Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra an Mhadra Mhaoil: Eachtra Mhacaoimh an Iolair

Title
Eachtra an Mhadra Mhaoil: Eachtra Mhacaoimh an Iolair
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Macalister, R.A.S.
Composition Date
1748
Publisher
(Londain: I.T.S., 1908)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EACHTRA AN MHADRA MHAOIL.



Sealg, fiadhach, agus fiann-choscar do chómhmóradh leis an
rígh Artur mac Iubhair mic Ambrois mic Chonstaintin 'san
bhForaois mBaoghalaigh ar Mháigh na nIongnadh; mar ar chruinnigheadar
maithe agus mór-uaisle a mhuinntire agus a mhóir-theaghlaigh
chuige, do chómhmóradh na sealga saothraighe síoth-fhada
sin leis. Agus fá mór uimhir muinntire an tréin-ríogh
sin, óir níor lia luibh tré chlár talmhan, nó alt i gcorp duine,
nó lá 'san mbliadhain, 'ná gaiscidheach gníomhachtach agus ridire
ró-chródha ar theaghlach an tréin-ríogh sin: eadhón, dá ridire
déag na cródhachta, agus dá ridire déag na beodhachta,
agus dá ridire déag an Bhúird Chruinn, agus dhá ridire
déag na comhairle, agus dá chéad agus dá fhichid ridire an
Bhúird Mhóir, agus seacht míle ridire an teaghlaigh, gan
áireamh banchuire nó bandhála, éigse nó ollamhan, aosa ciuil
nó oirfididh.



Is annsin do srathnuigheadh agus do suidhiughadh agus do
sraonadh an tsealg réamhráidhte leo, fá dhoiridhibh dhlúithe dho-eolais,
agus fá fheadhaibh fhiadhamhla fhásacha, agus fá mhúraibh
réidhe ró-áille, agus fá ghleanntaibh dhiamhra dho-eolais, agus
fá choilltibh chaomha chnuas-iomdha, agus fá mhághaibh mhíne ró-áille
na foraoise céadna sin.



Suidheas gach aon aca i n-a dhúnadh sealga, agus i n-a
láithreachaibh licthe, agus i n-a mbeárnaidhibh baoghail, agus i
n-a n-ionadaibh iorghaile, mar do chleachtadaois coscar gacha
sealga do dhéanamh roimhe sin riamh. Agus do shuidh Rí an
Domhain i n-a dhúnadh sealga féin, agus do bhí ag éisteacht ré
nuallgháir na ngasradh, ré séastán na míleadh, ré gothaibh na
n-uasal, ré greasacht na ngadhar, ré brostughadh na buidhne, ré
feadgháir na bhfear fiadhaigh, agus ré leigean na laochradh ar na
luath-chonaibh.


L. 4


Do bhidheadar amhlaidh sin go fuineadh néill nóna agus go
hur-thosach na hoidhche, óir níor éirigh conách sealga nó amhantar
fiadhaigh leo an lá sin. Agus iar ndul do'n ghréin d'a
hadhbha codalta, do chruinnigheadar a mhuinntear d'ionnsuidhe
an ríogh, agus do sheinn siad a stuic agus a n-orgáin, a
mbeanna buabhaill agus a gcuisleanna ciuil, agus a n-adhairceanna
forórdha an tan sin: agus d'fhiafruigheadar do'n
tréin-rígh créad do dhéanfaidís an oidhche sin. Do labhair an rí
do ghuth mhór árd fhollus-ghlan, agus is é ro ráidh -
"A dheagh-mhuinntir," ar sé, "atáid geasa iomdha orm-sa,
agus is díobh sin sealg na Foraoise Baoghlaighe do chómhmóradh
i gcionn gach seachtmhadh bliadhna. Agus dá n-éireóchadh an
tsealg liom an chéad lá, an fhoraois d'fhágáil; agus muna
n-éireóchadh, fanamhain an dara lá, agus an treas lá, ag
cómhmóradh na sealga. Agus ní chaillfead mo gheasa," ar sé,
"óir is duine gan rath a chailleas a gheasa."



Iar sin éirgheas troim-theaghlach agus troim-thionól an ríogh
fó na feadhaibh agus fó na coilltibh fá cóimhneasa dhóibh, do
bhuain ádhbhar boithe agus bealscalain: agus do thrascradar
an fiodh d'a dtuaghaibh tana béal-fhaobhracha, agus sceanaibh
rannacha scoithghéara; agus do rinne siad botha agus bealscalain,
agus téagradh leo iad do luachair urghlais, agus dhuilleabhar
dhath-álainn daraighe, agus bhárraibh crann cómhghlas
eile ar cheana, ionnas go mbadh díon ar ghaoith agus ar
fhearthain dóibh iad. Ro fhaduigh siad teinnte agus teandála
iar sin, agus ro chaith siad a bproinn agus a dtomhaltas do
bhiadhaibh shaora sho-chaithme agus do dheochaibh mhíne mheisceamhla.



Agus an tan fá h-aoibhinn dóibh ag ól agus ag aoibhneas,
do éirigh an rí 'n-a sheasamh agus dearcas na ceithre h-áirde
imill-leathna ar gach taoibh de, 'n-a thimcheall; agus do
chonnarc an t-aon óglách óg, armtha, éidighthe, inneallta, d'a
ionnsuidhe; agus léine do mhaoth-shról i dtimcheall a gheilchneis,
ionar iongantach ór-shnáithe ar uachtar a chaoimhléine,


L. 6


agus lúireach dhaingean, dlúith, dheigh-fhighte, um a chorp sheing-reamhar,
sholas-chaomh, shár-chamtha; scaball cannach óirchiumhsach
ar uachtar na lúirighe sin; agus claidheamh ór-dhuirn iontlais
claisleathan ar a shliasaid chlé. Mionn caomh cómhdhaingean
clochbhuadhach ilcheárdach um a chionn; sciath ildhealbhach bhocóideach
bháindhearg ar stuaidhleirg a dhroma, agus líntidhe do
litreachaibh órdha i n-imeall-bhórdaibh na rígh-sceithe sin, do
innisin agus do fhaisnéis nach raibh ar chúl scéithe nó claidhimh 's
an domhain laoch nó gaisceadhach do bh'fheárr 'ná an tréin-mhíleadh
sin. Dá shleigh uilleannacha i n-a gheal-ghlaic dheis:
aghaidh fhad-chaol sholasta leis; agus rosc glas glan-loinneardha
deagh-nuadh néamhanda gáireachtach i n-a chionn; agus
béal tana cruthach cumtha leis; togbháil mhin-mhall mhánla
ríoghamhail i n-a mhailghidhibh; tibridhte seirce i n-a ríogh-ghruaidhibh
ceachtarda; agus ba déidheach daoine an dhomhain dó.
Agus is amhlaidh do bhí, agus lóchrann lóinneardha lán-sholas
i n-a láimh chlé, agus ro bhí an rí d'a fheachain nó go tháinig d'a
lathair: agus fiafruigheas an rí Arthur scéala de.
"Ní d'innisin scéal do tháinig mé, acht ag iarraidh comhraic
aoinfhir ort-sa agus ar do mhuinntir," ar sé; "óir do
chualas nach bhfuil rí ar dhruim domhain is lía fear comlainn
chródha ar a theaghlach 'ná tusa," ar sé.
An tan do chuala dream an ríogh sin, thugadar dealbh mhaith
ar dhroich-dheilbh agus maise ar mhío-mhaise, agus tháinig
tiughfhóbhairt báis d'a saithibh; óir do chuaidh dá thrian a n-aigeanta
ó gach aon aca. Iar n-a fhaicsin sin do Ridire an Lóchrainn
is é adubhairt -
"Ó raibh bhur gcliatha agus bhur gcolla anuaisle, a theaghlaigh
mheatha mhío-rúnaigh, cia líonmhar bhur n-áireamh sibh, is tearc
do bhur n-deaghlaochaibh; agus is baramhail damh-sa nach
beireann bhur meatacht nó bhur mhíolaochtacht uaim sibh, gan mo
dhíol chath-iarghaile d'fhághail uaibh."



Agus ag rádh na mbriathar sin dó, do sháith a sciath go


L. 8


loiscneach i ndúntaibh na talmhan go tréan-ádhbhal, ag iarraidh
comhraic. Iar n-a fhaicsin sin do'n rígh, d'fhiafruigh d'a
throim-theaghlach cia rachadh d'ionnsuidhe an chomhlainn. Freagras an
Ridire Geal mach ríogh Frainnce é, agus adubhairt go rachadh
féin d'a ionnsuidhe.



Éirgheas an Ridire Geal iaramh, agus ceanglas a chaomhchorp
i n-a chath-éideach troda agus cruadh-chomhraic, agus téid i
gcoinne agus i gcómhdháil Ridire an Lochrainn: agus chaitheadar
frais d'a n-armaibh diobhraicthe diaroile gur chromsad iar sin
crioslaigh a sciath; go ndeachadar i muinighin a gclaidheamh
colg-reamhar glac-láidir, agus thugadar gleic ré gliadh, agus
troid ré tacar, agus agh ré tromghoin, agus do rinne siad
comhrac tréan tinneasnach mear míchéillidhe ó ghoil ainiarmhartaigh
aingidhe náimhdeamhail neart-chalma ré chéile.
Ciodhtrácht ba borb an buaidhreadh, agus ba feardha an
fáscadh do bheiridís d'a chéile, ionnas gur chriothnuigh an talamh
tromfhóideach fá n-a gcosaibh agus 'n-a n-uirthimcheall. Acht
atá nídh chéana, gé'r shonnta sholámhach agus gé'r sheithreach
fhíor-chalma an Ridire Geal ag dul chum an chomhraic sin, ba
hanbhfann neamharrachtach agus ba meirtneach mío-laochta d'aithle
an chomhraic é. Óir is amhlaidh d'fhág Ridire an Lóchrainn
ré gliadh na talmhan, n-a chimeach chreapailte chruadhchuibhrighthe
i bhfoirchionn an chomhlainn é. Agus buaileas a scíath an dara
feacht, ionnas go gcluinfidhe fó na críochaibh fá cóimhneasa
dhó é.



Agus freagras an Ridire Dubh mac ríogh na gCaolach é,
agus do rinne siad comhrac tréan tinneasnach mear mícheillidhe
ré chéile; agus dob í críoch an chomhraic, gur fhág Ridire
an Lóchrainn 'n-a chimeach chreapailte chruadhchuibhrighthe é.
Acht atá nídh chéana, gé'r neartmhar dhó-áirmheach teaghlach
an tréin-ríogh sin, agus gé'r chalma a gcuraidh agus a gcathmhílidhe,
do cheangal Ridire an Lóchrainn iad uile, acht
Balbhuaidh de Cordibus, do bhí 'n-a mhacaomh óg amhulchach, ar an


L. 10


láthair sin. Agus gluaiseas roimhe i bhfrithing na conaire
céadna, iar bhfágbháil an ríogh agus a mhuinntire cruadhchuibhrighthe
amhlaidh sin, agus fearas ceo doilbhthe draoidheachta 'n-a
dhiaidh, agus do bhidheadar amhlaidh sin go fuineadh néill nóna
agus go h-éirghe gréine ar n-a mbárach. Is annsin do labhair
an rí fris an teaghlach, agus is é ro ráidh -
"Is truagh an gníomh so do thárla dhuinn," ar sé, "óir
dá bhfeasadaois bantracht gus bandhála Dúna an
Halla Dheirg ar mbeith mar so, do dhéanfaidís baoghal
maghaidh agus fonomhaide dínn, agus cuirfidís ar mío-chlú
agus ar meatacht fá'n domhan mór uile, agus ní thiubhraidís
taobha frinn go bruinne an bhrátha agus go foircheann an
bheatha. Agus is é is indéanta dhúinn, fanamhain 'san ionad
so, go bhfagham neach éigin do 'n Adhamh-chloinn do bhéarfas
furtacht nó fóirithin dúinn ó'n móir-éigean so i n-a bhfuilimíd."
"Is maith an chomhairle sin le déanamh," ar Balbhuaidh de
Cordibus, "agus is cóir a deanamh."



Ciodhtrácht do bhideadar amhlaidh sin go fuineadh néill
nóna agus go hur-thosach na hoidhche, gan furtacht nó fóirithin:
gur labhair an rí le Balbhuaidh de Cordibus, agus is é ro
ráidh -
"A dhalta dhíl-ghrádhaigh," ar sé, "atá éigean is mó 'ná gach
éigean orm-sa, óir atá teasbhach thirim tarta agus rian
rabhartha ró-dhein íotan orm, agus gan cara nó compánach
i bhfogus damh do bhearadh cosc m'iótan chugham."
"A oide ionmhain," ar Balbhuaidh, "dá dtugtaoi-se t'arm
agus eidheach féin damh-sa, agus eolas d'ionnsuidhe tiobraide,
do rachainn ar chionn dighe dhuit gan moill."



"A dhalta dhíl-ghrádhaigh," ar an rí, "an tiobraid is goire
dhúinn annso, ní bhfuil 'san domhan ionad ionar lia geilte
glinne agus deamhain aeir agus arrachtaigh éigchéillidhe
fuathmhara fíorghránna 'n-a thimcheall 'ná í: agus is feárr
liomsa bás d'fághail do'n tart so orm, 'ná an t-aon-dhuine is


L. 12


annsa liom d'fhearaibh an domhain do chur i nguasacht báis fó
n-am so do mo dheoin féin."
"Ná habhair sin, a rígh agus a thighearna," ar Balbhuaidh,
"óir do bheirim-se mo bhriathar fhíor, agus luighim fó na déithibh
dúileacha, nach déanfad ciuinis nó comhnuidhe nó go téidh mé ar
chionn dighe dhuit-se. Agus is amhlaidh do rachad ann, agus
grád ridireachta orm; óir ní do dhuine is anuaisle 'ná ridire
is cóir a dhul ar chionn dighe chugat-sa."



Iar n-a chlos sin do'n rígh, do scaoil (a) arm agus éideach
féin de, agus thug do Bhalbhuaidh iad, maille ré grád ridire,
agus goireas "Sir Balbhuaidh" de; agus adubhairt leis an
corn ceathair-bheannach cloch-bhuadhach caoimh-fhleascach (agus an
Cupa Ceatramhach is ainm dhó) i n-a racadh ól caogad i n-aoinfheacht,
do bhreith leis, agus dul d'ionnsuidhe Tiobraide
na mBuadh ar Mháigh na nIongnadh.



Tógbhas Sir Balbhuaidh an corn leis, agus gluaiseas
roimhe (i) n-aithghearra gacha conaire go ráinig go Tiobraid na
mBuadh. Agus cuireas an corn fá an tigh, agus iar n-a
thógbháil dó, dearcas seachad de; agus do bhí bile bárr-ghlas
beangánach i gcomhgar do'n tobar, agus do chuala an trost
agus an tormán mór ag bun an bhile, agus leigis an corn ar
lár, agus do chuaidh chum an bhile mar gcuala an torann.



Agus do chonnarc an Madra Maol liath-mhongach, gan
chluas gan earball, ag teacht ó bhun an bhile, agus gráin aige
agus iorghail fair, ionnas go bhfanfadh mion-ubhall nó móráirne
ar bhárr gach aon-ruainne do'n mhuing ghairbh ghlais-leith
do bhí fair; agus slabhra athgharbh iarainn fó n-a bhrághaid, agus
do labhair do bhriathraibh chneasta fhír-ghlioca le Sir
Balbhuaidh agus do fhiafruigh scéala de.



"Ní d'innisin scéala tháinig mé annso," ar Sir Balbhuaidh,
"óir is cuibhe liom ór agus airgead do thabhairt do


L. 14


chionn scéala d'innisin dam, 'ná mé féin do bheith d'a
n-innsin."



"Ní miste do ghaisceadhach nó do ridire dá chródhacht
scéala d'innisin dam-sa," ar an Madra Maol, "oir dá mbadh
nach dtiubhradh dham d'a dheoin, do bhainfinn d'a aimhdheoin de
é. Agus is é m'ádhbhar ag fiafrughadh scéala dhiot, ionnus dá
mbadh cara dham thú, go ndéanfainn cumann agus caradradh
leat; agus dá mbadh eascara dham thú, go ndéanfainn cathughadh
agus comhrac leat."



Annsin do labhair Sir Balbhuaidh agus is é adubháirt -
"Do dhream Ríogh an Domhain mise," ar sé, "agus ar
chionn uisce chum an ríogh do tháinig mé, agus is ins an
bhForaois mBaoghalaigh d'fhágas é, agus Balbhuaidh de Cordibus
m'ainm, agus sin mo scéala dhuit," ar sé.



Mar do chuala an Madra Maol sin, fearas fíorchaoin
fáilte do Shir Balbhuaidh, agus fiafruigheas de créad an
t-éigean mór do bhí ar an rígh, an tan do chuir an t-aon-dhuine
do bh'annsa leis 'san domhain 'n-a uathadh agus 'n-a aonar
fó n-am-sa do'n oidhche d'iarraidh uisce dhó. Freagras Sir
Balbhuaidh é, agus ro innis do mar tháinig Ridire an Lóchrainn
d'a n-ionnsuidhe, agus mar do cheangal an rí agus a mhuinntear
uile.
"Beir buaidh agus beannachtain," ar an Madra Maol, "is
maith na scéala sin innisis tú dham: agus glac ceann an
tslabhra so orm-sa i d'láimh, agus treoruigh mise d'ionnsuidhe
na Foraoise Baoghalaighe mar a bhfuil an rí agus a theaghlach
ceangailte cruadhchuibhrighthe. Óir tiocfaidh Ridire an Lóchrainn
d'a dhícheannadh agus do dhícheannadh a mhuinntire mhar
aon fris anocht, óir ní bhfuil 'san domhan aon duine do scaoilfeadh
neach d'ar cheangal ó 'n bhfear sin riamh (acht muna
scaoilfeadh sé féin) 'ná mise. Agus ní hionchomhraic duine
d'fhearaibh na talmhan leis ar mhéid a dhraoidheachta agus ar
fheabhas aigeanta, agus le méid a neirt agus uaisle a chroidhe


L. 16


agus a chródh-fhola. Agus dá bhfeachfaoi-se Ridire an Lóchrainn
ag teacht d'ionnsuidhe na muinntire sin atá ceangailte, leig
amach ceann an tslabhra agus leanfad mise go luaith-rinn."
Ghluaiseadar as a h-aithle sin d'ionnsuidhe na Foraoise
Baoghalaighe, mar a raibh an rí agus a mhuinntear ceangailte,
agus dáileas Sir Balbhuaidh an corn do'n rígh; agus ní mhór
go ráinig leis deoch óil as an tan do chonnarc siad Ridire an Lóchrainn
chucha, agus a chlaidheamh nochtuighthe i n-a láimh deis go
hurlamh do dhícheannadh an ríogh agus a mhuinntire; agus lóchrann
loinnearda lán-sholas i n-a láimh chlé.



Mar do chonnarc an Madra Maol a bhíodhbha agus eascara
ag teacht i gcómhfhogus, do thug teibeadh agus tréan-tharraing
ar an tslabhra as láimh Sir Balbhuaidh, agus leigeas na
gártha gaibhtheacha glonnracha agus na ruadh-bhuinnidhe róidhiana
rabharta, mar shéidfeadh sidhe gaoithe nó feirbe le
fánaidh do dhruim machaire no mullach sléibhe é, i gcoinne agus
i gcómhdháil Ridire an Lóchrainn. Mar do chonnarc Ridire an
Lóchrainn an Madra Maol, filleas i bhfriting na conaire
céadna agus fearas ceo doilbhthe draoidheachta 'n-a dhiaidh fó
mhachaire Breatain, i ngach conaire a dtigeadh an Madra Maol
agus Sir Balbhuaidh i n-a dhiaidh. Agus iar ndul as a n-amharc
agus tar a radharc uatha, do iompuigh an Madra Maol agus
Sir Balbhuaidh d'ionnsuidhe an ríogh, agus adubhairt an Madra
Maol -
"Tiocfam chum na tulcha-sa mocha na maidne i mbárach,
agus do gheobham lorg Ridire an Lóchrainn ann, agus leanfam
go maith an lorg, agus cuardócham an domhan dó, nó go
bhfagham é agus go ndíoghalfam ar bhfíoch air."
Iar sin do fhilleadar i gcionn an ríogh agus a dhreama,
agus do scaoil siad do'n rígh agus do'n theaghlach, agus ba
buidheach an rí agus iad uile de d'a chionn sin, óir do bhaineadar
dúil do chabhair acht muna mbéadh a thoisc chucha. Agus d'fhanadar
trí láithe agus teora oidhche 'san bhforaois i bhfochair


L. 18


an ríogh agus a mhuinntire. Proinnid iaramh ionnas go
rabhadar subhach soi-mheanmnach i bhfochair a chéile an oidhche sin,
agus innisis Sir Balbhuaidh do chách an modh ar a dtárla an
Madra Maol fair ar dtús, iar ndul d'iarraidh uisce do'n
rígh.



Éirghid i moch na maidne ar n-a mbárach, agus ceileabhras
an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh do'n rígh agus dá dhream
uile ar cheana; agus do bhí dream an ríogh ag toirmeasc an
turais sin ar Sir Balbhuaidh, agus níor ghabh sin uatha; agus ba
tuirseach dobrónach do bhí an teaghlach uile i ndiaidh Sir Balbhuaidh
do dhul leis an Madra Maol, agus ba meanmnach mór-lúthgháireach an
Madra Maol de sin.



Fághaid iomchómhairc beatha agus sláinte ag an rígh agus
ag an teaghlach uile, agus do leansad an lorg ó n-ionad sin
go hoirear an chuain; agus do chuir an rí giolla grádhach d'a
mhuinntir d'fhollamhnughadh luinge tar a gceann, agus do chuir
trí tionnchaire luinge innte, eadhón biadh i n-ionad a chaithmhe,
agus ór i n-ionad a phronnta, agus arm i n-ionad a dhíbeartha;
agus ro chuaidh innte iaramh, agus ro thógaibh Sir Balbhuaidh na
bréide suaithnighthe siubhlacha solas-mhóra srathnuighthe, agus
do leig an ghaoth na sidhe glóracha grod-cháinteacha i gciumhsaibh
an tseoil, agus do rinne iomramh ur-aidhbhéil bríoghmhar neartmhar
neimh-mheirbhthe, gur éirigh an long do shidhibh ó chuan agus ó
'n gcaladhphort amach tar dhruim-chladhaibh na mór-mhara
díleannta; ionnas gur éirigh an fhairrge 'n-a heochair goirmleith
agus 'n-a clar garbh glas ghráineamhail agus 'n-a bruachaibh
díochoiscthe díchéillidhe, agus 'n-a tulcannaibh tinneasnacha
tréan-ghlóracha grod-chainteacha, ionnas go gcluinfaidhe
fó na críochaibh fá cóimhneasa dóibh foghar na mara mór-aidhbhéile,
agus urgáire an éigne, agus garbh-chongháir na
mbleidh-mhíol múiridhe.


L. 20


Do bhidheadar amhlaidh sin go ceann cúig lá agus cúig
oidhche; agus i gcionn na ré agus na haimsire sin ro éirigh
Sir Balbhuaidh i gcrannóig a luinge agus féachas na ceithre
háirde imill-leathna 'n-a thimcheall. Agus do chonnarc
foscadh fíor-álainn oileáin agus taobh taitneamhach tíre; agus
do innis sé sin do'n Mhadra Mhaol.
"Seol-sa an long d'ionnsuidhe an oileáin sin," ar an
Madra Maol.



Do rinne Sir Balbhuaidh amhlaidh sin, nó go dtug leathad a
taoibhe do'n tráigh gil gainmhigh do'n luing, ionnas nach
bhféadfadh triath nó tréan-mhíleadh a tarraing, nó muir a
múchadh, nó anfadh (a) hinghreim; agus iar rochtain chum na tíre
dhóibh, do ghabhadar ag siubhal an oileáin, agus fá hálainn é ré
hamharc; óir do bh'iomdha crann aoibhinn fíneamhna, agus
srotha fuar-ghlana fíoruisce, agus tortha aibidhe ionchaithme
ann; agus thárla dúnadh ríoghdha ró-mhaiseach, agus pálás
álainn iongantach, agus iosta flatha foscailte tar a gceann;
agus tigid ann iaramh, agus fuaradar teinte agus teandála
ann, agus búird alltacha órdha ar n-a bhfolach d'eideadhaibh
líogha lán-mhaiseacha agus do scaróideachaibh sciamhdha
scaith glaine. Agus ní bhfuaradar neach beo nó marbh ann,
acht aon seanóir dó bhí iar dtréigin a lúth agus a lámhachta,
agus do bhí 'n-a ridire gaisce roimhe sin. Agus beannuigheas
Sir Balbhuaidh dhó, agus fachtas scéala de, cár bhí féin,
nó cár bh'ainm an oileáin sin i dtárladar, nó "cia an dún
so i n-a dtárla sinn, nó cia stiúras flaitheas na críche-se
féin?"



Freagras an seanóir dhó agus is é ro ráidh -
"Is cosmhail gurabh i n-uaimh talmhan, nó i gcuasaibh
crann, nó i scealpaibh carraig do hoileadh thúsa, an tan
nach bhfuil scéala an oileáin-se agat."


L. 22


Iar n-a chlos sin do Shir Balbhuaidh, do ghabh fearg ádhbhalmhór
é, agus thug sidhe sanntach so-lámhach ar an tseanóir,
agus do rinne cimeach creapailte cruadhchuibhrighthe de, agus
nochtas a chlaidheamh d'a dhícheannadh. Annsin adubhairt an
seanóir na briathra so síos -
"Séan agus conách i d'chéimeannaibh agus i d'ghníomharthaibh,
a ghaiscigh agus a ridire óig uasail! Agus ná
dícheannuigh duine anbhfann éagchruaidh mar 'táim-se, agus
na scéala ro fhiafruighis díom inneosad duit iad. An t-oileán
so ro fhiafruighis díom, is é (a) ainm, an tOileán Dorcha;
agus an dún ro fhiafruighis díom, an Dún Daingean a ainm;
agus Gruagach an Oileáin Dorcha is triath agus tighearna dhó,
agus ridire d'a mhuinntir mise," ar sé.
Annsin fiafruigheas Sir Balbhuaidh scéala Ridire an Lóchrainn
de.
"Ní mór an fheidhm atá agat-sa ar sin d'fhiafruighe," ar
an seanóir, "oir is gáirid rómhaibh ó do fhág sé so, agus
saoilim-se gurab ag teicheadh rómhaibh-se atá sé."
"Foillsigh tré fhírinne cá ndeachaidh sé, nó fuighead-sa
fó ghuin gae agus claidhimh thú," ar Sir Balbhuaidh.
"Ní mór an fheidhm atá agat sin d'innsin duit," ar an
seanóir, "óir ní bhfuil d'fhearaibh an domhain duine is líonmhaire
cumhachta 'ná é; agus an Uaimh Dhorcha is ainm do'n áit
i ndeachaidh sé, agus atá tor i leith-imeall na críche-se darab
ainm Tor na hUamha Dorcha; agus atá uaimh dhaingean do-eolais
i gcómhfhogus do'n tor sin, agus an tan do thig Ridire
an Lóchrainn do'n chríoch sin is ann do chomhnuidheas; agus atá
dhá dhoras uirrthe, eadhón dóras ag teacht chum na críche sin,
agus doras eile do thaoibh na mara, agus atá long urlamh ag
chionn imtheachta dochum na mara, do leith dorais na huamha.
Agus an tan do chí se aon duine chuige ó thír, téidh 'san luing
i n-imdhídean na mara, agus ní dhéanann se comhnuidhe nó go
dtéidh sé go hOileán na mBan gCíoch-loiscthe. Agus is é


L. 24


an t-oileán sin oileán is mó aidhmhilleadh draoidheachta agus
diabhlaidheachta 'san domhan; óir is ann atá Abhlach inghean
Feargusa Finn, ríogh na Scithia; agus is í sin bean is mó
aidhmhilleadh draoidheachta 'san domhan mór uile, agus is banchara
draoidheachta do Ridire an Lóchrainn í. Agus ní fhéadfadaois
fir an bheatha díoghbháil do dhéanamh dhó, an feadh do
mhairfeas na seoid atá ag Abhlach d'a gcoimheád dhó; eadhón
cupa ríogh na hIorruaidhe, thug Deilbh-ghréine, eadhón inghean an
ríogh, mar sheod suirghe dhó, an tan do bhí se ar tuilleadh agus
ar tuarastal ag a hathair (agus is iad a bhuadha; an tan do
bhíos aige nó ag duine eile coimhéadas dhó é, ní rachaidh
traochadh ar a neart); agus sitheal ríogh Frainnce, thug sé leis
iar marbhadh an ríogh féin (agus is iad a bhuadha'gach neach
folcas é féin aiste gach bliadhain, ní luigheann aois ársaidheachta
nó urchra fair); agus fáinne ríogh na hIndia, eadhón a
athar féin, agus atá liagh lánmhaiseach lóghmhar i gcionn an
fháinne sin (agus is iad a bhuadha; an t-aon féachas air, dá
mbadh cneadhach créachtach é, béidh sleamhain slán-chréachtach fá
dheoidh é). Agus an tan fágbhas a bhealach an baile, fágbhás na
seoid sin d'a gcoimhéad ag bainríoghan na mBan gCíochloiscthe.
Agus ní dóigh liom go bhfuil ar dhruim talmhan ridire
nó gaisceadheach atá ionchomhraic fris, ar mhéid a dhraoidheachta
agus ar fheabhas eagna agus uaisle, agus le méid a nirt
agus a dhóchais as féin. Agus ag sin duit mo scéala féin,"
ar an seanóir, "ar gach nídh ar fhiafhruighis dhiom."
Scaoileas Sir Balbhuaidh do'n tseanóir iar sin, agus shuidh
féin agus an Madra Maol, agus do chaith siad a leordhóithin
bidh do bhiadhaibh shaora shochaithmhe, agus do dheochaibh mhíne
mhisceamhla gharga ghabhálta; agus do chuaidh siad ar sin chum suain
agus síorchodlata. Agus ro éirigh siad i moch na maidne
ar n-a mbárach, agus d'iarr Sir Balbhuaidh ar an tseanóir eolas
do dhéanamh dhóibh d'ionnsuidhe na hUamha Dorcha; agus do
ghluaiseadar d'ionnsuidhe na hUamha Dorcha agus fhuaradar í.


L. 26


Is annsin adubhairt an Madra Maol le Sir Balbhuaidh -
"Fuirigh 'san doras is neasa do'n tír, agus congaibh an
slabhra so orm-sa i d'láimh, agus crath go daingean é; agus
rachad mise d'ionnsuidhe na luinge agus béidhead i bhfolach
innte. Agus mar chluinfeas Ridire an Lóchrainn fuaim an
tslabhra agat-sa, saoilfidh sé gur mise do bheidheas ann;
agus do bhearaidh sé aghaidh ar an luing, agus déanfad-sa
comhrac fris. Agus muna bhfagham mar sin é, is dóigh go
bhfuighir ar aon chor é."
"Is maith an chomhairle sin," ar Sir Balbhuaidh, "agus is
cóir a dhéanamh."
Annsin do leig an Madra Maol ar snámh na fairrge
agus na mór-mhara é, d'íonnsuidhe na luinge; agus téid
i bhfolach fó chistídhibh innte. Crathas Sir Balbhuaidh an
slabhra iar sin; agus an tan do chuala Ridire an Lóchrainn
fuaim an tslabhra ag a chrathadh, thug éirghe athlámh
d'ionnsuidhe na luinge.



Iomthúsa Abhlaigh inghine Fheargusa Fhinn, do foillsigheadh
dhí tré dhraoidheacht Ridire an Lóchrainn do bheith 'san éigean
sin. Do chuir brat uaithne uimpe, agus thug foiléim árd
uathbhásach uirre d'ionnsuidhe an toir; agus iadhas a dá láimh
fó Ridire an Lóchrainn, agus aithris cealg Sir Balbhuaidh
agus an Mhadra Mhaoil dó; agus adubhairt nach raibh conair
eolach aige acht i gcionn a bhíodhbha agus a eascaradh, eadhón
an Mhadra Mhaoil do bhí 'san luing, agus Sir Balbhuaidh do bhí
(i) ndoras na huamha; "agus gibé díobh sin gus a rachair, ní
thiocfair slán uaidh."



Ó d'chuala Ridire an Lóchrainn sin, do himeagluigheadh
uime go mór.



"Ná bíodh eagla nó uamhan ort," ar Abhlach, "óir do thug
mise currach go ndeilbh n-éagsamhail draoidheachta liom ar
amas na huamha, agus racham ar aon ann gan fhios dóibhsion."


L. 28


Annsin ghluais Ridire an Lóchrainnagus Abhlach d'ionnsuidhe
an churraigh le draoidheacht Abhlaigh, gan mothughadh do'n
Mhadra Mhaol. Fá cian leis an Madra Maol do bhí Ridire
an Lóchrainn gan teacht chuige; agus dearcas seacha de, agus
chonnarc an currach feadh a radhairc uaidh 'san bhfairrge, agus
aithnigheas gurab é Ridire an Lóchrainn do bhí ann.
Agus fá himshníomhach de sin é, agus tháinig chum na
huamha mar a raibh Sir Balbhuaidh, agus d'innis dó Ridire
an Lóchrainn d'imtheacht uaidh.
"Agus a Shir Balbhuaidh," ar sé, "ná bíodh tuirse ort-sa
tríd súd; óir do bheirim-se mo bhriathar fhíor, go sírfidh mé
an domhan mór uile nó go bhfuigeam é, agus go ndíoghalfam
ar masla fair."



Agus adubhairt Ridire an Lóchrainn le Abhlach gan comhnuidhe
do dhéanamh nó go mbeidís i nOileán na mBan gCíochloiscthe.
Annsin do chuir an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh an
long ar mhuir agus ar mhór-fhairrge ar lorg Ridire an
Lóchrainn agus Abhlaigh; agus ní dhearnadar comhnuidhe go
rángadar Oileán na mBan gCíoch-loiscthe. Agus do foillsigheadh
sin tré dhraoidheacht d'Abhlach; agus d'fhág (sí) féin
agus Ridire an Lóchrainn an tOileán tré dhraoidheacht. Agus
do chuaidh Sir Balbhuaidh agus an Madra Maol ag siubhal an
oileáin, nó go dtárla an bhantracht ortha; agus mar do
chonnarc na mna agus siad féin a gcéile, do fearadh comhrac
tréan tinneasnach dían dásachtach niadhta náimhdeamhail
mear míchéillidhe eatortha. Agus dob í críoch an chomhraic, gur
chuir an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh an comhrac ar
na mnaibh fá dheoidh, agus gur thuiteadar leo uile acht an
bhainríoghan amháin. agus do chomhraicigh sí féin agus an Madra


L. 30


Maol ré chéile; agus tuiteas an ríoghan ris an Madra Maol
i bhfoirchionn an chomhraic. Annsin ghluaiseadar chum an
dhunaidh, agus do fhuaradar seoid Ridire an Lóchrainn, (eadhón
cupa ríogh na hIorruaidhe agus sitheal ríogh na Frainnce agus
fáinne ríogh na hIndia) agus thugadar leo iad uile, maille ré
rogha seod an dúnaidh; agus d'fhágadar an dún 'n-a dhoighir
dhonnruadh dhearglasrach, agus adubhairt an Madra Maol gur
scar mórán d'a dhraoidheacht ré Ridire an Lóchrann, ó do scar
na seoid sin ris.



Iar sin ionnsuidhid an long; agus do bhidheadar trí lá
agus teora hoidhche fair sáile agus ar mhuir. Agus i gcionn
na ré agus na haimsire sin, do éirigh Sir Balbhuaidh i gcrannóig
a luinge, agus dearcas na ceithre háirde 'n-a thimcheall.
Agus do chonnarc taobh taithneamhach tíre agus foscadh fíorálainn
oileáin uadha, agus ro innis sin do'n Mhadra Mhaol.
"Seol-sa an long d'ionnsuidhe an oileáin sin," ar an
Madra Maol.



Do rinne Sir Balbhuaidh amhlaidh, go dtugadar leathad a
taoibhe do'n tráigh gil gainmhigh do'n luing. Is annsin ro
fhiafruigh Sir Balbhuaidh do 'n Mhadra Mhaol, "Cia an
chríoch sin?"



"Críoch na Beiginse an chríoch-sa," ar an Madra Maol,
"agus Rí na Beiginse is triath agus is tighearna fuirthi, agus
is cliamhain dó Ridire an Lóchrainn é, agus is dóigh liom-sa
gurab an-fhochair tá sé anois. Agus imthigh-si rómham-sa
chum an dúnaidh; agus innis gurab fear dána tháinig le dán thú,
agus beir an feadán glan-airgid so agam-sa leat (is cuisle
chiuil dhom féin); agus dá bhfeichfeá-sa Ridire an Lóchrainn
isteach, seinn an feadán agus freagarfad-sa go deagh-thapaidh
thú. Agus fuireochad-sa amuigh, agus brat draoidheachta i
m'thimcheall, i gcruth nach bhfeicfeadh aon neach mé."


L. 32


"Is maith an chomhairle sin," ar Sir Balbhuaidh.
Agus do ghluais roimhe gus an dúnadh agus baineas béim
baschrainn 'san doras. Do innis gur fhear dána é tháinig le
dán chum an ríogh, agus do léigeadh isteach é; agus do fhuair
Ridire an Lóchrainn isteach róimhe, agus i n-aimsir a dhána do
ghabháil seinn sé an feadán. Dearcas Ridire an Lóchrainn
fair, agus aithnigheas gurab é feadán an Mhadra Mhaoil do bhí
ann. Agus éirgheas i n-a sheasamh d'fhágáil na bhruidhne.
Agus ní mór go ráinig leis a fágáil an tan do tháinig an Madra
Maol isteach, agus buaileas fá'n teaghlach agus gabhas ag a
n-oirleach agus ag a n-athchumadh ionnas nachar fhág fear ré
chéile díobh nó go dtárla an rí féin ris agus do chomhraicigh
sé féin agus an rí ré chéile; agus ba hé críoch an chomhlainn,
an rí do thuitim ris an Madra Maol.



Iar marbadh an ríogh agus a mhuinntire amhlaidh sin, do
labhair an Madra Maol ré Sir Balbhuaidh agus is é adubhairt:
"Is í comhairle is indéanta dhúinn anois, fanamhain annso go
ceann naoi dtráth, agus saoilfidh Ridire an Lóchrainn gur
ghluaiseamar as, ó nach bhfuil fear inniste scéil beo d'a
dhream; agus fillfidh sé chum an dúin-se arís, d'fhághail
scéala an ríogh agus a mhuinntire: agus do gheabham le n-a
mharbhadh mar sin é."



"Is maith an chomhairle sin le déanamh," ar Sir Balbhuaidh,
"agus is cóir a déanamh."



Fuirighid iar sin go ceann naoi dtráth, agus 'san tráth
deidheanach tháinig Ridire an Lóchrainn do'n oileán, agus
feachas tré fhuinneoghaibh an dúin. Agus do chonnarc na colna
uireasbacha agus na corpa cróidhearga ar urlár na bruidhne,
agus Sir Balbhuaidh agus an Madra Maol i n-a bhfiadhnaise.
Bíodhgas Ridire an Lóchrainn go hádhbhal-mhór, agus leigeas
i néallaibh nimhe agus i bhfrithibh na fiormaimeinte é, ionnas
nachar fhios dóibh cá háird do cheithre háirdibh an domhain
i n-ar ghabh sé uatha.


L. 34


Ro éirigh an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh iar sin agus
rug siad rogha seod an dúnaidh leo; agus ro fágaibhsead an
dún 'n-a dhoighir dhonnruaidh dearglasraigh, agus d'ionnsuigheadar
an long.



Agus ní haithristear a n-eachtra nó a n-imtheachta go rángadar
go hoirthear na hEigipte. Is annsin ro fhiafruigh Sir
Balbhuaidh do'n Mhadhra Mhaol, "Cia h-í an chríoch sin?"
"Críoch na hEigipte an chríoch sin," ar an Madra Maol,
"agus rí na hEigipte is triath agus is tighearna fuirthi, agus
is cliamhain dó Ridire an Lóchrainn é; agus is compánach
cómhghaisceadhach do Ridire an Lóchrainn mac ríogh na hEigipte
(eadhón Gruagach na hInneiridh): agus is í inghean ríogh Tíre na
mBeo do rinne a n-oileamhain agus a n-áird-leasughadh ar aon,
agus is é mac Ríogh na Gréige ro altram iad."



Ba hiongnadh mór le Sir Balbhuaidh na scéala sin d'fhághail
ag an Madra Maol; agus is é ro ráidh -



"A chompánaigh agus a chuideachta na páirte," ar sé,
"atáim féin cian-tuirseach ó thaisteal mara agus móir-thíre.
Do b'áil liom athchuinge d'fhághail uait, ar grádh heinigh agus
do ghaisce, ó thárla tréimse fada id' fharradh agus i d'chuideachta
mé."



"Cá hathchuinge sin?" ar an Madra Maol.



"Do b'áil liom scéala d'fhághail uait-si, cia tú féin, nó
créad do chuir 'san riocht sin thú, agus urlabhra daonna
agat?"



"Ní maith liom-sa na hathchuinghidhe sin d'iarraidh orm," ar
an Madra Maol. "Gidheadh inneosad duit-se é. Mac do
rígh na hIndia mise, agus Alastrann Iongantach m'ainm;
agus inghean ríogh na gCaolach mo mháthair, agus Niamh Nuadh-
chrothach a hainm. Agus do rug sí ceathrar mac maith eile


L. 36


agus mise do m'athair; agus do chinn an chlann sin tar
chlannaibh ríogh agus rói-thighearna an domhain mhóir uile ar
mhéid ur-áirde, ar mhaise, ar inneall, agus ar éagcosc. Do
theastuigh ar máthair, (eadhón Niamh Nuadh-chrothach) agus do thug
an rí bean eile d'a héis, (eadhón Libhearn Lánsholas inghean riogh
Gréige); agus do rug sí mac dhó (eadhón Ridire an Lóchrainn,
agus is ar a lorg atámaoid anois); agus is ag a dhálta,
Gruagach na Gasghuinne, do hoileadh é.



"Lá n-aon d'a raibh Ridire an Lóchrainn agus a mháthair ag
imirt ré n-a chéile i ndún ríogh na hIndia, do labhair an
mháthair fris an mac, agus is é adubhairt -



""A mhic dhíl ghrádhaigh," ar sí, "is urus duit a bheith go
maith, óir is iomdha óir agus airgid ag t'athair féin agus
agam-sa, agus ní bhfuil d'oighridhibh orrainn acht túsa amháin."



"Óir do shaoil sí nach raibh do chloinn ag an rígh acht Ridire
an Lóchrainn i n-aonar. Iar n-a chlos sin d'óglách do mhuinntir
an ríogh, adubhairt go raibh oighridhe maithe iomhdha ag an rígh
d'a éagmais; agus go mbadh fheárr gach aon aca mar oighre
'ná eisean. Iar n-a chlos sin do'n mbainríoghan, do feargadh
go hiomarcach í, agus thángadar airgheana éagsamhla báis dí,
agus thug mhaise ar mhío-mhaise agus dealbh mhaith ar dhroich-dheilbh;
agus fiafruigheas de "cia hiad na hoighridhe sin?"



""Atáid" ar sé "cúigear mac maith ag an rígh; agus dá
mbadh aon rí ar an domhain mhór uile, atá a dhíol do chloinn
ionnta."



"Tháinig an rí do láthair iar sin, agus fiafruigheas an bhainríoghan
de créad fáth raibh a chómh-mhaith sin do chloinn aige gan
fhios dí féin; agus adubhairt nach feárr do bheadh léi a mac
féin 'ná gach aon díobh. Adubhairt an rí annsin 'ní ar olc
leat-sa, a bhainríoghain, nach dtugas mo chlann do d'láthair;
acht gur cheann sluaigh agus sochraidhe gach aon díobh, agus nach
dtiocfadaois do m' láthair-si acht an uair ba mian leo féin.'


L. 38


"Gidheadh is é gliocas do rinne sise, fios agus teachta do
chur ar chionn a hathara (eadhón ríogh Gréige), gan fios gan
mothughadh do rígh na hIndia; ionnas an uair do chluinfeadh rí
na hIndia rí Gréige do theacht d'a ionnsuidhe, go gcuirfeadh
fios ar sluaghaibh na hIndia agus ar a chloinn féin go háirithe,
ionnas go bhfuigheadh sí sinn féin ar aon láthair, le draoidheacht
agus diabhlaidheacht d'imirt forainn. Agus is amhlaidh do
bhidheamar an uair sin, agus seanóir fiosach fíreolach iar
gcrosadh orainn thul do láthair na bainríoghna ar eagla
draoidheachta nó diabhlaidheachta d'imirt orainn tré fhuath agus
tré mhioscais.



"Dála ríogh Gréige go n-a dhream, thángadar go críochaibh
na hIndia; agus iar n-a chlos sin do rígh na hIndia, do chuir
fios agus teachta orainn féin agus ar sluaghaibh na hIndia
uilé mar aon frinn, idir triath agus tigearna, míleadh agus
gaisceadhach; agus thángamar féin fó gairm ar n-athara,
maille ré héidhighibh líoga lán-mhaiseacha agus go gculaidheachaibh
áille ildhealbhacha órshnáiteacha forainn.



"Agus iar dteacht i measc na sluaigh dhúinn, ní raibh neach,
fir nó mná ann, ba mó moladh orainn, agus ba mó lúthgháire
rómhainn, ioná an ríoghan; agus adubhairt nach feárr do bheadh
sí ré n-a mac féin, eadhón Ridire an Lóchrainn, 'ná le gach aon
againn. Agus do chuaidh sí mar a raibh a hathair, eadhón rí
Gréige, agus adubhairt ris go raibh eagla uirrthi go mbainnfimís-ne
an oighreacht d'a mac féin (eadhón Ridire an Lóchrainn),
acht muna dtoirmisceadh go luath sinn. Agus adubhairt an rí
gur chóir sin dho dhéanamh gan moill. Agus iar mbeith do rígh
Gréige naoi láithe agus naoi n-oidhche 'san India, thug lámh for
imtheacht; agus ro innis gur éirigh cogadh mór agus coinbhliocht
idir é féin agus rígh Frainnce, agus gur mhian leis rí na hIndia
do dhul leis féin do chómhmóradh an chogaidh sin, agus sinn
féin d'fágáil 'san hIndia i bhfarradh na bainrióghna; amhail
mar do theagasc sisi go cealgach dhó. Do chuir ar n-athair


L. 40


comhairle orainn fanamhain aici, agus do rinneamar amhlaidh.
"Dála na ríogh sin, gluaisid rómpa maille ré n-a sluaghaibh
gus an bhFrainnc; agus d'fhágadar sinn féin i bhfochair ar
leasmháthara, eadhón Libearn Lánsholas. Annsin do thug ar
leasmháthair léithe sinn i bhfód fó leath, agus do dháil sí
fleadh ádhbhal-mhór fuatha agus fír-mhioscaise orainn, agus do
chuir sí ar chaoi meisce agus meadhruighthe céille sinn; agus
imir draoidheacht agus diabhlaidheacht orainn, ionnas gur chuir
i riocht chúig con allta sinn, eadhón triúr againn i riocht
trí fearchon, agus an dís eile i riocht dá shagh.



"Agus do ghreasadar coin agus gadhair an dúnaidh rinn,
agus do chuir ar teicheadh agus ar ionnarbhadh i leithimeall
na críche sinn, i ngleanntaibh diamhra do-eólais. Agus do
bhidheamar seal cian agus aimsear fhada ag dianscaoileadh
maoine agus spréidhe ar leasmháthara; agus níor chlos aon
fhocal d'ar scéalaibh ó shin amach. Mar sin dúinn nó gur
torchuigheadh na sagha sin do bhí againn uainn féin, agus gur rug
gach sagh aca ceithre cuileáin déag; agus d'fhás oirbhearta
na gcuileán sin go luath. Agus do rinneadh comhairle linn
ann, India d'fhágáil agus a dhul do'n Ghréag, do dhíoghal na
comhairle sin thug rí Gréige d'a inghin féin chum sinn-ne do
mhalairt nó do mhío-chórughadh.



"Do críochnuigheadh an chomhairle sin linn, gur ghluaiseamar
rómhainn do'n Ghréag; agus do bhidheamar bliadhain innte,
agus do thionnscanamar ar ndíoghaltas do chur i ndlús, an
dianscaoileadh spréidhe na Gréige.



"Acht atá nídh chéana, ní háirmhfidhear go bruinne an bhrátha,
agus go fóircheann an bheatha, an t-ár féinnidh agus fear
ágha, an díth agus an díoghbháil, an scaoileadh an scannradh
agus an beoscathadh, thugamar ar dhaoinibh ar spréidh agus ar
ainmhintibh na Gréige. Do chuadar deag-cháineacha i n-úireasbaidh
ris an rígh; agus do cinneadh comhairle leo, coin agus
gadhair na Gréige agus na gcríoch fá cóimhneasa dhóibh do


L. 42


chruinneadh ar aon láthair agus ar aon ionad; agus a dhul
d'ionnsuidhe an ghleanna a rabhamar, agus sealg agus fiadhach
do dhéanamh forainn. Do críochnuigheadh an chomhairle sin leo,
agus thángadar d'ar n-ionnsuidhe go Gleann na gCon nGarg,
(óir do b'é sin ainm an ghleanna, ó'n gcomhnuidhe rinneamar
féin ann).



"Do srathnuigheadh agus do sraonadh an tsealg féin leo i
dtimcheall an ghleanna, ionnas nach ndeachaidh aon i n-a bheatha
beo as dinn, acht mise féin i m'aonar; agus do bhí uaimh
dhaingean do-eolais is an ngleann, agus do b'eolach dham-sa
go maith í. Gluaisim rómham d'a hionnsuidhe, agus téidhim
isteach innte do m'fholach féin orra. Agus do leanadar uile
mé, idir choin, gadhair, agus daoine, agus do b'áil leo an
uaimh do loscadh orm. Agus an tan do chonnarc mise an
uaimh ag a dorchughadh orm, agus mo bhíodhbhaidhe agus m'eascaraid
im' thimcheall, agus gan cara nó compánach do
m'ghoire do breith furtachta dhamh, do líon mé d'fheirg agus
d'fhíoc, agus d'éirigh mo mheanman agus mo bhrígh, agus do
smuain mé go mbadh fheárr dham an uile bás d'fhághail 'ná
mo loscadh, agus fós go mbadh oirchise dham mé féin do
dhíoghail ar mo namaidh 'ná bás d'fhághail i n-ascaidh.
Téidhim amach iar sin, agus tugaim aghaidh ar na sluaightibh;
agus do rith siad mo choinne, idir choin gadhair agus daoine;
agus do ionnsuidh mé iad-san gan fhaillighe, agus gabhaim ag
a n-oirleach agus ag a n-athchumadh ionnas go n-imtheochadh
brainéan cíocrach confadach ó'n gcolann go chéile díobh.
Ionnus gurab é an díoghbháil uaim-se fá dheoidh, eadhón, deich
naonbhair agus seacht gcéad ridire arrachtach, i bhféagmhas
dioscar-shluaigh. Agus do bhidheas féin cneadhach créacthach ó
ghonaibh iomdha na n-arm agus ó fhorlann an chomlainn; agus is í
comhairle do críochnuigheadh liom, dul d'ionnsuidhe ríogh Gréige
agus comairce do ghlacadh aige. Agus an áit a bhfaca mé
poball an ríogh, téidhim d'a hionnsuidhe agus beirim eiteall


L. 44


éineamhail i n-ucht an ríogh, agus iadhaim mo dhá chrobh tosaigh fó
n-a bhrághaid. Agus mar do chonnarc an rí sin, do labhair fris
na sluaghaibh agus d'fhógar dhóibh gan díoghbháil ar bith do
dhéanamh dhamh. Agus do rug leis go cathair na hAithne mé,
agus do chuir an slabhra so orm."



"Beir buaidh agus beannachtain, a charaid ghrádhaigh," ar Sir
Balbhuaidh, "ní chuala mé riamh scéal ba binne agus ba seirbhe
liom, 'ná an scéal sin d'innis tú dham anois. Agus ar ghrádh
heinigh agus do ghaisce, innis dam cionnas do baineadh
do chluasa agus t'earbhaill diot."



"Inneosad go deimhin," ar an Madra Maol, "agus ní
bhfuil 'san domhan scéal is measa liom, agus fós is mó
truaighe 'ná é. Óir i ndiaidh cúirthe imdhídne orm d'olc agus
d'anforlann, do bhí mé fá mhuirn agus fá onóir móir ag an
rígh; óir do thuig sé go raibh ciall agus cuimhne dhaonna agam.
Agus uime sin ní leigfeadh ar ionchaibh aon-duine 'san nGréig
mé ó n-a sheomra féin amach, ar eagla droich-neith ar bith do
dhéanamh orm. Agus do bhí mé amhlaidh sin ag an rígh go ceann
aimsire áirithe fada 'n-a dhiaidh sin, nó go dtáinig Ridire an
Lóchrainn do'n nGréig; agus do chuala sé mo thuarascbháil
féin do bheith ann, agus ro aithin gur do 'n chloinn do chuir a
mháthair fó gheasa mé; agus tháinig do'n chathair, agus mar
nar leig an eagla dhó mise do mharbhadh nó do mhíochórughadh
(óir do bhí fios aige nach leigfeadh an rí ar ionchaibh aon-dhuine
'san nGréig mé as a sheomra féin amach) do ghuidh sé inghean
do'n rígh (eadhón deirbhshiúr a mháthara féin) fá mise do chur
chum báis; agus do gheall sisi sin do dhéanamh.



"Agus lá n-aon d'a ndeachaidh amach ar an bhfaithche agus
d'fhág mise i n-a sheomra féin, tháinig an inghean i m'fharradh
annsin, agus do chuir sí shuain-bhreacht draoidheachta
orm, ionnas gur thuiteas 'mo thoirchim suain agus síor-chodalta.
Agus thug sí altán sceine scoith-ghéire amach agus do bhain mó
dhá chluas agus m'earbhall díom: agus do bh'áil leithi mo


L. 46


dhícheannadh. Bíodhgaim-sa as mo shuan ar mo ghortughadh, agus
thugas teibheadh agus tréan-tharraing ar an tslabhra, agus
brisim an chuid do bhí i ngreamaigh de, agus thugas sidhe
sanntach fíorchalma do m'chrobh thosaigh do'n inghin, gur
leigeas a habach agus a hionathar eiste. Agus téidhim ar an
bhfaithche amach, agus thugas aghaidh ar na sloighthibh do dhíoghail
mo chréacht agus m'easonóra forra. Agus do chomhraicigheas
friu, ionnas gur mharbhas uimhir do-áirmheach díobh; agus do
chomhraicigheas féin agus an rí ré chéile, agus dob í críoch
an chomhraich, an rí do thuiteamh liom; agus gabhaim ag cur
ár na nGréagach ó shoin go hoidhche. Acht atá nídh chéana,
nó go n-áirmfidhear féar faithche, agus gaineamh trágha, agus
duilleabhair feadha, agus réalta nimhe, ní fhéidir innisin nó
áireamh do chur ar ar thuit liom do shloighthibh na Gréige Mhóire
an lá sin. Agus teicheas Ridire an Lóchrainn rómham féin ó
sin i leith, conach fios dam ca h-áird do ceithre háirdibh an
domhain mar ghabh sé uaim; agus atáim d'a thóraidheacht ó
shoin nó (go) dtárla leat-sa mé ag an tiobrad. Agus is
iad sin na scéala ro fhiafruighis díom," ar an Madra Maol.



"Beir buaidh agus beannachtain," ar Sir Balbhuaidh, "ní
chuala mo chluas riamh sceal ba binne agus ba mó truaighe
nó ar chanas dam."



Agus do chuadar go dún ríogh na hEigipte iaramh, agus iar
n-aithne an Mhadra Mhaoil dóibh tháinig an rí 'n-a gcoinne
agus 'n-a gcómhdháil, agus fearas fíorchaoin fáilte friu.
Agus do rug leis gus an dúnadh iad, agus do freastaladh
agus friotháileadh go maith iad. Is annsin do fhiafruigh an
Madra Maol scéala Ridire an Lóchrainn do'n rígh.



"Ní bhfuil aon-fhocal dá scéalaibh agam-sa," ar an rí,
"agus dá mbeadh do bhéarfainn dóibh-si é, óir ní lugha oraibh-si
Ridire an Lóchrainn 'ná orm-sa féin. Óir do bhí sé 'n-a
chliamhain agam-sa, agus do leig sé mo inghean-sa uaidh, agus
thug sé bean eile ba measa 'ná í, eadhón inghean ríogh na


L. 48


Beiginse. Agus an t-ionad i n-ar dhócha liom nídh éigin d'a
scéalaibh d'fhághail seolfad sibh-si d'a ionnsuidhe; óir atá dún
i leith-imeall na críche-se d'a ngoirtear an Dún Diamhair,
agus is ann atá m'inghean-sa anois, agus is uaith ainmnighthear
í, eadhón Bainríoghan an Dúnaidh Diamhair. Agus téidh-si d'a
hionnsuidhe, agus an meidh bhidheas do scealaibh Ridire an
Lóchrainn aici bhéarfadh dhíbh-si íad."



Gluaisid i moch na maidne ar n-a mbárach dochum an
Dunaidh Diamhair, agus fearas an inghean fíorchaoin fáilte
friu. D'fhiafruigh an Madra Maol scéala Ridire an Lóchrainn.
Is annsin do rinne an inghean casaoid a masla riu ar Ridire
an Lóchrainn. Adubhairt an Madra Maol gur dhíoghail sé
féin cuid d'a masla fair, agus dá mbéarfadh air arís go
dtiubhradh air gan a hatharrach-sa mhnaoi do bheith aige go foircheann
a ré agus a saoghail.



"Dá dtugtha-sa do bhriathar fria sin do chomhall damh-sa,"
ar an ríoghan, "do bhéarfainn a bhfuil do scéalaibh agam féin
duit."



Thug an Madra Maol a bhriathar fris sin do chomall dí.
"Atá uaimh i leith-imeall na críche-se," ar sí "agus an
Uaimh Dorcha a hainm, agus atá tor innte darabh ainm Tor
na dTri mBeann (eadhón beann óir, beann airgid, agus beann
fionnbhruithne). Agus an tan tig Ridire an Lóchrainn do'n
chrích-se, is ann a chomhnuidheas sé; agus ní bhfuil slighe chuige
acht tríd an uaimh. Agus do chuala mise go bhfuil sé ann
anois, maille ré mo bhrátar féin, eadhón Gruagach na
hInneiridh; agus rachad-sa féin do dhéanamh eolas díbh-si ann."



Téidhid-se rómpa ar n-a mbárach chum na hUamha Dorcha.
Agus iar rochtain chum na huamha dhóibh, do scar an inghean
riu; agus do rinne an Madra Maol colum geal de féin,


L. 50


agus chuaidh isteach ar fhuinneog an tuir; agus do fuair
Ridire an Lóchrainn agus Gruagach na hInneiridh isteach ag
imirt; agus iar bhfeicsin an Mhadra Mhaoil do Ridire an
Lóchrainn, do rinne dhá chuil de féin agus do'n nGruagach,
agus do chuaidh amach ar fhuinneog an ghrianáin.



"Dá bhfeasfainn-se," ar an Madra Maol, "gur i riocht
cuileoige do rachthá amach, is i riocht coir-mhíoltoige do thiocfainn
féin isteach chugaibh."



Acht atá nídh cheana, fuair sé an lóchrann ar lasadh 'san
tor, agus do thug leis é mar a raibh Sir Balbhuaidh; agus
do thug i n-a láimh dhó é, agus adubhart gur scar móran d'a
dhraoidheacht ré Ridire an Lóchrainn ó scar an lóchrann leis.
Fiafhruigheas Sir Balbhuaidh créad fáth ar tugadh "Ridire
an Lóchrainn" fair.



"Rí do bhí ar an Scithia," ar an Madra Maol, "agus ní
raibh do chloinn aige acht dís inghean, eadhón Beibheann agus
Beadhchrotha a n-anmanna. Agus ní raibh do mhnáibh na talmhan
n-aon samhail nó a maca samhla ar dheise, ar dheilbh, ar mhéinn,
agus ar dheigh-bhéasaibh. Óir nár dhuibhe gual gabhann iar n-a
bháthadh i n-uisce fuar oighridh 'ná deilbh ban an domhain i
bhfochair a ndealbh-san. Agus do bhidheadar clanna ríogh agus
rói-thighearnadh an domhain i bhfuath agus i bhfír-mhioscais
d'a gcéile fó 'n gcloinn sin, ag teacht do shuirghe riu.
Agus is amhlaidh do bhí Beibheann; thug sí móide nach béidh
aon fhear aici go bráth, acht an fear do bhéarfadh an lóchrann
do bhí ar lasadh ag Borb na Binne Buirbe i gcríochaibh
na gCruithneach (fris a ráidhtear Éire Iathghlas Oileanach)
chuici.



"Agus is amhlaidh do bhí an fear sin: niorbh ionchomhraic
fear d'fhearaibh na talmhan fris, an feadh do bheadh an lóchrann
ar lasadh aige; óir gidh cneadhach créachtach do bheadh,
an uair do fheiceas fair do thig a neart agus a bhrigh féin
chuige arís. Agus mar do chuala dalta Ghruagaigh na


L. 52


Gasghuinne tuarascbháil na mban sin, ní dhearna comhnaidhe go
ráinig do Scithia. Agus an tan do chonnarc Beibheann, do
líon d'a seirc agus síorghrádh, agus do ghrádhaigh sisi é mar
an gcéadna; agus fós thug an inghean fá hóige, eadhon
Beadhchrotha, tuile threan tromghrádhach, agus sruth síorádhbhal
seirce dhó, ionnas go raibh fuath agus fírmhioscais aca féin do
chéile timcheall Ridire an Lochrainn.



"Gluaiseas Ridire an Lóchrainn róimhe, agus ní dhéarna
comhnaidhe go ráinig i nÉirinn, agus tháinig róimhe gus an
mBinn Buirb, agus tháinig gus an dún i n-a raibh Borb na
Binne Buirbe. Agus buaileas béim baschrainn 'san doras,
agus d'iarr foscailt. D'fhiafruigh an dóirseoir cia a raibh é
féin. Ro innis seisean gurab é féin mac ríogh na hIndia,
agus dalta Ghruagaigh na Gasghuinne, agus gurab ag iarraidh
iasachta an lóchrainn ar ghruagach na Binne Buirbe do bhí sé;
agus muna bhfuigheadh ar ais é, go mbainfeadh amach i los catha
nó comhlainn é. Iar n-a chlos sin do 'n dhóirseoir, adubhairt
nach dtáinig tar bhéal daonna amach riamh cómhrádh ba díchéillidhe
'ná ar chan sé. Iar n-a chlos sin do mhac ríogh na hIndia,
do feargadh go hiomarcach é, agus do thóg carrthadh ádhbhalmhór
cloiche do bhí i n-doras an dúnaidh, agus thug rogha an
urchair ar an gcomhla, go ndearna sé bládhtracha beaga buainréabtha
di.



"An tan do chuala Borb na Binne Buirbe sin, thug éirghe
deagh-thapaidh deagh-laochta fair, agus gabhas arm agus éideadh
catha agus comhlainn uime; agus téid i gcoinne agus i
gcómhdháil mic ríogh na hIndia. Agus do rinneadar comhrac
tréan tinneasnach níadhta naimhdeamhail treasbhorb mear
míchéillidhe ré chéile, óir ba harrachtach an iorghail, agus ba
curata an comhrac, agus ba doi-fhreastálta an deabhaidh
eatortha leath ar leith. Agus dob í críoch an chomhraic, go
dtug Borb na Binne Buirbe a chúl do mhac ríogh na hIndia,
agus do b'áil leis dul i gcoinne an lóchrainn, ionnas go


L. 54


dtiocfadh a neart agus a bhrígh féin chuige arís. Tuigeas mac
ríogh na hIndia an chealg sin, agus thug sidhe sanntach solámhach
agus fáscadh foirtil feidhm-láidir fair, agus buaileas i gcaol
na colna agus i meadhón reamhar an mhuinéil é, ionnas gur
bhain a cheann agus a choimheadh beatha de. Agus téid chum
an dúin, agus fuair an lóchrann ar lasadh ann, agus thug leis
é. Agus is ó'n lóchrann sin a hainmnighthear ó shin i leith.
"Iomthúsa na mban, eadhón clann ríogh na Scithia, do bhí
fuath agus fír-mhioscais aca féin d'á gcéile i dtimcheall
Ridire an Lóchrainn, ionnus gur chuir an inghean fá sine díobh
(eadhón Beibheann) suain-bhreacht draoidheachta ar Beadhchrotha,
gur thuit sí 'n-a toirchim suain agus síor-chodalta; agus thug
altán scéine scoithghéire do bhí aici amach, agus do bhuail i
n-íochtar a bronn í, gur scoilt a sciamh-chorp go hubhall a
brághad. Ráinig an scéal chum an ríogh, agus gabhas Beibheann,
agus thug fá ndeara a ceangal go daor dochrach; agus do
faduigheadh teinnte agus teandála 'n-a timcheall, agus do
loisceadh i bhfiadhnuise na sluaigh í, mar do thuill a mí-ghníomhartha
féin di é, go ndearnadh mion-luaith di.
"Dála Ridire an Lóchrainn, gluaiseas róimhe go dtáinig do
'n Scithia, agus ceann Bhuirb na Binne Buirbe leis. Agus
mar chuala bás na mban sin, ba dubhach dobhrónach agus ba
tuirseach triamhuineach de sin é, agus ní dhearna comhnuidhe 'san
Scithia ó shin amach. Agus is iad sin na scéala ro fhiafruighis
díom," ar an Madra Maol.



"Beir buaidh agus beannachtain" ar Sir Balbhuaidh; "is
milis-bhreathrach an cómhrádh sin do chanas dam."


L. 56


Ro fhágadar an Eigipt iar sin, agus ionnsuidheadar an
long ó'n gcuan amach, nó go dtárla i n-oileán álainn iongantach
siad; agus ro fhiafruigh Sir Balbhuaidh "Cia an t-oileán
sin?"



"Oileán na Soilse an t-oileán so" ar an Madra Maol,
"agus ní shaoilim-se aon fhocal do scéalaibh Ridire an
Lóchrainn d'fágháil ann."



Do chuirsead cuairt an oileáin sin dióbhtha; agus do
ghluais siad ó chuan agus ó chaladh amach go ceann trí lá agus
teora oidhche, nó go dtárla i n-oileán eile siad, agus ro
fhiafruigh Sir Balbhuaidh "Cia an t-oileán sin?"



"An tOileán Dubh is ainm do'n oileán so" ar an Madra
Maol, "agus Oileán na Gréine ainm eile do bhí fair. Agus is é
ádhbhar fár tugadh Oileán na Gréine fair, mar is ós a cheann
do éirgheadh an ghrian roimhe so. Agus is uime goirtear an
tOileán Dubh de; eadón ridire ba tighearna fair, agus
tháinig Ridire an Lóchrainn do'n oileán, agus do chomhraicigh sé
féin agus Gruaghach an Oileáin ré chéile, agus tuiteas an
Gruagach le Ridire an Lóchrainn i bhfoirchionn an chomhraic;
agus níor éirigh an ghrian ós a cheann ó shin i leith. Agus atá
uaimh i leith-imeall an oileáin-se, agus an Uaimh Dhearg a
hainm; agus an tan a thig Ridire an Lóchrainn do'n oileán
so, is ann a chomhnuidheas. Agus rachad mise i bhfolach 'san
uaimh, agus imthigh-se chum an dúin; agus atá Ridire an
Lóchrainn ann. Mar chífidh sé thú-sa i d'aonar, tiocfaidh sé
féin agus Gruagach na hInneiridh do chomhrac frit; agus má
bhéirim-se forra, díoghlaidh mé mo mhasla agus m'anfhorlann
forra."


L. 58


Iomthúsa Ridire an Lóchrainn, do bhí sé féin agus an
Gruagach ar fhuinneog an ghrianáin ag éisteacht fris an gceilg
sin d'a déanamh ag an Madra Maol agus ag Sir Balbhuaidh:
agus adubhairt go ndéanfadh féin cealg éile 'n-a haghaidh -
"Oir atáid ceithre fleasca fionnairgid agam-sa, do bhaineas
do Ghruagach an Oileáin ar imirt, agus gibé neach fó a sáithfidhear
'n-a thimcheall iad béidh 'n-a chodladh feadh ceithre uair
fiche. Agus racham mar a bhfuil an Madra Maol 'san uaimh,
agus cuirfeam na fleasca 'n-a thimcheall, agus coideolaidh
'san gceilg, agus dúnfam an uaimh fair; agus marbhfam Sir
Balbhuaidh iar n-a fhagháil 'n-a aonar."



Iar sin thángadar chum na huamha agus cuirid an Madra
Maol 'n-a thoirchim suain agus síor-chodalta, agus do dhún
siad an uaimh fair; agus buailid i gcoinne agus i gcómhdháil
Sir Balbhuaidh agus do bhidheadar ag a chómhtuarghain i leith a
chúil agus (a) aghaidh i n-aoinfheacht.



Acht atá nídh chéana, ní dhóibh a labhras an eachtra nídh-sa
(mhó), acht do'n rígh Artur, (eadhón Rígh an Domhain) agus d'a
dhream. Óir níor sháimheach leo ól nó aoibhneas, ceol, cuideachta,
nó onóir, d'á ndéanadh siad, agus gan Sir Balbhuaidh,
nó scéala uaidh, do bheith aca. Agus iar dteacht na bliadhna
uile, do rinneadh comhairle leo dul do thaisteal an domhain nó
go bhfuighidís Sir Balbhuaidh, nó scéala uaidh.



Do críochnuigheadh an chomhairle sin leo, gur imthigheadar
deich longa luchtmhara lán-mhóra, agus do cuireadh trí
tionnchaire luinge ionnta, eadhón biadh i n-ionad a chaithmhe,
arm i n-ionad dhíbearta, agus ór i n-ionad a phronnta.
Agus is iad so na laochradh do chuaidh ar an loingeas sin:


L. 60


eadhón Sir Lámhsholas, Sir Galfas, Sir Libnil, agus Sir
Bobus, an Ridire Geal mac ríogh Frainnce, agus an Ridire
Dubh mac ríogh na gCaolach. Acht go deimhin do bhidheadar
seacht gcéad ridire i ngach luing díobh.



Agus gluaisid rómpa ar mhuir agus ar mhór-fhairrge; agus ní
haitristear a n-eachtra nó a n-imtheachta i ngach conair ar
ghabh siad ar lorg Sir Balbhuaidh agus an Mhadra Mhaoil, nó
gur ghabhadar cuan agus caladhport i n-aoinfheacht agus i
n-aon-uair amháin 'san oileán sin i n-a raibh an Madra
Maol 'n-a shuan. Cia huair agus cár bhudh ham-sa, acht
an uair do bhí Sir Balbhuaidh agus Ridire an Lóchrainn i dteas
an chomhraic! Agus ro aithin Sir Lámhsholas coigeadal chlaidhimh
áird-ríogh an domhain do bhí ag Sir Balbhuaidh. Thángadar ar
amas an chomhraic: féachas Ridire an Lóchrainn seachad de,
agus do chonnairc na dronga díana dó-áirmhighe d'a ionnsuidhe,
gur aithin gur d'a éascharaid iad. Agus éirgheas d'eiteall
éineamhail i néallaibh nimhe agus i bhfrithibh na fiormaimeinte
agus fágas an Gruagach 'n-a aonar ag Sir Balbhuaidh.
Méaduigheas meanma Sir Balbhuaidh de sin, agus do ghabh
ag tuargain agus ag tréin-leadradh an Ghruagaigh, gur
torchradh leis fá dheoidh é.



Dearcas Sir Balbhuaidh seachad de, go bhfaca na ridiridhe
muinnteardha sin d'a ionnsuidhe, agus fearas fiorchaoin
fáilte friu, agus toirbhreas do phóghaibh go díl agus go díochra
iad, agus fachtas adhbhar a n-eachtra agus a n-imtheachta, agus
scéala ríogh an domhain agus a theaghlaigh, agus an Bhúird
Chruinn díobh. Agus innisid gurab d'a lorgaireachtáin
thángadar amach: agus do inniseadar a n-eachtra agus a
n-imtheachta d'a chéile, agus chuadar mar a raibh an Madra
Maol 'n-a chodladh, agus fuaradar an uaimh dúnta fair, agus
na fleasca 'n-a thimcheall. Agus do dhúisigheadar as a
shuan é.



Fearas an Madra Maol fíorchaoin fáilte fá na ridiridhibh,


L. 62


agus d'fhiafruigh scéala an ríogh Artuir díobh. Adubhradar-
san go raibh sé slán, acht a raibh do chumha air i ndiaidh Sir
Balbhuaidh; agus gur d'a iarraidh do bhidheadar féin gonuige
sin. Ciodhtrácht ro innis Sir Balbhuaidh do'n Mhadra
Mhaol gur imthigh Ridire an Lóchrainn uaidh, agus gur thuit an
Gruagach leis, iar n-a fhágáil 'n-a aonar dhó. Tógas an
Madra Maol na fleasca annsin, agus adubhairt gur scar a
dhraoidheacht uile ré Ridire an Lóchrainn ó do scar na fleasca
ris. Annsin adubhairt na ridiridhe le Sir Balbhuaidh a dhul
leo; agus adubhairt seisean nach scarfadh ris an Madra Maol.
Agus do ráidh riu-san filleadh go Rígh an Domhain, agus go
rachadh féin ré n-a chompánach d'iarraidh Ridire an Lóchrainn.
Céileabhras an Madra Maol agus Sir Balbhuaidh dhóibh iar
sin, agus fágaid iomchomairce beatha agus sláinte ag aroile.



Iomthúsa an Mhadra Mhaoil agus Sir Balbhuaidh, ionnsuidhid
a long, agus do bhidheadar naoi dtrátha ar seachrán mara
agus mór-fhairrge. Agus i gcionn na ré agus na haimsire
sin, thárla i n-oileán álainn ionghantach siad, agus fiafruigheas
Sir Balbhuaidh ainm na críche sin.



"Críoch na Sorcha an chríoch-sa" ar an Madra Maol,
"agus rí na Sorcha is triath agus is tighearna uirrthe; agus
racham go rígh na Sorcha anocht d'fhéachain an bhfuighimís
aonfhocal do scéalaibh Ridire an Lóchrainn aige."



Ro mhol Sir Balbhuaidh an chomhairle sin. Do chuadar
d'ionnsuidhe an dunaidh, agus tháinig rí na Sorcha 'n-a
gcoinne agus 'n-a gcómhdháil, agus fearas fíorchaoin fáilte
friu; óir do chlos scéala Sir Balbhuaidh agus an Mhadra
Mhaoil fá'n domhain


L. 64


mhór uile, ar méid a ngaiscidh, gur imeagluigheadar righthe
agus rói-thighearnaidhe an domhain rómpa. Téidhid 'san dúnadh
leath ar leith. Ro freastaladh agus ro friotháileadh
go maith an oidhche sin iad, agus do cóirigheadh iomdhaidhe
agus áird-leapthacha dhóibh; agus do cuireadh ar chaoi meisce
agus meadhair iad; ionnas gur goideadh an Madra Maol ó
Shir Balbhuaidh an oidhche sin.



Agus ro éirigh Sir Balbhuaidh i moch na maidne ar n-a
mbárach, agus ní fhuair an Madra Maol aige: agus mar nach
bhfuair, do chuarduigh an dún dó, acht ní fhuair aon-fhocal
d'a scéalaibh. Annsin do chuaidh go hairm a raibh an rí agus
d'iarr an Madra Maol fair. Adubhairt an rí nach raibh aonfhocal
d'a scéalaibh aige, agus da mbéadh, go dtiubhradh dhósan
é.



"Luighim-se fó m'armaibh gaischidh," ar Sir Balbhuaidh, "go
gcaithfidh tú a thabhairt uait, nó do cheann agus do choimhead
beatha ar a shon."



"Is glór óinmhide agus amadáin adeir tú," ar an rí;
"agus dá mbéadh scéala Ridire an Lóchrainn nó an Mhadra
Mhaoil agam anois, ní thiubhrainn duit-se é."



Iar n-a chlos sin do Shir Balbhuaidh, thug sidhe sanntach
so-lámhtha ar an rígh, agus do rinne cimeach creapailte cruadh-
chuibhrighthe de; agus nochtas a chlaidheamh d'a dhícheannadh.
"Ná marbh gan chionnta mé," ar an rí, "agus dá mbéadh
scéala an Mhadra Mhaoil agam go dtiubhrainn duit-se iad;
agus ó nach bhfuil, go dtiubhraidh mé do bhreith féin d'ór
agus d'airgead duit, agus fós do bhéarfaidh mé m'inghean féin
mar mhnaoi agus mar bháinchéile dhuit, agus ní bhfuil mac
ríogh nó ró-fhlatha 'san dhomhan nach bhfuil a dhiongmhála do
mhnaoi innte."



Scaoileas Sir Balbhuaidh do'n rígh iar sin, agus snaidhmeadh
é féin agus inghean ríogh na Sorcha ré chéile. Agus d'fhuráil
an rí oighre do dhéanamh ar chríochaibh na Sorcha de; agus do
dhiult


L. 66


seisean sin, mar do bhí críocha Lochlainn fá n-a chomhair féin,
(óir do b'é Sir Balbhuaidh mac áird-ríogh Lochlainn, do bhí
'n-a dhalta gaischidh ag an rígh Artur).



Acht cheana d'fhan Sir Balbhuaidh seal cian agus aimsear
fada amhlaidh sin, agus fá brónach cian-thuirseach é do chuma
an Mhadra Mhaoil.



Acht lá n-aon d'a ndeachaidh sé ar fhaithche an dúnaidh
amach, d'fhéach sé na ceithre háirde 'n-a thimcheall, agus
do chonnarc sé an Madra Maol chuige gacha ndíreach, agus
Ridire an Lóchrainn 'n-a chimeach chreapailte chruadh-
chuibhrighthe róimhe 'san slighe. Ionnsuidheas Sir Balbhuaidh
'n-a gcoinne agus 'n-a gcómhdháil, agus toirbhireas teora
póga go díl agus go díochra do'n Mhadra Mhaol, agus
fiafruigheas créad do ghoid uaidh é.



"Abhlach inghean Fheargusa Fhinn, ríogh na Scithia, do ghoid
uait-se mé," ar an Madra Maol, "agus do chuir ar chaoi
meisce agus meadhruighthe; agus do chuir suain-bhreacht
draoidheachta i m'thimcheall, agus do shaoilimís (i) gcomhnuidhe
gurab agat-sa do bhí mé: go dtáinig mo chiall agus mo
chuímhne dhaonna agam, agus an tan do dhúisigh mé as mo shuan
iar n-aimsir, téid Abhlach dhamh. Thugas sidhe sanntach do
mo chrobh thoisigh innte, ionnas gur leigeas a habach agus a
hionnathar aiste go lár.



"Agus leigim ar snámh na mara mé, nó go dtárla i
nOileán na Beinne Brice mé; agus do thuigeas gur chompánach
cómhghaisceach do Ridire an Lóchrainn tighearna an oileáin sin,
(eadhón Gruagach na Beinne Brice). Agus téidhim d'fhéachaint
an bhfuighinn Ridire an Lóchrainn ann; agus ní bhfuaras ann
acht an Gruagach, agus marbhaim é.


L. 68


"Annsin leigim ar snámh mara agus mór-fhairrge mé, ag
fagháil móráin imshníomha agus anróigh, go ceann seacht lá agus
seacht n-oidhche, gan codhladh gan suaimhneas acht beagán do'n
oidhche ar charraig cheann-ghairbh cloch; go dtárla i nOileán
an Ghleanna Dhuibh mé. Marbhaim gruagach an oileáin sin.
"Agus leigim ar snámh na mara mé go dtárla i nOileán
na Manach Lomnochttha mé; agus is annsin d'fhoghlaim Ridire
an Lóchrainn a dhraoidheacht ar dtús. Agus ba daoine díscire
dearg-lomnochttha iad, oir ní ghoillidh gaoth nó fuacht, grian nó
fearthain orra. Comhraicighim-se agus iad féin ré chéile;
agus gur líonmhar a gcumhacht, a ndraoidheacht, agus a
ndiabhlaidheacht, do thuit-se uile liom.



"Fágaim an t-oileán sin, agus leigim ar siubhal mara
agus mór-fhairrge mé go ceann trí lá agus teora oidhche, ag
fagháil imshníomha agus anróigh móir, go dtárla i nOileán na
Marbh mé: agus is uime goirtear Oileán na Marbh de, eadhón
fir agus mná an domhain do choideóladh ann, dogheobhthar marbh
iad as a h-aithle; acht na mná aitreabhas ann do ghréas, ní
dhéantar urchra nó díoghbháil ar bith dhóibh, ó mhéid a
ndraoidheachta agus a ndiabhlaidheachta. Agus gabhaim-se ag
siubhal an oileáin, nó go dtárla an uaimh i n-a luigheadh na mná
dham, agus do bhí Ridire an Lóchrainn i n-a bhfochair: agus
do mhothuigh sé mise, agus teicheas rómham i ndeilbh leomhain;
agus gabhaim-se do'n taoibh eile n-a chomhair, agus béirim
fair agus ceanglaim agus cruadh-chuibhrighim go daor díochrach é.
Agus téidhim isteach 'san uaimh a raibh na mná, agus marbhaim iad
uile.



"Agus iar dteacht amach dhamh-sa, téid Ridire an Lóchrainn
i n-a chruth féin, agus ro agair a ghaol agus a pháirt orm-
sa, agus ro ghabh mo chomhairce fá gan a mharbhadh. Agus do
gheall go gcuirfeadh i mo chruth féin arís mé, agus go
ndéanfadh mo thoil go foircheann a ré agus a shaoghail; agus fós
go gcóimhlíonfadh an briathar thug mise d'inghin Ríogh na
hEigipte, go


L. 70


nach mbiadh a hatharrach do mhnaoi aige go foircheann a bheatha.
Agus naiscim-se sin air: agus thug sé grian agus éasca agus
na huile dúile ar cheana le sin do chóimhlíonadh."



Do chuadar as a haithle sin go dún ríogh na Sorcha, agus
fearas an rí fáilte fris an Madra Maol. Do freastaladh
agus do friotháileadh go maith an oidhche sin iad. D'éirgheadar
i moch na maidne ar n-a mbárach, agus ceileabhras siad do'n
rígh agus do'n teaghlach uile, agus thug Sir Balbhuaidh inghean
Ríogh na Sorcha mar mhnaoi agus mar bhainchéile leis. Agus
d'fhuráil an rí oighre do dhéanamh do Shir Balbhuaidh ar
chríoch na Sorcha; agus adubhairt Sir Balbhuaidh nach
ngeobhadh sé sin, óir go raibh críocha Lochlainn fá n-a
chomhair féin. Fágaid iomchomhairce beatha agus sláinte ag an
rígh, agus gluaisid rómpa; agus ní dhearnsad cómhnuidhe go
rángadar gus an Dún Diamhair, maille (ré) briathar an Mhadra
Mhaoil do chomall d'inghin ríogh na hEigipte.



Agus tháinig ar sin go hOileán an Chrotha; agus is uime
ghoirthear Oileán an Chrotha de, eadhón gach neach taistealas
é dogheibh siad buaidh crotha agus deilbhe ann; eadhón oileán
do bhí i ndiamhair draoídheachta, agus narbh' eol d'aoin-neach
'san domhan é acht Ridire an Lóchrainn.



Agus do chuir Ridire an Lochrainn an Madra Maol i n-a
chruth féin ann, go nach raibh ó thurghabháil gréine go fuinneadh
néill, duine do bh'feárr dealbh, déanamh, inneall, agus
éagcosc 'ná é.



Agus iar sin gluaisid rómpa go dún an Halla Deirg;
agus féaras Rí an Domhain agus a theaghlach uile fáilte fria
Sir Balbhuaidh agus fris an Madra Maol. Agus toirbhireas
Rí an Domhain do phógaibh go díl agus go díochra iad. Innisid
a n-eachtra agus a n-imtheachta annsin i bhfiadhnaise an
ríogh


L. 72


agus an teaghlaigh uile; agus ba lúthgháireach an rí Artur
rómpa. Agus d'fhanadar seal cian agus aimsear fada
annsin i bhfochair an ríogh agus a theaghlaigh; agus iar sin
ceileabhras an Madra Maol - d'a ngoirthear Alastrann
Iongantach - agus Ridire an Lóchrainn do 'n rígh agus do 'n
teaghlach, agus fagaid iomchomhairce beatha agus sláinte
ag Rígh an Domhain agus ag teaghlach Duna an Halla Deirg.
Agus ba tuirseach Sir Balbhuaidh i ndiaidh a chompánaigh
gaiscidh, eadhón Alastrainn Iongantaigh.
Agus níor hanadh leo go rángadar go críoch na hIndia;
agus ba lúthgáireach sluaighe na hIndia agus an rí roimhe an
gcloinn sin (óir) nach raibh fios a n-uidhe nó a n-imtheachta
aca gonuige sin. Agus do theastuigh inghean ríogh Gréige
roimhe sin. Agus do ghabh Alastrann Iongantach ceannas na
hIndia n-éis báis a athar, agus do bhí Ridire an Lóchrainn
'n-a thánaiste agus 'n-a thaoiseach thoghtha faoi. Dála
Sir Balbhuaidh, do ghabh ceannas críocha Lochlainn agus Dúna
an Halla Deirg n-eis an ríogh Artuir, go bhfuair gach aon
aca a dhiongmhála féin do mhnaoi; réir mar adeir "Leabhar na
hIndia." Gonadh í sin Eachtra agus Imtheachta an Mhadra
Mhaoil, Sir Balbhuaidh de Cordibus, agus Ridire an
Lóchrainn gonuige sin; do réir mar fhuair mise lé n-a
scríobhadh é.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services