Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann
Title
Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann
Compiler/Editor
Ó Dufaigh, Seosamh
Composition Date
1700
Publisher
(Muineachán: Cumann Seanchais Chlochair, 1966)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Arsaigh, chroidhe, gheanamhail, ruaidh, Ó tá t' fhortún cruaidh anocht Deasaigh h' aghaidh ar rígh na ndúl Is tabhair do chúl don tsaoghal bhocht. Mo chomhairle dhuit, ge bé mé, Dearc ort féin go géar grinn; Na meas, a chara, in do chéill Go ndéantar bréag linn. Mise Mac Clamha ó Achadh na Muilleann Nár fhásaidh cuileann as mo thóin; Is mar ngabhair mo sgéala go balach Biaidh aithreach ar do shróin. Tuig féin, ge bé fath, Gur mór an crádh do gheibh an corp Ó dhubh maidne go dubh oidhche Ar feadh gríbe agus torp. An dá dhóid insa láib Is insa phráib a bhíos go bréan A saothrughadh na punainne cráite Go cinnte báite insa léan. Iar dteacht don bhothán tráthnóna Lán d' ochán 's do bhrón croidhe Gheabhaidh roimhe sgreadfach ghárlach Is ní lugha catharlach mhná an tighe. Luidhfidh síos ar nós cnuidín Nó mar ghaoidín go fuar fann; Ní bhiaidh a thumhultas acht lag Is ní bhiaidh a dheoch bríoghmhar teann. Gluaisfidh da leabaidh fa ghruaim Is ní bhiaidh fuaim inna ghiorta; Preabán ar a bhríste tana Is paiste nó dhó ar a sgiorta.
Ag éirigh dhó arna mhárach Is gan árach aige air féin Is deimhin nach bhfaghann blaiseadh Chuirfeadh an t-ocras uaidh i gcéin. Ge táim le briathra fada; Biaidh i ngad lena bheo Ag roinn leis an tsaoghal mheangach Is a shúil reangach fa cheo. Go dtí an t-am - sa thréigfidh a lúth Is go gcurthar úir ar an truaill Ag sin agat deimhin sgéal Mar théid cnuidín i gcré gan uaill. Haithle na mbriathar luaidhtear thuas Chluinnfeadh do chluas is chíthfidh do shúil Má fhéadann tú mí ó 'nocht Na bí ' do sgraiste bhocht i gcúil. Tóg do mheanma, deirim leat, Na bí feasta i ngad mar atá; Gabh chugat an riaghail cheart Naisgeas ort buil is blath. Gabh ar dtús grádh bullaireacht Is gabh an tsiollaireacht mar chuid chrainn; Gabh an sáimhín séide sáimh, Is an tsómus go buan do cheann. Cleacht proinn do bhiadhuibh blasta, Tombac dubh, cruaidh, casta, sáimh; I ndiaigh altaigh, más mian leat sa, Glac do dhram go prab do láimh. Acht, mo dhearmad, fostogh gradian Bhias 'na ghalian le do chois; Is má bhíonn dubhan agat nó sallian Tabhair do bheadian é ar a bhais.
Má nír suan i gclúmhach éan Go héirghe gréine go raibhir sách Agus cáil Laidne d' fhoghluim uaim, Béir ' do shagart suas mar chách. Acht amháin bí go cliste Ag briseadh an chiste tá faoi fhód; Sin a' ní bhainfeas deifir As an easbog mar bheadh gód. Deirim leat, ag tilleadh abhaile Bíodh do ghaile breoite tinn; Abair go ciúin le gach duine: Táim dom mhilleadh ag tinneas cinn. Más mac bodaigh thú dar dhual Bheith ' mbun caorach, muc nó bó Is nach raibhe a bpaidear ag do dhream go ceart, Léig sin thart ó taoir san órd. Na tabhair urruim do mhac duine uasail; Tóg do shuasán agus do shróin; Gé tá seisean acht 'na shagart Is tú féin ' do bhullaire reamhar chróin. Na sgar le nadúir Chloinne Tomáis ; Bí deanamh uathbháis is catharlaigh; An tan thiocfas ort sa cruadhchas Léig don uaisle fa na fatharlaigh. Goirfighthear dhíot sa an t-athair beannaigh Is biaidh na cannaidh ort sa ruaig Is ní fada go mbiaidh do phluca breannach Is dath loinneach ar do ghruaidh. Do gheabhair pinghin is do gheabhair bonn; Do gheabhair an donn is a' mart bán; Má ghabhair mo chomhairle anois Na bí gan fhios gheabhair a lán.
Ar feadh do rae ní fath fonóid, Acht béir fa onóir is fa ródh; Dar liom, dob fhearr an gléas dhuit, a mhacaoimh, Nó bheith ag donóig croichte beo. A bhrathair Arsaigh , go mairidh tú adhbhar do nuadh-shagartacht agus guidhim thú na gabhadh droch-mhisneach thú uime gainne tá Laidean agat, oir is beag an tiomsughadh Laidne a fhoghnas in aice an bhromurruis nadurtha chum aifreann do rádh don phoball choitcheann, maille le gach oideas, aicidheacht agus glan-fhoghluim da bhfuighe tú uaim se, os mé féin mé féin agus is mé do fiachadh le buige is le cruas; ionnas gurab mé an chloch do caitheadh le caisleán agus gurab maith m' eolas ar na fafairigh beaga dothchasacha sin, .i. parve nec invideo agus hanc tua Penelope , agus ar phríomh-dhoctuirigh na bhfafairigh, .i. lucht an considere duces etc. , agus mar an gcéadna nach measa m' eolas ar luchramanuibh agus ar phriompealluibh agus ar dhamhdalanuibh an ghlug ghlac agus in segula segulorum agus lucht an da Domine virtutem manibus meis agus in tuba mirum spargens sonum agus in ego te lino oleo , maille le hioliomad oile nach n-airimhthear annso. Acht cheana ar dtionnsgnamh $Introibo dhuit coisrig thú féin ar ghuth árd fhollán agus cuir tuinneadh tréan tinnisneach ar do cholainn bríoghmhair mór-thollaigh agus bíodh do shúile go claon caillighe ag dearcadh ar an gCoimhdhe, agus abair an chéad $verse so $Introibo ar ghuth aird allata ionnas go gcuirfear fuaim agus macalla ar feadh an phobaill go huille, agus an dara $verse ar ghuth ghlórmhuir lánbhinn ar nós cantaireachta, agus ó sin amach ar an uile thlacht, .i. go foirtil garbh agus an chuid eile ar thioparsaigh nó ar thrudarsaigh nó ar mhurmhar fiacal agus ar mhantail bhealaighthe nó go dtí tú i bhfogas don $verse dheigheanach. Annsin árdaigh do ghlóir ar dhrantail bhinn agus chathfaigh chasachtaigh agus dearaid dubh-thuataigh mór-chonáigh lán-ainbhfiosacha an phobaill gur mór an truaighe an ghiorra anála, an cumhgach cléibh agus an dochtacht cumpar-bhuilg thainig ort in aimsir na seirbhíse, a shagairt bheannaighthe árd-fhoclaidh, óir is breagh an spalpaire agus is aibhseach an placaide agus is binn-ghlorach an falcaire agus is saothamhail an siorpallach agus an siollaire sálmhóir sagairt thú.
Agus ag teacht thart gach n-uair dhuit ag amharc ar an bpoball le do dhominus vobiscum bíodh do shúile ar lúth-luaimneachas ad cheann, ag druid agus ag osgladh dhóibh mar do bhiadh crith-shúilidh ionat ó cheo deataigh crampóige mar sheoirt $devotion; ionnas go dtarraingeoidh tú aire an phobaill ort féin go coitceann ar dhóigh go mbiaidh meas aca gurab é an t-easbog do chuir an choruidheacht bheannaighthe sin ort mar pháirt don chuing chrábhaidh churthar ar gach aon eagluiseach da ndéantar leis, agus mar sin biaidh an drong réimhráite sin ar do bhuain-leithsgéal agus ag déanamh comhmaoite agus mór-mholta ort do shíor, ionnas go gcuirfeadh tú ciach-bhrat doilfe mearaighthe orradh fad dhroch-Laidin agus fa do dhroch-thuigse ar na psalmuibh. Acht ar son na ndaoine foghlumtha bhias isan phoball do dhéana siad rún ar do bhromantas Laidne agus ar do theirce léighin agus ar do dhroch-thuigse in iúl agus i nglan-eolus do bhrígh gurab maith uisleannach an mhuc mhéith mheasa Mhananain dhóibh thú i dtaibhearneachuibh aonaigh agus i gcomhóil nó i ndáil oireachtais ag sgruigeal gacha buidéil agus ag tabhairt a n-uireasbaidh go lán-chaoimh dhóibh, le freastal i gclub mar adeir an gall ar a son do ghréas. Agus mar sin bhéaradh tú an aimsir i dtír eotarradh fa réim agus fa lán-seol mar do bheirid ioliomad do shagartuibh gutarrúsacha bromanta lán-ainbhfiosacha lena maith-bhromurras sracantais iad féin i dtír feadh a n-aimsire fa réim seoil, gan oideas gan iúl gan eolas i rún diamhair na diadhachta, nó i grinn-eagnamh na fallsamhnacht nó i sáimh-shligheachaibh na filidheachta gé gurab é ainm a ghoireas an sgriobtúr dhíobh canes non latrantes , .i. madraigh bhalbha nach ndéan tafann. Gidh eadh ní dhuit se Arsaigh , nó dot dhroch-Laidin aithristear so. Acht cheana dod sheachnadh ar náire nó ar uamhan da bhfuil ad cheann nó da mbiaidh ort i ngach meirle-theip da mbainfidh dhuit ar feadh do rae do tharraing mé an phasage so as an sgriobtúr. Agus anois is oircheas dhamh fathsgéal beag d' innsin dhuit bhaineas go díreach led chás, ar chuthlan chraosach chnáimh-reamhar chrom-cheannach .i. mac do bhí ag sgolóig ulch-fhada thaoibh-leathan bhó-tháintigh mhóir-thréadaigh do bhí feacht n-aill 'na chomhnaigh le taoibh oiléin agus eagluise oirdheirce Chluana Mhic Nóis . Agus do ghnathaigheadh an sgológ réimh-ráite sin a dhéirc do dhúbladh do dhithreabhach dhiadha
bheannaighthe do bhí 'na chomhnaidh i gcomhfhogus dhó, mar bharr duthrachta dhó thar gach aon eile don phoball, chum cuidighthe an dithreabhaidh do bheith aige dochum an fhaoba mic sin do bhí aige do chur ar aghaidh chum na sagartachta d' fhaghail dó. Fa dheoigh, ar bhfaghail bháis do shagart na porráiste, sgeitheas agus nochtas an sgológ an toirrcheas rúin agus inntinne do bhí i dtaisgidh aige le cian aimsire roimhe sin, don dithreabhach agus adubhairt leis mar an gcéadna gur mheas sé féin nach raibh duine ar bith is fearr a thiocfadh leis an bpoball mar shagart nó an mac sin, agus guidheas an dithreabhach fana dhol leis agus congnamh do thabhairt dhóibh um na sagartacht d' fhaghail dá mhac. Gluaiseas an dithreabhach leo maille le tiodhlacuibh adhbhalmhóra dochum a dhol le mac na sgolóige do lathair an easboig sin Chluana Mhic Nóis , agus triallaid araon chum an aistir sin .i. an dithreabhach, an sgológ agus mac na sgolóige maille le poball mór da cháirdibh agus da chomhbhraithribh agus do lucht eoluis na sgolóige da chomóradh go hoirear agus go caladh-phort an oiléin sin Chluana Mhic Nóis . Acht is ansin a d' fhiafraighe duine uasal da raibh san chruinniughadh sin do bhriathruibh glice don sgolóig nar bhfios dó féin an raibh an faoba mic sin a thug sé leis foghlumtha nó eagnaidh go leor chum na sagartachta do ghalcadh nó d' fhaghail dhó. Bhuach ón, is aithne dhamh go maith, ar an sgológ, do bhuach ón bhrígh go raibh sé seacht mbliadhna 'na chléireach uisge agus abhlonna ag an athair bheannaighthe sin do chuaidh déag uainn do lathair agus fós, ní eile dhe, atá sé ró-líonmhar san $amen in aimsir an aifrinn agus mar an gcéadna in am baiste nó pósta measuim gurab mó lena iomarcaidh nó lena uireasbhaidh san gcás sin. Ó, a dhuine mhaith atáim sásta leat anois, ar an duine uasal, má tá sé comh líonmhar agus sin san $amen ní bhfuil eagla oram dhó feasta. Agus mar sin ag réidhiughadh ceasta an duine uasail don sgolóig. Thochtaidh i gcúil seal nó go ndearna giolla an dithreabhaidh .i. tiompaire na béicnigh, verlin hois , nó sgairteach gharbh alparnaigh ag iarraidhe athraraigh nó gléas iomramha dochum a dhol don innse. Agus ansin thig chugtha bád bronn-fharrsaing slis-fhada bréid-shuathannta agus lingid ann, imorro,
an dithreabhach agus mac an sgolóige maille le hochtar do spaillpínibh lán-spallpanta mór-ghreamannacha fad-dheochacha amhnáireacha amhránacha mór-chodaltacha beag-fhoighinteacha bromurrusacha teith-bheaduigh na porráiste ar a láimh chlí le mac na sgolóige agus naisgid ar an sgolóig agus ar a mhuintir fuirreach isan gcuan nó go dtigdís féin tar an ais da n-ionnsaidh agus do níd amhlaidh sin. Sgéala an dithreabhaidh agus an fhaoba mhic sin na sgolóige do béarthar os árd anois. Ar ndol tar an ngormlinn dóibh maille lena spailpínibh féin leo .i. Murchadh manntach agus Tadhg tútach, Diarmuid Ó Ríoblachán agus Maghnus an daibín agus Seán na leith-bhróige .i. mac dearbhrathair an fhaoba mhic, agus Feargus na dtufóg agus Ruaidhrigh an spúnóig agus Cairbre an sgáladh agus Éadhmon na bláthaigh - rangadar do lathair an easboig gan fhoiriseamh, agus nochtas an dithreabhach facháin agus adhbhar a dtosga agus a dturuis dó gan mhoill, agus aontaigheas an t-easbog grádha sagartacht san am chéadna do thabhairt do mhac na sgolóige ar impidhe an dithreabhaidh agus cuireas d' fhiachuibh ar chuid don chléir do bhí ina fhochair féin an mac faoba sin do bhreith leo ar uaigneas agus ceastanna sgolártha do chur air, ionnas go mbiadh fios innmhe agus foghlumtha an fhaoba mhacaoimh sin aca, lena thabhairt dó féin ag teacht tar an ais dóibh. Gluaisidh an chliar agus an mac faoba sin leo go háit uaignigh agus do fhéach siad é in acfuinn léighin agus foghlumtha. Acht atá a' ní cheana, ní bhfuaradar a bheag nó a mhór do léigheann aige. Dála na cléire, umorro, do bheirid an teist firínneach uatha don easbog ar an macaomh faoba sin. Ciodhtracht, feargthar an t-easbog leis an gcléir agus adubhairt leo nar chóir dhóibh a ndroch-inntinn nó a ndómhéin d' fhoillsioghadh ina lathair féin ar aon chor ar an bhfaoba bocht mic sin na sgolóige corta; agus ar son é a bheith 'na usluinn bhealthaigh bhuig, muna dtugadh náire ar é, go raibh baramhail aige féin go raibh sé nísa fearr go mór nó mar thug siad san teist ar a shon, nó nach dtiubhradh an dithreabhach 'na lathair féin é, agus gurab iad san do chuir náire agus aithmhéala air. Agus iar sin goiris féin an macaomh do leataoibh in uaigneas go hoirear agus go slios-bhórd an locha, ionnas go rabhadar go díreach i radharc na sgolóige agus na muinntire eile do bhí ina fhochair.
Is ansin do labhair an t-easbog leis an ógánach i Laidin do bhriathruibh ailgheana fíor - mhuinntearrdha agus is é dubhairt: Quid est sacramentum in nomine Dei? Qui fecit coelum et terram, ar mac na sgolóige. Numquam accedes ad altare Dei , ar an t-easbog. Ad Deum qui laetificat iuventutem meam , ar an faoba. Stolide, non fies sacerdos per me in saecula saeculorum , ar an t-easbog. $Amen, $amen, ar an faoba. Ga dtám leis nísa mhó. Tógbhas an t-easbog iar sin smachtín mór, bun-reamhar, buan-righin, baic-bhlaithe, stic-bhata do bhí aige agus rug go fearrdha fuirreachair ina láimh dheis go dea-thapaidh air agus gabhas do bhalc-bhéimeannuibh farranta smachtamhla air, ag leasughadh is ag pléasgadh, ag suathadh is ag tuargáin an fhaoba mhic sin na sgolóige gan choigilt gan truaighe, gan taise gan trocaire leis an aon-cháil, ionnas gur bhris feoil agus finnleathar thart mágcuairt 'na thimcheall uime nó gur léig sé fuil agus mill mhóra thairpeacha dá fheoil leis an smacht-bhualadh do rinne air go lár agus go lán-talmhain síos ina fhiaghnaise, nó gur thuit sé mar cheirtlín chruinn gan spracadh gan lúth faoi go talmhain, ag mairgnigh is ag béicnidh go tuirseach iarghnothach. An t-easbog, imorro, mar do chonnairc mac na sgolóige 'na mheall chruinn ar an ordughadh sin gan mhothughadh acht ag mairgnigh, fágbhas go hamhnáireach an laithreach sin agus pillis ar ais i bhfrithing na conaire céadna gusan gcléir maille le n-uaillghuth athtuirseach fa mar torcradh mac na sgolóige leis. Agus do iarr ar an gcléir gan é féin d' admhail do charaid nó do namhaid nó go bhfaicfeadh siad créad mar do eireachadh don fhaoba mic sin na sgolóige do fhág sé féin ar a stróclaidhe lena smachtín stic-bhata gan spracadh ar tráigh an locha. Dála na cléire, thugadar maise ar mí-mhaise leis an aitheasg sin an easboig dhóibh agus do chuir siad an t-easbog fa ghlas in ionad dhiamhar ar eagla an ghníomha sin do theacht chum urchóide dhó. Sgéala na sgolóige, imorro, mar do chonairc an comhsuathadh agus an pléasgadh do fuair a fhaoba mic os a gcomhair agus gan ar a chumas dó féin tárrthail do thabhairt dhó, do labhair go fann-mheirtnigh agus is é adubhairt: is truaigh díol mo mhic - se anois, ar sé, agus dar liom sa ní díol maoite nó aibhsighthe do shagart ar bioth a bhfaghann sé do shastacht, do shochar, do shailidheacht, nó fós gach cearc rósta nó gach buidéal leasaighthe da bhfuighe sé 'na shuidhe 'na phrolútais ar shúsa le gach mór-chinéil eile da ndáilfightheir dó.
Ciodh tracht, ar sgarbhain don easbog le mac na sgolóige thangadar na spailpínidh réimh-ráite do lathair an tsagairt óig sin, agus do leigeadar ar a nglúinibh ina fhiaghnaise iad agus do iarradar a bheannacht maille le humhlacht lán-mhóir go prab agus go príomh-éasgaidh cráibhtheach nó go dtug sé an absoloid ghineralta dhóibh ag rádh: Asperges me Domine hysopo et mundabor amen . Agus do thógbhadar leo ansin é chum an artharaigh agus do lingeadar an go tinnisneach deifireach agus go mór-mheanmnach inntinneach, go rangadar i dtír san áit ina raibh an sgológ agus an chuid eile da chuideachta agus do rinneadar a raibh i bPort na hInnse an ní céadna dhó. Is da éis sin do hagradh agus do suidheadh teach an óla leis an sgolóig go luthgháireach agus go mór-onórach da mhac is do rinneadar ól tostach, trom-dheochannach go meadhar-chaoin leis an fhaoba mic sin na sgolóige go foirleathan foirtil-iomdha. Acht atá an ní cheana, ar dtéaghadh insna crúb-scálaidhibh, nó mo dhearmad, innsna copánuibh, do árdaigh an ghuth agus an ghlóir go hallata uathbhásach agus is é dubhradar uile d' aithisg aonfhir le mac na sgolóige, cáit ar ghabh a bhulla nó a chartacha sagartachta. Is ansin adubhairt an faoba le gean gáire agus sóláis 'na lathair uile nach raibh cartanna nó bulla aige féin anois do lathair acht amháin bulla shleachta Chonchubhair cian d' aimsir ó shoin i gcontae an Chabháin do réir mur do chongeabhadh agus mar so sheasobhadh siad san in gach am ó sin amach dhó é .i. biocaireacht Lorgana dhrom-bhata do réir mar do bhí a fhiaghnuise aca féin ina radharc mar do dháil an t-easbog dhó é. Is ansin do labhair an sgológ go habaidh i measg cháich agus adubhairt go glic seolta: a athair agus a mhic in aonfheacht, ar sé, is í sin an uair do shléacht tú faoi bhachaill bhata an easboig, go faon fann do shlaod ar fiarlaoigh na trágha
thall a glacadh bhiocaireacht na Lorgana uaidh. Is í cheana, ar an faoba, san uair chéadna sin agus ní fearr atá a fhiaghnaise agat sa nó ag an bpoball - sa le chéile. Acht atá aon ní cheana adubhairt an poball uile d' aitheasg aonfhir, nach raibh aige riamh bulla dob fhearr nó sin. Do chuireadar coruigheacht gréine agus éasga orra féin uile um na biocaireacht sin maille leis an bporráiste do sheasamh dó d' aimhdheoin gach duine da mbiadh 'na aghaidh uime; agus thugadar an Dia dúileach uime sin do chomhal dó go críochuibh a shaoghail féin leis. Acht atá aon ní cheana, a Arsaigh , ní maith sgéal nach mbainneann le smotán, óir is dhuit se bhainneas $aplication an sgéil - se; óir is í mo chomhairle - se dhuit an grádh céadna so do ghlacadh, agus má bhuailtear cnuasach builleadha bhata ort ní mór an dochar dhuit é i bhfaradh gach sochair eile da leanann é. Agus do bharr ar gach comhairle eile da dtugas dhuit, ag so dhuit cupla rann bhias agat do shíor inn do mheanmoinn, i ndúil gur mhaith an cuidiughadh dhuit iad inn gach cruaidh-ghabhadh da mbuailfeadh id cheann. Agus ag so dhuit iad: Is buadhach a' ní an mhealcarnach, Is ní measa an leim ar líne; Sona an raod an trudarsach Mar deir na hoideadh críonna. Maith an cuidiughadh na mionfhocail; Is deas do ghabhaid leithsgéal Do shagart bhocht na droch-Laidne An uair do mhilleas an soisgéal. Anois, Arsaigh , ag sin comhairle Mhic Clamha dhuit .i. gabh nó fág. Agus mar léighfeas tú an sgráb-chomhairle tabhair beannacht ar anmoin Phóil , ag cur do sheile ar bharr do bhoise agus do chumailt do bhonn do choise mar do chíthfeas tú iad, óir tuigfeadh tú an tinneas mór do bheith ar gach aon don dream shagart - sa nach mbiadh dod shórt féin nó gurab ar mire agus ar mí-chéill do bhíd ar ndul i bhfad ag déanadh a bhfoghluma do leisge bheith 'na sagartaibh fa chion agus fa chadhus ag an bpoball coitceann mar bhias tusa do réir na comhairle - se Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann .
Fuath gach nim neam An stair mar atá gan fhoghluim; Le gach léightheoir glann grinn Leis an stair is aoibhin. Ag sin dhuit, a bhrathair na gColla , finit le comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann do Arsaigh Ruadh Litís ó do bhrathair ionmhaoin féin, .i. giolla na léise maosgain nach ndéan daosgain nó gaosdáil in aon-cháil; agus tabhair do bheannacht fo thrí dó gach uair da rachadh tú thríd an stair - se Arsaigh agus Mhic Clamha , agus beannacht leat go Luidh an Daill dúinn, agus go Ross Fionnchuill mar adubhairt Diarmoid , nó mise féin nó thusa fós, nó beagnach Eimhear , dar an leabhar. Finit . Seanfhocal Cha raibh caora chlamhach ar thréad ariamh nár mhaith léi comráda bheith aice. ó Thír Chonaill .
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services