marthannach tréimhse
Giorracht ár ngairme ár gcairt 's ár léise
'S nach fios dúinn cé is túisce ghlaodhfar.


L. 43


Na cinn do chumhduigh cúrsa céille
Intleacht ughdar d'iomchair éifeacht
Caoinchiall chriostalach chliste ghlic Ghaedhilge,
Eabhrais, Arabic, Laidean is Gréigis.



Is suarach seirgthe deilbh na bplaosc san
Ar fuaid na roilige i ndoimhneas fé léithlic
Gan chluas gan chroiceann 'n-a gcloignaibh maola
Coganta, creimthe, deighilte ag daolaibh.



An cholann do bhí go fíontach féastach
Gliadrach giodamach uilleanach aerach
Ar hallaíbh bána ag práisc 's ag pléireacht
Is fá chuilteanna síoda luigheadh go néata.



Is gránna an conablach gorm a géaga
Is dreóighte an rannclach úrla a héadain
Is pláigh a bolaith, is camra caethach
Leachta, lobhtha, fé chlochaibh a scéimhchruth.



A Mhaighdean bhríoghmhar guidhim go gléigeal
Rí na reann ar an gcrann do céasadh
Ag treórughadh anma an pheacaigh bhoicht shaorshnimh
Dúinn-na an duan so suas 'n-a naomhbhrogh.


L. 44


CARBHALL ÍOSA.



Amen, Íosa dom dhíon is dom ghárdadh
Cé gur liomsa cuireadh chum báis tu
Is mé bhuail go cruinn trí chroidhe do dhearnan
'S it chaomhchois chúmtha chúmhra an táirnge.



D'éis an éirligh thréin seo thráchtaim
Go faobhrach fallsa an lannsa sháitheas-sa
Trít thaobh gheal 'ot chéasadh 's 'ot chrádh-sa
Ó! Cadé mar mhasluigheas lem mhailís tu, a mháistir!



An custom do chleachtas gan amhras d'áiteamh
Ó bhonn go baitheas it phearsa níor fhágas
Órlach aonair saor gan áireamh
Mo chúig céad scíos! gan líonadh 'e chneádhnaibh.



Mo léirchreach cad dhéanfadsa an lá san
A bheidh clann bhocht bhréagach éadmhar Ádhamha
Ar an sliabh ina dtréadtha ag éigheamh 's ag gárthadh
Fé choistíbh daora an Aenmhic ghrásaigh.



Mo scannradh an talamh na flaithis 's an bhánmhuir
'N-a splangcaibh dearga ag amharc an áir sin,
Beidh caortha lasta 'n-a gceathaibh dá gcáitheadh
Trí chogaidhe feirge ár mbreithimh, mo chás guirt.


L. 45


Léighfidh ár gclaonchortha gránna
Mura ndéanam sa tsaoghal so a shásamh
Le haithrighe éachtach shéanmhar neamhdha
Do ghealfas ár n-anam mar shneachta na mbánta.



A dhlighe agus a aitheanta feasta ná beárnam
Acht bíom go saltrach salmach páirteach
'N-ár saoithe ag seasamh sa mhachaire láimh leis
Go binn fé bhrataigh ghlain bheannuighthe an Árdmhic.



Is míle fearra dhúinn tearmain ghrádhmhar
Ríogh na n-aingeal, na n-aspol, 's a mháthar
'Ná sínn bheith damanta ceangailte ar chábla
'N-a theintibh treascartha treasna age Sátan.



A dhaoine, is gairid an sealad so atá againn
Dá bhrigh sin casam go carthannach cráibhtheach
Ar Íosa an leanbh do cheannuigh sa Pháis sinn
Is beidh soillse Pharrathais againn dá bharr san.


L. 46


CARBHALL MUIRE.



Is tréithlag mo chealltair i gcanntlamh na gcás
Dom spréachadh le splangca 's me ar bhrannra ag an mbás
Mo bhréaga is mo bhlanndar 's mo chlampar gan spás
Do shéid mise i dtreabhlaid neamhmeabhrach im rás



A réiltean na n-ainglaibh
Ná héimigh me thearmain
Go daonnachtach carthannach
Let bheannuighthacht go brách



Lá an daortha, lá an díoghaltais, lá an éirligh, lá an sceimhle,
Lá an éachta, lá an bhaoith-ghuil, lá an bhínse, lá an bhráith
Lá saorfar na saoithe go fíorcheart tug grádh
Dár ngéarchumann Íosa ina thaoide gan trághadh.



Níl éifeacht im annsacht ná ceannsacht im cháil
Ag tréineacht an iomchair is fallsa le fagháil
An saogal ní ghabhann liom, cé mheall me mar chách
'S do shéanas lem chamhchoir mo phrionnsa 's a pháirt
A chaomhchoinneal chabharthach
Na cléire ná tarcuisnigh
Mo shaothar mo thaitneamh duit
A bhanaltra na ngrás
Do thréithe is do ghníomhra dá naomhthacht dá mhilseacht
Dá léigheantacht dá aoirdeacht dá aoibhinne atáid
Dá bhféadainn go binnghlic go bríoghmhar go bláith
Do dhéanfainnse a gcaoinchur i gcrích dhuit le grádh.


L. 47


Mo léan guirt mo labhartha tug canncar im chneadha
Go léirghonta 'om lobhadh-sa 'n-a thonntachaibh pláighe
Is éalaingeach annreachtach fannsnuidhte atáid
Mo chréachta-sa ceantach ar shlabhra agem námhaid.
A phéarla ghlain gheanmnaigh
Na féile ná dearmad
T'Aonmhac gur cheannuigh me
Go peannaideach sa Pháis
A chéile an Spirid Naomhtha ba séanmhaire soillse
Ná tréig sinn-na, díbirthigh fhíorbhochta an fháin,
Glaedhmíd dár gcoimhdeacht thu d'oidhche is de lá
Is réidhtigh go ríoghacht Neimhe an tslighe do shliocht Ádhaim.



An Réx tug na hEabhraigh le leabhairmhaiseach sámh
Trí shléibhte is dubhghleannta na Fionnmhara slán
Géilleam 'n ár ngreann do 's is lonnrach ár stát
Dá aodhaireacht le hannsacht ar bhantracht na ngrás.
A réiltean na fairrge
A naomhgheata Pharrathais
Éist-se lem charbhall
'S lem agall ort de ghnáth
Mo chraeschleachta chlaoidh me, mo chlaenchleasa chaoich me
Mo bhaethbhearta baoise do thraoich me 's do thnáith
A ghréinlile dhíograisigh dhílis fé scáth
Do scéith' oinigh díon mise choidhche ins gach gábhadh.



A Dheighmhic do bhronn dam do thabhartais le grádh
Ná roinn liom de lomcheart a chrobhaire na ngrás
Saidhbhreas an domhain-se ní thoghfinnse it áit
Is gan deighilt liotsa tabhair sinn ar dhream na deasláimhe.


L. 48


Mo thaidhbhse do threascair me
Mo chladhaireacht do chealg me,
Mo bhladhmann mo bhladaireacht
Mo mhalluightheacht 's mo ráig
Seo an loibhre go líonmhar mar oighreacht do thuill dam
Bheith i mbraighdeanas millteach 's i ngeimhleach fé ghráin
A mhaighdean na maighdean ngeal leigheas mise i dtráth
'S ná foidnigh me leaghadh i nglais 's mo thinnluit dom chrádh.



A Mháthair mharthannach mhaiseach an Leinbh Naomhtha
Le grádh is le taitneamh do cheannuigh an chine dhaonna
A chráibhthigh charthannaigh mhachtnathaigh mhilis saor sinn
Go brách fét bhrataigh ghil bheannuighthe a Mhuire an Aenmhic.



DUAN CHRÍOST.
A Íosa a mhic Muire, a Rí ghil na righthe
A Impire na cine daonna is a ngrádh
A Chríost mhilis oinigh, a Shoillse ler cumadh
Ríoghacht Neimhe is nidhthe an tsaogail i dtráth,
Díbir ár ndaille ár mbaois is ár mbuile
Choidhche as ár gcroidhthe a réiltean na ngrás,
'S it íspirt-se a Leinbh naoimhtha na croise
Cuimhnigh go dtugais saor sinn it bhás.



Mo sceimhle-se an stoirm scíosmhar 's an cluiche
Claoinmhar so chuir i ndaorbhroid sliocht Ádhamh
It dhlighe-se do bhrise, a Naoimhspirid, do thuilleas
Teinte uilc an choire chraosaigh 'om chrádh;


L. 49


A Rí ghil do rugais Maois leat 's a thrupaibh
Trí chorp na tuile tréine gan báth
Dá bhrigh sin a chumainn na Gaoidhil bhochta coimirc
Is go díograiseach cluthair saor sinn it bhás.



Ót mhaoilinn-se a Mhuisir' aoibhinn go hInis
Fíontach na Finne is éachtach a gcás
Chois Laoi gile, Life, Bhríd agus Bhiorrbha
Dhuibhneacha, Dhoire, is Éirne mar dfhás
Gach líne go liosta aimhleasach scriosta
Tug díoghaltas ar fuid na hÉireann le spás
'S mo dhíth ghuirt-se an fhuireann chlaoin so ná critheann
Dot fhíorcheart-sa a Bhreithimh naomhtha na ngrás.



Ó Léithghlinn don Daingean, ó Cheann Léime go Gaillimh,
Ó Bhéarsa go Seanainn thaoscach na dtonn
'Sa réim sin go Banna tá 'n-a gcaor luisne ar lasadh
Blaom i ngach baile, éitheach is mionn,
Claonta agus gangaid léirghonta is cealg
Craos agus faladh, daorbhroid is feall,
'S mo léan guirt do pheannaid a Aenmhic na bhFlaitheas
Séanta ina scannail ag méirligh an domhain.



An méid sin do dalladh do caochadh do mealladh
Ag réabadh na n-aitheanta le craos is le drúis
Le daormhionnaí spalpadh in éitheach le canadh
Gan spéis acht mar scaipe bhraon bhig den drúcht
Staonaidh is stadaidh géillidh is cadaidh
Le naomh-aithrighe reachtmhar ar Dhé-Mhac na ndúl
Blaomaidh is lasaidh go déarfhliuch le taitneamh
Do phéarla na bhFlaitheas is réidhfidh bhar gcúis.


L. 50


DUAN AN SPIRID NAOIMH.
Is éachtach an t-éirleach so in Éirinn le spás
Dár gcaochadh dár dtraochadh dár dtréanchur chum báis
Ár n-éitheach ár n-éigean ár gcraosnimh ag fás -
Do léas sinn, do léirigh 'n-ár méirleachaibh ráis -
Ag tréigean ag séanadh an Chuirp Naomhtha san Íosa ghil
Dár saoradh do céasadh ar ghéagaibh na caoinchroise;
A phéarla na féile trít phéinbhroid sa Pháis
Réidhtigh go réilteanach déarcach ár gcás.



Ins gach aonbhall fén spéir seo na gréine le fagháil
Do leath léigheantacht is séimheacht is naomhthacht do cháil'
A Éire, gur ghéilleadar Gaedhla go táir
Do bhaothbhirt do bhréaga na péiste tug ár
Ar chaomhshliocht Mhilésius ba séanmhaire soillse suilt
Réim-oinigh méinn-mhilis géarchumann díograiseach
A chéile na Naomhspiride a naomh-Mhuire ár ngrádh
Saor sinn fé shéala do scéithe lá an bhráth.



Mo léan guirt na scéalta do scéithmair le ráig
Ó shléibhte na Féinne go hÉigipt na bhfáidh
Ó Bhénice go Naples ó Suédland go Práig
'S ón nGréig go Bhiénna sin eclips is pláigh
Ar an dtréad liosta tréad bhuile tréad otair claoinchleasach
Ná géilleann do bhréithre na cléire seo fíordhleaghthach
Lá daol an lá daorfar an saoghal de shliocht Ádhamh
Is lá séin agá nglaodhfar ar thaobh na deasláimh'.


L. 51


Mioscais is malluighthacht gangaid is taidhse thréan
Cuirptheacht camachlis cealg is cladhaireacht chlaon
Tug sinne fé tharcuisne treascartha tinn gan réim
Ó, a Mhic Muire ghil freagair me, leasuigh is leigheas mo
chréim.



DUAN GEANMNAIDHEACHTA NA
MAIGHDNE MUIRE.



Is méin liom labhairt ar réiltean ronntach
Réiltean bhronntach bheannuighthe
Réiltean cheólmhar réiltean ghlórmhar
Réiltean thrócaireach thaitneamhach
Réiltean lonnrach réiltean phrionnsach
Chraobhach chlúmhail chaithiseach
Réiltean ríoghmhail éachtach ímpreamhail
Chaomhghlan Chríostamhail charthannach.



Réiltean áthais réiltean ghrásach
Réiltean ghrádhmhar gheanamhail
Réiltean áluinn néata neamhdha
Réiltean chráibhtheach cheanamhail
Réiltean aoibhinn shéanmhar shoillseach
Réiltean bhríoghmhar bhanamhail
Criostal na céille, coinneall na cléire
Is lile na maeghdean maiseamhail.


L. 52


Réiltean órdha réiltean ómrach
Réiltean mhódhmhrach mharthannach
Réiltean lóchrach réiltean chomhachtach
Réiltean choróinneach chabharthach
Réiltean riaghalta réiltean dhiadha
Réiltean ghrianda gheanmnach
Gile ghreidhnach mhilis mheidhrach
Oinigh oighreacht Pharrathais.



Réiltean oirdheirc réiltean sholusmhar
Réiltean shochrach shaltrach
Réiltean chumhra réiltean chongantach
Réiltean shúgach shalmach
Réiltean spirideamhail réiltean mhisneamhail
Do shéid na milliúin mascalach
Is oilithrigh uaisle ag eiteallaigh uainn-na
I seilbh ghil shuairc na bhFlaitheasa.



Réiltean eóluis réiltean chóirigh
Go réilteach ród na hEagailse,
Séad tar seóda an tsaogail sclóndraigh
Séad is mórdha ag aspolaibh
Séad do sheóil i réim gach ógh
Go naomhtha a chomhad na haitheanta
'S ina gcéadtaibh óigfhir léigheanta leóghanta
Shéimh i gcomhar na n-aingeala.



Seo an réiltean tar gréin ghil a shoillse is fearr
An réiltean is séanmhaire i ríoghacht na ngrás
Réiltean ler naomhadh na mílte báb
'S ag an bhféasta do chaomhnuigh ar Chríost do Sheán.


L. 53


A bhéithe thuigeas script-uige mo dhuain i dtráth
'S is séimhe choingibh gan mhilleadh go buan bhur mbláth
Léightar linne gur sibhse do fuair an barr -
Craobh na cruinne agus cuideachta an Uain go brách.



DUAN DUAISE NA bhFÍORMHAIGHDEAN.
Seo comhairle thar chomhairleacha an tsaogail
Mar chomhairle bheir Gaedhlach go glinn
Do gach óigh mhilis mhódhmharach mhaordha
Go deó libh gan réidhteach i gcuing
A ógaibh dá órdhacht bhur dtréithe
Acht pósaidh mo ghéarchumann Críost
Ó! 's do gheóbha sibh coróinn ghlórmhar dá aodhaireacht
Go ceólmhar geal naomhtha 'n-a ríoghacht.



Ní bheidh breóidhteacht ná brón oraibh taobh leis,
Ceó ar bith ná tréanthinneas cinn
A chomhursain 's a chomhgus ní baoghal díbh
Is spórtach bhur scléip shuilt is grinn
Is mó sibh fé chomhachtaibh a scéithe
'Ná Seóirse is a shaoghaltacht fá thrí
Ó! 's mo chomhairle go dóchasach déinidh -
Is tógaidh chum Dé ghil bhur gcroidhe.


L. 54


Ní leómhfidh fear móide do spréachadh
Ná fós fear an éigin gan mhoill
Fear póite is fear fórsa chum éirligh -
Sin teóra le méirligh an fheill
Ní leómhfidh an sórt so oraibh sméide
Ní leómhfidh, beidh céile an Spirid naoimh
Gach nóimeant dbhur bhfóirthin dbhur bhféachaint
Dbhur seóladh dbhur saoradh 's dbhur ndíon.



Bíodh comhartha an Chruthóra ar bhur gcaomhchruith
Deaghshómpla agus méinn ghlan nbhur ngníomh
Is cuiridh foghmhar maith 'n-a stór chum bhur bpéarla
Go córach discréideach gan mhaoidheamh
Faghaim trócaireach i gcló agus i gcéill sibh
In bhur seóideanna séanmhara ag tigheacht
Ó! ar sógh ag seinm mórdhacht an Aenmhic
Gach nóta go néata dá dhíodhacht.



A phósaidhthe Fódla le féile
Bídhidh cóirighthe i mbéasa 's i mbrigh
A phósaidhthe bóthar na naomh uile
Ród Croise Céasta mo Ríogh
A phósaidhthe i gcóisir na réiltean
Fógraim díbh glaodhach ortha is guidhe
Ó! go hómarach congnathach craobhach
Is beidh glóir agaibh taobh leó in bhur suidhe.



A bhábaibh an áthais ná ceilidh ceannsacht
Ar áilneacht ar breaghthacht ár mbreitheamh, m'annsacht,
Is grádhmhar do gháirfinn is gan leisce dhamhasfinn
Ó!'n-a arús anáirde dá bhfeicinn ann sibh.


L. 55


Is rábach do rásfinn is cleite im bhannda
Is fáinneach do cheáfrainn is m'eiteall seanda
Is le gáirdeachas gháitsfinn i gclos dár bprionnsa
Ó! go hádhmhrach ar a láimh dheis dá mbeinn 'n-a chamtha.



Aguisín do cuireadh leis sin:
I bhflaitheasbhrog mheidhrach ghreidhnach ghreanta na nÓrd
Salmach shoillseach shadhorghlan chranna na gceól,
Le meanmna a radharc it oighre idir aingil is óghaibh
Go bhfaiceam-na a Thaidhg fé mheidhir tu ag cantaireacht leó.



DUAN AN ATHAR SÍORRAIDHE.
An uair thagainn go tigh an tabhairne
'S do shuidhinn ann chum óil
Le garsa ghlan ghreanamhar
Ba mhilse guth beóil
Dá dteagmhainn ba chaithis liom
Bheith eatortha go meanmnach
Is seanchas suilt againn-na
Punch ringce agus ceól.



Insa chleachtadh san ba mhalluighthe
'S ba mheillteach mo mheóin
Gan aithne ar an leanbh oinigh
Íosa, mo bhrón.


L. 56


Acht carrbhas is ainbhfios
Gan eagla ná aithreachas
Seo na cealgaibh do cheangail mise
I líontaibh an leoghain.



A athair ghil na n-aspolaibh
Is a Aoinmhic na hÓighe
Do cheannuigh sinn le carthannacht
Do chroidhe agus do chló
Mo cheasna i gcrois go peannaideach
It phearsa mhilis bheannuighthe
Déin tearman go taitneamhach
Do dhaoine ins gach gleó.



Bearta buile, bladaireacht
Is baoisnimh na n-óg
Go lasta liosta m'aigne-se
Agus m'intinn do thóg
Gur cailleadh me gur mealladh me
Gur dalladh me gur fealladh me
Insa staid seo ag brise t'aitheanta-sa
A Rí ghil na gcomhacht.



A bhanaltra mhaith mharthannach
A chaoinshearc 's a stóir
Beir m'anam leat go ceanamhail
Glan aoibhinn i nglóir
Insa chathair sin do dhalta-sa
Idir aingealaibh na bhflaitheasaibh
Is fét bhrataigh chirt i bParrathas
Gheal díon me go deó.


L. 57


A Mhuarmhic Dé ghil shaor ar fad do dhaoine
I gcruadhtan naomhtha chéasta i gcath na hAoine
Fuascail féin do thréad go feartach foillseach
Suas ó chraos na péiste 'ot chathair shoillseach.



DUAN NA TRÍONÓIDE.
Éisteadh gach eólach 'san Eóraip go héachtach
Lem sceólta go scéithfead don tsaogal gan spás
Aonmhac uil'-chómhachtach na trócaire gur thréigeas -
Ár nglór uile ár ngéarshearc do shaor sinn sa Pháis
Ár gcrobhaire bronntach, bile milis,
Cabhair an domhain a ghlaine ghile
Fonn na bhfann ár gcoinneal oinigh
Réiltean na ngrás,
Ughdar na féile agus péarla na díodhachta
Ár gcaomhchumann Íosa do scaoilfeas ár gcás.



Cé léanadh do leónadh do comharthadh do caochadh
Do tórthadh do traochadh i spéirlinn me im rás
Glaodhfadsa ar chló mo Chruthóra do réidhtigh
An ród so na naomh dam go séanmhar 'n-a bhás
Ár gceann ár ngreann an buinne is binne
Ár bpreannsa ár lonnradh, gein na spiride,
Ár n-annsacht ceannsacht leinbh Muire
Ár bhPhénix i dtráth -
Dfhuascail go daonnachtach déarcach sliocht Íbhe
'N a chéasadh ar an gcaoinchrois Dé hAoine le grádh.


L. 58


Na méirligh is mó againn fé lóchra na gréine
Gach meóin uilc is éirligh 'n-a dtréithe le fagháil
Mo léirchreach tar beóluit na cóisire céadna
Mórchortha claona mo chraoschuirp 's a cháil
Is fallsa dall me im dhuine bhuile
Is clamprach cam do thuilleas teine
Dhream na ndeamhan, 's a gcoire nimhe
Ina chaorthain gan trághadh,
Dom shíorloscadh, 'om scóladh 's 'om dhóghadh-sa ag daolaibh
I bpóna na péine 's na péist nimhe 'om chrádh.



Déanam le dóchas deighdheórach deighmhéinneach
Deaghshómplach deighbhéasach trí thréanthuile grádha
An saothar an fóghmhar go cróinneach go craobhach
A thógfas i réim sinn ar thaobh na deasláimhe
Ár dTiarna cúmhra chúm an chine
Ár nDia ár gcongnadh dhúinne cuirfidh
Diabhal na crúibe ag lúbadh i liostacht
'S a chuideachta dhá dtnáith
Lucifer ag ualfairt 's a chuallacht ag scréachaigh -
An sluagh dubh san séalaithe séanam go brách.



Tá an t-aonchreideamh d'órduigh do chómhairligh do phréamhuigh
Mo stór-sa go séadach ag blaomadh go breágh
Dá thréada go cródha go hórdha go héideach
Is ceólmhar a chléir 's is Té Deumach gach lá
Fortuigh fóir is seóil gan tuirse
Do phobul bóthar cóir na croise
'S le soilbhshóghchas spórtach seinneam
Salmach i bpáirt
Trí dhúthracht dár nUan geal go huasal go haoibhinn
Is buaidhfidh go bríoghmhar linn Íosa ar ár námhaid.


L. 59


Is creach tar creach an chreach so chlaoidh Gaedhla
Creach do chreach le creacha i gcrích Éireann
Creach na gcreach ag clanna an chlaointsaogail
Ó! mo chreach níl meas ná blas ar dhlighe Dé ghil.



DUAN AN tSLÁNATHORA.
Mo ghrádhsa mo Dhia, mo ghárda mo liaigh
Mo ghrádh geal mo thiarna trócaireach
Mo ghrádh mhilis Críost - grádh an uilechroidhe
Mo ghrádh ar fad tu a Rí na glóire;
Mo ghrádhsa do shúil, mo ghrádhsa do shiubhal
Mo ghrádhsa do chlú is do chomhachta
Mo ghrádh thu le fonn cé táim buniscionn
Ní dhearna, mo chumha, do chomhairle.



Mo ghrádhsa do naoimh, a n-áilneacht 's a ngnímh
Mo ghráin bearta is baois na hóige;
Mo ghrádhsa do dhlighe, a breághthacht 's a brigh
Mo ghrádhsa fá thrí do shómpla
Ar bhearnas det riaghail le sclábhacht an diabhail
Dfhág san gan chiall me a stór ghil
'S a mháistir na gcliar go rábach do riar
Slánuigh a Dhia mo mhórluit.


L. 60


Mo ghrádhsa go léir do ráidhte 's do réir
'S do mháthair mar réiltean eóluis
Bainríghin na n-aingeal bainríghin na n-aspol
Bainríghin na bhflaitheas órdha
Bainríghin an tsonais, bainríghin an tsoluis
Bainríghin na gcros, na gcoróinneach
Bainríghin na ngrás in am sceimhle an bháis
Mo chrann dín 's mo ghrádhsa an ógh ghlan.



Mo ghrádh tusa a Athair neámhdha na n-aingeal
A bhláth ghlan na bhflaith 's a n-aoibhneas
Mo ghrádhsa do leaca áluinn gan aithis
d'áitrigh do cheart le caoineas
Mo ghrádhsa do theagasc, t'árus is t'aithris
Mo ghrádhsa gach acht det dhlighe-si
Mo ghrádhsa gach aga cráibhtheach do chaithim
Dot ghrádh is dot ghairm, a Íosa.



Mo ghrádhsa na súirt neamhdha so it chúirt
Mo ghrádhsa do chom, do chló gheal,
Mo ghrádhsa do thréad, fáidhí na séad,
Mo ghrádhsa do mhéinn do mhórdhacht
Mo ghrádhsa do phearsa it Pháis sinn do cheannuigh
Mo ghrádhsa do chathair cheólmhar
Ó, a Íosa na bhfeart ná daoir me let cheart -
It tu mo shoillse, mo neart, mo dhóchas.



Mínighsi méirligh mhillteach an éirligh
An bhuidhean bhuile chraosach chóisreach
Ná stríocann do bhréithre naoimhtha na cléire
Acht choidhche go faobhrach fórsach


L. 61


Fuil Íosa do spalpadh, an tsaoire do stracadh
Ag síorscrios 's ag creachadh a gcomhursan
Ó! mo sceimhle-si an srian i dteinte na bpian
Chuireas mílte gach bliain fé bhrónbhroid.



An dream n-a bhfuil tart ampla agus airc
Le scannradh na scart dá scóladh
I ndiaidh shaidhbhreas an tsaoighil an cladhaire dubh feill
'S na daill ithte ag íota dóighte
Casaidh im cháil ar Pharrathas gan spás
Tá an peaca is an bás go gnóthach
Lá an anaithe 's an bhaoghail, damanta 'n-a dhaol
Beidh an t-anam san ná déanfa an foghmhar.



Na Caesair ba theann ar spéirlinn na lann
Dá thréineacht a gcamtha i gcomhrac
Is laochus le fonn na Féinne, 's an domhain
Féach, ní raibh ionnta acht ceó beag
Tá an saoghal so dár ndalladh, tá an saoghal so dár mealladh
Tá an saoghal so dár scalladh ag sceónaibh
Séanam in am ár gclaonchortha cam
'S Lá an tSléibhe is sinne an chlann chompórdach.



A bhantracht an tséin tug annsacht bhur gcléibh
Do phrionnsa na naomh is dá mháthair
Do leanas go séimh dúthracht a mhéinn
A shómpla go léir 's a ráidhte;
Ná staduigidhe go tláith acht lasuigidhe le grádh
Preabuigidhe le gárdas naomhtha
'S gur gairid díbh an lá n-a mbeidh banaltra na ngrás
Bhur nglacadh isteach 'n-a árus réilteach.


L. 62


Suathadh an tsaogail bhréagaigh bhradaigh bhraoinaigh
Uaibhrigh éadmhair chlaonmhair chleasaigh choímhthigh
Mo thruagh tug traochta caoch le barra baoise
An sluagh in a dtréithe thréig an leanbh Íosa.



AN PAIDRÍN PÁIRTEACH.
Stadaidh is scéidhfead scéal na scataí
Ar mhaodhm ar mhailís Shátan
Ar ghangaid ar ghéarghoin ghaethe an ghaduidhe
'S ar chlaonchoir chaithidhe an chneádhaire
Do mealladh leis céad tar céadta i gcathaoir
Do léigheadh go glan diadhacht neámhdha
Is preabaidhsi ón bpéist fá ghéagaibh geanmnaidhe
Péarla an Phaidrín Pháirtigh.



Seachnaídh séanaidh séala an tsladuidhe
A bhréaga, a bheartuigheacht bháithteach
Dallaídh an daol le déaraibh aithrighe
Is tréigidh taithighe an tábhairne;
Leanaídh an réiltean dhéarcach dheaghchroidheach
Ghréanda ghealghrinn ghrásach
'S fé thearmann scéimhe a scéithe tagaigí
A thréada an Phaidrín Pháirtigh.



Aitheanta Dé ná réabadh neach díbh
Déinidh, leasuighidh láithreach
Bhur mbeatha go béasach caomhnach cneaschaoin
Tréitheach, treasbhinn tábhachtach


L. 63


Rachmas an tsaogail scléip is fleadhfhíon
Féach gur neamhnídh a mbláith sin
Ní mhairfidh acht tréimhse taobh le taithneamhaidheacht
Péarla an Phaidrín Pháirtigh.



Cabhair na gcréacht do réidh ár nglastsnaidhm
Réim na ngaiscidheach ngrádhmhar
Do lasas chum laochais léadmhaigh Lachtaoin
Craobh na gcailc-ngníomh gcráibhtheach
Mo pheannaid mo phéin mo chréim mo cheasnaidhe
An taom so thacht dlighe an Phápa
'S do tharcuisnigh naemhscript éachtach ainglidhe
Péarla an Phaidrín Pháirtigh.



Faladh gach féile, craos is calaois
Cléithe is cleasaidheacht cháinte
Mallaitheacht méinne tréantoil theasaidhe
Taoscadh cannaí is cáirtibh
Bladaireacht, blaoman, baothbhroid, bradaidheacht
Préimh na bpeacaí chráidh sinn
Is banaltra an Aenmhic glaodham mar charaid í
Péarla an Phaidrín Pháirtigh.



Aistríg a Ádhamhshliocht, Sátan séanuigí
Glacaigídh grása grádha na Naomh Spiridí
An Paidrín Páirteach tráth ná tréigigí
'S is caraid díbh Máire lá na daorbhroidí.


L. 64


AN PAIDRÍN PÁIRTEACH.
Admhaim féin don tsaoghal gur pheacuigheas
Is d'Aonmhac ghealchíoch Mháire
Sealad dem shaoghal i gclaontacht staraidheacht
'S ag réabadh ceartdlighe an Phápa
Munabar béil gan spéis in aithrighe
'S lem dhéirc ní haltuigheadh páiste
Acht ag magadh is ag scléip fé thréadta an Phaidrín
Naomhtha ainglidhe Pháirtigh.



Gach duine nur mhéin leis éisteacht seal linn
Le tréithe ár bPaidrín Pháirtigh
Seachnadh béithe craos is mailís
Bréaga, bradaidhe is cáine;
Aifreann Dé ná léig 'n-a fhaillighe
Is déirc le deaghchroidhe deárnaidh
'S go maithfidh Mac Dé go léir na peacaí
Tar éis na haithrighe tháinig.



Nach damanta an scéal don té ná smachtuigheann
An phéist bhocht bheadaidhe atá aige
'S go mbeidh curtha sa chré agus daola ag teacht tríd
Féar is sneachtaí ag fás air
In ionad gach béile méith ná haltuighid
Do-bhéarainn bannaí brágha dhíbh
Go mb'fhearra i dtaobh Dé dhóibh caoldeoch glaisdighe
'S éisteacht an Phaidrín Pháirtigh.


L. 65


Is cuma liom féin cá taobh n-a leagfaidhear
I bpéin nó in aicíd bháis me
Acht go mbeadh duine den chléir ann ghléasfadh m'aibíd
Is céir do lasfaidhe ar clár dam
Fiolair ag éigheamh is féiche i gcrannaíbh
'S mo chréachta ag madraíbh sráide
Ó ghlacadar mé fé scéimh a mbrataí
Ag éisteacht an Phaidrín Pháirtigh.



DÓCHAS THAIDHG INSA MHAIGHDIN MUIRE.



Díbhse a Ghaedhil bhochta léighfeadsa eachtra
Cé claoidhte tréith me chois taobh na fairrge
I gcríochaibh Déiseach ag déanamh machtnaithe
Ar phoimp 's ar chlaonchortha an tsaogail mhalluighthe.



Laighead ár gcéille agus méad ár n-ainbhfis
Coimheascar caethach 'san éitheach spalpaithe
Gan suim sa chléir chirt ná spéis 'n-a n-aitheanta
Do thuill mar chéile dhúinn séala ár ndamanta.



An bhuidhean so is léir dam go scéalach scannalach
Bruigheantach bréagach taodach tarcuisneach
Gan suim in éigean ná in éisteacht Aifrinn,
'S do Chríost ná géillid, mo léan do mealladh iad.


L. 66


Mo scíos mo scréachnimh an tan ghlaodhfa an t-aingeal san
Sliocht Eíbhe ar aonchnoc go déarach deacrach
Go cruinn beidh a thréithe ar gach éadan tarraingthe
Ag an gcloinn sin thréigeas tu a phéarla Pharrathais.



A Chríost let chéasadh go daor do cheannuigh sinn
Scaoil ár ngéarghlais go déarcach carthannach
A chroidhe na féile leig braon beag beannuighthe
Det fhíorfhuil naomhtha ag saoradh ár n-anma.



Ar thigheacht an tréinbhreithimh éachtaigh fheargaigh
Go líomhtha ár n-éisteacht beidh na spéartha ar lasadh aige
An taoide chraosach ina caorthaibh dearga
Tíortha is sléibhte uile an tsaoghail ar baillichrith.



Guidhim tu a Réiltean ghléigeal gheanmnach
Fé bhinn do scéithe ins gach baoghal dom thearman,
Lá an sceimhle dhéidhnaigh ghuirt pléidh go daingean me
Is ar an dtaoibh gclé sin ná léig me a bhanaltra.



Bíom go séanmhar ag glaodhach na n-aingealaibh
Is choidhche ag glaodhach na naomh 's na n-aspolaibh
Dár ndíon dár n-aodhaireacht go nglaodhaid sinn eatortha
'N-ár suidhthe séadacha i réim na bhflaitheasaibh.


L. 67


IARGHNÓ NA nÉIREANNACH.



Mo dheacair dhubhach is ceasna chumhach an ghráin seo ar Ghaedhil
Do dheasca drúise agus spalpadh mionn i mbearnain
bhaoghail
Is le taitneamh dlúith do shealbhughadh go hárd sa tsaoghal
An rachmais úd do dhallann súile chách go claon.



Is dainid dúinn-na ná leanann cúrsa agus cáil na naomh
A mbeatha chumhra a ngaisce chlúmhail a rádh 's a réim
A raith a n-iomchar a dteas a ndúthracht 's a ngrádh mar
ghréin
Do phearsain phrionnsa na bhflaitheas túrnadh sa Pháis i
bpéin.



A ghasra úd a chleachtas únfairt gach tráth go tréan
I ngaise an mhúnlaigh bhracaigh bhrúchtaigh bháidhtigh bhréin
Casaidh liúmsa go cneasta ciúin ar ghrása an tséin
'S ná mealladh tnúth sibh is gairid dúinn an bás i gcéin.



Tá scamaill smúite agus brataibh dúbha, mo chás mo chréim,
Ar cheallaibh dúin na sailmthiúin le gáir Té Déum
Is fada chughainn-na fearg chionn bheith táir 'n-ár méinn
Mo chreach ag iomchar an pheaca d'iompuigh na táinte i bpéin.


L. 68


A Dhé ghil na féile is a Athair na ngrás
Let naomhthoil do céasadh is do brathadh chum báis,
A Aenmhic do shaor sinn ón bpeaca sa Pháis
Réidhtigh na Gaedhil bhochta is leasuigh gan spás.



DUAN NA NAOMH.



Ó! a bhainríghin na bhflaitheasaibh, is tu mo chrann bagartha
Is tu mo chonnsailéir caithiseach - do chuadhas fét thearman;
Is é m'intinn is m'aigne - Ó! na mílte bliain dá mairinnse
Ó! m'ímpire mhear mheanmnach ná déanfinn t'atharrach.



Ní hiongna go dtugas-sa taitneamh dhuit
Mar is tu an choinneal gheal chriostalach bheannuighthe
Ó! máthair bhreagh ghrásach is banaltra
An Fhíormhic naomhtha go daor do cheannuigh sinn.



A ghrian fhionn lonnrach na cathrach
Iarr go húr úrnaidhtheach carthannach
Ar do chaomhchumann Críost Íosa, ár malluightheacht
Chailleamhnach chlaon chraosach do dhearmad.



Lá éachtach lá éirligh lá greadaithe
Lá daortha na méirleach lá an anaithe,
An lá meillteach a deighilfar an dream damanta
Ó! mo sceimhle, le bantracht mhúirneach phrionnsach Pharrathais.


L. 69


An phribhléid thar chlainn Dé go ceanamhail
An t-annsacht an pháirt tá aget leanbh duit
Cortha shíol Éibh dá mbéadh ar m'anam-sa
Ó! do gheobhthá-sa ót oighre, a mhaighre, a maitheamh dam.



Ar a chunntas féin glaedhfidh in' aice me
I ndún na ndréacht na naomh na n-aingealaibh
Go cróinneach craobhach séadach saltarach
Ó! dá mholadh le saoghal na saoghal go marthannach.



A bhainríghin na hAoine is an tSathairn aoibhinn
Tabhair eólas na slighe dham nár ghabhas riamh roimhe seo
Stiúruigh me go dúthrachtach díreach
Mar rinn an réiltean na réxaibh ón ríoghacht thoir.



Suas fuaduigh leat it líon me
Go cuan uasal na soillse
Mar a bhfuil maighdeana meadhracha in aoibhneas
Ó! na mairtírigh do lean Críost 'n-a ngníomhra.



Na pátriarcs áilne áthasacha go líonmhar
Ó! na haspolaibh is na haithreacha naoimhtha
Na confesúirí cráibhtheacha ádhmhracha is aoirde
Is dochtúirí órdha onóireacha na díodhachta.



Na fáidhe subháilceacha go bríoghmhar
Ó! naoimh Éireann 's a dTé Deum le díograis
Agus an pátriarc glórmhar Seósaph naoimhtha
'N-a gheneral chómhachtach cheólmhar ar an mbuidhin sin.


L. 70


Níl pian ná brón de ló ná d'oidhche
Níl ciach ná ceó ar chló na saoithe
Mo chúis gháire a luthgháir 's a n-intinn
Ó! a Thríonóid oirdheirc 'ot mholadh gan traoichadh.



Tá an chliar bhreagh so i ngrianán gan díomas
I ngrianán sholusmhar shoilbh gan díoghaltas
Grianán tar ghrianán an tsaoigail
Ó! pálás na n-áilleán so i ríoghacht Neimh.



Annso tá solás na solás go haoibhinn
Annso tá compórd na gcompórd 's an t-aoibhneas
Annso tá an trócaire, an ghlóire, an naoimhthacht
Ag cuallacht chumhra chúirt gheal Íosa.



Annso tá bainrighin na mbainrighní, ár ndíonbhrat
Annso tá baintiarna na mbaintiarnaí, ár gcaoinshearc,
Annso tá maighdean na maighdean, ár mílseacht,
Os a gcionn go léir 'n-a réiltean shoillseach.



Iarraidhse is iarraimse an ghuidhe seo
Le hatuirse ghrádhmhair mháthar Chríost ghil,
'S trí thoradh do pháise 's do bháis, ortsa a Aoinmhic -
Beir m'anam 'n-a phéarla shéanmhar it ríoghacht liot.



A Shlánathóir déinse an déirc seo ar do dhaoine
Do cheannuighis go céasta daor let fhíorfhuil
Ó! glac féin truagh dhúinn, a Fhuascaltóir dhílis,
'S a Chroidhe ghil na féile beir saor liot it ríoghacht sinn.


L. 71


DUAN DÉAGLÁN.
A Dhéagláin órdha onóraigh, a easpuig
Is ort thriallas go diadha 'n-a ndreamaibh
Pobul geal Dé le cléir na salm
Is a nguidhe dhúthrachtach urnaidhteach 'ot agall.



Gluaisid 'n-a sluaighte go dtagaid
An bhantracht shéim<h> ar thaobh na faille
Annsan is sámh grásach do ghabhaid
'N-a gcúrsaí go húiríseal cneasta.



Is ciallmhar clúmhail a dtiúin 's a dteagasc
Is riaghalta a ngreann os ceann na mara
Is deaghchroidheach a n-aithrighe 's a machtnamh
A Dhéagláin ghléigil ar naomhthacht do bheathadh.



Iarraid do chongnamh sa chongcas chum seasamh
'N-a bhfíréin ag síordhéanamh an ghaisce
A naoimh ghlain uasail fuascail freagair
An chuallacht bhocht bhuartha so i nglasaibh.



Mar cheann ar ár gcampa má thagair
A Gheneral ghlórmhair cheólmhair, chailce,
Ní theichfeam ót Rígh choidhche sa chaismirt
Acht troidfeam go binn bríoghmhar fét bhrataigh.


L. 72


Déanfam tré naomhneart ár nAthar
Éirleach go héachtach ar ár namhaid
Beidh an machaire againn féin d'éis an chatha
'S beidh an lá againn go háthasach it aice.



Is beidh gártha husá againn mar chantain
Anáirde á lámhach isna flaithis
Ag breith buidheachas leatsa, Aenmhic do cheannuigh
Go daoir sinn ar mhaoilinn chnuic Chalbhair -



Let fhíorfhuil do scaoile is do scaipe
Dé hAoine ina míntsruithe 'ot shladadh
Ar an gcaoinchrois 's an spíce dá ghreadadh
It dheárnacha grádhmhara geala.



An té chluinfeadh go cruinn cíocras is cnagadh
Na gcasúr dtrom bhfoghlach ag fealladh
Budh chruadha fá thrí a chroidhe istigh 'ná an charraig
Muna sileadh go saobh séanmhar trít pheannaid.



Níor bh'iongna tré theinneacht a thaithnimh
Dá gcritheadh 'n-a bhlaom ghréanda go greanta
Ina theine 'n-a chaor chraosach ar lasadh
Le hannsacht d'Íosa, ímpire na n-aingeal.



Dá mb'ughdar léighinn éachtach me, in acmhuinn
Auguistín chaoin, Chíprian is Bhasil
Chriosostóim, Phóil ghil is Pheadair
Eóin, Shan Séam, Chlément is Bhearnaird -


L. 73


Do mholfainn go hárd ábalta an chathair
Is ríoghdha réim céim is ceannas
I gcuing cheart le chéile do cheangail
Ceann na réx réaltanach rathmhar.



Bíodh gur baothphéist bheag i bpratainn
Sínn gan spré 'en éifeacht ná 'en eagain
Mo dhícheall dréacht gléasfad má ghlacair
Ó inntleacht bhaoth éaganta an pheacaigh.



A dheighstiúir chirt dheighsciúirseach deaghsmachtach
Dheaghchómhairleach dheaghchómhachtach dheighcheachtach
Dheaghchongantach dheighfhiúntach dheaghachtach
Dheaghrásach dheaghráidhteach dheighreachtach -



Dheaghshómplach dheaghlóchrach dheaghlachtach
Dheaghfháistneach dheaghcháileach dheighchleachtach
Dheighthréadach dheighshéadach dheaghshleachtach
Dheighmhéinneach dheighbhéasach dheighbhleachtach -



Dheaghchóisreach dheaghchróinneach dheaghchlannach
Dheighphrionnsach dheaghlonnrach dheaghlannach
Dheighthionnscnach dheaghchúrsach dheighcheanach
Dheaghsmúinteach dheaghrúnach dheaghrannach -



A dheaghmháthair dheaghchráibhtheach dheighbheachtach
Deaghtháil go deaghfháilteach deaghmhaiseach
Do dheighchíocha ar do dheaghchloinn ghil 's 'ot dheaghmhac-sa
Déaglán órda onórach ár ndeigheaspog.


L. 74


BUIDHEACHAS LEM THIARNA.



Buidheachas lem Thiarna tá Dia againn mar ghárda
'S an ghrian gheal a mháthair dár gcoimhdeacht
Réidhfid is riarfid an chliar bhocht so thárlaigh
Ag iarraidh na ngrás ar an nidh sin
Blaomadh ár mbriathra go diadha oinigh áluinn
Le dianthuile grádh dhóibh 'n-ár gcroidhe istigh
Caochfid is pianfid an phiast nimh' ár námhaid
Do chiapann do chrádhann sinn sa choimheascar.



d'aonturas triallam fé sciathaibh an Áirdmhic
Le mian mhilis áthasach aoibhinn
Dá réir is dá riaghlacha ciallmhara cráibhtheacha
d'iarraidh agus d'áitreamh 'n-ár n-intinn
Tréigeam an t-iarsma dubh diachrach do chráidh sinn
Go bliantach 'san áth san an aimhlis,
Séanam na srianta le cianta chúm Sátan,
Mo chiach, chruinnigh táinte 'n-a thimcheall.



Bíodh déirc agus riaghaltacht go fial glan go fáilteach
Is go ciallmhar i gclár geal na saoithe
Ag an dtréad so mo dhiachair fé fhiacla an bhráca
Dá gcriathairt 's dá gcáible ag daoithe
Bíodh naomhthacht go hiairbhiseach iadhta 'n-ár gcáile
Bíodh diadhacht 'n-ár bhfáidhe 's 'n-ár laoithe
'S go séanmhar fét sciathaibh a Thiarna na Páise
Annsan riarfir go sámh sinn-na choidhche.


L. 75


B 1791 18D
DUAN AN DOMHAIN.



Is fíor gur comhairle thar chomhairle na gcéadtha
Mo chomhairle dom chomhghus 's dom ghaolta
Comhairle chaoin do dhaoine an tsaogail
Ó! bheith ceannsa carthannach cneasta le chéile.



Bíom riaghalta súgach múinte béasach
Ciallmhar clúmhail ciúin deiscréideach
Flaitheamhail fáilteach deaghthach déarcach
Ó! 's go gaisceamhail grádhmhar, lán de dhaonnacht.



Bíom díograiseach díreach deighmhéinneach
Diadha dubhach dúthrachtach déarach
Chum go sásuigheam ár nÁrdrí 'n-ár gclaonchoir
Ó! le haithrighe órdha onóireach éachtach.



Bíom criostalach Críostamhail ríoghamhail réilteach
'N-ár gcroidhthe 'n-ár gcáil 'n-ár dtásc 'n-ár dtéarma
'N-ár smaointe, 'n-ár ngníomhra 's 'n-ár mbréithre
Ó! 'n-ár gcoinsias mar Phroinsias na gcréacht gceart.



Bíom fonnmhar fiúntach ag cumhdach na cléire
Is go galánta cineálta craobhach
Ag friotháil na mbochtán so i ngéibhinn
Ó! tá ar lasadh againn an foghmhar 's is cóir é dhéanamh.


L. 76


Bíodh ainglidheacht is geanmnaidheacht na maeghdean
Símplidheacht chuilm is gliocas na péiste
Umhlaidheacht gheal, úirísleacht phéarlach
Ó! agus spirid na n-aspol ar lasadh 'n-ár dtréithe.



Bíodh foidne Iób 'n-a ghleó go gléasta
'S síothcháin aoibhinn na hintinne in éifeacht
Stuamdhacht suaimhneas is séimheacht
Ó! mar thoradh ar ár mbláth i mbearna an bhaogail.



A Dhia ghil ghlórmhar chomhachtaigh naomhtha
Do cheannuigh, mo chás, it pháis go daor sinn
A Phrionnsa an oinigh ler cumadh an fhéile
Ó! stiúruigh mise 's an chine bhocht dhaonna.



Chum do thoile go soilbhir séanmhar
Le doilgheas marthannach maiseach do dhéanamh;
Lá an áir is an chogaidh seo is loiscithe léirscrios
Ó! tá agat 'n-ár gcóir a stóir na tréig sinn.



A chrobhaire na banaltran beannuighthe, a ghéirshearc,
Tearmain go taitneamhach sliocht Éabha
Cuimhnigh gur fhuilingis a Leinbh tu dhaoradh
Ó! ar chrann na croise a Mhic Muire dár saoradh.



Cuimhnigh an oidhche sul ar éagais
Insa gháirdín go ndeárnaís an laochas
An t-allus fola trít cholainn do shéidis
Ó! go huasal dár bhfuascailt ón bpéist nimh.


L. 77


Cuimhnigh ag an bpiolóir an pionós péine
Chúig mhíle buille agus tuille ar do chaomhchorp
Do bhuail do namhaid go feargach faobhrach
Ó! de na sciúirsí dfhág tu tnáithte traochta.



Machtnaimhse mílseacht an chinn do céasadh
Is leis an gcróinn spíne go líomhtha léasadh -
Mórluit na sleágh is na dtairngí gcraorac
Ó! mo chúis chumha 's m'atuirse it phearsain-se in éinfheacht.



Ón dtír thoir thriall i gcian na réxa
'S gan d'eóluidhe ag na leóghain-ríogh acht réiltean
Go stábla an asail le n-a dtabhartais tréana
Ó! 'ot adhradh, 'ot onóradh, a Chruthóir na gréine.



Is sómpla Breitheamh na mbreitheamh le féachaint
'S a throscadh gan trághadh ar an bhfásach tréimhse -
Tiarna na bhfáidh dá chrádh ag Paeliot
Ó! 's mo chiach thar barr 'n-a bhráigh ag Hérod.



Go bhfeicead do phobul ag bloscadh 's ag blaomadh
I gcríocha an domhain le greann duitse, Aenmhic,
'S go brách gan againn ann acht t'eaglais éideach
Ó! go fíréanta cúmhra ina lonnradh naomhtha.



Go bhfeiceadsa lá geal breagh le buidheachas
Go fíorfhírinneach fíorshoillseach nur féidir
Fíoroileán uachtrach uasal na naomhaibh
Ó! do ghairm gan mhoill arís ortsa, a Éire.


L. 78


Am Nóe trácht ar an Árc do dhéanamh
Ba spórtach táinte ag práisc 's ag pléireacht
Níor chreideadar eachtra an eagnaigh aosta
Ó! an tuile gur threascair na peacaigh 's a ngréithre.



Is mar sin don bhuidhin seo chídheas an Naomh Spirid
Gach maidean is oidhche luigheas is d'éirigheas
Gan speóis i sailm i bpaidir ná i gcréidh aca
Ó! acht labhartha Lucifer liosta 'n-a mbéalaibh.



Is duine as na mílte is baoghal liom
Do chómhadas aitheanta ár nAthar gan réabadh
Ná a dhlighthe go dílis soillseach séadach
Ó! mar d'órduigh Íosa Críost dá thréada.



Gangaid is goid, broid, uilc, is spéirling
Tarcuisne táire is pláigh na bpléanna
Feall, díoghaltas, díomas is éigean -
Ó! seo iad na galair ler cailleadh na céadta.



Fuath le faladh, gearradh plaosca
I gcruadhtan chaismirt chatha an aonaigh,
A gcaptaoin crúbach súd gan séanadh
Ó! Satan stormach mursanta maodhmach.



Mo thruagh thu a pheacaigh bhoicht aindeis cad dhéanfir
Let chaime, let chleasa, let bhladar, let bhaethbhirt
Let mhailís mhillteach let intleacht éithigh
Ó! let uabhar, let phoimp, let bhaois, let bhlaodhman.


L. 79


An uair thiocfidh an bás dot cháible 'ot chaochadh
Go deimhin le fagháil níl spás ná ré agat
Dá fhaid a rithfir let chuirptheacht, éist liom,
Ó! caithfirse it chrích dho stríocadh is géille.



Tíoránach cealgach malluighthe méirligh
Doicheallach doghrachtach doghrainneach an éirligh
Stuacach stailceach ceatach caethach
Ó! coimheascrach canncrach clamprach craosach.



A bhrubaire bhrúideamhail dhrúiseamhail éadmhair
Bhruighntaigh mheisceamhail leisceamhail léanmhair
Thaibhsigh ainbhfiosaigh bharbartha spréachas
Ó! fuil Ríogh na bhflaitheas, is eagal lá an tsléibhe dhuit.



Mo theagasc duit casadh ar do leas go héasca,
Is ná codail it spreas i nglas gan réidhteach
Nó má ghnír beir choidhche sínte ag scréachaigh
Ó! in ifreann sáithte it chneádhaire chréimeach.



Le cródhacht chráibhtheacht láidir léadmhach
It cholainn go cíocrach fíochmhar fraochta
Mairbh múch-se rúta is préamhaibh
Ó! do phaisiúin dhona is beidh an sonas 'ot aodhaireacht.


L. 80


M'uathbhás adhbhar an athar 's a chéile -
An cúpla cuirpthe cuirfar dá bpléascadh
I dteinte i dteannta 'n-a splanncaibh bréana
Ó! mo dhochar dá ndóghadh go deó sa chaorthain.



Seo an fáth a ngreadfar n-a stracfar n-a séidfar
Coigilte i gcuilithe an choire 'na ndaolaibh
A gclann go tiubaisteach tugaid fé shéala
Ó! i seilbh dhubh dhiachrach an diabhail mhar éiric.



An chlann trí chaithis a gceana 's a gcéille
Le hannsacht urramach d'oileas is d'aodhaireas
A n-athair 's a máthair go sáitheach séanmhar
Ó! beidh soillse Pharrathais aca mar léightar.



An chlann, mo cheasna, gan earradh gan éadach
Go críona caithte lag dealbh a léigeas
A n-athair 's a máthair ar fán an tsaogail
Ó! is iad féin go rachmusach ceannasach péacach -



Seo an chlann a thuilleas bheith uireasbhach aonair
Is mallacht nimh mioscaiseach thuitim 'n a gclaonchuirp -
Mallacht na n-aspol, na sagart, na héigse
Ó! 's a mallacht gan leigheas dá leaghadh 'na mbraonaibh.



M'osna-sa an aicme do mhaireas is d'éagas
Ina bpeacaí marbha ag maslughadh Dé ghil
Conablaighe salacha bracacha bréana
Ó! n-a bhfuil stampa a ndamaint le haithint 'n-a n-éadan.


L. 81


Gach cluas go cliste do chluinfeas an dréacht so
Ar chlaidhreacht chách gan scáith do scéitheas-sa (?) -
Deimhnim díbh go dóighte brónach braonach
Ó! gur milliún measa mise 'ná an chuideachta chéadna.



Tóg suas t'aigne, a pheacaigh ná héimigh
Go módhmhrach meadhrach greidhnach gléigeal
Misneamhail meanmnach feasach fíoraonda
Ó! ná caill do chróinn ar nóimeant scléipe.



Má's lia do pheacaí 'ná peacaí an tsaogail
Féar an tailimh, an ghainimh, na réalta
Is uisce na fairrge, maithfe Mac Dé dhuit
Ó! má dh'iompuighir-se it aithrigheach dheaghchroidheach naomhtha air.



A rí na reann sheannda tug saor leat
Maois 's a chamtha Eabhra ón Éigipt
Trí thonnaibh na mórbhóchna gan sméide
Ó! le cothrom fá chló thrócaireach do scéithe.



Cneasuigh ár gcneádha, slánuigh in éinfheacht
A Mhic Pharrathais bhreagh ghrádhmhair ghil, éist linn
Is go salmach sámh áthasach glaeidh sinn
Ó! fét bhrataigh-se ar láimh shubháilceach dheas taobh leat.



Dúbail seacht im cheacht de chéadtaibh
'S trí chéad 'n-a gcomhar sa chomhaireamh chéadna
Dís dhathad bliain, bliain is aon deich
Ó! sin an bhliain d'aois Chríost an laoi seo dhéanamh.


L. 82


B 1795ob 18D
SLÁN LE hÉIRE



Mo shlán le dúthracht d'Éire
'S do Ghaedhil bhocht le gile ghrádha
Mo shlán do dhútha dhéarcach
Ghlan Dhéiseacha uile 'e ghnáth
Mo shlán le Dún na méithbhreac
Na séimhfhear 's na mbroingheal mbán
Do thráchtadh liúmsa ar naomhthacht
An Aenmhic sin dfhuiling páis.



Mo shlán go dlúth do chléir mhilis
Mhéinneach na ndlighthe is fearr
Mo shlán do phrionnsa léigheanta
Na féile do thuilleann barr:
Go fáilteach fiúntach féastach
Do ghléasadh dam culaith shámh
'S mo shlán thar triúch dá thréithe
Go Paoracha an tsuilt le grádh.



Bíodh táinte tiúin ar théadaibh
Na caomhchruite i gcuideacht árd,
Is dánta i ndúntaibh ghréinghuirt
Na féinne le seinm bárd;
Atáimse ag tnúth go tréanmhar
Go mbéarfair leat sinn trít bhás
It árus shúgach shéadach
Go séanmhar a Mhic na ngrás.


L. 83


Bíodh tásc is clú chaithréimeach
Go héachtach againn 'n-ár gcáil
'S bíodh cráibhtheacht chúmhra réilteanach
Phéarlach ionainn le fagháil
In áit na mionn so scéidhmair
'S an saogal 'n-a stoirm pláigh
Tug rátaí dubhacha is daorbhroid
Is na géarghluis seo anois dbhur gcrádh.



I gClár Luirc thúirling séala
Dubh céasta na gcoinnealbháth
Ag tnáth na dtrúp san taomach
Tug éirleachaibh uilc 'n-a mbráigh;
Go táir cé d'iompa' ar laochaibh
Na méirligh le buile is gráin
Ó! a Mháistir mhúirnigh réidhtigh-se
An tréad so gan filleadh ar fán.



Fáth mo chumhadh le tréimhse
Na scéalta so agaibh 'n-a rás
In áitreabh Mumhan gan géille
Don chléir chirt ná cion le spás.
Mo chás! sa chunntas déidhnach
Ní shaorfar de leinbh Ádhamh
Acht an beagán úd a ghlaodhfidh
Mac Dé ghil ar dheis a lámh.



Mo shlán go binn le Barrachaibh
Is chois mara theas mar a mbíodh mo thrácht
Mo shlán go croidhmhail carthannach
Le cathair oinigh Laoi na mbád


L. 84


Mo shlán don bhuidhin ler thaitneamhach
Mo sheanchas ar Rígh na ngrás
'S gach lá dbhur saoighal go salmach
Lem anam bocht-sa guidhidh i bpáirt.



Mo sheascad glanbháb gheal ghrádhmhar ghnúislonnrach
Ó bhaitheas go sáil gan snáithe clúda umpa
Acht carnfhuilt bhláth go fáinneach fionnbhúclach
Tabhair le báidh go brách dom chlúmhailphrionnsa.



B 1782 18D
AISÉIRIGHE AN BHRÁTHAR Ó BHÁS GO
BEATHA.



Tá meanmna mheadhrach shadhor ar aingealaibh,
Greidhin ar aspoil is ringce fada aca
Óró mar a chas orainn Seón
Ní taise é don mhaighdean bhraighidgheal, banaltra
An deighmhic bheannuighthe, soillse ar lasadh aici,
Óró mar a chas orainn Seón
Na flaithis go léir is éachtach aiteasach
Peadair 's a chléir ghlan ghléigeal gheanmnach
Éigse an tseanchais thréithigh thaitneamhaigh
'S le Gaedhil is greanamhar géille ár n-eagailsigh
Óró mar a chas orainn Seón.


L. 85


Marthannacht milse ár maighre Magdalen
Seinnfe canticles linn go carthannach
Óró mar a chas orainn Seón
Flatha na foidne Feidhlim Feanchain
Roinnfid ranna suilt oighreacht eagnach
Óró mar a chas orainn Seón
Is saltarach séadach téada Pharrathais
Salmach séanmhar naomhtha ag cantaireacht
Tá féile chaithiseach thréan 'n-ár ngasra
'S le héacht trím eachtra me im scléipire eatortha
Óró mar a chas orainn Seón.



Le clannaibh an chladhaire, gaill na Breataine,
Is greim guirt greadaithe an boidhte chailleadar
Óró mar a chas orainn Seón
Na dallaibh sin deighilte millte ar mearathal
Is neamhbhinn leó an t-atharrach grinn seo dh'aithris
Óró mar a chas orainn Seón
Ní mar sin don tréad nár thréig an tAifreann
'S a leanas go réilteach réir na n-aitheanta
Dá aodhaireacht gheanamhail glaodhaid an Leanbh san
N-a chéasadh cheannuigh sinn is buidheachas feasta Leis
Óró mar a chas orainn Seón.



I gceallaibh na creidhle i mbaill na Banba
d'adhain go carthannach teinte ar lasadh aca
Óró mar a chas orainn Seón
Nár 'udh fada go bhfaghamna leigheas dá maireann
Den chlainn sin Chailbhin ná raghadh fén tearman
Óró in ar chas orainn Seón.


L. 86


Ní searbh mo scéal le gréintsliocht ghaisceamhail
Rabairneach réxach éideach Alban
'S gach phoénix d'eascair de phréimh chirt Chaisil
Nár shéan ar rachmus an spré seo againn-na
Óró mar a chas orainn Seón.



Is danaid do spreill an fhill ler spalpadh,
Mo threighid, na leabhair ler thuill bheith damanta
Óró mara gcasaidh le Seón
An teannaire taidhbhseach cradhrach ceannfhionn
Gach Aoine stracas an tsaill ler mealladh é,
Óró mara gcasaidh le Seón
A mhangaire mhéirligh bhréin do mhalartuigh
Tabharthas Dé ar an saogal mallaithe
Gan bhréagnach bainfar, 'n-a chaorthainn, cnagarnach
Tréan as baitheas do phéarla a smalaire
Óró mara gcasair le Seón.



A chlannaibh sin is cailleamhnach 's is bréine ag siubhal
Mo cheasna thug le hAifreann Mhic Dé bhur gcúl
Mara gcasa sibh go fearamhail is baoghlach liúm
Go lasfar libhse lasracha ag péistibh dubha.



Ná fanaigí go tarcuisneach le téarma thabhairt
Fé eascaine na bhflaitheasaibh tar éis a ndubhart
Bladruighidh an Leanbh san go naomhtha ar dtúis
Do cheannuigh sinn go peannaideach is réidhfe bhur gcúis.


L. 87


Dá mhaslathacht dá bhascathacht bhur mbréithre búird
Dá dhamantacht dá mhallaitheacht bhur bpléidh le húird
Dá chalcathacht in bhur gcraidhtheacha craos is drúis
Má thagann sibh le haithreachus, sin saor bhur gcúis.



Ná measaigí gur aithreachus beag baoth adubhart
Acht aithreachus tar aithreachus an tsaoghail i gcúirt
Aithreachus an fhaid mhairfe sibhse ag déanamh cumhadh
A ghealfas mar an sneachta san bhur ndaolaibh dubha.



B 1795ob 18D
COMHAIRLE THAIDHG DO NA
CRÍOSTAIDHTHIBH.



Diúltuighmíd diúltuighmíd diúltuighmíd do Shátan
Diúltuighmíd do dhubhshaighdaibh, do chrúib chlaoinmhar an
chneádhaire
Diúltuighmíd do shúistíbh uilc 's do sciúirsíbh nimhe ár
námhad
Le dlúthdhíograis do ghnúis naoimhtha chúmhra Íosa ár máistir.



Umhluighmíd umhluighmíd umhluighmíd don Árdmhac
Umhluighmíd go humhal aoibhinn le humhlaidheacht dá mháthair
Dúbluighmíd chúig mhíle tiúin bhinn le grádh dhi
'S iompuighmíd go humhalchroidheach ar ghiúistís na ngrás
ngeal.


L. 88


Cúmhruighmíd lonnruighmíd a phrionnsa Íosa it láthair
Go búch bríoghmhar subhach soillseach ár gclúghníomhra ár
gcáile;
Stiúruigheam go húiríseal ciúin croidhmhail cráibhtheach
Ár ndúin chríona le cumha naoimhtha, 's i gcúirt Chríost beam
páirteach.



DUAIN.
A pheaca na drúise, a chú dhubh chraosach
Gnáthfuath eagnach m'anma go léir dhuit
Gráin mo chroidhe choidhche ort a phéist nimh
Le dianghrádh d'Íosa Críost do shaor sinn.



Ca liacht ímpire ríoghdha réilteach
Is prionnsa cogaidh chosnamh go héachtach,
Diúic mear meacanta, seabhac is Céasar
Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat.



Ca liacht caithbhile calma i spéirlinn
Is iarla órdha ba leóghanta i laochas
Tiarna tíre is taoiseach tréanmhar
Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat.


L. 89


Ca liacht bíocan fíontach féastach
Is barún comhachtach srólach séadach
Ridire ringceach croidhmhail craobhach
Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat.



Ca liacht lannaire laideanta léirghlic
Captaoin ceannusach maiseach is major
Giúistís gairmthe is faraire faobhrach
Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat.



Ca liacht siollaire sultmhar is spéirbhean
Crathúrlach ghlasshúileach ghléigeal
Stuaire stáit is báb bheag scléipeach
Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat.



Ca liacht broingheal do sheinneadh ar théadaibh
Puirt is tiúin go súgach tréitheach
'S an Bíobla go líomhtha do léigheadh
Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat.



Ca liacht maighre mheadhrach mhaordha
Óigbhean chúmtha is cúilfhionn néata
Ar mbíodh cúl cas búclach dréimreach
Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat.


L. 90


Ca liacht cathair gheal rachmusach réxach
Do loiscis do leagais mar chathair na Trae thoir
Sompla an chathair sin Sodom le sméide
Dóighte ag aingealaibh beannuighthe an Aenmhic.



Sompla Hannraoi i gcamthaí chaochais
Is Mac Murchadha Laighean it mhaidhm do thraochais
De bhinb do bhailigh 'n-ár mbailte lucht Béarla
In oileán fódghlas Fódla Féinne.



Sompla solusmhar Solamh na céille
Is Dáibhí do sclábhuidheacht tug géille
A ghlotaire shalaigh do tharraing 'n-a sléibhte
An díle ar an domhan bhronntach bhraonach.



d'á n-áirmhinnse ar básuigheadh, gan bhréag dham,
Ón rí go rámhainn le pláigh na péiste
Budh scannradh scíosmhar sceimhle an scéal san
Do chur choidhche i gcrích 's i gcéill díbh.



A pheaca an mhunabair, a mhursaire, a mhéirligh,
A mhallathóir mhilltigh an fhill 's an éirligh
A chonablaigh choimhthigh síos do shéidis
I bhfuirnéis phiantach na ndiabhal dá gcéasadh.



Mórchuid mílte de dhaoine an tsaogail
Óg is críona trí n-a chéile
An tan shlogair do shladair go damanta i ndaorbhroid
Ar sodar 'n-a saithe leat treascartha an tréad san.


L. 91


Is ní shásuigheann a ndeárnuighis de léirscrios
Orainn let chrúca a chrúnca an éithigh
Tu fós gan fille ar an gcuirptheacht chéadna
Is gach am ár ar chlann Ádhaimh do dhéanamh.



A pheaca na meann tug glam ag Gaedhlaibh
Go scannalach scallta fallsa 'n-a mbéalaibh
Do chealg do chiorrbhuigh an chine bhocht dhaonna
'N-a ndreamaibh dá ndinge go hifreann daor leat.



A theangacha thiubaisteach churaiceach chréimeach
Fearta na croise gan scrupal do spréachas
Flaitheas na naoimh soillseach mo léan guirt
Is do spalpas gan suim Íosa go héasca.



Do bhronnas do chloigeann 's do chroiceann 'n-a stéigibh
T'aibíd chuirp, t'easnaícha it t'éadan
Do cholann go cíocrach do chroidhe is do phéarla
I seilbh na ndiabhal ndiachrach dá léasadh.



Tuille det ghníomhra Críost 's a chréachta
Banaltra an Uain uasail éachtaigh
Is an tAifreann gan amhrus in éanchor
Do mhasluighis let mhailís in éinfheacht.



Ca liacht bolltaí is slabhraí is géarghlais
Go searbh 'n-a shíorchuibhreach i ngéibheann
Ar an ndream san 'n-a splangcacha bréan
Do stracais do stroillis go hifreann daor leat.


L. 92


DUAIN CHROIDHE ÍOSA.
Gile mo chroidhe do chroidhe-sa a Shlánathóir,
Is ciste mo chroidhe do chroidhe-se dfhagháil im chóir;
Ó's follus gur líon do chroidhe dhom ghrádh-sa, a stór,
I gcochall mo chroidhe do chroidhe-se fág i gcomhad.



Ar fhuilingis trínn-na a Rí ghil árd na gcomhacht
Ní thigeann im smaointe a shuidheamh ná a thrácht i gcóir,
'S gur le goraghoin nimhe do chroidhe 's do chneádha-sa, a stór,
So bhrostuigh na mílte saoi go sámh a gcróinn.



A Athair 's a Íosa dhíon let bhás me beó
'S do dhealbh mo ghnaoi gan chríochna ceárd it chló
Nach danardha an gníomh, a Chríost, nár ghrádhas-sa fós
Acht gach uile nidh 'n-a mbíodh do ghráin don tsórt?



Ar shealbhuigh Maois det dhlighe-se i bpáirt an tslóigh
Do b'annamh mo chroidhe-se síoch ná sásta leó
Acht faladh agus fraoichnimh craois ag cárnadh stór
Le heasmailt gach n-aoin is na mílte cáin ba mhó.



Le hatuirse chnaoidhte ag suidheamh a ndearna geóbhad
Taisteal gach tíre i gcríochaibh Fháilbhe is Eoghain
Ag aithris mo ghníomhra 's ag caoidh le gártha bróin
Is ag screadadh go scíosmhar tríd ag tál na ndeór.


L. 93


An uair chasfadsa arís let ghuidhe-se a bhláth na nÓrd
Fé thearman Chríost is díon a ghrásta 'om chomhad
Beidh garbhchnuic fhraoigh na líog do chrádhadh me romham
'N-a machairí míne síoda is 'n-a mbánta sróill.



Ar fán cé bhís-se a Rí ghil naomhtha ó Neamh
Go cráidhte thrínn-na i slighe nach léir a mheas,
Do ghrádh-sa a Chríost níor mhaoidhis gur réab an tsleagh
Arus dín it chroidhe don tsaoghal ar fad.



COMHAIRLE THAIDHG DÁ CHÁIRDE
GRÁDHACH.
Mo theagasc i dtráth glacaidh le grádh
A ghasra bhán bhéasach
'S ná fanaidh ar fán fada fé ghráin
Acht casaidh go sámh séadach
Ar leanbh na ngrás mo pheannaid sa Pháis
Do cheannuigh go lándaor sinn
Ó bhaitheas go trácht in allus a chneádha
Is fuil bheannuighthe bhreagh a naomhchuirp.



Ná bainidh le gáir tharcuisneach tháir
Anacrach áir éirligh
Do thabhairt go brách dár nEaglais ghrádhach -
Níl taitneamh i dtásc méirligh.


L. 94


Mo cheasna 's mo chás do threascair an bás
Flatha agus fás na Féinne,
Samson is Áiax, na fathaigh 's a rás,
'S níor sheasaidh acht spás na Caesair.



Seo an t-adhbhar an fáth mo dheacair atá
Le fearg an Áirdmhic naomhtha
Fearthainn gach lá ina gceathannaibh plágha
Ar Bhanba bháitheach bhréagach
Ár mallaitheacht ghnáth do tharraing dár dtnáth
An smalaraic smáil seo ar Éire
'S a dhalta na bhfáidh glac feasta de láimh
Go carthannach grádhach na Gaedhil bhoicht.



Lasfa gach áit, cathracha is stáit
'S beidh na flaithis go tláth ar tréanchrith
An fhairrge ar lár in anaithe, is árd -
Chathanna cáithte caora;
Na scamaill thar barr ag caismirt 's ag crádh
Is cargail áir ag spéartha
Ar ghairm chloinne Ádhamh go Iosaphet lá
Chum beatha na mbrághtha d'éisteacht.



A mhic cheangal na mbán a mhic cheannfhionn Sheáin
Is leathanmhic Mhártain chraosaigh
Galla-choin chádhach go neartmhar neamhspleadhach
Do stracadh dho stáitse an tsaogail;


L. 95


Namhaid gan fábhar ar faithche ina dtáin
Do thachtas le cnáibchoir céadta
'S trít bhanaltra, a mháistir na n-aingeal, beir slán leat
Na treabha so Oileán na naomh ngeal.



Is eaglach liomsa ruille ruathair nimhe
Do lasadh 'n-a luisne ghonta ag sluaighte an ríogh
I bhfearannaibh Luirc idir shliocht na huaisle bhí
Ó! is go mbeidh treascairt ag tuirc ar chuirp na mbuachaillí.


L. 99


B 1747ob 18L
DO THADHG RÁBACH.



A Thaidhg, a Charrathaigh charthannaigh chaoinchliaraigh
Mheadhraigh, mharthannaigh mheanmnaigh bhinnbhriathraigh
Le deighshearc taitnimh dot theastas a shaoi thriallas
I bhfeighil do thaithighthe, a shagairt ghil shíbhialta.



Faghaim ná braithtar a dadamh ort, bí it bhiadhtach
Saill ar baillichrith beathuisce is fíon riaruigh
In oighreacht Bharra ghil chathrach Laoi fiadfair
Gan mhoill go cabharthach ceannusach suidhe it thiarna.



Éist le Carolus caithmhileach cloidheamhsciathach
Feidhmnirt feargach gaisceamhail gníomhghliadhthach
Raghaidh i sealbh na bhfearann so bhí ar iasacht
Tá an foidhne caithte againn glacfamna a chíos blianach.



Roinnfe bailte na Banba is ríoghacht fialScuit
Ar ghreidhntsliocht chalma chailce na nGaoidhal ngrianda
Tuillfe flaitheas na Breataine, guidhim Dia leis
'S an Mhaighdean Bheannuighthe ag treascairt a naimhde
iarraim.


L. 100


Cois Aidhleann, Eatharla, Mainge agus Baoi an Iarla
Foinnsean, Fleasca is gach abhainn in Inse Fhiacha
Leighisfe an lannaire cealla na naoimh ndiadha
Cé creimthe creachaithe tachtaithe i ndlighe ag diabhlaibh.



I maidhm an mhachaire bainfid na trí tiartha
Meadhg 'n-a cheathanna a clanna na gclaoinstriapach
Beidh soillse salma Aifreann is buidhean riaghalta
'N-a shadhordlighe againn ar hallaibh gach críonspriata.



Aibhne dhearbhpunch scaipidh go síorshiansach
Saghdar Sasanach cartaidh a croidhe an chiarsa
Gach cladhaire ceachartha cealgach craoismhianach
Sin fagharta gramraisc mhallaithe an dlighe dhiachraigh.



B 1795ob 18D



DO NÓRA NÍ ÁINLE.



Táid éigse agus úghdair go trúpach ag pléireacht
Go súgach go scléipeach 's a ndréachta dá sníomh
Ag an spéirchoinnil mhúinte de úrshliocht na hÉireann
De phlúrchriostal Gaedhal agus réiltean na ríoghacht:
Tá fionnlile ag pléireacht mar a ndúbluighid na héiclips
Go clúdaithe ar Phoebus le haonghile gnaoi
'S gur 'n-a gnúis milis léightar do thúirling Cupid caomhghlic
Ag múch 's ag milleadh ár laochra le tréinneart a shaighead.


L. 101


Is dréimreach is búclach is fonnsach 's is faonlag
Is glúineach is géagach 's is néata do figheadh
A slaodfholt go cúrsach go lúbach go haerach,
d'ionntuigh i gcaolchirt ar aonghlaine an fleece.
Is clúmhail maise a héadain, mar dhrúcht maidne a claonrosc
A com seang cailce caolchuirp mar scéimh eala ar tuinn
'S gur lúthmhar lasmhar craorac ag tnúth 's ag cath le haoldath
Go dlúth 'n-a leacain mhaordha mar ghné an tsneachta a
píob.



An chraobh éachtmhar chúmhra 's an t-ubhall mhúirneach órdha
Siúr gaoil na leógan ba chomhachtach i ndlighe
Tar béithibh tréitheach ughdar 's an triúr cúilfhionn ómrach
An chiúinbhroingheal mhódhmhrach is lóchrann an ghrinn
Ní leór linn cruit ná téada ná glórtha suilt na n-éanla
Seoch ceólta binne tréitheach a caolghuib gan phoimp
'S gur le n-a bánchrobh snoidhte néata gan cháim a chumas
faolchoin
Ar barr na tuinne ar daorbhrat tug léirscrios na Traoi.



Dá n-amharcadh san Paris i mbreaghthacht ná i mbéasa
Ní thráchtfadh ar Hélen tug léirscrios na Traoi
Aicill agus Ájax, Iáson, Iaphétus
Dfhágfidís na béithe 'n-a n-aonar seoch í;
Níl sagart againn ionnraic ná easpog eaglais ughdar
I gceap na bhflatha bhfiúntach nach sanntach a bhíd
'S is dalta bhaist na múses an ainnir chneasta chúmtha
'S níor pheaca an carbúncail do thabhairt ar an mnaoi.


L. 102


'S deághthach 's is déarcach is naomhtha glan grádhmhar
Is séimh 's is áthasach páirteach i ngníomh
Péarla de thréanchuisle réxa na Spáinne
'S Phoebus na n-árdfhlatha Clár Luirc slógh bhfíon
Plannda geal áluinn de sheantsliocht Uí Áinle
'S de leabharscoth na nGrádach mo stáidbhroingheal bhinn
Dfhuil ghallda gacha prionnsa is gach diúic díobh dá dtáinig
Ó Lonndain na n-áitreabh mar ghárda ar an righ.



Isé an marcach fleadhach fáilteach is grádhmhar 's is féastach
An rábaire léadmhar is léirmhire chím
Athair geal na báibe do sháruigh an fhéile
'S a máthair dheighmhéinneach ba saordha 'n-a thigeas;
Is flósach fáinneach séadmhar glórmhar grásach gléasta
Cló agus cáil an naomhleinbh phréamhuigh ón ndís
'S gur spórtmhar sásta léimfinn le sróillfhear stáit ag
réidhteach
Do Nóra bláth na mbéithe 'san réim seo do ghuidhim.



AR MAIDIN INDÉ DHAM.
Ar maidin indé dham is déarach do bhíos-sa
Go cathach im aonar ag déanamh mo smaointe
Do dhearcas ag pléireacht go haerach im thimcheall
An eala ba séimhe ba chlaene ba chaoine
Do phreabas do ritheas do dhruideas 'n-a comhair
Do mheasas do thuigeas nár mhisde dhom shórt
A blaise go milis in imeall a beóil
Le taithneamh le gile le finne na hóige
Le maise le glaine le binne mo lóchrainn.


L. 103


Ba ghleanamhar dréimireach néamharach fraínseach
A charnfholt claona 'n-a slaodaibh ag síneadh
Go bachallach péarlach go réilteach go soillseach
Go camarsach craobhach go néamharach aoibhinn
Ag feacadh 's ag filleadh 's ag sileadh 'n-a deóidh
'N-a mbeartaibh 'n-a sruithibh 'n-a muirear go feóir
Go haltaibh go huile go frithir i gcomhad
Go slamarach cumarach umarach órdha
'N-a sraithibh ag tuitim go himeallach ómrach.



Do chaithfeadh a bhféadfadh ag réidhteach a buidhne
Go banamhail saordha go maordha go míonla
Go flaitheamhail déarcach go séadmhar go síodmhar
Go rabairneach gaedhlach go féastach go fíontach
Ar dhragaibh ar dhrongaibh ar chonamar leóghan
Ar lannaibh ar longaibh ar iomarca slóigh
Ar mharcaibh ar ghaisce ar churadh na ngleó
Do chartadh gach sruimile cuirpthe cróndubh
Do leagadh de thurraic in iomarca bróin sinn.



Is eagnach éasca do léighfeadh an Bíobla
Starthacha Chéitinn is tréithe na ndraoithe
I Laidin i nGréigis i dtéxannaibh díodhachta
Le seanchas tréanmhar na Trae thoir go líomhtha
Go gasta go cliste go hoilte go leór
Go snasta go snoidhte go sníomhtha go módhmhail
Go halta go huille go frithir i gcómhad
'N-a gceachtanna sultmhara lonnardha snódhmhail
Ag tagairt a tuirse ar uireasa nóchair.


L. 104


Má's carraig i gcéill tu in éifeacht 's in inntleacht
I bpearsain i mbréithribh it ghné 'gus it ghníomhra
Aithris dam féin sin i réimeannaibh ríoghra
A chara, an tu Hélen nó Déirdre Naoise?
Do fhreagair an bhroingheal i ndlighthibh gan mhóid
"Nach aithnidh duit mise anois buime na dtreón
Do bascadh do milleadh do cuireadh tar fóir
Le dalladh le daille le buile na gcóbach
Do mhalartuigh mise le duine gan chomhgus?"



Is gairid gur aontuigh an Phoenix ar innsint
De labhartha géara 'n-a dhéidh sin do bhí againn
Go blasta go béasach go néata go naoinda
Gur bh'ainm di Éire bhocht, céile na Stíobhart
Ag treascarnach bruscarnach tiubaisteach dreóil
Dom ghearradh dom ithe dom chreime 's dom dheól
Go dtagaidh im choinne le cumann mo stór
Do leagfas do bhrisfas a ndlighthe 's a gcómhachta
Do shealbhuigh ionad mo chloinne le fórsa.



Má's cara duit Séarlas mac Shéamuis a ríoghain
Is gairid go dtéarnfaidh thar tréanmhuir dot choimhdeacht
Le gasra ghléirchatha Ghaedhlach dheaghghníomhach
Ag sealbhadh it shléibhtibh it chaodhtaibh it choillte
Ag treascairt gan tuisle le tuinsneacht na dtreón
Ag teascadh na droinge dfhág sinn-na fá bhrón
Go gcaithfid go gcluinfir le fuinneamh na slógh
A gcathracha cumais tá tuilte de sheódaibh
Do thabhairt ar choimirc do chumainn 's do choirónneach.


L. 105


A RÍ NA NAOMH.



A Rí na naomh nach claoidhte an scéal
Me cnaoidhte i bpéin dom thuargain
Le díograis cléibh don mhínchnis tséimh
Do shín trí thaobh carbúnc liom;
Mo scíos go héag gan sinn araon
Cois taoibh Loch Léin na n-úrbharc
Mar ar bh'aoibhinn saoghal dam síneadh léi
'S gur bhinn na héin dár ndúiseacht.
Dlighthe Bhénus mhúinte
Dhligh an chraobh 's an t-ubhall leat
Ná díbir mé is cuir cuing ort féin
Is cuimhin gur daor mo chúis ort;
A bhaoin gheal éaluigh liúm-sa
Fá choill na gcraobh ag súgradh,
Mar a bhfillfam araon arís ón éag
'S ó shaighdaibh daora Chúipid.



Mo léir mo dhíth me tréith im luighe,
Gan faesiomh puinn le n'fhágháil dam,
Le daershearc grinn gan bhréig don mhnaoi
Do thraoch mo chroidhe le grádh dhí;
A spéirbhean mhín ná déin so linn
Acht saor arís ón mbás me
Is réidh an tsaighead do shéidis cruinn
Let ghaethe nimhe trém lár-sa;
Is caol a braoithe breaghtha
'S a béal is mílse ráidhte
N-a bhfuil caor is líth ag plé 'n-a gnaoi
'S í péarla an aoilchnis áluinn,


L. 106


'S í gaol na dtaoiseach láidir
Nár staon dá naimhde i mbeárnain,
Fuair réim is dlighe i ngach taobh den tsaoighal
'S ní tréason puinn dam trácht ort.



A stóir mo chléibh go deó ná tréig me
Is póg mo phléireacht fáilteach,
'S go bpósfinn féin tu, a phósaí an tséin
Gan feóirling spré leat d'áireamh;
A ghile na Mumhan a bhroingheal dheas fhionn
Is deimhin gur plúrscoth Deá thu
'S gur mise do scríobhfadh tuilleadh dhet gníomhra
I bhfriotalaibh grinn tar mnáibh duit.
Is duine bheadh bliain i bhfiabhrus áir
Ná rithfeadh it dhiaidh le dianshearc grádha,
Do chúilín dualach cuachach bán,
A mhilisbhean chiúin is gluise ar bith súil
Mo chumann go dlúth thu a rúin thar mnáibh
Do bhéilín craorac béasach bláth
Do chom mín sneachtaidh do leabhairphíp eala
'S gur i mbrannda bhlaisfinn bhur sláinte.



AN FÁNUIDHE.
Tógaidh go tréitheach go héachtach go haoibhinn
Go haerach go hintinneach áluinn
Go spórtach go scléipeach go séanmhar go soillseach
Go déarcach go daoinnachtach deághthach


L. 107


Bhur seólta 's bhur smaointe go ceólmhar i nglinntibh,
Bhur gceólta is bhur gcroidhe istigh gan cháirde,
'S le mórchumann cléibh dhó níl éanainm díbh air
Acht taoscaidh liom timcheall a shláinte.



A chlóchlainne chaomhnachuis séidigí seinnigí
In éinfheacht i gcuibhreann, is tráighfeam
Beóir gheal 'n-a tréantuile is daorphunch 'n-a thaoide
'S an saoghal uile dfhíontaibh na Spáinne;
Beidh tóirneacha teinte go cóirithe ag craoisigh
'S an Eóraip 'n-a caoir dhearg gháirdis,
'S le mórchumann cléibh dhó níl éanainm díbh air
Acht taoscaidh liom timcheall a shláinte.



Leónuigí léanuigí léasuigí cíoruigí
Céasuigí claoidhgí bhur náimhde, -
Cóbaigh an éithigh, an éirligh, an aimhlis, -
Ar réal gheal do dhíolfadh mo ghrádh-sa;
Gach sróllbhile díreach i gcomhdaibh na saoithe
Níl tóbacht ann acht taoisigh cé tráchtaim,
Róstuigí an sméirle mar stéig ar an ngríosaigh
Ná taoscfadh liom timcheall a shláinte.



Fórsa na féinne is an bhéibhionn 'n-a himpreacht,
A mbéimeanna gníomh cnuic is áthus;
Cródhacht na Suédes uile is béimeanna Laoisigh
Ár laochra is ár saoithe ní fearrde.
Beidh slóighte Shilísia go cóirithe cuibhrithe,
A coróinn is a críocha ag Máire,
Agus tórramh ná téarnamh a bpréimhe ní mhaoidhfead
Acht méinn agus muinteardhus mánla.


L. 108


Is beólbhinne béithe agus éanla dá ínsin
Dá chéile go bhfillfe mo ráib gheal,
Is méara Orphéus ar théadaibh na gcaoinchruit
Ag déanamh gach fuinn mhilis d'áireamh
Go mbiadh an ógbhroingheal mhíonla bhog lóchrannach líonmhar
Do thóg righthe is naoimh ar a bánlacht
Ag nóchar ceart péarlach ag pléireacht 's ag luighe leis
Gan éinchead do chríonbhruscar Shátain.



Is leómhanta léadmhach is réilteach is ringceach
In éinfheacht go fírinneach fáiscfid
Na deóraidhthe craosacha claonmhara coímhtheach -
Méithbhroca millteacha Mhártain -
As cómhursantacht choidhche i bhfódaibh mhic Míleadh,
'S mo stór-sa 'n-a n-aoilbhrogaibh ársa,
'S ní leómhthaidh na héigse bheith céim ní bhus ísle
'Na méara na míntslaite báine.



A chuideachta chraobhach bhéasach mhúinte bhinn
Do thuigeann go tréitheach réilteach rún mo chroidhe,
Ó thuiteas i ndaorbhroid déarach dúbhach dá dhruim
Go mbristar an béal ná déanfa a dhiúgadh linn.


L. 109


B 1745 18L
CÚRSA NA CLÉIRE.



Cúrsa na cléire agus ciúine na héigse
Do dhúbail 'n-a thonntacha lionndubh im lár
Is dubhach liom ná géimid na hughdair go héachtach
Ag dúiseacht 's ag múscailt an phrionnsa so ar fán
Clumhailchuradh chongcais mar úr-Oscar lá
Fionnbhile fiúntach a mhúchfas a námhaid
Tá congnadh aige chúcha anois, sciúirse na ngrás
A bhrúghfas an brúscar san Liútair is Sheáin
'S iar dtúrnamh na mbúrach is súgach a shéidfam
Le fonn insna spéartha na céadta hussá.



A chúigí inis Éibhir, sin chughaibh uile an Caesar
Go trúpach go trúncach go trúmpach ag trácht
Stiúir chirt na nGaedhla a spiúnfas na héiclips
'S an smúit sin do thúirling ar thriúchaibh an Chláir
Plúr righthe lonnracha Lúndain is Fáil
Ciúilchriostal dúthchais de chrúscoith na ndámh
An chomplacht san d'iompuigh a gcúl le Whitehall
Dfhúig sinn i ndúrdhaille is giúdaigh dár mbádh
Tá mo thnúth-sa le húrMhac na nDúla go dtraochfaidh
Gach crúnca den chlaonchumann Bhéarla go brách.



Ó shiubhluigh na scéalta go dútha na naomha
Scrúdfam casphonnca na múses go sámh
Is lúbach is léadmhach is lúthmhar is léimreach
'S is fiúireanta i bhfúntar an phúdair ár dtásc


L. 110


Tiúnfar linn smúsach suilt smúinte na bhfáidh
Crúdhfam gach crúsca oinigh liúghfam go hárd
Tiubharfam an tsúil ar ár ndúnta, ár stáit
Múinfid 'n-a dtriúbhsa an drong-sa dár gcrádh
Diúgfam go dúlaithe dúthrachtach daorphunch
Le dlúthshearc do Shéarlas ar dhéanamh an áir.



B 1795ob 18D
SLÁN LE hÉIRE.
Mo shlán leatsa, a Éire, mo shlán let chléir ghlan
Mo shlán le Gaedhil bhocht cé tinn atáid
Mo shlán let shéimhfhir 's let rába scléipeach
Ba dheághthach taobh liom ag roinnt na gcárt
Mo shlán let bhéithe is let bhába maordha
Bhíodh ag práisc 's ag pléireacht go binn im páirt
Mo shlán le héinne do ghrádhfadh Gaedhla
Cé fágadh daor me dá ndruim chum báis.



Ní raibh de chúis age sna giúdaigh
Chum mise a dhúbailt i gcuibhreach áir
Acht a rádh go ndiúgfainn ar clár go súgach
Sláinte an phrionnsa is an ríogh seo ar fán
Dá gcaillinn an tsúil leis budh dheacair a dhiúltadh
Gan a bhlaise le dúthracht i bhfíon ón Spáinn
'S dá bhfaicinn na búir seo lag marbh i gcumhgrach
Dar mo bhasa budh liúmsa budh bhinn an lá.



Mo shlán go Barracha cois Bríde cailce amuigh
Mar a mbíodh gasra gheal ghrinn ar clár
Mo shlán dá dheascaibh sin le fáidhe seanchais
Cois trágha agus mara theas mar a mbíodh mo thrácht


L. 111


Mo shlán is dathad-sa go brách don Mhainistir
Mar a mbínn seachtmhaine im shuidhe go sámh
Mo shlán gan mearathal dom cháirde ar dhanaid me
Cé tláth sa chathair me 'om chlaoidhe idir námhaid.



Is iomdha cúilfhionn mhaordha mhúinte
Ainnir chúmtha agus maighre mná
Buachaill súilghlas is cailín súgach
Marcach lúthmhar is oighre estáit
Ó Chaiseal Mumhan go Cóf na n-úrbharc
Gur brónach dubhach leó súd brígh mo chás
Is dá mbeirinn ar thúirling arís dom dhútha
Go n-ólfainn crúsca geal dighe 'n-a bpáirt.



CÉ DEALBH DUBHACH
Cé dealbh dubhach mo scéimhchruth
Ag taisteal triúch im aonar
Gur theagmhuigh dúinn i bhfearann Mumhan
Is Chaisil úrghluis éachtaigh
Carabúncail neartmhar ionnraic
Fleadhach fiúntach féastach
Maiseach múirneach leabhair lúbach
Lasmhar lonnmhar léigheanta;


L. 112


Taca tionnscnach éadtrom
Tapa túrnach tréanmhar
Seasmhach súgach treasach trúpach
Frasach fúigtheach faobhrach.



Mo chreach mo chumha mo léirghoin
Mo chnead mo phúdhair mo léirscrios
Mo bhrat mo stiúir mo chairt mo chúirt
Mo bharc mo long mo réiltean -
Ná tagann liúm a theastas súd
A bhearta a chlú 's a thréithe
A ghradam úr a cheannas subhach
A ghaisce a lúth 's a laochas
A chanascrúdadh as Gaedhilg
Le heagna ughdar éigse
'N-a gcrannaibh ciúin, 'n-a rannaibh rúin
I mbailtibh Lugha agus Laoghaire.



Ní mhaireann diúic i réim chirt
Ná flaith i gcúige an tsaogail
Is cailce com 's is fearra fonn
'Ná cara chrú na Saesar
D'eascair chughainn go fairsing fionn
Mar Aicill úr na mbéimeann
Nó i ndreach an phrionnsa gheal do thionnscain
Catha tiugha na Trae thoir
Do threascair plúr na nGréagach
De dheasca gnúise Hélen
Nó an gas do dhúbail clanna Niúil
Tá seal i bhfonn na hÉireann.


L. 113


Ba taca dúinn-na an phoenix
Ar screadadh i gcumhgrach baog<h>ail
Dár gcabhair úr ar ghlasaibh dubha
Na ngallabhúr do thraoch sinn;
Aitchim súd ar Athair úd
Na bhflaitheas n-úirneach naomhtha
Rachmas chughat 'na cheathaibh úird
Isteach it dhún go séadmhar
A shleas 's a chnú na héigse
A scairt 's a lúb na cléire
De dhair na dtriúch de threabh an rúta
Ó Sheanachúirt na nDéise.



Is snasta sonntach saonta
Searcach súgrach saordha
Caithteach congantach lannach lionntach
Dragan drong na stéid-each
Gach maidean drúchta a gleanna a dhúthchais
Ag leanadh tiúin na bhfaolchon
Ar phreab chum siubhail go pras le fonn
Don seannach siúng ar saothar -
Mac na n-ughdar léigheanta
Do cheap ar dtúis an fhéile,
Dalta Chúipid, searc na múses,
Taitneamh dlúth na héigse.



Thug Mars a chloidheamh 's a réim do
Bacchus fíonta craorac
Barra gníomhra startha is inntleacht
Gean is gnaoi ó Bhénus


L. 114


Thug Neptune mílte chlanna Mílidh,
Barc ar taoide ag pléireacht
Do neach dá shinnsear aibidh íogair
Ghasta líomhtha léirghlic
Sheasaimh díreach taobh le
Sleachta Chuinn is Néill ghil
I ngearradh an líne leag mo shinnsear,
Scata shíolrach Éibhir.



Ba chrathach cúmhra craobhach
Clasach cúrsach claonmhar
Fleascach fonnsach cladach cúplach
Bradach búclach péarlach
'N-a shraith go bonn a dlath ar lúth
Gur shlad a lonnradh ó Phoebus
Le greantacht cúil an eala chiúin
Do theagmhuigh chughat mar chéile
Go maiseach múinte maordha
I gcarthainn iomchar aordha
Do bhain an t-ubhall le ceart den dtriúr
Do mhairbh dubhach na céadta.



Is ómrach saoirdha sámhdha
Cródha fíochmhar fáthghlic
Sróllmhar síodmhar spórtach buidhnmhar
Ólmhar aoibhinn áluinn
Flós na Muimhneach lóchrann soillseach
Modhmhar suidhte ar chláir ghil
Ba chródha gníomh i gcoróinn na gcríoch
'S i gcómhrac ríogh ná stánfadh;


L. 115


Do stróicfeadh cinn dá námhaid
Le fórsa nimhe mar Pháris
Nó an treón mar Mhíleadh Domhnall taoibh le
Seóirse croidhe na páirte.



Go deó má thíghim go hÁrdach
Le heólus grinn is gáirdis
Budh dhóigh go scríobhfinn cómhaid dhlighe
Do phórfhuil ghroidhe mo rábach,
Domhnall caoin mo leómhan groidhe
Ó bhórd na Daoile thráchtaim
Do phós le díograis mhórdha is fíor
Go deó gan scaoile an stáidbhean;
Cé óg i ngaois do thárla
A stóir ghil bí go sásta
'S má seóltar choidhche i gcomhar na dighe sinn
Ólfimíd bhur sláinte.



NOCHTfadsa, A SHAGAIRT, DUIT.
Nochtfadsa, a shagairt, duit m'aigne díreach grádhach
Le hiliomad carrbhais neartmhair ó scaoileadh tráth
Luisne na lasrach malluighthe, rinn mo chrádh,
Trí mhothall mo bhaithis gur bh'aithis gan díoghal 'n-a háit.



I gcuideacht an easpuig ghil Breatnach do ghuidhinnse tráth
'S i gcuideachtain chneasta gach eagailsigh is naoimhtha cáil
Ba chuideachta charaidchirt sagart is saoithe sámh
'S dom chulaith 'n-a n-aice níor bh'eaglach teinte an áir.


L. 116


Do cuireadh ár gcabhair nuair chailleamair taoisigh Fáil
Do bhronnadh na fearainn go fairsing mar chíos don dáimh
Is deimhin go mb'fhearra liom treascartha an rí seo ar fagháil
'Ná fuithin mo phlaite dom easbha 's mo mhaoil 'n-a ghábha.



Ag Muire na bhflaitheas 's ag Athair na soillse n-árd
Ag dlighthe na n-aspol 's ag ainglaibh Chríost atá fhios
Liomsa gur bhaineadar sagairt nár bh'íseal cáil
A thugadh don dealbhach garbh-each líomhtha ar láimh.



Mo thuirse mo dheacair nár fhanas i gcuibhreann Sheáin
In oinighbhrog chailce 'n-a gcleachtainnse díogadh cárt
Mo chluthairbhuig chamarsach bhachallach bhíseach bhláth
Dem mhullach ní chaithfeadh an fleascach i ngríosach smáil.



Scuirfeadsa feasta agus stadfad de chaoine ghnáth
Tá siollaire is faraire marcaigh mear aoibhinn áidh
De chriostal na nGearaltach rabairneach ringceach stáid
A chruthfidh go tapa dham malairt is míle fearr.



A Phádraig na páirte 's a chíonádh an tsluaigh
A rábaire an áthais 's a chraoibh cháidh shuairc
Níl fagháltas le fagháil uirthi acht í a lámhach uaim
Fé ghrágallach gháibhtheach na bpréachán tuas.


L. 117


DO SHEÁN Ó CEALLAIGH.



Tabhair i láimh Sheáin ghil Uí Cheallaigh chaoin chaeimh
Seascad de bhánbhábaibh is geanmnaighe scéimh
Gan faic ar a mbláth-mhánla-chrot chas-dlaoi chraobh
Ag cabhair 's ag gárdadh áilne an lannaire fhíorlaeich.



Dragan na bhfáidh bhfáilteach is calmaí céim
Seabhac na gcáidh gcráibhtheach is ceannasaighe réim
Dalta na ndámh ndeárscnach is marthanaighe méinn
Acmhuinn na n-árd n-ársa 's na n-eagnaidheach léighinn.



Ní stadfinn den ráith rábach le rabairní an tsaoghail
Ag cnagadh na gclár gcártach i dtabhairní Gaedhal
Go mbascfinn go brách bearnach is basa ríogh an bhaoghail
Dá bpreabadh im pháirt Seágan na bhfaraigí dréacht.



A chriostail na sárthárbhach, a thaitneamhaigh chlúmhail
A choinneal na ngáir ngrásach, a lannardhaigh chúil,
A bhile na mbárd mbárcach i Laidin tig umhal
Glac cumann ó stráic dheárcach nach aithnid tú.



Ná dearmad Gríobhtha croidhmhail cailce cuachach
Gaisceamhail gníomhach soillseach searcach suadhach
Draganta díonmhar buidheanmhar beartach buacach
Flathamhail fíontach loingseach lannach buadhach.


L. 118


B 1749 18L
AR BHÁS PHIARAIS MHIC BHAITÉAR
PAOR, DHÚN GUAIRNE.



I gcill na n-uasal uaibhreach aerach
Cé leóinte i nglasaibh le sealad mo ghéaga
Níor sladadh me gur amharcas go héignach
Bantracht bruinnghil ag sile ar gach taobh díom.



Do laguigh lúth mo ghlún le tréimhse
Ba luaimneach mo luadhaill in uaigneas aonair
Go ránga an fhuireann ba mhilise bréithre
'Ná cuacha ar chrannaibh an Ghleanna gan Éisteacht.



Gártha caoidhe na rí-bhan réaltach
Is loiscithe scólta dóighte déarach
Do bhrostuigh i mbrón na heolaigh aosta
'S do dhúbail doilbheas dorcha ar éigsibh.



An tan dhruideas in aice na mascalach maordha
Do chritheas im ballaibh ó bhaitheas go caoltroigh
Ba chathach mo chúrsa ag tnúth go léighfinn
Fáth a gcumha agus cúis a ngéarghoil.



Dfhiosras lá de bhláth na mbéithe
Ceann banna na buidhne ón mBríd mboig mbraonaigh
Cread an chreach do scaip a scéimhchruth
Is dfhág a sluagh go buartha céasta.


L. 119


Dfhreagair an tsidhbhean raoilteach shéanmhar -
"Cá tuath cá talamh de rannaibh an tsaoghail duit
Nur gabhadh leat chugham a fhir ghrionnmhair Ghaedhlaigh
An tráth ná tuigir mo dhuille is mo dhaorbhroid?"



"Suidh im fhochair a chogair mo chléibh ghil
Go n-innsead m'easnamh is m'easbha go léir duit;
Ó do chailleas leógan lóchrach léadmhach
I gcathaibh ba chruadha ná Oscar na Féinne.



Crobhaire cosantach cobharthach céimeach
Bronntach brolla-gheal oirdhreic éachtach
Cródha calma ceannusach tréitheach
Cumasach dána i mbearnain baogail.



Gaiscidheach i ngleacaidheacht ná staonfadh
Ar nochtadh na gcloidheamh go fíochmhar faobhrach
Dragan deághthach tábhachtach tréanmhar
Trúpach taitneamhach acmhuinneach éadtrom.



Plannda de sheantsliocht Shéasair
Buinneán de chineál na réxa;
Bile buacach, guaire gléigeal
Is seabhac i bpearsain mar Aicil na mbéimeann.



Carabúncail fiúntach féastach
Grianscaoith chriostallach coinneal na saorfhlaith
Sciathán suilt áluinn na gcéadta
Agus stór na heagailse beannuighthe naomhtha.


L. 120


Triath i bhfortailleacht Shollamh na céille
Stiúir lucht spóirt Ghuirt ómraigh Éibhir
Saoi chneasta in inntleacht 's in éifeacht
Fostadh na bhfann is ceann a réidhtigh.



Cuisle gan chealg gan chleasa gan chlaonchor
Ursa do b'áille cáil is séimhe
Flaith is faraire, marcach gan aon locht
Piaras prionnsa is plúr na bPaorach.



Ba ghlas í a shúil mar dhrúcht an tséimhe
Ba dhearg a bheól mar rós na ndéithe
Ba chlárach clúmhail a úrla is 'éadan
A shlinneán cailce 's a leabharchrobh ghléigeal.



'Bé chluinfeadh ar mhaoilinn aoibhinn aolbhaigh
A phaca go binn 's an adharc dá séide
Ba shuairc í a thiúin ar mhúscailt Phoébus
Is Donnchadh Ruadh aige i gcuan a thraochta.



Ní chuala riamh in iaithibh Éibhir
Go ndearnaidh iomad ná iomarca ar éinne;
Do thugadh urraim don urradh ba thréithe
'S do bhaineadh a cheart de neart na laoch nglic.



An tIarla ón mBlárnain mbáin ba ghaol do
Mac Donncha Ealla do ghallaibh ná géilleadh
Mac Fínghín na bpíobaí thaoscadh
'S Mac Giolla Choda na gclogad ón Maol-lios.


L. 121


Bráthair iadhta an Tiarna ón Léithchloich
Marcshluagh Challainne Mhalla agus Mhéinge
An diúic sin ó Lonndain thoir d'éaluigh
Is diúic eile leagadh 'n-a sraithibh na méithphuic.



Bráthair ionmhuin ridire an éide
Ó Chill gheal Bollán na gcaisleán ngléigeal
Tiarnaí an Mhóta, Bhóinne is Déasach,
Is lonnrach foilceadh 'n-a bhfolanna an féinneach.



Bráthair gaisceamhail Ghearaltaigh aosta
An Bhúrcaigh, an Bhrúnaigh, an Léisigh,
An Róistigh is Nóglaigh na n-éide
Barraigh na Cúirte is crú Suipéalaigh.



Seanchus fáidhe le fagháil i dtaobh de
Gur scagadh a shinnsear soillseach séanda
In árdfhuil Aoife na ngníomh nglic n-éachtach
Is Lúbaigh meacanta na gcathrach a réabadh.



Mo chiach a chlann sa channtlamh chéadna
Gan fiadhach gan fonn gan dúil i bpléireacht
Gan chóisir oinigh gan oideas gan téada
Gan athair gan mháthair, cás is céasta.



Mo lomascrios cráidhte Cáit go taomach
Áine gheanmnach gheanamhail faonlag
Máire mhiochair 's mo chumann geal Éamonn
Ag caoine Phiarais, triath na féile.


L. 122


M'osna gach neóin a nóchar dhéidhnach
Ainnir an úirchnis dubhach 'n-a éaghmuis
A cuacháin órdha 's a cló dá tréigean
'S a gnúis gheal gruadhfhliuch duairc gan chéile.



Tá pobal na gCluanta i ngruaim 's i ngéibheann
I gcumhangrach ceangailte creachtaithe créimeach
Ó taisceadh an fhiann ar naímhde an éirligh
'S a gcrann bagair mar bheatha ag daolaibh.



Míle seacht gcéad triochad is aon deich
'S an naoi mar thuilleadh le tuitim sa téarma
Ó tháinig Críost mar scríobh gach naemhscript
Go triall sa bhfeart do mhac Bhaitéir gheal.



B 1756-57 18L
DON ATHAIR LIAM INGLIS, O.S.A.
A eagailsigh dhiadha chiallmhair chráibhthigh,
A sheímhshaoi shoillsigh, a bhláth na nÓrd,
A gheanmnaigh ghrianda, a dhiadhaire ghrásaigh
I ndíodhacht naoimhtha Aoinmhic áird na gcomhacht
Fearannghort Fíochna is fíor gur fearrde
Do theagasc do riaghail do bhriathra a bhráthair
'Ná gaisce mo ghliadhaire, sa diabhar a shnáthad
Mar chraoischloidheamh choímhtheach in ár na leoghan!


L. 123


Atá Carolus sciathach, Dia dá ghárdadh,
'Na ríchaoir chuibhreach i mbeárnain ghleó
A sheabhaic sa ghliadar ag triall chum tnáithte
An Ímpriocht cruinn 's an Spáinn n-a gcomhar
Ár bpeannaid ár bpian ár bhfiabhrus tráighfidh
An treascairt seo ar chiabhlach chiarshliocht Shátain
'S na gallaphoic dhiabhalta is diacrach chráidh sinn
'N-a dtrínsíbh traoichta tláth gan treóir.



Atá flatha 'n-a ndiaidh ag tiacht tar sáile
I gcroidhe bhuidhean Laoisigh láidir mhóir
Fearachoin diana stiallfas námhaid
I gcrích Chuinn, Fhinn mhir, Fháilbhe is Eóghain.
Atá dragan dfhuil iarla in iarthaibh Chláir Luirc
An Carrathach cliar is Biacan Blárnan
Gallisioniere is Tiarna an Chláir dhil
'N-a gcaoin-lín' Gaedhal fé bhánbhrat sróill.



Cí fada lag Fiann gan fiadhbhruigh fáidhe
I ndaoirshnaidhm claoidhte, báidhte i mbrón
Gan ranna gan rian gan riaghail le ráidhtar
Gan ríngcí ag ríghthe ná rábach spóirt
Geallaim don bhfiansach siansach Seán dil
Sealbh go mbiaidh ag Fianna an áithis -
Go mbiaidh Banba Bhriain go fial fliuch fáilteach
Is cíos cruinn dlíghte ag dáimh go deó.



Is gairid go bhfiadfidh triaithibh áilne
De phríomh chaoin Mhíleadh áitreabh fós
Ag teascadh na bpiast le ciach go dtálfid
Síor-ríoghacht Stíobhart sámh i gcoróinn


L. 124


Ár meanmna bhlianta cian le háireamh
Gach seamar dubh fiadhaile de thriabh na cránach
I ngalar gan liaigh fé liagaibh sáithte
Is taoidí fíonta ag dáimh ar bórd.



I mBanba, i Manainn, in Albain éachtaigh mhóir
I mbailte na Breataine i gcathair na gCaesar spóirt
Budh mheanmnach m'aigne is m'aiteas ar ghlaech an leóghain
Carolus calma cailce 'n-a réx i gcoróinn.



B 1795ob 18D
DO SHEÁN MAC GIOBÚIN
GHARRÁN AN RIDIRE.



Tá treón geal im chomhgar le sealad
Is ceannusach cúirteach cáidh,
Is spórtmhar 's is eólach 's is fleadhach
'S is flathamhail fiúntach tásc,
Is fórsach a shlóighte 's is neartmhar
Is tabharthach trúpach dfhás
Is comhachtach is ceólmhar 's is cailce
'S is calma clúmhail cáil.



Sróllbhile lóchrannach lannach
Tá lannardha lonnrach lán,
Cló chliste é phórshliocht na ngalach
Ba rabairneach rúnmhar d'fhás:


L. 125


Flós ceart na Fódla 's a flatha
Ba scaipitheach súgach sámh,
Rósluibh na seóide 's a seabhac
'S a faraire gnúisgheal grádhach.



Tá mórdhacht gan mhórtus 'n-a phearsain
'S a bhearta dá scrúdadh ag dáimh,
Tá beódhacht is cródhacht 'n-a ghlacaibh
'S a ghaisce mar chriú na mbárc;
Tá órd árd is eólus 'n-a labhairt
'S a chanadh mar chrú na bhfáidh,
Tá leóghantacht gan leónadh 'n-a theastus
'S a sheasamh mar phrionnsa stáit.



Dar Eólaing, an Spreónamh dá dtagadh
Ba taca mar Fionn mo ráib
I gcomhlainn i gcomhrac i gcaismirt
I gcaithibh 's i gcongcas áir;
Do stróicfeadh gan chomhairle gan charaid
Gan chabhair gan chongnadh acht Seán
I ngleóchnuic in Eóraip na n-arm
An namhaid ba lúthaighe lámh.



Níl ógbhroingheal mhódhmhar i ngradam
Ná ainnir i gcúige Fáil
Nára nóchar a ndóithin mo dhragan
I dtreasaibh nár túrnadh tláth;
A chomhgus na gcomhgus do cailleadh
I gcaithibh 's i dtriúch na Trágha,
Comhgus na gcomhgus mo mharcach
Den ghasra shiubhail tar sáil.


L. 126


Níl ómrach eólach in acmhuinn
'Ná eagna ughdar fháidh
d'inneósadh a ndóchus i rannaibh
Ná carthannacht chúirte cháird
Scópbhuinne spórtmhar a d'eascair
De shleachtaibh na n-úrGharrán
'S 'n-a dheóidh sin i bhfódinis Chaisil
Do scagadh as Brúnfhuil áird.



Ó bhóchna na Bóinne go barra
Árdraithin na rún don Ráith
Le mórthuile beórach dá scaipe
Go fairsing is púnch 'n-a pháirt
Níor leór linn ár scórnach do scalladh
Gan channa gan chrúsca ar chláir
'S go ndóghtar go drólainn an aicme
Ná blaisfeadh go subhach a shláint'.



B 1754ob 18L



ADHMHOLADH MHÁIRE.
Is méin leam aithris dem labharthaibh beóil
Gur tréitheach carthannach meanmnach óg
An péarla d'eascair dfhuil Chaisil na dtreón,
Ba chalma cló agus cáile:
Go Gaedhlach, flathamhail múinte fial
An spéirbhean chneasta de phlúr na dtriath,
Do laguigh gach faraire meanmnach óg,
Le taitneamh go deó do Máire.


L. 127


Is léigheanta gasta gan easbha mo stór:
A béilín meala bog taitneamhach sceól:
Tá an caor ar lasadh 'n-a leacain mar rós
Agus sneachta go leór dá háitreabh.
A slaodfholt camarsach lonnmhar fiar
Ag téacht ó mhullach go drúcht 'n-a diaidh,
Do laguigh na dragain fé scamalla bróin,
Le taitneamh go deó do Mháire.



Mo léan! mo lagar! mo nuar! mo bhrón!
Mé tréith lag caithte gan suairceas ceóil,
Le géirghean ghlacas 's mé im bhuachaill óg
Don stuaire chródha ghrádhmhar,
A réiltean freagair go humhal mo riaghail,
Agus réidh go tapaidh ar dtúis mo phian
Nó caithfar mo threascairt i nglasaibh fén bhfód
Le taitneamh go deo do Mháire.



U 0215
Cé séimh do labhartha, a shuaidhfhir ghrinn,
I mbréithribh blasta go suairc dá mhaoidheamh
Tá péarla againn-na bhuaidh ngnaoi
Ar bhroingheala chríche Fáilbhe.


L. 128


Is méin leam aithris dom dhuais gan mhoill,
Gur léir dam ainnir sa tuaith 'n-a mbím,
Spéirbhean chailce rug barra i ngach céim,
'S gur dleaghthach an chraobh di ó Mháire.



U 0218
Níor nár liom dragain a thabhairt lem bhaoin,
'S nár fhás a samhail fá fhlaitheas na naoimh,
I gcáil i maitheas i bpearsain 's i ngnaoi,
'S a hainm dfhúig Críost dá gárdadh,
I gcás na Craoibhe ní mhaoidhim go brách,
Ná an bhláth 'n-a luing tar tuínn tug Jás.
Acht carabúncail theagmhaidh liom
An eala mhúinte bhanamhail
Rug barra clú ó Ádhaimhshliocht.



U 0215
A éigse stadaidh dbhur labhartha baois,
Agus léigidh fairsing bhur mbrata le gaoith,
Chum go léighthar ainm na hainnire mhaoidhim
I dtosach gach líne táithte.
Is méin liom aithris, agus admhaim fíor
Ó aer go talamh 's go flaitheas dá aoird
Do réir a samhail a pearsan 's a cló
Ar an dtalamh so beó níor fhás ann.



U 0218
Ba bhaoth ba mheathta ba leathta ba chríon
Mo mhéin mo bhearta mo thaca mo ghníomh
Dá léigfinn leatsa an barra nár chuíbhe
Ó bhanaltran ghrinn an Áirdmhic:
Is gur bh'é le n-a fheartaibh as dadamh do rinn
Aer talamh flaitheas is Neamh na naoimh,
Dá réir sin measaim gurab fairsing a chomhachta
'S gur bheannuigh sé rómpa Máire.


L. 129


U 0215
A shaoi ghlain na dtaoiseach ná daor-se me
'S gur dfhíorfhuil na laoich mé nár bhaoghal a ngoimh:
Do shaoileas dá dtighead liom go ndéanfainn coir
Sa tír seo gur dhíon dam tar éinne thu.



U 0218
A phríomh ghlain dfhuil ríghthe is a éigeas suilt,
Is líomhtha 's is díonmhar 's is déanta cruth,
Má ghníonn tusa stríocadh agus géilleadh dham,
Díonfad dar Míde go n-éagfad tu.



U 0215
A uain mo chléibh do léigheas go minic i gcóir,
Duan na gCaesar dtréan is cumas na dtreón,
Is muar an léan liom téacht it choinne le spróin
Anois uair an bhaoghail, acht staonfa mise as an
ngleó.



A shuair<c>fhir aeraigh léigheanta chumasaigh óig,
Is uaisle béasa, is tréithe sultmhar gan mhóid
Bualadh tréan má's é do thuillir do gheóbhair,
Nó suaimhneas séimh is bréithre milis go leór.


L. 130


B 1758 18L
U 0218
DO DHOMHNALL SPÁINNEACH.



Is ait linn na haistí seo ag Eóghanaibh
Do scaipfidhear i bhFódla na bhFionn -
Gur phreab taoiseach treas-tigheasach treónach
Go raithríoghdhach órghlic 'n-a chúirt:
Mars cloidhmhach caithmhíleach comhachtach
Do haithrigheadh go hómrach úr,
Sail dhíreach fhada aoibhinn órdha
An flaith soillseach lóchrannach clúmhail.



Bailighidh a threabh chaoimhnach fhórsach
Tá teacht saoi na hEóraipe chughainn, -
Sean-Ghaoidhal de chailcphríomh na coróinneach
'S dair líonmhar chródha na dtrúp,
Gaiscidheach na ngaiscidheach mo leóghan,
Brat dín na cóige is na n-úrd
Gas groidhe na n-each ringceach ródach -
Is ceap laoich an sróllmharcach súbhach.



Tá sneachtaí 'n-a cheathaibh ag comhrac
Le scataí de rósaibh 'n-a ghnúis,
Tá a phearsa aoildha shearcshaoirdha chló-oilt'
Mar ealaí na bóchna is na dtriúch:


L. 131


Tá a ghealdlaoi go fleascthrinnseach órdha,
A dhearc líonmhar feórach mar dhrúcht,
Tá a ghlaic scaoilteach neartloingseach lónmhar
'N-a taca aoird le tórmach na mbúr.



Do beathuigheadh go sastuímeach spórtach
Ar hallaíbh go ceólmhar ár gConn,
'S do raithigheadh i rannuidheacht na suódha
'S i gcathaoir na gcómhdach ár gcrú;
Do haibigheadh in aibíd na bhfrómhthach
'S in ealadhain na n-eólach gan smúit,
'S do beannuigheadh i gcaisíbh na glóire
Gach alt shuidheann de flós-scoith ár ndrong.



Gleacuidhe mar Fhearghus i ngleó chnuic,
Mar Anghus nó Eóghan na lann,
Art craoiseach barcbhuidhnmhar bórdmhar
De mhaith ríoghaibh mhórdha na Mumhan:
Ní chanfaí le haníntleacht Óbhid
Ná staruidhe mar Hómer na bpongc
Leath smaointe deaghchroidhe ár leóghain
Ná maithghníomhra Dhomhnaill 'n-a dhún.



Ní ghlacfaí le neach díobh mar nóchar
Gan seangfhaoilean d'ógbhroinghil diúic
Gean ghlinn mar mhacaoimh na Tró thoir
Go glanchroidheach dá pósadh lem prionns'.
Beidh a fhaithchí a gheataí is a bhóithre
A phailís a phóirt is a thúir
Go dreachshoillseach fleadhfhíontach scóipmhar
Go captaoinach cóisteach gan smúit.


L. 132


Coinneal na soellse, réilteann is lannradh ughdar,
Criostal na réx bpéarlach is dalta Chúipid,
Bile na séad, phoénix is mac na múses,
Curadh na laoch, Caesar, is carabúncail.



Leóghan Bhlárnan árdfhlaith Charraig na bhFear,
Treóghan, Carrthach, Páris cairptheach ceart,
Rósluibh Fháilbhe, bláth na nGearaltach ngeal
Domhnall Spáinneach barr na Banba ar fad.



B 1753 18L
AR BHÁS EILÉAN DE BARRA.
Araoir im shuan i gcuan do bhíodhgas
Go haonair uaigneach uaibhreach íogair
Amhgrach atuirseach treascartha traoichta
Cangcrach cealgach cascartha claoidhte.



An tan dfhéachas suas go duairc im thimcheall
d'amharcas solusbhean oirdheirc aoibhinn
Ag taoscadh a rosca 'n-a srothanna saoirdha
'S a huaill go hallta i nGleann na bhFaoileann.



Cé thuiteas gan luadhaill go duadhmhail i ngeimhleach
Ag séide fola mo bhrollaigh 'n-a linntibh
Do loirgeas sealad go searcach den bhrídigh
Turus a cáis is fáth a síorghoil.


L. 133


Linne do labhair go feargach fíochmhar
Cathach canntlach namhdach nimhneach -
Cá cathrach caisleáin oileáin díbhse,
A chuisle, nach follus mo dhoilbheas caointe?



A thaistealaigh thionnscnaigh túirling taoibh liom
Is éist an gearán diombádhach ríomhfad
Cluinfar i gcianta ciach na gcríocha
Do scuab an scéimh in éinfheacht díomsa.



Do chiorrbhaidh mo charnfhuilt lannardha shíneadh
Go cúrsach cuachach dualach dlaoitheach
Fonnsach fáinneach cáblach cíortha
Búclach bachallach camarsach craoibhach.



Do ghread do scól do bhreóidh mo smaointe
Do loisc do dhóigh do leóin mo laoithe
Do bhasc do bhrúigh do húrghoin m'intinn
Is dfheóigh mo bhláth i gclár na gcraoiseach.



Ní hí Hélen shéimh na Traoi thoir
Ná Bhénus spórtmhar ceólmhar ringceach
Ná Diána báb na draoidheachta
Do speal mo chló mar rós do chríonfadh.



Ní hé Pallas na labhartha milse
Iúnó Média éachtach inntleach
Ná dearta Dée an tsaoghail bhraoinaigh
Do cheangail do choigil mo cholan i gcnaoidhteacht.


L. 134


Acht tásc na mná do bfhearr san ínse
'N-a hacmhuinn fagháltuis stáit is saidhbhris
Bairrfhionn chailc-úr fhlathamhail fhíontach
Mhúinte bhanamhail dheaghclúmhail dhíonmhar;



Cúilfhionn chráibhtheach mhánla mhíonla
Chiúintais dhéarscnach náireach naoinda
Bhuacach bhéasach mhaordha an mhínchnis
Cheannsa cheanamhail gheanamhail ghríosghuib.



Suaircbhean fhorusta, shocair na righindearc
Chiallmhar, thuigsionach shoineanta chaoincheart
Stuamdha, deaghthach ghrásach ghrinnshuilt
Bheannuighthe dhiadha riaghalta naoimhtha.



Ainnir thréitheach léigheanta, líomhtha
Fhleadhach, fhéastach, Ghaedhlach ghlinnchruith
Chórach chumannach urramach aoilchroibh
Do chothuigh le féile déirc is daoinnacht.



Broingheal thaitneamhach mharthannach bhuidhnach
Pháirteach leanbhach gheanmnach gnaoighlan
Ionnraic áluinn ghrádhmhar ghníomhach
'S ná tug tarcuisne 'o phearsa dá ísle.



Stáidbhean shróllmhar bhórdmhar bhuidhnmhar
Chornach chóisreach lóchrach líonmhar
Eachrach chliarach, riaradh míle
I ndún gan doicheall roimh dholaidh dá aoirde.


L. 135


Spéirbhean ranntach bhronntach bhríoghmhar
Thréadach thabharthach chabharthach chaoimhneach
Fhíontach rabairneach scaipitheach scaoilteach
Fháilteach fhreastalach charthannach chroidhmhail.



Mascalach mhódhmar fhlósach fhrínseach
Chaithiseach chomhairleach ghlórmhar shoillseach
Chriostalach ómrach shómplach dhíreach
Shochrach sheómrach shlóighteach shíodach.



Eala gan chruadhas gan bhuairt gan chinnteacht
Gan chogal gan chealg gan chleasa gan chlaoinchoir
Gan fuath gan faladh gan mhairg gan díomus
Gan ghruaim gan ghanguid gan ainbhfios poimpe.



Siúr na gCarrathach gcalma i gcoimheascar
Siúr na mBrianach ngliadhach loingseach
Siúr na nGréagach, Phoenix dfhíorshliocht
Ribirt an chongcais thrúpaigh thrínsigh.



Inghean amaraic sheabhaic na scríbe
Gearóid ceannárd furránta fraoichta
Dhoire na gcuingrach gcuthach 'sna smísteach
Eiléan mhiochair de chine na mbíocan.



Céile an mharcaigh mhir mheacanta i maoidhmaibh
Curadh na leoghan na dtreón na dtaoiseach
Na suadh na sians na dtriath na dtigheasach
Tomás dalta na ndragan 's a ndíograis.


L. 136


Easnamh na nÓrd i bhfód na righthe
Nuachar lachanta an fharaire i gcillghlais
Úrscoth cheannus na mBarrach, na mílidhe
Do chóirigh smúit ar dhútha ár sínsir.



Do neartuigh cumha 'san Mhumhain choidhche
Do mheath a geamhrtha, a gleannta, a coillte,
A haibhne rathmhara, a cranna do slíobadh
Tortha cubhartha ár dtriúc 'n-a slaoidaibh.



Do threóruigh ceatha cnead 'n-ár gclítheach
Dfhórsaidh creatha na sratha dár gcoimhdeacht
Do mhúscail caismiorta catha gan dísce
I bhFódla ag gasra cleachttha na sídhchnoc.



Is dítheach gáibhtheach gáir na mbruidhnta
Scola na múses, tonntach Chlíodna,
I dtuathaibh chosantach ghormghuirt Eíbhir
Ó baineadh go feasach ár dtearmann dínn-na.



Creach na n-easpog na sagart na saoithe
Creach na bhfáidh, na mbráithre ndíodhachta
Creach na mbochtán na ndonán n-aoista
I dtuama a stór, 's a lón fá líogaibh.



Creach na mbanaltran ndealbh, na naoidheanna
Na mbaintreach muirearach uireasbhach gcríona
Na mbailte, na mbantracht, plannda ár dtíre
I dTeampoll Bolg, mo dhochar, ag daoilaibh.


L. 137


I gcuideachta an chúpla chúmtha chaoilchuirp -
Uaisle an ionmhuis oinigh neamhchoimsigh -
Maighréad lonnrach túrnadh roimpi
Is Onóra thriall 'n-a diaidh, mo dhíth ghuirt.



Cumha na cléire Réamonn faoinlag
Gearóid múirneach múchta i bpríomhghoin
Elinóir réaltach phéarlach thaoimach
Is Máire mheanmnach maslaithe ag saighdaibh.



Osna na héigse, géarbhroid laoichra
An ghriandach fhoirtil i gCorca na slímbharc
Maighre maiseach na Scairte 's a síolrach
Ar chnoc na ndeór go brónach caoidhmhail.



Diachair deacrach danaid ár ndaoine
Ár bpoibleach ársa ár ndáimh ár ndraoithe
Ár gcuallacht chlannamar fhearannach chíosmhar -
Fuadach tráth ar scáth a mbaoighail!



A bholgach mharbhthach mhallaithe chraoisach
Ghoinideach ghalarach bhagarthach mhillteach
Ghoilmneach ghaisceamhail ghannadh ár sloinnte
Is ceasnathach chrádhais ár n-áitreabh dhílis.



Tá dún na Laghrach i dtaidhse choimhthigh
'N-a chlogas dorcha in' fhothrach chíordhubh
'N-a mhainistir fhásaigh áir ag stríocadh
'S n-a chrampóig lomartha locartha linnloit.


L. 138


'N-a árus chréimeach chréachtach sceimhle
'N-a chartha tháir 'n-a láithreach díoghaltuis
'N-a luing bhristithe scriostaithe scíosmhar
Gan téad gan stiúir go dubhach i ndaoirse.



Ní ruathar turraingeach tiubaisteach teinte
Ruathar iongantach stoirmeach taoide
Ná ruathar clogadach cogamhail a naimhde
Acht buirbe an bháis do bheárn' an ríbhrogh.



Liacha lasmhara i mBanbain Chríomhthain
Béithe an abhrais chastaithe snímhte,
Ná tug spás do cháirde an tighe sin
Leabharchuid réim is saoghal 'n-a dtoínte.



Géaga gartha na bhfearachon ndíreach
Do chóimhshearc Eaglais Aifrinn Íosa
Is támh dom shamhailse 'e chantaire shíleach
Ar halla na sámhchrot tháladh binnphuirt.



Dá mb'ughdar ranna do cheapadh go cruinn me
Do chaithfinn go cúl gach prionnsa pinn ghlic,
A gcáil a gcneastacht a dteastus do scríobhfinn
Is cé nach eagnach, glacaidh mo dhícheall.



Sirim go subhach ar chúirt an Choimhde
Muire Mháthair cháidh an Aoinmhic
Gnúis na n-aingeal na n-aspol na naoimha
Ag gárdadh a n-anama i bParrathas Chríost ghil.


L. 139


Caogad d'éis seacht gcéad is míle
Trí le cóimhreamh fós 'n-a gcuibhreann
Téarma an tseanchuis dearbhtha díbhse
Ó théacht Mhic Dé go héag na díse.



Innis scéal d'eólaigh (a) óirleac na ngradam dtréan dtráth
Gur chruinnigh fét chómhachta seóide na mbalsam gcaor mbreágh
I gcumar chré chómhrann feóchta, mo scalladh, tréith tláth
Cuirp Eiléan mhódhmhail, Onóra is Mhairgréad bhán.



B 1795ob 18D
AR MAIDIN AG CAOIDH DHAM.
Ar maidin ag caoidh dham go fann táir
Go dealbh ar thaoibh cnuic ar meabhrán
Do thaisteal im choimhdeacht
Ó shleasaibh na bruidhne
Ealabhean aoilchnis go leabhairbhláith.



An tan dhearcas an fhaoileann ghlic mhodhmhail mhná
Ba cailce gil mínchruith is fionn scáil
Lasann mo chroidhe-se
Re taitneamh don mhín seo
Agus stadaim dem chaoidh ghoil le greann grádha.


L. 140


Ar tarraing di taoibh liom le lútáil
Dfheasas cia hí di go mallrádhach
Dfhreagair an ríoghain
Go tapa le caoinreas
"Is me teachtaire díleas an tSeabhaic Bháin."



Do phreabas go bríoghmhar gan teanntán
Im sheasadh le sceimhle go seang sámh
'S dfheasas arís di
Ó b'aithnid di an Stíobhart
An gcasfadh le buidhean chnuic go fonn Fáil.



"Is dearbh a chaoinfhir 's a chompáin
Go dtaistealfa an taoiseach go teann tráth
Le seascad ar míle
De bharcaibh 'n-a thimcheall
Chum danair do dhíbirt don tseannáit:



In a fharraid do chífir go lonn lá
Gasra Ghaoidhlach gan antlás
Calmchoin Laoisigh
Is fearra sa choimheascar
Is aicme le fíorghail ón seann-Spáinn."


L. 141


B 1745-50 18L
TÓGAIDH BHUR gCROIDHE.



Tógbhaidh bhur gcroidhe, bídh meadhrach meanmnach
'S ná cuireadh an chaill seo ar bhur n-intinn atuirse
Is gairid díbh súgradh i dtúis an tsamhraidh -
Sin é an faraire láimh libh;
Bímís go spórtmhar ceólmhar glórmhar
Bímís ag ól ar bórd go binn,
Doigh insa phíp ná díogfadh baraille
Fé thuairim sláinte an tí ná habraim,
Is cuma cé hé acht gur grádh lem anam é,
Grádh na naomh is grádh na n-aspol é
Is blás na bhflaitheas dá ghárdadh.



Is duine bheadh breóidhte leóinte leagaithe
Is duine bheadh brúidhte múchta bascaithe
Is duine bheadh bliain i bhfiabhras mharbhthach
Nár ghreann leis gaisce mo rabaire
Biad-sa ag pléireacht taobh lem laoch mear
Cé bhíos nocht daor gan bhréig dá dhruim
Dá gcaillinn-se arís an píop 's an t-anam leis
Ólaimís sláinte an tí ná habraim
Is cuma cé hé acht gur grádh lem anam é
Grádh na naomh is grádh na n-aspol é
Is blás na bhflaitheas dá ghárdadh.


L. 142


Is é bheir me duairc gan suairceas aigne
Clanna na ndeághthach scáinte scaipithe
Eaglais Dé is na naomh fé scamallaibh
Is éigse an tseanchuis lámhlag.
Suidhidh anois leam le fonn go fearamhail
Go ndiúgam an crúsca ar dtúis 'n-a chómhair
Beidh teinte geal cnámh i gclár na Banba
Rí-rá Muimhneach is ringce an ghadraigh
Is éirighe anáirde in áit ná habraim
Pléráca is scléip an tsaoghail 'n-ár n-aice-na
Bíodh go mblaisinn a shláinte.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services