Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta Mhuiris Mhic Dháibhí Dhuibh Mhic Gearailt
Title
Dánta Mhuiris Mhic Dháibhí Dhuibh Mhic Gearailt
Author(s)
Mhic Gearailt, Muiris mac Dáibhí Dhuibh,
Compiler/Editor
Williams, Nicholas
Composition Date
1623
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1979)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1. Beannaigh an longsa, a Chríost cháidh, an tsíon, an tonnsa 's an tír; bíd t'aingil 'na gcléith dár gcóir is róinn mar scéith ndaingin dín. Síthigh gairbhshín goimh dá glór, mínigh gach moir ainmhín fhuar; fraoch an earraigh cuir ar gcúl dún go dul tar ceannaibh cuan. Doiligh mé fám chúl do chur re Múr Té, 's is doiligh damh múr fianbhothach na sleagh sean, treabh na sreabh ngrianshrothach nglan. Cuir mé go seascair chum seoil, a Dhé, gan easbaidh ar n-iúil ón tsín gharbhfhuair tar moir móir le cóir ghloin go gcalmuain gciúin. Maith mo churach aibhseach úr, taibhseach a tura is a taobh, long ghéagach bhonnógach bhuan, stuagh théadach chronnógach chaomh. Long gan tlás i dtachar arm, gan cás i scathamh na storm, seoltóir tré chlár na gceann ngarbh mar budh sál marbh gach gleann gorm. Tré ghrianbhádh gach toinne tráth, ar fiarlán dá ghoinne gaoth lingidh ó chabhlach na gcríoch, armach a fíoch is a fraoch.
Slios fadúr foileimneach tréan, roineimhneach mar dhragún ndúr, breaclong na srólbhratach saor, taobh creatlom órshlatach úr. Brú dhealbhnathrach ghríobhach gharg bheannbhachlach chíorach na gcolg, slios snaschaomh is faobhrach fearg na bhfraschaor ndearg mbaoghlach mbord. Tiodhlaic sinn, a rí na rann, tar linn is gach líon bhus leam gan bhaoghal ó bholgaibh tonn a-nonn seach bhordaibh na mbeann. Beannaigh an long so anonn tar sáile ag dul, bhachalach thrumpach lorach láinchliste, an chreatalach sconsach riúntach láintsiosmach mharbhthach bhronntach chabharthach áthasach. Sirim ar aonmhac Íosa, d'fhulaing an pháis, nár bhristear don loing ná don bhuidhin 'na bhfuilim go bráth; buinne ceart gaoithe tríthe is tuile 'na deáigh ó imlibh Baoi go crích na Cruinne sa Spáinn.
2 Fuaras each nach duaibhseach doirbh, each uasal uaibhreach a spairn, doinnghreagh ait 's a hionmhain oirn, draic nach doirbh in iorghail airm. Láineach mór borbaistreach buan do bhronn an donnmhailgheach dún, searrach lonn coirpreamhar caol, mo dhonn shaor fhoiltleabhar úr. Each cruthghlan nach gealtach garg, don chubhar nach beanfadh balg; saoi corrach is luaimneach lorg, an mhongach bhorb uaibhreach ard. Geall leam ar luas as a los an bheann is fearr cluas is cos; stéad mharbhas an míol go deas, gríobh na gcleas fhágbhas an t-os. Tar gach ard dá shleamhna a shlios, tar fán is tar cheanna clas, gan chruas go coimhréidh do ros do luas cos gan oilbhéim as. Dá mhire i ló gréine gal dá tréidhibh i dtós na scor gan bheith fann ailseach fá fhear, acht bann mear taibhseach tar tor. Scairt i bhfalach ná gráin ghliaidh, gáir bhratach ná dath ar dhúil, omhan as uirre ní léir, mo bhuinne bras, mo léim lúith.
Dá crobh dheas tiomchall ar dtocht tug an ghreagh is sliomghlan slacht go meanmnach ó chridhe i gcorp sidhe docht greadhnach san ngart. Fear foilt bhairrshlim is bhas gcorr do mhac Dáibhídh Dhuibh do bhronn dreagan súgach síleach seang, mo bheann lúbach dhíreach dhonn. M'onchú bheodha, ar seabhac saor, leoghan re leadradh na sluagh; cuid dá ceird re hur an áigh go cur an áir d'fheirg níor fhuar. Do bronnadh dhamh each, i bhfad is fearrde sinn; is fonnmhar 'teacht go cas i bhfáinne chruinn, an chloigneach chleasach ghasta shásta sheing, gan tolg, gan stailc, gan stad, gan scáth, gan sceing.
3 Do bronnadh dhamh cara coilg, ollamh glan tana nach teilg; slán don ghríbh bhaisleithin bhoirb, ghlaisbheithir choilg mhín gan mheirg. Lann fhíorfhuilteach fhaobhrach lonn thaobhghlan chiorbhaightheach nach cam; colg dár ndáil rod-fríth ag Fionn; ní díth liom im láimh an lann. Do scar méidhe is bas re bonn mo chéile is glan glas fám chom, an ghlasfhaobhrach ghéar nár fheall, beann bhrasbhaoghlach thréan nach trom. Colg gan fuireach in am áigh, lann bhorb dá nach buidheach liaigh; do scar re Bolcán go mbuaidh, cruaidh re cur corpán i gcriaidh. Glaislíneach fhíorolcach fhuar bhaisdíreach dhíoghaltach dhaor; adhnadh fhala a buille buan, buinne fuar is tana taobh. d'fhuil nathrach fuair folcadh dlúith an chruaidh dhathghlan olcach áith; gríobh fá chléir chathlann nach tréith 'na béim fá chléith chathbharr cháich. Áith éachtach comhlainn nár chaill, do-ghéabhadh re gormlainn Ghoill, an lann shaor nár sheachna sinn, nár aomh re linn deabhtha a droim.
Ag Hector budh líomhtha a lorg nó ag Hearcail fhíochmhar ard; mian mo chridhe an bhaismhín bhorb; is colg nimhe an ghlaismhín gharg. An ghlaid áithmhín ghlan nach garbh ag mac Dáibhídh Dhuibh 'na dhorn; fuair buaidh in oileamhain arm an bhadhbh chruaidh ghoineamhail ghorm. Mar chomhthach rem taoibhse a-tá an ghormghlas is caoimhe cló; tuar meanma dhamh mar is dú, gar clú is buadh ndealbha dhó. Fám thaobhsa ni héidir nach fearrde sinn seod éadtrom shéimhchoilg shásta sheing; cóip chréachtach ó a béal tana is gnáth i gcill, 's is mó baodhachas an éin duibh ná an leaghadh ar an lainn.
4 Scoir dod shuirghe, lean dod leas, ná bí éascaidh ar h'aimhleas; smuain, a bhean, an bráth id chionn, gach tráth neamh, uaigh is ifrionn. Ní buan antoil na hóige; ná hoir don chorp créafóige; tuig go dtéid gach ní fá neimh gan bhréig san chlí ór chéidghin. Ná car na daoine deasa charas tú d'fhonn h'aimhleasa; ceil do chaidreabh caoin ortha; ná scaoil t'aigneadh eatortha. Dá n-éistir a reacfad ribh, ataoi i mbaoghal uair éigin go meallfa an séad suirghe sibh, an bhréag, nó fuighle féinnidh. Léigid orra d'fhonn t'fheise éag d'aonghrádh do dheilbhese; a ghrádh, ná creid go gcaraid; bleid a lán dá luathchanaid. Má tá leat do leas i ndán, seachain suirghe na n-ógán, a bhean na gciabh bhfraistiogh bhfionn, nach biadh h'aistior go hifrionn. Fearr mar lón lá na coinne Dia ná aoinfhear againne; ag so an fear is dile dhuid, a bhean mo chridhe, is caraid.
Ní bhia póg mar luach leasa uait ann ná uain áineasa dhuit ón fhior nach cam cridhe; a-niogh am na haithrighe. Ní beag damh a ndubhart ribh; cuirim thú ar dhíon an Dúilimh; guidhe ríogh an Luain do leas 's do dhíon gach uair ar h'aimhleas.
5 T'aire riot, a ógáin fhinn, cuibhrigh dá haimhdheoin h'intinn; ná bí ar buile do mhian ban; a dhuine, ná hiarr eascar. Creid gurb iomdha curadh cruaidh agus triath toiceach tromshluaigh do turnadh do thromghrádh ban fá úrmhagh thonnbhán talmhan. Féach mar thug Paris mac Prímh bean ón nGréig na sleagh slismhín, dar dhán tall toghail na Traoi; níor ghann an fhoghail d'aonmhnaoi. Díse táinig eacht oile do rinn áigh is iorghoile ag sin duit mar léightear linn gur thuit Hector is Aicill. Do thuit arís, gér chéim chruaidh, do láimh Aonghais fhinn armruaidh mac Doinn 's a dhlaoi mar fháinne tré mhnaoi d'úir na hEadáile. Féach Ovid mar thug a thoil d'inghin fhionnchrothaigh Chaesair; do fhan sé tinn ón toilse gur mhill é a hatoirse. Táinig d'inghin Oeta fhinn, Deianira na gcuach gcruinnshlim, gur mharbh léine lán do nimh a grádh 's a céile caoinfhir.
Mór do milleadh do mhian ban d'úir Alban is d'iaith Breatan; uatha níor theastá d'fhiadh Fháil; riamh don Easpáin a ndíoghbháil. Mar sin Gréagaigh na dtreas dte, curaidh Thraoi, tréinfhir Théibhe, slóigh Rómhán na dtriath nár thais ís móran iath 'na n-éagmais. A ndubhart muna díol damh dod dhíon ar antoil ógbhan, éist rinne is fan go fóill; níor scar sinne dár seanmóir. Scoir dod shuirghe, a chnú chridhe, déin dot antoil aithrighe; ná dáil toil do bhláth do bhall; ná hoir dáibh tráth ná tamall. Asta ní déanta dhuit uaill; tiocfaidh foirfeacht fhann éagcruaidh; féagha féin gach aonuair ort, ná déin aonuaill as t'iasacht. Gearr go mbia an rosc foirfe fliuch, seargfaidh an taobh 's an troightheach; biaidh an folt fannsa go faon is do chorp falsa fíorchlaon. Ní fhaghair ó aonmhnaoi óig póig tré shuirghe, a sheanóir; biaidh red taobh truagh nach tuige - mo-nuar faoibh! ag fochmhuide.
Ansin ar n-imtheacht dod threoir iarrfair Íosa dot aimhdheoin; is truagh nár thréig tú do thoil, a chnú do phréimh an pheacaidh. Eagal Dia dá rádha ribh, nuair fhillfheas tú ar éigin, gur tú an trú nár chinn ar cheart 's nach tú d'fhill acht an fhoirfeacht. T'aithrighe ar cairde ná cuir as ucht fhaide do shaoghail; tig an t-éag uair nach saoile; a thruaigh, créad nach cruadhchaoine? Ná mealladh tú a gnúis ghlan bean dá dheise ar droim talmhan. Créad acht cré, mon-uair, ise? A Dhé, is truagh nach tuigese. Ná mealladh tú an troigh thana, an déad dlúth ná an tseangmhala, ná an chiabh lághach dhroimneach dhonn shuirgheach fhiar fháinneach fhothrom. d'eagla feirge an Ríogh roibh fill i neart t'óige ód antoil; tréig an tsuirghe leamh lochtach, lean an Coimdhe cumhachtach. Gidheadh dá dtí t'ainmhian ort go ndáilfe tú dhóibh t'ansacht, smuain ar chneidh an chridhe i gcrois, is ar neimh na dighe domblais.
Gach uair ad-chí an bhrágha bhán, an rosc glas nó gné geallámh, smuain, a thruaigh, taobh re chéile daol is uaigh is aisléine. Smuain gan taobhadh red chorp coil; ná cuir h'anam ar 'ionchaibh; créad do-ní acht taobhadh re toinn má bhí ag claonadh red cholainn? Ós do chéadfadh chlaon an choirp tig dár dtaobh trom gach aonoilc, saor, a Rí, ó cheanaibh mo chorp, sul dtí ar ndeaghail red dhúthracht.
6 Mártan géar gruama gearánach, i ngeall re suairceas an sealánach, fualán cuar brealltruagh bruthónach, fuaid na ngearbghruadh ngreabhánach. Allaoire bheag ghéar bheadaidhe bhuinfhiaclach, crochaire scroigriabhach dar béas boicléimneach; is olc an cleasaidhe an peata pluiclíonmhar, leagaidhe cruithmhíola creatlom cruithfhéithleach. Trú lena gnáthach cac fá thóin a chompánaigh, cat lomlámhach gránna goirmbhléineach, cruit nach feolmhar ar a léire lomlútha, péist bheag bhundúnach ocrach odhairbhéalach.
7 Is ait leam bean sciamhach scafánta mhíonla mhacánta mhúinte mhallghlórach. Ait leam a beith maordha monglúbach tréightheach tromchúiseach soilbhir seangsheolta. Is fuath leam a beith cásmhar ciachánach mantach mínáireach millteach milleánach. Beag orm a beith meabhlach minbhréagach labharthach leithscéalach gruama gearánach. Ait leam bean cheansa chiúnráidhteach leanbaidhe lúthgháireach líoghdhaite leabhairghéagach. Ait leam a beith beoltais binnbhriathrach seolta slimchiabhach seada seangmhéarach. Beag orm bean chruadhchas chanránach dhuaibhseach dhrantánach chinsealach chruadhchúiseach. Beag orm a beith cleasach calaoiseach meangach mailíseach liosta luathshúileach.
Ait leam bean ghreannmhar ghormshúileach fhlaitheamhail fhocalmhúinte shúgach shibhialta. Ait leam a beith carthanach caoincheansa marthanach mínbhanda muinteartha binnbhriathrach. Beag orm bean bhrúideamhail mharbhchéadfach dhrúiseamhail ainmhianach cholgach chasaoideach. Beag orm a beith ainmhear míbhéasach feargach fírbhréagach spairneach spadbhruighneach. Ait leam bean shaoitheamhail chaoinráidhteach fhíorumhal adhnáireach mhaiseach mhórdhálach. Ait leam a beith cráibhtheach coinsiasach fáilteach fírfhialmhar déidgheal dathálainn. Beag orm bean ghothánach chiapálach dhoichiollach dhíoghbhálach amhgarach allaoideach. Beag orm a beith brónach baramhlach lothardha leathcheannach sceimhleach scallaoideach.
8 Mór idir na haimsearaibh, más fíor dá dtáinig romhainn: barr oilc agus aimhghliocais ag fás gach aonlá orainn. Dá réir so ní haimhghliocais tug ar Ovid go fiosach, lér chum ceithre haimseara i gcompráid ceithre miotal. Aimsear órdha an chéadaimsear ar bhoige, ar uaisle 's ar aoibhneas; do chum arís athaimsir i samhail d'airgead aoingheal. Do chum an treas saoghal-so go mbia 'na phrás go follas; is í sin ar mbaoghalna gach laithe ag dul in olcas. d'éis an tsaoghail fhíorphráisigh fá dheoidh go mbeith 'na iarann; gur leis d'fhás an mhínáire, cruas, fionghal is fíorlom. Tuig an saoghal iarainnse do chan an t-údar romhainn, is é sin an bhliadhainse 's a bhfuil dá samhail chugainn. Seoch a bhfuil san domhan-so beanfaidh so d'iathaibh Éibhir; foilseochad don turas-so cuid ar olcas dá dtréithibh.
Cumann glan is fíorchairdeas do mhol Cicero a n-allód; 'na n-ionad acht díchairdeas ní bhfuil eadrainn ar fadódh. Gaol dá ghaire is fíoruaisle, ní fhacas riamh re fada, an tan tig an fíorchruatan, congbháil ar cheachtar aca. Cion ar lúth ná ar fhadlámhach ní bhfuil ag aoinneach aca; do-níd d'éis bheith rósháitheach dímhaoineas, drúis is codladh. d'áireamh na ndrong ndearmadach do-bhéar mh'aghaidh an uairse; beam go fuathmhar eatartha tré fhoilsiughadh a ngníomh dtuaiscirt. Dá mbia fódán glaisfhearainn ag neach dhíobh d'éis an cheatha, tig gné shúitéara chaismeartaigh dá chur as a chuid beatha. Chum aifrinn na cille-seo dream dhíobh re beag bhformad; téid go cill an mhinistir cuid eile dhíobh pro forma. Gluaisidh sirriam acusan os coinne an stáit chum teampaill. Ó, a Dhé, atá a fhios agamsa cionnas atáid na ceantair. Na ministrí Muimhneacha gan téacs, gan seanmóir leabhrach; féach na bodaigh bhroimneacha mar do líonadar an teampall.
Ní mar ghrádh don mhinistir, ní mó is mar ghrádh don Phápa do-níthear na neithese, acht d'fhonn airgid do scrábadh. Más athchluiche an imirtse ag lucht ionmhais do charnadh, an seanrádh ní chreidimse nach milleann cluiche crábhadh. Seo chugaibh an ceannaidhe tug ní ar bhille mo láimhe; uch, gan bhean an chleasaidhe agamsa i ngeall re cairde! Ná creid choidhche an sladaidhe adeir níos fearr do chonradh, go reacfadh riot earraidhe seoch mar bhíd ar sráid Londan. Do-bheir lása is éadaighe duit chum tadhaill na sráideann; tiocfaidh ort fán gcéadchoire próiseas, pursuant is sáirsint. Do mheall uaibh an ceannaidhe go lór bailte d'iath Éibhir; fá dheoidh ag an sladaidhe biaidh an fearann le chéile. Do thuilleamair eascaine, ní bheam 'nár ndaoinibh uaisle; ní mó bheam 'nár gceannaidhthibh - beidsean uasal don ruaig-sin. Ní ortha is cóir achmhasán, acht sibh féin atá aimhghlic, Do chuir le gníomh amadán na ceannaidhthe chum saidhbhris.
Is fíorleamh bhur dturas-sa, a uaisle bochta an oinigh; oineach gan bheith cumasach, mo thruagh, is cruaidh an cluiche. Gan oifig, gan seanoidhreacht, gan stoc, gan cheannach láimhe, sibhse an dream re síoroirbheirt; ní gar dhíbh gan bheith tráite. Ní fhágtar san ghabháltas breis ó mhaighistir an fhearainn; scoiridh do bhur mbagántacht; ní léar dhíbh leath bhur leatroim. Daonnacht tar an soláthar in iathaibh Fódla finne ní duine nach aránach; is leis do milleadh sinne. Do-chuaidh mise mar amadán libhse fá uisce an cheatha; dá bhfaghainnse an athanál, ní reachainn arís rem beatha. Mo theagasc dom chompánach, agá mbí crodh is costas, dá dheoin ná bíodh lomlámhach d'eagla nach faigheadh fortacht. Beithear romhat róghrádhach an gcéin mhairfeas do shaidhbhreas; teithidh uait an tromghrádh-so fá néalaibh dá dtí an daidhbhreas. Riot tar cheann a n-abraimse ná cuir do dhroim re daonnacht; go bráth ná tuill easmailte; ná caith do thuirimh it' aonar.
Caitheamh gan bheith measardha, biothchonlacht - cóir a ndaoradh; lean an meadhón eatartha, madh áil gan droim re daonnacht! Éist uaim scéala an phótaire, ibheas geamhar na heorna; ní tiorma gal ómhaine d'éis na hoidhche ná a scornach. Do-gheibh a dhíol glaisfhíona ó Artúr óg ar a fhocal; gidheadh ní rún glaisdíola rún an cheannaidhe ar dtosach. Do cuireadh mo chompánach fá dheoidh i gcúradh an chochaill; atá sé go tromchásmhar fá iarnaidhibh i gCorcaigh. Beag sileadh an dosháile; ní bhfaghadh anois ar a fhocal; ibheadh sé mar fholláine dhá dhigh nó trí don tobar. Nach leamh toisc na n-ógánach gan úidh ar ágh ná ar intleacht! Biad siad seal go bródálach mar gheall ar chuid na sinsear! Do-chuadar le cleasaidheacht mo thruagh mar cheird bheatha; léig dóibh - ní ham leasaighthe - rith in aghaidh an cheatha. Cleas díobh 'na beirt aithisigh ag an bhfear bhíos go seomrach: do bháidh sé a chuid bail'-fhearainn le lánrabharta beorach.
Cleas cam 'na beirt lánuaibhrigh ag fear dhíobh, ní cleas córach: a chaisleán ar a ardghualainn, a chnoc 's a choill 'na phóca. Cleas cruaidh fá mó d'iongantas do-ní fear na gcleas ndíomsach: boltaí d'iarann imeallghlas fá dheoidh dá stocadhaibh síoda. Beir féin ar do lán tapa, a óig, éisteas mo scéala; gach rogha seoch láneascar, nó biaidh tú d'éis do chéasta. So an fear dlighe dúthrachtach do-ní don chóir éagcóir; mo mhallacht dá ghúnasan, do mheall uaim mo dheich jacob. Ar feadh fichid groidthéarma go hÁth Cliath leis go scíosmhar do-chuaidh mise ar boidéarma 's gan liom acht nisi prius. So chugaibh mo dhochtúirse le leigheas tig tar mhórmhuir; dar mionnaibh an phortúis-se, do-ní pléarais don bholgaigh. Do-ní sé pláigh rómharbhthach nó seanbholgach don fhiabhras; fágbhaidh go tinn tromanbhfann duine gan tinneas diachrach. Mar fhear aonshúil ughdaráis idir na daoinibh dalla meallaidh ór ar útamáil; mo thruagh mar dhíol bata.
Ná dearmaid an lusrachán: go gcoimeáda Dia sibhse ar tháthabha an turtagáin 's ar bhun na míne mire! Mo scolmhaighistir faillightheach, uch, gan sciúirse 'na choirceann! Do scrios an t-ól cainníneach a chuid fealsaimh as a chloigeann. Múinidh sé go trasáilte loighic ar dteacht ó Bhuirdiús; féach féin dalta an choláiste: ní mó liom é ná cuirliún. Go gcrádha Dia an tábhairneoir an uisce bhréinghil bheatha; níor chum Dia acht an t-aidhbhirseoir aon chréatúir riamh budh measa. Tuarascbháil na n-anbhodach tar éis a ndubhart uile: dream ghéar ghruama gharbhchosach, gan grádh Dé ná grádh duine. Fear oile ar nár thagras-sa, aoinfhear is measa do dhaoinibh: úsúir is ainm damanta; cuir a chorp san charn aoiligh. Duine santach seanchríonna, nach bronnann biadh 's nach reacann; is truagh ar feadh leathmhíosa gan é ar mo bhreith féin agam. Daoine saidhbhre santacha gan tarbha san mhaith choitchinn, dóibh siúd ní bhia mh'ansachtsa; beag oram lucht an doichill.
Tosach oilc na Rómhánach na trí cáis adéar dhíbhse; atáid siad san bhfódán-so, 's ní abraim nach fuil tuilleadh. Cion ar tharbha phríomháideach, grádh falsa nó rún ceilge; an treas cás is mínáireach: comhairle na n-óg n-aimhghlic. Is rómhór don líne-seo ris nach taitneann ar thagras, bíodh gur chanas fírinne; biaidh mar adubhairt Cloch Labhras. Fógraim do na rannaibhse: seachnaidh na daoine duairce; d'fhaitcheas a maslaighthe freagraidh na daoine uaisle. Gach duine saor sobhéasach ní ris bheanas ar chanas, ní ris tarla mh'uircheardsa, acht re lucht futa fata. A dhuine ghlain ghéarthuigsigh, ná bean an fáth is measa; is mór atá it' éagmhaise in Éirinn gan bheith cneasta. Measaim gurab é an soidéalach an té ara beag na rainnse, ar an bhfear nduairc droichbhéasach; baistimse air céad scaoinse. Gach méid ar nár thagras-sa ar nach fiú iad teacht tarsa, san ngailéir go rabhaidsean; fógraim iad don tarrang-so.
A Dhé mhóir, nach míghnéitheach cuid do cheardaibh an choiste, go saoraid an fíormheirleach, 's tar fia, dá n-abrainn tuilleadh! Éist rise an gcearbhach, dhamnaigheas é féin fá aon bheag, gurab aige atá an fhírinne; dar Íosa, tug a éitheach. Mórán oilc nach inisim d'eagla go mbeith riom fiarrán; léigfead díom gan inisin, is iomdha rún fám chliabhán. Muna ndearntar leo aithrighe an dream so inniu nach taithleach, budh feas don chúirt ainglidhe go dtiocfaidh am bhus aithreach. Muna bhfreagraid am leasaighthe is eagal pláigh nó gorta do dhroim oilc a bpeacaidhe anuas ón Ardrígh ortha. Dá bhfiafraigheadh aonduine cia mé thug teist fán ndroingse, mac fhir an ghaoi ghéarfhuiltigh is é do chum na rainnse. Daoine saidhbhre santacha ar nach mór a gcion oram, dar an mbachaill ndamhna-so, ní lugha ná a gcion agam. Bíoth coimirce mh'anmasa ar Ardrígh neartmhar neimhe; tiomnaim an truaill thalmhan-so don uaigh an tan bhus mithid.
I dtuatacht ná i lorgántacht, i seascaireacht ná i gcomhól, ar mbeith dhamh im' ógánach níor chuireas dúil go romhór.
9 Gabh mo theagasc, a bhean bhán, ná déana barr as do dheilbh; níorbh áille tú, a fholt mar ór, ná Úna óg, inghean Deirg. Níorbh áille thusa, a ghruadh shaor, ná Deirdre úr fa chaomh cruth, 's níor dearmadadh í ón éag, a ghruadh dearg ar ghné na subh. Eilionóir dob álainn dealbh is Clairíona fa dearg dreach, is Súsanna fa geal gné, do-chuadar so d'éag fá seach. Gabh mo theagasc, a bhean óg, is ná déin spórt as do chruth; mná san domhan dár chum Dia ní bhfuil ionta acht biadh cnumh. Ná mealladh thú an folt mar ór, an béal mar rós ná an ghlac geal, ná an corp séaghainn seada seang atá lán do ghreann 's do ghean. Ná mealladh so thú mar-aon an mhala chaol ná an déad cheart, ná an silleadh súl suaimhneach sámh, ná an chorrbhas leabhair bhláith bheacht. Cé hálainn tú, a inghean fhionn, eidir chois is chionn is chruth, do-bheirim fearta mhic Dé nach fuil ionad acht cré dhubh.
Ná déin díomas, ná déin tnúth ar dheilbh dhaonna dár chum Dia; ná bí baothghlórach ná borb; cuimhnigh do chonn is do chiall. Bí d'aontoil is do chéill chóir, ná bris do mhóid tar gach ní, ná bí guasmhar, ná bí garg bí go macánta mall mín. Ná bí róbhog, ná bí cruaidh, is ná déan uaill asad féin; mo theagasc dá ngabha tú, is de rachas do chlú i gcéin. Is mé file na gceist gcruaidh táinig ar cuaird ar bith cé; gibé riocht a bhfuil mo dhán, 's maith an comhairleach mná mé. Gabh mo theagasc go grinn grinn d'eagla nach biadh sinn id ghar; neach gan eagla a ghotha air féin, a theagasc red ré ná gabh.
10 Gabh mo theagasc, a mhic, cé baoghlach lá an chirt do chách, ar scaoileadh dóibh ón sliabh, is rachaidh tú le Dia na ngrás. An tslighe go neimh na naomh dar leat cé cumhang caol cruaidh, seachain ród tigh na bpian; iomdha chuige do thriall uainn. Oirne do himreadh cealg dár ndíbirt ó cheard na ndúl; dár mbreith go tír na mbeo i ngleann na ndeor atá tú. Grádh mar tú féin fá thoil do chomharsa thoir is thiar; grádh is rómhó ná gach grádh bíodh agat go bráth do Dhia. Ní théid go teagh na bpian neach dá mbí ag riar na mbocht; déin troscadh, urnaidhe is déirc, 's ná leig a thoil féin led chorp. Seacht saighde an ghiolla nach cóir le marbhthar na slóigh fá seach; a seachnadh más é do thriall, rachaidh tú le Dia ar neamh. Seachain díomas, leisce is tnúth, do chroidhe is do shúil ó shaint; seachain fraoch feirge is fuath, is beir ar neamh thuas go hard.
Do mhac Muire, rí na ngrás, nár sheachain bás ar do shon, ós é do chomairce is do lón, fógair t'anam dó is do chorp. Ag sluagh ifrinn atá an ruaig oraibhse idir thuath is chléir; ná mealltar sibhse mar chách; mo theagasc go bráth ná tréig.
11 A ógáin, do-ní suirghe re hógmhnáibh, mall do-ní réir an Choimhdhe; duit bhus doilghe, a ógáin. A ghille, do-ní uaill as do ghile, saoile féin nach fuil claochlódh id bhaothghlór bhaoth gan bhrighe. Ní cheileabh do cháil féin ort fá dheireadh; gé mór th'uaill agus t'anlán, is tú an marbhán meirtneach. Mór h'uabhar as do chorp nach glan cnuasach; a ndéin d'antoil do chalann biaidh ar h'anam 'na ualach. A thruaighe, ní thuige gá ní is cruaidhe? an té iné do bhí id chumann iniu i gcomhthrom na huaighe. Lá éigin iar n-éag ag íoc bhur bpéine tusa is bean an déid daithghil, sínfidh bhur n-aire ó chéile. Searbh libhse mo theagasc ar mhaith ribhse; ní miste leam don chursa; gearr mhairfeas tusa is ise.
Cúis chaointe damhsa nach mé féin chaoinim, is gur mó mh'uilc ar séana ná uilc chéadta do dhaoinibh. A Rí chalma, ní fiú mé trém olc tagra; gidheadh is fiú dod ghrásaibh mo dhíon ar námhaid mh'anma.
12 Mallacht ort, a bháis bhrónaigh, a ladrainn leointe gach iatha, chúig mhíle is seacht do chéadaibh atáir dár n-eirleach do bhliadhnaibh. Olc h'eirnis i dtós h'aoise tosach an fhill ar Ábel; an mac dob fhearr do ghoinis, an mac ba dhona d'fhágbhais. Mar sin duit fris gach líne dá ndíochur is dá léirscrios; don olc is sia do chairde ná don té do chráidhfeadh céadta. Mallacht duit agus míle, a chú na scríbe gan fhéachain do neoch dá fheabhas fuadar seoch an fuaicle nó an smeirle. Cosmhail le beithir nimhnigh, le gríbh thú nó le faolchoin; 's tú milleadh gacha críche, a bhíodhbha an chine dhaonna. Cosmhail tú le fear speile nach teibeann ó gach feoithne, gan truagh ná taise d'éinfhear seoch a chéile dá oirleach. Tú an reithe do-chonnairc Domhnall ag comhrac ris gach nduine 's ag beartughadh adharc go gcráidhfeadh cheithre hairde na cruinne.
Adharc aige budh giorra re a n-imreadh ar gach tréithlag; leis an adharc budh faide do chinneadh ar na tréanaibh. Sé ciall na gceithre n-airde do réir fátha gach tuigsigh: amus do-bheir an féige ar cheithre haosaibh an duine. Cosmhail tú le fear ósta agá mbí deora fá chaithis; ar n-imtheacht adeir dá lámhughadh: "Tabhair sásughadh 'nar chaithis!" Labhrann fós le fear Béarla, le fear pléide agus uabhair: "Come here", adeir gan faitchios, "make raicín ina bhfuarais!" Aonmhac do bhreith ón athair cuid dod chleasaibh, a mheirligh; gan mac ná inghean don mháthair, a chneamhaire, níor chaomhnais. Olc do chumann, a chladhaire, do dheighil mé rem aonmhac; is beag mo ghreann 'na dheoighsean i ngleann na ndeor im' aonar. Is truagh nach mise do rugais 's gan mé d'fhulang dom pianadh; ní beo mé, bíodh nach éagaim, gan ró céille 'na dhiaidhsean. Is domhsa budh cóir tosach 's mé fann folamh gan iarracht, 's an té dob fhearra d'fhágbháil; ní hé an beagán do riarfadh.
Mallacht ort agus fiche dom nár choimirc an saoghain, dob fhearr i dtigh is i dtábhairne 's nár chuir cairde ar an bhféile. Mo shlán feasta dod dhícheall gé táim in íochtar agat; do ráinig leat mo dhíoghbháil 's ní thig leat m'aonghrádh d'aiseag. Mallacht don bhás mar iarsma nach Dia chruthaigh ná d'ordaigh, acht smál sean agus sinsear atá gach aimsir dá n-oirleach. Is minic chum a bhuailte théid duine do bhuain slaite; maithim é muna dtarla don té sháraigh an aithne. Mar sin táinig an peacadh; is é do tharraing an sciúirse atá gach lá dár lomadh, mar do sloigeadh an t-ubhall. Is é seo an sáilín seire, ós é is deireadh do gach flathas, bhias ag sealg ar chlainn Ádhaimh, ós de tháinig an mhallacht.
13 Fuascail Fódla, a ua Eoghain, ó shluagh tóigthe an tseanchíosa, is ruaig an bród dubh buannach brónach gruama glórach gallbhuidhneach uait, a Dhomhnaill, go mbuaidh mbeodha tar bhruach bóchna banclíonta, 's le guais t'fhógra suas dá seoltaibh le fuaim feothain feannghaoithe. Éirigh, 'ógrí fhraochdha oirdnidhe, is raob a gcomhlaidhe camspíceach' led tréinfhir thoirnightheach' bhaoghlach' bhorfadhach', scéimhghlan' sceonmhar' searbhfhíochdha, laochra róchaoin mhaordha mhórchroidheach, éasca óggnaoidhcach armlíomhtha, 's na céadta san ordbhuidhin éachtaigh ógaoird bhfraochdha bhfórsaidhigh bhfrancfhíontaigh. Is iomdha id dúntaibh seangeach súgach beannach búclach bannbhíodhgach, is trealamh úrghlas reamhar ruainneach daingean dlúthtiogh deaghdhíonach, seaca suntach draighneach dualach peatach púcach peallchíorach, is scabal cumhdaigh creatmhaith cúrsach greanta glúineach garbhíochtrach. Is iomdha gunna is fogha fuileach is trunc tuirseach teannlíonta, mionscoth scine, soighde i soithighthibh, boghaithe is cloidhmhte ceanndíonta, is sciath bhileadh ina lia litir dán ciall lingthe ar leabhairbhuidhnibh i ndiaidh an churaidh chliaraigh chruthaigh ó iath Linne leamhainmhíne.
Is marcshluagh meardha eachluath ainmhear, treaschruaidh trealamhach teannchraoiseach, mearshluagh meanmnach dathshuadhach dealbhach, altchruaidh armach andíoghaltach. Leathluach h'anma ar fadchuaird Banbha ó ghealchuan Cairge ceannChlíodhna go hEas Ruaidh gainmheach n-easfhuar n-anfadhach ní fhaca uaim eatorra amhail daoibhse. Luimneach, Corcach is Ceann Coradh, is Caiseal clogach cantaoireach, Nás is Oileach, Cruachain Chonnacht, is Teamhair fhothanach abhall-líonmhar, Droichead Átha is Port Láirge is Áth Cliath tráiggeal teanntaoideach, gan chur chuca d'éis a gcluine, a mhic Mhuire, an meabhraoidhse. Gnáth id ósta fleadhach feolmhar creachach ceoltach crannfhíontach ealta ógbhan mhaiseach mhórdha 's banna bródgheal banríoghanta aicme ógfhear treasach treorach, cneadhach cródha crannríoghdha, is gasradh beodha bratach bróntiogh lannach leontach leabhairsceimhealta. Scáthbhrugh scolach dámhach drongach glámhach gothach greannghníomhach; dánta i mbothaibh, táinte is tochmhairc i bpáraibh socra seanscríobhtha; baird is brodchoin gan fhás ocrais fá chnámh cogthach ceannchíocrach, is cearbhach sopach feargach foclach eaglach obthach anríoghdhach.
Bíd id áras díreach dáilteach daoineach dámhach dealbhlíoghdha caoineas, cairdeas, fíon is fáilte, saoithe sámhach' is seandraoithe; caoinghuth cláirseach, fuighle fáthbhreath, míne is mánlacht i mbanríoghnaibh, is buidhean do bhráithribh críonna cráibhtheach' do líon grása ar gealÍosa. Treise is tairbhe Conaill Chearnaigh san óg náireach neamhdhíomsach, tréighthe is taidhbhse chéile Mheidhbhe san tséimh shaidhbhir sheangshaoitheach; suirghe is suairceas Chon na Cuailgne is oineach Guaire dhealbhnaoidhe san óg uaibhreach threodach thuarthach bhóithreach bhuailteach bheanntilleach. Ná léig Éire tar éis t'éirghe, a chinn chéile Chlann Mhílidh, don tréad throdach bhéarlach bhrothach aomhach olcach anríoghdhach oileán socrach sciamhach scothach biadhmhar bothach banclíonta, Inis Éilge thinteach thréadach choillteach chraobhach chrannlíonmhar. Folmhaigh Banbha Chonaire chalma choirighios galrach galltíortha, is cuir an chuaine loingseach lu[i]aimneach tar toinn ruaimnigh ramhardhíleann. d'éis a scriosta dot fhéinn fhuiligh, an tréad ciontach ceannchoimhightheach, suidh i dTeamhair, a rí Leamhna, is ríomh sealbha na seanríghthe.
Muiris Mhac Dáibhidh Dhuibh mhac Gerailt ct. air chlaidheamh do bronnadh do re duine éigin isan aimsir na ríoghna Isibéal do mhair an fileadh so agus budh mhór a thallann a ffileadhacht.
An fear céadna .cc. do chloidhiomh do bhronn Ó Lochluinn dó.
Muiris mac Daibi Duibh air chat franngach.
Buan an rathsi ar rígh Cluana, rí léir is lia iolbhuadha, rí is gairmeamhla do ríoghaibh, rí is ainmneamhla d'ardríoghaibh. Rí seasmhach, snaidhmtheoir smachta, rí coitchinne comhachta, rí is buaine i bhféile dá bhfuil, rí is cruaidhe is is réidhe riaghail. Rí athnuadhas reacht na ríogh, Cing Muiris deaghmhac Dáibhíodh, spairnghleacach nár chláidh i gcath, tairngeartach na bhfáidh bhfeasach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services