Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pádraig Mac a Liondain: Dánta
Title
Pádraig Mac a Liondain: Dánta
Author(s)
Mac a Liondain, Pádraig,
Compiler/Editor
Mag Uidhir, Seosamh
Composition Date
1733
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1977)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TUIREAMH PHÁDRAIG MHIC A LIONDAIN le Fearghas Mac Bheatha A sheanchríoch Fáil, is gnách gach léan ort, faoina ndéanann tú gach lá d'ár is d'éagóir ar fhlatha gan tlás d'ardtreibh Gaela; dhiúltaigh tú dáibh 's ghráigh tú éiricigh, nár chuibhe go dtrásta dáibh bheith ag ardú céime ná ceannas a fháil in aon áit in Éirinn. Thréig tú go hábhal bláth na réacsa is follas a d'fhás ó Ard-Mhilésius; i ndiaidh gach sáir dá ndearna tú sa réim seo is ar scrios tú go dtrásta de bhláth na Gaeltacht', is deimhin gur tú an fóidín brónach déarach gan mheidhir, gan spórt, gan cheol éigse. Ó ghreamaigh tú don dream is a gclann a thréigean, a bhí i bhflaitheas na críche d'fhíorshliocht Éireamhóin, is Éibhear an áigh a chuir sár ar chéadta, sliocht Íre na ruag ba chuanna i ngéibheann, le heachtrannaigh nua a ruaigeadh as Éirinn feasta níos sia ní bhiaidh siad ag dréim leat. Is mó m'aifirt ar an bhás a sháraigh an Ghaeltreibh, gach féinní gan tlás dár fhás ó Ghael Glas, an sceinnid scáfar, chnámhach, fhéitheach mar thug de láthair uainn, mo chrá go déanach, Pádraig Mac a Liondain, an binnfhlaith béalghrinn, an file gan smúid a bhí cluthar, déarscna, an t-ánra suairc, gan uaill, gan bhéim air, seanchaí iúlmhar, clúiteach, feidhmeach, eolgach, greannmhar, ceansa, céillí, fiúntach, fáilteach, náireach, méiniúil, croí gan chruas mar Ghuaire an t-éigeas, ealaíonta, stuama, gan ghruaim, gan éagóir. Starthóir na mbuanna le cruas gach léighinn 's gan údar dá eolaí i mBeorla ná i nGaeilge i Laidin i gcló, i bprós nó i véarsa ag Virgil, ag Hóiméar nó ag Oivid céimghlan nó i startha na Róimhe ar chrógacht tréanfhear nach scrúdaíodh an t-óg faoi sheol go réimiúil. Mac Manair le stuaim 's le fuaim na dtéad é agus Orphéus a thug bua sa tsuáilce chéanna;
níorbh aithne dom beo san Eoraip a leithéide le binneas a bheoil 's a mheoir in éineacht, an chrithir ghlan uasal shuaimhneach, thréitheach, acmhainneach, bhuach, shuáilceach, spéiriúil. Ciste na ndrua, na sua, na héigse, ag freachnú gach duain gach uair le feidhm dóibh; creach aos ceoil na gcóigí go léir tú, creach na huaisle is nuachreach maighdean fear coiscthe gach dua gach uair díom féin é is de gach aon le maitheas a chleachtann an fhéile. Tá siad uile lán buartha faoi ghruaim faoin éarlamh, tá saoithe an Fheadha dá easpa faoi léanchás, gan dúil acu i meadhair nó i ngreadhan ar aon chor, gan dúil acu i ngreann, gach am faoi bhuaireamh, gan dúil acu i spórt nó i gceol dá shéimhe, ag sileadh na ndeor faoi bhrón i do dhiaidhse, ag greadadh a mbos is gan tost ar aon díobh faoi do luíse in úir, a úrfhlaith mhéarghil, i gcarcair chrua chúng is go Luan nach n-éiríonn tú. Níorbh ionadh dóibh, mo dhóigh, bheith tréithlag, an gasra glan, beoga, cróga, céadfaíoch an marcshlua suaithnidh, buach, léidmheach, is nár scar tusa leo ó tógadh i gcéim tú, mar gheall ar ór, ar stór nó ar shaibhreas nó i ngeall ar bhríb, ar mhaoin nó ar éadáil, nó gur choscair is gur chloígh, mo dhíthse, an t-éag tú. Tá trí thriar d'fhialmhná na héigse ó Ard-Pharnassus d'aistear na Gréige ar fuaidreamh baoise 's ar saobh faoin scéal seo, ag tarraingt a ndlaoithe 's i maidhm dá réabadh ag screadach de shíor, gan díosc ó dhéara, faoi imní bróin mar torchradh an té sin ba chuisle cheoil dóibh gan dlóimh, gan éagóir. Ní áirmhim sí-mhná na críche bheith ag géarchaoi ar mearadh le gaoth gan scíth den taobh seo faoin Chreagán a bhíonn siad gach oíche ag éagaoin faoina gcara cliabhclí bheith sínte i gcré uath'. Is measa liom do luí faoin liag ná an méid seo a chluinim de ghártha gach aird i gcríoch Fheidhlim ag fir is ag mná is nach áil leo éisteacht le cuideachta ar clár nó dán á léamh dóibh; is gur mhilse leo ná ceol na dtéadchruit foghar a bheoil le nua gach véarsa is le siansa ar uain gach cruacheist á réiteach.
Tá na pláinéid ó lá a bháis is na héascaí i ndeabhaidh le gráin gan sábháil á dtréadghoin; tá Mars agus Satarn ag spairn le chéile, is Mercury gan spás gan áineas i ngéarbhroid, is Jupiter na ruag ar fuagra ag éaló is Venus na mbánchíoch ag scáineadh na spéartha is an chuid eile díobh is a ngnaoi mar réalta, osadh nó síth, is é a shílim nach ndéan siad: tá Aeolus ó claíodh feart don saoi seo go séitreach, tá Neptune i bhfíoch, gan ísliú, gan laghdú, is nach fiosach cé díobh a shraonfar sa tréanchath, anfa gaoithe is dílte ag méadú. A Phádraig, monuar tú bheith ag fuaradh i gcré uainn, creapailte in uaigh is gan fuascailt ag aon duit, gan aiteas, gan suairceas ar thuama Mhic Éanraí gan taithí na huaisle le lúcháir á fhéachaint, an lóchrann gan smúid a chnuasaíodh téamaí, d'ibh a dhóthain de stór an Naonúir, thabhaigh dó eolas gan cheo gan éiclips. Ós follas, a chairde, nach bhfaightear ón éag feast' aisíoc, mo chrá, ann go lá an tsléibhe, Scaraidh gan spás de bhur ngártha géarghoil, is cuiridh beannacht faoi dhó mar lón á réiteach agus beannacht na nocht is na mbocht mar aon leis, is beannacht faoi dhó mar stór uaim féin leis, beannacht faoi sheol na n-ord is tréine, beannacht na n-easpag le treise na cléire uainne go Flaitheas lena anam gan daoirse. AN tANNÁLACH. Seacht gcéad déag an ré a dheachtaím daoibh, is triocha ina dhiaidh an réim go beacht is trí, ó theacht Mhic Dé dár saoradh go ceart is trí mhí, go Pádraig a dhul a dh'éag, mo léan, san feart faoi liag. Faoin liag go fann tá an t-ánra gléigeal ina luí, an drua is an seanchaí greannmhar, céillí, caomh, fear suairc gan mheang, gach am ar bhéas na ndraoithe, is i ndlúimh gan ghreann tá seansliocht Néill dá dhíth.
Is díth liom an fhíniúin ard gan uaill, bheith sínte faoin liag seo i gcreapall go crua; is díth liom na tíortha gach tráth faoi ghruaim, is is trí dhíth liom nach n-éiríonn go Lá an Luain. Níorbh ionadh an t-óg bheith tógtha tréitheach i slí an cheoil is i bhfeabhas gach Béarla dá raibh i bhfilíocht le fáil, más gnách gur béasa go leanann cáil a mháthara aoinneach. Bhí ag an fhear suairc seo a chuaigh i gcré uainn oide glan stuama, cuanna, céillí a chleachtadh gach uair duain a mhéadú is nár fríoth de chách in aon áit den réigiún, seanchaí ab fhearr ar gach athrach céime, is gach aistear dá ndearna go dtrásta an Gaelstoc ón Scythia don Spáinn is go Banba ina dhiaidh sin, fós ar gach sár dá ndearna Turgésius is le Maoileachlainn mar básaíodh an t-anfhlaith céanna, Donnchadh ó Chluain Tairbh ag tiontú go créachtach, is an mheabhail ab áil le Rí Ard-Osraí a dhéanamh, Diarmaid a chuaigh ar barr toinne ar bhá an dara hÉanraí, gur thug Strongbow is a pháirtí a dh'áitiú na hÉireann. Bhí seo gan dearmad de réir scansáil Séathrúin, agus fós a lán eile de ghnáth ina céadfa ag Siobhán Nic Ardail, an tsáriníon bhéasach, Dhonnchaidh mhic Phádraig a thug grá don fhéile, mhic Thoirealaigh fear dána chun naimhde a thréadghoin, fear fuascailte cána agus sábháil lucht géibhinn, fear suáilceach gach tráth a bhí lán den éifeacht; ach ó shníomh leis an bhás ar tháinig den Éabhachlann, an Rí go ndéana grása ar Phádraig is ar an déa-bhean.
CUMHA EOGHAIN RUA UÍ NÉILL. Níl stáidbhean shéimh de Ghaela beo, monuar, gan rás na ndéar ag céimniú ród ina ngrua; de bhláth gach déise is féir an snó dochuaigh, is gan ál ar chéis ón éag sin Eoghain Rua. Gach plá, gach léan d'fhág tréithlag breoite i nguais síol Abraim fhéil faoi Shéasar mór na slua; is é d'fhás ar Ghaela d'éis na ngleo, iar mbua, mar bharr gan fréamh ón éag sin Eoghain Rua. Adbath na héisc trí mhéid an reo, trí fhuacht; ar snámh ní léimeann éigne ar bheochuil suas: is fáslag éirí éin, is ní labhraíonn cuach i dtráth a dhéanta, ón éag sin Eoghain Rua. Gan ádh, gan séan, sliocht Féiniuis mhóir na ndrua, sliocht Mhaine 's Néill in éagruth cló is trua; is mar chlár gan aon tí déanta ó mheora sua - tharla in Éirinn ón éag sin Eoghain Rua. Lámh na n-éachtaí, an béad ba mhó sa slua, Artabon Gaeil i mbéarna ba chomhla chrua: an Dáibhí féin nach léigfeadh an Góliath uaidh, ár sár-dhíon scéithe, b'é sin Eoghan Rua. I bpáirt dá dtéadh le haonchríoch in Eoraip, ár-nuar, ach Banba féin, an mheirdreach bheodhubh an truaill, an báire réabfadh tríd an tsochraid suas, ach sár ar Ghaela, sé thug fód Eoghain Rua. Gan ábhar $Phoenix éigin beo sa luaith, gan ál dá éis nó aon a d'fhóirfeadh ár nguais; gan fál faoi Éirinn, ach faolchoin ag stróiceadh ár n-uan, ó dáileadh cré, mo léan, le hEoghan Rua.
A RÍ LÉR FUASCLAÍODH. A Rí lér fuasclaíodh as geimheal guaise do phobal uasal ón Éigipt, is a choinnigh in uachtar na tonnta suas ag freastal uaire na réchlann: is arís lér buaileadh na tonna anuas ag díbirt uabhar na n-éiriceach, cuir Maoise an uair seo nó dídean uaitse gan scíste a shuaimhniú na hÉireann. Ach anois ó d'athraigh an rí is a ghardaí is gur imigh an $Pharoah a bhí ag Iósaf, lér tugadh fáilte do mhacaibh Jacob in inis áitribh Góshen, tá ceasnaí ag fás uile ar mhacra Fáltoinne, ar eaglais Phápa na Róimhe, ach d'eagla a mbáite níor dheas dá naimhde dul thar sáile á bhfógairt. An triath ba ghairdeach ag riarú cách á mbiathú i bhfásaigh an ló sin, i nglia ba gháifeach an sciath le tarrtháil é d'iarsma Ráchael faoi Jóshua; ach riamh ó tá sé ina Dhia róghrásúil is go mbiaidh go broinn an bhrátha i gcónaí, go bhfiacha an tráth seo ar an iath seo Fáil, ós á bpianadh atá siad i mbeobhroid. I gcath na Mídian mar teascadh daoine faoi imeall críche a raibh Balaam, ní bhfuarthas ach míle de mhacaibh Íosrael as gach aon treibh i ngábh; is is follas daoibhse go bhfaightear scríofa gur lomadh an tír leo an lá sin, is go dtoilíonn an Tríonóid don Eaglais Chríostaí lasadh i dtíortha a namhad. Ós é ceann ár gcléire faoi thíortha Éireann Aodh de fhréamh Cholla dhá Chríoch, oide léinn na scoileanna is na dtéacsanna atá anois i gcéim an Naoimh Pádraig:
ach go maire sé feasta i dteist mar Élias a chuaigh faoi néalta gan bhású, nó mar Eliséus a d'fhan ina dhiaidh ann ar aiste éarlaimh na ngrásta. Is iomaí géag threabhar shochma dhéadghlan atá faoina réimsean go hArd Mhach' de thogha cléire de chlanna Néill dar dhual ceannas Éireann na n-ardfhlath: is díobh Conn is Feidhlim sona, séanmhara, tonnta féile gan dásacht, gan fhonn, más éigean, ach le sampla a dhéanamh, trí lonn, má ghéilleann siad don Pharlaimint. Ós é is deireadh dúlachta ceathanna dlúthmheara a chur dá ngnúis gheal do néalta, is loinnir úrghlan teacht in aonstaid ó leabharchúrsa na gréine, is fogas faothú d'aicíd mhúscailte, d'osna scrúdtha shliocht Féiniuis, go spriocthar fúthu - lucht teasctha na glúine sin - mar leagadh an túta Turgésius. Mar d'fhortaigh Judith ar chlanna Reuben is gach planda a shiúil leo in aonstaid, lér bascadh an lúiste, lér creachadh an dúiche sin nár chreid don Dúileamh ach do dhéithe, is é is barúil domhsa, gan chead do Liútar, go leagfaidh glúin orthu an Mhaighdean, is í is treise i gcúirteanna ná seisear giúistís le misneach a dhúiseacht do Ghaela. Cuid de bhuanna shliocht Eochaidh uasail, stoc ab uachtaraí de Ghaela, an flaith seo a luaim chun seasamh suas dóibh gan teas nó fuacht, ach in aonstaid; is ceist ar thuataigh: cé acu is treise uaidhsean, gan leisce na hualaí den léann go deismir snuaghlan ar aistí uaigneacha, nó freastal dualgas na féile? Anois ní náir liom do Theampall Ard Mhacha Aodh á shásamh mar chéile, Mar fuair ón Phápa go huair na ngrást
a stiúradh i gcáil mhaith is i gcéadfa: den uaisle a d'fhás ann, gan truailliú dóibhsean, anuas ón ardfhlaith Art Aonfhear, gura buan an t-ádh leis ag buaileadh báire go huair a bháis in am éaga. Tá a sá de thriath anois de phrionsa diaga, san Aodh seo a chiallaíonn gach léann, is de shíor gur mhian dó bheith ag díbirt íol mar Mhaoise ag triall as an Éigipt; sciathdhídean cléire é, má ghránn siad a riail de réir mar iarrann an téacs é, is dá bhfaighinn sin ó Dhia, mo mhian sna siansa, scríobhfainn cianstair ar a éifeacht.
DÁN BHRIAIN UÍ CHEALLAIGH. Is é Brian Ó Ceallaigh an tréanfhear, cathach, bleachtmhar, Gaelach, ar dteacht isteach as éiclips na ré anois go nua, le lasfar ceart do Ghaela, gan stad an fad is léar dó, ach ag gearradh, creachadh, tréaghdadh is ag téarnú na slua. Is fearúil, tapaidh, tréitheach an mac seo ar each ag léimneach, ar gcasadh isteach don réacs, an treas Séamas le bua; gach neach nach nglacann géilleadh, beidh dalta dleacht an tsléibhe le cleasa brasa na mbéimeanna á gcréachtadh go luath. Níl rí nó ruire réimfhras faoi chríocha maotha Hespéria, nó ar shín de ghaol Mhilésiuis go hÉirinn thar cuan nár smaoin an curadh Gaelach do ghaol Uí Cheallaigh éigleabhair bheith faoina bhrataigh in éide in am éignithe na ruag. Tá tríocha caogad maighdean dar shíol ó ríora Laighneach faoin chríoch seo Uladh céad eile in éagruth, gan uain dar mhian gach flaith a thréigean, más triath nó barún béasach, ar Bhrian Ó Ceallaigh céimchliste tréantapaidh suairc. Ba chian in Inis Banba na triatha d'fhuil na Teamhrach gan iath, gan mhúr, gan teampall gan arm ach faoi léan;
beidh Brian go tapaidh, meanmnach, go dian ag teacht na bhFrancach ag riar an iomad fannlag is ag marú na gcéadt'. Is mian le scoth na bantrachta bheith ag fiachaint ar a champa is ar niamhacht na bhfear allúrach ag feargadh na stéad; is céillí, gaisciúil, ceansúil an fial a thaisceadh ansacht do thiarnaí cearta Hibernia faoin am seo idir Gaeil. Gura buan is beo mo chuallaí atá críonna, cróga, suaithnidh a mbíonn lí na rósanna ina grua, in am ruaigthe na lann; beidh ríora Fódhla in uachtar is cíos dá fhógra ar Nuaghaill ag síol na leon uaibhreach is fuil chrua Mhílidh theann. Beidh fíon go leor as nuachoirn á ól ag pór na n-uasal, faoin laoch is uile tuairisc, fear buailte na nGall; ach guímse buime an Uain ghil a dhídean beart mo ghruagaigh á shaoradh ar gach guais in am ghluaiseacht na n-arm. Cá hionadh sreabh na crógachta den ríora sultmhar, nósmhar de shíol Uí Cheallaigh na n-órfhlaith, na n-óg-ghraí is na sciath, bheith in aon ar lasadh dósan de mhian ar Ghaill a fhógairt gan scíste as arm Chobhthaigh, cnó cnuais caomh na Niall? Níl maoth nó sean san fhód seo faoi chríocha breátha na Bóinne ón Díseart thart go Longphort is go mórdhúiche Uí Bhriain
nárbh ionadh an seal seo leofa gur frítheadh in Inis Fódhla mo laoch ar oideas comhraic is clólíofa i ngliadh.
MOLADH SHÉAMAIS MHIC CUARTA le Pádraig Mac a Liondain. A leannáin fíre na sua, ansacht gach ríoghan dreachshnua; a fhoclóir fhírcheart ár bhfoinn le dúiscthear dílseacht gach léighinn. Ort níor cheil, más dual a rá, dhá mhac Allóid a dtromghrá, go bhfuair tú eolas in am tarta, go sreabha sí na hintleachta. Léigheann súl, cé nach lér daoibh, a ghnúis chéillí gan anaoibh, dar liom ní tearc faoi do choim gach téama is daoire don fhoghlaim. Ó na trí triar sin tobair niamhghlain Chastália d'ibh an file grianach, an deoch a riar tart ar ball a ghaibh; is gach tuile a thriallann ón tiobraid chéanna uaidh ag fás mar mhil, ag friothamh siansa na heagna diamhaire ón mbánsruth thoir.
MOLADH PHÁDRAIG MHIC A LIONDAIN le Séamas Mac Cuarta A leannáin grá na dtrí dtriúr de mhaighrí áille gan ainiúl, ach mac an Daghda is tusa thoir ní bhfuair clann Ádhaimh dá dtiobraid. Ar dhraíocht Thuatha Dé Danann draoi fuair mac an Daghda dá gcathraigh, is ar mhilseacht do mhéar barrghlan binn cheangail siad bá do chumainn. Canúin do bhéil dhorcha ghrinn ar lorg Thoirealaigh an tseanfhoinn, do thabhaigh duit tiobraid na dtrí sruth is an naonúr Miúsa á n-ainmniú. Más ar chaitheamh dísle na heagna is mian libh chun báis mo chur faoin tiobraid shí dá bhfuil sibh líonta is gan trá ina bhun, is gach tuile díobh ar an aiste chéanna ag fás gan scor - nó an mise a d'íocfadh an mhil a scaoiltear trí bharr bhur gcrobh?
FREAGRA PHEADAIR UÍ DHOIRNÍN AR AN DÁ DHÁN RÉAMHRÁITE. Más libh amháin is le mic Daghda blaiseadh tiobraid na niamh n-áille A Dhia, cá bhfuair siad faoi seach saoithe Rómhánda a n-intleacht? Ní Inis Fáil dá macaibh dil srutha tonnmhara saorghlan na heagna anallód á rá linn aonbhrú eolais an domhain? Nó iatha iomaí an bheatha bhuain is gach tír iontu gan athuain ag cothú éigse, filí is fáithe i dtuilte tréana tromdháimhe. Nach buile an chiall seo a mheas gur diamhair daoibh féin a chin sruth na niamh nua go huile a fhiachaint is é de ghréas á shilt? Ó thiobraid dhiaga ghlan na Tríonóide is léir go dtig na tuilte grianghlana úd a ruithnigh fialmhaicne Éabha ó shin.
AN tATHAIR FEIDHLIM Ó hANLUAIN. Tabhair a lao loinn lachta, uaim trí dhíograis ansachta, nós mná gan scáth, coicéad grinn don éarlamh uasal fhoirtil. Fear dar dhual ceannas i gceart, bile den phailm i luibhghort, abhall fár fhás ar gach rinn gláth na heagna 'na intinn. Ainm dó "Foras Feasa", deismireacht sua n-ainbheasa; scáthán grianloinnreach sráide, ar dhealbhdhreach 's ar chaoinráite. Ag Helicon na sreabh mín níor dhiúl mná na bhfionnbhos caoin dalta ba dhleachta dó ' gceart ar mhéid grásta le hintleacht. An té dá labhraím anois tearc 'na chonchlann san inis; mar é ar léigheann na gcló dar leat gurab é Cicero. Sagart sona séimhghlan suairc a leanann riail Mhelchizedech, fearr scrúdthach 'mhíníonn an cháin go dúr ag díbirt Sátain. Seanmóirí sampla na bhfios - ar a mhéin samhlaím Scotus - an tAthair Feidhlim fort fon gcill dochtúir d'órd an Teampaill. Cé hard an t-iarsma ór fhás ní náir go nua nó de sheanghnás d'fhuil uaibhreach Cholla na gcreach ar dteacht don fhial ó Mhuireadhach.
Dá n-áireamh ní bheidh feasta a ghaol le ríora Cruachna, gur lia ná meora ar gach ball fuil rí ón Bhóinn ina thimpeall. A Athair Feidhlim na ndreach donn, is a dhreach ar lí na nglastonn, dod thaobh ach mar labhair mé ceart gabh ag m'anbhainne in intleacht. Milis liom labhra do bheoil Milse ná mil do sheanmóir; milseacht $ambrosia faoi seach milseacht do théacsann díreach. Do do thréad i mbaoghal báis, teagasc, mo churaidh, i gcompáis, a léitheoir léighinn - an luan d'fhuil éachtach fhial Uí Anluain.
TOIREALACH Ó CEARÚLLÁIN. Mo chreach is mo léan ó fhearta Dé nár theagaimh mé im dhealbhchruit, ní mar gheall ar shéada ach mar gheall ar mhéara dhaltán éigse Banba; nó go nglacfadh sé mé ina ucht go séimh ar aiste an Ghaeil ghlain Cearúll, is thiocfainn féin dá fhios i gcéin mar rinne an rébhean Farbhlaidh. Is maith mo ghléas mar theagmhódh mé - beidh teist mo scéil á dhearbhú, ghlacfadh spéis díom gach flaith de Ghaela gan leisce in Éirinn armghlan; níl gealt dá éadroime a chluinfidh m-éachtaí nach mbeidh seal dá éis go ceansa, le binneas tréithe mo dhaltáin shéimhse, ach mur ibh mé féin deoch dhearmaid. Níl dún nó réchnoc ón bhrú sin Mheadhbha go fuineadh gréine ar farraige nach dtabharfadh éisteacht gan leisce in éineacht do m'fhoireann téada á ndearbhú; beidh guth na maighdean gan scor dá dtéamaí le sruth de véarsaí meanma, faoi ucht an rémhic seo ag cur na ngléasanna agus mise ag éag dá n-ansacht. Beidh mil is céir is toradh déise ag teacht dá éis go dearfa, agus ceathanna éisc ar gach eas in Éirinn agus neadacha ag éanlaith in arbhar; cluinfear béicfeach na mara méithe le tonnta tréana in Albain, ach d'easpa an éaga ní ghnóthaíonn cléir aon tilleann déirce ar mhairbh. Ach mura dteagmhóidh an scéal seo nó tallann éigín ó mo shearc i gcéin do mo chealgadh déanfaidh mé éachtaí agus cluinfear faoi Éirinn loscadh, léan agus marbhadh;
cluinfear géimneach na gcreach dá ndéanamh is beidh sruthanna is sléibhte ar ndeargadh ó fhuil na dtréan mura bhfaighidh mé dom féin mo cháfaidh déadghlan dealbhach. Ach tá dís a bheidh ag caoi go déarach is dáiríre beidh siad go dearfa, mar screadann éin faoina neadacha ar ghéag is a gcreach á dhéanamh is a n-argain; beidh an fear ó Laighin is an bhean ón Éirne ag cailleadh a gcéille is ag armáil, ach is é preab an scéilse go maróidh siad iad féin gan osadh a chéile dá n-arma.
Agus cá hairm laoich agus gaisce a bheidh ansin ach urchar de chláirseach Thoirealaigh Uí Chearúlláin a bhéarfaidh an ceannaí Laighneach leis an bhean aníos ón Éirne go mbrisfidh a croí ina cliabh de ghoimh an urchair sin, cé go dtabharfaidh sise éirí tobann athlamh as an támhnéal báis sin uirthi; agus teagmhóidh leathchlár táiplise ina lláimh dheas aice go dtabharfaidh rogha an urchair i gceartlár an éadain airsean de, go gcuirfidh mar oiread ceann tairbh de gach caob adhuafar dá inchinn trí shinistrí a chluas agus a cheannmhullaigh amach go dtitfidh siad araon bonn le bonn mar sin? Ach cibé a thairgfidh dul chun tórraimh ní díobháil scéil atá orthu: ach cibé a rachaidh nó nach dtéann ní dóigh liom go rachaidh Toirealach nó Bríd, ach sílim go bhfanfaidh siad i ngleann an uaignis ag buan úll agus ag cur plandaí.
BRIAN Ó CUAGÁIN le Pádraig Mac a Liondain. A cheap choscartha bodaigh lér feargaíodh an nádúr daonna agus an fíorDhia feidhmeach, fiosach, fíoreolach in aimsir do ghiniúna ar mhodh gur thug stiúir don phláinéad is urchóidí de néalta na bhflaitheas .i. Satarn in aimsir do thuismithe mar is léir lánsolais i do cháilíocht éigeansa, nach bréagach a deir tú gurb iad Fionnghaill agus Nuaghaill postaí cumhdaithe na críche de shíor agus uaithní cothaithe na héigse? Ura, is náire sin le rá agus startha cianaosta na ndrua nádúrtha agus na n-údar eachtrannach féin á insint dúinn go forleathan gurb iad fíorGhaeil Éireann féin dream is mó a thug ór agus airgead, forb agus fearann, buar agus bleacht, go n-iomad eachra agus iolmhaoine d'éigse agus d'ollúna dá raibh sa domhan uile de réir a n-acmhainne nó gur dhíbir agus gur dhíchuir Fionnghaill agus Nuaghaill dá dtír agus dá móinéir iad. Ní eile, mar atá, fearann boird na Teamhrach a mhaíonn tusa ar scológa na hAnaí dá bhfaigheann siad plúr agus feoil mhaith agus clár na Mí uile atá le hatha ar n-áitiú le hiarmhar Lochlannach a shíolraigh ó Áth Cliath agus ón Bheirbhe Lochlannach, cé tá uatha ó ghabh de Ghaela ina measc, is follas gurbh fhearann agus dúiche dhlisteanach d'fhíorGhaela an talamh céanna sin timpeall trí chéad déag bliain sular tháinig Críost i gcolainn dhaonna. Dá réir sin is dearbh gurbh fhearann gnáthchónaí d'aicme Ghael críoch Mhí corradh mór agus trí mhíle bliain ó thús go deireadh nó gur tháinig feachta coigríocha maille le claonbhearta rí Laighean dá háitiú. Agus cé mór a deir tusa ris an taobh thuaidh, ní dóigh liom go dtig leat a rá gur tháinig tuarascáil an mhíghníomha sin a rinne Rí Laighean ón tír thuaidh riamh. Níorbh fhearr an gníomh a rinne rí eile de Laighin darbh ainm Maoileachlainn .i. cliamhain Bhriain Bóraimhe an tan a thionól Lochlannaigh na hÉireann agus danair na Beirbhe go Maigh Nealta gur fearadh Cath Chluain Tairbh eatarthu leith ar leith áit ar thit rí agus rídhamhna Éireann sa láthair sin ach amháin fir Uladh nár iarr a gcúnamh leis. Bíodh a fhianaise ar Eachdhroim gurbh fhearr d'fhir Éireann gurbh fhear den taobh thuaidh a bheadh in áit an Laighnigh .i. an Luitrealach a bhí os a gcionn. Dá dtugtaí dúinne an aird thoir leis an aird thíos, agus an
aird thiar leis an aird thuas a bheith agaibhse, ní mór dá bharr a thabharfaimis daoibh de bhrí gurbh ar bhur leathsa a tháinig doirteadh díleann agus bá an chine dhaonna agus gurbh ar ár leathsa atá Gairdín Éidín agus parthas talmhaí agus gur thoir is cóir don Chríostaí a aghaidh a bheith an gcéin a bhíonn air urnaí; gur thoir fós a éiríonn éascaí .i. grian agus gealach agus gurbh i leith chlé an duine atá an croí .i. séata an anma, ball is uaisle den chorp daonna. Ní eile mar atá cloch uasal na maighnéise dar nádúr an t-iarann cothroime a tharraingt uirthi de réir cáilíochta snáthaide gach compáis ar muir agus ar tír tar éis maíomh ar gach rinn de rinneanna an domhain gurbh ar an aird ó thuaidh a chónaíonn sé de ghréas. Fós ní beag an chuid d'ainbhios na faidhbe tuathphiastaí tuamánta ó abhainn na hAnaí mar deir gur mhallachtaigh an Naomh Pádraig fir Uladh cé gurbh fhollas do chách gurbh againne is mó a rinne fearta agus miorúiltí den ríocht uile. Bíodh an fhianaise sin ar Ard Mhacha, ar Loch Dearg agus ar Dhún dá Leathghlas i gcontae an Dúin, áit ar cloíodh fearta an Naoimh Pádraig maille le Bríd agus Colm Cille atá adhlaicthe maraon le Pádraig i nDún. Fós mar dhiúltaigh Cúige Laighean agus an taobh deas archeana cuidiú le hEoghan Rua Ó Néill creideamh Chríost a chothú in aghaidh Oilibhéar Cromail agus an Stáit, ní dár tháinig plá, gorta agus léirscrios dár dtír trí mhallacht Nuinteas an Phápa. Ní beag an chuid dá aineolas fós mar deir nár mheabhraigh Séamas Mac Cuarta Paidir nó Cré ó gineadh i mbroinn a mháthar é, cé gur fiosach do gach aon darbh eolach é nach bhfuil le fáil troisceach nó urnaíoch níos fearr ná é. Anois ós follas bréagach i ngach uile ghné aiste tú, a thruaill dhona dhobharnach, molaim duit éalú i ngleannta diamhra do-eolais in áit nabh bhfaightear fios go brách cé an breallán bodaigh tú. Bathlach manránach, salach séideánach, carrach caolsrónach, cabach craosfhiaclach, giobach garbhthollach, mongach mísciamhach, briste bronnsalach, bealaithe bréandéadach, cladaí ceannsmugach, curcach cúrbhéalach, an gealtán éidreorach, frithir fuasaoideach, faiteach fiarnósach, caslom cnádánach, beadaí burdúnach, brollaí bréanladhrach, tuirseach tuath-theangach, liosta loth-threainneach, an gadaí colgánach, dona dearmadach, tútach trasnach, stadach díobhálach. Níor ghnách an truailleánach riamh guasachtach ach de shíor ag bóinteoireacht i measc na gcrónchailleach, an toice éagruthach falcach fiaránach.
De dharta na ndrua buailfidh mé an daoi chun báis, a bheachtspreag an suairc Mac Cuarta fear dírithe dán le freachnaítear duain in uaim shnasta ar ghnaoi na ndámh, ní ionann is an torc gruama ón chruaphis atá líonta den láib. Is deabhaidh le slua an t-uatha d'fhear Mínervá don scraiste ón tír thuas ag fuagra ina laoi le spairn, ar fhearaibh an taoibh thuaidh dar dhualgas an draoi gan tlás do cheartroinn an drua go bhfuair an leath clí thar chách. An sinsear, ó b'é Éibhear Mac Mhílidh an áigh bhí intleacht na dtéad méargheal dá thaobh is níor náir', an roinn sin níor thréith i mbéasa á fíorú de ghnáth go prionsaí na nGael á léirscrios dá dtír, mo chrá. Tá ápa bocht bréan bréagach is a dhreach ar lí an ghuail mar chat ar bheann sléibhe, i mbéal mara, i gcreag nó in uaimh, ar dteacht ón Chimaera thréanláidir Perseus a thug bua, ag athscaipeadh spréacha géarnimhe in aistí gan chruas. Is tanaí toll tréith an fheithid is neamhcheart a ní duain, is cairtbhuí is is méith a bhréanchneas atá ar bholadh an fhuail; is cuisleannach gné a éadain ró-sméartha is a ghrua, is mura samhail dó an t-éag ní fhéadaimse barúil dó a lua.
Tá scadmhuineál caol féithramhar casta go cluais is lasair ina bhléin ag séideadh iar n-at ón ghaoth rua, a dhearca mar sméara ar aonslogadh isteach ann faoi stuaic, is is fada dó i bpéin ó ghéarghoin na ndart ón taobh thuaidh.
BRIAN Ó CUAGÁIN le Ránall Dall Mac Dónaill A Bhriain† bhoicht †Uí Chuagáin cluinim do theist is do thuarascáil sa tír, cé leor d'fhuath agus d'fhorghráin lena chlos é ar son nach é géire nó achmhainne d'aoire nó d'ealaíne a chuirfeadh buaireamh orainn ach d'eagla go mbeadh do leithéid dheascadh fine nó de bhall ar sliocht ag saobhleanúint na healaíne, cuirfimid an beagán saothairse a thoirmeasc d'ainbheasa agus d'aineolais. Agus mura leor leat seo tá ciste doiligh do-chaite i seomra na healaíona againne agus ag filí faobhracha focalghéara an Chúige choitinn choirnéalaigh agus Chlár Éireann uile nó go ndéanaimid gealt glinne agus deamhan an aeir díot, an ball as ar tháinig tú ó thús. Óir, ní eolach dúinn do shliocht, agus is barúil linn gur chuir tú do lámh i gcoimirce na mbeach fiáin agus i nead na nathrach nimhe an tan a bhain tú dínn.
A shíogaí den ghríobh altain chruabhuí lom nár fríothadh cén daoraicme ór ghluais do dhream a ghríosaigh ár ndraoithe ba nuaghlan arm do do stríocadh le faobhar go fuafar linn. Níl a fhios is ní bhfuighfear go luan an bhráth' ag saorollamh líofa do mhórchlann Ádhaimh cé díobh ar shíolraigh anuas an phlá mura de iarsma an tslua sí é ó thuathchnoc Áin' Nó de chríonach na fíobhaí de Thuatha Dé Danann a chuir saoraicme Mhílidh go luath chun báis, a chríonarc chasta, chnaoite gan snua gan bhláth cá bhfuightheasa, a shíogaí, bheith an uair seo i do bhard? Ó nach bhfaightear san Ádhamhchlann cár díobh an dream is dearbh gurb ó Shátan a shíolraigh an chlann nó ó Phluto atá an tráth seo in Ifreann na ngeall a ghabhlaigh an phlá bhocht seo a bhuair mo cheann.
A thruáin is truaillí is is gránna gnaoi do mhúscail mé an uair seo i do dháil le fíoch, le fuaim shnasta bhuan bhlasta bharr mo theanga scuabfaidh mé an ghruaig is na fabhraí díot. A thruaghealtáin ór theastaigh gach múineadh ceart nó an meas duit go ligfinn mo chúrsaí leat Bím gan uilleanna ag buillí á mbuaileadh seal is mé an file d'fhuil Cholla dar dhual an ceap. Is tusa an seanchú den aicme úd gan dúil i spórt a bhíodh sealad go taithíoch faoi ghlúin na brón, ag siúd barúil don fhaisean ba dhúcha don phór ag ithe alpán is gan altú le Críost go deo. A bhíofa dheamhnaí is dealbh don daol do shnó, a shíogaí scallta atá feannta ó fhéith is ó fheoil, a chríonairc cholgaigh chealgaigh is éirlithe cló, a bhrídeach sampail bearrfaidh mé thú beo.
Anois ó d'adhlacamar an dúil dhiabhlaí dhodhealfa, an deascadh fine agus an ball ar sliocht lér feargaíodh an nádúr daonna in aimsir do ghiniúna agus gur thugamar a bhás agus a bheagshaol go nuige seo, is mithid dúinn a mharbhna a chríochnú ar aiste na bhfilí amhail a thuill uainn.
Murar éag éifeacht ár ndraoithe is ár saoraicme i gcéin ar díbirt is ár ngéarollúna gléghartha líofa is ár n-éigse le ndéantaí mo aortha, ní féidir go mbeadh éigeas bocht brídeach, gan léann, gan éifeacht, gan chríonnacht, an daorarcán péisteach na gríbe nach féidir le haoinneach sa chríoch seo, dar fhéach startha léinn na saoithe, a bhéarfadh scéala cé hé an aicme ór shíolraigh, ach murar fréamhadh mar aon chopóg aoiligh, nó an réadsa a ní bréanfhás na hoíche; is dá réir seo tá a fhréamhacha is a dhaoine, an fheithid bhocht éagruthach, síofraíoch, an céarnabhán céarchasta daorfhliuch,
de réir measa is baol do na daoine, is do na héin le féachaint an tsíolaigh, do mo bhriathar gurb ionadh nach scaollann, is a chlaonroisc ar aonslogadh míle, ina chaolchloigeann chéasta gan aon fholt, ach sé ribe déag ós cionn maoile arna dhaorfholcadh i mbréansúiche míosa, a éadan ar aondath na ndaola lán féirseog mar éilín ar fíobhaí agus céad chnag dá éis ag teacht tríothu, a mhalaí gorma ramhra righindubha ós ceann smuit is olc a suíodh, a leaca gan fheoil is a bheol ba faobhrach, ós cionn boird níor chóir a bheith an síofra ach ag ithe de shop mar chleacht a dhaoine i measc na muc mar arcán aoiligh, gach ball de faoi locht ó shoc go hingne de, an míolchú gortach, lochtach, cíocrach, an $Basilisk diabhlaí, fiata, fíochmhar, an $crocodile suaithnidh, suarach, síorshiúl an tód gan suim, gan ghreann, gan aoibheacht, samhail le cat ar creag san oíche é, nimh gan neart is a mhaith gan bhuaine, eascaine Dé is gach aon sa saol ort, eascaine n-ógh, na n-ord is na n-aingeal ort, eascaine na gclog, na gceall is na saoithe ort, eascaine ón chléir is gach téampall naofa ort, scrios is plá is deargár daoine ort, go n-imí do rath mar cháith le gaotha, is doiligh dó níor ordaíodh daoibh é, go dtite go luath do ghruaig is d'ingne, go mbeire an ghaoth rua is na sluaite sí tusa leo uainn faoi bhruach i ndíthreabh. Ní dáil choscartha bascadh síolaigh atá gan bruth, gan smior, gan smaois ann, gan dúil a theacht as le haitheasc aoire; an mithid leat stad nó an bhfuil tú cloíte?
FEACHT n-AON DÁ RAIBH MÉ. Feacht n-aon dá raibh mé in uaigneas i mbruín uasal fhásach, níor chodail mé, is mé im aonar, go meadhon oíche an tráth sin. Leigis Gruagach na bruíne os beanna sí na learga gach srann uafar á séideadh mar fhuaim réimthoinne farraige. Taibríodh domhsa trí uafás cnoic is cuasáin gach sléibhe do thoisc Shéamais Mhaigh Neanta siar go seanlios ráth Mheadhbha. Ní heagla daoibhse a bheadh i gceasnaí cloíte ag an mhacra shí ina gcampa, is go bhfuil sa tír seo gan a fhios do dhaoine, an dara Séamas Mhaigh Neanta. Níl cleas dar críochnaíodh le daltán Aoife ná fós ag Naoise uaidh ar dearmad ach i ngleic an phíce gur threise shíolaigh sé ná ceachtar díobhsan go dearfa.
Mo chruthú air sin gan de chlann nó de chaomhchineál sleachta arbh fhás ó cheachtar den dís churadh réamhráite .i. Naoise mac Uisnigh agus Cú Chulainn ach Conlaoch Mac Con ina aonar agus gur fiosach don tír uile dís mhac foirfe feidhmláidir agus iníon chuanna chlódhéanta ar marthain do shliocht Shéamas Uí Mhaolagáin. Is deimhin fós gur fíor agus gur fortúnach a chuaigh ar rath agus ar bhiseach do Shéamas cleas an gha boilg a imirt ar Mhaighréad Ní Labhail ná don Chuagán féin an cleas dona dobharnach a chumascadh le hAoife dar gineadh an Conlaoch sin agus a maraíodh iar dtain lena athair féin leis an chleas chéanna ar trá na dtréanfhear ó thuaidh mar nach ndéanann agus nach ndearna an Séamas Ó Maolagáin aonsamhail eile de ghníomh coirpe riamh. Ach gá dtám ris? Is deimhin gur mór d'uaisle Éireann agus
na gcríoch archeana ar ar imir an dís churadh thuas bás agus beagshaol agus gá fearr an gaisce sin le maíomh ná gach creag agus gach cuasán criosta ceannláidir dá dtuairgeann agus dá dtreascraíonn Séamas go lár agus go lántalamh ag cur $potato agus cabáistí dá dtagann torthaí maiseacha meallghorma le mbeathaítear cách go sona soirbh seascair a chois maoltine móna?
FREAGRA AN ATHAR DONNCHADH MHIC CATHASAIGH .I. AN SIRITE SIABHARTHA AR AN BHOLTÚNACH. Fos, a Phádraig, cad é an spórsa shaobh do chiallsa, má thug tú Naoise agus daltán Aoife anuas sa scéal seo? B'annamh cóimheas dóibh gan uafás lá na bruíne, coinnle gaisce Inse Ealga an dá laoch seo. Dá dtugadh cnúidín léim thar líne, lúide an t-ionadh, nach léifeadh eachtra Naoise is Dheirdre, Uathaigh is Aoife a níodh gach lúthchleas léidmheach láidir i nDún Scáthaí dár thug Cuagán ga na mbolgán teann le taithí. Tonn os tonnta, crann os coillte, an leon loinneach, bíofa bithbhuan sheanchlár Mheadhbha leodhach corrach; riadh an murrach an dá shearrach bheoga mhongach', Eadarcomhal is Nadchrandal, is trí mic Neachta. Fear Dia dána a thóg an sonns-sa, liag os fearta, riadh na lúthchleasa, mór an t-uafás, cait is bábhchleas, cleas an chleitín, faosamh macra, mór an t-ardmheas.
Gach toisc faoi chríocha Fuaid is Locha Eachtrann dár thug Cuagán na sleánna síghlana, daltán Chathbhaidh, níl cóimheas dóibh le Séamas, d'ainneoin d'fhiacla. A Mháistir Boltún, stad ded bhréaga is gabh riaghail; má d'fhás tine uait mar dhrithle, múch an t-aoibheal, - ní dual file gan taom buile tráth nó a chéile.
Is mór na comharthaí mire agus míchéille liom ort, a Mháistir Boltún, an Séamas Mhaigh Neanta sin na síofraíochta agus cleasaíochta agus gan a fhios cé hé an cú caca in Éirinn é a chur i gcomórtas le Cú Chulainn mac Sualdaimh nó le Naoise† niamhchruthach †mac Uisnigh dár lán príomhstartha agus meabhair daoine dá n-alla agus dá n-ardtáin. Ach is deimhin gurb ard adharca an tseilide ar an tulach nach mbíonn ba. Mar sin duitse, is cúis deimhin, dá bhfeastá mo shamhailse d'ánra nó d'ollamh a bheith sa tír seo, nach ligfeadh an eagla duit mo ghluaiseacht nó mo ghríosú leis an ealaín ainbhfiosach a rinne tú.
CONCHÚR BEAG DÍLIS DUBH. Mac a Liondain Trí chuisle gan tuirse le siansa suilt, nó mar shiollaire a thiocfadh as diamhair cnoic, ba chliste gan tuisle gach síógachphort, a sheinneadh mo Chonchúr beag dílis dubh. Dob fhortacht ar easláinte a chlaonann corp gach aiste chiúin dheismir dár scaoil ina ucht, mo shearcán breasnaí nár thaobh aon locht, le fras-shiúl na ndeaschríoch na maothchrobh bog. Conchúr "Is í an ríon Terpsícore a ghluais i mo dháil, is a gríosbhéal mar íce le ruagfaí an bás, táim faoi cheo na símhná gan suaimhneadh spás, caoindearca na maothghlaca is mé buailte dá grá. Nó is é a mheasaim gurb í a deirfiúr is Pátrún dóibh - lucht freastail gach aiste le gnás an cheoil - Euterpe an thaispeánfadh scáile ar ló, in aisling is í deasaithe mar bhláth trí rós. Táim i gceasnaí dá heaspa go tláith faoi smól, an taismhíonla bhreasnaí na scáiní óir; go mba treasíce ar chneas cloíte bhás na n-óg gach dreas bíogach ó bhansí na mbánscoth meor. An tAgallamh Conchúr "Is a bhrasfhaoileáin dreachmhíonla is áille snó, a bheir fras díobhálach dart slítheach ag bású sló, ná stad díomsa teacht laoi nó ar fhás don neoin, a shladaí lér maslaíodh mé i ngalraí bróin." Is é d'fhreagair domh an ainnir ghlan ard chaomh thais, is a gealphíb ar dhreach shlí de bhláth na meas: An Ainnir "Dá dtaitníodh mar bheatha liom scáth na gcreag, go nglacfaí mé i dteach bruine dob ard ina lios".
Conchúr "Is a réalta chiúin gan aonsmúid a scaoileann ceo, a ghéag úr is déad cumhra faoilí a beoil, ós aoi domhsa an t-éag agus nach mbímse beo, tabhair mé faoi néal drúchta shí dod dheoin". Is é deir an péarla nár truaillíodh fós le sméaracht na dtréanfhear is uaibhrí glór: - An Ainnir "Déan teach beag téagartha i bhfuarlaoid róid is gaibh céile dá réir siúd, ar dual dí an bhró". Conchúr "A ghéis gheal mar ghréin ghlan ar bruach Mí Mheoin, atá ar aonlasadh scéimhe agus snuaghnaoi só, ní céirseach de bhaothchailleach truaillí chrón a bhéarfaidh mé féin liom mar chéile, ach bean chuartaithe cló"."
AN BHFUIL TÚ ID DHÚISEACHT? Agallamh idir Mac a Liondain is Mac Cuarta. Mac Cuarta: An bhfuil tú id dhúiseacht, a úrmhic Eoghain? corraigh as an chlúid agus úmaigh do sheolta; mura bhfaighe tusa cúnra Dé Luain ar an eorna, lean faisean ar an dún seo, agus faigh plúirisigh bó dom. Agus éist, a bhrealláin, agus éist. Mac a Liondain: A scraiste gan súil ó chnuasach na Bóinne, Ó tháinig tú chun an dúin seo fuair tú plúr is feoil ann; mionnóidh cúigear gur dhiúrnaigh tú beoir ann, is cha chaillimse mo chlú ag iarraidh plúirisigh bó duit. Agus éist le do challán, agus éist. Mac Cuarta: A Phádraig is tréithí i gcéill is in eolas, is ionadh nár léigh tú ar thréithe na Bóinne mar a bhfaighfear plúr geal na déise agus togha gach beorach monuarsa do leithéid bheith ag dréim leis na fóda. Agus éist, a bhrealláin, agus éist. Mac a Liondain: A Shéamais chaoich, a shrádaí, a bhíonn dána i ngach cóisir ní rachadh fir Ard Mhacha go brách a chois Bóinne mar gheall ar bhur bpá nó a tharrtháil bhur bhfómhair ach mar gheall ar foireann páistí a chur i mná bhur bhfear pósta. Agus éist le do challán, agus éist. Mac Cuarta: Is é a chluinfinnse á rá ag mná deasa Bóinne go bhfulaingeodh a mbá is a sparradh i gcónraí, Sula rachadh a dhéanamh páistí le náisiún bhur gcóige, ar cheasta a gcrochadh in airde le cnáib nó le cordaí. Agus éist, a bhrealláin, agus éist.
Mac a Liondain: Nach mí-ghrásúil an gníomh do mhná buí na Bóinne a ndoirse bheith sparrtha acu ar ard an tráthnóna trí bholta cláir a bheith fáiscthe ar a gcomhla le heagla go bhfaighfeadh strainséir áit ann nó lóistín? Agus éist le do challán, agus éist. Mac Cuarta: Cha dhruidfeadh siad na clártha le hard an tráthnóna Ach le heagla go ngadfaí uathu an cháiteach is na bróga naigín beag an pháiste, an sáspan is an cóta, an coc is an cáefe lása, is a Phádraig nach leor sin? Agus éist, a bhrealláin, agus éist. Mac a Liondain: Is ó bhuail tú chugainn, a liúdaí, i ndúlacht an gheimhridh, atá i do shuí sa chlúid againn is do shúsa ar do thimpeall: dá mbeadh amharc i do shúil ní damhsa a bheifeá ag tiomsú, is tá an teach seo ag éirí cúng is níl do rúm ar an urlár Agus éist le do challán, agus éist.
FAOI MHALA SHLIABH CRÚB An dara agallamh idir Mac a Liondain is Mac Cuarta Mac Cuarta: Faoi mhala Shliabh Crúb, má bhainimse fúm, beidh ormsa cumha faoi m'athrach; mar nach bhfuil agaibh d'úsáid nó de bheatha sa dún seo ach ag rácáil is ag rútáil photátaí: ní hé sin an cleachtadh a fuair mise sa dún dá dtagadh ann snua gach gráinne, ach cruithneacht agus plúr acusan le clú á scaipeadh agus úrleann Mhárta. Tá foscadh ag an Chrúb is cha minic linn siúl, is ní itear ann plúr gan anlann; ní sheasann tusa clú do na bodaigh sin ó Lú is gurb é dúnadh a gcuid doirse ab fhearr leo: nach cuimhin leat sa dún seo plumaí agus úlla agus talta breátha úra na háite? Seasann siad a ndúiche go fearúil le clú is ní thugann siad cúl dá naimhde. Mac Cuarta: Tá úlla go deimhin sa dún seo le feiceáil is is cuimhin liom go bhfaca mise an méid sin, ach is dóigh nach cosúil Teamhair le haon fhód de bhur gcuid fearainn a mbíodh laochra agus macra ar féasta ann; fir Éireann dá dteagmhódh le chéile san aiteas is iad ag cur gualainne lena chéile, níl aon réigiún sa chruinne nach ndéanfadh siad a leagadh cé gur cloíodh iad i gcrutha ina dhiaidh sin. Mac a Liondain: Labhair le ciall agus ná can tusa bréag is ná déan tusa éagaoin gan ábhar, bíonn arán glan gléigeal in aice ban sléibhe, uisce beatha daor agus $Marchbeer: ag teacht aimsir na féile beidh cruinniú ar an chléir ann is gach aon díobh ag déanamh crábhaidh, bíonn cláirseach na dtéad ag seinm lena dtaobh is lucht ealaíne ag síorchur dánta.
Mac Cuarta: Cláirseach nó ceol chan fhaca mé go fóill ar bhur dtulaigh, cé mór lena rá é, ach cáfraith mar shó a bhíonn agaibh gach nóin is an brachán á ól de scálaí; potátaí ar bord, gan arán gan fheoil, is é a mheasaim gan mórán anlainn, an bainne ramhar cóir cha bhíonn agaibh ar dóigh, ach á mhaistreadh agus ag ól na bláithe. Mac a Liondain: Níorbh fhoráil dúinn potátaí bheith againn agus cáfraith tráth thiocfása i do shrádaí chun ár dtíre, cupán de go sámh go bhfaighfeá i do bhráid is nach ndíolfá do cháin a choíche; níl aon sculcaire i d'áit nach bhfuilingeodh an bás sula dtabharfadh siad sásamh i mbia uathu, bíonn plúr gach gráinne libh chun na sráide ag scagadh agus ag scáineadh an chíosa. Mac Cuarta: Labhair le ciall is ná can tusa bréag, nach minic a bhíonn bur dtriall chun ár dtíre, bhur gcuid corrán ar bhur sliasaid is bhur scata ban taobh thiar díobh ag tacar is ag déanamh an chíosa? Breacanaigh dá dtriall níor chleacht mise riamh ach an builín a mbeadh díol féasta ann, chan aon chomórtas bhur sliabh leis an talamh a chum Dia a dtagann gach dias ar a méid ann. Mac a Liondain: Tá talamh breá aoibhinn againn ar gach taobh a bhfuil foscadh ann is díon ón bháisteach, is nuair a dhearcamar síos gur gile é na an t-aol Sliabh gCuilinn breá na séad go hálainn; le linn cogaidh nó síochána níor ghlac sé riamh scaol, ach ina sheasamh go díreach láidir, is iomaí sin rí a tháinig chuige le "$fleet", is níor thug sé d'aon díobh ach fáilte.
Mac Cuarta: B'olc an áit do rí a theacht chugaibhse le "$fleet" ar cuireadh chun bhur mínleach sléibhe, is nach bhfuil sneachta nó síon dá dtagann ar an saol nach mbíonn agaibh seal míosa ar céilí; ar uair a dhearcaim oraibh síos bíonn gruig oraibh aníos is gach aon díbh ag teicheadh óna chéile, chan iarrfadh sibh d'aoibhneas nó d'aiteas sa tír seo ach ag ruaigeadh cearca fraoich is a gcuid éanlaith.
TUIREAMH SHÉAMAIS MHIC CUARTA. Dá roinntí d'ionmhas liom a théampaill, ós cás faoi do chlann gurb ann atá Séamas, dá bhfhaighinnse cruinn an intleacht chéanna a theagmhaigh gach am ina cheann is ina chéadfa, thoghfainn í is mhaífinn m'éadáil. A shamhail níor frítheadh sa líne dhéanach ó d'imigh siad thall, an dream dá ngéilleadh uisce Chastália is táin Chliméne faoinar tolladh dá ngrá go básghoin Hésiod. Samhail Mhic Cuarta - luaim féin sin - Hóiméar a thug bua ar uain gach véarsa dár chara le stuaim suanna na nGréagach, nó Virgil a bhí faoin impireacht in éifeacht, Oivid ar luas é i gcruas gach léighinn an file na mbuanna a bhí ar fuagra ó Shéasar, ar scríobh Lucan agus Lucius éachtach de startha faoin Róimh ar chrógacht tréanfhear, bhí a meabhair gan cheo san eolas déanta, gan tuisleadh, gan dlóimh, ina bheol ag Séamas. Ach is áirithe gur sháraigh na céadta ar gach rása dár tháinig ó Ghael Glas, a fuair fáilte ag Pharoah san Éigipt, is an rímhac ón Scythia .i. Féinius, lér áiteadh scoil ard ar Mhaigh Séanair lér gháthaíodh an sárfhlaith Mac Éathoir, nó gur fhás ó Thúr Baibealóine béarlaí is gur fhág an dá dhrua dá éis sin, snaidhmeadh dá n-áineas an Ghaeilge, is gach áiteadh dá lámhadh an Ghaeltreibh nó go ráinig a n-áineas le Réfleoir, is gach ardú dar áirmheadh is dar céimníodh go teacht dáibhsean don Spáinn mar ghabh géilleadh. Mo ghruaim tuirse bheith in uaigh duit, a Shéamais, gan chuallaí san uaimh is tú id aonar, a shuaircfhir a bhí gan uabhar, gan éagóir. Ba tú an t-uaithne le fuaiseamh fear Éireann - i dteach coirme ba shoilbhir ar féasta seanchaí gan amhgar, gan bhéim air -
is gach dream dár shealbhaigh críoch Fheidhlim ó aimsir go haimsir nár léir dó, gan mheabhal mar dhearbhscaoil a ngéaga. Ba mhilse ná poinc á roinnt ar théada foghar glan grinn a chinn is a bhéilsean; ní chreidim go brách nár tharla an t-éigeas in am Chonaill an áir i lár shlua Mheadhbha, is ar ghoin na seacht Maine, is ar thairngir Feidhlim, is a ndearna mic Maghach d'áthais nó d'éachtaí, is Cú Ghlinne Bolg faoin bholgán béice, ar scrúdaigh mac Fachtna is Cathbhadh déadghlan, is ainm gach eachtra ó Chath Mhaigh Léana, bhí i meabhair Mhic Cuarta chnuasghlain chéillí. Ach gur thug aire go dlúth le dúthracht méine a thabhairt don Rí a thug Maoise ó dhaorbhroid, ar aiste na naomh i ndlí na cléire, le troscadh de shíor is le gníomhartha néamhaí, is le hurnaithe beoil chun glóire a mhéadú, gach maidin is faoi dhó go tóirneamh gréine, is ar ndúiseacht iar suan gach uair a dhéanamh, radadh sé a ghníomh is a smaointe in éineacht go milis don Rí a scaoil síol Éabha. Chuir do bhás na baird faoi léancheas, tá naonúr de mhuirnmhná na héigse trí dhlúimh thuirse ar fuaidreamh go déarach, tá Clio is Thália ag scáineadh a gcéibhe, Melpomene ghartha is Eráto in aonstaid, Euterpe ag caoi is Terpsícore ag éagaoin, is Callíope na méar mín á tréadghoin, agus Polyhémnia go háibhseach ag géarchaoi, agus Uránia na mbánchíoch ag léimneach de lár ag síorghártha faoin scéal seo, ag fáscadh na mám síos de dhéara. Ach cad é ab áil leo is nach sámh le mo Shéamas? dul chun a n-árais mar a d'fhás do na déithe; ach do chuairtse, a Mhic Cuarta, go ndéana tú ag an Rí a d'fhuascail gan truailleadh as péin tú, is gura beo fíor in nglóir shíoraí an té seo a chuir dóigh chaointe, thórraimh is chríche déanaí ar an tóirse a bhí clólíonta béalbhinn, is gach snóríon róslíonta, dhéadgheal a bhí a fhóirithint sa chló chéana ag géimneach, go seola iar ndul in uaimh chaol i gcré síos an tEolas agus na naoi dtóstal Mhic Dé dóibh.
Seacht gcéad déag a luaim anuas ó Chríost an ré go Séamas Mac Cuarta dul in uaigh síos faoi chré, dhá bhliain, dhá mhí - fuair mé an uaim shnasta is tríocha féin, ó críochnaíodh an drua ba bhuan tuiscint ar scríbhinn Gael. Tá faoi an liag seo fíniúin fhorais chlár Néill, dalta cíoch na síbhan sin Pharnassus ón Ghréig, freacnóir gníomhartha shliocht Íre Dhál gCais is Dhál gCéin, mar Chathbhadh an draoi dar shearc mic Fachtna uile i gcéill.
TUIREAMH CHÁIT BÉILÍN A bháis, ó nach áil leat i gcónaí gan sárú Síl Ádhaimh is á leonadh, nach náir duit gan cádhas a dheonadh faoin ár seo do bhláth bhocht Iath Chobhthaigh, atá i ngábh á sárú - is ní gó sin - ó d'athraigh dá háras faoi fhóda an tsáriníon atá spartha sa chónra, géag amhra do dhealbh Rí na Glóire, cuinge sábhála ar ghnáthbhroid a comharsan, a fuair sárchlú thar mhná taise Fódhla ó gach dámh a bhí gnách sna cóigí, ó Árainn is go bánsruth na Feoire, ó Chnoc Maine is go hardtreibh Thír Eoghain, ó Ard Mhacha is go Cairlinn na bóchna, le dáil fleá is fáilte faoi bhorda; is dá mba lán uile an tsráid de na cóistí nár náir léi ar ghrá cheart don Choimdhe is Máire a bhí ina máthair is ina hóigh, bheith ag saoradh na ngarlach gan bhróga ag dáil don bhean ársa is don ógbhean? Is í an tsáriníon Cáit a bhí ag fóirithint do gach ál a bhí gan áitreabh ar fógra, ag tadhall gach stáide sna bóithre ó ardsoilse lae go teacht nóna; atá an fhéile dá héagmais ar maolú, gan spéis aici i bhféastaí nó i rósadh, bhí réchroí na géige seo iar ndoirteadh a mhéadú lucht tréanais chun sólais. B'í Cáit Béilín an péarla as na ró-mhná, aon rogha séad na liag lómhar, óir bhí séimhghnaoi ar aoldreach óighe, bhí an maothlile ag céimniú go deonach le scéimh loinnir éadrom an rósa faoina caorleaca ghléigeal iar mbeochan is a réphíb mar ladhga á seoladh ó néalta na spéire á ruathar, is a maoldearca, méinghlasa, móra mar réalta dá ndéantar an t-eolas, is a béal tana, déadgheal sa chló sin, is a folt péacach ar bhraonteacht aonruainne
go séimhlúbach, séanda ar an ómra, a rémhama gheal, chruinn, chnósach, is a scéimhchorp go héadrocht faoi shrólbhrat, a caoinbhasa mínlaga, meor bán, is neamaíteach a scríobhadh le seolpheann. B'iomaí sárbhuíon láidir chróga ag triall ina dáil is í ag fáiltiú dóibhsean, ó ardsliocht Íre aníos ón chóige, is d'aicme Shíol mBriain dar ghéill an fód seo, síol Éibhir an áigh lenar gáireadh slóite, sliocht Lughaidh na ngníomhartha mhic Íotha mhic Breoghain sliocht Cholla na sciath a chuireadh cliar chun cónaithe, agus sliocht Bhriotáin gan cheilg na meirgí órga, ardscoth na gcliar sa diagacht eolach á bhfreastal le plúr is le sú na heornan, céir is fíon is fíormhil fómhair, is rogha na laonna dar chlaon chun Fódhla, oisfheoil is iasc is gach mias in ordú, is rogha an aois ciúil faoina dún le ceolta, is gach file dár scrúd gach ciúinstair eolais ag Cáit gach uair, an stuabhean mhómhar. Dob fhuras don mhéargheal an fhéile a chomhdach, céile Niocláis Fléimeann a thug réim di i gcónaí, a bhí i bpáirt leis an ardfhlaith rósgheal, bráthair Bharún Sláine ó chois Bóinne, na ngardaí, na lásaí is na gclócaí de scarlóid ar an ómra, den órnasc na ngalltrompaí gáireach fleách snóch, na ngártha, na marcshluaite is na n-ógeach na gcathrach is na mbánbhreac ón bheoshruth, is na mbláthchrann ar a bhfásadh na tórtha; a bhí i bpáirt le cuid d'ardfhlatha Eorpa, na hAraibe, na Tuscáine, is na Róimhe, is le hardteach na hOstaire, cé mór sin; is é a ghaol le sliocht Mhílidh na n-órlann, le síol Néill is le héifeacht Chlann Dónaill, is le gach tréantriath faoina ngéiseadh an mhórliag a ghéimeadh le déanamh gach deoinrí; ba chéile don tréanfhear den phór seo, an Fléimeannach éifeachtach, eolach, tréanmhíle béimneach nósmhar, crann téagair na cléire is na ndeoraithe, tor díona na ndílleachtaí is na n-oircheas. Tá na dúile faoin chiúinríon breolag,
a bheir smúiteacht ar ghnúis gheal na dtóirsí, gan drúcht feaga i gcluainte nó ar feora, tá Eonr? is Pyrrhus arna leonadh agus Ethan is Phlegon, mo dhóighse, tar éis Phoebus a thréigean sa chóiste: tá na réanna gan méin teasa treoraí, nó aon loinnir ghréine ach gaoth is tóirneach, agus tréanteacht gach síne dá bhfógairt, gan éigne ag léimneach trí bheochleas, ó d'éag sin Cáit Béilín an róbhean. Ach cad é a b'áil liom ag trácht ar an sceol sin is an bás ag cur ar uile i gcónaí? Is gur do lámh do Aaron is a shló leis, Dáibhí an rí, Saul agus Góliath, Ionathan, Samuel agus Jónas, Artabánus, Iason is Pyrócles, Ganymédes na scéimhe is Musidórus, Tibérius is gach Séasar a ba mhó meas, is Cleopátra a thug grá do Antónius, leis an bhás gur dhíol cáin i ngach leonsmacht. Is le tuirse an t-ábhar go mór liom gach sáriníon le Cáit bheith deorach, Alaidh ghléigeal an-bhéasach faoi dhólás, is céile don tréanfhear .i. Seoirse, nach n-éarann an éigse faoi shógha, agus Eisiomaith dá heaspa go deorach, an taismhíonla bhreasna na meor lag, atá ag an Úrmhach ar Lú ina gcónaí, fear iúlmhar gach rún tuicse in eolas, le scrúdtar gach ciúinstair gan dóbhrón, is an tsaoriníon atá ag an Díseart faoi cheogol. Ach tá dís eile chraobhach cnósmhar fear suaimhneach nach bhfuil uallach nó bródmhar, Mícheál Uaithí a thug ualach de lón leis, le fuascailt gach cruacheiste amhrasaí, de mhian i ngach céim dar cheart dhósan, atá tréitheach ar léann is ar bheocht, agus Seon Fléimeann an spéirmhacaomh ceolmhar ar gach aon siolla feidhmeach faoin Tróin. Ach ó d'éag sin an ghéag ghlan na gcornchiabh, is nach n-éiríonn go lá an tsléibhe as a rómhluí, beannacht cléire na hÉireann, sin mo ghuí, is gach aon aicme dea-ghnímh is na n-ógh mín, á méadú go saibhir sa ghlóir thíos.
AN tANNÁLACH. Muin, dair is dhá choll is a naoi is fiche gan lán oll de bhlianta ó Chríost a shín gur adhlacadh Cáit Béilín.
TÁ DAIRTÍ AG DUL TRÍOM. Tá dairtí ag dul tríom dom shíortheascadh de ghnáth gach uair, gan mheadhair faoi mo chlí, is mí mian dom na mná a lua, faoi bhanríon chas, chaomhgheal na mínghlac a d'athraigh anuas, lér gadaíodh dáiríre siansa mo bhláithphinn uaim. Tá a folt ar dhath na sméire go straoidheach ag fás dá gruaig, a hucht ar dhreach na géise is a réphíb mar bhláth geal cnuais; an rós ag deabhadh ar éigin le maothlile gach tráth ina grua, agus d'fhóirfeadh seal ón éag mé dá bhfeicfeadh mar atá mé faoi ghruaim. B'aite liom ná Phoebus lena spréitear gach dealramh uaidh, na mamaí sin ag m'aonsearc mar fhaoileáin ar snámh sa chuan, a leabharchrobh mar ladhg is a béal tana is sámhcheart fuaim, ar samhail di Deirdre faoinar éigníodh an tsár-Chraobh Rua. Mac Manair is Orphéus agus éirídís gan spás ón uaigh, agus glacaidís cruiteanna téad binn méar frithre ag fáiltiú slua, b'aite liom ná an méid sin is tréanchlann Daghda ón chuan mo shearc a bheith dom bhréagnú dá véarsaí as lár mo shuain.
Cé ba chumasach ar scéimh is ar gach tréith eile an dá iníon shuairc', a bhí i bhfad ar ucht Damétas an tréadaí in Arcádia i nguais, b'ansa liom ná an méid sin is Briséda - más áil liom a lua, cogar beag faoi éadach ó ghéis gheal na mbánchíoch uaim. Shiúlfainn thart an Éigipt, Arménia is an Spáinn de ruaig, agus tíortha treabhra, tréadacha na Gréige, cé álainn snua; d'fhillfinn thart ina dhiaidh sin go hÉirinn gan spás ar luas, is ghlacfainn dom mar fhéirín géis chaomh na scáiní dual. Tá a folt go teacht an fhéir faoina mbíonn éanlaith na Cásca máguaird, a roisc lena marcthar céadta de ghathanna an ghrá gan truaill, a cló is a dreach in éineacht do ráite na ndrua, is ar ndóigh nach bhfeicfear déanta dá gréasa go lá críche an Luain.
A INÍON THAIS NA MBÁNCHÍOCH. A iníon thais na mbánchíoch is áille ná ladhg i bhfuacht, de phríomhfhuil Cholla dhá Chríoch a d'fhás trína fhréamha anuas; don Traoi dá dteaghmhódh i ndán a bheith i ndáil na mbandéithe ar cuairt, mhaifí leatsa an t-áilleagán faoinar fhás goimh an éada uathu. Tá caoir ar lasadh d'ardfhuil na Sabhaoiseach déanta id ghrua, agus ón laoch mear Conall Cearnach a chuir árchatha in Éirinn uair; is gan braon ded ghaol níos táire, a bhláth chaoimh na méar lag luath, de rífhuil Cholla ríora lonnach ó Ghael Glas a ghluais. Tá dath na heala i gcló dhian le beoghríos na gcaor ag spairn i leaca ghlan na hóginíne is rós líonta braon ag fás; gach planda ag teacht dá corndlaoithe forscaoilte, faontais, tláith, is gach reabhradh ag teacht dá beol chaomh go dtabharfadh sin daoine ón bhás. Tá deargfhuil cheart shíol Róigh is mórCholla, an rí a thug barr, gan seargadh ar fad gach n-orlaigh den rómhíonla mhaothgheal, bhláith; is dealbhach oibríodh a meor mín ar sról síos le sraonadh lámh, is gach mír di uile ar lí na lile ó bhraoithe go lár.
A CHAOMHNAÍ AN TSOLAIS. A chaomhnaí an tsolais, a bhrollach gheal is báine cruth, faoi thrí, mar is follas, ar fheabhas ná bláth na sú, a mbíonn gríos ar marthain le lasair dhrithle ag fás go tiubh ar gach taobh dod leaca is dod dhearca mar fhás an tsruth'. Tá dlaoithe ómra, laga, tiubha, feamnacha ag fás dá gruaig, is a braoithe caola ganna mar tharraing phinn ó lámha ar luas, a píb is a mama ar lí na heala a bhíonn ag snámh sa chuan, lér líon siúd arraing chlí sa mhacra a ghráigh an stua. Treabhrann sí i mbrata caomha an dabharchú, an faol is an rón, is ina scaoth muca mara le barra maotha míne meor; an Traoi go mairfeadh gan deabhadh, gan díth, gan ghleo, dá smaoineodh Paris go raibh a samhail sa tír seo beo. Níl ceol dá dhrithleanaí dar cumadh go nua i ngach aird ó aos ceoil dá ghlice le siolladh glan stuama lámh, a gluais gur bhinne libh, an ainnir a thug bua ón bhláth, ná cuach agus cruitirí na cruinne, is ní uaill dom a rá.
Is í an ghéag ghlan mharthanach is taitneamhaí is is féile táin, an scéimh úd gur bharraigh ar a maireann is dar éag de mhná, a mbíonn an ladhg ag dathú i leaca gheal na gcaor de ghnáth, agus éanlaith an earraigh mar chodlatáin ina ciabh ag fás. Tá lámha séimhe snoite aici a d'imreodh ar théada ciúil ag fás mar an lile i bhfoireann de gach méar dlúth, gáire an linbh mar loinnir ón ghréin gan smúit, is níl fáth leis níor mhiste léi, dá dtitimis na céadta dá dúil.
ANGELICAL MAID. Angelical maid, id' dhiaidh ní fada mé beo, your virtue so rare a mhéadaíonn m'aicíd gach ló, your excellent features a dhéanfadh solas i gceo, has power to raise from graves an iomad gan ghó. Grant me relief, a ríon is macánta de mhná your beautiful cheeks ar lí an chorcair i gcáil your ivory teeth is do phíb ar an lile a thug barr has conquered indeed na mílte duine chun báis. Neighbouring streams go méadaíonn tuilte mo dheor and the very earth I shake le tromosna bróin; my heart it will break is ní féidir a fhortacht go deo and if your forsake me is tréithlag mise id dheoidh. Early and late is ag méadú atuirse a bhím, still cursing my fate ó ghéarghoin dairtí ag dul tríom: I cannot sustain my pain ach mura bhfortaítear gan scíth, and if you my death occasion is ortsa a bheidh íoc. Since it is my fate is gurab éigean titim le grá, I fear that my death will stain do theist go brách; but if you vouchsafe to heal me ó bhiorghathanna báis, you'll merit great fame is is lia tusa thar chách.
IS MÓIDÍM FEASTA. Is móidím feasta ón am seo go haimsir a dtiocfaidh an bás, nach ndoirtim tuile ansachta do bhantracht na leabharlámh, is nach ansa leo an fear ceansa, más greannmhar in eagna baird, más caoin a dhreach is a dhealbhsan, ná an searbhfhear dá ngairthear tráill. Cé go mbíonn siad mar sin go fealltach mar dhealramh roimh chith ar lá, nó go scaoileann siad seal a leannta go cealgach na mná. is díomhaoin domsa m'fhearg leis na mealltóirí is bradaí táin, ós mar dhíogha leanna d'fhuílleach an channa a bhíonn siad de ghnáth. Is néal thar dhreach na bhfuagraí a thug uaithi trí ghlórthaí sí Feidhlim ó Rath Cruachna ar ngluaiseacht don tsló dár dtír, do Mheadhbh iníon Eochaidh i nguas faoin Donn Cuailgne faoinar doirteadh maidhm, go séide orthu anuas ar gach stuaire de mhnaoi nach nósmhar gníomh. Nach léir in eagna sua daoibh gach uair idir phrós is laoi, gur faoi Helen uchtgheal uaigneach a buanscriosadh an Traoi, is Éabha faoi bheagán cnuasaigh mar fuagraíodh í le hordú an Rí is ó nach mbeidh siad cneasta is deimhin gur miste seoladh ina líon?
Is ar phíb an iomad drua is é sin nuaphort nó sean gach scéil, gach laoi dá gcumann siad uathu go huaibhreach le hiomad bréag, ar lí, ar dhreach, ar dhualgas gach stuaire dar ghin ón Ghréig, is i dtíortha eile an tuaiscirt na bhfuarchríoch i bhfad ón ghréin. Dar Mí ni chreidfinn uathu, cé luann siad gur maith a mian nach mbíonn siad seal go suarach, go snuaghreannach claon; is cé líonmhar teacht na n-uailleachta ó bhruach easa ag scaipeadh iasc, ní lia na dreasa a ní siad den chleas a níodh Cú na n-éacht. Más mian libh scéala a fháil ar an ábhar faoinar thug mé móid, go líonfainn feasta i ngráin do na mná ar feadh a mhairfinn beo, feacht n-aon dá raibh mé in áras na tábhairne is ise ag ól, gur mhaígh le gealladh lámh dom an stáidbhean a cion is a póg. Ach tráth d'éirigh ár nguthanna in airde agus d'athraíomar staid faoin bhord, thug sitheadh amach faoin stábla is a bráthair i ngar dá deoin, is tar éis na ngealladh lámh sin do Phádraig le siollaí beoil is don mhistéir eile a d'aomh an caile a dílseacht is a póg.
GIOTAÍ GAIRIDE a CRUIT PHÁDRAIG MHIC A LIONDAIN le Séamas Mac Cuarta A chruit, a shláinte is a ionmhais feidhme, a thógann gáire ag ardú téamaí, a mhaothaíonn fearg go fíor chun féile, is a dhaingníonn daoine dá chéile; in am na guaise is tú mo chairde, i gcoigrích fuair tú domhsa fáilte, léimeann cuisle cholt mo chroíse, is glan mo intleacht amhra tríotsa. Cé táimse dall, de ghnáth i ndólás, tugann tú domhsa síth is sólás, múchann mairg is triomaíonn deora is ardaíonn mise i ngar na córa: acht amháin a iarraim ortsa, iar scaradh mo anma le mo chorpsa go seinnfidh tusa ar mo uaighse triamhain a bhainfidh deor ó ghruanna.
b DÁN PHÁDRAIG MIC A LIONDAIN le Pádraig Ó Prontaigh A Phádraig, a shaoi na maothmhéar binn is treise fonn ar théada, is grinn do cháil faoi chlár ag seinm, níl toirmeasc ort faoin méid sin; b'fhearr liom ná cíos na críche seo uile - sin is míle féirín -, gurbh fhéidir liom le téada foinn righe go nuige do chéimse. A churaidh chróga, mar leon ar leabhar, dar dhual go cinnte ar fhéile, a shíneadh fós gan ghó mórchabhair don té a bhíodh in ainbhios téama; ní thig liom féin do chéim a aithris, ach fógraím féin do chách nach dtig le haon i réim dul thairis féin go Luan an bhrátha.
c CÁITLÍN BÁN DO PHÁDRAIG MAC A LIONDAIN. Fáilte is céad do do chéilí leanbaí, do uirgheall do bhéil is do do véarsaí grámhara, a mharcaigh Ghaelaigh ó thaobh Dhún Dealgan is leatsa go léir mé féin is mo shealbhán etc. Pádraig ag freagra Ní thig liom a rá nár ardaigh mé saibhreas an uair a thug i mo láimh an airnéis éadrom, má ghlacann ar ball iad ráfla ar bith aoibhill an dtabharfaidh tú faoi do láimh domh a bhfáil faoi luí gréine? etc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services