Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne

Title
Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1651
Publisher
(B.Á.C.: I.T.S., 1967)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne.



Lá dár éirigh Fionn mac Cumhaill maidion mhoch a nAlmhuin
leathan-mhóir Laighion, agus do shuigh amuich ar an
bhfaighche gan ghiolla gan óglách iona fhochair, agus do lean
dias dá mhuinntir é, .i. Oisín mac Finn agus Diorraing mac
Dobhuir Dhámhaigh í Bhaoisgne. Do labhair Oisín agus as é do
ráidh:



"Créad é ádhbhar na moch-éirghe so ort, a Fhinn?" ar sé.



"Ní gan ádhbhar do-rineas an mhoch-éirghe so, a Oisín," ar
Fionn, "óir atáim lé bliadhuin gan mhnaoi gan bhainchéile ó
theasdaigh Maghnais inghion Gharaidh Ghlúnduibh mhic
Mhórna, óir ní gnáth suan ná sádhail dá dhéanamh don tí
theangmhas gan mhnaoi a dhiongmhála aige. Agus as é sin
ádhbhar na moch-éirghe so, a Oisín," ar Fionn.



"Créad do-bheir tusa mar sin?" do ráidh Oisín, "óir ní
bhfoil bean ná bainchéile a nÉirinn iath-ghlais oileánaigh iona
ccuirfeadh fear h'innmhe-si rinn a ruisg nó a radhairc uirthe
nách faghadh sé í; agus fós ní bhfoil inghion rígh ná ró-fhlatha a
ccríochaibh imchiana an domhuin mhóir iona ccuirfeá-sa féin, a
Fhinn, rinn do ruisg nó do radhairc uirthe nách tiubhramaois-ne
féin ar áis nó ar éigion chugad í."



An sin do labhair Diorraing agus adubhairt:



"Do bhraithfinn féin do dhiongmhála do mhnaoi agus do bhainchéile
dhuit, a Fhinn, dá madh áil leat dul dá hiarraidh."



"Cia hí féin?" do ráidh Fionn.



"Gráinne inghion Chormaic mhic Cormac mhic Cuinn Chéad-
chathaigh", arsa Diorraing, ".i. an bhean as feárr dealbh
agus déanamh agus úrlabhra do mhnáibh na cruinne go cóimhiomlán."



"Dar do láimh-si, a Dhiorraing," do ráidh Fionn, "atá
imreas agus easaontacht idir mé féin agus Cormac ré cian d'aimsir agus
ní miagh ná maisi liom go ttiubhragh sé éara tochmhairc
orm; agus dob fheárr liom go ndéanadh Oisín agus tusa, a
Dhiorraing, dul d'iarra cleamhnais dam ar Chormac, óir dob
fheárr liom


L. 4


éara tochmhoirc do thabhairt oruibh-si ná orm féin."



"Rachamaoid-ne ann sin," ar Oisín, "agus ná bíodh a fhios ag
aon ar tturus go ttigiom tar ais arís."



Do thiomnadar an dias deagh-laoch san cead agus ceileabhra ag
Fionn agus ní haithrisdear a n-imtheachta go rángadar go
Teamhair, agus tárla rígh Éireann a ndáil aonaigh agus
oireachtais an lá sin ar faighthe na Teamhrach reómpa, agus fir
Bhreagh agus na Mídhe agus Colamhna teanna na Teamhrach
maraon leis iona thimpchioll.



Agus do fearadh fáilte roimh Oisín agus roimh Dhiorraing agus do
chuir rígh Éirionn an t-aonach ar athlá óir budh dearbh ris
gurabh re toisg nó re turus feadhmamhail táinig an dís sin
d'fhearaibh na Féinne dá ionnsaighe. As a haithle sin do ghoir
Oisín rígh Éireann chuige do leataoibh an aonaigh, agus do innis
dó gurab d'iarra mná agus cleamhnais d'Fhionn tángadar féin. Do
labhair Cormac agus as é do ráidh:



"Ní bhfuil mac rígh ná ró-fhlatha, curadh ná caithmhíleadh
ann dá chóige mórgharga Múmhan nách tug m'inghion-sa
éara tochmhoirc ortha, agus as orm féin bhíos a dhiomdha ag
cách; agus ní thiubhar-sa fios sgéala dhíbh-si nó go mbéarad sibh
féin dá láthair, óir as feárr liom a sgéala féin do bheith
aguibh-si ioná sibh-si do bheith diombuidheach dhíom."



Do ghluaiseadar reómpa iar sin go grianán na banntrachta,
agus do shuigh Cormac ar cholbha na hiomdhadh ag Gráinne agus do
labhair ria agus adubhairt:



"A Ghráinne," ar sé, "ag sin dias do mhuinntir Fhinn mhic
Cúmhail ag teacht dod h'iarra-sa mar mhnaoi dhó, agus créad
an freagra dob áil leat do thabhairt ortha?"



D'fhreagair Gráinne dhó agus adubhairt:



"Má atá do dhíol-sa do chliamhuin ann sin, atá mo dhíol-sa
d'fhear agus d'fhír-chéile ann."



Do dáileadh fleadha agus fuireadha an oidhche sin dóibh, agus do-rin
maraon ionad coinne coicís ón oidhche sin lé Fionn a tTeamhair.
Do ghluais Oisín agus do ráinig go hAlmhuin a ccionn Fhinn
agus na Féinne agus d'innis a sgéal ó thús go deire dhóibh,
agus mar théid


L. 6


caitheamh ann gach aoin-ní do chuaidh caitheamh san aimsir
sin. Agus do chuir Fionn tionól agus tiumsughadh ar sheacht
ccathaibh na gnáth-Fhéine as gach aird a rabhadar an lá
déigheanach don aimsir sin, agus ar rochtain dóibh go hAlmhuin do
ghluaiseadar rompa ina ndrongaibh agus ina ndíormaibh, agus ní
haithristear a n-imtheachta nó go rángadar go Teamhraigh.



Agus tarla Cormac agus maithe agus mór-uaisle ffear nÉreann ina
thimchioll rompa ar an bhfaithche, agus do fhearadar fíor-chaoin
fáilte roimh Fhionn agus roimh maithibh na Féine, agus do-chuadar
asteach as a haithle sin go Teach meadhrach Midhchuarta. Agus
do shuidh rí Éireann a ndáil óil agus aoibhneasa agus a bhean ar a
ghualuinn, .i. Eithne inghean Aotáin Choirchidh, agus Gráinne
inghean Chormaic ar a gualainn sin, agus Fionn mac Cubhaill ar
láimh dheis rígh Éireann, agus Cairbre Lifeachair mac
Cormaic ar slios in rí-thighe chéadna agus Oisín mac Finn ar
in slios oile, agus gach aon do réir a uaisle agus a atharrdha 'na
shuidhe ó sin amach a dTeach meadhrach Midhchuarta. Agus do
shuidh draoi agus deagh-dhuine ealadhan do mhuinntir Fhinn
mhic Cubhaill a bhfiadhnuise Ghráinne inghine Cormaic, .i.
Daighre Duanach mac Morna, agus d'éirigh caoineas comhráidh
agus aighneas iomagallmha eatarra, agus do labhair Gráinne agus
ro fhiafraigh:



"Créad é an toisg nó an turus fá dtáinic Fionn mac Cubhaill
don bhaile so anocht?" ar sí.



"Muna fhuil a fhios sin agad-sa," ar an draoi, "ní hiongnadh
gan a fhios agam-sa."



"As maith leam a fhios d'fhagháil uait-si," ar Gráinne.



"Máseadh," ar an draoi, "is dot iarraidh-sa mar mhnaoi agus
mar bhainchéle táinic Fionn don bhaile so anocht."



"Is mór in iongnadh leam féin," ar Gráinne, "nach d'Oisín
mac Finn iarras Fionn misi, ór do budh córa a mhaca samhla do
thabhairt damh-sa ná fear is foirfe ná mé féin."



"Ná habair-si sin," ar an draoi, "ór dá gcluineadh Fionn thusa
dá rádh sin ní bhiadh sé féin riot, agus ní mó do láimheóchadh
Oisín a bheith riot féin."


L. 8


"Innis dam anois," ar Gráinne, "cia hé súd ar gualainn deis
Oisín mhic Fhinn?"



"Atá ann sin," ar sé, "Goll mear míleata mac Morna."



"Cia hé súd ar gualainn Ghuill?" ar Gráinne.



"Osgar mac Oisín," ar sé.



"Cia hé súd ar gualainn Osgair?" ar Gráinne.



"Caoilte mac Cronchair mhic Rónáin," ar an draoi.



"Cia hé súd ar gualainn Chaoilte?" ar Gráinne.



"Mac Lughach láimh-éachtach mac inghine do Fhionn mac
Cubhaill súd," ar an draoi.



"Cia hé an fear buileach binn-bhriathrach úd," ar sí, "ar a
bhfuil an folt cas ciar-dhubh agus an dá ghruaidh chorcra
choimh-dhearga ar láimh chlí Oisín mhic Fhinn?"



"Diarmaid déad-bhán dreach-sholas ó Duibhne an fear úd,"
ar an draoi, ".i. an t-aon-leannán ban agus inghean is fearr
atá a nÉrinn go hiomlán."



"Cia hé súd ar gualainn Diarmada uí Dhuibhne?" ar
Gráinne.



"Diorraing mac Dobhair Dhámhaigh uí Bhaoisgne .i. draoi
agus deagh-dhuine ealadhan súd," ar Daoire Duanach.



"Maith an bhuighean sin," ar Gráinne.



Agus rena chois sin do ghoir sí a cumhal choimhdeachta
chuice agus adubhairt ria an cornn cloch-órdha cumhdaigh do uí
annsa ghrianán dá héis do thabhairt chuice. Tug an chumhal
an cornn lé iar sin agus adubhairt Gráinne ria:



"Beir leat an cornn so go Fionn agus abair ris deoch d'ól as, agus
innis dó gurab misi do chuir chuige é."



Rug an chumhal an cornn lé go Fionn agus do ibh Fionn deoch as
agus tuc an cornn do Chormac agus do thuit a thorrchim suain agus síor-chodalta
air féin; agus do ibh Cormac deoch as an gcornn agus tuc a
láimh Eithni é, agus do thuit an suan céadna ar Chormac. Do ibh
Eithne deoch as agus tuc an cornn do Ghráinne agus do thuit a torrchim
suain agus síor-chodalta uirre féin. As a haithle sin do ghoir
Gráinne an chumhal chuice agus dubhairt ria:



"Beir leat an cornn so go Cairbre Lifeachair mac Cormaic
agus abair ris deoch d'ól as, agus tabhraidh an cornn dá éis sin dona
macuibh rígh úd ina fhochair."


L. 10


Rug an chumhal an cornn lé go Cairbre agus do ibh deoch as, agus
ní maith ráinic uaigh a thabhairt don tí fa neasa dhó an uair
do thuit a thorrchim suain agus síor-chodalta air féin; agus gach aon dá
nglacadh a ndiaigh a chéle an cornn do thuiteadh an céadna
orra. Agus an uair fuair Gráinne cách ar caoi mheisge agus mhearaigthe
do éirigh féin go fóill foisdinach as an suidhe 'na raibhe,
agus do shuidh eidir Oisín mac Finn agus Diarmaid ó Duibhne, agus do
labhair re hOisín agus aseadh ro ráidh:



"Is iongnadh leam féin ó Fhionn mac Cubhaill," ar sí, "mo
leithéid féin d'iarraidh mar mhnaoi dhó, ór do budh córa do
mhaca samhla-sa do thabhairt damh-sa ná fear is foirbhfe ná
mé féin."



"Ná habair-si sin, a Ghráinne," ar Oisín, "ór dá gcluineadh
Fionn tusa dá rádh sin ní bhiadh sé féin riot, agus ní mó do láimhéchinn-si
bheith riot."



"An ngébhair-si suirghe uaim-si, a Oisín?" ar Gráinne.



"Ní ghébh," ar Oisín, "ór gidh bé bean do luaithfidhe re
Fionn ní bheanfainn-si ria."



Tug Gráinne a haghaidh ar Diarmaid ó Duibhne agus aseadh
ro ráidh:



"An ngébhair-si suirghe uaim-si, a mhic uí Dhuibhne,"
ar sí, "an uair nach gabhann Oisín uaim hí?"



"Ní ghébh," ar Diarmaid, "ór gidh bé bean do luaithfidhe re
hOisín ní cubhaidh ream-sa bheith ria dá mbeith nach
luaithfidhe re Fionn hí."



"Máseadh," ar Gráinne, "cuirim-si fá gheasuibh áigh agus
aighmhillte thusa, a Dhiarmaid uí Dhuibhne .i. troigh mná
troghain agus néll mhairbh ós uisge agus saoghal Neóill Chaille
arna chronughadh agad, muna mbeirir mé féin leat as an tigh so
anocht sul éirgheas Fionn agus rí Éreann as an ccodladh úd ina
bhfuil siad."



"As olc na geasa sin do chuiris orum, a bhean," ar Diarmaid,
"agus créad fár chuiris na geasa sin orum féin seach a bhfuil do
mhacuibh rígh agus ro-fhlatha a tTigh Mhiodhchuarta anocht,
agus nach bhfuil díbh sin uile inmhe mná is measa ná mé?"



"Dar do láimh-si, a mhic uí Dhuibhne," ar Gráinne, "ní
gan adhbhar do chuireas féin na geasa úd ort. Lá dá raibhe


L. 12


rígh Éireann a ndáil aonaigh agus oireachtais ar fhaithche na
Teamhrach, agus tarla Fionn agus seacht ccatha na gnáith-Fhéine an
lá sin ann, agus do éirigh iomáin chumórtuis eidir Chairbre
Lifeachair mac Cormaic agus Mac Lughach. Agus do éirgheadar
Fiana Éireann ar thaoibh Mhic Lughach agus do éirgheadar fir
Bhreagh agus Mhidhe agus Chearmna agus Colamhna na
Teamhrach ar taoibh Chairbre, agus ní raibhe aon-nduine 'na
shuidhe san aonach an lá sin acht rígh Éireann agus Fionn agus
tusa, a Dhiarmaid. Agus tarla in iomáin ag dul ar Mac Lughach,
agus do éirghis-si id t'sheasamh agus do bheanuis a chamán
don tí fa neasa dhuit agus do leigis é féin fá lár agus lán-
talmhain, agus do chuiris an báire trí huaire an lá sin ar
Chairbre agus ar ghasraidh na Teamhrach. Agus do bhádhus-
sa um ghrianán féin an lá sin dot fhéachain-si, agus do
chuirius rinn mo ruisg agus mo radhairc ionnad-sa an lá sin,
agus ní thugas an grádh sin d'aoinneach eile ó sin a leith."



"Is iongnadh duit-si an grá sin do thabhairt damh-sa," ar
Diarmaid, "tar ceann Fhinn, agus nach bhfuil a nÉirinn fear is
mó inmhe mná ná é. Agus an ffuil a fhios agad-sa, a Ghráinne,"
ar Diarmaid, "an oidhche bhíos Fionn a tTeamhraigh gurab
aige féin bhíd eochracha na Teamhrach, agus nach éidir linne an
baile so d'fhágbháil mar sin."



"Ní fíor sin," ar Gráinne, "atá dorus élaighthe ar mo
ghrianán-sa amach agus gébham-ne ann."



"As geis damh-sa gabháil tré dhorus élaighthe ar bith."



"Máseadh," ar Gráinne, "do-chluinim-si go dtéid gach curaidh
agus gach cathmhilidh d'urlannuibh a sleagha agus do chrannuibh
a gcraoiseach tar sonnach gach dúnaidh agus gach deagh-bhaile
asteach nó amach, agus gébhad-sa an dorus élaighthe agus lean-sa
mar sin mé."



Do ghluais Gráinne roimpe amach iar sin; agus do labhair
Diarmaid agus aseadh ro ráidh:



"A Oisín mhic Fhinn," ar sé, "créad do-dhén féin ris na
geasaibh úd do cuireadh orum?"


L. 14


"Ní ciontach thusa ris na geasuibh sin," ar Oisín, "agus adeirim-si
riot-sa Gráinne do leanmhain, agus coimhéad tú féin go maith
ar shen-cheilg Fhinn mhic Cubhaill."



"A Osgair mhic Oisín," ar Diarmaid, "créad do-dhén féin
ris na geasuibh úd?"



"Adeirim-si riut Gráinne do leanmhain," ar Osgar, "ór as
trú choilleas a gheasa."



"Créad an chomhairle do-bheire damh, a Chaoilti?" ar
Diarmaid.



"Adeirid cách," ar Caoilte, "go bhfuil mo dhiongmhála
féin do mhnaoi agum-sa, agus do budh fearr leam ná maitheas na
cruinne go madh damh féin do bheireadh sí an grádh úd."



"Créad an chomhairle do bheire dhamh, a Dhiorraing?"
ar Diarmaid.



"Adeirim-si riut-sa Gráinne do leanmhain," ar Diorraing,
"agus tiucfaidh do bhás de, agus is olc leam-sa é."



"An í súd do chomhairle dhamh, a Mhic Lughach?" ar
Diarmaid.



"As í go deimhin," ar Mac Lughach, "ór ní cneasta dhuit-si
inghean rígh Éreann d'obadh."



"An í sin bhur gcomhairle go huilidhi dhamh?" ar Diarmaid.



"As í," ar Oisín agus ar cách a gcoitchinne.



Éirghis Diarmaid ina sheasamh iar sin agus tug lámh thapaidh
laochdha ar a leathan-armaibh agus do thiomain cead agus ceileabhradh
ag Oisín agus ag maithibh na Féine, agus níor mhó mónann mín-chorcra
ná gach deór dá leigeadh Diarmaid as a dheircibh ag
scarthoin rena mhuinntir dhó. Agus do chuaidh ar barr an
dúnaidh agus do chuir urrlanna a dhá chraoiseach faoi agus do éirigh
do bhaoith-léim édtrom i n-urard nó gur ghabh lán a dhá bhonn
don fearann áluinn féar-uaine amuigh ar in bhfaithche, agus tarla
Gráinne fair agus do labhair Diarmaid agus aseadh ro ráidh:



"Dom aithni féin, a Ghráinne," ar sé, "is olc an turus a
dtánguis, ór dob fhearr duit Fionn mac Cubhaill mar leannán
agad ná mé féin, agus nach bhfeadar cá háit a mbéaruinn thú
anois."



Do ghluais Diarmaid agus Gráinne rompa iar sin agus ní
dheachadar míle ón bhaile amach an tan adubhairt Gráinne:


L. 16


"Atáim péin dom chur, a mhic hí Dhuibhne," ar sí.



"Is maith an tráth do cuireadh thú, a Ghráinne," ar Diarmaid,
"agus fill ar h'iomdhaidh fén tar h'ais arís agus ní bhfuibhe
aonnduine sgéala ort."



"Ní mar sin is cóir dhuit-si a dhénamh," ar Gráinne, "ór
atáid eachradh na Féine ar férghort gabhála leó féin agus carbaid
aca, agus fill-si orra, agus cuir carbad ar dá each dhíobh, agus anfad-sa
riut ar an láthair so nó go mbeirir orm arís."



Do fhill Diarmaid tar a ais ar an eachraidh, agus do ghabh dá
each dhíobh, agus do chuir an carbad orra, agus do chuaidh féin agus
Gráinne sa charbad, agus ní haithristear a n-imtheachta nó go
rángadar Bealach Átha Luain for Sionainn. Do labhair Diarmaid
agus aseadh ro ráidh:



"Is usaide d'Fhionn mac Cubhaill ar lorg do chur in eachradh
so do bheith aguinn."



"Máseadh," ar Gráinne, "fágaibh-si na heich ar an láthair si
agus do-bhéar-sa coimhdeacht duit feasta."



Do thuirling Diarmaid ar bruach an átha agus rug na heich
leis tar an sruth anunn agus do fhág each ar gach taobh don tsruth
dhíobh agus do ghabh féin agus Gráinne míle leis in sruth siar agus do
chuadar a dtír a leathtaoibh chúigidh Connacht, agus ní haithristear
a n-imtheachta nó go rángadar go Doire Dá Bhaoth a
gceart-lár Chloinne Ricaird. Agus do chuadar asteach sa
doire agus do ghearr Diarmaid an doire 'na thimcheall agus do-rinne
seacht ndoirsi feadha ar in ngearradh sin agus do chóirigh leabaidh
do bhog-luachair agus do bharr beithe faoi Ghráinne a cceart-mheadhón
an doire.



Iomthúsa Finn mhic Cubhaill do-bhéarar ós áird: Do
éirigh a Teamhraigh amach a moch-sholus na maidne muiche
arna mhárach agus fuair Gráinne d'uireasbhaidh air, agus do ghabh
doigh éda agus anbhuana é, agus fuair a lorgairí féin roimhe ar in
ffaithche .i. Clanna Neamhnuinn, agus do fhuagair dóibh
Diarmaid agus Gráinne do leanmhain; agus rugadar an lorg leó go
Bealach Átha Luain, agus do lean Fionn agus Fiana Éreann iad,
agus ní bhfuaradar an lorg tar an áth anonn; agus do thilleadar
ar Fionn agus adubhradar nach fhuaradar an lorg tar an áth
anonn. Tug Fionn a bhriathar


L. 18


muna séoldaois an lorg go luath go gcrochfadh iad ar gach
taobh don áth.



Do ghabhadar Clanna Neamhnuinn a n-aghaidh an tsrotha
suas agus fuaradar each ar gach taobh don tsruth dhíobh, agus do
ghabhadar leis in sruth síos ar feadh míle agus fuaradar an lorg
ag dul a ttír a leathtaoibh chúigidh Connacht, agus do lean
Fionn agus Fiana Éireann iad. Do labhair Fionn agus aseadh
ro ráidh:



"Is maith a fhios agum cá bhfuil Diarmaid agus Gráinne anois
.i. a nDoire Dá Bhaoth."



Do uí Oisín agus Osgar agus Caoilte agus Diorraing agus
Mac Lughach ag éisdeacht re Fionn ag rádh na mbriathar sin.
Do labhair Oisín agus aseadh ro ráidh:



"Is baoghal dúinn go bhfuil Diarmaid agus Gráinne annsúd,
agus ní fuláir dhúinn rabhadh éigin do chur chuige. Agus
féchaidh cá bhfuil Bran .i. cú Fhinn, ór ní hannsa lé
Fionn féin ná Diarmaid, agus tabhraidh chugaibh í agus abraidh
ria dul lé rabhadh go Diarmaid ó Duibhne atá a nDoire Dá Bhaoth."



Tucadh Bran chuca iar sin, agus adubhradh sin lé, agus do thuig
Bran sin, agus tuc a laoi ina gabhal agus do fhill a ndeireadh
an tsluaigh mar nach bhfaicfeadh Fionn hí, agus do lean
Diarmaid agus Gráinne ar a lorg nó go ráinic go Doire Dá
Bhaoth, agus do chuir a ceann a n-ucht Diarmada agus é 'na
chodladh. Do bheadhg Diarmaid as a chodladh agus do
dhúisigh Gráinne as a codladh agus adubhairt ria:



"Ag sin," ar sé, "Bran .i. cú Fhinn, ag teacht lé rabhadh
chugum-sa roimh Fhionn."



"Gabh-sa in rabhadh sin," ar Gráinne.



"Ní ghébh," ar Diarmaid, "ór ní gar nach béara Fionn tráth
éigin orm, agus ní misde leam é bhreith an chéad lá orm."



Do ghabh uamhan agus imeagla mór Gráinne agá chlos sin di.
Do imthigh Bran uatha iar sin. Do labhair Oisín mac Finn agus
aseadh ro ráidh:



"As baoghal dúinn nach ffuair Bran faill ná fíor-uaigneas
ar a dhul go Diarmaid, agus ní fuláir dhúinn rabhadh ele do
chur go Diarmaid, agus féach cá fhuil Fear Goir, do ghiolla,
a Chaoilte?"


L. 20


"Atá sé agum," ar Caoilte.



Agus is amhlaidh do uí Fear Goir agus gach glaodh dá ndénadh
sé do cloistidhe isna trí tríocha céad fa coimhneasa dhó é.
Agus do chuireadar d'fhiachaibh air trí glaodha do léigean as
ar chor go ccluinfeadh Diarmaid é. Do chualaidh Diarmaid sin
agus do dhúisigh Gráinne agus aseadh ro ráidh:



"Do-chluinim-si Fear Goir, gilla Caoilte, agus is a
bhfochair Chaoilte atá sé, agus is a bhfochair Fhinn atá
Caoilte, agus is rabhadh so acu dá chur chugum-sa roimh
Fhionn."



"Gabh-sa in rabhadh sin," ar Gráinne.



"Ní ghébh," ar Diarmaid, "ór ní fhúigéabh in doire so nó go
mbeire Fionn agus Fiana Éreann orm," ar Diarmaid.



Do ghabh uamhan agus imeagla Gráinne arna chlos sin di.



Iomthúsa Finn, imorra, béarar ós aird: Níor sguir dá
lorgaireacht nó go ráinic go Doire Dá Bhaoth. Agus do chuir
Clanna Neamhnuinn asteach do theasdughadh an doire, agus
tángadar amach arís a gceann Fhinn agus na Féine, agus do
fhiafraigh Fionn sgéla dhíobh in raibhe Diarmaid agus
Gráinne sa doire.



"Atá Diarmaid ann," ar siad, "agus atá bean éigin 'na fhochair.
Aithnimmíd-ne lorg Diarmada agus ní aithnimmíd lorg na mná."



"Ná raibhe maith ag cairdibh Diarmada uí Dhuibhne ar
a shon sin," ar Fionn, "agus ní fhúigfe sé sin nó go ttuga sé
díol damh-sa in gach ní dá ndearna sé orm."



"As mór an comhartha éda duit-si," ar Oisín, "a thuigsin go
n-anfadh Diarmaid ó Duibhne ar Mhachaire Maonmhaighe agus
gan do dhaingean ann acht Doire Dá Bhaoth, agus tusa fána
chomhair."



"Ní fearrde dhuit-si sin, a Oisín," ar Fionn, "ar is maith
do aithnigheas na trí glaodha úd do chuir giolla Caoilte as
gurab sibh-si do chuir mar rabhadh go Diarmaid iad, agus gurab
sibh do chuir Bran, mo chú-sa féin, le rabhadh ele chuige,
agus ní fearrde dhaoibh énrabhadh dhibh súd do chur chuige,
agus ní fhúigfe sé Doire Dá Bhaoth amach nó go ttuga sé éruic
dhamh-sa in gach masla dá ttug dhamh."


L. 22


"Is mór in díthchéille dhuit-si, a Fhinn, a thuigsin," ar
Osgar mac Oisín, "go n-anfadh Diarmaid ó Duibhne ar lár an
mhachaire so agus tusa fána chomhair."



"A Dhiarmaid uí Dhuibhne," ar Fionn, "cia haguinn féin
agá bhfuil an fhírinne, misi nó Osgar?"



"Níor cailleadh thusa at aithne mhaith ariamh, a Fhinn,"
ar Diarmaid, "agus atáim-si ann so."



Rena chois sin éirghis Diarmaid ina sheasamh agus tuc trí póga
do Ghráinne a ffiaghnuisi Fhinn agus na Féine. Do ghabh
doigh éda agus anbhuana Fionn agá fhaigsin sin dó, agus
adubhairt go ttiubhradh Diarmaid a cheann ar son na bpóg sin.



Iomthúsa Aonghusa an Bhrogha .i. oide Diarmada uí Dhuibhne,
do foillsigheadh dhó isin mBrugh ós Bóinn in ghuasacht
agus an gábhadh a raibhe Diarmaid, agus do ghluais roimhe a
ccoimhdeacht na gaoithe glanfhuaire agus ní hoiriseamh ná
comhnaidhe do-rinne nó go ráinic go Doire Dá Bhaoth, agus do
chuaidh gan fhios d'Fhionn agus d'Fhianaibh Éireann go
Diarmaid, agus beannaighis dó agus aseadh ro ráidh:



"Créad í in chomhairle so do-rinnis, a mhic uí Dhuibhne?"
ar sé.



"Inghean rí Éreann do élódh leam ó Fhionn mac Cubhaill
agus óna hathair," ar Diarmaid, "agus ní dom dheóin táinic
sí leam."



"Maseadh," ar Aonghus, "tagadh duine agaibh fá gach binn
dom brat-sa, agus béarad leam sibh as in áit sin ina bhfuiltí
gan fhios d'Fhionn agus d'Fhianaibh Éreann."



"Beir-si Gráinne leat," ar Diarmaid, "agus ní rach-sa leat,
agus dá mbéar um beathaidh ar láthair leanfad sibh, agus muna
beo mé cuir-si Gráinne dochum a hathar agus dénadh sé maith nó
olc dhi."



As a haithle sin do chuir Aonghus Gráinne fá bhinn a bhruit,
agus do ghluais roimhe gan fhios d'Fhionn agus d'Fhianaibh
Éreann, agus ní haithristear sgéaluigheacht orra nó go rángadar
go Ros Dá Ró-shaileach ris a ráitear Luimneach an tan so.



Iomthúsa Diarmada, ar n-imtheacht d'Aonghus agus do
Ghráinne uadha do éirigh ina cholamhuin choimhdhírigh ina
cheart-sheasamh, agus do ghabh a airm agus a éideadh agus a
iolfhaobhair uime agus do ionnsaigh sé dorus dona seacht
ndóirsibh feadha bhí


L. 24


ar an ngearradh, agus do fhiarfaigh cia do bhí air.



"Ní námhaid duit aon dá bhfuil ann. Atá ann so Oisín mac
Finn agus Osgar mac Oisín agus Clanna Baoisgne mar aoin riú,
agus gabh-sa chuguinn agus ní lamhthar díth ná dochar do dhénamh
dhuit."



"Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "go bhfeasar cia an
dorus ar a bhfuil Fionn."



Agus do ionnsaigh sé dorus feadha ele agus do fhiafraigh cia do
bhí fair.



"Caoilte mac Cronnchon mhic Rónáin atá air agus Clanna
Rónáin mar aon ris, agus gabh-sa chuguinn agus do-bhéarum sinn
féin ar do cheann."



"Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "ór ní chuireabh
milleán Finn oraibh-si fá mhaith do dhénamh dhamh."



Do ionnsaigh sé dorus feadha ele agus do fhiafraidh cia do bhí
air.



"Atá ann so Conán mac in Léith Luachra agus Clanna Morna
mar aon ris, agus is naimhde d'Fhionn sinn, agus is annsa linn
thusa ná Fionn, agus gabh-sa chuguinn agus ní ba heagail
duit sinn."



"Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "óir do budh fearr
lé Fionn bás gach aoinfhir agaibh-si ná mo bhás-sa."



Do ionnsaigh sé dorus feadha ele agus do fhiafraigh cia do uí fair.



"Cara agus cóimhchéle duit-si atá ann .i. Fionn mac Cuadháin
mhic Mhurchadha rígh-fhéinnigh Fhian Mhumhan agus an Fhian
Mhuimhneach mar aon ris, agus aontír agus aontalamh dúinn féin
agus duit-si, a Dhiarmaid uí Dhuibhne, agus do-bhéarum ar
ccorp agus ar n-anam tar do cheann."



"Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "ór ní chuireabh an
fala sin ag Fionn oraibh."



Do ionnsaigh sé dorus feadha ele agus do fhiarfaigh cia do uí
fair.



"Fionn mac Gleóire rí-fhéinnidh Fhian Uladh agus an Fhian
Ulltach mar aon ris, agus gabh-sa chugainn agus ní lamhthar
fuiliughadh ná furrdeargadh fort."



"Ní ghébh-sa chugaibh," ar Diarmaid, "ór is cara dhamh


L. 26


thusa agus t'athair, agus ní budh maith leam easgcairdeas Finn
do bheith ribh ar mo shon féin."



Agus do ionnsaigh Diarmaid dorus feadha ele agus do fhiafraigh
cia do uí fair.



"Ní cara duit-si aonduine dá bhfuil ann. Atá ann so Aodh
Beag ó Neamhnuinn agus Aodh Fada ó Neamhnuinn agus Caol
Cródha Céadghuineach ó Neamhnuinn agus Gothán Geilmhéarach
ó Neamhnuinn agus Aoife inghean Ghotháin Gheilmhéaraigh agus
Cuadhán Lorgaire ó Neamhnuinn, agus is lucht dí-cheannta
ort-sa sinn, agus dá ngabhthá chugainn do-dhénmhís guin
ghalann díot."



"Olc an bhuighean atá ann," ar Diarmaid, "a lucht na
leathbhróg agus na lorgaireachta; ní ghébh féin chugaibh agus ní
lé heagla bhur láimhe nach gébhuinn chugaibh acht le neimhchion
oruibh-si."



Agus do iondsaigh dorus feadha eile agus do fhiafraigh cia do bhí
fair in dorus sin.



"Ní cara dhuit-si aonnduine dá bhfuil ann," ar siad. "Atá
ann so Fionn mac Cubhaill mhic Thréinmhóir hí Bhaoisgne agus
ceithre chéad frang-amhus mar aon ris, agus is lucht dí-cheanta
ort-sa sinn, agus dá ngabhthá chuguinn do-dhénmaois áighe
foghailte feól-sgaoilte dhíot."



"Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Diarmaid, "gurab é an
dorus sin ar a bhfuil tusa, a Fhinn, céad dorus ghébhad-sa
ar an doire so."



Arna chlos sin d'Fhionn do fhuagair dhóibh bpéin a mbáis
agus a mbuan-éga gan Diarmaid do léigean tharrsa amach gan
fhios dóibh. Arna chlos sin do Dhiarmaid do chuir urlanna
a dhá chraoiseach faoi agus do éirigh do bhaoith-léim árd
úiréttrom d'urlannuibh a shleagh agus do chrannuibh a
chraoiseach, agus do chuaidh imchian tar Fionn agus tar a
mhuintir amach gan fhios dóibh, agus do fhéach orra tar ais
agus do fhógar dhóibh é féin do dhul tharrsa, agus do chuir a
sgiath ar sduadh-leirg a dhroma agus ghluais roimhe san aird
siar gach ndíreach agus ní fada do uí ag dul as radharc Finn
agus na Féine. Agus mar nach facaidh cách ar a


L. 28


lorg do fhill tar ais mar a bhfacaidh Aonghus agus Gráinne
ag fágabháil an doire agus do lean dá lorg iad nó go ráinig Ros
Dá Ró-shaileach; agus fuair sé Aonghus agus Gráinne ann agus
tor theineadh treathan-mhóire ar fadughadh ina bhfiaghnnisi
agus leath tuirc ar bearuibh aca. Agus do bheannaigh Diarmaid
dóibh, agus is beag nach deachaidh a bradán beathadh tar bél
Gráinne re luath-gháire roimh Dhiarmaid. Agus do innis
Diarmaid sgéala dóibh ó thús go deireadh; agus do chaitheadar
a ccuid an oidhche sin, agus chuaidh Diarmaid do chodladh
eidir Aonghus agus Ghráinne nó go ttáinig lá gona lán-
shoillsi arna mhárach.



Do érigh Aonghus go moch agus adubhairt ré Diarmaid:



"Biad féin ag imtheacht, a mhic uí Dhuibhne," ar sé, "agus
fágbhuim do chomhairle agad-sa gan dul a gcrann aonchoisi
do theitheadh roimh Fhionn, agus gan dul a n-uaimh thalmhan
nach beith acht aonndorus fuirre, agus gan dul a n-oiléan mara
nach beith acht aoin-shlighe fair," agus adubhairt "gidh bé áit
ina mbruithfir do chuid nárab ann chaithfir agus gidh bé háit a
gcaithfir nárab ann luighfir agus gidh bé háit a luighfir nárab ann
éireóchair."



Agus do thiomain cead agus ceileabhradh acu ar an láthair sin.
As a haithle sin do ghabh Diarmaid agus Gráinne rompa láimh
dheas risin Sionainn siar gach ndíreach, agus do Chríoch
fFear Morc ris a ráitear Íbh Conuill Ghabhra an tan so agus do
Shliabh leathan-mhór lán-aoibhinn Luachra agus rompa siar
nó go rángadar Gearr-abhuinn na bhFian ris a ráitear Leamhain
an tan so; agus do mharbh Diarmaid bradán ar bruach na Leamhna
agus do chuir ar bearuibh é, agus do chuaidh tar in sruth anonn
dá chaitheamh agus do chuaidh tar in sruth soir do chodladh.



Do éirigh Diarmaid agus Gráinne go moch arna mhárach agus do
ghabhadar rompa siar gach ndíreach nó go rángadar go Bogach
Finnleithid, agus tarla óglaoch dhóibh ar in mBogach, agus ro
budh maith dealbh agus dénamh an óglaoich acht nach raibhe a
dhíol d'arm ná d'édach aige. Do bheannaigh Diarmaid dó
agus do fhiafraigh sgéala dhe.



"Óglaoch atá ag iarraidh tighearna mé," ar sé. "Muadhán
as ainm damh."


L. 30


"Créad do-dhénair dhamh," ar Diarmaid, "a óglaoich?"



"Do-dhén giollacht san ló agus faire san oidhche dhuit," ar
Muadhán.



"Adeirim-si riot," ar Gráinne, "fost an t-óglaoch óir ní gan
muintir bhéir do shíor."



Do-rinneadar snadhmanna cuir agus ceangail re chéile, agus do
ghabhadar rompa siar nó go rángadar go Cárrthaigh, agus mar
rángadar an sruth do iarr Muadhán iad ar aon ar a mhuin tar
in sruth anunn.



"Budh mhór an t-ualach duit sinn ar aon," ar Gráinne.



Do chuir Diarmaid agus Gráinne ar a mhuin agus do chuadar ar
aon ar a mhuin tar in sruth anunn. Agus do ghabhadar rompa
siar nó go rángadar an Bheithe, agus mar rángadar in sruth
do-rinne Muadhán mar in céadna riú, agus do chuadar a n-uaimh
thalmhan ar leathtaoibh Churraigh Chinn Amuide ós cionn
Toinne Tóime, agus do chóirigh Muadhán leabaidh do bhog-
luachair agus do bhárr beithe fá Dhiarmaid agus fá Ghráinne
a n-iarthar na huamha, agus do chuaidh féin san bhfiodhbhaidh
fa neasa dhó agus ro bhean slat inte agus do chuir dubhán agus
ruaimneach fuirre agus do chuir caor chuilinn ar ceann in dubháin
agus do chuaidh ós cionn na fairrge agus tug iasg don bhuille sin
lais. Agus do chuir an dara caor suas agus do mharbh an dara
hiasg, agus do chuir an treas chaor suas agus tuc an treas iasg
lais. Agus chuir a dhubhán agus a ruaimneach 'na chrios agus
an tslat fán bpoll agus do rug a thrí héisg lais mar a raibhe
Diarmaid agus Gráinne. Agus do chuir an t-iasg ar bearuibh,
agus an tan fa bruithte é adubhairt Muadhán:



"Do-bhéaruinn ruinn an éisg so dhuit, a Dhiarmaid," ar sé.



"Is fearr leam-sa thusa dá roinn," ar Diarmaid.



"Maseadh, a Ghráinne," ar Muadhán, "do-bhéaruinn a ruinn
so dhuit."



"Is lór leam-sa thusa dá roinn," ar Gráinne.



"Maseadh dá madh tusa do roinnfeadh an t-iasg so, a
Dhiarmaid, do-bhéarthá an chuid budh mhó ann do Ghráinne,
agus bíodh an t-iasg so is mó ann agad-sa, a Ghráinne.
Agus dá madh hí Gráinne do bheadh dá roinn is duit-si, a
Dhiarmaid, do-bhéaradh


L. 32


sí an chuid budh mhó, agus bíodh an dara hiasg so is mó
ann agad-sa, agus biaidh an t-íosg so is lugha ann agum-sa."



Bíodh a fhios agad, a léaghthóir, gur choimeád Diarmaid é
féin fós gan chionntughadh ná cumusg lé Gráinne, agus gur
fháguibh bior d'fheóil bhruite gan aoinghreim do bhuain as a
nDoire Dhá Bhaoth mar chomhartha d'Fhionn agus d'
Fhiannaibh Éirionn nár chionntaigh sé féin lé Gráinne, agus
fós gur fháguibh an dara feacht bradán ar bhruach na Leamhna
bruite mar an ccéadna. Gurab uime sin do bhrosdaigh Fionn
iona dhiaigh. Acht tráchtamaoid ar an ní ccéadna arís.



Do chaitheadar a ccuid an oidhche sin agus do chuaidh Diarmaid
agus Gráinne a n-iarthar na huamha siar do chodladh, agus do
chuaidh Muadhán do dhénamh faire agus forchoimhéada dhóibh
ar dhorus na huamha nó gur éirigh lá cona lán-shoillsi arna
mhárach. Agus do érigh Diarmaid go moch agus do dhúisigh
Gráinne agus adubhairt ria faire do dhénamh do Mhuadhán agus
go rachadh féin do shiubhal na tíre 'na thimcheall.



Do ghluais Diarmaid roimhe agus do chuaidh ar árd na tulcha fa
coimhneasa dhó, agus do uí ag fetheamh na cceithre n-airde 'na
thimcheall, mar atá, soir agus siar, budhdheas agus budhthuaidh.
Agus ní cian do uí ann an tan ad-chonnairc isin aird aniar gach
ndíreach in cabhlach mear mearrdhánta agus in luingeas lán-mhór
ag teacht dochum tíre. Agus is é eólus do-rinneadar muintear
in chobhlaigh teacht a ttír fó bhun in chnuic ar an ttaoibh
thiar don uaimh mar a raibhe Gráinne. Agus tángadar naoi
naonmhar do mhaithibh in chobhlaigh a ttír, agus do ghluais
Diarmaid d'iarraidh sgéala ortha, agus do bheannaigh dóibh agus
do fhiafraigh sgéala dhíobh cia hiad féin nó cá tír dhóibh.



"Trí rí-fhéinnidh Mhara nIocht sinn," ar siad, "agus Fionn
mac Cubhaill do chuir sgéala chuguinn dár n-iarraidh, .i.
fodhlaidhi feadha agus fear díbheirge atá fá choill air .i.
Diarmaid ó Duibhne, agus is dá chosg sin tángamair-ne don
chur so," ar siad. "Agus atáid trí coin nimhe aguinn agus
leigfeam ar a lorg iad acht go ffagham a sgéala; agus ní loisgeann
tini agus ní bháidheann uisge agus ní dheargann arm orra; agus
atámuid féin deich gcéad fear infheadhma, agus is fear comhluinn
céad gach aoin-fhear dhíobh. Agus innis-si dhúinn," ar
siad, "cia thú féin nó in bhfuil aon-fhocal


L. 34


do sgéaluibh Diarmada uí Dhuibhne agad?"



"Do-chonnarc-sa duine do-chonnairc ané é," ar Diarmaid.



"Ní ffuil acht duine ar fágbháil ann feasta," ar cách uile.



"Cá hainm sibh-si féin?" ar Diarmaid.



"Dubhchosach agus Fannchosach agus Trénchosach ar
n-anmanna," ar siad.



"In bhfuil fíon in bhur longaibh aguibh?" ar Diarmaid.



"Atá," ar siad.



"Dá madh áil libh tonna fíona do thabhairt amach," ar sé,
"do-dhénuinn féin cleas díbh."



Do chuireadar-san daoine d'iarraidh an tonna agus tugadh
chuca é, agus do thógaibh Diarmaid an tonna eidir a dhá láimh
agus ibh deoch as agus do ibheadar cách in chuid eile dhe. Agus
do thóguibh Diarmaid in tonna agus rug leis ar mullach in
chnuic é, agus chuaidh féin ar a mhuin agus leig ré fánaidh in
chnuic síos arís é nó go ráinic in chuid iachtarach don chnoc
agus ruc ar in dtonna agus ruc leis a n-aghaidh in chnuic suas
é. Agus do-rinne in cleas sin trí huaire a ffiadhnuise na
n-allmhurrach; agus do anadh féin ós cionn in tonna ag teacht
agus ag imtheacht dó.



Adubhradar cách gurab duine nach ffacaidh aonchleas ar
foghnamh dá dhénamh riamh é mar go ttuc sé cleas ar in ccleas
sin, agus adubhairt óglaoch dá muintir-sion go rachadh féin do
dhénamh an chleasa sin. Agus do chuaidh réna chois sin ar in
tonna agus tuc Diarmaid buille dá chois ann agus do budh luaithe ar
lár é féin ná in tonna ar siubhal; agus do shiubhail an tonna thuas
ar mhuin an óglaoich agus do leig a abach agus a ionathar rena chosaibh.
Agus ro lean Diarmaid an tonna agus rug suas arís é, agus do
chuaidh an dara fear ar a mhuin agus tuc Diarmaid builli dá chois
ann agus nír luaithe an chéad fhear dá mharbhadh ná in fear sin.
Agus ruc Diarmaid ar in tonna arís agus do ruc leis suas é, agus do
chuaidh an treas fear ar a mhuin agus do-rinneadh mar in céadna
ris. Agus do marbhadh caoga dá muintir leis in ccleas sin an
lá sin; agus do chuadar dá longuibh an oidhche sin.


L. 36


Agus do chuaidh Diarmaid a cceann Muadháin agus Gráinne,
agus do chuir Muadhán a ruaimneach ar slait agus do mharbh trí
héisg an oidhche sin, agus do chuir in tslat fán bpoll agus do chuir in
ruaimneach 'na chrios agus ruc an t-iasg leis go Diarmaid. Agus
do chaitheadar a ccuid an oidhche sin agus do chóirigh Muadhán
iomdhaidh a n-iarthar na huamha fá Dhiarmaid agus fá
Ghráinne agus do chuaidh féin ar dhorus na huamha do dhénamh
faire agus forchoimhéada dhóibh, agus do uí mar sin nó gur érigh
lá arna mhárach.



Agus do éirigh Diarmaid go moch in lá sin agus do dhúisigh
Gráinne as a codladh agus adubhairt ria faire do dhénamh do
Mhuadhán, agus do chuaidh féin for mullach na tulcha. Agus
tángadar na trí rígh-fhéinnidh sin 'na cheann amach agus do
fhiafraigh Diarmaid díobh a ndéndaois tuilleadh cleasraidh,
agus adubhradar-san gur ffearr leó sgéala Dhiarmada uí
Dhuibhne d'fhagháil ná sin.



"Do-chonnarc-sa duine do-chonnairc aniugh é," ar Diarmaid.



Agus rena chois sin do chuir Diarmaid a airm agus a éideadh
dhe ar an tulaigh amuigh acht an léine ro bhaoi réna chneas,
agus do chuir an Crann Buidhe Manannáin 'na sheasamh a
ndiaigh a orlainne agus a rinn a n-airde ós a chionn, agus ro
éirigh féin do bhaoith-léim éadrom eadarbhuasach ós a chionn a
n-airde agus do thoirling anuas ar an nga agus do thoirling
go foisdineach arís. Agus adubhairt óglaoch do mhuintir
Ghlas-fhéinne Mhara nIocht:



"As duine nach bhfacaidh aonchleas dá dhénamh ariamh
thú mar go ttabhra cleas ar an ccleas sin."



Agus do chuir féin a arm agus a édach dhe agus do éirigh go hén-
amhail éadrom ós cionn an gha agus do thoirling go hantrom
anbhuaineach anuas fair, agus tarla rinn an gha tréna chroidhe
suas agus do chuaidh uirre go talmhain. Agus do tharraing
Diarmaid an ga agus do chuir 'na sheasamh arís é, agus do
éirigh an dara fear aca-sumh agus do-rinneadh ris mar in céadna.
Acht aonní cheana do thuit caoga fear do mhuintir na Glais-
fhéine le Diarmaid an lá sin, agus adubhradar ris a gha do
tharraing agus nach muirfeadh sé dhíobh péin leis in ccleas sin
nísa mhó. Agus do chódar na hallmhurraigh dá longuibh an oidhche
sin agus do chuaidh Diarmaid d'ionnsaighe Ghráinne agus
Mhuadháin; agus tuc


L. 38


Muadhán iasg an oidhche sin chuca, agus do chodail Diarmaid
agus Gráinne a n-iarthar na huamha agus chuaidh Muadhán do
dhénamh faire dhóibh.



Agus do éirigh Diarmaid go moch arna mhárach agus ruc dá
ghabhail as in ffidh fa neasa dhó leis agus do chuir 'na seasamh
iad, agus do chuir an Móralltach .i. claidheamh Aonghusa a'
Bhrogha, eidir an dá ghabhail sin ar a faobhar, agus ro éirigh
féin go húiréadrom ós a chionn, agus do thomhais 'na
throightheach ó dhornchladh go déis an claidheamh trí huaire,
agus do thoirling Diarmaid agus do fhiafraigh:



"An bhfuil agaibh-si fear an chleasa so do dhénamh?" ar
Diarmaid.



"Olc an fhiafraighe duit-si sin," ar fear aca-somh, "ór ní
dearnadh a nÉrinn cleas nach dénamh duine éigin aguinne é."



Agus do éirigh féin réna chois sin agus do chuaidh ós cionn an
chlaidhimh, agus ag toirling anuas dó tarrla cos ar gach taobh don
chlaidheamh dhó go ndearnadh dá leith go mullach a chinn de.
Agus do éirigh an dara fear, agus ag toirling dhó tarla tarsna ar
an cclaidheamh é go ndearnadh dá n-ordain de. Acht aonní
cheana ní mó do thuit an dá lá roimhe sin do mhuintir na
Glaisfhéine ná do thuit an lá sin. Adubhradar ris a chlaidheamh
do thógbháil agus nár bheg leó ar marbhadh dá muintir, agus do
fhiafraigheadar an ffacaidh aonfhocal do sgéaluibh Diarmada
uí Dhuibhne, agus adubhairt-sion go rachadh féin d'iarraidh a
sgéal an oidhchi sin.



Agus do ghluais Diarmaid roimhe a gceann Gráinne agus
Muadháin, agus do mharbh Muadhán trí héisg an oidhche sin agus
do chaitheadar a gcuid, agus do chuaidh Diarmaid agus Gráinne do
chodhladh agus do chuaidh Muadhán do dhénamh faire dhóibh
nó go ttáinic an mhaidean dá n-ionnsaighe. Agus do éirigh
Diarmaid agus do dhúisigh Gráinne agus adubhairt ria éirghe agus go
rabhadar a naimhde a gcomhfhogus di. Agus ro innis sgéla
na n-allmhurach dóibh ó thús go deireadh agus mar uí féin ag comhrac
riú na trí lá sin. "Agus atáid trí coin nimhe acu um chomhair-si
agus ní dheargann arm orra, agus atáid féin deich gcéad fear


L. 40


infheadhma, agus ní cóir dhúinne bheith a ffhogus dóibh ar eagla
go ffuighbhedís ar sgéala."



Agus do ghluais Diarmaid agus Gráinne agus Muadhán ar maidin
as an uaimh agus do ghabhadar siar rompa go rángadar Bogach
Finnleithid. Agus do uí Gráinne dá cur ann sin agus do chuir
Muadhán Gráinne ar a mhuin go rángadar Sliabh leathan-mhór
lán-aoibhinn Luachra. Agus do shuidh Diarmaid ar bruach
srotha ann agus do uí ag ionnladh a lámh, agus do uí Gráinne ag
ionnladh a lámh agus do iarr Gráinne a sgian ar Diarmaid do
bhuain a hiongan di.



Iomthúsa na n-allmhurrach do-bhéarar ós aird feasda: Do
éirgheadar go moch arna mhárach agus do chuadar ar mullach
na tulcha, agus gé moch do chuadar ann do fuaradar Dear Dhubh
an Duibhshléibhe rompa ann .i. ban-eachlach Finn mhic
Cubhaill, agus ro fhiafraigh díobh:



"Cia tug an t-ár féindeadh agus fear-óglaoch so oruibh?"
ar sí.



"Ní ffuil a fhios sin aguinne," ar siad, "cia hé agus do-bhéarmaois
fios a thuarusgbhála dhuit-si. Óglaoch agá raibhe folt cas
cíor-dhubh agus dá ghruaidh chorcra chróidhearga aige as é táinic
trí lá a ndiaigh a chéile chuguinn-ne," ar siad.



"Cáit ar ghabh an fear sin féin uaibh?" ar Der Dhubh.



"Do sgar sé linne aréir go deirionnach agus do gheall sé sgéala
Diarmada uí Dhuibhne do thabhairt chugainn aniugh, agus is
fada linn atá sé gan teacht chuguinn," ar siad.



"Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Dear Dhubh, "gurab é
sin féin Diarmaid ó Duibhne, agus tabhraidh-si bhur ccoin liph
agus leigidh ar a lorg iad."



Agus tucadar-san a ttrí coin leó as a longuibh agus do chuireadar
ar lorg Diarmada iad agus do leanadar dá lorg é nó go
rángadar go dorus na huamha, agus do chódar a n-iarthar na
huamha agus fuaradar leabaidh Dhiarmada agus Ghráinne ann.
Agus do ghabhadar rompa soir a sin tar Chárrthaigh agus do
Bhogach Finnleithid agus do Ghearr-abhuinn na bhFian ré a
ráitear Leamhain agus do Mhagh caomh-áluinn Coinchinn agus
do Shliabh leathan-mhór lán-aoibhinn Luachra. Agus níor
airigh Diarmaid iad ar in tóruigheacht sin 'na dheaghaidh nó go
bhfacaidh sé na meirgeadha maiseacha maoth-shróill agus na
honchoin ábhéla agus na


L. 42


trí rígh-fhéindidh sin do uí aca a raomh-thús na sligheadh agus a
ndeich gcéad ina ndiaigh, an méid nár mharbh Diarmaid
dhíobh, agus a ttrí coin nimhe ar slabhraidhibh acu. Agus mar
do-chonnairc Gráinne fán toichim sin chuice iad do líon
adhfhuath agus urghráin hí agá bhfaicsin. Agus do uí beart
uaine aondatha for an tí do bhí a raomh-thús na buidhne sin, agus
do bhí sé eadh imchian roimh chách amach. Agus do shín
Gráinne an sgian go Diarmaid agus do chuir ina cheathramhain
í. Adubhairt Diarmaid:



"As dóigh, a Ghráinne, nach grádh tucuis do mhacaomh na
beirte uaine."



"Ní headh," ar Gráinne, "agus do budh fearr leam nach ttucuinn
grádh riamh do aoinneach gus aniugh," ar sí.



Agus do ghlac Diarmaid an sgian agus do chuir asteach iona
fáisgín hí agus do ghluais féin, agus do chuir Muadhán
Gráinne ar a mhuin agus ruc leis míle don tshléibh í. Agus do
sgaoileadh cú dona conuibh ar Dhiarmaid agus adubhairt Muadhán
ris a dhol roimhi a ndiaigh Ghráinne agus go ccoisgfeadh
féin an cú sin de. Agus do fhill Muadhán tar éis Diarmada
agus do bhean cuiléan con as a chrios amach agus do chuir ar a
bhois é. Agus mar fuair an cú nimhe chuige agus a craos ar
leathadh aice do éirigh an cuiléan do bhois Mhuadháin agus do
ling sé a gcraos na con nó go ráinic sé a croidhe agus tuc amach
ar a taobh é, agus do ling féin ar bois Mhuadháin arís agus do
fhágaibh an cú sin marbh dá éis. Agus do ghluais Muadhán a
ndiaigh Dhiarmada agus Ghráinne agus do chuir ar a mhuin
í agus ruc leis míle don tsléibh hí. Agus do sgaoileadh an dara
cú orra. Do labhair Diarmaid re Muadhán agus adubhairt:



"Do-chluinim péin," ar sé, "nach bíd geasa náid airmearta
druadh ar ghion ná ar chraos beathadhaigh ar bith, agus an áil
leat do chuirfinn féin an Ga Dearg Duinn a ccompar a cléibh
agus a croidhe súd."



Agus do stad Gráinne agus Muadhán ag féachain an urchair sin
tug Diarmaid, go ttug sé rogha n-áitheasach n-urchair don
choin sin agus do chuir an ga tréna himlinn gur chuir a
ttalmhain


L. 44


é; agus do fhill uirre agus do tharraing an ga agus do lean a
mhuintir.



Níor chian dóibh ina dheaghaidh sin an tan do sgaoileadh an
treas cú orra. Do labhair Gráinne agus adubhairt:



"As í súd cú is fearr aca súd agus is mór atá a heagla orum féin,
agus bí-si ar do choimhéad uirre, a Dhiarmaid," ar sí.



Ní fada do uí an cú sin dá rochtain agus as í áit a rug sí orra ag
Lig Dubháin ar Sliabh Luachra, agus do éirigh sí do bhaoith-léim
éadrom ós cionn Diarmada agus dob áil lé breith ar Gráinne agus
do ghabh Diarmaid ar dá chois deirigh hí agus do-rinne lé ar an
ngallán cloiche do uí a ffogus dó gur leig a hinchinn tré shinisdribh
a cinn agus a cluas amach. Agus do ghlac Diarmaid a airm
agus do chuir a mhéar a suaithneamhuibh síoda an Gha Dheirig agus
tuc rogha n-áitheasach n-urchair do mhacaomh na beirte uaine
do uí a raomh-thús na sligheadh gur mharbh d'áthus an urchair
sin é. Agus tuc an dara hurchar agus do mharbh an dara fear, agus
tuc an treas urchar agus do mharbh an treas fear. Agus mar nach
gnáth cosnamh d'éis tighearna do thuitim, mar do-chonncadar
na hallmhuraigh na triatha agus na tighearnaidhe ar ttuitim do
ghabhadar féin raon madhma agus móir-theithmhe chuca, agus muna
dheachaidh duine dorn ós fiodh agus ós féar agus ós uisge dhíbh ní
dheachaidh élaitheach 'na bheathaidh díbh acht Der Dhubh
an Duibhshléibhe, do chuaidh a bhfén agus a bhfoluamhain an
feadh do uí Diarmaid ag marbhadh na n-allmhurrach.



Iomthúsa Diarmada agus Gráinne, do ghabhadar rompa soir
trí Shliabh Luachra agus d'Íbh Conaill Ghabhra agus as sin dóibh
láimh chlé re Sionuinn soir go Ros Dá Ró shoileach ris a ráitear
Luimneach. Agus do mharbh Diarmaid agh imhdisgir allata
an oidhche sin dóibh agus chaitheadar a lór-dhaothain feóla agus
fíor-uisge agus do chodladar go maidin arna mhárach. Agus do
éirigh Muadhán go moch agus do labhair re Diarmaid agus dubhairt
go mbeadh féin ag imtheacht.



"Ní cóir duit-si sin," ar Diarmaid, "ór gach ní dhár gheallus-sa
duit coimheóllad duit é."



Níor ghabh Muadhán toirmeasg uatha agus do thiomain cead agus


L. 46


ceileabhradh aca agus do fháguibh ar an láthair sin iad. Agus fa
dubhach dobrónach Diarmaid agus Gráinne a ndeaghaidh
Mhuadháin agus do dhíth chuideachtan na caomh-shochraide do
bheith aca.



As a haithle sin imorra do ghluais Diarmaid agus Gráinne isin
aird budhthuaidh gach ndíreach do leathtaoibh Shléibhe
hEachtghe agus as sin dóibh go tríocha céad Ó bhFiathrach nó go
rángadar Dubhros Ó bhFiathrach. Do bhí Gráinne dá cor, agus
an uair do smuain nách raibh fear a hiomchair aice acht Diarmaid,
ó ro sgar Muadhán ria, ro ghabh misneach agus mire
meanman í agus do ghabh ag siobhal ré cois Dhiarmoda go dásachtach
gur ling baoith-sdeanncán beag uisge suas re hais a
coisi go ndubhairt:



"A Dhiarmaid," ar sí, "giodh mór do chródhacht agus do
chalmacht a ccomhlannaibh agus a ccath-láithribh dar liom féin
as dána an braon beag baoth-uisge úd ioná tú."



"Fíor sin, a Ghráinne," ar Diarmaid, "cé fada misi am
choimeád féin ort ar eagla Fhinn ní fhuileóngad mé féin dom
dhearga agad feasda; agus as deacair taobh ris na mnáibh,"
ar sé. As ann sin do-roinne Diarmaid déad-sholuis ó Duibhne
bean do Ghráinne .i. inghion rígh Éirionn, ar ttús. Agus mar
do rángadar fón ffiodhbhaidh do-rinne Diarmaid fian-bhoith
fholachta a gceart-mheadhón na fiodhbhaidhe, agus do mharbh
agh eallaidh an oidhche sin agus do chaitheadar a lór-dhaothain
feola agus fíor-uisge. Agus do éirigh Diarmaid go moch arna
mhárach agus do chuaidh a cceann an tShearbháin Lochlannaigh
agus do-rinne snaidhm cuir agus ceangail ris agus fuair cead sealga
agus fiadhaigh uadha agus gan buain rena chaoruibh go brách.



Iomthúsa Deire Duibhe an Duibhshléibhe, taréis Ghlais-fhéine
Mhara nIocht do mharbhadh do Dhiarmaid do ghluais
roimpe a cceann Finn agus na Fénae agus a cosa ar comhluamhain
agus a teanga ar teibearsnaigh agus a súile ar síor-shileadh 'na
cionn. Agus do-chonnaic Fionn fán toichim sin chuige hí agus
do fhiafraigh sgéala dhi.



"Atáid sin agum-sa ré n-innisin," ar sí, ".i. sgéala móra
olca aidhbhéile uathbhásacha, agus is dóigh leam gurab duine gan
tighearna mé ór do marbhadh trí rí-fhéinnidh Mhara nIocht
táinic dod ionnsaighi-se a nÉrinn do chongnamh lat."


L. 48


"Cia do mharbh iad sin?" ar Fionn.



"Diarmaid ó Duibhne do mharbh iad súd agus deich gcéad do
theghlach do uí aca mar aon riú, agus na trí coin nimhe do uí aca
do thuiteadar sin leis, agus is ar éigin do chuadhas-sa féin
as."



"Cáit ar ghabh mac í Dhuibhne féin?" ar Fionn.



"Ní fheadar féin cáit ar ghabh sé," ar Dear Dhubh.



Ag teacht tar na sgéaluibh sin dóibh do-chonncadar caoga
laoch dá n-ionnsaighe agus dias mhóra mhíleata do dhearsgnaigh
ar mhéid agus ar mhaisi do chách a n-urthosach na buidhne sin.
Agus do fhiafraigh Fionn do chách an ttucadar aithne orra.



"An bhfuil a fhios agad-sa féin, a Fhinn, cia hiad?" ar
cách a gcoitchinne.



"Ní fheadar-sa cia hiad acht as dóigh leam gurab naimhde
dhamh pén iad," ar Fionn.



Tángadar cách chuca fán ccomhrádh sin agus do bheannaigheadar
dhóibh agus do fhiafraigh Fionn díoph cia hiad féin. Adubhradar-san
gur naimhde d'Fhionn iad agus go rabhadar a n-aithreacha
ag marbhadh Cubhaill mhic Thréinmhóir a ccath Chnucha, agus
do thuiteadar féin san ghníomh sin, "agus is d'iarraigh síochána
ort-sa tángamair-ne don chur sa."



"Cionnus do bhábhair féin," ar Fionn, "an uair do marbhadh
bhar n-aithreacha?"



"A mbruinn ar máithreach," ar siad, "agus dias ban do Thuathaibh
Dé Danann ar máithreacha; agus is mithigh linn ionad ar
n-athar agus ar sean-athar do bheith a bhFianaigheacht aguinn."



"Do-bhéaruinn-si sin díbh," ar Fionn, "dá bhfaghinn cuirp-éruic
éigin um athair uaibh."



"Ní fhuil ór ná airgead ná ionnmhus ná iolmhaoine ná
buar ná bó-tháinnte aguinne do-bhérmaois duit, a Fhinn,"
ar siad.



"Ná hiarr éruic orra, a Fhinn," ar Oisín, "acht a n-
aithreacha do thuitim leat a n-éraic th'athar."



"As dóigh leam péin," ar Fionn, "dá marbhthaoi mé féin,
a Oisín, go madh urusa mh'éruic do réidhiughadh riut-sa, agus ní
thiucfa aonnduine a fFianaigheacht acht an duine do-bhéara
éruic um athair dhamh-sa."


L. 50


"Créad an éruic atá ar iarraidh agad, a Fhinn?" ar Aonghus
mac Airt Óig mhic Mhorna.



"Ní fhuil acht ceann curadh nó lán glaice gach aonnduine
agaibh-si do chaoruibh caorrthainn Dubhruis."



"Do-bhéar-sa comhairle mhaith dhíbh, a Chlanna Morna,"
ar Oisín, "dol mar ar hoileadh sibh agus gan síth d'iarraidh
ar Fionn an feadh mhairios sé féin. Agus ní gar dhaoibh-si
aonní dá n-iarrann Fionn do thabhairt dó. Ceann Diarmada uí
Dhuibhne an ceann úd iarras sé, agus dá mbiadh sibh-si deich
gcéad fear infheadhma ní léigfeadh Diarmaid ó Duibhne a
cheann libh.



"Créad iad na caora úd iarras sé?" ar Clanna Morna.



"Ní deacra dhaoibh-si ní eile d'fhagháil ná iad," ar Oisín.
"Iomarbháidh do éirigh eidir dhias bhan do Thuathaibh Dé
Danann .i. Aoife inghean Mhanannáin agus Áine inghean
Mhanannáin .i. dá inghin do Mhanannán mac Lir. Agus tuc Aoife
grádh do Mhac Lughach agus tuc Áine grádh do Lir Shídhe
Fionnachaidh. Agus adubhairt gach bean díobh gurbh fhearr a fear
féin d'iománaighe ná in fear ele, agus táinic as sin iomáin
chomórtuis do tharraing eidir Thuatha Dé Danann agus Fiana
Éreann. Agus as é ionadh inar toghadh an iomáin sin ar an
bhFosadh bhfíor-áluinn láimh ré Loch Léin Linn-fhiaclach
mhic Bháin-bholgaigh.



Agus do fhreagradar Fiana Éreann agus Tuatha Dé Danann
an chuinne sin dá chéle. Agus as iad daoine dob uaisle agus
dob urrumhanta táinic ann sin do Thuathaibh Dé Danann .i. trí
Gairbh Shléibhi Mis agus na trí Mais Luachra agus na trí
Muireadhaigh Mháighe agus na trí hEochadha Áine agus na trí
Laoghaire Leith-dhearga agus na trí Conaill Chollamhrach
agus na trí Finn a Fionnabhair agus na trí Sgáil Bhrogha an
Sgáil agus na trí Rónáin a Raighnibh agus na trí hAodháin
Easa Ruaidh mhic Bhadhuirn agus an Cath-Bhuilleach agus an
Séigh Seaghsa a Seaghais agus Glas a Bruighin Bhreagh agus
an Suirgheach Suidhneach ó Leannáin agus Midhir a Brígh
Léith agus Donn a Síth Bhreagh agus Fear an Bhéarla Bhinn
ón mBóinn agus Cobhal Crínchosach rígh Bearnáin Éile agus
Donn Dumhach agus Donn Oiléin agus Donn Chnuic Ánuis agus
Donn Sean-chnuic agus Bráith Reabhach agus Dolbh Déd-
sholus agus cóig mic Finn a Síth Chairnn Chaoin agus
Sioghmhall ó Fhionnmhuir agus Ilbhreac


L. 52


mac Manannáin agus Niamhannach mac Aonghusa agus Bogha Dearg
mhac an Daghdha agus Aonghus Óg an Daghdha agus Manannán
mac Lir agus Ábhartach mac Iolldathaigh agus mórán eile.
Agus do bhámair-ne, Fiana Éreann, trí lá agus trí hoidhche
ag imirt bháire re chéile ó Ghearr-abhuinn na bhFian re a
ráitear Leamhuin go Croimghleann na bhFian ré a ráitear
Gleann Fleisge, agus ní rucamair fén aonbháire ar a chéile. Do
bhádar Tuatha Dé Danann risan ffeadh sin ar gach taoibh do
Loch Léin gan fhios dúinn, agus do thuigeadar dá mbeithmaois
féin ag cur re chéile nach béardaois fir Éreann aonbháire
oruinn agus ar ccongnamh féin le chéle. Agus as í comhairle ar ar
chinneadar Tuatha Dé Danann imtheacht tar a n-ais agus gan an
báire sin d'imirt rinn. Agus as é lón tugadar leó as Tír threabhar-ghlain
Tharrngaire .i. cnó corcra agus ubhla caithne agus caora cumhra,
agus ag gabháil tré thríocha céad Ó bhFiathrach dóibh do thuit
caor dá ccaoruibh uatha agus do fhás caorrthann as an ccaoir sin.
Agus atáid buadha imdha ar chaoruibh an chaorrthainn sin,
agus ní ghabhann galar ná easláinte a n-aonnduine dá n-itheann
trí caora dhíobh, agus bí misge fhíona agus sásadh saoír-bhí ionnta,
agus dá madh slán a chéad bliadhan do rachadh a n-aois a dheich
mbliadhan fichit an tí do bhlaisfeadh aonchaor dhíobh.



Agus mar do chualadar Tuatha Dé Danann na buadha sin
do bheith ar an ccaorrthann do chuireadar coimhéad uatha
féin air .i. in Searbhán Lochlannach, óglaoch dá muintir féin
an fear sin .i. aitheach cnáimh-reamhar coirtighthe do chloinn
Chaim cholaigh mhic Naoi. Agus ní fhuilighid airm fair agus
ní loisgeann tene hé agus ní bháidhann uisge é, agus ní fhuil
acht aonshúil a mullach a édain, idh imreamhar iarainn fá chorp
an aithigh agus luirg-fhearsad iaruinn tré cheann na hidhi agus
an idh fillte fá chorp an athaigh. Agus ní bhfuil a ndán dó
bás d'fhagháil nó go mbuailtear trí béimeanna dá luirg fén
fair; agus a mbarr an chaorrthainn chodlas sé san oidhche agus
agá bhun bhíos sé


L. 54


san ló 'gá choimhéad. Agus as iad sin caora atá Fionn
d'iarraidh oruibh-si," ar Oisín, "agus ní hurusa
dhaoibh-si buain reó ór do-rinni an Searbhán Lochlonnach
fásach don tríocha céad sin ina thimcheall, agus ní lamhmaoid-ne
Fiana Éreann sealg ná fiadhach do dhénamh ann ar a eagla."



Do labhair Aodh mac Anghalaigh mhic Mhorna agus aseadh
adubhairt gurb fhearr lais bás d'fhagháil ag iarraidh na ccaor
sin ná dul tar a ais arís ar dhúthchas a mháthar, agus adubhairt
re hOisín:



"Coimhéad-sa ar muintir," ar sé, "nó go ttigeam tar ar
n-ais arís, agus muna ttigeam, tioghluic-si ar muintir go
Tír Tharrngaire arís."



Agus do thiomnadar an dias deagh-laoch sin cead agus ceileabhradh
ag Oisín agus ag maithibh na Féine agus do ghluaiseadar rompa,
agus ní haithristear a n-imtheachta nó go rángadar Ros Dá Ró-
shaileach ris a ráitear Luimneach an tan so, agus ní
haithristear a n-aoidheacht an oidhche sin. Agus do éirgheadar
go moch arna mhárach agus nír sguirsead nó go rángadar go Dubhros
Ó bhFiathrach. Agus ag dul fó leithimeal na fiodhbhaidhe dóibh
fuaradar lorg Diarmada agus Gráinne agus do leanadar in lorg go
dorus na fian-bhoithe a raibhe Diarmaid agus Gráinne. Agus do
mhothaigh Diarmaid iad, agus tuc lámh thapaidh laochdha ar a
leathan-armuibh agus do fhiafraigh cia do bhí sa dorus.



"Do Chlannuibh Morna sinne," ar siad.



"Cia do Chlannuibh Morna sibh?" ar Diarmaid.



"Aodh mac Anghalaigh mhic Mhorna duine aguinn agus Aonghus
mac Airt Óig mhic Mhorna duine eile aguinn."



"Créad é an cor so oruiph?" ar Diarmaid.



"Fionn do chuir d'iarraidh do chinn-si sinn," ar siad, "más
tú Diarmaid ó Duibhne."



"As mé go deimhin," ar Diarmaid.



"Maseadh," ar Clanna Morna, "ní háil re Fionn gan do
cheann-sa nó lán glaice gach fir aguinne do chaoruibh
caorrthainn Dubhrois d'fhagháil uainne a n-éruic a athar."



"Ní hurusa dhaoibh-si ní aca sin d'fhagháil," ar Diarmaid,
"agus is mairg ar a mbeith neart an fhir sin. Agus is aithne


L. 56


dhamh-sa gurab é do mharbh bhur n-aithreacha-sa, agus níor bheag
dhó sin mar éruic uaibh."



"Níor bheag dhuit-si," ar Aodh mac Anghalaigh, "a bhean
do bhuain d'Fhionn agus gan a bheith ag tromaidheacht air."



"Ní mar thromaidheacht air adeirim súd," ar Diarmaid,
"acht do-chonnarc a leithéid eile dhá dhénamh aige roimhe
so ar Conán mac an Léith Luachra. Lá dá raibhe Fionn a
tTeamhair Luachra agus maithe agus mór-uaisle Fhian Éreann
ina fhochair, agus níor chian do bhádar ann an tan do-chonncadar
aonóglaoch mór míleata mear-chalma a cceart-mheadhón 'airm agus
a éididh ag teacht dá n-ionnsaighe. Agus do fhiafraigh Fionn
d'Fhianaibh Éreann an ttugadar aithne fair. Adubhradar cách
go coitcheann nach ttugadar.



"Ní mar sin damh-sa," ar Fionn, "aithnim gurab námha
damh péin hé."



Táinic an t-óglaoch go láthair iar sin agus beannaighis dóibh.
Fochtais Fionn sgéala dhe cia hé féin nó cá tír dhó.



"Conán mac an Léith Luachra mh'ainm," ar sé, "agus do bhí
mh'athair ag marbhadh th'athar-sa a ccath Chnucha agus do
thuit féin san ghníomh sin, agus is d'iarraidh a ionaidh a
bhFianaidheacht tánag-sa ort-sa don chur sa."



"Do-ghébhthá sin," ar Fionn, "dá ttugthá cuirp-éraic éigin
damh-sa am athair."



"Ná hiarr éraic air," ar Oisín, "agus a athair do thuitim lat."



"Ní ghébh-sa sin uaidh," ar Fionn, "ór ní fuláir leam tuilleadh
érca d'fhaghbháil uaidh."



"Créad hí an éraic oile ataoi d'iarraidh, a Fhinn?" ar Conán.



"Ní fhuil acht cnuimh cheann-reamhar chinn Chéin, a ceann
do thabhairt leat a n-éraic mh'athar chugum-sa."



"Do-bhéaruinn comhairle mhaith dhuit, a Chonáin," ar Oisín,
"dol mar ar hoileadh thú agus gan síth d'iarraidh ar Fionn an
géin mhairfeas sé."



"Créad hí an chnumh úd," ar Conán, "mar nach beanfuinn-se
a ceann di?"



"Ní hannsa," ar Oisín. "Uair dhár éirigh Oilill Ólum amach
a Dún Eochair Mháighe agus Sadhbh inghean Chuinn Chéadchathaigh


L. 58


a bhean agus a bhain-chéile maille fris, agus iad ar aon a n-aoncharpad,
agus do bhí Sadhbh taobh-throm torrach an uair sin, agus do-chonnairc
craobh dhroighin ós a cionn a n-airde agus a lán áirnidhe
fuirre agus tugadh a mian ar Shaidhbh. Agus do chroith Oilill
an chraobh ar chlár uachtarach an charpaid agus do ith Sadhbh
a lór-dhaothain díobh, agus do fhill tar a hais arís don bhaile.
Agus rug sí gein mhín-áluinn mhullach-leathan mhic don mhór-
thuismeadh sin .i. Cian mac Oiliolla, agus rug rígh Chiarraighe
Luachra dá altrom agus dá oileamhuin leis é. Agus is amhlaidh do
bhí an mac sin agus dromaill mhór tharsna 'chinn fair agus gach
biseach dá mbeireadh Cian do-bheireadh an dromaill biseach leis.



Do fhás agus do fhorbair an mac iar sin gurbhó slán a fhichit
bliadhain. Agus ro bhí dias eile mac ag Oilioll Ólum, agus
do bhí triar mac Oiliolla Óluim infheadhma an tan sin, agus do
bhádar triar eachlach aca. Agus chuadar an triar eachlach sin
oidhche ar aoidheacht go teach Sgátháin mhic Sgannláin agus
do uí Sgáthán go maith riú an oidhche sin agus adubhairt:



"Atá fleadh sa toigh so anocht fá chomhair Fhinn mhic
Cubhaill agus do-ghébhthaoi-si bhur ndaothain do bhiadh maith
eile a n-égmais na fleidhi sin," ar sé.



Do chaitheadar a ccuid an oidhche sin agus do éirgheadar arna
mhárach agus do chuadar ar a n-ais go Dún Eochair Mháighe agus
fuaradar triar mac Oiliolla Óluim ar an bhfaithche rompa .i.
Eoghan Mór agus Cormac Cas agus Cian, agus fiafraigh
Eoghan sgéala dá ghiolla:



"Cá háit a rabhuis aréir?" ar sé.



"Do bhádhus a ttigh Sgátháin mhic Sgannláin," ar sé.



"Cionnus do bíthear agad ann sin?" ar sé.



"Do bíthear go maith," ar an giolla.



Do fhiafraigh Cormac mar an céadna.



"Do bíthear go maith," ar in giolla.



Do fhiafraigh Cian mar in céadna.



"Do bíthear go holc," ar an giolla, "ór do mhaoidh sé oruinn
go raibhe fleadh aige fá chomhair Fhinn agus ní thuc sé a
blas dúinne."



"Ná freagair é," ar na heachlacha eile, "ór do bhí sé go maith
linn le chéle."


L. 60


"Do-bhéara sé díol damh-sa gan a bheith go maith rem
ghiolla," ar Cian.



"Ná habair sin," ar Cormac Cas, "fear pinnsi dhamh-sa é,
agus atá a sháith do thighearna aige .i. Fionn mac Cubhaill."



"Ní miste leam féin sin," ar Cian, "ór rachad dom bearradh
chuige."



Agus is amhlaidh do uí Cian: níor bhearr aonnduine riamh
é nach beanfadh sé a cheann de. Agus do ghluais Cian roimhe
go dúnadh Sgátháin mhic Sgannláin agus fuair Sgáthán ar an
bhfaithche amuigh roimhe, agus do iarr Cian a bhearradh air.



"Do-ghébhair," ar Sgáthán, "ór as é as ceird damh-sa bearradh
do dhénamh. Agus ag súd an teagh a ndénuim é, agus éirigh-si
romham ann."



Do ghluais Cian d'ionnsaighe an tighe agus do chuaidh Sgáthán
dá chodal-teach agus tuc a airm agus a éideadh lais agus tug sgian
agus uisge chuige agus do chuaidh mar a raibhe Cian. Do
fhiafraigh Cian de créad fá ttuc sé na hairm sin lais.



"Do-chluinim," ar Sgáthán, "go marbhann tusa gach aon
bhearrus thú, agus is uime sin tucus-sa na hairm so leam,
agus do-dhén tusa do bhearradh feasta."



Rena chois sin do sgaoil Sgáthán na ceangail do uí fá cheann
Chéin agus fuair dromaill mhór tharsna ón chluais go aroile
dhó.



"An é so an t-adhbhar fá marbhann tú gach aonnduine dá
mbearrann tú?"



"As é go deimhin," ar Cian, "agus ní ba hegail duit-si mé."



"Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Sgáthán, "go ndén-sa
adhbhar mo mharbhtha riut nó go mbia a fhios agum créad
atá ann so astigh agad."



Rena chois sin tuc sgor don sgiain tarsna na dromaille agus
do sginn cnumh aiste, agus do éirigh do léim lúthmhar lán-éadrom
nó go ráinic go féige agus go fíor-mhullach na bruighne, agus ag
toirling anuas di tarrla craoiseach do chraoiseachuibh Céin
roimpe agus do chuir cruaidh-shnaidhm cadad comhdhaingean uirre
féin fá cheann na craoisighe. Agus tar éis Chéin do bhearradh
do thoguir Sgáthán an chnumh do mharbhadh, agus adubhairt
Cian gan a marbhadh nó go mbeireadh sé go Sadhbh inghin Chuinn
Chéadchathaigh í "óir is ina bruinn ro geineadh an chnumh sin."


L. 62


As a haithle sin ro cuireadh luibhe íce agus leighis re ceann
Chéin agus ro ghluais roimhe go Dún Eochair Mháighe agus a chraoiseach
ar a bhéluibh aige agus an chnumh ceangailte dhi. Agus tarla
Oilill Ólom agus Sadhbh roimhe ar an bhfaithche agus ro innis sgéala
na cnuimhe dhóibh ó thús go deireadh. Agus adubhairt Oilioll
an chnumh do mharbhadh, agus adubhairt Sadhbh nach muirfidhe,
"ór ní feas nach ionann saoghal di féin agus do Chian." Agus as í
comhairle ar a ttáinig Sadhbh comhra dhaingean chlárach do
chur impe agus leasughadh agus lán-chaomhna bí agus dighe do chur
chuice gach laoi.



Ro fhás agus ro fhorbair an chnumh ionnus gurbhó héigean
an chomhra do sgaoileadh 'na timcheall agus teach comhdhlúthach
do dhénamh dhi. Ro fhás agus ro fhorbair iar sin fá cheann
mbliadhna ionnus go raibhe céad ceann fuirre, agus gurbhó cuma
lé cia dhíobh ceann rena tteagmhadh an biadh do curthaoi
chuice, agus go sluigeadh an fear gona arm gaisgidh a ngion-chraos
gacha cinn di.



Agus as í sin uair agus aimsir fá ttáinic mac rí Chiarraighe
Luachra d'fhios a chomhalta .i. Cian mac Oiliolla. Mar
táinic don bhaile do chuaidh d'fhéachain na cnuimhe ós a cionn,
agus mar do airigh an chnumh é tuc sidhe neimhneach neamh-eglach
fair gur bhean an chos ón cholpa síos de, agus do theitheadar
mná agus mion-teaghlach an bhaile gur fhágbhadar an dún fás
folamh aice.



Mur do chualaidh Oilioll sin adubhairt an chnumh do
mharbhadh ar eagla go ndénadh écht budh mó ná sin. Agus tuc
Sadhbh cead a marbhtha do chách. Agus mar fuaradar in
teaghlach an cead sin do chuireadar an dún tré dhoighir dhonn-ruaidh
dhearg-lasrach 'na timcheall. Agus mar do airidh an
chnumh teas na teineadh ag buain ria agus an teagh ag tuitim do
éirigh do bhaoith-léim éadrom énamhail tré mhullach an tighe
suas, agus do ghabh roimpe siar agus an teaghlach ina diaigh nó go
ráinic Uaimh Dheirce Fearna a n-iarthar Chorca Dhuibhne,
agus do chuaidh asteach san uaimh agus do-rinne sí fásach don
tríocha céad sin 'na timcheall, ar chor nach lamhadh Fionn náid
Fiana Éreann sealg ná fiadhach do dhénamh ann lena heagla.
Agus as é a ceann sin iarras Fionn ort-sa a n-éraic a
athar," ar Oisín.


L. 64


"Maseadh," ar Conán, "is usa leam-sa bás d'fhagháil ag
iarraidh an chinn sin ná dul tar ais mar ar hoileadh mé."



Rena chois sin ro thiomain cead agus ceileabhradh ag Oisín agus
ag maithibh na Féine agus do ghluais roimhe d'ionnsuidhe na
cnuimhe. Agus arna faicsin sin do Chonán ro chuir méar a
suaithneamh síoda an Gha Dheirg agus tug rogha n-áthusach
n-urchair dhi gur chuir tréna himlinn amach é, agus ro mharbh
d'áthus an urchair sin hí, agus tuc ceann dá ceannuibh lais go
Fionn. Ar n-aithne an chinn d'Fhionn adubhairt nach géabhadh
gan tuilleadh érca d'fhagháil ina athair ó Chonán.



Rena chois sin táinic fiadh faiteach foluaimhneach d'ionnsaighe
na tulcha agus ro airigh Fionn agus Conán agus an Fhian uile sin
agus do éirgheadar ina dheaghaidh. Agus mar do-chonnairc Oisín
sin do chuir sé a chraoiseach tarsna risin bhFéin, agus ro lean
Fionn agus Conán an fiadh, agus ní haithristear sgéaluigheacht orra
nó go rángadar chugainn um tráthnóna an lá sin, agus a eire
fuirbheadha do bhallaibh uaisle an fhiadha ar Conán re cois
Fhinn; agus níor iarr Fionn éraic ar bith ar Conán ó sin a leith.
Agus dar bhar láimh-si, a Chlanna Morna, ní fheadamar féin
in dá aimhdheóin ro bhean Conán síth d'Fhionn an lá sin. Agus
dar leam féin," ar Diarmaid, "níor mhó in égcóir sin ná éraic
a athar d'iarraidh ar Aodh mac Eanghalaigh mhic Mhorna agus ar
Aonghus mac Airt Óig mhic Mhorna, agus gurab a mbruinnibh a
máithreach ro bhádar an uair do marbhadh a n-aithreacha le
Fionn mac Cubhaill mhic Thréinmhóir. Agus níor bheag dó sin
d'éraic uatha agus gan a ccur d'iarraidh chaor caorrthainn
Dubhruis ná mo chinn-si féin," ar Diarmaid, "ór as é an
ceann curaidh úd iarras Fionn orra é."



"Créad iad na caora úd iarras sé," ar Gráinne, "mar nach
bhfédtar a bhfagháil dó?"



"Ní hannsa," ar Diarmaid. "Crann caorrthainn do fhágbhadar
Tuatha Dé Danann a ttríocha céad Ua bhFiathrach
agus gach caor dhá ttáinic trésan ccaorrthann sin bí meisge fhíona
agus sásadh saoir-bhí ann gach aonchaoir dhíobh, agus gidh bé chaitheas
trí caora dhíobh bí sé a n-aois a dheich mbliadhan fichit dá
madh slán a chéad bliadhan dó. Agus atá aitheach a mbun an
chaorrthainn sin agá choimhéad, agus a mbarr an chaorrthainn


L. 66


chodlas sé agus 'gá bhun bhíos sé san ló. Agus do-rinne sé fásach
don tríocha céad so 'na thimcheall, agus ní héidir a mharbhadh nó
go mbuailtear trí léisi lán-aidhbhle dá luirg féin air; agus is
amhlaidh atá an lorg sin agus idh imreamhar iarainn tré cheann
na luirge, agus an idh sin fá chorp an aithigh. Agus do bhean do
chonradh d'Fhionn mac Cubhaill agus d'Fhianaibh Éireann
gan sealg an tríocha céad sin do dhénamh air; agus an uair do
bhádhus fá choill ar Fionn fuarus cead sealga uaidh agus gan
buain rena chaoruibh go bráth."



"As briathar dhamh-sa," ar Gráinne, "dá mbeadh nach
ttiucfadaois Clanna Morna d'iarraigh na ccaor sin nach luigheabh-sa
id leabaidh-si go bráth nó go bhfaghar cuid dona
caoruibh sin. Agus gin gur ceird mhná a innisin a beith torrach,
atáim-si taobh-throm torrach anois," ar sí, "agus ní bér um beathaidh
muna mblaisear na caora sin."



"Ná cuir-se d'fhiachuibh orum-sa síth do bhriseadh ar an
Searbhán Lochlannach," ar Diarmaid, "agus nach móide go
leigfeadh sé leam é."



"Rachmaoid-ne leat-sa," ar Clanna Morna.



"Ná teagaidh," ar Diarmaid, "ór dá bhfaiceadh sibh lán
bhur súl don aitheach úd budh dócha bhur mbás ná bhur
mbeatha dhe."



Do ghluais Diarmaid roimhe a cceann an tSearbháin Lochlannaigh,
agus tarla an t-aitheach ina chodladh air, agus tug sé buille
dá chois ann agus do thóg an t-aitheach a cheann agus do fhéch ar
Diarmaid agus do fhiafraigh dhe:



"An síth dob áil leat do bhriseadh oruinn, a mhic uí Dhuibhne?"
ar sé.



"Ní headh," ar Diarmaid, "acht Gráinne inghean Chormaic
atá taobh-throm torrach agus tucadh mian na ccaor uirthe, agus is
d'iarraidh láin duirn dona caoruibh so ort-sa tánac-sa," ar
sé.



"Do-bheirim-si mo bhriathar," ar an t-aitheach, "dá mbeith
nach beith do chloinn agad-sa acht an ghein sin, agus nach beith
ar slicht Cormaic mhic Airt do chloinn acht sin, agus a dheimhin
agum-sa go rachadh sé tré thaobh Ghráinne, nach blaisfeadh sí
aonchaor dhona caoruibh so go brách."


L. 68


"Ní cóir dhamh-sa feall do dhénamh ort-sa," ar Diarmaid,
"agus is dá n-iarraidh ar áis nó ar éigin tánac-sa don chur sa."



'Gá chlos sin don aitheach do éirigh 'na sheasamh agus do chuir
a cholg ar a ghualainn agus do bhuail trí léisi lán-mhóra ar
Diarmaid go ndearna díbhéill deiróil ar sgáth a sgéithe dhe.
Agus an uair nach bhfacaidh Diarmaid an t-aitheach dá
sheachna do leig a airm ar lár agus tuc sidhe sanntach
soidhefreach ar an aitheach, agus ráinig lán a dhá dhorn do mhín
na luirge chuige. Agus do thógaibh an t-aitheach ó thalmhain
agus do chuir 'na thimcheall é, agus do shín an idh iaroinn
do uí fá cheann an aithigh agus thré cheann na luirge, agus an
uair ráinic an lorg é do bhuail trí léisi lán-aidhbhle ar an
aitheach gur chuir a inchinn tré sheinisdribh a chinn agus a
chluas amach gur fháguibh marbh gan anmuin hé. Agus do bhádar
an dias sin do Chlannuibh Morna ag féachain Diarmada risan
ccomhrac sin, agus an uair do-chonncadar ag tuitim é tángadar fén
go láthair. Agus do shuidh Diarmaid go sgítheach meirtneach
d'éis an chomhraic sin agus do ráidh riú:



"A Chlanna Morna," ar sé, "folchaigh an t-aitheach fá
sguabuibh na coilleadh ar nach ffaiceadh Gráinne é, agus éirghidh
dá hiarraidh féin 'na dheaghaidh sin agus tabhraidh libh hí."



Do thairrngeadar an t-aitheach leó fán ffiodhbhaidh agus do
fholchadar fón talmhuin hé. Do chuadar a ccuinne Gráinne
agus tugadar leó go Diarmaid hí.



"Ag sin, a Ghráinne," ar Diarmaid, "na caora do uí agad
dá n-iarraigh, agus bean féin do dhíol díobh."



"As briathar damh-sa," ar Gráinne, "nach blaiseabh-sa aonchaor
dhíobh acht an chaor bheanfas do lámh-sa dhamh."



Agus do éirigh Diarmaid 'na sheasamh agus ro bhean na caora
do Ghráinne agus do Chlannuibh Morna, agus do itheadar díol a sainte
dhíobh, agus an uair do bo sáitheach iad adubhairt Diarmaid:



"A Chlanna Morna," ar sé, "beiridh an mhéide fhédfaidhe
dona caoruibh sin libh dochom Finn, agus innisidh gurab sibh
féin do mharbh an Searbhán Lochlannach."



"Do-bheirmíd-ne ar mbriathar," ar siad, "nach beag linne
a mbéaram go Fionn díobh."


L. 70


Agus ro bhean Diarmaid eire fir dhona caoruibh dhóibh agus
do ghluaiseadar rompa a gceann Finn agus na Féine. Agus do
chuaidh Diarmaid agus Gráinne a mbarr an chaorrthainn a leabaidh
an tSearbháin Lochlannaigh, agus ní raibhe acht caora searbha
thís ar an ccaorrthann d'fhéachain na ccaor do uí thsuas air.
Agus rángadar Clanna Morna go Fionn agus do fhiafraigh sgéala
dhíobh ó thús go deireadh.



"Do mharbhamair-ne an Searbhán Lochlannach," ar siad,
"agus tucamair caora chaorrthainn Dubhrois chugad-sa a n-éraic
th'athar má tá síodh aguinn dá chionn."



Agus tucadar-san na caora a láimh Fhinn agus do ghlac Fionn
iad, agus do aithin sé na caora agus do chuir sé fána shróin iad, agus
adubhairt re Clannuibh Morna:



"Do-bheirim mo bhriathar," ar sé, "gurab é Diarmaid ó
Duibhne ro bhean na caora so, agus aithnim-si boladh chnisi
Diarmada ar na caoruibh so, agus is é ro mharbh an Searbhán
Lochlannach agus rachad-sa dá fhios an mbéaruinn ag an
ccaorrthann air."



Agus ro chuir tionól agus tiumsughadh ar sheacht ccathaibh na
gnáth-Fhéine ar aonláthair agus ro ghluais roimhe go Dubhros
Ó bhFiathrach agus ro lean lorg Diarmada agus Gráinne go bun
an chaorrthainn. Agus fuair an caorrthann gan choimhéad
air agus do itheadar raod dona caoruibh, agus ruc teasbhach ro-mhór
orra, agus adubhairt Fionn go n-anfadh a mbun an chaorrthainn
nó go n-imgheadh an teasbhach, "óir atá fhios agom Diarmaid
do bheith a mbarr an chroinn." Adubhairt Oisín:



"Is mór an comhtharra éda dhuit-si, a Fhinn, a thuigsin go
n-anfadh Diarmaid a mbarr an chaorrthainn so agus tusa fána
chomhair ann."



A ndiaigh an chomhráidh sin do dhénamh dóibh ro iarr Fionn
fithcheall dá himirt chuige. Agus adubhairt ré hOisín:



"Do imeóruinn féin cloithche riot," ar sé.



Do shuidhedar ar gach taoibh don fhithchill .i. Oisín agus
Osgar agus Mac Lughach agus Diorraing do thaoibh, agus do
shuidh Fionn don taoibh eile. Agus do bhádar ag imirt na
fithchille go fáthach fír-ghlic, agus do chuir Fionn an cluiche
ar Oisín a modh nach


L. 72


raibhe dá bhreith dhó acht aonbheart amháin. Agus adubhairt
Fionn:



"Atá aonbheart ag breith an chluiche sin duit, a Oisín, agus
bídh slán a bhfuil at fhochair an bheart sin do thabhairt duit."



Ad-beart Diarmaid a cclos do Ghráinne:



"As truagh leam an cás beirte sin ort, a Oisín, agus gan mé féin
ag tabhairt teagaisg duit."



"Is measa duit-si," ar Gráinne, "thú féin a leabaidh an
tSearbháin Lochlannaigh a mbarr an chaorrthainn so agus seacht
ccatha na gnáth-Fhéine id thimcheall ann fá chomhair do mharbhtha
ná gan an bheart sin do bheith ag Oisín."



Rena chois sin do bhean Diarmaid caor dhona caoruibh agus do
bhuail sé an fear do budh cóir do thógbháil, agus do thóg Oisín
an fear sin agus do chuir sé an cluithche san chruth chéadna arís.
Agus ní fada do uí Fionn an uair do chuir an cluiche san chruth
chéadna an dara huair ar Oisín. Agus an uair do-chonnairc
Diarmaid sin do bhuail sé caor eile ar an bhfear do budh cóir
do thógbháil arís, agus do thóg Oisín an fear sin agus do chuir sé an
cluichi san chruth chéadna arís ar Fionn; agus do chuir Fionn an
cluichi an treas uair ar Oisín, agus do bhuail Diarmaid an treas
caor ar an bhfear do-bheireadh an cluichi d'Oisín. Do tógbhadh
gáir mhór an chluichi rena chois sin agus adubhairt Fionn:



"Ní hiongnadh leam-sa an cluichi sin do bhreith duit-si,
a Oisín, agus a dhíthcheall ag Osgar dá dhénamh agus dúthracht
Diorraing agus fáth-imirt Mhic Lughach agus teagasg díreach
Diarmada."



"As ro-mhór an t-éd duit-si, a Fhinn," ar Osgar, "a
thuicsin go n-anfadh Diarmaid ó Duibhne a mbarr an
chaorrthainn so agus tusa fána chomhair."



"Cia hagainn féin agá bhfuil an fhírinne, a mhic í Dhuibhne,"
ar Fionn, "misi nó Osgar?"



"Níor coilleadh thusa at aithne mhaith ariamh, a Fhinn,"
ar Diarmaid, "agus atáim-si agus Gráinne ann so a leabaidh an
tSearbháin Lochlannaigh."


L. 74


Agus rena chois sin rug Diarmaid ar Ghráinne agus tuc trí
póga dhi fá chomhair Fhinn agus na Féine.



"As measa leam-sa seacht ccatha na gnáth-Fhéine agus fir
Éreann d'fhiaghnuisi ort an oidhche rugais Gráinne leat a
Teamhraigh, agus gurab tú féin dob fhear coimhdeachta agum-sa
an oidhche sin, ná a bhfuil ann so d'fhiadhnuisi ort, agus do-bhéara
tú do cheann ar son na bpóg sin."



Ann sin do éirigh Fionn agus na ceithre céad franc-amhus do
bhí ar a thuillmhe agus ar a thuarastal fá chomhair Diarmaid do
mharbhadh, agus do chuir Fionn a lámha a láimh a chéile timcheall
an chaorrthainn agus do fhuagair dhóibh gan Diarmaid do leigean
tarsa amach, agus do gheall gibé d'Fhianaibh Éreann do rachadh
suas d'iarraidh cinn Diarmada uí Dhuibhne go ttiubhradh
sé a arm agus a éideadh féin dó agus go ttiubhradh ionadh a athar agus a
shean-athar saor a bhFianaigheacht dó.



Is ann sin do fhreagair Garbh Shléibhe cCua dhó agus adubhairt
gurabh é athair Diarmada uí Dhuibhne do mharbh a athair
féin agus go rachadh dhá dhíoghail sin ar Diarmaid. Ro ghluais
roimhe suas.



Agus do foillsigheadh d'Aonghus an Bhrogha an cumhgach
a raibhe Diarmaid agus do chuaidh dá fhóirighin. Agus mar
ráinic Garbh Shléibhi cCua a mbarr an chaorrthainn do chuir
dealbh Dhiarmada ar Gharbh Shléibhi gCua, agus tuc Aonghus
buille dá chois ann agus do chuir ameasg na Féine síos hé, agus do
mharbhadar franc-amhais Fhinn é. Agus d'éis a mharbhtha
táinic a dhealbh fén air. Is ann sin do athain Fionn agus Fiana
Éreann é agus adubhradar gurab é Garbh Shléibhi gCua do uí ann.



Is ann sin adubhairt Garbh Shléibhi Crot go rachadh fén do
dhíoghail a athar ar Diarmaid ó Duibhne, agus do ghluais roimhe
suas, agus tuc Aonghus buille dá chois ann agus do chuir ameasg na
Féine síos é agus dealbh Dhiarmada air agus do marbhadh mar an
ccéadna é.



Is ann sin do éirigh Garbh Shléibhi Cláire suas agus adubhairt
gurabh é Donn ó Donnchadha do mharbh a athair fén agus go
rachadh dhá dhíoghail sin ar Diarmaid ó Duibhne; agus do ghluais


L. 76


roimhe suas a mbarr an chaorrthainn agus tug Diarmaid buille
dá chois ann agus do chuir Aonghus dealbh Dhiarmada air nó
gur marbhadh é.



Iomthúsa Finn, do chuir sé naoi nGairbh na Féine do thuitim
le Diarmaid ó Duibhne .i. Garbh Shléibhe gCua agus Garbh
Shléibhe Crot agus Garbh Shléibhe Cláire agus Garbh
Shléibhe Muice agus Garbh Átha Móir agus Garbh Átha Luain
agus Garbh Átha Fraoich agus Garbh Shléibhe Mis agus
Garbh Droma Móir. Agus an uair do thuiteadar na naoi nGairbh
adubhairt Aonghus go mbéaradh sé Gráinne leis gusan mBrugh
ós Bóinn, agus adubhairt Diarmaid dá mbeadh féin 'na
bheathaidh go leanfadh iad, agus dá marbhadh Fionn é féin gibé
clann do bhiadh ag Gráinne a ccur dá n-oileamhain go maith
agus Gráinne do chur dochum a hathar go Teamhraigh.



Do thiomain Aonghus cead agus ceileabhradh ag Diarmaid ann
sin agus ní fhacaidh Fionn náid Fiana Éreann iad. Is ann sin
adubhairt Diarmaid ó Duibhne do ghuth árd fhollus-ghlan go
rachadh féin síos a cceann Fhinn agus na Féine.



"Dá madh áil leat-sa sin," ar Fionn, "is fada ó do bheinn-si
agus tú féin réidh ré chéile."



"Ní do dhénamh síochána riot-sa rachad-sa ann," ar Diarmaid,
"acht dob áil leam gan an t-ionadh so d'fhágbháil gan
fhios duit-si."



An uair do chualaidh Fionn sin do chuir sé seacht gcatha
na gnáth-Fhéine timcheall an chaorrthainn agus tucadar irsi a
sgiath ina chéile ar chor nach rachadh Diarmaid tharrsa amach.
An uair do-chonnairc Diarmaid a lámha a láimh a chéile a
ttimcheall an chaorrthainn do chuir urrlanna a chraoiseach
faoi agus do éirigh sé go húréadrom ós cionn cáich amach, agus do
fhógair sé d'Fhionn agus d'Fhianaibh Éreann é féin do dhul tarrsa
amach, agus do chuir a sgiath ar sduaigh-leirg a dhruma, agus do
ghluaiseadar seacht ccatha na gnáth-Fhéine a ndiaigh Dhiarmada
agus do chaitheadar a n-aoineacht hé agus ní dhearnaidh aoinneach
aca díbháil dó nó go ndeachaidh sé eadh imchian uatha, agus
do fhill sé tar a ais nó go ndeachaidh ar lorg Gráinne agus
Aonghusa gusan mBrugh ós Bóinn an oidhche sin. Agus fa
luathgháireach Gráinne agus Aonghus ar bhfaicsin Diarmada
dhóibh


L. 78


agus do chaitheadar fleagha agus fuireadha an oidhche sin go
ttáinic maidin arna mhárach.



Agus do éirigh Aonghus go moch an lá sin agus do chuaidh a
cceann Finn agus na Féine agus do fhiafraigh d'Fhionn a' ndénadh
sé síodh re Diarmaid ó Duibhne. Adubhairt Fionn nach ffuil
ar bith cruth ar a n-iarrfadh Diarmaid síth nach ttiubhradh sé
féin dó hí. Is ann sin do chuaidh Aonghus a cceann Chormaic
mhic Airt d'iarraidh síodha do Dhiarmaid ó Duibhne air, agus
adubhairt Cormac go ttiubhradh sé síth dhó. Agus do chuaidh
Aonghus a cceann Diarmada agus do fhiafraigh dhe a' ndénadh
sé síodh ré Cormac agus re Fionn. Adubhairt Diarmaid go ndénadh
sé síth dá ffaghadh sé na comhadha do iarrfadh sé orra.



"Cá comha sin?" ar Aonghus.



"Tríocha céad Chorca Dhuibhne do bhí ag mh'athair, gan
seilg ná fiadhach do dhénamh innte d'Fhionn agus gan cíos ná
cáin do rígh Éreann ann, agus tríocha céad Bheinne Damhuis
Dubh-chairrge a Laignibh mar chumhaigh dam féin ó Fhionn,
ór as é tríocha céad is fearr atá a nÉrinn é, agus tríocha céad
Chéisi Coruinn ó rígh Éreann mar spré rena inghin damh.
Agus ag sin na comhadha rena ndénuinn-si síth re rígh Éreann
agus re Fionn," ar Diarmaid.



"An mbeir síodhach ris na comhadhuibh sin dá bhfaghair
iad?" ar Aonghus.



"Do badh usaide leam síth do dhénamh iad súd d'fhagháil,"
ar Diarmaid.



Is ann sin do chuaidh Aonghus leis na sgéaluibh sin a cceann
rígh Éreann agus do chuaidh a cceann Finn, agus fuair sé na comhtha
uile uatha, agus do mhaitheadar dhó a ndearna sé orra an feadh
do uí sé fá choill. Agus do-rinni Aonghus síth eatarra go ceann
shé mbliadhan déag. Agus is é ionad inar thogh Diarmaid agus
Gráinne ionadh agus áit chaithmhe a Ráith Ghráinne a ttríocha
chéd Chéisi Coruinn ar a fhad ó Fhionn agus ó rígh Éreann. Agus
do rug Gráinne ceathrar mac agus aoninghean do Dhiarmaid ann
sin .i. Donnchadh agus Eochaidh, Connla agus Sealbhach
Searcach, agus Druineach Dhil inghean Diarmada.



Agus tucadh tríocha céad Bheinne Damhuis Dubh-chairrge a
Laighnibh don inghin sin, agus do cuireadh brughaidh agus biataigh


L. 80


agus meic-óglaoich d'ar agus d'fhoghnamh dhi ann agus do-rónadh iostadh
agus áit chaithmhe dhi ann. Do bhádar ag comhall na síothchána
dá chéle mar sin athaidh fhada. Agus adeiritt aroile nach raibhe
a gcomhaimsir ris féin aonnduine budh lia ór agus airgead, buar
agus bó-tháinte, cruidh agus ceathra ná Diarmaid.



Do labhair Gráinne re Diarmaid aon do ló agus adubhairt gur
náir dhóibh féin méid a muintire agus truime a tteaghlaigh agus
gan comháireamh ar a ccaitheamh, agus "gan an dias is fearr atá a
nÉrinn do bheith aonoidhche inar tteagh .i. Cormac mac
Cormac agus Fionn mac Cubhaill."



"Créad fá n-abra sin," ar Diarmaid, "agus iad sin ina naimhdibh
agum-sa?"



"Do budh maith leam-sa," ar Gráinne, "fleadh do thabhairt
dóibh ar chor go madh annsaide leó thusa é."



"As cead leam-sa sin," ar Diarmaid.



"Maseadh," ar Gráinne, "cuir-si feasa agus teachta a cceann
th'inghine dá rádha ria fleadh eile do chomhmóra ria ar chor
go mbeirmís-ne rígh Éreann agus Fionn dá teagh, agus nach feas nach
ann do ghébhadh sí a diongmhála d'fhior agus d'fhear-chéle."



Agus ro cinneadh an chomhairle sin leó; agus do bhí an dá fhleidh
chomhmórtuis sin ag Gráinne agus agá hinghin agá ndeasughadh
go ceann mbliadhna. Agus a ccionn na bliadhna sin do uí
Gráinne agus Diarmaid a Ráith Ghráinne ina ccodladh, agus do
chualaidh Diarmaid guth gadhair tréna chodladh san oidhche
agus do bhiodhg sé as a chodladh agus rug Gráinne air agus do
fhiafraigh créad do chualaidh.



"Guth gadhair do chuala," ar sé, "agus is iongnadh leam a
chlos annsan oidhche."



"Slán coimhdhe fort-sa," ar Gráinne, "agus is iad Tuatha Dé
Danann do-ní sin fort-sa tar ceann choimhéada Aonghusa ort.
Agus luigh it iumdhaidh féin arís agus ná tabhair sin dot aire."



Do luigh Diarmaid arís agus níor thuit a chodladh air an uair
do chualaidh guth an ghadhair arís, agus do éirigh sé 'na sheasamh


L. 82


agus ruc Gráinne fair agus adubhairt ris gan dul fá ghuth gadhair san
oidhche. Do luigh Diarmaid san iomdhaidh arís agus do thuit
a thorrchim suain agus síor-chodalta fair agus as é guth an ghadhair
do dhúisigh an treas uair é. Agus táinig an lá gona lán-shoillsi
chuige as a haithle, agus do éirigh 'na sheasamh agus adubhairt go
rachadh fá ghuth an ghadhair ó tharla an mhaidean dá ionnsuighe.



"Maseadh," ar Gráinne, "beir an Móraltach .i. cloidheamh
Manannáin leat agus an Ga Dearg Duinn"



"Ní bhéar," ar Diarmaid, "béarad an Beagaltach agus Ga
Buidhe an Lámhaigh leam agus Mac an Chuill ar slabhradh um
láimh."



Do ghluais Diarmaid roimhe amach ó Ráith Ghráinne agus ní
dearnadh oiriseamh ná comhnaidhe lais nó go ráinic go mullach
Bheinne Gulban, agus fuair Fionn roimhe ann gan aonnduine 'na
fhochair. Agus níor bheannaigh Diarmaid dó agus do fhiafraigh
dhe an é do bhí ag dénamh na sealga.



Adubhairt Fionn nacharbh é féin do bhí agá dénamh, "acht
buidhean shluaigh do éirgheas amach ó chianuibh agus tarla lorg
muice allaidh ar ghadhar do ar ngadhruibh agus é sgaoilte renar
gcois, agus níor fédadh a ghabháil; agus as é torc Bheinne
Golban tarla roimhe. Agus is díomhaoin don Fhéin bheith agá
leanmhain óir is minic roimhe so do chuaidh uatha, agus do mharbh
caoga óglách don Fhéin ar maidin aniu. Agus atá sí a n-aghaidh
na Beinne anís chuguinn agus an Fhian ag teitheadh roimpe,
agus fágbham-ne an tulach so dhi."



Adubhairt Diarmaid nach ffúigfeadh an tulach roimhe.



"Ní cóir dhuit-si sin," ar Fionn, "ór is dot gheasuibh sealg
mhuice do dhénamh."



"Créad an fáth fár cuireadh na geasa sin orm-sa?" ar
Diarmaid.



"Inneósad-sa sin duit-si," ar Fionn. "Lá n-aon dhá
ttarla damh-sa bheith a nAlmhain leathain-mhóir Laighean
agus seacht ccatha na gnáth-Fhéine am thimcheall ann, agus
táinig Bran beag ó Buadhacháin amach agus do fhiafraigh
dhíom-sa nar chumhain leam gurab dom gheasuibh bheith deich
n-oidhche a leabaidh a chéile a nAlmhain gan a bheith
oidhchi 'na fhégmuis. Agus ní tharladar na geasa sin ar
aonduine san Fhén acht orm-sa


L. 84


um aonar. Agus do chuadar an Fhian asteach an oidhche
sin agus níor an am fhochair-si acht th'athair-si agus
beacán d'éigsibh agus d'ollamhnuibh na Féine agus ar gcoin
agus ar ngadhair. Agus do fhiafraigheas-sa cá rachmaís an
oidhche sin agus adubhairt t'athair-si .i. Donn ó Donnchadha,
go ttiubhradh féin aoidheacht na hoidhche sin damh.



"Dá madh cumhain leat-sa," ar Donn ó Donnchadha, "an
uair do bhádhus-sa ar foghail agus ar forfhógra uait féin agus
ón fFéin agus tarla Crochnad inghean Churraigh Lifthe torrach
uaim, agus ruc mac dhamh, agus do ghlac Aonghus an Bhrogha an
mac sin dá altrom agus dá oileamhuin. Agus rucadh mac eile do
Roc mac Diochmhairc isin aimsir sin, agus do iarr sé orm-sa an
mac sin do ghlacadh dá altrom agus dá oileamhain, agus adubhart-
sa nachar chubhaidh rium mac an mhodhadh do ghlacadh. Agus atá
mo mhac féin ag Aonghus agus ní fhaca re bliadhuin é, agus
do-ghébhum ar aon aoidheacht na hoidhche anocht ann."



"Do ghluaiseas féin," ar Fionn, "agus Donn go teach Aonghusa
an Bhrogha an oidhche sin, agus bhádhuis-si, a Dhiarmaid
uí Dhuibhne, astigh an oidhche sin. Agus do uhí cion mór ag
Aonghus ort, agus níor mhó sin ná in cion do uhí ag muintir
Aonghusa ar mac an reachtaire, agus do bhí formad mór ar th'athair-si.
Agus do éirigh bruighean eidir dhá choin dom chonuibh-si
astigh, agus do theitheadar mná agus mion-daoine in tighe rompa
nó gur éirgheadar cách dá ccur ó chéile. Agus do chuaidh mac
an reachtaire eidir dhá ghlún th'athar-sa do theitheadh roimh
na conuibh, agus tuc sé fásgadh fearamhail don dá ghlún fair agus do
mharbh sé mac an reachtaire mar sin.



Táinic an reachtaire aníos agus adubhairt:



"A Fhinn," ar sé, "ní fhuil astigh ann so anocht duine is measa
do sgar risin mbruighin sin iná mé féin, óir ní raibhe do chloinn
agum acht aonmhac agus do marbhadh é, agus cionnus do-ghébh a
éruic uait-si, a Fhinn?"



Adubhart-sa féin a fhéachain an raibhe sliocht na ccon
fair, agus dá mbeadh go ttiubhrainn féin éraic ann. Do féachadh
an mac agus ní fríth sliocht fiacal ná iongan óna conuibh air.
Adubhairt an reachtaire:



"Cuirim-si thusa, a Fhinn, fá gheasaibh áidh agus
aidhmhillte .i. troigh mhná troghain agus néill mhairbh ós uisge
agus saoghal Neóill


L. 86


Chaille arna chronughadh agad muna ttuca tú a fhios damh
cia do mharbh mo mhac."



"Tucadh síothal agus uisge chugum-sa," ar Fionn, "agus do
ionnlas mo lámha agus do chuireas m'ordóg fám dhéd fis, agus
do foillsigheadh fios agus fírinne damh, adhón, t'athair-si do
mharbhadh mic an reachtaire, agus do thairgeas fén éraic uaim an
uair do foillsigheadh sin damh. Do dhiúlt in reachtaire sin uaim
gurbh éigin damh a innisin dó gurbh é th'athair-si do mharbh
a mhac. Adubhairt an reachtaire nach raibhe astigh duine dárbh
usa éric do thabhairt dó ná th'athair-si, ór do uí mac aige
féin astigh, agus adubhairt an reachtaire nach géabhadh éraic
chuige acht thusa do thabhairt eidir a dhá ghlún dó, agus go
maithfeadh a mhac dá léigeadh sé thusa slán uadha.



Feargaighis Aonghus trésan urlabhra sin risin reachtaire,
agus do bhreathnaigh th'athair-si a cheann do bhuain de nó
gur chuireas-sa dá dhruim é. 'Na dhiaigh sin táinic an
reachtaire aníos agus slat dhoilfe dhraoidheachta aige, agus do
bhuail a mhac fhéin don tslait sin agus do-rinne muc mhaol-
dóite gan chluais gan iurball de, agus adubhairt an reachtaire:



"Cuirim-si fá gheasuibh thú gurab ionann saoghal duit agus do
Dhiarmaid ó Duibhne agus gurab lat thuitfeas fá dheireadh."



Do ghabh an mhuc sin an dorus amach, agus an uair do chualaidh
Aonghus na geasa sin do chuir sé thusa fá gheasuibh, a
mhic uí Dhuibhne, gan sealg mhuice do dhénamh go brách.
Agus is í sin an torc so Beinne Golban agus ní cóir dhuit-si
anmhain ria."



"Ní raibhe fios na ngeas sin agum-sa go n-uige sin," ar
Diarmaid, "agus ní fhúiceabh an tulach so nó go dtige sí dom
ionnsuidhe, agus fáguibh-si Bran agum a ffochair Mhic an
Chuill."



"Ní fhúiceabh," ar Fionn, "ór is minic do chuaidh an torc
so dhi roimhe seo."



Do ghluais Fionn roimhe d'fhágbháil na tulcha.



"Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Diarmaid, "gurab dom
mharbhadh-sa do chumais an tsealg so, a Fhinn, agus más
ann atá a ndán damh-sa bás d'fhagháil ní ffuil feidhm
agum a sheachna."


L. 88


'Na dhiaidh sin táinic an torc a n-aghaidh na Beinne aníos
agus an Fhian ina diaigh, agus do sgaoil Diarmaid Mac an
Chuill dá héill ina cuinne, agus ní dhearnaidh sin tarbha dhó
ór níor an sí risin torc acht do theith roimpe. Adubhairt
Diarmaid:



"Is mairg nach dén comhairle dheagh-mhná, ór adubhairt
Gráinne ream a mochrach an Móraltach agus an Ga Dearg do
thabhairt leam."



Rena chois sin do chuir méar a suaichneamh síoda an Gha
Buidhe an Lámhaigh do uhí 'na láimh agus tuc rogha n-áitheasach
n-urchair ar amus na muice dhe gur bhuail a gceart-lár a
haithche agus a hédain hí, agus níor ghearr aonruibe innte,
agus níor mhó dhearg fuirre. Réna chois sin ro bhean a
chloidheamh amach .i. an Beacaltach, agus do bhuail ina druim
hí agus níor ghearr aonruibe ann, agus do-rinne dá chuid dá
chloidheamh.



Rena chois sin tuc an torc sidhe nemhneach neimh-eglach
ar Diarmaid agus do bhean sí an fód do uhí fána chosuibh, agus tarla
mullach a chinn faoi.



Agus ag éirghe dó tarla cos ar gach taobh don torc aige
agus a aghaidh roimhe siar, agus do ghluais sí re fánaigh an
chnuic síos agus níor fhéad sí Diarmaid do chur dhi. Agus
do ghabh roimpe as sin nó go ráinic Eas Ruaidh mhic Bhadhoirn,
agus mar do ráinic an t-eas ruc trí léimeanna lúith tar an eas
anonn agus anall agus níor fhéad sí Diarmaid do chur dhi
risin bhfeadh sin. Táinic roimpe a ffrithing na conaire céadna
agus a n-aghaidh aird na Beinne suas arís, agus ar tteacht
ar mullach an chnuic aníos di do chuir sí Diarmaid di, agus
ag tuitim dochum láir dhó tuc sí sidhe neimhneach neimh-eglach
air gur leig sí a abach agus a ionathar ris. Agus ag fágbháil na
tulcha dhi tuc Diarmaid urchar áitheasach do chobhail an
chloidhimh do uhí 'na láimh dhi gur bhuail a n-oghar a
himlinne hí, gur leig sé a habach agus a hionathar ria, gur
fháguibh marbh gan anmain hí. Gurab Ráthín na hAbarnaigh
ainm na rátha atá ar mullach na Beinne sin thuas ó sin a leith.



Rena chois sin táinig Fionn agus Fiana Éreann do láthair,
agus do


L. 90


bhádar arrgheana báis agus buan-éga ag teacht do Dhiarmaid.
Is ann sin adubhairt Fionn:



"Is maith leam t'fheicsin mar sin, a Dhiarmaid," ar sé, "agus
is truagh leam nach ffuilid mná Éreann uile dot fhéachain
anois, ór tucais maisi ar mhí-mhaisi agus dealbh mhaith ar
droch-dheilbh."



"Atá ar cumus duit-si misi do leigheas uatha sin," ar Diarmaid,
"madh áil leat féin hé."



"Cionnus do leigheósainn-si thú?" ar Fionn.



"Co maith," ar Diarmaid, "ór do ghlacais an t-eó fis do uí
for Bóinn, agus gidh bé dá ttiubharthá deoch dot bhasuibh do
bhiadh sé óghshlán ón uile ghalar dá éis."



"Níor thuillis-si uaim-si an deoch sin do thabhairt duit,"
ar Fionn.



"Ní fíor sin," ar Diarmaid, "ór is maith do thuilleas-sa
uait hí an oidhche do chuadhuis-si do thigh an Deirg mhic
Dionnarthaigh, agus maithe agus mór-uaisle Fhian Éreann at
fhochair, do thochaitheamh fleidhe. Agus táinic Cairbre
Lifeachair mac Cormaic agus fir Bhreagh agus Mhidhe agus
Chearmna agus Colamhna tinniosnacha na Teamhrach timcheall
na bruighne ort-sa, agus tucadar trí trom-ghárrtha ós aird ina
timcheall, agus do chuireadar teinnte agus teannála innte, agus
do éirghis-si it sheasamh, a Fhinn, agus dob áil leat a
dhol amach, agus adubhart-sa riot-sa anmhain astigh at ionadh
óil agus aoibhneasa agus go rachainn féin amach agus go ccoisgfinn
iad sin. Agus do chuadhas amach agus do bhádhus na teinnte
agus tucus trí dearg-ruathair timcheall na bruighne agus do
mharbhas céad do gach ruathar dhíobh, agus do chuadhas féin
asteach iomshlán uatha gan fhuiliughadh gan fhordeargadh orum.
Agus do budh luathgháireach lán-mheanmnach do bhádhuis-si
romham an oidhche sin, a Fhinn, agus tucais deoch dhamh an
oidhche sin, agus níor chóra duit sin do thabhairt damh an uair
sin ná anois."



"Ní fíor sin," ar Fionn, "ór is olc do thuillis uaim-si deoch
do thabhairt duit ná aonní maitheasa do dhénamh dhuit an
oidhche tángais leam go Teamhraigh agus ruguis Gráinne leat
uaim a Teamhraigh a bhfiaghnuisi bhfear nÉreann, agus
gurab


L. 92


tú féin dob fhear coimhéada agum-sa an oidhche sin a
tTeamhraigh."



"Ní fíor sin," ar Diarmaid, "óir níor chionntach mise leis
sin acht geasa do chuir Gráinne orm, agus ní chaillfinn-si
mo gheasa ar ór na cruinne. Is maith do thuilleas-sa uait
deoch do thabhairt damh dá madh cumhain leat an uair do-rinne
Mídheach mac Colgáin fleadh Bhruighne Caorrthainn fád
chomhair. Agus do uhí bruighean ar tír agus bruighean ar tuinn
aige, agus do tharraing sé Ríghe an Domhain agus trí rígh Innsi
Tile gusan mbruighin do uhí ar muir aige fá chomhair do chinn
do bhuain díot-sa. Agus do bhí an fhleadh dá tabhairt amach
isin mbruighin do uhí ar tír aige, agus do chuadhuis-si agus
drong do mhaithibh Fhian Éireann maille riot do chaitheamh
na fleidhi sin go Bruighin in Chaorrthainn, agus do chuir
Mídheach úir Innse Tile fúibh ionnus gur leanadar bhur ccosa
agus bhur lámha a n-aoineacht don talamh. Agus mar do fuair
Rígh an Domhain sgéala thusa agus do mhuintir do bheith
ceangailte cruaidh-chuibhrighthe mar sin do chuir sé taoiseach
céad dá mhuintir féin d'iarraidh do chinn-si. Agus
tucais-si th'ordóg fád dhétt fis agus do foillsigheadh
fios agus eolus duit.



Agus as í sin uair agus aimsir fá ttánag-sa féin ad
dheaghaidh-si go Bruighin an Chaorrthainn agus tucais-si
aithne orum ag teacht dochum na bruighne damh, agus do
fhoillsighis-si damh Mídhach mac Colgáin agus Ríghe an
Domhain agus trí rígh Innse Tile do bheith a mBruighin an
Oiléain ar Sionainn, agus nach fada go ttiucfadh cuid éigin
aca d'iarraidh do chinn féin agus dá bhreith go Ríghe an
Domhain. Agus mar do chualas-sa sin do ghabhas cumairce
th'anma-sa agus do chuirp orum féin go héirghe do ló arna
mhárach.



Agus do-chuadhas ar an áth do bhí re taobh na bruighne
dá chosnamh. Níor chian do bhádhus ann an tan táinic an
taoiseach céad sin do mhuintir Rígh an Domhain chugum, agus
do chomhraicsim re chéile agus do bheanus a cheann de féin agus do
chuireas ár a mhuintire, agus do leanas iad go Bruighin an
Oiléain, agus fuaras Rígh an Domhain a ndáil óil agus aoibhneasa
ann sin agus trí rígh Innsi Tile ina fhochair. Agus do bheanas
mo chloidheamh amach agus do bheanas a cheann do Rígh an Domhain
don chéad-bhéim, agus ro bheanas a ttrí cinn dona trí
ríoghuibh sin


L. 94


eile do uhí 'na fhochair agus do chuireas a ccobhraidh mo
sgéithe iad. Agus do thógbhas an corn cloch-órrdha cumhdaigh
gona lán do shean-mhiodh sho-óla do uhí a bhfiaghnuisi
Rígh an Domhain um láimh chlí agus do-rinneas faobhar-chleas
dom chloidheamh um thimcheall, agus tánag romham do thoradh mo
ghoile agus mo ghaisgidh go Bruighin in Chaorrthainn. Agus
tucas na cinn sin agus na cuirn duit-si, a Fhinn, mar
chomhartha cosgair agus comhmaoite, agus do choimleas fuil
mhéidhe na ttrí ríogh sin fúd féin agus fán druing sin d'
Fhianaibh Éreann do bhí ceangailte maille friot, ionnus gur
leigius luaghuil a lámh agus céimniughadh a ccos ar a ccumas.
Agus dá madh í an oidhche sin, a Fhinn, do iarrfuinn-si deoch
ort-sa do-ghébhuinn í."



Is ann sin adubhairt Osgar mac Oisín:



"A Fhinn," ar sé, "an fhuil a fhios agad gurab goire mo
ghaol féin do Dhiarmaid ó Duibhne ná duit-si, agus nach
leigfinn leat gan deoch do thabhairt dó."



"Ní haithne damh-sa tobar ar an mBeinn si," ar Fionn.



"Ní fíor sin," ar Diarmaid, "ór ní fhuil acht naoi spáis uait
tobar fíor-áluinn fíor-uisge is fearr ar bith."



Ina dhiaigh sin téid Fionn d'ionnsaighe an tobair agus do
thógaibh lán a dhá bhas leis, agus ní mó ná leath sligheadh
táinic an uair do leig sé an t-uisge trína bhasuibh síos, agus
do innis nachar fhéad sé an t-uisge do thabhairt leis.



"Do-bheirim-si mo bhriathar," ar Diarmaid, "gurab dot
dheóin féin do-ní tú sin."



Téid Fionn ar ceann an uisge arís, agus ní mó ná an fad céadna
tuc leis é an uair do leig tréna bhasuibh síos é.



"Dar mo bhréithir a bhfiaghnuisi m'arm," ar Osgar, "muna
ttucair an t-uisge leat go luath, a Fhinn, ní racha don
láthair so dhínn 'nar ndís acht an tí bhus treisi."



Do thill Fionn an treas feacht ar ceann in uisge leis in
ccomhrádh sin go Diarmaid, agus tuc lán a dhá bhos don uisge
leis. Agus ag teacht do láthair dó do sgar a anam rena chorp
ag Diarmaid. Agus do thógbhadar an drong do bhí ar an láthair
sin d'Fhianuibh Éreann trí trom-ghárrtha adhbhal-mhóra
acaoineacha ós aird ag caoineadh Diarmada uí Dhuibhne. Agus
d'éirigh Osgar do bhorb-thulcha troim-fheirge iona
sheasamh agus do


L. 96


bhreathnaigh a cheann do bhuain d'Fhionn ar an láthair sin
go ndubhairt Oisín:



"A mhic," ar sé, "as fíor gur thuill sé sin uait-si agus ó
Fhiannaibh Éirionn go hiomlán tré gan Diarmaid
d'fhóirighthin, agus ná déin-si an dá léan a n-aonló
dhúinn, agus fágbham an tulach so annois ar eagla go ttiocfadh
Aonghus chuguinn agus nách creidfeadh uainn nách sinn féin tug
bás do Dhiarmaid gion gur chionntach Fionn rena bhás."



Do ghluais Fionn agus an drung sin d'Fhianuibh Éreann
d'fhágbháil na tulcha, agus Mac in Chuill a láimh Fhinn,
agus do fhill Oisín agus Osgar agus Caoilte agus Mac
Lughach agus do chuireadar a cceithri bruit a n-aoineacht ar
Diarmaid, agus do ghluaiseadar féin a ndiaidh Fhinn agus
na Féine, agus ní haithristear sgéaluigheacht orra nó go rángadar
go Ráith Ghráinne. Agus do uhí Gráinne rompa amuigh ar
táibhlibh na rátha ag fuireach re sgéaluibh Diarmada
d'fhagháil, agus do-chonnairc sí Fionn agus Fiana Éreann
fán toichim sin chuice, agus adubhairt Gráinne:



"Dá mbeadh Diarmaid ó Duibhne beó," ar sí, "ní a láimh
Fhinn do bheadh Mac in Chuill ag teacht don bhaile so."



Agus is amhlaidh do uhí Gráinne an ionbhaidh sin agus í taobh-
throm torrach, agus do thuit sí tar múruibh na rátha amach agus
ruc sí triúr mac marbh ar an láthair sin. Mar do-chonnairc
Oisín an bhean go n-iodhnuibh do chuir sé Fionn agus an
Fhian ón láthair. Ag fágbháil na láithreach d'Fhionn agus
don Fhéin do thóguibh Gráinne a ceann agus do iarr ar Fionn
Mac in Chuill d'fhágbháil aice féin. Adubhairt Fionn nach
ttiubhradh, agus nachar mhór leis an oiread sin d'oighreacht
Diarmada uí Dhuibhne do bheith aige féin. Do-rinne Oisín
air agus do bhean an cú a láimh Fhinn agus tuc leis go
Gráinne hí, agus do lean sé fén a mhuintir.



Tángadar teaghlach Gráinne amach agus rugadar leó don
ráith asteach í. Is ann sin do chuir Gráinne na trí céad do
theaghlach do uhí aice go Beinn Gulban ar ceann chuirp
Dhiarmada uí Dhuibhne dá thabhairt chuice féin go Ráith
Ghráinne. Do ghluaiseadar an teaghlach rompa go Beinn Gulban,
agus fuaradar Aonghus an Bhrogha rompa ann agus a thrí céad
do theaghlach ina thimcheall ós cionn chuirp Dhiarmada uí
Dhuibhne.


L. 98


Agus mar do aithnigheadar teaghlach Gráinne Aonghus do
chuireadar easgcaoin a sgiath amach a ccomhartha síochána.
Agus do aithin Aonghus iad-san, agus mar rángadar dho láthair
do thógbhadar féin agus muintir Aonghusa trí trom-ghártha
aidhbhle uathbhásacha ós cionn chuirp Dhiarmada uí Dhuibhne
ionnus go cclos a néllaibh neimhe agus a bhfraighibh na
fiormaminte monghar agus mac alla na mór-ghártha sin. Agus
adubhairt Aonghus:



"Ní rabhus aonoidhche ó do rugas leam don Brugh ós
Bóinn thú a ccionn do naoi míos gus anocht nach beinn dot
fhaire agus dot fhorchoimhéad ar th'easgcairdibh, a
Dhiarmaid, agus is truagh an fheall so do-rinne Fionn ort
tar ceann do shíochána ris."



Agus ad-beart an laoi so síos and:




"Truagh sin, a Dhiarmaid dhédla,
a hÍ Dhuibhne gheil-ghéga,
do díobhadh do chrú fád cháil,
do ciurrbhadh crú do chorpáin.



Ón fhiacail neimhe troim-thric
fuarais sgathadh gér trom-thuirc,
ón mheangaigh mhallachtaigh mheabhlaigh
tsreangaidh teann-mhóir tsrúibh-bhearnaigh.



Torc Bheinne Golban go ngoil
do shlaigheadh Diarmada dealbh-ghloin,
ní tláith-mhín do chuaidh 'na chneidh
ós Ráithín fhuair Abarnaigh.



Truagh do-rinne Fionn fáilteach fén
arna shíodhughadh gan toibhéim,
sgardáin chuimhne, cruaidh an cás,
dá bhfuair Ó Duibhne dian-bhás.



A mharcraidh shíodha gan tshal,
tócthar libh Diarmaid dealbh-ghlan
gusan mBrugh mbinn mbuidhneach mbuan,
ní linn nach cuimhneach comhthruagh."
Truagh.


L. 100



A haithle na laoidhe sin do fhiafraigh Aonghus do theaghlach
Gráinne créad an toisg fá ttángadar ar an láthair sin.
Adubhradar-san gurab í Gráinne do chuir ar ceann chuirp
Dhiarmada uí Dhuibhne iad dá bhreith chuice fén go Ráith
Ghráinne. Adubhairt Aonghus nach leigfeadh corp Diarmada
leó agus go mbéradh fén leis é don Bhrugh ós Bóinn, "agus ó
nach éidir leam a aithbheódhughadh arís cuirfead anam aearrdha
ann ar chor go mbia ag labhairt ream gach laoi."



Imthúsa muintire Gráinne, do chuadar ina ceann fén go Ráith
Ghráinne agus do inniseadar dhi nár leig Aonghus an Bhrogha
corp Diarmada leó agus go rug féin leis don Bhrugh ós Bóinn
é. Adubhairt Gráinne ann sin nach raibhe cumus aice féin air,
agus do chuir feasa agus teachta uaithe ar ceann chloinne
Diarmada uí Dhuibhne go tríocha céad Chorca Dhuibhne mar a
rabhadar dá leasughadh agus dá lán-chaomhna.



Agus is amhlaidh do bhádar an chlann sin agus brughaidh agus
biataigh agus meic-óglaoich ag ar agus ag foghnamh dóibh, agus
do bhí tríocha céad do theaghlach ag gach mac dhíobh. Agus dob
é Donnchadh mac Diarmada hí Dhuibhne mac do budh urrúnnta
oirbheartaidhe do chloinn Diarmada uile, agus is dó ghéilldís
an ceathrar eile .i. Eochaidh agus Connla, Sealbhach
Searcach agus Iollann Iolchrothach mac Diarmada í Dhuibhne,
mac inghine rígh Laighean, agus níor mhó searc agus ionmhaine
Gráinne d'aonduine dá cloinn féin iná d'Iollann.



Mar rángadar na teachta sin iad do ghluaiseadar rompa go Ráith
Ghráinne, líon a tteaghlaigh agus a ttionóil, agus do
fhiarfaigheadar a n-aos grádha agus géir-ionmhaine díobh créad
do-dhéndís fén ó do bhádar-san ag dul a cceann chogaidh agus
choinghleaca ré Fionn agus ré Fianuibh Éreann. Adubhairt
Donnchadh mac Diarmoda í Dhuibhne riú anmhain ar a n-áitibh
féin, agus dá ndearndís fén síth re Fionn nár bhaoghal dóibh
aonní, agus muna ndearndís riú-san a rogha tighearna do bheith
acu. Agus do ghluaiseadar rompa a n-athghairid gacha sligheadh
agus ní haithristear sgéaluigheacht orra nó go rángadar go
Ráith Ghráinne. Agus do fhear Gráinne fíor-chaoin fáilte
roimh a cloinn féin agus tuc póg agus fáilte do mhac inghine
rígh Laighean, agus do chuadar


L. 102


le chéle asteach go Ráith Ghráinne. Agus do suidhigheadh ar
sleasuibh na síth-Bhruighne iad do réir uaisle agus atharrdha gach
aoin, agus do dáileadh biadha séimhdhe somblasta agus leanna réidhe
ro-mhillsi agus deocha garga gabháltacha a gcornuibh caomha
cumhdaigh dhóibh, gurbhá measga meadhair-chaoin na maithe.
Is ann sin do labhair Gráinne inghean Chormaic do ghuth ard
fhollus-ghlan ar lár-mheadhóin cháich, agus aseadh adubhairt:



"A chlann Diarmada hí Dhuibhne," ar sí, "do marbhadh
bhur n-athair le Fionn mac Cubhaill tar ceann chor agus
choingheall a síochána, agus díoghlaidh-si go maith air é.
Agus ag súd bhar ccuid d'oighreacht bhur n-athar aguibh," ar
sí, ".i. a airm agus a éideadh agus a iolfhaobhair. Agus
roinnfead-sa féin eadruibh iad, agus beidid agum-sa fén na
cuaich, na cuirn, na copáin agus na heasgra áille órdhaighe, agus
an buar agus na bó-tháinte gan roinn."



Agus is cuma do bhí dá rádh agus do-rinne an laoi:




"Éirghidh, a chlann Diarmoda,
dénaidh bhar bhfogha bhfeithimh;
gurab soraidh dhaoibh bhar n-eachtra,
táinic chugaibh sgél deigh-fhir.



An cloidheamh so do Dhonnchadh,
an mac is fearr ag Diarmaid,
agus an Ga Dearg d'Eochaidh,
a cceann gach sochair tiaghaid.



Beir a lúireach uaim d'Iollann,
slán gach corp ima racha,
agus an sgiath do Chonnla,
don triath chongbhas na catha.


L. 104


Na cuaich, na cuirn, na copáin,
na heasgra gan bhaoghal,
aisge mhná gan bhuidhe,
beid agum uile am aonar.



Marbhaidh mná agus mion-daoine
ar olc re Fionn na Féine,
ná dénaidh feall ná meabhail,
dénaidh deabhaidh agus éirghe."


L. 122


B 1816ls 19T
U 0401
Ard-rígh uasal oireadha nertmhar líonmhar láidir
fiosach fíor-ghlic fír-eólach ceannsaidh calma croidheamhuil
cródha cosgarach cosantach ro ghaibh flaithios agus forlámhas
agus mór-smacht for Éirinn feacht anáill dar budh comhainm
Cormac mhac Airt mhic Chuinn chalma Chéad-chathaigh.
Agus budh rathmhar riaghalta ro-chonaigh do bhí Éire re linn
an deagh-rígh sin, ór do bhí toradh i ttalmhainn agus lacht
ag loiligheachaibh, téacht a rianaibh agus toradh a ttalmhaiin,
a muir agus a mion-aibhnibh re linn an Chormaic sin.



Agus tharla rígh-fhéinidh amhra oireadha air Fhíanaibh
Éirionn 'mun am sin .i. Fionn mac Cubhaill mhic Thréinmhóir
uí Bhuisgine. Agus do tharla inghean áluinn aontúmha ag
Cormac, sé sin Gráine inghean Chormuic, agus do chuir
Fionn teachta agus taighligheóraigh a ccenn an rígh d'iaraidh
na hinghine sin mar mhnaoi agus mar chéile dó féin. Agus
thángadar na teachta sin go Teamhraigh agus d'innsighdar a
ttoisg agus a tturus don rígh. Do chuaidh an rí dá cheadughadh
sin rena inghin, agus do shuidh air cholbha na himdhaighe
aici agus do labhar ria agus as é adúbhart:


L. 123


B 1737-38ls 18L
U 0201
Is ann sin adubhairt Diarmaid do ghuith
árd-mhór shollais-ghlan go rachadh féin síos a cceand Fhinn
agus na Féine do dhénamh óirleach agus athchuma orro, "ós dearbh
liom gurab budh mian leat-sa bás do thabhairt dhamh a
n-áit éigin. Agus fós ó nách liom dul ón ccontabhairt so
atá am cheann, do bhrígh nách fuil cara ná compánach agam
a ccríochaibh imchianaibh an domhain mhóir ina rachainn ar
n-anacal nó ar a ccoimeirce, gan bheith lán d'fhuaith agus
d'fhíor-mhiosgais dhamh, do bhrígh gur minic thugas a n-ár
agus a n-easbhaidh dot toisg-se, óir ní raibh cath ná comhlann,
duadh ná dochar ort-si nách rachainn tar do cheand-si in
gach cath, et fós go n-éingin sic comhrac agus comhlann romhat
agus ad dhiaigh. Agus is briathar dhamh a bhfiaghnuise m'arm
go ndíolaidh misi mé fhéin go maith, a Fhinn, sul do-ghéabhair-si
a n-aisge mé."



"Is fíor do Dhiarmaid siúd, a Fhinn," ar Osgar, "et
tabhair anacal a mhaithamh dhó."



"Ní thiobhar," ar Fionn, "go bruinne an bhrátha, agus ní
bhfuighe suaibhnios ná cómhnuighe choidhche nó go ttuga díol
damh-si a ngach masla dá ttug dhamh."



"Is mór an díthchéile agus an comharthugha éada duit-si sin
do rádh, a Fhinn," ar Osgar, "agus do-bheirim-si briathar
fíorlaoch,"ar sé, "muna ttuitidh na firmaiminte anuas orm-si
nó an talamh d'osgladh fám chosaibh, nách léigfeadh mé dhuit
féin ná d'Fhianaibh Éirionn fuiliúgh ná fóirdhearga do
dhéanamh dhíbh ar Diarmaid ar mo chomhair. Agus gabham
a chorp agus 'anam ar coimeirce mo ghail agus mo ghaisge, agus go
mbéarrad slán liom é d'ingheóin fearaibh Éirionn. Agus, a
Dhiarmaid, tar anuas as an mbille ó nách áil le Fionn anacal
do thabhairt duit, agus gabhaim-si ar mo chorp agus m'anam thú
ar mheabhail do dhénamh ort aniu."


L. 124


Is ann d'éirghe Diarmaid 'na sheasamh ar úr-ghéag do
ghéagaibh an bhille, agus d'éirghe do bhaoith-léim éadrom
éanamhail d'úrlannaibh a shleagh agus do chrannaibh a chraoisioch
gur ghabh leathad a dhá bhonn don fhearann álainn fhéur-uaithne,
agus go ndeachaidh imchian tar Fhionn agus Fhianaibh
Éirionn amach, mar is léir annsi laoidh si shíos gach imriusán
is gach briathar dá raibh eattorra ó theacht gusan mbille
dhóibh.




Tuarusgabháil Oisín do Phádraig.



Is cuimhin liom an imirt
do bhí aig flaith na bhFian,
aig Fionn agus aigeá mhac
aig bun an úir so shiar.



Do shuídhios féin chum cláir,
mé fhéin is mo dhís mhac,
le gualaing Fhinn uí Bhaoisgne,
m'och! is lin dob ait.



Do leagadh eattroinn an fhithcheall
idir thriath agus laoch,
do bhádar na fir aig imirt
's níorbh í súid an imirt bhaoth.



Léigius Diarmaid déad-gheal
caor anuas ar a' cclár,
tógbhas Oisín í go tapa,
is léigius fear 'na háit.



Do rádh Fionn go déanach:
"atá neach éigin sa chrann,
agus údh hí an chosgairt anba
do bheis againn iona cheand."


L. 125


An sin labhras Osgar
mac Oisín ábhéil úir:
"a rígh, cia dona fir si
noch a bhfuil do dhúil?"



"Ná cuir-si mise ar mearbhal,
a fhir, cé maith do láimh,
gurab í an chosgairt anba
do bheis agam air faoi chlár."



"Ná habair sin, a rígh,
is ná bíodh fala ghnáith ad ghnúis,
dámo bheag ort Diarmaid
budh chóir a léigion dúin."



An sin labhras Faolán
agus é 'brosdúghadh na gaise:
"ní léigfeadhmaois Diarmaid
do neach dá bhfuil 'na mbeatha.



Nár raibh maith agat-si, a Osgair,
'fhir bhrosdaighthe gacha catha,
adeir go mbéarrfá laoch leat
d'iongeóin uaim féin agus óm athair."



"Tar anuas, a Dhiarmaid,
gabhaim fós tú do láimh,
go mbéarrad thuso slán
d'iongeóin Fhianaibh Fáil."



"Is mór a labhras tú, a Osgair,"
do rádh Goll trustamhail na mbéimeann,
"a rádh go mbéarrfá laoch leat
d'iongeóin as tionnóll bhfear nÉireann."



"Ní tú bhrosduíghios orm, a Ghoill,
ná Clanna Morna na mór-ghníomh,
clanna dodhíoghin do Dhiarmaid,
clanna togartha tréan-laoigh."


L. 126


"Más mar sin adeirir é,
a laoich na ccomhlann deacair,
déin amach t'úrluíghiocht
sa chomrúighe sin do ghlacuis."



Ann sin labhras Coirioll
do ghuith mhór le hOsgar:
"an chomruíghe sin do ghlacuis
caithfir dol dá chosnamh."



Ann sin do labhair Osgar
agus dob é an freagra borb:
"gearrfa mise bhúr ccnámha
idir mhac agus athair."



Léimios mac uí Dhuibhne
anuas as bharr an bhille,
a chorp ceangailte dá chath-éideadh,
dob é an torthann iongantach.



Chúig chéad, a Phádraig,
cé líonmhar dár maithibh,
do choisg mac uí Dhuibhne
sol fá ráinig Osgar.



Do tharaing Osgar a chraoisioch
mar fhuaim ghaoithe agus ghleana,
nó mar fhuaim lice is uisge,
agus é 'sgolta an ghaise.



An sin labhras Conán
agus é 'cuimhniúgh na fala:
"léigidh do Chlanna Baoisgne
cnis a chéile do ghearra."



Do labhair Fionn go déanach:
"cuiridh cosg ar bhúr n-airm,
nó beig Clanna Móirne in bhur ndiagh
go ttéhí go hAllmhain."


L. 127


D'imigh uaine le chéile
Diarmaid déad-gheal ó Duibhne
is Osgar na mór-ghníomh,
uaine ar feadh mí.



Is mó bharbh Osgar
lena chosaibh calma,
ná Fianaibh Éirionn uile
léna lanna garbha.


L. 128


B 1737-38ls 18L

U 0201
A haithle na laoidh sin dubhairt Gráinne lena
cloinn imtheacht agus a bhfoghluim a bhfochair Bholcáin
.i. gabha. Do ghluaisiodar na deagh-mhaca sin
chum a n-aisdir ar fud an domhain mhóir ag dénamh a
bhfoghlamtha, agus ní haithristear sgéaluidhiocht orra go drásda.



Iomthúsa Fhinn, ar mbeith dearbhtha gur imgheadar an
chlann sin Diarmada ar an eachtara sin do líon sé dá bhfuath
agus dá n-imeagla go mór, agus lais sin do chuir tionól agus tiomsúghadh
ar sheacht ccatha na gnáth-Fhéine as gach árd a rabhadar, agus
iar tteacht ar aon-láthair dóibh d'innis Fionn do ghuith árd
sholus-ghlan dóibh uile dáil na heachtara sin chloinn
Dhiarmada uí Dhuibhne ó thús go deireadh, agus d'fhiafraigh
dhíobh créad dhéanfadh uime sin, "óir is ar tí díthbhfeirge do
dhénamh oram-si do chuadar ar an eachtra úd." Ro labhair
Oisín agus iseadh ro rádh:



"Ní cionntach aon-duine ris sin acht thú féin, agus ní rachfamaoid-ne
ag seasamh an ghníomha nach dearrnamar, agus is olc
an feall do-rinnis ar Diarmaid ó Duibhne tar cheann síthchána,
agus Cormac ag tabhairt inghine oile duit tar cheand gan falaidh
ná miosgais do bheith agad-si fá chomhair Dhiarmada. Agus
do réir mar chíorais an t-iarnín slámaigh féin é."



Budh tuirseach Fionn dona briathraibh sin Oisín, gidh
níorbh fhéidir leis cosg do chur air. Agus ó chonnaic Fionn
gur thréig Oisín agus Osgar agus Clanna Baoisgne ar-cheana é do
smuain anna mheanmain féin nach dtiocfadh leis an díthbhfeirg
sin do chosg muna ttigeach leis Gráinne do bhréaga. Agus
as a haithle sin do chuaidh gan fhios gan cheiliobhra d'Fhianaibh
Éirionn go Ráith Ghráinne, agus beannuighis go cuinnioll
céilíghe milis-bhriathrach do Ghráinne, agus ní thuc Gráinne aoi
ná aire dó agus adubhairt leis a radharc d'fhághbháil agus do
léig a teangtha líobhtha lán-ghéar faoi 'mun am sin. Acht cheana
do bhí Fionn a gabháil do mhilis-bhriathraibh agus do
chomhráitibh


L. 129


caoine carthanacha oirre go ttug ar a thoil féin aoi
sic, agus do ruc leis gusan iomdhaidh budh coimhneasa dhó
í go ndearrna toil inntinne agus aigne lé.



Agus as a haithle sin do ghluais Fionn agus Gráinne rompa
agus ní haithristear sgéaluidhiocht orro go rángadar Fianaibh
Éirionn, agus iar bhfaicsinn Fhinn agus Ghráinne fán
ttoichim sin dá n-ionnsuidhe do-rinniodar aon-gháir sgige
agus fonámhaid fúghcha, agus do chrom Gráinne a ceand le
náire.



"Dar liom, a Fhinn," ar Oisín, "coimeádtuir Gráinne ós so
suas go maith an fad is beó í."



Iomthús chloinn Dhiarmada, tar éis seacht mbliadhna do
chaithabh ag foghluim a ngaisge tángadar as críochaibh
imchiana an domhain mhóir, agus ní thaithristear a n-imtheachta
go rángodar Ráith Ghráinne. Agus do chualadar gur éalaigh
Gráinne lé Fionn gan fhios gan cheiliobhra dóibh féin ná do
rígh Éirionn, agus rángadar as sin go hAilmhain Laighean a
cceand Fhinn agus na Féine, agus d'fhógradar caith ar
Fhionn mac Cumhaill.



"Créad do-dhénaidh mise riú súd?" ar Fionn.



"Rachad-sa dá n-ionnsaighe," ar Gráinne, "d'fhéachain an
ttiocfaidh dhíom síthcháin do harrang eattraibh."



Acht cheana do tharraing Gráinne síthcháin eatorra fá
dheóigh, agus do fuaradar ionad a n-athar a bhfiaghnuidhiocht
ó Fhionn mac Cumhaill. Do dáileadh fleadh agus féasta dhóibh
agus d'fhan Fionn agus Gráinne a bhfochair a chéile go
bhfuaradar bás.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services