Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAithríoch Ríoga
Title
An tAithríoch Ríoga
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1706
Publisher
(B.Á.C. Fáisceán na gCeithre Máistrí, 1952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L170} {L 3} {B 1706ls 18T} {G L} {U 0266} {C Prós} {M 8} An céad psalm. Ó a Thighearna, cia bhfuidhe mé deóiribh go leór chum aimhrighaltacht agus locht m'anama do chaoi? Trá smuaíním ar an chuid do me shaoghal do chuaigh thoram, agus do dhearcuim re súile mo chroidhe gníomh m'óige, ní fhadhaim ann ach adhbhar uathbháis agus siocair dhóláis. Ní'l éinní san mbreathnughadh do ním oram féin nach ccriothnuidhann mé, nach ccionntuighan mé, nach baineann mo dhóchas dhíom, agus nach ccuirean m'anam ar buaire. Tuigiom cionnas do bhí mé; tuigim cionnas bá cóir damh a bheith; ní thuigim anois cionnos atáim; measuim cionnas bheas mé; agus as módhide mo mhothughadh dá thaobh so, mo bheith gan dólás as iomchuibhe ar son feirge Dé do thuileamhan. Toirmeisge luige mo mhothughadh fás mh'aithrighe. A Thighearna
, as fada dom smachtughadh thú; ge gurab antuice dhamh méad mo chionnta, ar thruime do bhuillighe, ní dheárnos fós an aithrighe. Is fada do mo ghlaoidheach thú, agus ní thugaim toradh ort; is fada do bhliaghanuibh atáir a dréim ré mo chroidhe aitreabhadh, ach tá mé mo namhuid dhamh féin codh mór agus sin nach leigim asteach ann thú, thusa do bheir saoghal dhamh.
Atáim iarnam thiomchiolla leis na mílteibh annróghadh; atá an /3/ bás a bogar oram ón uile thaobh, agus, ge go bhfuil an uile ghné chrosánacht agus bhuaire oram, ní mhothidhim dólás ann mo chroidhe do thuillfeach mo shlánughadh. Ní ann m'aois amháin atá an t-anródha so gabhail dhamh, ach co doith is do thosaidh mo bheatha do thosaidh m'anródha. Is duine lán do bhuaire
mé; ní liadha momeint do tháinig do mo shaoghal na crosándacht is féidir líom a raomhadh, d'fhuilinn mé, agus fhuilínaim anois go laetheamhuil, ar son nach gluaisionn sé chun aithrighe
mé. Ó chríonnacht aontach an Leagha neamhdha, ó fhéile oireirc Rígh na ríogh agus Thria neimhe agus /4/ talmhan, ó fhobhair gan chompráid na láimhe féile so, a bhronnas tíolaice annsann uile ionnad. Ó a Dhia, do bheir tú crádh dhamh, d'eagladh go bhfuidhinn bás a n-ainmhian, agus dochum go múinfeádh dhamh mo ghardachas a bheith saor ó cháidh. Do bheir tú dólaibh sodhchríochnaighthe dhamh dochum mo shaorrtha ar phiantaibh dodhchríochnaighthe. Crádhaighe tú mo chorp dochum sláinte agus sábhála mh'anma. Ní chréachtan tú mé acht dochum mo dhéanta sodhléigheasda. Ní bhaineann tú an saoghal sa dhíom ach dochum saoghail as oireirceadh, is glóirmhaire, agus as buadhaighe na é a thabhairt 'na mhalruit dhamh. Acht monuar! ní feas dhamh cád d'fhónfach dhamh, nó ní mhíthaithneódhuinn an leigheas do thugfach ó do láimh thrócairuighe-si. Atáim /5/ lán d'eagladh roimh chráth beag, as a ttiucfa mórán tairbhe dhamh, agus gur fear dhamh go fada an crádh sin d'fhághail ó do thrócaire na ó t'fheirig. Ní aithnidhim an leigheas thairgios tú dhamh;
agus cionnas aithneóchas mé é, mar bhfuilónadh mé mé féin a leigheas le duadha fhullann go fóideach? Guidhim thú, tabhair dhamh dul thrígh an bpionnumhas uasal sa, as tuar sláinte dhamh. Ní bhfhuil cosamhlacht air gur fhéidir mo leigheas ach ré crádh fhulann, do bhrígh gur tuar tinnis agus siocair bháis gach sódh saoghalta. Ó a Dhia, tabhair dhamh fulann go fóideach chunn go n-arthóchar mo ghleó chun sóláis; agus dochum go ndéanfuinn /6/ gardachas fratsa, múin dhamh cionnas as módh a rachas gach a bhfhuiléona mé chun taithneamh dhuitsi agas chun sólás anma dhamh féin. An dara psalm. Do chuaidh uair agus aimsir horam, agus misi, an duine donadh, annsa staid chéadnadh, go laethamhuil mo pheacach ag tuilleamh feirge Dé. Ar éis gach duadh agus gach dochar dá ttagan a mullach a chéille oram, ní fhadhaim éundeachlaonadh amháin ann m'aigne, ná mo pheacadh d'fhuathugha, ar son gurab iad ba tosach tubuisteadh dhamh. As beag mo chás a ttuitim, agus ní dhéanuim diothchioll ar bioth ar éirghe tráth thuitim. Cuirim uilc nudha a ccionn mo sheanpheacadh, agus do théim ón bpeaca beag gusann bpeaca mór. Ó a Dhia, ca
do dhéanfas mé ann uair a thiucfas lá an chuntais? Ca tteathmheadh mé, ca racha mé an bhfholach an uair a ghoirfeas tú do lathair chunn breitheamhnais mé, agus iarfas tú cunntas oram ann gach tíolaice dá ttugais dhamh? Ó, ó, ó, cad é an freagra bhéirios mé ort, no cionnas ghabhas mé mo leithsgéul ann mo leisge no ann mo fhaillighe ann tan thífeas mé ann do chathaoir bhreatheamhnuis thú, agus iarfas tú cúntas annsa ní as lugh dár bhain re mo ghairm
no le mo adhluighe? Ó a Dhia, ca
déarfas mé ann sin ach gurab mé an duine dona, mar bhfreagra do ghrása-sa ar mo shon? Och ón, cad é an riod mé, no cia bhfhuidhe mé briathraibh fuileamhnach chun freagthartha do do fhíorcheart-sa? Ach cá
do dhéanfas 8 mé ma chathim freagra ar mo shon féin? Ní bhfhuil ré déanamh agam ach, ar crith agus ar buaire, a rádha nach dearna mé maith re do thiolaice, ach a gcathamh ré dímhaoineas agus ré sóláis bheag shaoghalta, agus gur sgab mé iad inna mbeatha uaibhreach míchliúdheach. A Dhia, as truadh! re beatha deirim tráth ba cóir dhamh a rádha re bás. Do shíl mé go raibh mé beó seal do mhair mé a sóláis bheag shaoghalta; 'nois aithnidhim féin nach rabhas ach ar éis bháis an n-uair nach raibh tusa agam, ós tú féin an bheatha fhíre. Cionnas as fhéidir dhamh a rádh go raibh mé mo bheatha, ach mar d'fhochair-si do bhí mé amhladh? Ó a Dhia, maisi, ós fíor gurab bás beatha an pheacaidh, ní bhfhuil ré rádha air ach gur toísge thosaidh mé air bhás d'fhádhail /9/ na ar a bheith beó mo bheatha. Niar aithin mé an bheatha no ní sgarfuinn ré mo Dhia. Do rinn mo dhrochchlaonta an easbhuidh aoisi do bhí oram suas ag déanamh uilc th'aghaidh-si; agus ní mór go rugadh mé an uair do rinn mé peacadh. Aig mo thuisme do chaoin mé an peaca inna ruga mé, ge nach ráibh fios agam féin air, agus ge gur chaoin mé an peacadh do rinn duine oile gan fhios dhamh féin, ní chaoinim anois an peacadh do rinn mé féin go bhfhios dhamh féin. As mór a shearcuidh mé peacadh mo leanabhaois, agus do shalaidh mé an aois ládhach sin, ba cóir ó náttúir a bheith neamhurchóideach, le neamhglaine. Ní raibh ionnam uile ach miangas. d'fhuilinn
mé mé féin do chlaoith re andúil mhallaighthe mhíriaghalta; agus do bhí mé daille codh mór sin nar léar dhamh an solus tar /10/ an dorchadas, na ciúmhnas anma seacha sturim ainmhianta. Do bhí mé co sochlaoite, co neamhspéisamhuil sin ann maith a dhéanamh go mb'fhearr liom éisteacht ré neitheibh saoghalta na re neithibh neamhdha. Do bhí taithnamh co mór agus sin agam ann mealtóireacht chealgach an tsaoghil si go mba cosmhail liom go mb'
earr liom pionnmhudhis na sódh síorruidhe. Ní dhearna mé air feadh mo bheatha éinní ach ní d'fhoirneadh mé go toigh a diabhail. Ó leanabaois mheallta, do ráinic mé go fearaois míshubhailceach. d'ardaigh mo pheacadh ré m'aois; do mhéadaidh siad mar do mhéadaidh mé féin. Do rinn mo ghrádh dimhaoin, uadhlach, beathighthach alta dhíom. An uair do thosaigh mé ar ghéille dá milseacht bhásamhuil, do thosaigh mé ar a bheith mo namhuid agam féin, agus do roith mé go déonntach dochum mo dhíbháladh. Do chaith mé /11/ m'óige re huaill, agus do chaith mé í ré peacadh, nach n-athóntar ach ar na míshubhailce ghreamuidheas dedh. Mar mhédaidh mé féin, do mhédaidh mo pheaca. Is fíor go raibh mé óg, agus go ttáinic mé chum aoisi, agus ar an bhfad sin do shealbhaidh na dubhailce ionnad na subhailce ionn mo chroidhe. Do liath an aois mo chionn, ach ní thug sin oram do chosán-sa do thathaidh. Ar nós an leinibh bheig anois dhamh, a gcionn mo chéad bliaghain, brúite briste mar tá mé, do ním gníomh leinibh. Mar sin, cad í an uair do bhí mé co neamhurchóideach sin agus go m'fhéidir liom iarra ortsa breitheamhnas do thabhairt oram do réir mo neamhchionta? A Thighearna, as truadh mé, cur a
gcás go saorfach aon mhoment amháin
, cad í an mhuinín is féidir /12/ liom a bheith asam féin, do chaith a ttáinic do mo shaoghal re holc? A Dhia, maisi, gan amhras atá tusa ceart, agus do bhreitheamhnas fíorcheart, agus do bheir tú luach a shaoithair don uile dhuine. Trá spíonuim mo chonsias, do shúil go bhfhuidhinn ní éigin ann do thoillfeach do shíothcháin-si, ní fhadhaim ionn ach fodughadh feirge. Ní bhfuil gníomh dá ndearna mé nach fáth uathmhna dhamh é, agus, má raomhuim mo ghníomhtharruibh, raoimhad mo pheacuidhe. Ba alaonta cliste an mac a lochtuibh mé; ba léor a fheabhas do thédhinn a ttosach annsan uile sheanmhallacht, agus sín amháin an teagasg do leanuinn. Ach is amhlaidh atá sé, do chomhnaigh mé annsna dubhailce, ar nós na muice bhias dá honmhuirt féin san aoileach agus nach beithaidhear ach ar fud salchuir, agus ní fhadhaim sólás a neitheibh ar bioth ach a /13/ neithibh dimhaoin, a n-ithiomarbháidh, agus a ndúilaithais. Ba míthaithneach liom gach ní fuileamhneach no tairbheach, agus ní raibh mo dhúil ann ní ar bioth ach annsna neitheibh ba tuar bá
s dhamh Niar mhian liom árán a chuir ar dhuine ar bioth ach ar dhrochdhuine; ní bhfuidhinn comhnaidh ach a bhfochair dhaoine sgaoilteacha míchneasta, agus ba móide mo mheas oruim féin gurab mé ba uallaidh agus ba malluithe do mo chuideachta. Ba maith uaim mo leithsgéul féin a ghabhail, ach niar mhian liom mé féin a chionntughadh ar aonchor. Do rinn mé mo dhichioll ar mo chroidhe a dhúnadh a n-aghaidh na subhailce, agus ba docraide mo leithsgéul a ghabhail, nar taibhridhubh dhamh gur peacach mé. Ba beag mo mheas ar leigheas galair no easláinte m'anma, nó ní léigfuin dhíom /14/ na
leigheis a taisbéana dhamh. Ní raibh duine ar bioth ba ludh oram na an té do shílfeach fóirthín a thabhairt dhamh. Do bhídhinn go holc don té do bheireamh spaille dhamh ar son mo locht, agus ba ionmhuin liom an té do mholfach m'olc. Ní éistfinn ré ní ar bioth anna mbeith trácht ortsa, gedheadh, ba taithneamhach liom comhrádhadh na druinge nach biabh an Spiorad Naomh dá tteagasg. A Dhia, as amhlaidh atá sé, niar chuir mé spéis agus niar smuainteadh mé ar ní ar bioth ach ar dhimhaoineas an tsaoghail. Is ar bhréaga agus ar mhacnus do bhí m'aire, agus annsan uile ghníomh dá ndearna mé is módh do bhí mé ar lorg an dorchadais na an tsoluis. Spiantar mo ghníomharthibh, cuartaighthar imtheacht agus taistioll mo bheatha, agus ní bhfuithar ionnta ar fad ach ní thuilleas t'fhearg-sa. Is amhluidh mar atá, /15/ ma tharnídhann tú chun ceasta mé, ní bhfuil re rádh agam ach gur peacach mé; agus do bhrí go n-abrann tú féin, an tí chionntuidheas é féin, go bhfuil a leithsgéul gabhtha a lathair, ní iarfadh mé féin a ghlana ach re admháil mo chionta. Guidhim thú, dá bhrí sin, na coimhne uaill na hóige, agus na goir do shearbhíseach bhocht dochum breitheamhnuis, óir ní féidir leis é féin a neamhchionntughadh ad lathair-si. Is fíor, a Thighearna, nach bhfhuil dul tar an mbreitheamhnas agam, agus tabhairsi breitheamhnas do réir do mhathasa agus do mhórthrócaire, agus ní do réir cheirt, oram; coimhne gur do do chrétúiridh féin mé, ge gur peacach mé. Agus, ma thuill mo pheaca-sa t'fhearg, go réighe do thrócaire í, a modh go ndéana tú trócaire oramsa, an t-aithrigheach bocht, atá ad adhoira, agus claoidhea do mhórthrócaire
t'fhearg shíorruidhe /15/, dochum go saoirfuidhe misi ó lasracha suthain, dochum go mbeith m'anam ag síormhola agus ag foillsuidhadh do thrócaire. An treas psalm. Ó, cia do dhéanfas mé; ó, cad é méid mo mhídhádhadh, do thuill diombháidh an tí réirbh fhéidir an sonas so a chur oram,
ag brise a dhlighe go hasurrumach? Do sheachuin mé an tslighe dhíreach chunn an tsonais síorruidhe go toiltionach, agus, mar chaora siochráin, do bhí mé ráinuidheacht gan riaghail gan órdudha, ar choimeirge na huile neitheadh as módh ré m'fhéidir mo sgrios agus mo mhille. Do chuartaidh mé ann t-ard agus an fánadh agus ní tharla ní ar bith dhamh nach raibh lán míshóláis, cráiteacht, duadha, agus annródha. Tá mé curtha /17/ tuirseach a siubhal a slíghe na locht agus a dulamúidhaidh. Do chuartaigh mé gach ionad ag iarraidh sóláis, agus ní bhfuair mé é, do bhrígh nach raibh mé ar thóruidheacht Dé. Do shiubhail mé a ttír fhuair fheirsciumhbhail, cuid ranna an bháis agus an pheaca; agas do rinn mo dhichioll ar an tsocraidheacht iarra ann áit nach raibh ach uathbhás agus crádh, anna mbiaidh an t-anam a gcomhnaidh dá phianadh. An seal do bhí mé ann onóir d'fhuilinn mé mé féin a dhalla réna loinnair; agus, a nós na n-ainmhídheadh, do chuir mé fúm a gcoillte agus a ndeirceacha 'na measg. Do chomhnaidh
a n-anmhiantaibh, agus go léir a míshoimhnas agus a gcrosánacht. Air ailte do bhí m'ionad comhnaidh, agus do thuit mo chodhla oram ar uair mo dhímhála; agus do
bhí mo dhaille comh aontach, chomh annamh sin gur shíl sódh agus ciumhnas /18/ deimhneach a lathair guas agus pianta. Cia do dhéanfas mé anois, cia bhfuidhe mé dídion no tearmonn ó gach gábhadh dá bhfhuil a bhogar oram ó an uile ard? Do sgar meisneach na hóige liom. As samhuil do neach dar bhain longbhrisi, ar éis a loinge, a shaibhreis, agus a ionmhus a chaileamhuin, bhias a snámh gan tairbha a meóin na mara, dá phochadh ó thuinn agus ó annmha, mé. As fada ó chuan agus ó chadhla do séide mé; ní haithne dhamh ní ar bith léar féidir mo shaora; fuilínim mé féin a bhualadh a n-aghaidh na gcairgeachadh, mar a gcaillfear go truadhántadh mé. Atá luidheachan aig an námhuid oram, agus gan mé amhrasach air. Do shiubhail mé gan aitias, lán dóchais, air deirceacha do tochla agus do hollmhaidh mo chuinne, agus, amhuil bá mian liom cuidiubhadh a thabhairt chunn mé féin a sgrios agus a mhille, do mhúch mé an solus do dhéanfach /19/ craoibhsgaoile orra. Do chealg mé mé féin ann mo pheacuidhe; do mheas mé nach raibh ann óige faoi smacht ag dlíghe an bháis; d'fhosguil m'anam é féin
ré anndóchas dimhaoin don uile ghné ulc agus andúla salcha. d'fhuilinn mé mé féin a thréorughadh agus a stiúrughadh re anmhian; do lean mé go tuibuisteach é ann gach ionad annar mhian
mo tharruinn. A Dhia
, cad í mo bhrionglóide ar an mbás? Cad dob áill liom
ag smúaintiugha ar na críochaibh déanachadh, mar smúainigh mé ar na neitheibh éirgheóchas dhamh idir so agus iad? Deirim air uairibh liom fein, 'Atá ám go
léor ré iontódhadh an tan ghlacas toil nó dúil chuige mé.' Mar so do chaith mé m'aois a lochtuibh; do rinne ní náttúrtha do mo dhrochghnás, agus mar sgláibh ar shlabhradh, atá mé air a chomhairle. Agas /20/ mar raébhuaillte, fhuathais a chorp agus a shaoghal, agus chriothnaidhas gach cuid díobh, acht an seal bhias fá smacht codalta mé. Acht monuar! tá mo ghráin-se agus m'fhuath nísa aonta agus nísa aduaine agus nís contabhairte go mór na fháth-san. Ris a gcorp amháin bhias esan a giorac. Ar luathreamhan bhias a bhuille sa dhorn, ach tá m'andaingneacht-sa a bpeaca a comhrac ann annma; agus ní léor liom a gcréachtnughadh gan a marbhadh thríd agus thríd. Mar seo, iar tteacht a nduibhiogán an uile olc, atáim ag brostughadh agus as lasa feirge Dé, agus do thuill m'anlochtuibh a fhearg-san agus mo mhille féin. Cuirim rodham air uairibh lasarrachadh mo sheanndubhailce, bhias a gcomhnaidh do mo chnaídh, a smachtugha agus a mhúcha, ach as ní dodhéantadh a sgara re mo chroídhe; do gheibh siad uileamhuin go léor annta, is iad ceanguilte /21/ do mo chnámhaibh. A Dhia, maise, sil agus dóirt do ghrása oram, óir ní féidir liom féin na lasrachadh atá do mo sgrios a mhúcha acht ré tine do ghrádha neamhdhasa. Ní bhfhuil neart go léor annam chunn na cuibhreacha
a sgaoile dhíom. Scaoil féin iad a Thighearna; is í do chabhair bhearas fóirthin agus furtacht dom ainmhuinne agus dom laige chríodhe.
Adbhuidhim nár thuill mé caradas co mór na co glóirmhar sin; ar a shon sin, ó thídhim go ttugann t'fhéile-se ar an ngréin dealra air an n-ainfhíréun co maith ris an fíréun, go ttugann tú saibhreas, sláinte, agus deathioluice oile do dhaoine nach fiúdh iad é, ní shílim gur féidir leat saibhreas spioradálta a dhiúlta ar an tí iarfas go díganta é, lán do mhothudhadh agus do dhólás tre th'fheirg-se do thuille. Ar an adhbhar sin
, bí /22/ truaidhthe agad dhamh, agus bí do chluasa aireach do ghérán agus d'aisge dhuine bhoicht, tusa, adeirim, atá saibhir a ttrócaire, thusa lear mhian matheamh go héusga, thusa a ghlanas drochleannta na colna, thusa do bheir éistach do bhrón agus d'éagcaoine na ndaor, thusa a réubas na coibhreacha agus na géibhionnadh annar cheanglamair féin inn féin; fa dheóidh, tusa do bheir saoirse dhúinn os an sclábhuidheacht annar chuireamair féin inn féin, agus tabhair dhúin gan an tsaoirse so do shílemíd atá aguinn féin a chur a ngníomh ad t'aghaidh. Tabhair dhamh do lámh, d'eagladh go meatha an saothar so do rinne tú féin, nó go ttuitfinn annsan tsúmaire critheaglach, mar nach bhfuil uisge do mhúcha an tine re bpiantar na peacthuidh. Caomhain mé ar chraos an léomhain bhúirfidhe, do shíleas fuadán do dhéanamh dhíom, agus do ní díothchioll ar mo /23/ shlugan suas, óir is tú mo Chaoimhnuightheóir, agus ann do thrócaire amháin atá mo mhuinídhin. Tabhair dhamh, dá bhrígh sin, éifeacht do thrócaire a mhothughadh do réir mo dhóchais ionnad. Ó tá mo mhuinídhin asad, ní claoifear mé, ach, fa dheóidh, iar bhfádhail gach grása agus gach caradas dhar iar mé ort, canadh mé do mholla agus do ghlóir ris na haingil agus re uibhir na spiorad naomhtha mbeannuighthe.
An ceathramhadh psalm Cathaim ann oíche
mbrón agus a ttuirse, agus ní taibhríthar dhamh ach uathbhás agus eagla; gan tada comhnaídh atá mo chogús do mo bhuaireadh agus do mo bhrostughadh, agus ní fhadhaim a shaora ó chaithuighthe, agus ní féidir ré énní cneadh dá /24/ ladhaid a dhéanamh ann acht ré arm a namhad amháin. Atá mo chodla briste buadhartha ag iomad na smúaintighthe; ní fhéidiom na smúaintígheadh atá dom imghreama a phlúcha, agus ann ionnad sáimhnais atáim iarnam phréachadh re pianta nuaghadh. Ní fhéidiom gan dúsacht go minic. Dá gcuireadh curthacht codla oram, múscladh mísháimhneas a lathair mé, agus mothuidhim teine m'innidhe atá ar éis mo chnaoite, agus a mhéaduidheas re dúsacht. Atá col agam
ris an mbia bá taithneamhach
liom; comheasgaim mo dhéoch ré deóraibh; ní fheicim ní ar bith acht seachlum; ní bhfuil ionnam ní ar bith a dhéanamh acht, lán náire, coimhniughadh méad do thuill mé oirbhaire Dé, agas a liadhacht slíghe do ghlac mé chunn masladha agus mímhodha do thabhairt /25/ do na cumhachtaidh agus do na grásaibh do tiodhlaice dhamh. Re dimhaoineas amháin do chaith mé mo laéthaibh; do cnaoidheadh agus do caitheamh mé, do mo dheóin féin, ré cúram, agus ré smuaíntidhthe bhias contrárdha don uile ní do dhéanfadh maith dhamh, d'fhuilinn mé do neart na ndrochsmuaíntidhthe mo tharrinn, agus ré mídhlisteanacht mo mhiana d'éirghe chailleamhain damh nach féidir a leasmha. Do theilg mé seachad an aimsir bá ceart dhamh a chatheamh do mo shlánughadh. Niar chuir mé róam ach brionglóide; do taibhrídhe dhamh go bhfaca mé neithibh dísle; gidheadh, bá taisbéantaidh agus scáilídheadh iad. Ní bhfhuil
ré rádh air ach gur mheall mé mé féin, agus go bhfuilim ar fágbháil idir a dimhaoineas agus na drochsmuaintidhthe. Siúd suas go flaitheamhnas /26/ mé, súd síos ar ball arís go hifrionn mé, seal a bhídhim ag tabhairt ar pheacaidh nuadha fhás as na seanpheacadh, agus bhias duibheigán do mo bhrosdudha chunn duibheágáin oile, caille m'anam
a neart agus a shubhailce; sílidh daoine gur do mhurgacht atáim déanta. Is a neithibh nach féidir a bhias mo dhúil, is iad a bhiam a thóruidheacht, do shealbh ar liom féin atá dimhneach agam, mé ar nós na druinge do thí d'aislinn íoliomad do neithe taithneamhacha aca féin, agus, iar ndúsacht, bhias lán do mhímheanma a n-éagmais an tsaibhris do shealbhaidair, mar shíladair. A Dhia, cá atá ionnam ach péisteóg? Ní aithním mé féin. Ba mian liom go mórdhálach mé féin a árdughadh os cionn ann uile dhuine. Bá uaibhreach mo thráchtr ar na huile neitheibh, agus do mheas mé gurab annsan ríghmhéadha bhig so do bhí iomshládhan agus duibheagán na críonnachtadh. Ba spaillideach /27/ ar mo chomhionainn mé, agus as minic do bheireamh lasántacht aiginntach gan bhun gan fundameint oram go minic iomad éagcóra a dhéanamh. d'fhuathaidh mé ann fhóidhid agus do ghrádhaidh mé an fhearg; agus do bhí an drochaindeise codh náttúrdha sin agam go mbia sí gan tsiochair ar bith ann mo chroidhe. An seal do mhaire an chuinntinne si liom do bhiabh gráin
aig mo sheirbhíseacha agus aig mo chomhursanna oram acht agam féin
féin, agus gan coimhniumha ar a liadhacht tíolaice móra mince, gan spaille dá laidhad, do
fuair mé ó Dhia, do bhín a maoidheamh air dá ndéanfinn beagán beag seirbhíse do mo chomharsain, agus féadfuidhe ní narbh fhiúdh buidheachas é. Ní gan chnáimhseachain d'iomchrainn na huilc na na híoróguidh d'éirghe dhamh; ba mó mo dhóchas as daoine na as Dia. Ní /28/ éistinn agus ní thuiginn an fhírinne ná teagasg folládhain ar bith gan nimheas; agus as lé fuathsaíd a d'fhreagairinn an té do bheireamh teagasg dhamh nó thaisbéanach slíghe mo shlánuighthe dhamh. Ba claonach chum éagcóradh mé; as cúrumach a bhídhinn a fádhail amach, agus, 'na dhiaidh sin, a dhéanamh dídhaltais ar son na n-éagceart do shílinn féin do níthí oram; niar léig mé mo leathtrom a leith Dé ariamh. As minic ba dian mé a n-aighaidh an té do bhíobh a seasamh an cheart; as air éigin d'fhuilídhnainn focal os béal dhuine, dá cheannsaidhthe nó dá mhacánta dá laibheóradh. Ní bhfhuar mé éinní a measg dhaoine cneasda na súbhailceach anna bhfuidhinn taithneamh. A ngiorac, a ttroid, agus ann iomad athrudha urchóideacha do bhíobh mo shólás. Bá mór mo dhúil a miosgas a fhodódha idir dearbhráithre, agus fuath agus iomrasan a chur eatartha. As fíor go /29/ ttug mé air uairibh aire do theagasg, gidheadh, niar chuir mé a ngníomh agus niar chomhlíon mé é; do chuala mo chluasa é acht ní ráinic sé mo chroídhe. As muirneach muinntiorrach do bhíobh cóimhearleacha uallacha agus banda agam do thagaibh liom ar gach anntoil. Seo an dream do gheabhach mo chroídhe agus mo charattas. Ba beag oram na daoine réidhdhíreachadh cneasta léar mhian mo smachtudha agus mo cheartughadh, ag teasbéana mo
locht dhamh lé sóléargas folládhain agus re dánacht. Ní rug mé ar lámh air an tí do choinnarc mé ag thuitim nó a bprádhainn chumhanta; niar ruinn mé leis na bochtuibh do bhíobh ag fádhail bháis d'ocaras. Ní fhéachain ar na bochtuibh ná air na héaccrudhaibh, d'eagladh go sáródhaibh mo shaint codh mór agus sin agus déirc a thabhairt dáibh. Ní raibh beann agam ar m'fhiacha íoc, ná an ní do fága air mo thaisce a aisioc; agus, /30/ chunn goma fusaide dhamh m'anmhian a shásughadh, do bhochtuidh mé mo chomhursa ré iasacht nar íoc mé. Niar iarr mé saibhrios ach chunn goma héasgaide agus goma fusaide dhamh peacudha é. Do nídhinn stád as mo shaibhrios an tan a shílinn diomhaoineas no neitheibh toirmisgthe a chur a ttosach; agus as truadhbhéulach mé ann uair a hiarrthar oram maithghníomh a dhéanamh. Ní bhíobh éinní d'easfadh ar m'anmhian, no comhgar ar bioth chunn deaghníomhadh agam. Ní ghnáthuinn measarrdhacht aig méilídhe, agus ann iomarcadh aonghantach agus a gceas athfhuathmhar do nídhinn iomarca air an náttúdhir, do thiucfach ré beagán, agus iarras iomchuibheacht. Do rinn mé Dia do mo mhéaduil; agus do shocraidh mé mo ghlóir a neitheibh saoghalta, nach ttugan éinní dhamh an mbuaire. Niar bheag mo dhúil agus m'iarra ar fhleitheibh taithneamheacha totha; do leiginn éagcruadhtacht oram féin, do ghabhail leithscéil mo thaitneamh agus m'anndúdhala. Do bhíobh riachtanas /31/ air uairibh a gabhail leithsgéil m'ainmhian. Do bhí mo thaithneamh a n-adhaltranas. Ba ionmhuin liom comhluadar na ndaoine scaoilteacha gcraosta. Do bhí mo neamhghlaine codh mór agus sin
nach léigion a náire dhamh éinní ainmniudha nar mhícháta nó mhíchliúdh dhamh. Ba dúrachtach aire mo chluas agus mo theangan air dhimhaoineas. As muinntiorrach a d'éistin ré ceallguiridhea; agus an n-uair a mheasuinn nach moladís go leór mé, do leasáinn sin ré mo thabhairtuis a chasa oram féin. Dá ttugainn air uairibh siocair mo mholta uaim, ba robhinn liom mo chliú féin, agus daoine oile dom ardmholadh. Ó a Dhia, is re iomad sóláis mhealltacha an tsaoghuil do chaill mé an sólás neamhdha, agus, dá ttugadh eagla an bháis no an bhreitheamhnuis ar uairibh oram stad ó an tsúmaire dhamhainn ghrionniolleasbhach, chunn a meallann sóláis beaga saoghalta inn, do thuitfinn go prap an arís, a nós a mhada a chasas ar a scearthaidh. Atá mé marbh a ndéadhoibreacha, gé gurab béodha annsna peacuibh mé. Ar son go bhfhuilim a gceanglacha agus a ngéibhionna ag an mbás, as roith 'na chuinne as mian líom, agus as critheaglach, uathbhásach do chídhim a brostughadh róam é. A Dhia, toirmisgeadh do thrócaire an lá uathmhialta sa, lá an uathbháis, lán déor agus osnuigheadha. Thighearna tabhair dhámh bás d'fhádhail, bá tosach beatha dhamh, chunn go n-ard-mholadh mé do thrócaire ós na huile mhórghníomh oile dá ndéarna tú. Féach, a Dhia, féach air cháilidheacht agus air staid m'anma; féach an cheasnuighe agus an luige chunn ar tharruinn m'aintoil é. Féach an t-éigion agus an t-anshárugha do ní seo oram, agus
saor mé ó anchumhachta namhad, atá dochlaoite, mar gcuidídhe tusa liom buadhbha air. Tarrionn agus sraic ó shlaibhruighe an bháis mé, dochum nach dlúthoinn lé, agus nach ngreamuinn do ní ar bioth oile acht dhíot féin amháin, a bheatha fhíre, agus, iar seachna agus iar /33/ ttréigion na n-uile neitheibh, go leanfuinn tú féin amháin, as módh agus as measta agus as fearr no an domhan uile. Ó a Thighearna Dia, a Dhia na sláinnte agus na trócaire, abuir ré m'anam gurab tú a chaomhna, do héiste th'urnaighthe, agus do gheabha tú gach a n-iarrair. Ó a Dhia, tabhair dhamh go ccluinfeadh mé an guth binn seo, agus, déanamh dhá réir, go tteanghmha mé ortsa; agus, ar éis teangmhála ort agus t'fhádhala, gan scarbhuinn riot go léigfeadh tú féin slán slánchréachtach mé. Cia racha mé dar fhíre ag iarra fóirín nó leigheas m'anshocracht ach chugadsa, a Dhia? Cia hé léir féidir sólás do chur air m'aicídeachadh co maith leatsa, do thuirlinn ó fhlaitheamhnas do shlánughadh an duine agus do leigheas a ghalruigheadh agus a easláinte? Cia bhearabh saoghal dhamh acht an tí réar féidir bás nó beatha do thabhairt don uile ní? Cia darab fusa caomhna no diongmháltacht a thabhairt uaidh /34/
na mo Dhia agus mo Shlánuightheóir? Uime sin, slánuigh mé; uime sin, aithbheódhaidh mé, thusa as sláinte agus as saoghal do na huile a chuireas a ndóchas ionnad. A Dhia, amhuil do bhí do chumhachta gan tosach, go raibh do ghlóir gan deire, agus go molamídne thú agus go n-aramíd do ghnáth thú, agus go ttaisgeamíd ann uile onóir shuthain dhochríochnuighthe, agus an n-uile bhuidheachas shíorruidhe dhuitse, a thobar shíorruidhe na trócaire.
Do sheachuin mé thú, agus, ar son gurbha go toiltionnach d'fhíll mé uait, do bhí tusa do ghnáth a lathair agam, réigh chunn m'fhurtacht codh doith as do chasfuinn ort; agus ba fuisge dhamh do chumhna-sa agus do chabhair na m'agallamh ort dá iarra. As leór dhuit chunn ar leigheas, gur mian linn leigheas d'fhádhail. As leór chunn saoghal d'fhádhail ó t'fhéile, gurab mian linn a bheith béo. agus tá t'fhéile co farsuinn sin go sáruidheann do thiodhluice aisge an pheacadh chionntuidheas é féin. Uime sin, a Thíghearna, aidmhéodh misi mo /35/ churthuibh, agus bá leór sin chun t'fheirge si a shárudhadh. Admhuidhim anois mo chionntuibh, agus ní é 'mháin go n-aithnidhim agus go ttarcuisnidhim mo churthibh, acht do chím cheana féin mo lochtuibh leigheasta, maiteach agam. As amhla atá sé
, as éigion dhamh a n-admháil, óir atá an n-eagla agus an t-uathbhás ag tolla mo chnámh, agus atá m'anam buadhartha re na smuaíntidheadh critheaglacha do bheir mo mhothugha chunn mo choimhne. Teilgim
m'aindeisi agus mo pheacadh, dochum go scriosa agus go ndíbreadh do thrócaire iad, agus go leigheasthádh m'anam ón daille do thug air éirghe a ccontinn ad t'aghaidh-si. A Dhia, ar son nach áill leat an peaca, ní áill leat bás an pheacaidh, acht fille chunn aithridhedh agus a bheith béo. A Dhia, ní mholuid na muirbh thú, isinne amháin, na beódhibh, is inne amháin a chanas do mholadh, inne amháin a fhoilséos /36/ t'fhéile agus do thrócaire tre ann uile shaoghal. An chúigmhodh psalm. A Thighearna, d'fhoilsi agus do thaisbéan
mé mo bhuairfeadh ad lathair, ní chunn a fheasa a thabhairt dhuit, nó na stáide nó an ghléas ionna bhfuilim a thaisbéanadh dhuit, nó cionnas a chaithaim mo shaoghal; óir ba sodhléir dhuit iat ón n-uile shíorruidheacht, agus ní as taoisge na do bhí beith aig an mbith do raoimh tú mo choscéimidheadh. Scrúda tú dorchacht gach diamharrún, agus as feas dhuit, agus nochtan tú gach a bhfhuil a bhfholach ann. Ní féidir éinní a chur as t'amharc; atá an n-uile ní a lathair agad; is léar dhuit an ní do níthar ann ar gcroídhthibh, agus ní neamhfheas dhuit na smúaintighthe as hídh agus as secréideadh. Foillsidhimsi dhuit, dá bhrígh sin, mo bhuaire agus m'anródha, agus folaidh féin iad, agus goma /37/ fiú leat mo chaomhna. agus nochtuim mo rún dhuit, dochum go gceilfeadh do mhaith é agus dochum go mba léar dhuit go bhfhuil mo chroidhe díoltuirseach, umhal, agas leis an iodhbuirt ar bith oile, go mbrostfuinn do thrócaire chunn maitheamhnais. Deirim go laethamhuil, gus so, na huile mhalluidheacht, acht amháin go n-admhuidhim gurbha cumadh ga dubhairt mé a bh
arra a ndearnadh mé. Atá mo chogudhas a ngnáthchomhrac liom, go laéthamhuil a taisealbha agus ag téasbéana uathbhás mo mhídhghníomha. Oidhle sé crumh ann m'anam, a bhias do ghnáth dá bhuala agus dá phiana. Agas nach féidir ris an gcruimh so mo chroídhe a chnaoidh, a modh go nglanfa ó an n-uile cháidh é, agus í féin a chnaoidh ré iadsan a chnaoidh? A Dhé, tabhair dhamh gan a hoidhleamhuin ann, chunn go mairfeadh go bráth; tabhair dhidh m'anam /38/ a bhrúdha agus a tholla, a modh go n-éagtha sí féin ris, agus, ag piana m'anma, go gcoisge 'na bheagán sna bheagán ó a bheith dá bhrúdhadh.
Acht monuair! cad é codh deireóil tá mo staid? Measuim gach aonuair go ndearna mé iomlán mo pheacadh a fhaoisidin, agus as éigin dhamh tosughadh arís. Taisbéana mo mheamhuir fáth nuadh uathmhna do cheirt-si dhamh; atá sí líonta suas lé huilc mo bheatha; ní doithe a nochtas sí locht dhamh no do bheir sí oram lochtuibh oile as módh na sin a fheicsin, agus as módh do thuilleas do sciúrsa-sa. Sé a chríoch é, do sháruigh uibheir mo locht gaine na mara, agus, dá mbeith míle béul agam agus an urdil teagthachaibh, ba dodhinnste dhamh aon do gach éann mhilliúdhan díobh. Mar so, is módhidide mo thuirse nach gcuimhnidhim ar iomlán mo neamhghlaine, óir an seal do bhím a dhéanamh peacadh nudha dearmadím go neamhmothuidheach /39/ mo sheanpheaca. Acht, a Dhia, ní phlúcha mé re tocht na peacaibh atá an mo choimhne; seachónadh mé a ngrádhudha, dochum goma neartmhuire a ghrádhóchas mé tusa é, agus, ag smúainiudha air mo shaoghal ré spiorad uiríseal agus ré súile lán deóruibh go bhfhuidhe mé uaitsi a bheith nias ludha dhíubhfheirge, nias ceannas, agus nias trócaire. A mo Dhia, thusa atá do thruaighe fhíre, do thrócaire nach meallann, do lodha séanamhuil, agus do thaithneamh deimhneach. Admhuidhim, ghrádhaidh mé an fuath, agus go raibh mé a n-aghaidh na cartharacht. Do labhair mé go trom ar ríoghthibh, ar phrionnsuidhibh, agus ar eagluiseachuibh. Do chuir mé fearg agus do rinn mé égcóir le ithimarbháidh scannádhlach mí- chéillighthe. Ní fhuileónuinn moladh deadhaoine subhailceacha; ba taithneamhach liom gníomh na ndrochndaoine agus na n-uallach. Agus, dá tteagmha uair ar bith go molfuidhe an /40/ ceart no an crábhthach ionn mo lathair, do nídhinn mo dhiothchioll an uair sin féin ar mhídhchlúdh agus ar mhídhmhodh a thabhairt dáibh ré
ithiomrádha cealgach. As práidhinneach an spianda agus a cuartudha do nídhin air a lochtuibh secréideacha a fhádhail amach; agus do bhídhin codhmírúnach agus sin dóibh go ndéanuinn diothchioll ar cháidh dá ladhad a mhéadudhadh agus a fhoilsiudhadh 'na gcoirthibh gráineamhlacha orra. agus contrárdha do sin arís, dáma míchliúdh ceart ba mídhair agus ba duais do na hainfhíréin, agus go bhfheicfin iarna ttréigion agus iarna ttarcuisnudha ón tsaoghal iad, as gastadh a rachfuinn ar a shon. Do nídhin sutal as na subhailce a mheasfuinn ionta. Ba módh agam iad na na daoine ba díraighe agus ba chneasta, agus fédfuidhe gurab mé féin an siocair ba módh chunn a millte. Dá bhfeicfinn /41/ drochbhearthach, do ghluaisfinn ris dochum coda na gcomhursan á éigniudhadh uadhadh. agus dochum nach ndéanfuinn dearmad agus nach ttaisteódha aon ní uaim do thaisbéanach lochtach mé, do tharruinn mé scannuil ar chloinn mo mháthar; niarbh fhéidir re mo charuid no re mo thuistídhe iad féin a sheachna ar mo chealguibh mealltacha, na bheith saor ó ma chúilithiomrádh. Do ghuidh mé an n-uile mhídhádha agus dhuadha réarbh fhéidir duine a phiana do mo chomharsan, agus as air
bhás amháin do shocruidhe mé mo dhóith. Niar chuir mé suim na spéis a gcaomhnadh a thabhairt don neamhurchóididheach na don neamhchionntach, agus codhmaith agus do ba ceart dhamh luathgháire dhéanamh tre dhuadha na
-urchóideach, do mhéaduinn a bpianudhuis re aithais agus re imdhearga mídhaonda. Do bhreanaigh mé iomad go meardhánta; /42/ do chreid mé go huras peacuidh a bheith ann áit nach raibh cosamhlacht air. Ba léar dhamh an brodh agus an dúradán as luadha a súil mo dhea
-bhráthar, agus nír mhothuidhe mé an tsail ann mo shúil féin, réir thuit mé.
Do cháthuidh mé ós a huile leisge agus faillidhe; d'fhuathuigh mé oibre cneasta agus gnás subhailceach; do chaith mé mo laethuibh faoi smúit dheóntach, agus ní raibh áird agam ar bhuidhchas a thabhairt do Dhia ar son a charattas minic dhamh. Acht monuar! nír mhéonuigh mé air do dhlíghe na ar h'oibreadhcha aontacha. As feasach dhuitsi, a Dhé, a liadhacht oídhche do chaith mé gan mo shúile a dhúna, agus mo chroídhe, do smúaintidhobh ar an n-uile ní oile, nír smúain mé ortsa; do bhíobh sé sruthartheacht ionn gach aon áit, acht ní thugadh teangmháil dhuitsi. Do thédhinn chunn leapa agus do shíninn chunn socraidheacht gan bhrionglóideithe /43/ na smuaíntudhadh ortsa, agus éirghiom ós mo leaba ar an modh gcéadhna. Do thosaigh mé agus do chríochnaidh mé an ládh gan smúainugha dá ladhad ort. Ar an adhbhar sin, a Dhé, do bhí mé do ghnáth gan tusa, ó bheith go rodhiomarcach farrum féin, agus drochleanta fiata niata amháin ba mian liom a leanamhuin, do choruidhibh agus do dhíbreadh do ghnáth uaitsi
mé. Acht, dá smuainidhinn uair ar bith ort, no ar do ghníomhuibh iongantacha ar son an duine, do phluachain an smúaintiugha sin anna thoiseach; d'fhuilinn mé mé féin a dhubhailciughadh agus a mhealla ré diomhaoineas an tsaoghuil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services