Eachtra Uilliam.
"... re hocht mbliadhnaibh comhlána gusan
aimsir si go bhfuil isin riocht úd ad-chíthí-si anois, agus ní
fhuil dá sgéulaibh agamsa dhaoibhsi acht sin amháin,
agus dá mbeith, do inneósainn iad."
Rug an t-Impir a bhuidhe agus a bhuanaltughadh ris an
mbuachaill fírinne do rádh ris, agus adubhairt go ttiobhradh
luach oileamhna dhó do shéudaibh agus do shomhaoinibh
agus cco mbéuradh féin an leanbh leis. Ó'd-chualaidh an
buachaill na briathra sin .i. gealladh an mheic do bhreith
uadha, ro ghabh ag dubha agus ag diobhorgóid, ag dobrón
agus ag doimheanma. Gidh eadh, nír fhéud cor a n-aghaidh an
Impir fan ccomhrádh ro chanasdair. Acht cheana nír mhó
brón nó buanchumha an bhuachalla iná tuirsi agus truaighneimhéle
an deughmhacaoimh féin umá sgarthain re
'roile, agus as eadh ro ráidh:
"As truagh mo thoisg agus mo thuras féin don chur sa,"
ar sé, "uair ní fheadar cia an cineadh nó an chlannmhaicne,
an fhréumh nó an fírgheinealach dá bhfuilim, óir do
shaoilios gus anosa gurbh é an buachaill mh'athair agus gurab
í a bhean mo mháthair, agus dá mbeith maoine nó mórmhaitheas
ar m'fhagháil ó so amach, do badh comaoin damh a roinn
riú."
Baoi trá an t-Impir ag múnadh agus ag móirtheugasg an
mhacaoimh, agus as eadh ro ráidh ris:
"Ná dén-sa dubha ná dobrón dhe sin," ar sé, "óir dá
leanair-si deireadh do bheatha amhail do leanais a tosach,
as deimhin go bhféudfair comaoin a thiodhlaicthi do
thabhairt dá gach aonnduine don Ádhamhchloinn do
réir ar n-aithni-ne agus aithne gach nduine oile fort."
As a haithle sin ro ghabh an buachaill ag tabhairt comhairle
agus coimhdhíodhnaidh dhó agus do ráidh ris:
"Ó rachas tusa a ccúirt an Impir, cuimhnigh an
teugasg so do chomhall .i. congaibh do theanga ó bhriathraibh
diana díomhaoine agus ó iomad labhartha, agus ná déuna
doilgheas ná docamhal fa aonní dá adhuathmhaire dá
luaidhfidhear a n-aoinionadh friot, agus ná déun barr subha
nó soimheanma fa aoinní dá fheabhas nó dá annsacht
leat dá luaidhfidhear a n-aoinionadh friot. Agas ná dén
cumann nó caradradh le lucht bréug nó buanfhallsachta.
Agas dén báidh agus biothchumann le huaislibh agus le
hardmhaithibh agus le gach aon as fearr bhias a n-aonáit
friot; agus bí umhal urramach dá gach aon do réir a uaisle
agus a fholuidheachta, agus bí cairdeach carthanach reud
chairdibh agus reud chompánaibh, agus dén leas agus lánfhurtacht
don aos éccruaidh anárrachta mar do-dhéuntá do na
ríoghaibh nó do na roithighearnaibh dá mbeitheá umhal
urramach; agus dén fírinne dod bhriathraibh fria gach n-aon.
Agas ag sin duit an teagasg tucc mh'athair damhsa dom
chomhairliughadh, uair fa heólach eision ar oileamhain
agus ar fhírbhéusaibh gacha cúirte agus ar charadradh daoine
ndeughoileamhanta, agus dá ndearnair-si amhlaidh sin,
do-ghéubhair clú go coitcheann isin ccathraigh ó chách."
Agas as cuma ro bhaoi gá rádha agus do ráidh an laoidh do
theagasg an mheic:
"Gabh, a mheic, mo mhúnadh-sa
re ttoidheacht uaim ar eachtra,
ria ndul isin dúnadh-sa;
as tríd thiocfas do leas-sa."
"Do dhlighfinn do theagasg-sa
do ghabháil uait gan dímheas;
gus aniodh ní fheadar-sa
nach tusa mh'athair díleas."
"Gé chanaid na míodhaoine
aithisg nach ttéid a ttarbha,
briathra diana díomhaoine,
nárab mian leat a labhra.
Ná bíodh ort 'na dhubhachas,
sgéul dá olcas dá bhfuighe,
nárab mó do shubhachas
fán sgéul as fearr dá ccluinfe.
Lucht na mbréug gan tsomhaoine
ná faghaid uaibhsi uirrim,
na rígh is na rodhaoine
go madh iad do lucht cumuinn.
Do sheirc uait budh marthanach
d'éis imtheacht ar do thuras,
bí réud chairdibh carthanach
gach uair do-roichfid chugad.
Déna mar adubhart-sa,
a mheic bheirios gach éunbhuaidh,
mar budh airdrígh cumhachtach,
toil gach fhir don aos éccruaidh.
Comhaill fós go fírinneach
do ghealladh, a ghéug fhionnghlan;
búdh glic sibh ó shírchinneadh,
mo mhúnadh ort ná hiomghabh."
Gabh.
A haithle an mhúinte agus an mhóirtheagaisg sin tucc an
moghadh ar an macaoimh, ro iarra an t-Impir fair a thógbháil
ar a chúlaibh chuige. Agas do-righne an buachaill amhlaidh
sin, agus gabhais an macaomh an buachaill ar barr bhaise agus
baoi ag ceileabhradh dhó agus ag cor a bheannachta dochum
mná an bhuachalla do-rinne maith agus móronóir dhó, agus as
eadh ro ráidh:
"Tabhair mo bheannacht dom chairdibh agus dom chompánaibh
no bhíodh um chuallacht gus an aimsir si."
Téid an buachaill iar sin go himshníomhach atuirseach
iar ngabháil a cheada agus iar cceileabhradh dhóibh díbh
línaibh, agus iar ndol don bhaile dhó, ro innis dá mhnaoi Uilliam
do bhreith uadha agus gur chuir a bheannacht dochum a charad
agus a choigéile don chur sin agus chuicisi seach cách a ccomaoine
a maitheasa fair.
Ó'd-chualaidh an bhean na briathra sin, ro chaoieasdair
frasa diana déur, agus ro tharraing a folt agus a fionnfadh, agus ro
bhris a hearradh 'sa héudach go huilidhi. Baoi an
buachaill ag cor meisnighe ina mhnaoi agus ag innisin ar gheall
an t-Impir d'éudáil agus d'ionnmhas dhóibh a lóighidheacht a
n-oileamhna ar Uilliam, agus agá fhuráil fuirre gan dubha nó
dobrón do dhéunamh 'na dhiaigh. Turnais an comhrádh
sin aigneadh imshníomhach mhná an mhoghaidh, agus gidh
eadh, nír fhéud smuaineadh Uilliam do chur as a hinntinn.
Iomthúsa an Impir iomorro, ráinig reimhe go roathlamh
a n-iarmhóracht a mhuinntire agus a mhóirtheughlaigh, agus fa
hiongnadh le hUilliam an mharcaidheacht agus an móiriomchur
sin fair ó nár chleacht a leithéid riamh reimhe, agus gabhais
lúthgháire adhbhalmhór é. Nír lugha iomorro lúthgháire
an Impir um an bhfiadhach fuair isin bhforaois .i. eisiomh.
Tarla a shlóigh agus a shochraide ar an Impir ar ttionól agus ar
ttiomsughadh toraidh a sealga agus a sáirfhiadhaigh do chinél
gacha hainmhidhe allaidh isin bhioth. Ro fhiarfaighseat a
theughlach agus a thromshluaigh don Impir cia an macaomh
áluinn iolchrothach baoi ar a chúlaibh nó cionnas tarla
air é. Ní thug-san do sgélaibh dhóibh acht gurab é an
Coimdhe cumhachtach do chuir chuige lé fíor flatha agus
flaitheamhnais é. Rángadar rompa fon réim sin eidir rígh
agus rodhuine.
As amhlaidh iomorro baoi Rí Rómhán agus inghean áluinn
aontomha aige dob' fhearr cruth agus caoimhdhéunamh d'ingheanaibh
a haimsire agus dob' fhearr in gach aontréidhe rob'
iomchubhaidh d'inghin rígh nó rofhlatha, eidir druine agus deise
agus deughlámha, féile agus eineach. Meiliór a hainm agus ní raibhe
d'oighre ar an Impir acht í. Tugadh an inghean
gus an Impir agus adubhairt do bhriathraibh fóille fíorshuilbhire
fria: "Ag so an macaomh áluinn iolchrothach so um
fharradh dhuit dá oileamhain agus dá altrom, dá thaisgidh agus dá
throimleasughadh, agus déuna óglách duit féin de, óir as
cubhaidh cosmhail fear a dheilbhe agus a dhéunmha do bheith
d'óglách agad."
Fiarfiaighis an inghean don Impir caidhe a chlann nó a
chinél nó cionnas fuair é, agus innisis an t-Impir dhi ó thús
go deireadh amhail fuair fén é agus nách raibhe dá sgéulaibh
aige acht a bhfuair ón mbuachaill amhail adubhramar
romhuinn.
"Agas theigeómhadh cco bhfuighthear a sgéula uair éigin
ó sonn amach, óir do-fheadar-sa gurab d'fholaibh uaisle nó
do fhréimh rígh nó do chinél chumhachtach éigin dhó; agus
dén-sa caomhna agus comhoileamhain díochra fair."
Rugasdair an inghean a bhuidhe agus a bhuanaltughadh fris
an Rígh an tabhartas agus an tiodhlacadh sin tug dhi, agus rug
lé dá grianán agus dá glanáras é as a haithle, agus do-rinne
fliuchcaomhna foilcthi agus fothraicthi dó agus do bhean a earradh
agus a éudach fén de agus ro chuir earradh áluinn iongantach
órshnáth uime mar do b'iomchubhaidh do mhac rígh nó
roithighearna, géur bh'ainbhfeasach isi ina uirsgéulaibh.
Agas baoi ar an seóladh sin gá oileamhain agus gá altrom
aimsir imchian ag an inghin.
Iomthús an mhacaoimh, ro chuir a mheanma i ccleasaibh
gaile agus gaisgidh agus a ttréidhibh laoch agus láth ngaile
d'fhoghluim, go nách ccluineadh a chluas agus nách bhfaiceadh a
shúil cleas nó cluiche nó caomhfhoghluim nách bíodh aige cco
hiomlán gan friochnamh, gan roshaothar, eidir chluiche agus
gaisgeadh agus gnáithridireacht go raibhe clú a bhéus
agus a bhuanfhoghloma ag ríoghaibh agus ag rodhaoinibh, ag
laochaibh agus ag lánghaisgeadhachaibh, ag curadhaibh agus ag
caithmhíleadhaibh na cathrach agus gacha críche ina comhfhogas,
go nách raibhe lán beóil ag banntracht nó ag
banndálaibh, ag ainnribh nó ag ógmhnáibh, nó ag duine
dá uaisle nó dá anuaisle san impireacht uile, acht Uilliam
a aonar, cco ttugadar grádh a n-anma a n-aoineacht fo
cheann aoinbhliadhna dhó ar a dheughcheardaibh. Agas
as ionann do-bheireadh an tí do bhíodh ina chaidreabh agus ina
chuallacht isin ccathraibh grádh agus ionmhaine dhó agus do-
bheireadh an duine nó bhíodh uidhe adhbhal uadha a
n-iathaibh imchiana ainiúil ar a ccluindís dia chlú agus dia
chaomhthuarasgbháil a mbeól gach aonnduine dá aithris, agus
cco háirithe banntracht agus bandála, mná agus míonaindre,
ríoghna agus roiingheana, go ttugadar-sein, ria cách agus iar ccách,
toil a n-anma a n-aoineacht agus a n-aonuair dhó; agus adeir an
sdaraidhe Siselecdha gurab iongnadh do-chualaidh aoinbhean
don Ádhamhchloinn a thoichim nó a thuarasgbháil ina
aimsir féin nách ttiobhradh toil agus tromghrádh a hanma agus a
haignidh go díochra dhó.
Iomthúsa ingine an Impir, ro líon tuile tromghrádha agus
searc shíoradhbhal do ghrádh meic rígh na Siosoile ina
haigneadh agus ina hinntinn go hiomarcach, gur dhearmaid agus
gur dhíochuimhnigh gach ní isin chruinne go coimhiomlán
acht a shearc agus a shíorghrádh amháin, gur chaomhain agus gur
chomhthaisgigh an grádh sin agus an ghéurshearc go hinchleithe
ina hinntinn ós íseal, gur bhuaidhir a boill agus gur fhorraigh
a haigneadh agus gur mhíochóirigh a meanma agus gur
choimmeasg a croidhe, go nár fhéud suan ná sádhaile,
codladh ná cumhsanadh ná oirisiomh aontadhach a n-aoinionadh.
Do bhiodhgadh agus do bhithlingeadh as a codladh
comhnaightheach go mbíodh ar faoinneal agus ar foluamhain
seachnón a seómra agus a codailtighe, agus baoi ag síorsmuaineadh
cionnas do choimhlíonfadh an toil agus an tromghrádh tuccasdair
d'Uilliam. Tar éis na hinghine do thuitim san tromghrádh
sin, baoi ag teacht tar a doilghios agus tar a docamhal cco
deirrit, agus as eadh adubhairt nár fhéud teanga a thuiriomh
ná aigneadh a aithris nó sgríbhinn a sgríobhadh trian a
galair nó a géireasláinti d'fhaisnéis nó d'innisin, acht amháin
go raibhe tuarasgbháil aice ar bhloigh bhig dá biothpheannoid
.i. náchar bh'fhuaire agus náchar bh'fhíorthaisi sneachta
adhfhuar énoidhche nó oighreadh neimhneach nathardha
a mí fhírghairg Fhaoillidh iná gach alt agus gach áighe dhi ó
bhonn go bathais feacht ann, agus feacht ele náchar theó
theasaighthi grís chadad chomhloisgtheach gan cheó gan
chrithir inás. Agas théigheadh ameasg a banntrachta agus a
banndála dá fhéuchain an ttiobhradh faoisiomh nó furtacht
dhi, agus nír lughaide a saoth nó a síorghalar eiséin, agus théigheadh
a n-uaignios dhiamhair uair ele agus nír bh'fheirrde dhi é
mar an ccéudna.
"Agas ar an ordughadh sin," ar sí, "caithim-si gach
aonlá agus gach aonoidhche maille re péin agus re peannoid, ag
síorsmuaineadh fair, acht amháin an uair chluinim a luadh
nó a lánmholadh cco ttabhair furtacht éigin damh,
óir do sgríobhas a shearc um chroidhe, go nach dénuim suan
ná sádhaile nó siobhal nó sráideacht nach saoilim gurab um
fhiadhnaisi bhíos. Ní hiongnadh sin," ar sí, "dóigh ní dúil
nó dealbh dhuine a chosmhaileas acht aingeal d'ainglibh
Dé."
Agas gabhais ag cáineadh a croidhe fén don chur sin agus ag
aithbhear iomaithbhear fair um smuaineadh Uilliam do
thabhairt fúithe, agus as eadh adubhairt:
"A chroidhe dochraidh doibheartach, as éccóir do chuiris
thú féin agus meisi isin mórpheannaid si. Gidh eadh, ní tusa
do-ním-si d'oirchiseacht nó d'éuccaoine acht mé féin ós
tusa as ciontaighi rinn araon, agus gidh mór ar n-éccaoine
díbh línaibh, ní chuirfeadh orainn a fhulang acht go bhfaghmaoís
Uilliam mur chomhaidh dá chionn."
Tar éis a ttug sí d'achmhasán don chroidhe, do-chuaidh
do ghabháil a leithsgéil ar an láthair sin, agus as eadh ro ráidh
nách don chroidhe budh cóir aithfior an tromghráidh sin
do thabhairt acht do na súilibh do-rinne radharc fair, óir
ní raibhe eólas ar a dheilbh nó ar a dhéunamh ag an ccroidhe
nó go ndearna an radharc eólas dó; gidh eadh fós, ní
raibhe ag na súilibh acht teachtaireacht do dhéunamh don
chroidhe mar do-dhénadh óglách dá thighearna.
"Gonadh aire sin atáid na cionta ag an ccroidhe bhréugach
mbiothfhallsa atá ag congmháil agus ag cuimhniughadh ghrádha
tachartha nó thuilidhi nách feas a chlann nó a chinél acht
an t-Impir dá fhagháil 'na dhílleachta agus 'na dhíbeartach nó
go ndearna a oileamhain agus a altrom mar gach aon
dá uaisle nó dá onóraighe. Agas dob' urasa damh féin
gach rí nó gach rodhuine san chruinne go coimhiomlán
d'fhagháil d'fhior nó d'fhírchéile 'na éugmhais, agus giodh í an
fhaoile beathadhach as measa beatha don éunlaith, as measa
mo bheatha-sa inás a beatha", agus ad-bheart an laoidh:
Mairg atá san mbeathaidh si,
furtacht uaithe ní fhuigheabh,
leath nó trian mo pheannaide
ní fhéudann teanga a thuireamh.
Óm ghrádh don nua naoidheanta,
mo dháil cá dáil as deacra?
Acht gidh olc an fhaoilbheatha,
as measa go mór mo bheatha.
Gidh beug é dom ghalar-sa
coimhthe re grís mo chneas-sa;
tig arís um fharradh-sa
fuacht a ndeaghaidh an teasa.
Cuairt ameasg an bhanchuire
beucc fhurtaigheas dom buaidhreadh;
cuid eile dom amhghaire
ní fearr théid damh an t-uaigneas.
An chúis fa ttám roidheacrach,
gein cco n-admhaim mun am sa,
an croidhe duairc doibheartach,
as é ro theugaisg dhamh sa.
Ón teidhm si do tiocfaidhe
dá mbeith an rosg gan radharc;
ní hé an croidhe as ciontaighe
acht an tsúil do-ní an t-amharc.
Ag diomdha cco hinfheadhma
ní bhiú ar an rosg fam róghrádh;
beith umhal dá thighearna
as eadh dhligheas gach óglách.
An croidhe cco huilidhe
as é chongmhas gach aonlá
grádh tachartha as tuilidhe
do bheith againn gan chlaochládh.
An ghnúis áluinn ainglidhe
do mhéudaigh adhbhar mh'osnaidh,
iongnadh cco madh ainbhfine,
ní deilbh dhaonna as cosmhail.
An folt dualach druimfhiar sa
ós dó tugas mo chéidshearc,
dá bhfaghmais an t-Uilliam sa
ní chuirfeadh oirn ar n-éigean.
A ghrádh sgríobhtha um chroidhi-si
m'aigneadh gach laoi do lomairg;
mar tá mé dá innisin,
as mairg é agus as romhairg.
Mairg.
A haithle na laoidhe sin do luigh ina hiomdhaidh
agus ina hairdleabaidh, agus do b'áil lé iomrádh Uilliam do chur
ar cairde, acht cheana fa saothar díomhaoin disi sin óir
tángadar na hairrdheana céudna chuice .i. an fhionnfhuaire
adhbhalmhór no ghnáthaigheadh reimhe agus an t-ainteas
iomarcach as a haithle, tré iomrádh Uilliam, agus do-rinne
aithbhear iomaithbhear uirre féin fan tár agus fan tarcaisne
do-rinne fair don taobh amuigh dhe féin, "agus nách bhfuil
rí nó roithighearna ar talmhain," ar sí, "as fearr ann gach
aointréidhe as iomchubhaidh do bheith ag rígh nó ag
rodhuine inás .i. a ndeilbh agus a ndeúnamh agus a
ndeughbhésaibh, a n-eineach agus a n-eangnamh agus a
ndeughoileamhain, a ttréidhibh laoich agus láth ngoile
d'fhoghluim, go nách ccluin a chluas agus nach silleann a shúil
cleas nó cluiche nó caomhfhoghluim nach bí aige, acht nár fromhadh fós
a n-iomfhorrach iorghaile é. Agas ní chuirim 'na dhrochcomhairle
ar mo chroidhe fén an toil tugas dó, uair aithnim
oram fén do bhrígh mh'uaisle agus mh'athardha agus mo dheughbhéus,
nach ttiobhrainn grádh nó ionmhaine d'aoinfhear
acht do rígh nó do roithighearna nó d'fhuil uasail éigin
ele rob' iomchubhaidh dom fholaidheacht, mar adeir an
seanfhocal go sunnradhach .i. diallaidh gach dúil do na
dúilibh cco cinnte re a comhchosmhaile féin. Gurab uime
sin as aithreach leam a ndearnas, óir aithnim oram féin
dá mbeith dúil dhuine ar domhan dob' uaisle agus dob'
onóraighe inás, gurab é do mhúinfeadh mo chroidhe fén
damh, agus do-bheirim fom bréithir fhírinnigh," ar sí, "nách
biad a n-aghaidh mo chroidhe fén feasda agus nách biaidh
d'aoinchéile agam ó sunn amach acht é."
Ro labhair an inghean iar sin ina meanmain, agus as eadh
ro ráidh:
"As amhghar atá mo dhál anois," ar sí, "óir gé do gheallas
mé fén d'Uilliam, ní fheadar cionnas choimheólad
an gealladh sin, uair ní aitheóna sé mo ghrádh-sa do bheith
fair agus ní mó inneósad fén dó é, óir do shaoilfeadh sé gur
fochnaid no fanámhad do bheinn do dhéunamh fair agus ní
chreidfeadh amhlaidh sin uaim é. Agas ní ele fós as córa
dhúinn do bhreathnughadh, dá raibhe saoth nó galar oram
dá ghrádh-san, biaidh-siomh dom éccaoine ag rádh go
madh easláinti ele bhias form agus ní bhiaidh a fhios aige a
ghrádh do bheith agam ar an ordughadh sin. Agas as
truagh mo chor-sa dhe sin, uair do-chím-si é agus ní fhaicionn-somh
mé, do-chluinim é, agus ní chluineann mé, agus aithnim ar
an adhbhar sin gur gar bás damh. Agas as eadh mh'ionnshamhail
anois," ar sí, "mar bhíos long luchtmhar leabharmhór
ar maidhm a haidhmeadh agus a hancaireadh, ar mbriseadh
a crann agus a caoimhsheól a mbeól mhara agus mhóranfaidh ó
iomfhorrán aggarbh ainndreannda na gaoithe géire grodamhainsi
agus ó chogadh chodarsna chomhfhuachda na ccaomhdhúl
ag caitheamh a ccoinntinne agus a cceannairrce re chéile, go
nách bhfaghar tapadh nó teasargain ar fhurtacht nó ar
fhóirithin fuirre."
Gurab amhlaidh sin do-rinne an inghean a héccaoine agus a
hiomchosaoid ria fén, agus tuitis a ttaisibh agus a ttáimhnéllaibh
as a haithle go nach raibhe a húidh nó a haire ar aoibhnios
ná ar urghairdiughadh ele, acht a beith a cceas bróin agus
biothtuirsi, go ttuc a dath agus a dealbh agus a deughdhénamh
ar bháine agus ar bhuidhe agus ar dhuibhe agus ar droichgné, gur
bh'fhoicsi bás ná beatha dhi; agus ro loigh ina hiomdhaidh
agus ina hairdleabaidh go ndeachaidh tuarasgbháil a teinnis agus a
tromeasláinti fon ccathraigh go comhchoitcheann agus fo na
hiathaibh imchiana ainiúil ó sin amach, go rabhadar ag
oirbhire agus ag éccaoine a heasláinti agus a hardghalair.
Bádar dano banntracht agus bannála ina huirthimchioll ina
grianán. Baoi dano inghean uasal onórach ameasg an
bhanntrachta an tan sin .i. Alexaindria, inghean diúci na
Lumbairde agus siúr fhogas don Impir isidhe. Fiafraighis
Alexaindria don inghin cá galar no gá heasláinti táinig
fria agus adubhairt:
"Ar ghrádh th'einigh agus th'uaisle agus th'athardha," ar sí, "agus
a n-onóir an tí rod-cruthaigh agus rod-ceannaigh agus ro chum
neamh go n-a néllaibh agus talamh go n-a torthaibh agus grian
go n-a glanruithnibh agus an fhairrge go n-a hiolphiasdaibh,
gá heasláinti rod-snoidh nó gá treabhloid rod-thraoth?
Agas ná ceil oramsa é, uair as tairisi duit a innisin damh,
agus gidhbé galar nó easláinti rod-gabh, do-ghéun-sa leighios
agus leasughadh duit."
Gabhais fáilteachas mór Meiliór um an aitheasg sin
Alexaindria, agus rucc a bhuidhe agus a bhuanaltughadh fria
gach ar ráidh, agus adubhairt cco sloinnfeadh adhbhar a
heasláinti don inghin, géur dheacair dhi, agus ro ráidh nách
raibhe faoisiomh nó furtacht énlaoi nó énoidhche aice
ón easláinti sin agus go ttigeadh naoi n-uaire gach n-oidhhche
agus deich n-uaire gach laoi dá hionnsoighidh. Acht cheana
mar do bhreathnaighiodh adhbhur a heasláinti, do fhilleadh a
focal ar ais arís ó a béul agus ní léigeadh amach é ar a amhnáirighi
lé a fhios d'fhagháil uirre. Ro ruamnaigheadh agus roi
dheargadh a ríoghghnúis gach re tan gur bhó deirgithear
re sian sléibhe nó re grís gan cheó gan chrithir í an céidfheacht;
ro bhánaigheadh agus ro bhuanghlasadh feacht ele
gur bhó gilithear re clúimh chanaigh choimhghil agus gur bhó
glaisithear re bugha barrghlas bithghorm gach ball dá
ballaibh. Baoi sealad ar an ordughadh sin, agus ro fhoillsigh
fa dheóidh adhbhur a heasláinti, agus as eadh adubhairt:
"Grádh agus géurionmhuine tugas don tí atá a ccoimhideacht
an impir fuair isin bhforaois an lá do-chuaidh do
sheilg innte, .i. Uilliam a ainm, mur do-chuala clú a bhés
agus a bhuantréidhe, a ghaile agus a ghaisgidh, a dheilbhe agus a
dhénmhasa, a mhodha agus a mhóroileamhna dá n-aithris a
mbél gach aonduine seachnón na cathrach agus na ccríoch
ar cheana. Agas do bhádhas seal fada ag cathughadh a
n-aghaidh an ghrádha sin dá fhéuchain an bhfédfainn a
chlaochlódh nó a chomhthoirmeasg, agus gidh eadh, fá saothar
díomhaoin damhsa sin óir nír fhéudas a chur ar ccúl as mo
chroidhe. Agas ag sin adhbhur mo ghalair agus mh'easláinti
re innisin duit. Agas a shiúr ionmhain," ar sí, "dearbh-sa
do chumhachta agus do chomhthairiseacht damhsa bhúdhdheasda,
dáigh as ann as mó dearbhthar an caradradh an
uair as aidhbhle an t-éigentas, uair ní bam beó-sa muna
bhfaghar m'fhóirithin a bhfogas."
Ó'd-chualaidh Alexaindria sin, ro ghabh iongantus
adhbhalmhór í, dóigh rob' iongnadh lé aigneadh na hinghine
do dhol an chonair do-chuaidh. Gidh eadh, ro ghabh gá
coimhdhíodhnadh do bhriathraibh ceannsaighthi, agus as eadh
ro ráidh fria:
"Ná bíodh dubha ná dobrón ortsa, a inghean, uime
sin," ar sí, "uair muna bhfuil d'adhbhar easláinti agad acht
sin," ar sí, "as gearr bhiad-sa gud fhóirithin, dóigh as aithnidh
damhsa luibh leighis ar n-a dearbhadh lé deughleaghaibh agus
ar n-a fionnachtain lé fisigidhibh, agus a brígh agus a buanmhíorbhaile
ina bun; agus dá bhfromhair-si í, sgriosfaidh do ghalar
agus t'easláinti uait uile."
Gabhais meanma agus meisneach adhbhalmhór an inghean
um ar uraghall sin Alexaindria, agus adubhairt fria luathughadh
ar an luibh dá hionnsoighidh.
"Ná bí-si ag dénamh anbhuaine uirre," ar Alexaindria,
"uair ní hanbhuainighe leatsa a fagháil iná liomsa fén acht
cco bhfaghthar dóigh uirre."
Agas nír bh'áil lé an luibh d'fhoillsiughadh go lánsholas
ná a diamhair do bhuain don chanamhain ro chanasdair
d'eugla go madh móide náire na hinghine é. Agas tugasdair
rann ós áird agus ro fhreagair Meiliór:
"Abair riom, a ríoghan rán,
a Mheilior go mórágh,
óm beith duit um mhnaoi páirte,
sloinn dúinn adhbhar th'easláinte."
"Doiligh liom a iarraidh orm,
a inghean na rosg roghorm,
fios an rúin atá fam dhlaoi
do léigion uaim re hénmhnaoi."
"Ná bíodh sin 'na omhan ort,
a inghean nár fhaomh énlocht;
biaidh do rún agam gan fhios,
do-ghéntar liom do leighios."
"Gidhbé galar as gnáth dhamh,
ticc chugam ar cuairt bhiodhbhadh
deich n-uaire gach laoi coidhche
's naoi n-uaire gach énoidhche."
"Tucc sibh, a chruth mar chorcair,
acht géur bh'iomlaoid éccosmhail,
gile agas deirge 'ma le
ar ghuirme agas ar ghlaise."
"Grádh Uilliam fo deara dhúnn
ar n-éccosg uile d'iompúdh
mo bhás as mó ná mithigh
muna bhfaghar m'fhóirithin."
"Muna bhfuil agad re a rádh
cúis ele fá bheith easlán,
ón ghalar as mór re a mheas
urasa leam do leigheas."
"As ann reagar a leas ris,
seanfhocal re teacht thairis,
cabhair charad gan cheartas,
an uair as mó an t-éigeantas."
"Atá luibh dá ndéntar dóigh
agam ret íoc a ccédóir;
luibh sin 'sa brígh 'na bun,
fada ó fríth a dearbhadh."
"Ó do gabhadh do láimh libh
mo leighios le luibh éigin,
luathaighthear leat ar an luibh,
a inghean áluinn, abair."
Abair.
Iomthús Alexaindria as a haithle sin, ro bhaoi gá bhreathnughadh
cionnas do-bhéuradh searc na hinghine fá Uilliam
agus gan a fhoillsiughadh dhó searc na hinghine do bheith fair.
Acht atá ní cheana, fa hurusa lési sin do dhéunamh, dóigh
fá foirbhthe fírghlic fíreólach isi i cceardaibh diamhra
draoidheachta agus a n-ealadhnaibh aidhbhle eassorlaidheachta.
Agas as é ní do-rinne, Meiliór do thaisbéunadh tré fhís agus tré
aisling dhó agus a grádh do thabhairt faoi ar an ordughadh
iongantach sin. I n-aroile oidhche d'Uilliam ina chodladh,
go bhfacaidh Meiliór chuige agus fairgsi bhróin agus tuirsi
fuirre, agus ro bheannaigh go faoilidh foisdionach dhó agus ro
luigh ina fharradh agus ro theann rea hucht agus rea hurbhruinne é.
"As fada atú-sa," ar sí, "a seirg shíorghalair agus a ttreabhloid
throimeasláinti dod sheirc agus dod shíorghrádh-sa gan fhios
duit féin nó do neach eile, agus tánag chugad do choimhlíonadh
an ghrádha sin anois, óir as mithigh leam críoch do chur
fair agus toil mo mheanman agus m'aigeanta d'fhagháil uait."
Ó'd-chualaidh Uilliam sin, ro iadh a dhá láimh leabhra
lánáille ina huirthimchioll, andar lais, agus ro dhruid rea
ucht agus rea bhruinne í agus do mhusgail fén fá dheóidh leis an
dlúthughadh agus leis an dianfhásgadh tugasdair fuirre, agus as
eadh fuair idir a dhóidibh aige, cearchaill chiomhsach
cheithirbheannach baoi mar adhart agá iomdhaidh agus agá
ardleabaidh. Ó'd-chonnairc Uilliam gurab aisling tárfás
dó agus nach bhfuair an inghean ina fhochair, ro luigh socht agus
síorchumha fair.
"As iongnadh liom," ar sé, "más aisling tárfás damh go
ttrásda, a dhearbhthacht agus a dheimhnighthi do bhí agam
um fhiadhnaisi gum agallaimh, agus as dóigh liom gur a
bhfolach a bhfírdhiamhair isin tigh atá."
Ro éirigh ina sheasomh iar sin agus ro chuartaigh an teach
go tinneasnach ina thimchioll go nár fhágaibh cúil nó cearn
nó áit nó aircheann isin aireagal a raibhe gan iarraidh agus
gan fhéuchain go hurmaisneach, agus ó nach bhfuair an inghean
ann, ro luigh go himshníomhach athtuirseach ina iomdhaidh,
agus adubhairt fris fén:
"As meallta míchreidmheach damh," ar sé, "creideamh
do chommbuaidhreadh íodhalta nó d'aislingibh iongantacha
oidhche, mar atá toirmisgthi ón Tríonnóid creideamh do
ghlór éun nó eathaide, uair as éccóir thugas do bharamhail
damh fén go ttiocfadh inghean Rígh Rómhán do
shuirghe nó do shibheanradh friom agus nách bhfuil rí ná
roithighearna ná diúici ná deughimpir isin domhan nach
lánéudáil leis a fagháil mar mhnaoi nó mur bhainchéile
dhó fén, agus dá bhfaghadh an t-Impir a fhios orm cco ttugas
an toil si dá inghin, ní dhéunadh cabhair nó comhfhurtacht
coidhche damh, agus as mairg damhsa dá ttigeadh díom fén a
dhiomdha do thuilleamh agus gan agam don Ádhamhchloinn
le maith nó le mórfhurtacht do dhéunamh damh acht é a
aonar. Gidh eadh fós," ar sé, "as mór m'amharas nách
aisling tárfás damh re deimhne an uraghaill agus re cinnteacht
na ccomhráiteadh ro chanasdair riom, agus as dóigh liom fós
gur a bhfolach nó a bhfírdhiamhair isin tigh atá."
Ro éirigh do-ridhisi dá hiarraidh isin ticc. Má do bhí
ionad nár iarr an chéaduair ann, ro iarr cco hurmaisneach
an athuair é agus ní fhuair isi ann. Acht cheana fa tuilleadh
bróin agus biothtuirsi dósan sin agus ro ghabh ag aithbhear
iomaithbhear air fén um an mbuaidhreadh agus um an mbaoithchéill
for a raibhe.
"As truagh dhamhsa," ar sé, "an seól for a bhfuilim, agus as
ciontach ro shaoilios go ttiobhradh aoininghean agus aonoidhre
an Impir searc nó síorghrádh damh agus mé fén um thachartha
agus um thuilighe gan fhios mh'uaisle nó mh'athardha, mo
chinidh nó mo chlannmhaicne, mo fhréimhe nó m'fhírgheinealaigh
agam fén nó ag neach ele, acht m'fhagháil don Impir
ag ionghoire cruidh agus ceathra, agus ós anois thuigim fén mo
dhál, coisgfeat dom buaidhreadh agus dom baothghlór búdhdheasda."
Ciodh trá acht, gé do gheall Uilliam an t-aitheasg sin,
nír fhéudasdair a chomhall idir, dáigh gach uair do thionnsgnadh
luadh nó láiniomrádh na hinghine do sheachna, do
fhilleadh san chonair céudna agus ní fhéudadh a toil nó a
tromghrádh do thréigion. Do ghabhadh brat uaine
uime feacht ann agus théigheadh a n-oirebher áluinn iongantach
baoi re cathraigh aneachtair ar aghaidh ghrianáin na
hinghine, agus no bhíodh ag silleadh agus ag sírdhéuchain na
ccrann ccnuasthorthach agus na fiodhbhaidhe faide fíoráille agus na
n-abhann n-áluinn n-uaine bádar ar n-a ttarraing tré
talmhain ar amas an oirebheir sin, agus no bhíodh ag siobhal
agus ag sráideacht eatorra, agus ní thugadh sin furtacht nó fóirithin
dó. No bhíodh ag féuchain agus ag fírdhearcadh ar fhuinneóig
an ghrianáin ina raibhe an inghean agus no bhíodh ag tabhairt
umhla dhi geun cco bhfaiceadh í, agus as eadh adeireadh ina
mheanmain:
"As truagh dhuit, a bhainríoghan, cco bhfaicim do dhealbh
agus do dhéunamh, t'inneall agus t'éccosg, agus nách ttabhra úidh
nó aire dhamh, agus fós go ccluinim th'aitheasg agus th'uraghall
agus nách ccluinir-si énfhocal dá n-abraim-si."
Thicdís macradh agus aos ógbhaidh agus ridireadha roárrachta
na cathrach ar cuairt agus ar céilidhe chuige, agus géur mhór a
imshníomh agus a athtuirsi, ní aithnigheadh aoinneach acasan
air é, agus do-níodh uraghall díleas diongmhála fria gach
ndeighfhear díobh. Théighdís ina sheómra agus ina chodailteach
chuige agus do-níodh mar an ccéudna riú. Ro fhortamhlaigh
an chumha agus an dobrón fá dheóigh ar an saormhacaomh
go nár fhéud suan nó síorchodladh, ciúnas nó comhnaidhe
dhá mhéud nó dhá loighead do dhéunamh acht a bheith a
cceas cumhadh agus comhthuirsi amhail ro bhaoi inghean an
Impir a ttús a treabhloide agus a troimeasláinti, gur bhean
céill do chabhair agus do chomhfhurtacht d'fhagháil dó, agus
adeirdís lucht na cathrach a ccoimhnéineacht go n-imeóchadh
modh agus móronóir, séughandacht agus saormhacaomhacht, féile
agus fíroineach na hardchathrach ar éinshlighe an tan do
rachadh Uilliam eisde. Baoi-siomh feisin ag teacht
tar a dhoilgheas agus tar a dhocamhal fén go ndubhairt an
laoidh ann:
Uchán! as truagh mh'aisling,
buan mh'uchán mar mhosglaim;
léum ghrádh as mór mheasgaim,
ar bhrón go bráth brosduim.
Mo chumha gan chlaochlódh,
ní gubha gan ghéurbhrón;
fearuim sruthán síordhéur,
uchán! as é mh'éunghlór.
Bheith fá thuirsi toghuim,
nocha tuirsi thadhaill,
ní charuim a ccluinim,
ní mharaim gé mharaim.
Truagh mh'aisling gum mhealladh,
nochan aisling annamh,
ní fhaic sisi ar silleadh
's do-chím isi um fharradh.
Bheith linne dá hiomrádh
binne ná gach orghán,
do-chluinim a deughghlór,
's ní chluineann mo chomhrádh.
An chéillidhe chuanna,
mo ghéigbhile grádha,
deighthinól nách díogha
fá Mheiliór mhálla.
Truagh misi gá mórghul
is isi gum éimhdheadh,
ni chadlaim ó a caoineadh
gein cco n-admhaim d'éinfhear.
Mo ghrádh don tseing shúlghlais,
grádh gan fheidhm ar ccéadchais,
truagh, a Dhé, mo bhuaidhris
's gan mé uair 'na héccmhais.
Fuaras, faríor! rochrádh,
do-chuaidh dhíom mo dheighshén,
'na bharr bhíos ar mh'anshódh,
ním-feas clann nó ceinél.
As aisling dár íribh
a bhfaicinn ó chianuibh,
d'éis tadhuill an dúnaidh
nocha bhfaghuim m'iarraidh.
Meiliór cco mórghnaoi,
gé táim uimpe ag géurchaoi,
anáir lé gach éunrígh
isi d'fhagháil d'énmhnaoi.
Do badh guais dom anam
gach ar smuain mo cholann,
mór mh'imnidh re a fhulang
eugla an Impir oram.
Tugas toil dom neamhghrádh,
toil tugas tre urán,
mo rochrádh go romhór,
ochán agas uchán.
Uchán.
Aon do laithibh iar sin dia ndeachaidh mac rígh na
Siosoile as an seómra ina ngnáitheadh bheith d'ionnsoighidh
an oirebheir ina ttigeadh do bhunadh do thógbháil fiabhrasa
agus easláinti dhe, agus téid fó bhun chroinn dosaigh dhíoghuinn
baoi ann as a ngnáthaigheadh silleadh agus sírfhéughadh seómra
na hinghine uadha, agus baoi ag éisdeacht re ceól sírreachtach
sírbhinn na n-eún ccorcra ccaomháluinn ag cantain agus ag
ceileabhradh ar barr na ndos ndlúith ndeughthorthach agus na
ngéug ccorcra ccnuasadhbhal agus re foghar sreabh somblasda
na foraoise áille éccsamhla ina uirthimchioll, gur thuit a
thoirrchim suain agus síorchodalta ar an macaomh isin mhaighin
sin. As í sin uair agus aimsir in-ar labhair inghean an Impir
fria hAlexaindria, agus baoi ag éccaoine a hanbhfainne agus a
heasláinti fria agus ag oirbhire uirre um a fhad cco bhfuair
an luibh ro gheallasdair d'fhagháil di.
"Do-ghéubhair an luibh sin uaimsi go lór a luaithe," ar
sí, "agus tar leam d'fhéuchain na foraoisi fil re cathraigh
aneachtair, óir do-chuala cco ttáinig an luibh sin ann
gairid uadha ameasg luibheann na foraoise, óir do shaothraigheas
a fagháil duitsi gus anosa," ar sí.
Ó'd-chualaidh Meiliór sin, ro éirigh go hathlamh ar amas
an oiribheir le hAlexaindria, agus bádar agá iarraidh agus agá
imtheacht araon. Acht cheana géur mhór an cosg galair
agus easláinti bheith ag féuchain na foraoise, nír laghdaigh
brón nó buantuirsi na hinghine. Deisidheadar ag aroile
crann isin ccaomhfhoraois iar sin agus léigis Meiliór a taobh
le talmhain isin maighin sin agus baoi ag éccaoine a heasláinti
agus a héttualaing re hAlexaindria. Sillis Alexaindria seiche
agus dearcas ar an ccrann agá raibhe Uilliam isin bhfiodhbhaidh,
agus ro innis do Mheiliór cco bhfacaidh óglaoch fo bhun chroinn
isin ccoill agus gur dhóigh lé gur fear fiabhrasa nó easláinti
éigin é agus gur chóir dul ar cuairt chuige, "óir d'oibrighthibh
na trócaire," ar sí, "fiosrughadh aosa galair agus gnáitheasláinti."
Ro ghluaiseadar rompa as a haithle gusan ionadh a
raibhe Uilliam fo bhun abhla adhbhalmhóire bhaoi fo
chnuas agus fó chaomhthoradh ann, agus Alexaindria a remhthús
na conaire. Agas ro fhill tara hais ris an inghin agus adubhairt
go faoilidh fíorshuilbhir gurab é céidshearc agus céidionmhaine
Mheiliór bhaoi ann agus go raibhe a fhios aice gurab do chosg
fiabhrasa agus easláinti agus do chur doilgheasa agus maoithe agus
mórthuirsi dhe táinig. Ó'd-chualaidh Meiliór sin, ro
chomhghluais a croidhe ina cliabh re comhlúthgháire agus baoi
ag smuaineadh cionnas do laibheóradh do chéidneithibh
fris; agus do-chuadar mar a raibhe Uilliam faoi sin agus ro
shuidheadar ina fhochair agus eisiomh ina chodladh eatorra.
Iomthúsa Alexaindria, cuiris iomluaidhill aislinge fa
Uilliam do thoradh a heccna agus a hinntleachta go ná dúisgeadh
cco haimhdheónach é cco ttárfás dó inghean an
Impir do thocht ina haonar dá agallaimh agus a beith ag
suirghe agus ag suarcas fair, agus dar leis cco ttugasdair rós dearg
ina láimh ar an láthair sin, gonadh de sin ro mhosgail
as a mhórchodladh an macaomh agus ro sgarasdair ré a shaoth
agus re a shíorghalar é. Ro éirigh iar sin agus dearcais ar an
inghin go hathlamh agus fáiltighis a chroidhe re a coimhfhéuchain,
agus beannaighis go deughoileamhanta dhi as a
haithle.
"Go raibhe maith th'onóra agad, a aonghrádh d'fhearaibh
an bheatha," ar an inghean.
Ó'd-chualaidh an macaomh an t-ainm sin dá thabhairt
fair, gabhais subhachas agus sobrón adhbhalmhór é. Dála
Alexaindria, do-chuaidh a cceann sgéul d'fhiarfaighe
d'Uilliam .i. adhbhar a theinnis agus a throimeasláinti, mar
nach beith a fhios aice fén, agus ro fhiarfaigh dhe créud táinig
fris nó créud do b'adhbhar doimheanma dhó.
"Ní fheadar-sa sin," ar Uilliam, "acht aon d'oidhche ro
bhádhas um chodladh um sheómra agus tárfás aisling damh
an oidhche sin, agus ní rabhas aonoidhche ó soin amach nách
beith oire fuirmheadha do ghalar agus d'easláinti form."
Fiarfaighis Alexaindria do-ridhisi dhe créud adhbhar a
easláinti nó an í an aisling ad-chonnairc agus cionnus a teisd
agus a tuarasgbháil.
"Truagh sin," ar an macaomh, "ar shéudaibh na cruinne
go comhlán ní thiobhrainn a fhios sin d'aoinneach don
Ádhamhchloinn."
Ó'd-chualaidh Meiliór sin, do thuigeasdair ina haigneadh
agus ina hinntinn gur bh'ionann adhbhar dá n-easláinti araon,
gion gur admhasdair ós áird é agus gurab é a searc-san bhaoi
aigesiomh mar do bhí a shearc-san aicisi feacht n-aill;
gidh eadh, nír léig a náire dhi a grádh fén d'innisin
nó d'fhoillsiughadh go bhfoillsigheadh Uilliam a ghrádh
feisin ar tús. As annsin ro labhair Alexaindria re hUilliam
agus as eadh ro ráidh:
"Ní feirrde dhuitsi do ghrádh do cheilt oramsa," ar sí,
"óir ní fearr a fhios agad fén iná agamsa, óir as grádh
folaightheach fil agad agus ná bíodh eugla ort fána innisin
damhsa, uair gach caomhna agus gach comhfhurtacht fhéudfadsa
do thabhairt dhuit, do-bhéur dhuit é, agus do-ghéun rún
maith ort uime, agus ní bhiú it aghaidh ina thimchioll."
Ó'd-chualaidh Uilliam sin, ro ghabh fáilteachas mór é agus as
eadh adubhairt:
"Ar t'fhaosomh agus ar do chomairce damhsa, a Alexaindria,"
ar sé, "uair aithnim go bhfuil fios mh'inntinne agadsa agus
ní bhiú dá cheilt ní bhús sia ort, óir tugas searc agus síorionmhaine
don inghin sin do láthair gion gur bh'iomchubhaidh
d'fhior m'uaisle nó m'fholaidheachta a tabhairt, agus ó tá a
fhios agadsa anois, déna rún agus tairiseacht damh badhdheasda
amhail do gheallais go ttrásda, agus cuirim-si mo
chorp agus mh'anam ar do chomairce."
Gabhais Alexaindria do láimh an ní sin agus ro ráidhseat
an laoidh:
"Beannacht ort, a Uilliam fhéil,
a ghiolla mar ghréin ar dheilbh,
gá hadhbhar fá bhfuil do bhrón
nó gá galar fár chlódh h'fheidhm?"
"Aisling rom-tárfás um shuan,
do-ghéubha tú uam a dhearbh,
a inghean an aignidh ghrinn,
as í sin do mhill do dhealbh."
"Gá haisling ro taidhbhreadh duit,
t'aigneadh ó do chuir ar ccúl?
a hinnisin gé leasg leibh,
oramsa ná ceil do rún."
"Ar shéudaibh an bheatha bhuain
is a bhfagháil uaibh fá seach,
an t-adhbhar fa bhfuil mo mhaoith
ní inneósainn dhaoibh, a bhean."
"A ghein ríoghdha na rosg ngorm,
ní feirrde dhuit orm a cheilt,
fios do ghalair, a shaoir shéimh,
atá agam féin ar beirt.
"Galar grádha ro ghabh thú,
ná déuna rún orm do ghnáth,
agam atá fios do sgéul,
a chaomhna do-ghéun ar chách."
"Tugas grádh d'inghin an Ríogh
mar do-bhéuradh a díol d'fhior;
ní bhiú dá cheilt ort a ccéin
ó tá agad féin a fhios.
"A ccomairce cuirim ort
mh'anam is mo chorp araon,
mo rún ó do aithin sibh
ná léigthear libh é re haon."
"Ó so amach do-ghéuntar linn
gach a bhféudfa sinn dot leas;
an rún atá ag cosg do shuain
ní fhionnfa fear uaim ná bean."
Beannacht.
A haithle na laoidhe sin ro ráidh Alexaindria:
"Ó do innis tusa fios fírinneach t'easláinti damhsa, do-ghéun
furtacht agus fóirithin duit."
Tug a haghaidh ar Mheiliór iar sin agus ro ráidh ria:
"Ag so an fear tucc toil agus tromghrádh duitsi agus ní bhiaidh
a bhfad ina bheathaidh muna bhfóirir-si fair fo chéadóir."
"Ní misi as ciontach ris sin," ar an ríoghan, "uair ní
thugas fochann báis nó buainéga dhósan nó do neoch ele
riamh."
"Más eadh," ar Alexaindria, "ní dleaghair dhuitsi neach
d'fhaicsin ag fagháil bháis a n-aoinionadh friot agus a fhurtacht
ar t'fhagháil gan a fhóirithin."
"Ní léigfinn-si bás dó ar bhur n-impidhe-si má's é as áil
libhsi, dá mbeith nách diongnainn maith as a los fén dó."
"As é sin as áil liomsa do dhéunamh dhuitsi," ar
Alexandria, "agus gan a thoil do chlaochlódh uait co bráth
iar sin."
"Geallaim-si" ar isi, "an toil do-bhéur-sa dhó don
dul sa, nach ttiobhar an toil sin d'aoinfhear d'fhearaibh
an bheatha cco bráth ar t'impidhe-si agus ar t'fhuráil, dá
mbeith cco ttiocfadh bás nó biothoidheadh damh fén tríd."
Ar n-a chloisdin sin d'Uilliam, gabhais fáilteachas agus
lúthgháire adhbhalmhór é, agus do ráidh ó nach raibhe inmhe
ná oireachas aige fén, go ndiognadh flaitheas agus forlamhas
do thabhach agus do thrénshaothrughadh disi ionnas nach
búdh aithreach le a haigneadh an chomhairle sin do chríochnughadh.
Ro dhruideadar a ccomhdháil a chéile don chur
sin agus do thoirbhreadar do phógaibh go miochair muinnteardha
aroile. Do ráidh Alexaindria go rachadh fén
d'fhoraire agus d'fhorchoimhéd dóibh, uair do bhí a fhios aice
go mairfeadh Uilliam a thoil do choimhlíonadh ar an uaigneas
sin ar an inghin, agus ro imthigh don láthair sin uatha.
Iomthúsa Uilliam iomorro, ro innis gach éigion agus gach
anbhforlann fuair dá grádh-sa agus dá géurionmhaine go nuige
sin. Ro innis sisi mar an ccéudna a heasláinti agus a héttualaing
ó thús go deireadh dhósan agus gach fualang agus gach
fíordhochar dá bhfuair dá ghrádh. Ó ro airigh Uilliam go
raibhe aigneadh na hinghine uime amhail ro bhaoi a
aigneadh-siomh uimpe, druidis a n-athfhogas di agus gabhais
ag suirghe agus ag soighidh fuirre agus téid eidir a glacaibh agus a
géuga cco ndearna toil a mheanman agus a mhóraigeanta
fria gan fhuireach, agus do-rinne gach uair dár bh' áil leis ó
sin amach go fuineadh néill nóna.
Ó do aithin Alexaindria go ndearnadar gach aonní búdh
loinn leó, táinig dá n-ionnsoighidh agus ro bheannaigh
go faoilidh foisdionach dhóibh. As eadh ro ráidh:
"Dar leam, a Mheiliór", ar sí, "as maith do-chuaidh an
luibh lánmhaith leighis do gheallas-sa duit ar do leasughadh
agus ar do leighios do láthair, agus dar liom dá mbeidís táithleagha
an talmhan agus fisigeadha fírghlioca gacha flaitheamhnais sa
chruinne go coimhiomlán cco lánndúthrachtach dá bhur
leighios, as taosga fuarabhair cabhair agus comhfhurtacht le a
ndearnas fén dhaoibh leum inntleacht agus lém ealadhain iná
re leighios leagha nó láinfhisigidhe ele uaim amach."
Gabhais náire mhór Meiliór um an aitheasg sin Alexaindria,
uair nír thuigeasdair nachar luibh éigin ele an luibh ro
gheall Alexaindria dhi go nuige sin agus as eadh ro ráidh:
"Atámaoid ar t'fhaosomh-sa agus ar do chomairce fá anacal
agus fa iomchoimhéud do dhénamh dúinn ar a ndearnamar agus
ar a ndiongnam ó so amach."
Ar ttoidheacht urthosaigh na hoidhche dá n-ionnsoighidh,
ro ráidh Alexaindria riú dealughadh re'roile d'eugla go
bhfuighthí fios a ndearnadar orra, agus nách raibhe glór dá
loighead nó dá láindearóile ar talmhain nachar bh'fhearr a
fagháil go fada iná gach aoibhneas dá mhéud agus dá
mhóiréudálaighe agus a fhagháil go haithghearr. Ó'd-chualaidh
Meiliór sin, gabhais dubhachas agus dobrón adhbhalmhór í.
Baoi ag ceasacht agus ag coimhéccaoine ar ghiorra na haimsire
bádar uma raon agus nách bhfidir créud do rinne ré Dia na
ndúl agus giorra na haimsire fuair d'iomagallaimh fria hUilliam.
Dlúthaighis fria a hurbhruinne é as a haithle agus toirbhiris
do phógaibh miochardha muinnteardha é, agus ro fhiarfaigh
créud do-ghéunadh dá sgaradh re céidshearc agus re
céidionmhaine d'fhearaibh an bheatha, agus tuitis fén a ttaisibh
agus a ttáimhnéllaibh iar sin. Gabhais Uilliam iomorro ag cur
meanman agus mheisnighe innte agus adubhairt fria gan dubhachas
nó dobrón do bheith fuirre ó do bhí gliocas agus géurchumhachta
Alexaindria gá n-anacal agus gá n-imdheughail. Ro dhealaigheadar
ré chéile don chur sin agus do-chuadar dá ccodailtighibh
leath ar leath. Acht cheana fa sgaradh cuirp agus anma
re'roile an t-iomsgaradh sin. Gidh eadh, rugadar a bhuidhe
re Dia na ndúl an uiread sin fén dá seirc agus dá síorionmhaine
do choimhlíonadh.
Ciodh trá acht ro bhádar re hathaidh fhada imchéin ar
an ordughadh sin ag teugmháil dá chéile san oirebher agus in
gach ionadh ele dár bh' áil leó fén gach fhios d'aoinneach
don Ádhamhchloinn acht Alexaindria a haonar, agus do bhí
do thoil agus do thromghrádh Uilliam ag gach aoinneach isin
ccathraigh, dá bhfeasdaoís míghníomh nó míairle fair nach
inneósdaís é. Gidh eadh cheana, gidhbé rún nó rochoingheall
do-dhéundaís fair, ní fhuaradar fios nó farraid an sgeóil sin
re a inchleithe ro bádhas gá dhénamh.
As í sin uair agus aimsir a ttáinig diúci na Sasóine sluagh
líonmhar lánmhór agus sochraide adhbhal anacarrach, d'ionnradh
agus d'arguin na hEadáille agus fhearainn na Rómha go n-a
rioghcathrachaibh. Ro creachadh agus ro hairgeadh an
chríoch cco léir agus go lom leó go ttugsatt tromnéull teineadh
tar an tír go tinneasnach idir cúirtibh agus cathrachaibh agus
caisdiallaibh, cco ndeachaidh tar ríomh agus tar roáiriomh a
ndearnsat do dhíth agus do dhochar do na críochaibh agus do na
ceannadhachaibh a ccoitchinne.
Rángadar na sgéula sin d'ionnsoighidh an Impir agus
gabhais lonnas lánmhór é um an tí do dhligh umhla agus urraim
do thabhairt dhó d'éirghe ina aghaidh, agus cuiris feasa agus
teachta do thionól agus do thiomsughadh a shluagh agus a shochraide,
a churadh agus a chaithmhíleadh chuige as gach áird a
rabhadar seachnón na ccríoch a ccoitchinne. Agas tángadar
a ló áirithe dá ionnsoighidh agus as é líon tángadar ann don
réim sin, trí fichit míle ridire a n-éuccmhais an aosa
díomhain nó an daosgarshluaigh ó sin amach, agus nír anadar
don réim sin go rángadar cco ríoghcathraigh na Rómha
go hairm a raibhe an t-Impir, dá fhios créud do-dhéndaoís
um dhála an tsluaigh tángadar 'na ttír don turas sin.
Iomthúsa Uilliam iomorro, ó do-chonnairc adhbhalchogadh
ar n-éirghe ar an Impir, ro ghabh meanma adhbhalmhór é,
uair do bhreathnaigh ina inntinn agus ina aigneadh go
bhfásfadh bladh agus alladh agus oirdhearcas fá a ndiongnadh
do ghníomhaibh gaile agus gaisgidh ag caomhna agus ag cosnamh
an tíre i n-a ttarla, ó nach raibhe inmhe nó ardfhlaitheas
ele aige. Téid roimhe go roathlamh go hairm a raibhe an
t-Impir agus do-rinne comhartha umhla agus urrama dhó. Labhrais
do bhriathraibh fíorshuilbhire fris iar sin agus as eadh ro
ráidh:
"A thighearna, a impir," ar sé, "ó tharla damh fén bheith
re haimsir imchéin ad choimhideacht agus tú ag déunamh
maitheasa go dítheallach damh go ttrásda mar dhalta
sochair nó saoraltroma agus nach dearnas leas no lánmhaitheas
duit, as eadh budh loinn liom, dá madh toil libh fén, a
iarraidh oraibh ridire do dhéunamh díom don dul sa, ó
tharla ainbhfine agus eachtairchinéal comhuightheach ag
milleadh agus ag míchórughadh do thíre agus do thalaimh an
uair si umad, cco ccoisginn mo chomhaos agus mo choimhlíon
dá n-ógbhaidh agus dá n-aos anfhoirbhthe ó nach ionchomhraic
sinn re curadhaibh nó re caithmhíleadhaibh, re
diúicibh nó re deughdhaoinibh."
Gabhais lúthgháire adhbhalmhór an t-Impir uime sin, agus
do-rinne ridire co roathlamh dhe agus do-rinne ceithre fichit
ridire 'na onóir an uair sin do chlannaibh ríogh agus roithighearna,
diúcadh agus daghdhaoine. As a haithle sin ro cumadh
comhairle las an Impir isin am sin agus as eadh ro chinnseatt
a uaisle agus a ardmhaithe a fhuráil fair: cathughadh gan
chairde, gan choigill do dhénamh re diúci na Sasóine riu siú
no ghiallfadaís na críocha agus na ceannadhacha dhó, d'euccla
nach bhfuighbhedís cobhair no congnamh cco hollamh gen
cco ttángadar fén acht lucht cinnidh comhairle agus fiosraighthe
sgéul do ríoghaibh nó do ridiribh dá rochtain.
"Agas dá ndearnair sin," ar siad, "buadhóchar do throid
agus do thachar agus do láthair leat, óir ní le neart sluaigh nó
sochraide brisdear cath nó comhlann acht maille le grásaibh
an Spiorat Naoimh."
Agas as air do cinneadh aca, cath do thabhairt don diúci
Dia Máirt ar ccionn, agus Dia Céudaoin ro cinneadh an chomhairle
sin las na maithibh.
Dála an Impir, cuiris tinól agus tiomsughadh ar a shlóghaibh
agus ar a shochraide a n-oirchill an mhórchatha go raibhe céad
míle fear n-armach n-ionchomhlainn ar ndéunamh ofrála
a tteampoll Peadair do na ríoghaibh agus do na ridiribh um
shoirbhiughadh a séuda agus a siobhail don dul sin. Nír urasa
baramhail nó breitheamhnas do bhreith ar shéiseilbhe na
sochraide ag tinól a n-arm agus a n-éididh, a n-eachradha agus a
n-aidhmeadh catha agus comhlainn ar cheana, go nach bhféudfadh
neach dá mhéud a eagna nó a eólasa leath nó trian a
ttuarasgbhála d'fhaisnéis nó d'innisin go Máirt an
mhórchatha ar an naomhadh buille don chlog. As ann
ro chingeasdair an t-Impir for a each, ar n-eccar a chniséididh
catha agus comhloinn ima chneas agus ar n-a n-eccar agus ar
n-a n-ordughadh do chách ar cheana fon ccuma chéudna.
Dála diúci na Sasóine, ro éirigh a ttús na maidne an lá
sin go n-a mhórshluagh ina urthimchioll ar n-a n-euccar agus ar
n-a n-ordughadh ina n-aidhmibh troda agus tachair. Ro
sheólasdair litre agus leugháide uadha ar amas an Impir agus as
eadh ro ráidh "gur éccóir do éirigh an t-Impir óna choilcibh
clúimh-dhéaraighthe agus óna chearchaillibh ciomhsacha comhthláithe
agus óna dheochaibh míne measgamhla agus óna bhiadhaibh
saora sochaithmhe do fhreasdal áigh nó iorghoile um
aghaidh-si," ar sé, "agus slóigh échtaigh na hAlmáine gum
anacal agus slóigh shármhóra na Sasóine gum chomhfhurtacht",
uair fa rí ar na rígheachtaibh sin go hiomlán
eisiomh. Agas adubhairt nach bhfidir créud do-dhéunadh
an t-Impir.
"Dá n-ana sé gan cath, gan comhlonn, loisgfidhear a
thír agus a thalamh liomsa, airgfidhear a iatha agus a fhearuinn,
brisfidhear a mhúir agus a mhórchathracha, muirfidhear a
shlóigh agus a shochraide; agus fós dá n-éimhghe sé do throid
nó do thachar um aghaidh-si an uair si, ní budh lughaide
díth nó dochar a dhaoine, dóigh ní ba tualaing a thrénfhir
cothughadh cathláithreach um aghaidh-si le neart mo
laoch agus mo láth ngaile, go mbiaidh easbhaidh a churadh agus a
chaithmhíleadh do chéidneithibh fair, agus díth a mhaoine agus a
mhaitheasa fá dheóidh, d'éis díoláithrighthe a charad agus a
choigéile a láthair catha agus comhloinn. Agas sloinnidh-si na
haitheasga sin don Impir," ar sé fris na teachtaibh,
"agus na cuiridh bhur litri nó bhur láinsgríbheann a n-iomfholach
bhar n-éudaigh nó bhur n-earraidh idir, acht a mbeith ar
bhar mbasaibh ar aghaidh gach aonnduine dá tteigéamha
dhaoibh, go madh oil agus athais don Impir cách gá ccoimhfhéuchain
ar an ccórughadh sin."
Rángadar na teachta rompa go hairm a raibhe an t-Impir
agus a litre ar a mbasaibh aca amhail do aithin an diúci dhíobh,
agus ro léughadh a bhfiadhnaisi an Impir iad agus na slógh ó sin
amach; agus ro fheargaigh an t-Impir um na haitheasgaibh
sin an diúci .i. anumhla an uraghaill sin do-righne an tí
dár chóir a bheith urramach dhó agus a chíoscháin d'íoc gan
uireasbhaidh ris mar do íocadh fear a ionaid riamh reimhe
sin. Téid an t-Impir ar fód críochnaighthe comhairle don
chur sin, agus beugán do mhaithibh a mhuinntire ma raon
ris, agus bádar ag teacht tar a n-éigean agus tar a n-anbhforlonn
bhúdh-dhéin agus ag ceasacht ar an líon laochraidhe ro bhádar
a n-aghaidh na n-ilmhíle ro bhádar ag an diúci. As annsin
ro labhair Sir Uilliam ameasg na maithe sin agus as eadh ro
ráidh:
"A thighearna, a impir," ar sé, "ná bíodh ceisd an chatha
sa ort idir, uair ní re hiomad curadh nó caithmhíleadh
béurthar buaidh áigh nó iorghaile acht maille re neart na
Naomhthríonóide, amhail dearbhaid lucht feasa agus fíoreólais,
agus ó tá cosnamh ceirt agus córa na himpireachta ar fhear
t'ionaid-si d'fhiachaibh a n-aghaidh éccóra agus ainndlighidh
ainbhfineadh eachtrann, ná bíodh éudóigh nó amharas agad
ar bhuaidh do bhreith orra, uair as cinnte nách
béurthar buaidh troda nó treasa re lucht éccóra nó ainbhfírinne
mar atá a bhfuil in bhur n-aghaidh-si annsúd,
gonadh aire sin nach beite dhaoibh omhan nó imeccla
oraibh um chath do thabhairt dhóibh."
Ciodh trá acht as ar an ccomhairle sin do hanadh aca
uile, agus do léigeadar a theachta d'ionnsoighidh an diúci re
fios sgéul an chatha do choimhfhreugra dhó. Ó rángadar
na sgéula sin d'ionnsoighidh an diúci, ráinig go hathlamh
iméusgaidh reimhe go láthair an chatha dá choimhfhreugra
agus dá choimhfhreasdal, agus baoi ag furnaidhe an Impir go n-a
ardshochraide ann.
Dála an Impir iomorro, ro chóirigh a chatha agus do-rinne
dúnchlaidh dingthe dothraothaighthi dhíobh ar amas na
hiorghaile. Ro sinnit a stuic agus a storgháin agus a n-adharca
furfhógra agus a ccuisleanna comharc agus ccaismearta catha
agus a n-aidhmeadha áigh agus iorghaile do na slóghaibh agus do na
sochadhaibh go rángadar cco hionadh áirithe na hiomghona
ro hordaigheadh eatorra, go nach raibhe acht eadh urchair
an airm ionchaithmhe idir an dá chladh choimhtheanna
chatha sin. As annsin ro bhean béim brodla barbardha
do na cathaibh ceachtardha a cceann a chéile, gur chriothnaigh
an talamh tromadhbhal fo throighthibh na
ttréunmhíleadh agus fa chosaibh na ccuradh ag rochtain aroile,
gur leónadh laoich agus gur teasgadh tréinfhir agus gur mudhaigheadh
mílidh agus gur comhmaoidheamh curaidh re haimsir
athghoirid eatorra. Ro sraoineadh agus ro sírfhilleadh, ro
claonadh agus ro comhshóadh tosach ánradh an Impir isin
chéadchuinnsgleó sin gus an sosadh ríoghdha a raibhe an
Rí feisin ag neartadh na laoch agus na láth ngaile, agus sluaigh
an diúci ag cor a n-áir dá gach taobh ina ttimchioll.
Ó'd-chonnairc an t-Impir sin .i. an cath do chlaonadh
'na cheann agus gan curaidh nó caithmhílidh do chathughadh,
do-chuaidh d'eadarghuidhe Dé cco dúthrachtach fa fhurtacht
agus fá fhóirithin d'fhagháil agus as eadh ro ráidh:
"A Dhé do chum neamh agus talamh, grian agus éusga, agus do
fhidir cóir agus éccóir gach aoin, má do-chí tú gurab agamsa
atá an chóir, tabhair furtacht go fíoraibéil damh a n-aghaidh
an tí dár chóir mh'onórughadh fá a dhíthchioll fil ag cur
um aghaidh mar námhaid agus mar easccaraid gan adhbhur,
gan fhaltanas."
Iomthúsa Sir Uilliam, ó'd-chualaidh eadarghuidhe an
Impir agus iomad a thoirsi um an éttualaing a raibhe, ro
bhiodhgasdair a chroidhe ina chliabh agus ro combuaidhreadh
céudfadha a chuirp go comhlán re háilgheas an iombuailte
agus re mian na mórthroda agus re saint na síorbhuille, agus baoi ag
smuaineadh ina inntinn cionnas do fhóirfeadh ar an Impir
an uair sin, agus do labhair do ghuth ardmhór fhollasghlan ar
lár na laochraidhe agus as eadh ro ráidh:
"Cáit a bhfuilit na ridireadha óga ro hoirdneadh a
ngrádhaibh ridireadh go ttrásda? Créud do-bheir oraibh
gan bhur ccoimhlíon fén do chosg do churadhaibh árrachta
na hAlmáine agus do shlóghaibh séitreacha sárchalma na
Sasóine? Agas dar liom ní dhearnobhair luach bhur spor
do chongnamh nó do chomhfhurtacht don Impir isin iorghail
ó do ghabhabhair cuing ridireachta re bhur n-ais."
Agas gabhais agá ngreasacht agus agá ngéurlaoidheadh agus ag
cor meanman agus meisnighe ionnta go hiomarcach agus dá
rádha riú gan omhan nó imeugla do thabhairt dá
n-úidh nó dá n-aire d'uathadh nó d'fhíorloighead a rabhadar,
"óir ní ré hiomad ríogh nó ridireadh brisdear cath nó
comhlonn acht re grásaibh an Spioraid Naoimh."
Agas ro ráidh an laoidh:
Triallam isin iorghail-si
go ndearbham gníomh gach éinfhir;
cuimhnighidh san ionbhaidh-si
bhur n-oirdneadh cco nua a ccéimibh.
A ógbhaidh na hEadáille,
a dhream chródha ar nách ccinntir,
nárob tréith bhur tteagmháil-si
ag cosnamh córa an Impir.
Romhór bhur lucht anpháirte,
bhur bhfeidhm ar maith as móide,
sluaigh árrachtaigh Almáine
is laochruidh na Sasóine.
Gidh aidhbhseach na ríoghshlóigh-si,
ní brisdear gleó ré n-iomad,
do ghrásuibh na Tríonnóide
bhriseas uathadh ar iolar.
Adhbhur as nách édócha
go bhfuighthí ó Dhia cabhair,
lucht uilc agas éccóra
atáid uile in bhur n-aghuidh.
Do mhaith nocha dearnobhair
luach bhur spor gus an tráth-sa,
as éccóir nár dhearbhabhair
bheith dhaoibh a n-earradh ágha.
A bhuidhean chruaidh chalma-sa,
mar aisgidh oraibh iarruim,
a n-aghaidh an mhadhma-sa
anois cco talchair triallam.
Triallum.
As a haithle sin ro sporasdair Sir Uilliam a sdéud go
dian dísgir deughthapaidh a n-airrchis na ridireadh
Romhánach, do chothughadh catha a n-aghaidh sochraide
na Sasóine agus ánradh na hAlmáine. Ó't-chonncadar na
ceithre fichit ridire ro hoirdneadh má raon re hUilliam sin,
ro leanadar go hathlamh éusgaidh é. Dála Sir Uilliam
dano, téid treótha agus tharsa, agus gabhais agá sloighe agus agá
sleachtadh, gá n-oirleach agus gá n-athchuma, acht cheana an
áit fá tiugh an tsochaidhe, fá tana dá threas, agus an
tan fá láidir an laochradh, fá hanbhfann dá iomghoin, agus an
tan fa calma na curaidh, fa coimhmeirbh dá choinnsgleó,
go nár an aon re hiomghuin, ná curaidh re comhrac, nó
tréunfhear re tachar, nó ridire re rochomhlonn fris, gur
ghabh dearbhráthair don diúci deireadh ar na deughshlóghaibh;
agus tugasdair fén agus Sir Uilliam aghaidh cco hainiarmhartach
ar a chéile, go ttugadar dhá thoimhde fhearrdha
fhearamhla do na sleaghaibh séunta seimneacha sithrighne
is na sleasaibh, gur bhlodhadar na cinn réidhe roireamhra
is na ríoghbhruinnibh. Ar mbriseadh na ccrann ccomhfhada
is na cneasaibh do na curadhaibh, ro thairrngeadar na
lanna líomhtha láinghéura as a ttruaillibh taisgeadha agus ro
bhuaileadar dhá bhéim bhunata bhoirbthréna a ccomhdháil
a chéile. Tarla cloidheamh Sir Uilliam a ccobhraidh
mhóirmheadhóin sgéithe dearbhráthar an diúci gur sgoilteasdair
an sgiath go talmhain don tréunbhéim sin, go
ndearna dá chuid chudroma dhe, agus tug an béim tréun
tánaisde don trénmhílidh gur sgar a cheann agus a chaomhbhruinne
re chéile.
As annsin táinig sdíobhard tighe an diúci do dhíoghail
an ghníomha sin do leith a dhroma ar Sir Uilliam. Fillis
Sir Uilliam go dána dúrchroidheach ris agus tucc béim bunata
biothláidir dhó gur thrasgair é fén agus a each a n-aoinfheacht
ar muin a chéile don chruaidhbhéim sin, go nár éirigh as an
bhfuirmheadh áirdleugtha sin ré n-a bheó. Ó'd-chonnairc
muinntir an diúci na hára agus na heasbhadha tuccasdair Sir
Uilliam ar a ccathaibh agus ar a ccéudaibh, ro
chruininigheadar as gach áird ina uirthimchioll, dá oirleach agus
dá athchuma, agus do-rónsad dúnbhuaile bodhbha agus cró comhdhaingean
catha um an ccuraidh umá ccuairt. Ní ar thime
nár ar thlás ná ar theicheadh do-chuaidh an coimhéirghe
sin ag Sir Uilliam, acht téid fotha agus tarsa amhail leómhan
ar loinne céudfadh nó mathghamhuin ar mhire meanman,
go nár an aoinfhear re hágh nó re hiombualadh dhíobh, gur
mharbhasdair an ceathrar do b'uaisle agus do b'onóraighe do
mhuinntir an diúci isin deabhaidh sin, gur chuireasdair a
raon madhma agus móirtheichidh gach aon nár an re a oirleach
do na hógaibh go hairm a raibhe an diúci ag neartadh na
niadh agus na n-ánnradh.
Ó't-chonnairc an diúci na hára agus na heasbhadha tugasdair
Sir Uilliam ar a ógaibh, gabhais fearg agus fíorlonnas é, agus ro
ghreis a churadha agus a chaithmhíleadha do chothughadh a
ccoinne an mhadhma agus an mhóirtheichidh, agus ro fhuráil forra
calma do dhéunamh a n-aghaidh Sir Uilliam go n-a
airsidhibh; agus adubhairt riú gan anadh nó oirisiomh a
n-aoinionadh isin iorghail go ttugdaís beó nó marbh an tí
tucc na hára agus na heasbhadha sin orra dá ionnsoighidh.
Ro ghealladar-san iomorro nách ttiocfadaís ar ais gus an
diúci gan beó nó marbh Sir Uilliam do thabhart leó do
láthair.
Ciodh trá acht rángadar na ridireadha sin rompa a
haonchomhairle a n-aghaidh Sir Uilliam, dá oirleach agus dá
athchuma airm baoi féin agus a fhéindeadha ag cothughadh
cathláithreach fris na curadhaibh, agus ó'd-chonncadar na
ridireadha dá rochtain, tugadar aghaidh a n-aoinfheacht
orra. Dála Sir Uilliam, téid fotha amhail leómhan adhbhal
Afracdha fá ainmhintibh anbhfanna éccruaidhe nó amhail
seabhac ághmhar earrluath áitheasach fá ealtaibh, nó amhail
libheadhán lánmhór lánathlamh fá ilphiasdaibh aidhbhle
iongantacha na háibhéise.
Acht cheana ó rugadar iomad na láth ngoile ar shochraide
Sir Uilliam, nír fhéudsat cothughadh na himreasna i n-a
n-aghaidh, gur bh' éigion dóibh anbhforlann na hiorghaile
d'fhágbháil 'na aonar ar Sir Uilliam. Ó't-chonncadar
muinntir an diúci Sir Uilliam dá fhágbháil 'na aonar
amhlaidh sin, ro iadhadar dá gach taoibh ina thimchioll agus ro
bhádar agá dhíobhragadh go deithideach d'fhoghadhaibh
féighe frithre fírneimhneacha agus dá gach uile chinél airm
ionchaithmhe agus do bhéimeannaibh borba barbardha a
ndeaghaidh na ndeughurchar sin. Acht cheana géur
líonmhar don laochraidh ar an láthair sin ag iomghuin ar
an airsidh, nír fhágaibh aon aca gan comaoin a ghona cco
guasachtach agus éuraic a bhuille go biothurlamh d'fhagháil
uadha, nó gur sgaradh re a each go hamhdheónach é, agus ní
lughaide do fhreagair a ccomhlonn do na curadhaibh sin nó
gur luigh iomarcaidh na n-ánnradh a n-aoinfheacht fair,
go nár fhéud freasdal nó friotháileamh dhóibh ar a
n-aidhbhle agus ar a n-iomat, gurbh éigean dó é fén do
dhílsiughadh dóibh le líonmhuire na laochraidhe agus na láth
ngaile agá fhorrach. Ciodh trá acht ro gabhadh aca é agus ro
beanadh a airm agus a iolfhaobhair dhe agus ro ceangladh agus ro
cuibhrigheadh é as a haithle do théudaibh righne rochruaidhe
agus do réifeudhaibh daingne dosgaoilte agus do chadhladhaibh
cruaidhe cnáibe, agus ro thriallsat a bhreith leó dá oidheadh
go hairm a raibhe an diúci.
Ó't-chonncadar na ridireadha ro bhádar ma raon re Sir
Uilliam a ttús an laoi sin, ro chuimhnigheadar gurab a
n-aonlá ro hoirdneadh a ngrádhaibh ridireadh iad agus ro
thuigeadar fós gur bh'usa dhóibh a fhuasgladh an
uair si iná d'éis a bhreith d'ionnsoighidh an diúci. Ro
leanadar go hathlamh urmaisneach é as a haithle agus tugadar
fóbairt bhiodhbhadh ar fhiallach a iomchoimhéuda gur
athchuireadar agus gur ionnarbadar a n-aoinfheacht uadha
iad, ar ngabháil fuasgair agus fualaing dhóibh rompa, agus do
léigeadh luaighill a lámh agus céimniughadh a chos agus cumas a
chuirp ar a chumas, agus tugadh a each agus a arm agus a éideadh
iar sin dó.
Ar bhfagháil a eich amhlaidh sin do Sir Uilliam, gé do
bhí cneadhach créachtach crólinnteach, nír chuimhnigh ar
neimh a lot nó a lánáladh acht téid fon ccath go curata,
amhail leómhan ar láidire nó ar lánchéudfaidh, go nár
fhéud aoinneach anmhain re a aghaidh nó re a iomghuin,
cco ráinig airm a raibhe an diúci. Ó't-chonnairc an diúic
eisiomh, táinig gan obadh, gan éimhgheadh ina aghaidh.
Ciodh trá acht ó't-chonnairc Sir Uilliam a bhiodhbha agus a
easccara dá ionnsoighidh, ro luathaigh ina choinne cco
coimhdhíochra, agus ro chuireasdair a chorrmhér data deughthapaidh
a suaineamh na sleighe slinnleithne, ro bhog agus ro
bheartnaigh ó a hionnsma gó a hurlainn í agus tucc urchar
díreach deughlámhaigh ar amas an diúci dhi. Ó't-chonnairc
an diúci an chraoiseach chuige, tógbhais an sgiath mhíleata
mhórleathan dá imdhídion ar an omna, gur bheanasdair
an tsleagh sheimneach shiothfhoda a n-uachtar na hóirsgéithi,
gur tholl agus gur thochail an tromsgiath, gur leadair
agus gur láinbhris an lúireach láintreabhraidh agus an
cotún cadad comhdlúta, gur fhuaigh agus gur fhírcheangail
guala an ghaisgeadhaigh agus an chaoimhsgiath ré'roile, gur
leugasdair neart an urchair an diúci dá each, go nach raibhe
cumas a anacail ag aoinneach dá mhuinntir ó sin amach.
Ó't-chonnairc Sir Uilliam ar an ordughadh sin é, gabhais
ag tabhairt achmhasáin dhó fá éirghe a n-aghaidh an impir
dár dhual dhó umhla agus urraim do thabhairt, agus fan rún
marbhtha agus mudhaighthe baoi aige dósomh seach cách.
"Agas do-bheirim-si a bhuidhe agus a bhuanaltughadh re
Dia gurab ad cheann féin do fhill do mhiosgais agus do mhírún,"
ar sé.
Ó't-chualaidh an diúci an t-achmhasán sin Sir Uilliam
agus ó'd-chonnairc gur bhuadhaigh fair, ro shín a chloidheamh
uadha dá ionnsoighidh agus baoi agá agallaimh as a haithle agus
as eadh ro ráidh:
"Admhuim-si gurab mé fén as ciontach," ar sé, "agus go
ndearnas ní nár dhligheadh damh do dhéunamh, agus táinig
mo mhíairle fén um aghaidh bhúdh-dheasda, agus ó táim ar
do chumas-sa, tabhair maitheamh n-anacail damh, agus cuirim
mo chorp agus m'anam ar th'eineach agus ar do chomairce, agus
dílsighim mé fén go m'uile chumhachtaibh ar do chumas,
gidhbé breath bheire form."
Gabhais Sir Uilliam an umhla sin uadha agus tugais
maitheamh n-anacail dhó, agus rug leis ar a each fén é go
hairm a mbaoi an t-Impir, ar mbuain a airm agus a éididh agus a
earraidh cco hiomlán de.
Dála an Impir, ó't-chonnairc Sir Uilliam dá ionnsoighidh
agus an diúci a láimh leis, táinig 'na choinne agus 'na chomhdháil,
agus ro dhruid re a chliabh agus re a chroidhe é agus tug a
bhuidhe re Dia fear a anumhla agus a anurrama do thabhairt
chuige ar a chumas don chur sin, do thaisbénadh a
mhíghníomh agus a mhíairle dhó.
Iomthúsa sochraide na Sasóine agus oireacht na hAlmáine,
ó't-chonncadar a ttriath agus a ttighearna do ghabháil, ro
ghabhadar raon madhma agus móirtheichmhe seachnón na
críche. Ro gabhadh an t-aithiosg sin re Sir Uilliam agus re
hánnradhaibh an Impir, uair ro ghabhadar gá marbhadh agus
gá mudhughadh, gá n-oirleach agus gá n-athchuma, gá sloighe
agus gá sleachtadh go ndeachaidh tar ríomh agus tar roáireamh
a ttorchuir ann d'uaislibh na hAlmáine agus do shochraide
na Sasóine, a n-éccmhais ar gabhadh dá ngaisgeadhachaibh
.i. cúig céad áireamh a mbraighdeadh agus a mbuainghiall
do ríoghaibh agus do rodhaoinibh, a n-éccmhais ar marbhadh
dá míleadhaibh. Ó táinig iomdhorcha na hoidhche dá
n-ionnsoighidh, ro iompódar go láthair an longphuirt go
hairm a raibhe an t-Impir, agus nír lughaide lúthgháir an Impir
na hathbhraighde at-chonnairc chuige, agus do uráil ar gach
ridire dá raibhe ann dol ar sgáth meirge a ttriath agus a
ttighearna d'fhoraire agus d'fhorchoimhéud an longphuirt cco
hurthosach na maidne muchshoillsi arna mhárach d'eugla
amais longphuirt d'fhagháil ó fhianlach an mhadhma.
Ar ttoidheacht na maidne muiche arna bhárach gus na
míleadhaibh, ro éirgheadar as a sgoraibh seachtair
do chinneadh comhairle dús cidh do-dhéndais um dhála an
diúci agus na ngiall do gabhadh maille fris. Tiaghaid a mhaithe
agus a mhóruaisle, a ríogha agus a ridireadha gus an Impir, agus tucc
an t-Impir cumas comhairle dóibh iar sin. Adubhairt dream
dhíobh gur cóir dligheadh do chor amach orra .i. dligheadh
an Impir dá ttiocfadh a ndaoradh ina ndrochaicíd agus ina
ndrochceardaibh, agus breitheamhnas diongmhála do dhéunamh
orra dá ccor a ndáil báis agus buainécca tré bhíthin a ttriath
agus a ttighearna do thréigion agus tré anumhla do dhénamh dó.
Adubhairt dream ele dhíobh gur bh'fhearr a léigion amach
iná a mbásughadh ó do bhádar ar comas an Impir re maith
nó re holc do dhénamh dhóibh, agus go mbiadh 'na bhladh
fair maith do dhénamh a n-aghaidh an uilc don lucht do-rinne
a inghreim agus a easonórughadh, a chíos agus a cháin rígh
maille re humhla agus re hurraim d'fhagháil uatha, agus dá
mbrisdís a mbriathar nó a mbithghealladh ó sin amach,
gur mhaith dhósomh míchéudfaidh cáich a ccoitchinne do
bheith orra ó sin amach tré n-a ndrochcoingheall maille
le a dhíoghaltas san 'na dhiaigh.
Ro mhol Sir Uilliam an chomhairle sin, óir as é aonnduine
dá n-uaislibh as mó ro ba comhairleach ar an Impir é.
Ciodh trá acht as ar an ccomhairle sin ro hanadh
aca agus do cuireadh Sir Uilliam do shoighidh na ngiall dús
créud do-dhéndaoís fris an Impir dá léigthí amach iad.
Adubhradar-san cco ttiobhradaoís iad fén idir chorp agus
anam dhó a n-éuraic a ndearnsad fair, agus go ttiobhradaoís
a n-éirghe ar gach feacht agus gach sluaigheadh a rachadh dhó
do chomhartha umhla agus urrama maille re n-a chíos cinnte.
Ro innis Sir Uilliam don Impir a fhreugra ó na ríoghaibh
agus ó na ridiribh ag a raibhe. Ro cuireadh Sir Uilliam ar
a cceann do-ridhisi agus tucc leis d'ionnsoighidh an Impir iad.
Gabhais an t-Impir cuir agus rátha furra um chomhall dó agus
cuiris iodhlacadh do mhaithibh a theachtadh agus a thimthire
leó dá n-iathaibh agus dá n-áitibh bunaidh bhudh-dhéin. Acht
cheana nír cuireadh an diúci fa ráth nó fa ordughadh síodha
nó socharadraidh dá ndearnadh re a mhuinntir nó re a
mhóirtheaghlach.
Ó't-chonnairc an diúci gach saothar dá ndearna do dhul
for díomhaoin, agus a chomhluadar cogaidh agus coimhionnsoighidh
do dhul 'na aghaidh agus do dhealughadh fris, ar ttabhairt
umhla agus urrama don Impir dhóibh, agus é fén 'na chimidh
chrapailte chuibhrighthe fá chumhachtaibh a fhoghladh agus a
easccarad, do-righneadh cró-mhaidhm dá chroidhe ina
cheartmheadhón cco bhfuair bás agus biothoidheadh an chéadadhaigh
ar n-imtheacht a mhuinntire uadh.
Iomthúsa an Impir, ar bhfágbháil na cathláithreach dhó
go n-a churadhaibh agus ar bhfagháil bháis don diúci iar
mbriseadh catha fair amhail ro rémhráidhsiom, gabhais
lúthgháire adhbhalmhór é ar ttinól arm agus each agus éideadh
an fhianlaigh ro marbhadh isin mhóirghleó sin.
Gabhaitt lámh ar imtheacht as a haithle dá n-iathaibh agus dá
n-áitibh bhudh-dhéin, agus as é eólas trésar ghabhadar, tré
chríochaibh na Lombairde go láindéudla.
Dála Sir Uilliam ro bhaoi-séin go cneadhach créachtach
comharthach seach cách a haithle an chatha ro chuireasdair,
go nach raibhe ionaisdir nó inimtheachta. Ó't-chonnairc
an t-Impir sin, tucc leagha na Lombairde chuige d'fhéuchuin
a airrdhean, agus ro fhiarfaigh díobh créud an breitheamhnas
baoi aca fair. Adubhradar na leagha, gé do bhádar gona
guasachtacha báis fair, go leigheósdaoís fén é gan ghuais
báis nó biothainimh. Fa subhach sobrónach an t-impir do
na sgéulaibh sin, agus ro fhágaibh Sir Uilliam dá leighios aca
agus ro aithin díobh dúthracht do dhénamh dhó.
Tuccasdair teachtaireadha tairisi chuige fo chéudóir agus
adubhairt friú dol reimhe don Róimh go bhfios sgéul a
ndearna go maithibh na Rómha do neoch ro an uadhasomh
dhíobh agus go a inghin cco háirithe, dá rádha fria banais
ríoghdha romhór d'ollmhughadh 'na oirchill a n-onóir na
hinmhe agus an airdtighearnais fuair ó do fhágaibh í agus na
buadha rug ar a bhiodhbhadhaibh, agus cco mbiadh fó cheann
cóicthidhisi ón am sin go n-a ríoghaibh agus go n-a ridiribh
isin Róimh.
Tiaghaid na teachta las na sgélaibh sin do rochtuin na
Rómha go rángadar cco háras an Impir cco hairm a mbaoi
Meliór agus na maithe ar cheana, agus ro innseadar gníomh agus
échta agus áitheasa an Impir ó thús go deireadh dhóibh, agus mar
do rucc buaidh ar a bhiodhbhadhaibh a n-am catha agus
comhloinn, agus go ndubhairt riasi fleadh agus féusda d'ollmhughadh
'na urchomhair a n-onóir na ríoghachta ro
ghabhasdair, agus cco ttiocfadh fén fó cheann cóicthidhisi.
Gabhais subhachas agus sobrón na sochaidhe agus Meliór ga
háirithe um na haitheasgaibh sin, agus baoi ag fiarfaighe do na
teachtaibh an bhfuaradar gábhadh nó guasacht ag gabháil
na bhforba agus na bhfearann sin.
"Truagh sin," ar na teachta, "ní fríth agus ní fuighbhithear
éigion nó anbhforlann mur an éigion fuaradar, óir nír shaoil
aoinneach aca teacht tar a ais dá iath nó dá fhearann fén
re haidhbhle agus re hiomat a n-éigiontais."
Ro fhiarfaigh Meliór cia do mhuinntir an Impir do b'
fhearr gal agus gaisgeadh, neart agus niadhachas, ag anacal nó ag
imdheughuil an Impir isin éigion sin.
"Ridire óg anaithnidh dá ndearna an t-Impir feisin ridire
an lá rias an ccath do chur, agus do oirndeasdair ceithre fichit
ridire 'na onóir an lá ro hoirdneadh é, agus as oirdneadh tucc
a thoradh fá dheóigh don Impir an t-oirdneadh sin tuccasdair
ar Sir Uilliam, óir do briseadh an cath an chéuduair ar ar
ccuradhaibh-ne nó gur chothaigh ar éigion é. Ro shraoin
agus ro thréneasairg Pedersen, lch 386 sluaigh agus sochaidhe na
Sasóine agus ógbhadh aindreannda na hAlmáine nó gur ghabh
dearbhráthair don diúci deireadh ar na deughshluaghaibh. Acht cheana
nír
tharbha an teasargain sin óir do thuit-siomh d'aitheasg
aonghona Sir Uilliam, agus ro mharbhasdair sdíobhard
tighe an diúci iar sin agus an ceathrar do b'uaisle agus do b'
onóraighe do dheughdhaoinibh an diúci, agus ro ghabhasdair
an diúci fén iars na héchtaibh sin ar ccur áir a ríogh agus a
ridireadh, cco ttug 'na chimidh chreapailte chuibhrighthe
d'ionnsoighidh an Impir é, go bhfuair bás agus biothoidheadh
fó cheann laoi go n-oidhche iar n-a ghabháil re himneadh
agus re héttualaing."
Ó't-chualaidh Meliór éachta agus áitheasa Sir Uilliam agá
n-áireamh amhlaidh sin, ro fháiltigh a hinntinn agus a haigneadh
go hadhbhal, cco raibhe a croidhe agus a cliabh ar comhlasadh
dia sheirc agus dia shíorghrádh, agus tucc a bhuidhe re Dia ina
hinntinn go hinchleithe go raibhe a díol fén d'fhior agus
d'fhíorchéile a bhfear a bhéus agus a bhuaintréidhe, gion go
raibhe fios a uaisle nó a atharrdhachta aice, agus gur aithin
go ccoiseónadh clú goile agus gaisgidh ar bhélaibh slóigh agus
sochaidhe. Agas tucc ór agus airgead cco hiomarcach do na
teachtaibh a lóighidheacht ar innseadar d'éachtaibh agus
d'áitheasaibh ar Sir Uilliam, agus tuccasdair rann ós áird
agas ro fhreuccair na teachta dhi:
"Sgéla libh dúinn, a theachta
d'éis teachta dá bhur tturas,
cluineam uaibhsi go héimheach
tallann d'éigean bhur ccuradh."
"A bhfuair sinn gus an tan-sa,
a aindear ghasda dhéidgheal,
ní fríth riamh is ní fuighthear
a leath nó a uiread d'éigean."
"Lé a raibhe d'éigean oraibh
nír shoirbh cobhair bhur n-imnidh,
cia dá thriathaibh sa teugmháil
dob' fhearr eadráin don Impir?"
"Sir Uilliam a ainm baisde,
ridire an ghaisgidh ghéurchruaidh,
do hoirdneadh go nua a ccéimibh,
leis do éirigh gach énbhuaidh.
Sdíobhard an diúci an tráth-soin
is a bhráthair a n-aoinfheacht,
leis do thuitseat a ccomhlonn,
a ccosg gér bh'fhorlann d'aoinfhear.
Ceithre rígh tréna tóghdha
do neoch fá cródha croidhe
do traothadh leis dá luaghail,
do bhuadhaibh a ghníomh ngoile.
Gníomh do fhurtacht ar n-imshníomh
d'éis na n-ilghníomh do-róine,
a ccuibhreach, dál gan diúidi,
tucc diúci na Sasóine.
An diúci d'éis a cheangail,
bás 'na dheadhaidh, géur mhéla,
fuair a cceann laoi go n-oidhche,
budh feirrde coidhche ar sgéula."
Dála an Impir iomorro, táinig reimhe go Róimh, ar
n-ordughadh maor fria tabhach a chíosa ar na críochaibh
do chuir fo chumhachtaibh, cco raibhe a ccomhfhogas don
chathraigh. Ó't-chonncadar lucht na cathrach an t-Impir
dá n-ionnsoighidh ar ródaibh na ríoghchathrach, ro shinneadar
a n-orgháin iongantacha allmhardha agus a n-adharca
beannchaomha binnghothacha agus a ccuisleanna caomha
ceóilbhinne agus a ttiompáin toghaidhe théidbhinne agus ceinél
gacha ceóil choimbinn ar cheana. Ro foilgheadh leó iar
sin slighthe agus sráide na ríoghchathrach do bhláthaibh áille
iolardha éccsamhla agus do sgothaibh sgiamhdha sgoramhla
sgáthnuaidhe agus do luibheannuibh cuanna caomhmbolaidh
fó chosaibh ríogh agus ridireadh, curadh agus caithmhíleadh,
ógbhaidhe agus eachraidhe an Impir. Ro foilgheadh leó fós
taidhbhligheadha gacha tuir agus gacha trénchaisdeóil isin
ccathraigh go coimhiomlán do shról agus do shíoda agus do shiric
agus do shionshnáth agus dá gach uile cheinél datha ar cheana.
Ro léigeadh srotha agus síoraibhne na cathrach a
ccoimh néinfheacht as a n-áitibh bunaidh agus ro léigeadh
srotha fíona fíoráluinn a tonnaibh agus a tromleasdraibh ina
n-ionat go nach beith tacha dighe ná deughóil ar churadhaibh
na cathrach, go nach déndaoís acht a leastra agus a
lántsoithighe do líonadh do chinél gach uile fhíona baoi a
n-ionad na n-árdshroth, gur sásadh na sochaidhe do na
srothaibh sin ria siú rángadar an ríoghcathair.
Ráinig an t-Impir gus an ardchathraigh iar sin. A
n-aoinfheacht iomorro ráinig doras an dúnaidh agus Sir Uilliam
ar ttocht ón Lombairdi iar n-a leighios agus iar n-a
láinleasughadh do na leaghaibh ag ar fhágaibh an t-Impir
é fo cheann cóicthidhise iomláine. Dála Meliór iomorro,
táinig a ccoinne agus a ccomhdháil cháich agus do-róine lúthgháir
agus lánshubhachas rias an Impir agus rias na hardmhaithibh
ar cheana agus ní dhearna barr lúthghára re Sir Uilliam cco
sonnradhach acht mar do-rinne a ccoitchinne, gion gur
bhó loinn lé. Bádar bantracht agus bandála na hardchathrach
ag ionráithne a ccarad agus a ccoigéile agus gan aon aca fuair
easbhaidh a charad fair, baoi go dubhach doimheanmnach
an feadh do chuimnigheadh; an uair do chuimhnighdís
buaidh chosgair agus chomhmaoidhimh do bhreith don Impir
ar a easccaraid agus barr do chur a inmhe agus a airdtighearnas,
no bhídís cco subhach sobrónach as a haithle.
Iomthúsa Meliór iomorro, téid dá grianán agus baoi ann re
headh agus re hathaidh ag urghairdiughadh meanman agus aigeanta
agus ag cuimhniughadh ar sheirc agus ar shíorionmhaine Sir
Uilliam. Dála Sir Uilliam ó fuair aire cháich ar a
chéile, do-chuaidh cco hairm a mbaoi an inghean ar sheóladh
Alexaindria, agus ó'd-chonncadar aghaidh aroile, do thoirbhreadar
do phógaibh miochardha muinnteardha dá chéile
agus as inbheachtuin má do-rónadh rompa iná 'na ndiaigh
lúthgháir mar an lúthgháir do-rónsat. Téid Sir Uilliam
uaithe iar sin a ccuma cháich fon ccathraigh agus baoi amhlaidh
sin go ttáinig am suain agus sádhaile chuca, agus téid fén agus
Alexaindria iar sin gan fhios d'aoinneach isin ccathraigh
cco hairm a mbaoi Meliór, agus ro luigh ina hiomdhaidh agus ina
hardleabaidh agus ro an ann cco deireadh oidhche, agus téid
uaithe iar sin gan fhios d'aoinneach dá chodailteach
comhnaidhe tré iolchumhachtaibh Alexaindria.
Bádar amhlaidh sin cco ttáinig aimsir na Cásg chugtha
agus ar ttorachtuin na sollomhnach dá soighidh, ro thionólasdair
an t-Impir uaisle agus árdmhaithe an tSeanaidh ríoghdha
Rómhánaigh dá rochtuin do chaitheamh fleidhe agus fésda. Ó
rángadar na hárdmhaithe sin dá ionnsoighidh, ro suidhigheadh
gach aon aca ina ionadh díleas diongmhála bhudh-dhéin
ar sleasuibh saidhbhre sármhóra na sithchathrach, agus bádar
ag ól agus ag airmhidin agus ag urghairdiughadh meanman agus
móraigionta gur bhó subhach sáitheach sobrónach na
sochaidhe las an síoról.
Nír bhó cian dóibh ann as a haithle go bhfacadar an
bhuidhion éccsamhail iongantach dá n-ionnsoighidh .i. deich
mbarúin ficheat agus beirt ridire agus gaisgeadhaigh um gach
aoinfhear aca. Iar rochtuin do láthair dhóibh, ro fochtadh
a sgéula: canas ttángadar nó cáit a mbaoi ceann a ttosga
agus a tturais. Ro innseadar-san gurab do mhuinntir
impire na Gréige Móire iad agus go raibhe gnóaighe agus géurthosga
aca fris an impir Rómhánach. Ó'd-chualaidh an t-Impir
sin, ro éirigh fén ina ccomhdháil dá n-onórughadh, agus ro
chuir a n-áit oireagair óla ina fharradh iat. Ro freasdladh
agus ro friothóladh iad as a haithle gur bhó subhach sáitheach
seasgair solabhartha iad a ccuma cháich. Iar ttairgsin an
óil agus iar ttuirsiughadh na ttromfhlath do thomhaltas agus na
sochaidhe do shíoról, ro éirigh an t-Impir as a áit oireagair
óla, agus do-chuaidh d'ionnsoighidh a sheómra agus do goireadh
teachta an impire chuige agus ro fhiarfaigh a ttoisg agus a tturas
díobh. Ro labhair an tí do b'uaisle agus do b'onóraighe
dhíobh agus as eadh ro ráidh gurbh' é an t-impire Gréugach
do chuir iad fén chuigesiomh d'iarraidh a inghine fair do
Phairtinotas .i. d'éunmhac an impire, neoch aga mbiadh
impireacht na Gréige a ndiaidh a athar, agus impireacht na
Rómha ag an inghin ó nách raibhe do chloinn agá n-aithribh
acht iad araon, agus nách raibhe sa chruinne go comhlán rí
nó roithighearna agar bh'fhearr dhi a beith inás:
"Óir as usa dhi ór d'fhagháil aige ná airgead agaibhsi, agus
as usa dhi fós dúinte dímhóra agus cathracha comhdhaingne
d'fhagháil aige ná mioniosdadh agus mionfhoirgneamh d'fhagháil
agaibh, agus ó táthaoí-si, maithe agus móruaisle na himpireachta,
a n-aonláthair, déntar críochnughadh comhairle go
lánathlamh libh uime sin, óir as maith linne dol le
fios sgéul d'ionnsoighidh an impire Ghréugaigh."
Ó't-chualaidh an t-Impire Rómhánach sin, ro ghabh
subhachas agus sobrón adhbhalmhór é, agus do-chuaidh ar fód fo
leith ar an láthair sin agus tugadh chuige a ríogha agus a roithighearnadha,
a chonsail agus a chomhairleacha agus maithe an
tSeanaidh ríoghdha Rómhánaigh ar cheana, do chinneadh
comhairle um an ccaingean forcaomhnacair ann. Acht atá
ní cheana, as í comhairle ar ar chinnseat, an inghean do
thabhairt do mhac an impire Ghréugaigh .i. Pairtinotus, ó
do bhaoi a neart agus a chumhachta os a ccionn re díth nó re
dochar do dhénamh dóibh dá n-érthaoi um an inghin é,
nó ré sochar nó ré síorchabhair d'fhagháil uadha dá
mbeidís a ccleamhnas nó a ccaradradh fris, agus ní ele fós,
nách raibhe a fhios aca cia an rí ná an roimpir do thighearnadhaibh
toghaidhe an talmhan do iarrfadaoís d'fhior nó
d'fhírchéile don inghin tar aonmhac an impire Ghréugaigh,
neoch ag a raibhe ar a chumas críocha agus cineadhacha na
cruinne go coimhiomlán do mhilleadh nó do mhóirleasughadh.
Ar ccríochnughadh na comhairle sin dóibh, tugadh teachta
an impire Ghréugaigh dá n-ionnsoighidh agus ro innis an
t-Impir go hathlamh dhóibh go ttiobhradh an inghean do
mhac rígh Gréug agus nách raibhe do thighearnaibh an talmhan
cliamhain budh fhearr leis aige inás, agus adubhairt friú teacht
fa Fhéil Chros go háirithe ar ceann na hinghine agus nách
mó ná san aimsir sin do bhiadh gach aidhme rob' iomchubhaidh
do bhanais na hinghine ollamh aige. Agas tugasdair
saidhbhreas óir agus iolmhaoine do na teachtaibh iar
sin.
Sóaid na teachta iar sin a bhfrithing na conaire céudna,
iar bhfágbháil iomchomhairc beathadh agus sláinte ag na
sochadhaibh agus ag an Impir cco háirithe, agus ní haithrisdear a
n-imtheachta go rángadar áit a mbaoi an t-impire Gréugach
agus ro aisnéidhseat a sgéula o thús go deireadh dhó. Fá
subhach sofhorbhfaoilidh an t-impir agus maithe na Gréige
ar cheana um na sgeúlaibh do reacadh riú .i. críochnughadh
an chleamhnasa sin, agus um aidhbhle na honóra fuaradar a
tteachta agus a ttaidhleóra ón Impire Rómhánach. Agas baoi
an t-impire as a haithle ag deasughadh gach neith rob'
iomchubhaidh dhó a n-oirchill na haimsire a ndubhradh ris
teacht ar ceann na hinghine.
Iomthúsa an Impire Rómhánaigh, ar n-imtheacht do na
teachtaibh uadha, baoi ag teagar agus ag trénullmhughadh
bainnsi ríoghdha romhóire a n-oirchill an impire Ghrégaigh
go nach raibhe rí nó ridire, consal nó comhairleach, uasal
nó anuasal, saidhbhir nó daidhbhir, isin tSeanadh ríoghdha
Rómhánach nach raibhe ag tionól agus ag tiomsughadh agus ag
tréunshaothrughadh na bainnsi biothmhóire buaintiodhlaicthighe
sin gus an aimsir áirithe ro hiomráidheadh
eatorra.
Dála Sir Uilliam iomorro, tarla eisiomh a bhféugmhais an
bhaile an uair sin agus táinig ann as a haithle iar n-imtheacht
do na teachtaibh, agus ó'd-chonnairc an t-ollmhughadh adhbhalmhór
seachnón na cathrach go comhlán agus ó'd-chualaidh
iomrádh an chleamhnasa ag cách a ccoitchinne, do
chlaochlóidh a chruth agus a chaoimhdhénamh agus tángadar
airrdheana baoghlacha báis go hobann dá ionnsoighidh
go nár fhéudadar a chosa a fhulang nó a fhíorchongmháil
le meirbhe agus le maothchroidhe, agus téid roimhe dá sheómra
iar sin, uair nír léig an euccla dhó dol go hairm a mbaoi
Meliór, óir do shaoil cco raibhe cuid do dhénamh an
chleamhnasa sin aici. Agas baoi cco dubhach dobrónach
agus go huchbhadhach imshníomhach acaointeach, gur
leathnaigh an sgéul fon ccathraigh a ccoitchinne .i. galar agus
géureasláinti ar bhfortamhlughadh ar Sir Uilliam gur
bh'fhoicsi bás ná beatha dhó. Thiaghdaoís dano ridireadha
rathmhara rouaisle na Rómha agus curadha calma céudfadhacha
na cathrach agus tréinfhir theanna thoghaidhe an tíre ina
thimchioll ar cuairt chuige d'fhiarfaighe adhbhair a easláinti
de, agus nír admhaigh-san d'aoinneach créud táinig fris. As
eadh adeirdís-sion dá ndeachaidh-san don easláinti sin ...
Iomthúsa an Impir iomorro, táinig aon do laithibh
d'fhéuchuin Sir Uilliam agus ar cuairt chuige a ccuma cháich
agus ro fhiarfaigh dhe créud dob' adhbhur easláinti dhó.
Adubhairt-sion nách raibhe a fhios sin aige fén, acht aonní,
gur bh'fhoicsi bás dhó ná beatha muna bhfaghadh a
fhóirithin go hathlamh, agus adubhairt géur bh'adhbhal a
easláinti gur bh'fheirrdi dá bhiseach eision do theacht ar
cuairt agus gur mhór do mhaith do-rinne riamh fair go nuige
an uair sin agus go madh comaoin dhó fén, dá mbeith ar a
chumas, maith do dhéunamh dhó ina aghaidh. Ó'd-chualaidh
an t-Impir an t-aitheasg sin, ro chuir maoithe agus mórthuirsi
fair agus ro chaoieasdair frasa diana dér, agus ro fhágaibh
an seómra fon samhla sin agus do-chuaidh go hairm a mbaoi
Meliór agus é ag tiormughadh a ghruadh agus a ghlanaighthe, agus
ro innis di gur bh'fhoicsi bás ná beatha do Sir Uilliam muna
bhfaghadh a fhóirithin go hobann. Ar n-a chloisdin sin
don inghin, as eadh ro ráidh:
"Ná dén-sa dubha ná diobhorgóid de sin, a impir," ar sí,
"óir as minic do bhí tinneas agus troimeasláinti ar neach agus go
mbiadh slán as a haithle."
Téid an t-Impir dá phálás fén iar sin agus nír an ma raon
ris an inghin acht madh Alexaindria í fén, agus ar ccluinsin
an éigin a raibhe Sir Uilliam dhi, ro tharruing a folt agus a
fionnfadh, ro bhris a hearradh agus a héudach, do loit a gruaidh
agus a ghlanaghaidh agus ro fhearasdair frasa diana díogháire
dér gur bhó fliuch bláth agus bruinne dhi, agus tuitis a ttaisibh agus a
ttáimhnéllaibh iar sin.
As annsin ro éirigh Alexaindria dá soighidh agus ro iadhasdair
a dhá láimh cco lánurlamh ina huirthimchioll agus baoi ag
cor meanman agus meisnighe innte agus as eadh ro ráidh:
"Tréigthior do dhubha agus do bhrón leat, a inghean," ar sí,
"uair má tá galar nó géureasláinti ar Sir Uilliam 'mun am
sa, féudfaidh Dia na ndúl agus Críost cumhachtach do chum
an cheathardhúil furtacht agus fóirithin fair, agus éirigh fén ar
cuairt chuige agus gá fios nách feirrdi do bhiadh a bheatha
agus a bhuanshláinte é. Gurab amhlaidh raghair ann: cuir
feasa agus teachta ar do bhanntracht agus ar do bhandálaibh agus ar
do theughlach ar cheana, agus beir leat a n-aoineacht
iad d'eugla co ttiobharthaoí baramhail dhaoibh cco mbiadh
searc nó síorionmhaine agaibh d'aroile dá ndeachthá ós
ísiol dá fhéuchain."
Ó'd-chualaidh Meliór an t-aitheasg sin Alexaindria dá
múnadh agus dá móirtheugasg, ro éirigh as an luighe liúin agus
lánbhaoghail a raibhe agus tucc lámh thar a gnúis agus thar a
glanaghaidh agus ro bhean a comhartha bróin agus buanchumhadh
dhi. Ro ghabhasdair beirt áluinn éccsamhail iongantach
órshnáith uimpe, agus ro chuir fios ar ceann a banntrachtra
agus a banchuire agus a muinntire ar cheana. Tángadar-séin go
hathlamh dá hionnsoighidh agus ro innis dóibh go rachadh ar
cuairt do shoighidh Sir Uilliam d'euccla go mbiadh diomdha
aige uirrthe agus slóigh na cathrach a ccoimhnéinfheacht ag
teacht gach aonlá dá fhéchain, "óir as d'oibrighthibh na
trócaire fiosrughadh aosa lobhair agus easláinte."
As annsin ro ghluaiseadar rompa leath ar leath cco
rángadar doras an aireagail a raibhe Sir Uilliam ina luighe
bróin agus buantoirsi, agus adubhairt Alexaindria lé a raibhe uma
raon fris an inghin anmhain amuigh agus gan dol do chur
bhuaidheartha ar an easlán baoi isin tigh agus gur mhór díol
uaigneasa gach easláin. Ro anadar-san amuigh amhail
adubhradh friú agus téid Meliór agus Alexaindria asteach go
hairm a raibhe Sir Uilliam. Iomthúsa na hinghine, ó
ráinig gus an ionadh a mbaoi Sir Uilliam, ro iadhasdair a
dhá láimh leabhra lánáille ina uirthimchioll, agus baoi agá
agollaimh as a haithle agus as eadh ro ráidh:
"Cionnas atá m'énghrádh-sa agus m'énionmhaine d'fhearaibh
an bheatha do bhunadh," ar sí, "agus an tí ar thréigios
gach aoinneach don Ádhamhchloinn go nuige so agus ó sunn
amach?"
Ó't-chualaidh Sir Uilliam briathra na hinghine, ro labhair
cco faoilidh foisdionach ria agus as eadh ro ráidh:
"Do shaoileas-sa gur bh'fhíor duitsi sin nó gur dhearbhais
mo neamhthoil agus mo neamhghrádh do bheith agad, agus nír
shaoileas-sa gur thuilleas sin uait, oír ní dhearnas éinní
dod neamhchomhairle gus an tráth sa cco bhfios dam fén,
agus gach seirbhís agus gach síorumhalóid dár fhéudas do dhénamh,
do-rinneas duit í agus don impir it onóir, agus as é luach fuaras
'na éuraic sin uait, mo chur dochum báis agus buainéucca."
"Truagh sin," ar an inghean, "nír mharbhas-sa aonduine
riamh go nuige so, agus dá marbhuinn, as duitsi do-bhéuruinn
deireadh marbhtha do dhaoinibh an domhain, agus an chéudtoil
tuccas duit, nír bheanas dhíot ó shoin í agus ní bheanfat ó sunn
amach go bráth; agus ní raibhe cuid ná comhairle d'aoin-ní dá
ccualais dá dhéunamh isin dún sa agam, uair dob' fhearr
liom mé fén do bheith ó ionadh go hionadh gan comhnaidhe,
gan comhthairisiomh ma raon riotsa ná impireacht na
cruinne go comhlán d'fhagháil it éccmhais."
Ó't-chualaidh Sir Uilliam admháil na hinghine, táinig a
neart agus a niadhachas, a chalmacht agus a chathardhacht fén
chuige, agus ro imthigh a uile fhiabhras agus easláinti uadha, agus
tucc lámh a n-uirthimchioll na hinghine agus rug leis ina
iomdhaidh í agus do-rinne toil a mheanman agus a mhóraigeanta
fria, agus do bhádar ag áineas agus ag iomagollaimh fria aroile, agus
ro ráidhseat an laoidh:
"Cionnas atá m'énghrádh-sa
anois d'fhearaibh an bheatha?
as adhbhur dom ghéurchrádh-sa
do chloisdin a ccás dheacra."
"Gus anois do shaoileas-sa
go raibhe mo shearc leibhsi,
a ainndear nua naoidheanta,
nó go ccuala an sgéul ele."
"Ná bíodh riom do rothuirsi,
ó nách sgéul fíre fuarais,
ní raibhe cuid comhairle
damh a n-aoin-ní dá ccualais."
"A ríoghan fhionn úrghasda,
aithnighim orm do neimhchion,
leat ar son mo dhúthrachta
do marbhadh mé fa dheireadh."
"Fir domhain ar éintslighe
dá marbhuinn gus an am-sa,
as duitsi, a shaoir shéimhidhe
do-bhéruinn deireadh marbhtha."
"Do ghrádh gé mór chommaoidhe,
a bhean go n-éccosg deaghmhná,
fa ghrádh do chionn commaoine
nó gur dhearbhais do neamhghrádh."
"Do b'fhearr liom it fhochair-si,
ós duit tuccas mo chéudchais,
inás ríghe an domhain-si
do bheith agam it éugmhais."
"Más fíor gach a n-abrai-si
ní beite dúinn cco dubhach,
beucc leighios mo ghalair-si,
ní bhiú feasda acht go subhach."
As a haithle sin, ro imthighseat na mná dochum an
ghrianáin agus ro fhágbhadar Sir Uilliam amhlaidh sin.
Dála Sir Uilliam iomorro, ar n-imtheacht do na mnáibh
uadha, baoi cco subhach sobrónach gan chneidh gan
chomhaccaoine, agus gé do bhaoi, nír bh'áil leis a léigion air
beith samhlaidh d'eccla go saoilfidhe gurab ar son chuarta
na hinghine do bhiadh an biseach sin aige, agus anais
go ceann dhá ló go n-oidhche san ionad sin gan dol ameasg
an mhóirtheughlaigh agus do-chuaidh a cceann na sochraide ó
sin amach. Gabhais gairdeachas adhbhal an t-Impir agá
fhaicsin agus curaidh na cathrach agus ridireadha an ríoghdhúnaidh
agus banntracht an bhaile agus cách a ccoitchinne ó sin amach,
óir dá mbeith an t-Impir fén ina n-éccmhais, nír mhó a
lúthgháir remhe ná ré Sir Uilliam; agus rugadar altughadh
buidhe re Dia na ndúl fá aiseag a shláinte d'fhagháil dhó.
Rugadar as leath ar leath ar an órdughadh sin go haimsir
na bainnsi agus na cáirde ro cuireadh ar an impir Ghréugach.
Iomthúsa an impir iomorro, do chuir fios ar mhaithibh agus ar
mhóruaislibh na nGréugach do theacht leis amhail rob'
iomchubhaidh dhóibh, ar ceann inghine an Impir Rómhánaigh,
agus ro fhoráil orra gan ór nó airgead nó iolmhaoine do
chaomhna nó do choigill, agus rogha airm agus each agus éididh do
thabhairt leó. Acht cheana ní táinig samhail dá n-iomad
nó dá líonmhaireacht, dá n-áille nó dá n-éccsamhlacht, acht
cco lasfadh an t-aiér amlach ioldathach do thaitneamh a
n-arm n-iomdha n-iolardha agus a n-eachradh n-éusgaidh
n-aobhdha n-aigneadhmhear agus a n-earradh n-áluinn n-ildealbhach
n-órshnáith go n-imdhénamh óir órloisgthi agus airgid
aoinghil aithleaghtha dá n-uaim re 'roile. Tángadar rompa
fon réim sin cco hairm a mbaoi an t-impir ar ttinól
a long agus a luchtbharc, a lóin agus a láinbheathadh chuca ar
aonchuan. Ó thairnig thrá don impir tionól agus tiomsughadh
gach neith rángadar a leas, eidir lón agus laoidheanga, ro
asgnadar ar amas cuain agus caladhphuirt, agus do-chuadar ina
n-arthaighibh cco hurmaisneach as a haithle agus ro thógbhadar
na seóil amlacha ilbhreaca ós na longaibh luchtmhóra
lánmhóra, gur léigeadar a lán do ghlantéigle na gaoithe
glanfhuaire géramhainsighe is na seólaibh seada sithgheala
sármhóra agus is na hanartaibh déudla díogháire datháille,
gur ghluais gaoth agus gur iomluaidh anfadh an fhoireann
éccsamhail iongantach allmhardha sin ó chiomhsaibh calaidh
a ccomhnaoinfheacht ar an lear léidmheach lionnuaine
lánanfadhach agus ar an áibhéis n-uathmhair n-ilphiasdaigh
n-allmhardha agus ar an muir mearrdha measgtha murdhúchanta
agus ar an bhfairrge bhfuachdha bhforránta bhfíordhomhain,
go nach ccluineadh caraid nó coigéile dhíobh comhrádh
a chéile le hárdsheasdán na n-ilphiasd n-adhbhal n-iongantach
agus na libheadhán lánmhór liodardha agus na rón reamhar
roidhíoghuinn, agus re anfadh ogal aindreannda na háibhéisi
aidhbhle eochairghuirme ag éirghe 'na n-uirthimchioll. Ciodh
trá acht ní haithrisdear an fad aimsire ro bhádar ar an
ordughadh sin acht nár anadar gur ghabhsat cuan agus
caladhphort i ccríochaibh leabhra lánaoibhne Leatha agus a
n-iathaibh áille oirearghlana Eadáille.
Dála an Impir Rómhánaigh iomorro, ó't-chualaidhséin
na Gréugaigh do ghabháil calaidh isin chrích, ro fhuráil
ar a mhuinntir an chathair do chórughadh ara ccionn. As
amhlaidh dano ro cóirigheadh an chathair sin .i. ro foilgheadh
agus ro fíorthoigheadh slighthe na sithchathrach agus róda an
ríoghdhúnaidh iar n-uachtar do cheinél gacha datha éudaigh
éccsamhail ar cheana .i. do bhuidhe agus do ghorm, d'uaine agus
do dhearg, agus do ghlégheal agus do ghnáthchorcair, do shíoda
agus do shiric agus do shionshnáth agus dá gach cinél éudaigh
ar cheana as fearr do-bhéuradh dath agus deughmhaisi d'aroile,
agus gé madh doineann nó deardan, fearthain no fírfhleachadh
no theigémhadh ann, cco ndiongnadh díon agus deughcaomhna
do na slóghaibh iar n-a soighidh. Ro folchadh na róid iar
n-íochtar iar sin do luibhibh uaisle onóracha agus do sgothaibh
caomha corcarghlana na críche cco coitcheann fa chosaibh
na ríogh agus na ridireadh, na ttriath agus na ttighearnadh, na
ndiúcadh agus na ndeughbharún. Ro cóirghid ceóla éccsamhla
iolardha allmhardha agus cuisleanna toghaidhe téidbhinne agus
orgháin iomdha iongantacha, ar na slighthibh sainreadhacha
i n-ar láindeimhin leó an t-impir agus ardmhaithe na Gréige
do ghabháil. Ro tairngeadh agus ro tiormaigheadh aibhne
áille eochairghorma na hardchathrach as a n-áitibh bunaidh
bhudh-dhéin, agus ro léigeadh sreabha fíoráille fíona ina n-ionad
go bhfaghadh gach aon aca díol a n-íotadh go hathlamh
eisdibh re a ibhe. Acht atá ní cheana, ní fhéudfadh aoinneach
don Ádhamhchloinn, do mhéud a eccna nó a eólais,
trian tuarasgbhála deasaighthe nó deughollmhaighthe in
dúnaidh sin d'fhaisnéis nó d'innisin muna ndéunadh
athghairid uraghaill agus beugán briathar ar chuid de.
Iomthúsa an Impir Rómhánaigh iomorro, tarla an t-impir
Gréugach ina choinne agus ina chomhdháil chuige, agus gabhais
ar barr baisi cco hathlamh é agus fearais fíorchaoin fáilte go
friochnamhach fris agus toirbhiris do phóguibh é as a haithle.
Tángadar rompa leath ar leath gus an ccathraigh agus ro
suidhigheadh na sochaidhe ina n-áitibh cuibhdhe comhadhaisi
seachnón na cathrach umá ccuairt. Acht cheana baoi
dá n-iomat agus dá líonmhuire go nár fágbhadh áird nó
aircheann, clúid nó caoimhchearn a ríoghcathraigh na
Rómha gan líonadh agus gan luchtughadh dhíobh, gur
bh'éigion puiple agus pailliúin do dhealbhadh agus do dheughcumhdach
dhóibh leith amuigh don mhórdhúnadh, gurab inntibh sin
ro freasdladh agus ro fritheóladh mórán dá maithibh. Deithbhir
dhóibhsiomh giodh ná tuilldís a n-aonchathraigh san chruinne
.i. airm a mbádar uaisle agus árdmhaithe seacht tteallaighi
déug na Gréige go n-a ríoghaibh agus go n-a rodhaoinibh ar
aoinrian, agus sochraide an tSeanaidh ríoghdha Rómhánaigh
agus críche Leatha go n-a léirthionól agus urmhór na ccríoch agus
na cceannadhach ina ccomhfhogas ar tteacht fa theisd agus fá
thuarasgbháil na bainnsi agus na buanshollomhnach sin.
Dála Sir Uilliam dano, ó't-chonnairc an chathair dá
coimhlíonadh do shochraide an impir agus gan do
cháirde ag Meliór gan a hurshnaidhm re mac an impir
.i. Pairtinótus, acht feadh caithmhe na bainnsi amháin, ro
líon dubha agus dobrón é agus do-chuaidh cco seómra na hinghine
agus ro innis di an t-impir do thoidheacht don chathraigh don
chur sin agus gach inneall agus gach ordughadh dá raibhe orra.
Acht aonní, nír mhó dubha nó diobhorgóid Sir Uilliam um
na sgéulaibh sin iná brón agus biothtuirsi na hinghine feisin.
"As truagh mar táim-si do na sgéulaibh úd" ar Sir
Uilliam, "uair ní bhiú um beathaidh dá mbrígh agus as tusa
as ciontach riom, uair muna bhfaghtaoi do chead-sa dochum
an chleamhnasa úd, ní dingéntaoi é, agus ní thiocfadh an
t-impir don toiscc si," ar sé.
"Truagh dhuitsi amharas do dhéunamh ormsa," ar an
inghean, "uair dá bhfaghuinn-si ríoghacht an domhain
amhail adubhart remhe, ní thréigfinn tusa dá cionn, agus dá
dhearbhadh gur fíor sin, imeóchad leatsa fá chríochaibh agus
fa cheannadhachaibh na cruinne dá ttí mo bhás agus mo
bhuanoidheadh tríd."
Gabhais lúthgháir adhbhalmhór Sir Uilliam uime sin agus as
eadh ro ráidh:
"Do-ghéubhaim-ni cobhair agus cumhsanadh 'na dhiaidh
so," ar sé, "go ccead don Choimdhe chumhachtach agus don
Tríonóid toghaidhe trephearsannaigh, do thoradh mo ridireachta
agus mo roghaisgidh-si, agus fós ní hiongnadh go madh
becc an inmhe nó an onóir budh lór liomsa d'éis a
bhfuaras do bhochtacht agus do bheiginmhe go nuige so, óir
ní fhuil dá loighead onóir do-ghéubhadh neach d'éis amhghair
agus easonóra nár mhór buidheachas a faghála aige."
As annsin adubhairt Meliór fria Alexaindria:
"Créud an congnamh do-bhéura dúinn dochum élóidh
na hoidhche anocht, uair ní bhéud um beathaidh muna
élór lé Sir Uilliam ria siú chuirfeas an t-Impir teachta ar
mo cheann."
Agá chloisdin sin d'Alexaindria, ro chaoieasdair frasa
diana dásachtacha déur gur bhó fliuch cearchaill na
hiomdhaidhe agus na hairdleaptha uaithe, agus ro labhair go
cumhthach coimhghearánach iar sin, agus as eadh ro ráidh
nách raibhe a fhios aice fén ar bith créud an congnamh
imtheachta do-bhéuradh dhóibh nó cionnas do élóbhdaoís
as an ionadh a rabhadar gan airiughadh, agus adubhairt dá
mbeith neart aice fén orra go ttiobhradh cabhair dhóibh
dá ttigeadh a bás tríd. Agas adubhairt fós go madh dóigh
lé, dá bhféudadh dol a ccisdeanaigh an Impir, go bhfuigheadh
ní do choibheóradh iad innte .i. croicne leómhan agus liobard,
agus gríbh n-ingneach agus mathghamhan mórghlonnach, agus dá
mbeidís dhá chroiceann do chroicnibh na mathghamhan
sin aca, go madh congnamh maith imtheachta dhóibh iad
ós iad budh euglaighe lé daoinibh do shilleadh nó do
shírfhéuchain do na hainmhintibh écceannsa; agus a n-uaim
agus a ndeughfhuaighél ina n-uirthimchioll ionnas go
saoilfeadh gach aon go madh mathghamhain mhóirmheanmnaigh
ar féughadh iad, agus cco léigfidhe imtheacht dhóibh
amhlaidh sin a riocht na mbeathadhach n-éuccsamhail.
Agas ro ráidh nách raibhe d'inntleacht nó d'fhírtheugasg
aice fén dhóibh acht sin amháin. Agas ro ghabh Meliór
rann tosaigh na laoidhe agus ro fhreugair Alexaindria í.
"Mo chean duit, a inghean fhial
ag nách bhfuil úidh ar ainmhian,
caidhe anois, a shiúr ghrádhach,
do chongnamh dot chompánach?
Acht muna bhfaghar ar n-uair
congnamh dochum élóidh uaibh,
ní ba buan mo bheatha dhe,
a inghean dil agus diúci."
"Dom chubhais ní fhidir sinn
eidir neamh agus talmhain tinn,
cá congnamh do-bheúrainn daoibh
a n-oirchill éulúidh d'éntaoibh.
Acht dom dhóigh cco bhfuighidh sibh
a ccisdeanaigh an Impir
croicne mathghamhan ngéur ngarg,
agas leómhan is liopard.
Dá mbeith agaibh ceann a cceann
is a n-uaim in bhur ttimcheall
dhá chroicionn mathghamhan mór,
dob' usaide dhaoibh éulódh.
Dá bhfaiceadh na sluaigh fa seach
dealbh na n-ainmhinte neimhneach,
lé neach dhíobh ní badh eúsgaidh
a silleadh nó a sírfhéuchuin.
Ag sin do chomhrádh comair,
a lánamhuin lánchonnail,
m'inntleacht is m'ealadhain mhóir
dhaoibh a n-oirchill bhur n-élóidh."
"Leat acht cco ccurthar a ccrích
an glór dearbh sin aderthí,
friot bheirim a bhuidhe, a bhean,
duit ma raon is mo mhóirchean."
As a haithle sin ro fhiarfaigh Meliór don inghin
cionnas do féudfaidhe na croicne sin do thabhairt chugtha
dá ccabhair agus dá ccomhfhurtacht. Ro ráidh Alexaindria
go ttairgfeadh fén a ttabhairt lé, agus as cuma ro bhaoi gá
rádha agus ro chuir a hearradh aonaigh agus oireachtais go deughthapaidh
dhi agus ro chuir deise ghearr ghnúisodhar ina ionadh
uimpe agus ro cheangail a folt fáinneach fathmainneach
forórdha for uachtar a cinn chaomháluinn agus cuiris at bíthe
fuaighthe fíorchumhdaighthe ar a uachtar sin aneachtair,
go nach bhfaicfidhe an folt fionnbhuidhe fíoráluinn ro
fhásasdair tré chléithe a ceannmhullaigh, agus cuiris diamhra
éccsamhla iongantacha ele ar a haghaidh agus ar a héccosg
go nach aitheóntaoi le haoinneach í. Agas do-chuaidh iar
sin a riocht sgúille sgiamhshalaigh dochum na cisdeanaighe,
agus ro innis gur do chongnamh leis na cócairibh do-chuaidh,
agus ro ghabh ag dénamh oibre agus umhalóide gan díthcheall
dóibh iar sin .i. gach toisg agus gach turas dá raibhe a n-aoinionadh
fria, go nach raibhe fear freasdail nó friothóilmhe,
feadhmantach nó fíorsgúille, nár choisg cuid dá obair agus dá
fheadhmantus de, gur ghrádhaigheadar a n-aoineacht ar a
humhalóid í; agus baoi re headh agus re hathaidh amhlaidh sin
go bhfuair eólas ar na croicnibh, agus ó fuair, tógbhais dhá
chroiceann do chroicnibh na mathghamhan eisdibh agus ro chuir
a n-iomfholach iad go bhfuair aire cháich ar a chéile, agus ó
fuair, ro fhágaibh an feadhmantas nua sin ro ghabh remhe
sin, agus ro imthigh tar a hais d'ionnsoighidh na hinghine
go na croicnibh lé.
Gabhais fáilteachas mór Meliór um an aisgidh sin
d'fhagháil, agus ro fhuráil a bhfuaighél umpa. As annsin ro
éirigh Alexaindria agus ro fhuaigh croiceann do chéidneithibh
um an inghin ar uachtar a hearraidh agus a héudaigh bhúdh-dhéin.
"Créud í do theisd nó do thuarasgbháil asum anois, a
Alexaindria?" ar Meliór.
"As í mo chéudfaidh duit," ar sí, "nách bhfuil don
Ádhamhchloinn aoinneach, d'fheabhas a ruisg nó a
radhairc, do aitheónadh tar mathghamhain ele thú, agus muna
bhfaicinn-si fén an croiceann úd dá chur iomad, ní fhuil
aoinneach sa chruinne ó ccreidfinn nách mathghamhain
thú."
Ro fhuaigheasdair an dara croiceann fá Sir Uilliam iar
sin go deughcóirighthe d'iallaibh réidhe rorighne. Fiarfaighis
Sir Uilliam do Mheliór créud í an bhreith nó an bharamhail
baoi aici fair go fírinneach.
"Dom chubhais ámh," ar an inghean, "as obair friomsa
taobh do thabhairt friot d'éis mé fén d'fhaicsin an chroicinn
dá fhuaighél umad ret adhuath agus ret urghráin, uair ní fhuil
aoinneach dá fhírinnighe ar talmhuin dá madh feirrde a
innisin damh go madh dúil nó dénamh duineata thú muna
bhfaicinn fén a bhfacas go ttrásda."
Táinig iomdhorcha na hoidhche dá n-ionnsoighidh iar
sin agus ro ghabhadar lámh ar imtheacht as a haithle. Táinig
Alexaindria tar doras an tseómra ma raon riú agus nír léig
dhóibh slighthe sunnradhacha na cathrach do ghabháil, óir
do bhádar lucht freasdail agus fritheólmha an dúnaidh ag
taisdeal agus ag tadhall eatorra, agus do sheól dóibh gabháil
trés an oirebher n-áluinn n-uaigneach baoi do leithimeal
an tseómra, uair nír dhóigh lé tadhall nó taisdeal aonnduine
don bhaile do bheith chuige nó uaidhe.
Iomthúsa na mathghamhan iomorro, rángadar rompa
trés an ngarrdha nglanfhásach agus trés an oiribher n-áluinn
n-uaigneach. As í sin uair agus aimsir a raibhe gaisgeadhach
do Ghréugaibh ag fágbháil a phuiple agus a phailliúin fén re
gnóaighibh éigin don oiribher agus énghiolla ina fharradh.
Ó't-chonnairc-séin na hainmhintidhe éxsamhla adhuathmhara
.i. na mathghamhain mheanmnacha mhíshíthchánta,
ro ghabh gráin agus eugla adhbhal é. Ro fhill go hathlamh
ar amas a adhbha agus a ionaidh bhudh-dhéin, agus ro innis dá
bhfuair ar a chionn go bhfacaidh na mathghamhain mhillte
mhallaighthe agus na hainmhintidhe olca uathmhara écceannsa,
gur dhrantadar a bhfiacla agus a bhfíorghlomhair go comhathlamh
chuige, agus gur do thoradh a reatha agus a roluais táinig
gan oidheadh uatha. Bádar iomorro a bhfuair ar a chionn
ag fochuidmheadh agus ag fanámhad faoi agus ag amharas go
hiomarcach air.
Dála na mathghamhan dano, rángadar rompa ina ruathar
roathlamh go ndeachadar gan fhios, gan airiughadh d'aoinneach
amach tar múraibh na mórchathrach go rángadar
doire comhadhbhal coilleadh baoi a ccomhfhogas don
chathraigh, agus bádar ag tadhall agus ag taisdeal na fiodhbhaidhe
fosgadhmhóire go bhfeasdaoís cá hionadh a n-airisfidís
innte. Rug an lá go n-a lánshoillsi orra for na himtheachtaibh
sin, agus ro fhéuchadar an choill ar gach taobh ina ttimchioll,
agus an áit fá dlúithe agus fá daingne don fhiodhbhaidh
ro iarradar í, go bhfuaradar crann dosach díoghuinn a
ndiamhair na deughcoilleadh agus fiodhbhadh dhlúithdaingean
dheughdhíona dob' ísle aimhréidhe iná an fhiodhbhadh ele
a n-uirthimchioll an chroinn agus do réidhigheadar ionadh dhóibh
fén ina fharradh, agus ro bhádar ag léigion a sgíse agus a meirtne
dhíobh ann.
As annsin ro labhair Meliór agus as eadh ro ráidh:
"A Dhé do chum neamh go n-a naomhainglibh agus talamh
go n-a torthaibh agus grian go n-a glanruithnibh agus an áibhéis
go n-a hiongantaibh, caomhain agus coimhéid sinn fén ar a
bhfuil dár n-iarmhóracht, agus dén anacal dúinn ar aingidheacht
na ndaoine lé budh maith díth nó dochar do dhéunamh
dúinn, agus seól biadh agus beatha chugainn choiseónas ar éug agus
ar oidheadh sinn."
Ó't-chualaidh Sir Uilliam éccaoine na hinghine fá gan
biadh nó beatha do bheith aici, ro chuir fair go hadbhal agus
ro ráidh ria:
"A inghean," ar sé, "ní ba tualuing thusa fulang na
drochbheathu-sa gus ar thriallais d'éis a bhfuarais do
bhiadhaibh saora sochaithmhe agus do dheochaibh míne
measgamhla agus d'éudaighibh líoghdha leannmhaiseacha agus
do chearchaillibh ciomhsacha ceithirbheannacha ós iomdhadhaibh
áille éxsamhla agus d'urghairdiughadh meanman agus
aigionta ar cheana; agus as fearr liomsa bás d'fhagháil damh
iná thusa do chongmháil a bpéin nó a bpeannaid amhlaidh
sin."
"Ná habair sin, a Sir Uilliam," ar sí, "uair an chomhairle
do-rinneas ní haithreach liom a déunamh agus nír chlaochló
mh'inntinn nó m'aigneadh an tráth sa, agus as lór liom do
bheathaidh bhudh-dheasda meas agus mórthoradh na
fiodhbhaidhe si a bhfuilim nó fiodhbhaidhe ele nách ránacc
fós .i. ubhla lánchaomha lánaibche agus cna caomha ceannchorcra
agus áirne dubha deughbhlasda agus sméura dreas ndlúith
ndeughabaigh agus siríne séimhidhi sobhalaidh agus cinél gacha
cnuasaigh coilleadh ar cheana, agus as lór liom fós dom beathughadh
agus dom biothfhulang, a n-ionad na deughbheathadh
ro chleachtas, feis leaptha agus láimhdhéurghaighe leatsa a
ndoireadhaibh dlúthdhorcha diamhra ós iomdhadhaibh áille
úrluachra."
Agas as cuma ro bhaoi gá rádha agus do rinne an laoidh:
Cabhair dhúinn, a Dhúileamhain
do chum neamh go naomhainglibh
as talamh go tturchurthaibh
is grian go n-a glanruithnibh
's an áibhéis go n-iongantaibh.
Déna oirne anacal
ar fhuath is ar aingidheacht
na ndaoine gan deughcomhall
le búdh mian ar mudhughadh.
Seól beatha dar mbeathughadh
choibheóras ar ccaomhcholla
ar bhás is ar bhithoidheadh."
Tig Uilliam dá hagallaimh, ó'd-chualaidh an comhrádh sin,
agus do ráidh ria go faoilidh:
"Saobh an rogha rugais-si,
a inghean cco ro-áille,
droichbheatha ar deughbheathaidh.
Ním-tualuing bhur tteasargain
ó so amach, a Mheliór,
d'éis na mbiadh saor sochaithmhe
is na ndeoch mín measgamhail
do chleachtais it chaomhchathraigh,
ar chearchaillibh caomháille
ós éudaighibh éccsamhla
a ccaomhtholgaibh cumhdaighthi
re hurghairdiughadh aigeanta."
"Ná bí ag aithfear iomaithfear
oram, a laoich láinbheódha,
fán roghain do rugas-sa.
Nochan fhuil orm aithreachas
fán ionnmhas do fhágbhus-sa.
Ní beug liom do lánaoibhnios
a ndeughaidh na deughinmhe,
ó thánag sa turas-sa,
toradh na ccrann ccnuasadhbha
na fiodhbhaidhe a bhfuili-si,
ubhla buidhe buanaibche
is cna caomha ceannchorcra,
sméura drisi deilgnighe
is meas droighin deughbhlasda,
is siríne sobhalaidh
a cceann gacha caomhthoraidh
neoch fhásas tré fhíorthalmhuin,
agas iomdhadha úrluachra
do bheith agam d'áirithe
re bheith uirre it fhochair-si
ar feis leaptha is láimhdhéurghaidh,
fá dhoireadhaibh dlúithdiamhra.
Lór linn gach ar luaidheamair.
Biaidh Íosa dar n-imdheughuil,
dar ccaomhna is dar ccaomhchobhair."
As a haithle sin gabhais Sir Uilliam agá hagallaimh
arís agus as eadh ro ráidh ria:
"Truagh sin, a inghean," ar sé, "as urasa a aithne gurab
beug fuarais do dhoirbhios nó do dhocomhal na beathadh
so fós, agus ní fhuil acht comhrádh ré céidneithibh air agad,
uair ní raibhe uireasbhuidh ort gus ttrásda, agus dá mbeith,
do-bhéurthá ríoghacht na cruinne go coimhiomlán dá mbeith
ar do chumas don tí do-bhéuradh biadh nó beatha duit, agus
fuaras-sa eólas as a bhfuighir-si beatha bhus fearr iná an
bheatha sin togha féin duit," ar sé, "uair atáid slighthi agus
sainróid inar ccomhghoire ar a ttathaighit lucht margaidh
agus móircheannaigheachta ón chathraigh, agus rachad-sa ar na
slighthibh sin agus beanfat lón agus láinbheatha don lucht
theigeóbhas damh ann."
"Ní rachair," ar Melior, "óir atá dealbh shuaitheanta ort
agus dá ndeachthá dot thaisbéunadh fén ar eachréidhibh na
críche, do braithfidhe as sin thú, agus ní thiobhra," ar sí, "an
tiodhlacadh sin ort fén d'fhagháil bídh damhsa, óir do-ghéubhthaoi
eólas ort gan fhuireach as a bhfuighthí reud
mharbhadh nó reud mhudhughadh thú, agus gurab lór liomsa
gach ní dár luaidheas go ttrásda dom beathughadh nó go
bhfagham fóirithin ó Dhia."
As í sin uair agus aimsir a raibhe an mac tíre ar a ttángamar
cco ttrásda ar ttocht d'éisdeacht re comhrádh na lánamhna
searcaighe sin don taobh ele don chronn ina ccomhghar agus
iad ag éccaoine a n-amhghair agus a n-easbhadha reu'roile,
uair ní raibhe lá ná oidhche ó rugadh Sir Uilliam uadha
asin bhforaois go nuige sin nach biadh ar druim gach áite
agus gach ionaidh ina mbíodh do bhunadh, agus ní bhíodh cás ná
doirbhios ná docamhal air nách bhfoillsighthí dhó é. Agas
do foillsigheadh dhó eisiomh agus an inghean d'éulúdh ré 'roile
an oidhchi sin ó ríoghcathraigh na Rómha, go ttáinig 'na
ndeaghaidh go nuige an áit sin dá bhfóirithin nó go ccuala
a n-éuccaoine ar bhiadh agus ar bheathaidh, agus ó'd-chualaidh,
táinig roimhe go roidhéudla trés an bhfiodhbhaidh bhfíoruaignigh
bhfásaigh agus trés an ccoill chomhdhlúith chraobhaimhréidh
go ráinig cco conairibh an ríoghdhúnaidh agus go
ródaibh na ríoghcathrach. Ní cian ro bhaoi ann as a
haithle cco bhfacaidh aonóglách dá ionnsoighidh agus bolccbhoghainn
líonta d'arán fonaighthi agus d'fheóil fhíorbhruithte
ar a mhuin. Ionnsoighis an mac tíre an t-óglách go
tinneasnach, agus ó'd-chonnairc an t-ainmhidhe écceansa allta
dá rochtuin, ro fhágaibh an bolg aige amhail ro bhaoi, agus
ro imthigh fén uadha.
Dála an mheic thíre ro thógaibh soitheach an aráin go
hárd ar a fhormna agus ro imthigh go hairm ar fhágaibh Sir
Uilliam agus an inghean, agus ro léig ar lár ina bhfiadhnaisi an
fríthe sin, agus táinig fén uatha iar sin óir do thuig gach
easbhaidh ele dá raibhe orra. Ó't-chonncadar-san sin, ro
ghabh iongantas adhbhalmhór iad agus tugadar a lámha a
n-aoineacht ina n-uirthimchioll dá séunadh agus dá
síorchoisreugadh. Gidh eadh, ro osgail Sir Uilliam an
soitheach agus tug ní dá raibhe ann as agus ro chuir a bhfiadhnaisi
na hinghine é, agus ro thomhail fén ní dhe as a haithle.
Ó't-chonnairc an inghean sin .i. eisiomh ag tomhailt an
bhídh, ro chaith fén a dhaothain dhe, gen gur mhinic ro
thomhail a leitheid riamh remhe.
"A inghean," ar Sir Uilliam, "as urasa dúinn a aithne go
bhfuil Dia na ndúl agus Críosd cumhachtach ro chum an
cheathardhúil dar ccobhair agus dar ccomhfhurtacht ó do
chuireasdair an t-ainmhidhe écciallach allta inar ndochum
lé fulang agus lé fírbheathaidh. Do b'urasa lé Dia, a Mheliór,
cco bhfuighmís-ne cobhair agus coimhdhíodhnadh 'na dhiaigh
so."
Iomthúsa an mheic thíre thrá, táinig roimhe d'iarraidh
dighe dhóibh, agus baoi ag féughadh na conaire réidhe rofhairsinge
ina saoilfeadh tathaighe na ndaoine do bheith ní
búdh mó iná a chéile, agus ní cian baoi ann cco bhfacaidh
óglaoch agus dhá bhuidél bhláithe bhiothdhaingne lán d'fhíon
shomblasda shoóil ceangailte dá chéile ar a mhuin ag
fágbháil na cathrach. Ó't-chonnairc an mac tíre sin,
do-chuaidh 'na choinne agus 'na chomhdháil go dian dísgir
deughthapaidh. Mar do-chonnairc an t-óglách sin agus dar
leis fén gan dul uadha aige, ro fhágaibh na buidéil
amhail ro bhádar agus téid féin roimhe do thoradh a reatha.
Gabhais an mac tíre iris fhulaing ro bhaoi idir na buidéulaibh
ina bhéul agus ro imthigh reimhe cco rodhíochra go hairm a
raibhe Sir Uilliam agus an inghean, gur fhágaibh an fíon ina
bhfiadhnaisi, agus ro imthigh fén uatha as a haithle. Acht
cheana fa móide a n-iongnadh go mór an fíon d'fhágbháil
aca fa dheóidh maille ris an ccéidní, agus ro ibheadar
a lórdhaothain don fhíon agus nír ibheadar riamh fíon as mó
do thaitin riú inás. As annsin ro ráidh Meliór:
"As mithigh dhúinn an t-ionad sa d'fhágbháil agus dol ní
as faide ná a ttángamar ón ccathraigh."
Ro imthigheadar rompa as an ionadh sin agus ro fhágbhadar
a bhfuighleach lóin agus láinbheathadh ann. Tángadar uidhe
an laoi sin ar feadh fiodhbhaidhe go ttáinig iomdhorcha
na hoidhche chuca agus an áit fa daingne agus fa diamhraighe an
fhiodhbhadh do anadar ann. Táinig an mac tíre chuca iar
ccomhnaidhe dhóibh lé biadh agus lé beathaidh, agus thigeadh
gach uair dá mbíodh a fheidhm orra ó sin amach.
Dála na sochraide ro bhaoi isin ccathraigh bearor os aird
seal ele. Ro bhádar amhlaidh sin an adhaigh sin go
loinneach lánaoibhinn, gan tacha freasdail nó friothólmha,
óil nó aoibhneasa, go solustráth éirghe do ló arna mhárach.
Ar ttoidheacht na maidne muiche arna mhárach gus na
míleadhaibh, ro éirigh an t-Impir a remhthús na ríoghraidhe,
agus tugait chuige a aos freasdail agus friothóilmhe agus feadhma,
agus ro theugaisg a fheidhm agus a fheudhmantas áirithe dá gach
aon aca fo leith go mbiadh ollamh ina aimsir urdhalta
'na oirchill, agus ro fhágaibh amhlaidh sin iad.
Iomthúsa an impire Ghréugaigh iomorro agus a mheic .i.
Pairtinotas, ro éirgheadar-séin go n-a sochraide isin laithe
chéudna, agus ro ghabhadar a n-earradha áille éugsamhla a
n-aoineacht umpa. Acht atá ní cheana, ní fhéudfadh file a
aisnéis nó fáidh a fhoillsiughadh nó fear léighinn a
láinsgríobhadh leath nó trian a thuarasgbhála d'fhaisnéis
nó d'innisin. Ro gabhadh a n-eich a n-eachradha dhóibh
iar sin. Ro chinnseat go hathlamh urmaisneach orra agus
nír ansat go rángadar cco doras Teampaill Peatair
a Róimh, a ccoinne agus a ccomhdháil an Impire Rómhánaigh
agus a inghine ar tí a pósaidh re Partinotas .i. mac rígh Gréug,
a bhfiadhnaisi an Phápa go n-a chairdionálaibh agus go n-a
chléir. Agas táinig an Pápa féin cco honórach ina n-airrchis
dia n-airmhidniughadh go doras an pháláis.
Dála an Impire Rómhánaigh iomorro, ro anasdair-séin a
ndiaidh na nGréugach da fhuráil ar aos feadhma agus fritheóilti
deirridius freasdail agus foghnamha d'ullmhughadh ina oirchill
ag tionntudhadh ón teampall dó agus fuireach re a inghin
do bhreith leis go lánonórach dochum an phósda agus an
phríomhoifrinn. Baoi ar an sráit amhlaidh sin a ngoire
don ghrianán ag fuireach fris an inghin agus le líon a shluaigh
agus a shochraide .i. deich míle ficheat marcach agus each díola
fa gach deughmharcach dhíobh. Agas ro chuir teachta
ar ceann na hinghine, agus ó rángadar na teachta doras an
ghrianáin, fuaradar druite é, agus ro iarradar a osgladh iar
sin agus nír freugradh iad, agus ro iarradar an dara feacht agus an
treas feacht agus nír bhó tarbha dhóibh. Ro fhágbhadar an
doras iar sin óir do shaoilseat go ndearnsat drochoileamhain
ar an inghin agus gur 'na codladh ro bhaoi agus iadsan ag iarraidh
a osgailti uirrthe. Tángadar ar a n-ais iar sin ar amas an
Impir agus ro innseadar nách bhfuaradar doras an ghrianáin
d'osclagadh dhóibh agus gur dhóigh leó gur 'na codladh baoi
an inghean. Gabhais fearg adhbhal an t-Impir uime sin agus
do-chuaidh fén 'na aonar a n-airrchis na hinghine. Ó't-chonnairc
Alexaindria an t-Impir tairsi, táinig ina chomhdháil
agus ro fhiarfaigh dhe créud adhbhar a fheirge agus a fhuasnaidh.
"As mór an t-adhbhar feirge damh," ar sé, "maithe
agus móruaisle na nGréugach do bheith um chathraigh aréir agus
mé ag fuireach reum inghin agus nách luathaide uirrthe dom
ionnsoighidh é, agus fós an Pápa go n-a chléir agus go n-a
chairdionálaibh fón ccuma ccéudna ag fuireach fria."
"A thighearna," ar Alexaindria, "do théigeómhadh gurab
'na codladh atá sí agus gurab droichtheachtaireadha do chuiris
for a ceann agus nár anadar re a mosgladh, agus dá madh eadh,
nír bh'iongnadh dhi beith amhlaidh, óir nír chodail éntamall
go meadhón oidhche aréir, agus as annsin ro fhágbhus-sa í ar
ndéunamh feircce riom fá adhbhar áiridhe."
"Créud an t-adhbhar idir?" ar an t-Impir.
"As imeuglach mé," ar an inghean, "ima innisin duit."
"Ar ghrádh th'einigh ná ceil oram an t-adhbhar sin," ar
sé, "agus ná ba heugal duit."
"Ní cheileabh," ar an inghean, "dá léigir-si t'fhearg díot
gan a déunamh riom fén, óir as fearr leam buidheachas do
bheith agatsa oram fa thoirmeasg neith do rachadh i
ndíoghbháil duit agus disi iná buidheachas do bheith aicisi
orm fá drochcomhairle do mholadh lé."
"Léigfiut-sa m'fhearg díom bhudh-dheasda," ar an t-Impir,
"agus ní fhuighir-si achmhasán neith dá n-inneósair uaim."
"Más eadh," ar Alexaindria, "sgél do innis in inghean
úd damhsa .i. béus iongantach do-chualaidh sí do bheith
isin Ghréig .i. gidhbé díobh, mac ríogh nó roithighearna
nó diúice nó deighphrionnsa, do-bheir inghean tighearna
nó rígh do ríoghaibh an domhain, gurab amhlaidh do-níthear
a cor i ttor chomhdhlúith cathrach fa cheangal agus fa choimhiadhadh,
glais agus géurdhúnadh do chor ar an ccathraigh agus
gan a léigion as sin dochum aonaigh ná oireachtais,
aoibhnis ná urghairdighthi oile ar bith agus gan a fear fén do
dhul ar cuairt ná ar céilidhe chuice acht ceithre cuarta
isin mbliadhuin. Agas adubhairt Meliór riomsa gurab
taosga do bheith sí gan fhear gan fhírchéile go bráth iná
do rachadh don chrích ina mbiadh an béus sin. Do innis
sgéul damh fós," ar sí, "fa ndeachas ina h-aghaidh agus far
fheargaigheastoir riom co hadhbhal."
"Caidhe an sgéul sin?" ar an t-Impir.
"Dá n-innisear sin duit," ar an inghean, "dob 'áil liom
gan tusa do thabhairt achmhasáin damh agus gan a léigion
disi a thabhairt damh ó's ar mhaith riotsa agus riasi tánag ina
haghaidh uime."
"Ní thiobhar go deimhin," ar an t-Impir.
"Más eadh," ar sí, "adubhairt riomsa acht géur mhór dot
dhíoghbháil do bhádhais-si do dhéunamh agus gé tángadar
coimhthionól slóigh agus sochaidhe na nGréugach ar aon láthair
dot ionnsoighidh, gur saothar díomhaoin dhaoibhsi sin leath
ar leath, agus go raibhe a ccomhghoire dhi fén fear dob 'annsa
lé ná éunmhac rígh Gréug agus nách bhfaoidhfeadh lé fear
d'fhearaibh an bheatha acht las an bhfear sin. Do fhiarfaigheas-sa
dhi cia an fear dá ttugasdair an toil agus an
tromghrádh sin. Adubhairt sí gurab é an fear dob 'fhearr
gal agus gaisgeadh, neart agus niadhachas, dealbh agus déunamh,
modh agus móirbhéusa .i. Sir Uilliam, neoch dá raibhe grádh agus
géurionmhaine agadsa agus ag gach aoinneach san impireacht
uile ó ísiol cco huasal agus ó choimdhe go héccoimdhe. Ó't-
chuala-sa an comhrádh sin, tánag ina haghaidh cco
hadhbhal agus adubhart gurab éccóir nár innis sí sin
duitsi an tan tángadar teachta an impire Ghréugaigh dá
hiarraidh agus ria siú do aistrigheadar Gréugaigh do neoch
ro b'uaisle agus ro b'oirrdhearca dhíobh ó n-a ndúintibh agus ó
n-a ndeughárasaibh bhudh-dhéin dochum do thíre agus do
thalaimh-si agus sul do-righnis gach sollomhain agus gach soláthar
dá ndearnais dhóibh. Gabhais fearg adhbhalmhór í um an
ccomhairle sin tugas di, agus adubhairt friom an grianán
d'fhágbháil go hathlamh agus gan a thadhall ná a thaisdiol
do ló nó d'oidhchi agus nách beinn a n-aoinionadh san
impireacht an feadh do bhiadh fén 'na bainimpir. Tánag-sa
as an ghrianán annsin dom choidailtach fén agus ní dheachas
ann ó sin a le."
"Éirigh-si anois dá ionnsoighidh," ar an t-Impir, "agus
dúisgigh cco deithbhireach í agus ullmhaigh í a n-oirchill na
comhdhála gus a ttéid."
"Ní rach-sa sa toisg sin cco ccead dhaoibhsi, a impir,"
ar sí, "uair do chuir go heasonórach uaithe aréir mé agus ní
rach comhluath agus adeir-si dá soighidh cco síothlóidhe a
fearg agus a fuasnadh friom, agus éirigh fén mar a bhfuil sí agus
muisgeólaidh duit, agus déna h'uraghall ria as a haithle."
As annsin do-chuaidh an t-Impir go hathlamh go dorus
an ghrianáin agus tugasdair tolgadh adhbhal allata uadha
isin ccomhlaidh chomhdhlúta gur chuireasdair dá bacánaibh
cothaighthi agus congmhála cco hathlamh í, agus do thógaibh
an folach fíréxsamhail do shíoda áluinn uainidhe ro bhaoi
ar uachtar na hiomdhaidhe, agus ní fhuair a iarraidh. Ro
léig feinisdre agus foirléusa an ghrianáin suas iar sodhain agus ní
móide fuair an inghean é. Ro iarrasdair clúide agus cearnadha
an chaoimhghrianáin agus gach aoinndiamhair ele baoi
ann ó sin amach. Ro iompó go himshníomhach ón tseómra
tara ais ó nách bhfuair an inghean ann. Tarla Alexaindria
ina aghaidh dó agus adubhairt ria go feargach a inghean
d'fhagháil dhó.
"A thighearna," ar Alexaindria, "ní fheadar-sa cáit ina
bhfuil t'inghean ó do fhágbhas a meadhón oidhchi aréir í
ina hoireagal fén, acht as í mo chomhairle dhuitsi seómra
Sir Uilliam d'iarraidh, agus dá bhfaghthar Sir Uilliam fén ann,
ní fhuil sisi acht a n-áit éigin san cathraigh; muna
bhfaghthar iomorro, as deimhin gur imigheadar re'roile."
As annsin do chuir an t-Impir trí fichit fear, eidir
sguibhéuraibh agus ridire, d'iarraidh Sir Uilliam agus adubhairt
riú a thabhairt 'na chimidh chreapailti chuibhrighthi chuige.
Gidh eadh, nír éusgaidh leósomh dol leis an toisg sin .i. a
ndáil díthe nó dochair do dhéunamh dá ccaraid agus dá
ccompánach bhudh-dhéin, géur bh'éigion dhóibh toil a
ttighearna do choimhlíonadh dá bhféudadaoís; agus bádar ag
guidhe Dé cco díochra fá gan Sir Uilliam d'fhagháil ná
urmaisniughadh fair. Rángadar rompa as a haithle dochum
an tseómra agus ní fhuaradar Sir Uilliam ná neach ele and agus
nír bh'fhearr leó a fhagháil. Do iompódar ar a n-ais arís
ar amas an Impir agus do innseadar nách bhfuaradar a
n-iarraidh isin tseómra. Ó't-chualaidh an t-Impir sin, ro
chlaochlóidh a dhath agus a dhéunamh agus as suaill nach
ttángadar airrdheana báis agus buainéuga chuige, agus as eadh ro
ráidh:
"As truagh don tochuirthe agus don tuilidhe, dá nach feas
clann nó ceinéul acht misi dá fhagháil ag ionghoire
cruidh agus ceathra do chionn luaighidheachta agus láinéudála,
an masla agus an míonóir tug damhsa a ndiaidh a ndearnas
do mhaith agus do mhóronóir dhó, agus a chor a mbeól cháich a
ccoitchinne tar gach duine do b' uaisle inás; agus as mairg
do-ní maith ar tachairthi nó ar tuilidhi ina dhiaidh go
bráth," ar sé, agus baoi agá fhiafraighe dá mhuinntir créud
do-dhéunadh um dhála an impir Ghréugaigh, óir do bhí
euccla air nach ccreidfeadh uadha nach raibhe cuid aige
fén d'éulúdh na hinghine.
"Ná dén-sa dubha ná dobrón de sin," ar a mhuinntir
fris, "uair ní tháinig agus ní thiocfa aonnduine do ghabh géill
na mban riamh romhat agus ní hiongnadh gan tusa, a thighearna,
dá ngabháil, acht cidh tréun thú, dáigh as béus d'ingheanaibh
na ríogh agus na ttighearnadh go minic fear as lugha iná a
ndíol do bhreith do roghain ionnas go ccuirfidís a ccumhachta
orra agus go mbeith a ttréun agus a ttreisi os a ccionn go hiomarcach,
mar bhíd na fir chumhachtacha os cionn na mban as lugha
iná a ndíol tochmhairc nó tabhartais. Gurab uime sin
nach beite duitsi dubha nó dobrón ort tré drochcomhairle
mná sa chruinne. Acht éirigh romhat a cceann an impir
do ghabháil do leithsgéil fris, agus ná ceil éinní dár imthigh
ort fair, ó do-ghéubha fén a fhios fa dheóidh, agus as urasa
don impir a aithne nach dingéntá-sa a ndearnais do shaothar
agus do shíordhíoghbháil dot mhaoin agus sin do mheath airsiomh
agus ort fén fá dheóidh."
As annsin ráinig an t-Impir go Teampall Peatair go hairm
a rabhadar Gréugaigh, agus fuair an t-impir go n-a ardmhaithibh
agus an Pápa go n-a chléir agus go n-a chairdionálaibh a
ndoras na heuglaisi agá fhurnaidhe-siomh. Ó ráinig Rí
Rómhán chuca don chur sin, ro innis a sgéula ó thús go
deireadh dhóibh .i. élódh a inghine lé Sir Uilliam agus gach
gábhadh agus gach géurdhoilgheas dá raibhe air fén dá bhíthin.
"As briathar damhsa," ar rí Gréug, "dá saoilinn-si cuid
nó comhairle do bheith dhuitsi 'na dhéunamh sin, go
sgriosfuinn as do fhlaitheas agus as do láininmhe don toisg
si thú, cco múrfainn do chathracha agus do chaisdeóill, agus go
ttiobhrainn oidheadh anuasal duit fén a bhfiadhnaisi bhfear
ndomhain do neoch fil ar an láthair si dhíobh. Gidh eadh,
aithnim ar a mhéud do milleadh dot chonách agus dot
chaomhfhlaitheas am onóir gus an am sa, nách millfeá sin
umad féin agus umamsa fá dheóidh do thabhairt easonóra
damh nách ttiocfadh dhíot fén do chosnamh. Agas as í
mo chomhairle duit um an dáil sin, ó táid maithe agus móruaisli
an dá impireachta ar aonláthair anois, gairm agus gnáthfhógra
do thabhairt do na cineadhachaibh a ccoimhnéineacht:
gidhbé do-bhéuraidh an lánamhuin sin chugad, cco bhfuighidh
a bhreath fén d'ór nó d'airgead, d'ionnmhas nó
d'iolmhaoinibh agus do cheinél gacha maitheasa ele uaid, agus as
cosmhail go bhfuighthear ar an ordughadh sin iad," ar sé.
Tugadh an fógra sin as a haithle a bhfiadhnaisi na ccríoch
agus na cceannadhach. As annsin táinig an ridire dá ttarla
na mathghamhain roimhe sin san oirebheur dá n-ionnsoighidh,
agus ro innis dhóibh go raibhe fén ag siobhal an
oiribheir re cathraigh aneachtair an oidhchi roimhe sin agus
cco bhfacaidh dhá mhathghamhain gheala dá fágbháil, agus
mar do-chonncadar é fén, gur chasadar a bhfiacla agus
a bhfírdhéuda 'na choinne agus gur do thoradh a reatha agus a
roluais do-chuaidh gan oirleach uatha, agus gur imthigheudar
tar múraibh na mórchathrach amach. Ar n-a chluinsin
sin do rígh Gréug, do fhuráil ar an Impir Rómhánach a
shealgaireadha do thabhairt dá ionnsoighidh agus croicne na
mbeathadhach n-écceannsa do mharbhadar d'fhéuchain dia
fhios an rabhadar croicne na mathghamhan d'uireasbhaidh
orra, agus má do bhádar, gurab iad do bhí fan lánamhuin sin
ag díthleith a n-athaidh agus a n-élóidh. Ro féuchadh na
croicne agus fríth an dá chroiceann sin d'uireasbhaidh orra, agus ro
hinniseadh sin don Impir.
Ro fhuráil an t-impir Gréugach coin agus gadhair na cathrach
a ccoimhnéineacht do thaithmheach agus do thréunsgaoileadh
dá cceanglaibh agus dá ccuibhrighibh, agus a léigion ar lorg na
lánamhna go lánurlamh; slóigh agus sochraide na cathrach
dá ccoimhleanmhain, agus gan bun éntuim do léigion uatha
gan iarraidh agus gan fhiosrughadh.
Ro chinneadar ar an ccomhairle sin leath ar leath agus ro
léigeadar a ngadhra seanga séitreacha síorluatha agus a ccoin
bhailcbheódha bhuainreathacha dá slabhradhaibh seólta
sníthe sothacmhaing agus dá n-iallaibh órdha iomdhaingne ar
lorg na mathghamhan móradhbhal, ó dhoras an ghrianáin
trés an oiribher n-áluinn n-éccsamhail agus tré mhúraibh
daingne díothoghlaidhe an dúnaidh gus an bhfiodhbhaidh
bhfoithreamhail bhfásaigh agus gus na coilltibh caomha comhdhaingne
agus gus na doireadhaibh díoghainne díothoghlaidhe,
go rángadar gus an bhfiodh bhfíoruaigneach a rabhadar an
lánamhuin líoghdha lánáluinn sin gan díon gan deughcaomhna,
go nach raibhe bun énchroinn isin
fhiodhbhaidh áluinn fhosgadhmhóir agus isin ccoill chomhdhlúith
chomhdhaingin gan duine nó dias nó cú nó gadhar dá
choimhiarraidh, go nach rugadar céim mearaighthe nó
mearbhaill ar ais ó mhúraibh comhaidhbhle na cathrach
go rángadar ina réim díochra deughthapaidh gus an doire
ndlúith ndíoghuinn ndosadhbhal a rabhadar, go nach raibhe
acht eadh urchair soighde d'fhearann na fiodhbhaidhe
eatorra agus iad.
Iomthúsa an mheic thíre iomorro aithrisdear sonn seal
oile: baoi-siomh a bhfogas don lánamhain annsin isin
bhfiodhbhaidh a n-oirchill a n-anacail. Ó't-chonnairc rún
marbhtha agus mudhaighthi ag cách orra agus mar do mhothaigh
an tóruidheacht a n-athfhogas dóibh, ro éirigh go fuaisgneach,
foluaimneach agus tug síneadh ar a cholainn ó chéile agus druidis
ó dhlús na coilleadh commóire amach go mbeirdís cách a
ccoimhnéineacht radharc fair go foillsightheach. Ó't-chonnairc
cách a ccoitchinne agus na coin agus na gadhair an mac
tíre, ro gháireadar as gach aird ina uirthimchioll. An áit
iomorro fá tighe na teughlaighe agus fá haidhbhle na hoireachta
agus do b'fhaide ón áit a raibhe Sir Uilliam, as ann do ghabh
an mac tíre, go ráinig ar fairsinge an mhuighe mhóir amach,
go nach raibhe aoinneach isin bhfiodhbhaidh gan dol ina
dheaghaidh, agus an neach nach bhfaiceadh é, as cuma do
théigheadh ina thóruigheacht agus an té do chíodh é, óir do
shaoileadh gach duine nach bhfaiceadh é ó iomluaidhill na
ndaoine eatorra gurab iad na mathghamhain do bhí rompa
agus as luaithide do leandaoís iad sin. Bádar dano ó
fhíorthosach an laoi lánsholais go hiomdhorcha na hoidhchi
isin iarmhóracht sin, ó chnoc do chnoc agus ó ghlionn do
ghlionn agus ó thulaigh do thulaigh, gan anadh gan oirisiomh a
n-aoinionadh, agus ní rucc aoinneach aca for an mac tíre a
n-áit gona nó gabhála, go ráinig iomlán ón éigion sin um
thráthnóna do ló. Ro iompódar na slóigh iar sodhain gus
an ccathraigh ar n-a ttuirsiughadh ar an tóraidheacht
sin, agus ro innseadar do na ríoghaibh nach bhfuaradar an
toisg le a ndeachadar agus a ndearnadar do shiobhal agus do
shaothar go nuige sin.
Dála Sir Uilliam agus na hinghine, d'éis an ghábhaidh agus an
ghuasachta sin d'fhágbháil dóibh, at-chonncadar an mac
tíre chuca, agus cuiris a ccéill dóibh le heisiomláir gur mhithigh
dhóibh an t-ionadh sin d'fhágbháil, agus táinig fén a ttosach
na sligheadh reampa dá ttreórughadh. Agas tugadar uidhe
na hoidhchi sin go ttáinig an mhaidin mhochsholas arna
mhárach; agus iar bhféuchain ar gach taobh ina ttimchioll
dóibh, at-chonncadar gur bhó tír taidhbhseach agus gur bhó
críoch chuanna chaomháluinn baoi agá himtheacht aca; agus
at-chonncadar an chathair chaomhchumhdaighthi agus an
dúnadh daingean díthoghlaidhe agus an t-iosdadh áluinn
éccsamhail a ngarfhogas dhóibh as a haithle. Proveint
ainm na cathrach agus Proveist ainm an tighearna baoi innte.
Leithimel dúthaighe agus deighfhear an impire Rómhánaigh
eiséin agus as dó no fhreugradh an Proveist fén feacht agus
sluaigheadh.
Ar bhféuchain an tíre ina ttimchioll dóibhsiomh agus na
cathrach ina ccomhghaire, gabhais omhan agus imeugla iad
ó nách bhfacadar coill nó caomhdhroibhél ina ccomhghar
do-dhéunadh a ndíchleith. At-chonncadar iar sin coilér
cloch ar a ccomhair, agus do-chuadar chuige a ccéudóir agus
tiaghait eidir dhá chladh chomhmóra isin ccoilér agus
ro luigheadar a bhfochair a chéile ann gur thuit a ttoirrchim
suain agus síorchodalta orra. Agas do luigh an mac tíre don
taobh amuigh dhíobh dá bhfaire agus dá bhforchoimhéud nó
go mbeireadh an oidhchi orra. Ciodh trá acht as í sin uair
agus aimsir a ttángadar saoir agus máisiúnaigh ón ccathraigh do
thochailt an choiléir a rabhadar an lánamhain sin ina luighe.
Féuchais an céidfhear dhíobh uadha anonn eidir an dá
chladh a raibhe Sir Uilliam agus an inghean, agus at-chonnairc an dá
mhathghamhain gheala a bhfarradh a chéile ann, agus ó't-
chonnairc, táinig gus an ccuid ele dá mhuinntir agus ro ráidh riú:
"An ccualabhair-si an fógra tug an t-Impire Rómhánach
roimhe so?" ar sé, ".i. gidhbé do-bhéuradh dhá mhathghamhain
gheala chuige cco ttiobhradh dúinte agus cathracha,
caisteóil agus críocha, forba agus fearann, ór agus airgead agus iolmhaoine
go hacmhaingeach dhó agus go ndiongnadh tighearna ar oighreacht
adhbhalmhóir dhe?"
"Do-chualamar," ar iad-san.
"Má do-chualabhair-si si," ar in t-óglách, "atáid na
mathghamhain gheala sin isin choilér cloch sa ina mbíthí-si
ag tochailt gach laoi, agus cuiridh-si teachta ar ceann an Phroveist,
agus tabhraidh chugainn é, líon a shochraide, dá ngabháil."
Tiaghait na teachta uatha ar ceann an Phroveist agus anais
an chuid ele dhíobh ag coimhéud an choiléir. Ó't-chualaidh
an Proveist sin, ro chuir teachta do thionól agus do thiomsughadh
a shochraide in gach n-áit a rabhadar ar feadh
a thíre agus a thalaimh go raibhe trí mhíle fear n-armach
n-ionchomhlainn a n-éccmhais giollanraidh agus daosgarshluaigh.
Tángadar rompa iar sin a cceann tséuda agus
tsiobhail go tinneasnach. Ro sinnit a stuic agus a n-orghána,
a n-adharca áigh agus a ccuisleanna catha do láthair leó.
As í sin uair agus aimsir a ttárfás aisling iongantach
don inghin tre n-a codladh, gur bhiodhgasdair le huathbhás
as a suan. Fiarfaighis Sir Uilliam dhi créud adhbhur a
beudhgtha agus a buainlingthi.
"Aisling iongantach uathbhásach tárfás damh," ar sí,
".i. leómhan adhbhal allata do theacht chuguinn san choilér
sa agus morán beathadhach neimhneach nathardha eile do
theacht maille fris ann, agus iad do chur chuguinn dar marbhadh
agus dar mudhughadh; agus dar liom an tráth fa ndeachaidh aca
oruinn, go rucc an mac tíre úd aguinn fén ar leómhan óg
baoi aca agus gur fhuadaigh a lár na leómhan agus na mbeathadhach
mór amach é agus gur leanadar-san an leómhan óg agus an mac
tíre, agus gur saoradh sinne leis an mac tíre amhlaidh sin ó
mhóirghleó na mbeathadhach neimhneach nathardha sin."
"Ní cóir creideamhain do ghlór én nó eathaide nó
d'aislingibh co háirithe," ar Sir Uilliam, "agus ní fhuil annsin
acht buaidhreadh na leannann ag cur a ccúrsa is na
corpaibh ina ccodladh."
An tan iomorro fá hé sin a n-iomrádh, as ann do-chualadar
tairm agus treathan agus torannchleas na sluagh agus na sochaidhe
chuca. Ó't-chualaidh Meliór na mórghártha sin, ro bheadhgasdair
a croidhe ina cliabh agá ccloisdeacht agus tángadar
airrdheana éuga agus oidheadha dá hionnsoighidh. Ó't-chonnairc
Sir Uilliam sin, gabhais ag cor meanman agus
meisnighe innte, agus as eadh ro ráidh ria:
"A inghean," ar sé, "as amhlaidh as dénta duit an croicionn
sin umad do chur dhíot agus dol amach ameasg cháich suil
cuirfidhear coin nó gadhair chuguinn isin ccoilér diar
marbhadh, agus ó't-chífidhear do dheilbh agus do dhéunamh, ní
muirfidhear thú ó taoi it inghin ag an impir, agus as beug an
sgél misi do mhudhughadh a bhfarradh díoghbhála do
dhénamh duitsi. Agas dá mbeidís airm nó iolfhaobhair
agamsa, as calma an comach céud agus cathbhuidhean do-bhéruinn
ar curadhaibh na críche si dom chosnamh
fén agus dot chosnamh-sa, agus ní bhiadh san chruinne cheathardha
éinionadh badh leasga leó do thadhall nó do thathaighe iná
an t-ionadh sa; agus ó nach bhfuilit sin agamsa, as éigion
damh bás d'fhulang bhudh-dheasda."
"Truagh an teugasg do-bheire damhsa," ar an inghean,
"agus ní rach-sa don toisg sin," ar sí, "acht gidhbé díth nó
dochar do-ghéuntar damh, as ma raon riotsa bheud agus ní
sgaradh riot do-ghén nó go sgara an bás re'roile sinn, uair
nír bh'fheirrdi leam bheith um beathaidh it dheaghaidhsi.
Agas do bhí a fhios agam," ar sí, "go ttiocfadh m'aisling
asteugh amhail táinig, gé do bhádhais-si ag dénamh
míchéudfaidh orm uime."
Agas ad-bheartsat an laoidh ann:
"Aisling do-chonnarc um shuan,
asum eaglach re a hiomluadh,
leómhan laochdha, lór do lén,
do theacht chugainn sa choilér.
Tionólaid fan leómhan mhór,
dar liom nír threisi tionól,
buidhean go neimh is go neart
dar n-oidheadh uile a n-aoineacht.
Isin uair sin, dob é a shoim,
suil do-chuaidh aca orainn,
do rucc uatha an mac tíre,
leómhan óg go n-ainmhíne.
Do saoradh sinne fa seach
ar ghníomh na nathrach neimhneach
an uair sin, géur mhór an modh,
le cumhachtaibh na caomhchon."
"Ní cóir creidiomh dhóibh fa dheóidh,
d'aisling nó d'éunaibh aeóir;
buaidhreadh na leannann 'ma le
bhíos inn gach corp go cinnte."
"Más é sin as adhbhar ann,
a laoich fa chródha comhlonn,
as gearr cco ttáinig asteugh
ar n-aisling dúinn fa dheireadh."
"Do-bhéur duit comhairle chóir:
dol amach ameasg an tslóigh,
bhur n-oidheadh ní heccail libh
as tú it inghin ag an impir.
Dá mbeinn-si anois ameasg mh'arm,
do-ghénainn buidheachas badhbh,
mo ghníomh ní búdh bearn baoghail
a los arm nó iolfhaobhair.
Ar n-anacal ó so amach
ó nach bhfuil agam árach,
an bás ós é as éigion ann
caithfead an uair si a fhulang."
"Friot go bráth ní sgarfa féin,
a ridire an ghaisgidh ghéir,
nó go sgara an bás 'ma le
sinn a n-aoineacht re 'roile.
Duit ar tús ó thugas toil
ad dhiaidh ní bheinn um beathaidh,
ria tteacht dhi do aithin sinn
asteach go ttiocfadh mh'aisling."
Aisling.
As a haithle sin táinig an Proveist ria ccách dochum an
choiléir agus naoidhe áluinn ildealbhach do búdh mac dó fén
ina fharradh, agus féuchais uadha anonn eidir na clochaibh a
rabhadar na mathghamhain gheala. Dála an mheic thíre,
ó'd-chonnairc an t-ógmhac ag ionnsoighidh an phuill agus ó
do-fhidir gur bráighe gill ar an bProveist é, ro éirigh go
hathlamh urmaisneach as an ionadh a raibhe do leithimeal
an phuill a rabhadar na mathghamhuin, agus tug sidhe áith
ainiarmhartach ar mac an Phroveist gur ghabhasdair
eidir guilbnibh a ghlomhairchinn é, agus ro thógaibh ar a
fhormna cco héttrom eadarbhuasach é, agus ro imthigh reimhe
go roathlamh ar righthibh ríghmhíleadh agus ar ochtaibh
óigthighearnadh agus ar ghuallaibh gasraidhe agus ar fhormnaibh
féinneadh agus fearóglach, cco ráinig tar séiselbhe na sochaidhe
agus tar mórghothaibh na míleadh amach ina ghaisidhibh
géurluatha gáibhtheacha agus 'na shidhe roighéur roghluaisde
agus ina chéimeannaibh troighéusgaidhe tinneasnacha, mar
luas soighde seólta sothairrngthe a fiodhbhac fhearrdha
fhíorláidir, nó mur sidhe gaoithe gáibhthighe géuramhainsighe
tar ceannaibh cnoc ccorrach ccomhadhbhal a laithibh
fuaroighreata earraigh a meadhón Márta.
Ó't-chonnairc an Proveist an mac ar n-a fhuadach uadha
don mhac tíre, ro léigeasdair glaodha glanarda gáibhtheacha
agus comharca cruaidhe commóra agus éighmhe aidhbhle acaointeacha
ós aird agus ro fhógair, fa phéin a n-anma agus a
n-inmhe do bhuain díobh, dá gach aoinneach aca an mac
tíre do thóraidheacht agus do thréunleanmhuin agus gan aonnduine
d'fhuireach ag an ccoilér dhíobh gan dol 'na dhiaidh.
As annsin do-rónsat na slóigh agus na sochaidhe éirghe
athlamh aoinfhir a haonchomhairle, eidir óg agus sean, eidir
rígh agus ridire, idir íseal agus uasal, a n-iarmhóracht an mheic
thíre, agus ní rugadar a n-áit gona nó gabhála fair. Do anadh
ar an ccnoc nó ar an ccorrthulaigh ar a n-aghaidh; uair
annamh do léigeadh an mac ar lár ina fhiadhnaisi dá chor a
ccéill agus a ccomhthuigsin do chách go raibhe an macaomh
ina bheathaidh agus go madh móide do leanfaidhe las na
hógaibh é agus go bhfuighbhedaoís na mathghamhain uain
ar imtheacht amhlaidh sin. Ó't-chíodh cách a ccomhghar
dhó, do chuireadh an mac ar a mhuin agus do reathadh cco
dian dísgir deughthapaidh agus go hathlamh éusgaidh urmaisneach
nó go ttéigheadh uidhe adhbhalchian d'fhorba agus
d'fhearann uatha; do anadh annséin ag léigion a sgísi
do-ridhisi, agus do léigeadh an leanamh ar lár ina fhiadhnaisi
ar chomhair cháich go fóill fírghlic fon ccuma chéudna.
Ciodh trá acht baoi ar an séoladh sin ón ccnoc comhadhbhal
go céile seachnón na críche go coitcheann, gan
comhnaidhe, gan comhairisiomh a n-aoinionadh, go ttáinig
iomdhorcha na hoidhchi dá n-ionnsoighidh leath ar leath.
Ó do aithin iomorro an mac tíre gur léigeadh faill imtheachta
do Sir Uilliam agus don inghin, do fhágaibh a mhac ag an
bProveist, agus ní raibhe ball dubh nó dorcha ina chorp nó 'na
cholainn. Gabhais lúthgháire adhbhalmhór an Proveist
ó't-chonnairc a mhac dá fhágbháil aige gan fhuiliughadh,
gan fhorrdeargadh fair, agus toirbhiris do phógaibh go miochair
muinnteardha é as a haithle.
Ro iompódar na slóigh agus na sochaidhe iar sin dochum a
ccathrach maille le subhachas agus le sobrón adhbhalmhór,
óir nír chás leó dochar dá bhfuaradar agus mac an Phroveist
d'fhágbháil don mac tíre. A ndála-somh go nuige sin.
Dála Sir Uilliam agus na hinghine do-bearor os aird. Ar
n-imtheacht don Phroveist uatha ón choilér tré mhórchumhachtaibh
an mheic thíre, ro fhágbhadar an coilér go
comhathlamh agus do-chuadar dochum na fiodhbhaidhe fíoráille
baoi uidhe trí míle uatha, agus an áit fa daingne agus as diamhraighe
fuaradar innte, ro shocraigheadar ionadh agus adhbha dhóibh
ann. Ní cian ro bhadar ann as a haithle go bhfacadar an
mac tíre chuca le biadh agus le beathaidh mar do-bheireadh
do bhunadh. Gabhais fáilteachas mór Meliór agus Sir Uilliam
reimhe, uair do shaoileadar nách bhfaicfedís 'na bheathaidh
go bráth é, agus do bhádar ag guidhe Dé cco díochra fá fhurtacht
agus fá fhóirithin d'fhagháil dhó ón éigion a bhfacadar fén é
go bhfacadar an uair sin dá n-ionnsoighidh é.
Dála an Phroveist iomorro, ar ttoidheacht na maidne
muiche arna mhárach chuige, ro chuir gairm ar a mhuinntir
agus ar a mhóirtheughlach chuige go ndeachdaoís d'iarraidh
an choiléir do na mathghamhnaibh. Rángadar rompa
iar sin ina mbuidhnibh toisgmheara tinneasnacha, agus ina
cceithirnibh crannruadha cóirighthe dochum an choiléir, agus
ní fhuaradar acht áit na mathghamhan iar n-éulódh ann.
Isan laithe chéudna sin dano, ar bhfilleadh don tsochraide
sin gus an ccathraigh iar bhfagháil an choiléir folamh
amhail ro ráidhisium, tángadar modhaidh agus mórbhathlaigh
ón dúnadh dochum na coilleadh a rabhadar na mathghamhain,
do bhuain connaidh agus caolaigh agus do dhéunamh
gualaigh dochum a reactha isin ccathraigh. Bádar-somh
dano ag teacht tar na mathghamhnaibh, amhail fríth isin
ccoilér iad agus amhail rucc an mac tíre mac an Phroveist leis
an tan do-chuaidh aca orra.
Ro labhair aroile modhadh dhíobhsein agus eadh ro ráidh
nach bhfacaidh agus nach ccualaidh a n-uiread féin do churadhaibh
nó do chaithmhíleadhaibh ar aonláthair riamh as measa
fríth iná a raibhe a ttimchioll an choiléir do shluaghaibh
an Phroveist, agus gur bh'urasa a aithne nach raibhe féin
aca:
"Uair dá mbeinn maille friú," ar sé, "ní bhfuighdís a
ndíon ná a ndídean ar muir ná ar tír orm, ionnas go madh
agamsa nó bhiadh an tighearnas do gheall an t-impir ar a
ngabháil, agus más ar an ccoill si ina bhfuilim-si anois atá
siad, as urasa daoine glioca gnáthghaotha do ghairm dhíobh
dá ndeachaid gan fagháil uaimsi," ar sé.
Do-chualaidh Meliór an comhrádh sin agus ó'd-chualaidh,
do chriothnaigh a croidhe ina cliabh, uair do shaoil gurb'
ionann don mhodhadh agus críoch do chur ar an ccomhrádh sin
gach ar labhair an uair sin agus gach a ndearna do bhagar
orra. Acht cheana fá gairid ó an áit a rabhadar na
mathghamhain an t-ionadh a rabhadar na modhaidh ar an
ccomhrádh, uair ní raibhe acht crann nó dhá chrann don
fhiodhbhaidh eatorra.
Ro labhair modhadh ele do na modhadhaibh agus táinig a
n-aghaidh comhráidh an chéudmhodhaidh:
"As éccóir chanas tusa an comhrádh sin," ar sé, "agus ní
fhuil d'fhiachaibh ort cur 'na dhiaidh dá mbeith ar do
chumas, óir inghean don Impire Rómhánach atá ann ar
n-élódh le gaisgeadhach gníomhéchtach do mhuinntir an
rígh fén, ar ttabhairt toile agus tromghrádha dhó ar bhéulaibh
Pairtinotas, mac rígh Gréug, táinig dia tochmharc agus dia
tabhairt ó chathair na hAithne d'éntoisg go nuige an Róimh,
agus a athair agus maithe na Gréige ar aontslighe maille fris;
agus dom chubhais," ar sé, "dá mbeith an lánamhain sin ar
mo chumas fén, ní dhénainn díth nó dochar dhóibh agus do
cheilfinn go maith iad ar gach neach do bhiadh ar
tí foghla nó foiréigne do dhénamh forra. Agas as córa
dhúinn ar n-obair fén do thabhairt dar n-aire agus ar mbeatha
d'fhagháil uirre ná bheith ag buain re ní nach beanann
dúinn agus nach dar ccúram idir."
Ó thairnic dóibh a n-obair do chríochnughadh ar an
ccoill, eidir connadh agus ghualach, ro fhágbhadar í as a haithle
agus do-chuadar dochum na cathrach. Ar n-imtheacht do na
modhadhaibh iaromh, gabhais lúthgháire mhór Meliór agus tug
a bhuidhe re Dia cco díochra iad fén do dhol gan fhaicsin
ón mhodhadh d'éis a mbagair orra.
"Dá mbeidís airm nó iolfhaobhar agamsa," ar Sir
Uilliam, "dob' imeuglach las an mbathlach úd aghaidh do
thabhairt orm idir; agus ní búdh adhbhar eccla duit é. Gion
cco mbeith d'arm nó d'iolfhaobhar agam dá thraothadh nó
dá thrasgairt acht mo dhóide, ní budh beug dá oidheadh agus
dá fhíorbhásughadh é."
As annsin ro labhair Meliór re Sir Uilliam, agus as eadh ro
ráidh:
"Cuiream na croicne si dínn," ar sí, "óir ní fhuil críoch
nó ceannadhach inar ccomhghar nach bhfuil a fhios aca
an t-aithearrach deilbhe ina ndeachamar agus braithfidhear
as sin sinn, dóigh ní fhuil sealg nó sáirfhiadhach ar aire
aonnduine sa ríoghacht sa nó a ríoghacht ele a n-athfhogas
di do bhrígh fógra an Impire, acht sealg mathghamhan
ngeal amháin."
Do chuireadar na croicne díobh iar sin, agus do-chuadar ina
ndeilbh agus ina ndéanamh duineata bhudh-dhéin. Acht
cheana má do bhaoi fuigheall seirce nó síorghrádha gan
tabhairt aca d'aroile reimhe, tugadar an uair sin d'aroile é,
ó'd-chonncadar cruth agus caoimhdhénamh a chéile ar n-a
mbeith cóicthidhis comhlán a ccroicnibh na mbeathadhach
n-écceannsa n-anaithnidh ó ionadh go hionadh gan teach,
gan dúinte. Cuirid na croicne fa n-a cceannaibh iaramh agus
do-rónsat suan agus sádhaile iar sodhain. Iar musgladh dhóibh
'na dhiaidh sin as a suan, at-chonncadar an mac tíre
chuca go tinneasnach agus carrfhiadh comhmór caomhchongnach
agá tharraing ina dhiaidh go deughláidir aige. Ar
tteacht do láthair dhó, tugasdair tí ceart cudroma dia chois
feadh ochta agus urbhruinne an fhiadha, agus féuchais ar Sir
Uilliam agus ar an inghin as a haithle. Do thuigeadar-san
gurab ag iarraidh orra an fiadh do fheannadh do bhí an
mac tíre dochum a chroicinn do chur um neach éigin aca.
Ro feannadh an fiadh go fuireachair lé Sir Uilliam agus léigis
a bhian ar an bhféur bhfalláin bhfíoruaine ina fharradh.
Ro imthigh an mac tíre fon bhfiodhbhaidh iar sin agus ní
fada do bhí amuigh an tan táinig arís chuca agus eilit uathmhar
adhbhalmhór dá tarruing ina leanmhain go láthair aige, agus
ar ttorachtain do láthair dó, tugasdair an comhartha
céudna uirrthe ina bhfiadhnaisi mar tucc reimhe. Feannais
Sir Uilliam an eilit iar sin agus fuaighis a bian go bláthmhar
biothdaingion fa Mheliór. Fuaighis Meliór croiceann an
charrfhiadha go cuanna caomháluinn uimesiomh as a
haithle, ionnas nách aitheónadh aonnduine d'fheabhas a
aithne go madh deilbh duine nó bhiadh air ceachtar díobh
reimhe. Gabhais trá Meliór ag áinios agus ag urghairdiughadh
go faoilidh fíorshuilbhir ar a fírchéile ar ngabháil an
aithearraigh sin uime, agus as amhlaidh baoi agá rádh agus do
rinne an laoidh ann:
Gur mheala tú an t-earradh soin
gion gurbé t'earradh cosmhoil,
seól gach mná do mhealladh doit
t'fhaicsin it chulaith cosgair.
A Dhé, as truagh an t-atharrach,
leis do chlaochlaigh mo chiall-sa,
sibh ané a ndeilbh mathghamhan
is tú aniugh a ndeilbh fhiadha.
Gnáth eugla ar na hanmannaibh,
ní hé roimhéud a ccionadh,
ag imtheacht réur a n-anmandaibh
sinn o ionadh go hionadh.
Feadh gach laoi dar láiniarraidh
ní fhuil a ccrích sa chruinne
lucht seilge nó sáirfhiadhaigh
gan a seilg oruinn uile.
Ní fhuil ó na bathlachaibh
go nuige an dream as uaisle,
cuid ele dar n-anachuin
gan a mbrath oirn an uair si.
Gé táid ar tí éudála
do dhénamh oirn go ttrásda,
cách ort do budh édána
dá mbeitheá it earradh ágha.
Lór linne mar leapthachas
beith ag luighe ar ar ccroicnibh,
gé minic do chleachtamair
luighe ar clúimh is ar coilcibh.
Gé taoi a n-earradh ainmhidhe
tar éis éláidh ón impir,
Atáim-si dhá thairrghire
go ngéubha tú as inmhe.
An t-impir ar mbiodhbhoi-ne
as sinn féin dúinn fo deara,
tú mo shearc is mh'ionmhoine,
an t-earradh sin gur mheala.
As a haithle sin tug an mac tíre biadh agus beatha chuca
amhail do-bheireadh do ghnáth, agus iar ccaitheamh an bhídh
sin dóibh, ro éirigh an mac tíre ina sheasamh agus ro fhéuch
orra agus do chuir a aghaidh don taoibh inar lainn lais dul
dóibh. Ó do thuigeadar-somh gurab ag iarraidh orra an
t-ionadh sin d'fhágbháil do bhí, ro éirgheadar go hathlamh
annséin a leanmhain an mheic thíre agus eisiomh a remhthús
reampa ag dénamh eólais agus urrudhais dóibh tré dhiamhraibh
agus tré dhroibhéulaibh go rángadar a ccomhfhochraibh do
chríochaibh na Siosoile go sonnradhach.
Dála an Phroveist iomorro, ó nách bhfuair na mathghamhain
sa choilér cloch ar tteacht ó thóraidheacht a
mheic dhó, do chuir gairm agus gnáthfhógra ar a thionól agus ar
a thóicheasdal an dara lá do-ridhisi do dhul d'iarraidh na
bhfiodh agus na bhfásach do na mathghamhnaibh. Tugadh
chuca dano a ngadhair ghlóracha ghuithbhinne agus a ccoin
chomhluatha chonfadhacha agus a n-aidhme fiadhaigh agus
fianchosgair ó sin amach, agus tángadar rompa fon réim sin
d'ionnsoighidh na coilleadh ar ghabhadar na mathghamhain
an t-atharrach earraidh agus éudaigh umpa, go nár fhágbhadar
énchrann dá aidhbhle nó dá fhíorloighead gan iarraidh cco
díochra dhóibh, go bhfuaradar croicne na mathghamhan
san ionadh ar fhágbhadar-san iad agus fuaradar an fiadhach
feannta san ionadh chéudna.
Ó't-chonnairc an Proveist na croicne ar n-a bhfhágbháil
agus an dá fhiadh fheannta ina bhfarradh, ro aithin gur
fhágbhdar reachta na mathghamhan a rabhadar go nuige
sin agus go ndeachadar a riocht an fhiadha dá ndíthleith ó
do-feas orra na céidreachta a rabhadar. Nír lean taire
sin iad óir baoi comhfhuachadh cogaidh ag na ceannadhachaibh
fá neasa dhó fris agus nír léig omhan nó imeuccla dhó
gabháil treotha nó tarsa muna ngabhadh le líon budh lia
ináid, gonadh aire sin nár leanasdair as an mhórchoill amach
na mathghamhain, gur imthigh dá dhúnadh agus dá dheughcathraigh
bhudh-dhéin.
Iomthúsa rígh na Siosoile .i. athair Sir Uilliam, do-bearor
os aird seal oile. A ccionn ceithri mbliadhan iar mbreith
a mheic don mhac tíre uadha, ro toirrcheadh inghean rígh
Gréug leis agus rucc inghean áluinn ildealbhach fá caoimhe
don cheathardhúil; agus as eadh inniseas an staraidhe nách
ttáinig dano a n-aonaimsir fria aoinbhean do b'fhearr
dealbh agus dénamh inás. Ní fada 'na dhiaidh sin go bhfuair
an rígh fén bás, agus baoi an bhainríoghan .i. inghean rígh
Gréug, agus a hinghean ag sdiúradh agus ag follamhnughadh a
bhflaitheamhnasa aimsir fhada iar sin ó nach raibhe oidhre
ele ar aird aca.
As ann san aimsir chéudna sin a rug an mac tíre Sir
Uilliam leis, rug inghean rígh Poirteugla, .i. an bhean ro
chuireasdair cédmhac an rígh a riocht an mheic thíre
mar do luaidheamar romhuinn a ttús an sgeóil, gein
mhíonáluinn mheic do rígh na Spáinne, ar n-eúg a chéudmhná
uadha .i. inghean rígh na Gasguainne. Baoi an mac
gá oileamhain agus gá altrom ó aois a naoidheandachta go haois
ógláchais .i. an feadh baoi Sir Uilliam a n-éugmhais a
inmhe agus a athardha bhudh-dhéin agus a dhearbhráthair-siumh
a riocht mheic thíre 'na choimhdeacht dá chaomhna
agus dá chomhanacal. Ó tháinig trá aois tochmhairc agus
tabhartais don mhac sin, ro chuireasdair teachta go tinneasnach
d'iarraidh inghine rígh na Siosoile iar n-éucc a hathar
uaithe, agus tug an inghean agus a máthair éura tochmhairc a
n-aoineacht ar na teachtaibh sin rígh na Spáinne agus a mheic.
Rángadar na teachta ar a n-ais agus ro innseadar don rígh
an bhainríoghan agus a hinghean a n-aoineacht do thabhairt
éra tochmhairc ar a mhac. Mar do-chualaidh rí na Spáinne
a mhac do dhiúltadh fa inghin rígh na Siosoile, ro ghabh
fearg agus fíorloinne é agus ro chuir tionól agus tiomsughadh ar a
shlóghaibh agus ar a shochraide a n-aoineacht dá ionnsoighidh,
go nachar bh'urasa ríomh nó áireamh a shochraide re a
n-aidhbhle agus re a n-iomad ar ttionól agus ar ttiomsughadh a
n-airm agus a n-eachradh agus a n-aidhmeadh áigh agus iomghona
ar cheana. Rángadar rompa fon samhla sin go críochaibh
na Siosoile, agus mar as gnáth le sluagh námhad nó neamhcharad
ar tteacht a ttír biodhbhadh agus biothfhoghladh sgeimhealta
sgiobtha sgiamhluatha do thabhairt fá na tíorthaibh go
tinneasnach, ní dheachaidh sin ar dearmad nó ar díchuimhne
ó aireachtaibh ogla ainndreannda na hEaspáinne, gur
chuireadar na críocha go comhlán fá dhoighir dhonnruadh
dhearglasrach agus fá dhúintibh smáilísle smúrluaithridh agus tugadar
úrtha agus airgne agus eudála an tíre go haonláthair leó.
Dála na bainríoghna iomorro, ro thionóil sí re a n-aghaidh
a ríogha agus a ridireadha, a curadha agus a caithmhíleadha, a
diúcadha agus a deughbharúin, a hiarladha agus a hardfhlatha, agus
tugadar-séin aghaidh a n-aoineacht ar na Spáinneachaibh
do dhíoghail a n-ainndlighidh agus a n-éuccóra forra. Acht
cheana fá saothar díomhaoin dóibhsiomh sin, dóigh ro
sraoineadh cath go hainiarmhurtach forra go ndorchradar
ár féinneadh agus fearóglach isin deabhaidh sin díobh, cco
ttugadh d'éigion agus d'anbhforlann ar a n-uaislibh a n-aoineacht
teacht asteach a bPailearna .i. cathair inmhe agus oireachais
na Siosoile go sonnradhach, ar marbhadh moráin dá maithibh
agus dá móruaislibh, ar n-a mbuain dá ttreóir agus dá ttuinithe,
go nár fágbhadh dúnadh gan dianlosgadh ná cathair gan
combriseadh ná iosdadh gan adhnadh ná ceathra gan
combach, gur ghabhadar longphort gacha hairde agus gacha
haircheann don chathraigh .i. Pailearna, go nach raibhe
do chumhachtaibh gá ccuradhaibh nó d'inmhe gá n-ardmhaithibh
acht bárdacht agus buanchosnamh cathrach Pailearna
amháin ar mhíleadhaibh agus ar mhórshochraide na Spáinne.
Iomthúsa sochraide na Siosoile iomorro, ar ttabhairt áir
adhbhalmhóir ar a n-uaislibh agus ar a n-ardmhaithibh, do-chuadar
d'éccaoine a n-imneadh agus a n-éuttualuing fris an
mbainríoghain. Do labhair an tí do b'uaisle agus do
b'onóraighe díobh ar bhéulaibh cháich a ccoitchinne agus as
eadh ro ráidh:
"A bhainríoghan," ar sé, "ná feargaighthear tusa rinne fan
aitheasg chanfam riot anois, óir ní tré fhallsacht nó tré
neamhthairiseacht umad atámaoid-ne ag éccaoine riot, acht
ar ccruidh agus ar cceathra do bhreith ar aoinshlighe uainn, ar
n-ór agus ar n-airgead agus ar n-iolmhaoine d'uireasbhaidh oruinn,
ar ndúinte agus ar ndeughcathracha agus ar ccaisdeóill ar n-a
ccoimmbriseadh agus easbhuidh ...
"... agus an airdríghe do thréigeas-sa airsiomh
.i. ríoghacht na Gréige agus na Rómha ma raon."
Dála na Spáinneach iomorro, tángottar trí mhíle fear
n-armach n-ionchomhloinn a n-aghaidh sluaigh na Siosoile
agus cidh iatt-séin ann, nír léig a n-eugla dhóibh dol tar doirsibh
an dúnaidh amach acht teacht ar taidhbhlibh an tuir agus na
tréunchathrach agus bheith ag bárdacht a mbaile, óir nír
mhaith a séun catha gus an laithe sin. Iomthúsa Sir
Uilliam, táinic-séin reimhe tar sráidibh socra síormhóra
na siothchathrach go raibhe a ccomhfhogas do doirsibh
an dúnaidh, agus ro fhéuch ar thaidhbhlibh na ttor ar gach
taobh ina thimchioll go bhfacaidh sluaigh na cathrach a
n-aoineacht orra. Ro labhair riú fon réim sin agus as eadh
ro ráidh:
"Ní maith an cothughadh cathrach nó an dídion dúnaidh
dhaoibhsi an t-ionadh iomghona sin a bhfuiltí, agus ní comhartha
beódhachta nó buainneirt dhaoibh anmhain ann, agus ná
gabhaidh chugaibh, ní do thár nó do tharcuisne oraibh
chanuim an comhrádh úd acht feabhas bhur ndeilbhe agus
bhur ndénmhasa, agus feabhas bhur n-éididh agus bhur n-iolfhaobhair
agus bhur cculaith catha agus cruadhchomhraic ar cheana.
Agas nách córa dá bhfuil in bhar n-aghaidh calma
do dhéunamh ná daoibh féin, uair dar leam as ceann
slóigh nó sochuidhe gach aoinfhear aguibh. Tigidh liomsa
tar cathraigh amach anosa," ar sé, "a cceann catha agus comhraic,
agus ná gabhadh omhan ná imeugla sibh, óir brisfeatt-sa
cath ar a bhfuil in bhar n-aghaidh aniú, dóigh ní tharla
mo chomhchalma a cceann chatha chuca ó tángadar don
tír si. Agas bíodh meanma agus meisneach ag gach aonnduine
agaibhsi, uair as minic fuair curaidh clú gan ghuasacht a
ngleó agus a ngnáthiorghuil, agus ná bíodh amharas agaibh go
mbrisfeatt-sa cath romhaibh aniú, dá n-antaoí ar mh'innioll
agus ar mh'ordughadh."
Agas as cuma ro bhaoi gá rádha agus do-rinne an laoidh
so síos dá laoidheadh agas dá luathghreasacht:
Éisdigh lé bhar n-agallaimh,
a shluagh cródha na cathrach,
gus anois ní fhacobhair
fear bhur tteasairgne a ttachar.
Ní ag tár nó ag tarcuisne
atú oraibh 's ní hiongnadh,
acht dóigh as bhur ngasraigh-si
go mbéurdaoís buaidh a mbiodhbhadh.
Gidh ceann sluaigh nó sochaidhe
dar leam gach aoinfhear agaibh,
ní maith bhur ccóir cathaighthe
re bhfuil aniú in bhur n-aghaidh.
Mo theisd ar bhur tteaghlach-sa,
teaghlach an ghaisgidh ghéurchruaidh,
go mbéuraidh bhur n-eangnamh-sa
buaidh ar ghníomhaibh gach éntsluaigh.
Bhur rígh 's bhar rodhamhna
tiaghaitt uile a cceann chatha,
ní thiocfa mo chomchchalma
da bhar ttraothadh an tan sa.
Córaide mo leanmhain,
a dhream ríogha cco ruathar,
as minic fuair deughchuraidh
áiriomh a ngleó gan ghuasacht.
Lé haghaidh na himreasna
amach go hathlamh éirghidh,
d'uaisliughadh bhur n-imtheachta
léum fhuighlibh uile éisdigh.
E.
As a haithle sin gabhais iongnadh adhbhalmhór iadsamh
agá fhaicsin sin, ó't-chualattar feabhas a bhriathar agus a
bhláthchomhráidh, óir nír aithnigheattar a inneall nó a
éccosg, gé do aithnigheattar an t-each baoi faoi, agus fá móide
a n-iongnadh uime, an t-each nár fhulaing aoinneach ar
talmhain do theacht a ccomhghar dhi ó theasda a tighearna
féin gus an tráth sin, d'fhaicsin ciúin ceannsaighthe, gá
romhúnadh agus gá roriaghladh do réir a aigeanta agus a inntinne
aige; agus tugattar grádh a n-anma a n-aoineacht dhó, óir
do smuaineattar go madh costadh um rígh agus um roithighearna
dhóibh cosdadh a n-áit iomghona nó iorghoile um fhear a
innill agus a éccoisg.
Tángottar ina choinne agus ina chomhairrchis don chur
sin agus do iadhattar dá gach aird ina uirthimchioll,
ceithri chéud curadh coimhfheadhma do mhaithibh slóigh agus
sochaidhe na Siosoile. Ro fhuráil Sir Uilliam orra iar sin
doirsi na cathrach agus an dúnaidh a ccoimhnéineacht d'osgladh
ina urchomhair. Tángottar amach tar múraibh na mórchathrach
agus tar doirsibh an deughdhúnaidh iar sin, cco
rángadar céide coimhlíonmhara an chatha.
Dála na Spáinneach iomorro, tángadar gan innioll gan
ordughadh orra ina n-aghaidh, gan fhuireach lé cinniodh
comhairle d'aoinneach aca, óir do shaoileattar nách dingéntaoi
cothughadh cathláithreach ina n-aghaidh mur bá
cleachtadh leó gus an laithe sin. Ní hamhlaidh sin do-rinne
Sir Uilliam, acht ro chóirigh a chatha go ndearna
léibhinn dlúith doileónta agus mainnir mhearrdha mhórchródha agus
dúnchladh niata neartmhar go deughurmaisneach dhíobh
agus ro fhuráil forra é féin do leanmhain go lánathlamh in
gach ionadh a ttiobhradh a aghaidh san iorghail. As é fá
tuairgnidh troda ria sluaghuibh na Spáinneach an uair
sin .i. sttíobhard an rígh feisin. Acht cheana ro bhean béim
dísgir deughthapaidh don dá chath chródha choimhfhearrdha
sin a cceann a chéile mar dhá shliaph arda iomfhoigsi ag
maidhm agus ag mórthuitim a bhfántaibh agus a bhfíríslibh a
n-aghaidh aroile, gur ghabhadar ag sloighe agus ag sleachtadh,
ag oirleach agus ag athchuma, ag ciorrbhadh agus ag commbualadh
a chéile.
As annsin táinig an bheithir bheódha bhuanláidir agus an
dreagan déudla dúrchroidheach .i. Sir Uilliam mac rígh na
Siosoile, um chath na Spáinneach go spionntamhail, amhail
mathghamhain ar mhire nó tarbh ar threisi nó leómhan ar
láidire nó seabhac ar shíorluas, gur chriothnaigh an cath
dá choinnsgleó agus gur thraoth an treas dá thuinnsiomh agus gur
fhorraigh an iorghail dá fhorrán, go ráinig gus an gcró cadad
comhdhaingion catha a mbaoi sttíobhard tighe an rígh sa
tachar, agus gidh eisiomh ann, ní ar iomghabháil Sir Uilliam
ro bhaoi acht dá iarraidh idir. Ó rángottar-san a ccomhfhogas
dá chéile, tugattar achmhasán ogal ainndreanda
dá sleaghaibh seimneacha sithrighne d'aroile go ndearnattar
cotanna croinne coimhbeuga agus blodha bearnacha bithréuptha
agus aisleagha cearta coimhleónta do na craoiseachaibh. Ar
mbriseadh a n-omnadh do na h-airsidhibh, do nochtattar a
ccuilg chruaidhe choimhshníthe agus a lanna líomhtha
láinghéura, agus do-rónsatt urlaidhe ogal ainiarmhartach agus
tolgán tuaichill tréunchalma. As annsin tug an sttíobhard
béim bunata bithneartmhar ar amas cinn agus ceandmhullaigh
Sir Uilliam do chríochnughadh a chomhloinn fris madh dia
ccaomhsadh, gur amais ina cheartmhullach an cathbharr
ceathaireochair, gur bhean criothnughadh agus comhbogadh
as an caithmhílidh, gur chuir ceó agus coimhtheimheal ar a
rosg rinnghéur radharcach ar ccothughadh don chruaidhchinnbheirt
ré faobhar na fíorlainne. Friotháilis Sir
Uilliam go lánurlamh é agus tógbhais an lámh go lántapaidh
d'éis soillsiughadh dá shúilibh ón teimheal tarrasdair forra,
agus tugasdair béim neartmhar náimhdidhe a ccomhrac an
chathbhairr agus na lúirighe don churaidh go ndearna ball
deas díobhraicthi a bhfiadhnaisi a cholla dá cheann.
Ní mar do-níd feadhnacha fannshluaigh ar ndíth a ttriath
agus a ttighearna do-rónsat muinntir an stíobhaird a ndiaidh
a ttighearna, acht cothughadh cathláithreach co hurmaisneach.
Táinig dream dhíobh dochum cuirp an churadh agus
rugattar leó dá longphort é agus ro inniseadar a ndíth agus a
n-easbhadha ó thús co deireadh don rígh agus do na ridiribh
a ccéattóir, agus ro an dream oile ag cothughadh re curadhaibh
na cathrach go mbeireadh sochaidhe oile orra.
Ro hiachtadh agus ro hacaoineadh isin longphort ar ccluinsin
an sgeóil .i. bás an stíovaird agus ar marbhadh dá míleadhaibh
ima raon ris. Ó't-chualaidh dearbhráthair an stíobhaird
bás a bhráthar, ro éirigh co hathlamh agus ro cheangail a chorp
ina chneiséideadh comhloinn ...
Go bhfríth libh isin tráth sa
sibh go ttrásda gan tréinbhrígh,
éirghe lé bhur méud meanman
bhar n-eangnamh tar gach éinní.
Ar ttairgsin na hiomagallmha sin do Sir Uilliam agus ar
ttabhairt treasa óil do na hógaibh, ro éirigh an bhainríoghan
as a háit oireagair óla agus ruccasdair Sir Uilliam lé dochum
an ghrianáin lánaoibhinn ina ngnáitheadh féin agus a fear do
bheith .i. rí na Siosoile, agus ro fhuráil fair a chathbheirt
catha agus comhloinn do chur dá chneas. Do-rinne Sir Uilliam
amhlaidh sin agus do-rónadh fliuchcaomhna foilcthe agus fothraicthe
dhó do luibhibh séimhe sobholaidh agus do bhláthaibh
áille éxsamhla, do chosg a fhiabhrasa agus a easláinte agus
d'ardughadh a inntinne agus a aigeanta d'éis a chathaighthi agus
a chosgair. Tiormuighis é iar sin d'éudaighibh uaisle
onóracha do shíoda agus do shiric agus do shionshnáth agus dá gach
cinél éudaigh ar cheana. Ro chuir a éudach fén uime iar
sin agus ro shuidh féin agus an ríoghan ar fhuinneóig an ghrianáin
a mbíodh rí na Siosoile do bhunadh, agus báttar ag féuchain
uatha ar an bhforaois. Ní cian báttar ann go bhfacadar
an mac tíre ag teacht as an bhfiodhbhaidh ar a n-aghaidh,
agus ó ráinig a ccomhfhogas dóibhsiomh, do-rinne umhla go
hurromach dhóibh, agus baoi re hathaidh ar a n-aghaidh
amhlaidh sin, agus ro imthigh reimhe fon bhfiodhbhaidh go
fíorathlamh as a haithle. Ó't-chonnairc an bhainríoghan
sin, ro smuain ar an mac tíre rucc a hénmhac uaithe agus tucc
do bharamhail gurab é sin é, óir, dar lé féin, do b'ionann
méud agus dath agus déunamh dhóibh. Ro bheadhgasdair a
croidhe ina cliabh agus ro léig osna ard acaointeach ós áird.
Fiarfaighis Sir Uilliam adhbhar a hosna don bhainríoghain.
"Gráin agus eugla agus uathbhás rom-gabh res an mbeathadhach
n-éucceannsa n-allta úd," ar sí.
"Ní rigi-si a leas eugla nó omhan dot ghabháil reimhe
súd," ar sé, "dáigh ní dochum díthe nó díoghbhála do
dhéunamh duitsi táinicc don toisg úd, agus as tairisi damhsa
an tí táinig ann iná gach aon isin chruinne uaidhe fén
amach. Agas créud adhbhar do ghráine-si nó do ghroidbheadhgaidh
re a mhac samhla súd?" ar sé.
"Ní léigeann méud mo thoirsi agus mo dhobróin damhsa
sin d'innisin duitsi," ar sí, "gidh eadh cheana, inneósad
dhuit é .i. mac miadhach móronórach rugas do rígh na
Siosoile agus tuccadh Uilliam d'ainm fair, agus baoi amhlaidh
go ceann ceithre bliadhan. As í sin uair agus aimsir ina
ndearnadh seilg na foraoisi fíoráille si amuigh leis an rígh
.i. Cing Ébrús. Do-chuadhas-sa leis dochum na sealga
sin agus mo bhantracht agus mo bhandála maille friom agus mo mhac
ar a bháire baoisi agus buainleanbaidheachta inar bhfarradh
ag tionól agus ag tiomsughadh blátha agus duille an talmhan ina
thimchioll, agus cách uile ag cluiche agus ag comhgháir i n-aoinfheacht
ime. Nír bh'fhada dhúinn iar sin an tan táinig
an faolchú féigh fíorathlamh agus an t-ainmhidhe écceannsa
allta dar n-ionnsoighidh, agus rugasdair ar an naoidhein n-áluinn
n-iolchrothaigh eidir a ghuilbnibh, agas cuiris ar a fhormna
go hathlamh é, agus téid tres na hoireachtaibh aidhbhle
adhbhalmhóra agus tres na sreithibh saidhbhre sármhóra
slógh go ráinig gan gábhadh gan guasacht cco gabhail
mhóradhbhail mhara baoi a leithimeal na críche. Ó ráinic
an mac tíre gus an ngabhail mhara sin, léigis a ucht agas
a ardbhruinne ar an lear leabhar lánfhairsing agus an macaomh
ar a mhuin, agus snáidhis an sáile sriobhghorm sruthanfadhach
go sírdhíochra, agus ní feas dúinne a ndíol ó sin gus
aniú acht go ccualamar ó aroile dream iar sin gur báitheadh
an mac asan muir. Agas mur do-chonnarc-sa an mac
tíre úd ó chianaibh, do smuaineas ar mo mhac fén agus tugas
do bharamhail gurab é rucc uaim é óir ní fhaca riamh
ainmhidhe budh cosmhuile ris iná súd. Agas as uime sin
rom-gabh an ghráin adhbhal úd ad-chonnarcais, dóigh ní
fhaca a ionnshamhail ó rugadh mo mhac uaim nach géubhadh
a maca samhla súd mé, gurab uime do-rónas an dubha agus
an dobrón do clos uaim, agus dá madh ortsa do-ghéntaoí an
gníomh sin, do bhiadh miosgais agus mórfhuath agad dá gach
faolchoin dá bhfaicfeá reud bheathaidh."
Ó't-chualaidh Sir Uilliam innisin sgéul na bainríoghna,
tugasdair do bharamhail gurab é féin do rucc an mac tíre
leis an uair sin, mar do-chualaidh ón Impir Rómhánach
roimhe sin gurab a ccoilltibh na Rómha gan fhios a uaisle
nó a athardha d'fhagháil d'aoinneach fuair féin é ameasg
buachall agus moghadh na mórchathrach agus mar do innis
buachaill bó na Rómha féin don Impir gurab a ccuas croinn
chommóir isin bhfiodhbhaidh fuair féin é agus gan d'fhios a
chinéil aige acht sin amháin. Acht cheana mar do-chualaidh
gur báitheadh an macaomh rucc an mac tíre leis isin muir,
léigis an céudsmuaineadh do-rinne tairis gé do bhí fios a
eachtra agus a imtheachta féin go hiomlán aige. Agas do
ráidh ris an mbainríoghain gur chóra dhi a smuaineadh
cionnas do choiseónadh a críoch agus a fearann ar an ainbhfine
eachtrann dus-fáinic ina flaitheas iná bheith ag smuaineadh
ar an ní nách raibhe do mhaith dhi ann acht méudughadh
dubha agus dobróin. A ndála go nuige sin.
Dála na Spáinneach iomorro, rángattar rompa dá
longphort go himshníomhach athtuirseach ar mbriseadh
catha cco foirniata forra, agus ro innsiottar a n-éigion agus a
n-anbhforlonn .i go ttáinic énridire óg anaithnidh re
slóghaibh na Siosoile dá soighidh as an ccathraigh agus gur
mharbh sttíobhard tighe an rígh, "maille re hár ar ccuradh
agus ar ccaithmhíleadh ar cheana agus ro shraoin agus ro easairg
sinni seachnón céide coimhiomlán an chatha go nuige an
t-ionadh sa."
Ó't-chualaidh mac rígh na Spáinne an teist agus an tuarasgbháil
sin tugadh ar Sir Uilliam ina fhiadhnaisi, gabhais
fearg adhbhalmhór é agus ro iarr ar an rígh a léigion fén a
cceann slóigh agus sochaidhe a n-aghaidh an ridire anaithnidh
sin do fhreasdal deabhtha dhó arna mhárach, agus tucc dá
bhréithir fíorlaoich nach ttiocfadh ar ais go bráth cco
ttugadh beó nó marbh an ridire sin gus an longphort, agus ro
iarr congnamh slóigh agus sochaidhe ar na Spáinneachaibh
iar sin. Ro thogh iaromh trí mhíle gaisgeadhach do ghléire
gasraidhe agus do roighnibh ridireadh ar an láthair sin cco
mbeidís urlamh ar cionn na maidni muiche arna mhárach,
agus fiarfaighis as a haithle caidhe an comhartha bhaoi ar an
ridire sin.
"Atá comhartha suaitheanta soaithnidh fair seach cách,"
ar siad, ".i. méud a bhuille agus bailce a bhéime agus athlaimhe
a urchar ag cumach céud agus cathbhuidhean, ánradh agus
easccarad, agus atá suaitheantas iongantach ele fair bheós
.i. sgiath deilgthi dealbháluinn go n-a horlár óir órloisgthi
ina fhírmheadhón agus dealbh faolchon aigmhéile urbhadhaighe
ar lár an orláir órdha sin, gur lór d'adhbhar adhuatha agus
urghráine d'ógh a easccarad a iomcaisi a ttráth troda nó
tachair."
Rugattar as leath ar leath an adhaigh sin go muichdheughail ...
... ó rángadar na hoireachta aidhbhle adhbhalmhóra
aghaidh a n-aghaidh, go nach raibhe acht eadh
urchuir eatorra díbh línaibh. Ro sporasdair mac rígh na
hEaspáine a sdéud a ccoinne agus a ccomhairrchis Sir Uilliam
go dísgir deughthapaidh, iar n-a fhaicsin a n-urthosach
a ánradh agus a ógbhaidhe ar n-aithne a shuaitheantais agus a
shoinnill, agus tug sáthadh séitreach síorchalma sleighe dá
ionnsoighidh. Tógbhais Sir Uilliam a sgiath cuanna
ciomhasbhláith ina chomhdháil, gur bhean an tsleagh
sheimneach shithfhoda a cceartlár an chaoimhsgéith, gur
chothaigh clár coimhtheann cadadrighin an óirsgéith ris an
boirbshleigh, cco ndearna blodha beuga buainréuptha don
tsleigh. As annsin do thóg Sir Uilliam an lámh láidir
láinéuchtach leis an omna aigmhéil iolbhuadhach agus tuccasdair
toimhdeudh fearrdha fírneartmhar d'ionnsoighidh an airsidh
dhi. Tógbhais an tréinfhear an sgiath ar a sgáth, gur
chothaigh an clár cadad coimhrighin d'iarann shéunta
sheachtleaghtha baoi ar cceartlár an chaoimhsgéith le ceann
na craoisighe. Acht cheana baoi d'fhóirneart láimhe an
laochmhíleadh agus d'fhóirneart an eich ag iomáin an omna,
gé do chothaigh an óirsgiath ris an urchar, nír fhéud
an t-each ná an t-airsidh a iomfhulang, gur trasgradh agus gur
troimleugadh an t-each agus an mílidh ar muin a chéile isin
iomaireag, go nár fhéudasdair ceachtar díobh éirghe ón
fhuirmheadh airdleugtha sin.
Ciodh trácht ó do-chonncadar na Spáinnigh a ttriath agus a
ttighearna ar n-a thrasgairt, tuccadar bann díochra deughreatha
dá fhóirithin. Ó't-chonncadar iomorro sochraide
na Siosoile sin, tugadar énaghaidh a n-aoinfheacht d'fhurtacht
agus d'fhóirithin Sir Uilliam, go ttarla an dá chléith
choimhtheanna catha sin dá chéile, agus ro ghabhsat ag tuargain
agus ag tréunathchuma aroile, gur díobhraiceadh eatorra
san uair sin ceatha cruadhe commóra do shleaghaibh
sénta sithrighne agus d'omnadhaibh aithghéura aigmhéile agus do
chroaiseachaibh ceannghorma craosaidhbhle agus do shlochaibh
tulamais an talamh agus do chinél gacha hairm ionchaithmhe
ar cheana. Do-chuaidh an dá chath a cceann a chéile
don chur sin agus ro nochtadar a lanna líomhtha láinghéura agus
a ccuilg chruaidhe choimhréidhe agus ro ghabhadar ag comach
agus ag comhthuargain a chéile go cclos a macalla a n-alltaibh
agus a n-easaibh agus a n-inbheuraibh, a ccnocaibh agus a ccéidibh agus
a ccabhánaibh, a n-íslibh agus a n-ardaibh agus a n-uamhthollaibh
talmhan, go ndeachaidh tar ríomh agus tar roáireamh a
ttorchair eatorra ceachtar do dhíbh leithibh. Acht cheana
ba hanbhforlann adhbhal do shlóghaibh na Siosoile oireachta
aidhbhle adhbhalmhóra na hEaspáine ag teacht ina
n-aghaidh as an longphort maille ris na trí mhíle curadh
comhramhach do bhadar do chéuddaoinibh ag cothughadh na
hiorghaile ina n-aghaidh, agus gan do chabhair nó do
chomhfhurtacht acasan acht an mhéid báttar an chéuduair.
Gidh eadh, ní raibhe acasan d'aidhbhle nó d'iomad orra
náchar bh'fhoirtille slógh na Siosoile ná ógbhaidh na
hEaspáine, gé do dháileadar a n-aoinfheacht orras as gach
aird a rabhadar seachnón a longphuirt.
As annsin tug Sir Uilliam sraoineadh agus síoreasdargain ar
na sochaidhibh gur chuir i raon madhma agus móirtheichidh
na mílidh dá mhóirghleó, gur bh'éigion dóibh mac rígh na
hEaspáine d'fhágbháil ina aonar aige. Mar fuair thrá Sir
Uilliam an fhaill mbig sin ar na buaidhnibh, ro ghabh mac
an rígh cco roathlamh agus do bhean a arm agus a iolfhaobhar
dhe agus tucc do ridire dá mhuinntir dá iomchoimhéud é, agus
aithnighis de gan bheith d'fheidhm air isin ccath acht a
chaomhna agus a choimhéud amháin.
Dála na Spáinneach iomorro, ó'd-chonncadar mac an rígh
do ghabháil, tángadar go hathlamh dá fhóirithin cco laochdha
láidir lántapaidh agus cco cródha croidheamhail comhdhúthrachtach
agus cco héusgaidh athlamh urmaisneach, go nár an
aoinneach ro b'ionchathaighthi dhíobh gan teacht gus an
ccath acht an rígh cco n-uathadh dia mhaithibh. Ó't-chonnairc
Sir Uilliam iomad na ccéud agus na ccathbhuidhean
ag iadhadh as gach aird ina uirthimchioll agus gan fíor fear
nó comhlonn fo choimhlíon dá dhamhadh dhó, do rad sgiath
tar lorg dá laochaibh, gur chuir reimhe go hiomlán iad cco
doras an dúnaidh agus na Spáinnigh ó bheug cco mór ina
leanmhain. Acht cheana fa saothar gan tarbha an tóraidheacht
sin, uair geúr bh'iomdha laoch láiri lánathlamh agus
tréinfhear teann toghaidhe agus curaidh calma comhramhach agus
triath talchar troimghníomhach dá ttóraidheacht, nír
chumhgadar guin nó forgomh do thabhairt ar aoinneach
dá shochraide re háithe agus re hiomghlioca na himdheughla
do-rinne féin forra go nach bhfuair mílidh dá mhuinntir
uain cathaighthe nó comhloinn, tachair nó tromghona
tairis, uair as commór nó fhreasdladh agus nó fhritheóladh a
easccaraid dá dheis agus dá chlí, dá chúl agus dá aghaidh agus ceachtar
dá dhíbh thaobhaibh, go rucc a ríogha agus a ridireadha, a
laoich agus a láith ghaile gan fhuiliughadh, gan fhordheargadh
ó chéide an chatha go doras an dúnaidh.
Rángadar rompa tar dhoirsibh na cathrach don chur sin
agus ro dúnait na doirsi dia n-éis. Táinig an bhainríoghan
ina ccomhdháil go doirsibh an dúnaidh, agus fíon a leasdraibh
lánchumhdaighthe a lámhaibh a bantrachta agus a banndála
do chosg íotadh agus airdteasbhaigh na n-ánradh. As annsin
tucc Sir Uilliam mac rígh na hEaspáine a n-urláimh na
bainríoghna agus ro ráidh ria:
"Ag sin duit mac rígh na hEaspáine mar brághaid
bhiothtairis agus cco ccead don Choimdhe chumhachtach,
gidh maith an bhráighe sin, do-bhéur-sa bráighe
bhus fearr ná í duit sul sguire an cathughadh sa."
Gabhais lúthgháire adhbhalmhór an bhainríoghan uime
sin agus rucc a bhuidhe ris go mór. Tiaghaid asteach isin ríghthigh
iar sin, agus suidhis Sir Uilliam a n-áit rígh agus Meliór
ar a ghualainn agus an bhainríoghan a n-ionadh ríoghna agus na
maithe ó sin amach ina n-ionadhaibh iomchuibhdhi bhudh-dhéin,
agus ro bháttar ag ól agus ag inntlás meanman agus móraigeanta
gur bhó subhach somheanmnach na sochaidhe. Ar ttabhairt
treasa óil agus aoibhneasa dhóibh amhlaidh sin, ro fhuráil an
bhainríoghan ar Sir Uilliam a éudach do chur dá chneas agus
fothragadh do dhéunamh dhó do chur a mheirtne agus a mhórsgíthe
dhe. Do éirigh Sir Uilliam iar sin agus an bhainríoghan
maille fris, agus do-chuadar dochum na háite ina
ngnáthaighdís comhnaidhe do dhéunamh. Cuiris Sir
Uilliam a earradh catha dá chneas iar sin agus do-rinne an
bhainríoghan fliuchcaomhna foilcthi agus fhothraicthi dhó, agus ro
thiormaigh le héudaighibh uaisle onóracha é as a haithle.
Ro chuireasdair brat áluinn iongantach d'órshnáth éccsamhail
uime iar sin agus ro shuidhseat araon ar an bhfuinneóig
ar a suidhdís do ghréus. Baoi an bhainríoghan agá
fhéuchuin-siomh go friochnamhach fuireachair ar mbuain
a earraidh agus a éudaigh dhe, agus fuair finechrotha
a athar ann go hiomarcach, agus do bhreathnaigh nár cumadh don
cheathardhúil dá dheilbh nó dhá dhéunamh duineata búdh
cosmhaile inneall agus éccosg ináid, agus do thuig ina hinntinn
gurab é a mac baoi ann. Do thuit ceas bróin agus biothtuirsi
agus ag truaighneimhéle, agus ro chaoieasdair frasa díochra déur
gur bhó fliuch bláth agus bruinne dhi.
As annsin ro labhair Sir Uilliam agus as eadh ro ráidh:
"Ní maith an lúthgháir nó an lánshubhachas do-níthí-si,
a bhainríoghan, más í sin as lúthgháir do bhunadh duit
d'éis buadha do bhreith réud bhuidhnibh, agus ní fheadar-sa
cionnas do mheideóchuinn fén do shubhachas nó do
shólás acht amhail do-rónas, uair do bhriseas cath riad
churadhaibh an céudlá iar marbhadh na míleadh bá
honóraighe báttar ina n-aghaidh, agus do bhriseas an dara
cath fon ccuma chéudna, agus tuccas an bhráighe as fearr baoi
aca a bhféugmhais a rígh budh-dheisin ar th'urláimh-si a
ngioll réur milleadh dot thír do leasughadh riot do-ridhisi,
agus nír bh'usa lé Dia sin d'fhagháil duit iná an bhráighe ghill
as fearr ná í."
"Truagh sin," ar an bhainríoghan, "ní hé sin as adhbhar
dubha nó dobróin damhsa acht mé fén ag cuimhniughadh
ar Cing Éubhrús rí na críchi-si, m'fhear agus m'fhírchéile, agus
ag smuaineadh ar an éunmhac rugas don rígh sin dar
b'ainm Uilliam rucc an mac tíre as an bhforaois uaim, agus as
eadh fhoillsigheas mh'inntinn agus mh'aigneadh damh, nár
cumadh don cheathardhúil dá dheilbh dhaonna budh
cosmhuile re'roile ná tusa agus Cing Éubrús, uair ní aitheóndaoís
bhur ccoigle seach aroile sibh."
"Ní hadhbhur meirbhe nó maothchroidhe duitsi sin, a
bhainríoghan," ar sé, "uair ní fhuil ag aonnduine, do mhéud
a aoise nó d'fhad a aimsire ar an mbith, acht filleadh baisi
a bhfochair a fhaid agus a imchéine bhías a bhféugmhais an
tsaoghail, gonadh aire sin nach beiti d'aonnduine ina
dhiaidh ar an Dúileamhain oidheadh aonnduine do shean
nó d'óg an uair bhús lainn lais. Agas as córa duit th'aire
do thabhairt don chogadh agus don choinntinn fil ag ainbhfine
éttualaing eachtrann ort ná bheith ag cuimhniughadh ar
bhás do mheic nách bhfuighe tú cco bráth, agus gurab mó an
dochar dhuit a dhéunamh ná a neimhdhéunamh."
Ó't-chualaidh an bhainríghan na briathra sin, fá móide
a dubha agus a dobrón é, ó nach dubhairt-siomh gurab é fén
a mac, agus nách iarrfadh dearbhadh nó deimhniughadh ele
fair. Tuccadar a n-aire don fhoraois iar sin agus do-chonncadar
an mac tíre ag teacht ar a n-aghaidh agus do-rinne
an umhla do-níodh reimhe dhóibh agus do imthigh fon
bhfiodhbhaidh iar sin. Ro ghabh iongnadh adhbhalmhór
an bhainríoghan uime sin, óir nír lughaide a hiongnadh
uime a mhionca thigeadh ina dochum.
"A Dhé do chum neamh agus talamh!" ar sí, "caomhuin agus
coimhéid mé féin ar na hairrdheanaibh uathbhásacha
atáthar do thaisbéunadh damh go roimhinic, agus as eagail
liom cco bhfuil olc nó imshníomh ele a ndán damh trés
na hairrdheanaibh rom-tárfás, óir ní fheadar créud bhus
iardraighe dhóibh, acht ro fheadar do réir mh'aithne agus
mh'eólais gurab é an mac tíre úd rucc mo mhac uaim, agus ní
thuigim créud as ciall dá thadhall nó dá thathaighe chugam
bhudh-dheasda."
"Gidhbé as ciall dá thaisdeal nó dá thadhall," ar Sir
Uilliam, "guidhim fén ar fírDhia forórdha fíreólach do
chum neamh agus talamh gan adhbhur a dhénta acht toradh a
smuaintighthe, go ccaomhna agus go n-ainci Sé an t-ainmhidhe
éccsamhail iongantach úd ticc go minic dar ttaigheuradh agus
leis nách urasa bheith cco buan fada 'nar n-éuccmhais."
A ndála go nuige sin.
Dála na Spáinneach iomorro ro iompódar go himshníomhach
athtuirseach ó doirsibh an dúnaidh iar ngabháil an tí
ro b'onóraighe dhíobh a n-éugmhais a rígh. Rángadar
rompa gus an longphort agus ro aisnéidhseat don rígh a mhac
do ghabháil agus ár adhbhalmhór do thabhairt ar a shlóghaibh
agus ar a shochraide lé neart aoinridire agus aonghaisgeadhaigh
amháin táinig an lá reimhe sin gus an ccathraigh agus nách
bhfuaradar focal dá sgéulaibh, a uaisle nó a athardha, a
chinél nó a chlannmhaicne. Ó't-chualaidh an rí na sgéula
sin, ro ghabh fearg agus fualang adhbhalmhór é, agus baoi ag
athaisiughadh na n-ánradh agus ag tubha meatachta friú, agus
adubhairt go ccuirfeadh gach aonnduine aca a n-áit
a éucca. As annsin ro labhair aroile ridire roárrachta ro
badh comhairleach ar an rígh feisin fuarattar ar a ccionn
isin longphort.
"A rí," ar sé, "ná déun aithbhior iomaithbhior orra
idir, óir as urasa a aithne orra nách dearnadar meatacht
nó míolaochacht, óir ní bán a ccomhartha ón chath acht
as cneadhach créuchtach crosbhuailte a ccuraidh agus as leónta
leadartha a láith ghaile agus as trétholl treaghdaighthe a
ttréinfhir. Agas gé do bhádar-san iomad féinneadh agus fearóglach
a n-áit catha agus comhloinn a n-aghaidh uathaidh agus fíorbheugáin,
as minic rug beugán buaidh ar ilmhílibh, mar
adeir an seanfhocal go sunnradhach .i. nach lé neart slóigh
nó sochaidhe brisdear cath acht maille le cumhachtaibh an
Choimdhe. Tusa iomorro, a rí, ná tabhair achmhasán do
na hógaibh cco bhfionntar leat cionnas do shéun catha fén
fris an ridir úd do-chluine dá iomrádh."
Iar cclos na comhairle sin don rígh, ro ghabh chuige cco
maith a fagháil agus do thuig go raibhe an chóir ag an ridire
tucc uadha í, agus do ísligh a fhearg agus a fhuasnadh ris na
ridiribh um an adhbhar sin. Ro ráidh as a haithle go
rachadh fén a cceann catha fris an ridire roárrachta sin agus
nách léumhadh a cheann do thógbháil, agus dá ttógbhadh, cco
muirfeadh-san é agus cco ccrochfadh d'éis a mharbhtha é agus go
ttiobhradh fo ghion gha agus cloidhiomh a raibhe san chathraigh
acht a mhac fén amháin.
Rugadar as an oidhchi sin leath ar leath. Acht cheana
ní hionann do chaithseat í, uair fá subhach somheanmnach
sochaidhe na Siosoile agus fá himshníomhach attuirseach na
Spáinnigh. Ar ttoidheacht na maidne arna bhárach gus
na míleadhaibh, ad-riachtadar as a sgoraibh seachtair a
ccoinne agus a ccomhdháil a chéile. As annsin ro chóirigh
an rí go roollamh a shlóigh agus a shochraide a n-oirchill
na hiorghaile agus do-rinne fiche córughadh ceangailte comhdhúinte
dhíobh agus dá mhíle fear n-armach n-ionchomhloinn
in gach córughadh aca. Fiche rí rathmhar rodhéudla a ttús
na ttréunchóirighthi sin .i. rígh in gach rochórughadh aca
d'fhuráil na hiorghaile ar na hánnradhaibh agus do laoidheadh
na laochraidhe agus do chothughadh na cathláithreach.
Tángadar go láthair an treasa fán toichim sin agus fuaradar
dhá chéud do mhaithibh a muinntire marbh isin maighin
sin. Gabhais aithreachas adhbhal an rí um a ttug
d'achmhasán do na ridiribh roimhe sin ó'd-chonnairc ar
marbhadh dá míleadhaibh, agus ro fhuráil ar a mhuinntir a
mbreith dia n-adhnacal go hinchleithe ó chéide na cathrach
seachtair.
As annsin ro éirigh Sir Uilliam re slóghaibh na Siosoile
agus ro chóirigh go hathlamh urmaisneach ina n-inioll áigh agus
iomghona iad, agus do-rinne deich ccóirighthi cearta cudroma
dhíobh agus deich sreatha daingne díothoghlaidhe agus seacht
ccéud curadh coimhfheudhma in gach aonchórughadh
aca. Ar bhfaicsin iomorro na Spáinneach do shlóghaibh na
Siosoile, ro ghabh gráin agus eugla adhbhalmhór iad ré a
n-aidhbhle agus re a n-iomat ag féuchain an uathaidh ríogh agus
rodhaoine báttar fén, agus as eadh ro ráidhseat nách rachdaoís
a cceann catha acht lé a ccoimhlíon feisin agus go madh lór
leó do chathughadh agus do chomhlonn ina n-aghaidh bárdacht
a mbaile do dhéunamh dá ndeughfhearaibh ó nach rabhadar
líon catha do thabhairt ar fairsinge dhóibh. Ó't-chualaidh
Sir Uilliam mímheisneach a mhuinntire, ro ghabh agá
ngreasacht agus agá ngéurlaoidheadh do bhriathraibh fóille
fíorghlioca, agus as eadh ro ráidh:
"Dénaidh calma, a dheughmhuinntir," ar sé, "mar do-rinneabhair
go ttrásda, óir as mó rigthí a leas anos a
dhéunamh ná ariamh, dóigh as díomhaoin dhaoibh maith
dá ndearnabhair go nuige so muna ccathaighthí cco
séitreach sárchalma ó sonn amach, agus ní fheadar créud bhur
n-iongnadh uman anbhforlonn slóigh nó sochaidhe do
theacht anois in bhur n-aghaidh ó nách bhfuarabhair cothrom
treasa nó tachair cco ttrásda a ccath dár chuireabhair.
Tug an rí a bhriathar rígh," ar sé, "nách ttairisfeadh féin
a n-aoinionadh san iorghail acht go mudhaighfeadh misi
nó go ndénadh cimidh creapailte cruadhchuibhrighthi díom,
agus geallaim-si dhaoibhsi, a dheughmhaithe, ar a shon sin,"
ar sé, "nách bhfuighe-siomh a dhíon ná a dhídean ar muir
nó ar tír oramsa gan a thabhairt ina chimidh chreapailti
chuibhrighthi chugaibhsi, nó a cheann nó a chosgar don
chur sa, agus tabhraidh-si damhsa 'na eúraic sin congnamh
bhur lámh a n-aoineacht ar an láthair si."
As annsin tuccadar an dá chléith cheachtardha catha sin
aghaidh a n-aoineacht ar aroile, ar seinm a stoc n-adhbhal
n-iolghothach agus a ccuisleanna ccomhghlórach catha agus a
n-aidhmeadh áigh agus iorghaile ar cheana. Ciodh trá acht
do thuiteadar an dá chéudchórughadh do na curadhaibh
comhthuitim re chéile isin chathláthair .i. an córughadh a
rabhadar dhá mhíle ridire rathmhar roidhéudla do mhuinntir
rígh na hEaspáine agus an córughadh a raibhe seacht ccéud
curadh comhláidir do shochraide shárchalma na Siosoile,
go nach ráinig fear a mbeathaidh do na buidhnibh sin gan
tuitim ina ccollaibh comhroinnte comhfhuilighthi agus 'na
n-easrachaibh leónta lánchiorrbhaighthi, gur fágbhadh an
fear a n-áit a throigheadh agus a bhfail a ghlúin díobh. Acht
atá ní cheana ó't-chonncadar na Siosoilidhe foirneart na
bhfíorlaoch ar n-a bhforrach agus cródhacht na ccuradh ar
n-a ccumach agus treisi na ttréinfhear ar n-a ttraothadh, agus
seacht ccéud curadh do mhaithibh a muinntire do thuitim
isin choinnsgleó agus gan acht naoi ccóirighthi dá muinntir
ina mbeathaidh agus seacht ccéud in gach córughadh dhíobhsin,
ro ghabh omhan agus imeugla adhbhal iad, agus ro shamhlaigheadar
teicheadh agus tréuneisiomal dochum an dúnaidh.
Ó ro airigh Sir Uilliam an udmhaille sin is na hógaibh,
ro ghabh agá ngreasacht go hathlamh urmaisneach agus as
eadh ro ráidh:
"Ar fhíor bhar ngaile agus bhur ngaisgidh, a ridireadha
rathmhara rouaisle, cuimhnighidh na comhloinn chalma
churata do cuireadh libh go ttrásda agus ná bíodh sibh a
n-anbhrath dhaoibh fén feasda, uair as airdhe troch agus
taircheadal tubaisde d'aoinneach fallsacht nó fíormheatacht
do thabhairt dá aire ag imdhídean a anma agus a athardha
bhúdh-dhéin. Cuimhnighidh fós ar bhur mnáibh agus ar
bhur macaibh béurthar a ndaoire agus a ndochraide uaibh,
madh foraibh muidhfeas; béurthar bhar n-ór agus bhur
n-airgead agus bhur n-iolmhaoine uaibh, ar múradh agus ar
mórbhriseadh bhur ccathrach agus bhar ccaistiall, ar marbhadh
agus ar mudhughadh bhar rígh agus bhur ridireadh, bhur ccuradh
agus bhar ccaithmhíleadh, mar nách bhfuighe sibh bhar
n-adhnacal acht coin agus cuanarta agus eathaididhe aeóir do
thomhailt bhur seathnach saor sochineóil agus bhur ccolonn
ccaomh ccneisgheal. Gonadh aire sin nách beite d'aoinneach
agaibh ag iarraidh a laoidhidh nó a láinghreasachta do
chosnamh bhur ccathrach agus d'anacal bhur n-anmann ar an
ainbhfine n-eachtrann n-éuttrócair filead agá bhur
n-inghrim."
Agas as cuma ro bhaoi agá rádha agus adubhairt an
laoidh:
Fearaidh dhúinn an deabhaidh-si
chuirfeas críoch ar ar ccogadh,
ós tríthe atá ar ndeaghail-ni
ni dínn dleaghar a locadh.
A shluagh gasda gloinnmhear-sa,
cuimhnighidh re hucht ágha
na catha 's na coinghleaca
do cuireadh libh go ttrásda.
Laoich neimhneacha neartmhóra
ó bhfuiltí a bhfad a ndaoirsi,
dhaoibh aniodh as neamhchródha
bheith ag iarraidh bhur laoidhidh.
Oraibh ní bá hionmhaoite
mun bá teann treas bhur ttréinfhear,
bhur n-ór is bhur n-iolmhaoine
béurthar uaibh uile a n-éineacht.
Cuirp chaomha bhur cclannmhaicne,
biaidh a bhladh ar bhur mbiodhbhaidh,
beid gan onóir adhnaicthi
ar n-a n-oirleach a n-iorghoil.
A áireamh ní fhéudmaoíd-ne
gach a bhfuil orainn d'ansmacht,
ní hoircheas ar n-éuccaoine
dá ndearnam dhúinn fén fallsacht.
An tan sa ní tiocfaidhe
tar a dhol daoibh a ndeabhaidh,
a shluagh saor na Siosoile,
bhar ngleó cco fíochdha fearaidh.
Fearaidh.
Acht atá ní cheana, ro ghabh greasacht agus géururlaoidheadh
Sir Uilliam greim don ghasraidh sin cco raibhe meanma
triath nó tighearna ag gach aoinfhear aca as a haithle, go
ttugadar bann díochra deughreatha do thraothadh a
n-easccarad an uair sin. As annsin ro ching an cur calma
comhdhána cathbhuadhach agus an leómhan lúthmhar léidmheach
lánathlamh agus an bheithir bhithtréun bhodhbhdha
bheóchroidheach .i. Sir Uilliam re a churadhaibh ó fuair
aontughadh na hiorghaile aca uile. Amhail bheithir ar
bheóchroidhe nó leómhan ar lúthmhaireacht nó onchoin ar
aigmhéile nó seabhac ar sothapadh nó gríbh ar géurghábhadh,
ro ghabh ag sloighe na sluagh agus ag comach na ccuradh agus ag
teasgadh na ttréinfhear agus ag oirleach na n-ánradh, gur
iompó mílidh meanmnach móraigeantach do mhuinntir
rígh na Spáinne fris. Acht cheana fá fearr dhó nach
déunadh idir, uair torchair d'áitheas énbhuille re Sir Uilliam.
As í sin uair agus aimsir a raibhe an rí ag tomhaitheamh co
romhór ar Sir Uilliam agus gá rádha nách smachtamhla do
bhiadh faolchú féigh fuireachair ar ceathraibh beuga
biothanbhfanna ná do bhiadh-somh fair dá bhfaiceadh
aoinfheacht é. Gidh eadh, nír ionnsoigheadh idir é acht
ro gheallasdair ionnmhas agus airdtighearnas don tí do
choisgfeadh do chách é. Do-chualaidh sin ridire rathmhar
roidhéudla do mhuinntir an rígh dar bhó comhainm
Maledisiús, agus bá tighearna ar ceithre chéud curadh coimhfheadhma
táinig as an Spáinn an lá reimhe sin é. Acht
cheana ní raibhe do rígh nó do ridire san Spáinn aoinfhear
ro b'aidhbhle clú gaile agus gaisgidh, alladh agus árdnós
inás, óir as eadh aderdís cách go coitcheann: dá mbeidís
Spáinnigh uile taobh ré hágh nó re hiorghail aonnduine a
ccath nó a ccomhrac nó a ccruadhchomhlonn, go madh ar
sgáth láimhe an laoich sin budh daingne agus búdh diongmhála
dóibh. Táinig-séin fón ccath iar sin 'na shidhe seólta agus 'na
dhianruathar díleann agus 'na bhreisimh brátha d'iarraidh Sir
Uilliam fon iorghail. Gabhais ag clódh na ccath agus ag sóadh
na slógh as a suidhighthibh agus ag ruagadh na ríogh as a
rothairisiomh, gur mharbhasdair móirsheisear míleadh do
mhaithibh sochraide na Siosoile, go ráinig gus an ionadh a
raibhe Sir Uilliam a remhthús na ridireadh, ag comach agus ag
cnáimhghearradh na ccath as a cceartmheudhón.
Ó rángadar an dá uaithne áigh agus an dá dhos dídin agus an
dá chomhla chatha agus an dá inneóin fhorais agus an dá órd
urlaidhe sin go hénionadh, tugadar achmhasán doiligh
doiongabhála dá ccraoiseachaibh ceannghorma cruaidhrighne
agus dá sleaghaibh slíoptha slinnleathna agus dá n-omnadhaibh
áithe aigmhéile dá chéile, go nach raibhe méud n-ordlaigh
do na homnadhaibh gan bhriseadh gan bhuanréubadh ó
iomfhorrán na n-ánradh. Do nochtadar as a haithle a
ccloidhmhi claisleathna curata commóra as a ttruaillibh
taisgeadha agus do-rónsat comhrac dána dísgir dásachtach agus
iomghuin ághmhar aigmhéil áitheasach, gur shoillseach
sofhairgsiona do na sochadhaibh trí ceatha ag éirghe do na
curadhaibh .i. cioth cailci dá ccaoimhsgiathaibh agus cith
teineadh dá ttréunarmaibh agus cioth fola dá bhfírchneasaibh,
go nachar aithin aoinneach dá lucht aitheanta iad seach
aroile an oiread báttar na ceatha comóra cudroma sin ag
éirghe ós na féinneadhaibh. Sochtaid na sochaidhe iar
sodhain agá silleadh gan cur comhraic ag ceachtar aca
re'roile. Ciodh trá acht ro caitheadh ris na curadhaibh sin
dhá chroidhe chruaidhe ris an cothughadh agus dhá inntinn
fhearrdha ris an iomfhorrán agus dhá mheanmain
mhóirmhiadhacha ris an móirghléo agus dhá láimh láintréuna
ris an laochbhualadh, gur chriothnaigh an talamh
tromfhóideach fá throighthibh na ttrénmhíleadh ó thuinnsiomh
na ttriath ttoghaidhe ttoghnamhach ag cothughadh
cathláithreach re chéile don chur sin.
As annsin ro thógaibh Maledisiús an lámh dhéudla
dheughthapaidh leis an ccolg bhfírghéur bhfaobharchruaidh
agus buailis béim bunata boirbthréun i cceann agus a ccaomhmullach
Sir Uilliam, gur sgoilt agus gur sgaoil an cathbharr
cuanna coimhrighin ó chéile go ráinig an folt fathmainneach
forórdha, gur ghearr feóil agus finnleathar a chinn agus a chaomhmullaigh
gus an ccnáimh ccoimhgheal ccaomháluinn, gur
dhoirt fuil go hiomarcach fá shúilibh Sir Uilliam. Ó't-
chonnairc Sir Uilliam a fhuil ina fhiadhnaisi óna easccaraid,
dásachtaighthear uime amhail tarbh ndian ndásachtach dia
ttabharthar drochbhualadh, agus tugasdair béim neartmhar
náimhdidhe niadhmhisgneach ar amas cinn an chaithmhíleadh,
cco ndearna dhá leith chearta chudroma don chathbharr
cheithireochair chaoimhdhealbhach agus don chionn a ccoimhnéineacht
go muinél an mhíleadh, gur thuit an tréinfhear
go talmhain ar ttréigion a anma san ionadh sin.
Ó't-chonncattar na Spáinnigh an tí bá codhnach agus bá
cosantach catha forra do thuitim isin treas sin, ro ghabhattar
fuasgar agus foluamhain seachnón céide an chatha chugtha, agus
as eadh adeirdís d'aitheasg aoinfhir nár dhúil nó déunamh
duineata re a mhidheamhain nó ré a mhóirfhéuchain Sir
Uilliam, agus dá madh eadh, nach diongnadh trian a ndearna
do neart nó do niadhachas lé trí laithibh a ndiaidh aroile,
muna ndearna le ceardaibh diamhra draoidheachta nó lé
healadhnaibh uathmhara easurlaidheachta mar do-rinneadh
roimhe cco roimhinic.
Dála Sir Uilliam agus sochraide na Siosoile, ro leanattar na
Spáinnigh agus ro bháttar ag cur ... Ó't-chonnairc rí na
Spáinne na hára agus na heasbhadha báttar agá ccur ar a
churadhaibh, do-rinne ionnsoighidh éusgaidh ainndreannda a
n-aghaidh Sir Uilliam go n-a shochraide, ó nár an aonnduine
ré a ágh nó ré a iomghuin. Ro ghreis agus ro ghéurathaigh,
ro laoidhigh agus ro láinteagaisg a mhaithe agus a mhíleadha,
a laoich, agus a láith ghaile um chothughadh cathláithreach a
n-aghaidh a fhoghladh agus a easccarad. Ro iompá an rí go
roathalamh a n-aghaidh an mhadhma agus an mhórchosgair, agus
ro iompóadar a mhuinntir maille fris, agus ro cuireadh caithiorghail
chródha chroidheamhail chomhdhúthrachtach agus
deabhaidh dhíochra dhífhreugra dhoifhreasdail do cheachtar
don dá leith mar nách ccuirfidhe ágh nó iorghail aca gus
an uair sin. Bá trógh thrá robás isin chath cheachtardha
sin, óir ro b'iomdha laoch léidmheach láimhtheann ar n-a
n-oirleach cco hathlamh ann agus tréinfhear teann toghaidhe
ar n-a theasgadh agus curaidh calma comhramhach ar n-a
chomach agus flaithe fuachdha fírbheódha ar n-a bhfírleadradh.
Dála Sir Uilliam iomorro, nír gabhadh ris a ccúil nó a
ccearnaidh, a n-ard nó a n-aircheann dá ttug a aghaidh
isin iorghail, cco n-imeóchadh an brainén cíocrach confadhach
ón cholainn ar a chéile isin chath ina dhiaidh. Iomthúsa
rígh na Spáinne, ó't-chonnairc-séin a laoich do leónadh agus a
thréin do thraothadh agus a churadha do choimhchiorrbhadh,
ro fhágaibh láthair an chatha go coimhdhíochra, agus do bhí
a easbhaidh ón aithghleó sin .i. cúig céud curadh calma
comhramhach le cois dá chéud do bhraighdibh agus do bhuaineidiribh
do neoch ro b'uaisle agus ro b'onóraighe aca. Dála
Sir Uilliam dano, ar ngabháil na mbraighdeadh agus d'aithle
ar marbhadh do na míleadhaibh, ro leanasdair-séin an rí go
roathlamh ó do bhí ag dol do thoradh eisiomail uadha, agus ro
sporasdair Sambrúel .i. a each fén, cco dian deughthapaidh
ina dheaghaidh. Ó't-chonnairc an rí Sir Uilliam ar
tinneanas ina dhiaigh agus gan dul uadha aige, ro iompó go
rourlamh ris, agus gabhais aga agallaimh cco hurmaisneach,
agus as eadh ro ráidh:
"A churaidh ós curadhaibh agus a thréinfhir ós tréinfhearaibh
an talmhan, gabh agam agus gabh m'fhaosamh agus mo
chomairce ret ais, agus tabhair maitheamh n-anacail damh,
óir ní beucc duit a ndearnais d'ainchridhe friom, óir do
mharbhais mh'uile theughlach agus tromshochraide do neoch
ro b'infheadhma dhíobh re taobh roighne ar ngiall agus ar
ngaotheidireadh, agus díslighim mé fén duit, ó do fhortamhlaighis
form idir, agus gach ní dár loiteas, leasóchad go lánurlamh
é, agus as fearr d'iardraoighe dhuitsi agus don bhainríoghain sin
nás mo bhásughadh."
Ó't-chualaidh Sir Uilliam briathra ríoghdha roichéillidhe
an rígh ag iarraidh a imdheughla agus a anacail, ro thuig aige
fén gur bh'fhearr buaidh a anacail oldás buaidh a bhásaighthi
agus gach ní dár loiteasdair do leasughadh. Ro ghabh do
láimh go ttiobhradh maitheamh n-anacail dhó. Ó't-chualaidh
an rí sin, ro shín a chloidheamh chuige ar a eineach
agus ar a fhaosamh. Gabhais Sir Uilliam an cloidhiomh don
chur sin agus ro fhuráil fair a airm agus a éideadh a n-aoineacht
do chur dhá chneas, agus ro thoirling dá each as a haithle.
Tug Sir Uilliam ridire do mhaithibh a mhuinntire dá
ionnsoighidh agus tuccasdair an rí dhá chaomhna agus dá choimhéud
dhó.
Ar nglanadh an áir do na féindidhibh agus ar ttabhairt
airm agus éudaigh an fhianlaigh ro marbhadh go haoinionadh,
ro iompóadar slóigh na Siosoile dochum a ccathrach go
sotlach séitreach somhaiseach agus go cosgrach cródha cathbhuadhach,
iar mbreith buadha ar a mbiodhbhadhaibh a
ré chatha agus comhloinn. Táinig thrá an bhainríoghan cco
mnáibh na ríogh agus na ridireadh, go ccoimhthionól cléire
canónta 'na caoimhtheacht maille ré ceólaibh agus re cainticibh
coisreugtha agus le hilcheólaibh ile éugsamhla ar cheana dia
n-onórughadh um an ccosgar do chuirseat. Táinig thrá
Sir Uilliam a remhthús na sochaidhe mar a bhfacaidh an
bhainríoghan a ttús an bhanntrachta, agus tugasdair an
rí dia choimhéud agus dia chaomhna dhi, agus ro ráidh ria:
"Slán seis foraibh, a bhainríoghan," ar sé, "ag sin críochnughadh
do chogaidh agus deireadh do chathaighthi budh-dheasda,
agus déna fén th'inmhe agus t'airdtighearnas d'fhollamhnughadh
ó sonn amach."
Ó't-chualaidh an bhainríoghan na briathra sin agus ó't-chonnairc
an tí do-rinne ainchridhe agus anbhforlann fuirre
d'fhagháil 'na chimidh chreapailti chuibhrighthi, ro ghabh
subhachas agus sobrón adhbhalmhór í agus fillis an dá ghlún
ghasda ghlanáille ina fhiadhnaisi, agus ro ghabh agá agollaimh
do bhriathraibh miochardha muinnteardha, agus as eadh ro
ráidh:
"A rígh ós na ríoghaibh ar ríoghacht agus ar roibhéusaibh,"
ar sí, "a ridire ós na ridiribh ar neart agus ar niadhachas, a
churaidh ós na curadhaibh ar chosgar agus ar chruaidhghníomh,
a thréinfhir ós tréinfhearaibh thalmhun im
chinneadh ar do chéile chomhloinn, ní dearnadh riamh
romhat agus ní dingéantar id dhiaigh ionnshamhail
t'fheadhma a n-uair áigh nó iorghaile, agus as iongnadh
an úir dot iomchur re haidhbhle do ghaile agus do ghaisgidh
seach laochaibh agus gaisgeadhachaibh na cruinne go coimhiomlán."
Gabhais Sir Uilliam an bhainríoghan ar barr baisi agus
tógbhais do thalmhuin í agus ro ráidh ria:
"A bhainríoghan," ar sé, "ní cubhaidh ré mnaoi do
dhíghnite agus do chumhachta umhla do thabhairt dom leithid-si
do ridire, gan ríghe gan rochonách, ar a bhfuil d'fhiachaibh
buaidh do bhreith a ccathaibh agus a ccomhlonnaibh, uair ní
hionmhaoidhimh ar aoinneach a fheidhm áirithe do
dhénamh."
"Ní hamhlaidh sin ataoi-si iomorro," ar an bhainríoghan,
"acht ad rí rathmhar rochonáigh, uair atá ríghe na críchi-si
go comhlán agus gach aoinchríche dá raibhe ag rígh na Siosoile
ar t'ordughadh agus ar t'aonfhocal, uair as tú féin do
chaomhain agus do chosain ar a heasccairdibh í."
Agas adubhairt Sir Uilliam an laoidh agus ro fhreugair
an bhainríoghan dhó:
"Aisgidh uaim dhuit, a ríoghan,
uait do síoladh gach saorghnaoi,
ag so anos críoch do chogaidh,
géur mhór an obair aonlaoich."
"Tú an míle ós gach míle,
gá bhfuil ríghe fa a chomhair,
a churaidh ós gach curaidh,
riot as cubhaidh ar ccobhair."
"Ní dú rí riom do rádha,
a aindear mhálla mhéirgheal,
breith bhuadha in gach cliathaigh
atá d'fhiachaibh ar fhéindidh."
"Ó so amach badh rí thusa,
as rí ar nach cuirtí toirmeasg,
díot aniodh, ní dál doiligh,
do-ghéun oidhir ar mh'oidhreacht."
"Atá do loighead mh'inmhe
acht a ndioghna mo ghníomha
umhla do neach mar misi
ní cubhaidh ribh-si, a ríoghan."
"Úir an talmhan dot iomchur
atá 'na iongnadh leamsa,
lé hiomad do ghníomh ngaisgidh
a n-am taisdil gach teannta."
"Gach a bhfuighinn ar mh'uamhan
's ar bhuadhaibh mo ghníomh ngaisgidh,
tar gach aoinneach sa chruinne,
do budh leat uile a n-aisgidh."
As a haithle sin do-chuadar don chathraigh ar aoin-rian agus
ro suidhigheadh na slóigh agus na sochaidhe ina n-ionadhaibh
cuibhdhi comhadhaisi bhudh-dhéin. Suidhis an bhainríoghan
a reumhthús reampa agus ro chuir rí na Spáinne ar a
gualainn fén agus inghean rígh na Siosoile ar a ghualainn-séin
agus ro chuir Sir Uilliam ar an ngualuinn ele dhi agus Meliór
ar a ghualainn-séin. Ro dáileadh orra as a haithle a ndeocha
blasda bríghmhara agus a mbiadha saora sochaithmhe agus cinél
gacha freasdail agus gacha fritheoilti ó sin amach. An tan
ba háine dhóibh ag an ól, ro iarr rí na Spáinne mar
athchuinghidh ar an mbainríoghain a mhac do léigion do
chomhrádh fris agus gan dochar braighdeanais do bheith fair
an feadh do bhiadh dá agallaimh. Ro fhuráil an
bhainríoghan an mac do thabhairt do láthair. Tugadh an
mac ina bhfiadhnaisi iar sin. Ciodh trá acht ó do-chonncadar
aghaidh aroile, ro ghabhsat ag dubha agus ag diobhargóid
agus ag truaighneimhéle agus ag aithfear iomaithfear for a chéile.
"A mheic," ar an rí, "as mór an díth agus an dochar dorala
dhúinn .i. marbhadh ar laoch agus ar láth ngaile, ar ccuradh
agus ar ccaithmhíleadh ar cheana, d'éis rogha ar ngiall agus ar
n-eidireadh a n-aoinfheacht do bhuain dínn."
"Nír bh'iongnadh do chomhairle dod laghdughadh", ar
an mac, "óir nír dhlightheach dhuit a ndearnais .i. cor a
n-aghaidh an tí dár dhlighis umhla agus urraim do thabhairt,
dóigh as fada a ainiarmhairt do na hóglachaibh frithbheart
do dhéunamh fria a bhflathaibh."
"As duitsi do-righneas-sa gach ainndligheadh agus gach
éccóir dá ndearnas ag iarraidh mhná dhuit," ar sé, "agus ní
has mo los fén, uair as minic do-rinne athair ní do rachadh
ina aghaidh ag cosnamh inmhe agus oireachais dá oidhre, agus ó
do-rinneas-sa sin go haindlightheach, leigheósad gacha ar
loiteas co ttrásda agus beud ó sonn do thoil an tí ro thocráidheas."
Ní cian ro bháttar for na hiomráitibh sin go bhfacadar
an mac tíre ag teacht chugtha don chathraigh, agus ro imthigh
cco hathlamh éusgaidh urmaisneach tré lár na laochraidhe
go ráinig a bhfiadhnaisi rígh na Spáinne, agus do-rinne umhla
agus urraim co díochra duineata dó, agus lighis agus lánphógais a
chosa agus a chaomhthroighthi agus a ráinig dá chorp ar cheana.
Téid a bhfiadhnaisi Sir Uilliam agus na bainríoghna iar sin agus
do-rinne umhla go deughoileamhanta dhóibh. Do-rinne
umhla do mhac an rígh agus do na maithibh ar cheana.
Ro imthigh fén uatha iar sin dochum dorais an dúnaidh
dá bhfágbháil. Ó't-chonncadar aos ógbhaidh an dúnaidh agus
daosgarshluagh na hardchathrach an mac tíre ag imtheacht,
ro éirgheadar éirghe athlamh aoinfhir a haonchomhairle a
n-iarmhóracht an mheic thíre le caobaibh criadh agus cloch agus
le gach aidhme airm ionchaithmhe ar cheana dia dhíobhracadh.
Ó't-chonnairc Sir Uilliam triall marbhtha agus
mudhaighthi an mheic thíre, ro éirigh go dian dísgir deughthapaidh
dá fhóirithin amhail no bhiadh an chathair ar
lasadh umá cheann agus ro fhuagair do ghuth ardmhór
fhollusghlan, gidhbé do chaithfeadh aonurchur fris an mhac
tíre, nách géubhadh comhaidh sa chruinne ná aisgidh dá
hiomarcaighe uadha a n-éccmhais a bháis agus a bhuainéuga.
Do coisgeadh do dhíobhracadh an mheic thíre as a haithle,
do chuir Sir Uilliam slabhradh fíoráluinn fionndruine
fair, agus cuiris dá chodailteach agus dá chaoimhsheómra fén é.
Táinig reimhe dochum a áiti oireagair óla iar sin.
Dála rígh na Spáinne dano, ó't-chonnairc an t-ainmhidhe
écceannsa allta ag déunamh umhla agus urrama dhó, gabhais
iongnadh adhbhal é, agus baoi aimsir imchian gan úidh nó
aire do thabhairt d'oirfideadh ná d'ealadhain, d'aoibhnios
nó d'urghairdiughadh, do chogar rígh nó rodhuine dá raibhe
a n-aoinionadh fris, acht a bheith dubhach dobrónach
drochmheanmnach. Tugadar cách uile dhá n-úidh é
amhlaidh sin agus tucc Sir Uilliam go háirithe, agus do fhiarfaigh
dhe créud adhbhar na maoithe meanman agus an tochta
tromthuirsi agus an rabharta robhróin a raibhe.
"Nó créud fa ttucc an t-ainmhidhe écceannsa allta an
barr umhla agus urrama úd duit tar deughfhlathaibh an
dúnaidh? Agas as briathar damhsa," ar sé, "nách
ttiocfaidh glas nó géibhionn nó docomhal dá bhfuil ort
nó ar do mhac nó ar do mhuinntir dhíbh nó go bhfaghar-sa
a fhios ciodh fá ttuc an mac tíre an barr umhla agus urrama
úd dhuit seach cách."
"Inneósad-sa a bhfuil dá fhios sin agam duitsi agus do
chách go coitcheann," ar an rí. "Do bhádhas-sa a n-aontomha
ar n-éug mh'athar reimhe so," ar sé. "Tugadar mo
chomhairligh oram inghean rígh na Gasgúinne do thabhairt
mar bainchéile. Tuccas mar do ráidheadh riom agus baoi
agam re hathaidh gur toirrcheadh í agus cco rug gein mhíonáluinn
mheic don mhórthuismeadh sin .i. Ailpius a ainmséin.
Nír bh'fhada 'na dhiaidh sin go bhfuair an bhainríoghan
sin bás. Ro bhádhas-sa a n-aontomha dá éis
sin go ttuccadar mo chomhairlidhe orm inghean rígh
Poirteagla do thabhairt, agus iar n-a beith bliaghain agam,
rug mac agus baoi an mac sin gá oileamhain go haois a mhacántachta.
Dála an chéidmheic rug inghean rígh na Gasgúinne
damh, ro fhás agus ro fhorbair go nach raibhe is na
críochaibh a ccomhfhogas dó damhna rígh nó roithighearna
ro b'iomchuibhdhi inás. Ó't-chonnairc inghean rígh
Poirteagla an biseach adhbhalmhór sin ag éirghe ar a
leasmhac, gabhais iodha aingidheachta agus iomfhormaid í,
óir do bhreathnaigh go madh aige nó bhiadh mh'inmhe-si
agus m'oidhreacht ar bhéulaibh a meic fén, agus ro smuain cionnas
do chuirfeadh ó inmhe agus ó oireachas é. As amhlaidh do-rinne:
tucc asteach losa diamhra draoidheachta agus luibhe
olca écceineóil dá hionnsoighidh, agus ro chuireasdair breachtradh
druadh agus íodhal agus arracht ar na losaibh láinneimhneacha
sin ar ndéunamh ola agus úinnemeinti dhíobh,
agus ro chomail an ola don mhacaomh an tan fuair faill agus
fíoruaigneas fair, go ndearna fhaolchú féigh furachair dhe.
Ro ghreis coin agus cuanarta na cathrach fris iar sin, agus ní
feas cáit inar ghabh ó sin amach acht gur innis an
bhainríoghan aon do laithibh, iar ccur teannta agus éigeandála
fuirre, mar fuaras fios a mhillti agus a mhudhaighthi
fuirre, gur báitheadh gan amharas é agus nách raibhe feidhm
lorgaireachta nó lántóraidheachta agam fair, gidhbé
díoghaltas do-ghéunuinn ina dhiaidh. Tugas-sa do
bharamhail gurab é táinig annsúd dom ionnsoighidh agus do-rinne
an umhla úd damh, agus do smuaineas arís nár bh'é,
mar adubhairt an bhainríoghan friom gur báitheadh é
reimhe so, agus agá smuaineadh sin do bhádhas-sa isin tocht
adhbhal i rabhas .i. m'inntinn dá innisin damh gurab
é mo mhac baoi ann agus an inntinn chéudna dá chur a
ccéill damh arís nár bh' é, mar chuimhnighim ar a ndubhairt
an bhainríoghan friom. Agas ní fhuil do sgéulaibh an
neithe ro fhiarfaighis díom agam acht sin amháin, agus dá
mbeith, do inneósainn dhuitsi iad."
Gabhais lúthgháir mhór Sir Uilliam um an uiread sin
do sgéulaibh an mheic thíre d'fhagháil, agus ro thuig ina
aigneadh agus ina inntinn gurab é mac an rígh baoi isin éccosg
sin ris an ccéill agus ris an ccaoimhrésún duineata ro dhearbhasdair.
Ro labhair Sir Uilliam iar sin fris an rí agus as eadh
ro ráidh:
"Cuir-si feasa agus teachta cco tinneasnach ar ceann do
bhainchéile agus tabhair chugad co hathlamh í go ccuiridh an
mac tíre úd ina riocht fén, nó muna ttí, do-bheirim-si dom
bréithir ridireachta go ccuirfead-sa chum báis a mac-sa
do chéuddaoinibh agus tusa ina dhiaigh agus an dá chéud do
mhaithibh do mhuinntire do gabhadh ma raon riot."
Do labhair an rí iar sin agus adubhairt:
"Ní ar mo chumus-sa atá teachta nó taidhleóra do chur
ar a ceann acht ar do chumas fén, uair as agad atú-sa agus a
bhfuil i láimh dom theughlach, agus an mhéid bhús áil leat
do chur isin toisg sin, seól uait iad agus cuirfead-sa m'aithne
féin leó dochum na bainríoghna."
Sgríobhais an rí litri fo láinndeachtadh leis na teachtaibh
iar sin dochum na bainríoghna d'innisin a imnidh agus a
anbhforlainn dhi muna ttíseadh go hathlamh dá fhóirithin.
Iomthúsa na tteachtadh rángadar rompa go críochaibh
na Spáinne go hairm i raibhe an bhainríoghan, agus iar
ttorrachtain, ro fhiarfaigh an ríoghan sgéula dhíobh: cionnas
do-chuaidh an toisg agus an turas for a ndeachadar, nó an
rugadar buaidh an tíre i ttángadar.
"Ní deachas ar toisg nó ar turas riamh remhe as measa
reur sgaradh ná an turas for a ndeachamair," ar siad, "óir
ní dheachaidh fear sgaoilti sgéul nó aisdrighthe uradhaill
dár fhágaibh an tír si gan mharbhadh nó gan mhórghabháil."
"Cia le ndearnadh na héuchta adhbhalmhóra sin?" ar an
ríoghan, "nó cia dá ttáinig bhur ttraothadh le hiomad
bhur ccéud agus bhur ccathbhuidhean?"
"Ní fhacamair-ne do thionól tromshluaigh dar ttraothadh
acht aoinridire meanmnach míleata amháin, acht mar dob'
áil leis an cCoimdhe cumhachtach coimhéud do dhéunamh
don bhainríoghain úd na Siosoile i n-aghaidh ar n-éuccóra
agus ar n-aindlighidh-ne, óir nír damhadh fíorflaitheamhnais
dhi. Ar losgadh agus ar mbriseadh a cathrach agus a caistiall,
ar marbhadh a slóigh agus a sochraide d'urmhór, nír gabhadh
uaithi gan foslongphort do shuidhiughadh fá a cathraigh
nó gur marbhadh a ndeachaidh as dá slóghaibh go
ttáinig aoinridire anaithnidh aon do laithibh dá fóirithin
nach feas cá tír nó talamh as a ttáinig, agus do marbhadh
stíobhard tighe an rígh agus a dhearbhráthair an céudlá re cois
mhóráin d'ar maithibh, agus ro gabhadh do mhac-sa an dara
lá, agus ro marbhadh Malediciús, mac an Chonstábla, an treas
tréunlaithe, agus ro gabhadh an rí feisin fá dheóigh agus dá chéud
do mhaithibh a mhuinntire agus a mhóirtheughlaigh mar aon
ris iar ccur áir a shlóigh agus a shochraide ó sin amach."
Ó't-chualaidh an ríoghan na ráiti sin, ro chlaochlóidh
a dealbh agus a déunamh, agus ro léig faoidhe fada fíorthruagha
os aird. Ro fliuchadh ruisg ag ríoghnaibh agus ro buaileadh
basa ag bantrachtaibh agus ro síneadh meóir ag maighdeanaibh
isin dúnadh dhe sin, go raibhe an chathair go comhlán 'na
comhnuall caointi agus comhthoirsi. Ar ndol as na hardghárthaibh
sin, ro labhair an tí ro b'uaisle agus ro b'onóraighe
do na teachtaibh fris an ríoghain agus as eadh ro ráidh ria:
"Atá éigean as aidhbhle ná a ccualabhair in bhar ccionn,"
ar sé, "óir nír chás ní dá mbiadh ar duine agus dáil fuasgailte
aige, agus as deimhin nach bhfaicfir-si t'fhear nó do mhac nó
aoinneach do na maithibh do gabhadh ma raon friú go
bráth cco ndeachair fén dochum na Siosoile agus go ccuirir mac
rígh na Spáinne .i. Ailpius, do chuiris reimhe so i ndeilbh
mheic thíre, ina dheilbh fén do-ridhisi. Táinig las an ridire
anaithnidh úd agus atá ar slabhradh fionndruine ina aragal
aige d'éis a anacail ar oireachtaibh aidhbhle adhbhalmhóra
na hardchathrach, iar ttoidheacht dhó do thabhairt umhla
agus urrama eidir na hardmhaithibh dá athair agus iar bpógadh
a chos agus a chaomhcholla. Tucc an ridire sin dá bhréithir
fíorlaoich i bhfiadhnaisi a bhfuil a bPailearna do
phríomhshluaghaibh, muna ndeachair-si go hathlamh dá chor as an
deilbh draoidheachta sin, go ccuirfeadh do mhac agus t'fhírchéile
maille le a bhfuil i láimh dá laochaibh a n-áit éuga agus
oidheadha, agus nach bhfuightheá fén fós go fírinneach do
dhíon ar muir nó ar tír fair."
Ó't-chualaidh an ríoghan an aithinnisin sgéul sin, tuitis
i ttaisibh agus ttáimhnéullaibh gur bh'fhoicsi bás ná
beatha dhi. Gidh eadh, tángadar a comhairleacha chuici
iar sin agus do dhúisgeadar as a táimhnéullaibh í agus ro ráidhseat
ria a meirtean agus a móirsgís do chur dhi, agus gan aoin-ní dá
hualach do chur uirrthe acht dol d'fhuasgladh a meic agus a
fírchéile agus gan díoghbháil do léigion dóibh um a ndearnadar.
Ro éirigh an ríoghan go haidhleasg ainéusgaidh agus do chuir
fios ar a raibhe 'na huireasbhaidh dá bantracht agus dá
banchuire, dá maithibh agus dá móruaislibh do neoch nách
deachaidh lé rígh na Spáinne d'argain na Siosoile dhíobh.
Tángadar reampa i cceann aisdir agus imtheachta iar sin.
Ciodh trá acht nír fhágaibh uiread buidhne riamh dúnadh
rígh nó rofhlatha do b'áille agus do b'éugsamhla ná an
bhuidhean bhreaghdha bhiothnaoidhe sin go mbeirtibh áille
iongantacha órshnáth agus go n-earradhaibh sénta
so-mhaiseacha siric cco n-imdhénamh óir órloisgthi dá n-iomchoimhéud,
go lasfadh an t-aeér do taitneamh a ttlacht
n-áluinn n-éugsamhail n-ildealbhach agus a mbeart ccuanna
ccaoimhdhénmha. Acht cheana ní h-áirimhthir fod a
n-aimsire ar an eachtra sin gur ghabhadar cuan agus caladh a
ccríochaibh na Siosoile.
Ó't-chualaidh Sir Uilliam agus an bhainríoghan a tteacht,
tángadar míle céimionn ón ccathraigh dia n-onórughadh, agus
ro fhearsat fíorchaoin fáilti go friochnamhail friú agus rugsat
leó gus an ccathraigh iad, agus ro suidhigheadh na sochaidhe
sármhóra sin leath ar leath ina n-ionadhaibh iomchuibhdhi
bhúdh-dhéin. Ro éirgheadar ronnaireadha le roinn agus
dáileamhain le dáil agus flaithi le fiadhughadh agus maithe le
móronóir, agus ro ghabhsat ag ól agus ag ionntlás meanman agus
móraigeanta as a haithle. As eadh aithriseas an staraidhe
Siosoileach nách ttáinig fáidh nó fisidh nó fíreólach, do
mhéud a eccna nó a inntleachta, do fhéudfadh tuarasgbháil
ar thaisbéin an bhainríoghan do mhaitheas agus do mhórshaidhbhreas
an adhaigh sin d'fhaisnéis nó d'innisin go hiomlán.
Ciodh trá acht ro foillsigheadh don mhac tíre cco ttáinig
a leasmháthair don bhaile .i. inghean rígh Poirteagla,
an bhean do chuir eisiomh isan riocht uathmhar urghránna
a raibhe; agus ro éirigh a fhionnfadh agus a ardruainneach a
n-airde go n-anfadh mionubhall nó móráirne ar uachtar
gach aon ruainne dhe; agus tucc crothadh calma curata agus
tarruing trén toghnamhach ar an slabhradh seada síordhaingean
fors a raibhe, go ndearna dhá leith leónta láinchearta
don deughtharruing sin de. Do bhris doras agus deughcumhdach
an ghrianáin ina ngnáithigheadh Sir Uilliam suan agus
sárchodladh do dhénamh, agus táinig amach go hathlamh
iar sin d'ionnsoighidh na pioiláide ríoghdha romhóire a
rabhadar na slóigh agus na sochaidhe, agus ro fhéuch ar gach
taobh ina thimchioll go bhfacaidh a bhiodhbha agus a
bhuannámhaid ar gualuinn a fir agus a fírchéile fén. Táinigsiomh
remhe don ruathar roidhéudla sin ar ochtaibh ánradh
agus ar formnaibh fearóglach agus ar righthibh ríoghlaoch, go
ráinig go hairm a raibhe an ríoghan, agus tucc sidhe sanntach
sothapaidh dá soighidh. Cromais an ríoghan a ceann go
comhathlamh fan mbord rias an ainmhidhe n-iongantach.
Ó't-chonnairc Sir Uilliam sin, ro éirigh cco hathlamh
urmaisneach agus iadhais a dhá láimh go lánathlamh um
mhuinél an mheic thíre agus um an ccuid fuair gan bhriseadh
don tslabhradh. Ó do athuin an mac tíre Sir Uilliam ag
anacal na ríoghna fair, ro iompóidh go hathlamh urmaisneach
uaithe, géur leasg lais.
"Ná déun-sa fearg nó fuasnadh feasda, a chara agus a
chompánaigh," ar Sir Uilliam, "uair caithfidhear do chur
ad riocht fén cco fírinneach as an deilbh n-uathbhásaigh
ndraoidheachta i bhfuile, dóigh ní fhúicfidh an rí nó a mhac
nó a bhainchéile nó neach dár gabhadh dá muinntir an
teach ina bhfuilid go bhfóirthear ort ón éuccosg urghránna
ina bhfuile, agus ní féudfaidhe do chur as an cruth sin dá
marbhthaoi an bhainríoghan ar tús."
Ro thláthaigh an t-uraghall sin meanma agus móraigneadh
an mheic thíre, agus gabhais ag lúthgháire agus ag lánshubhachas
re Sir Uilliam agus ag pógadh a chos agus a chaoimhéudaigh.
Ro mhínigh agus ro mhórbhláthaigh Sir Uilliam eisiomh gur
chuir caoin a chaithir agus a chaoimhfhionnfaidh re chéile. A
ndála go nuige sin.
Dála na ríoghna iomorro, ro thógaibh a ceann cco
hanbhfann ineirt óir do-chuaidh a haire re héug agus re
hoidheadh d'fhagháil ón ainmhidhe iongantach. Gabhais
ag dubha agus ag diobhorgóid iar sin a bhfiadhnaisi cháich a
ccoitchinne ar aghaidh an mheic thíre, agus do-rinne sléuchtadh
dhó agus gabhais a chomhairce agus a chomhfhaosamh don chur
sin, agus ro ráidh go ccuirfeadh ina riocht fén do-ridhisi é, gion
gur chúitiughadh dhi sin ina ndearna d'éigion agus d'anbhforlann
fair. Ro chuir aghaidh ar Sir Uilliam iar sin um a impidhe
do bheith lé hiomghabháil aici. Cuiris a haghaidh ar an
mbainríoghain agus ar Mheliór agus ar mhaithibh na Siosoile ó
sin amach um a n-impidhe a n-aoineacht do chur ar Sir
Uilliam um fheirg agus um fhuasnadh an mheic thíre do
thraothadh. Ro gheall Sir Uilliam disi nách dingéntaoi
díth nó dochar dhi acht cco ccuireadh an mac tíre ina
riocht fén.
Dála na ríoghna dano, ó fuar a díol geallta um an ní ro
iarrasdair d'fhagháil, ro éirigh a ccoinne agus a ccomhdháil an
mheic thíre, beiris lé as lár na laochraidhe go hathlamh é
dochum ionaidh dheirrid dhiamhair go nach bhfaicdís cách a
chruth dá chlaochlódh go ttíosadh ina dheilbh dhílis arís
dá rochtuin. Gluaisis an mac tíre go tinneasnach lé don
láthair sin dochum an ghrianáin ghlanaoibhinn a mbíodh
Sir Uilliam agus an bhainríoghan do bhunadh. Dúnais an
ríoghan doras an ghrianáin go hathlamh uirrthe go nach
bhfaiceadh neach na healadhna saobha síorchrosda agus na
cearda claona comhchoirpthi báttar aici gá n-iomluadh.
As amhlaidh do-rinne an ríoghan iar sin fris an mac tíre
.i. tugasdair fáinne óir órloisgthi dá hionnsoighidh ar a
raibhe do bhuadhaibh gidhbé bráighe fa mbiadh nach
bhféudfadh draoidheacht nó drochealadhna eile
urchóid do dhéunamh dhó. Do cheangail sí an fáinne
sin fa bhrághaid an mheic thíre agus tugasdair leabhar dá
leabhraibh easdroluigheachta dá hionnsoighidh agus gach fearsa
dá léughadh san leabhar, théigheadh aithearrach deilbhe agus
dénmhasa airsiomh gur léughasdair an fearsa deirionach
de, go ttáinig a chruth agus a chaoimhdhéunamh duineata
fén fair fá dhéoigh. Cuiris isin dabhaigh fothraicthi ina
ngnáthaigheadh Sir Uilliam agus an bhainríoghan a bhfothragadh
é as a haithle, bhail i rabhattar luibhe séimhidhe
sobhalaidh agus aidhmi athnuaidhthi aoisi, agus glanais agus fothraicis
eisdi é go nach raibhe dúil duine ar talmhuin i bhféugmhais
Sir Uilliam do b'fhearr inneall agus éuccosg inás. Gabhais
náire adhbhal Ailpius iar sin ó't-chonnairc é fén gan earradh
gan éudach, agus éccaoinis sin re Brandae .i. ris an ríoghain.
"Dá ttigeadh go maith d'aoinneach ar thuinn talmhan
bheith lomnocht," ar an ríoghan, "as duitsi no thiocfadh
go maith, uair ní shaoilim gur geineadh romhad riamh,
gionmothá an ridire anaithnidh dá ngoirthear Sir Uilliam,
dealbh duine nó dhearsgnaighfadh fort."
Cuiris eidir éudaighibh uaisle onóracha baoi ar uachtar
iomdhaidhe agus airdleaptha Sir Uilliam é iar sin go mbeireadh
éudach ele fair.
"Créud as áil leat do dhénamh anois, a Ailpius?" ar sí.
"Ní fhúicfead-sa an t-ionad ina bhfuilim go bhfaghar
éudach mo dhiongmhála go ndearntar ridire dhíom iar
sin," ar sé.
"Cia dob' áil leat doth'oirneadh isin chéim sin?" ar an
ríoghan.
"An trénfhear as fearr gal agus gaisgeadh, neart agus niadhachas
isin chruinne go comhlán, agus as uaisle a bhfolaidheacht agus a
bhfírgheinealach," ar sé.
"An é sin th'athair fén?" ar Brandae.
"Ní hé iomorro acht Sir Uilliam," ar sé, "agus tabhair-si
leat é fén agus Meliór agus Florens inghean rígh na Siosoile, agus ná
tabhair aoinneach eile leó acht madh iad bhudh-dhéin,
go n-oirdnithear a ngrádhaibh ridire mé re siú do-chífeadh
cách mé."
Do-rinne Brandae amhlaidh sin óir tucc Sir Uilliam lé agus
an dias ban do hordaigheadh dhi. Dála Sir Uilliam dano,
ro fhéuch an teach ar gach taobh de dá fhios an
bhfaicfeadh an mac tíre ann, agus ó nách bhfacaidh ann é,
féuchais uadha isin iomdhaidh, go bhfacaidh an t-aonmhacaomh
nuachrothach naoidheanta neamharsaidh fá
háille éxsamhla don Ádhamhchloinn isin iomdhaidh, agus ba
machtnadh meanman leis a fhaicsin mar nách bhfacaidh a
iarraidh .i. an mac tíre. Do ráidh Ailpius ris iar sin:
"Dar liom, a Sir Uilliam, a mheic rígh na Siosoile," ar
sé, "as neamhuránach oram fén thú ad dhúnadh agus ad
dheughchathraigh bhudh-dhéin agus mé um aoidhidh agus um
eachtrannach innte, agus ní hé sin do thuilleas-sa uait uair
as iomdha ionadh inar fhóireas ort a ccásaibh doirbhe
docomhlacha agus a ngáibhthibh aidhbhle iolardha seachnón
mara agus móirthíre go ttrásda."
Gabhais iongnadh mór Sir Uilliam um an tseilbh cathrach
agus chríche do-chualaidh aige dá fhagháil ó Ailpius agus um an
iomrádh ngeinealaigh do-chualaidh aige fós. Gidh eadh,
ní dhearna aithfhiarfaighe dhe acht do-rinneadh rothnuall
corcra comhadhbhal dá chaomhghnúis, agus ro bheudhgasdair a
chroidhe ina chliabh re cloisdeacht a ccualaidh.
"Dá bhfeasainn-si go madh tusa no bhiadh ann," ar Sir
Uilliam, "ní fhuil ó m'anmuin amach maith agam nach
diongnainn duit, agus ro ba comaoin dhamh óir tugais-si
do chorp agus t'anam dom chionn-sa go roimheinic remhe."
Agas do-rónsat an laoidh eatorra ann:
"A fhir do-ní an mhearaithni
oram ar tteacht do láthair,
fa meinic mé ad dheaghaidh-si
dot thabhairt a mbeirn gábhaidh."
"Ón éccosg do chleachtamar
do bheith ort tar gach aoinneach,
tug mh'aigneadh ar mearughadh
mar do-chuaidh dhíot do dhraoidheacht."
"A mheic rígh na Siosoile,
ó rugais ar do ríghe,
géur chóir duit a fhiosraighe,
beug t'aire ar do mhac tíre."
"Más tusa mo mhac tíre-si
ar ngrádh agad ó fhionnmaoid,
ar cheannas na críchi-si
ní thiobhrainn tusa d'iomlaoid."
"Mór dot olc, a óigrí-si,
fuaras re ccách dot chaomhna,
seachnón mara is móirthíre
's gan agam acht mé um aonar."
"Dá ndeachdaoís it' aghaidh-si
síol Ádhaimh 's a n-iúl agam,
do chaithfinn dot chabhair-si
mo chorp ma raon re m'anam."
"Déuna dhúinn an dlighi-si
sibh it'airdrígh ó tharla,
mh'oirdneadh i ccéim ridire,
a thriath na ccéimeann ccalma."
A fhir.
As a haithle sin tug Sir Uilliam beirt áluinn órshnáth
dhó mar do b'iomchubhaidh do mhac rígh nó roithighearna.
"Tabhair airm ghaisgidh damh agus gairm ridireachta," ar
sé, "óir as fada leam atáim 'na n-éuccmhais, agus ní diongmhála
liom a bhfagháil ó neach ele acht uaitsi."
Tug Sir Uilliam airm agus éideadh agus iolfhaobhar agus culaith
catha agus comhraic dhó iar sin agus ro oirndeasdair a ngrádhaibh
ridire é. Acht atá ní cheana, fá buain bróin do chroidhe
agus fiabhrasa d'inntinn agus maoithe do mhóirmheanmuin silleadh
agus sírdhéuchain fair iar ngabháil earraidh áluinn órshnáth do
shomhaisi a earraidh ridireachta ara uachtar sin aneachtair,
uair ní táinig samhail a dheilbhe nó a dhénmhasa
ar druim domhain acht Sir Uilliam a aonar, eidir mhéud agus mhíne
agus mhórdhachta, eidir dheilbh agus dhénamh agus dheughmhaisi,
eidir chéill agus chródhacht agus chosgar, eidir ghliocas agus
ghaisgeadh agus ghníomhradh, eidir aoibh agus alladh agus ardnós.
Féuchais iar sin ar gach taobh ina thimchioll go bhfacaidh
Florens inghean rígh na Siosoile, agus tug searc dhíochra
dhífhreugra dhi go nach raibhe énbhall ina chorp nó ina
chaomhcholuinn gan a eire fuirmheadha dia hannsa agus dia
hionmhaine fair.
Téaghaid thrá ar aoinrian gus an ríghtheach a cceann
cháich. Ó't-chonncadar-séin mac rígh na hEaspáinne ar
n-aithearrach deilbhe agus dénmhasa, ro éirgheadar a n-aoineacht
dia onórughadh eidir mhaith agus tsaith, agus an rí fén go
n-a mhac a remhthús rompa; agus do thoirbheadar do
phógaibh cco miochair muinnteardha é. Suidhis a bhfochair
a athar as a haithle. Téid an rígh a cceann sgéul d'innisin
dó iar sin agus as eadh ro raidh:
"A mheic ionmhuin," ar sé, "gidh mór d'ulc agus d'imneadh
fuarais-si le hathaidh a n-éccosg uathmhar anaithnidh, as
beug más mó nó más aidhbhle é re a innisin ná a bhfuaramair-ne
d'olc agus d'imneadh ó thángamair don tír si, uair
torchradar urmhór ar ríogh agus ar ridireadh, ar ttriath agus ar
ttréinfhear leis an ridire anaithnidh úd .i. Sir Uilliam, lé
cois dhá chéud do thriathaibh agus do thighearnadhaibh um
thimchioll-sa agus a ttimchioll mo mheic do gabhadh, go
bhfuilmid a nglasaibh agus a ngeimhlibh, fá iadhadh agus fa
fhíordhochar, gur aithfior a ndearnsom d'éuchtaibh agus
d'aitheasaibh oirn, óir do bhean tuilleamh adhbhal re haisioc
dhínn mar do b'ainmhinic linn riamh remhe."
"Ní hiongnadh sin, a airdrígh," ar Sir Ailpius, "uair as
ainmhinic do-chuaidh deireadh an díomais go maith d'aonnduine
riamh romhad, uair ní fhuil don uile pheacadh peacadh
as measa iardroighe ná peacadh an díomais, óir as mó do
bhí d'fhiachaibh ortsa caomhna agus comhfhurtacht do thabhairt
don tír si, dá bhfaghthá éigion nó anbhforlann fuirre, ná
díth nó dochar do dhénamh dhi. Agas fós dá mbeith fios sgéul
agadsa nó aige fén, as maith fuair an ridire anaithnidh úd
an chríoch sa do chosnamh agus feidhm agus fíorchongnamh do
thabhairt las an mbainríoghain úd, óir dlighidh gach mac
mínréir a mháthar, dóigh as dual don dúthchas dialladh
re'roile gion go mbeith fios a chéile aca, mar adeir an
seanfhocal go sonnradhach: treisi an dúthchas ná an
oileamhain."
Ciodh trá acht ó'd-chualaidh an bhainríoghan na briathra
sin dá n-aisnéis go fordhorcha, do ghabh gairdeachas
adhbhalmhór í agus nír léig iomad lúthghára dhi urmaisni ar
sgéulaibh dearbhtha d'fhiarfaighe dhe mar budh
lainn lé. As annsin ro fhuráil Sir Ailpius slabhradh éisdeachta
na hardchathrach do chrothadh. Ro éisdeadar
cách go taoi tosdanach, agus go céillidh cobhsaidh, agus go haontadhach
aoinmheanmnach re a aitheasg agus re a urlabhra iar
sin:
"Dá mbeith sgéula ag gach aoinneach agaibhsi," ar sé,
"mar atá agamsa, nír bhó hiongnadh libh an ridire úd dá
ngoirthí an Ridire Anaithnidh do chosnamh na críchi si agus
d'imdheaghail a fearuinn, uair as é súd aonmhac rígh na
Siosoile rugas fén liom ina naoidhin, uair do bhádhas um
mac tíre san bhforaois bhfíoráluinn bhfásaigh si fil re
cathraigh aneachtair."
Acht atá ní cheana, ro innis imtheachta agus eachtra Sir
Uilliam ar aonláthair an uair sin, "ó rugas as an bhforaois
é go ttuccas innte arís é," agus do rinne an laoidh ann:
Sgéula dearbhtha liom uile
dhaoibh, a shluagh na Siosoile,
ar bhar rígh ó rugas uaibh
go teacht arís an athuair.
Rugas uaibh, ní gan fhochuin
iona naoidhin nuachrothuigh,
an rí si tarla in bhar ttigh
dá anacal ar oidhigh.
Ó do-chuaidh sinn tar sáile
fá fhiodhbhaidh na hEadáille,
do bhí agam i ccuas chroinn
díom nó gur bhean an buachaill.
Ar n-a bhreith as an daraigh,
an leanbh áluinn éugsamhail,
do-clos fon bhfiodhbhaidh uile
faoidh mo ghuil 's mo gholghaire.
Ocht mbliadhna dhó 'na dheaghaidh
gá altrom, gá oileamhain,
go rug an t-impir fa dheóigh
ón mbuachail é dá aimhdheóin.
Do bhí re hathaidh san Róimh
ag an impir fá onóir,
nó gur élóidh leis iar sin
inghean aontomha an impir.
Ar n-élódh dhóibh ima le,
nír bh'é an caradradh ceilge,
nír thréigeas é ar tír nó ar tuinn
dá dhídion ar gach doghruinn.
Nír sgaras, ris, as é a fhíor,
dá bhfuaras d'ulc is d'imshníomh
go ttugas é arís ar ais
liom do ghabháil a dhúthchais.
Sgéula bhar rígh gan teimheal
atáid ó thús go deireadh,
ní bhiaidh sinn agá séna
ag sin daoibh a dheirbhsgéula.
Sgéula.
Ót-chualadar na Siosoilidhe an innisin sgéul sin, ro ghabh
gairdeachas adhbhalmhór iad, nach bhféudann teanga a
thuiriomh nó ughdar a fhoillsiughadh nó aigneadh a innisin
trian tuarasgbhála a lúthghára nó a lánshubhachais, uair mar
líonas tuile thaidhbhsioch thréunrobharta eochairchiomhsa
cuain agus calaidh, as amhlaidh sin ro líon tuile tromghrádha
agus méudughadh meanman agus airde aigeanta gach aonnduine
aca ar ccluinsin an chomhráidh sin Sir Ailpius, go ro
éirgheadar a n-aoineacht dá onórughadh, eidir uasal agus íseal,
eidir choimdhe agus éccoimdhe, eidir thréun agus anbhfann, eidir
bhantracht agus banndála, agus as commór no bhídís na Siosoilidhe
agus na hEaspáinidhe ag dénamh umhla dhó, óir as eadh
inniseas an sdaraidhe nách aidhbhle iongnadh dá bhfacaidh
nó dá ccualaidh a leabhraibh oiris agus annálach ná gan
aos einirt agus anbhfann d'oidheadh agus d'fhíormhúchadh le
méud cumhga na ccuradh agus na ccaithmhíleadh agus cháich a
ccoitchinne ag rochtain tar a chéile chuige, go náchar bheug
re a n-urmhór d'onóir agus d'oirmhidin a lámha do thadhall
a earraidh nó a éudaigh nó silleadh dia súil do thabhairt
aonuair fair.
As annsin ro thuig an bhainríoghan go ttáinig brígh na
haislinge do-chonnairc remhe sin asteach do réir breithi
Magiséis .i. an sagart, gur coimhlíonadh a croidhe ina cliabh
do lúthgháir agus do lánghairdeachas, go raibhe ar lasadh agus ar
lánadhnadh ó airde aigeanta agus ó iomarcadh inntinne.
Gabhais lúthgháir adhbhalmhór Sir Uilliam feisin go
foluightheach acht nár bh'fhiú leis, gé madh impireacht
an uile dhomhain do-ghéubhadh, barr subha nó sobróin
d'aithne d'aoinneach fair. As eadh inniseas an staraidhe
go raibh uiread lúthghára agus lántsubhachais lé a raibhe san
chathraigh go comhlán ar Mheliór 'na haonar, agus tug a
bhuidhe re Dia na ndúl an rogha rugasdair, óir ní raibhe
ríoghacht nó roi-inmhe san chruinne d'éunríoghacht
amháin do bhéuradh do roghain tar an ríoghacht sin a
raibhe .i. ríoghacht na Siosoile agus na Calupre agus na Buille
bádar a ccoimhcheangal dá chéile, agus do bhí a fhios aici fós
go madh lé impireacht na Rómha maille re gach ní eile dá
bhfuarasdair.
Cidh trá acht ó ráinig lé Sir Ailpius a sgéula d'innisin
ó thús go deireadh agus ar ndol bheugáin faille agus fíoruaignis
ar ghárthuibh subha agus sobróin cháich a ccoitchinne, rugasdair
Sir Uilliam a bhuidhe re Sir Ailpius go hadhbhal a ndearna
do mhaith fair go nuige sin agus ro ráidh ris:
"Ba comaoin damh fén," ar sé, "maith do dhénamh duit
dá mbeith a n-iongnais mo fhlaitheamhnais agam ní ré
mbeith do shúil," agus toirbhiris do phógaibh cco miochair
muinnteardha é as a haithle.
Ro labhair Sir Ailpius iar sin agus as eadh ro ráidh:
"Ní iarrabh-sa inmhe nó oireachas ort, óir as lór liom
mo ríghe fén re a follamhnughadh gidhbé tan rigfead.
Gidh eadh, atá ní agadsa a bhféugmhais do fhlaitheamhnais
re a bhfuil mo shúl agus mo shaoileachtuin."
"Do-ghéubhair-si," ar Sir Uilliam, "gach ní dá mbiaidh
agamsa acht munab í Meliór th'iarraidh."
"Ac idir," ar sé, "ní hí iarroim, acht Florens inghean
rígh na Siosoile, do dheirbhshiúr fén."
"Do-ghéubhair-si sin," ar Sir Uilliam, "re cois ionnmhais
agus airdtighearnais go hiomarcach agus re cois cairdis fria
héigiondáil."
Acht cheana as í comhairle ar ar cinneadh ag maithibh
agus móruaislibh na Siosoile an inghean do thabhairt do
Sir Ailpius dá mbeith nach diongnadh a ndearna do leas
nó do lánmhaith do Sir Uilliam, d'fheabhas a dheilbhe agus a
dhénmhasa agus ar a bheith 'na oidhre ar airdríoghacht na
Spáinne.
Iomthúsa na mban iomorro báttar 'na mbuimeadhaibh
ag Sir Uilliam agus do-rinne an brath agus an buaintréigion fair
do bhráthair an rígh mar do ráidheamar romhuinn,
ro bháttar-séin isin ccathraigh don chur sin ag éisdeacht
re hinnisin sgéul Sir Ailpius. Ar ttairgsin subha agus sobróin
cháich i ccoitchinne agus ar cceangal an chleamhnasa eidir Sir
Ailpius agus inghean rígh na Siosoile, tángadar-somh as an
áit oireagair óla a rabhadar a bhfiadhnaisi Sir Uilliam agus na
maithe ar cheana, agus ro innseadar dhó fén agus don bhainríoghain
agus do chách i ccoitchinne gur bh'fhíor do Sir Ailpius gach
a ndubhairt, agus gurab iad fén do fhóbair an macaomh do
chur a n-áit a éuga agus a oidheadha lé a n-inntleacht fén agus ar
impidhe an ridire ro ráidhsiom romhuinn, muna mbeith a
luas rugadh uatha é. Ro ghabhsat comairce agus comhfhaosamh
ag Sir Uilliam agus ag an mbainríoghain iar sin im gabháil
aca agus im gan díoghbháil do dhéunamh dhóibh um an
ainndligheadh do-rónsat, ó do admhadar a míghníomha
agus a míairle.
"Óir as amhlaidh do hordaigheadh maith do dhéunamh
a n-aghaidh an uilc," ar siad, "agus ní cúitiughadh do neoch
ar a ndéntaoi drochní le hanndaoinibh díoghaltus do
dhéunamh ina aghaidh orra, agus dá bhrígh sin atámoid-ni ag
iarraidh aitreibhe ortsa a ndiongnom leas agus leabharghníomh
ar n-anma a n-éuraic an ainndlighidh do-rónsom."
Táinig croidhe Sir Uilliam orra as a haithle ar n-admháil
a n-éuccóra agus ar bhfaicsin a ndearnsat do thuirsi agus do
thruaighneimhéle ina fhiadhnaisi, agus tug aitreabh agus ionad
diamhair dhóibh iar sin a ndearnsat leigheas agus leasughadh
a locht an feadh ro bháttar ina mbeathaidh.
Acht atá ní cheana, má do bhí barr subha nó sobróin ag
na sochaidhibh gan dénamh a ndeaghaidh innisti sgéul Sir
Ailpius, do-rónadh an uair sin é ar ccluinsin comhráidh na
mban ag dearbhadh a ndubhairt.
As annsin ro ráidh Sir Uilliam ris an mbainríoghain
teachta agus taidhleóra do chur ar ceann an Impire
Rómhánaigh dá thabhairt chuca ar bhanais a inghine agus re
haghaidh a pósta frissiomh, agus dá innisin dhó gurab é fén
Sir Uilliam mac rígh na Siosoile .i. rí na Siosoile, na Calupre
agus na Buille Mara Toirrian gan turbhródh, tug a inghean
uadha ar aitheadh agus élódh agus do bhí aige a riocht tachartha
agus tuilidhe gus an tráth sin. Tiaghaid na teachta chugtha
don chur sin agus adubhradh friú dol fris an teachtaireacht
sin agus a rádh re hAlexaindria teacht a ccuma cháich fris
an Impire.
Dála na tteachtadh thrá, rángadar rompa gus an Róimh
agus do-chuadar go cathraigh an Impire, agus ro fochtadh sgéula
dhíobh. Ro innseadar-somh a tteacht re hiomchomhrac
beatha agus sláinte ó bhainríoghain na Siosile agus ó a rígh dochum
an Impir, neoch baoi ar amhsoine agus ar deóraidheacht
aigesiomh gan fios a uaisle nó a athardha ag aoinneach, agus
dá rádha fris an Impir dol ar bhanais a inghine, agus ro innseadar
a sgéula ó thús go deireadh amhail forcaomhnagair.
Ar ccluinsin an urdail sin don Impir, nír thuill ina chroidhe
ná ina chliabh an barr subha agus sobróin ros-gabh agus tucc a
bhuidhe re Dia nach fear ba lugha ná a díol rug a inghean
do roghain gé do-rinne fén aithfear uirrthe go hiomarcach,
agus fa móide a mheanma agus a mhóirinntinn inghean rígh
Ghréug do bheith 'na máthair gá chliamhuin dá mbeith
nach diongmhála a bhfoluidheacht ele é, uair as do chineadh
Ghréugach as mó ro ghabh ríoghacht agus roithighearnas an
domhain do chineadhaibh na cruinne. Ro innseadar na
teachta dó a ndearna Sir Uilliam do ghníomhaibh gaile,
d'éuchtaibh agus d'aitheasaibh, ag cosnamh a iatha agus a fhearuinn
bhúdh-dhéin re sluaghaibh na Siosoile ar shochraide na
Spáinne, agus gach ar mharbh dá maithibh agus dá móruaislibh
re cois an rígh agus dá chéud curadh umá mhac do gabhadh
ma raon ris. Nír lughaide lúthgháir an Impir na haithsgéula
sin, agus tug seóid agus maoine do na teachtaibh a lógh a ttosga
agus a tturais.
Acht cheana géur mhór lúthgháir agus lántsubhachas cháich
i ccoitchinne um na sgéulaibh sin, baoi uiread léo uile ar
Alexaindria ina haonar. As annsin do chuir an t-Impir
feasa agus teachta do thionól agus do thiomsughadh a mhaithe agus
a mhóruaisle ina chomhairrchis do dhol dochum na Siosoile
fa fhios a chleamhna agus re haghaidh pósda a inghine, agus do
ráidh riú rogha arm agus each agus éideadh do thabhairt leó. Acht
cheana as é a fhíor, ní fhéudfadh sean nó seanchaidh nó
fáidh nó file trian toichime nó tuarasgbhála an tionóil
sin d'fhoillsiughadh nó d'innisin ar iomad a ccuradh agus a
ccaithmhíleadh, a ríogh agus a ridireadh, a ndiúcadh, a ndeughbharún,
a n-iarladh agus a n-airdphrionnsadh, le hiomad a
n-óir agus a n-ionmhais agus a n-iolmhaoineadh agus a n-earradh
n-éxsamhail n-iongantach agus a n-arm agus a n-eachradh agus a
n-aidhmeadh áigh agus iorghaile ar cheana. Rángadar rompa
dochum an chalaidh a rabhattar a longa agus a laoidheanga,
a ccuraigh agus a ccaomharthraigh iar n-a ttionól go háit
n-aontadhaigh n-aonbhaile, agus do-chuadar intibh ar uair séin
agus solaidh. Ro asgnadar go hathlamh as a haithle tar an
lear léidmheach lionnuaine agus tar an bhfairrge bhfuachdha
bhforránaigh agus tar an ccuan ccainnteach ccomhanfadhach
agus tar an áibhéis n-adhbhalmhóir n-ilphiasdaigh, gur ghabhsatt
cuan agus caladhphort a ccríochaibh na Siosoile a ccomhfhogas
cathrach Pailearna .i. cathair inmhe agus oireachais rígh na
Siosoile. Ro léigseat teacht na bainríoghna agus Sir Uilliam
d'innisin sgéul dóibh.
Acht cheana fá neimhní gach saothar agus gach soláthar
dá ndearnadh a ndúnadh rígh nó roithighearna riamh ag
féuchain na bainnsi agus na buanshollomhnach ro hollmhaigheadh
lé sochraide na Siosoile ar fhoráileamh Sir Uilliam agus na
bainríoghna. Ó rángattar na teachta iomorro lé fios
sgéul an Impir dá n-ionnsoighidh, táinig Sir Uilliam go n-a
shochraide agus rí na Spáinne go n-a chloinn agus go n-a
chomhaonta, agus an bhainríoghan agus Meliór go n-a bantracht,
agus coimhthionól na críche eidir epscob agus ab agus airchinneach 'na
ccaoimhtheacht trí mhíle céimeann ón ccathraigh, ina
ccomhdháil dá n-onórughadh agus dá n-airmhidniughadh.
Ó't-chonnairc Meliór a hathair, do-chuaidh ina choinne agus
ina chomhdháil agus do thoirbhir do phógaibh go dil díochra
déughthairisi é. Do-rinne Sir Uilliam agus an bhainríoghan go n
-a bantracht agus go n-a ríoghaibh agus go n-a roithighearnadhaibh
agus rí na Spáinne go n-a chloinn mar an ccéudna. Dála
Meliór iomorro, do-chuaidh cco hairm a raibhe Alexaindria
as a haithle agus do-rinne barr lúthghára reimpe nách dearna
fris an Impir ná re haoinneach eile do na huaislibh, agus do
innis a himtheachta ó thús cco deireadh dhi ó do fhágaibh
an Róimh go nuige sin, agus gach gábhadh agus gach guasacht
dá bhfuair fén agus Sir Uilliam seachnón chríoch agus ceannadhach
agus gach caomhna agus gach comhanacal dá bhfuaradar ón
mac tíre nó go tucc ó imlibh na Rómha gus an ionadh
sin iad, agus a ndearna Sir Uilliam do ghníomhaibh gaile agus
gaisgidh ag imdheaghail an tíre i ttáinig ar an ainbhfine
n-éttrócair n-eachtrann táinig do dhéunamh foghla agus foiréigne
fuirre. Agas baoi ag innisin na sgéul sin cco ráinig
i ccomhfhogas don chathraigh, agus as cuma ro bhaoi agá
rádha agus ad-bheart an laoidh:
Truagh tosach ar n-imtheachta
amach ó mhúr na Rómha,
sinn do thoradh inntleachta
i ndeilbh mathghamhan mórdha.
Ar bhfágbháil na cathrach soin
acht géur roibheug ar mbuidhean,
A bhfuaramor d'anshocair
ní fhéudfadh teanga a thuireamh.
Fa fhiodhbhaidh na hEattáille
leanait sinn tóir an tíre;
na slóigh baoi 'nar ndeaghaidh-ne
do bhréug uainne an mac tíre.
Laithe dhúinn 'na dheaghaidh-sin
's an fear céudna dar ccoimhéud,
ar n-imtheacht ón fheadhuin-sin,
sinn 'nar ccodladh san choilér.
Cingitt umon ccoilér-sin
buidhean dífhreuccra dhéudla,
fa cubhaidh an coimhéud-soin
do fhóir oirn an cú céudna.
Ó dhealbhaibh na mathghamhan
go madh lughaide ar n-iarraidh,
do chuir sinne ar atharrach
fá dheóidh i n-éccosg fhiadhaigh.
Ar ttéurnadh ón ghábhadh-sin
dob'fhada dúinn dar ndíothladh,
don tír si co ttángamair
sinn o dhíthreibh go díothraibh.
An tír si i ccruth aindlighidh,
géur mhór an obair éinfhir,
do bhí fa neart ainbhfine
nó gur tobhadh í ar éigin.
Gníomh oile dar bh'inleanta
do dhéunomh don mhac tíre,
fuair ar eagla imreasna
a chur ina dheilbh fíre.
Sgéula an Uilliam échtaigh sin
do innis an cú cosluath;
go bhfríth linn na sgéula sin
ar n-imtheacht do ba rothruagh.
Truagh.
Tiaghaitt trá gus an ccathraigh as a haithle agus as amhlaidh
fuaradar an chathair ara ccionn agus a conairidhe réidhe
rofhairsionga agus a sráidi síorshoillsi ar n-a bhfolach agus ar n-a
bhfíorchumhdach do bhláthaibh áille allmhardha agus do
luibhibh saora sobholaidh neoch do fhásattar tré thalmhain
gus an tráth sin, agus fós do thúis agus do mhirr agus do bhiotomuin
agus do chenél gacha deughbholaidh fon domhan fo chosaibh
na ríogh agus na ridireadh, na n-uasal agus na n-aireach agus na
n-ardmhaithe ar cheana. Báttar bheós na sráidi céudna
ós a ccionn ar n-a ttuighe agus ar n-a ttéugar do dhathaibh
uaisle iongantacha agus d'éudaighibh áille éxamhla do shíoda,
do shiccir agus do shionshnáth agus dá gach uile chenél datha
éudaigh ó sin amach, gé madh doineann nó deardan na
ceatharairde adhbhalmhóire nó dháilfeadh i n-aoinfheacht
dá n-ionnsoighidh, co bhfuighbhitís na flaithe díon
agus deughfhosccadh ó na héudaighibh áillibh iongantaibh
sin. Bátar dano srotha séimhidhe sliosuaine agus aibhne áille
eochairghorma na cathrach ar n-a ccomhstopadh ar léigean
a lán d'fhíon sho-mblasda shoóla ina n-ionadhaibh, go sástaoí
na sochaidhe dhíobh d'éis a n-aistir re ndul isin dúnadh.
Ro sinnit ceóla caide coimbinne agus orgháin iongantacha
allmhurdha i ndoirsibh tighe agus teaghdhaiseadh d'urghairdiughadh
inntinne agus aigeanta do na huaislibh.
Tángattar rompa don dúnadh iar sin agus ar rochtain dhóibh
ann, do cuireadh i seómradhaibh saidhbhri seasccara agus i
n-iostadhaibh áille oireaghdha iad, dá bhfreastal agus dá
bhfriotháileamh cco ttíosadh am fleidhe agus fairg do na
flaithibh, ar mbuain a n-éudaigh aisdir agus imtheachta dhíobh
agus ar n-erdhíobhadh a n-íotadh agus a mbrotha. Tángattar
iar dtain do chaithiomh a bhfleidhe agus a bhféusta gus an
ríoghcathraigh. Ro suidigheadh na sochaidhe ina n-áitibh
cuibhdhe comhadhaisi do réir a n-uaisle agus a n-onóra agus a
n-oirmhitne. Ro dáileadh orra as a haithle a ndeocha
garga gabháltacha agus a leanda leasaighthe láinmheascctha agus a
mbiadha saora séimhidhe sochaithmhe agus cenél gach aoibhneasa
agus gach urghairdighthe ele ó sin amach, gur vo measctha
meadharchaoin na slóigh agus na sochaidhe d'aithle tomhaltais
na truimfhleidhe.
Iomthúsa rígh Gréug aithrisdear sonn sealat oile. Ar
n-imtheacht do Sir Uilliam agus do Mheliór ar aitheadh agus ar
élódh re'roile, ro iompóidh ar amas a thíre agus a thalmhan
bhudh-dhéin ó nach bhfuair élung orra re múnadh nó re
móirtheagasc dá ndearnadh le ríoghmhaithibh na Rómha
dá leanmhain nó dá lántóraidheacht. Ar ttorrachtain don
impir go n-a ghasraidh dá dhúnadh, as í sin uair agus aimsir
i ttánagattar teachta a inghine dá ionnsoighidh .i. bainríoghan
na Siosoile, d'éuccaoine a himneadh agus a héuttualaing
ris ó rígh na hEaspáinne ria siú táinig Sir Uilliam dá
furtacht. As annsin ro fhuráil an t-impir ar a mhac .i.
Partonotas, dul ina cheann slóigh agus sochraide do
chabhair agus do chongnamh dá dheirbhshiair agus cco ccuirfeadh
fén éirghe amach gasraidhe Gréucc co líonmhar léirthionóilti
leis. Gabhais Partonotas do láimh an ní sin agus iar ttionól
an tíre uile dochum an impire, nír léig don tsochraide sin
sgaoileadh ó'roile gur thoghasdair an mhéid do b'ionaistir
agus do b'ionshluaghaidh dhíobh do dhul re a mhac d'fhóirithin
a inghine, gor thoghastair dhá fhichit míle fear n-armach
n-ionchomhloinn do ghléire gasraidhe Gréug agus d'ógbhaidh
ághmhara ionnsoightheacha na hAtháine, neoch do
fromhadh co roimheinic riamh roimhe i láthair chatha agus
chomhloinn. At-bherat aroile co ttáinig Patriarca an
tSrotha isin tsochraide sin le Partonotas ar bhfilleadh ón
Eadáille mar gach neach oile.
Ciodh trá acht nír bh'urasa tuarascbháil na tromshochraide
sin d'aisnéis nó d'innisin co hiomlán le hiomat a n-each, a
n-arm agus a n-éideadh, le hiomat a ríogh agus a rofhlath agus a
ridireadh, le hiomat a ttriath agus a ttighearnadh agus a ttaoiseach,
le hiomat a n-ánradh agus a ccuradh agus a ccaithmhíleadh, le
hiomat a n-óir agus a n-ionnmhusa agus a n-éudála agus a n-uile
mhaitheasa agus mórchonáigh ó sin amach, uair fa hiad sin
aonphopal do dhearsgnaigh do phuiplibh ríoghdha rathmhara
na cruinne co comhlán, nach lamhadh aoinneach soighidh
nó ionnsoighidh orra agus no shoighdís for gach aon, ar aidhbhle
agus ar iomat a n-acfaincce slóigh agus sochraide, a n-óir agus a
n-airgit agus a n-iolmhaoine agus a n-uile shaidhbhriosa ó sin
amach. Ar as iad sliocht Mhurcuir mheic Ioibh mheic
Sathuirn dia rabhattar. Gasradh ghníomhoirrdhearc Gréug
as mó agus as mionca ro ghabh ríghe agus flaitheas for san uile
dhomhan a los neirt agus niadhachais agus ionnsoigheadh for
gach aon.
Tángattar thrá an tóicheastal sin d'ionnsoighidh na
n-oirear i rabhattar a longa léidmheacha lánchóirighthe agus a
n-eathair uamdha allmhardha agus a ccuraigh chuanna chaoimhdhéudla
agus a laoidheanga seólta snasda síorluatha
ar n-a n-euccar agus ar n-a ndeighlíonadh do ghléire lóin agus
leasaighthe, agus do chuadar ina ccobhlach co comhathlamh
gur ghabh gach aon aca a fheidhm áirithe agus a obair eardhalta
is na harthraighibh. Ro thógbhattar na hanarta áillne
aoingheala agus na seólta amlacha ilbhreaca is na crandaibh
cruaidhe coilgdhírghe lé súdhadh na síorghaoithe dá soighidh,
co rugattar sruithléim sanntach sáirdhíochra siobhalluath
ó chaladhaibh réidhe roáille agus ó iathaibh oirearmhíne
éxsamhla na hAithne, co rángattar gan bhrón gan bhéud
gan bhaoghlughadh co críochaibh saidhbhre síoráille na
Siosoile, gur ghabhsat cuan agus caladhphort i ccomhghar do
chathraigh Pailerna.
As annsin ro chuireastair Partonotas ridire rathmhar
roidhéudla dá ridiridhibh roimhe d'innisin sgéul don bhainríoghain,
ria siú ro ghabhastair féin acarsóit san oirear, do
chur meisnighe isin mbainríoghain, uair ní raibhe a fhios
aige cco bhfuair fóirithin amhail fuair. Acht cheana ní
hamhlaidh sin baoi idir óir má do bhaoi faill nó fíoruaigneas
fuirre riamh, ní hí an uair sin baoi, óir as í sin aimsir in
ro críochnoigheadh cogadh Sir Uilliam agus rí na Spáinne
re'roile agus a ttáinig an t-Impire Rómhánach líon a thionóil
agus a thóicheasdail ar bhanais a inghine agus re haghaidh a
pósda, agus mac rígh Gréug don taobh ele gan fhios sgéul a
chéile ag ceachtar dhíobh gus an uair sin. Táinig iomorro
an ridire Gréugach gus an ccathraigh don chur sin, go
ndeachaidh gan fhios gan airiughadh d'aoinneach i bhfiadhnaisi
na bainríoghna, agus do-rinne umhla cco deughoileamhanta
dhi agus ro ráidh iar sin:
"Slán fort, a bhainríoghan na Siosoile," ar sé, "do
dhearbhráthair feisin rom-cuir-si id cheann dá innisin duit
cco ttáinig fén dhá fhichead míle fear n-armach
n-ionchomhloinn do roighnibh curadh agus caithmhíleadh 'na
chaoimhtheacht dot chabhair agus dot chomhfhurtacht dia rigir
a leas .i. Pairtinotus mac an impire Ghréugaigh, an tí agá
bhfuil cloidheamh na heuccla ós cionn na cruinne go
coimhiomlán ar iomchur aige, agus nach bhféudann tréun a
thraothadh nó calmacht a chlaoidh nó cosgar a chomach,
go bhfuil a neart agus a niadhachas ós cionn na n-uile cco
hiomlán."
Gabhais gairdeachas adhbhal an bhainríoghan leis na
briathruibh sin an ridire, ó't-chualaidh cco ttáinig a
bráthair dá fóirithin ar impidhe a hathar, ó do dhearbhasdair
go raibhe cion a hathar uirre, agus rug a bhuidhe friú i bhfiadhnaisi
an ridire agus na sochaidhe ar cheana, mar tángattar na
feadhnacha sin dá fóirithin, acht gé fuair fén furtacht
rompa.
Ar ccaitheamh a bproinne agus a ttomhaltuis do na
hardmhaithibh ar an ordughadh sin, ro éirigh an bhainríoghan
don bhord agus tucc Sir Uilliam agus maithe na Siosoile
dá soighidh agus rígh na Spáinne go n-a chloinn agus go n-a
chomhairleachaibh agus Meliór go ríoghnaibh agus co romhnáibh
an tíre ina timchioll, do chinneadh comhairle dús ciodh
do-ghéundaoís um dhála na sochraide déigheanaighe sin
dus-fáinig, an ccuirfidís toirmeascc orra fa theacht a ttír
nó an ttiobhradaoís dochum pósda agus príomhbainnsi an
rígh agus na ríoghna iad a ccuma cháich. Ciodh trá acht as
í comhairle ar ar chinneadar uile ar impidhe Sir Uilliam, an
tsochraide sin mheic an impire do thochuireadh chuctha agus
gé madh iad a raibhe 'na n-éuccmhais do ríoghaibh an
domhain no dháilfeadh dá n-ionnsoighidh, gan a ttoirmeasg
fa theacht do láthair na bainnsi agus an bhuainfhéusda baoi
aca.
Ar ccríochnughadh na comhairle sin dhóibh leath ar
leath, táinig an bhainríoghan go n-a bantracht agus Sir
Uilliam go n-a shochraide trí mhíle céimeann ón ccathraigh
a ccoinne Pairtinotas. Ó't-chonncadar a chéile ar an
chonair, ní héidir a aisnéis nó a innisin méud na lúthghára
do-rónsat fria aroile ó mhaith go saith agus ó íseal go huasal.
As annsin do-chuaidh an bhainríoghan agus a bráthair ar
fód fo leith agus ro innis an bhainríoghan a sgéula fén dhó agus ro
innis sgéula agus imtheachta Sir Uilliam ó thús cco deireadh
ó do fhágaibh críocha na Siosoile leis an mac tíre ina
naoidhin neamhaosda nó go ttáinig arís dá rochtuin, agus mar
do éulóidh inghean an Impire Rómhánaigh adhaigh a pósda
frissiomh, agus gach gábhadh agus gach guasacht dá bhfuair ar
feadh críoch agus ceannadhach, agus gach fóirithin fuair ón mac
tíre go ttáinig tar a ais dochum na Siosoile arís, agus gach a
ndearna d'éuchtaibh agus d'áitheasaibh dá hanacal-si agus dá
himdheaghail ar ríoghaibh agus ar ridiribh na Spáinne nó gur
chlaoidheasdair a ccathaibh agus a ccomhlonnaibh a n-aoineacht
iad.
Ó't-chualaidh Pairtinotas na sgéula sin .i. gurab é Sir
Uilliam rug an bhean far aistrigh ón nGréig ar aitheadh agus
ar éulódh leis, ro líonasdair an treas doigh as doimhne théid
a ccroidhibh cháich cco coitcheann é .i. doigh doichill agus
doigh omhain agus doigh éuda. Táinig trá an treas doigh
dhíobh sin dá ionnsoigh-siomh .i. doigh fhuarchruaidh an
éuda, go ro chlaochlóidh a chruth agus a chiall agus a chéudfaidh,
a dheilbh agus a dhéunamh duineata go nár urmais aonfhocal
dá leas do labhra, agus do ráidh ina inntinn agus ina aigneadh
cco hinchleith, dá madh ar muir nó ar mórfhairrge do
bhéurdaoís na sgéula sin fair re siú táinig i ttír nó sul do
fhágaibh cathair na hAithne, go ttiobhradh tuilleadh slóigh
agus sochaidhe leis agus cco ndiongnadh bréud slatach sáraighthe
agus comhar creach agus céide cuanarta do chríochaibh na Siosoile,
agus cco ccuirfeadh fo ghion gha agus cloidheamh gach aon no
thairisfeadh fris innte eidir óg agus sean. Agas baoi agá
sgrúdain ina mheanmain créud do-ghéunadh, óir baoi a
inntinn ina aghaidh fa bheith do láthair pósda nó priomhbainnsi
na mná dá ttuccasdair searc agus síorghrádh ar tosach
lé haoinfhear ele sa chruinne, agus ní mó do bhreathnaigh
cco raibhe tarbha dhó bheith a n-aghaidh lánamhna tucc
toil agus tromghrádh d'aroile nó bheith ag iarraidh a n-inntinne
d'aithearrach nó d'fhíorchlaochlódh gion cco mbeith col na
comhthoirmeasg dhó fris an mnaoi do bheith ag mac a
dheirbhsheathar. As amhlaidh do-rinne, ro léig a uile
smuaintighthe a n-aoineacht uadha, agus táinig leis an mbainríoghain
do dhéunamh onóra agus airmhidne dá mac agus dá
bhráthair bhudh-dhéin dochum na cathrach.
Má do bhaoi uireasbhaidh deasaighthe nó deughcóirighthe
ar an ccathraigh, do cuireadh uirrthe é an uair sin,
go nach bhféudfadh neach dá ttiocfadh nó dá ttáinig ar
druim domhain trian maitheasa nó móronóra na hardchathrach
d'aisnéis nó d'innisin. Ro stopait na srotha
amhail do-rónadh roimhe agus ro folchaid na sráidi lé
héudaighibh uaisle onóracha agus lé gach aidhme ar cheana
gurab treotha no thaitneadh agus no shíorshoillsigheadh an
ghrian ghlanruithneach for an ngasraidh. Tángadar thrá
an tromshochraide sin don chathraigh eidir rígh agus rodhuine,
agus coimhthionól cléire an bhaile ma raon friú. Do goireadh
gairm rígh agus roithighearna do Sir Uilliam an uair sin
leó agus tángattar ... tri ina thimchioll dá onórughadh agus
dá airmhidniughadh as a haithle. As annsin ro suidhigheadh
na sochaidhe ina n-ionadhaibh urdhalta do réir a n-uaisle
agus a n-athardha .i. an t-Impire Rómhánach a n-ionadh
impire agus Cing Uilliam a n-ionadh rígh agus Pairtinotus a
n-ionadh ríoghdhamhna agus cách go coitcheann ó sin amach
ina n-ionadhaibh iomchuibhdhe bhudh-dhéin. Acht cheana
ní fhacaidh an t-Impir nó Pairtinotus riamh reimhe sin
trian maitheasa nó mórchonáigh na hardchathrach sin a
ndúnadh rígh nó roithighearna ar talmhain nó ina ndúintibh
fén cco foillsightheach, uair ní raibhe ceinél ciúil nó oirfididh
nó ealadhan isin uile dhomhan nach raibhe dream éigin
isin ccathraigh sin lé gach aoncheard díobh maille re
dearsgnughadh gacha freasdail agus gacha fritheóilti
ó sin amach, gurab uime sin ad-bheart an staraidhe Siosoileach
gurab mo-ghéunar do geineadh a ccolainn agus do bhí sa
chathraigh sin ag fagháil gach uile aoibhnis agus urghairdighthe
budh maith le meanmain gach aoin don Ádhamhchloinn
d'fhagháil, uair ní raibhe tír do thíribh an talmhan ná
críoch do chríochaibh na cruinne gan dream dhíobh san
dúnadh sin ar ttoidheacht fo theist agus fo thuarasgbháil na
bainnsi sin agus an phósda go Pailearna, agus nochar athuin
aoinneach aca díoghbháil dá ndearnadh don ríoghacht sin
a rabhattar do thaoibh maitheasa nó mórchonáigh.
Rugattar as an adhaigh sin leath ar leath go ttáinig lá
go n-a lánshoillsi agus gur éirigh an ghrian ghlanruithneach
ina hubhallmheall chrodhearg os dreich an talmhan tromfhóidigh
gur shoillsigh cnuic agus céide agus cabháin na cruinne
go comhlán. Ro éirgheadar na slóigh agus na sochaidhe iar
sin dochum na heucclaisi re haghaidh an phósda. As annsin
do-chuaidh Cing Uilliam agus Meliór ar fód fo leith agus ro ráidh
an rí fria Meliór:
"Tabhair-si maoine agus móirthiodhlacadh d'Alexaindria agus
cumhdaigh fear agus fírchéile di bhus iomchubhaidh dhi d'uaisle
agus d'fholaidheacht."
"Do-ghéun-sa sin," ar an bhainríoghan, "uair atá mac
áluinn aontomha ag rígh na Spáinne darab comhainm
Pronndanennsi, neach baoi ag iarraidh do dheirbhsheatharsa,
agus far milleadh an tír sin agus an talamh a ttám ar n-a
fhéimdheadh uimpe, agus umar chuir inghean rígh Poirteagla
Ailpius isin riocht adhuathmhar a raibhe d'eugla ríghe do
ghabháil ar bhéulaibh a meic fén dó. Tabhair-si Alexaindria
do mhnaoi agus do bhainchéile dhó," ar sí, "ó atá do dheirbhshiúr
agá bhráthair ele, agus déna fén gach maith dá ricfid a leas
orra iar sin."
Cuiris Cing Uilliam teachta ar ceann Pronndanesi agus
innisis an t-aitheasg dó. Gabhais fáilteachas mór Pronndanesi
tres an ccomhrádh sin, óir ní luaithe do-chonnairc
sé í iná tug fén grádh dhi nách éidir d'aisnéis nó d'innisin,
agus gabhais do láimh go ndiongnadh an tochmharc sin, óir
do bhí a fhios aige go bhfuigheadh ionnmhas agus
airdtiodhlacadh do láthair dá mbeith nach biadh a ghrádh
nó a ghéurionmhaine uirre.
As annsin rángattar rompa dochum na heucclaisi, agus rug
rí na Spáinne Meliór inghean an Impire ar láimh leis dochum
a pósda, agus rug an t-Impire Florens inghean rígh na Siosoile
leis ar an ccor ccéudna, agus rug Pairtinotus Alexaindria leis
ón modh ccéudna. Ro pósadh thrá an seisear soidhealbhach
saoircheinélach sin re'roile le heapscobaibh agus le hardghrádhaibh
na críche go n-a ccléir agus go n-a ccoimhthionól maille
re hoifreannaibh iomdha agus re hoific iomchubhaidh na
heuglaisi.
Tángattar ar amas an dúnaidh iar sin do chaitheamh a
bhfleidhe agus a bhfuirig, agus ar ttabhairt treasa óil agus aoibhneasa
amhlaidh sin dhóibh, tángattar ar fairsinge na faithchi do
chluithe graifne agus giúsdála. Théigheadh gach mac rígh agus
rofhlatha agus gach ridire rathmhar roaobhdha dhíobh do
dhearbhadh a ghaile agus a ghaisgidh agus do chinneadh ar a
chéile is na cluithibh graifne agus giúsdála sin. Acht cheana
gach aon aca do bheireadh buaidh ar a chéile is na cluithibh
sin, do-gheibheadh tuillmhi agus tuarasdal d'ór agus d'ionnmhas
a lóighidheacht a luaighille agus a lántsaothair ó ríoghaibh agus ó
rodhaoinibh an dúnaidh. Báttar go ceann cóicthidhisi ar
an ccórughadh sin fo ghléire freasdail agus fritheóilti, gurab í
an adhaigh dhéigheanach dhíobh sin as fearr fuaradar.
Ar ccaitheamh na haimsire sin do na hardmhaithibh,
gabhais Pairtinotus lámh ar imtheacht d'ionnsoighidh a
iatha agus a fhearuinn ó's uadha do b'fhaide a thír agus a thalamh
bhudh-dhéin. Fágbhais iomchomharc beatha agus sláinte ag
na flathaibh iar sodhuin agus ag Cing Uilliam agus ag an mbainríoghain
agus ag na huaislibh ó sin amach, agus ro sgarsat fo
shíth agus fo chaoinchomhrac don chur sin air ngealladh dhó
go ttiocfadh do chobhair agus do chongnamh dia bhráthair
bhudh-dhéin dia ríseadh a leas. Tiaghaid ina n-arthraighibh
as a haithle agus ro chomhlaisiod rompa gur ghabhsat
cuan agus caladhphort a n-oirearaibh áille eochairbhláithe na
hAithne. A n-iomthúsa go nuige sin.
Iomthúsa an Impire Rómhánaigh, ro bhaoi-siomh seachtmhuin
i bPailearna d'éis Pairtinotus d'imtheacht, ag
comhairliughadh agus ag coimhdhíodhnadh a chleamhna agus ag
múnadh agus ag móirtheugasg Meliór a modhaibh agus a mbésaibh
bainríoghna isin seachtmhadh saorlaithe re siobhal dhó, agus as
eadh ro ráidh fria:
"Congaimh-si cuing do phósda agus do phrímhcheangail cco
honórach," ar sé, "óir ní hap nó eapscop nó pápa nó
príomhchairdionál do thionnsgain ó thosach a dhéunamh
acht Dia na ndúl agus an Tríonóid toghaidhe threphearsannach
do theacht do nimh d'ionnsoighidh Ádhaimh agus Éubha dá
bpósadh i bParthos, gonadh aire sin dhlighid fine Ádhaimh
a onórughadh dá n-éis. Tabhair modh agus móronóir don
bhainríoghaim mar do mháthair agus ná tabhair táinsiomh nó tarcaisne
fuirre mar do-bheirid na mná eile ar mháithreachaibh
a bhfear. Ná cuir anghnáthughadh nó ansmacht ar do
thír nó ar do thalamh nár chuir ríoghan romhad. Ná
connaimh ór ná airgead a ccisde nó a ccoimhtheagar acht
a thabhairt do dhaoinibh daidhbhri drochsholáthair, agus a
ttuarasdal do bhantracht agus do bhannáil, do ridiribh agus do
roghaisgeadhachaibh na críche, go madh móide do shearc
agus t'ionmhaine aca, óir do-níd na tiodhlaicthi troma cara
don námhaid agus don easccaraid. Tabhair almsana iomdha
do bhochtaibh agus d'aidhilgneachaibh an Choimdhi agus don aos
éccruaidh anárrachtach do ráith t'anma, uair amhail
bháithios agus bhiothmhúchas an t-uisge an teine, is mar soin
bháitheas an bhiothalmsa peacadh an phopail. Agas dá
ndearnair-si amhlaidh sin," ar sé, "rod-fia conách na
cruinne agus flaitheas Dé fá dheireadh."
Gonadh ann as-bheart an laoidh:
Fágbhaim agad d'aithne uaim,
a Mheiliór go mórbhuaidh,
ar aithne Rígh nimhe anall,
cuing do phósda do chomhall.
Do mháthair Cing Uilliam fhéil
mar budh í do mháthair féin,
ar feadh caithmhe agus comhóil
tabhair modh is móronóir.
Ná cuir ar do thír go mbáidh,
dá mbeithdís ort dá fhuráil,
ainchion do bhéuradh a bhfad
nachar chuir ríoghan romhad.
Ó gach aon ricfeas a leas
ná taisgthear leat do mhaitheas,
na bronnta mar dhearbhuim dhuit
do-ní caraid don námhaid.
Tabhair almsa go hiomdha
dá gach bocht gé madh biodhbha,
óir as í an almsa gan ail
bháitheas peacadh gach popail.
Bíodh agad coidhchi ar cuimhne,
ag sin críoch mo chomhairle,
ná léigthear leat feasda ar faill
an aithne agad fhágbhaim.
F.
A haithle na mbriathar sin gabhais an t-Impir lámh ar
imtheacht, agus do-chuaidh Cing Uilliam go n-a shluagh dia
iodhnacal agus rí na Spáinne go n-a chloinn agus Meliór go n-a
bantracht agus na maithe ar cheana, go rabhattar lá go
n-oidhchi ar an iodhlacadh sin maille ris an Impir. Ro
sgarattar ris iar sin agus do-chuaidh an t-Impire d'ionnsoighidh
na Rómha ar bhfágbháil iomchomhairc beatha agus sláinte ag
Cing Uilliam agus ag cách go coitcheann. Ro iompó Cing
Uilliam go n-a ríoghaibh agus go n-a romhnáibh go Pailearna
iar sin, agus iar ccaitheamh laoi go n-oidhchi do na hardmhaithibh
d'éis an Impir d'imtheacht, iarrais rí na Spáinne
cead um dhul dá thír fén amhail chách, agus adubhairt cco
leigheósadh gach ar loit dá gach uile mhaitheas isin chruinne
dá madh é budh áil uadha.
"Ní iarrabh-sa leasughadh ort ar son neithe ar bith dá
ndearnais," ar Cing Uilliam, "acht do chongnamh agus do
chomhfhurtacht fria gach éigean, óir ní maoine nó maitheas
eile tug do mhac-sa ar mo shon-sa acht a chorp agus a anam
a n-aoineacht, agus as mar sin do-ghéun-sa frissiomh dá raibhe
a fheidhm fair, agus dá gach aonnduine agaibhsi 'na onóir."
Ro imthigh rí na Spáinne go n-a chloinn agus go n-a mhnáibh
agus gach ar gabhadh dá bhraighdibh agus dá eidiribh
san iorghail ma raon riú gan fhuasgladh gan íocaidheacht
d'iarraidh a haonnduine aca, go rángattar dá ccríochaibh
agus dá bhfearann feisin. Acht atá ní cheana, fá sgaradh
con re coilénaibh agus eillti re haonlaogh agus mná re céile
carthanach an sgaradh sin Cing Uilliam agus Sir Ailpius
re'roile, óir nír shaoilseat lucht a bhfaicsiona nó a
bhfíorchaidribh go sgarfadaoís coidhchi re'roile. Nír bh'fhada
'na dhiaidh sin cco ttáinig anbhfainne agus eneirte adhbhal
do rígh na Spáinne feisin go nár fhéudasdair riaghail
ríoghachta do sdiúradh ná d'fhollamhnughadh, cco ttug
a ríghe dá thoil fén dá mhac .i. Sir Ailpius, agus ríoghdhamhnacht
na críche don dara mac .i. Pronndanesi. Baoi Cing Ailpius
ar an ordughadh sin re hathaidh fhada a ríghe na Spáinne
gan fhoghail gan inghreim ó aoinneach don uile fair agus gan
acht ríghe aontuaithe gá athair amhail do thogh fén dia
fhulang agus dia fhíorbheathughadh.
Dála Cing Uilliam iomorro, ar ngabháil ceannais críche
na Calupre agus braighdeadh na Buille agus ríoghacht na Siosoile
go sunnradhach, ro ghabhasdair gá téachtadh agus gá táithleasughadh
agus ag daingniughadh a múr agus a mórchathrach agus
ag nuaghlanadh a n-iosdadh agus as n-adhbhadh airdríogh, ag
tógbháil a ttighe agus a tteughaise do neoch ro múradh lé
rígh na Spáinne dhíobh feacht eile, go nár fhágaibh dún
gan deughcórughadh nó iosdadh gan athnuadhadh nó
cathair gan comhdhaingniughadh, gur chuir a ndúthchasaigh
dísle agus a n-aitreabhaigh iomchuibhdhi ar a n-áitibh urdhalta
agus ar a bhfearannaibh fineachais agus ina ccathrachaibh
comhnaidhe seachnón a chríoch agus a cheannadhach, uair
gach neach dár imthigh nó dár élóidh as na hiathaibh
sin le hansmacht nó le hanfhlaitheas, tángattar ar ais an
uair sin fo theist agus fo thuarasgbháil a ttighearna bunaidh
bhudh-dhéin, go rabhattar cco haoibhinn ardchonáigh
fa cheann aimsire aithghiorra lé a bhfuarattar do mhaith
agus do mhóirthiodhlacadh ó a ttighearna go nach raibhe ní
dá n-uireasbhaidh, uair nír milleadh aontallann d'ór nó
d'áirgead fá aonnduine aca nár chuir Cing Uilliam a
coibhéis agus a cudroma ar aon láthair ina hionad, go nach
raibhe a ttrí rannaibh ríoghdha romhóra na cruinne go
comhlán iath nó innsi nó oilén dob' aidhbhle maitheas agus
móorchonách ná an tSiosoile, óir do caitheadh seóid agus maoine
na bainríoghna agus oidhreacht óir agus ionnmhais athar
agus seanathar rígh na Siosoile re leasughadh gach ar loiteadh
san tír, agus a haos treaphtha maille lé cumhachtaibh na
ccríoch agus na cceannadhach ele ag cor leó ar euccla Cing
Uilliam, go ndearna tobar téchta tilti agus aonchaor chairdeamhail
charthanach agus léibhionn díochra dearmhair do
na críochaibh re a chomharba.
Dála Meliór iomorro, ro ghabhasdair comhairle a hathar,
óir ní taisgidh nó teugar do-níodh ar mhaoinibh nó ar
mhaitheasaibh acht a bhfodhail agus a bhfíorsgaoileadh a ttrí
rannaibh .i. an céudrann do bhochtaibh agus do dheibhlénaibh
Dé, d'euglasaibh agus d'annóidibh na críche go coimhiomlán,
agus an dara trian do bhantrachtaibh agus do bhandálaibh
an tíre ina timchioll agus a ttuarasdal amhas agus óglách, ríogh
agus ridireadh a ccomaoin cosanta na críche, óir ní lughaide
no thoirbhreadh tuarasdal do na triathaibh agus do na
tréunridiribh Cing Uilliam do thabhairt tiodhlaicthi agus
tuarasdail dhóibh; an treas roinn trá do chumhdach agus do
chothughadh tighe aoidheadh do na cineadhachaibh go
coitcheann. Gonadh amhlaidh ro fhollamhnaigh a hinmhe
agus a hairdtighearnas re a beó, agus ro chomhaill gach aonchomhairle
ele dá ttug a hathair dhi re n-a chois
sin. Ro toirrcheadh an ríoghan .i. Meliór, iar sin, agus rug gein
mhíonáluinn mheic dá mórlámhnadh. Ro hoileadh agus ro
leasaigheadh an mac sin go haois a mhacántacht, agus ro
toirrcheadh an dara feacht an bhainríoghan agus rug mac
ele dá hardtuismeadh, agus báttar gá leasughadh agus gá lánoileamhain
iar sin go haois a naoidheandacht agus ó aois a
naoidheandacht cco haois a n-ógláchais, gur dhearsgnaigheadar
do mhacaibh ríogh agus rofhlatha an domhain in gach
céim. A ndála go nuige sin.
Dála an Impire Rómhánaigh iomorro, táinig an ní nach
éidir d'obadh nó d'iomghabháil dá ionnsoighidh .i. an
bás, agus baoi ag iarraidh a chleamhna agus a inghine do thabhairt
chuige ar tí a inmhe agus a airdtighearnais d'fhágbháil aca.
Gidh eadh, táinig an bás chuige sul rugattar fair, agus
fágbhais impireacht na Rómha a n-oidhreacht agá inghin
agus agá chliamhain.
Ó't-chualaidh Cing Uilliam agus Meliór bás an Impir,
ro luigh dubha agus dobrón adhbhalmhór orra. Gidh eadh,
ro chuir Cing Uilliam teachta agus taidhleóra do thionól agus
do thiomsughadh a shlóigh agus a shochaidhe as gach aird
dá ionnsoighidh do dhul do ghabháil impireachta na
hEadáille agus ríghe na Rómha. Cuiris fios ar ceann Cing
Ailpius .i. rí na Spáinne agus a bhráthair .i. Pronndanesi.
Tángattar-séin trá go líonmhar léirthionóilti fon toghairm
sin, ina ccathaibh cóirighthi ceangailti agus ina bpuiplibh
príomhárrachtacha go Pailearna, i ccomhdháil buidhneadh
na Buille agus curadh na Calupre agus sochraide na Siosoile
báttar ar n-a ccruinniughadh ar a ccionn don chur sin.
Gabhais lúthgháir adhbhal Cing Uilliam re rígh na Spáinne
go n-a bhráthair agus go n-a bhorbshluaghaibh, agus báttar ar
caoi freasdail agus fritheóilti isin ccathraigh go ttáinig am
trialla agus turais dhóibh agus an feadh ro bháttar a longa
agus a laoidheanga dá leasughadh. As annsin ro ionnsoigheadar
... go coimhdhíochra, agus ro thógbhattar na bréide
séimhidhe ...na siúil a mullach na ccrann bhfeóidhe
bhfulangthréun gur ghluais gaoth agus gur iomluaidh anfadh
an fhoireann adhbhalmhór allmhardha sin ó chiomhsaibh
calaidh agus ó fhosgadh oirear ar an muir measgtha
murdhúchanta agus ar an lear lionnuaine leabharghlan agus ar an
aibhéis n-adhbhalmhóir n-ilphiasdaigh, go rángattar go
hiathaibh áille eochairghorma na hEadáille agus go fearannaibh
réidhe rathmhara na Rómha.
Ar tteacht a ttír dhóibh ro tionóilid agus ro tiomsoighid
maithe agus móruaisle an tSeanaidh ríoghdha Rómhánaigh as
na críochaibh agus as na ceannadhachaibh a rabhadar, a
ccoinne agus a ccomhdháil Cing Uilliam, do thabhairt umhla
dhó. Ro goireadh rí agus roithighearna leis an ccoimhthionól
sin a ccoimhnéineacht do Cing Uilliam ar chríochaibh
leabhra lánáille Leatha agus ar fhearannaibh ríoghdha
rathmhara na Rómha. Ar ttéachtadh agus ar ttréunghabháil
na himpireachta do Cing Uilliam re cois a inmhe agus a
airdtighearnais bhudh-dhéin, ro leathnaigh a chlú agus a
chomhthuarasgbháil fa chríochaibh na cruinne go coimhiomlán,
go nach raibhe lán beóil nó buainteanga a ttrí
príomhrannaibh cearta comóra na cruinne acht Cing Uilliam
a aonar, ar mhéud a chlú agus a thuarasgbhála, a dheilbhe agus a
dhénmhasa, óir do dhearsgnaigh a chruth agus a chaoimhdhénamh
don Ádhamhchloinn go huilidhi agus tuarasbháil
a ghaile agus a ghaisgidh, a allaidh agus a ardnóis, uair ní mó
do bhídís na ríoghdha agus na roithighearnadha ag teacht
tairis ná do bhídís na bathlacha agus na hoireamhain agus
buachailleadha bó agus bithcheathra dia ccluindís dia bhéusaibh
agus dia bhuaintréithibh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11