Arsaigh, chroidhe, gheanamhail, ruaidh,
Ó tá t' fhortún cruaidh anocht
Deasaigh h' aghaidh ar rígh na ndúl
Is tabhair do chúl don tsaoghal bhocht.
Mo chomhairle dhuit, ge bé mé,
Dearc ort féin go géar grinn;
Na meas, a chara, in do chéill
Go ndéantar bréag linn.
Mise Mac Clamha ó Achadh na Muilleann
Nár fhásaidh cuileann as mo thóin;
Is mar ngabhair mo sgéala go balach
Biaidh aithreach ar do shróin.
Tuig féin, ge bé fath,
Gur mór an crádh do gheibh an corp
Ó dhubh maidne go dubh oidhche
Ar feadh gríbe agus torp.
An dá dhóid insa láib
Is insa phráib a bhíos go bréan
A saothrughadh na punainne cráite
Go cinnte báite insa léan.
Iar dteacht don bhothán tráthnóna
Lán d' ochán 's do bhrón croidhe
Gheabhaidh roimhe sgreadfach ghárlach
Is ní lugha catharlach mhná an tighe.
Luidhfidh síos ar nós cnuidín
Nó mar ghaoidín go fuar fann;
Ní bhiaidh a thumhultas acht lag
Is ní bhiaidh a dheoch bríoghmhar teann.
Gluaisfidh da leabaidh fa ghruaim
Is ní bhiaidh fuaim inna ghiorta;
Preabán ar a bhríste tana
Is paiste nó dhó ar a sgiorta.
Ag éirigh dhó arna mhárach
Is gan árach aige air féin
Is deimhin nach bhfaghann blaiseadh
Chuirfeadh an t-ocras uaidh i gcéin.
Ge táim le briathra fada;
Biaidh i ngad lena bheo
Ag roinn leis an tsaoghal mheangach
Is a shúil reangach fa cheo.
Go dtí an t-am - sa thréigfidh a lúth
Is go gcurthar úir ar an truaill
Ag sin agat deimhin sgéal
Mar théid cnuidín i gcré gan uaill.
Haithle na mbriathar luaidhtear thuas
Chluinnfeadh do chluas is chíthfidh do shúil
Má fhéadann tú mí ó 'nocht
Na bí ' do sgraiste bhocht i gcúil.
Tóg do mheanma, deirim leat,
Na bí feasta i ngad mar atá;
Gabh chugat an riaghail cheart
Naisgeas ort buil is blath.
Gabh ar dtús grádh bullaireacht
Is gabh an tsiollaireacht mar chuid chrainn;
Gabh an sáimhín séide sáimh,
Is an tsómus go buan do cheann.
Cleacht proinn do bhiadhuibh blasta,
Tombac dubh, cruaidh, casta, sáimh;
I ndiaigh altaigh, más mian leat sa,
Glac do dhram go prab do láimh.
Acht, mo dhearmad, fostogh gradian
Bhias 'na ghalian le do chois;
Is má bhíonn dubhan agat nó sallian
Tabhair do bheadian é ar a bhais.
Má nír suan i gclúmhach éan
Go héirghe gréine go raibhir sách
Agus cáil Laidne d' fhoghluim uaim,
Béir ' do shagart suas mar chách.
Acht amháin bí go cliste
Ag briseadh an chiste tá faoi fhód;
Sin a' ní bhainfeas deifir
As an easbog mar bheadh gód.
Deirim leat, ag tilleadh abhaile
Bíodh do ghaile breoite tinn;
Abair go ciúin le gach duine:
Táim dom mhilleadh ag tinneas cinn.
Más mac bodaigh thú dar dhual
Bheith ' mbun caorach, muc nó bó
Is nach raibhe a bpaidear ag do dhream go ceart,
Léig sin thart ó taoir san órd.
Na tabhair urruim do mhac duine uasail;
Tóg do shuasán agus do shróin;
Gé tá seisean acht 'na shagart
Is tú féin ' do bhullaire reamhar chróin.
Na sgar le nadúir Chloinne Tomáis ;
Bí deanamh uathbháis is catharlaigh;
An tan thiocfas ort sa cruadhchas
Léig don uaisle fa na fatharlaigh.
Goirfighthear dhíot sa an t-athair beannaigh
Is biaidh na cannaidh ort sa ruaig
Is ní fada go mbiaidh do phluca breannach
Is dath loinneach ar do ghruaidh.
Do gheabhair pinghin is do gheabhair bonn;
Do gheabhair an donn is a' mart bán;
Má ghabhair mo chomhairle anois
Na bí gan fhios gheabhair a lán.
Ar feadh do rae ní fath fonóid,
Acht béir fa onóir is fa ródh;
Dar liom, dob fhearr an gléas dhuit, a mhacaoimh,
Nó bheith ag donóig croichte beo.
A bhrathair Arsaigh , go mairidh tú adhbhar do nuadh-shagartacht
agus guidhim thú na gabhadh droch-mhisneach thú
uime gainne tá Laidean agat, oir is beag an tiomsughadh Laidne
a fhoghnas in aice an bhromurruis nadurtha chum aifreann do
rádh don phoball choitcheann, maille le gach oideas, aicidheacht
agus glan-fhoghluim da bhfuighe tú uaim se, os mé féin mé féin
agus is mé do fiachadh le buige is le cruas; ionnas gurab mé
an chloch do caitheadh le caisleán agus gurab maith m' eolas
ar na fafairigh beaga dothchasacha sin, .i. parve nec invideo agus
hanc tua Penelope , agus ar phríomh-dhoctuirigh na bhfafairigh,
.i. lucht an considere duces etc. , agus mar an gcéadna nach
measa m' eolas ar luchramanuibh agus ar phriompealluibh agus
ar dhamhdalanuibh an ghlug ghlac agus in segula segulorum
agus lucht an da Domine virtutem manibus meis agus in tuba
mirum spargens sonum agus in ego te lino oleo , maille le
hioliomad oile nach n-airimhthear annso.
Acht cheana ar dtionnsgnamh $Introibo dhuit coisrig thú féin
ar ghuth árd fhollán agus cuir tuinneadh tréan tinnisneach ar
do cholainn bríoghmhair mór-thollaigh agus bíodh do shúile go
claon caillighe ag dearcadh ar an gCoimhdhe, agus abair an
chéad $verse so $Introibo ar ghuth aird allata ionnas go gcuirfear
fuaim agus macalla ar feadh an phobaill go huille, agus an dara
$verse ar ghuth ghlórmhuir lánbhinn ar nós cantaireachta, agus ó
sin amach ar an uile thlacht, .i. go foirtil garbh agus an chuid
eile ar thioparsaigh nó ar thrudarsaigh nó ar mhurmhar fiacal
agus ar mhantail bhealaighthe nó go dtí tú i bhfogas don $verse
dheigheanach. Annsin árdaigh do ghlóir ar dhrantail bhinn agus
chathfaigh chasachtaigh agus dearaid dubh-thuataigh mór-chonáigh
lán-ainbhfiosacha an phobaill gur mór an truaighe an
ghiorra anála, an cumhgach cléibh agus an dochtacht cumpar-bhuilg
thainig ort in aimsir na seirbhíse, a shagairt bheannaighthe
árd-fhoclaidh, óir is breagh an spalpaire agus is aibhseach
an placaide agus is binn-ghlorach an falcaire agus is
saothamhail an siorpallach agus an siollaire sálmhóir sagairt thú.
Agus ag teacht thart gach n-uair dhuit ag amharc ar an
bpoball le do dhominus vobiscum bíodh do shúile ar lúth-luaimneachas
ad cheann, ag druid agus ag osgladh dhóibh mar
do bhiadh crith-shúilidh ionat ó cheo deataigh crampóige mar
sheoirt $devotion; ionnas go dtarraingeoidh tú aire an phobaill
ort féin go coitceann ar dhóigh go mbiaidh meas aca gurab é an
t-easbog do chuir an choruidheacht bheannaighthe sin ort mar
pháirt don chuing chrábhaidh churthar ar gach aon eagluiseach
da ndéantar leis, agus mar sin biaidh an drong réimhráite sin
ar do bhuain-leithsgéal agus ag déanamh comhmaoite agus mór-mholta
ort do shíor, ionnas go gcuirfeadh tú ciach-bhrat doilfe
mearaighthe orradh fad dhroch-Laidin agus fa do dhroch-thuigse
ar na psalmuibh.
Acht ar son na ndaoine foghlumtha bhias isan phoball do
dhéana siad rún ar do bhromantas Laidne agus ar do theirce
léighin agus ar do dhroch-thuigse in iúl agus i nglan-eolus do
bhrígh gurab maith uisleannach an mhuc mhéith mheasa
Mhananain dhóibh thú i dtaibhearneachuibh aonaigh agus i
gcomhóil nó i ndáil oireachtais ag sgruigeal gacha buidéil agus
ag tabhairt a n-uireasbaidh go lán-chaoimh dhóibh, le freastal i
gclub mar adeir an gall ar a son do ghréas. Agus mar sin
bhéaradh tú an aimsir i dtír eotarradh fa réim agus fa lán-seol
mar do bheirid ioliomad do shagartuibh gutarrúsacha bromanta
lán-ainbhfiosacha lena maith-bhromurras sracantais iad féin i
dtír feadh a n-aimsire fa réim seoil, gan oideas gan iúl gan
eolas i rún diamhair na diadhachta, nó i grinn-eagnamh na fallsamhnacht
nó i sáimh-shligheachaibh na filidheachta gé gurab
é ainm a ghoireas an sgriobtúr dhíobh canes non latrantes , .i.
madraigh bhalbha nach ndéan tafann.
Gidh eadh ní dhuit se Arsaigh , nó dot dhroch-Laidin aithristear
so. Acht cheana dod sheachnadh ar náire nó ar uamhan da
bhfuil ad cheann nó da mbiaidh ort i ngach meirle-theip da
mbainfidh dhuit ar feadh do rae do tharraing mé an phasage so
as an sgriobtúr.
Agus anois is oircheas dhamh fathsgéal beag d' innsin dhuit
bhaineas go díreach led chás, ar chuthlan chraosach chnáimh-reamhar
chrom-cheannach .i. mac do bhí ag sgolóig ulch-fhada
thaoibh-leathan bhó-tháintigh mhóir-thréadaigh do bhí feacht
n-aill 'na chomhnaigh le taoibh oiléin agus eagluise oirdheirce
Chluana Mhic Nóis . Agus do ghnathaigheadh an sgológ réimh-ráite
sin a dhéirc do dhúbladh do dhithreabhach dhiadha
bheannaighthe do bhí 'na chomhnaidh i gcomhfhogus dhó, mar
bharr duthrachta dhó thar gach aon eile don phoball, chum
cuidighthe an dithreabhaidh do bheith aige dochum an fhaoba
mic sin do bhí aige do chur ar aghaidh chum na sagartachta
d' fhaghail dó.
Fa dheoigh, ar bhfaghail bháis do shagart na porráiste,
sgeitheas agus nochtas an sgológ an toirrcheas rúin agus inntinne
do bhí i dtaisgidh aige le cian aimsire roimhe sin, don dithreabhach
agus adubhairt leis mar an gcéadna gur mheas sé féin
nach raibh duine ar bith is fearr a thiocfadh leis an bpoball mar
shagart nó an mac sin, agus guidheas an dithreabhach fana dhol
leis agus congnamh do thabhairt dhóibh um na sagartacht
d' fhaghail dá mhac.
Gluaiseas an dithreabhach leo maille le tiodhlacuibh
adhbhalmhóra dochum a dhol le mac na sgolóige do lathair an
easboig sin Chluana Mhic Nóis , agus triallaid araon chum an
aistir sin .i. an dithreabhach, an sgológ agus mac na sgolóige
maille le poball mór da cháirdibh agus da chomhbhraithribh
agus do lucht eoluis na sgolóige da chomóradh go hoirear agus
go caladh-phort an oiléin sin Chluana Mhic Nóis .
Acht is ansin a d' fhiafraighe duine uasal da raibh san
chruinniughadh sin do bhriathruibh glice don sgolóig nar bhfios
dó féin an raibh an faoba mic sin a thug sé leis foghlumtha nó
eagnaidh go leor chum na sagartachta do ghalcadh nó d' fhaghail
dhó. Bhuach ón, is aithne dhamh go maith, ar an sgológ, do bhuach ón
bhrígh go raibh sé seacht mbliadhna 'na chléireach uisge agus
abhlonna ag an athair bheannaighthe sin do chuaidh déag
uainn do lathair agus fós, ní eile dhe, atá sé ró-líonmhar san
$amen in aimsir an aifrinn agus mar an gcéadna in am baiste nó
pósta measuim gurab mó lena iomarcaidh nó lena uireasbhaidh
san gcás sin. Ó, a dhuine mhaith atáim sásta leat anois, ar an
duine uasal, má tá sé comh líonmhar agus sin san $amen ní bhfuil
eagla oram dhó feasta. Agus mar sin ag réidhiughadh ceasta an
duine uasail don sgolóig.
Thochtaidh i gcúil seal nó go ndearna giolla an dithreabhaidh
.i. tiompaire na béicnigh, verlin hois , nó sgairteach
gharbh alparnaigh ag iarraidhe athraraigh nó gléas iomramha
dochum a dhol don innse. Agus ansin thig chugtha bád bronn-fharrsaing
slis-fhada bréid-shuathannta agus lingid ann, imorro,
an dithreabhach agus mac an sgolóige maille le hochtar do spaillpínibh
lán-spallpanta mór-ghreamannacha fad-dheochacha
amhnáireacha amhránacha mór-chodaltacha beag-fhoighinteacha
bromurrusacha teith-bheaduigh na porráiste ar a láimh chlí le
mac na sgolóige agus naisgid ar an sgolóig agus ar a mhuintir
fuirreach isan gcuan nó go dtigdís féin tar an ais da n-ionnsaidh
agus do níd amhlaidh sin.
Sgéala an dithreabhaidh agus an fhaoba mhic sin na
sgolóige do béarthar os árd anois.
Ar ndol tar an ngormlinn dóibh maille lena spailpínibh féin
leo .i. Murchadh manntach agus Tadhg tútach, Diarmuid Ó
Ríoblachán agus Maghnus an daibín agus Seán na leith-bhróige
.i. mac dearbhrathair an fhaoba mhic, agus Feargus na dtufóg
agus Ruaidhrigh an spúnóig agus Cairbre an sgáladh agus
Éadhmon na bláthaigh - rangadar do lathair an easboig gan
fhoiriseamh, agus nochtas an dithreabhach facháin agus adhbhar
a dtosga agus a dturuis dó gan mhoill, agus aontaigheas an
t-easbog grádha sagartacht san am chéadna do thabhairt do mhac
na sgolóige ar impidhe an dithreabhaidh agus cuireas
d' fhiachuibh ar chuid don chléir do bhí ina fhochair féin an mac
faoba sin do bhreith leo ar uaigneas agus ceastanna sgolártha
do chur air, ionnas go mbiadh fios innmhe agus foghlumtha an
fhaoba mhacaoimh sin aca, lena thabhairt dó féin ag teacht tar
an ais dóibh. Gluaisidh an chliar agus an mac faoba sin leo go
háit uaignigh agus do fhéach siad é in acfuinn léighin agus
foghlumtha. Acht atá a' ní cheana, ní bhfuaradar a bheag nó a
mhór do léigheann aige.
Dála na cléire, umorro, do bheirid an teist firínneach uatha
don easbog ar an macaomh faoba sin. Ciodhtracht, feargthar an
t-easbog leis an gcléir agus adubhairt leo nar chóir dhóibh a
ndroch-inntinn nó a ndómhéin d' fhoillsioghadh ina lathair féin
ar aon chor ar an bhfaoba bocht mic sin na sgolóige corta; agus
ar son é a bheith 'na usluinn bhealthaigh bhuig, muna dtugadh
náire ar é, go raibh baramhail aige féin go raibh sé nísa fearr
go mór nó mar thug siad san teist ar a shon, nó nach dtiubhradh
an dithreabhach 'na lathair féin é, agus gurab iad san do chuir
náire agus aithmhéala air. Agus iar sin goiris féin an macaomh
do leataoibh in uaigneas go hoirear agus go slios-bhórd an locha,
ionnas go rabhadar go díreach i radharc na sgolóige agus na
muinntire eile do bhí ina fhochair.
Is ansin do labhair an t-easbog leis an ógánach i Laidin do
bhriathruibh ailgheana fíor - mhuinntearrdha agus is é dubhairt:
Quid est sacramentum in nomine Dei? Qui fecit coelum et terram,
ar mac na sgolóige. Numquam accedes ad altare Dei , ar an
t-easbog. Ad Deum qui laetificat iuventutem meam , ar an faoba.
Stolide, non fies sacerdos per me in saecula saeculorum , ar an
t-easbog. $Amen, $amen, ar an faoba. Ga dtám leis nísa mhó.
Tógbhas an t-easbog iar sin smachtín mór, bun-reamhar, buan-righin,
baic-bhlaithe, stic-bhata do bhí aige agus rug go fearrdha
fuirreachair ina láimh dheis go dea-thapaidh air agus gabhas do
bhalc-bhéimeannuibh farranta smachtamhla air, ag leasughadh
is ag pléasgadh, ag suathadh is ag tuargáin an fhaoba mhic sin
na sgolóige gan choigilt gan truaighe, gan taise gan trocaire leis
an aon-cháil, ionnas gur bhris feoil agus finnleathar thart mágcuairt
'na thimcheall uime nó gur léig sé fuil agus mill mhóra
thairpeacha dá fheoil leis an smacht-bhualadh do rinne air go
lár agus go lán-talmhain síos ina fhiaghnaise, nó gur thuit sé
mar cheirtlín chruinn gan spracadh gan lúth faoi go talmhain,
ag mairgnigh is ag béicnidh go tuirseach iarghnothach.
An t-easbog, imorro, mar do chonnairc mac na sgolóige 'na
mheall chruinn ar an ordughadh sin gan mhothughadh acht ag
mairgnigh, fágbhas go hamhnáireach an laithreach sin agus pillis
ar ais i bhfrithing na conaire céadna gusan gcléir maille le
n-uaillghuth athtuirseach fa mar torcradh mac na sgolóige leis.
Agus do iarr ar an gcléir gan é féin d' admhail do charaid nó
do namhaid nó go bhfaicfeadh siad créad mar do eireachadh
don fhaoba mic sin na sgolóige do fhág sé féin ar a stróclaidhe
lena smachtín stic-bhata gan spracadh ar tráigh an locha. Dála
na cléire, thugadar maise ar mí-mhaise leis an aitheasg sin an
easboig dhóibh agus do chuir siad an t-easbog fa ghlas in ionad
dhiamhar ar eagla an ghníomha sin do theacht chum urchóide dhó.
Sgéala na sgolóige, imorro, mar do chonairc an comhsuathadh
agus an pléasgadh do fuair a fhaoba mic os a
gcomhair agus gan ar a chumas dó féin tárrthail do thabhairt
dhó, do labhair go fann-mheirtnigh agus is é adubhairt: is
truaigh díol mo mhic - se anois, ar sé, agus dar liom sa ní díol
maoite nó aibhsighthe do shagart ar bioth a bhfaghann sé do
shastacht, do shochar, do shailidheacht, nó fós gach cearc rósta
nó gach buidéal leasaighthe da bhfuighe sé 'na shuidhe 'na
phrolútais ar shúsa le gach mór-chinéil eile da ndáilfightheir dó.
Ciodh tracht, ar sgarbhain don easbog le mac na sgolóige
thangadar na spailpínidh réimh-ráite do lathair an tsagairt óig
sin, agus do leigeadar ar a nglúinibh ina fhiaghnaise iad agus
do iarradar a bheannacht maille le humhlacht lán-mhóir go prab
agus go príomh-éasgaidh cráibhtheach nó go dtug sé an absoloid
ghineralta dhóibh ag rádh: Asperges me Domine hysopo et
mundabor amen . Agus do thógbhadar leo ansin é chum an
artharaigh agus do lingeadar an go tinnisneach deifireach agus
go mór-mheanmnach inntinneach, go rangadar i dtír san áit
ina raibh an sgológ agus an chuid eile da chuideachta agus do
rinneadar a raibh i bPort na hInnse an ní céadna dhó.
Is da éis sin do hagradh agus do suidheadh teach an óla
leis an sgolóig go luthgháireach agus go mór-onórach da mhac is
do rinneadar ól tostach, trom-dheochannach go meadhar-chaoin
leis an fhaoba mic sin na sgolóige go foirleathan foirtil-iomdha.
Acht atá an ní cheana, ar dtéaghadh insna crúb-scálaidhibh, nó
mo dhearmad, innsna copánuibh, do árdaigh an ghuth agus an
ghlóir go hallata uathbhásach agus is é dubhradar uile d' aithisg
aonfhir le mac na sgolóige, cáit ar ghabh a bhulla nó a chartacha
sagartachta. Is ansin adubhairt an faoba le gean gáire agus
sóláis 'na lathair uile nach raibh cartanna nó bulla aige féin anois
do lathair acht amháin bulla shleachta Chonchubhair cian d' aimsir
ó shoin i gcontae an Chabháin do réir mur do chongeabhadh
agus mar so sheasobhadh siad san in gach am ó sin
amach dhó é .i. biocaireacht Lorgana dhrom-bhata do réir mar
do bhí a fhiaghnuise aca féin ina radharc mar do dháil an
t-easbog dhó é. Is ansin do labhair an sgológ go habaidh i measg
cháich agus adubhairt go glic seolta: a athair agus a mhic in
aonfheacht, ar sé, is í sin an uair do shléacht tú faoi bhachaill
bhata an easboig, go faon fann do shlaod ar fiarlaoigh na trágha
thall a glacadh bhiocaireacht na Lorgana uaidh. Is í cheana, ar an
faoba, san uair chéadna sin agus ní fearr atá a fhiaghnaise agat sa
nó ag an bpoball - sa le chéile. Acht atá aon ní cheana adubhairt
an poball uile d' aitheasg aonfhir, nach raibh aige riamh bulla
dob fhearr nó sin. Do chuireadar coruigheacht gréine agus éasga
orra féin uile um na biocaireacht sin maille leis an bporráiste
do sheasamh dó d' aimhdheoin gach duine da mbiadh 'na aghaidh
uime; agus thugadar an Dia dúileach uime sin do chomhal dó go
críochuibh a shaoghail féin leis.
Acht atá aon ní cheana, a Arsaigh , ní maith sgéal nach
mbainneann le smotán, óir is dhuit se bhainneas $aplication an
sgéil - se; óir is í mo chomhairle - se dhuit an grádh céadna so do
ghlacadh, agus má bhuailtear cnuasach builleadha bhata ort ní
mór an dochar dhuit é i bhfaradh gach sochair eile da leanann
é. Agus do bharr ar gach comhairle eile da dtugas dhuit, ag so
dhuit cupla rann bhias agat do shíor inn do mheanmoinn, i ndúil
gur mhaith an cuidiughadh dhuit iad inn gach cruaidh-ghabhadh
da mbuailfeadh id cheann. Agus ag so dhuit iad:
Is buadhach a' ní an mhealcarnach,
Is ní measa an leim ar líne;
Sona an raod an trudarsach
Mar deir na hoideadh críonna.
Maith an cuidiughadh na mionfhocail;
Is deas do ghabhaid leithsgéal
Do shagart bhocht na droch-Laidne
An uair do mhilleas an soisgéal.
Anois, Arsaigh , ag sin comhairle Mhic Clamha dhuit .i. gabh
nó fág. Agus mar léighfeas tú an sgráb-chomhairle tabhair
beannacht ar anmoin Phóil , ag cur do sheile ar bharr do bhoise
agus do chumailt do bhonn do choise mar do chíthfeas tú iad,
óir tuigfeadh tú an tinneas mór do bheith ar gach aon don dream
shagart - sa nach mbiadh dod shórt féin nó gurab ar mire agus
ar mí-chéill do bhíd ar ndul i bhfad ag déanadh a bhfoghluma do
leisge bheith 'na sagartaibh fa chion agus fa chadhus ag an
bpoball coitceann mar bhias tusa do réir na comhairle - se Mhic
Clamha ó Achadh na Muilleann .
Fuath gach nim neam
An stair mar atá gan fhoghluim;
Le gach léightheoir glann grinn
Leis an stair is aoibhin.
Ag sin dhuit, a bhrathair na gColla , finit le comhairle Mhic
Clamha ó Achadh na Muilleann do Arsaigh Ruadh Litís ó do
bhrathair ionmhaoin féin, .i. giolla na léise maosgain nach ndéan
daosgain nó gaosdáil in aon-cháil; agus tabhair do bheannacht fo
thrí dó gach uair da rachadh tú thríd an stair - se Arsaigh agus
Mhic Clamha , agus beannacht leat go Luidh an Daill dúinn, agus
go Ross Fionnchuill mar adubhairt Diarmoid , nó mise féin nó
thusa fós, nó beagnach Eimhear , dar an leabhar.
Finit .
Seanfhocal
Cha raibh caora chlamhach ar thréad ariamh nár mhaith léi
comráda bheith aice.
ó Thír Chonaill .