Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra an Mhadra Mhaoil: Eachtra Mhacaoimh an Iolair
Title
Eachtra an Mhadra Mhaoil: Eachtra Mhacaoimh an Iolair
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Macalister, R.A.S.
Composition Date
1748
Publisher
(Londain: I.T.S., 1908)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA AN MHADRA MHAOIL. Sealg, fiadhach, agus fiann-choscar do chómhmóradh leis an rígh Artur mac Iubhair mic Ambrois mic Chonstaintin 'san bhForaois mBaoghalaigh ar Mháigh na nIongnadh; mar ar chruinnigheadar maithe agus mór-uaisle a mhuinntire agus a mhóir-theaghlaigh chuige, do chómhmóradh na sealga saothraighe síoth-fhada sin leis. Agus fá mór uimhir muinntire an tréin-ríogh sin, óir níor lia luibh tré chlár talmhan, nó alt i gcorp duine, nó lá 'san mbliadhain, 'ná gaiscidheach gníomhachtach agus ridire ró-chródha ar theaghlach an tréin-ríogh sin: eadhón, dá ridire déag na cródhachta, agus dá ridire déag na beodhachta, agus dá ridire déag an Bhúird Chruinn, agus dhá ridire déag na comhairle, agus dá chéad agus dá fhichid ridire an Bhúird Mhóir, agus seacht míle ridire an teaghlaigh, gan áireamh banchuire nó bandhála, éigse nó ollamhan, aosa ciuil nó oirfididh. Is annsin do srathnuigheadh agus do suidhiughadh agus do sraonadh an tsealg réamhráidhte leo, fá dhoiridhibh dhlúithe dho-eolais, agus fá fheadhaibh fhiadhamhla fhásacha, agus fá mhúraibh réidhe ró-áille, agus fá ghleanntaibh dhiamhra dho-eolais, agus fá choilltibh chaomha chnuas-iomdha, agus fá mhághaibh mhíne ró-áille na foraoise céadna sin. Suidheas gach aon aca i n-a dhúnadh sealga, agus i n-a láithreachaibh licthe, agus i n-a mbeárnaidhibh baoghail, agus i n-a n-ionadaibh iorghaile, mar do chleachtadaois coscar gacha sealga do dhéanamh roimhe sin riamh. Agus do shuidh Rí an Domhain i n-a dhúnadh sealga féin, agus do bhí ag éisteacht ré nuallgháir na ngasradh, ré séastán na míleadh, ré gothaibh na n-uasal, ré greasacht na ngadhar, ré brostughadh na buidhne, ré feadgháir na bhfear fiadhaigh, agus ré leigean na laochradh ar na luath-chonaibh.
Do bhidheadar amhlaidh sin go fuineadh néill nóna agus go hur-thosach na hoidhche, óir níor éirigh conách sealga nó amhantar fiadhaigh leo an lá sin. Agus iar ndul do'n ghréin d'a hadhbha codalta, do chruinnigheadar a mhuinntear d'ionnsuidhe an ríogh, agus do sheinn siad a stuic agus a n-orgáin, a mbeanna buabhaill agus a gcuisleanna ciuil, agus a n-adhairceanna forórdha an tan sin: agus d'fhiafruigheadar do'n tréin-rígh créad do dhéanfaidís an oidhche sin. Do labhair an rí do ghuth mhór árd fhollus-ghlan, agus is é ro ráidh - "A dheagh-mhuinntir," ar sé, "atáid geasa iomdha orm-sa, agus is díobh sin sealg na Foraoise Baoghlaighe do chómhmóradh i gcionn gach seachtmhadh bliadhna. Agus dá n-éireóchadh an tsealg liom an chéad lá, an fhoraois d'fhágáil; agus muna n-éireóchadh, fanamhain an dara lá, agus an treas lá, ag cómhmóradh na sealga. Agus ní chaillfead mo gheasa," ar sé, "óir is duine gan rath a chailleas a gheasa." Iar sin éirgheas troim-theaghlach agus troim-thionól an ríogh fó na feadhaibh agus fó na coilltibh fá cóimhneasa dhóibh, do bhuain ádhbhar boithe agus bealscalain: agus do thrascradar an fiodh d'a dtuaghaibh tana béal-fhaobhracha, agus sceanaibh rannacha scoithghéara; agus do rinne siad botha agus bealscalain, agus téagradh leo iad do luachair urghlais, agus dhuilleabhar dhath-álainn daraighe, agus bhárraibh crann cómhghlas eile ar cheana, ionnas go mbadh díon ar ghaoith agus ar fhearthain dóibh iad. Ro fhaduigh siad teinnte agus teandála iar sin, agus ro chaith siad a bproinn agus a dtomhaltas do bhiadhaibh shaora sho-chaithme agus do dheochaibh mhíne mheisceamhla. Agus an tan fá h-aoibhinn dóibh ag ól agus ag aoibhneas, do éirigh an rí 'n-a sheasamh agus dearcas na ceithre h-áirde imill-leathna ar gach taoibh de, 'n-a thimcheall; agus do chonnarc an t-aon óglách óg, armtha, éidighthe, inneallta, d'a ionnsuidhe; agus léine do mhaoth-shról i dtimcheall a gheilchneis, ionar iongantach ór-shnáithe ar uachtar a chaoimhléine,
agus lúireach dhaingean, dlúith, dheigh-fhighte, um a chorp sheing-reamhar, sholas-chaomh, shár-chamtha; scaball cannach óirchiumhsach ar uachtar na lúirighe sin; agus claidheamh ór-dhuirn iontlais claisleathan ar a shliasaid chlé. Mionn caomh cómhdhaingean clochbhuadhach ilcheárdach um a chionn; sciath ildhealbhach bhocóideach bháindhearg ar stuaidhleirg a dhroma, agus líntidhe do litreachaibh órdha i n-imeall-bhórdaibh na rígh-sceithe sin, do innisin agus do fhaisnéis nach raibh ar chúl scéithe nó claidhimh 's an domhain laoch nó gaisceadhach do bh'fheárr 'ná an tréin-mhíleadh sin. Dá shleigh uilleannacha i n-a gheal-ghlaic dheis: aghaidh fhad-chaol sholasta leis; agus rosc glas glan-loinneardha deagh-nuadh néamhanda gáireachtach i n-a chionn; agus béal tana cruthach cumtha leis; togbháil mhin-mhall mhánla ríoghamhail i n-a mhailghidhibh; tibridhte seirce i n-a ríogh-ghruaidhibh ceachtarda; agus ba déidheach daoine an dhomhain dó. Agus is amhlaidh do bhí, agus lóchrann lóinneardha lán-sholas i n-a láimh chlé, agus ro bhí an rí d'a fheachain nó go tháinig d'a lathair: agus fiafruigheas an rí Arthur scéala de. "Ní d'innisin scéal do tháinig mé, acht ag iarraidh comhraic aoinfhir ort-sa agus ar do mhuinntir," ar sé; "óir do chualas nach bhfuil rí ar dhruim domhain is lía fear comlainn chródha ar a theaghlach 'ná tusa," ar sé. An tan do chuala dream an ríogh sin, thugadar dealbh mhaith ar dhroich-dheilbh agus maise ar mhío-mhaise, agus tháinig tiughfhóbhairt báis d'a saithibh; óir do chuaidh dá thrian a n-aigeanta ó gach aon aca. Iar n-a fhaicsin sin do Ridire an Lóchrainn is é adubhairt - "Ó raibh bhur gcliatha agus bhur gcolla anuaisle, a theaghlaigh mheatha mhío-rúnaigh, cia líonmhar bhur n-áireamh sibh, is tearc do bhur n-deaghlaochaibh; agus is baramhail damh-sa nach beireann bhur meatacht nó bhur mhíolaochtacht uaim sibh, gan mo dhíol chath-iarghaile d'fhághail uaibh." Agus ag rádh na mbriathar sin dó, do sháith a sciath go
loiscneach i ndúntaibh na talmhan go tréan-ádhbhal, ag iarraidh comhraic. Iar n-a fhaicsin sin do'n rígh, d'fhiafruigh d'a throim-theaghlach cia rachadh d'ionnsuidhe an chomhlainn. Freagras an Ridire Geal mach ríogh Frainnce é, agus adubhairt go rachadh féin d'a ionnsuidhe. Éirgheas an Ridire Geal iaramh, agus ceanglas a chaomhchorp i n-a chath-éideach troda agus cruadh-chomhraic, agus téid i gcoinne agus i gcómhdháil Ridire an Lochrainn: agus chaitheadar frais d'a n-armaibh diobhraicthe diaroile gur chromsad iar sin crioslaigh a sciath; go ndeachadar i muinighin a gclaidheamh colg-reamhar glac-láidir, agus thugadar gleic ré gliadh, agus troid ré tacar, agus agh ré tromghoin, agus do rinne siad comhrac tréan tinneasnach mear míchéillidhe ó ghoil ainiarmhartaigh aingidhe náimhdeamhail neart-chalma ré chéile. Ciodhtrácht ba borb an buaidhreadh, agus ba feardha an fáscadh do bheiridís d'a chéile, ionnas gur chriothnuigh an talamh tromfhóideach fá n-a gcosaibh agus 'n-a n-uirthimcheall. Acht atá nídh chéana, gé'r shonnta sholámhach agus gé'r sheithreach fhíor-chalma an Ridire Geal ag dul chum an chomhraic sin, ba hanbhfann neamharrachtach agus ba meirtneach mío-laochta d'aithle an chomhraic é. Óir is amhlaidh d'fhág Ridire an Lóchrainn ré gliadh na talmhan, n-a chimeach chreapailte chruadhchuibhrighthe i bhfoirchionn an chomhlainn é. Agus buaileas a scíath an dara feacht, ionnas go gcluinfidhe fó na críochaibh fá cóimhneasa dhó é. Agus freagras an Ridire Dubh mac ríogh na gCaolach é, agus do rinne siad comhrac tréan tinneasnach mear mícheillidhe ré chéile; agus dob í críoch an chomhraic, gur fhág Ridire an Lóchrainn 'n-a chimeach chreapailte chruadhchuibhrighthe é. Acht atá nídh chéana, gé'r neartmhar dhó-áirmheach teaghlach an tréin-ríogh sin, agus gé'r chalma a gcuraidh agus a gcathmhílidhe, do cheangal Ridire an Lóchrainn iad uile, acht Balbhuaidh de Cordibus, do bhí 'n-a mhacaomh óg amhulchach, ar an
láthair sin. Agus gluaiseas roimhe i bhfrithing na conaire céadna, iar bhfágbháil an ríogh agus a mhuinntire cruadhchuibhrighthe amhlaidh sin, agus fearas ceo doilbhthe draoidheachta 'n-a dhiaidh, agus do bhidheadar amhlaidh sin go fuineadh néill nóna agus go h-éirghe gréine ar n-a mbárach. Is annsin do labhair an rí fris an teaghlach, agus is é ro ráidh - "Is truagh an gníomh so do thárla dhuinn," ar sé, "óir dá bhfeasadaois bantracht gus bandhála Dúna an Halla Dheirg ar mbeith mar so, do dhéanfaidís baoghal maghaidh agus fonomhaide dínn, agus cuirfidís ar mío-chlú agus ar meatacht fá'n domhan mór uile, agus ní thiubhraidís taobha frinn go bruinne an bhrátha agus go foircheann an bheatha. Agus is é is indéanta dhúinn, fanamhain 'san ionad so, go bhfagham neach éigin do 'n Adhamh-chloinn do bhéarfas furtacht nó fóirithin dúinn ó'n móir-éigean so i n-a bhfuilimíd." "Is maith an chomhairle sin le déanamh," ar Balbhuaidh de Cordibus, "agus is cóir a deanamh." Ciodhtrácht do bhideadar amhlaidh sin go fuineadh néill nóna agus go hur-thosach na hoidhche, gan furtacht nó fóirithin: gur labhair an rí le Balbhuaidh de Cordibus, agus is é ro ráidh - "A dhalta dhíl-ghrádhaigh," ar sé, "atá éigean is mó 'ná gach éigean orm-sa, óir atá teasbhach thirim tarta agus rian rabhartha ró-dhein íotan orm, agus gan cara nó compánach i bhfogus damh do bhearadh cosc m'iótan chugham." "A oide ionmhain," ar Balbhuaidh, "dá dtugtaoi-se t'arm agus eidheach féin damh-sa, agus eolas d'ionnsuidhe tiobraide, do rachainn ar chionn dighe dhuit gan moill." "A dhalta dhíl-ghrádhaigh," ar an rí, "an tiobraid is goire dhúinn annso, ní bhfuil 'san domhan ionad ionar lia geilte glinne agus deamhain aeir agus arrachtaigh éigchéillidhe fuathmhara fíorghránna 'n-a thimcheall 'ná í: agus is feárr liomsa bás d'fághail do'n tart so orm, 'ná an t-aon-dhuine is
annsa liom d'fhearaibh an domhain do chur i nguasacht báis fó n-am so do mo dheoin féin." "Ná habhair sin, a rígh agus a thighearna," ar Balbhuaidh, "óir do bheirim-se mo bhriathar fhíor, agus luighim fó na déithibh dúileacha, nach déanfad ciuinis nó comhnuidhe nó go téidh mé ar chionn dighe dhuit-se. Agus is amhlaidh do rachad ann, agus grád ridireachta orm; óir ní do dhuine is anuaisle 'ná ridire is cóir a dhul ar chionn dighe chugat-sa." Iar n-a chlos sin do'n rígh, do scaoil (a) arm agus éideach féin de, agus thug do Bhalbhuaidh iad, maille ré grád ridire, agus goireas "Sir Balbhuaidh" de; agus adubhairt leis an corn ceathair-bheannach cloch-bhuadhach caoimh-fhleascach (agus an Cupa Ceatramhach is ainm dhó) i n-a racadh ól caogad i n-aoinfheacht, do bhreith leis, agus dul d'ionnsuidhe Tiobraide na mBuadh ar Mháigh na nIongnadh. Tógbhas Sir Balbhuaidh an corn leis, agus gluaiseas roimhe (i) n-aithghearra gacha conaire go ráinig go Tiobraid na mBuadh. Agus cuireas an corn fá an tigh, agus iar n-a thógbháil dó, dearcas seachad de; agus do bhí bile bárr-ghlas beangánach i gcomhgar do'n tobar, agus do chuala an trost agus an tormán mór ag bun an bhile, agus leigis an corn ar lár, agus do chuaidh chum an bhile mar gcuala an torann. Agus do chonnarc an Madra Maol liath-mhongach, gan chluas gan earball, ag teacht ó bhun an bhile, agus gráin aige agus iorghail fair, ionnas go bhfanfadh mion-ubhall nó móráirne ar bhárr gach aon-ruainne do'n mhuing ghairbh ghlais-leith do bhí fair; agus slabhra athgharbh iarainn fó n-a bhrághaid, agus do labhair do bhriathraibh chneasta fhír-ghlioca le Sir Balbhuaidh agus do fhiafruigh scéala de. "Ní d'innisin scéala tháinig mé annso," ar Sir Balbhuaidh, "óir is cuibhe liom ór agus airgead do thabhairt do
chionn scéala d'innisin dam, 'ná mé féin do bheith d'a n-innsin." "Ní miste do ghaisceadhach nó do ridire dá chródhacht scéala d'innisin dam-sa," ar an Madra Maol, "oir dá mbadh nach dtiubhradh dham d'a dheoin, do bhainfinn d'a aimhdheoin de é. Agus is é m'ádhbhar ag fiafrughadh scéala dhiot, ionnus dá mbadh cara dham thú, go ndéanfainn cumann agus caradradh leat; agus dá mbadh eascara dham thú, go ndéanfainn cathughadh agus comhrac leat." Annsin do labhair Sir Balbhuaidh agus is é adubháirt - "Do dhream Ríogh an Domhain mise," ar sé, "agus ar chionn uisce chum an ríogh do tháinig mé, agus is ins an bhForaois mBaoghalaigh d'fhágas é, agus Balbhuaidh de Cordibus m'ainm, agus sin mo scéala dhuit," ar sé. Mar do chuala an Madra Maol sin, fearas fíorchaoin fáilte do Shir Balbhuaidh, agus fiafruigheas de créad an t-éigean mór do bhí ar an rígh, an tan do chuir an t-aon-dhuine do bh'annsa leis 'san domhain 'n-a uathadh agus 'n-a aonar fó n-am-sa do'n oidhche d'iarraidh uisce dhó. Freagras Sir Balbhuaidh é, agus ro innis do mar tháinig Ridire an Lóchrainn d'a n-ionnsuidhe, agus mar do cheangal an rí agus a mhuinntear uile. "Beir buaidh agus beannachtain," ar an Madra Maol, "is maith na scéala sin innisis tú dham: agus glac ceann an tslabhra so orm-sa i d'láimh, agus treoruigh mise d'ionnsuidhe na Foraoise Baoghalaighe mar a bhfuil an rí agus a theaghlach ceangailte cruadhchuibhrighthe. Óir tiocfaidh Ridire an Lóchrainn d'a dhícheannadh agus do dhícheannadh a mhuinntire mhar aon fris anocht, óir ní bhfuil 'san domhan aon duine do scaoilfeadh neach d'ar cheangal ó 'n bhfear sin riamh (acht muna scaoilfeadh sé féin) 'ná mise. Agus ní hionchomhraic duine d'fhearaibh na talmhan leis ar mhéid a dhraoidheachta agus ar fheabhas aigeanta, agus le méid a neirt agus uaisle a chroidhe
agus a chródh-fhola. Agus dá bhfeachfaoi-se Ridire an Lóchrainn ag teacht d'ionnsuidhe na muinntire sin atá ceangailte, leig amach ceann an tslabhra agus leanfad mise go luaith-rinn." Ghluaiseadar as a h-aithle sin d'ionnsuidhe na Foraoise Baoghalaighe, mar a raibh an rí agus a mhuinntear ceangailte, agus dáileas Sir Balbhuaidh an corn do'n rígh; agus ní mhór go ráinig leis deoch óil as an tan do chonnarc siad Ridire an Lóchrainn chucha, agus a chlaidheamh nochtuighthe i n-a láimh deis go hurlamh do dhícheannadh an ríogh agus a mhuinntire; agus lóchrann loinnearda lán-sholas i n-a láimh chlé. Mar do chonnarc an Madra Maol a bhíodhbha agus eascara ag teacht i gcómhfhogus, do thug teibeadh agus tréan-tharraing ar an tslabhra as láimh Sir Balbhuaidh, agus leigeas na gártha gaibhtheacha glonnracha agus na ruadh-bhuinnidhe róidhiana rabharta, mar shéidfeadh sidhe gaoithe nó feirbe le fánaidh do dhruim machaire no mullach sléibhe é, i gcoinne agus i gcómhdháil Ridire an Lóchrainn. Mar do chonnarc Ridire an Lóchrainn an Madra Maol, filleas i bhfriting na conaire céadna agus fearas ceo doilbhthe draoidheachta 'n-a dhiaidh fó mhachaire Breatain, i ngach conaire a dtigeadh an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh i n-a dhiaidh. Agus iar ndul as a n-amharc agus tar a radharc uatha, do iompuigh an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh d'ionnsuidhe an ríogh, agus adubhairt an Madra Maol - "Tiocfam chum na tulcha-sa mocha na maidne i mbárach, agus do gheobham lorg Ridire an Lóchrainn ann, agus leanfam go maith an lorg, agus cuardócham an domhan dó, nó go bhfagham é agus go ndíoghalfam ar bhfíoch air." Iar sin do fhilleadar i gcionn an ríogh agus a dhreama, agus do scaoil siad do'n rígh agus do'n theaghlach, agus ba buidheach an rí agus iad uile de d'a chionn sin, óir do bhaineadar dúil do chabhair acht muna mbéadh a thoisc chucha. Agus d'fhanadar trí láithe agus teora oidhche 'san bhforaois i bhfochair
an ríogh agus a mhuinntire. Proinnid iaramh ionnas go rabhadar subhach soi-mheanmnach i bhfochair a chéile an oidhche sin, agus innisis Sir Balbhuaidh do chách an modh ar a dtárla an Madra Maol fair ar dtús, iar ndul d'iarraidh uisce do'n rígh. Éirghid i moch na maidne ar n-a mbárach, agus ceileabhras an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh do'n rígh agus dá dhream uile ar cheana; agus do bhí dream an ríogh ag toirmeasc an turais sin ar Sir Balbhuaidh, agus níor ghabh sin uatha; agus ba tuirseach dobrónach do bhí an teaghlach uile i ndiaidh Sir Balbhuaidh do dhul leis an Madra Maol, agus ba meanmnach mór-lúthgháireach an Madra Maol de sin. Fághaid iomchómhairc beatha agus sláinte ag an rígh agus ag an teaghlach uile, agus do leansad an lorg ó n-ionad sin go hoirear an chuain; agus do chuir an rí giolla grádhach d'a mhuinntir d'fhollamhnughadh luinge tar a gceann, agus do chuir trí tionnchaire luinge innte, eadhón biadh i n-ionad a chaithmhe, agus ór i n-ionad a phronnta, agus arm i n-ionad a dhíbeartha; agus ro chuaidh innte iaramh, agus ro thógaibh Sir Balbhuaidh na bréide suaithnighthe siubhlacha solas-mhóra srathnuighthe, agus do leig an ghaoth na sidhe glóracha grod-cháinteacha i gciumhsaibh an tseoil, agus do rinne iomramh ur-aidhbhéil bríoghmhar neartmhar neimh-mheirbhthe, gur éirigh an long do shidhibh ó chuan agus ó 'n gcaladhphort amach tar dhruim-chladhaibh na mór-mhara díleannta; ionnas gur éirigh an fhairrge 'n-a heochair goirmleith agus 'n-a clar garbh glas ghráineamhail agus 'n-a bruachaibh díochoiscthe díchéillidhe, agus 'n-a tulcannaibh tinneasnacha tréan-ghlóracha grod-chainteacha, ionnas go gcluinfaidhe fó na críochaibh fá cóimhneasa dóibh foghar na mara mór-aidhbhéile, agus urgáire an éigne, agus garbh-chongháir na mbleidh-mhíol múiridhe.
Do bhidheadar amhlaidh sin go ceann cúig lá agus cúig oidhche; agus i gcionn na ré agus na haimsire sin ro éirigh Sir Balbhuaidh i gcrannóig a luinge agus féachas na ceithre háirde imill-leathna 'n-a thimcheall. Agus do chonnarc foscadh fíor-álainn oileáin agus taobh taitneamhach tíre; agus do innis sé sin do'n Mhadra Mhaol. "Seol-sa an long d'ionnsuidhe an oileáin sin," ar an Madra Maol. Do rinne Sir Balbhuaidh amhlaidh sin, nó go dtug leathad a taoibhe do'n tráigh gil gainmhigh do'n luing, ionnas nach bhféadfadh triath nó tréan-mhíleadh a tarraing, nó muir a múchadh, nó anfadh (a) hinghreim; agus iar rochtain chum na tíre dhóibh, do ghabhadar ag siubhal an oileáin, agus fá hálainn é ré hamharc; óir do bh'iomdha crann aoibhinn fíneamhna, agus srotha fuar-ghlana fíoruisce, agus tortha aibidhe ionchaithme ann; agus thárla dúnadh ríoghdha ró-mhaiseach, agus pálás álainn iongantach, agus iosta flatha foscailte tar a gceann; agus tigid ann iaramh, agus fuaradar teinte agus teandála ann, agus búird alltacha órdha ar n-a bhfolach d'eideadhaibh líogha lán-mhaiseacha agus do scaróideachaibh sciamhdha scaith glaine. Agus ní bhfuaradar neach beo nó marbh ann, acht aon seanóir dó bhí iar dtréigin a lúth agus a lámhachta, agus do bhí 'n-a ridire gaisce roimhe sin. Agus beannuigheas Sir Balbhuaidh dhó, agus fachtas scéala de, cár bhí féin, nó cár bh'ainm an oileáin sin i dtárladar, nó "cia an dún so i n-a dtárla sinn, nó cia stiúras flaitheas na críche-se féin?" Freagras an seanóir dhó agus is é ro ráidh - "Is cosmhail gurabh i n-uaimh talmhan, nó i gcuasaibh crann, nó i scealpaibh carraig do hoileadh thúsa, an tan nach bhfuil scéala an oileáin-se agat."
Iar n-a chlos sin do Shir Balbhuaidh, do ghabh fearg ádhbhalmhór é, agus thug sidhe sanntach so-lámhach ar an tseanóir, agus do rinne cimeach creapailte cruadhchuibhrighthe de, agus nochtas a chlaidheamh d'a dhícheannadh. Annsin adubhairt an seanóir na briathra so síos - "Séan agus conách i d'chéimeannaibh agus i d'ghníomharthaibh, a ghaiscigh agus a ridire óig uasail! Agus ná dícheannuigh duine anbhfann éagchruaidh mar 'táim-se, agus na scéala ro fhiafruighis díom inneosad duit iad. An t-oileán so ro fhiafruighis díom, is é (a) ainm, an tOileán Dorcha; agus an dún ro fhiafruighis díom, an Dún Daingean a ainm; agus Gruagach an Oileáin Dorcha is triath agus tighearna dhó, agus ridire d'a mhuinntir mise," ar sé. Annsin fiafruigheas Sir Balbhuaidh scéala Ridire an Lóchrainn de. "Ní mór an fheidhm atá agat-sa ar sin d'fhiafruighe," ar an seanóir, "oir is gáirid rómhaibh ó do fhág sé so, agus saoilim-se gurab ag teicheadh rómhaibh-se atá sé." "Foillsigh tré fhírinne cá ndeachaidh sé, nó fuighead-sa fó ghuin gae agus claidhimh thú," ar Sir Balbhuaidh. "Ní mór an fheidhm atá agat sin d'innsin duit," ar an seanóir, "óir ní bhfuil d'fhearaibh an domhain duine is líonmhaire cumhachta 'ná é; agus an Uaimh Dhorcha is ainm do'n áit i ndeachaidh sé, agus atá tor i leith-imeall na críche-se darab ainm Tor na hUamha Dorcha; agus atá uaimh dhaingean do-eolais i gcómhfhogus do'n tor sin, agus an tan do thig Ridire an Lóchrainn do'n chríoch sin is ann do chomhnuidheas; agus atá dhá dhoras uirrthe, eadhón dóras ag teacht chum na críche sin, agus doras eile do thaoibh na mara, agus atá long urlamh ag chionn imtheachta dochum na mara, do leith dorais na huamha. Agus an tan do chí se aon duine chuige ó thír, téidh 'san luing i n-imdhídean na mara, agus ní dhéanann se comhnuidhe nó go dtéidh sé go hOileán na mBan gCíoch-loiscthe. Agus is é
an t-oileán sin oileán is mó aidhmhilleadh draoidheachta agus diabhlaidheachta 'san domhan; óir is ann atá Abhlach inghean Feargusa Finn, ríogh na Scithia; agus is í sin bean is mó aidhmhilleadh draoidheachta 'san domhan mór uile, agus is banchara draoidheachta do Ridire an Lóchrainn í. Agus ní fhéadfadaois fir an bheatha díoghbháil do dhéanamh dhó, an feadh do mhairfeas na seoid atá ag Abhlach d'a gcoimheád dhó; eadhón cupa ríogh na hIorruaidhe, thug Deilbh-ghréine, eadhón inghean an ríogh, mar sheod suirghe dhó, an tan do bhí se ar tuilleadh agus ar tuarastal ag a hathair (agus is iad a bhuadha; an tan do bhíos aige nó ag duine eile coimhéadas dhó é, ní rachaidh traochadh ar a neart); agus sitheal ríogh Frainnce, thug sé leis iar marbhadh an ríogh féin (agus is iad a bhuadha'gach neach folcas é féin aiste gach bliadhain, ní luigheann aois ársaidheachta nó urchra fair); agus fáinne ríogh na hIndia, eadhón a athar féin, agus atá liagh lánmhaiseach lóghmhar i gcionn an fháinne sin (agus is iad a bhuadha; an t-aon féachas air, dá mbadh cneadhach créachtach é, béidh sleamhain slán-chréachtach fá dheoidh é). Agus an tan fágbhas a bhealach an baile, fágbhás na seoid sin d'a gcoimhéad ag bainríoghan na mBan gCíochloiscthe. Agus ní dóigh liom go bhfuil ar dhruim talmhan ridire nó gaisceadheach atá ionchomhraic fris, ar mhéid a dhraoidheachta agus ar fheabhas eagna agus uaisle, agus le méid a nirt agus a dhóchais as féin. Agus ag sin duit mo scéala féin," ar an seanóir, "ar gach nídh ar fhiafhruighis dhiom." Scaoileas Sir Balbhuaidh do'n tseanóir iar sin, agus shuidh féin agus an Madra Maol, agus do chaith siad a leordhóithin bidh do bhiadhaibh shaora shochaithmhe, agus do dheochaibh mhíne mhisceamhla gharga ghabhálta; agus do chuaidh siad ar sin chum suain agus síorchodlata. Agus ro éirigh siad i moch na maidne ar n-a mbárach, agus d'iarr Sir Balbhuaidh ar an tseanóir eolas do dhéanamh dhóibh d'ionnsuidhe na hUamha Dorcha; agus do ghluaiseadar d'ionnsuidhe na hUamha Dorcha agus fhuaradar í.
Is annsin adubhairt an Madra Maol le Sir Balbhuaidh - "Fuirigh 'san doras is neasa do'n tír, agus congaibh an slabhra so orm-sa i d'láimh, agus crath go daingean é; agus rachad mise d'ionnsuidhe na luinge agus béidhead i bhfolach innte. Agus mar chluinfeas Ridire an Lóchrainn fuaim an tslabhra agat-sa, saoilfidh sé gur mise do bheidheas ann; agus do bhearaidh sé aghaidh ar an luing, agus déanfad-sa comhrac fris. Agus muna bhfagham mar sin é, is dóigh go bhfuighir ar aon chor é." "Is maith an chomhairle sin," ar Sir Balbhuaidh, "agus is cóir a dhéanamh." Annsin do leig an Madra Maol ar snámh na fairrge agus na mór-mhara é, d'íonnsuidhe na luinge; agus téid i bhfolach fó chistídhibh innte. Crathas Sir Balbhuaidh an slabhra iar sin; agus an tan do chuala Ridire an Lóchrainn fuaim an tslabhra ag a chrathadh, thug éirghe athlámh d'ionnsuidhe na luinge. Iomthúsa Abhlaigh inghine Fheargusa Fhinn, do foillsigheadh dhí tré dhraoidheacht Ridire an Lóchrainn do bheith 'san éigean sin. Do chuir brat uaithne uimpe, agus thug foiléim árd uathbhásach uirre d'ionnsuidhe an toir; agus iadhas a dá láimh fó Ridire an Lóchrainn, agus aithris cealg Sir Balbhuaidh agus an Mhadra Mhaoil dó; agus adubhairt nach raibh conair eolach aige acht i gcionn a bhíodhbha agus a eascaradh, eadhón an Mhadra Mhaoil do bhí 'san luing, agus Sir Balbhuaidh do bhí (i) ndoras na huamha; "agus gibé díobh sin gus a rachair, ní thiocfair slán uaidh." Ó d'chuala Ridire an Lóchrainn sin, do himeagluigheadh uime go mór. "Ná bíodh eagla nó uamhan ort," ar Abhlach, "óir do thug mise currach go ndeilbh n-éagsamhail draoidheachta liom ar amas na huamha, agus racham ar aon ann gan fhios dóibhsion."
Annsin ghluais Ridire an Lóchrainnagus Abhlach d'ionnsuidhe an churraigh le draoidheacht Abhlaigh, gan mothughadh do'n Mhadra Mhaol. Fá cian leis an Madra Maol do bhí Ridire an Lóchrainn gan teacht chuige; agus dearcas seacha de, agus chonnarc an currach feadh a radhairc uaidh 'san bhfairrge, agus aithnigheas gurab é Ridire an Lóchrainn do bhí ann. Agus fá himshníomhach de sin é, agus tháinig chum na huamha mar a raibh Sir Balbhuaidh, agus d'innis dó Ridire an Lóchrainn d'imtheacht uaidh. "Agus a Shir Balbhuaidh," ar sé, "ná bíodh tuirse ort-sa tríd súd; óir do bheirim-se mo bhriathar fhíor, go sírfidh mé an domhan mór uile nó go bhfuigeam é, agus go ndíoghalfam ar masla fair." Agus adubhairt Ridire an Lóchrainn le Abhlach gan comhnuidhe do dhéanamh nó go mbeidís i nOileán na mBan gCíochloiscthe. Annsin do chuir an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh an long ar mhuir agus ar mhór-fhairrge ar lorg Ridire an Lóchrainn agus Abhlaigh; agus ní dhearnadar comhnuidhe go rángadar Oileán na mBan gCíoch-loiscthe. Agus do foillsigheadh sin tré dhraoidheacht d'Abhlach; agus d'fhág (sí) féin agus Ridire an Lóchrainn an tOileán tré dhraoidheacht. Agus do chuaidh Sir Balbhuaidh agus an Madra Maol ag siubhal an oileáin, nó go dtárla an bhantracht ortha; agus mar do chonnarc na mna agus siad féin a gcéile, do fearadh comhrac tréan tinneasnach dían dásachtach niadhta náimhdeamhail mear míchéillidhe eatortha. Agus dob í críoch an chomhraic, gur chuir an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh an comhrac ar na mnaibh fá dheoidh, agus gur thuiteadar leo uile acht an bhainríoghan amháin. agus do chomhraicigh sí féin agus an Madra
Maol ré chéile; agus tuiteas an ríoghan ris an Madra Maol i bhfoirchionn an chomhraic. Annsin ghluaiseadar chum an dhunaidh, agus do fhuaradar seoid Ridire an Lóchrainn, (eadhón cupa ríogh na hIorruaidhe agus sitheal ríogh na Frainnce agus fáinne ríogh na hIndia) agus thugadar leo iad uile, maille ré rogha seod an dúnaidh; agus d'fhágadar an dún 'n-a dhoighir dhonnruadh dhearglasrach, agus adubhairt an Madra Maol gur scar mórán d'a dhraoidheacht ré Ridire an Lóchrann, ó do scar na seoid sin ris. Iar sin ionnsuidhid an long; agus do bhidheadar trí lá agus teora hoidhche fair sáile agus ar mhuir. Agus i gcionn na ré agus na haimsire sin, do éirigh Sir Balbhuaidh i gcrannóig a luinge, agus dearcas na ceithre háirde 'n-a thimcheall. Agus do chonnarc taobh taithneamhach tíre agus foscadh fíorálainn oileáin uadha, agus ro innis sin do'n Mhadra Mhaol. "Seol-sa an long d'ionnsuidhe an oileáin sin," ar an Madra Maol. Do rinne Sir Balbhuaidh amhlaidh, go dtugadar leathad a taoibhe do'n tráigh gil gainmhigh do'n luing. Is annsin ro fhiafruigh Sir Balbhuaidh do 'n Mhadra Mhaol, "Cia an chríoch sin?" "Críoch na Beiginse an chríoch-sa," ar an Madra Maol, "agus Rí na Beiginse is triath agus is tighearna fuirthi, agus is cliamhain dó Ridire an Lóchrainn é, agus is dóigh liom-sa gurab an-fhochair tá sé anois. Agus imthigh-si rómham-sa chum an dúnaidh; agus innis gurab fear dána tháinig le dán thú, agus beir an feadán glan-airgid so agam-sa leat (is cuisle chiuil dhom féin); agus dá bhfeichfeá-sa Ridire an Lóchrainn isteach, seinn an feadán agus freagarfad-sa go deagh-thapaidh thú. Agus fuireochad-sa amuigh, agus brat draoidheachta i m'thimcheall, i gcruth nach bhfeicfeadh aon neach mé."
"Is maith an chomhairle sin," ar Sir Balbhuaidh. Agus do ghluais roimhe gus an dúnadh agus baineas béim baschrainn 'san doras. Do innis gur fhear dána é tháinig le dán chum an ríogh, agus do léigeadh isteach é; agus do fhuair Ridire an Lóchrainn isteach róimhe, agus i n-aimsir a dhána do ghabháil seinn sé an feadán. Dearcas Ridire an Lóchrainn fair, agus aithnigheas gurab é feadán an Mhadra Mhaoil do bhí ann. Agus éirgheas i n-a sheasamh d'fhágáil na bhruidhne. Agus ní mór go ráinig leis a fágáil an tan do tháinig an Madra Maol isteach, agus buaileas fá'n teaghlach agus gabhas ag a n-oirleach agus ag a n-athchumadh ionnas nachar fhág fear ré chéile díobh nó go dtárla an rí féin ris agus do chomhraicigh sé féin agus an rí ré chéile; agus ba hé críoch an chomhlainn, an rí do thuitim ris an Madra Maol. Iar marbadh an ríogh agus a mhuinntire amhlaidh sin, do labhair an Madra Maol ré Sir Balbhuaidh agus is é adubhairt: "Is í comhairle is indéanta dhúinn anois, fanamhain annso go ceann naoi dtráth, agus saoilfidh Ridire an Lóchrainn gur ghluaiseamar as, ó nach bhfuil fear inniste scéil beo d'a dhream; agus fillfidh sé chum an dúin-se arís, d'fhághail scéala an ríogh agus a mhuinntire: agus do gheabham le n-a mharbhadh mar sin é." "Is maith an chomhairle sin le déanamh," ar Sir Balbhuaidh, "agus is cóir a déanamh." Fuirighid iar sin go ceann naoi dtráth, agus 'san tráth deidheanach tháinig Ridire an Lóchrainn do'n oileán, agus feachas tré fhuinneoghaibh an dúin. Agus do chonnarc na colna uireasbacha agus na corpa cróidhearga ar urlár na bruidhne, agus Sir Balbhuaidh agus an Madra Maol i n-a bhfiadhnaise. Bíodhgas Ridire an Lóchrainn go hádhbhal-mhór, agus leigeas i néallaibh nimhe agus i bhfrithibh na fiormaimeinte é, ionnas nachar fhios dóibh cá háird do cheithre háirdibh an domhain i n-ar ghabh sé uatha.
Ro éirigh an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh iar sin agus rug siad rogha seod an dúnaidh leo; agus ro fágaibhsead an dún 'n-a dhoighir dhonnruaidh dearglasraigh, agus d'ionnsuigheadar an long. Agus ní haithristear a n-eachtra nó a n-imtheachta go rángadar go hoirthear na hEigipte. Is annsin ro fhiafruigh Sir Balbhuaidh do'n Mhadhra Mhaol, "Cia h-í an chríoch sin?" "Críoch na hEigipte an chríoch sin," ar an Madra Maol, "agus rí na hEigipte is triath agus is tighearna fuirthi, agus is cliamhain dó Ridire an Lóchrainn é; agus is compánach cómhghaisceadhach do Ridire an Lóchrainn mac ríogh na hEigipte (eadhón Gruagach na hInneiridh): agus is í inghean ríogh Tíre na mBeo do rinne a n-oileamhain agus a n-áird-leasughadh ar aon, agus is é mac Ríogh na Gréige ro altram iad." Ba hiongnadh mór le Sir Balbhuaidh na scéala sin d'fhághail ag an Madra Maol; agus is é ro ráidh - "A chompánaigh agus a chuideachta na páirte," ar sé, "atáim féin cian-tuirseach ó thaisteal mara agus móir-thíre. Do b'áil liom athchuinge d'fhághail uait, ar grádh heinigh agus do ghaisce, ó thárla tréimse fada id' fharradh agus i d'chuideachta mé." "Cá hathchuinge sin?" ar an Madra Maol. "Do b'áil liom scéala d'fhághail uait-si, cia tú féin, nó créad do chuir 'san riocht sin thú, agus urlabhra daonna agat?" "Ní maith liom-sa na hathchuinghidhe sin d'iarraidh orm," ar an Madra Maol. "Gidheadh inneosad duit-se é. Mac do rígh na hIndia mise, agus Alastrann Iongantach m'ainm; agus inghean ríogh na gCaolach mo mháthair, agus Niamh Nuadh- chrothach a hainm. Agus do rug sí ceathrar mac maith eile
agus mise do m'athair; agus do chinn an chlann sin tar chlannaibh ríogh agus rói-thighearna an domhain mhóir uile ar mhéid ur-áirde, ar mhaise, ar inneall, agus ar éagcosc. Do theastuigh ar máthair, (eadhón Niamh Nuadh-chrothach) agus do thug an rí bean eile d'a héis, (eadhón Libhearn Lánsholas inghean riogh Gréige); agus do rug sí mac dhó (eadhón Ridire an Lóchrainn, agus is ar a lorg atámaoid anois); agus is ag a dhálta, Gruagach na Gasghuinne, do hoileadh é. "Lá n-aon d'a raibh Ridire an Lóchrainn agus a mháthair ag imirt ré n-a chéile i ndún ríogh na hIndia, do labhair an mháthair fris an mac, agus is é adubhairt - ""A mhic dhíl ghrádhaigh," ar sí, "is urus duit a bheith go maith, óir is iomdha óir agus airgid ag t'athair féin agus agam-sa, agus ní bhfuil d'oighridhibh orrainn acht túsa amháin." "Óir do shaoil sí nach raibh do chloinn ag an rígh acht Ridire an Lóchrainn i n-aonar. Iar n-a chlos sin d'óglách do mhuinntir an ríogh, adubhairt go raibh oighridhe maithe iomhdha ag an rígh d'a éagmais; agus go mbadh fheárr gach aon aca mar oighre 'ná eisean. Iar n-a chlos sin do'n mbainríoghan, do feargadh go hiomarcach í, agus thángadar airgheana éagsamhla báis dí, agus thug mhaise ar mhío-mhaise agus dealbh mhaith ar dhroich-dheilbh; agus fiafruigheas de "cia hiad na hoighridhe sin?" ""Atáid" ar sé "cúigear mac maith ag an rígh; agus dá mbadh aon rí ar an domhain mhór uile, atá a dhíol do chloinn ionnta." "Tháinig an rí do láthair iar sin, agus fiafruigheas an bhainríoghan de créad fáth raibh a chómh-mhaith sin do chloinn aige gan fhios dí féin; agus adubhairt nach feárr do bheadh léi a mac féin 'ná gach aon díobh. Adubhairt an rí annsin 'ní ar olc leat-sa, a bhainríoghain, nach dtugas mo chlann do d'láthair; acht gur cheann sluaigh agus sochraidhe gach aon díobh, agus nach dtiocfadaois do m' láthair-si acht an uair ba mian leo féin.'
"Gidheadh is é gliocas do rinne sise, fios agus teachta do chur ar chionn a hathara (eadhón ríogh Gréige), gan fios gan mothughadh do rígh na hIndia; ionnas an uair do chluinfeadh rí na hIndia rí Gréige do theacht d'a ionnsuidhe, go gcuirfeadh fios ar sluaghaibh na hIndia agus ar a chloinn féin go háirithe, ionnas go bhfuigheadh sí sinn féin ar aon láthair, le draoidheacht agus diabhlaidheacht d'imirt forainn. Agus is amhlaidh do bhidheamar an uair sin, agus seanóir fiosach fíreolach iar gcrosadh orainn thul do láthair na bainríoghna ar eagla draoidheachta nó diabhlaidheachta d'imirt orainn tré fhuath agus tré mhioscais. "Dála ríogh Gréige go n-a dhream, thángadar go críochaibh na hIndia; agus iar n-a chlos sin do rígh na hIndia, do chuir fios agus teachta orainn féin agus ar sluaghaibh na hIndia uilé mar aon frinn, idir triath agus tigearna, míleadh agus gaisceadhach; agus thángamar féin fó gairm ar n-athara, maille ré héidhighibh líoga lán-mhaiseacha agus go gculaidheachaibh áille ildhealbhacha órshnáiteacha forainn. "Agus iar dteacht i measc na sluaigh dhúinn, ní raibh neach, fir nó mná ann, ba mó moladh orainn, agus ba mó lúthgháire rómhainn, ioná an ríoghan; agus adubhairt nach feárr do bheadh sí ré n-a mac féin, eadhón Ridire an Lóchrainn, 'ná le gach aon againn. Agus do chuaidh sí mar a raibh a hathair, eadhón rí Gréige, agus adubhairt ris go raibh eagla uirrthi go mbainnfimís-ne an oighreacht d'a mac féin (eadhón Ridire an Lóchrainn), acht muna dtoirmisceadh go luath sinn. Agus adubhairt an rí gur chóir sin dho dhéanamh gan moill. Agus iar mbeith do rígh Gréige naoi láithe agus naoi n-oidhche 'san India, thug lámh for imtheacht; agus ro innis gur éirigh cogadh mór agus coinbhliocht idir é féin agus rígh Frainnce, agus gur mhian leis rí na hIndia do dhul leis féin do chómhmóradh an chogaidh sin, agus sinn féin d'fágáil 'san hIndia i bhfarradh na bainrióghna; amhail mar do theagasc sisi go cealgach dhó. Do chuir ar n-athair
comhairle orainn fanamhain aici, agus do rinneamar amhlaidh. "Dála na ríogh sin, gluaisid rómpa maille ré n-a sluaghaibh gus an bhFrainnc; agus d'fhágadar sinn féin i bhfochair ar leasmháthara, eadhón Libearn Lánsholas. Annsin do thug ar leasmháthair léithe sinn i bhfód fó leath, agus do dháil sí fleadh ádhbhal-mhór fuatha agus fír-mhioscaise orainn, agus do chuir sí ar chaoi meisce agus meadhruighthe céille sinn; agus imir draoidheacht agus diabhlaidheacht orainn, ionnas gur chuir i riocht chúig con allta sinn, eadhón triúr againn i riocht trí fearchon, agus an dís eile i riocht dá shagh. "Agus do ghreasadar coin agus gadhair an dúnaidh rinn, agus do chuir ar teicheadh agus ar ionnarbhadh i leithimeall na críche sinn, i ngleanntaibh diamhra do-eólais. Agus do bhidheamar seal cian agus aimsear fhada ag dianscaoileadh maoine agus spréidhe ar leasmháthara; agus níor chlos aon fhocal d'ar scéalaibh ó shin amach. Mar sin dúinn nó gur torchuigheadh na sagha sin do bhí againn uainn féin, agus gur rug gach sagh aca ceithre cuileáin déag; agus d'fhás oirbhearta na gcuileán sin go luath. Agus do rinneadh comhairle linn ann, India d'fhágáil agus a dhul do'n Ghréag, do dhíoghal na comhairle sin thug rí Gréige d'a inghin féin chum sinn-ne do mhalairt nó do mhío-chórughadh. "Do críochnuigheadh an chomhairle sin linn, gur ghluaiseamar rómhainn do'n Ghréag; agus do bhidheamar bliadhain innte, agus do thionnscanamar ar ndíoghaltas do chur i ndlús, an dianscaoileadh spréidhe na Gréige. "Acht atá nídh chéana, ní háirmhfidhear go bruinne an bhrátha, agus go fóircheann an bheatha, an t-ár féinnidh agus fear ágha, an díth agus an díoghbháil, an scaoileadh an scannradh agus an beoscathadh, thugamar ar dhaoinibh ar spréidh agus ar ainmhintibh na Gréige. Do chuadar deag-cháineacha i n-úireasbaidh ris an rígh; agus do cinneadh comhairle leo, coin agus gadhair na Gréige agus na gcríoch fá cóimhneasa dhóibh do
chruinneadh ar aon láthair agus ar aon ionad; agus a dhul d'ionnsuidhe an ghleanna a rabhamar, agus sealg agus fiadhach do dhéanamh forainn. Do críochnuigheadh an chomhairle sin leo, agus thángadar d'ar n-ionnsuidhe go Gleann na gCon nGarg, (óir do b'é sin ainm an ghleanna, ó'n gcomhnuidhe rinneamar féin ann). "Do srathnuigheadh agus do sraonadh an tsealg féin leo i dtimcheall an ghleanna, ionnas nach ndeachaidh aon i n-a bheatha beo as dinn, acht mise féin i m'aonar; agus do bhí uaimh dhaingean do-eolais is an ngleann, agus do b'eolach dham-sa go maith í. Gluaisim rómham d'a hionnsuidhe, agus téidhim isteach innte do m'fholach féin orra. Agus do leanadar uile mé, idir choin, gadhair, agus daoine, agus do b'áil leo an uaimh do loscadh orm. Agus an tan do chonnarc mise an uaimh ag a dorchughadh orm, agus mo bhíodhbhaidhe agus m'eascaraid im' thimcheall, agus gan cara nó compánach do m'ghoire do breith furtachta dhamh, do líon mé d'fheirg agus d'fhíoc, agus d'éirigh mo mheanman agus mo bhrígh, agus do smuain mé go mbadh fheárr dham an uile bás d'fhághail 'ná mo loscadh, agus fós go mbadh oirchise dham mé féin do dhíoghail ar mo namaidh 'ná bás d'fhághail i n-ascaidh. Téidhim amach iar sin, agus tugaim aghaidh ar na sluaightibh; agus do rith siad mo choinne, idir choin gadhair agus daoine; agus do ionnsuidh mé iad-san gan fhaillighe, agus gabhaim ag a n-oirleach agus ag a n-athchumadh ionnas go n-imtheochadh brainéan cíocrach confadach ó'n gcolann go chéile díobh. Ionnus gurab é an díoghbháil uaim-se fá dheoidh, eadhón, deich naonbhair agus seacht gcéad ridire arrachtach, i bhféagmhas dioscar-shluaigh. Agus do bhidheas féin cneadhach créacthach ó ghonaibh iomdha na n-arm agus ó fhorlann an chomlainn; agus is í comhairle do críochnuigheadh liom, dul d'ionnsuidhe ríogh Gréige agus comairce do ghlacadh aige. Agus an áit a bhfaca mé poball an ríogh, téidhim d'a hionnsuidhe agus beirim eiteall
éineamhail i n-ucht an ríogh, agus iadhaim mo dhá chrobh tosaigh fó n-a bhrághaid. Agus mar do chonnarc an rí sin, do labhair fris na sluaghaibh agus d'fhógar dhóibh gan díoghbháil ar bith do dhéanamh dhamh. Agus do rug leis go cathair na hAithne mé, agus do chuir an slabhra so orm." "Beir buaidh agus beannachtain, a charaid ghrádhaigh," ar Sir Balbhuaidh, "ní chuala mé riamh scéal ba binne agus ba seirbhe liom, 'ná an scéal sin d'innis tú dham anois. Agus ar ghrádh heinigh agus do ghaisce, innis dam cionnas do baineadh do chluasa agus t'earbhaill diot." "Inneosad go deimhin," ar an Madra Maol, "agus ní bhfuil 'san domhan scéal is measa liom, agus fós is mó truaighe 'ná é. Óir i ndiaidh cúirthe imdhídne orm d'olc agus d'anforlann, do bhí mé fá mhuirn agus fá onóir móir ag an rígh; óir do thuig sé go raibh ciall agus cuimhne dhaonna agam. Agus uime sin ní leigfeadh ar ionchaibh aon-duine 'san nGréig mé ó n-a sheomra féin amach, ar eagla droich-neith ar bith do dhéanamh orm. Agus do bhí mé amhlaidh sin ag an rígh go ceann aimsire áirithe fada 'n-a dhiaidh sin, nó go dtáinig Ridire an Lóchrainn do'n nGréig; agus do chuala sé mo thuarascbháil féin do bheith ann, agus ro aithin gur do 'n chloinn do chuir a mháthair fó gheasa mé; agus tháinig do'n chathair, agus mar nar leig an eagla dhó mise do mharbhadh nó do mhíochórughadh (óir do bhí fios aige nach leigfeadh an rí ar ionchaibh aon-dhuine 'san nGréig mé as a sheomra féin amach) do ghuidh sé inghean do'n rígh (eadhón deirbhshiúr a mháthara féin) fá mise do chur chum báis; agus do gheall sisi sin do dhéanamh. "Agus lá n-aon d'a ndeachaidh amach ar an bhfaithche agus d'fhág mise i n-a sheomra féin, tháinig an inghean i m'fharradh annsin, agus do chuir sí shuain-bhreacht draoidheachta orm, ionnas gur thuiteas 'mo thoirchim suain agus síor-chodalta. Agus thug sí altán sceine scoith-ghéire amach agus do bhain mó dhá chluas agus m'earbhall díom: agus do bh'áil leithi mo
dhícheannadh. Bíodhgaim-sa as mo shuan ar mo ghortughadh, agus thugas teibheadh agus tréan-tharraing ar an tslabhra, agus brisim an chuid do bhí i ngreamaigh de, agus thugas sidhe sanntach fíorchalma do m'chrobh thosaigh do'n inghin, gur leigeas a habach agus a hionathar eiste. Agus téidhim ar an bhfaithche amach, agus thugas aghaidh ar na sloighthibh do dhíoghail mo chréacht agus m'easonóra forra. Agus do chomhraicigheas friu, ionnas gur mharbhas uimhir do-áirmheach díobh; agus do chomhraicigheas féin agus an rí ré chéile, agus dob í críoch an chomhraich, an rí do thuiteamh liom; agus gabhaim ag cur ár na nGréagach ó shoin go hoidhche. Acht atá nídh chéana, nó go n-áirmfidhear féar faithche, agus gaineamh trágha, agus duilleabhair feadha, agus réalta nimhe, ní fhéidir innisin nó áireamh do chur ar ar thuit liom do shloighthibh na Gréige Mhóire an lá sin. Agus teicheas Ridire an Lóchrainn rómham féin ó sin i leith, conach fios dam ca h-áird do ceithre háirdibh an domhain mar ghabh sé uaim; agus atáim d'a thóraidheacht ó shoin nó (go) dtárla leat-sa mé ag an tiobrad. Agus is iad sin na scéala ro fhiafruighis díom," ar an Madra Maol. "Beir buaidh agus beannachtain," ar Sir Balbhuaidh, "ní chuala mo chluas riamh sceal ba binne agus ba mó truaighe nó ar chanas dam." Agus do chuadar go dún ríogh na hEigipte iaramh, agus iar n-aithne an Mhadra Mhaoil dóibh tháinig an rí 'n-a gcoinne agus 'n-a gcómhdháil, agus fearas fíorchaoin fáilte friu. Agus do rug leis gus an dúnadh iad, agus do freastaladh agus friotháileadh go maith iad. Is annsin do fhiafruigh an Madra Maol scéala Ridire an Lóchrainn do'n rígh. "Ní bhfuil aon-fhocal dá scéalaibh agam-sa," ar an rí, "agus dá mbeadh do bhéarfainn dóibh-si é, óir ní lugha oraibh-si Ridire an Lóchrainn 'ná orm-sa féin. Óir do bhí sé 'n-a chliamhain agam-sa, agus do leig sé mo inghean-sa uaidh, agus thug sé bean eile ba measa 'ná í, eadhón inghean ríogh na
Beiginse. Agus an t-ionad i n-ar dhócha liom nídh éigin d'a scéalaibh d'fhághail seolfad sibh-si d'a ionnsuidhe; óir atá dún i leith-imeall na críche-se d'a ngoirtear an Dún Diamhair, agus is ann atá m'inghean-sa anois, agus is uaith ainmnighthear í, eadhón Bainríoghan an Dúnaidh Diamhair. Agus téidh-si d'a hionnsuidhe, agus an meidh bhidheas do scealaibh Ridire an Lóchrainn aici bhéarfadh dhíbh-si íad." Gluaisid i moch na maidne ar n-a mbárach dochum an Dunaidh Diamhair, agus fearas an inghean fíorchaoin fáilte friu. D'fhiafruigh an Madra Maol scéala Ridire an Lóchrainn. Is annsin do rinne an inghean casaoid a masla riu ar Ridire an Lóchrainn. Adubhairt an Madra Maol gur dhíoghail sé féin cuid d'a masla fair, agus dá mbéarfadh air arís go dtiubhradh air gan a hatharrach-sa mhnaoi do bheith aige go foircheann a ré agus a saoghail. "Dá dtugtha-sa do bhriathar fria sin do chomhall damh-sa," ar an ríoghan, "do bhéarfainn a bhfuil do scéalaibh agam féin duit." Thug an Madra Maol a bhriathar fris sin do chomall dí. "Atá uaimh i leith-imeall na críche-se," ar sí "agus an Uaimh Dorcha a hainm, agus atá tor innte darabh ainm Tor na dTri mBeann (eadhón beann óir, beann airgid, agus beann fionnbhruithne). Agus an tan tig Ridire an Lóchrainn do'n chrích-se, is ann a chomhnuidheas sé; agus ní bhfuil slighe chuige acht tríd an uaimh. Agus do chuala mise go bhfuil sé ann anois, maille ré mo bhrátar féin, eadhón Gruagach na hInneiridh; agus rachad-sa féin do dhéanamh eolas díbh-si ann." Téidhid-se rómpa ar n-a mbárach chum na hUamha Dorcha. Agus iar rochtain chum na huamha dhóibh, do scar an inghean riu; agus do rinne an Madra Maol colum geal de féin,
agus chuaidh isteach ar fhuinneog an tuir; agus do fuair Ridire an Lóchrainn agus Gruagach na hInneiridh isteach ag imirt; agus iar bhfeicsin an Mhadra Mhaoil do Ridire an Lóchrainn, do rinne dhá chuil de féin agus do'n nGruagach, agus do chuaidh amach ar fhuinneog an ghrianáin. "Dá bhfeasfainn-se," ar an Madra Maol, "gur i riocht cuileoige do rachthá amach, is i riocht coir-mhíoltoige do thiocfainn féin isteach chugaibh." Acht atá nídh cheana, fuair sé an lóchrann ar lasadh 'san tor, agus do thug leis é mar a raibh Sir Balbhuaidh; agus do thug i n-a láimh dhó é, agus adubhart gur scar móran d'a dhraoidheacht ré Ridire an Lóchrainn ó scar an lóchrann leis. Fiafhruigheas Sir Balbhuaidh créad fáth ar tugadh "Ridire an Lóchrainn" fair. "Rí do bhí ar an Scithia," ar an Madra Maol, "agus ní raibh do chloinn aige acht dís inghean, eadhón Beibheann agus Beadhchrotha a n-anmanna. Agus ní raibh do mhnáibh na talmhan n-aon samhail nó a maca samhla ar dheise, ar dheilbh, ar mhéinn, agus ar dheigh-bhéasaibh. Óir nár dhuibhe gual gabhann iar n-a bháthadh i n-uisce fuar oighridh 'ná deilbh ban an domhain i bhfochair a ndealbh-san. Agus do bhidheadar clanna ríogh agus rói-thighearnadh an domhain i bhfuath agus i bhfír-mhioscais d'a gcéile fó 'n gcloinn sin, ag teacht do shuirghe riu. Agus is amhlaidh do bhí Beibheann; thug sí móide nach béidh aon fhear aici go bráth, acht an fear do bhéarfadh an lóchrann do bhí ar lasadh ag Borb na Binne Buirbe i gcríochaibh na gCruithneach (fris a ráidhtear Éire Iathghlas Oileanach) chuici. "Agus is amhlaidh do bhí an fear sin: niorbh ionchomhraic fear d'fhearaibh na talmhan fris, an feadh do bheadh an lóchrann ar lasadh aige; óir gidh cneadhach créachtach do bheadh, an uair do fheiceas fair do thig a neart agus a bhrigh féin chuige arís. Agus mar do chuala dalta Ghruagaigh na
Gasghuinne tuarascbháil na mban sin, ní dhearna comhnaidhe go ráinig do Scithia. Agus an tan do chonnarc Beibheann, do líon d'a seirc agus síorghrádh, agus do ghrádhaigh sisi é mar an gcéadna; agus fós thug an inghean fá hóige, eadhon Beadhchrotha, tuile threan tromghrádhach, agus sruth síorádhbhal seirce dhó, ionnas go raibh fuath agus fírmhioscais aca féin do chéile timcheall Ridire an Lochrainn. "Gluaiseas Ridire an Lóchrainn róimhe, agus ní dhéarna comhnaidhe go ráinig i nÉirinn, agus tháinig róimhe gus an mBinn Buirb, agus tháinig gus an dún i n-a raibh Borb na Binne Buirbe. Agus buaileas béim baschrainn 'san doras, agus d'iarr foscailt. D'fhiafruigh an dóirseoir cia a raibh é féin. Ro innis seisean gurab é féin mac ríogh na hIndia, agus dalta Ghruagaigh na Gasghuinne, agus gurab ag iarraidh iasachta an lóchrainn ar ghruagach na Binne Buirbe do bhí sé; agus muna bhfuigheadh ar ais é, go mbainfeadh amach i los catha nó comhlainn é. Iar n-a chlos sin do 'n dhóirseoir, adubhairt nach dtáinig tar bhéal daonna amach riamh cómhrádh ba díchéillidhe 'ná ar chan sé. Iar n-a chlos sin do mhac ríogh na hIndia, do feargadh go hiomarcach é, agus do thóg carrthadh ádhbhalmhór cloiche do bhí i n-doras an dúnaidh, agus thug rogha an urchair ar an gcomhla, go ndearna sé bládhtracha beaga buainréabtha di. "An tan do chuala Borb na Binne Buirbe sin, thug éirghe deagh-thapaidh deagh-laochta fair, agus gabhas arm agus éideadh catha agus comhlainn uime; agus téid i gcoinne agus i gcómhdháil mic ríogh na hIndia. Agus do rinneadar comhrac tréan tinneasnach níadhta naimhdeamhail treasbhorb mear míchéillidhe ré chéile, óir ba harrachtach an iorghail, agus ba curata an comhrac, agus ba doi-fhreastálta an deabhaidh eatortha leath ar leith. Agus dob í críoch an chomhraic, go dtug Borb na Binne Buirbe a chúl do mhac ríogh na hIndia, agus do b'áil leis dul i gcoinne an lóchrainn, ionnas go
dtiocfadh a neart agus a bhrígh féin chuige arís. Tuigeas mac ríogh na hIndia an chealg sin, agus thug sidhe sanntach solámhach agus fáscadh foirtil feidhm-láidir fair, agus buaileas i gcaol na colna agus i meadhón reamhar an mhuinéil é, ionnas gur bhain a cheann agus a choimheadh beatha de. Agus téid chum an dúin, agus fuair an lóchrann ar lasadh ann, agus thug leis é. Agus is ó'n lóchrann sin a hainmnighthear ó shin i leith. "Iomthúsa na mban, eadhón clann ríogh na Scithia, do bhí fuath agus fír-mhioscais aca féin d'á gcéile i dtimcheall Ridire an Lóchrainn, ionnus gur chuir an inghean fá sine díobh (eadhón Beibheann) suain-bhreacht draoidheachta ar Beadhchrotha, gur thuit sí 'n-a toirchim suain agus síor-chodalta; agus thug altán scéine scoithghéire do bhí aici amach, agus do bhuail i n-íochtar a bronn í, gur scoilt a sciamh-chorp go hubhall a brághad. Ráinig an scéal chum an ríogh, agus gabhas Beibheann, agus thug fá ndeara a ceangal go daor dochrach; agus do faduigheadh teinnte agus teandála 'n-a timcheall, agus do loisceadh i bhfiadhnuise na sluaigh í, mar do thuill a mí-ghníomhartha féin di é, go ndearnadh mion-luaith di. "Dála Ridire an Lóchrainn, gluaiseas róimhe go dtáinig do 'n Scithia, agus ceann Bhuirb na Binne Buirbe leis. Agus mar chuala bás na mban sin, ba dubhach dobhrónach agus ba tuirseach triamhuineach de sin é, agus ní dhearna comhnuidhe 'san Scithia ó shin amach. Agus is iad sin na scéala ro fhiafruighis díom," ar an Madra Maol. "Beir buaidh agus beannachtain" ar Sir Balbhuaidh; "is milis-bhreathrach an cómhrádh sin do chanas dam."
Ro fhágadar an Eigipt iar sin, agus ionnsuidheadar an long ó'n gcuan amach, nó go dtárla i n-oileán álainn iongantach siad; agus ro fhiafruigh Sir Balbhuaidh "Cia an t-oileán sin?" "Oileán na Soilse an t-oileán so" ar an Madra Maol, "agus ní shaoilim-se aon fhocal do scéalaibh Ridire an Lóchrainn d'fágháil ann." Do chuirsead cuairt an oileáin sin dióbhtha; agus do ghluais siad ó chuan agus ó chaladh amach go ceann trí lá agus teora oidhche, nó go dtárla i n-oileán eile siad, agus ro fhiafruigh Sir Balbhuaidh "Cia an t-oileán sin?" "An tOileán Dubh is ainm do'n oileán so" ar an Madra Maol, "agus Oileán na Gréine ainm eile do bhí fair. Agus is é ádhbhar fár tugadh Oileán na Gréine fair, mar is ós a cheann do éirgheadh an ghrian roimhe so. Agus is uime goirtear an tOileán Dubh de; eadón ridire ba tighearna fair, agus tháinig Ridire an Lóchrainn do'n oileán, agus do chomhraicigh sé féin agus Gruaghach an Oileáin ré chéile, agus tuiteas an Gruagach le Ridire an Lóchrainn i bhfoirchionn an chomhraic; agus níor éirigh an ghrian ós a cheann ó shin i leith. Agus atá uaimh i leith-imeall an oileáin-se, agus an Uaimh Dhearg a hainm; agus an tan a thig Ridire an Lóchrainn do'n oileán so, is ann a chomhnuidheas. Agus rachad mise i bhfolach 'san uaimh, agus imthigh-se chum an dúin; agus atá Ridire an Lóchrainn ann. Mar chífidh sé thú-sa i d'aonar, tiocfaidh sé féin agus Gruagach na hInneiridh do chomhrac frit; agus má bhéirim-se forra, díoghlaidh mé mo mhasla agus m'anfhorlann forra."
Iomthúsa Ridire an Lóchrainn, do bhí sé féin agus an Gruagach ar fhuinneog an ghrianáin ag éisteacht fris an gceilg sin d'a déanamh ag an Madra Maol agus ag Sir Balbhuaidh: agus adubhairt go ndéanfadh féin cealg éile 'n-a haghaidh - "Oir atáid ceithre fleasca fionnairgid agam-sa, do bhaineas do Ghruagach an Oileáin ar imirt, agus gibé neach fó a sáithfidhear 'n-a thimcheall iad béidh 'n-a chodladh feadh ceithre uair fiche. Agus racham mar a bhfuil an Madra Maol 'san uaimh, agus cuirfeam na fleasca 'n-a thimcheall, agus coideolaidh 'san gceilg, agus dúnfam an uaimh fair; agus marbhfam Sir Balbhuaidh iar n-a fhagháil 'n-a aonar." Iar sin thángadar chum na huamha agus cuirid an Madra Maol 'n-a thoirchim suain agus síor-chodalta, agus do dhún siad an uaimh fair; agus buailid i gcoinne agus i gcómhdháil Sir Balbhuaidh agus do bhidheadar ag a chómhtuarghain i leith a chúil agus (a) aghaidh i n-aoinfheacht. Acht atá nídh chéana, ní dhóibh a labhras an eachtra nídh-sa (mhó), acht do'n rígh Artur, (eadhón Rígh an Domhain) agus d'a dhream. Óir níor sháimheach leo ól nó aoibhneas, ceol, cuideachta, nó onóir, d'á ndéanadh siad, agus gan Sir Balbhuaidh, nó scéala uaidh, do bheith aca. Agus iar dteacht na bliadhna uile, do rinneadh comhairle leo dul do thaisteal an domhain nó go bhfuighidís Sir Balbhuaidh, nó scéala uaidh. Do críochnuigheadh an chomhairle sin leo, gur imthigheadar deich longa luchtmhara lán-mhóra, agus do cuireadh trí tionnchaire luinge ionnta, eadhón biadh i n-ionad a chaithmhe, arm i n-ionad dhíbearta, agus ór i n-ionad a phronnta. Agus is iad so na laochradh do chuaidh ar an loingeas sin:
eadhón Sir Lámhsholas, Sir Galfas, Sir Libnil, agus Sir Bobus, an Ridire Geal mac ríogh Frainnce, agus an Ridire Dubh mac ríogh na gCaolach. Acht go deimhin do bhidheadar seacht gcéad ridire i ngach luing díobh. Agus gluaisid rómpa ar mhuir agus ar mhór-fhairrge; agus ní haitristear a n-eachtra nó a n-imtheachta i ngach conair ar ghabh siad ar lorg Sir Balbhuaidh agus an Mhadra Mhaoil, nó gur ghabhadar cuan agus caladhport i n-aoinfheacht agus i n-aon-uair amháin 'san oileán sin i n-a raibh an Madra Maol 'n-a shuan. Cia huair agus cár bhudh ham-sa, acht an uair do bhí Sir Balbhuaidh agus Ridire an Lóchrainn i dteas an chomhraic! Agus ro aithin Sir Lámhsholas coigeadal chlaidhimh áird-ríogh an domhain do bhí ag Sir Balbhuaidh. Thángadar ar amas an chomhraic: féachas Ridire an Lóchrainn seachad de, agus do chonnairc na dronga díana dó-áirmhighe d'a ionnsuidhe, gur aithin gur d'a éascharaid iad. Agus éirgheas d'eiteall éineamhail i néallaibh nimhe agus i bhfrithibh na fiormaimeinte agus fágas an Gruagach 'n-a aonar ag Sir Balbhuaidh. Méaduigheas meanma Sir Balbhuaidh de sin, agus do ghabh ag tuargain agus ag tréin-leadradh an Ghruagaigh, gur torchradh leis fá dheoidh é. Dearcas Sir Balbhuaidh seachad de, go bhfaca na ridiridhe muinnteardha sin d'a ionnsuidhe, agus fearas fiorchaoin fáilte friu, agus toirbhreas do phóghaibh go díl agus go díochra iad, agus fachtas adhbhar a n-eachtra agus a n-imtheachta, agus scéala ríogh an domhain agus a theaghlaigh, agus an Bhúird Chruinn díobh. Agus innisid gurab d'a lorgaireachtáin thángadar amach: agus do inniseadar a n-eachtra agus a n-imtheachta d'a chéile, agus chuadar mar a raibh an Madra Maol 'n-a chodladh, agus fuaradar an uaimh dúnta fair, agus na fleasca 'n-a thimcheall. Agus do dhúisigheadar as a shuan é. Fearas an Madra Maol fíorchaoin fáilte fá na ridiridhibh,
agus d'fhiafruigh scéala an ríogh Artuir díobh. Adubhradar- san go raibh sé slán, acht a raibh do chumha air i ndiaidh Sir Balbhuaidh; agus gur d'a iarraidh do bhidheadar féin gonuige sin. Ciodhtrácht ro innis Sir Balbhuaidh do'n Mhadra Mhaol gur imthigh Ridire an Lóchrainn uaidh, agus gur thuit an Gruagach leis, iar n-a fhágáil 'n-a aonar dhó. Tógas an Madra Maol na fleasca annsin, agus adubhairt gur scar a dhraoidheacht uile ré Ridire an Lóchrainn ó do scar na fleasca ris. Annsin adubhairt na ridiridhe le Sir Balbhuaidh a dhul leo; agus adubhairt seisean nach scarfadh ris an Madra Maol. Agus do ráidh riu-san filleadh go Rígh an Domhain, agus go rachadh féin ré n-a chompánach d'iarraidh Ridire an Lóchrainn. Céileabhras an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh dhóibh iar sin, agus fágaid iomchomairce beatha agus sláinte ag aroile. Iomthúsa an Mhadra Mhaoil agus Sir Balbhuaidh, ionnsuidhid a long, agus do bhidheadar naoi dtrátha ar seachrán mara agus mór-fhairrge. Agus i gcionn na ré agus na haimsire sin, thárla i n-oileán álainn ionghantach siad, agus fiafruigheas Sir Balbhuaidh ainm na críche sin. "Críoch na Sorcha an chríoch-sa" ar an Madra Maol, "agus rí na Sorcha is triath agus is tighearna uirrthe; agus racham go rígh na Sorcha anocht d'fhéachain an bhfuighimís aonfhocal do scéalaibh Ridire an Lóchrainn aige." Ro mhol Sir Balbhuaidh an chomhairle sin. Do chuadar d'ionnsuidhe an dunaidh, agus tháinig rí na Sorcha 'n-a gcoinne agus 'n-a gcómhdháil, agus fearas fíorchaoin fáilte friu; óir do chlos scéala Sir Balbhuaidh agus an Mhadra Mhaoil fá'n domhain
mhór uile, ar méid a ngaiscidh, gur imeagluigheadar righthe agus rói-thighearnaidhe an domhain rómpa. Téidhid 'san dúnadh leath ar leith. Ro freastaladh agus ro friotháileadh go maith an oidhche sin iad, agus do cóirigheadh iomdhaidhe agus áird-leapthacha dhóibh; agus do cuireadh ar chaoi meisce agus meadhair iad; ionnas gur goideadh an Madra Maol ó Shir Balbhuaidh an oidhche sin. Agus ro éirigh Sir Balbhuaidh i moch na maidne ar n-a mbárach, agus ní fhuair an Madra Maol aige: agus mar nach bhfuair, do chuarduigh an dún dó, acht ní fhuair aon-fhocal d'a scéalaibh. Annsin do chuaidh go hairm a raibh an rí agus d'iarr an Madra Maol fair. Adubhairt an rí nach raibh aonfhocal d'a scéalaibh aige, agus da mbéadh, go dtiubhradh dhósan é. "Luighim-se fó m'armaibh gaischidh," ar Sir Balbhuaidh, "go gcaithfidh tú a thabhairt uait, nó do cheann agus do choimhead beatha ar a shon." "Is glór óinmhide agus amadáin adeir tú," ar an rí; "agus dá mbéadh scéala Ridire an Lóchrainn nó an Mhadra Mhaoil agam anois, ní thiubhrainn duit-se é." Iar n-a chlos sin do Shir Balbhuaidh, thug sidhe sanntach so-lámhtha ar an rígh, agus do rinne cimeach creapailte cruadh- chuibhrighthe de; agus nochtas a chlaidheamh d'a dhícheannadh. "Ná marbh gan chionnta mé," ar an rí, "agus dá mbéadh scéala an Mhadra Mhaoil agam go dtiubhrainn duit-se iad; agus ó nach bhfuil, go dtiubhraidh mé do bhreith féin d'ór agus d'airgead duit, agus fós do bhéarfaidh mé m'inghean féin mar mhnaoi agus mar bháinchéile dhuit, agus ní bhfuil mac ríogh nó ró-fhlatha 'san dhomhan nach bhfuil a dhiongmhála do mhnaoi innte." Scaoileas Sir Balbhuaidh do'n rígh iar sin, agus snaidhmeadh é féin agus inghean ríogh na Sorcha ré chéile. Agus d'fhuráil an rí oighre do dhéanamh ar chríochaibh na Sorcha de; agus do dhiult
seisean sin, mar do bhí críocha Lochlainn fá n-a chomhair féin, (óir do b'é Sir Balbhuaidh mac áird-ríogh Lochlainn, do bhí 'n-a dhalta gaischidh ag an rígh Artur). Acht cheana d'fhan Sir Balbhuaidh seal cian agus aimsear fada amhlaidh sin, agus fá brónach cian-thuirseach é do chuma an Mhadra Mhaoil. Acht lá n-aon d'a ndeachaidh sé ar fhaithche an dúnaidh amach, d'fhéach sé na ceithre háirde 'n-a thimcheall, agus do chonnarc sé an Madra Maol chuige gacha ndíreach, agus Ridire an Lóchrainn 'n-a chimeach chreapailte chruadh- chuibhrighthe róimhe 'san slighe. Ionnsuidheas Sir Balbhuaidh 'n-a gcoinne agus 'n-a gcómhdháil, agus toirbhireas teora póga go díl agus go díochra do'n Mhadra Mhaol, agus fiafruigheas créad do ghoid uaidh é. "Abhlach inghean Fheargusa Fhinn, ríogh na Scithia, do ghoid uait-se mé," ar an Madra Maol, "agus do chuir ar chaoi meisce agus meadhruighthe; agus do chuir suain-bhreacht draoidheachta i m'thimcheall, agus do shaoilimís (i) gcomhnuidhe gurab agat-sa do bhí mé: go dtáinig mo chiall agus mo chuímhne dhaonna agam, agus an tan do dhúisigh mé as mo shuan iar n-aimsir, téid Abhlach dhamh. Thugas sidhe sanntach do mo chrobh thoisigh innte, ionnas gur leigeas a habach agus a hionnathar aiste go lár. "Agus leigim ar snámh na mara mé, nó go dtárla i nOileán na Beinne Brice mé; agus do thuigeas gur chompánach cómhghaisceach do Ridire an Lóchrainn tighearna an oileáin sin, (eadhón Gruagach na Beinne Brice). Agus téidhim d'fhéachaint an bhfuighinn Ridire an Lóchrainn ann; agus ní bhfuaras ann acht an Gruagach, agus marbhaim é.
"Annsin leigim ar snámh mara agus mór-fhairrge mé, ag fagháil móráin imshníomha agus anróigh, go ceann seacht lá agus seacht n-oidhche, gan codhladh gan suaimhneas acht beagán do'n oidhche ar charraig cheann-ghairbh cloch; go dtárla i nOileán an Ghleanna Dhuibh mé. Marbhaim gruagach an oileáin sin. "Agus leigim ar snámh na mara mé go dtárla i nOileán na Manach Lomnochttha mé; agus is annsin d'fhoghlaim Ridire an Lóchrainn a dhraoidheacht ar dtús. Agus ba daoine díscire dearg-lomnochttha iad, oir ní ghoillidh gaoth nó fuacht, grian nó fearthain orra. Comhraicighim-se agus iad féin ré chéile; agus gur líonmhar a gcumhacht, a ndraoidheacht, agus a ndiabhlaidheacht, do thuit-se uile liom. "Fágaim an t-oileán sin, agus leigim ar siubhal mara agus mór-fhairrge mé go ceann trí lá agus teora oidhche, ag fagháil imshníomha agus anróigh móir, go dtárla i nOileán na Marbh mé: agus is uime goirtear Oileán na Marbh de, eadhón fir agus mná an domhain do choideóladh ann, dogheobhthar marbh iad as a h-aithle; acht na mná aitreabhas ann do ghréas, ní dhéantar urchra nó díoghbháil ar bith dhóibh, ó mhéid a ndraoidheachta agus a ndiabhlaidheachta. Agus gabhaim-se ag siubhal an oileáin, nó go dtárla an uaimh i n-a luigheadh na mná dham, agus do bhí Ridire an Lóchrainn i n-a bhfochair: agus do mhothuigh sé mise, agus teicheas rómham i ndeilbh leomhain; agus gabhaim-se do'n taoibh eile n-a chomhair, agus béirim fair agus ceanglaim agus cruadh-chuibhrighim go daor díochrach é. Agus téidhim isteach 'san uaimh a raibh na mná, agus marbhaim iad uile. "Agus iar dteacht amach dhamh-sa, téid Ridire an Lóchrainn i n-a chruth féin, agus ro agair a ghaol agus a pháirt orm- sa, agus ro ghabh mo chomhairce fá gan a mharbhadh. Agus do gheall go gcuirfeadh i mo chruth féin arís mé, agus go ndéanfadh mo thoil go foircheann a ré agus a shaoghail; agus fós go gcóimhlíonfadh an briathar thug mise d'inghin Ríogh na hEigipte, go
nach mbiadh a hatharrach do mhnaoi aige go foircheann a bheatha. Agus naiscim-se sin air: agus thug sé grian agus éasca agus na huile dúile ar cheana le sin do chóimhlíonadh." Do chuadar as a haithle sin go dún ríogh na Sorcha, agus fearas an rí fáilte fris an Madra Maol. Do freastaladh agus do friotháileadh go maith an oidhche sin iad. D'éirgheadar i moch na maidne ar n-a mbárach, agus ceileabhras siad do'n rígh agus do'n teaghlach uile, agus thug Sir Balbhuaidh inghean Ríogh na Sorcha mar mhnaoi agus mar bhainchéile leis. Agus d'fhuráil an rí oighre do dhéanamh do Shir Balbhuaidh ar chríoch na Sorcha; agus adubhairt Sir Balbhuaidh nach ngeobhadh sé sin, óir go raibh críocha Lochlainn fá n-a chomhair féin. Fágaid iomchomhairce beatha agus sláinte ag an rígh, agus gluaisid rómpa; agus ní dhearnsad cómhnuidhe go rángadar gus an Dún Diamhair, maille (ré) briathar an Mhadra Mhaoil do chomall d'inghin ríogh na hEigipte. Agus tháinig ar sin go hOileán an Chrotha; agus is uime ghoirthear Oileán an Chrotha de, eadhón gach neach taistealas é dogheibh siad buaidh crotha agus deilbhe ann; eadhón oileán do bhí i ndiamhair draoídheachta, agus narbh' eol d'aoin-neach 'san domhan é acht Ridire an Lóchrainn. Agus do chuir Ridire an Lochrainn an Madra Maol i n-a chruth féin ann, go nach raibh ó thurghabháil gréine go fuinneadh néill, duine do bh'feárr dealbh, déanamh, inneall, agus éagcosc 'ná é. Agus iar sin gluaisid rómpa go dún an Halla Deirg; agus féaras Rí an Domhain agus a theaghlach uile fáilte fria Sir Balbhuaidh agus fris an Madra Maol. Agus toirbhireas Rí an Domhain do phógaibh go díl agus go díochra iad. Innisid a n-eachtra agus a n-imtheachta annsin i bhfiadhnaise an ríogh
agus an teaghlaigh uile; agus ba lúthgháireach an rí Artur rómpa. Agus d'fhanadar seal cian agus aimsear fada annsin i bhfochair an ríogh agus a theaghlaigh; agus iar sin ceileabhras an Madra Maol - d'a ngoirthear Alastrann Iongantach - agus Ridire an Lóchrainn do 'n rígh agus do 'n teaghlach, agus fagaid iomchomhairce beatha agus sláinte ag Rígh an Domhain agus ag teaghlach Duna an Halla Deirg. Agus ba tuirseach Sir Balbhuaidh i ndiaidh a chompánaigh gaiscidh, eadhón Alastrainn Iongantaigh. Agus níor hanadh leo go rángadar go críoch na hIndia; agus ba lúthgáireach sluaighe na hIndia agus an rí roimhe an gcloinn sin (óir) nach raibh fios a n-uidhe nó a n-imtheachta aca gonuige sin. Agus do theastuigh inghean ríogh Gréige roimhe sin. Agus do ghabh Alastrann Iongantach ceannas na hIndia n-éis báis a athar, agus do bhí Ridire an Lóchrainn 'n-a thánaiste agus 'n-a thaoiseach thoghtha faoi. Dála Sir Balbhuaidh, do ghabh ceannas críocha Lochlainn agus Dúna an Halla Deirg n-eis an ríogh Artuir, go bhfuair gach aon aca a dhiongmhála féin do mhnaoi; réir mar adeir "Leabhar na hIndia." Gonadh í sin Eachtra agus Imtheachta an Mhadra Mhaoil, Sir Balbhuaidh de Cordibus, agus Ridire an Lóchrainn gonuige sin; do réir mar fhuair mise lé n-a scríobhadh é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services