Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAithríoch Ríoga

Title
An tAithríoch Ríoga
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1706
Publisher
(B.Á.C. Fáisceán na gCeithre Máistrí, 1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An céad psalm.



Ó a Thighearna, cia bhfuidhe mé deóiribh
go leór chum aimhrighaltacht agus locht m'anama
do chaoi? Trá smuaíním ar an chuid do me shaoghal
do chuaigh thoram, agus do dhearcuim re súile mo
chroidhe gníomh m'óige, ní fhadhaim ann ach adhbhar
uathbháis agus siocair dhóláis.



Ní'l éinní san mbreathnughadh do ním oram
féin nach ccriothnuidhann mé, nach ccionntuighan
mé, nach baineann mo dhóchas dhíom, agus nach
ccuirean m'anam ar buaire.



Tuigiom cionnas do bhí mé; tuigim cionnas
bá cóir damh a bheith; ní thuigim anois
cionnos atáim; measuim cionnas bheas mé; agus as
módhide mo mhothughadh dá thaobh so, mo bheith
gan dólás as iomchuibhe ar son feirge Dé do thuileamhan.



Toirmeisge luige mo mhothughadh fás mh'aithrighe.
A Thighearna <as truadh>, as fada dom
smachtughadh thú; ge gurab antuice dhamh méad mo
chionnta, ar thruime do bhuillighe, ní dheárnos
fós an aithrighe.
Is fada do mo ghlaoidheach thú, agus ní
thugaim toradh ort; is fada do bhliaghanuibh atáir
a dréim ré mo chroidhe aitreabhadh, ach tá mé mo
namhuid dhamh féin codh mór agus sin nach leigim
asteach ann thú, thusa do bheir saoghal dhamh.


L. 5


Atáim iarnam thiomchiolla leis na mílteibh
annróghadh; atá an /3/ bás a bogar oram ón uile
thaobh, agus, ge go bhfuil an uile ghné chrosánacht
agus bhuaire oram, ní mhothidhim dólás ann mo
chroidhe do thuillfeach mo shlánughadh.
Ní ann m'aois amháin atá an t-anródha so
gabhail dhamh, ach co doith is do thosaidh mo
bheatha do thosaidh m'anródha. Is duine lán do
bhuaire <ar feadh mo bheatha> mé; ní liadha
momeint do tháinig do mo shaoghal na crosándacht
is féidir líom a raomhadh, d'fhuilinn mé, agus
fhuilínaim anois go laetheamhuil, ar son nach
gluaisionn sé chun aithrighe <ar son mo locht> mé.



Ó chríonnacht aontach an Leagha neamhdha, ó
fhéile oireirc Rígh na ríogh agus Thria neimhe
agus /4/ talmhan, ó fhobhair gan chompráid na
láimhe féile so, a bhronnas tíolaice annsann
uile ionnad.



Ó a Dhia, do bheir tú crádh dhamh, d'eagladh
go bhfuidhinn bás a n-ainmhian, agus dochum go
múinfeádh dhamh mo ghardachas a bheith saor ó
cháidh. Do bheir tú dólaibh sodhchríochnaighthe
dhamh dochum mo shaorrtha ar phiantaibh dodhchríochnaighthe.



Crádhaighe tú mo chorp dochum sláinte agus
sábhála mh'anma. Ní chréachtan tú mé acht dochum
mo dhéanta sodhléigheasda. Ní bhaineann tú an
saoghal sa dhíom ach dochum saoghail as oireirceadh,
is glóirmhaire, agus as buadhaighe na é a
thabhairt 'na mhalruit dhamh.



Acht monuar! ní feas dhamh cád d'fhónfach
dhamh, nó ní mhíthaithneódhuinn an leigheas do
thugfach ó do láimh thrócairuighe-si. Atáim /5/
lán d'eagladh roimh chráth beag, as a ttiucfa
mórán tairbhe dhamh, agus gur fear dhamh go fada an
crádh sin d'fhághail ó do thrócaire na ó t'fheirig.



Ní aithnidhim an leigheas thairgios tú dhamh;


L. 7


agus cionnas aithneóchas mé é, mar bhfuilónadh
mé mé féin a leigheas le duadha fhullann go
fóideach? Guidhim thú, tabhair dhamh dul thrígh
an bpionnumhas uasal sa, as tuar sláinte dhamh.
Ní bhfhuil cosamhlacht air gur fhéidir mo leigheas
ach ré crádh fhulann, do bhrígh gur tuar
tinnis agus siocair bháis gach sódh saoghalta.



Ó a Dhia, tabhair dhamh fulann go fóideach
chunn go n-arthóchar mo ghleó chun sóláis; agus
dochum go ndéanfuinn /6/ gardachas fratsa, múin
dhamh cionnas as módh a rachas gach a bhfhuiléona
mé chun taithneamh dhuitsi agas chun sólás anma
dhamh féin.



An dara psalm.
Do chuaidh uair agus aimsir horam, agus misi,
an duine donadh, annsa staid chéadnadh, go laethamhuil
mo pheacach ag tuilleamh feirge Dé.



Ar éis gach duadh agus gach dochar dá ttagan a
mullach a chéille oram, ní fhadhaim éundeachlaonadh
amháin ann m'aigne, ná mo pheacadh d'fhuathugha,
ar son gurab iad ba tosach tubuisteadh dhamh.
As beag mo chás a ttuitim, agus ní dhéanuim
diothchioll ar bioth ar éirghe tráth thuitim.
Cuirim uilc nudha a ccionn mo sheanpheacadh, agus
do théim ón bpeaca beag gusann bpeaca mór.



Ó a Dhia, ca<d> do dhéanfas mé ann uair
a thiucfas lá an chuntais? Ca tteathmheadh mé, ca
racha mé an bhfholach an uair a ghoirfeas tú do
lathair chunn breitheamhnais mé, agus iarfas tú
cunntas oram ann gach tíolaice dá ttugais dhamh?



Ó, ó, ó, cad é an freagra bhéirios mé ort, no
cionnas ghabhas mé mo leithsgéul ann mo leisge
no ann mo fhaillighe ann tan thífeas mé ann do
chathaoir bhreatheamhnuis thú, agus iarfas tú
cúntas annsa ní as lugh dár bhain re mo ghairm


L. 9


no le mo adhluighe? Ó a Dhia, ca<d> déarfas mé
ann sin ach gurab mé an duine dona, mar bhfreagra
do ghrása-sa ar mo shon? Och ón, cad é an riod
mé, no cia bhfhuidhe mé briathraibh fuileamhnach
chun freagthartha do do fhíorcheart-sa?



Ach cá<d> do dhéanfas 8 mé ma chathim freagra
ar mo shon féin? Ní bhfhuil ré déanamh agam ach,
ar crith agus ar buaire, a rádha nach dearna mé
maith re do thiolaice, ach a gcathamh ré dímhaoineas
agus ré sóláis bheag shaoghalta, agus gur sgab mé
iad inna mbeatha uaibhreach míchliúdheach.



A Dhia, as truadh! re beatha deirim tráth
ba cóir dhamh a rádha re bás. Do shíl mé go
raibh mé beó seal do mhair mé a sóláis bheag
shaoghalta; 'nois aithnidhim féin nach rabhas
ach ar éis bháis an n-uair nach raibh tusa agam,
ós tú féin an bheatha fhíre.



Cionnas as fhéidir dhamh a rádh go raibh mé
mo bheatha, ach mar d'fhochair-si do bhí mé
amhladh? Ó a Dhia, maisi, ós fíor gurab bás
beatha an pheacaidh, ní bhfhuil ré rádha air ach
gur toísge thosaidh mé air bhás d'fhádhail /9/ na
ar a bheith beó mo bheatha. Niar aithin mé an
bheatha no ní sgarfuinn ré mo Dhia.



Do rinn mo dhrochchlaonta an easbhuidh aoisi
do bhí oram suas ag déanamh uilc th'aghaidh-si; agus
ní mór go rugadh mé an uair do rinn mé peacadh.
Aig mo thuisme do chaoin mé an peaca inna ruga
mé, ge nach ráibh fios agam féin air, agus ge gur
chaoin mé an peacadh do rinn duine oile gan fhios
dhamh féin, ní chaoinim anois an peacadh do rinn
mé féin go bhfhios dhamh féin.



As mór a shearcuidh mé peacadh mo leanabhaois,
agus do shalaidh mé an aois ládhach sin,
ba cóir ó náttúir a bheith neamhurchóideach, le
neamhglaine.



Ní raibh ionnam uile ach miangas. d'fhuilinn


L. 11


mé mé féin do chlaoith re andúil mhallaighthe
mhíriaghalta; agus do bhí mé daille codh mór sin
nar léar dhamh an solus tar /10/ an dorchadas, na
ciúmhnas anma seacha sturim ainmhianta.



Do bhí mé co sochlaoite, co neamhspéisamhuil
sin ann maith a dhéanamh go mb'fhearr liom éisteacht
ré neitheibh saoghalta na re neithibh
neamhdha. Do bhí taithnamh co mór agus sin agam ann
mealtóireacht chealgach an tsaoghil si go mba
cosmhail liom go mb'<fh>earr liom pionnmhudhis
na sódh síorruidhe. Ní dhearna mé air feadh mo
bheatha éinní ach ní d'fhoirneadh mé go toigh a
diabhail.



Ó leanabaois mheallta, do ráinic mé go
fearaois míshubhailceach. d'ardaigh mo pheacadh
ré m'aois; do mhéadaidh siad mar do mhéadaidh mé
féin.



Do rinn mo ghrádh dimhaoin, uadhlach, beathighthach
alta dhíom. An uair do thosaigh mé ar
ghéille dá milseacht bhásamhuil, do thosaigh mé
ar a bheith mo namhuid agam féin, agus do roith mé
go déonntach dochum mo dhíbháladh.



Do chaith mé /11/ m'óige re huaill, agus do
chaith mé í ré peacadh, nach n-athóntar ach ar na
míshubhailce ghreamuidheas dedh.



Mar mhédaidh mé féin, do mhédaidh mo pheaca.
Is fíor go raibh mé óg, agus go ttáinic mé chum
aoisi, agus ar an bhfad sin do shealbhaidh na dubhailce
ionnad na subhailce ionn mo chroidhe.
Do liath an aois mo chionn, ach ní thug sin
oram do chosán-sa do thathaidh. Ar nós an leinibh
bheig anois dhamh, a gcionn mo chéad bliaghain,
brúite briste mar tá mé, do ním gníomh leinibh.
Mar sin, cad í an uair do bhí mé co neamhurchóideach
sin agus go m'fhéidir liom iarra
ortsa breitheamhnas do thabhairt oram do réir mo
neamhchionta? A Thighearna, as truadh mé, cur a


L. 13


gcás go saorfach aon mhoment amháin <a chathamh
go neamhchiontach air feadh mo bheatha mé>, cad
í an mhuinín is féidir /12/ liom a bheith asam
féin, do chaith a ttáinic do mo shaoghal re holc?



A Dhia, maisi, gan amhras atá tusa ceart, agus
do bhreitheamhnas fíorcheart, agus do bheir tú
luach a shaoithair don uile dhuine. Trá spíonuim
mo chonsias, do shúil go bhfhuidhinn ní éigin ann
do thoillfeach do shíothcháin-si, ní fhadhaim ionn
ach fodughadh feirge. Ní bhfuil gníomh dá ndearna
mé nach fáth uathmhna dhamh é, agus, má raomhuim
mo ghníomhtharruibh, raoimhad mo pheacuidhe.



Ba alaonta cliste an mac a lochtuibh mé; ba
léor a fheabhas do thédhinn a ttosach annsan
uile sheanmhallacht, agus sín amháin an teagasg do
leanuinn. Ach is amhlaidh atá sé, do chomhnaigh
mé annsna dubhailce, ar nós na muice bhias dá
honmhuirt féin san aoileach agus nach beithaidhear
ach ar fud salchuir, agus ní fhadhaim sólás a
neitheibh ar bioth ach a /13/ neithibh dimhaoin,
a n-ithiomarbháidh, agus a ndúilaithais.



Ba míthaithneach liom gach ní fuileamhneach
no tairbheach, agus ní raibh mo dhúil ann ní ar
bioth ach annsna neitheibh ba tuar bá<i>s dhamh
Niar mhian liom árán a chuir ar dhuine ar bioth
ach ar dhrochdhuine; ní bhfuidhinn comhnaidh ach
a bhfochair dhaoine sgaoilteacha míchneasta, agus
ba móide mo mheas oruim féin gurab mé ba uallaidh
agus ba malluithe do mo chuideachta.



Ba maith uaim mo leithsgéul féin a ghabhail,
ach niar mhian liom mé féin a chionntughadh ar
aonchor. Do rinn mé mo dhichioll ar mo chroidhe
a dhúnadh a n-aghaidh na subhailce, agus ba
docraide mo leithsgéul a ghabhail, nar taibhridhubh
dhamh gur peacach mé.



Ba beag mo mheas ar leigheas galair no
easláinte m'anma, nó ní léigfuin dhíom /14/ na


L. 15


leigheis a taisbéana dhamh. Ní raibh duine ar
bioth ba ludh oram na an té do shílfeach fóirthín
a thabhairt dhamh.



Do bhídhinn go holc don té do bheireamh
spaille dhamh ar son mo locht, agus ba ionmhuin
liom an té do mholfach m'olc. Ní éistfinn ré
ní ar bioth anna mbeith trácht ortsa, gedheadh,
ba taithneamhach liom comhrádhadh na druinge
nach biabh an Spiorad Naomh dá tteagasg. A Dhia,
as amhlaidh atá sé, niar chuir mé spéis agus niar
smuainteadh mé ar ní ar bioth ach ar dhimhaoineas
an tsaoghail.



Is ar bhréaga agus ar mhacnus do bhí m'aire, agus
annsan uile ghníomh dá ndearna mé is módh do
bhí mé ar lorg an dorchadais na an tsoluis.
Spiantar mo ghníomharthibh, cuartaighthar
imtheacht agus taistioll mo bheatha, agus ní bhfuithar
ionnta ar fad ach ní thuilleas t'fhearg-sa.



Is amhluidh mar atá, /15/ ma tharnídhann
tú chun ceasta mé, ní bhfuil re rádh agam ach
gur peacach mé; agus do bhrí go n-abrann tú féin, an
tí chionntuidheas é féin, go bhfuil a leithsgéul
gabhtha a lathair, ní iarfadh mé féin a ghlana
ach re admháil mo chionta.



Guidhim thú, dá bhrí sin, na coimhne uaill
na hóige, agus na goir do shearbhíseach bhocht
dochum breitheamhnuis, óir ní féidir leis é féin
a neamhchionntughadh ad lathair-si.



Is fíor, a Thighearna, nach bhfhuil dul
tar an mbreitheamhnas agam, agus tabhairsi breitheamhnas
do réir do mhathasa agus do mhórthrócaire,
agus ní do réir cheirt, oram; coimhne gur do do
chrétúiridh féin mé, ge gur peacach mé.



Agus, ma thuill mo pheaca-sa t'fhearg, go
réighe do thrócaire í, a modh go ndéana tú
trócaire oramsa, an t-aithrigheach bocht, atá
ad adhoira, agus claoidhea do mhórthrócaire


L. 17


t'fhearg shíorruidhe /15/, dochum go saoirfuidhe
misi ó lasracha suthain, dochum go mbeith m'anam
ag síormhola agus ag foillsuidhadh do thrócaire.



An treas psalm.
Ó, cia do dhéanfas mé; ó, cad é méid mo
mhídhádhadh, do thuill diombháidh an tí réirbh
fhéidir an sonas so a chur oram, <m'fhuasgaltaigh
deirim> ag brise a dhlighe go hasurrumach?



Do sheachuin mé an tslighe dhíreach chunn
an tsonais síorruidhe go toiltionach, agus, mar
chaora siochráin, do bhí mé ráinuidheacht gan
riaghail gan órdudha, ar choimeirge na huile
neitheadh as módh ré m'fhéidir mo sgrios agus mo
mhille.



Do chuartaidh mé ann t-ard agus an fánadh agus
ní tharla ní ar bith dhamh nach raibh lán míshóláis,
cráiteacht, duadha, agus annródha.



Tá mé curtha /17/ tuirseach a siubhal a
slíghe na locht agus a dulamúidhaidh. Do chuartaigh
mé gach ionad ag iarraidh sóláis, agus ní bhfuair
mé é, do bhrígh nach raibh mé ar thóruidheacht
Dé.



Do shiubhail mé a ttír fhuair fheirsciumhbhail,
cuid ranna an bháis agus an pheaca; agas
do rinn mo dhichioll ar an tsocraidheacht iarra ann
áit nach raibh ach uathbhás agus crádh, anna mbiaidh
an t-anam a gcomhnaidh dá phianadh.



An seal do bhí mé ann onóir d'fhuilinn mé mé
féin a dhalla réna loinnair; agus, a nós na
n-ainmhídheadh, do chuir mé fúm a gcoillte agus a
ndeirceacha 'na measg. Do chomhnaidh <mé> a
n-anmhiantaibh, agus go léir a míshoimhnas agus a
gcrosánacht.



Air ailte do bhí m'ionad comhnaidh, agus do
thuit mo chodhla oram ar uair mo dhímhála; agus do


L. 19


bhí mo dhaille comh aontach, chomh annamh sin
gur shíl sódh agus ciumhnas /18/ deimhneach a lathair
guas agus pianta.



Cia do dhéanfas mé anois, cia bhfuidhe mé
dídion no tearmonn ó gach gábhadh dá bhfhuil a
bhogar oram ó an uile ard? Do sgar meisneach na
hóige liom. As samhuil do neach dar bhain longbhrisi,
ar éis a loinge, a shaibhreis, agus a
ionmhus a chaileamhuin, bhias a snámh gan tairbha
a meóin na mara, dá phochadh ó thuinn agus ó annmha,
mé.



As fada ó chuan agus ó chadhla do séide mé; ní
haithne dhamh ní ar bith léar féidir mo shaora;
fuilínim mé féin a bhualadh a n-aghaidh na
gcairgeachadh, mar a gcaillfear go truadhántadh
mé. Atá luidheachan aig an námhuid oram, agus gan
mé amhrasach air.



Do shiubhail mé gan aitias, lán dóchais,
air deirceacha do tochla agus do hollmhaidh mo chuinne,
agus, amhuil bá mian liom cuidiubhadh a thabhairt
chunn mé féin a sgrios agus a mhille, do mhúch mé
an solus do dhéanfach /19/ craoibhsgaoile orra.



Do chealg mé mé féin ann mo pheacuidhe; do
mheas mé nach raibh ann óige faoi smacht ag
dlíghe an bháis; d'fhosguil m'anam é féin <iarna
thruailliughadh> ré anndóchas dimhaoin don uile
ghné ulc agus andúla salcha.



d'fhuilinn mé mé féin a thréorughadh agus a
stiúrughadh re anmhian; do lean mé go tuibuisteach
é ann gach ionad annar mhian <lena bhrostughadh
agus léna thírándacht> mo tharruinn.



A Dhia <air mé liom féin>, cad í mo bhrionglóide
ar an mbás? Cad dob áill liom <go leamh>
ag smúaintiugha ar na críochaibh déanachadh, mar
smúainigh mé ar na neitheibh éirgheóchas dhamh
idir so agus iad?



Deirim air uairibh liom fein, 'Atá ám go


L. 21


léor ré iontódhadh an tan ghlacas toil nó dúil
chuige mé.' Mar so do chaith mé m'aois a lochtuibh;
do rinne ní náttúrtha do mo dhrochghnás, agus mar
sgláibh ar shlabhradh, atá mé air a chomhairle.



Agas /20/ mar raébhuaillte, fhuathais a
chorp agus a shaoghal, agus chriothnaidhas gach cuid
díobh, acht an seal bhias fá smacht codalta mé.



Acht monuar! tá mo ghráin-se agus m'fhuath
nísa aonta agus nísa aduaine agus nís contabhairte go
mór na fháth-san. Ris a gcorp amháin bhias esan
a giorac.



Ar luathreamhan bhias a bhuille sa dhorn,
ach tá m'andaingneacht-sa a bpeaca a comhrac ann
annma; agus ní léor liom a gcréachtnughadh gan a
marbhadh thríd agus thríd.



Mar seo, iar tteacht a nduibhiogán an uile
olc, atáim ag brostughadh agus as lasa feirge Dé,
agus do thuill m'anlochtuibh a fhearg-san agus mo
mhille féin.



Cuirim rodham air uairibh lasarrachadh mo
sheanndubhailce, bhias a gcomhnaidh do mo chnaídh,
a smachtugha agus a mhúcha, ach as ní dodhéantadh a
sgara re mo chroídhe; do gheibh siad uileamhuin
go léor annta, is iad ceanguilte /21/ do mo
chnámhaibh.



A Dhia, maise, sil agus dóirt do ghrása oram,
óir ní féidir liom féin na lasrachadh atá do mo
sgrios a mhúcha acht ré tine do ghrádha neamhdhasa.



Ní bhfhuil neart go léor annam chunn na
cuibhreacha <rear cheanguil na peacuibh mé> a
sgaoile dhíom. Scaoil féin iad a Thighearna; is
í do chabhair bhearas fóirthin agus furtacht dom
ainmhuinne agus dom laige chríodhe.


L. 23


Adbhuidhim nár thuill mé caradas co mór na
co glóirmhar sin; ar a shon sin, ó thídhim go
ttugann t'fhéile-se ar an ngréin dealra air an
n-ainfhíréun co maith ris an fíréun, go ttugann
tú saibhreas, sláinte, agus deathioluice oile do
dhaoine nach fiúdh iad é, ní shílim gur féidir
leat saibhreas spioradálta a dhiúlta ar an tí
iarfas go díganta é, lán do mhothudhadh agus do
dhólás tre th'fheirg-se do thuille.



Ar an adhbhar sin <a Thighearna>, bí /22/
truaidhthe agad dhamh, agus bí do chluasa aireach do
ghérán agus d'aisge dhuine bhoicht, tusa, adeirim,
atá saibhir a ttrócaire, thusa lear mhian matheamh
go héusga, thusa a ghlanas drochleannta na
colna, thusa do bheir éistach do bhrón agus d'éagcaoine
na ndaor, thusa a réubas na coibhreacha agus
na géibhionnadh annar cheanglamair féin inn féin;
fa dheóidh, tusa do bheir saoirse dhúinn os an
sclábhuidheacht annar chuireamair féin inn féin,
agus tabhair dhúin gan an tsaoirse so do shílemíd
atá aguinn féin a chur a ngníomh ad t'aghaidh.



Tabhair dhamh do lámh, d'eagladh go meatha
an saothar so do rinne tú féin, nó go ttuitfinn
annsan tsúmaire critheaglach, mar nach bhfuil
uisge do mhúcha an tine re bpiantar na peacthuidh.
Caomhain mé ar chraos an léomhain bhúirfidhe, do
shíleas fuadán do dhéanamh dhíom, agus do ní díothchioll
ar mo /23/ shlugan suas, óir is tú mo
Chaoimhnuightheóir, agus ann do thrócaire amháin
atá mo mhuinídhin.



Tabhair dhamh, dá bhrígh sin, éifeacht do
thrócaire a mhothughadh do réir mo dhóchais
ionnad. Ó tá mo mhuinídhin asad, ní claoifear
mé, ach, fa dheóidh, iar bhfádhail gach grása agus
gach caradas dhar iar mé ort, canadh mé do mholla
agus do ghlóir ris na haingil agus re uibhir na
spiorad naomhtha mbeannuighthe.


L. 25


An ceathramhadh psalm



Cathaim ann oíche <a> mbrón agus a ttuirse,
agus ní taibhríthar dhamh ach uathbhás agus eagla;
gan tada comhnaídh atá mo chogús do mo bhuaireadh
agus do mo bhrostughadh, agus ní fhadhaim a shaora ó
chaithuighthe, agus ní féidir ré énní cneadh dá /24/
ladhaid a dhéanamh ann acht ré arm a namhad
amháin.



Atá mo chodla briste buadhartha ag iomad na
smúaintighthe; ní fhéidiom na smúaintígheadh atá
dom imghreama a phlúcha, agus ann ionnad sáimhnais
atáim iarnam phréachadh re pianta nuaghadh.



Ní fhéidiom gan dúsacht go minic. Dá gcuireadh
curthacht codla oram, múscladh mísháimhneas
a lathair mé, agus mothuidhim teine m'innidhe atá
ar éis mo chnaoite, agus a mhéaduidheas re dúsacht.



Atá col agam <anois> ris an mbia bá taithneamhach
<anallúd> liom; comheasgaim mo dhéoch
ré deóraibh; ní fheicim ní ar bith acht seachlum;
ní bhfuil ionnam ní ar bith a dhéanamh acht, lán
náire, coimhniughadh méad do thuill mé oirbhaire
Dé, agas a liadhacht slíghe do ghlac mé chunn
masladha agus mímhodha do thabhairt /25/ do na
cumhachtaidh agus do na grásaibh do tiodhlaice dhamh.



Re dimhaoineas amháin do chaith mé mo laéthaibh;
do cnaoidheadh agus do caitheamh mé, do mo
dheóin féin, ré cúram, agus ré smuaíntidhthe bhias
contrárdha don uile ní do dhéanfadh maith dhamh,
d'fhuilinn mé do neart na ndrochsmuaíntidhthe mo
tharrinn, agus ré mídhlisteanacht mo mhiana d'éirghe
chailleamhain damh nach féidir a leasmha. Do
theilg mé seachad an aimsir bá ceart dhamh a
chatheamh do mo shlánughadh.



Niar chuir mé róam ach brionglóide; do taibhrídhe
dhamh go bhfaca mé neithibh dísle; gidheadh,
bá taisbéantaidh agus scáilídheadh iad. Ní bhfhuil


L. 27


ré rádh air ach gur mheall mé mé féin, agus go
bhfuilim ar fágbháil idir a dimhaoineas agus na
drochsmuaintidhthe.



Siúd suas go flaitheamhnas /26/ mé, súd síos
ar ball arís go hifrionn mé, seal a bhídhim ag
tabhairt ar pheacaidh nuadha fhás as na seanpheacadh,
agus bhias duibheigán do mo bhrosdudha
chunn duibheágáin oile, caille m'anam <iarna
dhídhlathriudha agus a scriosa re dubhailce> a neart
agus a shubhailce; sílidh daoine gur do mhurgacht atáim
déanta.



Is a neithibh nach féidir a bhias mo dhúil,
is iad a bhiam a thóruidheacht, do shealbh ar
liom féin atá dimhneach agam, mé ar nós na druinge
do thí d'aislinn íoliomad do neithe taithneamhacha
aca féin, agus, iar ndúsacht, bhias lán do mhímheanma
a n-éagmais an tsaibhris do shealbhaidair, mar
shíladair.



A Dhia, cá atá ionnam ach péisteóg? Ní
aithním mé féin. Ba mian liom go mórdhálach mé
féin a árdughadh os cionn ann uile dhuine.



Bá uaibhreach mo thráchtr ar na huile neitheibh,
agus do mheas mé gurab annsan ríghmhéadha bhig
so do bhí iomshládhan agus duibheagán na críonnachtadh.



Ba spaillideach /27/ ar mo chomhionainn mé,
agus as minic do bheireamh lasántacht aiginntach gan
bhun gan fundameint oram go minic iomad éagcóra
a dhéanamh.



d'fhuathaidh mé ann fhóidhid agus do ghrádhaidh
mé an fhearg; agus do bhí an drochaindeise codh
náttúrdha sin agam go mbia sí gan tsiochair ar
bith ann mo chroidhe.



An seal do mhaire an chuinntinne si liom
do bhiabh gráin <ní hé amháin> aig mo sheirbhíseacha
agus aig mo chomhursanna oram acht agam
féin <oram> féin, agus gan coimhniumha ar a liadhacht
tíolaice móra mince, gan spaille dá laidhad, do


L. 29


fuair mé ó Dhia, do bhín a maoidheamh air dá
ndéanfinn beagán beag seirbhíse do mo chomharsain,
agus féadfuidhe ní narbh fhiúdh buidheachas é.



Ní gan chnáimhseachain d'iomchrainn na
huilc na na híoróguidh d'éirghe dhamh; ba mó mo
dhóchas as daoine na as Dia.



Ní /28/ éistinn agus ní thuiginn an fhírinne
ná teagasg folládhain ar bith gan nimheas; agus as
lé fuathsaíd a d'fhreagairinn an té do bheireamh
teagasg dhamh nó thaisbéanach slíghe mo shlánuighthe
dhamh.



Ba claonach chum éagcóradh mé; as cúrumach
a bhídhinn a fádhail amach, agus, 'na dhiaidh sin,
a dhéanamh dídhaltais ar son na n-éagceart do
shílinn féin do níthí oram; niar léig mé mo
leathtrom a leith Dé ariamh.



As minic ba dian mé a n-aighaidh an té do
bhíobh a seasamh an cheart; as air éigin d'fhuilídhnainn
focal os béal dhuine, dá cheannsaidhthe nó
dá mhacánta dá laibheóradh.



Ní bhfhuar mé éinní a measg dhaoine cneasda
na súbhailceach anna bhfuidhinn taithneamh. A
ngiorac, a ttroid, agus ann iomad athrudha urchóideacha
do bhíobh mo shólás. Bá mór mo dhúil a
miosgas a fhodódha idir dearbhráithre, agus fuath
agus iomrasan a chur eatartha.



As fíor go /29/ ttug mé air uairibh aire
do theagasg, gidheadh, niar chuir mé a ngníomh agus
niar chomhlíon mé é; do chuala mo chluasa é acht
ní ráinic sé mo chroídhe.



As muirneach muinntiorrach do bhíobh cóimhearleacha
uallacha agus banda agam do thagaibh
liom ar gach anntoil. Seo an dream do gheabhach
mo chroídhe agus mo charattas. Ba beag oram na
daoine réidhdhíreachadh cneasta léar mhian mo
smachtudha agus mo cheartughadh, ag teasbéana mo


L. 31


locht dhamh lé sóléargas folládhain agus re dánacht.



Ní rug mé ar lámh air an tí do choinnarc
mé ag thuitim nó a bprádhainn chumhanta; niar
ruinn mé leis na bochtuibh do bhíobh ag fádhail
bháis d'ocaras.



Ní fhéachain ar na bochtuibh ná air na
héaccrudhaibh, d'eagladh go sáródhaibh mo shaint
codh mór agus sin agus déirc a thabhairt dáibh.
Ní raibh beann agam ar m'fhiacha íoc, ná
an ní do fága air mo thaisce a aisioc; agus, /30/
chunn goma fusaide dhamh m'anmhian a shásughadh,
do bhochtuidh mé mo chomhursa ré iasacht nar íoc
mé.



Niar iarr mé saibhrios ach chunn goma
héasgaide agus goma fusaide dhamh peacudha é.
Do nídhinn stád as mo shaibhrios an tan a shílinn
diomhaoineas no neitheibh toirmisgthe a chur a
ttosach; agus as truadhbhéulach mé ann uair a hiarrthar
oram maithghníomh a dhéanamh.



Ní bhíobh éinní d'easfadh ar m'anmhian, no
comhgar ar bioth chunn deaghníomhadh agam. Ní
ghnáthuinn measarrdhacht aig méilídhe, agus ann
iomarcadh aonghantach agus a gceas athfhuathmhar
do nídhinn iomarca air an náttúdhir, do thiucfach
ré beagán, agus iarras iomchuibheacht.



Do rinn mé Dia do mo mhéaduil; agus do
shocraidh mé mo ghlóir a neitheibh saoghalta,
nach ttugan éinní dhamh an mbuaire.



Niar bheag mo dhúil agus m'iarra ar fhleitheibh
taithneamheacha totha; do leiginn éagcruadhtacht
oram féin, do ghabhail leithscéil mo thaitneamh
agus m'anndúdhala. Do bhíobh riachtanas /31/ air
uairibh a gabhail leithsgéil m'ainmhian.



Do bhí mo thaithneamh a n-adhaltranas. Ba
ionmhuin liom comhluadar na ndaoine scaoilteacha
gcraosta. Do bhí mo neamhghlaine codh mór agus sin


L. 33


nach léigion a náire dhamh éinní ainmniudha nar
mhícháta nó mhíchliúdh dhamh.



Ba dúrachtach aire mo chluas agus mo theangan
air dhimhaoineas. As muinntiorrach a d'éistin
ré ceallguiridhea; agus an n-uair a mheasuinn
nach moladís go leór mé, do leasáinn sin ré mo
thabhairtuis a chasa oram féin.



Dá ttugainn air uairibh siocair mo mholta
uaim, ba robhinn liom mo chliú féin, agus daoine
oile dom ardmholadh.



Ó a Dhia, is re iomad sóláis mhealltacha
an tsaoghuil do chaill mé an sólás neamhdha, agus,
dá ttugadh eagla an bháis no an bhreitheamhnuis
ar uairibh oram stad ó an tsúmaire dhamhainn
ghrionniolleasbhach, chunn a meallann sóláis
beaga saoghalta inn, do thuitfinn go prap an
arís, a nós a mhada a chasas ar a scearthaidh.



Atá mé marbh a ndéadhoibreacha, gé
gurab béodha annsna peacuibh mé. Ar son go
bhfhuilim a gceanglacha agus a ngéibhionna ag an
mbás, as roith 'na chuinne as mian líom, agus as
critheaglach, uathbhásach do chídhim a brostughadh
róam é.



A Dhia, toirmisgeadh do thrócaire an lá
uathmhialta sa, lá an uathbháis, lán déor agus
osnuigheadha. Thighearna tabhair dhámh bás
d'fhádhail, bá tosach beatha dhamh, chunn go n-ard-mholadh
mé do thrócaire ós na huile mhórghníomh
oile dá ndéarna tú.



Féach, a Dhia, féach air cháilidheacht agus
air staid m'anma; féach an cheasnuighe agus an
luige chunn ar tharruinn m'aintoil é. Féach an
t-éigion agus an t-anshárugha do ní seo oram, agus


L. 35


saor mé ó anchumhachta namhad, atá dochlaoite,
mar gcuidídhe tusa liom buadhbha air.



Tarrionn agus sraic ó shlaibhruighe an bháis
mé, dochum nach dlúthoinn lé, agus nach ngreamuinn
do ní ar bioth oile acht dhíot féin amháin, a
bheatha fhíre, agus, iar seachna agus iar /33/ ttréigion
na n-uile neitheibh, go leanfuinn tú féin amháin,
as módh agus as measta agus as fearr no an domhan uile.



Ó a Thighearna Dia, a Dhia na sláinnte agus
na trócaire, abuir ré m'anam gurab tú a chaomhna,
do héiste th'urnaighthe, agus do gheabha tú gach a
n-iarrair. Ó a Dhia, tabhair dhamh go ccluinfeadh
mé an guth binn seo, agus, déanamh dhá réir, go
tteanghmha mé ortsa; agus, ar éis teangmhála ort agus
t'fhádhala, gan scarbhuinn riot go léigfeadh tú
féin slán slánchréachtach mé.



Cia racha mé dar fhíre ag iarra fóirín nó
leigheas m'anshocracht ach chugadsa, a Dhia? Cia
hé léir féidir sólás do chur air m'aicídeachadh
co maith leatsa, do thuirlinn ó fhlaitheamhnas
do shlánughadh an duine agus do leigheas a ghalruigheadh
agus a easláinte?



Cia bhearabh saoghal dhamh acht an tí réar
féidir bás nó beatha do thabhairt don uile ní? Cia
darab fusa caomhna no diongmháltacht a thabhairt
uaidh /34/ <a meóin súmairidheadh agus dheircionna
an tsaoghuil se> na mo Dhia agus mo Shlánuightheóir?
Uime sin, slánuigh mé; uime sin, aithbheódhaidh
mé, thusa as sláinte agus as saoghal do na huile
a chuireas a ndóchas ionnad.



A Dhia, amhuil do bhí do chumhachta gan
tosach, go raibh do ghlóir gan deire, agus go molamídne
thú agus go n-aramíd do ghnáth thú, agus go ttaisgeamíd
ann uile onóir shuthain dhochríochnuighthe, agus an n-uile
bhuidheachas shíorruidhe dhuitse, a thobar
shíorruidhe na trócaire.


L. 37


Do sheachuin mé thú, agus, ar son gurbha go
toiltionnach d'fhíll mé uait, do bhí tusa do
ghnáth a lathair agam, réigh chunn m'fhurtacht
codh doith as do chasfuinn ort; agus ba fuisge dhamh
do chumhna-sa agus do chabhair na m'agallamh ort dá
iarra.



As leór dhuit chunn ar leigheas, gur mian
linn leigheas d'fhádhail. As leór chunn saoghal
d'fhádhail ó t'fhéile, gurab mian linn a bheith
béo. agus tá t'fhéile co farsuinn sin go sáruidheann
do thiodhluice aisge an pheacadh chionntuidheas
é féin. Uime sin, a Thíghearna, aidmhéodh misi
mo /35/ churthuibh, agus bá leór sin chun t'fheirge
si a shárudhadh. Admhuidhim anois mo chionntuibh,
agus ní é 'mháin go n-aithnidhim agus go ttarcuisnidhim
mo churthibh, acht do chím cheana féin mo lochtuibh
leigheasta, maiteach agam.



As amhla atá sé <a Dhia>, as éigion dhamh
a n-admháil, óir atá an n-eagla agus an t-uathbhás
ag tolla mo chnámh, agus atá m'anam buadhartha
re na smuaíntidheadh critheaglacha do bheir mo
mhothugha chunn mo choimhne.



Teilgim <a bhfianuise do mhórdhacht dhiadha>
m'aindeisi agus mo pheacadh, dochum go scriosa agus go
ndíbreadh do thrócaire iad, agus go leigheasthádh
m'anam ón daille do thug air éirghe a ccontinn
ad t'aghaidh-si. A Dhia, ar son nach áill leat
an peaca, ní áill leat bás an pheacaidh, acht
fille chunn aithridhedh agus a bheith béo.



A Dhia, ní mholuid na muirbh thú, isinne
amháin, na beódhibh, is inne amháin a chanas do
mholadh, inne amháin a fhoilséos /36/ t'fhéile agus
do thrócaire tre ann uile shaoghal.



An chúigmhodh psalm.
A Thighearna, d'fhoilsi agus do thaisbéan


L. 39


mé mo bhuairfeadh ad lathair, ní chunn a fheasa
a thabhairt dhuit, nó na stáide nó an ghléas
ionna bhfuilim a thaisbéanadh dhuit, nó cionnas
a chaithaim mo shaoghal; óir ba sodhléir dhuit
iat ón n-uile shíorruidheacht, agus ní as taoisge
na do bhí beith aig an mbith do raoimh tú mo
choscéimidheadh.



Scrúda tú dorchacht gach diamharrún, agus as feas
dhuit, agus nochtan tú gach a bhfhuil a bhfholach
ann. Ní féidir éinní a chur as t'amharc; atá
an n-uile ní a lathair agad; is léar dhuit an ní
do níthar ann ar gcroídhthibh, agus ní neamhfheas dhuit
na smúaintighthe as hídh agus as secréideadh. Foillsidhimsi
dhuit, dá bhrígh sin, mo bhuaire agus
m'anródha, agus folaidh féin iad, agus goma /37/ fiú
leat mo chaomhna. agus nochtuim mo rún dhuit, dochum
go gceilfeadh do mhaith é agus dochum go mba léar
dhuit go bhfhuil mo chroidhe díoltuirseach, umhal,
agas leis an iodhbuirt ar bith oile, go mbrostfuinn
do thrócaire chunn maitheamhnais.



Deirim go laethamhuil, gus so, na huile mhalluidheacht,
acht amháin go n-admhuidhim gurbha
cumadh ga dubhairt mé a bh<f>arra a ndearnadh mé.
Atá mo chogudhas a ngnáthchomhrac liom, go laéthamhuil
a taisealbha agus ag téasbéana uathbhás mo
mhídhghníomha. Oidhle sé crumh ann m'anam, a bhias
do ghnáth dá bhuala agus dá phiana.



Agas nach féidir ris an gcruimh so mo chroídhe
a chnaoidh, a modh go nglanfa ó an n-uile cháidh
é, agus í féin a chnaoidh ré iadsan a chnaoidh? A
Dhé, tabhair dhamh gan a hoidhleamhuin ann, chunn
go mairfeadh go bráth; tabhair dhidh m'anam /38/
a bhrúdha agus a tholla, a modh go n-éagtha sí féin
ris, agus, ag piana m'anma, go gcoisge 'na bheagán
sna bheagán ó a bheith dá bhrúdhadh.


L. 41


Acht monuair! cad é codh deireóil tá mo staid?
Measuim gach aonuair go ndearna mé iomlán mo
pheacadh a fhaoisidin, agus as éigin dhamh tosughadh
arís. Taisbéana mo mheamhuir fáth nuadh uathmhna
do cheirt-si dhamh; atá sí líonta suas lé huilc
mo bheatha; ní doithe a nochtas sí locht dhamh
no do bheir sí oram lochtuibh oile as módh na sin
a fheicsin, agus as módh do thuilleas do sciúrsa-sa.



Sé a chríoch é, do sháruigh uibheir mo locht
gaine na mara, agus, dá mbeith míle béul agam agus an
urdil teagthachaibh, ba dodhinnste dhamh aon do
gach éann mhilliúdhan díobh. Mar so, is módhidide
mo thuirse nach gcuimhnidhim ar iomlán mo neamhghlaine,
óir an seal do bhím a dhéanamh peacadh
nudha dearmadím go neamhmothuidheach /39/ mo sheanpheaca.



Acht, a Dhia, ní phlúcha mé re tocht na peacaibh
atá an mo choimhne; seachónadh mé a ngrádhudha,
dochum goma neartmhuire a ghrádhóchas mé tusa
é, agus, ag smúainiudha air mo shaoghal ré spiorad
uiríseal agus ré súile lán deóruibh go bhfhuidhe mé
uaitsi a bheith nias ludha dhíubhfheirge, nias
ceannas, agus nias trócaire. A mo Dhia, thusa atá
do thruaighe fhíre, do thrócaire nach meallann,
do lodha séanamhuil, agus do thaithneamh deimhneach.



Admhuidhim, ghrádhaidh mé an fuath, agus go
raibh mé a n-aghaidh na cartharacht. Do labhair
mé go trom ar ríoghthibh, ar phrionnsuidhibh, agus
ar eagluiseachuibh. Do chuir mé fearg agus do rinn
mé égcóir le ithimarbháidh scannádhlach mí-
chéillighthe. Ní fhuileónuinn moladh deadhaoine
subhailceacha; ba taithneamhach liom gníomh na
ndrochndaoine agus na n-uallach.



Agus, dá tteagmha uair ar bith go molfuidhe
an /40/ ceart no an crábhthach ionn mo lathair,
do nídhinn mo dhiothchioll an uair sin féin ar
mhídhchlúdh agus ar mhídhmhodh a thabhairt dáibh ré


L. 43


ithiomrádha cealgach. As práidhinneach an spianda
agus a cuartudha do nídhin air a lochtuibh secréideacha
a fhádhail amach; agus do bhídhin codhmírúnach
agus sin dóibh go ndéanuinn diothchioll ar cháidh
dá ladhad a mhéadudhadh agus a fhoilsiudhadh 'na
gcoirthibh gráineamhlacha orra.



agus contrárdha do sin arís, dáma míchliúdh
ceart ba mídhair agus ba duais do na hainfhíréin, agus
go bhfheicfin iarna ttréigion agus iarna ttarcuisnudha
ón tsaoghal iad, as gastadh a rachfuinn
ar a shon. Do nídhin sutal as na subhailce a
mheasfuinn ionta. Ba módh agam iad na na daoine
ba díraighe agus ba chneasta, agus fédfuidhe gurab mé
féin an siocair ba módh chunn a millte.



Dá bhfeicfinn /41/ drochbhearthach, do
ghluaisfinn ris dochum coda na gcomhursan á éigniudhadh
uadhadh. agus dochum nach ndéanfuinn dearmad
agus nach ttaisteódha aon ní uaim do thaisbéanach
lochtach mé, do tharruinn mé scannuil ar chloinn
mo mháthar; niarbh fhéidir re mo charuid no re mo
thuistídhe iad féin a sheachna ar mo chealguibh
mealltacha, na bheith saor ó ma chúilithiomrádh.



Do ghuidh mé an n-uile mhídhádha agus dhuadha
réarbh fhéidir duine a phiana do mo chomharsan,
agus as air <a> bhás amháin do shocruidhe mé mo dhóith.
Niar chuir mé suim na spéis a gcaomhnadh a thabhairt
don neamhurchóididheach na don neamhchionntach,
agus codhmaith agus do ba ceart dhamh luathgháire
dhéanamh tre dhuadha na <n>-urchóideach,
do mhéaduinn a bpianudhuis re aithais agus re imdhearga
mídhaonda.



Do bhreanaigh mé iomad go meardhánta; /42/
do chreid mé go huras peacuidh a bheith ann áit
nach raibh cosamhlacht air. Ba léar dhamh an
brodh agus an dúradán as luadha a súil mo dhea<r>-bhráthar,
agus nír mhothuidhe mé an tsail ann mo
shúil féin, réir thuit mé.


L. 45


Do cháthuidh mé ós a huile leisge agus faillidhe;
d'fhuathuigh mé oibre cneasta agus gnás subhailceach;
do chaith mé mo laethuibh faoi smúit
dheóntach, agus ní raibh áird agam ar bhuidhchas
a thabhairt do Dhia ar son a charattas minic
dhamh.



Acht monuar! nír mhéonuigh mé air do dhlíghe
na ar h'oibreadhcha aontacha. As feasach dhuitsi,
a Dhé, a liadhacht oídhche do chaith mé gan mo
shúile a dhúna, agus mo chroídhe, do smúaintidhobh
ar an n-uile ní oile, nír smúain mé ortsa; do
bhíobh sé sruthartheacht ionn gach aon áit, acht
ní thugadh teangmháil dhuitsi.



Do thédhinn chunn leapa agus do shíninn chunn
socraidheacht gan bhrionglóideithe /43/ na smuaíntudhadh
ortsa, agus éirghiom ós mo leaba ar an
modh gcéadhna. Do thosaigh mé agus do chríochnaidh
mé an ládh gan smúainugha dá ladhad ort.



Ar an adhbhar sin, a Dhé, do bhí mé do
ghnáth gan tusa, ó bheith go rodhiomarcach farrum
féin, agus drochleanta fiata niata amháin ba mian
liom a leanamhuin, do choruidhibh agus do dhíbreadh
do ghnáth uaitsi <go hiomarcach> mé.



Acht, dá smuainidhinn uair ar bith ort, no
ar do ghníomhuibh iongantacha ar son an duine,
do phluachain an smúaintiugha sin anna thoiseach;
d'fhuilinn mé mé féin a dhubhailciughadh agus a
mhealla ré diomhaoineas an tsaoghuil.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services