Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabhar na nvrnaightheadh gcomhchoidchiond
Title
Leabhar na nvrnaightheadh gcomhchoidchiond
Author(s)
Ó Domhnaill, Uilliam,
Composition Date
1608
Publisher
(B.Á.C.: Seón Francke, 1608)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
STATUID A DTAOBH NA NURRNAIGHTHEADH GCOMHCHOIDCHEAND, SHEIRBHISE NA HEAGAILSI, agus mhinisdrálachda na Sácrameinteadh do bheith ar áoinsdeil amháin. Ar an ádhbhar nách raibhe ann, lé lind bháis ar Dtigherna ró chumhachdaigh dheighenaigh Rígh Eúdbhard an seisedh, achd áonórdughadh amháin sherbhíse, agus urrnaighthe comhchoidchinde, Mhinisdrallachda na Sacrameindteadh, ghnáthaighthe agus usáide eile, aNeglais na Sacsa, noch dho cuiredh amach anáoin lebhar amháin dán ub ainm, LEABHAR na nurrnaightheadh gcomhchoidhchend, Mhinisdráldachda na Sácrameindtedh agus ghnáthaighthe, agus usáide oile an Eágluis na Sacsan: noch fúair úghdur-rás do chomháonta na cille, agus na túaithe dá ngoirthear an Páirleimeint, dorinnedh an cúigeadh, agus an seiseadh bliaghain do ríoghachd ar Dtigherna róchumhachdaigh dhéigheanaigh chéudna Rígh Eúdbhard an seiseadh, dá ngoirther, Statúid do tháobh na núrrnaightheadh gcomhchoidchend, agus Mhinistráldachda na Sácraimeinteadh do bheith ar áoinsdeil amháin: Noch dho cuireadh argcúl do chomháonta Páirleimeint an chéud bhlíaghain do rioghachd ar Mbhan-ríoghna róchumhachdaighe déigheanaighe Mairiá, iondus gur tsáothadh agus gur laoghduighedh onóir Dhé go mór don chomháontasoin, agus gur cuiredh drochmhisneach, agus doilghes ar an druing do aduimh fírinne an chreidimh chríosduighe. Uime sin Daingnighthear dúghdurrás an Fpháirleimeint so dho láithir, an Statúid sin, agus gach ní dha bhfuil innte a dtáobh an lebhair sin amháin, agus na seirbhíse, Mhinisdráldachda na Sácraimeinnteadh, na ngnáth agus na nusáideadh atá arna nordúghadh ann sa lebharsoin, dho chuir ar gcúl, agus ar neimhní, ó fhéile Sainséain so chugad amach agus go mbhía an lebhar céudna, maille lé hordúghadh na seirbhisi, Mhinisdrálachda na Sacraimeintedh, na ngnáth, agus na núsáidedh, maille leis anadhrughadh dorinnedh air, agus leis na neithibh do cuiredh leis, agus do orduigh an Sdaduidsi, ann a nert iomlán ... a néifeachd féin, do réir shubstainnte, agus é...a na Stutúide so: Gan féuchain dáoinní da bhfuil na aghaidh an sa Statuid sin do chur ar gcúl an lebharsoin.
Tuilleadh oile daingnighthear le mórdhachd na Banríoghna agus lé toil, agus lé háonta na Dtighearnadh cille agus túaithe, agus an fpobuil atá arnagcruinníughadh and sa Fpháirlaiment so dho láithir, agus dá nughdurras sin, go bfhuil dfhíachuib ar gach uile Mhinisdir, and gach aóinegluis Chaighthedrálta agus Ffharráisde, nó anáit ar bioth oile ar feadh rioghachda Sacsan, agus na Bretáin, maille lé a leithimlibh, agus and sa nuile áit agus ionadh oile fá chumhachdaibh na Banríoghna, ó fhéile Sain séansi chugad amach, na Trátha, na Heaspurta, minisdráldachd Shuipéir an Tigherna, agus an Bhaisdeidha, agus gach urrnaighthe chomhchoidcheand, agus fphuiblidhe oile bheanus ríu, do rádh, agus do cleachdadh, ar an modh, agus do réir a norrdaighthe, thaisbéuntar and sa leabharsoin, do dhaingnidh an Pairlimeint marsoin, and sa chúigeadh, agus andsa seiseadh bliaghain do rioghachd an Rígh Eudbhard an seiseadh, maille lé háon athrúghadh amháin leigheand dáirighthe gacha domhnaigh ar feadh na blíaghna, nó leis an dtuilleadh do cuiredh leis, agus foirm na Liodán arná nathrúghadh agus arná gcerthúghadh, agus an dá rádh amháin do cuireadh lé leigheand Shácrameinte chuirp agus fhola an Tighearna an tan dobeirthear do luchd a gabhála hí: Agus gan arádh a bfhoirm ná ar modh ar bioth oile. Agus dá neitígheidh áoinfphersa Eagailsi, ná Biocáire, na Minisdir ar bioth eile dánab cóir, nó dhligheas, na hurrnaighthe comhchoidchiona orduigheas an leabharsoin do rádh nó dho chanamhain, nó na Sácraimeinteadh do mhinisdráldachd, ó fhéile Sainséainsi chugaind amach, na hurrnaighthe comhchoidcheandasoin do ghnathachadh, nó na Sácraimeintedh dho mhinisdralachd and sna Hegailsibh Caithedrálda, nó sna Hegailsibh Parráisde, nó a náitibh oile and ar ghnáth mionisdraldachd do dhénamh, ar an modh, agus do réir na forma orduighes an leabharsoin, nó ghnathóchus déuntoisg, agus go neamhúmhal steil, seirbhís, ordúghadh, nó foirm ar bioth oile, nó aithearrach modha ar mhinisdraldachd Shuipéir an Tigherna, ós íseal, nó ós áird, nó trátha, nó espurta, nó minisdráldachd na Sácraimeinteadh, nó úrnuighthe phuiblídhe ar bioth oile, achd do réir mar ordúigheas an leabharsoin, (as hí ios urrnaighthe fphuiblidhe and ar feadh na Statúideri, an urrnaighthe dhlighes agus ar a bfhuil dfhiachuibh ar an bphobul teachd chuigthe, agus a héisdeachd, aNegailsibh comhchoidchionda nó a Seipéuluibh úaignecha, nó anionadaibh urnaighthe, dá ngoirthear go coimhchoidchiond seirbhís na Hegailsi) no dá ndiongnaid seanmóir nó teagasg, no caint ar bioth oile, adtáobh tathaóire nó diomolta do dhéunamh ar an leabharsoin, nó ar áoinní dhá bfhuil and, nó ar áonchuid de, agus go bfhuighthear ciontach hé and sanádhbharsoin, do réir dhlightheadh na Ríoghachdaso, do bhreith choisde dá fhior dhéug, nó dhá admháil féin, nó fós do ghníomh fhollus: beantar dhe ar son na céudchoire, taradh a bhetha Eagailsi, agus a dhíghniteadh uile ar feadh blíaghna, má dearbhthar an gníomh air, agus bíoth ag an Mbhanríoghain, nó agá hoighredhuibh thiocfas na diaigh: Agus fós cuirthear an tí dhionghnas an chairsin a bpríosún
ar feadh sé míos ar son na caire céudna, gan gell na urra ar bioth dho ghabháil úadha. Agus da ndearbhthar an chair chéudna ar áoinneach an dara húair, agus go suighéochthar air hí go dlisteanach do réir mar dho dúbhrumar: Andsoin cuirthear a bpriosún ar feadh blíaghna go hiomlán hé ar son an dara cair, agus beantar dhe ar ball mar an gcéudna a dhíghnite Spioradalda uile ar son na caire céudna. Agus búdh ceadaightheach donuile Phatrún agus thíodhlaigthéoir na nuile dhíghnite spíoratálta soin, agus gach díghnite aca, duine oile dainmníughadh agus do thógha, anionadh an fhirsin, dorinne an chair, amhail agus dobhíath sé marbh. Agus dá bhfhaghthar an fphearsa chéudna ciontach an tres úair, agus a chionta dfhaghbhail derbhtha roimhe soin fá dhó, ar an modh a dubhrumar: Aindséin bentar dhe ar ball a dhíghnite spioratálta uile, agus condmhuighthear a bphriosún ar feadh a bheatha hé. Agus muna raibhe beatha eagailsi nó díghnite ar bioth spioratálda agan tí dhoní an chair, agus gu ndearbhóchthar air hí, ar an modh a dubhrumar: andsoin tar éisi na caire dho tshuighudhadh air, tabharthar priosún blíaghna dhó ar son na céudchaire, gan geall na urra dho ghabháil úadha. Agus dá bfhaghthar an fphersa chéudna ciontach an dara huáir, agus gan beatha nó díghnite eagailsi aige, agus go suidheochar an dara cair air go dlisteanach, ar an modh a dúbhrumar: Tabharthar priosún ar feadh a bheatha dhó, ar son an darna cair soin. Tuilleadh oile, do horduigheadh, agus dorinneadh dho Statúid leis na cumhachdaibh a dúbhrumar romhaind, dá ndiongnadh pearsa ar bioth, o lá fheile Sainséainsi chugaind amach, a gcluitheibh, a sugarthaibh, a seinm, a rannaibh, nó a mbhríathraibh ar bioth oile go puiblidhe, ní ar bioth dho chur amach, do thatháoir, do dhiomoladh, nó dho neimhchion ar an leabharsin, ná ar áoinní dhá bhfhuil and, nó ar áonchuid de, nó dhá dtabhradh fá deara lé a obuir, lé a ghníomh, nó lé a bhagar follus, nó madh chúmhduigheand sé persa ar bioth eagailsi, Biocáire, nó Minisdir oile, aNeaglais Chaithedrálta, nó aNeagluis Fpharráisde ar bioth, nó a Séipéul, nó anáit ar bioth oile, chum urrnaighthe ar bioth comhchoidchinne nó fphuiblídhe dho rádh nó dho chanamhain, nó chum Sácraimeinte ar bioth do mhinisdralachd, ar chor no ar modh ar bioth oile, achd mar orduigheas an leabharsoin: Nó dá gcuiridh toirmiosg go neamhdhlisdeanach lé ní ar bioth dhíobh soin thúas ar ffhearsain eagailsi ar bioth, aNeaglais Chaithedrálta, no aNeagluis Fpharráisde, a Seipéul, nó anionadh ar bioth oile, fá urrnaighthe chomhchoidchinn do rádh nó dho chanamhuin, nó fá na Sácraimeindtedh, nó fá chechdarrdha aca dho mhinisdraldachd, ar an modh, agus do réir na foirme ordúigheas an lebhar úd: Go níocfa, agus go ndiolfa gach áoinfphearsa ar a ndeirbhéofar áonchoir dhíobh soin do réir mar a dúbhrumar romhaind, céud marg ar son na céudchoire, don Bhanríoghain ar Mbhaindtighearna ró orrdheirc, nó dá hóighridhibh thiocfas na díaigh. Agus madh dearbhthar áonchair dona cairthaibhsin do labhramar go deigheanach, an dara húair ar
aóinneach frith ciontach agus cairthech roimhe soin do réir mar a dubhrumar: Aindséin an tí dhorinne an sarughadh, agus fríth ciontach, iocadh sé cheithre chéud marg ar son an darna cair, don Bhainrioghain ar Mbhainntighearna róorrdruic, nó dá hoighreadhaibh na díaigh. Agus dá gciontuighe duine ar bioth an treas úair tar éisi a fhághala ciontach fá dhó roimhe soin, anáonchair do na cairtheachuibh deigheanachasa a dubhrumar romhaind, agus go ndearbhthar a bheith ciontach do réir dhlighidh (mar a dubhrumar thúas:) Andsoin an tí dhorinne an sarughadh, agus fríth ciontach, iócadh sé ar son an tres coir, a uile mháoin tsháoghalta don Bhainnrighain ar Mbhainntigherna róorrdraic, agus tabharthar priosún ar fedh a bheatha dhó. Agus dá raibhe duine ar bioth nach íocfa a ní dhligheas sé dho dhíol agus hé cionntach ó cheart bhreitheamhnus, ar son a chéud chaire a dtáobh na neithe a dubhrumar, ar an modh agus ann sa bhfhoirm a bhfuilid na fíacha air, fá cheand sé seachdmhuineadh a ndíaigh bhreithe dho bhreith air: Aindséin an tí dho damnuidhedh ann sna fíachuibh, agus nar dhíol íad, ar son na céud chaire sinn, tabharthar priosún sé míos dó, gan ghell, gan urra, anéiric na bhfíach soin. Agus á raibhe duine ar bioth nách íocfa a ní dhligheas sé do dhíol, agus hé ciontach ó cheart bhreithemhnus, do bhrídh na Statúideisi ar son a dharna choir a dtáobh na neithe a dubhrumar, nó ar an modh, agus ann sa bhfhoirm a bfhuilid na fíacha air, fá cheand sé iníos a ndíaigh bhreithe dho bhreith air: Aindséin an tí dho damnaidheadh and sna fíachuibh agus nár dhíol íad, ar son an darna cairsin, tabharthar priosún blíaghna dhó, gan ghell, gan urra, anéiric na bfhíach soin. Agus do hórduighedh mar an gcéudna, ó fheile Sainséainsi chugaind amach, gach uile dhuine atá na chomhnaighe ann sa Ríoghachdso, nó fá chumhachdaibh mhórdhacha na Bainríoghna, a Ríoghachd ar bioth oile, go gcaithfidh sé, (achd muna bhía résún dlisdeanach aige do ghabháil a leisgéil) a dhíthcheall do dhéunamh go dúthrachdach iondraic, chum dula go a théampull Parráisde, nó go a Shéipéul gnáthuighthech, nó lé toirmiosg dhlisdenach dho bheith air, dul anáit éigein oile (madh atá an toirmiosg soin air) ann ar gnáth anurrnaighthe chomhchoidchend, agus seirbhís Dé dhéisdeachd, gacha domhnuigh, agus gach láoi oile, órduighthear, agus ghnáthuighthear do chondmháil na sháoire: Agus anmhain andsoin go modhamhail ceandsa, ar feadh bhías an nurrnaighthe chomhchoidcheand agá rádh, an tsheanmóir gá déunamh, nó seirbhís dhíaghdha ar bioth oile, fá fphéin certaighthe na Heagailsi, agus sgillinge dho dhíol gacha mhionca anfus sé ón seirbhís, ón seanmóir, nó ó úrrnaighthe chomhchoidcheind, agus an sgillingsin do thógbháil do Fphrocudóiribh na Hegailsi Parráisde ann a ndéuntar an chair, do mháoin, do dhúithche, agus do thighearnas an tí dhó rinne an chair, mar gheall, nó mar dhíoluidheachd, agus a ruinn ar bhochdaibh
an Fpharráisdeisin. Agus cum go gcuirfídhe so a ngniomh go ditceallach, atá mordhachd na Bainríoghna, na Tighearnadha tuáithe, agus an pobul uile atáit ar gcruinneabhadh ann sa Fpháirleimeint so dho láithir, agá chur dfhíachuibh a huchd Dé, ar anuile Airdeasbog, Easbog, agus ar gach uile fphearsain eile Eagailsi, a ndíthchell do dhéunamh go dúthrachdach, an Statúid so dho chur a ngíomh go dlístenach, fírindech, ar fedh a Nespugóideachd, agus a gcúruim, amhuil ios éigean dóibh fréagra dho thabhairt a bfhiaghnaisi Dé, ar son na nulc, agus na bplágh, lé nub éidir lé Día na nuilechumhachd, a fphobul féin do smachdughadh dá chert bhreithemhnais, fá mhaidneachdna dho dhéunamh a dtáobh a rechda dhíaghdha fhalláin. Agus chum úghdarráis do thabhairt dáibh ann sna neithibhsi, órduighthear leis na cumhachdaibh ceudnasoin a dúbhramar romhaind, gach Airdeasbug, gach Easbug, agus gach oifigeach ar bioth oile dá bhfhuil fútha, a gcumhachdaibh na Heagailsi, (ní hé amháin and gach ionadh dá bfhuil fá na gcumhachdaibh féin, achd mar an gcéudna and gach uile ionadh do sáoradh roimhe so úatha ar feadh a neasbugóideachdadh,) do bheith a gcúmhachdaibh agus a-núghdurrás iomlán, do bhrídh na Statúideisi, chum ceartuighthe, smachdaighthe, agus chum pionúis do réir reachda na Heagailsi do thabhairt donuile dhuine ar a bfhuighthear cair anaghaidh na Sdatúideisi, fá chumhachdaibh, nó aneasbugóideachd aonnduine aca, ó fhéile Sainséainsi chuguinn amach: gan fhéchain do dhligheadh, do Statúid, do phribhiléid, do sháoirsi, nó dachd ar bioth dá ndéarnadh, dá bhfhríth, nó dhár fuilngeadh roimhe so anaghaidh na Sdatúideisi. Tuilleadh oile, do hórduigheadh, agus doríneadh dho Statúid leis na cumhachdaibh céudna a dubhrumar romhaind, go bhfhuil cumhachda, agus úghdurrás iomlán ag anuile bhreitheamh, agus Iuisdís dlighidh and gach uile sheisidhón fphuiblídhe agus gheineiralta, fhíarfuighthe, éisdeachda, agus chríochnaighthe, gach uile ghné dho chair dhogéuntar anaghaidh áirtiogail ar bioth dhá bhfhuil and sa Statúidsi, fá chumhachdaibh an choimisidhóin tugadh dhóibh, agus gairm dho chur úatha ar luchd na caire dho dhéunamh, chum a núghdurráis do chur a ngníomh, amhuil ios éidir léo a dhénamh anaighaidh gach uile dhuine ar a gcuirthear cair dá láithir, agus do sharuidh an dligedh go follus. Do hachduidheadh fós, agus do hórduigheadh leis na cumhachdaibh céudna a dubhrumar romhaind, go bfhéudand gach uile Airdeasbog, agus Easbog ó áimsir go háimsir, amhuil is toil lé gach duine dhíobh, do bhrídh na Statúideisi, íad féin do chengal leis na Giúisdísibh sin, agus leis na breithemhnuibh a dubhrumar, agus súidhe na bhfhochair ann gach seisidhón puiblidhe geinerálta, gidhbé ar bioth ionadh na mbhíaid ann a nesbugoidechdaibh, chum fiarfuighthe, éisdechda, agus críochnaighthe na gcairthe a dubhrumar.
Do hachdaigheadh mar an gcéudna, agus do hórduigheadh leis na cumhachduibh céudna a dubhrumar romhaind, na lebhair oileas don tsheirbhís díaghdhasoin dfhaghbhail ar chosdus an fphubuil and gach áonfpharráisde agus Eaglais Chaithedrálta, roimhe lá fhéile Sainséain so chugaind: agus mar an gcéudna go bfhuil dfhíachuibh ar gach Tempul parráisde agus Eagluis Chaithedrálta, nó ar ionaduibh oile, agá mbhíaid na leabhairsoin, roime lá fhéile Sainséainsi chugaind, fá cheand trí seachdmhuineadh tar éisi na leabharsoin dfhaghbháil, nó dho cheandach, an tsheirbhís dhiaghdhasoin do dhénumh, agus do ghnáthughadh do réir na Statúideisi. Agus órduighthear na cheand soin leis na cumhachduibh céudna a dubhrumar romhuinn, gan duine ar bioth ó so amach do gháirm do láithir an dlighidh ná a bhúaidhreadh ar chor oile, do tháobh áon chaire dhá ndubhrumar romhuinn, dá ndiongantar ó so amach anaghuidh na Sdatúideisi, achd muna chuirthear díotáil ar fhear na caire dho dhéunamh ag an seisidhón gheinerálta ios neasa dhó, do láithir bhreitheamhain éigin, nó na Ngíuisdísedh ndlighidh, go gearr tar éisi na caire dho dhéunamh, anaghaidh éfeachda na Sdatúideisi. Achd fós do hachduigheadh, do hórduigheadh, agus dorinneadh do Statúid thshíorruidhe, leis na cumhachdaibh céudnasoin a dubhrumar romhaind, breath dho bhreith ar gach uile Thighearna Páirleimeint lé na leithéidibh féin, ar son an treas cair ar ar labhradh thúas. Do hachdaigheadh ar an modh gcéudna, do hórduighedh, agus dorínedh dho Statúid leis na cumhachduibh a dubhramar romhuinn, Méura Lóndoin, agus gach uile Mhéura oile, gach Báille, gach ceand caithreach, nó baile oile, gá bfhuil Corporácion aca, and sa Rioghachd so, a Mbhretáin, agus ann a leithimealluibh, chum nach dtigid Gíuisdisidhe dlighidh dho ghnáth, lán chumhachda agus úghdarrás iomlán do bheith aca, do bhrídh na Sdatúideisi, chum fíarfuighthe, éisdeachda, agus críochnaighthe na gcairthe a dubhrumar romhuind, gacha blíaghna, fá cheand chúig lá ndéug a ndíaigh fhéile na Cásg, agus na féile Michíl an Tarrchaingal, ar an bfhóirm lé nab eidír leis na Gíuisdísibh dlighidh a dhéunamh. Do hachdaigheadh fós, do hórduigheadh, agus doríneadh do Statúid leis na cumhachduibh céudna a dubhrumar romhaind, gach uile Airdeasbug, agus Easbog, agus a Noifisdéil, agus na dáoine gá mbhía a gcumhachda, agus a Bfhhairchindigh, agus gach duine oile agá mbhía cumhachda speicíalta na Heagailsi aige, a mbheith a lán úghdurrás, agus a gcúmhachdaibh iomlána, do bhrídh na Sdatúide so, ní hé amháin, gach uile ní dfhiarfuidhe agus dfhéchuin anáimsir a bhisidúráchda, and a gcaipghidleachuibh, nó ann gach áit oile ar feadh a gcumhachda, gach uile úair oile, agus ann gach uile ionadh a mbhíaid síad, casáoidecha, agus sgéula do ghabháil a dtáobh gach uile neith dhar labhrumar romhuinn, doríneadh fá na gcúmhachduibh: Achd mar an gcéudna pionughas do thabhairt do luchd a ndéanta,
maille lé tegasg, lé cuindelbháthadh, lé na mbhethaibh eagailsi do chur anúrláimh dhaoine oile, nó a mbhuáin díobh go huilidhe, nó lé certughadh ar bioth oile eagailsi, do réir mar dho gnáthuighedh roimhe so hé, ann a leithédibh sin do chúisibh, do réir dhlighidh Eagailsi na Bainnrioghna. Do hachduighedh agus do horduigheadh fós, giodhbé ar bioth duine do dhéuna cair ann sna neithibh a dubhrumar romhuind, agus ghéubhus pionudhas agus certughadh óNáirdeasbog, nó óNeasbog ar son na céud chaire, agus taisbéunadh dho bheith aige ar sin sgríobhtha fá shéala aNáirdesbuig, nó aNeasbuig, gan cionta dho chur aír arís a dtáobh na caireisin a bfhíaghnaisi na mbhreitheamhan túaithe: Agus mar an gcéudna dá dtugaid na breitheamhain thúaithe pionadhas dó ar son na céud chaire, gan an Tairdéasbog, ná an Teasbog do thabhairt phionudhais dó, ar son na caire céudna: Gan fhéuchain dáoinní dá bhfhuil na aghuidh sin ann sa Sdatúidsi. Do hachdaigheadh mar an gcéudna, agus do hórdúigheadh, agus dorinedh dho Statúid leis na cumhachdaibh céudna a dubhrumar romhain, gach culaidh, nó gach éudach do chlechd aNeaglais agus a Minisdridhe, do bheith aca agus do ghnáthughadh, mar dobhí an saNeaglaissi na Sacsan dúghdarrás an Fpháirleimeint ann sa darna blíaghain do Rioghachd an Rígh Eúdbhard an seisedh, nó go ndéantar órdughadh oile dhá dtáobh lé mordhachd na Bainnrioghna, do chomhairle na druinge dá dtíobhra úghdurrás fá Shéula mhór na Sacsan ós ciond chúiseand na Heagailsi, nó lé Hairdeasbug na Ríoghachda. Agus fós da dteagmhadh neimhchion, no mímhodh ar bioth dho tháobh ghnáthaighthe, nó chleachduigh na Heagailsi do tharcuisníughadh an órduighthe atá ann sa lebharso: Ios ceduightheach do mhórdhachd na Bainnríoghna, do chomhairle na druinge dá dtíobhra shi úghdarrás, nó a Náirdeasbuig, gnáthaighthe nó ordaighthe oile do chur amach agus do ordughadh, lé na bfhéudfuighthear glóir Dhé do mheadúghadh ní bhús mhó, a Eagluis do chur súas, agus modh dlistenach do thabhairt do sheicréidibh náomhtha Chríosd, agus dá Shácraimeintibh. Agus fá dhéoigh, dorindeadh do Statúid leis na cumhachdaibh céudna a dubhrumar romhaind, gach uile reachd, gach Statúid, agus gach ordúghadh, lé na ndaingnighther, lé na nórduighthear no lé na gcuirthear amach, (chum a gcura a ngnás go puiblidhe an sa Rioghachdsa, no fá chumhachduibh na Bainnrioghna a dtaltaibh oile,) Seirbhís ar bioth oile, minisdráldachd na Sácraimeinteadh, nó urrnaighthe chomhchoidchionn, do bheith ó so amach gan bhrídh, gan éifeachd ar bioth.
Meisi an Rí. FOGRA AG TABHAIRT UGHDURRAIS AR LEABHAR NA NURNUIGHTHEADH GCOMHCHOIDCHEAND do bheith ar áoinsteil amháin, ar feadh na Ríoghachda. Giodh nách éidir lé na bfhuil fár gcumhachdaibh, bheith anainbfhios ann sa tríall, agus and sa tósgnúghadh dho chuireamar romhaind do ghénamh a gcúisibh an chreidimh, ó thangamar chum na corónsa, ar anádhbhar gor fhoillsighamar go puiblidhe íad roimhe so: Achd fós ó dho chuireamar anois na neitheisin a bfhoirm fhuinneméndaigh, ní gan adhbhar fhoillséocham andso, cuid do na neithibh dhochúaidh tharuind: Agus cionnas, mar ios táosga tangamar asteach chum na ríoghachda, do fáilltigheadh romhaind, agus do búaidhreadh sinn lé móran Minisdreadh, gá chur a gcéill dúinn, agus ag déunamh casáoide lind, ar sheachrán, agus ar uireasmhaigh na Heagailsi and sa ríoghachd so, ní headh amháin a gcúisibh theagaisg, achd mar an gcéudhna a gcúisibh smachdaighthe: Gé nach raibhe réusún againd a bhreathnughadh, go rabhadar na neitheisin ar mearughadh, a chomór agus do cuireadh a gcéill dúinn, ar an adhbhar go bhfhacamar an Rioghachd ann sa riochd chéudna chreidimh, do dhaingnidh an dligheadh, lé lind na Bainnríoghna róordraice déigheanuighe, arna beandughadh lé siothcháin agus lé sonus, go hiongantach, morán do bhlíaghnaibh, (noch ios foillsiughadh daingen go raibhe gen ag Día ar a gcreidemh:) gá fhéuchain dó soin, do bhrídh go raibhe liosdachd luchda na casáoide antróm, agus a nderbhadh roidhían, agus a dteas roidhíthchiollach: Do gluaiseadh leis na hádhbharuibhsin sinn, chum a núalaigh ios mó ar anuile Ríogh do chur dhínd, mar atá cúiseanna an chreideimh do chur go fuinneimheandach na suidhe, agus seirbhís Dé, roimhe gach ní bheanus lind féin. Ar mbheith dúinn ag gabháil do láimh na neitheisin
do ghénamh, (do réir mar thug aicíd na pláighe dobhí go romhór ann ar Gcathrigh a Lúndain, agus anáitibh oile, fulang agus ced cruindnighthe do dháoinibh iomchubhuidh chum na ngnodhaightheisin) do thiondsgain dream dháirighthe, leis nar thaitin sdaid Eagailsi na Rioghachdaso, (ag cur rompa nísa mhó dho thuigsein a dtáobh ar nindtinde, ná mar dhofhuáirsiod uáinn ré a ghénamh, agus ag leanmhuin dá nindtindibh féin) neithe dho ghabháil do láimh, lé nar éirigh sgandail den Eagluis, anáit a noilbhéime do chur ar gcúl: Or do ghnáthaidhedar fóirm sheirbhísi puiblidhe do Dhía, nár moladh ann sa Ríoghachdsa, agus doríneadar coimhthionoil gan úghdurrás, agus neithe oile ios mó dhó thaisbéin comhtharrdhagha follusacha cendairce, ná grádh na fírinde: Lé nar chuireamairne srían, maille lé fógra fphuiblidhe a Mi Octóibeir so dochuáidh thoraind, agus do chuiremar a gcéill, an comhradh do chuireamar romhain do ghénamh ríu comhluath agus do fhédfadhmaóis a ghénamh go hiomchubhaigh, chum órduighthe dho chur ar chúisibh na Hegailsi: Agus dá réir soin, dorindemar an comhrádhsoin a Mi Ghenáir docuaidh thoruinn, a Mainér ar nonora a gcúirt Hampton, ann sanáit ar cruindnighedh a bfhochair a chéile, dhár láithir féin agus do láthair ar Gcomhairle phriomhaidighe, móran do na Héasbugaibh, agus do na Préláidibh bá tromúghadh and sa Rioghachd, agus morán do dháoinibh fóghlumtha oile, ní hé amháin don luchd tug a gcomháonta don daingníughadh dorinneadh cheana ar sdaid na Heagailsi, achd mar an gcéudna don luchd nach tug a náonta dhó. Eattorra soin, an sáothar dorindeamar, an fulung tugamar úainn a néisdeachd agus a bhfhreagarthaibh, agus comhthrom agus ceart ar mbhreitheamnuis ar na hádbharuibh sin do chur a gcrích, fágmuid sin uile ag teisd na muinntire dochúala hé: Ios lór linde fíorghlaine ar gcroidhe féin dá dtáobh. Achd ní fhéudmuid so dfholach, go dtárrla dhon chomhrádhsoin, amhuil theagmhus do mhorán do neithibh oile, gár ub neimhéifeachdach a gcríoch, gion gur mór an tshúil bhíos ríu sul tiondsgantar íad. Oir fúarumar na neithe do cuireadh a gcéill dúinn go dían, agus go tinnesnach, do bheith a choimhneamhthabhachdach agus a choimhneamhfhuindeimheandach sin, iondus go bhfhacus dúinne agus dár Gcomhairle, nách raibhe adhbhar ar bioth fá athrughadh ar bioth dho ghénumh ar a ní ios mó agár cuiredh na aghaidh, mar atá lebhar na nurrnaightheadh gcoimhchoidcheand, ann a bfhuil foirm thsheirbhíse puiblidhe Dé, do daingnigheadh and sa Ríoghachdso, ná fós ar an dtegasg, do fóillsighedh do bheith níamhghlan, ná fós ar na horduighthibh agus ar na gnáthaighthibh, do cruthaigheadh dho bheith á ngnás ann sa fphríomh Eaglais. Gan fhéchain dó soin, doconncus dhúinn, a dáonta na Neasbog, agus na ndáoine bfhóghlumtha dobhí dho láithir aindsin, go bfhédfuidhe neithe neamhéifeachdacha, dháirighthe dho mhiniughadh, gan athrúghadh ar bioth dho chur orro, ní headh nách bhúdh éidir lé dáoinibh do bheanfadh an chíall chóir asta soin, iomachar
léo gan mhíníughadh ar bioth: Achd do bhrídh go rabhamar róaireach, nó fós ró édmhar a dtáobh na cúisi bheanus lé seirbhis Dé, ar chor go mbhía an tórduighadh bheanus ría, ní hé amháin sáor ó chiondaibh dho chur na leith, achd mar an gcéudna sáor ó aimhearus, iondus nách bíath cionfátha ag na hasgáirdibh aitherrach céille do bhúain as, achd an chíall atá ag Eagluis na Sacsan and, agus nách bhúdh eidír lé duine ar bioth buaidheartha, nó ainbfheasach doNéaglaissi, cionfátha ar bioth geabaireachda dfhaghbhail na aghuidh: Ar an adhbhorsoin tugamar ar gcoimissidhón fá Shéala mhór na Sacsan Dáirdesbog Chandtarbuiri, agus do dhaoinibh oile, (do réir na fóirme orduighes dligheadh na Rioghachdaso ann a leithéide sin do chúis) chum an mhínighthesin do dhéunamh, agus chum lebhair na nurrnaightheadh gcomhchoidcheand go huilídhe, maille leis an míniughadhsoin, do chur a gcló arís. Agus ar mbheith amhluidhsin don leabhair anuis, agus hé arna dháingníughadh arís, tar éis chomhairle fúinneimheinduighe do dhénamh air, gé nach fhúil aimhearus againn air, go ngebhaid a bhfuil fár gcumhachduibh uile, eidir Cléireach agus Túata chugtha hé, do réir na húmhla dhlighid síad, agus go ngéillfidh gach áon aca dhó, ann gach ní bheanus ríu: Gidheadh fós doconncus dúinn, gur bhiomchubhaidh an tughdurrás thugamar dhó dfhoillsiughadh lér bfhógra fphuiblídhe, agus a aithne donuile dhuine eidir Chléirioch agus Túata, agus a chur dfhíachuibh orro, oileamhain dó, agus a chur a ngnáth, mar fhoirm fphuiblídhe sheirbhíse Dé, atá arna daingníughadh agus arna moladh do bheith ann sa Ríoghachdsa, agus gan a aitherrach do chleachda. Agus dhoríneamar soin, ar anadhbhar, a rabhadair do dhaóinibh fóghlumtha do láithir aindsin, eidir Easbog agus dhuine oile, gur ghealladair féin oilmhain dó agus a ghnáthughadh, achd amháin gur íarsad dhathchuinghidh oruinde, iomachar lé beagán ar feadh tamaill. Ar anádhbharsoin aithnidheimíd dá gach uile Aírdeasbog, Easbug, agus don uile oiffigeach fphuiblídhe oile, eidir Chléireach agus Túata, a noiffig dhó dhénamh ar chách chum umhlaighthe dhó, agus pionúdhas do thabhairt do luchd ar a bfhuighid cair dhá tháobh, do réir dhlightheadh na Ríoghachda sa, do daingnidheadh roimhe so, a dtáobh ughdurráis dho thabhairt don leabharsoin na nurrnaightheadh gcomhchoidchiond. Agus docíthear dhuinn mar an gcéunda go bfhuil na ríachdanus ales oroind, na fíachasa dho chur ar gach Airdeasbug, an túalachsa do chur ar gach Parráisde dá bfhuil fá na gcumhachduibh, mar atá lebhar dona lebhruibhsin do mínighedh mar a dubhrumar, dfhaghbháil, agus do bheith aca, táobh astigh dhon náimsir chuirfid féin síos do réir a ndeiscréide. Agus fá dhéoigh, dobheirmid fógra donuile dhuine, gan súil do bheith aca lé hathrúghadh ar bioth oile do theachd ar fhoirm chomhchoidchind fphuiblídhe sheirbhísi Dé, achd so atá anois arna dháingniughadh, agus gan áonnduine aca dho chur reimhe féin lé hanndánachd, an tathrúghadh soin do ghéunamh: Oir ní thiobhram slíghe dáonnduine a chur roimhe féin lé hanndánachd, an breitheamhnus rugamar féin ann a leithéide so dhádhbhar
thromdha, dho aithearrach, lé glúasachd indtinde spioraide édtroime ar bioth: Agus fós atá a fhios againd, méd na nulc theagmhus do Ríoghachdaibh, tré núaidhidheachd ar bíoth dhfhulang an aghaidh na neitheadh do cuireadh na suidhe cheana maille le comhairle chríonna: agus créd hé a mhéd rigtheraleas, bheith sesmhach dho ghnáth, a gcondmháil súas chomháonta fphuiblidhe na Stát: Or is amhluidh atá mishuáimhneas agus neamhthsheasmhachd ghlúasachda indtinde dháoine dháirighthe, ag tothlughadh gacha blíaghna aithearrach crotha dho bheith ar neithibh, iondus dá leantúidhe íad do réir a neamhsheasmhachda, go ndingéandaóis gach uile ghníomh bheanus ré Stát, lán dfhonamhad, agus do neimhchion: An mhéide gur ub hé maith gach uile mhaitheasa puiblidhe, na neithe do chonnmháil súas go seasmhach, do daingnidheadh lé comhairle chríonna. Tugadh so amach and ar Bpálás Weisdminsdir, an cúigeadh lá dhon Mhárta, an chéd bhlíaghain dár Rioghachd a Sacsain, san Bhfhraingc, agus an Eírind, agus an seachdmhadh blíaghain déug ar fhithchid dár Ríoghachd a Nalbain. Go gcomheda Dia an Rí.
ORDUGHADH TRATHA AGUS EASPURTA DO GHNATHUGHadh agus do radh. Adéarthar Trátha agus Easporta ann sanionadh dháirighthe don Eagluis, no don Tsheipel, no don choraidh a ngnathaighthear a rádh, achd muna thoirmisgidh uachdarán na Heagailsi hé: Agus anfa gach coraidh amhuil do chleachd sí. Agus ios ionchomharthaighe annso, go gcleachdfa an Minisdir anaimsir na Cummaoineach, agus gach uile uáir eile ag dénumh a mhinisdráldachd ánnsaNeaglais, an chulaidh do cuireadh a ngnás le hughdurrás an fpharliámeaint an dara bliaghan do rioghachd Edbhaird an seiseadh, do réir chomhíonta an fpharliameint atá a dtosach an Leabhair si. LEIGHEAND NA DTRATHA GACH AON LA AR FEADH NA bliághna. A dtosach thrátha agus easpurta, léighfidh an Ministir do ghuth fholus rádh éigin dona ráitibhsi an Scriobtuir mar so sios. Agus andséin adéra sé na neithe atá a ndhíaigh na ráiteisin. Giodhbé ar bíoth uáir, a ndénaidh an peacthach aithrígheann a fpeacthaibh ó ióchdar a chróidhe, cuirfe mé a uile lochda as mo chuimhne, a deir an Tighearna. Is aithnidh dhamh mo lochda féin, agus atáid mo fpheacthaigh do ghnáth am fhiaghnaisi. Iómpuigh thaghaidh ó nar bpeacthaib a Thighearna, agus sgrios amach ar nuile lochd. Is iodhbhairt do Dhía an spiorad dhóbrónach: na tabhair neimhchion a Thighearna ar na croidheaghaibh umhla comhbhrúite. Brisidh bhar gcroidheadha, agus ní hé bhar néadach, agus fillidh chum bhar Dtigherna bhar Ndía féin, ar anadhbhar go bhfhuil sé ceandsa trócuireach, agus go bhfhuil sé foighidneach roghrásamhail, agus an tí ar a bhfhuil doilgheas fá bhar mbhuaidhearthaibhsi.
Is leatsa a Thighearna Día bheaneas trócaire, agus maithfeachas, oír do threigeamairne thú, agus nír eisdiomar léd ghuth, iondas go dtiocfadh dhinn siúbhal ad dhlighthibhsi noch dho órdaigh tú dhúinn. Smachdaigh sinn a thigherna, agus fós maille lé breitheamhnus, agus ní maille lé roifheirg, deagla go gnaoifighthe agus go gcuirfighthe a neimbhrídh sinn. Dénaidh aithríghe, oír do dhruid rioghachd Dé lib: Racha mé a gceand mhathar, agus adéara mé ris, a Athair, do fpheacthaigh mé a naghaidh neimhe, agus a taghaidhsi, agus ní fiu mé feasda dho mhacsa dho ghairm dhíom. A Thighearna, na heirigh a mbhreithemhnus réd shearbhfhoghantuíbh, oír ní fhuil duine ar bioth na fhírén a tfhiaghnaisisi. Mádh a deirmíd nach fuil peacadh iondainn, atámaoid gár mealladh féin, agus ní fhuil an fhírinde againd. A Bhráithreachtha róionmhuine, atá an Sgriobtúr dár ngluásachd anionadaibh iomdha, chum ar bpheacthadh agus ar niomad lochd dádmháil agus do chráobhsgáoileadh, agus gan a leithsgél do ghabháil, iná folach do char orra, a bhfhíaghnaisi Dé na núile chumhachd ar nathair neamhdha: achd a nadmháil, maille lé croidheaghaibh úmhla, uirísle, aithríocha, áonda a ndochas go bhfhuigheadhmáois maithfeachas ionnta, tré na mhaitheas agus tré na thrócuiresean nách eidir dáiriomh ina dfhaisnéis. Agus gé go bhfhuil dfhiachaibh oroinn gach uile uáir, ar bpheacthaigh dhadmháil go humhal a bhfíaghnaisi Dé: giodheadh is romhó ina soin dhlighmíd sin do dhénamh, an tan chruinniomíd agus tigmíd a gceand achéile, do thabhairt bhuidheachais ar son na mórthiodhlaictheadh fúaramar as a lamhaibhsean, dfhoillsiughadh a mholtasan is mó is ionmholta, dhéisteas a bhreithre rónaomhthasan, agus diarraidh na neithe ata na riachdanas aleas, ar ar nanmannaibh agus ar ar gcorpaibh: ar anadhbhorsoin guidhimsi sibh agus iarraim dhathchuinghidh oraibh a bhfhuiltí dho láthair annso, bhar gcomhluádar do thabhairt damhsa, maille lé croidhe glan, agus le guth umhal a bhfhiaghnaisi árd chathaoireach na ngrás neamhdha, ag rádh na mbhriatharso um dhiáigh. ADMHAIL GHEINERALTA NA BPEACTHADH IS iónraidh don choimhthionól uile, a ndiáigh an Mhinistir ar angluinibh. A Dhé uilechumhachdaigh, agus a Athair róthrócuirigh, do chúadhmar ar seachrán agus do sgaramar réd shlighthibhsi, amhail cháorchaibh ar ndul amugha: Do leanamar go roi-iomarcach míangas agus toil ar gcroidheagh féin: do chiontaighmar anaghaidh do dhlighthe náomhtasa: do fhagbhaghmar
gan dénamh na neithe bhúdh chóir dhúinn do dhénamh, agus dorinneamar na neithe nar choír dhúinn do dhénamh, agus ní fhuil sláinte ar bioth ionnaind: Gidheadh a Thighearna dénasa trócaire orainn na peacthaigh thrúadhasa: coigilsi a Dhé an drong admhuidheas a gcionta: tabhair ar a nais arís luchd na haithrighe, do réir do ghealleamhna atá arna foilsiughadh don chineadh dhaonna an Iosa Críosd ar Dtighearna: agus tióghlaicidh dhuinn a Athair róthrócuirigh ar a shonsan, go dhtiocfadh dhinn ar mbheatha do chaitheamh ó so suás, go díaghdha, fireanda, measarrdha, chum glóire do thabhairt dod tainm naomhthasa. Amen. SGHAOILEADH, NO MAITHFEACHAS NA bpeacadh, ios ionráidh don Mhinisdir na áonar. Dia na nuilechumhachd, Athair ar Dtighearna Iosa Criosd, an tí leis nách mían bás an fpheacthaigh, achd lé na fearr a fhilleadh ó na lochdaibh agus a bheith béo, agus tug cumhachd agus aithne dha Mhinistríbh a fhoillseachadh agus a fhógra dá fphobol féin bhíos aithrígheach, sgáoileadh agus maithfechas a bpeacthadh: Is eisean dobheir maithfeachas agus sgaoiledh na bpeacthaibh don uile doní aithrighe fhírinneach, agus chréidios ó chroidhe dá shoisgél náomhtha. Ar anádhbharsoin irramáoid air, aithrighe fhírinneach agus a spiorat náomhtha dho thabhairt dúinn, iondas go madh taitneamhach leis na neithe atámuid do dhénamh anosa, agus go mbhía an chuid oile dár mbhetha ó so súas níamhghlan naomhtha, iondas gu dtiocfadh dhinn fá dheireadh toigheachd chum a sholáis shiórraidheisean, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Freagóraidh an pobul. Amen. Aínnsein tiondsgónaidh an Minisdir urrnaithe an Tighearna, do guth árd. Ar nathairne atá ar neamh, náomhthar thainmsi. Tigeadh do righachd. Déntar do thoil, ar talmhain amhuil doníthear ar neamh. Tabhair dhuinn aniu ar narán laoitheamhuil, agus maith dhuinn ar bfhiacha, amhuil mhaithmhidne dár bfhéitheamhnaibh féin. Agus na tréoraigh chum buaigheartha sinn, achd sáor sinn ó nolc. Amen. Ainnséin adéra an Minisdir mar an gcédna. A Thighearna osgail ar mbhéilne. Freagra. Agus foillseóchaigh ar mbhéoil do mholadhsa. An Minisdir. A Dhé, déna deithfir chum ar sáortha. Freagra. A Thighearna lúaithigh chum ar gcabhartha.
An Minisdir. Glóir don athair, agus don mhac, agus don spiorad naomh: Amhuil dobhí ar tosach, atá anois, agus bhías go síorraidhe a sáoghal na sáogal. Amen. Molaidhsi an Tighéarna. Ainnsein adérthar, no chanfuighthear an Psalm so leanas. Tigidh, adhmoladh an Tighearna, dénam gairdechus ró-mhór do chairrig ar slánaighthe. Dénam ina fhíaghnaisi maille lé breithbhuidheachais, dénam cainntic dho a Psalmaibh. Oír is Tighearna mór Día: agus is Rí mór hé, ós na huile Dhéibh. An tí gá bfhuil cuirre an talmhain ina láimh, agus is leis neart na sleibhte. Is leis an fhairrge, agus asé dorindhe hí: agus is iád a lamha dho chruthaigh an talamh thirím. Tigidh, adhram agus cláonam sinn féin: léigiom ar ar nglúinibh sind, a bhfiaghnaisi an Tighéarna do chruthaigh sinn. Oír is eisean ar Ndíane, agus is sinne pobul a inbheara, agus tréd a laimhe. Aníu madh aill libh éisdachd ré na ghuth, ná crúaidhighidh bhar gcroidheagha: amhail doríneadh san cheandairrc, a ló an chathaighthe san bhfasach. Sanait nar chuireadar bhar naithre cáthachadh oram, inar dhearbhadar mé, agus ina bhfacadar fós mo ghniomhartha. An feadh dha fhithchead blíaghan dobhí gráin agam ar an gcineadhsain, agus a dubhairt mé, gur fphobul seachránach ina gcroidheadhaibh iád, agus nách raibhe éolus mo shlighthe aca. Dá dtug mé mo mhionda am fheirg, nách rachdáois asdéach am ionadh suaimhneasa: Glóir don athair, agus don mhac, agus don spiorad náomh. Amhail dobhí ar tosach, atá anóis, agus bhías go síorraidhe a sáoghal na sáoghal. Amen. Aindséin leanfuid Psailm báisidhe a nordughadh, fá mar atáid arna gcur síos a gclárr dorínneadh chuige soin, achd muna raibhe psailm speicíalta arna nordachadh don lásoin. Agus an ndeireadh bhenedictuis, bhenedicite, Mhagnificat agus Nunc dimittis, adérthar. Glóir don athair, etc. Amhuil dobhí, etc. Aindséin léghfidhear dá Chabidil go soilléir do ghuth árd, iondas go gcluinfeadh an pobul. An chéd Chaibidil díbh, as an tsheantiomna: agus an dara caibidil as an Tiomna núá, amhail chuirthear síos iád is an gcalindtér: achd muna raibhe caibidleacha specíalta arna nórdughadh don lásoin: ar mbheith don Mhinisdir léghas an chaibidil na shassámh, agus dá iompúdh féin, ar chor go gcluinfeadh an mhéid bhías do láthair go soilléir hé. Agus ría gach aon chaib: á deará an Minisdir mar so: an chéd Chaib: nó an dara Caip: nó an treas Caip: nó an ceathrumhadh Caib: do Gheinisis no Dhexodus: do Mhatha nó do Marc, nó dhá leitheidibh eile, amhuil atá sé arna chur síos isan gcalindér. Agus andíaigh gach aon Chaip. adéra sé,
Isé so deireadh a leitheidso do Chaip. nó do leabhar. Agus ar chor gur ub féirde dochloinfeadh an pobul, is na háitibh ina ngnathaighid siád canntaireachd do dhénumh, is and sin leghfithear na Caip: do ghuth shothuigsena: agus an Eipisdil, agus an soisgél ar an modh gceadna. Andíagh na céd chaip: adérthar, Te Deum laudamus a ngáoidheilg go laoitheamhail ar feadh na bliaghna uile. Adhmolamáoid thú a Dhé, admhuidhmíd gur ab tusa an Tíghearna. Adhraidh an talamh uile dhuitsi, an tathair siórruidhe. Is duidsi arduighid na huile Angil a nguth, na flaitheamhnuis, agus a bhfuil do chomhachdaibh ionta. Is duidsi eimhghid na Cherubinigh agus na Seraphinigh do ghnáth (ag radh) is náomhtha, náomhtha, náomhtha, Tighearna Dia na slúagh. Atá neamh agus talamh lán do mhórdhachd do ghlóireisi. Molaidh coimhthion ól glórmhar na Napstal tú. Molaidh caidreadh bhreágha na bhfáigheadh thú. Molaidh slúagh uásal na Martíreach thú. Admhaidhigh an eaglais naomhta ar feadh an domhuin tú. Ad hathair na mórdhachda neamhchuimsighthe. Agus táon mhac onórach firinneach. Agus mar an gcédna an spiorad náomh an comhfhurtaightheóir. Is tussa Rí na glóire a Chríosd. Is tú mac síorraidhe an Athar. An uáir do ghabh tu láimh an duine do sháoradh, nír ghabh tú gráin roimh bhruinn na hóighe. An tan rug tu búaidh ar pheandaid an bháis, do osgail tú an rioghachd néámhdha dá gach uile dhuine chreidios. Atá tú ad shuidhe ar laimh deis Dé, a nglóir an Athar. Creidmídne go dtiocfa tú do chum bheith ad bhreitheamh oraind. Uime soin guidhmíd tú cabhair do thabhairt dod shearbhfhoghantaibh, do fhúasgail tú lé tfhuil mhorlúaigh féin. Cur fa deara a náireamh eidir do náomhaibh, an glóir shíorruidhe. O a Thíghearna slánaigh do fphobul féin, agus beandaigh thoighreachd. Ríaghlaigh iád, agus tógaibh suás go siórraidhe. iád. Adhmolmáoid thú o ló go ló. Agus onoraidhmáoid thainm do ghnath, a sáoghal na sáoghal. Aóntaigh dhúinn a Thighearna ar gcoimhéd aníu ó fpheacthaibh. A Thighearna déna trócuire oraind, déna trócuire oroind. A Thighearna tuirleadh do thrócuire oraind, do reir mar chuirmíd ar muinídhin ionnad. A Thighearna ios iondad do chuir mé mo mhuinidhin, na léig amhluádh oram go bráth. No nó an chainntig so, Benedicite omnia opera. Etc.
O a uile óibrighthe an Tighearna, beandaidhigh an Tighearna; molaidh hé, agus árduighidh hé go siórraidhe. O a Aingle an Tighearna, beandaighsi an Tighearna: molaidh he, agus árdaighidh hé go siórraidhe. O a fhláitheamhnuis neamhdha, beandaighsi an Tighearna: mol hé, agus árdaigh hé go siórraidhe. O a uile uisgeadha atá ós cíond na firmaméint, beandaighidhsi an Tighearna: molaidh hé, agus árdaighidh hé go siórraighe. O a uilechumhachda an Tighearna, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus árdaighidh hé go siórraighe. O a ghrían agus a ghealach, beandáighsi an Tighearna: molaidh hé, agus árdaighidh hé go siorraidhe. O a rélltanda neimhe, beandaighidhsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh hé go siórraighe. O a cheathanda agus a dhrúchd, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus árdaighidh hé go siórraighe. O a uile gháoth Dhé, beandhaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh hé go siórraighe. O a theine agus a theas, beannaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus árdaighidh hé go siórraighe. O a gheimhridh agus a shámhraidh, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus árdaighidh hé go siórruidhe. O a dhrúichd agus a shiocc, beannaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus árdaighidh hé go siórraidhe. O a leaca éighre, agus a fhúaichd, beandaighsi an Tighearna, molaidh hé, agus árdhuighídh hé go siórruighe. O a ghlaisshice agus a shneachda, beannaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus árduighidh hé go siórruidhe. O a óidhche agus a Láoi, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árduighidh hé go siórruighe. O a sholuis agus a dhorchaduis, beannaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus árduighidh hé go siórruídhe. O a theindteach agus a nélla, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus árdaighidh hé go siórruidhe. O beandaigheadh an talamh an Tighearna: moladh fós hé, agus árduigheadh hé go siórruidhe. O a shleibhte agus a chnochtha, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus ardaighidh hé go siórruidhe O a uile ní glas fhásas as an talamh, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árduighidh hé go siórruidhe.
O a thoibreacha, beandáighsi an Tighearna: molaidh hé agus ardaighidh hé go siórruidhe. O a fhairrgeadha agus a shrothanda, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus ardaighidh hé go siórráidhe. O a mhíolta móra agus a uile ní shuamhas sna huisgeadhaibh, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh hé go siórraidhe. O a uile énlaith anaighéoir, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus arduighidh hé go siórruidhe. O a uile ainmhidhe agus eallach, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh hé go siórraidhe. O a chlann na ndáoine, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh hé go siórraidhe. O beandaigheadh Iosrahél an Tighearna: moladh hé agus árduigheadh hé go siórruighe. O a Shagarta an Tighearna, beandaighidhsi an Tighearna: molaidh hé agus árduighidh hé go siórruidhe. O a shéarbfhoghantuighe an Tighearna, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh hé go siórraidhe. O a spiorada agus a anmanna na bhfirén, beandaighsi an Tighearna: moluidh hé agus árdaighidh hé go siorruidhe. O a dhaóine naomhtha na gcroidheadh umhla, beannaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh hé go siórruidhe. O a Ananias, Azarías, agus a Mhísael, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh hé go siórruidhe. Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don spiorat náomh, Amhuil dobhí ar tosach, atá anois, agus bhías go siórraidhe a sáoghal na sáoghal. Amén. Andíaigh an dara Caip: gnáthóchar agus adérthar Benedictus a ngaoidheilg mar so síos. Go madh beandaighthe an Tighearna Día Iosrahél, ar son gur fhiosraidh sé, agus gur fhuásgail sé a fphobol féin. Agus do thógaibh sé súas adharc na sláindte dhúinne, á dtigh Dhaibhíth a shearbhfhoghantuighe féin. Do réir mar dho labhair sé tré bhél a fháidheadh náomhtha féin, dobhí ann ó thús an domhuin. Go gcuimhdeóchadh sé sinn ó ar naimhdibh, agus ó láimh anuile dhuine aga bfhuil fúath dhuinn. Go ndingénadh sé trócuire ar naithreachaibh, agus go gcuimhneóchadh
sé ar a chondradh naomhtha féin. Agus ar na miondaibh lé a dtug sé móid Dabrahám ar naithairne, (adhón) go dtíubhradh sé dhuinn: Go mbheimís gan eagla ar nár sáeradh ó laimh ar namhad, chum seirbhísi do dhénamh dhó féin. A náomhthachd agus a bhfíreandachd na fiaghnaisisean, a laithibh ar mbeatha uile. Agus goirfighthear dhíodsa a náoidheanáin, fáidh an tí is áirde: oír rachaidh tú roimh aghaidh an Tighearna, dúllmhúghadh a shlightheadh. Do thabhairt éoluis na sláinte dha fphobul, tré mhaitheamnus na bpeacadh. Tré thrócuire nó mhóir ar Ndía féin, Iér fhiosraigh sé sinn ag éirghe ó (níonadh) árd: Do thabhairt shoillsi dhon drúing dobhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile an bhais, agus do dhiorghadh ar gcos a slighidh na siothchána. Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spíorad naomh: Amhuil dobhí ar tosach, atá anois, agus bhías go siórruidhe a sáoghal na sáoghal. Amén. No nó so. Psal. 100. Denaidh céol mór don Tighearna a uile luchd aitighthe an talmhun: dénaidh seirbhís don Tighearna maille lé gáirdeachus: Imghidh asteach ina fhíaghnuisi, maille lé neart luáthghára. Bíoth a fhios agaibh gur ub hé an Tighearna is Día ann: is eisean do chruthaigh sinn, agus ní sinn féin: is sinde a fphobulsan, agus caoirigh ainbheara. Imghidh asteach ina dhóirrsib maille lé breithbuidhechais, agus dá fphoirseadhaibh maille lé moladh: beiridh buidheachas leis, agus molaidh a ainm. Oir is maith an Tighearna, agus is siorruidhe a thrócuire: agus maruidh a fhírinde ó áois go háois. Glóir don Athair. Etc. Amhuil dobhí. Etc. Aindsein adéra an Ministir agus an pobul an Chré na seasadh. Creidim an día Athair na nuille chumhachd, cruthaightheoir neimhe agus talmhan. Agus an Iósa Críosd a áonmhacsan ar Dtighearnaine, nech do gabhadh ón spioradh naomh, rugadh lé Muire óigh, do fhuiling an fpháis fá Phuince Phioláid, do crochadh, do césadh, fuáir bás, agus do hadhlaiceadh, dochúaidh siós go hifreand, do éirigh ó mharbhuibh a gcionn an threas lá, dochúaidh súas ar neamh, shuidheas ar deis Dé Athair na nuille chumachd. As sin tiocfas do bhreith bhreithe ar bhéodhaibh agus
ar mharbhaibh. Creidím and sa spiorad náomh, an eagiais naomhtha choimhchoidchionn, comand na náomh, maitheamh na bpeacadh, éiseirghe na colla, agus an bheatha mharthanach. Amén. Agus ina dhíaigh so adérthar na hiorrnaighthe so sios ag easperta agus ag tráthaibh, agus ar mbheith don phobul uile ar a nglúinibh go cráibhtheach adéra an Minisdir ar tús do ghuth árd. Go raibhe an Tighearna maille libh. Freagra. Agus maille léd spioradsa. An Minisdir. Dénam urrnuighthe. A Thighearna déna trócuire oraind. A Chríosd déna trócuire oraind. A Thighearna déna trócuire oraind. Aindséin adéra an Minisdir, na Cléirigh, agus an pobul an fhpaidir a ngaeidhilg, do guth árd, ag rádh. Ar Nathairne atá ar neamh, etc. Aindséin ar néirighe na sheasadh don Mhinisdir, adéra sé. A Thighearna foillsigh do thrócuire dhuinn. Freagra. Agus tioghlaic dhuinn ar slánughadh. An Minisdir. A Thighearna cáomhain an Rí. Freagra. Agus éisd lind go trócuireach an tan ghudhmíd thú. An Minisdir. Eádaigh do Mhinisdridhe lé firéndachd. Freagra. Agus tabhair fa dera dod fphobul tóghta féin bheith forbhfaóilteach. An Minisdir. A Thigearna slánaigh do fphobul féin. Freagra. Agus beandaigh thoighriochd. An Minisdir. A Thighearna tabhair sithcháin lé nar linde. Fragra. Do bhrídh nách fuil aoinneach oile do dhénadh cathughadh tar ar gceánd, achd tussa amhain a Dhé. An Minisdir. A Dhía cruthaigh croidheadha glana iondainn. Freagra. Agus na beir do spiorad naomh uáinn. Aindséin adérthar trí hórrthana. An chéd orrtha díbh, orrtha an láoi in a bhfuil tú, mar atá arna ordachadh ag an gcumáoineach. An dára hórrtha, ar son na síthchána. An treas órrtha ag iárraibh grás chum beatha fhirenda do thabhairt dhuinn. Agus ní haithréothar an da órrtha dheigheanacha, achd adérthar iád go láóithemhail ag tráthaibh ar feadh na bliaghna, mar so síos.
An dara hórrtha ar son na síóthchána. O a Dhía, noch is ughdor don tshíothcháin, agus lé na róionmhuin an réitioch, ag ar ub hé is beatha mharthandach dhuínn éolus dfhaghbhail ortsa, agus ag ar ub ríoghachd bheith an ógláchas agad: cáomhain sinn do shearbhfoghantaighe úmhla féin ó uile iondsuidh ar namhad; iondas mar chuirmíd ar ndóchas diongmhálta and do chumhdachsa oraind, nách riocfamh aleas eagla do bheith oraind ré cumhachda én easgarad, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. An treas orrtha ag iarruidh grás. A Thighearna ar Nathair neamhdha, agus a Dhía shíorraidhe na nuillechumhachd, noch thug sinde slán chum tosaigh an láoi aníu, cumhdaigh sind, and léd mhórchumhachdaibh, agus bronn duinn gan sinn do thutím a bpecthadh ar bioth, na do theagmháil an áoin ghné ghúasachda and: achd ar ngniomhartha uile do bheith ar ordúghadh thúachdaránachdasa, indas go ndiongnam do ghnáth na neithe atá cóir ad tfhiaghnaisi, tré Íósa Críosd ar Dtighearna. Amén.
ORDUGHADH EASPORTA AR FEADH NA BLIAGHNA. Adéra an Minisdir mar so. Ar Nathairne atá ar neamh. etc. Adéra sé mar an gcédna. A Thighearna oscail ar mbéilne. Freagra. Agus foillséochaid siád do mholadhsa. An Minisdir. A Dhia dena deithfir chum ar saortha. Freagra. A Thighearna lúaithigh chum ar gcabhartha. An Minisdir. Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don spiorad naomh: amhail dobhí ar tosach, atá anois, agus bhias go siórraidhe, a sáoghal na saoghal. Amén. Molaidhsi an Tighearna. Andsein leanfaidh na Psailm a nordúghadh, do réir mar chuirthear síos iád a gclár na Psalm: achd munadh rabhaid Psailm specíalta ar na hordughadh don lasoin. Ana ndiaigh sin leighfighthear Caibidil don tsheintiomna, amhail chuirthear sios is an gcailindter mar an gcédna: achd muna raibhe caibidleacha specíalta arna nordughadh don lásoin: ina dhiaigh sin, a derthar Magnificat a ngáoidheilg, mar so síos. Adhmolaidh mhanam an Tighearna, agus dos mo spiorad gáirdeachus ar son Dé ma shlanaightheoir. Oir do fhéch se ar ísle a bhanóglaighe féin. Oír féch, ó so feasta adéruid na huile áosa meisi do bheith beannuighthe. Oir dorinne an té atá cumhachdach neithe móra dhámhsa, agus is beannuighthe a ainm. Agus atá a thrócaire ó aois go háois, don dréim ar a bhfhuil a eagla. Dorinne se gníomh láidir léna láimh, do leathnuigh sé na dáoine uáibhreacha lé smuaintighthibh a gcroidheadh féin.
Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcatháoiribh, agus do árduigh sé na dáoine umhlá. Do líon sé na dáoine ocracha lé neithibh maithe, agus do chuir sé uádha na dáoíne saidhbhre folumh. Do thógaibh sé suás Israhél a shearbhfhoghantuigh féin, chum go gcuimhnéochadh sé ar a thrócuire: (mar dho labhair sé lénar naithreachuibh (adhón) Abrahám, agus lé na shíol) go bráth. Gloir don Athair, etc. Amhail dobhí, etc. No mó an Psalm so. O Canaidh don Tighearna candtic núa, do bhrígh go ndérna sé neithe iongantacha. Lé na laimh dheis féin, agus lé bun ridheadh a naomhthachda, rug sé búaidh dhó féin. Dorinne an Tighearna follas an slanúghadh dobheir sé uádha: do nochd sé a fhíréndachd a bfhiaghnaisi na gcineadhach. Do choimhnigh sé a thrócuire agus a fhirinne do theach Israhél: dochondcadar leithimill an domhuin uile an slánughadh dhobheir ar Ndiáne uádha. Dénaidh céol mór don Tighearna a uile luchd áitighthe an talmhan: árduighidh bhar ngothanda, foillsighidh a mholadh, agus dénaidh céol. Dénaidh céol don Tighearna ar an gcláirsigh: gabhuidh Psailm Mholta leis an gcláirsigh. Lé galltrompthaibh agus lé fuáim bhondán, dénuidh céol mór a bfhiaghnaisi an Tighearna an Rí. Béictheadh an fhairrge maille lé na bfhuil indte: an domhan comhchruind, maille lé a luchd áitighthe. Búaileadh na srothanda a mbhasa lé gáirdeachas: agus dénadh na sléibhte comhghairdeachas, a bhfiagnuisi an Tighearna: oír táinic sé do dhénamh breitheamhnuis ar an dtalmhuin. Doghéna sé breitheamhnus, ar a ndomhan a gcomhthrom, agus ar na poiblibh do réir cheirt. Glóir don Athair, etc. Amhail etc. Ainnséin léghthar caib: don tíomna núa. Agus ina dhíaigh sin, Nunc dimittis, a ngaoidheilg mur so siós. A Thighearna anois léigeas tú do shearbfhoghantuighe fá sgáoil a shithcháin, do réir tfhocail. Oír dochondcadar mo shúile do shlánughadhsa. Noch do ullmhuigh tú a bhfíaghnaisi na nuille fphobul. Solus doghéna soillsi do na cineadhachuibh, agus glóir do
fphobail féin Israhél. Glóir aon Athair, etc. Amhuíl dobhí, etc. No nó an Psalm so sios. Go ndéna Día trócuire oruinn, agus go mbeannuighe sé sinn: go ndéallruighe sé a aghaigh féin dúinn, agus go ndéna sé trócuire oruind. Chum go bhfuigheadhmáois éolus do shlidheghsa ar an dtalmhuin, agus na huile chineadhaigh ar an slánughadh (thig uáit). A Dhé moladh an pobul tú: moladh fós an uile fphobul tú. Bíoth gairdiochas agus lúathgháir romhór ar na cineadhachuibh: oír dodhéna tú breitheamhnus ar na poibleachuibh do réir chirt: agus búdh tú bhus tréoraighthóir ar na cineadhachaibh ar an dtalamh. A Dhé moladh an pobul tú, moladh fós anuile fphobul tú. Tug an talamh a toradh féin uáithe: go mbheanduighe Día, ar Ndía féin sinn. Go mbheandaighe Día sind: agus go raibhe a eagla ar imlibh na talmhain uile. Glóir don Athair, agus don Mhac, etc. Amhuil dobhí, etc. Aindséin a dórthar an Chré, maille lé hurrnaighthibh eile, mar cuirthear síos roimhe sna tráthaibh a ndíagh bhenedictuis, agus maille lé trí horranthuibh. An chéd orrtha dhíobh, órrtha an láoi sin. An dara hórrtha, ar son na síothchána. An treas órrtha chum ar dteasairce ón uile ghuasachd, mar atá so siós. Agus adérthar an dá órrtha dhéigheanacha soin go láoitheamhuil a neasporta gan athrúghadh. An dara hórrtha ag Easporta. A Dhía ó dthigidh na huile mhían náomhtha, an uile dheaghchomhairle, agus na huile dheaghoibrighthe: tabhair dod shearbhfhonghantaibh féin, an tsíothchain nach feadand an saoghal do thabhairt uádha, iondas go dtiocfadh nar gcroidheadhaibh bheith umhal do taitheantaibhsi, agus an mbheith cumhdaighthe dhúinn ó eagla ar námhad, go dtiocfadh dhínn ar náimsir do chaitheamh a súaimhneas agus a síothcháin, ar son fpháisi Iósa Críosd ar slainaighthéoir. Amén. An treas órrtha ag iárruidh ar Dhía ar ndídean ónuile ghúasachd. Guidhmíd tú a Thighearna a Dhé, soillsigh ar ndorchadas, agus dod thrócuire rómhoir féin, cúmhdaigh sinn ó uile ghabhadh agus ghuasachd na hoidhcheisi, ar ghrádh háoinmhic féin ar slánaighthéoir Iósa Críosd. Amén.
A bhfhéiltibh na Nodlug, chind an dá lá dhég, Mhathías, na Cásg, deírdáoin déasgabhála, na Cingcíse, Eóin bháisde, San Seum, fpharthalóin, Mhatha, Shimóin agus Iúd, Andrías agus Dhomhnaigh na Trinoide canfuighthear nó adérthar do láithir a ndíaigh Bhenedictuis an admhail so ar gcreidimh críosdaidhe. Giodhbé lén ub mían a shlánughadh, is éigean do roimhe anuille ní, an creidiodh comhcoidchionn do bheith aige. Agus muna choimhéda gach áon an creidimhsin, go hiomlan neamhuireasbhach, gan chunntabhairt rachaidh sé amugha go siorruidhe. Agus a sé so an creideadh comhchoidchionn: adhradh dáon Ndía a dtrionóid, agus don trinóid anáon ndiadhachd. Gan sind do chur na bpearsan tridh na cheile, ina do? roind na substainnte. Oir atá pearsa ar leith ag an Athaír: agus pearsa oile ag an Mac: agus pearsa oile ag an spiorad naomh. Giodheadh is ionand díadhachd don Athair, agus don Mhac, agus don spiorat náomh: is ionand gloir dhóibh, agus mórdhachd shíorraidhe. Mar atá an Thathair, is mar soin atá an Mac, agus is mar soin atá an spiorad naomh. Nior cruithigheadh an tathair, níor cruithigheadh an mac, agus níor cruithigheadh an spiorad naomh. Atá an Tathair neamhchuimsighthe: atá an mac neamhchúimsighthe: agus an spiorad naomh neamhchuimsighthe. Atá an Tathair siórraidhe: atá an mac síorruidhe, agus atá an spiorad náomh síorruighe. Giodheadh ní trí Dhia shiorruidhe iád, achd áon Ndía síorruidhe. Do réir mar atáid siad na dtíutr nár cruithigheadh agus na dtriúr: gan choimsiughidh: achd na naon gan chruthughadh, agus na náon gan choimsíughad. Mar an gcédna, atá an Tathair uilechumhachdach: agus an mac uilechumhachdach, agus an spiorad náomh uilechumhachdach. Giodheadh ní trí Dhía uilechúmhachdach iád, achd áon Ndia uilechumhachdach. Is mar soin atá an Tathair na Dhía: agus atá an Mac na Dhía: agus atá an Spíorad naomh na Dhía: Giodheadh ní trí Dhía iád, achd áoin Ndía. Mar an gcéudna atá an Tathair na Thighearna: atá an Mac na Thighearna, agus atá an Spiorad náomh na Thighearna. Giodheadh ní trí Thighearna iád, achd aoin Tighearna. Oir mar is éigein duinn do réir na fhírinde críosdaighe, a admhail, go bhfuil gach aoinfphearsa dhíobh lé féin na Dhía, agus na Thighearna: Is már an gcéudna thoirmisgeas an creideamh Catoilice iomúin a radh, go bhfuil trí Dhia ná trí Tighearnadha and. Ní dearna, agus níor cruithigheadh, agus níor geineadh an Tathair lé neach ar bioth.
Is ón Athaír amháin atá an Mac, ní dearnadh, agus níor cruithigheadh, achd do geineadh hé. Is ón athair, agus ón mhac atá an Spiorad naomh: ní dearnadh, agus níor cruithigheadh, agus nior geineadh hé, achd atá sé uátha. Ar anadhbharsoin, atá aón Athair and, agus ni fhuilid trí Haithreacha: ata aon Mhac, agus ní thrí Mic: atá aón spiorad naomh and, agus ní fhuilid tri spiorada naomhtha and. Agus ios an trínóidsi ní fhuil pearsa roimh na a ndíaigh achéile, ní fhuil pearsa is mó ina is lugha ina chéile. Achd atáid na tri pearsana comhshíorraidhe agus comhuásal lé chéile. Iondas is na huile neithibh, (mar a dubhradh anosa romhuind) go bhfuil an aontshubstaint san trinóid, agus an trínoid an aonthsubstaint lé na hadhradh. Ar an adhbharsoin gidhbé lé na ab mían a shlánughadh, breathnuigheadh sé mar so an Trionóid. Tuilleadh oile, is eigean do neach chum na beatha marthanuighe dhfaghbhail, a chreideamh go diongmhalta mar an gcedna, gur ghabh Iósa Criosd ar Dtigearna caland daonna uime. Oir a sé so an creideadh firindeach, sinn do chreideadh agus do admháil, go bhfuil ar Dtighearna Iósa Criosd mac Dé, na Dhía agus na dhuine. Is Día hé do geineadh do shubstaint an Athar roimh shaoghul na saoghal: agus is duine hé do shubstainnt a mhathar, rugadh ar an saoghal. Dia iomlán agus duine iomlán, ceangailte dha cheile, dhanam résúnta agus do corp daonna. Coimhionand agus an Tathair do réir na díaghachda: agus is ísle ina an Tathair do réir a dháonnachda. Agus giodh atá sé na Dhia agus na dhuine, fós ni fhuil sé na dhías, achd na áon chríosd. Na aon Chríosd ní leis an díadhachd do iompúdh an ndáonnachd: achd leis an ndaonnachd do ghlacadh chum na díadhachda. Na áon go díongmhalta, agus ní lé cumasg na substainnte, achd lé háondachd na pearsan. Oir mar is aonduine an tanam résúnta, agus an cholann: is mar soin atá Día agus duine an áonchriosd. Noch do fhulaing an fpháis chum sinne do shlánachadh: dochuaidh síos go hifreann, doríne an éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá: Dochúaidh súas ar neamh, shuidheas ar deis Dé Athair na nuilechumhachd: as sin tiocfas do bhreith bhreithe ar bhéodhuibh agus ar mharbhuibh. Agus agá theachd soin is eigean dona huile dháoinibh éiseirghe maille lé gcorpuibh, agus cunndas do thabhairt uátha ina ngníomharthaibh fhéin. Agus rachuid luchd na ndeadhghniomh chum na beatha marthanáighe: agus luchd na ndrochghniomh chum na teineadh síorruidhe. Isé so an creideamh comhchoidchiond, agus giodhbé nach creidfidh hé go
daingean diongmhalta, ní bhúdh éidir a shlánughadh. Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad náomh: Amhuil dobhí ar tosach, atá anois, agus bhías go síorruidhe a saóghal na sáoghal. Amén. Ios mar so chríochnaighthear ordughadh Trátha agus Easporta ar feadh na blíaghna.
NA LIODAIN. AG SO SIOS NA LIODAIN. I. URRNAIGHTHE DHUTHRACHDACH CHUM NA TRIOnóide, is ionráidh Diadomhnaigh, Diacédaoin agus Diahaoine, agus fós a láithibh oile an tan oirdéochaid na Heaspoig a rádh. A Dhía a Athair neamhdha, dénaidh trócuire oruind na peacthaigh thrúaghasa. A Dhía a Athair neamhdha, denahi trócuire oruind na peacthaigh thruaghasa. A Dhé a Mhic, a shlánaighthéoir an domhuin: déna trócuire oruind na peacthaigh thrúaghasa. A Dhé a Mhic, a shlánaightéoir an domuin, dena trócaire oraind na peacthaigh thrúaghasa. A Dhé a Spiorad naomh, noch tig óNathair, agus on Mac, déna trócuire orainn na peacthaigh thrúaghasa. A Dhé a Spiorad náomh noch tig óNathair, agus ón Mac, dena trócuire oruind na peacthaigh thrúaghasa. A Thríonóid naomhtha, bheandaighthe, ghlórmhar, a thrí pearsana agus áoindía amhain: déna trócuire oroinn na peacthaigh thrúadhasa. A Thríonóid náomhtha, bheandaighthe, ghlórmhar, a thrí pearsana agus áoindía amháin: déna trócuire oroinn na peacthaigh thrúaghasa. A Thighearna na cuimhnigh dhuinn ar gcionta, naid cionta ar sionnsear, agus na déna indeachadh oruind far bpeacthadhuibh: Coigil sinn a Thighearna thrócuirigh, coigil do fphobul féin, do fhúasgail tú led tfhuil mhorluaigh féin, agus na bí feargach rind go síorruidhe. Coigil sinn a Thighearna throcuirigh. Onuile fpeacthadh agus olc, ó thubaisde, ó chealgaibh agus ó iondsaighthibh an Díabhúil, ó tfheirg féin, agus ón damnadh shíorruidhe. Sáor sind a Thighearna thrócuirigh. Onuile dhoille chroidh agus indtinde, ó úabhar: ó ghlóir dhiomhaoin, ó fhúarchrábhadh, ó thnuth, ó fhúath, o mhalis, agus onuile neamhthrócuire. Sáor sind a Thighearna thrócuirigh. O stríopachas, agus ó gach uile fpeacthadh marbhtha oile, ó uile mhealltoireachd an tsháoghail, na codla agus an díabhail: Sáor sind a Thighearna thrócuirigh. O thíndteach agus ó sdóirm, ó fplaigh, ó easláinte, ó ghorta, ó chogadh, ó dhúnmharbhadh, agus ó bhás oband. Sáor sind a Thighearna thrócuirigh. On uile run fill agus fhealltáomuighe, ónuille theagasg fhallásach eiriticach, ón uile chrúas croidhe, agus ó tharcaisne do thabhairt ar do bhreithir agus ar haítheantaibhsi: Sáor sind a Thighearna thrócuirigh. Tré sheicréid do theachda naomhtha san cholaind, do bheirthe, do thimchillghearrtha, do bhaisdeadha, do throisgidh agus do bhúadhearthadh. Sáor sind a Thighearna thrócuirigh. Tréd hamhlúadh indtinde agus hallas fola, tréd chrochadh agus thréd fpháis,
tréd bhás mórluaigh agus tréd hadhlacadh, tréd héiseirghe ghlormhair, agus tré do dhul súas ar neamh, agus tré theachd an spiorad náoimh. Sáor sind a Thighearna thrócuirigh. An uile áimsir ar mbuaidheartha agus ar socrachda, anuáir an bháis, agus a ló an bhreitheamhnuis. Sáor sind a Thighearna thrócuirigh. Guidhmídne na peacthaigh thruadha thú eisdeachd lind a Thighearna, agus gu madh toil leat heaglais náomhtha chomhchoidchiond féin do riaghladh, agus do sdíureadh san slighidh chóir. Guidhmid thú eisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat do shearbhfhoghantaigh Séamus ar Rí, agus ar nuachdarán mórghrásamhail do choimhéd, agus do neartughadh and do sheirbhís fhírindigh féin, a bhfhíreandachd agus a náomhthachd bheatha. Guidhmíd tú eisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat a chroidhe do riaghladh ann do chreideadh, ann teagla agus and do ghradh: iondas go bfédfadh sé do ghnáth á dhóchas do char iondadsa, agus do ghlóir agus tonóir diarruidh agus do mhédugadh sna huile neithibh. Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat a choimhéd agus a dhídean, agus buáidh do thabhairt dó ar a uile naimhdibh. Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat ar mbhannrioghan roorrdhraic uásal Anna, an Prionnsa Hannrí, agus an chuid eile dhá sliochd, do bheannughadh, agus do choimhéud. Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat gach uile Easpog, aoghaire spioritalta, agus Mhinisdir da bhfhuil ad teaglaís do dheallrughadh le héolus fírindeach, agus lé tuigsidh dhíóngmhala do bhréithri: íondas go madh féidir léo lé na dteagasg agus lé na mbheatha ghlain, hí do sheanmóir agus dfhoillsíughadh mar is cóir. Guimíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat grása, eagna agus tuigsi do thiodhlacadh do thighearnaibh na comhairle, agus dúaislibh na rioghachda go huilidhe. Guimíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat na hoifigigh atá ós ar gcionn do bheandughadh agus do choimhéd, agus grása do thabhairt dhóibh chum na córa do dhénamh agus chum na fírinde dho chosaint. Guidhmíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat do fphobul féin uile do bheandughadh, agus do choimhéd. Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat aoinindtind, siothcháin, agus réitioch do thabhairt do na huile chineadhachaibh. Guidhmid tu éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat do ghrádh féin, agus heagla do chur in ar gcroidheadhaibh, agus ar mbheatha do chaitheamh go duthrachdach do réir haitheanta. Guidhmíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat, biseach grás do thabhairt dod fphobul féin go
huilidhe, chum do bhréithresi déisdeachd go humhal, agus do ghabháil chugtha lé croidhe glan, chum go dtiobhradaois toradh an spiorad naomh uátha. Guimíd tú éisd lind a Thigheárna Thrócuirigh. Gu madh toil leat an mhéid atá ar seachrán agus ar na mealladh do thabhairt ar an ais chum slighidh na fírinne: Guidhmid thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat an mhéid atá na seasadh a slighe na fírinde do nertughadh, cabhair agus comhfhurtachd do thabhairt dona daóinibh meirbhchrideacha, na dáoine atá ar dtuitím do thogbháil súas, agus fa dhéoigh ananspiorad do bhrughadh fár gcosaibh. Guidhmid tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat cumhdach, cungnadh agus comhfhurtachd do thabhairt do gach uile dhuine da bhfhuil a nguasachd, a riachdanasleas, nó a mbuaidheart. Guidhmid thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat gach uile dhuine atá ar slighe nó ar turus, ar muir nó ar tir, gach uile bhean ar a bhfhuil teindeas leinb, gach uile dhuine easlán, agus gach naoidheanán do choimhéd agus do chomhfhurtachd, agus do thrócuire dfhoillsiughadh dá gach uile dhuine atá a mbhraighdeanus agus a bpríosún. Guidhmid tú eisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat na dilleachdadha agus na baintreaphthacha do choimhed, agus anámhghar dfhoirighthin, agus ámhghar gach duine oile atá a ndolás no fa leatrum. Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat trócuire do dhénumh ar gach uile dhuine. Guimíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Gu madh toil leat maitheamhnus do thabhairt dar náimhdibh, do luchd ar ndíbeartha agus sgannala do thabhairt dúinn, agus a gcroidhthe diontódh chum aithrighe. Guidhmíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Go madh toil leat tairthe ná talmhan do thabhairt agus do choimheud duinn, ionnas go bfhuigheam iád lé a gchaitheamh go measarrdha na nám fhéin. Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. Go madh toil leat aithríghe fhírindeach agus maithfeachas ar nuile fphecthadh, agus mhaidneachdna agus anbhfisi do thabhairt duinn, agus grás an spiorad náomh do thioghlacadh dhúinn, chum ar mbheatha do leasughadh do réir do bhréithre naomhthasa: Guidhmid thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh. O a mheic Dé, guidhmíd tú éisd lind. A mhic Dé guidhmíd tú éisd lind. O a uáin Dé sgriossas peacthadh an domhuin. Tabhair do shíothcháin féin duinn. O a uáin Dé sgriossas peacthadh an domhain: Déna trócuire oroind. O a Chríosd éisd lind: O a Chríosd éisd lind. O a Thighearna déna trócuire oroind. O a Thighearna dena trócuire oroind. O a Chríosd déna trócuire oraind. O a Chríosd déna trócuire oraind.
O a Thighearna déna trócuire oroind: Dia thighearna déna trócuire oraind. Ar nathairne atá ar neamh, etc. Agus na tréoraigh chum búaidheartha sinn. Achd saor sinn ó nolc. Amen. A Thighearna ná tabhair dhuinn do réir ar bpeacthadh. Agus na tabhair cúitiughadh dhuinn do réir ar míghníomh. Dénam urrnaighthe. A Dhía a Athair thrócuirigh, nach tugand tarcuisne ar osnadhaigh na ndaoine gá bhfhuilid croidhtheacha tuirseacha, agus nach tabhair neamhchion ar na dáoinibh dobrónacha, gabh chugad go trócuirioch ar nurrnaighthe, noch donímíd a tfhíaghnaisi in ar nuile amhgharaibh: iondas go rachdaois na huile chealga doní an díabhal nó na daoine in ar naghaidhne, ar míchrich, agus go gcuirfidhe a neamhthadhbhachd iad lé cumhachdaibh do dhiaghachdasa, iondas ar mbheith dhuine do shearbhfhoghantuighe féin, sáor slán ónuile aimsiughadh, go mbheimis do ghnáth ag tabhairt bhuidheachais duitsi a measg do fphobuil náomhtha fhéin, tre Iosa Críosd ar Dtighearna. A Thighearna éirigh, fóir oruind, agus sáor sinn ar son hanma féin. A Dhia dochúalamar dar gcluasaibh féin, agus do fhollsighdar ar sinnsir dhuinn, na hoibrighte uaisle iongántacha dorinde tusa lé na linn féin, agus and sa tsheanáimsir rompa. A Thighearna éirigh, fóir oruind, agus sáor sinn ar son honóra féin. Glóir don Athair, etc. Amhail dobhí etc. O a Chriosd sáor sinn ar nar naimhdibh. Fech go grasamhail ar ar namhgharaibh. Tabhair haire maille lé truaidhe, do thuirsi ar gcroidheadha. Maith go trócuireach peachthadh do fphobuil féin. Eisd lé ar nurrnaighte go fabhorthach maille le do thrócuire. O a mhic Daibhíoth déna trócuire oroinn. Ní hí amhain anosa, achd mar an gcéudna do shíor go madh toil leat éisdeachd rind ó a Chriosd. O a Chríosd éisd lind: ó a Thighearna a Iósa Críosd éisd lind go trócuireach. O a Thighearna foillsigh do throcuire dhuinn. Amhuil atá ar ndóchaisne iondad. Dénam urrnaighthe. O a Thighearna iarmuid ort féchain go trócuireach ar ar neagcrúas, agus ar son ghlóire hanma féin fill uaind go trócuireach an
uile olc do thuilleamar ó cheart ar son ar bhfeacthadh: agus déonaigh dhuinn ar nuille dhóchus agus mhuinighin do chur and do thrócuiresi anáimsir ar nuile ghúasachda: agus seirbhís do dhéunamh dhuitsi go síorruidhe a bfhiorghloine beatha, chum glóire do thabhairt do tainm naomhtha, tré Iosa Críosd ar naoinfhear réitigh, ar náidhne, agus ar slánaighthéoir. Amén. Urrnaighthe ar son an Rígh. O a Thighearna ar nathair neamhdha, ó a áirdríogh na nuilechumhachd, a rígh na riogh, a Thighearna na dtighearnadh, agus a uachdaráin na nuile fphriondsadh, noch fhéchus ód hárdchatháoir ríogha ar uile áitreabhaigh na talmhan, guídhmíd tú go humhal, haire dho thabhairt go trócuireach agus go fabharthach dár náirdtighearna roghrásamhuil ar ríogh Seumus, agus a choimhlionadh do ghrásaibh an spiorad naomh: iondas go dtiobhradh sé hé féin do ghnáth chum do thoillesi do choimhlionadh, agus chum siobhail do réir do reachda: líon hé go huilidhe do thiodhlacadh an spiorad náomh: agus déonaidh dho sáoghal fada maille lé sláinte agus lé conách: neartaigh hé, iondas go dtiocfa dhe treisi agus buáigh do bhreith ar a naimhdibh uile, agus déonaigh dhó tar éis na beathasa, an bheatha mharthanach, a solás bhiothbhuan, tré Iosa Críosd ar dtighearna. Amén. Urrnaighthe ar son na Banrioghna agus an fprionnsa, agus na coda eile do chloind an Riogh agus na Banríoghna. O a Dhé uilechumhachdaigh, noch dhó gheall bheith a tathair ag ad chloind tóghtha féin, agus gá sliochd, guidhmíd go humhal thú fád bheanachdain do dhórtadh go rólíonmhar ar ar mbhannrioghain roghrásamhuil Anna, ar an bprionnsa Hannri, agus ar shliochd an Ríogh agus na Bannrioghna go huilidhe: tabhair dhóibh do spiorad náomhtha féin: tabhair do ghrása neamhgha go saidhbhir dhóibh: cur rath orrtha maille leis an uile shonas, agus tréoraigh iád chum do ríoghachda síorraidhe féin, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. O a Dhé bhiothbhúain na nuilechumhachd, ós tú féin amháin doní neithe iongantacha móra, cuir anúas ar ar neasbogaibh, agus ar ar náoidhairibh
spioratalta, agus ar an bpobul eile do thaobhuigh tú léo, spiorad chabhartha do ghrás, agus doirt orra drúchd síorraidhe do ghrásd, iondas go dtiocfadh dhíobh do thoilsi do dhéunamh go fírinneach: brond so dhúinn a Thighearna ar son onóra ar naidhne, agus ar bhfir réitigh .i. Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. Urrnaighthe Chriossosdamuis náomhtha. O a Dhía shíorraighe na nuilechumhachd, noch thug grasda dhuinn a bhfhuilmíd do lathair andso anois ar nurrnaighthe do dhénamh daonindtinn chugadsa, agus gheallus, giodhbe huair chruindighid días nó tríur a gceand a chéile a tainmsi, go neisdfidh tú go trócuireach lé a nurrnaighthibh: guidhmíd thú fá athchuingidh agus urrnaighthe do shearbhfhoghantuighthe féin do choimhliónadh, mar is mó dochifighthear duitsi a ndul a bhfoghnamh dhuinn, agus tabhair dhuinn ios an bheathasa éolus dfhaghbhail ar thfírinde féin, agus is an sáoghal atá ag teachd an bheatha mharthanach. Amén. 2. Corinth.13. Go raibhe grása ar dtighearna Iósa Críosd, grádh Dé, agus cumand an spiorad naomh, maille lind uile go síorraidhe. Amén. Urrnaighthe ag iárruidh fearthana, anám an ríachdanuis. A Dhé a Athair neamhdha, noch do gheall thré do mhac féin Iósa Críosd don uile dhuine iárrus do righeisi agus a fírendachd gach uile ní fhónas don bheatha so do láthair: tabhair dhuinn anois anáimsir an riachdanais, fearthain agus ceathanda measarrdha, iondas go bhfédfam tairthe na talmhan dfhaghbhail do chomhfhurtachd ar gcorp, agus chum onóra dho thabhairt do tainmsi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. Urrnaighthe ag iarruidh Soininde.
O a Thighearna Dia, noch do bháith an domhan uile áon uair ar son fpheacthaigh na ndáoine achd amháin aon ochdar, agus ina dhiaigh soin do gheall dod mhorthrócuire féin gan a bháthadh o soin suás go bráth: guidhmíd thú go humhal, giodh dho thuilleamar ar son ar míghniomharta án fphlaigh fhearthanna agus uisgeadh so do theachd oruinn, go madh toil leat fós, ar dtabhairt aithríghe firindighe dhuinn, a hiondshamhuil soin dhaimsir do char chugaind, iondus go bfhedfam tairthe na talmhan dfhaghbhail anam iomchubhuigh, agus ar bhfaghbhail teagaisg duinn leis an dióghaltas so, go bhfhoghlamaois ar mbheatha do leasúghadh, agus go dtiucfadh dhinn ar son na trócuire fhoillsigheas tú oraind, thussa do mholadh agus donórughadh, trí Iosa Críosd ar dtighearna. Amén. Urrnaighthe ios ionraidh, anáimsir dháoirse agus ghorta. O a Dhía, a Athair neamhdha, lé dtig an fhearthain dod thioghlacadh, agus tairthe na talmhan, biseach na hairnéisi, agus anéisg: tabhair dhod thaire maille lé trócuire búaidheartha do fphobuil féin, agus tioghlaic dhuinn an daoirsi agus an ghortaso, noch do thuilleamar anois ó do cheartbhreitheamhnasa do chur oraind tré nar bpeacthaibh, a bfhilleadh tré do mhórthrócuire, a bfhairsinge agus a lionmhuireachd: brond so dhuinn a Athair na trócuire, ar son ghradha Iósa Críosd ar dtighearna, da dtíobhram máille leatsa, agus leis an Spiorad náomh, moladh, onóir, agus gloir, á saoghal na sáoghal. Amén. Urrnaighthe a naimsir an chogaidh. A Dhé uilechumhachdaigh, a rígh na ríogh, agus a sdiuirthéoir an uile neithche, ag nach eídír ré creatúir ar bioth cur anaghaidh do chumachd, lé mbeanand amháin pionadhas do thabhairt dona feacthachaibh, agus trócuire do dheunamh ar an druing do ní aithrighe fhírindeach: coimhéid agus sáor sind, (guidhmíd go humal tú) o lamhaibh, ar namhad: cláoidh anúabhar, laighdaigh a mailis, cuir an dimbhridh a gcealga agus a ngliocas, iondas ar mbheith dhuinne cumhdaighthe lé tarmáilsi, go mbeimís sáor go bráth ón uile ghúasachd, chum glóire do thabhairt duidsi, ós tú féin amhain dobheir buaigh uáit: tré fpháis táoinmhic Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. Urrnaighthe ionraidh anaimsir fphladha no thindis chomhchoidchind.
O a Dhé uilechumhachdaigh noch do sgrios and tfheirg lé lind Dhabhioth Rí ré pláigh an indigthe, deich mile agus trí fíthchid míle do dháoinibh, agus fós ar gcoimhniughadh do thrócuire, do choighil an chuid oile: déna trócuire oroind na trúadháin bhochdaso, noch fhiosraighthear anois do ghallraidhibh égsamhla agus deasláintibh marbhthacha, iondus fá mar dho aithin tú dod taingeal sanaimsirsin, cosg dá dhioghaltas agus dá dhimheirg, gu madh amhluidh soin bhús toil leat anois an fphláigh agus an galar so do sgrios uáinne, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Amén. O a Dhé na nuilechumhachd dar ub nadúir trócaire do dhénamh, agus maithfeachus do thabhairt do ghnáth don drúing doní aithrighe fhírindeach: gabh chugad go trócaireach ar núrrnuighthe: agus gé atámaoid ar nar gceangal agus ar nar gcuibhreabhadh go fírbhochd ré slabhruidhibh ar bpeacthadh, iarrmaoid ort fós ar léigean fá sgaoil, maille lé ceandsachd do thrócaire, ar son ffháisi Iósa Críosd ar bfhear réitigh agus ar naidhne. Amén. Urrnaighthe ag breith bhuidhechais ar son fhearthanda dhfaghail. O a Dhé, ar naithair neamhdha, noch dobheir fá deara don chédfhearthainn agus don fhearthainn dhéinaigh teachd anúas ar an dtalamh, chum go dtiubhradh sí a tairthe uáithe do chomhfhurtachd na ndaoine: beirmáoid buidheachas leat go róumhal, ar son gur dhéonaidh tú fá dhéoidh fearthainn mheassarrgha do thabhairt dúinn do fhoirithin ar riachdanuis leas romhóir, as a bhfaghmaoidne do shearbhfhoghantuidhesi, (gé nách fíu sinn sin do ghairm dhinn) furtachd rómhór, chum glóire dho thabhairt do tainm náomhthasa, tré do thrócaire an Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. Urrnaighthe ag breith buidhechais ar son fhoininde. O a Thighearna Día noch do umhlaigh sinn dod cheartbhreitheamhnus ris an bplaigh ndheigheanaigh so fhearthanna agus uisge neamhmesarrdha táinic oraind, agus dod trócaire féin tug solás agus comhfhurtachd dar nindtindibh leis anarthughadh chneasda bheannaighthe so na haimsire: dobheirmaoid moladh agus glóir do tainm náomhtha, ar son na trócaire so dorinne tú oraind, agus foillséochamaoid do ghnáth do ghrádh cáonmharach, ó áois go háois, tré ar dtighearna Iósa Críosd. Amén. Urrnaighthe ag breith buidheachuis ar son fhairsingthe na dtairthe.
O a Athair is mó trócuire, noch dod mhaitheas grasamhuil do éisd lé hurrnaighthe dhuthrachdaigh heagailsi féin, agus do iompaidh ar ngorta agus ar ngandtand, chum deaghchondartha agus chum fairsingthe, beirmáoid buidheachas umhal leat, ar son an mhóir thioghlaigthe speisialta so fuaramar úait, agus guidhmíd thú an grádh carthanachso do bheith agad do ghnáth dhuinn, iondas go dtíubhradh ar bhfhearand a thairthe maille lé biseach dhuinn, chum glóire dho thabhairt duitsi, agus chomhfhurtachda dhuinn féin, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. Urrnaighthe ag breith bhuidheachais ar son sióthchána agus bhúaidhe. O a Dhé uilechumhachdaigh, noch atá ad thor dhaingean chum do shearbhfhoghantaidhe féin do chumhdach ó neart a námhad: dobheirmíd moladh, agus buidheachas duit, ar son ar saortha ó na gúasachdaibh móra follasacha so tánaig ar gach taobh dhinn: admhuidhmíd gur ub dod maitheasa tánuig nach tugadh dhóibh mar chreich sinn: guidhmhíd thú an trócuire chédnasa do dhénamh go ghnáth oroind, iondus go madh follas don tsháoghul uile, gur ab tussa ar slánaighthéoir, agus ar bhfear sáorrtha cumhachdach, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. Urrnaighthe ag breith bhuidheachuis ar son ar sáorrtha ón fphláigh. O a Thighearna Día, noch do loit sinn ar son ar bpeacthadh, agus do chnáoidh sinn reis an bhfhiosrughadh dtrom, adhúathmhar, déigheanach so táinic oraind, ar son haitheantasa dho sharughadh, agus a nios a gceart lár do dhioghaltais, (ar gcoimhniughadh ar do thrócuire) do shaor sinn ó theanchair an bháis: dobheirmíd sinn féin eidir anam agus chorp (noch do sháor tú chum go mbeidáois na mbéoiodhbairt duitsi) dod mhaitheas aithreamhail mar ofhráil, ag adhmoladh agus ag cráobhsgáoileadh do mhórthrocuire do shíor ameasg an choimhtionóil, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Amén. No nó a nurrnaighthesi. O a Athair na trócuire, admhaidhmíd go humhal a tfhiaghnaisisi, go dtiucfadh léd cheartbhreitheamnas an uile phionús dár bhagair do dhligheadh do thuitím oroinn, do bhrídh ar niomad sáraighthi ar haitheantaibh, agus ar gcrúas croidhe: giodheadh fós ar son gur thoil leatsa
dod trócuire cháoin féin, ar ndénamh úmhlachda meirbhe neimhdhiongmhalta dhuinn, an fphláigh dhioghaltachso rér cráigheadh sinn go deigheanach do thraothadh, agus glór gairdeachais, agus sláinte daiseag dár nionadh comhnaighe: atámuid ag ofráil anois iodhbarta adhmolta, agus bhuidheachais dód mhordhachd díaghdhasa, ag moladh, agus ag árdughadh hanma glórmhuir, ar son an choimhéda, agus an chianrádhairc so dorine tú oraind, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. AG SO SIOS NA HORRTHANA, NA HEIPISDLECHA, AGUS NA SOISGELA IS COIR DO GHNATHUGHADH AR feadh na blíaghna ag ministralachd Shuipeir an Tighearna :i: na comáoineach náomhtha. AN C. DOMHNACH DO THEACHD an Tighearna. Ag so an orrtha. A Dhé uilechumhachdaigh, tabhair grása dhuinn, oibrighthe an dorchadais do theilgean uáinn, agus éideadh an tsoluis do char umuinn, is an mbheatha ndiombhuainsi in a dtánaig do mhac Iósa Críosd dar bhfhiosrughadh an umhlachd mhóir: iondas an tan tiucfas sé arís ina mhordhachd ghlórmhair, do bhreith bhreithe ar bhéoghuibh agus ar mharbhuibh, go ndiongnamne a neíseirghe chum na beatha marthanaighe, tré Iósa Críosd ar dtighearna, noch mhaireas, agus atá a rioghachd maille leatsa agus leis an Spiorad naomh, a sáoghal na sáoghal. Amen. An Eipisteil. Na biódh fiácha ag áoineach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a chéile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chomharsa, do choimhlíon sé an reachd. Oir (na haitheantasa) na déuna adhaltrannus, na déuna dúnmharbhadh, ná déuna goid, na déun fíadhnuisi bhréige, na déuna saint, agus gach aithne eile (dhá bhfuil ann,) atá go hathchumair fá
brígh an raidh so, eadhón, grádhaigh do chomharsa mar thú féin. Ní dhiongnann grádh olc don chomharsain: ar anadhbharsin (a sé) an grádh coimhlíonadh an reachda). Agus sin ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn anois mósgladh ó chodladh: oir ios goire dhúinn anois ar slánughadh, ina anuáir do chreideamar. Dochuaidh anoidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn. Uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuiream umainn éideadh an tsolais. (Agus) siubhlam go cúibhghe do réir mar (dho dhiongnamáois) sa ló: ni a gcráos, ná a misge, ná a seómradóireachd, na a macnus, ná a gceannarraic, ná a dtnúth. Achd cuiridh umuibh an tighearna Iosa Críosd, agus na biódh cúram na colla oraibh, chum a miánguis (do choimlionadh.) An Soisgél. Agus an tráth do dhruideadar ré híarusaléim, tangadar gu Bethpháge dochum tshléibhe na noluidhedh, annsin do chuir Iósa diás disgiobal úadha, Agá radha ríu, imdhighidh don bhaile atá as bhur gcomhair, agus ar an mball doghébhtháoi asal ceanguilte (ann) agus searrach iona fhochair: sgáoilidh agus tabhraidh chugamsa (íad.) Agus ma labhrann áonnduine ní ar bioth ribh, abruidhsi gu bhfhuil feidhm ag an dtighearna orrtha: agus leigfidh sé úadha ar an mball íad. Agus táinic so uile chum críche dochum gu gcoimhlíonfuidhthe an ní atá ar na rádha trés an bfháidh, a deir, Innisidh dhinghin Tsióin, tabhair dod húidh, atá do rí ag teachd chugad gu ciuín, ar muin asuil, agus bhromuigh mac (anasail) ar a gcuirthear cuing. Agus do imthigheadar na disgiobuil, agus dorinneadar mar do aithin Iósa dhíobh. Agus tugadar an tasal agus an brómach léo, agus do chuireadar a néduighe orrtha, agus do chuireadar (eisean) na shuidhe ar a muin. Agus do leathnuigheadar móran do dháoinibh a mbruit ar an slighidh: agus do ghearradar drong eile cráoibheach do chrannaibh, agus do sgaradar ar an slighidh (iád.) Agus do thógaibh an slúagh dobhí roimhe agus na dheaghaidh gáir, ag rádha, hósanna do mhac Dábhí: is beannuighthe an té thig anainm an tighearna, hósanna ann sna hardaibh. Agus ag dul Díosa asdeach gu Hiárusaléim, dobhí an chaithair uile ar na buáidhreadh, ag rádha, cía hé so? Agus a dubhairt an coimhthionól, a sé so Iósa an fáidh úd ó Násareth na Galilé. Agus do chúaidh Iósa asdeach gu teampoll Día, agus do theilg sé a mach a raibhe ag reic agus ag ceannach ann sa teampoll: agus do theilg sé buird luchda malarta anairgid bunscionn, agus caithíreacha luchda reactha na gcolum. Agus a dubhairt sé ríu, atá sgriobhtha, goirfidhthear teach urnuighthe dom theachsa: achd dorineabhairsi tuinidhthe bithbhíneach dhe.
AN DARA DOMHNACH DO THEACHD an Tighearna. Anorrtha. O a Dhé bheandaighthe, tug fá dera na huile Scriobtúr náomhtha do sgríobhadh, chum sinde dho theagasg, aontaigh dhuinn, go néisdfam léo, go léugham iád, go ndioghnam a bhfhóghlaim, go dtíubhram ar naire dhóibh, go dtuigfeam iad, agus go gcuirfeam go dúthrachdach a ngniomh iád, ionnus tré fhoigidne, agus chomhfhurtachd na sgriobtúr, go dteandam lind, agus go gcundmham againd go bráth, muinighin na beatha marthanaighe, noch thug tu dhuinn, and ar slánaightheoir iosa Críosd, dá dtugmaoid maille leadsa, agus leis an spiorad náomh, onóir agus glóir, a sáoghal na sháoghal. Amén. An Eipisteil. Oir giodhbé neithe dho sgríobhadh roimhe so, ios do chum sinne dho theagusg do sgríobhadh iad: chum gu mbeath muinighin aguinn tré fhoíghide, agus (tré) chumhfhurtachd na sgríobtúr. Agus gu dtugaidh Dia na foighide agus na comhfhurtachda dháoibh, bheith dhaoninntinn a dtáobh a chéile, do réir Iósa Críosd. Ionnus gu madh héidir libh gu háontathach ré hén bhel amháin, Día athair ar dtigherna Iósa Críosd do mholadh. Uime sin gabhaidh chugaibh a chéile, do réir mar dho ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé. Agus a deirim (so,) gu raibhe Iósa Criosd na mhinistir an timchillghearrtha, ar son fhírinne Dé, chum daingnighthe na ngeallamhnach (tugadh) dona haithribh. Agus chum gu molfadh ni cineadhaigh Dia, ar son thrócaire: do réir mar atá sgríobhtha, ar anadhbharsa aidmhéocha mé thú ameásg na gcineadhach, agus do dhéuna mé céol dod tainm. Agus a deir sé arís, déunaidh gairdeachus a chineadhacha maille lé na phobal. Agus arís, molaidh an tighearna a uile chineadhacha, agus a phuibleacha uile molaidh hé a bhfochair a céile. Agus arís a deir Esaias, biáidh frémh Iesse ann, agus an tí eiréochas chum bheith na uáchdarán ar na cineadhachaibh, cuirfid na cineadhaigh a muinighin ann. Agus gu liónaidh Dia (ughdar) na muinighne sibh, dá gach uile ghairdeachus agus tríoth cháin ó chreideamh dháoibh, dochum gu madh móide bhur muinighin, tré chumhachdaibh an spiorad náoimh. An Soisgél.
Agus beid comhtharradha ann sa ghréin, agus ann sa ghealuigh, agus ann sna rellannuibh (an tansoin): agus comhbhrúgh na gcineadhach ar an dtalamh tré dhíth comhairle, ag sgreadaigh don fhairrge agus don nuisge: Agus racha a nanam as na dáoinibh tré eagla agus tré (bheith) ag feitheamh (ris na holcaibh) thicfas ar an domhan. Oir croithfithear cumhachda neimhe. Agus annsin dochífid siád mac an duine ag teachd a néll maille lé cumachda, agus lé glóir mhóir. Agus an tan tionsgóntar na neithesi do dhenamh, féuchuidh suas agus tógbhaidh bhar gcinn, oír is gar dhaoibh bhar bhfuasgladh. Agus a dubhairt sé an chosamhlachdsa ríu, féchaigh an crann fíge agus na huile chroinn (eile): An tan sgeithfid siád (a nduilleabhar) ar na bhfaicsin daoibhsi, aitheantáoi féin go bhfúil an samhrádh anois a ngár (dháoibh). Is mar sin daoibhsi an tan dochífi na neithesi uile ar na gcriochnughadh, bioth a fhios aguibh gur ab fogas atá rioghachd Dé. A deirim ribh go fírinneach, nach racha an linisi tharuinn no go ndéntar na neithesi uile. Iméochaídh neamh agus talamh, achd ní iméochaid mó bhriathrasa gó brách (tharuibh). AN TREAS DOMHNACH DO THEACHD AN Tighearna. Anorrtha. A Thighearna guidhmíd thú, éisd lé ar nurrnaghthibh, agus soillsigh dorchudas ar nindtinde, lé tfhiosrughadh grásamhuil, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Amén. An Eipisteil. Gu madh hamhluidh mheasfus duine sinn mar mhinisdribh Críosd, agus (mar) fheadhmanntachaibh fheicrédeadh Dé. Tuilleadh eile, iárrthar ar na feadhmanntachaibh gach áon (díobh) dhfaghail díleas. Ar mo shonsa ios robheag mo shuim a mbhreitheamnus do dhéunamh dháoibhse oram, ná fós a mbreitheamhnus dáonna: achd fós ní bheirim breath oram féin. Oír ní feasach dhamh ní ar bioth dhom tháobh féin: gidheadh ní sháorann sin mhé: achd asé an Tigearna an tí ios breitheamh oram. Uime sin na
beiridh bhreith ar áon ní roimh anám, (eadhón) go teachd don Tighearna: noch fhoillséochas neithe folaightheacha an dorchadais: agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus annsin doghéubhaidh gach áon moladh ó Dhia. AN CEATHRUMHADH DOMHNACH DO THEACHD an Tighearna. Anorrtha. A Thighearna (guidhmíd thú) foillsigh do chumhachda, agus tar eadraind, agus tabhair cabhair dhuinn léd thshubhaltibh móra, ionnus tré chungnamh do ghrásd, an ní thoirmiosgas ar bpeacthaigh, go luáithídhe mórmhaithfeachas do thrócuireisi chugaind hé, tré Iósa Críosd ar dtighearna: dá dtiubhram maille leatsa, agus leis an spiorad naomh, onóir, agus glóir, a sáoghul na sáoghul. Amén. An Eipisteil.
Déunuidh gáirdeachas do shiór sa dtighearna: a deirim arís déunuidh gairdeachas. Biódh suáimhneas bhur ninntinne follas dona huile dháoinibh (Atá) an tighearna láimh ribh. Na biodh róchúram neithe ar bioth oruibh: achd sanuile ní bioth bhur níarratuis foillsighthe dho Dhia, anurrnuighthe agus anachchuinghe maille ré breith bhuidheachais. Agus coimhédfuigh síothcháin Dé sharuigheas anuile thuigse, bhur gcroidheadha agus bhur ninntinneacha a Niósa Críosd. A LA NODLOG. Anorrtha. A Dhía na nuilechumhachd, noch tug háonmhac féin duinn, do chur ar ndaonnachda uime, agus a gconam an láoi aníu rugadh lé maighdín ghloin: guidhmíd thú a bhrondadh dhuinn, ar mbheith ar nár naithgheineamhuin,
agus ar gcloind agadsa tré thabhartas, agus tré ghrásaibh, go nathnúadhaightear sind go láoitheamhuil led spiorad naomhsa, tré san dtíghearna gcéudna úd :i: Íosa Críosd ar dtighearna. Etc.
A LA FHEILE STEAPHAIN. ANorrtha. Guidhmíd thú a Thighearna, tabhair dhuinn a fhoghlúim, grádh da thabhairt dá ar náimhdibh, ar eisimpláir do mhartír Stéaphán naomh, noch dhorinne urrnaighthe ar son na druinge do chuir chum báis hé, ag guidhe do mheicsi ar dtighearna Iósa Críosd, noch atá béo, agus a rioghachd síorruidhe maille leatsa, agus leis an sphiorad náomh a sáoghal na sáoghal. Amén.
A LA EOIN SUIDHEASGEIL. Anorrtha. Guimíd thú a Thighearna thrócuirigh, Heagluis féin do dheallrúghadh, iondus ar mbeith dhí ar na soillsiughadh lé teagasg Eóin bheannaighthe habsdail agus do Shuidhisgéil féin, go bhfédfaidh sí theachd chum do rioghachda síorruidheisi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
A LA NA MACRUIDHE. ANorrtha. O a Dhía na nuilechumhachd, agár fhoillsigheadar na náoidhe neamhurchoideacha do martruigheadh ar son do mheic, do glóirsi conam an láoi aníu, (ní do bhríathraibh, achd lé bás dfhulang): marbh agus básuigh anuile urchóid atá ióndaind, ionnus go bhfoillséochuidh ar mbheatha lé nar dtréighthibh an creideamh atá againn iondutsa, noch fhoillsighmíd lé nar dtengthaibh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
An Eipisteil. Agus do fhéuch mé, agus tabhair húidh, (do taibhreadh dhamh) uán na shesamh ar shliabh Sióin, agus céudh ceithre mhíle agus dá fhichead do mhíltibh ina fhochair, agá raibhe ainm a athar sgríobhtha a gcláruibh a nédan. Agus dochuáluidh mé guth ó neamh mar (dho bhiádh) fúaim mhóráin duisgeadhuibh, agus mar (dho bhiádh) fuáim tóirrnigh mhóir: agus dochuáluidh mé fuáim chláirséoradh ag déunamh céoil ré na gcláirseachuibh: Agus dorinneadar céol (bá cosmhuil) ré céol núadh a bhfíadhnuise na catháoire, agus a bhfiádhnuise na gceithre mbeathadhach, agus na seanóireadh: agus níor éidir dhéuneach an céol sin dhfóghluim, achd amháin don chéud agus dona ceithre mhíle ar dhá fhichead do mhiltibh, dobhí ar na gceannach ón dtalamh. Asiád so an dream nár salchadh ré mnáibh: oír as ógha iád. Asiád so an dream leanas an túan giodhbé hiodhnadh a dtéid: atáid so arná gceannach as meadhón dáoineadh, (ar mbeith dóibh) na gcéud torthibh do Dhía agus don uán. Agus ní fríth cealg na mbéluibh: oír atáid gan tháidhe a bhfíádhnuisi chaithíre Dé.
A LA NODLOG BEAG. ANorrtha. A Dhé na nuilechumhachd, noch tug fá deara háonmhac féin do thimchillghearradh, agus dumhlughadh don reachd, ar son an duine: brunn dar gcroidheibhne an timchilghearradh firindeach spioradalta: indus ar mbheith dainmíanuibh an tshaoghail agus na codla marbh iondainn, go dtugam umhlachd sna huile neithibh dod toil dhíaghdhasa, tré san dtighearna gcéadna Iosa Críosd. Amén.
LA CIND AN DA LA DHEUG. Da raibhe domhnach eidir lá nodlag beag agus lá cind an dá lá dheug, andsein adérthar ag an gcómáoineach, anorrtha, a Neipisdil, agus a Soisgél a dubhradh lá nodlag beag. A LA CHIND AN DA LA DHEAG. An Norrtha. O a Dhía noch do fhoillsigh háonmhac féin do na cineadhachuibh, maille lé tréorughadh an réulla, brund duinn go trócuireach ar bfhaghail fheasa ortsa anois tré chreideamh, ar sásadh dod dhiaghdhachd ghlormhuir tar éis na beathasa, tré Iósa Críosd ar dtighéarna. Amén.
AN CEUD DOMHNACH A NDIAIGH LAOI CHIND an dá lá dhéug. ANorrtha. Guidhmíd thú a thighearna, gabh chugad go trócuireach urrnaighthe do fpobuil ghuidheas go humhal tú, iondus go dtiocfadh dhíobh na neithe is cóir dhóibh do dhéunamh, do thuígsin: agus dod ghrasuibh agus dod chumhachdaibhsi go ndiongnaid na neithe céudna, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN DARA DOMHNACH A NDIAIGH chind an dá lá dhéug. An norrtha. O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch ríaghlas na huile neithe ar neamh agus ar talmhuin: eisd go trócuireach lér nurrnaighthe, agus brond duinn do thsióthcháin fein ar feadh ar mbeatha, tré Iósa Criosd ar dtigherna. Amén.
AN TREAS DOMHNACH A NDIAIGH CHIND an dá lá dhéug. Anorrtha. O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, tabhair haire go trócuireach dár nanmhuinde, agus sín amach lamh dheas do mhordhachda chum sinde do chumhdach ion ar nuile ríachdanus, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amen.
AN CEATHRAMHADH DOMHNACH a ndiaigh chind an dá lá dheug. O a Dhía na nuilechumhachd, aga bhfhuil a fhios agad, nách éidir lind seasamh, (do bhríogh anbhfainne ar nadúra) a lár na niomad nguasachd, thimchiollas sinn ar gach táobh: bronn dúinn sláinte anma agus chuirp, iondas go dtíucfadh dhínn búaidh dho bhreith tréd chabhairse, ar na huile neithibh dhonimid dhfulang ar son ar bpeacthadh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amen.
AN CUIGEADH DOMHNACH A NDIAIGH CHIND an dá lá dhéug. ANorrtha. A Thighearna guidhmíd thú, theagluis féin, agus do luchd tíghe do choimhéud do ghnáth, ann do chreideamh fírinneach: iondas an dréam mhuinnigheas as do ghrásdaibh neamhdhasa amháin, gu mbiaid siad ar na gcumhdach go síorruidhe léd mhórchumhachdaibh, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Amen.
AN DOMHNACH DA NGOIRTHEAR SEPTUAGESIMA. An Norrtha. Guidhmíd thú a thighearna, éisd go trócuireach úrrnaighthe do fphobuil féin, iondas go sáorfuighthear sind thré do thrócuireisi ar son ghloire hanma, ó na hamhgharuibh fhuilgmhíd anois ar son ar bpecthadh do réir do cheirtbhreatheamhnuisi, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Amén.
An Norrtha. O a tíghearna Día dhochí nách cuirmíd ar ndóchus aneínní dá ndeúnmíd féin; brund duinn go trócuireach go gcuimhdeóchar sinn lé do chumhachdaibhsi, ónuile ní atá nar naghaidh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN DOMHNACH DA NGOIRTHEAR QUINQUAGESIMA. An Norrtha. O a thíghearna, noch theagasgas sind tréd hapsdal féin gá rádh, nách fuil tádhbhachd anaonobair dá ndhéunmuid gan grádh: tabhair do spiorad náomh féin dhuinn, dhoirtfíos tiodhlacadh orrdraic an ghráidh ion ar gcroidheadhaib, atá na choimhcheangal fíre ag an síóthcháin, agus ag na huile shubháilchibh, agus agá bhfuil gach uile dhuine ar bioth na éugmais marbh dod láthairsi: bronn so dhuinn a Athair thrócuirigh, ar son Iósa Criosd ar dtighearna. Amén.
AN CEUD LA DHON CHORGHUS DA NGOIRTHEAR Céudáoin an luáithrigh. An Norrtha. A Dhé shíorruidhe na nuilechumhachd, ag nách fuil fúath dáon ní dha ndéarna tú, agus mhaitheas a bpeacthaidh do na huile dháoinibh dhoní aithrighe: cruthaigh andainn croidheadha núadha comhbhrúite, iondus gu gcáoinfeam ar bpeacthaidh mar is iomchubhaidh, agus gu naidbhéochum ar lochda, agus gu bhfhuigheam uaidsi a Dhé na huile thrócuire maithfeachus iomlán ar bpeacthadh, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.
AN CEUD DOMHNACH DON CHORGHUS. An Orrtha. O a Thighearna Iósa Críosd noch dho throisg dhá fhithchead lá, agus dhá fhithchead óidhchi ar ar soinne: brund duinn trosgadh dho déunamh, iondus gu mbhía an chaland umhal don spioraid, agus gu leanam haitheantasa do ghnáth, a bhfiréndachd, agus a bhfhíornáomhthachd, chum glóire agus onóra dho thabhairt dod haínm naomhthasa, noch mhaireas a ríoghachd shíorruidhe, maille leis an athair, agus leis an spiorad naomh, a sáoghal na sáoghal. Amén.
AN DARA DOMHNACH DON CHORGHUS. An Norrtha. A Dhé na nuilechumhachd, dá bhfhaicthear nách fuil cumhachda againn uáin féin chum ar gcabhartha, cumhdaigh sinn don táobh amuich do tháobh an chuirp, agus don táobh a sdigh do tháobh a nanma: iondus go mbheimís ar nár ndídéan ó gach uile ghúasachd theagmhus don churp, agus
ó na huile dhrochsmuáintighthibh, do ghoirteóchadh agus do chuirfeadh cathachadh ar a nanam, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Amén.
AN TREAS DOMHNACH DON CHORGHUS. An Norrtha. Guídhmíd thú a dhé na nuilechumhachd, féuch maille lé trócuire, ar mhíanaibh croidheadh do thsearbhfhoghantadh numhal, agus sín amach lámh dheas do mhórghachda chum sinde dho dhídean ón ar naimhdibh uile, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN CEATHRUMHADH DOMHNACH DON chorghus. An Norrtha. Guidhmíd thú a Dhía na nuilechumhachd, a bhronnadh dhuinn, (giodh thuillemíd ar son ár míghníomh dioghaltus od cheartbhreitheamhnasa do thoigheachd oruind) comhfhurtachd dfhaghbhail ód ghrásaibh maille lé trócuire, tré Iósá Críosd ar dtighearna. Amén.
AN CUIGEADH DOMHNACH DON CHORGHUS. An Norrtha. Guidhmíd thú a thigherna, féuch ar do fphobul féinn go trócuireach, iondas go mbhiaidh síad maille led mhórmhaithessa ar na sdíuradh agus ar na gcoimhéud eidir chorp agus anam, tre Iosa Criosd ar dtigherna. Amén.
AN DOMHNACH DEIGHEANACH DON CHORGHUS dá ngoirthear domhnach aniobhair. An Norrtha. A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch (dod mhórghrádh don chinneadh dáonna) do chuir ár slainaighthóir Iósa Criosd, chum na codla dáonna go ghabhail uime, agus chum báis na croithche dhfhulang,
chum go leannfadh gach uile dhuine eísiompláir a mhóirumhlachd brond dúinn go trócaireach, eísiompláir a fhóide dho leanmhuin, iondas go bhfhaghbham toradh a eiseirghe, tré san Iósa Criosd gceudnasan ar dtighearna. Amén.
AN LUAN ROIMHE DHOMHNACH CASG. An Eipisteil. Cia hé so atá ag teachd a Hedóm, ar a bhfhuil an téudach dearg, (agus hé ag toigheachd) a Bosra, an tí so is deaghmhaiseach and a chulaigh, dó ní deithfir lé méud a chumhachd? Is meisi hé, an tí labhrus go ceart, agus is lor chum slánaighthe dho thabhairt úaim. Créud fá bhfhuil héudach dearg, agus do chulaidh, amhail do bheithéa ag brúdhagh na gcáor bhfhínemhna and sanamar fád chosaibh? do bhrúidh mé íad sanamar am áonar, agus ní raibhe duine ar bioth do na cinedhachuibh ag cungnadh leam: Agus fós brúidhfidh mé íad fám chosaibh am fhéirg, agus comhbhrúidhfidh mé iad am chuthach: Agus croithfighther a bfhuil ar mhéudach, agus sailéocha mé mo chulaidh uile lé. Ór atá lá an dioghaltais and mo chroidhe: Agus tánaig an blíaghain and a bhfúaisléogad mo muinntear. Agus do fhéuch mé am thimchioll, agus ní raibhe fear cabhartha ar bioth and: Agus do gabh adhúathmhuireachd mé, agus ní raibhe duine ar bioth do chuidéochadh leam: Isé
bun mo ridheadh féin do fhóir orom, agus a sí mo roífhearg féin do chuidigh leam. Ios ar an modh so chomhbhruidhfeas mé na pobuil fám chosaibh am fheirg, agus cuirfead ar meisge íad lém chuthach: Agus búailfe mé fán talamh a neart. Cuirfe mé mórthrócuire an tighearna ar chuimhne, agus mórmholadh an tighearna, ar son gach éinneith dá dtug an tighearna dhuinn: Agus fós méud a mhaitheasa do thigh iosrahéul, noch dho thug sé dhóibh, do réir á mhorthrócuire, agus fhairsinge a ghrádha. Oir a dubhairt sé, go deimhin asíad mo fphobul féin iád, cland nách clisfidh oronn. Oír dob é á slánaightheoir hé, tar anuile chumhgach and ar chuireadar hé, níor chuir seisen a gcumhgach íadsan: achd do shaor aingeal a fhíaghnaisi íad. Ios da ghrádh, agus is dá cháonmharachd féinn do fhúaslaig sé íad. Agus do thógaibh sé suas, agus do umachair íad ó thus an domhain, gidheadh dochúadar a nasúmhla air, agus do chuireadar doilghíos ar a spiorad naomhtha, agus do iompuidh sé chum bheith na namhaid aca, do chathuigh sé féin na naghaidh. Gidhedh do chuimhnigh (Iosrahéul) ar laithibh Mháoisi, agus a fphobuil anallód, agus a dubhairt, cáit a bhfuil an tí tug a níos as an bhfairrge íad a bhfhochair bhúachailledh a thréuda? Cáit a bhfhuil an tí dho chuir a spiorad naomh féin eattorro, dá dtréorughadh tré láimh dheis Mháoisi, lé a láimh ghlórmhuir féin? noch dho rand na huisgeadha rompa, chum go bhfhuigheadh dhó féin clú síorruidhe? an tí dho thréoruidh íad tré san ndubhaigén, amhuil doghéuntáoi each dho thréorughadh tré fhásach, iondus nách fúaradar oilbhéim? Amhuil ainmhídhe ag dul síos a nglend, do thréoraigh spiorad an tighearna go súaimhneach íad: ios amhluidh soin do thréoruidh tú do fphobul féin, chum go ndeuntá hainm féin glormhar. Féuch anúas do neimh, agus tabhair dhod húidh, o theadhghuis do náomhthachda, agus do ghlóire: cáit a bhfhuil do ghrádh lasardha, agus do chumhachda romhóra, umad do thrócuire agus do thrúaighe? an bhfhuilid síad dairighthe agam? ór is tusa ar nathairne, bíodh nách aithnéochadh Abrahám sinn, agus nách beith éolus ag Iosrahéul oraind. Is tusa a thigherna ar nathair, agus ar bhfear fúasgailte, agá bhfhuil hainm o thús an thsáoghuil. A thighearna créud már léig tú ar seachrán sinn, ód tshlighthibh féin? créud fár chrúadhaigh tú ar gcroidheadha, ionnus nách bhfuil heagla oruinn? fill chugainn ar son do thshearbhfhoghantadh .í. treabha hoighreachda. Is beag nách fuil do phobul náomhtha a laimh namhad: do bhrúidh ar námhaid fá na gcosaibh hionadh náomhthasa. Dobhiodhmairne ríamh nar múinntir agad, agus ní raibh tú ad tighearna acasan, agus níor guidheadar háinm.
AN MHAIRT ROIMHE DHOMHNACH CASG. An Eipisteil. Do fhosgail an tighearna Día mo chlúas, agus ní raibhe mé easumhal: nír fhill mé ar mo chúl. tug mé mo chorp do luchd a bhúailte, agus mo fphluctha do luchd a dtairrnghthe: nír fholluigh mé mo aghaigh o neimhchion agus ó shileadh: agus dobhéura an tigherna Día cabhair dhamh: ar anadhbharsoin níor ghabh adhnáire mé: uimesin doríne mé mhaghaidh comhchruaidh lé cloich theinedh, ór atá a fhios agam, nach cuirfighther náire orom. Ios fogas damh an tí sháorus mé: Cía thaigéorus um aghaidh? seasam anaghaidh a chéile: cía ios tighearna ar bhreith dho bhreith órom? tigeadh sé chugam. tabhair dhod húigh, dobhéurá an tigherna Día cabhair dhamh: Cía hé a neach dhéunus coirtheach mé? tabhair dhod húidh, rachaidh síad uile a gcaitheamh, amhuil théid an téudach, caithfidh an léoghán íad. Cía haguibh ar a bhfhuil éagla an tighearna air, agus éisdios lé guth a sherbhfhoghantuighe. An tí shíulas a ndorchadas, agus gan solus aige, cuireadh sé a dhochus a náinm an tigherna, agus bíoth a úalach ar a dhía, tabhraidh dhá bhar núidh,
atá sibh uile ag fadágh theineadh (fhéirge dé) agus ag cur a splangcaigh ionbhar dtimceal, ímdhigh a dtellach bhar dteineadh féin, agus and sna splangcaibh do fhadágh sibh: Ios ó mo láimhsi tánuig so dháoibh, is a ndoilgheas luidhfeas sibh.
AOINE AN CHEUSDA. Na Horrthana. A Dhía na nuilechumhachd, guidhmíd thú, féch go trócuirech ar do fpobul féin atá dho láithir and só, agár thoil lé nar dtighearna Iósa Críosd hé feín do bhrath tar a gcionn, agus a thabhairt a lamhuibh dháoine malluighthe, agus bás do fhulang ar an gcróich, noch mhaireas agus atá a riogachd shíorruidhe maille leasta, agus leis an spiorad náomh a sáoghul na sáoghul. Amén. A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, agá bhfuil corp na heagalsi uile dá ríaghladh, agus dá náomhadh léd spioráid, éisd lé nar nurruighthe, gabh chugad ar nguidhe, noch donímíd ar son na nuile dháoine dod laíthirsi ameasg do choimhthionóil naomhtha, agus bronn duinn go ndiongnadh gach
áon nduine aca and a ghairm agus and a oifig féin, seirbhís fhírinnioch dhiaghdha dhuitsi, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Etc.
DOMHNACH CASG. Anáimsir na dtráth, anionadh an tshailm dá ngoirthear Veníte Etc. eadhon, tigidh, adhmolam an tigherna etc. canfuighthear nó adéurthar na Haindtiubhain so siós. Ar neirghe dho Chríosd ó mhairbhuibh, ní fhuighbhe sé bás arís, ni bhia an bás na thigearna air feasda. Or an mhéide go bhfuair bás, íos do tháobh an fpeacaidh dho sgrios fuair sé hé áonuair amhain: achd an mheíde go bhfuil sé béo, is do Dhia atá sé béo. Go mádh amhlaidhsin is inmheasda dháoibhsi sibh féin do bheith marbh do tháobh an fpheacaidh, agus béo dho tháobh Dé, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Dorinne Críosd aneiseirghe ó mharbhuibh, agus dob é cheud toradh na druinge dhobhí na gcodladh hé. Or do bhridh gurub tré dhuine tánaig an bás, ios tré dhuine mar an gceudna tig eiséirghe na marbh. Or amhuil mar dhogheibhid na huile dhaoine bás a Nadhamh, ios mar an gceudna dogéuntar na huile dhaitbhéoghughadh a Gcríosd. An Norrtha. A Dhía na nuilechumachd, rug búaidh ar an mbhás thréd háonmhac féin Iosa Críosd, agus do fhosluig dorus na beatha marthanaighe dhuinne, guidhmíd thú go humhal, amhuil chuireas tú dod ghrásaibh speiciálta roimhe laimh tríall na maitheasa and ar ninntindibh: go madh amhluidh soin thiocfus dinn lé do chabhair ghnáith, soin do chur a ngníomh, tré Iósa Críosd ar dtighearna, noch mhaireas etc. An Eipisteil. Uime sin má dho eiséirghe sibh máráon ré Críosd, iárruidh na neithe atá suás, sanionadh na bhfuil Críosd na shuidhe ar dheis Dé. Biódh bhur ndúil sna neithibh atá suás, (agus) ní sna neithibh (atá) ar an dtalamh. Oír atá sibh marbh, agus atá bhur mbeatha folaighthe máráon ré Críosd a Ndía. An
tan fhoillseóchar Críosd (noch) as beatha dhúinne, foillseóchar sibhse fós an tan sin a nglóir máráon ris. Uime sin cláoidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, (mar atá) sdríopachas, nemhghloine, fonn colluidhe, ainmían, agus saint noch as iodhaládhradh. Tré na dtig dióghaltus Dé ar chloinn na hesumhlachda. An a rabhabhairse fós ag siubhal anallód, ar mbeith díobh ag caitheamh bhur mbeatha ionnta. LUAN CASG. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd, rug búaigh ar an mbhás thréd háonmhac féin Iósa Críosd, agus do fhosluig dorus na betha marthanaighe dhúinne, guidhmhíd thú go humhal, amhuil chuireas tú dod ghrásaibh speicialta roimh laimh tríall na maitheasa and ar nindtindibh, go madh amhluidh soin thiocfus dínn lé do chabhuir ghnáith, sin do chur a ngníomh, tré Iósa Críosd ar dtighearna, noch mhaireas etc.
MAIRT CHASG. An Norrtha. O a Athair na nuilechumhachd, tug háonmhac féin chum báis dhfulang ar son ar bpeacthadhne, agus chum eiseirghe dho ghéunamh dhar
sáoradhne: brunn dúinn laibhín na mailíse agus anuilc do chur uáinn, chum seirbhise dho dhénamh dhuitsi dho ghnáth a bfhiorghlaine chreidimh agus bheatha, tré Iosa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN CED DOMHNACH A NDIAIGH CHASG. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd, rug búaidh ar an mbhás thréd háonmhac féin Iósa Críosd, agus do fhosluig dorus na beatha marthanaighe dhúinne: Guidhmíd tú go humhal, amhuil chuireas tú dod ghrásuibh speícíalta roimh láim tríall na maitheasa ann ar ninntinnibh: go madh amhlaidhsoin thiocfus dínn lé do chabair gnáith, sin do chur a ngníomh, tré Iósa Críosd ar dtighearna, noch mhaireas etc.
AN DARA DOMHNACH A NDIAIGH Chasg. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd tug háonmhac féin dúinne, ní hé amháin mar íodhbairt ar son ar bpeacaidh, achd mar an gcédna mar eísiemplair bhetha gloine, tabhair dhúinn dod ghrásaibh an tíodhlacadh nemhchoimsigh soin do ghabhail chugainn maille lé robhuidheachais, agus á chur roimhainn mar an gcédna lorg a bheatha ronáomhthasan do leanmhuin, tre Iósa Críosd ar dtigearna. Amén.
AN TREAS DOMHNACH A NDIAIGH CHASG. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd fhoillsighes solus tfhirinne don uile dhuine bhíos ar seachrán, chum go bfillfeadaois go slighe na fíréndachda: brunn don uile lé na ruinntear creideamh Críosd, na huile neithe atáid contrárdha da gcreideamh do thsechna, agus gach ní atá dha réir do leanmhuin, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN CEATHRUMHADH DOMHNACH A NDIAIGH CHASG. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd dobheir inntinn na nuile fhirénach ar aóntoil amháin, bronn dod fphobuil gach ní aithnidhes tusa do ghrádhúghadh, agus mían gach neith dha ngellann tú dho bheith orro, ionnus a mesg mhalart égsamhla in domhain, go mbhía toil ar gcroidhedh gremaighthe donionadh a bhfhuil an gairdechas fíre lé na fhaghbhail, tré Iósa Críosd ar dtigherna. Amén.
AN CUIGEADH DOMHNACH A NDIAIGH CHASG. An Norrtha. A Thighearna ona dtig gach uile mhaith, brunn dúinne do thsearbhfhoghantaighe umhla, smúaintíughadh ar na neithibh atá tarbhach tré oibriughadh do spiorad náomh, agus sin do chur a ngníomh maille lé do thréorughadh grasamhailsi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
DEARDAOIN DEASGHABHALA. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd, iárrmuidh ort a bhrunnadh dhúinn, adhuil chreidmíd háon mhacsa ar dtighearna do dhul suas ar neamh, go madh amhlasoin thiocfas dínn do chroidhe agus dinntinn a leanmhuin, agus comhnuidhe do ghénamh do ghnáth na fharradh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN DOMHNACH A NDIAIGH DHEARDAOIN DEASghabhala. An Norrtha. A Dhía, a Rí na glóire, dhárdaigh háonmhac féin Iósa Críosd maille lé gáirdechas mór tar éis bhúaidhe do bhreith dhó, chum do ríoghachda neamhdha; guidhmíd tú na fagaibh gan chomhfhurtachd sinn, achd cuir do spiorad naomh dár gcomhfhurtachd, agus ardúigh sinn chum na háite cédna ann a ndeacha ar slánaighthéoir Iósa Criosd romhainn, noch mhaireas agus ata a ríoghachd tsiórruidhe maille letsa, agus leis an spiorad náomh, a sáoghal na sáoghal. Amén. An Eipisteil. Atá críoch na nuile neitheann ag drud rinn. Uime sin bithidh mesarrgha, agus déunuigh faire a núrnuighthibh. Agus roimh na huile neithibh bíodh gradh rodhioghraisech aguibh dhá chéile: oir cuirfidh an grádh folach ar iomad na bpecadh. Tuguidh áodhaighechd dá chéile gan monmar. Déunamh gach áon (aguibh) do réir an tiodhlaice fuáir, miniosdralachd dá chéile, mar dheghfheadhmanntachuibh na ngrás dobheir Día uádha gu héugsamhuil. Dá labhruigh nech ar bioth, (labhradh sé) (do réir) mar (thig ré) briathruibh Dé: da nderna nech ar bioth miniosdrálachd, (dénadh hí) do reir na hacfuinne dho bheir Día (dhó:) as gu bhfhúighbhe Día gloir sna huile neithibh tre Iósa Críosd, agá bhfuil glóir agus cumhachda a sáoghal na sáoghal. Amén.
DOMHNACH CINGCISI. An Norrtha. A Dhía do theagaisg croidhe do fphobuil dhílis féin conúm an láoi aníu, maille lé solus do Spiorad náomh do chur chugtha, brunn dúinn maille leis an spiorad chedna, breitheamhnus ceart do bheith againn ann sanuile ní, agus gairdeachas siórruidhe do ghénamh ann achomhfhurtachd náomhthasan, tré lórghníomh Iósa Críosd ar slánaighthéora, mhaires agus atá a riogachd thsiórraidhe maille leatsa agus leis an spiorad náomh na áon ndía a sáoghal, na sáoghal. Amén.
DOMHNACH NA TRINOIDE. An Norrtha. A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, tug grása dhúinne do thshearbhfhoghantáidhe tré admháil an chreididh fhírinnigh glóir thsíorruidhe na trinóide dhadmháil, agus adhradh dáon ndía amháin, a gcumhachdaibh na mórdhachda díagha: Guidhmid tú, cáomhain sinn go síorruidhe tré dhaingne an chreidimh so ó nuile dhochar: ós tú mhaireas agus atá a rioghachd thsíorruidhe a táon ndía, a sáoghal na sáoghal. Amén.
AN C. DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHNAIGH NA Trinoide. An Norrtha. A Dhía, ios neart donuile chuireas a ndóchas ionnat, gabh chugad ar nurrnaighthe go trocuireach: agus do bhrigh nach eidir lé mírbhfion ar nadúire dáonna aoin ni maith do ghénamh a téagmaisi, tabhair cungnadh do ghrásd dúinn, ionnus ag comhlionadh haithentadh dúinn go ndiongnamís do thoil, dinntinn agus do ghníomh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN DARA DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHNAIGH NA Trinóide. An Norrtha. A Thighearna tabhair fa deara dhúinn eagla agus grádh síorruidhe hanma náomhtha do bheith againn, ór ni leígeand tú dhíot go brath, cabhair agus dídean na druinnge dobheir tú súas and do ghrádh diongmhálta. Bronn so dhúinn a thighearna. Etc.
AN TREAS DOMHNACH A NDIAIGH dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Thigheárna guidhmíd tú éisd linn go trócuireach, agus ó dhothug tú a mhían and ar gcroidheadhuibh tú féin do guidhe, bronn duin bheith ar nár ndídean le neart do chumhachd, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. An Eipisteil. Bithidh uile umhal dá chéile. Déunuidh sibh féin deaghmhaiseach dhon táobh asdtigh ó umhlachd inntinne: oír cuiridh Día anadhuigh na nuáibhreach, agus dobheir grása dho luchd na húmhla. Uime sin umhluidhe sibh féin fá láimh chumhachduigh Dhé, chum bhur nárduighthe dhó anám iomchuibhghe. Téilgidh bhur nuile chúram airsion, oír ios cúramach hé ion bhur dtimchioll. Bithidh measarrgha: déunuidh faire: oír atá bhur namhuid an diábhal, mar léoghan bhéicfeadhach, ag gabhail fá gcúairt, ag féuchain cía dhoghéubhadh sé ré a shlugadh. An tí agár ob ionchurtha dhíbh na adhuigh (ar mbeith díbh) diongmhálta sa gcreideamh: ar mbeith a fheasa aguibh, gu gcomhliontar na búaidheartha céudna sa gcuid eile dhá bhur ndearbhraithreachuibh atá sa sáoghal. Agus Día na nuile ghrás, noch dho ghoir sinn chum a ghlóire siórruidhe a Níosa Críosd, tar éis bheagáin búaidheartha dhfulang dhíbh, dá bhur ndénamh iomlán, diongmhálta, neartmhar, fondameinteach. (Gu raibhe) glóir agus neart dósan a sáoghal na sáoghal. Amén.
AN CEATHRUMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Dhía, a dhídhnighthéoir na nuile chuireas a ndóchus iondat, ós a téagmáis nach fuil áoinní díongmhálta ná náomhtha, médaigh agus síolaidh do thrócuire iondainn, iondus ar mbeath dhuitsi ad sdíuirthéoir agus ad théoluidhe againn, go dthiocfadh dhínn dul tré neithibh sáoghalta, ar chor nach léigfeam amugha fa dhéoigh na neithe síorruidhe: bhronn so dhúinn a Athair néamhdha, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN CUIGEADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHNAIGH na Trinóide. An Norrtha. Guidhmid tú bronn dúinn a thighearna, sdeil an tsháoghailsi do bheith ar na ríaghlúghadh chóimhshíthchánta sin, léd smachdsa, iondus go dtiocfadh dod fphobul seirbhís lúchgháireach do dheanamh dhuit sa nuile thsúaibhnes díaghdha, tré Iósa Críosd ar dtigherna. Amén. An Eipisteil. (Bithídh) uile dhéuninntinn: bíodh mothughadh a gurbh ar dhochar a chéile: biodh grádh brátharrgha eadruibh: (bíthidh) lán do thrócaire: (bíthidh) sóchaidridh: Ná déunuigh olc anadhuigh uilc, ná anchaint anadhuigh anchainte: achd gu contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd, ar mbéith a fheasa aguibh, gurob chuige so do goireadh sibh dochum gu bhfuigheadh sibh féin beannachd do dhligheadh oighreachda. Oír giodhbé agá
bhfuil dúil ina bheatha, agus ré na mían laithe maithe dhfaicsin, connmhadh sé a teanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó (bhríathruibh) meabhlacha dho labhairt: Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith: iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi. Oír (atáid) súile an tighearna (ag féuchuin gu grinn) ar na fírénuibh, agus (atáid) a chlúasa osluigthe dhá núrnuighthe: achd (atá) gnúis an tighearna anadhuigh na druinge dhoní na huilc. Agus cía dhéanas olc oruibh dhá leana sibh dhon mhaith? Giodheadh fós dá bhfuilngidh sibh (búaidhirt) ar son na firéuntachda, (ios) beannuighthe (sibh:) agus ná bíodh egla (mar) a neaglasan oruibh, agus ná bíthidh búaidheartha. Achd foillsighthear libh ion bhur gcruidheadhuibh an tighearna Día do bheith náomhtha.
AN SEISEADH DOMHNACH A ndíaigh dhómhnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Dhía dho ullmhaigh dhon druing ghrádhuigheás tú, na neithe maithe nách tig dhinntind dáonna dho thuigsin: doirt ann ar gcroidhedhaibhne a iondshamhail sinn do ghrádh do thabhairt duit, ionnas ar mbheith ar nád ghrádhughadh dhúinn ós cionn gach uile ní, go bhfhagham toradh do gheallamhna thsáruidheas gach ní ios éidir linn díarruidh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN SEACHDMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Thighearna na nuilechumhachd, a úghdoir, agus a thíodhlaigthéoir an uile neith maith, síolaidh and ar gcroidheadhaibh grádh hanma féin, médaigh iondaind creidheamh firíndech, oil sinn leis anuile mhaith, agus léd do mhórthrócaire coimhéid annta sind, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN TOCHDMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Dhía nár mealladh do chíanradharc ríamh, guidhmíd thú go humhal, gach uile olc do chur uáin, agus gach ní ios tarbhach dhúinn do thabhairt dúinn, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN NAOIMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh na Trinóide. An Norrtha. Guidhmíd thú brunn dúinn a thighearna, spiorad lé na smúaintéochamáois agus lé na ndingeanmáois gach uile ní cóir, ionnas go dtiogfadh dhínn ó nách féadmaid teachd a téagmhaisi ar mbheatha dho chaitheamh do réir do thoile, tré dho chumhachdaibh féin, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN DEACHMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Thighearna, éisd go trócaireach lé hurnaighthaibh do thshearbhfhoghantadh umhal: agus chum go ngnodhóghdáois a nathchuinghidh, tabhair fá deara dhóibh na neithe dhiarraidh ios toil leatsa, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN TAONMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Dhía fhoillsigheas huilechumhachd, go mór mhór ag taisbeanadh do trocuire agus do truaidhe: tabhair go lionmhar do ghrásda dhúinn, ionnas ag rioth dhúinn chum do gheallamhna, go bhfhaghbham ar gcuid don chisde neamhdhasa, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN DARA DOMHNACH DEAG A NDIAIGH DHOMHnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Dhía tsíorruidhe na nuilechumhachd, ios mó atá ullumh do ghnáth chum ar nurrnúighthe dhéisdeachd, ina sinne chum tusa do ghuidhe, agus ghnáthuigheas níios mó do thabhairt dúinn na íarrmuid ort, agus na thuillmíd dhfhaghbhail úait: doirt anúas oroinn líonmhaireachd do thrócaire,
maith dhúinn na neithe ios eagail dár gcoinsiás, agus tabhair dhúinn na neithe nách fiu ar nurrnaidhe dhfaghbail uait, tré Iósa Críosd ar dtigherna. Amén. AN TREAS DOMHNACH DEAG A NDIAIGH DHOMHnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd atá lán do thrócuire, ós dod thiodhlaicibh
féin tig do fphobul díleas, seirbhís ionnraic ionmholta do ghénamh dhuit: guidhmíd thú a bhrondadh dhúinn, rioth chum do geallamhna nemhdha, ionnus go dtiogfadh dhínn a dtoradh dfhaghbhail fá dhéoigh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN CEATHRUMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Dhía thsíorruidhe na nuilechumhachd, méadaigh ar gcreideadh, ar muinghin, agus ar ngrádh: agus chum gu ngnodhóghmáois gach ní gheallas tusa, tabhair fa deara dhúinn haitheanta do ghrádhughadh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN CUIGEADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. Guidhmíd thú a thighearna, coimheid heagluis féin maille lé do thrócuire thsiorruidhe: agus ó nách tig do mheirbhe na dáonachda sesamh a tegmaisi, coimheid do thsíor lé do chabhair féin sinn, agus tréoruigh sinn chum gach uile neith fhoghnus dár slánughadh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN SEISMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH DHOMHnaigh na Trinóide. An Norrtha. Guidhmíd thú a thigherna, do choimhthionól féin do ghlanadh agus do dhídean maille lé trúaighe do bheith agad dóibh do ghnáth: agus ar anadhbhar nách tig dhíobh bheith sáor o olc gan do dhídeansa, coimhéid íad do shíor lé do chabhair agus léd mhaitheas, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN SEACHDMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. Guidhmíd thú a thighearna, fád ghrásuibh do bheith romhainn agus nar ndíaigh do ghnáth, agus tabhair fa deara dhúinn sinn féin do thabhairt donuile dheaghníomh do ghénumh do shíor, tre Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN TOCHDMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. Guidhmíd thú a thighearna, brunn do ghrásda dod fphobul féin, ionnus go seachónuid síad neamhghloine an díobhail, agus go lenfuid síad tú féin atá a táon ndia ann, maille lé croidhe, agus lé hinntinn ghlain, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
A NAOIMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. O a Dhía, ó nách éidir linn do thoil do ghéanamh ad teagmais féin, brunn dúinn ar gcroidheadha do bheith ar na sdíuradh agus ar na ríaghlughadh and sna huile neitheibh maille lé hoibríughadh do thrócuirisi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN FITHCHEADADH DOMHNACH A NDIAIGH dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Dhía thrócuirigh na nuilechumhachd, coimhéad sinn dod mhaithes acfainneach féin o gach uile ní do ghoirtéochadh sinn: ionnus ar mbheith dhúinne ullamh do tháobh chuirp agus anma, go dtigedh dhínn lé hinntindibh ésguighthe do thoilsi do choimhlíonadh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN TAONMHADH DOMHNACH FITHCHEAD A ndiaigh dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Thighearna thrócuirigh guidhmíd thú, maithfeachas agus síothcháin do thiodhlacadh dod fphobul díleas féin, ionnas go mbhíaid siad ar na nglanadh ó anuile fpheacthaibh, agus go ndiongnaid síad seirbhís duitsi maille lé hinntinnibh súaimhneacha, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN DARA DOMHNACH FITHCHEAD a ndiaigh dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. Guidhmíd thú a thighearna do mhuinntear féin iodhon aneaglais do choimhead a bhfiréndachd thsíorruidhe, ionnus go dtiocfadh dhí tré do dhídeansa bheith sáor onuile olc, agus seirbhís do ghénumh dhuitsi a neaghníomhartaibh go dúthrachdach, chum glóire do thabhairt dod hainm náomhtha, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
AN TREAS DOMHNACH FITHCHEAD A ndiaigh dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. A Dhía ios cumhdach agus ios neart dúinn, agus ios úghdar donuile dhíaghachd, bí ullamh chum urrnaighthe dúthrachdaidhe heagailsi déisdechd: agus brund dúinn na neithe iárrmuid ort go dlisdeanach, do thabhairt dúinn héifechdach, tré Iósa Críosd ar dtigherna. Amén.
AN CEATHRUMHADH DOMHNACH FITHCHEAD A ndiaigh dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. Guidhmíd thú a thigherna, do fphobul féin do sgáoiledh ó na gcoirthibh, ionnas tré do mhórmhaithesa go mbhéimis ar nár sáoradh ó chuibhreach na bpheacthadh dorínemar tré mheirbhthin na dáonachda, brunn so dhúinn a thighearna, tré Iósa Críosd ar slánaightheóir. Amén.
AN CUIGEADH DOMHNACH FITHCHEAD A NDIAIGH dhomhnaigh na Trinóide. An Norrtha. Guidhmíd thú a thigherna, brosdaigh toil do fphobuil dílis féin, ionnas ar mbheith dóibh ag tabhairt thoraidh na ndeghoibrithe go líonmhár uatha, go bhfhaghbhaid síad luadhuigheachd go fairsing uáitsi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
LA FHEILE AINDRIAS. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd, tug a iondshamhail soin do ghrásaibh dod thapstal náomhtha Aindrías, ionnus gur umhluidh sé go hullamh do ghairm do mhic Iósa Críosd, agus gur len sé hé gan fhuireach: brunn dúinne uile ar gcloinsin do bhréitre náomhtha dhúinn dar ngairm, go rabham ullumh umhal chum haitheanta náomhtha do leanmhuin, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
LA THOMAIS APSDAIL. An Norrtha. A Dhía thsíorruidhe na nuilechumhachd dfhuiling hapsdal náomhtha féin Tómas bheith aimheirseach ar eiseírghe do mheic, chum go madh daingnide an creideamh hé: brun dúinn creideamh choimhdhiongmhála soin agus choimhneamhchunntabhartach do bheith againn ann do mhac Iósa Críosd, Ionnus go mbhía ar gcreideamh a tfhíaghnaisi gan cháighe ar bioth. Eísd lind a thigherna, tré Iósa Críosd, dá dtiobhram maille letsa agus leis an spiorad náomh, gach uile ghlóir, mholadh, agus onóir a sáoghal na sáoghal. Amén.
AN LA DIOMPUIDH POL CHUM creideimh. An Norrtha. A Dhía do theagaisg an domhan mór uile tré thseanmóir thapsdail náomhtá Phóil, guidhmíd thú brunn dúinn a theachd dinn, do theagasg náomhthasa do theagaisg seisean do leanmhuin agus do choimhlíonadh, ar mbheith ar cuimhne againn an tiompúdh iongantach dorinne sé, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amen.
LA FHEILE MUIRE NA FEILE BRIGHDE. An Norrtha. A Dhía thsiórruidhe na nuilechumhachd, guidhmíd go humhal do mhórdhachd, amhuil do taisbénadh háon mhac féin conam an láoi aníu ann sa teampoll a substaint ar gcollaine, go madh amhla soin bhus toil
leat sinne dho thaisbénadh dhuit féin maille lé hinntinn fhiorghlain, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. An Eipisteil. Ios ionann hí agus eipisdil an domhnaigh. LA MHAITTHIAS EAPSDAIL. An Norrtha. A Dhía na nuilechumachd do thogh do thshearbhfhoghantuidhe díleas féin Maitthías, anionadh an mhéirligh Iúdas chum bheith dhó duimhir an dá eapstal dég: brunn dhod hegluis ar mbheith di sáor do ghnáth ó epstaluibh fallsa, bheith ar na sdíuradh agus ar na riaghlughadh lé háodhairibh dísle fírindeacha, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
LA FHEILE MUIRE NA FEILE PADRAIG. An Norrtha. Guidhmíd thú a thighearna, doirt do ghrásda ann a gcroidheadhuibh, ionnus
amhuil fúaramar éolus lé teachdaireachd aingil go dtainaig do mhac Críosd a gcoluinn, go madh amhla soin thiocfum chum glóire a eiséirghe do bhrígh a bhais agus a fpháisi, tré san Iósa Críosd gcéudna soin ar dtighearna. Amén. An Eipisteil. Do labhair an tighearna a rís lé Achas agá rádh, íarr comhtharrdha dhuit ar do thighearna Día: íarr hé ann sa dubhaigén thíos, no sanárd thúas ós do chionn. Agus a dubhairt Achas, ní íarramh agus ní chuireamh cathughadh ar an dtighearna. A dubhairt seisean an tansoin, éisd anois a theagh Dhaibhíth, an beag libh doilgheas do chur ar dháoinibh achd fós tuirsi do chur ar mo dhía? ar anádbharsin dobhéra an tighearna féin comhtharrdha dháoibh: féchaidh, gébha óigh toirrchios chuigthe, agus béaraidh sí mac, agus dobhéra tusa a mháthair Emanuel dainm air. Oilfithear lé hím agus lé mil hé go teachd chum tuigseana dhó an tolc do thsheachna agus an mhaith do thoghadh.
LA MHARCUIS SUIBHISGEIL. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd do theagaisg heagluis náomhtha féin lé tegasg neamhdha do thshuibhisgéil náomhtha Mharcuis, tabhair grása dhúinn, ionnus nách biam ar nar nglúasachd mar lenbuibh lé gach uile thsuindén teagaisg neamhéfechdaigh, achd bheith dúinn ar nar ndaingníughadh go diongmhálta a bhfírinde do thshoisgéil náomhthasa, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
LA BEALLTAINE. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd, ag ar ub hí an bheatha mharthanach éolus do bhreith ort go firinneach: bhrunn dúinn a fhios do bheith againn go diongmhálta gur ub hé do mhacsa Iósa Críosd an tshlighidh, an fhírinne, agus an bheatha, amhuil do theagaisg tú Pilib náomhtha agus an chuid oile do na hapstaluibh, tré Iósa Críosd aar dtighearna. Amén.
LA BHARNABAIS APSDAIL. An Norrtha. A Thighearna na nuilechumhachd, tug tiodhlaicthe úaisle an spiorad náomh dod hapstal náomhtha Barnabas: na fág folumh sinn ód thiodhlaicthibh iomdha, na fós ód ghrásaibh, lé síolfadhmís íad do ghnáth, chum glóire agus molta do thabhairt duitsi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
LA FHEILE SAIN SEAIN. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd, agá rugadh Eóin baisde do thsherbhfhoghantuidhe go hiongantach maille lé do chianradharcsa, agus agár cuireadh hé chum slidheadh do mheic ar slanaightheóir dullmughadh lé seanmóir na haithridhe: tabhair dhúinne a theagasg, agus a bhetha náomhtha do leanmhuin, ionnus go dtiocfa dhínn aithridhe fhirindeach do ghénamh do reir a theagaisgsion, agus fós an fhirinne do labhairt go seasmhach, na feacthaigh do dhiomoladh go dána, agus fulung foighidneach do thabhairt ar son na fírinde do réir a eisiomplárasan, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. An Eipisteil. Tabhruidh comhfhurtachd, tabhruidh comhfhurtachd, dam fphobul adéra bhar ndía. Labhruidh go cáonmharach lé Hiarusaléim, agus eimhghidh uirre, gur cuireadh crioch ar a cogadh, sgur maithemh a haingidheachd di: Oír fúair sí a laimh an tighearna díol dúbulta ar son a huile fpheacthaidh. Guth an tí éimhgheas ar an bhfásach, ullmhuighidh slidhigh an tigherna, dírghidh slidhigh ar ndíane ar an bhfhásach. Airdéochthar gach uile ghleand, agus ísleochthar gach uile thslíabh agus chnoc: agus bíaid na neithe cama dírech, agus na slighthe garbha mín, agus foillséochthar glóir
an tighearna, agus dochífe gach uile dhuine aneineachd hí: Oír do labhair bél an tighéarna hé. a dubhairt guth, déna éimhghe, agus adubhairt seisean créud hí a neimhghe me? Is fér gach uile fhéoil, agus ní fhuil ann a maisi achd mar bhláth an mhachaire: sergaidh an fér, agus tuitidh an bláth dhé do bhrígh go séideand spiorad an tighearna air: go deimhin is fér an pobul. seargaidh in fér, agus tuitidh a bhláth dhé: achd anfa bríathar ar ndíane go seasmhach do thsíor. O a Shíoin thsheanmóruidheas an soisgél, eirigh súas ar shlíabh árd: O a Iarusailéim thsheanmóruidhear an soisgel ardaidh do ghuth go láidir: arduigh hé, agus na bioth faidches ort: Abair lé cathrachaibh Iuda, féchuidh bhar ndía. féchaidh, tiocfa an tighearna Día maille lé cumhachdaibh, agus dobhéara bun a ridheadh tighearnas dó: féchaidh atá a thúarusdal aige, agus atá a obair iona fhíaghnuisi. beathéocha sé a thréad mar áodhaire: cruinnéocha sé na huáin lé na láimh, agus iomchóra sé ina uchd íad: agus tréorócha sé go cinéolta na cáoirigh lé huachd úan do bhreith.
LA FHEILE PEADAIR APSDAIL. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd, tug lé do mhac Iósa Críosd morán do thiodhlaicibh uáisle dod tapsdal Pedar náomh, agus do aithin de do thréad do bhethughadh go duthrachdách: guidhmíd thú cuir dfhíachaibh ar gach uile easbog agus áodhaire spioratálta do bhríathar náomhtha dho thsheanmóir go díthchiollach, agus ar an bpobul mar an gcédna an bhríathar sin do leanmhuin go humhal, ionnus go bhfhaghaid síad coróin na glóire marthanuighe, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
LA FHEILE SAIN SEUM APSDAIL. An Norrtha. Brunn dúinn a Dhía na trócuire, amhuil dfágaibh an tapsdal naomhtha Sémus a athair agus araibhe don thsáoghal aige gan maill ar bioth, agus do umluidh sé do ghairm do mheic Iósa Críosd, agus do len sé hé: sínn féin mar an gcédna do bheith ullumh do ghnáth chum taithentasa do lenmhuin, ar gcur toile na colla agus an thsáoghail ar gcúl dúinn, tré Iósa Críosd ar dtigherna. Amén.
LA FHEILE PHARRTHALOIN APSDAIL. An Norrtha. A Dhía shíorruidhe na nuilecumhachd, tug grása dod tapstal Parrthalón, creideamh fírinneach do bheith aige, agus do bhriatharsa do thshenmórughadh: guidhmíd thú a bhrunnadh dhod heagluis a ní dho chreid seisean do ghradhughadh, agus a ní dho theagaisg sé do thsheanmórughadh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
LA MHATHA APSTAIL. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd do ghair Matha lé do mhac beannuighthe, ó bheith ag tógbháil chusduim, chum bheith dhó na apsdal agus na shuibhisgél: Brunn dúinne do ghrása, ionnus go seachónum gach uile shaint agus mhían neamhmeasarrdha an tshaibhris, agus go leanfum do mhac Iósa Críosd, noch mhaireas agus atá a rioghachd tshíorruidhe maille leatsa agus leis an spiorad naomh, a sáoghal na sáoghal. Amén.
LA FHEILE MICHIL AGUS NA nuile AINGEAL. An Norrtha. A Dhía shíorruidhe, do orduigh agus dochum seirbhís na nuile Aingeal agus dhaoine ar nós ionghantach: brunn dúinn go trócuireach go dtí don druing doní seirbhís duitsi do ghnáth ar neamh, sinne do dhídean agus do choimhéd ar talmhuin maille lé tusa do bheith dha dtréorughadh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. An Eipisteil. Agus dobhí cath ar neamh: do chathuigh Mithchéul agus a aingil, ris an Dragún: agus do chathuigh an dragún agus a aingil (ríusa:) Giodheadh ní rugadar buáidh, agus ní fríth a náit ó shoin amach ar neamh. Agus do teilgedh amach an dragún mór, an tsenaithir nimhe, dá ngoirther an Díabhal agus Satán, an tí mhellas an domhan uile, do teilgeadh amach hé fán dtalamh, agus do teilgedh amach a aingil maille ris. Agus dochúalla mé guth mór ar neamh, agá rádh, anois atá slánúghadh agus neart agus ríoghachd ar Ndeine, agus cumhachda a Chríosdasan: oír do téilgeadh síos fear éilighthe ar ndearbhráithreach, noch dhobhí dhá néiliughadh do ló agus doidhche a bhfíadhnuise ar Ndé. Giodheadh rugadar buáidh air tré fhuil anuáin, agus tré bhréithir a bhfiadhnuise: agus ni raibhe súim aca na nanum fein gu bás. Uime sin a fhlaitheamhnasa biodh gairdechas oruibh, agus oruibhse a luchd aitreabhas ionnta. A thruáighe libh a luchd aitreabhas an talamh agus an fhairrge, oír táinic an Díabhal anúas chuguibh lán do chuthach féirge, ar mbeith a fheasa aige gurob aithghearr a aimsear.
LA LUCAIS SUIBHISGEIL. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd dó ghair Lucás an liáigh agá bhfhuil deaghtheisd air and sa soisgél, chum bheith dhó na liáigh anma: go madh toil leat maille lé leigheas falláin a theagaisgsean, uile easláinte ar nanman do leighes, tré do mhac Iósa Críosd ar dtigherna. Amén.
LA SHIOMOIN AGUS IUDAIS APSDAIL. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd, do thógaibh do choimhthionól ar fhuindameant na napstal agus na bhfháidheagh, ar mbheith Dhíosa Críosd féin na chloich uillend san obuir: brunn dúinne bheith coimhcheangailte lé céile anáondachd spioraide lé na dteagasgsan, ionnus go ndéntáoi tempull náomhtha ar a mbheith gean agadsa dhinn, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
LA SAMHNA, NO FEILE NA nuile NAOMH. An Norrtha. A Dhía na nuilechumhachd, do cheangail dá chéile an luchd do thogh tú anáonchumand agus chompánas, a gcorp thsheicréideach do mheic Iósa Críosd ar dtighearna: tabhair do ghrásuibh dhúinn, do náoimh do leanmhuin do réir a subhaltaidheadh agus a ndíaghachd, ionnus go dtiocfum fá dheóigh chum an tshóláis dóindsdionasain, do ullmhuidh tusa don druing grádhaidheas tú go cinnte, tré Iósa Críosd ar Dtigherna. Amén. An Eipisteil. Agus dochonnairc meisi Eóin, aingeal eile ag éirghe ón aird anoir, agá raibhe séula an Dé bhéo: agus do éigh sé do ghuth árd ar na ceithre hainglibh dá dtugadh cumhachda ar an dtalamh agus ar an bhfáirrge dho mhilleadh, Agá rádh, ná déunuidh dochar don talamh, ná dhon fháirrge, ná dona crannuibh, nó gu gcuiream séula ar shearbhfhoghantuigheadhuibh ar Ndé a gcláruibh a néudan.
Agus dochúala mé nuimhir na druinge ar ar cuireadh an séula: agus do séuluigheadh céud ceithre mhíle ar dhá fhichead do mhiltibh, duile threabhuibh chloinne Israéul. Do séuluigheadh dhá mhile dhéug do threibh Iúda: do séuluigheadh dhá mhile dheug do threibh Ruben: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ghad: Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Aser: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Nephthali: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Mhanasses: Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shimeon: do séuluighedh dhá mhíle dhéug do threibh Levi: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Issachar. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Sabulón: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ioséph: do séuluigheadh dhá mhile dhéug do threibh Bheniamin. Tar a éise sin do fhéuch mé, agus tabhair húidh, (do taibhreadh dhamh) buidhean mhór nár éidir dhéuneach dháireamh, dá gach uile chineadh, agus (dá gach uile) threibh, agus fphubal, agus theanguidh, na seasamh a bhfíadhnuise na catháoireach, agus a bhfiádhnuise anuáin, umá rabhadar róbuidhe fada gléigheala: agus pailm ana lámhuibh. Agus do éighedar do ghuth ard, agá rádha, (as) ó ar Ndíane atá na shuidhe sa gcatháoir, agus ó anúan, (dogeibhthear) slánughadh. Agus do sheasadar na haingil uile a dtimchioll na cathaóireach, agus na seanoireadh, agus na gceithre mbeathadhach, agus do léigeadar íad féin síos ar a naighthibh a bhfíadhnuisi na catháoireach, agus tugadar onóir dho Dhía, ag rádh, Amén: moladh, agus glóir, agus eagna, agus buidheachas, agus onóir, agus cumhachda, agus neart dár Ndíane a sáoghal na sáoghal. Amén.
LEIGHEANN MHINISDRALACHDA SHUIPEIR AN TIGHEARNA, MAR ATA AN CHUMAOIneach naomhtha. An mhéid lé nab mían teachd chum na comáoineach náomhtha, is cóir dhoibh an anmanda do thabhairt don Mheinisdir, anoidhche roimhe, nó ar madain roimh thráthaíbh, nó ar ball a ndiáigh thrátha. Agus dá mbhía áonnduine aca, ar a mbhía cair fhollas, do ghoillfeadh ar an gcoimhthionól, nó dhorinde égcóir ar a chomharsoin, do bhreithir nó dho ghníomh: da bhfhagha an Meinisdir éolus ar a shamhail soin, is cóir dho a ghairm, agus comhairle do thabhairt dó, gan a chur roimhe ar chor ar bioth toigheachd chum buird an tighearna, no go bfhoillsighidh sé go follas go ndearna se aithrighe fhireandeach, agus lórghniomh doNeaglais, agus don druing ar a ndéarna éugcóir: nó an chuid is lughda dhe, go ngeallfa sé lórghniomh do dhénumh dhóibh, fá mar is táosga fhéudfas a dhenamh go hiomchubhaidh. Ar an modh gceadna, dobhéara an Mhinisdir tegasg don druing agá nairéochaidh sé mailís nó fúath eattorrna, agus ní fhuiléonga sé dhóibh comáoineach bhuird an tighearna dho ghabhail, no gu madh deimhin leis a mbheith réidh lé cheile. Achd da nabruidh duine don droing atá animreasain go maitheand sé féin do rún chroidhe a ndéarna an duine eile dheagcóir air, agus fós go bhfuil sé ullamh chum lórghniomha do dénamh sanegcóire dorinne sé, agus nach ail leis a nduine oile lóirghniomh do gabháil úadha, nó a fhearg agus a fhúath do leigean de, leigeadh an Minisdir an tí ar a bhfhuil anaithmhéula chum na comáoineach, agus díultadh an té atá asúmhal. An tan chaithmhighthear Suipear an tighearna, suidhighthear an bórd, ar na fholach dhéudach ghlan lín, a lár an teampuill, nó na coradh, Sanionadh a léughthar na trátha agus an teasporta, agus ar seasadh dhon Minisdir don táobh thúaith don bhúrd, abradh sé urrnaighte an tighearna, mar so síos. Ar nathairne atá ar neamh etc. maille leis anorrthain so síos. AN CHOMAOINEACH. O a dhé uilechumhachdaigh, agá bfuil croidhthe na nuile dháoine fhosluigthe a tfhiaghnaisi, dár ub aithnidh indtind na nuile, agus ag nách fuil seicréid ar bioth foluightheach ort: glan smúaintighthe ar gcroidheadh lé cumhachdaibh an Spiorad náomh, iondus go ngradhócham thú do rún chroidhe, agus go dtiobhram an onóir dhlighmíd do thabhairt dod hainm náomhthasa, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.
Aindséin adéra an Minisdir na deich naitheanta go soilléir: agus iarrfaid an pobul uile ar a nglúinibh, a ndiaigh gach áonaithne dhíobh, trócuire Dé ar son sháraighthe na naitheanta, ar an modh so siós. An Minisdir. 1. Do labhair Día na briathra so, agus a dubhairt sé: Is meisi do Thighearna Día: na bioth áon ndía oile agad achd meisi amháin. An Pobul. A Thighearna déuna trócuire oruind, agus dírigh ar gcroidheadha chum na haithneisi do choimhlíonadh. An Minisdir. 2. Ná déuna dhuit féin iómhadh, na cosmhuile aóinneith da bfhuil thúas ar neamh, ná ar an talmhain thíos, ná and sanuisge fán talmhain: na cróm thú féin síos dóibh, aghus na tabhair onóir dhóibh. Oir is meisi do thighearna Día, agus is Día éudmhar mé, leanas peacadh na naithreadh ar an gcloind, go soithche an treas, agus an ceathrumhadh geinealach, don droing fhúaithidheas mhé, agus doní trócuire ar na míltibh don drúing gradhaigheas mhé, agus chóimhéadas mhaitheanta. An Pobul. A Thighearna déna trócuire oroinn, agus dírigh ar gcroidheadha chum na haithneisi dho choimhlionadh. An Minisdir. 3. Ná tar thar aínm do thíghearna Día go díomhaóin: oír ní búdh neamhchiontach a bhfhíaghnaisi an tighearna, an tí lúaidhfios a ainm go diomháoin. An Pobul. A Thíghearna déna trócuire oruinn, etc. An Minisdir. 4. Cuimhnigh lá na Sabbóide do náomhadh, a sé laithibh oibréochus tú, agus dodhéna tú hoibrighthe féin uile, achd a sé an seachdmhadh lá Sabbóid do thighearna Día. Na déna obuir ar bioth and, tu féin, ná do mhac, na hinghean, do shearbhfhoghanthuidh ná do bhanóglach, hainmidhe, ná an duine coimhightheach atá don táobh a sdigh dod dhóirrsibh. Oír is a sé laithibh dorinne an tighearna neamh, agus talamh, an fhairrge, agus gach ní dá bhfhuil iondta, agus do chomhnaigh sé an séachdmhadh lá: Ar anadhbharsoin do bheannaigh an tighearna an seachdmhadh lá, agus do náomh sé hé. An Pobul. A Thighearna déuna trócuire oraind, etc. An Minisdir.
5. Tabhair onóir dhod tathair, agus dod mháthair, chum go bhfaidéochthí do laithe ar an dtalmhuin, dobhéura an Tighearna do Dhia féin duit. An Pobul. A Thighearna déna trócuire oruinn, etc. An Minisdir. 6. Ná déna dúnmharbhadh. An Pobul. A Thighearna déna trócuire oruinn, etc. An Minisdir. 7. Ná déna adhaltrandas. An Pobul. A Thighearna déna trócuire orainn, etc. An Minisdir. 8. Ná déuna goid. An Pobul. A Thighearna déna trócuire oroinn, etc. An Minisdir. 9. Ná déuna fíaghnaisi bhréige an adhaigh do chomharsan. An Pobul. A Thighearna déna trócuire oruinn, etc. An Minisdir. 10. Ná sandtaigh teach do chomharsan, ná sandtaigh bean fphósda do chomharsan, ná a óglach, ná a bhanoglach, ná a bhó, ná a assal, ná ní ar bith oile bhús léd chomharsain. An Pobul. A Thighearna déuna trócuire oruinn, agus guidhmíd thú na haitheanta so uile do chur a gcló in ar gcroidhedhuibh. Aindséin adéura an Minisdir orrtha an láoisin maille lé horrthain don dá orrthain so síos ar son an Rígh, na sheasadh ag bórd an Tighearna, ag rádh. Déunam urrnaighthe. O a Dhía na nuilechumhachd, gá bfhuil do rioghachd síorruidhe, agus do chumhachda nemhchuimsighthe, déuna trócuire ar an gcoimhthionól uile, agus sdúr croidhe do sherbhfhoghantaighe tóghtha féin Shéumuis, ar Rí, agus ar núachdarain, iondus (ar na thuigsí dó cía dhan ub oglách hé) go níarrfadh sé glóir, agus onóir do thabhairt duidsi roimhe an uile ní: agus ar na thuigsí dhuinne atá fá na chumhachduibh (mar is iomchubhaidh,) gur ub uáitsi atá úachdarranachd aige, go ndiognam seirbhís dhíles dó, go dtíubhram ónoir, agus umhlachd dó, ionnatsa, agus ar do shonsa, do réir haithne, agus hordaighthe bhennaighthe féin, tré Iósa Críosd, ar dtigherna, noch mhaires agus atá a rioghachd shíórruidhe na aon ndía, maille letsa, agus leis an spiorad náomh, a sáoghal na sáoghal. Amén.
An Norrtha oile. A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, múinidh do bhriathar bhennaighthe dhúinn, go bhfhuilid croidheadha na Rioghtheadh and do laimhsi, agus go sdúrand tú agus go niompuidheand tú íad, fá mar as féarr docíther dod ghliocus díaghdha, guidhmáoidne go humhal tú, croidhe Shémuis do shearbhfhoghantaighe féin, ar Rí agus ar Núachdarain, do riaghladh agus do dhíorghadh, iondas go níarfadh se in a uile smúaintighthibh, in a uile bhríathraibh, agus in a uile ghníomharthaibh, honóir agus do ghlóirsi, maille lé díthchill dho dhénumh dhó, ar do fphobulsa do cuireadh dhúalach air, do choimhéd a sonas, a síthcháin, agus a gcreideadh: bronn so dhúinn a athair thrócuirigh, ar son do mhic mhórghradhaigh Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. Ar an mbhall andíagh no norrthann, léighfidh an Minisdir an Eipisdíl, ag tosughadh mar so. An Eipisdil mar sgríobhthar hí chum na Romhánach, no chum a leithéid oili, and a leithéid so do Chaipghidil. Agus tar éis na heipisdleach do léughadh, adéura sé: is mar so thosuigheas an Soisgél. An Soisgél mar sgríobhthar hé etc. Ann a leithéid so dho Chaipghidil: Agus tar éis na heipisdleach agus an tshoisgéil do léghadh, a dearthar an Chré mar so siós. Creidim a naóindía Athair na nuilechumhachd, cruithaightheóir neimhe agus talmhan, agus an nuile neith sófhaicsiona agus dófhaicsiona. Agus a náon tighearna Iósa Críosd, an táonmhac do geineadh ó Dhía agus rugadh ó nathair, sul do bhí sáoghal ar bioth and. Día dho Dhía, Solus don tsholus, Día fírindeach don Día fhirindeach, do gheineadh agus nách déarnadh, dáonthsubstaint leis an Athair, lé ndéarnadh gach uile ní: noch táinic anúas do neamh ar ar soinne an cineadh dáonna, agus ar son ar slánaighthe: agus do ghabh coland dáona uime don mháighdin Muire, lé cumhachdaibh an Spiorad náomh, agus dá ndearnadh duine: agus fós do céusadh ar ar soinne, fa Phuingc Philáid: do fhulaing an fpháis, agus do hadhlaiceadh: agus dorinne an eiséirghe an treas lá, do réir an Sgriobtúr, agus dochúaidh súas ar neamh, agus atá na shuidhe ar láimh dheis an Athar: agus thíocfas arís maille lé glóir, do bhreith bhreithe ar bheóghaibh agus ar mharbhuibh: ag nách bía foirchiond ar a ríoghachd. Agus creidim mar an gcéudna and sa Spiorad náomh, Tighearna, agus tiodhlaigtheóir na beatha, noch thig ón Athair, agus ón Mhac: da dtugthar onóir
agus glóir, maille leis an Athair, agus leis an Mac, noch dho labhair a mbéul na bfháidheadh. Agus creidim mar an gcéudna áoineaglais náomhtha, chomhchoitchiond agus absdulta (do bheith ann.) Admhuidhim áonbhaisdeadh amháin chum maithfeachais na bpheacthadh. Agus atá súil agam lé heiséirghe na marbh, agus leis an mbheatha marthanaigh. Amén. An ndíaigh na Créidhe muna raibhe Seanmóir and, léughthar foircheadal do na foircheadlaibh díaghdha do cuireadh a gcló cheana, no chuirfighthear na dhíaigh so lé hudaras coidchiond. Agus andíaigh na Seanmóra nó an fhoirchiodail, foillséochaídh an Minisdir don fphobul, laithe sáoire, agus troisgidh na seachdmhaine na dhiaigh dá rabhaíd and. Agus dona céidneithibh do bhéura se teagasg dhóibh coimhniughadh ar na bochdaibh, agus a riachdanas leas dfhóirighthin, Aindséin a déura sé do réir a dheiscréide féin, áon fhearsa amháin no níbhús mó do na fearsadhaibh so siós.
Tabhair déirc dona bochduibh dod mháoin féin, agus ná hiondtaigh haghuidh go bráth ó áonduine bhochd, agus marsoin ní fhillfidh an Tigherna a aghaidh uáitsi. Bí trócuireach do réir hacfainde. Madh atá morán agad, tabhair ní úait go fairsing: madh atá beagán agad, déna do dhíthcheall ar chuid don bheagánsoin do thabhairt uáit go furbhfailteach: Oír is mar soin chruineóchus tú dhuit féin lúaghaóidheachd maith a ló an ríachdanuis. An tí doní trócuire ar an mbhochd, dobheir sé airleagadh don Tighearna. Agus cúitéochuigh an Tighearna leis an ní thug sé úadha. Is beandaighthe an tí dobheir a aire do riachdanas an bhoichd: sáorfaidh an Tighearna hé anáimsir an uilc. Aindséin croindéubhaid na próchutóireadh, nó gidhbé dáoine oile ar a gcuirfighthear an túalachsoin, an déirc dobheirid an pobul uátha, agus cuirfid síad a gcisde na mbhochd hí. Agus dobhéra gach áon úadha, na hothfrálacha, gnáitheachtha don Mhinisdir: Aindséin adéura an Minisdir déunam urrnaighthe ar son sdaide na heagailsi comhchoidchionde atá anois ag déunadh gaisgidh ar an dtalmhuin.
A Dhía bhíothbhúain na nuilechumhachd, noch tréud hapsdal náomhtha fhógras, urrnaighthe, guidhe, athchuingeadha, agus breith buidheachais do dhéunamh ar son na nuile dháoine: iarrmuid go humhal ort, (na déarca so do bhéirmíd úainn, agus) na hurnaighthe so othfhrálamaoid dhod mhordhachd díaghdhasa, do ghabháil chugad go trócuireach: agá iarruidh ort mar an gcéudna, Spiorad na fírinde, na síothchána agus an réidhtigh do thabhairt uait do ghnáth, agus do choimhéud doneglais go huilidhe: déonuidh mar an gcéudna, go dtiocfadh an mhéid admhuidhes hainm náomhtha féin lé chéile, a gcreideamh, agus a dteagasg fhírindeach an tshoisgéil, agus go gcaithfid a mbheatha a réidhtioch agus a ngrádh díaghdha. Guidhmíd thú mar an gcéudna, Priondsadha, úachdarain, agus Ríghthe corónta na Críosduidheachda uile, do choimhéud, agus do dhídean, agus go speisiálta Sémus ar Ríghne do thshearbhfoghantuidheisi, iondas go gcaithfeam ar mbheatha go suáimhneach fá na smachd, maille leis an uile dhíaghdhachd, agus fhíréundachd. Agus brond dá chomhairle uile, agus da gach duine eile da bhfhuil anoifig faói, cóir do dhénumh go fírindeach neamhleatromach, gan fhéuchain do fphersáin tar a chéile, chum anuilc agus na lochd do smachdughadh, agus do cheartughadh: agus chum go méudóchadh díaghdhachd, creidedh agus subhaltuighe, agus go bfhuigheidís an luáidhigheachd dhlighthear do thabhairt dóibh. Tabhair grásda mar in gcéudna a Athair néamhdha dá gach uile Easpog, agus áodhaire spioratálda ar a bfhuil cúrum anmand, go bhféudfuid síad lé na mbheatha ghloin, agus lé na dteagasg díaghdha, minisdralachd an tshoisgéil do dheaghmhashíughadh, agus na Sacrameintedh do fhrithéolmhagh, do réir orrduighthe do mheic féin. Tabhair grásda mar an gcéudna dod fphobul uile, agus go speisíalta don choimhthionolso do láthair, do bhríathar náomhtha féin deisdeachd agus do ghabháil chugtha, lé hindtinnibh umhla, agus leis an onóir is iomchubhaidh dho thabhairt di, agus seirbhís do dhéunamh dhuitsi a náomhthachd, agus a bfhiréundachd, ar feadh a sáoghuil uile. Guidhmíd thú mar an gcéudna go humhal, ar son do mhaitheasa a Thíghearna, cabhair agus comhfhurtachd do thabhairt do nuile dhuine atá a namhghar, a ndoilghíos, anéugcrúas, nó a ríachdanasleas ar bioth oile is an bheatha ndiombhuáinso: Brond na híarrataisi uile dhúinn, a Athair thrócuirigh ar son Iósa Críosd, ar naóinfhear réitigh agus ar naighne. Amén. Aindséin adéurthar an teagasgso síos an áimsearuibh dhairighthe, an tan dochífe an Minisdir an pobal mainneachdnach chum teachda do ghabháil na comaóineacha náomhtha.
A bhráithrecha róionmhuine, tangamar andso aníu a gceand a chéile, chum ar sasadh lé suipéar an Tighearna, agus aithnighim dháoibh uile an ainm an Tighearna an mhéid a táthaói do láthair andso, agus iarruim dathchuingidh oroibh mar an gcéudna a huchd an Tighearna Iósa Críosd, gan áonnduine agaibh do dhíultadh teachd chum an tshuipéirsi, go speisiálta do bhrídh go bhfhuil an Tighearna féin a chomhghrádhachsoin dá bhur ngáirm agus ag tabhairt cuiridh dháoibh. Atá a fhios aguibh, a mhéud ghoilleas ar dhuine an tan doní sé féusda mórlúaigh, agus líonaidh sé a bhórd da gach uile thsort bídh, gan uireasbhaigh ar bioth air, achd a luchd cuiridh do chur na suidhe, da ndíultaid an luchd dá dtugadh an chuireadh go mearrgánta dobuidheachuis teachd chuige. Cía hagaibhsi ré ndéuntaói a leithéide soin nach géubhadh go holc chuige hé? Cía haguibh nach sáoilfeadh go ndiongantuidhe égcóir romhór air féin? Ar anádhbhorsoin a bhráithreacha róiomhmhuine a Gcríosd, tabhruidh dha bhar naire, nach brosdóchadh sibh fearg Dhé nar naghaidh féin, fá dhíultadh thoigheachd chum an tshuipéir náomhthasa. IS urusa do dhuine a rádh, ní fhuil fund orom toigheachd chum na comáoineach, ar anadhbhar go bfhulid gnodhaighthe sáoghalta ag cur thoirmisg orum. Giodheadh ní hurus a leitheíde sin do leisgéul do ghabháil na do mholadh a bfhiaghnaisi Dé. Madh a deir áonduine, is peacthach romhór mé, agus ar anadhbharsin ní lamhuim theachd: fiafruidhim dhíobh créd an tadhbhar? créd má nach déuntaói aithríghe, agus bhar mbheatha dho leasughadh? An é nách nár libh a rádh, an tan dobheir Día cuireadh dháoibh, ní háill lind teachd? An tan do budh chóir dháoibh filleadh chum Dé, an ngéubhtháoi bhar leisgéul, agus an aibéorthuidhe: ní fhuilmíd ullumh? breathnuighidh go díthcheallach iondaibh féin, nách fuil tarbha in a leithéidibhsin do chummodóireachd agus do leisgúeluibh a bhfhiaghnaisi Dé. An dream do dhíuilt teachd chum an fhéusda isan Soisgéul, ar son gur cheandchadar fearun, nó gur mhían léo cuingir dhamh dho cheandchadar do dhearbhadh, nó gur phósadar mná, nír gabhadh leisgéul uátha, achd do measadh nár bfíu íad teachd chum an fhéusda neamhdhasoin. Atáimsi annso dho lathair, agus do réir mfhoifige, dobheirim cuiredh dháoibhsi anainm an Tighearna, dobheirim fógra dháoibh a huchd Chríosd, agus dobheirim teagasg dháoibh, (amhuil is maith libh sibh féin do shlánughadh) cuid don chomáoineach náomhthasa do chaitheamh. Agus amhuil nár ghabh gráin mac Dé a fhuil féin do dhortadh ré bás dfhulang ar an gcrand gcéusda chum sibhsi dho shlánughadh: Is mar an gcéudna atá dfhíachuibh oruibhsi, an chomaóineach do chaithemh anaóineachd, a gcoimhniughadh a bháis sean, do réir a aithne féin. Achd madh churtháoi romhaibh
anois an Suipéar so do dhíultádh, breathnuighidh in bhar ninntinnibh féin, créud hí méud na héagcóra doní sibh ar Dhía na nuilechumhachd, agus créud hé tromdhachd an dioghaltais thuitfes oraibh, ar son na tarcuisneisi. Agus ar anádhbhar go gcuirend sibh fearg a chomhmórsoin ar an dtighearna, ré heiteach an fhéusda náomhthasa: dobheirimsi fógra agus tegasg dhaóibh, agus fós iarruim dathchuinghidh oraibh, gan tuilleadh uilc do chur leis an dobhuidheachas so: An ní dodhentaói da mbía sibh mar luchd feithimh, agus iongantais na druinge chaitheas an commáoineach, agus sibh féin an feadhsoin nemhcheanamhuil uma ghlacadh. Oír créud a ní oile is éidir dho thuigsin as, achd neimhchion agus dobhuidheachas romhór a naghuidh Dé? go deimhin is mór an dobhuidheachas duit, eiteach do thabhairt uáit ar bhfhaghail chuiridh dhuit, achd as rómhó iná soin, an tan sheasas tú ar a chomhair, agus gan tú ag ithe, na ag ól iná ag blaisedh neith don chommáoineach náomhtha a bhfochair cháich. Fíarfuidhim dhíot créud atá in a léithéide sin do ghníomh, ach sgigeadh fothchásach fá sheicréidibh náomhtha an Tighearna Iósa? Atá a naithnesi fóirrleathan, agus beanuidh sí ré gach áonduine .i. Glacuidh, agus ithidh, glacuidh, agus ibhídh uile dhe so: Dénaidh so mar chúimhne oramsa. Créd hí a naghaidh nó an téudun lé néisdfeidh sibh na bríathraso? Créd hé so, achd faillighe, agus tarcuisne, agus foghnámhad do dhéunadh fá thiomna Chríosd? Ar anadhbharrsin deagla soin do dhénumh dhaóibh, fágaidh an láthairsi, agus tabhruidh ionadh dhon drúing agá bhfhuil inntinn dhíaghdha. Achd fós ag imtheachd daóibh, íarruim oruibh, smúainidh ionnaibh féin go meinic, cía ón a bfhuiltí ag ímtheachd. Atáthí ag imtheachd ó bhórd an Tigherna, atátháoi ag imtheachd ó bhar mbhráithribh críosduighe, agus ó fhéusda na hoileamhna neamhdha. Mádh dhobheirthí na neitheisi go dithcheallach dá bhar naire, fillfighthear sibh do grasd Dé chum na beatha is féarr, agus is falláine. Agus chum go bhfhuigheadh sibh an trócuire sin, dodhéunaimne ag caitheamh na comáoineach náomhthasa dhúinn, ar nurrnaighthe umhal chum Dé bhithbhéo ar bhur son. Ar uáiribh eile, adéarthar an foircheadal so mar an gceudna, do réir dhisgréide an Mhinisdir. A bhráithreacha róionmhuine, do bhríogh go bhfuil dhfíachuibh oruind, buidheachas rómhór do thabhairt ó chroidhe do Dhía na nuilechumhachd ar nathair neamhdha, ar son go dtug sé a mhac féin ar slánuightheóir Iósa Críosd, ní héadh amháin dfhulang fpháisi ar ar son, achd mar an gcéudna chum go mbíadh sé na shásadh agus na bhíadh spioratálta aguinn, fá mar fhóillsighthear dhúinn lé bréithir Dhé, agus lé Sacrámeinntigh a fhéola, agus a fhula rónáomhtha, noch dobheir comhfhurtachd rómhór don drúing chaitheas go dlisdenach íad, agus téid angábhadh rómhór don drúing chaitheas go mídhlisdeanach íad. Is i mhoithfigsi sibhsi do theagasg, fá bhar
naire dho thabhairt go dithcheallach do dhighnite agus do mhorlúagh na seicréide náomhthaso, agus méad gúasachda a gabhála go nemhiomchubhuidh, agus bhur gcogúais féin do chúartachad, agus do theasdúghadh, amhuil do bheith sibh ag teachd go náomhtha neamhshalach, chum féusda roidhiaghdha, rónáomhtha: Iondas nach cóir dháoibh techd chuige ar chor ar bioth, achd leis anéadachsoin an fphósda do bheith umaibh, noch iarrus Día and sa sgriobtúr náomhtha, madh aill libh gabháil sibh mar luchd cuiridh bhudh dhfíu theachd chum a leithéide soin do bhórd neamhdha. Agus ag so síos an gléus agus an tshlidhe ar a dtiocfuidhe mar soin. Ar tús is cóir dhaóibh bhur mbheatha, agus bhur mbhéusa do sgrúdadh, do réir ríaghla aitheantadh Dé, agus gidhbé ar bioth ní ina dtuigfidhe gur chiontaigheabhair do smúaintechadh, do bhréithir no do ghníomh, caoinidh bhar mbheatha fpheacthach féin is an cháil sin, ag dénumh bhar bhfaóisidneach ré Día na nuilechumhachd, lé tríall seasmhach diongmhálta go leasóchadh sibh bhar mbheatha. Agus dá bhfhaicthear dháoibh tar éis bhar gcoguáis do chúartachadh, nách anaghuidh Dé amháin doríneabhair peacthadh, achd mar an gcéudna anaghuidh bhar gcomharsan, andsoin déunuidh réiteach ríu, agus bíthí ullumh chum lórghníomha do dhéanumh ríu fá mar ios fearr fhéudfuidhe an gach uile égcoír agus mhíchomhthrom dhá ndearnabhair ar áonduine. Agus bíthí ullum mar an gceudna chum maithfeachais do thabhairt dá gach áon dá ndéarna eugcóir oruibh, amhuil is mían libh maithfeachas bhur gcíonta dfhaghbhail ó Dhía. Nó nó ní dhioghnand gabháil na comaóineach náomhtha, achd bhar ndamnadh dho mhéadúghadh. Agus do bhrídh nach cóir do neoch ar bioth teachd chum na sacrameinte náomhtaso, achd maille lé dóchus diongmhálta a dtrócuire Dé, agus lé cogúas suáimhneach siothchánda: ar anadhbharsoin má tá áonduine agaibhsi, nach féudann a chogúas do chur chum súaimhnesa, do réir an tegaisg so thugamair dháoibh, achd ar a bfhuil ríachdanas leas aithearrach comhfhurtachda, no comhairle: Andsoin tigeadh sé um cheandsa, no a gceand duine éigin deisgréidigh fóghlumtha oilé, bhías na Mhinisdir ar bhréithir Dhé, agus foillsighedh fé a bhuáidhreadh inntinde, chum go bfhuigheadh sé a leithéide sin do chomhairle spioratálta, do theagasg agus do chomhfhurtachd, lé dhtoigéochthí anúalach a chogúais de, agus lé minisdráldachd bhréitre Dé go bfhuigheadh sé comhfhurtachd agus tiodhlacadh na hapsdaloide, chum suáimhneis do thabhairt dá chogúas, agus gach uile chunntabhairt agus aimhearuis do chur as. Ainséin adéura an Minisdir an teagasg so síos. A Cháirde grádhacha san Tighearna, lé na mian teachd chum comháoineach náomhtha chuirp, agus fhola ar slanaighthéora Iósa Críosd ar dtighearna, is cóir dháoibh a chuimhneachadh, an ní do sgríobh Pól apsdal chum na Gcóirinntidhánach, agus mar dobheir sé tegasg dhóibh, fá gach áon dha dhearbhadh féin,
sul do laimheóidís an taránso do ithe, agus an cupánso do ól. Oir amhuil is mór an tíodhlacadh, corp agus fuil Chríosd do chaitheamh go spioratálta, comhnuidhe dho dhénumh a Gcríosd, agus Críosd do bheith na chomhnuidhe iondainde, agus bheith a gcomháontachd leisen, (an ní thegmhus don druing tig go diongmhálta chum na comhaóineach, eadhon lé croidhe tuirseach umhal, maille lé creideamh fírindeach agus lé dochus dearbhtha and sa trócuire do gealladh dhúinn tré Chríosd:) Mar an gcéudna is mór an gabhadh dhúinn, da dtigem chuigthe go neamhdhiongmhálta, do bhrídh go bfhuilmaóid cionntach a bhfuil, agus a bhféoil ar slánaighthéora Iósa Críosd, agus go gcaithmíd iad chum bhreitheamhnuis agus damanta, ar anadhbhar nach déunmuid eidirdhealughadh eidir chorp an Tighearna, agus bhíadh oile. Agus tairngeadhmaóid a fheargsan agus a dhiomdha oruind, agus dobheirmíd fá deara dhó, dioghaltas do dhénumh oruind, lé plághaibh agus hé gallraighthibh égsambla, agus fá dhéoigh ris an mbhás. Ar anadhbharsoin, má tá áonduine dhaóibsi, na námhuid, agus na fhear sgandalach dho thabhairt dho bhréithir Dhé, na fhior adhaltrandais do dhéunamh, ar lasadh dhfeirg, ná dhfúath, nó cionntach a gcoir ar bioth oile, na lamhadh a iondshamhuilsin toigheachd chum búird an Tighearna: Achd sul thiocfas sé, cáoineadh sé a fpheacthaidh, ar eagla tar éis gabhála na comhaóineach náomhthasa dhó, go rachadh an Díabhal anáoinfheachd leis an gcomhaóineach and, mar dochuáidh sé ann Iudás, agus go líanfadh sé hé do nuile olc, agus go mbhéaradh leis hé chum damanta cuirp agus anma. Ar anadhbharsoin a dhearbhraithreacha, beiridh féin bhreith nar naghuidh féin, deagla go mbhéuradh an Tighearna bhreith in bhar naghuidh. Déunuidh aithrighe fhírindeach sna peacthaibh dhochuáidh thoruibh: Cuiridh ar muinídhin, agus ar ndóchus do rún chroidhe and ar Slánaighthéoir, Iósa Críosd. Leasuighidh bhar mbheatha, agus grádhuighidh go diongmhálta na huile dhaóine: Oír ios mar soin doghéubhtaói bhar gcuid randa don tshácrameint náomhthasa. Achd ós ciond gach uile neithe, is cóir dhaóibh buidheachas romhór ó chroidhe do thabhairt do Dhía Athar agus don Mhac, agus don Spiorad náomh, ar son an domhain do shlánughadh tré fpháis, agus bhás ar slánuighthéora Iósa Críosd, atá na Dhía, agus na dhuine fhíre, do umhlaigh hé féin go soithche an mbhás, edhón bás na croiche, ar ar soinne na pecaigh thrúadha, dobhí a ndorchadas, agus a sgáile an bháis, chum cloinde Dé do dhéunumh dhínn, agus óighredha ar an mbhetha marthanaigh. Agus is chuige do hórduighedh an tshácrameint, chum go gcuimhnéochadhmaóis do ghnáth, ar ghrádh neamhchuimsighthe ar Máighisdir, agus ar naóinfhir réitigh Iósá Críosd, noch do cuiredh chum báis mar so ar ar soinde, agus go
gcuimhnéochadhmaóis mar an gcéudna, na tiodhlaigthe nách éidir dháiremh fúair sé dhúinn tré dhortadh a fhola mórlúaighe: agus do chúm agus do órduigh sé, na seicréide náomhthaso, mar gheall ar a ghrádh, agus mar chuimhniughadh síorruidhe ar a bhas, cum comhfhurtachda moire marthanáighe dho thabhairt duinne. Uime sin fá mar atá dfhíachuibh oruinn, beiriom buidhechas do ghnáth rissean, maille ris an Athair, agus ris an spioradh náomh, agus umhluidheam agus íslígheam sinn féin fá na thoil ronáomhthasan, agus cuiream romhuind seirbhís do dhéunamh dhó, a náomhthachd fhírindigh, agus a bfhíréundachd, ar feadh ar sáoghuil uile. Amén. Aíndséin laibhéoraidh an Minisdir leis an druing lénub mían toigheachd chum na comáoineach náomhtha mar so sios. An mhéid dáoibhsi atá ar ndénumh aithríghe fírindighe, dúthrachtaighe and ar bpeacthaibh a bfhiaghnaisi Dé, agus do réidhigh ré bhar gcomharsain, agus ghrádhuigheas anuile dhuine o chroidhe, agus do chuir romhaibh féin o so súas betha núa do bheith agaibh do réir aitheanta Dé, agus gár mian libh feasda siobhal iona thshlighthibh náomhthasan: druidigh rind, chum no comaóineach naomhthasa do chaitheamh chum bhar gcomhfhurtachda: admhuighidh go humhal bhar bpheacthaigh do Dhía agus doneaglais atá and so ar gcruinníughadh na ainmsoin, ar nár léigean féin ar bhar nglúinibh go humhal. Aindséin déntar an fáoisidigh gheinaralta so, an ainm na druinge atá ar tí na cumáoineach do chaitemh lé duine éigin díobh féin, no lé duine do na Minisdribh, ar mbheith dóibh uile ar a nglúinibh go humhal. O a Dhía na nuilechumhachd, a Athair ar dtighearna Iósa Críosd, a chruthaighthéoir na nuile neith, a bhreithimh na nuile dhaóine, atámuidne ag admhail agus ag caóineadh ar bpheacthaidh, agus ar míghniomha róiomdha, noch dhorindemar go róadhúathmhar ar feadh ar mbhetha uile, do smúaineadh, do bhréithir, agus do ghníomh, anaghaidh do mhórdhachd diaghdhasa ag brosdúghadh thféirge, agus do dhíomdha roidhlisdeanuighese in ar naghuidh féin. Atá anois doilghios ó chroidhe oruinn, agus atámuid daríribh ag dénumh aithrighe and ar bpheacthaibh: ní fhuil ní is séirbhe lind ina coimhníughadh orro: Ni fhéudmáoidh a dtruime díomachar. Déuna trócuire oruinn, déna trocuire oruinn a Athair na trócuire, ar son do mheic ar dtighearna Iósa Críosd. Maith dhúinn na peacthaigh dochúaidh tharuinn, agus brond dhúinn o so a mach go bráth seirbhís do dhénumh dhuitsi, agus do thoil do dhénumh a nuaidhigheachd bheatha, chum molta agus glóire do thabhairt dod háinm náomhtha, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.
Na dhíaghsoin eiréochaigh an Minisdir, no an Teasbog (madh bhinn sé do laithir) na sheasadh, agus ag iómpúdh a aighte ar an bpobul dó, adéara sé mar so siós. Día na nuilechumhachd ar nathair neamhdha, noch do ghell dá thrócuire neamhchoimsighthe féin maithfeachas a bpecthadh don uile dhuine doní aithrighe go dúthrachdach, agus iompuidheas chuige lé croidhe fírindech, go ndiongna sé trócuire oraibhsi, go léige sé libh agus go máithidh sé dhaóibh, bhur nuile fpheacthadh, go neartuighidh agus go ndaingnighidh sé sibh and gach uile dheaghobair, agus go dtréoruighidh sé sibh chum na beatha marthanaighe, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. Agus mar an gcéundna adéura an Minisdir mar so sios Eisdigh ciondas dobheir Críosd cuireadh do na peacthachuibh, agus ciondas dobheir sé comhfhurtachd dhóibh, lé bríathraibh iomshlán do nuile chomhfhurtachd. Tigidh chugumsa (ar sé) uile a bfhuiltí tuirseach, agus fá anúalach, agus dobhéura mé fúaradh dháoibh. Is amhluidh soin do ghrádhuigh Día an domhun, iondus go dtug sé a éinghein mhic féin, chum gibé duine chreideas and, nach rachadh sé amugha, achd go bfhuighbheadh sé an bheatha mharthanach. Eisdigh mar an gcéudna créd a deir Pól apsdal. Is rádh fíre so, agus atá sé ionghabhala leis ar gach áonchor. (Eadhon) go dtánuig Iósa Críosd don domhun, chum na bpeacthach dho shlánughadh. Eisdidh mar an gcéudna, créud a deir Eóin náomhtha. Má dhoríne éinneach peacthadh, atá áidhne aguind a bhfhochair a nathar, edhón Iósa Críosd an fírén: agus is eisean aniodhbáirt do réidhigh dhúinn a dtáobh ar bpeacthadh. Ar na chriochnughadh soin, adéra an Minisdir mar so. Tógbhuidh súas bhar gcroidheadha. Freagra. Tógbhamaóid súas chum an Tighearna íad. Minisdir. Tabhrum buidheachas dar Dtighearna Día. Freagra.
Is cóir agus is iomchubhuidh sin dho dhénumh. Minisdir. Go deimhin is cóir, agus ios iomchubhaidh hé, agus atá dfhíachuibh oruind, buidheachus do bhreith leatsa, in gach uile áimsir agus is an uile áit ó a thighearna, a Athair náomhtha, a Dhía thsíorruidhe na nuilechumhachd. Na dhíaigh so adéurthar orrtha speisiálta do réir na háimsire sin féin, ma tá suaigthe, agus muna raibhe, a deárthar ar an mbhall. Ar an ádhbhorsoin maille lé Hainglibh agus ré Harchainglibh, etc. PREFAIDE SPEISIALTA. A Lá Nodlug, agus seachd lá na dhíaigh. Ar ánadhbhar go dtug tú háonmhac féin Iósa Críosd ar dtighearna dhúinne, noch bá toil leat do bhreith conam an láoi aníu ar ar soinne, agus doibriughadh an Spiorad náomh duine fíre do dhénumh dhé a Muire óigh a mhaithair, gan sal an fpheacthaigh, chum sinde do ghlanadh onuile fpeacthadh: uime sin maille lé Hainglibh, agus lé Harchainglibh, etc. A ló Casg, agus seachd lá na dhiaigh. Agus go mórmhór atá dfhiachuibh oruind do mholadh, ar son eiséirghe glórmuire do mheic Iósa Críosd ar dtighearna: Oír is eisean an túan fíre Casg dorindeadh dhiodhbhairt ar ar soinne, agus do thógaibh peacthadh an domhuin, noch lé bás dhfulang do sgrios an bás, agus lé na eiséirghe daisig dhúinne an bheatha mharthanach. Uime sin maille lé Hainglibh, agus lé Harchainglibh, etc. Deardaoin deasgabhála, agus seachd lá na dhiaigh. Ar son do mheic róionhmuin Iósa Críosd ar dtighearna, noch do thaisbéin hé féin go follus dá dheisgiobluibh, tar éis a eiséirghe ghlórmhuire, agus dochúaidh súas ar nemh as a gcomhair, dollmhúghadh ionaidh dhúinne, chum go rachmaóisne súas mar a bhfuil seisean, agus go mbheimís nar Ríghthibh maille leis, a nglóir shíorruidhe. Uime soin maille lé Háinglibh etc. Domhnach Cingcisi, agus seachd lá na dhíaigh. Tré Iósa Críosd ar dtighearna, agá dtáinic an Spiorad náomh anúas do neamh conam an láoi aníu do réir a gheallamhna ró dhearbhtha, maille lé toruinn obuind aindtréin, agus do luidh ar na hapstaluibh a bfhioghair theangthadh dtindtíghe, chum a múinte, agus
a dtréoraighthe and sanuile fhírinde, agus tug dhóibh tiodhlacadh na dteangtha, agus cumus admhala, agus seanmóra an tsoisgéil do na huile chineadhachuibh, maille lé dánachd agus lé teas creidimh, chum go dtarróngtí sinne ó dhorchadas a nainbhfis chum an thsholuis fhíre, agus chum éoluis dfhaghbhail ortsa, agus ar do mhac Iósa Críosd. Uime soin maille lé Hainglibh, etc. A ló Dhomhnuigh na Trionóide amháin. Go deimhin is cóir, agus is iomchubhaigh, agus atá dhfíachuibh oruind, buidheachus do bhreith leatsa, isan uile áimsir agus and sanuile áit, a thighearna, a Dhé shíorruidhe na nuilechumhachd, noch is áon ndía, agus is áon Tighearna, ní ha táonfphearsain amháin, achd ad thrí pearsanuibh anáonshubstaint. Oír an ní chreidmíd ar ghlóir an Athar, creidmíd an ní cédna ar ghlóir an mheic agus an Spiorad náomh, gan eidirdhealúghadh ar bioth, achd a mbheith ionann. Uime soin maille lé Hainglibh, etc. A ndiaigh na bprefaide soin adéurthar ar ball, Uime soin maille lé Hainglibh, agus lé Harchainglibh, agus maille leis an slúagh neamhdha uile, molmaóid agus onóruidhmíd hainm glórmharsa, ag breith bhuidheachuis do ghnáth riot, agus ag radha, is náomhtha náomhtha náomhtha thú, a Thigerna Día na slúagh. Atá neamh agus talamh lán dod ghlóir. Glóir dhuitsi, a Thighearna is áirrde. Aindséin dá léigean féin ar a ghlúinibh don Mhinisdir aig bórd an Tighearna abradh sé, anainm na ndaóine lé nab mián an chúmáoineach do chaitheamh anorrtha so síos. A Thighearna thrócuirigh, ní do mhuinidhin as ar bhfhiréndachd féin, atámuid ag teachd chum do bhúirdsi andso, achd do mhuinidhin as umad do thrócuireisi. Oír ní fíu sinn sprúilleach amháin do chruinneachadh fá do bhórdsa. Giodheadh is tusa an Tighearna céudna, dan ab gnáithbhéas trócuire do dhénumh. Uime soin a thighearna throcuirigh, tabhuir dhúinne go nitheam féoil do mheic íonmhuin Iósa Críosd, agus go nibheam a fhuil ar an modhsoin, iondus lé gabháil a chuirp náomhthasan dúinn, go nglanfuighther ar gcuirpne atá arna salchadh o fphecthaibh, agus go ndéuntar ar nanmanda dhíondladh lé na a fhuil mhorluáighsin, chum go ndiongnam do ghnáth comhnuighe andsan, agus eisen, íondainde. Amén.
Na dhíaigh sin ag eírghe na sheasadh don Mhinisdir, a déura sé mar so síos. O a Dhía na nuilechumhachd, ar nathair neamhdha, noch dod trócuire neamhchuimsighthe, tug dhúinne háonmhac féin Iósa Críosd chum báis na croiche dfhulang ar son ar slánaighthe, agus ar an gcroichsin agus leis a néiníodhbhairt sin lér íodhbair sé hé féin áonuair amháin, doríne íodhbairt dhiongmhálta, iomshlan, agus léor, agus othfráil, agus lórghníomh neamhuireasmhach ar son fpheacthadh an domhuin uile: agus do ordaigh agus do aithin iona shoisgéul náomhtha féin, cuimhniughadh síorruighe a bháis mhorluáigh dfhoillsíughadh go a theachd: Guidhmaóid thú éisd lind a Athair thrócuirigh, agus bronn dúinn ag gabháil na gcreatúiridhe so Aráin agus fhíona chughaind do réir orduighthe rónáomhtha do mheic ar slánuightheóir Iósa Críosd, a gcuimhne a bháis agus a fpáisi, go rabhum pairteach lé na chorp agus lé na fhuilsean. Noch anóidhche do braitheadh hé, do ghlac Arán, agus ar mbhreith bhuidheachuis dó, do bhris, agus tug dhá dhéisgioblaibh hé, agá rádha, Glacaidh, ithidh, is é so mo chorpsa, dobhearar ar bhar sonsa, déunuidhsi so um chuimhneisi. Ar an modh gcéudna, a ndiáigh Shuipéir, do ghlac sé an cupa, agus ar mbhreith bhuidheachais, tug dhóibhsean hé, agá rádh, ibhidh uile dhe so: Oír así so mfhuilsi na tiomna nuáidhe, noch dhoirtear ar bhar sonsa agus ar son mhoráin, a maitheamh na bpheacthadh. Déunaidh so chomh-mhionca ibhthaói dhe, um choimhneisi. Aindséin géubhaidh an Meinisdir féin ar tús an chomhaóineach eidir Arán, agus fhíon, na dhíaigh soin dobhéara sé hí don chuid eile dona Minisdribh (da rabhuid síad do láthair) chum cunganta dho thabhairt don chéud Mhinisdir: Na dhiáig soin tabhradh an Minisdir hí, don fphobul ion a lamhuibh, agus íad ar a nglúinibh, agus ag tabhairt an Aráin dóibh, adéra sé. Corp ar dtighearna Iósa Críosd, noch tugadh ar do shonsa, go gcumhdaighe sé do chorp agus tanumsa chum na beatha marthanaighe: Agus glac, agus ith so a gchuimhne go bfhúair Críosd bás ar do shon, ith eisean léd chroidhe, maille lé creideamh, agus beir buidheachas. Agus adéura an Minisdir dobheir an cupa uádha, mar so. Fuil ar dtighearna Iósa Críosd, do doirteadh ar do shonsa, go gcumhdaighe sí do chorp agus tanam, chum na beatha marthanaighe: Agus ibh so a gcuimhne gur dhoirt Críosd a fhuil ar do shon, agus beir buidheachas. Na dhíaigh sin adéura, an Minisdir an fphaidear, agus adéra an Pobul gach athchuingidh si na dhíaigh. Na dhíaigh sin adéurthar anurrnaighthe so síos.
O a Thighearna a Athair neamhdha, atámuidne do shearbhfhoghantuighe úmhlasa, agá iarruidh go dúthrachdach ar do mhaitheas aithreamhuil, aniodhbairt mholta agus bhuidheachuis so donímaid anois, do ghabháil chugad gó trócuireach: agus guidhmíd thú go roumhal ar son luáidhigheachda fpháisi, agus bháis do mheic Iósa Críosd, agus tré chreideamh ina fhuilsen, a bhronnadh dhúinne agus don chuid oile dod teaglais chomhchoidchiond, maitheamh na bphecthadh dhfaghbháil, agus gach uile thíodhlacadh oile dá bhfaghthar do thoradh a fpháiseisean. Agus mar an gcéudna atámuid andso gár nothfráil, agus gár dtabhairt féin duidsi a thíghearna eidir anum agus chorp, nar niodhbairt reusúnta, náomhtha, bhéo, agá iarruidh go humhal ort an mhéide dhínd fúair cuid don chomhaóineach náomhthaso, go líontar sinn dod ghrásaibh agus dod bhendachadh neamhdhasa. Agus gion go fíu sinn ar son umad ar bpeacthadh, iodhbhairt ar bioth do thairgsin duidsi, giodheadh fós guidhmíd thú go humhal, an tseirbhís, agus an umhlachd so atá dfhíachuibh oruind do thabhairt duit do gabháil chugad go toltanach, agus gan meas do bheith agad air créud do thuilleamar dfhaghbhail, achd ar bpeacthaidh do mhaithemh dhúinn, tré Iósa Críosd ar dtigherna, agár ub thríd, agus maille ris, a náondachd an Spiorad náomh, dobheirmíd duitsi a Athair na nuilechumhachd, gach uile onóir, agus ghlóir, a sáoghal na sáoghul. Amén. Nó an Norrtha sa. O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, dobheirmíd buidheachas biothbhúan lé croidhe duthrachdach dhuitsi, ar gur bhfíu leat sinde do ghabh na seicréide náomhthaso go hiomchubhuidh, do bheathughadh lé bíadh spioratálda chuirp agus fhola morluáighe do mheic féin ar dtighearna Iósa Críosd, agus go ndearbhand tú dhúinn lé na ngabháil so, go bhfhuil tú fábharthach grásamhuil dhúinn, agus go bfhuilmíd ar nár ndéunamh nar mbhalluibh fíre dod chorp shéicréidiochsa, (agus as é soin coimhthionól beanduighthe na nuile dhaóine ndeighchreidmheach), agus go bfhuilmíd nar nóighreadhuibh ar do ríoghachd shíorruidheisi do réir mhuinghine, tré thuillteanas bháis agus fpháisi mórluaighe do mheic ró ghrádhaighsi. Ar ánadhbharsoin guidhmíd go róumhal tú, ó a Athair neamhdha, bheith nar bfhochair do ghnáth maille lé do ghrásuibh, iondus go ndiongnam comhnuidhe shíorruidhe san chomhand náomhthasa, agus go ndiongnam na huile dheaghoibrighthe agár ordaigh tusa dhúinn ionnta, tré Iósa Críosd ar dtighearna, da dtiubhram maille riotsa, agus leis an Spiorad náomh,
gach uile onóir agus ghlóir, a sáoghal na sáoghul. Amén. Aíndséin adéarthar, nó canfuighthear so síos. Glóir do Dhía and sna neamhuibh róárda, agus síothcháin ar an dtalamh, deaghthoil do dháoinibh. Molmaóid thú, beanduighmid thú, dobheirmaóid onóir dhuit, dobheirmíd glóir dhuit, dobheirmíd buidheachus duit, ar son do mhórghlóire féin, a thighearna Día, a Ríogh nemhdha, a Dhé a Athair na nuilechumhachd, a Thigherna, a éinghin mhic a nathar, a Iósa Críosd, a Tigherna Día, a uáin Dé, a mheic anathar thógus peacthaidh an domhuin, déna trócuire oruinn. Os tú thógbhus peacthaidh an domhain, gabh chugad ar nurrnaighthe. Os tú tshuidheas ar láimh dheis Dé Athar, déuna trócuire oruinn. Oir is tú amháin atá náomhta, is tú amháin an Tighearna, is tú amháin is áirde, a Iósa Críosd, maille leis an Spiorad náomh a nglóir Dhé Athar. Amén. Fa dhéoigh, léigfidh an Minisdir, nó an Teasbug dá raibhe sé dho láthair, don fphobul sgaóileadh, maille leis an mbeandachadhain so. Go gcumhdúighe síothcháin Dé, théid ós ciond anuile thuigsiona, bhar gcroidheadha, agus bhar nindtindi, a néolus agus a ngrádh Dé, agus a mheic Iósa Críosd ar dtighearna: Agus go raibhe beandachd Dé na nuilechumhachd, aNathar, an Mheic agus an Spiorad náomh, maille libh, agus go gcomhnuidhe sí dho shíor maille libh. Amén. Orrthana is inráidh a ndíaigh na hoifige, an tan nách glacaid daóine an chumáoineach, áon órrtha dhíobh gach láoi dhá samhuil soin. Agus ar an modh gcédna is éidir a rádh, a choimeinic dogheibhthar adhbhar, a ndiaigh orrthana na dtráth agus aneasporta, agus a ndíaigh na comhaóineach, nó na liodán, do réir dhisgréide an Mheinisdir. A Dhía thrócuirigh, bí do láthair ar nurrnaighthe, agus dírghidh slidhe do shearbhfhoghantadh féin chum na sláinte marthanáighe dfhaghbhail, iondus a nuile bhúaidheirt agus iomlat na beatha diombhúainesi, go gcoimhédfuidhe íad do shíor, léd chungnamh róghrásamhuil ullamhsa, tré Iósa Críosd ar dtigherna. Amén. O a Thíghearna náomhtha, a Athair na nuilechumhachd, agus a Dhía shíorruidhe, guidhmíd thú go madh toil leat, ar gcroidhthe agus ar
gcuirp do dhírghiughadh, do náomhadh, agus do ríaghladh, do réir do reachda, a ndeaghoibrighthibh haitheantadh: Iondus tré do chúmhdach cumhachdachsa, go mbhíam anois agus do ghnáth a sláinte chuirp agus anma, tré Iósa Críosd ar Dtígherna. Amén. Guidhmíd thú a Dhía na nuilechumhachd, go dtuga tú dhúinn, na bríathra dochúalamar aníu lér gclúasaibh, do chur a gcló tré do ghrásuibh go domhain ion ar gcroidheadhaibh, iondus go dtíubhraid úatha do ghnáth toradh na deaghbheatha iondaind, chum molta, agus glóire dho thabhairt dhod hainmsi, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. Guidhmíd thú a Thighearna, réidhigh an thslidhe romhuind ion ar nuile ghníomharthaibh lé tfhabhar grásamhuil, agus neartaigh lind do ghnáth maille léd chungnamh, iondas ion ar nuile ghníomharthaibh ar na dtionsgnamh, ar na ngnáthughadh, agus ar na gcríochnughadh ionnatsa, go dtíubhram glóir dod tainm náomhtha, agus fá dheireadh go bhfuigheam an bheatha mharthanach tré do ghrásuibhsi, ar son Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. O a Dhía shíorruidhe, a thobair na huile eagna, agá bhfuil fios ar nuireasbhuigh sul íarrmuid ní ort, agus fios ar nainbhfios gá iarruidh: Guidhmíd thú dod trócuire, trúaidhe dho dhénumh dár nanbhfainne, agus brond dúind na tíoghlaice nách fíu sind dfhaghbháil, agus do bhrídh ar nainbhfis nach feas dúinn ciondas do iárrfamaóis íad, tré fpháis do mheic Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. O a Dhía na nuilechumhachd, noch do gheall úrrnaighthe na druinge ghuidheas tú an ainm do mheic déisdeachd: Guidhmíd thú do chlúasa do chláonadh go trócuireach chugainde dorinde guidhe agus urrnaighthe anois chugad, agus bronn duinn na neithe so do íarramar ort maille lé creideamh do réir do thola, go bhfhaghbham íad go héifeachdach, chum ar ríachdanaisleas dfhóirighthin, agus chum do ghlóireisi dfhoillsíughadh, tré Iósa Críosd ar Dtigherna. Amén.
Ann sna laithibh sáoire, muna ghlacar an chumáoineach, adérthar na huile neithe atá ar na nórdachadh ag an gcúmaóineach, go déireadh an fhoircheadail, agá chur leis sin anorrtha gheinerálta ar son sdaide na heagailsi chomhchoidchinde, atá anois ag dénamh gaisgigh ar an dtalmhain, agus orrtha nó orrthana do na horrthanuibhsin do cuiridh síos roimhaind, do réir mar dogéubhthar adhbhor. Agus ní caithfighthear Suipéur an Tighearna ar áon chór, achd muna rabhuid nuibhir amchubhaigh de dhaóinibh chaithfios hí a bfochair an Mhinisdir, do réir a dheisgréide féin. Agus muna raibhe ós ciond fithchid pearsan san fphárráisde aibchigh an ndeisgréid chum na comaóineach do caitheamh, ní caithfighthear an cummáoineach, achd mona rabhuid ceathrar nó tríur an chuid bús ludha dhe, da caitheamh a bhfochair an Mhinisdir. Agus an Eagailsibh Cathedrálta, agus a Gcoláisdibh, ina bfhuilid morán do Mhinisdribh agus do Dheochanuibh, caithfid síad uile an chummaóineach maille leis an Minisdir, gacha domhnaigh an chuid bhús ludha dhe, achd mona raibhe leisgeul dlisdeanach aca. Agus do chur an fhuarchrábhuidh ar gcúl, noch chuirid drém dháirighthe and sa bhfhíon agus is anarán, is lór a iondshamhuilsin darán do bheith and, amhuil bhíos do gnáit ar bhorduibh a measg na mbhiadh oile, achd bíoth sé don arán is fearr agus is glaine is éidir dhfhaghbháil don chruithneachd. Agus da bhfhágithar fuigheall ar bioth donáran, nó don fhíon, déunadh an Minisdir a dhíol féin de. Agus is ar chosdus an fparráisde is cóir don Mhinisdir, agus do fphrócutóiribh na heagailsi, Arán agus fíon na cumhmaóineach do thsholáthar, agus bíaidh an Parráisde sáor o nairgead, nó ona neithibh oili de ghnáthuighidis do dhíol go soithche so ar a sonsoin, do réir mar de randtuidhe ar a dtighthibh hé gacha domhnaigh. Agus tabhair dod haire, gur ub cóir dá gach áon nduine dhon fpharráisde, an chumhaóineach do chaitheamh fó thrí san bhlíaghuin an chuid bhús ludha dhe, agus go háirighthe is uáir díobhsoin an Cháisg. Agus is éigean dóibh mar an gcéudna na Sácrameindte do ghabháil, agus gnáthaighthe oile na heagailsi do choimhlíonadh, do réir orduigthe an leabhairsi. Agus gach áon bhliaghain um Cháisg, doghéunaidh gach áon don fpharráisde cúntus ré na fpearsún, ré na bhiocaíre, nó ré na chúráidighe, no ré na dtúrnaighthibh, agus díolfuid léo uile dhéibhidil na heagailsi, is gnáthach dho dhíol fánámsoin don bhlíaghain. LEIGHEANN MHEINISDRALACHDA AN BHAISDIDH, IS coir do ghnathughadh faNeaglais, annso sios. Is follus a húghdaraibh áosda, nach gnáthaighthi an baisdeabh do Mhinisdrálachd anallód, achd fá dhó san bhliaghain, mar atá fá Cháisg agus fá Chingcis. Agus and sna háimsiraibh sin donithí a mhinisdrálachd go puiblidhe a bfhíaghnaisi an choimhthionóil uile. Agus gé dhochúaidh sin anois ó na ghuáthughadh, agus ar mhorán dádhbharuibh nach éidir a aiseag go hiomchubhuidh, docíthear dhúinn fós an gnáthughadh soin do leanmhuin mar is neasa feudfuighther hé. Ar anadhbhor soin, is cóir a fhógra don fphobul gurub róiomchubhuidh, gan an baisdeadh do mhinisdrálachd achd gacha domhnaidh, agus gach lá saóire oile, an úair bhús mó cruindéochadh an pobul a gceand a chéile: Ní hé amháin chum go mbheith an coimhthinól atá do láthair na bfhíaghnaibh air go ngabhthar an luchd bhaisdear go núa anuimhir eagailsi Críosd: Achd mar an gcéudna chum go gcuirfidhe a gcuimhne da gach áon díobh lé baisdeadh na leanabh, an gealladh tug sé féin do Dhía na bhaisdeadh. Agus ar na hadhbharuibhsi is oirchios an baisdeadh do mhinisdrálachd san teanguidh mhathar. Gidheadh madh éigin hé, ní fhuil toirmiosg ar na leanuibh dho bhaisdeadh úair ar bioth agá dtighthibh. An úair bheid leinb chum a mbhaisdidh Día domhnuigh, nó lá saóire oile, cuireadh an tathair nó an mhathair sin a gcéill don Churáidi, anoidhchi roimhe, nó ar maidin roimhe ám tráth. Agus aindséin is dúal do na cárdasaibh Críosd, agus don fphobul maille leis na náoidhibh, bheith ullumh ag anamar bhaisdeadha ar a mbhall a ndíaigh na caibghidileach déighenuighe do thráthaibh, nó ar an mbhall a ndíaigh na caibghidileach deigheanuighe doneasporta, amhuil ordéochus an Minisdir, do réir a dheisgréide féin. Agus ar mbheith na seasamh dhóibh andsoin, fiáfróchuidh an Minisdir, nar baisdeadh na leinbh: agus madh fhreagraidsíad níor baisdeadh, aindséin a déra an Minisdir mar so síos. A bhráithreacha róionmhuine, do bhrídh gur ub a bpeacthadh gheintear agus bhearthar gach uile dhuine, agus go nabair ar slánaightheóir Iósa Críosd, nach féidir do dhuine ar bioth dhul asteach go rioghachd Dé, achd muna dheúntar a aithbhreith lé huisge agus leis an Spiorad
náomh: Iárruim dhathchuinghidh oraibh, Día Athar dho ghuidhe anainm ar dtighearna Iósa Críosd, go madh toil leis da mhór thrócuire féin, a thabhairt do na naoidheanánuibhsi anní nach éidir léo dfhághbháil ó na náduir féin, Eadhon go mbhaisdfighthe lé huisge, agus leis an Spiorad náomh íad, agus go ngéubhtháoi asdeach aneaglais náomhtha Chríosd íad, agus go ndiongantáoi boill bhéogha fhírindeacha doNeglais sin díobh. Aindséin adéura an Minisdir. Déunum urrnaighthe. O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch dod mhór thrócuire féin do sháor Naói agus a mhuindtear o ghabhadh na nuisgeadha leis aNáirc, agus rug do fphobul féin cland Iosrahéul tríd an Muir ruáidh slán, mar fhioghair don bhaisdeadh náomhtha: agus do bhendaigh sruth Orthanáin agus gach uile uisge oili tré bhaisdeadh do mheic ionmhuin Iósa Críosd, chum iondlaidh shéicréidigh na bpecthadh: Guidhmíd go humhal tú dod trócuire nemhchuimsighthe féin, an chland bheag so do ghabháil chugad go grásamhuil, do náomhadh, agus do ghlanadh léd Spiorad náomh, iondas ar mbheith dóibh ar na sáoradh mar so ó tfheirgsi, go ngéubhthar asteach íad aNáirc Eagailsi Críosd: iondas ar mbheith dóibh daingean a gcreideamh, lúathgháireach a muinighin, agus ar na bhpréumhughadh a ngrádh, go dtiocfa dhíobh siobhul tré thonduibh an tsháoghuil bhuáidhearthasa, agus teachd fá dhéoigh chum talmhan na beatha biothbhuáine, chum bheith andsoin a rioghachd shíorruidhe a tfhochairsi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén. A Dhía mharthanaigh na nuilechumhachd, a chabharthóir na ndaóine mbhochd, a fhir cháomhanta gach aóin dá dteitheann chugad díarruidh comhairce, a bheatha gach aóin da gcreideand iondat, agus a éiséirghe na marbh: Guidhmíd thú ar son na leanemh ógsa, iondus ar dteachd chum do bhaisdidh náomhthasa dhóibh, go bfhuighidsíad maithemh na bpecthadh léis anaithgheineamhuin spioradálta. Gabh chugad íad a thighearna, do réir mar dho gheall thú lé do mhac ionmhuin féin, ag rádha: Iarruidh agus dobéurthar dhaóibh, dénuidh lórgaireachd, agus dogheubhtháoi, buáilidh an dorus, agus foisléogthar dháoibh. Ar anadhbharsoin tabhair dhúinne atá anois ag iarruidh neith ort, go bfhuigheam hé, agus tabhair dhúinn atá ag lórgaireachd, go ngnodhóchum, agus go noisgéoltar
dhúinne atá ag búaladh an doruis: iondus go bhfuighid na leinbh so beandachadh aniondlaidh neamhdha, agus go dtiucfaid síad chum do ríoghachda síorruidheisi, noch do gheall tú, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. Aindséin adéura an Minisdir. Eisdigh lé bríathraibh an tshoisgéil, sgríobhthar lé Marcus náomhtha suibhisgéul, and sa deachmhadh Caibghidil. ANáimsir dháirighthe tugadar leinbh beaga chum Críosd, chum go mbheanfadh sé ríu, agus do imdheargadair a dheisgiobuil an mhuinnter tug léo íad. Achd an tan dochonnairc Iósa soin, dobhí míchéudfaidh aige orro, agus adubhairt sé ríu, léigidh do na leanbuibh techd chugamsa, agus na toirmisgídh íad. Oír is lé a leithéidibh súd flaithes Dé. A deirim ribh go fírindech, gidhbé nách géubhuidh ríoghachd Dé chuige mar leanb, nach racha sé asdeach go bráth indte. Agus an tan do ghabh sé chuige íad ion a uchd, ar gcur a lámh orro, do bheanduigh sé íad. Tar éisi an tshoisgéil do léughadh, dodhéunaidh an Minisdir an miníughadh athchumair so síos ar bhríathraibh an tshoisgéil. A Cháirde grádhacha, dochluintí san soisgéul so bríathra ar slánaighthéora Iósa Críosd, gur aithin sé na leinb óga do thabhairt chuige féin: Ciondus do spreag sé a dheisgiobail lér áill a gconnmháil úadha: Agus ciondus do theagaisg sé donuile dhuine a neamhurchóid do leanmhuin. Tuigthí mar an gcéudna ar a ghothadh agus ar a ghníomh, ciondus do fhoillsigh sé a ghrádh cáonbharrach dhóibh: Oír do ghabh sé chuige in a uchd íad, do chuir sé a lámha orro, agus do bheanduigh sé íad. Ar anadhbharsoin na bioth aimhearus aguibh, achd creididh gan chunntabhairt, go ngéubha sé na leinbh so chuige, leis a ngrádh gcéudna, go dteandfaidh sé leis íad eidir lámhuibh a thrócuire, go dtíubhra sé dhóibh beandachd na beatha marthanáighe, agus a gcuid don ríoghachd shíorruidhe. Uume sin ó nach fuil aimhearus againde ar ghrádh agus ar thoil ar nathar neamhdha do na leanbuibh so, thré na mhac Iósa Críosd, agus nach fuil cunntabhairt ar bioth againn go bhfuil cion aige ar anobair thrócuirigh so atámuid do dhéunamh anois, ag tabhairt na leanb so chum a bhaisdidh náomhthasan, tabhram buidheachus dó maille lé creidemh agus lé duthrachd mór, ag rádh.
O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, a Athair neamhdha, beirmaoid buidheachas go roumhal leat, ar son gur bfíu leat sinde do ghairm chum creididh iondat, agus chum éoluis dfhaghbháil ar do ghrásuibh: Guidhmíd thú, méudaigh an téolus so, agus neartaidh an creideamh so do ghnáth iondaind: Tabhair do Spiorad náomh do na leanbuibh so, iondus tar éisi a naithbheirthe andso, go mbhéid síad iona noighreadhuibh ar an mbheatha marthanaigh, tré Iósa Críosd ar Dtigherna, noch maille leatsa, agus leis an Spiorad náomh, mhairios agus atá na Rí, anois agus go síorruidhe. Amén. Aindséin dobhéura an Minisdir an teagasg so síos do na Cairdeasuibh Críosd. A Cháirde roghrádhacha, tugubhair na leinb so andso libh dhá mbhaisdeadh, dorindeabhair urrnaighthe go madh toil lé bhar Dtighearna Iósa Críosd a ngabháil chuige, a lámha dho chur orro, a mbendachadh, a bpeacthaidh dho mhaithemh dhóibh, an Rioghachd nemhdha agus an bheatha mharthanach do thabhairt dhóibh. Dochúalubhair mar an gcédna, gur gheall bhur Dtighearna Iósa Críosd iona tshoisgéul gach ní dhíobh so dár íarrabhair air dho thabhairt uádh: Agus ní fhuil cundtabhairt air go gcoimhéolaidh seisean a ghealladh féin. Uimeisin ó dho chenguil Críosd hé féin leis a ngealladhso, is dúal do na leanbuibhsi mar an gcéudna, a ghelladh as bhar mbhéulsa, a mhuinntersa atá ag dul a dtactha, agus anurrudhus orro, go ndíultfaid síad don Díabhul agus dá a uile oibrighthibh, go mbía creideamh díongmhála a mbréithir Dhé aca, agus go gcoimhéudfuid síad a aitheanta go ró dhúthrachdach. Aindsein fíafróchuidh an Minisdir na ceasda so síos do na Cáirdeasuibh Críosd. A Ndíultand tú dhon Díabhul agus dá uile oibrighthibh, do fpoimp agus do ghlóir dhiomhaóin an tsháoghuilsi, maille lé na uile mhíanuibh sanntacha, agus dandtoil na colla, iondus nách leanfa tú íad, agus nách fuiléongtha tú dhóibh do mhealladh. Freagra.
Diultáim dóibh uile. An Minisdir. An gcreideand tú a ndía Athair na nuilechumhachd, a gcruthaightheóir neimhe agus talmhan, agus a Níosa Críosd a éunmhacsan ar dtighernaine, noch do gabhadh on Spiorad náomh, agus rugadh lé Muire óigh? An gcreidend tú gur fhulaing sé an fpáis fá Fpuingc fphioláid, gur céusadh hé, go bhfúair bás, gur hadhlaictheadh hé, go ndeachaigh sé síos go hifreand, agus gur eiséirghidh sé an treas lá o mhárbhaibh? An gcreideand tú go ndeachaigh sé súas ar neamh, agus go bhfuil sé anois na shuidhe ar deis Dé, Athair na nuilechumhachd, agus go dtiocfa sé arís as soin, a ndeiredh an tsháoghail, do bhreith bhreithe ar bhéoghaibh, agus ar mharbhuibh? An gcreideand tú ann sa Spiorad náomh mar an gcéudna? An gcreidend tú aneaglais naomhtha chomhchoidchind, cumand na náomh, maitheamh na bpheacthadh, eiséirghe na codla, agus an bheatha mharthanach tar éis an bháis? Freagra. Creidim na neithe so uile gan chunntabhairt. An Minisdir. An mían leat do bhaisdeadh san chreideamh so? Freagra. Is hé soin mo mhían. Aindséin adéra an Minisdir. A Thighearna thrócuirigh, guidhmíd thú, brund dúinn, an sean Adhamh do adhlaigtheadh sna leanbuibh so, iondus go mbhía an duinne núa ar na athdhúsgadh iondta. Amén. Brond dúinn, antoil na codla go huilidhe do mharbhadh iondta, agus na huile shubhailche do mharthain agus dhfás iondta. Amén. Brond dóibh, neart agus cumhachda, iondus go dtiocfadh dhíobh, búaidh agus treisi dho bhreith ar anaibheirseóir, ar an domhan, agus ar an gcaluind. Amén. Brond dúinn mar an gcéudna, an mhéid atá andso arna dtabhairt duitsi lér noifig, agus lér seirbhísne, go dtiodhlaigthear dhóibh na subhailche spioratálda, agus an luáighidheacdh shíorruidhe, tré do thrócuireisi a Thigherna agus a Dhía bhennaighthe, noch mhaires agus ríaghlas na huile neithe go síorruidhe. Amén. O a Dhía mharthanaigh na nuilechumhachd, agár dhoirt do mhac ro ionmhuin Iósa Críosd as a tháobh roúasal féin, fuil agus uisge, a maitheamh ar bpeacthadhne, agus tug aithne dhá dheisgiobluibh,
dul do theagasg na nuile chineadhach, agus a mbhaisdeadh anáinm an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad náomh: Guidhmíd tú haire dho thabhairt dúrrnaighthibh heagailsi féin, agus brond dúinn, go ngéubhuid an mhéide dhod shearbhfhoghantaibh féin bhaisdfighthear annsa nuisgeisi, líonmhuireachd do ghrásdsa chugtha, agus go nanfuid siad go síorruidhe a nuimhir do chloinde dílsi tóghthasa, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. Aindséin glacfuidh an Minisdir an leanb iona lámhuibh, agus fiafróchuidh sé créad ios ainm don leanb. Agus tar eisi anma an leineibh dhfaghbháil dó, toiméobhaidh sé isan nuisge hé go haireach cíanradharcach, ag rádh na mbhríatharso síos. A. N. Baisdimsi thú, anainm an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad náomh. Amén. Agus dá raibhe an leanb méirbh, ní beag dhó an tuisge do chrothadh air, ag rádh na mbhríathar gcéudna. A. N. Baisdimsi thú, anaimn an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad náomh. Amén. Aindséin ar ndéinimh chomhthardha na croiche a gclár éudain an leinb don Mhinisdir, adéura sé mar so síos. Gabhmaóid an leanb so chughaind a gcoimhthionól thréuda Críosd, agus atámuid ag cur chomhthardha na croiche air, a gcomhtharrdha nach búdh náir leis ó so súas creideamh Críosd do céusadh dhadmháil, agus comhrag cródha do dhéunamh fá na bhrataighsen, anaghaidh an fphecthaidh, an tsháoghail, agus an Díabhuil, agus bheith na sherbhfhoghantuighe, agus na ghaisgeadhach dhíleas aige go deireadh a bheatha. Amén. Aindséin adéura an Minisdir. A Bhráithreacha roionmhuine, ó táid na leineimhsi anois ar na naithgheineamhuin, agus ar na gcur asteach a gcurp eagailsi Críosd, tabhrum buidheachus do Dhía ar son na dtiodhlaigtheadh so, agus déunam ar nurrnaighthe dháontoil, chum Dé na nuilechumhachd, gá íarruidh air, an chuid oili dhá sáoghul do chaitheamh dhóibh, do réir na gcédtosaighesi.
Aindséin adéurthar. Ar Nathairne atá ar neamh, etc. Na dhíaigh soin adéura an Minisdir. A Athair mhór thrócuirigh, beirmíd buidheachas romhór leat, ar son gur thoil leat, an leanb so daithgheineamhuin lé do Spiorad náomh, a ghabháil chugad mar dhuine chloinde, agus ball dod heaglais féin do dhénumh dhe. Agus ghuidmíd thú go humhal, a bhrondadh dhúinn, go raibhe an peacthadh marbh and, agus an fhíréundachd béo, go náodhlaigthear hé maille lé Críosd ion a bhas, go gcéusaidh sé an seannduine, agus go sgriosaidh sé uádha go hiomshlán corp an fpeacthaigh go huilidhe: Iondus amhuil atá sé páirtech lé bás do mheic, go mbhía sé mar an gcéudna páirteach lé na eiséirghe, chum go bhfhuighbheadh sé fá dheóigh oighriochd do rioghachda síorruidheisi, maille leis an gcuid oile do teaglais náomhtha, tré Iósa Críosd an Dtíghearna. Amén. Fá dheóigh, ar ngairm na Gcáirdeasgcríosd a gceann a chéile don Mhinisdir, dobhéuraidh sé an teagasgso síos dóibh. Ar an adhbhar gur ghelladair na leineimhsi as bhar mbhéulsa, go ndíultfaidís don Díabhal, agus dá a uile oibrighthibh: Go gcreidfidís a Ndía, agus go ndéundaóis seirbhís dó: Caithfidheisi a chuimhníughadh, go bhfhuil dúalach agus dfhíachaibh oruibh, a chomhlúath agus tiucfaid síad chum aóisi, a thabhairt fá deara éolus do thabhairt dóibh, ar an móid sholumanta, agus ar an ngealladh doríneadar as bhar mbéulsa. Agus chum go madh féirde a néolus ar na neithibhsi, cuirfídhe dfhíachaibh orro dhul déisdeachd lé teagasg bhréithre Dé. Agus do na céidneithibh, cuirfidhe dfhíachuibh orro, an Chréidh, an fphaider, agus na deith naitheanta dfhóghlaim na dtenga mháthar, agus gach ní oile is cóir do chríosduighe dfhóghluim, agus do chreideamh, chum sláinte a anma. Agus a thabhairt fá deara fós, a dteagasg go dúthrachdach chum beatha fhírchríosduighe do bheith aca. Agá choimhníughadh do ghnáth, go bhfhuil sómpla ar gcreidmhe and sa bhaisdedh aguinn? agus as hé soin eisimpláir ar slánaighthéora Críosd do leanmhuin, agus bheith comhchosmhuil leisen: Iondus do réir mar fúair seisean bás agus dorinne sé a neiséirghe ar ar soinne: go madh amhluidh soin is cóir dhúinne do ghabh
baisdeadh, an peacthadh dho mharbhadh ionnaind, agus eiséirghe dho dhénamh chum firéundachda, agus nuaidhigheachda betha, ag márbhadh uile ainmíana truáillighthe na codla do ghnáth, agus ag siobhal romhaind go laoitheamhuil ann sna huile thshubhaltaibh agus a náomhthachd bheatha. Dobhéura an Minisdir aithne, na leinb do bhreith chum aNeasbuig, chum a dteasduighthe agus a ndaingnighthe san chreideamh, comhlúath thiocfus díobh, an Chré, an fpaidear, agus na deith naiteanta dho ráda na dteanga mhathar, agus bhías éolus ní bhús mó aca andsa chaiteiciosma, do cuireadh a gcló cuige sin, amhail atá follus and fein. DO NA LEANBUIBH BHAISDEAR LE RIACHDANUS A dtighthibh priobhaideacha le Minisdir an fparráisde, nó le Minisdir dlisdionach oili fhéudtar dhfaghbhail, labhrus so síos. Dobhéuruid Aódhairidhe agus Curáididhe na heagailsi fógra go meinic don fpobul, gan leinb óga do chonnmháil gan bhaisdeadh ní sía iná an domhnach nó an lá saóire eile is neasa dhóibh andiáigh a mbheartha, achd muna raibhe ádhbhar romhór ann, fhoillseochar don Minisdir agus mholfus sé. Dobhéruid síad fógra mar an gcéudna dhóibh, gan a gclann do bhaisdeadh and a dtighthibh príobhaideacha, achd maille lé hadhbhor mór agus lé riachdanas. Agus an tan dobéura crudháig fa deara dhóibh sin do dhénumh: Aindséin atá dfhíachaibh orro an baisdeadh do mhinisdralachd ar an modh so síos. Ar tús dénamh an Minisdir dlisdeanach, agus an mhéide bhías ina fhochair urrnaighthe chum Dé ag iarruidh grásd air, agus abruid síad an fphaidear, madh bhinn ám aca air. Agus tar éis anma do thabhairt ar an leanb lé duine éigin dá mbhía do láthair, tomadh an Minisdir dlisdeanach a dubhrumar, an uisge hé, nó doirteadh uisge air, ag rádha na mbhríathar so síos. A. N. Baisdimsi thú, anainm an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad náomh. Amén. Agus na bioth aimharus aca go bfhuil an leanamh bhaisdear mar soin, baisdidh go dlisdeanach diongmhálta, agus nách cóir a bhaisdeadh arisi. Giodheadh fós mádh mhaireand an leanb bhaisdear ar a nós soin, is oirchios a thabhairt don teampoll, indus más hé Minisdir an fparráisde féin do bhaisd hé, go gcuirfeadh sé a gcéill don fphobul an modh air ar bhaisd sé hé go príobhaideach. no má dho bhaisd Minisdir dlisdeanach oile hé, go bhféuchaidh Minisdir an fpharráisde and a rugadh nó ion ar baisdeadh an leanamh, nar baisdeadh hé go dlisdionach. San adhbhar soin madh a deirid an dream dobheir an leanamh léo chum an teampoill gur baisdeadh cheana hé, andsin teasdóchuidh an Minisdir íad níbhús mó, ag rádh mar so síos. Cía dho bhaisd an leanb so? Cía dhobhí do láthair an leinb so dho bhaisdeadh? Agus ar anadhbhar go bhfhéudfuighthe cuid éigin déifeachd na Sacrameinteisi dfhágbhail gan déunamh, ré hegla nó ré deithfir, and a leithéide
sin dáimsir chrúaghalaigh: Uimesin fíarfuidhim nísa mhó dháoibh, Créud hi an fhlithigheachd lé nar baisdedh he? Creud íad na bhriathra lé nar baisdeadh hé? An mbhretnuighend sibh gur baisded an lenamh go dlisdionach, diongmhála? Agus madh thuigeand an Minisdir ar fhréagarthaibh na ndáoine tug an leanamh léo, go ndearnadh gach ní mar budh cóir a ndenamh: Ní bhaisdfidh sé an leanb aris, achd geubha sé hé mar neach dhon treud, agus don fpobul chriosdaighe, agá rádh mar so síos. Atáim ghá chur a gcéill dháoibh, gur dlisdionach a ní dorínebhair san chás so, agus go ndearnabhair do réir orduighthe dhiongmhála a mbhaisdedh an leinb so, noch rugadh a bpeacthadh Adhaimh, agus fá fheirg Ndé, agus atá anois ar na ghabhail anuimhir chlainde Dé, agus ar na dhéunamh na óighre ar an mbheatha marthanaigh, tré iondladh na haithgheineamhna and sa bhaisdeadh: Oír ní dhíultann ar Dtighearna Iósa Críosd, a ghrása, agus a thrócuire do thabhairt dá leitheidibh so do lenbaibh, achd goiridh sé cuige iad go roghrádhach, mar a deir an Soisgéul náomhtha, dár gcomhfhurtachdne, ar an modh so síos. Tar éisi an tshoisgéil do léughadh, dodhéuna an Minisdir an foircheadal so síos ar bhríathraibh an tshoisgéil. A Cháirde grádhacha, dochluintí san soisgéulsa, bríathra ar slainaighthéora Iósa Críosd, gur aithein sé ná leinb óga do thabhairt chuige féin: Ciondas do spreag sé a dheisgiobail lér áill a gconmháil úadha: agus ciondas do theagaisg sé donuile dhuine a neamhurchóid do leanmhuin: Tuigthí mar an gcéudna, ar a ghothadh agus ar a ghníomh, ciondas do fhoillsigh sé a ghrádh cáonbharrach dhóibh: Oír do ghabh sé chuige ion a uchd íad, do chuir sé a lámha orro, agus do bheannaigh sé íad. Ar anadhbharsoin, na bioth aimherus aguibh, achd creididh gan chuntabhairt, gur
ghabh sé an leanb so chuige, leis an ngrádh gcéudna? gur theann se ris hé, éidir lámhuibh a thrócaire, go dtug sé dhó beandachd na beata marthanaighe, agus a chuid don rioghachd shíorruidhe. Uimesin ó nách fuil aimhearus aguinde, ar ghrádh agus ar thoil ar nathar neamhdha, don leanb so tré na mac Iósa Críosd, tabhram buidheachus dó maille lé creideamh agus lé dúthracd mór, ag rádha na hurnuighthe do mhúin an Tighearna féin dúinn, agus dfhoillseacadh ar gcreidimh, abram an Chré. Aindséin adéura an Minisdir agus na cáirdeasa críosd. Ar Nathairne atá ar neamh. Etc. Aindséin fíafróchaidh an Minisdir gá hainm an leanb, agus ar na ainmníughadh do na cáirdeasaibh Críosd, adéura an Minisdir mar so síos. A ndíultand tusa anáinm an leinb so don Díabhal, agus dá uile oibrightibh, do fphoimp, agus do glóír dhiomháoin an tsháoghailsi, maille lé na uile mhíanaibh sandtaca, agus dantoil na codla, iondus nách leanfa tú íad, agus nach fuiléongtha tú dhoibh do mhealladh? Freagra. Díultaim dhóibh uile. An Minisdir. A naomuigheand tusa anainm an léinb so an creideamh so síos, (edhón) Creidim a Ndía Athair na nuile cumhachd, cruthaightheóir neimhe agus talmhan. Agus an Iosa Críosd a éunmhacsan ar Dtighearnaine? noch do gabhadh ón Spiorad náomh, agus rugadh lé Muire óigh? An gcreideand tú gur fhulaing sé an fphais fá Fpuingc fphíoláid, gur céusadh hé, go bhfúair bás, gur hadhlaigteadh hé, go ndeachaidh sé síos go hifreand, agus gur éirghidh sé an treas lá o mharbhaibh? An gcreideand tú go ndeachuidh sé súas ar neamh, agus go bhfuil sé anois na shuidhe ar deis Dé Athair na nuilechumhachd, agus go dtiocfa sé arís as soin a ndeireadh an tsháoghail, do bhreith bhreithe ar bhéoghaibh agus ar mharbhaibh? Agus an gcreidend tú anáinm an leinb so, and sa Spiorad náomh mar an gcéudna? An gcreidend tú aNeglais náomhtha chomhchoidcheand, cumand na Náomh, maitheamh na bpeacthadh, eiséirghe na codla, agus an bheatha mharthanach tar éis an bháis? Freagra. Creidim na neithe so uile gan chunntabhairt. Déunam urrnaighthe.
A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, ar Nathair neamhdha, béirmid buidheachas go humhal let, ar anadhbhar gur thoil leat ar ngáirm chum go mbeith fios do ghrásd againd, agus chum creidimh iondat: méudaigh an téolus so, agus neartaigh an creideamh so go bráth ionnainn: Tabhair do Spiorad náomh don leanb so, iondus ar mbheith ar na aithbhreith dhó, agus ar ndéunamh óighre dhe ar an mbheatha marthanaig, tré Iósa Críosd ar Dtighearna, go mbhía sé na shearbhfhoghantuighe do shíor agadsa, agus go bfhaghaidh sé toradh do gheallamhna, ar son ar Dtighearna Iósa Críosd do Mheicsi, noch mhaireas agus atá a rioghachd maille leatsa agus maille leis an Spiorad náomh anáon ndiaghachd shíorruidhe. Amén. Aindséin dobhéra an Minisdir an foircheadal so síos dona cairdeasaibh Críosd. Ar anadhbhar gur gheall an leanamhso as bhar mbhéulsa, go ndiultfadh sé don Diabhal, agus dá a uile oibrighthibh, go gcreidfeadh sé a Ndía agus go ndiongnadh sé seirbhís dó, caithfídhisi a choimhniughadh go bhfhuil dúalach, agus dfhíachaibh oroibh, comhlúath agus thiogfas sé chum aóisi, a thabhairt fa deara éolus do thabhairt dó, ar an móid tsholumanta, agus ar an ngealladh dorinde sé as bhar mbhéuluibhsi. Agus chum go madh feirrde a éolus ar na neithibhsi, cuirfídhe dfhíachaibh air, dul déisdeachd lé teagasg bhreithre Dé: Agus dona céidneithibh, cuirfidhe dfhíachaibh air, an Chréidh, agus an fphaidear, agus na deith naitheanta dfhóghluim na theanga mhathar, agus gach ní oile is cóir do chriosdaighe dfhóghluim, agus do chreideamh, chum sláinte a anma, agus a thabhairt fá deara fós a theagasg go dúthrachdach chum beatha fhírchríosdaighe dho bheith aige, gá chuimhniughadh do ghnáth go bhfhuil sómpla ar gcreidimh and sa mbaisdeadh againd, agus as é soin, eisiompláir ar slánaighthéora Críosd dho leanmhain, agus bheith comhchosmhuil leis: iondas do réir mar fúair seisean bás, agus dorinne anéiséirghe ar ar soinne, go madh amhluidh soin is cóir dhúinne do ghabh baisdeadh, an peacadh do mharbhadh ionnaind, agus eiséirghe do dhénamh chum fíréandachda, agus nuaidhigheachda beatha, ag márbhadh uile ainmíana trúaillighthe na codla do ghnáth, agus ag siobhal romhaind go laóithemhail, and sna huile thshubhaltaibh, agus náomhthachd bheatha.
AGUS O SIN AMACH, MAR ATA SAN BHAISDEADH fpuiblidhe. Achd madh bheirid an luchd do beir na leinbh chúm na Heagailsi, fréagra neamhthadhbachdach ar an Minisdir, iondas nách follus a mbhaisdeidh lé huisge, anainm an Athar, an Mheic, agus an Spiorad náomh: (noch is cuid do shubsdaint an bhaisdeadha.) Aindsin baisdeadh an Minisdir íad do réir mar adubhrumar romhainn andsa bhaisdeadh fphuiblidhe, achd amháin ag tomhadh an leinb sa nuisge dhó, abradh sé mar so síos. A. N. Munar baisdeadh cheana thú, baisdimsi thú, anainm an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad naomh. Amén. LEIGHEANN DHAINGNIGHTHE, NO LEAGADH LAMH AR NA LEANBUIBH TAR EISI A MBHAISTIGHTHE, lé nab fhéidir a gcreideamh dadmhail, do réir an Chaitechiosma leanus annso síos. Ar chor go mbhía an daingníughadh ar na fhreasdal go diongmhálta chum follamhnaighthe na droinge ghabhus hé, (do réir thegaisg fpóil, a deir gurub cóir na huile neithe do dhéunamh and sa Neaglais chum follamhnaighthe) docondcas nach cóir leagadh lámh do chur ar aóinneach, achd ar an luchd lé nab féidir airtigail an Chreidimh, an fphaidear, agus na deith naitheanta do rádh na dteanga mhathar: agus fós lé nab fhéidir freagra dho thabhairt ar cheasdaibh athchumaire an Chaiteiciosma so síos, amhuil fhiarfochus an Tespog, nó an tí óirdéochus sé iona ionadh féin, do réir a dheisgreide dhe. Agus ag so an tordughadh is iomchubhaidh do leanmhuin ar mhórán dadhbharaibh. Ar tús, dochum ar dteachd do na leanbuibh chum críonnachda, agus fóghlumtha na neithe do gheallsad na cairdischríosd ar a son san bhaisdeadh, go ndaingnéochadaóis, agus go naidmhéochadaóis dá mbhríathraibh fein íad lé a dtoil dhileis, go follus a bhfhíaghnaisi na Hegailsi: Agus go ngeallfadaóis do thoil Dé, a ndithcheall do dhénamh ar na neithibh do choimhlionadh go díleas, noch do áontuigheadar roimhe dadmháil agus do bhríathraibh. Aindséin, ar anadhbhar gur ub ar an druing do baisdeadh cheana chuirthear an daingníughadh, chum go bhfhuighbheadaóis neart agus díden anaghuidh uile chathaigthe an fphecaidh, an tsháoghail agus an Diabhail, tré lamhchuradh agus tré urrnaighthe, ios andsanámsoin is róiomchubhaigh a dhénamh and a dtigid na leineimh chum na haóisi, ina bhfhuilid a robháoghal go dtuitfeadaóis a bphecthaibh umadamhla, ní hé amháim tré anbfhainde na codla, achd mar an gcéudna tré aimsiughadh an tshaoghail, agus an Díabhail. Arís ar anadhbhar go bhfuil sé oileamhnach do ghnáthugadh na priomheagailsi, noch dho órdaigh an daingniughadh do chur ar an druing tanáig chum críonnachda, iondus ar mbheith múinte dhóibh andsa chreideamh Chríosduidhe, go naidmhéóchadaóis go follus a gcreideamh, agus go ngeallfadaóis bheith umhal urrumach do thoil Dhé. Agus deagla go saoilfeadh neach ar bioth, go dtiocfadh milleadh ar bioth a dtáobh mhoille do dhéunamh fa dhaingniughadh na leanb, bioth adheimhin aige a bhréithir Dhé, go bhfhuilid na huile neith bheanus lé ríachdanas slánaighthe ag na leanbaibh íar na mbhaisdeadh, agus gan chunntabhairt go bhfhuilid ar na slánughadh.
AN CAITECHIOSMA EADHON, TEAGASG IS OIRCHEAS DONUILE LEANAMH DHFOGHLUIM, SUL rachus sé fá láimh Easpuig. Ceisd. Ga hainm thú? Freagra. N. nó M. Ceisd. Cía thug an tainm sin ort? Freagra. Mo luchd tógbhála chum baisdeadha, and a ndearnadh ball do Chríosd, mac do Dhía, agus óighre ríoghachda Dé dhíom. Ceisd. Créud doríneadar do luchd tógbhála chum baisdeadha an tan soin ar dho shon? Freagra. Do ghealladar trí neithe do dhéunamh um ainm, agus tugadar a móid lé meisi dhá gcoimhlíonadh. An céud ní dhíobh, go ndiultfainnse dhon Díabhal agus dá uile oibrighthibh, do fphoimp, agus do dhiomháoineas an tsháoghuil mhalluightheisi, agus do uile ainmíanaibh na codla. An dara ní go gcreidfínd gach uile airtiogal dá bhfhuil san Chreidemh Chriosduighe. An treas ní, go gcoimhéoluinn toil náomhtha Dhé, agus a uile aitheanta, agus go siubhólaind dá réir ar fheadh mo bheatha. Ceisd. An dóigh leat go bhfuil dhfíachaibh ort, gach ní do ghealladair san ad hainm dho chreideamh agus do choimhlíonadh? Freagra.
Go deimhin is dóigh: Agus do thoil Dé dodhéna mé soin. Agus beirim buidheachas do rún chroide leis aNathair neamhdha, gur thoil leis mo ghairm chum slidheagh na sláinteisi, tré Iósa Críosd an Dtighearna. Agus guidhim Día fá a ghrásaibh do thabhairt damh, ionnas go dtiocfadh dhíom comhnaidhe san sligidhsan go deireadh mo bheatha. Ceisd. Innis dhamh airtiogail do chreidimh? Freagra. Creidim a Ndía Athair na nuilechumhachd, cruithaighthéoir neimhe agus talmhan. Agus a Níosa Críosd a éunmhacsan ar Dtighearnaine: noch do gabhadh ón Spiorad náomh, rugadh lé Muire oigh, do fhulaing an fpháis fa Fpuingc fphioláid, do crochadh, do céusadh, fúair bás agus do hadhlaictheadh, dochuáidh síos go hifreand, do éirghidh ó bhás a gciond an treas lá, dochuáidh súas ar neamh, Agus atá anois na shuidhe ar deis Dé Athair na nuilechumhachd: As sin tiocfas do bhreith bhreithe ar bhéoghaibh agus ar mharbhaibh. Creidim and sa Spiorad náomh, aNeaglais náomhtha chomhchodchionn, cumand na náomh, maitheamh na bpeacthadh, eiséirghe chodla na marbh, agus an bheatha mharthanach. Amén. Ceisd. Créud fhóghlumas tú go háirighthe as na hairtioglaibhsi an Chreidimh? Freagra. Ar tús fóghlumaim, creideamh a Ndía Athar, do chruthaigh me fhéin, agus an domhan mór go huilidhe. An dara ní, creidemh a Ndía an Mac, do fhúasluig mé agus in cionadh dáonna go huilidhe. An treas ní, creidemh a Ndía an Spiorad náomh, náomhus mé fhéin, agus pobul tóghtha Dé go huilidhe. Ceisd. Adubhairt tú gar ghealladar do luchd tógbhála chum baisdeadha ad hainm, go ndéunta aitheanta Dé do choimhlíonadh. Ar anádhbharsoin innis damh, gá mhéud naithne atá ann? Freagra. Atáid deich naitheanta. Ceisd. Cía híad. Freagra. Na haitheanta dho labhair Día and sa bhfithcheadadh Caipghidil do leabhar
Exoduis, gá rádh: Is meisi do Thigherna Día, do thréoraigh thú ó thalamh na Héighipte, a theach na searbhfhoghandachda. 1. Ná bíoth áon ndía oile agad, achd meisi amháin. 2. Ná déuna dhuit féin Iomhágh, ná cosmhuile aóinneith da bhfhuil thúas ar neamh, ná ar talmhain thíos, ná and sanuisge fá thalmhuin: Ná cróm thú féin síos doibh, agus ná tabhair onóir dhóibh. Oír is meisi do Thigherna Día, agus is Día éudmhar mé, leanas peacthadh na naithreadh ar an gcloind go soithche an treas agus an ceathrumhadh geinelach don druing fhuaithidheas mé, agus doní trócuire ar na miltibh don druing ghrádhaigheas mé, agus choimhéudas mhaitheanta. 3. Ná tar thar ainm do Thighearna Día go diomhaóin: Oír ní búdh neamhchiontach a bhfíaghnaisi an Tighearna, an té luáidhfeas a ainm go diomháin. 4. Cuimhnidh lá na Sabbóide do náomhadh, a sé laithibh oibréochas tú, agus dodhéuna tú hoibrighthe féin uile, achd as hé an seachdmhadh lá Sabbóid do Thighearna Día, ná déna obuir ar bioth and, tú féin, ná do mhac, na hinghean, do tshearbhfhoghantaighe, ná do bhánoglach, hainmhidhe, ná an duine coimhightheach atá don táobh asdigh dod dhóirsibh. Oir is a sé laithaibh, dorinde an Tighearna neamh agus talamh, an fháirrge agus gach ní dá bhfhuil ionta, agus do chomhnaigh sé an seachdmhadh lá: Ar anadhbharsoin do bheannaigh an Tighearna an seachdmhadh lá, agus do náomh sé hé. 5. Tabhair onóir dod tathair agus dod mhathair, chum go bhfaidéochthí do laithe ar an dtalmhuin, dobhéura do Thighearna Día dhuit. 6. Na déna dunmharbhadh. 7. Na déna adhaltrandas. 8. Na déuna goid. 9. Na déuna fiaghnaisi bhréige anaghaidh do chomharsan. 10. Na sanntaigh teach do chomharsan, na sandtaigh bean fphósda do chomharsan, ná a oglách, ná a bhanóglach, ná a bhó, na a assal, na ní ar bioth oile bhus léd chomharsain. Ceisd. Créud fhóghlumas tú go hathrighthe, as na haitheantaibhsi? Freagra. Fóghlumaim dhá ní: mo dhliosdeanas do Dhía ar tús, agus aindséin mo dhliosdeanas dom chomharsain. Ceisd. Créud hé do dhliosdeanas do Dhía? Freagra. As hé mo dhliosdeanas do Dhía, creideamh and, a éagla do bheith oram, a ghrádhughadh lé mo chroidhe uile, lé mhinntind uile, lé manmhuin uile, agus lé mo bhrídh uile. Onóir do thabhairt dó, buidheachas do bhreith
leis, mo dhóchus go huilidhe do chur and, a ghuidhe, a ainm náomhtha agus a bhriathar donórughadh, agus seirbhís fhírindeach do dhénamh dhó ar feadh mo bheatha uile. Ceisd. Créud hé do dhliosdeanas dod chomharsain? Freagra. As hé mo dhliosdeanas dom chomharsain, a ghrádhughadh mar mhé fhéin, agus a dhénamh don uile dhuine mar bhudh mían leam íadsan do dhéunamh dhamh. Grádh, onóir, agus furtachd do thabhairt dom athair agus do mo mháthair: onóir agus umhlachd do thabhairt don Ríogh agus da mhinisdribh. mé fhéin dhísliughadh dom úachdaranaibh uile, dom luchd teagaisg, dom áodhairibh spioratálta, agus dom mhaghisdribh. Mé fhéin diomachar go huríseal ománta don uile dhuine is féarr iná mé fhéin. Gan dochar do dhénamh do neach ar bioth dfhocal ná dho ghníomh. Bheith fírinneach ionnraic um uile ghníomharthaibh. Gan fúath gan miosgais do bheith am chróidhe. Ma lámha do chóimheud o ghadaigheachd, mo theanga ó dhrochchaint, ó bhréigh agus ó sgannail. Mo chorp do choiméud a measarrdhachd, a gceannsachd, agus a ngenmnuidheachd. Gan cuid dhaóine eile do shanntachadh, achd fóghluim agus sáothar do dhénamh chum mo bheatha dfhaghbhail, agus mo dhliosdeanas do dhénamh, a staid na beatha, chum ar toil lé Día mo ghairm. Ceisd. A mhic ionmhuin, bioth a fhios so agad, nách tig dhíot féin na neitheso do dhéunamh, na siubhal anaithentaibh Dé, agus seirbhís do dhénamh dhó, gan a ghrása speiciálta dfhaghbhail, noch is eigean duit díarraidh do gnáth lé hurrnuighthe dhúthrachdaigh: Ar anadhbharsoin féucham an bhfhuil do fphaidear agud. Freagra. Ar nathairne atá ar neamh, náomhthar hainmsi. Tigeadh do ríghe. Déuntar do thoil ar talmhuin amhail donither ar neamh. Tabhair dhúinn aníu ar narán láoitheamhuil, agus maith dhúinn ar bhfhíacha, amhail mhaithmaóidne dar bhfheitheamhnuibh féin. Agus na tréoraigh chum buidheartha sínd, achd sáor sínd ónolc. Amén. Ceisd. Créud íarras tú ar Dhia and sa nurrnuightheisi? Freagra. Iarraim ar mo Thighearna Día, ar nathair neamhdha, tíoghlaicthéoir anuile mhaitheasa, a ghrasa dho thabhairt damh fhéin, agus donuile fphobal, chum onóra, seirbhísi, agus umhlachda do thabhairt dó, mar ios cóir dhúinn. Agus guidhim Día, na huile neithe do char chugaind rigmíd aleas do tháobh
ar nanma agus ar gcorp. Agus trócuire do tabhairt dúinn, agus ar bpheacthaigh uile do mhaitheamh dhúinn, agus go madh hí a thoil, sinde do chumhdach agus do dhídean and sanuile ghúasachd chuirp agus anma, agus ar gcoimhéud ó gach uile fpheacadh agus aingídheachd, agus ó cheilg a naidhbhirséora, agus on bhás thsíorruidhe. Agus atá mo muinidhin go ndiongna sé so, do réir a thrócuire, agus a mhaitheasa, tré ar Dtighearna Iosa Criosd. Agus ar anadhbharsoin a deirim, Amén .i. Bioth amhlaidh. Ceisd. Ga mhéud Sácraimeint do órdaigh Críosd iona Eaglais? Freagra. Dá shácraimeint amháin, atá na riachdanasles go geinerálta chum slánaighthe, mar atá an Baisdeadh, agus Suipér an Tighearna. Ceisd. Créud is cíall agad and sa bfhocalso dá ngoireand tú Sácrameint? Freagra. Isí is cíall agam and, gur ub comhtharrdha leithimeallach sófhaicsiona hí, ar na grásaibh spioratálta don táobh asdigh, ar ná tabhairt dúinn, agus do órdaigh Críosd féin, na slighe lé na ngeubhmaóis chugainn íad, agus na ngeall daingnighthe orro. Ceisd. Gá mhéud cuid atá and gach Sácraimeint? Freagra. Atáid dá chuid: Mar atá an comhtharrdha leithimeallach sófhaicsiona, agus an grásd spioratálda don táobh astigh. Ceisd. Créud is comhtharrdha leithimeallach sófhaicsiona, ag an Mbhaisdedh, nó créud is fóirm dhó? Freagra. Isé ios comhtharrdha leithimellach sófhaicsiona dhó, Uisge: ann a dtomthar an tí bhaisdear, nó ar a gcroitear hé, anáinm an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad náomh. Ceisd. Créud hé an grásd spioradálta don táobh astigh? Freagra.
Marbhadh an fpheacthaidh, agus aithbhreith chum fíréundachda: Oír ar mbheith dhúinn ó nadúir ar nar mbhreith a bpheacadh, agus nar gclaind mhalláighthe, doníthear dhínn and sa bhaisdeadh, clann na ngrásd. Ceisd. Créud is iníarrata ar an luchd ghabhus baisdeadh chugtha? Freagra. Aithrighe fhírindeach, lé na seachnaid síad an peacadh: agus creideamh fíre lé na gcreidid go diongmhála na gealleamhna tug Dia úadha, dhaingnightear dhóibh san tshácraimeintsin. Ceisd. Ar anadhbharsoin créud fá mbhaisdear naóidheanáin, ó nách tig dhíobh lé na nóige na neitheisin do choimhlíonadh? Freagra. Coimhlíonaid síad íad lé na nurradhaibh, gheallus agus dobheir móid lé na gcoimhlionadh na nainm: Agus ataid féin cengailte ar dteachd chúm aóisi dhóibh, lé na gcoimhlíonadh. Ceisd. Créud an tádhbhar fá nar horduighedh Sácraimeint Shuipéir an Tighearna? Freagra. Isé an tadhbhar fá nar horduigheadh hí, chum cuimhne gnáithe, iodhbarta, agus bháis Chríosd, agus na dtioghlaicthedh tig cugaindni dhá mbhrídh. Ceisd. Créud hí an chuid leithimeallach, nó an comhtharrdha sófhaicsiona do tshuipéur an Tighearna? Freagra. Isí is cuid leithimeallach, agus is comhtharrdha sófhaicsiona dhe, Arán, agus Fion, noch dho órdaigh an Tighearna do ghabháil. Ceisd. Créud hí an chuid fholuighthech, nó créud a ní chomharaighthear léo? Freagra. Así an chuid fholuightheach, agus a ní chomharthuighthear léo, Corp agus Fuil Chríosd, noch ghlacthar agus ghabhthar go dearbhtha fírindech a suipéur an Tighearna, leis an druing chreides go diongmhalta. Ceisd. Créud íad na tiodhlaigthe ghabhmaóidne chugaind do tharbha na Sácrameinteisi?
Freagra. Gabhamáoid chugaind neartughadh, agus sásadh ar nanma, tré chorp agus tré fhuil Chríosd, amhail neartaighthear agus shásdar ar gcuirp lé harán, agus lé fíon. Ceisd. Créud is oirchios don druing tig chum suipéir an tighearna, dho dhéunamh? Freagra. Is oircheas dóibh iád féin do chúartughadh, agus a fhéucháin a ndérnadar aithmheula fhíre and sna peacthaibh dhorindedar, agus a chur rompa do rún chroidhe, beatha núa do beith aca, agus creideamh béo a dtrócuire Dhé tré Iósa Críosd, maille lé cuimhne bháis Chríosd, agus lé buidheachas: agus a fhéuchain mar an gcéudna an bhfhuil grádh aca dona huile dháoinibh. Mar ios táosga thiocfus dhona leanbuibh airtiogail an Chreidimh, an fphaidear, agus na deich naitheanta do rádh iona dteanga mhathar, agus mar an gcéudna fhreagra na gceasd no choda dhíobh atáid annsa Chaitechiosma athchumair so do thabhairt dhon Easbog, (nó don tí chuirfeas sé iona iónadh) do rér a dhéiscréide: Aindsin dobéuraid na Cairdiscríosd do láthair aNeasbuig iád, chum go mbheith fiaghnaisi ag gach áoinleanamh aca ar chur fá laimh Easbuig. Agus dodhéuna an Teasbug a oiffig mar so síos. DAINGNIUGHADH NO LEAGADH LAMH AN EASBUIG. Atá ar gcabhair anainm an Tighearna. Freagra. Noch do chruthaigh neamh agus talamh. An Teasbug. Go madh beandaighthe ainm an Tighearna. Freagra. O so amach go síorruidhe. An Teasbug. A Thighearna éisd lé ar nurrnaighthibh. Freagra. Agus léig ar sgreadach dod laithir. Déunam urrnaighthe. A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch do dhéonaigh do shearbhfhoghantaidhe atá annso do láithir, daithgheinamhain tré uisge agus tré san spiorad náomh, agus anuile fpheacadh do mhaitheamh dhóibh: Guidhmíd thú a Thighearna a neartughadh tré san spiorad
náomh an comhfhurtaighthéoir, agus méudaigh go láoitheamhail iondta tiodhlaicthe umadamhla do ghrásd, mar atá spiorad na héagna agus na tuigseana, spiorad na comhairle, agus na láidireachda, Spiorad anéolais agus na fírdhíadhachda: agus líon íad do ghnáth (a Thighearna) deagla náomhtha do spioraide féin, tré ar Dtighearna Iósa Críosd. Amén. Aindséin cuirfidh an Teasbug a lámh ar gach leanamh dhíobh fó leith agá rádha mar so síos. A Thigherna, cúmhdaigh an leanbso, léd ghrásaibh neamhdha, iondus go mbhiaidh sé na thshearbhfhoghantaidhe agad féin do shíor, agus go bhfhásaidh sé a ngrásaibh do Spiorad naóimhsi ó ló go ló, go teachd dó chum do Ríoghachda síorráidhe tré Iósa Críosd ar Dtigherna. Amén. Aindséin adéura an Teasbug. Déunam urrnaighthe. A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch do bheir toil agus cumus dúinn, na neithe dho dhéunamh, atá maith, agus ar a bhfuil gean ag ad mhórdhachdsa: donímid ar nurrnaighthe go dúthrachdach chugadsa ar son na leanamhsa, ar ar chuireamar (do réir eisiomplárach Heapstail náomhtha) ar lámha, chum tfhabhair, agus do mhaitheasa grásdamhailsi do chur a gcéill dóibh: Guidhmíd thú, do lámh aithremhail do bheith do ghnáth ós a gcionn dá ndídean: bíoth do spiorad náomh go síorruidhe maille léo, agus tréoruigh íad anéolus, agus anúmhluchd do bhréithreisi, iondus go bhfhúighbhid síadh fá dhéoigh an bhetha mharrthanach, tré Iósa Críosd ar Dtighearna, noch mhaireas agus atá a Rioghachd shíorruidhe na fhírDhía, maille leatsa agus leis an Spiorad náomh, a sáoghal na sáoghal. Amén. Aindséin beandóchaidh an Teasbog na leineimh, agá rádha mar so síos. Go raibhe bendachd Dé no nuilechumhachd, anathar, an Mheic, agus an Spiorad náomh oraibh, agus go gcomhnuidheisí agaibh go síorruidhe. Amén.
Atá dfhíachaibh ar Mhinisdir nó ar Churáidighe gach uile fpharráisde gach domhnach agus gach lá saóire, leathuáir roimhe Ispurta, an mhéide do lenbaibh an fpárraisde cuirfighther chuige, do thegasg agus dfhechain go follus andsa Hegluis, a gcuid éigin don Chaiteiciosma so, mar dochífighthear dhó go socamlach do reir na háimsire. Agus cuireadh gach Athair agus máthair, agus máighisdir dfhiachuibh ar a gcloind agus ar a searbhfhoghantuibh, (nach ar fhoghlum a gcaiteciosma) teachd chum na Heagailsi and sa nám dho horduigheadh, agus eisdeachd do thabhairt uatha go humhal, agus bheith urrumach don Churaidighe, nó go bhfoghlumaid síad gach ní do hórduigheadh andso dfhóghluim dhoibh. Agus an tan dobhéura an Teasbug fógra na leinb do thabhairt dá láithir anionadh iomchubhuigh ar bioth, chum a lamh do chur orro, aindsin tabhrad gach áon Chúraidige leis, nó cuireadh úadha sgríobhtha, anmanda a bhfuil do leanbuibh na fparráisde gá bhfhuil artiogail an Chreidimh, an Fphaidear, agus na deich naithenta, agus fós an meide dhíobh lé nub éidir freagra dho thabhairt ar na ceasdaibh oile atá ansa Chaitechiosma so. Agus ní fuiléonghthar daóinneach teachd chum na comaóineach náomhtha, go mbhía an Caitechiosma dho mheabhair aige, agus go gcuirthear fá láimh Easbuig hé. LEIGHEANN THSOLLAMNAIGHTHE AN FPHOSDA. Ar tús dlightheur fógartha do thabhairt trí dómhnaighe, no trí laithe saóire an ndiáigh a chéile, anám na seirbhisi, do láithir an fphobuil, do réir ghnáthaighthe. Agus ma tá nách anáonfparráisde atá an lánamhain lé nab mían an pósadh dho dhéunamh, tabhairthar na trí fógortha sin and gach Parráisde don dá fparráisde iona bhfuilid síad. Agus na cuireadh Minisdir áon fpharraisde dhíobh reimhe, sollamnughidh náomhtha an fpósda do dhéunamh, achd muna fhaghaidh sé sgríobhtha fá láimh Mhinisdir an fpharráisde oile go dtug sé na trí fógartha mar ios dúal. A ló shollamnaighthe an fpósda, tiocfaid an lanamhain lé nab mian an pósadh do dhéunamh, chum na Heagailsi a bhfhiaghnaisi an fphobuil, a gcuideachda a gcarad agus a gcomharsan: Agus andsoin adéura an Minisdir mar só síos. A cháirde róghrádhacha, tangamair a gceand a chéile a bhfhíaghnaise Dé, agus do láithir a Eágailsi, chum na lánamhnachso do cheangal dá chéile andsa fphósadh náomhtha: Garub sdaid onórach hé, dho orduigh Día a Bpháirchios, sul do fpheacthaibh Adhamh, dá chur a gcéill dúinne an chomhcheangal séicreidioch atá ag Críosd lé na Eagluis: noch do dheallruigh agus do dheaghmhaisigh Críosd dá láithir féin, léis an gcéudmhiorbhuil doríne sé a Gcána na Gaililé: agus do mhol Pól mar an gcéudna an pósadh dho bheith onórach eidir na huile dhaóinibh. Ar anadhbharsoin ná cuiream romhaind agus ná gabham oroin, a dhéunamh go nemhchíanradharcach, go neamchiallmhar, ná go mearrgánta, chum toile agus ainmíanadh na codla dho choimhlíonadh, amhail doníd síad na hainmhiteadh brúideamhla, ag nách fuil cíall ná réusamhan: Achd a dhéunamh go hománta, caóitheamhail, cíanradharcach, measarrdha, agus aneagla Dé, agá thabhairt
dár naire, créud na hadhbhair as ar hordaigheadh an pósadh ar tús. Agus as hé so an céud adhbhar díobh, síoladh na clainde, chum a dtabhartha súas anéagla, agus a dteagasg an Tíghearna, chum glóire dho thabhairt dho Dhía. An dara hádhbhar, go madh leighis hé anaghaidh fpheacthaidh anadhaltrannais agus an sdríobthachais, iondus go bphósfadaóis an dream nách fúair tiodhlacadh genmnuidheachda, ar chor go ndingandáois íad féin dho choimhéud na mbhalluibh neamhthrúaillaighthe a gcurp Chríosd. An tres ádhbhar chum bheith a gcomhchuideachda, ag cabhuir agus ag comhfhurtachd a chéile, a sódh agus ananshódh. Agus is uime tángadar an días dochíthí do láithir annso, chum go gceangóltáoi íad féin dá chéile, and sa sdaid náomhthasa an fphósda. Ar an adhbharsoin madh féidir lé haóineach agaibhsi cúis dhliosdeanach do thaisbéanadh anaghaidh na lanamhna so, as ná bhudh fhéidir dhóibh íad féin do cheangal dá cheile go dlistheanach, taisbéunadh anois hí, nó nó as so súas bíoth na thosd go bráth. Agus ag labhairt don Mhinisdir leis an lanamhain fpósdar lé chéile, abradh sé mar so síos. Aithnidhim dhíbh go ródhíthcheallach (amhail dobhéurthaói cúndas uáibh a ló bháoghlach an bhreitheamhnuis, iona bhfhoillséochar rún na nuile chroídheadh) madh feasach do cheachdar dhíbh toirmiosg ar bioth as nách féidir dhaóibh bheith ceangailte dhá chéile go dlisteanach a bphósadh, a fhoillsiughadh anois. Oír bíoth a dhearbh so agaibh, an mhéide cheangaltar san fphósadh, achd do réir bhréithre Dé, nách hé Día cheanglas íad, agus nách fuil a bphósadh dlisdeanach. Agus a ló an fphósda féin madh thoirmiosgand duine ar bioth hé, dá fhoillseachadh nách iondéunta an pósadhsoin, do réir reachda Dé, no Státuideadh na Rioghachdasa, agus go gceangóluigh sé hé féin, agus urradha diongmhála don lanamhain atá ag déunumh an fpósda, nó go gcuirfidh sé geall is lór ar son chosduis na bphersan atá ag déunamh an fphósda úadha féin, chum diolaidheachda do dhéunamh ar son a gcosdais, leis an dtuirmiosg chuireas sé, do dhearbhadh: Aindséin ios cóir sollamain an fphósda do char ar máill go foillsíughadh na fírinde. Achd muna fhaghthar toirmiosg ar bioth and, abradh an Minisdir ris an bfhior mar so síos. A. N. An aill let an bhensa do bheith agad na mnáoi fphósda, chum marthana a bhfochair a chéile a sdaid náomhtha an fphósda, do réir órduighthe Dé? An mían leat do thoil chróidhe, grádh, comhfhurtachd, agus onóir do thabhairt dí, agus a coimhéud iona sláinte, agus iona heasláinte? agus anoilfidh tú dhi féin amháin, ar dtréigean na nuile mbhan oile, gion mhairfidhe aráon?
Freagóraidh an fear. Is mían leam soin. Aindséin adéura an Minisdir leis an mnáoi. A. N. An áil letsa an fersa do bheith agad iona fhior fphósda, chum marthana a bhfhochair a céile a sdaid náomhtha an fphosda, do réir orduighthe Dé? An dtiobhra tú umhluchd, seirbhis, grádh, agus onóir dhó? An ndiongna tú a choimhéud iona thshláinte, agus iona easláinte? Agus anoilfidh tú dhó féin amháin, ar dtréigean an uile fhear oile, gion mhairfidhe aráon. Freagóraidh an bhean. Dodhéuna mé soin. Aindséin adéura an Minisdir. Cía dhobheir an bheansa chum a pósda dhon fhiorsa? Aindséin ar nglacadh na mná don Mhinisdir a láimh a hathar, nó a carud, cuirfidh sé dfhiachuibh ar an fhior, lámh dhias na mná do glacadh, agus ar an modhsoin dobhéura an bhean, agus an fear a móid dá chéile, ag rádh dhon fhior ar tús mar so síos. Gabhuimsi .N. thusa a N. chugam ad mhnáoi fphósda, iondas go bráth ó so amach, go mbhía tú agam, go gcuinnéubhad thú, go ngrádhochad thú, go noilfid duit, tar gach mnáoi mhaith agus tshaith, shaidhbhir agus dáidhbhir, and do thshláindte, agus and teasláinte, go sgaraidh an bás ó chéile sind, do réir órduighthe náomhtha Dé: agus dá dhaingníughadh soin, dobheirim mo mhóid agus mo ghealladh leis sin duit. Aindséin sgaóilfid an anamhain a lámha ó chéile, agus ag breith don mhnáoi ar láimh dheis an fhir mar an gcéudna, adéura sí mar so síos. Gabhaimsi .N. thusa a N. chugam ad fhior fphósda, iondus gu bráth ó so amach go mbhía tú agam, go gcuindéubhad thú, go ngrádhóchad thú, gu dtiobhar umhluchd duit, go noilfiod duit tar gach fhior mhaith agus tshaith, shaidhbhir agus daidhbhir, ann do shláinte agus and teasláinte, go sgaraidh an bás ó chéile sinn, do réir ordaighthe náomhtha Dé: agus da dháingniughadh soin, dobheirim mo mhóid agus mo ghealladh leis soin duit. Aindséin sgáoilfidh an lánamhain a lámha ó chéile arísi, agus dobhéura an fear fáinne dhon mhnáoi, dá chur, maille leis aNairgead fphósda dhlighthear don Mhinisdir, agus don Gclearioch ar an leabhar. Agus glacadh an Minisdir an fáinne, agus tabhradh sé don fhior hé, lé na chur ar mhéur tánaisde láimhe clí na mná. Agus abradh an fear ar theagasg an Mhinisdir mar so síos. Ceanglaimsi thú dhíom fhéin ad mhnáoi fphósda leis an bhfáinnesi, dobheirim onóir dhuit maille lém chorp, agus doním páirtighe dhíot ar mo mháoin thsháoghalta go huilídhe: anainm anathar, agus an Mheic, agus an Spiorad náomh. Amén. Aindséin ar bhfhagbháil an fháinne don fhior ar mhéur tánaisde láimhe clí na mná, adéura an Minisdir mar so síos. Déunam urrnaighthe.
A Dhé shíorruidhe, a chruthaightheóir, agus a dhídhnighthéoir an chinidh dháonna go huilídhe, a thiódhlaigtheóir na nuile ghrásd, agus a úghdair na beatha marthanaighe, dóirt do bheandachdain a núas ar an lanamhainsi, atámuidne do bheannúghadh ad hainm, iondus amhuil do chaith Ióság agus Rebécca anáimsior a bhfhochair a chéile go ródhíleas dá chéile, go madh amhlaidh soin choimhéollaid an lánamhaso dhá chéile go diongmhála an mhóid agus an cundradh so atá ar na dhéunamh eattarra, (agá bhfhuil tabhairt amach an fháinneisi ag an bhfhior, agus a ghabháil ag an mhnaói, na chomhtharrdha air, agus na gheall leis) agus brond dóibh anamhain do ghnáth a ngrádh diongmhála, agus a síothcháin a bhfhochair a chéile, agus a mbhetha do chaitheamh go hiomshlán do réir haitheantasa, tré Iósa Críosd ar Dtigherna. Amén. Aindséin cuirfidh an Minisdir lámha deasa na lánamhna a láimh a chéile, agá radha mar so síos. Na dáoine do chengail Día dhá chéile, na sgaóiledh duine ar bioth íad. Aindsin labhradh an Minisdir ris an bphobul mar so síos. Do bhrídh go dtug .N. agus N. a dtoil dá chéile a bphósadh náomhtha, agus go ndéarnadar soin a bhfhíaghnaisi Dé, agus na cuideachdaso dhó láithir, agus go dtugadar a móid agus a ngealladh leis sin do chomhall dá chéile, agus gur fhoillsigheadar hé lé fáinne dho thabhairt amach, agus lé na ghlacadh, agus lé a lámaibh dho thabhairt a láimh a chéile: Uime sin atáimsi dha fhoillsiughadh go bhfuilid síad na lánamhain arna bphósadh go dlisdenech: anáinm aNathar agus an Mheic agus an Spiorad náomh. Amén. Cuirfidh an Minisdir an beannughadh so síos leis so. Día an Tathair, Día an Mac, agus Día an Spiorad náomh, dhá bhar mbhendughadh, dhá bhar gcothúghadh agus dá bhar gcúmhdach: Go bhfhéucha an Tigherna trócuirech oraibh go fabhurthach, agus go líonaidh sé sibh léis anuile bheandachdain agus ghrásd spioratalda, iondus go gcaithfídhe bhar mbheatha a bhfhochair a chéile ar an sáoghalso, ar chor go bhfhúighbheadh sibh an bheatha mharthanach annsa sáoghal atá ag teachd, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. Aindsin adéuraid no canfaid an Minisdir, nó an chlíar. (Ag gabháil súas chum búird an Tighearna,) an psálm so síos.
1. Os beandaighthe gach uile dhuine, ar a bhfhuil éagla an Tigherna, agus shíubhlas and a thshlighthibh. 2. Oír dhoghéubha tú toradh sáothair do lámh féin? búdh bendaighthe thú, agus búdh háoibhind duit. 3. Bíaidh do bhen mar fhíneamhain thorthaigh lé táobh do thíghe: 4. Biáidh do chlann mar ghéugaibh chrand ola, na seaseadh ar gach táobh dhod bhórd. 5. Tabhair dod húidh, is mar so bheandóchar an duine ar a mbí eagla an Tighearna. 6. Beandóchaidh an Tighearna thú a Sion: Agus dochífir sonas Iarusaléum, ar feadh laithe do bheata uile. 7. Agus dochífidh tú clann do chlainne: Agus síothcháin ar Iosraéul. Glóir doNathair, agus don Mhac, agus don Spiorad náomh: Amhuil dobhí ó thosaigh, atá anois, agus bhías go síorruidhe, a sáoghal na sáoghal. Amén. No nó an psalmh so síos. Go ndéna Día trócuire orainn, agus go mbeanduighe sé sinn: Go bhfhoillsighidh sé a aghaidh féin go solas dúinn, agus go ngabhadh trúaidhe dhúinn hé. Iondas go bhfuigheam éolas do shligheadhsa ar talmhuin: Agus an tshláinaighthe dobheir tú uáit, ameasg na nuile chineadhach. Moladh na puibleacha thú a Dhía, moladh a nuile fphobul tú. Bíoth gáirdeachus agus lúthgháir ar na cineadhachuibh: Oír dodhéuna tú certbhreithemhnus ar na publibh, agus bía tú ag dénamh tréora do na cinedhaibh ar talmhain. Moladh na puibleacha thú a Dhía, moladh anuile fphobul tú. Dobhéura an talamh a thoradh uádha, beandóchaidh Día, ar ndía féin sinn. Go mbheanduighe Día sinn, agus go raibhe a eagla ar chríochaibh na talmhan go huilídhe. Glóir doNathair agus don Mhac. Etc. Amhail dobhí. Etc. Tar éis an Tsailm, ar mbheith don lanamhain ar a nglúinibh a bhfhíaghnaisi bhúird an Tighearna, adéura an Minisdir na sheasamh ag an mbórd, agus ag iompúdh a aighthe orro, mar so síos. A Thighearna déuna trócuire oruinn. Freagra.
A Chríosd déna trócuire oruinn. An Minisdir. A Thighearna déna trócuire oruinn. C. Ar Nathairne atá ar neamh. Etc. Agus ná tréoruigh chum buáidheartha sinn. Freagra. Achd sáor sinn ó nolc. Amén. An Minisdir. A Thighearna sáor thóglách agus do bhanóglach féin. Freagra. Noch chuireas a ndóchas ionat. An Minisdir. A Thighearna cuir cabhair chugtha ód hionadh náomhtha. Freagra. Agus dídin go síorrúidhe íad. An Minisdir. Bí ad thor dhaingean aca. Freagra. Anaghaidh a namhad. An Minisdir. A Thighearna, éisd lénar nurrnaighthe. Freagra. Agus tigeadh ar neimhghe dod láithir. An Minisdir. A Dhía Abraháim, a Dhía Iosáac, a Dhía Iacóib, beanduigh an lanamhainsi do shearbhfhoghantuidhe, agus cuir síol na beatha marthanaighe and a nindtindibh, iondus gidhbé ar bioth ní dodheunuid síad dfhóghluim go tarbhach as do bhréithir náomhthasa, go gcoimhlionfaid siad do ghníomh hé. A thighearna féuch orro go trócuireach ó neamh, agus benduigh íad: Agus amhail mar dho bheandaigh tú Abrahám, agus Sára, dá gcomhfhurtachd go mór: Go madh amhluidh sin bhús toil leat an lanamhainsi dho bhendughadh, ionnas ar mbheith dóibh umhal dod thoilsi, agus arná ndídean do ghnáth léd mhórchumhachdaibh, go nanfaid síad go diongmhálta and do ghrádh go deireadh a sáoghuil, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.
Fágthar anorrtha so síos gan rádha, más bean dochúaidh ó chlainn do bhreith bhías dá posadh. A Thighearna thrócuirigh, agus a Athair nemhdha, gár ub tré do thiodlacadh grásamhail thshíolruidhes an cionadh dáonna: Guidhmíd thú, bendaigh an días so, iondus go dtiocfa sliochd mór orro, agus go bhfhaghaid mar an gcéudna saoghal fada, a ngradh díaghdha agus a bhfireandachd a bhfochair a chéile, go faicsin chlainne a gclainne dhóibh, go soichthe an tres agus an cethramha geinealach, chum molta agus onóra do thabhairt duitse, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. O a Dhía, noch do chruthaigh na huile neithe do neimhthní léd mhórchumhachdaibh, noch fos (ar gcur na nuile neithe anórdughadh dhuit) do órdaigh mar an gcéudna an bhen do thechd on bhfhior (do cruthaigheadh do réir hiomhágh agus do chosmhuileas féin) agus gá gceangal lé chéile do mhúin, nách búdh dlisdeanach go bráth, an días do cheangail tusa le chéile sa fphósadh, agus dá ndearna tú aóinfheóil, do sgaradh ó chéile: O a Dhia noch dho choisrig sdaid an fphósda chúm a chomhúasal soin do sheicréid, iondus go dtaisbéantar, agus go bhfhoillsighthear leis, an pósadh spioratálda agus an coimhchengal atá idir Chríosd agus a Eaglais, lé na ndéuntar áon díobh: féch go trócuireach ar an lánamhainsi do sherbhfhoghantuighe, iondus go dtíobhradh an fersa grádh dhá mhnaói, do réir do bhréithreisi, (amhuil do ghrádhuigh Críosd a Eaglais, noch tug hé féin ar a son dá grádhughadh agus dá hoileamhuin mar a chorp féin). Agus mar an gcéudna go mbhía grádh ag an mhnaóisi dhá fior, mar dho bí ag Raichéil dá fear féin, go mbía sí comheagnuidhe lé Rebécca, comhdhíleas, agus comhúmhal lé Sára, agus go leanuidh sí éisiompláir na mbhan dtrómdha, náomhtha, díaghdha, and sanuile chendsachd, mheasarrdhachd, agus tshíothcháin. A Thighearna beannaidh íad aráon, agus brúnd dóibh oighreachd na beatha marthanuighe fá dhéoigh, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. Na dhíaigh sin adéura an Minisdir mar so síos. Dia na nuilechumhachd, noch dho chruthaidh ar tús ar gcéud athair agus ar gcéud mháthair, Adhamh, agus Ebha, do bheandaigh, agus do cheangail dá chéile a bphósadh íad: go ndóirtigh sé saidhbhres a ghrásd oruibh, go náomhaidh, agus go mbheanduighe sé sibh, ionnus go dtiocfadh
dháoibh a thoilsean do dhéunamh dho tháobh chuirp agus anma, agus marthain a bfhochair a chéile a ngrádh náomhtha, go deireadh bhur sáoghuil. Amén. Aindséin tiondsgóntar an chumaóineach. Agus tar éisi an tshoisgéil do léughadh, dogéuntar an tsheanmóir, and a bhfoillseochar mar ios dúal, offig an fhir, agus na mná dhá chéile, (gach úair dhá mbhía pósadh ar bioth dhá deunamh) do réir an sgriobtúr náomtha, nó muna raibhe seanmóir and, léughfhidh an Minisdir an teagasg so síos. Gidhbé dháoibh atá ceangailte and sa fphósadh cheana, no gidhbé hagaibh lé nab mian cuing an fphósda bhendaighthe do chur air ó so amach, tabhradh dhá aire créud a deir an sgriobtúr náomhtha do tháobh créud dhliges na fir fphósda do dheunamh dhá mnáibh, agus na mná pósda dha bhfhearaibh mar an gcéudna. Dobheir Pól náomhtha and sa chuigeadh caiphghidil doneipisdil do sgríobh sé chum na Neiphesidhánach, anaithneisi fios do nuile fhear fphósda, agá rádh: A fhiora, bíoth grádh agaibh da bhar mnáibh pósda, fá mar dho ghradhaigh Críosd aNeglais, agus tug sé hé féin ar a son: chum go ndiongnadh náomhtha hí, arná glanadh dhó anamar uisge, tré san mbhréithir: chum a déunta dhó féin na Heglais ghlórmhair, gan chaidhe gan chasadh, ná ní ar bioth is cosmhuil ríu soin: Achd chum go mbheith sí náomhtha, neamhchiontach. Is amhluidhsin is cóir do na fearaibh a mná dho ghrádhughadh, mar a gcorpaibh fhéin. An tí ghradhaigheas a bhean, asé féin ghrádhaigheas sé. Or ní thug áonnduine ríamh fós fúath dhá a fhéoil féin, achd dobheir beatha, agus clúdadh dhí, do réir mar dhobheir an Tighearna dhon Neglais. Or is búill dha chorpsan sinne, dá a fhéoil agus dá a chnámhaibh. Dá bhrídh so, fúigfidh duine a Athair, agus a Mháthair, agus bíaidh sé ceangailte dha mhnaói fphósda, agus beid aráon na naóinfhéoil. Atá so na sheicréid mhóir, Achd ios ar Chríosd, agus ar aNegluis labhruim. Uimesinn bíoth grádh fó leith ag gach áon agaibh dhá mhnaói, amhuil dobhíaidh dhó féin. Is ar an modh sin labhrus an Tapstal náomhthá céudna, (and saNeipisdil do sgríobh chum na Gcoloissidhánach,) ris anuile fher atá pósda, agá rádh: A fhiora, grádhuighidh bhar mná, agus na bithí séarbh dhóibh. Eisdidh mar an gcéudna créud a deir Peadar náomhtha, (dobhí na fhior fphósda; agus na Apstul ag Críosd,) leis anuile fhear atá pósda, agá rádh: A fhiora, dénaidh comhnuighe a bhfhochair bhar mbhan, mar ios imchubhaidh do dhaóinibh íulmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, mar an soithech ios laige, amhuil fós atá sibh nar gcomhoighridhibh ghrásd na beatha, deagla thoirmisg do chur ar bhur nurrnaighthibh.
Go soichthe so dochúalabhair créud dhligheas an fear posda do dheunamh dhá mhnáoi. Anois a mhná pósda, éisdighsi, agus fóghlumaidh mar an gcéudna, créud dhlighthí do dhéunamh dá bhur bhfhearaibh, mar atá arna fhoillsiughadh go follus and sa sgriobtúr náomhtha. Dobheir Pól náomhtha and saneipisdil chéudna do sgríobh sé chum na Neiphesidhanach, an teagasg so dhaóibh, agá rádh: A mhná pósda, bithí urrumach dá bhur bhfhearaibh fhéin, amhail dobhíath síbh dhon Tighearna. Or asé an fear ceand na mná, amhuil asé Críosd ceand na Hegailsi: Agus asé slánaighthéoir an Chuirp hé. Ar anadhbharsoin, amhuil úmhluidheas aNeglais hí féin do Chríosd, go madh amhluidhsoin bhías na mná úmhal dá bhfhearaibh fhéin ion gach aóinní. Agus a deir sé arís, tabhradh an bhean dá haire bheith eaglach roimhe an bhfhior. Agus dobheir Pól, mar an gcéudna, anaicthechd athchumairsi dháoibh, and saneipisdeil do sgríobh sé chum na Gcolossidhánach, agá rádh: A mhná, bithí úmhal da bhar bhfearaibh pósda, mar ios cubhaidh, and sa Tigearna. Dobheir Pedar mar an gcéudna teagasg roidhíaghdha dhaóibh, agá rádh: Bíoth na mná úmhal dá bhfhearaibh pósda, iondus go bhfhéudfúidhigh an dream nách tabhair úmhlachd don bhréithir, do tharraing anéagmais na bréithre, tré choinuearsáid na mbhan, an tan dochifidsíad bhar gcóinuersáid fhíorghlan, noch atá maille lé faitchios. Agus nár ub don táobh amuigh bhías a maisi, a ngrúaig chasda, ná a gcur óir na dtimcheall, ná a gcur chulaidheach orrtha: Achd go madh hé a maisi duine folaightheach an chroidhe, noch atá arna tsuidhíughadh a neamhthruáilleadh spioraide cendsa, ciúine, noch is mórlúaigh a bhfhiaghnaisi Dé: Or ios mar so doníoth na mná náomhtha anallód, do chuiredh a muinídhin a Ndía, íad féin do dheghmhaisiughadh, ar mbheidh dóibh úmhal dá bhfhearuibh: Amhail tug Sára úmhlachd Dabrahám, ag gairm Thighearna dhe: dá nab ingheana sibhsi, an feadh dhoní sibh maith, agus nách criothnaighthear sibh ré faitchios ar bioth. Gabhadh an lanamhain fphósdar, an lá fphósdar íad, an cumaóineach náomhtha. LEIGHEANN DHULA DFHEUCHAIN NA NDAOINE égcrúaidhe. An tan rachas an Minisdir asteach go tigh an duine theind, abradh sé mar so síos. C. Go raibhe síothcháin and sa tighsi, agus donuile dhuine atá and.
Ar ndul agceand an duine thind don Mhinisdir léigeadh ar a ghlúinibh hé, agus abradh mar so síos. A Thighearna na cuimhnigh ar bphecthaighne, na pecthaigh ar naithreadh romhaind. Coigil sinn a Thighearna thrócuirigh, coigil do fphobul do fhuasluig tá lé tfhuil mhórlúaigh féin, agus ná bioth fearg ort rind do ghnáth. A Thighearna déuna trócuire oruinn. A Chríosd déuna trócuire oraind. A Thighearna déuna trócuire oraind, C. Ar Nathairne atá ar nemh etc. Agus na tréoruigh chum buáidheartha sinn. Freagra. Ach sáor sind ónulc. Amén. An Minisdir. A Thighearna slánaigh do thshearbhfhogantuighe féin. Freagra. Noch chuireas a dhóchus iondad. An Minisdir. Cuir cabhair chuige ód tionadh náomhtha féin. Freagra. Agus cúmhdaigh maille léud chumhachdaibh do shíor hé. An Minisdir. Ná bíoth neart ar bioth agá námhuid air. Freagra. Agus ná déunadh an nech aingídhe urchóid dó. An Minisdir. Bíthsi a Thighearna dhó ad thor dhaingean. Freagra. Anaghaidh a námhad. An Minisdir. A Thighearna éisd lé ar nurrnaighthe. Freagra. Agus teagadh ar néimhghe dod láthair.
An Minisdir. A Thighearna féch anúas do nimh, tabhair húidh, agus fóir ar dho shearbhfhoghantuidhe féin atá do lathair annso: Féuch air lé súilibh do thrócuire, tabhair comhfhurtachd agus muinídhin dhiongmhálta ionat féin dó: Díden ar cheal gaibh an Díabhail hé, agus cúmhdaigh a síothcháin, agus a suaibhneas siorruidhe hé, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. A Dhé thrócuirigh na nuilechumhachd, agus a shlánaighthéoir, éisd lind, sín amach do thrócuire ghnáth chum do tshearbhfhogantuidhe égcruáidh atá andso dho láithir: Tarra dhá fhéchuidh a Thighearna, amhuil tánguis dfhéchain mhathar chéile Fphedair, agus óglaóich an Chaiptin: Go madh amhluidhsin bhús toil let teachd chum an duine thindsi, agus aiseag a shláinte dho thabhairt dó, mádh dhocítear dhuit indéunta hé: Nó tabhair grásda dhó, an bhuaidheirtsi atá air, diomachar go foighidneach, Iondus a ndíaigh na beatha buaidhearthaso, go bhfhuighbhidh sé an bheatha mharthanach maille leatsa, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. Aindséin tabhradh an Minisdir an teagasgso síos nó a leithéid oile don duine thind. A bhráthair róghrádhaigh, bíoth a fhios so agad, gur ub hé Día na nuilechumhachd Tighearna na beatha, agus an bháis, agus anuile neith bheanus léo, mar atá, Tighearna na hóige, na láidireachda, na sláinte, na leasláinte, na harrantachd, an mheirbhthin, agus aneagcrúais. Ar an adhbharsoin gidhbé ar bioth teindes atá ort, bioth a dheirbhfhios agad, gur ab hí toil Dé a theagmháil duit. Agus gidh bé ar bioth cúis fár cuiredh an tindes sa ort, (más do dherbhadh tfhoighidne, nó mar eisimpláir do dháoinibh oili, chum go bhfuighthí do chreideamh a ló an Tighearna chum molta, glóire, agus onóra Dé, agus chum méudaighthe shonuis na beatha marthanuighe: Nó más chuige chuirthear ort hé, chum smachdaighthe agus ceartaighthe gach lochda dhá bhfhuil iondat, nách fhéidir leis aNathair neamhdha diomachar:) Bioth a dherbhso agad, madh ghabhand aithmhéula fhírindech and do fpheacthaibh thú, agus do thindeas diomachar go foighidnech, ag cur do dhóchusa a dtrócuire Dhé, ar son a Mheic ró ionmuin ar Dtighearna Iósa Críosd, ag breith bhuidheachais leis ar son na féchana aithreamhlasa tug sé ort, agad tíslíughadh féin go róúmhal
dá dheaghthoilsean, go rachaidh sé a sláinte dhuit, agus go gcuidéochaidh sé leat and sa tshlighidh dhírigh thréorúigheas chum na betha marthanuighe. Amén. Dá raibhe an duine tind róimheirbh, fédaigh an Minisdir críoch dho chur an so ar a theagasg. Ar an adhbharsoin gabh chugad go maith an smachdughadh so doní an Tighearna ort. Or smachdaighidh an Tigherna and tí ghrádhuigheas sé: Agus fós amhuil a deir Pól, sgíursuidhe sé gach mac lé ngabhand sé. Madh fhuilngeand sibh smachd, atá Día gá fhulairemh féin oruibh, amhuil do dheunamh sé lé a chloind. Or cía hé an Mac nach smachdaighend an tathair? Achd dá raibh sibh gan an smachd, roindtear ris na huilibh, go deimhin is cland bhasdaird sibh, agus ní cland dileas. Dobhádar ar naithre colluidhe againd na luchd smachdaighthe, agus dobheirmís urruim dhóibh: Ané nách romhó iona soin is córa dhúinn, umhlachd do thabhairt dathair na spiorad, ar chor go mbhíam ar marthain? Or dobhadmar dár smachdughadh ocasan seal beag dár naimsir, do réir a dtola féin: Achd is chum ar leasa doní seisen ar smachdughadh, chum coda dhá náomhthachd dho ruind lind. A bhráthair ionmhuin, is íad so bríathra Dé, atá ar na sgriobhadh iosan sgriobtúr náomhtha, chum comhfhurtachda, agus tegaisg do thabhairt duinne, iondus go niomchóramaóis go fóighidnech maille lé breith bhuidechuis, an smachd doní an tathair nemhdha oruinn, gacha mhionca bhús toil lé a mhaithes grásdamhuil búaidheirt ar bioth do char oruinn. Agus ní fhuil comhfhurtachd ios ionchommórtuis leis so dho chríosduighe, ná a dhéunamh comhchosmhuil lé Críosd a bhfulang buáidhertha, dhochair, agus égcrúais. Amhuil nách dechuidh Críosd féin súas a sódh, sul do fhuluing an fpháis, achd gur céusadh hé, sul fúair glóir: Is amhluidh soin mar an gcéudna ios hí ar slighidhne chum an tsholáis shuthain, pían do fhulang ar an sáoghalso mar do fhulaing Críosd, agus isé ios dorus duinn ar an mbhetha marthanaigh, bás do fhulang go lúthgháirech, amhuil do fhulaing Críosd, chum eiséirghe do dhéunamh dhúinn ón bhás, agus comhnuidhe iona fhochairsion and sa bhetha mharthanaigh. Ar an adhbharsoin gabhsa chugad go toltanach an tionnes so, atá tarbhach dhuid ar an modh so adubhrumar. Agus tegasgaim thú a huchdh an Tigherna, anadmháil doríne tú ann do bhaisdedh do bheith ar cuimhne agad. Agus ar anádhbhar gur ub éigen cúntus do thabhairt tar éis na bethaso, don bhreitheamh chothrom bhérus bhreith ar anuile dhuine, gan fhéuchuin do nech tar a chéile, tegasgaim thú, thú féin do chúartughadh, agus a fhéuchain créd hí an sdaid iona bhfuil tú do tháobh Dhé, agus dhaóine: Iondus ar mbheith duit agad chiontughadh féin, agus ag dénumh breithemhnuis ort féin, ar son do phecthadh, go bhfhuighthéa trócuire ónathair neamhdha ar son Chríosd, agus nách cuirfighthe do chionta ad leith, agus nach daiméontuighe thú illó bháoghlach an bhreithemhnuis. Ar an adhbharsoin adéra meisi go hathchumair airtiogail an chreidimh, chum go mbheith a fhios agadsa, an gcreidend tú mar ios cóir do Chríosdaighe creideamh.
Adéura an Minisdir andsoin Airtiogail an Chreidimh, ag rádha mar so síos. An gcreideand tú a Ndía Athair na nuilechumhachd. Etc. amhuil fhiarfuighthear ios an mbhaisdeadh. Aindsin fíarfóchuidh an Minisdir dhe, an bfhuil grádh aige donuile dhuine, dá íarruidh mar athchuinghidh air, maithfhechus do thabhairt úatha do rún chroidhe donuile dhúine dhoríne égcóir air. Agus madh dhorinne sé féin aindligheadh, no égcóir ar dhuine ar bioth, íarradh sé mar an gcéudna maithfeachus air, agus dénadh lórghníomh dhó, do réir a acfainde. Agus muna dhearnaidh sé a thiomna reimhe soin, déunadh an tansoin hí, agus indiseadh sé cía ar a bfhuilid fíacha aige, agus ga mhéud a fhíacha orro, agus mar an gcéudna, cía dhligheas fíacha dhe, agus ga mhéud íad: chum bheith réidh a dtáobh a choguais dó, agus a oighreadha, agus a cháirde dfhaghbáil réidh. Gidheadh is dúal teagasg do thabhairt go meinic do na daóinibh sáidhbhre cumhachdacha, a dtiomna dho dhéunamh lé lind a sláinte. Na bríathrasa adubhrumar romhaind, is ionraidh íad, sul thiondsgónus an Minisdir a urrnaighthe, no abradh íad, do réir a dheisgréide féin. Na dearmadadh an Minisdir an tansoin, an duine tind do theagasg go ródhuthrachdach, fá dhéirc do thabhairt do na bochduibh go sochroidheach. Madh mhothuigheand an duine tind, úalach antrom ar bioth ar a chogúas, admhuidheadh sé ós íseal don Mhinisdir hé, agus tar éisi na hadmhála soin do dhéunamh dhó, sgaóileadh an Minisdir ó a fpheacthaibh hé, ar an modh so síos. Ar Dtighearna Iósa Críosd, tug cumhachda dha Eagluis féin, maithfeachus and a bpheacthaibh do thabhairt dona huile dhaóinibh doní aithrighe fhírindeach, agus chreidios and féin, go maithidh sé dhuitsi, dá thrócuire neamhchuimsighthe, do fpheacadh: agus atáimsi do réir anúghdurráis tug sé dhamh, agad sgaóileadh ód huile fpheacthaibh, anáinm aNathar, agus an Mheic, agus an Spiorad náomh. Amén. Aindséin abradh an Minisdir anorrtha so síos, ar rádha, déunam urrnaighthe. O a Dhía róthrócuirigh, noch (do réir umadamhlachd do thrócuire) sgriosas peacadh luchda na haithrighe fíre dho dhénamh, ar chor nách bí cuimhne agad orro o sin súas, fosgail súile do thrócuire ar an searbhfhoghantuidhe so agad féin, atá ag íarruidh trócuire, agus maithfeachuis and a fphecthaibh ó íochdar a chroidhe. A athair róghrádhuigh, athnúadhaigh and gach ní maith do chuir cealg, agus mailís an Díabhuil, nó fós ainmíana na codla, agus anaibrisge leanus do nadúir dháonna, ar gcúl and. Cáomhain agus coimhéid, an ball méirbh so, anáondachd na Heagailsi; féuch ar thuirsi a chroidhe, agus tabhair a dhéora dhod thaire, laghdaigh a fphían, no cuir úadha hí, do réir do dheaghthoile féin, mar is fearr rachas a dtarbha dhó. Agus ar an adhbhar gur ub and do thrócuire amháin chuireas sé a dhóchus, ná cuir na peacthaidh dhorinne sé na leith, achd gabh chugad and tfhábhar hé, ar son fpháisi agus bháis do mheic róionmhuin féin, Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.
Na dhiaigh sin abradh an Minisdir an psalm so síos. Ios ionnadsa a Thighearna do chuir mé mo dhóchus, na bíodh náire go bráth oram. Fóir oram do réir thfhíréundachda, agus sáor mhé: cláon do chlúas chugam, agus slánaigh mhé. Bí ad tor cómhnuighthe agam, achum a dtiucfa mé do ghnáth: do gheall tú mo chúmhdach, ór ios tú mo charruig, agus mo chaisléun. O a Dhía, sáor mé a láimh an duine neamhdhiaghdha, o láimh an duine egcóraigh, neamhthrócuirigh. Oír ios leat amháin a Thighearna Día atá mo shúil: Ios tú mo dhóchus o móige ríamh. Ios tusa dho chundaimh súas mé, o dho rugadh mé: is tú thug mé o bhruind mo Mháthar, ios tú molfas mé dho ghnáth. Dobhí iongnadh ag morán iondam, ór bá tusa mo dhócus diongmhálta. Líontar mo bhéul léd mholadh, agus léd ghlóirsi go laóitheamhuil. Ná cuir uáit mhé anáimsir mharsantachd: Na tréig mé ar ndul dom neart asam. Oír do labhradair mo náimhde um aghaidh, agus doríneadar an dréam do chuir luidheachán ar mhanmuin, comhuirle ré chéile, ag rádha: do thréig Día hé, leanuidh, agus gabhuidh hé, óir ní fhuil nech aige do thárrthóchadh hé. A Thighearna ná himthigh a bhfad úain: O a Dhía déna deithfir chum mo chabhartha. Bíoth náire agus dula a múgha ar náimhdibh mhanma: folaighthear lé míchlú agus lé gráin, an dream íarrus mholc dho dhéunamh. Agus fuiréocha meisi go foidhidneach do ghnáth, agus cuirfe mé tuilleadh lé a bhfhuil do mholadh ortsa. Foillséochaidh mo bhéul go laóitheamhuil tfhiréndachd, agus an slánughadh dhobheir tú uáit, gion go bfhéuduim a náireamh. Rachaidh mé asteach a láidireachd mhóir an Tighearna Día: agus bíaidh cuimhne agam ar tfhíréundachdsa amháin. O a Dhía ios tú dho mhúin mé óm aóis óig: Agus go soithche so dho fhoillsigh mé do mhiorbhuileisi. O a Dhía na tréig mé am aóis ársuidh, agus mé líath, nó go bfhóillsighidh mé do neart don gheinealachsa, agus do chumhachda donuile atá fós chum teachda. Oír a Dhía téid tfhiréundachdsa go róárd: is mór na neithe dho rinde tú: a Dhía cía atá comhchosmhuil leat?
Ios mór agus is olc na búaidheartha dho chur tú oram, gidheadh do fhill tú arís, agus do aithbhéoghuidh tú mé, agus tuguis arís anios mé ó dhubhaigén na talmhan. Do mhéudaigh tú mhonóir, do fhill tú chugam, agus tuguis comhfhurtachd damh. Ar an adhbharsoin molfa mé thú féin agus tfhírinde a Dhía, ag séinm ar adhbhuidh chíuil: seindfidh mé ar chláirsigh dhuit a Dhía náomhtha Iosrahéul. Bía gáirdeachus ar mo bhéul, an tan tsheindfios mé ní dhuitsi, agus mar an gcéudna ar manmain, noch dho fhúasluig tú. Agus fós foillséochuigh mo theanga tfhíréndachd go laóitheamhuil: Or fúaradar an dream do íarr olc dho dhéunamh dhamh náire agus imdheargadh. Glóir doNathair, etc. Amhuil dobhí. etc. Cuirthear so síos leis. O a shlánaighthéoir an damhuinn, slánuigh sinne. Os tú dho fhúasluig sinn thré do chroich, agus tré tfhuil mhórlúaigh, guidhmíd thú a Dhía, tabhair cabhair dhúinn. Aindséin adéura an Minisdir mar so síos. Dia na nuilechumhachd atá na thor róláidir ag gach uile dhuine chuireas a dhochus ann, gá bhfhuilid na huile neithe ar neamh agus ar talmhain, agus fá talamh fá úmhluchd dó, go raibhe sé anois agus go bráth na dhídhnighthéoir agad, go dtuga sé dhuit a fhios do bheith agad, agus a admháil nách tugadh ainm ar bioth oile fó nemh do dhaóinibh, and a bfhuighthéa, agus tré na bfhuighthéa, sláinte chuirp agus anma, achd amháin ainm ar Dtigherna Iósa Críosd. Amén. CUMAOINEACH NA NDAOINE DTIND. O a tá gach uile dhuine a ngúas égcrúais, easláinte agus dtionnas noband do theagmháil dóibh, agus gan a fhios aca cía hí úair a mbháis: Ar a adhbharsoin chum go mbeidis ullumh, agus réidh, chum an bháis dfhaghbháil an tan bhúdh toil lé Dia a ngairm chuige féin, is cóir don Mhinisdir go díthcheallach ó ám gó ham, agus go háirighthe anáimsir fphlaighe, teagasg do thabhairt dá fpobul, cumáoineach náomhtha chuirp agus fhola an Tighearna do chaitheamh (and saNeagluis) go meinic. Agus da
ndiongnaid sin ní rigid aleas búaidheirt indtine dho bheith orro, do tháobh na cumáoineach dho chaitheamh, an tan thegéubhus galar obonn dóibh. Achd muna fhéuda an duine tind techd chum na Heagailsi, agus gur mían leis an Tshacrameint do ghabháil ann a thigh féin, annsin tabhradh sgéula don Mhinisdir anóidhchi roimhe an Tshácrameint do ghlacadh, nó ar madain go moch, agus foillsigheadh dhó mar an gcéndna gá méud do dháoinibh lé nub áill an Tshácrameint do ghabháil maille leis. Agus ar bhfaghbháil ionaid iomchubhaidh don Mhinisdir a dtigh an duine thind agus nuimhir lór do dháoinibh do ghabháil na Sácrameinte ina fhochair, maille leis anuile ní oileamhnach, tabhradh an Minisdir an Tshácrameint náomhtha úadha andsoin. An Norrtha. O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, a chruthaighthéoir an chinidh dháonna, noch cheartuigheas an dream ghrádhuigheas tú, agus smachduigheas gach áon lé ngábhand tú: Guidhmíd tú, déuna trócuire ar do thshearbhfhoghantuidhe teind atá andso dho láithir, agus tabhair dhó a thindeas do ghabháil chuige go foighidneach, agus aiseag a shláinte dfhaghbhail, (madh hí soin do thoil si). Agus gidhbé húair sgarfus a anam lé a chorp, go bhfhéuduigh se hé féin, do thaisbéunadh gan cháidhe dod láithirsi, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. An Eípisdil. A Mheic, na bíoth neamhshuim agad a smachd an Tighearna, agus na héirigh ananbfhainde an tan chronaighes sé thú. Or smachduighidh an Tighearna an tí ghrádhuigheas sé: Agus sgíursaidh sé gach mac lé na ngabhand sé.
LEIGHEANN AN ADHLAIGTHE ANDSO SIOS. Rachuidh an Minisdir a gcuinde an chuirp go céim na railge, agus adéura sé leis féin, no canfuidh sé, agus an Chlíar bhías na fhochair, ag dul dóibh don Neaglais no chum na húaighe, mar so síos. An úair thigid síad chum na húaighe an feadh bhías an corp dhá réiteach chum a chura san talmhain, adéura an Minisdir leis féin, nó canfuidh sé, agus an Chlíar bhías na fhochair, mar so síos. Gach neach bheireas bean, is gearrsháoghlach hé, agus bí sé lán damhghar: Fásaidh se, agus tuitidh sé mar bhláth, agus téurnuighidh sé mar sgáile, agus ní anand sé ar áonsdaid amháin do ghnáth. A lár ar sáoghail bimíd a riochd mhairbh: A Thigherna cía ar a níarfadhmáois cabhair achd ortsa amháin, noch atá diomghach dhínn do chert, ar son ar bphecadh: gidhedh fós a Thigherna Día rónáomhtha, a Thighearna róchumhachdaigh, ó a shlánuightheóir náomhtha mhórthrócuirigh, ná tabhair sinn do fphíanuibh searbha an bháis thsíorruidhe. A Thighearna atá fios sheicréide
ar gcroidhtheadh agad, na fill do tshúile, trócuireacha ó nar nurrnaighthe: Achd gabh againd a Thighearna rónáomhtha, ó a Dhé mhórchumhachdaigh, ó a shlánaighthéoir náomhtha thrócuirigh, ó a bhreithimh shíorruidhe na gceartmbhreath, ná fuluing dhúinn tuitim uáidsi sa núair dheigheanaigh, tré fphíanaigheachd an bháis. Amén. Aindséin an feadh bhías anúir dá teilgean as an gcorp, abradh an Minisdir mar so síos. Do bhrídh gur bhí toil Dé na nuilechumhachd dá mhórthrócuire féin, anam ar ndearbhráthra grádhuighso fúair bás, do bhreith leis chuige féin, atámuidne anois ag cur a chuirp san talmhuin, talumh chum talmhan, lúaith chum lúatha, lúaithreabhán chum lúaithrimh, a muinídhin dhiongmhalta dherbhtha na heiséirghe chum na betha márthanaighe, tré Iósa Críosd ar Dtigherna, noch chuirfeas ar gcoirp thrúaillithne a naithearrach crotha, chum a ndéunta comhchosmhuil lé a chorp glórmhar féin, do réir a noibrighthe chumhachdaigh lé na bhfhéudand sé, gach uile ní do chur fáoi féin. Aindséin adéurthar nó canfuighthear mar so síos. Dochúala mé guth ó neamh agá rádha riom, Sgríobh, ó so amach is beanduighthe na máirbh, dogheibh bás and sa Tighearna. Iseadh a deir an Spiorad, ór cumhsgnaid síad ó a sáothar, agus leanuid a noibrighthe íad.
Na dhíaigh sin adéura an Minisdir. A Thighearna déuna trócuire oruinn. A Chríosd déuna trócuire oruinn. A Thighearna déuna trócuire oruinn. C. Ar Nathairne atá ar neamh. etc. Agus na tréoruigh chum buáidheartha sinn. Freagra. Achd sáor sinn ónulc. Amén. An Minisdir. Déunam urrnuighthe. A Dhía na nuilechumhachd, gá mairid spiorada na druinge dochúaidh dhon tsháoghal so a gcreidemh an Tighearna, agus gá bhfhuilid anmanna na ndaóine dtóghtha, tar éis úalaigh na colla dho chur dhíobh ag faghbhail shóidh agus tshonuis dod láithirsi: Beirmíd buidhechus ro mhór let, ar son gur thoil let ar nderbhráithair .N. do sháoradh ó bhuáidherthaibh an tsháoghuil mhallaightheisi: Atámuid ag ad ghuidhe mar an gcédna, go madh toil leat dod mhaitheas nemhchuimsighthe, nuimhir do dhaóine tóghtha féin do choimhlíonadh go haithgherr, agus do rioghachd do lúathughadh chugainn, ionnus go bfhuighimne maille lé ar ndearbhraithair, agus maille leis anuile dhuine oile fúair bás a gcreidemh fhírindech, agus do adaimh hainm náomhthasa, iomláine dhiongmhálta ghlóire agus shonuis, do tháobh chuirp agus anma, ann do rioghachd mharthanaigh thsíorruidheisi, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.
An Norrtha. A Dhía thrócuirigh a Athair ar Dtigherna Iósa Críosd, gár ub hé an eiséirghe agus an bheatha hé, agus gá bhfhuighe gach áon chréidfios and betha, tar cionn go bhfhuigheadh sé bás, agus gach neach atá béo agus chreideas andsan, nách fuighe an bás síorruidhe: Noch dho theagaisg sinn mar an gcéudna lé na Apstul náomhtha Pol, agá aithne dhinn, gan dobrón dó bheith oroinn, amhuil bhíos ar an druing ag nách fuil muinídhin aca do tháobh na muinntire chodlus andsan: iárrmuid anathcuingidhsi ort go róumhal a Athair, ar ndúsachd ó bhás an fpheacaidh, chum beata na fíréundachda, iondus ar sgarach ris an sáoghalsa dhúinn, go bhfhagam súaimhneas andsan, amhuil atá ar muinídhin, go bhfhaghand ar ndearbráthair dochúaidh uáind anios, agus anéiseirghe gheineralta an láoi dhéigheanuigh, go bfhughthí gean oroinn ad tfhíaghnaisisi, agus go bfhagham an bheandachd soin, noch dhobhéura do Mhac ionmhuinsi úadha, donuile dhuine ghrádhuigheas tú, agus ar a bhfuil heagla, agá rádh: Teagaidh a luchd na mbheandachd, gabhuidh chugaibh an ríoghachd, noch do hollmuigheadh dháoibh ó thús an domhain. Guidhmíd thú bronn so dhúinn a Athair na trócuire tré Iósa Críosd, ar bhfhear réitigh, agus ar slánuighthéoir. Amén. BREITH BHUIDHEACHAIS NA MBHAN TAR EIS CHLOINNE DHO BHREITH, DA NGOIRTHEAR GO comhchoidchiond, Coisriogan na mbhan. Eírgheadh an bhean chum na Heagailsi, agus andsoin léigeadh ar a glúinibh hí, anáit iomchubhaigh láimh lé bórd an Tighearna, agus ag seasadh don Mhinisdir láimh ría, abradh sé na bríathraso síos, nó a leithéide oile, do réir mar dhochithfíghthear dhó féin do réir a dheisgréide. Ar an ádhbhar gur bhí toil Dhé na nuilechumhachd dá mhaitheas féin, theachd slán duidsi ód bheireatas, agus do choimhéud ón fphiríacail mhóirsin ann a raibhe tú ag breith do chloinde: Uimesin beir buidhechus lé Día ód cróidhe, agus guidh hé.
Aindséin adéura an Minisdir an Psalm so síos. Do thógaibh mé mo tshúile súas chum na sléibhteadh, as a dtig cabhair chugam. Ios ón Tighearna tig mo chabhair, noch dhorinde nemh agus talamh. Ní léigfe sé dod chois sgiorradh, Agus ní thuitfidh codladh ar an tí choimhéudas tú. Tabhair dhod húidh, ní thuitfidh na chodladh, agus ní choidealuid, fear faire Iosrahéul. A sé an Tighearna féin tfhear faire, isé an Tighearna do sgáile ar do láimh dheis. Ní ghoillfidh an ghrían ort sa ló, na an ghealach sanóidhche. Coimhéudfa an Tigherna thú onuile olc, coimhéudfa sé fós hanam. Coimhéudfa an Tighearna do dhul amach agus asteach, ó so súas go bráth. Glóir dhoNáthair. etc. Amhuil dhobhí. etc. A Thigearna déuna trócuire oruinn. A Chríosd déuna trócuire oruind. A Thighearna déuna trócuire oruinn. Ar Nathairne atá ar neamh. etc. Agus na tréoruigh chum buáidheartha sinn. Freagra. Achd sáor sinn onolc. Amén. An Minisdir. A Thighearna slánuigh an bheanso do thshearbhfhoghantuighe. Freagra. Noch chuireas a dóchus ionat. An Minisdir. Bí ad thor dhaingean aice. Freagra. Anaghaidh a námhad. An Minisdir. A Thighearna éisd lé nar nurrnaighthe. Freagra. Agus tigeadh ar néimhghe dod láithir. An Minisdir. Déunum urrnaighthe.
A Dhía na nuilechumhachd, tug an bheansa do thshearbhfhoghantuighe slán, ón fphéin agus on ngúasachd mhóir ann a raibhe sí ag breith a cloinne: Guidhmíd thú (a Athair na trócuire) brond dúinn, go bfhéudaigh sí thré do chabhairsi, a betha dho chaitheamh a ndeighchreideamh, agus siubhal ann a gairm do réir do thoileisi, ann sa saoghalsa do láithir, agus mar an gcédna go bhfhuighbhidh sí a cuid don ghlóir shíorruidhe and sa tsháoghal atá ag teachd, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén. Atá dfhíachuibh ar an mnaói tig dá coisreagan, anofhráil gháthuightheach do thabhairt uáithe: agus dá mbhía an chumáoineach dá caiteamh an lá sóin, ios iomchubhuidh disi an chumáoineach náomhtha do ghabháil mar an gcéudna. BAGAR DIOGHALTAIS AR NA PEACTHACHUIBH, maille lé húrnaighthibh dháirighthe, ios ionráidh anáimsearaibh dháirighthe dhon bhliaghain. A ndíaigh na dtráth, ar mbheith don fphobul ar na ngáirm a gceand a chéile lé búain an chluig, agus ar dteachd doibh a bfhochair a chéile don Eaglais, ios ionráidh na Liodáin: agus tar éisi a leughtha, eisgheadh an Minisdir san fphuilpíd, agus abradh mar so síos. A bhráithreacha grádhacha, do ghnáthuigheadh an Phriomh Eaglais, ceartughadh díaghdha do dhéunumh, iondus go gcurthaói dfhiachuibh, a dtús an Chorghuis, ar na ndaóinibh doníth peacthadh go follus, aithrighe fphuiblídhe dho dhénamh, ar chor ar mbeith dóibh ar na smachdughadh and sa tsháoghalsa abhus, go sláinéochuidhe a nanmanda illó an Tighearna: Agus fós go madh móide eagla na ndáoine oile fá pheacthaibh dho dhénamh, an smachdughadh dochíodáois da dhénumh orrosan. A náit an cheartuightheisin (nó go madh héidir an reachd céudnasoin do thabhairt ar ais arís, noch ios mór ios iniárrata go dúthrachdach) do cundcas dúinn, gur ub iomchubhuidh anois ráite geinerálta lé na malluighend Día na peacthaigh nach déunand aithrighe, do léughadh ion bhar bhfhíaghnaisi, noch atá arna gcruinníughadh as an XXVII. Caip: Do leabhar Maóisi dá ngoirthear Déuteronómium, agus a háitibh oile don Sgriobtúr: chum go naibéoradh gach áon agaibhsi lé gach áon rádh dhíobh, Amén.
Iondus ar bfhaghbháil theagaisg dháoibh ar mhéud dhíomdha Dhe ar na peacthachuibh, go madh lúaithide do goirfídhe sibh chum aithríghe fíre do dhénumh go dúthrachdach, agus chum go madh géiride bhar naire oruibh féin, ag siubhal and sna laithibh cunntabhartachaso, ag teitheamh ó na leithéidibh sin do lochaibh, dá nadmhuidheand sibh dá bhar mbhéuluibh féin, gur cóir thig mallachd Dé ar luchd a ndhéunta. Ios malluighthe an duine dodhéuna iomhágh ghrabháilte no leghtha ar bioth, (ní gráineamhuil a bhfhíaghnaisi Dé, obuir lámh luchda céirde,) agus chuirfeas an áit úaignígh hí, chum a hadhartha. Agus freagóra an pobul, agus adéura, Amén. An Minisdir. Ios mallaighthe an tí gá bhfuil neimhchion ar a Athair, agus ar a Mháthair. Freagra. Amén. An Minisdir. Ios malluighthe an tí athruigheas tórand a chomharsan. Freagra. Amén. An Minisdir. Ios malluighthe an tí chuireas an dall don tshlighe. Freagra. Amén. An Minisdir. Ios malluighthe an tí chuires ceart an déoruidh, an díllechda, agus na baintrebhuighthe ar gcúl. Freagra. Amén. An Minisdir. Ios malluighthe an tí ghoirtéochus a chomharsa ós íosal. Freagra. Amén. An Minisdir. Ios mallaighthe an tí imthigheas ar mhnáoi a chomharsan. Freagra. Amén. An Minisdir. Ios mallaighthe an tí ghlacus cennach chum a anma dho bhúain as a neamhchiontach. Freagra. Amén. An Minisdir. Ios mallaighthe an tí chuireas a dhóchus a nduine ar bioth, nó mhuinídhes as cumhachduibh dhuine ar bioth, agus agár sgar a chroidhe ris an Tigherna.