Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Muighe Tuireadh
Title
Cath Muighe Tuireadh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1651
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1945)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do chath Mhuighe Tuireadh ann so. Iar ccinneadh et iar ccomhaontughadh comhairle d'fhine Fomhra, agus iar n-ordughadh ionaidh agus aimsire do chur an chatha chum a ttángadar in turas sin, is aire do thiomair- geadur treóin agus treitill T.D.D. agus maithe mac n-Eithlionn go h-aoinionadh, go ráinic go h-am iomagallmha eatarra agus gur fhiafraigh Lugh Lámhfhada dhíbh cá greim do-ghébhadh gach fear ceirde agus gach cumhachtach dhíobh do láimh, do thraothadh na n-anbforlann bfearrdha bFomhórrdha sin baoi for a gcionn. Ro fhreagair imorro Nuadha Airgeadlámh, .i. airdrí T.D.D. dó ar tosach go ndubhairt: "Gébhad féin do láimh," ar sé, "biathadh míle dhá bhur sluaghaibh agus biathfad gach aon (mhac) comhaosa rium féin maille ris sin." Adubhairt Oghmha Graineineach mac Ealathan mic Dhealbhaoi: "An lá rachad féin do chur an chatha," ar sé, "muirbhthead dom chédruathur, agus muirbhthead trian an tsluaigh theigébhas ar mh'aghaidh, agus do-ghén ár adhbhalmhór orra ar nach ba h-urasa breath nó baramhail do bhreith." Adubhairt Dian Cécht, an liaigh: "Gach a loitfidhear dá bhur sluaghaibh isin chath, muna ngearrthur ailt a ndromann nó sreabhann a n-inchinne, do-dhén a leigheas go mba sleamhain sláinchréchtach agus go mba h-ionchath- aighthe ar na mhárach a n-aghaidh na fFomhórach iad." Adubhairt Goibhnionn Gobha: "Do-ghébhthaoi uaim-si," ar sé, "bhur ndíol arm agus iolfhaobhur isin chath, agus coisgfead mo chomhlann cubhaidh isin chath." Adhubhairt Luchtuinne, an saor: "Do-ghébhthaoi uaim- si," ar sé, "bhur ndaothain sgiath agus crannsleagh agus do-dhén a n-ionnsma, agus ceingeólad bile gacha sgéith dhíbh d'ór bhuidhe nó d'fhionndruine." Adubhairt an Dághdha mac Ealathan mic Dhealbhaoi: "Ní bhíu féin agaibh ag tabhairt an chéidtreasa don chath, acht rachad siar go Dumha Choille Carrthuinne i ccomhdháil
Cheithlinni Craoisfhiaclaighi go h-airm a bfuil (a ndán) dúinn ar ngleó do chur re chéile, agus an uair bhús mó bhur n-airc-si, gé rabhur-sa cneadhach crólinnteach, tiucfad do chongnamh liph. Is ann sin adubhradar na trí bandroithe, .i. Badhbh, Macha, agus Mórríoghan, go ttiubhurdaois féin cloichshneachta agus ceatha nimhe forra, ionnas go ffúicfeadaois faon fotharsna 66 iad, agus go sgarfadaois a cciall agus a ccédfadha friú isin chath. Adubhairt imorro in dá bhandraoi, .i. Bé Chuille agus Danann: "Do-bhérum-ne dubha agus dobrón, maoith agus mórthuirsi orra, gonach biaidh meanma ná misneach aca, agus do-dhénum fir fo n-armghaisgeadh dona gasánuibh siubhlacha sanuisi agus do dhuille na ccrann agus d'fhér na fiodhbhaidhi, go ndiongnaid gáir agus greadhan timcheall na n-allmhurrach." Adubhairt Cridhinbhél Cáinte: "Gébhad féin bhur nduana agus bhur ndubhchonna agus sreatha seanchasa bhur sean agus bhur sinnsear in bhur ffiaghnaise do mhédughadh meanman bhur míleadh." Adubhairt Craiftine Cruitire: "Do-dhén-sa ceól agus caomh- oirfide dona slóghaibh ionnas go ccuirfead ina ttorrchim codalta iad ó luighe ar leapthaibh dóibh go h-am éirghe ar na mhárach, agus do-dhén oirfideadh agus urghairdiughadh dom thighearna gach laoi, agus rachad fón chath iar sin agus muirbhthead drong dhí-áirmhe ann." Adubhairt Bodhbh Dearg mac an Daghdha: "Rachad féin fón chath," ar sé, "agus tuitfidh céd curadh catharmach liom do shluaghuibh fhine Fomhra don chédruathur, agus dá bfhédar ní anabh ó shin amach acht agá marbhadh agus agá mughughadh in ccéin mhairfeas neach a mbeathaidh dhíbh." Gonadh é sin congnamh gach triatha agus gach tréinmhílidh do mhaithibh T.D.D. a ccath Mhuighe Tuireadh. A h-aithle na h-iomagallmha sin chloinni tréinchalma tortbhuillighi Tait mhic Thabhuirn agus an chlannmhaicne chródha chogthach choinghleacach échtmhar amhnas easc- cairdeamhail do fhoghluim diamhair gacha dána isin domhan gomdar feasach fíreólach in gach ceird, ar ngabháil do
láimh dona laochaibh lángharga sin T.D.D. i ccomhlann cinnte do chlannuibh meara móraigeanta uaisle urrumhanta oirrdhearca na fine fearrdha Fomhórrdha sin agus na ttréinfhear ttairptheach ttorrachtach agus na ttaistiollach mearrdha muiridhi táinic go h-Érinn iathghlais oilénaigh (ó) eochair- imlibh adhfhuara iomloma ainfionacha na h-Afraice andeas re h-ionnsoighidh éccóra, ré teannadh a ccíosa agus a ccánachais ar fhearuibh na bhFuinadhach bhfíoruasal. 67 Cidh tráth acht ó do chinn gach galgad a greim do ghabháil agus gach mílidh a mhórchomhlann do chongmháil agus gach laoch a láthair do luathchosg agus gach triath a thréinfhear do thraothadh, ro aigill Nuadha Airgeadlámh flaithe foirglidhi fírneartmhura T.D.D. i n-iongnais in leómhain luinnbhéimnigh lasamhain, .i. Lughaidh Lámhfhada mac Eithne Imdheirge inghine Balair Bhailcbhéimnigh Í Néid Nuachrothaigh, triath teand troda tréinfhear an talmhan, agus aseadh adubhairt riú: "Ní do mhilleadh bhur meanman ná do chosg bhur ccogaidh nó bhur ccoimhéirghe umuibh atú-sa, acht ag fiafraighe dhíbh an ag tairgsin nirt nó niadhachuis do leith chatha agus chomhraic agus comhlúth gníomh ngoile agus ngaisgidh ar aon re Lugh atáhaoi, agus uile échta agus easbhadha uaisle agus árdnósa air-siomh a aonur?" "Is fíor sin, a árdfhlaith," bhur maithe T.D.D., "agus cionnas budh cóir dhúinn do dhénamh um ar adhbhar sin?" "Do-fheadur-sa sin," bhar Nuadha, "uair ní ba h-éccalma uireaglach ar n-ánraidh-ne re h-armaibh na n-ioleachtronn úd, agus ag fosughadh re feirg na fine forgairbhe Fomhórrdha, gion go mbeith Lugh do láthuir linn. Atá liom-sa dhaoibh-si amhail is cóir a dhénamh," ar Nuadha. "Atá fleadh lánmhór liom-sa do lionn sho-óla shomblasta do thrén- fhearuibh T.D.D. agus do Lugh, agus dáiltear an fhleadh air- siomh go mba measga meadharchaoin, agus ó bhús measga míchéillidhi an mórmhílidh agus ó bhús díolta do bhiadh agus d'ól é, cuibhrighthear agus cruaidhcheangailtear libh-si an laochmhílidh do shlabhradhuibh glana gléigheala glais- iaruinn agus do réfheadhuibh caoine cré-umha, agus saítear cairtheadha comhmóra agus columhna tréna tuinighthe i ttalmhain uime (in) gach aird, agus fearthur in cath ina égmuis amhlaidh sin."
"Is cóir agus is cubhaidh in chomhairle sin," ar maithe T.D.D., "agus do-ghéntur aguinne í." Do-rinneadh samhlaidh leó iaramh, .i. eagurthur an teach nua niamhghlan n-óla sin do dheighfhearuibh T.D.D. um Lugh agus um Nuadha. Dáiltear a leanta léirghlana leasaighthe leó do Lugh gur vho measga meadhurchaoin an mórthairrngeartach. Ro shinneadur iar sin a ccrota agus a ccuisleanna agus a n-orgána iongantacha allmhurrdha gur thuileastur an rímhílidh ré h-iomad na n-ilcheól ina uirthimcheall, agus teagar fa dheóigh a chruit go Craiftine agus nochtuis an naoithédach agus seafnuis an saoi iar sin gur vo coirche ciúil chodaltach an cathmhílidh. Is ann sin ro éirgheadur lucht ceangailte an churadh. Ro ceangladh agus (ro) cruadhchuibhrigheadh an ríghnia leó gan rathughadh do féin. 68 Ro éirgheadur na sluaigh iar sin éirghe athlamh a n-aoinfheacht do chur an chatha um an airdrígh, .i. um Nuadha. Fágbhuid iaromh Craiftine Cruitire ag iom- choimhéd ar Lugh Lámhfhada. Is ann sin do forfhógradh uatha-somh cath for Fhomhórachaibh agus do éirgheadur go díchéillidh dásachtach na catha ceachtarrdha sin do chum aroile. Dúisgid-séin Lugh asa lánchodladh. "Ciodh ann so, a chara Chraiftine? Cidh rom chuibhrigh, nó cúich na gáire móra so amuigh ad-chloinim?" "Ní fheadur-sa ón," ar Craiftine, "cársad gáire fuil ann munab gáire gallchloiche fuil ann do-níd na fir fhearrdha Fhomhórrdha, nó an iad fothragadh nó foghairt fhíorchruaidh na bfhaobhurcholg neimhe agá n-iombáthadh ag Goibhnionn a h-aithle a n-imdheargtha i n-uisgeadhuibh adhfhuara oighriota, nó munab iad tromgháire tréngháibhtheacha fhine Fomhra ag fanámhad agus ag fochuidmheadh na banghalgide baothluinne, .i. Cheithlinne ciorclaighi Craísfhiaclaighi, agus í ag teacht tar comhlúth a cleas agus ag fromhadh a faoinghleac ré fearuibh agus ag rémhfhaisnéis na réime curadh do chách, nó gomadh comhthógbháil cluichi cáich ag coimhfhéghadh iarthair chuirp na h-inghini ionghnáthaighe re h-ioliomad a h-ilchleas."
"Maith alé, a Chraiftine, is coimhéirghe chatha so ad- chluinim agus ní h-iad na neithe sin adeiri-si, agus a Chraiftine, sgaoil dom cheanglaibh go ndeachuinn d'iomfhostadh na sluagh, óir ní leó (líth) na laithi-si." "Nídom séitreach síorchalma do chuibhrighthe do chomhthaithmheach," ar Craiftine, "óir robsad lámha niadh agus nirt churadh ro chuibhrighsead na cruaidhcheangail fuilead fort." Is ann sin tucastur Lugh crathadh séitreach síorchalma fair gur tharruing na carrthadha ceandtroma cloch agus tuinightheach na talmhan gur ras teib i leanmhain na slabhradh n-imreamhar iad re treisi na tarrngtha tuc an t-airsigh oirrdhearc ioldánach orra, agus ruc sidhe díochra deighreatha i ndiaigh an tsluaigh dá ttrénfhasdógh. Ro bá mór, ámh, an ghriothgháir gharbhoibre sin, .i. cumuilt na slabhradh n-agarbh n-iarnaidhe re chéile agus clochthuarguin na ccarthadh cceanngharbh ccongmhála re clochaibh cruaidh- loma ceanntroma na críche go ndiongnadaois lá gona lánshoillsi d'oidhche iomdhorcha, sreangtharraing na slabhradh agus cloichbhémneach na ccairtheadh riú badh dheisin, sbréchsmála sboncaidhbhle teineadh tricheamh- ruaidhe go mba samhalta re moltchroiceann clannollach tairptheach trebhliadhnach gach doighear dheirgtheineadh go ndéirgheadh ara h-eochairimlibh. Tig ann sin an t-airdmhílidh ina ruathur roireatha agus ina bhuinne bhodhbha agus ina 69 ruithion lasrach agus ina leómhan luathfheargach agus ina onchoin iomluaith do chum an chatha agus an láimh ndeis go soinmheach risna sluaghaibh, agus deisidh a aghaidh ar na fearuibh fearrdha Fomhórrdha sin agus ar na h-aighthibh éitche odhardhorcha oidhchidhe agus ar an tréin- tionól torncheannach tiomsaightheach agus ar na glaschur- adhaibh greannacha garbhghrúgánacha, .i. síol Caim chlaoin cholaigh do thuill easgcaoini a n-athar. Frithoirisid na sluaigh cheachtarrdha ré luathfhochuin Logha agus re h-eidirdheiliughadh na slabhradh. Ba crith agus ba coimheagla re cairdibh a choimhfhéghadh. Ba h-iongnadh trá agus ba h-éduailngeach re h-anaitheantuibh a fhaicsin. Ba deithbhir ón, óir bádar arrdheana iongantcha anaitheanta
leó agá láinfhéghadh .i. iomad na ttéd sínte ina dheaghaidh dá gach áird feibh no bídís téda sínte ré seólchrann luinge lánmhóire dá gach aird uime. Ba machtnughadh meanman leó comhthuargain na ccairtheadh agus na ccarag ag coimhrith ina dhiaigh ag briseadh árd agus uchtach. Ba h-iongnadh leó dano má sé Lugh ro rugastur, nach ffosdóghdís aird agus uchtacha an mhuighe mhórcharrgaigh an mílidh don ruathur roreatha forsa raibhe risna sluaghaibh agá n-iomfhasdógh. Gonadh hí eirreadh Logha Lámhfhada agus braithfhleadh Nuadha go n-uige sin. "Damhaidh ceart damh-sa, a fhine Fomhra," bhar Lugh, "óir gibé naisgeas cairde nó connradh, is leis fén é madh beó é, agus munbá beó imorro isiad a bhunadhbhráithre dhligheas a h-agra dá éisi, agus ósum beo-sa bhadheisin agus nach um sodhuing-si úna, iompóidh dá bhur sostaibh agus dá bhur síthlongphortaibh go fíoraibéil, óir do-ghébhthaoi cath gan conntabhairt." Iompóidhid iar sin na treóin agus na treabhaireadha bádur re lámhaibh Logha. Iar sin iompóidhid na Fomhóraigh dá longphortaibh don ló sin go rángadar a mbotha agus a mbélsgátha. Táinic imorro Lugh a n-aghaidh T.D.D. agus tuc a aghaidh ar Nuadha Airgeadlámh agus tug fuachas achmhasáin fair agus aseadh adubhairt: "Ní rém ratha agus ní ruithean ríghe dhuit-si, a ríghnia, cath cródha cosnamhach do chur do chosnamh críche forba agus fearuinn d'eidirghleó Éreann tré mhisguis agus mírún. Óir ní bhiadh foras fírinne a bfaobhraibh bhur ffear, ná cruas croidhe ná comhlúth catha in bhur ccuradhaibh. Acht ní maith ro dhéchsabhair sén ná soladh ná líth laithi-si an laoi aniú, óir do mheabhadh an cath so oraibh dá ccuireadh sibh é. Gonadh aire sin is fuirighthe dhíbh re bhur sén agus re bhur soladh go n-urmhuisear-sa dhaoibh in uair bhus cóir an comhfhuachadh ar dháighin go mbérmaois cosgur an chatha don chur so." Gonadh é achmhasán Logha ar chath Mhuighe Tuireadh ann sin. "Fiafraighe agum-sa oraibh, a T.D.D.," bhur Lugh. "Cionnas do cóirgheadh comhluinn an chatha so agaibh, agus
cá sódh freagra fuarabhair ar an bfhoirinn bfearrdha bFomhórrdha sa do dhiongmháil? Dóigh, ámh, ad árda éidche ódhra uathmhura ilchinélacha deighfhir na dubh- luingsi duaibhsighe da-bhur ráinic do chéin." "Ro tionchaid an mhéid ro mhair, nó ro freagradh agus ro fritháileadh aguinne uile iad," bhar Nuadha. "Cúich agaibh," ar Lugh, "fhreagras an fear luingseach fíormhór, .i. Ealatha Mór mac Dealbhaoi, airdrí sídhe agus airdmhílidh oirir na h-Afraice?" "Misi sin," ar Nuadha neartchalma mac Échtaigh mhic Eadurláimhe, .i. rí T.D.D., "uair snífead a neart dom nósbhuilleadhuibh. Cidh aggarbh agus ciodh ainmhín an airc-si ro fia do chách, budh mín agus budh diolainmheach an tan eidirdheileóchum go mbia a chosgur agus a leacht leam-sa ar Magh trénchalma tortbhuilleach Tuireadh don treas so." "Cúich agaibh," ar Lugh, "dhiongbhas an tréinfhear toghaidhe trénbhuilleach, .i. Trén mac Triosgadail, ceann foghla agus forrána na bFomhórach?" "Misi sin," bhar Oghma Graineineach mac Ealathan mic Dhealbhaoi. "Cúich agaibh," ar Lugh, "dhiongbhas an sduaighbhile árd allata, .i. Anluan Mór mac an Sgáil Bhailbh, .i. fear is mó agus is mórbhuillighi táinic san oirear so na h-Éreann riamh?" "Misi sin," ar an doigh dreachdhána díthoghlaidhi, .i. Bodhbh Dearg mac an Dághdha. "Cúich agaibh dhiongbhas an laochbhuilleach luathghonach lámhdhána, .i. Loisgionn Lom mac Lumghlúinigh?" "Misi sin," ar an triath tromadhbhal toirbheartach, .i. Tadhg Mór mac Nuadhad. "Cúich agaibh dhiongbhas," ar Lugh, "an ngreit ngáibh- thigh ngarbhdhána, .i. Treas mac Griogóir Gharbhghlúinigh, fear fuluing deisgirt na h-Afraice, agus Grinne Gáibhtheach a mhac, agus Baothbhuilleach Breisi a bhráthair?" "Misi sin," ar in ghein ghérarmach dhlúthigheas agus dheiligheas fadhbha fri h-ármhagha an bheatha, ar Goibh- nionn, gobha mhac n-Eithlionn.
"Cúich agaibh," ar Lugh, "fhreagras an cromchuraidh cathbhuilleach frisa ccriothnaighid na curaidh chatha, .i. Fiaclach Faobhuirdhearg mac Connaigh agus Seimhni Sithfhada mac Connaigh agus Moisi Mearamhnas, .i. trí cuingeadha comhmbrúighte an chobhlaigh-si?" "Sinne sin," ar an triar trén treórach tromchumhachtach, .i. Labhraidh Lámhfhada mac Taidhg mhic Nuadhat, agus Cairbre Crom mac Ealcmhair agus Sioghmhall mac Cairbre Chruim. "Cúich agaibh," ar Lugh, "do choisgfeadh an énchuinneal amhnas oireaghdha, .i. Inneach mac Dé Domhnann, .i. airdrí échtach na h-Afraice, agus Olltriallach mac Innigh, agus Aer Eochairghlonnach mac Innigh?" "Dingébh-sa," ar Oghma Graineineach mac Ealathan, "Innioch mac Dé Domhnann, agus dingébhuid an dias chrithreacha chleasneimhneacha, .i. Casmhaol agus Bruinneadh, an dias ele." "Cúich agaibh," ar Lugh, "do choisgfeadh an laoch luinnmhear lámhláidir, .i. Lópa mac Lópuil?" "Misi sin," ar Miodhair Móruallach mac an Dághdha. "Cúich agaibh," ar Lugh, "do choisgfeadh an mílidh mórgharg mionuightheach, .i. Mála Miach?" "Misi sin," ar Dealbhaoth Dána mac Ealathan. "Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas Conn Cródha mac Dóit, bráthair Baluir?" "Misi sin," ar Alladh áluinn mac Ealathan. "Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas an bhanchathach chalma chomhláidir, .i. Ceithleann Chraoisfhiaclach inghean Mhothráin, banríoghan Bhaluir Í Néid Nuachrothaigh?" "Misi sin," ar an deighrí dána dásachtach, .i. an Dághdha Mór mac Ealathan. "Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas an mbrodchoin mbi mbráthamhail, .i. Balur mac Dóit, cliathbhearna chogaidh na ccríoch cceanntarach?" "Misi sin fós," ar an Dághdha. "Mór an fheidhm sin an Daghdha," bhur Lugh, ".i. Balur gona bhainchéile do dhiongmháil." "Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas na sé guthnuidi
garbha glaisliatha gona súisdibh iomthroma iarnaidhe ionnas go mbrúghmhionuighid na míleadha go mba comhthana na catha dia n-éisi risin siubhaltuargain do-bheirid forra, .i. Baoth, Guach, agus Greannach, Fuath, agus Amuid, agus Urghrann, fuilead do shunradh a seanbhanntracht Cheithlinni?" "Sinne sin," ar Badhbh, Macha, agus Mórríoghan, Ére, Fodla, agus Banbha, i. trí h-ingheana Deala mic Lóich, agus trí h-ingheana Fiacha mic Dhealbhaoi. "Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas frasa fliucha fíormhóra fuathmhura, agus srotha diana dearga dubhruadha, agus sitheadh fliuch falcmhur na dubhshúla deirge duaimhsighe fuil a ccionn an churadh chródha chruaidhbhuilligh sin, Bhaluir Bhailcbhéimnigh hÍ Néid; óir is eision an t-aointrén frisa ttáng don oirear so na h-Éreann?" Ní fríth, ámh, fear a fhreagartha ná a fhritheólmha sin do T.D.D. uile, agus dá ffiafraigheadh ní budh taosga ní bfhuighbheadh. "Créd acht a léigeadh sin fa chomhair mo láimhi-si?" ar Lugh. "Truagh sin," ar sé, "is tar a h-olc sidhéin nach éireóchadh sibh-si co bráth, uair is truime a h-uilc a aoinfheacht inás tiugh tromgháir an tsluaigh ó shin amach. Ro bá doiligh, ro bá docair, ro bá dítharbha, ro bá díomhaoin, ro bá díthchioll daoibh-si fuabairt na bfine fforghlas bFomhórrdha sa, óir do-bheirim-si briathur fris," ar Lugh, "nach ba tualuing sibh-si a bheag dá ttriathaibh do thraothadh acht muna theagmhadh mo láimhi-si libh. "Acht atá ní cheana; aseadh is cóir dhaoibh-si do dhénamh, a dheaghlaocha T.D.D., .i. déntur an magh do mhíon- réidhiughadh agaibh, .i. a chluidh agus a chlasacha do chomhárdughadh, a chnuic agus a chnocána do chomhláith- riughadh, agus a aird agus a uchtacha d'ísliúghadh go mbá comhárd cobhsaidh coimhréidh dá bhur n-éisi. Óir ní budh suairc dá bhur sluaghaibh sruithshiortha suaicheanta agus coimhrioth na bfear n-allta n-árd n-adhbhalmhór n-adhbhronnach, agus gabhlaigh na nGaillfhian ngarbhdhubh nglédhána, agus fothrum na ffearthroightheach ffeardha ffearamhail, agus luathchéim- neach na ccuradh cceannmhór ccosfhada ccromluath ón chnuicdiongna daroili, dá mbeidís arda agus uchtacha an
mhuighe ag mallughadh bhur mionchéimeann mionmhinic-si, cidh romhaibh cidh foraibh mhuigheas." "As cóir an chomhairle sin agus déntur linne hí," ar cách a ccoitchinne. Ro thoirisead iaromh aird agus uchtacha agus iomdhorcha an mhuighe gur vhó cobhsaidh coimhréidh an magh uile dá n-éisi. Do-rinneadh imorro dumhadha dímhóra dífhreagur- tha agus cairn chinnte choimhleathna choimhméide do chlochaibh cruinne ceanngharbha criadhaidhe an talmhan go mbá h-iad na cédairighthe catha dhóibh d'urthógbháil feirge agus d'fhuagra iorghaile agus do thinnsgeadal tachair maidin an laoi ar na mhárach. Iar ttairgsin an tsaothair sin tiagaid T.D.D. re fuineadh néill nóna dá sosdaibh agus dá n-ionaduibh foslongphuirt. Gonadh é réidhiughadh láithreach cath Mhuighe Tuireadh ann sin. Is ann sin ro thionóladur forgla flatha na fine Fomhórrdha sin um chlannuibh léidmheacha lángharga Largaigh mhic Mheirchill agus um chlannuibh édchi iluirchinélacha Ioluir mhic Mheirchill go h-airdrígh fhine Fomhra, .i. co h-Ealathain Mór mac Dealbhaoi. Tangadur ámh ann sin urradha na n-oirear agus cath- mhíleadha na ccobhlach, treóin agus taoisigh uile, go h-ionadh iomagallmha d'Ealathain don airdrígh, .i. Breas mac Ealathan, agus Balur Bailcbhéimneach ua Néid, agus Anluan Mór mac an Sgáil Bhailbh, agus Trén Tinneasnach mac Triosgadail, agus Loisgionn Lom mac Lomghlúinigh, agus Greas Grainamhail mac Grioghair Gharbhghlúinigh, .i. príomh- ghobha na fFomhórach, agus Grinne Gáibhtheach a mhac agus Baothbhuilleach Breisi a bhráthair, agus Fiaclach Faobhuir- dhearg, agus Seimhne Sithfhada, agus Moisi Mearamhnas, agus Innioch Échtach mac Dé Domhnann, agus Olltriallach, agus Aéur Eochurghlonnach a mhic, agus Mála Miachmhílidh, agus Conn Cródha Cruímcheannach mac Dóit bráthair Baluir, agus Ceithlionn Chraoisfhiaclach, agus Mothrán Míchuirdeach a h-athair, Dubh agus Rodhubh, Cab agus Seanchab, agus Buinne mac Lóbuis, agus Eolarg Chatha, agus Anraidhe Buidhe, agus Sligeach
Seanbhoirne, agus Reachtas Ríghfhada, agus Ceannmhór Cosfhada, agus Rinne Ruaidhdhearg, agus Subhach Sálmhór, agus Torna Torncheannach, agus Liath Luasgach mac Tabhuirn. Ro ghreis agus ro neartaigh an t-airdrí iad um chalma do dhénamh agus aseadh adubhairt: "Is fada atá an chríoch so fa bhur ccíoschánachasa, .i. ó reimheas Ghainn agus Shean- ghainn, agus Chonuing Fhordeirg mhic Fhaobhair, agus Mhoirc mhic Dheile, dá rígh Fomhórach iad sin. Atáid ó sin a leith bhar rí agus bhar reachtairidhe, bhur ccuraidh agus bhur ccíostaibhgheóraidhe ag tabhach cruidh agus cánachuis na críche si. Níor vó coimhlíon agus níor vó comhmaith fine dona fineadhuibh sin frisna fearuibh feirseachdha fíorchalma Fomhórrdha sa. Is ionfhada imchian uaibh go h-oirear na h-Afraice bhadh dheas. Atá crios ainmheadhónach iomdhomhain innseach oilénach eochurghorm in bhur ttimcheall agus ní fhuilead libh longa náid laoidheanga co lánullamh re bhur luamhaireacht. Budh h-iomdha uathmhur aneisinill bhur n-easbhadha agus ní bá h-ibh na h-eólaigh re h-iomghabháil eidir madh foruibh mhuighidh. Gonadh aire sin is córuide dhíbh-si calma do dhénamh agus an chríoch sa do chosnamh gurab críoch chloidhimh dá bhur cclann- mhaicne co bráth hí dhá éis, uair is tar formnadhuibh fear teagar ribh." "Is cinnte," ar siad, "go bfuigheam-ne bás ag cosnamh na críche-si nó go mbérum a cíos ar éigin linn." Gonadh greasacht agus agallamh Logha ar T.D.D. sin. Ro tionóileadh flatha, tuatha agus tighearnaidhe, deighfhir agus deaghdhaoine T.D.D. a bpubaill ilbhric iongantaigh Logha láimhdheirg Lámhfhada, et aseadh adubhairt friú calma do dhénamh ag cosnamh a ccríche. "Cuimhnighidh," ar sé, "cneadha na seanghalur dona fuichneadhuibh forghlasa Fomhórrdha atád ag milleadh Éreann umaibh ó aimsir Neimhidh mhic Adhnamhain dar dhíthsead agus dar ionnarbsad bhur n-aithre go h-innsibh tuaisgeartacha an bheatha. Tángabhair-si arís ar sliocht bhur seandaoine go h-iath Éreann iar n-aimsearuibh iomdha. Ro mharbh- sabhair go h-amhnas agus go h-aigmhéil eachtrainn-
chineadha eile as an iathbhrugh sa na h-Éreann. Ro chlaoidhsiubhair a ccuradha. Ro mharbhsabhuir a míleadha. Ro thrasgsabhair a ttréinfhir. Ro fhuilngsiobhuir imneadha móra um Érinn. Fuilngidh anos go dúr agus go díochra díbhearg na dáimhe déigheanaighe-si dhá bhur rochtuin do chéin, uair madh foraibh mhuidhfeas an cath-sa ní fhuighbhe bhur n-ua ná bhur n-ionnua tuath nó treabh eile dá bhur ttreabhuibh dhá bhur n-éisi. Madh romhuibh imorro mhuidheas, cóireóchthar carrthadha cloch ar chorpuibh a ccuradh, agus leaca ar leachtuibh a laoch, agus múir ar mulluighibh a mórdhaoineadh, go mbá h-áinios agus go mbá h-oirfideadh re bhur n-uaislibh agus re bhur n-airdríoghaibh éisdeacht re h-innisin a n-uirsgél agus a n-imneadh, a n-écht agus a n-easbhadh, gonach ttriallfaid Éire d'athfhuabairt iar ccló an chatha so forra." Gonadh léirghreasacht Logha sin.
"Madh áil iomghuin nach gann, anaidh, a mhaca Eithleann no go bfaghthaoi feidhm go ngoil, riodh réil for na Fomhórchuibh. Aoibhinn dúinne isin chath ar Magh Tuireadh amárach, muidhfidh romhuinn ar gach leath, do-dhénum ár is oirleach. A ccath Mhuighe Tuireadh tric gonfamaoid laoich go láinghlic, tuitfidh ann re h-ucht nóna fir dhífhregra dhímhóra. Ná tabhraidh bhur ndruim re duadh, feibh do-bheir gach daosgurshluagh, cuiridh an cath go dúr docht, Éire beanaidh a buandocht. Ná léigidh dhóibh Inis Fáil, an drung eachtrannach anbháil, cuiridh-si orra d'uamhan gurab áil an t-iombualadh.
Brisfead-sa dubhshúil Bhalair in tan ad-raé dá gcabhair, agus brúidhfead 'na lúirigh Loisgionn Lom mac Lomghlúinidh. Muirfeas-sa go fraochdha an fear, Breas mac Ealathan airmgheal, tuitfidh leam an dá ruire, Eolarg Chatha is Ríbhuidhe. Muirfidhthear leam ríoghraidh réil, dom molustar a n-imchéin, gonfad gan bhréig ar an raé deich céd n-armach ar aoinchlé. Ní do thabhart teasta orm dingébhad laochraidh Lochlonn, budh mór mh'échta ag cur an áir, tabhraidh-si an cath sa madh áil." Madh.
Táinic iaromh maidean mhochsholas an laoi ar na mhárach um an chogur comhráiteach sin chuca. Is ann sin do éirgheadur na sluaigh do chinneadh agus do chomhlúth an chatha dá madh líth agus dá madh lánurlamh ré Lugh a thabhairt. Is ann sin do éirigh an luinnmhílidh luath- fheargach .i. Lugh luathdhána Lámhfhada laochbhuilleach, mac sídhéin Eithne Imdheirge inghine Baluir Bhailc- bhéimnigh Í Néid Nuachrothaigh, do mhídheamhain agus do mhóirdhéchsuin mhara, agus do thaisgéladh ar dhronaibh agus ar thionriomhuibh reann, agus d'fhéghadh áiéir, agus do ghabháil ar ghréin, agus d'iomfhosdadh na n-airdrionnach ná tiucfadhdís i ffuineadh ná a bfhunghuire go mbá sia-de agus go mbá síoráithi-de na h-urlaidhi ag na h-ógaibh, gur ro eadur- nuígheadh in t-Ioldánach ildealbhach in ba leis líth na laithe sin nó in bá leis na sluaghaibh ná an soladh. Fuair-siomh sin imorro, .i. an fíreólas gur bá leis tús agus deireadh agus domhghnas an laithe sin.
As a h-aithle sin ro ghabhastur an t-Ioldánach a earradh iongantach anaithnidh allmhurdha uime, .i. léne línidhe láingheal easnadhach órshnáithe re a gheilchneas agus ionur suaichnidh sómhaiseach do shról ilbhreac ionghnáthach Thíre treabhurghloine Tarrngaire thársa sídhéin amuigh neachtair, agus gabhuis a fhuathróg coimhleathan caomhálainn d'ór órloisge gona chiomhsaibh agus gona chnaipidhibh agus a chórtharaibh agus gona chathchrios comhdhlúta agá iadhadh agus agá oslogadh, agus gabhuis an lúirigh nuaidhe n-órdhaidhe go ngeamaibh caomha carrmhogail agus go n-ubhlaibh áille órshnáitheacha asa ngáirdís gáir sluaigh ilreachtuigh anaith- nidh. Ro ghabhastur an óirsgiath n-imleathan n-anbhóil ccraobhach ccorcuirdhearg gona bile áithghér anbháil órdhaidhe agus gona cobhraidh fhíorálainn fhionndruine agus gona tul órdha aireagair agus gona slabhradhuibh sníomhtha sínti sean- airgid go saoirsgiathraigh n-oirdheirc n-iolchomharthaigh. Ro ghabhastur a chloidheamh fada fosgadhach fírghér agus an tsleagh nimhneach n-imleathain n-iomchruaidh ccrann- ramhair ccurata ccóigrinne san dara láimh dó. Tárraidh a lia lámha san láimh ar-áill do luathbhriseadh luibhne na laoch luatharmach. Ro shiachtastur a luirgfhearsad cheann- trom chatha dá fritheólamh isna seicneadhuibh séitreacha searbhróna do ficheadh do chéin. Do éirigh iaramh fón ionnas sin cloichbhile congmhála na ccríoch agus na cceannadhach, agus airsidh urlamh ionnsuigh- theach imdheaghla na h-Éreann, fear ba mó neart agus niadhachas gan tnúth re tréidhibh tighearna, fearg leómhain re lunnughadh, brúcht an mhara mhórthundaigh, sgeith an aigéin eochairghuirm, fearg an laoich luathLogha ag leadradh a laochbhiodhbhadh, ag cosnamh a chíoschánachuis, ag imdheaghail Éreann. Níorbh iomurcaidh eidir don árdchuraidh sin Ére gona h-oirearuibh agus gona h-áirdtigh- earnas ar chruth, ar chéill, ar chalmacht, ar fhorus, ar fhaisdine, ar fhios, ar fhoghluim, ar chleasuibh, ar churatacht, ar chruaidhghaisgeadh, ar threisi, ar thairpthighe, ar thréin- fhearrdhacht. Gonadh tuarasgbháil Logha ar chath Mhuighe Tuireadh and sin.
Do éirgheadur dano Tuatha dealbhdha deagharmacha D.D. éirghe athlamh aoinfhir um ghreasacht ghotha ghaisgeadhaigh iarthair Eórpa co mbádur fo n-armaibh innillte ághmhura fo chomhuir chinnte cóirighthe an chatha. Rugadur bann séitreach sírsheasmhach nimhneach neart- mhairchuimseach cathchalma go Magh trén Tuireadh fo thuaidh gach ndíreach go h-ionadh urdhála na h-iorghaile agus gus an ccrích do chinneadur do chur an chatha, amhail sgeitheas agus sgaoileas murbhrúcht mórthonnach muiridhe an t-aigén innseach oilénach eochairghorm go mbí 'na bhuinnadhuibh borbruadha breacghlasa greama gáibht gaidionda grianlíonmhura fo mhuir thrénainbhtheanach thongharach thiabhraonach Thorrian. Ro ba lasamhain luinnearrdha lánálainn a laochraidh sin re h-ioldathaibh a n-iléideadh n-iongnadh n-anaithnidh, agus re suaicheantacht a sleagh ccrannreamhur ccruaidhghér, agus re comhárdgháir na ccloidheamh lasamhain lánmhór luinneardha, agus re sgeamh- gháir na sgiath ccorcra ccomhdhualach, agus re luinnirnimh na bfhionnlúireach bfothraicthe ffraisniamhdha, agus re caoimh- eagur na ccathbharr ccumhduighthe, agus re h-iomad na n-airdchleas n-anaithnidh, agus re méid mhaisighi na míleadh míonálainn mearrdhána go mbádur ina ccorthair churcra chróidheirg, amhail ros coimhcheangladh cearchuill theineadh tricheamhruaidhe theintidhe re ruanadhacht róghairbh a rífhearg, agus re ruitheanruathur na ttréinfhear agá ttiumsughadh ag ionnsoighidh a n-easgcarad do (dhíoghail) a n-anbfholadh ar an bhfine bforgharbh bfoirniata bFomh- órach sin. Gonadh iad earradh agus tuarasgbháil T.D.D. a gcath Muighe Tuireadh ann sin. Is ann sin do éirgheadar don leith ele an dubhshluagh agus an dubhshochraide dhuabhseach dhrochdhatha agus an trom- dháimh thiughdhána thorncheannach, agus na fir árda allta ainmhíne, agus forgla fearluingseach Fomhórach na fairrge, agus ro ghabhadur a ccaithearradh catha agus comhlainn umpa, .i. a n-ionair odhra aithghearra, agus a léinte tiugha tréntreabh- raidhe, agus a ndeichealta gallamhla glaisionga. Rob uath-
bhásach éididh uathmhur an fhoireand sin re h-iomad a sleagh reamhar rómheirgeach, agus a ccloidhamh ccorránach ccaimaillteach, agus a ccathbharr ttiugh ttolgánach, agus a sgiath n-imleathan n-aggarbh, agus a lúireach n-ársaidh n-iomthrom, gur bhá samhalta re duibhnéll dorchoidhche na greann-aighthe garbhghruagánacha ag toigheacht attuaidh a cceann Muighe Tuireadh re fosughadh cíosa agus cánachuis ar fhearuibh na bFuineadhach, agus ro shiachtadur re ruathur a róireatha gusan ccrích ccédna ccinnte, agus iar rochtuin dóibh tucadur a ngnúisi agus a n-ochta agus a n-úrbhruinne fria lár agus fria lántalmhain. Ro h-iorfhuagradh aca ann sin súil neimhneach nimhidhe bhaoghlach bhráthamhail Bhaluir dfhosgladh dá ceanglaibh agus dá cuibhrighibh. Is ann sin do éirgheadar trí naonmhuir do dheaghlaochaibh do thaithmheach na ccomhladh ccomhdhlúta agus na seicheadh seanchairtidhe agus na n-anart nua n-iomdhlúith n-imleathan. Is ann sin do thógbhadur T.D.D. amhdhabhach iomdhlúith dá sgiathaibh ara sgáth nach-id roichdís sruithlinnte sáirnimhneacha na súl neimh- nighe neimhe sin, agus ro léigseadur a n-ochta agus a n-úrbhruinne, a n-aighthe agus a n-édain ar sgáth a sgiath, acht an cing cobhsaidh conngmhálach agus an leómhan luath luinnfheargach, .i. Lugh Lámhfhada laochbhuilleach, óir básad seasmhach sidhéin ag oirchill torrachta na táthluimhi dá tréindiubh- ragadh. Is ann sin ro riastradh agus ro lunnuigheadh um an ríghmhílidh um Lugh, agus ro ghabh criothghráin agus eagla é ré h-omhan fosluigthe don pholl duaibhseach dubhfhola sin do shíth- shilleadh ar na sluaghaibh muna roiseadh riothchuirbhe uadha-sumh roimhe, agus gairmis uadha 'na fhogas an tí Goibhneann agus athghairmis do rídhsi agus aseadh adubhairt: "Ro-dum roicheadh-sa as do láimh luaimhnigh an táthlumh gháibhtheach ghoirtchrithreach leadurthach luathéchtach gur ras fortamhluinn mo roithbhéim bodhbha." Agus ad-beart na briathra sa: "Ailim ail Nuadhat ailim Goibhnionn gluair neart re a gairm is ur na cinneadh deis neodha tlais tucsad frais for a dheis deis do dheis Goibhnionn gluair neart re gairm
caoga suadh geibh-si gual fil na láimh fine Fomhra do mo bhrón mór an bhuaidh d'Inis Fail." Iachtuis Goibhnionn go dúr agus go díochra for a dhaltaibh san deithbhir sin. Ro éirgheadur sidhéin go h-athlamh érghe ésgaidh urmhuisneach re h-iachtadh a n-oide, agus ro chuireadur na trí chaoga teanchair san teallach um thaobhaibh na táthluimhe go tinneasnach dá tréntógbháil. Acht madh a h-iompódh don uillinn dá chéile, níor fhédadur tasgadh ná tadhall do thruime agus do theasbhach na táthluimhi, na trí chaoga dalta ro bhádur. Is ann sin ro éirigh an ghreit ghlédhána re gach ngábhadh, .i. Goibhnionn gobha mhac Eithleann. Tárraidh sidhéin an teallach thairsibh go tinneasnach, agus ro thimcheall an táthlumh dá theanchair, agus ro iomluaidh dá aonláimh 'na uirthimcheall gur bhá loisi láindearg luathlasrach an t-áiér uasa chionn. Athghréachuis Lugh do ridhisi go goirt agus go gáibhtheach ar Ghoibhnionn ag sreangtharruing na seicheadh duibhchiarrtha déigheanaighe do dhobhuirbhél an lochthobair lionnmhóir láinneimhnigh sin re h-eagla síth- shillte na súl ar na sluaghaibh agus ad-beart Lugh na briathra so and: "Cobharthach caomhshluagha óir is muir neimhe dhítheóbhas síthshilleadh súla fo-dom roitheadh sa cara caomh crithir caonuallach cumhachtach, .i. Goibhnionn gobha mhac Eithleann, dóigh bam síthsheasmhach re cló curadh, re troid tréinfhear, re fóir fearrdha, fuil a aigri forsan rosgmhall tráth con-tuargbhann claoithe teineadh a súil Baluir, ní gníomh n-amhra, ceatha sneachta, srotha uisgi sil a h-abhra, olc na súla ar rioth ngoile, aimhneart écc uaithe bhur bfear libh, crioth re teinidh leis for a neimh, do-fhaoth linne, gníomh dom ruacht, gníomh con ruacht, fuiltrédh fhola foirceann druadh, claochladh curadh, turnamh tréinfhear, budh gráin chatha, budh breis bhratha Fomhra re sluagh mBanbha, brisfigh- thear sgéith ar chloinn Méirchill gníomh ccan cairde biaidh cinn ar lár, béid taoibhdhearga re fóir bfairrge, maidhm ar Fhomhórchaibh a n-aoineacht san ló sa, gan
cíos go bráth ar shluagh Fuinidh, cian bhus cumhain gníomh dhár ccobhair." Cobhair. Ro fhreaguir an tí Goibhnionn sin agus adubhairt:
"A Lugh nársad luinnighthear, fuil chugad an táthluimhi, tinni truma bhus nimh uathbhása aonlámha achtuidh aonbhéime, sníthe súla síthshilleadh, tib an duibhdhear dathghruamdha, atá chuguinn do sheanathair, bí go laochdha lánláidir, bí go tréinghlic troighésgaidh, fritheóil lat go lánurlamh an ccaoir ttredhoirn tteintidhe a tábhúill tréinbhálaigh, dianbhris uait a comhladha, ding an seichidh seanshuaite, cuir uait an ccaoib ndraoidheachta trésan cceann mhór míleata, biodhgfaidh for reannuibh, as aire bhús marbh, budh h-adhbhal a fhíoch, nocha ba leó an líth arna ndíth, a Lugh."
"Dígheóltur ort-sa sin, a bhaoith bheigbhriathraigh," ar Balur, "in tiomargadh tagra do-righnis", ag rádh na mbriathur-sa:
"Deithbhir dhuit gonas geibh omhan oll rem dhreich, taothfaidh troigh, sgél gan chleith, dearcadh dian, saobhfad brígh, o do dhoich ní bá deich." D.
Freagrais Lugh sin agus adbeart: "Ní-um geibh-si gothghríos omhan réd shúil n-éidigh ndubhdhúnta, budh cear leam don loínnbhéimneach dáil daithe a cumhachtaighe ní bá forn fairgsiona bhail san phurt ail ros art deargas gual ndeaslámh suadh asé aniú an lá nach ní". Ní.
Ód-chuala Balur foghurghotha Logha ag iarraidh na táithluimhi, adbeart: "Fe fe fo fo aicthe aicthe aille aille, farraidh an chomhla dom rosg go bfaicinn an laoch béilbheag fuil agum agallamh. Cá tú, a fhir bhig, cia bioth imbá in labhraidh nó eidirmharbhaidh ar muighibh ollá ioma- ráidhim ar Lugh nárab ionnarbadh do chomhrac riot-si go dúr ro feasum fidhisi na fearum fithisi diochraide um chur um ghuala fál fómhnastur mo shúile mum tabhlaibh tonn fir dhuibh ciodh bhár ttug um dhionn ní bhértha iath Éreann". Is ann sin shneadhastur Goibhnionn anatceann na caoire cruaidhe righe cródheirge ó dhorus na ceardcha go h-árnaidh iomphrab uadha for id an mhuighe. Mór ámh an foiréigean gábhaidh sin ina mboí Lugh ar an láthair sin uair ní raibhe cathmhílidh gan a chorp do chréachtnughadh re gaothaibh iomluatha adhfhuara earrchaidhe an locha leathain láinneimhnigh sin, agus risin sil tín sárthruim síorfhuair sneachtaidhe, re flichneimh na ndér ndíochra neimhidhe, agus risna frasuibh iomthroma aidhbhle uisgidhe tig a h-abhraibh agus a h-imlibh na súla sáirneimhnighe sin adiú agus análl re h-uair a h-osluigthe, agus re truime agus re teasbhach na táthluimhi isin leith aroile, agus risna cithnéllaibh troma teintidhe ittrachtadur dhi, agus risna buinneadhuibh borbruadha breaclasracha bádur impe, agus risna casrachaibh crithreacha caisneimhneacha réimnigh- seadur reimpe, agus re silleadh a leanna loisgigh láinneimhnidh ag téltógh asa tollaibh, agus risna soighnénaibh suaicheanta síorloisgeacha do érgheadur dá h-eochairimlibh. Deiseadur na sluaigh cheachtarrdha do dhíbh leithibh agus a ngnúisi fria lár agus fri lántalmhain agus a sgéith agá sgáth- dhídean, acht madh Lugh namá don dara leith agus Balur don leith ar-áill, agus na trí naonmhair bádur ara chúluibh ag oslughadh na súla agus ag oslugadh na seicheadh duibhchiartha déighionaighe dhóibh. Is ann sin do riacht an táthlumh a n-áird fria Lugh. Gabhuis imorro Lugh go h-athlamh iomphrab in ubhuill iomchruaidh iarnaidhe, agus measguis aoineacht má cheann, agus achtuigh urchur ághmhur árnaidh urmhuisneach go tinneas- nach
don táthluimh d'ionnsuighe na súla go súnradhach, agus níorbh iomroll diobhraicthe sin gérbh ímchian an eadurbhaill ó Lugh, go ttarla tar an seichidh n-iomchruaidh n-oisleathuir agus tar na líonanartaibh línighe lomdhlúithe gur bhá torncheann trétholl treaghdaighthe agus gur vó lésbuire lánmhór leathan- fholamh tolladh na táthluimhi ar ceann an churadh agus sleachtlorg na dubhshúla duaibhsighe duibhdheirge trésan cceann siar seachtarrdha go raibhe ina dhlúimh dhímhóir dhiabhalta agus ina mhothur mhoglach mhídhénmhach 'na bfiadhnuisi, gur ro threaghdasdur in tinne teindtidhe sin táthlumh aniar n-iarthur, gonadh iad lucht osluigthe na dubhshúla duaibhsighe ad-chonnairc ar tús h-í, go ndeisidh a nimh agus a nirt gháibhthighe i ttaircheadal agus i ttrén- tarrnguire ar an ffine fforgharbh fFomhórach sin gomdar brónach beigneartmhur re síthshilleadh na súl dá éis. Is ann do labhair file agus fisidhi fíreólach fhine Fomhra, .i. Liath Leathghlas mac Luasgaigh, ag tathaoir agus ag táinsiomh in urchuir agus an churadh ro-das chruaidhdhiubhraic neimhidhe neimhe sin, agus ad-beart: "Cá laoch sneathchorach sníthfe leachta tarla oil n-áith n-easumhain a tabhuill tréin tárrastur do shúil mbuaidhealtaigh mBaluir". Agus ad-beart Lugh: "Fuil sunn laoch nách-id domh- naisg ga ngaoth ar nach cath ná cithchealtchuir; is misi Lugh loinnbhéimneach mac Eithleann Iorghalaighi bhrisios cath ar fhearuibh móra bhur fFomhórach, as cródha re luathghearradh cionn, do chinnsiomur amhail fhonn- samur fiochadh fola dornghal ar gheodhnadh céd i ccathbhuidhion". Céd-bhérla Logha re fine Fomhra sin. "Coimhéirghidh, a fhiora Éreann," ar Lugh. "Cuiridh an dochraide, gabhthur sleagha libh, cóirighthear cloidhmhe, síntear téda, teanntur braighde, mórthur fine, saorthur aicme, damurraidh uile, go ccloistear fo Érinn gor deigh- bhriseadh súil Bhaluir fá chainchoimhéirghe." Gonadh briseadh súla Balair ar cath Mhuighe Tuireadh sin. Is ann sin ro dhealbhastur Lugh é féin a riocht seantuinne
saoibhléithe ar leathchois agus ar leathláimh agus ar leathshúil timcheall an tsluaigh cheachtarrdha ag tréntarrngire gacha h-imnidh agus gacha h-urbhadha d'fhine Fomhra agus ag rádh maitheasa re fearuibh Éreann. Is an sin do éirgheadur cách fo chéile dona sluaghaibh agus dona cathaibh ceachturdha go díchéillidhi agus go dásachtach, go tric, go trén agus go tinneasnach, go h-áith, go h-amhnas agus go h-aibéil. Deinmneideach attrachtadur na deaghlaoich chum na díbheirge sin amhail do reithdís tréda muc d'fhóirithin oircghréchaigh a n-arc i n-iomghábhadh, nó amhail do éirghidís damhraidh dhiana dhoghabhála dhásachtacha do leirg athghuirt athmhínligh re cuanartaibh croibhghlioca comhluatha, nó mar urthosach buinne dheagh- aird díleann ag sgeith a h-ucht airdshléibhe re fáinghleann- tuibh iomdhoimhne aimhréidhe na críche. Is ann sin ro lásad an laochraidh sin a lámha go lánobann isna cathrachuibh cóirighthe, agus isna carnaibh cinnte do chothuigheadur do chlochaibh ag mínréidhiughadh an mhuighe an lá roimh an ccath. Ro thógbhadur ann sin clocha cruinne coimhméide, agus liaga leathanfhada lántroma agus cairrge cruaidhe ceanngharbha criadhaidhe. Ro láisiod ina n-ionuruibh agus a mbrollachuibh a mbreicléinteadh, agus a ccorraibh a ccochall, agus tar fothollaibh a ffoichrios, agus ro ghabhsad clocha troma traghamhla leo sein ina lámhaibh, agus fóide tiugha tromaidhbhle an talmhan, agus ro luathdhiubh- raicsead eatarra frasa móra mearrdhána do dhíbh leithibh gur sgaoilsead a sgíth for formnaibh na ffearóglách no gur chinnchréchtnaigheadur cinn na ccuradh, agus gur luathbhriseadur láirge na laoch, agus gur thuairgsead ochta na n-ánradh, gur vhó comhmbrúite cinn na ccuradh agus cuirp na ccathmhíleadh don cloichthreas sin. Is ann sin ro shínsead a lámha dá sgiathbholgaibh suaithnidh agus a nglúine re bacbhallaibh a mboghadh, agus tucsad a méra seada sáirneimhneacha a suaineamhuibh a ffoghadh ffoghurthach ffírghér, agus a ndeárnanna dathaidhe dána fo n-a leathanarmaibh lántroma léigthe, agus fa chinél gach airm is dílios do dhiubhracadh, gur vo foirdeargtha a ffir dona
frithairighthibh sin. Is ann sin do beanadh béim bhordadh- bhal dona cathaibh a cceann a chéile, amhail tonuichghleó tromadhbhal mara casanfadhaigh Caisb ag béin re cairrgibh ceandgharbha cuaisfhudhamhnacha na crích, nó mar budh é briseadh buirbthrén na n-airdrionnach ar bhreacfhóduibh tuinighthe na talmhan, eitiol na soighead dá sreangadh agus sianghal na suaineamh agá sírdhiubhragadh. Tucadur iaromh bann dúr díochra ar an deabhaidh. Ad-chlos go néllaibh neimhe agus go h-eidirdheiliughadh eiéir tulghubha na ttoillsgiath agá ttuargain, agus tarmfhoghur na ttréinfhear agá tteasgadh, agus iachtadh na ffear agá bfhadhbhughadh, agus coigeadal na ccruaidhchloidheamh re ceannuibh na ccuradh, feadghoire na bfhaobhurlann ar fhormnaibh na ffearóglach gur chinnchréachtnuigheadur cinn na ccuradh, agus iachtach na ttréinfhear ag tuitim, agus drongháir na n-altlúireach agá ndiansgaoileadh, agus slatghoire na sleagh ccrannreamhur re chéile, agus griothgháir na ccíorchathbharr agá ccruaidh- bhriseadh, agus leadghaire na luirgfhearsad a leithcheannuibh na laochraidhe, agus síthshileadh na súisdeadh n-agarbh n-iar- naidhe i nglacuibh na bfearthroightheach bFomhórdha, agus iolghotha aidhbhle anaitheanta na n-iolarcheann ar na h-aonchorpuibh, aill ag uchbhadhaigh agus ag acaoine, aill ag greannughadh agus ag greasacht an chatha. Robdar do- aithnidh deaghaighthe na ndeaghlaoch re daoirshileadh na folo flannruaidhe ar aighthibh na n-ánradh. Robdur mídhathacha míleadha re sreabhuibh silteacha sárthroma na fola foirdeirge dar formnaibh. Robdur iomdha tréinfhir a ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh re h-aigmhéile a n-áladh agus re méid na mbuilleadh, agus do chuadur bandraoithe a ndiamhair a ndána agus a bforas a ffoghluma go ttardsad teimheal for na dúilibh gur ro shileastur an fhiormamint frasa aidhbhle anffóilla, gomdur sleamhna fér agus fóide fona fearuibh árda ilchinélacha sin go ttorchuir foirne fíormhóra dhiobh um a n-armaibh badh dheisin. Is ann sin táinic an t-airdrí uasalchaoin oirrdhearc, .i. Nuadha neartchalma mac Échtaigh mhic Eadurláimhe i
ccath na fFomhórach, agus a thsunn tuairgneamha catha roimhe agus a chliathbhearna céd ina dhiagh agus a amhuis imdheaghla do dhíbh taobhaibh dhó, agus do mhionsad seinbhearn céd isin chath ar comhair a chloidhimh agus slighe shearbhróin dá sleaghaibh rompa agá sníomh tré chorpuibh na ccuradh go lármheadhón catha na fFomhórach go h-airm a raibhe an fearluingseach fírmhór, .i. Ealatha Mór mac Dealbhaoi, rí na fine Fomhra sin umá ruacht do thuair- gneamhaibh a chatha agus d'ánradhuibh a imdheaghla do dhíbh leithibh gur ro chréchtnuigh cách a chéile dhíobh go h-amhnas agus go h-aigmhéil go ndorchradar i ccróleapthaibh cruaidhdhearga gach fear a ffail a ghlúin agus a n-ionadh a throigheadh go ndeisidh an iorghail for na h-airdríoghaibh. Ro sgib cách góa chéile dhíobh go dána agus go díchéillidhi amhail sidhe con mire móirmheanmnaighe dá h-éill go h-ainfhéghthach ag faicsin fiagha fuasgraigh fhrithléimnigh 'na fíorfhogus. Ro sháith cách ina chéile dhíobh na sleagha reamhra róbhuidhe go reamhar a ruadhchrann, agus ro thuairg- sead sgéith, cinn, agus cathbharra aroile dá luirgfheirstibh ceandtroma catha go ndearna meanmhach agus mionadach dona mionnuibh ro-áillne rianagair bádur um cheannuibh na n-airdríogh. Iar sin ro sgaoileadh a sgéith agus a sgiath- raighe tar formnaibh na ffearóglach re síthshilleadh na síthlorg gonach baoi oiread orlaigh d'eochairimlibh na n-óirsgiath a n-aoinionadh nó a n-aonmhaighin. Is ann sin tug cách dhíobh díoghrais a dheaghlámha d'ionnsuidhidh na lann lasamhain láinghér, agus do árdaigheadur na h-airdríogha sin na h-aigeanta go h-ádhbhal, agus do thógbhadur na dóide deasa don deaghurlaidhi sin. Tuc cách dhíobh díoghrais a dheaghbhuille diaroile gur bhó cróleadurtha corcra cródhearg cuirp na ccuradh re h-iomad a n-ilchrécht. Tárraidh fa dheóigh Nuadha baoghal béime ar Ealathain gur fholaigh an cloidheamh ina chliabh. Is ann sin do riacht Lugh an láthair agus sealluis a cheann de. Crothuis an ceann sin agus an cosgur re T. Dé D.. Ní mar do-niad faoinnealaigh fhannshluagh do-rónsad uatheagla agus iomghabháil iar ccló catha agus cosguir forra agus iar ndíth a ndeighríogh, ní h- amhlaidh
do-rónsad na fir fhearrdha Fhomhórrdha sin acht cur agus cothughadh agus congmháil an chatha dá éisi. Is ann sin táinic ceann forrána agus foghlama Fhomhórach, .i. Trén mac Triosgadail a ndeaghaidh Nuadhat do dhíoghail a dheighríogh fair, agus ro easairg na sluaigh uime go trén agus go tinneasnach; mar ucht príomhluinge puinnighe dá h-anccuiribh aggarbha fri carrgaibh ceannmhóra coigadal a ccloidheamh ac cumach cnámh agus cholann, agus ba faonruathur díochra dianshluagh roimhe gach conair dia ttáinic. Sguchuis ina chuinne an tor trénathlamh, Oghmha Graineineach mac Ealathan. Achtaidh cách sgiath fri sgiath dá chéile dhíobh, agus tuc gach fear díoghrais a dheighdheabhtha dhároile. Roismit a sleagha agus faoinbhrisid na fiodhbhadha inntibh gomdur crainn gan cheannuibh deighfhir ann re fortreisi na fforghumh agus re cadadchalmacht na ccathsgiath óir robdur fraighthe iaruinn aithleagtha bádur aca, agus re h-iomluaithe na h-imdheaghla, agus re cruas na congmhála ar fhearghuaillibh na ffear ccurata ccruaidhchalma sin. Ro ghabhadur na lúithi faide fíorchruaidhe caoimhealta camchorránacha ina lámhaibh, agus do-rad cách dhíbh tim- chiolladh agus tuargain tinneasnach ara chéile gur ro crécht- nuigheadh na curaidh gérbh athlamh a n-iomghabháil. Do bhí dano do dhúire na deabhtha gonár fhédsad na leathainsgéith a láindídean, go mbeanadh gach tréinfhear teann toghaidhe oiread cinn mhic mhidhaoise do thaipibh fola agus feóla a taobhuibh agus a torcasnach a chéile. Ód-chuala trá Lugh méid na mbuilleadh agus calmacht an chomhlainn, táinic dá n-iondsaighe agus do-rad guin gháibh- theach ar Thrén mac Triosgadail. Iompaighis Trén do dhíoghail a ghona for Lugh. Athghonais Lugh doridhisi é agus athbhuailis go tábhachtach a cheann de. Is ann sin do éirigh an stuaighbhile sithárd sárshuachnidh agus in fear is mó agus is mórbhuillighi táinic a n-Érinn riamh, .i. Annluan Mór mac an Sgáil Bhailbh, agus do-chuaidh roimhe a ccath T.D.D., agus ro ghabh agá n-oirleach agus agá n- athchuma go mba h-adhbhal a n-easbhadha, agus do ghabh agá cciorbhadh agus agá ccréachtnughadh tar bilibh a n-airdsgiath ara n-uachtur
ór ní fhóirdís na fodhuilsgéith iad re ro-airde in rímhílidh. Sithshillis an draig dearg dreachdhána, .i. Bodhbh Dearg mac an Daghdha. Ba h-iongnadh leisidhéin iomar- craidh chomhlann an churadh ar chách, agus iompaighis go h-athlamh fria h-Anluan, agus do-ní ceirtle tochairde tuaithbhil ara chionn a ttuaim a sgéith órdha imiltigh. "Ní h-iomghabháil imnidh sin," ar Anluan. Sgiubuis cách goa chéile dhíbh fón ccuma sin. Ciorrbhuis agus cruaidhchréachtnaighis cách a chéile aca go mór agus go míleata, ór nír fhédadur fir a fféchuin re cródhacht an chomhlainn agus re croisleadurthacht na ccrécht ar na corpuibh. Ód-chuala Lugh coigeadal na ccruaidhchloidheamh re chéile, iompaíghis go h-athlamh agus sloidhis slighe trésna sluaghaibh go ruacht go h-ionadh an iombuailte, agus do thug aonghuin ar Anluan gur chuir crann na sleighe síthrighne tré chorp an chaithmhílidh siar seachtair. Iompaíghis Anluan re Lugh, agus do achtaigh aonghuin ainmhín fair go ráinic corp an chaithmhílidh agus go ttuc a chnead curadh ós aird, agus suaithis an sleigh ccédna im Bodhbh Dearg gur chrumastur an curaidh man ccraoisigh ar ngabháil a rinne go talmhain tríd. Athghonuid a n-aoinfheacht an t-airsigh Anluan, .i. Bodhbh Dearg agus Lugh, gur vhó croschomhthrom na h-airm agá iomfhulang go ttorchair idir lámhaibh na laoch. Fadhbhaighthear an fear sin agus adaghur a iolach cosgair agus comhmaoidhmhe ann sin. Is ann ráinic an laochmhílidh, .i. Lópthach mac Lubuis i ccath T.D.D. agus ro imir a fhearg for na sluaghuibh gur vhó tiugh tréinfhir thamhnaighe dá éisi. Is ann sin táinic Midhir Mórdhálach mac an Daghdha 'na bhuinne deargruadh dílionnta 'na dhochum agus tuc cách dhíobh sgiath fri sgiath aroile gur fearguigheadh go fíochdha re fóbartaibh iad agus gur vhó tretholl taoibh na ttréinmhíleadh óna laighnibh leathanmhóra. Iondsaighis Lugh an láthair agus díthcheannis an curaidh, .i. Lópthach Mór mac Lubuis. Is ann sin táinic roimhe an tuir trénchalma, .i. Tadhg Mór mac Nuadhat i ccath na fFomhórach gur imtheasg óga do
chiumhsaibh an chatha gur bhá h-anaitheanta ioluirchinn fo chosuibh an churadh gach conuir a ráinic. Táinic 'na dhiaigh sidhe an laochbhuilleach luath lámhdhána, .i. Loisgionn Lom mac Lomghlúinigh, umá ffreagra i cciort a ccloidhimh ar sáthadh a sleagh sithreamhar a ccorpuibh, gur vhó rioth ruadhfhola gach ball dá mballaibh. Do-riacht Lugh chuca fa dheóigh i ccrích an chomhlainn, agus ad-rochuir Loisgionn leis. Is ann sin ráinic roimhe an ghein ghérarmach, .i. Goibhnionn, gobha mhac Eithleann, i ccath na fFomhórach agus tuc airbhe fri h-irbhe a ffaonluighibh fola in gach céirn agus in gach cúil don chath. Tarla chuige fear a choimh- chlis agus a chomhdhána, .i. Greas mac Grioghair, príomhghobha na bFhomhórach, agus do-rónsad urlaidhi géra groda agus tuargain fhearrdha fhuinnmhidhe fhortamhail ar a chéile re h-eadh agus re h-athaidh imchéin. Ód-chuala trá Grinne Gáibhtheach mac Greisi agus Baothbhuilleach Breisi a bhráthair iachtadha gáibhtheacha ó Ghreas, do-riachtadur go mbádur ag tuargain a sgéith go garbhlúthmhur ar Ghoibhnionn, gur ro chuireadur an chathláthair fair, go ttic asnadh éccomhlainn asan ollumhuin ó thárrachtuin an trír dhá thréntuargain.Ód- chuala Lugh Goibhnionn san ghábhadh táinic do chongnamh rea charuid go ttorchradur an dias sin lais, .i. Grinne Gáibhtheach mac Greisi agus Baothbhuilleach Breisi. Aincis Goibhnionn Greas fair ór ro ghabh báidh fris é. Is ann sin rángadur na trí curaidh chadadchruaidhe, .i. Fiaclach Faobhuirdhearg mac Connaigh, agus Seimhne Sith- fhada, agus Móisi Mearamhnas i ccath T.D.D., gomdur lir leachta laoch ar na luathleadradh fo chosaibh na ccuradh sin go ttarladur chuca an triar data díomsach, .i. Labhra Lámhfhada mac Taidhg mhic Nuadhat, agus Cairbre Crom mac Ealcmhair, agus Siodhmhall mac mic Chairbre Chroim. Ro fhreagair iaramh cách a chéle dhíobh go dian agus go deinmneideach go cclos fana críochaibh fá coimhneasa dhóibh tulghubha na sgiath ttiubh ttaobháluinn agá ttuargain re faobhuirchleasuibh na bfear ag fritheólamh aroile. Do-riacht chuca an laoch nach lamhthaoi agus an trén
tar nach ttigthí, .i. Lugh Lámhfhada luinnbhéimneach. Ro ghuin agus ro athghuin, ro dhíthigh agus ro dhícheann Fiaclach Faobhuirdhearg agus Seimhne Sithfhada agus Moisi Mearamhnas. Is ann sin adubhairt échtach na h-Afraice, .i. Inneach mór mac Dé Domhnann, énchuinneal amhnas eisidhéin agus tréinfhear toghaidhe fine Fomhra, an fuigheall sa rea mhacaibh meara móirmheanmnacha, .i. re h-Olltriathach mac Innigh, agus re h-Aér Eochairghleannach: "Ro díthigheadh go mór ar ndeaghdhaoine, a mhaca," ar sé, "agus is adhbhur domheanman dúinne gan a ndíoghail tar a n-éisi." "Cóir a dhénamh," vhar a mhic rision, uair ba mas agus ba minic a bfhéighe agus a n-alladh, agus a n-eangnamha maith do dhénamh in gach cathláthair, "agus cinneadh ar do chomhorba comhlainn. Ní ro gabhadh ort ó ro ghénuir aoinionadh inur córa dhuit do chosnamh féin agus díoghail do chairdeadh inás an mhaighion sa." Iar sin tángadar i ccath T.D.D. agus do imreadur go h-imthrén a n-airm ann gur vhó samhalta re cnáibh comhthuitmheacha ag teibearsuin a críonmhoglaibh ar ccrothadh a ccraobh go cruaidhneartmhur cinn churadh fo chosaibh an cheathrair sin in gach cúil don chath, no gur chriothnaigheadur laochraidh T.D.D. uile dia ttreóir agus dia ttuinighthe gur shénuid agus gur shráinid na sluaigh ar sgáth a sgiath sgiamhleathan, agus eisiomal aonlámh Oghma gasda Grianeineach mic Ealathan, ór rob eisidhe tréinfhear T.D.D.. Uair nach ruc Inneach ar thiugh an tsluaigh nó ar iomad na n-óg a n-aoinionadh re n-oirleach, ro imir a fhearg ar Oghma. Tug imorro Oghma a ghlún re gliaidh dhó agus aghaidh re h-iomghuin. Maith, ámh, an dias ro chomhraic rearoile ann sin, .i. dá churaidh agus dá chathmhílidh agus dá thréinfhear an talmhan. Comhthuairgis cách a chéile dhíobh do luirgfheirsdibh lánmhóra leathanfhaobhracha gur vhó coimhmbriosg re h-oighribh froighthe na sgiath sgeallbholgach re treisi ro thuairg cách a chéile dhíobh dona sleaghuibh seimhneacha sithfhada, go ndearna crithir dhá ccorpuibh gonach faghthá ionadh reanna acht foghráin na sleagh a ccorp a chéile,
acht áladh na sleighe eile. Do-chuadur ann sin ara ccloidhmhibh cruaidhghéra claisleathna gur vhó lór d'adhbhur éga agus oigheadha créchta na ccloidheamh isna corpuibh, agus sleachta na sleagh isna sleasaibh, gur vhó samhalta re srothaibh síormhuilinn reatha na ruadhfhola ag coimh- shnidhe asa ccorpuibh tar clasuibh na ccruaidhchloidheamh agus tar conairibh na ccréacht. Tárraidh Innioch, .i. tréin- fhear fine Fomhra, baoghal béime ar Oghma, ar thréinfhear T.D.D., gur chuir a cheann dá cholainn. Ionnsuighis trá Casmhaol agus Bruidhnionn, an dá cháinte, an láthair do dhíoghail an airdmhílidh, .i. Oghma, ar Inneach gona mhacaibh. Freagrais Olltriathach agus Aéur Eochairghleannach ar ionchaibh a n-athur isin iomghuin. Do chiorbhadur, agus do chomhthuiteadar, agus do chomhthuair- geadur go fíorgharbh fearamhail a chéile, acht aon ní cheana attrochuir Aéur Eochairghleannach re Casmhaol ann sin. Ionnsuighis Casmhaol as a h-aithle sin do chongnamh rea bhráthair, .i. re Bruidhnionn. Cruaidhis Olltriathach an comhlann ar Chasmhaol agus ar Bhruidhnionn go ruc a ccinn agus a ccosgar go h-airm a raibhe Innioch. Is ann sin do riacht Lugh an láthuir agus fearis comhlann re h-Innioch agus re na mhac, .i. re h-Olltriathach go ndorchradar ris an dís, agus tucadur T.D.D. iolach cosgair dhá ccomhmaoidheamh. Is ann sin tarla Conn Croimcheannach mac Dóit agus Allaidhi Airdéchtach mac Ealathan dá chéile isin chath, agus tucadur achmhasán aggarbh ainiarmhurtach dá n-armuibh áithghéra urnochta daroile. Do ruacht Lugh chuca agus do luigh ar Chonn Cruimcheannach go ttorchair ris. Is ann sin ro érigh an tréinmhílidh toghaidhe agus an trén tromadhbhal, .i. Balur Bailcbhéimnech ua Néid Nua- chrothaigh asa thaisibh agus asa tháimhnéllaibh a h-aithle an urchair dhár thollastur an táthlumh a thréincheann. Ad-chonnairc sin Luath Líneach, .i. an file ad-beart and so síos:
"Beo balc Balur, deibheadh fri leódh, gleó fri niadh, mear an mál,
maoidhmheach muadh, lasair theineadh, breac taidhleach, nirt dhíth ar rígh, ceann fhine Fomhra is beó." Beó.
Tárraidh Balar lámh thapaidh laochdha fora leathanar- maibh d'ionnsuighidh an chatha agus do shiacht go h-ionadh an iombuailte. Ro thiumsuigheadur na buidhni torath- arrdha trénchalma sin a chéile as gach aird a rabhadur. Do riacht an chathach chalma chruaidharmach, .i. Ceithleann chalma Chraoisfhiaclach, agus ro éirgheadar na sé gothnuide garbha glasliatha, .i. Baoth, Guach, agus Greannach, Uath, Amuid, agus Urghráin, gona súistibh iomthroma iarnaidhe. Do riacht ann Sneidhe Sreangfhada mac Seanghainn, agus Faobhur Fíoramhnas mac Réisi, agus Ceannmhór Cosfhada a h-Inis Créta, agus Rinne Ruaidhdhearg a h-Inis Róid, agus Colla Caol a Cruitheantuaith, agus Subha Ordanfhada ón Sigil Seanphairteacdha, agus Torna Torncheannach, agus Liath Luasgach mac Tabhuirn a h-imeal mhara eochairghuirm na h-Afraice indeas. Rob airisiumh um árdfhlaith, agus ro ba cothughadh um chuingidh, agus ro ba tiumsughadh um thréinfhearuibh, agus ro ba ruathur um ríghleó, comhlúth catha frisan mbarbarrdha, fri Balur. Ro figheadh, ámh, an cath iar sin go dian agus go díochra. Tig iarsin a ttós Balur re na bhuídhnibh tré chath T.D.D.. Do luigh fo thrí trésan ccath go foirtrén fearamhail go ttorchair céd gacha sligheadh dhíbh lais ionnas go ndearna slighthe olca aimhréidhe dona cathaibh re h-iomad ceann agus colann fo chosaibh an churadh, go mbeanadh gach colann rearoile isin chath gach conuir ráinic. Robdur ruiste ruaidhdhearga na catha do chuinsgleó an churadh ar chách. Bá nár, ámh, risin airdrígh, re Nuadha, neart agus niadhachus an trénlaoich d'fhás agus d'fhorbuirt thairis badh dhéin, agus frithoirisis an fíorlaoch i n-áit iomghona a n-aghaidh fri Balur, agus achtaidh cách dhíobh a cheann i ccomhair chomhlainn dá chéile. Gonuis agus créachtnaighis cách cuirp
chalma fo chosmhaileas aroile. Brisid bráthbhéimeanna borba Balair a sgiath go neartmhur ar Nuadha. Gonuis a n-aisgidh é asa h-aithle gur ro threaghdastur tréna innibh don tromthoimhdhe sin. Con-iacht Nuadha sgiath for a mhuintir, agus ro frithóileadh sgiath dhó, agus imris eidir é agus i n-earradh Balair í. Do sgiobastur cách goa chéile dhíobh agus tugadur cinnte créacht ar earoile. Ro líon trá éccraidheacht agus anbfainne an t-airdrí Nuadha re h-iomad na n-ilchrécht gonárbhad léidmheacha a lámha re luamhaireacht, iná a rosga re sithshilleadh, ina a chosa re comhlúth, ionnas go ttorchair an ríghnia i ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh. Ionn- suighis Balar é ann sin agus dícheannis an deighrí. An tan trá baoi Balur ag maoidheamh an échta agus ag comháireamh an chomhlainn, do riacht an Daghdha Mór dá ionnsaighe agus do ráidh ris: "Ná maoidh an t-écht agus ná comháirimh an comhlann," ar sé, "uair ciorrfaidhthear do chorp féin i ccionaidh an chuirp ro chréachtnaighis." Ro freagradh go mear agus go míchéllidhi sin ag Balar. Tuc cách dhíobh sidhe dána dásachtach d'ionnsaighe aroile gur bhad ciorrtha crosbhuailte cuirp. Ód-chonnairc trá Ceithleann an comhlann dá chruadhughadh, rob eagail lé Balar do bhaoghlughadh agus é ar na chinnchréachtnughadh do thinne na táthluimhi ó láimh Logha, agus táinic ar ionchaibh Balair san chathláthair, agus ó nach bfhuaradur ionadh iom- chubhaidh iombuailte ar Mhagh Tuireadh re h-iomad na ccomhlann aga ccothughadh eidir na cathaibh ceachtarrdha sin, sínis Ceithleann siar d'ionnsuighidh Dhumha Choille Carrthuinne agus anuis ann, agus leanuis an Daghdha í, agus fearuid comhlann ann sin. Iomthúsa Logha imorra táinic fona sluaghaibh go nimhneach neartghuineach amhail tarbh ndian ndásachtach n-angbhaidh gur bhris bearn trí céd isin chath, .i. céd ara aghaidh agus céd ara dhíbh thaobhuibh. Do innleadur ar- a chionn an dána mílidh mórdhána, .i. Sligeach Seanbhoirne agus Réisi Righfhada, agus Subhaigh Ordanfhada maille ríu shéin, agus ro fhearadur comhlann re Lugh, agus ónár fhédadur a thraothadh do fhóbradar seachmall catha agus coimhtheithmhe ón ríghmhílidh. Leanuis Lugh na laoich don láthair sin,
agus beiris ar Shubhaigh Ordanfhada ar an ccnoc i n-iarthur Mhuighe Treaa, agus fearais comhlann fris, agus marbhuis Lugh é ann, gonadh uaidhe sin ainmnighthear Subhaigh san chrích dá éisi. Do lean Lugh an dias eile asa h-aithle agus do aisleadur sein a n-iarthur na críche roimh an tréinmhílidh do ví agá ttoghairm, .i. fear siar chum na fairrge agus fear bhadh thuaidh gach ndíreach. Do dhiubhraicsiumh an fear do-chuaidh siar dhíobh, .i. Réisi Ríghfhada, agus do fhágaidh a cheann agus a fhogha go ttuc a osnamh éccomhlainn, agus do imir fiorta fiadhnacha fair dá éisi, ór do chuir fo dhiamhair san chnoc é go tteagadh na caoirigh ar fhaithche na Teamhrach re cnead cró gacha oidhche Shamhna, agus nach raibhe i n-Éirinn fós aird nó cnoc nó críoch nach ccraitheadh in uair do bheireadh a osnamh árd acaoineach ós aird no go ttáinic Éitchean Doire, .i. Coluim mac Feidhlimidh, agus no gur choisg séin tré mhíorbhuilibh an Choimdhe chumhachtaigh. Leann Réithe an cnoc ó shin ale. Beiris Lugh ar Shligeach Seanbhoirne ag Sruth an Tobair Ghil ag dul fo thuaidh, agus marbhuis an mílidh ann, gonadh Sligeach ainm an tsrotha ó shin. Iompaighis Lugh go Magh Tuireadh do ridhisi ar dháigh go ttairtheadh a chuid don chath. Tarla chuige iarumh Ceandmhór Cosfhada a h-Inis Créta agus Rinne Ruadhdhearg a h-Inis Róid, agus do fhearadur an dias sin comhrac laochdha leadurthach re Lugh go ndorchradur leis. Is ann sin do éirigh Breas buidhneach buanchosgurach mac Ealathan, agus ráinic roimhe a ccath T.D.D. do dhíoghail a athar, agus ro thuairgeastair go cathraonamhail na sluaigh go h-amhnus agus do h-eachtronngharg tulághmhur triath- iomdha, agus níor an aon rea iombualadh agus níor choisg cuingidh a chomhlann nó a chathréim san chathláthuir go ccuala Lugh a luirgfheirsde troma tuinnseamhla ar T.D.D. dá ttraothadh, agus ro iondsaigh Lugh é agus ad-beart na briathra son ann: "Breas béimneach curchuimhneach lonnluileach dúr deabhthach ágh urlamh curaidh cuinni feacht frisiumh sluaigh sloidhsiumh niad ciúinmhín a ccomhrac san chéd chath ar n-eadráin anosa niad fia fir Fhuinidh fios
faoilidh dom neartghoil ní soinmheach Breas béimneach." Breas. Ód-chuala Breas na briathra sin ad-beart: "Lugh loinnghér laoch leadarthach fear freagurthach fiuchadh fuirmeach fri fód faonluighe díth bfear bFomhra geallsumh geoghnadh gaisgeadhach comhromha caoin comhuilleach san láthair si Lugh." Lugh. Cidh trá acht ro fhearadur comhrac re chéile. Buailis Breas a sgiath ar Lugh ar an láthair sin go h-aggarbh ainiarmhurtach do bhuilleadhuibh borba bráthamhla, agus do achtaigh trí gona gáibhtheacha fair. Ros freagair an fíorlaoch sin, .i. agus fo-ghní faobhuirchleas dá fhoghuilsgéith ina uirthimcheal dá láimh álainn aimhdheis gur bhá lór do dhún agus do dhaingean ar reannuibh é. Ód-chonncadur fine Fomhra sin do radsad trí trom- ghárrtha trénaidhbhle do Lugh. Ro shneidhsead na sluaigh saithe dá sleaghuibh fair, agus ro fhrithóil-siumh d'fhaobhur a sgéith iad adiú agus anall gonas beart ina ccualuibh coimhmbriste go talmhain, gur vhó lór d'fhorgráin catha fírreanna agus faobhair na ccloidheamh ar na ccruaidhbhriseadh. Tárraidh Lugh buille boirbbhéimneach tar barr uachtair na bocóide do Bhreas mac Ealathan gur dhiubhraic a cheann dá choluinn. Tángadar imorro T.D.D. go dúr agus go díochra isin chath go raibhe a n-allgháire agus a n-ollghotha a n-alluibh, a n-easuibh, agus a n-inbhearaibh, coigeadal na ccloidheamh ccruaidhghér ag sgoltadh sgiath, agus sgeamhghal na sgáthlann lasamhain láinghér rearoile, agus comhruinte na ccuradh ag ursglaighi do shleanduibh na sleagh ccrannreamhar ccóig- rinne. Ro theandsadur ann sin na tréinfhir thoratharrdha an cath a cceann T.D.D. gurbh uathbhásach iolghránna éisdeacht re h-ioliomad na ngoirtghréchach ngábhaidh ag greasacht agus ag aslach na h-iomghona do dhénamh. Is ann sin do riacht Lugh dá n-ionnsaighidh agus ro theann an cath i cceann na n-allmhurach gur theitheadur i ccúilibh agus i ccearnaibh an chatha. Tuc a aghaidh ar Bhalar ann sin agus fágbhuis Balar an láthuir agus téid trésan ccath soir gach ndíreach agus leanuid sluaigh adhbhalmhóra agus ioliomad
d'Fhomhórachuibh é, agus is eadh tángadur tar Coille Crot- án Ceandmhór re Lugh ar dheireadh an tsluaigh, agus tar Leithcheann Leitreach Lomáin áit a ttorchair Lomán Lóm mac Lobuis re Lugh, agus tar Doire Chuilligh áit a ttorchair Cuilleach Corr mac Tinne Thortbhuilligh re Lugh, agus tar Snámh Sealgáin ar Sionainn áit a ndorchair Sealgán mac Puint re láimh Logha, agus tar Magh Eangha áit a ttorchair Eangha Árdmhor mac Piollchait re Lugh. Is ann sin ro fhreagair Mothrán Míchuirdeach agus Lugh a chéle, agus fearuid comhlann go ndorchair Mothrán re Lugh, gonadh uadha atá Mothrán a n-Eanguibh dhá éisi. Is ann sin tucadur na Fomhóraigh iad féin bhadh dheasta san teitheadh, agus níor fhágbhadur crann eadurbhuasach gach conair a ndeachadar re treisi agus re toghnamhuidhe do theitheadur, re méid na raon do-rónsad, gonadh dhe sin ro lean Magh Réin don mhagh. Is ann sin do dhealaigh Dearca Dianbhuilleach mac Mothráin risin sluagh, agus tuc a aghaidh siar thuaidh uatha. Ad-chonnairc Lugh agus do chuir cloch ina chranntabhuill agus do dhiubhraic é gur mharbh ar an achadh frisa ráitear Achadh Dearca aniú. Agus leanuis an sluagh soir dhá éisi agus marbhuis na trí Corrchinn Chruaidhe ag na clochaibh corra ar imeallár fearuinn an mhuighe, agus rug Balur gona shluaghuibh uidhe rofhada uadha an ccomhairead ro bhaoi ag cathughadh fris na Corrcheannuibh, agus nocha rug orra go Fiodh na Marbh, áit inur mharbh san mórán dona míleadhuibh gonadh Coill Mharbh a h-ainm aniú. Is ann sin sneidhid na sluaigh agus marbhuis Ludur Lunnmhór mac Loisginn Lomghlúinigh gonadh Snámh Ludair ainm an ionaidh dá éisi, agus níor an gá ndíth agus ga n-uathughadh, gá marbhadh agus gá mughughadh go rángadar Cathair Cróuinn risa ráitear Teamhair an tan sa. Is ann sin tug Lugh ár adhbhalmhór orra gonár fhágaibh beó do mhuintir Balair acht aoinfhear namá. Ráinic Balar as láimh re Bóinn go riacht an mhuir soir, agus beiris Lugh ar an aoinfhear do vhí a ffochair Balair, agus marbhuis é ag Carn Aoinfhir ós tráigh an mhara, áit ina bfuil Carn Aoinfhir ó shin ale. Iompaighis Balar ann sin ó do ghabh an mhuir fris agus
beiris aga fada ó Lugh. Timchillis Lugh é asa h-aithle i ffritheing na conuire cédna, agus gidh eadh ní ruc am gona ná gábhaidh air ar fiarfhud Éireann do ridhisi no gor dhing a lármheadhón catha Muighe Tuireadh é, áit a rabhadur na catha cródha ceachtarrdha ag cumach agus ag comhthuargain a chéle, amhail nach cuirdís cath ariamh roimhe. Leanuis Lugh ar fud an chatha é go ndearna sionnach catha dhe ag iomghabháil roimh Lugh i gceithre h-airdibh an chatha. Do chomhraiceadur re Lugh ann sin tríocha laoch lasamhain láinghér do ghreitibh an ghairbhtheaghlaigh um an dala Béluid Bháin, iom dhá mhac Balair, agus um Oghma mac Badhna mic Tinne Thoirtbhuilligh, agus Toichioll Tinneas- nach, agus Corrcheann Cosfhada, agus Lodán Leithdhearg, agus Ionghur Ingneach mac Lodáin, Trénmhór mac Tredhuirn, agus na trí Deirg a Fáilinis. Tug Balar a aghaidh rompa bhadh dheas trésan ccath i nGréchathur frisa ráitear Maighean an Chatha, agus a Magh Treáá frisa n-abarthur Magh Ó n-Oililla, agus táinic Badhna tar éis ann sin, agus torchair re Lugh ann, gonadh Tulach Bhadhna ar Mhagh Treáá ainm an ionaidh a ttorchair. Et as sin tré Fhiodh Puint frisa n-aburthur Áit Chnuic Uachtair Thíre, agus Coillte Conchobhair an tan sa, agus tar Sruth Fáin- ghleanna na Fola risa ráitear Búill in tan sa. Is ar an sruth sin táinic Oghma mac Badhna tar éis Balair go ttorchair re Lugh an tréinfhear ann, gonadh Áth Oghma for Búill ainm an átha dia éisi. Asidhe a Magh nDeagh risa ráitear Magh Luirg aniú. Asidhe a Magh an Bhaidhbh risa ráitear Magh n-Aoi mic Allghubha an Druadh, agus tré Fhiodh Náis risa ráitear Fiodh finnchleachtach Maine mhic Néill. Asidhe go Magh mínalainn Mucroimhe, áit ar chuir Mac Con a mhóirghleó re h-Art mac Cuinn. Ann sin attorchradur in dana Béaluidh Bána, .i. dá mhac Balair re Lugh, gonadh Feart dá Bhéluid ainm an ionaidh sin a cCrích Allghubha risa ráitear Críoch Aidhne. Is ann sin ráinic Toirncheann Tinneasnach ar dheireadh an tsluaigh agus attorchair re Lugh, gonadh Feart Toirnchinn ainm an ionaidh a ttorchair, agus Feart Logha a ainm aniú ór Lugh do dhícheann eisiumh ann. Agus aisídhe a Sliabh
luathchosach mic Luibhni risa ráitear Sliabh n-urard n-Eachtghe. Ann sin do ghabh Corrcheann Cosfhada deireadh an tsluaigh attorchair re Lugh, gonadh uaidhe atá Gleann Corrchinn i n-Eachtghe Mhumhan, agus do Thruim Rusgaigh rea ráitear Tulach na n-Easboc, a bFán na Piasta re ráitear Fán Chathrach Í Neachtuin, agus i cCoill in tSluaigh risa ráitear Coíll Chuairne, agus a Sliabh leathan Luis risa ráitear Sliabh Uidhe an Ríogh, agus a Muine na Mórríoghna risa ráitear an Chreatulach, agus tar Sruth Sionna agus Magh Radharcaigh Rughraidhe. Lodur an laochraidh ós tulaigh ós Luimneach; isin tulaigh sin do-rochair Tredhorn re Lugh, gonadh dhe atá Leacht na Laochraidhe ós Luimneach risa ráitear Carn Fearadhaigh aniú. Et do Thulaigh ghlais Ghreanuinn risa ráitear Lodán aniú ar ttuitim Lodáin Leithdheirg re Lugh ann, agus tar Drumainn Deaghaidh risa ráitear Drumann na Déisi Bige, agus tar Fearloch Logha risa ráitear Clochán mic Ionghair ar ttuitim Ionghair Ingnigh re Lugh ann, agus tar Dhúnadh Díbheirge óir is ann do-ghní Eochaidh mac Eirc agus Fir Bolg díbhearg re T.D.D.. Iompaíghid na Deirg a Fáilinis re Lugh, gonadh Druim Dearg ainm an ionaidh i ttorchradur agus is ris adearar Ard Pádraic iar ttiachtuin Pádraic a n-Érinn, agus a cCaoille mic Nearchadha risa ráitear Fir Mhuighe, agus tar Miodhabhainn risa ráitear Abhann Bheag, agus tar an Linn Léith risa ráitear Abhann Mhór, agus tar iomdhorchaibh imchiana Ó n- Eachach, agus a ffearannaibh aimhréidhe agus i ccríochaibh an deisgirt, agus do Charn Eóluirg risa ráitear Carn Í Néid i n-iarthur Éireann. Brisis Lugh ar Bhalur ann sin agus diubhraigis é d'fhogha tredhruimneach gur vhó croschomhthrom tríd. Iompaighis Balur a aghaidh re Lugh agus ad-beart Lugh: "Cothaigh re ceart comhlainn, a ching chruaigh chomhramhaigh, fuiling re fiadhnaisi ní leat is líth, imchian an iomghabháil tugaise, an mhuir mhóradhbhal a chathmhílidh rod chothaigh." C. Freagruis Balar é ad-beart ann so:
"A mhic Eithne Imdheirge, a chrú chobhsaidh chonghalaigh, tuill a bhaoith mo bheannachtuin,
cuimhnigh searc do sheanathur ar Eithne dot h-oileamhuin, nocha míolla, a mhic."
"Nám fhoirdearg sa nísa mó eidir," ar Balar re Lugh, "ór do thuiteasa cheana dot chaoilrinn." "Is athchuinghidh bhaoith na briathra sin," ar Lugh, "agus is iomluadh éttarbha iomdhughadh an ghlóir nach gébhtha ó neach do dhénamh. Ní fuaburtha fíorlaoich airisiomh d'iarraidh. Ní gaoithi gaisgeadhaigh cairdeas do chuimh- niughadh. Miste do mhí-amhas anacal d'iarraidh." "Ní chuinghim si anacal ort-sa idir," ar Balar, "agus tabhair athchuinghidh dhamh." "Cred í h'iarraidh idir?" ar Lugh. "Madh cosgrach thusa orm-sa," ar Balar, "an tan beanfair mo cheann díom a chur ar mullach do chinn féin agus a mhéidhe do chur red cheann ar dháigh go ndeach mo rath agus mo rochonách, mo ghráin agus mo ghaisgeadh ort-sa. Uair ní fhágbhuim dar mh'éisi neach is caradraighe dhamh iná thusa." "Do-dhénum ar ccomhairle uime sin," ar Lugh, "dá raibhe ar ar ccumas." Cinnis iarumh cách chum a chéile dhíobh re comhlúth a ccoimhfheirge. Créachtnuighid a ccuirp re cumairt a ccloidheamh, agus re sníomh a sleagh. Déinide na deagh- bhuilleadha treisi na ttréinfhear, aidhbhlide a n-ursglaighi móirmheanma na míleadh, feirrde an fulang feirsidhi na bfearóglach, anffhainnide na h-aigeanta sileadh na síorfhola, meirtnighide na míleadha measgadh na móirchrécht, treiside an t-ionnsuidhe uathacht na h-eadrána. Tarla fon mbráth- amhail, .i. Balur, neimhe na nuachréacht go ndorchair a ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh iar sgís iomghona agus iombualta. Beanuis Lugh a cheann de, agus téid risin cceann iar sin, agus cóirighis ar cholamhain chartha cloichi móire baoi a n-athfhogas dó é. Goirid do vhí ann asa h-aithle an tan do sgoilt agus do sgaoil an cartha cruaidh coimhreamhar cloichi i cceathra leathsgoilténuibh lánmhóra go lár. "Is fíor," ar Lugh, "ní cairdeamhail an chomhuirle
tugabhuir dhamh, agus is measa do bhiadh mo cheann sa ná mar atá an cartha dá ccuirinn an ceann ar mo cheann." Gabhuis Lugh ceann Balair do ridhisi agus cóiridhis a nglaic chuíll é ann sin. Táinic Lugh ann sin ós cinn cholla Balair, agus do vhí ag dénamh comhairle cá comhartha cosgair do-bhéradh lais do dheimhniughadh a échta do T.D.D. ó nach ttáinic dhe ceann Balair d'iomchar. "Ciodh cos nó lámh, cluas nó srón bearar liom," ar Lugh, "beantur sin do dhaoinibh agus bíd beó dá éisi." Ro beanadh cos do Bhalar ann sin agá ghlún agus ad-beart: "Coimhneart laoch líonastur láthar i n-iathaibh áille eachtrannach iar sgís comha cuinngheastur caomhuin méidhe miodhustur laithe luidh sium líonustur curaidh do chiorrsumar ar Mhagh cCédne cosgurthach go Tigh Dhuinn go comhnart." C. Tógbhuis Lugh an ceann fair agus téid ina réim roireatha tar críochaibh agus tar ceannadhachuibh go trén agus go tinneasnach do thártháil a choda don chath, agus tromuighis fair gur fhágaibh an troighidh ag an Abhuinn Móir, gonadh Áth Troigheadh a ainm ó shin ale; agus ráinic as sin agus a lurga fair go Gualainn Ghairbh risa ráitear Caisiol, agus ro éimhigh an lurga fair, agus ro ghabh allus agus athsgís adhbhal ann é, agus ro chuir uaidhe a cclasaigh mhuighe do shunnradh an lurga gur lobh agus gur lionaigh ann, agus go ndeachuidh an duirb inte anunn dh'ithe smeara go ndearna an smirrdris Locha Lurgan dhi fa dheóigh. Do iomchlódh Lugh ar ccúlaibh do ridhisi ar ceann na troigheadh go h-Abhuinn Móir agus tuc leis í, agus téid ann sin a muinighin a lúith agus a luathreatha a socair gacha sligheadh agus a n-athghoirid gacha conuire go riacht Magh Tuireadh ar ccúlaibh. Is ann sin do bhádur ag cothughadh an chatha na sé gothnuide garbha glaisliatha, .i. Baoth, Gruig, agus Greannach, Uath, Amuid, agus Urghráin. Ro chruaidhighsead in cath ann sin um Eolárg Catha agus um an Rí mBuidhe, um Bhuinne mac Lóbuis, um na Cinnleith Caireathuir, um Ártur Mór, agus um Thrí Deirg Thuir Chonuing, agus deich céd ar fhichit céd cathmhíleadh rob é líon na fFomhórach ann sin ag cur an chatha ar cionn Logha.
Do fhreagradur T.D.D. go díochra dásachtach amhail nach cuirdís leath ar leith cath roimhe riamh. Gluaisid badhbha ós ceannuibh na ccuradh re cruas na ccomhlann agus re lédghoire na luirgfheartus ag leadradh a lúireach agus ag coimhmionughadh a ccathbharr dona cairrgibh ceann- gharbha. Ro luathlannaigh Lugh an láimh leadurthaigh láinchréchtaigh ar an láthair sin go ndorchradar na maithe sin ris. Adrochair Mála Miach in féinnidh re Dealbhaoth, agus adorchradur na h-amuideadha re ríoghnaibh T.D.D.. Is ann sin do díthigheadh na Fomhóraigh agus do díthláithrigheadh uile, agus do chuireadur na fileadha a rachtuibh cloch agus cairtheadh iad féin ar an magh, agus ro chuir Goibhnionn an ghobha eile, .i. Greas, a riocht charrtha. Ráinic Lugh chuca agus do athain iad na reachtuibh sin agus adubhairt go millfeadh iad isna reachtuiph a rabhadur muna dheachdaois ina reachtuibh féin. Et do chuir ina reachtuiph féin do ridhisi go rabhadur ag agallamh Logha agus ad-beart Lugh na briathra so:
"I ccath Muighe Tuireadh ro bá maith mh'eangnamh uile eidir Fhomhórchuibh nár ghann agus Tuatha dealbhdha Dé Danann. Ro mheasg iar áirghleó ar ndol Grainc Grianach is Rodhubh, ro bíth cath foirmear fada um Chab is um Sheanchaba. Do mheasg Ártúr, acht magh beag, Buirionn is Lairgionn go neart, mó iná cath Balar go mbáidh, mór gráin Inghine Mothráin. Deich céd laoch leódhuim san chath don leith a n-agurthur rath, an ccoibhéis cédna dom ghoil ar bélaibh an chatha iar soin." I.
Is ann sin do iarradur na fileadha anacal ar Lugh, agus ad-beart Lugh riú dá n-innisdís do an líon do mharbh agus
Magh Tuireadh go ttiubhradh maitheamh n-anacail dóibh. "Muna innisium sin duit," ar siad, "ní iarrfum anacal ort." Agus ad-beart Lugh an laoi so ann:
"Innis damh, a Luaith Línigh, a churaidh, a chaithmhílidh, cá líon torchair dom láimh ar Magh Tuireadh a n-aondáil." "As meabhair riom-sa rea ríomh, gan imresuin gan imshníomh, gacha ttorchair riot san chath do shluagh fíorgharg Fomhórach. Seacht bhfir, seacht bhfichit, seacht ccéd, seacht ccaoga, ni h-iomuirbhrég, do chéduibh nochar bhó lag, fiche céd ann do thuitsead. Do mharbhais Ealatha Mór agus Breas rathmhur na róshlógh, mór an fhéighe sin bhúirigh, Loisgionn Lom mac Lomghlúinigh. Do mharbhais Innioch iar soin, agus Trén mac Triosgadail, agus Tinni nár bhó tais, olc linne gach a ndearnuis. Do mharbhais Balar ua Néid, agus damh-sa nocha brég, agus do bhrisios ar an muigh a shúil go teann don táthluimh. Fágaibh adhad tubháise nach dearnadh réd chomhaoisi, dúinne bhus gníomh sochair sin dochar dhuit re innisin." Innis.
Gonadh é cath Muighe Tuireadh go n-uige sin. FINIS
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services