Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne
Title
Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1651
Publisher
(B.Á.C.: I.T.S., 1967)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne. Lá dár éirigh Fionn mac Cumhaill maidion mhoch a nAlmhuin leathan-mhóir Laighion, agus do shuigh amuich ar an bhfaighche gan ghiolla gan óglách iona fhochair, agus do lean dias dá mhuinntir é, .i. Oisín mac Finn agus Diorraing mac Dobhuir Dhámhaigh í Bhaoisgne. Do labhair Oisín agus as é do ráidh: "Créad é ádhbhar na moch-éirghe so ort, a Fhinn?" ar sé. "Ní gan ádhbhar do-rineas an mhoch-éirghe so, a Oisín," ar Fionn, "óir atáim lé bliadhuin gan mhnaoi gan bhainchéile ó theasdaigh Maghnais inghion Gharaidh Ghlúnduibh mhic Mhórna, óir ní gnáth suan ná sádhail dá dhéanamh don tí theangmhas gan mhnaoi a dhiongmhála aige. Agus as é sin ádhbhar na moch-éirghe so, a Oisín," ar Fionn. "Créad do-bheir tusa mar sin?" do ráidh Oisín, "óir ní bhfoil bean ná bainchéile a nÉirinn iath-ghlais oileánaigh iona ccuirfeadh fear h'innmhe-si rinn a ruisg nó a radhairc uirthe nách faghadh sé í; agus fós ní bhfoil inghion rígh ná ró-fhlatha a ccríochaibh imchiana an domhuin mhóir iona ccuirfeá-sa féin, a Fhinn, rinn do ruisg nó do radhairc uirthe nách tiubhramaois-ne féin ar áis nó ar éigion chugad í." An sin do labhair Diorraing agus adubhairt: "Do bhraithfinn féin do dhiongmhála do mhnaoi agus do bhainchéile dhuit, a Fhinn, dá madh áil leat dul dá hiarraidh." "Cia hí féin?" do ráidh Fionn. "Gráinne inghion Chormaic mhic Cormac mhic Cuinn Chéad- chathaigh", arsa Diorraing, ".i. an bhean as feárr dealbh agus déanamh agus úrlabhra do mhnáibh na cruinne go cóimhiomlán." "Dar do láimh-si, a Dhiorraing," do ráidh Fionn, "atá imreas agus easaontacht idir mé féin agus Cormac ré cian d'aimsir agus ní miagh ná maisi liom go ttiubhragh sé éara tochmhairc orm; agus dob fheárr liom go ndéanadh Oisín agus tusa, a Dhiorraing, dul d'iarra cleamhnais dam ar Chormac, óir dob fheárr liom
éara tochmhoirc do thabhairt oruibh-si ná orm féin." "Rachamaoid-ne ann sin," ar Oisín, "agus ná bíodh a fhios ag aon ar tturus go ttigiom tar ais arís." Do thiomnadar an dias deagh-laoch san cead agus ceileabhra ag Fionn agus ní haithrisdear a n-imtheachta go rángadar go Teamhair, agus tárla rígh Éireann a ndáil aonaigh agus oireachtais an lá sin ar faighthe na Teamhrach reómpa, agus fir Bhreagh agus na Mídhe agus Colamhna teanna na Teamhrach maraon leis iona thimpchioll. Agus do fearadh fáilte roimh Oisín agus roimh Dhiorraing agus do chuir rígh Éirionn an t-aonach ar athlá óir budh dearbh ris gurabh re toisg nó re turus feadhmamhail táinig an dís sin d'fhearaibh na Féinne dá ionnsaighe. As a haithle sin do ghoir Oisín rígh Éireann chuige do leataoibh an aonaigh, agus do innis dó gurab d'iarra mná agus cleamhnais d'Fhionn tángadar féin. Do labhair Cormac agus as é do ráidh: "Ní bhfuil mac rígh ná ró-fhlatha, curadh ná caithmhíleadh ann dá chóige mórgharga Múmhan nách tug m'inghion-sa éara tochmhoirc ortha, agus as orm féin bhíos a dhiomdha ag cách; agus ní thiubhar-sa fios sgéala dhíbh-si nó go mbéarad sibh féin dá láthair, óir as feárr liom a sgéala féin do bheith aguibh-si ioná sibh-si do bheith diombuidheach dhíom." Do ghluaiseadar reómpa iar sin go grianán na banntrachta, agus do shuigh Cormac ar cholbha na hiomdhadh ag Gráinne agus do labhair ria agus adubhairt: "A Ghráinne," ar sé, "ag sin dias do mhuinntir Fhinn mhic Cúmhail ag teacht dod h'iarra-sa mar mhnaoi dhó, agus créad an freagra dob áil leat do thabhairt ortha?" D'fhreagair Gráinne dhó agus adubhairt: "Má atá do dhíol-sa do chliamhuin ann sin, atá mo dhíol-sa d'fhear agus d'fhír-chéile ann." Do dáileadh fleadha agus fuireadha an oidhche sin dóibh, agus do-rin maraon ionad coinne coicís ón oidhche sin lé Fionn a tTeamhair. Do ghluais Oisín agus do ráinig go hAlmhuin a ccionn Fhinn agus na Féinne agus d'innis a sgéal ó thús go deire dhóibh, agus mar théid
caitheamh ann gach aoin-ní do chuaidh caitheamh san aimsir sin. Agus do chuir Fionn tionól agus tiumsughadh ar sheacht ccathaibh na gnáth-Fhéine as gach aird a rabhadar an lá déigheanach don aimsir sin, agus ar rochtain dóibh go hAlmhuin do ghluaiseadar rompa ina ndrongaibh agus ina ndíormaibh, agus ní haithristear a n-imtheachta nó go rángadar go Teamhraigh. Agus tarla Cormac agus maithe agus mór-uaisle ffear nÉreann ina thimchioll rompa ar an bhfaithche, agus do fhearadar fíor-chaoin fáilte roimh Fhionn agus roimh maithibh na Féine, agus do-chuadar asteach as a haithle sin go Teach meadhrach Midhchuarta. Agus do shuidh rí Éireann a ndáil óil agus aoibhneasa agus a bhean ar a ghualuinn, .i. Eithne inghean Aotáin Choirchidh, agus Gráinne inghean Chormaic ar a gualainn sin, agus Fionn mac Cubhaill ar láimh dheis rígh Éireann, agus Cairbre Lifeachair mac Cormaic ar slios in rí-thighe chéadna agus Oisín mac Finn ar in slios oile, agus gach aon do réir a uaisle agus a atharrdha 'na shuidhe ó sin amach a dTeach meadhrach Midhchuarta. Agus do shuidh draoi agus deagh-dhuine ealadhan do mhuinntir Fhinn mhic Cubhaill a bhfiadhnuise Ghráinne inghine Cormaic, .i. Daighre Duanach mac Morna, agus d'éirigh caoineas comhráidh agus aighneas iomagallmha eatarra, agus do labhair Gráinne agus ro fhiafraigh: "Créad é an toisg nó an turus fá dtáinic Fionn mac Cubhaill don bhaile so anocht?" ar sí. "Muna fhuil a fhios sin agad-sa," ar an draoi, "ní hiongnadh gan a fhios agam-sa." "As maith leam a fhios d'fhagháil uait-si," ar Gráinne. "Máseadh," ar an draoi, "is dot iarraidh-sa mar mhnaoi agus mar bhainchéle táinic Fionn don bhaile so anocht." "Is mór in iongnadh leam féin," ar Gráinne, "nach d'Oisín mac Finn iarras Fionn misi, ór do budh córa a mhaca samhla do thabhairt damh-sa ná fear is foirfe ná mé féin." "Ná habair-si sin," ar an draoi, "ór dá gcluineadh Fionn thusa dá rádh sin ní bhiadh sé féin riot, agus ní mó do láimheóchadh Oisín a bheith riot féin."
"Innis dam anois," ar Gráinne, "cia hé súd ar gualainn deis Oisín mhic Fhinn?" "Atá ann sin," ar sé, "Goll mear míleata mac Morna." "Cia hé súd ar gualainn Ghuill?" ar Gráinne. "Osgar mac Oisín," ar sé. "Cia hé súd ar gualainn Osgair?" ar Gráinne. "Caoilte mac Cronchair mhic Rónáin," ar an draoi. "Cia hé súd ar gualainn Chaoilte?" ar Gráinne. "Mac Lughach láimh-éachtach mac inghine do Fhionn mac Cubhaill súd," ar an draoi. "Cia hé an fear buileach binn-bhriathrach úd," ar sí, "ar a bhfuil an folt cas ciar-dhubh agus an dá ghruaidh chorcra choimh-dhearga ar láimh chlí Oisín mhic Fhinn?" "Diarmaid déad-bhán dreach-sholas ó Duibhne an fear úd," ar an draoi, ".i. an t-aon-leannán ban agus inghean is fearr atá a nÉrinn go hiomlán." "Cia hé súd ar gualainn Diarmada uí Dhuibhne?" ar Gráinne. "Diorraing mac Dobhair Dhámhaigh uí Bhaoisgne .i. draoi agus deagh-dhuine ealadhan súd," ar Daoire Duanach. "Maith an bhuighean sin," ar Gráinne. Agus rena chois sin do ghoir sí a cumhal choimhdeachta chuice agus adubhairt ria an cornn cloch-órdha cumhdaigh do uí annsa ghrianán dá héis do thabhairt chuice. Tug an chumhal an cornn lé iar sin agus adubhairt Gráinne ria: "Beir leat an cornn so go Fionn agus abair ris deoch d'ól as, agus innis dó gurab misi do chuir chuige é." Rug an chumhal an cornn lé go Fionn agus do ibh Fionn deoch as agus tuc an cornn do Chormac agus do thuit a thorrchim suain agus síor-chodalta air féin; agus do ibh Cormac deoch as an gcornn agus tuc a láimh Eithni é, agus do thuit an suan céadna ar Chormac. Do ibh Eithne deoch as agus tuc an cornn do Ghráinne agus do thuit a torrchim suain agus síor-chodalta uirre féin. As a haithle sin do ghoir Gráinne an chumhal chuice agus dubhairt ria: "Beir leat an cornn so go Cairbre Lifeachair mac Cormaic agus abair ris deoch d'ól as, agus tabhraidh an cornn dá éis sin dona macuibh rígh úd ina fhochair."
Rug an chumhal an cornn lé go Cairbre agus do ibh deoch as, agus ní maith ráinic uaigh a thabhairt don tí fa neasa dhó an uair do thuit a thorrchim suain agus síor-chodalta air féin; agus gach aon dá nglacadh a ndiaigh a chéle an cornn do thuiteadh an céadna orra. Agus an uair fuair Gráinne cách ar caoi mheisge agus mhearaigthe do éirigh féin go fóill foisdinach as an suidhe 'na raibhe, agus do shuidh eidir Oisín mac Finn agus Diarmaid ó Duibhne, agus do labhair re hOisín agus aseadh ro ráidh: "Is iongnadh leam féin ó Fhionn mac Cubhaill," ar sí, "mo leithéid féin d'iarraidh mar mhnaoi dhó, ór do budh córa do mhaca samhla-sa do thabhairt damh-sa ná fear is foirbhfe ná mé féin." "Ná habair-si sin, a Ghráinne," ar Oisín, "ór dá gcluineadh Fionn tusa dá rádh sin ní bhiadh sé féin riot, agus ní mó do láimhéchinn-si bheith riot." "An ngébhair-si suirghe uaim-si, a Oisín?" ar Gráinne. "Ní ghébh," ar Oisín, "ór gidh bé bean do luaithfidhe re Fionn ní bheanfainn-si ria." Tug Gráinne a haghaidh ar Diarmaid ó Duibhne agus aseadh ro ráidh: "An ngébhair-si suirghe uaim-si, a mhic uí Dhuibhne," ar sí, "an uair nach gabhann Oisín uaim hí?" "Ní ghébh," ar Diarmaid, "ór gidh bé bean do luaithfidhe re hOisín ní cubhaidh ream-sa bheith ria dá mbeith nach luaithfidhe re Fionn hí." "Máseadh," ar Gráinne, "cuirim-si fá gheasuibh áigh agus aighmhillte thusa, a Dhiarmaid uí Dhuibhne .i. troigh mná troghain agus néll mhairbh ós uisge agus saoghal Neóill Chaille arna chronughadh agad, muna mbeirir mé féin leat as an tigh so anocht sul éirgheas Fionn agus rí Éreann as an ccodladh úd ina bhfuil siad." "As olc na geasa sin do chuiris orum, a bhean," ar Diarmaid, "agus créad fár chuiris na geasa sin orum féin seach a bhfuil do mhacuibh rígh agus ro-fhlatha a tTigh Mhiodhchuarta anocht, agus nach bhfuil díbh sin uile inmhe mná is measa ná mé?" "Dar do láimh-si, a mhic uí Dhuibhne," ar Gráinne, "ní gan adhbhar do chuireas féin na geasa úd ort. Lá dá raibhe
rígh Éireann a ndáil aonaigh agus oireachtais ar fhaithche na Teamhrach, agus tarla Fionn agus seacht ccatha na gnáith-Fhéine an lá sin ann, agus do éirigh iomáin chumórtuis eidir Chairbre Lifeachair mac Cormaic agus Mac Lughach. Agus do éirgheadar Fiana Éireann ar thaoibh Mhic Lughach agus do éirgheadar fir Bhreagh agus Mhidhe agus Chearmna agus Colamhna na Teamhrach ar taoibh Chairbre, agus ní raibhe aon-nduine 'na shuidhe san aonach an lá sin acht rígh Éireann agus Fionn agus tusa, a Dhiarmaid. Agus tarla in iomáin ag dul ar Mac Lughach, agus do éirghis-si id t'sheasamh agus do bheanuis a chamán don tí fa neasa dhuit agus do leigis é féin fá lár agus lán- talmhain, agus do chuiris an báire trí huaire an lá sin ar Chairbre agus ar ghasraidh na Teamhrach. Agus do bhádhus- sa um ghrianán féin an lá sin dot fhéachain-si, agus do chuirius rinn mo ruisg agus mo radhairc ionnad-sa an lá sin, agus ní thugas an grádh sin d'aoinneach eile ó sin a leith." "Is iongnadh duit-si an grá sin do thabhairt damh-sa," ar Diarmaid, "tar ceann Fhinn, agus nach bhfuil a nÉirinn fear is mó inmhe mná ná é. Agus an ffuil a fhios agad-sa, a Ghráinne," ar Diarmaid, "an oidhche bhíos Fionn a tTeamhraigh gurab aige féin bhíd eochracha na Teamhrach, agus nach éidir linne an baile so d'fhágbháil mar sin." "Ní fíor sin," ar Gráinne, "atá dorus élaighthe ar mo ghrianán-sa amach agus gébham-ne ann." "As geis damh-sa gabháil tré dhorus élaighthe ar bith." "Máseadh," ar Gráinne, "do-chluinim-si go dtéid gach curaidh agus gach cathmhilidh d'urlannuibh a sleagha agus do chrannuibh a gcraoiseach tar sonnach gach dúnaidh agus gach deagh-bhaile asteach nó amach, agus gébhad-sa an dorus élaighthe agus lean-sa mar sin mé." Do ghluais Gráinne roimpe amach iar sin; agus do labhair Diarmaid agus aseadh ro ráidh: "A Oisín mhic Fhinn," ar sé, "créad do-dhén féin ris na geasaibh úd do cuireadh orum?"
"Ní ciontach thusa ris na geasuibh sin," ar Oisín, "agus adeirim-si riot-sa Gráinne do leanmhain, agus coimhéad tú féin go maith ar shen-cheilg Fhinn mhic Cubhaill." "A Osgair mhic Oisín," ar Diarmaid, "créad do-dhén féin ris na geasuibh úd?" "Adeirim-si riut Gráinne do leanmhain," ar Osgar, "ór as trú choilleas a gheasa." "Créad an chomhairle do-bheire damh, a Chaoilti?" ar Diarmaid. "Adeirid cách," ar Caoilte, "go bhfuil mo dhiongmhála féin do mhnaoi agum-sa, agus do budh fearr leam ná maitheas na cruinne go madh damh féin do bheireadh sí an grádh úd." "Créad an chomhairle do bheire dhamh, a Dhiorraing?" ar Diarmaid. "Adeirim-si riut-sa Gráinne do leanmhain," ar Diorraing, "agus tiucfaidh do bhás de, agus is olc leam-sa é." "An í súd do chomhairle dhamh, a Mhic Lughach?" ar Diarmaid. "As í go deimhin," ar Mac Lughach, "ór ní cneasta dhuit-si inghean rígh Éreann d'obadh." "An í sin bhur gcomhairle go huilidhi dhamh?" ar Diarmaid. "As í," ar Oisín agus ar cách a gcoitchinne. Éirghis Diarmaid ina sheasamh iar sin agus tug lámh thapaidh laochdha ar a leathan-armaibh agus do thiomain cead agus ceileabhradh ag Oisín agus ag maithibh na Féine, agus níor mhó mónann mín-chorcra ná gach deór dá leigeadh Diarmaid as a dheircibh ag scarthoin rena mhuinntir dhó. Agus do chuaidh ar barr an dúnaidh agus do chuir urrlanna a dhá chraoiseach faoi agus do éirigh do bhaoith-léim édtrom i n-urard nó gur ghabh lán a dhá bhonn don fearann áluinn féar-uaine amuigh ar in bhfaithche, agus tarla Gráinne fair agus do labhair Diarmaid agus aseadh ro ráidh: "Dom aithni féin, a Ghráinne," ar sé, "is olc an turus a dtánguis, ór dob fhearr duit Fionn mac Cubhaill mar leannán agad ná mé féin, agus nach bhfeadar cá háit a mbéaruinn thú anois." Do ghluais Diarmaid agus Gráinne rompa iar sin agus ní dheachadar míle ón bhaile amach an tan adubhairt Gráinne:
"Atáim péin dom chur, a mhic hí Dhuibhne," ar sí. "Is maith an tráth do cuireadh thú, a Ghráinne," ar Diarmaid, "agus fill ar h'iomdhaidh fén tar h'ais arís agus ní bhfuibhe aonnduine sgéala ort." "Ní mar sin is cóir dhuit-si a dhénamh," ar Gráinne, "ór atáid eachradh na Féine ar férghort gabhála leó féin agus carbaid aca, agus fill-si orra, agus cuir carbad ar dá each dhíobh, agus anfad-sa riut ar an láthair so nó go mbeirir orm arís." Do fhill Diarmaid tar a ais ar an eachraidh, agus do ghabh dá each dhíobh, agus do chuir an carbad orra, agus do chuaidh féin agus Gráinne sa charbad, agus ní haithristear a n-imtheachta nó go rángadar Bealach Átha Luain for Sionainn. Do labhair Diarmaid agus aseadh ro ráidh: "Is usaide d'Fhionn mac Cubhaill ar lorg do chur in eachradh so do bheith aguinn." "Máseadh," ar Gráinne, "fágaibh-si na heich ar an láthair si agus do-bhéar-sa coimhdeacht duit feasta." Do thuirling Diarmaid ar bruach an átha agus rug na heich leis tar an sruth anunn agus do fhág each ar gach taobh don tsruth dhíobh agus do ghabh féin agus Gráinne míle leis in sruth siar agus do chuadar a dtír a leathtaoibh chúigidh Connacht, agus ní haithristear a n-imtheachta nó go rángadar go Doire Dá Bhaoth a gceart-lár Chloinne Ricaird. Agus do chuadar asteach sa doire agus do ghearr Diarmaid an doire 'na thimcheall agus do-rinne seacht ndoirsi feadha ar in ngearradh sin agus do chóirigh leabaidh do bhog-luachair agus do bharr beithe faoi Ghráinne a cceart-mheadhón an doire. Iomthúsa Finn mhic Cubhaill do-bhéarar ós áird: Do éirigh a Teamhraigh amach a moch-sholus na maidne muiche arna mhárach agus fuair Gráinne d'uireasbhaidh air, agus do ghabh doigh éda agus anbhuana é, agus fuair a lorgairí féin roimhe ar in ffaithche .i. Clanna Neamhnuinn, agus do fhuagair dóibh Diarmaid agus Gráinne do leanmhain; agus rugadar an lorg leó go Bealach Átha Luain, agus do lean Fionn agus Fiana Éreann iad, agus ní bhfuaradar an lorg tar an áth anonn; agus do thilleadar ar Fionn agus adubhradar nach fhuaradar an lorg tar an áth anonn. Tug Fionn a bhriathar
muna séoldaois an lorg go luath go gcrochfadh iad ar gach taobh don áth. Do ghabhadar Clanna Neamhnuinn a n-aghaidh an tsrotha suas agus fuaradar each ar gach taobh don tsruth dhíobh, agus do ghabhadar leis in sruth síos ar feadh míle agus fuaradar an lorg ag dul a ttír a leathtaoibh chúigidh Connacht, agus do lean Fionn agus Fiana Éireann iad. Do labhair Fionn agus aseadh ro ráidh: "Is maith a fhios agum cá bhfuil Diarmaid agus Gráinne anois .i. a nDoire Dá Bhaoth." Do uí Oisín agus Osgar agus Caoilte agus Diorraing agus Mac Lughach ag éisdeacht re Fionn ag rádh na mbriathar sin. Do labhair Oisín agus aseadh ro ráidh: "Is baoghal dúinn go bhfuil Diarmaid agus Gráinne annsúd, agus ní fuláir dhúinn rabhadh éigin do chur chuige. Agus féchaidh cá bhfuil Bran .i. cú Fhinn, ór ní hannsa lé Fionn féin ná Diarmaid, agus tabhraidh chugaibh í agus abraidh ria dul lé rabhadh go Diarmaid ó Duibhne atá a nDoire Dá Bhaoth." Tucadh Bran chuca iar sin, agus adubhradh sin lé, agus do thuig Bran sin, agus tuc a laoi ina gabhal agus do fhill a ndeireadh an tsluaigh mar nach bhfaicfeadh Fionn hí, agus do lean Diarmaid agus Gráinne ar a lorg nó go ráinic go Doire Dá Bhaoth, agus do chuir a ceann a n-ucht Diarmada agus é 'na chodladh. Do bheadhg Diarmaid as a chodladh agus do dhúisigh Gráinne as a codladh agus adubhairt ria: "Ag sin," ar sé, "Bran .i. cú Fhinn, ag teacht lé rabhadh chugum-sa roimh Fhionn." "Gabh-sa in rabhadh sin," ar Gráinne. "Ní ghébh," ar Diarmaid, "ór ní gar nach béara Fionn tráth éigin orm, agus ní misde leam é bhreith an chéad lá orm." Do ghabh uamhan agus imeagla mór Gráinne agá chlos sin di. Do imthigh Bran uatha iar sin. Do labhair Oisín mac Finn agus aseadh ro ráidh: "As baoghal dúinn nach ffuair Bran faill ná fíor-uaigneas ar a dhul go Diarmaid, agus ní fuláir dhúinn rabhadh ele do chur go Diarmaid, agus féach cá fhuil Fear Goir, do ghiolla, a Chaoilte?"
"Atá sé agum," ar Caoilte. Agus is amhlaidh do uí Fear Goir agus gach glaodh dá ndénadh sé do cloistidhe isna trí tríocha céad fa coimhneasa dhó é. Agus do chuireadar d'fhiachaibh air trí glaodha do léigean as ar chor go ccluinfeadh Diarmaid é. Do chualaidh Diarmaid sin agus do dhúisigh Gráinne agus aseadh ro ráidh: "Do-chluinim-si Fear Goir, gilla Caoilte, agus is a bhfochair Chaoilte atá sé, agus is a bhfochair Fhinn atá Caoilte, agus is rabhadh so acu dá chur chugum-sa roimh Fhionn." "Gabh-sa in rabhadh sin," ar Gráinne. "Ní ghébh," ar Diarmaid, "ór ní fhúigéabh in doire so nó go mbeire Fionn agus Fiana Éreann orm," ar Diarmaid. Do ghabh uamhan agus imeagla Gráinne arna chlos sin di. Iomthúsa Finn, imorra, béarar ós aird: Níor sguir dá lorgaireacht nó go ráinic go Doire Dá Bhaoth. Agus do chuir Clanna Neamhnuinn asteach do theasdughadh an doire, agus tángadar amach arís a gceann Fhinn agus na Féine, agus do fhiafraigh Fionn sgéla dhíobh in raibhe Diarmaid agus Gráinne sa doire. "Atá Diarmaid ann," ar siad, "agus atá bean éigin 'na fhochair. Aithnimmíd-ne lorg Diarmada agus ní aithnimmíd lorg na mná." "Ná raibhe maith ag cairdibh Diarmada uí Dhuibhne ar a shon sin," ar Fionn, "agus ní fhúigfe sé sin nó go ttuga sé díol damh-sa in gach ní dá ndearna sé orm." "As mór an comhartha éda duit-si," ar Oisín, "a thuigsin go n-anfadh Diarmaid ó Duibhne ar Mhachaire Maonmhaighe agus gan do dhaingean ann acht Doire Dá Bhaoth, agus tusa fána chomhair." "Ní fearrde dhuit-si sin, a Oisín," ar Fionn, "ar is maith do aithnigheas na trí glaodha úd do chuir giolla Caoilte as gurab sibh-si do chuir mar rabhadh go Diarmaid iad, agus gurab sibh do chuir Bran, mo chú-sa féin, le rabhadh ele chuige, agus ní fearrde dhaoibh énrabhadh dhibh súd do chur chuige, agus ní fhúigfe sé Doire Dá Bhaoth amach nó go ttuga sé éruic dhamh-sa in gach masla dá ttug dhamh."
"Is mór in díthchéille dhuit-si, a Fhinn, a thuigsin," ar Osgar mac Oisín, "go n-anfadh Diarmaid ó Duibhne ar lár an mhachaire so agus tusa fána chomhair." "A Dhiarmaid uí Dhuibhne," ar Fionn, "cia haguinn féin agá bhfuil an fhírinne, misi nó Osgar?" "Níor cailleadh thusa at aithne mhaith ariamh, a Fhinn," ar Diarmaid, "agus atáim-si ann so." Rena chois sin éirghis Diarmaid ina sheasamh agus tuc trí póga do Ghráinne a ffiaghnuisi Fhinn agus na Féine. Do ghabh doigh éda agus anbhuana Fionn agá fhaigsin sin dó, agus adubhairt go ttiubhradh Diarmaid a cheann ar son na bpóg sin. Iomthúsa Aonghusa an Bhrogha .i. oide Diarmada uí Dhuibhne, do foillsigheadh dhó isin mBrugh ós Bóinn in ghuasacht agus an gábhadh a raibhe Diarmaid, agus do ghluais roimhe a ccoimhdeacht na gaoithe glanfhuaire agus ní hoiriseamh ná comhnaidhe do-rinne nó go ráinic go Doire Dá Bhaoth, agus do chuaidh gan fhios d'Fhionn agus d'Fhianaibh Éireann go Diarmaid, agus beannaighis dó agus aseadh ro ráidh: "Créad í in chomhairle so do-rinnis, a mhic uí Dhuibhne?" ar sé. "Inghean rí Éreann do élódh leam ó Fhionn mac Cubhaill agus óna hathair," ar Diarmaid, "agus ní dom dheóin táinic sí leam." "Maseadh," ar Aonghus, "tagadh duine agaibh fá gach binn dom brat-sa, agus béarad leam sibh as in áit sin ina bhfuiltí gan fhios d'Fhionn agus d'Fhianaibh Éreann." "Beir-si Gráinne leat," ar Diarmaid, "agus ní rach-sa leat, agus dá mbéar um beathaidh ar láthair leanfad sibh, agus muna beo mé cuir-si Gráinne dochum a hathar agus dénadh sé maith nó olc dhi." As a haithle sin do chuir Aonghus Gráinne fá bhinn a bhruit, agus do ghluais roimhe gan fhios d'Fhionn agus d'Fhianaibh Éreann, agus ní haithristear sgéaluigheacht orra nó go rángadar go Ros Dá Ró-shaileach ris a ráitear Luimneach an tan so. Iomthúsa Diarmada, ar n-imtheacht d'Aonghus agus do Ghráinne uadha do éirigh ina cholamhuin choimhdhírigh ina cheart-sheasamh, agus do ghabh a airm agus a éideadh agus a iolfhaobhair uime agus do ionnsaigh sé dorus dona seacht ndóirsibh feadha bhí
ar an ngearradh, agus do fhiarfaigh cia do bhí air. "Ní námhaid duit aon dá bhfuil ann. Atá ann so Oisín mac Finn agus Osgar mac Oisín agus Clanna Baoisgne mar aoin riú, agus gabh-sa chuguinn agus ní lamhthar díth ná dochar do dhénamh dhuit." "Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "go bhfeasar cia an dorus ar a bhfuil Fionn." Agus do ionnsaigh sé dorus feadha ele agus do fhiafraigh cia do bhí fair. "Caoilte mac Cronnchon mhic Rónáin atá air agus Clanna Rónáin mar aon ris, agus gabh-sa chuguinn agus do-bhéarum sinn féin ar do cheann." "Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "ór ní chuireabh milleán Finn oraibh-si fá mhaith do dhénamh dhamh." Do ionnsaigh sé dorus feadha ele agus do fhiafraidh cia do bhí air. "Atá ann so Conán mac in Léith Luachra agus Clanna Morna mar aon ris, agus is naimhde d'Fhionn sinn, agus is annsa linn thusa ná Fionn, agus gabh-sa chuguinn agus ní ba heagail duit sinn." "Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "óir do budh fearr lé Fionn bás gach aoinfhir agaibh-si ná mo bhás-sa." Do ionnsaigh sé dorus feadha ele agus do fhiafraigh cia do uí fair. "Cara agus cóimhchéle duit-si atá ann .i. Fionn mac Cuadháin mhic Mhurchadha rígh-fhéinnigh Fhian Mhumhan agus an Fhian Mhuimhneach mar aon ris, agus aontír agus aontalamh dúinn féin agus duit-si, a Dhiarmaid uí Dhuibhne, agus do-bhéarum ar ccorp agus ar n-anam tar do cheann." "Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "ór ní chuireabh an fala sin ag Fionn oraibh." Do ionnsaigh sé dorus feadha ele agus do fhiarfaigh cia do uí fair. "Fionn mac Gleóire rí-fhéinnidh Fhian Uladh agus an Fhian Ulltach mar aon ris, agus gabh-sa chugainn agus ní lamhthar fuiliughadh ná furrdeargadh fort." "Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "ór is cara dhamh
thusa agus t'athair, agus ní budh maith leam easgcairdeas Finn do bheith ribh ar mo shon féin." Agus do ionnsaigh Diarmaid dorus feadha ele agus do fhiafraigh cia do uí fair. "Ní cara duit-si aonduine dá bhfuil ann. Atá ann so Aodh Beag ó Neamhnuinn agus Aodh Fada ó Neamhnuinn agus Caol Cródha Céadghuineach ó Neamhnuinn agus Gothán Geilmhéarach ó Neamhnuinn agus Aoife inghean Ghotháin Gheilmhéaraigh agus Cuadhán Lorgaire ó Neamhnuinn, agus is lucht dí-cheannta ort-sa sinn, agus dá ngabhthá chugainn do-dhénmhís guin ghalann díot." "Olc an bhuighean atá ann," ar Diarmaid, "a lucht na leathbhróg agus na lorgaireachta; ní ghébh féin chugaibh agus ní lé heagla bhur láimhe nach gébhuinn chugaibh acht le neimhchion oruibh-si." Agus do iondsaigh dorus feadha eile agus do fhiafraigh cia do bhí fair in dorus sin. "Ní cara dhuit-si aonnduine dá bhfuil ann," ar siad. "Atá ann so Fionn mac Cubhaill mhic Thréinmhóir hí Bhaoisgne agus ceithre chéad frang-amhus mar aon ris, agus is lucht dí-cheanta ort-sa sinn, agus dá ngabhthá chuguinn do-dhénmaois áighe foghailte feól-sgaoilte dhíot." "Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Diarmaid, "gurab é an dorus sin ar a bhfuil tusa, a Fhinn, céad dorus ghébhad-sa ar an doire so." Arna chlos sin d'Fhionn do fhuagair dhóibh bpéin a mbáis agus a mbuan-éga gan Diarmaid do léigean tharrsa amach gan fhios dóibh. Arna chlos sin do Dhiarmaid do chuir urlanna a dhá chraoiseach faoi agus do éirigh do bhaoith-léim árd úiréttrom d'urlannuibh a shleagh agus do chrannuibh a chraoiseach, agus do chuaidh imchian tar Fionn agus tar a mhuintir amach gan fhios dóibh, agus do fhéach orra tar ais agus do fhógar dhóibh é féin do dhul tharrsa, agus do chuir a sgiath ar sduadh-leirg a dhroma agus ghluais roimhe san aird siar gach ndíreach agus ní fada do uí ag dul as radharc Finn agus na Féine. Agus mar nach facaidh cách ar a
lorg do fhill tar ais mar a bhfacaidh Aonghus agus Gráinne ag fágabháil an doire agus do lean dá lorg iad nó go ráinig Ros Dá Ró-shaileach; agus fuair sé Aonghus agus Gráinne ann agus tor theineadh treathan-mhóire ar fadughadh ina bhfiaghnnisi agus leath tuirc ar bearuibh aca. Agus do bheannaigh Diarmaid dóibh, agus is beag nach deachaidh a bradán beathadh tar bél Gráinne re luath-gháire roimh Dhiarmaid. Agus do innis Diarmaid sgéala dóibh ó thús go deireadh; agus do chaitheadar a ccuid an oidhche sin, agus chuaidh Diarmaid do chodladh eidir Aonghus agus Ghráinne nó go ttáinig lá gona lán- shoillsi arna mhárach. Do érigh Aonghus go moch agus adubhairt ré Diarmaid: "Biad féin ag imtheacht, a mhic uí Dhuibhne," ar sé, "agus fágbhuim do chomhairle agad-sa gan dul a gcrann aonchoisi do theitheadh roimh Fhionn, agus gan dul a n-uaimh thalmhan nach beith acht aonndorus fuirre, agus gan dul a n-oiléan mara nach beith acht aoin-shlighe fair," agus adubhairt "gidh bé áit ina mbruithfir do chuid nárab ann chaithfir agus gidh bé háit a gcaithfir nárab ann luighfir agus gidh bé háit a luighfir nárab ann éireóchair." Agus do thiomain cead agus ceileabhradh acu ar an láthair sin. As a haithle sin do ghabh Diarmaid agus Gráinne rompa láimh dheas risin Sionainn siar gach ndíreach, agus do Chríoch fFear Morc ris a ráitear Íbh Conuill Ghabhra an tan so agus do Shliabh leathan-mhór lán-aoibhinn Luachra agus rompa siar nó go rángadar Gearr-abhuinn na bhFian ris a ráitear Leamhain an tan so; agus do mharbh Diarmaid bradán ar bruach na Leamhna agus do chuir ar bearuibh é, agus do chuaidh tar in sruth anonn dá chaitheamh agus do chuaidh tar in sruth soir do chodladh. Do éirigh Diarmaid agus Gráinne go moch arna mhárach agus do ghabhadar rompa siar gach ndíreach nó go rángadar go Bogach Finnleithid, agus tarla óglaoch dhóibh ar in mBogach, agus ro budh maith dealbh agus dénamh an óglaoich acht nach raibhe a dhíol d'arm ná d'édach aige. Do bheannaigh Diarmaid dó agus do fhiafraigh sgéala dhe. "Óglaoch atá ag iarraidh tighearna mé," ar sé. "Muadhán as ainm damh."
"Créad do-dhénair dhamh," ar Diarmaid, "a óglaoich?" "Do-dhén giollacht san ló agus faire san oidhche dhuit," ar Muadhán. "Adeirim-si riot," ar Gráinne, "fost an t-óglaoch óir ní gan muintir bhéir do shíor." Do-rinneadar snadhmanna cuir agus ceangail re chéile, agus do ghabhadar rompa siar nó go rángadar go Cárrthaigh, agus mar rángadar an sruth do iarr Muadhán iad ar aon ar a mhuin tar in sruth anunn. "Budh mhór an t-ualach duit sinn ar aon," ar Gráinne. Do chuir Diarmaid agus Gráinne ar a mhuin agus do chuadar ar aon ar a mhuin tar in sruth anunn. Agus do ghabhadar rompa siar nó go rángadar an Bheithe, agus mar rángadar in sruth do-rinne Muadhán mar in céadna riú, agus do chuadar a n-uaimh thalmhan ar leathtaoibh Churraigh Chinn Amuide ós cionn Toinne Tóime, agus do chóirigh Muadhán leabaidh do bhog- luachair agus do bhárr beithe fá Dhiarmaid agus fá Ghráinne a n-iarthar na huamha, agus do chuaidh féin san bhfiodhbhaidh fa neasa dhó agus ro bhean slat inte agus do chuir dubhán agus ruaimneach fuirre agus do chuir caor chuilinn ar ceann in dubháin agus do chuaidh ós cionn na fairrge agus tug iasg don bhuille sin lais. Agus do chuir an dara caor suas agus do mharbh an dara hiasg, agus do chuir an treas chaor suas agus tuc an treas iasg lais. Agus chuir a dhubhán agus a ruaimneach 'na chrios agus an tslat fán bpoll agus do rug a thrí héisg lais mar a raibhe Diarmaid agus Gráinne. Agus do chuir an t-iasg ar bearuibh, agus an tan fa bruithte é adubhairt Muadhán: "Do-bhéaruinn ruinn an éisg so dhuit, a Dhiarmaid," ar sé. "Is fearr leam-sa thusa dá roinn," ar Diarmaid. "Maseadh, a Ghráinne," ar Muadhán, "do-bhéaruinn a ruinn so dhuit." "Is lór leam-sa thusa dá roinn," ar Gráinne. "Maseadh dá madh tusa do roinnfeadh an t-iasg so, a Dhiarmaid, do-bhéarthá an chuid budh mhó ann do Ghráinne, agus bíodh an t-iasg so is mó ann agad-sa, a Ghráinne. Agus dá madh hí Gráinne do bheadh dá roinn is duit-si, a Dhiarmaid, do-bhéaradh
sí an chuid budh mhó, agus bíodh an dara hiasg so is mó ann agad-sa, agus biaidh an t-íosg so is lugha ann agum-sa." Bíodh a fhios agad, a léaghthóir, gur choimeád Diarmaid é féin fós gan chionntughadh ná cumusg lé Gráinne, agus gur fháguibh bior d'fheóil bhruite gan aoinghreim do bhuain as a nDoire Dhá Bhaoth mar chomhartha d'Fhionn agus d' Fhiannaibh Éirionn nár chionntaigh sé féin lé Gráinne, agus fós gur fháguibh an dara feacht bradán ar bhruach na Leamhna bruite mar an ccéadna. Gurab uime sin do bhrosdaigh Fionn iona dhiaigh. Acht tráchtamaoid ar an ní ccéadna arís. Do chaitheadar a ccuid an oidhche sin agus do chuaidh Diarmaid agus Gráinne a n-iarthar na huamha siar do chodladh, agus do chuaidh Muadhán do dhénamh faire agus forchoimhéada dhóibh ar dhorus na huamha nó gur éirigh lá cona lán-shoillsi arna mhárach. Agus do érigh Diarmaid go moch agus do dhúisigh Gráinne agus adubhairt ria faire do dhénamh do Mhuadhán agus go rachadh féin do shiubhal na tíre 'na thimcheall. Do ghluais Diarmaid roimhe agus do chuaidh ar árd na tulcha fa coimhneasa dhó, agus do uí ag fetheamh na cceithre n-airde 'na thimcheall, mar atá, soir agus siar, budhdheas agus budhthuaidh. Agus ní cian do uí ann an tan ad-chonnairc isin aird aniar gach ndíreach in cabhlach mear mearrdhánta agus in luingeas lán-mhór ag teacht dochum tíre. Agus is é eólus do-rinneadar muintear in chobhlaigh teacht a ttír fó bhun in chnuic ar an ttaoibh thiar don uaimh mar a raibhe Gráinne. Agus tángadar naoi naonmhar do mhaithibh in chobhlaigh a ttír, agus do ghluais Diarmaid d'iarraidh sgéala ortha, agus do bheannaigh dóibh agus do fhiafraigh sgéala dhíobh cia hiad féin nó cá tír dhóibh. "Trí rí-fhéinnidh Mhara nIocht sinn," ar siad, "agus Fionn mac Cubhaill do chuir sgéala chuguinn dár n-iarraidh, .i. fodhlaidhi feadha agus fear díbheirge atá fá choill air .i. Diarmaid ó Duibhne, agus is dá chosg sin tángamair-ne don chur so," ar siad. "Agus atáid trí coin nimhe aguinn agus leigfeam ar a lorg iad acht go ffagham a sgéala; agus ní loisgeann tini agus ní bháidheann uisge agus ní dheargann arm orra; agus atámuid féin deich gcéad fear infheadhma, agus is fear comhluinn céad gach aoin-fhear dhíobh. Agus innis-si dhúinn," ar siad, "cia thú féin nó in bhfuil aon-fhocal
do sgéaluibh Diarmada uí Dhuibhne agad?" "Do-chonnarc-sa duine do-chonnairc ané é," ar Diarmaid. "Ní ffuil acht duine ar fágbháil ann feasta," ar cách uile. "Cá hainm sibh-si féin?" ar Diarmaid. "Dubhchosach agus Fannchosach agus Trénchosach ar n-anmanna," ar siad. "In bhfuil fíon in bhur longaibh aguibh?" ar Diarmaid. "Atá," ar siad. "Dá madh áil libh tonna fíona do thabhairt amach," ar sé, "do-dhénuinn féin cleas díbh." Do chuireadar-san daoine d'iarraidh an tonna agus tugadh chuca é, agus do thógaibh Diarmaid an tonna eidir a dhá láimh agus ibh deoch as agus do ibheadar cách in chuid eile dhe. Agus do thóguibh Diarmaid in tonna agus rug leis ar mullach in chnuic é, agus chuaidh féin ar a mhuin agus leig ré fánaidh in chnuic síos arís é nó go ráinic in chuid iachtarach don chnoc agus ruc ar in dtonna agus ruc leis a n-aghaidh in chnuic suas é. Agus do-rinne in cleas sin trí huaire a ffiadhnuise na n-allmhurrach; agus do anadh féin ós cionn in tonna ag teacht agus ag imtheacht dó. Adubhradar cách gurab duine nach ffacaidh aonchleas ar foghnamh dá dhénamh riamh é mar go ttuc sé cleas ar in ccleas sin, agus adubhairt óglaoch dá muintir-sion go rachadh féin do dhénamh an chleasa sin. Agus do chuaidh réna chois sin ar in tonna agus tuc Diarmaid buille dá chois ann agus do budh luaithe ar lár é féin ná in tonna ar siubhal; agus do shiubhail an tonna thuas ar mhuin an óglaoich agus do leig a abach agus a ionathar rena chosaibh. Agus ro lean Diarmaid an tonna agus rug suas arís é, agus do chuaidh an dara fear ar a mhuin agus tuc Diarmaid builli dá chois ann agus nír luaithe an chéad fhear dá mharbhadh ná in fear sin. Agus ruc Diarmaid ar in tonna arís agus do ruc leis suas é, agus do chuaidh an treas fear ar a mhuin agus do-rinneadh mar in céadna ris. Agus do marbhadh caoga dá muintir leis in ccleas sin an lá sin; agus do chuadar dá longuibh an oidhche sin.
Agus do chuaidh Diarmaid a cceann Muadháin agus Gráinne, agus do chuir Muadhán a ruaimneach ar slait agus do mharbh trí héisg an oidhche sin, agus do chuir in tslat fán bpoll agus do chuir in ruaimneach 'na chrios agus ruc an t-iasg leis go Diarmaid. Agus do chaitheadar a ccuid an oidhche sin agus do chóirigh Muadhán iomdhaidh a n-iarthar na huamha fá Dhiarmaid agus fá Ghráinne agus do chuaidh féin ar dhorus na huamha do dhénamh faire agus forchoimhéada dhóibh, agus do uí mar sin nó gur érigh lá arna mhárach. Agus do éirigh Diarmaid go moch in lá sin agus do dhúisigh Gráinne as a codladh agus adubhairt ria faire do dhénamh do Mhuadhán, agus do chuaidh féin for mullach na tulcha. Agus tángadar na trí rígh-fhéinnidh sin 'na cheann amach agus do fhiafraigh Diarmaid díobh a ndéndaois tuilleadh cleasraidh, agus adubhradar-san gur ffearr leó sgéala Dhiarmada uí Dhuibhne d'fhagháil ná sin. "Do-chonnarc-sa duine do-chonnairc aniugh é," ar Diarmaid. Agus rena chois sin do chuir Diarmaid a airm agus a éideadh dhe ar an tulaigh amuigh acht an léine ro bhaoi réna chneas, agus do chuir an Crann Buidhe Manannáin 'na sheasamh a ndiaigh a orlainne agus a rinn a n-airde ós a chionn, agus ro éirigh féin do bhaoith-léim éadrom eadarbhuasach ós a chionn a n-airde agus do thoirling anuas ar an nga agus do thoirling go foisdineach arís. Agus adubhairt óglaoch do mhuintir Ghlas-fhéinne Mhara nIocht: "As duine nach bhfacaidh aonchleas dá dhénamh ariamh thú mar go ttabhra cleas ar an ccleas sin." Agus do chuir féin a arm agus a édach dhe agus do éirigh go hén- amhail éadrom ós cionn an gha agus do thoirling go hantrom anbhuaineach anuas fair, agus tarla rinn an gha tréna chroidhe suas agus do chuaidh uirre go talmhain. Agus do tharraing Diarmaid an ga agus do chuir 'na sheasamh arís é, agus do éirigh an dara fear aca-sumh agus do-rinneadh ris mar in céadna. Acht aonní cheana do thuit caoga fear do mhuintir na Glais- fhéine le Diarmaid an lá sin, agus adubhradar ris a gha do tharraing agus nach muirfeadh sé dhíobh péin leis in ccleas sin nísa mhó. Agus do chódar na hallmhurraigh dá longuibh an oidhche sin agus do chuaidh Diarmaid d'ionnsaighe Ghráinne agus Mhuadháin; agus tuc
Muadhán iasg an oidhche sin chuca, agus do chodail Diarmaid agus Gráinne a n-iarthar na huamha agus chuaidh Muadhán do dhénamh faire dhóibh. Agus do éirigh Diarmaid go moch arna mhárach agus ruc dá ghabhail as in ffidh fa neasa dhó leis agus do chuir 'na seasamh iad, agus do chuir an Móralltach .i. claidheamh Aonghusa a' Bhrogha, eidir an dá ghabhail sin ar a faobhar, agus ro éirigh féin go húiréadrom ós a chionn, agus do thomhais 'na throightheach ó dhornchladh go déis an claidheamh trí huaire, agus do thoirling Diarmaid agus do fhiafraigh: "An bhfuil agaibh-si fear an chleasa so do dhénamh?" ar Diarmaid. "Olc an fhiafraighe duit-si sin," ar fear aca-somh, "ór ní dearnadh a nÉrinn cleas nach dénamh duine éigin aguinne é." Agus do éirigh féin réna chois sin agus do chuaidh ós cionn an chlaidhimh, agus ag toirling anuas dó tarrla cos ar gach taobh don chlaidheamh dhó go ndearnadh dá leith go mullach a chinn de. Agus do éirigh an dara fear, agus ag toirling dhó tarla tarsna ar an cclaidheamh é go ndearnadh dá n-ordain de. Acht aonní cheana ní mó do thuit an dá lá roimhe sin do mhuintir na Glaisfhéine ná do thuit an lá sin. Adubhradar ris a chlaidheamh do thógbháil agus nár bheg leó ar marbhadh dá muintir, agus do fhiafraigheadar an ffacaidh aonfhocal do sgéaluibh Diarmada uí Dhuibhne, agus adubhairt-sion go rachadh féin d'iarraidh a sgéal an oidhchi sin. Agus do ghluais Diarmaid roimhe a gceann Gráinne agus Muadháin, agus do mharbh Muadhán trí héisg an oidhche sin agus do chaitheadar a gcuid, agus do chuaidh Diarmaid agus Gráinne do chodhladh agus do chuaidh Muadhán do dhénamh faire dhóibh nó go ttáinic an mhaidean dá n-ionnsaighe. Agus do éirigh Diarmaid agus do dhúisigh Gráinne agus adubhairt ria éirghe agus go rabhadar a naimhde a gcomhfhogus di. Agus ro innis sgéla na n-allmhurach dóibh ó thús go deireadh agus mar uí féin ag comhrac riú na trí lá sin. "Agus atáid trí coin nimhe acu um chomhair-si agus ní dheargann arm orra, agus atáid féin deich gcéad fear
infheadhma, agus ní cóir dhúinne bheith a ffhogus dóibh ar eagla go ffuighbhedís ar sgéala." Agus do ghluais Diarmaid agus Gráinne agus Muadhán ar maidin as an uaimh agus do ghabhadar siar rompa go rángadar Bogach Finnleithid. Agus do uí Gráinne dá cur ann sin agus do chuir Muadhán Gráinne ar a mhuin go rángadar Sliabh leathan-mhór lán-aoibhinn Luachra. Agus do shuidh Diarmaid ar bruach srotha ann agus do uí ag ionnladh a lámh, agus do uí Gráinne ag ionnladh a lámh agus do iarr Gráinne a sgian ar Diarmaid do bhuain a hiongan di. Iomthúsa na n-allmhurrach do-bhéarar ós aird feasda: Do éirgheadar go moch arna mhárach agus do chuadar ar mullach na tulcha, agus gé moch do chuadar ann do fuaradar Dear Dhubh an Duibhshléibhe rompa ann .i. ban-eachlach Finn mhic Cubhaill, agus ro fhiafraigh díobh: "Cia tug an t-ár féindeadh agus fear-óglaoch so oruibh?" ar sí. "Ní ffuil a fhios sin aguinne," ar siad, "cia hé agus do-bhéarmaois fios a thuarusgbhála dhuit-si. Óglaoch agá raibhe folt cas cíor-dhubh agus dá ghruaidh chorcra chróidhearga aige as é táinic trí lá a ndiaigh a chéile chuguinn-ne," ar siad. "Cáit ar ghabh an fear sin féin uaibh?" ar Der Dhubh. "Do sgar sé linne aréir go deirionnach agus do gheall sé sgéala Diarmada uí Dhuibhne do thabhairt chugainn aniugh, agus is fada linn atá sé gan teacht chuguinn," ar siad. "Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Dear Dhubh, "gurab é sin féin Diarmaid ó Duibhne, agus tabhraidh-si bhur ccoin liph agus leigidh ar a lorg iad." Agus tucadar-san a ttrí coin leó as a longuibh agus do chuireadar ar lorg Diarmada iad agus do leanadar dá lorg é nó go rángadar go dorus na huamha, agus do chódar a n-iarthar na huamha agus fuaradar leabaidh Dhiarmada agus Ghráinne ann. Agus do ghabhadar rompa soir a sin tar Chárrthaigh agus do Bhogach Finnleithid agus do Ghearr-abhuinn na bhFian ré a ráitear Leamhain agus do Mhagh caomh-áluinn Coinchinn agus do Shliabh leathan-mhór lán-aoibhinn Luachra. Agus níor airigh Diarmaid iad ar in tóruigheacht sin 'na dheaghaidh nó go bhfacaidh sé na meirgeadha maiseacha maoth-shróill agus na honchoin ábhéla agus na
trí rígh-fhéindidh sin do uí aca a raomh-thús na sligheadh agus a ndeich gcéad ina ndiaigh, an méid nár mharbh Diarmaid dhíobh, agus a ttrí coin nimhe ar slabhraidhibh acu. Agus mar do-chonnairc Gráinne fán toichim sin chuice iad do líon adhfhuath agus urghráin hí agá bhfaicsin. Agus do uí beart uaine aondatha for an tí do bhí a raomh-thús na buidhne sin, agus do bhí sé eadh imchian roimh chách amach. Agus do shín Gráinne an sgian go Diarmaid agus do chuir ina cheathramhain í. Adubhairt Diarmaid: "As dóigh, a Ghráinne, nach grádh tucuis do mhacaomh na beirte uaine." "Ní headh," ar Gráinne, "agus do budh fearr leam nach ttucuinn grádh riamh do aoinneach gus aniugh," ar sí. Agus do ghlac Diarmaid an sgian agus do chuir asteach iona fáisgín hí agus do ghluais féin, agus do chuir Muadhán Gráinne ar a mhuin agus ruc leis míle don tshléibh í. Agus do sgaoileadh cú dona conuibh ar Dhiarmaid agus adubhairt Muadhán ris a dhol roimhi a ndiaigh Ghráinne agus go ccoisgfeadh féin an cú sin de. Agus do fhill Muadhán tar éis Diarmada agus do bhean cuiléan con as a chrios amach agus do chuir ar a bhois é. Agus mar fuair an cú nimhe chuige agus a craos ar leathadh aice do éirigh an cuiléan do bhois Mhuadháin agus do ling sé a gcraos na con nó go ráinic sé a croidhe agus tuc amach ar a taobh é, agus do ling féin ar bois Mhuadháin arís agus do fhágaibh an cú sin marbh dá éis. Agus do ghluais Muadhán a ndiaigh Dhiarmada agus Ghráinne agus do chuir ar a mhuin í agus ruc leis míle don tsléibh hí. Agus do sgaoileadh an dara cú orra. Do labhair Diarmaid re Muadhán agus adubhairt: "Do-chluinim péin," ar sé, "nach bíd geasa náid airmearta druadh ar ghion ná ar chraos beathadhaigh ar bith, agus an áil leat do chuirfinn féin an Ga Dearg Duinn a ccompar a cléibh agus a croidhe súd." Agus do stad Gráinne agus Muadhán ag féachain an urchair sin tug Diarmaid, go ttug sé rogha n-áitheasach n-urchair don choin sin agus do chuir an ga tréna himlinn gur chuir a ttalmhain
é; agus do fhill uirre agus do tharraing an ga agus do lean a mhuintir. Níor chian dóibh ina dheaghaidh sin an tan do sgaoileadh an treas cú orra. Do labhair Gráinne agus adubhairt: "As í súd cú is fearr aca súd agus is mór atá a heagla orum féin, agus bí-si ar do choimhéad uirre, a Dhiarmaid," ar sí. Ní fada do uí an cú sin dá rochtain agus as í áit a rug sí orra ag Lig Dubháin ar Sliabh Luachra, agus do éirigh sí do bhaoith-léim éadrom ós cionn Diarmada agus dob áil lé breith ar Gráinne agus do ghabh Diarmaid ar dá chois deirigh hí agus do-rinne lé ar an ngallán cloiche do uí a ffogus dó gur leig a hinchinn tré shinisdribh a cinn agus a cluas amach. Agus do ghlac Diarmaid a airm agus do chuir a mhéar a suaithneamhuibh síoda an Gha Dheirig agus tuc rogha n-áitheasach n-urchair do mhacaomh na beirte uaine do uí a raomh-thús na sligheadh gur mharbh d'áthus an urchair sin é. Agus tuc an dara hurchar agus do mharbh an dara fear, agus tuc an treas urchar agus do mharbh an treas fear. Agus mar nach gnáth cosnamh d'éis tighearna do thuitim, mar do-chonncadar na hallmhuraigh na triatha agus na tighearnaidhe ar ttuitim do ghabhadar féin raon madhma agus móir-theithmhe chuca, agus muna dheachaidh duine dorn ós fiodh agus ós féar agus ós uisge dhíbh ní dheachaidh élaitheach 'na bheathaidh díbh acht Der Dhubh an Duibhshléibhe, do chuaidh a bhfén agus a bhfoluamhain an feadh do uí Diarmaid ag marbhadh na n-allmhurrach. Iomthúsa Diarmada agus Gráinne, do ghabhadar rompa soir trí Shliabh Luachra agus d'Íbh Conaill Ghabhra agus as sin dóibh láimh chlé re Sionuinn soir go Ros Dá Ró shoileach ris a ráitear Luimneach. Agus do mharbh Diarmaid agh imhdisgir allata an oidhche sin dóibh agus chaitheadar a lór-dhaothain feóla agus fíor-uisge agus do chodladar go maidin arna mhárach. Agus do éirigh Muadhán go moch agus do labhair re Diarmaid agus dubhairt go mbeadh féin ag imtheacht. "Ní cóir duit-si sin," ar Diarmaid, "ór gach ní dhár gheallus-sa duit coimheóllad duit é." Níor ghabh Muadhán toirmeasg uatha agus do thiomain cead agus
ceileabhradh aca agus do fháguibh ar an láthair sin iad. Agus fa dubhach dobrónach Diarmaid agus Gráinne a ndeaghaidh Mhuadháin agus do dhíth chuideachtan na caomh-shochraide do bheith aca. As a haithle sin imorra do ghluais Diarmaid agus Gráinne isin aird budhthuaidh gach ndíreach do leathtaoibh Shléibhe hEachtghe agus as sin dóibh go tríocha céad Ó bhFiathrach nó go rángadar Dubhros Ó bhFiathrach. Do bhí Gráinne dá cor, agus an uair do smuain nách raibh fear a hiomchair aice acht Diarmaid, ó ro sgar Muadhán ria, ro ghabh misneach agus mire meanman í agus do ghabh ag siobhal ré cois Dhiarmoda go dásachtach gur ling baoith-sdeanncán beag uisge suas re hais a coisi go ndubhairt: "A Dhiarmaid," ar sí, "giodh mór do chródhacht agus do chalmacht a ccomhlannaibh agus a ccath-láithribh dar liom féin as dána an braon beag baoth-uisge úd ioná tú." "Fíor sin, a Ghráinne," ar Diarmaid, "cé fada misi am choimeád féin ort ar eagla Fhinn ní fhuileóngad mé féin dom dhearga agad feasda; agus as deacair taobh ris na mnáibh," ar sé. As ann sin do-roinne Diarmaid déad-sholuis ó Duibhne bean do Ghráinne .i. inghion rígh Éirionn, ar ttús. Agus mar do rángadar fón ffiodhbhaidh do-rinne Diarmaid fian-bhoith fholachta a gceart-mheadhón na fiodhbhaidhe, agus do mharbh agh eallaidh an oidhche sin agus do chaitheadar a lór-dhaothain feola agus fíor-uisge. Agus do éirigh Diarmaid go moch arna mhárach agus do chuaidh a cceann an tShearbháin Lochlannaigh agus do-rinne snaidhm cuir agus ceangail ris agus fuair cead sealga agus fiadhaigh uadha agus gan buain rena chaoruibh go brách. Iomthúsa Deire Duibhe an Duibhshléibhe, taréis Ghlais-fhéine Mhara nIocht do mharbhadh do Dhiarmaid do ghluais roimpe a cceann Finn agus na Fénae agus a cosa ar comhluamhain agus a teanga ar teibearsnaigh agus a súile ar síor-shileadh 'na cionn. Agus do-chonnaic Fionn fán toichim sin chuige hí agus do fhiafraigh sgéala dhi. "Atáid sin agum-sa ré n-innisin," ar sí, ".i. sgéala móra olca aidhbhéile uathbhásacha, agus is dóigh leam gurab duine gan tighearna mé ór do marbhadh trí rí-fhéinnidh Mhara nIocht táinic dod ionnsaighi-se a nÉrinn do chongnamh lat."
"Cia do mharbh iad sin?" ar Fionn. "Diarmaid ó Duibhne do mharbh iad súd agus deich gcéad do theghlach do uí aca mar aon riú, agus na trí coin nimhe do uí aca do thuiteadar sin leis, agus is ar éigin do chuadhas-sa féin as." "Cáit ar ghabh mac í Dhuibhne féin?" ar Fionn. "Ní fheadar féin cáit ar ghabh sé," ar Dear Dhubh. Ag teacht tar na sgéaluibh sin dóibh do-chonncadar caoga laoch dá n-ionnsaighe agus dias mhóra mhíleata do dhearsgnaigh ar mhéid agus ar mhaisi do chách a n-urthosach na buidhne sin. Agus do fhiafraigh Fionn do chách an ttucadar aithne orra. "An bhfuil a fhios agad-sa féin, a Fhinn, cia hiad?" ar cách a gcoitchinne. "Ní fheadar-sa cia hiad acht as dóigh leam gurab naimhde dhamh pén iad," ar Fionn. Tángadar cách chuca fán ccomhrádh sin agus do bheannaigheadar dhóibh agus do fhiafraigh Fionn díoph cia hiad féin. Adubhradar-san gur naimhde d'Fhionn iad agus go rabhadar a n-aithreacha ag marbhadh Cubhaill mhic Thréinmhóir a ccath Chnucha, agus do thuiteadar féin san ghníomh sin, "agus is d'iarraigh síochána ort-sa tángamair-ne don chur sa." "Cionnus do bhábhair féin," ar Fionn, "an uair do marbhadh bhar n-aithreacha?" "A mbruinn ar máithreach," ar siad, "agus dias ban do Thuathaibh Dé Danann ar máithreacha; agus is mithigh linn ionad ar n-athar agus ar sean-athar do bheith a bhFianaigheacht aguinn." "Do-bhéaruinn-si sin díbh," ar Fionn, "dá bhfaghinn cuirp-éruic éigin um athair uaibh." "Ní fhuil ór ná airgead ná ionnmhus ná iolmhaoine ná buar ná bó-tháinnte aguinne do-bhérmaois duit, a Fhinn," ar siad. "Ná hiarr éruic orra, a Fhinn," ar Oisín, "acht a n- aithreacha do thuitim leat a n-éraic th'athar." "As dóigh leam péin," ar Fionn, "dá marbhthaoi mé féin, a Oisín, go madh urusa mh'éruic do réidhiughadh riut-sa, agus ní thiucfa aonnduine a fFianaigheacht acht an duine do-bhéara éruic um athair dhamh-sa."
"Créad an éruic atá ar iarraidh agad, a Fhinn?" ar Aonghus mac Airt Óig mhic Mhorna. "Ní fhuil acht ceann curadh nó lán glaice gach aonnduine agaibh-si do chaoruibh caorrthainn Dubhruis." "Do-bhéar-sa comhairle mhaith dhíbh, a Chlanna Morna," ar Oisín, "dol mar ar hoileadh sibh agus gan síth d'iarraidh ar Fionn an feadh mhairios sé féin. Agus ní gar dhaoibh-si aonní dá n-iarrann Fionn do thabhairt dó. Ceann Diarmada uí Dhuibhne an ceann úd iarras sé, agus dá mbiadh sibh-si deich gcéad fear infheadhma ní léigfeadh Diarmaid ó Duibhne a cheann libh. "Créad iad na caora úd iarras sé?" ar Clanna Morna. "Ní deacra dhaoibh-si ní eile d'fhagháil ná iad," ar Oisín. "Iomarbháidh do éirigh eidir dhias bhan do Thuathaibh Dé Danann .i. Aoife inghean Mhanannáin agus Áine inghean Mhanannáin .i. dá inghin do Mhanannán mac Lir. Agus tuc Aoife grádh do Mhac Lughach agus tuc Áine grádh do Lir Shídhe Fionnachaidh. Agus adubhairt gach bean díobh gurbh fhearr a fear féin d'iománaighe ná in fear ele, agus táinic as sin iomáin chomórtuis do tharraing eidir Thuatha Dé Danann agus Fiana Éreann. Agus as é ionadh inar toghadh an iomáin sin ar an bhFosadh bhfíor-áluinn láimh ré Loch Léin Linn-fhiaclach mhic Bháin-bholgaigh. Agus do fhreagradar Fiana Éreann agus Tuatha Dé Danann an chuinne sin dá chéle. Agus as iad daoine dob uaisle agus dob urrumhanta táinic ann sin do Thuathaibh Dé Danann .i. trí Gairbh Shléibhi Mis agus na trí Mais Luachra agus na trí Muireadhaigh Mháighe agus na trí hEochadha Áine agus na trí Laoghaire Leith-dhearga agus na trí Conaill Chollamhrach agus na trí Finn a Fionnabhair agus na trí Sgáil Bhrogha an Sgáil agus na trí Rónáin a Raighnibh agus na trí hAodháin Easa Ruaidh mhic Bhadhuirn agus an Cath-Bhuilleach agus an Séigh Seaghsa a Seaghais agus Glas a Bruighin Bhreagh agus an Suirgheach Suidhneach ó Leannáin agus Midhir a Brígh Léith agus Donn a Síth Bhreagh agus Fear an Bhéarla Bhinn ón mBóinn agus Cobhal Crínchosach rígh Bearnáin Éile agus Donn Dumhach agus Donn Oiléin agus Donn Chnuic Ánuis agus Donn Sean-chnuic agus Bráith Reabhach agus Dolbh Déd- sholus agus cóig mic Finn a Síth Chairnn Chaoin agus Sioghmhall ó Fhionnmhuir agus Ilbhreac
mac Manannáin agus Niamhannach mac Aonghusa agus Bogha Dearg mhac an Daghdha agus Aonghus Óg an Daghdha agus Manannán mac Lir agus Ábhartach mac Iolldathaigh agus mórán eile. Agus do bhámair-ne, Fiana Éreann, trí lá agus trí hoidhche ag imirt bháire re chéile ó Ghearr-abhuinn na bhFian re a ráitear Leamhuin go Croimghleann na bhFian ré a ráitear Gleann Fleisge, agus ní rucamair fén aonbháire ar a chéile. Do bhádar Tuatha Dé Danann risan ffeadh sin ar gach taoibh do Loch Léin gan fhios dúinn, agus do thuigeadar dá mbeithmaois féin ag cur re chéile nach béardaois fir Éreann aonbháire oruinn agus ar ccongnamh féin le chéle. Agus as í comhairle ar ar chinneadar Tuatha Dé Danann imtheacht tar a n-ais agus gan an báire sin d'imirt rinn. Agus as é lón tugadar leó as Tír threabhar-ghlain Tharrngaire .i. cnó corcra agus ubhla caithne agus caora cumhra, agus ag gabháil tré thríocha céad Ó bhFiathrach dóibh do thuit caor dá ccaoruibh uatha agus do fhás caorrthann as an ccaoir sin. Agus atáid buadha imdha ar chaoruibh an chaorrthainn sin, agus ní ghabhann galar ná easláinte a n-aonnduine dá n-itheann trí caora dhíobh, agus bí misge fhíona agus sásadh saoír-bhí ionnta, agus dá madh slán a chéad bliadhan do rachadh a n-aois a dheich mbliadhan fichit an tí do bhlaisfeadh aonchaor dhíobh. Agus mar do chualadar Tuatha Dé Danann na buadha sin do bheith ar an ccaorrthann do chuireadar coimhéad uatha féin air .i. in Searbhán Lochlannach, óglaoch dá muintir féin an fear sin .i. aitheach cnáimh-reamhar coirtighthe do chloinn Chaim cholaigh mhic Naoi. Agus ní fhuilighid airm fair agus ní loisgeann tene hé agus ní bháidhann uisge é, agus ní fhuil acht aonshúil a mullach a édain, idh imreamhar iarainn fá chorp an aithigh agus luirg-fhearsad iaruinn tré cheann na hidhi agus an idh fillte fá chorp an athaigh. Agus ní bhfuil a ndán dó bás d'fhagháil nó go mbuailtear trí béimeanna dá luirg fén fair; agus a mbarr an chaorrthainn chodlas sé san oidhche agus agá bhun bhíos sé
san ló 'gá choimhéad. Agus as iad sin caora atá Fionn d'iarraidh oruibh-si," ar Oisín, "agus ní hurusa dhaoibh-si buain reó ór do-rinni an Searbhán Lochlonnach fásach don tríocha céad sin ina thimcheall, agus ní lamhmaoid-ne Fiana Éreann sealg ná fiadhach do dhénamh ann ar a eagla." Do labhair Aodh mac Anghalaigh mhic Mhorna agus aseadh adubhairt gurb fhearr lais bás d'fhagháil ag iarraidh na ccaor sin ná dul tar a ais arís ar dhúthchas a mháthar, agus adubhairt re hOisín: "Coimhéad-sa ar muintir," ar sé, "nó go ttigeam tar ar n-ais arís, agus muna ttigeam, tioghluic-si ar muintir go Tír Tharrngaire arís." Agus do thiomnadar an dias deagh-laoch sin cead agus ceileabhradh ag Oisín agus ag maithibh na Féine agus do ghluaiseadar rompa, agus ní haithristear a n-imtheachta nó go rángadar Ros Dá Ró- shaileach ris a ráitear Luimneach an tan so, agus ní haithristear a n-aoidheacht an oidhche sin. Agus do éirgheadar go moch arna mhárach agus nír sguirsead nó go rángadar go Dubhros Ó bhFiathrach. Agus ag dul fó leithimeal na fiodhbhaidhe dóibh fuaradar lorg Diarmada agus Gráinne agus do leanadar in lorg go dorus na fian-bhoithe a raibhe Diarmaid agus Gráinne. Agus do mhothaigh Diarmaid iad, agus tuc lámh thapaidh laochdha ar a leathan-armuibh agus do fhiafraigh cia do bhí sa dorus. "Do Chlannuibh Morna sinne," ar siad. "Cia do Chlannuibh Morna sibh?" ar Diarmaid. "Aodh mac Anghalaigh mhic Mhorna duine aguinn agus Aonghus mac Airt Óig mhic Mhorna duine eile aguinn." "Créad é an cor so oruiph?" ar Diarmaid. "Fionn do chuir d'iarraidh do chinn-si sinn," ar siad, "más tú Diarmaid ó Duibhne." "As mé go deimhin," ar Diarmaid. "Maseadh," ar Clanna Morna, "ní háil re Fionn gan do cheann-sa nó lán glaice gach fir aguinne do chaoruibh caorrthainn Dubhrois d'fhagháil uainne a n-éruic a athar." "Ní hurusa dhaoibh-si ní aca sin d'fhagháil," ar Diarmaid, "agus is mairg ar a mbeith neart an fhir sin. Agus is aithne
dhamh-sa gurab é do mharbh bhur n-aithreacha-sa, agus níor bheag dhó sin mar éruic uaibh." "Níor bheag dhuit-si," ar Aodh mac Anghalaigh, "a bhean do bhuain d'Fhionn agus gan a bheith ag tromaidheacht air." "Ní mar thromaidheacht air adeirim súd," ar Diarmaid, "acht do-chonnarc a leithéid eile dhá dhénamh aige roimhe so ar Conán mac an Léith Luachra. Lá dá raibhe Fionn a tTeamhair Luachra agus maithe agus mór-uaisle Fhian Éreann ina fhochair, agus níor chian do bhádar ann an tan do-chonncadar aonóglaoch mór míleata mear-chalma a cceart-mheadhón 'airm agus a éididh ag teacht dá n-ionnsaighe. Agus do fhiafraigh Fionn d'Fhianaibh Éreann an ttugadar aithne fair. Adubhradar cách go coitcheann nach ttugadar. "Ní mar sin damh-sa," ar Fionn, "aithnim gurab námha damh péin hé." Táinic an t-óglaoch go láthair iar sin agus beannaighis dóibh. Fochtais Fionn sgéala dhe cia hé féin nó cá tír dhó. "Conán mac an Léith Luachra mh'ainm," ar sé, "agus do bhí mh'athair ag marbhadh th'athar-sa a ccath Chnucha agus do thuit féin san ghníomh sin, agus is d'iarraidh a ionaidh a bhFianaidheacht tánag-sa ort-sa don chur sa." "Do-ghébhthá sin," ar Fionn, "dá ttugthá cuirp-éraic éigin damh-sa am athair." "Ná hiarr éraic air," ar Oisín, "agus a athair do thuitim lat." "Ní ghébh-sa sin uaidh," ar Fionn, "ór ní fuláir leam tuilleadh érca d'fhaghbháil uaidh." "Créad hí an éraic oile ataoi d'iarraidh, a Fhinn?" ar Conán. "Ní fhuil acht cnuimh cheann-reamhar chinn Chéin, a ceann do thabhairt leat a n-éraic mh'athar chugum-sa." "Do-bhéaruinn comhairle mhaith dhuit, a Chonáin," ar Oisín, "dol mar ar hoileadh thú agus gan síth d'iarraidh ar Fionn an géin mhairfeas sé." "Créad hí an chnumh úd," ar Conán, "mar nach beanfuinn-se a ceann di?" "Ní hannsa," ar Oisín. "Uair dhár éirigh Oilill Ólum amach a Dún Eochair Mháighe agus Sadhbh inghean Chuinn Chéadchathaigh
a bhean agus a bhain-chéile maille fris, agus iad ar aon a n-aoncharpad, agus do bhí Sadhbh taobh-throm torrach an uair sin, agus do-chonnairc craobh dhroighin ós a cionn a n-airde agus a lán áirnidhe fuirre agus tugadh a mian ar Shaidhbh. Agus do chroith Oilill an chraobh ar chlár uachtarach an charpaid agus do ith Sadhbh a lór-dhaothain díobh, agus do fhill tar a hais arís don bhaile. Agus rug sí gein mhín-áluinn mhullach-leathan mhic don mhór- thuismeadh sin .i. Cian mac Oiliolla, agus rug rígh Chiarraighe Luachra dá altrom agus dá oileamhuin leis é. Agus is amhlaidh do bhí an mac sin agus dromaill mhór tharsna 'chinn fair agus gach biseach dá mbeireadh Cian do-bheireadh an dromaill biseach leis. Do fhás agus do fhorbair an mac iar sin gurbhó slán a fhichit bliadhain. Agus ro bhí dias eile mac ag Oilioll Ólum, agus do bhí triar mac Oiliolla Óluim infheadhma an tan sin, agus do bhádar triar eachlach aca. Agus chuadar an triar eachlach sin oidhche ar aoidheacht go teach Sgátháin mhic Sgannláin agus do uí Sgáthán go maith riú an oidhche sin agus adubhairt: "Atá fleadh sa toigh so anocht fá chomhair Fhinn mhic Cubhaill agus do-ghébhthaoi-si bhur ndaothain do bhiadh maith eile a n-égmais na fleidhi sin," ar sé. Do chaitheadar a ccuid an oidhche sin agus do éirgheadar arna mhárach agus do chuadar ar a n-ais go Dún Eochair Mháighe agus fuaradar triar mac Oiliolla Óluim ar an bhfaithche rompa .i. Eoghan Mór agus Cormac Cas agus Cian, agus fiafraigh Eoghan sgéala dá ghiolla: "Cá háit a rabhuis aréir?" ar sé. "Do bhádhus a ttigh Sgátháin mhic Sgannláin," ar sé. "Cionnus do bíthear agad ann sin?" ar sé. "Do bíthear go maith," ar an giolla. Do fhiafraigh Cormac mar an céadna. "Do bíthear go maith," ar in giolla. Do fhiafraigh Cian mar in céadna. "Do bíthear go holc," ar an giolla, "ór do mhaoidh sé oruinn go raibhe fleadh aige fá chomhair Fhinn agus ní thuc sé a blas dúinne." "Ná freagair é," ar na heachlacha eile, "ór do bhí sé go maith linn le chéle."
"Do-bhéara sé díol damh-sa gan a bheith go maith rem ghiolla," ar Cian. "Ná habair sin," ar Cormac Cas, "fear pinnsi dhamh-sa é, agus atá a sháith do thighearna aige .i. Fionn mac Cubhaill." "Ní miste leam féin sin," ar Cian, "ór rachad dom bearradh chuige." Agus is amhlaidh do uí Cian: níor bhearr aonnduine riamh é nach beanfadh sé a cheann de. Agus do ghluais Cian roimhe go dúnadh Sgátháin mhic Sgannláin agus fuair Sgáthán ar an bhfaithche amuigh roimhe, agus do iarr Cian a bhearradh air. "Do-ghébhair," ar Sgáthán, "ór as é as ceird damh-sa bearradh do dhénamh. Agus ag súd an teagh a ndénuim é, agus éirigh-si romham ann." Do ghluais Cian d'ionnsaighe an tighe agus do chuaidh Sgáthán dá chodal-teach agus tuc a airm agus a éideadh lais agus tug sgian agus uisge chuige agus do chuaidh mar a raibhe Cian. Do fhiafraigh Cian de créad fá ttuc sé na hairm sin lais. "Do-chluinim," ar Sgáthán, "go marbhann tusa gach aon bhearrus thú, agus is uime sin tucus-sa na hairm so leam, agus do-dhén tusa do bhearradh feasta." Rena chois sin do sgaoil Sgáthán na ceangail do uí fá cheann Chéin agus fuair dromaill mhór tharsna ón chluais go aroile dhó. "An é so an t-adhbhar fá marbhann tú gach aonnduine dá mbearrann tú?" "As é go deimhin," ar Cian, "agus ní ba hegail duit-si mé." "Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Sgáthán, "go ndén-sa adhbhar mo mharbhtha riut nó go mbia a fhios agum créad atá ann so astigh agad." Rena chois sin tuc sgor don sgiain tarsna na dromaille agus do sginn cnumh aiste, agus do éirigh do léim lúthmhar lán-éadrom nó go ráinic go féige agus go fíor-mhullach na bruighne, agus ag toirling anuas di tarrla craoiseach do chraoiseachuibh Céin roimpe agus do chuir cruaidh-shnaidhm cadad comhdhaingean uirre féin fá cheann na craoisighe. Agus tar éis Chéin do bhearradh do thoguir Sgáthán an chnumh do mharbhadh, agus adubhairt Cian gan a marbhadh nó go mbeireadh sé go Sadhbh inghin Chuinn Chéadchathaigh í "óir is ina bruinn ro geineadh an chnumh sin."
As a haithle sin ro cuireadh luibhe íce agus leighis re ceann Chéin agus ro ghluais roimhe go Dún Eochair Mháighe agus a chraoiseach ar a bhéluibh aige agus an chnumh ceangailte dhi. Agus tarla Oilill Ólom agus Sadhbh roimhe ar an bhfaithche agus ro innis sgéala na cnuimhe dhóibh ó thús go deireadh. Agus adubhairt Oilioll an chnumh do mharbhadh, agus adubhairt Sadhbh nach muirfidhe, "ór ní feas nach ionann saoghal di féin agus do Chian." Agus as í comhairle ar a ttáinig Sadhbh comhra dhaingean chlárach do chur impe agus leasughadh agus lán-chaomhna bí agus dighe do chur chuice gach laoi. Ro fhás agus ro fhorbair an chnumh ionnus gurbhó héigean an chomhra do sgaoileadh 'na timcheall agus teach comhdhlúthach do dhénamh dhi. Ro fhás agus ro fhorbair iar sin fá cheann mbliadhna ionnus go raibhe céad ceann fuirre, agus gurbhó cuma lé cia dhíobh ceann rena tteagmhadh an biadh do curthaoi chuice, agus go sluigeadh an fear gona arm gaisgidh a ngion-chraos gacha cinn di. Agus as í sin uair agus aimsir fá ttáinic mac rí Chiarraighe Luachra d'fhios a chomhalta .i. Cian mac Oiliolla. Mar táinic don bhaile do chuaidh d'fhéachain na cnuimhe ós a cionn, agus mar do airigh an chnumh é tuc sidhe neimhneach neamh-eglach fair gur bhean an chos ón cholpa síos de, agus do theitheadar mná agus mion-teaghlach an bhaile gur fhágbhadar an dún fás folamh aice. Mur do chualaidh Oilioll sin adubhairt an chnumh do mharbhadh ar eagla go ndénadh écht budh mó ná sin. Agus tuc Sadhbh cead a marbhtha do chách. Agus mar fuaradar in teaghlach an cead sin do chuireadar an dún tré dhoighir dhonn-ruaidh dhearg-lasrach 'na timcheall. Agus mar do airidh an chnumh teas na teineadh ag buain ria agus an teagh ag tuitim do éirigh do bhaoith-léim éadrom énamhail tré mhullach an tighe suas, agus do ghabh roimpe siar agus an teaghlach ina diaigh nó go ráinic Uaimh Dheirce Fearna a n-iarthar Chorca Dhuibhne, agus do chuaidh asteach san uaimh agus do-rinne sí fásach don tríocha céad sin 'na timcheall, ar chor nach lamhadh Fionn náid Fiana Éreann sealg ná fiadhach do dhénamh ann lena heagla. Agus as é a ceann sin iarras Fionn ort-sa a n-éraic a athar," ar Oisín.
"Maseadh," ar Conán, "is usa leam-sa bás d'fhagháil ag iarraidh an chinn sin ná dul tar ais mar ar hoileadh mé." Rena chois sin ro thiomain cead agus ceileabhradh ag Oisín agus ag maithibh na Féine agus do ghluais roimhe d'ionnsuidhe na cnuimhe. Agus arna faicsin sin do Chonán ro chuir méar a suaithneamh síoda an Gha Dheirg agus tug rogha n-áthusach n-urchair dhi gur chuir tréna himlinn amach é, agus ro mharbh d'áthus an urchair sin hí, agus tuc ceann dá ceannuibh lais go Fionn. Ar n-aithne an chinn d'Fhionn adubhairt nach géabhadh gan tuilleadh érca d'fhagháil ina athair ó Chonán. Rena chois sin táinic fiadh faiteach foluaimhneach d'ionnsaighe na tulcha agus ro airigh Fionn agus Conán agus an Fhian uile sin agus do éirgheadar ina dheaghaidh. Agus mar do-chonnairc Oisín sin do chuir sé a chraoiseach tarsna risin bhFéin, agus ro lean Fionn agus Conán an fiadh, agus ní haithristear sgéaluigheacht orra nó go rángadar chugainn um tráthnóna an lá sin, agus a eire fuirbheadha do bhallaibh uaisle an fhiadha ar Conán re cois Fhinn; agus níor iarr Fionn éraic ar bith ar Conán ó sin a leith. Agus dar bhar láimh-si, a Chlanna Morna, ní fheadamar féin in dá aimhdheóin ro bhean Conán síth d'Fhionn an lá sin. Agus dar leam féin," ar Diarmaid, "níor mhó in égcóir sin ná éraic a athar d'iarraidh ar Aodh mac Eanghalaigh mhic Mhorna agus ar Aonghus mac Airt Óig mhic Mhorna, agus gurab a mbruinnibh a máithreach ro bhádar an uair do marbhadh a n-aithreacha le Fionn mac Cubhaill mhic Thréinmhóir. Agus níor bheag dó sin d'éraic uatha agus gan a ccur d'iarraidh chaor caorrthainn Dubhruis ná mo chinn-si féin," ar Diarmaid, "ór as é an ceann curaidh úd iarras Fionn orra é." "Créad iad na caora úd iarras sé," ar Gráinne, "mar nach bhfédtar a bhfagháil dó?" "Ní hannsa," ar Diarmaid. "Crann caorrthainn do fhágbhadar Tuatha Dé Danann a ttríocha céad Ua bhFiathrach agus gach caor dhá ttáinic trésan ccaorrthann sin bí meisge fhíona agus sásadh saoir-bhí ann gach aonchaoir dhíobh, agus gidh bé chaitheas trí caora dhíobh bí sé a n-aois a dheich mbliadhan fichit dá madh slán a chéad bliadhan dó. Agus atá aitheach a mbun an chaorrthainn sin agá choimhéad, agus a mbarr an chaorrthainn
chodlas sé agus 'gá bhun bhíos sé san ló. Agus do-rinne sé fásach don tríocha céad so 'na thimcheall, agus ní héidir a mharbhadh nó go mbuailtear trí léisi lán-aidhbhle dá luirg féin air; agus is amhlaidh atá an lorg sin agus idh imreamhar iarainn tré cheann na luirge, agus an idh sin fá chorp an aithigh. Agus do bhean do chonradh d'Fhionn mac Cubhaill agus d'Fhianaibh Éireann gan sealg an tríocha céad sin do dhénamh air; agus an uair do bhádhus fá choill ar Fionn fuarus cead sealga uaidh agus gan buain rena chaoruibh go bráth." "As briathar dhamh-sa," ar Gráinne, "dá mbeadh nach ttiucfadaois Clanna Morna d'iarraigh na ccaor sin nach luigheabh-sa id leabaidh-si go bráth nó go bhfaghar cuid dona caoruibh sin. Agus gin gur ceird mhná a innisin a beith torrach, atáim-si taobh-throm torrach anois," ar sí, "agus ní bér um beathaidh muna mblaisear na caora sin." "Ná cuir-se d'fhiachuibh orum-sa síth do bhriseadh ar an Searbhán Lochlannach," ar Diarmaid, "agus nach móide go leigfeadh sé leam é." "Rachmaoid-ne leat-sa," ar Clanna Morna. "Ná teagaidh," ar Diarmaid, "ór dá bhfaiceadh sibh lán bhur súl don aitheach úd budh dócha bhur mbás ná bhur mbeatha dhe." Do ghluais Diarmaid roimhe a cceann an tSearbháin Lochlannaigh, agus tarla an t-aitheach ina chodladh air, agus tug sé buille dá chois ann agus do thóg an t-aitheach a cheann agus do fhéch ar Diarmaid agus do fhiafraigh dhe: "An síth dob áil leat do bhriseadh oruinn, a mhic uí Dhuibhne?" ar sé. "Ní headh," ar Diarmaid, "acht Gráinne inghean Chormaic atá taobh-throm torrach agus tucadh mian na ccaor uirthe, agus is d'iarraidh láin duirn dona caoruibh so ort-sa tánac-sa," ar sé. "Do-bheirim-si mo bhriathar," ar an t-aitheach, "dá mbeith nach beith do chloinn agad-sa acht an ghein sin, agus nach beith ar slicht Cormaic mhic Airt do chloinn acht sin, agus a dheimhin agum-sa go rachadh sé tré thaobh Ghráinne, nach blaisfeadh sí aonchaor dhona caoruibh so go brách."
"Ní cóir dhamh-sa feall do dhénamh ort-sa," ar Diarmaid, "agus is dá n-iarraidh ar áis nó ar éigin tánac-sa don chur sa." 'Gá chlos sin don aitheach do éirigh 'na sheasamh agus do chuir a cholg ar a ghualainn agus do bhuail trí léisi lán-mhóra ar Diarmaid go ndearna díbhéill deiróil ar sgáth a sgéithe dhe. Agus an uair nach bhfacaidh Diarmaid an t-aitheach dá sheachna do leig a airm ar lár agus tuc sidhe sanntach soidhefreach ar an aitheach, agus ráinig lán a dhá dhorn do mhín na luirge chuige. Agus do thógaibh an t-aitheach ó thalmhain agus do chuir 'na thimcheall é, agus do shín an idh iaroinn do uí fá cheann an aithigh agus thré cheann na luirge, agus an uair ráinic an lorg é do bhuail trí léisi lán-aidhbhle ar an aitheach gur chuir a inchinn tré sheinisdribh a chinn agus a chluas amach gur fháguibh marbh gan anmuin hé. Agus do bhádar an dias sin do Chlannuibh Morna ag féachain Diarmada risan ccomhrac sin, agus an uair do-chonncadar ag tuitim é tángadar fén go láthair. Agus do shuidh Diarmaid go sgítheach meirtneach d'éis an chomhraic sin agus do ráidh riú: "A Chlanna Morna," ar sé, "folchaigh an t-aitheach fá sguabuibh na coilleadh ar nach ffaiceadh Gráinne é, agus éirghidh dá hiarraidh féin 'na dheaghaidh sin agus tabhraidh libh hí." Do thairrngeadar an t-aitheach leó fán ffiodhbhaidh agus do fholchadar fón talmhuin hé. Do chuadar a ccuinne Gráinne agus tugadar leó go Diarmaid hí. "Ag sin, a Ghráinne," ar Diarmaid, "na caora do uí agad dá n-iarraigh, agus bean féin do dhíol díobh." "As briathar damh-sa," ar Gráinne, "nach blaiseabh-sa aonchaor dhíobh acht an chaor bheanfas do lámh-sa dhamh." Agus do éirigh Diarmaid 'na sheasamh agus ro bhean na caora do Ghráinne agus do Chlannuibh Morna, agus do itheadar díol a sainte dhíobh, agus an uair do bo sáitheach iad adubhairt Diarmaid: "A Chlanna Morna," ar sé, "beiridh an mhéide fhédfaidhe dona caoruibh sin libh dochom Finn, agus innisidh gurab sibh féin do mharbh an Searbhán Lochlannach." "Do-bheirmíd-ne ar mbriathar," ar siad, "nach beag linne a mbéaram go Fionn díobh."
Agus ro bhean Diarmaid eire fir dhona caoruibh dhóibh agus do ghluaiseadar rompa a gceann Finn agus na Féine. Agus do chuaidh Diarmaid agus Gráinne a mbarr an chaorrthainn a leabaidh an tSearbháin Lochlannaigh, agus ní raibhe acht caora searbha thís ar an ccaorrthann d'fhéachain na ccaor do uí thsuas air. Agus rángadar Clanna Morna go Fionn agus do fhiafraigh sgéala dhíobh ó thús go deireadh. "Do mharbhamair-ne an Searbhán Lochlannach," ar siad, "agus tucamair caora chaorrthainn Dubhrois chugad-sa a n-éraic th'athar má tá síodh aguinn dá chionn." Agus tucadar-san na caora a láimh Fhinn agus do ghlac Fionn iad, agus do aithin sé na caora agus do chuir sé fána shróin iad, agus adubhairt re Clannuibh Morna: "Do-bheirim mo bhriathar," ar sé, "gurab é Diarmaid ó Duibhne ro bhean na caora so, agus aithnim-si boladh chnisi Diarmada ar na caoruibh so, agus is é ro mharbh an Searbhán Lochlannach agus rachad-sa dá fhios an mbéaruinn ag an ccaorrthann air." Agus ro chuir tionól agus tiumsughadh ar sheacht ccathaibh na gnáth-Fhéine ar aonláthair agus ro ghluais roimhe go Dubhros Ó bhFiathrach agus ro lean lorg Diarmada agus Gráinne go bun an chaorrthainn. Agus fuair an caorrthann gan choimhéad air agus do itheadar raod dona caoruibh, agus ruc teasbhach ro-mhór orra, agus adubhairt Fionn go n-anfadh a mbun an chaorrthainn nó go n-imgheadh an teasbhach, "óir atá fhios agom Diarmaid do bheith a mbarr an chroinn." Adubhairt Oisín: "Is mór an comhtharra éda dhuit-si, a Fhinn, a thuigsin go n-anfadh Diarmaid a mbarr an chaorrthainn so agus tusa fána chomhair ann." A ndiaigh an chomhráidh sin do dhénamh dóibh ro iarr Fionn fithcheall dá himirt chuige. Agus adubhairt ré hOisín: "Do imeóruinn féin cloithche riot," ar sé. Do shuidhedar ar gach taoibh don fhithchill .i. Oisín agus Osgar agus Mac Lughach agus Diorraing do thaoibh, agus do shuidh Fionn don taoibh eile. Agus do bhádar ag imirt na fithchille go fáthach fír-ghlic, agus do chuir Fionn an cluiche ar Oisín a modh nach
raibhe dá bhreith dhó acht aonbheart amháin. Agus adubhairt Fionn: "Atá aonbheart ag breith an chluiche sin duit, a Oisín, agus bídh slán a bhfuil at fhochair an bheart sin do thabhairt duit." Ad-beart Diarmaid a cclos do Ghráinne: "As truagh leam an cás beirte sin ort, a Oisín, agus gan mé féin ag tabhairt teagaisg duit." "Is measa duit-si," ar Gráinne, "thú féin a leabaidh an tSearbháin Lochlannaigh a mbarr an chaorrthainn so agus seacht ccatha na gnáth-Fhéine id thimcheall ann fá chomhair do mharbhtha ná gan an bheart sin do bheith ag Oisín." Rena chois sin do bhean Diarmaid caor dhona caoruibh agus do bhuail sé an fear do budh cóir do thógbháil, agus do thóg Oisín an fear sin agus do chuir sé an cluithche san chruth chéadna arís. Agus ní fada do uí Fionn an uair do chuir an cluiche san chruth chéadna an dara huair ar Oisín. Agus an uair do-chonnairc Diarmaid sin do bhuail sé caor eile ar an bhfear do budh cóir do thógbháil arís, agus do thóg Oisín an fear sin agus do chuir sé an cluichi san chruth chéadna arís ar Fionn; agus do chuir Fionn an cluichi an treas uair ar Oisín, agus do bhuail Diarmaid an treas caor ar an bhfear do-bheireadh an cluichi d'Oisín. Do tógbhadh gáir mhór an chluichi rena chois sin agus adubhairt Fionn: "Ní hiongnadh leam-sa an cluichi sin do bhreith duit-si, a Oisín, agus a dhíthcheall ag Osgar dá dhénamh agus dúthracht Diorraing agus fáth-imirt Mhic Lughach agus teagasg díreach Diarmada." "As ro-mhór an t-éd duit-si, a Fhinn," ar Osgar, "a thuicsin go n-anfadh Diarmaid ó Duibhne a mbarr an chaorrthainn so agus tusa fána chomhair." "Cia hagainn féin agá bhfuil an fhírinne, a mhic í Dhuibhne," ar Fionn, "misi nó Osgar?" "Níor coilleadh thusa at aithne mhaith ariamh, a Fhinn," ar Diarmaid, "agus atáim-si agus Gráinne ann so a leabaidh an tSearbháin Lochlannaigh."
Agus rena chois sin rug Diarmaid ar Ghráinne agus tuc trí póga dhi fá chomhair Fhinn agus na Féine. "As measa leam-sa seacht ccatha na gnáth-Fhéine agus fir Éreann d'fhiaghnuisi ort an oidhche rugais Gráinne leat a Teamhraigh, agus gurab tú féin dob fhear coimhdeachta agum-sa an oidhche sin, ná a bhfuil ann so d'fhiadhnuisi ort, agus do-bhéara tú do cheann ar son na bpóg sin." Ann sin do éirigh Fionn agus na ceithre céad franc-amhus do bhí ar a thuillmhe agus ar a thuarastal fá chomhair Diarmaid do mharbhadh, agus do chuir Fionn a lámha a láimh a chéile timcheall an chaorrthainn agus do fhuagair dhóibh gan Diarmaid do leigean tarsa amach, agus do gheall gibé d'Fhianaibh Éreann do rachadh suas d'iarraidh cinn Diarmada uí Dhuibhne go ttiubhradh sé a arm agus a éideadh féin dó agus go ttiubhradh ionadh a athar agus a shean-athar saor a bhFianaigheacht dó. Is ann sin do fhreagair Garbh Shléibhe cCua dhó agus adubhairt gurabh é athair Diarmada uí Dhuibhne do mharbh a athair féin agus go rachadh dhá dhíoghail sin ar Diarmaid. Ro ghluais roimhe suas. Agus do foillsigheadh d'Aonghus an Bhrogha an cumhgach a raibhe Diarmaid agus do chuaidh dá fhóirighin. Agus mar ráinic Garbh Shléibhi cCua a mbarr an chaorrthainn do chuir dealbh Dhiarmada ar Gharbh Shléibhi gCua, agus tuc Aonghus buille dá chois ann agus do chuir ameasg na Féine síos hé, agus do mharbhadar franc-amhais Fhinn é. Agus d'éis a mharbhtha táinic a dhealbh fén air. Is ann sin do athain Fionn agus Fiana Éreann é agus adubhradar gurab é Garbh Shléibhi gCua do uí ann. Is ann sin adubhairt Garbh Shléibhi Crot go rachadh fén do dhíoghail a athar ar Diarmaid ó Duibhne, agus do ghluais roimhe suas, agus tuc Aonghus buille dá chois ann agus do chuir ameasg na Féine síos é agus dealbh Dhiarmada air agus do marbhadh mar an ccéadna é. Is ann sin do éirigh Garbh Shléibhi Cláire suas agus adubhairt gurabh é Donn ó Donnchadha do mharbh a athair fén agus go rachadh dhá dhíoghail sin ar Diarmaid ó Duibhne; agus do ghluais
roimhe suas a mbarr an chaorrthainn agus tug Diarmaid buille dá chois ann agus do chuir Aonghus dealbh Dhiarmada air nó gur marbhadh é. Iomthúsa Finn, do chuir sé naoi nGairbh na Féine do thuitim le Diarmaid ó Duibhne .i. Garbh Shléibhe gCua agus Garbh Shléibhe Crot agus Garbh Shléibhe Cláire agus Garbh Shléibhe Muice agus Garbh Átha Móir agus Garbh Átha Luain agus Garbh Átha Fraoich agus Garbh Shléibhe Mis agus Garbh Droma Móir. Agus an uair do thuiteadar na naoi nGairbh adubhairt Aonghus go mbéaradh sé Gráinne leis gusan mBrugh ós Bóinn, agus adubhairt Diarmaid dá mbeadh féin 'na bheathaidh go leanfadh iad, agus dá marbhadh Fionn é féin gibé clann do bhiadh ag Gráinne a ccur dá n-oileamhain go maith agus Gráinne do chur dochum a hathar go Teamhraigh. Do thiomain Aonghus cead agus ceileabhradh ag Diarmaid ann sin agus ní fhacaidh Fionn náid Fiana Éreann iad. Is ann sin adubhairt Diarmaid ó Duibhne do ghuth árd fhollus-ghlan go rachadh féin síos a cceann Fhinn agus na Féine. "Dá madh áil leat-sa sin," ar Fionn, "is fada ó do bheinn-si agus tú féin réidh ré chéile." "Ní do dhénamh síochána riot-sa rachad-sa ann," ar Diarmaid, "acht dob áil leam gan an t-ionadh so d'fhágbháil gan fhios duit-si." An uair do chualaidh Fionn sin do chuir sé seacht gcatha na gnáth-Fhéine timcheall an chaorrthainn agus tucadar irsi a sgiath ina chéile ar chor nach rachadh Diarmaid tharrsa amach. An uair do-chonnairc Diarmaid a lámha a láimh a chéile a ttimcheall an chaorrthainn do chuir urrlanna a chraoiseach faoi agus do éirigh sé go húréadrom ós cionn cáich amach, agus do fhógair sé d'Fhionn agus d'Fhianaibh Éreann é féin do dhul tarrsa amach, agus do chuir a sgiath ar sduaigh-leirg a dhruma, agus do ghluaiseadar seacht ccatha na gnáth-Fhéine a ndiaigh Dhiarmada agus do chaitheadar a n-aoineacht hé agus ní dhearnaidh aoinneach aca díbháil dó nó go ndeachaidh sé eadh imchian uatha, agus do fhill sé tar a ais nó go ndeachaidh ar lorg Gráinne agus Aonghusa gusan mBrugh ós Bóinn an oidhche sin. Agus fa luathgháireach Gráinne agus Aonghus ar bhfaicsin Diarmada dhóibh
agus do chaitheadar fleagha agus fuireadha an oidhche sin go ttáinic maidin arna mhárach. Agus do éirigh Aonghus go moch an lá sin agus do chuaidh a cceann Finn agus na Féine agus do fhiafraigh d'Fhionn a' ndénadh sé síodh re Diarmaid ó Duibhne. Adubhairt Fionn nach ffuil ar bith cruth ar a n-iarrfadh Diarmaid síth nach ttiubhradh sé féin dó hí. Is ann sin do chuaidh Aonghus a cceann Chormaic mhic Airt d'iarraidh síodha do Dhiarmaid ó Duibhne air, agus adubhairt Cormac go ttiubhradh sé síth dhó. Agus do chuaidh Aonghus a cceann Diarmada agus do fhiafraigh dhe a' ndénadh sé síodh ré Cormac agus re Fionn. Adubhairt Diarmaid go ndénadh sé síth dá ffaghadh sé na comhadha do iarrfadh sé orra. "Cá comha sin?" ar Aonghus. "Tríocha céad Chorca Dhuibhne do bhí ag mh'athair, gan seilg ná fiadhach do dhénamh innte d'Fhionn agus gan cíos ná cáin do rígh Éreann ann, agus tríocha céad Bheinne Damhuis Dubh-chairrge a Laignibh mar chumhaigh dam féin ó Fhionn, ór as é tríocha céad is fearr atá a nÉrinn é, agus tríocha céad Chéisi Coruinn ó rígh Éreann mar spré rena inghin damh. Agus ag sin na comhadha rena ndénuinn-si síth re rígh Éreann agus re Fionn," ar Diarmaid. "An mbeir síodhach ris na comhadhuibh sin dá bhfaghair iad?" ar Aonghus. "Do badh usaide leam síth do dhénamh iad súd d'fhagháil," ar Diarmaid. Is ann sin do chuaidh Aonghus leis na sgéaluibh sin a cceann rígh Éreann agus do chuaidh a cceann Finn, agus fuair sé na comhtha uile uatha, agus do mhaitheadar dhó a ndearna sé orra an feadh do uí sé fá choill. Agus do-rinni Aonghus síth eatarra go ceann shé mbliadhan déag. Agus is é ionad inar thogh Diarmaid agus Gráinne ionadh agus áit chaithmhe a Ráith Ghráinne a ttríocha chéd Chéisi Coruinn ar a fhad ó Fhionn agus ó rígh Éreann. Agus do rug Gráinne ceathrar mac agus aoninghean do Dhiarmaid ann sin .i. Donnchadh agus Eochaidh, Connla agus Sealbhach Searcach, agus Druineach Dhil inghean Diarmada. Agus tucadh tríocha céad Bheinne Damhuis Dubh-chairrge a Laighnibh don inghin sin, agus do cuireadh brughaidh agus biataigh
agus meic-óglaoich d'ar agus d'fhoghnamh dhi ann agus do-rónadh iostadh agus áit chaithmhe dhi ann. Do bhádar ag comhall na síothchána dá chéle mar sin athaidh fhada. Agus adeiritt aroile nach raibhe a gcomhaimsir ris féin aonnduine budh lia ór agus airgead, buar agus bó-tháinte, cruidh agus ceathra ná Diarmaid. Do labhair Gráinne re Diarmaid aon do ló agus adubhairt gur náir dhóibh féin méid a muintire agus truime a tteaghlaigh agus gan comháireamh ar a ccaitheamh, agus "gan an dias is fearr atá a nÉrinn do bheith aonoidhche inar tteagh .i. Cormac mac Cormac agus Fionn mac Cubhaill." "Créad fá n-abra sin," ar Diarmaid, "agus iad sin ina naimhdibh agum-sa?" "Do budh maith leam-sa," ar Gráinne, "fleadh do thabhairt dóibh ar chor go madh annsaide leó thusa é." "As cead leam-sa sin," ar Diarmaid. "Maseadh," ar Gráinne, "cuir-si feasa agus teachta a cceann th'inghine dá rádha ria fleadh eile do chomhmóra ria ar chor go mbeirmís-ne rígh Éreann agus Fionn dá teagh, agus nach feas nach ann do ghébhadh sí a diongmhála d'fhior agus d'fhear-chéle." Agus ro cinneadh an chomhairle sin leó; agus do bhí an dá fhleidh chomhmórtuis sin ag Gráinne agus agá hinghin agá ndeasughadh go ceann mbliadhna. Agus a ccionn na bliadhna sin do uí Gráinne agus Diarmaid a Ráith Ghráinne ina ccodladh, agus do chualaidh Diarmaid guth gadhair tréna chodladh san oidhche agus do bhiodhg sé as a chodladh agus rug Gráinne air agus do fhiafraigh créad do chualaidh. "Guth gadhair do chuala," ar sé, "agus is iongnadh leam a chlos annsan oidhche." "Slán coimhdhe fort-sa," ar Gráinne, "agus is iad Tuatha Dé Danann do-ní sin fort-sa tar ceann choimhéada Aonghusa ort. Agus luigh it iumdhaidh féin arís agus ná tabhair sin dot aire." Do luigh Diarmaid arís agus níor thuit a chodladh air an uair do chualaidh guth an ghadhair arís, agus do éirigh sé 'na sheasamh
agus ruc Gráinne fair agus adubhairt ris gan dul fá ghuth gadhair san oidhche. Do luigh Diarmaid san iomdhaidh arís agus do thuit a thorrchim suain agus síor-chodalta fair agus as é guth an ghadhair do dhúisigh an treas uair é. Agus táinig an lá gona lán-shoillsi chuige as a haithle, agus do éirigh 'na sheasamh agus adubhairt go rachadh fá ghuth an ghadhair ó tharla an mhaidean dá ionnsuighe. "Maseadh," ar Gráinne, "beir an Móraltach .i. cloidheamh Manannáin leat agus an Ga Dearg Duinn" "Ní bhéar," ar Diarmaid, "béarad an Beagaltach agus Ga Buidhe an Lámhaigh leam agus Mac an Chuill ar slabhradh um láimh." Do ghluais Diarmaid roimhe amach ó Ráith Ghráinne agus ní dearnadh oiriseamh ná comhnaidhe lais nó go ráinic go mullach Bheinne Gulban, agus fuair Fionn roimhe ann gan aonnduine 'na fhochair. Agus níor bheannaigh Diarmaid dó agus do fhiafraigh dhe an é do bhí ag dénamh na sealga. Adubhairt Fionn nacharbh é féin do bhí agá dénamh, "acht buidhean shluaigh do éirgheas amach ó chianuibh agus tarla lorg muice allaidh ar ghadhar do ar ngadhruibh agus é sgaoilte renar gcois, agus níor fédadh a ghabháil; agus as é torc Bheinne Golban tarla roimhe. Agus is díomhaoin don Fhéin bheith agá leanmhain óir is minic roimhe so do chuaidh uatha, agus do mharbh caoga óglách don Fhéin ar maidin aniu. Agus atá sí a n-aghaidh na Beinne anís chuguinn agus an Fhian ag teitheadh roimpe, agus fágbham-ne an tulach so dhi." Adubhairt Diarmaid nach ffúigfeadh an tulach roimhe. "Ní cóir dhuit-si sin," ar Fionn, "ór is dot gheasuibh sealg mhuice do dhénamh." "Créad an fáth fár cuireadh na geasa sin orm-sa?" ar Diarmaid. "Inneósad-sa sin duit-si," ar Fionn. "Lá n-aon dhá ttarla damh-sa bheith a nAlmhain leathain-mhóir Laighean agus seacht ccatha na gnáth-Fhéine am thimcheall ann, agus táinig Bran beag ó Buadhacháin amach agus do fhiafraigh dhíom-sa nar chumhain leam gurab dom gheasuibh bheith deich n-oidhche a leabaidh a chéile a nAlmhain gan a bheith oidhchi 'na fhégmuis. Agus ní tharladar na geasa sin ar aonduine san Fhén acht orm-sa
um aonar. Agus do chuadar an Fhian asteach an oidhche sin agus níor an am fhochair-si acht th'athair-si agus beacán d'éigsibh agus d'ollamhnuibh na Féine agus ar gcoin agus ar ngadhair. Agus do fhiafraigheas-sa cá rachmaís an oidhche sin agus adubhairt t'athair-si .i. Donn ó Donnchadha, go ttiubhradh féin aoidheacht na hoidhche sin damh. "Dá madh cumhain leat-sa," ar Donn ó Donnchadha, "an uair do bhádhus-sa ar foghail agus ar forfhógra uait féin agus ón fFéin agus tarla Crochnad inghean Churraigh Lifthe torrach uaim, agus ruc mac dhamh, agus do ghlac Aonghus an Bhrogha an mac sin dá altrom agus dá oileamhuin. Agus rucadh mac eile do Roc mac Diochmhairc isin aimsir sin, agus do iarr sé orm-sa an mac sin do ghlacadh dá altrom agus dá oileamhain, agus adubhart- sa nachar chubhaidh rium mac an mhodhadh do ghlacadh. Agus atá mo mhac féin ag Aonghus agus ní fhaca re bliadhuin é, agus do-ghébhum ar aon aoidheacht na hoidhche anocht ann." "Do ghluaiseas féin," ar Fionn, "agus Donn go teach Aonghusa an Bhrogha an oidhche sin, agus bhádhuis-si, a Dhiarmaid uí Dhuibhne, astigh an oidhche sin. Agus do uhí cion mór ag Aonghus ort, agus níor mhó sin ná in cion do uhí ag muintir Aonghusa ar mac an reachtaire, agus do bhí formad mór ar th'athair-si. Agus do éirigh bruighean eidir dhá choin dom chonuibh-si astigh, agus do theitheadar mná agus mion-daoine in tighe rompa nó gur éirgheadar cách dá ccur ó chéile. Agus do chuaidh mac an reachtaire eidir dhá ghlún th'athar-sa do theitheadh roimh na conuibh, agus tuc sé fásgadh fearamhail don dá ghlún fair agus do mharbh sé mac an reachtaire mar sin. Táinic an reachtaire aníos agus adubhairt: "A Fhinn," ar sé, "ní fhuil astigh ann so anocht duine is measa do sgar risin mbruighin sin iná mé féin, óir ní raibhe do chloinn agum acht aonmhac agus do marbhadh é, agus cionnus do-ghébh a éruic uait-si, a Fhinn?" Adubhart-sa féin a fhéachain an raibhe sliocht na ccon fair, agus dá mbeadh go ttiubhrainn féin éraic ann. Do féachadh an mac agus ní fríth sliocht fiacal ná iongan óna conuibh air. Adubhairt an reachtaire: "Cuirim-si thusa, a Fhinn, fá gheasaibh áidh agus aidhmhillte .i. troigh mhná troghain agus néill mhairbh ós uisge agus saoghal Neóill
Chaille arna chronughadh agad muna ttuca tú a fhios damh cia do mharbh mo mhac." "Tucadh síothal agus uisge chugum-sa," ar Fionn, "agus do ionnlas mo lámha agus do chuireas m'ordóg fám dhéd fis, agus do foillsigheadh fios agus fírinne damh, adhón, t'athair-si do mharbhadh mic an reachtaire, agus do thairgeas fén éraic uaim an uair do foillsigheadh sin damh. Do dhiúlt in reachtaire sin uaim gurbh éigin damh a innisin dó gurbh é th'athair-si do mharbh a mhac. Adubhairt an reachtaire nach raibhe astigh duine dárbh usa éric do thabhairt dó ná th'athair-si, ór do uí mac aige féin astigh, agus adubhairt an reachtaire nach géabhadh éraic chuige acht thusa do thabhairt eidir a dhá ghlún dó, agus go maithfeadh a mhac dá léigeadh sé thusa slán uadha. Feargaighis Aonghus trésan urlabhra sin risin reachtaire, agus do bhreathnaigh th'athair-si a cheann do bhuain de nó gur chuireas-sa dá dhruim é. 'Na dhiaigh sin táinic an reachtaire aníos agus slat dhoilfe dhraoidheachta aige, agus do bhuail a mhac fhéin don tslait sin agus do-rinne muc mhaol- dóite gan chluais gan iurball de, agus adubhairt an reachtaire: "Cuirim-si fá gheasuibh thú gurab ionann saoghal duit agus do Dhiarmaid ó Duibhne agus gurab lat thuitfeas fá dheireadh." Do ghabh an mhuc sin an dorus amach, agus an uair do chualaidh Aonghus na geasa sin do chuir sé thusa fá gheasuibh, a mhic uí Dhuibhne, gan sealg mhuice do dhénamh go brách. Agus is í sin an torc so Beinne Golban agus ní cóir dhuit-si anmhain ria." "Ní raibhe fios na ngeas sin agum-sa go n-uige sin," ar Diarmaid, "agus ní fhúiceabh an tulach so nó go dtige sí dom ionnsuidhe, agus fáguibh-si Bran agum a ffochair Mhic an Chuill." "Ní fhúiceabh," ar Fionn, "ór is minic do chuaidh an torc so dhi roimhe seo." Do ghluais Fionn roimhe d'fhágbháil na tulcha. "Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Diarmaid, "gurab dom mharbhadh-sa do chumais an tsealg so, a Fhinn, agus más ann atá a ndán damh-sa bás d'fhagháil ní ffuil feidhm agum a sheachna."
'Na dhiaidh sin táinic an torc a n-aghaidh na Beinne aníos agus an Fhian ina diaigh, agus do sgaoil Diarmaid Mac an Chuill dá héill ina cuinne, agus ní dhearnaidh sin tarbha dhó ór níor an sí risin torc acht do theith roimpe. Adubhairt Diarmaid: "Is mairg nach dén comhairle dheagh-mhná, ór adubhairt Gráinne ream a mochrach an Móraltach agus an Ga Dearg do thabhairt leam." Rena chois sin do chuir méar a suaichneamh síoda an Gha Buidhe an Lámhaigh do uhí 'na láimh agus tuc rogha n-áitheasach n-urchair ar amus na muice dhe gur bhuail a gceart-lár a haithche agus a hédain hí, agus níor ghearr aonruibe innte, agus níor mhó dhearg fuirre. Réna chois sin ro bhean a chloidheamh amach .i. an Beacaltach, agus do bhuail ina druim hí agus níor ghearr aonruibe ann, agus do-rinne dá chuid dá chloidheamh. Rena chois sin tuc an torc sidhe nemhneach neimh-eglach ar Diarmaid agus do bhean sí an fód do uhí fána chosuibh, agus tarla mullach a chinn faoi. Agus ag éirghe dó tarla cos ar gach taobh don torc aige agus a aghaidh roimhe siar, agus do ghluais sí re fánaigh an chnuic síos agus níor fhéad sí Diarmaid do chur dhi. Agus do ghabh roimpe as sin nó go ráinic Eas Ruaidh mhic Bhadhoirn, agus mar do ráinic an t-eas ruc trí léimeanna lúith tar an eas anonn agus anall agus níor fhéad sí Diarmaid do chur dhi risin bhfeadh sin. Táinic roimpe a ffrithing na conaire céadna agus a n-aghaidh aird na Beinne suas arís, agus ar tteacht ar mullach an chnuic aníos di do chuir sí Diarmaid di, agus ag tuitim dochum láir dhó tuc sí sidhe neimhneach neimh-eglach air gur leig sí a abach agus a ionathar ris. Agus ag fágbháil na tulcha dhi tuc Diarmaid urchar áitheasach do chobhail an chloidhimh do uhí 'na láimh dhi gur bhuail a n-oghar a himlinne hí, gur leig sé a habach agus a hionathar ria, gur fháguibh marbh gan anmain hí. Gurab Ráthín na hAbarnaigh ainm na rátha atá ar mullach na Beinne sin thuas ó sin a leith. Rena chois sin táinig Fionn agus Fiana Éreann do láthair, agus do
bhádar arrgheana báis agus buan-éga ag teacht do Dhiarmaid. Is ann sin adubhairt Fionn: "Is maith leam t'fheicsin mar sin, a Dhiarmaid," ar sé, "agus is truagh leam nach ffuilid mná Éreann uile dot fhéachain anois, ór tucais maisi ar mhí-mhaisi agus dealbh mhaith ar droch-dheilbh." "Atá ar cumus duit-si misi do leigheas uatha sin," ar Diarmaid, "madh áil leat féin hé." "Cionnus do leigheósainn-si thú?" ar Fionn. "Co maith," ar Diarmaid, "ór do ghlacais an t-eó fis do uí for Bóinn, agus gidh bé dá ttiubharthá deoch dot bhasuibh do bhiadh sé óghshlán ón uile ghalar dá éis." "Níor thuillis-si uaim-si an deoch sin do thabhairt duit," ar Fionn. "Ní fíor sin," ar Diarmaid, "ór is maith do thuilleas-sa uait hí an oidhche do chuadhuis-si do thigh an Deirg mhic Dionnarthaigh, agus maithe agus mór-uaisle Fhian Éreann at fhochair, do thochaitheamh fleidhe. Agus táinic Cairbre Lifeachair mac Cormaic agus fir Bhreagh agus Mhidhe agus Chearmna agus Colamhna tinniosnacha na Teamhrach timcheall na bruighne ort-sa, agus tucadar trí trom-ghárrtha ós aird ina timcheall, agus do chuireadar teinnte agus teannála innte, agus do éirghis-si it sheasamh, a Fhinn, agus dob áil leat a dhol amach, agus adubhart-sa riot-sa anmhain astigh at ionadh óil agus aoibhneasa agus go rachainn féin amach agus go ccoisgfinn iad sin. Agus do chuadhas amach agus do bhádhus na teinnte agus tucus trí dearg-ruathair timcheall na bruighne agus do mharbhas céad do gach ruathar dhíobh, agus do chuadhas féin asteach iomshlán uatha gan fhuiliughadh gan fhordeargadh orum. Agus do budh luathgháireach lán-mheanmnach do bhádhuis-si romham an oidhche sin, a Fhinn, agus tucais deoch dhamh an oidhche sin, agus níor chóra duit sin do thabhairt damh an uair sin ná anois." "Ní fíor sin," ar Fionn, "ór is olc do thuillis uaim-si deoch do thabhairt duit ná aonní maitheasa do dhénamh dhuit an oidhche tángais leam go Teamhraigh agus ruguis Gráinne leat uaim a Teamhraigh a bhfiaghnuisi bhfear nÉreann, agus gurab
tú féin dob fhear coimhéada agum-sa an oidhche sin a tTeamhraigh." "Ní fíor sin," ar Diarmaid, "óir níor chionntach mise leis sin acht geasa do chuir Gráinne orm, agus ní chaillfinn-si mo gheasa ar ór na cruinne. Is maith do thuilleas-sa uait deoch do thabhairt damh dá madh cumhain leat an uair do-rinne Mídheach mac Colgáin fleadh Bhruighne Caorrthainn fád chomhair. Agus do uhí bruighean ar tír agus bruighean ar tuinn aige, agus do tharraing sé Ríghe an Domhain agus trí rígh Innsi Tile gusan mbruighin do uhí ar muir aige fá chomhair do chinn do bhuain díot-sa. Agus do bhí an fhleadh dá tabhairt amach isin mbruighin do uhí ar tír aige, agus do chuadhuis-si agus drong do mhaithibh Fhian Éireann maille riot do chaitheamh na fleidhi sin go Bruighin in Chaorrthainn, agus do chuir Mídheach úir Innse Tile fúibh ionnus gur leanadar bhur ccosa agus bhur lámha a n-aoineacht don talamh. Agus mar do fuair Rígh an Domhain sgéala thusa agus do mhuintir do bheith ceangailte cruaidh-chuibhrighthe mar sin do chuir sé taoiseach céad dá mhuintir féin d'iarraidh do chinn-si. Agus tucais-si th'ordóg fád dhétt fis agus do foillsigheadh fios agus eolus duit. Agus as í sin uair agus aimsir fá ttánag-sa féin ad dheaghaidh-si go Bruighin an Chaorrthainn agus tucais-si aithne orum ag teacht dochum na bruighne damh, agus do fhoillsighis-si damh Mídhach mac Colgáin agus Ríghe an Domhain agus trí rígh Innse Tile do bheith a mBruighin an Oiléain ar Sionainn, agus nach fada go ttiucfadh cuid éigin aca d'iarraidh do chinn féin agus dá bhreith go Ríghe an Domhain. Agus mar do chualas-sa sin do ghabhas cumairce th'anma-sa agus do chuirp orum féin go héirghe do ló arna mhárach. Agus do-chuadhas ar an áth do bhí re taobh na bruighne dá chosnamh. Níor chian do bhádhus ann an tan táinic an taoiseach céad sin do mhuintir Rígh an Domhain chugum, agus do chomhraicsim re chéile agus do bheanus a cheann de féin agus do chuireas ár a mhuintire, agus do leanas iad go Bruighin an Oiléain, agus fuaras Rígh an Domhain a ndáil óil agus aoibhneasa ann sin agus trí rígh Innsi Tile ina fhochair. Agus do bheanas mo chloidheamh amach agus do bheanas a cheann do Rígh an Domhain don chéad-bhéim, agus ro bheanas a ttrí cinn dona trí ríoghuibh sin
eile do uhí 'na fhochair agus do chuireas a ccobhraidh mo sgéithe iad. Agus do thógbhas an corn cloch-órrdha cumhdaigh gona lán do shean-mhiodh sho-óla do uhí a bhfiaghnuisi Rígh an Domhain um láimh chlí agus do-rinneas faobhar-chleas dom chloidheamh um thimcheall, agus tánag romham do thoradh mo ghoile agus mo ghaisgidh go Bruighin in Chaorrthainn. Agus tucas na cinn sin agus na cuirn duit-si, a Fhinn, mar chomhartha cosgair agus comhmaoite, agus do choimleas fuil mhéidhe na ttrí ríogh sin fúd féin agus fán druing sin d' Fhianaibh Éreann do bhí ceangailte maille friot, ionnus gur leigius luaghuil a lámh agus céimniughadh a ccos ar a ccumas. Agus dá madh í an oidhche sin, a Fhinn, do iarrfuinn-si deoch ort-sa do-ghébhuinn í." Is ann sin adubhairt Osgar mac Oisín: "A Fhinn," ar sé, "an fhuil a fhios agad gurab goire mo ghaol féin do Dhiarmaid ó Duibhne ná duit-si, agus nach leigfinn leat gan deoch do thabhairt dó." "Ní haithne damh-sa tobar ar an mBeinn si," ar Fionn. "Ní fíor sin," ar Diarmaid, "ór ní fhuil acht naoi spáis uait tobar fíor-áluinn fíor-uisge is fearr ar bith." Ina dhiaigh sin téid Fionn d'ionnsaighe an tobair agus do thógaibh lán a dhá bhas leis, agus ní mó ná leath sligheadh táinic an uair do leig sé an t-uisge trína bhasuibh síos, agus do innis nachar fhéad sé an t-uisge do thabhairt leis. "Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Diarmaid, "gurab dot dheóin féin do-ní tú sin." Téid Fionn ar ceann an uisge arís, agus ní mó ná an fad céadna tuc leis é an uair do leig tréna bhasuibh síos é. "Dar mo bhréithir a bhfiaghnuisi m'arm," ar Osgar, "muna ttucair an t-uisge leat go luath, a Fhinn, ní racha don láthair so dhínn 'nar ndís acht an tí bhus treisi." Do thill Fionn an treas feacht ar ceann in uisge leis in ccomhrádh sin go Diarmaid, agus tuc lán a dhá bhos don uisge leis. Agus ag teacht do láthair dó do sgar a anam rena chorp ag Diarmaid. Agus do thógbhadar an drong do bhí ar an láthair sin d'Fhianuibh Éreann trí trom-ghárrtha adhbhal-mhóra acaoineacha ós aird ag caoineadh Diarmada uí Dhuibhne. Agus d'éirigh Osgar do bhorb-thulcha troim-fheirge iona sheasamh agus do
bhreathnaigh a cheann do bhuain d'Fhionn ar an láthair sin go ndubhairt Oisín: "A mhic," ar sé, "as fíor gur thuill sé sin uait-si agus ó Fhiannaibh Éirionn go hiomlán tré gan Diarmaid d'fhóirighthin, agus ná déin-si an dá léan a n-aonló dhúinn, agus fágbham an tulach so annois ar eagla go ttiocfadh Aonghus chuguinn agus nách creidfeadh uainn nách sinn féin tug bás do Dhiarmaid gion gur chionntach Fionn rena bhás." Do ghluais Fionn agus an drung sin d'Fhianuibh Éreann d'fhágbháil na tulcha, agus Mac in Chuill a láimh Fhinn, agus do fhill Oisín agus Osgar agus Caoilte agus Mac Lughach agus do chuireadar a cceithri bruit a n-aoineacht ar Diarmaid, agus do ghluaiseadar féin a ndiaidh Fhinn agus na Féine, agus ní haithristear sgéaluigheacht orra nó go rángadar go Ráith Ghráinne. Agus do uhí Gráinne rompa amuigh ar táibhlibh na rátha ag fuireach re sgéaluibh Diarmada d'fhagháil, agus do-chonnairc sí Fionn agus Fiana Éreann fán toichim sin chuice, agus adubhairt Gráinne: "Dá mbeadh Diarmaid ó Duibhne beó," ar sí, "ní a láimh Fhinn do bheadh Mac in Chuill ag teacht don bhaile so." Agus is amhlaidh do uhí Gráinne an ionbhaidh sin agus í taobh- throm torrach, agus do thuit sí tar múruibh na rátha amach agus ruc sí triúr mac marbh ar an láthair sin. Mar do-chonnairc Oisín an bhean go n-iodhnuibh do chuir sé Fionn agus an Fhian ón láthair. Ag fágbháil na láithreach d'Fhionn agus don Fhéin do thóguibh Gráinne a ceann agus do iarr ar Fionn Mac in Chuill d'fhágbháil aice féin. Adubhairt Fionn nach ttiubhradh, agus nachar mhór leis an oiread sin d'oighreacht Diarmada uí Dhuibhne do bheith aige féin. Do-rinne Oisín air agus do bhean an cú a láimh Fhinn agus tuc leis go Gráinne hí, agus do lean sé fén a mhuintir. Tángadar teaghlach Gráinne amach agus rugadar leó don ráith asteach í. Is ann sin do chuir Gráinne na trí céad do theaghlach do uhí aice go Beinn Gulban ar ceann chuirp Dhiarmada uí Dhuibhne dá thabhairt chuice féin go Ráith Ghráinne. Do ghluaiseadar an teaghlach rompa go Beinn Gulban, agus fuaradar Aonghus an Bhrogha rompa ann agus a thrí céad do theaghlach ina thimcheall ós cionn chuirp Dhiarmada uí Dhuibhne.
Agus mar do aithnigheadar teaghlach Gráinne Aonghus do chuireadar easgcaoin a sgiath amach a ccomhartha síochána. Agus do aithin Aonghus iad-san, agus mar rángadar dho láthair do thógbhadar féin agus muintir Aonghusa trí trom-ghártha aidhbhle uathbhásacha ós cionn chuirp Dhiarmada uí Dhuibhne ionnus go cclos a néllaibh neimhe agus a bhfraighibh na fiormaminte monghar agus mac alla na mór-ghártha sin. Agus adubhairt Aonghus: "Ní rabhus aonoidhche ó do rugas leam don Brugh ós Bóinn thú a ccionn do naoi míos gus anocht nach beinn dot fhaire agus dot fhorchoimhéad ar th'easgcairdibh, a Dhiarmaid, agus is truagh an fheall so do-rinne Fionn ort tar ceann do shíochána ris." Agus ad-beart an laoi so síos and:
"Truagh sin, a Dhiarmaid dhédla, a hÍ Dhuibhne gheil-ghéga, do díobhadh do chrú fád cháil, do ciurrbhadh crú do chorpáin. Ón fhiacail neimhe troim-thric fuarais sgathadh gér trom-thuirc, ón mheangaigh mhallachtaigh mheabhlaigh tsreangaidh teann-mhóir tsrúibh-bhearnaigh. Torc Bheinne Golban go ngoil do shlaigheadh Diarmada dealbh-ghloin, ní tláith-mhín do chuaidh 'na chneidh ós Ráithín fhuair Abarnaigh. Truagh do-rinne Fionn fáilteach fén arna shíodhughadh gan toibhéim, sgardáin chuimhne, cruaidh an cás, dá bhfuair Ó Duibhne dian-bhás. A mharcraidh shíodha gan tshal, tócthar libh Diarmaid dealbh-ghlan gusan mBrugh mbinn mbuidhneach mbuan, ní linn nach cuimhneach comhthruagh." Truagh.
A haithle na laoidhe sin do fhiafraigh Aonghus do theaghlach Gráinne créad an toisg fá ttángadar ar an láthair sin. Adubhradar-san gurab í Gráinne do chuir ar ceann chuirp Dhiarmada uí Dhuibhne iad dá bhreith chuice fén go Ráith Ghráinne. Adubhairt Aonghus nach leigfeadh corp Diarmada leó agus go mbéradh fén leis é don Bhrugh ós Bóinn, "agus ó nach éidir leam a aithbheódhughadh arís cuirfead anam aearrdha ann ar chor go mbia ag labhairt ream gach laoi." Imthúsa muintire Gráinne, do chuadar ina ceann fén go Ráith Ghráinne agus do inniseadar dhi nár leig Aonghus an Bhrogha corp Diarmada leó agus go rug féin leis don Bhrugh ós Bóinn é. Adubhairt Gráinne ann sin nach raibhe cumus aice féin air, agus do chuir feasa agus teachta uaithe ar ceann chloinne Diarmada uí Dhuibhne go tríocha céad Chorca Dhuibhne mar a rabhadar dá leasughadh agus dá lán-chaomhna. Agus is amhlaidh do bhádar an chlann sin agus brughaidh agus biataigh agus meic-óglaoich ag ar agus ag foghnamh dóibh, agus do bhí tríocha céad do theaghlach ag gach mac dhíobh. Agus dob é Donnchadh mac Diarmada hí Dhuibhne mac do budh urrúnnta oirbheartaidhe do chloinn Diarmada uile, agus is dó ghéilldís an ceathrar eile .i. Eochaidh agus Connla, Sealbhach Searcach agus Iollann Iolchrothach mac Diarmada í Dhuibhne, mac inghine rígh Laighean, agus níor mhó searc agus ionmhaine Gráinne d'aonduine dá cloinn féin iná d'Iollann. Mar rángadar na teachta sin iad do ghluaiseadar rompa go Ráith Ghráinne, líon a tteaghlaigh agus a ttionóil, agus do fhiarfaigheadar a n-aos grádha agus géir-ionmhaine díobh créad do-dhéndís fén ó do bhádar-san ag dul a cceann chogaidh agus choinghleaca ré Fionn agus ré Fianuibh Éreann. Adubhairt Donnchadh mac Diarmoda í Dhuibhne riú anmhain ar a n-áitibh féin, agus dá ndearndís fén síth re Fionn nár bhaoghal dóibh aonní, agus muna ndearndís riú-san a rogha tighearna do bheith acu. Agus do ghluaiseadar rompa a n-athghairid gacha sligheadh agus ní haithristear sgéaluigheacht orra nó go rángadar go Ráith Ghráinne. Agus do fhear Gráinne fíor-chaoin fáilte roimh a cloinn féin agus tuc póg agus fáilte do mhac inghine rígh Laighean, agus do chuadar
le chéle asteach go Ráith Ghráinne. Agus do suidhigheadh ar sleasuibh na síth-Bhruighne iad do réir uaisle agus atharrdha gach aoin, agus do dáileadh biadha séimhdhe somblasta agus leanna réidhe ro-mhillsi agus deocha garga gabháltacha a gcornuibh caomha cumhdaigh dhóibh, gurbhá measga meadhair-chaoin na maithe. Is ann sin do labhair Gráinne inghean Chormaic do ghuth ard fhollus-ghlan ar lár-mheadhóin cháich, agus aseadh adubhairt: "A chlann Diarmada hí Dhuibhne," ar sí, "do marbhadh bhur n-athair le Fionn mac Cubhaill tar ceann chor agus choingheall a síochána, agus díoghlaidh-si go maith air é. Agus ag súd bhar ccuid d'oighreacht bhur n-athar aguibh," ar sí, ".i. a airm agus a éideadh agus a iolfhaobhair. Agus roinnfead-sa féin eadruibh iad, agus beidid agum-sa fén na cuaich, na cuirn, na copáin agus na heasgra áille órdhaighe, agus an buar agus na bó-tháinte gan roinn." Agus is cuma do bhí dá rádh agus do-rinne an laoi:
"Éirghidh, a chlann Diarmoda, dénaidh bhar bhfogha bhfeithimh; gurab soraidh dhaoibh bhar n-eachtra, táinic chugaibh sgél deigh-fhir. An cloidheamh so do Dhonnchadh, an mac is fearr ag Diarmaid, agus an Ga Dearg d'Eochaidh, a cceann gach sochair tiaghaid. Beir a lúireach uaim d'Iollann, slán gach corp ima racha, agus an sgiath do Chonnla, don triath chongbhas na catha.
Na cuaich, na cuirn, na copáin, na heasgra gan bhaoghal, aisge mhná gan bhuidhe, beid agum uile am aonar. Marbhaidh mná agus mion-daoine ar olc re Fionn na Féine, ná dénaidh feall ná meabhail, dénaidh deabhaidh agus éirghe."
Ard-rígh uasal oireadha nertmhar líonmhar láidir fiosach fíor-ghlic fír-eólach ceannsaidh calma croidheamhuil cródha cosgarach cosantach ro ghaibh flaithios agus forlámhas agus mór-smacht for Éirinn feacht anáill dar budh comhainm Cormac mhac Airt mhic Chuinn chalma Chéad-chathaigh. Agus budh rathmhar riaghalta ro-chonaigh do bhí Éire re linn an deagh-rígh sin, ór do bhí toradh i ttalmhainn agus lacht ag loiligheachaibh, téacht a rianaibh agus toradh a ttalmhaiin, a muir agus a mion-aibhnibh re linn an Chormaic sin. Agus tharla rígh-fhéinidh amhra oireadha air Fhíanaibh Éirionn 'mun am sin .i. Fionn mac Cubhaill mhic Thréinmhóir uí Bhuisgine. Agus do tharla inghean áluinn aontúmha ag Cormac, sé sin Gráine inghean Chormuic, agus do chuir Fionn teachta agus taighligheóraigh a ccenn an rígh d'iaraidh na hinghine sin mar mhnaoi agus mar chéile dó féin. Agus thángadar na teachta sin go Teamhraigh agus d'innsighdar a ttoisg agus a tturus don rígh. Do chuaidh an rí dá cheadughadh sin rena inghin, agus do shuidh air cholbha na himdhaighe aici agus do labhar ria agus as é adúbhart:
Is ann sin adubhairt Diarmaid do ghuith árd-mhór shollais-ghlan go rachadh féin síos a cceand Fhinn agus na Féine do dhénamh óirleach agus athchuma orro, "ós dearbh liom gurab budh mian leat-sa bás do thabhairt dhamh a n-áit éigin. Agus fós ó nách liom dul ón ccontabhairt so atá am cheann, do bhrígh nách fuil cara ná compánach agam a ccríochaibh imchianaibh an domhain mhóir ina rachainn ar n-anacal nó ar a ccoimeirce, gan bheith lán d'fhuaith agus d'fhíor-mhiosgais dhamh, do bhrígh gur minic thugas a n-ár agus a n-easbhaidh dot toisg-se, óir ní raibh cath ná comhlann, duadh ná dochar ort-si nách rachainn tar do cheand-si in gach cath, et fós go n-éingin sic comhrac agus comhlann romhat agus ad dhiaigh. Agus is briathar dhamh a bhfiaghnuise m'arm go ndíolaidh misi mé fhéin go maith, a Fhinn, sul do-ghéabhair-si a n-aisge mé." "Is fíor do Dhiarmaid siúd, a Fhinn," ar Osgar, "et tabhair anacal a mhaithamh dhó." "Ní thiobhar," ar Fionn, "go bruinne an bhrátha, agus ní bhfuighe suaibhnios ná cómhnuighe choidhche nó go ttuga díol damh-si a ngach masla dá ttug dhamh." "Is mór an díthchéile agus an comharthugha éada duit-si sin do rádh, a Fhinn," ar Osgar, "agus do-bheirim-si briathar fíorlaoch,"ar sé, "muna ttuitidh na firmaiminte anuas orm-si nó an talamh d'osgladh fám chosaibh, nách léigfeadh mé dhuit féin ná d'Fhianaibh Éirionn fuiliúgh ná fóirdhearga do dhéanamh dhíbh ar Diarmaid ar mo chomhair. Agus gabham a chorp agus 'anam ar coimeirce mo ghail agus mo ghaisge, agus go mbéarrad slán liom é d'ingheóin fearaibh Éirionn. Agus, a Dhiarmaid, tar anuas as an mbille ó nách áil le Fionn anacal do thabhairt duit, agus gabhaim-si ar mo chorp agus m'anam thú ar mheabhail do dhénamh ort aniu."
Is ann d'éirghe Diarmaid 'na sheasamh ar úr-ghéag do ghéagaibh an bhille, agus d'éirghe do bhaoith-léim éadrom éanamhail d'úrlannaibh a shleagh agus do chrannaibh a chraoisioch gur ghabh leathad a dhá bhonn don fhearann álainn fhéur-uaithne, agus go ndeachaidh imchian tar Fhionn agus Fhianaibh Éirionn amach, mar is léir annsi laoidh si shíos gach imriusán is gach briathar dá raibh eattorra ó theacht gusan mbille dhóibh.
Tuarusgabháil Oisín do Phádraig. Is cuimhin liom an imirt do bhí aig flaith na bhFian, aig Fionn agus aigeá mhac aig bun an úir so shiar. Do shuídhios féin chum cláir, mé fhéin is mo dhís mhac, le gualaing Fhinn uí Bhaoisgne, m'och! is lin dob ait. Do leagadh eattroinn an fhithcheall idir thriath agus laoch, do bhádar na fir aig imirt 's níorbh í súid an imirt bhaoth. Léigius Diarmaid déad-gheal caor anuas ar a' cclár, tógbhas Oisín í go tapa, is léigius fear 'na háit. Do rádh Fionn go déanach: "atá neach éigin sa chrann, agus údh hí an chosgairt anba do bheis againn iona cheand."
An sin labhras Osgar mac Oisín ábhéil úir: "a rígh, cia dona fir si noch a bhfuil do dhúil?" "Ná cuir-si mise ar mearbhal, a fhir, cé maith do láimh, gurab í an chosgairt anba do bheis agam air faoi chlár." "Ná habair sin, a rígh, is ná bíodh fala ghnáith ad ghnúis, dámo bheag ort Diarmaid budh chóir a léigion dúin." An sin labhras Faolán agus é 'brosdúghadh na gaise: "ní léigfeadhmaois Diarmaid do neach dá bhfuil 'na mbeatha. Nár raibh maith agat-si, a Osgair, 'fhir bhrosdaighthe gacha catha, adeir go mbéarrfá laoch leat d'iongeóin uaim féin agus óm athair." "Tar anuas, a Dhiarmaid, gabhaim fós tú do láimh, go mbéarrad thuso slán d'iongeóin Fhianaibh Fáil." "Is mór a labhras tú, a Osgair," do rádh Goll trustamhail na mbéimeann, "a rádh go mbéarrfá laoch leat d'iongeóin as tionnóll bhfear nÉireann." "Ní tú bhrosduíghios orm, a Ghoill, ná Clanna Morna na mór-ghníomh, clanna dodhíoghin do Dhiarmaid, clanna togartha tréan-laoigh."
"Más mar sin adeirir é, a laoich na ccomhlann deacair, déin amach t'úrluíghiocht sa chomrúighe sin do ghlacuis." Ann sin labhras Coirioll do ghuith mhór le hOsgar: "an chomruíghe sin do ghlacuis caithfir dol dá chosnamh." Ann sin do labhair Osgar agus dob é an freagra borb: "gearrfa mise bhúr ccnámha idir mhac agus athair." Léimios mac uí Dhuibhne anuas as bharr an bhille, a chorp ceangailte dá chath-éideadh, dob é an torthann iongantach. Chúig chéad, a Phádraig, cé líonmhar dár maithibh, do choisg mac uí Dhuibhne sol fá ráinig Osgar. Do tharaing Osgar a chraoisioch mar fhuaim ghaoithe agus ghleana, nó mar fhuaim lice is uisge, agus é 'sgolta an ghaise. An sin labhras Conán agus é 'cuimhniúgh na fala: "léigidh do Chlanna Baoisgne cnis a chéile do ghearra." Do labhair Fionn go déanach: "cuiridh cosg ar bhúr n-airm, nó beig Clanna Móirne in bhur ndiagh go ttéhí go hAllmhain."
D'imigh uaine le chéile Diarmaid déad-gheal ó Duibhne is Osgar na mór-ghníomh, uaine ar feadh mí. Is mó bharbh Osgar lena chosaibh calma, ná Fianaibh Éirionn uile léna lanna garbha.
A haithle na laoidh sin dubhairt Gráinne lena cloinn imtheacht agus a bhfoghluim a bhfochair Bholcáin .i. gabha. Do ghluaisiodar na deagh-mhaca sin chum a n-aisdir ar fud an domhain mhóir ag dénamh a bhfoghlamtha, agus ní haithristear sgéaluidhiocht orra go drásda. Iomthúsa Fhinn, ar mbeith dearbhtha gur imgheadar an chlann sin Diarmada ar an eachtara sin do líon sé dá bhfuath agus dá n-imeagla go mór, agus lais sin do chuir tionól agus tiomsúghadh ar sheacht ccatha na gnáth-Fhéine as gach árd a rabhadar, agus iar tteacht ar aon-láthair dóibh d'innis Fionn do ghuith árd sholus-ghlan dóibh uile dáil na heachtara sin chloinn Dhiarmada uí Dhuibhne ó thús go deireadh, agus d'fhiafraigh dhíobh créad dhéanfadh uime sin, "óir is ar tí díthbhfeirge do dhénamh oram-si do chuadar ar an eachtra úd." Ro labhair Oisín agus iseadh ro rádh: "Ní cionntach aon-duine ris sin acht thú féin, agus ní rachfamaoid-ne ag seasamh an ghníomha nach dearrnamar, agus is olc an feall do-rinnis ar Diarmaid ó Duibhne tar cheann síthchána, agus Cormac ag tabhairt inghine oile duit tar cheand gan falaidh ná miosgais do bheith agad-si fá chomhair Dhiarmada. Agus do réir mar chíorais an t-iarnín slámaigh féin é." Budh tuirseach Fionn dona briathraibh sin Oisín, gidh níorbh fhéidir leis cosg do chur air. Agus ó chonnaic Fionn gur thréig Oisín agus Osgar agus Clanna Baoisgne ar-cheana é do smuain anna mheanmain féin nach dtiocfadh leis an díthbhfeirg sin do chosg muna ttigeach leis Gráinne do bhréaga. Agus as a haithle sin do chuaidh gan fhios gan cheiliobhra d'Fhianaibh Éirionn go Ráith Ghráinne, agus beannuighis go cuinnioll céilíghe milis-bhriathrach do Ghráinne, agus ní thuc Gráinne aoi ná aire dó agus adubhairt leis a radharc d'fhághbháil agus do léig a teangtha líobhtha lán-ghéar faoi 'mun am sin. Acht cheana do bhí Fionn a gabháil do mhilis-bhriathraibh agus do chomhráitibh
caoine carthanacha oirre go ttug ar a thoil féin aoi sic, agus do ruc leis gusan iomdhaidh budh coimhneasa dhó í go ndearrna toil inntinne agus aigne lé. Agus as a haithle sin do ghluais Fionn agus Gráinne rompa agus ní haithristear sgéaluidhiocht orro go rángadar Fianaibh Éirionn, agus iar bhfaicsinn Fhinn agus Ghráinne fán ttoichim sin dá n-ionnsuidhe do-rinniodar aon-gháir sgige agus fonámhaid fúghcha, agus do chrom Gráinne a ceand le náire. "Dar liom, a Fhinn," ar Oisín, "coimeádtuir Gráinne ós so suas go maith an fad is beó í." Iomthús chloinn Dhiarmada, tar éis seacht mbliadhna do chaithabh ag foghluim a ngaisge tángadar as críochaibh imchiana an domhain mhóir, agus ní thaithristear a n-imtheachta go rángodar Ráith Ghráinne. Agus do chualadar gur éalaigh Gráinne lé Fionn gan fhios gan cheiliobhra dóibh féin ná do rígh Éirionn, agus rángadar as sin go hAilmhain Laighean a cceand Fhinn agus na Féine, agus d'fhógradar caith ar Fhionn mac Cumhaill. "Créad do-dhénaidh mise riú súd?" ar Fionn. "Rachad-sa dá n-ionnsaighe," ar Gráinne, "d'fhéachain an ttiocfaidh dhíom síthcháin do harrang eattraibh." Acht cheana do tharraing Gráinne síthcháin eatorra fá dheóigh, agus do fuaradar ionad a n-athar a bhfiaghnuidhiocht ó Fhionn mac Cumhaill. Do dáileadh fleadh agus féasta dhóibh agus d'fhan Fionn agus Gráinne a bhfochair a chéile go bhfuaradar bás.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services