Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Tighe Chonáin Chinn Shléibhe

Title
Feis Tighe Chonáin Chinn Shléibhe
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
O'Kearney, Nicholas
Composition Date
1780
Publisher
(B.Á.C.: Ossianic Society, 1855)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



FEIS TÍGHE CHONAIN CHINN-SHLÉIBHE SONN.



Seilg agas fiadhach trom-thorthach, saor-aoibhinn,
do comóradh le Fionn mac Chumhaill
agas le Fiannaibh glan-áilne Gaoidheal,
uim Thorc ós Loch Léin, agas fó chríochaibh
bh-Fear Morc; agas fó Íbh Chonnaill
Gabhra. Do sreathadh, an t-seilg sin leó
fó shliabh úr-aoibhinn Eachtaidhe, gur leathadar ós sin fó
shléibhtibh bárr-ghlasa, agas fó dhoireadhaibh daingne doi-
eólais, agas fó chnocaibh corracha cloch-gharbhadh ceann-ruadh,
agas fó mhághaibh réigh-fhairsionga na g-críoch fó cóimhneasa
dóibh; agas ró ionnsaidh gach taoiseach Féinne díobh a ionad
urdhalta, agas a láthair léigthe, agas a bheárrna baoghail,
mar a g-cleachtadaois cosgar gacha seilge do chur roimhe
sin; agas do léigeadar seardán na seilge seachránaidhe
sin fó na coillte go coitcheann; gur chuireadar fiadha fior-luatha
as fásadhaibh; agas míolta mong-ruadh tar maoileannaibh;
agas sionnaicc ar seachrán, agas broic as
bruadh-chlasaibh, agas eoin ar eitiolla, agas laoigh allta
ar luaith-réim; agas do léigiodar a g-coin g-craosacha,


L. 120


g-cinn-bheaga, g-cóimh-fheargacha, trom-luatha, a g-coinne
agas a g-comhdháil a chéile chum na seilge sár-mhóire sin.
Acht céadna, ba láimh-dhearg laoch, agas ba chroidhearg
coin, agas ba chosgarthach, có-mbuidheach Fianna Eirionn
a h-aithle na seilge saothraidhe seardánaidhe sin.



Ciodh trácht, níor fhan a bh-fochair Fhinn an lá sin acht
Diorraing mac Doghardámhaidh amháin. "Maith, a Dhiorraing,"
ar Fionn, "déin faire agas forchoimead damhsa,
go g-codla mé; óir is moch do eirgeas a niu, agas ba
mhaith an mhoich-éirgidh do'n tí d'eirgeóchadh an tan nach béara
aithne ar sgáil a chúig méar idir é agas léas laoi; no
aithne ar dhuille an choill seoch duille na darraidhe." Acht
ceadna, tuitios a thoirchim suain agas sámh-chodalta for an
rígh Féinne; gur ab é fhaid do bhí ann, ó thráith eirge do'n
ló go d-táinidh a buidhe for an n-gréin uim nóna.



Dala na Féinne: do éirgiodar ó'n t-seilg, gur fhágbhadar
Fionn iona chodla ar charn Chinn Shléibhe, agas Diorraing
ag a choimead, go nár bh-feas dóibh ca dubh-sheilg iona rabhadar;
agas an tan dob' fhada le Diorraing do bhí Fionn iona
chodhla do dhúisigh é, agas innsíos do an Fhiann d'fhágbháil
na seilge, go nach g-cuala glaodh ná fead fosda uatha.
"Is deire laoi 'tá ann," ar sé, "agas ní leanfam an
Fhiann a nocht; acht éirgidh-si fó an g-coill, a Dhiorraing,
agas tabhair adhbhar botha agas béal-sgátha leat, agas rachadsa
d'iarraidh cuid na h-oidhche chugainn." d'imthigh Diorraing
as a h-aithle sin, agas ní cian do chuaidh an tan ód
chonairc Bruighean tailc taobh-sholuis, a g-ciumhais na


L. 122


coille cluthaire iona chómh-fhogas; agas téid tar nais le
sgéala chum Fhinn. "Téighiom d'a h-ionnsaidhe," ar Fionn,
"óir ní dhiongnaim saothar ná foirgneamha san áit so, agas
áitriobh ionár bh-fogus." Gluaisid reómpa iar sin go
dorus an Dúna, agas bainid bas-chrann ris an n-dorus.
Ráinidh an dóirseóir chúca, agas fiafraighios cia h-iad
féin. "Dias do mhuintir Fhínn mhic Cúmhaill," ar Diorraing.
"Sgeó nimhe agas urbhrughadh oruibh," ar an dóirseoir
"is olc ádhbhar bhúr d-turais do'n bhaile si, óir as é
Fionn do mhairbh athair agas máthair agas ceathrar dearbhráithre
fhir an bhaile si, agas athair agas máthair a mhná;
agas as é ta san m-baile si, Conán Chinn Shléibhe, ris
a n-abarthar Conán Chinn Shúmaire; óir as é Fionn
thug go h-Eirinn ar d-tús é, agas súmaire mara ruadh
leis ar tráigh Locha Lúirg do iarraidh mhic an loin, eadhon,
an cloidheamh; agas ba fíor na fala sin uile do dhéanamh
le Fionn."



Is ann sin téid an dóirseoir tar ais, agas fochtus
Conán toichim agas tuarusgbháil na buidhne san dorus de.
Atá óg-laoch forrusda fionn-liath ann," ar sé, "fearamhail,
furranta, fíor-mhaiseach, feidhim-láidir, go maise
crotha agas deilbh, agas as é as mó do mhileadhaibh, agas


L. 124


as láidire do laochaibh, agas as áilne do'n drong daonna
doineanda; agas cú chraosach chinnbhig, ucht-fhionn, thárr-leabhar,
go rosg n-dreagan, go ningnibh onchon, go lonus
leómhain, go nimh naithreach, agas go fíoch n-deabhtha uirthe,
iona láimh; agas slabhra snamach sean-airgid go muince
óir fhoir-loisgthe fó na brághaid, agas óg-laoch eile, donn,
dreach-dhearg, déid-gheal, iona fhochair; agas soigh bhallach
bhuidhe, for shlabhra fionn-droinge iona láimh."



"Is maith thugais a d-tuarusgbháil fhriot," ar Conán,
"agas do bheirim aithne orra; óir as é Fionn flaith-féinne
O'Baoisgne an fear sin ar d-tús, agas Bran iona láimh;
agas Diorraing mac Domhar-dámhaidh an fear eile, agas
Sgeólaing iona láimh; éirgidh go luaith agas léig asteach
iad?" Léigios; agas do rineadh umhal-fhosaidh dhóibh; agas
do gabhadh a n-airm as a lámhaibh agas d'ollmhaidhe fleadh
fíor-mhaisioch dhóibh; gur ba súghach soi-mheanmach d'a éis
iad.



Is amhla do bhí Conán, agas a bhean ar a ghualainn,
agas a inghíon chrothach chaomh-áluinn ar a ghualainn eile,
eadhon, Finn-deilbh inghíon Chonáin; agas ba áighmhéil
éagcosg na h-inghíne sin: óir ba ghile ná sneachta geal
aon-oidhche gach ball d'a ballaibh agas d'a caomh chneas:
comh dearg re fuil laoigh ceachtar a dhá gruadh, cómh dubh re
droim daoil ceachtar a dhá maladh, daith an óir forloisgthe
ar a folt fada fionn-dlaoitheach, gorm-ghlaise na buagha
a dhá rosg; ríneamhnuis mar ba freas do niamhanaibh iona
ceann, ba dheirge ná gríos partáin deirg a béal blasda


L. 126


binn-bhriathrach, brat cuana ceathair-bheannach caomh uimpe,
agas teó airgid finn-ghil fá'n m-brat ós a bán-bhruinnibh.



Acht ceanna, labhras Fionn re Conán, agas adúbhairt,
"a Chonáin," ar sé, "is fíor gur mór t'fhala-sa chugam-sa;
gidheadh dá mo cumhain leat an tan ró ainceas tu
féin agas do bhean-chéile ar bhás, ar snamadh cáirdis
dúinn, go raibh do chéile si taobh-throm torrach fó an am
sin, agas do naisgeasa an toirrchios sin dam féin, agas
d'a mo mac do bhiadh aici a bheith an Fhiannaidhe, agas d'a
mo inghíon do bhiadh aici, a leasúghadh go maith fo mo choinne;
agas d'a mo diongbhála dhamh í, a beith ina mnaoi agam,
agas muna m-biadh, go d-tiobhrainn do thaoiseach Féinne
dam' mhuintir í; agas do chidhim gur diongbhála dhamh féin
anois í, agas is d'a tabhairt tángadh do'n dul so, agas ní
d'iarraidh oidheacht." "Léig as, a Fhinn," ar Conán,
"oir ní mó riotsa do mheanmain féin ná ris an bh-fear
d'ár snamadh an inghíonsa." "Cia é féin?" ar Diorraing.
"Fátha mac Abhric, eadhon mac rígh Easa Ruadh,"
ar Conán. "Ort do ghoin agas do ghuais," ar Diorraing,
"ba chóir an teanga thuisleach tharrsna tar a
d-táinidh an t'ann-ghlór sin, do dhlúith agas do dhian-ghearradh,
agas deocha daor-bháis d'imirt ort; óir d'a g-curthaoi
Tuatha De Danann uile a g-corp aon duine do
b'fhearr Fionn 'ná é." "Léig as, a Dhiorraing?" ar
Fionn, "óir ní d'iomarbhádha thángamair, acht do thabhairt
mná linn, agas do bhéaram í d'a mo olc no maith re Tuatha
De Danann é." "Ní dhéansa iomarbhádh ná imreasán
riot," ar Conán, "acht geasa nach fulangaid fíor-laoich


L. 128


ort muna n-innsir dhamhsa gach nídh bhus cumhain riot d'a
bh-fiafrad díot?" "Inneósad," ar Fionn, "Maise," ar
Conán, "Inis dam an chéad ainim agas an dara ainim
tugadh ort, agas an áit iona n-dearnais do chéad shnámh
agas do chéad chreach, agas cread fáth ar linge léim na
Brice Bloighe gacha bliadhain?" "Inneósad féin sin duit,
a Chonáin," ar Fionn. "Glasdioghuin mo chéad ainim,
agas Giolla an Chuasain m'ainim na dhiaigh sin; agas
ag Tiobruid Chrithinne do leath-taoibh sléibhe Smóil do
rineas mo chéad shnámh; agas an phraslacha gona dá éan
déag mo chéad chreach, ag Dun Baoi, ris a ráidhtior Dun
an Bhrogha theas; agas as é fáth fo lingim léim na Brice
Bloighe gacha bliaghain; an chéad lá do sgaras lem' bhuime,
eadhon, Boghmhuin, ar na marbhadh re Clanna Móirne, do


L. 130


ghlacas seachrán slíghe go ráinidh Luachair Deaghaidh theas,
agas ní raibh d'éadach umum acht ionair do chroiceannaibh
fiadh agas fearbóg; agas fós, do bhí ainim eile orm fá'n
am sin, eadhon, Giolla na g-Croiceann; agas do chonarc
dá oireachtas ar dhá charn chómh-árda ós coinne a chéile,
eadhon, oireachtas fíormhaiseach fear, agas oireachtas
bláith-niamhdha ban, agas faill dhoimhinn dhuaibhseach ath-fhuathmhar,
agas gleann sgeó-ghaothmhar gráineamhail eadtorra;
agas tánagsa chum oireachtais na m-ban, agas
d'fhiafraighios díobh cread fáth a rabhadar san g-cómhdháil
sin leath ar leath?" d'ínnseadar dam gur ab é Séadna
mac Cairrill mac Criomhthain, eadhon, mac rígh Chiarraidhe
Luachra, thug sruith seirce agas tuile trom-ghrádh
do Dhonait inghíon Dháire, a Síth Dáire; agas gur ab
í coimhthe do shír air an léim do thabhairt gacha bliaghain:


L. 132


agas nuair thig sé go bruach na faille locan an léim air.
d'fhiafraidheasa an bh-faoidhfeadh sí ris an tí do bhéara an
léim? Adúbhairt sí nach faca sí aon fhear riamh ba mheasa
íorradh agas éadach 'ná mise, agas ní dhúbhairt sí olc rem'
dheilbh, agas adúbhairt, d'a d-tugainn an léim go bh-faoidhfeadh
liom. Is ann-sin tugasa bog-bheartúghadh orm féin a
meadhan mo chroiceann, agas do sgiúchas an fhaill ar mo
chúl, agas tánadh am chómh-ruathar raithe chum na faille,
gur lingeas do léim lán-lúthmhar eadar-bhuaiseach éadtrom
tar an bh-faill a nún; agas tugas an dara léim tar m'ais,
agas do bhéarruinn í ní ba mhionca d'a mo áil liom féin.
Is ann sin d'éirgidh Donait dam' ionnsaidhe agas do radaidh
a lámh fám' bhrághaid, agas do thoirbhir teora póg dham,
agas do bhuain mo chroicinn díom, agas tug éadach mo
dhiongbhála dham, agas do rug lé d'a tigh féin mé an oidhche-sin;
agas d'éirgios go moch, ar na mhárach, agus do nasg
sisi orm an léim do thabhairt gacha bliaghain: gur ab í sin
an cheist do chuiris orm a Chonáin," ar Fionn.



"Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "óir is fear
feasach fíor-eólach tu, agas is úr-ghárdúghadh meanman
agas aigeanta dhamh bheith ag éisdeacht riot; agas innis
dham anois cia an laoch d'Fhiannaibh Eirionn, lingeas tar
a liacc agas tar a leacht féin gacha laoi; agas gur ab í
a ingíon a mháthair, agas é ag iarraidh éirice agas ionnchloinni
ar an bh-fear do mharbhaidh é, agas é féin beó?"


L. 134


"Inneósad féin sin duit," ar Fionn. "Aon do laethibh
tárla imreasan idir dhá thaoiseach Féinne dam' mhuintir-si
fá chóimh-ghleic dá chon, eadhon, Oscur mac Criomhthainn agas
Daolgas mac Cairrill Cais; agas ní rabhasa san m-baile
ná lucht eadranna eile d'Fhiannaibh Eirionn an lá sin,
agas do thuit Daolgas ann. Is ann sin táinidh inghíon
áluinn aontúghadh do bhí ag Daolgas ós a chionn; agas do
chrom d'á phóga, gur ling caor chroidhearg as a bhéal iona
béal sin, gur ba taobh-throm torrach dá éis sin í, go rug
gein leathan-mhullaigh mhic an aimsir a ionnbhúdha; agas ó
nach frith ainim eile dho, tugadh ainim athar air, agas do
h-oileadh agas do leasuigheadh go maith go ceann a sheacht
m-bliaghan é; agas is do'n chéad rabhra baoise do rin,
bheith ag léimnigh tar a liacc agas tar a leacht féin; agas
tá a niu ag iarraidh éirice air Oscur mac Criomhthainn,
gur ab é sin fuasgladh do cheasta, a Chonain," ar Fionn.



"Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas abair
liom anois, a fhlaith Fhéinne, cia is fearr agas is measa,
cia is mó agas is lúghadh, cia is luaithe agas is maille, a
bh-Fiannaigheacht?"



"Meisi féin is feárr," ar Fionn, "agas Deara Dubh
ó Dhubh-shliabh, duine as measa dhíobh; óir ní dúbhairt riamh
aon fhocal re neach acht aithis nó imdheargadh; agas an té
chídhfeadh ar chédlongadh é, ní dhéanadh a leas an lá sin;
agas Liagán Luaimneach ó Luachair Dheaghaidh, duine as
luaithe dhíobh; agas Life Leisgeamhail, giolla teine choire
na h-Almhuine, duine as maille dhíobh; óir as é siubhal laoi
samhra as mó do rin riamh, teacht ó'n d'tobar atá a


L. 136


n-doras na h-Almhuine gus a leabadh féin a d-tigh na
bruighne, agas Daolgas mac Dubh-ghoile, duine as aoirde
dhíobh; agas mac Míne, eadhon, an t-abhac beag, duine as
lúghadh dhíobh: gur ab é sin fuasgladh do cheiste, a Chonáin,"
ar Fionn, "agas ná bíodhmaoid mar so ní bhus mo; má
tá lucht oirfide nó ealadhan aguibh tugthar chugainn iad;
óir ní gnáthach liomsa bheith aon oidhche gan ceol."



"Innis uait dham cread iad na ceoil is binne leat
fuarais riamh?" ar Conán.



"Inneósad," ar Fionn. "An tan do bhí seacht g-catha
na gnáith Fhéinne air aon mhágh, agas tógbhaid a g-crann-ghoil
ós a g-ceannaibh; agas ghluaisios an ghaoth ghlórach
gháibhtheach ghlan-fhuar, tríotha agas tarsa, is ró bhinn liom
sin; agas an tan oirleagthar teach n-óla aguinn a n-Almhuin,
agas an tan dháilid na dáileamhain na corainn
caomh-ghlana do mhaithibh na Féinne, an bhlosg-bhéim bheirid
a n-deire sin ag buain fá bhórdaibh na Bruighne, is ró bhinn
liom sin. Is binn liom foghar faoileann, agas coigidil
na g-cor, agas fuaim toinne Tráigh-lídhe, agas abhrán
trí mic Mheardha; agas fead mhic Lúghaidh, agas dórd


L. 138


Fearsgaraidh, agas guith na cuaiche an chéad mhíosa do
shámhra; agas sgeamhghoil na muc a mágh Eitne; agas
nuall na sgol a n-Doire," agus a dúbhairt an Laoi: -




Dórd na feadha bárr-ghlas,
Bán-díg toinne ag buan re tráigh;
No foghair toinne Tráigh-líghe,
Buaint res an Laei m-bric m-báin.



Triar thánaic 's an bh-Féinn,
Fear díobh séimh, is fear díobh borb;
Fear oile ag áiriomh na neóll,
Ba bhinne 'na gach ceól a t-toradh.



An ronnsa glas air an muir,
An uair nach fághaidh fear a lorg;
Líontán do bheir iasg i d-tír,
Ceól a chodalta, binn a t-toradh.



Feargaill mac Fhinn, fear ba dian,
Fada a léim, leabhair a lorg;
Níor chum sgél 'na'r sgaeil a rún,
Ceól codlata liom a thoradh.




"Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas innis
dham anois gach duine d'éaruis nó d'iomcháinis riamh: cia
an duine chuaidh air aon chois, agas air aon láimh, agas air
aon t-súil, do thora a ratha; agas do rin a luadhas ó Fhiannaibh
Eirionn; agas cread fó n-abarthar an gnáith-fhocal
so, "mar rugadh Roc go teach Fhinn?""



"Inneósad sin duit," ar Fionn. "Aon do laethibh d'a
n-deachasa agas maithibh na Féinne go Teamhair Luachra,
agas ní bh-fuaramair d'fhiach an lá sin, acht laogh allta,
agas do bruthaidhe é, agas tugadh chúgamsa d'a roinn é,
agas tugas a thogha do gach taoiseach Féinne dhe, agas
ní ráinigh mé féin acht a cholpa, fá dheoigh; agas táinidh


L. 140


Gobha Gaoithe mac Ronáin, agas d'iarr an colpa ormsa,
agas thugas do é; agas a dúbhairt, gur ar son a ratha thugas
do é, agas dul ar an bh-faithche, agas ní mór go n-deachadh
leath slíghe an tan do rug a bhráthair féin air, éadhon,
Caoilte mac Ronáin, agas tug an colpa chugamsa; agas
ní dhearrnamair d'imreasán ann acht sin. Níor chian
dúinn mar sin go bh-facamair athach mór-choirtighthe cnámh-reamhar,
dubh-dhuaibhseach, doi-dhealbhach, ag iomlait ar aon
chois, air aon láimh, agas air aon t-súil, ag teacht fa'n
láthair, agas beannaigheas dúinn. Freagraimsi fá'n
g-cuma g-céadna é, agas d'fhiafraigheas de cia an áit
as a d-táinigh? "Do thoisg mo lútha agas mo lámha, agas
mo chleasa, do thánadh," ar sé, "agas do chuala nach raibh
san domhan duine do b'fhearr uim nídh ná tusa a Fhinn:
gur ab uime sin tánadhsa ag iarraidh maoine agas maithiosa
ort." A dúbhairt-sa d'a mo liom an bhioth bhraonach uile
nach tiobhrainn a bheag ná a mhór do. A dúbhairt sé, gur
"bhréagach na daoine a dúbhairt nár earas aon duine
riamh." A dubhart-sa "d'a mo duine eision nach earfuinn é."
"Maiseadh," ar an t-athach, "tabhair an colpa tád' láimh
dhamh, agas biadh mo shlán fó an bh-Féinn ina dhiaigh sin;
agas nach léigthear dham d'atha acht faid an cholpa, agas
nach gabhtar greim orm nó go d-tugadh an chéad léim."
Ar na chlos sin damhsa, thugas an colpa iona láimh do'n
athach, agas lingeas tar sonnuibh síoth-árda an bhaile; agas
téid a muingín a ratha agas a luadhais d'a aon chois ó chách
amach. Ar na fhaicsin sin do mhaithibh na Féinne, do lingeadar
a n-diaigh an athaig, agas tánadhsa agas aos
ealadhna an bhaile ar mhullach an dúna d'a bh-féachain, agas


L. 142


an tan do chonarcsa an t-athach ag imtheacht uainn a bh-fad,
do chuirios iorra ratha umum, agas ní rugas d'arm liom
acht mac an loin am láimh, agas tugas i n-diaigh cháich, agas
rugas air a n-deire air shliabh an Righ, agas do rugas ar
an d-trian meadhanach díobh a Luimneach, agas rugas air
mhaithibh na Féinne ag Ath Bó, (ris a ráidhtear Aith Luain
aniugh); agas do ghabhas tosach na tóra ag Rinn an Ruaig,
éadhon, láimh dheas re Cruachán Chonnacht; agas ba ghiorra
'ná faid urchair uaim é; agas ráinidh an t-athach rómhamsa
do chosa tiorma tar Easa Ruadh mhic Modhuirnn; agas ró
lingeasa na dhiaigh, agas eision láimh dheas re tir timchioll
Eirionn go h-Eas Bhinne h-Eadair; agas tug an t-athach
léim, agas ba samhuil re leim for muir í, agas tugasa
sídhe iona dhiaigh, go rugas air chaol coise air, go d-tugas
ceart a dhroma re lár. "Eagcóir dhuit a n-dearrnais,
a Fhinn," ar an t-athach, "óir ní riot do rinneasa coinghioll,
acht ris an bh-Féinn." A dúbhartsa nach ar shlán an
Fhiann gan me féin. Gairid dhúinn mar sin go rug
Liagan Luaimneach ó Luachair Dheaghadh oruinn, agas
Caoilte mac Ronáin iona dhiaigh, agas luatha na Féinne,
ar cheanna; agas do thagradar sleagh ó gach n-duine aco


L. 144


do chuir thríd an athach agas a mharbhadh fám' lámhaibh: gidheadh
do ainceasa orra é. Gairid go rugadar tromlach na
Féinne orruinn, agas d'fhiafraidheadar cread an fuireach
do bhí ar an athach gan a mharbhadh do láthair. "Dob' olc an
chomhairle sin" ar an t-athach, "óir do mhuirfídhe duine dob'
fheárr ná mise am éiric." Do chruadh-chuibhreadh an t-athach
do'n chor sin, agas níor chian dhúinn go d-táinidh Bran
Beag O'Buadhcháin d'fhógradh fleagh ormsa, agas rángadar an
líon sin d'Fhiannaibh Eirionn leis d'a thigh: do leasaghaidh
teach nóla dhúinn an tan sin; agas do tharrangadar an
t-athach a steach fó lár an tíghe, agas do chuireadh a
bh-fiaghnaise cháich é; agas d'fhiafraigheadar de cia é féin?
"Roc mac Díocain m'ainim," ar sé, éadhon, "mac do reachtaire
Aonguis an Bhrogha theas, agas tug mo bhean sruith
seirce fíor-áighmhéil, agas tuile trom-ghrádh do Sgiath
Bhreac mhic Dathchaoin, atá ann súd, éadhon, do dhaltasa
a Fhinn; agas do ghoill ormsa go mór isi do bheith ag
moladh lúith agas gaisge a leannáin, agas na Féinne, ar
chéanna; agas a dúbhartsa, go bh-faghain féin a céile chum
ratha, agas Fianna Eirionn uile; agas do ghreamaidh sise
me uime sin; agas ránacsa gus mo charaid íonmhuin
Aongus an Bhrogha, d'a éagcaoine ris, gur chuir is na
rachtaibhsi me; go d-tug foluadhmhuin gaoithe draoigheachta


L. 146


fúgham, mar do chonarcabhairsi; agas as iad san mo
sgéala dhibh," ar an t-athach, "agas ní beag dhíbh ar imrígheamhuir
do dhíth agas do dhochar orm." Iar sin do léigeadh
an t-athach ar siúbhal nach ar bh-feas dúinn cá'r gabhadh ris;
gur ab uaidh sin atá an sean-fhocal "mar rughadh Roc go
teach Fhinn," gur ab é sin fuasgladh do cheiste, a Chonáin,"
ar Fionn.



"Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "is mór an
t-úrghárdúghadh meanmann agas aigionta a bheith ag éisdiocht
riot; agas abair riom anois cread iad na neithe is
iongantaidhe san bh-Féinn?"



"A déara fírinne an sgéil sin riot," ar Fionn.
"O-glach bóghar atá san bh-Féinn, agas ní dhearrna a
bh-Fiannaigheacht riamh laoi ná duain nach biadh do mheabhair
aige. Atá iongna eile aguinn, éadhon, bean atá agamsa
le seacht m-bliaghanna, agas bí sí beó san lá agas marbh
san óidhche; agas ní h-íonnsa liomsa bean eile 'ná í. Atá
iongna eile ann, éadhon, duine áirighthe bhíos gach re
m-bliaghain firrionn agas buinionn; agas bearthar clann
do an bhliaghain bhíos firrionn; agas beiridh féin clann an
bhliaghain a bhíos iona mhnaoi. Atá iongna eile aguinn,
éadhon, sleagh atá agamsa, éadhon, sleagh Fhiachra mhic
Criomhthuinn; agas ní dhéin urchóid i n-diaigh a ranna; agas
ní thig beó aon neach d'a d-teangmhadh í n-diaigh a
h-úrlann."



"Beir buadh agas beannacht a righ Féinne," ar Conán,
"is buadhach meabhair-bhéalach bínn-bhriathrach chanas tu,
agas abair liom anois cread fa n-abarthar "oidheacht
Fhinn go teach Chuanna?""



"A déara a fhirinne sin riot, a Chonáin," ar Fionn.


L. 148


"Oisín, Caoilte, Mac Lúghaidh, Diarmuid O'Duibhne,
agas mise; aon do laethibh dhúinn ar mhullach Chairnn Feargaill,
gairid ó Luimneach amach; agas ár g-cóig g-coin,
éadhon, Bran, Sgeólaing, Sear Dubh, Luaith Luachair,
agas An-uaill; níor chian dúinn go bh-facamair athach
ath-gharbh árd-mhór chugainn, agas gabhal iarrainn re na ais
aige, agas muc ag sgréachadh a n-glaic na gaibhle; agas
inghíon óg aontúghadh iona dhiaigh ag sguaba an athaigh roimpe.
"Neach uainn d'a n-agallmha súd" ar mise, gluaisios
Diarmuid Ó'Duibhne iona n-diaigh, agas níor chinn orra.
Eirgimsi iar sin, agas an triur eile bhí am fhochair a
n-diaigh Dhiarmada agas an athaigh, agas rugamair air
Dhiarmuid, agas níor chinn sinn air an athach ná air an
inghíon; óir do fearadh ceó doilbhthe draoigheachta eidir inn
agas iad; go nár bh-feas dúinn cá conair ionar ghabh siad;
agas féachain d'a d-tugas seachaim (iar n-glanadh do'n cheó)
do chonarc teach conuill cínn-eadtrom ós imioll an átha
am fhogas; do chuadhmair ann san teach, agas do bhí faithche


L. 150


romhainn agas dá thiobraid uirthe, éadhon, tiobruid díobh
agas easgar ath-gharbh iarnuidhe air a bhruach; agas eascair
úmha air bhruach an tiobraid eile; agas as é do bhí a stigh
ar a g-cionn, oglaoch fíor-aosda fionn-liath ag leath-urrainn
an doruis d'ar láimh dheis; agas inghíon óg-áluinn
iona suidhe iona fhochair; agas athach mór ainmhín ath-gharbh
ar bruach teine ag bruthadh muice; agas sgológ donn-liath
do'n leath eile do'n teine agas dá shúil déag iona cheann,
agas dá mhac imreasáin déag an gach súil díobh; agas do
bhí reithe a stigh agas bolgán geal aige agas ceann cíor-dhubh
air, agas dá adharc dhúbh-ghorm aige, agas cheithre cosa
uaithne faoi; agas do bhí cailleach a n-iarthar an tíghe agas
ionar oghar-ghlas uimpe; agas ní raibh do bhuidhean san
teach acht sin; agas fáilte romhainn ag óglaoch na leath-ursan,
agas do shuigheadhmair a g-cúigior for urlár na
bruighne agas ár g-cúig g-coin maille rinn. Déantar úmhal-
fhosaigh d'Fhionn mhic Cúmhaill (ar oglaoch na leath-ursan)
agas d'a mhuintir." "Fáth liom," ar an t-athach, "neach
d'iarraidh athchuinnídhe agas gan a bheag ná a mhór do dhéanamh
air de," gidheadh d'éirgidh iona sheasamh agas do rin
úmhal-fhosaigh dúinn. Ciodh trácht táinidh íota ormsa ar
an láthair sin, agas níor airg neach sin ormsa acht Caoilte,
agas do bhí d'a éagcaoine go mór. "Cread an éagcaoine
do ghní (ar fear na leath-ursan) a Chaoilte, acht éirge
amach agas tabhair deoch leat as do rogha tiobruid 's an
bh-faithche chum Fhinn?" Do rin Caoilte amhladh sin, agas
tug lán na h-easgraidhe úmha leis agas tug dhamhsa í, agas
d'ibhios deoch aiste, agas do bhí blas meala uirthe an fheadh
bhíos d'a h-ól; agas blas an domblais an tan do chuireas
dam cheann í, gur éirgidh gaethe cródh agas argheanna an
bháis dam, agas go d-tángadar aicídíghe nimhe chugam;
agas ní mór gur mionn-aithnígheadh mé, agas ba mó go
mór éagcaoine Chaoilte fá meise bheith mar sin ná fám'
íota roimhe sin; go n-dubhairt óglaoch na leath-ursan le


L. 152


Caoilte dul amach agas deoch do'n tiobraid eile do thabhairt
chugamsa: go n-dearrna Caoilte amhla sin, go d-tug
lán na h-easgraidhe iarnuidhe chugam; agas re feadh a
h-óla dham ní bh-fuaras do theannta catha ná comhlann riamh
deagh-fhulang ba mó liom ná sin le na seirbhe; agas mar
do chuireas dom' cheann í, táinidh mo dhaith agas mo dhealbh
féin orm, agas ba luinneach luath-gháireach le m' mhuintir
sin.



"Is ann sin d'fhiafraidh fear an tíghe, "ar bhrúite an mhuc
do bhí san g-coire?" "Is bruite," ar an t-athach, "agas
tabhraidh a roinn damhsa?" "Cread an roinn tugais uirthe?"
ar fear an tíghe. "Tugas ceathramhadh dheire d'Fhionn
agas d'a choin," ar an t-athach, "agas an cheathramhadh dheire
eile do cheathrar óglaoch Fhinn, agas an cheathramhadh chinn
dam féin; agas a droim agas a tárr do'n sgológ úd ar
an d-taobh thall do'n teine, agas do'n chaillig úd shiar is an
g-cúil; agas a thúr-usgal duitse agas do'n inghíon óg úd a
t-fhochair." "Is briathar dhamhsa," ar fear an tíghe, "gur
maith do roinnis í." "Is briathar dhamhsa, ar an reithe,
"gur ab olc an roinn dhamhsa í, óir do dhearmada mé féin
uimpe, agas agá ráidh sin, tug sídhe ar an g-ceathramhain
do bhí ar bhéalaibh mo cheathrair óglaoch féin agas rug leis
is an g-cúil í, agas ró ghabh agá h-itheadh. Is ann sin do
ghabhadar an ceathrar a n-éinfheacht do leith a g-cloidhimhe
ag lán-bhuala an reithe, gidheadh níor chuir sin air, acht
amhuil do sginnfeadaois do chloch nó do charruig; gur
bh'éigion dóibh suidhe iona n-ionad féin a rís. "Dar mo
chúis," ar an t-óg-laoch iona rabhadar an dá shúil déag, "is
mairg d'ar ab cuideachta an ceathrar óglaoch do léigios
d'aon chaera amháin a g-cuid d'ithe d'a n-aimhdheoin iona
bh-fiaghnaise," agas ar sin d'éirgidh chum an reithe, agas
gabhas ar a chosaibh é; go d-tug urchar ainmhín ath-gharbh
tar dorus amach do'n reithe, go d-tárla ceart a dhroma re
lár, agas ní fhacamair ó sin amach é. Is gairid na dhiaigh


L. 154


sin, gur éirgidh an chailleach agas gur chaith a h-ionar
oghar-ghlas ar mo cheathrar óglaoch, go n-dearrna cheithre
seanóirídh críonna cínn-ísle dhíobh! Ar a fhaicsin sin damh-sa
do ghabh uamhan agas im-eagla mé, agas an tan do
mhothaigh óglaoch na leath-ursan sin, a dúbhairt liom dul iona
fharrad féin agas mo cheann do chur iona ucht agas codla.
Do rineas: agas d'éirgidh an chailleach agas do bhain a
h-ionar dam cheathrar óglaoch, agas iar n-dúiseacht dhamhsa
fuaras iona rachtaibh féin iad; agas ba luathgháireach
liomsa sin. "A Fhinn," ar oglaoch na leath-ursan, "an
iongna leatsa suighe agas órdúghadh an tíghe so?" Do
dhearbhas nach faca riamh iongna ba mho liom féin 'ná é.
"Máiseadh, inneosad féin a g-ciall súd duit," ar an t-óglaoch.
"An t-athach úd do chonarcais ar d-túis, agas an
mhuc ag sgréachadh a n-glaic na gaibhle, a sé súd thall é,
agas an leisge is ainim do; agas a sí so am fhochairse
an inghíon do bhí d'a sguaba, éadhon, an mheannmna; agas sguaba
an mheannmna an leisge lé; óir téid an mheannmna le
prap na súl mar ná d-téidh an chos le bliaghain. An sgológ
úd thall na súl niamhdha, an saoghal cialluighthear as,
agas is treise ná gach neach é; agas d'a dhearbhadh sin do
chuir sé an reithe ar neimhní. An reithe úd do chonarcais,
cionnta an duine tuigthear leis. An chailleach úd thall, an
chríne í féin, agas chríon a h-éadach do cheathrar óglaoch;
agas an dá thiobraid as ar ibhis an dá dhig, an bhréag agas
an fhirinne tuigthear asda; óir is milis le duine an


L. 156


bhréag agá déanamh, agas is searbh fá dheoigh í; agas Cuanna
a h-Innistiuil m'ainimsi féin, agas ní ann so ghnáthaighim
bheith; agas tugas grádh éagmhaiseach dhuitse a Fhinn,
ar mhéad h-eagna agas th-óirdhearcais, gur ab uime sin
do chuireas is na rachtaibh iad ar do chionn, ionus go
bh-faicfinn tu; agas ba "oidheacht Fhinn go teach Chuanna"
ainim an sgéilsi go deire an domhain; agas tabhair
do mhuintir a t-fochair feasta, agas codluigh a g-cúigior
go maidionn." Agas do rineamair amhla sin, agas ar
músgladh dhúinn as í áit a rabhamair, ar mullach Chairnn
Fearghail, agas ár g-coin agas ár n-airm ionár bh-fochair.
Gur ab é sin fuasgladh do cheiste a Chonáin," ar Fionn,
"agas cread do bheir ort bheith mar so gan codla do dhéanamh;
óir is fada le fear tochmairce mná gan dul do
luighe léi?"



"Léig as a Fhinn," ar Conán, "oir is gairid linn bheith
ag caoimhneas comhrádh le chéile gur d-trásta, agas abair
liom anois cá n-dearnadh an Dord Fhiann ar d-tús i
n-Éirinn, agus cá líon do bhí agá déanamh?"



"A déarsa a fhírinne sin riot," ar Fionn. "Trí
mic Cearmada Mil-bheoil mhic an Deaghadh, do rin a


L. 158


n-Eirin, ar d-tús í; Eathoir, Ceathoir, agas Teathoir,
a n-anmonna; agas naenmhar do bhí d'a seinim; agas Fátha
mic Conáin do rine 'na dhiaigh sin é; agas naenmhar do
chanadh leis é, nó go ráinidh sé mise; agas caegad chanas
liomsa é, gur ab é sin fuasgladh do cheiste, a Chonáin,"
ar Fionn.



"Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas innis
dam anois cairdeacht Bhrain agas Sgeolaing riot;


L. 160


cionnas fuarais iad, agas cia na tri mic máthar do bhí aco
a bh-Fiannuigheacht?"



"Inneósad sin duit," ar Fionn. "Feacht naon d'a
d-táinidh mo mháthair ar cuaird chugamsa, éadhon, Murrainn
Mung-chaomh inghíon Thaidhg mhic Nuaghat, agas a
deirbhshiur maille ré, éadhon, Turrainn inghíon Thaidhg;
agas do bhí dá rígh Feinne Uladh am fhochairse; Iolland
Eachtach, agas Feargus Fionn-mhór, dá mhac Cais Cuailgne;
agas do bhí Iollann Eachtach ag suirge re Turrainn,
agas do ghrádhaigh go mór í; agas tugasa dho í ar coibhthe,
éadhon, ar a fághail slán dam an tan do iarfuinn í, agas
slána maithe na Féinne leis sin; agas is adhbhar fá
n-dearra dham sin, éadhon, leannán mná síghe do bhí ag
Iollann, éadhon, Ucht-dhealbh, inghíon rígh Coilein Feidhlime;
agas dob' eagal liomsa í do mhille Thurrainne, gur ab ar
sin tugas as mo láimh féin a láimh Oisín í, agas tug Oisín
a láimh Chaoilte í, agas tug Caoilte a láimh mhic Lúghaidh
í, agas tug mac Lúghaidh a láimh Dhiarmuda Uí Dhuibhne í,
tug Diarmuid a láimh Ghoíll mhic Móirne í, tug Goll a
láimh Lúghaidh Lámha mac Eoghain Tailigh í, agas tug Lúghaidh
a láimh Iollann Eachtaigh í. "As amhla bheirim an inghíon
duit" ar Lughaidh, éadhon, an tan is mithid le Fionn a
h-iarraidh, tusa d'a tabhairt do slán mar is dual; agas rug
Iollann leis d'a thigh féin í tar éis na g-coingíoll sin;
agas do bhí aige go d-tárla taobh-throm torrach uaidh; agas do
chuaidh an leannán sighe sin Iollainn do ionnsuidhe Thurrainn
a riocht mailíse, agas a dúbhairt, "do chuir Fionn


L. 162


beatha agas sláinte chugad a ríogain," ar sí, agas a dúbhairt
leat "oineach maith do dhéanamh, agas tar liomsa
amach go nabrad beagán focal friot; óir atá deifir orm."
Tig an inghíon amach lé, agas an tan táinidh tamall ó'n
d-teach; do tharraing an Eachlach fleasg doilbhthe draoigheachta
ó na brat, agas tug buille d'isi go n-dearrna soigh
mhilchon dob' áille do'n drong daonna do'n inghín, agas rug
lé í go teach Fheargusa Fhinn-léith, éadhon, rígh Atha
Cliath Meaghraidhe; agas is amhla do bhí Feargus: dob' é aon
duine ba neamhchonaire san domhan é, agas ní lámhthaidhe cú
do bheith i n-aon tigh leis; gidheadh, a dúbhairt an Eachlach,
"do chuir Fionn beatha agas sláinte chugad, a Fhearguis,"
ar sí, "agas a dúbhairt leat an t-soigh mhilchon so do leasughadh
go maith fá na choinne féin, agas atá cuainne ínte, agas
leasaighthear go maith libhsi í, agas ná tabhair sealg di ó
mheadóchus a brúgha, agas d'a d-tugair ní buidhioch Fionn
díot." "Iongna liomsa sin," ar Feargus, "oir atá a
fhios ag Fionn nach bh-fuil san domhan duine is neamhchonaire
'ná mise, gidheadh ní dhiultóchadh mé Fionn fá'n g-céad chú so
do chuir sé chugam.""



Dala Fhearguis, is gairid go n-deachaidh le na choin
d'fhios a maithiosa, agas do rin cosgair mhór seilge an lá
sin, agas gach lá eile go cionn míosa: óir ni fhaca aon
bheathadhach allta d'a súilibh ná cinneadh an chú air; gur mhéaduigh
a brúgh an tan sin go nach tugadh fiadhach uirthe ó sin


L. 164


amach; agas ró líon searc agas síor-íonmhuinn Feargas
de sin do chonaibh. Do bhí bean Fhearguis fó'n am sin a
n-aimsir a h-ionnbhughadh: gur ab aon oidhche rug sí clann
agas rug an chú dá choilean, eadhon, Sodh agas Fearchú.
Acht cheanna, ba gnáthach le seacht m-bliaghanna roimhe sin,
ar m-breith clainne do mhnaoi Fhearghusa, Foghmhor foghlach
do theacht an oidhche chéadna agas an leanbh do bhreith leis.
Ciodh trácht, tárla Eithleann ar Fhionn a g-cionn bliaghanna,
agas do rinneadar oigheacht a d-tigh Fhearghusa
Fhinn-léith; agas do shaoradar Feargus ó'n olc sin an
Fhomhoraich.



Dála Fhinn, iar g-clos do nach raibh siúr a mháthar ag
Iollann Eachtach: do eagair a slána ar an bh-Féinn go
ráinigh Lúghaidh Lámha fá dheoigh; agas tug Lúghaidh a
bhriathar go d-tiobra ceann Iollainn d'Fhionn, muna
bh-faghadh Turrainn slán beo le tabhairt a n-íoc a shlána
féin: gur iarr Iollann cáirde re n-dul d'iarraidh Thurrainne;
agas tug a bhriathar muna bh-faghaidh í, go d-tiocfadh féin do
shaoradh oinicc Lúghaidh, agas tug Lúghaidh an cáirde sin do:
gur ghluais Iollann ann sin mar a raibh a leannán síthe,
éadhon, Ucht-dealbh, a Sígh Coileain Fheidhlime; gur innis
a thosg di. "Maiseadh," ar Uchtdealbh, "d'a d-tugthása


L. 166


cuir agas slána dhamhsa fám' bheith féin mar chéile go
fóircheann do bheatha agad, do shaorfuinn ó'n n-gádh sin tu."



Tug Iollann sin di, agas do chuaidh sisi go tigh Fhearghusa
Fhinn-léith, ar chionn na h-inghíne, agas do chuir iona
riocht féin í, gairid ó'n d-tigh amach; agas tánga leis an
inghíon chugamsa, agas do innis Uchtdealbh a beith torrach
roimh bheith iona coin di, agas go rug dá choileán, éadhon
Sodh agas Fearchú; agas a dúbhairt d'a mo rogha liomsa a
m-beith iona n-daoinibh no iona g-conaibh go m-biadaois
amhla. A dúbhartsa, "da mo dhamh féin do bearthaidhe iad go mo
rogha liom a m-beith iona g-conaibh;" acht chéanna, d'iarr
Lúghaidh Lámha luadhacht a choimhdeachta ormsa, éadhon,
Turrainn do thabhairt do féin mar mhnaoi, Tugas; agas do
bhí aige go rug triur mac maithe dho, éadhon, Sgiath-Bhreac,
Aodhgán Ruadh, agas Caol Cródha; agas as iad sin na trí
mic máthar atá ag Bran agas ag Sgeolaing a bh-Fiannaigheacht:
gur ab é sin freagra do cheasda dhuit, a Chonáin,"
ar Fionn.



"Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "a rígh Féinne
is maith an t-eólus thugais dúinn; agas innis dam anois,
cread fáth ar liathadh tú, agas cread fáth a d-tugadh áibhle
aithise dod' ghnúis; agas más marbh ar do cholainn agas
fuaire anma ar do leathar; agas cá faid do thárla dhuit a
bheith amhla?"



"Do bhéarfa a fhirinne sin dhuit," ar Fionn. "Aon do
laethibh d'a rabhasa a n-Almhuin leathan-mhór Laigheann,
agas maithibh na Féinne maille riom, ag ol agas ag aoibhneas;
táinidh dias ban do Thuatha De Danainn do thabhairt cómh-ghrádh
a n-éinfheacht dam, agas atáid iona séathracha agá


L. 168


chéile, éadhon, Milúachradh agas Aighne a n-anmonna, dá
inghíon Chuailgne; agas tug Aighne séarathach nach biadh a
fear féin liath go bráth. Ar na chlos sin do Mhilúachradh,
do thiomsaidh Tuatha De Danainn an aon ionad: gur dealbhadar
loch draoigheachta do leith-taoibh sléibhe Cuillinn;
agas fir an domhain do rachadh san loch ba liath iad; agas
táinidh a riocht eilite im-léithe air fatha na h-Almhuine: go
d-tárla dhamhsa bheith am aonar ar an bh-faithche an tan
sin; gur léigeas fead air mo chonuibh; agas nach g-cuala cú ná
duine me acht Bran agas Sgeolainn amháin, go d-tángadar
chugam; gur léigios a g-chómhdháil na h-eilite iad, agas
do leanas í gan fhios do lucht an bhaile ó'n áit sin go sliabh
Cuillinn a g-críoch Cuailgne ba thuaidh, a n-Ultaibh; agas
géir ghairid athadh na h-éilite ó na coin: níor ghiorra ná


L. 170


athadh na g-con uaimse. Gidheadh, ó ráinidh an eilit do'n
t-sliabh tug cor do na conaibh; go nár bh-feas dóibh cá
conair ionar gabhadh léi, agas ba iongna mor liomsa fiadh
san domhan do chinneadh ar na conaibh a chómh-fhaid sin do
shlíghe. Gairid dham mar sin an tan ad chonarc inghíon
chruth-ghlan, chaomh-áluinn, ar bhruach na locha lán-aoibhinn;
agas í go dúbhach doi-mheanmnach go d-tángad d'a h-ionnsuidhe;
agas d'fhiafraigheas di fáth a dobróin. "Fáil dearg-óir
thuit san loch so uaim," ar sí, "agas mé ag snámh ann;
agas geasa nach fuilingid fíor laoch, ort a Fhinn, muna
d-tugair an fháil chugam as an loch." Gé'r leasg liomsa
dul do shnámh, níor fhuilingios bheith go fada fó gheasaibh,
agas téighim fó'n loch d'iarraidh na fáile, agas fuaras í,
agas tugas chum an inghíon í. Ró ghabh sisi an fháil, agas
téid féin do léim éadtrom fó'n loch; go nár bh-feas dhamhsa
cá conair ionar ghaibh. Tanadhsa a d-tír, agas gé'r
ghairid uaim m'éadach, ní raibh do shiubhal ionam a ionnsuidhe,
ar n-déanamh seanóra críon-chruthaigh, cnámh-ársaidh,
dhíom. Tángad na coin dam' ionnsuidhe, agas níor thugadar
aithne orm; agas tugadar cuaird an locha for gach
leith uaim: acht níor chian go bh-facadh Caoilte, agas tosach
na Féinne, go d-tángadar uile ós mo chionn; agas ní thugadar
aithne orm. "Abair a sheanoir," ar Caoilte, "a
bh-faca tú eilit agas dhá choin, agas aon óglaoch mór mileata
iona n-diaigh; no cá faid ataoi tu ad t-iasgaire ar
an loch so?" Innsim dóibh go bh-faca, agas nach fada do
chuadar uaim; acht céanna, ba docharach liomsa mar do bhíos
ann sin, agas nach ar lámhas a innsin gur ab me féin do


L. 172


bhí ann; agas níor chian dam amhla sin go d-táinidh tromlach
na Féinne chugam: gur innsíos dóibh mo thosg ó thúis go
deire; gur chreid siad an t-iomlán me; agas gur léigiodar
trí gárrtha ósárd; gur ab Loch Doghra is ainim di ó
shoin aleith; agas do rinneadar carbad caol dhamhsa, agas
do thógbhadar leo mé go síth Coilleain Cuailgne, agas do
thionóladar seacht g-catha na Féinne tímpchioll an t-síogha;
agas ró ghabhadar trí lá agas trí n-oidhche agá tochailt:
gur ab ann sin d'eirgidh Cuilleann Cuailgne as an síth,
agas easgar dearg-óir iona láimh; agas dáilios damhsa an
t-easgar; agas ar n-ól na dígh dham táinidh mo dhealbh agas
mo dhaith féin orm, agas do sgaradar na h-ainmhighthe áighmhéile
sin liom, acht an léithe amháin; óir do bhí mo leath-fholt
amhuil airgiod aon gheal, agas do tharraigh Cuilleann dam
mo dhath féin do chuir orm; agas níor bh'áil liom sin: óir
do thaithnidh liom agas leis an bh-Féinn an daith sin do bheith
orm. Tugas an t-easgar a láimh Mhic an Reithe gur ibh
deoch aiste, agas tug sé sin a láimh Dhiorraing i, agas
ibhios deoch as; agas do bhi Diorraing agá síne chum an
fhir fá neasa dho; go d-tug an t-easgar cor seacha go
n-deacha as a láimh fá'n d-tochailt go doimhinn ionár bh-fiaghnaise,
agas gé'r ritheadar uile chuige ní rugsad air gur
shloig an talamh é; agas ba mhór an t-imshníomh liomsa agas
leis an bh-Féinn sin: óir d'a n-ibhdís uile deoch as, do bhiadh
fios agas fír-eolas aco; agas d'fhásadar féidhliocáin
choille san ionad a n-deachadh a d-talamh; agas gach aon


L. 174


do chídhfeadh ar céadlongadh iad, do bhiadh fios an laoi sin
aige, gur ab mar sin do liath mise, a Chonáin," ar
Fionn.



"Marthuinn dhuit," ar Conán "agas abair liom anois
cionnas fuarais an fios fír-eólach atá agad agas ní h-é
fios tíghe Chuanna é, ná fios an bhradáin."



"Inneosad sin duit," ar Fionn. "Atá tiobrad ag an
Easga ag Beag mac Buain do Thuatha De Danainn;
agas gach aon ibhios easgar aiste, ba feasach, fír-eólach,
é; agas d'a n-ibhe an dara h-easgar, ba fáidh fíor é,
agas a mhac na dhiaigh, agas trí chéad uinge dearg-óir
cheanchas lán na h-easgair sin, agas trí h-inghíonna do
Bheag mhic Buain do bhíos d'a choiméad; Teisionn,
Teithcheann, agas Armhach, a n-anmonna; agas a sí Teisionn
do dháileas an tobar ar lucht a cheannaighthe. Acht cheanna,


L. 176


tárla dhamhsa bheith ag seilg na seasga, feacht naon, air
uathadh buidhinne acht Diorraing agas Mac an Reithe, agas
do ionsuigheamair é, agas d'éirgiodar an triur ban sin a
n-éinfheacht ionár g-coinnibh, agas doirteas Teisionn lán
na h-easgraidhe d'uisge na tiobruide orruinn d'ár g-cosg,
go n-deacha cuid ionár m-béal de; gur fhágabh fios fírinne
aguinn ó shoin aleith; gur ab é sin fuasgladh do cheiste, a
Chonáin," ar Fionn.



"Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas abair
liom anois na h-athadh annsacht atá agad nach eagal duit go
g-caille iad; agas do oidheacht féin go teach Neóid?"



"Do gheabhair a fhios sin uaim, a Chonáin," ar Fionn. "A sé
Neoid duine ba mheasa agas ba dhoichillíghe a g-comh-aimsir
ris a n-Eirinn. Acht céanna, ba mhór a chonach
agas a thígheas: óir do bhadar trí dóirse air a dhún, agas
seacht n-athchomairc ar gach dorus díobh; agas gé'r mhór
a bhiadhtachas ní dheachaidh aon neach buidheach ná sáthach tar
aon dorus díobh riamh; agas tánadh aon do laethibh chum na
bruighne sin Neóid um uathadh, agas ní raibh do bhuidheann
ann ar mo chionn acht Neóid agas a bhean agas a inghíon;
ró shuigheas a stigh. Dala Neóid; d'fhiafraidh dhíom cread


L. 178


fáth ar shuigheas? A dúbhartsa gur ab do oidheacht tánadh
ann, "Is dóith liomsa," ar Neóid, "ná cuala tú sgéal an
tighe-si, mar go d-tánadhais air oidheacht ann; agas is
uime tugadh Neóid ormsa, eadhon, neoid ainim do dhoithchioll,
agas is mise duine as doichillíghe san domhan." "Is briathar
damhsa," ar mise, "muna d-tugair dhamhsa oidheacht dod'
dheoin go d-tabharfair dod' aimhdheoin." Is ann sin
d'éirgidh Neóid dam chur amach; agas do ionnsaigheas é ar lár
an tíghe, agas tugas cor treas bhórd do, go d-tárla faon
fóthársna ar lár: gur cheanglas go daor dochraideach a
bh-fiaghnaise a mhná agas a inghíne é: agas rugas a bhean
liom ar an leabadh fá neasa dham. "Ná meill mo bhean, a
óglaoich an-aithnidh," ar Neóid, "agas do dhéana cairdiocht
riot; agas do bhéar' m'inghíon duit, óir is diongmhála deagh-fhir
í." Do thuigeas gur chóir sin, agas do léigios bean
Neoid, agas do sgaoileas de féin, agas do rineamair
car agas cumann re chéile, agas do h-ollmhaidh fleadh agas
féasta dhúinn; agas tugadh Aoife, inghíon Neóid, ar feis
lámha agas leaptha dhamhsa an oidhche sin; agas ar n-éirgidh
dhúinn ar na mhárach, d'iarr Aoife aisge maoine, eadhon,
"cóimhrith ris an lon do bhí san doire leath amuich do'n tigh,
agas a thabhairt beó chúiche," agas do rineasa amhla sin.
Iar n-glacadh an loin d'Aoife iona láimh, do léig amach é,
agas do chuir do throm-gheasa ormsa a ghabhail gacha bliaghain:
nó mo éag féin an bhliaghain nach gabhainn é.



Gairid iona dhiaigh sin dúinn, gur thionoladar maithe na
Féinne do chaithiomh bainisi Aoife inghíon Neóid; agas an
tan ad chonairc Neóid iomad an bhíghe agas na díghe d'a
thabhairt do na conaibh agas do na giolladhaibh; do bhris an


L. 180


chuil doithchill do bhí fá na chroidhe; ionus gur bh'é treas
fear dob' fhearr oineach d'a raibh a n-Eirinn ó sin
amach é; agas ag sin éag dam éagaibh-si a Chonáin," ar Fionn.
"Eag eile dam éagaibh, éadhon, aon do laethibh d'a rabhasa ar
mháigh na Ceidhte theas; do chonarc inghíon áluinn iolchrothach,
agas d'fhiafraighios di cread thug iona h-uathadh í? "Ag
iarraidh fir atáim," ar sí, "cread an fear?" ar mise,
"ni bh-fuil fear áirighthe agam d'a iarraidh," ar isi, "acht
an fear do bhéara coimhthe dham," "cread an coimhthe ataoi
tú iarraidh," ar mise, "léim tar an g-cloich sin," ar sí,
"ar h-aghaidh." Do léigeasa m'airm ar lár agas tugas
an léim tar an g-cloich gan fhuireach. "Ní h-amhladh sin as
cóir" ar sí, "acht cuir an liag cloiche si cómh-árd riot
féin ar do dhearrnainn, agas tabhair léim táirse." Do
rineasa amhla, agas ní thugas riamh léim ba doilge liom ná í,
agas d'fhiafraigheas di cread dob' ainim di? "Eadaoin
sléibhe Caein m'ainim," ar sí, "agas tairsi liom a nocht
dam thigh féin." Do riachtas léi, agas do luigheamair
a bh-farrad a chéile an oidhche sin, agas a dúbhairt si liom,
"an bhliaghain nach tiubhrainn an léim sin go bh-faghainn bás
anbadh;" agas ag sin, a Chonáin, an dara h-éag dam éagaibh,
éadhon, léim tar chloich na Ceidte gacha bliaghain."
Eag eile dam éagaibh, muc do mhucaibh Shlánaidhe do mharbhadh
gach bliaghain agas a geasa do chomhail, éadhon, gan a
goin, agas gan í do sgréachadh re na marbhadh, agas an tí


L. 182


do mhuirfeadh í, d'a h-iomchar go liagh a fulachta; agas gan
gaoth a d-tuaidh társa d'a dóith, agas gach dorus gus a
m-bearthaidhe í do bheith druidthe ós a cionn, agas gan duine
do dhearmad uimpe ann aon bhaile an oidhche sin: gur ab é
sin fuasgla do cheiste, a Chonáin," ar Fionn.



"Beir buadh agas beannacht," ar Conán, "agas abair
riom anois na trí h-urchair mearbhaill is measa riot tugais
riamh?"



"A déar sin riot," ar Fionn. "Aon do laethibh d'a
rabhas do sheilg ar bhruach Cairn Cromghlinne, agas do
dúisíoghadh an mhuc chugam as a n-dubhsheilg iona rabhasa
agas na coin, agas curraidhe na Féinne iona diaigh; agas
tugasa urchar dam shleagh d'a h-ionnsaidhe; go d-tárla a
d-taoiseach maith dam mhuintir í, éadhon, a m-bolg an fhir
go d-torchar a g-céadóir: gur ab uaidh atá Áth Bolg, nó
Dún Bolg, láimh le Corca Múmhan; agas tugas urchar
eile go d-tárla an Eadbhó mhic Muinchinn, gur marbhadh é;
agas tugas an treas urchar, gur mharbhas Iomhais mic
Bachair; gur ab uaidh atá sliabh Iomhais fós. d'aithnídheas
go n-dearrnadh m'aimhleas do na trí h-urchair sin; agas
rineadh fearta do na triur laoch sin; agas do sgríobha a
n-anmonna ós a g-cionn; gur ab iad san na trí h-urchair
is measa liom tugas riamh," ar Fionn, "agas déantar
leabadh feasta dhúinn; óir ní beag dhuit fhaid do leanais
orm a Chonáin; agas d'innsíos morán dam dheacaraibh
féin agas na Féinne dhuit; agas, dam dhóigh, is deire oidhche
atá ann." Rineadh amhlaidh sin, agas tugadh Finndeilbh
inghíon Chonáin, ar feis-lámha agas leaptha d'Fhionn.
Acht chéanna, do chonarcadh taibhse, agas siabhra adh-uathmhar
d'Fhionn, tré na chodla: gur éirgidh fó thrí cómhárd le
uathaibh o'n leaptha. "Cread fá linge ris an leaba a rígh


L. 184


Féinne?" ar Finndeilbh. "Tuatha De Danann, do chonarcas
dam," ar sé, "do thógbháil bruighne orm, agas a
m-beith ag flann-chosgairt na Féinne."



Dala na Féinne; do ghabhadar dún-phort ag Fotharladh
na Mogna an oidhche sin, agas ba brón leó bheith gan tuarasgbhail
Fhinn aco: gidheadh d'éirgidh Bran Beag O'Buacháin
agas Bran Mór mac Fheargusa, a moch na maidne
ar na mhárach; agas táinidh chum Mhic an Reithe; agas
d'fhiafraidhe cá raibh Fionn an oidhche sin? (óir do bhí fios
fir-eólach ag Mac an Reithe) a dúbhairt Mac an Reithe,
"cia do bhiadh a fhios, ní h-áil liom droch-fháistine do
dhéanamh, d'eagla go m-biadaois mná nó mion-dhaoine dam
leanmhúin uime, ná ag iarraidh feasa orm. Gidheadh, a deirim
gur ab a d-tigh Chonáin Chinn Shléibhe, do bhí
Fionn agas Diorraing a raoir."



Tigid iar sin an dá Bhran go teach Chonáin, agas
fearas Fionn fáilte riu; agas tugadar san achmusán do
tré fleadh-ól bainise a mhná agas gan an Fhiann maille
ris. "Ba ollamh a g-cionn míosa an fhleadh," ar Conán,
"agas tabhraidhsi an Fhiann d'a caithiomh?" D'aonta
Fionn sin; acht cheanna, gluaisios Fionn, Diorraing, an
dá Bhran, 's a g-coin, go longphort na Féinne. "Atá
fleadh aguinn ollamh a n-Almhuin," ar Bran, "agas teaghmaoid
d'a caithiomh." Gluaisid reompa go h-Almhuin, gur
h-éaghradh teach n-óla an oidhche sin ag maithibh na Féinne;
agas níor chian dóibh amhla go bh-facadar Cairbre Lifeachair,
mac Chormaic mheic Airt, mac Choinn Chéad-Chathaigh,
ag teacht chum an bhaile d'a n-ionnsuidhe. "Ní maith
thárla so dhúinn," ar Fionn, "oir is geasa dhúinn gan ár
d-teach do sgaoile go sgarmaoid féin go súbhach soi-mheanmach


L. 186


re chéile," agas níor bh-fuláir do mhac rígh Éirionn gur
ab uime féin déantaoi eagar an tíghe óil. "Ní h-amhla sin
do dhéanamh" ar Oisín, "acht léigiom leath an tíghe do mhac
righ Eirionn, agas an leath eile aguinn féin." Rineadh
amhla sin, acht cheanna, an leath do folmhuigheadh do'n tigh do
mhac rígh Eirionn, do bhadar dias do Thuatha De Danann
ann, éadhon, Fáilbhe Mór mac Domhnaill, agas Fáilbhe
Beag mac Domhnaill; agas a dúbhradar "gur ab ar a son
féin do bheith ar an g-cuid sin do'n tigh do folmhuigheadh é."
"Truagh sinn," ar Failbhe Beag, "is mór an táir agas
an tarcaisne tugadh orruinn a nocht, agas ba é mian
Fhinn tuille d'imirt orruinn; óir an bhean do snamadh ris
an d-treas fear is feárr do Thuatha De Danann, atá sí
ag Fionn d'aimhdheoin a h-athar agas a máthar." Cíodh
tracht, gluaisid an dias sin a moch na maidne go Fionnbharr
Máigh Feabhail, agas ínsid do gach táir agas gach tarcaisne
dob' mhian le Fionn agas le Fiannaibh Eirionn
d'imirt air Thuatha De Danann.



Dala Fhionnbharr Máigh Feabhail; do chuir teachta uaidh
air feadh Eirionn uile do thionol Thuatha De Danann ós gach
áit chuige; óir ba righ orra Fionnbharr: go d-tángadar chuige
os gach áit sé catha déag do ghléir ghlan-shluagh a g-cionn
míosa air bhruach Loch Dearg-Dheirc; agas ba é an lá céadna sin
ráinigh le Conán an bhainis do bheith ollamh aige fá chomhair
Fhinn agas na Féinne: gur chuir Soistreach, a bhean-eachlach
féin, ar a g-cionn go Teamhair Luachra; agas ar n-déanamh
a teachta re Fionn, gluaisíos roimpe tar nais láimh re Loch


L. 188


Deirg Dheirc, go bh-facadar Tuatha De Danann í; agas
do chuaidh Fáilbhe Beag iona diaigh ag fághail sgéala uaithe:
gur innis sí dho gur a bh-fhochair Fhinn mhic Cúmhaill
do bhí sí. Ró fhiafraidh Failbhe Beag cá raibh Fionn, nó
cá líon do bhádar an fharrad? "A d-Teamhair Luachra
d'fhágbhas é," ar sí, "agas deich g-céad a chuideachta" agas
ró innis gur ab a bh-fochair Chonáin Chínn Shléibhe do bhí
Fionn re bheith an oidhche sin. Ar na chlos sin do Fháilbhe,
tug béim cloidhimh do'n bhean-eachlach, gur ghearr air a dhó
í, gur tharraing chum na h-abhann í, gur ab Dubhghearrthach
ainim an t-srotha sin ó shoin a leith.



Dala Fhinn; gluaisios a n-diaigh na bean-eachlaidhe,
agas ba iad Clanna Móirne líon is mó do bhí a n-farradh
fó'n am sin: óir ní raibh iona n-éagmais ann, acht Fionn,
Caoilte, Mac an Reithe, Eochadh Mór mac Lughaidh,
Sgolbsgeine mac Oisin, agas Caol Cródha ó Neamhainn; go
n-dúbhairt Fionn re Goll, "a Ghoill," ar sé, "níor ghabh
uamhan ná im-eagla mé air bhainis riamh roimhe anois;
agas mé air bheagán buidhne; óir atá fáistine nach maith
d'a teasbánadh dham, eadhon, Tuatha De Danann do thógbháil
bruighne orm, agas mo mhuintir do mharbhadh." "Ainicfeadsa
tú orra do'n chor so," ar Goll, "agas tigid
reompa ar sin go teach Chonáin; gur chuir Conán fáilte
riu, agas do h-éaghra teach n-ola aco, agas do bhí Fionn
a leabadh ursan ann, agas Goll d'a dheis, agas Finndeilbh
d'a chlí; agas cách a g-coitchinne iona n-ionad cinnte féin
ó sin amach.



Dala Fhionnbhar Maigh Feabhail, agas Tuatha De Danann,
do chuireadar an "Féigh Fhiadha" iompa, agas rángadar


L. 190


go dorchadh, gléir, na sé catha déag sin armtha, éidighthe,
innillte, air faithche dúna Chonáin Chinn Shléibhe, gan rógha,
gan rathúghadh, gan fhuireach. "Beag ar d-tairbhe a bheith
ann so," ar siad, "agas feidhm lainne Ghoill ag anacal
Fhinn orruinn." "Ní anacfadh Goll do'n chor so é," ar
Eithne, bean draoi; "oir cealgfadsa Fionn amach liom
as an tigh gionn go mo mhaith a choimead."



Gluaisíos roimpe d'ionnsuidhe an bhaile, agas tig ós
comhair Fhinn do'n leith amuich. "Cia tá air mo chomhair?"
ar sí, "Meisi féin," ar Fionn, "Geasa nach fuilingid
fior laoch ort," ar sí, "teacht amach gan fhuireach."


L. 192


Níor fhulaing Fionn na geasa, táinidh amach gan cháirde,
agas gé'r iomdha duine do bhí a stigh, níor airigh aon aco
Fionn ag dul amach acht Caoilte amháin; agas tigidh go
h-Eithne bean draoi. Is fá'n am sin do léigiodar Tuatha
De Danann ealta d'éanuibh dúbha go n-gobaibh tínntíghe
fó'n dún; gur luigheadar air uchtaibh agas air bhruinnibh
cháich; agas do ghabhadar agá losga agas agá lán-mhille;
ionus gur theitheadar mic agas mná agas mion-dhaoine an
bhaile as an dún amach ar gach leath: gur báthadh bean Chonáin
(Canana a h-ainim) san abhuinn leath amuich do'n
bhaile. Is ann sin a dúbhairt Eithne, bean draoi, le Fionn,
cóimh-rith léi féin; "óir is do choimh-rith liom do ghoireas
amach tú," ar sí. "Cá faid?" ar Fionn. "O Dhoire
dá Thorc a niar, go h-Ath-mór soir," ar sí. Do rineadh amhla
sin leo go d-táinidh Fionn roimpe tar an áth, agas Caoilte
iona dhiaigh; agas do bhí Fionn ag greasacht Chaoilte,
go n-dúbhairt, "Is adhnár dhuit, a Chaoilte, méid do
ratha agas do luadhais agas aon bhean ag dúl díot." Lingios
Caoilte ar sin; go d-tug éirgidh anshocair ar féin go
d-tug a dhrom a n-ucht na caillighe ag Doire an t-Seanaich
theas, agas d'iompuigh uirthe go d-tug béim cloidhim fó na
meadhon go n-dearrna dá ordín chearta chomhthroma dhi.



"Beir buadh agas beannacht, a Chaoilte," ar Fionn, "óir


L. 194


gé iomdha buille maith thugais riamh, níor bhuailis buille is
feárr." Cíodh trácht, rángadar tar a nais go fatha an
bhaile, go bh-fuaradar Tuatha De Danann iona m-broin
fíor-choirtighthe ar a g-cionn iar g-cuir a bh-Feigh Fiadha
dhíobh. "Dóith liom, a Chaoilte," ar Fionn, "go d-tárlamair
ar lár ar namhad san Dún so," agas cuirid, ar
sin, a n-dromanna re chéile, agas tuargnaid cách iad for
gach leath: gur bhaineadar osna éagcomhlann as Fhionn:
gur chlos do Gholl sin, go n-dúbhairt, "truagh sin, óir do
chealgadar Tuatha De Danann Fionn agas Caoilte riu
amach uainn, agas éirgidh go luaith d'a g-cabhair." Eirgid
ar sin, iona m-broinn áigh agas íorghoile, agas Conán
Chinn Shléibhe agas a chlann mhaicne d'a g-congnamh air an
bh-faithche amach; acht cheanna, do feargadh an t-árd mhileadh
uaibhreach ionnsaidhtheach, agas an laoch leadartha loisgneach,
agas an torna uathmhar íongantach, agas an buinne bladhmannach
borb-threasach, éadhon, Goll mac Móirne mhic Gharraidh Ghlun-
duibh, mhic Aodh Dhuanaidh, mhic Aodh Chinn Chláir, mhic
Conuill, mhic Saidhbhre, mhic Ceat, mhic Mághach, mhic Cairbre
Chinn-deirg, mhic righ Connacht; amhuil ba réimiosa árd-
mhir a réim, an tan do chrom fa'n g-caith a g-crioslach a
chróin-sgéithe; gur threasgair treoin na d-taoiseach; gur
chíorrba uaisle 'na n-deire, agas gur madhmadh maithe iona
meadhon; ionus gur mionaidheadh agas gur craiplígheadh cosa agas
cinn-mhullaigh ris, gur ráinidh an társa forranta, éadhon,
Fionnbhárr Máigh Feabhail, agas tuairgnid a chéile, gur ba
raeptha ro theasgaidhthe na rígh-mhilídh; agas gur ba taobh-
leadartha, táimh-ríghne na tréinfhir ó'n d-trom-ghleó sin;
agas ba é críoch a n-imreasáin gur thuit Fionnbharr Maigh
Feabhail do bhéimionnaibh glac-láidir Ghóill; agas do thuit
Fáilbhe le Caoilte. Sgiúchas an laoch léimionnach luath-
ghonach, éadhon, Eochadh Mór mac Lúghaidh, agas ró ghabh
ag slada na sluagha, go ráineadh an


L. 196


fear fíochmhar forranta, éadhon, Donn-Uatha, gur thuarghoineadar
a chéile, agas dob' é fóircheann a bh-feadhma, iad
a raon do thuitim bonn re bonn, agas béal re béal, ar an
láthair sin; agas ró tuit Rachta Dearg fó'n ruathar
g-céadna re Sgolb-sgeine mac Oisín, agas torcradh
Róchán ré Garraidh Glundubh. Do thuitiodar an da Sgail
re chéile; torcradh na tri Domhnaill re Conán Maol mac
Móirne iona aonar; agas do thuitiodar an dá Chairbre
re Conán Chinn Shléibhe agas lena mhac; acht chéanna, is
tearc tugadh a n-Eirinn riamh caith is feárr tugadh ná an
caith sin; óir níor mhian agas níor mhaise le ceachtar do'n
dá roinn sin teibe ná teithe as an láthair catha ionar ionnsuigheadar
a chéile; óir ba iad dá roinn ba chruadh-chomhlannaidhe
san chruinne cheathardha iad, éadhon, Fianna feardhacha
fuilteacha forranta Fhinn, agas Tuatha déid-ghlán
dath-áilne Dé Danann; agas is beag nár thuitiodar uile
ar láthair an chatha sin.



Acht chéanna, níor chian go bh-facadar chúca an chuid eile
d'Fhiannaibh Fhinn ná raibh an fharrad; ionus, ar a
bh-faicsin do Thuatha De Danann, gur ghabh siad réim madhmadh
agas teithe ar g-cur an Fheigh Fhiadh iona d-timpchioll:
gur thuitiodar taise agas taoibh-néala ar Fhionn féin,
agas ar an méid do bhí an fharrad san g-caith, ó iomad
na h-íorghaile, agas le forran na feadhma; agas ba iongna
mhór le h-Oisin méid díthe na Féinne san g-caith sin:
óir tángadar deich g-céad laoch le Fionn, go teach Chonáin
Chinn Shléibhe, agas do thuitiodar uile le Tuatha De
Danann, acht aon chéad amháin; agas iadsan féin easbathach
créachtach crói-leointe; agas gan an chuid eile do
mhuintir Chonáin Chinn Shléibhe d'áiriomh. Dala Fhinn;
do rugadh go teach Chonáin air iomchar é, agas do bhí
caeciodhas ar mhíosa ann d'a liaghas; agas an tráth ba
in-imtheachtach é, do ghluais féin agas a bheagán Féinne


L. 198


maille ris, go h-Almhuin leathan-mhór Laigheann; agas is
fada bhadar an Almhuin agas a g-créachta d'a g-congmháil
a n-otharluighe sul a bh-fuaradar tátha ná liaghas.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services