Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta Mhuiris Mhic Dháibhí Dhuibh Mhic Gearailt

Title
Dánta Mhuiris Mhic Dháibhí Dhuibh Mhic Gearailt
Author(s)
Mhic Gearailt, Muiris mac Dáibhí Dhuibh,
Compiler/Editor
Williams, Nicholas
Composition Date
1623
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1979)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1.



Beannaigh an longsa, a Chríost cháidh,
an tsíon, an tonnsa 's an tír;
bíd t'aingil 'na gcléith dár gcóir
is róinn mar scéith ndaingin dín.



Síthigh gairbhshín goimh dá glór,
mínigh gach moir ainmhín fhuar;
fraoch an earraigh cuir ar gcúl
dún go dul tar ceannaibh cuan.



Doiligh mé fám chúl do chur
re Múr Té, 's is doiligh damh
múr fianbhothach na sleagh sean,
treabh na sreabh ngrianshrothach nglan.



Cuir mé go seascair chum seoil,
a Dhé, gan easbaidh ar n-iúil
ón tsín gharbhfhuair tar moir móir
le cóir ghloin go gcalmuain gciúin.



Maith mo churach aibhseach úr,
taibhseach a tura is a taobh,
long ghéagach bhonnógach bhuan,
stuagh théadach chronnógach chaomh.



Long gan tlás i dtachar arm,
gan cás i scathamh na storm,
seoltóir tré chlár na gceann ngarbh
mar budh sál marbh gach gleann gorm.



Tré ghrianbhádh gach toinne tráth,
ar fiarlán dá ghoinne gaoth
lingidh ó chabhlach na gcríoch,
armach a fíoch is a fraoch.


L. 34


Slios fadúr foileimneach tréan,
roineimhneach mar dhragún ndúr,
breaclong na srólbhratach saor,
taobh creatlom órshlatach úr.



Brú dhealbhnathrach ghríobhach gharg
bheannbhachlach chíorach na gcolg,
slios snaschaomh is faobhrach fearg
na bhfraschaor ndearg mbaoghlach mbord.



Tiodhlaic sinn, a rí na rann,
tar linn is gach líon bhus leam
gan bhaoghal ó bholgaibh tonn
a-nonn seach bhordaibh na mbeann.



Beannaigh an long so anonn tar sáile ag dul,
bhachalach thrumpach lorach láinchliste,
an chreatalach sconsach riúntach láintsiosmach
mharbhthach bhronntach chabharthach áthasach.



Sirim ar aonmhac Íosa, d'fhulaing an pháis,
nár bhristear don loing ná don bhuidhin 'na bhfuilim go bráth;
buinne ceart gaoithe tríthe is tuile 'na deáigh
ó imlibh Baoi go crích na Cruinne sa Spáinn.


L. 35


2



Fuaras each nach duaibhseach doirbh,
each uasal uaibhreach a spairn,
doinnghreagh ait 's a hionmhain oirn,
draic nach doirbh in iorghail airm.



Láineach mór borbaistreach buan
do bhronn an donnmhailgheach dún,
searrach lonn coirpreamhar caol,
mo dhonn shaor fhoiltleabhar úr.



Each cruthghlan nach gealtach garg,
don chubhar nach beanfadh balg;
saoi corrach is luaimneach lorg,
an mhongach bhorb uaibhreach ard.



Geall leam ar luas as a los
an bheann is fearr cluas is cos;
stéad mharbhas an míol go deas,
gríobh na gcleas fhágbhas an t-os.



Tar gach ard dá shleamhna a shlios,
tar fán is tar cheanna clas,
gan chruas go coimhréidh do ros
do luas cos gan oilbhéim as.



Dá mhire i ló gréine gal
dá tréidhibh i dtós na scor
gan bheith fann ailseach fá fhear,
acht bann mear taibhseach tar tor.



Scairt i bhfalach ná gráin ghliaidh,
gáir bhratach ná dath ar dhúil,
omhan as uirre ní léir,
mo bhuinne bras, mo léim lúith.


L. 36


Dá crobh dheas tiomchall ar dtocht
tug an ghreagh is sliomghlan slacht
go meanmnach ó chridhe i gcorp
sidhe docht greadhnach san ngart.



Fear foilt bhairrshlim is bhas gcorr
do mhac Dáibhídh Dhuibh do bhronn
dreagan súgach síleach seang,
mo bheann lúbach dhíreach dhonn.



M'onchú bheodha, ar seabhac saor,
leoghan re leadradh na sluagh;
cuid dá ceird re hur an áigh
go cur an áir d'fheirg níor fhuar.




Do bronnadh dhamh each, i bhfad is fearrde sinn;
is fonnmhar 'teacht go cas i bhfáinne chruinn,
an chloigneach chleasach ghasta shásta sheing,
gan tolg, gan stailc, gan stad, gan scáth, gan sceing.


L. 37


3



Do bronnadh dhamh cara coilg,
ollamh glan tana nach teilg;
slán don ghríbh bhaisleithin bhoirb,
ghlaisbheithir choilg mhín gan mheirg.



Lann fhíorfhuilteach fhaobhrach lonn
thaobhghlan chiorbhaightheach nach cam;
colg dár ndáil rod-fríth ag Fionn;
ní díth liom im láimh an lann.



Do scar méidhe is bas re bonn
mo chéile is glan glas fám chom,
an ghlasfhaobhrach ghéar nár fheall,
beann bhrasbhaoghlach thréan nach trom.



Colg gan fuireach in am áigh,
lann bhorb dá nach buidheach liaigh;
do scar re Bolcán go mbuaidh,
cruaidh re cur corpán i gcriaidh.



Glaislíneach fhíorolcach fhuar
bhaisdíreach dhíoghaltach dhaor;
adhnadh fhala a buille buan,
buinne fuar is tana taobh.



d'fhuil nathrach fuair folcadh dlúith
an chruaidh dhathghlan olcach áith;
gríobh fá chléir chathlann nach tréith
'na béim fá chléith chathbharr cháich.



Áith éachtach comhlainn nár chaill,
do-ghéabhadh re gormlainn Ghoill,
an lann shaor nár sheachna sinn,
nár aomh re linn deabhtha a droim.


L. 38


Ag Hector budh líomhtha a lorg
nó ag Hearcail fhíochmhar ard;
mian mo chridhe an bhaismhín bhorb;
is colg nimhe an ghlaismhín gharg.



An ghlaid áithmhín ghlan nach garbh
ag mac Dáibhídh Dhuibh 'na dhorn;
fuair buaidh in oileamhain arm
an bhadhbh chruaidh ghoineamhail ghorm.



Mar chomhthach rem taoibhse a-tá
an ghormghlas is caoimhe cló;
tuar meanma dhamh mar is dú,
gar clú is buadh ndealbha dhó.



Fám thaobhsa ni héidir nach fearrde sinn
seod éadtrom shéimhchoilg shásta sheing;
cóip chréachtach ó a béal tana is gnáth i gcill,
's is mó baodhachas an éin duibh ná an leaghadh ar an lainn.


L. 39



4



Scoir dod shuirghe, lean dod leas,
ná bí éascaidh ar h'aimhleas;
smuain, a bhean, an bráth id chionn,
gach tráth neamh, uaigh is ifrionn.



Ní buan antoil na hóige;
ná hoir don chorp créafóige;
tuig go dtéid gach ní fá neimh
gan bhréig san chlí ór chéidghin.



Ná car na daoine deasa
charas tú d'fhonn h'aimhleasa;
ceil do chaidreabh caoin ortha;
ná scaoil t'aigneadh eatortha.



Dá n-éistir a reacfad ribh,
ataoi i mbaoghal uair éigin
go meallfa an séad suirghe sibh,
an bhréag, nó fuighle féinnidh.



Léigid orra d'fhonn t'fheise
éag d'aonghrádh do dheilbhese;
a ghrádh, ná creid go gcaraid;
bleid a lán dá luathchanaid.



Má tá leat do leas i ndán,
seachain suirghe na n-ógán,
a bhean na gciabh bhfraistiogh bhfionn,
nach biadh h'aistior go hifrionn.



Fearr mar lón lá na coinne
Dia ná aoinfhear againne;
ag so an fear is dile dhuid,
a bhean mo chridhe, is caraid.


L. 40


Ní bhia póg mar luach leasa
uait ann ná uain áineasa
dhuit ón fhior nach cam cridhe;
a-niogh am na haithrighe.



Ní beag damh a ndubhart ribh;
cuirim thú ar dhíon an Dúilimh;
guidhe ríogh an Luain do leas
's do dhíon gach uair ar h'aimhleas.


L. 41


B 1613c 17T
5
T'aire riot, a ógáin fhinn,
cuibhrigh dá haimhdheoin h'intinn;
ná bí ar buile do mhian ban;
a dhuine, ná hiarr eascar.



Creid gurb iomdha curadh cruaidh
agus triath toiceach tromshluaigh
do turnadh do thromghrádh ban
fá úrmhagh thonnbhán talmhan.



Féach mar thug Paris mac Prímh
bean ón nGréig na sleagh slismhín,
dar dhán tall toghail na Traoi;
níor ghann an fhoghail d'aonmhnaoi.



Díse táinig eacht oile
do rinn áigh is iorghoile
ag sin duit mar léightear linn
gur thuit Hector is Aicill.



Do thuit arís, gér chéim chruaidh,
do láimh Aonghais fhinn armruaidh
mac Doinn 's a dhlaoi mar fháinne
tré mhnaoi d'úir na hEadáile.



Féach Ovid mar thug a thoil
d'inghin fhionnchrothaigh Chaesair;
do fhan sé tinn ón toilse
gur mhill é a hatoirse.



Táinig d'inghin Oeta fhinn,
Deianira na gcuach gcruinnshlim,
gur mharbh léine lán do nimh
a grádh 's a céile caoinfhir.


L. 42


Mór do milleadh do mhian ban
d'úir Alban is d'iaith Breatan;
uatha níor theastá d'fhiadh Fháil;
riamh don Easpáin a ndíoghbháil.



Mar sin Gréagaigh na dtreas dte,
curaidh Thraoi, tréinfhir Théibhe,
slóigh Rómhán na dtriath nár thais
ís móran iath 'na n-éagmais.



A ndubhart muna díol damh
dod dhíon ar antoil ógbhan,
éist rinne is fan go fóill;
níor scar sinne dár seanmóir.



Scoir dod shuirghe, a chnú chridhe,
déin dot antoil aithrighe;
ná dáil toil do bhláth do bhall;
ná hoir dáibh tráth ná tamall.



Asta ní déanta dhuit uaill;
tiocfaidh foirfeacht fhann éagcruaidh;
féagha féin gach aonuair ort,
ná déin aonuaill as t'iasacht.



Gearr go mbia an rosc foirfe fliuch,
seargfaidh an taobh 's an troightheach;
biaidh an folt fannsa go faon
is do chorp falsa fíorchlaon.



Ní fhaghair ó aonmhnaoi óig
póig tré shuirghe, a sheanóir;
biaidh red taobh truagh nach tuige -
mo-nuar faoibh! ag fochmhuide.


L. 43


Ansin ar n-imtheacht dod threoir
iarrfair Íosa dot aimhdheoin;
is truagh nár thréig tú do thoil,
a chnú do phréimh an pheacaidh.



Eagal Dia dá rádha ribh,
nuair fhillfheas tú ar éigin,
gur tú an trú nár chinn ar cheart
's nach tú d'fhill acht an fhoirfeacht.



T'aithrighe ar cairde ná cuir
as ucht fhaide do shaoghail;
tig an t-éag uair nach saoile;
a thruaigh, créad nach cruadhchaoine?



Ná mealladh tú a gnúis ghlan
bean dá dheise ar droim talmhan.
Créad acht cré, mon-uair, ise?
A Dhé, is truagh nach tuigese.



Ná mealladh tú an troigh thana,
an déad dlúth ná an tseangmhala,
ná an chiabh lághach dhroimneach dhonn
shuirgheach fhiar fháinneach fhothrom.



d'eagla feirge an Ríogh roibh
fill i neart t'óige ód antoil;
tréig an tsuirghe leamh lochtach,
lean an Coimdhe cumhachtach.



Gidheadh dá dtí t'ainmhian ort
go ndáilfe tú dhóibh t'ansacht,
smuain ar chneidh an chridhe i gcrois,
is ar neimh na dighe domblais.


L. 44


Gach uair ad-chí an bhrágha bhán,
an rosc glas nó gné geallámh,
smuain, a thruaigh, taobh re chéile
daol is uaigh is aisléine.



Smuain gan taobhadh red chorp coil;
ná cuir h'anam ar 'ionchaibh;
créad do-ní acht taobhadh re toinn
má bhí ag claonadh red cholainn?



Ós do chéadfadh chlaon an choirp
tig dár dtaobh trom gach aonoilc,
saor, a Rí, ó cheanaibh mo chorp,
sul dtí ar ndeaghail red dhúthracht.


L. 45


B 1623c 17T



6



Mártan géar gruama gearánach,
i ngeall re suairceas an sealánach,
fualán cuar brealltruagh bruthónach,
fuaid na ngearbghruadh ngreabhánach.



Allaoire bheag ghéar bheadaidhe bhuinfhiaclach,
crochaire scroigriabhach dar béas boicléimneach;
is olc an cleasaidhe an peata pluiclíonmhar,
leagaidhe cruithmhíola creatlom cruithfhéithleach.



Trú lena gnáthach cac fá thóin a chompánaigh,
cat lomlámhach gránna goirmbhléineach,
cruit nach feolmhar ar a léire lomlútha,
péist bheag bhundúnach ocrach odhairbhéalach.


L. 46


7



Is ait leam bean
sciamhach scafánta
mhíonla mhacánta
mhúinte mhallghlórach.



Ait leam a beith
maordha monglúbach
tréightheach tromchúiseach
soilbhir seangsheolta.



Is fuath leam a beith
cásmhar ciachánach
mantach mínáireach
millteach milleánach.



Beag orm a beith
meabhlach minbhréagach
labharthach leithscéalach
gruama gearánach.



Ait leam bean
cheansa chiúnráidhteach
leanbaidhe lúthgháireach
líoghdhaite leabhairghéagach.



Ait leam a beith
beoltais binnbhriathrach
seolta slimchiabhach
seada seangmhéarach.



Beag orm bean
chruadhchas chanránach
dhuaibhseach dhrantánach
chinsealach chruadhchúiseach.



Beag orm a beith
cleasach calaoiseach
meangach mailíseach
liosta luathshúileach.


L. 47


Ait leam bean
ghreannmhar ghormshúileach
fhlaitheamhail fhocalmhúinte
shúgach shibhialta.



Ait leam a beith
carthanach caoincheansa
marthanach mínbhanda
muinteartha binnbhriathrach.



Beag orm bean
bhrúideamhail mharbhchéadfach
dhrúiseamhail ainmhianach
cholgach chasaoideach.



Beag orm a beith
ainmhear míbhéasach
feargach fírbhréagach
spairneach spadbhruighneach.



Ait leam bean
shaoitheamhail chaoinráidhteach
fhíorumhal adhnáireach
mhaiseach mhórdhálach.



Ait leam a beith
cráibhtheach coinsiasach
fáilteach fírfhialmhar
déidgheal dathálainn.



Beag orm bean
ghothánach chiapálach
dhoichiollach dhíoghbhálach
amhgarach allaoideach.



Beag orm a beith
brónach baramhlach
lothardha leathcheannach
sceimhleach scallaoideach.


L. 48


B 1610c 17T



8



Mór idir na haimsearaibh,
más fíor dá dtáinig romhainn:
barr oilc agus aimhghliocais
ag fás gach aonlá orainn.



Dá réir so ní haimhghliocais
tug ar Ovid go fiosach,
lér chum ceithre haimseara
i gcompráid ceithre miotal.



Aimsear órdha an chéadaimsear
ar bhoige, ar uaisle 's ar aoibhneas;
do chum arís athaimsir
i samhail d'airgead aoingheal.



Do chum an treas saoghal-so
go mbia 'na phrás go follas;
is í sin ar mbaoghalna
gach laithe ag dul in olcas.



d'éis an tsaoghail fhíorphráisigh
fá dheoidh go mbeith 'na iarann;
gur leis d'fhás an mhínáire,
cruas, fionghal is fíorlom.



Tuig an saoghal iarainnse
do chan an t-údar romhainn,
is é sin an bhliadhainse
's a bhfuil dá samhail chugainn.



Seoch a bhfuil san domhan-so
beanfaidh so d'iathaibh Éibhir;
foilseochad don turas-so
cuid ar olcas dá dtréithibh.


L. 49


Cumann glan is fíorchairdeas
do mhol Cicero a n-allód;
'na n-ionad acht díchairdeas
ní bhfuil eadrainn ar fadódh.



Gaol dá ghaire is fíoruaisle,
ní fhacas riamh re fada,
an tan tig an fíorchruatan,
congbháil ar cheachtar aca.



Cion ar lúth ná ar fhadlámhach
ní bhfuil ag aoinneach aca;
do-níd d'éis bheith rósháitheach
dímhaoineas, drúis is codladh.



d'áireamh na ndrong ndearmadach
do-bhéar mh'aghaidh an uairse;
beam go fuathmhar eatartha
tré fhoilsiughadh a ngníomh dtuaiscirt.



Dá mbia fódán glaisfhearainn
ag neach dhíobh d'éis an cheatha,
tig gné shúitéara chaismeartaigh
dá chur as a chuid beatha.



Chum aifrinn na cille-seo
dream dhíobh re beag bhformad;
téid go cill an mhinistir
cuid eile dhíobh pro forma.



Gluaisidh sirriam acusan
os coinne an stáit chum teampaill.
Ó, a Dhé, atá a fhios agamsa
cionnas atáid na ceantair.



Na ministrí Muimhneacha
gan téacs, gan seanmóir leabhrach;
féach na bodaigh bhroimneacha
mar do líonadar an teampall.


L. 50


Ní mar ghrádh don mhinistir,
ní mó is mar ghrádh don Phápa
do-níthear na neithese,
acht d'fhonn airgid do scrábadh.



Más athchluiche an imirtse
ag lucht ionmhais do charnadh,
an seanrádh ní chreidimse
nach milleann cluiche crábhadh.



Seo chugaibh an ceannaidhe
tug ní ar bhille mo láimhe;
uch, gan bhean an chleasaidhe
agamsa i ngeall re cairde!



Ná creid choidhche an sladaidhe
adeir níos fearr do chonradh,
go reacfadh riot earraidhe
seoch mar bhíd ar sráid Londan.



Do-bheir lása is éadaighe
duit chum tadhaill na sráideann;
tiocfaidh ort fán gcéadchoire
próiseas, pursuant is sáirsint.



Do mheall uaibh an ceannaidhe
go lór bailte d'iath Éibhir;
fá dheoidh ag an sladaidhe
biaidh an fearann le chéile.



Do thuilleamair eascaine,
ní bheam 'nár ndaoinibh uaisle;
ní mó bheam 'nár gceannaidhthibh -
beidsean uasal don ruaig-sin.



Ní ortha is cóir achmhasán,
acht sibh féin atá aimhghlic,
Do chuir le gníomh amadán
na ceannaidhthe chum saidhbhris.


L. 51


Is fíorleamh bhur dturas-sa,
a uaisle bochta an oinigh;
oineach gan bheith cumasach,
mo thruagh, is cruaidh an cluiche.



Gan oifig, gan seanoidhreacht,
gan stoc, gan cheannach láimhe,
sibhse an dream re síoroirbheirt;
ní gar dhíbh gan bheith tráite.



Ní fhágtar san ghabháltas
breis ó mhaighistir an fhearainn;
scoiridh do bhur mbagántacht;
ní léar dhíbh leath bhur leatroim.



Daonnacht tar an soláthar
in iathaibh Fódla finne
ní duine nach aránach;
is leis do milleadh sinne.



Do-chuaidh mise mar amadán
libhse fá uisce an cheatha;
dá bhfaghainnse an athanál,
ní reachainn arís rem beatha.



Mo theagasc dom chompánach,
agá mbí crodh is costas,
dá dheoin ná bíodh lomlámhach
d'eagla nach faigheadh fortacht.



Beithear romhat róghrádhach
an gcéin mhairfeas do shaidhbhreas;
teithidh uait an tromghrádh-so
fá néalaibh dá dtí an daidhbhreas.



Riot tar cheann a n-abraimse
ná cuir do dhroim re daonnacht;
go bráth ná tuill easmailte;
ná caith do thuirimh it' aonar.


L. 52


Caitheamh gan bheith measardha,
biothchonlacht - cóir a ndaoradh;
lean an meadhón eatartha,
madh áil gan droim re daonnacht!



Éist uaim scéala an phótaire,
ibheas geamhar na heorna;
ní tiorma gal ómhaine
d'éis na hoidhche ná a scornach.



Do-gheibh a dhíol glaisfhíona
ó Artúr óg ar a fhocal;
gidheadh ní rún glaisdíola
rún an cheannaidhe ar dtosach.



Do cuireadh mo chompánach
fá dheoidh i gcúradh an chochaill;
atá sé go tromchásmhar
fá iarnaidhibh i gCorcaigh.



Beag sileadh an dosháile;
ní bhfaghadh anois ar a fhocal;
ibheadh sé mar fholláine
dhá dhigh nó trí don tobar.



Nach leamh toisc na n-ógánach
gan úidh ar ágh ná ar intleacht!
Biad siad seal go bródálach
mar gheall ar chuid na sinsear!



Do-chuadar le cleasaidheacht
mo thruagh mar cheird bheatha;
léig dóibh - ní ham leasaighthe -
rith in aghaidh an cheatha.



Cleas díobh 'na beirt aithisigh
ag an bhfear bhíos go seomrach:
do bháidh sé a chuid bail'-fhearainn
le lánrabharta beorach.


L. 53


Cleas cam 'na beirt lánuaibhrigh
ag fear dhíobh, ní cleas córach:
a chaisleán ar a ardghualainn,
a chnoc 's a choill 'na phóca.



Cleas cruaidh fá mó d'iongantas
do-ní fear na gcleas ndíomsach:
boltaí d'iarann imeallghlas
fá dheoidh dá stocadhaibh síoda.



Beir féin ar do lán tapa,
a óig, éisteas mo scéala;
gach rogha seoch láneascar,
nó biaidh tú d'éis do chéasta.



So an fear dlighe dúthrachtach
do-ní don chóir éagcóir;
mo mhallacht dá ghúnasan,
do mheall uaim mo dheich jacob.



Ar feadh fichid groidthéarma
go hÁth Cliath leis go scíosmhar
do-chuaidh mise ar boidéarma
's gan liom acht nisi prius.



So chugaibh mo dhochtúirse
le leigheas tig tar mhórmhuir;
dar mionnaibh an phortúis-se,
do-ní pléarais don bholgaigh.



Do-ní sé pláigh rómharbhthach
nó seanbholgach don fhiabhras;
fágbhaidh go tinn tromanbhfann
duine gan tinneas diachrach.



Mar fhear aonshúil ughdaráis
idir na daoinibh dalla
meallaidh ór ar útamáil;
mo thruagh mar dhíol bata.


L. 54


Ná dearmaid an lusrachán:
go gcoimeáda Dia sibhse
ar tháthabha an turtagáin
's ar bhun na míne mire!



Mo scolmhaighistir faillightheach,
uch, gan sciúirse 'na choirceann!
Do scrios an t-ól cainníneach
a chuid fealsaimh as a chloigeann.



Múinidh sé go trasáilte
loighic ar dteacht ó Bhuirdiús;
féach féin dalta an choláiste:
ní mó liom é ná cuirliún.



Go gcrádha Dia an tábhairneoir
an uisce bhréinghil bheatha;
níor chum Dia acht an t-aidhbhirseoir
aon chréatúir riamh budh measa.



Tuarascbháil na n-anbhodach
tar éis a ndubhart uile:
dream ghéar ghruama gharbhchosach,
gan grádh Dé ná grádh duine.



Fear oile ar nár thagras-sa,
aoinfhear is measa do dhaoinibh:
úsúir is ainm damanta;
cuir a chorp san charn aoiligh.



Duine santach seanchríonna,
nach bronnann biadh 's nach reacann;
is truagh ar feadh leathmhíosa
gan é ar mo bhreith féin agam.



Daoine saidhbhre santacha
gan tarbha san mhaith choitchinn,
dóibh siúd ní bhia mh'ansachtsa;
beag oram lucht an doichill.


L. 55


Tosach oilc na Rómhánach
na trí cáis adéar dhíbhse;
atáid siad san bhfódán-so,
's ní abraim nach fuil tuilleadh.



Cion ar tharbha phríomháideach,
grádh falsa nó rún ceilge;
an treas cás is mínáireach:
comhairle na n-óg n-aimhghlic.



Is rómhór don líne-seo
ris nach taitneann ar thagras,
bíodh gur chanas fírinne;
biaidh mar adubhairt Cloch Labhras.



Fógraim do na rannaibhse:
seachnaidh na daoine duairce;
d'fhaitcheas a maslaighthe
freagraidh na daoine uaisle.



Gach duine saor sobhéasach
ní ris bheanas ar chanas,
ní ris tarla mh'uircheardsa,
acht re lucht futa fata.



A dhuine ghlain ghéarthuigsigh,
ná bean an fáth is measa;
is mór atá it' éagmhaise
in Éirinn gan bheith cneasta.



Measaim gurab é an soidéalach
an té ara beag na rainnse,
ar an bhfear nduairc droichbhéasach;
baistimse air céad scaoinse.



Gach méid ar nár thagras-sa
ar nach fiú iad teacht tarsa,
san ngailéir go rabhaidsean;
fógraim iad don tarrang-so.


L. 56


A Dhé mhóir, nach míghnéitheach
cuid do cheardaibh an choiste,
go saoraid an fíormheirleach,
's tar fia, dá n-abrainn tuilleadh!



Éist rise an gcearbhach,
dhamnaigheas é féin fá aon bheag,
gurab aige atá an fhírinne;
dar Íosa, tug a éitheach.



Mórán oilc nach inisim
d'eagla go mbeith riom fiarrán;
léigfead díom gan inisin,
is iomdha rún fám chliabhán.



Muna ndearntar leo aithrighe
an dream so inniu nach taithleach,
budh feas don chúirt ainglidhe
go dtiocfaidh am bhus aithreach.



Muna bhfreagraid am leasaighthe
is eagal pláigh nó gorta
do dhroim oilc a bpeacaidhe
anuas ón Ardrígh ortha.



Dá bhfiafraigheadh aonduine
cia mé thug teist fán ndroingse,
mac fhir an ghaoi ghéarfhuiltigh
is é do chum na rainnse.



Daoine saidhbhre santacha
ar nach mór a gcion oram,
dar an mbachaill ndamhna-so,
ní lugha ná a gcion agam.



Bíoth coimirce mh'anmasa
ar Ardrígh neartmhar neimhe;
tiomnaim an truaill thalmhan-so
don uaigh an tan bhus mithid.


L. 57


I dtuatacht ná i lorgántacht,
i seascaireacht ná i gcomhól,
ar mbeith dhamh im' ógánach
níor chuireas dúil go romhór.


L. 58


B 1623c 17T
9



Gabh mo theagasc, a bhean bhán,
ná déana barr as do dheilbh;
níorbh áille tú, a fholt mar ór,
ná Úna óg, inghean Deirg.



Níorbh áille thusa, a ghruadh shaor,
ná Deirdre úr fa chaomh cruth,
's níor dearmadadh í ón éag,
a ghruadh dearg ar ghné na subh.



Eilionóir dob álainn dealbh
is Clairíona fa dearg dreach,
is Súsanna fa geal gné,
do-chuadar so d'éag fá seach.



Gabh mo theagasc, a bhean óg,
is ná déin spórt as do chruth;
mná san domhan dár chum Dia
ní bhfuil ionta acht biadh cnumh.



Ná mealladh thú an folt mar ór,
an béal mar rós ná an ghlac geal,
ná an corp séaghainn seada seang
atá lán do ghreann 's do ghean.



Ná mealladh so thú mar-aon
an mhala chaol ná an déad cheart,
ná an silleadh súl suaimhneach sámh,
ná an chorrbhas leabhair bhláith bheacht.



Cé hálainn tú, a inghean fhionn,
eidir chois is chionn is chruth,
do-bheirim fearta mhic Dé
nach fuil ionad acht cré dhubh.


L. 59


Ná déin díomas, ná déin tnúth
ar dheilbh dhaonna dár chum Dia;
ná bí baothghlórach ná borb;
cuimhnigh do chonn is do chiall.



Bí d'aontoil is do chéill chóir,
ná bris do mhóid tar gach ní,
ná bí guasmhar, ná bí garg
bí go macánta mall mín.



Ná bí róbhog, ná bí cruaidh,
is ná déan uaill asad féin;
mo theagasc dá ngabha tú,
is de rachas do chlú i gcéin.



Is mé file na gceist gcruaidh
táinig ar cuaird ar bith cé;
gibé riocht a bhfuil mo dhán,
's maith an comhairleach mná mé.



Gabh mo theagasc go grinn grinn
d'eagla nach biadh sinn id ghar;
neach gan eagla a ghotha air féin,
a theagasc red ré ná gabh.


L. 60


B 1650-1700 17D
U Anaithnid
10



Gabh mo theagasc, a mhic,
cé baoghlach lá an chirt do chách,
ar scaoileadh dóibh ón sliabh,
is rachaidh tú le Dia na ngrás.



An tslighe go neimh na naomh
dar leat cé cumhang caol cruaidh,
seachain ród tigh na bpian;
iomdha chuige do thriall uainn.



Oirne do himreadh cealg
dár ndíbirt ó cheard na ndúl;
dár mbreith go tír na mbeo
i ngleann na ndeor atá tú.



Grádh mar tú féin fá thoil
do chomharsa thoir is thiar;
grádh is rómhó ná gach grádh
bíodh agat go bráth do Dhia.



Ní théid go teagh na bpian
neach dá mbí ag riar na mbocht;
déin troscadh, urnaidhe is déirc,
's ná leig a thoil féin led chorp.



Seacht saighde an ghiolla nach cóir
le marbhthar na slóigh fá seach;
a seachnadh más é do thriall,
rachaidh tú le Dia ar neamh.



Seachain díomas, leisce is tnúth,
do chroidhe is do shúil ó shaint;
seachain fraoch feirge is fuath,
is beir ar neamh thuas go hard.


L. 61


Do mhac Muire, rí na ngrás,
nár sheachain bás ar do shon,
ós é do chomairce is do lón,
fógair t'anam dó is do chorp.



Ag sluagh ifrinn atá an ruaig
oraibhse idir thuath is chléir;
ná mealltar sibhse mar chách;
mo theagasc go bráth ná tréig.


L. 62


B 1623c 17T
U Muiris mac Dáibhí Dhuibh Mhic Gearailt
11



A ógáin,
do-ní suirghe re hógmhnáibh,
mall do-ní réir an Choimhdhe;
duit bhus doilghe, a ógáin.



A ghille,
do-ní uaill as do ghile,
saoile féin nach fuil claochlódh
id bhaothghlór bhaoth gan bhrighe.



Ní cheileabh
do cháil féin ort fá dheireadh;
gé mór th'uaill agus t'anlán,
is tú an marbhán meirtneach.



Mór h'uabhar
as do chorp nach glan cnuasach;
a ndéin d'antoil do chalann
biaidh ar h'anam 'na ualach.



A thruaighe,
ní thuige gá ní is cruaidhe?
an té iné do bhí id chumann
iniu i gcomhthrom na huaighe.



Lá éigin
iar n-éag ag íoc bhur bpéine
tusa is bean an déid daithghil,
sínfidh bhur n-aire ó chéile.



Searbh libhse
mo theagasc ar mhaith ribhse;
ní miste leam don chursa;
gearr mhairfeas tusa is ise.


L. 63


Cúis chaointe
damhsa nach mé féin chaoinim,
is gur mó mh'uilc ar séana
ná uilc chéadta do dhaoinibh.



A Rí chalma,
ní fiú mé trém olc tagra;
gidheadh is fiú dod ghrásaibh
mo dhíon ar námhaid mh'anma.


L. 64


B 1631c 17L
U Anaithnid
12



Mallacht ort, a bháis bhrónaigh,
a ladrainn leointe gach iatha,
chúig mhíle is seacht do chéadaibh
atáir dár n-eirleach do bhliadhnaibh.



Olc h'eirnis i dtós h'aoise
tosach an fhill ar Ábel;
an mac dob fhearr do ghoinis,
an mac ba dhona d'fhágbhais.



Mar sin duit fris gach líne
dá ndíochur is dá léirscrios;
don olc is sia do chairde
ná don té do chráidhfeadh céadta.



Mallacht duit agus míle,
a chú na scríbe gan fhéachain
do neoch dá fheabhas fuadar
seoch an fuaicle nó an smeirle.



Cosmhail le beithir nimhnigh,
le gríbh thú nó le faolchoin;
's tú milleadh gacha críche,
a bhíodhbha an chine dhaonna.



Cosmhail tú le fear speile
nach teibeann ó gach feoithne,
gan truagh ná taise d'éinfhear
seoch a chéile dá oirleach.



Tú an reithe do-chonnairc Domhnall
ag comhrac ris gach nduine
's ag beartughadh adharc go gcráidhfeadh
cheithre hairde na cruinne.


L. 65


Adharc aige budh giorra
re a n-imreadh ar gach tréithlag;
leis an adharc budh faide
do chinneadh ar na tréanaibh.



Sé ciall na gceithre n-airde
do réir fátha gach tuigsigh:
amus do-bheir an féige
ar cheithre haosaibh an duine.



Cosmhail tú le fear ósta
agá mbí deora fá chaithis;
ar n-imtheacht adeir dá lámhughadh:
"Tabhair sásughadh 'nar chaithis!"



Labhrann fós le fear Béarla,
le fear pléide agus uabhair:
"Come here", adeir gan faitchios,
"make raicín ina bhfuarais!"



Aonmhac do bhreith ón athair
cuid dod chleasaibh, a mheirligh;
gan mac ná inghean don mháthair,
a chneamhaire, níor chaomhnais.



Olc do chumann, a chladhaire,
do dheighil mé rem aonmhac;
is beag mo ghreann 'na dheoighsean
i ngleann na ndeor im' aonar.



Is truagh nach mise do rugais
's gan mé d'fhulang dom pianadh;
ní beo mé, bíodh nach éagaim,
gan ró céille 'na dhiaidhsean.



Is domhsa budh cóir tosach
's mé fann folamh gan iarracht,
's an té dob fhearra d'fhágbháil;
ní hé an beagán do riarfadh.


L. 66


Mallacht ort agus fiche
dom nár choimirc an saoghain,
dob fhearr i dtigh is i dtábhairne
's nár chuir cairde ar an bhféile.



Mo shlán feasta dod dhícheall
gé táim in íochtar agat;
do ráinig leat mo dhíoghbháil
's ní thig leat m'aonghrádh d'aiseag.



Mallacht don bhás mar iarsma
nach Dia chruthaigh ná d'ordaigh,
acht smál sean agus sinsear
atá gach aimsir dá n-oirleach.



Is minic chum a bhuailte
théid duine do bhuain slaite;
maithim é muna dtarla
don té sháraigh an aithne.



Mar sin táinig an peacadh;
is é do tharraing an sciúirse
atá gach lá dár lomadh,
mar do sloigeadh an t-ubhall.



Is é seo an sáilín seire,
ós é is deireadh do gach flathas,
bhias ag sealg ar chlainn Ádhaimh,
ós de tháinig an mhallacht.


L. 67


B 1598c 17
U Anaithnid
13



Fuascail Fódla, a ua Eoghain,
ó shluagh tóigthe an tseanchíosa,
is ruaig an bród dubh buannach brónach
gruama glórach gallbhuidhneach
uait, a Dhomhnaill, go mbuaidh mbeodha
tar bhruach bóchna banclíonta,
's le guais t'fhógra suas dá seoltaibh
le fuaim feothain feannghaoithe.



Éirigh, 'ógrí fhraochdha oirdnidhe,
is raob a gcomhlaidhe camspíceach'
led tréinfhir thoirnightheach' bhaoghlach' bhorfadhach',
scéimhghlan' sceonmhar' searbhfhíochdha,
laochra róchaoin mhaordha mhórchroidheach,
éasca óggnaoidhcach armlíomhtha,
's na céadta san ordbhuidhin éachtaigh ógaoird
bhfraochdha bhfórsaidhigh bhfrancfhíontaigh.



Is iomdha id dúntaibh seangeach súgach
beannach búclach bannbhíodhgach,
is trealamh úrghlas reamhar ruainneach
daingean dlúthtiogh deaghdhíonach,
seaca suntach draighneach dualach
peatach púcach peallchíorach,
is scabal cumhdaigh creatmhaith cúrsach
greanta glúineach garbhíochtrach.



Is iomdha gunna is fogha fuileach
is trunc tuirseach teannlíonta,
mionscoth scine, soighde i soithighthibh,
boghaithe is cloidhmhte ceanndíonta,
is sciath bhileadh ina lia litir
dán ciall lingthe ar leabhairbhuidhnibh
i ndiaidh an churaidh chliaraigh chruthaigh
ó iath Linne leamhainmhíne.


L. 68


Is marcshluagh meardha eachluath ainmhear,
treaschruaidh trealamhach teannchraoiseach,
mearshluagh meanmnach dathshuadhach dealbhach,
altchruaidh armach andíoghaltach.
Leathluach h'anma ar fadchuaird Banbha
ó ghealchuan Cairge ceannChlíodhna
go hEas Ruaidh gainmheach n-easfhuar n-anfadhach
ní fhaca uaim eatorra amhail daoibhse.



Luimneach, Corcach is Ceann Coradh,
is Caiseal clogach cantaoireach,
Nás is Oileach, Cruachain Chonnacht,
is Teamhair fhothanach abhall-líonmhar,
Droichead Átha is Port Láirge
is Áth Cliath tráiggeal teanntaoideach,
gan chur chuca d'éis a gcluine,
a mhic Mhuire, an meabhraoidhse.



Gnáth id ósta fleadhach feolmhar
creachach ceoltach crannfhíontach
ealta ógbhan mhaiseach mhórdha
's banna bródgheal banríoghanta
aicme ógfhear treasach treorach,
cneadhach cródha crannríoghdha,
is gasradh beodha bratach bróntiogh
lannach leontach leabhairsceimhealta.



Scáthbhrugh scolach dámhach drongach
glámhach gothach greannghníomhach;
dánta i mbothaibh, táinte is tochmhairc
i bpáraibh socra seanscríobhtha;
baird is brodchoin gan fhás ocrais
fá chnámh cogthach ceannchíocrach,
is cearbhach sopach feargach foclach
eaglach obthach anríoghdhach.


L. 69


Bíd id áras díreach dáilteach
daoineach dámhach dealbhlíoghdha
caoineas, cairdeas, fíon is fáilte,
saoithe sámhach' is seandraoithe;
caoinghuth cláirseach, fuighle fáthbhreath,
míne is mánlacht i mbanríoghnaibh,
is buidhean do bhráithribh críonna cráibhtheach'
do líon grása ar gealÍosa.



Treise is tairbhe Conaill Chearnaigh
san óg náireach neamhdhíomsach,
tréighthe is taidhbhse chéile Mheidhbhe
san tséimh shaidhbhir sheangshaoitheach;
suirghe is suairceas Chon na Cuailgne
is oineach Guaire dhealbhnaoidhe
san óg uaibhreach threodach thuarthach
bhóithreach bhuailteach bheanntilleach.



Ná léig Éire tar éis t'éirghe,
a chinn chéile Chlann Mhílidh,
don tréad throdach bhéarlach bhrothach
aomhach olcach anríoghdhach
oileán socrach sciamhach scothach
biadhmhar bothach banclíonta,
Inis Éilge thinteach thréadach
choillteach chraobhach chrannlíonmhar.



Folmhaigh Banbha Chonaire chalma
choirighios galrach galltíortha,
is cuir an chuaine loingseach luiaimneach
tar toinn ruaimnigh ramhardhíleann.
d'éis a scriosta dot fhéinn fhuiligh,
an tréad ciontach ceannchoimhightheach,
suidh i dTeamhair, a rí Leamhna,
is ríomh sealbha na seanríghthe.


L. 74


B 1787ls 18D
U Anaithnid
Muiris Mhac Dáibhidh Dhuibh mhac Gerailt ct. air chlaidheamh do
bronnadh do re duine éigin isan aimsir na ríoghna Isibéal do mhair
an fileadh so agus budh mhór a thallann a ffileadhacht.



B 1727ls 18T
An fear céadna .cc. do chloidhiomh do bhronn Ó Lochluinn dó.


L. 80


B 1768ls 18L
Muiris mac Daibi Duibh air chat franngach.


L. 99


B 1744-5ls 18L
U Anaithnid



Buan an rathsi ar rígh Cluana,
rí léir is lia iolbhuadha,
rí is gairmeamhla do ríoghaibh,
rí is ainmneamhla d'ardríoghaibh.



Rí seasmhach, snaidhmtheoir smachta,
rí coitchinne comhachta,
rí is buaine i bhféile dá bhfuil,
rí is cruaidhe is is réidhe riaghail.



Rí athnuadhas reacht na ríogh,
Cing Muiris deaghmhac Dáibhíodh,
spairnghleacach nár chláidh i gcath,
tairngeartach na bhfáidh bhfeasach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services