Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Muighe Tuireadh

Title
Cath Muighe Tuireadh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1651
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1945)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Do chath Mhuighe Tuireadh ann so.
Iar ccinneadh et iar ccomhaontughadh comhairle d'fhine
Fomhra, agus iar n-ordughadh ionaidh agus aimsire do chur an
chatha chum a ttángadar in turas sin, is aire do thiomair-
geadur treóin agus treitill T.D.D. agus maithe mac n-Eithlionn
go h-aoinionadh, go ráinic go h-am iomagallmha eatarra agus
gur fhiafraigh Lugh Lámhfhada dhíbh cá greim do-ghébhadh
gach fear ceirde agus gach cumhachtach dhíobh do láimh, do
thraothadh na n-anbforlann bfearrdha bFomhórrdha sin
baoi for a gcionn.



Ro fhreagair imorro Nuadha Airgeadlámh, .i. airdrí
T.D.D. dó ar tosach go ndubhairt: "Gébhad féin do
láimh," ar sé, "biathadh míle dhá bhur sluaghaibh agus biathfad
gach aon (mhac) comhaosa rium féin maille ris sin."



Adubhairt Oghmha Graineineach mac Ealathan mic
Dhealbhaoi: "An lá rachad féin do chur an chatha," ar sé,
"muirbhthead dom chédruathur, agus muirbhthead
trian an tsluaigh theigébhas ar mh'aghaidh, agus do-ghén ár
adhbhalmhór orra ar nach ba h-urasa breath nó baramhail
do bhreith."



Adubhairt Dian Cécht, an liaigh: "Gach a loitfidhear
dá bhur sluaghaibh isin chath, muna ngearrthur ailt a
ndromann nó sreabhann a n-inchinne, do-dhén a leigheas
go mba sleamhain sláinchréchtach agus go mba h-ionchath-
aighthe ar na mhárach a n-aghaidh na fFomhórach iad."



Adubhairt Goibhnionn Gobha: "Do-ghébhthaoi uaim-si,"
ar sé, "bhur ndíol arm agus iolfhaobhur isin chath, agus coisgfead
mo chomhlann cubhaidh isin chath."



Adhubhairt Luchtuinne, an saor: "Do-ghébhthaoi uaim-
si," ar sé, "bhur ndaothain sgiath agus crannsleagh agus do-dhén
a n-ionnsma, agus ceingeólad bile gacha sgéith dhíbh d'ór
bhuidhe nó d'fhionndruine."



Adubhairt an Dághdha mac Ealathan mic Dhealbhaoi:
"Ní bhíu féin agaibh ag tabhairt an chéidtreasa don chath,
acht rachad siar go Dumha Choille Carrthuinne i ccomhdháil


L. 20


Cheithlinni Craoisfhiaclaighi go h-airm a bfuil (a ndán)
dúinn ar ngleó do chur re chéile, agus an uair bhús mó bhur
n-airc-si, gé rabhur-sa cneadhach crólinnteach, tiucfad do
chongnamh liph.



Is ann sin adubhradar na trí bandroithe, .i. Badhbh,
Macha, agus Mórríoghan, go ttiubhurdaois féin cloichshneachta
agus ceatha nimhe forra, ionnas go ffúicfeadaois faon fotharsna
66 iad, agus go sgarfadaois a cciall agus a ccédfadha friú isin
chath.



Adubhairt imorro in dá bhandraoi, .i. Bé Chuille agus Danann:
"Do-bhérum-ne dubha agus dobrón, maoith agus mórthuirsi orra,
gonach biaidh meanma ná misneach aca, agus do-dhénum fir
fo n-armghaisgeadh dona gasánuibh siubhlacha sanuisi agus do
dhuille na ccrann agus d'fhér na fiodhbhaidhi, go ndiongnaid
gáir agus greadhan timcheall na n-allmhurrach."



Adubhairt Cridhinbhél Cáinte: "Gébhad féin bhur nduana
agus bhur ndubhchonna agus sreatha seanchasa bhur sean agus bhur
sinnsear in bhur ffiaghnaise do mhédughadh meanman bhur
míleadh."



Adubhairt Craiftine Cruitire: "Do-dhén-sa ceól agus caomh-
oirfide dona slóghaibh ionnas go ccuirfead ina ttorrchim
codalta iad ó luighe ar leapthaibh dóibh go h-am éirghe ar
na mhárach, agus do-dhén oirfideadh agus urghairdiughadh dom
thighearna gach laoi, agus rachad fón chath iar sin agus
muirbhthead drong dhí-áirmhe ann."



Adubhairt Bodhbh Dearg mac an Daghdha: "Rachad
féin fón chath," ar sé, "agus tuitfidh céd curadh catharmach
liom do shluaghuibh fhine Fomhra don chédruathur, agus dá
bfhédar ní anabh ó shin amach acht agá marbhadh agus agá
mughughadh in ccéin mhairfeas neach a mbeathaidh dhíbh."



Gonadh é sin congnamh gach triatha agus gach tréinmhílidh
do mhaithibh T.D.D. a ccath Mhuighe Tuireadh.



A h-aithle na h-iomagallmha sin chloinni tréinchalma
tortbhuillighi Tait mhic Thabhuirn agus an chlannmhaicne
chródha chogthach choinghleacach échtmhar amhnas easc-
cairdeamhail do fhoghluim diamhair gacha dána isin domhan
gomdar feasach fíreólach in gach ceird, ar ngabháil do


L. 21


láimh dona laochaibh lángharga sin T.D.D. i ccomhlann
cinnte do chlannuibh meara móraigeanta uaisle urrumhanta
oirrdhearca na fine fearrdha Fomhórrdha sin agus na ttréinfhear
ttairptheach ttorrachtach agus na ttaistiollach mearrdha
muiridhi táinic go h-Érinn iathghlais oilénaigh (ó) eochair-
imlibh adhfhuara iomloma ainfionacha na h-Afraice andeas
re h-ionnsoighidh éccóra, ré teannadh a ccíosa agus a ccánachais
ar fhearuibh na bhFuinadhach bhfíoruasal.



67 Cidh tráth acht ó do chinn gach galgad a greim do
ghabháil agus gach mílidh a mhórchomhlann do chongmháil agus
gach laoch a láthair do luathchosg agus gach triath a thréinfhear
do thraothadh, ro aigill Nuadha Airgeadlámh flaithe
foirglidhi fírneartmhura T.D.D. i n-iongnais in leómhain
luinnbhéimnigh lasamhain, .i. Lughaidh Lámhfhada mac
Eithne Imdheirge inghine Balair Bhailcbhéimnigh Í Néid
Nuachrothaigh, triath teand troda tréinfhear an talmhan,
agus aseadh adubhairt riú: "Ní do mhilleadh bhur meanman
ná do chosg bhur ccogaidh nó bhur ccoimhéirghe umuibh
atú-sa, acht ag fiafraighe dhíbh an ag tairgsin nirt nó
niadhachuis do leith chatha agus chomhraic agus comhlúth gníomh
ngoile agus ngaisgidh ar aon re Lugh atáhaoi, agus uile échta
agus easbhadha uaisle agus árdnósa air-siomh a aonur?"



"Is fíor sin, a árdfhlaith," bhur maithe T.D.D., "agus
cionnas budh cóir dhúinn do dhénamh um ar adhbhar sin?"



"Do-fheadur-sa sin," bhar Nuadha, "uair ní ba h-éccalma
uireaglach ar n-ánraidh-ne re h-armaibh na n-ioleachtronn
úd, agus ag fosughadh re feirg na fine forgairbhe Fomhórrdha,
gion go mbeith Lugh do láthuir linn. Atá liom-sa dhaoibh-si
amhail is cóir a dhénamh," ar Nuadha. "Atá fleadh
lánmhór liom-sa do lionn sho-óla shomblasta do thrén-
fhearuibh T.D.D. agus do Lugh, agus dáiltear an fhleadh air-
siomh go mba measga meadharchaoin, agus ó bhús measga
míchéillidhi an mórmhílidh agus ó bhús díolta do bhiadh agus
d'ól é, cuibhrighthear agus cruaidhcheangailtear libh-si an
laochmhílidh do shlabhradhuibh glana gléigheala glais-
iaruinn agus do réfheadhuibh caoine cré-umha, agus saítear
cairtheadha comhmóra agus columhna tréna tuinighthe i
ttalmhain uime (in) gach aird, agus fearthur in cath ina égmuis
amhlaidh sin."


L. 22


"Is cóir agus is cubhaidh in chomhairle sin," ar maithe T.D.D.,
"agus do-ghéntur aguinne í."



Do-rinneadh samhlaidh leó iaramh, .i. eagurthur an
teach nua niamhghlan n-óla sin do dheighfhearuibh T.D.D.
um Lugh agus um Nuadha. Dáiltear a leanta léirghlana
leasaighthe leó do Lugh gur vho measga meadhurchaoin an
mórthairrngeartach. Ro shinneadur iar sin a ccrota agus a
ccuisleanna agus a n-orgána iongantacha allmhurrdha gur
thuileastur an rímhílidh ré h-iomad na n-ilcheól ina
uirthimcheall, agus teagar fa dheóigh a chruit go Craiftine agus
nochtuis an naoithédach agus seafnuis an saoi iar sin gur vo
coirche ciúil chodaltach an cathmhílidh. Is ann sin ro
éirgheadur lucht ceangailte an churadh. Ro ceangladh agus
(ro) cruadhchuibhrigheadh an ríghnia leó gan rathughadh
do féin.



68 Ro éirgheadur na sluaigh iar sin éirghe athlamh a
n-aoinfheacht do chur an chatha um an airdrígh, .i. um
Nuadha. Fágbhuid iaromh Craiftine Cruitire ag iom-
choimhéd ar Lugh Lámhfhada. Is ann sin do forfhógradh
uatha-somh cath for Fhomhórachaibh agus do éirgheadur go
díchéillidh dásachtach na catha ceachtarrdha sin do chum
aroile. Dúisgid-séin Lugh asa lánchodladh.



"Ciodh ann so, a chara Chraiftine? Cidh rom
chuibhrigh, nó cúich na gáire móra so amuigh ad-chloinim?"



"Ní fheadur-sa ón," ar Craiftine, "cársad gáire fuil ann
munab gáire gallchloiche fuil ann do-níd na fir fhearrdha
Fhomhórrdha, nó an iad fothragadh nó foghairt fhíorchruaidh
na bfhaobhurcholg neimhe agá n-iombáthadh ag Goibhnionn
a h-aithle a n-imdheargtha i n-uisgeadhuibh adhfhuara
oighriota, nó munab iad tromgháire tréngháibhtheacha fhine
Fomhra ag fanámhad agus ag fochuidmheadh na banghalgide
baothluinne, .i. Cheithlinne ciorclaighi Craísfhiaclaighi,
agus í ag teacht tar comhlúth a cleas agus ag fromhadh a faoinghleac
ré fearuibh agus ag rémhfhaisnéis na réime curadh do chách,
nó gomadh comhthógbháil cluichi cáich ag coimhfhéghadh
iarthair chuirp na h-inghini ionghnáthaighe re h-ioliomad a
h-ilchleas."


L. 23


"Maith alé, a Chraiftine, is coimhéirghe chatha so ad-
chluinim agus ní h-iad na neithe sin adeiri-si, agus a
Chraiftine, sgaoil dom cheanglaibh go ndeachuinn
d'iomfhostadh na sluagh, óir ní leó (líth) na laithi-si."



"Nídom séitreach síorchalma do chuibhrighthe do
chomhthaithmheach," ar Craiftine, "óir robsad lámha niadh
agus nirt churadh ro chuibhrighsead na cruaidhcheangail
fuilead fort."



Is ann sin tucastur Lugh crathadh séitreach síorchalma
fair gur tharruing na carrthadha ceandtroma cloch agus
tuinightheach na talmhan gur ras teib i leanmhain na
slabhradh n-imreamhar iad re treisi na tarrngtha tuc an
t-airsigh oirrdhearc ioldánach orra, agus ruc sidhe díochra
deighreatha i ndiaigh an tsluaigh dá ttrénfhasdógh. Ro bá
mór, ámh, an ghriothgháir gharbhoibre sin, .i. cumuilt na
slabhradh n-agarbh n-iarnaidhe re chéile agus clochthuarguin
na ccarthadh cceanngharbh ccongmhála re clochaibh cruaidh-
loma ceanntroma na críche go ndiongnadaois lá gona
lánshoillsi d'oidhche iomdhorcha, sreangtharraing na
slabhradh agus cloichbhémneach na ccairtheadh riú badh
dheisin, sbréchsmála sboncaidhbhle teineadh tricheamh-
ruaidhe go mba samhalta re moltchroiceann clannollach
tairptheach trebhliadhnach gach doighear dheirgtheineadh
go ndéirgheadh ara h-eochairimlibh.



Tig ann sin an t-airdmhílidh ina ruathur roireatha agus ina
bhuinne bhodhbha agus ina 69 ruithion lasrach agus ina leómhan
luathfheargach agus ina onchoin iomluaith do chum an chatha
agus an láimh ndeis go soinmheach risna sluaghaibh, agus deisidh
a aghaidh ar na fearuibh fearrdha Fomhórrdha sin agus ar na
h-aighthibh éitche odhardhorcha oidhchidhe agus ar an tréin-
tionól torncheannach tiomsaightheach agus ar na glaschur-
adhaibh greannacha garbhghrúgánacha, .i. síol Caim chlaoin
cholaigh do thuill easgcaoini a n-athar.



Frithoirisid na sluaigh cheachtarrdha ré luathfhochuin
Logha agus re h-eidirdheiliughadh na slabhradh. Ba crith agus
ba coimheagla re cairdibh a choimhfhéghadh. Ba h-iongnadh
trá agus ba h-éduailngeach re h-anaitheantuibh a fhaicsin. Ba
deithbhir ón, óir bádar arrdheana iongantcha anaitheanta


L. 24


leó agá láinfhéghadh .i. iomad na ttéd sínte ina dheaghaidh
dá gach áird feibh no bídís téda sínte ré seólchrann luinge
lánmhóire dá gach aird uime. Ba machtnughadh meanman
leó comhthuargain na ccairtheadh agus na ccarag ag coimhrith
ina dhiaigh ag briseadh árd agus uchtach. Ba h-iongnadh leó
dano má sé Lugh ro rugastur, nach ffosdóghdís aird agus
uchtacha an mhuighe mhórcharrgaigh an mílidh don ruathur
roreatha forsa raibhe risna sluaghaibh agá n-iomfhasdógh.



Gonadh hí eirreadh Logha Lámhfhada agus braithfhleadh
Nuadha go n-uige sin.



"Damhaidh ceart damh-sa, a fhine Fomhra," bhar Lugh,
"óir gibé naisgeas cairde nó connradh, is leis fén é madh
beó é, agus munbá beó imorro isiad a bhunadhbhráithre
dhligheas a h-agra dá éisi, agus ósum beo-sa bhadheisin agus
nach um sodhuing-si úna, iompóidh dá bhur sostaibh agus dá bhur
síthlongphortaibh go fíoraibéil, óir do-ghébhthaoi cath gan
conntabhairt."



Iompóidhid iar sin na treóin agus na treabhaireadha bádur
re lámhaibh Logha. Iar sin iompóidhid na Fomhóraigh
dá longphortaibh don ló sin go rángadar a mbotha agus a
mbélsgátha.



Táinic imorro Lugh a n-aghaidh T.D.D. agus tuc a aghaidh
ar Nuadha Airgeadlámh agus tug fuachas achmhasáin fair agus
aseadh adubhairt: "Ní rém ratha agus ní ruithean ríghe
dhuit-si, a ríghnia, cath cródha cosnamhach do chur do
chosnamh críche forba agus fearuinn d'eidirghleó Éreann
tré mhisguis agus mírún. Óir ní bhiadh foras fírinne a
bfaobhraibh bhur ffear, ná cruas croidhe ná comhlúth catha
in bhur ccuradhaibh. Acht ní maith ro dhéchsabhair sén
ná soladh ná líth laithi-si an laoi aniú, óir do mheabhadh
an cath so oraibh dá ccuireadh sibh é. Gonadh aire sin is
fuirighthe dhíbh re bhur sén agus re bhur soladh go
n-urmhuisear-sa dhaoibh in uair bhus cóir an comhfhuachadh ar
dháighin go mbérmaois cosgur an chatha don chur so."



Gonadh é achmhasán Logha ar chath Mhuighe Tuireadh
ann sin.



"Fiafraighe agum-sa oraibh, a T.D.D.," bhur Lugh.
"Cionnas do cóirgheadh comhluinn an chatha so agaibh, agus


L. 25


cá sódh freagra fuarabhair ar an bfhoirinn bfearrdha
bFomhórrdha sa do dhiongmháil? Dóigh, ámh, ad árda
éidche ódhra uathmhura ilchinélacha deighfhir na dubh-
luingsi duaibhsighe da-bhur ráinic do chéin."



"Ro tionchaid an mhéid ro mhair, nó ro freagradh agus ro
fritháileadh aguinne uile iad," bhar Nuadha.



"Cúich agaibh," ar Lugh, "fhreagras an fear luingseach
fíormhór, .i. Ealatha Mór mac Dealbhaoi, airdrí sídhe agus
airdmhílidh oirir na h-Afraice?"



"Misi sin," ar Nuadha neartchalma mac Échtaigh mhic
Eadurláimhe, .i. rí T.D.D., "uair snífead a neart dom
nósbhuilleadhuibh. Cidh aggarbh agus ciodh ainmhín an
airc-si ro fia do chách, budh mín agus budh diolainmheach an
tan eidirdheileóchum go mbia a chosgur agus a leacht leam-sa
ar Magh trénchalma tortbhuilleach Tuireadh don treas so."



"Cúich agaibh," ar Lugh, "dhiongbhas an tréinfhear
toghaidhe trénbhuilleach, .i. Trén mac Triosgadail, ceann
foghla agus forrána na bFomhórach?"



"Misi sin," bhar Oghma Graineineach mac Ealathan mic
Dhealbhaoi.



"Cúich agaibh," ar Lugh, "dhiongbhas an sduaighbhile
árd allata, .i. Anluan Mór mac an Sgáil Bhailbh, .i. fear is
mó agus is mórbhuillighi táinic san oirear so na h-Éreann
riamh?"



"Misi sin," ar an doigh dreachdhána díthoghlaidhi, .i.
Bodhbh Dearg mac an Dághdha.



"Cúich agaibh dhiongbhas an laochbhuilleach luathghonach
lámhdhána, .i. Loisgionn Lom mac Lumghlúinigh?"



"Misi sin," ar an triath tromadhbhal toirbheartach, .i.
Tadhg Mór mac Nuadhad.



"Cúich agaibh dhiongbhas," ar Lugh, "an ngreit ngáibh-
thigh ngarbhdhána, .i. Treas mac Griogóir Gharbhghlúinigh,
fear fuluing deisgirt na h-Afraice, agus Grinne Gáibhtheach
a mhac, agus Baothbhuilleach Breisi a bhráthair?"



"Misi sin," ar in ghein ghérarmach dhlúthigheas agus
dheiligheas fadhbha fri h-ármhagha an bheatha, ar Goibh-
nionn, gobha mhac n-Eithlionn.


L. 26


"Cúich agaibh," ar Lugh, "fhreagras an cromchuraidh
cathbhuilleach frisa ccriothnaighid na curaidh chatha,
.i. Fiaclach Faobhuirdhearg mac Connaigh agus Seimhni
Sithfhada mac Connaigh agus Moisi Mearamhnas, .i. trí
cuingeadha comhmbrúighte an chobhlaigh-si?"



"Sinne sin," ar an triar trén treórach tromchumhachtach,
.i. Labhraidh Lámhfhada mac Taidhg mhic Nuadhat, agus
Cairbre Crom mac Ealcmhair agus Sioghmhall mac Cairbre
Chruim.



"Cúich agaibh," ar Lugh, "do choisgfeadh an énchuinneal
amhnas oireaghdha, .i. Inneach mac Dé Domhnann, .i.
airdrí échtach na h-Afraice, agus Olltriallach mac Innigh,
agus Aer Eochairghlonnach mac Innigh?"



"Dingébh-sa," ar Oghma Graineineach mac Ealathan,
"Innioch mac Dé Domhnann, agus dingébhuid an dias
chrithreacha chleasneimhneacha, .i. Casmhaol agus Bruinneadh,
an dias ele."



"Cúich agaibh," ar Lugh, "do choisgfeadh an laoch
luinnmhear lámhláidir, .i. Lópa mac Lópuil?"



"Misi sin," ar Miodhair Móruallach mac an Dághdha.



"Cúich agaibh," ar Lugh, "do choisgfeadh an mílidh
mórgharg mionuightheach, .i. Mála Miach?"



"Misi sin," ar Dealbhaoth Dána mac Ealathan.



"Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas Conn Cródha mac
Dóit, bráthair Baluir?"



"Misi sin," ar Alladh áluinn mac Ealathan.



"Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas an bhanchathach
chalma chomhláidir, .i. Ceithleann Chraoisfhiaclach inghean
Mhothráin, banríoghan Bhaluir Í Néid Nuachrothaigh?"



"Misi sin," ar an deighrí dána dásachtach, .i. an Dághdha
Mór mac Ealathan.



"Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas an mbrodchoin
mbi mbráthamhail, .i. Balur mac Dóit, cliathbhearna
chogaidh na ccríoch cceanntarach?"



"Misi sin fós," ar an Dághdha.



"Mór an fheidhm sin an Daghdha," bhur Lugh, ".i. Balur
gona bhainchéile do dhiongmháil."



"Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas na sé guthnuidi


L. 27


garbha glaisliatha gona súisdibh iomthroma iarnaidhe ionnas
go mbrúghmhionuighid na míleadha go mba comhthana
na catha dia n-éisi risin siubhaltuargain do-bheirid forra,
.i. Baoth, Guach, agus Greannach, Fuath, agus Amuid, agus
Urghrann, fuilead do shunradh a seanbhanntracht Cheithlinni?"



"Sinne sin," ar Badhbh, Macha, agus Mórríoghan, Ére,
Fodla, agus Banbha, i. trí h-ingheana Deala mic Lóich, agus
trí h-ingheana Fiacha mic Dhealbhaoi.



"Cúich agaibh," ar Lugh, "dhingébhas frasa fliucha
fíormhóra fuathmhura, agus srotha diana dearga dubhruadha,
agus sitheadh fliuch falcmhur na dubhshúla deirge duaimhsighe
fuil a ccionn an churadh chródha chruaidhbhuilligh sin,
Bhaluir Bhailcbhéimnigh hÍ Néid; óir is eision an
t-aointrén frisa ttáng don oirear so na h-Éreann?"



Ní fríth, ámh, fear a fhreagartha ná a fhritheólmha sin
do T.D.D. uile, agus dá ffiafraigheadh ní budh taosga ní
bfhuighbheadh.



"Créd acht a léigeadh sin fa chomhair mo láimhi-si?"
ar Lugh. "Truagh sin," ar sé, "is tar a h-olc sidhéin nach
éireóchadh sibh-si co bráth, uair is truime a h-uilc a
aoinfheacht inás tiugh tromgháir an tsluaigh ó shin amach.
Ro bá doiligh, ro bá docair, ro bá dítharbha, ro bá
díomhaoin, ro bá díthchioll daoibh-si fuabairt na bfine
fforghlas bFomhórrdha sa, óir do-bheirim-si briathur fris,"
ar Lugh, "nach ba tualuing sibh-si a bheag dá ttriathaibh
do thraothadh acht muna theagmhadh mo láimhi-si libh.



"Acht atá ní cheana; aseadh is cóir dhaoibh-si do dhénamh,
a dheaghlaocha T.D.D., .i. déntur an magh do mhíon-
réidhiughadh agaibh, .i. a chluidh agus a chlasacha do
chomhárdughadh, a chnuic agus a chnocána do chomhláith-
riughadh, agus a aird agus a uchtacha d'ísliúghadh go mbá comhárd
cobhsaidh coimhréidh dá bhur n-éisi. Óir ní budh suairc
dá bhur sluaghaibh sruithshiortha suaicheanta agus coimhrioth
na bfear n-allta n-árd n-adhbhalmhór n-adhbhronnach,
agus gabhlaigh na nGaillfhian ngarbhdhubh nglédhána, agus fothrum
na ffearthroightheach ffeardha ffearamhail, agus luathchéim-
neach na ccuradh cceannmhór ccosfhada ccromluath ón
chnuicdiongna daroili, dá mbeidís arda agus uchtacha an


L. 28


mhuighe ag mallughadh bhur mionchéimeann mionmhinic-si,
cidh romhaibh cidh foraibh mhuigheas."



"As cóir an chomhairle sin agus déntur linne hí," ar cách
a ccoitchinne.



Ro thoirisead iaromh aird agus uchtacha agus iomdhorcha an
mhuighe gur vhó cobhsaidh coimhréidh an magh uile dá
n-éisi. Do-rinneadh imorro dumhadha dímhóra dífhreagur-
tha agus cairn chinnte choimhleathna choimhméide do chlochaibh
cruinne ceanngharbha criadhaidhe an talmhan go mbá
h-iad na cédairighthe catha dhóibh d'urthógbháil feirge
agus d'fhuagra iorghaile agus do thinnsgeadal tachair maidin an
laoi ar na mhárach. Iar ttairgsin an tsaothair sin tiagaid
T.D.D. re fuineadh néill nóna dá sosdaibh agus dá
n-ionaduibh foslongphuirt.



Gonadh é réidhiughadh láithreach cath Mhuighe Tuireadh
ann sin.



Is ann sin ro thionóladur forgla flatha na fine Fomhórrdha
sin um chlannuibh léidmheacha lángharga Largaigh mhic
Mheirchill agus um chlannuibh édchi iluirchinélacha Ioluir mhic
Mheirchill go h-airdrígh fhine Fomhra, .i. co h-Ealathain
Mór mac Dealbhaoi.



Tangadur ámh ann sin urradha na n-oirear agus cath-
mhíleadha na ccobhlach, treóin agus taoisigh uile, go h-ionadh
iomagallmha d'Ealathain don airdrígh, .i. Breas mac
Ealathan, agus Balur Bailcbhéimneach ua Néid, agus Anluan
Mór mac an Sgáil Bhailbh, agus Trén Tinneasnach mac
Triosgadail, agus Loisgionn Lom mac Lomghlúinigh, agus Greas
Grainamhail mac Grioghair Gharbhghlúinigh, .i. príomh-
ghobha na fFomhórach, agus Grinne Gáibhtheach a mhac agus
Baothbhuilleach Breisi a bhráthair, agus Fiaclach Faobhuir-
dhearg, agus Seimhne Sithfhada, agus Moisi Mearamhnas, agus
Innioch Échtach mac Dé Domhnann, agus Olltriallach, agus
Aéur Eochurghlonnach a mhic, agus Mála Miachmhílidh, agus
Conn Cródha Cruímcheannach mac Dóit bráthair Baluir, agus
Ceithlionn Chraoisfhiaclach, agus Mothrán Míchuirdeach a
h-athair, Dubh agus Rodhubh, Cab agus Seanchab, agus
Buinne mac Lóbuis, agus Eolarg Chatha, agus Anraidhe Buidhe,
agus Sligeach


L. 29


Seanbhoirne, agus Reachtas Ríghfhada, agus Ceannmhór
Cosfhada, agus Rinne Ruaidhdhearg, agus Subhach Sálmhór,
agus Torna Torncheannach, agus Liath Luasgach mac Tabhuirn.



Ro ghreis agus ro neartaigh an t-airdrí iad um chalma do
dhénamh agus aseadh adubhairt: "Is fada atá an chríoch so
fa bhur ccíoschánachasa, .i. ó reimheas Ghainn agus Shean-
ghainn, agus Chonuing Fhordeirg mhic Fhaobhair, agus Mhoirc
mhic Dheile, dá rígh Fomhórach iad sin. Atáid ó sin a
leith bhar rí agus bhar reachtairidhe, bhur ccuraidh agus bhur
ccíostaibhgheóraidhe ag tabhach cruidh agus cánachuis na
críche si. Níor vó coimhlíon agus níor vó comhmaith fine
dona fineadhuibh sin frisna fearuibh feirseachdha fíorchalma
Fomhórrdha sa. Is ionfhada imchian uaibh go h-oirear na
h-Afraice bhadh dheas. Atá crios ainmheadhónach
iomdhomhain innseach oilénach eochurghorm in bhur
ttimcheall agus ní fhuilead libh longa náid laoidheanga co
lánullamh re bhur luamhaireacht. Budh h-iomdha uathmhur
aneisinill bhur n-easbhadha agus ní bá h-ibh na h-eólaigh
re h-iomghabháil eidir madh foruibh mhuighidh. Gonadh
aire sin is córuide dhíbh-si calma do dhénamh agus an chríoch
sa do chosnamh gurab críoch chloidhimh dá bhur cclann-
mhaicne co bráth hí dhá éis, uair is tar formnadhuibh fear
teagar ribh."



"Is cinnte," ar siad, "go bfuigheam-ne bás ag cosnamh
na críche-si nó go mbérum a cíos ar éigin linn."



Gonadh greasacht agus agallamh Logha ar T.D.D. sin.



Ro tionóileadh flatha, tuatha agus tighearnaidhe, deighfhir
agus deaghdhaoine T.D.D. a bpubaill ilbhric iongantaigh
Logha láimhdheirg Lámhfhada, et aseadh adubhairt friú
calma do dhénamh ag cosnamh a ccríche. "Cuimhnighidh,"
ar sé, "cneadha na seanghalur dona fuichneadhuibh
forghlasa Fomhórrdha atád ag milleadh Éreann umaibh ó
aimsir Neimhidh mhic Adhnamhain dar dhíthsead agus dar
ionnarbsad bhur n-aithre go h-innsibh tuaisgeartacha an
bheatha. Tángabhair-si arís ar sliocht bhur seandaoine
go h-iath Éreann iar n-aimsearuibh iomdha. Ro mharbh-
sabhair go h-amhnas agus go h-aigmhéil eachtrainn-


L. 30


chineadha eile as an iathbhrugh sa na h-Éreann. Ro
chlaoidhsiubhair a ccuradha. Ro mharbhsabhuir a míleadha.
Ro thrasgsabhair a ttréinfhir. Ro fhuilngsiobhuir imneadha
móra um Érinn. Fuilngidh anos go dúr agus go díochra
díbhearg na dáimhe déigheanaighe-si dhá bhur rochtuin do
chéin, uair madh foraibh mhuidhfeas an cath-sa ní fhuighbhe
bhur n-ua ná bhur n-ionnua tuath nó treabh eile dá bhur
ttreabhuibh dhá bhur n-éisi. Madh romhuibh imorro
mhuidheas, cóireóchthar carrthadha cloch ar chorpuibh a
ccuradh, agus leaca ar leachtuibh a laoch, agus múir ar mulluighibh
a mórdhaoineadh, go mbá h-áinios agus go mbá h-oirfideadh re
bhur n-uaislibh agus re bhur n-airdríoghaibh éisdeacht re
h-innisin a n-uirsgél agus a n-imneadh, a n-écht agus a
n-easbhadh, gonach ttriallfaid Éire d'athfhuabairt iar
ccló an chatha so forra."



Gonadh léirghreasacht Logha sin.




"Madh áil iomghuin nach gann,
anaidh, a mhaca Eithleann
no go bfaghthaoi feidhm go ngoil,
riodh réil for na Fomhórchuibh.



Aoibhinn dúinne isin chath
ar Magh Tuireadh amárach,
muidhfidh romhuinn ar gach leath,
do-dhénum ár is oirleach.



A ccath Mhuighe Tuireadh tric
gonfamaoid laoich go láinghlic,
tuitfidh ann re h-ucht nóna
fir dhífhregra dhímhóra.



Ná tabhraidh bhur ndruim re duadh,
feibh do-bheir gach daosgurshluagh,
cuiridh an cath go dúr docht,
Éire beanaidh a buandocht.



Ná léigidh dhóibh Inis Fáil,
an drung eachtrannach anbháil,
cuiridh-si orra d'uamhan
gurab áil an t-iombualadh.


L. 31


Brisfead-sa dubhshúil Bhalair
in tan ad-raé dá gcabhair,
agus brúidhfead 'na lúirigh
Loisgionn Lom mac Lomghlúinidh.



Muirfeas-sa go fraochdha an fear,
Breas mac Ealathan airmgheal,
tuitfidh leam an dá ruire,
Eolarg Chatha is Ríbhuidhe.



Muirfidhthear leam ríoghraidh réil,
dom molustar a n-imchéin,
gonfad gan bhréig ar an raé
deich céd n-armach ar aoinchlé.



Ní do thabhart teasta orm
dingébhad laochraidh Lochlonn,
budh mór mh'échta ag cur an áir,
tabhraidh-si an cath sa madh áil."
Madh.




Táinic iaromh maidean mhochsholas an laoi ar na
mhárach um an chogur comhráiteach sin chuca. Is ann
sin do éirgheadur na sluaigh do chinneadh agus do chomhlúth
an chatha dá madh líth agus dá madh lánurlamh ré Lugh a
thabhairt. Is ann sin do éirigh an luinnmhílidh luath-
fheargach .i. Lugh luathdhána Lámhfhada laochbhuilleach,
mac sídhéin Eithne Imdheirge inghine Baluir Bhailc-
bhéimnigh Í Néid Nuachrothaigh, do mhídheamhain agus do
mhóirdhéchsuin mhara, agus do thaisgéladh ar dhronaibh agus ar
thionriomhuibh reann, agus d'fhéghadh áiéir, agus do ghabháil
ar ghréin, agus d'iomfhosdadh na n-airdrionnach ná tiucfadhdís
i ffuineadh ná a bfhunghuire go mbá sia-de agus go mbá
síoráithi-de na h-urlaidhi ag na h-ógaibh, gur ro eadur-
nuígheadh in t-Ioldánach ildealbhach in ba leis líth na
laithe sin nó in bá leis na sluaghaibh ná an soladh.
Fuair-siomh sin imorro, .i. an fíreólas gur bá leis tús agus
deireadh agus domhghnas an laithe sin.


L. 32


As a h-aithle sin ro ghabhastur an t-Ioldánach a earradh
iongantach anaithnidh allmhurdha uime, .i. léne línidhe
láingheal easnadhach órshnáithe re a gheilchneas agus ionur
suaichnidh sómhaiseach do shról ilbhreac ionghnáthach
Thíre treabhurghloine Tarrngaire thársa sídhéin amuigh
neachtair, agus gabhuis a fhuathróg coimhleathan caomhálainn
d'ór órloisge gona chiomhsaibh agus gona chnaipidhibh agus a
chórtharaibh agus gona chathchrios comhdhlúta agá iadhadh
agus agá oslogadh, agus gabhuis an lúirigh nuaidhe n-órdhaidhe
go ngeamaibh caomha carrmhogail agus go n-ubhlaibh áille
órshnáitheacha asa ngáirdís gáir sluaigh ilreachtuigh anaith-
nidh. Ro ghabhastur an óirsgiath n-imleathan n-anbhóil
ccraobhach ccorcuirdhearg gona bile áithghér anbháil
órdhaidhe agus gona cobhraidh fhíorálainn fhionndruine agus gona
tul órdha aireagair agus gona slabhradhuibh sníomhtha sínti sean-
airgid go saoirsgiathraigh n-oirdheirc n-iolchomharthaigh.
Ro ghabhastur a chloidheamh fada fosgadhach fírghér agus an
tsleagh nimhneach n-imleathain n-iomchruaidh ccrann-
ramhair ccurata ccóigrinne san dara láimh dó. Tárraidh a
lia lámha san láimh ar-áill do luathbhriseadh luibhne na
laoch luatharmach. Ro shiachtastur a luirgfhearsad cheann-
trom chatha dá fritheólamh isna seicneadhuibh séitreacha
searbhróna do ficheadh do chéin.



Do éirigh iaramh fón ionnas sin cloichbhile congmhála
na ccríoch agus na cceannadhach, agus airsidh urlamh ionnsuigh-
theach imdheaghla na h-Éreann, fear ba mó neart agus
niadhachas gan tnúth re tréidhibh tighearna, fearg leómhain
re lunnughadh, brúcht an mhara mhórthundaigh, sgeith an
aigéin eochairghuirm, fearg an laoich luathLogha ag
leadradh a laochbhiodhbhadh, ag cosnamh a chíoschánachuis,
ag imdheaghail Éreann. Níorbh iomurcaidh eidir don
árdchuraidh sin Ére gona h-oirearuibh agus gona h-áirdtigh-
earnas ar chruth, ar chéill, ar chalmacht, ar fhorus, ar
fhaisdine, ar fhios, ar fhoghluim, ar chleasuibh, ar churatacht,
ar chruaidhghaisgeadh, ar threisi, ar thairpthighe, ar thréin-
fhearrdhacht.



Gonadh tuarasgbháil Logha ar chath Mhuighe Tuireadh
and sin.


L. 33


Do éirgheadur dano Tuatha dealbhdha deagharmacha
D.D. éirghe athlamh aoinfhir um ghreasacht ghotha
ghaisgeadhaigh iarthair Eórpa co mbádur fo n-armaibh
innillte ághmhura fo chomhuir chinnte cóirighthe an chatha.
Rugadur bann séitreach sírsheasmhach nimhneach neart-
mhairchuimseach cathchalma go Magh trén Tuireadh fo
thuaidh gach ndíreach go h-ionadh urdhála na h-iorghaile agus
gus an ccrích do chinneadur do chur an chatha, amhail sgeitheas
agus sgaoileas murbhrúcht mórthonnach muiridhe an t-aigén
innseach oilénach eochairghorm go mbí 'na bhuinnadhuibh
borbruadha breacghlasa greama gáibht
gaidionda grianlíonmhura fo mhuir thrénainbhtheanach
thongharach thiabhraonach Thorrian. Ro ba lasamhain
luinnearrdha lánálainn a laochraidh sin re h-ioldathaibh a
n-iléideadh n-iongnadh n-anaithnidh, agus re suaicheantacht a
sleagh ccrannreamhur ccruaidhghér, agus re comhárdgháir na
ccloidheamh lasamhain lánmhór luinneardha, agus re sgeamh-
gháir na sgiath ccorcra ccomhdhualach, agus re luinnirnimh na
bfhionnlúireach bfothraicthe ffraisniamhdha, agus re caoimh-
eagur na ccathbharr ccumhduighthe, agus re h-iomad na
n-airdchleas n-anaithnidh, agus re méid mhaisighi na míleadh
míonálainn mearrdhána go mbádur ina ccorthair churcra
chróidheirg, amhail ros coimhcheangladh cearchuill theineadh
tricheamhruaidhe theintidhe re ruanadhacht róghairbh a
rífhearg, agus re ruitheanruathur na ttréinfhear agá
ttiumsughadh ag ionnsoighidh a n-easgcarad do (dhíoghail)
a n-anbfholadh ar an bhfine bforgharbh bfoirniata bFomh-
órach sin.



Gonadh iad earradh agus tuarasgbháil T.D.D. a gcath
Muighe Tuireadh ann sin.



Is ann sin do éirgheadar don leith ele an dubhshluagh agus
an dubhshochraide dhuabhseach dhrochdhatha agus an trom-
dháimh thiughdhána thorncheannach, agus na fir árda allta
ainmhíne, agus forgla fearluingseach Fomhórach na fairrge, agus
ro ghabhadur a ccaithearradh catha agus comhlainn umpa, .i.
a n-ionair odhra aithghearra, agus a léinte tiugha tréntreabh-
raidhe, agus a ndeichealta gallamhla glaisionga. Rob uath-


L. 34


bhásach éididh uathmhur an fhoireand sin re h-iomad a sleagh
reamhar rómheirgeach, agus a ccloidhamh ccorránach ccaimaillteach,
agus a ccathbharr ttiugh ttolgánach, agus a sgiath n-imleathan
n-aggarbh, agus a lúireach n-ársaidh n-iomthrom, gur bhá
samhalta re duibhnéll dorchoidhche na greann-aighthe
garbhghruagánacha ag toigheacht attuaidh a cceann Muighe
Tuireadh re fosughadh cíosa agus cánachuis ar fhearuibh na
bFuineadhach, agus ro shiachtadur re ruathur a
róireatha gusan ccrích ccédna ccinnte, agus iar rochtuin dóibh
tucadur a ngnúisi agus a n-ochta agus a n-úrbhruinne fria lár
agus fria lántalmhain.



Ro h-iorfhuagradh aca ann sin súil neimhneach nimhidhe
bhaoghlach bhráthamhail Bhaluir dfhosgladh dá ceanglaibh
agus dá cuibhrighibh. Is ann sin do éirgheadar trí naonmhuir
do dheaghlaochaibh do thaithmheach na ccomhladh
ccomhdhlúta agus na seicheadh seanchairtidhe agus na n-anart
nua n-iomdhlúith n-imleathan. Is ann sin do thógbhadur
T.D.D. amhdhabhach iomdhlúith dá sgiathaibh ara sgáth
nach-id roichdís sruithlinnte sáirnimhneacha na súl neimh-
nighe neimhe sin, agus ro léigseadur a n-ochta agus a n-úrbhruinne,
a n-aighthe agus a n-édain ar sgáth a sgiath, acht an cing
cobhsaidh conngmhálach agus an leómhan luath luinnfheargach,
.i. Lugh Lámhfhada laochbhuilleach, óir básad seasmhach
sidhéin ag oirchill torrachta na táthluimhi dá tréindiubh-
ragadh.



Is ann sin ro riastradh agus ro lunnuigheadh um an ríghmhílidh
um Lugh, agus ro ghabh criothghráin agus eagla é ré h-omhan
fosluigthe don pholl duaibhseach dubhfhola sin do shíth-
shilleadh ar na sluaghaibh muna roiseadh riothchuirbhe
uadha-sumh roimhe, agus gairmis uadha 'na fhogas an tí
Goibhneann agus athghairmis do rídhsi agus aseadh adubhairt:
"Ro-dum roicheadh-sa as do láimh luaimhnigh an táthlumh
gháibhtheach ghoirtchrithreach leadurthach luathéchtach gur
ras fortamhluinn mo roithbhéim bodhbha." Agus ad-beart
na briathra sa:



"Ailim ail Nuadhat ailim Goibhnionn gluair neart re a
gairm is ur na cinneadh deis neodha tlais tucsad frais for
a dheis deis do dheis Goibhnionn gluair neart re gairm


L. 35


caoga suadh geibh-si gual fil na láimh fine Fomhra do mo
bhrón mór an bhuaidh d'Inis Fail."



Iachtuis Goibhnionn go dúr agus go díochra for a dhaltaibh
san deithbhir sin. Ro éirgheadur sidhéin go h-athlamh
érghe ésgaidh urmhuisneach re h-iachtadh a n-oide, agus ro
chuireadur na trí chaoga teanchair san teallach um
thaobhaibh na táthluimhe go tinneasnach dá tréntógbháil.
Acht madh a h-iompódh don uillinn dá chéile, níor fhédadur
tasgadh ná tadhall do thruime agus do theasbhach na táthluimhi,
na trí chaoga dalta ro bhádur.



Is ann sin ro éirigh an ghreit ghlédhána re gach ngábhadh,
.i. Goibhnionn gobha mhac Eithleann. Tárraidh sidhéin an
teallach thairsibh go tinneasnach, agus ro thimcheall an
táthlumh dá theanchair, agus ro iomluaidh dá aonláimh 'na
uirthimcheall gur bhá loisi láindearg luathlasrach an t-áiér
uasa chionn. Athghréachuis Lugh do ridhisi go goirt agus
go gáibhtheach ar Ghoibhnionn ag sreangtharruing na
seicheadh duibhchiarrtha déigheanaighe do dhobhuirbhél an
lochthobair lionnmhóir láinneimhnigh sin re h-eagla síth-
shillte na súl ar na sluaghaibh agus ad-beart Lugh na briathra
so and:



"Cobharthach caomhshluagha óir is muir neimhe
dhítheóbhas síthshilleadh súla fo-dom roitheadh sa cara
caomh crithir caonuallach cumhachtach, .i. Goibhnionn
gobha mhac Eithleann, dóigh bam síthsheasmhach re cló
curadh, re troid tréinfhear, re fóir fearrdha, fuil a aigri
forsan rosgmhall tráth con-tuargbhann claoithe teineadh a
súil Baluir, ní gníomh n-amhra, ceatha sneachta, srotha
uisgi sil a h-abhra, olc na súla ar rioth ngoile, aimhneart
écc uaithe bhur bfear libh, crioth re teinidh leis for a
neimh, do-fhaoth linne, gníomh dom ruacht, gníomh con
ruacht, fuiltrédh fhola foirceann druadh, claochladh
curadh, turnamh tréinfhear, budh gráin chatha, budh breis
bhratha Fomhra re sluagh mBanbha, brisfigh-
thear sgéith ar chloinn Méirchill gníomh ccan cairde
biaidh cinn ar lár, béid taoibhdhearga re fóir bfairrge,
maidhm ar Fhomhórchaibh a n-aoineacht san ló sa, gan


L. 36


cíos go bráth ar shluagh Fuinidh, cian bhus cumhain gníomh
dhár ccobhair." Cobhair.



Ro fhreaguir an tí Goibhnionn sin agus adubhairt:




"A Lugh nársad luinnighthear,
fuil chugad an táthluimhi,
tinni truma bhus nimh uathbhása
aonlámha achtuidh aonbhéime,
sníthe súla síthshilleadh,
tib an duibhdhear dathghruamdha,
atá chuguinn do sheanathair,
bí go laochdha lánláidir,
bí go tréinghlic troighésgaidh,
fritheóil lat go lánurlamh
an ccaoir ttredhoirn tteintidhe
a tábhúill tréinbhálaigh,
dianbhris uait a comhladha,
ding an seichidh seanshuaite,
cuir uait an ccaoib ndraoidheachta
trésan cceann mhór míleata,
biodhgfaidh for reannuibh,
as aire bhús marbh,
budh h-adhbhal a fhíoch,
nocha ba leó an líth
arna ndíth, a Lugh."




"Dígheóltur ort-sa sin, a bhaoith bheigbhriathraigh," ar
Balur, "in tiomargadh tagra do-righnis", ag rádh na
mbriathur-sa:




"Deithbhir dhuit gonas geibh
omhan oll rem dhreich,
taothfaidh troigh, sgél gan chleith,
dearcadh dian, saobhfad brígh,
o do dhoich ní bá deich." D.




Freagrais Lugh sin agus adbeart: "Ní-um geibh-si gothghríos
omhan réd shúil n-éidigh ndubhdhúnta, budh cear leam
don loínnbhéimneach dáil daithe a cumhachtaighe ní bá
forn fairgsiona bhail san phurt ail ros art deargas gual
ndeaslámh suadh asé aniú an lá nach ní". Ní.


L. 37


Ód-chuala Balur foghurghotha Logha ag iarraidh na
táithluimhi, adbeart: "Fe fe fo fo aicthe aicthe aille aille,
farraidh an chomhla dom rosg go bfaicinn an laoch béilbheag
fuil agum agallamh. Cá tú, a fhir bhig, cia bioth imbá in
labhraidh nó eidirmharbhaidh ar muighibh ollá ioma-
ráidhim ar Lugh nárab ionnarbadh do chomhrac riot-si go
dúr ro feasum fidhisi na fearum fithisi diochraide um chur
um ghuala fál fómhnastur mo shúile mum tabhlaibh tonn
fir dhuibh ciodh bhár ttug um dhionn ní bhértha iath
Éreann".



Is ann sin shneadhastur Goibhnionn anatceann na caoire
cruaidhe righe cródheirge ó dhorus na
ceardcha go h-árnaidh iomphrab uadha for id an
mhuighe. Mór ámh an foiréigean gábhaidh sin ina mboí
Lugh ar an láthair sin uair ní raibhe cathmhílidh gan a
chorp do chréachtnughadh re gaothaibh iomluatha adhfhuara
earrchaidhe an locha leathain láinneimhnigh sin, agus risin
sil tín sárthruim síorfhuair sneachtaidhe, re flichneimh na
ndér ndíochra neimhidhe, agus risna frasuibh iomthroma
aidhbhle uisgidhe tig a h-abhraibh agus a h-imlibh na súla
sáirneimhnighe sin adiú agus análl re h-uair a h-osluigthe,
agus re truime agus re teasbhach na táthluimhi isin leith aroile,
agus risna cithnéllaibh troma teintidhe ittrachtadur dhi, agus
risna buinneadhuibh borbruadha breaclasracha bádur impe,
agus risna casrachaibh crithreacha caisneimhneacha réimnigh-
seadur reimpe, agus re silleadh a leanna loisgigh láinneimhnidh
ag téltógh asa tollaibh, agus risna soighnénaibh suaicheanta
síorloisgeacha do érgheadur dá h-eochairimlibh.



Deiseadur na sluaigh cheachtarrdha do dhíbh leithibh agus
a ngnúisi fria lár agus fri lántalmhain agus a sgéith agá sgáth-
dhídean, acht madh Lugh namá don dara leith agus Balur don
leith ar-áill, agus na trí naonmhair bádur ara chúluibh ag
oslughadh na súla agus ag oslugadh na seicheadh duibhchiartha
déighionaighe dhóibh.



Is ann sin do riacht an táthlumh a n-áird fria Lugh.
Gabhuis imorro Lugh go h-athlamh iomphrab in ubhuill
iomchruaidh iarnaidhe, agus measguis aoineacht má cheann, agus
achtuigh urchur ághmhur árnaidh urmhuisneach go tinneas-
nach


L. 38


don táthluimh d'ionnsuighe na súla go súnradhach, agus
níorbh iomroll diobhraicthe sin gérbh ímchian an eadurbhaill
ó Lugh, go ttarla tar an seichidh n-iomchruaidh n-oisleathuir
agus tar na líonanartaibh línighe lomdhlúithe gur bhá torncheann
trétholl treaghdaighthe agus gur vó lésbuire lánmhór leathan-
fholamh tolladh na táthluimhi ar ceann an churadh agus
sleachtlorg na dubhshúla duaibhsighe duibhdheirge trésan
cceann siar seachtarrdha go raibhe ina dhlúimh dhímhóir
dhiabhalta agus ina mhothur mhoglach mhídhénmhach 'na
bfiadhnuisi, gur ro threaghdasdur in tinne teindtidhe sin
táthlumh aniar n-iarthur, gonadh iad lucht osluigthe na
dubhshúla duaibhsighe ad-chonnairc ar tús h-í, go ndeisidh
a nimh agus a nirt gháibhthighe i ttaircheadal agus i ttrén-
tarrnguire ar an ffine fforgharbh fFomhórach sin gomdar brónach
beigneartmhur re síthshilleadh na súl dá éis.



Is ann do labhair file agus fisidhi fíreólach fhine Fomhra, .i.
Liath Leathghlas mac Luasgaigh, ag tathaoir agus ag táinsiomh
in urchuir agus an churadh ro-das chruaidhdhiubhraic
neimhidhe neimhe sin, agus ad-beart: "Cá laoch sneathchorach
sníthfe leachta tarla oil n-áith n-easumhain a tabhuill tréin
tárrastur do shúil mbuaidhealtaigh mBaluir".



Agus ad-beart Lugh: "Fuil sunn laoch nách-id domh-
naisg ga ngaoth ar nach cath ná cithchealtchuir;
is misi Lugh loinnbhéimneach mac Eithleann Iorghalaighi
bhrisios cath ar fhearuibh móra bhur fFomhórach, as cródha
re luathghearradh cionn, do chinnsiomur amhail fhonn-
samur fiochadh fola dornghal ar gheodhnadh céd i
ccathbhuidhion".



Céd-bhérla Logha re fine Fomhra sin.



"Coimhéirghidh, a fhiora Éreann," ar Lugh. "Cuiridh an
dochraide, gabhthur sleagha libh, cóirighthear cloidhmhe,
síntear téda, teanntur braighde, mórthur fine, saorthur
aicme, damurraidh uile, go ccloistear fo Érinn gor deigh-
bhriseadh súil Bhaluir fá chainchoimhéirghe."



Gonadh briseadh súla Balair ar cath Mhuighe Tuireadh
sin.



Is ann sin ro dhealbhastur Lugh é féin a riocht seantuinne


L. 39


saoibhléithe ar leathchois agus ar leathláimh agus ar leathshúil
timcheall an tsluaigh cheachtarrdha ag tréntarrngire gacha
h-imnidh agus gacha h-urbhadha d'fhine Fomhra agus ag rádh
maitheasa re fearuibh Éreann.



Is an sin do éirgheadur cách fo chéile dona sluaghaibh agus
dona cathaibh ceachturdha go díchéillidhi agus go dásachtach,
go tric, go trén agus go tinneasnach, go h-áith, go h-amhnas
agus go h-aibéil. Deinmneideach attrachtadur na deaghlaoich
chum na díbheirge sin amhail do reithdís tréda muc
d'fhóirithin oircghréchaigh a n-arc i n-iomghábhadh,
nó amhail do éirghidís damhraidh dhiana dhoghabhála
dhásachtacha do leirg athghuirt athmhínligh re cuanartaibh
croibhghlioca comhluatha, nó mar urthosach buinne dheagh-
aird díleann ag sgeith a h-ucht airdshléibhe re fáinghleann-
tuibh iomdhoimhne aimhréidhe na críche.



Is ann sin ro lásad an laochraidh sin a lámha go lánobann
isna cathrachuibh cóirighthe, agus isna carnaibh cinnte do
chothuigheadur do chlochaibh ag mínréidhiughadh an
mhuighe an lá roimh an ccath. Ro thógbhadur ann sin
clocha cruinne coimhméide, agus liaga leathanfhada lántroma
agus cairrge cruaidhe ceanngharbha criadhaidhe. Ro láisiod
ina n-ionuruibh agus a mbrollachuibh a mbreicléinteadh, agus a
ccorraibh a ccochall, agus tar fothollaibh a ffoichrios, agus ro
ghabhsad clocha troma traghamhla leo sein ina lámhaibh,
agus fóide tiugha tromaidhbhle an talmhan, agus ro luathdhiubh-
raicsead eatarra frasa móra mearrdhána do dhíbh
leithibh gur sgaoilsead a sgíth for formnaibh na ffearóglách
no gur chinnchréchtnaigheadur cinn na ccuradh, agus gur
luathbhriseadur láirge na laoch, agus gur thuairgsead ochta na
n-ánradh, gur vhó comhmbrúite cinn na ccuradh agus cuirp na
ccathmhíleadh don cloichthreas sin.



Is ann sin ro shínsead a lámha dá sgiathbholgaibh
suaithnidh agus a nglúine re bacbhallaibh a mboghadh, agus tucsad
a méra seada sáirneimhneacha a suaineamhuibh a ffoghadh
ffoghurthach ffírghér, agus a ndeárnanna dathaidhe dána fo
n-a leathanarmaibh lántroma léigthe, agus fa chinél gach airm
is dílios do dhiubhracadh, gur vo foirdeargtha a ffir dona


L. 40


frithairighthibh sin. Is ann sin do beanadh béim bhordadh-
bhal dona cathaibh a cceann a chéile, amhail tonuichghleó
tromadhbhal mara casanfadhaigh Caisb ag béin re cairrgibh
ceandgharbha cuaisfhudhamhnacha na crích, nó mar budh
é briseadh buirbthrén na n-airdrionnach ar bhreacfhóduibh
tuinighthe na talmhan, eitiol na soighead dá sreangadh agus
sianghal na suaineamh agá sírdhiubhragadh. Tucadur
iaromh bann dúr díochra ar an deabhaidh. Ad-chlos go
néllaibh neimhe agus go h-eidirdheiliughadh eiéir tulghubha na
ttoillsgiath agá ttuargain, agus tarmfhoghur na ttréinfhear agá
tteasgadh, agus iachtadh na ffear agá bfhadhbhughadh, agus
coigeadal na ccruaidhchloidheamh re ceannuibh na ccuradh,
feadghoire na bfhaobhurlann ar fhormnaibh na ffearóglach
gur chinnchréachtnuigheadur cinn na ccuradh, agus iachtach
na ttréinfhear ag tuitim, agus drongháir na n-altlúireach agá
ndiansgaoileadh, agus slatghoire na sleagh ccrannreamhur re
chéile, agus griothgháir na ccíorchathbharr agá ccruaidh-
bhriseadh, agus leadghaire na luirgfhearsad a leithcheannuibh
na laochraidhe, agus síthshileadh na súisdeadh n-agarbh n-iar-
naidhe i nglacuibh na bfearthroightheach bFomhórdha, agus
iolghotha aidhbhle anaitheanta na n-iolarcheann ar na
h-aonchorpuibh, aill ag uchbhadhaigh agus ag acaoine, aill ag
greannughadh agus ag greasacht an chatha. Robdar do-
aithnidh deaghaighthe na ndeaghlaoch re daoirshileadh na
folo flannruaidhe ar aighthibh na n-ánradh. Robdur
mídhathacha míleadha re sreabhuibh silteacha sárthroma
na fola foirdeirge dar formnaibh. Robdur iomdha tréinfhir
a ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh re h-aigmhéile a n-áladh agus
re méid na mbuilleadh, agus do chuadur bandraoithe a
ndiamhair a ndána agus a bforas a ffoghluma go ttardsad
teimheal for na dúilibh gur ro shileastur an fhiormamint
frasa aidhbhle anffóilla, gomdur sleamhna fér agus fóide fona
fearuibh árda ilchinélacha sin go ttorchuir foirne fíormhóra
dhiobh um a n-armaibh badh dheisin.



Is ann sin táinic an t-airdrí uasalchaoin oirrdhearc, .i.
Nuadha neartchalma mac Échtaigh mhic Eadurláimhe i


L. 41


ccath na fFomhórach, agus a thsunn tuairgneamha catha
roimhe agus a chliathbhearna céd ina dhiagh agus a amhuis
imdheaghla do dhíbh taobhaibh dhó, agus do mhionsad
seinbhearn céd isin chath ar comhair a chloidhimh agus slighe
shearbhróin dá sleaghaibh rompa agá sníomh tré chorpuibh
na ccuradh go lármheadhón catha na fFomhórach go h-airm
a raibhe an fearluingseach fírmhór, .i. Ealatha Mór mac
Dealbhaoi, rí na fine Fomhra sin umá ruacht do thuair-
gneamhaibh a chatha agus d'ánradhuibh a imdheaghla do dhíbh
leithibh gur ro chréchtnuigh cách a chéile dhíobh go
h-amhnas agus go h-aigmhéil go ndorchradar i ccróleapthaibh
cruaidhdhearga gach fear a ffail a ghlúin agus a n-ionadh a
throigheadh go ndeisidh an iorghail for na h-airdríoghaibh.



Ro sgib cách góa chéile dhíobh go dána agus go díchéillidhi
amhail sidhe con mire móirmheanmnaighe dá h-éill go
h-ainfhéghthach ag faicsin fiagha fuasgraigh fhrithléimnigh
'na fíorfhogus. Ro sháith cách ina chéile dhíobh na sleagha
reamhra róbhuidhe go reamhar a ruadhchrann, agus ro thuairg-
sead sgéith, cinn, agus cathbharra aroile dá luirgfheirstibh
ceandtroma catha go ndearna meanmhach agus mionadach
dona mionnuibh ro-áillne rianagair bádur um cheannuibh
na n-airdríogh. Iar sin ro sgaoileadh a sgéith agus a sgiath-
raighe tar formnaibh na ffearóglach re síthshilleadh na síthlorg
gonach baoi oiread orlaigh d'eochairimlibh na n-óirsgiath a
n-aoinionadh nó a n-aonmhaighin. Is ann sin tug cách
dhíobh díoghrais a dheaghlámha d'ionnsuidhidh na lann
lasamhain láinghér, agus do árdaigheadur na h-airdríogha sin
na h-aigeanta go h-ádhbhal, agus do thógbhadur na dóide
deasa don deaghurlaidhi sin. Tuc cách dhíobh díoghrais a
dheaghbhuille diaroile gur bhó cróleadurtha corcra cródhearg
cuirp na ccuradh re h-iomad a n-ilchrécht. Tárraidh fa
dheóigh Nuadha baoghal béime ar Ealathain gur fholaigh
an cloidheamh ina chliabh. Is ann sin do riacht Lugh an
láthair agus sealluis a cheann de. Crothuis an ceann sin agus an
cosgur re T. Dé D.. Ní mar do-niad faoinnealaigh
fhannshluagh do-rónsad uatheagla agus iomghabháil iar ccló
catha agus cosguir forra agus iar ndíth a ndeighríogh, ní h-
amhlaidh


L. 42


do-rónsad na fir fhearrdha Fhomhórrdha sin acht cur agus
cothughadh agus congmháil an chatha dá éisi.



Is ann sin táinic ceann forrána agus foghlama Fhomhórach,
.i. Trén mac Triosgadail a ndeaghaidh Nuadhat do dhíoghail
a dheighríogh fair, agus ro easairg na sluaigh uime go trén agus
go tinneasnach; mar ucht príomhluinge puinnighe dá
h-anccuiribh aggarbha fri carrgaibh ceannmhóra coigadal a
ccloidheamh ac cumach cnámh agus cholann, agus ba faonruathur
díochra dianshluagh roimhe gach conair dia ttáinic. Sguchuis
ina chuinne an tor trénathlamh, Oghmha Graineineach mac
Ealathan. Achtaidh cách sgiath fri sgiath dá chéile dhíobh,
agus tuc gach fear díoghrais a dheighdheabhtha dhároile.
Roismit a sleagha agus faoinbhrisid na fiodhbhadha inntibh
gomdur crainn gan cheannuibh deighfhir ann re fortreisi
na fforghumh agus re cadadchalmacht na ccathsgiath óir
robdur fraighthe iaruinn aithleagtha bádur aca, agus re
h-iomluaithe na h-imdheaghla, agus re cruas na congmhála ar
fhearghuaillibh na ffear ccurata ccruaidhchalma sin. Ro
ghabhadur na lúithi faide fíorchruaidhe caoimhealta
camchorránacha ina lámhaibh, agus do-rad cách dhíbh tim-
chiolladh agus tuargain tinneasnach ara chéile gur ro crécht-
nuigheadh na curaidh gérbh athlamh a n-iomghabháil. Do
bhí dano do dhúire na deabhtha gonár fhédsad na
leathainsgéith a láindídean, go mbeanadh gach tréinfhear
teann toghaidhe oiread cinn mhic mhidhaoise do thaipibh
fola agus feóla a taobhuibh agus a torcasnach a chéile.



Ód-chuala trá Lugh méid na mbuilleadh agus calmacht an
chomhlainn, táinic dá n-iondsaighe agus do-rad guin gháibh-
theach ar Thrén mac Triosgadail. Iompaighis Trén do
dhíoghail a ghona for Lugh. Athghonais Lugh doridhisi é
agus athbhuailis go tábhachtach a cheann de.



Is ann sin do éirigh an stuaighbhile sithárd sárshuachnidh
agus in fear is mó agus is mórbhuillighi táinic a n-Érinn riamh,
.i. Annluan Mór mac an Sgáil Bhailbh, agus do-chuaidh roimhe
a ccath T.D.D., agus ro ghabh agá n-oirleach agus agá n-
athchuma go mba h-adhbhal a n-easbhadha, agus do ghabh agá
cciorbhadh agus agá ccréachtnughadh tar bilibh a n-airdsgiath
ara n-uachtur


L. 43


ór ní fhóirdís na fodhuilsgéith iad re ro-airde in rímhílidh.
Sithshillis an draig dearg dreachdhána, .i. Bodhbh Dearg
mac an Daghdha. Ba h-iongnadh leisidhéin iomar-
craidh chomhlann an churadh ar chách, agus iompaighis go
h-athlamh fria h-Anluan, agus do-ní ceirtle tochairde
tuaithbhil ara chionn a ttuaim a sgéith órdha imiltigh.



"Ní h-iomghabháil imnidh sin," ar Anluan.



Sgiubuis cách goa chéile dhíbh fón ccuma sin.
Ciorrbhuis agus cruaidhchréachtnaighis cách a chéile aca go
mór agus go míleata, ór nír fhédadur fir a fféchuin re cródhacht
an chomhlainn agus re croisleadurthacht na ccrécht ar na
corpuibh.



Ód-chuala Lugh coigeadal na ccruaidhchloidheamh re
chéile, iompaíghis go h-athlamh agus sloidhis slighe trésna
sluaghaibh go ruacht go h-ionadh an iombuailte, agus do thug
aonghuin ar Anluan gur chuir crann na sleighe síthrighne
tré chorp an chaithmhílidh siar seachtair. Iompaíghis
Anluan re Lugh, agus do achtaigh aonghuin ainmhín fair go
ráinic corp an chaithmhílidh agus go ttuc a chnead curadh
ós aird, agus suaithis an sleigh ccédna im Bodhbh Dearg gur
chrumastur an curaidh man ccraoisigh ar ngabháil a rinne
go talmhain tríd. Athghonuid a n-aoinfheacht an t-airsigh
Anluan, .i. Bodhbh Dearg agus Lugh, gur vhó croschomhthrom
na h-airm agá iomfhulang go ttorchair idir lámhaibh na
laoch. Fadhbhaighthear an fear sin agus adaghur a iolach
cosgair agus comhmaoidhmhe ann sin.



Is ann ráinic an laochmhílidh, .i. Lópthach mac Lubuis i
ccath T.D.D. agus ro imir a fhearg for na sluaghuibh gur vhó
tiugh tréinfhir thamhnaighe dá éisi. Is ann sin táinic
Midhir Mórdhálach mac an Daghdha 'na bhuinne deargruadh
dílionnta 'na dhochum agus tuc cách dhíobh sgiath fri sgiath
aroile gur fearguigheadh go fíochdha re fóbartaibh iad
agus gur vhó tretholl taoibh na ttréinmhíleadh óna laighnibh
leathanmhóra. Iondsaighis Lugh an láthair agus díthcheannis
an curaidh, .i. Lópthach Mór mac Lubuis.



Is ann sin táinic roimhe an tuir trénchalma, .i. Tadhg Mór
mac Nuadhat i ccath na fFomhórach gur imtheasg óga do


L. 44


chiumhsaibh an chatha gur bhá h-anaitheanta ioluirchinn
fo chosuibh an churadh gach conuir a ráinic. Táinic 'na
dhiaigh sidhe an laochbhuilleach luath lámhdhána, .i.
Loisgionn Lom mac Lomghlúinigh, umá ffreagra i cciort a
ccloidhimh ar sáthadh a sleagh sithreamhar a ccorpuibh,
gur vhó rioth ruadhfhola gach ball dá mballaibh. Do-riacht
Lugh chuca fa dheóigh i ccrích an chomhlainn, agus ad-rochuir
Loisgionn leis.



Is ann sin ráinic roimhe an ghein ghérarmach, .i.
Goibhnionn, gobha mhac Eithleann, i ccath na fFomhórach
agus tuc airbhe fri h-irbhe a ffaonluighibh fola in gach
céirn agus in gach cúil don chath. Tarla chuige fear a choimh-
chlis agus a chomhdhána, .i. Greas mac Grioghair, príomhghobha na
bFhomhórach, agus do-rónsad urlaidhi géra groda agus tuargain
fhearrdha fhuinnmhidhe fhortamhail ar a chéile re h-eadh
agus re h-athaidh imchéin. Ód-chuala trá Grinne Gáibhtheach
mac Greisi agus Baothbhuilleach Breisi a bhráthair iachtadha
gáibhtheacha ó Ghreas, do-riachtadur go mbádur ag tuargain
a sgéith go garbhlúthmhur ar Ghoibhnionn, gur ro chuireadur
an chathláthair fair, go ttic asnadh éccomhlainn asan
ollumhuin ó thárrachtuin an trír dhá thréntuargain.Ód-
chuala Lugh Goibhnionn san ghábhadh táinic do chongnamh
rea charuid go ttorchradur an dias sin lais, .i. Grinne
Gáibhtheach mac Greisi agus Baothbhuilleach Breisi. Aincis
Goibhnionn Greas fair ór ro ghabh báidh fris é.



Is ann sin rángadur na trí curaidh chadadchruaidhe, .i.
Fiaclach Faobhuirdhearg mac Connaigh, agus Seimhne Sith-
fhada, agus Móisi Mearamhnas i ccath T.D.D., gomdur lir
leachta laoch ar na luathleadradh fo chosaibh na ccuradh
sin go ttarladur chuca an triar data díomsach, .i. Labhra
Lámhfhada mac Taidhg mhic Nuadhat, agus Cairbre Crom mac
Ealcmhair, agus Siodhmhall mac mic Chairbre Chroim. Ro
fhreagair iaramh cách a chéle dhíobh go dian agus go
deinmneideach go cclos fana críochaibh fá coimhneasa
dhóibh tulghubha na sgiath ttiubh ttaobháluinn agá
ttuargain re faobhuirchleasuibh na bfear ag fritheólamh
aroile. Do-riacht chuca an laoch nach lamhthaoi agus an trén


L. 45


tar nach ttigthí, .i. Lugh Lámhfhada luinnbhéimneach. Ro
ghuin agus ro athghuin, ro dhíthigh agus ro dhícheann Fiaclach
Faobhuirdhearg agus Seimhne Sithfhada agus Moisi Mearamhnas.



Is ann sin adubhairt échtach na h-Afraice, .i. Inneach
mór mac Dé Domhnann, énchuinneal amhnas eisidhéin agus
tréinfhear toghaidhe fine Fomhra, an fuigheall sa rea
mhacaibh meara móirmheanmnacha, .i. re h-Olltriathach
mac Innigh, agus re h-Aér Eochairghleannach: "Ro díthigheadh
go mór ar ndeaghdhaoine, a mhaca," ar sé, "agus is adhbhur
domheanman dúinne gan a ndíoghail tar a n-éisi."



"Cóir a dhénamh," vhar a mhic rision, uair ba mas agus ba
minic a bfhéighe agus a n-alladh, agus a n-eangnamha maith
do dhénamh in gach cathláthair, "agus cinneadh ar do
chomhorba comhlainn. Ní ro gabhadh ort ó ro ghénuir
aoinionadh inur córa dhuit do chosnamh féin agus díoghail
do chairdeadh inás an mhaighion sa."



Iar sin tángadar i ccath T.D.D. agus do imreadur go
h-imthrén a n-airm ann gur vhó samhalta re cnáibh
comhthuitmheacha ag teibearsuin a críonmhoglaibh ar
ccrothadh a ccraobh go cruaidhneartmhur cinn churadh fo
chosaibh an cheathrair sin in gach cúil don chath, no gur
chriothnaigheadur laochraidh T.D.D. uile dia ttreóir agus dia
ttuinighthe gur shénuid agus gur shráinid na sluaigh ar sgáth
a sgiath sgiamhleathan, agus eisiomal aonlámh Oghma gasda
Grianeineach mic Ealathan, ór rob eisidhe tréinfhear T.D.D..
Uair nach ruc Inneach ar thiugh an tsluaigh nó ar iomad
na n-óg a n-aoinionadh re n-oirleach, ro imir a fhearg ar
Oghma. Tug imorro Oghma a ghlún re gliaidh dhó agus
aghaidh re h-iomghuin.



Maith, ámh, an dias ro chomhraic rearoile ann sin, .i. dá
churaidh agus dá chathmhílidh agus dá thréinfhear an talmhan.
Comhthuairgis cách a chéile dhíobh do luirgfheirsdibh
lánmhóra leathanfhaobhracha gur vhó coimhmbriosg re
h-oighribh froighthe na sgiath sgeallbholgach re treisi ro
thuairg cách a chéile dhíobh dona sleaghuibh seimhneacha
sithfhada, go ndearna crithir dhá ccorpuibh gonach faghthá
ionadh reanna acht foghráin na sleagh a ccorp a chéile,


L. 46


acht áladh na sleighe eile. Do-chuadur ann sin ara
ccloidhmhibh cruaidhghéra claisleathna gur vhó lór d'adhbhur
éga agus oigheadha créchta na ccloidheamh isna corpuibh, agus
sleachta na sleagh isna sleasaibh, gur vhó samhalta re
srothaibh síormhuilinn reatha na ruadhfhola ag coimh-
shnidhe asa ccorpuibh tar clasuibh na ccruaidhchloidheamh
agus tar conairibh na ccréacht. Tárraidh Innioch, .i. tréin-
fhear fine Fomhra, baoghal béime ar Oghma, ar thréinfhear
T.D.D., gur chuir a cheann dá cholainn.



Ionnsuighis trá Casmhaol agus Bruidhnionn, an dá cháinte,
an láthair do dhíoghail an airdmhílidh, .i. Oghma, ar
Inneach gona mhacaibh. Freagrais Olltriathach agus Aéur
Eochairghleannach ar ionchaibh a n-athur isin iomghuin.
Do chiorbhadur, agus do chomhthuiteadar, agus do chomhthuair-
geadur go fíorgharbh fearamhail a chéile, acht aon ní cheana
attrochuir Aéur Eochairghleannach re Casmhaol ann sin.
Ionnsuighis Casmhaol as a h-aithle sin do chongnamh rea
bhráthair, .i. re Bruidhnionn. Cruaidhis Olltriathach an
comhlann ar Chasmhaol agus ar Bhruidhnionn go ruc a ccinn
agus a ccosgar go h-airm a raibhe Innioch. Is ann sin do
riacht Lugh an láthuir agus fearis comhlann re h-Innioch agus
re na mhac, .i. re h-Olltriathach go ndorchradar ris an dís,
agus tucadur T.D.D. iolach cosgair dhá ccomhmaoidheamh.



Is ann sin tarla Conn Croimcheannach mac Dóit agus Allaidhi
Airdéchtach mac Ealathan dá chéile isin chath, agus tucadur
achmhasán aggarbh ainiarmhurtach dá n-armuibh áithghéra
urnochta daroile. Do ruacht Lugh chuca agus do luigh ar
Chonn Cruimcheannach go ttorchair ris.



Is ann sin ro érigh an tréinmhílidh toghaidhe agus an trén
tromadhbhal, .i. Balur Bailcbhéimnech ua Néid Nua-
chrothaigh asa thaisibh agus asa tháimhnéllaibh a h-aithle an
urchair dhár thollastur an táthlumh a thréincheann.
Ad-chonnairc sin Luath Líneach, .i. an file ad-beart and so
síos:




"Beo balc Balur,
deibheadh fri leódh,
gleó fri niadh,
mear an mál,


L. 47


maoidhmheach muadh,
lasair theineadh,
breac taidhleach,
nirt dhíth ar rígh,
ceann fhine Fomhra is beó."
Beó.




Tárraidh Balar lámh thapaidh laochdha fora leathanar-
maibh d'ionnsuighidh an chatha agus do shiacht go h-ionadh
an iombuailte. Ro thiumsuigheadur na buidhni torath-
arrdha trénchalma sin a chéile as gach aird a rabhadur.
Do riacht an chathach chalma chruaidharmach, .i. Ceithleann
chalma Chraoisfhiaclach, agus ro éirgheadar na sé gothnuide
garbha glasliatha, .i. Baoth, Guach, agus Greannach, Uath,
Amuid, agus Urghráin, gona súistibh iomthroma iarnaidhe.
Do riacht ann Sneidhe Sreangfhada mac Seanghainn, agus
Faobhur Fíoramhnas mac Réisi, agus Ceannmhór Cosfhada a
h-Inis Créta, agus Rinne Ruaidhdhearg a h-Inis Róid, agus
Colla Caol a Cruitheantuaith, agus Subha Ordanfhada ón Sigil
Seanphairteacdha, agus Torna Torncheannach, agus Liath
Luasgach mac Tabhuirn a h-imeal mhara eochairghuirm na
h-Afraice indeas. Rob airisiumh um árdfhlaith, agus ro ba
cothughadh um chuingidh, agus ro ba tiumsughadh um thréinfhearuibh,
agus ro ba ruathur um ríghleó, comhlúth catha frisan
mbarbarrdha, fri Balur.



Ro figheadh, ámh, an cath iar sin go dian agus go díochra.
Tig iarsin a ttós Balur re na bhuídhnibh tré chath
T.D.D.. Do luigh fo thrí trésan ccath go foirtrén
fearamhail go ttorchair céd gacha sligheadh dhíbh lais
ionnas go ndearna slighthe olca aimhréidhe dona cathaibh
re h-iomad ceann agus colann fo chosaibh an churadh, go
mbeanadh gach colann rearoile isin chath gach conuir
ráinic. Robdur ruiste ruaidhdhearga na catha do chuinsgleó
an churadh ar chách.



Bá nár, ámh, risin airdrígh, re Nuadha, neart agus niadhachus
an trénlaoich d'fhás agus d'fhorbuirt thairis badh dhéin, agus
frithoirisis an fíorlaoch i n-áit iomghona a n-aghaidh fri
Balur, agus achtaidh cách dhíobh a cheann i ccomhair
chomhlainn dá chéile. Gonuis agus créachtnaighis cách cuirp


L. 48


chalma fo chosmhaileas aroile. Brisid bráthbhéimeanna
borba Balair a sgiath go neartmhur ar Nuadha. Gonuis a
n-aisgidh é asa h-aithle gur ro threaghdastur tréna innibh
don tromthoimhdhe sin. Con-iacht Nuadha sgiath for a
mhuintir, agus ro frithóileadh sgiath dhó, agus imris eidir é agus
i n-earradh Balair í. Do sgiobastur cách goa chéile dhíobh
agus tugadur cinnte créacht ar earoile. Ro líon trá éccraidheacht
agus anbfainne an t-airdrí Nuadha re h-iomad na n-ilchrécht
gonárbhad léidmheacha a lámha re luamhaireacht, iná a
rosga re sithshilleadh, ina a chosa re comhlúth, ionnas go
ttorchair an ríghnia i ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh. Ionn-
suighis Balar é ann sin agus dícheannis an deighrí.



An tan trá baoi Balur ag maoidheamh an échta agus ag
comháireamh an chomhlainn, do riacht an Daghdha Mór
dá ionnsaighe agus do ráidh ris: "Ná maoidh an t-écht agus ná
comháirimh an comhlann," ar sé, "uair ciorrfaidhthear do
chorp féin i ccionaidh an chuirp ro chréachtnaighis."



Ro freagradh go mear agus go míchéllidhi sin ag Balar.
Tuc cách dhíobh sidhe dána dásachtach d'ionnsaighe aroile
gur bhad ciorrtha crosbhuailte cuirp. Ód-chonnairc trá
Ceithleann an comhlann dá chruadhughadh, rob eagail lé
Balar do bhaoghlughadh agus é ar na chinnchréachtnughadh
do thinne na táthluimhi ó láimh Logha, agus táinic ar ionchaibh
Balair san chathláthair, agus ó nach bfhuaradur ionadh iom-
chubhaidh iombuailte ar Mhagh Tuireadh re h-iomad na
ccomhlann aga ccothughadh eidir na cathaibh ceachtarrdha
sin, sínis Ceithleann siar d'ionnsuighidh Dhumha Choille
Carrthuinne agus anuis ann, agus leanuis an Daghdha í, agus fearuid
comhlann ann sin.



Iomthúsa Logha imorra táinic fona sluaghaibh go
nimhneach neartghuineach amhail tarbh ndian ndásachtach
n-angbhaidh gur bhris bearn trí céd isin chath, .i. céd
ara aghaidh agus céd ara dhíbh thaobhuibh. Do innleadur ar-
a chionn an dána mílidh mórdhána, .i. Sligeach Seanbhoirne
agus Réisi Righfhada, agus Subhaigh Ordanfhada maille ríu
shéin, agus ro fhearadur comhlann re Lugh, agus ónár fhédadur
a thraothadh do fhóbradar seachmall catha agus coimhtheithmhe
ón ríghmhílidh. Leanuis Lugh na laoich don láthair sin,


L. 49


agus beiris ar Shubhaigh Ordanfhada ar an ccnoc i n-iarthur
Mhuighe Treaa, agus fearais comhlann fris, agus marbhuis Lugh
é ann, gonadh uaidhe sin ainmnighthear Subhaigh san
chrích dá éisi.



Do lean Lugh an dias eile asa h-aithle agus do aisleadur sein
a n-iarthur na críche roimh an tréinmhílidh do ví agá
ttoghairm, .i. fear siar chum na fairrge agus fear bhadh thuaidh
gach ndíreach. Do dhiubhraicsiumh an fear do-chuaidh siar
dhíobh, .i. Réisi Ríghfhada, agus do fhágaidh a cheann agus
a fhogha go ttuc a osnamh éccomhlainn, agus do imir fiorta
fiadhnacha fair dá éisi, ór do chuir fo dhiamhair san chnoc
é go tteagadh na caoirigh ar fhaithche na Teamhrach re
cnead cró gacha oidhche Shamhna, agus nach raibhe i n-Éirinn
fós aird nó cnoc nó críoch nach ccraitheadh in uair do
bheireadh a osnamh árd acaoineach ós aird no go ttáinic
Éitchean Doire, .i. Coluim mac Feidhlimidh, agus no gur choisg
séin tré mhíorbhuilibh an Choimdhe chumhachtaigh. Leann
Réithe an cnoc ó shin ale. Beiris Lugh ar Shligeach
Seanbhoirne ag Sruth an Tobair Ghil ag dul fo thuaidh,
agus marbhuis an mílidh ann, gonadh Sligeach ainm an tsrotha
ó shin.



Iompaighis Lugh go Magh Tuireadh do ridhisi ar dháigh
go ttairtheadh a chuid don chath. Tarla chuige iarumh
Ceandmhór Cosfhada a h-Inis Créta agus Rinne Ruadhdhearg
a h-Inis Róid, agus do fhearadur an dias sin comhrac laochdha
leadurthach re Lugh go ndorchradur leis.



Is ann sin do éirigh Breas buidhneach buanchosgurach
mac Ealathan, agus ráinic roimhe a ccath T.D.D. do dhíoghail
a athar, agus ro thuairgeastair go cathraonamhail na sluaigh
go h-amhnus agus do h-eachtronngharg tulághmhur triath-
iomdha, agus níor an aon rea iombualadh agus níor choisg
cuingidh a chomhlann nó a chathréim san chathláthuir go
ccuala Lugh a luirgfheirsde troma tuinnseamhla ar T.D.D. dá
ttraothadh, agus ro iondsaigh Lugh é agus ad-beart na briathra
son ann: "Breas béimneach curchuimhneach lonnluileach
dúr deabhthach ágh urlamh curaidh cuinni feacht
frisiumh sluaigh sloidhsiumh niad ciúinmhín a ccomhrac
san chéd chath ar n-eadráin anosa niad fia fir Fhuinidh fios


L. 50


faoilidh dom neartghoil ní soinmheach Breas béimneach."
Breas.



Ód-chuala Breas na briathra sin ad-beart: "Lugh
loinnghér laoch leadarthach fear freagurthach fiuchadh
fuirmeach fri fód faonluighe díth bfear bFomhra geallsumh
geoghnadh gaisgeadhach comhromha caoin comhuilleach
san láthair si Lugh." Lugh.



Cidh trá acht ro fhearadur comhrac re chéile. Buailis
Breas a sgiath ar Lugh ar an láthair sin go h-aggarbh
ainiarmhurtach do bhuilleadhuibh borba bráthamhla, agus do
achtaigh trí gona gáibhtheacha fair. Ros freagair an
fíorlaoch sin, .i. agus fo-ghní faobhuirchleas dá fhoghuilsgéith
ina uirthimcheal dá láimh álainn aimhdheis gur bhá lór
do dhún agus do dhaingean ar reannuibh é.



Ód-chonncadur fine Fomhra sin do radsad trí trom-
ghárrtha trénaidhbhle do Lugh. Ro shneidhsead na sluaigh
saithe dá sleaghuibh fair, agus ro fhrithóil-siumh d'fhaobhur
a sgéith iad adiú agus anall gonas beart ina ccualuibh coimhmbriste
go talmhain, gur vhó lór d'fhorgráin catha fírreanna agus
faobhair na ccloidheamh ar na ccruaidhbhriseadh. Tárraidh
Lugh buille boirbbhéimneach tar barr uachtair na bocóide
do Bhreas mac Ealathan gur dhiubhraic a cheann dá
choluinn.



Tángadar imorro T.D.D. go dúr agus go díochra isin chath
go raibhe a n-allgháire agus a n-ollghotha a n-alluibh, a
n-easuibh, agus a n-inbhearaibh, coigeadal na ccloidheamh
ccruaidhghér ag sgoltadh sgiath, agus sgeamhghal na sgáthlann
lasamhain láinghér rearoile, agus comhruinte na ccuradh ag
ursglaighi do shleanduibh na sleagh ccrannreamhar ccóig-
rinne. Ro theandsadur ann sin na tréinfhir thoratharrdha
an cath a cceann T.D.D. gurbh uathbhásach iolghránna
éisdeacht re h-ioliomad na ngoirtghréchach ngábhaidh ag
greasacht agus ag aslach na h-iomghona do dhénamh.



Is ann sin do riacht Lugh dá n-ionnsaighidh agus ro theann
an cath i cceann na n-allmhurach gur theitheadur i ccúilibh
agus i ccearnaibh an chatha. Tuc a aghaidh ar Bhalar ann sin
agus fágbhuis Balar an láthuir agus téid trésan ccath soir
gach ndíreach agus leanuid sluaigh adhbhalmhóra agus ioliomad


L. 51


d'Fhomhórachuibh é, agus is eadh tángadur tar Coille Crot-
án Ceandmhór re Lugh ar dheireadh an tsluaigh, agus tar
Leithcheann Leitreach Lomáin áit a ttorchair Lomán Lóm
mac Lobuis re Lugh, agus tar Doire Chuilligh áit a ttorchair
Cuilleach Corr mac Tinne Thortbhuilligh re Lugh, agus tar
Snámh Sealgáin ar Sionainn áit a ndorchair Sealgán mac
Puint re láimh Logha, agus tar Magh Eangha áit a ttorchair
Eangha Árdmhor mac Piollchait re Lugh.



Is ann sin ro fhreagair Mothrán Míchuirdeach agus Lugh a
chéle, agus fearuid comhlann go ndorchair Mothrán re Lugh,
gonadh uadha atá Mothrán a n-Eanguibh dhá éisi.



Is ann sin tucadur na Fomhóraigh iad féin bhadh dheasta
san teitheadh, agus níor fhágbhadur crann eadurbhuasach gach
conair a ndeachadar re treisi agus re toghnamhuidhe do
theitheadur, re méid na raon do-rónsad, gonadh dhe sin ro
lean Magh Réin don mhagh.



Is ann sin do dhealaigh Dearca Dianbhuilleach mac
Mothráin risin sluagh, agus tuc a aghaidh siar thuaidh uatha.
Ad-chonnairc Lugh agus do chuir cloch ina chranntabhuill
agus do dhiubhraic é gur mharbh ar an achadh frisa ráitear
Achadh Dearca aniú. Agus leanuis an sluagh soir dhá éisi
agus marbhuis na trí Corrchinn Chruaidhe ag na clochaibh
corra ar imeallár fearuinn an mhuighe, agus rug Balur gona
shluaghuibh uidhe rofhada uadha an ccomhairead ro bhaoi
ag cathughadh fris na Corrcheannuibh, agus nocha rug orra
go Fiodh na Marbh, áit inur mharbh san mórán dona
míleadhuibh gonadh Coill Mharbh a h-ainm aniú.



Is ann sin sneidhid na sluaigh agus marbhuis Ludur Lunnmhór
mac Loisginn Lomghlúinigh gonadh Snámh Ludair ainm
an ionaidh dá éisi, agus níor an gá ndíth agus ga n-uathughadh,
gá marbhadh agus gá mughughadh go rángadar Cathair Cróuinn
risa ráitear Teamhair an tan sa.



Is ann sin tug Lugh ár adhbhalmhór orra gonár fhágaibh
beó do mhuintir Balair acht aoinfhear namá. Ráinic Balar
as láimh re Bóinn go riacht an mhuir soir, agus beiris Lugh ar
an aoinfhear do vhí a ffochair Balair, agus marbhuis é ag Carn
Aoinfhir ós tráigh an mhara, áit ina bfuil Carn Aoinfhir
ó shin ale.



Iompaighis Balar ann sin ó do ghabh an mhuir fris agus


L. 52


beiris aga fada ó Lugh. Timchillis Lugh é asa h-aithle i
ffritheing na conuire cédna, agus gidh eadh ní ruc am gona ná
gábhaidh air ar fiarfhud Éireann do ridhisi no gor
dhing a lármheadhón catha Muighe Tuireadh é, áit a
rabhadur na catha cródha ceachtarrdha ag cumach agus ag
comhthuargain a chéle, amhail nach cuirdís cath ariamh
roimhe. Leanuis Lugh ar fud an chatha é go ndearna
sionnach catha dhe ag iomghabháil roimh Lugh i gceithre
h-airdibh an chatha.



Do chomhraiceadur re Lugh ann sin tríocha laoch
lasamhain láinghér do ghreitibh an ghairbhtheaghlaigh um
an dala Béluid Bháin, iom dhá mhac Balair, agus um Oghma
mac Badhna mic Tinne Thoirtbhuilligh, agus Toichioll Tinneas-
nach, agus Corrcheann Cosfhada, agus Lodán Leithdhearg, agus
Ionghur Ingneach mac Lodáin, Trénmhór mac Tredhuirn, agus na
trí Deirg a Fáilinis.



Tug Balar a aghaidh rompa bhadh dheas trésan ccath i
nGréchathur frisa ráitear Maighean an Chatha, agus a Magh
Treáá frisa n-abarthur Magh Ó n-Oililla, agus táinic Badhna
tar éis ann sin, agus torchair re Lugh ann, gonadh Tulach
Bhadhna ar Mhagh Treáá ainm an ionaidh a ttorchair. Et
as sin tré Fhiodh Puint frisa n-aburthur Áit Chnuic Uachtair
Thíre, agus Coillte Conchobhair an tan sa, agus tar Sruth Fáin-
ghleanna na Fola risa ráitear Búill in tan sa. Is ar an sruth
sin táinic Oghma mac Badhna tar éis Balair go ttorchair
re Lugh an tréinfhear ann, gonadh Áth Oghma for Búill
ainm an átha dia éisi. Asidhe a Magh nDeagh risa ráitear
Magh Luirg aniú. Asidhe a Magh an Bhaidhbh risa ráitear
Magh n-Aoi mic Allghubha an Druadh, agus tré Fhiodh Náis
risa ráitear Fiodh finnchleachtach Maine mhic Néill. Asidhe
go Magh mínalainn Mucroimhe, áit ar chuir Mac Con a
mhóirghleó re h-Art mac Cuinn. Ann sin attorchradur in
dana Béaluidh Bána, .i. dá mhac Balair re Lugh, gonadh
Feart dá Bhéluid ainm an ionaidh sin a cCrích Allghubha
risa ráitear Críoch Aidhne.



Is ann sin ráinic Toirncheann Tinneasnach ar dheireadh
an tsluaigh agus attorchair re Lugh, gonadh Feart Toirnchinn
ainm an ionaidh a ttorchair, agus Feart Logha a ainm aniú
ór Lugh do dhícheann eisiumh ann. Agus aisídhe a Sliabh


L. 53


luathchosach mic Luibhni risa ráitear Sliabh n-urard
n-Eachtghe. Ann sin do ghabh Corrcheann Cosfhada
deireadh an tsluaigh attorchair re Lugh, gonadh uaidhe
atá Gleann Corrchinn i n-Eachtghe Mhumhan, agus do Thruim
Rusgaigh rea ráitear Tulach na n-Easboc, a bFán na Piasta re
ráitear Fán Chathrach Í Neachtuin, agus i cCoill in tSluaigh
risa ráitear Coíll Chuairne, agus a Sliabh leathan Luis
risa ráitear Sliabh Uidhe an Ríogh, agus a Muine na Mórríoghna
risa ráitear an Chreatulach, agus tar Sruth Sionna agus Magh
Radharcaigh Rughraidhe. Lodur an laochraidh ós tulaigh
ós Luimneach; isin tulaigh sin do-rochair Tredhorn re
Lugh, gonadh dhe atá Leacht na Laochraidhe ós Luimneach
risa ráitear Carn Fearadhaigh aniú. Et do Thulaigh ghlais
Ghreanuinn risa ráitear Lodán aniú ar ttuitim Lodáin
Leithdheirg re Lugh ann, agus tar Drumainn Deaghaidh risa
ráitear Drumann na Déisi Bige, agus tar Fearloch Logha risa
ráitear Clochán mic Ionghair ar ttuitim Ionghair Ingnigh
re Lugh ann, agus tar Dhúnadh Díbheirge óir is ann do-ghní
Eochaidh mac Eirc agus Fir Bolg díbhearg re T.D.D..



Iompaíghid na Deirg a Fáilinis re Lugh, gonadh Druim
Dearg ainm an ionaidh i ttorchradur agus is ris adearar Ard
Pádraic iar ttiachtuin Pádraic a n-Érinn, agus a cCaoille
mic Nearchadha risa ráitear Fir Mhuighe, agus tar Miodhabhainn
risa ráitear Abhann Bheag, agus tar an Linn Léith risa
ráitear Abhann Mhór, agus tar iomdhorchaibh imchiana Ó n-
Eachach, agus a ffearannaibh aimhréidhe agus i ccríochaibh an
deisgirt, agus do Charn Eóluirg risa ráitear Carn Í Néid i
n-iarthur Éireann.



Brisis Lugh ar Bhalur ann sin agus diubhraigis é d'fhogha
tredhruimneach gur vhó croschomhthrom tríd. Iompaighis
Balur a aghaidh re Lugh agus ad-beart Lugh: "Cothaigh re
ceart comhlainn, a ching chruaigh chomhramhaigh, fuiling
re fiadhnaisi ní leat is líth, imchian an iomghabháil tugaise,
an mhuir mhóradhbhal a chathmhílidh rod chothaigh." C.



Freagruis Balar é ad-beart ann so:




"A mhic Eithne Imdheirge,
a chrú chobhsaidh chonghalaigh,
tuill a bhaoith mo bheannachtuin,


L. 54


cuimhnigh searc do sheanathur
ar Eithne dot h-oileamhuin,
nocha míolla, a mhic."




"Nám fhoirdearg sa nísa mó eidir," ar Balar re Lugh,
"ór do thuiteasa cheana dot chaoilrinn."



"Is athchuinghidh bhaoith na briathra sin," ar Lugh, "agus is
iomluadh éttarbha iomdhughadh an ghlóir nach gébhtha
ó neach do dhénamh. Ní fuaburtha fíorlaoich airisiomh
d'iarraidh. Ní gaoithi gaisgeadhaigh cairdeas do chuimh-
niughadh. Miste do mhí-amhas anacal d'iarraidh."



"Ní chuinghim si anacal ort-sa idir," ar Balar, "agus tabhair
athchuinghidh dhamh."



"Cred í h'iarraidh idir?" ar Lugh.



"Madh cosgrach thusa orm-sa," ar Balar, "an tan beanfair
mo cheann díom a chur ar mullach do chinn féin agus a
mhéidhe do chur red cheann ar dháigh go ndeach mo rath
agus mo rochonách, mo ghráin agus mo ghaisgeadh ort-sa. Uair
ní fhágbhuim dar mh'éisi neach is caradraighe dhamh iná
thusa."



"Do-dhénum ar ccomhairle uime sin," ar Lugh, "dá raibhe
ar ar ccumas."



Cinnis iarumh cách chum a chéile dhíobh re comhlúth a
ccoimhfheirge. Créachtnuighid a ccuirp re cumairt a
ccloidheamh, agus re sníomh a sleagh. Déinide na deagh-
bhuilleadha treisi na ttréinfhear, aidhbhlide a n-ursglaighi
móirmheanma na míleadh, feirrde an fulang feirsidhi na
bfearóglach, anffhainnide na h-aigeanta sileadh na síorfhola,
meirtnighide na míleadha measgadh na móirchrécht, treiside
an t-ionnsuidhe uathacht na h-eadrána. Tarla fon mbráth-
amhail, .i. Balur, neimhe na nuachréacht go ndorchair a
ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh iar sgís iomghona agus iombualta.



Beanuis Lugh a cheann de, agus téid risin cceann iar sin, agus
cóirighis ar cholamhain chartha cloichi móire baoi a
n-athfhogas dó é. Goirid do vhí ann asa h-aithle an tan
do sgoilt agus do sgaoil an cartha cruaidh coimhreamhar cloichi
i cceathra leathsgoilténuibh lánmhóra go lár.



"Is fíor," ar Lugh, "ní cairdeamhail an chomhuirle


L. 55


tugabhuir dhamh, agus is measa do bhiadh mo cheann sa ná
mar atá an cartha dá ccuirinn an ceann ar mo cheann."



Gabhuis Lugh ceann Balair do ridhisi agus cóiridhis a nglaic
chuíll é ann sin. Táinic Lugh ann sin ós cinn cholla
Balair, agus do vhí ag dénamh comhairle cá comhartha cosgair
do-bhéradh lais do dheimhniughadh a échta do T.D.D.
ó nach ttáinic dhe ceann Balair d'iomchar.



"Ciodh cos nó lámh, cluas nó srón bearar liom," ar Lugh,
"beantur sin do dhaoinibh agus bíd beó dá éisi."



Ro beanadh cos do Bhalar ann sin agá ghlún agus ad-beart:
"Coimhneart laoch líonastur láthar i n-iathaibh áille
eachtrannach iar sgís comha cuinngheastur caomhuin
méidhe miodhustur laithe luidh sium líonustur curaidh
do chiorrsumar ar Mhagh cCédne cosgurthach go Tigh
Dhuinn go comhnart." C.



Tógbhuis Lugh an ceann fair agus téid ina réim roireatha
tar críochaibh agus tar ceannadhachuibh go trén agus go tinneasnach
do thártháil a choda don chath, agus tromuighis fair gur
fhágaibh an troighidh ag an Abhuinn Móir, gonadh Áth Troigheadh
a ainm ó shin ale; agus ráinic as sin agus a lurga fair
go Gualainn Ghairbh risa ráitear Caisiol, agus ro éimhigh an
lurga fair, agus ro ghabh allus agus athsgís adhbhal ann é, agus
ro chuir uaidhe a cclasaigh mhuighe do shunnradh an lurga
gur lobh agus gur lionaigh ann, agus go ndeachuidh an duirb inte
anunn dh'ithe smeara go ndearna an smirrdris Locha
Lurgan dhi fa dheóigh.



Do iomchlódh Lugh ar ccúlaibh do ridhisi ar ceann na
troigheadh go h-Abhuinn Móir agus tuc leis í, agus téid ann sin
a muinighin a lúith agus a luathreatha a socair gacha sligheadh
agus a n-athghoirid gacha conuire go riacht Magh Tuireadh ar
ccúlaibh. Is ann sin do bhádur ag cothughadh an chatha
na sé gothnuide garbha glaisliatha, .i. Baoth, Gruig, agus
Greannach, Uath, Amuid, agus Urghráin. Ro chruaidhighsead
in cath ann sin um Eolárg Catha agus um an Rí mBuidhe,
um Bhuinne mac Lóbuis, um na Cinnleith Caireathuir, um
Ártur Mór, agus um Thrí Deirg Thuir Chonuing, agus deich
céd ar fhichit céd cathmhíleadh rob é líon na fFomhórach ann
sin ag cur an chatha ar cionn Logha.


L. 56


Do fhreagradur T.D.D. go díochra dásachtach amhail
nach cuirdís leath ar leith cath roimhe riamh. Gluaisid
badhbha ós ceannuibh na ccuradh re cruas na ccomhlann
agus re lédghoire na luirgfheartus ag leadradh a lúireach agus ag
coimhmionughadh a ccathbharr dona cairrgibh ceann-
gharbha. Ro luathlannaigh Lugh an láimh leadurthaigh
láinchréchtaigh ar an láthair sin go ndorchradar na maithe
sin ris. Adrochair Mála Miach in féinnidh re Dealbhaoth,
agus adorchradur na h-amuideadha re ríoghnaibh T.D.D..



Is ann sin do díthigheadh na Fomhóraigh agus do díthláithrigheadh
uile, agus do chuireadur na fileadha a rachtuibh cloch
agus cairtheadh iad féin ar an magh, agus ro chuir Goibhnionn
an ghobha eile, .i. Greas, a riocht charrtha. Ráinic Lugh
chuca agus do athain iad na reachtuibh sin agus adubhairt go
millfeadh iad isna reachtuiph a rabhadur muna dheachdaois
ina reachtuibh féin. Et do chuir ina reachtuiph féin do
ridhisi go rabhadur ag agallamh Logha agus ad-beart Lugh na
briathra so:




"I ccath Muighe Tuireadh
ro bá maith mh'eangnamh uile
eidir Fhomhórchuibh nár ghann
agus Tuatha dealbhdha Dé Danann.



Ro mheasg iar áirghleó ar ndol
Grainc Grianach is Rodhubh,
ro bíth cath foirmear fada
um Chab is um Sheanchaba.



Do mheasg Ártúr, acht magh beag,
Buirionn is Lairgionn go neart,
mó iná cath Balar go mbáidh,
mór gráin Inghine Mothráin.



Deich céd laoch leódhuim san chath
don leith a n-agurthur rath,
an ccoibhéis cédna dom ghoil
ar bélaibh an chatha iar soin."
I.




Is ann sin do iarradur na fileadha anacal ar Lugh, agus
ad-beart Lugh riú dá n-innisdís do an líon do mharbh agus


L. 57


Magh Tuireadh go ttiubhradh maitheamh n-anacail dóibh.



"Muna innisium sin duit," ar siad, "ní iarrfum anacal ort."



Agus ad-beart Lugh an laoi so ann:




"Innis damh, a Luaith Línigh,
a churaidh, a chaithmhílidh,
cá líon torchair dom láimh
ar Magh Tuireadh a n-aondáil."



"As meabhair riom-sa rea ríomh,
gan imresuin gan imshníomh,
gacha ttorchair riot san chath
do shluagh fíorgharg Fomhórach.



Seacht bhfir, seacht bhfichit, seacht ccéd,
seacht ccaoga, ni h-iomuirbhrég,
do chéduibh nochar bhó lag,
fiche céd ann do thuitsead.



Do mharbhais Ealatha Mór
agus Breas rathmhur na róshlógh,
mór an fhéighe sin bhúirigh,
Loisgionn Lom mac Lomghlúinigh.



Do mharbhais Innioch iar soin,
agus Trén mac Triosgadail,
agus Tinni nár bhó tais,
olc linne gach a ndearnuis.



Do mharbhais Balar ua Néid,
agus damh-sa nocha brég,
agus do bhrisios ar an muigh
a shúil go teann don táthluimh.



Fágaibh adhad tubháise
nach dearnadh réd chomhaoisi,
dúinne bhus gníomh sochair sin
dochar dhuit re innisin."
Innis.




Gonadh é cath Muighe Tuireadh go n-uige sin.
FINIS




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services