Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éigse Suadh is Seanchaidh
Title
Éigse Suadh is Seanchaidh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Cuallacht Choluim Cille
Composition Date
1850
Publisher
(B.Á.C.: Muintir Ghoill, 1909)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA LÁMHAINNÍ SÍODA INSO SÍOS. Dhá threibh daoine do bhí ann ar linn na heornan gile do theacht ar an saoghal an cheud uair agus gan breith thíos ná thuas aca ar a n-anál le neart a scím chum díoghbháil do dheunamh do n-a chéile. Do bhíodh na tighthe tré theinidh aca agus an talamh díomhaoin agus fiadhailí agus feochadáin thar na claidhtheachaibh ar fud na dúithche agus an t-arbhar ag dreóghadh istigh ins an eathala iothlainn cnámha daoine ar na bántaibh agus gan aoinneach ann chum cré bheannuighthe na reilige do chaitheamh orra. Sa deireadh nuair do bhí an-chuid daoine marbh agus leónta, adubhairt duine éigin ná feadar sé cadé an chúis an cogadh sin agus cad bhí dá bhárr ag aon chuid aca. Adubhairt duine éigin eile an chaint cheudna agus do bhí gach aoinneach dá rádh ar ball agus is é an deireadh bhí air gur aontaigh Feargus Óg .i. an fear ba mhó éifeacht ar treibh aca inghean fir ón treibh eile do phósadh agus gan a thuilleadh bruighne ná achrainn do bheith aca as sin amach. Do tógbhadh teach breaghdha feirmeach dóibh ar teóra an dá dhúthaigh, agus do bhí táinte bó is na gleanntaibh aca agus treuda caorach ar na cnocaibh; do bhí lucht oibre aca do-ghníodh a ngnó go díreach macánta agus fuair a gceart bídh agus codladh; do bhí meas ag na comharsanaibh go léir orra agus is chucha do thiocfaidís d'iarraidh congnaimh chum maireachtain nó comhairle a leasa; agus do chuirtí fáilte roimh lucht ceoil agus aoibhneasa agus gach duine ar mhaith leis teacht agus tamall den oidhche do chaitheamh ar an teinnteán.
Tháinig draoidheadóir ar an áit i gcló duine uasail a dtugadh Lámhainní Síoda air. Do bhíodh cnapaí airgid ar a chasóig ag imtheacht aige agus buataisí móra ar a chosaibh a raibh leathar dearg agus leathar buidhe agus leathar dubh ionnta agus spuir órdha ar a shálaibh agus fuip dá réir. Do bhí fáinní ar a mheuraibh agus in a chluasaibh agus cleite fada as a hata, agus de shíoda ba eadh a chuid eudaigh ar fad. Aoinneach chomh deallramhail leis ní fhacaigheadh fhacas ar an áit riamh roimh sin. d'fhan sé ar lóistín ag Feargus Óg, agus do bhí gach aoinneach an-shásta leis, do bhí sé chomh séibhialta síbhialta sin. Do thaisbeánadh sé a chuid eudaigh agus saidhbhris do sna daoinibh. Adeireadh na sean-daoine gur bhfearr leó féin na fáinní agus na bioráin óir do bhí ag bean an tighe mar go rabhadar chomh bog, nádúrtha sin le feuchaint orra nár dhóigh leat nach fás do-righneadar agus ná fuaradar aon ghoradh ariamh ón teine agus nár bhain gabha ná saor leó riamh. Adeiridís leis ná raibh is na seódaibh ar fad do bhí ag Lámhainní Síoda acht obair mhí-mhaiseamhail agus go cuirfidís i ndeallramh leó an dranna gáire bhí aige féin. Adeireadh an dream óg gur minic dóibh cuimhneamh ar daoinibh ó áiteannaibh leath is amuigh agus nár rioth sé leó go raibh a leithéid ar an saoghal ar aon chor a bhreághthacht do bhí sé agus an chanamhain cainte do bhí aige. Agus is iad sin thug Lámhainní Síoda air agus do bhíodh an ainm ceudna ag an sean-dream air acht amháin gur le searbhas adeuraidís é. D'iarr Lámhainní Síoda ar Feargus an dtiubhradh sé ionad tighe dhó. Adubhairt sé go dtiubhradh agus fáilte agus gur bhreághdha leis a chuideachta. Do chuir Lámhainní ráil thimcheall na háite ar fad agus do chuir sé
roinn tor síos in san talamh chum gach seomra do bheadh aige do thaisbeáint do sna comharsanaibh, agus ní righne dhearna sé acht an méid sin ar feadh na huaire sin. Do bhí Feargus Óg ag obair sa pháirc lá, agus tháinig Lámhainní Síoda aníos an bóthar agus adubhairt le Feargus: nach iongantach a luighead measa ag do bhean ort? Adubhairt Feargus Óg gur chuma. Do chuaidh Lámhainní Síoda annsin go dtí a bhean agus do chuir breug ar Feargus dá rádh go ndubhairt sé gur chuma leis meas do bheith ag a bhean mnaoi air féin nó gan bheith. Adubhairt an bhean go raibh an droch-chroidhe agus an droch- theanga riamh ag Feargus Óg. Nuair do bhí na comharsain bailighthe isteach an tráthnóna ceudna, d'éirigh an bhean ag an teinidh agus adubhairt nár bhain lé féin riamh acht daoine a raibh strus agus geall orra agus daoine macánta agus ná raibh ag a fear ná ag ar bhain leis acht an méid do ghoideadar, agus "an bhfaca aoinneach beó," arsa sí, "aon rud chomh canta, chomh deagh-snoidhte leis na coindleoiríbh práis thugas-sa liom ó thigh m'athar?" d'éirigheadar chum a chéile annsin agus adubhairt na daoine go mbeadh an cogadh ar bun aca arís, agus adubhairt firín do bhí muinteardha le Lámhainní Síoda gur bh'feárr an t-achrann d'fhágbháil fa rádh beirte, acht gur dheacair beirt d'fhaghbháil, agus go mbféidir nár bhfearr rud do- gheunaidís ioná é d'fhágbháil fa dhuine éigin ó áit leath is amuigh. Adubhairt gach aoinneach annsin gur mhaith an cuimhneamh uaidh é, agus cá bhfuighbhidís fear ní badh dheallramhla ioná Lámhainní Síoda. Do léig sé air annsin nár mhaith leis aon chur isteach do bheith aige ar ghnó daoine eile agus gurbh é sin an beus do bhí riamh aige; má seadh fhéin mar shásamh do gach aoinneach go ndeunfadh ndiongnadh sé
an rud d'iarradh do hiarradh air, acht go gcaithfeadh sé leabhra móra do léigheamh agus dul i gcostas trom. Nuair do bhí na leabhra ar fad léighte aige do-righne sé a rádh eatorra, acht do chaitheadar na coindleoirí do thabhairt dó an cheud uair agus píosa maith talmhan in a bhfochair mar chostas an dlighidh. Sé an rádh do-righne sé nach, má adubhairt bean an tighe an rud adubhairt sí féin go ndubhairt sí, go raibh an ceart aici, acht má adubhairt sí an rud adubhairt a fear go ndubhairt sí, ná raibh an ceart aici; agus má adubhairt fear an tighe an rud adubhairt sé féin go ndubhairt sé, go raibh an ceart aige, acht má adubhairt sé an rud adubhairt a bhean go ndubhairt sé ná raibh an ceart aige. Annsin adubhairt an bhean go raibh an ceart aici féin agus d'éirigh an fear in a coinne agus dubhairt gur aige féin do bhí an ceart, agus má's olc do bhí an cheud achrann do bhí aca is measa go mór ioná sin féin an dara achrann. d'fhóbair go mbuail- fidís féin a chéile, acht adubhairt an firín gan é do dhéunamh acht é d'fhágbháil arís fa rádh Lámhainní Síoda. Do chas Lámhainní Síoda ar na leabhraibh arís agus b'fhada an mhoill do bhí air go rabhadar ar fad léighte aige. Sé an rud adubhairt sé annsin go raibh an ceart ag an mbean mnaoi do réir an t-sean-reacht agus go raibh an ceart ag an bhfear do réir an dlighidh nua agus nach eól do aoinneach cia aca dligheadh ar cheart géilleadh dhó. Agus as an mbreath sin d'éirigh bruighean eile, agus mar sin do bhí. Ní raibh in aon bhreath thug sé acht adhbhar achrainn, agus do bhí na costaisí ag dul i méid sa tslighidh ná raibh páirc ná beathaidheach aca, agus ba éigean dóibh an tigh breaghdha d'fhagbháil agus dul isteach i mbothán bocht. Ní raibh a gcuid ná a gclú aca. Aon
lánamha bheó chomh dealbh leó ní fhaca aoinneach riamh agus ní fheicfidh go deóidh. Do bhí gach aon rud ag Lámhainní Síoda annsin agus do thóg sé caisleán mór agus do bhí saidhbhreas agus arm aige. Do chuir sé d'fhiachaibh ar na daoinibh teacht go dtí a chúirt féin agus do bhí hallaí móra a raghaidís isteach ionnta chum a gcúis do phléidhe. Do chuir sé in a luighe orra gur mar sin do-ghníthí i ngach tír i raibh dlighthe, breitheamhnas, agus ceannacht. Do bhíodh gach aoinneach ag aithris na bhfocal sin agus cuid aca nár thuig iad. Adeireadh an sean- dream gurbh fhearr leó an tslighe bhog ghaedhealach do bhí aca sa tsean-aimsir agus go raibh an iomarcaidh réim fá an strainséir seo ná feadar aoinneach cad as é nó cia ar dhíobh é ar aon chor. Acht do bhí an sean- dream ag dul i laighead gach bliadhain tháinig agus ní raibh aoinneach ar an mbaile sa deireadh a raibh an sean-nós aca. Fé sar fhuair bean Fheargusa bás do bhí cúiplín aici. Do bhí Tadhg aici mar ainm ar leanbh aca agus an Spuirín aici ar an leanbh eile. Níor airigh na comharsain riamh an ainm sin Spuirín agus b'ait leó é. Adubhairt an bhean go dtug sí an ainm sin air mar mhórtas don bhfear mhacánta sin, Lámhainní Síoda a raibh na spuir ar a shálaibh aige, agus go raibh buidheachas a croidhe aici air; meireach muna mbeadh é sin go mbeadh sí féin agus a fear ag achrann go deóidh, agus nárbh mhór an ní go dtug Lámhainní cead maireachtana dhóibh ar aon chor? Do bhí an bheirt leanbh seo ag súgradh lá i macha na sean-fheirmeach agus aon bheirt garsún badh dheise snódh, badh láidre lámh, agus badh luaithe cos níor cuireadh riamh ar an saoghal. Do bhí Tadhg in a sheasamh ar bhárr puirt agus sean-hata ar a leath-cheann aige agus do bhí
an Spuirín d'iarraidh é do chur dá chois. Do bhí taca ag Tadhg le n-a shálaibh sa phort. Do bhí sé dá lúbadh féin agus dá bhogadh féin agus neart a ghualann aige i gcoinne an Spuirín gibé'r domhan taobh a dtiubhradh sé fobha féig. Agus is iad na focail bhí aige nach ná
Mise an sean-rí 's ní bhogfar mo ghreim, 'S ní bhainfear anuas díom mo choróinín beag binn.
Do bhí Lámhainní Síoda ag gabhaíl an bhóthair leath is amuigh agus d'fhan sé ag an ngeata ag éisteacht leó agus gach aon gháire aca. Do leath a shúile air le iongantas agus le dóighteacht croidhe. Dar an mbaiste, ar sé, is baoghal damh-sa na buachalla úd. Atá misneach agus meabhair aca. Dogheuna droch-rud díobh sin fós, acht bainfead-sa siar asta. Do chas sé a bhaile arís comh mear 's do bhí aige. Do labhair sé le sean-draoi de sheirbhíseach bhí i bhfeidhil na gcaorach ar an móinfheur aige dá chur i dtuigsint dó cad do bhí uaidh. Do-righne an sean-draoi fiach dubh dhe féin agus d'éirigh in áirde ar an aer agus cnapán luaithe in a bheul aige. Níor bhfada go raibh sé ag luasgadh ós cionn na ngarsún agus ag greadadh a sgiathán. Do theich na garsúin ar a ndícheall. Do bhain barr-thuisle do an Spuirín beag agus do thuit sé ar a bheul agus ar a aghaidh agus do thuit Tadhg anuas air. Do sgaoil an fiach dubh anuas chucha an cnapán luaithe. Do bhris air agus é ag teacht anuas agus do- righne ceó dhe. Do leath an ceó sin ar feadh an eudain ar Thadhg agus ar feadh na gcos ar an Spuirín. Tháinig neul codlata agus fantais orra annsin, agus níor dhúisigheadar as an gcodladh sin fá cheann trí lá 's oidhche. Ní raibh a shiubhal ag an Spuirín ná a radharc
ag Tadhg. Tháinig mar do bheadh bróga iarainn ar an Spuirín agus is ag lámhachas do bhíodh sé. Níor fhás sé pioc agus do bhí sé in a chreutúir beag suarach as sin amach. d'fhás Tadhg go hiongantach agus i gceann cúig bhliadhain do bhí sé in a fhathaigheach mór, acht ní raibh aon leus radhairce aige. Nuair do bhí an méid sin deunta ag Lámhainní Síoda do-righne sé seacht ndígre- acha ndíge leathana doimhine timcheall an chaisleáin mar chóir cosanta air agus do thóg sé seomra mór sa chúirt leath istigh agus tug sé cuireadh don tuaith teacht agus bheith ag caint ann agus aon rud do bheadh uatha do chur in iúl dó. Tángadar ann, agus ní fhuaradar réidhteach ró-mhaith le n-a chéile. Do bhí costaisí móra ag baint le gach aon rud agus ba éigean dóibh gó léir bliadhain oibre do thabhairt in aisge do Lámhainní Síoda mar ná raibh an t-airgead aca. Do bhí toradh a sláinte aige agus é ag magadh fútha ar fad. Le linn na haimsire sin do bhí an Spuirín in a shuidhe ar an gclaidhe lá. Do bhí búna síoda báin timcheall ar a mhuineul. Ní fios cá bhfuair sé é. Do bhí an-thaidhbhse air as mar is giobail ar fad ba eadh an t-eudach do bhí air. Cad do-chifeadh sé chuige ag teacht anuas le fánaidh an chnoic acht bean shiubhail agus leanbh beag le n-a cois agus sgeabha reatha fútha agus madraí Lámhainní Síoda asta. Do chaith sé é fhéin anuas den chlaidhe ar lár an bhóthair agus do-chuaidh sé ag lapadán agus ag lámhachas ag fóirirt orra. Nuair do-chonnaic na gadhair ag teacht é, tháinig sgannradh orra agus do chasadar ar an nóimeint. Adubhairt an bhean shiubhail: "Atá buidheachas agam ort, a bhróga iarainn. Atá casóg mo mhic annso stractha ag gadharaibh Lámhainní Síoda agus atá mo
lámh gearrtha aca agus atá sí ag tabhairt fola. An bhfuil aon rud agat do chuirfinn thimcheall uirre?" Do bhain an Spuirín dé an búna breaghdha geal síoda do bhí thimcheall ar a mhuineul agus thug sé dhí é. d'ionntaigh an bhean air annsin: "A bhróga iarainn," arsa sí, "ní dual athar duit bheith mar atá tú. Téighir go dtí Sean-Chailleach na Sgáthán síos in íochtar an ghleanna agus abair lé gurab iad an Mac agus a Mháthair do chuir chuiche thú fá dhéin comhairle do leasa agus cuimhnigh ar an lá go lá do bháis." d'imthigheadar annsin agus ní tugadh síos cá'r ghabhadar. Ar theacht an trathnóna do bhí an Spuirín ag tairsinn doras Cailleach na Sgáthán. "Bail Dé ar a bhfuil annso istigh," arsa sé. "Dia's Muire dhuit," arsa an chailleach. "Fios mo leasa ort, a Chailleach na Sgáthán," arsa sé. "Cia adubhairt leat teacht?" arsa sí. "An Mac agus a Mháthair." Ní raibh focal ag an chailligh agus do shíl an Spuirín ná labharfadh sí ar aon chor. Do- chuaidh sí go dtí an doras agus d'fheuch sí amach agus do chas sí arís. "Tusa Bróga iarainn?" arsa sí. "Is mé," ar seisean, "fios mo leasa ort?" "Ceart gan eagla, gan chath, ní raibh sé riamh le faghbháil ó fhear na hurchóide. Oidhche i ndiamhair coille agus coimhthionól daoine ag glaodhach in áirde ós bhur gcionn. Oidhche ar mhaoil an t-sléibhe agus rian bhur gcolann ar an gcarraig luim agus gan oiread 's cúnach ag fás uirri, aiteann gan bláth agus crann giúise breac-críon agus tobar fíor-uisge i lár na habhann agus gach coiscéim siar ó thuaidh agus deun- faid do-gheunaid cosa gan siubhal eólas do shúilibh gan radharc." "A chailleach na sgáthán," arsa an Spuirín agus é ag gabháil amach an doras, "cad is cor dom chosaibh féin?" Do bhí sé ag lapadán agus ag lámhachás leis
i gcomhnuidhe agus d'fhóbair go gcaillfeadh sé na focail adubhairt sí: "brisfear claidheamh agus sleágh i gcomhrac agus ní bhf'láir foráil díbh na cosa cruadha bheith ag duine agaibh." Do-chuaidh an Spuirín go dtí iothlann Lámhainní Síoda ar lorg a dhearbhráthar. Do bhíodh sé ag tarraing ualach fá thrucail gach lá do Lámhainní Síoda dáltha aon bheathaidheach agus is san iothlainn do chodailigheadh sé ar feadh na hoidhche. "I do chodladh atá tú, a Thadhg?" arsa an Spuirín. "Ní headh, a dhearbhráthair." "Éirigh as sin. Cuir mise ar do ghuailnibh agus bí ag cur díot. Deun- faidh do-gheunaid cosa gan siubhal eólas do shúilibh gan radharc. Is agam-sa atá na súile, is agat-sa atá na cosa. Cuirfimíd a mhalairt de dheallramh ar an ndúthaigh seo nuair chasfaimíd." d'imthigheadar leó annsin. Níor mhisde don Spuirín a rádh go raibh na súile aige: do-chífeadh sé na cuileóga ag teicheadh ó na fáinleogaibh lá samhraidh agus do mheabhróchadh sé agus do chóimhreóchadh sé na ruibí do bhainfeadh na heunlaithe de dhrom asail ar linn neadaireachta. Agus níor mhisde do a rádh go raibh na cosa ag Tadhg: mar thiubhradh sé cnoc de léim agus gleann de thrioslóig agus ní chuirfeadh sé i bhfáith loch ná coill. Do bhíodar ag imtheacht leó riamh 's choidhche, agus nuair bhí an deidheanaighe ag teacht an dara lá rángadar an choill do bhí chomh tiugh ag bileogaibh crainn ná raibh caoi aca ar na réiltíní féin d'fheicsint ar an aer. Do bhí na preucháin ag sgreuchadh in áirde ós a gcionn: "Oidhche i ndiamhair coille," arsa an Spuirín, "agus coimhthionól daoine in áirde os bhur gcionn." A Chailleach na Scáthán, arsa sé, atá cuid de do chuid cainte tar éis teacht chum críche. Siubhail
leat go dtanóchaidh na crainn go bhfeicfidh mé iad." Níor bhfada go bhfaca sé na preucháin ar an aer. Do bhí trí sgata mór ann díobh agus iad go léir ag grágallach grágghail sa t-slighidh go ndubhairt Tadhg gurab iad na deamhain aereach bhí ann. Sa chodladh dhóibh d'airigheadar duine ag caint, agus aon ghuth chomh binn níor airigheadar riamh roimh sin. Do bhí an duine sin ag a rádh leó gurbh mór an meisneach do bhí aca, go raibh an-chuid oibre deunta aca acht gan dul ró-fhada ó bhaile. "A Spuirín," arsa Tadhg, "nár bhfearr dúinn casadh." "Ní fearr," arsa an Spuirín, "éirigh as sin, cuir mise ar do ghuailnibh agus beidh an meisneach agat arís." d'imthigheadar leó annsin. Ar theacht an tráthnóna arís do bhíodar ar sliabh an t-sneachta, agus ar mhaoil an t-sléibhe sin ar an gcarraig luim do chodail- igheadar ar feadh na hoidhche. Ní haon chodladh sámh do-righneadar mar do bhí daoine ag labhairt leó tré n-a gcodladh agus dá rádh go raibh an domhan ag magadh fútha anois agus ná raibh oscar céille ná meabhrach aca. "A dhearbhráthair," arsa Tadhg, "ní fearr dúinn bheith ar a thí." "Éirigh agus bí ag cur díot. Sé an lá indiu an lá déidheanach atá orainn." Agus d'fág- bhadar rian a gcolann ar an áit i gcodailigh- eadar i lár an t-seaca. d'imthigheadar leo arís. Do-righneadar brúscar de na coilltibh agus poill criadh briste de na locha. Cubhar na habhann ar na crannaibh agus iasg na habhann ar na portaibh. Agus ar linn na gréine ag dul fé do- chonnaic an Spuirín an aiteann tré theinidh fiche míle amach uaidh agus crann giúise le n-a ais do bhí breac-críon ag an teas. Tamall beag amach do bhí an abha, agus
adubhairt an Spuirín dul go dtí carraig dubh do bhí in a lár. Do bhíodar ar an gcarraig ar an nóimeint. Fuaradar an fíor-uisge ón tobar. Do nigh Tadhg a shúile agus do bhí an radharc agus an misneach aige. d'éirigh buile air annsin agus má's gairid do bhí sé ag teacht, ba ghiorra ioná sin do bhí sé ag casadh arís. Do bhí an cogadh ar siubhal nuair do chasadar mar do bhí gach aoinneach cortha de Lámhainní Síoda. Do bhí daoine ag teicheadh agus daoine eile ar a dtóir. Níor dhada le Tadhg na dígreacha díge do bhí thimcheall an chaisleáin, agus ar iompódh na baise do bhí sé ag an doras. Do leag sé uaidh an Spuirín ar an bpáirc. Do bhí sleagh agus claidheamh aige. Do bhuail sé buille ar an gcuaille comhraic. "Cuirim ort, a Lámhainní Síoda," arsa sé. "Léigim leat," arsa Lámhainní Síoda. An té raghadh ó íochtar an domhain go dtí uachtar an domhain ag feuchaint ar chath agus ar chruaidh-comhrac, is orra féin badh chóir dul ag feuchaint. Do-dheunfaidís do-gheunaidís ball bog den mball cruaidh, do tharraingeóchaidís tobracha tobair fíor- uisge tré chroidhe na gcloch nglas, le foiréig- ean uilc agus urchóide chum a chéile go dtí go raibh an t-sleagh agus an claidheamh do bhí ag Tadhg briste in a mblodhnaibh. Do bhí an Spuirín thíos ag cosaibh a dhearbhráthar. Do phreab sé ar a ghlúnaibh. "Adubhairt an chailleach," arsa sé, ""brisfear an claidheamh agus an t-sleagh agus ní bhf'láir díbh cosa cruadha bheith ag duine agaibh." Beir orm agus sgaoil chuige mé." Rug sé air agus do chaith sé leis é. Do bhí Lámhainní Síoda ar linn an buille do tharraing chum an ceann do bhaint de Thadhg. Do bhuail an dá chois iarainn a sgiath, agus do-chuadar isteach tríthe dá mbadh amhlaidh 's ná beadh ann acht braitín lín eudaigh gur bhuail an dá shál sa
dá shúil ar Lámhainní Síoda agus do thuit sé in a phleist den mbuille sin. Do bhí an caisleán agus na talmhaintí ag Tadhg agus an Spuirín annsin. Do bhí feusta agus cóisir aca an oidhche sin agus do bhí na coindléoirí práis ar an mbord aca. d'ar lá ar n-a bhárach, do-chuadar go dtí teach Cailleach na Sgáthán. Ní raibh aon teimheal le feicsint dí féin ná dá tig acht do bhí bean óg álainn ar an áit, agus do bhí an Mháthair agus a Mac ann in a fochair. Do bhí gile na gréine ar a n-aghaidh agus ar a súilibh. "An bhfanfa sibh in ár bhfochair go deóidh?" arsa Tadhg. "Ní bheimíd i bhfad uaibh," arsa an Mháthair. Agus níor innis mo shean-athair cad ba chor dóibh annsin. An fear d'innis an sceul so damh-sa, adubhairt sé gurab é an scoláire mór d'innis do n-a shean-athair an cheud uair é, agus aon rud adubhairt an scoláire mór go dtioc- fadh sé chum críche. Is dóigh liom féin go bhfuil tagairt ann do sheanchus na hÉireann, agus gurab ionann Láimhinní Síoda agus muintir Shean-Shasana, agus gurab ionann Tadhg agus muintir na tuaithe a bhfuil cóir agus glaine na Gaedhilge aca gan fhios dóibh féin, agus gurab ionann an Spuirín agus muintir na mbailte mór thug eólas agus misnech do mhuintir na tuaithe. Má is fíor sin, atá cuid den tairngireacht so ná táinig chum críche fós.
OIDHEADH CHONLAOICH MIC CON gCULAINN ANSO SÍOS. Dála na mná toirrche úd do fhágaibh Chúchulainn i gcríochaibh an domhain mhóir thoir rug sí gein mhullach-leathan mhic. Ro baisteadh tré gheintlidheacht é agus tugadh Conlaoch mac Cúchulainn d'ainm air. Ro hoileadh agus ro leasuigheadh é san ionad sin ó aimsir a naoidheantachta go raibh úrlabhra aige agus ro chinneadh annsin ar gach macaomh ba sine ioná é féin agus ro múineadh cleasa goile agus gaisgidh dó le n-a mháthair féin go nách raibh cleas dá gcualaidh ná dá bhfacaidh nách raibh aige i gcoitinne acht cleas an ghai bulga amháin agus ro ghaibh árd-oirdhearcas na críche i raibh féin as a neart agus as a lámhach agus do ghaibh géill agus bráighde gach tíre i raibh agus tug i láimh a mháthar iad dá gcoimhéad go n-adh de sin adeiridís fir an domhain, Maith an fear beag úd ag Aoife ó do- chuaidh an fear bunaidh do bhí aice uaithe, gonadh de sin do lean an forainm de .i. Aoinfhear Aoife. Ro fhiafraigh Conlaoch lá n-aon dá mháthair, Maith, a mháthair, ar sé; ro badh mhaith liom fios d'fhaghbháil uait cia hé m'athair, óir sílim gurab tú féin mo mháthair. Do-ghéabhair-se a fhios sin, ar sí .i. Cúchulainn mac Sualtaigh a hiathaibh Éireann ainm t'athar. An bhfuil ríoghacht an domhain aige, ar Conlaoch? Nocha bhfuil, a mhic, ar sí, ná ríghe aon chúigidh amháin do chóigeadhaibh Éireann aige; gidheadh, is ríogh-laoch ró-láidir é agus
is míleadh mór-aigeantach i ngoil agus i ngaisgeadh é. Doiligh liomsa, ar Conlaoch, mo gheineamhain uaidh sin ó nách ó dhuine ag a mbeadh rígheacht an domhain se do geineadh mé óir is dearbh go ngéabhainn- se an domhan tar a éis. A mhic, ar Aoife, ag so áinne d'fhágaibh t'athair agamsa agus adubhairt liom, an tan badh lán an áinne se do d'mheór mea- dhóin, do léigean d'ionnsaighe na hÉireann. Tug dó an áinne iar sin agus ro ba lán an áinne dá mheur agus beanas an crann- omnadh d'aoinbhéim agus ro innis a mháthair a gheasa uile dó. Maith, a mhic, ar sí, imthigh i ndiaidh t'athar d'ionnsaighe Éireann. Tabhair-se eólas dam chum na hÉireann, ar Conlaoch. Ro theagasg Aoife eólas dá mac agus ceileabhras Conlaoch dá mháthair iar sin. Táinig roimhe iar sin d'ionnsaighe Éireann gur ghaibh cuan agus caladhphort i dTráigh na dTréinfhear i gcóige oll- bhladhach Uladh. Is annsin do bhí coinne agus cómhdháil Uladh an lá sin agus ó 'd-chonnairc Conlaoch na sluaighte cruinnighthe san oireachtas sin ro thógaibh carraig cómhárd cluiche as an gcómhthrácht agus tug leis í gur léig ar lár na tulcha i gcomhfhogus do na sluaghaibh í agus tug a bhréithir dá mbeidís fir Uladh uile annsin nách teichfeadh reómpa aon choiscéim nó go dteicheadh an charraig chluiche sin. Ro chóirigh iar sin cleasa goile agus gaisgidh ós a chionn san aer agus san iarmolt agus clé a sgéithe re cách agus ba comhartha díthe ríogh do na sluaghaibh sin .i. aon laoch do dhéanamh
an chóirighthe sin dá láthair. Ó d' chonnairc Conchubhar mac Fachtna Fathaigh .i. rí Uladh sin go ndubhairt, Téid neach dá fhios cia atá ann. Cia rachas ann, ar siad? Cia do rachadh ann, ar Breicne mac Cairbre Cinnléith, acht mise, agus d'iarr a airm ar Chonchobhar. Tug Conchobhar a airm dó agus táinig Breicne roimhe d'ionns- aighe an mhacaoimh fan dtuairim sin agus gach foigse dá dtigeadh dó ro ba mó ro ghabh gráin agus eagla é ag faicsin na gcleas n-iongantach n-anaithnid. Cuiris a airm gaisgidh uaidh agus do-chuaidh d'ionnsaighe an mhacaoimh agus ro fhiafraigh Breicne de cá críoch nó cá talamh as a dtáinig. Tánag, ar sé, a críochaibh an domhain mhóir anoir. Caidhe t'ainm agus do shloinneadh, ar Breicne? Nocha ndéinim-se mo shloinneadh duitse ná do aoinneach oile, ar an macaomh. Tar as an tulaigh tighearnais, ar Breicne, oir is geas d'Ultaibh aon laoch do bheith in a bhfiadhnaise agus clé a sgéithe leó. Nocha rachad-sa dá n-ionnsaighe, ar an macaomh, óir is lugha is geis d'Ultaibh sin ioná damh-sa dul i gcomhdháil nó go sgaoiltear í. Do-chuaidh Breicne uaidh iar sin an uair nách dearnaidh a shloinneadh dó agus nách deachaidh leis agus an tan doriacht i bhfogus dá armaibh adubhairt, Is olc thánag ón macaomh, ar sé, agus gan a shloinneadh d'fhagh- bhail ár áis nó ar éigean uaidh agus do iompaigh arís chum an mhacaoimh agus rug na hairm leis agus adubhairt, An uair nách dearnais do shloinneadh ó chianaibh déin anois é, óir ní fhaicfid Ulaidh mise chuca gan do cheann-sa nó do shloinneadh.
Nochan mó do-ghéan-sa, ar Conlaoch, mo shloinneadh dhuit anois ioná ó chianaibh. Tabhair cómhrac damh-sa, ar Breicne. Do-ghéabhair do rogha, ar Conlaoch agus ro fheuch air agus do chonnairc airm laoich in a láimh agus ba dóigh leis go madh tualaing é féin dá n-imirt. D'éirigh an macaomh iar sin agus do lámhaigh a airm gaisgidh agus ro bhain fóidbhéim air gur threasgair Breicne agus a chosa ós a chionn agus tug béim go gcumas dó iar sin gur chruinnigheadar a éadaighe in a thimcheall mágcuaird gur ba díosgar deargnocht a íochtar ón a chrios síos ris. Ag tóirneamh a láimhe síos don mhacaomh do thógaibh Breicne a cheann agus do osgail a rosga go foirleathan an-adhbhal agus adubhairt, Ná déin-se an tuathacht agus an meir-ghníomh mór sin .i. an teachtaire is fearr tháinig in Ultaibh riamh do mharbhadh. Cia thusa, ar an macaomh? Mise Breicne mac Cairbre, ar sé, agus téighim ar do choimirce. Créad do-bheir na hairm sin agat, ar Conlaoch? Airm Chonchubhair mic Fachtna Fathaigh árdríogh Uladh iad so, ar Breicne. Ó d'innis Breicne gur fear dána é féin, adubhairt Conlaoch, Ní diongantar olc liomsa le fear dána ná turais; déana imtheacht go luath. Téid Breicne uaidh iar sin. Agus is amhlaidh do-chonnarcadar Ulaidh chuca é agus dhá dtrian a chuirp lom-nochta. Créad tharrthuigh thú, a Bhreicne, ar siad, agus cia thug an cuma gheóin sin ar t'éadach? Ro badh fearr a chol agus a chontracht, ar Breicne; an macaomh mór-ghlonnach gus a dtarla. Dá rachaidís a bhfuil in Ultaibh uile chuige, ní thiocfadh aon duine dhíobh uaidh gan
comhartha geóin agus fonomhaide iar sin, agus ní headh sin is mó dá bhfuil ormsa. Cia rachas uainn anois dá agallamh, ar Conchubhar? Adubhradar uile gur ab é Dubhthach Daol Uladh do badh cóir do chur dá agallamh. Do-chuaidh annsin agus do bheannaigh don mhacaomh san gcuma céadna agus ro fhiafraigh Dubhthach a ainm agus a shloinneadh dhe. Do dhiúltaigh an macaomh an ní sin. Mais- eadh, ar Dubhthach, ní cóir duit geasa Uladh do bhriseadh. Adubhairt éision nár mhiste leis a gcaill, agus nach gcualaidh iomrádh ar a ngeasaibh ná ar a ngaisgeadh in aon áird don domhan riamh roimhe sin. Adubhairt Dubhthach nár chóir dó-san oil ná aithis do thabhairt d'Ultaibh. Déan imtheacht, ar an macaomh, oir ní diongantar mo shloinneadh dhuit ná d'aon duine eile ar druim domhain; gidheadh, más maith leat, do-ghéabhair deabhaidh uaimse ria ndul chum do mhuintire duit. A mhacaoimh, ar Dubhthach, ní do dheabhaidh riot tángas-sa acht d'iarraidh do shloinne ort agus ó nách áil leat a dhéanamh doghéana mé imtheacht; acht más deabhaidh is mian leat d'fhaghbháil ó Ultaibh doghéansa im aonar riot í nó i measg cáich mo chuid di. Do-chuaidh Dubhthach uaidh iar sin d'ionnsaighe an oireachtais agus d'innis dóibh gach ar chan an macaomh ris. Adubhradar gur cóir dhóibh neach oile do chur dá agallmha. Rachaidh misi ann, ar Geanan Gruadh-sholais mac Cathbhadh. Iar sin do-chuaidh roimhe mar a raibh an macaomh agus fochtas a shloinneadh dhe. Ní do thascuisne ortsa, ar an macaomh, nách diongnainn-se mo shloinneadh dhuit, óir
is dom gheasaibh gan mo shloinneadh d'aon duine amháin ar bith, agus dá ndéanainn badh cóir a dhéanamh d'fhear do d'inneall-sa. Leis sin táinig Geanan Gruadh-sholais ar gcúlaibh agus d'innis dóibh ar chan an macaomh fris. Ro cuireadh iar sin Cathbhadh draoi d'iarr- aidh scéala air agus ní mó d'innis dó-sin é ioná do chách agus táinig ar gcúl gan scéala. Ro cuireadh Conaire Éigeas dá agallmha agus do ghabh Conaire ag a agallmha agus ag tabhairt tuarasgabháil curadh agus caithmhíleadh Uladh dhó agus do ráidh ris iompódh chum an oireachtais i rabhadar agus adubhairt na briathra so: Tiontaigh, a mhic mhóirghníomhaigh go Conchu- bhar mór, mac Fachtna. Tionta go Fearghus féigh fortamhuil. Tionta go Conall Cearnach mór-bhuidhneach, mac áluinn Aimhirgin. Do-chuaidh Conaire uaidh iar sin ó d'éimigh a shloinneadh dhó. Is annsin d'fhiafraigh cách cia do rachadh d'iarraidh sgéala d'éis an aois dána. Cia do rachadh ann, ar Breicne, acht ceann na gcuradh agus na gcaithmhíleadh .i. Conall cathbhuadhach mac áluinn Aimhirgin. Éirgheas Conall agus gabhas airm agus iol- fhaobhar chuige agus do-riacht d'ionnsaighe an mhacaoimh, agus fochtas a shloinneadh de sul d'fhearfadh comhlann ris. Do dhiúltaigh an macaomh a shloinneadh dó. Ro fhearsad cómhrac feardha fíochda fuilteach, fír- niata fearamhail dána díomsach deaghthapa agus ro dhearsgnaigh an macaomh Conall go nár fhéad Conall cathughadh goile ná gais- gidh do dhéanamh, agus ó do mhothuigh an macaomh Conall agus ar n-a thraochadh aige, do dhruid ris agus do chuir sgiathrach a sgéithe fá n-a chosaibh agus do chuir crios a chloidhimh fa n-a lámhaibh agus rug leis go mullach na tulcha é.
Agus do cuireadh Laoghaire Buadhach iar sin dá ionnsaighe agus ní mó fuair Laoghaire a shloinneadh uaidh agus ó nách fuair d'fhógair cómhrac air agus freagras an macaomh sin. Do-rinnsead cómhrac cura- ta ré hathaidh fhada agus ro fhortamhlaigh an macaomh fá dheoidh for Laoghaire agus do chuir na creapaill cruadh-chuibhrighthe air agus do chuir ar mullach na tulaighe é. Do cuireadh Cealtchar mac Uitheachair chuige iar sin agus ro cheangal an macaomh é agus níorbh fhearr a thoisg sin, óir ní dhearna an macaomh a shloinneadh dó. Cídh trácht do chuireadar Ulaidh trí caogaid dá ndeaghlaochaibh chuige agus ro cheangal an macaomh uile iad. Ó d' chonnairc Conchubhar sin do ghaibh eagla é ar fhaicsin curadh agus caithmhíleadh Uladh ar an gceangal agus ar an gcruadh-chuibhreach sin. Cuireas Breicne mac Cairbre d'ionnsaighe Chúchulainn go Maigh Muir- theimhne áit i raibh ag imirt cleasa goile agus gaisgidh i bhfiadhnaise a theaghlaigh agus mic ríogh agus rófhlatha ar faithche Dúna Dealgan i n-a fharradh. Do-riacht Breicne dá ionnsaighe agus d'innis dó laochradh Uladh uile do bheith ceangailte ag aon mhacaomh óg álainn il-dealbhach i dTráigh na dTréin- fhear agus go rángadar a leas a bhfóirithin de sin. Do-chualaidh Éimhir .i. bean Chúchulainn tuarasgbháil an mhacaoimh roimhe sin agus adubhairt le Cúchulainn gan dul dá ionn- saighe agus dá ndeachadh go bhfuighbheadh féin olc nó go ndiongnadh féin gníomh badh holc leis agus do bhí Éimhir ag á fhostadh agus do ghaibh lán a dhá glac d'eangaibh an bhrait uaithne do bhí uim Chúchulainn. Tairngeas Cúchulainn éiteadha an bhruit chuige agus lingeas in a charbad agus do-riacht
gan mhaill mar a rabhadar Ulaidh. Fearas Conchubhar fíorchaoin fáilte fris agus adubh- airt go ráinig a leas a bhfoirithin don chur sin. Ó d' chonnairc Cúchulainn curadha agus caithmhíleadha na cúige i gceangal agus i gcruadhchuibhreach ro athruigh a chruth agus a chaoindealbh agus ro iompuigheadar a inneadha inmheadhónacha in a chorp agus ro shiabhradar a roisg agus a radharc agus a dhreach áluinn dathamhail go madh lór d'ádhbhar uathbháis bheith ag féachain an tsilleadh siabhar- dhearcaigh thug orra le huair na n-airdhean sin amhail do chlaochluigh a chruth agus a dheilbh, a innsgne agus a urlabhra ré huathbhás an ghaisgeadhaigh ionganta an-aithnid sin. Dar linne, a Chúchulainn, ar Conall Cearnach is laoch nách lámhthar do thadhall an laoch sin agus is ainmheasardha i ngniomharthaibh goile agus gaisgidh agus is lán-chumasach deagh-chomh- achtach é chum tarcuisne do thabhairt orainn, agus mar tugamar-ne táir agus tarcuisne air sin, is orainn féin do thuit agus is orainn do him- readh mealladh agus mearaigheacht dá chionn fa dheoidh. Ní bhfuil acht bás domh-sa, ar Cúchu- lainn, dul dá ionnsaighe munab ar chle- asaibh do mheall sibh. Is le cleasaibh, ar Conall. Is annsin do-riacht Cúchulainn d'ionn- saighe an mhacaoimh agus fochtas a ainm agus a shloinneadh de. Adubhairt an macaomh gur geas dó gan a shloinneadh dó-san ná d'aon duine eile ar dhruim domhain. Maiseadh, tabhair cómhrac damh-sa, ar Cúchulainn, ó nach faomha h'ainm nó do shloinneadh dam. Do-ghéabhair do thoil, ar an macaomh. Iar sin do cóirigheadh láthair iomghona aca agus do-chuadar in athluimhe for a gcle- asaibh goile agus gaisgidh, agus gidh do-chuadar,
ní raibh acmhuinn ag neach díobh fuiliughadh ná fóirdheargadh for a chéile le feabhas na fóir-fheicseana agus lúthmharacht an lámhaigh. Do chuirsead iar sin a gcleasa goile uatha agus ro ghabhadar a gcloidhmhe iombhuailte in a lámhaibh agus ro fhearadar cómhrac fraochda fearamhail feardha seasmhach sanntach soidhiúbhraicthe agus ro dhruidsead i ndúire agus i ndéine an chómhraic agus ro díoláithrigheadh Cúchulainn ionnas go dtug trí troighthe for gcúlaibh ón macaomh ar mbuaidhreadh a chleas fa chéadóir iar gcriothnughadh a chuirp agus ar tiubairse a bheag-nirt ann. Is annsin adubhairt Cúchulainn: a mhacaoimh, ar sé, tíagham ar an áth so siar seal eile chum a chómhraic. Is uime d'iarr Cúchulainn leis chum an átha é d'innill chleasa an ghai bhulga chuige ó nach fuair baoghal ná easbaidh air i gcleasaibh goile ná gaisgidh. Agus mar rángadar ur an átha adubh- airt Cúchulainn le Laogh mac Rianghabhra .i. an giolla do bhí aige, Do righfinn a leas an gai bulga d'inneall dam. Dá madh tualaing tusa a fhreastal, ar Laogh, do-ghéantaoi a inneall liomsa ar an láthair se. Is-am-thualaing, ar Cúchulainn. Agus leis sin ro shoich an bán-ghai bolga tré san bhforghabháil uisgeadh d'ionnsaighe Chúchulainn agus cóirigheas Cúchulainn i ladhar a choise deise go deagh- thapa é agus ro dhiúbhruig uaidh d'ionnsaighe an mhacaoimh é .i. an cleas meillte agus marbhtha gacha mílidh, traochtha agus treasgartha gacha triatha gona agus géir-éirligh gach gaisgidhigh agus níor ghaibh daingean ná deigh-éide ris an gcleas n-iongantach n-anaithnid n-éag- caointeach sin go dtarlaidh go tubais-
teach traochamhail an tréan-gha sin in íochtar bruinne bléin-mhíne buige bláith- ghile ar feadh a inneadh agus a árann agus a chléibh san gcaithmhíleadh go rug deich n-uranna fichead fada fír-nimhneacha tré n-a chorp go comhthrom go n-a dhrúcht fola fíor-dheirge flann-ruaidhe ar íochtar gach urann aca gurab ann ro ghaibh an urainn uachtarach aca i mullach a chinn gach con- tabhairt gur thuit iar sin for lár an átha go dtángadar trí tonna fíoruisge fionna tairis. Is annsin táinig Cúchulainn ós a chionn agus do nocht a chloidheamh do dhícheann- adh an deighfhir. Ro fhiafraigh Cúchulainn annsin, Cia thusa féin, a mhacaoimh, agus déan do shloinneadh damh-sa anois? Ultach maith mise má 's fíor dom mháthair, ar an macaomh. Mairg do mharbh an macaomh, má's Ultach é, ar Conall Cearnach, agus é ag teacht um an am sin chum an átha. Cia h'ainm agus do shloinneadh ar Cúchu- lainn má's Ultach tú? Is mise Conlaoch mac Cúchulainn, ar an macaomh agus fosd do lámh agus do chloidh- eamh, a athair ionmhain, óir ní duit dligh- thear mo dhícheannadh, agus adubhairt an mac- aomh an laoidh le doimheanmuin.
Conlaoch: - Fosd do lámh, a chú Chuailgne, Do-rinnis gníomh díombuaidhe; Maith an t-Ultach, gníomh nguile, Do chuiris i gcró-luighe.
Conall: - Mairg do mharbh, má's Ultach é, An macaomh fá geil-ghné. Ba mhaith an cuinge catha Fá mac ríogh nó ró-fhlatha. Ar do ghaisgeadh, fath nách fann, Is eadh adubhairt Conall, Sul nách folcha talamh de Fagham-ne fios do shloinne. Conlaoch: - Is aire thánag anall Chugaibh-se, a mhaithe Éireann, Oir is é m'athair gan oil Cúchulainn mac Subhaltoigh. Cúchulainn: - Truagh nách mise ro foladh San áth an tan ro-d-ghonadh Sul do muirfidhe maille Más tú Aoinfhear Aoife Conlaoch: Mairg nár aithin mé, a fhir, A Chúchulainn mhic Sualtaigh, An tan do theilginn go fiar fann Na sleagha i ndiaidh a n-urlann. Muna mbeith an gai neimhe Nárbh aithnid dam riamh roimhe, Ní muirbhfidhe mé gan feall Nó go dtuitidís fir Éireann. Mo dhá shleagh, a Chonaill chaoimh, Beir leat agus taisg read thaoibh, Agus mo chloidheamh go ngoil Tabhair do mhac Subhaltoigh. Atá mo churach san tráigh Éirgheadh duine uaibh in a dháil, Béaraidh céad tar muir meardha Nocha dtréig a thighearna.
Claithtear libh-se an talamh te Sonna tar chompán Aoife: Mairg do mharbh an dearg datha Truagh gníomh, a dheagh-athair.
Truagh sin, a mhacaoimh, ar Cúchulainn. Is olc an tráth do-rinnis do shloinneadh. Agus cuireas a chloidheamh in a thruaill taisge agus d'éirigh an macaomh in a sheasamh agus do bhí ag iarraidh ar a athair a ghlacadh in a lámhaibh ionnas go dtuitfeadh ar a aghaidh go nách aibeóradaois laochradh Ul- adh ná aoinneach oile go madh meatacht ná mí-laochas do-bhéaradh air tuitim ar gcúl. Do-ghéabhair sin, ar Chúchulainn, óir is aisge fíor-laoich í; agus do bhí amhras aige nách é a mhac do bhí ann nó gur fhiafraigh a ainm de an dara feacht agus d'innis eision dó gurab é féin a aon-mhac re Aoife ingean ríogh Gréag. Ro ghaibh Cúchulainn annsin ag toirse troim agus ag nuallghubha dearmhar ós cionn a aoin-mhic agus d'fhiafraigh Conlaoch de cia ag a ndearna foghluim an ghai bulga. Ag do mháthair-se, ar Cúchulainn. Mallacht uirthe-se, ar an macaomh, ro ba tocha lé a dalta sliasda ioná a dalta cíoch agus uchta, óir is damh-sa dligheadh an cleas sin d'iomarca ar chách. Is annsin d'éirigh Cúchulainn agus do iadhaigh a dhá dhóid ríoghdha ró-mhóra fán macaomh agus rug leis as an áth amach é agus ro shuigh ós a chionn ós ur an átha agus cuiris ceann a mhic in a ucht agus do bhí ag éag- caoine go hadhbhalmhór ann. Ro bhádar sreabha suigh-dhearga agus locha leathna lonn- ruadha agus buinneadha borba bog-fhola ag snighe agus ag síor-thuitim as créachtaibh Chonlaoich gur dheargadar dubh-chaoba dearg- ruadha donnfhola an deaghlaoich an t-áth agus
an abhainn uile agus tug Cúchulainn dá uidh agus dá aire sin. Ro ghaibh ag éagcaoine go mór agus ag moladh an mhacaoimh agus ro bhí Conlaoch ag á radh ris gan tuirse do dhéanamh agus go madh lughaide badh chóir dó doilgheas do bheith air in a dhiaidh mar do oirdhearcadar a sgéala agus a ghoil agus a ghaisgeadh agus d'iarr mar aisge ar a athair a adhnacadh in ionad árd aoibhinn agus íodhbairt do dhéanamh do na déithibh adhartha do rath a anma gan a léigean i mbrugh ifrinn agus do bhádar airdheana éaga ag teacht air iar sin. Ó d'chonnairc Cúchulainn sin tug a bhéal ar bhéal a mhic agus ro ghaibh ag tuirse agus ag truaigh-éighmhe go mór ós a chionn agus adubhairt, Is truaigh liomsa, a mhic ion- mhuin, an toisg agus an turas i dtángais tar muir agus tar mór-fhairrge ag do mharbhadh ag t'athair féin gan anacal. Badh ró-aibidh mo neart agus m'fheidhm-se, a athair ionmhain, ar Conlaoch, muna dteangmhadh an gai bulga liom dom bhaoghlughadh agus ní raibh breith ar Conlaoch d'anacal annsin óir do dhealaigh anam re colainn aige. Do rinne Cúchulainn lán-chumha mhór agus dubhchas dearmhar ag a fhaicsin agus níor fhuiling bheith i bhfiadhnaise Chonlaoich an feadh do bhí a anam ag dealughadh ris agus do thimcheall Cúchulainn an t'oireachtas ag iarraidh Conchubhair agus maithe Uladh do dhíoghail a dheighmhic orra. Ro sheachnadar uile é ó d'chualadar marbhadh a mhic féin dó. Ó nách fuair iad ré a n-oirleach táinig mar a raibh Conlaoch agus adubhairt, Dá saoghaltaoi an mac so ro badh oirbhe rófhir. Ro-d-bhia beannacht agus buaidh, ar Feircheirtne file; maith an t-ainm thugais ar an ionad so .i. Oirbhe Rofhir ar Mhaigh Mhuirtheimhne a ainm go dtí an bráth.
Is annsin d'fhóbair Laogh mac Riangh- abhra Conlaoch do chosgairt do bhuain an ghai bulga as. Ó d' chonnairc Cúchulainn sin, A ghiolla, ar sé, ná déana sin, óir is fearr liomsa gan lá goile ná gaisgidh do dhéanamh go héag ioná corp mo mhic d'fhaicsin ag a chosgairt im fhiadhnaise. Agus iar sin táinig Cúchulainn roimhe go Tráigh na dTréinfhear d'fhéachain curacháin Chonlaoich agus adubhairt, Ní tháinig in aon aimsir go hÉirinn riamh in aois bliadhna agus fiche curadh do ba chródha ná laoch do ba láidre ná fear ba fhearr in a ghníomhaibh goile agus gaisgidh ioná an tí ag á raibh an curachán so (óir do bhí a fhios ag cách gurabh í a aois bliadhain agus fiche an tan sin.) Táinig Cúchulainn roimhe iar sin gus an dtulaigh ar a raibh a mhac agus ro thógaibh leis an laoich-mhíleadh gus an dtulach árd úr aoibhinn do bhí ós cionn an átha agus ro tochladh an talamh dó iar sin agus do hadhnacadh Conlaoch leis annsin agus ro cuireadh liagán cloiche fad na huaighe ós a chionn agus ro léig Cúchulainn a ucht agus a ur-bhruinne ar an liagán comhchloiche sin Chonlaoich agus do bhí an deighfhear go dubhach dobrónach annsin go neóin don ló agus táinig Feircheirtne file dá iarraidh ón dtulaigh, óir níor lamh Ultach fanmhain in a fhochair iar marbhadh a mhic acht Feircheirtne a aonar agus do ráidh Cúchulainn. Ní léigeann trom-chumha damh-sa an liagán ná an leachtán so d'fhágbháil go héasgaidh agus is lán-olc liomsa nách curadh nó caithmhíleadh oile d'Ultaibh do mharbh mo mhac óir do dhíoghalfainn-se go maith orra é agus do chan an laoidh le do-mhean- main.
Leachtán sonn Aoinfhir Aoife Mac lánamhain lánbhaoithe Nocha dtadhaill an bith beacht Macaomh ba dána draoidheacht. Truagh nách é Cealtchar cródha Do mharbh mo mhac garg-bheódha Maith do dhíghéaltaoi an gníomh leam, Is prap do-ghéantaoi a chomhlann. Truagh nách é Fearghus mac Róigh Do mharbh mo mhac i gcéadóir; Do dhíghéalainn é ar mo oide Gan sluagh is gan sochraide. Truagh nách san Mumhain meadhraigh, Nó i Laighnibh lann-bhfaobhrach, Nó i gCruachán na mborb-laoch Do thuit mo mhac Conlaoch. Truagh nach é Conall Cearnach Do mharbh mo mhac móir-mheanmnach, Do bheadh a fhuil ar mo armaibh In íoc mo mhic mhór-adhbhail. Do-chuaidh Conlaoch uainne soir Go ráinig Cairthe Iomroicsidh: Cairthe Iomroicsidh is de atá, Is ann atá a leachtán.
Agus ro thógaibh feart fód-bhuidhe agus ro fearadh a chluiche caointe agus táinig Cúchu- lainn as a haithle sin go Dún dreach- sholais Dealgan agus do shuigh go hanbhfann atuirseach agus go colanfhadhach ar faithche an dúna agus d'éirigh Éimhir in a chomhdháil agus ó d' chonnairc gné dhubhach dhobrónach ar a deighfear, ro fhiafraigh adhbhar a thuirse don tréinmhíleadh.
D'fhreagair Cúchulainn di go héasgaidh agus do chan an laoidh go héagcaointeach iarghnóthach: - Cúchulainn: -
A Éimhear do-rinneas éacht; Im chroidhe thall atá créacht; Geadh do-rinneas, borb an glonn, Do bhris mo chroidhe an comhlonn. Éimhir: - Cia ro-s-torchair, a chú cháin, A mhic shéaghain Subhaltaigh; Nó cia do traochadh dhe Ón lá atáir dá fhiafraighe? Cúchulainn: - Mo mhac do mharbhas monuar, Conlaoch calma cloidheamh-ruadh; Ní tig díom iomchur mo shleagh d'aithle an éachta, a Éimhear.
Do bhí Conlaoch iar sin bliadhain san bhfeart gan tógbháil agus i gceann na bliadhna do baineadh an gai bulga as agus do hadhnacadh a thaise le Cúchulainn san áit chéadna. Gonadh amhlaidh sin do críochnuigheadh Conlaoch uasal.
Brollach Do leabhar na nGeinealach. Dubhaltach mac Firbhisigh ro scríobh. Cuimre craobhsgaoileadh chinedh Érenn ac- cus Alban-Scot gona bprimhghéguibh genealach ó Adhamh gus anois 1666, tionoilter a leabh- raibh chloinne Fhirbhisigh (is go hairidhe as an leabhar do sgriobhsam fén go foirleathan ar craobhsgaoiledh mór- agus mionghabhal Erenn in gach am) egarthar agus sgriobhthar sonna lesin Dubhaltach mac Giolla Íosa Mhóir mec an Dubhaltaigh mec Firbhisigh Lecain mhec Fhirbhisigh i tTír Fhiachrach Muaidhe anno Christi 1666, aniu an dara lá is an céd Luan do mhís Aibreóil (le toil nDé) thosaighim so isin bliadhain agus isin Tír Fhiachrach remeberta. Annamh eólas ar nach ttrialltar increchadh éigin go hairidhe le lucht laigeólais, gonadh aire sin shaoilim nach anoirches sgríobhadh fhocail nó a dhó dhuit, a léghthóir, do dhiongbhaladh na dioghloma-so do fhaghail le hughdordhas in- chrete. Cred uaim gur chuires chédus brollach fiarsing do dhearbhadh dhísle an tsaothair i ttús lebhair mhórchraobhsgaoileadh ná ccóigead gona bhfóaicimibh do sgriobhas chena. Dá bhrigh sin, ní aibér annso acht gurab iad na Screp- túir diadha do sgriobhastair Maois an sen- chaidh mór as príomhughdordhás agam annso do urmhór ó Ádhamh go túr Nemhruaidh, agus Senchadha eolcha eile 'na n-aimsir edir chill is tuaith ó sin anuas gus aniu noch do ainm- nigheas isin bhrollach remraidhte is do ba liosda a luadh isin chuimre-si, acht gé shaoilim a ccuimhnuighadh a ccorp an leabhráin si da ccur ara gcraobhaibh dísle fudhéne an tan thigid, maille le haimsioraibh a rémhsiodh fá sech.
Dia Athair Uile-chuamhachtach, tobar is cruthaightheoir an uile-mhaitheasa do chruthaigh an céd duine Ádhamh, 's a thaobhasna dá ndearna mnaoi, darbho ainm Ébha, is do urshnaidhmigh iad le chéile, do shíoladh chinidh dhaonda etorra: do shliocht na lanamhna sin 'n-a líona luaidhem siosana, ag tosughadh le hAdhamh, le a mhacaibh iarsin agus le a uibh as a h-aithle go ar n-aimsir fén, na glúine genealach i mbrollaighibh na nduilleann agus gach aicme dár fhás uathaibh is na leathanchaibh láimh leó ó thús go deireadh, agus na sinsir i ttosach mar as dual 'n-a samhail so acht in uair thigid sóisir rioghdha ar bheulaibh sinsir chríona, ionnas go bhfaghthar géga gene- aluigh gé gebhtar sloinnte ar a sleachtaibh. Na sloinnte, imorro, dá shuaraighe atáid ní bhfuigfem dar ndeóin éanshloinneadh aca gan aireamh ó a cheap fén.
SEÁAN UA GADHRA RO SCRÍOBH. Oráid chum an Léightheóra agus Díonbhrollach na hOibre so. Ba ghnáithbhésa do na ríghthibh agus d'uacht- aránuibh na bpuibleacha ar cheana ar feadh an domhuin cumaoin meisneach agus onóir do thabhairt do dhaoinibh foirfidhe foghlomtha do bhiadh ina ngnáthchuimhne scríbhneórachta agus ina ccartacha buanmharthannacha ag aithbheógh- adh échta agus gabháltais a sinsear agus ag tegasg na n-óg agus na n-iarmua chum a n-aithghin sin do shaothrugha le réimhfhéchuin agus le cródhacht a ngníomhradh féin. Is follus an modh so ag Alasdrun uaibh- reach an tan do chlaoidh agus do sgap mór- shluagh Dharius Rígh na Persia, do fríth céidche beag uasal ró-chostasach ameasg foidhbhe agus édála na námhad, agus ro hiomráidheadh eidir na triathaibh agus na cennphuirt cia na seóide uaisle do ionmhus an árdrígh do cuirfidhe a ttaisge ann, agus ameasg na cosbóireachta so, ro iarr an domhanchumhachtach Alexdar saothar nó leabhair Hómer an fhile do thabhairt chuige agus do chuir a lámha féin san tshoightheach a ccumhdach iad, ag dearbhadh gurab í an fhoghluim séd ba huaisle san domhan. Ba hadhbhal a mhodh féin agus a thairbhe fá'n tráth sin dá mhaighistir Aristotle, amhuil Cyrus Árdrígh na Persia nach sgaradh leis an bhfallsamh Zenophon amuigh san longphurt ná san bpalás. Féch onóir chloinne Míleadh don árdollamh Cathér an tan do thairngir sé ag Sliabh Riphe a ttoigheacht go hÉrinn, agus tar éis, iar mbuaidh a ccosguir a n-Éirinn féin, go ttárla imreasan eidir Éimhior agus Érea- mhón fa'n aois ealadhna, Cir agus Onaoi a
n-anmanna, gur thuit do réir chranchuir Cir an seanmuire do thaoibh Emhir Fhinn agus an t-ollamh d'Éreamhón. Ag so mar adeir an t-Árdrígh Corbmac Mac Airt san Teagasg Ríogh: Maith do eagna do-ghní rí do bhocht. Do-ghní anruth do eisert. Do-ghní soichenél do dhocheinél, do-ghní goeth do bhoeth, maith a tosach maith a deireadh. Ciodh trácht do bhí ollamhnacht agus seanchas (ni headh amháin filidheacht) ar bun ó thús mar is follus ó'n Scrioptúir san tseanreacht, agus ag na Págánuibh ar cheana amhuil a leightir ag Virgil: Cui Pilumnus avus, cui diva Venilia mater. Agus an tan tharladh imreasan fá oighreacht arm Achilles eidir Ulysses agus Aiax go raibh iomadh mór eatora fá n-a Seanchus ag dénadh poimpe agus ealláis as a sinsioraibh mar a n-abuir an caithmhiledh: Sic a Iove tertius Aiax. Ag so freagra Ulysses. Nam mihi Laertes pater est, Arcesius illi. Iupiter huic: neque in his quisquam dam- natus et exul. Ní ferr cruthugha an tsenreachta fa go bhfuil senchus agus ollamhnacht oirdhearc ion- leanta ná mar is follus san Tiomna Nua ag Matha soibhiscéul geiniolach Íosa Críosd, an mhéid gur duine é. Do bhadar mar sin anuas ó an aimsir go ar oile óir is mór meas na Rómhánach ar a n-échta do chuimhniugha a leabhraibh, agus breathnuighid gurab iad daoine ealadhna na ccineadhach do shiorruidh échta a ngaisgidh agus a n-ardfhlatha, amhuil adeir an file: Vixerunt fortes ante Agamemnona multi: sed omnes illacrimabiles Urgentur ignotique longa Nocte carent quia vate sacro.
Do bhí Homer ag Gréguibh, Virgil ag Romhán- uibh do thaobh échta agus senchusa a sinsir. Bhí Curtius ag Alasdrun, dá mórugha etc. ina ngeiniolach. Stemmate quod Tusco ramum millesime ducis. Mur an cceudna bhí ag Gaoidhealuibh Flaithri, Fiothal, Tórna, Giolla Mac Duda, etc. agus ní bhfuil duine nach maith leis a shenchus murab aborigines nó filius terrae é. Do bhíodh comhchruiniugha gacha cethramha lae gach sechtmhadh bliadhan ag aos ealadhna na hÉirionn a cCaisiol a bhfochair an árdollaimh (is annsin do scríobhadh Saltair Caisiol), agus do sgagadís geinioladh triatha agus uaisle gacha tíre, agus do curthaoi ainm an mhic sa leabhar iar mbás don athair agus do bhíodh ollamh gacha tíre na dhiaidh sin ag cong- bháil senchusa na ttighernadh agus na ttuath bhíodh ina churam agus dogheibhdís muirn, ion- mhus agus dúithe da chionn sin, gidheadh, an tan a dibreadh na triatha agus do cailleadh an dúithe, níor bho diongmhála an ealadha ag iarmua na n-ollamhun do dhith cumhachta ionnus gur fágadh na dilleachta í, acht gíbé le mba toil aon chlár do chongbháil as uisge dhí, a ccás nár dhúchas dhóibh a leanmhuin, mar is follus ó Dhochtúir Cétin, Ruaidhridh Ó Flaith- bhertaidh, Cambrensis Eversus .i. Séan Dubh A Línse agus mórán oile. Gurb uime sin do ghlac truaighe, báidh, agus claon le n-a násiún go sunradhach agus da chairdibh go h-airidh, scribhneóir an leabhair so Henridh Mhac Carrtha an obuir fhada ettual- uing so (maille le scata oile dhá sort), ina bhfuil gabháltus geiniollach seanchus agus slointe Éirionn ó uaisle go minsleachta, do thionsgnadh a Sliogioch, saothar ba doilghe dhó bhí na chennuighe a n-iomad gnódhuighe agus mórchurúim: gidheadh do ráinicc leis an gach
eidirsgith dá bhfuair agus dá fhuaduigh uadha féin an leabhar so do chríochnugha Anno Domini 1708 as priomhchóip nar fhág aon ní gan sgagadh agus gan tionól a leabhraibh agus ó ughdaraibh fromhtha na ríoghacht so, agus go hairidhe as leabhur an Dubhaltaidh Óig Mhic Fhirbhisigh Lecain Mhec Firbhisigh, etc. Do bhraith iomorro an scríbhneóir reimh- ráite Henridh air féin trí neithe no puinc san tshaothar so .i. uaisle aigenta, baidh le cáirdibh, agus grádh don earadh: an céid ní, dó féin bhainios sin, óir ní bhfuil brath ar bith is mó air aigneadh uasal ná saothar do dheghdhaoinibh a n-asguidh; an dara ní ar a charthannacht do'n chrích se etc.; an treas ní grádh do'n earradh, óir as é an t-earradh is mó shantuighios an cennuigh maith an neoch is uaisle, is ferr agus is marthannuigh, agus ní mheasfuinn go bhfuil a solér ná a storús seóid is daoire agus is buaine ná a leabhar, agus dá chloinn agus dá iarmua bhainios sin, óir is dóibh shaorthruighes gach athair na neithe marthannacha. Anois (mar luach saothair ghaedhalach) go saoluighe Dia is na grásaibh é féin agus a churum amhuil athchuinges. A Charaid ionmhuin. Seán Ó Gadhra.
LORG CHRÍOST. An Chéad Leabhar agus an chéad chaibidil. Do Lorg Chríost agus do dímheasadh diomh- aointis an tsaoghail uile. 1. An tí leanfas mesi ní shiubhalfaidh sé i ndoircheadas (Eoin.viii.12.) Ag siad so focail ar dtighearna Íosa Críost ina bhfógrann dhúinn, mas mian linn bheith saor ó dhoircheadas agus ó dhaille croidhe, aithris do dhéanamh ar a bhéasaibh agus ar a bheatha ró-naomhtha. Tríd sin déanamais dícheall díbhirceach agus machtnamh caondúthrachtach ar bheatha Chríost do leanmhain. 2. Sáraigheas teagasc Chríost teagasc na n-uile naomh agus an tí aga bhfuil an spior- aid cheart doghéabhaidh sé an manna folaighthe innte; gidheadh atáid a lán ná corraigheas agus ná spreacaigheas gnáth-chlos an tsoi- scéil a n-intinn ná a gcroidhtheacha mar nách bídh spioraid Chríost ionnta. Acht an tí dár mian leis focal Chríost do thuigsin go mothaightheach, is dleacht dó dícheall dian do dhéanamh agus machtnamh cruaidh do dhéanamh ar aithris beatha ró-naomhtha Chríost. 3. Créad an sochar ná an tairbhe dhuit labhairt go doimhin léigheanta ar an Tríonóid is an Tríonóid id' aghaidh tréd neamh-umhlacht? Is fíor nách déanaid focail móra bláith-bhriath- racha duine do naomhughadh acht is fíor go dtugann beatha shubhailceach buidheachas agus greann Dé air. Do badh fhearr liom comh- bhrúghadh croidhe do fhulang agus do mhothughadh ioná bheith fiosach ar a léir-nochtadh. Má biaidh an scríbhinn diadha do mheabhair agat do rinn aon fhocail agus seanráidhte na n-eagnaidheach agus na ndraoithe, créad a mhaitheas ná a shochar duit gan grása Dé agus greann Dé? O, a díomhaoinis an díomh-
aoinis agus is díomhaoineas an uile (Eccles. 1.2.) acht seirbhís agus greann Dé amhaín. Ag sin an eagna is áirde tré chúl do thabhairt ris an saoghal agus tré aghaidh do thabhairt ar ríoghacht naomhtha na bhflaitheas. 4. Is díomhaoineas don réir sin do neach bheith ag iarraidh ná ag iarracht ar shaidhbhreas diombuan an tsaoghail so, ná ag cur a ndóchas ann. Is díomhaoineas bheith ag iarracht ar onóir ar ainréim agus ar árd-ionadaibh. Is díomhaoineas bheith ag leanamhain do ainmhian- aibh na colna ná ag iarracht ar aon ní eile dobhéaradh pian dian dólásach ar a n-anam bocht dá éis. Is diomhaoineas bheith ag iarr- aidh saoghail fhada agus faillighe do thabhairt i leas an anma. Is díomhaoineas aire do thabhairt do neithibh an tsaoghail so amháin agus gan aire do thabhairt do neithibh atá le teacht agus fa dheóidh is díomhaoineas greann do thabhairt do neithibh diombuana agus gan an deithneas do dhéanamh dochum na háite ina mbiaidh úrghairdeas agus sonas síoraidhe. 5. Smuain do shíor ar an sean-rádh nách fuil an tsúil lán do radharc ná an chluas lán do éisteacht (Eccles.1.8.) Machtnamh don réir sin do chroidhe agus do intinn do tharr- aing ó neithibh talmhaidhe agus iompuigh ar neithibh neamhdha óir truaillid an drong leanas anmhiana a gcoinsias agus caillid siad greann diadha Dhé.
SCÉL IN DÁ LENAB. Fechtus n-óen dia rabador dá lenab ac comchluichiu .i. lenab Cristaige agus lenab Iúdaidi in araile láa sollamnach, atbert in lenab Cristaige, tiagum i cumaid cáich sin tempoll. Tiagait amail atrubairt: Iarfaigis in lenab Iudaide crét in delb croche út agus in crochaire innti. Ar tigernai- ne sin, ar in lenab Cristaige, agus do muinter-sa ro-s-crochsat é ar fhuath agus ar fhormut. Olc in gním do-rónsat ar int Iúdaidi. Iarfaigis doridisi in lenab Iúdaidi, cía in delb bantigerna onóraige út adchíam agus lenab bec in a hucht? Delb Muiri sin, ar sé, agus delb intí út ro chrochabair-si in a náidenacht in a hucht. Iar n-aisnéis dóib móir do chomrád etorrra amlaid, tiagum cusin n-altóir, ar in Cristaige, co caithmis bairgin coisrectha. Iar scáiled don phopol asin tempoll, scáilit in dá lenab agus tét cach lenab díib dia thig fén. Iarfaigis a athair don lenab Iúdaidi ca hairm i raibi. Ro bá i farrad fírchómpánaig dam, ar sé, agus dochuamor i tempoll na bantigerna .i. Muiri i ro chaithsem bairgin coisrectha ann. Ro fhergaig agus ro lonnaig a athair fris agus ised in cétna dorinne in máthair agus ised ro ráidset, oid bibda báis tú, ar síat. Gabthor leo é agus cuirit i sorn tened ar n-a dergad co raibe ann ón tráth co araili co ndernad min agus luaith di. Ar n-a bárach iomorro tiagait dia fhiss. Is amlaid ro bói in a chotlud. Ingantaigit co mór agus dúiscit é agus iarfaigit crét ro shaor ar a loscad é. Bantigerna in tempaill i raba ané .i. Muiri nóeb, issí ro-m-shaer agus fa coim ro chotlus agus is dalta di mé. Is trésin mórmirbuili sin ro chretsit a athair agus a
máthair agus a uile choibnesta archena do Dia agus do Muiri Nóib. Is mór in mirbuili do Muiri Nóib connách fétann ben Iúdaidi tuismed lenib do dénom intan bís re idnaib no co n-aitchenn Muiri.
SCÉAL AR NAOMH GREAGÓIR. Aroile domhnach do Ghreagóir, abb Rómha, ag íodhbairt chuirp Chríost. Ó ro bhí cách ag dul do láimh táinig feadhbh iriseach do-ghníodh abhl- anna do-sain chuige go tíosadh do láimh. An tan iaramh dorad an cléireach dise corp Chríost amhuil is béas ag rádh; Corpus Domini nostri, etc., .i. ro choimhéada corp ar dTighe- arna Íosa Críost t'anmuin, annsin ro ghaibh faitfeadh an fheadhbh go ndearna gáire dear- mhar. Tug an cléireach fo chéadóir a dheise uaidhe agus ro fhuirim corp Chríost ar an altóir agus ní ro fhaoidhis a chaitheamh. Ro fhiafruigh iaramh di cia um a ndearnaidh gáire an tan tugadh an corp di. A iongantaighe liom, ar sí, an bairghean dorinneas dom lámhaibh féin indé a rádh duitsi indiu gur ab é sin corp Chríost. Ro shléacht Greagóir ar sin i bhfiadhnaise na haltóra agus an pobal uile maille ris do dhíochur díthchreidmhe na mná. Adracht Greagóir iar sin i bhfiadhnaise chách uile agus fuair an abhluinn chuir ar an altóir i mbloigh feóla deirge. Ó dochonarcadar na daoine uile an míorbhuil sin do chreid an banscál gur ab é fíor-chorp Chríost dobheirthir ar gach n-altóir .i. an corp ro ghéanair ó Mhuire. Ro calmuigheadh ris an bpobal Rómhánach uile de sin agus ro shléacht Greagóir dó iar sin go ro suidheadh iona chéid-ghné ó thosach, óir níor ba dleacht ná oire- amhnach go mbeadh gné na feóla deirge air aga chaitheamh agus ro suidheadh fo chéadóir i ngné abhluinne. Finit.
SCÉL FOR MÍRBUIL PÓIL SONN. Dia mbái Pól apstal i cuimrech ic Nír César isin Róim, tánic for a men- main Pól do díchennad iar crochad Petair leis reme sin. Rucad iarom Pól dia marbad agus a dá láim i lámaib dá míled. Tánic ann araile ben dia n-innsaigid agus ro bái oc a iarfaige díib crét dogéntai fria Pól. A marbad, bar iatsom. Ro guil in ben co gér annsin agus is ed adubairt, is é so láa mór na Róma. Bái Pól annsin oc iarraid bréite ro bái fa ciunn na banscáli do thabairt dó co rogabad 'ma chenn, ar dáig nach faiced na básairi 'ca bualad agus ro gell Pól dí co roised in t-anart cuci féin doridisi. Ní dingentar amlaid, bar na básairi, acht is acainne bias agus is sinn béras linn é. Dorat in banscál in t-anart do Pól agus ro gab in t-apstal 'ma chenn é. Lotar iar sin co himill araile locha bái in a fochair agus dorat Pól a agaid fria lár ann agus ro bái oc etarguide a Thigernai. Tánic óen do na miledaib co Pól agus dorat buille dia chois ann. Atracht Pól agus ro díchennad o chloideb é fó cétóir agus luid a chenn amach isin loch. Ro cuimnig Dia in gellad dorigne Pól don banscál uair dochuaid in t-anart la gáith co raibe uas ciunn na banscáli áit i mbói oc toirsi co mór. Tuitid bainne fola as in mbréit i fiadnaisse na banscáli. Tógbaid in banscál annsin a rosc in áirde. Atchí in bréit uas a ciunn agus gabus cuce é. Bái iarom in cenn isin loch sin fri ré
dá fichit ar da cét bliadan. Ocus is amlaid bái isin loch sin frisin ré sin agus cethre coindli ciara ar fursunad imme agus cethre coinnli solusta ar adnad imon cenn féin thís ar grían an locha ó ló a díchennta co ló a fagbála. Ro badus atra frisin nuimir sin ac iarraid in chinn ó na Cristaigib agus ni fríth é. Bái imorro Siluester Pápa agus Con- stantin macc Eléna agus Eléna féin ó dethite móir oc iarraid in chinn. Tánicc ann araile ben do shíl na mná cétna dorat in bréit do Pól corice in loch i raibe in cenn do nige a hédaig agus ó ráinic, atconnairc i cétóir cethre lóchairn for lasad imon loch agus cethre coinnle aile agus cenn duine i medón etorra. Tánic iarom in ben dia tig agus ro innis do cách aní atconnairc. Cidtráchtus ó ránic clú in sceoil sin cusin popul dorónad mórthinól aca agus tucad cuca in ben atconnairc na mírbuile. Co rucad solus cert dóib agus ráncatar in loch agus atconncatar ule in cenn agus na coinnli for lasadh imme agus ceithre coinnle aile imon loch. Tucad iarom in cenn asin loch leó agus ro canad sailm agus urnaigthe uas a chinn agus ro tógbad leó é co hairm in ar hadnacht corp Póil. Is amlaid bátor etir corp agus cenn oc siled fola mírbuili in uair (sin) ro deglaitís re céile, agus ba mór in mírbuile nách tánic temel ná mígné don cenn ná don corp fria ré dá fichit ar dá cét bliadain acht a mbeith díb línaib oc siled fola. Tucad in cenn forsin colaind agus ro lenatar dia aroile agus ro ansat don siled fola mar bud aen corp agus nír sil bainne fola estib ó sin ale.
AODH MAC CRUITÍN ro chan - A Dhé do dhealbhuigh gach ní Is darb cúram fós díon cáich, Ar ndul dúinn chum suain anocht Gaibh ár gcumhdach ort do láimh. Taidhbhse oidhche noch bhíos saith Is cealg Satan nách maith le a luadh, Is gach síabhra fhásas dá dtaoibh súd, Cuir iad ar gcúl i bhfad uainn. Árd-athair na n-uile-bhuaidh, Íosa milis uaidh do ghein Is an Spioraid-shearc shnadhmas iad, A n-iarrmuid sonn, déanaidh sin.
19>
AITHREACHAS MÓR NA NAOMH. A Thighearna thug damh spéis Ná fulaing mo léan i bhfad; Sín do chobhair damh i n-am Beag mo theann is lag mo neart. Tá mo namhaid ar mo thaoibh Ar feadh na hoidhche is ar feadh an lae, Ní fios damh nach i mo shuan Thiocfaidh an uair i mbreithfear mé, Is iomdha rabhadh fuair Sodom Is iomdha olc tháinig dá cheann Má chaith mise seal ag olc Ná leig m'anam bocht 'n-a gheall. Prionnsa uasal i mbun a fhocal Nach mór an sochar é bheith i dtír? Nár gheall tú damhsa párdún A rí na ngrásta is tú atá fíor? Nár pheacaigh Adhamh is Dáibhidh an rí Pheacaigh Maoise is ba mhaith an triúr? Cionn na gcléireach Peadar feidhmeach Mac Dé shéan sé ós coinne a shúl. Má pheacaigh sinne pheacaigh siad Is ionann Dia a bhfuilmid faoi. d'aithne agus do ghrádh le chéile Go bráth ná cuir i gcrích. Nach bhfuair fear a haon-déag Páighe a lae mar fhear a trí? Is minic bhí cu mall sonach Atá féile is onóir i mo rígh.
Golfaidh mé in san oidhche Golfaidh mé arís gach lae Agus golfaidh mé go bráth Go bhfuighbhe mé grásta Dé. Golfaidh mé go gáibhtheach géar Scaipfidh mé na frasa deór Scoiltfeas clocha agus croinn Go bhfaghbhad mo roinn den ghlóir. Ó thosuigh tú i gcionn an chláir A rí ba fhearr ó thús go seadh Guidhim thú a rí na ndúl Ná stad do shiubhal insan tsreath. Ceangal. Ní raibh roiseafta nó siopa ag mo liaigh-sa riamh Tá fios mo ghalair is m'aicíde agat fhéin, a Dhia, Lucht leathtruime ná hagar is ná héiligh choidhche, Faoi allus na haithrighe cuir mé i mo luighe.
LONDUBH DHAIRE AN CHAIRN. Oisín Cecinit. Binn sin, a loin Dhaire an Chairn. Ní chualas in aird san mbith Ceól ba bhinne ioná do ghuth Agus tú fa bhun do nid. An ceól as binne fan mbith, Mairg nách éisteann ris go fóill, A mhic Chalphruin na gclog mbinn, is go mbeurthá arís ar do nóin. Agat, mar atá agam féin, Dá mbeith deimhin sceul an eóin, Dogheunthá deura go dian Is ní bhiadh th'aire ar Dhia go fóill. I gcrích Lochlann na sreabh ngorm Fuair mac Chumhaill na gcorn ndearg An t-eun dochíthí anois. Ag sin a sceul duit go dearbh. Daire an Chairn, an choill úd thiar Mar a ndeunaidís an Fhiann sos Ar áilne is ar chaoimhe a crann Is eadh do cuireadh ann an lon. Scolghaire Loin Dhaire an Chairn, Búithreadh an daimh ó Fhaill na gCaor, Ceól le gcodladh Fionn go moch, Lachain ó Loch na dtrí gCaol. Cearca fraoich um Chruachain Chuinn, Feadghail dobróin Druim Dá Loch, Gotha fiolair Ghlinn na bhFuath, Longhaire cuach Chnuic na Scoth.
Gotha gadhar Gleanna Chaoin Is gáir fhiolair chaoich na sealg, Tairm na gcon ag triall go moch Asteach ó Thráigh na gCloch nDearg. An tráth do mhair Fionn is an Fhiann Doba annsa leó sliabh ioná cill, Fa bhinn leósan fuighle lon, Gotha na gclog leó níor bhinn.
PEADAR Ó DOIRNÍN RO CHAN. A Ghaoidhilge mhilis is sáimhe fonn Mear-mhór láidir mar réal na dtonn, Níor choir do labhairt i bhFódla am, 'S ní bhíodh do bháird-mhil i nguais a gceann. Ní bhfuil aon teanga 'sa mbeatha mbreas Comh líonmhar áluinn nó comh caoimh-dheas; Gé aimsir fhada faoi smacht an-teann, Táir cinnte i státa, gé do cháirde fann. Ó chlann an Bhéarla is mór an duadh Tháinic chugat le reachtaibh cruadha; Do scriosadh scríbhne is leabradha grinn 'S is mór an t-iongnadh go mairir ionn.
An tAbhrán. Ghlac eagla aidhbhéil clann na Galldachta Go bhfiosfadh an Fháil-treabh an duine fíor, 'S go lasfadh meanma in gach uile pháiste Ar scriosadh athar gan cháin 'si tír. Do loisceadh teampuill is leabhair bhána, 'S mo mhíle crádh, fós gach saoi-cheap fréimhe; 'S d'aimhdheoin a ngliocas táir cinnte i státa 'S go Luan an bhráith béir mo mhúirnín féin.
SÉAMUS MAC CUIRTÍN RO CHAN. Ag cur Slán le Gaoidhilge. Is doiligh liom gan sult gan sgéal Caint cómhluadar seana-Ghaodhal, Is a sleachta dil' doilghiosach fann I dtuathaibh iargúil Éireann. Mór an béad mar chuaidh ar fán Ár ndáimh léighionda gan meilleán Is an chaint cheól-mhilis ba áille blas, Ba fada bhí fa dheigh-mheas. Mairg riamh dár n-uaisle thréig Le huabhar, seachmall ná seithléig An teangaidh cháidh do chuireadh mian Re héacht a heachtraibh imchian. Mo shlán le starthaibh chlanna Niúil Ba reachtmhar réim is ba rígheamhuil, Ag gluaiseacht trí gach táin tar lear Go hÉireann iath gur thángadar. Mo shlán re seanchus saor na suadh Ar chian-chaithreím na Craoibhe ruaidhe, Gur chaill a bláith le Déirdre geal: Mairg don Chraoibh an chór-bhruingeal. Mo shlán le laoithibh fiadhaigh is fleadh, Dréachta Oisín ba dian diombágh Ag áiriomh tréithe laoigh is luinne Teaghlaigh tréin na hAlmhuinne. Mo shlán le tásg sliocht Éibhir Fhinn Ag cosaint críche ba muinghin: Díobh Lughaidh Meann, an laoch loinn, Fuair seilbh tráth i dTuadhmhumhoin.
Díobh Eóghan éachtach, laoch Leath Mógha, Is Brian bioth-chosantach Bóirimhe, Thug réim re gaisge agus le clú Ag dío-chur Danair is ag riaghalughadh. Díobh cómhladha catha Mumhan nár thais, Buidhean obann iarghoileach Dáil gCais Noch shaothraigh fearann cloidhimh gan chain Lé feidhm fíréanta i dTuadhmhumhain. Mo shlán re saoithibh saor-shliocht duan Do dhlighe na dáimhe ba bhioth-bhuan; Treun-shliocht Ír ba mórdha méin, Chuir tásg a dtíre in imigéin. Aon rann amháin, ní headh mo ghuidhe, Do chlanna cheannasach' Rudhraighe Ba gléire gníomh, ba cabharthach cáil Ag fosdughudh filidhe Inis Fáil. Badh dual dom trácht, gidh tláith mo shian, Ar teaghlach tiodhlaiceach Uí Bhriain, Port-sgáth na fréimhe ó'r lean mo laoi, Iocht na suadh is na seanchaidh. Acht ó nach léirighe taoisigh Táil 'Ná clanna Rudhraighe re mórdháil Atá ollamh oighreachta gan géill Gan díon gan taca gan truaighmhéil. Óir ní le tréithe tógthar neach Chum meas, mór-ghairm ná conách Ní fhoghluim glan do chuireas críoch Fó láimh leatromach coigcrícheach. Anois is tearc a glaoidhtear saoi Chum sógha ná sochair na healadhan, Acht clann cóbach, drong nár chleacht Oireachtais eólais ná inntleacht.
Chímíd cloidhre claon gach feacht Ó chéim go céim ag cluainireacht Go ndeólann óirchioll crú na saoithe Le bladhman, beaduidheacht is bréag-laoithe. Ceileabhram feasda d'óirchiste Gaoidhilge Ó thréig mo dháimh in Inis Éilge Mo shlán go bráth i bprós is i laoidh Le héigse suadh agus seanchaidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services