Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabhar na nvrnaightheadh gcomhchoidchiond

Title
Leabhar na nvrnaightheadh gcomhchoidchiond
Author(s)
Ó Domhnaill, Uilliam,
Composition Date
1608
Publisher
(B.Á.C.: Seón Francke, 1608)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



STATUID A DTAOBH
NA NURRNAIGHTHEADH GCOMHCHOIDCHEAND,
SHEIRBHISE NA HEAGAILSI,
agus mhinisdrálachda na Sácrameinteadh do bheith ar
áoinsdeil amháin.



Ar an ádhbhar nách raibhe ann, lé lind bháis ar
Dtigherna ró chumhachdaigh dheighenaigh Rígh Eúdbhard
an seisedh, achd áonórdughadh amháin sherbhíse, agus urrnaighthe
comhchoidchinde, Mhinisdrallachda na Sacrameindteadh, ghnáthaighthe
agus usáide eile, aNeglais na Sacsa, noch dho cuiredh
amach anáoin lebhar amháin dán ub ainm,
LEABHAR na nurrnaightheadh gcomhchoidhchend,
Mhinisdráldachda na Sácrameindtedh
agus ghnáthaighthe, agus usáide oile an Eágluis na Sacsan: noch fúair
úghdur-rás do chomháonta na cille, agus na túaithe dá ngoirthear an
Páirleimeint, dorinnedh an cúigeadh, agus an seiseadh bliaghain do
ríoghachd ar Dtigherna róchumhachdaigh dhéigheanaigh chéudna Rígh
Eúdbhard an seiseadh, dá ngoirther, Statúid do tháobh na
núrrnaightheadh gcomhchoidchend, agus Mhinistráldachda
na Sácraimeinteadh do bheith ar áoinsdeil amháin: Noch dho cuireadh
argcúl do chomháonta Páirleimeint an chéud bhlíaghain do rioghachd
ar Mbhan-ríoghna róchumhachdaighe déigheanaighe Mairiá, iondus gur tsáothadh agus
gur laoghduighedh onóir Dhé go mór don chomháontasoin, agus gur cuiredh
drochmhisneach, agus doilghes ar an druing do aduimh fírinne an chreidimh
chríosduighe.



Uime sin Daingnighthear dúghdurrás an Fpháirleimeint so dho láithir, an
Statúid sin, agus gach ní dha bhfuil innte a dtáobh an lebhair sin amháin, agus
na seirbhíse, Mhinisdráldachda na Sácraimeinnteadh, na ngnáth agus na nusáideadh
atá arna nordúghadh ann sa lebharsoin, dho chuir ar gcúl, agus ar neimhní,
ó fhéile Sainséain so chugad amach agus go mbhía an lebhar céudna, maille lé
hordúghadh na seirbhisi, Mhinisdrálachda na Sacraimeintedh, na ngnáth, agus na
núsáidedh, maille leis anadhrughadh dorinnedh air, agus leis na neithibh do
cuiredh leis, agus do orduigh an Sdaduidsi, ann a nert iomlán ... a néifeachd
féin, do réir shubstainnte, agus é...a na Stutúide so: Gan féuchain dáoinní da
bhfuil na aghaidh an sa Statuid sin do chur ar gcúl an lebharsoin.


L. V


Tuilleadh oile daingnighthear le mórdhachd na Banríoghna agus lé toil,
agus lé háonta na Dtighearnadh cille agus túaithe, agus an fpobuil atá
arnagcruinníughadh and sa Fpháirlaiment so dho láithir, agus dá nughdurras
sin, go bfhuil dfhíachuib ar gach uile Mhinisdir, and gach aóinegluis
Chaighthedrálta agus Ffharráisde, nó anáit ar bioth oile ar feadh
rioghachda Sacsan, agus na Bretáin, maille lé a leithimlibh, agus and sa
nuile áit agus ionadh oile fá chumhachdaibh na Banríoghna, ó fhéile
Sain séansi
chugad amach, na Trátha, na Heaspurta, minisdráldachd Shuipéir an Tigherna,
agus an Bhaisdeidha, agus gach urrnaighthe chomhchoidcheand, agus
fphuiblidhe oile bheanus ríu, do rádh, agus do cleachdadh, ar an modh, agus
do réir a norrdaighthe, thaisbéuntar and sa leabharsoin, do dhaingnidh an
Pairlimeint marsoin, and sa chúigeadh, agus andsa seiseadh bliaghain do
rioghachd an Rígh Eudbhard an seiseadh, maille lé háon athrúghadh amháin
leigheand dáirighthe gacha domhnaigh ar feadh na blíaghna, nó leis an
dtuilleadh
do cuiredh leis, agus foirm na Liodán arná nathrúghadh agus arná
gcerthúghadh, agus an dá rádh amháin do cuireadh lé leigheand Shácrameinte
chuirp agus fhola an Tighearna an tan dobeirthear do luchd a gabhála hí:
Agus gan arádh a bfhoirm ná ar modh ar bioth oile. Agus dá neitígheidh
áoinfphersa Eagailsi, ná Biocáire, na Minisdir ar bioth eile dánab cóir,
nó dhligheas, na hurrnaighthe comhchoidchiona orduigheas an leabharsoin do
rádh nó dho chanamhain, nó na Sácraimeinteadh do mhinisdráldachd, ó fhéile
Sainséainsi chugaind amach, na hurrnaighthe comhchoidcheandasoin do
ghnathachadh, nó na Sácraimeintedh dho mhinisdralachd and sna Hegailsibh
Caithedrálda, nó sna Hegailsibh Parráisde, nó a náitibh oile and ar ghnáth
mionisdraldachd do dhénamh, ar an modh, agus do réir na forma orduighes
an leabharsoin, nó ghnathóchus déuntoisg, agus go neamhúmhal steil, seirbhís,
ordúghadh, nó foirm ar bioth oile, nó aithearrach modha ar mhinisdraldachd
Shuipéir an Tigherna, ós íseal, nó ós áird, nó trátha, nó espurta,
nó minisdráldachd na Sácraimeinteadh, nó úrnuighthe phuiblídhe
ar bioth oile, achd do réir mar ordúigheas an leabharsoin, (as hí ios
urrnaighthe fphuiblidhe and ar feadh na Statúideri, an urrnaighthe dhlighes
agus ar a bfhuil dfhiachuibh ar an bphobul teachd chuigthe, agus a héisdeachd,
aNegailsibh
comhchoidchionda nó a Seipéuluibh úaignecha, nó anionadaibh
urnaighthe, dá ngoirthear go coimhchoidchiond
seirbhís na Hegailsi) no dá ndiongnaid
seanmóir nó teagasg, no caint ar bioth oile, adtáobh tathaóire nó diomolta
do dhéunamh ar an leabharsoin, nó ar áoinní dhá bfhuil and, nó ar
áonchuid de, agus go bfhuighthear ciontach hé and sanádhbharsoin, do réir
dhlightheadh na Ríoghachdaso, do bhreith choisde dá fhior dhéug, nó dhá
admháil féin, nó fós do ghníomh fhollus: beantar dhe ar son na céudchoire,
taradh a bhetha Eagailsi, agus a dhíghniteadh uile ar feadh blíaghna, má
dearbhthar an gníomh air, agus bíoth ag an Mbhanríoghain, nó agá
hoighredhuibh thiocfas na diaigh: Agus fós cuirthear an tí dhionghnas
an chairsin a bpríosún


L. VI


ar feadh sé míos ar son na caire céudna, gan gell na urra ar bioth dho
ghabháil úadha. Agus da ndearbhthar an chair chéudna ar áoinneach an dara
húair, agus go suighéochthar air hí go dlisteanach do réir mar dho dúbhrumar:
Andsoin cuirthear a bpriosún ar feadh blíaghna go hiomlán hé ar
son an dara cair, agus beantar dhe ar ball mar an gcéudna a dhíghnite
Spioradalda uile ar son na caire céudna. Agus búdh ceadaightheach donuile
Phatrún agus thíodhlaigthéoir na nuile dhíghnite spíoratálta soin, agus gach
díghnite aca, duine oile dainmníughadh agus do thógha, anionadh an fhirsin,
dorinne an chair, amhail agus dobhíath sé marbh. Agus dá bhfhaghthar an
fphearsa chéudna ciontach an tres úair, agus a chionta dfhaghbhail
derbhtha roimhe soin fá dhó, ar an
modh a dubhrumar: Aindséin bentar dhe ar ball a dhíghnite spioratálta uile,
agus condmhuighthear a bphriosún ar feadh a bheatha hé. Agus muna raibhe
beatha eagailsi nó díghnite ar bioth spioratálda agan tí dhoní an chair,
agus gu ndearbhóchthar air hí, ar an modh a dubhrumar: andsoin tar éisi
na caire dho tshuighudhadh air, tabharthar priosún blíaghna dhó ar son na
céudchaire, gan geall na urra dho ghabháil úadha. Agus dá bfhaghthar an
fphersa chéudna ciontach an dara huáir, agus gan beatha nó díghnite eagailsi
aige, agus go suidheochar an dara cair air go dlisteanach, ar an modh
a dúbhrumar: Tabharthar priosún ar feadh a bheatha dhó, ar son an
darna cair soin.



Tuilleadh oile, do horduigheadh, agus dorinneadh dho Statúid leis na
cumhachdaibh a dúbhrumar romhaind, dá ndiongnadh pearsa ar bioth, o lá
fheile Sainséainsi chugaind amach, a gcluitheibh, a sugarthaibh, a seinm, a
rannaibh, nó a mbhríathraibh ar bioth oile go puiblidhe, ní ar bioth dho chur
amach, do thatháoir, do dhiomoladh, nó dho neimhchion ar an leabharsin, ná ar
áoinní dhá bhfhuil and, nó ar áonchuid de, nó dhá dtabhradh fá deara lé a
obuir, lé a ghníomh, nó lé a bhagar follus, nó madh chúmhduigheand sé
persa ar bioth eagailsi, Biocáire, nó Minisdir oile, aNeaglais
Chaithedrálta, nó aNeagluis Fpharráisde ar bioth, nó a Séipéul, nó anáit ar
bioth oile, chum urrnaighthe ar bioth comhchoidchinne nó fphuiblídhe dho
rádh nó dho chanamhain, nó chum Sácraimeinte ar bioth do mhinisdralachd, ar
chor no ar modh ar bioth oile, achd mar orduigheas an leabharsoin: Nó dá
gcuiridh toirmiosg go neamhdhlisdeanach lé ní ar bioth dhíobh soin thúas ar
ffhearsain eagailsi ar bioth, aNeaglais Chaithedrálta, no aNeagluis
Fpharráisde, a Seipéul, nó anionadh ar bioth oile, fá urrnaighthe
chomhchoidchinn do rádh nó dho chanamhuin, nó fá na Sácraimeindtedh, nó fá
chechdarrdha aca dho mhinisdraldachd, ar an modh, agus do réir na foirme
ordúigheas an lebhar úd: Go níocfa, agus go ndiolfa gach áoinfphearsa ar
a ndeirbhéofar áonchoir dhíobh soin do réir mar a dúbhrumar romhaind,
céud marg ar son na céudchoire, don Bhanríoghain ar Mbhaindtighearna
ró orrdheirc, nó dá hóighridhibh thiocfas na díaigh. Agus madh dearbhthar
áonchair dona cairthaibhsin do labhramar go deigheanach, an dara húair ar


L. VII


aóinneach frith ciontach agus cairthech roimhe soin do réir mar a
dubhrumar: Aindséin an tí dhorinne an sarughadh, agus fríth ciontach, iocadh
sé cheithre chéud marg ar son an darna cair, don Bhainrioghain ar
Mbhainntighearna róorrdruic, nó dá hoighreadhaibh na díaigh. Agus
dá gciontuighe duine ar bioth an treas úair tar éisi a fhághala ciontach
fá dhó roimhe soin, anáonchair do na cairtheachuibh deigheanachasa a
dubhrumar romhaind, agus go ndearbhthar a bheith ciontach do réir dhlighidh
(mar a dubhrumar thúas:) Andsoin an tí dhorinne an sarughadh, agus
fríth ciontach, iócadh sé ar son an tres coir, a uile mháoin tsháoghalta
don Bhainnrighain ar Mbhainntigherna róorrdraic, agus tabharthar
priosún ar fedh a bheatha dhó. Agus dá raibhe duine ar bioth nach
íocfa a ní dhligheas sé dho dhíol agus hé cionntach ó cheart bhreitheamhnus,
ar son a chéud chaire a dtáobh na neithe a dubhrumar, ar an modh agus
ann sa bhfhoirm a bhfuilid na fíacha air, fá cheand sé seachdmhuineadh
a ndíaigh bhreithe dho bhreith air: Aindséin an tí dho damnuidhedh ann
sna fíachuibh, agus nar dhíol íad, ar son na céud chaire sinn, tabharthar
priosún sé míos dó, gan ghell, gan urra, anéiric na bhfíach soin.
Agus á raibhe duine ar bioth nách íocfa a ní dhligheas sé do dhíol, agus
hé ciontach ó cheart bhreithemhnus, do bhrídh na Statúideisi ar son a
dharna choir a dtáobh na neithe a dubhrumar, nó ar an modh, agus
ann sa bhfhoirm a bfhuilid na fíacha air, fá cheand sé iníos a ndíaigh
bhreithe dho bhreith air: Aindséin an tí dho damnaidheadh and sna fíachuibh
agus nár dhíol íad, ar son an darna cairsin, tabharthar priosún
blíaghna dhó, gan ghell, gan urra, anéiric na bfhíach soin. Agus do
hórduighedh mar an gcéudna, ó fheile Sainséainsi chugaind amach, gach uile
dhuine atá na chomhnaighe ann sa Ríoghachdso, nó fá chumhachdaibh
mhórdhacha na Bainríoghna, a Ríoghachd ar bioth oile, go gcaithfidh sé,
(achd muna bhía résún dlisdeanach aige do ghabháil a leisgéil) a dhíthcheall
do dhéunamh go dúthrachdach iondraic, chum dula go a théampull
Parráisde, nó go a Shéipéul gnáthuighthech, nó lé toirmiosg dhlisdenach
dho bheith air, dul anáit éigein oile (madh atá an toirmiosg
soin air) ann ar gnáth anurrnaighthe chomhchoidchend, agus seirbhís Dé
dhéisdeachd, gacha domhnuigh, agus gach láoi oile, órduighthear, agus
ghnáthuighthear do chondmháil na sháoire: Agus anmhain andsoin go modhamhail
ceandsa, ar feadh bhías an nurrnaighthe chomhchoidcheand agá rádh,
an tsheanmóir gá déunamh, nó seirbhís dhíaghdha ar bioth oile, fá fphéin
certaighthe na Heagailsi, agus sgillinge dho dhíol gacha mhionca anfus
sé ón seirbhís, ón seanmóir, nó ó úrrnaighthe chomhchoidcheind, agus an
sgillingsin do thógbháil do Fphrocudóiribh na Hegailsi Parráisde ann
a ndéuntar an chair, do mháoin, do dhúithche, agus do thighearnas an tí
dhó rinne an chair, mar gheall, nó mar dhíoluidheachd, agus a ruinn ar
bhochdaibh


L. VIII


an Fpharráisdeisin. Agus cum go gcuirfídhe so a ngniomh go ditceallach, atá
mordhachd na Bainríoghna, na Tighearnadha tuáithe, agus an pobul uile atáit
ar gcruinneabhadh ann sa Fpháirleimeint so dho láithir, agá chur dfhíachuibh
a huchd Dé, ar anuile Airdeasbog, Easbog, agus ar gach uile
fphearsain eile Eagailsi, a ndíthchell do dhéunamh go dúthrachdach, an
Statúid so dho chur a ngíomh go dlístenach, fírindech, ar fedh
a Nespugóideachd, agus
a gcúruim, amhuil ios éigean dóibh fréagra dho thabhairt a bfhiaghnaisi
Dé,
ar son na nulc, agus na bplágh, lé nub éidir lé Día na nuilechumhachd, a
fphobul féin do smachdughadh dá chert bhreithemhnais, fá mhaidneachdna dho
dhéunamh a dtáobh a rechda dhíaghdha fhalláin. Agus chum úghdarráis do
thabhairt dáibh ann sna neithibhsi, órduighthear leis na cumhachdaibh
ceudnasoin a dúbhramar romhaind, gach Airdeasbug,
gach Easbug, agus gach oifigeach
ar bioth oile dá bhfhuil fútha, a gcumhachdaibh na Heagailsi, (ní hé amháin
and gach ionadh dá bfhuil fá na gcumhachdaibh féin, achd mar an
gcéudna and gach uile ionadh do sáoradh roimhe so úatha ar
feadh a neasbugóideachdadh,) do bheith a gcúmhachdaibh agus a-núghdurrás
iomlán, do bhrídh na Statúideisi, chum ceartuighthe,
smachdaighthe, agus chum pionúis do réir reachda na Heagailsi
do thabhairt donuile dhuine ar a bfhuighthear cair anaghaidh
na Sdatúideisi, fá chumhachdaibh, nó aneasbugóideachd aonnduine
aca, ó fhéile Sainséainsi chuguinn amach: gan fhéchain do
dhligheadh, do Statúid, do phribhiléid, do sháoirsi, nó dachd
ar bioth dá ndéarnadh, dá bhfhríth, nó dhár fuilngeadh roimhe so
anaghaidh na Sdatúideisi.



Tuilleadh oile, do hórduigheadh, agus doríneadh dho Statúid
leis na cumhachdaibh céudna a dubhrumar romhaind, go
bhfhuil cumhachda, agus úghdurrás iomlán ag anuile bhreitheamh,
agus Iuisdís dlighidh and gach uile sheisidhón fphuiblídhe agus gheineiralta,
fhíarfuighthe, éisdeachda, agus chríochnaighthe, gach uile
ghné dho chair dhogéuntar anaghaidh áirtiogail ar bioth dhá bhfhuil
and sa Statúidsi, fá chumhachdaibh an choimisidhóin tugadh dhóibh, agus
gairm dho chur úatha ar luchd na caire dho dhéunamh, chum a núghdurráis
do chur a ngníomh, amhuil ios éidir léo a dhénamh anaighaidh
gach uile dhuine ar a gcuirthear cair dá láithir, agus do sharuidh
an dligedh go follus.



Do hachduidheadh fós, agus do hórduigheadh leis na cumhachdaibh céudna
a dubhrumar romhaind, go bfhéudand gach uile Airdeasbog, agus
Easbog ó áimsir go háimsir, amhuil is toil lé gach duine dhíobh,
do bhrídh na Statúideisi, íad féin do chengal leis na Giúisdísibh sin,
agus leis na breithemhnuibh a dubhrumar, agus súidhe na bhfhochair ann gach
seisidhón puiblidhe geinerálta, gidhbé ar bioth ionadh na mbhíaid ann a
nesbugoidechdaibh, chum fiarfuighthe, éisdechda, agus críochnaighthe
na gcairthe a dubhrumar.


L. IX


Do hachdaigheadh mar an gcéudna, agus do hórduigheadh leis na cumhachduibh
céudna a dubhrumar romhaind, na lebhair oileas don tsheirbhís
díaghdhasoin dfhaghbhail ar chosdus an fphubuil and gach áonfpharráisde agus
Eaglais Chaithedrálta, roimhe lá fhéile Sainséain so chugaind: agus mar
an gcéudna go bfhuil dfhíachuibh ar gach Tempul parráisde agus Eagluis
Chaithedrálta, nó ar ionaduibh oile, agá mbhíaid na leabhairsoin, roime
lá fhéile Sainséainsi chugaind, fá cheand trí seachdmhuineadh tar éisi na
leabharsoin dfhaghbháil, nó dho cheandach, an tsheirbhís dhiaghdhasoin do
dhénumh, agus do ghnáthughadh do réir na Statúideisi.



Agus órduighthear na cheand soin leis na cumhachduibh céudna a dubhrumar
romhuinn, gan duine ar bioth ó so amach do gháirm do láithir an
dlighidh ná a bhúaidhreadh ar chor oile, do tháobh áon chaire dhá ndubhrumar
romhuinn, dá ndiongantar ó so amach anaghuidh na Sdatúideisi, achd muna
chuirthear díotáil ar fhear na caire dho dhéunamh ag an seisidhón gheinerálta
ios neasa dhó, do láithir bhreitheamhain éigin, nó na Ngíuisdísedh
ndlighidh, go gearr tar éisi na caire dho dhéunamh, anaghaidh éfeachda na
Sdatúideisi.



Achd fós do hachduigheadh, do hórduigheadh, agus dorinneadh do Statúid
thshíorruidhe, leis na cumhachdaibh céudnasoin a dubhrumar romhaind,
breath dho bhreith ar gach uile Thighearna Páirleimeint lé na leithéidibh
féin, ar son an treas cair ar ar labhradh thúas.



Do hachdaigheadh ar an modh gcéudna, do hórduighedh, agus dorínedh
dho Statúid leis na cumhachduibh a dubhramar romhuinn, Méura Lóndoin,
agus gach uile Mhéura oile, gach Báille, gach ceand caithreach, nó
baile oile, gá bfhuil Corporácion aca, and sa Rioghachd so, a Mbhretáin,
agus ann a leithimealluibh, chum nach dtigid Gíuisdisidhe dlighidh dho
ghnáth, lán chumhachda agus úghdarrás iomlán do bheith aca, do bhrídh na
Sdatúideisi, chum fíarfuighthe, éisdeachda, agus críochnaighthe na gcairthe
a dubhrumar romhuind, gacha blíaghna, fá cheand chúig lá ndéug a ndíaigh
fhéile na Cásg, agus na féile Michíl an Tarrchaingal, ar an bfhóirm
lé nab eidír leis na Gíuisdísibh dlighidh a dhéunamh.



Do hachdaigheadh fós, do hórduigheadh, agus doríneadh do Statúid
leis na cumhachduibh céudna a dubhrumar romhaind, gach uile Airdeasbug,
agus Easbog, agus a Noifisdéil, agus na dáoine gá mbhía a
gcumhachda, agus a Bfhhairchindigh, agus gach duine oile agá mbhía cumhachda
speicíalta na Heagailsi aige, a mbheith a lán úghdurrás, agus a gcúmhachdaibh
iomlána, do bhrídh na Sdatúide so, ní hé amháin, gach uile ní
dfhiarfuidhe agus dfhéchuin anáimsir a bhisidúráchda, and a
gcaipghidleachuibh, nó ann gach áit oile ar feadh a gcumhachda, gach
uile úair oile, agus
ann gach uile ionadh a mbhíaid síad, casáoidecha, agus sgéula do ghabháil a
dtáobh gach uile neith dhar labhrumar romhuinn, doríneadh fá na
gcúmhachduibh: Achd mar an gcéudna pionughas do thabhairt do luchd a ndéanta,


L. X


maille lé tegasg, lé cuindelbháthadh, lé na mbhethaibh eagailsi do chur
anúrláimh dhaoine oile, nó a mbhuáin díobh go huilidhe, nó lé certughadh ar
bioth oile eagailsi, do réir mar dho gnáthuighedh roimhe so hé, ann a
leithédibh sin do chúisibh, do réir dhlighidh Eagailsi na Bainnrioghna.



Do hachduighedh agus do horduigheadh fós, giodhbé ar bioth duine do
dhéuna cair ann sna neithibh a dubhrumar romhuind, agus ghéubhus pionudhas
agus certughadh óNáirdeasbog, nó óNeasbog ar son na céud chaire, agus
taisbéunadh dho bheith aige ar sin sgríobhtha fá shéala aNáirdesbuig, nó
aNeasbuig, gan cionta dho chur aír arís a dtáobh na caireisin a bfhíaghnaisi
na mbhreitheamhan túaithe: Agus mar an gcéudna dá dtugaid na
breitheamhain thúaithe pionadhas dó ar son na céud chaire, gan an Tairdéasbog,
ná an Teasbog do thabhairt phionudhais dó, ar son na caire
céudna: Gan fhéuchain dáoinní dá bhfhuil na aghuidh sin ann sa Sdatúidsi.



Do hachdaigheadh mar an gcéudna, agus do hórdúigheadh, agus dorinedh
dho Statúid leis na cumhachdaibh céudna a dubhrumar romhain, gach culaidh,
nó gach éudach do chlechd aNeaglais agus a Minisdridhe, do bheith aca agus
do ghnáthughadh, mar dobhí an saNeaglaissi na Sacsan dúghdarrás an
Fpháirleimeint ann sa darna blíaghain do Rioghachd an Rígh Eúdbhard an
seisedh, nó go ndéantar órdughadh oile dhá dtáobh lé mordhachd na Bainnrioghna,
do chomhairle na druinge dá dtíobhra úghdurrás fá Shéula mhór na Sacsan
ós ciond chúiseand na Heagailsi, nó lé Hairdeasbug na Ríoghachda.
Agus fós da dteagmhadh neimhchion, no mímhodh ar bioth dho tháobh ghnáthaighthe,
nó chleachduigh na Heagailsi do tharcuisníughadh an órduighthe atá ann sa
lebharso: Ios ceduightheach do mhórdhachd na Bainnríoghna, do chomhairle na
druinge dá dtíobhra shi úghdarrás, nó a Náirdeasbuig, gnáthaighthe nó
ordaighthe oile do chur amach agus do ordughadh, lé na bfhéudfuighthear glóir
Dhé do mheadúghadh ní bhús mhó, a Eagluis do chur súas, agus modh dlistenach
do thabhairt do sheicréidibh náomhtha Chríosd, agus dá Shácraimeintibh.



Agus fá dhéoigh, dorindeadh do Statúid leis na cumhachdaibh céudna a
dubhrumar romhaind, gach uile reachd, gach Statúid, agus gach ordúghadh, lé
na ndaingnighther, lé na nórduighthear no lé na gcuirthear amach, (chum a
gcura a ngnás go puiblidhe an sa Rioghachdsa, no fá chumhachduibh na
Bainnrioghna a dtaltaibh oile,) Seirbhís ar bioth oile, minisdráldachd na
Sácraimeinteadh, nó urrnaighthe chomhchoidchionn, do bheith ó so amach gan
bhrídh, gan éifeachd ar bioth.


L. XI


Meisi an Rí.



FOGRA AG TABHAIRT
UGHDURRAIS AR LEABHAR NA
NURNUIGHTHEADH GCOMHCHOIDCHEAND
do bheith ar áoinsteil amháin, ar feadh
na Ríoghachda.



Giodh nách éidir lé na bfhuil fár gcumhachdaibh,
bheith anainbfhios ann sa tríall, agus and sa
tósgnúghadh dho chuireamar romhaind do ghénamh
a gcúisibh an chreidimh, ó thangamar chum na
corónsa, ar anádhbhar gor fhoillsighamar go
puiblidhe íad roimhe so: Achd fós ó dho chuireamar
anois na neitheisin a bfhoirm fhuinneméndaigh,
ní gan adhbhar fhoillséocham andso,
cuid do na neithibh dhochúaidh tharuind: Agus
cionnas, mar ios táosga tangamar asteach chum na ríoghachda, do fáilltigheadh
romhaind, agus do búaidhreadh sinn lé móran Minisdreadh, gá chur
a gcéill dúinn, agus ag déunamh casáoide lind, ar sheachrán, agus ar
uireasmhaigh na Heagailsi and sa ríoghachd so, ní headh amháin a gcúisibh
theagaisg, achd mar an gcéudhna a gcúisibh smachdaighthe: Gé nach raibhe
réusún againd a bhreathnughadh, go rabhadar na neitheisin ar mearughadh, a
chomór agus do cuireadh a gcéill dúinn, ar an adhbhar go bhfhacamar an
Rioghachd ann sa riochd chéudna chreidimh, do dhaingnidh an dligheadh, lé
lind na Bainnríoghna róordraice déigheanuighe, arna beandughadh lé
siothcháin agus lé sonus, go hiongantach, morán do bhlíaghnaibh,
(noch ios foillsiughadh daingen go raibhe gen ag Día ar a gcreidemh:)
gá fhéuchain dó soin, do bhrídh go
raibhe liosdachd luchda na casáoide antróm, agus a nderbhadh roidhían, agus
a dteas roidhíthchiollach: Do gluaiseadh leis na hádhbharuibhsin sinn, chum a
núalaigh ios mó ar anuile Ríogh do chur dhínd, mar atá cúiseanna an
chreideimh do chur go fuinneimheandach na suidhe, agus seirbhís Dé, roimhe
gach ní bheanus lind féin. Ar mbheith dúinn ag gabháil do láimh na
neitheisin


L. XII


do ghénamh, (do réir mar thug aicíd na pláighe dobhí go romhór ann ar
Gcathrigh a Lúndain, agus anáitibh oile, fulang agus ced cruindnighthe do
dháoinibh iomchubhuidh chum na ngnodhaightheisin) do thiondsgain dream
dháirighthe, leis nar thaitin sdaid Eagailsi na Rioghachdaso, (ag cur rompa
nísa mhó dho thuigsein a dtáobh ar nindtinde, ná mar dhofhuáirsiod
uáinn ré a ghénamh, agus ag leanmhuin dá nindtindibh féin) neithe dho
ghabháil do láimh, lé nar éirigh sgandail den Eagluis, anáit a noilbhéime
do chur ar gcúl: Or do ghnáthaidhedar fóirm sheirbhísi puiblidhe do Dhía,
nár moladh ann sa Ríoghachdsa, agus doríneadar coimhthionoil gan úghdurrás,
agus neithe oile ios mó dhó thaisbéin comhtharrdhagha follusacha cendairce,
ná grádh na fírinde: Lé nar chuireamairne srían, maille lé fógra fphuiblidhe
a Mi Octóibeir so dochuáidh thoraind, agus do chuiremar a gcéill, an
comhradh do chuireamar romhain do ghénamh ríu comhluath agus do fhédfadhmaóis
a ghénamh go hiomchubhaigh, chum órduighthe dho chur ar chúisibh na
Hegailsi: Agus dá réir soin, dorindemar an comhrádhsoin a Mi Ghenáir
docuaidh thoruinn, a Mainér ar nonora a gcúirt Hampton, ann sanáit
ar cruindnighedh a bfhochair a chéile, dhár láithir féin agus do láthair ar
Gcomhairle phriomhaidighe, móran do na Héasbugaibh, agus do na Préláidibh bá
tromúghadh and sa Rioghachd, agus morán do dháoinibh fóghlumtha oile, ní hé
amháin don luchd tug a gcomháonta don daingníughadh dorinneadh cheana
ar sdaid na Heagailsi, achd mar an gcéudna don luchd nach tug a náonta
dhó. Eattorra soin, an sáothar dorindeamar, an fulung tugamar
úainn a néisdeachd agus a bhfhreagarthaibh, agus comhthrom agus ceart ar
mbhreitheamnuis ar na hádbharuibh sin do chur a gcrích, fágmuid sin uile
ag teisd na muinntire dochúala hé: Ios lór linde fíorghlaine ar gcroidhe
féin dá dtáobh. Achd ní fhéudmuid so dfholach, go dtárrla dhon chomhrádhsoin,
amhuil theagmhus do mhorán do neithibh oile, gár ub neimhéifeachdach a
gcríoch, gion gur mór an tshúil bhíos ríu sul tiondsgantar íad. Oir
fúarumar na neithe do cuireadh a gcéill dúinn go dían, agus go tinnesnach,
do bheith a choimhneamhthabhachdach agus a choimhneamhfhuindeimheandach
sin, iondus go bhfhacus dúinne agus dár Gcomhairle, nách raibhe
adhbhar ar bioth fá athrughadh ar bioth dho ghénumh ar a ní ios mó agár
cuiredh na aghaidh, mar atá lebhar na nurrnaightheadh gcoimhchoidcheand,
ann a bfhuil foirm thsheirbhíse puiblidhe Dé, do daingnigheadh and sa
Ríoghachdso, ná fós ar an dtegasg, do fóillsighedh do bheith níamhghlan,
ná fós ar na horduighthibh agus ar na gnáthaighthibh, do cruthaigheadh dho
bheith á ngnás ann sa fphríomh
Eaglais. Gan fhéchain dó soin, doconncus dhúinn, a dáonta na Neasbog,
agus na ndáoine bfhóghlumtha dobhí dho láithir aindsin, go bfhédfuidhe
neithe neamhéifeachdacha, dháirighthe dho mhiniughadh, gan athrúghadh
ar bioth dho chur orro, ní headh nách bhúdh éidir lé
dáoinibh do bheanfadh an chíall chóir asta soin, iomachar


L. XIII


léo gan mhíníughadh ar bioth: Achd do bhrídh go rabhamar róaireach, nó fós
ró édmhar a dtáobh na cúisi bheanus lé seirbhis Dé, ar chor go mbhía an
tórduighadh bheanus ría, ní hé amháin sáor ó chiondaibh dho chur na leith,
achd mar an gcéudna sáor ó aimhearus, iondus nách bíath cionfátha ag na
hasgáirdibh aitherrach céille do bhúain as, achd an chíall atá ag Eagluis
na Sacsan and, agus nách bhúdh eidír lé duine ar bioth buaidheartha, nó
ainbfheasach doNéaglaissi, cionfátha ar bioth geabaireachda dfhaghbhail na
aghuidh: Ar an adhbhorsoin tugamar ar gcoimissidhón fá Shéala mhór na Sacsan
Dáirdesbog Chandtarbuiri, agus do dhaoinibh oile, (do réir na fóirme
orduighes dligheadh na Rioghachdaso ann a leithéide sin do chúis) chum an
mhínighthesin do dhéunamh, agus chum lebhair na nurrnaightheadh
gcomhchoidcheand go huilídhe, maille leis an míniughadhsoin, do chur a gcló
arís. Agus ar mbheith amhluidhsin don leabhair anuis, agus hé arna
dháingníughadh arís, tar éis chomhairle fúinneimheinduighe do dhénamh
air, gé nach fhúil aimhearus againn air, go ngebhaid a bhfuil fár
gcumhachduibh uile, eidir Cléireach agus
Túata chugtha hé, do réir na húmhla dhlighid síad, agus go ngéillfidh gach
áon aca dhó, ann gach ní bheanus ríu: Gidheadh fós doconncus dúinn, gur
bhiomchubhaidh an tughdurrás thugamar dhó dfhoillsiughadh lér bfhógra
fphuiblídhe, agus a aithne donuile dhuine eidir Chléirioch agus Túata, agus a
chur dfhíachuibh orro, oileamhain dó, agus a chur a ngnáth, mar fhoirm
fphuiblídhe sheirbhíse Dé, atá arna daingníughadh agus arna moladh do bheith
ann sa Ríoghachdsa, agus gan a aitherrach do chleachda. Agus dhoríneamar
soin, ar anadhbhar, a rabhadair do dhaóinibh fóghlumtha do láithir aindsin,
eidir Easbog agus dhuine oile, gur ghealladair féin oilmhain dó agus a
ghnáthughadh, achd amháin gur íarsad
dhathchuinghidh oruinde, iomachar lé beagán ar feadh
tamaill. Ar anádhbharsoin aithnidheimíd dá gach uile Aírdeasbog, Easbug,
agus don uile oiffigeach fphuiblídhe oile, eidir Chléireach agus Túata,
a noiffig dhó dhénamh ar chách chum umhlaighthe dhó, agus pionúdhas do
thabhairt do luchd ar a bfhuighid cair dhá tháobh, do réir dhlightheadh na
Ríoghachda sa, do daingnidheadh roimhe so, a dtáobh ughdurráis dho thabhairt
don leabharsoin na nurrnaightheadh gcomhchoidchiond. Agus docíthear
dhuinn mar an gcéunda go bfhuil na ríachdanus ales oroind, na fíachasa dho
chur ar gach Airdeasbug, an túalachsa do chur ar gach Parráisde dá bfhuil
fá na gcumhachduibh, mar atá lebhar dona lebhruibhsin do mínighedh mar a
dubhrumar, dfhaghbháil, agus do bheith aca, táobh astigh dhon náimsir chuirfid
féin síos do réir a ndeiscréide. Agus fá dhéoigh, dobheirmid fógra donuile
dhuine, gan súil do bheith aca lé hathrúghadh ar bioth oile do theachd ar
fhoirm chomhchoidchind fphuiblídhe sheirbhísi Dé, achd so atá anois arna
dháingniughadh, agus gan áonnduine aca dho chur reimhe féin lé hanndánachd, an
tathrúghadh soin do ghéunamh: Oir ní thiobhram slíghe dáonnduine a chur
roimhe
féin lé hanndánachd, an breitheamhnus rugamar féin ann a leithéide so
dhádhbhar


L. XIV


thromdha, dho aithearrach, lé glúasachd indtinde spioraide édtroime ar
bioth: Agus fós atá a fhios againd, méd na nulc theagmhus do Ríoghachdaibh,
tré núaidhidheachd ar bíoth dhfhulang an aghaidh na neitheadh do cuireadh
na suidhe cheana maille le comhairle chríonna: agus créd hé a mhéd
rigtheraleas, bheith sesmhach dho ghnáth, a gcondmháil súas chomháonta
fphuiblidhe na Stát: Or is amhluidh atá
mishuáimhneas agus neamhthsheasmhachd ghlúasachda
indtinde dháoine dháirighthe, ag tothlughadh gacha blíaghna aithearrach
crotha dho bheith ar neithibh, iondus dá
leantúidhe íad do réir a neamhsheasmhachda,
go ndingéandaóis gach uile ghníomh bheanus ré Stát, lán dfhonamhad, agus
do neimhchion: An mhéide gur ub hé maith gach uile mhaitheasa puiblidhe, na
neithe do chonnmháil súas go seasmhach, do daingnidheadh lé comhairle
chríonna.



Tugadh so amach and ar Bpálás Weisdminsdir, an cúigeadh lá dhon Mhárta, an
chéd bhlíaghain dár Rioghachd a Sacsain, san Bhfhraingc, agus an
Eírind, agus an seachdmhadh blíaghain déug ar fhithchid dár
Ríoghachd a Nalbain.



Go gcomheda Dia an Rí.


L. 1


ORDUGHADH
TRATHA AGUS EASPURTA
DO GHNATHUGHadh agus do radh.



Adéarthar Trátha agus Easporta ann sanionadh dháirighthe don Eagluis, no
don Tsheipel, no don choraidh a ngnathaighthear a rádh, achd muna
thoirmisgidh uachdarán na Heagailsi hé: Agus anfa gach coraidh amhuil
do chleachd sí. Agus ios ionchomharthaighe annso, go gcleachdfa an Minisdir
anaimsir na Cummaoineach, agus gach uile uáir eile ag dénumh a
mhinisdráldachd ánnsaNeaglais, an chulaidh do cuireadh a ngnás le
hughdurrás an fpharliámeaint an dara bliaghan do
rioghachd Edbhaird an seiseadh, do réir chomhíonta an fpharliameint atá a
dtosach an Leabhair si.



LEIGHEAND NA DTRATHA GACH
AON LA AR FEADH NA
bliághna.



A dtosach thrátha agus easpurta, léighfidh an Ministir do ghuth fholus rádh
éigin dona ráitibhsi an Scriobtuir mar so sios. Agus
andséin adéra sé na neithe atá a ndhíaigh na ráiteisin.



Giodhbé ar bíoth uáir, a ndénaidh an peacthach
aithrígheann a fpeacthaibh ó ióchdar a chróidhe,
cuirfe mé a uile lochda as mo chuimhne, a deir
an Tighearna.



Is aithnidh dhamh mo lochda féin, agus atáid
mo fpheacthaigh do ghnáth am fhiaghnaisi.



Iómpuigh thaghaidh ó nar bpeacthaib a Thighearna,
agus sgrios amach ar nuile lochd.



Is iodhbhairt do Dhía an spiorad dhóbrónach: na
tabhair neimhchion a Thighearna ar
na croidheaghaibh umhla comhbhrúite.



Brisidh bhar gcroidheadha, agus ní hé bhar néadach, agus fillidh chum bhar
Dtigherna bhar Ndía féin, ar anadhbhar go bhfhuil sé ceandsa trócuireach,
agus go bhfhuil sé foighidneach roghrásamhail, agus an tí ar a bhfhuil
doilgheas fá bhar mbhuaidhearthaibhsi.


L. 1a


Is leatsa a Thighearna Día bheaneas trócaire, agus maithfeachas, oír do
threigeamairne thú, agus nír eisdiomar léd ghuth, iondas go dtiocfadh dhinn
siúbhal ad dhlighthibhsi noch dho órdaigh tú dhúinn.



Smachdaigh sinn a thigherna, agus fós maille lé breitheamhnus, agus ní
maille lé roifheirg, deagla go gnaoifighthe agus go gcuirfighthe a
neimbhrídh sinn.



Dénaidh aithríghe, oír do dhruid rioghachd Dé lib:



Racha mé a gceand mhathar, agus adéara mé ris, a Athair, do fpheacthaigh
mé a naghaidh neimhe, agus a taghaidhsi, agus ní fiu mé feasda dho
mhacsa dho ghairm dhíom.



A Thighearna, na heirigh a mbhreithemhnus réd shearbhfhoghantuíbh, oír ní
fhuil duine ar bioth na fhírén a tfhiaghnaisisi.



Mádh a deirmíd nach fuil peacadh iondainn, atámaoid gár mealladh féin,
agus ní fhuil an fhírinde againd.



A Bhráithreachtha róionmhuine, atá an Sgriobtúr
dár ngluásachd anionadaibh iomdha, chum
ar bpheacthadh agus ar niomad lochd dádmháil
agus do chráobhsgáoileadh, agus gan a leithsgél
do ghabháil, iná folach do char orra, a bhfhíaghnaisi
Dé na núile chumhachd ar nathair neamhdha:
achd a nadmháil, maille lé croidheaghaibh úmhla,
uirísle, aithríocha, áonda a ndochas go bhfhuigheadhmáois
maithfeachas ionnta, tré na mhaitheas
agus tré na thrócuiresean nách eidir dáiriomh ina dfhaisnéis. Agus
gé go bhfhuil dfhiachaibh oroinn gach uile uáir, ar bpheacthaigh dhadmháil
go humhal a bhfíaghnaisi Dé: giodheadh is romhó ina soin dhlighmíd sin do
dhénamh, an tan chruinniomíd agus tigmíd a gceand achéile, do thabhairt
bhuidheachais ar son na mórthiodhlaictheadh fúaramar
as a lamhaibhsean, dfhoillsiughadh a
mholtasan is mó is ionmholta, dhéisteas a bhreithre rónaomhthasan, agus
diarraidh na neithe ata na riachdanas aleas, ar ar nanmannaibh agus ar ar
gcorpaibh: ar anadhbhorsoin guidhimsi sibh agus iarraim dhathchuinghidh
oraibh a bhfhuiltí dho láthair annso, bhar gcomhluádar do thabhairt damhsa,
maille lé croidhe glan, agus le guth umhal a bhfhiaghnaisi árd chathaoireach
na ngrás neamhdha, ag rádh na mbhriatharso um dhiáigh.



ADMHAIL GHEINERALTA NA BPEACTHADH IS
iónraidh don choimhthionól uile, a ndiáigh an Mhinistir ar angluinibh.



A Dhé uilechumhachdaigh, agus a Athair róthrócuirigh, do
chúadhmar ar seachrán agus do sgaramar réd shlighthibhsi,
amhail cháorchaibh ar ndul amugha: Do leanamar go roi-iomarcach
míangas agus toil ar gcroidheagh féin: do chiontaighmar
anaghaidh do dhlighthe náomhtasa: do fhagbhaghmar


L. 2


gan dénamh na neithe bhúdh chóir dhúinn do dhénamh, agus dorinneamar na
neithe nar choír dhúinn do dhénamh, agus ní fhuil sláinte ar bioth ionnaind:
Gidheadh a Thighearna dénasa trócaire orainn na peacthaigh thrúadhasa:
coigilsi a Dhé an drong admhuidheas a gcionta: tabhair ar a nais arís luchd na
haithrighe, do réir do ghealleamhna atá arna foilsiughadh don chineadh
dhaonna an Iosa Críosd ar Dtighearna: agus tióghlaicidh dhuinn a Athair
róthrócuirigh ar a shonsan, go dhtiocfadh dhinn ar mbheatha do chaitheamh ó so
suás, go díaghdha, fireanda, measarrdha, chum glóire do thabhairt dod tainm
naomhthasa. Amen.



SGHAOILEADH, NO MAITHFEACHAS NA
bpeacadh, ios ionráidh don Mhinisdir na áonar.



Dia na nuilechumhachd, Athair ar Dtighearna Iosa Criosd,
an tí leis nách mían bás an fpheacthaigh, achd lé na fearr a
fhilleadh ó na lochdaibh agus a bheith béo, agus tug cumhachd
agus aithne dha Mhinistríbh a fhoillseachadh agus a fhógra dá
fphobol féin bhíos aithrígheach, sgáoileadh agus maithfechas
a bpeacthadh: Is eisean dobheir maithfeachas agus sgaoiledh na bpeacthaibh
don uile doní aithrighe fhírinneach, agus chréidios ó chroidhe dá shoisgél
náomhtha. Ar anádhbharsoin irramáoid air, aithrighe fhírinneach agus a
spiorat náomhtha dho thabhairt dúinn, iondas
go madh taitneamhach leis na neithe atámuid do
dhénamh anosa, agus go mbhía an chuid oile dár mbhetha ó so súas níamhghlan
naomhtha, iondas gu dtiocfadh dhinn fá dheireadh toigheachd chum a sholáis
shiórraidheisean, tré Iósa Críosd ar dtighearna.



Freagóraidh an pobul. Amen.



Aínnsein tiondsgónaidh an Minisdir urrnaithe an Tighearna, do guth árd.



Ar nathairne atá ar neamh, náomhthar thainmsi. Tigeadh do righachd.
Déntar do thoil, ar talmhain amhuil doníthear ar neamh. Tabhair dhuinn
aniu ar narán laoitheamhuil, agus maith dhuinn ar bfhiacha, amhuil
mhaithmhidne dár bfhéitheamhnaibh féin. Agus na tréoraigh chum buaigheartha
sinn, achd sáor sinn ó nolc. Amen.



Ainnséin adéra an Minisdir mar an gcédna.



A Thighearna osgail ar mbhéilne.



Freagra.



Agus foillseóchaigh ar mbhéoil do mholadhsa.



An Minisdir.



A Dhé, déna deithfir chum ar sáortha.



Freagra.



A Thighearna lúaithigh chum ar gcabhartha.


L. 2a


An Minisdir.



Glóir don athair, agus don mhac, agus don spiorad naomh:
Amhuil dobhí ar tosach, atá anois, agus bhías go síorraidhe
a sáoghal na sáogal. Amen.



Molaidhsi an Tighéarna.



Ainnsein adérthar, no chanfuighthear an Psalm so leanas.



Tigidh, adhmoladh an Tighearna, dénam gairdechus ró-mhór
do chairrig ar slánaighthe.



Dénam ina fhíaghnaisi maille lé breithbhuidheachais, dénam
cainntic dho a Psalmaibh.



Oír is Tighearna mór Día: agus is Rí mór hé,
ós na huile Dhéibh.



An tí gá bfhuil cuirre an talmhain ina láimh, agus
is leis neart na sleibhte.



Is leis an fhairrge, agus asé dorindhe hí: agus is iád a lamha dho
chruthaigh an talamh thirím.



Tigidh, adhram agus cláonam sinn féin: léigiom ar ar nglúinibh sind,
a bhfiaghnaisi an Tighéarna do chruthaigh sinn.



Oír is eisean ar Ndíane, agus is sinne pobul a inbheara, agus tréd a
laimhe.



Aníu madh aill libh éisdachd ré na ghuth, ná crúaidhighidh bhar
gcroidheagha: amhail doríneadh san cheandairrc, a ló an chathaighthe
san bhfasach.



Sanait nar chuireadar bhar naithre cáthachadh oram, inar dhearbhadar mé,
agus ina bhfacadar fós mo ghniomhartha.



An feadh dha fhithchead blíaghan dobhí gráin agam ar an gcineadhsain, agus
a dubhairt mé, gur fphobul seachránach ina gcroidheadhaibh iád, agus nách
raibhe éolus mo shlighthe aca.



Dá dtug mé mo mhionda am fheirg, nách rachdáois asdéach am ionadh
suaimhneasa:



Glóir don athair, agus don mhac, agus don spiorad náomh.



Amhail dobhí ar tosach, atá anóis, agus bhías go síorraidhe a sáoghal
na sáoghal. Amen.



Aindséin leanfuid Psailm báisidhe a nordughadh, fá mar atáid arna gcur
síos a gclárr dorínneadh chuige
soin, achd muna raibhe psailm speicíalta arna nordachadh don lásoin. Agus
an ndeireadh bhenedictuis,
bhenedicite, Mhagnificat agus Nunc dimittis, adérthar.



Glóir don athair, etc. Amhuil dobhí, etc.



Aindséin léghfidhear dá Chabidil go soilléir do ghuth árd, iondas go
gcluinfeadh an pobul. An chéd Chaibidil díbh,
as an tsheantiomna: agus an dara caibidil as an Tiomna núá, amhail
chuirthear síos iád is an gcalindtér: achd
muna raibhe caibidleacha specíalta arna nórdughadh don lásoin: ar mbheith
don Mhinisdir léghas an chaibidil na shassámh, agus dá iompúdh féin, ar
chor go gcluinfeadh an mhéid
bhías do láthair go soilléir hé. Agus ría
gach aon chaib: á deará an Minisdir mar so: an chéd Chaib: nó an dara Caip:
nó an treas Caip: nó an
ceathrumhadh Caib: do Gheinisis no Dhexodus: do Mhatha nó do Marc,
nó dhá leitheidibh eile, amhuil atá sé
arna chur síos isan gcalindér. Agus andíaigh gach aon Chaip. adéra sé,


L. 3


Isé so deireadh a leitheidso do Chaip. nó do leabhar.



Agus ar chor gur ub féirde dochloinfeadh an pobul, is na háitibh ina
ngnathaighid siád canntaireachd do dhénumh,
is and sin leghfithear na Caip: do ghuth shothuigsena: agus an Eipisdil,
agus an soisgél ar an modh gceadna.



Andíagh na céd chaip: adérthar, Te Deum laudamus a ngáoidheilg go
laoitheamhail ar feadh na bliaghna uile.



Adhmolamáoid thú a Dhé, admhuidhmíd gur ab
tusa an Tíghearna.



Adhraidh an talamh uile dhuitsi, an tathair siórruidhe.



Is duidsi arduighid na huile Angil a nguth, na
flaitheamhnuis, agus a bhfuil do chomhachdaibh
ionta.



Is duidsi eimhghid na Cherubinigh agus na Seraphinigh
do ghnáth (ag radh) is náomhtha,
náomhtha, náomhtha, Tighearna Dia na slúagh.



Atá neamh agus talamh lán do mhórdhachd do ghlóireisi.



Molaidh coimhthion ól glórmhar na Napstal tú.



Molaidh caidreadh bhreágha na bhfáigheadh thú.



Molaidh slúagh uásal na Martíreach thú.



Admhaidhigh an eaglais naomhta ar feadh an domhuin tú.



Ad hathair na mórdhachda neamhchuimsighthe.



Agus táon mhac onórach firinneach.



Agus mar an gcédna an spiorad náomh an comhfhurtaightheóir.



Is tussa Rí na glóire a Chríosd.



Is tú mac síorraidhe an Athar.



An uáir do ghabh tu láimh an duine do sháoradh, nír ghabh tú gráin roimh
bhruinn na hóighe.



An tan rug tu búaidh ar pheandaid an bháis, do osgail tú an rioghachd
néámhdha dá gach uile dhuine chreidios.



Atá tú ad shuidhe ar laimh deis Dé, a nglóir an Athar.



Creidmídne go dtiocfa tú do chum bheith ad bhreitheamh oraind.



Uime soin guidhmíd tú cabhair do thabhairt dod shearbhfhoghantaibh, do
fhúasgail tú lé tfhuil mhorlúaigh féin.



Cur fa deara a náireamh eidir do náomhaibh, an glóir shíorruidhe.



O a Thíghearna slánaigh do fphobul féin, agus beandaigh thoighreachd.



Ríaghlaigh iád, agus tógaibh suás go siórraidhe. iád.



Adhmolmáoid thú o ló go ló.



Agus onoraidhmáoid thainm do ghnath, a sáoghal na sáoghal.



Aóntaigh dhúinn a Thighearna ar gcoimhéd aníu ó fpheacthaibh.



A Thighearna déna trócuire oraind, déna trócuire oroind.



A Thighearna tuirleadh do thrócuire oraind, do reir mar chuirmíd ar
muinídhin ionnad.



A Thighearna ios iondad do chuir mé mo mhuinidhin, na léig amhluádh oram
go bráth.



No nó an chainntig so, Benedicite omnia opera. Etc.


L. 3a


O a uile óibrighthe an Tighearna, beandaidhigh
an Tighearna; molaidh hé, agus árduighidh hé
go siórraidhe.



O a Aingle an Tighearna, beandaighsi an
Tighearna: molaidh he, agus árdaighidh hé go
siórraidhe.



O a fhláitheamhnuis neamhdha, beandaighsi an
Tighearna: mol hé, agus árdaigh hé go
siórraidhe.



O a uile uisgeadha atá ós cíond na firmaméint,
beandaighidhsi an Tighearna: molaidh hé, agus árdaighidh hé go
siórraighe.



O a uilechumhachda an Tighearna, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé,
agus árdaighidh hé go siórraighe.



O a ghrían agus a ghealach, beandáighsi an Tighearna: molaidh hé, agus
árdaighidh hé go siorraidhe.



O a rélltanda neimhe, beandaighidhsi an Tighearna: molaidh hé agus
árdaighidh hé go siórraighe.



O a cheathanda agus a dhrúchd, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé,
agus árdaighidh hé go siórraighe.



O a uile gháoth Dhé, beandhaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh
hé go siórraighe.



O a theine agus a theas, beannaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus
árdaighidh hé go siórraighe.



O a gheimhridh agus a shámhraidh, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus
árdaighidh hé go siórruidhe.



O a dhrúichd agus a shiocc, beannaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus
árdaighidh hé go siórraidhe.



O a leaca éighre, agus a fhúaichd, beandaighsi an Tighearna, molaidh hé,
agus árdhuighídh hé go siórruighe.



O a ghlaisshice agus a shneachda, beannaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus
árduighidh hé go siórruidhe.



O a óidhche agus a Láoi, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus
árduighidh hé go siórruighe.



O a sholuis agus a dhorchaduis, beannaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus
árduighidh hé go siórruídhe.



O a theindteach agus a nélla, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus
árdaighidh hé go siórruidhe.



O beandaigheadh an talamh an Tighearna: moladh fós hé, agus árduigheadh
hé go siórruidhe.



O a shleibhte agus a chnochtha, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus
ardaighidh hé go siórruidhe



O a uile ní glas fhásas as an talamh, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé
agus árduighidh hé go siórruidhe.


L. 4


O a thoibreacha, beandáighsi an Tighearna: molaidh hé agus ardaighidh hé
go siórruidhe.



O a fhairrgeadha agus a shrothanda, beandaighsi an Tighearna: molaidh
hé agus ardaighidh hé go siórráidhe.



O a mhíolta móra agus a uile ní shuamhas sna huisgeadhaibh, beandaighsi
an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh hé go siórraidhe.



O a uile énlaith anaighéoir, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé, agus
arduighidh hé go siórruidhe.



O a uile ainmhidhe agus eallach, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus
árdaighidh hé go siórraidhe.



O a chlann na ndáoine, beandaighsi an Tighearna: molaidh hé agus árdaighidh
hé go siórraidhe.



O beandaigheadh Iosrahél an Tighearna: moladh hé agus árduigheadh hé go
siórruighe.



O a Shagarta an Tighearna, beandaighidhsi an Tighearna: molaidh hé agus
árduighidh hé go siórruidhe.



O a shéarbfhoghantuighe an Tighearna, beandaighsi an Tighearna: molaidh
hé agus árdaighidh hé go siórraidhe.



O a spiorada agus a anmanna na bhfirén, beandaighsi an Tighearna: moluidh
hé agus árdaighidh hé go siorruidhe.



O a dhaóine naomhtha na gcroidheadh umhla, beannaighsi an Tighearna:
molaidh hé agus árdaighidh hé go siórruidhe.



O a Ananias, Azarías, agus a Mhísael, beandaighsi an Tighearna:
molaidh hé agus árdaighidh hé go siórruidhe.



Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don spiorat náomh,
Amhuil dobhí ar tosach, atá anois, agus bhías go siórraidhe a sáoghal na
sáoghal. Amén.



Andíaigh an dara Caip: gnáthóchar agus adérthar Benedictus a ngaoidheilg
mar so síos.



Go madh beandaighthe an Tighearna Día Iosrahél,
ar son gur fhiosraidh sé, agus gur fhuásgail
sé a fphobol féin.



Agus do thógaibh sé súas adharc na sláindte
dhúinne, á dtigh Dhaibhíth a shearbhfhoghantuighe
féin.



Do réir mar dho labhair sé tré bhél a fháidheadh
náomhtha féin, dobhí ann ó thús an domhuin.



Go gcuimhdeóchadh sé sinn ó ar naimhdibh, agus
ó láimh anuile dhuine aga bfhuil fúath dhuinn.



Go ndingénadh sé trócuire ar naithreachaibh, agus go gcuimhneóchadh


L. 4a


sé ar a chondradh naomhtha féin.



Agus ar na miondaibh lé a dtug sé móid Dabrahám ar naithairne, (adhón)
go dtíubhradh sé dhuinn:



Go mbheimís gan eagla ar nár sáeradh ó laimh ar namhad, chum seirbhísi
do dhénamh dhó féin.



A náomhthachd agus a bhfíreandachd na fiaghnaisisean, a laithibh ar mbeatha
uile.



Agus goirfighthear dhíodsa a náoidheanáin, fáidh an tí is áirde: oír
rachaidh tú roimh aghaidh an Tighearna, dúllmhúghadh a shlightheadh.



Do thabhairt éoluis na sláinte dha fphobul, tré mhaitheamnus na bpeacadh.



Tré thrócuire nó mhóir ar Ndía féin, Iér fhiosraigh sé sinn ag éirghe ó
(níonadh) árd:



Do thabhairt shoillsi dhon drúing dobhí na suidhe a ndorchadas agus a
sgáile an bhais, agus do dhiorghadh ar gcos a slighidh na siothchána.



Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spíorad naomh:



Amhuil dobhí ar tosach, atá anois, agus bhías go siórruidhe a sáoghal na
sáoghal. Amén.



No nó so. Psal. 100.



Denaidh céol mór don Tighearna a uile luchd aitighthe
an talmhun: dénaidh seirbhís don Tighearna maille lé
gáirdeachus: Imghidh asteach ina fhíaghnuisi, maille lé
neart luáthghára.



Bíoth a fhios agaibh gur ub hé an Tighearna is Día
ann: is eisean do chruthaigh sinn, agus ní sinn féin: is sinde a
fphobulsan, agus caoirigh ainbheara.



Imghidh asteach ina dhóirrsib maille lé breithbuidhechais,
agus dá fphoirseadhaibh maille lé moladh: beiridh buidheachas leis,
agus molaidh a ainm.



Oir is maith an Tighearna, agus is siorruidhe a thrócuire: agus maruidh a
fhírinde ó áois go háois.



Glóir don Athair. Etc. Amhuil dobhí. Etc.



Aindsein adéra an Ministir agus an pobul an Chré na seasadh.



Creidim an día Athair na nuille chumhachd, cruthaightheoir neimhe
agus talmhan. Agus an Iósa Críosd a áonmhacsan ar Dtighearnaine,
nech do gabhadh ón spioradh naomh, rugadh lé Muire óigh, do
fhuiling an fpháis fá Phuince Phioláid, do crochadh, do césadh,
fuáir bás, agus do hadhlaiceadh, dochúaidh siós go hifreand, do
éirigh ó mharbhuibh a gcionn an threas lá, dochúaidh súas ar neamh,
shuidheas ar deis Dé Athair na nuille chumachd. As sin tiocfas
do bhreith bhreithe ar bhéodhaibh agus


L. 5


ar mharbhaibh. Creidím and sa spiorad náomh, an eagiais naomhtha
choimhchoidchionn, comand na náomh, maitheamh na bpeacadh, éiseirghe na
colla, agus an bheatha mharthanach. Amén.



Agus ina dhíaigh so adérthar na hiorrnaighthe so sios ag easperta agus ag
tráthaibh, agus ar mbheith don phobul
uile ar a nglúinibh go cráibhtheach adéra an Minisdir ar tús do ghuth árd.



Go raibhe an Tighearna maille libh.



Freagra.



Agus maille léd spioradsa.



An Minisdir.



Dénam urrnuighthe.



A Thighearna déna trócuire oraind.



A Chríosd déna trócuire oraind.



A Thighearna déna trócuire oraind.



Aindséin adéra an Minisdir, na Cléirigh, agus an pobul an fhpaidir
a ngaeidhilg, do guth árd, ag rádh.



Ar Nathairne atá ar neamh, etc.



Aindséin ar néirighe na sheasadh don Mhinisdir, adéra sé.



A Thighearna foillsigh do thrócuire dhuinn.



Freagra.



Agus tioghlaic dhuinn ar slánughadh.



An Minisdir.



A Thighearna cáomhain an Rí.



Freagra.



Agus éisd lind go trócuireach an tan ghudhmíd thú.



An Minisdir.



Eádaigh do Mhinisdridhe lé firéndachd.



Freagra.



Agus tabhair fa dera dod fphobul tóghta féin bheith forbhfaóilteach.



An Minisdir.



A Thigearna slánaigh do fphobul féin.



Freagra.



Agus beandaigh thoighriochd.



An Minisdir.



A Thighearna tabhair sithcháin lé nar linde.



Fragra.



Do bhrídh nách fuil aoinneach oile do dhénadh cathughadh tar ar gceánd,
achd tussa amhain a Dhé.



An Minisdir.



A Dhía cruthaigh croidheadha glana iondainn.



Freagra.



Agus na beir do spiorad naomh uáinn.



Aindséin adérthar trí hórrthana. An chéd orrtha díbh, orrtha an láoi in a
bhfuil tú, mar atá arna ordachadh
ag an gcumáoineach. An dára hórrtha, ar son na síthchána. An treas órrtha
ag iárraibh grás chum beatha
fhirenda do thabhairt dhuinn. Agus ní haithréothar an da órrtha
dheigheanacha, achd adérthar iád go láóithemhail
ag tráthaibh ar feadh na bliaghna, mar so síos.


L. 5a


An dara hórrtha ar son na síóthchána.



O a Dhía, noch is ughdor don tshíothcháin, agus
lé na róionmhuin an réitioch, ag ar ub hé
is beatha mharthandach dhuínn éolus dfhaghbhail
ortsa, agus ag ar ub ríoghachd bheith an
ógláchas agad: cáomhain sinn do shearbhfoghantaighe
úmhla féin ó uile iondsuidh ar namhad;
iondas mar chuirmíd ar ndóchas diongmhálta
and do chumhdachsa oraind, nách
riocfamh aleas eagla do bheith oraind ré
cumhachda én easgarad, tré Iósa Críosd
ar Dtighearna. Amén.



An treas orrtha ag iarruidh grás.



A Thighearna ar Nathair neamhdha, agus a Dhía
shíorraidhe na nuillechumhachd, noch thug sinde
slán chum tosaigh an láoi aníu, cumhdaigh sind,
and léd mhórchumhachdaibh, agus bronn duinn gan
sinn do thutím a bpecthadh ar bioth, na do theagmháil
an áoin ghné ghúasachda and: achd ar
ngniomhartha uile do bheith ar ordúghadh
thúachdaránachdasa, indas go ndiongnam do
ghnáth na neithe atá cóir ad tfhiaghnaisi, tré Íósa
Críosd ar Dtighearna. Amén.


L. 6


ORDUGHADH
EASPORTA AR FEADH
NA BLIAGHNA.



Adéra an Minisdir mar so.



Ar Nathairne atá ar neamh. etc.



Adéra sé mar an gcédna.



A Thighearna oscail ar mbéilne.



Freagra.



Agus foillséochaid siád do mholadhsa.



An Minisdir.



A Dhia dena deithfir chum ar saortha.



Freagra.



A Thighearna lúaithigh chum ar gcabhartha.



An Minisdir.



Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don spiorad naomh:
amhail dobhí ar tosach, atá anois, agus bhias go siórraidhe, a sáoghal na
saoghal. Amén.



Molaidhsi an Tighearna.



Andsein leanfaidh na Psailm a nordúghadh, do réir mar chuirthear síos
iád a gclár na Psalm: achd munadh rabhaid Psailm specíalta ar na
hordughadh don lasoin. Ana ndiaigh sin leighfighthear Caibidil
don tsheintiomna, amhail chuirthear sios is an gcailindter mar an
gcédna: achd muna raibhe caibidleacha specíalta arna
nordughadh don lásoin: ina dhiaigh sin, a derthar Magnificat a
ngáoidheilg, mar so síos.



Adhmolaidh mhanam an Tighearna, agus dos mo spiorad
gáirdeachus ar son Dé ma shlanaightheoir.



Oir do fhéch se ar ísle a bhanóglaighe féin.



Oír féch, ó so feasta adéruid na huile áosa meisi do
bheith beannuighthe.



Oir dorinne an té atá cumhachdach neithe móra
dhámhsa, agus is beannuighthe a ainm.



Agus atá a thrócaire ó aois go háois, don dréim
ar a bhfhuil a eagla.



Dorinne se gníomh láidir léna láimh, do leathnuigh sé na dáoine
uáibhreacha lé smuaintighthibh a gcroidheadh féin.


L. 6a


Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcatháoiribh, agus do árduigh
sé na dáoine umhlá.



Do líon sé na dáoine ocracha lé neithibh maithe, agus do chuir sé uádha
na dáoíne saidhbhre folumh.



Do thógaibh sé suás Israhél a shearbhfhoghantuigh féin, chum go
gcuimhnéochadh sé ar a thrócuire: (mar dho labhair sé lénar
naithreachuibh (adhón) Abrahám, agus lé na shíol) go bráth.



Gloir don Athair, etc. Amhail dobhí, etc.



No mó an Psalm so.



O Canaidh don Tighearna candtic núa, do bhrígh go
ndérna sé neithe iongantacha.



Lé na laimh dheis féin, agus lé bun ridheadh a naomhthachda,
rug sé búaidh dhó féin.



Dorinne an Tighearna follas an slanúghadh dobheir
sé uádha: do nochd sé a fhíréndachd a bfhiaghnaisi
na gcineadhach.



Do choimhnigh sé a thrócuire agus a fhirinne do theach
Israhél: dochondcadar leithimill an domhuin uile an slánughadh dhobheir
ar Ndiáne uádha.



Dénaidh céol mór don Tighearna a uile luchd áitighthe an talmhan:
árduighidh bhar ngothanda, foillsighidh a mholadh, agus dénaidh céol.



Dénaidh céol don Tighearna ar an gcláirsigh: gabhuidh Psailm Mholta leis
an gcláirsigh.



Lé galltrompthaibh agus lé fuáim bhondán, dénuidh céol mór a bfhiaghnaisi
an Tighearna an Rí.



Béictheadh an fhairrge maille lé na bfhuil indte: an domhan comhchruind,
maille lé a luchd áitighthe.



Búaileadh na srothanda a mbhasa lé gáirdeachas: agus dénadh na sléibhte
comhghairdeachas, a bhfiagnuisi an Tighearna: oír táinic sé do dhénamh
breitheamhnuis ar an dtalmhuin.



Doghéna sé breitheamhnus, ar a ndomhan a gcomhthrom, agus ar na poiblibh
do réir cheirt.



Glóir don Athair, etc. Amhail etc.



Ainnséin léghthar caib: don tíomna núa. Agus ina dhíaigh sin,
Nunc dimittis, a ngaoidheilg mur so siós.



A Thighearna anois léigeas tú do shearbfhoghantuighe fá sgáoil
a shithcháin, do réir tfhocail.



Oír dochondcadar mo shúile do shlánughadhsa.



Noch do ullmhuigh tú a bhfíaghnaisi na nuille fphobul.



Solus doghéna soillsi do na cineadhachuibh, agus glóir do


L. 7


fphobail féin Israhél. Glóir aon Athair, etc. Amhuíl dobhí, etc.



No nó an Psalm so sios.



Go ndéna Día trócuire oruinn, agus go mbeannuighe
sé sinn: go ndéallruighe sé a aghaigh féin
dúinn, agus go ndéna sé trócuire oruind.



Chum go bhfuigheadhmáois éolus do shlidheghsa
ar an dtalmhuin, agus na huile chineadhaigh
ar an slánughadh (thig uáit).



A Dhé moladh an pobul tú: moladh fós an
uile fphobul tú.



Bíoth gairdiochas agus lúathgháir romhór ar
na cineadhachuibh: oír dodhéna tú breitheamhnus ar na poibleachuibh do
réir chirt: agus búdh tú bhus tréoraighthóir ar na cineadhachaibh ar an
dtalamh.



A Dhé moladh an pobul tú, moladh fós anuile fphobul tú.



Tug an talamh a toradh féin uáithe: go mbheanduighe Día, ar Ndía féin sinn.



Go mbheandaighe Día sind: agus go raibhe a eagla ar imlibh na talmhain
uile.



Glóir don Athair, agus don Mhac, etc. Amhuil dobhí, etc.



Aindséin a dórthar an Chré, maille lé hurrnaighthibh eile, mar cuirthear
síos roimhe sna tráthaibh a ndíagh
bhenedictuis, agus maille lé trí horranthuibh. An chéd orrtha dhíobh,
órrtha an láoi sin. An dara hórrtha, ar
son na síothchána. An treas órrtha chum ar dteasairce ón uile ghuasachd,
mar atá so siós. Agus adérthar an dá órrtha dhéigheanacha soin go
láoitheamhuil a neasporta gan athrúghadh.



An dara hórrtha ag Easporta.



A Dhía ó dthigidh na huile mhían náomhtha, an uile dheaghchomhairle,
agus na huile dheaghoibrighthe: tabhair dod shearbhfhonghantaibh
féin, an tsíothchain nach feadand an saoghal do thabhairt
uádha, iondas go dtiocfadh nar gcroidheadhaibh bheith umhal
do taitheantaibhsi, agus an mbheith cumhdaighthe dhúinn ó eagla
ar námhad, go dtiocfadh dhínn ar náimsir do chaitheamh a súaimhneas agus
a síothcháin, ar son fpháisi Iósa Críosd ar slainaighthéoir. Amén.



An treas órrtha ag iárruidh ar Dhía ar ndídean ónuile ghúasachd.



Guidhmíd tú a Thighearna a Dhé, soillsigh ar ndorchadas, agus dod
thrócuire rómhoir féin, cúmhdaigh sinn ó uile ghabhadh agus ghuasachd
na hoidhcheisi, ar ghrádh háoinmhic féin ar slánaighthéoir Iósa Críosd.
Amén.


L. 7a


A bhfhéiltibh na Nodlug, chind an dá lá dhég, Mhathías, na Cásg,
deírdáoin déasgabhála, na Cingcíse, Eóin bháisde, San Seum, fpharthalóin,
Mhatha, Shimóin agus Iúd, Andrías agus Dhomhnaigh na Trinoide
canfuighthear nó adérthar do láithir a ndíaigh Bhenedictuis an admhail so
ar gcreidimh críosdaidhe.



Giodhbé lén ub mían a shlánughadh, is éigean do roimhe
anuille ní, an creidiodh comhcoidchionn do bheith aige.



Agus muna choimhéda gach áon an creidimhsin,
go hiomlan neamhuireasbhach, gan chunntabhairt rachaidh
sé amugha go siorruidhe.



Agus a sé so an creideadh comhchoidchionn: adhradh dáon
Ndía a dtrionóid, agus don trinóid anáon ndiadhachd.



Gan sind do chur na bpearsan tridh na cheile, ina
do? roind na substainnte.



Oir atá pearsa ar leith ag an Athaír: agus pearsa oile ag an Mac:
agus pearsa oile ag an spiorad naomh.



Giodheadh is ionand díadhachd don Athair, agus don Mhac, agus don
spiorat náomh: is ionand gloir dhóibh, agus mórdhachd shíorraidhe.



Mar atá an Thathair, is mar soin atá an Mac, agus is mar soin atá
an spiorad naomh.



Nior cruithigheadh an tathair, níor cruithigheadh an mac, agus níor
cruithigheadh an spiorad naomh.



Atá an Tathair neamhchuimsighthe: atá an mac neamhchúimsighthe: agus an
spiorad naomh neamhchuimsighthe.



Atá an Tathair siórraidhe: atá an mac síorruidhe, agus atá an spiorad
náomh síorruighe.



Giodheadh ní trí Dhia shiorruidhe iád, achd áon Ndía síorruidhe.



Do réir mar atáid siad na dtíutr nár cruithigheadh agus na dtriúr: gan
choimsiughidh: achd na naon gan chruthughadh, agus na náon gan
choimsíughad.



Mar an gcédna, atá an Tathair uilechumhachdach: agus an mac
uilechumhachdach, agus an spiorad náomh uilechumhachdach.



Giodheadh ní trí Dhía uilechúmhachdach iád, achd áon Ndia
uilechumhachdach.



Is mar soin atá an Tathair na Dhía: agus atá an Mac na Dhía: agus
atá an Spíorad naomh na Dhía:



Giodheadh ní trí Dhía iád, achd áoin Ndía.



Mar an gcéudna atá an Tathair na Thighearna: atá an Mac na Thighearna,
agus atá an Spiorad náomh na Thighearna.



Giodheadh ní trí Thighearna iád, achd aoin Tighearna.



Oir mar is éigein duinn do réir na fhírinde críosdaighe, a admhail, go
bhfuil gach aoinfphearsa dhíobh lé féin na Dhía, agus na Thighearna: Is már
an gcéudna thoirmisgeas an creideamh Catoilice iomúin a radh, go bhfuil
trí Dhia ná trí Tighearnadha and.



Ní dearna, agus níor cruithigheadh, agus níor geineadh an Tathair lé neach
ar bioth.


L. 8


Is ón Athaír amháin atá an Mac, ní dearnadh, agus níor cruithigheadh,
achd do geineadh hé.



Is ón athair, agus ón mhac atá an Spiorad naomh: ní dearnadh, agus níor
cruithigheadh, agus nior geineadh hé, achd atá sé uátha.



Ar anadhbharsoin, atá aón Athair and, agus ni fhuilid trí Haithreacha:
ata aon Mhac, agus ní thrí Mic: atá aón spiorad naomh and, agus ní fhuilid
tri spiorada naomhtha and.



Agus ios an trínóidsi ní fhuil pearsa roimh na a ndíaigh achéile, ní fhuil
pearsa is mó ina is lugha ina chéile.



Achd atáid na tri pearsana comhshíorraidhe agus comhuásal lé chéile.



Iondas is na huile neithibh, (mar a dubhradh anosa romhuind) go bhfuil an
aontshubstaint san trinóid, agus an trínoid an aonthsubstaint lé na
hadhradh.



Ar an adhbharsoin gidhbé lé na ab mían a shlánughadh, breathnuigheadh sé
mar so an Trionóid.



Tuilleadh oile, is eigean do neach chum na beatha marthanuighe dhfaghbhail,
a chreideamh go diongmhalta mar an gcedna, gur ghabh Iósa Criosd
ar Dtigearna caland daonna uime.



Oir a sé so an creideadh firindeach, sinn do chreideadh agus do admháil,
go bhfuil ar Dtighearna Iósa Criosd mac Dé, na Dhía agus na dhuine.



Is Día hé do geineadh do shubstaint an Athar roimh shaoghul na saoghal:
agus is duine hé do shubstainnt a mhathar, rugadh ar an saoghal.



Dia iomlán agus duine iomlán, ceangailte dha cheile, dhanam résúnta
agus do corp daonna.



Coimhionand agus an Tathair do réir na díaghachda: agus is ísle ina
an Tathair do réir a dháonnachda.



Agus giodh atá sé na Dhia agus na dhuine, fós ni fhuil sé na dhías, achd
na áon chríosd.



Na aon Chríosd ní leis an díadhachd do iompúdh an ndáonnachd: achd
leis an ndaonnachd do ghlacadh chum na díadhachda.



Na áon go díongmhalta, agus ní lé cumasg na substainnte, achd lé
háondachd na pearsan.



Oir mar is aonduine an tanam résúnta, agus an cholann: is mar soin
atá Día agus duine an áonchriosd.



Noch do fhulaing an fpháis chum sinne do shlánachadh: dochuaidh síos go
hifreann, doríne an éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá:



Dochúaidh súas ar neamh, shuidheas ar deis Dé Athair na nuilechumhachd:
as sin tiocfas do bhreith bhreithe ar bhéodhuibh agus ar mharbhuibh.



Agus agá theachd soin is eigean dona huile dháoinibh éiseirghe maille lé
gcorpuibh, agus cunndas do thabhairt uátha ina ngníomharthaibh fhéin.



Agus rachuid luchd na ndeadhghniomh chum na beatha marthanáighe:
agus luchd na ndrochghniomh chum na teineadh síorruidhe.



Isé so an creideamh comhchoidchiond, agus giodhbé nach creidfidh hé go


L. 8a


daingean diongmhalta, ní bhúdh éidir a shlánughadh.



Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad náomh:
Amhuil dobhí ar tosach, atá anois, agus bhías go síorruidhe a saóghal
na sáoghal. Amén.



Ios mar so chríochnaighthear ordughadh Trátha agus Easporta
ar feadh na blíaghna.


L. 9


NA LIODAIN.



AG SO SIOS NA LIODAIN. I. URRNAIGHTHE
DHUTHRACHDACH CHUM NA TRIOnóide,
is ionráidh Diadomhnaigh, Diacédaoin agus Diahaoine,
agus fós a láithibh oile an tan oirdéochaid na Heaspoig
a rádh.



A Dhía a Athair neamhdha, dénaidh trócuire oruind
na peacthaigh thrúaghasa.



A Dhía a Athair neamhdha, denahi trócuire oruind na peacthaigh
thruaghasa.



A Dhé a Mhic, a shlánaighthéoir an domhuin:
déna trócuire oruind na peacthaigh thrúaghasa.



A Dhé a Mhic, a shlánaightéoir an domuin, dena trócaire
oraind na peacthaigh thrúaghasa.



A Dhé a Spiorad naomh, noch tig óNathair,
agus on Mac, déna trócuire orainn
na peacthaigh thrúaghasa.



A Dhé a Spiorad náomh noch tig óNathair, agus ón Mac, dena trócuire oruind
na peacthaigh thrúaghasa.



A Thríonóid naomhtha, bheandaighthe, ghlórmhar, a thrí pearsana agus áoindía
amhain: déna trócuire oroinn na peacthaigh thrúadhasa.



A Thríonóid náomhtha, bheandaighthe, ghlórmhar, a thrí pearsana agus áoindía
amháin: déna trócuire oroinn na peacthaigh thrúaghasa.



A Thighearna na cuimhnigh dhuinn ar gcionta, naid cionta ar sionnsear,
agus na déna indeachadh oruind far bpeacthadhuibh: Coigil sinn a Thighearna
thrócuirigh, coigil do fphobul féin, do fhúasgail tú led tfhuil mhorluaigh
féin, agus na bí feargach rind go síorruidhe.



Coigil sinn a Thighearna throcuirigh.



Onuile fpeacthadh agus olc, ó thubaisde, ó chealgaibh agus ó iondsaighthibh
an Díabhúil, ó tfheirg féin, agus ón damnadh shíorruidhe.



Sáor sind a Thighearna thrócuirigh.



Onuile dhoille chroidh agus indtinde, ó úabhar: ó ghlóir dhiomhaoin, ó
fhúarchrábhadh, ó thnuth, ó fhúath, o mhalis, agus onuile neamhthrócuire.



Sáor sind a Thighearna thrócuirigh.



O stríopachas, agus ó gach uile fpeacthadh marbhtha oile, ó uile
mhealltoireachd an tsháoghail, na codla agus an díabhail:



Sáor sind a Thighearna thrócuirigh.



O thíndteach agus ó sdóirm, ó fplaigh, ó easláinte, ó ghorta, ó chogadh,
ó dhúnmharbhadh, agus ó bhás oband.



Sáor sind a Thighearna thrócuirigh.



On uile run fill agus fhealltáomuighe, ónuille theagasg fhallásach
eiriticach, ón uile chrúas croidhe, agus ó tharcaisne do thabhairt ar do
bhreithir agus ar haítheantaibhsi:



Sáor sind a Thighearna thrócuirigh.



Tré sheicréid do theachda naomhtha san cholaind, do bheirthe, do
thimchillghearrtha, do bhaisdeadha, do throisgidh agus do bhúadhearthadh.



Sáor sind a Thighearna thrócuirigh.



Tréd hamhlúadh indtinde agus hallas fola, tréd chrochadh agus thréd fpháis,


L. 9a


tréd bhás mórluaigh agus tréd hadhlacadh, tréd héiseirghe ghlormhair, agus
tré do dhul súas ar neamh, agus tré theachd an spiorad náoimh.



Sáor sind a Thighearna thrócuirigh.



An uile áimsir ar mbuaidheartha agus ar socrachda, anuáir an bháis,
agus a ló an bhreitheamhnuis.



Sáor sind a Thighearna thrócuirigh.



Guidhmídne na peacthaigh thruadha thú eisdeachd lind a Thighearna, agus
gu madh toil leat heaglais náomhtha chomhchoidchiond féin do riaghladh,
agus do sdíureadh san slighidh chóir.



Guidhmid thú eisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat do shearbhfhoghantaigh Séamus ar Rí, agus ar nuachdarán
mórghrásamhail do choimhéd, agus do neartughadh and do sheirbhís
fhírindigh féin, a bhfhíreandachd agus a náomhthachd bheatha.



Guidhmíd tú eisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat a chroidhe do riaghladh ann do chreideadh, ann teagla
agus and do ghradh: iondas go bfédfadh sé do ghnáth á dhóchas do char
iondadsa, agus do ghlóir agus tonóir diarruidh agus do mhédugadh sna
huile neithibh.



Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat a choimhéd agus a dhídean, agus buáidh do thabhairt dó
ar a uile naimhdibh.



Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat ar mbhannrioghan roorrdhraic uásal Anna, an Prionnsa
Hannrí, agus an chuid eile dhá sliochd, do bheannughadh, agus do choimhéud.



Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat gach uile Easpog, aoghaire spioritalta, agus Mhinisdir
da bhfhuil ad teaglaís do dheallrughadh le héolus fírindeach, agus lé
tuigsidh dhíóngmhala do bhréithri: íondas go madh féidir léo lé na dteagasg
agus lé na mbheatha ghlain, hí do sheanmóir agus dfhoillsíughadh mar
is cóir.



Guimíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat grása, eagna agus tuigsi do thiodhlacadh do thighearnaibh
na comhairle, agus dúaislibh na rioghachda go huilidhe.



Guimíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat na hoifigigh atá ós ar gcionn do bheandughadh agus
do choimhéd, agus grása do thabhairt dhóibh chum na córa do dhénamh
agus chum na fírinde dho chosaint.



Guidhmíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat do fphobul féin uile do bheandughadh, agus do
choimhéd.



Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat aoinindtind, siothcháin, agus réitioch do thabhairt
do na huile chineadhachaibh.



Guidhmid tu éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat do ghrádh féin, agus heagla do chur in ar gcroidheadhaibh,
agus ar mbheatha do chaitheamh go duthrachdach do réir haitheanta.



Guidhmíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat, biseach grás do thabhairt dod fphobul féin go


L. 10


huilidhe, chum do bhréithresi déisdeachd go humhal, agus do ghabháil chugtha
lé croidhe glan, chum go dtiobhradaois toradh an spiorad naomh uátha.



Guimíd tú éisd lind a Thigheárna Thrócuirigh.



Gu madh toil leat an mhéid atá ar seachrán agus ar na mealladh do
thabhairt ar an ais chum slighidh na fírinne:



Guidhmid thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat an mhéid atá na seasadh a slighe na fírinde do nertughadh,
cabhair agus comhfhurtachd do thabhairt dona daóinibh meirbhchrideacha,
na dáoine atá ar dtuitím do thogbháil súas, agus fa dhéoigh
ananspiorad do bhrughadh fár gcosaibh.



Guidhmid tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat cumhdach, cungnadh agus comhfhurtachd do thabhairt
do gach uile dhuine da bhfhuil a nguasachd, a riachdanasleas, nó a
mbuaidheart.



Guidhmid thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat gach uile dhuine atá ar slighe nó ar turus, ar muir
nó ar tir, gach uile bhean ar a bhfhuil teindeas leinb, gach uile dhuine
easlán, agus gach naoidheanán do choimhéd agus do chomhfhurtachd, agus do
thrócuire dfhoillsiughadh dá gach uile dhuine atá a mbhraighdeanus agus a
bpríosún.



Guidhmid tú eisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat na dilleachdadha agus na baintreaphthacha do choimhed,
agus anámhghar dfhoirighthin, agus ámhghar gach duine oile atá a
ndolás no fa leatrum.



Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat trócuire do dhénumh ar gach uile dhuine.



Guimíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Gu madh toil leat maitheamhnus do thabhairt dar náimhdibh, do luchd ar
ndíbeartha agus sgannala do thabhairt dúinn, agus a gcroidhthe diontódh chum
aithrighe.



Guidhmíd tú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Go madh toil leat tairthe ná talmhan do thabhairt agus do choimheud duinn,
ionnas go bfhuigheam iád lé a gchaitheamh go measarrdha na nám fhéin.



Guidhmíd thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



Go madh toil leat aithríghe fhírindeach agus maithfeachas ar nuile
fphecthadh, agus mhaidneachdna agus anbhfisi do thabhairt duinn, agus grás
an spiorad náomh do thioghlacadh dhúinn, chum ar mbheatha do leasughadh do
réir do bhréithre naomhthasa:



Guidhmid thú éisd lind a Thighearna thrócuirigh.



O a mheic Dé, guidhmíd tú éisd lind.



A mhic Dé guidhmíd tú éisd lind.



O a uáin Dé sgriossas peacthadh an domhuin.



Tabhair do shíothcháin féin duinn.



O a uáin Dé sgriossas peacthadh an domhain:



Déna trócuire oroind.



O a Chríosd éisd lind:



O a Chríosd éisd lind.



O a Thighearna déna trócuire oroind.



O a Thighearna dena trócuire oroind.



O a Chríosd déna trócuire oraind.



O a Chríosd déna trócuire oraind.


L. 10a


O a Thighearna déna trócuire oroind:



Dia thighearna déna trócuire oraind.



Ar nathairne atá ar neamh, etc.
Agus na tréoraigh chum búaidheartha sinn.
Achd saor sinn ó nolc. Amen.



A Thighearna ná tabhair dhuinn do réir ar bpeacthadh.
Agus na tabhair cúitiughadh dhuinn do réir ar míghníomh.



Dénam urrnaighthe.



A Dhía a Athair thrócuirigh, nach tugand tarcuisne ar
osnadhaigh na ndaoine gá bhfhuilid croidhtheacha tuirseacha,
agus nach tabhair neamhchion ar na dáoinibh
dobrónacha, gabh chugad go trócuirioch ar nurrnaighthe,
noch donímíd a tfhíaghnaisi in ar nuile amhgharaibh:
iondas go rachdaois na huile chealga doní
an díabhal nó na daoine in ar naghaidhne, ar míchrich,
agus go gcuirfidhe a neamhthadhbhachd iad lé cumhachdaibh do dhiaghachdasa,
iondas ar mbheith dhuine do shearbhfhoghantuighe féin, sáor slán ónuile
aimsiughadh, go mbheimis do ghnáth ag tabhairt bhuidheachais duitsi a measg
do fphobuil náomhtha fhéin, tre Iosa Críosd ar Dtighearna.



A Thighearna éirigh, fóir oruind, agus sáor sinn ar son hanma féin.



A Dhia dochúalamar dar gcluasaibh féin, agus do fhollsighdar ar sinnsir
dhuinn, na hoibrighte uaisle iongántacha dorinde tusa lé na linn féin,
agus and sa tsheanáimsir rompa.



A Thighearna éirigh, fóir oruind, agus sáor sinn ar son honóra féin.



Glóir don Athair, etc. Amhail dobhí etc.



O a Chriosd sáor sinn ar nar naimhdibh.



Fech go grasamhail ar ar namhgharaibh.



Tabhair haire maille lé truaidhe, do thuirsi ar gcroidheadha.



Maith go trócuireach peachthadh do fphobuil féin.



Eisd lé ar nurrnaighte go fabhorthach maille le do thrócuire.



O a mhic Daibhíoth déna trócuire oroinn.



Ní hí amhain anosa, achd mar an gcéudna do shíor go madh toil leat
éisdeachd rind ó a Chriosd.



O a Chríosd éisd lind: ó a Thighearna a Iósa Críosd éisd lind go
trócuireach.



O a Thighearna foillsigh do throcuire dhuinn.



Amhuil atá ar ndóchaisne iondad.



Dénam urrnaighthe.



O a Thighearna iarmuid ort féchain go trócuireach ar ar neagcrúas,
agus ar son ghlóire hanma féin fill uaind go trócuireach an


L. 11


uile olc do thuilleamar ó cheart ar son ar bhfeacthadh: agus déonaigh dhuinn
ar nuille dhóchus agus mhuinighin do chur and do thrócuiresi anáimsir ar
nuile ghúasachda: agus seirbhís do dhéunamh dhuitsi go síorruidhe a
bfhiorghloine beatha, chum glóire do thabhairt do tainm naomhtha, tré
Iosa Críosd ar naoinfhear réitigh, ar náidhne, agus ar slánaighthéoir.
Amén.



Urrnaighthe ar son an Rígh.



O a Thighearna ar nathair neamhdha, ó a áirdríogh
na nuilechumhachd, a rígh na riogh,
a Thighearna na dtighearnadh, agus a uachdaráin
na nuile fphriondsadh, noch fhéchus ód
hárdchatháoir ríogha ar uile áitreabhaigh
na talmhan, guídhmíd tú go humhal, haire dho
thabhairt go trócuireach agus go fabharthach
dár náirdtighearna roghrásamhuil ar ríogh
Seumus, agus a choimhlionadh do ghrásaibh an
spiorad naomh: iondas go dtiobhradh sé hé
féin do ghnáth chum do thoillesi do choimhlionadh, agus chum siobhail do
réir do reachda: líon hé go huilidhe do thiodhlacadh an
spiorad náomh: agus déonaidh
dho sáoghal fada maille lé sláinte agus lé conách: neartaigh hé, iondas go
dtiocfa dhe treisi agus buáigh do bhreith ar a naimhdibh uile, agus déonaigh
dhó tar éis na beathasa, an bheatha mharthanach, a solás bhiothbhuan, tré
Iosa Críosd ar dtighearna. Amén.



Urrnaighthe ar son na Banrioghna agus an fprionnsa, agus na coda eile do
chloind an Riogh agus na Banríoghna.



O a Dhé uilechumhachdaigh, noch dhó gheall bheith a
tathair ag ad chloind tóghtha féin, agus gá sliochd,
guidhmíd go humhal thú fád bheanachdain do dhórtadh
go rólíonmhar ar ar mbhannrioghain roghrásamhuil
Anna, ar an bprionnsa Hannri, agus ar shliochd an
Ríogh agus na Bannrioghna go huilidhe: tabhair dhóibh
do spiorad náomhtha féin: tabhair do ghrása neamhgha
go saidhbhir dhóibh: cur rath orrtha maille leis
an uile shonas, agus tréoraigh iád chum do ríoghachda síorraidhe féin, tré
Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.



O a Dhé bhiothbhúain na nuilechumhachd, ós tú féin amháin doní neithe
iongantacha móra, cuir anúas ar ar neasbogaibh, agus ar ar náoidhairibh


L. 11a


spioratalta, agus ar an bpobul eile do thaobhuigh tú léo, spiorad
chabhartha do ghrás, agus doirt orra drúchd síorraidhe do ghrásd, iondas
go dtiocfadh dhíobh do thoilsi do dhéunamh go fírinneach: brond so dhúinn a
Thighearna ar son onóra ar naidhne, agus ar bhfir réitigh .i. Iósa Críosd
ar dtighearna. Amén.



Urrnaighthe Chriossosdamuis náomhtha.



O a Dhía shíorraighe na nuilechumhachd, noch thug grasda
dhuinn a bhfhuilmíd do lathair andso anois ar nurrnaighthe
do dhénamh daonindtinn chugadsa, agus gheallus, giodhbe huair
chruindighid días nó tríur a gceand a chéile a tainmsi, go
neisdfidh tú go trócuireach lé a nurrnaighthibh: guidhmíd
thú fá athchuingidh agus urrnaighthe do shearbhfhoghantuighthe
féin do choimhliónadh, mar is mó dochifighthear duitsi a ndul a bhfoghnamh
dhuinn, agus tabhair dhuinn ios an bheathasa éolus dfhaghbhail ar
thfírinde féin, agus is an sáoghal atá ag teachd an bheatha mharthanach.
Amén.



2. Corinth.13.



Go raibhe grása ar dtighearna Iósa Críosd, grádh Dé, agus cumand
an spiorad naomh, maille lind uile go síorraidhe. Amén.



Urrnaighthe ag iárruidh fearthana, anám an ríachdanuis.



A Dhé a Athair neamhdha, noch do gheall thré
do mhac féin Iósa Críosd don uile dhuine
iárrus do righeisi agus a fírendachd gach uile
ní fhónas don bheatha so do láthair: tabhair dhuinn
anois anáimsir an riachdanais, fearthain agus
ceathanda measarrdha, iondas go bhfédfam
tairthe na talmhan dfhaghbhail do chomhfhurtachd
ar gcorp, agus chum onóra dho thabhairt
do tainmsi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.



Urrnaighthe ag iarruidh Soininde.


L. 12


O a Thighearna Dia, noch do bháith an domhan uile áon uair ar
son fpheacthaigh na ndáoine achd amháin aon ochdar,
agus ina dhiaigh soin do gheall dod mhorthrócuire féin
gan a bháthadh o soin suás go bráth: guidhmíd thú go
humhal, giodh dho thuilleamar ar son ar míghniomharta
án fphlaigh fhearthanna agus uisgeadh so do theachd oruinn,
go madh toil leat fós, ar dtabhairt aithríghe firindighe
dhuinn, a hiondshamhuil soin dhaimsir do char chugaind, iondus go
bfhedfam tairthe na talmhan dfhaghbhail anam iomchubhuigh, agus ar
bhfaghbhail teagaisg duinn leis an dióghaltas so, go bhfhoghlamaois
ar mbheatha do leasúghadh, agus go dtiucfadh
dhinn ar son na trócuire fhoillsigheas tú oraind, thussa
do mholadh agus donórughadh, trí Iosa Críosd ar dtighearna. Amén.



Urrnaighthe ios ionraidh, anáimsir dháoirse agus ghorta.



O a Dhía, a Athair neamhdha, lé dtig an fhearthain dod thioghlacadh,
agus tairthe na talmhan, biseach na hairnéisi, agus anéisg: tabhair
dhod thaire maille lé trócuire búaidheartha do fphobuil féin, agus
tioghlaic dhuinn an daoirsi agus an ghortaso, noch do thuilleamar anois
ó do cheartbhreitheamhnasa do chur oraind tré nar bpeacthaibh, a
bfhilleadh
tré do mhórthrócuire, a bfhairsinge agus a lionmhuireachd: brond
so dhuinn a Athair na trócuire, ar son ghradha Iósa Críosd ar dtighearna,
da dtíobhram máille leatsa, agus leis an Spiorad náomh, moladh, onóir,
agus gloir, á saoghal na sáoghal. Amén.



Urrnaighthe a naimsir an chogaidh.



A Dhé uilechumhachdaigh, a rígh na ríogh, agus a sdiuirthéoir an uile
neithche, ag nach eídír ré creatúir ar bioth cur anaghaidh do
chumachd, lé mbeanand amháin pionadhas do thabhairt dona
feacthachaibh, agus trócuire do dheunamh ar an druing do
ní aithrighe fhírindeach: coimhéid agus sáor sind, (guidhmíd go
humal tú) o lamhaibh, ar namhad: cláoidh anúabhar, laighdaigh a mailis,
cuir an dimbhridh a gcealga agus a ngliocas, iondas ar mbheith dhuinne
cumhdaighthe lé tarmáilsi, go mbeimís sáor go bráth ón uile ghúasachd,
chum glóire do thabhairt duidsi, ós tú féin amhain dobheir buaigh
uáit: tré fpháis táoinmhic Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.



Urrnaighthe ionraidh anaimsir fphladha no thindis chomhchoidchind.


L. 12a


O a Dhé uilechumhachdaigh noch do sgrios and tfheirg lé
lind Dhabhioth Rí ré pláigh an indigthe, deich mile agus
trí fíthchid míle do dháoinibh, agus fós ar gcoimhniughadh
do thrócuire, do choighil an chuid oile: déna trócuire
oroind na trúadháin bhochdaso, noch fhiosraighthear anois
do ghallraidhibh égsamhla agus deasláintibh marbhthacha, iondus fá mar dho
aithin tú dod taingeal sanaimsirsin, cosg dá dhioghaltas agus dá dhimheirg,
gu madh amhluidh soin bhús toil leat anois an fphláigh agus an galar so
do sgrios uáinne, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Amén.



O a Dhé na nuilechumhachd dar ub nadúir trócaire do dhénamh, agus
maithfeachus do thabhairt do ghnáth don drúing doní aithrighe fhírindeach:
gabh chugad go trócaireach ar núrrnuighthe: agus gé atámaoid
ar nar gceangal agus ar nar gcuibhreabhadh go fírbhochd ré slabhruidhibh
ar bpeacthadh, iarrmaoid ort fós ar léigean fá sgaoil, maille lé ceandsachd
do thrócaire, ar son ffháisi Iósa Críosd ar bfhear réitigh agus ar
naidhne. Amén.



Urrnaighthe ag breith bhuidhechais ar son fhearthanda dhfaghail.



O a Dhé, ar naithair neamhdha, noch dobheir fá deara don chédfhearthainn
agus don fhearthainn dhéinaigh teachd anúas ar an dtalamh,
chum go dtiubhradh sí a tairthe uáithe do chomhfhurtachd na ndaoine:
beirmáoid buidheachas leat go róumhal, ar son gur dhéonaidh tú fá
dhéoidh fearthainn mheassarrgha do thabhairt dúinn do fhoirithin ar
riachdanuis leas romhóir, as a bhfaghmaoidne do shearbhfhoghantuidhesi,
(gé nách fíu sinn sin do ghairm dhinn) furtachd rómhór, chum glóire dho
thabhairt do tainm náomhthasa, tré do thrócaire an Iósa Críosd
ar dtighearna. Amén.



Urrnaighthe ag breith buidhechais ar son fhoininde.



O a Thighearna Día noch do umhlaigh sinn dod cheartbhreitheamhnus
ris an bplaigh ndheigheanaigh so fhearthanna agus uisge
neamhmesarrdha táinic oraind, agus dod trócaire féin tug
solás agus comhfhurtachd dar nindtindibh leis anarthughadh
chneasda bheannaighthe so na haimsire: dobheirmaoid moladh
agus glóir do tainm náomhtha, ar son na trócaire so dorinne tú oraind,
agus foillséochamaoid do ghnáth do ghrádh cáonmharach, ó áois go
háois, tré ar dtighearna Iósa Críosd. Amén.



Urrnaighthe ag breith buidheachuis ar son fhairsingthe na dtairthe.


L. 13


O a Athair is mó trócuire, noch dod mhaitheas grasamhuil
do éisd lé hurrnaighthe dhuthrachdaigh heagailsi féin, agus do
iompaidh ar ngorta agus ar ngandtand, chum deaghchondartha
agus chum fairsingthe, beirmáoid buidheachas umhal
leat, ar son an mhóir thioghlaigthe speisialta so fuaramar
úait, agus guidhmíd thú an grádh carthanachso do bheith agad do ghnáth
dhuinn, iondas go dtíubhradh ar bhfhearand a thairthe maille lé biseach
dhuinn, chum glóire dho thabhairt duitsi, agus chomhfhurtachda dhuinn
féin, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.



Urrnaighthe ag breith bhuidheachais ar son sióthchána agus bhúaidhe.



O a Dhé uilechumhachdaigh, noch atá ad thor dhaingean chum do
shearbhfhoghantaidhe féin do chumhdach ó neart a námhad: dobheirmíd
moladh, agus buidheachas duit, ar son ar saortha ó na gúasachdaibh
móra follasacha so tánaig ar gach taobh dhinn: admhuidhmíd gur
ub dod maitheasa tánuig nach tugadh dhóibh mar chreich sinn: guidhmhíd thú
an trócuire chédnasa do dhénamh go ghnáth oroind, iondus go madh follas
don tsháoghul uile, gur ab tussa ar slánaighthéoir, agus ar bhfear
sáorrtha cumhachdach, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.



Urrnaighthe ag breith bhuidheachuis ar son ar sáorrtha ón fphláigh.



O a Thighearna Día, noch do loit sinn ar son ar bpeacthadh,
agus do chnáoidh sinn reis an bhfhiosrughadh dtrom, adhúathmhar,
déigheanach so táinic oraind, ar son haitheantasa
dho sharughadh, agus a nios a gceart lár do dhioghaltais,
(ar gcoimhniughadh ar do thrócuire) do shaor sinn ó theanchair
an bháis: dobheirmíd sinn féin eidir anam agus chorp (noch do sháor
tú chum go mbeidáois na mbéoiodhbairt duitsi) dod mhaitheas aithreamhail
mar ofhráil, ag adhmoladh agus ag cráobhsgáoileadh do mhórthrocuire do
shíor ameasg an choimhtionóil, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Amén.



No nó a nurrnaighthesi.



O a Athair na trócuire, admhaidhmíd go humhal a tfhiaghnaisisi, go
dtiucfadh léd cheartbhreitheamnas an uile phionús dár bhagair do
dhligheadh do thuitím oroinn, do bhrídh ar niomad sáraighthi ar haitheantaibh,
agus ar gcrúas croidhe: giodheadh fós ar son gur thoil leatsa


L. 13a


dod trócuire cháoin féin, ar ndénamh úmhlachda meirbhe neimhdhiongmhalta
dhuinn, an fphláigh dhioghaltachso rér cráigheadh sinn go deigheanach do
thraothadh, agus glór gairdeachais, agus sláinte daiseag dár nionadh
comhnaighe: atámuid ag ofráil anois iodhbarta adhmolta, agus bhuidheachais
dód mhordhachd díaghdhasa, ag moladh, agus ag árdughadh hanma glórmhuir,
ar son an choimhéda, agus an chianrádhairc so dorine tú oraind, tré
Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.



AG SO SIOS NA HORRTHANA,
NA HEIPISDLECHA, AGUS NA
SOISGELA IS COIR DO GHNATHUGHADH AR
feadh na blíaghna ag ministralachd Shuipeir an Tighearna :i: na comáoineach
náomhtha.



AN C. DOMHNACH DO THEACHD
an Tighearna.



Ag so an orrtha.



A Dhé uilechumhachdaigh, tabhair grása dhuinn,
oibrighthe an dorchadais do theilgean uáinn, agus
éideadh an tsoluis do char umuinn, is an mbheatha
ndiombhuainsi in a dtánaig do mhac Iósa
Críosd dar bhfhiosrughadh an umhlachd mhóir:
iondas an tan tiucfas sé arís ina mhordhachd
ghlórmhair, do bhreith bhreithe ar bhéoghuibh agus ar
mharbhuibh, go ndiongnamne a neíseirghe chum
na beatha marthanaighe, tré Iósa Críosd ar
dtighearna, noch mhaireas, agus atá a rioghachd maille leatsa agus leis
an Spiorad naomh, a sáoghal na sáoghal. Amen.



An Eipisteil.



Na biódh fiácha ag áoineach oraibh, achd amháin sibh féin
do ghrádhughadh a chéile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chomharsa,
do choimhlíon sé an reachd. Oir (na haitheantasa)
na déuna adhaltrannus, na déuna dúnmharbhadh, ná déuna
goid, na déun fíadhnuisi bhréige, na déuna saint, agus
gach aithne eile (dhá bhfuil ann,) atá go hathchumair fá


L. 14


brígh an raidh so, eadhón, grádhaigh do chomharsa mar thú féin. Ní
dhiongnann grádh olc don chomharsain: ar anadhbharsin (a sé) an grádh
coimhlíonadh an reachda). Agus sin ré meas na haimsire, gur mithidh
dhúinn anois mósgladh ó chodladh: oir ios goire dhúinn anois ar
slánughadh, ina anuáir do chreideamar. Dochuaidh
anoidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn. Uime
sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuiream umainn éideadh
an tsolais. (Agus) siubhlam go cúibhghe do réir mar (dho dhiongnamáois)
sa ló: ni a gcráos, ná a misge, ná a seómradóireachd, na a macnus, ná
a gceannarraic, ná a dtnúth. Achd cuiridh umuibh an tighearna Iosa
Críosd, agus na biódh cúram na colla oraibh, chum a miánguis
(do choimlionadh.)



An Soisgél.



Agus an tráth do dhruideadar ré híarusaléim, tangadar
gu Bethpháge dochum tshléibhe na noluidhedh, annsin do
chuir Iósa diás disgiobal úadha, Agá radha ríu, imdhighidh
don bhaile atá as bhur gcomhair, agus ar an mball
doghébhtháoi asal ceanguilte (ann) agus searrach iona
fhochair: sgáoilidh agus tabhraidh chugamsa (íad.) Agus
ma labhrann áonnduine ní ar bioth ribh, abruidhsi gu
bhfhuil feidhm ag an dtighearna orrtha: agus leigfidh
sé úadha ar an mball íad. Agus táinic so uile chum críche dochum gu
gcoimhlíonfuidhthe an ní atá ar na rádha trés an bfháidh, a deir, Innisidh
dhinghin Tsióin, tabhair dod húidh, atá do rí ag teachd chugad gu ciuín,
ar muin asuil, agus bhromuigh mac (anasail) ar a gcuirthear cuing. Agus
do imthigheadar na disgiobuil, agus dorinneadar mar do aithin Iósa dhíobh.
Agus tugadar an tasal agus an brómach léo, agus do chuireadar a néduighe
orrtha, agus do chuireadar (eisean) na shuidhe ar a muin. Agus do
leathnuigheadar móran do dháoinibh a mbruit ar an slighidh: agus do ghearradar
drong eile cráoibheach do chrannaibh, agus do sgaradar ar an slighidh
(iád.) Agus do thógaibh an slúagh dobhí roimhe agus na dheaghaidh gáir, ag
rádha, hósanna do mhac Dábhí: is beannuighthe an té thig anainm an
tighearna, hósanna ann sna hardaibh. Agus ag dul Díosa asdeach gu
Hiárusaléim, dobhí an chaithair uile ar na buáidhreadh, ag rádha, cía
hé so? Agus a dubhairt an coimhthionól, a sé so Iósa
an fáidh úd ó Násareth na Galilé. Agus do
chúaidh Iósa asdeach gu teampoll Día, agus do theilg sé a mach a raibhe
ag reic agus ag ceannach ann sa teampoll: agus do theilg sé buird luchda
malarta anairgid bunscionn, agus caithíreacha luchda reactha na gcolum.
Agus a dubhairt sé ríu, atá sgriobhtha, goirfidhthear teach urnuighthe dom
theachsa: achd dorineabhairsi tuinidhthe bithbhíneach dhe.


L. 14a


AN DARA DOMHNACH DO THEACHD
an Tighearna.



Anorrtha.



O a Dhé bheandaighthe, tug fá dera na huile Scriobtúr náomhtha
do sgríobhadh, chum sinde dho theagasg, aontaigh dhuinn, go
néisdfam léo, go léugham iád, go ndioghnam a bhfhóghlaim,
go dtíubhram ar naire dhóibh, go dtuigfeam iad, agus go
gcuirfeam go dúthrachdach a ngniomh iád, ionnus tré fhoigidne,
agus chomhfhurtachd na sgriobtúr, go dteandam lind, agus go gcundmham
againd go bráth, muinighin na beatha marthanaighe, noch thug tu dhuinn,
and ar slánaightheoir iosa Críosd, dá dtugmaoid maille leadsa, agus
leis an spiorad náomh, onóir agus glóir, a sáoghal na sháoghal. Amén.



An Eipisteil.



Oir giodhbé neithe dho sgríobhadh roimhe so, ios
do chum sinne dho theagusg do sgríobhadh iad:
chum gu mbeath muinighin aguinn tré fhoíghide, agus
(tré) chumhfhurtachd na sgríobtúr. Agus gu dtugaidh
Dia na foighide agus na comhfhurtachda dháoibh, bheith
dhaoninntinn a dtáobh a chéile, do réir Iósa Críosd.
Ionnus gu madh héidir libh gu háontathach ré hén
bhel amháin, Día athair ar dtigherna Iósa Críosd
do mholadh. Uime sin gabhaidh chugaibh a chéile, do réir mar dho ghabh
Críosd sinne chuige chum glóire Dé. Agus a deirim (so,) gu raibhe
Iósa Criosd na mhinistir an timchillghearrtha, ar son fhírinne Dé,
chum daingnighthe na ngeallamhnach (tugadh) dona haithribh. Agus chum
gu molfadh ni cineadhaigh Dia, ar son thrócaire: do réir mar atá
sgríobhtha, ar anadhbharsa aidmhéocha mé thú ameásg na gcineadhach, agus
do dhéuna mé céol dod tainm. Agus a deir sé arís, déunaidh gairdeachus
a chineadhacha maille lé na phobal. Agus arís, molaidh an tighearna a uile
chineadhacha, agus a phuibleacha uile molaidh hé a bhfochair a céile. Agus
arís a deir Esaias, biáidh frémh Iesse ann, agus an tí eiréochas chum
bheith na uáchdarán ar na cineadhachaibh, cuirfid na cineadhaigh a muinighin
ann. Agus gu liónaidh Dia (ughdar) na muinighne sibh, dá gach uile
ghairdeachus agus tríoth cháin ó chreideamh dháoibh, dochum
gu madh móide bhur muinighin, tré chumhachdaibh an spiorad náoimh.



An Soisgél.


L. 15


Agus beid comhtharradha ann sa ghréin, agus
ann sa ghealuigh, agus ann sna rellannuibh (an
tansoin): agus comhbhrúgh na gcineadhach ar
an dtalamh tré dhíth comhairle, ag sgreadaigh
don fhairrge agus don nuisge: Agus racha
a nanam as na dáoinibh tré eagla agus tré
(bheith) ag feitheamh (ris na holcaibh) thicfas ar
an domhan. Oir croithfithear cumhachda neimhe.
Agus annsin dochífid siád mac an duine ag
teachd a néll maille lé cumachda, agus lé
glóir mhóir. Agus an tan tionsgóntar na neithesi do dhenamh, féuchuidh
suas agus tógbhaidh bhar gcinn, oír is gar dhaoibh bhar bhfuasgladh. Agus a
dubhairt sé an chosamhlachdsa ríu, féchaigh an crann fíge agus na huile
chroinn (eile): An tan sgeithfid siád (a nduilleabhar) ar na bhfaicsin
daoibhsi, aitheantáoi féin go bhfúil an samhrádh anois a ngár (dháoibh). Is
mar sin daoibhsi an tan dochífi na neithesi uile ar na gcriochnughadh,
bioth a fhios aguibh gur ab fogas
atá rioghachd Dé. A deirim ribh go fírinneach, nach racha an linisi
tharuinn no go ndéntar na neithesi uile. Iméochaídh neamh agus talamh,
achd ní iméochaid mó bhriathrasa gó brách (tharuibh).



AN TREAS DOMHNACH DO THEACHD AN
Tighearna.



Anorrtha.



A Thighearna guidhmíd thú, éisd lé ar nurrnaghthibh, agus soillsigh
dorchudas ar nindtinde, lé tfhiosrughadh grásamhuil, tré Iósa Criosd
ar dtighearna. Amén.



An Eipisteil.



Gu madh hamhluidh mheasfus duine sinn mar mhinisdribh
Críosd, agus (mar) fheadhmanntachaibh
fheicrédeadh Dé. Tuilleadh eile, iárrthar ar na
feadhmanntachaibh gach áon (díobh) dhfaghail díleas.
Ar mo shonsa ios robheag mo shuim a
mbhreitheamnus do dhéunamh dháoibhse oram, ná
fós a mbreitheamhnus dáonna: achd fós ní bheirim
breath oram féin. Oír ní feasach dhamh
ní ar bioth dhom tháobh féin: gidheadh ní sháorann
sin mhé: achd asé an Tigearna an tí ios breitheamh oram. Uime sin na


L. 15a


beiridh bhreith ar áon ní roimh anám, (eadhón) go teachd don Tighearna:
noch fhoillséochas neithe folaightheacha an dorchadais: agus nochdfus rún
na gcroidheadh: agus annsin doghéubhaidh gach áon moladh ó Dhia.



AN CEATHRUMHADH DOMHNACH DO THEACHD
an Tighearna.



Anorrtha.



A Thighearna (guidhmíd thú) foillsigh do chumhachda, agus tar
eadraind, agus tabhair cabhair dhuinn léd thshubhaltibh móra, ionnus
tré chungnamh do ghrásd, an ní thoirmiosgas ar bpeacthaigh,
go luáithídhe mórmhaithfeachas do thrócuireisi chugaind
hé, tré Iósa Críosd ar dtighearna: dá dtiubhram maille
leatsa, agus leis an spiorad naomh, onóir, agus glóir, a sáoghul na
sáoghul. Amén.



An Eipisteil.


L. 16


Déunuidh gáirdeachas do shiór sa dtighearna: a deirim
arís déunuidh gairdeachas. Biódh suáimhneas
bhur ninntinne follas dona huile dháoinibh (Atá) an tighearna
láimh ribh. Na biodh róchúram neithe ar
bioth oruibh: achd sanuile ní bioth bhur níarratuis
foillsighthe dho Dhia, anurrnuighthe agus anachchuinghe
maille ré breith bhuidheachais. Agus coimhédfuigh
síothcháin Dé sharuigheas anuile thuigse, bhur
gcroidheadha agus bhur ninntinneacha a Niósa Críosd.



A LA NODLOG.



Anorrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, noch tug háonmhac féin duinn, do chur ar
ndaonnachda uime, agus a gconam an láoi aníu rugadh lé maighdín
ghloin: guidhmíd thú a bhrondadh dhuinn, ar mbheith ar nár naithgheineamhuin,


L. 16a


agus ar gcloind agadsa tré thabhartas, agus tré ghrásaibh, go
nathnúadhaightear sind go láoitheamhuil led spiorad naomhsa, tré san
dtíghearna gcéudna úd :i: Íosa Críosd ar dtighearna. Etc.


L. 17


A LA FHEILE STEAPHAIN.



ANorrtha.



Guidhmíd thú a Thighearna, tabhair dhuinn a fhoghlúim, grádh da thabhairt
dá ar náimhdibh, ar eisimpláir do mhartír Stéaphán naomh,
noch dhorinne urrnaighthe ar son na druinge do chuir chum báis hé,
ag guidhe do mheicsi ar dtighearna Iósa Críosd, noch atá béo, agus a
rioghachd síorruidhe maille leatsa, agus leis an sphiorad náomh a sáoghal na
sáoghal. Amén.


L. 17a


A LA EOIN SUIDHEASGEIL.



Anorrtha.



Guimíd thú a Thighearna thrócuirigh, Heagluis féin do dheallrúghadh,
iondus ar mbeith dhí ar na soillsiughadh lé teagasg Eóin bheannaighthe
habsdail agus do Shuidhisgéil féin, go bhfédfaidh sí theachd chum do
rioghachda síorruidheisi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 18


A LA NA MACRUIDHE.



ANorrtha.



O a Dhía na nuilechumhachd, agár fhoillsigheadar na náoidhe
neamhurchoideacha do martruigheadh ar son do mheic, do
glóirsi conam an láoi aníu, (ní do bhríathraibh, achd lé bás
dfhulang): marbh agus básuigh anuile urchóid atá ióndaind,
ionnus go bhfoillséochuidh ar mbheatha lé nar dtréighthibh an
creideamh atá againn iondutsa, noch fhoillsighmíd lé nar dtengthaibh, tré
Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 18a


An Eipisteil.



Agus do fhéuch mé, agus tabhair húidh, (do taibhreadh
dhamh) uán na shesamh ar shliabh Sióin, agus
céudh ceithre mhíle agus dá fhichead do mhíltibh
ina fhochair, agá raibhe ainm a athar sgríobhtha
a gcláruibh a nédan. Agus dochuáluidh mé guth
ó neamh mar (dho bhiádh) fúaim mhóráin duisgeadhuibh,
agus mar (dho bhiádh) fuáim tóirrnigh
mhóir: agus dochuáluidh mé fuáim chláirséoradh
ag déunamh céoil ré na gcláirseachuibh: Agus
dorinneadar céol (bá cosmhuil) ré céol núadh a bhfíadhnuise na catháoire,
agus a bhfiádhnuise na gceithre mbeathadhach, agus na seanóireadh: agus níor
éidir dhéuneach an céol sin dhfóghluim, achd amháin don chéud agus dona
ceithre mhíle ar dhá fhichead do mhiltibh, dobhí ar na gceannach ón
dtalamh. Asiád so an dream nár salchadh ré mnáibh: oír as ógha iád. Asiád
so an dream leanas an túan giodhbé hiodhnadh a dtéid: atáid so arná
gceannach as meadhón dáoineadh, (ar mbeith dóibh) na gcéud torthibh do Dhía
agus don uán. Agus ní fríth cealg na mbéluibh: oír atáid gan tháidhe a
bhfíádhnuisi chaithíre Dé.


L. 19



L. 19a


A LA NODLOG BEAG.



ANorrtha.



A Dhé na nuilechumhachd, noch tug fá deara háonmhac féin do
thimchillghearradh, agus dumhlughadh don reachd, ar son an
duine: brunn dar gcroidheibhne an timchilghearradh firindeach
spioradalta: indus ar mbheith dainmíanuibh an tshaoghail
agus na codla marbh iondainn, go dtugam umhlachd sna
huile neithibh dod toil dhíaghdhasa, tré san dtighearna gcéadna
Iosa Críosd. Amén.


L. 20



L. 20a


LA CIND AN DA LA DHEUG.



Da raibhe domhnach eidir lá nodlag beag agus lá cind an dá lá dheug,
andsein adérthar ag an gcómáoineach,
anorrtha, a Neipisdil, agus a Soisgél a dubhradh lá nodlag beag.



A LA CHIND AN DA LA DHEAG.



An Norrtha.



O a Dhía noch do fhoillsigh háonmhac féin do na cineadhachuibh, maille
lé tréorughadh an réulla, brund duinn go trócuireach
ar bfhaghail fheasa ortsa anois tré chreideamh, ar sásadh dod
dhiaghdhachd ghlormhuir tar éis na beathasa, tré Iósa Críosd
ar dtighéarna. Amén.


L. 21


AN CEUD DOMHNACH A NDIAIGH LAOI CHIND
an dá lá dhéug.



ANorrtha.



Guidhmíd thú a thighearna, gabh chugad go trócuireach urrnaighthe
do fpobuil ghuidheas go humhal tú, iondus go dtiocfadh
dhíobh na neithe is cóir dhóibh do dhéunamh, do thuígsin:
agus dod ghrasuibh agus dod chumhachdaibhsi go ndiongnaid
na neithe céudna, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 21a



L. 22


AN DARA DOMHNACH A NDIAIGH
chind an dá lá dhéug.



An norrtha.



O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch ríaghlas na
huile neithe ar neamh agus ar talmhuin: eisd go trócuireach lér nurrnaighthe,
agus brond duinn do thsióthcháin
fein ar feadh ar mbeatha, tré Iósa Criosd ar dtigherna. Amén.


L. 22a


AN TREAS DOMHNACH A NDIAIGH CHIND
an dá lá dhéug.



Anorrtha.



O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, tabhair haire go
trócuireach dár nanmhuinde, agus sín amach lamh dheas do
mhordhachda chum sinde do chumhdach ion ar nuile ríachdanus,
tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amen.


L. 23



L. 23a


AN CEATHRAMHADH DOMHNACH
a ndiaigh chind an dá lá dheug.



O a Dhía na nuilechumhachd, aga bhfhuil a fhios agad, nách
éidir lind seasamh, (do bhríogh anbhfainne ar nadúra) a lár
na niomad nguasachd, thimchiollas sinn ar gach táobh: bronn
dúinn sláinte anma agus chuirp, iondas go dtíucfadh dhínn
búaidh dho bhreith tréd chabhairse, ar na huile neithibh dhonimid
dhfulang ar son ar bpeacthadh, tré Iósa Críosd ar dtighearna.
Amen.


L. 24


AN CUIGEADH DOMHNACH A NDIAIGH CHIND
an dá lá dhéug.



ANorrtha.



A Thighearna guidhmíd thú, theagluis féin, agus do luchd
tíghe do choimhéud do ghnáth, ann do chreideamh fírinneach:
iondas an dréam mhuinnigheas as do ghrásdaibh neamhdhasa
amháin, gu mbiaid siad ar na gcumhdach go síorruidhe
léd mhórchumhachdaibh, tré Iósa Criosd ar dtighearna.
Amen.


L. 24a


AN DOMHNACH DA NGOIRTHEAR SEPTUAGESIMA.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thighearna, éisd go trócuireach úrrnaighthe do
fphobuil féin, iondas go sáorfuighthear sind thré do thrócuireisi
ar son ghloire hanma, ó na hamhgharuibh fhuilgmhíd anois ar son
ar bpecthadh do réir do cheirtbhreatheamhnuisi, tré Iósa Criosd ar
dtighearna. Amén.


L. 25



L. 25a


An Norrtha.



O a tíghearna Día dhochí nách cuirmíd ar ndóchus aneínní dá ndeúnmíd
féin; brund duinn go trócuireach go gcuimhdeóchar sinn lé do
chumhachdaibhsi, ónuile ní atá nar naghaidh, tré Iósa Críosd ar
dtighearna. Amén.


L. 26



L. 26a


AN DOMHNACH DA NGOIRTHEAR QUINQUAGESIMA.



An Norrtha.



O a thíghearna, noch theagasgas sind tréd hapsdal féin gá
rádh, nách fuil tádhbhachd anaonobair dá ndhéunmuid gan
grádh: tabhair do spiorad náomh féin dhuinn, dhoirtfíos tiodhlacadh
orrdraic an ghráidh ion ar gcroidheadhaib, atá na
choimhcheangal fíre ag an síóthcháin, agus ag na huile shubháilchibh,
agus agá bhfuil gach uile dhuine ar bioth na éugmais marbh dod láthairsi:
bronn so dhuinn a Athair thrócuirigh, ar son Iósa Criosd ar
dtighearna. Amén.


L. 27



L. 27a


AN CEUD LA DHON CHORGHUS DA NGOIRTHEAR
Céudáoin an luáithrigh.



An Norrtha.



A Dhé shíorruidhe na nuilechumhachd, ag nách fuil fúath dáon
ní dha ndéarna tú, agus mhaitheas a bpeacthaidh do na huile
dháoinibh dhoní aithrighe: cruthaigh andainn croidheadha núadha
comhbhrúite, iondus gu gcáoinfeam ar bpeacthaidh mar is
iomchubhaidh, agus gu naidbhéochum ar lochda, agus gu bhfhuigheam
uaidsi a Dhé na huile thrócuire maithfeachus iomlán ar bpeacthadh,
tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.


L. 28


AN CEUD DOMHNACH DON CHORGHUS.



An Orrtha.



O a Thighearna Iósa Críosd noch dho throisg dhá fhithchead lá, agus
dhá fhithchead óidhchi ar ar soinne: brund duinn trosgadh dho déunamh,
iondus gu mbhía an chaland umhal don spioraid, agus gu leanam
haitheantasa do ghnáth, a bhfiréndachd, agus a bhfhíornáomhthachd, chum
glóire agus onóra dho thabhairt dod haínm naomhthasa, noch mhaireas a
ríoghachd shíorruidhe, maille leis an athair, agus leis an spiorad naomh,
a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. 28a


AN DARA DOMHNACH DON CHORGHUS.



An Norrtha.



A Dhé na nuilechumhachd, dá bhfhaicthear nách fuil cumhachda againn
uáin féin chum ar gcabhartha, cumhdaigh sinn don táobh amuich do tháobh
an chuirp, agus don táobh a sdigh do tháobh a nanma: iondus go
mbheimís ar nár ndídéan ó gach uile ghúasachd theagmhus don churp, agus


L. 29


ó na huile dhrochsmuáintighthibh, do ghoirteóchadh agus do chuirfeadh
cathachadh ar a nanam, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Amén.


L. 29a


AN TREAS DOMHNACH DON CHORGHUS.



An Norrtha.



Guídhmíd thú a dhé na nuilechumhachd, féuch maille lé trócuire,
ar mhíanaibh croidheadh do thsearbhfhoghantadh numhal, agus sín amach
lámh dheas do mhórghachda chum sinde dho dhídean ón ar naimhdibh
uile, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 30


AN CEATHRUMHADH DOMHNACH DON
chorghus.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a Dhía na nuilechumhachd, a bhronnadh dhuinn,
(giodh thuillemíd ar son ár míghníomh dioghaltus
od cheartbhreitheamhnasa do thoigheachd oruind) comhfhurtachd
dfhaghbhail ód ghrásaibh maille lé trócuire, tré
Iósá Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 30a



L. 31


AN CUIGEADH DOMHNACH DON CHORGHUS.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thigherna, féuch ar do fphobul féinn go trócuireach,
iondas go mbhiaidh síad maille led mhórmhaithessa ar na sdíuradh agus
ar na gcoimhéud eidir chorp agus anam, tre Iosa Criosd ar dtigherna.
Amén.


L. 31a


AN DOMHNACH DEIGHEANACH DON CHORGHUS
dá ngoirthear domhnach aniobhair.



An Norrtha.



A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch (dod mhórghrádh don
chinneadh dáonna) do chuir ár slainaighthóir Iósa Criosd, chum
na codla dáonna go ghabhail uime, agus chum báis na croithche dhfhulang,


L. 32


chum go leannfadh gach uile dhuine eísiompláir a mhóirumhlachd
brond dúinn go trócaireach, eísiompláir a fhóide dho leanmhuin, iondas
go bhfhaghbham toradh a eiseirghe, tré san Iósa Criosd gceudnasan ar
dtighearna. Amén.


L. 32a



L. 33



L. 33a



L. 34



L. 34a



L. 35


AN LUAN ROIMHE DHOMHNACH CASG.



An Eipisteil.



Cia hé so atá ag teachd a Hedóm, ar a bhfhuil
an téudach dearg, (agus hé ag toigheachd)
a Bosra, an tí so is deaghmhaiseach and a
chulaigh, dó ní deithfir lé méud a chumhachd?
Is meisi hé, an tí labhrus go ceart, agus is
lor chum slánaighthe dho thabhairt úaim. Créud
fá bhfhuil héudach dearg, agus do chulaidh,
amhail do bheithéa ag brúdhagh na gcáor bhfhínemhna
and sanamar fád chosaibh? do bhrúidh
mé íad sanamar am áonar, agus ní raibhe duine ar bioth do na cinedhachuibh
ag cungnadh leam: Agus fós brúidhfidh mé íad fám chosaibh
am fhéirg, agus comhbhrúidhfidh mé iad am chuthach: Agus croithfighther
a bfhuil ar mhéudach, agus sailéocha mé mo chulaidh uile lé. Ór atá lá
an dioghaltais and mo chroidhe: Agus tánaig an blíaghain and a bhfúaisléogad
mo muinntear. Agus do fhéuch mé am thimchioll, agus ní
raibhe fear cabhartha ar bioth and: Agus do gabh adhúathmhuireachd
mé, agus ní raibhe duine ar bioth do chuidéochadh leam: Isé


L. 35a


bun mo ridheadh féin do fhóir orom, agus a sí mo roífhearg féin do chuidigh
leam. Ios ar an modh so chomhbhruidhfeas mé na pobuil fám chosaibh am
fheirg, agus cuirfead ar meisge íad lém chuthach: Agus búailfe mé fán
talamh a neart. Cuirfe mé mórthrócuire an tighearna ar chuimhne, agus
mórmholadh an tighearna, ar son gach éinneith dá dtug an tighearna dhuinn:
Agus fós méud a mhaitheasa do thigh iosrahéul, noch dho thug sé dhóibh, do
réir á mhorthrócuire, agus fhairsinge a ghrádha. Oir a dubhairt sé, go
deimhin asíad mo fphobul féin iád, cland nách clisfidh oronn. Oír dob é á
slánaightheoir hé, tar anuile chumhgach and ar chuireadar hé, níor chuir
seisen a gcumhgach íadsan: achd do shaor aingeal a fhíaghnaisi íad. Ios da
ghrádh, agus is dá cháonmharachd féinn
do fhúaslaig sé íad. Agus do thógaibh sé
suas, agus do umachair íad ó thus an domhain, gidheadh dochúadar a nasúmhla
air, agus do chuireadar doilghíos ar a spiorad naomhtha, agus do
iompuidh sé chum bheith na namhaid aca, do chathuigh sé féin na naghaidh.
Gidhedh do chuimhnigh (Iosrahéul) ar laithibh Mháoisi,
agus a fphobuil anallód, agus a dubhairt,
cáit a bhfuil an tí tug a níos as an bhfairrge íad a bhfhochair
bhúachailledh
a thréuda? Cáit a bhfhuil an tí dho chuir a spiorad naomh féin eattorro,
dá dtréorughadh tré láimh dheis Mháoisi, lé a láimh ghlórmhuir féin? noch
dho rand na huisgeadha rompa, chum go bhfhuigheadh dhó féin clú síorruidhe?
an tí dho thréoruidh íad tré san ndubhaigén, amhuil doghéuntáoi each dho
thréorughadh tré fhásach, iondus nách fúaradar oilbhéim? Amhuil ainmhídhe
ag dul síos a nglend, do thréoraigh spiorad an tighearna go súaimhneach íad:
ios amhluidh soin do thréoruidh tú do fphobul féin, chum go ndeuntá hainm
féin glormhar. Féuch anúas do neimh, agus tabhair dhod húidh, o
theadhghuis
do náomhthachda, agus do ghlóire: cáit a bhfhuil do ghrádh lasardha,
agus do chumhachda romhóra, umad do thrócuire agus do thrúaighe? an
bhfhuilid síad dairighthe agam? ór is tusa ar nathairne, bíodh nách
aithnéochadh Abrahám sinn, agus nách beith éolus ag Iosrahéul
oraind. Is tusa a thigherna ar nathair, agus ar bhfear fúasgailte,
agá bhfhuil hainm o thús an
thsáoghuil. A thighearna créud már léig tú ar seachrán sinn, ód
tshlighthibh féin? créud fár chrúadhaigh tú ar gcroidheadha, ionnus nách
bhfuil heagla oruinn? fill chugainn ar son do
thshearbhfhoghantadh .í. treabha hoighreachda.
Is beag nách fuil do phobul náomhtha a laimh namhad: do bhrúidh ar námhaid
fá na gcosaibh hionadh náomhthasa. Dobhiodhmairne ríamh nar múinntir
agad, agus ní raibh tú ad tighearna acasan, agus níor guidheadar háinm.


L. 36



L. 36a



L. 37



L. 37a


AN MHAIRT ROIMHE DHOMHNACH CASG.



An Eipisteil.



Do fhosgail an tighearna Día mo chlúas, agus ní
raibhe mé easumhal: nír fhill mé ar mo chúl. tug
mé mo chorp do luchd a bhúailte, agus mo fphluctha
do luchd a dtairrnghthe: nír fholluigh mé mo aghaigh
o neimhchion agus ó shileadh: agus dobhéura an tigherna
Día cabhair dhamh: ar anadhbharsoin níor ghabh adhnáire
mé: uimesin doríne mé mhaghaidh comhchruaidh
lé cloich theinedh, ór atá a fhios agam, nach
cuirfighther náire orom. Ios fogas damh an tí sháorus mé: Cía thaigéorus
um aghaidh? seasam anaghaidh a chéile: cía ios tighearna ar bhreith dho
bhreith órom? tigeadh sé chugam. tabhair dhod húigh, dobhéurá an
tigherna Día cabhair dhamh: Cía hé a neach
dhéunus coirtheach mé? tabhair dhod húidh,
rachaidh síad uile a gcaitheamh, amhuil théid an téudach, caithfidh an
léoghán íad. Cía haguibh ar a bhfhuil éagla an tighearna
air, agus éisdios lé guth a sherbhfhoghantuighe.
An tí shíulas a ndorchadas, agus gan solus aige, cuireadh sé a
dhochus a náinm an tigherna, agus bíoth a úalach ar a dhía, tabhraidh dhá
bhar núidh,


L. 38


atá sibh uile ag fadágh theineadh (fhéirge dé) agus ag cur a splangcaigh
ionbhar dtimceal, ímdhigh a dtellach bhar dteineadh féin, agus and sna
splangcaibh do fhadágh sibh: Ios ó mo láimhsi tánuig so dháoibh, is a
ndoilgheas luidhfeas sibh.


L. 38a



L. 39



L. 39a



L. 40



L. 40a



L. 41



L. 41a



L. 42



L. 42a


AOINE AN CHEUSDA.



Na Horrthana.



A Dhía na nuilechumhachd, guidhmíd thú, féch go trócuirech
ar do fpobul féin atá dho láithir and só, agár thoil lé
nar dtighearna Iósa Críosd hé feín do bhrath tar a
gcionn, agus a thabhairt a lamhuibh dháoine malluighthe, agus
bás do fhulang ar an gcróich, noch mhaireas agus atá
a riogachd shíorruidhe maille leasta, agus leis an spiorad náomh a
sáoghul na sáoghul. Amén.



A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, agá bhfuil corp na
heagalsi uile dá ríaghladh, agus dá náomhadh léd spioráid,
éisd lé nar nurruighthe, gabh chugad ar nguidhe, noch donímíd
ar son na nuile dháoine dod laíthirsi ameasg do choimhthionóil
naomhtha, agus bronn duinn go ndiongnadh gach


L. 43


áon nduine aca and a ghairm agus and a oifig féin, seirbhís fhírinnioch
dhiaghdha dhuitsi, tré Iósa Criosd ar dtighearna. Etc.


L. 43a



L. 44



L. 44a



L. 45



L. 45a



L. 46



L. 46a


DOMHNACH CASG.



Anáimsir na dtráth, anionadh an tshailm dá ngoirthear Veníte Etc.
eadhon, tigidh, adhmolam an tigherna etc.
canfuighthear nó adéurthar na Haindtiubhain so siós.



Ar neirghe dho Chríosd ó mhairbhuibh, ní fhuighbhe sé bás arís,
ni bhia an bás na thigearna air feasda. Or an mhéide go
bhfuair bás, íos do tháobh an fpeacaidh dho sgrios fuair sé
hé áonuair amhain: achd an mheíde go bhfuil sé béo, is do
Dhia atá sé béo. Go mádh amhlaidhsin is inmheasda dháoibhsi
sibh féin do bheith marbh do tháobh an fpheacaidh, agus béo dho tháobh Dé,
tré Iósa Críosd ar dtighearna.



Dorinne Críosd aneiseirghe ó mharbhuibh, agus dob é
cheud toradh na druinge dhobhí na gcodladh hé. Or do
bhridh gurub tré dhuine tánaig an bás, ios tré dhuine
mar an gceudna tig eiséirghe na marbh. Or amhuil mar
dhogheibhid na huile dhaoine bás a Nadhamh, ios mar an
gceudna dogéuntar na huile dhaitbhéoghughadh a Gcríosd.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumachd, rug búaidh ar an mbhás thréd háonmhac
féin Iosa Críosd, agus do fhosluig dorus na beatha marthanaighe
dhuinne, guidhmíd thú go humhal, amhuil chuireas tú dod ghrásaibh
speiciálta roimhe laimh tríall na maitheasa and ar ninntindibh: go madh
amhluidh soin thiocfus dinn lé do chabhair ghnáith, soin do chur a ngníomh,
tré Iósa Críosd ar dtighearna, noch mhaireas etc.



An Eipisteil.



Uime sin má dho eiséirghe sibh máráon ré Críosd, iárruidh
na neithe atá suás, sanionadh na bhfuil Críosd na shuidhe ar
dheis Dé. Biódh bhur ndúil sna neithibh atá suás, (agus) ní
sna neithibh (atá) ar an dtalamh. Oír atá sibh marbh, agus
atá bhur mbeatha folaighthe máráon ré Críosd a Ndía. An


L. 47


tan fhoillseóchar Críosd (noch) as beatha dhúinne, foillseóchar sibhse fós
an tan sin a nglóir máráon ris. Uime sin cláoidhigh bhur mbuill
thalmhuidhe, (mar atá) sdríopachas, nemhghloine, fonn colluidhe, ainmían,
agus saint noch as iodhaládhradh. Tré na dtig dióghaltus Dé ar chloinn na
hesumhlachda. An a rabhabhairse fós ag siubhal anallód, ar mbeith díobh
ag caitheamh bhur mbeatha ionnta.



LUAN CASG.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, rug búaigh ar an mbhás thréd háonmhac
féin Iósa Críosd, agus do fhosluig dorus na betha marthanaighe
dhúinne, guidhmhíd thú go humhal, amhuil chuireas tú
dod ghrásaibh speicialta roimh laimh tríall na maitheasa and
ar nindtindibh, go madh amhluidh soin thiocfus dínn lé do
chabhuir ghnáith, sin do chur a ngníomh, tré Iósa Críosd ar dtighearna,
noch mhaireas etc.


L. 47a



L. 48


MAIRT CHASG.



An Norrtha.



O a Athair na nuilechumhachd, tug háonmhac féin chum báis dhfulang
ar son ar bpeacthadhne, agus chum eiseirghe dho ghéunamh dhar


L. 48a


sáoradhne: brunn dúinn laibhín na mailíse agus anuilc do chur uáinn, chum
seirbhise dho dhénamh dhuitsi dho ghnáth a bfhiorghlaine chreidimh agus
bheatha, tré Iosa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 49


AN CED DOMHNACH A NDIAIGH CHASG.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, rug búaidh ar an mbhás
thréd háonmhac féin Iósa Críosd, agus do fhosluig
dorus na beatha marthanaighe dhúinne: Guidhmíd tú
go humhal, amhuil chuireas tú dod ghrásuibh speícíalta
roimh láim tríall na maitheasa ann ar ninntinnibh:
go madh amhlaidhsoin thiocfus dínn lé do chabair
gnáith, sin do chur a ngníomh, tré Iósa Críosd ar
dtighearna, noch mhaireas etc.


L. 49a



L. 50


AN DARA DOMHNACH A NDIAIGH
Chasg.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd tug háonmhac féin dúinne, ní hé amháin mar
íodhbairt ar son ar bpeacaidh, achd mar an gcédna mar eísiemplair
bhetha gloine, tabhair dhúinn dod ghrásaibh an tíodhlacadh nemhchoimsigh
soin do ghabhail chugainn maille lé robhuidheachais, agus á chur
roimhainn mar an gcédna lorg a bheatha ronáomhthasan do leanmhuin, tre
Iósa Críosd ar dtigearna. Amén.


L. 50a


AN TREAS DOMHNACH A NDIAIGH CHASG.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd fhoillsighes solus tfhirinne don uile dhuine
bhíos ar seachrán, chum go bfillfeadaois go slighe na fíréndachda:
brunn don uile lé na ruinntear creideamh Críosd,
na huile neithe atáid contrárdha da gcreideamh do thsechna,
agus gach ní atá dha réir do leanmhuin, tré Iósa Críosd
ar dtighearna. Amén.


L. 51


AN CEATHRUMHADH DOMHNACH A NDIAIGH CHASG.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd dobheir inntinn na nuile fhirénach ar aóntoil
amháin, bronn dod fphobuil gach ní aithnidhes tusa do ghrádhúghadh, agus
mían gach neith dha ngellann tú dho bheith orro, ionnus a mesg mhalart
égsamhla in domhain, go mbhía toil ar gcroidhedh gremaighthe donionadh
a bhfhuil an gairdechas fíre lé na fhaghbhail, tré
Iósa Críosd ar dtigherna. Amén.


L. 51a


AN CUIGEADH DOMHNACH A NDIAIGH CHASG.



An Norrtha.



A Thighearna ona dtig gach uile mhaith, brunn dúinne do thsearbhfhoghantaighe
umhla, smúaintíughadh ar na neithibh atá tarbhach tré oibriughadh do spiorad
náomh, agus sin do chur a ngníomh maille lé
do thréorughadh grasamhailsi, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 52



L. 52a


DEARDAOIN DEASGHABHALA.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, iárrmuidh ort a bhrunnadh dhúinn, adhuil
chreidmíd háon mhacsa ar dtighearna do dhul suas ar neamh, go
madh amhlasoin thiocfas dínn do chroidhe agus dinntinn a leanmhuin,
agus comhnuidhe do ghénamh do ghnáth na fharradh, tré Iósa Críosd ar
dtighearna. Amén.


L. 53


AN DOMHNACH A NDIAIGH DHEARDAOIN DEASghabhala.



An Norrtha.



A Dhía, a Rí na glóire, dhárdaigh háonmhac féin Iósa Críosd maille
lé gáirdechas mór tar éis bhúaidhe do bhreith dhó, chum do ríoghachda
neamhdha; guidhmíd tú na fagaibh gan chomhfhurtachd sinn, achd cuir do
spiorad naomh dár gcomhfhurtachd, agus ardúigh sinn chum na háite cédna
ann a ndeacha ar slánaighthéoir Iósa Criosd romhainn, noch mhaireas agus
ata a ríoghachd tsiórruidhe maille letsa, agus leis an spiorad náomh, a
sáoghal na sáoghal. Amén.



An Eipisteil.



Atá críoch na nuile neitheann ag drud rinn. Uime sin bithidh
mesarrgha, agus déunuigh faire a núrnuighthibh. Agus roimh na
huile neithibh bíodh gradh rodhioghraisech aguibh dhá chéile:
oir cuirfidh an grádh folach ar iomad na bpecadh. Tuguidh
áodhaighechd dá chéile gan monmar. Déunamh gach áon (aguibh)
do réir an tiodhlaice fuáir, miniosdralachd dá chéile, mar
dheghfheadhmanntachuibh na ngrás dobheir Día uádha gu héugsamhuil. Dá
labhruigh nech ar bioth, (labhradh sé) (do réir) mar (thig ré) briathruibh
Dé: da nderna nech ar bioth miniosdrálachd, (dénadh hí) do reir na hacfuinne
dho bheir Día (dhó:) as gu bhfhúighbhe Día gloir sna huile neithibh tre
Iósa Críosd, agá bhfuil glóir agus cumhachda a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. 53a


DOMHNACH CINGCISI.



An Norrtha.



A Dhía do theagaisg croidhe do fphobuil dhílis féin conúm an
láoi aníu, maille lé solus do Spiorad náomh do chur chugtha,
brunn dúinn maille leis an spiorad chedna, breitheamhnus
ceart do bheith againn ann sanuile ní, agus gairdeachas siórruidhe
do ghénamh ann achomhfhurtachd náomhthasan, tré lórghníomh Iósa
Críosd ar slánaighthéora, mhaires agus atá a riogachd thsiórraidhe maille
leatsa agus leis an spiorad náomh na áon ndía a sáoghal, na sáoghal.
Amén.


L. 54



L. 54a



L. 55



L. 55a


DOMHNACH NA TRINOIDE.



An Norrtha.



A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, tug grása dhúinne do
thshearbhfhoghantáidhe tré admháil an chreididh fhírinnigh glóir
thsíorruidhe na trinóide dhadmháil, agus adhradh dáon ndía amháin, a
gcumhachdaibh na mórdhachda díagha: Guidhmid tú, cáomhain sinn go
síorruidhe tré dhaingne an chreidimh so ó nuile dhochar: ós tú
mhaireas agus atá a rioghachd
thsíorruidhe a táon ndía, a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. 56



L. 56a


AN C. DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHNAIGH NA
Trinoide.



An Norrtha.



A Dhía, ios neart donuile chuireas a ndóchas ionnat, gabh
chugad ar nurrnaighthe go trocuireach: agus do bhrigh nach
eidir lé mírbhfion ar nadúire dáonna aoin ni maith do ghénamh
a téagmaisi, tabhair cungnadh do ghrásd dúinn, ionnus
ag comhlionadh haithentadh dúinn go ndiongnamís do thoil,
dinntinn agus do ghníomh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 57



L. 57a


AN DARA DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHNAIGH NA
Trinóide.



An Norrtha.



A Thighearna tabhair fa deara dhúinn eagla agus grádh síorruidhe hanma
náomhtha do bheith againn, ór ni leígeand tú dhíot go brath, cabhair
agus dídean na druinnge dobheir tú súas and do ghrádh
diongmhálta. Bronn so dhúinn a thighearna. Etc.


L. 58



L. 58a


AN TREAS DOMHNACH A NDIAIGH
dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



A Thigheárna guidhmíd tú éisd linn go trócuireach, agus ó dhothug
tú a mhían and ar gcroidheadhuibh tú féin do guidhe, bronn duin bheith
ar nár ndídean le neart do chumhachd, tré Iósa Críosd ar
dtighearna. Amén.



An Eipisteil.



Bithidh uile umhal dá chéile. Déunuidh sibh féin deaghmhaiseach
dhon táobh asdtigh ó umhlachd inntinne: oír cuiridh Día anadhuigh
na nuáibhreach, agus dobheir grása dho luchd na húmhla.
Uime sin umhluidhe sibh féin fá láimh chumhachduigh Dhé,
chum bhur nárduighthe dhó anám iomchuibhghe. Téilgidh bhur
nuile chúram airsion, oír ios cúramach hé ion bhur dtimchioll. Bithidh
measarrgha: déunuidh faire: oír atá bhur namhuid an diábhal, mar
léoghan bhéicfeadhach, ag gabhail fá gcúairt, ag féuchain cía dhoghéubhadh
sé ré a shlugadh. An tí agár ob ionchurtha dhíbh na adhuigh (ar mbeith díbh)
diongmhálta sa gcreideamh: ar mbeith a fheasa aguibh, gu gcomhliontar
na búaidheartha céudna sa gcuid eile dhá bhur ndearbhraithreachuibh atá sa
sáoghal. Agus Día na nuile ghrás, noch dho ghoir sinn chum a ghlóire
siórruidhe a Níosa Críosd, tar éis bheagáin búaidheartha dhfulang dhíbh, dá
bhur ndénamh iomlán, diongmhálta, neartmhar, fondameinteach. (Gu raibhe)
glóir agus neart dósan a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. 59


AN CEATHRUMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh
na Trinóide.



An Norrtha.



A Dhía, a dhídhnighthéoir na nuile chuireas a ndóchus iondat,
ós a téagmáis nach fuil áoinní díongmhálta ná náomhtha,
médaigh agus síolaidh do thrócuire iondainn, iondus ar
mbeath dhuitsi ad sdíuirthéoir agus ad théoluidhe againn,
go dthiocfadh dhínn dul tré neithibh sáoghalta, ar chor nach
léigfeam amugha fa dhéoigh na neithe síorruidhe: bhronn so dhúinn a
Athair néamhdha, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 59a


AN CUIGEADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHNAIGH
na Trinóide.



An Norrtha.



Guidhmid tú bronn dúinn a thighearna, sdeil an tsháoghailsi do bheith
ar na ríaghlúghadh chóimhshíthchánta sin, léd smachdsa, iondus go
dtiocfadh dod fphobul seirbhís lúchgháireach do dheanamh
dhuit sa nuile thsúaibhnes díaghdha, tré Iósa Críosd ar dtigherna.
Amén.



An Eipisteil.



(Bithídh) uile dhéuninntinn: bíodh mothughadh a gurbh ar
dhochar a chéile: biodh grádh brátharrgha eadruibh:
(bíthidh) lán do thrócaire: (bíthidh) sóchaidridh: Ná
déunuigh olc anadhuigh uilc, ná anchaint anadhuigh anchainte:
achd gu contrárgha dhó sin, tuguidh bhur
mbeannachd, ar mbéith a fheasa aguibh, gurob chuige
so do goireadh sibh dochum gu bhfuigheadh sibh féin
beannachd do dhligheadh oighreachda. Oír giodhbé agá


L. 60


bhfuil dúil ina bheatha, agus ré na mían laithe maithe dhfaicsin, connmhadh
sé a teanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó (bhríathruibh) meabhlacha dho
labhairt: Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith: iárradh an tsíothcháin,
agus leanadh dhi. Oír (atáid) súile an tighearna (ag féuchuin gu grinn) ar na
fírénuibh, agus (atáid) a chlúasa osluigthe dhá núrnuighthe: achd (atá)
gnúis an tighearna anadhuigh na druinge dhoní na huilc. Agus cía dhéanas
olc oruibh dhá leana sibh dhon mhaith? Giodheadh fós dá bhfuilngidh sibh
(búaidhirt) ar son na firéuntachda, (ios) beannuighthe (sibh:) agus ná bíodh
egla (mar) a neaglasan oruibh, agus ná bíthidh búaidheartha. Achd
foillsighthear libh ion bhur gcruidheadhuibh an tighearna Día do
bheith náomhtha.


L. 60a


AN SEISEADH DOMHNACH A
ndíaigh dhómhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



A Dhía dho ullmhaigh dhon druing ghrádhuigheás tú, na neithe maithe
nách tig dhinntind dáonna dho thuigsin: doirt ann ar gcroidhedhaibhne
a iondshamhail sinn do ghrádh do thabhairt duit, ionnas
ar mbheith ar nád ghrádhughadh dhúinn ós cionn gach uile ní, go
bhfhagham toradh do gheallamhna thsáruidheas gach ní ios éidir
linn díarruidh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 61


AN SEACHDMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh
na Trinóide.



An Norrtha.



A Thighearna na nuilechumhachd, a úghdoir, agus a thíodhlaigthéoir
an uile neith maith, síolaidh and ar gcroidheadhaibh
grádh hanma féin, médaigh iondaind creidheamh firíndech,
oil sinn leis anuile mhaith, agus léd do mhórthrócaire coimhéid
annta sind, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 61a


AN TOCHDMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh
na Trinóide.



An Norrtha.



A Dhía nár mealladh do chíanradharc ríamh, guidhmíd thú go humhal,
gach uile olc do chur uáin, agus gach ní ios tarbhach dhúinn do
thabhairt dúinn, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 62


AN NAOIMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh
na Trinóide.



An Norrtha.



Guidhmíd thú brunn dúinn a thighearna, spiorad lé na smúaintéochamáois
agus lé na ndingeanmáois gach uile ní cóir, ionnas go
dtiogfadh dhínn ó nách féadmaid teachd a téagmhaisi ar mbheatha
dho chaitheamh do réir do thoile, tré dho chumhachdaibh féin, tré Iósa
Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 62a



L. 63


AN DEACHMHADH DOMHNACH A NDIAIGH DHOMHnaigh
na Trinóide.



An Norrtha.



A Thighearna, éisd go trócaireach lé hurnaighthaibh do thshearbhfhoghantadh
umhal: agus chum go ngnodhóghdáois a nathchuinghidh, tabhair
fá deara dhóibh na neithe dhiarraidh ios toil leatsa, tré Iósa
Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 63a


AN TAONMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH
dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



A Dhía fhoillsigheas huilechumhachd, go mór mhór ag taisbeanadh
do trocuire agus do truaidhe: tabhair go lionmhar
do ghrásda dhúinn, ionnas ag rioth dhúinn chum do
gheallamhna, go bhfhaghbham ar gcuid don chisde neamhdhasa,
tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 64


AN DARA DOMHNACH DEAG A NDIAIGH DHOMHnaigh
na Trinóide.



An Norrtha.



A Dhía tsíorruidhe na nuilechumhachd, ios mó atá ullumh do ghnáth
chum ar nurrnúighthe dhéisdeachd, ina sinne chum tusa do ghuidhe, agus
ghnáthuigheas níios mó do thabhairt dúinn na íarrmuid ort, agus na
thuillmíd dhfhaghbhail úait: doirt anúas oroinn líonmhaireachd do thrócaire,


L. 64a


maith dhúinn na neithe ios eagail dár gcoinsiás, agus tabhair dhúinn na
neithe nách fiu ar nurrnaidhe dhfaghbail uait, tré Iósa Críosd ar
dtigherna. Amén.



AN TREAS DOMHNACH DEAG A NDIAIGH DHOMHnaigh
na Trinóide.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd atá lán do thrócuire, ós dod
thiodhlaicibh


L. 65


féin tig do fphobul díleas, seirbhís ionnraic ionmholta do ghénamh dhuit:
guidhmíd thú a bhrondadh dhúinn, rioth chum do geallamhna nemhdha, ionnus
go dtiogfadh dhínn a dtoradh dfhaghbhail fá dhéoigh, tré Iósa
Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 65a


AN CEATHRUMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH
dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



A Dhía thsíorruidhe na nuilechumhachd, méadaigh ar gcreideadh, ar
muinghin, agus ar ngrádh: agus chum gu ngnodhóghmáois gach ní
gheallas tusa, tabhair fa deara dhúinn haitheanta do ghrádhughadh,
tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 66


AN CUIGEADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH
dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thighearna, coimheid heagluis féin maille lé do thrócuire
thsiorruidhe: agus ó nách tig do mheirbhe na dáonachda
sesamh a tegmaisi, coimheid do thsíor lé do chabhair féin sinn, agus
tréoruigh sinn chum gach uile neith fhoghnus dár slánughadh, tré
Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 66a



L. 67


AN SEISMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH DHOMHnaigh
na Trinóide.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thigherna, do choimhthionól féin do ghlanadh agus do
dhídean maille lé trúaighe do bheith agad dóibh do ghnáth: agus ar
anadhbhar nách tig dhíobh bheith sáor o olc gan do dhídeansa,
coimhéid íad do shíor lé do chabhair agus léd mhaitheas, tré Iósa
Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 67a


AN SEACHDMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH
dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thighearna, fád ghrásuibh do bheith romhainn agus nar
ndíaigh do ghnáth, agus tabhair fa deara dhúinn sinn féin do thabhairt
donuile dheaghníomh do ghénumh do shíor, tre Iósa Críosd ar
dtighearna. Amén.


L. 68


AN TOCHDMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH
dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thighearna, brunn do ghrásda dod fphobul
féin, ionnus go seachónuid síad neamhghloine an díobhail, agus
go lenfuid síad tú féin atá a táon ndia ann, maille lé croidhe,
agus lé hinntinn ghlain, tré Iósa Críosd ar dtighearna.
Amén.


L. 68a


A NAOIMHADH DOMHNACH DEAG A NDIAIGH
dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



O a Dhía, ó nách éidir linn do thoil do ghéanamh ad teagmais
féin, brunn dúinn ar gcroidheadha do bheith ar na sdíuradh
agus ar na ríaghlughadh and sna huile neitheibh maille lé
hoibríughadh do thrócuirisi, tré Iósa Críosd ar
dtighearna. Amén.


L. 69



L. 69a


AN FITHCHEADADH DOMHNACH A NDIAIGH
dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



A Dhía thrócuirigh na nuilechumhachd, coimhéad sinn dod mhaithes
acfainneach féin o gach uile ní do ghoirtéochadh sinn: ionnus
ar mbheith dhúinne ullamh do tháobh chuirp agus anma, go
dtigedh dhínn lé hinntindibh ésguighthe do thoilsi do choimhlíonadh,
tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 70


AN TAONMHADH DOMHNACH FITHCHEAD A
ndiaigh dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



A Thighearna thrócuirigh guidhmíd thú, maithfeachas agus síothcháin
do thiodhlacadh dod fphobul díleas féin, ionnas go mbhíaid siad
ar na nglanadh ó anuile fpheacthaibh, agus go ndiongnaid síad
seirbhís duitsi maille lé hinntinnibh súaimhneacha, tré Iósa
Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 70a



L. 71


AN DARA DOMHNACH FITHCHEAD
a ndiaigh dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thighearna do mhuinntear féin iodhon aneaglais do
choimhead a bhfiréndachd thsíorruidhe, ionnus go dtiocfadh dhí tré do
dhídeansa bheith sáor onuile olc, agus seirbhís do ghénumh dhuitsi a
neaghníomhartaibh go dúthrachdach, chum glóire do thabhairt dod hainm
náomhtha, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 71a


AN TREAS DOMHNACH FITHCHEAD A
ndiaigh dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



A Dhía ios cumhdach agus ios neart dúinn, agus ios úghdar donuile
dhíaghachd, bí ullamh chum urrnaighthe dúthrachdaidhe heagailsi déisdechd:
agus brund dúinn na neithe iárrmuid ort go dlisdeanach,
do thabhairt dúinn héifechdach, tré Iósa Críosd ar dtigherna. Amén.


L. 72


AN CEATHRUMHADH DOMHNACH FITHCHEAD A
ndiaigh dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thigherna, do fphobul féin do sgáoiledh ó na gcoirthibh,
ionnas tré do mhórmhaithesa go mbhéimis ar nár sáoradh ó chuibhreach
na bpheacthadh dorínemar tré mheirbhthin na dáonachda,
brunn so dhúinn a thighearna, tré Iósa Críosd ar slánaightheóir. Amén.


L. 72a



L. 73


AN CUIGEADH DOMHNACH FITHCHEAD A NDIAIGH
dhomhnaigh na Trinóide.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thigherna, brosdaigh toil do fphobuil dílis féin, ionnas
ar mbheith dóibh ag tabhairt thoraidh na ndeghoibrithe go líonmhár uatha,
go bhfhaghbhaid síad luadhuigheachd go fairsing uáitsi, tré Iósa
Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 73a


LA FHEILE AINDRIAS.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, tug a iondshamhail soin do ghrásaibh dod
thapstal náomhtha Aindrías, ionnus gur umhluidh sé go hullamh do
ghairm do mhic Iósa Críosd, agus gur len sé hé gan fhuireach:
brunn dúinne uile ar gcloinsin do bhréitre náomhtha dhúinn dar ngairm, go
rabham ullumh umhal chum haitheanta náomhtha do leanmhuin, tré Iósa
Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 74


LA THOMAIS APSDAIL.



An Norrtha.



A Dhía thsíorruidhe na nuilechumhachd dfhuiling hapsdal náomhtha féin
Tómas bheith aimheirseach ar eiseírghe do mheic, chum go madh daingnide
an creideamh hé: brun dúinn creideamh choimhdhiongmhála soin
agus choimhneamhchunntabhartach do bheith againn ann do mhac Iósa Críosd,
Ionnus go mbhía ar gcreideamh a tfhíaghnaisi gan cháighe ar bioth. Eísd
lind a thigherna, tré Iósa Críosd, dá dtiobhram maille letsa agus leis an
spiorad náomh, gach uile ghlóir, mholadh, agus onóir a sáoghal na sáoghal.
Amén.


L. 74a



L. 75


AN LA DIOMPUIDH POL CHUM
creideimh.



An Norrtha.



A Dhía do theagaisg an domhan mór uile tré thseanmóir thapsdail
náomhtá Phóil, guidhmíd thú brunn dúinn a theachd dinn, do theagasg
náomhthasa do theagaisg seisean do leanmhuin agus do choimhlíonadh,
ar mbheith ar cuimhne againn an tiompúdh iongantach dorinne sé, tré
Iósa Críosd ar dtighearna. Amen.


L. 75a


LA FHEILE MUIRE NA FEILE BRIGHDE.



An Norrtha.



A Dhía thsiórruidhe na nuilechumhachd, guidhmíd go humhal do mhórdhachd,
amhuil do taisbénadh háon mhac féin conam an láoi aníu ann sa
teampoll a substaint ar gcollaine, go madh amhla soin bhus toil


L. 76


leat sinne dho thaisbénadh dhuit féin maille lé hinntinn fhiorghlain, tré
Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.



An Eipisteil.



Ios ionann hí agus eipisdil an domhnaigh.



LA MHAITTHIAS EAPSDAIL.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumachd do thogh do thshearbhfhoghantuidhe díleas féin
Maitthías, anionadh an mhéirligh Iúdas chum bheith dhó duimhir an dá
eapstal dég: brunn dhod hegluis ar mbheith di sáor do ghnáth ó
epstaluibh fallsa, bheith ar na sdíuradh agus ar na riaghlughadh lé
háodhairibh dísle fírindeacha, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 76a


LA FHEILE MUIRE NA FEILE PADRAIG.



An Norrtha.



Guidhmíd thú a thighearna, doirt do ghrásda ann a gcroidheadhuibh, ionnus


L. 77


amhuil fúaramar éolus lé teachdaireachd aingil go dtainaig do mhac
Críosd a gcoluinn, go madh amhla soin thiocfum chum glóire a eiséirghe
do bhrígh a bhais agus a fpháisi, tré san Iósa Críosd gcéudna soin ar
dtighearna. Amén.



An Eipisteil.



Do labhair an tighearna a rís lé Achas agá rádh, íarr comhtharrdha
dhuit ar do thighearna Día: íarr hé ann sa dubhaigén
thíos, no sanárd thúas ós do chionn. Agus a dubhairt Achas,
ní íarramh agus ní chuireamh cathughadh ar an dtighearna. A
dubhairt seisean an tansoin, éisd anois a theagh Dhaibhíth,
an beag libh doilgheas do chur ar dháoinibh achd fós tuirsi do chur ar mo
dhía? ar anádbharsin dobhéra an tighearna féin comhtharrdha dháoibh:
féchaidh, gébha óigh toirrchios chuigthe, agus béaraidh sí mac, agus
dobhéra tusa a mháthair Emanuel dainm air. Oilfithear lé hím
agus lé mil hé go teachd
chum tuigseana dhó an tolc do thsheachna agus an mhaith do thoghadh.


L. 77a


LA MHARCUIS SUIBHISGEIL.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd do theagaisg heagluis náomhtha féin lé
tegasg neamhdha do thshuibhisgéil náomhtha Mharcuis, tabhair grása
dhúinn, ionnus nách biam ar nar nglúasachd mar lenbuibh lé gach uile
thsuindén teagaisg neamhéfechdaigh, achd bheith dúinn ar nar
ndaingníughadh go diongmhálta a bhfírinde do thshoisgéil náomhthasa, tré
Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 78


LA BEALLTAINE.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, ag ar ub hí an bheatha mharthanach éolus
do bhreith ort go firinneach: bhrunn dúinn a fhios do bheith againn
go diongmhálta gur ub hé do mhacsa Iósa Críosd an tshlighidh,
an fhírinne, agus an bheatha, amhuil do theagaisg tú Pilib
náomhtha agus an chuid oile do na hapstaluibh, tré Iósa
Críosd aar dtighearna. Amén.


L. 78a



L. 79


LA BHARNABAIS APSDAIL.



An Norrtha.



A Thighearna na nuilechumhachd, tug tiodhlaicthe úaisle an spiorad
náomh dod hapstal náomhtha Barnabas: na fág folumh
sinn ód thiodhlaicthibh iomdha, na fós ód ghrásaibh, lé síolfadhmís
íad do ghnáth, chum glóire agus molta do thabhairt duitsi,
tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 79a


LA FHEILE SAIN SEAIN.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, agá rugadh Eóin baisde do
thsherbhfhoghantuidhe go hiongantach maille lé do chianradharcsa,
agus agár cuireadh hé chum slidheadh do mheic ar slanaightheóir
dullmughadh lé seanmóir na haithridhe: tabhair dhúinne
a theagasg, agus a bhetha náomhtha do leanmhuin, ionnus
go dtiocfa dhínn aithridhe fhirindeach do ghénamh do reir a theagaisgsion,
agus fós an fhirinne do labhairt go seasmhach, na feacthaigh do dhiomoladh
go dána, agus fulung foighidneach do thabhairt ar son na fírinde do réir a
eisiomplárasan, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.



An Eipisteil.



Tabhruidh comhfhurtachd, tabhruidh comhfhurtachd, dam fphobul adéra
bhar ndía. Labhruidh go cáonmharach lé Hiarusaléim, agus eimhghidh
uirre, gur cuireadh crioch ar a cogadh, sgur maithemh a
haingidheachd di: Oír fúair sí a laimh an tighearna díol dúbulta
ar son a huile fpheacthaidh. Guth an tí éimhgheas ar an bhfásach,
ullmhuighidh slidhigh an tigherna, dírghidh slidhigh ar ndíane ar an
bhfhásach. Airdéochthar gach uile ghleand, agus ísleochthar gach uile
thslíabh agus chnoc: agus bíaid na neithe
cama dírech, agus na slighthe garbha mín, agus foillséochthar glóir


L. 80


an tighearna, agus dochífe gach uile dhuine aneineachd hí: Oír do labhair
bél an tighéarna hé. a dubhairt guth, déna éimhghe, agus adubhairt seisean
créud hí a neimhghe me? Is fér gach uile fhéoil, agus ní fhuil ann
a maisi achd mar bhláth an mhachaire: sergaidh an fér, agus tuitidh an
bláth dhé do bhrígh go séideand spiorad an tighearna air: go deimhin is fér an
pobul. seargaidh in fér, agus tuitidh a bhláth dhé: achd anfa bríathar ar
ndíane go seasmhach do thsíor. O a Shíoin thsheanmóruidheas an soisgél,
eirigh súas ar shlíabh árd: O a Iarusailéim thsheanmóruidhear an soisgel
ardaidh do ghuth go láidir: arduigh hé, agus na bioth faidches ort: Abair lé
cathrachaibh Iuda, féchuidh bhar ndía. féchaidh, tiocfa an tighearna Día
maille lé cumhachdaibh, agus dobhéara bun a ridheadh tighearnas dó: féchaidh
atá a thúarusdal aige, agus atá a obair iona fhíaghnuisi. beathéocha sé a
thréad mar áodhaire: cruinnéocha sé na huáin lé na láimh, agus iomchóra sé
ina uchd íad: agus tréorócha sé go cinéolta na cáoirigh lé huachd úan do
bhreith.


L. 80a


LA FHEILE PEADAIR APSDAIL.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, tug lé do mhac Iósa Críosd morán
do thiodhlaicibh uáisle dod tapsdal Pedar náomh, agus
do aithin de do thréad do bhethughadh go duthrachdách: guidhmíd
thú cuir dfhíachaibh ar gach uile easbog agus áodhaire
spioratálta do bhríathar náomhtha dho thsheanmóir go díthchiollach,
agus ar an bpobul mar an gcédna an bhríathar sin do leanmhuin
go humhal, ionnus go bhfhaghaid síad coróin na glóire marthanuighe,
tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 81


LA FHEILE SAIN SEUM APSDAIL.



An Norrtha.



Brunn dúinn a Dhía na trócuire, amhuil dfágaibh an tapsdal naomhtha
Sémus a athair agus araibhe don thsáoghal aige gan maill ar bioth, agus
do umluidh sé do ghairm do mheic Iósa Críosd,
agus do len sé hé: sínn féin mar an gcédna
do bheith ullumh do ghnáth chum taithentasa do lenmhuin, ar gcur toile
na colla agus an thsáoghail ar gcúl dúinn, tré Iósa Críosd ar dtigherna.
Amén.


L. 81a



L. 82


LA FHEILE PHARRTHALOIN APSDAIL.



An Norrtha.



A Dhía shíorruidhe na nuilecumhachd, tug grása dod tapstal Parrthalón,
creideamh fírinneach do bheith aige, agus do bhriatharsa do thshenmórughadh:
guidhmíd thú a bhrunnadh dhod heagluis a ní dho chreid
seisean do ghradhughadh, agus a ní dho theagaisg sé do thsheanmórughadh,
tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 82a


LA MHATHA APSTAIL.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd do ghair Matha lé do mhac beannuighthe,
ó bheith ag tógbháil chusduim, chum bheith dhó na apsdal agus
na shuibhisgél: Brunn dúinne do ghrása, ionnus go seachónum
gach uile shaint agus mhían neamhmeasarrdha an tshaibhris, agus
go leanfum do mhac Iósa Críosd, noch mhaireas agus atá a rioghachd
tshíorruidhe maille leatsa agus leis an spiorad naomh, a sáoghal
na sáoghal. Amén.


L. 83


LA FHEILE MICHIL AGUS NA nuile AINGEAL.



An Norrtha.



A Dhía shíorruidhe, do orduigh agus dochum seirbhís na nuile Aingeal
agus dhaoine ar nós ionghantach: brunn dúinn go trócuireach go
dtí don druing doní seirbhís duitsi do ghnáth ar neamh, sinne do
dhídean agus do choimhéd ar talmhuin maille lé tusa do bheith dha
dtréorughadh, tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.



An Eipisteil.



Agus dobhí cath ar neamh: do chathuigh Mithchéul
agus a aingil, ris an Dragún: agus
do chathuigh an dragún agus a aingil (ríusa:)
Giodheadh ní rugadar buáidh, agus ní
fríth a náit ó shoin amach ar neamh. Agus do teilgedh
amach an dragún mór, an tsenaithir nimhe,
dá ngoirther an Díabhal agus Satán, an tí mhellas
an domhan uile, do teilgeadh amach hé
fán dtalamh, agus do teilgedh amach a aingil
maille ris. Agus dochúalla mé guth mór ar neamh, agá rádh, anois atá
slánúghadh agus neart agus ríoghachd ar Ndeine, agus cumhachda a
Chríosdasan: oír do téilgeadh síos fear éilighthe
ar ndearbhráithreach, noch dhobhí dhá néiliughadh
do ló agus doidhche a bhfíadhnuise ar Ndé. Giodheadh rugadar buáidh air
tré fhuil anuáin, agus tré bhréithir a bhfiadhnuise: agus ni raibhe súim
aca na nanum fein gu bás. Uime sin a fhlaitheamhnasa biodh gairdechas
oruibh, agus oruibhse a luchd aitreabhas ionnta. A thruáighe libh a
luchd aitreabhas an talamh agus
an fhairrge, oír táinic an Díabhal anúas chuguibh lán do chuthach féirge,
ar mbeith a fheasa aige gurob aithghearr a aimsear.


L. 83a


LA LUCAIS SUIBHISGEIL.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd dó ghair Lucás an liáigh agá bhfhuil
deaghtheisd air and sa soisgél, chum bheith dhó na liáigh anma:
go madh toil leat maille lé leigheas falláin a theagaisgsean, uile
easláinte ar nanman do leighes, tré do mhac Iósa Críosd ar dtigherna.
Amén.


L. 84



L. 84a


LA SHIOMOIN AGUS IUDAIS APSDAIL.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, do thógaibh do choimhthionól ar
fhuindameant na napstal agus na bhfháidheagh, ar mbheith
Dhíosa Críosd féin na chloich uillend san obuir: brunn
dúinne bheith coimhcheangailte lé céile anáondachd spioraide
lé na dteagasgsan, ionnus go ndéntáoi tempull
náomhtha ar a mbheith gean agadsa dhinn, tré Iósa Críosd ar dtighearna.
Amén.


L. 85


LA SAMHNA, NO FEILE NA nuile NAOMH.



An Norrtha.



A Dhía na nuilechumhachd, do cheangail dá chéile an luchd
do thogh tú anáonchumand agus chompánas, a gcorp
thsheicréideach do mheic Iósa Críosd ar dtighearna: tabhair
do ghrásuibh dhúinn, do náoimh do leanmhuin do
réir a subhaltaidheadh agus a ndíaghachd, ionnus go dtiocfum
fá dheóigh chum an tshóláis dóindsdionasain, do ullmhuidh tusa don
druing grádhaidheas tú go cinnte, tré Iósa Críosd ar Dtigherna. Amén.



An Eipisteil.



Agus dochonnairc meisi Eóin, aingeal eile ag éirghe
ón aird anoir, agá raibhe séula an Dé bhéo: agus
do éigh sé do ghuth árd ar na ceithre hainglibh dá
dtugadh cumhachda ar an dtalamh agus ar an bhfáirrge
dho mhilleadh, Agá rádh, ná déunuidh dochar don
talamh, ná dhon fháirrge, ná dona crannuibh, nó gu gcuiream
séula ar shearbhfhoghantuigheadhuibh ar Ndé a gcláruibh a néudan.


L. 85a


Agus dochúala mé nuimhir na druinge ar ar cuireadh an séula: agus do
séuluigheadh céud ceithre mhíle ar dhá fhichead do mhiltibh, duile
threabhuibh chloinne Israéul. Do séuluigheadh dhá mhile dhéug
do threibh Iúda: do séuluigheadh
dhá mhile dheug do threibh Ruben: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do
threibh Ghad: Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Aser: do
séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Nephthali: do séuluigheadh
dhá mhíle dhéug do threibh Mhanasses: Do séuluigheadh dhá
mhíle dhéug do threibh Shimeon: do séuluighedh dhá mhíle dhéug
do threibh Levi: do séuluigheadh dhá mhíle
dhéug do threibh Issachar. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh
Sabulón: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ioséph: do
séuluigheadh dhá mhile dhéug do threibh Bheniamin. Tar a éise sin do
fhéuch mé, agus tabhair húidh, (do taibhreadh dhamh) buidhean mhór nár éidir
dhéuneach dháireamh, dá gach uile chineadh, agus (dá gach uile) threibh,
agus fphubal, agus theanguidh, na seasamh a bhfíadhnuise na
catháoireach, agus a bhfiádhnuise anuáin, umá rabhadar
róbuidhe fada gléigheala: agus pailm ana lámhuibh. Agus do éighedar
do ghuth ard, agá rádha, (as) ó ar Ndíane atá na shuidhe sa gcatháoir,
agus ó anúan, (dogeibhthear) slánughadh. Agus do sheasadar na haingil
uile a dtimchioll na cathaóireach, agus na seanoireadh, agus na gceithre
mbeathadhach, agus do léigeadar íad féin síos ar a naighthibh a bhfíadhnuisi
na catháoireach, agus tugadar onóir dho Dhía, ag rádh, Amén: moladh,
agus glóir, agus eagna, agus buidheachas, agus onóir, agus cumhachda,
agus neart dár Ndíane a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. 86


LEIGHEANN MHINISDRALACHDA
SHUIPEIR AN TIGHEARNA,
MAR ATA AN CHUMAOIneach naomhtha.



An mhéid lé nab mían teachd chum na comáoineach náomhtha, is cóir dhoibh an
anmanda do thabhairt don Mheinisdir, anoidhche roimhe, nó ar madain roimh
thráthaíbh, nó ar ball a ndiáigh thrátha.



Agus dá mbhía áonnduine aca, ar a mbhía cair fhollas, do ghoillfeadh ar an
gcoimhthionól, nó dhorinde égcóir ar a chomharsoin, do bhreithir nó dho
ghníomh: da bhfhagha an Meinisdir éolus ar a shamhail soin, is cóir dho a
ghairm, agus comhairle
do thabhairt dó, gan a chur roimhe ar chor ar bioth toigheachd chum buird an
tighearna, no go bfhoillsighidh sé go follas
go ndearna se aithrighe fhireandeach, agus
lórghniomh doNeaglais, agus don druing ar a ndéarna éugcóir: nó an chuid is
lughda dhe, go ngeallfa sé lórghniomh do dhénumh dhóibh, fá mar is táosga
fhéudfas a dhenamh go hiomchubhaidh.



Ar an modh gceadna, dobhéara an Mhinisdir tegasg don druing agá
nairéochaidh sé mailís nó fúath eattorrna, agus ní fhuiléonga sé dhóibh
comáoineach bhuird an tighearna dho ghabhail,
no gu madh deimhin leis a mbheith réidh lé cheile. Achd da nabruidh duine
don droing atá animreasain go
maitheand sé féin do rún chroidhe a ndéarna an duine eile dheagcóir air,
agus fós go bhfuil sé ullamh chum
lórghniomha do dénamh sanegcóire dorinne sé, agus nach ail leis a nduine
oile lóirghniomh do gabháil úadha,
nó a fhearg agus a fhúath do leigean de, leigeadh an Minisdir an tí ar a
bhfhuil anaithmhéula chum na comáoineach,
agus díultadh an té atá asúmhal.



An tan chaithmhighthear Suipear an tighearna, suidhighthear an bórd, ar na
fholach dhéudach ghlan lín, a lár an
teampuill, nó na coradh, Sanionadh a léughthar na trátha agus an teasporta,
agus ar seasadh dhon Minisdir
don táobh thúaith don bhúrd, abradh sé urrnaighte an tighearna, mar so síos.
Ar nathairne atá ar neamh etc.
maille leis anorrthain so síos.



AN CHOMAOINEACH.



O a dhé uilechumhachdaigh, agá bfuil croidhthe na nuile dháoine
fhosluigthe a tfhiaghnaisi, dár ub aithnidh indtind na nuile,
agus ag nách fuil seicréid ar bioth foluightheach ort:
glan smúaintighthe ar gcroidheadh lé cumhachdaibh an
Spiorad náomh, iondus go ngradhócham thú do rún chroidhe,
agus go dtiobhram an onóir dhlighmíd do thabhairt dod hainm náomhthasa,
tré Iósa Críosd ar dtighearna. Amén.


L. 86a


Aindséin adéra an Minisdir na deich naitheanta go soilléir: agus iarrfaid
an pobul uile ar a nglúinibh,
a ndiaigh gach áonaithne dhíobh, trócuire Dé ar son sháraighthe na
naitheanta, ar an modh so siós.



An Minisdir.



1. Do labhair Día na briathra so, agus a dubhairt sé: Is
meisi do Thighearna Día: na bioth áon ndía oile agad
achd meisi amháin.



An Pobul.



A Thighearna déuna trócuire oruind, agus dírigh ar gcroidheadha
chum na haithneisi do choimhlíonadh.



An Minisdir.



2. Ná déuna dhuit féin iómhadh, na cosmhuile aóinneith da bfhuil thúas
ar neamh, ná ar an talmhain thíos, ná and sanuisge fán talmhain:
na cróm thú féin síos dóibh, aghus na tabhair onóir dhóibh. Oir is meisi
do thighearna Día, agus is Día éudmhar mé, leanas peacadh na naithreadh
ar an gcloind, go soithche an treas, agus an ceathrumhadh
geinealach, don droing fhúaithidheas mhé, agus doní trócuire ar na míltibh
don drúing gradhaigheas mhé, agus chóimhéadas mhaitheanta.



An Pobul.



A Thighearna déna trócuire oroinn, agus dírigh ar gcroidheadha
chum na haithneisi dho choimhlionadh.



An Minisdir.



3. Ná tar thar aínm do thíghearna Día go díomhaóin: oír ní búdh
neamhchiontach a bhfhíaghnaisi an tighearna, an tí lúaidhfios a ainm go
diomháoin.



An Pobul.



A Thíghearna déna trócuire oruinn, etc.



An Minisdir.



4. Cuimhnigh lá na Sabbóide do náomhadh, a sé laithibh oibréochus
tú, agus dodhéna tú hoibrighthe féin uile, achd a sé an seachdmhadh lá
Sabbóid do thighearna Día. Na déna obuir ar bioth and, tu féin, ná do
mhac, na hinghean, do shearbhfhoghanthuidh ná do bhanóglach, hainmidhe, ná
an duine coimhightheach atá don táobh a sdigh dod dhóirrsibh. Oír is a
sé laithibh dorinne an tighearna neamh, agus talamh, an fhairrge, agus
gach ní dá bhfhuil iondta, agus do chomhnaigh sé an séachdmhadh lá: Ar anadhbharsoin
do bheannaigh an tighearna an seachdmhadh lá, agus do náomh sé
hé.



An Pobul.



A Thighearna déuna trócuire oraind, etc.



An Minisdir.


L. 87


5. Tabhair onóir dhod tathair, agus dod mháthair, chum go bhfaidéochthí
do laithe ar an dtalmhuin, dobhéura an Tighearna do Dhia féin duit.



An Pobul.



A Thighearna déna trócuire oruinn, etc.



An Minisdir.



6. Ná déna dúnmharbhadh.



An Pobul.



A Thighearna déna trócuire oruinn, etc.



An Minisdir.



7. Ná déna adhaltrandas.



An Pobul.



A Thighearna déna trócuire orainn, etc.



An Minisdir.



8. Ná déuna goid.



An Pobul.



A Thighearna déna trócuire oroinn, etc.



An Minisdir.



9. Ná déuna fíaghnaisi bhréige an adhaigh do chomharsan.



An Pobul.



A Thighearna déna trócuire oruinn, etc.



An Minisdir.



10. Ná sandtaigh teach do chomharsan, ná sandtaigh bean fphósda do
chomharsan, ná a óglach, ná a bhanoglach, ná a bhó, ná a assal, ná ní ar
bith oile bhús léd chomharsain.



An Pobul.



A Thighearna déuna trócuire oruinn, agus guidhmíd thú na haitheanta so
uile do chur a gcló in ar gcroidhedhuibh.



Aindséin adéura an Minisdir orrtha an láoisin maille lé horrthain don dá
orrthain so síos ar son an
Rígh, na sheasadh ag bórd an Tighearna, ag rádh.



Déunam urrnaighthe.



O a Dhía na nuilechumhachd, gá bfhuil do rioghachd síorruidhe, agus do
chumhachda nemhchuimsighthe, déuna trócuire ar an gcoimhthionól uile,
agus sdúr croidhe do sherbhfhoghantaighe tóghtha féin Shéumuis, ar Rí,
agus ar núachdarain, iondus (ar na thuigsí dó cía dhan ub oglách hé) go
níarrfadh sé glóir, agus onóir do thabhairt duidsi
roimhe an uile ní: agus ar na thuigsí dhuinne
atá fá na chumhachduibh (mar is iomchubhaidh,) gur ub uáitsi atá
úachdarranachd aige, go ndiognam seirbhís dhíles dó, go dtíubhram ónoir,
agus umhlachd dó, ionnatsa, agus ar do shonsa, do réir haithne, agus
hordaighthe bhennaighthe féin, tré Iósa Críosd, ar
dtigherna, noch mhaires agus atá a rioghachd shíórruidhe
na aon ndía, maille letsa, agus leis an spiorad náomh, a sáoghal na
sáoghal. Amén.


L. 87a


An Norrtha oile.



A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, múinidh
do bhriathar bhennaighthe dhúinn, go bhfhuilid croidheadha
na Rioghtheadh and do laimhsi, agus go
sdúrand tú agus go niompuidheand tú íad,
fá mar as féarr docíther dod ghliocus díaghdha,
guidhmáoidne go humhal tú, croidhe
Shémuis do shearbhfhoghantaighe féin, ar Rí
agus ar Núachdarain, do riaghladh agus do
dhíorghadh, iondas go níarfadh se in a uile
smúaintighthibh, in a uile bhríathraibh, agus in a uile ghníomharthaibh,
honóir agus do ghlóirsi, maille lé díthchill dho dhénumh dhó, ar do fphobulsa
do cuireadh dhúalach air, do choimhéd a sonas, a síthcháin, agus a gcreideadh:
bronn so dhúinn a athair thrócuirigh, ar son do mhic mhórghradhaigh Iósa
Críosd ar dtighearna. Amén.



Ar an mbhall andíagh no norrthann, léighfidh an Minisdir an Eipisdíl, ag
tosughadh mar so.



An Eipisdil mar sgríobhthar hí chum na Romhánach, no chum a leithéid oili,
and a leithéid so do Chaipghidil.



Agus tar éis na heipisdleach do léughadh, adéura sé: is mar so thosuigheas
an Soisgél.



An Soisgél mar sgríobhthar hé etc. Ann a leithéid so dho Chaipghidil:



Agus tar éis na heipisdleach agus an tshoisgéil do léghadh, a dearthar an
Chré mar so siós.



Creidim a naóindía Athair na nuilechumhachd,
cruithaightheóir neimhe agus talmhan, agus an
nuile neith sófhaicsiona agus dófhaicsiona. Agus a
náon tighearna Iósa Críosd, an táonmhac do
geineadh ó Dhía agus rugadh ó nathair, sul do
bhí sáoghal ar bioth and. Día dho Dhía, Solus
don tsholus, Día fírindeach don Día fhirindeach,
do gheineadh agus nách déarnadh, dáonthsubstaint
leis an Athair, lé ndéarnadh gach
uile ní: noch táinic anúas do neamh ar ar soinne an cineadh dáonna, agus
ar son ar slánaighthe: agus do ghabh coland dáona uime don mháighdin
Muire, lé cumhachdaibh an Spiorad náomh, agus dá ndearnadh duine: agus
fós do céusadh ar ar soinne, fa Phuingc Philáid: do fhulaing an fpháis, agus
do hadhlaiceadh: agus dorinne an eiséirghe an treas lá, do réir an
Sgriobtúr, agus dochúaidh súas ar neamh, agus atá na shuidhe ar láimh
dheis an Athar: agus thíocfas arís maille lé glóir, do bhreith bhreithe ar
bheóghaibh agus ar mharbhuibh: ag nách bía foirchiond ar a ríoghachd. Agus
creidim mar an gcéudna and sa Spiorad náomh, Tighearna, agus tiodhlaigtheóir
na beatha, noch thig ón Athair, agus ón Mhac: da dtugthar onóir


L. 88


agus glóir, maille leis an Athair, agus leis an Mac, noch dho labhair a
mbéul na bfháidheadh. Agus creidim mar an gcéudna áoineaglais náomhtha,
chomhchoitchiond agus absdulta (do bheith ann.) Admhuidhim áonbhaisdeadh
amháin chum maithfeachais na bpheacthadh. Agus atá súil agam lé heiséirghe
na marbh, agus leis an mbheatha marthanaigh. Amén.



An ndíaigh na Créidhe muna raibhe Seanmóir and, léughthar foircheadal do na
foircheadlaibh díaghdha do cuireadh
a gcló cheana, no chuirfighthear na dhíaigh so lé hudaras coidchiond.



Agus andíaigh na Seanmóra nó an fhoirchiodail, foillséochaídh an Minisdir
don fphobul, laithe sáoire, agus
troisgidh na seachdmhaine na dhiaigh dá rabhaíd and. Agus dona céidneithibh
do bhéura se teagasg dhóibh coimhniughadh ar na bochdaibh, agus a riachdanas
leas dfhóirighthin, Aindséin a
déura sé do réir a dheiscréide féin,
áon fhearsa amháin no níbhús mó do na fearsadhaibh so siós.


L. 88a


Tabhair déirc dona bochduibh dod mháoin féin, agus ná hiondtaigh
haghuidh go bráth ó áonduine bhochd, agus marsoin ní fhillfidh an
Tigherna a aghaidh uáitsi.



Bí trócuireach do réir hacfainde. Madh atá morán agad, tabhair
ní úait go fairsing: madh atá beagán agad, déna do dhíthcheall ar chuid
don bheagánsoin do thabhairt uáit go furbhfailteach: Oír is mar soin
chruineóchus tú dhuit féin lúaghaóidheachd maith a ló an ríachdanuis.



An tí doní trócuire ar an mbhochd, dobheir sé airleagadh don
Tighearna. Agus cúitéochuigh an Tighearna leis an ní thug sé
úadha.



Is beandaighthe an tí dobheir a aire do riachdanas an bhoichd: sáorfaidh
an Tighearna hé anáimsir an uilc.



Aindséin croindéubhaid na próchutóireadh, nó gidhbé dáoine oile ar a
gcuirfighthear an túalachsoin, an déirc
dobheirid an pobul uátha, agus cuirfid síad a gcisde na mbhochd hí. Agus
dobhéra gach áon úadha, na hothfrálacha,
gnáitheachtha don Mhinisdir: Aindséin adéura an Minisdir déunam
urrnaighthe ar son sdaide na heagailsi
comhchoidchionde atá anois ag déunadh gaisgidh ar an dtalmhuin.


L. 89


A Dhía bhíothbhúain na nuilechumhachd, noch
tréud hapsdal náomhtha fhógras, urrnaighthe,
guidhe, athchuingeadha, agus breith buidheachais
do dhéunamh ar son na nuile dháoine: iarrmuid
go humhal ort, (na déarca so do
bhéirmíd úainn, agus) na hurnaighthe so othfhrálamaoid
dhod mhordhachd díaghdhasa, do
ghabháil chugad go trócuireach: agá iarruidh
ort mar an gcéudna, Spiorad na fírinde,
na síothchána agus an réidhtigh do thabhairt uait do ghnáth, agus do
choimhéud doneglais
go huilidhe: déonuidh mar an gcéudna, go dtiocfadh an mhéid admhuidhes
hainm náomhtha féin lé chéile, a gcreideamh, agus a dteagasg fhírindeach an
tshoisgéil, agus go gcaithfid a mbheatha a réidhtioch agus a ngrádh
díaghdha. Guidhmíd thú mar an gcéudna, Priondsadha, úachdarain, agus
Ríghthe corónta na Críosduidheachda
uile, do choimhéud, agus do dhídean, agus go speisiálta
Sémus ar Ríghne do thshearbhfoghantuidheisi, iondas go gcaithfeam
ar mbheatha go suáimhneach fá na smachd, maille leis an uile dhíaghdhachd,
agus fhíréundachd. Agus brond dá chomhairle uile, agus da gach duine eile
da bhfhuil anoifig faói, cóir do dhénumh go fírindeach neamhleatromach,
gan fhéuchain do fphersáin tar a chéile, chum anuilc agus na lochd
do smachdughadh, agus do cheartughadh: agus chum go méudóchadh díaghdhachd,
creidedh agus subhaltuighe, agus go bfhuigheidís an luáidhigheachd
dhlighthear do thabhairt dóibh.
Tabhair grásda mar in gcéudna a Athair néamhdha dá gach uile Easpog,
agus áodhaire spioratálda ar a bfhuil cúrum anmand, go bhféudfuid
síad lé na mbheatha ghloin, agus lé na dteagasg díaghdha, minisdralachd an
tshoisgéil do dheaghmhashíughadh, agus na Sacrameintedh do fhrithéolmhagh,
do réir orrduighthe do mheic féin. Tabhair grásda mar an gcéudna dod
fphobul uile, agus go speisíalta don choimhthionolso do láthair, do bhríathar
náomhtha féin deisdeachd agus do ghabháil chugtha, lé hindtinnibh
umhla, agus leis an onóir is iomchubhaidh dho thabhairt di, agus
seirbhís do dhéunamh dhuitsi
a náomhthachd, agus a bfhiréundachd, ar feadh a sáoghuil uile. Guidhmíd thú
mar an gcéudna go humhal, ar son do mhaitheasa a Thíghearna, cabhair
agus comhfhurtachd do thabhairt do nuile dhuine atá a namhghar, a
ndoilghíos, anéugcrúas, nó a ríachdanasleas ar bioth
oile is an bheatha ndiombhuáinso:
Brond na híarrataisi uile dhúinn, a Athair thrócuirigh ar son Iósa
Críosd, ar naóinfhear réitigh agus ar naighne. Amén.



Aindséin adéurthar an teagasgso síos an áimsearuibh dhairighthe, an tan
dochífe an Minisdir an pobal mainneachdnach
chum teachda do ghabháil na comaóineacha náomhtha.


L. 89a


A bhráithrecha róionmhuine, tangamar andso
aníu a gceand a chéile, chum ar sasadh lé suipéar
an Tighearna, agus aithnighim dháoibh
uile an ainm an Tighearna an mhéid a táthaói
do láthair andso, agus iarruim dathchuingidh
oroibh mar an gcéudna a
huchd an Tighearna Iósa Críosd, gan áonnduine
agaibh do dhíultadh teachd chum an
tshuipéirsi, go speisiálta do bhrídh go bhfhuil
an Tighearna féin a chomhghrádhachsoin dá
bhur ngáirm agus ag tabhairt cuiridh dháoibh.
Atá a fhios aguibh, a mhéud ghoilleas ar dhuine an tan doní sé féusda
mórlúaigh, agus líonaidh sé a bhórd da gach uile thsort bídh, gan uireasbhaigh
ar bioth air, achd a luchd cuiridh do chur na suidhe, da ndíultaid an
luchd dá dtugadh an chuireadh go mearrgánta dobuidheachuis teachd chuige.
Cía hagaibhsi ré ndéuntaói a leithéide soin nach géubhadh go holc
chuige hé? Cía haguibh nach sáoilfeadh go ndiongantuidhe égcóir romhór
air féin? Ar anádhbhorsoin a bhráithreacha róiomhmhuine a Gcríosd,
tabhruidh dha bhar naire, nach brosdóchadh sibh fearg Dhé nar naghaidh féin,
fá dhíultadh thoigheachd chum an tshuipéir náomhthasa. IS urusa do dhuine a
rádh, ní fhuil fund orom toigheachd chum na comáoineach, ar anadhbhar
go bfhulid gnodhaighthe sáoghalta ag cur thoirmisg orum. Giodheadh ní
hurus a leitheíde sin do leisgéul do ghabháil na do mholadh a bfhiaghnaisi
Dé. Madh a deir áonduine, is peacthach romhór mé, agus ar anadhbharsin
ní lamhuim theachd: fiafruidhim dhíobh créd an tadhbhar? créd má nach
déuntaói aithríghe, agus bhar mbheatha dho leasughadh? An é nách nár libh
a rádh, an tan dobheir Día cuireadh dháoibh, ní háill lind teachd? An
tan do budh chóir dháoibh filleadh chum Dé, an ngéubhtháoi bhar leisgéul, agus
an aibéorthuidhe: ní fhuilmíd ullumh? breathnuighidh go díthcheallach
iondaibh féin, nách fuil tarbha in a leithéidibhsin do chummodóireachd agus
do leisgúeluibh a bhfhiaghnaisi Dé. An dream do dhíuilt teachd chum an
fhéusda isan Soisgéul, ar son gur cheandchadar fearun, nó gur mhían léo
cuingir dhamh dho cheandchadar do dhearbhadh, nó gur phósadar mná, nír
gabhadh leisgéul uátha, achd do measadh nár bfíu íad teachd chum an fhéusda
neamhdhasoin. Atáimsi annso dho lathair, agus do réir mfhoifige,
dobheirim cuiredh dháoibhsi anainm an Tighearna, dobheirim fógra dháoibh
a huchd Chríosd, agus dobheirim teagasg dháoibh, (amhuil is maith libh
sibh féin do shlánughadh) cuid don chomáoineach náomhthasa do chaitheamh.
Agus amhuil nár ghabh gráin mac Dé a fhuil féin do dhortadh ré bás dfhulang
ar an gcrand gcéusda chum sibhsi dho shlánughadh: Is mar an gcéudna atá
dfhíachuibh oruibhsi, an chomaóineach do chaithemh anaóineachd, a
gcoimhniughadh a bháis sean, do réir a aithne féin. Achd madh churtháoi
romhaibh


L. 90


anois an Suipéar so do dhíultádh, breathnuighidh in bhar ninntinnibh féin,
créud hí méud na héagcóra doní sibh ar Dhía na nuilechumhachd, agus créud
hé tromdhachd an dioghaltais thuitfes oraibh, ar son na tarcuisneisi. Agus
ar anádhbhar go gcuirend sibh fearg a chomhmórsoin ar an dtighearna, ré
heiteach an fhéusda náomhthasa: dobheirimsi fógra agus tegasg dhaóibh,
agus fós iarruim dathchuinghidh oraibh, gan tuilleadh uilc do chur leis an
dobhuidheachas so: An ní dodhentaói da mbía sibh mar luchd feithimh,
agus iongantais na druinge chaitheas an commáoineach, agus sibh féin an
feadhsoin nemhcheanamhuil uma ghlacadh. Oír créud a ní oile is éidir dho
thuigsin as, achd neimhchion agus dobhuidheachas romhór a naghuidh Dé? go
deimhin is mór an dobhuidheachas duit, eiteach do thabhairt uáit ar
bhfhaghail chuiridh dhuit, achd as rómhó iná soin, an tan sheasas tú ar a
chomhair, agus gan tú ag ithe, na ag ól iná ag blaisedh neith don
chommáoineach náomhtha a bhfochair cháich. Fíarfuidhim dhíot créud atá
in a léithéide sin do
ghníomh, ach sgigeadh fothchásach fá sheicréidibh náomhtha an Tighearna
Iósa? Atá a naithnesi fóirrleathan, agus beanuidh sí ré gach áonduine .i.
Glacuidh, agus ithidh, glacuidh, agus ibhídh uile dhe so: Dénaidh so mar
chúimhne oramsa. Créd hí a naghaidh nó an téudun lé néisdfeidh sibh na
bríathraso? Créd hé so, achd faillighe, agus tarcuisne, agus foghnámhad
do dhéunadh fá thiomna Chríosd? Ar anadhbharrsin deagla soin do dhénumh
dhaóibh, fágaidh an láthairsi, agus tabhruidh ionadh dhon drúing agá bhfhuil
inntinn dhíaghdha. Achd fós ag imtheachd daóibh, íarruim oruibh, smúainidh
ionnaibh féin go meinic, cía ón a bfhuiltí ag ímtheachd. Atáthí ag imtheachd
ó bhórd an Tigherna, atátháoi ag imtheachd ó bhar mbhráithribh críosduighe,
agus ó fhéusda na hoileamhna neamhdha. Mádh dhobheirthí na
neitheisi go dithcheallach dá bhar naire, fillfighthear sibh do grasd Dé chum
na beatha is féarr, agus is falláine. Agus chum go bhfhuigheadh sibh an
trócuire sin, dodhéunaimne ag caitheamh na comáoineach náomhthasa dhúinn,
ar nurrnaighthe umhal chum Dé bhithbhéo ar bhur son.



Ar uáiribh eile, adéarthar an foircheadal so mar an gceudna, do réir
dhisgréide an Mhinisdir.



A bhráithreacha róionmhuine, do bhríogh go bhfuil dhfíachuibh
oruind, buidheachas rómhór do thabhairt ó chroidhe do
Dhía na nuilechumhachd ar nathair neamhdha, ar son go
dtug sé a mhac féin ar slánuightheóir Iósa Críosd, ní
héadh amháin dfhulang fpháisi ar ar son, achd mar an
gcéudna chum go mbíadh sé na shásadh agus na bhíadh spioratálta aguinn,
fá mar fhóillsighthear dhúinn lé bréithir Dhé, agus lé Sacrámeinntigh a
fhéola, agus a fhula rónáomhtha, noch dobheir comhfhurtachd rómhór don
drúing chaitheas go dlisdenach íad, agus téid angábhadh rómhór don drúing
chaitheas go mídhlisdeanach íad. Is i mhoithfigsi sibhsi do theagasg, fá
bhar


L. 90a


naire dho thabhairt go dithcheallach do dhighnite agus do mhorlúagh na
seicréide náomhthaso, agus méad gúasachda a gabhála go nemhiomchubhuidh, agus
bhur gcogúais féin do chúartachad, agus do theasdúghadh, amhuil do bheith
sibh ag teachd go náomhtha neamhshalach, chum féusda roidhiaghdha,
rónáomhtha: Iondas nach cóir dháoibh techd chuige ar chor ar bioth, achd
leis anéadachsoin an fphósda do bheith umaibh, noch iarrus Día and sa
sgriobtúr
náomhtha, madh aill libh gabháil sibh mar luchd cuiridh bhudh dhfíu theachd
chum a leithéide soin do bhórd neamhdha. Agus ag so síos an gléus agus an
tshlidhe ar a dtiocfuidhe mar soin. Ar tús is cóir dhaóibh bhur mbheatha,
agus bhur mbhéusa do sgrúdadh, do réir ríaghla aitheantadh Dé, agus gidhbé ar
bioth ní ina dtuigfidhe gur chiontaigheabhair do smúaintechadh, do bhréithir
no do ghníomh, caoinidh bhar mbheatha fpheacthach féin is an cháil sin,
ag dénumh bhar bhfaóisidneach ré Día na nuilechumhachd, lé tríall seasmhach
diongmhálta go leasóchadh sibh bhar mbheatha. Agus dá bhfhaicthear dháoibh tar
éis bhar gcoguáis do chúartachadh, nách anaghuidh Dé amháin doríneabhair
peacthadh, achd mar an gcéudna anaghuidh bhar gcomharsan, andsoin déunuidh
réiteach ríu, agus bíthí ullumh chum lórghníomha do dhéanumh ríu fá
mar ios fearr fhéudfuidhe an gach uile égcoír agus mhíchomhthrom dhá
ndearnabhair ar áonduine. Agus bíthí ullum mar an gceudna chum maithfeachais
do thabhairt dá gach áon dá ndéarna eugcóir oruibh, amhuil is mían libh
maithfeachas bhur gcíonta dfhaghbhail ó Dhía. Nó nó ní dhioghnand gabháil
na comaóineach náomhtha, achd bhar ndamnadh dho mhéadúghadh. Agus do
bhrídh nach cóir do neoch ar bioth teachd chum na sacrameinte náomhtaso, achd
maille lé dóchus diongmhálta a dtrócuire Dé, agus lé cogúas suáimhneach
siothchánda: ar anadhbharsoin má tá áonduine agaibhsi, nach féudann
a chogúas do chur chum súaimhnesa, do réir an tegaisg so thugamair dháoibh,
achd ar a bfhuil ríachdanas leas aithearrach comhfhurtachda, no comhairle:
Andsoin tigeadh sé um cheandsa, no a gceand duine éigin deisgréidigh
fóghlumtha oilé, bhías na Mhinisdir ar bhréithir Dhé, agus foillsighedh fé
a bhuáidhreadh inntinde, chum go bfhuigheadh sé a leithéide sin do
chomhairle spioratálta, do theagasg agus do chomhfhurtachd, lé dhtoigéochthí
anúalach a chogúais de, agus lé minisdráldachd bhréitre Dé go bfhuigheadh sé
comhfhurtachd agus tiodhlacadh na hapsdaloide, chum suáimhneis do thabhairt
dá chogúas, agus gach uile chunntabhairt agus aimhearuis do chur as.



Ainséin adéura an Minisdir an teagasg so síos.



A Cháirde grádhacha san Tighearna, lé na mian teachd chum
comháoineach náomhtha chuirp, agus fhola ar slanaighthéora
Iósa Críosd ar dtighearna, is cóir dháoibh a chuimhneachadh,
an ní do sgríobh Pól apsdal chum na Gcóirinntidhánach, agus
mar dobheir sé tegasg dhóibh, fá gach áon dha dhearbhadh féin,


L. 91


sul do laimheóidís an taránso do ithe, agus an cupánso do ól. Oir
amhuil is mór an tíodhlacadh, corp agus fuil Chríosd do chaitheamh
go spioratálta, comhnuidhe dho dhénumh a Gcríosd, agus Críosd do bheith
na chomhnuidhe iondainde, agus bheith a gcomháontachd leisen, (an ní
thegmhus don druing tig go diongmhálta chum na comhaóineach, eadhon
lé croidhe tuirseach umhal, maille lé creideamh fírindeach agus lé dochus
dearbhtha and sa trócuire do gealladh dhúinn tré Chríosd:)
Mar an gcéudna is mór an gabhadh dhúinn, da dtigem chuigthe go
neamhdhiongmhálta, do bhrídh go bfhuilmaóid cionntach a bhfuil, agus a
bhféoil ar slánaighthéora Iósa Críosd, agus go gcaithmíd iad chum
bhreitheamhnuis agus damanta, ar anadhbhar nach déunmuid eidirdhealughadh
eidir chorp an Tighearna, agus bhíadh oile. Agus tairngeadhmaóid
a fheargsan agus a dhiomdha oruind, agus dobheirmíd fá deara
dhó, dioghaltas do dhénumh oruind, lé plághaibh agus hé gallraighthibh
égsambla, agus fá dhéoigh ris an mbhás. Ar anadhbharsoin, má tá
áonduine dhaóibsi, na námhuid, agus na fhear sgandalach dho thabhairt
dho bhréithir Dhé, na fhior adhaltrandais do dhéunamh, ar lasadh
dhfeirg, ná dhfúath, nó cionntach a gcoir ar bioth oile, na lamhadh
a iondshamhuilsin toigheachd chum búird an Tighearna: Achd sul
thiocfas sé, cáoineadh sé a fpheacthaidh, ar eagla tar éis gabhála
na comhaóineach náomhthasa dhó, go rachadh an Díabhal anáoinfheachd
leis an gcomhaóineach and, mar dochuáidh sé ann Iudás,
agus go líanfadh sé hé do nuile olc, agus go mbhéaradh leis hé
chum damanta cuirp agus anma. Ar anadhbharsoin a dhearbhraithreacha,
beiridh féin bhreith nar naghuidh féin, deagla go mbhéuradh
an Tighearna bhreith in bhar naghuidh. Déunuidh aithrighe
fhírindeach sna peacthaibh dhochuáidh thoruibh: Cuiridh ar muinídhin,
agus ar ndóchus do rún chroidhe and ar Slánaighthéoir, Iósa
Críosd. Leasuighidh bhar mbheatha, agus grádhuighidh go diongmhálta
na huile dhaóine: Oír ios mar soin doghéubhtaói bhar gcuid
randa don tshácrameint náomhthasa. Achd ós ciond gach uile neithe,
is cóir dhaóibh buidheachas romhór ó chroidhe do thabhairt do Dhía Athar
agus don Mhac, agus don Spiorad náomh, ar son an domhain
do shlánughadh tré fpháis, agus bhás ar slánuighthéora Iósa Críosd,
atá na Dhía, agus na dhuine fhíre, do umhlaigh hé féin go soithche an
mbhás, edhón bás na croiche, ar ar soinne na pecaigh thrúadha, dobhí a
ndorchadas, agus a sgáile an bháis, chum cloinde Dé do dhéunumh dhínn, agus
óighredha ar an mbhetha marthanaigh. Agus is chuige do hórduighedh an
tshácrameint, chum go
gcuimhnéochadhmaóis do ghnáth, ar ghrádh neamhchuimsighthe ar Máighisdir,
agus ar naóinfhir réitigh Iósá Críosd, noch do cuiredh chum báis mar so
ar ar soinde, agus go


L. 91a


gcuimhnéochadhmaóis mar an gcéudna, na tiodhlaigthe nách éidir dháiremh
fúair sé dhúinn tré dhortadh a fhola mórlúaighe: agus do chúm agus do órduigh
sé, na seicréide náomhthaso, mar gheall ar a ghrádh, agus mar chuimhniughadh
síorruidhe ar a bhas, cum comhfhurtachda moire marthanáighe dho
thabhairt duinne. Uime sin fá mar atá dfhíachuibh oruinn, beiriom buidhechas
do ghnáth rissean, maille ris an Athair, agus ris an spioradh náomh,
agus umhluidheam agus íslígheam sinn féin fá na thoil ronáomhthasan, agus
cuiream romhuind seirbhís do dhéunamh dhó, a náomhthachd fhírindigh, agus
a bfhíréundachd, ar feadh ar sáoghuil uile. Amén.



Aíndséin laibhéoraidh an Minisdir leis an druing lénub mían toigheachd chum
na comáoineach náomhtha mar so sios.



An mhéid dáoibhsi atá ar ndénumh aithríghe fírindighe, dúthrachtaighe
and ar bpeacthaibh a bfhiaghnaisi Dé, agus do
réidhigh ré bhar gcomharsain, agus ghrádhuigheas anuile
dhuine o chroidhe, agus do chuir romhaibh féin o so súas betha
núa do bheith agaibh do réir aitheanta Dé, agus gár
mian libh feasda siobhal iona thshlighthibh náomhthasan: druidigh rind, chum
no comaóineach naomhthasa do chaitheamh chum bhar gcomhfhurtachda:
admhuighidh go humhal bhar bpheacthaigh do Dhía agus doneaglais atá and
so ar gcruinníughadh na ainmsoin, ar nár léigean féin ar bhar nglúinibh
go humhal.



Aindséin déntar an fáoisidigh gheinaralta so, an ainm na druinge atá ar tí
na cumáoineach do chaitemh
lé duine éigin díobh féin, no lé duine do na Minisdribh, ar mbheith dóibh
uile ar a nglúinibh go humhal.



O a Dhía na nuilechumhachd, a Athair ar dtighearna Iósa
Críosd, a chruthaighthéoir na nuile neith, a bhreithimh na nuile
dhaóine, atámuidne ag admhail agus ag caóineadh ar
bpheacthaidh, agus ar míghniomha róiomdha, noch dhorindemar
go róadhúathmhar ar feadh ar mbhetha uile, do smúaineadh,
do bhréithir, agus do ghníomh, anaghaidh do mhórdhachd diaghdhasa ag
brosdúghadh thféirge, agus do dhíomdha roidhlisdeanuighese in ar naghuidh
féin. Atá anois doilghios ó chroidhe oruinn, agus atámuid daríribh ag
dénumh aithrighe and ar bpheacthaibh: ní fhuil ní is séirbhe lind ina
coimhníughadh orro: Ni fhéudmáoidh a dtruime díomachar. Déuna trócuire
oruinn, déna trocuire oruinn a Athair na trócuire, ar son do mheic ar
dtighearna Iósa Críosd. Maith dhúinn na peacthaigh dochúaidh tharuinn, agus
brond dhúinn o so a mach go bráth seirbhís do dhénumh dhuitsi, agus do thoil
do dhénumh a nuaidhigheachd bheatha, chum molta agus glóire do thabhairt dod
háinm náomhtha, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.


L. 92


Na dhíaghsoin eiréochaigh an Minisdir, no an Teasbog (madh bhinn sé do
laithir) na sheasadh, agus ag iómpúdh
a aighte ar an bpobul dó, adéara sé mar so siós.



Día na nuilechumhachd ar nathair neamhdha, noch do ghell dá
thrócuire neamhchoimsighthe féin maithfeachas a bpecthadh
don uile dhuine doní aithrighe go dúthrachdach,
agus iompuidheas chuige lé croidhe fírindech, go
ndiongna sé trócuire oraibhsi, go léige sé libh agus
go máithidh sé dhaóibh, bhur nuile fpheacthadh, go
neartuighidh agus go ndaingnighidh sé sibh and gach
uile dheaghobair, agus go dtréoruighidh sé sibh chum
na beatha marthanaighe, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.



Agus mar an gcéundna adéura an Minisdir mar so sios



Eisdigh ciondas dobheir Críosd cuireadh do na
peacthachuibh, agus ciondas dobheir sé comhfhurtachd
dhóibh, lé bríathraibh iomshlán do nuile
chomhfhurtachd. Tigidh chugumsa (ar sé) uile
a bfhuiltí tuirseach, agus fá anúalach, agus dobhéura
mé fúaradh dháoibh. Is amhluidh soin do ghrádhuigh
Día an domhun, iondus go dtug sé a
éinghein mhic féin, chum gibé duine chreideas
and, nach rachadh sé amugha, achd go bfhuighbheadh
sé an bheatha mharthanach.



Eisdigh mar an gcéudna créd a deir Pól apsdal. Is rádh fíre so,
agus atá sé ionghabhala leis ar gach áonchor. (Eadhon) go dtánuig
Iósa Críosd don domhun, chum na bpeacthach dho shlánughadh.



Eisdidh mar an gcéudna, créud a deir Eóin náomhtha. Má dhoríne
éinneach peacthadh, atá áidhne aguind a bhfhochair a nathar, edhón
Iósa Críosd an fírén: agus is eisean aniodhbáirt do réidhigh
dhúinn a dtáobh ar bpeacthadh.



Ar na chriochnughadh soin, adéra an Minisdir mar so.



Tógbhuidh súas bhar gcroidheadha.



Freagra.



Tógbhamaóid súas chum an Tighearna íad.



Minisdir.



Tabhrum buidheachas dar Dtighearna Día.



Freagra.


L. 92a


Is cóir agus is iomchubhuidh sin dho dhénumh.



Minisdir.



Go deimhin is cóir, agus ios iomchubhaidh hé, agus atá dfhíachuibh
oruind, buidheachus do bhreith leatsa, in gach uile áimsir agus is an uile
áit ó a thighearna, a Athair náomhtha, a Dhía thsíorruidhe na nuilechumhachd.



Na dhíaigh so adéurthar orrtha speisiálta do réir na háimsire sin féin, ma
tá suaigthe, agus muna raibhe, a deárthar ar an mbhall.



Ar an ádhbhorsoin maille lé Hainglibh agus ré Harchainglibh, etc.



PREFAIDE SPEISIALTA.



A Lá Nodlug, agus seachd lá na dhíaigh.



Ar ánadhbhar go dtug tú háonmhac féin Iósa Críosd ar
dtighearna dhúinne, noch bá toil leat do bhreith conam an
láoi aníu ar ar soinne, agus doibriughadh an Spiorad
náomh duine fíre do dhénumh dhé a Muire óigh a mhaithair,
gan sal an fpheacthaigh, chum sinde do ghlanadh onuile
fpeacthadh: uime sin maille lé Hainglibh, agus lé Harchainglibh, etc.



A ló Casg, agus seachd lá na dhiaigh.



Agus go mórmhór atá dfhiachuibh oruind do mholadh, ar son
eiséirghe glórmuire do mheic Iósa Críosd ar dtighearna:
Oír is eisean an túan fíre Casg dorindeadh dhiodhbhairt ar
ar soinne, agus do thógaibh peacthadh an domhuin, noch lé bás
dhfulang do sgrios an bás, agus lé na eiséirghe daisig dhúinne an bheatha
mharthanach. Uime sin maille lé Hainglibh, agus lé Harchainglibh,
etc.



Deardaoin deasgabhála, agus seachd lá na dhiaigh.



Ar son do mheic róionhmuin Iósa Críosd ar dtighearna, noch do
thaisbéin hé féin go follus dá dheisgiobluibh, tar éis a eiséirghe
ghlórmhuire, agus dochúaidh súas ar nemh as a gcomhair, dollmhúghadh
ionaidh dhúinne, chum go rachmaóisne súas mar a bhfuil seisean, agus
go mbheimís nar Ríghthibh maille leis, a nglóir shíorruidhe. Uime soin
maille lé Háinglibh etc.



Domhnach Cingcisi, agus seachd lá na dhíaigh.



Tré Iósa Críosd ar dtighearna, agá dtáinic an Spiorad náomh
anúas do neamh conam an láoi aníu do réir a gheallamhna ró
dhearbhtha, maille lé toruinn obuind aindtréin, agus do luidh ar
na hapstaluibh a bfhioghair theangthadh dtindtíghe, chum a múinte, agus


L. 93


a dtréoraighthe and sanuile fhírinde, agus tug dhóibh tiodhlacadh na
dteangtha, agus cumus admhala, agus seanmóra an tsoisgéil do na
huile chineadhachuibh, maille lé dánachd agus lé teas creidimh, chum go
dtarróngtí sinne ó dhorchadas a nainbhfis chum an thsholuis fhíre, agus chum
éoluis dfhaghbhail ortsa, agus ar do mhac Iósa Críosd. Uime soin maille
lé Hainglibh, etc.



A ló Dhomhnuigh na Trionóide amháin.



Go deimhin is cóir, agus is iomchubhaigh, agus atá dhfíachuibh
oruind, buidheachus do bhreith leatsa, isan uile áimsir agus
and sanuile áit, a thighearna, a Dhé shíorruidhe na nuilechumhachd,
noch is áon ndía, agus is áon Tighearna, ní ha
táonfphearsain amháin, achd ad thrí pearsanuibh anáonshubstaint.
Oír an ní chreidmíd ar ghlóir an Athar, creidmíd an ní cédna ar
ghlóir an mheic agus an Spiorad náomh, gan eidirdhealúghadh ar bioth,
achd a mbheith ionann. Uime soin maille lé Hainglibh, etc.



A ndiaigh na bprefaide soin adéurthar ar ball,



Uime soin maille lé Hainglibh, agus lé Harchainglibh, agus maille
leis an slúagh neamhdha uile, molmaóid agus onóruidhmíd hainm
glórmharsa, ag breith bhuidheachuis do ghnáth riot, agus ag radha,
is náomhtha náomhtha náomhtha thú, a Thigerna Día na slúagh. Atá neamh
agus talamh lán dod ghlóir. Glóir dhuitsi, a Thighearna is áirrde.



Aindséin dá léigean féin ar a ghlúinibh don Mhinisdir aig bórd an Tighearna
abradh sé, anainm na ndaóine
lé nab mián an chúmáoineach do chaitheamh anorrtha so síos.



A Thighearna thrócuirigh, ní do mhuinidhin as ar
bhfhiréndachd féin, atámuid ag teachd chum
do bhúirdsi andso, achd do mhuinidhin as
umad do thrócuireisi. Oír ní fíu sinn sprúilleach
amháin do chruinneachadh fá do bhórdsa.
Giodheadh is tusa an Tighearna céudna,
dan ab gnáithbhéas trócuire do dhénumh.
Uime soin a thighearna throcuirigh, tabhuir
dhúinne go nitheam féoil do mheic íonmhuin
Iósa Críosd, agus go nibheam a fhuil ar an modhsoin, iondus lé gabháil a
chuirp náomhthasan dúinn, go nglanfuighther ar gcuirpne atá arna salchadh
o fphecthaibh, agus go ndéuntar ar nanmanda dhíondladh lé na a fhuil
mhorluáighsin, chum go ndiongnam do ghnáth comhnuighe andsan, agus eisen,
íondainde. Amén.


L. 93a


Na dhíaigh sin ag eírghe na sheasadh don Mhinisdir, a
déura sé mar so síos.



O a Dhía na nuilechumhachd, ar nathair neamhdha, noch dod trócuire
neamhchuimsighthe, tug dhúinne háonmhac féin Iósa
Críosd chum báis na croiche dfhulang ar son ar slánaighthe,
agus ar an gcroichsin agus leis a néiníodhbhairt sin lér íodhbair
sé hé féin áonuair amháin, doríne íodhbairt dhiongmhálta,
iomshlan, agus léor, agus othfráil, agus lórghníomh neamhuireasmhach
ar son fpheacthadh an domhuin uile: agus do ordaigh agus do aithin iona
shoisgéul náomhtha féin, cuimhniughadh síorruighe a bháis mhorluáigh
dfhoillsíughadh go a theachd: Guidhmaóid thú éisd lind a Athair thrócuirigh,
agus bronn dúinn ag gabháil na gcreatúiridhe so Aráin agus fhíona chughaind do
réir orduighthe rónáomhtha do mheic ar slánuightheóir Iósa Críosd, a
gcuimhne a bháis agus a fpáisi, go rabhum pairteach lé na chorp agus lé
na fhuilsean. Noch anóidhche do braitheadh hé, do ghlac Arán, agus ar
mbhreith bhuidheachuis dó, do bhris, agus tug dhá dhéisgioblaibh hé, agá
rádha, Glacaidh, ithidh, is é so mo chorpsa, dobhearar ar bhar sonsa,
déunuidhsi so um chuimhneisi. Ar an modh gcéudna, a ndiáigh Shuipéir, do
ghlac sé an cupa, agus ar mbhreith bhuidheachais, tug dhóibhsean hé, agá rádh,
ibhidh uile dhe so: Oír así so mfhuilsi na tiomna nuáidhe, noch dhoirtear ar
bhar sonsa agus ar son mhoráin, a maitheamh na bpheacthadh. Déunaidh so
chomh-mhionca ibhthaói dhe, um choimhneisi.



Aindséin géubhaidh an Meinisdir féin ar tús an chomhaóineach eidir Arán, agus
fhíon, na dhíaigh soin dobhéara
sé hí don chuid eile dona Minisdribh (da rabhuid síad do láthair) chum
cunganta dho thabhairt don chéud
Mhinisdir: Na dhiáig soin tabhradh an Minisdir hí, don fphobul ion a lamhuibh,
agus íad ar a nglúinibh,
agus ag tabhairt an Aráin dóibh, adéra sé.



Corp ar dtighearna Iósa Críosd, noch tugadh ar do shonsa,
go gcumhdaighe sé do chorp agus tanumsa chum na beatha marthanaighe:
Agus glac, agus ith so a gchuimhne go bfhúair Críosd
bás ar do shon, ith eisean léd chroidhe, maille lé creideamh,
agus beir buidheachas.



Agus adéura an Minisdir dobheir an cupa uádha, mar so.



Fuil ar dtighearna Iósa Críosd, do doirteadh ar do shonsa, go
gcumhdaighe sí do chorp agus tanam, chum na beatha marthanaighe:
Agus ibh so a gcuimhne gur dhoirt Críosd a fhuil ar
do shon, agus beir buidheachas.



Na dhíaigh sin adéura, an Minisdir an fphaidear, agus adéra an Pobul gach
athchuingidh si na dhíaigh. Na dhíaigh sin adéurthar anurrnaighthe so
síos.


L. 94


O a Thighearna a Athair neamhdha, atámuidne
do shearbhfhoghantuighe úmhlasa, agá iarruidh
go dúthrachdach ar do mhaitheas aithreamhuil,
aniodhbairt mholta agus bhuidheachuis so
donímaid anois, do ghabháil chugad gó trócuireach:
agus guidhmíd thú go roumhal ar son
luáidhigheachda fpháisi, agus bháis do mheic
Iósa Críosd, agus tré chreideamh ina fhuilsen,
a bhronnadh dhúinne agus don chuid oile dod
teaglais chomhchoidchiond, maitheamh na bphecthadh
dhfaghbháil, agus gach uile thíodhlacadh oile dá bhfaghthar do thoradh a
fpháiseisean. Agus mar an gcéudna atámuid andso gár nothfráil, agus
gár dtabhairt féin duidsi a thíghearna eidir anum agus chorp, nar niodhbairt
reusúnta, náomhtha, bhéo, agá iarruidh go humhal ort an mhéide
dhínd fúair cuid don chomhaóineach náomhthaso, go líontar sinn dod ghrásaibh
agus dod bhendachadh neamhdhasa. Agus gion go fíu sinn ar son umad
ar bpeacthadh, iodhbhairt ar bioth do thairgsin duidsi, giodheadh fós
guidhmíd thú go humhal, an tseirbhís, agus an umhlachd so atá dfhíachuibh
oruind do thabhairt duit do gabháil chugad go
toltanach, agus gan meas do bheith
agad air créud do thuilleamar dfhaghbhail, achd ar bpeacthaidh do mhaithemh
dhúinn, tré Iósa Críosd ar dtigherna, agár ub thríd, agus maille ris, a
náondachd an Spiorad náomh, dobheirmíd duitsi a Athair na nuilechumhachd,
gach uile onóir, agus ghlóir, a sáoghal na sáoghul. Amén.



Nó an Norrtha sa.



O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, dobheirmíd buidheachas
biothbhúan lé croidhe duthrachdach dhuitsi, ar gur bhfíu leat
sinde do ghabh na seicréide náomhthaso go hiomchubhuidh, do
bheathughadh lé bíadh spioratálda chuirp agus fhola morluáighe
do mheic féin ar dtighearna Iósa Críosd, agus go ndearbhand tú dhúinn
lé na ngabháil so, go bhfhuil tú fábharthach grásamhuil dhúinn, agus go
bfhuilmíd ar nár ndéunamh nar mbhalluibh fíre dod chorp shéicréidiochsa, (agus
as é soin coimhthionól beanduighthe na nuile dhaóine ndeighchreidmheach), agus
go bfhuilmíd nar nóighreadhuibh ar do ríoghachd shíorruidheisi do réir
mhuinghine, tré thuillteanas bháis agus fpháisi mórluaighe do mheic ró
ghrádhaighsi. Ar ánadhbharsoin guidhmíd go róumhal tú, ó a Athair neamhdha,
bheith nar bfhochair do ghnáth maille lé do ghrásuibh, iondus go ndiongnam
comhnuidhe shíorruidhe san chomhand náomhthasa, agus go ndiongnam na huile
dheaghoibrighthe agár ordaigh tusa dhúinn ionnta, tré Iósa Críosd
ar dtighearna, da dtiubhram maille riotsa, agus leis an Spiorad náomh,


L. 94a


gach uile onóir agus ghlóir, a sáoghal na sáoghul. Amén.



Aíndséin adéarthar, nó canfuighthear so síos.



Glóir do Dhía and sna neamhuibh róárda,
agus síothcháin ar an dtalamh, deaghthoil do
dháoinibh. Molmaóid thú, beanduighmid thú,
dobheirmaóid onóir dhuit, dobheirmíd glóir
dhuit, dobheirmíd buidheachus duit, ar son do
mhórghlóire féin, a thighearna Día, a Ríogh
nemhdha, a Dhé a Athair na nuilechumhachd, a Thigherna,
a éinghin mhic a nathar, a Iósa Críosd, a
Tigherna Día, a uáin Dé, a mheic anathar thógus
peacthaidh an domhuin, déna trócuire oruinn. Os tú thógbhus peacthaidh
an domhain, gabh chugad ar nurrnaighthe. Os tú tshuidheas ar láimh
dheis Dé Athar, déuna trócuire oruinn. Oir is tú amháin atá náomhta,
is tú amháin an Tighearna, is tú amháin is áirde, a Iósa Críosd, maille
leis an Spiorad náomh a nglóir Dhé Athar. Amén.



Fa dhéoigh, léigfidh an Minisdir, nó an Teasbug dá raibhe sé dho láthair,
don fphobul sgaóileadh, maille leis an mbeandachadhain so.



Go gcumhdúighe síothcháin Dé, théid ós ciond anuile thuigsiona,
bhar gcroidheadha, agus bhar nindtindi, a néolus
agus a ngrádh Dé, agus a mheic Iósa Críosd ar dtighearna:
Agus go raibhe beandachd Dé na nuilechumhachd, aNathar,
an Mheic agus an Spiorad náomh, maille
libh, agus go gcomhnuidhe sí dho shíor maille libh. Amén.



Orrthana is inráidh a ndíaigh na hoifige, an tan nách glacaid daóine an
chumáoineach, áon órrtha dhíobh
gach láoi dhá samhuil soin. Agus ar an modh gcédna is éidir a rádh, a
choimeinic dogheibhthar adhbhar, a
ndiaigh orrthana na dtráth agus aneasporta, agus a ndíaigh na
comhaóineach, nó na liodán, do réir dhisgréide
an Mheinisdir.



A Dhía thrócuirigh, bí do láthair ar nurrnaighthe, agus dírghidh
slidhe do shearbhfhoghantadh féin chum na sláinte marthanáighe
dfhaghbhail, iondus a nuile bhúaidheirt agus iomlat na beatha
diombhúainesi, go gcoimhédfuidhe íad do shíor, léd chungnamh
róghrásamhuil ullamhsa, tré Iósa Críosd ar dtigherna. Amén.



O a Thíghearna náomhtha, a Athair na nuilechumhachd, agus a Dhía
shíorruidhe, guidhmíd thú go madh toil leat, ar gcroidhthe agus ar


L. 95


gcuirp do dhírghiughadh, do náomhadh, agus do ríaghladh, do réir do reachda,
a ndeaghoibrighthibh haitheantadh: Iondus tré do chúmhdach cumhachdachsa,
go mbhíam anois agus do ghnáth a sláinte chuirp agus anma, tré Iósa Críosd
ar Dtígherna. Amén.



Guidhmíd thú a Dhía na nuilechumhachd, go dtuga tú dhúinn,
na bríathra dochúalamar aníu lér gclúasaibh, do chur a
gcló tré do ghrásuibh go domhain ion ar gcroidheadhaibh,
iondus go dtíubhraid úatha do ghnáth toradh na deaghbheatha
iondaind, chum molta, agus glóire dho thabhairt dhod hainmsi, tré
Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.



Guidhmíd thú a Thighearna, réidhigh an thslidhe romhuind
ion ar nuile ghníomharthaibh lé tfhabhar grásamhuil, agus
neartaigh lind do ghnáth maille léd chungnamh, iondas
ion ar nuile ghníomharthaibh ar na dtionsgnamh, ar
na ngnáthughadh, agus ar na gcríochnughadh ionnatsa,
go dtíubhram glóir dod tainm náomhtha, agus fá
dheireadh go bhfuigheam an bheatha mharthanach tré do
ghrásuibhsi, ar son Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.



O a Dhía shíorruidhe, a thobair na huile eagna, agá
bhfuil fios ar nuireasbhuigh sul íarrmuid ní ort, agus
fios ar nainbhfios gá iarruidh: Guidhmíd thú dod trócuire,
trúaidhe dho dhénumh dár nanbhfainne, agus brond
dúind na tíoghlaice nách fíu sind dfhaghbháil, agus do
bhrídh ar nainbhfis nach feas dúinn ciondas do iárrfamaóis íad, tré
fpháis do mheic Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.



O a Dhía na nuilechumhachd, noch do gheall úrrnaighthe
na druinge ghuidheas tú an ainm do
mheic déisdeachd: Guidhmíd thú do chlúasa do
chláonadh go trócuireach chugainde dorinde
guidhe agus urrnaighthe anois chugad, agus
bronn duinn na neithe so do íarramar ort maille
lé creideamh do réir do thola, go bhfhaghbham
íad go héifeachdach, chum ar ríachdanaisleas
dfhóirighthin, agus chum do ghlóireisi dfhoillsíughadh, tré Iósa
Críosd ar Dtigherna. Amén.


L. 95a


Ann sna laithibh sáoire, muna ghlacar an chumáoineach, adérthar na huile
neithe atá ar na nórdachadh ag an
gcúmaóineach, go déireadh an fhoircheadail, agá chur leis sin anorrtha
gheinerálta ar son sdaide na heagailsi
chomhchoidchinde, atá anois ag dénamh gaisgigh ar an dtalmhain, agus
orrtha nó orrthana do na horrthanuibhsin
do cuiridh síos roimhaind, do réir mar dogéubhthar adhbhor.



Agus ní caithfighthear Suipéur an Tighearna ar áon chór, achd muna rabhuid
nuibhir amchubhaigh de dhaóinibh chaithfios
hí a bfochair an Mhinisdir, do réir a dheisgréide féin.



Agus muna raibhe ós ciond fithchid pearsan san fphárráisde aibchigh an
ndeisgréid chum na comaóineach do
caitheamh, ní caithfighthear an cummáoineach, achd mona rabhuid ceathrar nó
tríur an chuid bús ludha dhe, da
caitheamh a bhfochair an Mhinisdir.



Agus an Eagailsibh Cathedrálta, agus a Gcoláisdibh, ina bfhuilid morán do
Mhinisdribh agus do Dheochanuibh, caithfid
síad uile an chummaóineach maille leis an Minisdir, gacha domhnaigh an
chuid bhús ludha dhe, achd mona
raibhe leisgeul dlisdeanach aca.



Agus do chur an fhuarchrábhuidh ar gcúl, noch chuirid drém dháirighthe and
sa bhfhíon agus is anarán, is lór a
iondshamhuilsin darán do bheith and, amhuil bhíos do gnáit ar bhorduibh a
measg na mbhiadh oile, achd bíoth
sé don arán is fearr agus is glaine is éidir dhfhaghbháil don chruithneachd.
Agus da bhfhágithar fuigheall ar
bioth donáran, nó don fhíon, déunadh an Minisdir a dhíol féin de.



Agus is ar chosdus an fparráisde is cóir don Mhinisdir, agus do
fphrócutóiribh na heagailsi, Arán agus
fíon na cumhmaóineach do thsholáthar, agus bíaidh an Parráisde sáor o
nairgead, nó ona neithibh oili de
ghnáthuighidis do dhíol go soithche so ar a sonsoin, do réir mar de
randtuidhe ar a dtighthibh hé gacha domhnaigh.



Agus tabhair dod haire, gur ub cóir dá gach áon nduine dhon fpharráisde, an
chumhaóineach do chaitheamh fó
thrí san bhlíaghuin an chuid bhús ludha dhe, agus go háirighthe is uáir
díobhsoin an Cháisg. Agus is éigean
dóibh mar an gcéudna na Sácrameindte do ghabháil, agus gnáthaighthe oile na
heagailsi do choimhlíonadh, do
réir orduigthe an leabhairsi. Agus gach áon bhliaghain um Cháisg,
doghéunaidh gach áon don fpharráisde
cúntus ré na fpearsún, ré na bhiocaíre, nó ré na chúráidighe, no ré na
dtúrnaighthibh, agus díolfuid léo
uile dhéibhidil na heagailsi, is gnáthach dho dhíol fánámsoin don
bhlíaghain.



LEIGHEANN MHEINISDRALACHDA AN BHAISDIDH, IS
coir do ghnathughadh faNeaglais,
annso sios.



Is follus a húghdaraibh áosda, nach gnáthaighthi an baisdeabh do
Mhinisdrálachd anallód, achd fá dhó san bhliaghain, mar atá fá Cháisg agus
fá Chingcis. Agus and sna háimsiraibh sin donithí a mhinisdrálachd go
puiblidhe a bfhíaghnaisi an choimhthionóil uile. Agus gé dhochúaidh sin
anois ó na ghuáthughadh, agus ar mhorán dádhbharuibh nach éidir a aiseag
go hiomchubhuidh, docíthear dhúinn fós an gnáthughadh soin do leanmhuin
mar is neasa feudfuighther hé. Ar anadhbhor soin, is cóir a fhógra
don fphobul gurub róiomchubhuidh, gan an baisdeadh do mhinisdrálachd
achd gacha domhnaidh, agus gach lá saóire oile, an úair bhús
mó cruindéochadh an pobul a gceand a chéile: Ní hé amháin chum go
mbheith an coimhthinól atá do láthair na bfhíaghnaibh air go ngabhthar
an luchd bhaisdear go núa anuimhir eagailsi Críosd: Achd mar an
gcéudna chum go gcuirfidhe a gcuimhne da gach áon díobh lé baisdeadh
na leanabh, an gealladh tug sé féin do Dhía na bhaisdeadh. Agus
ar na hadhbharuibhsi is oirchios an baisdeadh do mhinisdrálachd san
teanguidh mhathar. Gidheadh madh éigin hé, ní fhuil toirmiosg ar na
leanuibh dho bhaisdeadh úair ar bioth agá dtighthibh. An úair bheid leinb
chum a mbhaisdidh Día domhnuigh,
nó lá saóire oile, cuireadh an tathair nó an mhathair sin a gcéill don
Churáidi, anoidhchi roimhe, nó ar
maidin roimhe ám tráth. Agus aindséin is dúal do na cárdasaibh Críosd, agus
don fphobul maille leis
na náoidhibh, bheith ullumh ag anamar bhaisdeadha ar a mbhall a ndíaigh na
caibghidileach déighenuighe do thráthaibh,
nó ar an mbhall a ndíaigh na caibghidileach deigheanuighe doneasporta,
amhuil ordéochus an Minisdir,
do réir a dheisgréide féin. Agus ar mbheith na seasamh dhóibh andsoin,
fiáfróchuidh an Minisdir, nar
baisdeadh na leinbh: agus madh fhreagraidsíad níor baisdeadh, aindséin a
déra an Minisdir mar so síos.



A bhráithreacha róionmhuine, do bhrídh gur ub a bpeacthadh
gheintear agus bhearthar gach uile dhuine, agus go
nabair ar slánaightheóir Iósa Críosd, nach féidir do
dhuine ar bioth dhul asteach go rioghachd Dé, achd muna
dheúntar a aithbhreith lé huisge agus leis an Spiorad


L. 96


náomh: Iárruim dhathchuinghidh oraibh, Día Athar dho ghuidhe anainm ar
dtighearna Iósa Críosd, go madh toil leis da mhór thrócuire féin, a
thabhairt do na naoidheanánuibhsi anní nach éidir léo dfhághbháil ó na
náduir féin,
Eadhon go mbhaisdfighthe lé huisge, agus leis an Spiorad náomh íad,
agus go ngéubhtháoi asdeach aneaglais náomhtha Chríosd íad, agus go
ndiongantáoi boill bhéogha fhírindeacha doNeglais sin díobh.



Aindséin adéura an Minisdir.



Déunum urrnaighthe.



O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch
dod mhór thrócuire féin do sháor Naói agus a
mhuindtear o ghabhadh na nuisgeadha leis aNáirc,
agus rug do fphobul féin cland Iosrahéul
tríd an Muir ruáidh slán, mar fhioghair
don bhaisdeadh náomhtha: agus do bhendaigh
sruth Orthanáin agus gach uile uisge oili
tré bhaisdeadh do mheic ionmhuin Iósa
Críosd, chum iondlaidh shéicréidigh na bpecthadh:
Guidhmíd go humhal tú dod trócuire
nemhchuimsighthe féin, an chland bheag so do ghabháil
chugad go grásamhuil, do náomhadh, agus do ghlanadh léd Spiorad
náomh, iondas ar mbheith dóibh ar na sáoradh mar so ó tfheirgsi, go
ngéubhthar asteach íad aNáirc Eagailsi Críosd: iondas ar mbheith dóibh
daingean a gcreideamh, lúathgháireach a muinighin, agus ar na bhpréumhughadh
a ngrádh, go dtiocfa dhíobh siobhul tré thonduibh an tsháoghuil
bhuáidhearthasa, agus teachd fá dhéoigh chum
talmhan na beatha biothbhuáine, chum
bheith andsoin a rioghachd shíorruidhe a tfhochairsi, tré Iósa Críosd ar
dtighearna. Amén.



A Dhía mharthanaigh na nuilechumhachd, a chabharthóir na ndaóine
mbhochd, a fhir cháomhanta gach aóin dá dteitheann chugad díarruidh
comhairce, a bheatha gach aóin da gcreideand iondat,
agus a éiséirghe na marbh: Guidhmíd thú ar son na leanemh
ógsa, iondus ar dteachd chum do bhaisdidh náomhthasa dhóibh,
go bfhuighidsíad maithemh na bpecthadh léis anaithgheineamhuin
spioradálta. Gabh chugad íad
a thighearna, do réir mar dho gheall thú lé do mhac ionmhuin
féin, ag rádha: Iarruidh agus dobéurthar dhaóibh, dénuidh lórgaireachd,
agus dogheubhtháoi, buáilidh an dorus, agus foisléogthar dháoibh. Ar
anadhbharsoin tabhair dhúinne atá anois ag iarruidh neith ort, go bfhuigheam
hé, agus tabhair dhúinn atá ag lórgaireachd, go ngnodhóchum, agus go
noisgéoltar


L. 96a


dhúinne atá ag búaladh an doruis: iondus go bhfuighid na leinbh so
beandachadh aniondlaidh neamhdha, agus go dtiucfaid síad chum do ríoghachda
síorruidheisi, noch do gheall tú, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.



Aindséin adéura an Minisdir.



Eisdigh lé bríathraibh an tshoisgéil, sgríobhthar lé Marcus náomhtha
suibhisgéul, and sa deachmhadh Caibghidil.



ANáimsir dháirighthe tugadar leinbh beaga
chum Críosd, chum go mbheanfadh sé ríu, agus
do imdheargadair a dheisgiobuil an mhuinnter
tug léo íad. Achd an tan dochonnairc
Iósa soin, dobhí míchéudfaidh aige orro, agus
adubhairt sé ríu, léigidh do na leanbuibh
techd chugamsa, agus na toirmisgídh íad. Oír is
lé a leithéidibh súd flaithes Dé. A deirim ribh go
fírindech, gidhbé nách géubhuidh ríoghachd Dé
chuige mar leanb, nach racha sé asdeach go bráth indte. Agus an tan do
ghabh sé chuige íad ion a uchd, ar gcur a lámh orro, do bheanduigh sé íad.



Tar éisi an tshoisgéil do léughadh, dodhéunaidh an Minisdir an miníughadh
athchumair so síos ar bhríathraibh an tshoisgéil.



A Cháirde grádhacha, dochluintí san soisgéul so bríathra ar
slánaighthéora Iósa Críosd, gur aithin sé na leinb óga do thabhairt
chuige féin: Ciondus do spreag sé a dheisgiobail lér
áill a gconnmháil úadha: Agus ciondus do theagaisg sé donuile
dhuine a neamhurchóid do leanmhuin. Tuigthí mar an gcéudna
ar a ghothadh agus ar a ghníomh, ciondus do fhoillsigh sé a ghrádh
cáonbharrach dhóibh: Oír do ghabh sé chuige in a uchd íad, do chuir sé
a lámha orro, agus
do bheanduigh sé íad. Ar anadhbharsoin na bioth aimhearus aguibh, achd
creididh gan chunntabhairt, go ngéubha sé na leinbh so chuige, leis a
ngrádh gcéudna, go dteandfaidh sé leis íad eidir lámhuibh a thrócuire,
go dtíubhra sé dhóibh beandachd na beatha marthanáighe, agus a gcuid don
ríoghachd shíorruidhe. Uume sin ó nach fuil aimhearus againde ar ghrádh
agus ar thoil ar nathar neamhdha do na leanbuibh so, thré na mhac
Iósa Críosd, agus nach fuil cunntabhairt ar bioth
againn go bhfuil cion aige ar anobair
thrócuirigh so atámuid do dhéunamh anois, ag tabhairt na leanb
so chum a bhaisdidh náomhthasan, tabhram buidheachus dó maille lé creidemh
agus lé duthrachd mór, ag rádh.


L. 97


O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, a Athair
neamhdha, beirmaoid buidheachas go roumhal
leat, ar son gur bfíu leat sinde do ghairm
chum creididh iondat, agus chum éoluis
dfhaghbháil ar do ghrásuibh: Guidhmíd thú, méudaigh
an téolus so, agus neartaidh an creideamh
so do ghnáth iondaind: Tabhair do
Spiorad náomh do na leanbuibh so, iondus
tar éisi a naithbheirthe andso, go mbhéid síad
iona noighreadhuibh ar an mbheatha marthanaigh,
tré Iósa Críosd ar Dtigherna, noch maille
leatsa, agus leis an Spiorad náomh, mhairios agus atá na Rí, anois agus
go síorruidhe. Amén.



Aindséin dobhéura an Minisdir an teagasg so síos
do na Cairdeasuibh Críosd.



A Cháirde roghrádhacha, tugubhair na leinb so andso libh
dhá mbhaisdeadh, dorindeabhair urrnaighthe go madh toil
lé bhar Dtighearna Iósa Críosd a ngabháil chuige, a lámha
dho chur orro, a mbendachadh, a bpeacthaidh dho mhaithemh
dhóibh, an Rioghachd nemhdha agus an bheatha mharthanach do
thabhairt dhóibh. Dochúalubhair mar an gcédna, gur gheall bhur Dtighearna
Iósa Críosd iona tshoisgéul gach ní dhíobh so dár íarrabhair air dho
thabhairt uádh: Agus ní fhuil cundtabhairt air go gcoimhéolaidh seisean
a ghealladh féin. Uimeisin ó dho chenguil Críosd hé féin leis a
ngealladhso, is dúal do na leanbuibhsi mar an gcéudna, a ghelladh as bhar
mbhéulsa, a mhuinntersa atá ag dul a dtactha, agus anurrudhus orro, go
ndíultfaid síad don Díabhul agus dá a uile oibrighthibh, go mbía creideamh
díongmhála a mbréithir Dhé aca, agus go gcoimhéudfuid síad a aitheanta go ró
dhúthrachdach.



Aindsein fíafróchuidh an Minisdir na ceasda so síos do na
Cáirdeasuibh Críosd.



A Ndíultand tú dhon Díabhul agus dá uile oibrighthibh, do fpoimp agus
do ghlóir dhiomhaóin an tsháoghuilsi, maille lé na uile mhíanuibh sanntacha,
agus dandtoil na colla, iondus nách leanfa tú íad, agus
nách fuiléongtha tú dhóibh do mhealladh.



Freagra.


L. 97a


Diultáim dóibh uile.



An Minisdir.



An gcreideand tú a ndía Athair na nuilechumhachd, a gcruthaightheóir
neimhe agus talmhan, agus a Níosa Críosd a éunmhacsan ar dtighernaine,
noch do gabhadh on Spiorad náomh, agus rugadh lé Muire óigh? An
gcreidend tú gur fhulaing sé an fpáis fá Fpuingc fphioláid, gur céusadh
hé, go bhfúair bás, gur hadhlaictheadh hé, go ndeachaigh sé síos go
hifreand, agus gur eiséirghidh sé an treas lá o mhárbhaibh? An gcreideand
tú go ndeachaigh sé súas ar neamh, agus go bhfuil sé anois na
shuidhe ar deis Dé, Athair na nuilechumhachd, agus go dtiocfa sé arís as
soin, a ndeiredh an tsháoghail, do bhreith bhreithe ar bhéoghaibh, agus ar
mharbhuibh? An gcreideand tú ann sa Spiorad náomh
mar an gcéudna? An gcreidend
tú aneaglais naomhtha chomhchoidchind, cumand na náomh, maitheamh na
bpheacthadh, eiséirghe na codla, agus an bheatha mharthanach tar éis an
bháis?



Freagra.



Creidim na neithe so uile gan chunntabhairt.



An Minisdir.



An mían leat do bhaisdeadh san chreideamh so?



Freagra.



Is hé soin mo mhían.



Aindséin adéra an Minisdir.



A Thighearna thrócuirigh, guidhmíd thú, brund dúinn, an
sean Adhamh do adhlaigtheadh sna leanbuibh so, iondus
go mbhía an duinne núa ar na athdhúsgadh iondta. Amén.



Brond dúinn, antoil na codla go huilidhe do mharbhadh
iondta, agus na huile shubhailche do mharthain agus dhfás
iondta. Amén.



Brond dóibh, neart agus cumhachda, iondus go dtiocfadh dhíobh,
búaidh agus treisi dho bhreith ar anaibheirseóir, ar an domhan, agus
ar an gcaluind. Amén.



Brond dúinn mar an gcéudna, an mhéid atá andso arna dtabhairt
duitsi lér noifig, agus lér seirbhísne, go dtiodhlaigthear dhóibh na
subhailche spioratálda, agus an luáighidheacdh shíorruidhe, tré do
thrócuireisi a Thigherna agus a Dhía bhennaighthe, noch mhaires
agus ríaghlas na huile neithe go síorruidhe. Amén.



O a Dhía mharthanaigh na nuilechumhachd, agár dhoirt do mhac
ro ionmhuin Iósa Críosd as a tháobh roúasal féin, fuil agus
uisge, a maitheamh ar bpeacthadhne, agus tug aithne dhá dheisgiobluibh,


L. 98


dul do theagasg na nuile chineadhach, agus a mbhaisdeadh anáinm
an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad náomh: Guidhmíd tú haire
dho thabhairt dúrrnaighthibh heagailsi féin, agus brond dúinn, go ngéubhuid
an mhéide dhod shearbhfhoghantaibh féin bhaisdfighthear annsa nuisgeisi,
líonmhuireachd do ghrásdsa chugtha, agus go nanfuid siad go síorruidhe a
nuimhir do chloinde dílsi tóghthasa, tré Iósa Críosd ar Dtighearna.
Amén.



Aindséin glacfuidh an Minisdir an leanb iona lámhuibh, agus fiafróchuidh sé
créad ios ainm don leanb. Agus
tar eisi anma an leineibh dhfaghbháil dó, toiméobhaidh sé isan nuisge hé go
haireach cíanradharcach, ag rádh
na mbhríatharso síos.



A. N. Baisdimsi thú, anainm an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad
náomh. Amén.



Agus dá raibhe an leanb méirbh, ní beag dhó an tuisge do chrothadh
air, ag rádh na mbhríathar gcéudna.



A. N. Baisdimsi thú, anaimn an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad
náomh. Amén.



Aindséin ar ndéinimh chomhthardha na croiche a gclár éudain an leinb don
Mhinisdir, adéura sé mar so síos.



Gabhmaóid an leanb so chughaind a gcoimhthionól
thréuda Críosd, agus atámuid ag cur chomhthardha
na croiche air, a gcomhtharrdha nach búdh
náir leis ó so súas creideamh Críosd do
céusadh dhadmháil, agus comhrag cródha
do dhéunamh fá na bhrataighsen, anaghaidh an
fphecthaidh, an tsháoghail, agus an Díabhuil, agus bheith na
sherbhfhoghantuighe, agus na ghaisgeadhach dhíleas
aige go deireadh a bheatha. Amén.



Aindséin adéura an Minisdir.



A Bhráithreacha roionmhuine, ó táid na leineimhsi anois ar na
naithgheineamhuin, agus ar na gcur asteach a gcurp eagailsi Críosd,
tabhrum buidheachus do Dhía ar son na dtiodhlaigtheadh so, agus
déunam ar nurrnaighthe dháontoil, chum Dé na nuilechumhachd, gá íarruidh
air, an chuid oili dhá sáoghul do chaitheamh dhóibh, do réir na
gcédtosaighesi.


L. 98a


Aindséin adéurthar.



Ar Nathairne atá ar neamh, etc.



Na dhíaigh soin adéura an Minisdir.



A Athair mhór thrócuirigh, beirmíd buidheachas
romhór leat, ar son gur thoil leat, an leanb
so daithgheineamhuin lé do Spiorad náomh,
a ghabháil chugad mar dhuine chloinde, agus ball
dod heaglais féin do dhénumh dhe. Agus ghuidmíd
thú go humhal, a bhrondadh dhúinn, go raibhe an
peacthadh marbh and, agus an fhíréundachd
béo, go náodhlaigthear hé maille lé Críosd
ion a bhas, go gcéusaidh sé an seannduine,
agus go sgriosaidh sé uádha go hiomshlán corp an fpeacthaigh go huilidhe:
Iondus amhuil atá sé páirtech lé bás do mheic, go mbhía sé mar an gcéudna
páirteach lé na eiséirghe, chum go bhfhuighbheadh sé fá dheóigh
oighriochd do rioghachda síorruidheisi, maille leis an gcuid oile do
teaglais náomhtha, tré Iósa Críosd an Dtíghearna. Amén.



Fá dheóigh, ar ngairm na Gcáirdeasgcríosd a gceann a chéile don Mhinisdir,
dobhéuraidh sé an teagasgso síos dóibh.



Ar an adhbhar gur ghelladair na leineimhsi as bhar mbhéulsa,
go ndíultfaidís don Díabhal, agus dá a uile
oibrighthibh: Go gcreidfidís a Ndía, agus go ndéundaóis
seirbhís dó: Caithfidheisi a chuimhníughadh, go
bhfhuil dúalach agus dfhíachaibh oruibh, a chomhlúath agus
tiucfaid síad chum aóisi, a thabhairt fá deara éolus
do thabhairt dóibh, ar an móid sholumanta, agus ar
an ngealladh doríneadar as bhar mbéulsa. Agus
chum go madh féirde a néolus ar na neithibhsi, cuirfídhe dfhíachaibh orro
dhul déisdeachd lé teagasg bhréithre Dé. Agus do na céidneithibh, cuirfidhe
dfhíachuibh orro, an Chréidh, an fphaider, agus na deith naitheanta
dfhóghlaim na dtenga mháthar, agus gach ní oile is cóir do chríosduighe
dfhóghluim, agus do chreideamh,
chum sláinte a anma. Agus a thabhairt fá deara fós, a dteagasg go
dúthrachdach chum beatha fhírchríosduighe do bheith aca. Agá choimhníughadh
do ghnáth, go bhfhuil sómpla ar gcreidmhe and sa bhaisdedh aguinn? agus as
hé soin eisimpláir ar slánaighthéora Críosd do leanmhuin, agus bheith
comhchosmhuil leisen: Iondus do réir mar fúair seisean bás agus dorinne sé
a neiséirghe ar ar soinne: go madh amhluidh soin is cóir dhúinne do ghabh


L. 99


baisdeadh, an peacthadh dho mharbhadh ionnaind, agus eiséirghe dho dhénamh
chum firéundachda, agus nuaidhigheachda betha, ag márbhadh uile ainmíana
truáillighthe na codla do ghnáth, agus ag siobhal romhaind go laoitheamhuil
ann sna huile thshubhaltaibh agus a náomhthachd bheatha.



Dobhéura an Minisdir aithne, na leinb do bhreith chum aNeasbuig, chum a
dteasduighthe agus a ndaingnighthe san
chreideamh, comhlúath thiocfus díobh, an Chré, an fpaidear, agus na deith
naiteanta dho ráda na dteanga
mhathar, agus bhías éolus ní bhús mó aca andsa chaiteiciosma, do cuireadh a
gcló cuige sin, amhail atá follus and fein.



DO NA LEANBUIBH
BHAISDEAR LE RIACHDANUS A
dtighthibh priobhaideacha le Minisdir an fparráisde,
nó le Minisdir dlisdionach oili fhéudtar dhfaghbhail,
labhrus so síos.



Dobhéuruid Aódhairidhe agus Curáididhe na heagailsi fógra go meinic don
fpobul, gan leinb óga do chonnmháil gan bhaisdeadh ní sía iná an domhnach
nó an lá saóire eile is neasa dhóibh andiáigh a mbheartha,
achd muna raibhe ádhbhar romhór ann, fhoillseochar don Minisdir agus
mholfus sé.



Dobhéruid síad fógra mar an gcéudna dhóibh, gan a gclann do bhaisdeadh and
a dtighthibh príobhaideacha, achd maille
lé hadhbhor mór agus lé riachdanas. Agus an tan dobéura crudháig fa deara
dhóibh sin do dhénumh: Aindséin
atá dfhíachaibh orro an baisdeadh do mhinisdralachd ar an modh so síos.



Ar tús dénamh an Minisdir dlisdeanach, agus an mhéide bhías ina fhochair
urrnaighthe chum Dé ag iarruidh
grásd air, agus abruid síad an fphaidear, madh bhinn ám aca air. Agus tar
éis anma do thabhairt ar an
leanb lé duine éigin dá mbhía do láthair, tomadh an Minisdir dlisdeanach a
dubhrumar, an uisge hé, nó
doirteadh uisge air, ag rádha na mbhríathar so síos.



A. N. Baisdimsi thú, anainm an Athar, agus an Mheic, agus an Spiorad
náomh. Amén.



Agus na bioth aimharus aca go bfhuil an leanamh bhaisdear mar soin,
baisdidh go dlisdeanach diongmhálta, agus
nách cóir a bhaisdeadh arisi. Giodheadh fós mádh mhaireand an leanb
bhaisdear ar a nós soin, is oirchios a
thabhairt don teampoll, indus más hé Minisdir an fparráisde féin do bhaisd
hé, go gcuirfeadh sé a gcéill
don fphobul an modh air ar bhaisd sé hé go príobhaideach. no má dho bhaisd
Minisdir dlisdeanach oile hé,
go bhféuchaidh Minisdir an fpharráisde and a rugadh nó ion ar baisdeadh an
leanamh, nar baisdeadh hé go
dlisdionach. San adhbhar soin madh a deirid an dream dobheir an leanamh léo
chum an teampoill gur
baisdeadh cheana hé, andsin teasdóchuidh an Minisdir íad níbhús mó, ag rádh
mar so síos.



Cía dho bhaisd an leanb so?



Cía dhobhí do láthair an leinb so dho bhaisdeadh?



Agus ar anadhbhar go bhfhéudfuighthe cuid éigin déifeachd na Sacrameinteisi
dfhágbhail gan déunamh, ré hegla nó ré deithfir, and a leithéide


L. 99a


sin dáimsir chrúaghalaigh: Uimesin fíarfuidhim nísa mhó dháoibh,



Créud hi an fhlithigheachd lé nar baisdedh he?



Creud íad na bhriathra lé nar baisdeadh hé?



An mbhretnuighend sibh gur baisded an lenamh go dlisdionach, diongmhála?



Agus madh thuigeand an Minisdir ar fhréagarthaibh na ndáoine tug an leanamh
léo, go ndearnadh gach ní
mar budh cóir a ndenamh: Ní bhaisdfidh sé an leanb aris, achd geubha sé hé
mar neach dhon treud, agus
don fpobul chriosdaighe, agá rádh mar so síos.



Atáim ghá chur a gcéill dháoibh, gur dlisdionach a ní dorínebhair
san chás so, agus go ndearnabhair do réir orduighthe
dhiongmhála a mbhaisdedh an leinb so, noch rugadh a bpeacthadh
Adhaimh, agus fá fheirg Ndé, agus atá anois ar na ghabhail
anuimhir chlainde Dé, agus ar na dhéunamh na óighre ar an
mbheatha marthanaigh, tré iondladh na haithgheineamhna and sa bhaisdeadh:
Oír ní dhíultann ar Dtighearna Iósa Críosd, a ghrása, agus a thrócuire
do thabhairt dá leitheidibh so do lenbaibh, achd goiridh sé cuige iad go
roghrádhach, mar a deir an Soisgéul náomhtha, dár gcomhfhurtachdne, ar an
modh so síos.



Tar éisi an tshoisgéil do léughadh, dodhéuna an Minisdir an
foircheadal so síos ar bhríathraibh an tshoisgéil.



A Cháirde grádhacha, dochluintí san soisgéulsa, bríathra ar slainaighthéora
Iósa Críosd, gur aithein sé ná leinb óga do thabhairt
chuige féin: Ciondas do spreag sé a dheisgiobail lér áill a gconmháil
úadha: agus ciondas do theagaisg sé donuile dhuine a neamhurchóid
do leanmhuin: Tuigthí mar an gcéudna, ar a ghothadh agus ar a ghníomh,
ciondas do fhoillsigh sé a ghrádh cáonbharrach dhóibh: Oír do ghabh sé
chuige ion a uchd íad, do chuir sé a lámha orro, agus do bheannaigh sé
íad. Ar anadhbharsoin, na bioth aimherus
aguibh, achd creididh gan chuntabhairt, gur


L. 100


ghabh sé an leanb so chuige, leis an ngrádh gcéudna? gur theann
se ris hé, éidir lámhuibh a thrócaire, go dtug sé dhó beandachd na
beata marthanaighe, agus a chuid don rioghachd shíorruidhe. Uimesin ó nách
fuil aimhearus aguinde, ar ghrádh agus ar thoil ar nathar neamhdha, don
leanb so tré na mac Iósa Críosd, tabhram buidheachus dó maille lé
creideamh agus lé dúthracd mór, ag rádha na hurnuighthe do mhúin an
Tighearna féin dúinn, agus dfhoillseacadh ar gcreidimh, abram an Chré.



Aindséin adéura an Minisdir agus na cáirdeasa críosd.



Ar Nathairne atá ar neamh. Etc.



Aindséin fíafróchaidh an Minisdir gá hainm an leanb, agus ar na ainmníughadh
do na cáirdeasaibh Críosd, adéura an Minisdir mar so síos.



A ndíultand tusa anáinm an leinb so don Díabhal, agus dá uile oibrightibh,
do fphoimp, agus do glóír dhiomháoin an tsháoghailsi, maille lé
na uile mhíanaibh sandtaca, agus dantoil na codla, iondus nách leanfa
tú íad, agus nach fuiléongtha tú dhoibh do mhealladh?



Freagra.



Díultaim dhóibh uile.



An Minisdir.



A naomuigheand tusa anainm an léinb so an creideamh so síos, (edhón)
Creidim a Ndía Athair na nuile cumhachd, cruthaightheóir neimhe agus
talmhan. Agus an Iosa Críosd a éunmhacsan ar Dtighearnaine? noch do
gabhadh ón Spiorad náomh, agus rugadh lé Muire óigh? An gcreideand
tú gur fhulaing sé an fphais fá Fpuingc fphíoláid, gur céusadh hé, go
bhfúair bás, gur hadhlaigteadh hé, go ndeachaidh sé síos go hifreand, agus
gur éirghidh sé an treas lá o mharbhaibh? An gcreideand tú go ndeachuidh
sé súas ar neamh, agus go bhfuil sé anois na shuidhe ar deis Dé Athair
na nuilechumhachd, agus go dtiocfa sé arís as soin a ndeireadh an
tsháoghail, do bhreith bhreithe ar bhéoghaibh agus ar mharbhaibh? Agus
an gcreidend tú anáinm
an leinb so, and sa Spiorad náomh mar an gcéudna? An gcreidend tú
aNeglais náomhtha chomhchoidcheand, cumand na Náomh, maitheamh na
bpeacthadh, eiséirghe na codla, agus an bheatha mharthanach tar éis an
bháis?



Freagra.



Creidim na neithe so uile gan chunntabhairt.



Déunam urrnaighthe.


L. 100a


A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, ar Nathair
neamhdha, béirmid buidheachas go humhal let,
ar anadhbhar gur thoil leat ar ngáirm chum
go mbeith fios do ghrásd againd, agus chum
creidimh iondat: méudaigh an téolus so, agus
neartaigh an creideamh so go bráth ionnainn:
Tabhair do Spiorad náomh don leanb so,
iondus ar mbheith ar na aithbhreith dhó, agus ar
ndéunamh óighre dhe ar an mbheatha marthanaig,
tré Iósa Críosd ar Dtighearna, go mbhía sé na shearbhfhoghantuighe
do shíor agadsa, agus go bfhaghaidh sé toradh do gheallamhna, ar son ar
Dtighearna Iósa Críosd do Mheicsi, noch mhaireas agus atá a rioghachd
maille leatsa agus maille leis an Spiorad náomh anáon ndiaghachd
shíorruidhe. Amén.



Aindséin dobhéra an Minisdir an foircheadal so síos
dona cairdeasaibh Críosd.



Ar anadhbhar gur gheall an leanamhso as bhar mbhéulsa,
go ndiultfadh sé don Diabhal, agus dá a uile
oibrighthibh, go gcreidfeadh sé a Ndía agus go
ndiongnadh sé seirbhís dó, caithfídhisi a choimhniughadh
go bhfhuil dúalach, agus dfhíachaibh oroibh, comhlúath
agus thiogfas sé chum aóisi, a thabhairt fa deara
éolus do thabhairt dó, ar an móid tsholumanta, agus
ar an ngealladh dorinde sé as bhar mbhéuluibhsi. Agus
chum go madh feirrde a éolus ar na neithibhsi, cuirfídhe dfhíachaibh air,
dul déisdeachd lé teagasg bhreithre Dé: Agus dona céidneithibh, cuirfidhe
dfhíachaibh air, an Chréidh, agus an fphaidear, agus na deith naitheanta
dfhóghluim na theanga mhathar, agus gach ní oile is cóir do chriosdaighe
dfhóghluim, agus do chreideamh, chum sláinte a anma, agus a thabhairt fá deara
fós a theagasg go dúthrachdach chum beatha fhírchríosdaighe dho bheith
aige, gá chuimhniughadh do ghnáth go bhfhuil sómpla ar gcreidimh and sa
mbaisdeadh againd, agus as é soin, eisiompláir ar slánaighthéora Críosd
dho leanmhain, agus bheith comhchosmhuil leis: iondas do réir mar fúair
seisean bás, agus dorinne anéiséirghe ar ar soinne, go madh amhluidh
soin is cóir dhúinne do ghabh baisdeadh, an peacadh do mharbhadh ionnaind,
agus eiséirghe do dhénamh chum fíréandachda, agus nuaidhigheachda beatha,
ag márbhadh uile ainmíana trúaillighthe na codla do ghnáth, agus ag siobhal
romhaind go laóithemhail, and sna huile thshubhaltaibh, agus náomhthachd
bheatha.


L. 101


AGUS O SIN AMACH, MAR ATA SAN BHAISDEADH
fpuiblidhe.



Achd madh bheirid an luchd do beir na leinbh chúm na Heagailsi, fréagra
neamhthadhbachdach ar an Minisdir, iondas
nách follus a mbhaisdeidh lé huisge, anainm an Athar, an Mheic, agus an
Spiorad náomh: (noch is cuid do shubsdaint an bhaisdeadha.) Aindsin
baisdeadh an Minisdir íad do réir mar adubhrumar
romhainn andsa bhaisdeadh fphuiblidhe, achd amháin ag tomhadh an leinb sa
nuisge dhó, abradh sé mar so síos.



A. N. Munar baisdeadh cheana thú, baisdimsi thú, anainm an Athar,
agus an Mheic, agus an Spiorad naomh. Amén.



LEIGHEANN DHAINGNIGHTHE,
NO LEAGADH LAMH AR
NA LEANBUIBH TAR EISI A MBHAISTIGHTHE,
lé nab fhéidir a gcreideamh dadmhail, do réir an Chaitechiosma
leanus annso síos.



Ar chor go mbhía an daingníughadh ar na fhreasdal go diongmhálta
chum follamhnaighthe na droinge ghabhus hé, (do réir thegaisg fpóil,
a deir gurub cóir na huile neithe do dhéunamh and sa Neaglais
chum follamhnaighthe) docondcas nach cóir leagadh lámh do chur ar
aóinneach, achd ar an luchd lé nab féidir airtigail an Chreidimh, an
fphaidear, agus na deith naitheanta do rádh na dteanga mhathar: agus
fós lé nab fhéidir freagra dho thabhairt ar cheasdaibh athchumaire an
Chaiteiciosma so síos, amhuil fhiarfochus an Tespog, nó an tí óirdéochus
sé iona ionadh féin, do réir a dheisgreide dhe. Agus ag so
an tordughadh is iomchubhaidh do leanmhuin ar mhórán dadhbharaibh.



Ar tús, dochum ar dteachd do na leanbuibh chum críonnachda, agus
fóghlumtha na neithe do gheallsad na cairdischríosd ar a son san
bhaisdeadh, go ndaingnéochadaóis, agus go naidmhéochadaóis dá
mbhríathraibh fein íad lé a dtoil dhileis, go follus a bhfhíaghnaisi na
Hegailsi: Agus go ngeallfadaóis do thoil Dé, a ndithcheall do dhénamh
ar na neithibh do choimhlionadh go díleas, noch do áontuigheadar
roimhe dadmháil agus do bhríathraibh.



Aindséin, ar anadhbhar gur ub ar an druing do baisdeadh cheana
chuirthear an daingníughadh, chum go bhfhuighbheadaóis neart agus díden
anaghuidh uile chathaigthe an fphecaidh,
an tsháoghail agus an Diabhail, tré lamhchuradh agus tré urrnaighthe,
ios andsanámsoin is róiomchubhaigh
a dhénamh and a dtigid na leineimh chum na haóisi, ina bhfhuilid
a robháoghal go dtuitfeadaóis a bphecthaibh
umadamhla, ní hé amháim tré anbfhainde na codla, achd mar an gcéudna
tré aimsiughadh an tshaoghail, agus an Díabhail.



Arís ar anadhbhar go bhfuil sé oileamhnach do ghnáthugadh na priomheagailsi,
noch dho órdaigh an daingniughadh
do chur ar an druing tanáig chum críonnachda, iondus ar mbheith múinte
dhóibh andsa chreideamh Chríosduidhe,
go naidmhéóchadaóis go follus a gcreideamh, agus go ngeallfadaóis
bheith umhal urrumach do thoil Dhé.



Agus deagla go saoilfeadh neach ar bioth, go dtiocfadh milleadh ar bioth a
dtáobh mhoille do dhéunamh fa dhaingniughadh
na leanb, bioth adheimhin aige a bhréithir Dhé, go bhfhuilid na huile
neith bheanus lé ríachdanas slánaighthe
ag na leanbaibh íar na mbhaisdeadh, agus gan chunntabhairt go
bhfhuilid ar na slánughadh.


L. 101a


AN CAITECHIOSMA
EADHON, TEAGASG IS OIRCHEAS
DONUILE LEANAMH DHFOGHLUIM, SUL
rachus sé fá láimh Easpuig.



Ceisd.



Ga hainm thú?



Freagra.



N. nó M.



Ceisd.



Cía thug an tainm sin ort?



Freagra.



Mo luchd tógbhála chum baisdeadha, and a
ndearnadh ball do Chríosd, mac do Dhía, agus óighre ríoghachda Dé
dhíom.



Ceisd.



Créud doríneadar do luchd tógbhála chum baisdeadha an tan soin
ar dho shon?



Freagra.



Do ghealladar trí neithe do dhéunamh um ainm, agus tugadar a móid
lé meisi dhá gcoimhlíonadh. An céud ní dhíobh, go ndiultfainnse dhon Díabhal
agus dá uile oibrighthibh, do fphoimp, agus do dhiomháoineas an
tsháoghuil mhalluightheisi, agus do uile ainmíanaibh na codla. An dara ní
go gcreidfínd gach uile airtiogal dá bhfhuil san Chreidemh Chriosduighe.
An treas ní, go gcoimhéoluinn toil náomhtha Dhé, agus a uile aitheanta,
agus go siubhólaind dá réir ar fheadh mo bheatha.



Ceisd.



An dóigh leat go bhfuil dhfíachaibh ort, gach ní do ghealladair san
ad hainm dho chreideamh agus do choimhlíonadh?



Freagra.


L. 102


Go deimhin is dóigh: Agus do thoil Dé dodhéna mé soin. Agus beirim
buidheachas do rún chroide leis aNathair neamhdha, gur thoil leis mo
ghairm chum slidheagh na sláinteisi, tré Iósa Críosd an Dtighearna. Agus
guidhim Día fá a ghrásaibh do thabhairt damh, ionnas go dtiocfadh dhíom
comhnaidhe san sligidhsan go deireadh mo bheatha.



Ceisd.



Innis dhamh airtiogail do chreidimh?



Freagra.



Creidim a Ndía Athair na nuilechumhachd, cruithaighthéoir
neimhe agus talmhan. Agus a Níosa Críosd a éunmhacsan
ar Dtighearnaine: noch do gabhadh ón Spiorad
náomh, rugadh lé Muire oigh, do fhulaing an fpháis
fa Fpuingc fphioláid, do crochadh, do céusadh, fúair
bás agus do hadhlaictheadh, dochuáidh síos go hifreand, do éirghidh ó bhás
a gciond an treas lá, dochuáidh súas ar neamh, Agus atá anois na shuidhe
ar deis Dé Athair na nuilechumhachd: As sin tiocfas do bhreith bhreithe ar
bhéoghaibh agus ar mharbhaibh. Creidim and sa Spiorad náomh, aNeaglais
náomhtha chomhchodchionn, cumand na náomh, maitheamh na bpeacthadh,
eiséirghe chodla na marbh, agus an bheatha mharthanach. Amén.



Ceisd.



Créud fhóghlumas tú go háirighthe as na hairtioglaibhsi an
Chreidimh?



Freagra.



Ar tús fóghlumaim, creideamh a Ndía Athar, do chruthaigh me fhéin,
agus an domhan mór go huilidhe.



An dara ní, creidemh a Ndía an Mac, do fhúasluig mé agus in cionadh
dáonna go huilidhe.



An treas ní, creidemh a Ndía an Spiorad náomh, náomhus mé fhéin,
agus pobul tóghtha Dé go huilidhe.



Ceisd.



Adubhairt tú gar ghealladar do luchd tógbhála chum baisdeadha ad
hainm, go ndéunta aitheanta Dé do choimhlíonadh. Ar anádhbharsoin innis
damh, gá mhéud naithne atá ann?



Freagra.



Atáid deich naitheanta.



Ceisd.



Cía híad.



Freagra.



Na haitheanta dho labhair Día and sa bhfithcheadadh Caipghidil do leabhar


L. 102a


Exoduis, gá rádh: Is meisi do Thigherna Día, do thréoraigh thú ó thalamh
na Héighipte, a theach na searbhfhoghandachda.



1. Ná bíoth áon ndía oile agad, achd meisi amháin.



2. Ná déuna dhuit féin Iomhágh, ná cosmhuile aóinneith da bhfhuil thúas
ar neamh, ná ar talmhain thíos, ná and sanuisge fá thalmhuin: Ná cróm
thú féin síos doibh, agus ná tabhair onóir dhóibh. Oír is meisi do Thigherna
Día, agus is Día éudmhar mé, leanas peacthadh na naithreadh ar an
gcloind go soithche an treas agus an ceathrumhadh geinelach don druing
fhuaithidheas mé, agus doní trócuire ar na miltibh don druing ghrádhaigheas
mé, agus choimhéudas mhaitheanta.



3. Ná tar thar ainm do Thighearna Día go diomhaóin: Oír ní búdh
neamhchiontach a bhfíaghnaisi an Tighearna, an té luáidhfeas a ainm go
diomháin.



4. Cuimhnidh lá na Sabbóide do náomhadh, a sé laithibh oibréochas tú,
agus dodhéuna tú hoibrighthe féin uile, achd as hé an seachdmhadh lá
Sabbóid do Thighearna Día, ná déna obuir ar bioth and, tú féin, ná do mhac,
na hinghean, do tshearbhfhoghantaighe, ná do bhánoglach, hainmhidhe, ná an
duine coimhightheach atá don táobh asdigh dod dhóirsibh. Oir is a sé
laithaibh, dorinde an Tighearna neamh agus talamh, an fháirrge agus gach ní
dá bhfhuil ionta, agus do chomhnaigh sé an seachdmhadh lá: Ar anadhbharsoin
do bheannaigh an Tighearna an seachdmhadh lá, agus do náomh sé hé.



5. Tabhair onóir dod tathair agus dod mhathair, chum go bhfaidéochthí
do laithe ar an dtalmhuin, dobhéura do Thighearna Día dhuit.



6. Na déna dunmharbhadh.



7. Na déna adhaltrandas.



8. Na déuna goid.



9. Na déuna fiaghnaisi bhréige anaghaidh do chomharsan.



10. Na sanntaigh teach do chomharsan, na sandtaigh bean fphósda do
chomharsan, ná a oglách, ná a bhanóglach, ná a bhó, na a assal, na ní ar
bioth oile bhus léd chomharsain.



Ceisd.



Créud fhóghlumas tú go hathrighthe, as na haitheantaibhsi?



Freagra.



Fóghlumaim dhá ní: mo dhliosdeanas do Dhía ar tús, agus aindséin
mo dhliosdeanas dom chomharsain.



Ceisd.



Créud hé do dhliosdeanas do Dhía?



Freagra.



As hé mo dhliosdeanas do Dhía, creideamh and, a éagla do bheith
oram, a ghrádhughadh lé mo chroidhe uile, lé mhinntind uile, lé manmhuin
uile, agus lé mo bhrídh uile. Onóir do thabhairt dó, buidheachas do bhreith


L. 103


leis, mo dhóchus go huilidhe do chur and, a ghuidhe, a ainm náomhtha agus a
bhriathar donórughadh, agus seirbhís fhírindeach do dhénamh dhó ar feadh
mo bheatha uile.



Ceisd.



Créud hé do dhliosdeanas dod chomharsain?



Freagra.



As hé mo dhliosdeanas dom chomharsain, a ghrádhughadh mar
mhé fhéin, agus a dhénamh don uile dhuine mar bhudh mían
leam íadsan do dhéunamh dhamh. Grádh, onóir, agus furtachd
do thabhairt dom athair agus do mo mháthair: onóir agus
umhlachd do thabhairt don Ríogh agus da mhinisdribh. mé fhéin
dhísliughadh dom úachdaranaibh uile, dom luchd teagaisg, dom áodhairibh
spioratálta, agus dom mhaghisdribh. Mé fhéin diomachar go huríseal
ománta don uile dhuine is féarr iná mé fhéin. Gan dochar do dhénamh
do neach ar bioth dfhocal ná dho ghníomh. Bheith fírinneach ionnraic um
uile ghníomharthaibh. Gan fúath gan miosgais do bheith am chróidhe. Ma lámha
do chóimheud o ghadaigheachd, mo theanga ó dhrochchaint, ó bhréigh agus ó
sgannail. Mo chorp do choiméud a measarrdhachd, a gceannsachd, agus a
ngenmnuidheachd. Gan cuid dhaóine eile do shanntachadh, achd fóghluim agus
sáothar do dhénamh chum mo bheatha dfhaghbhail, agus mo dhliosdeanas do
dhénamh, a staid na beatha, chum ar toil lé Día mo ghairm.



Ceisd.



A mhic ionmhuin, bioth a fhios so agad, nách tig dhíot féin na
neitheso do dhéunamh, na siubhal anaithentaibh Dé, agus seirbhís do
dhénamh dhó, gan a ghrása speiciálta dfhaghbhail, noch is eigean duit
díarraidh do gnáth lé hurrnuighthe dhúthrachdaigh: Ar anadhbharsoin féucham
an bhfhuil do fphaidear agud.



Freagra.



Ar nathairne atá ar neamh, náomhthar hainmsi. Tigeadh do ríghe.
Déuntar do thoil ar talmhuin amhail donither ar neamh. Tabhair dhúinn
aníu ar narán láoitheamhuil, agus maith dhúinn ar bhfhíacha, amhail
mhaithmaóidne dar bhfheitheamhnuibh féin. Agus na tréoraigh chum buidheartha
sínd, achd sáor sínd ónolc. Amén.



Ceisd.



Créud íarras tú ar Dhia and sa nurrnuightheisi?



Freagra.



Iarraim ar mo Thighearna Día, ar nathair neamhdha, tíoghlaicthéoir
anuile mhaitheasa, a ghrasa dho thabhairt damh fhéin, agus donuile fphobal,
chum onóra, seirbhísi, agus umhlachda do thabhairt dó, mar ios cóir dhúinn.
Agus guidhim Día, na huile neithe do char chugaind rigmíd aleas do tháobh


L. 103a


ar nanma agus ar gcorp. Agus trócuire do tabhairt dúinn, agus ar
bpheacthaigh uile do mhaitheamh dhúinn, agus go madh hí a thoil, sinde do
chumhdach agus do dhídean and sanuile ghúasachd chuirp agus anma, agus ar
gcoimhéud ó gach uile fpheacadh agus aingídheachd, agus ó cheilg a
naidhbhirséora, agus on bhás thsíorruidhe. Agus atá mo muinidhin go
ndiongna sé so, do réir a thrócuire, agus a mhaitheasa, tré ar Dtighearna
Iosa Criosd. Agus ar anadhbharsoin a deirim, Amén .i. Bioth amhlaidh.



Ceisd.



Ga mhéud Sácraimeint do órdaigh Críosd
iona Eaglais?



Freagra.



Dá shácraimeint amháin, atá na riachdanasles
go geinerálta chum slánaighthe, mar atá an
Baisdeadh, agus Suipér an Tighearna.



Ceisd.



Créud is cíall agad and sa bfhocalso dá
ngoireand tú Sácrameint?



Freagra.



Isí is cíall agam and, gur ub comhtharrdha leithimeallach sófhaicsiona
hí, ar na grásaibh spioratálta don táobh asdigh, ar ná tabhairt
dúinn, agus do órdaigh Críosd féin, na slighe lé na ngeubhmaóis
chugainn íad, agus na ngeall daingnighthe orro.



Ceisd.



Gá mhéud cuid atá and gach Sácraimeint?



Freagra.



Atáid dá chuid: Mar atá an comhtharrdha leithimeallach sófhaicsiona,
agus an grásd spioratálda don táobh astigh.



Ceisd.



Créud is comhtharrdha leithimeallach sófhaicsiona, ag an Mbhaisdedh,
nó créud is fóirm dhó?



Freagra.



Isé ios comhtharrdha leithimellach sófhaicsiona dhó, Uisge: ann a
dtomthar an tí bhaisdear, nó ar a gcroitear hé, anáinm an Athar, agus an
Mheic, agus an Spiorad náomh.



Ceisd.



Créud hé an grásd spioradálta don táobh astigh?



Freagra.


L. 104


Marbhadh an fpheacthaidh, agus aithbhreith chum fíréundachda: Oír ar
mbheith dhúinn ó nadúir ar nar mbhreith a bpheacadh, agus nar gclaind
mhalláighthe, doníthear dhínn and sa bhaisdeadh, clann na ngrásd.



Ceisd.



Créud is iníarrata ar an luchd ghabhus baisdeadh chugtha?



Freagra.



Aithrighe fhírindeach, lé na seachnaid síad an peacadh: agus creideamh
fíre lé na gcreidid go diongmhála na gealleamhna tug Dia úadha,
dhaingnightear dhóibh san tshácraimeintsin.



Ceisd.



Ar anadhbharsoin créud fá mbhaisdear naóidheanáin, ó nách tig dhíobh
lé na nóige na neitheisin do choimhlíonadh?



Freagra.



Coimhlíonaid síad íad lé na nurradhaibh, gheallus agus dobheir móid
lé na gcoimhlionadh na nainm: Agus ataid féin cengailte ar dteachd chúm
aóisi dhóibh, lé na gcoimhlíonadh.



Ceisd.



Créud an tádhbhar fá nar horduighedh Sácraimeint Shuipéir an
Tighearna?



Freagra.



Isé an tadhbhar fá nar horduigheadh hí, chum cuimhne gnáithe, iodhbarta,
agus bháis Chríosd, agus na dtioghlaicthedh tig cugaindni dhá mbhrídh.



Ceisd.



Créud hí an chuid leithimeallach, nó an comhtharrdha sófhaicsiona do
tshuipéur an Tighearna?



Freagra.



Isí is cuid leithimeallach, agus is comhtharrdha sófhaicsiona dhe, Arán,
agus Fion, noch dho órdaigh an Tighearna do ghabháil.



Ceisd.



Créud hí an chuid fholuighthech, nó créud a ní chomharaighthear léo?



Freagra.



Así an chuid fholuightheach, agus a ní chomharthuighthear léo, Corp agus
Fuil Chríosd, noch ghlacthar agus ghabhthar go dearbhtha fírindech a
suipéur an Tighearna, leis an druing chreides go diongmhalta.



Ceisd.



Créud íad na tiodhlaigthe ghabhmaóidne chugaind do tharbha na Sácrameinteisi?


L. 104a


Freagra.



Gabhamáoid chugaind neartughadh, agus sásadh ar nanma, tré chorp agus
tré fhuil Chríosd, amhail neartaighthear agus shásdar ar gcuirp lé harán,
agus lé fíon.



Ceisd.



Créud is oirchios don druing tig chum suipéir an tighearna, dho
dhéunamh?



Freagra.



Is oircheas dóibh iád féin do chúartughadh, agus a fhéucháin a ndérnadar
aithmheula fhíre and sna peacthaibh dhorindedar, agus a chur rompa do rún
chroidhe, beatha núa do beith aca, agus creideamh béo a dtrócuire Dhé
tré Iósa Críosd, maille lé cuimhne bháis Chríosd, agus lé buidheachas: agus
a fhéuchain mar an gcéudna an bhfhuil grádh aca dona huile dháoinibh.



Mar ios táosga thiocfus dhona leanbuibh airtiogail an Chreidimh, an
fphaidear, agus na deich naitheanta
do rádh iona dteanga mhathar, agus mar an gcéudna fhreagra na gceasd no
choda dhíobh atáid annsa
Chaitechiosma athchumair so do thabhairt dhon Easbog, (nó don tí chuirfeas
sé iona iónadh) do
rér a dhéiscréide: Aindsin dobéuraid na Cairdiscríosd do láthair
aNeasbuig iád, chum go mbheith
fiaghnaisi ag gach áoinleanamh aca ar chur fá laimh Easbuig. Agus dodhéuna
an Teasbug a oiffig mar so síos.



DAINGNIUGHADH NO
LEAGADH LAMH AN EASBUIG.



Atá ar gcabhair anainm an Tighearna.



Freagra.



Noch do chruthaigh neamh agus talamh.



An Teasbug.



Go madh beandaighthe ainm an Tighearna.



Freagra.



O so amach go síorruidhe.



An Teasbug.



A Thighearna éisd lé ar nurrnaighthibh.



Freagra.



Agus léig ar sgreadach dod laithir.



Déunam urrnaighthe.



A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch do dhéonaigh do
shearbhfhoghantaidhe atá annso do láithir, daithgheinamhain tré uisge
agus tré san spiorad náomh, agus anuile fpheacadh do mhaitheamh
dhóibh: Guidhmíd thú a Thighearna a neartughadh tré san spiorad


L. 105


náomh an comhfhurtaighthéoir, agus méudaigh go láoitheamhail iondta
tiodhlaicthe umadamhla do ghrásd, mar atá spiorad na héagna agus na
tuigseana, spiorad na comhairle, agus na láidireachda, Spiorad anéolais agus
na fírdhíadhachda: agus líon íad do ghnáth (a Thighearna) deagla náomhtha
do spioraide féin, tré ar Dtighearna Iósa Críosd. Amén.



Aindséin cuirfidh an Teasbug a lámh ar gach leanamh dhíobh fó leith
agá rádha mar so síos.



A Thigherna, cúmhdaigh an leanbso, léd ghrásaibh neamhdha, iondus go
mbhiaidh sé na thshearbhfhoghantaidhe agad féin do shíor, agus go
bhfhásaidh sé a ngrásaibh do Spiorad naóimhsi ó ló go ló, go teachd dó
chum do Ríoghachda síorráidhe tré Iósa Críosd ar Dtigherna. Amén.



Aindséin adéura an Teasbug.



Déunam urrnaighthe.



A Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, noch do
bheir toil agus cumus dúinn, na neithe dho
dhéunamh, atá maith, agus ar a bhfuil gean ag
ad mhórdhachdsa: donímid ar nurrnaighthe go
dúthrachdach chugadsa ar son na leanamhsa,
ar ar chuireamar (do réir eisiomplárach
Heapstail náomhtha) ar lámha, chum tfhabhair,
agus do mhaitheasa grásdamhailsi do chur a
gcéill dóibh: Guidhmíd thú, do lámh aithremhail
do bheith do ghnáth ós a gcionn dá ndídean:
bíoth do spiorad náomh go síorruidhe
maille léo, agus tréoruigh íad anéolus, agus anúmhluchd do bhréithreisi,
iondus go bhfhúighbhid síadh fá dhéoigh an bhetha mharrthanach, tré
Iósa Críosd ar Dtighearna, noch mhaireas agus atá a Rioghachd shíorruidhe
na fhírDhía, maille leatsa agus leis an Spiorad náomh, a sáoghal na
sáoghal. Amén.



Aindséin beandóchaidh an Teasbog na leineimh, agá rádha mar so
síos.



Go raibhe bendachd Dé no nuilechumhachd, anathar, an Mheic, agus
an Spiorad náomh oraibh, agus go gcomhnuidheisí agaibh go síorruidhe.
Amén.


L. 105a


Atá dfhíachaibh ar Mhinisdir nó ar Churáidighe gach uile fpharráisde gach
domhnach agus gach lá saóire, leathuáir roimhe
Ispurta, an mhéide do lenbaibh an fpárraisde cuirfighther chuige, do
thegasg agus dfhechain go follus andsa
Hegluis, a gcuid éigin don Chaiteiciosma so, mar dochífighthear dhó go
socamlach do reir na háimsire.



Agus cuireadh gach Athair agus máthair, agus máighisdir dfhiachuibh ar a
gcloind agus ar a searbhfhoghantuibh,
(nach ar fhoghlum a gcaiteciosma) teachd chum na Heagailsi and sa nám dho
horduigheadh, agus eisdeachd
do thabhairt uatha go humhal, agus bheith urrumach don Churaidighe, nó go
bhfoghlumaid síad gach ní do
hórduigheadh andso dfhóghluim dhoibh.



Agus an tan dobhéura an Teasbug fógra na leinb do thabhairt dá láithir
anionadh iomchubhuigh ar bioth, chum
a lamh do chur orro, aindsin tabhrad gach áon Chúraidige leis, nó cuireadh
úadha sgríobhtha, anmanda a
bhfuil do leanbuibh na fparráisde gá bhfhuil artiogail an Chreidimh, an
Fphaidear, agus na deich naithenta,
agus fós an meide dhíobh lé nub éidir freagra dho thabhairt ar na ceasdaibh
oile atá ansa Chaitechiosma so.



Agus ní fuiléonghthar daóinneach teachd chum na comaóineach náomhtha, go
mbhía an Caitechiosma dho mheabhair
aige, agus go gcuirthear fá láimh Easbuig hé.



LEIGHEANN THSOLLAMNAIGHTHE AN FPHOSDA.



Ar tús dlightheur fógartha do thabhairt trí dómhnaighe, no trí laithe saóire
an ndiáigh a chéile, anám na seirbhisi,
do láithir an fphobuil, do réir ghnáthaighthe.



Agus ma tá nách anáonfparráisde atá an lánamhain lé nab mían an pósadh dho
dhéunamh, tabhairthar na trí
fógortha sin and gach Parráisde don dá fparráisde iona bhfuilid síad. Agus
na cuireadh Minisdir áon
fpharraisde dhíobh reimhe, sollamnughidh náomhtha an fpósda do dhéunamh,
achd muna fhaghaidh sé sgríobhtha fá
láimh Mhinisdir an fpharráisde oile go dtug sé na trí fógartha mar ios dúal.



A ló shollamnaighthe an fpósda, tiocfaid an lanamhain lé nab mian an pósadh
do dhéunamh, chum na Heagailsi
a bhfhiaghnaisi an fphobuil, a gcuideachda a gcarad agus a gcomharsan: Agus
andsoin adéura an Minisdir mar só síos.



A cháirde róghrádhacha, tangamair a gceand a chéile
a bhfhíaghnaise Dé, agus do láithir a Eágailsi,
chum na lánamhnachso do cheangal dá chéile andsa
fphósadh náomhtha: Garub sdaid onórach hé, dho orduigh
Día a Bpháirchios, sul do fpheacthaibh Adhamh,
dá chur a gcéill dúinne an chomhcheangal séicreidioch
atá ag Críosd lé na Eagluis: noch do dheallruigh
agus do dheaghmhaisigh Críosd dá láithir féin, léis
an gcéudmhiorbhuil doríne sé a Gcána na Gaililé: agus do mhol Pól mar
an gcéudna an pósadh dho bheith onórach eidir na huile dhaóinibh. Ar
anadhbharsoin ná cuiream romhaind agus ná gabham oroin, a dhéunamh go
nemhchíanradharcach, go neamchiallmhar, ná go mearrgánta, chum toile agus
ainmíanadh na codla dho choimhlíonadh, amhail doníd síad na hainmhiteadh
brúideamhla, ag nách fuil cíall ná réusamhan: Achd a dhéunamh go hománta,
caóitheamhail, cíanradharcach, measarrdha, agus aneagla Dé, agá thabhairt


L. 106


dár naire, créud na hadhbhair as ar hordaigheadh an pósadh ar tús.
Agus as hé so an céud adhbhar díobh, síoladh na clainde, chum a dtabhartha
súas anéagla, agus a dteagasg an Tíghearna, chum glóire dho thabhairt
dho Dhía. An dara hádhbhar, go madh leighis hé anaghaidh fpheacthaidh
anadhaltrannais agus an sdríobthachais, iondus go bphósfadaóis an dream
nách fúair tiodhlacadh genmnuidheachda, ar chor go ndingandáois íad féin
dho choimhéud na mbhalluibh neamhthrúaillaighthe a gcurp Chríosd. An tres
ádhbhar chum bheith a gcomhchuideachda, ag cabhuir agus ag comhfhurtachd a
chéile, a sódh agus ananshódh. Agus is uime tángadar an días dochíthí do
láithir annso, chum go gceangóltáoi íad féin dá chéile, and sa sdaid
náomhthasa an fphósda. Ar an adhbharsoin madh féidir lé haóineach agaibhsi
cúis dhliosdeanach do thaisbéanadh anaghaidh na lanamhna so, as ná bhudh
fhéidir dhóibh íad féin do cheangal dá cheile go dlistheanach, taisbéunadh
anois hí, nó nó as so súas bíoth na thosd go bráth.



Agus ag labhairt don Mhinisdir leis an lanamhain fpósdar lé chéile,
abradh sé mar so síos.



Aithnidhim dhíbh go ródhíthcheallach (amhail dobhéurthaói
cúndas uáibh a ló bháoghlach an bhreitheamhnuis, iona bhfhoillséochar
rún na nuile chroídheadh) madh feasach do cheachdar dhíbh
toirmiosg ar bioth as nách féidir dhaóibh bheith ceangailte
dhá chéile go dlisteanach a bphósadh, a fhoillsiughadh anois.
Oír bíoth a dhearbh so agaibh, an mhéide cheangaltar san fphósadh, achd do
réir bhréithre Dé, nách hé Día cheanglas íad, agus nách fuil a bphósadh
dlisdeanach.



Agus a ló an fphósda féin madh thoirmiosgand duine ar bioth hé, dá
fhoillseachadh nách iondéunta an pósadhsoin,
do réir reachda Dé, no Státuideadh na Rioghachdasa, agus go gceangóluigh sé
hé féin, agus urradha diongmhála
don lanamhain atá ag déunumh an fpósda, nó go gcuirfidh sé geall is
lór ar son chosduis na bphersan
atá ag déunamh an fphósda úadha féin, chum diolaidheachda do dhéunamh ar
son a gcosdais, leis an
dtuirmiosg chuireas sé, do dhearbhadh: Aindséin ios cóir sollamain an
fphósda do char ar máill go foillsíughadh
na fírinde. Achd muna fhaghthar toirmiosg ar bioth and, abradh an
Minisdir ris an bfhior mar so síos.



A. N. An aill let an bhensa do bheith agad na mnáoi fphósda, chum
marthana a bhfochair a chéile a sdaid náomhtha an fphósda, do réir
órduighthe Dé? An mían leat do thoil chróidhe, grádh, comhfhurtachd, agus
onóir do thabhairt dí, agus a coimhéud iona sláinte, agus iona heasláinte?
agus anoilfidh tú dhi féin amháin, ar dtréigean na nuile mbhan oile,
gion mhairfidhe aráon?


L. 106a


Freagóraidh an fear.



Is mían leam soin.



Aindséin adéura an Minisdir leis an mnáoi.



A. N. An áil letsa an fersa do bheith agad iona fhior fphósda, chum
marthana a bhfhochair a céile a sdaid náomhtha an fphosda, do réir
orduighthe Dé? An dtiobhra tú umhluchd, seirbhis, grádh, agus onóir dhó?
An ndiongna tú a choimhéud iona thshláinte, agus iona easláinte? Agus
anoilfidh tú dhó féin amháin, ar dtréigean an uile fhear oile, gion
mhairfidhe aráon.



Freagóraidh an bhean.



Dodhéuna mé soin.



Aindséin adéura an Minisdir.



Cía dhobheir an bheansa chum a pósda dhon fhiorsa?



Aindséin ar nglacadh na mná don Mhinisdir a láimh a hathar, nó a carud,
cuirfidh sé dfhiachuibh ar an fhior,
lámh dhias na mná do glacadh, agus ar an modhsoin dobhéura an bhean, agus
an fear a móid dá chéile,
ag rádh dhon fhior ar tús mar so síos.



Gabhuimsi .N. thusa a N. chugam ad mhnáoi fphósda, iondas go bráth
ó so amach, go mbhía tú agam, go gcuinnéubhad thú, go ngrádhochad thú,
go noilfid duit, tar gach mnáoi mhaith agus tshaith, shaidhbhir agus
dáidhbhir, and do thshláindte, agus and teasláinte, go sgaraidh an bás ó
chéile sind, do réir órduighthe náomhtha Dé: agus dá dhaingníughadh soin,
dobheirim mo mhóid agus mo ghealladh leis sin duit.



Aindséin sgaóilfid an anamhain a lámha ó chéile, agus ag breith don mhnáoi
ar láimh dheis an fhir mar an gcéudna, adéura sí mar so síos.



Gabhaimsi .N. thusa a N. chugam ad fhior fphósda, iondus gu bráth ó so
amach go mbhía tú agam, go gcuindéubhad thú, go ngrádhóchad thú, gu
dtiobhar umhluchd duit, go noilfiod duit tar gach fhior mhaith agus tshaith,
shaidhbhir agus daidhbhir, ann do shláinte agus and teasláinte, go sgaraidh
an bás ó chéile sinn, do réir ordaighthe náomhtha Dé: agus da dháingniughadh
soin, dobheirim mo mhóid agus mo ghealladh leis soin duit.



Aindséin sgáoilfidh an lánamhain a lámha ó chéile arísi, agus dobhéura an
fear fáinne dhon mhnáoi, dá
chur, maille leis aNairgead fphósda dhlighthear don Mhinisdir, agus don
Gclearioch ar an leabhar.
Agus glacadh an Minisdir an fáinne, agus tabhradh sé don fhior hé, lé na
chur ar mhéur tánaisde láimhe
clí na mná. Agus abradh an fear ar theagasg an Mhinisdir mar so síos.



Ceanglaimsi thú dhíom fhéin ad mhnáoi fphósda leis an bhfáinnesi, dobheirim
onóir dhuit maille lém chorp, agus doním páirtighe dhíot ar mo
mháoin thsháoghalta go huilídhe: anainm anathar, agus an Mheic, agus an
Spiorad náomh. Amén.



Aindséin ar bhfhagbháil an fháinne don fhior ar mhéur tánaisde láimhe clí na
mná, adéura an Minisdir mar so síos.



Déunam urrnaighthe.


L. 107


A Dhé shíorruidhe, a chruthaightheóir, agus a dhídhnighthéoir
an chinidh dháonna go huilídhe, a thiódhlaigtheóir
na nuile ghrásd, agus a úghdair na
beatha marthanaighe, dóirt do bheandachdain a
núas ar an lanamhainsi, atámuidne do bheannúghadh
ad hainm, iondus amhuil do chaith Ióság
agus Rebécca anáimsior a bhfhochair a
chéile go ródhíleas dá chéile, go madh amhlaidh
soin choimhéollaid an lánamhaso dhá chéile go
diongmhála an mhóid agus an cundradh so atá ar na dhéunamh eattarra, (agá
bhfhuil tabhairt amach an fháinneisi ag an bhfhior, agus a ghabháil ag an
mhnaói, na chomhtharrdha air, agus na gheall leis) agus brond dóibh anamhain
do ghnáth a ngrádh diongmhála, agus a síothcháin a bhfhochair a chéile, agus
a mbhetha do chaitheamh go hiomshlán do réir haitheantasa, tré
Iósa Críosd ar Dtigherna. Amén.



Aindséin cuirfidh an Minisdir lámha deasa na lánamhna
a láimh a chéile, agá radha mar so síos.



Na dáoine do chengail Día dhá chéile, na sgaóiledh duine ar bioth íad.



Aindsin labhradh an Minisdir ris an bphobul mar so síos.



Do bhrídh go dtug .N. agus N. a dtoil dá chéile a bphósadh
náomhtha, agus go ndéarnadar soin a bhfhíaghnaisi Dé,
agus na cuideachdaso dhó láithir, agus go dtugadar a
móid agus a ngealladh leis sin do chomhall dá chéile, agus
gur fhoillsigheadar hé lé fáinne dho thabhairt amach, agus lé
na ghlacadh, agus lé a lámaibh dho thabhairt a láimh a chéile: Uime sin
atáimsi dha fhoillsiughadh go bhfuilid síad na lánamhain arna bphósadh
go dlisdenech: anáinm aNathar agus an Mheic agus an Spiorad náomh.
Amén.



Cuirfidh an Minisdir an beannughadh so síos leis so.



Día an Tathair, Día an Mac, agus Día an Spiorad náomh, dhá bhar
mbhendughadh, dhá bhar gcothúghadh agus dá bhar gcúmhdach: Go bhfhéucha
an Tigherna trócuirech oraibh go fabhurthach, agus go líonaidh
sé sibh léis anuile bheandachdain agus ghrásd spioratalda,
iondus go gcaithfídhe bhar mbheatha a bhfhochair a chéile ar an sáoghalso,
ar chor go bhfhúighbheadh sibh an bheatha mharthanach annsa sáoghal atá ag
teachd, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.



Aindsin adéuraid no canfaid an Minisdir, nó an chlíar. (Ag gabháil súas
chum búird an Tighearna,) an psálm so síos.


L. 107a


1. Os beandaighthe gach uile dhuine, ar a bhfhuil
éagla an Tigherna, agus shíubhlas and a thshlighthibh.



2. Oír dhoghéubha tú toradh sáothair do lámh
féin? búdh bendaighthe thú, agus búdh háoibhind duit.



3. Bíaidh do bhen mar fhíneamhain thorthaigh lé
táobh do thíghe:



4. Biáidh do chlann mar ghéugaibh chrand ola,
na seaseadh ar gach táobh dhod bhórd.



5. Tabhair dod húidh, is mar so bheandóchar
an duine ar a mbí eagla an Tighearna.



6. Beandóchaidh an Tighearna thú a Sion: Agus dochífir sonas
Iarusaléum, ar feadh laithe do bheata uile.



7. Agus dochífidh tú clann do chlainne: Agus síothcháin ar Iosraéul.



Glóir doNathair, agus don Mhac, agus don Spiorad náomh:



Amhuil dobhí ó thosaigh, atá anois, agus bhías go síorruidhe, a sáoghal
na sáoghal. Amén.



No nó an psalmh so síos.



Go ndéna Día trócuire orainn, agus go
mbeanduighe sé sinn: Go bhfhoillsighidh sé a aghaidh
féin go solas dúinn, agus go ngabhadh trúaidhe
dhúinn hé.



Iondas go bhfuigheam éolas do shligheadhsa ar
talmhuin: Agus an tshláinaighthe dobheir tú
uáit, ameasg na nuile chineadhach.



Moladh na puibleacha thú a Dhía, moladh a
nuile fphobul tú.



Bíoth gáirdeachus agus lúthgháir ar na cineadhachuibh: Oír dodhéuna tú
certbhreithemhnus ar na publibh, agus bía tú ag dénamh tréora do na
cinedhaibh ar talmhain.



Moladh na puibleacha thú a Dhía, moladh anuile fphobul tú.



Dobhéura an talamh a thoradh uádha, beandóchaidh Día, ar ndía
féin sinn.



Go mbheanduighe Día sinn, agus go raibhe a eagla ar chríochaibh na talmhan
go huilídhe.



Glóir doNathair agus don Mhac. Etc.



Amhail dobhí. Etc.



Tar éis an Tsailm, ar mbheith don lanamhain ar a nglúinibh a bhfhíaghnaisi
bhúird an Tighearna, adéura an Minisdir
na sheasamh ag an mbórd, agus ag iompúdh a aighthe orro, mar so síos.



A Thighearna déuna trócuire oruinn.



Freagra.


L. 108


A Chríosd déna trócuire oruinn.



An Minisdir.
A Thighearna déna trócuire oruinn.



C. Ar Nathairne atá ar neamh. Etc.
Agus ná tréoruigh chum buáidheartha sinn.



Freagra.
Achd sáor sinn ó nolc. Amén.



An Minisdir.
A Thighearna sáor thóglách agus do bhanóglach féin.



Freagra.
Noch chuireas a ndóchas ionat.



An Minisdir.
A Thighearna cuir cabhair chugtha ód hionadh náomhtha.



Freagra.
Agus dídin go síorrúidhe íad.



An Minisdir.
Bí ad thor dhaingean aca.



Freagra.
Anaghaidh a namhad.



An Minisdir.
A Thighearna, éisd lénar nurrnaighthe.



Freagra.
Agus tigeadh ar neimhghe dod láithir.



An Minisdir.
A Dhía Abraháim, a Dhía Iosáac, a Dhía Iacóib, beanduigh
an lanamhainsi do shearbhfhoghantuidhe, agus cuir
síol na beatha marthanaighe and a nindtindibh, iondus gidhbé
ar bioth ní dodheunuid síad dfhóghluim go tarbhach as do
bhréithir náomhthasa, go gcoimhlionfaid siad do ghníomh
hé. A thighearna féuch orro go trócuireach ó neamh, agus benduigh íad:
Agus amhail mar dho bheandaigh tú Abrahám, agus Sára, dá gcomhfhurtachd
go mór: Go madh amhluidh sin bhús toil leat an lanamhainsi dho bhendughadh,
ionnas ar mbheith dóibh umhal dod thoilsi, agus arná ndídean do ghnáth
léd mhórchumhachdaibh, go nanfaid síad go diongmhálta and do ghrádh go
deireadh a sáoghuil, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.


L. 108a


Fágthar anorrtha so síos gan rádha, más bean dochúaidh ó chlainn do
bhreith bhías dá posadh.



A Thighearna thrócuirigh, agus a Athair nemhdha,
gár ub tré do thiodlacadh grásamhail thshíolruidhes
an cionadh dáonna: Guidhmíd thú, bendaigh
an días so, iondus go dtiocfa sliochd
mór orro, agus go bhfhaghaid mar an gcéudna
saoghal fada, a ngradh díaghdha agus a bhfireandachd
a bhfochair a chéile, go faicsin chlainne a gclainne
dhóibh, go soichthe an tres agus an cethramha
geinealach, chum molta agus onóra do thabhairt
duitse, tré Iósa Críosd ar Dtighearna.
Amén.



O a Dhía, noch do chruthaigh na huile neithe do neimhthní léd
mhórchumhachdaibh, noch fos (ar gcur na nuile neithe anórdughadh dhuit)
do órdaigh mar an gcéudna an bhen do thechd
on bhfhior (do cruthaigheadh do réir hiomhágh agus do chosmhuileas féin)
agus gá gceangal lé chéile do mhúin, nách búdh
dlisdeanach go bráth, an días do cheangail tusa le chéile sa fphósadh, agus
dá ndearna tú aóinfheóil, do sgaradh ó chéile: O a Dhia noch dho choisrig
sdaid an fphósda chúm a chomhúasal soin do sheicréid, iondus go dtaisbéantar,
agus go bhfhoillsighthear leis, an pósadh spioratálda agus an coimhchengal
atá idir Chríosd agus a Eaglais, lé na ndéuntar áon díobh: féch
go trócuireach ar an lánamhainsi do sherbhfhoghantuighe, iondus go dtíobhradh
an fersa grádh dhá mhnaói, do réir do bhréithreisi, (amhuil do ghrádhuigh
Críosd a Eaglais, noch tug hé féin ar a son dá grádhughadh agus
dá hoileamhuin mar a chorp féin). Agus mar an gcéudna go mbhía grádh
ag an mhnaóisi dhá fior, mar dho bí ag Raichéil dá fear féin, go
mbía sí comheagnuidhe lé Rebécca, comhdhíleas, agus comhúmhal lé
Sára, agus go leanuidh sí éisiompláir na mbhan dtrómdha, náomhtha,
díaghdha, and sanuile chendsachd, mheasarrdhachd, agus tshíothcháin. A
Thighearna beannaidh íad aráon, agus brúnd dóibh oighreachd na beatha
marthanuighe fá dhéoigh, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.



Na dhíaigh sin adéura an Minisdir mar so síos.



Dia na nuilechumhachd, noch dho chruthaidh ar tús ar gcéud athair agus
ar gcéud mháthair, Adhamh, agus Ebha, do bheandaigh, agus do cheangail
dá chéile a bphósadh íad: go ndóirtigh sé saidhbhres a ghrásd
oruibh, go náomhaidh, agus go mbheanduighe sé sibh, ionnus go dtiocfadh


L. 109


dháoibh a thoilsean do dhéunamh dho tháobh chuirp agus anma, agus marthain a
bfhochair a chéile a ngrádh náomhtha, go deireadh bhur sáoghuil. Amén.



Aindséin tiondsgóntar an chumaóineach. Agus tar éisi an tshoisgéil do
léughadh, dogéuntar an tsheanmóir,
and a bhfoillseochar mar ios dúal, offig an fhir, agus na mná dhá chéile,
(gach úair dhá mbhía pósadh ar
bioth dhá deunamh) do réir an sgriobtúr náomtha, nó muna raibhe seanmóir
and, léughfhidh an Minisdir
an teagasg so síos.



Gidhbé dháoibh atá ceangailte and sa fphósadh
cheana, no gidhbé hagaibh lé nab mian cuing
an fphósda bhendaighthe do chur air ó so amach,
tabhradh dhá aire créud a deir an sgriobtúr
náomhtha do tháobh créud dhliges na fir fphósda
do dheunamh dhá mnáibh, agus na mná pósda dha
bhfhearaibh mar an gcéudna.



Dobheir Pól náomhtha and sa chuigeadh caiphghidil
doneipisdil do sgríobh sé chum na Neiphesidhánach,
anaithneisi fios do nuile fhear fphósda, agá rádh: A fhiora,
bíoth grádh agaibh da bhar mnáibh pósda, fá mar dho ghradhaigh
Críosd aNeglais, agus tug sé hé féin ar a son: chum go ndiongnadh
náomhtha hí, arná glanadh dhó anamar uisge, tré san mbhréithir:
chum a déunta dhó féin na Heglais ghlórmhair, gan chaidhe
gan chasadh, ná ní ar bioth is cosmhuil ríu soin: Achd chum go
mbheith sí náomhtha, neamhchiontach. Is amhluidhsin is cóir do na
fearaibh a mná dho ghrádhughadh, mar a gcorpaibh fhéin. An tí ghradhaigheas
a bhean, asé féin ghrádhaigheas sé. Or ní thug áonnduine ríamh
fós fúath dhá a fhéoil féin, achd dobheir beatha, agus clúdadh dhí,
do réir mar dhobheir an Tighearna dhon Neglais. Or is búill dha
chorpsan sinne, dá a fhéoil agus dá a chnámhaibh. Dá bhrídh so, fúigfidh
duine a Athair, agus a Mháthair, agus bíaidh sé ceangailte dha
mhnaói fphósda, agus beid aráon na naóinfhéoil. Atá so na sheicréid
mhóir, Achd ios ar Chríosd, agus ar aNegluis labhruim.
Uimesinn bíoth grádh fó leith ag gach áon agaibh dhá mhnaói, amhuil
dobhíaidh dhó féin.



Is ar an modh sin labhrus an Tapstal náomhthá céudna, (and
saNeipisdil do sgríobh chum na Gcoloissidhánach,) ris anuile fher
atá pósda, agá rádh: A fhiora, grádhuighidh bhar mná, agus na bithí
séarbh dhóibh.



Eisdidh mar an gcéudna créud a deir Peadar náomhtha, (dobhí
na fhior fphósda; agus na Apstul ag Críosd,) leis anuile fhear atá
pósda, agá rádh: A fhiora, dénaidh comhnuighe a bhfhochair bhar mbhan, mar
ios imchubhaidh do dhaóinibh íulmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, mar an
soithech ios laige, amhuil fós atá sibh nar gcomhoighridhibh ghrásd na
beatha, deagla thoirmisg do chur ar bhur nurrnaighthibh.


L. 109a


Go soichthe so dochúalabhair créud dhligheas an fear posda do dheunamh
dhá mhnáoi. Anois a mhná pósda, éisdighsi, agus fóghlumaidh mar
an gcéudna, créud dhlighthí do dhéunamh dá bhur bhfhearaibh, mar atá arna
fhoillsiughadh go follus and sa sgriobtúr náomhtha.



Dobheir Pól náomhtha and saneipisdil chéudna do sgríobh sé chum
na Neiphesidhanach, an teagasg so dhaóibh, agá rádh: A mhná pósda, bithí
urrumach dá bhur bhfhearaibh fhéin, amhail dobhíath síbh dhon Tighearna. Or
asé an fear ceand na mná, amhuil asé Críosd ceand na Hegailsi: Agus
asé slánaighthéoir an Chuirp hé.



Ar anadhbharsoin, amhuil úmhluidheas aNeglais hí féin do Chríosd,
go madh amhluidhsoin bhías na mná úmhal dá bhfhearaibh fhéin ion gach
aóinní. Agus a deir sé arís, tabhradh an bhean dá haire bheith eaglach
roimhe an bhfhior. Agus dobheir Pól, mar an gcéudna, anaicthechd
athchumairsi dháoibh,
and saneipisdeil do sgríobh sé chum na Gcolossidhánach, agá rádh: A mhná,
bithí úmhal da bhar bhfearaibh pósda, mar ios cubhaidh, and sa Tigearna.



Dobheir Pedar mar an gcéudna teagasg roidhíaghdha dhaóibh, agá
rádh: Bíoth na mná úmhal dá bhfhearaibh pósda, iondus go bhfhéudfúidhigh
an dream nách tabhair úmhlachd don bhréithir, do tharraing anéagmais na
bréithre, tré choinuearsáid na mbhan, an tan dochifidsíad bhar
gcóinuersáid fhíorghlan, noch atá maille lé faitchios. Agus nár ub don
táobh amuigh
bhías a maisi, a ngrúaig chasda, ná a gcur óir na dtimcheall, ná a gcur
chulaidheach orrtha: Achd go madh hé a maisi duine folaightheach an
chroidhe, noch atá arna tsuidhíughadh a neamhthruáilleadh spioraide
cendsa, ciúine,
noch is mórlúaigh a bhfhiaghnaisi Dé: Or ios mar so doníoth na mná
náomhtha anallód, do chuiredh a muinídhin a Ndía, íad féin do
dheghmhaisiughadh,
ar mbheidh dóibh úmhal dá bhfhearuibh: Amhail tug Sára úmhlachd
Dabrahám, ag gairm Thighearna dhe: dá nab ingheana sibhsi, an feadh
dhoní sibh maith,
agus nách criothnaighthear sibh ré faitchios ar bioth.



Gabhadh an lanamhain fphósdar, an lá fphósdar íad, an cumaóineach náomhtha.



LEIGHEANN DHULA
DFHEUCHAIN NA NDAOINE
égcrúaidhe.



An tan rachas an Minisdir asteach go tigh an duine theind, abradh sé mar so
síos.



C. Go raibhe síothcháin and sa tighsi, agus donuile dhuine atá and.


L. 110


Ar ndul agceand an duine thind don Mhinisdir léigeadh ar a ghlúinibh
hé, agus abradh mar so síos.



A Thighearna na cuimhnigh ar bphecthaighne, na pecthaigh ar naithreadh
romhaind. Coigil sinn a Thighearna thrócuirigh,
coigil do fphobul do fhuasluig tá lé tfhuil mhórlúaigh féin,
agus ná bioth fearg ort rind do ghnáth.



A Thighearna déuna trócuire oruinn.
A Chríosd déuna trócuire oraind.
A Thighearna déuna trócuire oraind,
C. Ar Nathairne atá ar nemh etc.
Agus na tréoruigh chum buáidheartha sinn.



Freagra.
Ach sáor sind ónulc. Amén.



An Minisdir.
A Thighearna slánaigh do thshearbhfhogantuighe féin.



Freagra.
Noch chuireas a dhóchus iondad.



An Minisdir.
Cuir cabhair chuige ód tionadh náomhtha féin.



Freagra.
Agus cúmhdaigh maille léud chumhachdaibh do shíor hé.



An Minisdir.
Ná bíoth neart ar bioth agá námhuid air.



Freagra.
Agus ná déunadh an nech aingídhe urchóid dó.



An Minisdir.
Bíthsi a Thighearna dhó ad thor dhaingean.



Freagra.
Anaghaidh a námhad.



An Minisdir.
A Thighearna éisd lé ar nurrnaighthe.



Freagra.
Agus teagadh ar néimhghe dod láthair.


L. 110a


An Minisdir.



A Thighearna féch anúas do nimh, tabhair húidh, agus fóir
ar dho shearbhfhoghantuidhe féin atá do lathair annso:
Féuch air lé súilibh do thrócuire, tabhair comhfhurtachd
agus muinídhin dhiongmhálta ionat féin dó: Díden ar cheal
gaibh an Díabhail hé, agus cúmhdaigh a síothcháin, agus a
suaibhneas siorruidhe hé, tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.



A Dhé thrócuirigh na nuilechumhachd, agus a shlánaighthéoir, éisd
lind, sín amach do thrócuire ghnáth chum do tshearbhfhogantuidhe
égcruáidh atá andso dho láithir: Tarra dhá fhéchuidh
a Thighearna, amhuil tánguis dfhéchain mhathar chéile Fphedair,
agus óglaóich an Chaiptin: Go madh amhluidhsin bhús toil let
teachd chum an duine thindsi, agus aiseag a shláinte dho thabhairt dó, mádh
dhocítear dhuit indéunta hé: Nó tabhair grásda dhó, an bhuaidheirtsi atá
air, diomachar go foighidneach, Iondus a ndíaigh na beatha buaidhearthaso,
go bhfhuighbhidh sé an bheatha mharthanach maille leatsa, tré Iósa
Críosd ar Dtighearna. Amén.



Aindséin tabhradh an Minisdir an teagasgso síos nó a leithéid oile don
duine thind.



A bhráthair róghrádhaigh, bíoth a fhios so agad,
gur ub hé Día na nuilechumhachd Tighearna
na beatha, agus an bháis, agus anuile neith
bheanus léo, mar atá, Tighearna na hóige,
na láidireachda, na sláinte, na leasláinte,
na harrantachd, an mheirbhthin, agus aneagcrúais.
Ar an adhbharsoin gidhbé ar bioth
teindes atá ort, bioth a dheirbhfhios agad, gur
ab hí toil Dé a theagmháil duit. Agus gidh
bé ar bioth cúis fár cuiredh an tindes sa ort, (más do dherbhadh
tfhoighidne, nó mar eisimpláir do dháoinibh oili, chum go bhfuighthí do
chreideamh a ló an Tighearna chum molta, glóire, agus onóra Dé, agus chum
méudaighthe shonuis na beatha marthanuighe: Nó más chuige chuirthear ort hé,
chum smachdaighthe agus ceartaighthe gach lochda dhá bhfhuil iondat, nách
fhéidir leis aNathair neamhdha diomachar:) Bioth a dherbhso agad, madh
ghabhand aithmhéula fhírindech and do fpheacthaibh thú, agus do thindeas
diomachar go foighidnech, ag cur do dhóchusa a dtrócuire Dhé, ar son a Mheic
ró ionmuin ar Dtighearna Iósa Críosd, ag breith bhuidheachais leis ar son
na féchana aithreamhlasa tug sé ort, agad tíslíughadh féin go róúmhal


L. 111


dá dheaghthoilsean, go rachaidh sé a sláinte dhuit, agus go gcuidéochaidh sé
leat and sa tshlighidh dhírigh thréorúigheas chum na betha marthanuighe.
Amén.



Dá raibhe an duine tind róimheirbh, fédaigh an Minisdir críoch dho chur
an so ar a theagasg.



Ar an adhbharsoin gabh chugad go maith an smachdughadh
so doní an Tighearna ort. Or smachdaighidh an Tigherna
and tí ghrádhuigheas sé: Agus fós amhuil a deir
Pól, sgíursuidhe sé gach mac lé ngabhand sé. Madh
fhuilngeand sibh smachd, atá Día gá fhulairemh féin oruibh,
amhuil do dheunamh sé lé a chloind. Or cía hé an Mac nach smachdaighend
an tathair? Achd dá raibh sibh gan an smachd, roindtear ris na huilibh,
go deimhin is cland bhasdaird sibh, agus ní cland dileas. Dobhádar ar
naithre colluidhe againd na luchd smachdaighthe, agus dobheirmís urruim
dhóibh: Ané nách romhó iona soin is córa dhúinn, umhlachd do thabhairt
dathair na spiorad, ar chor go mbhíam ar marthain? Or dobhadmar dár
smachdughadh ocasan seal beag dár naimsir, do réir a dtola féin: Achd is chum
ar leasa doní seisen ar smachdughadh, chum coda dhá náomhthachd dho ruind
lind. A bhráthair ionmhuin, is íad so bríathra Dé, atá ar na sgriobhadh
iosan sgriobtúr náomhtha, chum comhfhurtachda, agus tegaisg do thabhairt
duinne, iondus go niomchóramaóis go fóighidnech maille lé breith bhuidechuis,
an smachd doní an tathair nemhdha oruinn, gacha mhionca bhús toil lé a
mhaithes grásdamhuil búaidheirt ar bioth do char oruinn. Agus ní fhuil
comhfhurtachd ios ionchommórtuis leis so dho chríosduighe, ná a dhéunamh
comhchosmhuil lé Críosd a bhfulang
buáidhertha, dhochair, agus égcrúais. Amhuil nách dechuidh Críosd féin
súas a sódh, sul do fhuluing an fpháis, achd gur céusadh hé, sul fúair
glóir: Is amhluidh soin
mar an gcéudna ios hí ar slighidhne chum an tsholáis shuthain, pían do
fhulang ar an sáoghalso mar do fhulaing Críosd, agus isé ios dorus duinn ar
an mbhetha marthanaigh, bás do fhulang go lúthgháirech, amhuil do fhulaing
Críosd, chum eiséirghe
do dhéunamh dhúinn ón bhás, agus comhnuidhe iona fhochairsion and sa bhetha
mharthanaigh. Ar an adhbharsoin gabhsa chugad go toltanach an tionnes so,
atá tarbhach dhuid
ar an modh so adubhrumar. Agus tegasgaim thú a huchdh an Tigherna,
anadmháil doríne tú ann do bhaisdedh do bheith ar cuimhne agad. Agus ar
anádhbhar gur ub éigen
cúntus do thabhairt tar éis na bethaso, don bhreitheamh chothrom bhérus
bhreith ar anuile dhuine, gan fhéuchuin do nech tar a chéile,
tegasgaim thú, thú féin do chúartughadh,
agus a fhéuchain créd hí an sdaid iona bhfuil tú do tháobh Dhé, agus
dhaóine: Iondus ar mbheith duit agad chiontughadh féin, agus ag dénumh
breithemhnuis ort
féin, ar son do phecthadh, go bhfhuighthéa trócuire ónathair neamhdha ar
son Chríosd,
agus nách cuirfighthe do chionta ad leith, agus nach daiméontuighe thú illó
bháoghlach an bhreithemhnuis. Ar an adhbharsoin adéra meisi go hathchumair
airtiogail an chreidimh, chum go mbheith a fhios agadsa, an gcreidend tú
mar ios cóir do Chríosdaighe creideamh.


L. 111a


Adéura an Minisdir andsoin Airtiogail an Chreidimh, ag rádha
mar so síos.



An gcreideand tú a Ndía Athair na nuilechumhachd. Etc.



amhuil fhiarfuighthear ios an mbhaisdeadh.



Aindsin fíarfóchuidh an Minisdir dhe, an bfhuil grádh aige donuile dhuine,
dá íarruidh mar athchuinghidh air, maithfhechus
do thabhairt úatha do rún chroidhe donuile dhúine dhoríne égcóir air.
Agus madh dhorinne sé féin aindligheadh,
no égcóir ar dhuine ar bioth, íarradh sé mar an gcéudna maithfeachus air,
agus dénadh lórghníomh dhó, do
réir a acfainde. Agus muna dhearnaidh sé a thiomna reimhe soin, déunadh
an tansoin hí, agus indiseadh sé
cía ar a bfhuilid fíacha aige, agus ga mhéud a fhíacha orro, agus mar an
gcéudna, cía dhligheas fíacha dhe, agus
ga mhéud íad: chum bheith réidh a dtáobh a choguais dó, agus a oighreadha,
agus a cháirde dfhaghbáil réidh.
Gidheadh is dúal teagasg do thabhairt go meinic do na daóinibh sáidhbhre
cumhachdacha, a dtiomna dho dhéunamh
lé lind a sláinte.



Na bríathrasa adubhrumar romhaind, is ionraidh íad, sul thiondsgónus an
Minisdir a urrnaighthe, no abradh
íad, do réir a dheisgréide féin.



Na dearmadadh an Minisdir an tansoin, an duine tind do theagasg go
ródhuthrachdach, fá dhéirc do thabhairt
do na bochduibh go sochroidheach.



Madh mhothuigheand an duine tind, úalach antrom ar bioth ar a chogúas,
admhuidheadh sé ós íseal don Mhinisdir
hé, agus tar éisi na hadmhála soin do dhéunamh dhó, sgaóileadh an Minisdir
ó a fpheacthaibh hé, ar an modh so síos.



Ar Dtighearna Iósa Críosd, tug cumhachda dha Eagluis féin,
maithfeachus and a bpheacthaibh do thabhairt dona huile dhaóinibh
doní aithrighe fhírindeach, agus chreidios and féin, go maithidh
sé dhuitsi, dá thrócuire neamhchuimsighthe, do fpheacadh: agus
atáimsi do réir anúghdurráis tug sé dhamh, agad sgaóileadh
ód huile fpheacthaibh, anáinm aNathar, agus an Mheic, agus an Spiorad
náomh. Amén.



Aindséin abradh an Minisdir anorrtha so síos, ar rádha,
déunam urrnaighthe.



O a Dhía róthrócuirigh, noch (do réir umadamhlachd do thrócuire)
sgriosas peacadh luchda na haithrighe fíre dho dhénamh,
ar chor nách bí cuimhne agad orro o sin súas, fosgail
súile do thrócuire ar an searbhfhoghantuidhe so agad féin,
atá ag íarruidh trócuire, agus maithfeachuis and a fphecthaibh
ó íochdar a chroidhe. A athair róghrádhuigh, athnúadhaigh and gach
ní maith do chuir cealg, agus mailís an Díabhuil, nó fós ainmíana na
codla, agus anaibrisge leanus do nadúir dháonna, ar gcúl and. Cáomhain
agus coimhéid, an ball méirbh so, anáondachd na Heagailsi; féuch ar
thuirsi a chroidhe, agus tabhair a dhéora dhod thaire, laghdaigh a
fphían, no cuir úadha hí, do réir do
dheaghthoile féin, mar is fearr rachas a dtarbha dhó. Agus ar an adhbhar
gur ub and do thrócuire amháin chuireas sé a dhóchus, ná cuir na peacthaidh
dhorinne sé na leith, achd gabh chugad and tfhábhar hé, ar son fpháisi agus
bháis do mheic róionmhuin féin, Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.


L. 112


Na dhiaigh sin abradh an Minisdir an psalm so síos.



Ios ionnadsa a Thighearna do chuir mé mo dhóchus,
na bíodh náire go bráth oram.



Fóir oram do réir thfhíréundachda, agus
sáor mhé: cláon do chlúas chugam, agus slánaigh mhé.



Bí ad tor cómhnuighthe agam, achum a dtiucfa
mé do ghnáth: do gheall tú mo chúmhdach, ór
ios tú mo charruig, agus mo chaisléun.



O a Dhía, sáor mé a láimh an duine neamhdhiaghdha,
o láimh an duine egcóraigh, neamhthrócuirigh.



Oír ios leat amháin a Thighearna Día atá mo shúil: Ios tú mo
dhóchus o móige ríamh.



Ios tusa dho chundaimh súas mé, o dho rugadh mé: is tú thug mé o
bhruind mo Mháthar, ios tú molfas mé dho ghnáth.



Dobhí iongnadh ag morán iondam, ór bá tusa mo dhócus diongmhálta.



Líontar mo bhéul léd mholadh, agus léd ghlóirsi go laóitheamhuil.



Ná cuir uáit mhé anáimsir mharsantachd: Na tréig mé ar ndul dom
neart asam.



Oír do labhradair mo náimhde um aghaidh, agus doríneadar an dréam
do chuir luidheachán ar mhanmuin, comhuirle ré chéile, ag rádha: do thréig
Día hé, leanuidh, agus gabhuidh hé, óir ní fhuil nech aige do thárrthóchadh
hé.



A Thighearna ná himthigh a bhfad úain: O a Dhía déna deithfir chum
mo chabhartha.



Bíoth náire agus dula a múgha ar náimhdibh mhanma: folaighthear lé míchlú
agus lé gráin, an dream íarrus mholc dho dhéunamh.



Agus fuiréocha meisi go foidhidneach do ghnáth, agus cuirfe mé tuilleadh
lé a bhfhuil do mholadh ortsa.



Foillséochaidh mo bhéul go laóitheamhuil tfhiréndachd, agus an slánughadh
dhobheir tú uáit, gion go bfhéuduim a náireamh.



Rachaidh mé asteach a láidireachd mhóir an Tighearna Día: agus bíaidh
cuimhne agam ar tfhíréundachdsa amháin.



O a Dhía ios tú dho mhúin mé óm aóis óig: Agus go soithche so dho
fhoillsigh mé do mhiorbhuileisi.



O a Dhía na tréig mé am aóis ársuidh, agus mé líath, nó go bfhóillsighidh
mé do neart don gheinealachsa, agus do chumhachda donuile atá
fós chum teachda.



Oír a Dhía téid tfhiréundachdsa go róárd: is mór na neithe dho
rinde tú: a Dhía cía atá comhchosmhuil leat?


L. 112a


Ios mór agus is olc na búaidheartha dho chur tú oram, gidheadh do
fhill tú arís, agus do aithbhéoghuidh tú mé, agus tuguis arís anios mé ó
dhubhaigén na talmhan.



Do mhéudaigh tú mhonóir, do fhill tú chugam, agus tuguis comhfhurtachd
damh.



Ar an adhbharsoin molfa mé thú féin agus tfhírinde a Dhía, ag séinm
ar adhbhuidh chíuil: seindfidh mé ar chláirsigh dhuit a Dhía náomhtha
Iosrahéul.



Bía gáirdeachus ar mo bhéul, an tan tsheindfios mé ní dhuitsi, agus
mar an gcéudna ar manmain, noch dho fhúasluig tú.



Agus fós foillséochuigh mo theanga tfhíréndachd go laóitheamhuil: Or
fúaradar an dream do íarr olc dho dhéunamh dhamh náire agus imdheargadh.



Glóir doNathair, etc.



Amhuil dobhí. etc.



Cuirthear so síos leis.



O a shlánaighthéoir an damhuinn, slánuigh sinne. Os tú dho fhúasluig
sinn thré do chroich, agus tré tfhuil mhórlúaigh, guidhmíd thú
a Dhía, tabhair cabhair dhúinn.



Aindséin adéura an Minisdir mar so síos.



Dia na nuilechumhachd atá na thor róláidir ag gach uile
dhuine chuireas a dhochus ann, gá bhfhuilid na huile neithe
ar neamh agus ar talmhain, agus fá talamh fá úmhluchd
dó, go raibhe sé anois agus go bráth na dhídhnighthéoir
agad, go dtuga sé dhuit a fhios do bheith agad,
agus a admháil nách tugadh ainm ar bioth oile fó nemh
do dhaóinibh, and a bfhuighthéa, agus tré na bfhuighthéa,
sláinte chuirp agus anma, achd amháin ainm ar Dtigherna Iósa Críosd.
Amén.



CUMAOINEACH NA
NDAOINE DTIND.



O a tá gach uile dhuine a ngúas égcrúais, easláinte agus dtionnas noband
do theagmháil dóibh, agus
gan a fhios aca cía hí úair a mbháis: Ar a adhbharsoin chum go mbeidis
ullumh, agus réidh, chum
an bháis dfhaghbháil an tan bhúdh toil lé Dia a ngairm chuige féin, is cóir
don Mhinisdir go díthcheallach
ó ám gó ham, agus go háirighthe anáimsir fphlaighe, teagasg do
thabhairt dá fpobul,
cumáoineach náomhtha chuirp agus fhola an Tighearna do chaitheamh (and
saNeagluis) go meinic. Agus da


L. 113


ndiongnaid sin ní rigid aleas búaidheirt indtine dho bheith orro, do tháobh
na cumáoineach dho chaitheamh, an
tan thegéubhus galar obonn dóibh. Achd muna fhéuda an duine tind techd
chum na Heagailsi, agus gur mían
leis an Tshacrameint do ghabháil ann a thigh féin, annsin tabhradh sgéula
don Mhinisdir anóidhchi roimhe an
Tshácrameint do ghlacadh, nó ar madain go moch, agus foillsigheadh dhó mar
an gcéndna gá méud do dháoinibh
lé nub áill an Tshácrameint do ghabháil maille leis. Agus ar bhfaghbháil
ionaid iomchubhaidh don Mhinisdir a dtigh
an duine thind agus nuimhir lór do dháoinibh do ghabháil na Sácrameinte ina
fhochair, maille leis anuile ní
oileamhnach, tabhradh an Minisdir an Tshácrameint náomhtha úadha andsoin.



An Norrtha.



O a Dhía shíorruidhe na nuilechumhachd, a chruthaighthéoir an
chinidh dháonna, noch cheartuigheas an dream ghrádhuigheas tú, agus
smachduigheas gach áon lé ngábhand tú: Guidhmíd tú, déuna
trócuire ar do thshearbhfhoghantuidhe teind atá andso dho
láithir, agus tabhair dhó a thindeas do ghabháil chuige go foighidneach,
agus aiseag a shláinte dfhaghbhail, (madh hí soin do thoil si).
Agus gidhbé húair sgarfus a anam lé a chorp, go bhfhéuduigh se hé féin, do
thaisbéunadh gan cháidhe dod láithirsi, tré Iósa Críosd ar Dtighearna.
Amén.



An Eípisdil.



A Mheic, na bíoth neamhshuim agad a smachd an Tighearna, agus na
héirigh ananbfhainde an tan chronaighes sé thú. Or smachduighidh an
Tighearna an tí ghrádhuigheas sé: Agus sgíursaidh sé gach mac lé
na ngabhand sé.


L. 113a


LEIGHEANN AN
ADHLAIGTHE ANDSO SIOS.



Rachuidh an Minisdir a gcuinde an chuirp go céim na railge, agus adéura sé
leis féin, no canfuidh sé, agus
an Chlíar bhías na fhochair, ag dul dóibh don Neaglais no chum na húaighe,
mar so síos.



An úair thigid síad chum na húaighe an feadh bhías an corp dhá réiteach chum
a chura san talmhain, adéura an
Minisdir leis féin, nó canfuidh sé, agus an Chlíar bhías na fhochair, mar so
síos.



Gach neach bheireas bean, is gearrsháoghlach hé,
agus bí sé lán damhghar: Fásaidh se, agus tuitidh
sé mar bhláth, agus téurnuighidh sé mar
sgáile, agus ní anand sé ar áonsdaid amháin
do ghnáth. A lár ar sáoghail bimíd a riochd
mhairbh: A Thigherna cía ar a níarfadhmáois
cabhair achd ortsa amháin, noch atá diomghach
dhínn do chert, ar son ar bphecadh: gidhedh fós a
Thigherna Día rónáomhtha, a Thighearna róchumhachdaigh,
ó a shlánuightheóir náomhtha mhórthrócuirigh, ná tabhair sinn do
fphíanuibh searbha an bháis thsíorruidhe. A Thighearna atá fios sheicréide


L. 114


ar gcroidhtheadh agad, na fill do tshúile, trócuireacha ó nar nurrnaighthe:
Achd gabh againd a Thighearna rónáomhtha, ó a Dhé mhórchumhachdaigh, ó
a shlánaighthéoir náomhtha thrócuirigh, ó a bhreithimh shíorruidhe na
gceartmbhreath, ná fuluing dhúinn tuitim uáidsi sa núair dheigheanaigh, tré
fphíanaigheachd an bháis. Amén.



Aindséin an feadh bhías anúir dá teilgean as an gcorp, abradh an
Minisdir mar so síos.



Do bhrídh gur bhí toil Dé na nuilechumhachd dá mhórthrócuire féin,
anam ar ndearbhráthra grádhuighso fúair bás, do bhreith leis chuige
féin, atámuidne anois ag cur a chuirp san talmhuin, talumh chum
talmhan, lúaith chum lúatha, lúaithreabhán chum lúaithrimh, a muinídhin
dhiongmhalta dherbhtha na heiséirghe chum na betha márthanaighe, tré
Iósa Críosd ar Dtigherna, noch chuirfeas ar gcoirp thrúaillithne a
naithearrach crotha, chum a ndéunta comhchosmhuil lé a chorp glórmhar
féin, do réir a noibrighthe chumhachdaigh lé na bhfhéudand sé, gach uile
ní do chur fáoi féin.



Aindséin adéurthar nó canfuighthear mar so síos.



Dochúala mé guth ó neamh agá rádha riom, Sgríobh, ó so amach is
beanduighthe na máirbh, dogheibh bás and sa Tighearna. Iseadh a deir
an Spiorad, ór cumhsgnaid síad ó a sáothar, agus leanuid a noibrighthe íad.


L. 114a



L. 115


Na dhíaigh sin adéura an Minisdir.



A Thighearna déuna trócuire oruinn.
A Chríosd déuna trócuire oruinn.
A Thighearna déuna trócuire oruinn.
C. Ar Nathairne atá ar neamh. etc.
Agus na tréoruigh chum buáidheartha sinn.



Freagra.
Achd sáor sinn ónulc. Amén.



An Minisdir.



Déunam urrnuighthe.



A Dhía na nuilechumhachd, gá mairid spiorada na druinge
dochúaidh dhon tsháoghal so a gcreidemh an Tighearna, agus
gá bhfhuilid anmanna na ndaóine dtóghtha, tar éis úalaigh na
colla dho chur dhíobh ag faghbhail shóidh agus tshonuis dod láithirsi:
Beirmíd buidhechus ro mhór let, ar son gur thoil let
ar nderbhráithair .N. do sháoradh ó bhuáidherthaibh an tsháoghuil
mhallaightheisi:
Atámuid ag ad ghuidhe mar an gcédna, go madh toil leat dod mhaitheas
nemhchuimsighthe, nuimhir do dhaóine tóghtha féin do choimhlíonadh go
haithgherr, agus do rioghachd do lúathughadh chugainn, ionnus
go bfhuighimne maille lé ar
ndearbhraithair, agus maille leis anuile dhuine oile fúair bás a gcreidemh
fhírindech, agus do adaimh hainm náomhthasa, iomláine dhiongmhálta ghlóire
agus shonuis,
do tháobh chuirp agus anma, ann do rioghachd mharthanaigh thsíorruidheisi,
tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.


L. 115a


An Norrtha.



A Dhía thrócuirigh a Athair ar Dtigherna Iósa Críosd,
gár ub hé an eiséirghe agus an
bheatha hé, agus gá bhfhuighe gach áon chréidfios
and betha, tar cionn go bhfhuigheadh sé bás,
agus gach neach atá béo agus chreideas andsan,
nách fuighe an bás síorruidhe: Noch dho
theagaisg sinn mar an gcéudna lé na Apstul
náomhtha Pol, agá aithne dhinn, gan dobrón dó
bheith oroinn, amhuil bhíos ar an druing ag nách
fuil muinídhin aca do tháobh na muinntire chodlus andsan: iárrmuid
anathcuingidhsi ort go róumhal a Athair, ar ndúsachd ó bhás an fpheacaidh,
chum beata na fíréundachda, iondus ar sgarach ris an sáoghalsa dhúinn, go
bhfhagam súaimhneas andsan, amhuil atá ar muinídhin, go bhfhaghand ar
ndearbráthair dochúaidh uáind anios, agus anéiseirghe gheineralta an láoi
dhéigheanuigh, go bfhughthí gean oroinn ad tfhíaghnaisisi, agus go bfhagham
an bheandachd soin, noch dhobhéura do Mhac ionmhuinsi úadha, donuile dhuine
ghrádhuigheas tú, agus ar a bhfuil heagla, agá rádh: Teagaidh a luchd na
mbheandachd, gabhuidh chugaibh an ríoghachd, noch do hollmuigheadh
dháoibh ó thús an domhain. Guidhmíd thú bronn so dhúinn a Athair na trócuire
tré Iósa Críosd, ar bhfhear réitigh, agus ar slánuighthéoir. Amén.



BREITH BHUIDHEACHAIS NA MBHAN TAR EIS CHLOINNE
DHO BHREITH, DA NGOIRTHEAR GO
comhchoidchiond, Coisriogan na mbhan.



Eírgheadh an bhean chum na Heagailsi, agus andsoin léigeadh ar a glúinibh
hí, anáit iomchubhaigh láimh lé bórd
an Tighearna, agus ag seasadh don Mhinisdir láimh ría, abradh sé na
bríathraso síos, nó a leithéide oile,
do réir mar dhochithfíghthear dhó féin do réir a dheisgréide.



Ar an ádhbhar gur bhí toil Dhé na nuilechumhachd dá mhaitheas féin,
theachd slán duidsi ód bheireatas, agus do choimhéud ón fphiríacail
mhóirsin ann a raibhe tú ag breith do chloinde: Uimesin beir buidhechus
lé Día ód cróidhe, agus guidh hé.


L. 116


Aindséin adéura an Minisdir an Psalm so síos.



Do thógaibh mé mo tshúile súas chum na sléibhteadh, as
a dtig cabhair chugam.



Ios ón Tighearna tig mo chabhair, noch dhorinde nemh
agus talamh.



Ní léigfe sé dod chois sgiorradh, Agus ní thuitfidh
codladh ar an tí choimhéudas tú.



Tabhair dhod húidh, ní thuitfidh na chodladh, agus ní
choidealuid, fear faire Iosrahéul.



A sé an Tighearna féin tfhear faire, isé an Tighearna do sgáile
ar do láimh dheis.



Ní ghoillfidh an ghrían ort sa ló, na an ghealach sanóidhche.



Coimhéudfa an Tigherna thú onuile olc, coimhéudfa sé fós hanam.



Coimhéudfa an Tighearna do dhul amach agus asteach, ó so súas go
bráth.



Glóir dhoNáthair. etc.
Amhuil dhobhí. etc.
A Thigearna déuna trócuire oruinn.
A Chríosd déuna trócuire oruind.
A Thighearna déuna trócuire oruinn.
Ar Nathairne atá ar neamh. etc.
Agus na tréoruigh chum buáidheartha sinn.



Freagra.



Achd sáor sinn onolc. Amén.



An Minisdir.



A Thighearna slánuigh an bheanso do thshearbhfhoghantuighe.



Freagra.



Noch chuireas a dóchus ionat.



An Minisdir.



Bí ad thor dhaingean aice.



Freagra.



Anaghaidh a námhad.



An Minisdir.



A Thighearna éisd lé nar nurrnaighthe.



Freagra.



Agus tigeadh ar néimhghe dod láithir.



An Minisdir.



Déunum urrnaighthe.


L. 116a


A Dhía na nuilechumhachd, tug an bheansa do thshearbhfhoghantuighe
slán, ón fphéin agus on ngúasachd mhóir ann a raibhe sí
ag breith a cloinne: Guidhmíd thú (a Athair na trócuire)
brond dúinn, go bfhéudaigh sí thré do chabhairsi, a betha dho
chaitheamh a ndeighchreideamh, agus siubhal ann a gairm do réir
do thoileisi, ann sa saoghalsa do láithir, agus mar an gcédna go
bhfhuighbhidh sí
a cuid don ghlóir shíorruidhe and sa tsháoghal atá ag teachd, tré
Iósa Críosd ar Dtighearna. Amén.



Atá dfhíachuibh ar an mnaói tig dá coisreagan, anofhráil gháthuightheach
do thabhairt uáithe: agus dá mbhía an
chumáoineach dá caiteamh an lá sóin, ios iomchubhuidh disi an chumáoineach
náomhtha do ghabháil mar an gcéudna.



BAGAR DIOGHALTAIS AR NA PEACTHACHUIBH,
maille lé húrnaighthibh dháirighthe, ios ionráidh anáimsearaibh
dháirighthe dhon bhliaghain.



A ndíaigh na dtráth, ar mbheith don fphobul ar na ngáirm a gceand a chéile
lé búain an chluig, agus ar dteachd
doibh a bfhochair a chéile don Eaglais, ios ionráidh na Liodáin: agus tar
éisi a leughtha, eisgheadh an
Minisdir san fphuilpíd, agus abradh mar so síos.



A bhráithreacha grádhacha, do ghnáthuigheadh an Phriomh
Eaglais, ceartughadh díaghdha do dhéunumh, iondus
go gcurthaói dfhiachuibh, a dtús an Chorghuis, ar
na ndaóinibh doníth peacthadh go follus, aithrighe
fphuiblídhe dho dhénamh, ar chor ar mbeith dóibh ar na
smachdughadh and sa tsháoghalsa abhus, go sláinéochuidhe
a nanmanda illó an Tighearna: Agus fós go
madh móide eagla na ndáoine oile fá pheacthaibh
dho dhénamh, an smachdughadh dochíodáois da dhénumh orrosan.



A náit an cheartuightheisin (nó go madh héidir an reachd céudnasoin
do thabhairt ar ais arís, noch ios mór ios iniárrata go dúthrachdach) do
cundcas dúinn, gur ub iomchubhuidh anois ráite geinerálta lé na
malluighend Día na peacthaigh nach déunand aithrighe, do léughadh ion bhar
bhfhíaghnaisi, noch atá arna gcruinníughadh as an XXVII. Caip: Do leabhar
Maóisi dá ngoirthear Déuteronómium, agus a háitibh oile don Sgriobtúr:
chum go naibéoradh gach áon agaibhsi lé gach áon rádh dhíobh, Amén.


L. 117


Iondus ar bfhaghbháil theagaisg dháoibh ar mhéud dhíomdha Dhe ar na
peacthachuibh, go madh lúaithide do goirfídhe sibh chum aithríghe fíre do
dhénumh go dúthrachdach, agus chum go madh géiride bhar naire oruibh féin,
ag siubhal and sna laithibh cunntabhartachaso, ag teitheamh ó na leithéidibh
sin do lochaibh, dá nadmhuidheand sibh dá bhar mbhéuluibh féin, gur cóir
thig mallachd Dé ar luchd a ndhéunta.



Ios malluighthe an duine dodhéuna iomhágh ghrabháilte no leghtha
ar bioth, (ní gráineamhuil a bhfhíaghnaisi Dé, obuir lámh luchda
céirde,) agus chuirfeas an áit úaignígh hí, chum a hadhartha.



Agus freagóra an pobul, agus adéura,
Amén.



An Minisdir.
Ios mallaighthe an tí gá bhfuil neimhchion ar a Athair, agus ar a Mháthair.



Freagra.
Amén.



An Minisdir.
Ios malluighthe an tí athruigheas tórand a chomharsan.



Freagra.
Amén.



An Minisdir.
Ios malluighthe an tí chuireas an dall don tshlighe.



Freagra.
Amén.



An Minisdir.
Ios malluighthe an tí chuires ceart an déoruidh, an díllechda, agus na
baintrebhuighthe ar gcúl.



Freagra.
Amén.



An Minisdir.
Ios malluighthe an tí ghoirtéochus a chomharsa ós íosal.



Freagra.
Amén.



An Minisdir.
Ios mallaighthe an tí imthigheas ar mhnáoi a chomharsan.



Freagra.
Amén.



An Minisdir.
Ios mallaighthe an tí ghlacus cennach chum a anma dho bhúain as a
neamhchiontach.



Freagra.
Amén.



An Minisdir.
Ios mallaighthe an tí chuireas a dhóchus a nduine ar bioth, nó mhuinídhes
as cumhachduibh dhuine ar bioth, agus agár sgar a chroidhe ris an Tigherna.


L. 117a


Freagra.
Amén.



An Minisdir.
Ios mallaighthe na dáoine neamhthrócuireacha, luchd na drúisi, agus an
adhaltrais, na dáoine sanntacha, luchd na niodhaldhadhradh, luchd an
ithiomraidh, luchd na meisge, agus luchd anéigein do dhénumh.



Freagra.
Amén.



An Minisdir.
Ar an ádhbharsoin ó táid an luchd soin uile
malluighthe, (do réir mar dhoní Daibhioth
fáidh fiaghnaisi) téid amúgha, agus chláonus
o aithentuibh Dé, iompuidheminde (ar mbheith
cuimhneach dhúinn ar an mbhreitheamhnus mbháoghlach
atá ós ar gcionn féin, agus atá dho láithir
dho ghnáth) chum an Tighearna Día, maille
leis anuile thuirsi chroidhe, agus úmhluchd, ag
caóineadh, agus ag cumhthughadh ar mbheatha
féin atá lán do fpheacadh: Ag aithne, agus ag
admháil ar lochd féin, agus ag iarruidh na dtairthe ios iomchubhuidh don
aithrighe dho thabhairt uáinn. Or atá an túadh anois ar na cur chum fréimhe na
gcrand, ar an adhbharsoin gidhbé crann nach tabhair taradh maith uádha,
gearrthar hé, agus teilgthear and sa teine hé. Ios ro bháoghlach teagmháil
do laimh Dhé bhéo: Ferfuid se ar na peacthachuibh fainntéir, teine, saibh,
sdoirm, agus teimpisd, ios diobh so dhoghéubhuid a gcuid ría a ól. Or tabhair
húidh, tiocfa an Tighearna as a ionad féin, dfhéchuin lochd luchda áitighthe an
talmhan. Achd cia fhéudfus seasumh leis, illó a theachda? Cía fhéudfus
seasumh dhá láithir? Gá bhfhuil a roillén iona láimh aige, agus ghlanfus
úrlár a bhúaillte, agus chruinnéochus a chruifhneachd anáit thaisgeadha,
agus loisgfios an cháith
lé teine nách fhéidir dho mhúchadh. Tiocfa lá an Tighearna amhuil tig
bithbheanach and sanóidhche: Agus an tan adéuruid dáoine, atá an tsíocháin
aguinn, agus ní báoghul dúinn: Aindséin tiocfa sgrios obund orro, mar
thig iodhaghna chum mná torrcha, agus ní bhía conoir theithmhe aca. Andsoin
foillséochthar fearg Dhé illó a neidnighthe, noch dho thairngeadar na
peacthaigh dhósmachda orro féin, tré chrúas a gcroidhedh, noch do tharcuisnigh
saidhbhrios, maitheas, foighidne, agus fad fuluing Dé, gé dho ghoir sé íad
dho ghnáth chum na haithrighe dho dhénumh. Aindséin gláodhfaidsiad oromsa
(a deir an Tighearna) gidheadh ní éisdfiod ríu, iárrfuid go moch mé,
gidheadh ní fhuighid mhé: Ar an adhbhar go raibhe fúath don éolus aca, agus
nach raibhe eagla an Tighearna orro, agus gur ghabh gráin íad roimh mo
chomhairlesi, agus gu dtugsad neimhchion ar in smachdughadh dhorinne mé orro.


L. 118



L. 118a


Aindséin leigeadh síad uile ar a nglúinibh íad: agus ar mbheith don
Mhinisdir agus don Chléir ar a nglúinibh
(and sanionadh an a ngnathuighid na Liodáin do rádh) abraidh síad an Psalm
so .i. Miserere mei Deus. Etc.



A Dhía déuna trócuire orum, do réir do
mhaitheasa féin: do réir iomad do thrúaidhe,
sgrios uáim mo chionta.



Iondail mé go hiomlán óm lochdaibh, agus
glan mé óm fpheacadh.



Or admhuidhim mo chionta, agus atá mo fphecadh
do ghnáth ar mo chomhair.



Ios ad haghuidhsi, ad haghuidhsi amháin do fphecaidh
mé agus doríne mé an tolcso ad tfhíaghnuisi,
ar chor go sáorrfuighthe thú and do bhríathraibh, agus go mbheithéa
glan, an tan doní tú breitheamhnus.



Tabhair dod húidh, ios a bpheacadh do geineadh mé, agus ios a bpheacadh
do ghabh mo Mháthair na bruind mé.



Tabhair dhod húidh, atá toil agadsa dfhírinde an chroidhe, agus do mhúin
tú dhamh éagna anúaigneas.



Glan mé ón fpheacadh lé Hiosóip, agus bía mé glan: iondail mé, agus
bía mé ní bhús gile iona an sneachda.



Tabhair fá deara dhamh, lúathgháir agus gáirdeachus déisdeachd: Agus
bíoth aírdmheanma ar na cnámhuibh do bhris tú.



Iompuidh do ghnúis ó mo fphecthaibh: Agus sgrios uáim mo uile chionta.



A Dhía cruthaigh croidhe glan iondam: Agus athnúaidhigh sfiorad dhíorach
don táobh astigh dhíom.



Ná cuir amach as tfhíaghnuisi mé, agus ná beir do spiorad náomhtha
féin uáim.



Aiseig dhamh gáirdeachus an tshlánuighthe dhobheir tú uáit: Agus neartaigh
mé lé do spioruid sháoir féinn.



Múinfeidh mé do thshlighthe do luchd sáraighthe haitheanta: Agus fillfid
na peacaidh chugad.



Sáor mé ó fhuil a Dhía, a Dhía mo shlánaighthe: Agus molfuidh mo
theanga tfiréundachd.



A Thighearna fosguil mo bhéul: Agus foillséochuigh mé do mholadhsa.



Or ní háil leat íodhbairt, agus dá madh áill, dobhéaruinn uám hí: Ní
fhuil gean agad fós ar íodhbhairt loisgidh.



Ios hí iodhbairt Dé, an spiorad comhbhrúite: A Dhía ní dhiongnair
tarcaisne, ar an gchroidhe gcoimhbhrisde gcomhbhrúite.



Déuna mhaith dod dheghthoil féin do Shiodhón: Tógaibh súas balluidhe
Iarusaléim.



Bíaidh fond agad an tansoin a níodhbarthaibh na firéndachda: ar a
níodhbairt loisgidh, agus ar anofráil: Aindséin doghéunuid síad láoidh


L. 119


dhofráil ar haltóruidhsi.
Glóir dhoNathair, etc. Amhuil dobhí, etc.
A Thighearna déuna trócuire oruinn.
A Chríosd déuna trócuire oruinn.
A Thighearna déuna trócuire oruinn.
C. Ar Nathairne atá ar neamh etc.
Agus ná tréoruigh chum búaidheartha sind.



Freagra.
Achd sáor sinn ónulc. Amén.



An Minisdir.
A Thighearna slánuigh do shearbhfhoghantuigheadha.



Freagra.
Noch chuireas a ndóchus ionnat.



An Minisdir.
Cuir cabhair ó neimh chugtha.



Freagra.
Agus cúmhdaigh íad lé do chumhachdaibh do ghnáth.



An Minisdir.
Tabhair cabhair dhúinn a Dhía ar Slánuighthéoir.



Freagra.
Agus sáor sinn ar son ghlóire hanma féin: Agus bí trócuireach
dhúinn na peacaidh ar son hanma féin.



An Minisdir.
A Thighearna éisd lé ar nurrnaighthe.



Freagra.
Agus tigeadh ar néimhghe dod láithir.



Dénum urrnaighthe.



A Thighearna guidhmíd thú, éisd lé nar nurrnuighthe go
trócuireach, agus gabh ag gach áon admhuigheas a fphecthaigh
dhuit, iondus go bfhuighbhe an dream gá bfhuil a
gcogcúas dá nagra and a bpeacthaibh, maitheamh trócuirech
iondta, tré Iósa Críosd ar Dtigherna. Amén.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services