Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Tighe Chonáin Chinn Shléibhe
Title
Feis Tighe Chonáin Chinn Shléibhe
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
O'Kearney, Nicholas
Composition Date
1780
Publisher
(B.Á.C.: Ossianic Society, 1855)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FEIS TÍGHE CHONAIN CHINN-SHLÉIBHE SONN. Seilg agas fiadhach trom-thorthach, saor-aoibhinn, do comóradh le Fionn mac Chumhaill agas le Fiannaibh glan-áilne Gaoidheal, uim Thorc ós Loch Léin, agas fó chríochaibh bh-Fear Morc; agas fó Íbh Chonnaill Gabhra. Do sreathadh, an t-seilg sin leó fó shliabh úr-aoibhinn Eachtaidhe, gur leathadar ós sin fó shléibhtibh bárr-ghlasa, agas fó dhoireadhaibh daingne doi- eólais, agas fó chnocaibh corracha cloch-gharbhadh ceann-ruadh, agas fó mhághaibh réigh-fhairsionga na g-críoch fó cóimhneasa dóibh; agas ró ionnsaidh gach taoiseach Féinne díobh a ionad urdhalta, agas a láthair léigthe, agas a bheárrna baoghail, mar a g-cleachtadaois cosgar gacha seilge do chur roimhe sin; agas do léigeadar seardán na seilge seachránaidhe sin fó na coillte go coitcheann; gur chuireadar fiadha fior-luatha as fásadhaibh; agas míolta mong-ruadh tar maoileannaibh; agas sionnaicc ar seachrán, agas broic as bruadh-chlasaibh, agas eoin ar eitiolla, agas laoigh allta ar luaith-réim; agas do léigiodar a g-coin g-craosacha,
g-cinn-bheaga, g-cóimh-fheargacha, trom-luatha, a g-coinne agas a g-comhdháil a chéile chum na seilge sár-mhóire sin. Acht céadna, ba láimh-dhearg laoch, agas ba chroidhearg coin, agas ba chosgarthach, có-mbuidheach Fianna Eirionn a h-aithle na seilge saothraidhe seardánaidhe sin. Ciodh trácht, níor fhan a bh-fochair Fhinn an lá sin acht Diorraing mac Doghardámhaidh amháin. "Maith, a Dhiorraing," ar Fionn, "déin faire agas forchoimead damhsa, go g-codla mé; óir is moch do eirgeas a niu, agas ba mhaith an mhoich-éirgidh do'n tí d'eirgeóchadh an tan nach béara aithne ar sgáil a chúig méar idir é agas léas laoi; no aithne ar dhuille an choill seoch duille na darraidhe." Acht ceadna, tuitios a thoirchim suain agas sámh-chodalta for an rígh Féinne; gur ab é fhaid do bhí ann, ó thráith eirge do'n ló go d-táinidh a buidhe for an n-gréin uim nóna. Dala na Féinne: do éirgiodar ó'n t-seilg, gur fhágbhadar Fionn iona chodla ar charn Chinn Shléibhe, agas Diorraing ag a choimead, go nár bh-feas dóibh ca dubh-sheilg iona rabhadar; agas an tan dob' fhada le Diorraing do bhí Fionn iona chodhla do dhúisigh é, agas innsíos do an Fhiann d'fhágbháil na seilge, go nach g-cuala glaodh ná fead fosda uatha. "Is deire laoi 'tá ann," ar sé, "agas ní leanfam an Fhiann a nocht; acht éirgidh-si fó an g-coill, a Dhiorraing, agas tabhair adhbhar botha agas béal-sgátha leat, agas rachadsa d'iarraidh cuid na h-oidhche chugainn." d'imthigh Diorraing as a h-aithle sin, agas ní cian do chuaidh an tan ód chonairc Bruighean tailc taobh-sholuis, a g-ciumhais na
coille cluthaire iona chómh-fhogas; agas téid tar nais le sgéala chum Fhinn. "Téighiom d'a h-ionnsaidhe," ar Fionn, "óir ní dhiongnaim saothar ná foirgneamha san áit so, agas áitriobh ionár bh-fogus." Gluaisid reómpa iar sin go dorus an Dúna, agas bainid bas-chrann ris an n-dorus. Ráinidh an dóirseóir chúca, agas fiafraighios cia h-iad féin. "Dias do mhuintir Fhínn mhic Cúmhaill," ar Diorraing. "Sgeó nimhe agas urbhrughadh oruibh," ar an dóirseoir "is olc ádhbhar bhúr d-turais do'n bhaile si, óir as é Fionn do mhairbh athair agas máthair agas ceathrar dearbhráithre fhir an bhaile si, agas athair agas máthair a mhná; agas as é ta san m-baile si, Conán Chinn Shléibhe, ris a n-abarthar Conán Chinn Shúmaire; óir as é Fionn thug go h-Eirinn ar d-tús é, agas súmaire mara ruadh leis ar tráigh Locha Lúirg do iarraidh mhic an loin, eadhon, an cloidheamh; agas ba fíor na fala sin uile do dhéanamh le Fionn." Is ann sin téid an dóirseoir tar ais, agas fochtus Conán toichim agas tuarusgbháil na buidhne san dorus de. Atá óg-laoch forrusda fionn-liath ann," ar sé, "fearamhail, furranta, fíor-mhaiseach, feidhim-láidir, go maise crotha agas deilbh, agas as é as mó do mhileadhaibh, agas
as láidire do laochaibh, agas as áilne do'n drong daonna doineanda; agas cú chraosach chinnbhig, ucht-fhionn, thárr-leabhar, go rosg n-dreagan, go ningnibh onchon, go lonus leómhain, go nimh naithreach, agas go fíoch n-deabhtha uirthe, iona láimh; agas slabhra snamach sean-airgid go muince óir fhoir-loisgthe fó na brághaid, agas óg-laoch eile, donn, dreach-dhearg, déid-gheal, iona fhochair; agas soigh bhallach bhuidhe, for shlabhra fionn-droinge iona láimh." "Is maith thugais a d-tuarusgbháil fhriot," ar Conán, "agas do bheirim aithne orra; óir as é Fionn flaith-féinne O'Baoisgne an fear sin ar d-tús, agas Bran iona láimh; agas Diorraing mac Domhar-dámhaidh an fear eile, agas Sgeólaing iona láimh; éirgidh go luaith agas léig asteach iad?" Léigios; agas do rineadh umhal-fhosaidh dhóibh; agas do gabhadh a n-airm as a lámhaibh agas d'ollmhaidhe fleadh fíor-mhaisioch dhóibh; gur ba súghach soi-mheanmach d'a éis iad. Is amhla do bhí Conán, agas a bhean ar a ghualainn, agas a inghíon chrothach chaomh-áluinn ar a ghualainn eile, eadhon, Finn-deilbh inghíon Chonáin; agas ba áighmhéil éagcosg na h-inghíne sin: óir ba ghile ná sneachta geal aon-oidhche gach ball d'a ballaibh agas d'a caomh chneas: comh dearg re fuil laoigh ceachtar a dhá gruadh, cómh dubh re droim daoil ceachtar a dhá maladh, daith an óir forloisgthe ar a folt fada fionn-dlaoitheach, gorm-ghlaise na buagha a dhá rosg; ríneamhnuis mar ba freas do niamhanaibh iona ceann, ba dheirge ná gríos partáin deirg a béal blasda
binn-bhriathrach, brat cuana ceathair-bheannach caomh uimpe, agas teó airgid finn-ghil fá'n m-brat ós a bán-bhruinnibh. Acht ceanna, labhras Fionn re Conán, agas adúbhairt, "a Chonáin," ar sé, "is fíor gur mór t'fhala-sa chugam-sa; gidheadh dá mo cumhain leat an tan ró ainceas tu féin agas do bhean-chéile ar bhás, ar snamadh cáirdis dúinn, go raibh do chéile si taobh-throm torrach fó an am sin, agas do naisgeasa an toirrchios sin dam féin, agas d'a mo mac do bhiadh aici a bheith an Fhiannaidhe, agas d'a mo inghíon do bhiadh aici, a leasúghadh go maith fo mo choinne; agas d'a mo diongbhála dhamh í, a beith ina mnaoi agam, agas muna m-biadh, go d-tiobhrainn do thaoiseach Féinne dam' mhuintir í; agas do chidhim gur diongbhála dhamh féin anois í, agas is d'a tabhairt tángadh do'n dul so, agas ní d'iarraidh oidheacht." "Léig as, a Fhinn," ar Conán, "oir ní mó riotsa do mheanmain féin ná ris an bh-fear d'ár snamadh an inghíonsa." "Cia é féin?" ar Diorraing. "Fátha mac Abhric, eadhon mac rígh Easa Ruadh," ar Conán. "Ort do ghoin agas do ghuais," ar Diorraing, "ba chóir an teanga thuisleach tharrsna tar a d-táinidh an t'ann-ghlór sin, do dhlúith agas do dhian-ghearradh, agas deocha daor-bháis d'imirt ort; óir d'a g-curthaoi Tuatha De Danann uile a g-corp aon duine do b'fhearr Fionn 'ná é." "Léig as, a Dhiorraing?" ar Fionn, "óir ní d'iomarbhádha thángamair, acht do thabhairt mná linn, agas do bhéaram í d'a mo olc no maith re Tuatha De Danann é." "Ní dhéansa iomarbhádh ná imreasán riot," ar Conán, "acht geasa nach fulangaid fíor-laoich
ort muna n-innsir dhamhsa gach nídh bhus cumhain riot d'a bh-fiafrad díot?" "Inneósad," ar Fionn, "Maise," ar Conán, "Inis dam an chéad ainim agas an dara ainim tugadh ort, agas an áit iona n-dearnais do chéad shnámh agas do chéad chreach, agas cread fáth ar linge léim na Brice Bloighe gacha bliadhain?" "Inneósad féin sin duit, a Chonáin," ar Fionn. "Glasdioghuin mo chéad ainim, agas Giolla an Chuasain m'ainim na dhiaigh sin; agas ag Tiobruid Chrithinne do leath-taoibh sléibhe Smóil do rineas mo chéad shnámh; agas an phraslacha gona dá éan déag mo chéad chreach, ag Dun Baoi, ris a ráidhtior Dun an Bhrogha theas; agas as é fáth fo lingim léim na Brice Bloighe gacha bliaghain; an chéad lá do sgaras lem' bhuime, eadhon, Boghmhuin, ar na marbhadh re Clanna Móirne, do
ghlacas seachrán slíghe go ráinidh Luachair Deaghaidh theas, agas ní raibh d'éadach umum acht ionair do chroiceannaibh fiadh agas fearbóg; agas fós, do bhí ainim eile orm fá'n am sin, eadhon, Giolla na g-Croiceann; agas do chonarc dá oireachtas ar dhá charn chómh-árda ós coinne a chéile, eadhon, oireachtas fíormhaiseach fear, agas oireachtas bláith-niamhdha ban, agas faill dhoimhinn dhuaibhseach ath-fhuathmhar, agas gleann sgeó-ghaothmhar gráineamhail eadtorra; agas tánagsa chum oireachtais na m-ban, agas d'fhiafraighios díobh cread fáth a rabhadar san g-cómhdháil sin leath ar leath?" d'ínnseadar dam gur ab é Séadna mac Cairrill mac Criomhthain, eadhon, mac rígh Chiarraidhe Luachra, thug sruith seirce agas tuile trom-ghrádh do Dhonait inghíon Dháire, a Síth Dáire; agas gur ab í coimhthe do shír air an léim do thabhairt gacha bliaghain:
agas nuair thig sé go bruach na faille locan an léim air. d'fhiafraidheasa an bh-faoidhfeadh sí ris an tí do bhéara an léim? Adúbhairt sí nach faca sí aon fhear riamh ba mheasa íorradh agas éadach 'ná mise, agas ní dhúbhairt sí olc rem' dheilbh, agas adúbhairt, d'a d-tugainn an léim go bh-faoidhfeadh liom. Is ann-sin tugasa bog-bheartúghadh orm féin a meadhan mo chroiceann, agas do sgiúchas an fhaill ar mo chúl, agas tánadh am chómh-ruathar raithe chum na faille, gur lingeas do léim lán-lúthmhar eadar-bhuaiseach éadtrom tar an bh-faill a nún; agas tugas an dara léim tar m'ais, agas do bhéarruinn í ní ba mhionca d'a mo áil liom féin. Is ann sin d'éirgidh Donait dam' ionnsaidhe agas do radaidh a lámh fám' bhrághaid, agas do thoirbhir teora póg dham, agas do bhuain mo chroicinn díom, agas tug éadach mo dhiongbhála dham, agas do rug lé d'a tigh féin mé an oidhche-sin; agas d'éirgios go moch, ar na mhárach, agus do nasg sisi orm an léim do thabhairt gacha bliaghain: gur ab í sin an cheist do chuiris orm a Chonáin," ar Fionn. "Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "óir is fear feasach fíor-eólach tu, agas is úr-ghárdúghadh meanman agas aigeanta dhamh bheith ag éisdeacht riot; agas innis dham anois cia an laoch d'Fhiannaibh Eirionn, lingeas tar a liacc agas tar a leacht féin gacha laoi; agas gur ab í a ingíon a mháthair, agas é ag iarraidh éirice agas ionnchloinni ar an bh-fear do mharbhaidh é, agas é féin beó?"
"Inneósad féin sin duit," ar Fionn. "Aon do laethibh tárla imreasan idir dhá thaoiseach Féinne dam' mhuintir-si fá chóimh-ghleic dá chon, eadhon, Oscur mac Criomhthainn agas Daolgas mac Cairrill Cais; agas ní rabhasa san m-baile ná lucht eadranna eile d'Fhiannaibh Eirionn an lá sin, agas do thuit Daolgas ann. Is ann sin táinidh inghíon áluinn aontúghadh do bhí ag Daolgas ós a chionn; agas do chrom d'á phóga, gur ling caor chroidhearg as a bhéal iona béal sin, gur ba taobh-throm torrach dá éis sin í, go rug gein leathan-mhullaigh mhic an aimsir a ionnbhúdha; agas ó nach frith ainim eile dho, tugadh ainim athar air, agas do h-oileadh agas do leasuigheadh go maith go ceann a sheacht m-bliaghan é; agas is do'n chéad rabhra baoise do rin, bheith ag léimnigh tar a liacc agas tar a leacht féin; agas tá a niu ag iarraidh éirice air Oscur mac Criomhthainn, gur ab é sin fuasgladh do cheasta, a Chonain," ar Fionn. "Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas abair liom anois, a fhlaith Fhéinne, cia is fearr agas is measa, cia is mó agas is lúghadh, cia is luaithe agas is maille, a bh-Fiannaigheacht?" "Meisi féin is feárr," ar Fionn, "agas Deara Dubh ó Dhubh-shliabh, duine as measa dhíobh; óir ní dúbhairt riamh aon fhocal re neach acht aithis nó imdheargadh; agas an té chídhfeadh ar chédlongadh é, ní dhéanadh a leas an lá sin; agas Liagán Luaimneach ó Luachair Dheaghaidh, duine as luaithe dhíobh; agas Life Leisgeamhail, giolla teine choire na h-Almhuine, duine as maille dhíobh; óir as é siubhal laoi samhra as mó do rin riamh, teacht ó'n d'tobar atá a
n-doras na h-Almhuine gus a leabadh féin a d-tigh na bruighne, agas Daolgas mac Dubh-ghoile, duine as aoirde dhíobh; agas mac Míne, eadhon, an t-abhac beag, duine as lúghadh dhíobh: gur ab é sin fuasgladh do cheiste, a Chonáin," ar Fionn, "agas ná bíodhmaoid mar so ní bhus mo; má tá lucht oirfide nó ealadhan aguibh tugthar chugainn iad; óir ní gnáthach liomsa bheith aon oidhche gan ceol." "Innis uait dham cread iad na ceoil is binne leat fuarais riamh?" ar Conán. "Inneósad," ar Fionn. "An tan do bhí seacht g-catha na gnáith Fhéinne air aon mhágh, agas tógbhaid a g-crann-ghoil ós a g-ceannaibh; agas ghluaisios an ghaoth ghlórach gháibhtheach ghlan-fhuar, tríotha agas tarsa, is ró bhinn liom sin; agas an tan oirleagthar teach n-óla aguinn a n-Almhuin, agas an tan dháilid na dáileamhain na corainn caomh-ghlana do mhaithibh na Féinne, an bhlosg-bhéim bheirid a n-deire sin ag buain fá bhórdaibh na Bruighne, is ró bhinn liom sin. Is binn liom foghar faoileann, agas coigidil na g-cor, agas fuaim toinne Tráigh-lídhe, agas abhrán trí mic Mheardha; agas fead mhic Lúghaidh, agas dórd
Fearsgaraidh, agas guith na cuaiche an chéad mhíosa do shámhra; agas sgeamhghoil na muc a mágh Eitne; agas nuall na sgol a n-Doire," agus a dúbhairt an Laoi: -
Dórd na feadha bárr-ghlas, Bán-díg toinne ag buan re tráigh; No foghair toinne Tráigh-líghe, Buaint res an Laei m-bric m-báin. Triar thánaic 's an bh-Féinn, Fear díobh séimh, is fear díobh borb; Fear oile ag áiriomh na neóll, Ba bhinne 'na gach ceól a t-toradh. An ronnsa glas air an muir, An uair nach fághaidh fear a lorg; Líontán do bheir iasg i d-tír, Ceól a chodalta, binn a t-toradh. Feargaill mac Fhinn, fear ba dian, Fada a léim, leabhair a lorg; Níor chum sgél 'na'r sgaeil a rún, Ceól codlata liom a thoradh.
"Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas innis dham anois gach duine d'éaruis nó d'iomcháinis riamh: cia an duine chuaidh air aon chois, agas air aon láimh, agas air aon t-súil, do thora a ratha; agas do rin a luadhas ó Fhiannaibh Eirionn; agas cread fó n-abarthar an gnáith-fhocal so, "mar rugadh Roc go teach Fhinn?"" "Inneósad sin duit," ar Fionn. "Aon do laethibh d'a n-deachasa agas maithibh na Féinne go Teamhair Luachra, agas ní bh-fuaramair d'fhiach an lá sin, acht laogh allta, agas do bruthaidhe é, agas tugadh chúgamsa d'a roinn é, agas tugas a thogha do gach taoiseach Féinne dhe, agas ní ráinigh mé féin acht a cholpa, fá dheoigh; agas táinidh
Gobha Gaoithe mac Ronáin, agas d'iarr an colpa ormsa, agas thugas do é; agas a dúbhairt, gur ar son a ratha thugas do é, agas dul ar an bh-faithche, agas ní mór go n-deachadh leath slíghe an tan do rug a bhráthair féin air, éadhon, Caoilte mac Ronáin, agas tug an colpa chugamsa; agas ní dhearrnamair d'imreasán ann acht sin. Níor chian dúinn mar sin go bh-facamair athach mór-choirtighthe cnámh-reamhar, dubh-dhuaibhseach, doi-dhealbhach, ag iomlait ar aon chois, air aon láimh, agas air aon t-súil, ag teacht fa'n láthair, agas beannaigheas dúinn. Freagraimsi fá'n g-cuma g-céadna é, agas d'fhiafraigheas de cia an áit as a d-táinigh? "Do thoisg mo lútha agas mo lámha, agas mo chleasa, do thánadh," ar sé, "agas do chuala nach raibh san domhan duine do b'fhearr uim nídh ná tusa a Fhinn: gur ab uime sin tánadhsa ag iarraidh maoine agas maithiosa ort." A dúbhairt-sa d'a mo liom an bhioth bhraonach uile nach tiobhrainn a bheag ná a mhór do. A dúbhairt sé, gur "bhréagach na daoine a dúbhairt nár earas aon duine riamh." A dubhart-sa "d'a mo duine eision nach earfuinn é." "Maiseadh," ar an t-athach, "tabhair an colpa tád' láimh dhamh, agas biadh mo shlán fó an bh-Féinn ina dhiaigh sin; agas nach léigthear dham d'atha acht faid an cholpa, agas nach gabhtar greim orm nó go d-tugadh an chéad léim." Ar na chlos sin damhsa, thugas an colpa iona láimh do'n athach, agas lingeas tar sonnuibh síoth-árda an bhaile; agas téid a muingín a ratha agas a luadhais d'a aon chois ó chách amach. Ar na fhaicsin sin do mhaithibh na Féinne, do lingeadar a n-diaigh an athaig, agas tánadhsa agas aos ealadhna an bhaile ar mhullach an dúna d'a bh-féachain, agas
an tan do chonarcsa an t-athach ag imtheacht uainn a bh-fad, do chuirios iorra ratha umum, agas ní rugas d'arm liom acht mac an loin am láimh, agas tugas i n-diaigh cháich, agas rugas air a n-deire air shliabh an Righ, agas do rugas ar an d-trian meadhanach díobh a Luimneach, agas rugas air mhaithibh na Féinne ag Ath Bó, (ris a ráidhtear Aith Luain aniugh); agas do ghabhas tosach na tóra ag Rinn an Ruaig, éadhon, láimh dheas re Cruachán Chonnacht; agas ba ghiorra 'ná faid urchair uaim é; agas ráinidh an t-athach rómhamsa do chosa tiorma tar Easa Ruadh mhic Modhuirnn; agas ró lingeasa na dhiaigh, agas eision láimh dheas re tir timchioll Eirionn go h-Eas Bhinne h-Eadair; agas tug an t-athach léim, agas ba samhuil re leim for muir í, agas tugasa sídhe iona dhiaigh, go rugas air chaol coise air, go d-tugas ceart a dhroma re lár. "Eagcóir dhuit a n-dearrnais, a Fhinn," ar an t-athach, "óir ní riot do rinneasa coinghioll, acht ris an bh-Féinn." A dúbhartsa nach ar shlán an Fhiann gan me féin. Gairid dhúinn mar sin go rug Liagan Luaimneach ó Luachair Dheaghadh oruinn, agas Caoilte mac Ronáin iona dhiaigh, agas luatha na Féinne, ar cheanna; agas do thagradar sleagh ó gach n-duine aco
do chuir thríd an athach agas a mharbhadh fám' lámhaibh: gidheadh do ainceasa orra é. Gairid go rugadar tromlach na Féinne orruinn, agas d'fhiafraidheadar cread an fuireach do bhí ar an athach gan a mharbhadh do láthair. "Dob' olc an chomhairle sin" ar an t-athach, "óir do mhuirfídhe duine dob' fheárr ná mise am éiric." Do chruadh-chuibhreadh an t-athach do'n chor sin, agas níor chian dhúinn go d-táinidh Bran Beag O'Buadhcháin d'fhógradh fleagh ormsa, agas rángadar an líon sin d'Fhiannaibh Eirionn leis d'a thigh: do leasaghaidh teach nóla dhúinn an tan sin; agas do tharrangadar an t-athach a steach fó lár an tíghe, agas do chuireadh a bh-fiaghnaise cháich é; agas d'fhiafraigheadar de cia é féin? "Roc mac Díocain m'ainim," ar sé, éadhon, "mac do reachtaire Aonguis an Bhrogha theas, agas tug mo bhean sruith seirce fíor-áighmhéil, agas tuile trom-ghrádh do Sgiath Bhreac mhic Dathchaoin, atá ann súd, éadhon, do dhaltasa a Fhinn; agas do ghoill ormsa go mór isi do bheith ag moladh lúith agas gaisge a leannáin, agas na Féinne, ar chéanna; agas a dúbhartsa, go bh-faghain féin a céile chum ratha, agas Fianna Eirionn uile; agas do ghreamaidh sise me uime sin; agas ránacsa gus mo charaid íonmhuin Aongus an Bhrogha, d'a éagcaoine ris, gur chuir is na rachtaibhsi me; go d-tug foluadhmhuin gaoithe draoigheachta
fúgham, mar do chonarcabhairsi; agas as iad san mo sgéala dhibh," ar an t-athach, "agas ní beag dhíbh ar imrígheamhuir do dhíth agas do dhochar orm." Iar sin do léigeadh an t-athach ar siúbhal nach ar bh-feas dúinn cá'r gabhadh ris; gur ab uaidh sin atá an sean-fhocal "mar rughadh Roc go teach Fhinn," gur ab é sin fuasgladh do cheiste, a Chonáin," ar Fionn. "Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "is mór an t-úrghárdúghadh meanmann agas aigionta a bheith ag éisdiocht riot; agas abair riom anois cread iad na neithe is iongantaidhe san bh-Féinn?" "A déara fírinne an sgéil sin riot," ar Fionn. "O-glach bóghar atá san bh-Féinn, agas ní dhearrna a bh-Fiannaigheacht riamh laoi ná duain nach biadh do mheabhair aige. Atá iongna eile aguinn, éadhon, bean atá agamsa le seacht m-bliaghanna, agas bí sí beó san lá agas marbh san óidhche; agas ní h-íonnsa liomsa bean eile 'ná í. Atá iongna eile ann, éadhon, duine áirighthe bhíos gach re m-bliaghain firrionn agas buinionn; agas bearthar clann do an bhliaghain bhíos firrionn; agas beiridh féin clann an bhliaghain a bhíos iona mhnaoi. Atá iongna eile aguinn, éadhon, sleagh atá agamsa, éadhon, sleagh Fhiachra mhic Criomhthuinn; agas ní dhéin urchóid i n-diaigh a ranna; agas ní thig beó aon neach d'a d-teangmhadh í n-diaigh a h-úrlann." "Beir buadh agas beannacht a righ Féinne," ar Conán, "is buadhach meabhair-bhéalach bínn-bhriathrach chanas tu, agas abair liom anois cread fa n-abarthar "oidheacht Fhinn go teach Chuanna?"" "A déara a fhirinne sin riot, a Chonáin," ar Fionn.
"Oisín, Caoilte, Mac Lúghaidh, Diarmuid O'Duibhne, agas mise; aon do laethibh dhúinn ar mhullach Chairnn Feargaill, gairid ó Luimneach amach; agas ár g-cóig g-coin, éadhon, Bran, Sgeólaing, Sear Dubh, Luaith Luachair, agas An-uaill; níor chian dúinn go bh-facamair athach ath-gharbh árd-mhór chugainn, agas gabhal iarrainn re na ais aige, agas muc ag sgréachadh a n-glaic na gaibhle; agas inghíon óg aontúghadh iona dhiaigh ag sguaba an athaigh roimpe. "Neach uainn d'a n-agallmha súd" ar mise, gluaisios Diarmuid Ó'Duibhne iona n-diaigh, agas níor chinn orra. Eirgimsi iar sin, agas an triur eile bhí am fhochair a n-diaigh Dhiarmada agas an athaigh, agas rugamair air Dhiarmuid, agas níor chinn sinn air an athach ná air an inghíon; óir do fearadh ceó doilbhthe draoigheachta eidir inn agas iad; go nár bh-feas dúinn cá conair ionar ghabh siad; agas féachain d'a d-tugas seachaim (iar n-glanadh do'n cheó) do chonarc teach conuill cínn-eadtrom ós imioll an átha am fhogas; do chuadhmair ann san teach, agas do bhí faithche
romhainn agas dá thiobraid uirthe, éadhon, tiobruid díobh agas easgar ath-gharbh iarnuidhe air a bhruach; agas eascair úmha air bhruach an tiobraid eile; agas as é do bhí a stigh ar a g-cionn, oglaoch fíor-aosda fionn-liath ag leath-urrainn an doruis d'ar láimh dheis; agas inghíon óg-áluinn iona suidhe iona fhochair; agas athach mór ainmhín ath-gharbh ar bruach teine ag bruthadh muice; agas sgológ donn-liath do'n leath eile do'n teine agas dá shúil déag iona cheann, agas dá mhac imreasáin déag an gach súil díobh; agas do bhí reithe a stigh agas bolgán geal aige agas ceann cíor-dhubh air, agas dá adharc dhúbh-ghorm aige, agas cheithre cosa uaithne faoi; agas do bhí cailleach a n-iarthar an tíghe agas ionar oghar-ghlas uimpe; agas ní raibh do bhuidhean san teach acht sin; agas fáilte romhainn ag óglaoch na leath-ursan, agas do shuigheadhmair a g-cúigior for urlár na bruighne agas ár g-cúig g-coin maille rinn. Déantar úmhal- fhosaigh d'Fhionn mhic Cúmhaill (ar oglaoch na leath-ursan) agas d'a mhuintir." "Fáth liom," ar an t-athach, "neach d'iarraidh athchuinnídhe agas gan a bheag ná a mhór do dhéanamh air de," gidheadh d'éirgidh iona sheasamh agas do rin úmhal-fhosaigh dúinn. Ciodh trácht táinidh íota ormsa ar an láthair sin, agas níor airg neach sin ormsa acht Caoilte, agas do bhí d'a éagcaoine go mór. "Cread an éagcaoine do ghní (ar fear na leath-ursan) a Chaoilte, acht éirge amach agas tabhair deoch leat as do rogha tiobruid 's an bh-faithche chum Fhinn?" Do rin Caoilte amhladh sin, agas tug lán na h-easgraidhe úmha leis agas tug dhamhsa í, agas d'ibhios deoch aiste, agas do bhí blas meala uirthe an fheadh bhíos d'a h-ól; agas blas an domblais an tan do chuireas dam cheann í, gur éirgidh gaethe cródh agas argheanna an bháis dam, agas go d-tángadar aicídíghe nimhe chugam; agas ní mór gur mionn-aithnígheadh mé, agas ba mó go mór éagcaoine Chaoilte fá meise bheith mar sin ná fám' íota roimhe sin; go n-dubhairt óglaoch na leath-ursan le
Caoilte dul amach agas deoch do'n tiobraid eile do thabhairt chugamsa: go n-dearrna Caoilte amhla sin, go d-tug lán na h-easgraidhe iarnuidhe chugam; agas re feadh a h-óla dham ní bh-fuaras do theannta catha ná comhlann riamh deagh-fhulang ba mó liom ná sin le na seirbhe; agas mar do chuireas dom' cheann í, táinidh mo dhaith agas mo dhealbh féin orm, agas ba luinneach luath-gháireach le m' mhuintir sin. "Is ann sin d'fhiafraidh fear an tíghe, "ar bhrúite an mhuc do bhí san g-coire?" "Is bruite," ar an t-athach, "agas tabhraidh a roinn damhsa?" "Cread an roinn tugais uirthe?" ar fear an tíghe. "Tugas ceathramhadh dheire d'Fhionn agas d'a choin," ar an t-athach, "agas an cheathramhadh dheire eile do cheathrar óglaoch Fhinn, agas an cheathramhadh chinn dam féin; agas a droim agas a tárr do'n sgológ úd ar an d-taobh thall do'n teine, agas do'n chaillig úd shiar is an g-cúil; agas a thúr-usgal duitse agas do'n inghíon óg úd a t-fhochair." "Is briathar dhamhsa," ar fear an tíghe, "gur maith do roinnis í." "Is briathar dhamhsa, ar an reithe, "gur ab olc an roinn dhamhsa í, óir do dhearmada mé féin uimpe, agas agá ráidh sin, tug sídhe ar an g-ceathramhain do bhí ar bhéalaibh mo cheathrair óglaoch féin agas rug leis is an g-cúil í, agas ró ghabh agá h-itheadh. Is ann sin do ghabhadar an ceathrar a n-éinfheacht do leith a g-cloidhimhe ag lán-bhuala an reithe, gidheadh níor chuir sin air, acht amhuil do sginnfeadaois do chloch nó do charruig; gur bh'éigion dóibh suidhe iona n-ionad féin a rís. "Dar mo chúis," ar an t-óg-laoch iona rabhadar an dá shúil déag, "is mairg d'ar ab cuideachta an ceathrar óglaoch do léigios d'aon chaera amháin a g-cuid d'ithe d'a n-aimhdheoin iona bh-fiaghnaise," agas ar sin d'éirgidh chum an reithe, agas gabhas ar a chosaibh é; go d-tug urchar ainmhín ath-gharbh tar dorus amach do'n reithe, go d-tárla ceart a dhroma re lár, agas ní fhacamair ó sin amach é. Is gairid na dhiaigh
sin, gur éirgidh an chailleach agas gur chaith a h-ionar oghar-ghlas ar mo cheathrar óglaoch, go n-dearrna cheithre seanóirídh críonna cínn-ísle dhíobh! Ar a fhaicsin sin damh-sa do ghabh uamhan agas im-eagla mé, agas an tan do mhothaigh óglaoch na leath-ursan sin, a dúbhairt liom dul iona fharrad féin agas mo cheann do chur iona ucht agas codla. Do rineas: agas d'éirgidh an chailleach agas do bhain a h-ionar dam cheathrar óglaoch, agas iar n-dúiseacht dhamhsa fuaras iona rachtaibh féin iad; agas ba luathgháireach liomsa sin. "A Fhinn," ar oglaoch na leath-ursan, "an iongna leatsa suighe agas órdúghadh an tíghe so?" Do dhearbhas nach faca riamh iongna ba mho liom féin 'ná é. "Máiseadh, inneosad féin a g-ciall súd duit," ar an t-óglaoch. "An t-athach úd do chonarcais ar d-túis, agas an mhuc ag sgréachadh a n-glaic na gaibhle, a sé súd thall é, agas an leisge is ainim do; agas a sí so am fhochairse an inghíon do bhí d'a sguaba, éadhon, an mheannmna; agas sguaba an mheannmna an leisge lé; óir téid an mheannmna le prap na súl mar ná d-téidh an chos le bliaghain. An sgológ úd thall na súl niamhdha, an saoghal cialluighthear as, agas is treise ná gach neach é; agas d'a dhearbhadh sin do chuir sé an reithe ar neimhní. An reithe úd do chonarcais, cionnta an duine tuigthear leis. An chailleach úd thall, an chríne í féin, agas chríon a h-éadach do cheathrar óglaoch; agas an dá thiobraid as ar ibhis an dá dhig, an bhréag agas an fhirinne tuigthear asda; óir is milis le duine an
bhréag agá déanamh, agas is searbh fá dheoigh í; agas Cuanna a h-Innistiuil m'ainimsi féin, agas ní ann so ghnáthaighim bheith; agas tugas grádh éagmhaiseach dhuitse a Fhinn, ar mhéad h-eagna agas th-óirdhearcais, gur ab uime sin do chuireas is na rachtaibh iad ar do chionn, ionus go bh-faicfinn tu; agas ba "oidheacht Fhinn go teach Chuanna" ainim an sgéilsi go deire an domhain; agas tabhair do mhuintir a t-fochair feasta, agas codluigh a g-cúigior go maidionn." Agas do rineamair amhla sin, agas ar músgladh dhúinn as í áit a rabhamair, ar mullach Chairnn Fearghail, agas ár g-coin agas ár n-airm ionár bh-fochair. Gur ab é sin fuasgladh do cheiste a Chonáin," ar Fionn, "agas cread do bheir ort bheith mar so gan codla do dhéanamh; óir is fada le fear tochmairce mná gan dul do luighe léi?" "Léig as a Fhinn," ar Conán, "oir is gairid linn bheith ag caoimhneas comhrádh le chéile gur d-trásta, agas abair liom anois cá n-dearnadh an Dord Fhiann ar d-tús i n-Éirinn, agus cá líon do bhí agá déanamh?" "A déarsa a fhírinne sin riot," ar Fionn. "Trí mic Cearmada Mil-bheoil mhic an Deaghadh, do rin a
n-Eirin, ar d-tús í; Eathoir, Ceathoir, agas Teathoir, a n-anmonna; agas naenmhar do bhí d'a seinim; agas Fátha mic Conáin do rine 'na dhiaigh sin é; agas naenmhar do chanadh leis é, nó go ráinidh sé mise; agas caegad chanas liomsa é, gur ab é sin fuasgladh do cheiste, a Chonáin," ar Fionn. "Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas innis dam anois cairdeacht Bhrain agas Sgeolaing riot;
cionnas fuarais iad, agas cia na tri mic máthar do bhí aco a bh-Fiannuigheacht?" "Inneósad sin duit," ar Fionn. "Feacht naon d'a d-táinidh mo mháthair ar cuaird chugamsa, éadhon, Murrainn Mung-chaomh inghíon Thaidhg mhic Nuaghat, agas a deirbhshiur maille ré, éadhon, Turrainn inghíon Thaidhg; agas do bhí dá rígh Feinne Uladh am fhochairse; Iolland Eachtach, agas Feargus Fionn-mhór, dá mhac Cais Cuailgne; agas do bhí Iollann Eachtach ag suirge re Turrainn, agas do ghrádhaigh go mór í; agas tugasa dho í ar coibhthe, éadhon, ar a fághail slán dam an tan do iarfuinn í, agas slána maithe na Féinne leis sin; agas is adhbhar fá n-dearra dham sin, éadhon, leannán mná síghe do bhí ag Iollann, éadhon, Ucht-dhealbh, inghíon rígh Coilein Feidhlime; agas dob' eagal liomsa í do mhille Thurrainne, gur ab ar sin tugas as mo láimh féin a láimh Oisín í, agas tug Oisín a láimh Chaoilte í, agas tug Caoilte a láimh mhic Lúghaidh í, agas tug mac Lúghaidh a láimh Dhiarmuda Uí Dhuibhne í, tug Diarmuid a láimh Ghoíll mhic Móirne í, tug Goll a láimh Lúghaidh Lámha mac Eoghain Tailigh í, agas tug Lúghaidh a láimh Iollann Eachtaigh í. "As amhla bheirim an inghíon duit" ar Lughaidh, éadhon, an tan is mithid le Fionn a h-iarraidh, tusa d'a tabhairt do slán mar is dual; agas rug Iollann leis d'a thigh féin í tar éis na g-coingíoll sin; agas do bhí aige go d-tárla taobh-throm torrach uaidh; agas do chuaidh an leannán sighe sin Iollainn do ionnsuidhe Thurrainn a riocht mailíse, agas a dúbhairt, "do chuir Fionn
beatha agas sláinte chugad a ríogain," ar sí, agas a dúbhairt leat "oineach maith do dhéanamh, agas tar liomsa amach go nabrad beagán focal friot; óir atá deifir orm." Tig an inghíon amach lé, agas an tan táinidh tamall ó'n d-teach; do tharraing an Eachlach fleasg doilbhthe draoigheachta ó na brat, agas tug buille d'isi go n-dearrna soigh mhilchon dob' áille do'n drong daonna do'n inghín, agas rug lé í go teach Fheargusa Fhinn-léith, éadhon, rígh Atha Cliath Meaghraidhe; agas is amhla do bhí Feargus: dob' é aon duine ba neamhchonaire san domhan é, agas ní lámhthaidhe cú do bheith i n-aon tigh leis; gidheadh, a dúbhairt an Eachlach, "do chuir Fionn beatha agas sláinte chugad, a Fhearguis," ar sí, "agas a dúbhairt leat an t-soigh mhilchon so do leasughadh go maith fá na choinne féin, agas atá cuainne ínte, agas leasaighthear go maith libhsi í, agas ná tabhair sealg di ó mheadóchus a brúgha, agas d'a d-tugair ní buidhioch Fionn díot." "Iongna liomsa sin," ar Feargus, "oir atá a fhios ag Fionn nach bh-fuil san domhan duine is neamhchonaire 'ná mise, gidheadh ní dhiultóchadh mé Fionn fá'n g-céad chú so do chuir sé chugam."" Dala Fhearguis, is gairid go n-deachaidh le na choin d'fhios a maithiosa, agas do rin cosgair mhór seilge an lá sin, agas gach lá eile go cionn míosa: óir ni fhaca aon bheathadhach allta d'a súilibh ná cinneadh an chú air; gur mhéaduigh a brúgh an tan sin go nach tugadh fiadhach uirthe ó sin
amach; agas ró líon searc agas síor-íonmhuinn Feargas de sin do chonaibh. Do bhí bean Fhearguis fó'n am sin a n-aimsir a h-ionnbhughadh: gur ab aon oidhche rug sí clann agas rug an chú dá choilean, eadhon, Sodh agas Fearchú. Acht cheanna, ba gnáthach le seacht m-bliaghanna roimhe sin, ar m-breith clainne do mhnaoi Fhearghusa, Foghmhor foghlach do theacht an oidhche chéadna agas an leanbh do bhreith leis. Ciodh trácht, tárla Eithleann ar Fhionn a g-cionn bliaghanna, agas do rinneadar oigheacht a d-tigh Fhearghusa Fhinn-léith; agas do shaoradar Feargus ó'n olc sin an Fhomhoraich. Dála Fhinn, iar g-clos do nach raibh siúr a mháthar ag Iollann Eachtach: do eagair a slána ar an bh-Féinn go ráinigh Lúghaidh Lámha fá dheoigh; agas tug Lúghaidh a bhriathar go d-tiobra ceann Iollainn d'Fhionn, muna bh-faghadh Turrainn slán beo le tabhairt a n-íoc a shlána féin: gur iarr Iollann cáirde re n-dul d'iarraidh Thurrainne; agas tug a bhriathar muna bh-faghaidh í, go d-tiocfadh féin do shaoradh oinicc Lúghaidh, agas tug Lúghaidh an cáirde sin do: gur ghluais Iollann ann sin mar a raibh a leannán síthe, éadhon, Ucht-dealbh, a Sígh Coileain Fheidhlime; gur innis a thosg di. "Maiseadh," ar Uchtdealbh, "d'a d-tugthása
cuir agas slána dhamhsa fám' bheith féin mar chéile go fóircheann do bheatha agad, do shaorfuinn ó'n n-gádh sin tu." Tug Iollann sin di, agas do chuaidh sisi go tigh Fhearghusa Fhinn-léith, ar chionn na h-inghíne, agas do chuir iona riocht féin í, gairid ó'n d-tigh amach; agas tánga leis an inghíon chugamsa, agas do innis Uchtdealbh a beith torrach roimh bheith iona coin di, agas go rug dá choileán, éadhon Sodh agas Fearchú; agas a dúbhairt d'a mo rogha liomsa a m-beith iona n-daoinibh no iona g-conaibh go m-biadaois amhla. A dúbhartsa, "da mo dhamh féin do bearthaidhe iad go mo rogha liom a m-beith iona g-conaibh;" acht chéanna, d'iarr Lúghaidh Lámha luadhacht a choimhdeachta ormsa, éadhon, Turrainn do thabhairt do féin mar mhnaoi, Tugas; agas do bhí aige go rug triur mac maithe dho, éadhon, Sgiath-Bhreac, Aodhgán Ruadh, agas Caol Cródha; agas as iad sin na trí mic máthar atá ag Bran agas ag Sgeolaing a bh-Fiannaigheacht: gur ab é sin freagra do cheasda dhuit, a Chonáin," ar Fionn. "Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "a rígh Féinne is maith an t-eólus thugais dúinn; agas innis dam anois, cread fáth ar liathadh tú, agas cread fáth a d-tugadh áibhle aithise dod' ghnúis; agas más marbh ar do cholainn agas fuaire anma ar do leathar; agas cá faid do thárla dhuit a bheith amhla?" "Do bhéarfa a fhirinne sin dhuit," ar Fionn. "Aon do laethibh d'a rabhasa a n-Almhuin leathan-mhór Laigheann, agas maithibh na Féinne maille riom, ag ol agas ag aoibhneas; táinidh dias ban do Thuatha De Danainn do thabhairt cómh-ghrádh a n-éinfheacht dam, agas atáid iona séathracha agá
chéile, éadhon, Milúachradh agas Aighne a n-anmonna, dá inghíon Chuailgne; agas tug Aighne séarathach nach biadh a fear féin liath go bráth. Ar na chlos sin do Mhilúachradh, do thiomsaidh Tuatha De Danainn an aon ionad: gur dealbhadar loch draoigheachta do leith-taoibh sléibhe Cuillinn; agas fir an domhain do rachadh san loch ba liath iad; agas táinidh a riocht eilite im-léithe air fatha na h-Almhuine: go d-tárla dhamhsa bheith am aonar ar an bh-faithche an tan sin; gur léigeas fead air mo chonuibh; agas nach g-cuala cú ná duine me acht Bran agas Sgeolainn amháin, go d-tángadar chugam; gur léigios a g-chómhdháil na h-eilite iad, agas do leanas í gan fhios do lucht an bhaile ó'n áit sin go sliabh Cuillinn a g-críoch Cuailgne ba thuaidh, a n-Ultaibh; agas géir ghairid athadh na h-éilite ó na coin: níor ghiorra ná
athadh na g-con uaimse. Gidheadh, ó ráinidh an eilit do'n t-sliabh tug cor do na conaibh; go nár bh-feas dóibh cá conair ionar gabhadh léi, agas ba iongna mor liomsa fiadh san domhan do chinneadh ar na conaibh a chómh-fhaid sin do shlíghe. Gairid dham mar sin an tan ad chonarc inghíon chruth-ghlan, chaomh-áluinn, ar bhruach na locha lán-aoibhinn; agas í go dúbhach doi-mheanmnach go d-tángad d'a h-ionnsuidhe; agas d'fhiafraigheas di fáth a dobróin. "Fáil dearg-óir thuit san loch so uaim," ar sí, "agas mé ag snámh ann; agas geasa nach fuilingid fíor laoch, ort a Fhinn, muna d-tugair an fháil chugam as an loch." Gé'r leasg liomsa dul do shnámh, níor fhuilingios bheith go fada fó gheasaibh, agas téighim fó'n loch d'iarraidh na fáile, agas fuaras í, agas tugas chum an inghíon í. Ró ghabh sisi an fháil, agas téid féin do léim éadtrom fó'n loch; go nár bh-feas dhamhsa cá conair ionar ghaibh. Tanadhsa a d-tír, agas gé'r ghairid uaim m'éadach, ní raibh do shiubhal ionam a ionnsuidhe, ar n-déanamh seanóra críon-chruthaigh, cnámh-ársaidh, dhíom. Tángad na coin dam' ionnsuidhe, agas níor thugadar aithne orm; agas tugadar cuaird an locha for gach leith uaim: acht níor chian go bh-facadh Caoilte, agas tosach na Féinne, go d-tángadar uile ós mo chionn; agas ní thugadar aithne orm. "Abair a sheanoir," ar Caoilte, "a bh-faca tú eilit agas dhá choin, agas aon óglaoch mór mileata iona n-diaigh; no cá faid ataoi tu ad t-iasgaire ar an loch so?" Innsim dóibh go bh-faca, agas nach fada do chuadar uaim; acht céanna, ba docharach liomsa mar do bhíos ann sin, agas nach ar lámhas a innsin gur ab me féin do
bhí ann; agas níor chian dam amhla sin go d-táinidh tromlach na Féinne chugam: gur innsíos dóibh mo thosg ó thúis go deire; gur chreid siad an t-iomlán me; agas gur léigiodar trí gárrtha ósárd; gur ab Loch Doghra is ainim di ó shoin aleith; agas do rinneadar carbad caol dhamhsa, agas do thógbhadar leo mé go síth Coilleain Cuailgne, agas do thionóladar seacht g-catha na Féinne tímpchioll an t-síogha; agas ró ghabhadar trí lá agas trí n-oidhche agá tochailt: gur ab ann sin d'eirgidh Cuilleann Cuailgne as an síth, agas easgar dearg-óir iona láimh; agas dáilios damhsa an t-easgar; agas ar n-ól na dígh dham táinidh mo dhealbh agas mo dhaith féin orm, agas do sgaradar na h-ainmhighthe áighmhéile sin liom, acht an léithe amháin; óir do bhí mo leath-fholt amhuil airgiod aon gheal, agas do tharraigh Cuilleann dam mo dhath féin do chuir orm; agas níor bh'áil liom sin: óir do thaithnidh liom agas leis an bh-Féinn an daith sin do bheith orm. Tugas an t-easgar a láimh Mhic an Reithe gur ibh deoch aiste, agas tug sé sin a láimh Dhiorraing i, agas ibhios deoch as; agas do bhi Diorraing agá síne chum an fhir fá neasa dho; go d-tug an t-easgar cor seacha go n-deacha as a láimh fá'n d-tochailt go doimhinn ionár bh-fiaghnaise, agas gé'r ritheadar uile chuige ní rugsad air gur shloig an talamh é; agas ba mhór an t-imshníomh liomsa agas leis an bh-Féinn sin: óir d'a n-ibhdís uile deoch as, do bhiadh fios agas fír-eolas aco; agas d'fhásadar féidhliocáin choille san ionad a n-deachadh a d-talamh; agas gach aon
do chídhfeadh ar céadlongadh iad, do bhiadh fios an laoi sin aige, gur ab mar sin do liath mise, a Chonáin," ar Fionn. "Marthuinn dhuit," ar Conán "agas abair liom anois cionnas fuarais an fios fír-eólach atá agad agas ní h-é fios tíghe Chuanna é, ná fios an bhradáin." "Inneosad sin duit," ar Fionn. "Atá tiobrad ag an Easga ag Beag mac Buain do Thuatha De Danainn; agas gach aon ibhios easgar aiste, ba feasach, fír-eólach, é; agas d'a n-ibhe an dara h-easgar, ba fáidh fíor é, agas a mhac na dhiaigh, agas trí chéad uinge dearg-óir cheanchas lán na h-easgair sin, agas trí h-inghíonna do Bheag mhic Buain do bhíos d'a choiméad; Teisionn, Teithcheann, agas Armhach, a n-anmonna; agas a sí Teisionn do dháileas an tobar ar lucht a cheannaighthe. Acht cheanna,
tárla dhamhsa bheith ag seilg na seasga, feacht naon, air uathadh buidhinne acht Diorraing agas Mac an Reithe, agas do ionsuigheamair é, agas d'éirgiodar an triur ban sin a n-éinfheacht ionár g-coinnibh, agas doirteas Teisionn lán na h-easgraidhe d'uisge na tiobruide orruinn d'ár g-cosg, go n-deacha cuid ionár m-béal de; gur fhágabh fios fírinne aguinn ó shoin aleith; gur ab é sin fuasgladh do cheiste, a Chonáin," ar Fionn. "Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas abair liom anois na h-athadh annsacht atá agad nach eagal duit go g-caille iad; agas do oidheacht féin go teach Neóid?" "Do gheabhair a fhios sin uaim, a Chonáin," ar Fionn. "A sé Neoid duine ba mheasa agas ba dhoichillíghe a g-comh-aimsir ris a n-Eirinn. Acht céanna, ba mhór a chonach agas a thígheas: óir do bhadar trí dóirse air a dhún, agas seacht n-athchomairc ar gach dorus díobh; agas gé'r mhór a bhiadhtachas ní dheachaidh aon neach buidheach ná sáthach tar aon dorus díobh riamh; agas tánadh aon do laethibh chum na bruighne sin Neóid um uathadh, agas ní raibh do bhuidheann ann ar mo chionn acht Neóid agas a bhean agas a inghíon; ró shuigheas a stigh. Dala Neóid; d'fhiafraidh dhíom cread
fáth ar shuigheas? A dúbhartsa gur ab do oidheacht tánadh ann, "Is dóith liomsa," ar Neóid, "ná cuala tú sgéal an tighe-si, mar go d-tánadhais air oidheacht ann; agas is uime tugadh Neóid ormsa, eadhon, neoid ainim do dhoithchioll, agas is mise duine as doichillíghe san domhan." "Is briathar damhsa," ar mise, "muna d-tugair dhamhsa oidheacht dod' dheoin go d-tabharfair dod' aimhdheoin." Is ann sin d'éirgidh Neóid dam chur amach; agas do ionnsaigheas é ar lár an tíghe, agas tugas cor treas bhórd do, go d-tárla faon fóthársna ar lár: gur cheanglas go daor dochraideach a bh-fiaghnaise a mhná agas a inghíne é: agas rugas a bhean liom ar an leabadh fá neasa dham. "Ná meill mo bhean, a óglaoich an-aithnidh," ar Neóid, "agas do dhéana cairdiocht riot; agas do bhéar' m'inghíon duit, óir is diongmhála deagh-fhir í." Do thuigeas gur chóir sin, agas do léigios bean Neoid, agas do sgaoileas de féin, agas do rineamair car agas cumann re chéile, agas do h-ollmhaidh fleadh agas féasta dhúinn; agas tugadh Aoife, inghíon Neóid, ar feis lámha agas leaptha dhamhsa an oidhche sin; agas ar n-éirgidh dhúinn ar na mhárach, d'iarr Aoife aisge maoine, eadhon, "cóimhrith ris an lon do bhí san doire leath amuich do'n tigh, agas a thabhairt beó chúiche," agas do rineasa amhla sin. Iar n-glacadh an loin d'Aoife iona láimh, do léig amach é, agas do chuir do throm-gheasa ormsa a ghabhail gacha bliaghain: nó mo éag féin an bhliaghain nach gabhainn é. Gairid iona dhiaigh sin dúinn, gur thionoladar maithe na Féinne do chaithiomh bainisi Aoife inghíon Neóid; agas an tan ad chonairc Neóid iomad an bhíghe agas na díghe d'a thabhairt do na conaibh agas do na giolladhaibh; do bhris an
chuil doithchill do bhí fá na chroidhe; ionus gur bh'é treas fear dob' fhearr oineach d'a raibh a n-Eirinn ó sin amach é; agas ag sin éag dam éagaibh-si a Chonáin," ar Fionn. "Eag eile dam éagaibh, éadhon, aon do laethibh d'a rabhasa ar mháigh na Ceidhte theas; do chonarc inghíon áluinn iolchrothach, agas d'fhiafraighios di cread thug iona h-uathadh í? "Ag iarraidh fir atáim," ar sí, "cread an fear?" ar mise, "ni bh-fuil fear áirighthe agam d'a iarraidh," ar isi, "acht an fear do bhéara coimhthe dham," "cread an coimhthe ataoi tú iarraidh," ar mise, "léim tar an g-cloich sin," ar sí, "ar h-aghaidh." Do léigeasa m'airm ar lár agas tugas an léim tar an g-cloich gan fhuireach. "Ní h-amhladh sin as cóir" ar sí, "acht cuir an liag cloiche si cómh-árd riot féin ar do dhearrnainn, agas tabhair léim táirse." Do rineasa amhla, agas ní thugas riamh léim ba doilge liom ná í, agas d'fhiafraigheas di cread dob' ainim di? "Eadaoin sléibhe Caein m'ainim," ar sí, "agas tairsi liom a nocht dam thigh féin." Do riachtas léi, agas do luigheamair a bh-farrad a chéile an oidhche sin, agas a dúbhairt si liom, "an bhliaghain nach tiubhrainn an léim sin go bh-faghainn bás anbadh;" agas ag sin, a Chonáin, an dara h-éag dam éagaibh, éadhon, léim tar chloich na Ceidte gacha bliaghain." Eag eile dam éagaibh, muc do mhucaibh Shlánaidhe do mharbhadh gach bliaghain agas a geasa do chomhail, éadhon, gan a goin, agas gan í do sgréachadh re na marbhadh, agas an tí
do mhuirfeadh í, d'a h-iomchar go liagh a fulachta; agas gan gaoth a d-tuaidh társa d'a dóith, agas gach dorus gus a m-bearthaidhe í do bheith druidthe ós a cionn, agas gan duine do dhearmad uimpe ann aon bhaile an oidhche sin: gur ab é sin fuasgla do cheiste, a Chonáin," ar Fionn. "Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas abair riom anois na trí h-urchair mearbhaill is measa riot tugais riamh?" "A déar sin riot," ar Fionn. "Aon do laethibh d'a rabhas do sheilg ar bhruach Cairn Cromghlinne, agas do dúisíoghadh an mhuc chugam as a n-dubhsheilg iona rabhasa agas na coin, agas curraidhe na Féinne iona diaigh; agas tugasa urchar dam shleagh d'a h-ionnsaidhe; go d-tárla a d-taoiseach maith dam mhuintir í, éadhon, a m-bolg an fhir go d-torchar a g-céadóir: gur ab uaidh atá Áth Bolg, nó Dún Bolg, láimh le Corca Múmhan; agas tugas urchar eile go d-tárla an Eadbhó mhic Muinchinn, gur marbhadh é; agas tugas an treas urchar, gur mharbhas Iomhais mic Bachair; gur ab uaidh atá sliabh Iomhais fós. d'aithnídheas go n-dearrnadh m'aimhleas do na trí h-urchair sin; agas rineadh fearta do na triur laoch sin; agas do sgríobha a n-anmonna ós a g-cionn; gur ab iad san na trí h-urchair is measa liom tugas riamh," ar Fionn, "agas déantar leabadh feasta dhúinn; óir ní beag dhuit fhaid do leanais orm a Chonáin; agas d'innsíos morán dam dheacaraibh féin agas na Féinne dhuit; agas, dam dhóigh, is deire oidhche atá ann." Rineadh amhlaidh sin, agas tugadh Finndeilbh inghíon Chonáin, ar feis-lámha agas leaptha d'Fhionn. Acht chéanna, do chonarcadh taibhse, agas siabhra adh-uathmhar d'Fhionn, tré na chodla: gur éirgidh fó thrí cómhárd le uathaibh o'n leaptha. "Cread fá linge ris an leaba a rígh
Féinne?" ar Finndeilbh. "Tuatha De Danann, do chonarcas dam," ar sé, "do thógbháil bruighne orm, agas a m-beith ag flann-chosgairt na Féinne." Dala na Féinne; do ghabhadar dún-phort ag Fotharladh na Mogna an oidhche sin, agas ba brón leó bheith gan tuarasgbhail Fhinn aco: gidheadh d'éirgidh Bran Beag O'Buacháin agas Bran Mór mac Fheargusa, a moch na maidne ar na mhárach; agas táinidh chum Mhic an Reithe; agas d'fhiafraidhe cá raibh Fionn an oidhche sin? (óir do bhí fios fir-eólach ag Mac an Reithe) a dúbhairt Mac an Reithe, "cia do bhiadh a fhios, ní h-áil liom droch-fháistine do dhéanamh, d'eagla go m-biadaois mná nó mion-dhaoine dam leanmhúin uime, ná ag iarraidh feasa orm. Gidheadh, a deirim gur ab a d-tigh Chonáin Chinn Shléibhe, do bhí Fionn agas Diorraing a raoir." Tigid iar sin an dá Bhran go teach Chonáin, agas fearas Fionn fáilte riu; agas tugadar san achmusán do tré fleadh-ól bainise a mhná agas gan an Fhiann maille ris. "Ba ollamh a g-cionn míosa an fhleadh," ar Conán, "agas tabhraidhsi an Fhiann d'a caithiomh?" D'aonta Fionn sin; acht cheanna, gluaisios Fionn, Diorraing, an dá Bhran, 's a g-coin, go longphort na Féinne. "Atá fleadh aguinn ollamh a n-Almhuin," ar Bran, "agas teaghmaoid d'a caithiomh." Gluaisid reompa go h-Almhuin, gur h-éaghradh teach n-óla an oidhche sin ag maithibh na Féinne; agas níor chian dóibh amhla go bh-facadar Cairbre Lifeachair, mac Chormaic mheic Airt, mac Choinn Chéad-Chathaigh, ag teacht chum an bhaile d'a n-ionnsuidhe. "Ní maith thárla so dhúinn," ar Fionn, "oir is geasa dhúinn gan ár d-teach do sgaoile go sgarmaoid féin go súbhach soi-mheanmach
re chéile," agas níor bh-fuláir do mhac rígh Éirionn gur ab uime féin déantaoi eagar an tíghe óil. "Ní h-amhla sin do dhéanamh" ar Oisín, "acht léigiom leath an tíghe do mhac righ Eirionn, agas an leath eile aguinn féin." Rineadh amhla sin, acht cheanna, an leath do folmhuigheadh do'n tigh do mhac rígh Eirionn, do bhadar dias do Thuatha De Danann ann, éadhon, Fáilbhe Mór mac Domhnaill, agas Fáilbhe Beag mac Domhnaill; agas a dúbhradar "gur ab ar a son féin do bheith ar an g-cuid sin do'n tigh do folmhuigheadh é." "Truagh sinn," ar Failbhe Beag, "is mór an táir agas an tarcaisne tugadh orruinn a nocht, agas ba é mian Fhinn tuille d'imirt orruinn; óir an bhean do snamadh ris an d-treas fear is feárr do Thuatha De Danann, atá sí ag Fionn d'aimhdheoin a h-athar agas a máthar." Cíodh tracht, gluaisid an dias sin a moch na maidne go Fionnbharr Máigh Feabhail, agas ínsid do gach táir agas gach tarcaisne dob' mhian le Fionn agas le Fiannaibh Eirionn d'imirt air Thuatha De Danann. Dala Fhionnbharr Máigh Feabhail; do chuir teachta uaidh air feadh Eirionn uile do thionol Thuatha De Danann ós gach áit chuige; óir ba righ orra Fionnbharr: go d-tángadar chuige os gach áit sé catha déag do ghléir ghlan-shluagh a g-cionn míosa air bhruach Loch Dearg-Dheirc; agas ba é an lá céadna sin ráinigh le Conán an bhainis do bheith ollamh aige fá chomhair Fhinn agas na Féinne: gur chuir Soistreach, a bhean-eachlach féin, ar a g-cionn go Teamhair Luachra; agas ar n-déanamh a teachta re Fionn, gluaisíos roimpe tar nais láimh re Loch
Deirg Dheirc, go bh-facadar Tuatha De Danann í; agas do chuaidh Fáilbhe Beag iona diaigh ag fághail sgéala uaithe: gur innis sí dho gur a bh-fhochair Fhinn mhic Cúmhaill do bhí sí. Ró fhiafraidh Failbhe Beag cá raibh Fionn, nó cá líon do bhádar an fharrad? "A d-Teamhair Luachra d'fhágbhas é," ar sí, "agas deich g-céad a chuideachta" agas ró innis gur ab a bh-fochair Chonáin Chínn Shléibhe do bhí Fionn re bheith an oidhche sin. Ar na chlos sin do Fháilbhe, tug béim cloidhimh do'n bhean-eachlach, gur ghearr air a dhó í, gur tharraing chum na h-abhann í, gur ab Dubhghearrthach ainim an t-srotha sin ó shoin a leith. Dala Fhinn; gluaisios a n-diaigh na bean-eachlaidhe, agas ba iad Clanna Móirne líon is mó do bhí a n-farradh fó'n am sin: óir ní raibh iona n-éagmais ann, acht Fionn, Caoilte, Mac an Reithe, Eochadh Mór mac Lughaidh, Sgolbsgeine mac Oisin, agas Caol Cródha ó Neamhainn; go n-dúbhairt Fionn re Goll, "a Ghoill," ar sé, "níor ghabh uamhan ná im-eagla mé air bhainis riamh roimhe anois; agas mé air bheagán buidhne; óir atá fáistine nach maith d'a teasbánadh dham, eadhon, Tuatha De Danann do thógbháil bruighne orm, agas mo mhuintir do mharbhadh." "Ainicfeadsa tú orra do'n chor so," ar Goll, "agas tigid reompa ar sin go teach Chonáin; gur chuir Conán fáilte riu, agas do h-éaghra teach n-ola aco, agas do bhí Fionn a leabadh ursan ann, agas Goll d'a dheis, agas Finndeilbh d'a chlí; agas cách a g-coitchinne iona n-ionad cinnte féin ó sin amach. Dala Fhionnbhar Maigh Feabhail, agas Tuatha De Danann, do chuireadar an "Féigh Fhiadha" iompa, agas rángadar
go dorchadh, gléir, na sé catha déag sin armtha, éidighthe, innillte, air faithche dúna Chonáin Chinn Shléibhe, gan rógha, gan rathúghadh, gan fhuireach. "Beag ar d-tairbhe a bheith ann so," ar siad, "agas feidhm lainne Ghoill ag anacal Fhinn orruinn." "Ní anacfadh Goll do'n chor so é," ar Eithne, bean draoi; "oir cealgfadsa Fionn amach liom as an tigh gionn go mo mhaith a choimead." Gluaisíos roimpe d'ionnsuidhe an bhaile, agas tig ós comhair Fhinn do'n leith amuich. "Cia tá air mo chomhair?" ar sí, "Meisi féin," ar Fionn, "Geasa nach fuilingid fior laoch ort," ar sí, "teacht amach gan fhuireach."
Níor fhulaing Fionn na geasa, táinidh amach gan cháirde, agas gé'r iomdha duine do bhí a stigh, níor airigh aon aco Fionn ag dul amach acht Caoilte amháin; agas tigidh go h-Eithne bean draoi. Is fá'n am sin do léigiodar Tuatha De Danann ealta d'éanuibh dúbha go n-gobaibh tínntíghe fó'n dún; gur luigheadar air uchtaibh agas air bhruinnibh cháich; agas do ghabhadar agá losga agas agá lán-mhille; ionus gur theitheadar mic agas mná agas mion-dhaoine an bhaile as an dún amach ar gach leath: gur báthadh bean Chonáin (Canana a h-ainim) san abhuinn leath amuich do'n bhaile. Is ann sin a dúbhairt Eithne, bean draoi, le Fionn, cóimh-rith léi féin; "óir is do choimh-rith liom do ghoireas amach tú," ar sí. "Cá faid?" ar Fionn. "O Dhoire dá Thorc a niar, go h-Ath-mór soir," ar sí. Do rineadh amhla sin leo go d-táinidh Fionn roimpe tar an áth, agas Caoilte iona dhiaigh; agas do bhí Fionn ag greasacht Chaoilte, go n-dúbhairt, "Is adhnár dhuit, a Chaoilte, méid do ratha agas do luadhais agas aon bhean ag dúl díot." Lingios Caoilte ar sin; go d-tug éirgidh anshocair ar féin go d-tug a dhrom a n-ucht na caillighe ag Doire an t-Seanaich theas, agas d'iompuigh uirthe go d-tug béim cloidhim fó na meadhon go n-dearrna dá ordín chearta chomhthroma dhi. "Beir buadh agas beannacht, a Chaoilte," ar Fionn, "óir
gé iomdha buille maith thugais riamh, níor bhuailis buille is feárr." Cíodh trácht, rángadar tar a nais go fatha an bhaile, go bh-fuaradar Tuatha De Danann iona m-broin fíor-choirtighthe ar a g-cionn iar g-cuir a bh-Feigh Fiadha dhíobh. "Dóith liom, a Chaoilte," ar Fionn, "go d-tárlamair ar lár ar namhad san Dún so," agas cuirid, ar sin, a n-dromanna re chéile, agas tuargnaid cách iad for gach leath: gur bhaineadar osna éagcomhlann as Fhionn: gur chlos do Gholl sin, go n-dúbhairt, "truagh sin, óir do chealgadar Tuatha De Danann Fionn agas Caoilte riu amach uainn, agas éirgidh go luaith d'a g-cabhair." Eirgid ar sin, iona m-broinn áigh agas íorghoile, agas Conán Chinn Shléibhe agas a chlann mhaicne d'a g-congnamh air an bh-faithche amach; acht cheanna, do feargadh an t-árd mhileadh uaibhreach ionnsaidhtheach, agas an laoch leadartha loisgneach, agas an torna uathmhar íongantach, agas an buinne bladhmannach borb-threasach, éadhon, Goll mac Móirne mhic Gharraidh Ghlun- duibh, mhic Aodh Dhuanaidh, mhic Aodh Chinn Chláir, mhic Conuill, mhic Saidhbhre, mhic Ceat, mhic Mághach, mhic Cairbre Chinn-deirg, mhic righ Connacht; amhuil ba réimiosa árd- mhir a réim, an tan do chrom fa'n g-caith a g-crioslach a chróin-sgéithe; gur threasgair treoin na d-taoiseach; gur chíorrba uaisle 'na n-deire, agas gur madhmadh maithe iona meadhon; ionus gur mionaidheadh agas gur craiplígheadh cosa agas cinn-mhullaigh ris, gur ráinidh an társa forranta, éadhon, Fionnbhárr Máigh Feabhail, agas tuairgnid a chéile, gur ba raeptha ro theasgaidhthe na rígh-mhilídh; agas gur ba taobh- leadartha, táimh-ríghne na tréinfhir ó'n d-trom-ghleó sin; agas ba é críoch a n-imreasáin gur thuit Fionnbharr Maigh Feabhail do bhéimionnaibh glac-láidir Ghóill; agas do thuit Fáilbhe le Caoilte. Sgiúchas an laoch léimionnach luath- ghonach, éadhon, Eochadh Mór mac Lúghaidh, agas ró ghabh ag slada na sluagha, go ráineadh an
fear fíochmhar forranta, éadhon, Donn-Uatha, gur thuarghoineadar a chéile, agas dob' é fóircheann a bh-feadhma, iad a raon do thuitim bonn re bonn, agas béal re béal, ar an láthair sin; agas ró tuit Rachta Dearg fó'n ruathar g-céadna re Sgolb-sgeine mac Oisín, agas torcradh Róchán ré Garraidh Glundubh. Do thuitiodar an da Sgail re chéile; torcradh na tri Domhnaill re Conán Maol mac Móirne iona aonar; agas do thuitiodar an dá Chairbre re Conán Chinn Shléibhe agas lena mhac; acht chéanna, is tearc tugadh a n-Eirinn riamh caith is feárr tugadh ná an caith sin; óir níor mhian agas níor mhaise le ceachtar do'n dá roinn sin teibe ná teithe as an láthair catha ionar ionnsuigheadar a chéile; óir ba iad dá roinn ba chruadh-chomhlannaidhe san chruinne cheathardha iad, éadhon, Fianna feardhacha fuilteacha forranta Fhinn, agas Tuatha déid-ghlán dath-áilne Dé Danann; agas is beag nár thuitiodar uile ar láthair an chatha sin. Acht chéanna, níor chian go bh-facadar chúca an chuid eile d'Fhiannaibh Fhinn ná raibh an fharrad; ionus, ar a bh-faicsin do Thuatha De Danann, gur ghabh siad réim madhmadh agas teithe ar g-cur an Fheigh Fhiadh iona d-timpchioll: gur thuitiodar taise agas taoibh-néala ar Fhionn féin, agas ar an méid do bhí an fharrad san g-caith, ó iomad na h-íorghaile, agas le forran na feadhma; agas ba iongna mhór le h-Oisin méid díthe na Féinne san g-caith sin: óir tángadar deich g-céad laoch le Fionn, go teach Chonáin Chinn Shléibhe, agas do thuitiodar uile le Tuatha De Danann, acht aon chéad amháin; agas iadsan féin easbathach créachtach crói-leointe; agas gan an chuid eile do mhuintir Chonáin Chinn Shléibhe d'áiriomh. Dala Fhinn; do rugadh go teach Chonáin air iomchar é, agas do bhí caeciodhas ar mhíosa ann d'a liaghas; agas an tráth ba in-imtheachtach é, do ghluais féin agas a bheagán Féinne
maille ris, go h-Almhuin leathan-mhór Laigheann; agas is fada bhadar an Almhuin agas a g-créachta d'a g-congmháil a n-otharluighe sul a bh-fuaradar tátha ná liaghas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services