Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Maith agus Dearmad
Title
Maith agus Dearmad
Author(s)
Ó Fiannachtaigh, Tomás,
Composition Date
1833
Publisher
(B.Á.C.: , Cuideachta Gaodheilge Uladh, 1833)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAITH AGUS DEARMAD Sgéul beag d'ar b'ughdar Maria Edgeworth. Rosanna, ón ughdar chéadna. Air na d-tarruing go fírinneach ó Bhéurla go Gaoidheilg, air íarratas agus fa thearmonn na Cuideachta Gaoidheilge Uladh a m-Béul-Fearsaide le Tomás Ó Fiannachtaigh Oide Gaoidheilge a m-Béul-Fearsaide. Clodh-bhuailte a m-Baile-ath-cliath.
A Shaoi, Ceadaigh dhuinn, a n-ainm na Cuideachta Gaodheilge Uladh, an beag-shaothar so, do tionsgnadh chum maitheasa luchd ar d-tíre, do thoirbhirt fa chomairce do Thighearnamhlachta le mor-urraim mar chomhartha treathlag air a móir-mheas dod' dhíogras-sa a n-aith-bheodhadh ar d-teanga mhín mhilis mhathardha a léigeadh a bh-faillighe le fada. Is mór an sas chum foghluim do chur air aghaidh a g-comhnuidhe thu, agus da réir sin, comh luath a's chualaidh tu tracht air ar g-cuideacht-sa a bheith air bun, tháinic tu uait féin, mar budh cuibhe do dhuine onórach, agus dhéonaidh tu d'ainm a chur síos mar bhall dí. Gídh nach bh-fuil ann so acht leabhrán beag, ta súil aguinn 'na dhiaigh sin go m-béidh se féumamhuil d'ar g-coimhtíorachuibh. A measg na m-Breathnach agus na n-Albanach Gaodhalach, gidh nach bh-fuil an chaoí cheadna aca a ta aguinne, is mór tá síad a' cur teanga a sínnsior air aghaidh, agus a' tabhairt oideis agus foghluime do luchd an ainbhfiosa air an modh so nar bh'fhéidir leo fhaghail air ghléus air bíth eile. Do mheas an Chuideacht nar bh'féidir leo rud air bíth a dhéanamh air d-tús, chum an nídh do chuir síad rompa a chur a ngníomh, nídh b'fhearr ná roinn d'oibreachaibh Maria Edgeworth (an t-ughdar oirdhearc sin, a theagagsas go h-éagna agus go móralta) d'athrughadh go Gaoidheilg, agus a dheanamh soilléir sothuigsionach do mhórán d'a eilg, agus a dheanamh soilléir sothuigsionach do mhórán d'a luchd a h-éin-tíre. Is doigh leo go measfuighear nach bh-fuil an dá sgéul bheaga a thogh siad neamh-oireamhnach do stáid lathaireach na h-Eirinn. Ta muinighin láidir aca go leanfuidh mórán da léighfhidh an beag-shaothar so aca go leanfuidh mórán da léighfhidh an beag-shaothar so sompla an fheilmeoir dhuthrachtaigh Rosanna, ionus go m-b'fhéidir leo a m-beatha do chaithéamh go sona séunmhar. 'Sé a n-doigh, mar an g-céadna, go ruagfuidh agus go n-díbeoraidh síad as a n-inntin gach uile ghné mhiosguis agus mhio-rúin do mhéudaigh go mór olc ar d-tíre go d-tí so, agus do thairuing mi-chliú uirri; agus go lean fuidh siád, air gach uile uile ocáid, gnáthlabhairt Mhuiris .i. "Maith agus Dearmad." Is sin-ne, a Shaoi, le mór-urraim do sheirbhisigh ro-umhal, bíth-dhílis, Sgribhneóiridh na Cuideachta. A m-Béul-fearsaide, 1833
Do bhí garrdhadoir 'na chómhnuidhe ann san g-comharsanachd do bhaile ánnsa taobh shíar do Shacsain ag a raibh aonmhac d'ar bh'ainm Muiris, air a raibh sé ro-cheanamhuil. Do chuir a athair é lá áirídhe go baile nach raibh a bh-fadh uaidh, do cheannach síola garrdhaidh dó. A núair tháinic Muiris go siopadh an t-síl, do bhí sé lán do dhaoinibh agus bhí déifir air gach aondhuine chum é féin do ríar air d-tús. Do chúaidh fear mór árd an chéad úair roimhe le fóirneart, agus annsin bean mhór ramhar: do sheas seision go foighideach a bh-fogus don g-contasóir, ag fanmhuin no go m-bíadh foill ag neach éigin na síola bhí sé íarraidh thabhairt dó. Fa dheireadh a núair a fúair an dream eile go h-iomlán a bhí sa t-siopadh na neithe bhí air íarraidh uatha, d'fhill fear an t-siopaidh chum Mhuiris agus dubhairt sé leis, "créad theasduigheas uáitse óglaigh bhigh fhoighidigh." "Teasduigh na síola so go h-iomlán uaim do m'athair," ar Muiris, ag tabhairt sgríbhinne do fhear a t-siopaidh ann a raibh cuntas air ainmneachaibh na síol, "agus do thug mé airgiod liom chum díol air son an iomláin." Do chuartaigh an síoladóir na síola go léir a bhí teasdail ó Muiris, agus cheangail sé súas ann a bpáipéar íad. Bí sé ag ceangal súas pis bhreagha áluinn iomdhathach, an tan céadna sin tháinic fear mór timpchiollach gairbhéadanach a-steach thrid chúl-dhoras a t-siopaid agus chomh luaith 'sdo tháinic se a-steach, do gháir se a-mach, ag radh, "an bh-fuil na síola a d'orduigh mé réidh;
ta gaoth agus muirlíonadh linn, ba chóir dóibh a bheith air bhord luinge a-ne. Agus cait a bh-fuil mo chioltharn China, bh-fuil sé pácaigh súas, agus air na dhíriúghadh?" "Tá sé air a g-clár sin shúas ós cionn do chinn, a dhuine úasail," ar an síoladóir, "ta se ro-shabalta, do chídh tú, acht ní fhúaramur foill a phácáil fós; déanfar a-niúgh e, agus do gheabhamoid na sióla réidh dhuit ghán mhoill, a dhuine uasail." "Gan mhoill! corruigh leat mar sin, ní phacálfuidh na síola iad féin súas: déan déifir, guidhim thú." "Air an m-ball, a dhuine uasail, comh luaith 'sdo dheanfad súas é so 'na cheangaltán don m-búachal bheag so." "Créad an bhrígh a ta a g-ceangaltán an bhúachail bhig so; is féidir leisean fanmhuin, agus ní féidir liomsa. Ní fhanmhuid cóir gaoithe no líonadh agus traghadh na mara le duine air bíth. Gabh so chugad, a bhúachail, agus bhí air siúbhal," á dubhairt an fear neamhfhoighidheach, agus air na radh so dho, do thóg se súas na sióla don g-contasóir, a-nuair a chrom fear a t-siopaidh síos ag íarraidh stúaidh phaipeir ruaidh ramhair, agus córda chum an ceangaltán d'fhasgadh. Ni raibh an ceangaltán acht filte súas go bog, agus air a thógbháil súas don bh-fear neamhfhoigideach, do raobadh an paipéar le meadhachan na pise a bhí taobh astigh dé, agus do sgeith ná síola go léir air feadh an urláir agus Muiris ag síneadh amach a lámha ag iarraidh a n-gabháil, 'sgan maith dó ann. Do sgab an phis thrid ar tsiopadh go h-iomlán; do bhí an fear neamhfhoighidéach ag easgaine orrtha; act do thionsgnuigh Muiris a bhéith da g-cruinniughadh a gceann a chéile, comh tapaidh is b'fheidir leis, gan a bhéith feargach dó. Air m-béith dhó gnothach mar so, fuair an fear na síola bhí air íarraidh uaidhe, agus air m-beith dhó ag trácht orrtha, tháinic mairnealach asteach san t-siopadh, agus a dubhairt, "á Chaiptin, d'athruigh an ghaoth a n-iompódh láimhe, agus is cosmhuil go m-bíadh droicshíon againn." "Ta go maith, is maith liom sin," a dubhairt an fear gairbhéadanach, a bhí 'na chaiptin air a loing; "is ait liom fanmhuin lá eile a g-cúan, agus ta obair go leor agam a lámh."
Do chuaidh an Caiptin air aghaidh go dána go doras a t-siopaidh, do chonnairc Muiris, an trath bhí sé air a ghlúinibh air a d-talamh ag cruinniughadh a' shiola, go raibh cos a Chaiptin a n-achran le corda eigin a bhí air sileadh sios ón g-clár air a raibh an cioltharn China 'na sheasamh. Do thug Muiris fa deara, da rachfadh an caiptin aon choiscéim amháin eile air aghaidh, nar b'fhéidir dhó gán a córda do tharruing, ionnus go leagfadh sé síos a chioltharn, do bhrígh go raibh an córda castaidh timchioll air a íachdar. Air an m-ball do rug se gréim air chos a Chaiptin, agus do stad ó shiúbhal é. "Stad! fan do sheasamh, a dhuine uasail," ar se;, "no brisfir do chioltharn China." D'fhan an fear 'na sheasamh go socair, d'amharc se agus do chonnairc cionnus d'fhastuigh a córda do chlaspa a bhróige, agus cionnus a bhí a chioltharn breagha China a g-contabhairt tuitim a-núas mar gheall air. "Go fírinneach táim ro-bhuidheach dhíot, m'óglaigh bhigh," ar sé; "do shabháil tú mo chioltharn, nach m-brisfinn air dheich b-píosa óir, oir is dom mhnaoi é, agus thug mé liom sabháilte é, ó críochuibh coigcriche a bh-fad ón m-baile, budh mhór an trúaighe da mbrisfinn é tar eis a thabhairt a d-tír sabháilte. Go deimhin táim robhuideach dhíot, óganaigh bhig, ba h-é so maith do dhéanamh a n-aghaidh an uilc. Goillidh sé go mór orm ghur leag mé síos do shíola, do bhrígh go bh-fuil tú ad' bhuachal dheaghnádurtha, claon cum maitheamhnus do thabhairt uait. Bí chomh maith sin," ar sé ag iompoighead chum fhir an t-siopaidh, "'sa cioltharn sin a shíneadh a-núas damh." Do thóg coimheadaidhe an díol-chuain a-nuas an cioltharn go rochúramach, gus do bhaín an caiptin an falach dé, agus do tarruing a-mach fréamhacha éigin laile; "is cosmuil duit le méid an t-síl a fúair tú, gur le garrdhadoir thú. An bh-fuil dúil agad a n-garrdhadoireachd," ar se le Muiris. "Tá go deimhin dúil anmhór agam ann, a Shaoi," ar Muiris: "oir tá m'athair 'na gharrdhadoir, agus ceadaig sé dhamhsa saothar do dheanamh mar aon leis, agus thug sé garrdhad beag dham féin."
"Ag so dhá fhréamh laile dhuit, ma bheirenn tu aire mhaith dhóibh, m'fhocal duit go m-bíadh na laile is 'aille a Sacsan agad ann do gharrdhadh beag. Do fuair me na lail so ó cheannaighe Fléimionach, a dubhairt liom, nach raibh cineal air bíth a Holanda b'áille agus ba dofhaghalá 'na íad. Tiocfa síad ar aghaidh agadsa mur n-goiligh gaoth no síon orrtha." Thug Muiris buidheachus don duine uasal, agus d'fhill sé chum baile, air m-béith dhó fonnmhar a fhréamha breaga laile do thaisbéunadh d'a athair, agus d'a chompánach .i. mac garrdhadóire a bhí 'na chomhnuidhe a bh-fogus dó: 'sé ainm a bhí air mhac a gharrdhadóire, Artur. 'Sé an chéud nídh rinne Muiris, tar éis a fhréamha laile do thaisbéunadh d'a athair, d'imtheacht air siúbhal go deifireach go garrdhadh Artuir da thóireacht. Bhí balla cloiche ísiol deanta gan moirtéal air bít 'na theóran idir a n-garrdhaidh. "A Artuir! a Artuir! ca b-fuil tú? Bh-fuil tú ann do gharrdhadh; ta féim agam ort." Acht níor fhreagair Artur air aonchor, agus níor tháinic sé go h-éasgaidh do theagmhail le na charaid mar ba ghnathach leis. "Atá a fhios agam ca bh-fhuil tú," ar Muiris, "agus tá me ag teacht chugad comh lúaith is féidir liom a dhul thríd na sgeacha subhcraobh. Tá nuaidheacht mhaith agam duit, nídh eigin do thaithneóchas leat d'fhaicsin, tá mé cinnte;" ar Muiris bocht, íar n-dul thríd na sgeacha subhcráobh dhó, agus íar dteacht ann a mharc a gharrdhaidh féin dhó, chonnairc se a chlog-ghloine, a chlog-ghloine ionmhuin a rabhadar a chularáin ag fás faoi choimhbreagha is sin, a aon chlog-ghloine briste 'na mhioruibh. "Is aithmhéalach liom é," a dubhairt Artur, do sheas 'na leathluighe air a spád ann a ghárrdhad féim, "tá eagla orm go m-biadh fearg anmhór ort liom." "Acht an tusa, a Artuir, a bhris mo chlóg-ghloine? Och! cionnus b'fhéidir dhuit sin do dhéanamh? "Bhí mé ag caitheadh fiadhaille, agus tachair thar an m-balla, agus go mío-thapach do thuit cnap mór féir lán do chlochaibh beaga air sileadh síos as a fhréamhachaibh, air do chlog-ghloine, agus do bhris é mar chídh tu." Do thóg Muiris súas an cnap féir a thuit thríd a n-gloine bhriste air a chularáinibh, agus d'amharc sé air
feadh tamuill air a chularáinibh 'na shocht. "Och! mo chularáin bhochta! is éigin daoibh bás d'fhaghail a nois. chífidh mé bhur m-blatha buidhe críon a márach; acht atá se déanta agus ní bh-fuil neart air, nior bh'fhéidir a shabháil; uime sin, Arthuir, na h-ábramoid níos mó 'na thimchioll." "Atá tú rómhaith; shaoil mé go m-béidh fearg ort liom. Tá mé cinnte go m-béidh fearg anmhór ormsa leatsa, da m-brisfása gloine liomsa." "O! maith agus dearmad, mar a deir m'athair a g-comhnuidhe, 'sé sin slighe is fearr. - Feuch créad do fuair mé dhuit." Annsin d'innis sé d'Artur an sgéul a d-taobh Chaiptin na loinge agus an cioltharn China agus sgaipeadh na síol. d'aithris sé dhó mar an g-céadna a d-timchioll na bh-fréamha breagha láil a tugadh dó, agus fa dheireadh do thairg Muiris aon do na fréamhachaibh ceannamhla d'Artur, noch do thug buideachas dó le luthgháire mhór, agus a dubhairt arís is arís:. "Cád é chomh maith is bhí tú, gan fearg a bhéith ort liom air son do chlog-ghloine a bhriseadh. Táim go mór níos brónaigh fa n-a bhriseadh, 'ná da m-béidheadh feargach liom." "d'imthigh Artur a nois do chur a fhréamh láile, agus bhí Muiris ag tabhairt fa deara na leabacha a bhí a chompánach ag romhar, agus gach uile nídh do bhí teacht súas ann a gharrdhadh. "Níl a fhios agam créad is cíall dó," ar Artur, "acht is cosmuil duit a g-comhnuidhe a bheíth comh lúthgáireach ag faicsin na neithe ag teacht súas ann mo gharrdhadhsa comh maith agus da m-ba leat féin go léir iad. Táim go mór níos sona ón d-trath far thainic m'athair ag comhnuidhe annso, agus ó léagadar duitse agus damhsa obair agus caithiomh aimsire a dhéanamh a g-ceann a chéile, ioná bhí me 'ríamh 'roimhe: oir is éigin duit a thuigsin, sul a d-táinic sinn do chomhnuidhe annso, go raibh fear-gaoil ann aon teach liom do bhúadhairigheadh mé a g-comhnuidhe. Ní raibh se a n-gar do bhéith comh deaghnádúrtha leatsa; níor bh'áil leis aríamh amharc le pleisiur air mo gharrdhadh, no air nídh air bíth a rinne mé, bhí déanta go maith, agus níor thug sé 'ríamh roinn air bíth dham d'éinneithe da raibh aige; uime sin níor thaithnigh sé liom:
cionnus b'fhéidir damh taithneamh a bheith agam air? Acht creidim go n-déanan fuath a bheith againn air chách eile neamhshona sinn; oir is fios dam nach raibh sólas air bíth ann mo bheatha agam, an tan a bhí mé ag ciapáil leisean; agus táim a g-comhnuidhe go maith ad' chuideachdsa, a Mhuiris, oir ta a fhios agad nach m-biodhmoid a á n-imreas re chéile ann am air bíth." Búdh mhaith don uile dhuine, da m-b'fhéidir a chúr a g-ceill dhóibh, mar Artur, go m-bh'fhearr muintearas do ghnáthughadh agus do chothughadh, 'ná a bhéith a n-imreas. Búdh mhaith don domhan go léir da leanfaidh siád sompladh Mhuiris, ag tabhairt maitheamhnuis uatha, agus ag déanamh dearmaid, anúair a déantar, no mheasaid go n-déantar eagcóir orrtha. Do bhí Maighistir Oachla, athair Artuir, fear an gharrdhaidh altra, claon chum locht do thógbhail do nídh gan bhrígh, agus anúair a mheasfadh se go n-dearna aon-dhuine da chomharsanaibh droichghníomh air bíth air, bhí se níos uaibhrigh ioná go n-íarfadh sé orrtha ádhbhar a n-oilbheim a thaisbéunadh dhó; uime sin is minic do bhí se mealta ann a bharamhuil orrtha. Do shaoil se gur thaisbéun se sbiorad, .i. a bhéith cuimhneach mothuightheach fa mhasladh, agus air an ádbhar sin, air son nach raibh se 'na dhuine dhrocnadúrtha, do tharruing an bharamhuil mhealltach a bhí aige a d-taobh meisnigh no sbioraide air úairibh é chum néithe drochnadúrtha do dhéanamh. Ba ghnáthach leis a radh go minic, "caraid chumanach, agus namhuid fhíochmhar," agus do bhíodar a namhuide níos iomadamhla iona a chairde. Ní raibh se ro-shaidhbhir, acht do bhí sé uaibhreach, agus ba h-é a ghnath-labhairt, "is fearr fuath iona fíorthruaighe." Anuair tháinic se air d-tús do chomhnuidhe a bh-fogus do Mhaighistir Grant, an garrdhadoir, do bhí sé claon chum fuath do bhéith aige air, do bhrígh go g-cuala se gur b'Albanach Maighistir Grant; agus bhí drochbharamhuil aige air mhuintir Albain go h-iomlán. Do mheas se go raibh síad go léir glic agus santach, do bhrígh gur mheáll ceannuighe seachrain Albanaigh ésean aon úair amháin. Do chlaoidh síbhialtachd Maighistir Grant a g-céim éigin an reamhchlaonadh so, acht fós do bhí amhrus aige a n-inntinn féin "nach raibh annsa t-síbhial tachd so," (mar a dubhairt se) "acht dath no
cosmhulachd, agus nach raibh se, no nar bh'fhéidir dó a bhéith, íar m-béith 'na Albanach dó, 'na charaid chomh fírinneach le fíor-Shácsanach beartha." Bhiodar subhcraobha ro-bhreagha ag Grant, bhí an toradh comh mór sin, ionnus gur mhían le duine a fhaícsin. Anúair a bhí siad aifchidh, thangadar mórán do choimhidheachaibh ón m-baile a n-gar dóibh do-bhí a n-ionad ionnlata, chum na subhcraobha so d'fhaicsin da n-goirthear brobdignag .i. fathach. "Cionnus fuair tu, no tháinic tu chum na subhcraobh breagha iongantacha so, aitchim ort, a chomharsaidh Grant, ma fhéadán duine fhiafruighe," ar Maighistir Oachla leis an gharrdhadóir, trathnóna áiridhe. "Sin rún" ar Grant, le mionghaire cneamhairdhe. "O " má's rún é, ni dhearfha me níos mó, oir ní bhíann roinn air bíth agam le rúin dhuine eile nach m-biann roinn air bíth agam le rúin dhuine eile nach m-biann dúil aige a rúin a nocdamh dham. Acht do b'fhearr liom go g-cuirfeádh uait an leabhar sin; bíann tu a g comhnuidhe ag déanamh stuidéir go h-aireach air leabhar éigin, anúair a thig duine air bíth ar cuairt chugad, nídh nach bh-fuil ann mo bharamhuilsa (gidheadh nach bh'fuil ionnam acht duine simplidhe codarmanta gan fhoghluim, a tugadh súas agus do rugadh a Sacsan) comh síbhialta agus comh carthanach is b'fhéidir a bhéith." Do dhúin Maighistir Grant a leabhar go tapaidh, acht dubhairt se ag amharc go géur air a mhac, "gurab 'sa leabhar sin a fuair se a shubhcraobha Brobdignag." "Asé do thoil a bhéith greanmhar leosan nach bh-fuil a shéun orrtha a bhéith comh leabhar-fhoghlumtha leatsa, a Mhaighistir Grant; acht measaim, (íar m-béith dham am' fhear Shacsanach gan comhrádh foghlumtha, mar a dubhairt me a roimhe,) go bh-fuil se go h-iomlán comh cosmuil do dhuine, subhcraobh fhaghail ann a gharrdhadh le n-a leabhar, a Mhaighistir Grant." Ag tabhairt fa deara do Grant gur labhair a chomharsadh go bodachamhuil, níor dhubhairt se nidh air bíth a n-aghaidh, air m-béith dhó 'na dhuine chraíbhtheach agus eolach go maith air an sgríobtúir dhiadha; (mar ta an chuid is mó do mhuintir Albain, noch a thuilleas meas mór dóibh féin;) do bhí a fhios aige go g-coscann freagradh mín boile, agus d'fhreagair se a n-guth dheaghaigeantach, "cluinim, a chomharsaidh Oachladh, gur cosmhuil duit
mórán airgid do dhéanamh dod' fhas-chrann an bhlíadhain so. Ag so, fa thuairim do shláinte agus sláinte an té is leatsa, ní ag déanamh dearmaid do na planduighib noch a chim ata ag teacht air a naghaidh go breagha." "Do bhéirim buidheachus ó chroidhe dhuit, a chomharsaidh, ta na plandaidh teacht air a n-aghaidh go measardha, ta sin cinnte, agus ag so, fa thuairim do shláinte mhaith, a Mhaighistir Grant, thú féin agus do chúram maille le do shubhfraobhaibh - cionnus ainmnigheas tú íad." d'ól sé agus tar éis stad do dheanamh, ag tógbháil suás an chomhraidh arís, dubhairt se: "Ní bh-fhuil cosmhulacht air bíth orm a bhéith ag íarraidh deirce, acht da m-b'fheídir leatsa thabhairt damh" Annso do cuireadh toirmeasg air Mhaighistir Oachladh le teacht asteach choimhídhigh éigin, agus níor chríochnuigh se a athchuinge do dhéanamh chum Grant Ní raibh Maighistir Oachladh claon, mar dubhairt se na thaobh féin, chum comaoineacha d'íarraidh air éinneach, agus níor bh'fhéidir le nídh air bíth acht le sochroidheachd Graint amháin, buaidh do bhreith air a reamhchlaonadh comh fad sin, ionnus go m-b'féidir cathughadh do chuir air, comaoin air bíth d'íarraidh air Albanach. Do bhí se air tí cuid do na planduighibh subhcraobh Brobdignag d'iarraidh. An lá na dhiaigh sin do smuainigh se arís air na subhcraobhaibh; acht air m-béith dhó 'na dhuine náireach, níor mhían leis féin a dhul da n-íarraidh, agus d'íarr sé air a mhnaoi, a bhí go díreach ag dul gus an margadh, do ghlaodhach ag geatadh Graint, agus ma bhí se ag obair ann a gharrdhadh, beagán do phlanduighibh subhcraobh d'íarraidh air. Ba h-é freagradh thug bean Óachlaidh chuige, "nach raibh planda air bíth subhcraobh ag Maighistir Grant a bhearfadh se dhó, agus da m-beidís comh iomadamhuil is b'fhéidir aige, nach d-tabharfadh se aon uaidh do dhuine air bith, acht da mhac féin. Do ghlac fearg mhór Oacladh 'nuair a chúala se an teachdaireacdh so; dubhairt se go m-ba cleas mí-naireach truaillidh é, agus nar bh'fhéidir súil do bheith le nídh air bíth eile ó Albanach. Dubhairt se nach raibh ann féin acht suthaire inmheallta daillinntinneach, fa dhothchus do chur aríamh a m-bríathruibh shíbhialta Albanaigh: do
thug se móide gur luaithe do gheabha se bás a d-teachoibre an pharáiste, ioná d'iarrfadh se comaoin da láighiod air Albanach. d'aithris míle uair da mhnaoi an gléus ar mheall an ceannuighe Albanaigh é deich m-bliadhna ó shoin, agus fa dheóigh, thug se mionna nach m-beith roinn air bíth aige le Maighistir Grant, no le aonduine ba leis, ó sin amach. "A mhic Artur" ar sé, ag labhairt ris an m-buachal a tháinic asteach air an uair sin go díreach ó obair; "a mhic Artuir, a g-cluinneann tu mé, na faicim choidhche arís thu a g-cuideachd Mhuiris Grant." "Ag-cuideachd Mhuiris a athair?" "A g-cuideachd Mhuiris Grant, a deirim. Croisim ort ón lá agus ón uair so amach roinn air bíth a bheith agad leis." "A athair ionmhuin, créud fa?" "Na fíafraigh ceisd air bíth diom, achd déan mar deirim leat." Do bhris Artur amach a n-gul, agus níor lábhair focal acht so amháin: "aseadh, a athair, dhéanfad mar deir tu liom go deimhin." "Cad é so anois? créad fa n-guileann an t-óglach? An measánn tu, a amadáin, nach bhfuil aon bhuachal eile le fághail, do dhéanfadh súgradh ad'fhochair acht mac an Albanaigh so? Do gheabha mise amach comrádaigh eile dhuit, a leinbh, ma 'sé sin an t-iomlán." "Ní h-é sin an t-iomlán, a athar," ar Artur, ag déanamh a dhithchioll, é fein do chongbháil ó osnaibh; "Acht is amhla tá an cás, ní bhéidh a leithid do chomráda choidhche arís agam; ní bhéidh aon charaid eile go brath agam mar Mhuiris Grant." "Och! a amadáin bhoicht!" ar a athair, ag fasgadh cinn a mhic chuige, "biadh go díreach chosmhuil le d'athair, soimheallta le briathraibh breagha no mar sin. Acht anuair a bhias tú beo comh fada liomsa, gheabha tú amach, nach bhfuilid cairde chomh iomadamhuil le sméuraibh, agus nach bh-fasaid air gach aon tum." "Ní headh, go deimhin, ní mheasaim go bh-fasaidh," ar Artur, "ní raibh aon charaid 'riámh 'roimhe agam, agus ní bheidh choidhche arís mar Mhuiris Grant." "Gach mac mar athair - feudann tú a radh gur tharlaidh dhuit go maith a bhéith réidh leis."
"Réidh leis, a athair! agus nach rachfad choidhche arís chum oibre gus a ghairdhadh, agus nach féidir leisean a theaht chum mo ghairdhaidhsa." "Ní rachair," ar Oachladh go ceanndána; "do rinne a athair cleas danartha ormsa, agus ní dhéanfadh aondhuine a leithid do chleas orm fa dhó deirim nach n-dhéanfadh - sguab súas an teallach so, a bhean - a bhuachail, na bi ad'amadhán, acht ith do chuid bagún agus gabáisde agus na cluineamoid níos mó a d-taobh Mhuiris Grant." Do gheall Artur a bheith umhal da athair; níor íarr sé acht cead labhairt le Muiris aon uair amháin, agus fhios a thabhairt dó, gur do réir ordughadh a athair do rinne sé so. Do fuair se an athchuinge so; acht anuair ba mhían le Artur fios d'fhaghail ós a chionn sin, gad é an réasún do bhearfadh se fa'n sgáramhuin so, do dhiúltaigh a athair a réasún d'insinn. Do ghlac an dá charaíd cead le chéile go ro-dhoilgheasach. Anuair a chúalaidh Maighistir Grant so go h-uile, rinne se a dhithchioll d'fhaghail ámach, créad a d'fheudfadh oilbhéim a thabhairt d'á chomharsan, acht níor bh'féidir leis sin d'faghail amach, do chionn Oacladh a bhéith go ceanndána 'na shocht. Anois níor bh'ionnan an teachdaireachd a chuir Grant uaidh, 'sa sgeul a fuair Oacladh. Ba h-é so an teachdaireachd, nar le Maighistir Grant na subhcraobha, da bhrígh sin nach raibh ceart aige a d-tabhairt uaidh: go m-ba le n-a mhac Muiris íad, agus nach é so an t-am cóir don bhlíadhan chum a b-plandughad. Do miothuigeadh an teachdaireachd so go mío-fhortunach. Thug Grant a fhreagradh d'a mhnaoi, agus ísi do chailin seirbise Bhreathnach, nar thuig go beacht canamhuin leathan Albain do labhair a maighistreas; agus nior fhéud sísi fós a chur a g-céill go maith do Mhaighistreas Oachladh, a d'fhuathuig blas cainte na m-Breathnach, agus d'a raibh a h-aireachas, (anuair a bhí an cailin seirbhise ag deanamh na teachdaireachda,) go prionnsapalta tógtha súas le ceannsuigheadh a h-eich. Air m-beith don n-each, air a raibh Maighistreas Oachladh air marcuigheacht an lá so, drochmhúinte, ní fhanfadh se 'na seasamh go socair ag a n-geatadh, agus bhí sísi neamhfhoideach freagradh
d'fhaghail agus imtheacht air a h-aghaidh gus an margadh. Air neithibh neamhthabhachdaigh don t-samhuil so eirighid ceannairce comharsan go minic. Anuair a chuir Oacladh roimhe aon úair amháin fuath a bheith aige air a chomharsadh Grant, nior fheúd se a bheíth a bh-fad gan cúis chum géarán do dhéanamh. Do bhí crann pluimbis a n-garrdhadh Graint, a bhí curtha a n-gar donn m-balla cloiche sgaoilte, (.i. nach raibh ceangalta d'a chéile go daingean,) do bhí 'na theóran idir an garrdhadh agus na fas-chranna. Do tharla don talamh ann a raibh an crann pluimbhis curtha, gan a bhéith chomh maith go h-iomlán leis úd a bhí an taobh eile don m-balla, agus chuaidh fréamh an chrainn phluimbis thríd an m-balla le fóirneart agus do ghlac sealbh céim air chéim air an áit is fearr a thaithnigh leis. Do mheas Oacladh, do bhríg go m-ba le maighistir Grant an crann pluimbis, nach raibh ceart air bíth aige a bheith air a chuid talmhansan; d'innis ádhbhocóid dó go m-b'fhéidir leis cur d'fhiachaibh air Grant a ghearradh síos. Ní ghearrfadh Maighistir Grant a chrann pluimbis síos do réir ordúghad an adhbhocóide, agus chomharluigh an t-adhbhocóid Oachladh dhul chum dlíghe a d-taobh an cháis, agus chuaidh an t-agradh dlighe air aghaidh air feadh tamuill mhaith. Ag deireadh na h-aimsire sin, tháinic an t-adhbhocóid chum Oaclaidh ag íarraidh airgid air, ionnus go m-b'fhéidir leis an dlighe a chur air aghaidh, ag dearbhughadh dhó, go g-críochnochuidh an cas gan mhaill ann a leithsean. Do dhíol Oacladh deich b-píosa óir re na adhbhocóid, thug sé fa deara, go m-ba mhór an t-suim airgid dó a dhíól, agus nar bh'fhéidir le nídh air bít acht gradh an cheirt amháin, chur d'fhiachaibh air dhul air aghaidh go buainsheasmhach san éiliomh n-dlíghe so, mar gheall air ghréim talmhan "nach fiu dhá phighin," ar sé, "tar éis an uile nídh. Is beag an diobháil do gnidh an crann pluimbis dam, ach ní mían liom go meallfadh Albanach mé." Do thug an t-adhbhocóid fa dearadh fuath Oachlaidh a n-aghaidh lucht na hAlbain, agus do mheas se tairbhe do déanamh dhé: agus do chuir se a g-céill dó, ionnus go d-taisbéunfadh se sbiorad fhir Shacsanaigh, go raibh se ríachdanach dó dhul air aghaidh leis an g cúis, gídh b'é air bít choiseónadh se dó.
Ba gár a n-diaigh an chomhraidh so leis an adhbhocóide, go raibh Oacladh ag siubhal le coisceimnibh méisneamhla gus ang-crann pluimbis ag rádh leis féin, "da g-coiseónfadh se céud ponta damh, ní fhulangfad don Albanach ghlic so, buaidh d'faghail orm." Do chuir Artur toirmeasg air chaint mhicéillide a athar, ag síneadh amach a lámha chum leabhair agus planduígh óga éigin a bhí leagtha air an m-balla. "Saoilim, a athar," ar se, "gur dhuitse ataid na neithe so, oir ata sgríbhínn bheag dírighthe chugadsa a láimhsgríobhadh Mhuiris. A m-bearfadh me chugad é." "Beir, léig damh a leigheadh, a leinbh, ó thárla go g-caithfe mé." Bhí na bríathra so ann. "Mhaighistir Oaclaidh ionmhuin." "Níl a fhios agam créad fa n-dearna tu imreas linne; taim ro-dhoilghíosach mar gheall air. Acht air son go bh-fuil fearg ortsa liomsa, ní bh-fuil fearg ormsa leatsa. Tá muinighin agam nach n-díultóchaid tu cuidh do mo phlanduighibh subhcraobh Brobdignag noch a d'íarr tú tamall fáda ó shoin, anúair a bhamur go léir 'nar g-cairdibh dílis. Níor bh'é sin an t-am cóir don bhlíadhain chum a b-plandughadh, agus is uime sin nar cuireadh chugad íad; acht ata se anois go díreach ann am choir le na g-cur, agus cuirim an leabhar chugad ann a bh-fuighidh tú an fáth fa g-cuírmid luaith fheamnaigh a g-comhnuidhe tímchioll a bh-fréamha, agus fuair me luaith fheamnáigh éigin duitse a tá a b-pota na m-blath air an m-balla. Níor labhair mé re Artur, no ésean liomsa, 'ríamh ó dubhairt tu linn gan labhairt re chéile. Mar sin, ag íarraidh mar athchuinge do chuid subhcraobha Brobdignag do theacht chum bhéith comh maith le ar g-cuidne, agus ag míanadh sinn do bhéith go léir 'nar g-cairdibh arís, is mé, le gean d'Artur ionmhuin agus duitse, Mac do chomharsan chumanaigh, Muiris Grant. Tuille eile. Ta sé anois ceithre mhí ó tharla an t-imreas, agus is anfháda an tamall sin." Bhí roinn mhór don sgríbhinn so gan éifeachd ag Oacladh, do bhrígh nach raibh se roieólach air léigheadh sgribhneorachda, agus is air éigin d'fhéud se na litre
do ainmniughadh agus do chur re chéile go ceart. Cídh b'é air bíth é, ba chosmhuil dó a bheith corruighthe ris, agus dubhairt se; "creidim go bhfuil gean mór go leor ag Muiris so ort, a Artuir, agus is cosmhuil dó a bheith 'na short buachail mhaith; acht a d-taobh na subhcraobh, measaim nach bh-fuil acht leithsgéul sa méud a deir sé 'na d-timchioll, agus air mhodh air bíth, ó tharla nar bh'fhéidir liom a bh-fághail anuair a d'íarr mé íad, ní ghlacfad anois iad. - An g-cluinéann tú mé, a Artuir, a deirim, cad é ta tu ag leigheadh annsin?" - Do bhí Artur ag leigheadh leathanaigh no taoibh duilleóige do bhí dúbailte síos san leabhar, noch a d'fhág Muiris air an m-balla mar aon ris na plannduighibh subhcraobh. Do léigh Artur go h-árd mar so síos. (Oirchisde míosamhuil, an t-ochtmhadh lá air fhíthchid den dara mí gheimhridh, leathanach ceithre chéad is aonmhadhair-fhíthchid.) "Curthar cineal subhtalmhuin ag Jerse, a folaighthear beagnach le feamnaigh sa n-geimhreadh, air an módh g-ceadhna a bh-folaighthear iomad de phlanduighibh a Sacsan le h-aoileach stabla, bíd na subhtalmhuna so go coitchionn timchioll mhéid apricoit den mhéid mheadhonaigh agus biann blás anmhilis orrtha. Ann Jerse agus Gernse, suighte aon chéim amháin air éigin níos foigse gus an ard an-deas iona Cornuall, bídh gach uile chineal toraidh, pónaire, pis agus fós gach nídh íonfais a soghsur ann a n-am féin caocaidhis no trí seachdmhain níos luaithe iona a Sacsan, fiú air bhruach na fairge gus an árd a n-deas, agus is air éigin a mhaireas an sneachta ceithre h-úaire air fhithchid gan leaghadh air an d-talamh. Gidheadh gur féidir don áidhear sháillte agus uime sin fliuch, a thimchiollas na h-oileanso, bhéith 'na ádhbhar aige so; air a shon sin is féidir fós cuid dé chur a leith na luaithe fheamnaigh a n-deantar feim dé mar leasughad." "Agus ag so," ar Artur a-rís, "nídh éigin sgríobhtha le cleitean air ghreim bheag páipeir, agus is é sgribhneoireachd Mhuiris é. Léighfidh me dhuit é."
"A-núair a léigh mé san leabhar so an nídh deirthear a d-taobh fás na subhtalmhuin comh mór le apricóitib (.i. cíneal toraidh,) déis iad a bhéith folaighthe os a g-cinn le luaith fheamnaigh, do mheas me go m-b'fhéidir go n-déanfadh luaith fheamnaigh maith do shubhcraobhaibh m'athar, agus d'fhíafraigh me dhé, an d-tabharfadh se cead damh fromhadh do dhéanamh. Do thug se cead damh, agus air an m-ball do chuaidh mé agus chruinnigheas a g-ceann a chéile feamnach éigin do chuir an t-anfa a d-tír, agus do thiormaigheas agus loisgeas é agus ann sin leasuigheas na subhcraobha leis, agus an bhlíadhain na dhiaigh sin, d'fhásadar na subh craobha chum bheith san mhéid sin ann ar chonnairc tú íad. Anois 'sé an fath fa n-innisim so dhuit, air d-tús, chor go m-béidh a fhios agad do shubhcraobha do chur a n-eagar no do leasughadh; agus san dára h-áit, do bhrígh go g-cuimhnighim gur fhéuch tu go ro-thromdha, amhuil is nach raibh tú sásta le m'athair, a-núair a d'innis se dhuit go m-ba rún an t-slíghe le a d-táinic se cum a shubhcraobh Brobdignag: do b'fhéidir gur b'é an nídh so do rinne comh feargach so thu linne go h-uile, oir níor tháinic tu 'ríamh ón trathnóna sin d'fhéuchain m'athar. A-nois d'innis me dhuit gach uile nídh is feasach damh, agus da bhrígh sin, tá muinighin agam nach m-béidh fearg ort linn nios mó." Do shásaigh an t-so-chroídheachd so go mór Maighistir Oacladh, agus dubhairt se; - "acht a-nois, a Artuir, is so nídh éigin cosmhuil - ag so d'innsin an nídh is mían le duine d'fhaghail a-mach, gan oráidibh breagha. Is mó is cosmhuil so le Sacsanach no le Albanach. Aitchim ort, Artuir, an bh-fuil fhios agad an a Sacsan no ann Alban rugadh do cháraid Muiris?" "Níl a fhios agam go deimhin, a Shaoi, níor fhíafraigh mé 'ríamh, agus níor shaoil mé gur bh'fhiú dadaidh é. Ní fios damh éin-nidh acht so amháin, mar a tá, cidh b'é air bíth ann a rugadh é, go bh-fuil se ro-mhaith. Féuch, a athair, tá mo lail ag blathughadh." "Ar m'fhocal, béidh se so 'na lail áluinn." "Tugadh damh é le Muiris." "Agus a d-tug tú dadamh dhó air a shon?" "Níor thugas nídh air bíth san domhan; agus thug se dhamh é, go díreach san ám cheadna ann a raibh
cúis mhaith aige fearg an-mhór a bhéith air liom, go díreach a-núair a bhris me a chlog-ghloine." "Ta mían mór agam leigean daoibh súgradh do dhéanamh a bh-fochair a chéile a-rís," arsa athair Artuir. "Och! da n-déanfádh sin," ar Artur, ag búaladh a bhosa fa chéile, budh mhaith dúinn-ne é. Dearbhuighim dhuit, a athar, gur minic a shuidh mé air fedh úaire, shúas san abhall fhiadhain úd, gan chorrughadh, ag féuchain síos air Mhuiris ag oibriughadh ann a gharrdhadh agus ag tnuith a bhéith ag oibriughadh a n-einfheacht ris. Feuch, a athar, ní'l mo gharrdhadh a ngar do bhéith a n-ordughadh chomh maith is ba ghnathach leis a bhéith. Acht do bhéidh gach uile nídh go ceart a-rís da." Ann so do cuireadh toirmeasg air Artur le teachd an adhbhocóide chum Maighistir Oacladh, chum céisd éigin d'fhíafraidh dhé, a d-timchioll éiliomh a n-dlígheadh a d-taobh an chrainn pluimbis. Do thaisbéun Oacladh litir Mhuiris dó, agus comh lúath 's do léigh sé í, (nídh do chuir uathbhas ro mhór air Artur,) do ghair se a mach, ag radh; - "creud an duine úasal beag glic é so! Air feadh m'eoluis go h-iomlan, níor tharla rud air bíth 'ríamh orm is fearr ná é so. Acht 's í an lítir is glice léigh mé a-ríamh í." "Ca bh-fuil an gliocas?" arsa Oacladh, agus do chuir se a speaclairidhe air. "Nach bh-faiceann tu, a dhuine mhaith, nach bh-fuil sa n-iomlán dé so a d-taobh na subhcraobh Brobdignag, acht neimhnidh agus bréaga, chum d'éiliomh-sa a d-timchioll an chrainn pluimbis d'fhor-choimhead? Tá fios aca, 'sé sin atá fios ag Maighistir Grant a tá géur go leór, go rachfaidh an chúis sin a n-aghaidh, agus nach fuláir dó, gan mhaill, suim mhór airgid a dhíol leat air son díobháil, ma théid an chúis air aghaidh." "Air son díobháil!" ar Oacladh, ag féachuinn go h-uathbhasach 'na thimchioll ag an g-crann pluimbis: - "acht níl a fhios agam gad é is mían leat. Ní mían liom-sa nídh air bíth acht an ceart; ní mían liom suim mhór airgid air bíth d'íarraidh, oir is beag an díobháil do rinne an crann pluimbis le teachd
a-steach ann mo gharrdhadh; acht amháin, ní tháithnigheann liom go d-tiocfadh se ann súd gan mo chead." "Ta go maith, ta go maith," ar an t-adhbhocoid, tuigim sin go h-iomlán; acht so an nídh is mían liom chur a g-céill duit, a Mhaighistir Oaclaidh, go bh-fuil Grant so agus a mhac ag íarraidh cairdeas a dhéanamh leat-sa, le bríb de bheagan subhcraobhaibh do chur chugad fo láimh mar so, ionnus nach d-tiocfadh an chuis chum breitheamhnais cheirt." "Bríb!" - do gháir Oacladh a-mach, - "níor ghlac me bríb air bíth a-ríamh, agus ní ghlacfad go brath;" agus le mothugadh h-oban feirge, do tharraing se na subhcraobha as an d-talamh ann a raibh Artur da g-cur, agus chaith se thar an m-balladh íad a-steach a n-garrdhadh Graint. Do chuir Muiris a lail noch a bhí a tosughadh air shéidigh bláith uaidh, a b-pota na m-bláth air mhullach an bhallaidh a n-dóigh go bh-feichfeadh a charaid Muiris é, ó lá go lá. Och! ní raibh a fhios aige cread an t-ionad guasachdach ann ar chuir se é. Do scaith aon d'a phlandaibh subhcraobh Brobdignag féin, a theilg Oacladh as a láimh le feirg, an ceann d'a lail dheas. Air m-béith d'Artur ag léir-smuaineadh gad é mar chuirfeadh se a g-céill d'a athair, go raibh an t-adhbhocóid meallta ann a bharamhuil air Mhuiris bhocht, níor thug se fa deara tuitim an laile. Lá air na mhárach, a-núair do chonnaic Muiris a phlandaidhe subhcraobh sgaftha air an d-talamh, agus a lail air a raibh se ro cheanamhuil briste, do ghabh uathbhas mór é agus fearg air feadh tamuill, acht níor mhair fearg a-ríamh dó-san a bh-fád d'aimsir. Chuir se a g-céill dó féin gur le mí-thafadh do tharla so go léir; níor bh'fhéidir leis a chreidmhuin go m-b'fhéidir do dhuine air bíth, a bheith chomh mío-rúnach sin dó, is go n-déanfadh díobhal dó d'a dheóin. "Agus cuir a g-cás go ndearnadar so go h-uile le rún fearg a chur orm-sa," ar se leis féin, "ní thig liom nídh air bith do dhéanamh níos fearr ná gan léigean dó fearg a chur orm. Maith agus dearmad." As mó sólás a bhí ag Muiris as a n-inntinn so a bhéith aige ná b'fhéidir leis a bhéith aige gan í, dá m-ba leis laile Holanda go h-iomlán.
Do bhíodar laile an trath sin 'na néithe mór-lúaigh do réir bharamhla luchd na tíre a n-iomad d'áitibh air gach taobh den áit, ann a rabhadar Muíris agus Artur 'na g-comhnuidhe. Do bhí neach dúileamhuil a m-blath air tí féasda do ghairm ag baile a n-gar dóibh, mar a raibh tursgán maith d'uirlis gharrdhadoireachda re faghail mar lúach saothair tre bhuaidh do bhréith ag neach air bíth a d'fheudfadh an bláth a b'fhearr d'a chinéil do thaisbéunadh. Ba h-é an lail an bláth a b'fhearr san m-blíadhain a chuaidh thart, do réir baramhla na poiblidheachda, agus da réir sin, rinneadar mórán de dhaoinibh a n-dithchioll 'na dhiaigh sin fréamhacha laile d'fhaghail, a n-doigh buaidh do bhréith an bhlíadhan so. Ba bhreagha an lail a bhí ag Artur. Mar bhí se da bhreathnughadh ó lá go lá, agus gur shaoil se go raibh se teachd air aghaidh gach uile lá, bhí mían mór aige buidheachas a thabhairt d'a charaid Muiris air a shon; agus is minic do ghrap sé súas re na chrann abhalloir fiadhain féin, chum féachuinn a-steach a n-garrdhadh Mhuiris, a n-doigh a lail-san d'fheicsin mar an g-céadna a m-bláth 's a sgeimh iomlán. Nior bh'fhéidir leis fheicsin air aon chor. Air theachd lae féasda an bhlathoire, do chuaidh Oacladh maille le n-a mhac go h-ionad na coimh-thíonoile ag bréith an laile áluinn leo. Is air fhaithche iomairte fharsaing go chruinnigheadar a g-ceann a chéile. Bhí na blátha go léir d'iomad cinéal a n-eagar air chnocán ag an g-ceann shúas den bh-faithche iomairte, agus, a-measg an iolardhais dheagh-mhaisigh so go h-iomlán, do bhí an lail a thug Muiris do Artur breagha go soilléir. Is don té lerab leis an lail so, do breathnuigheadh an dúais do thabhairt, agus a-núair a tugadh an uirlis gharrdhadoireachda dheas do Artur, chúalaidh sé guth a d'aithin se go maith ag aitchiughadh sólais dó. d'fhill se, d'fhéuch se 'na thimchioll, agus chonnaic se Muiris a charaid. "Acht ca bh-fuil do lail féin, a Mhuiris?" arsa Maighistir Oachladh. "Shaoil me, a Artuir, gur innis tu dham, gur chongbhaigh se ceann dó féin." "Do chongbhas go deimhin," arsa Muris, "acht, (tré mhio-thafadh creidim) do bhris duine éigin é."
"Duine éigin! cia h-é?" - ar Artur agus Maighistir Oacladh a n-ein- fheachd. "Duine éigin a chaith na plandaidhe subhcraobh tar ais a rís thar an m-balladh;" ar Muiris. "Is mise an duine éigin sin, is mise an fear sin," ar Oachladh; "ní cuibhe liom a shéanadh; acht níor smuaínigheas do lail do bhriseadh, a Mhuiris." "A Mhuiris ionmhuin," ar Artur; "oir ata a fhios agad, a athar, gur féidir liom Muiris ionmhuin a ghairm air 'nuair a tá tusa do lathair -ag so an uirlis gharrdhadoireachda - glac íad agus fáilte." "Ní ghlacfad aon díobh," ar Muiris ag tarruing air ais. "Tairg don athair íad, tairg do Mhaighistir Grant íad;" ar Oacladh ag cogar; "glacfaidh seision íad, béidh mise a n-urrudhas ort." Do bhí Maighistir Oacladh meallta. Ní ghlacfadh an t-athair an uirlis. Do ghabh uathbhas Maighistir Oacladh. "Go dearbhtha," ar se leis féin, "ní féidir dó so a bheith 'na thruaighleanach nar shaoil mé" agus air an m-ball do shiubhal se suas chum Grant agus dubhairt se ris go danartha; "Is ro mhaith fuaras do mhac-sa air mo mhac-sa, agus is cosmhuil duit a bhéith luthgháireach mar gheall air." "Ataim gan amhras," ar Grant. "Nídh," ar Oachlad, "do- bheir baramhuil dam ort níos fearr ná bhí agam a-riámh 'roimhe; 'sé sin le radh, ná bhí agam a-ríamh ó'n lá chuir tú an freagradh mi-mhodhamhuil chugam a d-taobh na subhcraobh dí-chéillidhe malluighthe sin, gad é an t-ainm a bheir tú orra," "Cad é an freagradh mío-mhodhamhuil é?" ar Grant go h-uathbhásach. d'aithris Oachladh go beacht an freagra a fuair se, agus dhearbhuigh Grant nar chuir se teachdaireachd mar sin aríamh uaidh. D'aithris se go beacht an freagra ceadna do chuir se uaidh, agus do shín Oachlad a lámh amach chuige air an úair ag radh, "creidim thu, ní'l ríachdanas níos mó a radh. Ní'l orm acht buaidhreadh nar fhíafraigh mé so dhíot ceithre mhí ó shoin agus mar sin do bheidhinn réidh muna m-beitheádh-sa ad' Albanach. Níor thaitnigh Albanach liom go maith 'ríamh gus a-nois. Feudamaoid buidheachas do thabhairt
don óglach bheag mhaith so," ar se, ag filleadh chum Muiris, "fa ar d-teachd fo dheireadh chum reidhteachadh. "Níor bh'fhéidir seasamh a-mach a n-aghaidh a dheagh-chroidhe. Go deimhin tá brón orm ó íachdar mo chroidhe, gur bhris mé a lail. Crathaidh lámha le muinnteardhas, a bhuachailligh; is maith liom d'feicsin comh soilbhir sin a-rís, a Artuir, agus tá muinighin agam go d-tabharfadh Maighistir Grant maitheamhnas dúinn." "Och! Maith agus dearmad," arsa Grant agus a mhac a n-einfheachd; agus ó sin súas, tháinic an dá thaghlach le céile go maith. Do rinne Oachladh fonamhad faoi n-a amaideachd féin a d-taobh an chrainn phluimbis, agus a g-cionn aimsire, rug se buaidh iomlán os cionn a roimh-chlaoin a n-aghaidh luchd na h-Alban, comh mór sin, ionnus gur tharla comh-roinn a g-cúram ceannuidheachda idir é féin agus Grant. Do fritheadh leabhar-fhoghluim Mhaighistir Grant agus a eolas air an ealadha chomh-áireamh ro-fhéumamhuil dó; agus a leith Oaclaidh bhí mórán de cháilidheachdaibh maithe tapaidh ann, a bhí an-tarbhach d'a pháirtide. Do chuir an reidhteachadh so idir a muinntir luthgháir mhór air an dís buaichillidh, agus dubhairt Artur go minic gur b'é gnath-labhairt Mhuiris, iodhon, Maith agus Dearmad, do bhuaidh a sonas go h-iomlán dóibh. Crioch.
Rosanna An cheud chaibhidil Tá dhá chineal sasaidh ann: aon aca fhásas ó shaothar, agus an ceann eile ó leisge ghnathamhuil. Is subháilce an cheud cheann, acht is dubháilce an dara ceann. Is iomdha sompla de gach aon chineil aca so le faghail a n-Eirinn; áit ann a bh-faiceamoid go minic fear slán fulláin, ag fulang ó lá go lá amhgar agus trioblóid mar gheall air nidh a b'fhéidir a leigheas gan mórán dochair; agus goillidh se air dhuine a chloistin da radh, "Dhéanfha se maith go leór dhamhsa. Nach n-dearna se do m'athair romham. Is féidir liom theacht a d-tír air feadh mo shaoghail; air mhódh air bíth, tá mé sásta." Is mór an toirmeasg a chuireas an leisg so air shaothar na n-daoine. Acht is féidir somplaidh do chineal eile fhaghail a-measg móráin de mhuintir na h-Éirinn a bhíos 'na g-comhnuidhe san tír. Is feidir le duine, cuid aca fhaiceal ag cíapáil le anró go crodhach fearamhuil meisneamhuil, agus ag iomchar gach buaidhreadh nach féidir a léigheas, le méisnigh mhóir, air mhodh nach féidir do dhuine gan iongnadh agus truaighe a bheith air san am chéadna. Tá bunadh 'na g-comhnuidhe a m-baile bheag dheas thuaithe, a g-coigeadh Laighean, d'ar b'ainm Grae. Is feasach do na comharsanaibh go léir nach raibh mórán saidhbhris ag Grae an gabhaltuidhe a d-tosach a shaoghail. Do b'é mac a b'óige do theaghlach mhór é: agus an mhéid do mhaoin a athar a thainic chum a chionn rona, ní raibh ann acht go m-budh leór é chum a bhean agus a thriur cloinne do chongbhail súas. Ní raibh aige
acht céud ponta d'airgiod thirm tar éis báis a athar, agus do b'éigean dó dhul a-steach a m-bothán déanta de bhalla chriaidh. Bhí linn mhúlaigh os coinne an dorais: agus le taobh na fuinneóige, bhí carn aoiligh chomh árd le cumhdach an tígh, a chongbhaigh a-mach an solus, agus a líon an teach le droch-bhaladh. Bhí fánadh leis an talamh d'ionnsaidh doruis an tígh, air mhodh, (air m-béith don linn lán a n-aimsir fhliuch) go m-bídheadh an chisdeanach 'na baisteach, agus bhí an t-urlár chomh fliuch is chomh bog sin gach uile ám, ionnus go m-bídheadh lorg tairngidhe na m-bróg le faicsin ann gach uile bháll dé. Go deimhin, is air éigin a b'fhéidir lorg na d-tairngidh so fhaicsin acht amháin go díreach a bh-fogus don dorus, no a n-áit ar dheallraid solus na teine; do bhrígh go raibh an deatach chomh mór sin ann gach áit eile ionnus go m-b'fhéidir leis an muic a bheith a bh-foigseacht troidhe dhuit, 'sgan tu da faicsin. Is cosmhuil go ráibh luchd comhnuidhe deigheanach an tígh so sásta gan saimléar air bíth, agus go deimhin beagnach gan aon mhullach; do chlaon na cúplaidh agus na taobhain a-steach, agus níor cuireadh a n-ordughadh íad a riámh ó shoin, agus bhí síad a tuitim a-steach le meadhachan an chumhdaigh, ionnus go m-budh bhaoghalach a g-cinn do bhreig-chíabaibh na muintire nach m-bídheadh air a g-coimhéud orra. Ní raibh an chosmhulachd taobh a-muigh móran níos fearr ná mur bhí se taobh a-stígh. Bhí timchioll dhá fhithchid acra san bh-feilm, agus bhí an fál air gach taobh den talamh (air a m-bídheadh an airneis ag inghilt) chomh olc sin, go d-tigheadh eallach na g-comharsan a-steach go minic san lá, agus a g-comhnuidhe san oidhche. Do shaothruigh an té a bhí san áit sin roimh Ghrae an talamh intreabhtha comh olc sin air chor go raibh se go h-iomlán as leasughadh. Da m-béidh Grae mar an g-céadna gan chroidhe gan mhéisnigh, b'fhéidir dó féin agus d'a bhunadh a bheith ag íarraidh déirce a-niúgh. Do mheas mórán d'a chomharsanaibh go m-budh mhór an truaighe é; agus a m-beagán laethibh tar éis báis a athar thainic mórán díobh chum coimh-dhoilghios a dhéanamh leis. Bhí Síméon sáimh a-measg na muintire a thainic. Budh dhuine ciúin ceansa
foighideach é, no budh córa a radh, leisgeamhuil, agus da bhrígh sin, thug daoine eigin Símeón bog d'ainm air. Bí sé 'na short leath-dhuine-uasail, no mar deirtheádh, 'na cheatharnach. Bhí feilm bheag aige a b'fhiu céud no céud-go-leith ponta san m-blíadhan; leith-ceúd eile ag teacht a-steach as oifig a bhí aige a d-tígh an chustuim; agus muillionn nar bh'fhearr dhó céud ponta san m-blíadhan aige ná é, muna m-béidh go raibh se na chomhnuidhe air feadh mórán aimsire. "O! bobh! bún! gad é an buaidhreadh a bh-fuilimid ann! gad é an méud trioblóide ta annso!" - arsa Símeon, a-nuair a thainic se go teach Ghrae, agus fuair se san dréimire é ag baint an t-sean chumhdaigh de'n teach: air m-béidh d'aon d'a chlann mhac, ógánach timchioll cheithre m-blíadhan déug d'aois, ag líonadh cairte le aoileach as an g-carn-aoiligh a bhí os coinne na fuinneóige. Bhí a mhac a b'óige, óglach dha bhlíadhain déug d'aois, ag déanamh díoga mo claise chum an t-uisge do tharraing air siúbhal as an linn ghlais, agus a éadan a's a mhuinéul comh dearg le teine: agus bhí Róisi a dheirbh-shiur, cailin a g-ceann a deich m-bliadhan, ag cruinniughadh na lachain do bhí a mathair air tí bhreith chum tíghearna na talmhan le díol. "O bob bún! gad é do bhuaidhreadh a's do thrioblóid annso! go deimhin, a Shéumais Grae, tá tu anróideach go leór, a dhuine bhoicht!" "Ní féidir a radh" arsa Grae, "go bh-fuil duine air bíth bocht ag a bh-fuil a shláinte agus usáid a bhalla. Do bharr air sin," ar seisean, "nach bh-fuil bean agus clann mhaith agam, agus nach bh-fuil adhbhar go leór ag duine a bheith sásta leis na tíodhlacaíbh so?" "'Seadh, go deimhin, 'sé sin an bealach is fearr le dhul thríd an t-saoghal so. Cídh b'é air bíth theagmhas, go díreach a ghlacadh go foighideach agus a bheith sásta. Do réir mo bharamhla-sa, níl nídh air bíth is mór-luaighe, ná a bheith sásta a g-clúid theith sheasgair a chois na teine." "Is fíor sin, a Shiméoin," arsa Grae; "acht ní dhéanfadh do chineal sásaidh-sa go brath damh-sa. An té shuidheas síos go sáimh a g-clúid an t-saimléir,
agus nach n-déanfadh dadadh acht a phíopa do chaitheadh; is gearr no go d-tuitfidh an teach a-núas 'na mhullach agus ann-sin créud tharlochas dod'shásadh?" "Ta se lúath go léor smuaineadh air sin an t-ám a thiocfas se," arsa Símeón; níor shábháil faitchíos teach ó thuitim a-ríamh: agus cuir a g-cás go sábhalfadh, do b'fhearr liom é tuitim ná faitchíos a bheith orm." "Acht nach m-b'fhéidir leat an teach do chongbhail súas," arsa Grae; "gan eagla air bíth a bheith ort?" "An le mo ghuailleacha chur faoi?" arsa Símeón. "Níor chleacht mo ghuailleacha obair mhór a-ríamh, agus ni thaithnighean si liom air chor air bíth. Chomh fada a's fhéadfadh me bord a's leaba mhaith a bheith agam, agus casóg le cur air mo dhruim, níl beann agam air an g-cuid eile. Téidh an saoghal mar is toil leis, táim sasta. hé! hó! tá an cnaipe so scaithte as coíléir an chota mhóir so agam, agus cionnus do chongbhuidheas me orm é. Go deimhin dhéanfaidh biorán chomh maith le cnaipea's níos fearr. Beidh me ro bhuidheach díot, a mhaistreas Grae, no a Róisi bhig, ma bhuidheach díot, a mhaithreas Grae, no a Róisi bhig, ma bheireann tu biorán damh." Shaith se an biorán a n-áit an chnaipe chum an cóta mór do cheangal timchioll a mhuinéil, agus d'imthigh leis. Do ghoin se a smeig timchioll dhá uair dhéug an lá céudna; acht do rinne se dearmad den g-cnaipe fhuaghail a-steach lá air na mhárach, agus a n-oirthior agus an lá 'na dhíaigh sin. Bhí se sásta, mar dubhairt se féin, a cheangal leis an m-biorán. Ní mar sin d'ar g-caraid Grae. Níor bh'áil leis mio-chomhgar air bíth d'fhulang, a bh'fhéidir a léigheas le saothar, no le inntleachd. Acht cídh b'é air bíth nar bh'fhéidir a leasughadh, d'fhulang se go foighideach fearamhnil é. Cuireadh ceann agus cumhdach úr air a theach gan mhaill. Do cuireadh an carn aoilígh as a áit agus sgaipeadh é air feadh na coda sin d'a fhearan is mó bhí air easbhuidh leasughaidh: do tiormadh an linn bhréun, leis an uisge do tharraing uaidh, noch do rinne talamh an mhóin-féir torthamhuil; agus ní raibh an chisdeanach 'ríamh ó shoin 'na baisteach a n-aimsir
fearthaine, do bhrígh go n-dearnadar, a leath-lae, díoga bheag leis an uisge do thairaing air siubhal. Ní raibh lorg tairngidh na m-bróg nios faide le feicsin san urláir; oir do chuir an dís buachaillidh caith thirm mhuillin thríd an g-cré, agus bhuail siad an t-urlar go maith, go n-dearnadar cruaidh comhthrom é. Do rinneadh mar an g-céadna na seómraidh saor glán ó dheataíg: oir do rinne Grae saimléar, agus bhí fuinneóg ghloine a-nois air an g-cisteanaigh a n-áit na fuinneoga bhí a-nallúd uirri, ar ghnathach leithi a bheith stoptha súas le sean-hata, a-nuair a bhídheadh an ghaoth a' séideadh go ro ghéur. Bhí solus a-nois san tígh. Níor bh'fhéidir leis a muic a-nois dhul a-steach 's a-mách gan a faicsin 's gan a bualadh: ní raibh sí air lóistin san g-cisteanaigh nios mó. Go deimhin bhí neamhchosmhulacht comh mór sin idir an chisteanach a-nois, agus a-nuair a bhí an maighistir deigheanach 'na chomhnuidhe innte, ionnus go n-deacha sí ó aithne air. Ní raibh sí air aon chor cosmhuil le fall mhuiche. Bhíodar na ballaidh air na nigheadh le h-aol chomh geal le sneachta, agus do cuireadh cláir súas air ar cuireadh uradh tíghe glan maide agus peathair a n-eagar. Ní raibh carnáin air bíth do thachair gan féum a g-coirnélaibh an t-seómradh, no fiú sean chlíabh, nó seán phluid no brat, no cóta mór caithte síos air feadh móimeide as bealach an chailin. Ní raibh. Bhí Róisi 'na cailin a chuirfheadh gach uile nídh a g-comhnuidhe ann a áit féin: agus thainic se beagnach comh reidh aice, cóta no brat chrochadh súas air thairnge maide, le na g-caitheadh síos air an talamh no air an urláir. Mheas sí go raibh se chomh furas an cliábh agus Iód na móna a chur as a bealach a-nuair a bheireadh a dearbhraithreacha a-steach na potátaoi agus an mhóin, le na bh-fagáil a lár na cisteanaigh, le tuisle do bhuain aisti féin agus as a mathair; no le na madaidh agus na cait a bheith da g-cognadh. Do b'fhéidir go measfuidh gur néithe gan bhrígh íad so, agus nach cuibhe do sheanchaidhe tracht air a leithide; acht is mór a chuidigheas néithe de'n t-sort so le glaine agus sólas do thabhairt do bhunadh bhocht; agus uime sin is oireamhnach tracht orra ann a leithid so de dh'obair. B'adhbhar uathbhais agus achmhusáin do chuid de
chomharsanaibh Grae, gur chuir se a-mách air a g-céud thosach timchioll deich b-ponta, níor bh'feidir dhó a bheith níos lúgha, (suim mhór airgid dhó-san!) air a theach gus a ghairdhadh; do bhrígh, do réir a m-baramhuil-san, go m-bh'fhearr dhó an t-airgiod á leagan a mách air an talamh. "Agus créud fá" ar síad-san, "nach n-déanfadh se a dhíthchioll comnuidhe a dhéanamh san t-sean chabán air feadh tamuill, mar rinne daoine eile 'roimhe maith go leór. Budh chóir do dhuine bhocht" ar síad-san, "a bheith sásta le teach uirisiol: agus créud é an tairbhe an t-airgiod tirm a chur a-mach a m-bealach nac d-tiubharfadh se nidh air bíth a-steach." Do mheas an feilmeoir Grae nar bh'féidir dó a chuid airgid a leagan a-mach chum tairbhe ní bhudh mhó: óir is maith an bháramuil gur shábháil se, leis na deich b-ponta so, a bhean, a chlann a's é féin ó fiabhras bhréun agus ó ron-ghalar. An mhuintir a bhí 'na g-comhnudhe san tígh só go déigheanach, agus a d'fhulang an carn aoiligh a bheith a bh-fogus don bh-fuinneóg, agus an linn líath-ghorm theacht a-steach air feadh na cisteanaigh, agus an ghaoth ghéur do bheith ag séideadh a-steach thríd an h-fuinneóg bhriste, do chaill siad a sláinte a m-beagán blíadhanaibh. Bhí fear an tígh bacach le sgoilteach; fuair dís cloinne leis bás de'n bh-fiabhras: agus bhí súile na mathar comh lasda dearg sin ionus nar bh'féidir leithi sníomhadh no dadaidh eile do dheanamh re easbhuidh radhairc. A-nois thainic an t-iomlán dar cailleadh le tineas bhunadh an tígh, le dochtuir, agus le cur na cloinne, thainic síad go léir a d-trí m-blíadhanaibh a bh-fogus do dheich b-ponta tri h-uaire. Uime sin, ma dhearcamoid air airgiod amháin budh duine ro chríona Maighistir Grae. Créud a d'feudfadh seisean no duine air bíth eile a dhéanamh gan sláinte? Ní h-é an t-airgiod an chéud nídh san t-saoghal so air ar chóir smuaineadh: oir is iomdha nídh nach feídir a cheannach air airgiod, agus is díobh so an t-sláinte. "Is féidir le sláinte airgiod a dhéanamh, acht ní feidir le airgiod slainte a thabhairt;" ars' an feilmeoir criona - "agus ann sin mar geal air
bheagan sgillinibh no pontaibh, ta solus aguin-ne le ar ngnothuidhe a dheánamh agus d'fheicsin; agus cláir agus cófra le ar g-cuid éadaigh do chur a d-taisge ionnta. A-nois beidh an uiread sin go h-iomlán sabháilte aguinn gan morán maille, oir mairfidh na h-eadaigh niós faide, agus ní rachfuidh na neithe air gach taobh dhinn a-mugha; agus a-nuair is feidir liom-sa agus leis na buachallaibh theacht a bhaile a n-díaigh ar n-obair lae chum a leithid so de theach, is féidir dhuinn a bheith sásta." Iar n-deimhniughadh sláinte, glaine, agus soluis ann a thigh dár d-tréun fhear comh maith is b'fhéidir leis, thug se féin agus a chlann a n-aireachas chum an talamh do chur a n-eagar. Do thoisigh síad a' deasughadh na bh-fal go h-uile; oir gidheadh go raibh na buacaillidh óg, b'féidir leo cuidiughadh le n-a n-atair ag saothrughadh na feilme: bhí mían a's sólás aca obair a dhéanamh 'na chuideacht-san. B'fhéidir le Sean, an té ba sine, potataoi a chur, agus le Roibeard, treabhadh do dhéanamh: air mhodh nar ghabh Graé feadhmanach air bíth air thuarasdal lé cuidiughad leis, no Maighistreas Grae seirbhiseach mna air bith. "Is feidir le Róisi a's liom-sa", ar sise "maith go leor aire do thabhairt don dá bhá, agus a m-bleaghan, agus an t-im a dheanamh; agus 'na cheann sin feadfhamoid rud eigin a shaothrughadh ler sníomhachan. Is eigin duinn déanámh gan searbhoghantuidh, agus is maith dhuinn réir do dhéanamh orainn fein, agus budh choir duinn réir do dhéanamh orainn fein, agus budh choir duinn a bheith sásta leis." "Beidh an aimsir níos fearr," arsa Grae, "'sé sin le radh, dhéanfam níos féarr í gach uile bhliadhan: caithfeamoid an chuid is gairbhe a bheith aguinn air d-tús." An chéud bhlíadhan, gan amhrus, bhí se garbh go léor, agus da fheabhas da n-dearnadar a n-díthchioll, nior bh'fhéidir leo níos mó ná an ciós a dheanamh: agus budh h-é suim an chiosa dha fhithchid ponta. Budh h-é tighearna na talmhan duine áirighe d'ar b'ainm Hopcins, d'ar ab oifig cíos a thógbhail do dhuine uasal eigin a bhí 'na chomhnuidhe a Sacsan. Do chuir Maighistir Hopcins roimhe go ceann-dana an cíos
d'fhaghail an lá budh chóir e agus fuair se é. Do bhí Grae sasta a n- inntinn féin, ag smuaneadh gur b'é a leas é. "A nuair a díoltar an cíos aon uair amháin," ar se, "ni feidir a iarraidh a-rís, agus ni'l me a g-cumhachta dhuine air bíth: is mór an sólás sin. Tá se cinnte da m-béidh cíos na leith-bhlíadhna air feadh tamuill a m' lamhuíbh, go m-b'fhéidir dó a bheith feumamhuil damh, acht is fearr gan a bheith faoí chomaoin ag duine mar Mhaighistir Hopcins, a chuirfeadh d'fíachaibh orainn a chúiteadh leis a m-bealach eigin; agus sin a nuair is lúghadh a bhéidh smuaineadh aguinn air." Bhí Maighistir Hopcins, 'na short duine d'a ngoirthear a n-Éirinn fear meadhonach, .i. duine a cheannaigheas talamh ó na h-árd-thighearnaíbh le na dhíol a-rís níos daoire, agus go minic go ro dhaor leis na daoinibh bochta. Bhí a chuid talmhan ag Grae air chíos chomhthrom, do bhrígh nach ó Hopcins do ghabh a athair léaghsa na talmhan; acht ón duine uasal d'a raibh an fear so a' tógbhail cíosa. Bhí dúil ag Maighitir Hopcins an talamh; acht ón duine uasal 'a raibh an ear so a' tógbhail cíosa. Bhí dúil ag Maighistir Hopcins an talamh a bhí seilbh Grae do cheannach, agus uime sin, budh mhían leis a chur a g-céill do thíghearna na talmhan, do bhí 'na chomhnuidhe a Sacsan, agus ag a raibh beagán eoluis air a dhuthchaidh féin nach raibh feilm Grae go ro mhaith. - "Mur n-díolfhuidh na Graes so an chíos," ar se le na thiomántóir, "cuir a g-cuid airnéis a láimh, agus díol go puíblidhe íad, fa cheann ochd lá, leis an té is mó bhearfhas ortha. Ma ealuigheann síad áir siúbhal, beidh an talamh glan agam, agus is féidir liom a thabhairt le muinnteardhas dom' chairdibh féin comh luaith a's thiocfhaidh se am' sheilbh." Bhí se beagán meallta: oir bhí an cíos díolta súas gus an lá. "Acht," ar se, "ní mar so bheidh se air an m-blíadhan so chugainn. Ta an fear so a' leagan a chuid airgid a-mach air an talamh, ag déanamh díog agus fal, agus ni thabharfadh sin mórán tairbhe a-steach go h-oban. Fagfamaoid an cíos ann a lamhuibh air feadh blíadhna no mar sin agus ann sin bhéarfamoid ordughadh air le n-a chur a-mach, ma fhaghamoid ann ar g-cumhacht é, ó gheabhamoid
go cinnte. Ann sin gach a n-dearna se leis an teach, is damh-sa rachfhas se ann sochair. Budh mhór an t-amadán é a chuid airgid a chur a-mach mar so!" Tharlaidh se 'na dhiaigh sin go n-dearna Grae tairbhe mhór de'n airgiod a leag se a-mach a' cur deis air a theach: agus sin ann ám agus air mhódh nach raibh súil air bíth aige leis. Bhí a chabán a rádharc a bhealaigh mhóir a bhí a' dul chum baile timchioll míle ón áit a raibh se 'na chomhnuidhe. Thainic cuideacht shoighidiur as Sacsan chum ceathramhan do ghabhail san m-baile sin, thainic a g-cuid mna go goirid 'na n-diaig. Do ghlac tinneas cloinne go h-oban aon de na mnáibh so .i. bean oifigigh. Sul ma d-tainic síad chum an bhaile, do stad an soighidiúr do thiomán an chairt ann a raibh sí ag baile beag de chabanaibh bochta a bhi air thaobh a bhothair: agus do chuaidh se a-steach a g-ceann aca, ag fiáfraidh de bhunadh an tígh a d-tabharfadh síad lóistín don mnaoi. Ag féuchain don mnaoi thinn air an g-caban so lán de dheataigh agus de shalchar, thug sí fuath dhó: agus d'íarr sí mar athchuinge air, a tabhairt air a h-aghaidh chum an tígh bhig dheis ghil do chonnairc sí tamull beag ón áit sin. Ba h-é so teach Grae. Do thug a bhean aoidheacht agus céud míle fáilte dhí; d'fhéud sí leabadh dheas agus seomra anghlan, tirm a thabhairt di. Ni fada a n-diaigh a theacht dí no go rug bean an oifigigh leanbh, agus d'fhan sí ag Maighistreas Grae no go d-tainic si chum a sláinte agus a neirt a-rís. Bhí sí ro bhuidheach de Mhaighistreas Grae air son go n-dearna sí mórán dí, agus bhí a fear amhluidh mar an g-ceudna. Thainic se trathnóna eigin chum an chabáin bhig agus do réir nois na Sacsanach dubhairt se. "Tá fhios agad, a Mhaighistir Grae, go bh-fuil adhbhar agam-sa no ag mo mhnaoi, (ó's e an cás céudna é,) a bhéith buidheach dhíot-sa no dod' mhnaoi; (noch is ionann;) uime sin, dlíghe comaoin a chúitiúghadh. Thug ar d-taoiseach-sluaigh ordughadh dhamh-sa, air m-beith dham mo mhaigistirceathramhuin, cuid do shean-chapollaibh na saighidiúraidh do reic go puiblidhe. A-nois do cheannaidh me an ceann is
fearr aca air fhíor-bheagán, agus thug me liom ann so é a ndoigh go n-glacfa é mar shórt cuitiughaidh a n-éiric na sibhialtachda thaisbéun tu féin á's do bhean damh-sa agus dom' mhnaoi. Do fhreagair Grae, ag radh, go raibh sé ro bhuidheach dhé fa'n n-gearrán do thairgeal dó acht nar bh'fhéidir leis a ghlacadh: go raibh luthghair ro mhór air é bheith a g-cumas a mhna sibhialtachd air bíth do thaisbéunadh do dheóradh: acht do bhrígh nar chongbhaigh síad teagh-ósda nar bh'fhéidir leo nidh air bíth a ghlacadh a n-ionad díoluigheachta. Thaithnigh féile agus daonnacht an fheilmeoir Grae go ro mhór leis an oifigeach. - "Go deimhin," ar se, "Chualaidh me, sul ma d-tainic me go h-Eirinn nach raibh lucht sáruighte na n-Eirionnach á bh-féile le faghail air dhruim na talmhan, agus chim gur fíor é. Agus gídh b'é air bíth áit a m-béidh me ó so súas air feadh mo shaoghail, ni cheilfhidh me sin. Agus á-nois, aitchim ort, aithris dam, an féidir liom nídh air bíth da laighiod a dhéanamh choidhche le cúitiughadh a dheanamh leat fa'n g-comaoin a chuir tu orm: oir, ma's éigin an fhirinne innsin ormsa, ní h-áill liom a bheith faoi chomaoin ag duine air bíth, a-nuair a bhíann se a'm' chumas a chúitiughadh." "Ionnus go g-cuirfinn a g-céill duit," arsa Grae, "nach mian liom cúitiughadh air bíth dh'íarraidh ort, inneósad duit cionnus is féidir leat oiread no a dheich n-oiread a dhéanamh dham-sa, a's rinne mise dhuit-se; agus sin gan cáill píghine a chur ort féin no air aon n-duine de'n mhuinntir d'a bh-fuil tu a' déanamh seirbhise." "Innis dam cionnus is féidir a dheanamh, agus déanfar é;" ars' an t-oifigeach. "Maiseadh, so a bh-fuil me íarraidh ort .i. aoileach thígh na soighidiúr a thabhairt dam, a dhéanfas mo chuid talmhan agus me féin saidhbhir, gan tusa a dheanamh nios boichde: oir bhearfha me luach comhthrom dhuit air, gidh b'é air bhíth is fiú é. Ní'l me ag íarraidh ort éagcóir da laighiod a dhéanamh air a muinntir a bh-fuil tu futha." Do gheall an t-oifigeach go n-deanfadh se sin agus céud míle fáilte. d'fhalaigh Grae deich n-acradh
talmhan leis an aoileach a thug se ó thígh na saighídiúr; agus bhí na deich n-acradh so á g-craicionn ro mhaith an bhlíadhan na dhiáigh sin. Ba leór so le deich m-ba a thógbháil: bhí trí ba aige cheana, agus cheannaigh se seacht g-cinn eile, agus chuir sé stábla suas le a raibh do bharr na g- céud ponta aige tar éis luach ná m-bó do dhíol. Ba ro mhaith an sás im a's boinne a dhéanamh a bhean agus a inghin. Rinne síad ceithre phonta san m- bliadhan air bhlathaigh gach aoin bhó. Do shaill siad an t-im agus rug síad leo é gus an margadh a b'fhoisge dhóibh. Dhíol síad an bhlathach le muinntir na tíre theidheadh ann a tígh 'na coinne do réir nóis na h-áite sin. Thóg siád cúig gamhana 'na cheann sin, a dhíol siád a g-cionn a m-blíadhna air chúig ghinidh dhéug go léith. 'Na dhiaigh sin agus uile, níor thóg an tigh-boinne aimsir na mathara duthrachtaigh so agus a h-inghine súas go h-iomlán: bhí ám aca snaith do sníomhadh air a bh-fuair síad sé ghinidh. Rinne síad, mar an g-céudna, rud beag air éunlaith; acht ní dhearna síad sin acht amháin an chéud bhlíadhan: thug Maighistir Hopcins fúrfhogradh dhóibh 'na dhiaigh sin, go g-caithfidh síad éunlaith an dualgais a dhíol do réir mar bhí d'fhiachaibh orrtha san léas, no dhá ghinidh thabhairt dó gach uile bhlíadhan air a son. Is iomdha slíghe bhí aige, le airgiod d'fhásgadh a-mach as íocaidhibh bochta agus ní raibh mían air bíth aige géilleadh do na Graes; oir ba mhó an dúil a bhí aige a-nois 'ná a-ríamh a bh-feilm a bheith ann a sheilbh féin; do bhrígh, tre saothar agus díthchioll an fheilmeóra chríonna so agus a chlainne, go raibh sí go mór níos fearr a-nois 'ná air d-tús. Gídheadh go raibh a dhís clainne ro óg, do chuidigh síad le n-a n-athair an talamh do shaothrughadh mar a dubhramar 'roimhe. Do thiormaigh an mac ba sine machaire beag d'ar b'ainm machaire na luachair, ag tarruing an uisge uaidh. A-nois ní raibh feath air bíth le faghail air, agus thug a athair tairbhe an mhachaire so dhó, agus dubhairt se go n-ainmneóchadh se 'na ainm féin é. Rinne Roibeard, an té do b'óige, fromhadh beag do reir comhairle a athar, a bhí 'na chúis mhagaidh ag mórán d'a chomharsanaibh air d-tús,
agus d'a n-dearnadar iongnadh air deireadh. Bhí an tobar as a d-tigeadh an t-uisge chum linn na láchan ag ceann móin-fhéir, a bhí a' claonadh síos le fána, air mhodh go m-b'fhéidir leis an uisge rith air siúbhal de. d'fhliuch Roibeard an móin-fhéur so san ám cheart de'n m-blíadhan, agus thug se barr 'na dhíaigh sin nach bh-facas a leithide 'ríamh a-roimhe ann. Do ghoir a athair machaire Roibeird don móin-fhéur so, agus thug se luach an fhéir thirm a d'fhás air dó féin. "A-nois a bhuachaillidh muirneacha," ars' an t-athair maith so; "do shaothruigh sibh-se beagán airgid daoibh féin; agus so beagán eile dhaoibh, an méid is féidir liom a shábháil. Feiciom créud is féidir libh a dhéanamh leis an airgiod so. Cuirfidh se luathghair orm bhur bh-faicsin a' teacht air aghaidh le'r saothar agus le'r méisneach: ní'l me ag íarraidh oraibh a bhéith bhur sglábhaidhibh agam-sa air feadh na coda is fearr d'ur m-beatha; acht béidh me deóntach a g-comhnuidhe congnamh a thabhairt dáoibh, mar budh chóir d'athair a bheith." Is air eigin a d'fheúd na buachaillidh focal a labhairt, no freagra air bíth a thabhairt uatha d'a n-athair; acht an oidhche cheadna sin, air m-béith dhóibh leo féin, dubhairt duine aca leis an duine eile. "A bh-facaidh thu lítir Sheóin Ríl chum a athar, a dhearbhrathar? Deir siád gur chuir se deich n-ginidh a bhaile chuige. An saoileann tú go bh-fuil se fíor?" "Ta go deimhin; connairc me an litir, agus níor sgríobhadh lítir a-ríamh ó mhac chum athar níos carthanaigh ná i. Connairc me na deich n-ginidh d'a n-díol leis an t-sean n-duine a-steach ann a laimh; agus ba mhaith liom, san ám cheadna, da m-ba mise a bhéidh ag déanamh na néithe céadna le m'athair féin." "'Sé sin go díreach an nídh air a raibh me a' smuaineadh, a-nuair a d'fhíafraidh me dhíot a bh-fachaidh tu an lítir. Acht ní raibh rud air bíth ag Seóin Ríl a-nuair a chuaidh se a g-críochaibh coigcriche leis an arm go h-Egipt a-nuraigh. Go deimhin, ní raibh dúil agam féin a-ríamh an droma do leanmhuin, acht is beag nach leor so chum cathughadh do chur air neach a dhéanamh. Da measfuinn go m-b'fhéidir liom
deich n-ginidh a chur a bhaile chum m-athar, chuirfinn me féin air rolla na saighidiúr a-márach." "Ní maith a dhéanaidh sin, a Roibeird," ansa Seóin; oir ta me cinnte go m-bh'fhearr le m'athair go mór, tusa bheith aige ná deich n-ginidh; ní airighim mo mhathair bhocht, agus Róisi, agus me féin d'ar mhór an t-adhbhar bróin a chloistin go n-deachaidh piléar thríd do cheann mar a ta a n-dan, uair éigin don muinntir a leanas an armáil. Os a chionn sin, ní thaithnigheann ceardh fola liom. Air mo shon-sa b'fhearr liom ealadhan air bíth eile nach n-déanann díoghbhail d'aon n-duine, agus ghnídheas maith do mhórán chomh maith liom féin, mar a dubhairt ar n-athair an lá a-roimhe. Ann sin gídh b'é A ghnidheas duine, is le cogúas glan do gnídh se é, agus is féidir leis a shólas a bheith aige." "Ta tú ceart, a Sheóin, agus bhí mise air seachrán tracht air liostail," arsa Roibeard: "acht 'sí lítir Sheóin Ril amhain, agus na deich n-ginidh a chuir se chum a athar do chuir ann mo cheann é. Is fearr ceard air bíth, mar deir tusa, ná ceard fhola. Is féidir liom an oiread sin a dhéanamh do m'athair le fanmhuin 'sa m-bhaile agus aire thabhairt dom ghnothuide. Uime sin a-nois slán leat; rachadh mise a chodhladh, agus is féidir linn tuille a radh 'na thimchioll a-márach." Air maidin, lá air na mhárach, a-nuair a bhí an dís ogánach so a' cur potátaoi san machaire do bhunadh an tigh, agus ag léir-smuaineadh créud budh chóir dhóibh a dhéanamh tar éis na potátaoi a bhéith curtha, cuireadh toirmeasg orrtha le garsún beag a thainic d'a n-ionnsuidhe ag rith comh tapaidh is d'fhéud se, a' gairm a-mach. "Adhbú! adhbú! ta feum ag Símeon O Dochartuidh oraibh. Air son Dé rithidh trasna an chorraigh, chomh luaith 's is féidir libh agus cuidighidh leis a ghearrán a tharraing a-mach as a díoga úd thall ann ar thuit se síos a-réir." Do lean an dís dearbhraithreacha an buachall beag air an m-ball, agus thug síad téud agus adhastar leo; óir do mheas síad nach m-béidh ceachtar
aca ag Símeon bog. Fuair síad é ag fasgadh a lamh a bh-fogus don tonnamhas, an áit a raibh an gearrán d'á mhúchadh. Bhí buachaill beag giobach ag streachailt chinn an ghearráin le píosa do rópa bheag gearr fheir. - "Och, mo chreach! mo chreach! gad é dheanfhas me gan adhastar? Ar n-doigh cailfighthear an gearran, díoghbhail adhastair, agus ch'áit san domhan mhór a bh-fuigheadh me ceann," arsa Símeon, 'sgan é a' corrughadh aon urlach amháin as an áit, "Och, beannacht Dé dhaoibh, a bhuachaillidh, a thug an t-adhastar aguinn. Acht féuch ata an beathach bocht go díreach caillte. Ní thabharfadh an domhann go léir a n-éinfheacht beo as sin é. Caithfidh me cur súas leis a g-caill agus a bhéith sásta. Thug me cúig ginidh déug air, agus léumfadh se níos fearr ná gearrán air bíth san tír. Och, mo thruaighe é! mo thruaighe é! Acht glachaidh go socair an cás, ó tharla nach d-tig linn dadaidh dhéanamh acht sin. A chreatúir bhoicht! a chreatuir bhoicht!" Níor thug na h-ogánaigh luthmhair so cluas do ghearan Shimeoín, acht le congnamh Simeoin agus an dís buachaillidh, do tharraing síad an gearrán as an tonnamhas. Bhí an créatur bocht beag nach as anal le saothar ag iarraidh faghail a-mach; acht a g-cionn tamuill bhig 'na dhiaigh sin, shín se é féin, agus thainic se chuige féin a n-díaigh a chéile, air mhodh go m-b' fhéidir leis seasamh. Bhí leath-chos leis 'na dhiaigh sin comh bacach sin ionnus gur air éigin d'féud se siúbhal; agus dubhairt Símeon go m-béidh se bacach le n-a bheo. "Acht cía smuaineóchadh choidhche go rachfadh se air seachrán ann a léithid d'áit ghrána seach áit air bíth eile?" ar se; "ta fhios agam, air mo shon-sa, go bh-fuil an áit sin comh faluighthe sin d'fhéur agus do luibhfearnach de gach aon chineal, agus ta se an fhad sin ó leasuigheadh dadaidh leathair ann sin le linn dhearbhrathar m'athar ui Hagartuidh, ionnus nar chuimhnigh me air aon chor go raibh tonnamhas, no cineal poill air bíth eile ann; agus b'fhearr liom go m-beidh siád so a bh-fad uaim, sul ma n-deachaidh mo ghearrán breagha a-steach ionnta air seachrán mar dhallorán: oir is mar so bhí an cás: bhí se deigheanach san oidhche a-nuair a thainic me a bhaile
'réir, agus ní raibh me comh measardha le breitheamh. Iar d-teacht a bhaile dham, ní fhuair me aon n-duine 'na shuidhe acht an cailin; thug me an gearrán dí le cur san stábla, agus dhearmad si an doras a dhruid 'na diaigh a ta gan glas air bíth, agus ní raibh acht beagan coirce aige tre neamh- aire an bhuachaill, agus ní raibh adhastar air bíth le n-a cheangal, agus tháinic mo Shir Háisint bocht a-mach ann so air seachrán, mar bhí an donas air, agus a-steach san tonnamhas leis. Nach raibh rath air mo reamh-bhrathair ó Hagartuidh a rinne an tonnamhas ann so air chor air bíth. Do b'fhéidir dó theacht súas, mar ba chuibhe dhó, gan a lamha shalaigheadh le leasughadh seithidh salacha". "Bhí me go díreach air tí radh leat gan buaidhreadh a bhéith ort fa do ghearrán a bhéith bacach," arsa Seóin Grae, "agus innsin duit, da m-béidh an tonnamhas a n-eagar a-rís agad, go m-b'fheidir leat luach gearráin eile a dhéanamh súas gan mhaill." "Och! ní bheidhínn a m-buaidhreadh le rud air bíth de'n t-sort. Féuch muillionn Rosanna ann siúd thall; bhí me a d-trioblóid a t-saoghail leis no gur stad se go h-iomlán. Is féidir leis a muinntir a thiocfhas a'm' dhiaigh-sa a chur air siúbhal a-rís agus fáilte. Ta mo shaith go díreach agam le theacht súas air agus air mhodh air bíth ta me sásta." "Acht, da mb'fhéidir leat cíos comhthrom fhaghail air an tonnamhas," arsa Seóin, "a n-dhíolfá é?" "Ní chuirinn a n-aghaidh sin air aon chor, a g-cás nach m-béidh triobloid dam ann" arsa Símeón. "Agus da m-b'fhéidir leat duine éigin fhaghail a choingbheóchadh muillion Rosanna air siúbhal gan buaidhreadh air bíth chur ort féin a g-cuirfeád a n-aghaidh sin, a g-cuirfeádh?" arsa Roibeard. "Ní chuirfinn, go cinnte;" arsa Símeón ag gáiridh. "Gídh b'é bhéarfas Día damh, ma's beág mór é, tá me sásta. Acht ná meas go bh-fuil me am' amadan fa bhéith ag caint chomh leamh so a d-taobh an cháis; ta fhios agam maith go leór gad é d'fhéudfainn faghail air an muillionn tamull fáda ó shoin, a-nuair a stad se air d-tús, da n-díolfhainn é leis an té a bhí dh'a cheannach uaim; acht gídheadh go raibh se 'na
íocaidhe comh maith is b'féidir leat íarraidh, 'na dhiaigh sin agus uile d'éirigh se súas am' aghaidh-sa ag an togha deigheanach, agus uime sin ba mhaith liom é bheith am' chumas a thabhairt le tuigsin dó nach n-dearna me dearmad dé." Air an adhbhar sin dhiúltaidh me an muillionn a dhíol leis air chor air bíth, agus dubhairt me mur so leis san ám cheadna: "A Mhaighistir Hopcíns," arsa mise, "tá talamh Rosánna a seilbh mo bhunaidh-sa le tuille agus dhá chéud blíadhan, agus gidheadh go meastar le mórán daoinibh 'sna laethibh so go n-déantar gach uile nídh mar gheall air airgiod; agus gidheadh go n-dearna tusa, a Mhaighistir Hopcins oiread airgid 'sa b'fhéidir le mórán a dhéanamh san ám cheadna, agus ní ghoilleann se orm- sa, ní mór liom dhuit go léir é; acht beidh me chomh dána a's a radh leat, nach m-béidh talamh Rosánna no roinn no cuid air bíth dé, ad' sheilbh go brách a n-asgaidh no le ceannach, a Mhaighistir Hopcins, comh fáda a's bheidheas mise beó." - Do las spiorad mhuinntire Dhochartuidh ionnam; agus air son go ngoiridh gach uile duine Símeón sáimh dam, tá splanc de spiorad cheart ionnam 'na dhiaigh sin. Acht na bocáin bearach so, luchd- deanta an airgid, éirigheas súas ón t-salchar amháin fa cosaibh dhuine, air mo shon-sa, ní thaithnigheann síad liom air aon chor. A-nois, a bhuachaillidh, budh mhaith liom léas a thabhairt daoibh air mhuillionn Rosánna tar éis diúltadh thabhairt do Hopcins: óir bhí sibh féin agus bhur n-atair romhaibh, a bhuachaillidh, ro charthanach a g-comhnuidhe liom- sa. Ataim réidh chum labhairt libh a d-taobh an tonnamhais agus uile, agus bheirim buidheachas daoibh fa mo ghearrán do tarraing dham air maidin. An siubhalfhaidh sibh súas agus dearcadh air an muillion? Rachainn féin libh, acht is éigin dam a dhul chum líaigh-chapoll a d-taobh choise Shir Háisint, ann áit a bheith mo sheasamh ann so níos faide. Beannacht Dé libh, a bhuachaillidh. Bhéarfadh án cailin eochar an mhuillin daoibh, agus taisbéunfhadh sí gach uile nídh dhaoibh chomh maith 'sda mbéidhinn féin 'sa lathair." Do chrap Símeón a chóta mór súas 'na thimchioll, agus súd air siúbhal é go liaigh na g-capoll. Bhi luathghair mhór air an dís dearbhraithribh san ám cheadna do bhríg go raibh síad air tí an muillion d'faicsin,
'sgan a bhéith ag eisdeacht leisean ag síor-chaint. Bhí Símeón 'na chabaire neamh-thuirseach air feadh an lae, óir ní raibh aon nídh le déanamh aige acht a bhéith a' caint. Gach uair da m-bíad tracht air thalamh Rosánna, no uair air bíth a chuireadh mothughadh feirge air, bhí sé 'na chainteoir uathbhásach. AN DARA CAIBIDIL Iar m-breathnughadh an mhuillin do Sheóin Grae, thug se fa deara go raibh an bhróg mhuillinn úachdarach 'na luidhe air an g-ceann íachdarach agus gur b'é so amháin a stop an muillionn ó bhéith air siúbhal. Ní raibh cuid air bíth eile dhé caithte no briste no as ordughadh. Dala an tonnamhuis, bhí se go mor as ordughadh, acht bhí se air na shuidhe go ro chomhgarach. Bhí uisge go líonmhar le faghail air thaobh dhé, agus bhí crainn daraigh curtha air a chúl, ionnus go m-b'fhéidir cairt fhaghail go reidh ann. Tá se cinnte gur mór a milleadh cairt na g-crann so, a chuir a reamhbhrathair cúramach ó Hagartuidh, ó thainic siad a seilbh Shímeóin; óir, tre neamh-chúram, (mar ba ghnathach leis,) léig se an airnéis a-steach 'na measg. Do ghearr se, mar an g-ceadna a-nois a's a-ris mórán don amuid a b' fhearr sul ma d-tainic se chum a iomláine, a-núair a theasduigheadh airgiod uaidh chum a ríachdanas do chosg; agus san ám so féin, fuair na Graes gach uile chrann a b'fhiú aireamh leagtha a-mach le gearradh; agus an dá chéud lítir d'ainm Shímeóin ui Dhochartuidh curtha mar comhartha orrtha. Níor dhubhairt an dís dearbhraithreacha críonna so níos mó le Símeón a d-taobh an muillinn no an tonnamhais, no gur íarr síad comhairle air a n-athair. Dubhairt se leo tionsgnadh go h-aireach ag tairgsint do Shímeón cúram an mhuillin agus an tonnamhais a ghabhail orrtha féin air feadh blíadhna air son cuid éigin
de'n tairbhe: agus ann sin da bh-feicfeadh síad go m-béidh cosmhulacht orrtha dhul air aghaidh go maith, go m-b-féidir leo léas do ghabhail air a n-iomlán. Ní raibh cur súas air bíth ag Simeón an socrughadh so a dheanamh leo, agus ní raibh baoghal air bíth dhóibh-san roinn a bheith aca ris; do bhrígh, ma bhí se 'na dhuine fhailligheach leisgeamhuil, go raibh se cneasda agus diongmhalta air a fhocal do sheasadh agus a gheallamhuin do chomh-líonadh. Do rinneadar réidhteach re chéile, go m-béidh se air chumas Sheóin agus Roibeird, an muillionn agus an tonnamhas do chongbhail no a thabhairt súas fo cheann na blíadhna, agus idir an dá ám, íad-san na gnothuidhe do chur air aghaidh do Shímeón, agus cuid iomcubhaidh de'n tairbhe a bhéith aca air son a n-aimsire agus a saothair. Cuaidh síad air a n-aghaidh leis an muillion agus an tonnamhas air feadh na blíadhna, go mór níos fearr ná mar do shaoil síad. Bhí Símeon ro fhonnmhar air léas fáda a thabhairt dóibh air na foirgneamhaibh, air choinghiol céud go léith ponta a dhíol síos leis a laimh. Thóg a n-athair an t-suim airgid so dhoibh, oir bhí creideamhuin mhaith aige, agus b'fhéidir leis bannuighe seasmhach a thabhairt uaidh; do bhrígh go raibh feilm talmhan ro mhaith aige, a bhi a m-blath 's a soghsur a-nois; agus leag síad a-mach an t-airgiod a dhíol tar ais leis air an módh so, .i. roinn áiridhe thabhairt dó gach aon bhlíadhan as a d-tairbhe. Ní raibh na h-ogánaigh so eas-urrumach no neamhaireach le linn a bheith séunmhar dóibh. Cuaidh síad air a n-aghaidh le n-a n-gnothuidh go buan-sheasmhach; bhí síad sásta teacht súas go measardha agus obair chruaidh d'fhulang air feadh tamuill. Do mheas mórán d'ogánaibh na tíre air gach taobh dhíobh .i. clann luchd ceirde agus gabhaltuidhe a d'fheud b'fhéidir capall no dhó cheannach, no dhó no trí culaidh éadaigh san m-blíadhan agus le'r ba mhían íad féin a chur a g-céim úasal; agus a chaith a n-aimsir ag fiadhach, ag eunlathoireacht, no ag comhrac coileach; mheas síad, a deirim, go m-ba h-ogánaigh lagspioraidigh na Graes, air son go raibh síad comh tugtha sin d'obair. Do rinneadar fáidheorachd a d-taobh na n-dearbhraithreacha so, .i. a-nuair a chruinneochadh síad saidhbhreas, nach m-beidh an croidhe no an fhéile aca le n-a chaitheadh, no le sólás air bíth do bhaint as. Acht
is mór a bhí síad meallta. Do réir an nóis ar tugadh suas na Graes, nior mheas síad go raibh sólás no aoibhneas air bíth a g-cruinniughadh saidhbhris a-mháin. Ni air son an airgid féin acht mar gheall air gach nídh da m-b'fheidir fhaghail air, ghradhaidh síad é; agus mheas síad nar bh'fheidir do dhuine sólás ní budh mhó d'fhagail do bharr airgid, no féum ní a b'fhearr a dheanamh dhé ná cuidiughadh le n-a n-athair agus le n-a mathair ann a ríachdanas. A- núair a dhíol síad le n-a n-athair an céud go léith ponta a d'íoc se air a son roimh rae, 'na dhiaigh sin do thionsgnuidh síad air chabán deas a chur súas dó a bh-fogus don g-coill agus do mhuillionn Rosánna, ann áit áluinn ann ar chualaidh síad é ' radh aon úair amháin go m-budh mhaith leis teach a bheith aige. Dubhramar roimhe, go raibh brath ag Máighistir Hopcins air an bh-feilm so, agus go m-ba mhían leis a bhéith réidh leis na Graes: acht níor bh'fhuras dó sin do dheanamh, do bhrígh gur díoladh an cíos a g-comhnuidhe go bithchinnte. Ní raibh leithsgéul air bíth aige an t-eallach do thiomaint, fiú mar gheall air dhualgas na n-éunlaith; bhí síad a g-comhnuidh réidh ag Maighistreas Grae san ám chóir. Os a chionn sin, ba mhór an t-adhbhar bróin agus feirge le Maighistir Hopcins na Graes fhaiceal ag teacht air a n-aghaidh chomh maith sin gach uile bhlíadhan air a chuid talmhan: bhí se air síor lasadh le tnuth fa shéun a chomharsan díthchiollaigh shalarthaigh; agus ba leór cúis tairbhe da laighiod chum a thnuth do chorrughadh. A-nois, bhí iomthnuth aige dó air son a mhóin-fhéir ghlasa, agus a-rís mar gheall air charáiste ime a bhí se chur go Baile-ath-clíath. Do théidheadh deich m-bá Grae gach maidin agus trathnóna go bithchinnte thart le fuinneóg Hopcins, agus is minic nach m-bidheadh sasadh aige ann a cheudlongadh no ann a shuipéar ag dearcadh orrtha go bronach; acht níor chuir rud air bíth buaidhreadh air an duine fhuathmhar so comh mór le aoileach thigh na saighidiúr. Ba ghnathach leis seasamh ag a fhuinneóg féin, agus gach uile ualach aoiligh a theidheadh thart go feilm Grae do chomhaireamh go brónach dolásach. Rinne se a dhithchioll aon uair amháin dioghbhail mhór a dhéanamh do charaid Grae .i. an t-oifigeach, ag cur casaoide a-steach os ísioll 'na aghaidh gur ghlac sé
bríb ó Grae, agus gur dhíol se aoileach thígh na sáighidiúr leis, níos saoire ná mur tairgeadh dhó ó dhaoinibh eile air; acht go h-aghamhuil, ní raibh dúil air bíth ag an taoiseach le a n-dearna se an chasaoid so nídh air bith dh'innsin dó os ísioll; rinne se loirgeoracht a g-cás na fírinne go puiblidhe, agus fuaras a-mach agus cruthuigheadh go soleir cneasdacht an oifigigh agus cealg Hopcins: agus ann áit dochar a dhéanamh do Grae don g-casaoid mhiosguinneach so, 'sé an rud a chuaidh sí chum sochair dó; oir d'innis an taoiseach an sgeul don taoiseach a bhí air cheathramh san m-baile 'na dhiaigh féin, agus é-sean don bh-fear a thainic 'na dhiaigh-san, air módh nach raibh maith do Mhaighistir Hopcins cur a-steach air son an aoiligh air aon chor 'na dhiaigh sin. Fuair Grae a g-comhnuidhe é roimh duine air bíth eile. Bhí Hopcins air cúthach, agus níor bh'fheidir leis a fhuath no fhearg do chosg fa theóran air bíth acht teorain an dlíge amháin. Fa dheiread, fuair se a-mach gléus do réir dlighe le díoghbhail a dheanamh d'a namhuid. Bhí roinn thalmhan le Maighistir Hopcins idir feilm Grae agus an móintheach; agus ní raibh móinteach air bíth san g-comharsanachd acht é; a-nois, ní léigseadh se do Grae no do dhuine air bíth d'a mhuinntir, aon fhód móna do thairaing thríd n-a chuid talmhan, agus thoirmeasg se go h-iomlan air a íocaidhibh bochta gan fód móna a dhíol leis. Shaoil se go g-cuirfeadh se ó theach 's ó áit a namhuid air an módh so. Tharlaidh neithe a bheith mar so a-nuair ba mhían le Seóin agus le Roibeardh teach a chur súas d'á n-athair ag Rosanna. Níor chéill síad a rún air; oir nior mhían leo rud air bíth a dhéanamh nach d-taitneochadh leisean agus le n-a mathair. Bhí a n-deirbhshiúr Róisi rann-pháirteach leo san uile chomhairle; agus a g-caitheamh na d-trí m-blíadhna déigheanach ba ghnathach lei dhul le sólás mhór gach aon lá, tar éis a h-obair lae a chríochnughadh, go muillion Rosanna, ionnus go bh-feicseadh sí cionnus a bhí á dearbhraithreacha a' dul air a n-aghaidh. Nach aoibhinn do gach aon bhunadh tígh nach m-bíann fuath no miosgais eatorra, agus ann a m-bíann pléisiúr ag gach aon n-duine fa léith a sonas an iomláin. Do thaithnígh cumann agus féile na clainne go ro mhór le Grae.
Bhí Sean a-nois trí blíadhna air fhithchid, agus ní raibh a dhearbhrathair acht dhá bhlíadhan ní b'óige ná é. "A bhuachaillidh muirneacha," ar se, "ní'l rud air bíth a b'fhearr liom féin agus le'r mathair, ná cabán beag deas a bheith aguinn a bh-fogus daoibh, air an m-ball chéadna a leag me a-mach dhá bhlíadhan ó shoin mar a deir sibh liom. Ní'l san g-cabán so ann a bh-fuilmid 'nar g-comhnuidhe a-nois, acht sórt áite gan mhaith, déis a bhfuair me do dhochair ag íarraidh a chongbhail súas, agus neamh-dheóin a n-déanann Róisi le n-a chongbhail glan gleóidte taobh a-stigh. Is feidir linn teach is fearr ná é a chur súas a-nois, agus is maith liom a bhéith as comhachta ghéur-leanamhuin Mhaighistir Hopcins. Uime sin tionsgnamoid agus cuireamoid teach úr súas. Béarfhaidh sibh-se congnamh uaibh, a bhuachaillidh, agus ní thabharfhaidh sibh uaibh acht congnamh; cuimhnighidh, a deirim, nach d-tabharfhaidh sibh uaibh acht congnamh. Agus tá súil agam gur féidir liom-sa air an m-blíadhan so chugainn cuidiughadh libh-se teach a chur súas do gach aon n-duine aguibh. Is míthid daoibh smuaineadh air pósadh, agus air sibh féin a shocrughadh. Is maith an rud do dhuine teach a bhéith réidh aige d'a chéile. Béidh baile beag aguinn féin ag Rosanna. Cía aige bh-fuil fhios nach mairfidh me le clann mo chlainne fhaicsin, 'seadh, agus a g-clannsan 'na dhiaigh sin, 'na g-comhnuidhe air gach taobh dhíom, saotharach, solárthach, agus sásta." Chuir síad súas do lathair cabán úr d'a n-athair ag Rosanna, agus do chuaidh se a chomhnuidhe ann an t-earrach 'na dhiaigh sin. Air d-tús rinne siad garrdhadh; agus chuir síad gabáiste agus meacna, pis agus pónaire ann, agus beagan do bhlathaibh breagha. B'ait le Róisi a bhéith ag tabhairt aire don n-garrdhadh so. Do leag a dearbhraithreacha a-mach machaire beag deas glas os coinne an doruis, agus chuir síad fál sgeaighe agus driseóige air. Bhí fána síos ris an machaire go brúach an uisge, agus b'fheidir an muillionn agus na crainn fhaicsin ó fhuinneóguibh an pharlúis. Ní raibh cabán níos déise, no go deimhin chomh deas leis san tír sin aríamh roimhe. Acht b'fhearr go mór an deagh-theacht le chéile a bhí a g-comhnúidhe eatorra ná an cabán deas, an
garrdhadh cumhra, an bhainseach os comhair an doruis, agus an fál sgeaighe air gach taobh de'n m-bainsigh. Tá moran ann ag a bh-fuil na táinte agus na mílte, a ta bocht 'na dhiaigh sin, do bhrígh gur mian leo tuille a bhéith aca. Ionnus go d-tabharfhuinn sompla uaim, Maighistir Hopcins, a sgríob a gceann a chéile fhithchid míle ponta, no, mar deir dream eile, deich míle fhithchid, agus sin ar feadh chúig m-bliadhan déug, ní raibh lá sonais no séin aige fhád a's bhí se d'a chruinniughadh, no 'na dhiaigh sin: oir bhi se d'inntinn shantach mhí-shásta. Ní'l da mhéud da raibh aige nach móide ba mhían leis a bhéith aige. níor bh'féidir leis sonas a chomharsan d'fhulang, agus ma rinne iomthnuth dithchiollach solarthach é, gídheadh san ám cheadna rinne sí mí-shona é. Agus gídheadh go raibh se 'na dhuine an-tsona do réir bharamhuile na puibligheachta, 'na dhiaigh sin níor bh'fhéidir leis sólais na beatha so do bhéith aige mar gheall air mhíshasamh a inntinne féin. Ní raibh bean no clann aige le congbhail súas. Níor mhían leis pósadh, do bhrígh go bh-fuil bean cosdasamhuil, agus páisdidh nios measa ná gearradh. Ní raibh binn aige air rud air bíth acht air shaidhbhreas amháin. Níor thug se, ní h-é amháin, sólas air bíth dhó féin, fiú néithe ríachdanach na beatha. Do bhí se 'na aonar san domhan. Bhí fhios aige nach raibh gean ag duine air bíth air. Do léig se a sdair féin a súilibh a chomharsan go léir. Do b'fheasach do gach neach gur air mhi-shéun dhaoine eile á d'árduigh sé é féin; agus ní'l da áirde d'ar éirigh se nach móide bhí a lochta soilléir. A-núair a léig duine air bith a ghnothuidhe a bh-fáillighe, no tugadh le mí-agh chum fír-riachthanuis é, bhí Hopcins fa réir a g-comhnuidhe le buntaiste do bhréith air ann a chruadhog. Do thigeadh se a g-comhnuidhe air d-tús chuca le cairdeas bréige; acht ní fáda go m-bídheadh adhbhar bróin ag an muinntir a chuirfheadh a n-dothchus go dí-cheillidhe ann. Air m-béith dhó neamh-shuimeamhuil ann a chliu, 's gan daonnacht air bith ann, ní raibh aon sgrúbal aige a thairbhe do leanmhuin comh fáda le bruach na slíghe so d'a n-goirfeadh an dlíghe, slíghe na ceilge. Bhí fiu a lucht-gaoil féin a' casaoid go n-dearna se eagcoir orra 's gan cás air bíth air fa sin a dhéanamh, 's ní bhéidh roinn ag duine
air bith leis an bh-fear so acht duine gan eólus air a theasdas, no duine a bh-fír-ríachdanus. Cad é an mhaith a bhí dhó féin no do dhuine air bíth eile 'sna míltibh bhí cruiniughtha a g-ceann a chéile aige? Bhí Maighistir Hopcins air buile a-núair a chonnairc se nar bh'fhéidir leis Grae a ghabhail ann a líon mar shaoil se. Chonnaic se an cabán deas ag éirigh, agus muillion Rosanna ag oibriughadh, neamh dheóin a mhiosguis. Bhí se abh-fad ag léir-smuaineadh air urchóid éigin 'na shochd. Air m-béith dhó lá áiridhe 'na sheasamh air mhullach sléibhe ann a dhuthchaidh féin, áit ó'r fhéud sé an tír 'na thimchioll fhaicsin; d'amharc se air an b-Parrthas bheag a bhí a seilbh a namhuid. Thug se namhuid mar ainm a g-comhnuide orrtha so d'a raibh se féin 'na namhuid. Is gnathach mearbhall mar so air dhuine, an tan a bhíann se a bh-feirg. "Ní bhéidh muillion Rosanna air bun blíadhan ó 'niú, no ní Hopcins is ainm damh-sa;" ar se leis féin. - "Mhóidigh me díoghaltas a n-aghaidh na n-Graes so, agus ísleóchadh me íad sul a stadaidh me. Ní chodhlóchadh me go socair choidhche no go g-cuiridh me air siúbhal go h-iomlán as an tír íad." 'Na dhiaigh sin, níor bh'fhuras áitreabhaigh chomh cneasda macanta leo so do thiomaint as an tír. 'Sé an chéud rud a chuir se roimhe dhéanamh, an machaire a bhí a n-gar don muillion a cheannach ó Shímeón O Dhochartuidh. Do ríth an sruthan thríd an machaire so: agus fuair Hopcins tathneamh mór ag tabhairt fá deara go miosguiseach, go m-b'fhéidir leis an sruthan athrughadh, agus an t-uisge a chur air siúbhal ón muillion go h-uile 's go h-iomlán air bheagan cosdais. Fan ám so do bhí Símón bocht a g-cruadhog mhór tre a chionta féin, air mhódh go m-b'éigin dó géilleadh don ríachdanus, neamh-dheóin an spiorad uaibhreach a bhí aige. Thainic athrughadh
mór air, a g-caitheamh na d-trí m-blíadhna déigheanach. An fad bhí se gan phosadh ba leór a theacht a-steach le n-a chongbhail súas a n-di mhaoineas. 'Na dhiaigh sin, do smuainigh Símeón bog fa dheireadh air phósadh, no budh chóra a radh, do ghlac cailin óg glic, a bhí 'na muirnín aige air feadh suim do bhlíadhnaibh, ann a ceann cur d'fhíachaibh air pósadh. Bhí sí fír-eolach air a mhealladh le briathraibh milse, agus mar an g-céadna air bhriathraibh borba do labhairt leis. Ní raibh se inmheasta go m-b'fhéidir le duine comh socair le Símeón seasamh a n-aghaidh dhuine ann a raibh an da chailidheacht so a g-ceann a chéile. Do labhair se mar so leis féin: - "Do chaill me dhá oiread lei, mar tá sí, a's da m-béidh sí 'na mnaoi agam. Ni'l tairbhe air bhíth aice cúram do dhéanamh do nídh air bhith a bhaineas damh-sa, acht amháin an saoghal a chur thart, agus gach a bh-féudann a dhéanamh dhí féin, 's d'a clainn. Agus ta an chlann, mar an g-céadna, ó bheag go mór, ag goid 's a' fúadach gach uile néithe da bh-féudann siad greim do bhreith air, agus da chur air léith dhóibh féin. A-nois ma ghním mo bhean dhlísteanach dí, mar is mían lei agus mar ta si íarraidh, béidh cuid aice féin de gach uile nídh chomh maith liom-sa, agus rachadh se chum tairbhe dhí féin aire thabhairt do gach uile nídh. Is bean bheó thapaidh í, agus sabhálfuidh sí mórán trioblóide dham, agus dheanaidh sí a díthchioll gach uile rud a dhéanamh chomh maith is féidir lei mar gheall air a clainn; agus a-núair admhuigheochadh mise íad go léir, measfuidh síad gur b'ionann íad fein agus mise, mar deir si-si; agus os a chionn sin, ní thig liom síothcháin a bhéith agam air ghléus air bíth eile." Ionnus nach n-gabhfadh Simeón cúram no trioblóid an phosta air féin, agus nach m-béidh se ag cíapáil le sgollóir mna, (an nidh is trioblóidigh san domhan,) do mheas se leanan mna a chongbhail, agus a-nois, chum suaimhneas a bhéith aige, do phós se í. Dhearbhuigh sí dhó nach m-béidh síothcháin no suaimhneas choidhche aice, go m-béidh sí 'na mnaoi dhlisteanaigh aige; agus nar bh'fhéidir lei, air aon chor, fhulang dó-san móimead síothchána bheith aige. De phós Símeon as laimh í, mar dubhairt se féin,
acht ní raibh san b-pósadh sin acht tosach trioblóide. Bhí mórán de luichd-gaoil ag an mnaoi nuadh-phósda; agus thainic uimhir mhór aca as gach uile thaobh air chuairt aice tar éis a pósadh. níor bh'féidir le n-a fear, a bhí 'na dhuine fhiuntach, a dhoras a dhruid a n-aghaidh dhuine air bíth. Bhí muintir Dhochartuidh, tuille agus ceud, 'seadh, dha chéud blíadhan ó shoin, cliúteamhuil fa n-a bhféile, agus bhí se d'úalach air Shímeón O Dochartuidh cliú a mhuintire do chongbhail súas. Bhí ceathar clainne aige le tabhairt súas, 's gan íad durn oibre dhéanamh dhó; oir bhí fuath an-mhór aca air obair, chomh maith le n-a n-athair. d'athruigh baramhuil na puiblidheachdha a d-taobh Shímeóin go h-oban. An méid a raibh gaol air bíth aca le muintir Dhochartuidh, agus a raibh eagla orrtha go m-beidh se féin agus a chlann ag íarraidh congnaidh orrtha, gháir síad a-mach a n-aghaidh, ag radh; "nach mór an náire don bh-fear so nach n-déanann se rud éigin dó féin, 's d'a mhuintir! Cionnus is féidir dóibh so, nach n-déanann saláthar air bíth dhóibh féin, súil a bhéith aca cabhair d'fhaghail ó dhaoinibh eile? Ta se sásta go deimhin! Ta, agus caithfidh se bhéith sásta gan mhaill na talta a ta a bh-fádh a seilbh a shinnsior a dhíol; agus 'na dhiaigh sin, muna n-déanaidh se díthchioll, caithfidh se bhéith sasta a bhreith chum a phriosúin. Ta se peacamhuil ag duine air bíth arán a díomhaoinis d'ítheadh go sásta." Is minic a dubhradh so, agus cáint mhí-chliúiteach mhaslaigheach mar so 'n-a lathair féin. B'fhéidir go musgólfadh so é as an trom-shúan ann a raibh se, agus go g-cuirfeadh se d'fíachaibh air díthchioll éigin a dhéanamh, muna m-béidh go bh-fuair a charaid Sir Haisint O Bríain áit dó a d-tígh an chustuim, a b'fhiú leith-chéud ponta sa m-blíadhan. Rinne se a dhíthchioll theacht súas air thairbhe na h-áite so a modh shuarach go leór. Ní'l 'fhios aguinn, agus ní mó ná sin is féidir fhaghail a-mach go deóigh, ca fada rachfadh se air aghaidh mar so; oir níor léigeadh d'a léisge a réim nadurtha do ghabhail: thainic a léir-sgrios go h-oban le oibriughadh priobháideach agus le slíghthe urchóideacha. Ba mhían le Hopcins an machaire sin a bhí a n-aice le muillion
Ghrae do cheannach agus mur bhí fhios aige go maith go raibh Símeón chomh uaibhreach sin 's nach n-díolfadh se roinn air bíth de thalamh Rosanna leis, do thionsgan se módh éigin chum a chur a ngeibhionn nar bh'fhéidir leis theacht as. Bhí Síméon neamh-aireach ag coimh-líonadh a chúraim mar fheithmheoir, nídh a b'fhéidir a thuigsin roimh rae. Ní raibh fhios aige, no ma bhí, do léig se thairis é, go raibh mórán uisge-bheatha da dhéanamh go neamh- dhlísteanach 'sa g-comharsanachd aige agus air gach taobh dhé. Níor bácadh le luchd a bhíadáin a radh, gur ghlac se airgiod ó luchd-déanta an uisge-bheatha go minic ann ám a ríachtanuis; acht do shéun se so a-muigh 's a-mach. Do b'fhéidir gur mó an fios a bhí ag a n-a mhnaoi agus a chlainn a d-taobh an cháis so ná aige féin. Ba ghnathach leo spruillidhe beaga páipeir do dhíol le luchd déanta uisge-bheatha, mar dhídean le n-a sábháil air a namhuid; acht níor bh'fhéidir dhóibh dídean air bíth a bhéith aca a b'fhearr ná neamh-aire agus léisge Símeoin. Tharlaidh go bh-fuair Maighistir Hopcins go mí-thapamhuil sgríbhinn bheag air a raibh séala mhic Ui Dhochartuidh. Ionnus nach léigfeadh se aon nídh thairis a b'fhéidir a bhéith 'na chion-fath d'a mhí-chliú, do chuir Hopcins duine ann a raibh muinighin aige, le fur-fhuagradh thabhairt do Shímeon go raibh uisge-beatha da dhéanamh go neamh-dhlísdeanach ann a leithide so de theach, (ag ainmniúghadh an tígh sin d'ar geallladh dídean). Fuair Síméon sáimh cundus air so, acht do léig se thairis é go failligheach mar ba ghnathach leis. 'Sé dubhairt se go raibh se ro mhall smuaineadh air n-dul a' tógbháil na stille an trathnóna sin, agus do dhearbhuigh se go rachfadh se da tógbháil lá air na mhárach; acht an lá na dhiaigh sin chuir se thart é, agus an lá na dhiaigh sin a-rís do rinne se dearmad de, agus do sgríobh fear thógbhail an ghearraidh chuige air na mhárach, ag ordughadh dhó theacht do lathair chum cundus a thabhairt d'a thaobh féin. San g-cruadhog so do mheas se a chasaoid a dhéanamh le Sir Háisint O Bríain, a n-dóigh go m-b'fhéidir leis, muinnteardhas a dhéanámh dhó le n-a chaomhaint ón g-ceart. Fuair se lítir o Mhaighistir O Bhríain chum fir-thógbhail an ghearraidh, a tharlaidh bhéith san tír fa'n ám sin. d'imthigh se air siubhal leis an lítir; do tharlaidh caraid
san t-slíghe air, a dubhairt leis tiomáint comh tapaidh a's d'fhéud se a n-diaigh fhir-thógbhail an ghearraidh ionnus go m-béarfadh se air, sul ma d-tiocfadh se chum aruis an chomhaírligh ui Choin, an áit a raibh se air tí proínn a chaitheadh. Bhí an comhairleach O Coin ag cur a-steách air son a bhéith 'na fhear-ionad na condae sin a b-Pairlement a n-aghaidh Shir Háisint Ó Bhríain, agus uime sin, bhí se soilleir gídh b'é duine ag a m-béidh fear aca 'na charaid, go m-béidh an fear eile 'na namhuid. Da bhrigh sin bhi se ríachdanach ag Símeón bréith air fhear-thógbháil an ghearraidh sul a m-béid se taobh a-stigh do gheatadh a namhuide. Rinne Símeón a dhíthchioll chum a chapoll do thiomaint chomh tapaidh a's b'féidir leis, ag séideadh agus ag cur feirge air féin; acht ní raibh maith dhó ann; oir is air an g-capoill a thuit síos san tonnamhais (mar is cuimhneach leis an léightheoir) do bhí se a' marcuigheacht. Tháinic fear-chruinniughadh an ghearraidh go teach an chomhairligh ui Coin a bh-fád roimh Shímeón, agus a-núair a thug se lítir an duine uasail Háisint O Bríain dó, b'furas aithne air an módh ann ar ghlac se í, nach bh-fuair se ann ám í. Chaill Síméon a churam a bh'fhiú leith-chéud ponta sa m-blíadhan. Acht ní raibh rud air bíth ba deacaire dhó d'fhulang go foighideach, ná cáint mhasluidheach a mhna, a bhí a g-comhnuidhe a' casaoíd air, agus da dhíbliughadh. Bhí fhios aige ó ghnath-eolus, nach raibh gléus air bíth a b'fhearr le n-a cur 'na sochd, ná an imirt go léir fhagbhail aice féin; .i. cead cáinte thabhairt dí, 's gan é féin focal air bíth labhairt. Uime sin níor bhác se dí a bheith a' cáint go sgannalach leis no go raibh sí go h-iomlán as anál, agus é féin beagnach 'na chodhladh, agus ann sin dubhairt se: "Go deimhin ní'l amhrus air bíth nach í sin an fhirinne, agus nach bh-fuil gach a n-deir tu ro cheart; acht ó tharlaidh nach bh-fuil gairm air ais air nídh air bíth a theidheas thart; agus do réir an t-sean-fhocail, nach d-tig leo so a bhíos 'na seasamh air an talamh, bhéith níos ísle, 's mór an sólás sin: da brígh sin féudamoid a bhéith fásta." "Sás ta go deimhin!" ar sisi, "gad é an sásamh do dhuine theacht súas air photátaibh a's air shalann? Mise, a ta am' mhnaoí dhlisteanach agad-sa, agus
tu-sa a ta de shliocht mhuintir' Dhochartuidh, go léigfeádh dod mhnaoí uasal a bhéith faoí tharcuisne agus faoi dhímheas, mar bhéidh sí a-nois gan amhrus; agus sin aca so a d'éirigh ó neimhnidh ó 'niúgh go 'né. Féuch Maighistreas Grae thall úd le taobh Rosanna 'na comhnudhe air do chuid talmhan féin: amharc uirri féin agus ormsa! agus féuch an neamh-chosmhulacht mhór a ta eadruinn!" "Tá beagán neamh-chosmhulachta eadruibh go cinnte," arsa Símeon. "Tá beaghan neamh-chosmhulachta eadruinn go cinnte!" arsa Maighistreas Dochartuidh 'na dhiaigh-san, ag labhairt comh árd géur caol a's b'fheidir lei, agus a' tabhairt milléin dó san ám chéadná; oir bhí fearg mhór uirri le Síméon fa mar léig se osnadh throm a-núair a thug se freagairt uirri, no budh córa a radh, a-nuair a thainic se lei air a sgéul. Ní'l rud air bíth is mó chuireas fearg air mhnaoí go minic, ná aontughadh lei. "Agus ma ta neamh-chosmhulacht eigin idir mise agus Maighistreas Grae, budh mhaith liom fhios a bhéith agam cía h-é is ciontach leis." "Budh mhaith a's liom-sa mar an g-céudna, a, Mhaighistreas Dochartuidh:" arsa Síméon. "Maiseadh, inneósadh mise dhuit air an m-ball é a Mhaighistir Dochartuidh: is tu féin is ciontach, a Mhaighistir Dochartuidh: no budh chóra radh, is mise is ciontach, tre do phosadh no cuiedacht a chongbhail leat air aon chor. Da m-béidhinn pósta ag fear luthmhar tapaidh saotharach salárthach mar Maighistir Grae, b'fhéidir liom a bhéith chomh séunmhar san t-saoghal, agus ní's séunmhaire ná Maighistreas Grae; oir is fearr d'fhoghnfadh saidhbhreas damh-sa ná dí-si, 'sná do dhuine air bíth d'a cineal; agus is mór an náire é os comhair an domhainn, agus 'sé sin a deir gach n-uile dhuine, na Graes so d'fheicsin a' teacht air a n-aghaidh, agus a'cur futha an siúd ag Rosanna, chum ar n-díobhál-ne." "Ní díobhál air bíth dhúinne é, a ghradh; oir ta a fhios agad nach n-dearnamar tairbhe air bíth de'n tonnamhas no de'n muillion: agus a-nois díolann síad-san deich b-ponta fhithchid san m-blíadhan linn, agus sin go bíth-chinnte mar an g-céudna. Gad é dheanfhadh sin
gan é anois, do bhrígh gur chaill sinn an áit a bhí aguinn a d-tígh an chustuim. Go dearbhtha saoilim go raibh agh ro mhór oruinn a leithide d'íocaidhe fhaghail." "Go deimhin ní h-é sin mo bharamhuil-sa," ar sisi; "oir da m-béidh oiread céille le cuilleog agad, b'fhéidir duit féin gach a n-dearnadar-san a dhéanamh. Agus da n-déanfá sin, creud an t-athughadh mór a bhéidh air do bhean dhlísdeanach agus air do chloinn! Do b'fhearr liom go m-ba h-é toil na naomh mo phósadh le léithid' an fheilmeoir Grae no a chloinn mhac." "A d-taobh a chloinne," arsa Símeón, "ta síad beagan neamh-oireamhnach a g-cás aoíse; acht do leith a n-athar, ní fhaicim fath cur suas san domhann dó; agus ma ta seisean amhluidh, agus gur mían leis malairt bean a dhéanamh, go deimhin, a mhuirnín, béidh mise sásta." Do ghoill an comhradh deigheanach so a rinne Símeón, (oir dho labhair se go suaimneach greanmhar) comh mór sin air Mhaighistir Dochartuidh, ionnus nar bh'fhéidir lei foighide a dheanamh níos faide, agus gur bhris sí a-mach a ngul; agus ó'n uair sin, (air m-béith dhó a-nois tar éis a h-aon dhéug san oidhche,) ó sin gus an sé air maidin, bhí sí a' gul 's a' caoidh, a's d'a mhaslughadh gan stad. d'éirigh Símeón as a leaba air maidin gan neall a chodhladh air feadh na h-oidhche, ag radh - "Go deimhin caithfidh na naoimh a bh-flaitheamhnas aire thabhairt duit a-nois, mar a deir tu féin, Allaidh, oir taim-se tuirseach díot a-muigh 's a-mach: uime sin is éigin damh a dhul a' fíadhach no ag éunlathoireacht le mo charaid Sir Háisint O Bríain chum me féin d'athbéódhadh." Bhí brón mhór air Shímeón a-núair a fúair se a-mach go raibh a ghearrán chom bacach sin 's gur air éigin d'fhéud se siubhal. Trath bhí se ag smuaíneadh c'áit a bh-fuigheadh se gearrán air íasacht le dhul a' fíadhach an lá sin, thainic Maighistir Hopcins a lathair a'marcaigheacht air chapoll maith fíadhaigh. Gídh go raibh an duine uasal so uaibhreach ó nádúr, 'na dhiaigh sin b'fhéidir leis é féin d'umhlughadh, a-nuair ba mhían leis é, agus a-nuair a bhéidh tairbhe dhó ann. Bhí a fhios aige go maith go raibh fuath ag Símeón air; acht do
thug se fa deara mar an g-céudna go raibh díobhál airgid air Shímeón. Fiú íad is tréine agus is boirbe air bith fearg, a-núair a chuireann síad íad féin a n-achrann, a's bhíos uireasbhuidh airgid orrtha, is éigin dóibh íad féin d'umhlughadh a n-aimsir na cruadhoige. Thainic Símeón sáimh chum fír-ríachdanuis tre léisge agus fallsachd, air mhodh go m-b'éigin dó, air mhaith leis féin, a uabhar d'ísliughadh. Tharlaidh diúltadh do Mhaighistir Hopcins aon uair amháin, an trath ba mhían leis cuid de dhuthaidh mhúintir' Dhochartuidh do chéannach ó dhuine aca. Bhí a thairgse níos trathamhuile a-nois, agus comh glic a's b'fhéidir a bhéith. d'fhíafraidh se de Shímeón air d-tús, gad é a bharamhuil de'n g-capoll sin air a raibh se a' marcuigheacht, mar bhí a fhios aige go raibh Maighisitir O Dochartuidh ro eolach air chapoillibh maithe fíadhaigh; agus dubhairt se leis mar an g-céadna, nach g-ceannochadh se í ó ghrúmadh an chomhairligh ui Chuin gan comhairle d'íarraidh air charaid eolách. d'fhiafraidh se ann sin an m-b'fíor gur tharlaidh imreas idir Shímeón agus fear-chruinniughadh an ghearraidh; do rinne se gearan a n-aghaidh mhiosguis agus mhí-rúín an spíodóire, gídh b'é air bíth é! agus fa dheóigh, dubhairt se le Símeón, ma bhi cruadhog air bíth air mar gheall air a áit do chailleamhuin, go raibh bealach réidh aige le airgiod d'fhaghail dhó féin .i. cuid de thalamh Rosánna a dhíol. Do chorruigh díobhál an chapoill do lathair, agus an comparáid a rinne se san móimeint chéadna idir an chréatúr capoill bhacaigh air a raibh se 'na leath-luidhe, agus an capoll breagha fíadhaigh air a raibh Maighistir Hopcins a' marcuigheacht; do chorruig so Símeón, a deirim, níos mó ná an chuid eile go h-iomlán. Sul mar sgar síad le n-a chéile, do rinne Hopcins margadh leis fa'n machaire sin d'a do rinne Hopcins margadh leis fa'n machaire sin d'a d-tug se taithneamh. Fuair se é go mór níos saoíre ná mur bhí súil aige fhaghail. Thug se an capoll fíadhaigh do Shímeón mar roinn díolaigheacta. Chomh luaith 's do fuair Hopcins an machaire so, a bhí a bh-fogus do mhuillion Grae, ann a shéilbh féin, chuir se roimhe ann sin tionsgnamh urcóideach éigin a bhí ann a inntinn le fáda, do choimh-líonadh. Fagamoid é a g-ceann a chuid oibre; caithfeamoid aireachas a thabhairt do neithibh níos tabhachtaigh ná íad so.
Trath bhí Róisi, maidin áiridhe, ag cruiniughadh céud bhlath luaith na blíadhna, thainic searbhoghantuidhe a libhre dhóigheamhuil a láthair air marcuigheacht; agus d'fhíafraidh se an raibh Maighistir Grae no aon n-duine de'n m-bunadh sa' mbaile. Bhíodar a h-athair agus a dearbhraithreacha a-muigh sa' machaire, tamull beag o'n teach, acht dubhairt sisi go rachfadh sí 'na g-coinne. "Níl ocáid leis, a bhean uasail óig," ars' an searbhoghantuidhe, "oir ní'l do gnothuidhe agam leo acht na cardaidh so fhagáil do mhnáibh uaisle an tíghe." Chuir se dhá charda a-steach ann a láimh, agus d'imthigh sé leis 'na lán-ríth, cosmhuil le duine a m-béidh mórán gnothuidhe éifeachdaigh le déanamh aige. Annsna cardaibh so bhí cuireadh chum coimh-thionoil daimhseoraighe, a bhí Sir Haisint O Bríain air tí thabhairt do dhaoinibh uaisle na tíre de'n dara céum. Thug Róisi na cardaidh lei chum a mathara, agus an trath bhí síad da n-ath-léigheadh an dara h-uair, thainic Grae a-steach chum céudlongadh. "Creúd ta ánn so aguinn, a leinbh;" ar se, ag tógbháil súas aon de na cardaibh. d'fhéuch se air a mhnaoí a's air a inghin air feadh tamuill le mí-shuaimhneas éigin inntinne: agus ann sin, chomh maith 's nar mhían leis toirmeásg a chur orrtha, thionsgnuigh se a bhéith caint air néithibh eile, agus níor labhradh aon nídh air an g-coimh-thionol daimhsearuighe no gur chaith síad a g-céudlongadh. Dubhairt a mathair le Róisi dhul agus a blatha do chur ann uisge, agus chomh luath a's d'fhag sí an seómra dubhairt sí: "Chím, a mhuirnín, nach d-taithnighean leat go rachfamois chum an choimh-thionoil daimhseoruighe; uime sin is maith liom nar dhubhairt me dadadh le Róisi 'na dtaobh sul ma d-tainic tu a-steach; oir is éigin duit 'fhios a bheith agad, go raibh dí-mhaoíneas dí-chéillidhe mar is gnathach le mathair orm, agus comh luath a's chonnairc me an carda, do shamhluidh me am'inntinn féin Róisi so aguin-ne gléusda comh maith le bean uasal aír bíth, agus a' féuchain níos déise ná mórán aca, agus gach uile dhuine a' déanamh iongantuis dí! Acht b'fhéidir go bh-fuil an cailín níos fearr mar ta sí, gan a bhéith tógtha súas 'na beán uasal. Agus 'na dhiaigh sin, do bhrígh go bhfuil teacht a d-tír aguinn chomh maith le mórán a ta d'a g-cur féin a g-céim, agus a meastar a
bhéith 'na n-daoínibh uaisle, créud an fath sa léigfeadh ar g-cailin an uain so thart chum í féin d'árdugadh céim san t-saoghal." "A ghradh mo chroidhé," arsa Grae, go ciúin socair, is ro nadurtha an nídh dhuit-se, air m-béith dhuít ad' mhathair ag léithide Róisi de chailin, bród a bhéith agad aisti, agus dúil a bhéith agad a sgéimh do chur os árd air gach módh d'ar bh'fhéidir é; acht 'sé an chéim prionsapalta smuaineadh gad é an gléus le'r féidir lei a saoghal do chaitheadh go séunmhar; agus ní h-é an nídh a bhíos taithneamhach le ar n-dí-mhaoineas air feadh móimeinte. A-nois, níl me cinnte da d-téidheadh sí chum an choimh-thionoil so, agus í féin a chur beagan a gcéim, go méudochadh se a séun air aon chor. Nach bh-fuilmid go maith mar ta sinn. Tarr a-steach, a Róisi, tarr a-steach, a ghradh; budh mhían liom da n-éisdfeá leis an nidh air a bh-fuilmid a' tracht, agus a bhéith críonna dhuit féin; ta tu sean agus críonna go leór, ta me cinnte. Bhí me air tí fíafraidh dhíot, nach bh-fuilmid go léir sona séunmhar san modh ann a bh-fuilmid a g-ceann a chéile a-nois?" "'Seadh! seadh! ta sinn mur sin go deimhin," ars' an bhean agus an inghin a n-éinfheacht. "Uime sin, nar chóir dhúinn a bhéith sásta, agus gan íarraid ar stáid d'athrughadh?" arsa Grae. "Acht ní athrochadh se ar staid a dhul aon uair amháin chum coimhthionoil daimhseoruighe - a n-athrochadh, a athar?" arsa Róisi, go náireach. "Ma thionsgnamoid aon uair amháin sinn féin a chur á g-céim dhaoine uaisle, ní bhéidh dúil aguinn theacht air ais a-rís chum an stáid ann a bh-fuilmid a-noís. Uime sin bhudh chóir dhúinn smuaíneadh air dtús créud an tairbhe a dhéanfas an t-athrughadh so dhúinn. Tá bíadh a's deoch, éadach a's teine aguinn, créud eile b'fhéidir linn a bhéith aguinn da m-béidhmis 'nar n-daoinibh uaisle? Tamoid go léir sásta linn féin, agus le chéile; ta sláinte agus deagh-intinne aguinn: gad é d'fheudamoid a bheith aguinn níos mó, da m-béidh saidhbhreas an domhainn aguinn? no, budh córa a radh, cuir a g-cás go m-béidh sinn mur sin, an m-bh fhéidir linn ann sin gach uile shólás da bh-fuil aguinn a-nois
a bhéith aguinn? Níor bh'fhéidir go dearbhtha: oir sa' g-céud áit, bhéidh uireasbhuidh mhór airgid oruinn, do bhrígh go m-béidh mórán bréaghán, nach mothaighmid a n-díobhál a-nois, comh ríachdanach dúinn le ar n-arán laetheamhuil. Bhéidh náire oruinn gan an uile nídh a bhéith aguinn a bhíos ag daoinibh uaisle; gídheadh nach fiú sóp íad so a g-cás fhíor-shóláis air bíth a bhíos da m-bárr aguinn, tar a cheann sin is éigin a bh'-faghail. Ann sin bhéidh náire oruinn a d-taobh na h-oibre le'r bh'éigin dúinn airgiod do shaláthar chum díol air son an iomláin de na néithibh so gan tabhacht. Ann sin bhéidh náire mhór air Shéan agus air Roibeard, da bh-feicfeadh na daoíne uaisle íad ag oibriughadh san muillion, a' tógbháil suas saic phlúir, agus faluighthe go léir le min: no da bh-fuigheadh siad san tonnamus íad, agus a lamha nochtuighthe tar chnaimh na h-uillean. Agus chuirfeá-sa, a Róisi, do thúrnadh-lín as a' m-bealach go déifireach; agus béidh náire ort, da bh-faicfuigheadh thu ag deasughadh mo phróinne dhamh-sa. Neamh-dheoin sin, ní cas náire aon-nídh aca so, agus ta bród oruinn go léir á-nois fa bhéith d'a n-déanamh." "Agus go m-ba fáda búan bhéidhmid mar sin!" arsa Maighistreas Grae. "Tá tu ceart, agus do labhair mise go di-chéillidhe. Róisi, a mhuirnín, caith na cardaidh sin a-steach sa' teine. Tamoid sona séunmhar, agus sásta da'r stád; agus ma athruigheann sin, bhéidhmid mí-shasta neamh-shona, mar ata mórán díobh so a mheastar a bhéith nios fearr ná sin-ne. Feúch! ta na cardaidh dóighte; uime sin ná smuaineamoid níos mó orrtha." "Tá súil agam nach bh-fuil brón air Róisi a d-taobh an choimh-thionoil daimhseoruighe so. An bh-fuil, a Róisi bhig?" - ars' a h-athair, da tarruing chuige, agus da cur 'na suidhe air a ghlún. "Bhí aon adhbhar amháin, a athar," arsa Róisi, bhí aon adhbhar amháin, agus ní raibh acht sin, far mhían liom a dhul chum an choimh-thionoil so." "Maith go leór;" ar seisean; innis dúinn é. Déanadh tu mar is toil leat: geallaim sin duit roimh rae. Acht innis an t-adhbhar dhúinn. Creidim go bh-fuair tu é ann áit éigin a n-íachdar an bhlatha bhreagha sin a
tá tu a bhreathnughadh le ceathramhadh uaire, innis dam é," ar se a' gáiridhe. "Sé so amháin an t-adhbhar, a athar," arsa Róisi; acht féuch! och, ní fhéudaim innsin duit a-nois. Féuch cía ata teacht." 'Sé duine bhí ann, Sir Háisint O Bríain 'na shuidhe ann a charbad, agus a sheárbhoghantuidhe Sacsanach d'ar b'ainm Stafford 'na chuideacht; bhí a iomchar modhamhuil tromdha go h-iomlán neamh-chosmhuil ris an módh ann a raibh a maighistir air foluamáin agus air fuaidreadh go cullóideach buaidhearta. Bhí Sir Háisint a' dul thart ag íarraidh gotha no bhótaidh air feadh na tíre - gnothuidhe d'a d-tug se taithneamh mhór, agus ann ar sháruigh se gach uile dhuine, do réir baramhla na n-daoine. Bhí gach uile cháilidheacht ríachtanach aige, agus go dearbhtha do ghríosaigh fath comhachtach go leór é chum sin do dhéanamh; oir do bhí 'fhios aige, muna d-tóighfidh chum a bheith 'na bhall de'n b-Pairlement é, go g-caillfeadh se a shaoírse san ámh chéadna: do bhrígh go raibh príbhléid baill de'n b-Pairlement ríachtanach aige le n-a shabhail ó n-a ghabhail. Bhí dúithche mhór aige, agus neamh-dheóin sin, ní raibh duine air bíth san g-condae ba bhoichte ná é; oir gídh b'é air bíth teacht a-steach a bhíos ag duine, ma bhíann a fhéile os cionn a achmhuinge is éigin dó bhéith bocht. Ní h-e amháin gur chaith Sir Háisint O Bríain níos mó ná a theacht a-steach; acht ba mhían leis go measfuidheadh suim a chíos a bhéith fa dhó níos mó na mar bhí se go fírinneach. Uime sin, b'éigin dó caitheamh a dhéanamh do réir an t-saidhbhris a léig se air féin a bhéith aige; agus chuir an dí-mhaoíneas ámaideach so a n-achran é a d-tosach a shaoghail, air mhódh nar bh-fhéidir leis é fein do réidhteach 'na dhiáigh sin as. Bhí an-dúil aige a bheith 'na áird-threóraidhé ann a thír féin: rinne se a dhíthchioll air an uile dhuine do shásadh, agus choisin sin mórán dó: agus chuir se a-steach air son a bhéith 'na bhall de'n b-Pairlement a n-agaidh móráin eile. Rug se buaidh, acht is iomadh míle ponta chaill se leis. Bhí gach uile nídh le ceartughadh le n-a dheagh-labhairt, a bhí in-mheasta go deimhin. Bhí se deagh-chainteach tuigsionach greanmhar, agus bhí muiníghin an-mhór aige as féin go m-b'fhéidir leis gach uile nídh d'fhoillsiughadh
chomh soilleir a's b'fhéidir é. Do rinneadh íongnadh mór d'a oráidib san b-Pairlement; agus bhí se air buille le ain-mhian onóra agus árdughaidh a g-céim shaoghalta. B'áill leis a bhéith 'na dhuine oirdheirc san t-Seanáid; agus an feadh bhí se dían air an g-cuspóir so, do léigeadh a ghnothuidhe féin a bh-fáillighe go h-iomlán. Ní thigean ain-mhían agus fearachas-tíghe le chéile air aon chor. Neamh-dheóin sin, bhí d'fhiachaibh air O Bríain, chum mórdhacht a bheatha do chonghbhail súas, uireasbhuidh na subháilce súaraigh so .i. fearachas tíge, (mhar ba ghnathach leis féin á radh) a dhéanamh suás le gléus éigin eile. Do choncas dó nach raibh slíghe air bíth eile ion-glacuighthe aige, chum so thabhairt chum críche, acht cúl a thabhairt do na ceadfadha do lean se go d-tí so. Goill se go mór air, sin a dhéanamh; acht ní raibh neart aige air, da bhrígh nar bh'fhéidir leis theacht súas air chúig chéud ponta sa' m-blíadhan a-nois, tar éis cúig mhíle do chaitheadh gach uile bhlíadhan roimhe sin. Mur sin, ó bheith dhó 'na thíorthach theinntidhe, thainic se chum a bhéith 'na bhuin-chíosuidhe uirísiol. Do rinne se a dhíthchioll le neart inntleachda agus le réasuntachd chealgach cúis mhagaidh do dhéanamh do na céadfadha á thréig se. Go h-aith-ghearr, ba mhían leis mór-dháil a dhéanamh as a bhéith ag síor-chaint go neamh-náireach air ríaghluidheoraibh na críche, agus ba ghnathach leis, magadh agus fonnamhad a dhéanamh faoí gach uile shubháilce phuiblidhe, chomh maith a's nach raibh ionnta acht taóm-buile agus fuar-chrabhadh gan bhrígh. Do chuir Sir Háisint a g-céill do dhaoinibh eile ar úairibh le n-a dheagh-chaint agus tre mhaiseamhlachd a bhéusa, go raibh an ceart aige; acht faraor! bhí aon n-duine amháin nar bh'fhéidir leis a mhealladh, agus 'sé sin é féin. Ní raibh meas air bíth aige air féin, agus níor bh'fhéidir le nídh air bíth cúitiughadh a dhéanamh ris san t-sásamh inntinne do chaill se. Gan féin-taithneamh bíann gach uile shólás san domhan gan bhlás. Tar a cheann sin, do shaoil gach uile dhuine, nach raibh fios a inntinne aige, go raibh Sir Háisint O Brían 'na dhuine shona do réir chosmhulachd: agus níor mheas duine air bíth go m-ba dhiol truaighe é, no gur b'é féin ba chiontach leis, no go raibh droch-bhail a ghnothuidhe follasach don t-saoghal. Bhí áit thairbheach
aige; acht do mheas se go raibh se oireámhnach aíge caitheadh do dhéanamh do réir a theacht a-steach, agus da bhrígh sin, ní raibh se sgillin níos saidhbhre a g-cionn bhlíadhna. Do phós se bean-oighre shaidhbhir a n-dothchus a fhortún briste a dhéanamh súas lei; acht bhi sé oireamhnach aice, no mheas sí féin go raibh, caitheadh a dhéanamh do réir a fortúin; agus uime sin ni raibh a fear aon sgillin amháin níos saidhbhre tre n-a phósadh. A-núair a bhídheadh cruadhog airgid air Sir Háisint a-nois a's a-rís, do thogbhadh a ghníomhaidhe, a bhí 'na ríaghluigheoir air gach uile nídh aige, airgiod air íasacht dó chomh tapaidh a's b'féidir é; agus ta 'fhios dó chomh tapaidh a's b'féidir é; agus tá 'fhios ag gach uile dhuine gur b'éigin díol go daor air son cobhair air bíth a díol go daor air son cobhair air bíth a faghthar ann aimsir na cruádhoige. Ta daoine ann, a bhíos chomh h-éasgaidh ag tabhairt airgid air íasacht uatha ann a léithide so de chás, agus is féidir le luchd an ain-mhíain agus na dosgúigheachta íarraidh. Ba duine mar so Maighistir Hopcins, agus is é do bheireadh áirgiod air íasacht don m-Barún gach uile úair do bhídheadh easbhuidh air. Ní raibh 'fhios ag Sir Háisint O Bríain go raibh a mhaoin shaoghalta a mí-ordughadh go ro mhór, no go m-b'éigin dó é féin d'ullmhughadh fa chomhair togha úr nuadh, mur gheall air briseadh súas oban na Pairlement. A-núair a chuaidh se chum na tíre, thainig sgaoth de luchd-fíacha garóideach trioblóideach 'na thimchioll ag íarraidh air comaoin do chur orrtha, agus a ghealla do coimh-líonadh dhóibh. Is bocht an rud do dhuine a bhéith ag íarraidh gean na n-daoine do thuilleadh chum é féin do chur a g-céim, muna bh-fuil se saidhbhir go leór chum an nídh is mían leis do dhéanamh a-mach. Do rinne an Barún a dhíthchioll chum a thréigean ó thaobh an cheirt do cúr thart go maiseach le grinn-bhriathruibh; agus an feadh a b'fhéidir leis gáire agus súgradh a dhéanamh 'na shuidhe síos a g-ceann boird líonmhair, níor bh'fhéidir dó gán mórán d'fhaghail a dhéanfadh gáire agus súgradh 'na chuideacht. Acht bhí buidheann láidir air na dhéanamh suas 'sa tír 'na aghaidh. Bhí beirt choimh-sheasmhoiridhe eile a' cur a-steach air son a bhéith d'uaislibh na Pairlement: ba duine aca so an comhairleach O Cuinn, fear gan sibhíaltas air bíth agus de threidhibh uirísle ; acht tar a cheann sin,
b'fhéidir leis deoch d'ól, agus luchd-bhóta do mhealladh chomh maith go h-iomlán le Sir Háisint, d'aimh-dheóin é bhéith chomh deaghchainteach, inntleachdach, a's bhí se. Bhí Maighistir Molineau, an coimh-sheasmhoir eile, go mór níos in-eagluidhe; do bhrígh go raibh se 'na dhuine thréidheach fhíréunta iónnruic, agus nach n-deárna dearmad a-ríamh de nídh air bíth a rachadh chum sochair do luchd a thíre. Ní raibh se 'na cheann-feadhna, acht bhi se 'na charaid don g-ceart agus do na bochtaibh, air mhodh nach bh-fuileóngfadh se luidhe go trom orrtha le láimh láidir. Do chomh-aontaigh buidheann mhór de dhaoinibh buidheach neimh-spleadhach chum an duine uasal so do chongbhail súas. Bhí adhbhar ag O Bríain a bheith air crioth fa n-a chineamhuin; ba cluimhthe cruaidh dhó é so. Chuaidh se air feadh na tíre ag iarraidh bhótaidh chomh luthmhar tapaidh a's b'fhéidir a dhéanamh; agus bhí se aireach air an dream so a bheith ann a leith, a m-bían dúil mhór aca a bheith ag rith a-nunn 's a-nall thríd an tír ann aimsir togha, agus a mheasas íad féin a bhéith cúiteach go leór mur gheall air an mór-dháil a bhías aca air feadh thamuill, agus an chullóid a ghní siád. Ba duine mar sin Símeón O Dóchartuidh. Bhí se neamh-aireach air a ghnothuidhe fein, acht ro éasgaidh a g-cás dhaoine eile. Níor bh'fhéidir leis fanmhuin san m-baile a-nois: da bhrígh sin ba mhaith leis rith síos a's súas air feadh na tíre, agus is aige d'fhag O Bríain an t-iomlán d'obair shalach an togha le cur a g-criche. Thug Símeón sáimh é fein a-núas chum an cheim is ísle d'uaislibh an t-seachráin, mar a h-ainmnighthear íad; daoine nach m-biann dadadh le déanamh aca, no teacht a-steach air bíth le n-a g-congbhail súas, agus do ghairmidh daoine uaisle díobh féin, agus a shaoileas gur cóir dhóibh meas mor fhaghail mur gheall air sinnsearachd a muinntire. Do bhí 'fhios ag Sir Háisint O Bríain gad é mar b'fhéidir leis uabhar Shímeóin do bhladaradh, agus a mhealladh le cluanaigheacht. Shaoil Símeón sáimh, da m-béidh an Bárún 'na bhall d'uaislibh na Pairlement, go bh-fuigheadh se áit dó a d-tígh an chustuim chomh maith leis an áit a chaill se go déigheanach. A n-dothchus na geallámhna sin d'oibrigh Símeón níos díthchiollaigh ná mur ba ghnathach
leis a dhéanamh air ócáid air bíth ariámh 'roimhe, agus ní raibh an chailidheacht bhríoghmar sin .i. caint bhladhmanach, áir easbhuidh uaidh. Chuaidh se ro fhada air uaribh leis an nós so; oir ni h-e amháin go n-dearna se borrachas air an rann daoine a bhí a n-aghaidh le n-a bhladhmanadh; acht is minic a mheall se a cháirde féin. Mur an g-céudna, dhearbhuigh se d'a dhíonadoir, agus é os cionn a bhuidéil, go m-b'fhédir leis mórán luchd-bhótaidh fhaghail dhó, air nach raibh cumhacht air bíth aige. Mur eisiomplar, d'innis se do Sir Háisint O Bríain go raibh se cinnte go d-tiubhradh ná Graes go léir a nguth dhó, agus is mur gheall air an deimhniughadh so do fuair Róisi, agus a mathair cuireadh chum an choimh-thionoil daimhseoraighe; agus 'sé so an t-adhbhar fa d-tainic an Barún do lathair a b-pearsuin chum a mhilis-bhriáthra do labhairt ag Rosanna. Do chongbhamar ro fháda ag dorus an chábáin é; is míthid dúinn a léigean a-steach a-nois. AN CEATHRAMHADH CAIBIDIL. Air n-dul a-steach dhó, 'sé an chéud nídh a bhreathnuigh se, sgéimh Róisi. Do ghlac sí seilbh comh h-oban sin, agus comh mór air inntin, ionnus go n-dearnaidh sé dearmad de'n togha air feadh tamuil bhig, agus de gach uile nídh a bhain dó. Ionnus go d-taisbéunfaidh sé an t-síbhíaltacht sin do gach neach, a dhlígheas an té a bhías a' cur asteach air son a bhéith a b-Pairlement, bhí sé ríachdanach aige léigen air féin a bhéith lán tsásta le athair, agus le mathair, le mac, agus le inghin; acht ní raibh ocáid air bíth le bladaradh san g-cabán so; oir go fírinneach thaithnigh gach uile dhuine de'n m-bunadh fa léith leis. Do corruigheadh céadfadha mothuighthe nádurtha an chroidhe ann. Rinne an duine ain-mhíanach so dearmad d'a thionsganta go léir, agus d'a uile chúram, ag léir-smuaíneadh air an aoíbhneas agus air an t-sólás a bhí ag a na léithide so de dhuine uirisiol; agus do bhí an Barún ag comh-radh le feilmeoir
Grae air feadh leath-uair ' go h-iomlán, sul ma d-tainic se chuige féin. "Tá an mhuintir so," ar se a n-inntin féin, "níos séunmhaire go mór ná táim-se, 's ná bhí mé 'ríamh! Tá síad-san sásta a m-beatha do chaitheadh go h-uaigneach; bhí mi-se mío-shasta fiú a-nuair bhí mo chliú air lasadh agus air na chraobh-sgaoileadh a measg na n-daoíne. Acht ní'l se a'm' chumas-sa mo chineamhuin d'athrughadh. Chuaid me air bhord luinge air mhuir na críoch-smachta chomh neamh-aireach a's da m-ba bád beag pléisiúir í; a-nois ta me ceangailte síos gus an maide-ramha, agus ní féidir le sglábhadh air bíth a bhéith níos measa ná ta me." B'fhéidir gur mur gheall air sgéimh Róisi, a g-céim éigin, thug Sir Háisint taithneamh comh h-oban a's chomh mór sin d' aoíbhneas na tíre. Ta se cinnte gur mó an buaidhreadh a bhí air, a-nuair a chualaidh se nach rachfadh sí chum an choimh-thionoil daimhseoraighe, ná bhí air an tan h-innséadh dhó nár bh'fhéidir le n-a hathair no le n-a dearbhraithreachaibh a n-guth a thabhairt dó. Air m-béith don bh-feilmeoir Grae 'na dhuine chomh neamh-spleadhach a g-céadfadha a's bhí se a maoin shaoghalta, dubhairt se leis an m-Bárún go fírinneach cneasta, gur mheas se nach raibh duine air bíth le faghail budh oireamhnaigh ná Maighistir Molineau le cur a b-Pairlement; agus da bhrígh sin gur dó-san budh chóir dhó a ghuth a thabhairt. Do rinne Sir Háisint a dhíthchioll d'a chomhairleadh, 's gan maith dhó ann, agus ann sin d'fhag se an cábán go dólásach brónach. Tharlaidh Símeón O Dochartuidh air tar éis é dhul beagán de mhíltibh ó'n dorus, agus thug se chaint mhaslúightheach dó go feargach mío-shásta, fa mar mheall se é, da chur a g-céill dó go raibh na Graes 'na leith. Ní raibh focal le radh ag Símeón air d-tús; ácht do smuainigh se go trathamhuil air bhealach áiridhe le'r bh'fhéidir leis é fein do réidhteach as an acran so. "Is tu féin is ciontach go h-iomlán, a dhuine uasail le do thoil," arsa Símeon: "dá fheabhas an fear togha thu, rachfadh mise a m-bannuidhe go bh-fuigheadh me duine a sháróchas thú san g-cás so. Cuir mise agus Stafford tar ais a-rís air an móimeint so go Rosanna, agus bhearfaidh sinn na trí bhótaidh chugad a g-cionn uaire
chomh marbh le preachan, no ní O Dochartuid is ainm damh-sa!" "Dearbhuighim dhuit, a Mhaighistir Dochartuidh, nach d-tuigim thu," ar seisean. "Maiseadh, léig damh-sa cogar a dhéanamh ann do chlúais, a Shir Háisint, agus cuiridh me a g-céill duit go bh-fuil an ceart agam." Do sméid Símeón go ro éifeachdach, agus d'fhéuch se críona go h-iongantach; ann sin d'a shíneadh féin síos ó n-a ghearrán d'ionnsuidh an charbaid le theacht a bh-fogus do chluas Shir Háisint, d'innis se a g-cogar dó, go raibh 'fhios aige ó ughdar ro mhaith, go raibh Stafford a n-gradh le inghean dheas Grae, agus nach raibh mí-thaithneamh air bíth ag Róisi air-sean; go raibh gean an-mhór ag a n-a h-athair agus ag a n-a dearbhraithreacha uirrthi, agus da bhrígh sin go m-b'fhéidir lei a n-gotha d'fhaghail dó, da labharfuidh go ceart lei. Níor chuir an sgeul so oiread luathgaire air Shir Háisint a's mheasfá ba chóir dhó a chur. Dubhairt se go fuar failligheach nar bh'féidir leis Stafford a léigean uaidh do lathair, agus ann sin do thiomáin se air aghaidh. Do méudaigheadh an sgéul so go mór, ag imtheacht ó bheul go béul, agus gach uile dhuine a' cur leasughadh leis mur is gnathach. Bhí gean ag Stafford air Róisi gan amhrus; acht níor innis se sin a-ríamh dhí; agus a d-taobh Róisi, b'fhéidir go bh-fuigheadh sinn a-mach a h-inntin go léir, muna m-beidh go d-tainic carbadh Shir Háisint go díreach a-núair a bí si 'na suidhe aír ghlún a h-athar, agus air tí innsin dó créud an fath fa'r mhían lei dhul chum an choimh-thionoil daimhseoruighe. Bhí Stafford 'na thaoíseach teaghlaigh ag an m-Bárún, agus is aige bhí ríaghalughadh os cionn shearbhoghantuidhe do-smachtaighthe a mhaighistir. Bhí se ro eólgach air neithe do dhéanamh a módh ríaghalta do réir nós na Sacsanach, nós nar thaithnigh go mór le n-a choimhshearbhoghantuibh; agus da bhrígh sin bhí fuath mór aca air, agus ní aca-san amháin, acht ag mórán de lucht na tíre san g-comharsanacht sin, a mheas go raibh reamhchlaonadh láidir aige do leith gach uile néithe do bhain re Sacsan, agus dí-meas follasach do gach nídh a bhain re Eírinn. Thug síad fa deara 'na dhíaigh sin, nach
raibh an ream-chlaonadh so aige a n-aghaidh mhuintir na h-Éirinn go léir; d'admhuigh Stafford é féin go raibh bunadh Ghrae beagnach chomh ríaghalta, bithchinte, salárthach, taithneamhach a's da m-béarfuidh a Sacsan íad. Do chuir sin íongnadh chomh mór sin air, ionnus nar fhéud se gan a dhul gach uile úair da raibh foill aige gus an muillion no go cábán Rosanna ionnus go bh-feicfeadh se an m-b'fhéidir a léithide so de néithibh a bhéith go fírinneach a n-Eirinn. Is ag muillion Rosanna do cheannaigh se an méid plúir a theasduidheadh uatha, agus 'sí Róisi do chongbhuidh éunlaith ris an m-bean-tíghe a g-comhnuidhe; air mhódh go raibh se ríachdanach ag Stafford a dhul go minic air cuairt go cábán Ghrae mur gheall air ghnothuidhe a mhaighistir; agus gach uile uair a théidheadh se ann, do shaoil se go raibh cábán Ghrae níos mó agus níos mó cosmhuil le tígh Shacsanach: agus mheas se gach uair agus gach ám go m-ba chosmhuile Róisi le cáilin Sacsanach ná le rud air bíth eile. "Is mór an truaighe," ar seisean, "nar rugadh í air an taobh thall de'n bh-fairge; oir níor bh'féidir le mo mhathair agus le mo cháirdibh a g-condae Warwick, cur súas air bíth a bhéith aca dhí ann sin. Acht do bhrígh gur cáilin Eirionnach a ta inte, ní féidir leo go dearbhtha taithneamh air bíth a bhéith aca uirri." Is minic a chualaidh se íad a' radh, no amhuil a's da n-déarfadh síad, go m-budh mhór an briseadh croidhe leo, da b-pósadh se a n-Eirinn, agus comhnuidhe a dhéanamh a measg na m-bogaigh agus na n-Eirionnaigh fhíadhain. A nuáir a chuimhnigh Stafford air reamh-chlaon a cháirde a n-aghaidh mhuintir na h-Éirinn, bhí droichmhéisneach mhór air, smuaíneadh air Róisi phósadh; acht teagmhuidh se air úairibh go d-taisbéunann léirsmuaineadh air reamh-chlaonta dhuine eile ámaideacht ar g-claonta féin dúinn, agus is mar so bhí an chás sa lathair. Do sgríobh Stafford go minic chum a cháirde a g-condae Warwick da dhearbhughadh dhóibh, go raibh síad meallta go h-iomlán ann a m-baramhuil a d-taobh na h-Erinnn; nach raibh Eire go léir 'na bogach; go raibh iomad crann árd 'sna h-áitibh tre ar shiúbhal se, agus go raibh mórán de bhailtibh beaga tuaithe ann, chomh deas a's budh mhían leat d'faicsin ann áit air bith; agus go
raibh na fir, (gídh go g-caitheann cuid aca bróga fós,) go mór níos féile do dheóraidhibh ná bhí na Sacsannaigh; agus go raibh na cáilinidh, an chuid aca nach raibh feoighte lé deataigh, chomh breagha deas dathamhuil le cáilin air bíth a chonnairc se a-riámh, go h-áiridhe cáilin éigin d'ar b'ainm Róisi Grae. Ba h-í mar an g-ceadna an cáilin a b'fhearr agus ba taithneamhaigh d'ar b'aithne dhó a-ríamh í, gídh go raibh se beagnach 'na pheacadh an oiread sin a radh a leith cáilin air bíth nar rugadh a Sacsan. Do sgríobh Stafford mórán eile de'n t-sórt so chum a mhathar; sgríobh si-si air ais chuige da fhreagairt, agus d'íarr sí mar athchuinge air, smuaíneadh go maith créud a bhí se air tí a dhéanamh, sul ma bh-fulóngfadh se dhó féin tuitim go doimhin a n-gradh le Róisi Grae so, no le cáilin Eirionnach air bíth eile a tugadh súas a g-cábán déanta de bhalladh criaidh, agus nar bh'féidir do dhuine súil a bhéith aige go d-tiompóchadh a léithide so a-mach air deireadh comh maith le bean a rugadh go fírinneach a Sacsan, agus a tugadh súas a d-teach scláta. Do h-athruigheadh Stafford chomh mór sin ann a reamh-chlaonta agus ann a bharamhuil air mhuintir na h-Eirinn ó thainic se n-a measg, air mhódh nar fhéud se gan miongháire do dhéanamh faoí roinn de lítir a mhathar; gidheadh, thainic se lei comh fada so is gur mheas se go raibh se céillidhe aige gan tuitim go doimhin a n-gradh le cáilin air bíth Eirionnach no Sacsannach no go m-béidh eólus go h-iomlán aige air a méin 's a tuigse. Uime sin léig se dhé go críonna, 'sé sin le radh, léig se dhe oiread a's d'fhéud se, comhartha air bíth a thabhairt do Róisi go raibh gean air bíth aige uirri, no go raibh lán-fhaill aige a teasdas, agus fios a h-aigne fhaghail a-mach. Do bhí so ann a chumhacht a-nois. Chonnairc se go d-tug a mhaighistir taithneamh mór do Róisi mur gheall air a sgéimh áluinn; agus bhí 'fhios aige go rachfadh Sir Háisint air aghaidh le n-a ghnothuidhe go búain-sheasmhach neamh-thuirseach. D'éirigh a chroidhe le luthghair, 'n-úair a thainic an carda a thug cundus air a diúltadh. Do léigh se a-rís agus a-rís é, agus fa dheoidh chuir se a-steach ann a bhrollach é go dluth le n-a chroidhe. - "Is maith
an inghean Róisi," ar se leis féin; "agus is maith an comhartha sin go m-béidh sí 'na mnaoí mhaith. Ní smuaínigheann sí go d-tug mo mhaighistir taithneamh dhí; acht is maith a ghnídh sí comhairle a h-athar chríonna chumanaigh do ghlacadh. Ní raibh oiread de ghean a-ríamh agam air an bh-feilmeoir Grae sin, ann ám air bith ann mo shaoghal a's ta air an móiment so." Do chuir a mhaighistir toirmeasg air Stafford an tan bhí se ag labhairt mar so leis féin: ghlaoídh se go feargach air, agus d'fhíafruidh se dhé, créud fa nach d-tug se coirce do na caiplibh an lá roimhe sin, mar d'íarr se air. Is fíor go n-dearna se dearmad go h-íomlán de'n g-coirce, do bhrígh go raibh se buaidheartha míoshuaimhneach ann intinn mur gheall air Róisi, agus air an g-coimh-thionol daimhseoruighe. Do las Stafford go bun an dá chlúais. D'admhuidh se gur ro dhona rinne se, dearmad a dhéanamh de'n g-coirce; acht dubhairt se go rachfadh se chum an sgiobóil do lathair, agus go d-tiobhradh se a-mach don n-grúmadh é.B'fhéidir go d-tiobhradh maighistir air bíth eile, nach m-béidh chomh so-chorruidh no chomh diongmhalta le O Bríain, maitheamhnas do Stafford ann sa bh-faillighe so, air son a ghnathdhuthracht roimhe sin. An tan chúalaidh an t-ughdar mór-mheasamhuil Stern maighistir áiridhe aon uair amháin ag tabhairt achmhusain ghéir so sheirbhiseach mar gheall air locht gan bhrígh, dubhairt se leis an duine uasal so, "a Shaoí ionmhuin, níor chóir dhúinn súil a bhéith aguinn gach shubhailce fan ngréin fhaghail air fhithchid ponta san m-blíadhan." Ba mhían le O Bríain íad a bhéith aige air amháin geallamhuin fhithchid ponta sa' m-blíadhan. Gídh nar dhíol se tuarasdal a shearbhoghantuidh 'ríamh go cneasda, 'na dhiaigh sin ba ghnathach leis a maslughadh go ro mhío-mhodhamhuil gach uile úair da m-bídheadh fearg air. 'San g-cás lathaireach, méuduigheadh a dhroch-aigne le h-éud. "Do b'fhearr liom, a dhuine uasail," ar se le Stafford, tar éis é gair mionna móra do chur as; "go d-tiobharfá aire dod' ghnothuidhe, 'sgan a bheith a' dul a n-díaigh néithe nach bh-fuil oireamhnach duit, agus nach bh-foghnann dhuit; ní'l lá ratha go deigheanach ort; tá tu neamh-aireach, míomhodhamhuil, agus ní'l tu iontaobh."
d'fhulang Stafford go foighideach gach ar dhubhairt a mhaighistir, no go d-tainic se gus an focal so, "ní'l tu iontaobh;" acht chomh luath a's dubhairt se so, níor bh'fhéidir leis smacht a chur air féin níos faide. Chaith se air an d-talamh eochar mhór an sgioboil a bhí ann a laimh, agus ghair se a-mach - "ní'l me iontaobh! an é so luach saothair mo sheirbhise go h-iomlán. Ní'l me iontaobh! Maiseadh ní'l aon ghnothuidhe ann so agam-sa níos faide." "Ní'l da luaithe imtheochas tu nach amhluidh is fearr é, a dhuine mhaith," ars' an Bárnn go feargach; agus ní raibh rud air bít a b'fearr leis 'san ám sin ná ésean imtheacht as a radharc. "Is fearr duit imtheacht leat go Sacsan do lathair: ní'l féum agam air do sheirbhis níos faide." Níor labhair Stafford aon fhocál amháin níos mó, acht d'imthigh se leis as a radharc, ionnus go m-b'fhéidir leis a bhuaidhreadh inntine do chéilt; agus a núair a bhí se 'na aonar bhris se a-mach a n-gul, ag radh leis féin a-rís agus a-rís, "Maiseadh 'sé so luach mo sheirbhíse go léir!" An trath d'fhuaraigh fearg Shir Háisint, smuaínigh se go raibh tuarasdal sheacht m-blíadhan le díol le Stafford aige, agus do bhrígh nach raibh se comhgarach aige sgaramhuin leis an oiread sin airgid annsa lathair ann aimsir na togha, do chuir se roimhe reidhteach leis. Ní do ghradh an cheirt ba mhían leis so a dhéanamh, agus uime sin is éigin a radh go raibh se comh uirisiol laig-spioraideach sin a's a leith-sgéul féin a ghabhail le n-a fheadhmanach féin, agus tuairim a thabhairt dó go raibh fáilte aige fanmhuin ann a sheirbhis ni b'fhaide ma ba toil leis é. "A dhuine uasail," arsa Stafford, do bhrígh go n-deir tu nar mhían leat a radh go raibh me mí-chneasda, nídh nar thuill me a radh liom agus da bhrígh sin nar bh'fhéidir liom d'fulang, ta me sásta fanmhuin. Béidh me maith go leór le fuireach agad-sa ma's féidir damh dánacht a dhéanamh labhairt leat a d-taobh nídh éigin a ta ann m'inntin, agus fíafruigh dhíot an m-béidh diúltadh air bíth agad da smuaíneóchuinn air Róisi Grae a phósadh?" "Diúltadh air bíth agam! ní bhéidh diúltadh air bíth agam-sa," ars' O Bríain le gné thromdha, cailidheacht
a bhí air a chumas gach uáir agus gach ám, agus nar bh'fhéidir leis an t-Sacsanach shimplidhe thabhairt fa deara - "Créud an fath fa m-béidh cur súas air bíth agam-sa dod' phósadh le Róisi Grae?" "Ní'l fhios agam, a Shaoí, ní fheadaim a radh," arsa Stafford; "acht shaoil me an lá a chuaidh tu go Rosanna, go m-ba chosmhuil duit íongnadh mór a dhéanamh d'a sgéimh, agus dubhairt tu liom a n-dé gan a bhéith ag rith a n-diaigh néithe nar bhain dam." "Agus créud fá saoilfeá go measainn-se nach bh-fuil Róisi Grae oireamhnach duit," arsa O Bríain ag gáiridhe. "A d-taobh an mholaidh thug me dhí an lá chuaidh me go Rosanna, ní raibh ann acht milis-bhriáthra gan bhrígh, agus ní rud air bíth eile." Bhí Stafford lán t-sasta leis an módh uirísiol ann ar fhoilsigh a mhaighistir é féin dó. Do rinne síad muinntearas le chéile, agus do ghlac Stafford do láimh a-rís an cúrám a bhí aige timchioll an tíghe níos duthrachtaigh ná rinne se 'ríamh roimhe. B'éigin dó fanmhuin no go m-béidh se comhgarach ag a n-a mhaighistir cead a thabhairt dó a dhul lá áiridhe go Rosanna, agus Róisi d'íarraidh le posadh. Do chuir a h-iomchar a d-taobh an choimh-thionoil daimhseoraighe a n-iúl dó go raibh reamh-chlaonta a mhathar a n-aghaidh mhna na h-Eirinn gan adhbhar air bíth. An feadh bhí a inntin san stád so, chuir O Bríain fios air, aon mhaidin amháin, agus dubhairt se leis go g-caithfe se dhul go h-ionad áiridhe a bh-fogus dó, chum daoíne éigin ag a raibh talamh saor 'na seilbh, agus a m-b'fhéidir d'a n-gotha an togha d'iompodh ann a leith. "B'féidir críoch a chur air na gnothuidhe sin a m-beagán laethibh," ars' O Bríain; agus do ghabh Stafford re n'ais, sin do dhéanamh go fonmhar. Ní raibh na daoíne uaisle, chum ar cuireadh na lítreacha le Stafford, 'sa m-baile, agus da bhrígh sin, b'éigin dó fanmhuin air feadh caochaidhise ag fuireach leo. Ag teacht air ais dó, ghabh se slíghe a bhí ag dul le taobh Rosanna, ionnus go m-béidh an sólás aige, an chuid is lugha dhe, Róisi fhaicsin air feadh tamuill bhig; acht a núair a ghlaodh se ag an g-cabán, ní léigfuidh a-steach é, nídh do chuir íongnadh ro mhór air. Air m-béith dhó 'ná dhuine lasánta ó nádúr, agus 'na dhuine uaibhreach mur an g-céadhna, do
smuainigh se air d-tús an gearran thiompodh thart, agus imtheácht leis. Acht ag cur toirmeisg air a chorruidhe, do mheas se gan an áit d'fhagáil no go bh-faghadh se a-mách gad é ba chíall dó so. Do smuaínigh se nach n-dearnaidh aon n-duine de'n m-bunadh sin 'ríamh roimhe mío-choinghiol no cealg air bíth air. Da bhrígh sin go m-ba mhaith an bharamhuil nach d-tiompochadh síad a n'aghaidh a-nois muna measfadh siad go raibh adhbhar maith aca. Chuaidh se air marcaigheacht air an m-ball go machaire a bhí a bh-fogus dó, ann a bh-facaidh se móran luchd-oibre ag saothar. Bhí Grae féin 'na g-cuideacht. Do thuirling Stafford d'a ghearrán go h-éasgaidh, agus le gnúis mhodhamhuil mhacanta do shín se a-mách a lámh ag radh, " Ní thig liom a chreidmhuin gur mían leat mo mhaslughadh: innis damh créud fa nach léigfidhthear a-steach ann do theach me, a dhuine mhuinntearaigh?" Do chuir Grae a bhata fa n'ucht air feadh tamuill bhig, agus tar éis fhéucain go grinn tromdha air, dubhairt se, "Chím go raibh sinn ro neamh-fhoighideach; ní raibh adhbhar air bíth aguinn a bhéith a n-imreas leat-sa, a Staffoird: oir níor bh'féidir duit go brath fhéuchain orm leis an n-gnúis mhacanta shubháilceach sin, da m-béidh lamh air bíth 'sa n-gnothuidh so agad." "Cad é an gnothuidhe?" arsa Stafford. "Siúbhal a bhaile liom, as éisdeacht na n-daoíne so, agus inneosad sin duit," arsa Grae. Trath bhí síad a' siúbhal gus an cabán, do bhain Grae a-mach as a phócadh leabhar-pocadh mór leathair, agus bhí se ag cuartughadh lítre ann. "Aitchim ort, a Staffoird," ar se, "ar chuir tu-sa melon chum m'inghine-sa, timchioll deich lá ó shoin?" "Chuireas ceann a thóg me féin. d'fhagbhas ag a n-garrdhadoir é, le n-a chur chuice, agus dubhairt me leis innsin dí nar mhaith liom go m-b'eigin damh dhul as baile mur gheall air ghnothuidhe mo mhaighistir, agus nar bh'fhéidir liom a faicsin air feadh beagán do laethibh, no rud éigin mur sin." "Níor thainic teachdaireachd air bíth de'n t-sórt sin," arsa Grae, "acht amháin an melon agus an sgríbhinn bheag so. Go deimhin," ar se ag féuchain air Stafford, a-núair a bhí se a'léigheadh na lítre,
"ta se ag éirigh comh báin-ghnéiteach, is d'éirigh mo bhean féin a núair a thaisbéun me dhí í." Go dearbhtha d'éirigh Stafford báin-ghnéiteach le fearg. Ba lítir í a sgríobh a mhaighistir chum Róisí, agus d'íarr Sir Háisint mar athchuinge gan a foillsiughadh air aon chor, ag geallmhuint spré mhaith a thabhairt dí chum a pósda le fear mhaith éigin eile, da n-glacadh truaighe í d'fhear a bhi i a n-gradh lei, agus a' faghail báis le gradh uirri. "Ní fheicfidh me mo mhaighistir go brath a-rís, "arsa Stafford; "níor bh'fhéidir liom a fhaicsin gan me féin a chur a g-contabhairt rud éigin a dhéanamh nar bh'fhéidir dhamh a mhaitheadh dam féin. E-sean 'na dhuine uasal! é-sean 'na dhuine uasal! imtheochadh me liom agus fagfuidh me a lítreacha agus a ghearrán ag cuid d'a mhuinntir: ní fheicfidh me go brath a-rís é; muna n-díoladh se feorling de thuarasdal mo sheacht m-blíadhan liom, is cuma liom é; ní chodoladh me oidhche eile ann a theach. E-sean 'na dhuine uasal!" Do chuir an mothughadh feirge a bhí air Stafford luthghair mhór air Ghrae; agus is móide chorruigh se é, do bhrígh go raibh Stafford a g-comhnuidhe roimhe sin modhamhuil macanta agus an-tsibhíalta. Tharladar na néithe so go h-iomlán ag an dó de'n chlog trathnóna, agus thainic se go Rosanna trathnóna an lae chéadna. Bhí Róisi 'na suidhe a g-ceann oibre ag fuinneóg an chabáin. A núair a chonnairc sí é ag an n-geatadh bheag bhán, d'aithnigheadar a dearbhraithreacha air a dath cía bhí a' teacht, agus rith síad a-mách da theagmhail ris. "Ba cóir dhaoibh bhur n-doirse a dhruid am' aghaidh-sa a-nois, ann áit rithe a-mách dom' theagmhail; oir ní feasach me go bh-fuil feoirling san domhann agam acht a bh-fuil san mála so. Bhí me comh ámaideach 's gur fhág me gach ar shaothraigh me a lámhuibh duine uasail nach féidir leis a thabhairt damh acht a bhana air son mo thuarasdail. Acht is maith liom go bh-fuil me a-mach as a theach air aon chor." "Agus is maith liom-sa go bh-fuil tu ann mo theach féin," arsa Grae, ag cur fáilte roimhe le teas ghradh na féile do tharruing deóra an chumainn a súilibh Staffoird. Rinne Róisi mion-gháire faoi n-a h-áthair -
níor dhubhairt si dadadh acht a chathaoir uillean a chur chuige, agus bhí sí ro ghnothuidheach ag cóiriughadh an bhuird chum tea do chur air. Do sméid Maisgistreas Grae air a h-aoidheadh; chuir sí d'fhíachaibh air suidhe síos le-n-a taobh, ag innsin dó go m-béidh tea aige ag Rosanna comh maith a's bhí aríamh a g-condae Warwick aige, "agus as soithighibh a rinneadh a Staffordshire," ar sí, ag baint na g-cupán tea is fearr a bhí aice, agus na b-plata beaga a-mach as coirn-sdial. Bhí Roibeard beo súgach ó nádúr, agus dúil aige fonnamhad a dhéanamh faoi n-a cháirdibh: da bhrígh sin, níor fhéud sé toirmeasg a chur air fein gan aithris dóibh go raibh íongnadh mór air fa mar thogh Stafford bean Eirionnach mar roghan air mhnáibh an domhainn. "An bh-fuil tu lán-chinnte, a Staffoird," ar se, "nach bh-fuil sgíathain air guailleachaibh mo dheirbhshiure?" "Bh-fhuil tu réidh a-nois, a Roibeird?" ars' a mhathair, air thabhairt fa deara dhí go raibh náire mhór air Stafford, agus nach raibh freagradh ullamh aige. - "Ma bhí reamh-chlaonadh ag Stafford a n-aghaidh mna na h-Eirinn, is móide an cliú do mo Róisi-sa buaidh do bhreith air; agus a dtaobh sgíathan, cuir a g-cás go m-béidh síad oruinn, níor náire air bíth dhúinne a ta 'n-ar n-Eirionnaígh beartha é, agus da réir sin, níor mhi-chliú air bíth a g-cur 'n-ar leith. Nach bh-fuil sgíathain air na h-ainglibh féin!" Is mór an t-aoíbhneas, air uairibh, greann trathamhuil a dhéanamh, agus chonnairc Stafford sin air an uair sin go díreach: oir d'imthigh a náire a n-diaigh a chéile, agus ní dhearnaidh Roibeard fonnamhad faoi níos faide. "Ní raibh smuaíneadh agam" ar se, "gad é chomh furas a's ta se náire chur air Shacsanach a gcomhlúadar a mhaigistreas." Ba an-aoíbhinn an tráthnóna é so ag Rosanna, Tar éis Róisi imtheacht as an g-comhlúadar, nídh do rinne sí gan mhaill chum gnothudhe an tighe a dhéanamh, do labhair a h-athair le Stafford go h-an-tsíbhíalta. "A Staffoird," ar se, "ma deir tu liom, gur féidir leat m'inghin do chongbhail súas a slíghe bheatha mur ta sí a-nois, bhearadh me dhuit le pósadh í." Do réir mo bharamhuil-se, (agus 's é sin a ceadfadh-sa mar an g-céudna,) ní'l slíghe air bíth bheatha san domhann is
fearr 'ná é so, don dream a chleachdas é. B'fhearr liom Róisi fhaicsin da pósadh le duine cneasda salarthach deagh-aigeantach so-ríartha mar thu féin, a d'féudfadh sí a ghradhadh, ná da m-béidh sí 'na mnaoí ag duine chomh oirdheirc le Sir Háisint O Bríain: oir do réir mo bharámhuile, ní ghnídh se duine sona no séunmhar, mórán saidhbhris a shealbhughadh. Saoilim go bh-fuil me féin air an uair so níos saidhbhre ná Sir Háisint; oir ní'l dadaidh ag duine air bíth orm, ní'l maighistir air bíth orm acht me féin, agus is féidir liom mórán a dhéanamh do dhuine mhuinntearach. Acht ta tu a' síor-smuaineadh air Róisi, agus ní'l aire air bíth agad air mo chaint-se. So a bh-fuil le radh agam, bídh si agad ma 's é a toil fein é; agus a d-taobh an chuid eile, cuir a g-cás nach n-díolfadh O Bríain leith-phíghin go deóidh leat dod' chuid airgid, ní chuirfeadh sin toirmeasg air bíth air do bhainis. Is maith na buachaillidh mo chlann mhac-sa, agus ní bhéidh uireasbhuidh ort-sa no air Róisi chomh fada a's bhíos muillion Rosánna air bun. Do rug an fhéile so buaidh go h-iomlán air Stafford. Is deimhin gur dúal do na h-Eirionnaigh a bhéith fíal, Chuir se íongnadh mór air an t-Sacsanach d'ar ghnathach fíor-chneastachd fhaiceal a measg luchd a thíre féin, ann a roinn le n-a chéile; acht is annamh a bhí cleachdadh air bíth aige air theas-ghradh muinntearach mur so, no duine a' dhéanamh dearmaid d'a thairbhe féin mur gheall air dhuine eile. Níor fhéud se focal a labhairt air feadh tamuil bhig, acht tar éis é laimh a chrathadh go carthanach le athair Róisi, (nídh a thaisbéunas gean mór a measg na Sacsanach,) dubhairt se leis, "Bheirim buidheachas ó chroidhe dhuit, a charaid, agus ma mhairim chomh fada le Metúsalem, ní dhéanaidh me dearmad dé so. Acht ní air do shaothar-sa no air shaothar do chloinne is mían liom-sa theacht súas; níor roinn chomhthrom í sin, agus ní mheasaim go m-béidh se oiréamhnach, do réir mur tugadh súas me. Is dólásach an nídh liom nach féidir leis an maighistir so agam dadaidh thabhairt damh air son seirbhis mo sheacht m-blíadhan, acht an greim beag paipeir so," ar se, ag breith bhanna Shir Háisint as a leabhar pócaidh. Act gídh go b-fuil a reamh-chlaonta féin ag mo mhathair a n-aghaidh mhuinntir na h-Eirinn, agus go bh-fuil
sí ro cheann-dána 'na d-taobh, air m-béith dhí 'na mnaoí aosda nar fhag Sacsan a-ríamh, no fiú an pharáiste ann ar rugadh í, tar a cheann sin, ta sí 'na mnaoí charthanaigh, agus ní féidir liom smuaíneadh go n-diúltochadh sí congnamh a thabhairt dam, no go g-cuirfidh si toirmeasg air bíth air mo phósadh, a núair a gheabhaidh sí a-mách go bh-fuil mían aguinn a chur a g-crích. Uime sin sgríobhadh me chuice sul a g-codoladh me a-nocht, agus b'fhearr liom go m-b'fhéidir liom íomhaigh Róisi do chur a-steach fa fhalach na lítre, a bhéidh níor fearr ná ar bh'fhéidir liom a radh 'na taobh. Acht ní thig le íomhaigh air bíth ceart a dhéanamh dhí. Ní milis-bhríathra is mían liom, amhuil do rinne Sir Háisint ag moladh a h-éudain; acht amháin an fhírinne innsin. 'Sé is mían liom a radh, nar bh'feidir le íomhaigh air bíth a chur a g-céill dom' mhathair créud maitheas, deigh-mhéin, agus modhamlacht Róisi. Tá móran de reamhchlaontaibh ag mo mhathair; acht ta sí 'na mnaoí mhaith, agus ní'l amhrus air bíth agam nach m-béidh sí amhluidh liom-sa." Do sgríobh Stafford lítir fhada chum a mhathar, agus a g-cionn caocaidhise 'na dhiaigh sin, fuair se an freagradh gearr so. "A Sheórsa mhic, Thug me fur-fhuagradh dhuit gan tuitim a n-gradh le cáilín Eirionnach, agus d'innis me dhuit nar bh'féidir liom aontughadh leis go brath. An leaba a choireochas tu dhuit féin, is éigin duit luidhe uirrthi. Ta do dheirbhshiur Doran da pósadh mur an g-céudna, agus air tí siopadh chur suas a Warwick do réir mo chomhairle féin: an mhéid airgid is féidir liom a shabháil is eigin damh a thabhairt dí-si a ta 'na leanbh umhal; agus ta súil agam, ma's toil le Día é, deireadh mo shaoghail do caitheadh 'na cuideácht, agus a bh-fochair a cloinne mar is cóir, 'sa b-paraiste so, an áit ar rugadh agus tugadh súas me. Ag íarraidh mur athchuinge gan adhbhar aithreachais a bheith agad, 's gan uireasbhuidh air bíth a bhéith ort, is mi-se. Do mhathair chumanach, Doran Stafford." Do chuir an lítir so buaidhreadh mór air Stafford
agus mheasg sí go mór a inntin. Ann sin thug se do Ghrae ann a lamh í gan focal a radh, agus ann sin tharraing se a chathaoir air siubhal ó Róisi. D'fhalaigh se a éadan le n-a lamhuibh, agus níor labhair se, no níor chualaidh se aon fhocal amháin d'ar labhradh 'na thimchioll air feadh leat-uair go h-iomlán, no gur mhúsgail a charaid Roibeard fa dheireadh é, dá bhúaladh air a n-guallain agus ag radh, "Tarr, a Staffoird, ní fhoghnaidh uabhar Sacsannach dúinn-ne; ní'l ann so go léir acht chum peannas a thabhairt dúit-se do bhrígh gur dhiultaidh tu a bhéith ran-pháirteach lin-ne a muilleann Rosanna, nídh is éigin duit a dhéanamh a-nois air son Róisi, muna n-déanfadh tu é mur gheall oruinn-ne no ort féin. Maith go leor, abair go bh-fuil tu sásta." Níor bh'fhéidir do Stafford gan a bheith corruighthe. Ní raibh duine de'n m-bunadh acht Róisi nach raibh ag íarraidh air, sin do dhéanamh; agus gídh nar labhair sí-si aon fhocal, is mó chorruigh sí é ná íad-san a bhí ag caint. Bhí an dinéar réidh ullamh agus curtha air an m-bord, sul mar socraidheadh an t-imreas muinntearach so. Dinéar! 'seadh, dinéar, Is éigin do dhaoinibh air uairibh dhul chum dinéir air lár na stáide is ceimeamhuile; agus air na láethibh is mo suim agus is guasachtaigh d'ar saoghal curthar an phróinn air an m-bord mur is gnathach. Ní'l me radh go dearbhtha gur ith Stafford oiread an lá so a's ba ghnathach leis. Ba mhían le Roibeard go n-ólfadh Stafford deoch de leann na h-Eirinn 'na chuideacht féin sa thuairim sláinte Róisi, agus le sonas a's séun a bheith air mhuillionn Rosanna. Bhí an gloine go díreach líonta, agus an t-sláinte air tí a h-ól, 'nuair thainic aon de luchd oibre Ghrae a-steach, agus é ag cur alluis agus air cuthach a módh nach féidir aithris. "A mhaighistir Roibeird! a mhaighistir Seóin! a mhaighistir! tamaoid sgriosta go léir! an muillionn agus uile!" "An muilionn!" - ar gach uile dhuine ag éirigh 'na seasamh go h-oban. "'Seadh an muillionn," ar seisean; "ta se thart go deóidh, agus sin-ne mur an g-céadna. Ní déanaidh muillíonn Rosanna obair air bith go brath dhamh-sa no dhaoibh-se; ní dhéanaidh," ar se, ag glanadh a
éadain le n-a láimh, agus ag fálach a shúl do bhí a sileadh na n-deór. "'Sé an bitheamhnach sin Hopcins is ciontach go h-iomlán leis. Go d-tóigfheadh gach uile ghinidh, agus gach uile sgilling, agus gach sé-pighine d'a n-glacadh se, boilg air a mhéuraibh ó'n lá so a-mach go brath." "Acht gad é rinne se air an muillion?" ar síad-san. "Och! mallacht Dé agus Mhuire agus na naomh dhó," ar seisean, "nar dhéanaidh se lá dha leas, agus nar fhaicidh Día rath air, agus losgadh a chroidhe aige, an bitheamhnach bradach! Acht ní thig liom losgadh níos measa d'íarraidh dhó ná ta aige cheana ann sin. Ní thig, go deimhin; oir ta se ithte súas le iomthnuth fa shéun dhaoine eile, mur is follus do ach uile dhuine a dhearcas air a shúil; mí-shéun air a lá ann ar shocruidh sí air mhuillion Rosanna!" "Acht go de rinne sé air an muillionn?" arsa Grae, Glac gó foighideach é, agus innis dúinn go socair é, agus ná bí ag easgaine air an bh-fear níos mó." "Ná bíam ag easgaine air an bh-fear! Glac go socair é!" ar seisean - "An é an t-am a ghlacadh go foighideach, 'núair a ta se air an úair so a lathair ag tarruing air siubhal gach uile bhraon uisge ó'n t-sruthán do ghluaiseas chum an mhuillin? Tá se sin, an clodhaire!" Leis sin féin, d'éirigh Stafford 'na sheasamh, rug se air a mhaide daruidhe, agus chuaidh se d'ionsuidh an doruis. Do lean Roibeard agus Séóin é go tapaidh; acht air n-dul thar a n-athair dhóibh, leag se lamh air gach aon aca, agus d'íarr se air Stafford fanmhuin 'na sheasamh. Comh luath a's chualaidh síad é da n-gairm, d'fhan síad 'na seasamh. "A chlann," ar se, "créud a ta sibh air tí a dhéanamh? Ná déanaidh aineart air bíth, a bhuachaillidh, ná déanaidh aineart air bíth: gheabhaidh sibh ceart, ná bidh faitchios oruibh. Ní léagfam dhó éagcóir a dhéanamh oruinn. Da m-béidh Hopcins deich n-uaire chomh mór a's ta se, agus fíthchidh uair chomh tíoránta, gheabhaidh sinn ceart air; acht is éigin dúinn aire thabhairt dúinn féin, 's gan aon nídh a dhéanamh go diorruisgeach. Uime sin deirim libh léigean damhsa labhairt leis, agus cosgaidh sibh féin, cídh b'é air bíth theagmhas. B'fhéidir nach
bh-fuil ann so go léir acht mearbhal: b'fhéidir gur a' déanamh díoga d'a mhóin-fhéur a ta Maighistir Hopcins, no b'féidir go bh-fuil se a' dul da fhliuchadh, 's nach bh-fuil 'fhios aige no go n-innsidhthear dhó é, go bh-fuil se ag falmhughadh srutháin ar múillin." "Ní féidir dhó gan 'fhios a bheith aige! ta se géur go leór agus ro ghéur," arsa Pádruig, ag déanamh drantain leis fein, agus é air a d-tosach d'ionnsuidh an mhuillin. Do lean Stafford agus an dís dearbhraithreacha a n-athair go modhamhuil a' déanamh íongnadh fa n-a mhacantas, agus mían aca aithris a dhéanamh air da m-b'féidir leo. Bhí Hopcins 'na shuidhe go h-aireach air theóran a choda talmhan féin. "Súd é 'na shuidhe air mhullach an chloidhe, a' gabhail sóláis as an droich-bheart a rinne se," arsa Pádruig. Agus éisd! ta se a' feadaoil, 's ar sruthán ag imtheacht air siubhal uainn. Nar raibh me beo muna m-b'fhearr liom 'na an leine is fearr a chuir me air mo druim a-ríamh, a chaitheadh a-steach 'sa muirt shalach air a móiméad so réir mur thuillidh se! Agus muna m-béidh mur gheall air mo mhaighistir ann so, dhéanfuinn sin sul ma d-tí ceann móimeinte." Bhí Pádruig lán d'fheirg, agus is air éigin a d'fhéud Grae a chosg; agus ann sin ag dul go suaimhneach do Ghrae d'ionnsuidh Hopcins, dubhairt se leis go ciúin macanta, - "Go cinnte, a Mhaighistir Hopcins, ní féidir go bh-fuil tu air tí díobháil chomh mór a dhéanamh dhúinn, a's ar muillionn a chur 'na chomhnuidhe." "Níor leag mi-se méur air do mhuillionn," arsa Hopcins, agus é a' déanamh mion-gháire cneamhartha. Da m-b'fhéidir le do ghiolla ann sin, (ag síneadh a láimh d'ionnsuidh Phádruig,) chruthughadh gur leag me méur air, ann sin tiocfadh leat an dlíghe imirt orm; ach ní ghním díobhál do dhuine air bíth air mo thalamh féin, agus ta ceart agam mo mhóin-fhéir féin d'fhliuchadh: agus os a chionn sin, ta fíadhnuise agam a chruthochas nach raibh sruthán an mhuillin sin lán ann ám air bíth a g-caitheadh na n-deich m-blíadhan so chuaidh thart, an feadh bhí muillion Rosanna a seilbh Shimeoin ui Dhochartuidh' agus mur an g- chéadna, go raibh an muillion 'na chomnuidhe. Rithean an
sruthán 'n-ur n-aghaidh, a dhaoine uaisle, agus ní lugha leis an dlíghe. Ta comhairle an luchd-dlíghe is fearr ann Eirinn agam le mo chás a sheasamh, Déanaidh bhur n-díthchioll, bheirim 'ur n-dúlán. Slán libh." d'imthigh Maighistir Hopcins go déifireach gan éisdeacht le focal níos mó; oir bhí eagla mhór roimh' Phádruig air. Chúalaidh se é ag bagairt, agus chonnairc se a shúile air dearg-lasadh le feirg. "Ná bídh droich-mhéisneach oruibh, a bhuachaillidh muirneacha," arsa Grae le n-a chlann a bhí ag féuchain go brónach air ghluasacht mhall an rotha-uisge. "Cuir an díalaoid air mo chápall damh a Shéin, agus ullmhaighidh sibh féin le chéile, agus tigidh liom chum an chomhairligh Molineau." "Och! athair," ar Séan, "ní'l maith dhuinn a dhul chuige, oir ta 'fhios agad go bh-fuil se a' cur a-steach air son a bhéith 'n-aon d'uaislibh na Pairlemeint, e agus ta mórán bhótaidh ag Maighistir Hopcins." "Is cuma sin," arsa Grae, "dhéanaidh Maighistir Molineau an ceart, 's é sin mo bharamhuil-se 'na thaobh, Da m-ba duine air bíth eile a bheidheadh ann, ní chuirinn buaidhreadh orm féin dhul fo n-a dhéin; no ní bheidhinn chomh uirísiol sin 's go n-íarrfuinn comhairle air bíth air; acht 's é mo bharamhuil nar bh'fhiúntach leis gníomh salach a dhéanamh mur gheall air bhóta no rud air bíth eile. Ta me lán-chinnte nach n-déanfadh se nídh da laighiod a n-aghaidh an cheirt mur gheall air a thairbhe féin. Cuiridh an díalaoid air an g-capall, a bhuachaillidh." Do chuir na buachaillidh an díalaoid an g-capall agus air feadh an bhealaigh níor thainic comhnuidhe air Ghrae, (agus é air marcaigheacht,) acht ag íarraidh méisnigh a thabhairt d'a chlainn, 's d'a dhearbhughadh dhóibh da n-glacfadh an comhairleach Molineau a g-cás a lámh, nach m-béidh níos mó de thrioblóid ann. "Ní cosmhuíl leis na giuisdísibh siothchána é," ar seisean, "a chuireas leath-dhuisin de dhaoinibh bochta a-steach a b-priosún gan chóir gan cheart. Ní duine é a théidheas a-steach a b-Pairlement ag radh néidhe áiridhe, agus thigeas a-mách ag radh néithe eile. Ní cosmhuil le'r g-caraid Sir Háisint Ó Bríain, é, d'ar b'éigin a theanga, a inchinn, agus a chogúas do
dhíol le n-a cheann do chongbháil os cionn uisge. A n-gearr, is duine é nach bh-fuil faitchíos air é féin d'iomchar, agus mur an g-céadna le'r bh'féidir é féin d'iomchar, ann aimsir togha mur ám air bíth eile; uime sin, ta muiníghin agam dhul d'a lathair a-nois ann ar g-cruadhoig, gídh go bh-fuil casaoidh le déanamh agam a n-aghaidh dhuine ag a bh-fuil sé bhótaidh a's dá fhíthchid; oir 's é so an uimhir, do réir mur deir síad, a ta ag Hopcins air a chumas." An feadh bhí Grae a' déanamh an chomh-raidh so agus ag moladh an chomhairligh Molineau chum sólás a thabhairt do Sheóin agus do Roibeard; bhí Stafford ag íarraidh méisnigh a thabhairt do Róisi 's d'a mathair, a bhí brónach dólásach fa'n muillion a bhéith 'na chomhnuidhe. Bhí beagnach oiread féum ag Stafford é féin air méisnigh a's bhí aca-san; oir do chonnairc se nar bh'féidir leis féin agus le Róisi theacht a g-ceann a chéile do lathair mar ba mhían leis. 'Sé a raibh ag na dearbhraithreachaibh fíalmhar le tairgsint dó, cionn ronna de'n muillionn. Bhí feilm ag a n-athair; acht ní raibh slíghe air bíth eile leis an m-bunadh do chongbháil súas acht sin, agus cionnus a b'fhéidir le Stafford a bhéith 'na mhúirín orrtha, ó tharla go m-ba cosmhuil dóibh a bhéith bocht anois: oir níor bh'féidir leis fhaghail ó n-a chroidhe a bhéith 'na úalach orrtha fiú a nuáir a bhí síad saidhbhir, ag labhairt go h-iomarbhaidheach, do bharr air mur bhí síad a-nois. AN CUIGEADH CAIBIDIL. Bhí mí-shuaimhneas mór inntine air an m-buidheann bheag 'san g-cábán ag súil leis a n-athair agus le n-a chlann a theacht air ais. Bhí Róisi 'na suidhe ag an bh-fuinneog ag faire dhóibh; do sgur a mathair da bheith cniteal, agus rinne sí osnadh: bhí Stafford 'na thocht, oir do rinne sé móran cainte leo ag íarraidh méisnigh thabhairt dóibh, agus chonnairc se nach raibh maith dhó ann. "So íad a' teacht!" ar seisean, "acht ta síad a' marcaigheacht chomh maill-tríallach sin ionnus go bh-fuil me cinnte nach bh-fuil núaidheachd mhaith air bíth leó."
Ní raibh go deimhin: ní fhuair síad núaidheachd maith air aon chor. Rinne an comhairleach Molineau go dearbhtha gach ar bh'féidir le duine air bíth a dhéanamh; dubhairt se go n-gabhfadh se do láimh a g-cúis do sheasamh a g-cúirt-shiothchána air bíth air dhruim na talmhan; agus bhí sé follasach go raibh mothughadh feirge an-mhór air a n-aghaidh urchóide Hopcins; acht 'san ám cheádna, dubhairt se go fírinneach leis na Graes, da d-téidheadh síad chum dlíghe leis an duine buaidheartha so, go m-b'fhéidir dó díobhál mhór a dhéanamh dhóibh sul a m-b'fhéidir leo a g-ceart d'fhaghail air ais. "Maiseadh féudamaoid dhul a chodhladh a-nocht brónach go leór," arsa Roibeard, "air m-béith lán-dearbhtha dhúinn go bh-fuil toirmeasg air ar muillionn, agus go bh-fuil eiliomh a n-dlighe fada aguinn le dhul thríd sul ar féidir linn a fhaicsin air siubhal a-rís, ma fhaiceamaoid choidhche air siúbhal é." d'amharc Róisi agus Stafford air a chéile agus rinneadar osnadh. "Is fearr dhúinn gan a dhul chum dlighe air aon chor leis an m-beagán a ta aguinn a chailleamuin," arsa Máighisdreas Grae. "Is mían liom go bh-fuigheadh mo chlann ceart, a bhean," ars' an t-athair go méisneamhuil; "ní'l dhúil a n-dlíghe agam, ta 'fhios ag Día; ní dheachas chum dlíghe le duine air bíth a-ríamh ann mo shaoghal; ní'l duine air bíth le faghail is mó eagla roimh nídh de'n t-sort sin ná mi-se; acht ní'l fáitchíos air bíth orm seasamh air son mo chloine, agus an cheirt. An fad is fiú pighin san domhann me, caithfidh me í le ceart fhaghail dóibh. Ní chaillfeadh siad a saothar air feadh a m-beatha; ní bhainfighear a bh-fuil aca díobh le fóir-neart; ní fhulónga me d'aon n-duine beo éirigh 'san mullach orrtha, da shaidhbhre agus da thíorantaigh e. Ní h-eagal liom a chuid airgid no a ghéur-chúiseacht 'sa n-dlíghe; oir glacaidh Maighstir Molineau do láimh ar g-cás do sheasamh é fhéin, agus sin a bh-fuil me íarraidh. Ma théidhean an chúis 'n ar n-aghaidh, agus go d-tiocfadh léir-sgrios oruinn, go raibh ar léir-sgrios air cheann an té is ciontach leis. Gheabhaidh me bas go sásta tar éis me mo dhíthchioll a dhéanamh le ceart fhaghail dom' chloinn."
Comh luath a's bhí fios na néithe so coitchionn, bhí gach uile dhuine 'san g-comharsanachd ro fhúathmhar air Hopcins, agus bhí trúaighe aca go léir don dís dearbhraithreacha, agus d'adhmholaidh síad meisneach a n-athar. Ní raibh duine air bith le faghail nar mhían leis an cás a dhul a n-aghaidh Hopcins; acht bhí se comh eólgach sin air an dlíghe, agus chomh séunmhar sin d'a chosaint féin ó'n g-ceart, agus a' déanamh díobhail d'a naimhdibh, air mhodh go raibh eagla air gach uile dhuine, gídh go raibh an ceart ag na Graes, nach m-b'fheidir leo sin a dhéanamh a-mách do réir fhoirm an dlíghe: agus air an adhbhar sin, is iomdha dhuine thug comhairle dhóibh gan a dhul air aghaidh leis an dlíghe air aon chor; acht do sheas Grae a-mách, agus bhí an comhairleach Molineau díongmhalta air a fhocal do sheasamh, agus dubhairt se go n-gabhfadh se do láimh an chúis do sheasamh é féin a g-cuirt-dlíghe air bíth. Chuir Hopcins cundas os ísiol chum an chomhairligh, ag radh, da d-tugadh se dídean no comairce air bíth do na Graes a g-cóir no a n-éagcóir, nach raibh maith dhó súil a bhéith aige leis na sé bhótaidh a's dá fhíthchid a bhí air a chumas-san, agus do bhrígh go raibh an contae a-nois beagnach meadh air mheadh, nar bh'féidir dóibh gan an mheadh d'iompódh ann a leith-san. Níor chuir Maighistir Molineau suim air bíth 'san g-cundas so; acht an lá céadna fuair se é, chuaidh se d'féuchain an fheilmeoir Grae gus a chábán: do shiubhal se 'n a chuideachta go muillionn Rosanna, agus do leag se a-mách cionnus ba cóir an chúis a chur air aghaidh. Mhóidigh Hopcins nach n-géillfeadh se do chostas air bíth chum uabhar na n-Graes mur aon le n-a n-dídeanoir d'umhlughadh;; acht tharlaidh nídh nach raibh súil leis. Rinne Maighistir Molineau faistine go minic a d-taobh Hopcins, .i. go g-cuirfeadh se a g-contabhairt ro mhór é féin, amhuil do ghnídh daoine glice go minic; oir do bhí 'fhios aige créud an sórt conradh ba gnathach leis a dhéanamh le gach n-uile chineal daoine d'ar bh'fhéidir leis tairbhe a dhéanamh ann aimsir na cruadhoige. d'innis Maighistir Molineau roimhe rae go meallfuidh fa dheireadh é le tiodal éigin neamh-éifeachdach a n-éiric a slighthe cealgacha féin; agus a measg an uimhir
mhóir do sgrios se, go d-tarlochadh dhuine éigin fa dheireadh air a bheidh cúiteach leis. Is tre Shímeon ui Dochartuidh do tharlaidh so, nídh nach saoilfeadh duine air bhíth. Ní raibh Hopcins air a choimhéud air aon chor air, ann a roinn leis; oir bhí dí-meas mór aige air dhaoinibh leisgeamhla macanta; agus go deimhin ní raibh rún air bíth ag Símeon bocht a mhealladh; acht tharlaidh gur léas le ath-nuadhadh go brath bhí 'sa léas a thug se do Hopcins air an machaire a dhíol se leis. Bhí airtiogal reidhtigh eatorra ag ceangal an té do ghlac an léas, ath-nuadhadh a dhéanamh taobh a-stígh d'aimsir áiridhe tar éis báis gach aoin t-saoghail; agus muna n-déanfadh se sin go m-b'fhéidir an léas do bhriseadh. Do léig Símeon sáimh a bh-faillighe an léas d'ath-nuadhadh tre léisge nadurtha, agus níor chuimhnigh sé amháin gur thuit an saoghal. Bhí síad ag ól a g-cuideacht a chéile an trath thug se an léas do Hopcins, a ghabh chuige é go ro fhonmhar, d'eagla go g-caillfeadh se an uain thrathamhuil le críoch a chur air an margadh le'r shaoil se Símeon a mhealladh, agus 'san ám chéadna meadhon fhaghail an a chumas tre ar bh'fhéidir leis a leir-dhíoghaltas agus a fhearg d'imirt air na Graes. Is air mhachaire a bh-fhogus do mhuillionn Rosanna tugadh an léas so, agus do réir fhíadhnuise shean n-duine áiridhe 'san g-comharsanachd sin shaoil se go m-b'féidir leis a chruthughadh go raibh an móin-fhéur so folaighthe le h-uisge anállod, 's nach raibh braon 'san t-sruthán-muillinn. Ann a uile ghníomharthaibh 'na dhiaigh sin, do chongbhuidh se é féin go cúramach, mur shaoil se, air a chuid talmhan féin; acht do bhrígh go raibh cúis dhlighe da tionsgnadh 'na' aghaidh a-nois, mheas se go raibh se ríachdanach a thiodal féin a bhreathnughadh, oir bhí fhios aige go n-déanfadh Maighistir Molineau lorguireachd dhían air an g-cás. A núair a léigh se an léas a fuair se ó Shímeon, thug se fa deara airtiogal cinnte ag cur d'ualach air an íocaidhe ath-nuadhadh a dhéanamh taobh a-stigh d'aimsir áiridhe. Thainic laige chroidhe air! Bhí íongnadh mór air agus mí-shasamh leis féin do bhrígh nar bhreathnuigh se an léas níos grinne sul ar chríochnuigh se an margadh Da m-béidh roinn aige le duine air bíth eile acht le Símeon, ní éireóchaidh so dhó. Bhí se ro mhí-shuaimneach
a n-inntin: d'imthigh se leis ann sin air lorg Shímeoin ionnus go m-béidh 'fhios aige an rabhadar na saoghalta go leir beo. Dubhairt Símeon air d-tús leis, nach maith a bhí 'fhios aige cía h-íad na saoghalta, do bhrígh go raibh ceo mór air a mheabar: acht rinne se a-mach fa dheireadh go raibh aon aca marbh thar an aimsir cheart le ath-nuadhadh a dhéanamh. Dubhairt se go raibh tíghearna na talmhan a m-Baile-ath- cliath, 's gur léig se a bh-faillighe go cinte sgriobhadh chuige ó ám go h-ám. Bhí Hopcins air cuthach: thainic dath bháin-ghneithach air le feirg. Do rinne Símeon mianfhaoilidh, agus d'íarr se air mur athchuinge gan buaidhreadh a bhéith air; "oir tar a cheann sin," ar se, "ta 'fhios agad gur dhamh-sa bhíos an díobhál. Ní féidir liom mo mhargadh a d-taobh an mhachaire so do dhíol me leat do choimhlíonadh, oir is tre mo neamh-aire féin do chaill me é; acht ní bheanan sin duit-se, oir ta a fhios agad-sa comh maith liom-sa, go bh-fuigheadh tu le gléus éigin no eile píosa talmhan níos fearr de'n m-beagán a ta agam, go bh-féuchaidh Día orm!" "Go bh-féuchaidh Día ort go deimhin!" arsa Hopcins, ag féuchain air agus ag labhairt go feargach mí-mheasamhuil. "Innsim duit, a dhuine, gur dhamh-sa ta an díobhal agus nach dhuit-se; agus nach féidir le talamh air bíth d'a bhfuil agad le díol, cúitiúghadh air bíth thabhairt damh-sa. Caillfidh me m'eiliomh dlíghe." O! hó!" arsa Símeon, "is mur sin is fearr é. Creud an mhaith do dhuine dhul chum dlighe air aon chor. Ní féidir do chaill droich-néithe mur sin, dochair a dhéanamh do dhuine go brath." "Aitchim ort, labhair go céillidhe," arsa Hopcins go neamh-fhoighideach, agus é a' siubhal súas 's a-núas air feadh an t-seómra. "Hé! hó! tuigim an cás a-nois," arsa Símeon; ta 'fhios agam cáit a bh-fuil tu a-nois; nach air na Graes a ta tu smuaíneadh? 'Seadh, sin an chúis air a bh-fuil tu a' caint. Acht a-nois, a Mhaighistir Hopcins, is luthghair budh chóir dhuit a bhéith ort mur ta orm-sa, agus ní brón, do bhrígh nach bh-fuil se ann do chumas dochair a dhéanamh don m-bunadh sin; oir go deimhin is daoine maithe íad, agus ta an tír go
léir leo a'd' aghaidh-sa. Agus cuir a g-cás go m-buadhóchad do chúis fíthchidh uair a n-díaigh a céile, ba h-é sin an cás céadna. Níor bh'fhéidir leat d'éadan a thaisbéunadh go deóidh, agus air mo shon féin, níor bh'fhéidir dom' choguas maitheamhnus a thabhairt dam go bhrath fa bhéith mo chionn-fath air aon chor, 's gan smuaineadh agam air, a chur a'd' chumas-sa a léithide éagcóir a dhéanamh. Agus 'na dhiaigh sin, gad é chuir ann do cheann toirmeasg a chur air mhuillion Rosanna; oir ní raibh trioblóid 'san domhan duit é bhéith air siubhal?" Ann sin do sheas Hopcins go h-oban, oir níor éisd se le focal d'ar labhair Símeon ó thus go deireadh, agus dubhairt se leis 'sna briathruibh so síos, a n-guth mhín cheansa: "Ta a fhios agad, a Mhaighistir Dochartuidh, go bh-fuil meas mór agam ort." "B'fhéidir sin," arsa Símeon, "gidheadh is mó sin ná is feasach damh a bhéith agadh a-riamh do dhuine air bith." "Aitchim ort, bhí tromdha; deirim leat go bh-fuil, agus do d-tiubhraidh me le tuigsin duit é," arsa Hopcins. "Is mó agus is mó an t-íongnadh sin, a Mhaighistir Hopcins," arsa Símeon. "Agus nídh is íongantaigh ná sin go léir," arsa Hopcins, "dheanaidh me d'fhortún ma ghnídh tu comaoin bheag gan bhrígh damh." "Rud air bíth san domhan nach d-tiubhraidh móran buaidhreadh dhamh," arsa Símeon. "Och! ní thiubhraidh so buaidhreadh da láighiod duit, arsa Hopcins, "gheabhaidh me an áit úd a d-tígh an chustuim duit a bh-fuil tu ag súil leis le fáda, agus nach féidir le Sir Háisint O Bríain fhaghail go brath dhuit. Geabhaidh mi-se dhuit í sul ma d-tí seachdmhain ó 'niúgh. Deirim go d-tiubhraidh me cinnteas duit air fam'lámh a-nois, ma dhéanann tu an nídh a ta me íarraidh ort." "Dhéanfad, go cinnte," arsa Símeon, "muna bh-fuil se deacair a dhéanamh : gad é an rud é?" "Ní'l ann acht so," arsa Hopcins, "ní'l ann acht so go díreach, gur b'éigin duit cuimhniughadh, ní féidir dhuit gan a thabhairt chum do chuimhne, gur sgríobh tu
chum do thíghearna talmhan ag tairgsint an léas d'ath-nuadhadh." "Ní chuimhnighim air a leithide de nídh air chor air bíth," arsa Símeon go h-uathbhásach. "Cuimnighir go deimhin, cuimhnighir go deimhin; acht níor thug se freagra air bíth dhuit, ta 'fhios agad," arsa Hopcins. "Acht deirim leat, a dhuine, nar sgríobh me a-ríamh air aon chor," arsa Símeon. "Is olc an chuimhne a ta agad, a Shímeóin, agus b'fhéidir dod' lítir gan dhul air a h-aghaidh. Ní'l nídh air bíth is simplidhe 'ná sin, ní'l nídh air bíth is so-dhéanta, 'ná é," arsa Hopcins. "Ní'l, da m-béidh se fíor," arsa Símeon. "O! is féidir a radh, cídh b'é aca fíor no bréugach é, ta 'fhios agad," arsa Hopcins. "Ní le Símeon O Dochartuidh, a Mhaighistir Hopcins," ar seisean. "Féuch, a Mhaighistir Dochartuidh, ta meas mór agam ort," arsa Hopcins, d'a chongbhail go daingean, agus a' taisbéunadh leabhar pócadh lán d'airgiod dó. "Is éigin dam," ar se leis féin, "druidim leis an dailtín so, oir tá me gabhtha ann a líon a-nois. Chím go bh-fuil se 'na chneamhaire níos mó ná ta se 'n'amadan." "Tuigeamaoid a chéile, a Shímeoin, a charaid dhílis. Innis damh gad é ta tu íarraidh, agus tabhair sgríbhinn bheag ghearr dhamh da chiállughadh gur labhair tu leis fa'n léas d'ath-nuadhadh, agus gheabhaidh tu d'áit a d-tígh an chustuim mur an g-céadna." "Ní'l fhios agad cía leis a bh-fuil tu a' caint, a Mhaighistir Hopcins," arsa Símeon, go fúar, dí-mheasamhuil; "ní gnathach le muintir Dhochartuidh mionna eithigh a thabhairt, agus is buaidhreadh é nach n-glacuinn orm féin do dhuine air bíth, cuir a g-cás go m-béidh se 'na athair agam; ní ghlachuinn a leithide chúis a láimh air son gach bille d'ar mheall tu an cine daonna a-ríamh as, a Mhaighistir Hopcins. Ná bíodh fearg ort; níor labhair me air mhealladh a-ríamh leat, no gur thracht tu air mhionna eithigh liom; agus chuirfinn síos a stoiridh thu a n-diaigh mhullaigh do chinn, muna m-béidh nach bh-fuil aon stoiridh ann mo theach, agus da m-béidh féin, bhéidh se ro thrioblóideach agam a dhéanamh.
"A-nois ta súil agam, a Mhaighistir Hopcins, go d-tuigeann sinn a chéile go maith." d'imthigh Hopcins air siubhal ag easgaine air féin agus lán de náire. Bhí luthghair mhór air Shímeon ó Dhochartuidh do bhrígh go raibh nuaidheacht mhaith le innsin aige; uime sin chuaidh se go déifireach go Rosanna, le gach ar tharla aithris de na Graes, agus chum comh-luthghair a dhéanamh leo tre a neamh-aire féin, mur dubhairt se. d'éisd síad le sgéul Shímeon go luthghaireach, agus bhí sólás orra 'nois, do réir mar bhí brón agus dólás orra roimhe sin. A g-cionn leath-uaire 'na dhíaigh sin, fuair siád lítir uirísiol ó Hopcins, da íarraidh mur athchuinge orra gan a chlú agus a mheas a bhaint dé, no mí-rath cur 'sa t-saoghal air, ag craobh-sgaoileadh gacha ar tharla dhóibh: agus dubhairt se go d-tiubhrfadh se air ais chum a áit féin sruthan mhuillin Rosanna gan cosdas air bíth dóibh-san; agus go d-tiubhrfadh se cúitiughadh cosmhuil airgid dóibh, da ngealladh síad dó nach labharadh siad focal a d-taobh an cháis. Is furas tuairim a thabhairt gur dhiúltaidh síad go dí-mheasamhuil gach ar thairg se dhóibh: d'innis siad an t-iomlán dé do Mhaighistir Molineau, agus lá air na mhárach bhí fios ag na comharsanaibh go léir air; agus bhí luthghair mhór orrtha fa bhíthbinneách, a bhí a' déanamh eagchóra air na daoinibh, d'fhaghail a-mách. Do chuidigh na comharsanaidh le chéile an t-uisge thabhairt air ais chum srutháin an mhuillin, agus íar m-béith do mhuillion Rosanna air siubhal a-ris, bhíodar tíghthe an bhaile bhig air na soillsiughadh, agus ní'l fiú na b-páisdidhe nar thaisbéun an broid agus an luthghair a bhí orrtha, oir rinne síad teinnte cnamha móra mur gheall air na Graes. Do thaithnigh cneasdacht Shímeoin ui Dhochartuidh san g-cás so chomh mór sin le n-a thighearna talmhan, ionnus go d-tug se léas úr nuadh dhó air an móin-fhéir, agus sin gan cáin air bíth; agus is mó ná sin an luthghair a bhí air Shímeon bhocht, 'núair a dubhairt an feilmeoir Grae leis go mbéidh aire aige féin air an d-talamh a bhí ann a sheilbh go foíll. 'San ám chéadhna, níor bh'fhéidir le Hopcins dhul a-mách as a theach féin gan masladh d'fhaghail, no gan eagla a bhéith air go bh-fuigheadh se tárcuisne; uime sin, d'ullmhaigh se é féin chum an tír do thréigin. "Acht
sul a n-imthigh me air siubhal," ar se, "béidh an oiread sin de shasadh a's de shólás agam, an chuid is lugha dhé, 's go g-cuirfidh me d'fhíachuibh air Mhaighistir Molineau an togha do chailleamhuin." Go deimhin bhí faitchíos mór air na Graes, go n-éireochadh caill mhór do Mhaighistir Molineau mur gheall air an dídean cáirdeamhuil a thug se dhóibh ann a g-cruadhoig. Bhí na bhótaidh beag nach meadh air mheadh 'san g-condae, agus chuirfidh na sé bhótaidh a's dá fhíthchid a bhí air chumas Hopcins an mheadh do leataobh; acht an lá roimh' an togha, thug Stafford ordughadh air O Briain, agus ghabh se é mur gheall air thuarasdal a bhí aige air; agus da bhrígh sin, d'éirigh le Maighistir Molineau, agus sin gan toirmeasg air bíth. Acht filleamaoid air ais ó amhgar agus leatrom na neithe so chum síothchain, graidh agus cárthanais a g-cabán aoíbhin Rosanna. Ní raibh rud air bíth le toirmeasg a chur a-nois air phósadh Róisi agus Staffoird. Do rinneadh an pósadh le gach uile thaisbéunadh agus comhartha aoibhneis, mur is gnathach 'sa tír. Bhí beannacht a h-athar chumanaigh agus a mathar ag an mnaoí nuadh-phósta so, agus comh-lutghaireadh a dearbhrathar gradhmhar, agus sasadh a h-inntine féin 'na cheann sin aice. Nach fearr na neithe so ná sról agus síoda, agus ná a bheith a' marcuigheacht a "g-cóiste árda air eachraidh bána." Do mheas Róisi sin, agus do chruthaigh a h-iomchar'na dhíaigh sin nach raibh sí mórán air seachrán. Tamull a n- diaigh a phósta, chuaidh Stafford go Sacsan le n-a mhnaoí air chuairt chum a mhathar nach raibh ro shasta leis air d-tús mur gheall air é pósadh gan a cead; acht cheana, rinne sí muintearas gan mhaill leis féin, agus le n-a mhnaoí Eirionnaigh. Do rug a béusa ceannsa-sa, agus a h-umhlacht buaidh go h-iomlán air a reamh-chlaonta mí-réasúnta. Dubhairt sean Mhaighistreas Stafford le n-a mac, an tan a bhí se air tí theacht air ais, go raibh taithneamh comh mór sin aice air a mhnaoí a-nois, d'aimhdheóin an fuath a bhí aice uirri air d-tus, ionnus da m-b'fhéidir lei theacht go h-Eirinn gan dhul thríd an bh-fairge go rachfadh si ann go cinnte, 's go g-caithfeadh sí blíadhan 'na chuideacht-san, agus a bh-fochair na n-Graes ag Rosanna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services