Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pádraig Mac a Liondain: Dánta

Title
Pádraig Mac a Liondain: Dánta
Author(s)
Mac a Liondain, Pádraig,
Compiler/Editor
Mag Uidhir, Seosamh
Composition Date
1733
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1977)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TUIREAMH PHÁDRAIG MHIC A LIONDAIN
le Fearghas Mac Bheatha



A sheanchríoch Fáil, is gnách gach léan ort,
faoina ndéanann tú gach lá d'ár is d'éagóir
ar fhlatha gan tlás d'ardtreibh Gaela;
dhiúltaigh tú dáibh 's ghráigh tú éiricigh,
nár chuibhe go dtrásta dáibh bheith ag ardú céime
ná ceannas a fháil in aon áit in Éirinn.
Thréig tú go hábhal bláth na réacsa
is follas a d'fhás ó Ard-Mhilésius;
i ndiaidh gach sáir dá ndearna tú sa réim seo
is ar scrios tú go dtrásta de bhláth na Gaeltacht',
is deimhin gur tú an fóidín brónach déarach
gan mheidhir, gan spórt, gan cheol éigse.
Ó ghreamaigh tú don dream is a gclann a thréigean,
a bhí i bhflaitheas na críche d'fhíorshliocht Éireamhóin,
is Éibhear an áigh a chuir sár ar chéadta,
sliocht Íre na ruag ba chuanna i ngéibheann,
le heachtrannaigh nua a ruaigeadh as Éirinn
feasta níos sia ní bhiaidh siad ag dréim leat.
Is mó m'aifirt ar an bhás a sháraigh an Ghaeltreibh,
gach féinní gan tlás dár fhás ó Ghael Glas,
an sceinnid scáfar, chnámhach, fhéitheach
mar thug de láthair uainn, mo chrá go déanach,
Pádraig Mac a Liondain, an binnfhlaith béalghrinn,
an file gan smúid a bhí cluthar, déarscna,
an t-ánra suairc, gan uaill, gan bhéim air,
seanchaí iúlmhar, clúiteach, feidhmeach,
eolgach, greannmhar, ceansa, céillí,
fiúntach, fáilteach, náireach, méiniúil,
croí gan chruas mar Ghuaire an t-éigeas,
ealaíonta, stuama, gan ghruaim, gan éagóir.
Starthóir na mbuanna le cruas gach léighinn
's gan údar dá eolaí i mBeorla ná i nGaeilge
i Laidin i gcló, i bprós nó i véarsa
ag Virgil, ag Hóiméar nó ag Oivid céimghlan
nó i startha na Róimhe ar chrógacht tréanfhear
nach scrúdaíodh an t-óg faoi sheol go réimiúil.
Mac Manair le stuaim 's le fuaim na dtéad é
agus Orphéus a thug bua sa tsuáilce chéanna;


L. 2


níorbh aithne dom beo san Eoraip a leithéide
le binneas a bheoil 's a mheoir in éineacht,
an chrithir ghlan uasal shuaimhneach, thréitheach,
acmhainneach, bhuach, shuáilceach, spéiriúil.
Ciste na ndrua, na sua, na héigse,
ag freachnú gach duain gach uair le feidhm dóibh;
creach aos ceoil na gcóigí go léir tú,
creach na huaisle is nuachreach maighdean
fear coiscthe gach dua gach uair díom féin é
is de gach aon le maitheas a chleachtann an fhéile.
Tá siad uile lán buartha faoi ghruaim faoin éarlamh,
tá saoithe an Fheadha dá easpa faoi léanchás,
gan dúil acu i meadhair nó i ngreadhan ar aon chor,
gan dúil acu i ngreann, gach am faoi bhuaireamh,
gan dúil acu i spórt nó i gceol dá shéimhe,
ag sileadh na ndeor faoi bhrón i do dhiaidhse,
ag greadadh a mbos is gan tost ar aon díobh
faoi do luíse in úir, a úrfhlaith mhéarghil,
i gcarcair chrua chúng is go Luan nach n-éiríonn tú.
Níorbh ionadh dóibh, mo dhóigh, bheith tréithlag,
an gasra glan, beoga, cróga, céadfaíoch
an marcshlua suaithnidh, buach, léidmheach,
is nár scar tusa leo ó tógadh i gcéim tú,
mar gheall ar ór, ar stór nó ar shaibhreas
nó i ngeall ar bhríb, ar mhaoin nó ar éadáil,
nó gur choscair is gur chloígh, mo dhíthse, an t-éag tú.
Tá trí thriar d'fhialmhná na héigse
ó Ard-Pharnassus d'aistear na Gréige
ar fuaidreamh baoise 's ar saobh faoin scéal seo,
ag tarraingt a ndlaoithe 's i maidhm dá réabadh
ag screadach de shíor, gan díosc ó dhéara,
faoi imní bróin mar torchradh an té sin
ba chuisle cheoil dóibh gan dlóimh, gan éagóir.
Ní áirmhim sí-mhná na críche bheith ag géarchaoi
ar mearadh le gaoth gan scíth den taobh seo
faoin Chreagán a bhíonn siad gach oíche ag éagaoin
faoina gcara cliabhclí bheith sínte i gcré uath'.
Is measa liom do luí faoin liag ná an méid seo
a chluinim de ghártha gach aird i gcríoch Fheidhlim
ag fir is ag mná is nach áil leo éisteacht
le cuideachta ar clár nó dán á léamh dóibh;
is gur mhilse leo ná ceol na dtéadchruit
foghar a bheoil le nua gach véarsa
is le siansa ar uain gach cruacheist á réiteach.


L. 3


Tá na pláinéid ó lá a bháis is na héascaí
i ndeabhaidh le gráin gan sábháil á dtréadghoin;
tá Mars agus Satarn ag spairn le chéile,
is Mercury gan spás gan áineas i ngéarbhroid,
is Jupiter na ruag ar fuagra ag éaló
is Venus na mbánchíoch ag scáineadh na spéartha
is an chuid eile díobh is a ngnaoi mar réalta,
osadh nó síth, is é a shílim nach ndéan siad:
tá Aeolus ó claíodh feart don saoi seo go séitreach,
tá Neptune i bhfíoch, gan ísliú, gan laghdú,
is nach fiosach cé díobh a shraonfar sa tréanchath,
anfa gaoithe is dílte ag méadú.
A Phádraig, monuar tú bheith ag fuaradh i gcré uainn,
creapailte in uaigh is gan fuascailt ag aon duit,
gan aiteas, gan suairceas ar thuama Mhic Éanraí
gan taithí na huaisle le lúcháir á fhéachaint,
an lóchrann gan smúid a chnuasaíodh téamaí,
d'ibh a dhóthain de stór an Naonúir,
thabhaigh dó eolas gan cheo gan éiclips.
Ós follas, a chairde, nach bhfaightear ón éag feast'
aisíoc, mo chrá, ann go lá an tsléibhe,
Scaraidh gan spás de bhur ngártha géarghoil,
is cuiridh beannacht faoi dhó mar lón á réiteach
agus beannacht na nocht is na mbocht mar aon leis,
is beannacht faoi dhó mar stór uaim féin leis,
beannacht faoi sheol na n-ord is tréine,
beannacht na n-easpag le treise na cléire
uainne go Flaitheas lena anam gan daoirse.



AN tANNÁLACH.



Seacht gcéad déag an ré a dheachtaím daoibh,
is triocha ina dhiaidh an réim go beacht is trí,
ó theacht Mhic Dé dár saoradh go ceart is trí mhí,
go Pádraig a dhul a dh'éag, mo léan, san feart faoi liag.



Faoin liag go fann tá an t-ánra gléigeal ina luí,
an drua is an seanchaí greannmhar, céillí, caomh,
fear suairc gan mheang, gach am ar bhéas na ndraoithe,
is i ndlúimh gan ghreann tá seansliocht Néill dá dhíth.


L. 4


Is díth liom an fhíniúin ard gan uaill,
bheith sínte faoin liag seo i gcreapall go crua;
is díth liom na tíortha gach tráth faoi ghruaim,
is is trí dhíth liom nach n-éiríonn go Lá an Luain.



Níorbh ionadh an t-óg bheith tógtha tréitheach
i slí an cheoil is i bhfeabhas gach Béarla
dá raibh i bhfilíocht le fáil, más gnách gur béasa
go leanann cáil a mháthara aoinneach.
Bhí ag an fhear suairc seo a chuaigh i gcré uainn
oide glan stuama, cuanna, céillí
a chleachtadh gach uair duain a mhéadú
is nár fríoth de chách in aon áit den réigiún,
seanchaí ab fhearr ar gach athrach céime,
is gach aistear dá ndearna go dtrásta an Gaelstoc
ón Scythia don Spáinn is go Banba ina dhiaidh sin,
fós ar gach sár dá ndearna Turgésius
is le Maoileachlainn mar básaíodh an t-anfhlaith céanna,
Donnchadh ó Chluain Tairbh ag tiontú go créachtach,
is an mheabhail ab áil le Rí Ard-Osraí a dhéanamh,
Diarmaid a chuaigh ar barr toinne ar bhá an dara hÉanraí,
gur thug Strongbow is a pháirtí a dh'áitiú na hÉireann.
Bhí seo gan dearmad de réir scansáil Séathrúin,
agus fós a lán eile de ghnáth ina céadfa
ag Siobhán Nic Ardail, an tsáriníon bhéasach,
Dhonnchaidh mhic Phádraig a thug grá don fhéile,
mhic Thoirealaigh fear dána chun naimhde a thréadghoin,
fear fuascailte cána agus sábháil lucht géibhinn,
fear suáilceach gach tráth a bhí lán den éifeacht;
ach ó shníomh leis an bhás ar tháinig den Éabhachlann,
an Rí go ndéana grása ar Phádraig is ar an déa-bhean.


L. 5


CUMHA EOGHAIN RUA UÍ NÉILL.



Níl stáidbhean shéimh de Ghaela beo, monuar,
gan rás na ndéar ag céimniú ród ina ngrua;
de bhláth gach déise is féir an snó dochuaigh,
is gan ál ar chéis ón éag sin Eoghain Rua.



Gach plá, gach léan d'fhág tréithlag breoite i nguais
síol Abraim fhéil faoi Shéasar mór na slua;
is é d'fhás ar Ghaela d'éis na ngleo, iar mbua,
mar bharr gan fréamh ón éag sin Eoghain Rua.



Adbath na héisc trí mhéid an reo, trí fhuacht;
ar snámh ní léimeann éigne ar bheochuil suas:
is fáslag éirí éin, is ní labhraíonn cuach
i dtráth a dhéanta, ón éag sin Eoghain Rua.



Gan ádh, gan séan, sliocht Féiniuis mhóir na ndrua,
sliocht Mhaine 's Néill in éagruth cló is trua;
is mar chlár gan aon tí déanta ó mheora sua -
tharla in Éirinn ón éag sin Eoghain Rua.



Lámh na n-éachtaí, an béad ba mhó sa slua,
Artabon Gaeil i mbéarna ba chomhla chrua:
an Dáibhí féin nach léigfeadh an Góliath uaidh,
ár sár-dhíon scéithe, b'é sin Eoghan Rua.



I bpáirt dá dtéadh le haonchríoch in Eoraip, ár-nuar,
ach Banba féin, an mheirdreach bheodhubh an truaill,
an báire réabfadh tríd an tsochraid suas,
ach sár ar Ghaela, sé thug fód Eoghain Rua.



Gan ábhar $Phoenix éigin beo sa luaith,
gan ál dá éis nó aon a d'fhóirfeadh ár nguais;
gan fál faoi Éirinn, ach faolchoin ag stróiceadh ár n-uan,
ó dáileadh cré, mo léan, le hEoghan Rua.


L. 6


A RÍ LÉR FUASCLAÍODH.



A Rí lér fuasclaíodh as geimheal guaise
do phobal uasal ón Éigipt,
is a choinnigh in uachtar na tonnta suas
ag freastal uaire na réchlann:
is arís lér buaileadh na tonna anuas
ag díbirt uabhar na n-éiriceach,
cuir Maoise an uair seo nó dídean uaitse
gan scíste a shuaimhniú na hÉireann.



Ach anois ó d'athraigh an rí is a ghardaí is
gur imigh an $Pharoah a bhí ag Iósaf,
lér tugadh fáilte do mhacaibh Jacob in inis
áitribh Góshen,
tá ceasnaí ag fás uile ar mhacra Fáltoinne,
ar eaglais Phápa na Róimhe,
ach d'eagla a mbáite níor dheas dá naimhde
dul thar sáile á bhfógairt.



An triath ba ghairdeach ag riarú cách á mbiathú
i bhfásaigh an ló sin,
i nglia ba gháifeach an sciath le tarrtháil é
d'iarsma Ráchael faoi Jóshua;
ach riamh ó tá sé ina Dhia róghrásúil
is go mbiaidh go broinn an bhrátha i gcónaí,
go bhfiacha an tráth seo ar an iath seo Fáil,
ós á bpianadh atá siad i mbeobhroid.



I gcath na Mídian mar teascadh daoine
faoi imeall críche a raibh Balaam,
ní bhfuarthas ach míle de mhacaibh Íosrael
as gach aon treibh i ngábh;
is is follas daoibhse go bhfaightear scríofa
gur lomadh an tír leo an lá sin,
is go dtoilíonn an Tríonóid don Eaglais Chríostaí
lasadh i dtíortha a namhad.



Ós é ceann ár gcléire faoi thíortha Éireann
Aodh de fhréamh Cholla dhá Chríoch,
oide léinn na scoileanna is na dtéacsanna
atá anois i gcéim an Naoimh Pádraig:


L. 7


ach go maire sé feasta i dteist mar Élias a
chuaigh faoi néalta gan bhású,
nó mar Eliséus a d'fhan ina dhiaidh ann ar aiste
éarlaimh na ngrásta.



Is iomaí géag threabhar shochma dhéadghlan
atá faoina réimsean go hArd Mhach'
de thogha cléire de chlanna Néill dar dhual
ceannas Éireann na n-ardfhlath:
is díobh Conn is Feidhlim sona, séanmhara,
tonnta féile gan dásacht,
gan fhonn, más éigean, ach le sampla a dhéanamh,
trí lonn, má ghéilleann siad don Pharlaimint.



Ós é is deireadh dúlachta ceathanna dlúthmheara
a chur dá ngnúis gheal do néalta,
is loinnir úrghlan teacht in aonstaid
ó leabharchúrsa na gréine,
is fogas faothú d'aicíd mhúscailte,
d'osna scrúdtha shliocht Féiniuis,
go spriocthar fúthu - lucht teasctha na glúine sin -
mar leagadh an túta Turgésius.



Mar d'fhortaigh Judith ar chlanna Reuben
is gach planda a shiúil leo in aonstaid,
lér bascadh an lúiste, lér creachadh an dúiche sin
nár chreid don Dúileamh ach do dhéithe,
is é is barúil domhsa, gan chead do Liútar,
go leagfaidh glúin orthu an Mhaighdean,
is í is treise i gcúirteanna ná seisear giúistís
le misneach a dhúiseacht do Ghaela.



Cuid de bhuanna shliocht Eochaidh uasail, stoc
ab uachtaraí de Ghaela,
an flaith seo a luaim chun seasamh suas dóibh
gan teas nó fuacht, ach in aonstaid;
is ceist ar thuataigh: cé acu is treise uaidhsean,
gan leisce na hualaí den léann
go deismir snuaghlan ar aistí uaigneacha, nó freastal
dualgas na féile?



Anois ní náir liom do Theampall Ard Mhacha
Aodh á shásamh mar chéile,
Mar fuair ón Phápa go huair na ngrást


L. 8


a stiúradh i gcáil mhaith is i gcéadfa:
den uaisle a d'fhás ann, gan truailliú
dóibhsean, anuas ón ardfhlaith Art Aonfhear,
gura buan an t-ádh leis ag buaileadh
báire go huair a bháis in am éaga.



Tá a sá de thriath anois de phrionsa diaga,
san Aodh seo a chiallaíonn gach léann,
is de shíor gur mhian dó bheith ag díbirt
íol mar Mhaoise ag triall as an Éigipt;
sciathdhídean cléire é, má ghránn siad a riail
de réir mar iarrann an téacs é,
is dá bhfaighinn sin ó Dhia, mo mhian
sna siansa, scríobhfainn cianstair ar a éifeacht.


L. 9


DÁN BHRIAIN UÍ CHEALLAIGH.



Is é Brian Ó Ceallaigh an tréanfhear,
cathach, bleachtmhar, Gaelach,
ar dteacht isteach as éiclips na ré anois go nua,
le lasfar ceart do Ghaela, gan stad
an fad is léar dó,
ach ag gearradh, creachadh, tréaghdadh
is ag téarnú na slua.



Is fearúil, tapaidh, tréitheach an mac seo
ar each ag léimneach,
ar gcasadh isteach don réacs, an treas
Séamas le bua;
gach neach nach nglacann géilleadh, beidh
dalta dleacht an tsléibhe
le cleasa brasa na mbéimeanna
á gcréachtadh go luath.



Níl rí nó ruire réimfhras faoi chríocha
maotha Hespéria,
nó ar shín de ghaol Mhilésiuis
go hÉirinn thar cuan
nár smaoin an curadh Gaelach do ghaol Uí
Cheallaigh éigleabhair
bheith faoina bhrataigh in éide
in am éignithe na ruag.



Tá tríocha caogad maighdean
dar shíol ó ríora Laighneach
faoin chríoch seo Uladh céad eile in éagruth,
gan uain
dar mhian gach flaith a thréigean, más triath nó
barún béasach,
ar Bhrian Ó Ceallaigh céimchliste
tréantapaidh suairc.



Ba chian in Inis Banba na triatha
d'fhuil na Teamhrach
gan iath, gan mhúr, gan teampall
gan arm ach faoi léan;


L. 10


beidh Brian go tapaidh, meanmnach,
go dian ag teacht na bhFrancach
ag riar an iomad fannlag
is ag marú na gcéadt'.



Is mian le scoth na bantrachta
bheith ag fiachaint ar a champa
is ar niamhacht na bhfear allúrach
ag feargadh na stéad;
is céillí, gaisciúil, ceansúil an fial
a thaisceadh ansacht
do thiarnaí cearta Hibernia faoin am seo
idir Gaeil.



Gura buan is beo mo chuallaí
atá críonna, cróga, suaithnidh
a mbíonn lí na rósanna ina grua,
in am ruaigthe na lann;
beidh ríora Fódhla in uachtar is cíos
dá fhógra ar Nuaghaill
ag síol na leon uaibhreach
is fuil chrua Mhílidh theann.



Beidh fíon go leor as nuachoirn
á ól ag pór na n-uasal,
faoin laoch is uile tuairisc, fear
buailte na nGall;
ach guímse buime an Uain ghil
a dhídean beart mo ghruagaigh
á shaoradh ar gach guais in am ghluaiseacht na n-arm.



Cá hionadh sreabh na crógachta den ríora
sultmhar, nósmhar
de shíol Uí Cheallaigh na n-órfhlaith,
na n-óg-ghraí is na sciath,
bheith in aon ar lasadh dósan
de mhian ar Ghaill a fhógairt
gan scíste as arm Chobhthaigh, cnó
cnuais caomh na Niall?



Níl maoth nó sean san fhód seo
faoi chríocha breátha na Bóinne
ón Díseart thart go Longphort
is go mórdhúiche Uí Bhriain


L. 11


nárbh ionadh an seal seo leofa
gur frítheadh in Inis Fódhla
mo laoch ar oideas comhraic is clólíofa
i ngliadh.


L. 12


MOLADH SHÉAMAIS MHIC CUARTA
le Pádraig Mac a Liondain.



A leannáin fíre na sua,
ansacht gach ríoghan dreachshnua;
a fhoclóir fhírcheart ár bhfoinn
le dúiscthear dílseacht gach léighinn.



Ort níor cheil, más dual a rá,
dhá mhac Allóid a dtromghrá,
go bhfuair tú eolas in am tarta,
go sreabha sí na hintleachta.



Léigheann súl, cé nach lér daoibh,
a ghnúis chéillí gan anaoibh,
dar liom ní tearc faoi do choim
gach téama is daoire don fhoghlaim.



Ó na trí triar sin tobair niamhghlain Chastália d'ibh
an file grianach, an deoch a riar tart ar ball a ghaibh;
is gach tuile a thriallann ón tiobraid chéanna uaidh
ag fás mar mhil,
ag friothamh siansa na heagna diamhaire ón
mbánsruth thoir.


L. 13


MOLADH PHÁDRAIG MHIC A LIONDAIN
le Séamas Mac Cuarta



A leannáin grá na dtrí dtriúr
de mhaighrí áille gan ainiúl,
ach mac an Daghda is tusa thoir
ní bhfuair clann Ádhaimh dá dtiobraid.



Ar dhraíocht Thuatha Dé Danann draoi
fuair mac an Daghda dá gcathraigh,
is ar mhilseacht do mhéar barrghlan binn
cheangail siad bá do chumainn.



Canúin do bhéil dhorcha ghrinn
ar lorg Thoirealaigh an tseanfhoinn,
do thabhaigh duit tiobraid na dtrí sruth
is an naonúr Miúsa á n-ainmniú.



Más ar chaitheamh dísle na heagna is mian libh chun báis mo
chur
faoin tiobraid shí dá bhfuil sibh líonta is gan trá ina bhun,
is gach tuile díobh ar an aiste chéanna ag fás gan scor -
nó an mise a d'íocfadh an mhil a scaoiltear trí bharr bhur
gcrobh?


L. 14


FREAGRA PHEADAIR UÍ DHOIRNÍN
AR AN DÁ DHÁN RÉAMHRÁITE.



Más libh amháin is le mic Daghda
blaiseadh tiobraid na niamh n-áille
A Dhia, cá bhfuair siad faoi seach
saoithe Rómhánda a n-intleacht?



Ní Inis Fáil dá macaibh dil
srutha tonnmhara saorghlan
na heagna anallód á rá linn
aonbhrú eolais an domhain?



Nó iatha iomaí an bheatha bhuain
is gach tír iontu gan athuain
ag cothú éigse, filí is fáithe
i dtuilte tréana tromdháimhe.



Nach buile an chiall seo a mheas gur diamhair daoibh féin a chin
sruth na niamh nua go huile a fhiachaint is é de ghréas á shilt?
Ó thiobraid dhiaga ghlan na Tríonóide is léir go dtig
na tuilte grianghlana úd a ruithnigh fialmhaicne Éabha ó shin.


L. 15


U Pádraig Mac Giolla Fhiondain
AN tATHAIR FEIDHLIM Ó hANLUAIN.



Tabhair a lao loinn lachta,
uaim trí dhíograis ansachta,
nós mná gan scáth, coicéad grinn
don éarlamh uasal fhoirtil.



Fear dar dhual ceannas i gceart,
bile den phailm i luibhghort,
abhall fár fhás ar gach rinn
gláth na heagna 'na intinn.



Ainm dó "Foras Feasa",
deismireacht sua n-ainbheasa;
scáthán grianloinnreach sráide,
ar dhealbhdhreach 's ar chaoinráite.



Ag Helicon na sreabh mín
níor dhiúl mná na bhfionnbhos caoin
dalta ba dhleachta dó ' gceart
ar mhéid grásta le hintleacht.



An té dá labhraím anois
tearc 'na chonchlann san inis;
mar é ar léigheann na gcló
dar leat gurab é Cicero.



Sagart sona séimhghlan suairc
a leanann riail Mhelchizedech,
fearr scrúdthach 'mhíníonn an cháin
go dúr ag díbirt Sátain.



Seanmóirí sampla na bhfios
- ar a mhéin samhlaím Scotus -
an tAthair Feidhlim fort fon gcill
dochtúir d'órd an Teampaill.



Cé hard an t-iarsma ór fhás
ní náir go nua nó de sheanghnás
d'fhuil uaibhreach Cholla na gcreach
ar dteacht don fhial ó Mhuireadhach.


L. 16


Dá n-áireamh ní bheidh feasta
a ghaol le ríora Cruachna,
gur lia ná meora ar gach ball
fuil rí ón Bhóinn ina thimpeall.



A Athair Feidhlim na ndreach donn,
is a dhreach ar lí na nglastonn,
dod thaobh ach mar labhair mé ceart
gabh ag m'anbhainne in intleacht.



Milis liom labhra do bheoil
Milse ná mil do sheanmóir;
milseacht $ambrosia faoi seach
milseacht do théacsann díreach.



Do do thréad i mbaoghal báis,
teagasc, mo churaidh, i gcompáis,
a léitheoir léighinn - an luan
d'fhuil éachtach fhial Uí Anluain.


L. 17


TOIREALACH Ó CEARÚLLÁIN.



Mo chreach is mo léan ó fhearta Dé
nár theagaimh mé im dhealbhchruit,
ní mar gheall ar shéada ach mar gheall ar mhéara
dhaltán éigse Banba;
nó go nglacfadh sé mé ina ucht go séimh
ar aiste an Ghaeil ghlain Cearúll,
is thiocfainn féin dá fhios i gcéin
mar rinne an rébhean Farbhlaidh.



Is maith mo ghléas mar theagmhódh mé
- beidh teist mo scéil á dhearbhú,
ghlacfadh spéis díom gach flaith de Ghaela
gan leisce in Éirinn armghlan;
níl gealt dá éadroime a chluinfidh m-éachtaí
nach mbeidh seal dá éis go ceansa,
le binneas tréithe mo dhaltáin shéimhse,
ach mur ibh mé féin deoch dhearmaid.



Níl dún nó réchnoc ón bhrú sin Mheadhbha
go fuineadh gréine ar farraige
nach dtabharfadh éisteacht gan leisce in éineacht
do m'fhoireann téada á ndearbhú;
beidh guth na maighdean gan scor dá dtéamaí
le sruth de véarsaí meanma,
faoi ucht an rémhic seo ag cur na ngléasanna
agus mise ag éag dá n-ansacht.



Beidh mil is céir is toradh déise
ag teacht dá éis go dearfa,
agus ceathanna éisc ar gach eas in Éirinn
agus neadacha ag éanlaith in arbhar;
cluinfear béicfeach na mara méithe
le tonnta tréana in Albain,
ach d'easpa an éaga ní ghnóthaíonn cléir
aon tilleann déirce ar mhairbh.



Ach mura dteagmhóidh an scéal seo nó tallann éigín
ó mo shearc i gcéin do mo chealgadh
déanfaidh mé éachtaí agus cluinfear faoi Éirinn
loscadh, léan agus marbhadh;


L. 18


cluinfear géimneach na gcreach dá ndéanamh
is beidh sruthanna is sléibhte ar ndeargadh
ó fhuil na dtréan mura bhfaighidh mé dom féin
mo cháfaidh déadghlan dealbhach.



Ach tá dís a bheidh ag caoi go déarach
is dáiríre beidh siad go dearfa,
mar screadann éin faoina neadacha ar ghéag
is a gcreach á dhéanamh is a n-argain;
beidh an fear ó Laighin is an bhean ón Éirne
ag cailleadh a gcéille is ag armáil,
ach is é preab an scéilse go maróidh siad iad féin
gan osadh a chéile dá n-arma.




Agus cá hairm laoich agus gaisce a bheidh ansin ach urchar
de chláirseach Thoirealaigh Uí Chearúlláin a bhéarfaidh an
ceannaí Laighneach leis an bhean aníos ón Éirne go mbrisfidh a
croí ina cliabh de ghoimh an urchair sin, cé go dtabharfaidh sise
éirí tobann athlamh as an támhnéal báis sin uirthi; agus
teagmhóidh leathchlár táiplise ina lláimh dheas aice go
dtabharfaidh rogha an urchair i gceartlár an éadain airsean de,
go gcuirfidh mar oiread ceann tairbh de gach caob adhuafar dá
inchinn trí shinistrí a chluas agus a cheannmhullaigh amach go
dtitfidh siad araon bonn le bonn mar sin? Ach cibé a thairgfidh
dul chun tórraimh ní díobháil scéil atá orthu: ach cibé a
rachaidh nó nach dtéann ní dóigh liom go rachaidh Toirealach
nó Bríd, ach sílim go bhfanfaidh siad i ngleann an uaignis ag
buan úll agus ag cur plandaí.


L. 19


BRIAN Ó CUAGÁIN
le Pádraig Mac a Liondain.



A cheap choscartha bodaigh lér feargaíodh an nádúr daonna
agus an fíorDhia feidhmeach, fiosach, fíoreolach in aimsir do
ghiniúna ar mhodh gur thug stiúir don phláinéad is urchóidí de
néalta na bhflaitheas .i. Satarn in aimsir do thuismithe mar is
léir lánsolais i do cháilíocht éigeansa, nach bréagach a deir tú
gurb iad Fionnghaill agus Nuaghaill postaí cumhdaithe na
críche de shíor agus uaithní cothaithe na héigse?



Ura, is náire sin le rá agus startha cianaosta na ndrua
nádúrtha agus na n-údar eachtrannach féin á insint dúinn go
forleathan gurb iad fíorGhaeil Éireann féin dream is mó a thug
ór agus airgead, forb agus fearann, buar agus bleacht, go n-iomad
eachra agus iolmhaoine d'éigse agus d'ollúna dá raibh sa
domhan uile de réir a n-acmhainne nó gur dhíbir agus gur
dhíchuir Fionnghaill agus Nuaghaill dá dtír agus dá móinéir
iad.



Ní eile, mar atá, fearann boird na Teamhrach a mhaíonn
tusa ar scológa na hAnaí dá bhfaigheann siad plúr agus feoil
mhaith agus clár na Mí uile atá le hatha ar n-áitiú le hiarmhar
Lochlannach a shíolraigh ó Áth Cliath agus ón Bheirbhe
Lochlannach, cé tá uatha ó ghabh de Ghaela ina measc, is
follas gurbh fhearann agus dúiche dhlisteanach d'fhíorGhaela
an talamh céanna sin timpeall trí chéad déag bliain sular tháinig
Críost i gcolainn dhaonna. Dá réir sin is dearbh gurbh fhearann
gnáthchónaí d'aicme Ghael críoch Mhí corradh mór agus trí
mhíle bliain ó thús go deireadh nó gur tháinig feachta
coigríocha maille le claonbhearta rí Laighean dá háitiú.



Agus cé mór a deir tusa ris an taobh thuaidh, ní dóigh liom
go dtig leat a rá gur tháinig tuarascáil an mhíghníomha sin a
rinne Rí Laighean ón tír thuaidh riamh. Níorbh fhearr an
gníomh a rinne rí eile de Laighin darbh ainm Maoileachlainn .i.
cliamhain Bhriain Bóraimhe an tan a thionól Lochlannaigh na
hÉireann agus danair na Beirbhe go Maigh Nealta gur fearadh
Cath Chluain Tairbh eatarthu leith ar leith áit ar thit rí agus
rídhamhna Éireann sa láthair sin ach amháin fir Uladh nár iarr
a gcúnamh leis. Bíodh a fhianaise ar Eachdhroim gurbh fhearr
d'fhir Éireann gurbh fhear den taobh thuaidh a bheadh in áit an
Laighnigh .i. an Luitrealach a bhí os a gcionn.



Dá dtugtaí dúinne an aird thoir leis an aird thíos, agus an


L. 20


aird thiar leis an aird thuas a bheith agaibhse, ní mór dá bharr a
thabharfaimis daoibh de bhrí gurbh ar bhur leathsa a tháinig
doirteadh díleann agus bá an chine dhaonna agus gurbh ar ár
leathsa atá Gairdín Éidín agus parthas talmhaí agus gur thoir is
cóir don Chríostaí a aghaidh a bheith an gcéin a bhíonn air
urnaí; gur thoir fós a éiríonn éascaí .i. grian agus gealach agus
gurbh i leith chlé an duine atá an croí .i. séata an anma, ball is
uaisle den chorp daonna. Ní eile mar atá cloch uasal na
maighnéise dar nádúr an t-iarann cothroime a tharraingt uirthi
de réir cáilíochta snáthaide gach compáis ar muir agus ar tír tar
éis maíomh ar gach rinn de rinneanna an domhain gurbh ar
an aird ó thuaidh a chónaíonn sé de ghréas.



Fós ní beag an chuid d'ainbhios na faidhbe tuathphiastaí
tuamánta ó abhainn na hAnaí mar deir gur mhallachtaigh an
Naomh Pádraig fir Uladh cé gurbh fhollas do chách gurbh
againne is mó a rinne fearta agus miorúiltí den ríocht uile.
Bíodh an fhianaise sin ar Ard Mhacha, ar Loch Dearg agus ar
Dhún dá Leathghlas i gcontae an Dúin, áit ar cloíodh fearta an
Naoimh Pádraig maille le Bríd agus Colm Cille atá adhlaicthe
maraon le Pádraig i nDún.



Fós mar dhiúltaigh Cúige Laighean agus an taobh deas
archeana cuidiú le hEoghan Rua Ó Néill creideamh Chríost a
chothú in aghaidh Oilibhéar Cromail agus an Stáit, ní dár
tháinig plá, gorta agus léirscrios dár dtír trí mhallacht Nuinteas
an Phápa.



Ní beag an chuid dá aineolas fós mar deir nár mheabhraigh
Séamas Mac Cuarta Paidir nó Cré ó gineadh i mbroinn a
mháthar é, cé gur fiosach do gach aon darbh eolach é nach
bhfuil le fáil troisceach nó urnaíoch níos fearr ná é.



Anois ós follas bréagach i ngach uile ghné aiste tú, a thruaill
dhona dhobharnach, molaim duit éalú i ngleannta diamhra
do-eolais in áit nabh bhfaightear fios go brách cé an breallán
bodaigh tú.



Bathlach manránach, salach séideánach, carrach
caolsrónach, cabach craosfhiaclach, giobach garbhthollach,
mongach mísciamhach, briste bronnsalach, bealaithe bréandéadach,
cladaí ceannsmugach, curcach cúrbhéalach, an
gealtán éidreorach, frithir fuasaoideach, faiteach fiarnósach,
caslom cnádánach, beadaí burdúnach, brollaí bréanladhrach,
tuirseach tuath-theangach, liosta loth-threainneach, an gadaí
colgánach, dona dearmadach, tútach trasnach, stadach
díobhálach. Níor ghnách an truailleánach riamh guasachtach
ach de shíor ag bóinteoireacht i measc na gcrónchailleach, an
toice éagruthach falcach fiaránach.


L. 21



De dharta na ndrua buailfidh mé
an daoi chun báis,
a bheachtspreag an suairc Mac Cuarta
fear dírithe dán
le freachnaítear duain in uaim shnasta
ar ghnaoi na ndámh,
ní ionann is an torc gruama ón chruaphis
atá líonta den láib.



Is deabhaidh le slua an t-uatha
d'fhear Mínervá
don scraiste ón tír thuas ag fuagra
ina laoi le spairn,
ar fhearaibh an taoibh thuaidh dar dhualgas
an draoi gan tlás
do cheartroinn an drua go bhfuair
an leath clí thar chách.



An sinsear, ó b'é Éibhear
Mac Mhílidh an áigh
bhí intleacht na dtéad méargheal
dá thaobh is níor náir',
an roinn sin níor thréith i mbéasa
á fíorú de ghnáth
go prionsaí na nGael á léirscrios
dá dtír, mo chrá.



Tá ápa bocht bréan bréagach
is a dhreach ar lí an ghuail
mar chat ar bheann sléibhe, i mbéal mara,
i gcreag nó in uaimh,
ar dteacht ón Chimaera thréanláidir
Perseus a thug bua,
ag athscaipeadh spréacha géarnimhe
in aistí gan chruas.



Is tanaí toll tréith an fheithid
is neamhcheart a ní duain,
is cairtbhuí is is méith a bhréanchneas
atá ar bholadh an fhuail;
is cuisleannach gné a éadain
ró-sméartha is a ghrua,
is mura samhail dó an t-éag ní fhéadaimse
barúil dó a lua.


L. 22


Tá scadmhuineál caol féithramhar
casta go cluais
is lasair ina bhléin ag séideadh iar n-at
ón ghaoth rua,
a dhearca mar sméara ar aonslogadh
isteach ann faoi stuaic,
is is fada dó i bpéin ó ghéarghoin
na ndart ón taobh thuaidh.


L. 23


BRIAN Ó CUAGÁIN
le Ránall Dall Mac Dónaill



A Bhriain† bhoicht †Uí Chuagáin cluinim do theist is do
thuarascáil sa tír, cé leor d'fhuath agus d'fhorghráin lena chlos é
ar son nach é géire nó achmhainne d'aoire nó d'ealaíne a
chuirfeadh buaireamh orainn ach d'eagla go mbeadh do leithéid
dheascadh fine nó de bhall ar sliocht ag saobhleanúint na
healaíne, cuirfimid an beagán saothairse a thoirmeasc
d'ainbheasa agus d'aineolais. Agus mura leor leat seo tá ciste
doiligh do-chaite i seomra na healaíona againne agus ag filí
faobhracha focalghéara an Chúige choitinn choirnéalaigh agus
Chlár Éireann uile nó go ndéanaimid gealt glinne agus deamhan
an aeir díot, an ball as ar tháinig tú ó thús. Óir, ní eolach dúinn
do shliocht, agus is barúil linn gur chuir tú do lámh i gcoimirce
na mbeach fiáin agus i nead na nathrach nimhe an tan a bhain
tú dínn.




A shíogaí den ghríobh altain chruabhuí lom
nár fríothadh cén daoraicme ór ghluais do dhream
a ghríosaigh ár ndraoithe ba nuaghlan arm
do do stríocadh le faobhar go fuafar linn.



Níl a fhios is ní bhfuighfear go luan an bhráth'
ag saorollamh líofa do mhórchlann Ádhaimh
cé díobh ar shíolraigh anuas an phlá
mura de iarsma an tslua sí é ó thuathchnoc Áin'



Nó de chríonach na fíobhaí de Thuatha Dé Danann
a chuir saoraicme Mhílidh go luath chun báis,
a chríonarc chasta, chnaoite gan snua gan bhláth
cá bhfuightheasa, a shíogaí, bheith an uair seo i do bhard?



Ó nach bhfaightear san Ádhamhchlann cár díobh an dream
is dearbh gurb ó Shátan a shíolraigh an chlann
nó ó Phluto atá an tráth seo in Ifreann na ngeall
a ghabhlaigh an phlá bhocht seo a bhuair mo cheann.


L. 24


A thruáin is truaillí is is gránna gnaoi
do mhúscail mé an uair seo i do dháil le fíoch,
le fuaim shnasta bhuan bhlasta bharr mo theanga
scuabfaidh mé an ghruaig is na fabhraí díot.



A thruaghealtáin ór theastaigh gach múineadh ceart
nó an meas duit go ligfinn mo chúrsaí leat
Bím gan uilleanna ag buillí á mbuaileadh seal
is mé an file d'fhuil Cholla dar dhual an ceap.



Is tusa an seanchú den aicme úd gan dúil i spórt
a bhíodh sealad go taithíoch faoi ghlúin na brón,
ag siúd barúil don fhaisean ba dhúcha don phór
ag ithe alpán is gan altú le Críost go deo.



A bhíofa dheamhnaí is dealbh don daol do shnó,
a shíogaí scallta atá feannta ó fhéith is ó fheoil,
a chríonairc cholgaigh chealgaigh is éirlithe cló,
a bhrídeach sampail bearrfaidh mé thú beo.




Anois ó d'adhlacamar an dúil dhiabhlaí dhodhealfa, an
deascadh fine agus an ball ar sliocht lér feargaíodh an nádúr
daonna in aimsir do ghiniúna agus gur thugamar a bhás agus a
bheagshaol go nuige seo, is mithid dúinn a mharbhna a
chríochnú ar aiste na bhfilí amhail a thuill uainn.




Murar éag éifeacht ár ndraoithe
is ár saoraicme i gcéin ar díbirt
is ár ngéarollúna gléghartha líofa
is ár n-éigse le ndéantaí mo aortha,
ní féidir go mbeadh éigeas bocht brídeach,
gan léann, gan éifeacht, gan chríonnacht,
an daorarcán péisteach na gríbe
nach féidir le haoinneach sa chríoch seo,
dar fhéach startha léinn na saoithe,
a bhéarfadh scéala cé hé an aicme ór shíolraigh,
ach murar fréamhadh mar aon chopóg aoiligh,
nó an réadsa a ní bréanfhás na hoíche;
is dá réir seo tá a fhréamhacha is a dhaoine,
an fheithid bhocht éagruthach, síofraíoch,
an céarnabhán céarchasta daorfhliuch,


L. 25


de réir measa is baol do na daoine,
is do na héin le féachaint an tsíolaigh,
do mo bhriathar gurb ionadh nach scaollann,
is a chlaonroisc ar aonslogadh míle,
ina chaolchloigeann chéasta gan aon fholt,
ach sé ribe déag ós cionn maoile
arna dhaorfholcadh i mbréansúiche míosa,
a éadan ar aondath na ndaola
lán féirseog mar éilín ar fíobhaí
agus céad chnag dá éis ag teacht tríothu,
a mhalaí gorma ramhra righindubha
ós ceann smuit is olc a suíodh,
a leaca gan fheoil is a bheol ba faobhrach,
ós cionn boird níor chóir a bheith an síofra
ach ag ithe de shop mar chleacht a dhaoine
i measc na muc mar arcán aoiligh,
gach ball de faoi locht ó shoc go hingne de,
an míolchú gortach, lochtach, cíocrach,
an $Basilisk diabhlaí, fiata, fíochmhar,
an $crocodile suaithnidh, suarach, síorshiúl
an tód gan suim, gan ghreann, gan aoibheacht,
samhail le cat ar creag san oíche é,
nimh gan neart is a mhaith gan bhuaine,
eascaine Dé is gach aon sa saol ort,
eascaine n-ógh, na n-ord is na n-aingeal ort,
eascaine na gclog, na gceall is na saoithe ort,
eascaine ón chléir is gach téampall naofa ort,
scrios is plá is deargár daoine ort,
go n-imí do rath mar cháith le gaotha,
is doiligh dó níor ordaíodh daoibh é,
go dtite go luath do ghruaig is d'ingne,
go mbeire an ghaoth rua is na sluaite sí
tusa leo uainn faoi bhruach i ndíthreabh.
Ní dáil choscartha bascadh síolaigh
atá gan bruth, gan smior, gan smaois ann,
gan dúil a theacht as le haitheasc aoire;
an mithid leat stad nó an bhfuil tú cloíte?


L. 26


FEACHT n-AON DÁ RAIBH MÉ.



Feacht n-aon dá raibh mé in uaigneas
i mbruín uasal fhásach,
níor chodail mé, is mé im aonar,
go meadhon oíche an tráth sin.



Leigis Gruagach na bruíne
os beanna sí na learga
gach srann uafar á séideadh
mar fhuaim réimthoinne farraige.



Taibríodh domhsa trí uafás
cnoic is cuasáin gach sléibhe
do thoisc Shéamais Mhaigh Neanta
siar go seanlios ráth Mheadhbha.



Ní heagla daoibhse a bheadh i gceasnaí cloíte
ag an mhacra shí ina gcampa,
is go bhfuil sa tír seo gan a fhios do dhaoine,
an dara Séamas Mhaigh Neanta.



Níl cleas dar críochnaíodh le daltán Aoife
ná fós ag Naoise uaidh ar dearmad
ach i ngleic an phíce gur threise shíolaigh sé
ná ceachtar díobhsan go dearfa.




Mo chruthú air sin gan de chlann nó de chaomhchineál
sleachta arbh fhás ó cheachtar den dís churadh réamhráite .i.
Naoise mac Uisnigh agus Cú Chulainn ach Conlaoch Mac Con
ina aonar agus gur fiosach don tír uile dís mhac foirfe
feidhmláidir agus iníon chuanna chlódhéanta ar marthain do
shliocht Shéamas Uí Mhaolagáin.



Is deimhin fós gur fíor agus gur fortúnach a chuaigh ar rath
agus ar bhiseach do Shéamas cleas an gha boilg a imirt ar
Mhaighréad Ní Labhail ná don Chuagán féin an cleas dona
dobharnach a chumascadh le hAoife dar gineadh an Conlaoch
sin agus a maraíodh iar dtain lena athair féin leis an chleas
chéanna ar trá na dtréanfhear ó thuaidh mar nach ndéanann
agus nach ndearna an Séamas Ó Maolagáin aonsamhail eile de
ghníomh coirpe riamh.



Ach gá dtám ris? Is deimhin gur mór d'uaisle Éireann agus


L. 27


na gcríoch archeana ar ar imir an dís churadh thuas bás agus
beagshaol agus gá fearr an gaisce sin le maíomh ná gach creag
agus gach cuasán criosta ceannláidir dá dtuairgeann agus dá
dtreascraíonn Séamas go lár agus go lántalamh ag cur $potato
agus cabáistí dá dtagann torthaí maiseacha meallghorma le
mbeathaítear cách go sona soirbh seascair a chois maoltine
móna?


L. 28


FREAGRA AN ATHAR
DONNCHADH MHIC CATHASAIGH
.I. AN SIRITE SIABHARTHA AR AN BHOLTÚNACH.



Fos, a Phádraig, cad é an spórsa
shaobh do chiallsa,
má thug tú Naoise agus daltán Aoife
anuas sa scéal seo?
B'annamh cóimheas dóibh gan uafás
lá na bruíne,
coinnle gaisce Inse Ealga
an dá laoch seo.



Dá dtugadh cnúidín léim thar líne,
lúide an t-ionadh,
nach léifeadh eachtra Naoise is Dheirdre,
Uathaigh is Aoife
a níodh gach lúthchleas léidmheach láidir
i nDún Scáthaí
dár thug Cuagán ga na mbolgán
teann le taithí.



Tonn os tonnta, crann os coillte,
an leon loinneach,
bíofa bithbhuan sheanchlár Mheadhbha
leodhach corrach;
riadh an murrach an dá shearrach
bheoga mhongach',
Eadarcomhal is Nadchrandal, is
trí mic Neachta.



Fear Dia dána a thóg an sonns-sa,
liag os fearta,
riadh na lúthchleasa, mór an t-uafás,
cait is bábhchleas,
cleas an chleitín, faosamh macra,
mór an t-ardmheas.


L. 29


Gach toisc faoi chríocha Fuaid is
Locha Eachtrann
dár thug Cuagán na sleánna síghlana,
daltán Chathbhaidh,
níl cóimheas dóibh le Séamas,
d'ainneoin d'fhiacla.



A Mháistir Boltún, stad ded bhréaga
is gabh riaghail;
má d'fhás tine uait mar dhrithle,
múch an t-aoibheal,
- ní dual file gan taom buile
tráth nó a chéile.




Is mór na comharthaí mire agus míchéille liom ort, a
Mháistir Boltún, an Séamas Mhaigh Neanta sin na síofraíochta
agus cleasaíochta agus gan a fhios cé hé an cú caca in Éirinn é
a chur i gcomórtas le Cú Chulainn mac Sualdaimh nó le Naoise†
niamhchruthach †mac Uisnigh dár lán príomhstartha agus
meabhair daoine dá n-alla agus dá n-ardtáin. Ach is deimhin
gurb ard adharca an tseilide ar an tulach nach mbíonn ba. Mar
sin duitse, is cúis deimhin, dá bhfeastá mo shamhailse d'ánra nó
d'ollamh a bheith sa tír seo, nach ligfeadh an eagla duit mo
ghluaiseacht nó mo ghríosú leis an ealaín ainbhfiosach a rinne
tú.


L. 30


CONCHÚR BEAG DÍLIS DUBH.



Mac a Liondain
Trí chuisle gan tuirse le siansa suilt,
nó mar shiollaire a thiocfadh as diamhair cnoic,
ba chliste gan tuisle gach síógachphort,
a sheinneadh mo Chonchúr beag dílis dubh.



Dob fhortacht ar easláinte a chlaonann corp
gach aiste chiúin dheismir dár scaoil ina ucht,
mo shearcán breasnaí nár thaobh aon locht,
le fras-shiúl na ndeaschríoch na maothchrobh bog.



Conchúr
"Is í an ríon Terpsícore a ghluais i mo dháil,
is a gríosbhéal mar íce le ruagfaí an bás,
táim faoi cheo na símhná gan suaimhneadh spás,
caoindearca na maothghlaca is mé buailte dá grá.



Nó is é a mheasaim gurb í a deirfiúr is Pátrún dóibh -
lucht freastail gach aiste le gnás an cheoil -
Euterpe an thaispeánfadh scáile ar ló,
in aisling is í deasaithe mar bhláth trí rós.



Táim i gceasnaí dá heaspa go tláith faoi smól,
an taismhíonla bhreasnaí na scáiní óir;
go mba treasíce ar chneas cloíte bhás na n-óg
gach dreas bíogach ó bhansí na mbánscoth meor.



An tAgallamh
Conchúr
"Is a bhrasfhaoileáin dreachmhíonla is áille snó,
a bheir fras díobhálach dart slítheach ag bású sló,
ná stad díomsa teacht laoi nó ar fhás don neoin,
a shladaí lér maslaíodh mé i ngalraí bróin."



Is é d'fhreagair domh an ainnir ghlan ard chaomh thais,
is a gealphíb ar dhreach shlí de bhláth na meas:
An Ainnir
"Dá dtaitníodh mar bheatha liom scáth na gcreag,
go nglacfaí mé i dteach bruine dob ard ina lios".


L. 31


Conchúr
"Is a réalta chiúin gan aonsmúid a scaoileann ceo,
a ghéag úr is déad cumhra faoilí a beoil,
ós aoi domhsa an t-éag agus nach mbímse beo,
tabhair mé faoi néal drúchta shí dod dheoin".



Is é deir an péarla nár truaillíodh fós
le sméaracht na dtréanfhear is uaibhrí glór: -
An Ainnir
"Déan teach beag téagartha i bhfuarlaoid róid
is gaibh céile dá réir siúd, ar dual dí an bhró".



Conchúr
"A ghéis gheal mar ghréin ghlan ar bruach Mí Mheoin,
atá ar aonlasadh scéimhe agus snuaghnaoi só,
ní céirseach de bhaothchailleach truaillí chrón
a bhéarfaidh mé féin liom mar chéile, ach
bean chuartaithe cló"."


L. 32


AN BHFUIL TÚ ID DHÚISEACHT?
Agallamh idir Mac a Liondain is Mac Cuarta.



Mac Cuarta:
An bhfuil tú id dhúiseacht, a úrmhic Eoghain?
corraigh as an chlúid agus úmaigh do sheolta;
mura bhfaighe tusa cúnra Dé Luain ar an eorna,
lean faisean ar an dún seo, agus faigh plúirisigh bó dom.
Agus éist, a bhrealláin, agus éist.



Mac a Liondain:
A scraiste gan súil ó chnuasach na Bóinne,
Ó tháinig tú chun an dúin seo fuair tú plúr is feoil ann;
mionnóidh cúigear gur dhiúrnaigh tú beoir ann,
is cha chaillimse mo chlú ag iarraidh plúirisigh bó duit.
Agus éist le do challán, agus éist.



Mac Cuarta:
A Phádraig is tréithí i gcéill is in eolas,
is ionadh nár léigh tú ar thréithe na Bóinne
mar a bhfaighfear plúr geal na déise agus togha gach beorach
monuarsa do leithéid bheith ag dréim leis na fóda.
Agus éist, a bhrealláin, agus éist.



Mac a Liondain:
A Shéamais chaoich, a shrádaí, a bhíonn dána i ngach cóisir
ní rachadh fir Ard Mhacha go brách a chois Bóinne
mar gheall ar bhur bpá nó a tharrtháil bhur bhfómhair
ach mar gheall ar foireann páistí a chur i mná bhur bhfear
pósta.
Agus éist le do challán, agus éist.



Mac Cuarta:
Is é a chluinfinnse á rá ag mná
deasa Bóinne
go bhfulaingeodh a mbá is a sparradh
i gcónraí,
Sula rachadh a dhéanamh páistí le náisiún
bhur gcóige,
ar cheasta a gcrochadh in airde le cnáib
nó le cordaí.
Agus éist, a bhrealláin, agus éist.


L. 33


Mac a Liondain:
Nach mí-ghrásúil an gníomh do mhná buí
na Bóinne
a ndoirse bheith sparrtha acu ar ard
an tráthnóna
trí bholta cláir a bheith fáiscthe
ar a gcomhla
le heagla go bhfaighfeadh strainséir
áit ann nó lóistín?
Agus éist le do challán, agus éist.



Mac Cuarta:
Cha dhruidfeadh siad na clártha le hard
an tráthnóna
Ach le heagla go ngadfaí uathu an cháiteach
is na bróga
naigín beag an pháiste, an sáspan
is an cóta,
an coc is an cáefe lása, is a Phádraig
nach leor sin?
Agus éist, a bhrealláin, agus éist.



Mac a Liondain:
Is ó bhuail tú chugainn, a liúdaí, i ndúlacht
an gheimhridh,
atá i do shuí sa chlúid againn is do shúsa
ar do thimpeall:
dá mbeadh amharc i do shúil ní damhsa
a bheifeá ag tiomsú,
is tá an teach seo ag éirí cúng is
níl do rúm ar an urlár
Agus éist le do challán, agus éist.


L. 34


FAOI MHALA SHLIABH CRÚB
An dara agallamh idir Mac a Liondain is Mac Cuarta



Mac Cuarta:
Faoi mhala Shliabh Crúb, má bhainimse fúm,
beidh ormsa cumha faoi m'athrach;
mar nach bhfuil agaibh d'úsáid nó de bheatha sa dún seo
ach ag rácáil is ag rútáil photátaí:
ní hé sin an cleachtadh a fuair mise sa dún
dá dtagadh ann snua gach gráinne,
ach cruithneacht agus plúr acusan le clú
á scaipeadh agus úrleann Mhárta.



Tá foscadh ag an Chrúb is cha minic linn siúl,
is ní itear ann plúr gan anlann;
ní sheasann tusa clú do na bodaigh sin ó Lú
is gurb é dúnadh a gcuid doirse ab fhearr leo:
nach cuimhin leat sa dún seo plumaí agus úlla
agus talta breátha úra na háite?
Seasann siad a ndúiche go fearúil le clú
is ní thugann siad cúl dá naimhde.



Mac Cuarta:
Tá úlla go deimhin sa dún seo le feiceáil
is is cuimhin liom go bhfaca mise an méid sin,
ach is dóigh nach cosúil Teamhair le haon fhód de bhur gcuid
fearainn
a mbíodh laochra agus macra ar féasta ann;
fir Éireann dá dteagmhódh le chéile san aiteas
is iad ag cur gualainne lena chéile,
níl aon réigiún sa chruinne nach ndéanfadh siad a leagadh
cé gur cloíodh iad i gcrutha ina dhiaidh sin.



Mac a Liondain:
Labhair le ciall agus ná can tusa bréag
is ná déan tusa éagaoin gan ábhar,
bíonn arán glan gléigeal in aice ban sléibhe,
uisce beatha daor agus $Marchbeer:
ag teacht aimsir na féile beidh cruinniú ar an chléir ann
is gach aon díobh ag déanamh crábhaidh,
bíonn cláirseach na dtéad ag seinm lena dtaobh
is lucht ealaíne ag síorchur dánta.


L. 35


Mac Cuarta:
Cláirseach nó ceol chan fhaca mé go fóill
ar bhur dtulaigh, cé mór lena rá é,
ach cáfraith mar shó a bhíonn agaibh gach nóin
is an brachán á ól de scálaí;
potátaí ar bord, gan arán gan fheoil,
is é a mheasaim gan mórán anlainn,
an bainne ramhar cóir cha bhíonn agaibh ar dóigh,
ach á mhaistreadh agus ag ól na bláithe.



Mac a Liondain:
Níorbh fhoráil dúinn potátaí bheith againn agus cáfraith
tráth thiocfása i do shrádaí chun ár dtíre,
cupán de go sámh go bhfaighfeá i do bhráid
is nach ndíolfá do cháin a choíche;
níl aon sculcaire i d'áit nach bhfuilingeodh an bás
sula dtabharfadh siad sásamh i mbia uathu,
bíonn plúr gach gráinne libh chun na sráide
ag scagadh agus ag scáineadh an chíosa.



Mac Cuarta:
Labhair le ciall is ná can tusa bréag,
nach minic a bhíonn bur dtriall chun ár dtíre,
bhur gcuid corrán ar bhur sliasaid is bhur scata ban taobh thiar
díobh
ag tacar is ag déanamh an chíosa?
Breacanaigh dá dtriall níor chleacht mise riamh
ach an builín a mbeadh díol féasta ann,
chan aon chomórtas bhur sliabh leis an talamh a chum Dia
a dtagann gach dias ar a méid ann.



Mac a Liondain:
Tá talamh breá aoibhinn againn ar gach taobh
a bhfuil foscadh ann is díon ón bháisteach,
is nuair a dhearcamar síos gur gile é na an t-aol
Sliabh gCuilinn breá na séad go hálainn;
le linn cogaidh nó síochána níor ghlac sé riamh scaol,
ach ina sheasamh go díreach láidir,
is iomaí sin rí a tháinig chuige le "$fleet",
is níor thug sé d'aon díobh ach fáilte.


L. 36


Mac Cuarta:
B'olc an áit do rí a theacht chugaibhse le "$fleet"
ar cuireadh chun bhur mínleach sléibhe,
is nach bhfuil sneachta nó síon dá dtagann ar an saol
nach mbíonn agaibh seal míosa ar céilí;
ar uair a dhearcaim oraibh síos bíonn gruig oraibh aníos
is gach aon díbh ag teicheadh óna chéile,
chan iarrfadh sibh d'aoibhneas nó d'aiteas sa tír seo
ach ag ruaigeadh cearca fraoich is a gcuid éanlaith.


L. 37


TUIREAMH SHÉAMAIS MHIC CUARTA.



Dá roinntí d'ionmhas liom a théampaill,
ós cás faoi do chlann gurb ann atá Séamas,
dá bhfhaighinnse cruinn an intleacht chéanna
a theagmhaigh gach am ina cheann is ina chéadfa,
thoghfainn í is mhaífinn m'éadáil.
A shamhail níor frítheadh sa líne dhéanach
ó d'imigh siad thall, an dream dá ngéilleadh
uisce Chastália is táin Chliméne
faoinar tolladh dá ngrá go básghoin Hésiod.
Samhail Mhic Cuarta - luaim féin sin -
Hóiméar a thug bua ar uain gach véarsa
dár chara le stuaim suanna na nGréagach,
nó Virgil a bhí faoin impireacht in éifeacht,
Oivid ar luas é i gcruas gach léighinn
an file na mbuanna a bhí ar fuagra ó Shéasar,
ar scríobh Lucan agus Lucius éachtach
de startha faoin Róimh ar chrógacht tréanfhear,
bhí a meabhair gan cheo san eolas déanta,
gan tuisleadh, gan dlóimh, ina bheol ag Séamas.
Ach is áirithe gur sháraigh na céadta
ar gach rása dár tháinig ó Ghael Glas,
a fuair fáilte ag Pharoah san Éigipt,
is an rímhac ón Scythia .i. Féinius,
lér áiteadh scoil ard ar Mhaigh Séanair
lér gháthaíodh an sárfhlaith Mac Éathoir,
nó gur fhás ó Thúr Baibealóine béarlaí
is gur fhág an dá dhrua dá éis sin,
snaidhmeadh dá n-áineas an Ghaeilge,
is gach áiteadh dá lámhadh an Ghaeltreibh
nó go ráinig a n-áineas le Réfleoir,
is gach ardú dar áirmheadh is dar céimníodh
go teacht dáibhsean don Spáinn mar ghabh géilleadh.
Mo ghruaim tuirse bheith in uaigh duit, a Shéamais,
gan chuallaí san uaimh is tú id aonar,
a shuaircfhir a bhí gan uabhar, gan éagóir.
Ba tú an t-uaithne le fuaiseamh fear Éireann -
i dteach coirme ba shoilbhir ar féasta
seanchaí gan amhgar, gan bhéim air -


L. 38


is gach dream dár shealbhaigh críoch Fheidhlim
ó aimsir go haimsir nár léir dó,
gan mheabhal mar dhearbhscaoil a ngéaga.
Ba mhilse ná poinc á roinnt ar théada
foghar glan grinn a chinn is a bhéilsean;
ní chreidim go brách nár tharla an t-éigeas
in am Chonaill an áir i lár shlua Mheadhbha,
is ar ghoin na seacht Maine, is ar thairngir Feidhlim,
is a ndearna mic Maghach d'áthais nó d'éachtaí,
is Cú Ghlinne Bolg faoin bholgán béice,
ar scrúdaigh mac Fachtna is Cathbhadh déadghlan,
is ainm gach eachtra ó Chath Mhaigh Léana,
bhí i meabhair Mhic Cuarta chnuasghlain chéillí.
Ach gur thug aire go dlúth le dúthracht méine
a thabhairt don Rí a thug Maoise ó dhaorbhroid,
ar aiste na naomh i ndlí na cléire,
le troscadh de shíor is le gníomhartha néamhaí,
is le hurnaithe beoil chun glóire a mhéadú,
gach maidin is faoi dhó go tóirneamh gréine,
is ar ndúiseacht iar suan gach uair a dhéanamh,
radadh sé a ghníomh is a smaointe in éineacht
go milis don Rí a scaoil síol Éabha.
Chuir do bhás na baird faoi léancheas,
tá naonúr de mhuirnmhná na héigse
trí dhlúimh thuirse ar fuaidreamh go déarach,
tá Clio is Thália ag scáineadh a gcéibhe,
Melpomene ghartha is Eráto in aonstaid,
Euterpe ag caoi is Terpsícore ag éagaoin,
is Callíope na méar mín á tréadghoin,
agus Polyhémnia go háibhseach ag géarchaoi,
agus Uránia na mbánchíoch ag léimneach
de lár ag síorghártha faoin scéal seo,
ag fáscadh na mám síos de dhéara.
Ach cad é ab áil leo is nach sámh le mo Shéamas?
dul chun a n-árais mar a d'fhás do na déithe;
ach do chuairtse, a Mhic Cuarta, go ndéana tú
ag an Rí a d'fhuascail gan truailleadh as péin tú,
is gura beo fíor in nglóir shíoraí an té seo
a chuir dóigh chaointe, thórraimh is chríche déanaí
ar an tóirse a bhí clólíonta béalbhinn,
is gach snóríon róslíonta, dhéadgheal
a bhí a fhóirithint sa chló chéana ag géimneach,
go seola iar ndul in uaimh chaol i gcré síos
an tEolas agus na naoi dtóstal Mhic Dé dóibh.


L. 39


Seacht gcéad déag a luaim anuas ó Chríost an ré
go Séamas Mac Cuarta dul in uaigh síos faoi chré,
dhá bhliain, dhá mhí - fuair mé an uaim shnasta is tríocha féin,
ó críochnaíodh an drua ba bhuan tuiscint ar scríbhinn Gael.



Tá faoi an liag seo fíniúin fhorais chlár Néill,
dalta cíoch na síbhan sin Pharnassus ón Ghréig,
freacnóir gníomhartha shliocht Íre Dhál gCais is Dhál gCéin,
mar Chathbhadh an draoi dar shearc mic Fachtna uile i gcéill.


L. 40


TUIREAMH CHÁIT BÉILÍN



A bháis, ó nach áil leat i gcónaí
gan sárú Síl Ádhaimh is á leonadh,
nach náir duit gan cádhas a dheonadh
faoin ár seo do bhláth bhocht Iath Chobhthaigh,
atá i ngábh á sárú - is ní gó sin -
ó d'athraigh dá háras faoi fhóda
an tsáriníon atá spartha sa chónra,
géag amhra do dhealbh Rí na Glóire,
cuinge sábhála ar ghnáthbhroid a comharsan,
a fuair sárchlú thar mhná taise Fódhla
ó gach dámh a bhí gnách sna cóigí,
ó Árainn is go bánsruth na Feoire,
ó Chnoc Maine is go hardtreibh Thír Eoghain,
ó Ard Mhacha is go Cairlinn na bóchna,
le dáil fleá is fáilte faoi bhorda;
is dá mba lán uile an tsráid de na cóistí
nár náir léi ar ghrá cheart don Choimdhe
is Máire a bhí ina máthair is ina hóigh,
bheith ag saoradh na ngarlach gan bhróga
ag dáil don bhean ársa is don ógbhean?
Is í an tsáriníon Cáit a bhí ag fóirithint
do gach ál a bhí gan áitreabh ar fógra,
ag tadhall gach stáide sna bóithre
ó ardsoilse lae go teacht nóna;
atá an fhéile dá héagmais ar maolú,
gan spéis aici i bhféastaí nó i rósadh,
bhí réchroí na géige seo iar ndoirteadh
a mhéadú lucht tréanais chun sólais.
B'í Cáit Béilín an péarla as na ró-mhná,
aon rogha séad na liag lómhar,
óir bhí séimhghnaoi ar aoldreach óighe,
bhí an maothlile ag céimniú go deonach
le scéimh loinnir éadrom an rósa
faoina caorleaca ghléigeal iar mbeochan
is a réphíb mar ladhga á seoladh
ó néalta na spéire á ruathar,
is a maoldearca, méinghlasa, móra
mar réalta dá ndéantar an t-eolas,
is a béal tana, déadgheal sa chló sin,
is a folt péacach ar bhraonteacht aonruainne


L. 41


go séimhlúbach, séanda ar an ómra,
a rémhama gheal, chruinn, chnósach,
is a scéimhchorp go héadrocht faoi shrólbhrat,
a caoinbhasa mínlaga, meor bán,
is neamaíteach a scríobhadh le seolpheann.
B'iomaí sárbhuíon láidir chróga
ag triall ina dáil is í ag fáiltiú dóibhsean,
ó ardsliocht Íre aníos ón chóige,
is d'aicme Shíol mBriain dar ghéill an fód seo,
síol Éibhir an áigh lenar gáireadh slóite,
sliocht Lughaidh na ngníomhartha mhic Íotha mhic Breoghain
sliocht Cholla na sciath a chuireadh cliar chun cónaithe,
agus sliocht Bhriotáin gan cheilg na meirgí órga,
ardscoth na gcliar sa diagacht eolach
á bhfreastal le plúr is le sú na heornan,
céir is fíon is fíormhil fómhair,
is rogha na laonna dar chlaon chun Fódhla,
oisfheoil is iasc is gach mias in ordú,
is rogha an aois ciúil faoina dún le ceolta,
is gach file dár scrúd gach ciúinstair eolais
ag Cáit gach uair, an stuabhean mhómhar.
Dob fhuras don mhéargheal an fhéile a chomhdach,
céile Niocláis Fléimeann a thug réim di i gcónaí,
a bhí i bpáirt leis an ardfhlaith rósgheal,
bráthair Bharún Sláine ó chois Bóinne,
na ngardaí, na lásaí is na gclócaí
de scarlóid ar an ómra, den órnasc
na ngalltrompaí gáireach fleách snóch,
na ngártha, na marcshluaite is na n-ógeach
na gcathrach is na mbánbhreac ón bheoshruth,
is na mbláthchrann ar a bhfásadh na tórtha;
a bhí i bpáirt le cuid d'ardfhlatha Eorpa,
na hAraibe, na Tuscáine, is na Róimhe,
is le hardteach na hOstaire, cé mór sin;
is é a ghaol le sliocht Mhílidh na n-órlann,
le síol Néill is le héifeacht Chlann Dónaill,
is le gach tréantriath faoina ngéiseadh an mhórliag
a ghéimeadh le déanamh gach deoinrí;
ba chéile don tréanfhear den phór seo,
an Fléimeannach éifeachtach, eolach,
tréanmhíle béimneach nósmhar,
crann téagair na cléire is na ndeoraithe,
tor díona na ndílleachtaí is na n-oircheas.
Tá na dúile faoin chiúinríon breolag,


L. 42


a bheir smúiteacht ar ghnúis gheal na dtóirsí,
gan drúcht feaga i gcluainte nó ar feora,
tá Eonr? is Pyrrhus arna leonadh
agus Ethan is Phlegon, mo dhóighse,
tar éis Phoebus a thréigean sa chóiste:
tá na réanna gan méin teasa treoraí,
nó aon loinnir ghréine ach gaoth is tóirneach,
agus tréanteacht gach síne dá bhfógairt,
gan éigne ag léimneach trí bheochleas,
ó d'éag sin Cáit Béilín an róbhean.
Ach cad é a b'áil liom ag trácht ar an sceol sin
is an bás ag cur ar uile i gcónaí?
Is gur do lámh do Aaron is a shló leis,
Dáibhí an rí, Saul agus Góliath,
Ionathan, Samuel agus Jónas,
Artabánus, Iason is Pyrócles,
Ganymédes na scéimhe is Musidórus,
Tibérius is gach Séasar a ba mhó meas,
is Cleopátra a thug grá do Antónius,
leis an bhás gur dhíol cáin i ngach leonsmacht.
Is le tuirse an t-ábhar go mór liom
gach sáriníon le Cáit bheith deorach,
Alaidh ghléigeal an-bhéasach faoi dhólás,
is céile don tréanfhear .i. Seoirse,
nach n-éarann an éigse faoi shógha,
agus Eisiomaith dá heaspa go deorach,
an taismhíonla bhreasna na meor lag,
atá ag an Úrmhach ar Lú ina gcónaí,
fear iúlmhar gach rún tuicse in eolas,
le scrúdtar gach ciúinstair gan dóbhrón,
is an tsaoriníon atá ag an Díseart faoi cheogol.
Ach tá dís eile chraobhach cnósmhar
fear suaimhneach nach bhfuil uallach nó bródmhar,
Mícheál Uaithí a thug ualach de lón leis,
le fuascailt gach cruacheiste amhrasaí,
de mhian i ngach céim dar cheart dhósan,
atá tréitheach ar léann is ar bheocht,
agus Seon Fléimeann an spéirmhacaomh ceolmhar
ar gach aon siolla feidhmeach faoin Tróin.
Ach ó d'éag sin an ghéag ghlan na gcornchiabh,
is nach n-éiríonn go lá an tsléibhe as a rómhluí,
beannacht cléire na hÉireann, sin mo ghuí,
is gach aon aicme dea-ghnímh is na n-ógh mín,
á méadú go saibhir sa ghlóir thíos.


L. 43


AN tANNÁLACH.



Muin, dair is dhá choll
is a naoi is fiche gan lán oll
de bhlianta ó Chríost a shín
gur adhlacadh Cáit Béilín.


L. 44


TÁ DAIRTÍ AG DUL TRÍOM.



Tá dairtí ag dul tríom
dom shíortheascadh de ghnáth gach uair,
gan mheadhair faoi mo chlí,
is mí mian dom na mná a lua,
faoi bhanríon chas, chaomhgheal
na mínghlac a d'athraigh anuas,
lér gadaíodh dáiríre
siansa mo bhláithphinn uaim.



Tá a folt ar dhath na sméire
go straoidheach ag fás dá gruaig,
a hucht ar dhreach na géise
is a réphíb mar bhláth geal cnuais;
an rós ag deabhadh ar éigin
le maothlile gach tráth ina grua,
agus d'fhóirfeadh seal ón éag mé
dá bhfeicfeadh mar atá mé faoi ghruaim.



B'aite liom ná Phoebus
lena spréitear gach dealramh uaidh,
na mamaí sin ag m'aonsearc
mar fhaoileáin ar snámh sa chuan,
a leabharchrobh mar ladhg
is a béal tana is sámhcheart fuaim,
ar samhail di Deirdre
faoinar éigníodh an tsár-Chraobh Rua.



Mac Manair is Orphéus
agus éirídís gan spás ón uaigh,
agus glacaidís cruiteanna téad binn
méar frithre ag fáiltiú slua,
b'aite liom ná an méid sin
is tréanchlann Daghda ón chuan
mo shearc a bheith dom bhréagnú
dá véarsaí as lár mo shuain.


L. 45


Cé ba chumasach ar scéimh
is ar gach tréith eile an dá iníon shuairc',
a bhí i bhfad ar ucht Damétas
an tréadaí in Arcádia i nguais,
b'ansa liom ná an méid sin
is Briséda - más áil liom a lua,
cogar beag faoi éadach
ó ghéis gheal na mbánchíoch uaim.



Shiúlfainn thart an Éigipt,
Arménia is an Spáinn de ruaig,
agus tíortha treabhra, tréadacha
na Gréige, cé álainn snua;
d'fhillfinn thart ina dhiaidh sin
go hÉirinn gan spás ar luas,
is ghlacfainn dom mar fhéirín
géis chaomh na scáiní dual.



Tá a folt go teacht an fhéir
faoina mbíonn éanlaith na Cásca máguaird,
a roisc lena marcthar céadta
de ghathanna an ghrá gan truaill,
a cló is a dreach in éineacht
do ráite na ndrua,
is ar ndóigh nach bhfeicfear déanta
dá gréasa go lá críche an Luain.


L. 46


A INÍON THAIS NA MBÁNCHÍOCH.



A iníon thais na mbánchíoch
is áille ná ladhg i bhfuacht,
de phríomhfhuil Cholla dhá Chríoch
a d'fhás trína fhréamha anuas;
don Traoi dá dteaghmhódh i ndán a bheith
i ndáil na mbandéithe ar cuairt,
mhaifí leatsa an t-áilleagán
faoinar fhás goimh an éada uathu.



Tá caoir ar lasadh d'ardfhuil
na Sabhaoiseach déanta id ghrua,
agus ón laoch mear Conall Cearnach
a chuir árchatha in Éirinn uair;
is gan braon ded ghaol níos táire,
a bhláth chaoimh na méar lag luath,
de rífhuil Cholla ríora lonnach
ó Ghael Glas a ghluais.



Tá dath na heala i gcló dhian
le beoghríos na gcaor ag spairn
i leaca ghlan na hóginíne
is rós líonta braon ag fás;
gach planda ag teacht dá corndlaoithe
forscaoilte, faontais, tláith,
is gach reabhradh ag teacht dá beol chaomh
go dtabharfadh sin daoine ón bhás.



Tá deargfhuil cheart shíol Róigh
is mórCholla, an rí a thug barr,
gan seargadh ar fad gach n-orlaigh
den rómhíonla mhaothgheal, bhláith;
is dealbhach oibríodh a meor mín
ar sról síos le sraonadh lámh,
is gach mír di uile ar lí na lile
ó bhraoithe go lár.


L. 47


A CHAOMHNAÍ AN TSOLAIS.



A chaomhnaí an tsolais,
a bhrollach gheal is báine cruth,
faoi thrí, mar is follas,
ar fheabhas ná bláth na sú,
a mbíonn gríos ar marthain
le lasair dhrithle ag fás go tiubh
ar gach taobh dod leaca
is dod dhearca mar fhás an tsruth'.



Tá dlaoithe ómra, laga, tiubha,
feamnacha ag fás dá gruaig,
is a braoithe caola ganna
mar tharraing phinn ó lámha ar luas,
a píb is a mama ar lí na heala
a bhíonn ag snámh sa chuan,
lér líon siúd arraing chlí
sa mhacra a ghráigh an stua.



Treabhrann sí i mbrata caomha
an dabharchú, an faol is an rón,
is ina scaoth muca mara
le barra maotha míne meor;
an Traoi go mairfeadh
gan deabhadh, gan díth, gan ghleo,
dá smaoineodh Paris
go raibh a samhail sa tír seo beo.



Níl ceol dá dhrithleanaí
dar cumadh go nua i ngach aird
ó aos ceoil dá ghlice
le siolladh glan stuama lámh,
a gluais gur bhinne libh, an ainnir
a thug bua ón bhláth,
ná cuach agus cruitirí na cruinne,
is ní uaill dom a rá.


L. 48


Is í an ghéag ghlan mharthanach
is taitneamhaí is is féile táin,
an scéimh úd gur bharraigh ar a
maireann is dar éag de mhná,
a mbíonn an ladhg ag dathú
i leaca gheal na gcaor de ghnáth,
agus éanlaith an earraigh
mar chodlatáin ina ciabh ag fás.



Tá lámha séimhe snoite aici
a d'imreodh ar théada ciúil
ag fás mar an lile
i bhfoireann de gach méar dlúth,
gáire an linbh
mar loinnir ón ghréin gan smúit,
is níl fáth leis níor mhiste léi,
dá dtitimis na céadta dá dúil.


L. 49


ANGELICAL MAID.



Angelical maid, id' dhiaidh ní fada mé beo,
your virtue so rare a mhéadaíonn m'aicíd gach ló,
your excellent features a dhéanfadh solas i gceo,
has power to raise from graves an iomad gan ghó.



Grant me relief, a ríon is macánta de mhná
your beautiful cheeks ar lí an chorcair i gcáil
your ivory teeth is do phíb ar an lile a thug barr
has conquered indeed na mílte duine chun báis.



Neighbouring streams go méadaíonn tuilte mo dheor
and the very earth I shake le tromosna bróin;
my heart it will break is ní féidir a fhortacht go deo
and if your forsake me is tréithlag mise id dheoidh.



Early and late is ag méadú atuirse a bhím,
still cursing my fate ó ghéarghoin dairtí ag dul tríom:
I cannot sustain my pain ach mura bhfortaítear gan scíth,
and if you my death occasion is ortsa a bheidh íoc.



Since it is my fate is gurab éigean titim le grá,
I fear that my death will stain do theist go brách;
but if you vouchsafe to heal me ó bhiorghathanna báis,
you'll merit great fame is is lia tusa thar chách.


L. 50


IS MÓIDÍM FEASTA.



Is móidím feasta ón am seo
go haimsir a dtiocfaidh an bás,
nach ndoirtim tuile ansachta
do bhantracht na leabharlámh,
is nach ansa leo an fear ceansa,
más greannmhar in eagna baird,
más caoin a dhreach is a dhealbhsan,
ná an searbhfhear dá ngairthear tráill.



Cé go mbíonn siad mar sin go fealltach
mar dhealramh roimh chith ar lá,
nó go scaoileann siad seal a leannta
go cealgach na mná.
is díomhaoin domsa m'fhearg
leis na mealltóirí is bradaí táin,
ós mar dhíogha leanna d'fhuílleach an channa
a bhíonn siad de ghnáth.



Is néal thar dhreach na bhfuagraí
a thug uaithi trí ghlórthaí sí
Feidhlim ó Rath Cruachna
ar ngluaiseacht don tsló dár dtír,
do Mheadhbh iníon Eochaidh
i nguas faoin Donn Cuailgne faoinar doirteadh maidhm,
go séide orthu anuas
ar gach stuaire de mhnaoi nach nósmhar gníomh.



Nach léir in eagna sua daoibh
gach uair idir phrós is laoi,
gur faoi Helen uchtgheal uaigneach
a buanscriosadh an Traoi,
is Éabha faoi bheagán cnuasaigh
mar fuagraíodh í le hordú an Rí
is ó nach mbeidh siad cneasta
is deimhin gur miste seoladh ina líon?


L. 51


Is ar phíb an iomad drua
is é sin nuaphort nó sean gach scéil,
gach laoi dá gcumann siad uathu
go huaibhreach le hiomad bréag,
ar lí, ar dhreach, ar dhualgas
gach stuaire dar ghin ón Ghréig,
is i dtíortha eile an tuaiscirt
na bhfuarchríoch i bhfad ón ghréin.



Dar Mí ni chreidfinn uathu,
cé luann siad gur maith a mian
nach mbíonn siad seal go suarach,
go snuaghreannach claon;
is cé líonmhar teacht na n-uailleachta
ó bhruach easa ag scaipeadh iasc,
ní lia na dreasa a ní siad den chleas
a níodh Cú na n-éacht.



Más mian libh scéala a fháil
ar an ábhar faoinar thug mé móid,
go líonfainn feasta i ngráin
do na mná ar feadh a mhairfinn beo,
feacht n-aon dá raibh mé in áras
na tábhairne is ise ag ól,
gur mhaígh le gealladh lámh dom
an stáidbhean a cion is a póg.



Ach tráth d'éirigh ár nguthanna in airde
agus d'athraíomar staid faoin bhord,
thug sitheadh amach faoin stábla
is a bráthair i ngar dá deoin,
is tar éis na ngealladh lámh sin
do Phádraig le siollaí beoil
is don mhistéir eile a d'aomh an caile
a dílseacht is a póg.


L. 53


GIOTAÍ GAIRIDE
a
CRUIT PHÁDRAIG MHIC A LIONDAIN
le Séamas Mac Cuarta



A chruit, a shláinte is a ionmhais feidhme,
a thógann gáire ag ardú téamaí,
a mhaothaíonn fearg go fíor chun féile,
is a dhaingníonn daoine dá chéile;
in am na guaise is tú mo chairde,
i gcoigrích fuair tú domhsa fáilte,
léimeann cuisle cholt mo chroíse,
is glan mo intleacht amhra tríotsa.



Cé táimse dall, de ghnáth i ndólás,
tugann tú domhsa síth is sólás,
múchann mairg is triomaíonn deora
is ardaíonn mise i ngar na córa:
acht amháin a iarraim ortsa,
iar scaradh mo anma le mo chorpsa
go seinnfidh tusa ar mo uaighse
triamhain a bhainfidh deor ó ghruanna.


L. 54


b
DÁN PHÁDRAIG MIC A LIONDAIN
le Pádraig Ó Prontaigh



A Phádraig, a shaoi na maothmhéar binn
is treise fonn ar théada,
is grinn do cháil faoi chlár ag seinm,
níl toirmeasc ort faoin méid sin;
b'fhearr liom ná cíos na críche seo uile -
sin is míle féirín -,
gurbh fhéidir liom le téada foinn
righe go nuige do chéimse.



A churaidh chróga, mar leon ar leabhar,
dar dhual go cinnte ar fhéile,
a shíneadh fós gan ghó mórchabhair
don té a bhíodh in ainbhios téama;
ní thig liom féin do chéim a aithris,
ach fógraím féin do chách
nach dtig le haon i réim dul thairis
féin go Luan an bhrátha.


L. 55


c
CÁITLÍN BÁN DO
PHÁDRAIG MAC A LIONDAIN.



Fáilte is céad do do chéilí leanbaí,
do uirgheall do bhéil is do do véarsaí grámhara,
a mharcaigh Ghaelaigh ó thaobh Dhún Dealgan
is leatsa go léir mé féin is mo shealbhán etc.



Pádraig ag freagra



Ní thig liom a rá nár ardaigh mé saibhreas
an uair a thug i mo láimh an airnéis éadrom,
má ghlacann ar ball iad ráfla ar bith aoibhill
an dtabharfaidh tú faoi do láimh domh a bhfáil
faoi luí gréine? etc.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services