Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Uilliam
Title
Eachtra Uilliam
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
O'Rahilly, Cecile
Composition Date
1650
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1949)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eachtra Uilliam. "... re hocht mbliadhnaibh comhlána gusan aimsir si go bhfuil isin riocht úd ad-chíthí-si anois, agus ní fhuil dá sgéulaibh agamsa dhaoibhsi acht sin amháin, agus dá mbeith, do inneósainn iad." Rug an t-Impir a bhuidhe agus a bhuanaltughadh ris an mbuachaill fírinne do rádh ris, agus adubhairt go ttiobhradh luach oileamhna dhó do shéudaibh agus do shomhaoinibh agus cco mbéuradh féin an leanbh leis. Ó'd-chualaidh an buachaill na briathra sin .i. gealladh an mheic do bhreith uadha, ro ghabh ag dubha agus ag diobhorgóid, ag dobrón agus ag doimheanma. Gidh eadh, nír fhéud cor a n-aghaidh an Impir fan ccomhrádh ro chanasdair. Acht cheana nír mhó brón nó buanchumha an bhuachalla iná tuirsi agus truaighneimhéle an deughmhacaoimh féin umá sgarthain re 'roile, agus as eadh ro ráidh: "As truagh mo thoisg agus mo thuras féin don chur sa," ar sé, "uair ní fheadar cia an cineadh nó an chlannmhaicne, an fhréumh nó an fírgheinealach dá bhfuilim, óir do shaoilios gus anosa gurbh é an buachaill mh'athair agus gurab í a bhean mo mháthair, agus dá mbeith maoine nó mórmhaitheas ar m'fhagháil ó so amach, do badh comaoin damh a roinn riú." Baoi trá an t-Impir ag múnadh agus ag móirtheugasg an mhacaoimh, agus as eadh ro ráidh ris: "Ná dén-sa dubha ná dobrón dhe sin," ar sé, "óir dá leanair-si deireadh do bheatha amhail do leanais a tosach, as deimhin go bhféudfair comaoin a thiodhlaicthi do thabhairt dá gach aonnduine don Ádhamhchloinn do réir ar n-aithni-ne agus aithne gach nduine oile fort." As a haithle sin ro ghabh an buachaill ag tabhairt comhairle agus coimhdhíodhnaidh dhó agus do ráidh ris:
"Ó rachas tusa a ccúirt an Impir, cuimhnigh an teugasg so do chomhall .i. congaibh do theanga ó bhriathraibh diana díomhaoine agus ó iomad labhartha, agus ná déuna doilgheas ná docamhal fa aonní dá adhuathmhaire dá luaidhfidhear a n-aoinionadh friot, agus ná déun barr subha nó soimheanma fa aoinní dá fheabhas nó dá annsacht leat dá luaidhfidhear a n-aoinionadh friot. Agas ná dén cumann nó caradradh le lucht bréug nó buanfhallsachta. Agas dén báidh agus biothchumann le huaislibh agus le hardmhaithibh agus le gach aon as fearr bhias a n-aonáit friot; agus bí umhal urramach dá gach aon do réir a uaisle agus a fholuidheachta, agus bí cairdeach carthanach reud chairdibh agus reud chompánaibh, agus dén leas agus lánfhurtacht don aos éccruaidh anárrachta mar do-dhéuntá do na ríoghaibh nó do na roithighearnaibh dá mbeitheá umhal urramach; agus dén fírinne dod bhriathraibh fria gach n-aon. Agas ag sin duit an teagasg tucc mh'athair damhsa dom chomhairliughadh, uair fa heólach eision ar oileamhain agus ar fhírbhéusaibh gacha cúirte agus ar charadradh daoine ndeughoileamhanta, agus dá ndearnair-si amhlaidh sin, do-ghéubhair clú go coitcheann isin ccathraigh ó chách." Agas as cuma ro bhaoi gá rádha agus do ráidh an laoidh do theagasg an mheic:
"Gabh, a mheic, mo mhúnadh-sa re ttoidheacht uaim ar eachtra, ria ndul isin dúnadh-sa; as tríd thiocfas do leas-sa." "Do dhlighfinn do theagasg-sa do ghabháil uait gan dímheas; gus aniodh ní fheadar-sa nach tusa mh'athair díleas." "Gé chanaid na míodhaoine aithisg nach ttéid a ttarbha, briathra diana díomhaoine, nárab mian leat a labhra.
Ná bíodh ort 'na dhubhachas, sgéul dá olcas dá bhfuighe, nárab mó do shubhachas fán sgéul as fearr dá ccluinfe. Lucht na mbréug gan tsomhaoine ná faghaid uaibhsi uirrim, na rígh is na rodhaoine go madh iad do lucht cumuinn. Do sheirc uait budh marthanach d'éis imtheacht ar do thuras, bí réud chairdibh carthanach gach uair do-roichfid chugad. Déna mar adubhart-sa, a mheic bheirios gach éunbhuaidh, mar budh airdrígh cumhachtach, toil gach fhir don aos éccruaidh. Comhaill fós go fírinneach do ghealladh, a ghéug fhionnghlan; búdh glic sibh ó shírchinneadh, mo mhúnadh ort ná hiomghabh." Gabh.
A haithle an mhúinte agus an mhóirtheagaisg sin tucc an moghadh ar an macaoimh, ro iarra an t-Impir fair a thógbháil ar a chúlaibh chuige. Agas do-righne an buachaill amhlaidh sin, agus gabhais an macaomh an buachaill ar barr bhaise agus baoi ag ceileabhradh dhó agus ag cor a bheannachta dochum mná an bhuachalla do-rinne maith agus móronóir dhó, agus as eadh ro ráidh: "Tabhair mo bheannacht dom chairdibh agus dom chompánaibh no bhíodh um chuallacht gus an aimsir si." Téid an buachaill iar sin go himshníomhach atuirseach iar ngabháil a cheada agus iar cceileabhradh dhóibh díbh línaibh, agus iar ndol don bhaile dhó, ro innis dá mhnaoi Uilliam
do bhreith uadha agus gur chuir a bheannacht dochum a charad agus a choigéile don chur sin agus chuicisi seach cách a ccomaoine a maitheasa fair. Ó'd-chualaidh an bhean na briathra sin, ro chaoieasdair frasa diana déur, agus ro tharraing a folt agus a fionnfadh, agus ro bhris a hearradh 'sa héudach go huilidhi. Baoi an buachaill ag cor meisnighe ina mhnaoi agus ag innisin ar gheall an t-Impir d'éudáil agus d'ionnmhas dhóibh a lóighidheacht a n-oileamhna ar Uilliam, agus agá fhuráil fuirre gan dubha nó dobrón do dhéunamh 'na dhiaigh. Turnais an comhrádh sin aigneadh imshníomhach mhná an mhoghaidh, agus gidh eadh, nír fhéud smuaineadh Uilliam do chur as a hinntinn. Iomthúsa an Impir iomorro, ráinig reimhe go roathlamh a n-iarmhóracht a mhuinntire agus a mhóirtheughlaigh, agus fa hiongnadh le hUilliam an mharcaidheacht agus an móiriomchur sin fair ó nár chleacht a leithéid riamh reimhe, agus gabhais lúthgháire adhbhalmhór é. Nír lugha iomorro lúthgháire an Impir um an bhfiadhach fuair isin bhforaois .i. eisiomh. Tarla a shlóigh agus a shochraide ar an Impir ar ttionól agus ar ttiomsughadh toraidh a sealga agus a sáirfhiadhaigh do chinél gacha hainmhidhe allaidh isin bhioth. Ro fhiarfaighseat a theughlach agus a thromshluaigh don Impir cia an macaomh áluinn iolchrothach baoi ar a chúlaibh nó cionnas tarla air é. Ní thug-san do sgélaibh dhóibh acht gurab é an Coimdhe cumhachtach do chuir chuige lé fíor flatha agus flaitheamhnais é. Rángadar rompa fon réim sin eidir rígh agus rodhuine. As amhlaidh iomorro baoi Rí Rómhán agus inghean áluinn aontomha aige dob' fhearr cruth agus caoimhdhéunamh d'ingheanaibh a haimsire agus dob' fhearr in gach aontréidhe rob' iomchubhaidh d'inghin rígh nó rofhlatha, eidir druine agus deise agus deughlámha, féile agus eineach. Meiliór a hainm agus ní raibhe d'oighre ar an Impir acht í. Tugadh an inghean gus an Impir agus adubhairt do bhriathraibh fóille fíorshuilbhire fria: "Ag so an macaomh áluinn iolchrothach so um fharradh dhuit dá oileamhain agus dá altrom, dá thaisgidh agus dá throimleasughadh, agus déuna óglách duit féin de, óir as cubhaidh cosmhail fear a dheilbhe agus a dhéunmha do bheith d'óglách agad."
Fiarfiaighis an inghean don Impir caidhe a chlann nó a chinél nó cionnas fuair é, agus innisis an t-Impir dhi ó thús go deireadh amhail fuair fén é agus nách raibhe dá sgéulaibh aige acht a bhfuair ón mbuachaill amhail adubhramar romhuinn. "Agas theigeómhadh cco bhfuighthear a sgéula uair éigin ó sonn amach, óir do-fheadar-sa gurab d'fholaibh uaisle nó do fhréimh rígh nó do chinél chumhachtach éigin dhó; agus dén-sa caomhna agus comhoileamhain díochra fair." Rugasdair an inghean a bhuidhe agus a bhuanaltughadh fris an Rígh an tabhartas agus an tiodhlacadh sin tug dhi, agus rug lé dá grianán agus dá glanáras é as a haithle, agus do-rinne fliuchcaomhna foilcthi agus fothraicthi dó agus do bhean a earradh agus a éudach fén de agus ro chuir earradh áluinn iongantach órshnáth uime mar do b'iomchubhaidh do mhac rígh nó roithighearna, géur bh'ainbhfeasach isi ina uirsgéulaibh. Agas baoi ar an seóladh sin gá oileamhain agus gá altrom aimsir imchian ag an inghin. Iomthús an mhacaoimh, ro chuir a mheanma i ccleasaibh gaile agus gaisgidh agus a ttréidhibh laoch agus láth ngaile d'fhoghluim, go nách ccluineadh a chluas agus nách bhfaiceadh a shúil cleas nó cluiche nó caomhfhoghluim nách bíodh aige cco hiomlán gan friochnamh, gan roshaothar, eidir chluiche agus gaisgeadh agus gnáithridireacht go raibhe clú a bhéus agus a bhuanfhoghloma ag ríoghaibh agus ag rodhaoinibh, ag laochaibh agus ag lánghaisgeadhachaibh, ag curadhaibh agus ag caithmhíleadhaibh na cathrach agus gacha críche ina comhfhogas, go nách raibhe lán beóil ag banntracht nó ag banndálaibh, ag ainnribh nó ag ógmhnáibh, nó ag duine dá uaisle nó dá anuaisle san impireacht uile, acht Uilliam a aonar, cco ttugadar grádh a n-anma a n-aoineacht fo cheann aoinbhliadhna dhó ar a dheughcheardaibh. Agas as ionann do-bheireadh an tí do bhíodh ina chaidreabh agus ina chuallacht isin ccathraibh grádh agus ionmhaine dhó agus do- bheireadh an duine nó bhíodh uidhe adhbhal uadha a n-iathaibh imchiana ainiúil ar a ccluindís dia chlú agus dia chaomhthuarasgbháil a mbeól gach aonnduine dá aithris, agus cco háirithe banntracht agus bandála, mná agus míonaindre,
ríoghna agus roiingheana, go ttugadar-sein, ria cách agus iar ccách, toil a n-anma a n-aoineacht agus a n-aonuair dhó; agus adeir an sdaraidhe Siselecdha gurab iongnadh do-chualaidh aoinbhean don Ádhamhchloinn a thoichim nó a thuarasgbháil ina aimsir féin nách ttiobhradh toil agus tromghrádh a hanma agus a haignidh go díochra dhó. Iomthúsa ingine an Impir, ro líon tuile tromghrádha agus searc shíoradhbhal do ghrádh meic rígh na Siosoile ina haigneadh agus ina hinntinn go hiomarcach, gur dhearmaid agus gur dhíochuimhnigh gach ní isin chruinne go coimhiomlán acht a shearc agus a shíorghrádh amháin, gur chaomhain agus gur chomhthaisgigh an grádh sin agus an ghéurshearc go hinchleithe ina hinntinn ós íseal, gur bhuaidhir a boill agus gur fhorraigh a haigneadh agus gur mhíochóirigh a meanma agus gur choimmeasg a croidhe, go nár fhéud suan ná sádhaile, codladh ná cumhsanadh ná oirisiomh aontadhach a n-aoinionadh. Do bhiodhgadh agus do bhithlingeadh as a codladh comhnaightheach go mbíodh ar faoinneal agus ar foluamhain seachnón a seómra agus a codailtighe, agus baoi ag síorsmuaineadh cionnas do choimhlíonfadh an toil agus an tromghrádh tuccasdair d'Uilliam. Tar éis na hinghine do thuitim san tromghrádh sin, baoi ag teacht tar a doilghios agus tar a docamhal cco deirrit, agus as eadh adubhairt nár fhéud teanga a thuiriomh ná aigneadh a aithris nó sgríbhinn a sgríobhadh trian a galair nó a géireasláinti d'fhaisnéis nó d'innisin, acht amháin go raibhe tuarasgbháil aice ar bhloigh bhig dá biothpheannoid .i. náchar bh'fhuaire agus náchar bh'fhíorthaisi sneachta adhfhuar énoidhche nó oighreadh neimhneach nathardha a mí fhírghairg Fhaoillidh iná gach alt agus gach áighe dhi ó bhonn go bathais feacht ann, agus feacht ele náchar theó theasaighthi grís chadad chomhloisgtheach gan cheó gan chrithir inás. Agas théigheadh ameasg a banntrachta agus a banndála dá fhéuchain an ttiobhradh faoisiomh nó furtacht dhi, agus nír lughaide a saoth nó a síorghalar eiséin, agus théigheadh a n-uaignios dhiamhair uair ele agus nír bh'fheirrde dhi é mar an ccéudna. "Agas ar an ordughadh sin," ar sí, "caithim-si gach aonlá agus gach aonoidhche maille re péin agus re peannoid, ag síorsmuaineadh fair, acht amháin an uair chluinim a luadh
nó a lánmholadh cco ttabhair furtacht éigin damh, óir do sgríobhas a shearc um chroidhe, go nach dénuim suan ná sádhaile nó siobhal nó sráideacht nach saoilim gurab um fhiadhnaisi bhíos. Ní hiongnadh sin," ar sí, "dóigh ní dúil nó dealbh dhuine a chosmhaileas acht aingeal d'ainglibh Dé." Agas gabhais ag cáineadh a croidhe fén don chur sin agus ag aithbhear iomaithbhear fair um smuaineadh Uilliam do thabhairt fúithe, agus as eadh adubhairt: "A chroidhe dochraidh doibheartach, as éccóir do chuiris thú féin agus meisi isin mórpheannaid si. Gidh eadh, ní tusa do-ním-si d'oirchiseacht nó d'éuccaoine acht mé féin ós tusa as ciontaighi rinn araon, agus gidh mór ar n-éccaoine díbh línaibh, ní chuirfeadh orainn a fhulang acht go bhfaghmaoís Uilliam mur chomhaidh dá chionn." Tar éis a ttug sí d'achmhasán don chroidhe, do-chuaidh do ghabháil a leithsgéil ar an láthair sin, agus as eadh ro ráidh nách don chroidhe budh cóir aithfior an tromghráidh sin do thabhairt acht do na súilibh do-rinne radharc fair, óir ní raibhe eólas ar a dheilbh nó ar a dhéunamh ag an ccroidhe nó go ndearna an radharc eólas dó; gidh eadh fós, ní raibhe ag na súilibh acht teachtaireacht do dhéunamh don chroidhe mar do-dhénadh óglách dá thighearna. "Gonadh aire sin atáid na cionta ag an ccroidhe bhréugach mbiothfhallsa atá ag congmháil agus ag cuimhniughadh ghrádha tachartha nó thuilidhi nách feas a chlann nó a chinél acht an t-Impir dá fhagháil 'na dhílleachta agus 'na dhíbeartach nó go ndearna a oileamhain agus a altrom mar gach aon dá uaisle nó dá onóraighe. Agas dob' urasa damh féin gach rí nó gach rodhuine san chruinne go coimhiomlán d'fhagháil d'fhior nó d'fhírchéile 'na éugmhais, agus giodh í an fhaoile beathadhach as measa beatha don éunlaith, as measa mo bheatha-sa inás a beatha", agus ad-bheart an laoidh:
Mairg atá san mbeathaidh si, furtacht uaithe ní fhuigheabh, leath nó trian mo pheannaide ní fhéudann teanga a thuireamh.
Óm ghrádh don nua naoidheanta, mo dháil cá dáil as deacra? Acht gidh olc an fhaoilbheatha, as measa go mór mo bheatha. Gidh beug é dom ghalar-sa coimhthe re grís mo chneas-sa; tig arís um fharradh-sa fuacht a ndeaghaidh an teasa. Cuairt ameasg an bhanchuire beucc fhurtaigheas dom buaidhreadh; cuid eile dom amhghaire ní fearr théid damh an t-uaigneas. An chúis fa ttám roidheacrach, gein cco n-admhaim mun am sa, an croidhe duairc doibheartach, as é ro theugaisg dhamh sa. Ón teidhm si do tiocfaidhe dá mbeith an rosg gan radharc; ní hé an croidhe as ciontaighe acht an tsúil do-ní an t-amharc. Ag diomdha cco hinfheadhma ní bhiú ar an rosg fam róghrádh; beith umhal dá thighearna as eadh dhligheas gach óglách. An croidhe cco huilidhe as é chongmhas gach aonlá grádh tachartha as tuilidhe do bheith againn gan chlaochládh. An ghnúis áluinn ainglidhe do mhéudaigh adhbhar mh'osnaidh, iongnadh cco madh ainbhfine, ní deilbh dhaonna as cosmhail.
An folt dualach druimfhiar sa ós dó tugas mo chéidshearc, dá bhfaghmais an t-Uilliam sa ní chuirfeadh oirn ar n-éigean. A ghrádh sgríobhtha um chroidhi-si m'aigneadh gach laoi do lomairg; mar tá mé dá innisin, as mairg é agus as romhairg. Mairg.
A haithle na laoidhe sin do luigh ina hiomdhaidh agus ina hairdleabaidh, agus do b'áil lé iomrádh Uilliam do chur ar cairde, acht cheana fa saothar díomhaoin disi sin óir tángadar na hairrdheana céudna chuice .i. an fhionnfhuaire adhbhalmhór no ghnáthaigheadh reimhe agus an t-ainteas iomarcach as a haithle, tré iomrádh Uilliam, agus do-rinne aithbhear iomaithbhear uirre féin fan tár agus fan tarcaisne do-rinne fair don taobh amuigh dhe féin, "agus nách bhfuil rí nó roithighearna ar talmhain," ar sí, "as fearr ann gach aointréidhe as iomchubhaidh do bheith ag rígh nó ag rodhuine inás .i. a ndeilbh agus a ndeúnamh agus a ndeughbhésaibh, a n-eineach agus a n-eangnamh agus a ndeughoileamhain, a ttréidhibh laoich agus láth ngoile d'fhoghluim, go nách ccluin a chluas agus nach silleann a shúil cleas nó cluiche nó caomhfhoghluim nach bí aige, acht nár fromhadh fós a n-iomfhorrach iorghaile é. Agas ní chuirim 'na dhrochcomhairle ar mo chroidhe fén an toil tugas dó, uair aithnim oram fén do bhrígh mh'uaisle agus mh'athardha agus mo dheughbhéus, nach ttiobhrainn grádh nó ionmhaine d'aoinfhear acht do rígh nó do roithighearna nó d'fhuil uasail éigin ele rob' iomchubhaidh dom fholaidheacht, mar adeir an seanfhocal go sunnradhach .i. diallaidh gach dúil do na dúilibh cco cinnte re a comhchosmhaile féin. Gurab uime sin as aithreach leam a ndearnas, óir aithnim oram féin dá mbeith dúil dhuine ar domhan dob' uaisle agus dob' onóraighe inás, gurab é do mhúinfeadh mo chroidhe fén damh, agus do-bheirim fom bréithir fhírinnigh," ar sí, "nách biad a n-aghaidh mo chroidhe fén feasda agus nách biaidh d'aoinchéile agam ó sunn amach acht é."
Ro labhair an inghean iar sin ina meanmain, agus as eadh ro ráidh: "As amhghar atá mo dhál anois," ar sí, "óir gé do gheallas mé fén d'Uilliam, ní fheadar cionnas choimheólad an gealladh sin, uair ní aitheóna sé mo ghrádh-sa do bheith fair agus ní mó inneósad fén dó é, óir do shaoilfeadh sé gur fochnaid no fanámhad do bheinn do dhéunamh fair agus ní chreidfeadh amhlaidh sin uaim é. Agas ní ele fós as córa dhúinn do bhreathnughadh, dá raibhe saoth nó galar oram dá ghrádh-san, biaidh-siomh dom éccaoine ag rádh go madh easláinti ele bhias form agus ní bhiaidh a fhios aige a ghrádh do bheith agam ar an ordughadh sin. Agas as truagh mo chor-sa dhe sin, uair do-chím-si é agus ní fhaicionn-somh mé, do-chluinim é, agus ní chluineann mé, agus aithnim ar an adhbhar sin gur gar bás damh. Agas as eadh mh'ionnshamhail anois," ar sí, "mar bhíos long luchtmhar leabharmhór ar maidhm a haidhmeadh agus a hancaireadh, ar mbriseadh a crann agus a caoimhsheól a mbeól mhara agus mhóranfaidh ó iomfhorrán aggarbh ainndreannda na gaoithe géire grodamhainsi agus ó chogadh chodarsna chomhfhuachda na ccaomhdhúl ag caitheamh a ccoinntinne agus a cceannairrce re chéile, go nách bhfaghar tapadh nó teasargain ar fhurtacht nó ar fhóirithin fuirre." Gurab amhlaidh sin do-rinne an inghean a héccaoine agus a hiomchosaoid ria fén, agus tuitis a ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh as a haithle go nach raibhe a húidh nó a haire ar aoibhnios ná ar urghairdiughadh ele, acht a beith a cceas bróin agus biothtuirsi, go ttuc a dath agus a dealbh agus a deughdhénamh ar bháine agus ar bhuidhe agus ar dhuibhe agus ar droichgné, gur bh'fhoicsi bás ná beatha dhi; agus ro loigh ina hiomdhaidh agus ina hairdleabaidh go ndeachaidh tuarasgbháil a teinnis agus a tromeasláinti fon ccathraigh go comhchoitcheann agus fo na hiathaibh imchiana ainiúil ó sin amach, go rabhadar ag oirbhire agus ag éccaoine a heasláinti agus a hardghalair. Bádar dano banntracht agus bannála ina huirthimchioll ina grianán. Baoi dano inghean uasal onórach ameasg an bhanntrachta an tan sin .i. Alexaindria, inghean diúci na Lumbairde agus siúr fhogas don Impir isidhe. Fiafraighis
Alexaindria don inghin cá galar no gá heasláinti táinig fria agus adubhairt: "Ar ghrádh th'einigh agus th'uaisle agus th'athardha," ar sí, "agus a n-onóir an tí rod-cruthaigh agus rod-ceannaigh agus ro chum neamh go n-a néllaibh agus talamh go n-a torthaibh agus grian go n-a glanruithnibh agus an fhairrge go n-a hiolphiasdaibh, gá heasláinti rod-snoidh nó gá treabhloid rod-thraoth? Agas ná ceil oramsa é, uair as tairisi duit a innisin damh, agus gidhbé galar nó easláinti rod-gabh, do-ghéun-sa leighios agus leasughadh duit." Gabhais fáilteachas mór Meiliór um an aitheasg sin Alexaindria, agus rucc a bhuidhe agus a bhuanaltughadh fria gach ar ráidh, agus adubhairt cco sloinnfeadh adhbhar a heasláinti don inghin, géur dheacair dhi, agus ro ráidh nách raibhe faoisiomh nó furtacht énlaoi nó énoidhche aice ón easláinti sin agus go ttigeadh naoi n-uaire gach n-oidhhche agus deich n-uaire gach laoi dá hionnsoighidh. Acht cheana mar do bhreathnaighiodh adhbhur a heasláinti, do fhilleadh a focal ar ais arís ó a béul agus ní léigeadh amach é ar a amhnáirighi lé a fhios d'fhagháil uirre. Ro ruamnaigheadh agus roi dheargadh a ríoghghnúis gach re tan gur bhó deirgithear re sian sléibhe nó re grís gan cheó gan chrithir í an céidfheacht; ro bhánaigheadh agus ro bhuanghlasadh feacht ele gur bhó gilithear re clúimh chanaigh choimhghil agus gur bhó glaisithear re bugha barrghlas bithghorm gach ball dá ballaibh. Baoi sealad ar an ordughadh sin, agus ro fhoillsigh fa dheóidh adhbhur a heasláinti, agus as eadh adubhairt: "Grádh agus géurionmhuine tugas don tí atá a ccoimhideacht an impir fuair isin bhforaois an lá do-chuaidh do sheilg innte, .i. Uilliam a ainm, mur do-chuala clú a bhés agus a bhuantréidhe, a ghaile agus a ghaisgidh, a dheilbhe agus a dhénmhasa, a mhodha agus a mhóroileamhna dá n-aithris a mbél gach aonduine seachnón na cathrach agus na ccríoch ar cheana. Agas do bhádhas seal fada ag cathughadh a n-aghaidh an ghrádha sin dá fhéuchain an bhfédfainn a chlaochlódh nó a chomhthoirmeasg, agus gidh eadh, fá saothar díomhaoin damhsa sin óir nír fhéudas a chur ar ccúl as mo chroidhe. Agas ag sin adhbhur mo ghalair agus mh'easláinti
re innisin duit. Agas a shiúr ionmhain," ar sí, "dearbh-sa do chumhachta agus do chomhthairiseacht damhsa bhúdhdheasda, dáigh as ann as mó dearbhthar an caradradh an uair as aidhbhle an t-éigentas, uair ní bam beó-sa muna bhfaghar m'fhóirithin a bhfogas." Ó'd-chualaidh Alexaindria sin, ro ghabh iongantus adhbhalmhór í, dóigh rob' iongnadh lé aigneadh na hinghine do dhol an chonair do-chuaidh. Gidh eadh, ro ghabh gá coimhdhíodhnadh do bhriathraibh ceannsaighthi, agus as eadh ro ráidh fria: "Ná bíodh dubha ná dobrón ortsa, a inghean, uime sin," ar sí, "uair muna bhfuil d'adhbhar easláinti agad acht sin," ar sí, "as gearr bhiad-sa gud fhóirithin, dóigh as aithnidh damhsa luibh leighis ar n-a dearbhadh lé deughleaghaibh agus ar n-a fionnachtain lé fisigidhibh, agus a brígh agus a buanmhíorbhaile ina bun; agus dá bhfromhair-si í, sgriosfaidh do ghalar agus t'easláinti uait uile." Gabhais meanma agus meisneach adhbhalmhór an inghean um ar uraghall sin Alexaindria, agus adubhairt fria luathughadh ar an luibh dá hionnsoighidh. "Ná bí-si ag dénamh anbhuaine uirre," ar Alexaindria, "uair ní hanbhuainighe leatsa a fagháil iná liomsa fén acht cco bhfaghthar dóigh uirre." Agas nír bh'áil lé an luibh d'fhoillsiughadh go lánsholas ná a diamhair do bhuain don chanamhain ro chanasdair d'eugla go madh móide náire na hinghine é. Agas tugasdair rann ós áird agus ro fhreagair Meiliór:
"Abair riom, a ríoghan rán, a Mheilior go mórágh, óm beith duit um mhnaoi páirte, sloinn dúinn adhbhar th'easláinte." "Doiligh liom a iarraidh orm, a inghean na rosg roghorm, fios an rúin atá fam dhlaoi do léigion uaim re hénmhnaoi."
"Ná bíodh sin 'na omhan ort, a inghean nár fhaomh énlocht; biaidh do rún agam gan fhios, do-ghéntar liom do leighios." "Gidhbé galar as gnáth dhamh, ticc chugam ar cuairt bhiodhbhadh deich n-uaire gach laoi coidhche 's naoi n-uaire gach énoidhche." "Tucc sibh, a chruth mar chorcair, acht géur bh'iomlaoid éccosmhail, gile agas deirge 'ma le ar ghuirme agas ar ghlaise." "Grádh Uilliam fo deara dhúnn ar n-éccosg uile d'iompúdh mo bhás as mó ná mithigh muna bhfaghar m'fhóirithin." "Muna bhfuil agad re a rádh cúis ele fá bheith easlán, ón ghalar as mór re a mheas urasa leam do leigheas." "As ann reagar a leas ris, seanfhocal re teacht thairis, cabhair charad gan cheartas, an uair as mó an t-éigeantas." "Atá luibh dá ndéntar dóigh agam ret íoc a ccédóir; luibh sin 'sa brígh 'na bun, fada ó fríth a dearbhadh." "Ó do gabhadh do láimh libh mo leighios le luibh éigin, luathaighthear leat ar an luibh, a inghean áluinn, abair." Abair.
Iomthús Alexaindria as a haithle sin, ro bhaoi gá bhreathnughadh cionnas do-bhéuradh searc na hinghine fá Uilliam agus gan a fhoillsiughadh dhó searc na hinghine do bheith fair. Acht atá ní cheana, fa hurusa lési sin do dhéunamh, dóigh fá foirbhthe fírghlic fíreólach isi i cceardaibh diamhra draoidheachta agus a n-ealadhnaibh aidhbhle eassorlaidheachta. Agas as é ní do-rinne, Meiliór do thaisbéunadh tré fhís agus tré aisling dhó agus a grádh do thabhairt faoi ar an ordughadh iongantach sin. I n-aroile oidhche d'Uilliam ina chodladh, go bhfacaidh Meiliór chuige agus fairgsi bhróin agus tuirsi fuirre, agus ro bheannaigh go faoilidh foisdionach dhó agus ro luigh ina fharradh agus ro theann rea hucht agus rea hurbhruinne é. "As fada atú-sa," ar sí, "a seirg shíorghalair agus a ttreabhloid throimeasláinti dod sheirc agus dod shíorghrádh-sa gan fhios duit féin nó do neach eile, agus tánag chugad do choimhlíonadh an ghrádha sin anois, óir as mithigh leam críoch do chur fair agus toil mo mheanman agus m'aigeanta d'fhagháil uait." Ó'd-chualaidh Uilliam sin, ro iadh a dhá láimh leabhra lánáille ina huirthimchioll, andar lais, agus ro dhruid rea ucht agus rea bhruinne í agus do mhusgail fén fá dheóidh leis an dlúthughadh agus leis an dianfhásgadh tugasdair fuirre, agus as eadh fuair idir a dhóidibh aige, cearchaill chiomhsach cheithirbheannach baoi mar adhart agá iomdhaidh agus agá ardleabaidh. Ó'd-chonnairc Uilliam gurab aisling tárfás dó agus nach bhfuair an inghean ina fhochair, ro luigh socht agus síorchumha fair. "As iongnadh liom," ar sé, "más aisling tárfás damh go ttrásda, a dhearbhthacht agus a dheimhnighthi do bhí agam um fhiadhnaisi gum agallaimh, agus as dóigh liom gur a bhfolach a bhfírdhiamhair isin tigh atá." Ro éirigh ina sheasomh iar sin agus ro chuartaigh an teach go tinneasnach ina thimchioll go nár fhágaibh cúil nó cearn nó áit nó aircheann isin aireagal a raibhe gan iarraidh agus gan fhéuchain go hurmaisneach, agus ó nach bhfuair an inghean ann, ro luigh go himshníomhach athtuirseach ina iomdhaidh, agus adubhairt fris fén: "As meallta míchreidmheach damh," ar sé, "creideamh do chommbuaidhreadh íodhalta nó d'aislingibh iongantacha oidhche, mar atá toirmisgthi ón Tríonnóid creideamh do ghlór éun nó eathaide, uair as éccóir thugas do bharamhail
damh fén go ttiocfadh inghean Rígh Rómhán do shuirghe nó do shibheanradh friom agus nách bhfuil rí ná roithighearna ná diúici ná deughimpir isin domhan nach lánéudáil leis a fagháil mar mhnaoi nó mur bhainchéile dhó fén, agus dá bhfaghadh an t-Impir a fhios orm cco ttugas an toil si dá inghin, ní dhéunadh cabhair nó comhfhurtacht coidhche damh, agus as mairg damhsa dá ttigeadh díom fén a dhiomdha do thuilleamh agus gan agam don Ádhamhchloinn le maith nó le mórfhurtacht do dhéunamh damh acht é a aonar. Gidh eadh fós," ar sé, "as mór m'amharas nách aisling tárfás damh re deimhne an uraghaill agus re cinnteacht na ccomhráiteadh ro chanasdair riom, agus as dóigh liom fós gur a bhfolach nó a bhfírdhiamhair isin tigh atá." Ro éirigh do-ridhisi dá hiarraidh isin ticc. Má do bhí ionad nár iarr an chéaduair ann, ro iarr cco hurmaisneach an athuair é agus ní fhuair isi ann. Acht cheana fa tuilleadh bróin agus biothtuirsi dósan sin agus ro ghabh ag aithbhear iomaithbhear air fén um an mbuaidhreadh agus um an mbaoithchéill for a raibhe. "As truagh dhamhsa," ar sé, "an seól for a bhfuilim, agus as ciontach ro shaoilios go ttiobhradh aoininghean agus aonoidhre an Impir searc nó síorghrádh damh agus mé fén um thachartha agus um thuilighe gan fhios mh'uaisle nó mh'athardha, mo chinidh nó mo chlannmhaicne, mo fhréimhe nó m'fhírgheinealaigh agam fén nó ag neach ele, acht m'fhagháil don Impir ag ionghoire cruidh agus ceathra, agus ós anois thuigim fén mo dhál, coisgfeat dom buaidhreadh agus dom baothghlór búdhdheasda." Ciodh trá acht, gé do gheall Uilliam an t-aitheasg sin, nír fhéudasdair a chomhall idir, dáigh gach uair do thionnsgnadh luadh nó láiniomrádh na hinghine do sheachna, do fhilleadh san chonair céudna agus ní fhéudadh a toil nó a tromghrádh do thréigion. Do ghabhadh brat uaine uime feacht ann agus théigheadh a n-oirebher áluinn iongantach baoi re cathraigh aneachtair ar aghaidh ghrianáin na hinghine, agus no bhíodh ag silleadh agus ag sírdhéuchain na ccrann ccnuasthorthach agus na fiodhbhaidhe faide fíoráille agus na n-abhann n-áluinn n-uaine bádar ar n-a ttarraing tré
talmhain ar amas an oirebheir sin, agus no bhíodh ag siobhal agus ag sráideacht eatorra, agus ní thugadh sin furtacht nó fóirithin dó. No bhíodh ag féuchain agus ag fírdhearcadh ar fhuinneóig an ghrianáin ina raibhe an inghean agus no bhíodh ag tabhairt umhla dhi geun cco bhfaiceadh í, agus as eadh adeireadh ina mheanmain: "As truagh dhuit, a bhainríoghan, cco bhfaicim do dhealbh agus do dhéunamh, t'inneall agus t'éccosg, agus nách ttabhra úidh nó aire dhamh, agus fós go ccluinim th'aitheasg agus th'uraghall agus nách ccluinir-si énfhocal dá n-abraim-si." Thicdís macradh agus aos ógbhaidh agus ridireadha roárrachta na cathrach ar cuairt agus ar céilidhe chuige, agus géur mhór a imshníomh agus a athtuirsi, ní aithnigheadh aoinneach acasan air é, agus do-níodh uraghall díleas diongmhála fria gach ndeighfhear díobh. Théighdís ina sheómra agus ina chodailteach chuige agus do-níodh mar an ccéudna riú. Ro fhortamhlaigh an chumha agus an dobrón fá dheóigh ar an saormhacaomh go nár fhéud suan nó síorchodladh, ciúnas nó comhnaidhe dhá mhéud nó dhá loighead do dhéunamh acht a bheith a cceas cumhadh agus comhthuirsi amhail ro bhaoi inghean an Impir a ttús a treabhloide agus a troimeasláinti, gur bhean céill do chabhair agus do chomhfhurtacht d'fhagháil dó, agus adeirdís lucht na cathrach a ccoimhnéineacht go n-imeóchadh modh agus móronóir, séughandacht agus saormhacaomhacht, féile agus fíroineach na hardchathrach ar éinshlighe an tan do rachadh Uilliam eisde. Baoi-siomh feisin ag teacht tar a dhoilgheas agus tar a dhocamhal fén go ndubhairt an laoidh ann:
Uchán! as truagh mh'aisling, buan mh'uchán mar mhosglaim; léum ghrádh as mór mheasgaim, ar bhrón go bráth brosduim. Mo chumha gan chlaochlódh, ní gubha gan ghéurbhrón; fearuim sruthán síordhéur, uchán! as é mh'éunghlór.
Bheith fá thuirsi toghuim, nocha tuirsi thadhaill, ní charuim a ccluinim, ní mharaim gé mharaim. Truagh mh'aisling gum mhealladh, nochan aisling annamh, ní fhaic sisi ar silleadh 's do-chím isi um fharradh. Bheith linne dá hiomrádh binne ná gach orghán, do-chluinim a deughghlór, 's ní chluineann mo chomhrádh. An chéillidhe chuanna, mo ghéigbhile grádha, deighthinól nách díogha fá Mheiliór mhálla. Truagh misi gá mórghul is isi gum éimhdheadh, ni chadlaim ó a caoineadh gein cco n-admhaim d'éinfhear. Mo ghrádh don tseing shúlghlais, grádh gan fheidhm ar ccéadchais, truagh, a Dhé, mo bhuaidhris 's gan mé uair 'na héccmhais. Fuaras, faríor! rochrádh, do-chuaidh dhíom mo dheighshén, 'na bharr bhíos ar mh'anshódh, ním-feas clann nó ceinél. As aisling dár íribh a bhfaicinn ó chianuibh, d'éis tadhuill an dúnaidh nocha bhfaghuim m'iarraidh.
Meiliór cco mórghnaoi, gé táim uimpe ag géurchaoi, anáir lé gach éunrígh isi d'fhagháil d'énmhnaoi. Do badh guais dom anam gach ar smuain mo cholann, mór mh'imnidh re a fhulang eugla an Impir oram. Tugas toil dom neamhghrádh, toil tugas tre urán, mo rochrádh go romhór, ochán agas uchán. Uchán.
Aon do laithibh iar sin dia ndeachaidh mac rígh na Siosoile as an seómra ina ngnáitheadh bheith d'ionnsoighidh an oirebheir ina ttigeadh do bhunadh do thógbháil fiabhrasa agus easláinti dhe, agus téid fó bhun chroinn dosaigh dhíoghuinn baoi ann as a ngnáthaigheadh silleadh agus sírfhéughadh seómra na hinghine uadha, agus baoi ag éisdeacht re ceól sírreachtach sírbhinn na n-eún ccorcra ccaomháluinn ag cantain agus ag ceileabhradh ar barr na ndos ndlúith ndeughthorthach agus na ngéug ccorcra ccnuasadhbhal agus re foghar sreabh somblasda na foraoise áille éccsamhla ina uirthimchioll, gur thuit a thoirrchim suain agus síorchodalta ar an macaomh isin mhaighin sin. As í sin uair agus aimsir in-ar labhair inghean an Impir fria hAlexaindria, agus baoi ag éccaoine a hanbhfainne agus a heasláinti fria agus ag oirbhire uirre um a fhad cco bhfuair an luibh ro gheallasdair d'fhagháil di. "Do-ghéubhair an luibh sin uaimsi go lór a luaithe," ar sí, "agus tar leam d'fhéuchain na foraoisi fil re cathraigh aneachtair, óir do-chuala cco ttáinig an luibh sin ann gairid uadha ameasg luibheann na foraoise, óir do shaothraigheas a fagháil duitsi gus anosa," ar sí.
Ó'd-chualaidh Meiliór sin, ro éirigh go hathlamh ar amas an oiribheir le hAlexaindria, agus bádar agá iarraidh agus agá imtheacht araon. Acht cheana géur mhór an cosg galair agus easláinti bheith ag féuchain na foraoise, nír laghdaigh brón nó buantuirsi na hinghine. Deisidheadar ag aroile crann isin ccaomhfhoraois iar sin agus léigis Meiliór a taobh le talmhain isin maighin sin agus baoi ag éccaoine a heasláinti agus a héttualaing re hAlexaindria. Sillis Alexaindria seiche agus dearcas ar an ccrann agá raibhe Uilliam isin bhfiodhbhaidh, agus ro innis do Mheiliór cco bhfacaidh óglaoch fo bhun chroinn isin ccoill agus gur dhóigh lé gur fear fiabhrasa nó easláinti éigin é agus gur chóir dul ar cuairt chuige, "óir d'oibrighthibh na trócaire," ar sí, "fiosrughadh aosa galair agus gnáitheasláinti." Ro ghluaiseadar rompa as a haithle gusan ionadh a raibhe Uilliam fo bhun abhla adhbhalmhóire bhaoi fo chnuas agus fó chaomhthoradh ann, agus Alexaindria a remhthús na conaire. Agas ro fhill tara hais ris an inghin agus adubhairt go faoilidh fíorshuilbhir gurab é céidshearc agus céidionmhaine Mheiliór bhaoi ann agus go raibhe a fhios aice gurab do chosg fiabhrasa agus easláinti agus do chur doilgheasa agus maoithe agus mórthuirsi dhe táinig. Ó'd-chualaidh Meiliór sin, ro chomhghluais a croidhe ina cliabh re comhlúthgháire agus baoi ag smuaineadh cionnas do laibheóradh do chéidneithibh fris; agus do-chuadar mar a raibhe Uilliam faoi sin agus ro shuidheadar ina fhochair agus eisiomh ina chodladh eatorra. Iomthúsa Alexaindria, cuiris iomluaidhill aislinge fa Uilliam do thoradh a heccna agus a hinntleachta go ná dúisgeadh cco haimhdheónach é cco ttárfás dó inghean an Impir do thocht ina haonar dá agallaimh agus a beith ag suirghe agus ag suarcas fair, agus dar leis cco ttugasdair rós dearg ina láimh ar an láthair sin, gonadh de sin ro mhosgail as a mhórchodladh an macaomh agus ro sgarasdair ré a shaoth agus re a shíorghalar é. Ro éirigh iar sin agus dearcais ar an inghin go hathlamh agus fáiltighis a chroidhe re a coimhfhéuchain, agus beannaighis go deughoileamhanta dhi as a haithle. "Go raibhe maith th'onóra agad, a aonghrádh d'fhearaibh an bheatha," ar an inghean.
Ó'd-chualaidh an macaomh an t-ainm sin dá thabhairt fair, gabhais subhachas agus sobrón adhbhalmhór é. Dála Alexaindria, do-chuaidh a cceann sgéul d'fhiarfaighe d'Uilliam .i. adhbhar a theinnis agus a throimeasláinti, mar nach beith a fhios aice fén, agus ro fhiarfaigh dhe créud táinig fris nó créud do b'adhbhar doimheanma dhó. "Ní fheadar-sa sin," ar Uilliam, "acht aon d'oidhche ro bhádhas um chodladh um sheómra agus tárfás aisling damh an oidhche sin, agus ní rabhas aonoidhche ó soin amach nách beith oire fuirmheadha do ghalar agus d'easláinti form." Fiarfaighis Alexaindria do-ridhisi dhe créud adhbhar a easláinti nó an í an aisling ad-chonnairc agus cionnus a teisd agus a tuarasgbháil. "Truagh sin," ar an macaomh, "ar shéudaibh na cruinne go comhlán ní thiobhrainn a fhios sin d'aoinneach don Ádhamhchloinn." Ó'd-chualaidh Meiliór sin, do thuigeasdair ina haigneadh agus ina hinntinn gur bh'ionann adhbhar dá n-easláinti araon, gion gur admhasdair ós áird é agus gurab é a searc-san bhaoi aigesiomh mar do bhí a shearc-san aicisi feacht n-aill; gidh eadh, nír léig a náire dhi a grádh fén d'innisin nó d'fhoillsiughadh go bhfoillsigheadh Uilliam a ghrádh feisin ar tús. As annsin ro labhair Alexaindria re hUilliam agus as eadh ro ráidh: "Ní feirrde dhuitsi do ghrádh do cheilt oramsa," ar sí, "óir ní fearr a fhios agad fén iná agamsa, óir as grádh folaightheach fil agad agus ná bíodh eugla ort fána innisin damhsa, uair gach caomhna agus gach comhfhurtacht fhéudfadsa do thabhairt dhuit, do-bhéur dhuit é, agus do-ghéun rún maith ort uime, agus ní bhiú it aghaidh ina thimchioll." Ó'd-chualaidh Uilliam sin, ro ghabh fáilteachas mór é agus as eadh adubhairt: "Ar t'fhaosomh agus ar do chomairce damhsa, a Alexaindria," ar sé, "uair aithnim go bhfuil fios mh'inntinne agadsa agus ní bhiú dá cheilt ní bhús sia ort, óir tugas searc agus síorionmhaine don inghin sin do láthair gion gur bh'iomchubhaidh d'fhior m'uaisle nó m'fholaidheachta a tabhairt, agus ó tá a fhios agadsa anois, déna rún agus tairiseacht damh badhdheasda
amhail do gheallais go ttrásda, agus cuirim-si mo chorp agus mh'anam ar do chomairce." Gabhais Alexaindria do láimh an ní sin agus ro ráidhseat an laoidh:
"Beannacht ort, a Uilliam fhéil, a ghiolla mar ghréin ar dheilbh, gá hadhbhar fá bhfuil do bhrón nó gá galar fár chlódh h'fheidhm?" "Aisling rom-tárfás um shuan, do-ghéubha tú uam a dhearbh, a inghean an aignidh ghrinn, as í sin do mhill do dhealbh." "Gá haisling ro taidhbhreadh duit, t'aigneadh ó do chuir ar ccúl? a hinnisin gé leasg leibh, oramsa ná ceil do rún." "Ar shéudaibh an bheatha bhuain is a bhfagháil uaibh fá seach, an t-adhbhar fa bhfuil mo mhaoith ní inneósainn dhaoibh, a bhean." "A ghein ríoghdha na rosg ngorm, ní feirrde dhuit orm a cheilt, fios do ghalair, a shaoir shéimh, atá agam féin ar beirt. "Galar grádha ro ghabh thú, ná déuna rún orm do ghnáth, agam atá fios do sgéul, a chaomhna do-ghéun ar chách." "Tugas grádh d'inghin an Ríogh mar do-bhéuradh a díol d'fhior; ní bhiú dá cheilt ort a ccéin ó tá agad féin a fhios.
"A ccomairce cuirim ort mh'anam is mo chorp araon, mo rún ó do aithin sibh ná léigthear libh é re haon." "Ó so amach do-ghéuntar linn gach a bhféudfa sinn dot leas; an rún atá ag cosg do shuain ní fhionnfa fear uaim ná bean." Beannacht.
A haithle na laoidhe sin ro ráidh Alexaindria: "Ó do innis tusa fios fírinneach t'easláinti damhsa, do-ghéun furtacht agus fóirithin duit." Tug a haghaidh ar Mheiliór iar sin agus ro ráidh ria: "Ag so an fear tucc toil agus tromghrádh duitsi agus ní bhiaidh a bhfad ina bheathaidh muna bhfóirir-si fair fo chéadóir." "Ní misi as ciontach ris sin," ar an ríoghan, "uair ní thugas fochann báis nó buainéga dhósan nó do neoch ele riamh." "Más eadh," ar Alexaindria, "ní dleaghair dhuitsi neach d'fhaicsin ag fagháil bháis a n-aoinionadh friot agus a fhurtacht ar t'fhagháil gan a fhóirithin." "Ní léigfinn-si bás dó ar bhur n-impidhe-si má's é as áil libhsi, dá mbeith nách diongnainn maith as a los fén dó." "As é sin as áil liomsa do dhéunamh dhuitsi," ar Alexandria, "agus gan a thoil do chlaochlódh uait co bráth iar sin." "Geallaim-si" ar isi, "an toil do-bhéur-sa dhó don dul sa, nach ttiobhar an toil sin d'aoinfhear d'fhearaibh an bheatha cco bráth ar t'impidhe-si agus ar t'fhuráil, dá mbeith cco ttiocfadh bás nó biothoidheadh damh fén tríd." Ar n-a chloisdin sin d'Uilliam, gabhais fáilteachas agus lúthgháire adhbhalmhór é, agus do ráidh ó nach raibhe inmhe ná oireachas aige fén, go ndiognadh flaitheas agus forlamhas do thabhach agus do thrénshaothrughadh disi ionnas nach búdh aithreach le a haigneadh an chomhairle sin do chríochnughadh. Ro dhruideadar a ccomhdháil a chéile don chur
sin agus do thoirbhreadar do phógaibh go miochair muinnteardha aroile. Do ráidh Alexaindria go rachadh fén d'fhoraire agus d'fhorchoimhéd dóibh, uair do bhí a fhios aice go mairfeadh Uilliam a thoil do choimhlíonadh ar an uaigneas sin ar an inghin, agus ro imthigh don láthair sin uatha. Iomthúsa Uilliam iomorro, ro innis gach éigion agus gach anbhforlann fuair dá grádh-sa agus dá géurionmhaine go nuige sin. Ro innis sisi mar an ccéudna a heasláinti agus a héttualaing ó thús go deireadh dhósan agus gach fualang agus gach fíordhochar dá bhfuair dá ghrádh. Ó ro airigh Uilliam go raibhe aigneadh na hinghine uime amhail ro bhaoi a aigneadh-siomh uimpe, druidis a n-athfhogas di agus gabhais ag suirghe agus ag soighidh fuirre agus téid eidir a glacaibh agus a géuga cco ndearna toil a mheanman agus a mhóraigeanta fria gan fhuireach, agus do-rinne gach uair dár bh' áil leis ó sin amach go fuineadh néill nóna. Ó do aithin Alexaindria go ndearnadar gach aonní búdh loinn leó, táinig dá n-ionnsoighidh agus ro bheannaigh go faoilidh foisdionach dhóibh. As eadh ro ráidh: "Dar leam, a Mheiliór", ar sí, "as maith do-chuaidh an luibh lánmhaith leighis do gheallas-sa duit ar do leasughadh agus ar do leighios do láthair, agus dar liom dá mbeidís táithleagha an talmhan agus fisigeadha fírghlioca gacha flaitheamhnais sa chruinne go coimhiomlán cco lánndúthrachtach dá bhur leighios, as taosga fuarabhair cabhair agus comhfhurtacht le a ndearnas fén dhaoibh leum inntleacht agus lém ealadhain iná re leighios leagha nó láinfhisigidhe ele uaim amach." Gabhais náire mhór Meiliór um an aitheasg sin Alexaindria, uair nír thuigeasdair nachar luibh éigin ele an luibh ro gheall Alexaindria dhi go nuige sin agus as eadh ro ráidh: "Atámaoid ar t'fhaosomh-sa agus ar do chomairce fá anacal agus fa iomchoimhéud do dhénamh dúinn ar a ndearnamar agus ar a ndiongnam ó so amach." Ar ttoidheacht urthosaigh na hoidhche dá n-ionnsoighidh, ro ráidh Alexaindria riú dealughadh re'roile d'eugla go bhfuighthí fios a ndearnadar orra, agus nách raibhe glór dá loighead nó dá láindearóile ar talmhain nachar bh'fhearr a fagháil go fada iná gach aoibhneas dá mhéud agus dá
mhóiréudálaighe agus a fhagháil go haithghearr. Ó'd-chualaidh Meiliór sin, gabhais dubhachas agus dobrón adhbhalmhór í. Baoi ag ceasacht agus ag coimhéccaoine ar ghiorra na haimsire bádar uma raon agus nách bhfidir créud do rinne ré Dia na ndúl agus giorra na haimsire fuair d'iomagallaimh fria hUilliam. Dlúthaighis fria a hurbhruinne é as a haithle agus toirbhiris do phógaibh miochardha muinnteardha é, agus ro fhiarfaigh créud do-ghéunadh dá sgaradh re céidshearc agus re céidionmhaine d'fhearaibh an bheatha, agus tuitis fén a ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh iar sin. Gabhais Uilliam iomorro ag cur meanman agus mheisnighe innte agus adubhairt fria gan dubhachas nó dobrón do bheith fuirre ó do bhí gliocas agus géurchumhachta Alexaindria gá n-anacal agus gá n-imdheughail. Ro dhealaigheadar ré chéile don chur sin agus do-chuadar dá ccodailtighibh leath ar leath. Acht cheana fa sgaradh cuirp agus anma re'roile an t-iomsgaradh sin. Gidh eadh, rugadar a bhuidhe re Dia na ndúl an uiread sin fén dá seirc agus dá síorionmhaine do choimhlíonadh. Ciodh trá acht ro bhádar re hathaidh fhada imchéin ar an ordughadh sin ag teugmháil dá chéile san oirebher agus in gach ionadh ele dár bh' áil leó fén gach fhios d'aoinneach don Ádhamhchloinn acht Alexaindria a haonar, agus do bhí do thoil agus do thromghrádh Uilliam ag gach aoinneach isin ccathraigh, dá bhfeasdaoís míghníomh nó míairle fair nach inneósdaís é. Gidh eadh cheana, gidhbé rún nó rochoingheall do-dhéundaís fair, ní fhuaradar fios nó farraid an sgeóil sin re a inchleithe ro bádhas gá dhénamh. As í sin uair agus aimsir a ttáinig diúci na Sasóine sluagh líonmhar lánmhór agus sochraide adhbhal anacarrach, d'ionnradh agus d'arguin na hEadáille agus fhearainn na Rómha go n-a rioghcathrachaibh. Ro creachadh agus ro hairgeadh an chríoch cco léir agus go lom leó go ttugsatt tromnéull teineadh tar an tír go tinneasnach idir cúirtibh agus cathrachaibh agus caisdiallaibh, cco ndeachaidh tar ríomh agus tar roáiriomh a ndearnsat do dhíth agus do dhochar do na críochaibh agus do na ceannadhachaibh a ccoitchinne. Rángadar na sgéula sin d'ionnsoighidh an Impir agus gabhais lonnas lánmhór é um an tí do dhligh umhla agus urraim
do thabhairt dhó d'éirghe ina aghaidh, agus cuiris feasa agus teachta do thionól agus do thiomsughadh a shluagh agus a shochraide, a churadh agus a chaithmhíleadh chuige as gach áird a rabhadar seachnón na ccríoch a ccoitchinne. Agas tángadar a ló áirithe dá ionnsoighidh agus as é líon tángadar ann don réim sin, trí fichit míle ridire a n-éuccmhais an aosa díomhain nó an daosgarshluaigh ó sin amach, agus nír anadar don réim sin go rángadar cco ríoghcathraigh na Rómha go hairm a raibhe an t-Impir, dá fhios créud do-dhéndaoís um dhála an tsluaigh tángadar 'na ttír don turas sin. Iomthúsa Uilliam iomorro, ó do-chonnairc adhbhalchogadh ar n-éirghe ar an Impir, ro ghabh meanma adhbhalmhór é, uair do bhreathnaigh ina inntinn agus ina aigneadh go bhfásfadh bladh agus alladh agus oirdhearcas fá a ndiongnadh do ghníomhaibh gaile agus gaisgidh ag caomhna agus ag cosnamh an tíre i n-a ttarla, ó nach raibhe inmhe nó ardfhlaitheas ele aige. Téid roimhe go roathlamh go hairm a raibhe an t-Impir agus do-rinne comhartha umhla agus urrama dhó. Labhrais do bhriathraibh fíorshuilbhire fris iar sin agus as eadh ro ráidh: "A thighearna, a impir," ar sé, "ó tharla damh fén bheith re haimsir imchéin ad choimhideacht agus tú ag déunamh maitheasa go dítheallach damh go ttrásda mar dhalta sochair nó saoraltroma agus nach dearnas leas no lánmhaitheas duit, as eadh budh loinn liom, dá madh toil libh fén, a iarraidh oraibh ridire do dhéunamh díom don dul sa, ó tharla ainbhfine agus eachtairchinéal comhuightheach ag milleadh agus ag míchórughadh do thíre agus do thalaimh an uair si umad, cco ccoisginn mo chomhaos agus mo choimhlíon dá n-ógbhaidh agus dá n-aos anfhoirbhthe ó nach ionchomhraic sinn re curadhaibh nó re caithmhíleadhaibh, re diúicibh nó re deughdhaoinibh." Gabhais lúthgháire adhbhalmhór an t-Impir uime sin, agus do-rinne ridire co roathlamh dhe agus do-rinne ceithre fichit ridire 'na onóir an uair sin do chlannaibh ríogh agus roithighearna, diúcadh agus daghdhaoine. As a haithle sin ro cumadh
comhairle las an Impir isin am sin agus as eadh ro chinnseatt a uaisle agus a ardmhaithe a fhuráil fair: cathughadh gan chairde, gan choigill do dhénamh re diúci na Sasóine riu siú no ghiallfadaís na críocha agus na ceannadhacha dhó, d'euccla nach bhfuighbhedís cobhair no congnamh cco hollamh gen cco ttángadar fén acht lucht cinnidh comhairle agus fiosraighthe sgéul do ríoghaibh nó do ridiribh dá rochtain. "Agas dá ndearnair sin," ar siad, "buadhóchar do throid agus do thachar agus do láthair leat, óir ní le neart sluaigh nó sochraide brisdear cath nó comhlann acht maille le grásaibh an Spiorat Naoimh." Agas as air do cinneadh aca, cath do thabhairt don diúci Dia Máirt ar ccionn, agus Dia Céudaoin ro cinneadh an chomhairle sin las na maithibh. Dála an Impir, cuiris tinól agus tiomsughadh ar a shlóghaibh agus ar a shochraide a n-oirchill an mhórchatha go raibhe céad míle fear n-armach n-ionchomhlainn ar ndéunamh ofrála a tteampoll Peadair do na ríoghaibh agus do na ridiribh um shoirbhiughadh a séuda agus a siobhail don dul sin. Nír urasa baramhail nó breitheamhnas do bhreith ar shéiseilbhe na sochraide ag tinól a n-arm agus a n-éididh, a n-eachradha agus a n-aidhmeadh catha agus comhlainn ar cheana, go nach bhféudfadh neach dá mhéud a eagna nó a eólasa leath nó trian a ttuarasgbhála d'fhaisnéis nó d'innisin go Máirt an mhórchatha ar an naomhadh buille don chlog. As ann ro chingeasdair an t-Impir for a each, ar n-eccar a chniséididh catha agus comhloinn ima chneas agus ar n-a n-eccar agus ar n-a n-ordughadh do chách ar cheana fon ccuma chéudna. Dála diúci na Sasóine, ro éirigh a ttús na maidne an lá sin go n-a mhórshluagh ina urthimchioll ar n-a n-euccar agus ar n-a n-ordughadh ina n-aidhmibh troda agus tachair. Ro sheólasdair litre agus leugháide uadha ar amas an Impir agus as eadh ro ráidh "gur éccóir do éirigh an t-Impir óna choilcibh clúimh-dhéaraighthe agus óna chearchaillibh ciomhsacha comhthláithe agus óna dheochaibh míne measgamhla agus óna bhiadhaibh saora sochaithmhe do fhreasdal áigh nó iorghoile um aghaidh-si," ar sé, "agus slóigh échtaigh na hAlmáine gum anacal agus slóigh shármhóra na Sasóine gum chomhfhurtacht",
uair fa rí ar na rígheachtaibh sin go hiomlán eisiomh. Agas adubhairt nach bhfidir créud do-dhéunadh an t-Impir. "Dá n-ana sé gan cath, gan comhlonn, loisgfidhear a thír agus a thalamh liomsa, airgfidhear a iatha agus a fhearuinn, brisfidhear a mhúir agus a mhórchathracha, muirfidhear a shlóigh agus a shochraide; agus fós dá n-éimhghe sé do throid nó do thachar um aghaidh-si an uair si, ní budh lughaide díth nó dochar a dhaoine, dóigh ní ba tualaing a thrénfhir cothughadh cathláithreach um aghaidh-si le neart mo laoch agus mo láth ngaile, go mbiaidh easbhaidh a churadh agus a chaithmhíleadh do chéidneithibh fair, agus díth a mhaoine agus a mhaitheasa fá dheóidh, d'éis díoláithrighthe a charad agus a choigéile a láthair catha agus comhloinn. Agas sloinnidh-si na haitheasga sin don Impir," ar sé fris na teachtaibh, "agus na cuiridh bhur litri nó bhur láinsgríbheann a n-iomfholach bhar n-éudaigh nó bhur n-earraidh idir, acht a mbeith ar bhar mbasaibh ar aghaidh gach aonnduine dá tteigéamha dhaoibh, go madh oil agus athais don Impir cách gá ccoimhfhéuchain ar an ccórughadh sin." Rángadar na teachta rompa go hairm a raibhe an t-Impir agus a litre ar a mbasaibh aca amhail do aithin an diúci dhíobh, agus ro léughadh a bhfiadhnaisi an Impir iad agus na slógh ó sin amach; agus ro fheargaigh an t-Impir um na haitheasgaibh sin an diúci .i. anumhla an uraghaill sin do-righne an tí dár chóir a bheith urramach dhó agus a chíoscháin d'íoc gan uireasbhaidh ris mar do íocadh fear a ionaid riamh reimhe sin. Téid an t-Impir ar fód críochnaighthe comhairle don chur sin, agus beugán do mhaithibh a mhuinntire ma raon ris, agus bádar ag teacht tar a n-éigean agus tar a n-anbhforlonn bhúdh-dhéin agus ag ceasacht ar an líon laochraidhe ro bhádar a n-aghaidh na n-ilmhíle ro bhádar ag an diúci. As annsin ro labhair Sir Uilliam ameasg na maithe sin agus as eadh ro ráidh: "A thighearna, a impir," ar sé, "ná bíodh ceisd an chatha sa ort idir, uair ní re hiomad curadh nó caithmhíleadh béurthar buaidh áigh nó iorghaile acht maille re neart na Naomhthríonóide, amhail dearbhaid lucht feasa agus fíoreólais,
agus ó tá cosnamh ceirt agus córa na himpireachta ar fhear t'ionaid-si d'fhiachaibh a n-aghaidh éccóra agus ainndlighidh ainbhfineadh eachtrann, ná bíodh éudóigh nó amharas agad ar bhuaidh do bhreith orra, uair as cinnte nách béurthar buaidh troda nó treasa re lucht éccóra nó ainbhfírinne mar atá a bhfuil in bhur n-aghaidh-si annsúd, gonadh aire sin nach beite dhaoibh omhan nó imeccla oraibh um chath do thabhairt dhóibh." Ciodh trá acht as ar an ccomhairle sin do hanadh aca uile, agus do léigeadar a theachta d'ionnsoighidh an diúci re fios sgéul an chatha do choimhfhreugra dhó. Ó rángadar na sgéula sin d'ionnsoighidh an diúci, ráinig go hathlamh iméusgaidh reimhe go láthair an chatha dá choimhfhreugra agus dá choimhfhreasdal, agus baoi ag furnaidhe an Impir go n-a ardshochraide ann. Dála an Impir iomorro, ro chóirigh a chatha agus do-rinne dúnchlaidh dingthe dothraothaighthi dhíobh ar amas na hiorghaile. Ro sinnit a stuic agus a storgháin agus a n-adharca furfhógra agus a ccuisleanna comharc agus ccaismearta catha agus a n-aidhmeadha áigh agus iorghaile do na slóghaibh agus do na sochadhaibh go rángadar cco hionadh áirithe na hiomghona ro hordaigheadh eatorra, go nach raibhe acht eadh urchair an airm ionchaithmhe idir an dá chladh choimhtheanna chatha sin. As annsin ro bhean béim brodla barbardha do na cathaibh ceachtardha a cceann a chéile, gur chriothnaigh an talamh tromadhbhal fo throighthibh na ttréunmhíleadh agus fa chosaibh na ccuradh ag rochtain aroile, gur leónadh laoich agus gur teasgadh tréinfhir agus gur mudhaigheadh mílidh agus gur comhmaoidheamh curaidh re haimsir athghoirid eatorra. Ro sraoineadh agus ro sírfhilleadh, ro claonadh agus ro comhshóadh tosach ánradh an Impir isin chéadchuinnsgleó sin gus an sosadh ríoghdha a raibhe an Rí feisin ag neartadh na laoch agus na láth ngaile, agus sluaigh an diúci ag cor a n-áir dá gach taobh ina ttimchioll. Ó'd-chonnairc an t-Impir sin .i. an cath do chlaonadh 'na cheann agus gan curaidh nó caithmhílidh do chathughadh, do-chuaidh d'eadarghuidhe Dé cco dúthrachtach fa fhurtacht agus fá fhóirithin d'fhagháil agus as eadh ro ráidh:
"A Dhé do chum neamh agus talamh, grian agus éusga, agus do fhidir cóir agus éccóir gach aoin, má do-chí tú gurab agamsa atá an chóir, tabhair furtacht go fíoraibéil damh a n-aghaidh an tí dár chóir mh'onórughadh fá a dhíthchioll fil ag cur um aghaidh mar námhaid agus mar easccaraid gan adhbhur, gan fhaltanas." Iomthúsa Sir Uilliam, ó'd-chualaidh eadarghuidhe an Impir agus iomad a thoirsi um an éttualaing a raibhe, ro bhiodhgasdair a chroidhe ina chliabh agus ro combuaidhreadh céudfadha a chuirp go comhlán re háilgheas an iombuailte agus re mian na mórthroda agus re saint na síorbhuille, agus baoi ag smuaineadh ina inntinn cionnas do fhóirfeadh ar an Impir an uair sin, agus do labhair do ghuth ardmhór fhollasghlan ar lár na laochraidhe agus as eadh ro ráidh: "Cáit a bhfuilit na ridireadha óga ro hoirdneadh a ngrádhaibh ridireadh go ttrásda? Créud do-bheir oraibh gan bhur ccoimhlíon fén do chosg do churadhaibh árrachta na hAlmáine agus do shlóghaibh séitreacha sárchalma na Sasóine? Agas dar liom ní dhearnobhair luach bhur spor do chongnamh nó do chomhfhurtacht don Impir isin iorghail ó do ghabhabhair cuing ridireachta re bhur n-ais." Agas gabhais agá ngreasacht agus agá ngéurlaoidheadh agus ag cor meanman agus meisnighe ionnta go hiomarcach agus dá rádha riú gan omhan nó imeugla do thabhairt dá n-úidh nó dá n-aire d'uathadh nó d'fhíorloighead a rabhadar, "óir ní ré hiomad ríogh nó ridireadh brisdear cath nó comhlonn acht re grásaibh an Spioraid Naoimh." Agas ro ráidh an laoidh:
Triallam isin iorghail-si go ndearbham gníomh gach éinfhir; cuimhnighidh san ionbhaidh-si bhur n-oirdneadh cco nua a ccéimibh. A ógbhaidh na hEadáille, a dhream chródha ar nách ccinntir, nárob tréith bhur tteagmháil-si ag cosnamh córa an Impir.
Romhór bhur lucht anpháirte, bhur bhfeidhm ar maith as móide, sluaigh árrachtaigh Almáine is laochruidh na Sasóine. Gidh aidhbhseach na ríoghshlóigh-si, ní brisdear gleó ré n-iomad, do ghrásuibh na Tríonnóide bhriseas uathadh ar iolar. Adhbhur as nách édócha go bhfuighthí ó Dhia cabhair, lucht uilc agas éccóra atáid uile in bhur n-aghuidh. Do mhaith nocha dearnobhair luach bhur spor gus an tráth-sa, as éccóir nár dhearbhabhair bheith dhaoibh a n-earradh ágha. A bhuidhean chruaidh chalma-sa, mar aisgidh oraibh iarruim, a n-aghaidh an mhadhma-sa anois cco talchair triallam. Triallum.
As a haithle sin ro sporasdair Sir Uilliam a sdéud go dian dísgir deughthapaidh a n-airrchis na ridireadh Romhánach, do chothughadh catha a n-aghaidh sochraide na Sasóine agus ánradh na hAlmáine. Ó't-chonncadar na ceithre fichit ridire ro hoirdneadh má raon re hUilliam sin, ro leanadar go hathlamh éusgaidh é. Dála Sir Uilliam dano, téid treótha agus tharsa, agus gabhais agá sloighe agus agá sleachtadh, gá n-oirleach agus gá n-athchuma, acht cheana an áit fá tiugh an tsochaidhe, fá tana dá threas, agus an tan fá láidir an laochradh, fá hanbhfann dá iomghoin, agus an tan fa calma na curaidh, fa coimhmeirbh dá choinnsgleó,
go nár an aon re hiomghuin, ná curaidh re comhrac, nó tréunfhear re tachar, nó ridire re rochomhlonn fris, gur ghabh dearbhráthair don diúci deireadh ar na deughshlóghaibh; agus tugasdair fén agus Sir Uilliam aghaidh cco hainiarmhartach ar a chéile, go ttugadar dhá thoimhde fhearrdha fhearamhla do na sleaghaibh séunta seimneacha sithrighne is na sleasaibh, gur bhlodhadar na cinn réidhe roireamhra is na ríoghbhruinnibh. Ar mbriseadh na ccrann ccomhfhada is na cneasaibh do na curadhaibh, ro thairrngeadar na lanna líomhtha láinghéura as a ttruaillibh taisgeadha agus ro bhuaileadar dhá bhéim bhunata bhoirbthréna a ccomhdháil a chéile. Tarla cloidheamh Sir Uilliam a ccobhraidh mhóirmheadhóin sgéithe dearbhráthar an diúci gur sgoilteasdair an sgiath go talmhain don tréunbhéim sin, go ndearna dá chuid chudroma dhe, agus tug an béim tréun tánaisde don trénmhílidh gur sgar a cheann agus a chaomhbhruinne re chéile. As annsin táinig sdíobhard tighe an diúci do dhíoghail an ghníomha sin do leith a dhroma ar Sir Uilliam. Fillis Sir Uilliam go dána dúrchroidheach ris agus tucc béim bunata biothláidir dhó gur thrasgair é fén agus a each a n-aoinfheacht ar muin a chéile don chruaidhbhéim sin, go nár éirigh as an bhfuirmheadh áirdleugtha sin ré n-a bheó. Ó'd-chonnairc muinntir an diúci na hára agus na heasbhadha tuccasdair Sir Uilliam ar a ccathaibh agus ar a ccéudaibh, ro chruininigheadar as gach áird ina uirthimchioll, dá oirleach agus dá athchuma, agus do-rónsad dúnbhuaile bodhbha agus cró comhdhaingean catha um an ccuraidh umá ccuairt. Ní ar thime nár ar thlás ná ar theicheadh do-chuaidh an coimhéirghe sin ag Sir Uilliam, acht téid fotha agus tarsa amhail leómhan ar loinne céudfadh nó mathghamhuin ar mhire meanman, go nár an aoinfhear re hágh nó re hiombualadh dhíobh, gur mharbhasdair an ceathrar do b'uaisle agus do b'onóraighe do mhuinntir an diúci isin deabhaidh sin, gur chuireasdair a raon madhma agus móirtheichidh gach aon nár an re a oirleach do na hógaibh go hairm a raibhe an diúci ag neartadh na niadh agus na n-ánnradh.
Ó't-chonnairc an diúci na hára agus na heasbhadha tugasdair Sir Uilliam ar a ógaibh, gabhais fearg agus fíorlonnas é, agus ro ghreis a churadha agus a chaithmhíleadha do chothughadh a ccoinne an mhadhma agus an mhóirtheichidh, agus ro fhuráil forra calma do dhéunamh a n-aghaidh Sir Uilliam go n-a airsidhibh; agus adubhairt riú gan anadh nó oirisiomh a n-aoinionadh isin iorghail go ttugdaís beó nó marbh an tí tucc na hára agus na heasbhadha sin orra dá ionnsoighidh. Ro ghealladar-san iomorro nách ttiocfadaís ar ais gus an diúci gan beó nó marbh Sir Uilliam do thabhart leó do láthair. Ciodh trá acht rángadar na ridireadha sin rompa a haonchomhairle a n-aghaidh Sir Uilliam, dá oirleach agus dá athchuma airm baoi féin agus a fhéindeadha ag cothughadh cathláithreach fris na curadhaibh, agus ó'd-chonncadar na ridireadha dá rochtain, tugadar aghaidh a n-aoinfheacht orra. Dála Sir Uilliam, téid fotha amhail leómhan adhbhal Afracdha fá ainmhintibh anbhfanna éccruaidhe nó amhail seabhac ághmhar earrluath áitheasach fá ealtaibh, nó amhail libheadhán lánmhór lánathlamh fá ilphiasdaibh aidhbhle iongantacha na háibhéise. Acht cheana ó rugadar iomad na láth ngoile ar shochraide Sir Uilliam, nír fhéudsat cothughadh na himreasna i n-a n-aghaidh, gur bh' éigion dóibh anbhforlann na hiorghaile d'fhágbháil 'na aonar ar Sir Uilliam. Ó't-chonncadar muinntir an diúci Sir Uilliam dá fhágbháil 'na aonar amhlaidh sin, ro iadhadar dá gach taoibh ina thimchioll agus ro bhádar agá dhíobhragadh go deithideach d'fhoghadhaibh féighe frithre fírneimhneacha agus dá gach uile chinél airm ionchaithmhe agus do bhéimeannaibh borba barbardha a ndeaghaidh na ndeughurchar sin. Acht cheana géur líonmhar don laochraidh ar an láthair sin ag iomghuin ar an airsidh, nír fhágaibh aon aca gan comaoin a ghona cco guasachtach agus éuraic a bhuille go biothurlamh d'fhagháil uadha, nó gur sgaradh re a each go hamhdheónach é, agus ní lughaide do fhreagair a ccomhlonn do na curadhaibh sin nó gur luigh iomarcaidh na n-ánnradh a n-aoinfheacht fair, go nár fhéud freasdal nó friotháileamh dhóibh ar a
n-aidhbhle agus ar a n-iomat, gurbh éigean dó é fén do dhílsiughadh dóibh le líonmhuire na laochraidhe agus na láth ngaile agá fhorrach. Ciodh trá acht ro gabhadh aca é agus ro beanadh a airm agus a iolfhaobhair dhe agus ro ceangladh agus ro cuibhrigheadh é as a haithle do théudaibh righne rochruaidhe agus do réifeudhaibh daingne dosgaoilte agus do chadhladhaibh cruaidhe cnáibe, agus ro thriallsat a bhreith leó dá oidheadh go hairm a raibhe an diúci. Ó't-chonncadar na ridireadha ro bhádar ma raon re Sir Uilliam a ttús an laoi sin, ro chuimhnigheadar gurab a n-aonlá ro hoirdneadh a ngrádhaibh ridireadh iad agus ro thuigeadar fós gur bh'usa dhóibh a fhuasgladh an uair si iná d'éis a bhreith d'ionnsoighidh an diúci. Ro leanadar go hathlamh urmaisneach é as a haithle agus tugadar fóbairt bhiodhbhadh ar fhiallach a iomchoimhéuda gur athchuireadar agus gur ionnarbadar a n-aoinfheacht uadha iad, ar ngabháil fuasgair agus fualaing dhóibh rompa, agus do léigeadh luaighill a lámh agus céimniughadh a chos agus cumas a chuirp ar a chumas, agus tugadh a each agus a arm agus a éideadh iar sin dó. Ar bhfagháil a eich amhlaidh sin do Sir Uilliam, gé do bhí cneadhach créachtach crólinnteach, nír chuimhnigh ar neimh a lot nó a lánáladh acht téid fon ccath go curata, amhail leómhan ar láidire nó ar lánchéudfaidh, go nár fhéud aoinneach anmhain re a aghaidh nó re a iomghuin, cco ráinig airm a raibhe an diúci. Ó't-chonnairc an diúic eisiomh, táinig gan obadh, gan éimhgheadh ina aghaidh. Ciodh trá acht ó't-chonnairc Sir Uilliam a bhiodhbha agus a easccara dá ionnsoighidh, ro luathaigh ina choinne cco coimhdhíochra, agus ro chuireasdair a chorrmhér data deughthapaidh a suaineamh na sleighe slinnleithne, ro bhog agus ro bheartnaigh ó a hionnsma gó a hurlainn í agus tucc urchar díreach deughlámhaigh ar amas an diúci dhi. Ó't-chonnairc an diúci an chraoiseach chuige, tógbhais an sgiath mhíleata mhórleathan dá imdhídion ar an omna, gur bheanasdair an tsleagh sheimneach shiothfhoda a n-uachtar na hóirsgéithi, gur tholl agus gur thochail an tromsgiath, gur leadair agus gur láinbhris an lúireach láintreabhraidh agus an
cotún cadad comhdlúta, gur fhuaigh agus gur fhírcheangail guala an ghaisgeadhaigh agus an chaoimhsgiath ré'roile, gur leugasdair neart an urchair an diúci dá each, go nach raibhe cumas a anacail ag aoinneach dá mhuinntir ó sin amach. Ó't-chonnairc Sir Uilliam ar an ordughadh sin é, gabhais ag tabhairt achmhasáin dhó fá éirghe a n-aghaidh an impir dár dhual dhó umhla agus urraim do thabhairt, agus fan rún marbhtha agus mudhaighthe baoi aige dósomh seach cách. "Agas do-bheirim-si a bhuidhe agus a bhuanaltughadh re Dia gurab ad cheann féin do fhill do mhiosgais agus do mhírún," ar sé. Ó't-chualaidh an diúci an t-achmhasán sin Sir Uilliam agus ó'd-chonnairc gur bhuadhaigh fair, ro shín a chloidheamh uadha dá ionnsoighidh agus baoi agá agallaimh as a haithle agus as eadh ro ráidh: "Admhuim-si gurab mé fén as ciontach," ar sé, "agus go ndearnas ní nár dhligheadh damh do dhéunamh, agus táinig mo mhíairle fén um aghaidh bhúdh-dheasda, agus ó táim ar do chumas-sa, tabhair maitheamh n-anacail damh, agus cuirim mo chorp agus m'anam ar th'eineach agus ar do chomairce, agus dílsighim mé fén go m'uile chumhachtaibh ar do chumas, gidhbé breath bheire form." Gabhais Sir Uilliam an umhla sin uadha agus tugais maitheamh n-anacail dhó, agus rug leis ar a each fén é go hairm a mbaoi an t-Impir, ar mbuain a airm agus a éididh agus a earraidh cco hiomlán de. Dála an Impir, ó't-chonnairc Sir Uilliam dá ionnsoighidh agus an diúci a láimh leis, táinig 'na choinne agus 'na chomhdháil, agus ro dhruid re a chliabh agus re a chroidhe é agus tug a bhuidhe re Dia fear a anumhla agus a anurrama do thabhairt chuige ar a chumas don chur sin, do thaisbénadh a mhíghníomh agus a mhíairle dhó. Iomthúsa sochraide na Sasóine agus oireacht na hAlmáine, ó't-chonncadar a ttriath agus a ttighearna do ghabháil, ro ghabhadar raon madhma agus móirtheichmhe seachnón na críche. Ro gabhadh an t-aithiosg sin re Sir Uilliam agus re hánnradhaibh an Impir, uair ro ghabhadar gá marbhadh agus gá mudhughadh, gá n-oirleach agus gá n-athchuma, gá sloighe agus gá sleachtadh go ndeachaidh tar ríomh agus tar roáireamh
a ttorchuir ann d'uaislibh na hAlmáine agus do shochraide na Sasóine, a n-éccmhais ar gabhadh dá ngaisgeadhachaibh .i. cúig céad áireamh a mbraighdeadh agus a mbuainghiall do ríoghaibh agus do rodhaoinibh, a n-éccmhais ar marbhadh dá míleadhaibh. Ó táinig iomdhorcha na hoidhche dá n-ionnsoighidh, ro iompódar go láthair an longphuirt go hairm a raibhe an t-Impir, agus nír lughaide lúthgháir an Impir na hathbhraighde at-chonnairc chuige, agus do uráil ar gach ridire dá raibhe ann dol ar sgáth meirge a ttriath agus a ttighearna d'fhoraire agus d'fhorchoimhéud an longphuirt cco hurthosach na maidne muchshoillsi arna mhárach d'eugla amais longphuirt d'fhagháil ó fhianlach an mhadhma. Ar ttoidheacht na maidne muiche arna bhárach gus na míleadhaibh, ro éirgheadar as a sgoraibh seachtair do chinneadh comhairle dús cidh do-dhéndais um dhála an diúci agus na ngiall do gabhadh maille fris. Tiaghaid a mhaithe agus a mhóruaisle, a ríogha agus a ridireadha gus an Impir, agus tucc an t-Impir cumas comhairle dóibh iar sin. Adubhairt dream dhíobh gur cóir dligheadh do chor amach orra .i. dligheadh an Impir dá ttiocfadh a ndaoradh ina ndrochaicíd agus ina ndrochceardaibh, agus breitheamhnas diongmhála do dhéunamh orra dá ccor a ndáil báis agus buainécca tré bhíthin a ttriath agus a ttighearna do thréigion agus tré anumhla do dhénamh dó. Adubhairt dream ele dhíobh gur bh'fhearr a léigion amach iná a mbásughadh ó do bhádar ar comas an Impir re maith nó re holc do dhénamh dhóibh, agus go mbiadh 'na bhladh fair maith do dhénamh a n-aghaidh an uilc don lucht do-rinne a inghreim agus a easonórughadh, a chíos agus a cháin rígh maille re humhla agus re hurraim d'fhagháil uatha, agus dá mbrisdís a mbriathar nó a mbithghealladh ó sin amach, gur mhaith dhósomh míchéudfaidh cáich a ccoitchinne do bheith orra ó sin amach tré n-a ndrochcoingheall maille le a dhíoghaltas san 'na dhiaigh. Ro mhol Sir Uilliam an chomhairle sin, óir as é aonnduine dá n-uaislibh as mó ro ba comhairleach ar an Impir é. Ciodh trá acht as ar an ccomhairle sin ro hanadh aca agus do cuireadh Sir Uilliam do shoighidh na ngiall dús créud do-dhéndaoís fris an Impir dá léigthí amach iad.
Adubhradar-san cco ttiobhradaoís iad fén idir chorp agus anam dhó a n-éuraic a ndearnsad fair, agus go ttiobhradaoís a n-éirghe ar gach feacht agus gach sluaigheadh a rachadh dhó do chomhartha umhla agus urrama maille re n-a chíos cinnte. Ro innis Sir Uilliam don Impir a fhreugra ó na ríoghaibh agus ó na ridiribh ag a raibhe. Ro cuireadh Sir Uilliam ar a cceann do-ridhisi agus tucc leis d'ionnsoighidh an Impir iad. Gabhais an t-Impir cuir agus rátha furra um chomhall dó agus cuiris iodhlacadh do mhaithibh a theachtadh agus a thimthire leó dá n-iathaibh agus dá n-áitibh bunaidh bhudh-dhéin. Acht cheana nír cuireadh an diúci fa ráth nó fa ordughadh síodha nó socharadraidh dá ndearnadh re a mhuinntir nó re a mhóirtheaghlach. Ó't-chonnairc an diúci gach saothar dá ndearna do dhul for díomhaoin, agus a chomhluadar cogaidh agus coimhionnsoighidh do dhul 'na aghaidh agus do dhealughadh fris, ar ttabhairt umhla agus urrama don Impir dhóibh, agus é fén 'na chimidh chrapailte chuibhrighthe fá chumhachtaibh a fhoghladh agus a easccarad, do-righneadh cró-mhaidhm dá chroidhe ina cheartmheadhón cco bhfuair bás agus biothoidheadh an chéadadhaigh ar n-imtheacht a mhuinntire uadh. Iomthúsa an Impir, ar bhfágbháil na cathláithreach dhó go n-a churadhaibh agus ar bhfagháil bháis don diúci iar mbriseadh catha fair amhail ro rémhráidhsiom, gabhais lúthgháire adhbhalmhór é ar ttinól arm agus each agus éideadh an fhianlaigh ro marbhadh isin mhóirghleó sin. Gabhaitt lámh ar imtheacht as a haithle dá n-iathaibh agus dá n-áitibh bhudh-dhéin, agus as é eólas trésar ghabhadar, tré chríochaibh na Lombairde go láindéudla. Dála Sir Uilliam ro bhaoi-séin go cneadhach créachtach comharthach seach cách a haithle an chatha ro chuireasdair, go nach raibhe ionaisdir nó inimtheachta. Ó't-chonnairc an t-Impir sin, tucc leagha na Lombairde chuige d'fhéuchuin a airrdhean, agus ro fhiarfaigh díobh créud an breitheamhnas baoi aca fair. Adubhradar na leagha, gé do bhádar gona guasachtacha báis fair, go leigheósdaoís fén é gan ghuais báis nó biothainimh. Fa subhach sobrónach an t-impir do na sgéulaibh sin, agus ro fhágaibh Sir Uilliam dá leighios aca agus ro aithin díobh dúthracht do dhénamh dhó.
Tuccasdair teachtaireadha tairisi chuige fo chéudóir agus adubhairt friú dol reimhe don Róimh go bhfios sgéul a ndearna go maithibh na Rómha do neoch ro an uadhasomh dhíobh agus go a inghin cco háirithe, dá rádha fria banais ríoghdha romhór d'ollmhughadh 'na oirchill a n-onóir na hinmhe agus an airdtighearnais fuair ó do fhágaibh í agus na buadha rug ar a bhiodhbhadhaibh, agus cco mbiadh fó cheann cóicthidhisi ón am sin go n-a ríoghaibh agus go n-a ridiribh isin Róimh. Tiaghaid na teachta las na sgélaibh sin do rochtuin na Rómha go rángadar cco háras an Impir cco hairm a mbaoi Meliór agus na maithe ar cheana, agus ro innseadar gníomh agus échta agus áitheasa an Impir ó thús go deireadh dhóibh, agus mar do rucc buaidh ar a bhiodhbhadhaibh a n-am catha agus comhloinn, agus go ndubhairt riasi fleadh agus féusda d'ollmhughadh 'na urchomhair a n-onóir na ríoghachta ro ghabhasdair, agus cco ttiocfadh fén fó cheann cóicthidhisi. Gabhais subhachas agus sobrón na sochaidhe agus Meliór ga háirithe um na haitheasgaibh sin, agus baoi ag fiarfaighe do na teachtaibh an bhfuaradar gábhadh nó guasacht ag gabháil na bhforba agus na bhfearann sin. "Truagh sin," ar na teachta, "ní fríth agus ní fuighbhithear éigion nó anbhforlann mur an éigion fuaradar, óir nír shaoil aoinneach aca teacht tar a ais dá iath nó dá fhearann fén re haidhbhle agus re hiomat a n-éigiontais." Ro fhiarfaigh Meliór cia do mhuinntir an Impir do b' fhearr gal agus gaisgeadh, neart agus niadhachas, ag anacal nó ag imdheughuil an Impir isin éigion sin. "Ridire óg anaithnidh dá ndearna an t-Impir feisin ridire an lá rias an ccath do chur, agus do oirndeasdair ceithre fichit ridire 'na onóir an lá ro hoirdneadh é, agus as oirdneadh tucc a thoradh fá dheóigh don Impir an t-oirdneadh sin tuccasdair ar Sir Uilliam, óir do briseadh an cath an chéuduair ar ar ccuradhaibh-ne nó gur chothaigh ar éigion é. Ro shraoin agus ro thréneasairg Pedersen, lch 386 sluaigh agus sochaidhe na Sasóine agus ógbhadh aindreannda na hAlmáine nó gur ghabh dearbhráthair don diúci deireadh ar na deughshluaghaibh. Acht cheana nír
tharbha an teasargain sin óir do thuit-siomh d'aitheasg aonghona Sir Uilliam, agus ro mharbhasdair sdíobhard tighe an diúci iar sin agus an ceathrar do b'uaisle agus do b' onóraighe do dheughdhaoinibh an diúci, agus ro ghabhasdair an diúci fén iars na héchtaibh sin ar ccur áir a ríogh agus a ridireadh, cco ttug 'na chimidh chreapailte chuibhrighthe d'ionnsoighidh an Impir é, go bhfuair bás agus biothoidheadh fó cheann laoi go n-oidhche iar n-a ghabháil re himneadh agus re héttualaing." Ó't-chualaidh Meliór éachta agus áitheasa Sir Uilliam agá n-áireamh amhlaidh sin, ro fháiltigh a hinntinn agus a haigneadh go hadhbhal, cco raibhe a croidhe agus a cliabh ar comhlasadh dia sheirc agus dia shíorghrádh, agus tucc a bhuidhe re Dia ina hinntinn go hinchleithe go raibhe a díol fén d'fhior agus d'fhíorchéile a bhfear a bhéus agus a bhuaintréidhe, gion go raibhe fios a uaisle nó a atharrdhachta aice, agus gur aithin go ccoiseónadh clú goile agus gaisgidh ar bhélaibh slóigh agus sochaidhe. Agas tucc ór agus airgead cco hiomarcach do na teachtaibh a lóighidheacht ar innseadar d'éachtaibh agus d'áitheasaibh ar Sir Uilliam, agus tuccasdair rann ós áird agas ro fhreuccair na teachta dhi:
"Sgéla libh dúinn, a theachta d'éis teachta dá bhur tturas, cluineam uaibhsi go héimheach tallann d'éigean bhur ccuradh." "A bhfuair sinn gus an tan-sa, a aindear ghasda dhéidgheal, ní fríth riamh is ní fuighthear a leath nó a uiread d'éigean." "Lé a raibhe d'éigean oraibh nír shoirbh cobhair bhur n-imnidh, cia dá thriathaibh sa teugmháil dob' fhearr eadráin don Impir?"
"Sir Uilliam a ainm baisde, ridire an ghaisgidh ghéurchruaidh, do hoirdneadh go nua a ccéimibh, leis do éirigh gach énbhuaidh. Sdíobhard an diúci an tráth-soin is a bhráthair a n-aoinfheacht, leis do thuitseat a ccomhlonn, a ccosg gér bh'fhorlann d'aoinfhear. Ceithre rígh tréna tóghdha do neoch fá cródha croidhe do traothadh leis dá luaghail, do bhuadhaibh a ghníomh ngoile. Gníomh do fhurtacht ar n-imshníomh d'éis na n-ilghníomh do-róine, a ccuibhreach, dál gan diúidi, tucc diúci na Sasóine. An diúci d'éis a cheangail, bás 'na dheadhaidh, géur mhéla, fuair a cceann laoi go n-oidhche, budh feirrde coidhche ar sgéula."
Dála an Impir iomorro, táinig reimhe go Róimh, ar n-ordughadh maor fria tabhach a chíosa ar na críochaibh do chuir fo chumhachtaibh, cco raibhe a ccomhfhogas don chathraigh. Ó't-chonncadar lucht na cathrach an t-Impir dá n-ionnsoighidh ar ródaibh na ríoghchathrach, ro shinneadar a n-orgháin iongantacha allmhardha agus a n-adharca beannchaomha binnghothacha agus a ccuisleanna caomha ceóilbhinne agus a ttiompáin toghaidhe théidbhinne agus ceinél gacha ceóil choimbinn ar cheana. Ro foilgheadh leó iar sin slighthe agus sráide na ríoghchathrach do bhláthaibh áille iolardha éccsamhla agus do sgothaibh sgiamhdha sgoramhla sgáthnuaidhe agus do luibheannuibh cuanna caomhmbolaidh fó chosaibh ríogh agus ridireadh, curadh agus caithmhíleadh,
ógbhaidhe agus eachraidhe an Impir. Ro foilgheadh leó fós taidhbhligheadha gacha tuir agus gacha trénchaisdeóil isin ccathraigh go coimhiomlán do shról agus do shíoda agus do shiric agus do shionshnáth agus dá gach uile cheinél datha ar cheana. Ro léigeadh srotha agus síoraibhne na cathrach a ccoimh néinfheacht as a n-áitibh bunaidh agus ro léigeadh srotha fíona fíoráluinn a tonnaibh agus a tromleasdraibh ina n-ionat go nach beith tacha dighe ná deughóil ar churadhaibh na cathrach, go nach déndaoís acht a leastra agus a lántsoithighe do líonadh do chinél gach uile fhíona baoi a n-ionad na n-árdshroth, gur sásadh na sochaidhe do na srothaibh sin ria siú rángadar an ríoghcathair. Ráinig an t-Impir gus an ardchathraigh iar sin. A n-aoinfheacht iomorro ráinig doras an dúnaidh agus Sir Uilliam ar ttocht ón Lombairdi iar n-a leighios agus iar n-a láinleasughadh do na leaghaibh ag ar fhágaibh an t-Impir é fo cheann cóicthidhise iomláine. Dála Meliór iomorro, táinig a ccoinne agus a ccomhdháil cháich agus do-róine lúthgháir agus lánshubhachas rias an Impir agus rias na hardmhaithibh ar cheana agus ní dhearna barr lúthghára re Sir Uilliam cco sonnradhach acht mar do-rinne a ccoitchinne, gion gur bhó loinn lé. Bádar bantracht agus bandála na hardchathrach ag ionráithne a ccarad agus a ccoigéile agus gan aon aca fuair easbhaidh a charad fair, baoi go dubhach doimheanmnach an feadh do chuimnigheadh; an uair do chuimhnighdís buaidh chosgair agus chomhmaoidhimh do bhreith don Impir ar a easccaraid agus barr do chur a inmhe agus a airdtighearnas, no bhídís cco subhach sobrónach as a haithle. Iomthúsa Meliór iomorro, téid dá grianán agus baoi ann re headh agus re hathaidh ag urghairdiughadh meanman agus aigeanta agus ag cuimhniughadh ar sheirc agus ar shíorionmhaine Sir Uilliam. Dála Sir Uilliam ó fuair aire cháich ar a chéile, do-chuaidh cco hairm a mbaoi an inghean ar sheóladh Alexaindria, agus ó'd-chonncadar aghaidh aroile, do thoirbhreadar do phógaibh miochardha muinnteardha dá chéile agus as inbheachtuin má do-rónadh rompa iná 'na ndiaigh lúthgháir mar an lúthgháir do-rónsat. Téid Sir Uilliam uaithe iar sin a ccuma cháich fon ccathraigh agus baoi amhlaidh
sin go ttáinig am suain agus sádhaile chuca, agus téid fén agus Alexaindria iar sin gan fhios d'aoinneach isin ccathraigh cco hairm a mbaoi Meliór, agus ro luigh ina hiomdhaidh agus ina hardleabaidh agus ro an ann cco deireadh oidhche, agus téid uaithe iar sin gan fhios d'aoinneach dá chodailteach comhnaidhe tré iolchumhachtaibh Alexaindria. Bádar amhlaidh sin cco ttáinig aimsir na Cásg chugtha agus ar ttorachtuin na sollomhnach dá soighidh, ro thionólasdair an t-Impir uaisle agus árdmhaithe an tSeanaidh ríoghdha Rómhánaigh dá rochtuin do chaitheamh fleidhe agus fésda. Ó rángadar na hárdmhaithe sin dá ionnsoighidh, ro suidhigheadh gach aon aca ina ionadh díleas diongmhála bhudh-dhéin ar sleasuibh saidhbhre sármhóra na sithchathrach, agus bádar ag ól agus ag airmhidin agus ag urghairdiughadh meanman agus móraigionta gur bhó subhach sáitheach sobrónach na sochaidhe las an síoról. Nír bhó cian dóibh ann as a haithle go bhfacadar an bhuidhion éccsamhail iongantach dá n-ionnsoighidh .i. deich mbarúin ficheat agus beirt ridire agus gaisgeadhaigh um gach aoinfhear aca. Iar rochtuin do láthair dhóibh, ro fochtadh a sgéula: canas ttángadar nó cáit a mbaoi ceann a ttosga agus a tturais. Ro innseadar-san gurab do mhuinntir impire na Gréige Móire iad agus go raibhe gnóaighe agus géurthosga aca fris an impir Rómhánach. Ó'd-chualaidh an t-Impir sin, ro éirigh fén ina ccomhdháil dá n-onórughadh, agus ro chuir a n-áit oireagair óla ina fharradh iat. Ro freasdladh agus ro friothóladh iad as a haithle gur bhó subhach sáitheach seasgair solabhartha iad a ccuma cháich. Iar ttairgsin an óil agus iar ttuirsiughadh na ttromfhlath do thomhaltas agus na sochaidhe do shíoról, ro éirigh an t-Impir as a áit oireagair óla, agus do-chuaidh d'ionnsoighidh a sheómra agus do goireadh teachta an impire chuige agus ro fhiarfaigh a ttoisg agus a tturas díobh. Ro labhair an tí do b'uaisle agus do b'onóraighe dhíobh agus as eadh ro ráidh gurbh' é an t-impire Gréugach do chuir iad fén chuigesiomh d'iarraidh a inghine fair do Phairtinotas .i. d'éunmhac an impire, neoch aga mbiadh impireacht na Gréige a ndiaidh a athar, agus impireacht na Rómha ag an inghin ó nách raibhe do chloinn agá n-aithribh
acht iad araon, agus nách raibhe sa chruinne go comhlán rí nó roithighearna agar bh'fhearr dhi a beith inás: "Óir as usa dhi ór d'fhagháil aige ná airgead agaibhsi, agus as usa dhi fós dúinte dímhóra agus cathracha comhdhaingne d'fhagháil aige ná mioniosdadh agus mionfhoirgneamh d'fhagháil agaibh, agus ó táthaoí-si, maithe agus móruaisle na himpireachta, a n-aonláthair, déntar críochnughadh comhairle go lánathlamh libh uime sin, óir as maith linne dol le fios sgéul d'ionnsoighidh an impire Ghréugaigh." Ó't-chualaidh an t-Impire Rómhánach sin, ro ghabh subhachas agus sobrón adhbhalmhór é, agus do-chuaidh ar fód fo leith ar an láthair sin agus tugadh chuige a ríogha agus a roithighearnadha, a chonsail agus a chomhairleacha agus maithe an tSeanaidh ríoghdha Rómhánaigh ar cheana, do chinneadh comhairle um an ccaingean forcaomhnacair ann. Acht atá ní cheana, as í comhairle ar ar chinnseat, an inghean do thabhairt do mhac an impire Ghréugaigh .i. Pairtinotus, ó do bhaoi a neart agus a chumhachta os a ccionn re díth nó re dochar do dhénamh dóibh dá n-érthaoi um an inghin é, nó ré sochar nó ré síorchabhair d'fhagháil uadha dá mbeidís a ccleamhnas nó a ccaradradh fris, agus ní ele fós, nách raibhe a fhios aca cia an rí ná an roimpir do thighearnadhaibh toghaidhe an talmhan do iarrfadaoís d'fhior nó d'fhírchéile don inghin tar aonmhac an impire Ghréugaigh, neoch ag a raibhe ar a chumas críocha agus cineadhacha na cruinne go coimhiomlán do mhilleadh nó do mhóirleasughadh. Ar ccríochnughadh na comhairle sin dóibh, tugadh teachta an impire Ghréugaigh dá n-ionnsoighidh agus ro innis an t-Impir go hathlamh dhóibh go ttiobhradh an inghean do mhac rígh Gréug agus nách raibhe do thighearnaibh an talmhan cliamhain budh fhearr leis aige inás, agus adubhairt friú teacht fa Fhéil Chros go háirithe ar ceann na hinghine agus nách mó ná san aimsir sin do bhiadh gach aidhme rob' iomchubhaidh do bhanais na hinghine ollamh aige. Agas tugasdair saidhbhreas óir agus iolmhaoine do na teachtaibh iar sin. Sóaid na teachta iar sin a bhfrithing na conaire céudna, iar bhfágbháil iomchomhairc beathadh agus sláinte ag na sochadhaibh agus ag an Impir cco háirithe, agus ní haithrisdear a
n-imtheachta go rángadar áit a mbaoi an t-impire Gréugach agus ro aisnéidhseat a sgéula o thús go deireadh dhó. Fá subhach sofhorbhfaoilidh an t-impir agus maithe na Gréige ar cheana um na sgeúlaibh do reacadh riú .i. críochnughadh an chleamhnasa sin, agus um aidhbhle na honóra fuaradar a tteachta agus a ttaidhleóra ón Impire Rómhánach. Agas baoi an t-impire as a haithle ag deasughadh gach neith rob' iomchubhaidh dhó a n-oirchill na haimsire a ndubhradh ris teacht ar ceann na hinghine. Iomthúsa an Impire Rómhánaigh, ar n-imtheacht do na teachtaibh uadha, baoi ag teagar agus ag trénullmhughadh bainnsi ríoghdha romhóire a n-oirchill an impire Ghrégaigh go nach raibhe rí nó ridire, consal nó comhairleach, uasal nó anuasal, saidhbhir nó daidhbhir, isin tSeanadh ríoghdha Rómhánach nach raibhe ag tionól agus ag tiomsughadh agus ag tréunshaothrughadh na bainnsi biothmhóire buaintiodhlaicthighe sin gus an aimsir áirithe ro hiomráidheadh eatorra. Dála Sir Uilliam iomorro, tarla eisiomh a bhféugmhais an bhaile an uair sin agus táinig ann as a haithle iar n-imtheacht do na teachtaibh, agus ó'd-chonnairc an t-ollmhughadh adhbhalmhór seachnón na cathrach go comhlán agus ó'd-chualaidh iomrádh an chleamhnasa ag cách a ccoitchinne, do chlaochlóidh a chruth agus a chaoimhdhénamh agus tángadar airrdheana baoghlacha báis go hobann dá ionnsoighidh go nár fhéudadar a chosa a fhulang nó a fhíorchongmháil le meirbhe agus le maothchroidhe, agus téid roimhe dá sheómra iar sin, uair nír léig an euccla dhó dol go hairm a mbaoi Meliór, óir do shaoil cco raibhe cuid do dhénamh an chleamhnasa sin aici. Agas baoi cco dubhach dobrónach agus go huchbhadhach imshníomhach acaointeach, gur leathnaigh an sgéul fon ccathraigh a ccoitchinne .i. galar agus géureasláinti ar bhfortamhlughadh ar Sir Uilliam gur bh'fhoicsi bás ná beatha dhó. Thiaghdaoís dano ridireadha rathmhara rouaisle na Rómha agus curadha calma céudfadhacha na cathrach agus tréinfhir theanna thoghaidhe an tíre ina thimchioll ar cuairt chuige d'fhiarfaighe adhbhair a easláinti de, agus nír admhaigh-san d'aoinneach créud táinig fris. As
eadh adeirdís-sion dá ndeachaidh-san don easláinti sin ... Iomthúsa an Impir iomorro, táinig aon do laithibh d'fhéuchuin Sir Uilliam agus ar cuairt chuige a ccuma cháich agus ro fhiarfaigh dhe créud dob' adhbhur easláinti dhó. Adubhairt-sion nách raibhe a fhios sin aige fén, acht aonní, gur bh'fhoicsi bás dhó ná beatha muna bhfaghadh a fhóirithin go hathlamh, agus adubhairt géur bh'adhbhal a easláinti gur bh'fheirrdi dá bhiseach eision do theacht ar cuairt agus gur mhór do mhaith do-rinne riamh fair go nuige an uair sin agus go madh comaoin dhó fén, dá mbeith ar a chumas, maith do dhéunamh dhó ina aghaidh. Ó'd-chualaidh an t-Impir an t-aitheasg sin, ro chuir maoithe agus mórthuirsi fair agus ro chaoieasdair frasa diana dér, agus ro fhágaibh an seómra fon samhla sin agus do-chuaidh go hairm a mbaoi Meliór agus é ag tiormughadh a ghruadh agus a ghlanaighthe, agus ro innis di gur bh'fhoicsi bás ná beatha do Sir Uilliam muna bhfaghadh a fhóirithin go hobann. Ar n-a chloisdin sin don inghin, as eadh ro ráidh: "Ná dén-sa dubha ná diobhorgóid de sin, a impir," ar sí, "óir as minic do bhí tinneas agus troimeasláinti ar neach agus go mbiadh slán as a haithle." Téid an t-Impir dá phálás fén iar sin agus nír an ma raon ris an inghin acht madh Alexaindria í fén, agus ar ccluinsin an éigin a raibhe Sir Uilliam dhi, ro tharruing a folt agus a fionnfadh, ro bhris a hearradh agus a héudach, do loit a gruaidh agus a ghlanaghaidh agus ro fhearasdair frasa diana díogháire dér gur bhó fliuch bláth agus bruinne dhi, agus tuitis a ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh iar sin. As annsin ro éirigh Alexaindria dá soighidh agus ro iadhasdair a dhá láimh cco lánurlamh ina huirthimchioll agus baoi ag cor meanman agus meisnighe innte agus as eadh ro ráidh: "Tréigthior do dhubha agus do bhrón leat, a inghean," ar sí, "uair má tá galar nó géureasláinti ar Sir Uilliam 'mun am sa, féudfaidh Dia na ndúl agus Críost cumhachtach do chum an cheathardhúil furtacht agus fóirithin fair, agus éirigh fén ar cuairt chuige agus gá fios nách feirrdi do bhiadh a bheatha
agus a bhuanshláinte é. Gurab amhlaidh raghair ann: cuir feasa agus teachta ar do bhanntracht agus ar do bhandálaibh agus ar do theughlach ar cheana, agus beir leat a n-aoineacht iad d'eugla co ttiobharthaoí baramhail dhaoibh cco mbiadh searc nó síorionmhaine agaibh d'aroile dá ndeachthá ós ísiol dá fhéuchain." Ó'd-chualaidh Meliór an t-aitheasg sin Alexaindria dá múnadh agus dá móirtheugasg, ro éirigh as an luighe liúin agus lánbhaoghail a raibhe agus tucc lámh thar a gnúis agus thar a glanaghaidh agus ro bhean a comhartha bróin agus buanchumhadh dhi. Ro ghabhasdair beirt áluinn éccsamhail iongantach órshnáith uimpe, agus ro chuir fios ar ceann a banntrachtra agus a banchuire agus a muinntire ar cheana. Tángadar-séin go hathlamh dá hionnsoighidh agus ro innis dóibh go rachadh ar cuairt do shoighidh Sir Uilliam d'euccla go mbiadh diomdha aige uirrthe agus slóigh na cathrach a ccoimhnéinfheacht ag teacht gach aonlá dá fhéchain, "óir as d'oibrighthibh na trócaire fiosrughadh aosa lobhair agus easláinte." As annsin ro ghluaiseadar rompa leath ar leath cco rángadar doras an aireagail a raibhe Sir Uilliam ina luighe bróin agus buantoirsi, agus adubhairt Alexaindria lé a raibhe uma raon fris an inghin anmhain amuigh agus gan dol do chur bhuaidheartha ar an easlán baoi isin tigh agus gur mhór díol uaigneasa gach easláin. Ro anadar-san amuigh amhail adubhradh friú agus téid Meliór agus Alexaindria asteach go hairm a raibhe Sir Uilliam. Iomthúsa na hinghine, ó ráinig gus an ionadh a mbaoi Sir Uilliam, ro iadhasdair a dhá láimh leabhra lánáille ina uirthimchioll, agus baoi agá agollaimh as a haithle agus as eadh ro ráidh: "Cionnas atá m'énghrádh-sa agus m'énionmhaine d'fhearaibh an bheatha do bhunadh," ar sí, "agus an tí ar thréigios gach aoinneach don Ádhamhchloinn go nuige so agus ó sunn amach?" Ó't-chualaidh Sir Uilliam briathra na hinghine, ro labhair cco faoilidh foisdionach ria agus as eadh ro ráidh: "Do shaoileas-sa gur bh'fhíor duitsi sin nó gur dhearbhais
mo neamhthoil agus mo neamhghrádh do bheith agad, agus nír shaoileas-sa gur thuilleas sin uait, oír ní dhearnas éinní dod neamhchomhairle gus an tráth sa cco bhfios dam fén, agus gach seirbhís agus gach síorumhalóid dár fhéudas do dhénamh, do-rinneas duit í agus don impir it onóir, agus as é luach fuaras 'na éuraic sin uait, mo chur dochum báis agus buainéucca." "Truagh sin," ar an inghean, "nír mharbhas-sa aonduine riamh go nuige so, agus dá marbhuinn, as duitsi do-bhéuruinn deireadh marbhtha do dhaoinibh an domhain, agus an chéudtoil tuccas duit, nír bheanas dhíot ó shoin í agus ní bheanfat ó sunn amach go bráth; agus ní raibhe cuid ná comhairle d'aoin-ní dá ccualais dá dhéunamh isin dún sa agam, uair dob' fhearr liom mé fén do bheith ó ionadh go hionadh gan comhnaidhe, gan comhthairisiomh ma raon riotsa ná impireacht na cruinne go comhlán d'fhagháil it éccmhais." Ó't-chualaidh Sir Uilliam admháil na hinghine, táinig a neart agus a niadhachas, a chalmacht agus a chathardhacht fén chuige, agus ro imthigh a uile fhiabhras agus easláinti uadha, agus tucc lámh a n-uirthimchioll na hinghine agus rug leis ina iomdhaidh í agus do-rinne toil a mheanman agus a mhóraigeanta fria, agus do bhádar ag áineas agus ag iomagollaimh fria aroile, agus ro ráidhseat an laoidh:
"Cionnas atá m'énghrádh-sa anois d'fhearaibh an bheatha? as adhbhur dom ghéurchrádh-sa do chloisdin a ccás dheacra." "Gus anois do shaoileas-sa go raibhe mo shearc leibhsi, a ainndear nua naoidheanta, nó go ccuala an sgéul ele." "Ná bíodh riom do rothuirsi, ó nách sgéul fíre fuarais, ní raibhe cuid comhairle damh a n-aoin-ní dá ccualais."
"A ríoghan fhionn úrghasda, aithnighim orm do neimhchion, leat ar son mo dhúthrachta do marbhadh mé fa dheireadh." "Fir domhain ar éintslighe dá marbhuinn gus an am-sa, as duitsi, a shaoir shéimhidhe do-bhéruinn deireadh marbhtha." "Do ghrádh gé mór chommaoidhe, a bhean go n-éccosg deaghmhná, fa ghrádh do chionn commaoine nó gur dhearbhais do neamhghrádh." "Do b'fhearr liom it fhochair-si, ós duit tuccas mo chéudchais, inás ríghe an domhain-si do bheith agam it éugmhais." "Más fíor gach a n-abrai-si ní beite dúinn cco dubhach, beucc leighios mo ghalair-si, ní bhiú feasda acht go subhach."
As a haithle sin, ro imthighseat na mná dochum an ghrianáin agus ro fhágbhadar Sir Uilliam amhlaidh sin. Dála Sir Uilliam iomorro, ar n-imtheacht do na mnáibh uadha, baoi cco subhach sobrónach gan chneidh gan chomhaccaoine, agus gé do bhaoi, nír bh'áil leis a léigion air beith samhlaidh d'eccla go saoilfidhe gurab ar son chuarta na hinghine do bhiadh an biseach sin aige, agus anais go ceann dhá ló go n-oidhche san ionad sin gan dol ameasg an mhóirtheughlaigh agus do-chuaidh a cceann na sochraide ó sin amach. Gabhais gairdeachas adhbhal an t-Impir agá fhaicsin agus curaidh na cathrach agus ridireadha an ríoghdhúnaidh agus banntracht an bhaile agus cách a ccoitchinne ó sin amach, óir dá mbeith an t-Impir fén ina n-éccmhais, nír mhó a
lúthgháir remhe ná ré Sir Uilliam; agus rugadar altughadh buidhe re Dia na ndúl fá aiseag a shláinte d'fhagháil dhó. Rugadar as leath ar leath ar an órdughadh sin go haimsir na bainnsi agus na cáirde ro cuireadh ar an impir Ghréugach. Iomthúsa an impir iomorro, do chuir fios ar mhaithibh agus ar mhóruaislibh na nGréugach do theacht leis amhail rob' iomchubhaidh dhóibh, ar ceann inghine an Impir Rómhánaigh, agus ro fhoráil orra gan ór nó airgead nó iolmhaoine do chaomhna nó do choigill, agus rogha airm agus each agus éididh do thabhairt leó. Acht cheana ní táinig samhail dá n-iomad nó dá líonmhaireacht, dá n-áille nó dá n-éccsamhlacht, acht cco lasfadh an t-aiér amlach ioldathach do thaitneamh a n-arm n-iomdha n-iolardha agus a n-eachradh n-éusgaidh n-aobhdha n-aigneadhmhear agus a n-earradh n-áluinn n-ildealbhach n-órshnáith go n-imdhénamh óir órloisgthi agus airgid aoinghil aithleaghtha dá n-uaim re 'roile. Tángadar rompa fon réim sin cco hairm a mbaoi an t-impir ar ttinól a long agus a luchtbharc, a lóin agus a láinbheathadh chuca ar aonchuan. Ó thairnig thrá don impir tionól agus tiomsughadh gach neith rángadar a leas, eidir lón agus laoidheanga, ro asgnadar ar amas cuain agus caladhphuirt, agus do-chuadar ina n-arthaighibh cco hurmaisneach as a haithle agus ro thógbhadar na seóil amlacha ilbhreaca ós na longaibh luchtmhóra lánmhóra, gur léigeadar a lán do ghlantéigle na gaoithe glanfhuaire géramhainsighe is na seólaibh seada sithgheala sármhóra agus is na hanartaibh déudla díogháire datháille, gur ghluais gaoth agus gur iomluaidh anfadh an fhoireann éccsamhail iongantach allmhardha sin ó chiomhsaibh calaidh a ccomhnaoinfheacht ar an lear léidmheach lionnuaine lánanfadhach agus ar an áibhéis n-uathmhair n-ilphiasdaigh n-allmhardha agus ar an muir mearrdha measgtha murdhúchanta agus ar an bhfairrge bhfuachdha bhforránta bhfíordhomhain, go nach ccluineadh caraid nó coigéile dhíobh comhrádh a chéile le hárdsheasdán na n-ilphiasd n-adhbhal n-iongantach agus na libheadhán lánmhór liodardha agus na rón reamhar roidhíoghuinn, agus re anfadh ogal aindreannda na háibhéisi aidhbhle eochairghuirme ag éirghe 'na n-uirthimchioll. Ciodh trá acht ní haithrisdear an fad aimsire ro bhádar ar an
ordughadh sin acht nár anadar gur ghabhsat cuan agus caladhphort i ccríochaibh leabhra lánaoibhne Leatha agus a n-iathaibh áille oirearghlana Eadáille. Dála an Impir Rómhánaigh iomorro, ó't-chualaidhséin na Gréugaigh do ghabháil calaidh isin chrích, ro fhuráil ar a mhuinntir an chathair do chórughadh ara ccionn. As amhlaidh dano ro cóirigheadh an chathair sin .i. ro foilgheadh agus ro fíorthoigheadh slighthe na sithchathrach agus róda an ríoghdhúnaidh iar n-uachtar do cheinél gacha datha éudaigh éccsamhail ar cheana .i. do bhuidhe agus do ghorm, d'uaine agus do dhearg, agus do ghlégheal agus do ghnáthchorcair, do shíoda agus do shiric agus do shionshnáth agus dá gach cinél éudaigh ar cheana as fearr do-bhéuradh dath agus deughmhaisi d'aroile, agus gé madh doineann nó deardan, fearthain no fírfhleachadh no theigémhadh ann, cco ndiongnadh díon agus deughcaomhna do na slóghaibh iar n-a soighidh. Ro folchadh na róid iar n-íochtar iar sin do luibhibh uaisle onóracha agus do sgothaibh caomha corcarghlana na críche cco coitcheann fa chosaibh na ríogh agus na ridireadh, na ttriath agus na ttighearnadh, na ndiúcadh agus na ndeughbharún. Ro cóirghid ceóla éccsamhla iolardha allmhardha agus cuisleanna toghaidhe téidbhinne agus orgháin iomdha iongantacha, ar na slighthibh sainreadhacha i n-ar láindeimhin leó an t-impir agus ardmhaithe na Gréige do ghabháil. Ro tairngeadh agus ro tiormaigheadh aibhne áille eochairghorma na hardchathrach as a n-áitibh bunaidh bhudh-dhéin, agus ro léigeadh sreabha fíoráille fíona ina n-ionad go bhfaghadh gach aon aca díol a n-íotadh go hathlamh eisdibh re a ibhe. Acht atá ní cheana, ní fhéudfadh aoinneach don Ádhamhchloinn, do mhéud a eccna nó a eólais, trian tuarasgbhála deasaighthe nó deughollmhaighthe in dúnaidh sin d'fhaisnéis nó d'innisin muna ndéunadh athghairid uraghaill agus beugán briathar ar chuid de. Iomthúsa an Impir Rómhánaigh iomorro, tarla an t-impir Gréugach ina choinne agus ina chomhdháil chuige, agus gabhais ar barr baisi cco hathlamh é agus fearais fíorchaoin fáilte go friochnamhach fris agus toirbhiris do phóguibh é as a haithle. Tángadar rompa leath ar leath gus an ccathraigh agus ro suidhigheadh na sochaidhe ina n-áitibh cuibhdhe comhadhaisi
seachnón na cathrach umá ccuairt. Acht cheana baoi dá n-iomat agus dá líonmhuire go nár fágbhadh áird nó aircheann, clúid nó caoimhchearn a ríoghcathraigh na Rómha gan líonadh agus gan luchtughadh dhíobh, gur bh'éigion puiple agus pailliúin do dhealbhadh agus do dheughcumhdach dhóibh leith amuigh don mhórdhúnadh, gurab inntibh sin ro freasdladh agus ro fritheóladh mórán dá maithibh. Deithbhir dhóibhsiomh giodh ná tuilldís a n-aonchathraigh san chruinne .i. airm a mbádar uaisle agus árdmhaithe seacht tteallaighi déug na Gréige go n-a ríoghaibh agus go n-a rodhaoinibh ar aoinrian, agus sochraide an tSeanaidh ríoghdha Rómhánaigh agus críche Leatha go n-a léirthionól agus urmhór na ccríoch agus na cceannadhach ina ccomhfhogas ar tteacht fa theisd agus fá thuarasgbháil na bainnsi agus na buanshollomhnach sin. Dála Sir Uilliam dano, ó't-chonnairc an chathair dá coimhlíonadh do shochraide an impir agus gan do cháirde ag Meliór gan a hurshnaidhm re mac an impir .i. Pairtinótus, acht feadh caithmhe na bainnsi amháin, ro líon dubha agus dobrón é agus do-chuaidh cco seómra na hinghine agus ro innis di an t-impir do thoidheacht don chathraigh don chur sin agus gach inneall agus gach ordughadh dá raibhe orra. Acht aonní, nír mhó dubha nó diobhorgóid Sir Uilliam um na sgéulaibh sin iná brón agus biothtuirsi na hinghine feisin. "As truagh mar táim-si do na sgéulaibh úd" ar Sir Uilliam, "uair ní bhiú um beathaidh dá mbrígh agus as tusa as ciontach riom, uair muna bhfaghtaoi do chead-sa dochum an chleamhnasa úd, ní dingéntaoi é, agus ní thiocfadh an t-impir don toiscc si," ar sé. "Truagh dhuitsi amharas do dhéunamh ormsa," ar an inghean, "uair dá bhfaghuinn-si ríoghacht an domhain amhail adubhart remhe, ní thréigfinn tusa dá cionn, agus dá dhearbhadh gur fíor sin, imeóchad leatsa fá chríochaibh agus fa cheannadhachaibh na cruinne dá ttí mo bhás agus mo bhuanoidheadh tríd." Gabhais lúthgháir adhbhalmhór Sir Uilliam uime sin agus as eadh ro ráidh: "Do-ghéubhaim-ni cobhair agus cumhsanadh 'na dhiaidh so," ar sé, "go ccead don Choimdhe chumhachtach agus don
Tríonóid toghaidhe trephearsannaigh, do thoradh mo ridireachta agus mo roghaisgidh-si, agus fós ní hiongnadh go madh becc an inmhe nó an onóir budh lór liomsa d'éis a bhfuaras do bhochtacht agus do bheiginmhe go nuige so, óir ní fhuil dá loighead onóir do-ghéubhadh neach d'éis amhghair agus easonóra nár mhór buidheachas a faghála aige." As annsin adubhairt Meliór fria Alexaindria: "Créud an congnamh do-bhéura dúinn dochum élóidh na hoidhche anocht, uair ní bhéud um beathaidh muna élór lé Sir Uilliam ria siú chuirfeas an t-Impir teachta ar mo cheann." Agá chloisdin sin d'Alexaindria, ro chaoieasdair frasa diana dásachtacha déur gur bhó fliuch cearchaill na hiomdhaidhe agus na hairdleaptha uaithe, agus ro labhair go cumhthach coimhghearánach iar sin, agus as eadh ro ráidh nách raibhe a fhios aice fén ar bith créud an congnamh imtheachta do-bhéuradh dhóibh nó cionnas do élóbhdaoís as an ionadh a rabhadar gan airiughadh, agus adubhairt dá mbeith neart aice fén orra go ttiobhradh cabhair dhóibh dá ttigeadh a bás tríd. Agas adubhairt fós go madh dóigh lé, dá bhféudadh dol a ccisdeanaigh an Impir, go bhfuigheadh ní do choibheóradh iad innte .i. croicne leómhan agus liobard, agus gríbh n-ingneach agus mathghamhan mórghlonnach, agus dá mbeidís dhá chroiceann do chroicnibh na mathghamhan sin aca, go madh congnamh maith imtheachta dhóibh iad ós iad budh euglaighe lé daoinibh do shilleadh nó do shírfhéuchain do na hainmhintibh écceannsa; agus a n-uaim agus a ndeughfhuaighél ina n-uirthimchioll ionnas go saoilfeadh gach aon go madh mathghamhain mhóirmheanmnaigh ar féughadh iad, agus cco léigfidhe imtheacht dhóibh amhlaidh sin a riocht na mbeathadhach n-éuccsamhail. Agas ro ráidh nách raibhe d'inntleacht nó d'fhírtheugasg aice fén dhóibh acht sin amháin. Agas ro ghabh Meliór rann tosaigh na laoidhe agus ro fhreugair Alexaindria í.
"Mo chean duit, a inghean fhial ag nách bhfuil úidh ar ainmhian, caidhe anois, a shiúr ghrádhach, do chongnamh dot chompánach?
Acht muna bhfaghar ar n-uair congnamh dochum élóidh uaibh, ní ba buan mo bheatha dhe, a inghean dil agus diúci." "Dom chubhais ní fhidir sinn eidir neamh agus talmhain tinn, cá congnamh do-bheúrainn daoibh a n-oirchill éulúidh d'éntaoibh. Acht dom dhóigh cco bhfuighidh sibh a ccisdeanaigh an Impir croicne mathghamhan ngéur ngarg, agas leómhan is liopard. Dá mbeith agaibh ceann a cceann is a n-uaim in bhur ttimcheall dhá chroicionn mathghamhan mór, dob' usaide dhaoibh éulódh. Dá bhfaiceadh na sluaigh fa seach dealbh na n-ainmhinte neimhneach, lé neach dhíobh ní badh eúsgaidh a silleadh nó a sírfhéuchuin. Ag sin do chomhrádh comair, a lánamhuin lánchonnail, m'inntleacht is m'ealadhain mhóir dhaoibh a n-oirchill bhur n-élóidh." "Leat acht cco ccurthar a ccrích an glór dearbh sin aderthí, friot bheirim a bhuidhe, a bhean, duit ma raon is mo mhóirchean."
As a haithle sin ro fhiarfaigh Meliór don inghin cionnas do féudfaidhe na croicne sin do thabhairt chugtha dá ccabhair agus dá ccomhfhurtacht. Ro ráidh Alexaindria go ttairgfeadh fén a ttabhairt lé, agus as cuma ro bhaoi gá rádha agus ro chuir a hearradh aonaigh agus oireachtais go deughthapaidh
dhi agus ro chuir deise ghearr ghnúisodhar ina ionadh uimpe agus ro cheangail a folt fáinneach fathmainneach forórdha for uachtar a cinn chaomháluinn agus cuiris at bíthe fuaighthe fíorchumhdaighthe ar a uachtar sin aneachtair, go nach bhfaicfidhe an folt fionnbhuidhe fíoráluinn ro fhásasdair tré chléithe a ceannmhullaigh, agus cuiris diamhra éccsamhla iongantacha ele ar a haghaidh agus ar a héccosg go nach aitheóntaoi le haoinneach í. Agas do-chuaidh iar sin a riocht sgúille sgiamhshalaigh dochum na cisdeanaighe, agus ro innis gur do chongnamh leis na cócairibh do-chuaidh, agus ro ghabh ag dénamh oibre agus umhalóide gan díthcheall dóibh iar sin .i. gach toisg agus gach turas dá raibhe a n-aoinionadh fria, go nach raibhe fear freasdail nó friothóilmhe, feadhmantach nó fíorsgúille, nár choisg cuid dá obair agus dá fheadhmantus de, gur ghrádhaigheadar a n-aoineacht ar a humhalóid í; agus baoi re headh agus re hathaidh amhlaidh sin go bhfuair eólas ar na croicnibh, agus ó fuair, tógbhais dhá chroiceann do chroicnibh na mathghamhan eisdibh agus ro chuir a n-iomfholach iad go bhfuair aire cháich ar a chéile, agus ó fuair, ro fhágaibh an feadhmantas nua sin ro ghabh remhe sin, agus ro imthigh tar a hais d'ionnsoighidh na hinghine go na croicnibh lé. Gabhais fáilteachas mór Meliór um an aisgidh sin d'fhagháil, agus ro fhuráil a bhfuaighél umpa. As annsin ro éirigh Alexaindria agus ro fhuaigh croiceann do chéidneithibh um an inghin ar uachtar a hearraidh agus a héudaigh bhúdh-dhéin. "Créud í do theisd nó do thuarasgbháil asum anois, a Alexaindria?" ar Meliór. "As í mo chéudfaidh duit," ar sí, "nách bhfuil don Ádhamhchloinn aoinneach, d'fheabhas a ruisg nó a radhairc, do aitheónadh tar mathghamhain ele thú, agus muna bhfaicinn-si fén an croiceann úd dá chur iomad, ní fhuil aoinneach sa chruinne ó ccreidfinn nách mathghamhain thú." Ro fhuaigheasdair an dara croiceann fá Sir Uilliam iar sin go deughcóirighthe d'iallaibh réidhe rorighne. Fiarfaighis Sir Uilliam do Mheliór créud í an bhreith nó an bharamhail baoi aici fair go fírinneach.
"Dom chubhais ámh," ar an inghean, "as obair friomsa taobh do thabhairt friot d'éis mé fén d'fhaicsin an chroicinn dá fhuaighél umad ret adhuath agus ret urghráin, uair ní fhuil aoinneach dá fhírinnighe ar talmhuin dá madh feirrde a innisin damh go madh dúil nó dénamh duineata thú muna bhfaicinn fén a bhfacas go ttrásda." Táinig iomdhorcha na hoidhche dá n-ionnsoighidh iar sin agus ro ghabhadar lámh ar imtheacht as a haithle. Táinig Alexaindria tar doras an tseómra ma raon riú agus nír léig dhóibh slighthe sunnradhacha na cathrach do ghabháil, óir do bhádar lucht freasdail agus fritheólmha an dúnaidh ag taisdeal agus ag tadhall eatorra, agus do sheól dóibh gabháil trés an oirebher n-áluinn n-uaigneach baoi do leithimeal an tseómra, uair nír dhóigh lé tadhall nó taisdeal aonnduine don bhaile do bheith chuige nó uaidhe. Iomthúsa na mathghamhan iomorro, rángadar rompa trés an ngarrdha nglanfhásach agus trés an oiribher n-áluinn n-uaigneach. As í sin uair agus aimsir a raibhe gaisgeadhach do Ghréugaibh ag fágbháil a phuiple agus a phailliúin fén re gnóaighibh éigin don oiribher agus énghiolla ina fharradh. Ó't-chonnairc-séin na hainmhintidhe éxsamhla adhuathmhara .i. na mathghamhain mheanmnacha mhíshíthchánta, ro ghabh gráin agus eugla adhbhal é. Ro fhill go hathlamh ar amas a adhbha agus a ionaidh bhudh-dhéin, agus ro innis dá bhfuair ar a chionn go bhfacaidh na mathghamhain mhillte mhallaighthe agus na hainmhintidhe olca uathmhara écceannsa, gur dhrantadar a bhfiacla agus a bhfíorghlomhair go comhathlamh chuige, agus gur do thoradh a reatha agus a roluais táinig gan oidheadh uatha. Bádar iomorro a bhfuair ar a chionn ag fochuidmheadh agus ag fanámhad faoi agus ag amharas go hiomarcach air. Dála na mathghamhan dano, rángadar rompa ina ruathar roathlamh go ndeachadar gan fhios, gan airiughadh d'aoinneach amach tar múraibh na mórchathrach go rángadar doire comhadhbhal coilleadh baoi a ccomhfhogas don chathraigh, agus bádar ag tadhall agus ag taisdeal na fiodhbhaidhe fosgadhmhóire go bhfeasdaoís cá hionadh a n-airisfidís innte. Rug an lá go n-a lánshoillsi orra for na himtheachtaibh sin, agus ro fhéuchadar an choill ar gach taobh ina ttimchioll,
agus an áit fá dlúithe agus fá daingne don fhiodhbhaidh ro iarradar í, go bhfuaradar crann dosach díoghuinn a ndiamhair na deughcoilleadh agus fiodhbhadh dhlúithdaingean dheughdhíona dob' ísle aimhréidhe iná an fhiodhbhadh ele a n-uirthimchioll an chroinn agus do réidhigheadar ionadh dhóibh fén ina fharradh, agus ro bhádar ag léigion a sgíse agus a meirtne dhíobh ann. As annsin ro labhair Meliór agus as eadh ro ráidh: "A Dhé do chum neamh go n-a naomhainglibh agus talamh go n-a torthaibh agus grian go n-a glanruithnibh agus an áibhéis go n-a hiongantaibh, caomhain agus coimhéid sinn fén ar a bhfuil dár n-iarmhóracht, agus dén anacal dúinn ar aingidheacht na ndaoine lé budh maith díth nó dochar do dhéunamh dúinn, agus seól biadh agus beatha chugainn choiseónas ar éug agus ar oidheadh sinn." Ó't-chualaidh Sir Uilliam éccaoine na hinghine fá gan biadh nó beatha do bheith aici, ro chuir fair go hadbhal agus ro ráidh ria: "A inghean," ar sé, "ní ba tualuing thusa fulang na drochbheathu-sa gus ar thriallais d'éis a bhfuarais do bhiadhaibh saora sochaithmhe agus do dheochaibh míne measgamhla agus d'éudaighibh líoghdha leannmhaiseacha agus do chearchaillibh ciomhsacha ceithirbheannacha ós iomdhadhaibh áille éxsamhla agus d'urghairdiughadh meanman agus aigionta ar cheana; agus as fearr liomsa bás d'fhagháil damh iná thusa do chongmháil a bpéin nó a bpeannaid amhlaidh sin." "Ná habair sin, a Sir Uilliam," ar sí, "uair an chomhairle do-rinneas ní haithreach liom a déunamh agus nír chlaochló mh'inntinn nó m'aigneadh an tráth sa, agus as lór liom do bheathaidh bhudh-dheasda meas agus mórthoradh na fiodhbhaidhe si a bhfuilim nó fiodhbhaidhe ele nách ránacc fós .i. ubhla lánchaomha lánaibche agus cna caomha ceannchorcra agus áirne dubha deughbhlasda agus sméura dreas ndlúith ndeughabaigh agus siríne séimhidhi sobhalaidh agus cinél gacha cnuasaigh coilleadh ar cheana, agus as lór liom fós dom beathughadh agus dom biothfhulang, a n-ionad na deughbheathadh ro chleachtas, feis leaptha agus láimhdhéurghaighe leatsa a
ndoireadhaibh dlúthdhorcha diamhra ós iomdhadhaibh áille úrluachra." Agas as cuma ro bhaoi gá rádha agus do rinne an laoidh:
Cabhair dhúinn, a Dhúileamhain do chum neamh go naomhainglibh as talamh go tturchurthaibh is grian go n-a glanruithnibh 's an áibhéis go n-iongantaibh. Déna oirne anacal ar fhuath is ar aingidheacht na ndaoine gan deughcomhall le búdh mian ar mudhughadh. Seól beatha dar mbeathughadh choibheóras ar ccaomhcholla ar bhás is ar bhithoidheadh."
Tig Uilliam dá hagallaimh, ó'd-chualaidh an comhrádh sin, agus do ráidh ria go faoilidh:
"Saobh an rogha rugais-si, a inghean cco ro-áille, droichbheatha ar deughbheathaidh. Ním-tualuing bhur tteasargain ó so amach, a Mheliór, d'éis na mbiadh saor sochaithmhe is na ndeoch mín measgamhail do chleachtais it chaomhchathraigh, ar chearchaillibh caomháille ós éudaighibh éccsamhla a ccaomhtholgaibh cumhdaighthi re hurghairdiughadh aigeanta." "Ná bí ag aithfear iomaithfear oram, a laoich láinbheódha, fán roghain do rugas-sa. Nochan fhuil orm aithreachas
fán ionnmhas do fhágbhus-sa. Ní beug liom do lánaoibhnios a ndeughaidh na deughinmhe, ó thánag sa turas-sa, toradh na ccrann ccnuasadhbha na fiodhbhaidhe a bhfuili-si, ubhla buidhe buanaibche is cna caomha ceannchorcra, sméura drisi deilgnighe is meas droighin deughbhlasda, is siríne sobhalaidh a cceann gacha caomhthoraidh neoch fhásas tré fhíorthalmhuin, agas iomdhadha úrluachra do bheith agam d'áirithe re bheith uirre it fhochair-si ar feis leaptha is láimhdhéurghaidh, fá dhoireadhaibh dlúithdiamhra. Lór linn gach ar luaidheamair. Biaidh Íosa dar n-imdheughuil, dar ccaomhna is dar ccaomhchobhair."
As a haithle sin gabhais Sir Uilliam agá hagallaimh arís agus as eadh ro ráidh ria: "Truagh sin, a inghean," ar sé, "as urasa a aithne gurab beug fuarais do dhoirbhios nó do dhocomhal na beathadh so fós, agus ní fhuil acht comhrádh ré céidneithibh air agad, uair ní raibhe uireasbhuidh ort gus ttrásda, agus dá mbeith, do-bhéurthá ríoghacht na cruinne go coimhiomlán dá mbeith ar do chumas don tí do-bhéuradh biadh nó beatha duit, agus fuaras-sa eólas as a bhfuighir-si beatha bhus fearr iná an bheatha sin togha féin duit," ar sé, "uair atáid slighthi agus sainróid inar ccomhghoire ar a ttathaighit lucht margaidh agus móircheannaigheachta ón chathraigh, agus rachad-sa ar na slighthibh sin agus beanfat lón agus láinbheatha don lucht theigeóbhas damh ann." "Ní rachair," ar Melior, "óir atá dealbh shuaitheanta ort agus dá ndeachthá dot thaisbéunadh fén ar eachréidhibh na críche, do braithfidhe as sin thú, agus ní thiobhra," ar sí, "an
tiodhlacadh sin ort fén d'fhagháil bídh damhsa, óir do-ghéubhthaoi eólas ort gan fhuireach as a bhfuighthí reud mharbhadh nó reud mhudhughadh thú, agus gurab lór liomsa gach ní dár luaidheas go ttrásda dom beathughadh nó go bhfagham fóirithin ó Dhia." As í sin uair agus aimsir a raibhe an mac tíre ar a ttángamar cco ttrásda ar ttocht d'éisdeacht re comhrádh na lánamhna searcaighe sin don taobh ele don chronn ina ccomhghar agus iad ag éccaoine a n-amhghair agus a n-easbhadha reu'roile, uair ní raibhe lá ná oidhche ó rugadh Sir Uilliam uadha asin bhforaois go nuige sin nach biadh ar druim gach áite agus gach ionaidh ina mbíodh do bhunadh, agus ní bhíodh cás ná doirbhios ná docamhal air nách bhfoillsighthí dhó é. Agas do foillsigheadh dhó eisiomh agus an inghean d'éulúdh ré 'roile an oidhchi sin ó ríoghcathraigh na Rómha, go ttáinig 'na ndeaghaidh go nuige an áit sin dá bhfóirithin nó go ccuala a n-éuccaoine ar bhiadh agus ar bheathaidh, agus ó'd-chualaidh, táinig roimhe go roidhéudla trés an bhfiodhbhaidh bhfíoruaignigh bhfásaigh agus trés an ccoill chomhdhlúith chraobhaimhréidh go ráinig cco conairibh an ríoghdhúnaidh agus go ródaibh na ríoghcathrach. Ní cian ro bhaoi ann as a haithle cco bhfacaidh aonóglách dá ionnsoighidh agus bolccbhoghainn líonta d'arán fonaighthi agus d'fheóil fhíorbhruithte ar a mhuin. Ionnsoighis an mac tíre an t-óglách go tinneasnach, agus ó'd-chonnairc an t-ainmhidhe écceansa allta dá rochtuin, ro fhágaibh an bolg aige amhail ro bhaoi, agus ro imthigh fén uadha. Dála an mheic thíre ro thógaibh soitheach an aráin go hárd ar a fhormna agus ro imthigh go hairm ar fhágaibh Sir Uilliam agus an inghean, agus ro léig ar lár ina bhfiadhnaisi an fríthe sin, agus táinig fén uatha iar sin óir do thuig gach easbhaidh ele dá raibhe orra. Ó't-chonncadar-san sin, ro ghabh iongantas adhbhalmhór iad agus tugadar a lámha a n-aoineacht ina n-uirthimchioll dá séunadh agus dá síorchoisreugadh. Gidh eadh, ro osgail Sir Uilliam an soitheach agus tug ní dá raibhe ann as agus ro chuir a bhfiadhnaisi na hinghine é, agus ro thomhail fén ní dhe as a haithle. Ó't-chonnairc an inghean sin .i. eisiomh ag tomhailt an
bhídh, ro chaith fén a dhaothain dhe, gen gur mhinic ro thomhail a leitheid riamh remhe. "A inghean," ar Sir Uilliam, "as urasa dúinn a aithne go bhfuil Dia na ndúl agus Críosd cumhachtach ro chum an cheathardhúil dar ccobhair agus dar ccomhfhurtacht ó do chuireasdair an t-ainmhidhe écciallach allta inar ndochum lé fulang agus lé fírbheathaidh. Do b'urasa lé Dia, a Mheliór, cco bhfuighmís-ne cobhair agus coimhdhíodhnadh 'na dhiaigh so." Iomthúsa an mheic thíre thrá, táinig roimhe d'iarraidh dighe dhóibh, agus baoi ag féughadh na conaire réidhe rofhairsinge ina saoilfeadh tathaighe na ndaoine do bheith ní búdh mó iná a chéile, agus ní cian baoi ann cco bhfacaidh óglaoch agus dhá bhuidél bhláithe bhiothdhaingne lán d'fhíon shomblasda shoóil ceangailte dá chéile ar a mhuin ag fágbháil na cathrach. Ó't-chonnairc an mac tíre sin, do-chuaidh 'na choinne agus 'na chomhdháil go dian dísgir deughthapaidh. Mar do-chonnairc an t-óglách sin agus dar leis fén gan dul uadha aige, ro fhágaibh na buidéil amhail ro bhádar agus téid féin roimhe do thoradh a reatha. Gabhais an mac tíre iris fhulaing ro bhaoi idir na buidéulaibh ina bhéul agus ro imthigh reimhe cco rodhíochra go hairm a raibhe Sir Uilliam agus an inghean, gur fhágaibh an fíon ina bhfiadhnaisi, agus ro imthigh fén uatha as a haithle. Acht cheana fa móide a n-iongnadh go mór an fíon d'fhágbháil aca fa dheóidh maille ris an ccéidní, agus ro ibheadar a lórdhaothain don fhíon agus nír ibheadar riamh fíon as mó do thaitin riú inás. As annsin ro ráidh Meliór: "As mithigh dhúinn an t-ionad sa d'fhágbháil agus dol ní as faide ná a ttángamar ón ccathraigh." Ro imthigheadar rompa as an ionadh sin agus ro fhágbhadar a bhfuighleach lóin agus láinbheathadh ann. Tángadar uidhe an laoi sin ar feadh fiodhbhaidhe go ttáinig iomdhorcha na hoidhche chuca agus an áit fa daingne agus fa diamhraighe an fhiodhbhadh do anadar ann. Táinig an mac tíre chuca iar ccomhnaidhe dhóibh lé biadh agus lé beathaidh, agus thigeadh gach uair dá mbíodh a fheidhm orra ó sin amach.
Dála na sochraide ro bhaoi isin ccathraigh bearor os aird seal ele. Ro bhádar amhlaidh sin an adhaigh sin go loinneach lánaoibhinn, gan tacha freasdail nó friothólmha, óil nó aoibhneasa, go solustráth éirghe do ló arna mhárach. Ar ttoidheacht na maidne muiche arna mhárach gus na míleadhaibh, ro éirigh an t-Impir a remhthús na ríoghraidhe, agus tugait chuige a aos freasdail agus friothóilmhe agus feadhma, agus ro theugaisg a fheidhm agus a fheudhmantas áirithe dá gach aon aca fo leith go mbiadh ollamh ina aimsir urdhalta 'na oirchill, agus ro fhágaibh amhlaidh sin iad. Iomthúsa an impire Ghréugaigh iomorro agus a mheic .i. Pairtinotas, ro éirgheadar-séin go n-a sochraide isin laithe chéudna, agus ro ghabhadar a n-earradha áille éugsamhla a n-aoineacht umpa. Acht atá ní cheana, ní fhéudfadh file a aisnéis nó fáidh a fhoillsiughadh nó fear léighinn a láinsgríobhadh leath nó trian a thuarasgbhála d'fhaisnéis nó d'innisin. Ro gabhadh a n-eich a n-eachradha dhóibh iar sin. Ro chinnseat go hathlamh urmaisneach orra agus nír ansat go rángadar cco doras Teampaill Peatair a Róimh, a ccoinne agus a ccomhdháil an Impire Rómhánaigh agus a inghine ar tí a pósaidh re Partinotas .i. mac rígh Gréug, a bhfiadhnaisi an Phápa go n-a chairdionálaibh agus go n-a chléir. Agas táinig an Pápa féin cco honórach ina n-airrchis dia n-airmhidniughadh go doras an pháláis. Dála an Impire Rómhánaigh iomorro, ro anasdair-séin a ndiaidh na nGréugach da fhuráil ar aos feadhma agus fritheóilti deirridius freasdail agus foghnamha d'ullmhughadh ina oirchill ag tionntudhadh ón teampall dó agus fuireach re a inghin do bhreith leis go lánonórach dochum an phósda agus an phríomhoifrinn. Baoi ar an sráit amhlaidh sin a ngoire don ghrianán ag fuireach fris an inghin agus le líon a shluaigh agus a shochraide .i. deich míle ficheat marcach agus each díola fa gach deughmharcach dhíobh. Agas ro chuir teachta ar ceann na hinghine, agus ó rángadar na teachta doras an ghrianáin, fuaradar druite é, agus ro iarradar a osgladh iar sin agus nír freugradh iad, agus ro iarradar an dara feacht agus an treas feacht agus nír bhó tarbha dhóibh. Ro fhágbhadar an doras iar sin óir do shaoilseat go ndearnsat drochoileamhain
ar an inghin agus gur 'na codladh ro bhaoi agus iadsan ag iarraidh a osgailti uirrthe. Tángadar ar a n-ais iar sin ar amas an Impir agus ro innseadar nách bhfuaradar doras an ghrianáin d'osclagadh dhóibh agus gur dhóigh leó gur 'na codladh baoi an inghean. Gabhais fearg adhbhal an t-Impir uime sin agus do-chuaidh fén 'na aonar a n-airrchis na hinghine. Ó't-chonnairc Alexaindria an t-Impir tairsi, táinig ina chomhdháil agus ro fhiarfaigh dhe créud adhbhar a fheirge agus a fhuasnaidh. "As mór an t-adhbhar feirge damh," ar sé, "maithe agus móruaisle na nGréugach do bheith um chathraigh aréir agus mé ag fuireach reum inghin agus nách luathaide uirrthe dom ionnsoighidh é, agus fós an Pápa go n-a chléir agus go n-a chairdionálaibh fón ccuma ccéudna ag fuireach fria." "A thighearna," ar Alexaindria, "do théigeómhadh gurab 'na codladh atá sí agus gurab droichtheachtaireadha do chuiris for a ceann agus nár anadar re a mosgladh, agus dá madh eadh, nír bh'iongnadh dhi beith amhlaidh, óir nír chodail éntamall go meadhón oidhche aréir, agus as annsin ro fhágbhus-sa í ar ndéunamh feircce riom fá adhbhar áiridhe." "Créud an t-adhbhar idir?" ar an t-Impir. "As imeuglach mé," ar an inghean, "ima innisin duit." "Ar ghrádh th'einigh ná ceil oram an t-adhbhar sin," ar sé, "agus ná ba heugal duit." "Ní cheileabh," ar an inghean, "dá léigir-si t'fhearg díot gan a déunamh riom fén, óir as fearr leam buidheachas do bheith agatsa oram fa thoirmeasg neith do rachadh i ndíoghbháil duit agus disi iná buidheachas do bheith aicisi orm fá drochcomhairle do mholadh lé." "Léigfiut-sa m'fhearg díom bhudh-dheasda," ar an t-Impir, "agus ní fhuighir-si achmhasán neith dá n-inneósair uaim." "Más eadh," ar Alexaindria, "sgél do innis in inghean úd damhsa .i. béus iongantach do-chualaidh sí do bheith isin Ghréig .i. gidhbé díobh, mac ríogh nó roithighearna nó diúice nó deighphrionnsa, do-bheir inghean tighearna nó rígh do ríoghaibh an domhain, gurab amhlaidh do-níthear a cor i ttor chomhdhlúith cathrach fa cheangal agus fa choimhiadhadh, glais agus géurdhúnadh do chor ar an ccathraigh agus gan a léigion as sin dochum aonaigh ná oireachtais, aoibhnis ná urghairdighthi oile ar bith agus gan a fear fén do
dhul ar cuairt ná ar céilidhe chuice acht ceithre cuarta isin mbliadhuin. Agas adubhairt Meliór riomsa gurab taosga do bheith sí gan fhear gan fhírchéile go bráth iná do rachadh don chrích ina mbiadh an béus sin. Do innis sgéul damh fós," ar sí, "fa ndeachas ina h-aghaidh agus far fheargaigheastoir riom co hadhbhal." "Caidhe an sgéul sin?" ar an t-Impir. "Dá n-innisear sin duit," ar an inghean, "dob 'áil liom gan tusa do thabhairt achmhasáin damh agus gan a léigion disi a thabhairt damh ó's ar mhaith riotsa agus riasi tánag ina haghaidh uime." "Ní thiobhar go deimhin," ar an t-Impir. "Más eadh," ar sí, "adubhairt riomsa acht géur mhór dot dhíoghbháil do bhádhais-si do dhéunamh agus gé tángadar coimhthionól slóigh agus sochaidhe na nGréugach ar aon láthair dot ionnsoighidh, gur saothar díomhaoin dhaoibhsi sin leath ar leath, agus go raibhe a ccomhghoire dhi fén fear dob 'annsa lé ná éunmhac rígh Gréug agus nách bhfaoidhfeadh lé fear d'fhearaibh an bheatha acht las an bhfear sin. Do fhiarfaigheas-sa dhi cia an fear dá ttugasdair an toil agus an tromghrádh sin. Adubhairt sí gurab é an fear dob 'fhearr gal agus gaisgeadh, neart agus niadhachas, dealbh agus déunamh, modh agus móirbhéusa .i. Sir Uilliam, neoch dá raibhe grádh agus géurionmhaine agadsa agus ag gach aoinneach san impireacht uile ó ísiol cco huasal agus ó choimdhe go héccoimdhe. Ó't- chuala-sa an comhrádh sin, tánag ina haghaidh cco hadhbhal agus adubhart gurab éccóir nár innis sí sin duitsi an tan tángadar teachta an impire Ghréugaigh dá hiarraidh agus ria siú do aistrigheadar Gréugaigh do neoch ro b'uaisle agus ro b'oirrdhearca dhíobh ó n-a ndúintibh agus ó n-a ndeughárasaibh bhudh-dhéin dochum do thíre agus do thalaimh-si agus sul do-righnis gach sollomhain agus gach soláthar dá ndearnais dhóibh. Gabhais fearg adhbhalmhór í um an ccomhairle sin tugas di, agus adubhairt friom an grianán d'fhágbháil go hathlamh agus gan a thadhall ná a thaisdiol do ló nó d'oidhchi agus nách beinn a n-aoinionadh san impireacht an feadh do bhiadh fén 'na bainimpir. Tánag-sa as an ghrianán annsin dom choidailtach fén agus ní dheachas ann ó sin a le."
"Éirigh-si anois dá ionnsoighidh," ar an t-Impir, "agus dúisgigh cco deithbhireach í agus ullmhaigh í a n-oirchill na comhdhála gus a ttéid." "Ní rach-sa sa toisg sin cco ccead dhaoibhsi, a impir," ar sí, "uair do chuir go heasonórach uaithe aréir mé agus ní rach comhluath agus adeir-si dá soighidh cco síothlóidhe a fearg agus a fuasnadh friom, agus éirigh fén mar a bhfuil sí agus muisgeólaidh duit, agus déna h'uraghall ria as a haithle." As annsin do-chuaidh an t-Impir go hathlamh go dorus an ghrianáin agus tugasdair tolgadh adhbhal allata uadha isin ccomhlaidh chomhdhlúta gur chuireasdair dá bacánaibh cothaighthi agus congmhála cco hathlamh í, agus do thógaibh an folach fíréxsamhail do shíoda áluinn uainidhe ro bhaoi ar uachtar na hiomdhaidhe, agus ní fhuair a iarraidh. Ro léig feinisdre agus foirléusa an ghrianáin suas iar sodhain agus ní móide fuair an inghean é. Ro iarrasdair clúide agus cearnadha an chaoimhghrianáin agus gach aoinndiamhair ele baoi ann ó sin amach. Ro iompó go himshníomhach ón tseómra tara ais ó nách bhfuair an inghean ann. Tarla Alexaindria ina aghaidh dó agus adubhairt ria go feargach a inghean d'fhagháil dhó. "A thighearna," ar Alexaindria, "ní fheadar-sa cáit ina bhfuil t'inghean ó do fhágbhas a meadhón oidhchi aréir í ina hoireagal fén, acht as í mo chomhairle dhuitsi seómra Sir Uilliam d'iarraidh, agus dá bhfaghthar Sir Uilliam fén ann, ní fhuil sisi acht a n-áit éigin san cathraigh; muna bhfaghthar iomorro, as deimhin gur imigheadar re'roile." As annsin do chuir an t-Impir trí fichit fear, eidir sguibhéuraibh agus ridire, d'iarraidh Sir Uilliam agus adubhairt riú a thabhairt 'na chimidh chreapailti chuibhrighthi chuige. Gidh eadh, nír éusgaidh leósomh dol leis an toisg sin .i. a ndáil díthe nó dochair do dhéunamh dá ccaraid agus dá ccompánach bhudh-dhéin, géur bh'éigion dhóibh toil a ttighearna do choimhlíonadh dá bhféudadaoís; agus bádar ag guidhe Dé cco díochra fá gan Sir Uilliam d'fhagháil ná urmaisniughadh fair. Rángadar rompa as a haithle dochum an tseómra agus ní fhuaradar Sir Uilliam ná neach ele and agus nír bh'fhearr leó a fhagháil. Do iompódar ar a n-ais arís ar amas an Impir agus do innseadar nách bhfuaradar a n-iarraidh isin tseómra. Ó't-chualaidh an t-Impir sin, ro
chlaochlóidh a dhath agus a dhéunamh agus as suaill nach ttángadar airrdheana báis agus buainéuga chuige, agus as eadh ro ráidh: "As truagh don tochuirthe agus don tuilidhe, dá nach feas clann nó ceinéul acht misi dá fhagháil ag ionghoire cruidh agus ceathra do chionn luaighidheachta agus láinéudála, an masla agus an míonóir tug damhsa a ndiaidh a ndearnas do mhaith agus do mhóronóir dhó, agus a chor a mbeól cháich a ccoitchinne tar gach duine do b' uaisle inás; agus as mairg do-ní maith ar tachairthi nó ar tuilidhi ina dhiaidh go bráth," ar sé, agus baoi agá fhiafraighe dá mhuinntir créud do-dhéunadh um dhála an impir Ghréugaigh, óir do bhí euccla air nach ccreidfeadh uadha nach raibhe cuid aige fén d'éulúdh na hinghine. "Ná dén-sa dubha ná dobrón de sin," ar a mhuinntir fris, "uair ní tháinig agus ní thiocfa aonnduine do ghabh géill na mban riamh romhat agus ní hiongnadh gan tusa, a thighearna, dá ngabháil, acht cidh tréun thú, dáigh as béus d'ingheanaibh na ríogh agus na ttighearnadh go minic fear as lugha iná a ndíol do bhreith do roghain ionnas go ccuirfidís a ccumhachta orra agus go mbeith a ttréun agus a ttreisi os a ccionn go hiomarcach, mar bhíd na fir chumhachtacha os cionn na mban as lugha iná a ndíol tochmhairc nó tabhartais. Gurab uime sin nach beite duitsi dubha nó dobrón ort tré drochcomhairle mná sa chruinne. Acht éirigh romhat a cceann an impir do ghabháil do leithsgéil fris, agus ná ceil éinní dár imthigh ort fair, ó do-ghéubha fén a fhios fa dheóidh, agus as urasa don impir a aithne nach dingéntá-sa a ndearnais do shaothar agus do shíordhíoghbháil dot mhaoin agus sin do mheath airsiomh agus ort fén fá dheóidh." As annsin ráinig an t-Impir go Teampall Peatair go hairm a rabhadar Gréugaigh, agus fuair an t-impir go n-a ardmhaithibh agus an Pápa go n-a chléir agus go n-a chairdionálaibh a ndoras na heuglaisi agá fhurnaidhe-siomh. Ó ráinig Rí Rómhán chuca don chur sin, ro innis a sgéula ó thús go deireadh dhóibh .i. élódh a inghine lé Sir Uilliam agus gach gábhadh agus gach géurdhoilgheas dá raibhe air fén dá bhíthin. "As briathar damhsa," ar rí Gréug, "dá saoilinn-si cuid
nó comhairle do bheith dhuitsi 'na dhéunamh sin, go sgriosfuinn as do fhlaitheas agus as do láininmhe don toisg si thú, cco múrfainn do chathracha agus do chaisdeóill, agus go ttiobhrainn oidheadh anuasal duit fén a bhfiadhnaisi bhfear ndomhain do neoch fil ar an láthair si dhíobh. Gidh eadh, aithnim ar a mhéud do milleadh dot chonách agus dot chaomhfhlaitheas am onóir gus an am sa, nách millfeá sin umad féin agus umamsa fá dheóidh do thabhairt easonóra damh nách ttiocfadh dhíot fén do chosnamh. Agas as í mo chomhairle duit um an dáil sin, ó táid maithe agus móruaisli an dá impireachta ar aonláthair anois, gairm agus gnáthfhógra do thabhairt do na cineadhachaibh a ccoimhnéineacht: gidhbé do-bhéuraidh an lánamhuin sin chugad, cco bhfuighidh a bhreath fén d'ór nó d'airgead, d'ionnmhas nó d'iolmhaoinibh agus do cheinél gacha maitheasa ele uaid, agus as cosmhail go bhfuighthear ar an ordughadh sin iad," ar sé. Tugadh an fógra sin as a haithle a bhfiadhnaisi na ccríoch agus na cceannadhach. As annsin táinig an ridire dá ttarla na mathghamhain roimhe sin san oirebheur dá n-ionnsoighidh, agus ro innis dhóibh go raibhe fén ag siobhal an oiribheir re cathraigh aneachtair an oidhchi roimhe sin agus cco bhfacaidh dhá mhathghamhain gheala dá fágbháil, agus mar do-chonncadar é fén, gur chasadar a bhfiacla agus a bhfírdhéuda 'na choinne agus gur do thoradh a reatha agus a roluais do-chuaidh gan oirleach uatha, agus gur imthigheudar tar múraibh na mórchathrach amach. Ar n-a chluinsin sin do rígh Gréug, do fhuráil ar an Impir Rómhánach a shealgaireadha do thabhairt dá ionnsoighidh agus croicne na mbeathadhach n-écceannsa do mharbhadar d'fhéuchain dia fhios an rabhadar croicne na mathghamhan d'uireasbhaidh orra, agus má do bhádar, gurab iad do bhí fan lánamhuin sin ag díthleith a n-athaidh agus a n-élóidh. Ro féuchadh na croicne agus fríth an dá chroiceann sin d'uireasbhaidh orra, agus ro hinniseadh sin don Impir. Ro fhuráil an t-impir Gréugach coin agus gadhair na cathrach a ccoimhnéineacht do thaithmheach agus do thréunsgaoileadh dá cceanglaibh agus dá ccuibhrighibh, agus a léigion ar lorg na lánamhna go lánurlamh; slóigh agus sochraide na cathrach
dá ccoimhleanmhain, agus gan bun éntuim do léigion uatha gan iarraidh agus gan fhiosrughadh. Ro chinneadar ar an ccomhairle sin leath ar leath agus ro léigeadar a ngadhra seanga séitreacha síorluatha agus a ccoin bhailcbheódha bhuainreathacha dá slabhradhaibh seólta sníthe sothacmhaing agus dá n-iallaibh órdha iomdhaingne ar lorg na mathghamhan móradhbhal, ó dhoras an ghrianáin trés an oiribher n-áluinn n-éccsamhail agus tré mhúraibh daingne díothoghlaidhe an dúnaidh gus an bhfiodhbhaidh bhfoithreamhail bhfásaigh agus gus na coilltibh caomha comhdhaingne agus gus na doireadhaibh díoghainne díothoghlaidhe, go rángadar gus an bhfiodh bhfíoruaigneach a rabhadar an lánamhuin líoghdha lánáluinn sin gan díon gan deughcaomhna, go nach raibhe bun énchroinn isin fhiodhbhaidh áluinn fhosgadhmhóir agus isin ccoill chomhdhlúith chomhdhaingin gan duine nó dias nó cú nó gadhar dá choimhiarraidh, go nach rugadar céim mearaighthe nó mearbhaill ar ais ó mhúraibh comhaidhbhle na cathrach go rángadar ina réim díochra deughthapaidh gus an doire ndlúith ndíoghuinn ndosadhbhal a rabhadar, go nach raibhe acht eadh urchair soighde d'fhearann na fiodhbhaidhe eatorra agus iad. Iomthúsa an mheic thíre iomorro aithrisdear sonn seal oile: baoi-siomh a bhfogas don lánamhain annsin isin bhfiodhbhaidh a n-oirchill a n-anacail. Ó't-chonnairc rún marbhtha agus mudhaighthi ag cách orra agus mar do mhothaigh an tóruidheacht a n-athfhogas dóibh, ro éirigh go fuaisgneach, foluaimneach agus tug síneadh ar a cholainn ó chéile agus druidis ó dhlús na coilleadh commóire amach go mbeirdís cách a ccoimhnéineacht radharc fair go foillsightheach. Ó't-chonnairc cách a ccoitchinne agus na coin agus na gadhair an mac tíre, ro gháireadar as gach aird ina uirthimchioll. An áit iomorro fá tighe na teughlaighe agus fá haidhbhle na hoireachta agus do b'fhaide ón áit a raibhe Sir Uilliam, as ann do ghabh an mac tíre, go ráinig ar fairsinge an mhuighe mhóir amach, go nach raibhe aoinneach isin bhfiodhbhaidh gan dol ina dheaghaidh, agus an neach nach bhfaiceadh é, as cuma do théigheadh ina thóruigheacht agus an té do chíodh é, óir do shaoileadh gach duine nach bhfaiceadh é ó iomluaidhill na
ndaoine eatorra gurab iad na mathghamhain do bhí rompa agus as luaithide do leandaoís iad sin. Bádar dano ó fhíorthosach an laoi lánsholais go hiomdhorcha na hoidhchi isin iarmhóracht sin, ó chnoc do chnoc agus ó ghlionn do ghlionn agus ó thulaigh do thulaigh, gan anadh gan oirisiomh a n-aoinionadh, agus ní rucc aoinneach aca for an mac tíre a n-áit gona nó gabhála, go ráinig iomlán ón éigion sin um thráthnóna do ló. Ro iompódar na slóigh iar sodhain gus an ccathraigh ar n-a ttuirsiughadh ar an tóraidheacht sin, agus ro innseadar do na ríoghaibh nach bhfuaradar an toisg le a ndeachadar agus a ndearnadar do shiobhal agus do shaothar go nuige sin. Dála Sir Uilliam agus na hinghine, d'éis an ghábhaidh agus an ghuasachta sin d'fhágbháil dóibh, at-chonncadar an mac tíre chuca, agus cuiris a ccéill dóibh le heisiomláir gur mhithigh dhóibh an t-ionadh sin d'fhágbháil, agus táinig fén a ttosach na sligheadh reampa dá ttreórughadh. Agas tugadar uidhe na hoidhchi sin go ttáinig an mhaidin mhochsholas arna mhárach; agus iar bhféuchain ar gach taobh ina ttimchioll dóibh, at-chonncadar gur bhó tír taidhbhseach agus gur bhó críoch chuanna chaomháluinn baoi agá himtheacht aca; agus at-chonncadar an chathair chaomhchumhdaighthi agus an dúnadh daingean díthoghlaidhe agus an t-iosdadh áluinn éccsamhail a ngarfhogas dhóibh as a haithle. Proveint ainm na cathrach agus Proveist ainm an tighearna baoi innte. Leithimel dúthaighe agus deighfhear an impire Rómhánaigh eiséin agus as dó no fhreugradh an Proveist fén feacht agus sluaigheadh. Ar bhféuchain an tíre ina ttimchioll dóibhsiomh agus na cathrach ina ccomhghaire, gabhais omhan agus imeugla iad ó nách bhfacadar coill nó caomhdhroibhél ina ccomhghar do-dhéunadh a ndíchleith. At-chonncadar iar sin coilér cloch ar a ccomhair, agus do-chuadar chuige a ccéudóir agus tiaghait eidir dhá chladh chomhmóra isin ccoilér agus ro luigheadar a bhfochair a chéile ann gur thuit a ttoirrchim suain agus síorchodalta orra. Agas do luigh an mac tíre don taobh amuigh dhíobh dá bhfaire agus dá bhforchoimhéud nó go mbeireadh an oidhchi orra. Ciodh trá acht as í sin uair agus aimsir a ttángadar saoir agus máisiúnaigh ón ccathraigh do
thochailt an choiléir a rabhadar an lánamhain sin ina luighe. Féuchais an céidfhear dhíobh uadha anonn eidir an dá chladh a raibhe Sir Uilliam agus an inghean, agus at-chonnairc an dá mhathghamhain gheala a bhfarradh a chéile ann, agus ó't- chonnairc, táinig gus an ccuid ele dá mhuinntir agus ro ráidh riú: "An ccualabhair-si an fógra tug an t-Impire Rómhánach roimhe so?" ar sé, ".i. gidhbé do-bhéuradh dhá mhathghamhain gheala chuige cco ttiobhradh dúinte agus cathracha, caisteóil agus críocha, forba agus fearann, ór agus airgead agus iolmhaoine go hacmhaingeach dhó agus go ndiongnadh tighearna ar oighreacht adhbhalmhóir dhe?" "Do-chualamar," ar iad-san. "Má do-chualabhair-si si," ar in t-óglách, "atáid na mathghamhain gheala sin isin choilér cloch sa ina mbíthí-si ag tochailt gach laoi, agus cuiridh-si teachta ar ceann an Phroveist, agus tabhraidh chugainn é, líon a shochraide, dá ngabháil." Tiaghait na teachta uatha ar ceann an Phroveist agus anais an chuid ele dhíobh ag coimhéud an choiléir. Ó't-chualaidh an Proveist sin, ro chuir teachta do thionól agus do thiomsughadh a shochraide in gach n-áit a rabhadar ar feadh a thíre agus a thalaimh go raibhe trí mhíle fear n-armach n-ionchomhlainn a n-éccmhais giollanraidh agus daosgarshluaigh. Tángadar rompa iar sin a cceann tséuda agus tsiobhail go tinneasnach. Ro sinnit a stuic agus a n-orghána, a n-adharca áigh agus a ccuisleanna catha do láthair leó. As í sin uair agus aimsir a ttárfás aisling iongantach don inghin tre n-a codladh, gur bhiodhgasdair le huathbhás as a suan. Fiarfaighis Sir Uilliam dhi créud adhbhur a beudhgtha agus a buainlingthi. "Aisling iongantach uathbhásach tárfás damh," ar sí, ".i. leómhan adhbhal allata do theacht chuguinn san choilér sa agus morán beathadhach neimhneach nathardha eile do theacht maille fris ann, agus iad do chur chuguinn dar marbhadh agus dar mudhughadh; agus dar liom an tráth fa ndeachaidh aca oruinn, go rucc an mac tíre úd aguinn fén ar leómhan óg baoi aca agus gur fhuadaigh a lár na leómhan agus na mbeathadhach mór amach é agus gur leanadar-san an leómhan óg agus an mac tíre, agus gur saoradh sinne leis an mac tíre amhlaidh sin ó mhóirghleó na mbeathadhach neimhneach nathardha sin."
"Ní cóir creideamhain do ghlór én nó eathaide nó d'aislingibh co háirithe," ar Sir Uilliam, "agus ní fhuil annsin acht buaidhreadh na leannann ag cur a ccúrsa is na corpaibh ina ccodladh." An tan iomorro fá hé sin a n-iomrádh, as ann do-chualadar tairm agus treathan agus torannchleas na sluagh agus na sochaidhe chuca. Ó't-chualaidh Meliór na mórghártha sin, ro bheadhgasdair a croidhe ina cliabh agá ccloisdeacht agus tángadar airrdheana éuga agus oidheadha dá hionnsoighidh. Ó't-chonnairc Sir Uilliam sin, gabhais ag cor meanman agus meisnighe innte, agus as eadh ro ráidh ria: "A inghean," ar sé, "as amhlaidh as dénta duit an croicionn sin umad do chur dhíot agus dol amach ameasg cháich suil cuirfidhear coin nó gadhair chuguinn isin ccoilér diar marbhadh, agus ó't-chífidhear do dheilbh agus do dhéunamh, ní muirfidhear thú ó taoi it inghin ag an impir, agus as beug an sgél misi do mhudhughadh a bhfarradh díoghbhála do dhénamh duitsi. Agas dá mbeidís airm nó iolfhaobhair agamsa, as calma an comach céud agus cathbhuidhean do-bhéruinn ar curadhaibh na críche si dom chosnamh fén agus dot chosnamh-sa, agus ní bhiadh san chruinne cheathardha éinionadh badh leasga leó do thadhall nó do thathaighe iná an t-ionadh sa; agus ó nach bhfuilit sin agamsa, as éigion damh bás d'fhulang bhudh-dheasda." "Truagh an teugasg do-bheire damhsa," ar an inghean, "agus ní rach-sa don toisg sin," ar sí, "acht gidhbé díth nó dochar do-ghéuntar damh, as ma raon riotsa bheud agus ní sgaradh riot do-ghén nó go sgara an bás re'roile sinn, uair nír bh'fheirrdi leam bheith um beathaidh it dheaghaidhsi. Agas do bhí a fhios agam," ar sí, "go ttiocfadh m'aisling asteugh amhail táinig, gé do bhádhais-si ag dénamh míchéudfaidh orm uime." Agas ad-bheartsat an laoidh ann:
"Aisling do-chonnarc um shuan, asum eaglach re a hiomluadh, leómhan laochdha, lór do lén, do theacht chugainn sa choilér.
Tionólaid fan leómhan mhór, dar liom nír threisi tionól, buidhean go neimh is go neart dar n-oidheadh uile a n-aoineacht. Isin uair sin, dob é a shoim, suil do-chuaidh aca orainn, do rucc uatha an mac tíre, leómhan óg go n-ainmhíne. Do saoradh sinne fa seach ar ghníomh na nathrach neimhneach an uair sin, géur mhór an modh, le cumhachtaibh na caomhchon." "Ní cóir creidiomh dhóibh fa dheóidh, d'aisling nó d'éunaibh aeóir; buaidhreadh na leannann 'ma le bhíos inn gach corp go cinnte." "Más é sin as adhbhar ann, a laoich fa chródha comhlonn, as gearr cco ttáinig asteugh ar n-aisling dúinn fa dheireadh." "Do-bhéur duit comhairle chóir: dol amach ameasg an tslóigh, bhur n-oidheadh ní heccail libh as tú it inghin ag an impir. Dá mbeinn-si anois ameasg mh'arm, do-ghénainn buidheachas badhbh, mo ghníomh ní búdh bearn baoghail a los arm nó iolfhaobhair. Ar n-anacal ó so amach ó nach bhfuil agam árach, an bás ós é as éigion ann caithfead an uair si a fhulang."
"Friot go bráth ní sgarfa féin, a ridire an ghaisgidh ghéir, nó go sgara an bás 'ma le sinn a n-aoineacht re 'roile. Duit ar tús ó thugas toil ad dhiaidh ní bheinn um beathaidh, ria tteacht dhi do aithin sinn asteach go ttiocfadh mh'aisling." Aisling.
As a haithle sin táinig an Proveist ria ccách dochum an choiléir agus naoidhe áluinn ildealbhach do búdh mac dó fén ina fharradh, agus féuchais uadha anonn eidir na clochaibh a rabhadar na mathghamhain gheala. Dála an mheic thíre, ó'd-chonnairc an t-ógmhac ag ionnsoighidh an phuill agus ó do-fhidir gur bráighe gill ar an bProveist é, ro éirigh go hathlamh urmaisneach as an ionadh a raibhe do leithimeal an phuill a rabhadar na mathghamhuin, agus tug sidhe áith ainiarmhartach ar mac an Phroveist gur ghabhasdair eidir guilbnibh a ghlomhairchinn é, agus ro thógaibh ar a fhormna cco héttrom eadarbhuasach é, agus ro imthigh reimhe go roathlamh ar righthibh ríghmhíleadh agus ar ochtaibh óigthighearnadh agus ar ghuallaibh gasraidhe agus ar fhormnaibh féinneadh agus fearóglach, cco ráinig tar séiselbhe na sochaidhe agus tar mórghothaibh na míleadh amach ina ghaisidhibh géurluatha gáibhtheacha agus 'na shidhe roighéur roghluaisde agus ina chéimeannaibh troighéusgaidhe tinneasnacha, mar luas soighde seólta sothairrngthe a fiodhbhac fhearrdha fhíorláidir, nó mur sidhe gaoithe gáibhthighe géuramhainsighe tar ceannaibh cnoc ccorrach ccomhadhbhal a laithibh fuaroighreata earraigh a meadhón Márta. Ó't-chonnairc an Proveist an mac ar n-a fhuadach uadha don mhac tíre, ro léigeasdair glaodha glanarda gáibhtheacha agus comharca cruaidhe commóra agus éighmhe aidhbhle acaointeacha ós aird agus ro fhógair, fa phéin a n-anma agus a n-inmhe do bhuain díobh, dá gach aoinneach aca an mac tíre do thóraidheacht agus do thréunleanmhuin agus gan aonnduine d'fhuireach ag an ccoilér dhíobh gan dol 'na dhiaidh. As annsin do-rónsat na slóigh agus na sochaidhe éirghe
athlamh aoinfhir a haonchomhairle, eidir óg agus sean, eidir rígh agus ridire, idir íseal agus uasal, a n-iarmhóracht an mheic thíre, agus ní rugadar a n-áit gona nó gabhála fair. Do anadh ar an ccnoc nó ar an ccorrthulaigh ar a n-aghaidh; uair annamh do léigeadh an mac ar lár ina fhiadhnaisi dá chor a ccéill agus a ccomhthuigsin do chách go raibhe an macaomh ina bheathaidh agus go madh móide do leanfaidhe las na hógaibh é agus go bhfuighbhedaoís na mathghamhain uain ar imtheacht amhlaidh sin. Ó't-chíodh cách a ccomhghar dhó, do chuireadh an mac ar a mhuin agus do reathadh cco dian dísgir deughthapaidh agus go hathlamh éusgaidh urmaisneach nó go ttéigheadh uidhe adhbhalchian d'fhorba agus d'fhearann uatha; do anadh annséin ag léigion a sgísi do-ridhisi, agus do léigeadh an leanamh ar lár ina fhiadhnaisi ar chomhair cháich go fóill fírghlic fon ccuma chéudna. Ciodh trá acht baoi ar an séoladh sin ón ccnoc comhadhbhal go céile seachnón na críche go coitcheann, gan comhnaidhe, gan comhairisiomh a n-aoinionadh, go ttáinig iomdhorcha na hoidhchi dá n-ionnsoighidh leath ar leath. Ó do aithin iomorro an mac tíre gur léigeadh faill imtheachta do Sir Uilliam agus don inghin, do fhágaibh a mhac ag an bProveist, agus ní raibhe ball dubh nó dorcha ina chorp nó 'na cholainn. Gabhais lúthgháire adhbhalmhór an Proveist ó't-chonnairc a mhac dá fhágbháil aige gan fhuiliughadh, gan fhorrdeargadh fair, agus toirbhiris do phógaibh go miochair muinnteardha é as a haithle. Ro iompódar na slóigh agus na sochaidhe iar sin dochum a ccathrach maille le subhachas agus le sobrón adhbhalmhór, óir nír chás leó dochar dá bhfuaradar agus mac an Phroveist d'fhágbháil don mac tíre. A ndála-somh go nuige sin. Dála Sir Uilliam agus na hinghine do-bearor os aird. Ar n-imtheacht don Phroveist uatha ón choilér tré mhórchumhachtaibh an mheic thíre, ro fhágbhadar an coilér go comhathlamh agus do-chuadar dochum na fiodhbhaidhe fíoráille baoi uidhe trí míle uatha, agus an áit fa daingne agus as diamhraighe fuaradar innte, ro shocraigheadar ionadh agus adhbha dhóibh ann. Ní cian ro bhadar ann as a haithle go bhfacadar an mac tíre chuca le biadh agus le beathaidh mar do-bheireadh do bhunadh. Gabhais fáilteachas mór Meliór agus Sir Uilliam reimhe, uair do shaoileadar nách bhfaicfedís 'na bheathaidh
go bráth é, agus do bhádar ag guidhe Dé cco díochra fá fhurtacht agus fá fhóirithin d'fhagháil dhó ón éigion a bhfacadar fén é go bhfacadar an uair sin dá n-ionnsoighidh é. Dála an Phroveist iomorro, ar ttoidheacht na maidne muiche arna mhárach chuige, ro chuir gairm ar a mhuinntir agus ar a mhóirtheughlach chuige go ndeachdaoís d'iarraidh an choiléir do na mathghamhnaibh. Rángadar rompa iar sin ina mbuidhnibh toisgmheara tinneasnacha, agus ina cceithirnibh crannruadha cóirighthe dochum an choiléir, agus ní fhuaradar acht áit na mathghamhan iar n-éulódh ann. Isan laithe chéudna sin dano, ar bhfilleadh don tsochraide sin gus an ccathraigh iar bhfagháil an choiléir folamh amhail ro ráidhisium, tángadar modhaidh agus mórbhathlaigh ón dúnadh dochum na coilleadh a rabhadar na mathghamhain, do bhuain connaidh agus caolaigh agus do dhéunamh gualaigh dochum a reactha isin ccathraigh. Bádar-somh dano ag teacht tar na mathghamhnaibh, amhail fríth isin ccoilér iad agus amhail rucc an mac tíre mac an Phroveist leis an tan do-chuaidh aca orra. Ro labhair aroile modhadh dhíobhsein agus eadh ro ráidh nach bhfacaidh agus nach ccualaidh a n-uiread féin do churadhaibh nó do chaithmhíleadhaibh ar aonláthair riamh as measa fríth iná a raibhe a ttimchioll an choiléir do shluaghaibh an Phroveist, agus gur bh'urasa a aithne nach raibhe féin aca: "Uair dá mbeinn maille friú," ar sé, "ní bhfuighdís a ndíon ná a ndídean ar muir ná ar tír orm, ionnas go madh agamsa nó bhiadh an tighearnas do gheall an t-impir ar a ngabháil, agus más ar an ccoill si ina bhfuilim-si anois atá siad, as urasa daoine glioca gnáthghaotha do ghairm dhíobh dá ndeachaid gan fagháil uaimsi," ar sé. Do-chualaidh Meliór an comhrádh sin agus ó'd-chualaidh, do chriothnaigh a croidhe ina cliabh, uair do shaoil gurb' ionann don mhodhadh agus críoch do chur ar an ccomhrádh sin gach ar labhair an uair sin agus gach a ndearna do bhagar orra. Acht cheana fá gairid ó an áit a rabhadar na mathghamhain an t-ionadh a rabhadar na modhaidh ar an ccomhrádh, uair ní raibhe acht crann nó dhá chrann don fhiodhbhaidh eatorra.
Ro labhair modhadh ele do na modhadhaibh agus táinig a n-aghaidh comhráidh an chéudmhodhaidh: "As éccóir chanas tusa an comhrádh sin," ar sé, "agus ní fhuil d'fhiachaibh ort cur 'na dhiaidh dá mbeith ar do chumas, óir inghean don Impire Rómhánach atá ann ar n-élódh le gaisgeadhach gníomhéchtach do mhuinntir an rígh fén, ar ttabhairt toile agus tromghrádha dhó ar bhéulaibh Pairtinotas, mac rígh Gréug, táinig dia tochmharc agus dia tabhairt ó chathair na hAithne d'éntoisg go nuige an Róimh, agus a athair agus maithe na Gréige ar aontslighe maille fris; agus dom chubhais," ar sé, "dá mbeith an lánamhain sin ar mo chumas fén, ní dhénainn díth nó dochar dhóibh agus do cheilfinn go maith iad ar gach neach do bhiadh ar tí foghla nó foiréigne do dhénamh forra. Agas as córa dhúinn ar n-obair fén do thabhairt dar n-aire agus ar mbeatha d'fhagháil uirre ná bheith ag buain re ní nach beanann dúinn agus nach dar ccúram idir." Ó thairnic dóibh a n-obair do chríochnughadh ar an ccoill, eidir connadh agus ghualach, ro fhágbhadar í as a haithle agus do-chuadar dochum na cathrach. Ar n-imtheacht do na modhadhaibh iaromh, gabhais lúthgháire mhór Meliór agus tug a bhuidhe re Dia cco díochra iad fén do dhol gan fhaicsin ón mhodhadh d'éis a mbagair orra. "Dá mbeidís airm nó iolfhaobhar agamsa," ar Sir Uilliam, "dob' imeuglach las an mbathlach úd aghaidh do thabhairt orm idir; agus ní búdh adhbhar eccla duit é. Gion cco mbeith d'arm nó d'iolfhaobhar agam dá thraothadh nó dá thrasgairt acht mo dhóide, ní budh beug dá oidheadh agus dá fhíorbhásughadh é." As annsin ro labhair Meliór re Sir Uilliam, agus as eadh ro ráidh: "Cuiream na croicne si dínn," ar sí, "óir ní fhuil críoch nó ceannadhach inar ccomhghar nach bhfuil a fhios aca an t-aithearrach deilbhe ina ndeachamar agus braithfidhear as sin sinn, dóigh ní fhuil sealg nó sáirfhiadhach ar aire aonnduine sa ríoghacht sa nó a ríoghacht ele a n-athfhogas di do bhrígh fógra an Impire, acht sealg mathghamhan ngeal amháin."
Do chuireadar na croicne díobh iar sin, agus do-chuadar ina ndeilbh agus ina ndéanamh duineata bhudh-dhéin. Acht cheana má do bhaoi fuigheall seirce nó síorghrádha gan tabhairt aca d'aroile reimhe, tugadar an uair sin d'aroile é, ó'd-chonncadar cruth agus caoimhdhénamh a chéile ar n-a mbeith cóicthidhis comhlán a ccroicnibh na mbeathadhach n-écceannsa n-anaithnidh ó ionadh go hionadh gan teach, gan dúinte. Cuirid na croicne fa n-a cceannaibh iaramh agus do-rónsat suan agus sádhaile iar sodhain. Iar musgladh dhóibh 'na dhiaidh sin as a suan, at-chonncadar an mac tíre chuca go tinneasnach agus carrfhiadh comhmór caomhchongnach agá tharraing ina dhiaidh go deughláidir aige. Ar tteacht do láthair dhó, tugasdair tí ceart cudroma dia chois feadh ochta agus urbhruinne an fhiadha, agus féuchais ar Sir Uilliam agus ar an inghin as a haithle. Do thuigeadar-san gurab ag iarraidh orra an fiadh do fheannadh do bhí an mac tíre dochum a chroicinn do chur um neach éigin aca. Ro feannadh an fiadh go fuireachair lé Sir Uilliam agus léigis a bhian ar an bhféur bhfalláin bhfíoruaine ina fharradh. Ro imthigh an mac tíre fon bhfiodhbhaidh iar sin agus ní fada do bhí amuigh an tan táinig arís chuca agus eilit uathmhar adhbhalmhór dá tarruing ina leanmhain go láthair aige, agus ar ttorachtain do láthair dó, tugasdair an comhartha céudna uirrthe ina bhfiadhnaisi mar tucc reimhe. Feannais Sir Uilliam an eilit iar sin agus fuaighis a bian go bláthmhar biothdaingion fa Mheliór. Fuaighis Meliór croiceann an charrfhiadha go cuanna caomháluinn uimesiomh as a haithle, ionnas nách aitheónadh aonnduine d'fheabhas a aithne go madh deilbh duine nó bhiadh air ceachtar díobh reimhe. Gabhais trá Meliór ag áinios agus ag urghairdiughadh go faoilidh fíorshuilbhir ar a fírchéile ar ngabháil an aithearraigh sin uime, agus as amhlaidh baoi agá rádh agus do rinne an laoidh ann:
Gur mheala tú an t-earradh soin gion gurbé t'earradh cosmhoil, seól gach mná do mhealladh doit t'fhaicsin it chulaith cosgair.
A Dhé, as truagh an t-atharrach, leis do chlaochlaigh mo chiall-sa, sibh ané a ndeilbh mathghamhan is tú aniugh a ndeilbh fhiadha. Gnáth eugla ar na hanmannaibh, ní hé roimhéud a ccionadh, ag imtheacht réur a n-anmandaibh sinn o ionadh go hionadh. Feadh gach laoi dar láiniarraidh ní fhuil a ccrích sa chruinne lucht seilge nó sáirfhiadhaigh gan a seilg oruinn uile. Ní fhuil ó na bathlachaibh go nuige an dream as uaisle, cuid ele dar n-anachuin gan a mbrath oirn an uair si. Gé táid ar tí éudála do dhénamh oirn go ttrásda, cách ort do budh édána dá mbeitheá it earradh ágha. Lór linne mar leapthachas beith ag luighe ar ar ccroicnibh, gé minic do chleachtamair luighe ar clúimh is ar coilcibh. Gé taoi a n-earradh ainmhidhe tar éis éláidh ón impir, Atáim-si dhá thairrghire go ngéubha tú as inmhe. An t-impir ar mbiodhbhoi-ne as sinn féin dúinn fo deara, tú mo shearc is mh'ionmhoine, an t-earradh sin gur mheala.
As a haithle sin tug an mac tíre biadh agus beatha chuca amhail do-bheireadh do ghnáth, agus iar ccaitheamh an bhídh sin dóibh, ro éirigh an mac tíre ina sheasamh agus ro fhéuch orra agus do chuir a aghaidh don taoibh inar lainn lais dul dóibh. Ó do thuigeadar-somh gurab ag iarraidh orra an t-ionadh sin d'fhágbháil do bhí, ro éirgheadar go hathlamh annséin a leanmhain an mheic thíre agus eisiomh a remhthús reampa ag dénamh eólais agus urrudhais dóibh tré dhiamhraibh agus tré dhroibhéulaibh go rángadar a ccomhfhochraibh do chríochaibh na Siosoile go sonnradhach. Dála an Phroveist iomorro, ó nách bhfuair na mathghamhain sa choilér cloch ar tteacht ó thóraidheacht a mheic dhó, do chuir gairm agus gnáthfhógra ar a thionól agus ar a thóicheasdal an dara lá do-ridhisi do dhul d'iarraidh na bhfiodh agus na bhfásach do na mathghamhnaibh. Tugadh chuca dano a ngadhair ghlóracha ghuithbhinne agus a ccoin chomhluatha chonfadhacha agus a n-aidhme fiadhaigh agus fianchosgair ó sin amach, agus tángadar rompa fon réim sin d'ionnsoighidh na coilleadh ar ghabhadar na mathghamhain an t-atharrach earraidh agus éudaigh umpa, go nár fhágbhadar énchrann dá aidhbhle nó dá fhíorloighead gan iarraidh cco díochra dhóibh, go bhfuaradar croicne na mathghamhan san ionadh ar fhágbhadar-san iad agus fuaradar an fiadhach feannta san ionadh chéudna. Ó't-chonnairc an Proveist na croicne ar n-a bhfhágbháil agus an dá fhiadh fheannta ina bhfarradh, ro aithin gur fhágbhdar reachta na mathghamhan a rabhadar go nuige sin agus go ndeachadar a riocht an fhiadha dá ndíthleith ó do-feas orra na céidreachta a rabhadar. Nír lean taire sin iad óir baoi comhfhuachadh cogaidh ag na ceannadhachaibh fá neasa dhó fris agus nír léig omhan nó imeuccla dhó gabháil treotha nó tarsa muna ngabhadh le líon budh lia ináid, gonadh aire sin nár leanasdair as an mhórchoill amach na mathghamhain, gur imthigh dá dhúnadh agus dá dheughcathraigh bhudh-dhéin. Iomthúsa rígh na Siosoile .i. athair Sir Uilliam, do-bearor os aird seal oile. A ccionn ceithri mbliadhan iar mbreith a mheic don mhac tíre uadha, ro toirrcheadh inghean rígh Gréug leis agus rucc inghean áluinn ildealbhach fá caoimhe
don cheathardhúil; agus as eadh inniseas an staraidhe nách ttáinig dano a n-aonaimsir fria aoinbhean do b'fhearr dealbh agus dénamh inás. Ní fada 'na dhiaidh sin go bhfuair an rígh fén bás, agus baoi an bhainríoghan .i. inghean rígh Gréug, agus a hinghean ag sdiúradh agus ag follamhnughadh a bhflaitheamhnasa aimsir fhada iar sin ó nach raibhe oidhre ele ar aird aca. As ann san aimsir chéudna sin a rug an mac tíre Sir Uilliam leis, rug inghean rígh Poirteugla, .i. an bhean ro chuireasdair cédmhac an rígh a riocht an mheic thíre mar do luaidheamar romhuinn a ttús an sgeóil, gein mhíonáluinn mheic do rígh na Spáinne, ar n-eúg a chéudmhná uadha .i. inghean rígh na Gasguainne. Baoi an mac gá oileamhain agus gá altrom ó aois a naoidheandachta go haois ógláchais .i. an feadh baoi Sir Uilliam a n-éugmhais a inmhe agus a athardha bhudh-dhéin agus a dhearbhráthair-siumh a riocht mheic thíre 'na choimhdeacht dá chaomhna agus dá chomhanacal. Ó tháinig trá aois tochmhairc agus tabhartais don mhac sin, ro chuireasdair teachta go tinneasnach d'iarraidh inghine rígh na Siosoile iar n-éucc a hathar uaithe, agus tug an inghean agus a máthair éura tochmhairc a n-aoineacht ar na teachtaibh sin rígh na Spáinne agus a mheic. Rángadar na teachta ar a n-ais agus ro innseadar don rígh an bhainríoghan agus a hinghean a n-aoineacht do thabhairt éra tochmhairc ar a mhac. Mar do-chualaidh rí na Spáinne a mhac do dhiúltadh fa inghin rígh na Siosoile, ro ghabh fearg agus fíorloinne é agus ro chuir tionól agus tiomsughadh ar a shlóghaibh agus ar a shochraide a n-aoineacht dá ionnsoighidh, go nachar bh'urasa ríomh nó áireamh a shochraide re a n-aidhbhle agus re a n-iomad ar ttionól agus ar ttiomsughadh a n-airm agus a n-eachradh agus a n-aidhmeadh áigh agus iomghona ar cheana. Rángadar rompa fon samhla sin go críochaibh na Siosoile, agus mar as gnáth le sluagh námhad nó neamhcharad ar tteacht a ttír biodhbhadh agus biothfhoghladh sgeimhealta sgiobtha sgiamhluatha do thabhairt fá na tíorthaibh go tinneasnach, ní dheachaidh sin ar dearmad nó ar díchuimhne ó aireachtaibh ogla ainndreannda na hEaspáinne, gur chuireadar na críocha go comhlán fá dhoighir dhonnruadh
dhearglasrach agus fá dhúintibh smáilísle smúrluaithridh agus tugadar úrtha agus airgne agus eudála an tíre go haonláthair leó. Dála na bainríoghna iomorro, ro thionóil sí re a n-aghaidh a ríogha agus a ridireadha, a curadha agus a caithmhíleadha, a diúcadha agus a deughbharúin, a hiarladha agus a hardfhlatha, agus tugadar-séin aghaidh a n-aoineacht ar na Spáinneachaibh do dhíoghail a n-ainndlighidh agus a n-éuccóra forra. Acht cheana fá saothar díomhaoin dóibhsiomh sin, dóigh ro sraoineadh cath go hainiarmhurtach forra go ndorchradar ár féinneadh agus fearóglach isin deabhaidh sin díobh, cco ttugadh d'éigion agus d'anbhforlann ar a n-uaislibh a n-aoineacht teacht asteach a bPailearna .i. cathair inmhe agus oireachais na Siosoile go sonnradhach, ar marbhadh moráin dá maithibh agus dá móruaislibh, ar n-a mbuain dá ttreóir agus dá ttuinithe, go nár fágbhadh dúnadh gan dianlosgadh ná cathair gan combriseadh ná iosdadh gan adhnadh ná ceathra gan combach, gur ghabhadar longphort gacha hairde agus gacha haircheann don chathraigh .i. Pailearna, go nach raibhe do chumhachtaibh gá ccuradhaibh nó d'inmhe gá n-ardmhaithibh acht bárdacht agus buanchosnamh cathrach Pailearna amháin ar mhíleadhaibh agus ar mhórshochraide na Spáinne. Iomthúsa sochraide na Siosoile iomorro, ar ttabhairt áir adhbhalmhóir ar a n-uaislibh agus ar a n-ardmhaithibh, do-chuadar d'éccaoine a n-imneadh agus a n-éuttualuing fris an mbainríoghain. Do labhair an tí do b'uaisle agus do b'onóraighe díobh ar bhéulaibh cháich a ccoitchinne agus as eadh ro ráidh: "A bhainríoghan," ar sé, "ná feargaighthear tusa rinne fan aitheasg chanfam riot anois, óir ní tré fhallsacht nó tré neamhthairiseacht umad atámaoid-ne ag éccaoine riot, acht ar ccruidh agus ar cceathra do bhreith ar aoinshlighe uainn, ar n-ór agus ar n-airgead agus ar n-iolmhaoine d'uireasbhaidh oruinn, ar ndúinte agus ar ndeughcathracha agus ar ccaisdeóill ar n-a ccoimmbriseadh agus easbhuidh ... "... agus an airdríghe do thréigeas-sa airsiomh .i. ríoghacht na Gréige agus na Rómha ma raon." Dála na Spáinneach iomorro, tángottar trí mhíle fear
n-armach n-ionchomhloinn a n-aghaidh sluaigh na Siosoile agus cidh iatt-séin ann, nír léig a n-eugla dhóibh dol tar doirsibh an dúnaidh amach acht teacht ar taidhbhlibh an tuir agus na tréunchathrach agus bheith ag bárdacht a mbaile, óir nír mhaith a séun catha gus an laithe sin. Iomthúsa Sir Uilliam, táinic-séin reimhe tar sráidibh socra síormhóra na siothchathrach go raibhe a ccomhfhogas do doirsibh an dúnaidh, agus ro fhéuch ar thaidhbhlibh na ttor ar gach taobh ina thimchioll go bhfacaidh sluaigh na cathrach a n-aoineacht orra. Ro labhair riú fon réim sin agus as eadh ro ráidh: "Ní maith an cothughadh cathrach nó an dídion dúnaidh dhaoibhsi an t-ionadh iomghona sin a bhfuiltí, agus ní comhartha beódhachta nó buainneirt dhaoibh anmhain ann, agus ná gabhaidh chugaibh, ní do thár nó do tharcuisne oraibh chanuim an comhrádh úd acht feabhas bhur ndeilbhe agus bhur ndénmhasa, agus feabhas bhur n-éididh agus bhur n-iolfhaobhair agus bhur cculaith catha agus cruadhchomhraic ar cheana. Agas nách córa dá bhfuil in bhar n-aghaidh calma do dhéunamh ná daoibh féin, uair dar leam as ceann slóigh nó sochuidhe gach aoinfhear aguibh. Tigidh liomsa tar cathraigh amach anosa," ar sé, "a cceann catha agus comhraic, agus ná gabhadh omhan ná imeugla sibh, óir brisfeatt-sa cath ar a bhfuil in bhar n-aghaidh aniú, dóigh ní tharla mo chomhchalma a cceann chatha chuca ó tángadar don tír si. Agas bíodh meanma agus meisneach ag gach aonnduine agaibhsi, uair as minic fuair curaidh clú gan ghuasacht a ngleó agus a ngnáthiorghuil, agus ná bíodh amharas agaibh go mbrisfeatt-sa cath romhaibh aniú, dá n-antaoí ar mh'innioll agus ar mh'ordughadh." Agas as cuma ro bhaoi gá rádha agus do-rinne an laoidh so síos dá laoidheadh agas dá luathghreasacht:
Éisdigh lé bhar n-agallaimh, a shluagh cródha na cathrach, gus anois ní fhacobhair fear bhur tteasairgne a ttachar.
Ní ag tár nó ag tarcuisne atú oraibh 's ní hiongnadh, acht dóigh as bhur ngasraigh-si go mbéurdaoís buaidh a mbiodhbhadh. Gidh ceann sluaigh nó sochaidhe dar leam gach aoinfhear agaibh, ní maith bhur ccóir cathaighthe re bhfuil aniú in bhur n-aghaidh. Mo theisd ar bhur tteaghlach-sa, teaghlach an ghaisgidh ghéurchruaidh, go mbéuraidh bhur n-eangnamh-sa buaidh ar ghníomhaibh gach éntsluaigh. Bhur rígh 's bhar rodhamhna tiaghaitt uile a cceann chatha, ní thiocfa mo chomchchalma da bhar ttraothadh an tan sa. Córaide mo leanmhain, a dhream ríogha cco ruathar, as minic fuair deughchuraidh áiriomh a ngleó gan ghuasacht. Lé haghaidh na himreasna amach go hathlamh éirghidh, d'uaisliughadh bhur n-imtheachta léum fhuighlibh uile éisdigh. E.
As a haithle sin gabhais iongnadh adhbhalmhór iadsamh agá fhaicsin sin, ó't-chualattar feabhas a bhriathar agus a bhláthchomhráidh, óir nír aithnigheattar a inneall nó a éccosg, gé do aithnigheattar an t-each baoi faoi, agus fá móide a n-iongnadh uime, an t-each nár fhulaing aoinneach ar talmhain do theacht a ccomhghar dhi ó theasda a tighearna féin gus an tráth sin, d'fhaicsin ciúin ceannsaighthe, gá
romhúnadh agus gá roriaghladh do réir a aigeanta agus a inntinne aige; agus tugattar grádh a n-anma a n-aoineacht dhó, óir do smuaineattar go madh costadh um rígh agus um roithighearna dhóibh cosdadh a n-áit iomghona nó iorghoile um fhear a innill agus a éccoisg. Tángottar ina choinne agus ina chomhairrchis don chur sin agus do iadhattar dá gach aird ina uirthimchioll, ceithri chéud curadh coimhfheadhma do mhaithibh slóigh agus sochaidhe na Siosoile. Ro fhuráil Sir Uilliam orra iar sin doirsi na cathrach agus an dúnaidh a ccoimhnéineacht d'osgladh ina urchomhair. Tángottar amach tar múraibh na mórchathrach agus tar doirsibh an deughdhúnaidh iar sin, cco rángadar céide coimhlíonmhara an chatha. Dála na Spáinneach iomorro, tángadar gan innioll gan ordughadh orra ina n-aghaidh, gan fhuireach lé cinniodh comhairle d'aoinneach aca, óir do shaoileattar nách dingéntaoi cothughadh cathláithreach ina n-aghaidh mur bá cleachtadh leó gus an laithe sin. Ní hamhlaidh sin do-rinne Sir Uilliam, acht ro chóirigh a chatha go ndearna léibhinn dlúith doileónta agus mainnir mhearrdha mhórchródha agus dúnchladh niata neartmhar go deughurmaisneach dhíobh agus ro fhuráil forra é féin do leanmhain go lánathlamh in gach ionadh a ttiobhradh a aghaidh san iorghail. As é fá tuairgnidh troda ria sluaghuibh na Spáinneach an uair sin .i. sttíobhard an rígh feisin. Acht cheana ro bhean béim dísgir deughthapaidh don dá chath chródha choimhfhearrdha sin a cceann a chéile mar dhá shliaph arda iomfhoigsi ag maidhm agus ag mórthuitim a bhfántaibh agus a bhfíríslibh a n-aghaidh aroile, gur ghabhadar ag sloighe agus ag sleachtadh, ag oirleach agus ag athchuma, ag ciorrbhadh agus ag commbualadh a chéile. As annsin táinig an bheithir bheódha bhuanláidir agus an dreagan déudla dúrchroidheach .i. Sir Uilliam mac rígh na Siosoile, um chath na Spáinneach go spionntamhail, amhail mathghamhain ar mhire nó tarbh ar threisi nó leómhan ar láidire nó seabhac ar shíorluas, gur chriothnaigh an cath dá choinnsgleó agus gur thraoth an treas dá thuinnsiomh agus gur fhorraigh an iorghail dá fhorrán, go ráinig gus an gcró cadad comhdhaingion catha a mbaoi sttíobhard tighe an rígh sa
tachar, agus gidh eisiomh ann, ní ar iomghabháil Sir Uilliam ro bhaoi acht dá iarraidh idir. Ó rángottar-san a ccomhfhogas dá chéile, tugattar achmhasán ogal ainndreanda dá sleaghaibh seimneacha sithrighne d'aroile go ndearnattar cotanna croinne coimhbeuga agus blodha bearnacha bithréuptha agus aisleagha cearta coimhleónta do na craoiseachaibh. Ar mbriseadh a n-omnadh do na h-airsidhibh, do nochtattar a ccuilg chruaidhe choimhshníthe agus a lanna líomhtha láinghéura, agus do-rónsatt urlaidhe ogal ainiarmhartach agus tolgán tuaichill tréunchalma. As annsin tug an sttíobhard béim bunata bithneartmhar ar amas cinn agus ceandmhullaigh Sir Uilliam do chríochnughadh a chomhloinn fris madh dia ccaomhsadh, gur amais ina cheartmhullach an cathbharr ceathaireochair, gur bhean criothnughadh agus comhbogadh as an caithmhílidh, gur chuir ceó agus coimhtheimheal ar a rosg rinnghéur radharcach ar ccothughadh don chruaidhchinnbheirt ré faobhar na fíorlainne. Friotháilis Sir Uilliam go lánurlamh é agus tógbhais an lámh go lántapaidh d'éis soillsiughadh dá shúilibh ón teimheal tarrasdair forra, agus tugasdair béim neartmhar náimhdidhe a ccomhrac an chathbhairr agus na lúirighe don churaidh go ndearna ball deas díobhraicthi a bhfiadhnaisi a cholla dá cheann. Ní mar do-níd feadhnacha fannshluaigh ar ndíth a ttriath agus a ttighearna do-rónsat muinntir an stíobhaird a ndiaidh a ttighearna, acht cothughadh cathláithreach co hurmaisneach. Táinig dream dhíobh dochum cuirp an churadh agus rugattar leó dá longphort é agus ro inniseadar a ndíth agus a n-easbhadha ó thús co deireadh don rígh agus do na ridiribh a ccéattóir, agus ro an dream oile ag cothughadh re curadhaibh na cathrach go mbeireadh sochaidhe oile orra. Ro hiachtadh agus ro hacaoineadh isin longphort ar ccluinsin an sgeóil .i. bás an stíovaird agus ar marbhadh dá míleadhaibh ima raon ris. Ó't-chualaidh dearbhráthair an stíobhaird bás a bhráthar, ro éirigh co hathlamh agus ro cheangail a chorp ina chneiséideadh comhloinn ...
Go bhfríth libh isin tráth sa sibh go ttrásda gan tréinbhrígh, éirghe lé bhur méud meanman bhar n-eangnamh tar gach éinní.
Ar ttairgsin na hiomagallmha sin do Sir Uilliam agus ar ttabhairt treasa óil do na hógaibh, ro éirigh an bhainríoghan as a háit oireagair óla agus ruccasdair Sir Uilliam lé dochum an ghrianáin lánaoibhinn ina ngnáitheadh féin agus a fear do bheith .i. rí na Siosoile, agus ro fhuráil fair a chathbheirt catha agus comhloinn do chur dá chneas. Do-rinne Sir Uilliam amhlaidh sin agus do-rónadh fliuchcaomhna foilcthe agus fothraicthe dhó do luibhibh séimhe sobholaidh agus do bhláthaibh áille éxsamhla, do chosg a fhiabhrasa agus a easláinte agus d'ardughadh a inntinne agus a aigeanta d'éis a chathaighthi agus a chosgair. Tiormuighis é iar sin d'éudaighibh uaisle onóracha do shíoda agus do shiric agus do shionshnáth agus dá gach cinél éudaigh ar cheana. Ro chuir a éudach fén uime iar sin agus ro shuidh féin agus an ríoghan ar fhuinneóig an ghrianáin a mbíodh rí na Siosoile do bhunadh, agus báttar ag féuchain uatha ar an bhforaois. Ní cian báttar ann go bhfacadar an mac tíre ag teacht as an bhfiodhbhaidh ar a n-aghaidh, agus ó ráinig a ccomhfhogas dóibhsiomh, do-rinne umhla go hurromach dhóibh, agus baoi re hathaidh ar a n-aghaidh amhlaidh sin, agus ro imthigh reimhe fon bhfiodhbhaidh go fíorathlamh as a haithle. Ó't-chonnairc an bhainríoghan sin, ro smuain ar an mac tíre rucc a hénmhac uaithe agus tucc do bharamhail gurab é sin é, óir, dar lé féin, do b'ionann méud agus dath agus déunamh dhóibh. Ro bheadhgasdair a croidhe ina cliabh agus ro léig osna ard acaointeach ós áird. Fiarfaighis Sir Uilliam adhbhar a hosna don bhainríoghain. "Gráin agus eugla agus uathbhás rom-gabh res an mbeathadhach n-éucceannsa n-allta úd," ar sí. "Ní rigi-si a leas eugla nó omhan dot ghabháil reimhe súd," ar sé, "dáigh ní dochum díthe nó díoghbhála do dhéunamh duitsi táinicc don toisg úd, agus as tairisi damhsa an tí táinig ann iná gach aon isin chruinne uaidhe fén
amach. Agas créud adhbhar do ghráine-si nó do ghroidbheadhgaidh re a mhac samhla súd?" ar sé. "Ní léigeann méud mo thoirsi agus mo dhobróin damhsa sin d'innisin duitsi," ar sí, "gidh eadh cheana, inneósad dhuit é .i. mac miadhach móronórach rugas do rígh na Siosoile agus tuccadh Uilliam d'ainm fair, agus baoi amhlaidh go ceann ceithre bliadhan. As í sin uair agus aimsir ina ndearnadh seilg na foraoisi fíoráille si amuigh leis an rígh .i. Cing Ébrús. Do-chuadhas-sa leis dochum na sealga sin agus mo bhantracht agus mo bhandála maille friom agus mo mhac ar a bháire baoisi agus buainleanbaidheachta inar bhfarradh ag tionól agus ag tiomsughadh blátha agus duille an talmhan ina thimchioll, agus cách uile ag cluiche agus ag comhgháir i n-aoinfheacht ime. Nír bh'fhada dhúinn iar sin an tan táinig an faolchú féigh fíorathlamh agus an t-ainmhidhe écceannsa allta dar n-ionnsoighidh, agus rugasdair ar an naoidhein n-áluinn n-iolchrothaigh eidir a ghuilbnibh, agas cuiris ar a fhormna go hathlamh é, agus téid tres na hoireachtaibh aidhbhle adhbhalmhóra agus tres na sreithibh saidhbhre sármhóra slógh go ráinig gan gábhadh gan guasacht cco gabhail mhóradhbhail mhara baoi a leithimeal na críche. Ó ráinic an mac tíre gus an ngabhail mhara sin, léigis a ucht agas a ardbhruinne ar an lear leabhar lánfhairsing agus an macaomh ar a mhuin, agus snáidhis an sáile sriobhghorm sruthanfadhach go sírdhíochra, agus ní feas dúinne a ndíol ó sin gus aniú acht go ccualamar ó aroile dream iar sin gur báitheadh an mac asan muir. Agas mur do-chonnarc-sa an mac tíre úd ó chianaibh, do smuaineas ar mo mhac fén agus tugas do bharamhail gurab é rucc uaim é óir ní fhaca riamh ainmhidhe budh cosmhuile ris iná súd. Agas as uime sin rom-gabh an ghráin adhbhal úd ad-chonnarcais, dóigh ní fhaca a ionnshamhail ó rugadh mo mhac uaim nach géubhadh a maca samhla súd mé, gurab uime do-rónas an dubha agus an dobrón do clos uaim, agus dá madh ortsa do-ghéntaoí an gníomh sin, do bhiadh miosgais agus mórfhuath agad dá gach faolchoin dá bhfaicfeá reud bheathaidh." Ó't-chualaidh Sir Uilliam innisin sgéul na bainríoghna,
tugasdair do bharamhail gurab é féin do rucc an mac tíre leis an uair sin, mar do-chualaidh ón Impir Rómhánach roimhe sin gurab a ccoilltibh na Rómha gan fhios a uaisle nó a athardha d'fhagháil d'aoinneach fuair féin é ameasg buachall agus moghadh na mórchathrach agus mar do innis buachaill bó na Rómha féin don Impir gurab a ccuas croinn chommóir isin bhfiodhbhaidh fuair féin é agus gan d'fhios a chinéil aige acht sin amháin. Acht cheana mar do-chualaidh gur báitheadh an macaomh rucc an mac tíre leis isin muir, léigis an céudsmuaineadh do-rinne tairis gé do bhí fios a eachtra agus a imtheachta féin go hiomlán aige. Agas do ráidh ris an mbainríoghain gur chóra dhi a smuaineadh cionnas do choiseónadh a críoch agus a fearann ar an ainbhfine eachtrann dus-fáinic ina flaitheas iná bheith ag smuaineadh ar an ní nách raibhe do mhaith dhi ann acht méudughadh dubha agus dobróin. A ndála go nuige sin. Dála na Spáinneach iomorro, rángattar rompa dá longphort go himshníomhach athtuirseach ar mbriseadh catha cco foirniata forra, agus ro innsiottar a n-éigion agus a n-anbhforlonn .i go ttáinic énridire óg anaithnidh re slóghaibh na Siosoile dá soighidh as an ccathraigh agus gur mharbh sttíobhard tighe an rígh, "maille re hár ar ccuradh agus ar ccaithmhíleadh ar cheana agus ro shraoin agus ro easairg sinni seachnón céide coimhiomlán an chatha go nuige an t-ionadh sa." Ó't-chualaidh mac rígh na Spáinne an teist agus an tuarasgbháil sin tugadh ar Sir Uilliam ina fhiadhnaisi, gabhais fearg adhbhalmhór é agus ro iarr ar an rígh a léigion fén a cceann slóigh agus sochaidhe a n-aghaidh an ridire anaithnidh sin do fhreasdal deabhtha dhó arna mhárach, agus tucc dá bhréithir fíorlaoich nach ttiocfadh ar ais go bráth cco ttugadh beó nó marbh an ridire sin gus an longphort, agus ro iarr congnamh slóigh agus sochaidhe ar na Spáinneachaibh iar sin. Ro thogh iaromh trí mhíle gaisgeadhach do ghléire
gasraidhe agus do roighnibh ridireadh ar an láthair sin cco mbeidís urlamh ar cionn na maidni muiche arna mhárach, agus fiarfaighis as a haithle caidhe an comhartha bhaoi ar an ridire sin. "Atá comhartha suaitheanta soaithnidh fair seach cách," ar siad, ".i. méud a bhuille agus bailce a bhéime agus athlaimhe a urchar ag cumach céud agus cathbhuidhean, ánradh agus easccarad, agus atá suaitheantas iongantach ele fair bheós .i. sgiath deilgthi dealbháluinn go n-a horlár óir órloisgthi ina fhírmheadhón agus dealbh faolchon aigmhéile urbhadhaighe ar lár an orláir órdha sin, gur lór d'adhbhar adhuatha agus urghráine d'ógh a easccarad a iomcaisi a ttráth troda nó tachair." Rugattar as leath ar leath an adhaigh sin go muichdheughail ... ... ó rángadar na hoireachta aidhbhle adhbhalmhóra aghaidh a n-aghaidh, go nach raibhe acht eadh urchuir eatorra díbh línaibh. Ro sporasdair mac rígh na hEaspáine a sdéud a ccoinne agus a ccomhairrchis Sir Uilliam go dísgir deughthapaidh, iar n-a fhaicsin a n-urthosach a ánradh agus a ógbhaidhe ar n-aithne a shuaitheantais agus a shoinnill, agus tug sáthadh séitreach síorchalma sleighe dá ionnsoighidh. Tógbhais Sir Uilliam a sgiath cuanna ciomhasbhláith ina chomhdháil, gur bhean an tsleagh sheimneach shithfhoda a cceartlár an chaoimhsgéith, gur chothaigh clár coimhtheann cadadrighin an óirsgéith ris an boirbshleigh, cco ndearna blodha beuga buainréuptha don tsleigh. As annsin do thóg Sir Uilliam an lámh láidir láinéuchtach leis an omna aigmhéil iolbhuadhach agus tuccasdair toimhdeudh fearrdha fírneartmhar d'ionnsoighidh an airsidh dhi. Tógbhais an tréinfhear an sgiath ar a sgáth, gur chothaigh an clár cadad coimhrighin d'iarann shéunta sheachtleaghtha baoi ar cceartlár an chaoimhsgéith le ceann na craoisighe. Acht cheana baoi d'fhóirneart láimhe an
laochmhíleadh agus d'fhóirneart an eich ag iomáin an omna, gé do chothaigh an óirsgiath ris an urchar, nír fhéud an t-each ná an t-airsidh a iomfhulang, gur trasgradh agus gur troimleugadh an t-each agus an mílidh ar muin a chéile isin iomaireag, go nár fhéudasdair ceachtar díobh éirghe ón fhuirmheadh airdleugtha sin. Ciodh trácht ó do-chonncadar na Spáinnigh a ttriath agus a ttighearna ar n-a thrasgairt, tuccadar bann díochra deughreatha dá fhóirithin. Ó't-chonncadar iomorro sochraide na Siosoile sin, tugadar énaghaidh a n-aoinfheacht d'fhurtacht agus d'fhóirithin Sir Uilliam, go ttarla an dá chléith choimhtheanna catha sin dá chéile, agus ro ghabhsat ag tuargain agus ag tréunathchuma aroile, gur díobhraiceadh eatorra san uair sin ceatha cruadhe commóra do shleaghaibh sénta sithrighne agus d'omnadhaibh aithghéura aigmhéile agus do chroaiseachaibh ceannghorma craosaidhbhle agus do shlochaibh tulamais an talamh agus do chinél gacha hairm ionchaithmhe ar cheana. Do-chuaidh an dá chath a cceann a chéile don chur sin agus ro nochtadar a lanna líomhtha láinghéura agus a ccuilg chruaidhe choimhréidhe agus ro ghabhadar ag comach agus ag comhthuargain a chéile go cclos a macalla a n-alltaibh agus a n-easaibh agus a n-inbheuraibh, a ccnocaibh agus a ccéidibh agus a ccabhánaibh, a n-íslibh agus a n-ardaibh agus a n-uamhthollaibh talmhan, go ndeachaidh tar ríomh agus tar roáireamh a ttorchair eatorra ceachtar do dhíbh leithibh. Acht cheana ba hanbhforlann adhbhal do shlóghaibh na Siosoile oireachta aidhbhle adhbhalmhóra na hEaspáine ag teacht ina n-aghaidh as an longphort maille ris na trí mhíle curadh comhramhach do bhadar do chéuddaoinibh ag cothughadh na hiorghaile ina n-aghaidh, agus gan do chabhair nó do chomhfhurtacht acasan acht an mhéid báttar an chéuduair. Gidh eadh, ní raibhe acasan d'aidhbhle nó d'iomad orra náchar bh'fhoirtille slógh na Siosoile ná ógbhaidh na hEaspáine, gé do dháileadar a n-aoinfheacht orras as gach aird a rabhadar seachnón a longphuirt. As annsin tug Sir Uilliam sraoineadh agus síoreasdargain ar na sochaidhibh gur chuir i raon madhma agus móirtheichidh na mílidh dá mhóirghleó, gur bh'éigion dóibh mac rígh na hEaspáine d'fhágbháil ina aonar aige. Mar fuair thrá Sir
Uilliam an fhaill mbig sin ar na buaidhnibh, ro ghabh mac an rígh cco roathlamh agus do bhean a arm agus a iolfhaobhar dhe agus tucc do ridire dá mhuinntir dá iomchoimhéud é, agus aithnighis de gan bheith d'fheidhm air isin ccath acht a chaomhna agus a choimhéud amháin. Dála na Spáinneach iomorro, ó'd-chonncadar mac an rígh do ghabháil, tángadar go hathlamh dá fhóirithin cco laochdha láidir lántapaidh agus cco cródha croidheamhail comhdhúthrachtach agus cco héusgaidh athlamh urmaisneach, go nár an aoinneach ro b'ionchathaighthi dhíobh gan teacht gus an ccath acht an rígh cco n-uathadh dia mhaithibh. Ó't-chonnairc Sir Uilliam iomad na ccéud agus na ccathbhuidhean ag iadhadh as gach aird ina uirthimchioll agus gan fíor fear nó comhlonn fo choimhlíon dá dhamhadh dhó, do rad sgiath tar lorg dá laochaibh, gur chuir reimhe go hiomlán iad cco doras an dúnaidh agus na Spáinnigh ó bheug cco mór ina leanmhain. Acht cheana fa saothar gan tarbha an tóraidheacht sin, uair geúr bh'iomdha laoch láiri lánathlamh agus tréinfhear teann toghaidhe agus curaidh calma comhramhach agus triath talchar troimghníomhach dá ttóraidheacht, nír chumhgadar guin nó forgomh do thabhairt ar aoinneach dá shochraide re háithe agus re hiomghlioca na himdheughla do-rinne féin forra go nach bhfuair mílidh dá mhuinntir uain cathaighthe nó comhloinn, tachair nó tromghona tairis, uair as commór nó fhreasdladh agus nó fhritheóladh a easccaraid dá dheis agus dá chlí, dá chúl agus dá aghaidh agus ceachtar dá dhíbh thaobhaibh, go rucc a ríogha agus a ridireadha, a laoich agus a láith ghaile gan fhuiliughadh, gan fhordheargadh ó chéide an chatha go doras an dúnaidh. Rángadar rompa tar dhoirsibh na cathrach don chur sin agus ro dúnait na doirsi dia n-éis. Táinig an bhainríoghan ina ccomhdháil go doirsibh an dúnaidh, agus fíon a leasdraibh lánchumhdaighthe a lámhaibh a bantrachta agus a banndála do chosg íotadh agus airdteasbhaigh na n-ánradh. As annsin tucc Sir Uilliam mac rígh na hEaspáine a n-urláimh na bainríoghna agus ro ráidh ria: "Ag sin duit mac rígh na hEaspáine mar brághaid bhiothtairis agus cco ccead don Choimdhe chumhachtach,
gidh maith an bhráighe sin, do-bhéur-sa bráighe bhus fearr ná í duit sul sguire an cathughadh sa." Gabhais lúthgháire adhbhalmhór an bhainríoghan uime sin agus rucc a bhuidhe ris go mór. Tiaghaid asteach isin ríghthigh iar sin, agus suidhis Sir Uilliam a n-áit rígh agus Meliór ar a ghualainn agus an bhainríoghan a n-ionadh ríoghna agus na maithe ó sin amach ina n-ionadhaibh iomchuibhdhi bhudh-dhéin, agus ro bháttar ag ól agus ag inntlás meanman agus móraigeanta gur bhó subhach somheanmnach na sochaidhe. Ar ttabhairt treasa óil agus aoibhneasa dhóibh amhlaidh sin, ro fhuráil an bhainríoghan ar Sir Uilliam a éudach do chur dá chneas agus fothragadh do dhéunamh dhó do chur a mheirtne agus a mhórsgíthe dhe. Do éirigh Sir Uilliam iar sin agus an bhainríoghan maille fris, agus do-chuadar dochum na háite ina ngnáthaighdís comhnaidhe do dhéunamh. Cuiris Sir Uilliam a earradh catha dá chneas iar sin agus do-rinne an bhainríoghan fliuchcaomhna foilcthi agus fhothraicthi dhó, agus ro thiormaigh le héudaighibh uaisle onóracha é as a haithle. Ro chuireasdair brat áluinn iongantach d'órshnáth éccsamhail uime iar sin agus ro shuidhseat araon ar an bhfuinneóig ar a suidhdís do ghréus. Baoi an bhainríoghan agá fhéuchuin-siomh go friochnamhach fuireachair ar mbuain a earraidh agus a éudaigh dhe, agus fuair finechrotha a athar ann go hiomarcach, agus do bhreathnaigh nár cumadh don cheathardhúil dá dheilbh nó dhá dhéunamh duineata búdh cosmhaile inneall agus éccosg ináid, agus do thuig ina hinntinn gurab é a mac baoi ann. Do thuit ceas bróin agus biothtuirsi agus ag truaighneimhéle, agus ro chaoieasdair frasa díochra déur gur bhó fliuch bláth agus bruinne dhi. As annsin ro labhair Sir Uilliam agus as eadh ro ráidh: "Ní maith an lúthgháir nó an lánshubhachas do-níthí-si, a bhainríoghan, más í sin as lúthgháir do bhunadh duit d'éis buadha do bhreith réud bhuidhnibh, agus ní fheadar-sa cionnas do mheideóchuinn fén do shubhachas nó do shólás acht amhail do-rónas, uair do bhriseas cath riad churadhaibh an céudlá iar marbhadh na míleadh bá honóraighe báttar ina n-aghaidh, agus do bhriseas an dara cath fon ccuma chéudna, agus tuccas an bhráighe as fearr baoi
aca a bhféugmhais a rígh budh-dheisin ar th'urláimh-si a ngioll réur milleadh dot thír do leasughadh riot do-ridhisi, agus nír bh'usa lé Dia sin d'fhagháil duit iná an bhráighe ghill as fearr ná í." "Truagh sin," ar an bhainríoghan, "ní hé sin as adhbhar dubha nó dobróin damhsa acht mé fén ag cuimhniughadh ar Cing Éubhrús rí na críchi-si, m'fhear agus m'fhírchéile, agus ag smuaineadh ar an éunmhac rugas don rígh sin dar b'ainm Uilliam rucc an mac tíre as an bhforaois uaim, agus as eadh fhoillsigheas mh'inntinn agus mh'aigneadh damh, nár cumadh don cheathardhúil dá dheilbh dhaonna budh cosmhuile re'roile ná tusa agus Cing Éubrús, uair ní aitheóndaoís bhur ccoigle seach aroile sibh." "Ní hadhbhur meirbhe nó maothchroidhe duitsi sin, a bhainríoghan," ar sé, "uair ní fhuil ag aonnduine, do mhéud a aoise nó d'fhad a aimsire ar an mbith, acht filleadh baisi a bhfochair a fhaid agus a imchéine bhías a bhféugmhais an tsaoghail, gonadh aire sin nach beiti d'aonnduine ina dhiaidh ar an Dúileamhain oidheadh aonnduine do shean nó d'óg an uair bhús lainn lais. Agas as córa duit th'aire do thabhairt don chogadh agus don choinntinn fil ag ainbhfine éttualaing eachtrann ort ná bheith ag cuimhniughadh ar bhás do mheic nách bhfuighe tú cco bráth, agus gurab mó an dochar dhuit a dhéunamh ná a neimhdhéunamh." Ó't-chualaidh an bhainríghan na briathra sin, fá móide a dubha agus a dobrón é, ó nach dubhairt-siomh gurab é fén a mac, agus nách iarrfadh dearbhadh nó deimhniughadh ele fair. Tuccadar a n-aire don fhoraois iar sin agus do-chonncadar an mac tíre ag teacht ar a n-aghaidh agus do-rinne an umhla do-níodh reimhe dhóibh agus do imthigh fon bhfiodhbhaidh iar sin. Ro ghabh iongnadh adhbhalmhór an bhainríoghan uime sin, óir nír lughaide a hiongnadh uime a mhionca thigeadh ina dochum. "A Dhé do chum neamh agus talamh!" ar sí, "caomhuin agus coimhéid mé féin ar na hairrdheanaibh uathbhásacha atáthar do thaisbéunadh damh go roimhinic, agus as eagail liom cco bhfuil olc nó imshníomh ele a ndán damh trés na hairrdheanaibh rom-tárfás, óir ní fheadar créud bhus
iardraighe dhóibh, acht ro fheadar do réir mh'aithne agus mh'eólais gurab é an mac tíre úd rucc mo mhac uaim, agus ní thuigim créud as ciall dá thadhall nó dá thathaighe chugam bhudh-dheasda." "Gidhbé as ciall dá thaisdeal nó dá thadhall," ar Sir Uilliam, "guidhim fén ar fírDhia forórdha fíreólach do chum neamh agus talamh gan adhbhur a dhénta acht toradh a smuaintighthe, go ccaomhna agus go n-ainci Sé an t-ainmhidhe éccsamhail iongantach úd ticc go minic dar ttaigheuradh agus leis nách urasa bheith cco buan fada 'nar n-éuccmhais." A ndála go nuige sin. Dála na Spáinneach iomorro ro iompódar go himshníomhach athtuirseach ó doirsibh an dúnaidh iar ngabháil an tí ro b'onóraighe dhíobh a n-éugmhais a rígh. Rángadar rompa gus an longphort agus ro aisnéidhseat don rígh a mhac do ghabháil agus ár adhbhalmhór do thabhairt ar a shlóghaibh agus ar a shochraide lé neart aoinridire agus aonghaisgeadhaigh amháin táinig an lá reimhe sin gus an ccathraigh agus nách bhfuaradar focal dá sgéulaibh, a uaisle nó a athardha, a chinél nó a chlannmhaicne. Ó't-chualaidh an rí na sgéula sin, ro ghabh fearg agus fualang adhbhalmhór é, agus baoi ag athaisiughadh na n-ánradh agus ag tubha meatachta friú, agus adubhairt go ccuirfeadh gach aonnduine aca a n-áit a éucca. As annsin ro labhair aroile ridire roárrachta ro badh comhairleach ar an rígh feisin fuarattar ar a ccionn isin longphort. "A rí," ar sé, "ná déun aithbhior iomaithbhior orra idir, óir as urasa a aithne orra nách dearnadar meatacht nó míolaochacht, óir ní bán a ccomhartha ón chath acht as cneadhach créuchtach crosbhuailte a ccuraidh agus as leónta leadartha a láith ghaile agus as trétholl treaghdaighthe a ttréinfhir. Agas gé do bhádar-san iomad féinneadh agus fearóglach a n-áit catha agus comhloinn a n-aghaidh uathaidh agus fíorbheugáin, as minic rug beugán buaidh ar ilmhílibh, mar adeir an seanfhocal go sunnradhach .i. nach lé neart slóigh nó sochaidhe brisdear cath acht maille le cumhachtaibh an
Choimdhe. Tusa iomorro, a rí, ná tabhair achmhasán do na hógaibh cco bhfionntar leat cionnas do shéun catha fén fris an ridir úd do-chluine dá iomrádh." Iar cclos na comhairle sin don rígh, ro ghabh chuige cco maith a fagháil agus do thuig go raibhe an chóir ag an ridire tucc uadha í, agus do ísligh a fhearg agus a fhuasnadh ris na ridiribh um an adhbhar sin. Ro ráidh as a haithle go rachadh fén a cceann catha fris an ridire roárrachta sin agus nách léumhadh a cheann do thógbháil, agus dá ttógbhadh, cco muirfeadh-san é agus cco ccrochfadh d'éis a mharbhtha é agus go ttiobhradh fo ghion gha agus cloidhiomh a raibhe san chathraigh acht a mhac fén amháin. Rugadar as an oidhchi sin leath ar leath. Acht cheana ní hionann do chaithseat í, uair fá subhach somheanmnach sochaidhe na Siosoile agus fá himshníomhach attuirseach na Spáinnigh. Ar ttoidheacht na maidne arna bhárach gus na míleadhaibh, ad-riachtadar as a sgoraibh seachtair a ccoinne agus a ccomhdháil a chéile. As annsin ro chóirigh an rí go roollamh a shlóigh agus a shochraide a n-oirchill na hiorghaile agus do-rinne fiche córughadh ceangailte comhdhúinte dhíobh agus dá mhíle fear n-armach n-ionchomhloinn in gach córughadh aca. Fiche rí rathmhar rodhéudla a ttús na ttréunchóirighthi sin .i. rígh in gach rochórughadh aca d'fhuráil na hiorghaile ar na hánnradhaibh agus do laoidheadh na laochraidhe agus do chothughadh na cathláithreach. Tángadar go láthair an treasa fán toichim sin agus fuaradar dhá chéud do mhaithibh a muinntire marbh isin maighin sin. Gabhais aithreachas adhbhal an rí um a ttug d'achmhasán do na ridiribh roimhe sin ó'd-chonnairc ar marbhadh dá míleadhaibh, agus ro fhuráil ar a mhuinntir a mbreith dia n-adhnacal go hinchleithe ó chéide na cathrach seachtair. As annsin ro éirigh Sir Uilliam re slóghaibh na Siosoile agus ro chóirigh go hathlamh urmaisneach ina n-inioll áigh agus iomghona iad, agus do-rinne deich ccóirighthi cearta cudroma dhíobh agus deich sreatha daingne díothoghlaidhe agus seacht ccéud curadh coimhfheudhma in gach aonchórughadh aca. Ar bhfaicsin iomorro na Spáinneach do shlóghaibh na
Siosoile, ro ghabh gráin agus eugla adhbhalmhór iad ré a n-aidhbhle agus re a n-iomat ag féuchain an uathaidh ríogh agus rodhaoine báttar fén, agus as eadh ro ráidhseat nách rachdaoís a cceann catha acht lé a ccoimhlíon feisin agus go madh lór leó do chathughadh agus do chomhlonn ina n-aghaidh bárdacht a mbaile do dhéunamh dá ndeughfhearaibh ó nach rabhadar líon catha do thabhairt ar fairsinge dhóibh. Ó't-chualaidh Sir Uilliam mímheisneach a mhuinntire, ro ghabh agá ngreasacht agus agá ngéurlaoidheadh do bhriathraibh fóille fíorghlioca, agus as eadh ro ráidh: "Dénaidh calma, a dheughmhuinntir," ar sé, "mar do-rinneabhair go ttrásda, óir as mó rigthí a leas anos a dhéunamh ná ariamh, dóigh as díomhaoin dhaoibh maith dá ndearnabhair go nuige so muna ccathaighthí cco séitreach sárchalma ó sonn amach, agus ní fheadar créud bhur n-iongnadh uman anbhforlonn slóigh nó sochaidhe do theacht anois in bhur n-aghaidh ó nách bhfuarabhair cothrom treasa nó tachair cco ttrásda a ccath dár chuireabhair. Tug an rí a bhriathar rígh," ar sé, "nách ttairisfeadh féin a n-aoinionadh san iorghail acht go mudhaighfeadh misi nó go ndénadh cimidh creapailte cruadhchuibhrighthi díom, agus geallaim-si dhaoibhsi, a dheughmhaithe, ar a shon sin," ar sé, "nách bhfuighe-siomh a dhíon ná a dhídean ar muir nó ar tír oramsa gan a thabhairt ina chimidh chreapailti chuibhrighthi chugaibhsi, nó a cheann nó a chosgar don chur sa, agus tabhraidh-si damhsa 'na eúraic sin congnamh bhur lámh a n-aoineacht ar an láthair si." As annsin tuccadar an dá chléith cheachtardha catha sin aghaidh a n-aoineacht ar aroile, ar seinm a stoc n-adhbhal n-iolghothach agus a ccuisleanna ccomhghlórach catha agus a n-aidhmeadh áigh agus iorghaile ar cheana. Ciodh trá acht do thuiteadar an dá chéudchórughadh do na curadhaibh comhthuitim re chéile isin chathláthair .i. an córughadh a rabhadar dhá mhíle ridire rathmhar roidhéudla do mhuinntir rígh na hEaspáine agus an córughadh a raibhe seacht ccéud curadh comhláidir do shochraide shárchalma na Siosoile, go nach ráinig fear a mbeathaidh do na buidhnibh sin gan tuitim ina ccollaibh comhroinnte comhfhuilighthi agus 'na
n-easrachaibh leónta lánchiorrbhaighthi, gur fágbhadh an fear a n-áit a throigheadh agus a bhfail a ghlúin díobh. Acht atá ní cheana ó't-chonncadar na Siosoilidhe foirneart na bhfíorlaoch ar n-a bhforrach agus cródhacht na ccuradh ar n-a ccumach agus treisi na ttréinfhear ar n-a ttraothadh, agus seacht ccéud curadh do mhaithibh a muinntire do thuitim isin choinnsgleó agus gan acht naoi ccóirighthi dá muinntir ina mbeathaidh agus seacht ccéud in gach córughadh dhíobhsin, ro ghabh omhan agus imeugla adhbhal iad, agus ro shamhlaigheadar teicheadh agus tréuneisiomal dochum an dúnaidh. Ó ro airigh Sir Uilliam an udmhaille sin is na hógaibh, ro ghabh agá ngreasacht go hathlamh urmaisneach agus as eadh ro ráidh: "Ar fhíor bhar ngaile agus bhur ngaisgidh, a ridireadha rathmhara rouaisle, cuimhnighidh na comhloinn chalma churata do cuireadh libh go ttrásda agus ná bíodh sibh a n-anbhrath dhaoibh fén feasda, uair as airdhe troch agus taircheadal tubaisde d'aoinneach fallsacht nó fíormheatacht do thabhairt dá aire ag imdhídean a anma agus a athardha bhúdh-dhéin. Cuimhnighidh fós ar bhur mnáibh agus ar bhur macaibh béurthar a ndaoire agus a ndochraide uaibh, madh foraibh muidhfeas; béurthar bhar n-ór agus bhur n-airgead agus bhur n-iolmhaoine uaibh, ar múradh agus ar mórbhriseadh bhur ccathrach agus bhar ccaistiall, ar marbhadh agus ar mudhughadh bhar rígh agus bhur ridireadh, bhur ccuradh agus bhar ccaithmhíleadh, mar nách bhfuighe sibh bhar n-adhnacal acht coin agus cuanarta agus eathaididhe aeóir do thomhailt bhur seathnach saor sochineóil agus bhur ccolonn ccaomh ccneisgheal. Gonadh aire sin nách beite d'aoinneach agaibh ag iarraidh a laoidhidh nó a láinghreasachta do chosnamh bhur ccathrach agus d'anacal bhur n-anmann ar an ainbhfine n-eachtrann n-éuttrócair filead agá bhur n-inghrim." Agas as cuma ro bhaoi agá rádha agus adubhairt an laoidh:
Fearaidh dhúinn an deabhaidh-si chuirfeas críoch ar ar ccogadh, ós tríthe atá ar ndeaghail-ni ni dínn dleaghar a locadh.
A shluagh gasda gloinnmhear-sa, cuimhnighidh re hucht ágha na catha 's na coinghleaca do cuireadh libh go ttrásda. Laoich neimhneacha neartmhóra ó bhfuiltí a bhfad a ndaoirsi, dhaoibh aniodh as neamhchródha bheith ag iarraidh bhur laoidhidh. Oraibh ní bá hionmhaoite mun bá teann treas bhur ttréinfhear, bhur n-ór is bhur n-iolmhaoine béurthar uaibh uile a n-éineacht. Cuirp chaomha bhur cclannmhaicne, biaidh a bhladh ar bhur mbiodhbhaidh, beid gan onóir adhnaicthi ar n-a n-oirleach a n-iorghoil. A áireamh ní fhéudmaoíd-ne gach a bhfuil orainn d'ansmacht, ní hoircheas ar n-éuccaoine dá ndearnam dhúinn fén fallsacht. An tan sa ní tiocfaidhe tar a dhol daoibh a ndeabhaidh, a shluagh saor na Siosoile, bhar ngleó cco fíochdha fearaidh. Fearaidh.
Acht atá ní cheana, ro ghabh greasacht agus géururlaoidheadh Sir Uilliam greim don ghasraidh sin cco raibhe meanma triath nó tighearna ag gach aoinfhear aca as a haithle, go ttugadar bann díochra deughreatha do thraothadh a n-easccarad an uair sin. As annsin ro ching an cur calma comhdhána cathbhuadhach agus an leómhan lúthmhar léidmheach
lánathlamh agus an bheithir bhithtréun bhodhbhdha bheóchroidheach .i. Sir Uilliam re a churadhaibh ó fuair aontughadh na hiorghaile aca uile. Amhail bheithir ar bheóchroidhe nó leómhan ar lúthmhaireacht nó onchoin ar aigmhéile nó seabhac ar sothapadh nó gríbh ar géurghábhadh, ro ghabh ag sloighe na sluagh agus ag comach na ccuradh agus ag teasgadh na ttréinfhear agus ag oirleach na n-ánradh, gur iompó mílidh meanmnach móraigeantach do mhuinntir rígh na Spáinne fris. Acht cheana fá fearr dhó nach déunadh idir, uair torchair d'áitheas énbhuille re Sir Uilliam. As í sin uair agus aimsir a raibhe an rí ag tomhaitheamh co romhór ar Sir Uilliam agus gá rádha nách smachtamhla do bhiadh faolchú féigh fuireachair ar ceathraibh beuga biothanbhfanna ná do bhiadh-somh fair dá bhfaiceadh aoinfheacht é. Gidh eadh, nír ionnsoigheadh idir é acht ro gheallasdair ionnmhas agus airdtighearnas don tí do choisgfeadh do chách é. Do-chualaidh sin ridire rathmhar roidhéudla do mhuinntir an rígh dar bhó comhainm Maledisiús, agus bá tighearna ar ceithre chéud curadh coimhfheadhma táinig as an Spáinn an lá reimhe sin é. Acht cheana ní raibhe do rígh nó do ridire san Spáinn aoinfhear ro b'aidhbhle clú gaile agus gaisgidh, alladh agus árdnós inás, óir as eadh aderdís cách go coitcheann: dá mbeidís Spáinnigh uile taobh ré hágh nó re hiorghail aonnduine a ccath nó a ccomhrac nó a ccruadhchomhlonn, go madh ar sgáth láimhe an laoich sin budh daingne agus búdh diongmhála dóibh. Táinig-séin fón ccath iar sin 'na shidhe seólta agus 'na dhianruathar díleann agus 'na bhreisimh brátha d'iarraidh Sir Uilliam fon iorghail. Gabhais ag clódh na ccath agus ag sóadh na slógh as a suidhighthibh agus ag ruagadh na ríogh as a rothairisiomh, gur mharbhasdair móirsheisear míleadh do mhaithibh sochraide na Siosoile, go ráinig gus an ionadh a raibhe Sir Uilliam a remhthús na ridireadh, ag comach agus ag cnáimhghearradh na ccath as a cceartmheudhón. Ó rángadar an dá uaithne áigh agus an dá dhos dídin agus an dá chomhla chatha agus an dá inneóin fhorais agus an dá órd urlaidhe sin go hénionadh, tugadar achmhasán doiligh doiongabhála dá ccraoiseachaibh ceannghorma cruaidhrighne
agus dá sleaghaibh slíoptha slinnleathna agus dá n-omnadhaibh áithe aigmhéile dá chéile, go nach raibhe méud n-ordlaigh do na homnadhaibh gan bhriseadh gan bhuanréubadh ó iomfhorrán na n-ánradh. Do nochtadar as a haithle a ccloidhmhi claisleathna curata commóra as a ttruaillibh taisgeadha agus do-rónsat comhrac dána dísgir dásachtach agus iomghuin ághmhar aigmhéil áitheasach, gur shoillseach sofhairgsiona do na sochadhaibh trí ceatha ag éirghe do na curadhaibh .i. cioth cailci dá ccaoimhsgiathaibh agus cith teineadh dá ttréunarmaibh agus cioth fola dá bhfírchneasaibh, go nachar aithin aoinneach dá lucht aitheanta iad seach aroile an oiread báttar na ceatha comóra cudroma sin ag éirghe ós na féinneadhaibh. Sochtaid na sochaidhe iar sodhain agá silleadh gan cur comhraic ag ceachtar aca re'roile. Ciodh trá acht ro caitheadh ris na curadhaibh sin dhá chroidhe chruaidhe ris an cothughadh agus dhá inntinn fhearrdha ris an iomfhorrán agus dhá mheanmain mhóirmhiadhacha ris an móirghléo agus dhá láimh láintréuna ris an laochbhualadh, gur chriothnaigh an talamh tromfhóideach fá throighthibh na ttrénmhíleadh ó thuinnsiomh na ttriath ttoghaidhe ttoghnamhach ag cothughadh cathláithreach re chéile don chur sin. As annsin ro thógaibh Maledisiús an lámh dhéudla dheughthapaidh leis an ccolg bhfírghéur bhfaobharchruaidh agus buailis béim bunata boirbthréun i cceann agus a ccaomhmullach Sir Uilliam, gur sgoilt agus gur sgaoil an cathbharr cuanna coimhrighin ó chéile go ráinig an folt fathmainneach forórdha, gur ghearr feóil agus finnleathar a chinn agus a chaomhmullaigh gus an ccnáimh ccoimhgheal ccaomháluinn, gur dhoirt fuil go hiomarcach fá shúilibh Sir Uilliam. Ó't- chonnairc Sir Uilliam a fhuil ina fhiadhnaisi óna easccaraid, dásachtaighthear uime amhail tarbh ndian ndásachtach dia ttabharthar drochbhualadh, agus tugasdair béim neartmhar náimhdidhe niadhmhisgneach ar amas cinn an chaithmhíleadh, cco ndearna dhá leith chearta chudroma don chathbharr cheithireochair chaoimhdhealbhach agus don chionn a ccoimhnéineacht go muinél an mhíleadh, gur thuit an tréinfhear go talmhain ar ttréigion a anma san ionadh sin.
Ó't-chonncattar na Spáinnigh an tí bá codhnach agus bá cosantach catha forra do thuitim isin treas sin, ro ghabhattar fuasgar agus foluamhain seachnón céide an chatha chugtha, agus as eadh adeirdís d'aitheasg aoinfhir nár dhúil nó déunamh duineata re a mhidheamhain nó ré a mhóirfhéuchain Sir Uilliam, agus dá madh eadh, nach diongnadh trian a ndearna do neart nó do niadhachas lé trí laithibh a ndiaidh aroile, muna ndearna le ceardaibh diamhra draoidheachta nó lé healadhnaibh uathmhara easurlaidheachta mar do-rinneadh roimhe cco roimhinic. Dála Sir Uilliam agus sochraide na Siosoile, ro leanattar na Spáinnigh agus ro bháttar ag cur ... Ó't-chonnairc rí na Spáinne na hára agus na heasbhadha báttar agá ccur ar a churadhaibh, do-rinne ionnsoighidh éusgaidh ainndreannda a n-aghaidh Sir Uilliam go n-a shochraide, ó nár an aonnduine ré a ágh nó ré a iomghuin. Ro ghreis agus ro ghéurathaigh, ro laoidhigh agus ro láinteagaisg a mhaithe agus a mhíleadha, a laoich, agus a láith ghaile um chothughadh cathláithreach a n-aghaidh a fhoghladh agus a easccarad. Ro iompá an rí go roathalamh a n-aghaidh an mhadhma agus an mhórchosgair, agus ro iompóadar a mhuinntir maille fris, agus ro cuireadh caithiorghail chródha chroidheamhail chomhdhúthrachtach agus deabhaidh dhíochra dhífhreugra dhoifhreasdail do cheachtar don dá leith mar nách ccuirfidhe ágh nó iorghail aca gus an uair sin. Bá trógh thrá robás isin chath cheachtardha sin, óir ro b'iomdha laoch léidmheach láimhtheann ar n-a n-oirleach cco hathlamh ann agus tréinfhear teann toghaidhe ar n-a theasgadh agus curaidh calma comhramhach ar n-a chomach agus flaithe fuachdha fírbheódha ar n-a bhfírleadradh. Dála Sir Uilliam iomorro, nír gabhadh ris a ccúil nó a ccearnaidh, a n-ard nó a n-aircheann dá ttug a aghaidh isin iorghail, cco n-imeóchadh an brainén cíocrach confadhach ón cholainn ar a chéile isin chath ina dhiaidh. Iomthúsa rígh na Spáinne, ó't-chonnairc-séin a laoich do leónadh agus a thréin do thraothadh agus a churadha do choimhchiorrbhadh, ro fhágaibh láthair an chatha go coimhdhíochra, agus do bhí a easbhaidh ón aithghleó sin .i. cúig céud curadh calma comhramhach le cois dá chéud do bhraighdibh agus do bhuaineidiribh
do neoch ro b'uaisle agus ro b'onóraighe aca. Dála Sir Uilliam dano, ar ngabháil na mbraighdeadh agus d'aithle ar marbhadh do na míleadhaibh, ro leanasdair-séin an rí go roathlamh ó do bhí ag dol do thoradh eisiomail uadha, agus ro sporasdair Sambrúel .i. a each fén, cco dian deughthapaidh ina dheaghaidh. Ó't-chonnairc an rí Sir Uilliam ar tinneanas ina dhiaigh agus gan dul uadha aige, ro iompó go rourlamh ris, agus gabhais aga agallaimh cco hurmaisneach, agus as eadh ro ráidh: "A churaidh ós curadhaibh agus a thréinfhir ós tréinfhearaibh an talmhan, gabh agam agus gabh m'fhaosamh agus mo chomairce ret ais, agus tabhair maitheamh n-anacail damh, óir ní beucc duit a ndearnais d'ainchridhe friom, óir do mharbhais mh'uile theughlach agus tromshochraide do neoch ro b'infheadhma dhíobh re taobh roighne ar ngiall agus ar ngaotheidireadh, agus díslighim mé fén duit, ó do fhortamhlaighis form idir, agus gach ní dár loiteas, leasóchad go lánurlamh é, agus as fearr d'iardraoighe dhuitsi agus don bhainríoghain sin nás mo bhásughadh." Ó't-chualaidh Sir Uilliam briathra ríoghdha roichéillidhe an rígh ag iarraidh a imdheughla agus a anacail, ro thuig aige fén gur bh'fhearr buaidh a anacail oldás buaidh a bhásaighthi agus gach ní dár loiteasdair do leasughadh. Ro ghabh do láimh go ttiobhradh maitheamh n-anacail dhó. Ó't-chualaidh an rí sin, ro shín a chloidheamh chuige ar a eineach agus ar a fhaosamh. Gabhais Sir Uilliam an cloidhiomh don chur sin agus ro fhuráil fair a airm agus a éideadh a n-aoineacht do chur dhá chneas, agus ro thoirling dá each as a haithle. Tug Sir Uilliam ridire do mhaithibh a mhuinntire dá ionnsoighidh agus tuccasdair an rí dhá chaomhna agus dá choimhéud dhó. Ar nglanadh an áir do na féindidhibh agus ar ttabhairt airm agus éudaigh an fhianlaigh ro marbhadh go haoinionadh, ro iompóadar slóigh na Siosoile dochum a ccathrach go sotlach séitreach somhaiseach agus go cosgrach cródha cathbhuadhach, iar mbreith buadha ar a mbiodhbhadhaibh a ré chatha agus comhloinn. Táinig thrá an bhainríoghan cco mnáibh na ríogh agus na ridireadh, go ccoimhthionól cléire canónta 'na caoimhtheacht maille ré ceólaibh agus re cainticibh
coisreugtha agus le hilcheólaibh ile éugsamhla ar cheana dia n-onórughadh um an ccosgar do chuirseat. Táinig thrá Sir Uilliam a remhthús na sochaidhe mar a bhfacaidh an bhainríoghan a ttús an bhanntrachta, agus tugasdair an rí dia choimhéud agus dia chaomhna dhi, agus ro ráidh ria: "Slán seis foraibh, a bhainríoghan," ar sé, "ag sin críochnughadh do chogaidh agus deireadh do chathaighthi budh-dheasda, agus déna fén th'inmhe agus t'airdtighearnas d'fhollamhnughadh ó sonn amach." Ó't-chualaidh an bhainríoghan na briathra sin agus ó't-chonnairc an tí do-rinne ainchridhe agus anbhforlann fuirre d'fhagháil 'na chimidh chreapailti chuibhrighthi, ro ghabh subhachas agus sobrón adhbhalmhór í agus fillis an dá ghlún ghasda ghlanáille ina fhiadhnaisi, agus ro ghabh agá agollaimh do bhriathraibh miochardha muinnteardha, agus as eadh ro ráidh: "A rígh ós na ríoghaibh ar ríoghacht agus ar roibhéusaibh," ar sí, "a ridire ós na ridiribh ar neart agus ar niadhachas, a churaidh ós na curadhaibh ar chosgar agus ar chruaidhghníomh, a thréinfhir ós tréinfhearaibh thalmhun im chinneadh ar do chéile chomhloinn, ní dearnadh riamh romhat agus ní dingéantar id dhiaigh ionnshamhail t'fheadhma a n-uair áigh nó iorghaile, agus as iongnadh an úir dot iomchur re haidhbhle do ghaile agus do ghaisgidh seach laochaibh agus gaisgeadhachaibh na cruinne go coimhiomlán." Gabhais Sir Uilliam an bhainríoghan ar barr baisi agus tógbhais do thalmhuin í agus ro ráidh ria: "A bhainríoghan," ar sé, "ní cubhaidh ré mnaoi do dhíghnite agus do chumhachta umhla do thabhairt dom leithid-si do ridire, gan ríghe gan rochonách, ar a bhfuil d'fhiachaibh buaidh do bhreith a ccathaibh agus a ccomhlonnaibh, uair ní hionmhaoidhimh ar aoinneach a fheidhm áirithe do dhénamh." "Ní hamhlaidh sin ataoi-si iomorro," ar an bhainríoghan, "acht ad rí rathmhar rochonáigh, uair atá ríghe na críchi-si go comhlán agus gach aoinchríche dá raibhe ag rígh na Siosoile
ar t'ordughadh agus ar t'aonfhocal, uair as tú féin do chaomhain agus do chosain ar a heasccairdibh í." Agas adubhairt Sir Uilliam an laoidh agus ro fhreugair an bhainríoghan dhó:
"Aisgidh uaim dhuit, a ríoghan, uait do síoladh gach saorghnaoi, ag so anos críoch do chogaidh, géur mhór an obair aonlaoich." "Tú an míle ós gach míle, gá bhfuil ríghe fa a chomhair, a churaidh ós gach curaidh, riot as cubhaidh ar ccobhair." "Ní dú rí riom do rádha, a aindear mhálla mhéirgheal, breith bhuadha in gach cliathaigh atá d'fhiachaibh ar fhéindidh." "Ó so amach badh rí thusa, as rí ar nach cuirtí toirmeasg, díot aniodh, ní dál doiligh, do-ghéun oidhir ar mh'oidhreacht." "Atá do loighead mh'inmhe acht a ndioghna mo ghníomha umhla do neach mar misi ní cubhaidh ribh-si, a ríoghan." "Úir an talmhan dot iomchur atá 'na iongnadh leamsa, lé hiomad do ghníomh ngaisgidh a n-am taisdil gach teannta." "Gach a bhfuighinn ar mh'uamhan 's ar bhuadhaibh mo ghníomh ngaisgidh, tar gach aoinneach sa chruinne, do budh leat uile a n-aisgidh."
As a haithle sin do-chuadar don chathraigh ar aoin-rian agus ro suidhigheadh na slóigh agus na sochaidhe ina n-ionadhaibh cuibhdhi comhadhaisi bhudh-dhéin. Suidhis an bhainríoghan a reumhthús reampa agus ro chuir rí na Spáinne ar a gualainn fén agus inghean rígh na Siosoile ar a ghualainn-séin agus ro chuir Sir Uilliam ar an ngualuinn ele dhi agus Meliór ar a ghualainn-séin. Ro dáileadh orra as a haithle a ndeocha blasda bríghmhara agus a mbiadha saora sochaithmhe agus cinél gacha freasdail agus gacha fritheoilti ó sin amach. An tan ba háine dhóibh ag an ól, ro iarr rí na Spáinne mar athchuinghidh ar an mbainríoghain a mhac do léigion do chomhrádh fris agus gan dochar braighdeanais do bheith fair an feadh do bhiadh dá agallaimh. Ro fhuráil an bhainríoghan an mac do thabhairt do láthair. Tugadh an mac ina bhfiadhnaisi iar sin. Ciodh trá acht ó do-chonncadar aghaidh aroile, ro ghabhsat ag dubha agus ag diobhargóid agus ag truaighneimhéle agus ag aithfear iomaithfear for a chéile. "A mheic," ar an rí, "as mór an díth agus an dochar dorala dhúinn .i. marbhadh ar laoch agus ar láth ngaile, ar ccuradh agus ar ccaithmhíleadh ar cheana, d'éis rogha ar ngiall agus ar n-eidireadh a n-aoinfheacht do bhuain dínn." "Nír bh'iongnadh do chomhairle dod laghdughadh", ar an mac, "óir nír dhlightheach dhuit a ndearnais .i. cor a n-aghaidh an tí dár dhlighis umhla agus urraim do thabhairt, dóigh as fada a ainiarmhairt do na hóglachaibh frithbheart do dhéunamh fria a bhflathaibh." "As duitsi do-righneas-sa gach ainndligheadh agus gach éccóir dá ndearnas ag iarraidh mhná dhuit," ar sé, "agus ní has mo los fén, uair as minic do-rinne athair ní do rachadh ina aghaidh ag cosnamh inmhe agus oireachais dá oidhre, agus ó do-rinneas-sa sin go haindlightheach, leigheósad gacha ar loiteas co ttrásda agus beud ó sonn do thoil an tí ro thocráidheas." Ní cian ro bháttar for na hiomráitibh sin go bhfacadar an mac tíre ag teacht chugtha don chathraigh, agus ro imthigh cco hathlamh éusgaidh urmaisneach tré lár na laochraidhe go ráinig a bhfiadhnaisi rígh na Spáinne, agus do-rinne umhla agus urraim co díochra duineata dó, agus lighis agus lánphógais a chosa agus a chaomhthroighthi agus a ráinig dá chorp ar cheana.
Téid a bhfiadhnaisi Sir Uilliam agus na bainríoghna iar sin agus do-rinne umhla go deughoileamhanta dhóibh. Do-rinne umhla do mhac an rígh agus do na maithibh ar cheana. Ro imthigh fén uatha iar sin dochum dorais an dúnaidh dá bhfágbháil. Ó't-chonncadar aos ógbhaidh an dúnaidh agus daosgarshluagh na hardchathrach an mac tíre ag imtheacht, ro éirgheadar éirghe athlamh aoinfhir a haonchomhairle a n-iarmhóracht an mheic thíre le caobaibh criadh agus cloch agus le gach aidhme airm ionchaithmhe ar cheana dia dhíobhracadh. Ó't-chonnairc Sir Uilliam triall marbhtha agus mudhaighthi an mheic thíre, ro éirigh go dian dísgir deughthapaidh dá fhóirithin amhail no bhiadh an chathair ar lasadh umá cheann agus ro fhuagair do ghuth ardmhór fhollusghlan, gidhbé do chaithfeadh aonurchur fris an mhac tíre, nách géubhadh comhaidh sa chruinne ná aisgidh dá hiomarcaighe uadha a n-éccmhais a bháis agus a bhuainéuga. Do coisgeadh do dhíobhracadh an mheic thíre as a haithle, do chuir Sir Uilliam slabhradh fíoráluinn fionndruine fair, agus cuiris dá chodailteach agus dá chaoimhsheómra fén é. Táinig reimhe dochum a áiti oireagair óla iar sin. Dála rígh na Spáinne dano, ó't-chonnairc an t-ainmhidhe écceannsa allta ag déunamh umhla agus urrama dhó, gabhais iongnadh adhbhal é, agus baoi aimsir imchian gan úidh nó aire do thabhairt d'oirfideadh ná d'ealadhain, d'aoibhnios nó d'urghairdiughadh, do chogar rígh nó rodhuine dá raibhe a n-aoinionadh fris, acht a bheith dubhach dobrónach drochmheanmnach. Tugadar cách uile dhá n-úidh é amhlaidh sin agus tucc Sir Uilliam go háirithe, agus do fhiarfaigh dhe créud adhbhar na maoithe meanman agus an tochta tromthuirsi agus an rabharta robhróin a raibhe. "Nó créud fa ttucc an t-ainmhidhe écceannsa allta an barr umhla agus urrama úd duit tar deughfhlathaibh an dúnaidh? Agas as briathar damhsa," ar sé, "nách ttiocfaidh glas nó géibhionn nó docomhal dá bhfuil ort nó ar do mhac nó ar do mhuinntir dhíbh nó go bhfaghar-sa
a fhios ciodh fá ttuc an mac tíre an barr umhla agus urrama úd dhuit seach cách." "Inneósad-sa a bhfuil dá fhios sin agam duitsi agus do chách go coitcheann," ar an rí. "Do bhádhas-sa a n-aontomha ar n-éug mh'athar reimhe so," ar sé. "Tugadar mo chomhairligh oram inghean rígh na Gasgúinne do thabhairt mar bainchéile. Tuccas mar do ráidheadh riom agus baoi agam re hathaidh gur toirrcheadh í agus cco rug gein mhíonáluinn mheic don mhórthuismeadh sin .i. Ailpius a ainmséin. Nír bh'fhada 'na dhiaidh sin go bhfuair an bhainríoghan sin bás. Ro bhádhas-sa a n-aontomha dá éis sin go ttuccadar mo chomhairlidhe orm inghean rígh Poirteagla do thabhairt, agus iar n-a beith bliaghain agam, rug mac agus baoi an mac sin gá oileamhain go haois a mhacántachta. Dála an chéidmheic rug inghean rígh na Gasgúinne damh, ro fhás agus ro fhorbair go nach raibhe is na críochaibh a ccomhfhogas dó damhna rígh nó roithighearna ro b'iomchuibhdhi inás. Ó't-chonnairc inghean rígh Poirteagla an biseach adhbhalmhór sin ag éirghe ar a leasmhac, gabhais iodha aingidheachta agus iomfhormaid í, óir do bhreathnaigh go madh aige nó bhiadh mh'inmhe-si agus m'oidhreacht ar bhéulaibh a meic fén, agus ro smuain cionnas do chuirfeadh ó inmhe agus ó oireachas é. As amhlaidh do-rinne: tucc asteach losa diamhra draoidheachta agus luibhe olca écceineóil dá hionnsoighidh, agus ro chuireasdair breachtradh druadh agus íodhal agus arracht ar na losaibh láinneimhneacha sin ar ndéunamh ola agus úinnemeinti dhíobh, agus ro chomail an ola don mhacaomh an tan fuair faill agus fíoruaigneas fair, go ndearna fhaolchú féigh furachair dhe. Ro ghreis coin agus cuanarta na cathrach fris iar sin, agus ní feas cáit inar ghabh ó sin amach acht gur innis an bhainríoghan aon do laithibh, iar ccur teannta agus éigeandála fuirre, mar fuaras fios a mhillti agus a mhudhaighthi fuirre, gur báitheadh gan amharas é agus nách raibhe feidhm lorgaireachta nó lántóraidheachta agam fair, gidhbé díoghaltas do-ghéunuinn ina dhiaidh. Tugas-sa do bharamhail gurab é táinig annsúd dom ionnsoighidh agus do-rinne
an umhla úd damh, agus do smuaineas arís nár bh'é, mar adubhairt an bhainríoghan friom gur báitheadh é reimhe so, agus agá smuaineadh sin do bhádhas-sa isin tocht adhbhal i rabhas .i. m'inntinn dá innisin damh gurab é mo mhac baoi ann agus an inntinn chéudna dá chur a ccéill damh arís nár bh' é, mar chuimhnighim ar a ndubhairt an bhainríoghan friom. Agas ní fhuil do sgéulaibh an neithe ro fhiarfaighis díom agam acht sin amháin, agus dá mbeith, do inneósainn dhuitsi iad." Gabhais lúthgháir mhór Sir Uilliam um an uiread sin do sgéulaibh an mheic thíre d'fhagháil, agus ro thuig ina aigneadh agus ina inntinn gurab é mac an rígh baoi isin éccosg sin ris an ccéill agus ris an ccaoimhrésún duineata ro dhearbhasdair. Ro labhair Sir Uilliam iar sin fris an rí agus as eadh ro ráidh: "Cuir-si feasa agus teachta cco tinneasnach ar ceann do bhainchéile agus tabhair chugad co hathlamh í go ccuiridh an mac tíre úd ina riocht fén, nó muna ttí, do-bheirim-si dom bréithir ridireachta go ccuirfead-sa chum báis a mac-sa do chéuddaoinibh agus tusa ina dhiaigh agus an dá chéud do mhaithibh do mhuinntire do gabhadh ma raon riot." Do labhair an rí iar sin agus adubhairt: "Ní ar mo chumus-sa atá teachta nó taidhleóra do chur ar a ceann acht ar do chumas fén, uair as agad atú-sa agus a bhfuil i láimh dom theughlach, agus an mhéid bhús áil leat do chur isin toisg sin, seól uait iad agus cuirfead-sa m'aithne féin leó dochum na bainríoghna." Sgríobhais an rí litri fo láinndeachtadh leis na teachtaibh iar sin dochum na bainríoghna d'innisin a imnidh agus a anbhforlainn dhi muna ttíseadh go hathlamh dá fhóirithin. Iomthúsa na tteachtadh rángadar rompa go críochaibh na Spáinne go hairm i raibhe an bhainríoghan, agus iar ttorrachtain, ro fhiarfaigh an ríoghan sgéula dhíobh: cionnas do-chuaidh an toisg agus an turas for a ndeachadar, nó an rugadar buaidh an tíre i ttángadar. "Ní deachas ar toisg nó ar turas riamh remhe as measa
reur sgaradh ná an turas for a ndeachamair," ar siad, "óir ní dheachaidh fear sgaoilti sgéul nó aisdrighthe uradhaill dár fhágaibh an tír si gan mharbhadh nó gan mhórghabháil." "Cia le ndearnadh na héuchta adhbhalmhóra sin?" ar an ríoghan, "nó cia dá ttáinig bhur ttraothadh le hiomad bhur ccéud agus bhur ccathbhuidhean?" "Ní fhacamair-ne do thionól tromshluaigh dar ttraothadh acht aoinridire meanmnach míleata amháin, acht mar dob' áil leis an cCoimdhe cumhachtach coimhéud do dhéunamh don bhainríoghain úd na Siosoile i n-aghaidh ar n-éuccóra agus ar n-aindlighidh-ne, óir nír damhadh fíorflaitheamhnais dhi. Ar losgadh agus ar mbriseadh a cathrach agus a caistiall, ar marbhadh a slóigh agus a sochraide d'urmhór, nír gabhadh uaithi gan foslongphort do shuidhiughadh fá a cathraigh nó gur marbhadh a ndeachaidh as dá slóghaibh go ttáinig aoinridire anaithnidh aon do laithibh dá fóirithin nach feas cá tír nó talamh as a ttáinig, agus do marbhadh stíobhard tighe an rígh agus a dhearbhráthair an céudlá re cois mhóráin d'ar maithibh, agus ro gabhadh do mhac-sa an dara lá, agus ro marbhadh Malediciús, mac an Chonstábla, an treas tréunlaithe, agus ro gabhadh an rí feisin fá dheóigh agus dá chéud do mhaithibh a mhuinntire agus a mhóirtheughlaigh mar aon ris iar ccur áir a shlóigh agus a shochraide ó sin amach." Ó't-chualaidh an ríoghan na ráiti sin, ro chlaochlóidh a dealbh agus a déunamh, agus ro léig faoidhe fada fíorthruagha os aird. Ro fliuchadh ruisg ag ríoghnaibh agus ro buaileadh basa ag bantrachtaibh agus ro síneadh meóir ag maighdeanaibh isin dúnadh dhe sin, go raibhe an chathair go comhlán 'na comhnuall caointi agus comhthoirsi. Ar ndol as na hardghárthaibh sin, ro labhair an tí ro b'uaisle agus ro b'onóraighe do na teachtaibh fris an ríoghain agus as eadh ro ráidh ria: "Atá éigean as aidhbhle ná a ccualabhair in bhar ccionn," ar sé, "óir nír chás ní dá mbiadh ar duine agus dáil fuasgailte aige, agus as deimhin nach bhfaicfir-si t'fhear nó do mhac nó aoinneach do na maithibh do gabhadh ma raon friú go bráth cco ndeachair fén dochum na Siosoile agus go ccuirir mac rígh na Spáinne .i. Ailpius, do chuiris reimhe so i ndeilbh
mheic thíre, ina dheilbh fén do-ridhisi. Táinig las an ridire anaithnidh úd agus atá ar slabhradh fionndruine ina aragal aige d'éis a anacail ar oireachtaibh aidhbhle adhbhalmhóra na hardchathrach, iar ttoidheacht dhó do thabhairt umhla agus urrama eidir na hardmhaithibh dá athair agus iar bpógadh a chos agus a chaomhcholla. Tucc an ridire sin dá bhréithir fíorlaoich i bhfiadhnaisi a bhfuil a bPailearna do phríomhshluaghaibh, muna ndeachair-si go hathlamh dá chor as an deilbh draoidheachta sin, go ccuirfeadh do mhac agus t'fhírchéile maille le a bhfuil i láimh dá laochaibh a n-áit éuga agus oidheadha, agus nach bhfuightheá fén fós go fírinneach do dhíon ar muir nó ar tír fair." Ó't-chualaidh an ríoghan an aithinnisin sgéul sin, tuitis i ttaisibh agus ttáimhnéullaibh gur bh'fhoicsi bás ná beatha dhi. Gidh eadh, tángadar a comhairleacha chuici iar sin agus do dhúisgeadar as a táimhnéullaibh í agus ro ráidhseat ria a meirtean agus a móirsgís do chur dhi, agus gan aoin-ní dá hualach do chur uirrthe acht dol d'fhuasgladh a meic agus a fírchéile agus gan díoghbháil do léigion dóibh um a ndearnadar. Ro éirigh an ríoghan go haidhleasg ainéusgaidh agus do chuir fios ar a raibhe 'na huireasbhaidh dá bantracht agus dá banchuire, dá maithibh agus dá móruaislibh do neoch nách deachaidh lé rígh na Spáinne d'argain na Siosoile dhíobh. Tángadar reampa i cceann aisdir agus imtheachta iar sin. Ciodh trá acht nír fhágaibh uiread buidhne riamh dúnadh rígh nó rofhlatha do b'áille agus do b'éugsamhla ná an bhuidhean bhreaghdha bhiothnaoidhe sin go mbeirtibh áille iongantacha órshnáth agus go n-earradhaibh sénta so-mhaiseacha siric cco n-imdhénamh óir órloisgthi dá n-iomchoimhéud, go lasfadh an t-aeér do taitneamh a ttlacht n-áluinn n-éugsamhail n-ildealbhach agus a mbeart ccuanna ccaoimhdhénmha. Acht cheana ní h-áirimhthir fod a n-aimsire ar an eachtra sin gur ghabhadar cuan agus caladh a ccríochaibh na Siosoile. Ó't-chualaidh Sir Uilliam agus an bhainríoghan a tteacht, tángadar míle céimionn ón ccathraigh dia n-onórughadh, agus ro fhearsat fíorchaoin fáilti go friochnamhail friú agus rugsat leó gus an ccathraigh iad, agus ro suidhigheadh na sochaidhe sármhóra sin leath ar leath ina n-ionadhaibh iomchuibhdhi
bhúdh-dhéin. Ro éirgheadar ronnaireadha le roinn agus dáileamhain le dáil agus flaithi le fiadhughadh agus maithe le móronóir, agus ro ghabhsat ag ól agus ag ionntlás meanman agus móraigeanta as a haithle. As eadh aithriseas an staraidhe Siosoileach nách ttáinig fáidh nó fisidh nó fíreólach, do mhéud a eccna nó a inntleachta, do fhéudfadh tuarasgbháil ar thaisbéin an bhainríoghan do mhaitheas agus do mhórshaidhbhreas an adhaigh sin d'fhaisnéis nó d'innisin go hiomlán. Ciodh trá acht ro foillsigheadh don mhac tíre cco ttáinig a leasmháthair don bhaile .i. inghean rígh Poirteagla, an bhean do chuir eisiomh isan riocht uathmhar urghránna a raibhe; agus ro éirigh a fhionnfadh agus a ardruainneach a n-airde go n-anfadh mionubhall nó móráirne ar uachtar gach aon ruainne dhe; agus tucc crothadh calma curata agus tarruing trén toghnamhach ar an slabhradh seada síordhaingean fors a raibhe, go ndearna dhá leith leónta láinchearta don deughtharruing sin de. Do bhris doras agus deughcumhdach an ghrianáin ina ngnáithigheadh Sir Uilliam suan agus sárchodladh do dhénamh, agus táinig amach go hathlamh iar sin d'ionnsoighidh na pioiláide ríoghdha romhóire a rabhadar na slóigh agus na sochaidhe, agus ro fhéuch ar gach taobh ina thimchioll go bhfacaidh a bhiodhbha agus a bhuannámhaid ar gualuinn a fir agus a fírchéile fén. Táinigsiomh remhe don ruathar roidhéudla sin ar ochtaibh ánradh agus ar formnaibh fearóglach agus ar righthibh ríoghlaoch, go ráinig go hairm a raibhe an ríoghan, agus tucc sidhe sanntach sothapaidh dá soighidh. Cromais an ríoghan a ceann go comhathlamh fan mbord rias an ainmhidhe n-iongantach. Ó't-chonnairc Sir Uilliam sin, ro éirigh cco hathlamh urmaisneach agus iadhais a dhá láimh go lánathlamh um mhuinél an mheic thíre agus um an ccuid fuair gan bhriseadh don tslabhradh. Ó do athuin an mac tíre Sir Uilliam ag anacal na ríoghna fair, ro iompóidh go hathlamh urmaisneach uaithe, géur leasg lais. "Ná déun-sa fearg nó fuasnadh feasda, a chara agus a chompánaigh," ar Sir Uilliam, "uair caithfidhear do chur ad riocht fén cco fírinneach as an deilbh n-uathbhásaigh ndraoidheachta i bhfuile, dóigh ní fhúicfidh an rí nó a mhac nó a bhainchéile nó neach dár gabhadh dá muinntir an
teach ina bhfuilid go bhfóirthear ort ón éuccosg urghránna ina bhfuile, agus ní féudfaidhe do chur as an cruth sin dá marbhthaoi an bhainríoghan ar tús." Ro thláthaigh an t-uraghall sin meanma agus móraigneadh an mheic thíre, agus gabhais ag lúthgháire agus ag lánshubhachas re Sir Uilliam agus ag pógadh a chos agus a chaoimhéudaigh. Ro mhínigh agus ro mhórbhláthaigh Sir Uilliam eisiomh gur chuir caoin a chaithir agus a chaoimhfhionnfaidh re chéile. A ndála go nuige sin. Dála na ríoghna iomorro, ro thógaibh a ceann cco hanbhfann ineirt óir do-chuaidh a haire re héug agus re hoidheadh d'fhagháil ón ainmhidhe iongantach. Gabhais ag dubha agus ag diobhorgóid iar sin a bhfiadhnaisi cháich a ccoitchinne ar aghaidh an mheic thíre, agus do-rinne sléuchtadh dhó agus gabhais a chomhairce agus a chomhfhaosamh don chur sin, agus ro ráidh go ccuirfeadh ina riocht fén do-ridhisi é, gion gur chúitiughadh dhi sin ina ndearna d'éigion agus d'anbhforlann fair. Ro chuir aghaidh ar Sir Uilliam iar sin um a impidhe do bheith lé hiomghabháil aici. Cuiris a haghaidh ar an mbainríoghain agus ar Mheliór agus ar mhaithibh na Siosoile ó sin amach um a n-impidhe a n-aoineacht do chur ar Sir Uilliam um fheirg agus um fhuasnadh an mheic thíre do thraothadh. Ro gheall Sir Uilliam disi nách dingéntaoi díth nó dochar dhi acht cco ccuireadh an mac tíre ina riocht fén. Dála na ríoghna dano, ó fuar a díol geallta um an ní ro iarrasdair d'fhagháil, ro éirigh a ccoinne agus a ccomhdháil an mheic thíre, beiris lé as lár na laochraidhe go hathlamh é dochum ionaidh dheirrid dhiamhair go nach bhfaicdís cách a chruth dá chlaochlódh go ttíosadh ina dheilbh dhílis arís dá rochtuin. Gluaisis an mac tíre go tinneasnach lé don láthair sin dochum an ghrianáin ghlanaoibhinn a mbíodh Sir Uilliam agus an bhainríoghan do bhunadh. Dúnais an ríoghan doras an ghrianáin go hathlamh uirrthe go nach bhfaiceadh neach na healadhna saobha síorchrosda agus na cearda claona comhchoirpthi báttar aici gá n-iomluadh. As amhlaidh do-rinne an ríoghan iar sin fris an mac tíre .i. tugasdair fáinne óir órloisgthi dá hionnsoighidh ar a
raibhe do bhuadhaibh gidhbé bráighe fa mbiadh nach bhféudfadh draoidheacht nó drochealadhna eile urchóid do dhéunamh dhó. Do cheangail sí an fáinne sin fa bhrághaid an mheic thíre agus tugasdair leabhar dá leabhraibh easdroluigheachta dá hionnsoighidh agus gach fearsa dá léughadh san leabhar, théigheadh aithearrach deilbhe agus dénmhasa airsiomh gur léughasdair an fearsa deirionach de, go ttáinig a chruth agus a chaoimhdhéunamh duineata fén fair fá dhéoigh. Cuiris isin dabhaigh fothraicthi ina ngnáthaigheadh Sir Uilliam agus an bhainríoghan a bhfothragadh é as a haithle, bhail i rabhattar luibhe séimhidhe sobhalaidh agus aidhmi athnuaidhthi aoisi, agus glanais agus fothraicis eisdi é go nach raibhe dúil duine ar talmhuin i bhféugmhais Sir Uilliam do b'fhearr inneall agus éuccosg inás. Gabhais náire adhbhal Ailpius iar sin ó't-chonnairc é fén gan earradh gan éudach, agus éccaoinis sin re Brandae .i. ris an ríoghain. "Dá ttigeadh go maith d'aoinneach ar thuinn talmhan bheith lomnocht," ar an ríoghan, "as duitsi no thiocfadh go maith, uair ní shaoilim gur geineadh romhad riamh, gionmothá an ridire anaithnidh dá ngoirthear Sir Uilliam, dealbh duine nó dhearsgnaighfadh fort." Cuiris eidir éudaighibh uaisle onóracha baoi ar uachtar iomdhaidhe agus airdleaptha Sir Uilliam é iar sin go mbeireadh éudach ele fair. "Créud as áil leat do dhénamh anois, a Ailpius?" ar sí. "Ní fhúicfead-sa an t-ionad ina bhfuilim go bhfaghar éudach mo dhiongmhála go ndearntar ridire dhíom iar sin," ar sé. "Cia dob' áil leat doth'oirneadh isin chéim sin?" ar an ríoghan. "An trénfhear as fearr gal agus gaisgeadh, neart agus niadhachas isin chruinne go comhlán, agus as uaisle a bhfolaidheacht agus a bhfírgheinealach," ar sé. "An é sin th'athair fén?" ar Brandae. "Ní hé iomorro acht Sir Uilliam," ar sé, "agus tabhair-si leat é fén agus Meliór agus Florens inghean rígh na Siosoile, agus ná tabhair aoinneach eile leó acht madh iad bhudh-dhéin, go n-oirdnithear a ngrádhaibh ridire mé re siú do-chífeadh cách mé."
Do-rinne Brandae amhlaidh sin óir tucc Sir Uilliam lé agus an dias ban do hordaigheadh dhi. Dála Sir Uilliam dano, ro fhéuch an teach ar gach taobh de dá fhios an bhfaicfeadh an mac tíre ann, agus ó nách bhfacaidh ann é, féuchais uadha isin iomdhaidh, go bhfacaidh an t-aonmhacaomh nuachrothach naoidheanta neamharsaidh fá háille éxsamhla don Ádhamhchloinn isin iomdhaidh, agus ba machtnadh meanman leis a fhaicsin mar nách bhfacaidh a iarraidh .i. an mac tíre. Do ráidh Ailpius ris iar sin: "Dar liom, a Sir Uilliam, a mheic rígh na Siosoile," ar sé, "as neamhuránach oram fén thú ad dhúnadh agus ad dheughchathraigh bhudh-dhéin agus mé um aoidhidh agus um eachtrannach innte, agus ní hé sin do thuilleas-sa uait uair as iomdha ionadh inar fhóireas ort a ccásaibh doirbhe docomhlacha agus a ngáibhthibh aidhbhle iolardha seachnón mara agus móirthíre go ttrásda." Gabhais iongnadh mór Sir Uilliam um an tseilbh cathrach agus chríche do-chualaidh aige dá fhagháil ó Ailpius agus um an iomrádh ngeinealaigh do-chualaidh aige fós. Gidh eadh, ní dhearna aithfhiarfaighe dhe acht do-rinneadh rothnuall corcra comhadhbhal dá chaomhghnúis, agus ro bheudhgasdair a chroidhe ina chliabh re cloisdeacht a ccualaidh. "Dá bhfeasainn-si go madh tusa no bhiadh ann," ar Sir Uilliam, "ní fhuil ó m'anmuin amach maith agam nach diongnainn duit, agus ro ba comaoin dhamh óir tugais-si do chorp agus t'anam dom chionn-sa go roimheinic remhe." Agas do-rónsat an laoidh eatorra ann:
"A fhir do-ní an mhearaithni oram ar tteacht do láthair, fa meinic mé ad dheaghaidh-si dot thabhairt a mbeirn gábhaidh." "Ón éccosg do chleachtamar do bheith ort tar gach aoinneach, tug mh'aigneadh ar mearughadh mar do-chuaidh dhíot do dhraoidheacht."
"A mheic rígh na Siosoile, ó rugais ar do ríghe, géur chóir duit a fhiosraighe, beug t'aire ar do mhac tíre." "Más tusa mo mhac tíre-si ar ngrádh agad ó fhionnmaoid, ar cheannas na críchi-si ní thiobhrainn tusa d'iomlaoid." "Mór dot olc, a óigrí-si, fuaras re ccách dot chaomhna, seachnón mara is móirthíre 's gan agam acht mé um aonar." "Dá ndeachdaoís it' aghaidh-si síol Ádhaimh 's a n-iúl agam, do chaithfinn dot chabhair-si mo chorp ma raon re m'anam." "Déuna dhúinn an dlighi-si sibh it'airdrígh ó tharla, mh'oirdneadh i ccéim ridire, a thriath na ccéimeann ccalma." A fhir.
As a haithle sin tug Sir Uilliam beirt áluinn órshnáth dhó mar do b'iomchubhaidh do mhac rígh nó roithighearna. "Tabhair airm ghaisgidh damh agus gairm ridireachta," ar sé, "óir as fada leam atáim 'na n-éuccmhais, agus ní diongmhála liom a bhfagháil ó neach ele acht uaitsi." Tug Sir Uilliam airm agus éideadh agus iolfhaobhar agus culaith catha agus comhraic dhó iar sin agus ro oirndeasdair a ngrádhaibh ridire é. Acht atá ní cheana, fá buain bróin do chroidhe agus fiabhrasa d'inntinn agus maoithe do mhóirmheanmuin silleadh agus sírdhéuchain fair iar ngabháil earraidh áluinn órshnáth do shomhaisi a earraidh ridireachta ara uachtar sin aneachtair, uair ní táinig samhail a dheilbhe nó a dhénmhasa
ar druim domhain acht Sir Uilliam a aonar, eidir mhéud agus mhíne agus mhórdhachta, eidir dheilbh agus dhénamh agus dheughmhaisi, eidir chéill agus chródhacht agus chosgar, eidir ghliocas agus ghaisgeadh agus ghníomhradh, eidir aoibh agus alladh agus ardnós. Féuchais iar sin ar gach taobh ina thimchioll go bhfacaidh Florens inghean rígh na Siosoile, agus tug searc dhíochra dhífhreugra dhi go nach raibhe énbhall ina chorp nó ina chaomhcholuinn gan a eire fuirmheadha dia hannsa agus dia hionmhaine fair. Téaghaid thrá ar aoinrian gus an ríghtheach a cceann cháich. Ó't-chonncadar-séin mac rígh na hEaspáinne ar n-aithearrach deilbhe agus dénmhasa, ro éirgheadar a n-aoineacht dia onórughadh eidir mhaith agus tsaith, agus an rí fén go n-a mhac a remhthús rompa; agus do thoirbheadar do phógaibh cco miochair muinnteardha é. Suidhis a bhfochair a athar as a haithle. Téid an rígh a cceann sgéul d'innisin dó iar sin agus as eadh ro raidh: "A mheic ionmhuin," ar sé, "gidh mór d'ulc agus d'imneadh fuarais-si le hathaidh a n-éccosg uathmhar anaithnidh, as beug más mó nó más aidhbhle é re a innisin ná a bhfuaramair-ne d'olc agus d'imneadh ó thángamair don tír si, uair torchradar urmhór ar ríogh agus ar ridireadh, ar ttriath agus ar ttréinfhear leis an ridire anaithnidh úd .i. Sir Uilliam, lé cois dhá chéud do thriathaibh agus do thighearnadhaibh um thimchioll-sa agus a ttimchioll mo mheic do gabhadh, go bhfuilmid a nglasaibh agus a ngeimhlibh, fá iadhadh agus fa fhíordhochar, gur aithfior a ndearnsom d'éuchtaibh agus d'aitheasaibh oirn, óir do bhean tuilleamh adhbhal re haisioc dhínn mar do b'ainmhinic linn riamh remhe." "Ní hiongnadh sin, a airdrígh," ar Sir Ailpius, "uair as ainmhinic do-chuaidh deireadh an díomais go maith d'aonnduine riamh romhad, uair ní fhuil don uile pheacadh peacadh as measa iardroighe ná peacadh an díomais, óir as mó do bhí d'fhiachaibh ortsa caomhna agus comhfhurtacht do thabhairt don tír si, dá bhfaghthá éigion nó anbhforlann fuirre, ná díth nó dochar do dhénamh dhi. Agas fós dá mbeith fios sgéul agadsa nó aige fén, as maith fuair an ridire anaithnidh úd an chríoch sa do chosnamh agus feidhm agus fíorchongnamh do thabhairt las an mbainríoghain úd, óir dlighidh gach mac
mínréir a mháthar, dóigh as dual don dúthchas dialladh re'roile gion go mbeith fios a chéile aca, mar adeir an seanfhocal go sonnradhach: treisi an dúthchas ná an oileamhain." Ciodh trá acht ó'd-chualaidh an bhainríoghan na briathra sin dá n-aisnéis go fordhorcha, do ghabh gairdeachas adhbhalmhór í agus nír léig iomad lúthghára dhi urmaisni ar sgéulaibh dearbhtha d'fhiarfaighe dhe mar budh lainn lé. As annsin ro fhuráil Sir Ailpius slabhradh éisdeachta na hardchathrach do chrothadh. Ro éisdeadar cách go taoi tosdanach, agus go céillidh cobhsaidh, agus go haontadhach aoinmheanmnach re a aitheasg agus re a urlabhra iar sin: "Dá mbeith sgéula ag gach aoinneach agaibhsi," ar sé, "mar atá agamsa, nír bhó hiongnadh libh an ridire úd dá ngoirthí an Ridire Anaithnidh do chosnamh na críchi si agus d'imdheaghail a fearuinn, uair as é súd aonmhac rígh na Siosoile rugas fén liom ina naoidhin, uair do bhádhas um mac tíre san bhforaois bhfíoráluinn bhfásaigh si fil re cathraigh aneachtair." Acht atá ní cheana, ro innis imtheachta agus eachtra Sir Uilliam ar aonláthair an uair sin, "ó rugas as an bhforaois é go ttuccas innte arís é," agus do rinne an laoidh ann:
Sgéula dearbhtha liom uile dhaoibh, a shluagh na Siosoile, ar bhar rígh ó rugas uaibh go teacht arís an athuair. Rugas uaibh, ní gan fhochuin iona naoidhin nuachrothuigh, an rí si tarla in bhar ttigh dá anacal ar oidhigh. Ó do-chuaidh sinn tar sáile fá fhiodhbhaidh na hEadáille, do bhí agam i ccuas chroinn díom nó gur bhean an buachaill.
Ar n-a bhreith as an daraigh, an leanbh áluinn éugsamhail, do-clos fon bhfiodhbhaidh uile faoidh mo ghuil 's mo gholghaire. Ocht mbliadhna dhó 'na dheaghaidh gá altrom, gá oileamhain, go rug an t-impir fa dheóigh ón mbuachail é dá aimhdheóin. Do bhí re hathaidh san Róimh ag an impir fá onóir, nó gur élóidh leis iar sin inghean aontomha an impir. Ar n-élódh dhóibh ima le, nír bh'é an caradradh ceilge, nír thréigeas é ar tír nó ar tuinn dá dhídion ar gach doghruinn. Nír sgaras, ris, as é a fhíor, dá bhfuaras d'ulc is d'imshníomh go ttugas é arís ar ais liom do ghabháil a dhúthchais. Sgéula bhar rígh gan teimheal atáid ó thús go deireadh, ní bhiaidh sinn agá séna ag sin daoibh a dheirbhsgéula. Sgéula.
Ót-chualadar na Siosoilidhe an innisin sgéul sin, ro ghabh gairdeachas adhbhalmhór iad, nach bhféudann teanga a thuiriomh nó ughdar a fhoillsiughadh nó aigneadh a innisin trian tuarasgbhála a lúthghára nó a lánshubhachais, uair mar líonas tuile thaidhbhsioch thréunrobharta eochairchiomhsa cuain agus calaidh, as amhlaidh sin ro líon tuile tromghrádha agus méudughadh meanman agus airde aigeanta gach aonnduine aca ar ccluinsin an chomhráidh sin Sir Ailpius, go ro éirgheadar a n-aoineacht dá onórughadh, eidir uasal agus íseal,
eidir choimdhe agus éccoimdhe, eidir thréun agus anbhfann, eidir bhantracht agus banndála, agus as commór no bhídís na Siosoilidhe agus na hEaspáinidhe ag dénamh umhla dhó, óir as eadh inniseas an sdaraidhe nách aidhbhle iongnadh dá bhfacaidh nó dá ccualaidh a leabhraibh oiris agus annálach ná gan aos einirt agus anbhfann d'oidheadh agus d'fhíormhúchadh le méud cumhga na ccuradh agus na ccaithmhíleadh agus cháich a ccoitchinne ag rochtain tar a chéile chuige, go náchar bheug re a n-urmhór d'onóir agus d'oirmhidin a lámha do thadhall a earraidh nó a éudaigh nó silleadh dia súil do thabhairt aonuair fair. As annsin ro thuig an bhainríoghan go ttáinig brígh na haislinge do-chonnairc remhe sin asteach do réir breithi Magiséis .i. an sagart, gur coimhlíonadh a croidhe ina cliabh do lúthgháir agus do lánghairdeachas, go raibhe ar lasadh agus ar lánadhnadh ó airde aigeanta agus ó iomarcadh inntinne. Gabhais lúthgháir adhbhalmhór Sir Uilliam feisin go foluightheach acht nár bh'fhiú leis, gé madh impireacht an uile dhomhain do-ghéubhadh, barr subha nó sobróin d'aithne d'aoinneach fair. As eadh inniseas an staraidhe go raibh uiread lúthghára agus lántsubhachais lé a raibhe san chathraigh go comhlán ar Mheliór 'na haonar, agus tug a bhuidhe re Dia na ndúl an rogha rugasdair, óir ní raibhe ríoghacht nó roi-inmhe san chruinne d'éunríoghacht amháin do bhéuradh do roghain tar an ríoghacht sin a raibhe .i. ríoghacht na Siosoile agus na Calupre agus na Buille bádar a ccoimhcheangal dá chéile, agus do bhí a fhios aici fós go madh lé impireacht na Rómha maille re gach ní eile dá bhfuarasdair. Cidh trá acht ó ráinig lé Sir Ailpius a sgéula d'innisin ó thús go deireadh agus ar ndol bheugáin faille agus fíoruaignis ar ghárthuibh subha agus sobróin cháich a ccoitchinne, rugasdair Sir Uilliam a bhuidhe re Sir Ailpius go hadhbhal a ndearna do mhaith fair go nuige sin agus ro ráidh ris: "Ba comaoin damh fén," ar sé, "maith do dhénamh duit dá mbeith a n-iongnais mo fhlaitheamhnais agam ní ré
mbeith do shúil," agus toirbhiris do phógaibh cco miochair muinnteardha é as a haithle. Ro labhair Sir Ailpius iar sin agus as eadh ro ráidh: "Ní iarrabh-sa inmhe nó oireachas ort, óir as lór liom mo ríghe fén re a follamhnughadh gidhbé tan rigfead. Gidh eadh, atá ní agadsa a bhféugmhais do fhlaitheamhnais re a bhfuil mo shúl agus mo shaoileachtuin." "Do-ghéubhair-si," ar Sir Uilliam, "gach ní dá mbiaidh agamsa acht munab í Meliór th'iarraidh." "Ac idir," ar sé, "ní hí iarroim, acht Florens inghean rígh na Siosoile, do dheirbhshiúr fén." "Do-ghéubhair-si sin," ar Sir Uilliam, "re cois ionnmhais agus airdtighearnais go hiomarcach agus re cois cairdis fria héigiondáil." Acht cheana as í comhairle ar ar cinneadh ag maithibh agus móruaislibh na Siosoile an inghean do thabhairt do Sir Ailpius dá mbeith nach diongnadh a ndearna do leas nó do lánmhaith do Sir Uilliam, d'fheabhas a dheilbhe agus a dhénmhasa agus ar a bheith 'na oidhre ar airdríoghacht na Spáinne. Iomthúsa na mban iomorro báttar 'na mbuimeadhaibh ag Sir Uilliam agus do-rinne an brath agus an buaintréigion fair do bhráthair an rígh mar do ráidheamar romhuinn, ro bháttar-séin isin ccathraigh don chur sin ag éisdeacht re hinnisin sgéul Sir Ailpius. Ar ttairgsin subha agus sobróin cháich i ccoitchinne agus ar cceangal an chleamhnasa eidir Sir Ailpius agus inghean rígh na Siosoile, tángadar-somh as an áit oireagair óla a rabhadar a bhfiadhnaisi Sir Uilliam agus na maithe ar cheana, agus ro innseadar dhó fén agus don bhainríoghain agus do chách i ccoitchinne gur bh'fhíor do Sir Ailpius gach a ndubhairt, agus gurab iad fén do fhóbair an macaomh do chur a n-áit a éuga agus a oidheadha lé a n-inntleacht fén agus ar impidhe an ridire ro ráidhsiom romhuinn, muna mbeith a luas rugadh uatha é. Ro ghabhsat comairce agus comhfhaosamh ag Sir Uilliam agus ag an mbainríoghain iar sin im gabháil aca agus im gan díoghbháil do dhéunamh dhóibh um an ainndligheadh do-rónsat, ó do admhadar a míghníomha agus a míairle. "Óir as amhlaidh do hordaigheadh maith do dhéunamh
a n-aghaidh an uilc," ar siad, "agus ní cúitiughadh do neoch ar a ndéntaoi drochní le hanndaoinibh díoghaltus do dhéunamh ina aghaidh orra, agus dá bhrígh sin atámoid-ni ag iarraidh aitreibhe ortsa a ndiongnom leas agus leabharghníomh ar n-anma a n-éuraic an ainndlighidh do-rónsom." Táinig croidhe Sir Uilliam orra as a haithle ar n-admháil a n-éuccóra agus ar bhfaicsin a ndearnsat do thuirsi agus do thruaighneimhéle ina fhiadhnaisi, agus tug aitreabh agus ionad diamhair dhóibh iar sin a ndearnsat leigheas agus leasughadh a locht an feadh ro bháttar ina mbeathaidh. Acht atá ní cheana, má do bhí barr subha nó sobróin ag na sochaidhibh gan dénamh a ndeaghaidh innisti sgéul Sir Ailpius, do-rónadh an uair sin é ar ccluinsin comhráidh na mban ag dearbhadh a ndubhairt. As annsin ro ráidh Sir Uilliam ris an mbainríoghain teachta agus taidhleóra do chur ar ceann an Impire Rómhánaigh dá thabhairt chuca ar bhanais a inghine agus re haghaidh a pósta frissiomh, agus dá innisin dhó gurab é fén Sir Uilliam mac rígh na Siosoile .i. rí na Siosoile, na Calupre agus na Buille Mara Toirrian gan turbhródh, tug a inghean uadha ar aitheadh agus élódh agus do bhí aige a riocht tachartha agus tuilidhe gus an tráth sin. Tiaghaid na teachta chugtha don chur sin agus adubhradh friú dol fris an teachtaireacht sin agus a rádh re hAlexaindria teacht a ccuma cháich fris an Impire. Dála na tteachtadh thrá, rángadar rompa gus an Róimh agus do-chuadar go cathraigh an Impire, agus ro fochtadh sgéula dhíobh. Ro innseadar-somh a tteacht re hiomchomhrac beatha agus sláinte ó bhainríoghain na Siosile agus ó a rígh dochum an Impir, neoch baoi ar amhsoine agus ar deóraidheacht aigesiomh gan fios a uaisle nó a athardha ag aoinneach, agus dá rádha fris an Impir dol ar bhanais a inghine, agus ro innseadar a sgéula ó thús go deireadh amhail forcaomhnagair. Ar ccluinsin an urdail sin don Impir, nír thuill ina chroidhe ná ina chliabh an barr subha agus sobróin ros-gabh agus tucc a bhuidhe re Dia nach fear ba lugha ná a díol rug a inghean do roghain gé do-rinne fén aithfear uirrthe go hiomarcach, agus fa móide a mheanma agus a mhóirinntinn inghean rígh Ghréug do bheith 'na máthair gá chliamhuin dá mbeith
nach diongmhála a bhfoluidheacht ele é, uair as do chineadh Ghréugach as mó ro ghabh ríoghacht agus roithighearnas an domhain do chineadhaibh na cruinne. Ro innseadar na teachta dó a ndearna Sir Uilliam do ghníomhaibh gaile, d'éuchtaibh agus d'aitheasaibh, ag cosnamh a iatha agus a fhearuinn bhúdh-dhéin re sluaghaibh na Siosoile ar shochraide na Spáinne, agus gach ar mharbh dá maithibh agus dá móruaislibh re cois an rígh agus dá chéud curadh umá mhac do gabhadh ma raon ris. Nír lughaide lúthgháir an Impir na haithsgéula sin, agus tug seóid agus maoine do na teachtaibh a lógh a ttosga agus a tturais. Acht cheana géur mhór lúthgháir agus lántsubhachas cháich i ccoitchinne um na sgéulaibh sin, baoi uiread léo uile ar Alexaindria ina haonar. As annsin do chuir an t-Impir feasa agus teachta do thionól agus do thiomsughadh a mhaithe agus a mhóruaisle ina chomhairrchis do dhol dochum na Siosoile fa fhios a chleamhna agus re haghaidh pósda a inghine, agus do ráidh riú rogha arm agus each agus éideadh do thabhairt leó. Acht cheana as é a fhíor, ní fhéudfadh sean nó seanchaidh nó fáidh nó file trian toichime nó tuarasgbhála an tionóil sin d'fhoillsiughadh nó d'innisin ar iomad a ccuradh agus a ccaithmhíleadh, a ríogh agus a ridireadh, a ndiúcadh, a ndeughbharún, a n-iarladh agus a n-airdphrionnsadh, le hiomad a n-óir agus a n-ionmhais agus a n-iolmhaoineadh agus a n-earradh n-éxsamhail n-iongantach agus a n-arm agus a n-eachradh agus a n-aidhmeadh áigh agus iorghaile ar cheana. Rángadar rompa dochum an chalaidh a rabhattar a longa agus a laoidheanga, a ccuraigh agus a ccaomharthraigh iar n-a ttionól go háit n-aontadhaigh n-aonbhaile, agus do-chuadar intibh ar uair séin agus solaidh. Ro asgnadar go hathlamh as a haithle tar an lear léidmheach lionnuaine agus tar an bhfairrge bhfuachdha bhforránaigh agus tar an ccuan ccainnteach ccomhanfadhach agus tar an áibhéis n-adhbhalmhóir n-ilphiasdaigh, gur ghabhsatt cuan agus caladhphort a ccríochaibh na Siosoile a ccomhfhogas cathrach Pailearna .i. cathair inmhe agus oireachais rígh na Siosoile. Ro léigseat teacht na bainríoghna agus Sir Uilliam d'innisin sgéul dóibh. Acht cheana fá neimhní gach saothar agus gach soláthar dá ndearnadh a ndúnadh rígh nó roithighearna riamh ag
féuchain na bainnsi agus na buanshollomhnach ro hollmhaigheadh lé sochraide na Siosoile ar fhoráileamh Sir Uilliam agus na bainríoghna. Ó rángattar na teachta iomorro lé fios sgéul an Impir dá n-ionnsoighidh, táinig Sir Uilliam go n-a shochraide agus rí na Spáinne go n-a chloinn agus go n-a chomhaonta, agus an bhainríoghan agus Meliór go n-a bantracht, agus coimhthionól na críche eidir epscob agus ab agus airchinneach 'na ccaoimhtheacht trí mhíle céimeann ón ccathraigh, ina ccomhdháil dá n-onórughadh agus dá n-airmhidniughadh. Ó't-chonnairc Meliór a hathair, do-chuaidh ina choinne agus ina chomhdháil agus do thoirbhir do phógaibh go dil díochra déughthairisi é. Do-rinne Sir Uilliam agus an bhainríoghan go n -a bantracht agus go n-a ríoghaibh agus go n-a roithighearnadhaibh agus rí na Spáinne go n-a chloinn mar an ccéudna. Dála Meliór iomorro, do-chuaidh cco hairm a raibhe Alexaindria as a haithle agus do-rinne barr lúthghára reimpe nách dearna fris an Impir ná re haoinneach eile do na huaislibh, agus do innis a himtheachta ó thús cco deireadh dhi ó do fhágaibh an Róimh go nuige sin, agus gach gábhadh agus gach guasacht dá bhfuair fén agus Sir Uilliam seachnón chríoch agus ceannadhach agus gach caomhna agus gach comhanacal dá bhfuaradar ón mac tíre nó go tucc ó imlibh na Rómha gus an ionadh sin iad, agus a ndearna Sir Uilliam do ghníomhaibh gaile agus gaisgidh ag imdheaghail an tíre i ttáinig ar an ainbhfine n-éttrócair n-eachtrann táinig do dhéunamh foghla agus foiréigne fuirre. Agas baoi ag innisin na sgéul sin cco ráinig i ccomhfhogas don chathraigh, agus as cuma ro bhaoi agá rádha agus ad-bheart an laoidh:
Truagh tosach ar n-imtheachta amach ó mhúr na Rómha, sinn do thoradh inntleachta i ndeilbh mathghamhan mórdha. Ar bhfágbháil na cathrach soin acht géur roibheug ar mbuidhean, A bhfuaramor d'anshocair ní fhéudfadh teanga a thuireamh.
Fa fhiodhbhaidh na hEattáille leanait sinn tóir an tíre; na slóigh baoi 'nar ndeaghaidh-ne do bhréug uainne an mac tíre. Laithe dhúinn 'na dheaghaidh-sin 's an fear céudna dar ccoimhéud, ar n-imtheacht ón fheadhuin-sin, sinn 'nar ccodladh san choilér. Cingitt umon ccoilér-sin buidhean dífhreuccra dhéudla, fa cubhaidh an coimhéud-soin do fhóir oirn an cú céudna. Ó dhealbhaibh na mathghamhan go madh lughaide ar n-iarraidh, do chuir sinne ar atharrach fá dheóidh i n-éccosg fhiadhaigh. Ar ttéurnadh ón ghábhadh-sin dob'fhada dúinn dar ndíothladh, don tír si co ttángamair sinn o dhíthreibh go díothraibh. An tír si i ccruth aindlighidh, géur mhór an obair éinfhir, do bhí fa neart ainbhfine nó gur tobhadh í ar éigin. Gníomh oile dar bh'inleanta do dhéunomh don mhac tíre, fuair ar eagla imreasna a chur ina dheilbh fíre. Sgéula an Uilliam échtaigh sin do innis an cú cosluath; go bhfríth linn na sgéula sin ar n-imtheacht do ba rothruagh. Truagh.
Tiaghaitt trá gus an ccathraigh as a haithle agus as amhlaidh fuaradar an chathair ara ccionn agus a conairidhe réidhe rofhairsionga agus a sráidi síorshoillsi ar n-a bhfolach agus ar n-a bhfíorchumhdach do bhláthaibh áille allmhardha agus do luibhibh saora sobholaidh neoch do fhásattar tré thalmhain gus an tráth sin, agus fós do thúis agus do mhirr agus do bhiotomuin agus do chenél gacha deughbholaidh fon domhan fo chosaibh na ríogh agus na ridireadh, na n-uasal agus na n-aireach agus na n-ardmhaithe ar cheana. Báttar bheós na sráidi céudna ós a ccionn ar n-a ttuighe agus ar n-a ttéugar do dhathaibh uaisle iongantacha agus d'éudaighibh áille éxamhla do shíoda, do shiccir agus do shionshnáth agus dá gach uile chenél datha éudaigh ó sin amach, gé madh doineann nó deardan na ceatharairde adhbhalmhóire nó dháilfeadh i n-aoinfheacht dá n-ionnsoighidh, co bhfuighbhitís na flaithe díon agus deughfhosccadh ó na héudaighibh áillibh iongantaibh sin. Bátar dano srotha séimhidhe sliosuaine agus aibhne áille eochairghorma na cathrach ar n-a ccomhstopadh ar léigean a lán d'fhíon sho-mblasda shoóla ina n-ionadhaibh, go sástaoí na sochaidhe dhíobh d'éis a n-aistir re ndul isin dúnadh. Ro sinnit ceóla caide coimbinne agus orgháin iongantacha allmhurdha i ndoirsibh tighe agus teaghdhaiseadh d'urghairdiughadh inntinne agus aigeanta do na huaislibh. Tángattar rompa don dúnadh iar sin agus ar rochtain dhóibh ann, do cuireadh i seómradhaibh saidhbhri seasccara agus i n-iostadhaibh áille oireaghdha iad, dá bhfreastal agus dá bhfriotháileamh cco ttíosadh am fleidhe agus fairg do na flaithibh, ar mbuain a n-éudaigh aisdir agus imtheachta dhíobh agus ar n-erdhíobhadh a n-íotadh agus a mbrotha. Tángattar iar dtain do chaithiomh a bhfleidhe agus a bhféusta gus an ríoghcathraigh. Ro suidigheadh na sochaidhe ina n-áitibh cuibhdhe comhadhaisi do réir a n-uaisle agus a n-onóra agus a n-oirmhitne. Ro dáileadh orra as a haithle a ndeocha garga gabháltacha agus a leanda leasaighthe láinmheascctha agus a mbiadha saora séimhidhe sochaithmhe agus cenél gach aoibhneasa agus gach urghairdighthe ele ó sin amach, gur vo measctha meadharchaoin na slóigh agus na sochaidhe d'aithle tomhaltais na truimfhleidhe. Iomthúsa rígh Gréug aithrisdear sonn sealat oile. Ar
n-imtheacht do Sir Uilliam agus do Mheliór ar aitheadh agus ar élódh re'roile, ro iompóidh ar amas a thíre agus a thalmhan bhudh-dhéin ó nach bhfuair élung orra re múnadh nó re móirtheagasc dá ndearnadh le ríoghmhaithibh na Rómha dá leanmhain nó dá lántóraidheacht. Ar ttorrachtain don impir go n-a ghasraidh dá dhúnadh, as í sin uair agus aimsir i ttánagattar teachta a inghine dá ionnsoighidh .i. bainríoghan na Siosoile, d'éuccaoine a himneadh agus a héuttualaing ris ó rígh na hEaspáinne ria siú táinig Sir Uilliam dá furtacht. As annsin ro fhuráil an t-impir ar a mhac .i. Partonotas, dul ina cheann slóigh agus sochraide do chabhair agus do chongnamh dá dheirbhshiair agus cco ccuirfeadh fén éirghe amach gasraidhe Gréucc co líonmhar léirthionóilti leis. Gabhais Partonotas do láimh an ní sin agus iar ttionól an tíre uile dochum an impire, nír léig don tsochraide sin sgaoileadh ó'roile gur thoghasdair an mhéid do b'ionaistir agus do b'ionshluaghaidh dhíobh do dhul re a mhac d'fhóirithin a inghine, gor thoghastair dhá fhichit míle fear n-armach n-ionchomhloinn do ghléire gasraidhe Gréug agus d'ógbhaidh ághmhara ionnsoightheacha na hAtháine, neoch do fromhadh co roimheinic riamh roimhe i láthair chatha agus chomhloinn. At-bherat aroile co ttáinig Patriarca an tSrotha isin tsochraide sin le Partonotas ar bhfilleadh ón Eadáille mar gach neach oile. Ciodh trá acht nír bh'urasa tuarascbháil na tromshochraide sin d'aisnéis nó d'innisin co hiomlán le hiomat a n-each, a n-arm agus a n-éideadh, le hiomat a ríogh agus a rofhlath agus a ridireadh, le hiomat a ttriath agus a ttighearnadh agus a ttaoiseach, le hiomat a n-ánradh agus a ccuradh agus a ccaithmhíleadh, le hiomat a n-óir agus a n-ionnmhusa agus a n-éudála agus a n-uile mhaitheasa agus mórchonáigh ó sin amach, uair fa hiad sin aonphopal do dhearsgnaigh do phuiplibh ríoghdha rathmhara na cruinne co comhlán, nach lamhadh aoinneach soighidh nó ionnsoighidh orra agus no shoighdís for gach aon, ar aidhbhle agus ar iomat a n-acfaincce slóigh agus sochraide, a n-óir agus a n-airgit agus a n-iolmhaoine agus a n-uile shaidhbhriosa ó sin amach. Ar as iad sliocht Mhurcuir mheic Ioibh mheic Sathuirn dia rabhattar. Gasradh ghníomhoirrdhearc Gréug
as mó agus as mionca ro ghabh ríghe agus flaitheas for san uile dhomhan a los neirt agus niadhachais agus ionnsoigheadh for gach aon. Tángattar thrá an tóicheastal sin d'ionnsoighidh na n-oirear i rabhattar a longa léidmheacha lánchóirighthe agus a n-eathair uamdha allmhardha agus a ccuraigh chuanna chaoimhdhéudla agus a laoidheanga seólta snasda síorluatha ar n-a n-euccar agus ar n-a ndeighlíonadh do ghléire lóin agus leasaighthe, agus do chuadar ina ccobhlach co comhathlamh gur ghabh gach aon aca a fheidhm áirithe agus a obair eardhalta is na harthraighibh. Ro thógbhattar na hanarta áillne aoingheala agus na seólta amlacha ilbhreaca is na crandaibh cruaidhe coilgdhírghe lé súdhadh na síorghaoithe dá soighidh, co rugattar sruithléim sanntach sáirdhíochra siobhalluath ó chaladhaibh réidhe roáille agus ó iathaibh oirearmhíne éxsamhla na hAithne, co rángattar gan bhrón gan bhéud gan bhaoghlughadh co críochaibh saidhbhre síoráille na Siosoile, gur ghabhsat cuan agus caladhphort i ccomhghar do chathraigh Pailerna. As annsin ro chuireastair Partonotas ridire rathmhar roidhéudla dá ridiridhibh roimhe d'innisin sgéul don bhainríoghain, ria siú ro ghabhastair féin acarsóit san oirear, do chur meisnighe isin mbainríoghain, uair ní raibhe a fhios aige cco bhfuair fóirithin amhail fuair. Acht cheana ní hamhlaidh sin baoi idir óir má do bhaoi faill nó fíoruaigneas fuirre riamh, ní hí an uair sin baoi, óir as í sin aimsir in ro críochnoigheadh cogadh Sir Uilliam agus rí na Spáinne re'roile agus a ttáinig an t-Impire Rómhánach líon a thionóil agus a thóicheasdail ar bhanais a inghine agus re haghaidh a pósda, agus mac rígh Gréug don taobh ele gan fhios sgéul a chéile ag ceachtar dhíobh gus an uair sin. Táinig iomorro an ridire Gréugach gus an ccathraigh don chur sin, go ndeachaidh gan fhios gan airiughadh d'aoinneach i bhfiadhnaisi na bainríoghna, agus do-rinne umhla cco deughoileamhanta dhi agus ro ráidh iar sin: "Slán fort, a bhainríoghan na Siosoile," ar sé, "do dhearbhráthair feisin rom-cuir-si id cheann dá innisin duit cco ttáinig fén dhá fhichead míle fear n-armach n-ionchomhloinn do roighnibh curadh agus caithmhíleadh 'na
chaoimhtheacht dot chabhair agus dot chomhfhurtacht dia rigir a leas .i. Pairtinotus mac an impire Ghréugaigh, an tí agá bhfuil cloidheamh na heuccla ós cionn na cruinne go coimhiomlán ar iomchur aige, agus nach bhféudann tréun a thraothadh nó calmacht a chlaoidh nó cosgar a chomach, go bhfuil a neart agus a niadhachas ós cionn na n-uile cco hiomlán." Gabhais gairdeachas adhbhal an bhainríoghan leis na briathruibh sin an ridire, ó't-chualaidh cco ttáinig a bráthair dá fóirithin ar impidhe a hathar, ó do dhearbhasdair go raibhe cion a hathar uirre, agus rug a bhuidhe friú i bhfiadhnaisi an ridire agus na sochaidhe ar cheana, mar tángattar na feadhnacha sin dá fóirithin, acht gé fuair fén furtacht rompa. Ar ccaitheamh a bproinne agus a ttomhaltuis do na hardmhaithibh ar an ordughadh sin, ro éirigh an bhainríoghan don bhord agus tucc Sir Uilliam agus maithe na Siosoile dá soighidh agus rígh na Spáinne go n-a chloinn agus go n-a chomhairleachaibh agus Meliór go ríoghnaibh agus co romhnáibh an tíre ina timchioll, do chinneadh comhairle dús ciodh do-ghéundaoís um dhála na sochraide déigheanaighe sin dus-fáinig, an ccuirfidís toirmeascc orra fa theacht a ttír nó an ttiobhradaoís dochum pósda agus príomhbainnsi an rígh agus na ríoghna iad a ccuma cháich. Ciodh trá acht as í comhairle ar ar chinneadar uile ar impidhe Sir Uilliam, an tsochraide sin mheic an impire do thochuireadh chuctha agus gé madh iad a raibhe 'na n-éuccmhais do ríoghaibh an domhain no dháilfeadh dá n-ionnsoighidh, gan a ttoirmeasg fa theacht do láthair na bainnsi agus an bhuainfhéusda baoi aca. Ar ccríochnughadh na comhairle sin dhóibh leath ar leath, táinig an bhainríoghan go n-a bantracht agus Sir Uilliam go n-a shochraide trí mhíle céimeann ón ccathraigh a ccoinne Pairtinotas. Ó't-chonncadar a chéile ar an chonair, ní héidir a aisnéis nó a innisin méud na lúthghára do-rónsat fria aroile ó mhaith go saith agus ó íseal go huasal. As annsin do-chuaidh an bhainríoghan agus a bráthair ar fód fo leith agus ro innis an bhainríoghan a sgéula fén dhó agus ro innis sgéula agus imtheachta Sir Uilliam ó thús cco deireadh
ó do fhágaibh críocha na Siosoile leis an mac tíre ina naoidhin neamhaosda nó go ttáinig arís dá rochtuin, agus mar do éulóidh inghean an Impire Rómhánaigh adhaigh a pósda frissiomh, agus gach gábhadh agus gach guasacht dá bhfuair ar feadh críoch agus ceannadhach, agus gach fóirithin fuair ón mac tíre go ttáinig tar a ais dochum na Siosoile arís, agus gach a ndearna d'éuchtaibh agus d'áitheasaibh dá hanacal-si agus dá himdheaghail ar ríoghaibh agus ar ridiribh na Spáinne nó gur chlaoidheasdair a ccathaibh agus a ccomhlonnaibh a n-aoineacht iad. Ó't-chualaidh Pairtinotas na sgéula sin .i. gurab é Sir Uilliam rug an bhean far aistrigh ón nGréig ar aitheadh agus ar éulódh leis, ro líonasdair an treas doigh as doimhne théid a ccroidhibh cháich cco coitcheann é .i. doigh doichill agus doigh omhain agus doigh éuda. Táinig trá an treas doigh dhíobh sin dá ionnsoigh-siomh .i. doigh fhuarchruaidh an éuda, go ro chlaochlóidh a chruth agus a chiall agus a chéudfaidh, a dheilbh agus a dhéunamh duineata go nár urmais aonfhocal dá leas do labhra, agus do ráidh ina inntinn agus ina aigneadh cco hinchleith, dá madh ar muir nó ar mórfhairrge do bhéurdaoís na sgéula sin fair re siú táinig i ttír nó sul do fhágaibh cathair na hAithne, go ttiobhradh tuilleadh slóigh agus sochaidhe leis agus cco ndiongnadh bréud slatach sáraighthe agus comhar creach agus céide cuanarta do chríochaibh na Siosoile, agus cco ccuirfeadh fo ghion gha agus cloidheamh gach aon no thairisfeadh fris innte eidir óg agus sean. Agas baoi agá sgrúdain ina mheanmain créud do-ghéunadh, óir baoi a inntinn ina aghaidh fa bheith do láthair pósda nó priomhbainnsi na mná dá ttuccasdair searc agus síorghrádh ar tosach lé haoinfhear ele sa chruinne, agus ní mó do bhreathnaigh cco raibhe tarbha dhó bheith a n-aghaidh lánamhna tucc toil agus tromghrádh d'aroile nó bheith ag iarraidh a n-inntinne d'aithearrach nó d'fhíorchlaochlódh gion cco mbeith col na comhthoirmeasg dhó fris an mnaoi do bheith ag mac a dheirbhsheathar. As amhlaidh do-rinne, ro léig a uile smuaintighthe a n-aoineacht uadha, agus táinig leis an mbainríoghain do dhéunamh onóra agus airmhidne dá mac agus dá bhráthair bhudh-dhéin dochum na cathrach.
Má do bhaoi uireasbhaidh deasaighthe nó deughcóirighthe ar an ccathraigh, do cuireadh uirrthe é an uair sin, go nach bhféudfadh neach dá ttiocfadh nó dá ttáinig ar druim domhain trian maitheasa nó móronóra na hardchathrach d'aisnéis nó d'innisin. Ro stopait na srotha amhail do-rónadh roimhe agus ro folchaid na sráidi lé héudaighibh uaisle onóracha agus lé gach aidhme ar cheana gurab treotha no thaitneadh agus no shíorshoillsigheadh an ghrian ghlanruithneach for an ngasraidh. Tángadar thrá an tromshochraide sin don chathraigh eidir rígh agus rodhuine, agus coimhthionól cléire an bhaile ma raon friú. Do goireadh gairm rígh agus roithighearna do Sir Uilliam an uair sin leó agus tángattar ... tri ina thimchioll dá onórughadh agus dá airmhidniughadh as a haithle. As annsin ro suidhigheadh na sochaidhe ina n-ionadhaibh urdhalta do réir a n-uaisle agus a n-athardha .i. an t-Impire Rómhánach a n-ionadh impire agus Cing Uilliam a n-ionadh rígh agus Pairtinotus a n-ionadh ríoghdhamhna agus cách go coitcheann ó sin amach ina n-ionadhaibh iomchuibhdhe bhudh-dhéin. Acht cheana ní fhacaidh an t-Impir nó Pairtinotus riamh reimhe sin trian maitheasa nó mórchonáigh na hardchathrach sin a ndúnadh rígh nó roithighearna ar talmhain nó ina ndúintibh fén cco foillsightheach, uair ní raibhe ceinél ciúil nó oirfididh nó ealadhan isin uile dhomhan nach raibhe dream éigin isin ccathraigh sin lé gach aoncheard díobh maille re dearsgnughadh gacha freasdail agus gacha fritheóilti ó sin amach, gurab uime sin ad-bheart an staraidhe Siosoileach gurab mo-ghéunar do geineadh a ccolainn agus do bhí sa chathraigh sin ag fagháil gach uile aoibhnis agus urghairdighthe budh maith le meanmain gach aoin don Ádhamhchloinn d'fhagháil, uair ní raibhe tír do thíribh an talmhan ná críoch do chríochaibh na cruinne gan dream dhíobh san dúnadh sin ar ttoidheacht fo theist agus fo thuarasgbháil na bainnsi sin agus an phósda go Pailearna, agus nochar athuin aoinneach aca díoghbháil dá ndearnadh don ríoghacht sin a rabhattar do thaoibh maitheasa nó mórchonáigh. Rugattar as an adhaigh sin leath ar leath go ttáinig lá
go n-a lánshoillsi agus gur éirigh an ghrian ghlanruithneach ina hubhallmheall chrodhearg os dreich an talmhan tromfhóidigh gur shoillsigh cnuic agus céide agus cabháin na cruinne go comhlán. Ro éirgheadar na slóigh agus na sochaidhe iar sin dochum na heucclaisi re haghaidh an phósda. As annsin do-chuaidh Cing Uilliam agus Meliór ar fód fo leith agus ro ráidh an rí fria Meliór: "Tabhair-si maoine agus móirthiodhlacadh d'Alexaindria agus cumhdaigh fear agus fírchéile di bhus iomchubhaidh dhi d'uaisle agus d'fholaidheacht." "Do-ghéun-sa sin," ar an bhainríoghan, "uair atá mac áluinn aontomha ag rígh na Spáinne darab comhainm Pronndanennsi, neach baoi ag iarraidh do dheirbhsheatharsa, agus far milleadh an tír sin agus an talamh a ttám ar n-a fhéimdheadh uimpe, agus umar chuir inghean rígh Poirteagla Ailpius isin riocht adhuathmhar a raibhe d'eugla ríghe do ghabháil ar bhéulaibh a meic fén dó. Tabhair-si Alexaindria do mhnaoi agus do bhainchéile dhó," ar sí, "ó atá do dheirbhshiúr agá bhráthair ele, agus déna fén gach maith dá ricfid a leas orra iar sin." Cuiris Cing Uilliam teachta ar ceann Pronndanesi agus innisis an t-aitheasg dó. Gabhais fáilteachas mór Pronndanesi tres an ccomhrádh sin, óir ní luaithe do-chonnairc sé í iná tug fén grádh dhi nách éidir d'aisnéis nó d'innisin, agus gabhais do láimh go ndiongnadh an tochmharc sin, óir do bhí a fhios aige go bhfuigheadh ionnmhas agus airdtiodhlacadh do láthair dá mbeith nach biadh a ghrádh nó a ghéurionmhaine uirre. As annsin rángattar rompa dochum na heucclaisi, agus rug rí na Spáinne Meliór inghean an Impire ar láimh leis dochum a pósda, agus rug an t-Impire Florens inghean rígh na Siosoile leis ar an ccor ccéudna, agus rug Pairtinotus Alexaindria leis ón modh ccéudna. Ro pósadh thrá an seisear soidhealbhach saoircheinélach sin re'roile le heapscobaibh agus le hardghrádhaibh na críche go n-a ccléir agus go n-a ccoimhthionól maille re hoifreannaibh iomdha agus re hoific iomchubhaidh na heuglaisi. Tángattar ar amas an dúnaidh iar sin do chaitheamh a bhfleidhe agus a bhfuirig, agus ar ttabhairt treasa óil agus aoibhneasa
amhlaidh sin dhóibh, tángattar ar fairsinge na faithchi do chluithe graifne agus giúsdála. Théigheadh gach mac rígh agus rofhlatha agus gach ridire rathmhar roaobhdha dhíobh do dhearbhadh a ghaile agus a ghaisgidh agus do chinneadh ar a chéile is na cluithibh graifne agus giúsdála sin. Acht cheana gach aon aca do bheireadh buaidh ar a chéile is na cluithibh sin, do-gheibheadh tuillmhi agus tuarasdal d'ór agus d'ionnmhas a lóighidheacht a luaighille agus a lántsaothair ó ríoghaibh agus ó rodhaoinibh an dúnaidh. Báttar go ceann cóicthidhisi ar an ccórughadh sin fo ghléire freasdail agus fritheóilti, gurab í an adhaigh dhéigheanach dhíobh sin as fearr fuaradar. Ar ccaitheamh na haimsire sin do na hardmhaithibh, gabhais Pairtinotus lámh ar imtheacht d'ionnsoighidh a iatha agus a fhearuinn ó's uadha do b'fhaide a thír agus a thalamh bhudh-dhéin. Fágbhais iomchomharc beatha agus sláinte ag na flathaibh iar sodhuin agus ag Cing Uilliam agus ag an mbainríoghain agus ag na huaislibh ó sin amach, agus ro sgarsat fo shíth agus fo chaoinchomhrac don chur sin air ngealladh dhó go ttiocfadh do chobhair agus do chongnamh dia bhráthair bhudh-dhéin dia ríseadh a leas. Tiaghaid ina n-arthraighibh as a haithle agus ro chomhlaisiod rompa gur ghabhsat cuan agus caladhphort a n-oirearaibh áille eochairbhláithe na hAithne. A n-iomthúsa go nuige sin. Iomthúsa an Impire Rómhánaigh, ro bhaoi-siomh seachtmhuin i bPailearna d'éis Pairtinotus d'imtheacht, ag comhairliughadh agus ag coimhdhíodhnadh a chleamhna agus ag múnadh agus ag móirtheugasg Meliór a modhaibh agus a mbésaibh bainríoghna isin seachtmhadh saorlaithe re siobhal dhó, agus as eadh ro ráidh fria: "Congaimh-si cuing do phósda agus do phrímhcheangail cco honórach," ar sé, "óir ní hap nó eapscop nó pápa nó príomhchairdionál do thionnsgain ó thosach a dhéunamh acht Dia na ndúl agus an Tríonóid toghaidhe threphearsannach do theacht do nimh d'ionnsoighidh Ádhaimh agus Éubha dá bpósadh i bParthos, gonadh aire sin dhlighid fine Ádhaimh a onórughadh dá n-éis. Tabhair modh agus móronóir don bhainríoghaim mar do mháthair agus ná tabhair táinsiomh nó tarcaisne fuirre mar do-bheirid na mná eile ar mháithreachaibh a bhfear. Ná cuir anghnáthughadh nó ansmacht ar do thír nó ar do thalamh nár chuir ríoghan romhad. Ná
connaimh ór ná airgead a ccisde nó a ccoimhtheagar acht a thabhairt do dhaoinibh daidhbhri drochsholáthair, agus a ttuarasdal do bhantracht agus do bhannáil, do ridiribh agus do roghaisgeadhachaibh na críche, go madh móide do shearc agus t'ionmhaine aca, óir do-níd na tiodhlaicthi troma cara don námhaid agus don easccaraid. Tabhair almsana iomdha do bhochtaibh agus d'aidhilgneachaibh an Choimdhi agus don aos éccruaidh anárrachtach do ráith t'anma, uair amhail bháithios agus bhiothmhúchas an t-uisge an teine, is mar soin bháitheas an bhiothalmsa peacadh an phopail. Agas dá ndearnair-si amhlaidh sin," ar sé, "rod-fia conách na cruinne agus flaitheas Dé fá dheireadh." Gonadh ann as-bheart an laoidh:
Fágbhaim agad d'aithne uaim, a Mheiliór go mórbhuaidh, ar aithne Rígh nimhe anall, cuing do phósda do chomhall. Do mháthair Cing Uilliam fhéil mar budh í do mháthair féin, ar feadh caithmhe agus comhóil tabhair modh is móronóir. Ná cuir ar do thír go mbáidh, dá mbeithdís ort dá fhuráil, ainchion do bhéuradh a bhfad nachar chuir ríoghan romhad. Ó gach aon ricfeas a leas ná taisgthear leat do mhaitheas, na bronnta mar dhearbhuim dhuit do-ní caraid don námhaid. Tabhair almsa go hiomdha dá gach bocht gé madh biodhbha, óir as í an almsa gan ail bháitheas peacadh gach popail.
Bíodh agad coidhchi ar cuimhne, ag sin críoch mo chomhairle, ná léigthear leat feasda ar faill an aithne agad fhágbhaim. F.
A haithle na mbriathar sin gabhais an t-Impir lámh ar imtheacht, agus do-chuaidh Cing Uilliam go n-a shluagh dia iodhnacal agus rí na Spáinne go n-a chloinn agus Meliór go n-a bantracht agus na maithe ar cheana, go rabhattar lá go n-oidhchi ar an iodhlacadh sin maille ris an Impir. Ro sgarattar ris iar sin agus do-chuaidh an t-Impire d'ionnsoighidh na Rómha ar bhfágbháil iomchomhairc beatha agus sláinte ag Cing Uilliam agus ag cách go coitcheann. Ro iompó Cing Uilliam go n-a ríoghaibh agus go n-a romhnáibh go Pailearna iar sin, agus iar ccaitheamh laoi go n-oidhchi do na hardmhaithibh d'éis an Impir d'imtheacht, iarrais rí na Spáinne cead um dhul dá thír fén amhail chách, agus adubhairt cco leigheósadh gach ar loit dá gach uile mhaitheas isin chruinne dá madh é budh áil uadha. "Ní iarrabh-sa leasughadh ort ar son neithe ar bith dá ndearnais," ar Cing Uilliam, "acht do chongnamh agus do chomhfhurtacht fria gach éigean, óir ní maoine nó maitheas eile tug do mhac-sa ar mo shon-sa acht a chorp agus a anam a n-aoineacht, agus as mar sin do-ghéun-sa frissiomh dá raibhe a fheidhm fair, agus dá gach aonnduine agaibhsi 'na onóir." Ro imthigh rí na Spáinne go n-a chloinn agus go n-a mhnáibh agus gach ar gabhadh dá bhraighdibh agus dá eidiribh san iorghail ma raon riú gan fhuasgladh gan íocaidheacht d'iarraidh a haonnduine aca, go rángattar dá ccríochaibh agus dá bhfearann feisin. Acht atá ní cheana, fá sgaradh con re coilénaibh agus eillti re haonlaogh agus mná re céile carthanach an sgaradh sin Cing Uilliam agus Sir Ailpius re'roile, óir nír shaoilseat lucht a bhfaicsiona nó a bhfíorchaidribh go sgarfadaoís coidhchi re'roile. Nír bh'fhada 'na dhiaidh sin cco ttáinig anbhfainne agus eneirte adhbhal do rígh na Spáinne feisin go nár fhéudasdair riaghail ríoghachta do sdiúradh ná d'fhollamhnughadh, cco ttug a ríghe dá thoil fén dá mhac .i. Sir Ailpius, agus ríoghdhamhnacht
na críche don dara mac .i. Pronndanesi. Baoi Cing Ailpius ar an ordughadh sin re hathaidh fhada a ríghe na Spáinne gan fhoghail gan inghreim ó aoinneach don uile fair agus gan acht ríghe aontuaithe gá athair amhail do thogh fén dia fhulang agus dia fhíorbheathughadh. Dála Cing Uilliam iomorro, ar ngabháil ceannais críche na Calupre agus braighdeadh na Buille agus ríoghacht na Siosoile go sunnradhach, ro ghabhasdair gá téachtadh agus gá táithleasughadh agus ag daingniughadh a múr agus a mórchathrach agus ag nuaghlanadh a n-iosdadh agus as n-adhbhadh airdríogh, ag tógbháil a ttighe agus a tteughaise do neoch ro múradh lé rígh na Spáinne dhíobh feacht eile, go nár fhágaibh dún gan deughcórughadh nó iosdadh gan athnuadhadh nó cathair gan comhdhaingniughadh, gur chuir a ndúthchasaigh dísle agus a n-aitreabhaigh iomchuibhdhi ar a n-áitibh urdhalta agus ar a bhfearannaibh fineachais agus ina ccathrachaibh comhnaidhe seachnón a chríoch agus a cheannadhach, uair gach neach dár imthigh nó dár élóidh as na hiathaibh sin le hansmacht nó le hanfhlaitheas, tángattar ar ais an uair sin fo theist agus fo thuarasgbháil a ttighearna bunaidh bhudh-dhéin, go rabhattar cco haoibhinn ardchonáigh fa cheann aimsire aithghiorra lé a bhfuarattar do mhaith agus do mhóirthiodhlacadh ó a ttighearna go nach raibhe ní dá n-uireasbhaidh, uair nír milleadh aontallann d'ór nó d'áirgead fá aonnduine aca nár chuir Cing Uilliam a coibhéis agus a cudroma ar aon láthair ina hionad, go nach raibhe a ttrí rannaibh ríoghdha romhóra na cruinne go comhlán iath nó innsi nó oilén dob' aidhbhle maitheas agus móorchonách ná an tSiosoile, óir do caitheadh seóid agus maoine na bainríoghna agus oidhreacht óir agus ionnmhais athar agus seanathar rígh na Siosoile re leasughadh gach ar loiteadh san tír, agus a haos treaphtha maille lé cumhachtaibh na ccríoch agus na cceannadhach ele ag cor leó ar euccla Cing Uilliam, go ndearna tobar téchta tilti agus aonchaor chairdeamhail charthanach agus léibhionn díochra dearmhair do na críochaibh re a chomharba. Dála Meliór iomorro, ro ghabhasdair comhairle a hathar, óir ní taisgidh nó teugar do-níodh ar mhaoinibh nó ar mhaitheasaibh acht a bhfodhail agus a bhfíorsgaoileadh a ttrí
rannaibh .i. an céudrann do bhochtaibh agus do dheibhlénaibh Dé, d'euglasaibh agus d'annóidibh na críche go coimhiomlán, agus an dara trian do bhantrachtaibh agus do bhandálaibh an tíre ina timchioll agus a ttuarasdal amhas agus óglách, ríogh agus ridireadh a ccomaoin cosanta na críche, óir ní lughaide no thoirbhreadh tuarasdal do na triathaibh agus do na tréunridiribh Cing Uilliam do thabhairt tiodhlaicthi agus tuarasdail dhóibh; an treas roinn trá do chumhdach agus do chothughadh tighe aoidheadh do na cineadhachaibh go coitcheann. Gonadh amhlaidh ro fhollamhnaigh a hinmhe agus a hairdtighearnas re a beó, agus ro chomhaill gach aonchomhairle ele dá ttug a hathair dhi re n-a chois sin. Ro toirrcheadh an ríoghan .i. Meliór, iar sin, agus rug gein mhíonáluinn mheic dá mórlámhnadh. Ro hoileadh agus ro leasaigheadh an mac sin go haois a mhacántacht, agus ro toirrcheadh an dara feacht an bhainríoghan agus rug mac ele dá hardtuismeadh, agus báttar gá leasughadh agus gá lánoileamhain iar sin go haois a naoidheandacht agus ó aois a naoidheandacht cco haois a n-ógláchais, gur dhearsgnaigheadar do mhacaibh ríogh agus rofhlatha an domhain in gach céim. A ndála go nuige sin. Dála an Impire Rómhánaigh iomorro, táinig an ní nach éidir d'obadh nó d'iomghabháil dá ionnsoighidh .i. an bás, agus baoi ag iarraidh a chleamhna agus a inghine do thabhairt chuige ar tí a inmhe agus a airdtighearnais d'fhágbháil aca. Gidh eadh, táinig an bás chuige sul rugattar fair, agus fágbhais impireacht na Rómha a n-oidhreacht agá inghin agus agá chliamhain. Ó't-chualaidh Cing Uilliam agus Meliór bás an Impir, ro luigh dubha agus dobrón adhbhalmhór orra. Gidh eadh, ro chuir Cing Uilliam teachta agus taidhleóra do thionól agus do thiomsughadh a shlóigh agus a shochaidhe as gach aird dá ionnsoighidh do dhul do ghabháil impireachta na hEadáille agus ríghe na Rómha. Cuiris fios ar ceann Cing Ailpius .i. rí na Spáinne agus a bhráthair .i. Pronndanesi. Tángattar-séin trá go líonmhar léirthionóilti fon toghairm
sin, ina ccathaibh cóirighthi ceangailti agus ina bpuiplibh príomhárrachtacha go Pailearna, i ccomhdháil buidhneadh na Buille agus curadh na Calupre agus sochraide na Siosoile báttar ar n-a ccruinniughadh ar a ccionn don chur sin. Gabhais lúthgháir adhbhal Cing Uilliam re rígh na Spáinne go n-a bhráthair agus go n-a bhorbshluaghaibh, agus báttar ar caoi freasdail agus fritheóilti isin ccathraigh go ttáinig am trialla agus turais dhóibh agus an feadh ro bháttar a longa agus a laoidheanga dá leasughadh. As annsin ro ionnsoigheadar ... go coimhdhíochra, agus ro thógbhattar na bréide séimhidhe ...na siúil a mullach na ccrann bhfeóidhe bhfulangthréun gur ghluais gaoth agus gur iomluaidh anfadh an fhoireann adhbhalmhór allmhardha sin ó chiomhsaibh calaidh agus ó fhosgadh oirear ar an muir measgtha murdhúchanta agus ar an lear lionnuaine leabharghlan agus ar an aibhéis n-adhbhalmhóir n-ilphiasdaigh, go rángattar go hiathaibh áille eochairghorma na hEadáille agus go fearannaibh réidhe rathmhara na Rómha. Ar tteacht a ttír dhóibh ro tionóilid agus ro tiomsoighid maithe agus móruaisle an tSeanaidh ríoghdha Rómhánaigh as na críochaibh agus as na ceannadhachaibh a rabhadar, a ccoinne agus a ccomhdháil Cing Uilliam, do thabhairt umhla dhó. Ro goireadh rí agus roithighearna leis an ccoimhthionól sin a ccoimhnéineacht do Cing Uilliam ar chríochaibh leabhra lánáille Leatha agus ar fhearannaibh ríoghdha rathmhara na Rómha. Ar ttéachtadh agus ar ttréunghabháil na himpireachta do Cing Uilliam re cois a inmhe agus a airdtighearnais bhudh-dhéin, ro leathnaigh a chlú agus a chomhthuarasgbháil fa chríochaibh na cruinne go coimhiomlán, go nach raibhe lán beóil nó buainteanga a ttrí príomhrannaibh cearta comóra na cruinne acht Cing Uilliam a aonar, ar mhéud a chlú agus a thuarasgbhála, a dheilbhe agus a dhénmhasa, óir do dhearsgnaigh a chruth agus a chaoimhdhénamh don Ádhamhchloinn go huilidhi agus tuarasbháil a ghaile agus a ghaisgidh, a allaidh agus a ardnóis, uair ní mó do bhídís na ríoghdha agus na roithighearnadha ag teacht tairis ná do bhídís na bathlacha agus na hoireamhain agus buachailleadha bó agus bithcheathra dia ccluindís dia bhéusaibh agus dia bhuaintréithibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services