Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éigse Suadh is Seanchaidh

Title
Éigse Suadh is Seanchaidh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Cuallacht Choluim Cille
Composition Date
1850
Publisher
(B.Á.C.: Muintir Ghoill, 1909)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EACHTRA LÁMHAINNÍ SÍODA
INSO SÍOS.



Dhá threibh daoine do bhí ann ar linn na
heornan gile do theacht ar an saoghal an
cheud uair agus gan breith thíos ná thuas aca
ar a n-anál le neart a scím chum díoghbháil
do dheunamh do n-a chéile. Do bhíodh na tighthe
tré theinidh aca agus an talamh díomhaoin
agus fiadhailí agus feochadáin thar na
claidhtheachaibh ar fud na dúithche agus an
t-arbhar ag dreóghadh istigh ins an eathala
iothlainn cnámha daoine ar na bántaibh agus
gan aoinneach ann chum cré bheannuighthe na
reilige do chaitheamh orra. Sa deireadh
nuair do bhí an-chuid daoine marbh agus
leónta, adubhairt duine éigin ná feadar sé
cadé an chúis an cogadh sin agus cad bhí dá
bhárr ag aon chuid aca. Adubhairt duine
éigin eile an chaint cheudna agus do bhí gach
aoinneach dá rádh ar ball agus is é an
deireadh bhí air gur aontaigh Feargus Óg .i.
an fear ba mhó éifeacht ar treibh aca inghean
fir ón treibh eile do phósadh agus gan a
thuilleadh bruighne ná achrainn do bheith aca as
sin amach. Do tógbhadh teach breaghdha
feirmeach dóibh ar teóra an dá dhúthaigh, agus
do bhí táinte bó is na gleanntaibh aca agus
treuda caorach ar na cnocaibh; do bhí lucht
oibre aca do-ghníodh a ngnó go díreach
macánta agus fuair a gceart bídh agus
codladh; do bhí meas ag na comharsanaibh go
léir orra agus is chucha do thiocfaidís
d'iarraidh congnaimh chum maireachtain nó
comhairle a leasa; agus do chuirtí fáilte
roimh lucht ceoil agus aoibhneasa agus gach
duine ar mhaith leis teacht agus tamall
den oidhche do chaitheamh ar an teinnteán.


L. 2


Tháinig draoidheadóir ar an áit i gcló
duine uasail a dtugadh Lámhainní Síoda air.
Do bhíodh cnapaí airgid ar a chasóig ag
imtheacht aige agus buataisí móra ar a
chosaibh a raibh leathar dearg agus leathar
buidhe agus leathar dubh ionnta agus spuir
órdha ar a shálaibh agus fuip dá réir. Do
bhí fáinní ar a mheuraibh agus in a chluasaibh
agus cleite fada as a hata, agus de shíoda
ba eadh a chuid eudaigh ar fad. Aoinneach
chomh deallramhail leis ní fhacaigheadh fhacas
ar an áit riamh roimh sin. d'fhan sé ar
lóistín ag Feargus Óg, agus do bhí gach
aoinneach an-shásta leis, do bhí sé chomh
séibhialta síbhialta sin. Do thaisbeánadh sé
a chuid eudaigh agus saidhbhris do sna
daoinibh. Adeireadh na sean-daoine gur
bhfearr leó féin na fáinní agus na bioráin
óir do bhí ag bean an tighe mar go rabhadar
chomh bog, nádúrtha sin le feuchaint orra nár
dhóigh leat nach fás do-righneadar agus ná
fuaradar aon ghoradh ariamh ón teine agus
nár bhain gabha ná saor leó riamh. Adeiridís
leis ná raibh is na seódaibh ar fad do bhí ag
Lámhainní Síoda acht obair mhí-mhaiseamhail
agus go cuirfidís i ndeallramh leó an
dranna gáire bhí aige féin. Adeireadh an
dream óg gur minic dóibh cuimhneamh ar
daoinibh ó áiteannaibh leath is amuigh agus
nár rioth sé leó go raibh a leithéid ar an
saoghal ar aon chor a bhreághthacht do bhí sé agus
an chanamhain cainte do bhí aige. Agus is
iad sin thug Lámhainní Síoda air agus do
bhíodh an ainm ceudna ag an sean-dream air
acht amháin gur le searbhas adeuraidís é.



D'iarr Lámhainní Síoda ar Feargus an
dtiubhradh sé ionad tighe dhó. Adubhairt sé
go dtiubhradh agus fáilte agus gur bhreághdha
leis a chuideachta. Do chuir Lámhainní ráil
thimcheall na háite ar fad agus do chuir sé


L. 3


roinn tor síos in san talamh chum gach seomra
do bheadh aige do thaisbeáint do sna
comharsanaibh, agus ní righne dhearna sé acht
an méid sin ar feadh na huaire sin.



Do bhí Feargus Óg ag obair sa pháirc lá,
agus tháinig Lámhainní Síoda aníos an bóthar
agus adubhairt le Feargus: nach iongantach
a luighead measa ag do bhean ort? Adubhairt
Feargus Óg gur chuma. Do chuaidh Lámhainní
Síoda annsin go dtí a bhean agus do chuir
breug ar Feargus dá rádh go ndubhairt sé
gur chuma leis meas do bheith ag a bhean
mnaoi air féin nó gan bheith. Adubhairt an
bhean go raibh an droch-chroidhe agus an droch-
theanga riamh ag Feargus Óg. Nuair do bhí
na comharsain bailighthe isteach an tráthnóna
ceudna, d'éirigh an bhean ag an teinidh agus
adubhairt nár bhain lé féin riamh acht daoine
a raibh strus agus geall orra agus daoine
macánta agus ná raibh ag a fear ná ag ar
bhain leis acht an méid do ghoideadar, agus
"an bhfaca aoinneach beó," arsa sí, "aon rud
chomh canta, chomh deagh-snoidhte leis na
coindleoiríbh práis thugas-sa liom ó thigh
m'athar?" d'éirigheadar chum a chéile
annsin agus adubhairt na daoine go mbeadh
an cogadh ar bun aca arís, agus adubhairt
firín do bhí muinteardha le Lámhainní Síoda
gur bh'feárr an t-achrann d'fhágbháil fa rádh
beirte, acht gur dheacair beirt d'fhaghbháil,
agus go mbféidir nár bhfearr rud do-
gheunaidís ioná é d'fhágbháil fa dhuine éigin ó
áit leath is amuigh. Adubhairt gach aoinneach
annsin gur mhaith an cuimhneamh uaidh é, agus
cá bhfuighbhidís fear ní badh dheallramhla ioná
Lámhainní Síoda. Do léig sé air annsin nár
mhaith leis aon chur isteach do bheith aige ar
ghnó daoine eile agus gurbh é sin an beus do
bhí riamh aige; má seadh fhéin mar shásamh do
gach aoinneach go ndeunfadh ndiongnadh sé


L. 4


an rud d'iarradh do hiarradh air, acht go
gcaithfeadh sé leabhra móra do léigheamh agus
dul i gcostas trom. Nuair do bhí na leabhra
ar fad léighte aige do-righne sé a rádh
eatorra, acht do chaitheadar na coindleoirí
do thabhairt dó an cheud uair agus píosa
maith talmhan in a bhfochair mar chostas an
dlighidh. Sé an rádh do-righne sé nach, má
adubhairt bean an tighe an rud adubhairt sí
féin go ndubhairt sí, go raibh an ceart aici,
acht má adubhairt sí an rud adubhairt a fear
go ndubhairt sí, ná raibh an ceart aici; agus
má adubhairt fear an tighe an rud adubhairt
sé féin go ndubhairt sé, go raibh an ceart
aige, acht má adubhairt sé an rud adubhairt
a bhean go ndubhairt sé ná raibh an ceart
aige. Annsin adubhairt an bhean go raibh an
ceart aici féin agus d'éirigh an fear in a
coinne agus dubhairt gur aige féin do bhí an
ceart, agus má's olc do bhí an cheud achrann
do bhí aca is measa go mór ioná sin féin
an dara achrann. d'fhóbair go mbuail-
fidís féin a chéile, acht adubhairt an firín
gan é do dhéunamh acht é d'fhágbháil arís
fa rádh Lámhainní Síoda. Do chas Lámhainní
Síoda ar na leabhraibh arís agus b'fhada an
mhoill do bhí air go rabhadar ar fad léighte
aige. Sé an rud adubhairt sé annsin go
raibh an ceart ag an mbean mnaoi do réir
an t-sean-reacht agus go raibh an ceart ag
an bhfear do réir an dlighidh nua agus nach
eól do aoinneach cia aca dligheadh ar cheart
géilleadh dhó. Agus as an mbreath sin
d'éirigh bruighean eile, agus mar sin do bhí.
Ní raibh in aon bhreath thug sé acht adhbhar
achrainn, agus do bhí na costaisí ag dul i
méid sa tslighidh ná raibh páirc ná beathaidheach
aca, agus ba éigean dóibh an tigh breaghdha
d'fhagbháil agus dul isteach i mbothán bocht.
Ní raibh a gcuid ná a gclú aca. Aon


L. 5


lánamha bheó chomh dealbh leó ní fhaca aoinneach
riamh agus ní fheicfidh go deóidh. Do bhí gach
aon rud ag Lámhainní Síoda annsin agus
do thóg sé caisleán mór agus do bhí
saidhbhreas agus arm aige. Do chuir sé
d'fhiachaibh ar na daoinibh teacht go dtí a
chúirt féin agus do bhí hallaí móra a
raghaidís isteach ionnta chum a gcúis do
phléidhe. Do chuir sé in a luighe orra gur
mar sin do-ghníthí i ngach tír i raibh dlighthe,
breitheamhnas, agus ceannacht. Do bhíodh gach
aoinneach ag aithris na bhfocal sin agus cuid
aca nár thuig iad. Adeireadh an sean-
dream gurbh fhearr leó an tslighe bhog
ghaedhealach do bhí aca sa tsean-aimsir agus
go raibh an iomarcaidh réim fá an strainséir
seo ná feadar aoinneach cad as é nó cia ar
dhíobh é ar aon chor. Acht do bhí an sean-
dream ag dul i laighead gach bliadhain
tháinig agus ní raibh aoinneach ar an mbaile
sa deireadh a raibh an sean-nós aca.



Fé sar fhuair bean Fheargusa bás do bhí
cúiplín aici. Do bhí Tadhg aici mar ainm ar
leanbh aca agus an Spuirín aici ar an leanbh
eile. Níor airigh na comharsain riamh an
ainm sin Spuirín agus b'ait leó é. Adubhairt
an bhean go dtug sí an ainm sin air mar
mhórtas don bhfear mhacánta sin, Lámhainní
Síoda a raibh na spuir ar a shálaibh aige, agus
go raibh buidheachas a croidhe aici air;
meireach muna mbeadh é sin go mbeadh sí
féin agus a fear ag achrann go deóidh, agus
nárbh mhór an ní go dtug Lámhainní cead
maireachtana dhóibh ar aon chor? Do bhí an
bheirt leanbh seo ag súgradh lá i macha na
sean-fheirmeach agus aon bheirt garsún badh
dheise snódh, badh láidre lámh, agus badh
luaithe cos níor cuireadh riamh ar an saoghal.
Do bhí Tadhg in a sheasamh ar bhárr puirt agus
sean-hata ar a leath-cheann aige agus do bhí


L. 6


an Spuirín d'iarraidh é do chur dá chois. Do
bhí taca ag Tadhg le n-a shálaibh sa phort. Do
bhí sé dá lúbadh féin agus dá bhogadh féin
agus neart a ghualann aige i gcoinne an
Spuirín gibé'r domhan taobh a dtiubhradh sé
fobha féig. Agus is iad na focail bhí aige
nach ná




Mise an sean-rí 's ní bhogfar mo ghreim,
'S ní bhainfear anuas díom mo choróinín
beag binn.




Do bhí Lámhainní Síoda ag gabhaíl an bhóthair
leath is amuigh agus d'fhan sé ag an ngeata
ag éisteacht leó agus gach aon gháire aca.
Do leath a shúile air le iongantas agus le
dóighteacht croidhe. Dar an mbaiste, ar sé,
is baoghal damh-sa na buachalla úd. Atá
misneach agus meabhair aca. Dogheuna droch-rud
díobh sin fós, acht bainfead-sa siar asta.
Do chas sé a bhaile arís comh mear 's do bhí
aige. Do labhair sé le sean-draoi de
sheirbhíseach bhí i bhfeidhil na gcaorach ar an
móinfheur aige dá chur i dtuigsint dó
cad do bhí uaidh. Do-righne an sean-draoi
fiach dubh dhe féin agus d'éirigh in áirde ar
an aer agus cnapán luaithe in a bheul aige.
Níor bhfada go raibh sé ag luasgadh ós cionn
na ngarsún agus ag greadadh a sgiathán.
Do theich na garsúin ar a ndícheall. Do bhain
barr-thuisle do an Spuirín beag agus do
thuit sé ar a bheul agus ar a aghaidh agus do
thuit Tadhg anuas air. Do sgaoil an fiach
dubh anuas chucha an cnapán luaithe. Do
bhris air agus é ag teacht anuas agus do-
righne ceó dhe. Do leath an ceó sin ar feadh
an eudain ar Thadhg agus ar feadh na gcos ar
an Spuirín. Tháinig neul codlata agus
fantais orra annsin, agus níor dhúisigheadar
as an gcodladh sin fá cheann trí lá 's oidhche.
Ní raibh a shiubhal ag an Spuirín ná a radharc


L. 7


ag Tadhg. Tháinig mar do bheadh bróga
iarainn ar an Spuirín agus is ag lámhachas
do bhíodh sé. Níor fhás sé pioc agus do bhí
sé in a chreutúir beag suarach as sin amach.
d'fhás Tadhg go hiongantach agus i gceann
cúig bhliadhain do bhí sé in a fhathaigheach
mór, acht ní raibh aon leus radhairce aige.



Nuair do bhí an méid sin deunta ag
Lámhainní Síoda do-righne sé seacht ndígre-
acha ndíge leathana doimhine timcheall an
chaisleáin mar chóir cosanta air agus do thóg
sé seomra mór sa chúirt leath istigh agus
tug sé cuireadh don tuaith teacht agus
bheith ag caint ann agus aon rud do bheadh
uatha do chur in iúl dó. Tángadar ann,
agus ní fhuaradar réidhteach ró-mhaith le
n-a chéile. Do bhí costaisí móra ag baint
le gach aon rud agus ba éigean dóibh gó léir
bliadhain oibre do thabhairt in aisge do
Lámhainní Síoda mar ná raibh an t-airgead
aca. Do bhí toradh a sláinte aige agus é ag
magadh fútha ar fad.



Le linn na haimsire sin do bhí an Spuirín
in a shuidhe ar an gclaidhe lá. Do bhí búna
síoda báin timcheall ar a mhuineul. Ní fios
cá bhfuair sé é. Do bhí an-thaidhbhse air as
mar is giobail ar fad ba eadh an t-eudach
do bhí air. Cad do-chifeadh sé chuige ag
teacht anuas le fánaidh an chnoic acht bean
shiubhail agus leanbh beag le n-a cois agus
sgeabha reatha fútha agus madraí Lámhainní
Síoda asta. Do chaith sé é fhéin anuas den
chlaidhe ar lár an bhóthair agus do-chuaidh sé
ag lapadán agus ag lámhachas ag fóirirt
orra. Nuair do-chonnaic na gadhair ag
teacht é, tháinig sgannradh orra agus do
chasadar ar an nóimeint. Adubhairt an bhean
shiubhail: "Atá buidheachas agam ort, a bhróga
iarainn. Atá casóg mo mhic annso stractha
ag gadharaibh Lámhainní Síoda agus atá mo


L. 8


lámh gearrtha aca agus atá sí ag tabhairt fola.
An bhfuil aon rud agat do chuirfinn thimcheall
uirre?" Do bhain an Spuirín dé an búna
breaghdha geal síoda do bhí thimcheall ar a
mhuineul agus thug sé dhí é. d'ionntaigh an
bhean air annsin: "A bhróga iarainn," arsa
sí, "ní dual athar duit bheith mar atá tú.
Téighir go dtí Sean-Chailleach na Sgáthán síos
in íochtar an ghleanna agus abair lé gurab
iad an Mac agus a Mháthair do chuir chuiche thú
fá dhéin comhairle do leasa agus cuimhnigh ar
an lá go lá do bháis." d'imthigheadar
annsin agus ní tugadh síos cá'r ghabhadar.



Ar theacht an trathnóna do bhí an Spuirín
ag tairsinn doras Cailleach na Sgáthán.
"Bail Dé ar a bhfuil annso istigh," arsa sé.
"Dia's Muire dhuit," arsa an chailleach.
"Fios mo leasa ort, a Chailleach na Sgáthán,"
arsa sé. "Cia adubhairt leat teacht?"
arsa sí. "An Mac agus a Mháthair." Ní
raibh focal ag an chailligh agus do shíl an
Spuirín ná labharfadh sí ar aon chor. Do-
chuaidh sí go dtí an doras agus d'fheuch sí
amach agus do chas sí arís. "Tusa Bróga
iarainn?" arsa sí. "Is mé," ar seisean,
"fios mo leasa ort?" "Ceart gan eagla,
gan chath, ní raibh sé riamh le faghbháil ó fhear
na hurchóide. Oidhche i ndiamhair coille agus
coimhthionól daoine ag glaodhach in áirde ós
bhur gcionn. Oidhche ar mhaoil an t-sléibhe
agus rian bhur gcolann ar an gcarraig luim
agus gan oiread 's cúnach ag fás uirri, aiteann
gan bláth agus crann giúise breac-críon
agus tobar fíor-uisge i lár na habhann
agus gach coiscéim siar ó thuaidh agus deun-
faid do-gheunaid cosa gan siubhal eólas do
shúilibh gan radharc." "A chailleach na sgáthán,"
arsa an Spuirín agus é ag gabháil amach an
doras, "cad is cor dom chosaibh féin?" Do
bhí sé ag lapadán agus ag lámhachás leis


L. 9


i gcomhnuidhe agus d'fhóbair go gcaillfeadh sé
na focail adubhairt sí: "brisfear claidheamh
agus sleágh i gcomhrac agus ní bhf'láir
foráil díbh na cosa cruadha bheith ag
duine agaibh."



Do-chuaidh an Spuirín go dtí iothlann
Lámhainní Síoda ar lorg a dhearbhráthar. Do
bhíodh sé ag tarraing ualach fá thrucail gach
lá do Lámhainní Síoda dáltha aon bheathaidheach
agus is san iothlainn do chodailigheadh sé ar
feadh na hoidhche. "I do chodladh atá tú, a
Thadhg?" arsa an Spuirín. "Ní headh, a
dhearbhráthair." "Éirigh as sin. Cuir mise
ar do ghuailnibh agus bí ag cur díot. Deun-
faidh do-gheunaid cosa gan siubhal eólas
do shúilibh gan radharc. Is agam-sa atá na
súile, is agat-sa atá na cosa. Cuirfimíd a
mhalairt de dheallramh ar an ndúthaigh seo
nuair chasfaimíd." d'imthigheadar leó annsin.



Níor mhisde don Spuirín a rádh go raibh na
súile aige: do-chífeadh sé na cuileóga ag
teicheadh ó na fáinleogaibh lá samhraidh agus
do mheabhróchadh sé agus do chóimhreóchadh sé
na ruibí do bhainfeadh na heunlaithe de dhrom
asail ar linn neadaireachta. Agus níor
mhisde do a rádh go raibh na cosa ag Tadhg:
mar thiubhradh sé cnoc de léim agus
gleann de thrioslóig agus ní chuirfeadh sé
i bhfáith loch ná coill.



Do bhíodar ag imtheacht leó riamh 's choidhche,
agus nuair bhí an deidheanaighe ag teacht an
dara lá rángadar an choill do bhí chomh
tiugh ag bileogaibh crainn ná raibh caoi aca
ar na réiltíní féin d'fheicsint ar an aer.
Do bhí na preucháin ag sgreuchadh in áirde ós
a gcionn: "Oidhche i ndiamhair coille," arsa
an Spuirín, "agus coimhthionól daoine
in áirde os bhur gcionn." A Chailleach na
Scáthán, arsa sé, atá cuid de do chuid
cainte tar éis teacht chum críche. Siubhail


L. 10


leat go dtanóchaidh na crainn go bhfeicfidh
mé iad." Níor bhfada go bhfaca sé na
preucháin ar an aer. Do bhí trí sgata mór
ann díobh agus iad go léir ag grágallach
grágghail sa t-slighidh go ndubhairt Tadhg
gurab iad na deamhain aereach bhí ann. Sa
chodladh dhóibh d'airigheadar duine ag caint,
agus aon ghuth chomh binn níor airigheadar
riamh roimh sin. Do bhí an duine sin ag a rádh
leó gurbh mór an meisneach do bhí aca, go
raibh an-chuid oibre deunta aca acht gan dul
ró-fhada ó bhaile. "A Spuirín," arsa Tadhg,
"nár bhfearr dúinn casadh." "Ní fearr,"
arsa an Spuirín, "éirigh as sin, cuir mise ar
do ghuailnibh agus beidh an meisneach agat
arís." d'imthigheadar leó annsin.



Ar theacht an tráthnóna arís do bhíodar ar
sliabh an t-sneachta, agus ar mhaoil an
t-sléibhe sin ar an gcarraig luim do chodail-
igheadar ar feadh na hoidhche. Ní haon
chodladh sámh do-righneadar mar do bhí
daoine ag labhairt leó tré n-a gcodladh
agus dá rádh go raibh an domhan ag magadh
fútha anois agus ná raibh oscar céille ná
meabhrach aca. "A dhearbhráthair," arsa
Tadhg, "ní fearr dúinn bheith ar a thí."
"Éirigh agus bí ag cur díot. Sé an lá indiu
an lá déidheanach atá orainn." Agus d'fág-
bhadar rian a gcolann ar an áit i gcodailigh-
eadar i lár an t-seaca.



d'imthigheadar leo arís. Do-righneadar
brúscar de na coilltibh agus poill criadh
briste de na locha. Cubhar na habhann ar na
crannaibh agus iasg na habhann ar na portaibh.
Agus ar linn na gréine ag dul fé do-
chonnaic an Spuirín an aiteann tré theinidh
fiche míle amach uaidh agus crann giúise le
n-a ais do bhí breac-críon ag an teas.
Tamall beag amach do bhí an abha, agus


L. 11


adubhairt an Spuirín dul go dtí carraig dubh
do bhí in a lár. Do bhíodar ar an gcarraig
ar an nóimeint. Fuaradar an fíor-uisge ón
tobar. Do nigh Tadhg a shúile agus do bhí an
radharc agus an misneach aige. d'éirigh buile
air annsin agus má's gairid do bhí sé ag
teacht, ba ghiorra ioná sin do bhí sé ag casadh
arís. Do bhí an cogadh ar siubhal nuair do
chasadar mar do bhí gach aoinneach cortha de
Lámhainní Síoda. Do bhí daoine ag teicheadh
agus daoine eile ar a dtóir. Níor dhada le
Tadhg na dígreacha díge do bhí thimcheall an
chaisleáin, agus ar iompódh na baise do bhí
sé ag an doras. Do leag sé uaidh an Spuirín
ar an bpáirc. Do bhí sleagh agus claidheamh
aige. Do bhuail sé buille ar an gcuaille
comhraic. "Cuirim ort, a Lámhainní Síoda,"
arsa sé. "Léigim leat," arsa Lámhainní
Síoda. An té raghadh ó íochtar an domhain
go dtí uachtar an domhain ag feuchaint ar
chath agus ar chruaidh-comhrac, is orra féin badh
chóir dul ag feuchaint. Do-dheunfaidís
do-gheunaidís ball bog den mball cruaidh, do
tharraingeóchaidís tobracha tobair fíor-
uisge tré chroidhe na gcloch nglas, le foiréig-
ean uilc agus urchóide chum a chéile go dtí
go raibh an t-sleagh agus an claidheamh do bhí
ag Tadhg briste in a mblodhnaibh. Do bhí an
Spuirín thíos ag cosaibh a dhearbhráthar. Do
phreab sé ar a ghlúnaibh. "Adubhairt an
chailleach," arsa sé, ""brisfear an claidheamh
agus an t-sleagh agus ní bhf'láir díbh cosa
cruadha bheith ag duine agaibh." Beir orm
agus sgaoil chuige mé." Rug sé air agus
do chaith sé leis é. Do bhí Lámhainní Síoda
ar linn an buille do tharraing chum an ceann
do bhaint de Thadhg. Do bhuail an dá chois
iarainn a sgiath, agus do-chuadar isteach
tríthe dá mbadh amhlaidh 's ná beadh ann acht
braitín lín eudaigh gur bhuail an dá shál sa


L. 12


dá shúil ar Lámhainní Síoda agus do thuit sé
in a phleist den mbuille sin.



Do bhí an caisleán agus na talmhaintí ag
Tadhg agus an Spuirín annsin. Do bhí feusta
agus cóisir aca an oidhche sin agus do bhí na
coindléoirí práis ar an mbord aca. d'ar
lá ar n-a bhárach, do-chuadar go dtí teach
Cailleach na Sgáthán. Ní raibh aon teimheal
le feicsint dí féin ná dá tig acht do bhí bean
óg álainn ar an áit, agus do bhí an Mháthair
agus a Mac ann in a fochair. Do bhí gile na
gréine ar a n-aghaidh agus ar a súilibh. "An
bhfanfa sibh in ár bhfochair go deóidh?" arsa
Tadhg. "Ní bheimíd i bhfad uaibh," arsa an
Mháthair.



Agus níor innis mo shean-athair cad ba chor
dóibh annsin.



An fear d'innis an sceul so damh-sa,
adubhairt sé gurab é an scoláire mór d'innis
do n-a shean-athair an cheud uair é, agus
aon rud adubhairt an scoláire mór go dtioc-
fadh sé chum críche. Is dóigh liom féin go
bhfuil tagairt ann do sheanchus na hÉireann,
agus gurab ionann Láimhinní Síoda agus
muintir Shean-Shasana, agus gurab ionann
Tadhg agus muintir na tuaithe a bhfuil cóir
agus glaine na Gaedhilge aca gan fhios dóibh
féin, agus gurab ionann an Spuirín agus
muintir na mbailte mór thug eólas agus
misnech do mhuintir na tuaithe. Má is fíor
sin, atá cuid den tairngireacht so ná táinig
chum críche fós.


L. 13


B 1847lsc 19L



OIDHEADH CHONLAOICH
MIC CON gCULAINN ANSO SÍOS.



Dála na mná toirrche úd do fhágaibh
Chúchulainn i gcríochaibh an domhain mhóir
thoir rug sí gein mhullach-leathan mhic.
Ro baisteadh tré gheintlidheacht é agus
tugadh Conlaoch mac Cúchulainn d'ainm
air. Ro hoileadh agus ro leasuigheadh é san
ionad sin ó aimsir a naoidheantachta go
raibh úrlabhra aige agus ro chinneadh annsin
ar gach macaomh ba sine ioná é féin agus ro
múineadh cleasa goile agus gaisgidh dó le
n-a mháthair féin go nách raibh cleas dá
gcualaidh ná dá bhfacaidh nách raibh aige
i gcoitinne acht cleas an ghai bulga
amháin agus ro ghaibh árd-oirdhearcas na críche
i raibh féin as a neart agus as a lámhach agus do
ghaibh géill agus bráighde gach tíre i raibh agus
tug i láimh a mháthar iad dá gcoimhéad go
n-adh de sin adeiridís fir an domhain,
Maith an fear beag úd ag Aoife ó do-
chuaidh an fear bunaidh do bhí aice uaithe,
gonadh de sin do lean an forainm de .i.
Aoinfhear Aoife.



Ro fhiafraigh Conlaoch lá n-aon dá
mháthair, Maith, a mháthair, ar sé; ro badh
mhaith liom fios d'fhaghbháil uait cia hé
m'athair, óir sílim gurab tú féin mo
mháthair.



Do-ghéabhair-se a fhios sin, ar sí .i.
Cúchulainn mac Sualtaigh a hiathaibh
Éireann ainm t'athar.



An bhfuil ríoghacht an domhain aige, ar
Conlaoch?



Nocha bhfuil, a mhic, ar sí, ná ríghe aon
chúigidh amháin do chóigeadhaibh Éireann
aige; gidheadh, is ríogh-laoch ró-láidir é agus


L. 14


is míleadh mór-aigeantach i ngoil agus
i ngaisgeadh é.



Doiligh liomsa, ar Conlaoch, mo
gheineamhain uaidh sin ó nách ó dhuine ag a
mbeadh rígheacht an domhain se do
geineadh mé óir is dearbh go ngéabhainn-
se an domhan tar a éis.



A mhic, ar Aoife, ag so áinne d'fhágaibh
t'athair agamsa agus adubhairt liom, an tan
badh lán an áinne se do d'mheór mea-
dhóin, do léigean d'ionnsaighe na hÉireann.



Tug dó an áinne iar sin agus ro ba lán
an áinne dá mheur agus beanas an crann-
omnadh d'aoinbhéim agus ro innis a mháthair a
gheasa uile dó.



Maith, a mhic, ar sí, imthigh i ndiaidh
t'athar d'ionnsaighe Éireann.



Tabhair-se eólas dam chum na
hÉireann, ar Conlaoch.



Ro theagasg Aoife eólas dá mac agus
ceileabhras Conlaoch dá mháthair iar sin.



Táinig roimhe iar sin d'ionnsaighe
Éireann gur ghaibh cuan agus caladhphort
i dTráigh na dTréinfhear i gcóige oll-
bhladhach Uladh. Is annsin do bhí coinne
agus cómhdháil Uladh an lá sin agus ó 'd-chonnairc
Conlaoch na sluaighte cruinnighthe san
oireachtas sin ro thógaibh carraig cómhárd
cluiche as an gcómhthrácht agus tug leis í
gur léig ar lár na tulcha i gcomhfhogus
do na sluaghaibh í agus tug a bhréithir dá
mbeidís fir Uladh uile annsin nách
teichfeadh reómpa aon choiscéim nó go
dteicheadh an charraig chluiche sin. Ro
chóirigh iar sin cleasa goile agus gaisgidh ós
a chionn san aer agus san iarmolt agus clé a
sgéithe re cách agus ba comhartha díthe ríogh
do na sluaghaibh sin .i. aon laoch do dhéanamh


L. 15


an chóirighthe sin dá láthair. Ó d' chonnairc
Conchubhar mac Fachtna Fathaigh .i. rí Uladh
sin go ndubhairt, Téid neach dá fhios cia
atá ann.



Cia rachas ann, ar siad?
Cia do rachadh ann, ar Breicne mac
Cairbre Cinnléith, acht mise, agus d'iarr a
airm ar Chonchobhar. Tug Conchobhar a
airm dó agus táinig Breicne roimhe d'ionns-
aighe an mhacaoimh fan dtuairim sin agus gach
foigse dá dtigeadh dó ro ba mó ro ghabh
gráin agus eagla é ag faicsin na gcleas
n-iongantach n-anaithnid. Cuiris a airm
gaisgidh uaidh agus do-chuaidh d'ionnsaighe an
mhacaoimh agus ro fhiafraigh Breicne de cá
críoch nó cá talamh as a dtáinig.



Tánag, ar sé, a críochaibh an domhain
mhóir anoir.



Caidhe t'ainm agus do shloinneadh, ar
Breicne?



Nocha ndéinim-se mo shloinneadh
duitse ná do aoinneach oile, ar an
macaomh.



Tar as an tulaigh tighearnais, ar Breicne,
oir is geas d'Ultaibh aon laoch do bheith in
a bhfiadhnaise agus clé a sgéithe leó.



Nocha rachad-sa dá n-ionnsaighe, ar an
macaomh, óir is lugha is geis d'Ultaibh sin ioná
damh-sa dul i gcomhdháil nó go sgaoiltear í.



Do-chuaidh Breicne uaidh iar sin an
uair nách dearnaidh a shloinneadh dó agus nách
deachaidh leis agus an tan doriacht i bhfogus
dá armaibh adubhairt, Is olc thánag ón
macaomh, ar sé, agus gan a shloinneadh d'fhagh-
bhail ár áis nó ar éigean uaidh agus do
iompaigh arís chum an mhacaoimh agus rug na
hairm leis agus adubhairt, An uair nách
dearnais do shloinneadh ó chianaibh déin
anois é, óir ní fhaicfid Ulaidh mise chuca
gan do cheann-sa nó do shloinneadh.


L. 16


Nochan mó do-ghéan-sa, ar Conlaoch,
mo shloinneadh dhuit anois ioná ó chianaibh.



Tabhair cómhrac damh-sa, ar Breicne.



Do-ghéabhair do rogha, ar Conlaoch agus ro
fheuch air agus do chonnairc airm laoich in a
láimh agus ba dóigh leis go madh tualaing é
féin dá n-imirt. D'éirigh an macaomh
iar sin agus do lámhaigh a airm gaisgidh agus ro
bhain fóidbhéim air gur threasgair Breicne
agus a chosa ós a chionn agus tug béim go gcumas
dó iar sin gur chruinnigheadar a éadaighe
in a thimcheall mágcuaird gur ba díosgar
deargnocht a íochtar ón a chrios síos
ris. Ag tóirneamh a láimhe síos don
mhacaomh do thógaibh Breicne a cheann agus do
osgail a rosga go foirleathan an-adhbhal
agus adubhairt, Ná déin-se an tuathacht agus an
meir-ghníomh mór sin .i. an teachtaire is
fearr tháinig in Ultaibh riamh do mharbhadh.



Cia thusa, ar an macaomh?



Mise Breicne mac Cairbre, ar sé, agus
téighim ar do choimirce.



Créad do-bheir na hairm sin agat, ar
Conlaoch?



Airm Chonchubhair mic Fachtna Fathaigh
árdríogh Uladh iad so, ar Breicne.



Ó d'innis Breicne gur fear dána é
féin, adubhairt Conlaoch, Ní diongantar
olc liomsa le fear dána ná turais;
déana imtheacht go luath.



Téid Breicne uaidh iar sin.



Agus is amhlaidh do-chonnarcadar Ulaidh
chuca é agus dhá dtrian a chuirp lom-nochta.



Créad tharrthuigh thú, a Bhreicne, ar siad,
agus cia thug an cuma gheóin sin ar t'éadach?



Ro badh fearr a chol agus a chontracht, ar
Breicne; an macaomh mór-ghlonnach gus a
dtarla. Dá rachaidís a bhfuil in Ultaibh uile
chuige, ní thiocfadh aon duine dhíobh uaidh gan


L. 17


comhartha geóin agus fonomhaide iar sin, agus
ní headh sin is mó dá bhfuil ormsa.



Cia rachas uainn anois dá agallamh, ar
Conchubhar?



Adubhradar uile gur ab é Dubhthach Daol
Uladh do badh cóir do chur dá agallamh.



Do-chuaidh annsin agus do bheannaigh don
mhacaomh san gcuma céadna agus ro fhiafraigh
Dubhthach a ainm agus a shloinneadh dhe.



Do dhiúltaigh an macaomh an ní sin. Mais-
eadh, ar Dubhthach, ní cóir duit geasa Uladh do
bhriseadh.



Adubhairt éision nár mhiste leis a gcaill,
agus nach gcualaidh iomrádh ar a ngeasaibh ná
ar a ngaisgeadh in aon áird don domhan riamh
roimhe sin.



Adubhairt Dubhthach nár chóir dó-san oil
ná aithis do thabhairt d'Ultaibh.



Déan imtheacht, ar an macaomh, oir ní
diongantar mo shloinneadh dhuit ná d'aon
duine eile ar druim domhain; gidheadh, más
maith leat, do-ghéabhair deabhaidh uaimse ria
ndul chum do mhuintire duit.



A mhacaoimh, ar Dubhthach, ní do dheabhaidh
riot tángas-sa acht d'iarraidh do shloinne
ort agus ó nách áil leat a dhéanamh doghéana
mé imtheacht; acht más deabhaidh is mian leat
d'fhaghbháil ó Ultaibh doghéansa im aonar riot
í nó i measg cáich mo chuid di.



Do-chuaidh Dubhthach uaidh iar sin d'ionnsaighe
an oireachtais agus d'innis dóibh gach ar chan
an macaomh ris.



Adubhradar gur cóir dhóibh neach oile do
chur dá agallmha.



Rachaidh misi ann, ar Geanan Gruadh-sholais
mac Cathbhadh.



Iar sin do-chuaidh roimhe mar a raibh an
macaomh agus fochtas a shloinneadh dhe.



Ní do thascuisne ortsa, ar an macaomh,
nách diongnainn-se mo shloinneadh dhuit, óir


L. 18


is dom gheasaibh gan mo shloinneadh d'aon
duine amháin ar bith, agus dá ndéanainn badh
cóir a dhéanamh d'fhear do d'inneall-sa.



Leis sin táinig Geanan Gruadh-sholais ar
gcúlaibh agus d'innis dóibh ar chan an macaomh
fris.



Ro cuireadh iar sin Cathbhadh draoi d'iarr-
aidh scéala air agus ní mó d'innis dó-sin é
ioná do chách agus táinig ar gcúl gan scéala.



Ro cuireadh Conaire Éigeas dá agallmha agus
do ghabh Conaire ag a agallmha agus ag tabhairt
tuarasgabháil curadh agus caithmhíleadh Uladh dhó
agus do ráidh ris iompódh chum an oireachtais
i rabhadar agus adubhairt na briathra so:



Tiontaigh, a mhic mhóirghníomhaigh go Conchu-
bhar mór, mac Fachtna. Tionta go Fearghus
féigh fortamhuil. Tionta go Conall Cearnach
mór-bhuidhneach, mac áluinn Aimhirgin.



Do-chuaidh Conaire uaidh iar sin ó d'éimigh
a shloinneadh dhó.



Is annsin d'fhiafraigh cách cia do rachadh
d'iarraidh sgéala d'éis an aois dána.



Cia do rachadh ann, ar Breicne, acht
ceann na gcuradh agus na gcaithmhíleadh .i.
Conall cathbhuadhach mac áluinn Aimhirgin.



Éirgheas Conall agus gabhas airm agus iol-
fhaobhar chuige agus do-riacht d'ionnsaighe an
mhacaoimh, agus fochtas a shloinneadh de sul
d'fhearfadh comhlann ris. Do dhiúltaigh an
macaomh a shloinneadh dó. Ro fhearsad
cómhrac feardha fíochda fuilteach, fír-
niata fearamhail dána díomsach deaghthapa
agus ro dhearsgnaigh an macaomh Conall go
nár fhéad Conall cathughadh goile ná gais-
gidh do dhéanamh, agus ó do mhothuigh an
macaomh Conall agus ar n-a thraochadh aige, do
dhruid ris agus do chuir sgiathrach a sgéithe fá
n-a chosaibh agus do chuir crios a chloidhimh fa
n-a lámhaibh agus rug leis go mullach na tulcha
é.


L. 19


Agus do cuireadh Laoghaire Buadhach
iar sin dá ionnsaighe agus ní mó fuair
Laoghaire a shloinneadh uaidh agus ó nách fuair
d'fhógair cómhrac air agus freagras an
macaomh sin. Do-rinnsead cómhrac cura-
ta ré hathaidh fhada agus ro fhortamhlaigh an
macaomh fá dheoidh for Laoghaire agus do chuir
na creapaill cruadh-chuibhrighthe air agus
do chuir ar mullach na tulaighe é.



Do cuireadh Cealtchar mac Uitheachair
chuige iar sin agus ro cheangal an macaomh é
agus níorbh fhearr a thoisg sin, óir ní dhearna
an macaomh a shloinneadh dó.



Cídh trácht do chuireadar Ulaidh trí
caogaid dá ndeaghlaochaibh chuige agus ro
cheangal an macaomh uile iad. Ó
d' chonnairc Conchubhar sin do ghaibh eagla é
ar fhaicsin curadh agus caithmhíleadh Uladh ar
an gceangal agus ar an gcruadh-chuibhreach
sin. Cuireas Breicne mac Cairbre
d'ionnsaighe Chúchulainn go Maigh Muir-
theimhne áit i raibh ag imirt cleasa goile
agus gaisgidh i bhfiadhnaise a theaghlaigh agus mic
ríogh agus rófhlatha ar faithche Dúna Dealgan
i n-a fharradh. Do-riacht Breicne dá
ionnsaighe agus d'innis dó laochradh Uladh
uile do bheith ceangailte ag aon mhacaomh
óg álainn il-dealbhach i dTráigh na dTréin-
fhear agus go rángadar a leas a bhfóirithin
de sin.



Do-chualaidh Éimhir .i. bean Chúchulainn
tuarasgbháil an mhacaoimh roimhe sin agus
adubhairt le Cúchulainn gan dul dá ionn-
saighe agus dá ndeachadh go bhfuighbheadh féin
olc nó go ndiongnadh féin gníomh badh
holc leis agus do bhí Éimhir ag á fhostadh
agus do ghaibh lán a dhá glac d'eangaibh an
bhrait uaithne do bhí uim Chúchulainn.
Tairngeas Cúchulainn éiteadha an bhruit
chuige agus lingeas in a charbad agus do-riacht


L. 20


gan mhaill mar a rabhadar Ulaidh. Fearas
Conchubhar fíorchaoin fáilte fris agus adubh-
airt go ráinig a leas a bhfoirithin don chur sin.



Ó d' chonnairc Cúchulainn curadha agus
caithmhíleadha na cúige i gceangal agus i
gcruadhchuibhreach ro athruigh a chruth agus a
chaoindealbh agus ro iompuigheadar a inneadha
inmheadhónacha in a chorp agus ro shiabhradar
a roisg agus a radharc agus a dhreach áluinn
dathamhail go madh lór d'ádhbhar uathbháis
bheith ag féachain an tsilleadh siabhar-
dhearcaigh thug orra le huair na n-airdhean
sin amhail do chlaochluigh a chruth agus a dheilbh,
a innsgne agus a urlabhra ré huathbhás an
ghaisgeadhaigh ionganta an-aithnid sin.



Dar linne, a Chúchulainn, ar Conall
Cearnach is laoch nách lámhthar do thadhall
an laoch sin agus is ainmheasardha i ngniomharthaibh
goile agus gaisgidh agus is lán-chumasach deagh-chomh-
achtach é chum tarcuisne do thabhairt orainn, agus
mar tugamar-ne táir agus tarcuisne air sin, is
orainn féin do thuit agus is orainn do him-
readh mealladh agus mearaigheacht dá chionn fa
dheoidh.



Ní bhfuil acht bás domh-sa, ar Cúchu-
lainn, dul dá ionnsaighe munab ar chle-
asaibh do mheall sibh.



Is le cleasaibh, ar Conall.



Is annsin do-riacht Cúchulainn d'ionn-
saighe an mhacaoimh agus fochtas a ainm agus a
shloinneadh de. Adubhairt an macaomh
gur geas dó gan a shloinneadh dó-san ná
d'aon duine eile ar dhruim domhain.



Maiseadh, tabhair cómhrac damh-sa, ar
Cúchulainn, ó nach faomha h'ainm nó do
shloinneadh dam.



Do-ghéabhair do thoil, ar an macaomh.



Iar sin do cóirigheadh láthair iomghona
aca agus do-chuadar in athluimhe for a gcle-
asaibh goile agus gaisgidh, agus gidh do-chuadar,


L. 21


ní raibh acmhuinn ag neach díobh fuiliughadh
ná fóirdheargadh for a chéile le feabhas
na fóir-fheicseana agus lúthmharacht an lámhaigh.
Do chuirsead iar sin a gcleasa goile
uatha agus ro ghabhadar a gcloidhmhe iombhuailte
in a lámhaibh agus ro fhearadar cómhrac
fraochda fearamhail feardha seasmhach
sanntach soidhiúbhraicthe agus ro dhruidsead
i ndúire agus i ndéine an chómhraic agus ro
díoláithrigheadh Cúchulainn ionnas go dtug
trí troighthe for gcúlaibh ón macaomh ar
mbuaidhreadh a chleas fa chéadóir iar
gcriothnughadh a chuirp agus ar tiubairse a
bheag-nirt ann.



Is annsin adubhairt Cúchulainn: a
mhacaoimh, ar sé, tíagham ar an áth so siar
seal eile chum a chómhraic.



Is uime d'iarr Cúchulainn leis chum
an átha é d'innill chleasa an ghai bhulga
chuige ó nach fuair baoghal ná easbaidh air
i gcleasaibh goile ná gaisgidh.



Agus mar rángadar ur an átha adubh-
airt Cúchulainn le Laogh mac Rianghabhra
.i. an giolla do bhí aige, Do righfinn a
leas an gai bulga d'inneall dam.



Dá madh tualaing tusa a fhreastal,
ar Laogh, do-ghéantaoi a inneall liomsa
ar an láthair se.



Is-am-thualaing, ar Cúchulainn.



Agus leis sin ro shoich an bán-ghai
bolga tré san bhforghabháil uisgeadh
d'ionnsaighe Chúchulainn agus cóirigheas
Cúchulainn i ladhar a choise deise go deagh-
thapa é agus ro dhiúbhruig uaidh d'ionnsaighe an
mhacaoimh é .i. an cleas meillte agus marbhtha
gacha mílidh, traochtha agus treasgartha gacha
triatha gona agus géir-éirligh gach gaisgidhigh agus
níor ghaibh daingean ná deigh-éide ris an
gcleas n-iongantach n-anaithnid n-éag-
caointeach sin go dtarlaidh go tubais-


L. 22


teach traochamhail an tréan-gha sin in
íochtar bruinne bléin-mhíne buige bláith-
ghile ar feadh a inneadh agus a árann agus a
chléibh san gcaithmhíleadh go rug deich
n-uranna fichead fada fír-nimhneacha tré
n-a chorp go comhthrom go n-a dhrúcht fola
fíor-dheirge flann-ruaidhe ar íochtar gach
urann aca gurab ann ro ghaibh an urainn
uachtarach aca i mullach a chinn gach con-
tabhairt gur thuit iar sin for lár an átha
go dtángadar trí tonna fíoruisge
fionna tairis.



Is annsin táinig Cúchulainn ós a
chionn agus do nocht a chloidheamh do dhícheann-
adh an deighfhir. Ro fhiafraigh Cúchulainn
annsin,



Cia thusa féin, a mhacaoimh, agus déan do
shloinneadh damh-sa anois?



Ultach maith mise má 's fíor dom
mháthair, ar an macaomh.



Mairg do mharbh an macaomh, má's
Ultach é, ar Conall Cearnach, agus é ag
teacht um an am sin chum an átha.



Cia h'ainm agus do shloinneadh ar Cúchu-
lainn má's Ultach tú?



Is mise Conlaoch mac Cúchulainn, ar
an macaomh agus fosd do lámh agus do chloidh-
eamh, a athair ionmhain, óir ní duit dligh-
thear mo dhícheannadh, agus adubhairt an mac-
aomh an laoidh le doimheanmuin.





Conlaoch: -



Fosd do lámh, a chú Chuailgne,
Do-rinnis gníomh díombuaidhe;
Maith an t-Ultach, gníomh nguile,
Do chuiris i gcró-luighe.


L. 23


Conall: -
Mairg do mharbh, má's Ultach é,
An macaomh fá geil-ghné.
Ba mhaith an cuinge catha
Fá mac ríogh nó ró-fhlatha.



Ar do ghaisgeadh, fath nách fann,
Is eadh adubhairt Conall,
Sul nách folcha talamh de
Fagham-ne fios do shloinne.



Conlaoch: -
Is aire thánag anall
Chugaibh-se, a mhaithe Éireann,
Oir is é m'athair gan oil
Cúchulainn mac Subhaltoigh.



Cúchulainn: -
Truagh nách mise ro foladh
San áth an tan ro-d-ghonadh
Sul do muirfidhe maille
Más tú Aoinfhear Aoife



Conlaoch:
Mairg nár aithin mé, a fhir,
A Chúchulainn mhic Sualtaigh,
An tan do theilginn go fiar fann
Na sleagha i ndiaidh a n-urlann.



Muna mbeith an gai neimhe
Nárbh aithnid dam riamh roimhe,
Ní muirbhfidhe mé gan feall
Nó go dtuitidís fir Éireann.



Mo dhá shleagh, a Chonaill chaoimh,
Beir leat agus taisg read thaoibh,
Agus mo chloidheamh go ngoil
Tabhair do mhac Subhaltoigh.



Atá mo churach san tráigh
Éirgheadh duine uaibh in a dháil,
Béaraidh céad tar muir meardha
Nocha dtréig a thighearna.


L. 24


Claithtear libh-se an talamh te
Sonna tar chompán Aoife:
Mairg do mharbh an dearg datha
Truagh gníomh, a dheagh-athair.




Truagh sin, a mhacaoimh, ar Cúchulainn.
Is olc an tráth do-rinnis do shloinneadh.
Agus cuireas a chloidheamh in a thruaill
taisge agus d'éirigh an macaomh in a sheasamh
agus do bhí ag iarraidh ar a athair a ghlacadh
in a lámhaibh ionnas go dtuitfeadh ar a
aghaidh go nách aibeóradaois laochradh Ul-
adh ná aoinneach oile go madh meatacht ná
mí-laochas do-bhéaradh air tuitim ar gcúl.



Do-ghéabhair sin, ar Chúchulainn, óir is
aisge fíor-laoich í; agus do bhí amhras
aige nách é a mhac do bhí ann nó gur
fhiafraigh a ainm de an dara feacht agus
d'innis eision dó gurab é féin a aon-mhac
re Aoife ingean ríogh Gréag. Ro ghaibh
Cúchulainn annsin ag toirse troim agus ag
nuallghubha dearmhar ós cionn a aoin-mhic
agus d'fhiafraigh Conlaoch de cia ag a
ndearna foghluim an ghai bulga.



Ag do mháthair-se, ar Cúchulainn.
Mallacht uirthe-se, ar an macaomh, ro
ba tocha lé a dalta sliasda ioná a
dalta cíoch agus uchta, óir is damh-sa dligheadh
an cleas sin d'iomarca ar chách.



Is annsin d'éirigh Cúchulainn agus do
iadhaigh a dhá dhóid ríoghdha ró-mhóra fán
macaomh agus rug leis as an áth amach é agus ro
shuigh ós a chionn ós ur an átha agus cuiris
ceann a mhic in a ucht agus do bhí ag éag-
caoine go hadhbhalmhór ann. Ro bhádar
sreabha suigh-dhearga agus locha leathna lonn-
ruadha agus buinneadha borba bog-fhola ag
snighe agus ag síor-thuitim as créachtaibh
Chonlaoich gur dheargadar dubh-chaoba dearg-
ruadha donnfhola an deaghlaoich an t-áth agus


L. 25


an abhainn uile agus tug Cúchulainn dá uidh agus dá
aire sin. Ro ghaibh ag éagcaoine go mór agus ag
moladh an mhacaoimh agus ro bhí Conlaoch ag
á radh ris gan tuirse do dhéanamh agus go
madh lughaide badh chóir dó doilgheas do
bheith air in a dhiaidh mar do oirdhearcadar
a sgéala agus a ghoil agus a ghaisgeadh agus d'iarr
mar aisge ar a athair a adhnacadh in ionad
árd aoibhinn agus íodhbairt do dhéanamh do na
déithibh adhartha do rath a anma gan a
léigean i mbrugh ifrinn agus do bhádar
airdheana éaga ag teacht air iar
sin.



Ó d'chonnairc Cúchulainn sin tug a
bhéal ar bhéal a mhic agus ro ghaibh ag tuirse
agus ag truaigh-éighmhe go mór ós a chionn agus
adubhairt, Is truaigh liomsa, a mhic ion-
mhuin, an toisg agus an turas i dtángais tar
muir agus tar mór-fhairrge ag do mharbhadh
ag t'athair féin gan anacal. Badh ró-aibidh
mo neart agus m'fheidhm-se, a athair ionmhain, ar
Conlaoch, muna dteangmhadh an gai bulga
liom dom bhaoghlughadh agus ní raibh breith ar
Conlaoch d'anacal annsin óir do dhealaigh
anam re colainn aige.



Do rinne Cúchulainn lán-chumha mhór
agus dubhchas dearmhar ag a fhaicsin agus níor
fhuiling bheith i bhfiadhnaise Chonlaoich an
feadh do bhí a anam ag dealughadh
ris agus do thimcheall Cúchulainn an
t'oireachtas ag iarraidh Conchubhair agus
maithe Uladh do dhíoghail a dheighmhic orra.
Ro sheachnadar uile é ó d'chualadar
marbhadh a mhic féin dó. Ó nách fuair iad
ré a n-oirleach táinig mar a raibh Conlaoch
agus adubhairt, Dá saoghaltaoi an mac so ro
badh oirbhe rófhir. Ro-d-bhia beannacht
agus buaidh, ar Feircheirtne file; maith an
t-ainm thugais ar an ionad so .i. Oirbhe
Rofhir ar Mhaigh Mhuirtheimhne a ainm go
dtí an bráth.


L. 26


Is annsin d'fhóbair Laogh mac Riangh-
abhra Conlaoch do chosgairt do bhuain an
ghai bulga as. Ó d' chonnairc Cúchulainn
sin, A ghiolla, ar sé, ná déana sin, óir is
fearr liomsa gan lá goile ná gaisgidh do
dhéanamh go héag ioná corp mo mhic
d'fhaicsin ag a chosgairt im fhiadhnaise.



Agus iar sin táinig Cúchulainn roimhe go
Tráigh na dTréinfhear d'fhéachain curacháin
Chonlaoich agus adubhairt, Ní tháinig in aon
aimsir go hÉirinn riamh in aois
bliadhna agus fiche curadh do ba chródha ná
laoch do ba láidre ná fear ba fhearr in a
ghníomhaibh goile agus gaisgidh ioná an tí ag á
raibh an curachán so (óir do bhí a fhios ag
cách gurabh í a aois bliadhain agus fiche an
tan sin.)



Táinig Cúchulainn roimhe iar sin gus
an dtulaigh ar a raibh a mhac agus ro thógaibh
leis an laoich-mhíleadh gus an dtulach
árd úr aoibhinn do bhí ós cionn an átha agus
ro tochladh an talamh dó iar sin agus do
hadhnacadh Conlaoch leis annsin agus ro
cuireadh liagán cloiche fad na huaighe ós
a chionn agus ro léig Cúchulainn a ucht agus a
ur-bhruinne ar an liagán comhchloiche sin
Chonlaoich agus do bhí an deighfhear go dubhach
dobrónach annsin go neóin don ló agus
táinig Feircheirtne file dá iarraidh ón
dtulaigh, óir níor lamh Ultach fanmhain in a
fhochair iar marbhadh a mhic acht Feircheirtne
a aonar agus do ráidh Cúchulainn.



Ní léigeann trom-chumha damh-sa an
liagán ná an leachtán so d'fhágbháil go
héasgaidh agus is lán-olc liomsa nách curadh
nó caithmhíleadh oile d'Ultaibh do mharbh
mo mhac óir do dhíoghalfainn-se go maith
orra é agus do chan an laoidh le do-mhean-
main.


L. 27



Leachtán sonn Aoinfhir Aoife
Mac lánamhain lánbhaoithe
Nocha dtadhaill an bith beacht
Macaomh ba dána draoidheacht.



Truagh nách é Cealtchar cródha
Do mharbh mo mhac garg-bheódha
Maith do dhíghéaltaoi an gníomh leam,
Is prap do-ghéantaoi a chomhlann.



Truagh nách é Fearghus mac Róigh
Do mharbh mo mhac i gcéadóir;
Do dhíghéalainn é ar mo oide
Gan sluagh is gan sochraide.



Truagh nách san Mumhain meadhraigh,
Nó i Laighnibh lann-bhfaobhrach,
Nó i gCruachán na mborb-laoch
Do thuit mo mhac Conlaoch.



Truagh nach é Conall Cearnach
Do mharbh mo mhac móir-mheanmnach,
Do bheadh a fhuil ar mo armaibh
In íoc mo mhic mhór-adhbhail.



Do-chuaidh Conlaoch uainne soir
Go ráinig Cairthe Iomroicsidh:
Cairthe Iomroicsidh is de atá,
Is ann atá a leachtán.




Agus ro thógaibh feart fód-bhuidhe agus ro
fearadh a chluiche caointe agus táinig Cúchu-
lainn as a haithle sin go Dún dreach-
sholais Dealgan agus do shuigh go hanbhfann
atuirseach agus go colanfhadhach ar faithche
an dúna agus d'éirigh Éimhir in a chomhdháil
agus ó d' chonnairc gné dhubhach dhobrónach ar
a deighfear, ro fhiafraigh adhbhar a thuirse
don tréinmhíleadh.


L. 28


D'fhreagair Cúchulainn di go héasgaidh
agus do chan an laoidh go héagcaointeach
iarghnóthach: -



Cúchulainn: -

A Éimhear do-rinneas éacht;
Im chroidhe thall atá créacht;
Geadh do-rinneas, borb an glonn,
Do bhris mo chroidhe an comhlonn.



Éimhir: -
Cia ro-s-torchair, a chú cháin,
A mhic shéaghain Subhaltaigh;
Nó cia do traochadh dhe
Ón lá atáir dá fhiafraighe?



Cúchulainn: -
Mo mhac do mharbhas monuar,
Conlaoch calma cloidheamh-ruadh;
Ní tig díom iomchur mo shleagh
d'aithle an éachta, a Éimhear.




Do bhí Conlaoch iar sin bliadhain san
bhfeart gan tógbháil agus i gceann na bliadhna
do baineadh an gai bulga as agus do
hadhnacadh a thaise le Cúchulainn san áit
chéadna.



Gonadh amhlaidh sin do críochnuigheadh
Conlaoch uasal.


L. 34


B 1666 17D
U 0085



Brollach
Do leabhar na nGeinealach.



Dubhaltach mac Firbhisigh ro scríobh.



Cuimre craobhsgaoileadh chinedh Érenn ac-
cus Alban-Scot gona bprimhghéguibh genealach
ó Adhamh gus anois 1666, tionoilter a leabh-
raibh chloinne Fhirbhisigh (is go hairidhe as an
leabhar do sgriobhsam fén go foirleathan ar
craobhsgaoiledh mór- agus mionghabhal Erenn
in gach am) egarthar agus sgriobhthar sonna lesin
Dubhaltach mac Giolla Íosa Mhóir mec an
Dubhaltaigh mec Firbhisigh Lecain mhec Fhirbhisigh
i tTír Fhiachrach Muaidhe anno Christi 1666,
aniu an dara lá is an céd Luan do mhís
Aibreóil (le toil nDé) thosaighim so isin
bliadhain agus isin Tír Fhiachrach remeberta.



Annamh eólas ar nach ttrialltar increchadh
éigin go hairidhe le lucht laigeólais, gonadh
aire sin shaoilim nach anoirches sgríobhadh fhocail
nó a dhó dhuit, a léghthóir, do dhiongbhaladh na
dioghloma-so do fhaghail le hughdordhas in-
chrete. Cred uaim gur chuires chédus brollach
fiarsing do dhearbhadh dhísle an tsaothair i
ttús lebhair mhórchraobhsgaoileadh ná ccóigead
gona bhfóaicimibh do sgriobhas chena. Dá bhrigh
sin, ní aibér annso acht gurab iad na Screp-
túir diadha do sgriobhastair Maois an sen-
chaidh mór as príomhughdordhás agam annso
do urmhór ó Ádhamh go túr Nemhruaidh, agus
Senchadha eolcha eile 'na n-aimsir edir chill is
tuaith ó sin anuas gus aniu noch do ainm-
nigheas isin bhrollach remraidhte is do ba
liosda a luadh isin chuimre-si, acht gé shaoilim
a ccuimhnuighadh a ccorp an leabhráin si da
ccur ara gcraobhaibh dísle fudhéne an tan
thigid, maille le haimsioraibh a rémhsiodh fá
sech.


L. 35


Dia Athair Uile-chuamhachtach, tobar is
cruthaightheoir an uile-mhaitheasa do chruthaigh
an céd duine Ádhamh, 's a thaobhasna dá
ndearna mnaoi, darbho ainm Ébha, is do
urshnaidhmigh iad le chéile, do shíoladh chinidh
dhaonda etorra: do shliocht na lanamhna sin
'n-a líona luaidhem siosana, ag tosughadh le
hAdhamh, le a mhacaibh iarsin agus le a uibh as a
h-aithle go ar n-aimsir fén, na glúine
genealach i mbrollaighibh na nduilleann agus
gach aicme dár fhás uathaibh is na leathanchaibh
láimh leó ó thús go deireadh, agus na sinsir
i ttosach mar as dual 'n-a samhail so acht
in uair thigid sóisir rioghdha ar bheulaibh
sinsir chríona, ionnas go bhfaghthar géga gene-
aluigh gé gebhtar sloinnte ar a sleachtaibh.
Na sloinnte, imorro, dá shuaraighe atáid ní
bhfuigfem dar ndeóin éanshloinneadh aca
gan aireamh ó a cheap fén.


L. 36


B 1720obc 18T
U 0132



SEÁAN UA GADHRA RO SCRÍOBH.



Oráid chum an Léightheóra agus Díonbhrollach
na hOibre so.



Ba ghnáithbhésa do na ríghthibh agus d'uacht-
aránuibh na bpuibleacha ar cheana ar feadh an
domhuin cumaoin meisneach agus onóir do
thabhairt do dhaoinibh foirfidhe foghlomtha do
bhiadh ina ngnáthchuimhne scríbhneórachta agus
ina ccartacha buanmharthannacha ag aithbheógh-
adh échta agus gabháltais a sinsear agus ag
tegasg na n-óg agus na n-iarmua chum a
n-aithghin sin do shaothrugha le réimhfhéchuin
agus le cródhacht a ngníomhradh féin.



Is follus an modh so ag Alasdrun uaibh-
reach an tan do chlaoidh agus do sgap mór-
shluagh Dharius Rígh na Persia, do fríth céidche
beag uasal ró-chostasach ameasg foidhbhe
agus édála na námhad, agus ro hiomráidheadh
eidir na triathaibh agus na cennphuirt cia na
seóide uaisle do ionmhus an árdrígh do
cuirfidhe a ttaisge ann, agus ameasg na
cosbóireachta so, ro iarr an domhanchumhachtach
Alexdar saothar nó leabhair Hómer an fhile
do thabhairt chuige agus do chuir a lámha féin
san tshoightheach a ccumhdach iad, ag dearbhadh
gurab í an fhoghluim séd ba huaisle san
domhan. Ba hadhbhal a mhodh féin agus a
thairbhe fá'n tráth sin dá mhaighistir Aristotle,
amhuil Cyrus Árdrígh na Persia nach sgaradh
leis an bhfallsamh Zenophon amuigh san
longphurt ná san bpalás.



Féch onóir chloinne Míleadh don árdollamh
Cathér an tan do thairngir sé ag Sliabh
Riphe a ttoigheacht go hÉrinn, agus tar éis,
iar mbuaidh a ccosguir a n-Éirinn féin, go
ttárla imreasan eidir Éimhior agus Érea-
mhón fa'n aois ealadhna, Cir agus Onaoi a


L. 37


n-anmanna, gur thuit do réir chranchuir Cir
an seanmuire do thaoibh Emhir Fhinn agus
an t-ollamh d'Éreamhón.



Ag so mar adeir an t-Árdrígh Corbmac
Mac Airt san Teagasg Ríogh:



Maith do eagna do-ghní rí do bhocht. Do-ghní anruth
do eisert. Do-ghní soichenél do dhocheinél, do-ghní
goeth do bhoeth, maith a tosach maith a deireadh.



Ciodh trácht do bhí ollamhnacht agus
seanchas (ni headh amháin filidheacht) ar bun ó
thús mar is follus ó'n Scrioptúir san
tseanreacht, agus ag na Págánuibh ar cheana
amhuil a leightir ag Virgil:



Cui Pilumnus avus, cui diva Venilia mater.
Agus an tan tharladh imreasan fá oighreacht
arm Achilles eidir Ulysses agus Aiax go
raibh iomadh mór eatora fá n-a Seanchus ag
dénadh poimpe agus ealláis as a
sinsioraibh mar a n-abuir an caithmhiledh:



Sic a Iove tertius Aiax.



Ag so freagra Ulysses.



Nam mihi Laertes pater est, Arcesius illi.
Iupiter huic: neque in his quisquam dam-
natus et exul.



Ní ferr cruthugha an tsenreachta fa go
bhfuil senchus agus ollamhnacht oirdhearc ion-
leanta ná mar is follus san Tiomna Nua ag
Matha soibhiscéul geiniolach Íosa Críosd, an
mhéid gur duine é.



Do bhadar mar sin anuas ó an aimsir go
ar oile óir is mór meas na Rómhánach ar a
n-échta do chuimhniugha a leabhraibh, agus
breathnuighid gurab iad daoine ealadhna na
ccineadhach do shiorruidh échta a ngaisgidh
agus a n-ardfhlatha, amhuil adeir an file:



Vixerunt fortes ante Agamemnona
multi: sed omnes illacrimabiles
Urgentur ignotique longa
Nocte carent quia vate sacro.


L. 38


Do bhí Homer ag Gréguibh, Virgil ag Romhán-
uibh do thaobh échta agus senchusa a sinsir. Bhí
Curtius ag Alasdrun, dá mórugha etc. ina
ngeiniolach.



Stemmate quod Tusco ramum millesime
ducis.



Mur an cceudna bhí ag Gaoidhealuibh
Flaithri, Fiothal, Tórna, Giolla Mac Duda,
etc. agus ní bhfuil duine nach maith leis a
shenchus murab aborigines nó filius terrae é.
Do bhíodh comhchruiniugha gacha cethramha lae
gach sechtmhadh bliadhan ag aos ealadhna na
hÉirionn a cCaisiol a bhfochair an árdollaimh
(is annsin do scríobhadh Saltair Caisiol),
agus do sgagadís geinioladh triatha agus
uaisle gacha tíre, agus do curthaoi ainm an
mhic sa leabhar iar mbás don athair agus do
bhíodh ollamh gacha tíre na dhiaidh sin ag cong-
bháil senchusa na ttighernadh agus na ttuath
bhíodh ina churam agus dogheibhdís muirn, ion-
mhus agus dúithe da chionn sin, gidheadh, an
tan a dibreadh na triatha agus do cailleadh
an dúithe, níor bho diongmhála an ealadha ag
iarmua na n-ollamhun do dhith cumhachta ionnus
gur fágadh na dilleachta í, acht gíbé le mba
toil aon chlár do chongbháil as uisge dhí, a
ccás nár dhúchas dhóibh a leanmhuin, mar is
follus ó Dhochtúir Cétin, Ruaidhridh Ó Flaith-
bhertaidh, Cambrensis Eversus .i. Séan Dubh
A Línse agus mórán oile.



Gurb uime sin do ghlac truaighe, báidh, agus
claon le n-a násiún go sunradhach agus da
chairdibh go h-airidh, scribhneóir an leabhair so
Henridh Mhac Carrtha an obuir fhada ettual-
uing so (maille le scata oile dhá sort), ina
bhfuil gabháltus geiniollach seanchus agus
slointe Éirionn ó uaisle go minsleachta, do
thionsgnadh a Sliogioch, saothar ba doilghe dhó
bhí na chennuighe a n-iomad gnódhuighe agus
mórchurúim: gidheadh do ráinicc leis an gach


L. 39


eidirsgith dá bhfuair agus dá fhuaduigh uadha
féin an leabhar so do chríochnugha Anno Domini
1708 as priomhchóip nar fhág aon ní gan
sgagadh agus gan tionól a leabhraibh agus ó
ughdaraibh fromhtha na ríoghacht so, agus go
hairidhe as leabhur an Dubhaltaidh Óig Mhic
Fhirbhisigh Lecain Mhec Firbhisigh, etc.



Do bhraith iomorro an scríbhneóir reimh-
ráite Henridh air féin trí neithe no puinc san
tshaothar so .i. uaisle aigenta, baidh le cáirdibh,
agus grádh don earadh: an céid ní, dó féin
bhainios sin, óir ní bhfuil brath ar bith is mó
air aigneadh uasal ná saothar do dheghdhaoinibh
a n-asguidh; an dara ní ar a charthannacht
do'n chrích se etc.; an treas ní grádh do'n
earradh, óir as é an t-earradh is mó
shantuighios an cennuigh maith an neoch is
uaisle, is ferr agus is marthannuigh, agus ní
mheasfuinn go bhfuil a solér ná a storús
seóid is daoire agus is buaine ná a leabhar,
agus dá chloinn agus dá iarmua bhainios sin,
óir is dóibh shaorthruighes gach athair na neithe
marthannacha.



Anois (mar luach saothair ghaedhalach) go
saoluighe Dia is na grásaibh é féin agus a
churum amhuil athchuinges.



A Charaid ionmhuin.



Seán Ó Gadhra.


L. 40


B 1818ls-1909Nch 19T
U 0401
LORG CHRÍOST.



An Chéad Leabhar agus an chéad chaibidil.



Do Lorg Chríost agus do dímheasadh diomh-
aointis an tsaoghail uile.



1. An tí leanfas mesi ní shiubhalfaidh sé
i ndoircheadas (Eoin.viii.12.) Ag siad so
focail ar dtighearna Íosa Críost ina
bhfógrann dhúinn, mas mian linn bheith saor
ó dhoircheadas agus ó dhaille croidhe, aithris
do dhéanamh ar a bhéasaibh agus ar a bheatha
ró-naomhtha. Tríd sin déanamais dícheall
díbhirceach agus machtnamh caondúthrachtach
ar bheatha Chríost do leanmhain.



2. Sáraigheas teagasc Chríost teagasc na
n-uile naomh agus an tí aga bhfuil an spior-
aid cheart doghéabhaidh sé an manna folaighthe
innte; gidheadh atáid a lán ná corraigheas
agus ná spreacaigheas gnáth-chlos an tsoi-
scéil a n-intinn ná a gcroidhtheacha mar nách
bídh spioraid Chríost ionnta. Acht an tí
dár mian leis focal Chríost do thuigsin go
mothaightheach, is dleacht dó dícheall dian do
dhéanamh agus machtnamh cruaidh do dhéanamh
ar aithris beatha ró-naomhtha Chríost.



3. Créad an sochar ná an tairbhe dhuit labhairt
go doimhin léigheanta ar an Tríonóid is an
Tríonóid id' aghaidh tréd neamh-umhlacht? Is
fíor nách déanaid focail móra bláith-bhriath-
racha duine do naomhughadh acht is fíor go
dtugann beatha shubhailceach buidheachas agus
greann Dé air. Do badh fhearr liom comh-
bhrúghadh croidhe do fhulang agus do mhothughadh
ioná bheith fiosach ar a léir-nochtadh. Má
biaidh an scríbhinn diadha do mheabhair agat
do rinn aon fhocail agus seanráidhte na
n-eagnaidheach agus na ndraoithe, créad a
mhaitheas ná a shochar duit gan grása Dé
agus greann Dé? O, a díomhaoinis an díomh-


L. 41


aoinis agus is díomhaoineas an uile (Eccles.
1.2.) acht seirbhís agus greann Dé amhaín.
Ag sin an eagna is áirde tré chúl do thabhairt
ris an saoghal agus tré aghaidh do thabhairt ar
ríoghacht naomhtha na bhflaitheas.



4. Is díomhaoineas don réir sin do neach
bheith ag iarraidh ná ag iarracht ar shaidhbhreas
diombuan an tsaoghail so, ná ag cur a
ndóchas ann. Is díomhaoineas bheith ag iarracht
ar onóir ar ainréim agus ar árd-ionadaibh. Is
díomhaoineas bheith ag leanamhain do ainmhian-
aibh na colna ná ag iarracht ar aon ní eile
dobhéaradh pian dian dólásach ar a n-anam
bocht dá éis. Is diomhaoineas bheith ag iarr-
aidh saoghail fhada agus faillighe do thabhairt
i leas an anma. Is díomhaoineas aire do
thabhairt do neithibh an tsaoghail so amháin
agus gan aire do thabhairt do neithibh atá le
teacht agus fa dheóidh is díomhaoineas greann
do thabhairt do neithibh diombuana agus gan
an deithneas do dhéanamh dochum na háite
ina mbiaidh úrghairdeas agus sonas síoraidhe.



5. Smuain do shíor ar an sean-rádh nách
fuil an tsúil lán do radharc ná an chluas lán
do éisteacht (Eccles.1.8.) Machtnamh don
réir sin do chroidhe agus do intinn do tharr-
aing ó neithibh talmhaidhe agus iompuigh ar
neithibh neamhdha óir truaillid an drong leanas
anmhiana a gcoinsias agus caillid siad
greann diadha Dhé.


L. 42


B 1825lsc 19T



SCÉL IN DÁ LENAB.



Fechtus n-óen dia rabador dá lenab ac
comchluichiu .i. lenab Cristaige agus lenab
Iúdaidi in araile láa sollamnach, atbert
in lenab Cristaige, tiagum i cumaid cáich
sin tempoll. Tiagait amail atrubairt:
Iarfaigis in lenab Iudaide crét in delb
croche út agus in crochaire innti. Ar tigernai-
ne sin, ar in lenab Cristaige, agus do muinter-sa
ro-s-crochsat é ar fhuath agus ar fhormut. Olc
in gním do-rónsat ar int Iúdaidi. Iarfaigis
doridisi in lenab Iúdaidi, cía in delb
bantigerna onóraige út adchíam agus lenab
bec in a hucht? Delb Muiri sin, ar sé, agus
delb intí út ro chrochabair-si in a
náidenacht in a hucht. Iar n-aisnéis dóib
móir do chomrád etorrra amlaid, tiagum
cusin n-altóir, ar in Cristaige, co caithmis
bairgin coisrectha. Iar scáiled don phopol
asin tempoll, scáilit in dá lenab agus tét cach
lenab díib dia thig fén. Iarfaigis a athair
don lenab Iúdaidi ca hairm i raibi. Ro
bá i farrad fírchómpánaig dam, ar sé, agus
dochuamor i tempoll na bantigerna .i.
Muiri i ro chaithsem bairgin coisrectha
ann. Ro fhergaig agus ro lonnaig a athair fris
agus ised in cétna dorinne in máthair agus ised
ro ráidset, oid bibda báis tú, ar síat.
Gabthor leo é agus cuirit i sorn tened ar n-a
dergad co raibe ann ón tráth co araili co
ndernad min agus luaith di. Ar n-a bárach
iomorro tiagait dia fhiss. Is amlaid ro bói
in a chotlud. Ingantaigit co mór agus
dúiscit é agus iarfaigit crét ro shaor ar a
loscad é. Bantigerna in tempaill i raba
ané .i. Muiri nóeb, issí ro-m-shaer agus fa coim
ro chotlus agus is dalta di mé. Is trésin
mórmirbuili sin ro chretsit a athair agus a


L. 43


máthair agus a uile choibnesta archena do
Dia agus do Muiri Nóib. Is mór in mirbuili
do Muiri Nóib connách fétann ben Iúdaidi
tuismed lenib do dénom intan bís re
idnaib no co n-aitchenn Muiri.



<L 1833lsc 19L>



SCÉAL AR NAOMH GREAGÓIR.



Aroile domhnach do Ghreagóir, abb Rómha, ag
íodhbairt chuirp Chríost. Ó ro bhí cách ag dul
do láimh táinig feadhbh iriseach do-ghníodh abhl-
anna do-sain chuige go tíosadh do láimh. An
tan iaramh dorad an cléireach dise corp
Chríost amhuil is béas ag rádh; Corpus Domini
nostri, etc., .i. ro choimhéada corp ar dTighe-
arna Íosa Críost t'anmuin, annsin ro ghaibh
faitfeadh an fheadhbh go ndearna gáire dear-
mhar. Tug an cléireach fo chéadóir a dheise
uaidhe agus ro fhuirim corp Chríost ar an altóir
agus ní ro fhaoidhis a chaitheamh. Ro fhiafruigh iaramh
di cia um a ndearnaidh gáire an tan tugadh
an corp di. A iongantaighe liom, ar sí, an
bairghean dorinneas dom lámhaibh féin indé a
rádh duitsi indiu gur ab é sin corp Chríost.
Ro shléacht Greagóir ar sin i bhfiadhnaise na
haltóra agus an pobal uile maille ris do dhíochur
díthchreidmhe na mná. Adracht Greagóir iar
sin i bhfiadhnaise chách uile agus fuair an abhluinn
chuir ar an altóir i mbloigh feóla deirge. Ó
dochonarcadar na daoine uile an míorbhuil sin
do chreid an banscál gur ab é fíor-chorp
Chríost dobheirthir ar gach n-altóir .i. an corp
ro ghéanair ó Mhuire. Ro calmuigheadh ris an
bpobal Rómhánach uile de sin agus ro shléacht
Greagóir dó iar sin go ro suidheadh iona
chéid-ghné ó thosach, óir níor ba dleacht ná oire-
amhnach go mbeadh gné na feóla deirge air
aga chaitheamh agus ro suidheadh fo chéadóir i ngné
abhluinne. Finit.


L. 44


B 1825lsc 19T



SCÉL FOR MÍRBUIL PÓIL SONN.



Dia mbái Pól apstal i cuimrech ic
Nír César isin Róim, tánic for a men-
main Pól do díchennad iar crochad
Petair leis reme sin. Rucad iarom Pól
dia marbad agus a dá láim i lámaib dá
míled. Tánic ann araile ben dia
n-innsaigid agus ro bái oc a iarfaige díib
crét dogéntai fria Pól. A marbad,
bar iatsom. Ro guil in ben co gér
annsin agus is ed adubairt, is é so láa mór
na Róma. Bái Pól annsin oc iarraid
bréite ro bái fa ciunn na banscáli do
thabairt dó co rogabad 'ma chenn, ar
dáig nach faiced na básairi 'ca bualad
agus ro gell Pól dí co roised in t-anart
cuci féin doridisi. Ní dingentar amlaid,
bar na básairi, acht is acainne bias agus is
sinn béras linn é. Dorat in banscál in
t-anart do Pól agus ro gab in t-apstal 'ma
chenn é.



Lotar iar sin co himill araile
locha bái in a fochair agus dorat Pól a
agaid fria lár ann agus ro bái oc etarguide
a Thigernai. Tánic óen do na miledaib
co Pól agus dorat buille dia chois ann.
Atracht Pól agus ro díchennad o chloideb
é fó cétóir agus luid a chenn amach isin
loch.



Ro cuimnig Dia in gellad dorigne
Pól don banscál uair dochuaid in
t-anart la gáith co raibe uas ciunn na
banscáli áit i mbói oc toirsi co mór.
Tuitid bainne fola as in mbréit i
fiadnaisse na banscáli. Tógbaid in
banscál annsin a rosc in áirde. Atchí
in bréit uas a ciunn agus gabus cuce é.



Bái iarom in cenn isin loch sin fri ré


L. 45


dá fichit ar da cét bliadan. Ocus is
amlaid bái isin loch sin frisin ré sin agus
cethre coindli ciara ar fursunad imme
agus cethre coinnli solusta ar adnad imon
cenn féin thís ar grían an locha ó ló a
díchennta co ló a fagbála. Ro badus
atra frisin nuimir sin ac iarraid in
chinn ó na Cristaigib agus ni fríth é.



Bái imorro Siluester Pápa agus Con-
stantin macc Eléna agus Eléna féin ó
dethite móir oc iarraid in chinn.
Tánicc ann araile ben do shíl na mná
cétna dorat in bréit do Pól corice in
loch i raibe in cenn do nige a hédaig agus
ó ráinic, atconnairc i cétóir cethre
lóchairn for lasad imon loch agus cethre
coinnle aile agus cenn duine i medón
etorra. Tánic iarom in ben dia tig agus
ro innis do cách aní atconnairc.
Cidtráchtus ó ránic clú in sceoil sin
cusin popul dorónad mórthinól aca agus
tucad cuca in ben atconnairc na
mírbuile. Co rucad solus cert dóib agus
ráncatar in loch agus atconncatar ule in
cenn agus na coinnli for lasadh imme agus
ceithre coinnle aile imon loch.



Tucad iarom in cenn asin loch leó agus
ro canad sailm agus urnaigthe uas a
chinn agus ro tógbad leó é co hairm in ar
hadnacht corp Póil. Is amlaid bátor
etir corp agus cenn oc siled fola mírbuili
in uair (sin) ro deglaitís re céile, agus ba
mór in mírbuile nách tánic temel ná
mígné don cenn ná don corp fria ré
dá fichit ar dá cét bliadain acht a
mbeith díb línaib oc siled fola.



Tucad in cenn forsin colaind agus ro
lenatar dia aroile agus ro ansat don siled
fola mar bud aen corp agus nír sil bainne
fola estib ó sin ale.


L. 47


B 1755obc 18L
U 0242



AODH MAC CRUITÍN ro chan -



A Dhé do dhealbhuigh gach ní
Is darb cúram fós díon cáich,
Ar ndul dúinn chum suain anocht
Gaibh ár gcumhdach ort do láimh.



Taidhbhse oidhche noch bhíos saith
Is cealg Satan nách maith le a luadh,
Is gach síabhra fhásas dá dtaoibh súd,
Cuir iad ar gcúl i bhfad uainn.



Árd-athair na n-uile-bhuaidh,
Íosa milis uaidh do ghein
Is an Spioraid-shearc shnadhmas iad,
A n-iarrmuid sonn, déanaidh sin.


L. 48


B 1909 19>
<G U DG>
B



AITHREACHAS MÓR NA NAOMH.



A Thighearna thug damh spéis
Ná fulaing mo léan i bhfad;
Sín do chobhair damh i n-am
Beag mo theann is lag mo neart.



Tá mo namhaid ar mo thaoibh
Ar feadh na hoidhche is ar feadh an lae,
Ní fios damh nach i mo shuan
Thiocfaidh an uair i mbreithfear mé,



Is iomdha rabhadh fuair Sodom
Is iomdha olc tháinig dá cheann
Má chaith mise seal ag olc
Ná leig m'anam bocht 'n-a gheall.



Prionnsa uasal i mbun a fhocal
Nach mór an sochar é bheith i dtír?
Nár gheall tú damhsa párdún
A rí na ngrásta is tú atá fíor?



Nár pheacaigh Adhamh is Dáibhidh an rí
Pheacaigh Maoise is ba mhaith an triúr?
Cionn na gcléireach Peadar feidhmeach
Mac Dé shéan sé ós coinne a shúl.



Má pheacaigh sinne pheacaigh siad
Is ionann Dia a bhfuilmid faoi.
d'aithne agus do ghrádh le chéile
Go bráth ná cuir i gcrích.



Nach bhfuair fear a haon-déag
Páighe a lae mar fhear a trí?
Is minic bhí cu mall sonach
Atá féile is onóir i mo rígh.


L. 49


Golfaidh mé in san oidhche
Golfaidh mé arís gach lae
Agus golfaidh mé go bráth
Go bhfuighbhe mé grásta Dé.



Golfaidh mé go gáibhtheach géar
Scaipfidh mé na frasa deór
Scoiltfeas clocha agus croinn
Go bhfaghbhad mo roinn den ghlóir.



Ó thosuigh tú i gcionn an chláir
A rí ba fhearr ó thús go seadh
Guidhim thú a rí na ndúl
Ná stad do shiubhal insan tsreath.



Ceangal.



Ní raibh roiseafta nó siopa ag mo liaigh-sa
riamh
Tá fios mo ghalair is m'aicíde agat fhéin, a
Dhia,
Lucht leathtruime ná hagar is ná héiligh
choidhche,
Faoi allus na haithrighe cuir mé i mo luighe.


L. 51


B 1820ls 19T
GzzzzzL
U 0401

LONDUBH DHAIRE AN CHAIRN.



Oisín Cecinit.



Binn sin, a loin Dhaire an Chairn.
Ní chualas in aird san mbith
Ceól ba bhinne ioná do ghuth
Agus tú fa bhun do nid.



An ceól as binne fan mbith,
Mairg nách éisteann ris go fóill,
A mhic Chalphruin na gclog mbinn,
is go mbeurthá arís ar do nóin.



Agat, mar atá agam féin,
Dá mbeith deimhin sceul an eóin,
Dogheunthá deura go dian
Is ní bhiadh th'aire ar Dhia go fóill.



I gcrích Lochlann na sreabh ngorm
Fuair mac Chumhaill na gcorn ndearg
An t-eun dochíthí anois.
Ag sin a sceul duit go dearbh.



Daire an Chairn, an choill úd thiar
Mar a ndeunaidís an Fhiann sos
Ar áilne is ar chaoimhe a crann
Is eadh do cuireadh ann an lon.



Scolghaire Loin Dhaire an Chairn,
Búithreadh an daimh ó Fhaill na gCaor,
Ceól le gcodladh Fionn go moch,
Lachain ó Loch na dtrí gCaol.



Cearca fraoich um Chruachain Chuinn,
Feadghail dobróin Druim Dá Loch,
Gotha fiolair Ghlinn na bhFuath,
Longhaire cuach Chnuic na Scoth.


L. 52


Gotha gadhar Gleanna Chaoin
Is gáir fhiolair chaoich na sealg,
Tairm na gcon ag triall go moch
Asteach ó Thráigh na gCloch nDearg.



An tráth do mhair Fionn is an Fhiann
Doba annsa leó sliabh ioná cill,
Fa bhinn leósan fuighle lon,
Gotha na gclog leó níor bhinn.


L. 53


B 1769ob 18L
U 0247



PEADAR Ó DOIRNÍN RO CHAN.



A Ghaoidhilge mhilis is sáimhe fonn
Mear-mhór láidir mar réal na dtonn,
Níor choir do labhairt i bhFódla am,
'S ní bhíodh do bháird-mhil i nguais a gceann.



Ní bhfuil aon teanga 'sa mbeatha mbreas
Comh líonmhar áluinn nó comh caoimh-dheas;
Gé aimsir fhada faoi smacht an-teann,
Táir cinnte i státa, gé do cháirde fann.



Ó chlann an Bhéarla is mór an duadh
Tháinic chugat le reachtaibh cruadha;
Do scriosadh scríbhne is leabradha grinn
'S is mór an t-iongnadh go mairir ionn.




An tAbhrán.



Ghlac eagla aidhbhéil clann na Galldachta
Go bhfiosfadh an Fháil-treabh an duine fíor,
'S go lasfadh meanma in gach uile pháiste
Ar scriosadh athar gan cháin 'si tír.
Do loisceadh teampuill is leabhair bhána,
'S mo mhíle crádh, fós gach saoi-cheap fréimhe;
'S d'aimhdheoin a ngliocas táir cinnte i státa
'S go Luan an bhráith béir mo mhúirnín féin.


L. 54


B 1847ls 19L
U 0453

SÉAMUS MAC CUIRTÍN RO CHAN.



Ag cur Slán le Gaoidhilge.



Is doiligh liom gan sult gan sgéal
Caint cómhluadar seana-Ghaodhal,
Is a sleachta dil' doilghiosach fann
I dtuathaibh iargúil Éireann.



Mór an béad mar chuaidh ar fán
Ár ndáimh léighionda gan meilleán
Is an chaint cheól-mhilis ba áille blas,
Ba fada bhí fa dheigh-mheas.



Mairg riamh dár n-uaisle thréig
Le huabhar, seachmall ná seithléig
An teangaidh cháidh do chuireadh mian
Re héacht a heachtraibh imchian.



Mo shlán le starthaibh chlanna Niúil
Ba reachtmhar réim is ba rígheamhuil,
Ag gluaiseacht trí gach táin tar lear
Go hÉireann iath gur thángadar.



Mo shlán re seanchus saor na suadh
Ar chian-chaithreím na Craoibhe ruaidhe,
Gur chaill a bláith le Déirdre geal:
Mairg don Chraoibh an chór-bhruingeal.



Mo shlán le laoithibh fiadhaigh is fleadh,
Dréachta Oisín ba dian diombágh
Ag áiriomh tréithe laoigh is luinne
Teaghlaigh tréin na hAlmhuinne.



Mo shlán le tásg sliocht Éibhir Fhinn
Ag cosaint críche ba muinghin:
Díobh Lughaidh Meann, an laoch loinn,
Fuair seilbh tráth i dTuadhmhumhoin.


L. 55


Díobh Eóghan éachtach, laoch Leath Mógha,
Is Brian bioth-chosantach Bóirimhe,
Thug réim re gaisge agus le clú
Ag dío-chur Danair is ag riaghalughadh.



Díobh cómhladha catha Mumhan nár thais,
Buidhean obann iarghoileach Dáil gCais
Noch shaothraigh fearann cloidhimh gan chain
Lé feidhm fíréanta i dTuadhmhumhain.



Mo shlán re saoithibh saor-shliocht duan
Do dhlighe na dáimhe ba bhioth-bhuan;
Treun-shliocht Ír ba mórdha méin,
Chuir tásg a dtíre in imigéin.



Aon rann amháin, ní headh mo ghuidhe,
Do chlanna cheannasach' Rudhraighe
Ba gléire gníomh, ba cabharthach cáil
Ag fosdughudh filidhe Inis Fáil.



Badh dual dom trácht, gidh tláith mo shian,
Ar teaghlach tiodhlaiceach Uí Bhriain,
Port-sgáth na fréimhe ó'r lean mo laoi,
Iocht na suadh is na seanchaidh.



Acht ó nach léirighe taoisigh Táil
'Ná clanna Rudhraighe re mórdháil
Atá ollamh oighreachta gan géill
Gan díon gan taca gan truaighmhéil.



Óir ní le tréithe tógthar neach
Chum meas, mór-ghairm ná conách
Ní fhoghluim glan do chuireas críoch
Fó láimh leatromach coigcrícheach.



Anois is tearc a glaoidhtear saoi
Chum sógha ná sochair na healadhan,
Acht clann cóbach, drong nár chleacht
Oireachtais eólais ná inntleacht.


L. 56


Chímíd cloidhre claon gach feacht
Ó chéim go céim ag cluainireacht
Go ndeólann óirchioll crú na saoithe
Le bladhman, beaduidheacht is bréag-laoithe.



Ceileabhram feasda d'óirchiste Gaoidhilge
Ó thréig mo dháimh in Inis Éilge
Mo shlán go bráth i bprós is i laoidh
Le héigse suadh agus seanchaidh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services