Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iomarbhágh na bhFileadh I
Title
Iomarbhágh na bhFileadh I
Compiler/Editor
McKenna, Lambert
Composition Date
1604
Publisher
(Londain: I.T.S., 1918)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Olc do Thagrais a Thorna. Tadhg Mac Dáire cct. Olc do thagrais a Thorna gé bheith d'fheabhus th'ealadhna tar ceann leithe Mogha a-muigh re Niall cosgrach a Cruachain. Do thógbhais 's níor chiall chuimhneach iomarbháigh a hucht Muimhneach agus do léigis í ort ar bháidh re catha Connacht. Ní don Mumhain do mhaicne níor dhlighis caomhna a gcairte ón leith a dtuaidh táinic sibh do shliocht Ír mhóir mhic Mhílidh. Do bháidh re mór-shluagh Macha agus fearg na ro-fhlatha do rad thusa a Thorna tim is Niall ag déanamh díchill. Buan a mhairg do Chorc Cláire is do mhór-shluagh na Máighe nach file d'fhuil Éibhir Fhinn tarla id chuid-se don choinntinn. A dubhrais níor mhaith ré rádh ag tagra dhuit re Niall nár fuair Éibhear Fionn na bhfleadh-ól leath Éireann ó Éireamhón. Éibhear is é fa sine don chloinn oirdheirc oirdnidhe ceann na loingse ar ndol do Dhonn ní ó shóisear fuair fearann. Leis do thuit mac Cuill chalma ag cosnamh críche Banbha Rí Éireann dob ainm don fhear ag teacht do mhaicne Míleadh. Is uaidhe ainmnighthear Éire i Laidin go láin-tshéimhe ní hainm nach oirdhearc don fhior Hibernia a hainm ó Éibhear. Níor mhaoidhis éacht na aghaidh ar Niall an uair do labhair tuitim Éibhir na éacht mhór i nGéisill re hÉireamhón. Créad nar chuiris i gcuimhne tuitim Laighne is Luighne clann Éireamhóin mheardha mhir re macaibh uaisle Éibhir. Mach mic d'Eireamhón fheardha Eitrial fa hard-fhlaith Teamhra níor mhaoidhis a thuitim sin le láimh Chonmhaoil mhic Éibhir. Dá mbeitheá i gcomhthrom do Chorc ní bheithea a Thorna id thocht 'n uair do ghoir Niall ní nar dhligh anfhlaith Teamhra d'fhuil Éibhir. Níor bh'anfhlatha i dTeamhraigh thinn ríoghradh shleactha Éibhir Fhinn acht fíor-fhlatha go bhfiadhain do dhúthchas 's do dheigh-riaghail. Cúigear mac le hÉibhear féin ro ghabh neart ar Theamhraigh thréin athaidh tar éis a n-athar níor léigsiod í a rudhrachadh.
Seacht gceathrar ó dhuine dhíobh do fhás re gCorc comhrádh fíor ós cionn Teamhrach na gcuradh nar fhéad Niall do bhréagnughadh. Rí don fhuirinn mhearrdha mhóir do chuir ar tús slabhra óir fa bhráighdibh righ-fhear séimh seang mar onóir d'uaislibh Éireann. Rí eile don fhéin aisdrigh tug tuarasdal d'aos gaisgidh do chosnamh chríche na bhFionn ar tús i n-Inis Éirionn. Rí oile dhíobh na dhiaigh sin do chéad-chuir le meanmain mhir failghe óir um ghlacaibh fear do shlóghaibh glana Gaoidheal. Neach díobh 's ní haoinneach rómpa do rinne d'fhonn a mbronnta sgéith airgid is cian id-chlos 's do bhronn iad a nAirgeadros. Seanchus filidheacht coimhgne is rígh d'uaislibh na foirne áirimhthear dá síoladh sin i nÉirinn d'éis Aimh-irgin. Neach don ríoghraidh úir airgthigh do chéad-chuir rotha i gcairptibh d'iomchar deagh-fhlaitheadh bhfear Fáil i gcrích Éireann mar anáir. I bhflaitheas duine don druing ní sgríobhthar a theacht tar thuinn neart eachtrann ar Inis mBreagh 's tugsad deabhtha dá dídean. Ní sgríobhthar orra fionghal an ríoghradh éachtach fhionn-ghlan claoin-bhreatha ná ciorrbhadh cuil féachaid cách cia ar a sgríobhthair. Dá réir sin a Thorna tséimh níor éisdthe dhuit re glór Néill anfhlatha do rádh rádh mear re fíor-oighribh mac Míleadh. A dubhrais níor cheart an glór ag teacht duit tar Eoghan mhór fuair an dreagan donn dathach ceirt-leath ó Chonn céadchathach. Trí chúigidh cuid do chúigeadh níorbh é ceirt-leath cúig gcúigeadh 's é ar bhean Eoghan do Chonn mar as fhollus a thórann. Ó Áth Cliath Meadhraighe thiar go Duibhlinn Life ag Áth Cliath Atá Eisgir Riada ar fad do roinn Conn re Mogh Nuadhad. Níor mhaoidhte tuitim Eoghain re Conn an aignidh eolaigh teacht i n-arm ghaisgidh dhá ghuin 's é na luighe ar a leabaidh. Níor mhaoidh tú rí Éireann féin Art mac Cuinn an airm aith-ghéir do thuitim ré mhac i gcath gér maith th-eolus níor sheasmhach.
Níor mhaoidh tú i dtráth a mhaoidhimh Cur Cormaic mic Airt Aoin-fhir d'Fhiacha fo ghabhail coire iar maidhm Dhroma Damhghaire. Do fhuilngis a rádh do Niall nar bhris cath Gabhra acht an Fhian gér mhaith an Fhian is in gcath do b'é Mogh Corb a gcodhnach. Móide mo throm a Thorna ort nach d'easbaidh ealadhna do chuaidh dhíot a ndeachaidh thart acht nach dearnais dúinn dúthracht. Ní ar mhaithe re Corc féin acht d'ardughadh anma Néill do labhrais ar labhair sibh ag tagra do Chorc Chaisil. File ag gach druing dá dtreibh féin ag coimhéad seanchais dá bhfréimh mar thuigim anois ar Chorc do réir m'aithne 's mó as neamholc.
A Thaidhg ná tathaoir Torna. Lughaidh Ó Cléirigh cct. A Thaidhg ná tathaoir Torna 's gan é i n-alt bhur n-agallmha re a mhac samhla is mairg do mheas go ndiongnadh claon ar chairdeas. Tug th'aire nach breith le báidh do thagra féin ar Niall náir id file do shíol Sadhbha an Mumha is í th'athardha. Ní mhair dhíobh is dá maradh éin-fhear díoghalta faladh éagnach shleachta Chuinn na gcreach do budh lámh i nead naithreach. Ní thuilliobh diomdha ón taoibh theas síol gCuinn ó nach tig nar dtreas Fa chuimhne a gcomhramh nó a gcath ag cosnamh teallaigh Teamhrach. Clann Gholaimh na ngleo neamh-thais ní chumgaim ceilt a seanchais a gcatha a gcogtha ro chlos léigfead díom mar do gheallas. Éibhear Donn an dara fear is Éireamhón Inse Breagh dá cheann na loingse ag teacht dóibh do dhíoghail Ithe ón Easpáin. Clann éan-mháthar Éibhear Fionn is Éireamhón ór chin sinn 's é ós ceann Éibhir gidh eadh is Éireamhón 'na shóisear. Iar mbáthadh Duinn na dtionól gérbh'é an sósar Éireamhón breith Aimhirghin an ghlúin ghil a bheith a n-áit an tsinnsir. Dá bhithin sin féacha féin ar ghlór Thorna an beanta béim a rádh go bhfuair Éibhear Fionn ó Éireamhón leath Éireann. Clann Chearmada 'na dtrí rígh re hucht mhac Mhíleadh is tír id cuimneach cia le dtugadh i gcath Tailltean torchradar. Do mharbh Éireamhón fear dhíbh mac Céacht do b' fhorainm don rígh ó do mhaoidh tusa an treas fear do thuitim díbh re hÉibhear. Iar sin don Éibhear chéibh-fhionn bliadhain na leith-rígh Éirionn más lór leatsa mar leath dhó ó Bhóinn thoir go tuinn Cliodhna. Is ainm tar narbh oircheas teacht id léighionn dá leantaoi ceart Hibernia ó Éibhear Fhionn 's nach raibhe na rígh Éirionn. Léighnidh dhúinne do dheimhnigh $Hibernus ainm an gheimhridh 's gurab d'fhuacht Innse Banbha fríth adhbhar an fhor-anma. Atáid linn 'nar leabhraibh féin ní dulta dhúinn tar a gcéill dá adhbhar oile do bhean ainm Hibernia d'Éibhear.
Adhbhar dá gairm d'Inis Fáil sruth Hiber atá san Spáin mar tharla re dteacht an-oir mar dhúthchas ag Cloinn Gholaimh. Nó oiléan i dtoirneann grian d'Ibernia is eadh as chiall focal gréagach tig is teagh i ngabhaltas mac Míleadh. Ar áirmhis oruibh d'éachtaibh do shíol Éireamhóin éachtaigh 'na n-aghaidh a dtorchair linn adhbhar diomdha dá n-áirmhinn. Do mhaoidhis maith ré a dhéinimh sochair Bhanbha ó fhuil Éibhir ní hé a shamhail mhaoidhfeas mé do shíol Éireamhóin uirre. Mó as mhaoidhte ar iath mBanba sochair dá dtárraidh tarbha a haibhne a locha ma le a mur-bhrucht mara a maighe. Áireamh dhá fhichid a líon ro mhuidh d'Éireamhón 's dá shíol d'aibhnibh Fódla is fiche loch go dtáinic an Conn cathach. Is aca i nÉirinn ar tós do bearbhadh ór fa nuaidh nós is rí do mhaicne an mhuirir tug iol-dhatha ar éadaighibh. Triocha magh tugsad a coill cumaoin oile ar Inis Floinn gémadh é an mur-bhrucht mara tárraidh an tOl-mhuchadha. Ar shíol nÉibhir ní fhaghaim gur mhuidh loch gur ling abhainn ar a seal d'Inis Banbha dar leat níor bh'í a n-athardha. Acht seacht muighe a-mháin do bhean Eochaidh mac Conmhaoil na gcneadh na foirne as a bhfuil do theann níor bheansad d'fhiodhaibh Éireann. Dámadh do shíol Éibhir dhóibh triúr as a ndlighfidhe dóigh measaim go maoidhfidhe lat Conn Conaire agus Cormac. Sochair Chonaire chalma is oirdhearc iad fan mBanbha cidh dhúinn déanamh a bhfeasa atáid ag aos ainbhfeasa. Cormac breitheamh na mbreath bhfíor é ro thracht teagasg na ríogh ní faghthar ughdar as fhearr ag dlighthibh aosta Éireann. Do Chonn ní misde a mhaoidheamh a chumaoin ar gort nGaoidheal cóig príomh-róid go tigh Teamhra fríth i n-oidhche a gheineamhna. San oidhche chéadna ro chlos léim Bóinne i bhfaghthaoi an t-iomus is Léim Chomair na dtrí sruth is dá loch um loch nEachach.
Craobh Daithi is craobh Mhughna eo-chruinn go gcnuasach chumhra bile Tortan eo Rosa fríth san oidhche chéadna-sa. Fás a bileadh buain a fiodh tomhaidhm a loch léim a sriobh ar chrích Fodhla gá fearr cairt do shíol Éireamhóin ordhairc. Bean Éireamhóin iúl cuimhneach Téa† fhial †inghean Luighdheach do thógaibh Teamhair dá sliocht go bhfuil aca na hoighreacht. Tiomna Iughoine dá shíol cairt oile ar Éirinn na ríogh tar fhuil Éibhir an mhiodh-óil atá ag aicme Éireamhóin. Geallaid dhó uile i nÉire fa ráthaibh éasga is gréine sealbh na Banbha tre bith síor dá shliocht gan fhuath gan éissíoth. Rannaid a chlann nar mhuidh móid ise i gcúig rannaibh fa chóig trí céad bliadhan do bhuí an rainn gan cách do theacht tar tórainn. Iar mbriseadh dá caogad cath Tuathal Teachtmhar triath go rath fuair sé na rátha roimhe ó chách mar fuair Iughoine. Puirt oireachais Inse Fáil leo cheana acht Caiseal amháin d'fhuil Éireamhóin do dhearbh sin sealbh Éireann tar fhuil nÉibhir. Oileach na ríogh ráth Cruachna Teamhair Breagh Teamhair Luachra Nás Laighean Eamhain Uladh othair seal na sean-churadh. Ad-chí gach cúis fár chuir Niall an-fhlaith i leith Cuirc na gcliar mac Eachach nach obadh gleo féach an oircheas a aithcheo. Is é sin tug ar Thorna 's ní báidh re síol gCuinn gCnobhdha mar do éisd re Niall go neart 's ní dá fheirg tug an t-éisdeacht. Comh-ghar dhúinne is díbhse theas Ír ó bhfuil an tí gan cheas ní sia Torna ón taoibh a-muigh Luachair Deaghaidh a dhúthaigh. Buidheach is beithte do Chorc do Thorna fa bheith na thocht nar chuimhnigh ar chuimhnigh sibh do ríoghraidh shleachta Éibhir. d'eagla go n-áiréamhadh Niall ríoghraidh Teamhra thoir is thiar cóir do ghabh Torna ré dtaoibh do sheacht gceathrair nar chomhmaoidh. Níor chin ó Chorc mac Luighdheach éin-rí do ríoghraidh Muimhneach deacair dhuit tagra go teann do ghabh oireachas Éireann.
Buidhean tseisir is céad ríogh d'fhuil Éireamhóin is é a líon i ndeaghaigh Néill is roimhe atá san réim ríoghraidhe. Tiomna Iughoine ar Éirinn is Tuathail Teachtmhair d'Fhéidhlim tug Niall an gcéadna dá chloinn ria n-éag ar chathair Chróbhoing. Réimheas ceathracad 's sé ríogh do bhí an tiomna-sa ghá shíol sealbh na hÉireann ná hiarraidh ar mhaicne Néill Naoi-ghiallaigh. Ní maith liom a dhol ós aird ort mar do thagrais a Thaidhg go raibhe níos mhó ná leath d'Éirinn ag Eoghan Taidhleach. Méad bhar n-aidhbhse is aithne dhamh ar leith Mogha na múr nglan nar mhaoidhis an Mhidhe ar Chonn 's na cóigidh gan bheith comhthrom. Gíbé do fhéachfadh orra ar tús i dtráth a ronna coibhéis dhá chóigeadh oile cóigeadh chloinne Rudhruighe. Do bhéara dhuit a dheimhin féach sean-roinn shleachta Neimhidh trí cuid go gcomhthrom ronna do niad d'Éirinn eatorra. Don roinn sin is eadh as trian ó Bhóinn go Toirinis thiar suaill ré mheas don iath-fhód sean an bhfuil ann acht aon chóigeadh. Roinn oile tarla ar an tír idir shliocht Éibhir mhic Ír bhar dtrí cúigidh curthar ann rér ndá chóigidh i gcomhthrom. Céad bliadhan ar bail do bhí Eisgir na ronna-sa as í ó Inbhear Colbtha na gcreach gus an gcuan láimh le Luimneach. Fraoch mac Éibhir 's a eachtroinn is dóibh tugadh an cheart-roinn fuair Eoghan ó mhac Úna fa dheoigh níor fháth iomthnútha. Ná beir uaim ní dá mhaoidheamh ar cheil mé nó go maoidhear 's níor ghabhais acht leith-sgéal lag re marbhadh Mogha Nuadhad. Is amhlaidh fuaras sgéala Eoghain Mhóir ar Muigh Léana nach raibh i gcathais mar Chonn do dhóigh a harmaibh eachtronn. Geibhis ar maidin go moch a chodladh níor chodladh troch mar nach raibhe coimh-líon céad do bhí Conn ar a choimhéad.
A mhic Dáire is daor an bhreath más feall do námhuid ar neach dul san ló d'ionnsuighe air gé bheath na luighe ar a leabaidh. Guin Airt do Lughaidh Lagha níor mhaoidhte dhuit go dána ní hé Lughaidh do mharbh Art acht Lioghairne go laochdacht. A ghníomh oraibh ná hainmnigh Lioghairne laoch do Laighnibh bráthair Airt mhic Chuinn na gcath mac Aonghusa mhic Eachach. Ná háirimh é ar an Mumhain 's gan acht dias san dá Lughaidh eachtronnaigh is iad do bhris cath Mucroimhe ro mhaoidhis. Mogh Ruith do shliocht Ír oirdheirc fa-deara dí-mhiadh Chormaic Caoille an Druadh as dearbhadh air ní hionmhaoidhte é ar Fhiachaidh. Bás Cairbre an ríogh ráthaigh Semeón mac Ceirb a bhráthair i gcath Gabhra is leis do thuit torchair an Fhian na éaruic. Teacht le Féin Fhinn nar n-aghaidh do dhíoghail Aodh mac Garaidh dar ort Mogh Corb ní sgéal nua i n-iomairg sléibhe† Sean-†Chua.
Éisd a Lughaidh rem Labhra. Tadhg McDáire cct. Éisd a Lughaidh rem labhra ó taoi-se i n-alt mh'agallmha léig Torna seachuinn go se tabhair féin dhamhsa th'aire. d'eagla nach tiocfa a dtuaidh léigfead beagán aighnis uaim do dhearbhadh a ndubhairt mé is d'aithcheo ar aill uaibhse. Gach freagra tugas ar Niall gé tú d'éanfhuil is Corc thiar ní dheachas céim tar an gcóir mar bhus follus i gcéad-óir. Munab ag iarraidh bine do dhéanamh dhuibh ar fhile ní budh cuirthe dhuit a-mach díoghail fala ná éagnach. Dá mbeidís sliocht cródha Cuinn na gcéid-neart ag eisdeacht ruinn níor chuirthe dhóibh um aghaidh acht file dom ionnamhail. Níor éagnuidheas aicme Chuinn níor cheart an tuigse a rádh ruinn ar son ceirt chlann Éibhir Fhinn do thagra mar do dhlighfinn. Go dearbh is feasach dhaoibh féin ní thóigeabh fiadhain i gcéin dá mbeinn re héagnach clann Chuinn nach mar dubhart a-déaruinn. Ní mé do thairgfeadh clú a ngníomh re saoibh-chiallaibh do bhuain díobh nó dá mbeidís leo lochta níor thairgeas a lom-nochta. Do chím fein nach fulang libh beagán d'fír-theisd cloinne Éibhir do labhra dhamh-sa na gcath ní ghabhthaoi é acht na éagnach. Dlighim ceart cloinne Éibhir do thagra ann gach chás chéillidh nó go ndeachainn seacha so níor bh oircheas d'aon mo thubha. Ós éigean go mbia 'nar ndán fírinne bhus searbh ré rádh ní mise as chiontach ris so acht Niall Torna agus tusa. Beag nach samhail liom re m'éag a theacht dar chuir sibh orm d'éad dul i gcomh-ghar rachas mé d'onóir bhar n-aicme uaisle. Iad féin do ghoin a chéile ó nach uaidh do b'fhearr Éire léigim sin thoram is thort acht do dhearbhadh a ndubhart. Do bhean Éibhear na meadh-ól don chloinn oile is d'Éireamhón dearbhadh gan neach ós a chionn rogha leithe d'fhód Éireann. Beag nach rug sliocht Ír amháin urmhór a leithe as a láimh ionnus nach cóir déanamh tinn as roinn Éireamhóin d'Éirinn. Ní raibhe ag roinn re hÉibhear do shíol Breoghain acht éin-fhear mac Ithe ré dtárthus de tríocha céad Corca Luighdhe.
Dá bhféachadh neach ar gach taobh roinn Éireann eatorra ar aon tuigfidh nach raibhe mar sin Éireamhón ós cionn Éibhir. An bhreath ataoi do labhra do bhreith d'Aimhirgin amhra fagham i rosg nó i laoidh libh mar fa gnáth glór Aimh-irgin. I rosg rug Aimhirgin breith idir a bhráithribh gan chleith dar chuir iad ar feadh naoi dtonn is Tuaith dhath-ghlan Dé Danann. I gcomh-uaim fileata ar tuinn do ráidh na briathra na luing d'iarraidh soirbhis dá n-eachtra dar sguir an ngaoith ndraoidheachta. I n-aisde fileadh a-rís do labhair ag teacht i dtír mar tá gá lán do mheabhair do shúr éisg i n-inbhearaibh. An bhreith sin dá mbeireadh sé a Lughaidh an gcreide féin nach fuighfidhe i n-aisde linn mar gach aisde dá n-áirmhim. Ní clos an imreasan ann clann Mhíleadh ag teacht anall is eadh fa haigne don druing comh-baidh comh-chosnamh comh-roinn. Gan imreasain ag dhá neach gníomh nó riaghail ní bhí breath cionnus do béarthaoi mar soin breath is iad gan imreasain. Níor churtha breath i leith suadh gan bheith dlightheach gan bheith buan níor dhlighe dhóibh í mar soin níor bhuana dhóibh na dheaghaidh. Dá dhearbhadh sin is sinnsir do toghthaoi i nÉirinn innsigh mar cheann fine seach gach fear ó shoin ag macaibh Míleadh. San leabhar labhras don bhreith os éigean dúinn gan a chleith atáid neithe ré gcois soin gá dtáid seanchais na n-aghaidh. Má thig féin na aghaidh féin lughaide is cóir bheith dá réir a shamhail ní sgiath chosnaimh do bhreith iongnáith éagcosmhail. Dá bhfaghadh neach ionadh Dhuinn fada ó cheart ar Éirinn uill Éire níor dhúthaigh dhó soin níor shealbhuigh í 's níor chosain. Amhlaidh mheasaim gur bheanta béim ar Thorna fa theachta tar ghlór as a dtuigfeadh fear urruim shinnsir do shóisear. Is lór leam-sa an leath as fhearr tarla ar Éibhear shéaghuin sheang rogha leithe don dá leath mar dhearbhochad go deimhneach.
Is fearr leath Éibhir go n-aoibh ó Bhóinn thoir go Cliodhna chaoimh ná an leath ó Bhóinn go srúbh Broin tugadh d'Éireamhón angbaidh. Mó as mheasraighthe d'fhuacht do theas líonmhaire do mhil do mheas foigse da gach maith tar muir lia a cathracha a comh-ursain. Mó do thomhus tríochad chéad barr fós ar a maith a méad ní ar an aird a bhfuil soin labhraid go trom na hughdair. Fada ó tángas tar an ainm iomdha sein-sgríbhinn dá ghairm tar ceann th'iomad ciall do chur ní thiocfa dhíot a dhiúltadh. Na hil-chialla ataoi do ríomh dá bfiafraigheadh neach cia dhíobh dá dtig an t-ainm d'iath Breagh cuma leatsa acht nach d'Éibhear, Do gheabhtha i bhfail ar léigheas Éibhear darbh ainm Hibérus Hibernia gur dá ainm thig i dteangthaibh nach í an Scoitic. Atáid tíre as treise i bhfuacht an t-ainm cidh nach dóibh do ruacht más ó mhéad fuachta thig sin fiafraigh uaim-se dod léighnidh. Gé tá Éire san aird thiar atáid tíre i dtoirneann grian le linn curtha a cuarta a le nach Hibernia ná Éire. Is follus turnamh don ghréin ann gach tír fhágbhas dia héis ó tá an domhan i modh chruinn is spéar gréine na cearcuill. Ainm do thír seach a chéile mar sin tré thurnamh gréine dá ndeachadh eagnuidh dhá mheas ní mheasfadh gur chúis oircheas. Daoine ag creideamhain dá gcéill tógbhaid an rian ceart dá fréimh dá leana ar cialla mar soin ná sloinn ó Téa Teamhair. Focail il-chiallda féachtair na gcuir mór n-ughdar céadfaidh breitheamhnas díreach dóibh soin go grian a bhfis ní féadair. Na cialla chuire san ainm má tá tarbha dhó na ghairm ó nach tú as bhreitheamh orra maith áit Éibhir eatorra. Áireamh éacht ní mé do thriall ar dtús acht Torna agus Niall ní orra badh mó mo ghean a ndéanamh soin nó a n-áireamh. Níor mhaoidheas meisde a ndéinimh sochair shíol Éibhir d'Éirinn mó d'Éirinn go mór ré mheas ar fhágbhas díobh ná ar áirmheas.
Gidheadh tiocfaidh dod laoidheadh sul sguirfeas mé go maoidheobh sochair ó fhuil Éibhir Fhinn as mó do fhóir ar Éirinn. Acht go dtugar freagra ar tús feirrde an aigdhe a cur i ndlús ort ann gach tarbha thionóil mhaoidhe ar aicme Éireamhóin. An d'easbaidh gníomh gcóir ré ráidh nó le th-iomad labhra láin mhaoidhe sochair orra sin gan aon chuid dóibh na ndéinimh. Oibrighthe a dhúl ar thoil nDé do shealbhadh dhóibh níor mhol mé mó go mór dhuit-se is dhóibh do mhasla é ná d'onóir. Dá maoidhe tú mar bhreith gill oibrighthe Dé dhóibh ré linn ar Ioruaidh is maoidhte sin breith Críost ré linn i mBeithil. Gach loch gach linn dá labhra ós dóibh féin théid a dtarbha fuil Éibhir is dóibh do ling ar a gcuid féin don Éirinn. Atáid a lán do lochaibh is araile do shrothaibh ag ar mó d'inis Banbha a ndíth ná a ndeagh-tharbha. Báidhtear leo ní sochar saor ceathra agus daoine maraon gan fhéar gan ioth congbhaid soin a mbí fútha don talmhain. Gibé maith nó saith do niad nocha maoidhte ar éin-rígh iad acht ar an rígh as rí ar nimh nar iarr congnamh fá ndéinimh. Muighe do bhuain a coill libh admhaim gomadh sochar sin mó do shochar buain na magh do choill-shleagh ndonn-ruadh nDanar. Níor doirteadh acht allus ball ag síol gCuinn ag teasgadh crann d'fhuil Dháil gCais do doirteadh cioth ag leodh sleagh lucht na luirioch. Muna bheantaoi ní cheilim don choill fa dheoigh a-deirim beag tarbha a dteasgadh ar tús maighe Fódhla is é a n-iomthús. Buain magh nÉireann theas is thuaidh don choill sin dar dhocra a mbuain síol nÉibhir is iad do bhean is orra as chóir a n-áireamh. An mur-bhrúcht mara mhaoidhe a luadh gá glór as saoibhe más mar shochar mhaoidhe a Lugh mó a dhochar ná a shochar. Más é a maoidheamh do ní léim fairrge tar bloigh do thír cosmhail go maoidhfidhe soin dá mbáidhti uile ar ndúthaigh.
Atáid tíre maith an bhreath 's is é as moladh ionnta ar neach blogh talmhan dá dtíosadh dhé do bhuain d'fhairrge nó d'uisge. Ní sochar gan chuid dóibh féin do ronsad sliocht Éibhir fhéil sochair gá rabhas na gheall do rónsad d'fhearaibh Éireann. Eoghan tug iad ó ghorta Brian ó dhaor-bhruid ó dhocra sochair do fhóir cách mar soin fagham agat ód ríoghraidh. Dar leat do b'athardha dhóibh críoch Banbha go n-iomad slóigh na bhflaitheas ní tharla dhí plágha gorta náid geinnti. Ní thug rí díobh dá dtarla ar feadh a ré ar fhonn mBanbha roinn dí do thréan nó do lag dar leat do badh leo an leanabh. Glór mar sin ní fhuil ré rádh gan druing as a ndéine a lán lughaide is cóir déanamh truim ar chloinn Éibhir na gconchloinn. Cúigeadh saor ód ríoghraidh thuaidh ag clainn Éibhir mór an buaidh gach neach dar ríoghadh don chlainn saoirse thuaidh air ní fhaghaim. Ar shíol nÉibhir as do thriúr aithneadh dhúinn ar aon a n-iúl maoidheamh mór níor dhéanta dhuit acht amháin briathra Chormaic. Táinig éin-rí d'fhuil Éibhir tar éis Néill is Cuirc chéilligh do b'fhearr d'fheidhm d'Éirinn uile ná Niall Conn is Conaire Sochair do ríoghraidhe a-nuas áirimh leat go léir gan luas meadh sochair Briain mhic Bhé-bhionn ní fhuighe id ríoghraidh Éireann. Do cabhradh aos léighinn lais do ath-chátaigh an eaglais tug da gach druing dar mhian sgol costas léighinn luach leabhar. Tug dá chléircibh féin gach cill d'aimhdheoin na loingseach tar linn tug iar mbeith fa dhaoirse thruim saoirse dá bhflaithibh fearainn. A dtug lucht na long seolta leo as gach tír d'iarthar Eórpa ar ndol aige ar a dtreabhaibh do roinn Brian ar Gaoidhealaibh. An maor do bhí ar gach mbaile tug Brian fa bhreith a dtoile an buana do bhí ar gach tigh tug mar mhogha don mhuinntir. Iar mbeith don Éirinn aidhbhsigh i mbuaidhreadh re cian d'aimsir tug síoth innte ó bhinn go binn fa hé an turadh iar ndílinn.
Gan feidhm ndaor ar mhnaoi mhéir-sheing ná ar aon-mhac óg-laoich d'Éirinn re gníomh moghsaine ag gac neach do bhíodh a ghall nó a ghaillseach. Níor ainmnigh d'aon dá dheigh-shliocht dúthaigh aoin eile i n-oighreacht tug a thír féin da gach fhlaith caidhe comaoin a comh-maith. Tug sloinnte sochar oile nach tugsad ríoghradh roimhe lé dtuigthear i ngairm gach fhir cia a threabh do mhacaibh Mílidh. Níor shaor Lugh acht tuaith a-mháin comh-ghar dhúinne is daoibhse a bháidh ag sin ag Brian barr ar Lugh ceall agus tuath do shaoradh. Do thaobh Chonaire ní fríth acht meas nó soinionn nó síth biodh go mbeidís sin ré linn gearr fa sochar iad d'Éirinn. Ní mar é do cheangail Brian síothcháin Éireann thoir is thiar níor ráinig dá díbheirg so oiread cloinne Duinn Déasa. Ní hionann táirtheas leo an chríoch níorbh ionann fós a dá síoth ní ar fhlaitheas Bhriain sgríobhthar soin trian fhear Éireann re foghail. Ní iarrtha breis do bhuain dínn a los Conaire ná a shíl dá n-antá rinn i modh cheart acht go léightear a gcoimpeart. Níorbh fhearr Cormac re cheart féin do dhéanamh cúise go réidh ioná Brian i gcúis córa ag leanmhain luirg chanóna. Do Chonn is meisde a mhaoidheamh a chomaoin ar chrích nGaoidheal an chomaoin nach é do chuir 's a bheith ar bheagán sochair. Dámadh é Conn mar nach é do gheabhadh róid go teach Té d'Éirinn fá beag sochar soin téighthí gan iad go Teamhair. Muna páirteach na rúinibh d'fhollamhnacht Dé ar a dhúilibh mheasas tusa bheith do Chonn créad dó mhaidhm loch nó abhann. Cur mór gcath istigh sa tír ní céim as ionmhaoidhte ar rígh amhail maoidhtear libhse ar Chonn 's gan éin-ghleo i n-aghaidh eachtronn. Mar sin gurbh fhearr Brian a-bháin mar ghein shochair d'Inis Fáil nás an triúr áirmhe a Lugh 's a n-áireamh go n-a sochar. Más í sin do chairt as fhearr ní cairt í as a beithte teann ionann daoibhse bheith gan chairt na neithe taoi do labhairt.
Ní hiad féin rod-chuir na fáis teasgadh coille ní céim cáis maidhm loch go suaithnidh nó sreabh ní dhearna duine acht dúileamh. Tuigthe do chách dá bhrigh sin an chairt as fearr luaidhtear libh. do chairt oile nach fiú a meas mar nach fiú ise a haighneas. Tomhaidhm loch tomhaidhm aibhneadh fás crann mbláith-thorthach mbarr-gheal gibé rí ar a bhfuighe a bhfios ná tuig dhó acht a n-oireas. Más oighreacht dhí-se is dá síol an teach sin Teamhra na ríogh mó as luath ráinic a sealbh sin dá éis cúigear mac Éibhir. Sul táinic céad do thrí chéad i ndeaghaigh Iughoine d'éag Mogh Corb d'fhine Éibhir Fhinn do ba láin-rí é ar Éirinn. Feadh sé nglún na dhiaidh dá shíol gach neach dhíobh san suidhe ríogh an gcreide go mbiodh ré linn roinn mac nIughoine ar Éirinn. Níor gairmeadh rí d'aoin-fhear uainn gan neart Éireann theas is thuaidh ríoghradh iomlán Mumhan Mis cia an tórann tar nach téighdís. Ar sgaradh riú don ghairm ríogh ní hé Iughoine ná a shíol tháinig d'fhoirneart orra is-teagh acht tréin-shliocht Ír mhic Mhíleadh. Mar sin is follus do chách nach féidir go fíor a rádh trí chéad bliadhan go raibhe neart Banbha ag sliocht Iughoine. Iarraidh cairte a hucht Tuathail iongnadh aniú ar Éirinn uathuidh na ré féin fuair Tuathal cor 's ní hé a mhac fuair a ionadh. Aithigh Tuatha tárla is tír Sanbh Eochaidh is Foirbhrígh orra do ghabh Tuathal teann agraigh sé orra a choingheall. Níor mhair beo d'ard-chloinn Éibhir acht aon mhacaomh caoin-chéillidh 's é i n-am Tuathail d'fhagháil neirt ó Aitheac Tuaith ar díbeirt. Ná beir uaim nach fuair Féidhlim seal dá aimsir ar Éirinn a los a chloidhimh fuair soin 's ní mar oighre i n-áit Tuathail. Mó as lag an iarraidh garma. maol-ráta gan mhór-tharbha gan ionnta acht mar gach n-ionadh acht bheith seal ar suidhiughadh. Gearr an seal thugsad fa chion aithnidh dhúinn ar aon aniogh Cuid dhíobh gan buain aca ribh acht foirneart athaidh d'aimsir.
Is fearr más i gcoimhmeas thiad mar phortaibh oireachais iad puirt shleachta Éibhir na n-each Corcach Portlairge Luimneach. Dá mbeith ní ar phortaibh áille níor dhearmaidthe Dún gCláire Dún Iasg Caiseal is Mín-mhagh Áine Cliach is Ceann Coradh. Aithcheodh bréithre nacharbh fhíor bíodh go dtiocfadh tar béal ríogh oircheas d'fhilidh gá mbiadh fios dá mbeanadh ris an aighneas. Tar ceann a dtagrai-se a Lugh 's congnamh Néill id cheann do chur a ghairm do cheart ní fhéad sibh an-fhlaith Teamhra d'fhuil Éibhir. Eachtrainn plágha ná gorta na bhflaitheas feairrde a sompla do theacht ré linn níor léigh sibh doirbh an-fhlaith dhíobh do dhéinimh. A bhfuil is feasach do chách biaidh cuimhne a soi-ghníomh go bráth níor cheart an-fhlaith do ghairm dhíobh ní léightear orra doi-ghníomh. Rígh mar fhoirneart tuile ag teacht imreas a gceart mar a neart go bhfiadhain d'eolchaibh maithe is riú as ionráidh an-fhlaithe. Admhaidh Torna na dhán féin méad a sgátha re bhfeirg Néill iongnadh dhuit-se a shéana soin mar gach séana dot shéantaibh Taosga as dúthchas d'aicme Ír Cúige Uladh na n-eang mín ionás Luachair ard úr-chas bádhach neach ré shean-dhúthchas. Tuigid lucht tuigse tromdha an leath thuaidh dán díobh Torna. a bháidh riú nár dhearmaid soin tré bheith i Luachair Deaghaidh. Dá ríomhthar rígh reampa a-raon na nglúinibh díorgha ar gach taobh ní fhuighe Torna agus Lugh do bhreis ag Niall dhá cheathrar. Cuid don bheagán breise féin do ghéabhthaoi libh do thaobh Néill do bhádar sinnsir Chuirc treall coimh-thréan riú ar Inis Éireann. Do chin ó Chorc ó gcorcair ríoghradh as ró-mhó moltair nás an drong áirmhe go teann uaibh i n-oireachas Éireann. Ní beag d'eisiomláir d'Éirinn dála Néill Caille is Féidhlim Niall do chur id ríoghraidh thoir Féidhlim do chur ó chommaidh. Fuair a ghruaidh ar gné mónann d'ainm optimus Scotorum teisd Fhéidhlim dá léighthear lat léigh teisd Coluimb ar Chormac.
Léigh a gcoimh-réim gan chéim tláis léigh a dhá mbeathaidh 's a mbáis fearr go mór d'fhiadhain iad so ná duain Giolla Mo Dhubhda. Mór-gcúis dá ndéanamh taidhbhseach do bheir bhar n-áireamh aidhbhseach do ghéabhthar uaim bladh dá fhios go nach raibh cách na ainbhios Triúr i n-éin-ré it áireamh ríogh drong na gcúplaibh áirmhe dhíobh déanamh nuimhre suas mar sin ní ceist é d'fhior a n-áirimh. Do ghéabhtha ré léigheamh uaim i gcuid dod dheigh-leabhraibh thuaidh beag nár léigthe dhamh um thosd comh-fhlaith ceathrair i gcumosg. Mar sin áireamh do ríoghradh nach congnamh a mbeith líonmhar do bhrígh go n-áirimhthear libh uimhir trír ar uain éin-fhir. Cúis oile as fhollas do chách inneosad ní sgéal gan fháth th-iomad áirimh ríogh a Lugh do theacht do chúis nach iongnadh. Teamhair Bhreagh i mbídís rígh ar bhar gcuid-se thuaidh don tír ní lamhmaois acht le ró neirt stiúradh an ard-phuirt oirdheirc. An tráth nach teagmhadh rí dhínn ná d'fuil Luighdheach ná d'fhuil Ír is in teagh sin Teamhrach Breagh bheith dhíbh féin ann níorbh aisdear. Rí Éireann do gairmthí libh don tí fá treise ar an tigh tar ceann freasabhra ris soin Ó bheith i dtreise ar Teamhraigh. Gairm ríogh Éireann do ghairm dhíobh gan gabháil giall gan cuaird ríog ná tuig d'Éirinn ní sa mhó fán ngairm acht pars pro toto. Dá dhearbhadh sin féacha féin mar deir ceart gach ríogh go réil rí Ua Néill madh neartmhar sin nach dligh ceart do ríghCaisil. Tuigfir as sin mádh áil uaim nach iomlán do ríoghradh thuaidh ní hiomlán Éire mar sin más cuid d'Éirinn ríCaisil. Dearbhadh oile ó bhfuighe a bhfios ughdair annála is oireas is eadh sgríobhaid orra amach i ngairm na ríogh rí Teamhrach. Mór ndearbhadh ré chur na cheann gidh searbh sin sloinnfidhear leam ar ghairm ríogh do ghairm don dreim ar thaobh re hurruinn d'Éirinn.
Ní lughaide áirmhe ar Chonn tríocha bliadhan ar an bhfonn dhá dtrian na mbliadhan nár lamh buain don roinn do bhuí ag Eoghan. Cormac ceathracha bliadhan áirmhe ar fhód Éireann iath-ghlan ní lughaide áirmhe soin gan umhla aige ó Fhiachaidh. Más ag triall ríghe Muimhneach mar deir sein-leabhar cuimhneach do thuit Cairbre i gcath Gabhra níorbh é an rí gan fhreasabhra. Rí d'ard-fhlathaibh fhola Chuinn Flann† oirdhearc †mac Maoil-Sheachluinn féach re mac Lonáin nár laimh imbeirt cluiche ar Magh Adhair. Ris na ríoghaibh uaibh do b'fhearr ó'dchí ar mbeith-ne teann re teann na rígh fa táire ionáid soin ná ro-mhaoidh oirne a Lughaidh. Dá dtiomnadh neach ní nach leis dá chloinn créad a bhrígh nó a bhreis dá dteagmhadh mar tharla soin sealbh agus ceart na n-aghaidh. Tugas freagra ar th-áireamh ríogh ní bhiú ag leanmhain air do shíor léir do chách lé dtuigtear soin iomthús do ríogh a Lughaidh. Féach nach déidheanach dhúinn féin i neart Banbha ná d'fhuil Néill an tsealbh nach tugamar dhóibh d'iarraidh orra fa éagcóir. Righ ba neartmhaire ná Brian nochar geineadh riamh ó Niall ar thiomna Néill dá mbeith cion níor le Brian flaitheas Gaoidheal. Do ghabh Donnchadh† deagh-†mhac Briain bráighde re humhla na dhiaidh Laighean Midhe is Muighe Bhreagh tar tiomna Néill do rinneadh. Do chaith sin dá bhliadhain déag tar tiomna a ndeacha uaibh d'éag mac mhic Bhriain Toirdhealbhach teann i ríghe os fhearaibh Éireann. Tug Muircheartach triath Muimhneach clocha Oiligh go Luimneach ag bhar dtiomna níor ghabh cead buan a ríghe ré fichead. An Éirne aithnidh dhuit-se áit choinne Thaidhg Caoluisge tiomna Néill nochar fosdadh an lá thug Tadhg tuarasdal. Adeirim-se ribh-se a-rís bíodh go gcuirfidh oraibh sgís go raibh ní sa mhó ná leath d'Éirinn ag Eoghan Taidhleach.
Créad nár áirmhis tríochaid céad sul do churthaoi im leith-se bréag mar táid sgríobhtha ó ré na sean munar lór áireamh cúigeadh. Meastar na hocht dtriochaid dhéag atá i Midhe go líon séad gar go bhfuil a oiread soin dar dtaoibh uaibh do Chonnachtaibh. An cúigeadh sin cloinne hÍr chuire mar thaidhbhse i nbhar dtír a dtugadh dhó do bhreith ghill ní don chlár acht dá fhoirinn. Maith fuairsead filidh Banbha arbh fhéidir leo do labhra re cloinn Ír seach gach cineadh níor chumaoin nár cúithigheadh. San chúigeadh thuaidh is eadh thig cúig tríochaid déag ar fhichid áirimhthear a oiread soin ann gach chúigeadh don Mumhain. Ar chuid Eoghain Mhóir na séad do réir áirimh tríochad chéad beag nach fuil do bharr tar leath más breis dó cúigeadh Laighneach. Ranna do fhromhadh bhar bhfis fada ón adhbhar gan buain ris áireamh do mhín-leithe Chuinn do dhéanamh mar leith chomhthruim. Na ranna ráidhe roimhe ranna iad do réir toile níor gairmeadh díobh romhad riamh mar ainm ceirt-leath nó ceirt-thrian. Rainn shíl Neimheadh diongna a rádh trí deichneabhair líon a slógh gan fos ó ionadh d'ionadh gan anmhuin re háitreabhadh. An sliocht do b'fhearr iar Neimheadh do rainn Éirinn fa dheireadh ór fhássad naoi rígh don druing ar a rainn is eadh fhanaim. Rainn toile do rónsad sin dhá mhac Eibric mhic Éibhir rainn chomh-throm ní hiarrtha d'fhior idir shóisear is shinnsear. Ós é Mogh Nuadhad fuair comha ní leath Fraoich acht leath Mogha ainm na leithe as mhó ná leath bhí ag tréan-Eoghan Taidhleach. Mar do chanais tréan Eoghain do Fhraoch thug leis na dheoraidh d'Fhionnmhall d'Fhiacha Casan can gach treise dár ghabh Tuathal. Is follus nach dearnas trom féach mar deire féin ar Chonn a amus ar maidin mhoich is Eoghan ar a leabaidh.
Dá gcurthaoi fógra catha uair reampa i gceann na flatha follus lé ndearna as a shuan nach biadh a éag ré iomluadh. Ní hiongna aniú go dána séana a ghníomh ar Lugh Lagha do séantaoi air féin san chath tuitim ris trí rígh Ulltach. Ní ar Laighnibh acht ar Mhumhain do iarr Cormac a chumhail do bhrígh gur le Lugh do thuit Art Aoin-fhear athair Chormaic. munab é Lugh do mharbh Art créad fár iarr Cormac a mhac re hucht catha Crionna ar Lugh ceann ríogh i n-íoc a athar. Níor chuir Lugh fá tréan i dtreas is rinn gaoi Chormaic ré chneas 's níor chuir Cormac go gcuimhne bás Airt i leith Líoghairne. Mar sin nach féidir a chur marbhadh Airt Aoin-fhir tar Lugh muna bhfuil teisd as fhearr lat ioná Lugh agus Cormac. Na heachtrainn thugsad leo a-nall an dá Lughaidh nár thréith bann d'oireamhuin don dís tar muir thángadar as a ndúthaigh. Saobh an bhreath clú ghníomh a shluaigh do bhuain don fhlaith bheireas buaidh 's nach le a aon-láimh féin do ghabh Alexandér an domhan. Dámadh ar aon-láimh do bhiadh maidhm chatha nó gabháil ghiall ní raibhe i Mucroimhe ann soin lámh ba meadh do láimh Lughaidh. Ní sgríobhaid bhar n-eolaigh féin do shíol Eireamhóin go léir teisd Luighdheach mar labhraid sin a shamhail do ghlún gaisgidh. Mo náire a Lughaidh a luadh mar thig tú tar Caoille an Druadh éigin damh dá chlaochlódh soin fírinne an sgéil do leanmhuin. Cormac féin thug leis a tuaidh draoithe d'iarraidh beirthe buaidh dár thráighsead uisge Mumhan ceathra is daoine ar dtiormughadh. Dealbhaid mar sheasamh dá spairnn caoire ris nach gabhdaois airm más maiseach an iarraidh neirt dod rígh onórach oirdheirc. Cuirid sluagh Muimhneach a-muigh fios ar an sean-draoi Mogh Ruith dá bhfuair d'fearann feasach dhuit ar chosg draoidheacht druadh Cormaic.
Coisgis Mogh Ruith ceird na ndruadh 's ar a shon do ghlac a luach Fiacha Muimhneach do chlaoi a neart níor chlaoi Mogh Ruith acht draoidheacht. Ann ngach ionadh theas is thuaidh i bhfuil sgríobhtha sdair an tsluaigh ar a n-abraim an-oise tógbhaim í mar fhiadhnaise. Gion gur mhaoidheas bás Chairbre lem shaighdibh amhail shaighde do bhéar rann dá dhearbhadh soin ó ughdar aosda eagnaidh. An rann-sa a déar im dheaghaidh muna bhfuil leat do mheabhair do ghéabhtha ré léigheamh leam i gcuid d'ard-leabhraibh Éireann. Ag triall ríghe Muimhneach mas ba foirneart an flaitheamhnas le Mogh Corb mac Cais chreachaidh do chear Cairbre Lifeachair. Do gheallais gan maoidheamh éacht an dá drong sin go líon gcréacht goin Mhogha Corb Chríche Mis is tar ghealladh do mhaoidhis. Coimheollad mo ghealladh féin gan maoidheamh éacht ar do fhréimh ó nach é a ndéanamh do b'fhearr mar onóir do chrích Éireann. Fearr mar mholadh dhóibh a-raon ná maoidheamh éacht ar gach taobh gach rí ar a bhfuighthear a bhfios fír-bhreatha soi-ghníomh suaimhneas. Cuimhnigh féin ar léigheadh lat an bhfeadur cia fil uasad tabhair súil thart ar gach taoibh ainic nach claon do chathaoir. Déanta dhuit dála Néidhe it aghaidh ó táid tréidhe féacha féin an mór ré meas cóir it aghaidh aois oideas. Ar ghrádh druinge theas nó thuaidh ar a ndiom-buaidh nó ar a mbuaidh nár fhágbha sinne dár n-éis ní badh ain-bhfíor ré fhaisnéis.
RO CHUALA AR THAGRAIS A THAIDHG. LUGHAIDH Ó CLÉIRIGH, cct. Ro chuala ar thagrais a Thaidhg a chloisdin ní cúis iomairg acht an bhréag do chur ar gcúl 's gan páirt araile d'iompúdh. Do bhéar-sa aire dhuid-se tar cheann Torna san troid-se le fírinne bristear cath san ghliaidh madh calma an ciontach. Ó nach fuilim teann re teann anfad i bhfos misde leam ní fearr dhaoibh mo dhul ba dheas im dhán is measa m'aighneas. Ní éistiobh dhuit déanamh truim tar riaghail ar chlannaibh Chuinn 's gach a ndearnais orm badh dhéin atáim orramach ainn-séin Ná bíodh fearg ar Leith Mogha fá ngoin i n-aghaidh gona dá raibh bíodh a n-aithbhear ort tré th'fhala dhóibh do dhúsacht. Ní bhiú re forbhthas ndána 's a lán agam ré rádha bhar n-eang-sa dá leantar leam ní bhia m'fhuighle go haithghearr. Gibé fréamh ó bhfuil do chúis do bheanas í go bhfios dúinn ceannas Éireamhóin nárbh fhann ar Éibhear mar do dhearbhsam. Féach leat leabhar na huidhre is ann dearbhóchad m'fhuighle is an amhras i dtéid sibh ar bhreith Aimhirghin ghlúin-ghil. Breith Aimhirgin ón uair sin atá i nÉirinn gá n-uaislibh do bhéar rosg dá dhearbhadh dheit go bhfuil na sein-bhreith oirdhreic. Do ghéabha an rosg-sa madh áil i ndlighthibh ríogh Inse Fáil eagna le heaglais a-dir agus feabhtha la flaithibh. Madh é an t-óg bhus foirbhthe gníomh toghthar é san suidhe ríogh gibé gá mbí an eagna lais is é toghthar san eaglais. Ná habair gurab sinnsir do toghthaoi i nÉirinn innsigh minic do chuaidh óg tar sean i ndligheadh maicne Míleadh. Mór dár seanchas ar gach taoibh nach faghthar i rosg ná i laoidh ar laoidh féin ní faghthar dath gan leabhar glan dá chumhdach. A ndubhart re hÉibhear Fionn más bréag mar a-deire riom do shaoil sinne gá rádha gurbh fhíor leabhar gabhála. Don leabhar sin creidid cách do bhréagnuigh tú gibé fáth i n-iongnadh ní curtha dhúinn curthar saoibh-chiall sa sgrioptúir.
Creididh tú do na leabhraibh madh ní thaithneas léd mheanmain más faibhle is milis a mblas madh re síol nÉibhir bheanas. Níor sgríobhadh éin-leabhar riamh is an domhan thoir ná thiar gidh é an sgrioptúir do-sgara fa mhian fir na hantola. Gibé fuair ceannas san Spáin tar Éibhear bhFionn ré dteacht dáibh ná cuir i n-iongnadh i bhfus a bheith ós chách i gceannus. An tIbernia a-deire d'fhaicsin i dteangthaibh eile san gcás sin choidhche ná creid i dteangthaibh nach í an Scoitic. San Scoitic má fuair éin-fhear gairm Hibernia ó Éibhear fearr an fhínné ná a bhfuil lat don dá bhéarla seachtmoghat. Is uirre as mhó atá d'fhiachaibh coimhéad seanchais Fhuinn Fhiachaidh ag sin fáth as a ndleaghair mo chéadfaidh do chreideamhain. Do léighis féin fiadh fuinidh do ghairm don Éirinn fhuiligh créad an fáth a ndubhradh ria más bréag tionntúdh Hibernia. Munab ag fuineadh gréine atá an tír dán hainm Éire ná creid duain sheanchais ar sean Canam Bunadhas na nGaoidheal. Ní san aird thoir éirgheas grian ó nach luigheann san aird thiar fuineadh gréine ó nach áil ní cóir teacht tar a thurgbháil. Mar tá a fhios ag gach éin-fhear Hibernia nach ó Éibhear gár bheag dhúinn dá dhearbhadh ort an sruth Hiber a-dubhart. Misde an seanchas a dhiamhra 's nach fuair sé acht seal bliadhna don leith as lugha d'Iath Breagh gairm Hibernia ó Éibhear. Leath Éibhir más fíor dhuid-se is í as fhearr don dá chuid-se dámadh fíor do b'fhallsa an bhreath ná dearbh as acht go haireach. Do dhligh Éireamhón Teamhra tar Éibhear go méad meanma an leath as fhearr d'Inis Breagh dá gcreide do Chath Laighean. Níor lugha do mhil do mheas an taobh thuaidh-se ná an taobh theas re linn ranna an dá thionól Éibhear Fionn is Éireamhón. Fearg an naoimh neimhnigh ní bréag rug ar mbeacha i Loch Béilséad an barr meala maoidhthear libh ní raibhe i n-aimsir Éibhir.
Ná bí réd chathrachaibh dhúinn ní fhuil ionnta acht oil i n-úir do chuimhne ar ghabháltas nGall sochar d'Éibhear ní dhéanann. Má tá libh cnuasach cumhra do thaoibh sochair bhar lubh-ghort ní cóir teacht tar choill mar sin nach raibhe i n-aimsir Éibhir. Do cheil tú inbheara an éisg do bhuí ar chuid Éireamhóin fhéil fagham a n-aithghin agaibh rompa i bhfus dá bhfuaradair. Sein-bhriathar leam na n-aghaidh ón aird thuaidh thig an chabhair na hughdair do ghéanadh trom ar an aird thuaidh dá labhram. Cuid dom dhearbhadh dhá chosnamh do ghéabhtha i gCath Ceall Osnadh bail nar thuit le mac Earca rí Caisil 's a chuideachta. Más í leath Éibhir do bfhearr créad thug d'Éireamhón gan fheall nach í do shealbhuigh fa dheoidh iar n-ath-roinn Éireann dá aindeoin. Do rad cóigeadh do mhac Ír iar marbhadh Éibhir fán tír i n-ainm dá chúigeadh do bhir an Mhumha do chloinn Éibhir. D'Éibhear Fionn ní dhearna tír bhar ngreasacht oirnn go sliocht Ír sinn ó chéile ní chuirfe dhaoibh-se d'fhagháil fuaruighthe. Gach rainn dá bhfuairsead sliocht Ír dár dtoil féin do bheansad dínn ní hamhlaidh sin tharla an leath do bhí uaibh-se ag sliocht Luighdheach. Ríghe Mumhan gach re bhfeacht do bhuí ag Dáirine tré neart gur ghlac Oilioll Ólum thiar Lugha mar dhalta ó Mhaicniadh. Ní mó ná an leath eile dhí eadraibh-se is Éarna do bhí créad í an roinn i raibhe fiarfaigh dot Chath Mucroimhe. An leath do bhí ag Éibhear Fhionn más leath chomhthrom ní léir liom ar do leith-sgéal má tá dath ní fhéad ar ndúthaigh d'fholach. Roinn cloinne Deala mhic Lóigh más innte chuirthí bhar ndóigh níorbh fhiú a n-eolus ar an bhfonn roinn na gcúigeadh i gcomhthrom.
Roinn aith-ghearr do réir toile do rónsad sin ré roile roinn shíor gan chombáidh maicne do roinn Cearmna is Sobhairce. Roinn toile ní hí as ghnáthach idir dhís más dís bráthar fa roinn críche is gnáithche tol idir cúigear nó ceathrar. Do dhearbhadh ar roinn toile do dhéanamh dhóibh ré roile gach port i dtigdís i dtír do ansad ann gan eissídh. Más roinn cheart ar aoi n-anma thugsad Fir Bolg ar Banbha is tearc don ríoghraidh do ghabh an Mhumha mar dhá chúigeadh. Ceithre chuid do niad d'Éirinn iarsma Fhear mBolg is Éilim éin-fhear dhíobh fa rí Mumhan i riocht gurab í an ceathrumhadh. Éin-rí amháin mar as chubhaidh ó shoin i le ar an Mumhain ní roinn cheart do chúig tíre 's a dó dhíobh i n-éin-ríghe. An cóigeadh saor áirmhe libh ní tré theann tharla acht mar sin d'éis bhar ndá chúigeadh do mheas gan barr ionnta acht ar áirmheas. Na saoirse cóigidh ná creid muna bhfuil dá dhearbhadh dheid acht mar cheann Ard-mhacha mhóir rí Caisil go bhfuair onóir. Cádhus aige ní raibhe go bhfuair Pádraig an baile ní do rígh Caisil mar sin tugadh comairce Caisil. Níorbh é sin ríogh-phort Muimhneach go dtáinig Corc mac Luighdheach cia an ríogh-phort oile tré theann do bhí saor ar rígh Éireann. Atá i gceart gach ríogh go réil rann eile as a dtuigfe féin gach onóir a deirthí a-nois nach é fuair acht an eaglais. Ní féidir a n-abra rinn nach bréag fa leith Éibhir Fhinn leath Mhogha Nuadhat ó Chonn má dearbhthar a bheith comhthrom. Conall Cruachna dearbhaim dhuid do rann Éirinn i ndá chuid nach raibhe i gcomhthrom do Chonn a Thaidhg ná cuir-se ar Chonall. Gá líon tríocha i nÉirinn áin ní molta an roinn d'Inis Fáil mar dubhart annso tar m'éis gan leabhar ghlan dá fhaisnéis.
Ó nach tigmid ré chéile i sean-roinn dá bhfuair Éire anam ar roinn Gall a-nos más lór téada dá tomhas. Atáid rér oile a n-urdail do bhreith na laoch ó Lonnduin líon condae bhar ndá chóigeadh áirmid i n-ar n-aon-chóigeadh. Dá réir sin ní mó ná leath rug Eoghan ó Chonn na gcreach gibé duine a-deir go rug áirmheadh dignite a n-eapscop. Do phuirt oireachais más fearr a Mhic Dáire is iongnadh leam Partholón iar bhfios a sgéal d'anmhain i nInis Saiméar. Ard-rí Éireann an Daghda ar mbreith roghan don Bhanbha is clann Cearmada fa seach d'anmhain ar-aon i nOileach. Gá dás dó 's ní hiad a-mháin acht a dtárraidh Inis Fáil do b'í a rogha bheith i bhfus lorg a n-áitighthe dhearbhas. Cia dod phortaibh áille thiar nar shuidh rí Éireann go Brian ós iad na háite do b'fhearr do thoghsad ríoghradh Éireann. Ní maoidhte ar phortaibh Muimhneach Corcach Portlairge Luimneac. puirt nuaidhe do rónsad Gaill ní bheanann siad dár seanrainn. Tiodhlaicthe Dé dár bhflaithibh a gcur ar gcúl ná braithidh dá meastá a gcur ní chreid sinn nach mór a sochar d'Éirinn. Tré fhíor-fhlatha feasach dhaoibh tig mar deir Morann mac Maoin iasg i n-inbhear ón aithbhe is i dtrághaibh torchairthe. Mar sin is tiodhlaicthe ón Rígh do bheir locha is aibhne i dtír 's do thabhairt éisg is torchar mheabhas ciumhsa caladh-phort. Ná tathaoir abhann ná loch mór tarbha a néamhann 's a gcloch 's as dá maidhm móide an sochar tig an tír do thiormochadh. Cuid mhór dá sochar do chách mar coisgthear leo a sgís do ghnáth do thaobh aisdir an oirir d'iomchur neith i n-arthraighibh. Cuid eile thig dá tharbha na muilne ag meilt an arbha mór a bhfeidhm i n-aimsir the d'fhionn-fhuaradh ceathra is daoine. An tír as a moltar soin blogh talmhan do bhuain don mhuir báthadh na tíre tig dhé 's ní bhíd na trághaibh toirthe. Atáid daoine is tír sin féin thairngeas an mhuir chuca i gcéin féach a Thaidhg an mó an sochar maidhm na sruth gan tiormochadh.
Don ard-rígh ré linn tarla áirmid leabhair a tharbha gach abhann gach loch dar ling feadh a aimsire ar Éirinn. Fada ó Ioruaidh an fhuil ríogh ní do Romhánchaibh a shíol is as nach áirimhthear dhó breith Chríost i mBeithil Iúda. Ochtauin August an rígh do reac re hIoruaidh an tír ar Ochtauin maoidhtear sin bhreith Chríost ré linn i mBeithil. A Thaidhg is do thaobh tnútha cheileas tusa ar mhac Úna a thiodhlaicthe ón Rígh do nimh mar a-deir Airne Fhínghin. Más beag a mbrígh mar deire a bhfuair Conn oidhche a gheine a bhfagháil do budh luinn lat ré maoidheamh ar Mhogh Nuadhat. Is iongnadh más ionann sin maoidhtear linne agus libh d'Eoghan Mhór coigill an bhídh 's tiodhlaicthe Dé dár n-aird-rígh. Níor choigill Conn a chuid bídh 's ní raibhe gorta na thír d'fhaichill gorta 's é as déanta do rígh a bheith fíréanta. Ní bhiadh dá bhfoicleadh mar Chonn gorta i gcuid Eoghain don fhonn re haindligheadh thig do ghnáth meisde d'Eoghan a iomrádh. Créad do ní fuil Éibhir dhíobh sochair áirmhi-se nach fíor ré linn nach facas plágha glór eile nárbh ionrádha. Eanna is Muineamhón más díbh bás don phláigh fuairsead na rígh an abra feasda iar na bhfios nach raibhe pláigh na bhflaitheas. Uaithe a ríogh ar Fonn mBanbha d'fhuil Éibhir is é as damhna más lugha plágha is gorta na ré a fhir an fhor-mholta. Ná habair riom gurab ró is dá n-abrainn ní sa mhó roinn mac nIughoine gur mhar ar Éirinn trí céad bliadhan. Fuaras i ráithib fileadh go bhfuil agam ó dhligheadh dá dtugthaoi áireamh cinnte léim thar uimhir éigcinnte. Is beag teasda do thrí céad nár chaith féin na trí fir dhéag ríomthar i ndiaidh ar oile do shliocht uaibhreach Iughoine. Neach na n-aghaidh níor éirigh acht ceathrar do shliocht Éibhir tig tar gealladh orra is-teagh gearr an ré dhóibh do fuilngeadh.
Ar aba an cheathrair do theacht i gceannus Teamhra tar cheart níor beanadh an roinn roimhe dár mhair do shliocht Iughoine. Ré as mhó ná ar n-áireamh bliadhan do bhádar do réir fiadhan cuid don tsliocht sin luaidhtear linn i dtreise ann ngach aird d'Éirinn. Críoch Chonnacht a ndúthchas féin na leith ní cuirthe mar chéim is cóigeadh Laighean uile aca ó aimsir Iughoine. Do badh dhíobh-san na hÉarna cuimhnigh féin fad a dtéarma i gceannus Mumhan i-muigh is Dál bhFiatach i nUlltaibh. Clann Deadhadh go gcruas gcéimeann treas laoch-aicme na hÉireann don tsliocht chéadna mar ad chlos Teamhair Éarna is é a ndomhghnas. Mar sin nach iongnadh a rádh gach réd dár dhealbhas im dhán bail ar a roinn go raibhe tar éis cloinne Iughoine. Ní righim a leas a ríomh m'áireamh bliadhan m'áireamh ríogh do dhearbhadh ceirt mar fuair sinn shleactha Iughoine ar Éirinn. Tugsad Gaoidhil mar tá róm sealbh Éireann d'Iughoine mhór dá chloinn tar éis a n-athar dí do léigsead rudhrachadh. Fuair Tuathal ar dteacht tar tuinn an tseilbh chéadna mar do thuill ní hiad Aitigh Tuaith do bhir an tseilbh dhó-san acht Gaoidhil. Ar sheilbh Thuathail ná cuir brat Corb Ólum níorbh óige an mac ar son nár chathuigh fá ceann mar nár leis sealbh na hÉireann. Iar sgrios Aitheach a hÉirinn tug Tuathal dar mhac Féidhlim a dhúthchas féin da gach fhear dár mhair do mhaicne Míleadh. Dar ndóigh is dearmad thug ort mar do ráidhi-se 's ní locht nach iad Gaoidhil thug a dtol re seilbh Éireann do Thuathal. Ar gheallsad sliocht Éibhir Fhinn do chomhaillsead i leith rinn créad fá mbeimis diomdhach dhíobh ní mór do rónsad d'fhoirbríogh. Re linn seasgad ríogh 's a seacht ó do thairbhirsead a gceart níor ghabh Fodhla acht éin-rígh dhíbh is Eoghan Mór na leith-rígh. Más olc an chairt-se ar Bhanbha fagham leat a mac-samhla ó taoi re tubha ar gcomhráidh is bíom réidh nár n-iomarbháidh.
Iar dtairbhirt a gceirt fa dhó do shaoil Niall nárbh ainbhios dó dá ngoireadh an-fhlaith d'fhuil Chuirc ní mise a-deir mar dubhairt. Más é so thug ort-sa a rádh olc do ráidhis re Niall nár nar leis an Éire mar soin le tiomna ar aithris Tuathail. Ó tá leat-sa do mheabhair an rann-sa a-déar im dheaghaidh ná habair nach raibhe bail ar tiomna Néill Naoi-ghiallaigh. Do rannsad a mhic iar sin Inis Airt ba hamhra in fhir is dóibh do berair a ngéill céin biaid na niuill im ghréin-ghil. Munar leis í ré tiomna créad fár fhuluing a bhiodhbha Éire dá ghaol is dá shliocht sé céad bliadhan i n-oighreacht. Más mór leat ar ríoghadh dhíobh ag sin duit aimsear na ríogh créad an leith-sgéal do bhire uait ar son na haimsire. Ná tairg claochlódh m'áirmhe ríogh 's dá léiginn a ndá dtrian díom lém ríogha gur ba treise ná an síol Éibhir áirmhei-se. Rígh go bhfreasabhra ó thairge do ráth re Conn re Cairbre is re Cormac na mbreath bhfíor dod ghlór is déanta dimbríogh. Ní rí Conn do réir riaghla a-deir tusa acht seacht mbliadhna más dá ríghe an ré nár lamh buain don roinn do bhí ag Eoghan. Cia do b'aird-rí ar Inis Fáil naoi mbliadhna Eoghain sa Spáin más é Conn ba rí cá fad ria ndíbeirt Mhogha Nuadhad. Iar dtuitim Eoghain i gcath cia ba rí ó shoin amach ar ghrádh th-einigh abair rinn an feadh do mhair mac Féidhlim. Ar m'áireamh atáid fiadhna féach an mó náid seacht mbliadhna mása mó ní creidthe ód dhán nach dearna saobh ná seachrán. Bheith ag síor-chur bréag id leith éigean dúinn nó ar ndearbhtha ar cleith gibé dhíbh-sin as usa dúinne ní dál urusa. Cosmhuil sin is mar deire nar chuir Conn fógra reimhe gan leith-sgéal agat acht soin san chath re marbhadh Eoghain. Nach maith an fógra catha ré cur i gceann na flatha longphort do ghabháil na ghar is teachta Chuinn do chrochadh. Sgéal gan dath chuire ar do thriath níorbh'fhiú Fiacha Fear-Dá-Liach Cormac fo ghabhail do chor níorbh fhír-bhreath dhó dá ndearnadh.
Créad thug d'Fhiacha gan ríghe do bhuain dé nó roinn tíre dá mbeith Cormac i láimh leis iar maidhm fair mar do mhaoidhis. Do sgéal ar Chormac tré thár re Fiacha as oircheas a rádh a hucht druadh dá n-iarradh neart do b'fhiú a dhúthchas re draoidheacht. Gidh lag draoidheacht mar dhearbhadh admhaim é gion go ndearnadh is faghaibh fiadhain oile re maidhm Droma-Damhghaire. Bréag ar Mhogh Ruith do fheadar do chur sa sgéal so ar Pheadar go ndubhairt ris ní rádh ceart méaraidh choidhche do dhruidheacht. Sgéal fuar ar a bhfionntar bréag ní cóir a chreideamh go h-éag 's gan congnamh éin leabhair lais is mar sin atá th'fhorbhais. Más ag triall ríghe Mumhan do thuit Cairbre na gcuradh. fada uaithe an áit nar thuit i nGabhar Aichle ordhruic. Seacht mbliadhna déag don churaidh ós chrích Fodla is ós Mhumhain gus an gcath-sa ionar chalma do b'é an rí gan fhreasabhra. Ní thiocfadh Mogh Corb na dháil 's ní gheabhadh an cath do láimh gur cheannuigh ón bhFéin teacht lais olc do chéad críoch a dturais. Curthar an cath go ngaisge níor lamh neach oighidh Cairbre acht an t-anghlonn nachar mhín Osgar† arnaidh †mac Oisín. Tuairgnid na fir a chéile dá nglan-armaibh go ngéire fágbhaidh Cairbre a niort gaile Osgar sínte i gcró-luighe. Tig Caoilte is Oisín san ár is Osgar beo-mharbh na thámh is do ráidhsead na ndís ris nach rachadh d'easbaidh leighis. Do ráidh-sean riú a bhfuaras riamh do chréacht-ghoin thoir agus thiar doilghe leam sleagh Chairbre Í Chuinn idir mh'imlinn is mh'árainn. Do thuit Osgar gan chairde is do chear fa dheoidh Cairbre iar gcomhrac Osguir fhortail le Semeon d'Fhothartaibh. Ar fhéin Fhinn is maoidhte an ghleo ar son Mogha do theacht leo fáth a n-éachta maoidhtear leat a gceannach má do thuillsead. Guin Airt níor chuirthe ar Mhac Con gé tá so na leith dá chor ros mhudhaidh gér bo cara Lughaidh i gcath Mucramha.
Créad as chiall dó so más fíor Lugh do mharbhadh na dtrí ríogh bás na ngiolla congraim lag i gcath Crionna la Cormac. Do bhás Cairbre is ionann ord dá chor mar sin ar Mhogh Corb 's nach leis adrochair sa ngleodh acht lé bhráthair féin Semeon. dá gcurthaoi na rígh-se ar gcúl ní fuighthí go feasach dún dá threise do bhí ar Bhanbha rígh oile gan fhreasabhra. Minic riamh tar ghéar-shmacht ríogh do briseadh le cách a síodh ní dhé sin tré cheart n-anma goirthear rí go bhfreasabhra. Gach rí rérbh ionrádha an t-ainm fada ród ó fuair a ghairm ós aca do b'fhearr a n-eol ná tairg na filidh d'aithcheodh. Níor áirmheas le claon sligheadh rígh go bhfreasabhra ó dhligheadh acht comh-fhlaitheas ag druing díobh le bráithribh nar thuill eissíodh. Dá ngoirthí rígh leam-sa dhíobh re gabháil giall re cuaird ríogh iomdha mar sin dhíobh re mheas dár chóir an t-ainm nár áirmheas. Muircheartach Domhnall Ó Néill dá rígh Fódla an bhfaice féin níor áirmheas iad mar tharla a ngairm ríogh go bhfreasabhra. Ar son nach maoidhfe acht go mín Domhnall Ó Lochluinn mar rígh do chuir sé catha fá ceann ag cosnamh Innse hÉireann. Dá chath dhíobh-san sraointear lais i gCeann Coradh ar Dhál gCais 's i Maigh Adhair gan time cath ar Ghallaibh Duibh-linne. Bladh do dhíol na huinge d'ór Ceann Coradh Luimneach do dódh le Domhnall do rinneadh sin más díol i gclochaibh Oiligh. Do fhéadfadh Muircheartach lais na clocha do bhreith tar ais bráighde Mumhan tug is-teach don chuaird ríogh rug go Luimneach. Níor áirmheas Toirdhealbhach mór náidh Ruaidhrí do bhronnadh ór níor shaoil mé gur mhór tarbha áireamh ríogh go bhfreasabhra. Buailtear airgead na ríogh róinn don dá rígh-se i gCluain Mic Nóis sgríobhaid filidh ar gach fear go ndearnsad aonach Tailltean. Tug Toirdhealbhach cuaird fo thrí don Mumhain go riacht Tráigh Lí, idir Mac gCarthaigh do rainn is clann Diarmuda an fearann.
Ón dá rann tug bráighde lais ó chloinn Charthaigh ó Dhál gCais tárraidh géill Gall don eachtra is géill Laighean na gcuideachta. Acht a ghoire dhó do bhí do mhaoidhfinn é mar gach ní mar sin nach bíu dhá maoidheamh Ceann Coradh do dhíosgaoileadh. Féach an chuaird ríogh rug ar dtriath Ruaidhrí ar ndol go Gréin Cliach Domhnall Ó Briain tig dá thoigh is mac Cormaic Mhéig Carthaigh. Do rann Mumhain i ndá chuid eatorra ar-aon go gcead duid is tug a bhráighde do bharr ó Mhág Carthaigh ré comhall. Ní fuighthear éin-rígh oile acht a bpáirt féin rér oile dá ndearnsad d'Éirinn dá chuid acht aon-roinn Mhogha Nuadhaid. Ní iarrfadh sibh roinn sa leanbh dámadh libh ó cheart a sealbh más í an ríghe as leanbh ann is oirne do bhí a haltrom. A leithéid sin lé dhearbhadh it áireamh ríogh go neamh-ghlan gidh beag do háirmheadh lat-sa measaim nach fuil agat-sa. Muircheartach mór más leith-rí 's a mhac sin Tadhg a-deirthí do háirmheadh leat go dána iad na ríoghaibh iomlána. Má fuair Donnchadh géill Midhe do fhuiling féin 's a fhine naoi mbliadhna an ríghe gan roinn tar éis Briain do Mhaoil-sheachluinn. Ainm sleachta Néill go ndeagh-rath ceithre fhine na Teamhrach an ríghe dhóibh go ndleaghar an t-ainm fós dhá dheimhneaghadh. Ní dá gcuid ar dtús don tír Teamhair Breagh i mbídís rígh acht port ríogh do dhéanamh dhí is teacht chuca don ríghe. I dTeamhraigh ní raibhe rí ó do easgain Ruadhan í do bhí an ríghe ar a shon soin aca 's gan iad i dTeamhraigh. Rí Teamhrach ainm gach ríogh dhíobh ar dtréigean Teamhrach na ríogh Teamhair gach baile i mbí rí fáth an fhor-anma ad-chluintí. Gach rí dár ríoghadh d'fhuil Néill do níodh Teamhair dá threibh féin créad thug do shliocht Éibhir Fhinn nach dearnsad sin re hÉirinn. A Mhic Dáire is mairg nár chreid sean-roinn fileadh a-déar dheid atá i bhfail nár léigheadh leam airdheanna Inse Éireann.
Ro dét i Mumhain gan cheas drong ríogh ríoghna rígh-éigeas gan ionnsaighid for Niall neart sonas sáimhe sádhaileacht. Do righnis trom eile ar Niall níor chóir a rádh gér mhaith Brian gur mhó a fhoghnamh don Bhanbha ná foghnamh Néill nathardha. Tug Niall gá foghnamh as mhó go hÉirinn re humhla dhó bráighde ó ríoghachtaibh oile nach tiobhradh Brian Bóroimhe. Ag sin fáth for-anma Néill mar thug tar mhuir ceithre géill is mar áirmhid cách na gceann bráighde cúigeadh na hÉireann. Sgríobhthar ar n-a fhíor-fhlatha mar do briseadh seacht gcatha ria n-a chorp iar n-éag do rinn ótha Muir nIocht go hÉirinn. Créad nach áireomhuinn an rí mac Fiachrach dárbh ainm Dá Thí do ghabh neart go Sliabh nEalpa béim air cia dárbh inbheanta. Díbeirt cniocht-ghall chuire ar Bhrian más é mhaoidheas tusa ar Niall níor lamhsad sin teacht ré linn gá bhfearr a gcor a hÉirinn. Níor chuir Brian iad a hÉirinn is níor sháimh dá haos léighinn ar mbeith dhóibh i nDuibhlinn thoir le Danmarga ad-rochair. Do dhéandaois eachtrainn re Niall connradh nach dearnsad re Brian gan teacht dóibh go Clár Cobhthaigh 's gan dol soir ar eachtrannchaibh. Más é a ghlór agrai-se ar Niall fá dtugais a bharr do Bhrian ní clos trom ón ndís oile Conn Céad-chathach Conaire. Do chreid Brian i gCríost mac Dé 's do chreidsead cách i na ré tagra ris is deacair dhamh as lucht adhartha iodhal. Ní fheadar acht sin a-mháin muna gcuirthea breith le báidh créad fá dtugais barr na bhfear do rígh dár chin ó Éibhear. Níor chin uaidh samhail na ríogh ba fearr smacht ba faide síodh sé fichid bliadhan acht beag aon olc ré linn níor léigsead. Acht fulung Chonaire dháibh clann Duinn Déasa rér fhear báidh 's a gcur a hÉirinn fa dheoidh is aos an uilc dá n-aimhdheoin.
Is iad as fhearr fuair ríghe níorbh fhada a léim tar líne is do chumhdaigh ceart a sean 's a dtogha i n-áit a n-aithreadh. Is dóibh ba torthaighe an fonn idir thoradh tíre is tonn do dhearbh an t-ioth is an meas gur maith fuairsead a bhflaitheas. Níor fhéach Brian ceart fán ríghe acht a buain dá flaith fíre tar éis tríochad glún do thocht ria mBrian suas nár ghabh ríoghacht. Acht iad d'fhuireach i mbun ceirt dar ndóigh is ní d'easbaidh neirt tug dóibh so gan teacht is-teagh mar Brian tháinig tar dligheadh. Nuimhir an dá bhliadhan déag dá n-áirmhe na rígh ní bréag níor bho rí Brian ós Banbha acht a trí gan fhreasabhra. Aois Críost a dó is míle do thionnsgain Brian a ríghe 's níor ghabh gus an deich iar-soin bráighde Chonaill is Eoghain. Léightear leat iomthúsa Briain i ngach bhliadhain diaidh i ndiaidh is sgrúd a Thaidhg a dhála i leabhraibh aosta annála. Do bhliadhnaibh dhá bhliadhain déag leis gan aithcheodh ar n-a éag dá léigthe dot aighneas mhaith ní bhiadh Brian ina an-fhlaith. Mór th'fheidhm don Bhrian-sa dÍbh Bloid tar ceann cháich dá sheasmhadh duid ó táid bhar sochair uile dá gcor i n-ucht aon-duine. Is beag gach sochar dá mhéad nach raibhe acht dá bhliadhain déag d'aimsir Bhriain is é na hirr ag déanamh leasa d'Éirinn. Faide seal Chonaire an ríogh seacht ndeich do bhliadhnaibh go fíor Éire as na aimsir do b'fhearr ré n-abrai-se seal aith-ghearr. Gibé heile is dá mhíle do bhlíadhnaibh ro bhaí an ríghe gan puinn do shochar na sean re mBrian ag macaibh Míleadh. Cuid don tsochar mhaoidhe ar Bhrian ní mhaoidhfinn ar Chonn ná ar Niall Do bheir lom ar chách gidh eadh ní nár dhéanta do dhéanamh. Níor chuirthe i n-iongnadh ar rígh re linn creidimh do ghabh tír dá móradh an eaglais seal mar gach rígh dar ghabh creideamh.
Thoir ar tús thig gach eolas tar mhuir go hÉirinn sheolas tángadar sloinnte mar sin re linn Briain más fáth maoidhimh. Bíodh nach badh rí é ar Éirinn má thug déirc do lucht léighinn is beag nach iomnár don fhior atá go mór dhá mhaoidheamh. Ar th-aithris ní mhaoidhfe mé an fhurtacht thig d'eaglais Dé do bhí i ndaoirse feacht oile re dtoigheacht d'Aodh Ordnaidhe. Iar saoradh naomh is neimheadh miorbhal Dé air níor ceileadh fuil Chríost mochen ad chonnairc tig na ré as an tSacramaint. Céile Dé don fhairrge a ndeas tigeadh go hAodh ar a leas is sgríbheann do nimh ar dteacht gach laoi ré ndéanadh proiceapt. Gidh maoidhmheach tusa as do Bhrian ní hé fuair na frasa acht Niall d'fhíor-fhlatha is eadh as thuigthe do bheir Dia na tiodhlaicthe. Ní maoidhte ar Bhrian acht go mín gan ar ndúthaigh do bhuain dínn dá dtairgeadh do b'eagail lais ní nach dearnsam do ghéanmais. Ní fhuigheadh sé an ríghe féin acht tré iomthnúth fola Néill is Aodh Craoibhe Tolcha thoir i gcogadh re mac Ardgair. Ar son timcheallaidh Banbha don Dál gCais sin go calma maith leo filleadh gan tachar 's gan síol gCuinn do ghreamachadh. Ní fhuair Muircheartach gairm ríogh mac Néill Ghlún-duibh fa beo gníomh tug cuaird re h-éin-mhíle fear timcheall Éireann ar éigean. Tug rígh Mumhan leis i láimh Ceallachán gan cead d'Íbh Táil gé deir tú nach tugdaois treall umhla do ríoghaibh Éireann. Ná hiarr dearbhadh air níos mó nach rabhsad fa ain-bhreith dhó go Cluain Tairbh créad gan a ndul do Bhrian dá mbeidís umhal. Ní mór go dtaithneann ré lán mar a-deirthi a Thaidhg id dhán nár dhoirtsead fuil mar Dhál gCais síol gCuinn tar cheann a ndúthchais. Na bréig ort gidh nach leanfainn mac Maolruanaidh Maoil-sheachluinn do chuir ár Danmarg fo thrí is do mharbh Tuirgéis a n-aird-rí.
Áirmhid leabhair dhá céad déag do laochraidh Lochlann i n-éag i gcath Cais-ghlinne do chuir 's do bhris cath i Ráith Comair. Cuimhnigh Conall is Eoghan ar shluagh Danmarg do b'eolach tugsad dhá chath fo seach dháibh ag Eas Ruaidh ag Ard Breacáin. Cath Sgéithe Neachtain do rad Lorcan rí Laighean nár lag tuilleadh ar mhíle do bharr fa marbh do mhaithibh Lochlann. Aodh Finnliath tug an deabhadh d'fhéin Lochlann ag Loch Feabhail dá chéad déag do cheannaibh fear i n-aon-charn díobh do háirmheadh. Tug cath i gCill Ó nDaighre ar shliocht Danmarg go ndaingne tarla rí Connacht dá cur naoi gcéad easbaidh na nDanar. Bristear le Connachtaibh cath ar loingeas Luimnigh amach tugsad cath oile i ro ort Maol dúin ríogh-dhamhna Connacht. Do chuala tú a bhás mar Brian Niall Glún-dubh do b'ua do Niall ní hallas do dhoirt acht fuil re sluagh Danmharg ad rochair. Tuitim Néill Ghlún-duibh don ghleo Donnchadh mac Flainn níor léig leo nach mór téarnó dhíobh a-nonn tug ár ar laochraidh Lochlann. Eachtar iarthair Eorpa a ainm mac Néill Ghlún-duibh a los airm re dtoigheacht Briain is Murchaidh do thuit sé re Lochlonnchaibh. Ní do Dhál gCais na ngéir-reann mac Maoil-mhithigh rí Éireann iar dtuitim seacht míle leis re Gallaibh Lochlann tuitis. Ó Canannáin Ruaidhrí ar dtriath ar dtionól sluagh go hÁth Cliath cath Muine Brogáin do chuir nar thuit féin re cloinn Íomhuir. Don tsluagh lér thuit do bhean díol dhá mhíle is eadh torchair dhíobh ria san gcath-sa atú do rádh tug cath ar Amhlaoibh Cuarán. Tug rí Conaill cath oile don druing-se a-dubhart roimhe ar shluagh Lochlann tug trom-ár 's do thuit Niall Ó Canannáin. Cath ag Biothlainn i Laighnibh d'fhéin Lochlonn tugsad Laighnigh i dtorchair Ughaire a rí ní do Dhál gCais a gcluintí.
Féach a Thaidhg an don Tál-fhuil Éigneachan mór mach Dálaigh do chuir cath i gCeann Maghair dá dtug ár ar Dhanaraibh. D'éis óir na nGall do dhagh-roinn annsin ar cinéal gConaill fuair a aisiog iar na dháil ré thabhairt do mac Lonáin. Más é as adhbhar maoidhte dheit bás Briain Bóruimhe 's a mheic re sluagh Danmarg i ndeabhaidh féach a gcor re Gaoidhealaibh. Níor fhéadsad Dál gCais do ghnáth a gcosg d'Éirinn acht mar chách gach re seal a-nonn 's a-nall ní maoidhte cogadh Lochlann. Níor áirmhis na cúig míle re Maoil-sheachluinn sliocht fíre do thuit i gcath Teamhra thall mar aon as mac ríogh Lochlann. Ceithre catha nar mhaoidh mé 's an cath-sa Teamhra tug sé nár chuir ár luchta an éididh s gan é na mhac Chinnéidigh. A n-aisiog dó níor saoileadh a mbuí leo do bhroid Gaoidheal go bhfuair Maoil-sheachluinn tar ais ar Áth Cliath do bhí a fhorbhais. Tug iar sin fógra oirdheirc do chách iar gcosg gach fhoirneirt le saoirse a sean le sochar d'fhearaibh Éireann d'ordachadh. An chéad bhliadhain dá ríghe tug Maoil-sheachluinn sliocht fíre na sochair sin do bhean ris gidh ar Bhrian theas do mhaoidhis. I n-iongnadh na gcuire ar Bhrian a theacht sa neart mall do thriall do bheir dhuit a mhaoidheamh air réimheas an ríogh 's a shochair. Cath Chairn Fordroma nár thais ar Thuadh Mumhan tugadh lais i bhFearta Nimhe i Maigh Breagh cath oile ar Bhrian do bhris-sean. Na bhfoilcheas ort má táid sin an dá chath-sin thaobhaim ribh féach leabhair Dhuibh Dhá Leithe 's ní bhia ort na inchleithe. I gcoimhmeas níor chuirthe Brian tar Maoil-sheachluinn suas re Niall níor mheisde Brian breith a bhairr gé do aithrígh Maoil-sheachluinn. Is é do b'fhaide na rígh is do b'fhearr ceart ar an dtír 's as mó ar a sgríobhaid filidh 's as lugha ainm ain-dlighidh.
Trí céad dalta do Mhac Dé i n-onóir Críost do oil sé cuid dá theisd gibé heile 's a bhás iar mbuaidh n-aithrighe. Ní fhuair éin-rí d'aicme Bhriain an gcáin roimhe ná na dhiaidh do Laighnibh tar tír oile níor dhligh buain na bóruimhe. Dá leanadh Brian mar mhaoidhe lorg canóna gan chlaoine aith-ríoghadh do b'olc an bhreath ar rígh chorónta chráibhtheach. Tuathal Teachtmhar do dhaingnigh bóroimhe ar tús ar Laighnibh i n-íoc a inghean gan oil dá dtugsad éag i meabhail. Do mhaith Fionnactha re mBrian an buar-so go bráth do Dhia ceathracha ríogh go a ré soin do shíol Tuathail so thobhaigh. An bhóruimhe ó ráidhtear Brian mar ghlóir dhíomhaoin tugadh thiar an t-ainm bladhmannach dar leam ó bhuar Laighean nár dhligh-sean. Ar Bhrian dá ríomh ní racham cluiche ó gCais i gCnoc Grafann ar mhnáibh na nGall dóid frí dóid iar mbriseadh catha i Sulchóid. Más é as an-fhlaith díbh go ceart rí imreas ceart mar a neart i n-aghaidh Briain is tú lais tug dot aire nár thagrais. Ár Dannmarg do chur fa dhó i Maigh Íotha i gCalgaigh dhó re Niall Caille cidh shíne mac Criomhthainn i gcoimh-ríghe. Níor chuirthe dhuit ainm do ríogh tar a chompráid féin 's gan é fíor a mhéad is meisde an loghadh amhlaidh atá t'fhor-mholadh. An dá fhocal thugais lat as do laidin féin go glan atá an treas focal ann dna i ndiaidh $Scotorum Scriba. Mairg nár léigh na trí focail ó taoi i dteangthaibh go fortail ria siu do thugais go grinn barr Néill do thabhairt d'Fhéidhlim. Más molta an bheatha do neach tochrádh naomh gibé do neath do fhéad tusa déanamh teinn mar sin a beathaidh Fhéidhlim. Do easgain Ciarán Cluana mac Criomhthainn cia nach cuala im chrodh a chille iar na chrádh is dé tháinig a thiughdál. Do taidhbhseadh dhó Ciarán cáidh go n-a bhachaill i na láimh go dtard forgamh dar leis air 's níor mhair mac Criomhthainn bliadhain.
Do gheall Ciaran fós nach biadh neart Fhéilim ó Chluain a-niar nach maith an fhiadhnaise so re duain Giolla Mo Dhubhda. A cheart féin nach beanfadh dhíbh Flann 's é ar Éirinn na rígh an gcreidid cách 's gur léig sibh bhar leathtrom le rígh chóigidh. Aodh an ghai bhearnaigh do ghearr bile an Mhuighe is iongnadh leam aird-rí Éireann mar nár laimh imbeirt cluiche ar Maigh Adhair. Tug taise Donnchaidh Uí Ruairc ó Chnoc Saingil cuid dá chuairt cead gud Dhál gCais-se níor ghabh is tug bradán Chinn Coradh. Ná cuir bréag ar fhuil na Niall níor ghabhsad tuarasdal riamh ó aoin-neach i nInis Airt baoth don chéad Thadhg a labhairt. Tuarasdal Taidhg Chaol-uisge aithne dhamh-sa is duit-se eich Uí Néill 's a eachraidh féin do dhiúltadh dhó mar chaithréim. Ag so a dheimhin dhuit madh áil do Lugh Lagha is beag nach náir ó do mhaoidhis Art Aoin-fhear cia ar bhadh cóir a chom-mhaoidheamh. Tar a bhfuair do ghonaibh arm is é Líoghairne ros mharbh iar dtuitim Airt ar an maigh is ann ros dhícheann Lughaidh. Ar Laighnibh is ar Mumhain do iarr Cormac a chumhail 's do chuir go gcead dod chuimhne bás Airt i leith Líoghairne. Léightear libh an teachta breath bhar n-amharas orm dá mbeath ar Laighnibh dearbhócha dhuit gur iarr Cormac a éaruic. Cladar feart fuirmithir lia ní leanabh dhé-sin níos sia cuir an corp sin i gcuimhne sul shaorfas tú Líoghairne. Dearbhadh oile ar Lugha sonn fo bhás Airt a-dubhairt Goll is nár dhuit gach ar gheallais más fear marbh do dhí-cheannais. 'S é Nuaidheadha an ghaisgidh ghrinn más é thug ort-sa an bhreith ghill thugais do Lughaidh Lagha ná heirg ann go han-dána.
Cuiridh an dán sin gan chéill Eachtar tar Aichill mac Péil 's nach sgríobhthar barr d'aoin-fhear air acht do Shamson nó d'Earcail. Neart do Lugha más searbh guth fo seacht i gConall Chearnach atá sa dán-sa a-dirim ag so an fáth fá bhfoillsighim. Do bhí Cu Raoi mac Dáire d'fhuil Éireamhóin gan táidhe feach cia dhíbh ba chalma i gcath i n-éin-ré is Conall Cearnach. Dod Lugh níorbh iarrtha a n-urraim Cumhall féin Fionn mac Cumhaill d'fhuil Éireamhóin iad fo seach Osgar Aonghus Gaoi-bhuaibhtheach. Cáit i raibhe do Lughaidh Cairbre Músg leat más cumhain ar Lugh Mac Con an uair thug teicheadh i gcath Cinn Feabhrad. Art mac Cuinn Conn is Cairbre chuirfeam an uair-se ar cairde ní fiú dhúinn go nuaidhe 'nos bheith dá n-iomrádh re th-amos. Ní d'easbaidh gníomh gcóir ré ráidh má táid uaim 's ní labhra láin neithe nach ionráidh ann-so acht freagra thugas ort-sa. Dá nguidhinn Críost mac Dé im dhán gan claonadh ar fhuath ná ar ghrádh a-déarthaoi béal-chráibhtheach rum mar dubhradh riot-sa romham. Déanamh Néidhe dhíom ná tairg gémadh Feircheirtne thú a Thaidhg do léigfinn th-ollamhnacht daoibh 's ní thairgfinn suidhe id chathaoir. Ní cosmhail mise is Néidhe an chóir áirmheas tú id thréidhe bheith im aghaidh dhí ní gar biaidh mo chathaoir gan claonadh. Mó dhlighfinn mh'fhiacha do dhíol seasamh córa d'fhuil mo ríogh ná an umhla dhíom ro dleacht dot aois a Thaidhg dot oideacht. Ag admháil th'oidis má tám níor leanas do lorg im dhán mise ag cumhdach na córa tusa ag díon na héagcóra.
NÁ BROSD MISE A MHIC DÁIRE. LUGHAIDH Ó CLÉIRIGH cct. Ná brosd mise a Mhic Dáire go laochraidh fóid fhionn-Máighe atá agaibh madh áil dhaoibh cagail d'Íbh Táil nó a dtathaoir. Ná dúisigh feasda ar bhfala ná báidh cheana ar gcomhramha dom brosdúdh i gceann ó gCais is fearr m'fhosdúdh na n-éaghmais. Gidh cairdeach mé ag maicne Chais dob' adhnár dhúinn a ndearnais tar cheart i dteagmháil Torna gan teacht d'eadráin mh'athardha. Dá bhfréimh sin 's as díobh dhuid-se mo charaid mo chomh-fhoigse id dhán gur thobhuigh tusa tár oraibh níor fhóbras-sa. Ní tearc file is fear dána don taoibh-se ar tí mh'eadrána as fhearr 's as mhó ná mise dá ró um cheann na cúise-se. Dóigh liom fa hí dob'usa is tríd trá do rádhusa ar bhfreagra ní fáth beadhgtha tar chách d'eagla th-imdheargtha. Báidh rém ghaol gur ghabh mise ag so an tráth fá dtuigfe-se dom dhán gidh do-bhuidheach sibh glár comhuidheach dá gcluintir. An tráth chuirfid aghaidh ort deigh-fhilidh chóigidh Chonnacht guais a lonn-fhuighle i leith ribh breith rém chonnailbhe cuirfir. Don chioth iomuis fhearfaid daoibh goimh ar ndána ba díomhaoin mar bhraon dá bhfearthair ria bhfrais saor ó a dteangthaibh ní tharghais. Dol do thagra riú ní réidh atáid re haimsir n-imchéin mar gach follamhnas fuair sionn uaibh i n-ollamhnas Éirionn. Ní fhéachfaid dot ór dána gé dóigh léd lucht combádha nach baoghal libh as a los dá gclaonadh sibh an seanchas. Dán órdha ní hé do ní cosnamh gach cúise a-deirthí as taosga i dtealaigh na bhFionn acht leabhair aosda Éirionn. Do b'fhéidir dhó re dán nglas gibé file as fhearr eolas fa chlár Teamhra na dtachar dán breaghdha do bhréagnachadh.
Ná gabh chugad a chara mh'éagnach i gcruth carthana trom um laoidh dá bhfaghar ort do rabhadh dhaoibh a-dubhart. Mo rabhadh is tríd targa it iomdha ar n-aos ealadhna gomadh éadóigh breith ar mbairr is bheith don éagcóir againn. Ní nár dhuit dol fár mbreith-ne uathadh dot aos cuidighthe is cosnamh na cára i bhfus turnamh gach dála an díomus. Buidheach bhós badh beithte dhuit dod dhán dot éigse ordhruic ó bhfuil róibh do réir m'aithne an chóir féin dá bhfaghaibhthe. Mo theagasg ní thiobhrainn duid 's ní chuirfinn acht mar charaid locht id leith dámadh námha acht bheith ort go héadána.
A LUGHAIDH LABHRAM GO SÉIMH. TADHG McDÁIRE cct. A Lughaidh labhram go séimh ná bíom go tréan ar thoibhéim cúis inbheadhgtha nárbh fheidhm dhuibh deilbh mh'imdheargtha gan fhachuin. Beith dhamh-sa más eadh as áil créad bhar gcor ar chloinn ríogh-Tháil dream dreach-ro-chaoin toghtha i dtreas neamh-thathaoir orra is oircheas. Gach ar tagradh re Torna is mise i modh agallmha do labhair ar labhradh ann más adhnadh th'fhaladh oram. Gach ní dá n-éabhart ann-sin bréagnuighthear é más éidir cidh nach léigidh linn ar seol munab éidir inn d'aithcheodh. Olc leam do leith Mogha i-muigh trom-ghlór Torna is Néill neartmhair don éan-olc muna bhféaghainn a n-éabhart ní aibéarainn. Ceirt-fhreagra ar chuid dá fhoclaibh tugas gan taom tréan-dholbhaidh do dheigh-theisd na gcraobh um Chorc fa neimh-cheisd d'aon a n-éabhart. San chéid-fhreagra chanaim daoibh níor thriallas trom ná tathaoir acht tagra don taobh i bhfus gan claon n-agra tar eolus. An fiuchadh do fiuchadh libh lém chéid-fhreagra do chluinsin clódh a bhfuil d'uaill san fhiuchadh suaill nach muir do mhíniuchadh. Taobh re freagra ar labhradh leam níor anais anba an dícheall ní fhuair grádh ná eagla t'fhos gan freagra a lán nár labhras. Dom dhíon ar dhiamhraibh th-eagna barr do chur lém chéid-fhreagra do réir mar ráinig a leas is céim do-áinig dot aighneas. Ní shaoilim iona shochar don dáil taoi do chothochadh bíodh nach call eagna oraibh an barr freagra fuarobhair. Beantar teinte a taobhaibh cloch rém bualadh ná bí ag tobhach níos mó dom labhra a Lughaidh ró tarbha ó nach tárthubhair. Is eadh badh fearr leam-sa a Lugh don dá fhionn-chraoibh a héan-bhun d'eagla nach bann budh soirbh soin gan barr freagra oirn d'iarraidh.
Sgur gidh eadh munab áil libh do shíor-thathaoir shíl nÉibhir ní tráth cóir dá ndiúltadh dhamh ní dhiúltabh dhóibh tréd dhochar. Freagra trom dá dtaidhle sinn maith liom a fhios ag Éirinn go bhfoghna sé dhomh fa dheoidh nach dom thol é acht dom aimh-dheoin. Níor thionnsgnas tathaoir clann gCuinn ní fhuil um fhreagra romhuinn acht ní neamh-nár don dá fhuil acht gidh searbh-rádh í eadruibh. Féach-sa a Lughaidh do Leath Chuinn muna lór ar fhás eadruinn ní tráigh dár bhfreagrai-ne fós dháibh is eaglaighe th-iomthós. Aithnidh dhamh is go nua a-nos na gaoi lé n-iarrthaoi mh'amos fios a sgiathgha ar a sgáth sin i dtráth a n-iarrtha is aithnidh. An gcéin bhías cóir ar mo chúl ní dóigh liom cách dom chlaochlúdh ní taobh re tollairbhe dhuinn comairghe ar aon ní iarraim. Ná maoidh th-iomad um aghaidh ná a n-oirdheirce i n-ealadhain an chóir dom thaobh ó tharla ní dóigh d'aon ar n-agallmha. Fearr uathadh ní holc linne i bhfochair na fírinne ionáid iolair na haghaidh re cionaidh do chanamhain. Léigfead saoithe ar son an cheirt liom do fhreagra gan fhrithbheirt geall mh'eangnamha ní fhuighe um theann-bhogha ar thruduire. Ní dhíot do dhlighfinn a rádh dá ngoirinn ainm badh adhnár acht cuid dár labhair dar leam nach cabhair dhuit a ndícheall. An cioth chuirfid dá dteangthaibh biaidh a fhios ag Éireannchaibh gomadh fatha deigh-síon damh tré neimh-fhíor gcatha a gcantar. Ní ar sgáth sgéimhe mo dhána téighim d'iarraidh eadrána bíodh dá thaobh roi-neamh-thais ruinn claon daigh-sheanchais dá ndearnuinn. Díomus do ládh nar leith-ne saobh adhbhar a ainmnighthe a rádh go gcumhdaighfinn ceart dál gach ughdair-thim éifeacht.
Níom díomsach re Dia a bhuidhe gidh eadh aigneadh aon-duine um dháil cára 's dom chuing-se dána as cháir a gcosnaim-se. Níom diúltadhach gibé bheas dom uaim i mbáidh nó i mbráithreas um cheann na córa chanaid níom ónna re m'eascaraid. Ó nach d'fhuath do chlannaibh Cais do thagair tusa ar thagrais acht do thaoibh connailbhe ó gCuinn comairghe dhaoibh ní dhiúltfainn. Ní héagcóir d'fhior do gharma cumhdach ceirt bhar n-athardha. gidh eadh ná cumhdaigh acht ceart lean a urdail dom oideacht. Guidhim Críost nar chana mé ar ghrádh cháich seach a chéile glór rém linn badh diombuaidh dhamh diombuain sinn ar an saoghal.
AN gCLUINE MÉ A MHIC DÁIRE. LUGHAIDH Ó CHLÉIRIGH cct. An gcluine mé a Mhic Dáire eisd araill dár n-uráin-ne id chonchlann an tann-sa ó tám rann-sa i gcomhthrom do chomhrádh. Dá mbeith nár chonchlann cubhaidh leat féin inn dot ionnamhail téid mar uaisle d'fhine Chuinn nach dlighe an uair-se ar n-urruim. Ós d'fhiachaibh aird-ríogh Mumhan do rígh Éireann umhlughadh mar tá an t-ainm le féin bhFeabhail a ngairm féin gá bhfileadhaibh. Go bhfeastar críoch ar gcaingne ná hiarrthar ar n-urraim-ne ar chonnailbhe ná ar ghaol ghar comairghe ar aon ní iarrabh. Ní thuigim go dtiocfadh rum ar mhaoidhis d'oideacht oram 's nach ur-dhubhadh é ar mh'fhios mé d'umhlughadh dot oidios. Má fuaras uait admhaim dhuit aiceacht is mé i n-aois fhocluic go dturna a chara ar an gceart ní ragha mh'umhla ar th-aiceacht Nó gur labhrais ar Leith Chuinn do bhiadh dá n-éirgheadh eadruinn uirrim i n-ar ndáin-ne dheit náire dá dtuillinn treimheit. Má dubhart mar deire id laoidh ní as a dtiocfadh bhar dtathaoir acht glór séimh go n-annsa ort ní léir dhamh-sa go ndubhart. Sa n-aighneas do b'éigean damh má tá nach bhfionntaoi ar bhfoghar cuid dár bhfoghair-ne ro feas dhuid mo chomhairle ar chairdeas. Ní dearnadh leat-sa acht brígh bheag dom briathraibh bíodh nar thuillsead ag cora ar gcomhairle ar ais ro-dhoilghe an rogha rugais. Tré ghrádh ó nach gabhthar lat comhairle do chur orat ar bhar gcailg ó nach cuiream cosg sguiream a Thaidhg dod theagasg. Sgur dot aighneas munab áil ar mh'impidhe nó ar mh'fhuráil créad uma n-abra tré fhíoch réad nach admha léd eissíoth. A-dearthaoi nach dearnais trom ar shíol gCuinn choisgeas forlonn 's do dhán d'fhiadhain it aghaidh nár an iarraidh anaghail.
Dealbhthar libh mar leigheas air d'éis ar loitis dár laochraidh roinn milse go gcréachtaibh cnis nó séantair libh-se ar loitis. Más d'iarraidh síth go nua nois shéanas tú an trom do rónais síodh ar a shamhail do ghéan dom dhíon d'fhalaidh a n-aibéar. Gémadh dearbhtha ag cách a chion air féin dá mbeith na bhreithiomh níor fhás san naomh-chruinne neach nach saorfaidhe i gcás coirtheach. Ó nach tig riar an dá rann gan bheith diomdhach dá ndearnsam gibé tráth bearar ar mbreath leanadh cách ar an gcoirtheach. Níor fhéadas 's do fhéad tusa gan teagmháil san tagra-sa acht th-úidh ar fhagháil th-anma dúibh i n-anáir th-ealadhna. Gibé cúis do chuaidh i bhfad 's nach fuair a freagra romhad dá n-éisde d'Íbh Cuinn mar chách níor bhuing dot éigse th-iomrádh. Créad tug ar do fhréimh romhaibh gan déanamh a ndearnobhair 's nach ainbhfeas fá Íbh Táil tug bhar n-aighneas dáibh do dhearmad. Dá n-eadráin do dhlighfeadh dul sean-Mhac Liag leannán Mumhan an dtug sin tár ar Thorna na dhán a fhir mh'agallmha. Do bhriathra troma ar Thorna dob' eagail a n-ionnamhla ag lucht eagna dá rádh rinn do fhreagra um lár dá léiginn. A-dearthaoi as maith a-mudha m'fhagháil neith a-nalluna 's nach fuighinn acht a bhfuair sinn a gcluinim uaibh dá n-éisdinn. Gibé freagra fuaras daoibh ní do gheall ar ghlóir dhíomhaoin fríth uaim 's ní do shúr sochair dún ná d'uaill a healadhain. Dá n-iarrthar ar gach aoin-fhear díol tar ceann a chomaoineadh ní cúis éagcáir dhamh-sa a ndíol annsa is éadáil ar n-aird-ríogh. Mar íoc i n-áit an tsochair téid a dtagraim d'ealathain an méid-se dhíom ó dleaghar bíodh ar mh'éigse a áiteaghadh.
Ní a gcruth go rachadh romhaibh tug an feadh nach fuarobhair do fhreagra ó chách a chara gérbh fháth eagla th-ealadha. Tnúth ré dtárrthus do shochar tug dóibh 's ní díoth ealathad ná eagna don leith ros lig do fhreagra um leith mar léigid. Gibé dhíobh nar labhair liom baoghal orm-sa má aithnionn ar aoi ar dtréigthe i-né nó a-niodh ní léigfe mé do mhaoidheamh. Biaidh an chóir mar arm aige teacht um throid is usaide feirrde a spairnn dá bhfagha fear a ragha airm i n-éigean.
NÁ CAGAIL LABHRA A LUGHAIDH. FEAR FEASA ÓN CHÁINTE cct. Ná cagail labhra a Lughaidh sgaoil lét fheirg a haradhain bheith neimhneach dheid gion gur dluigh leig a teinn-reath léd theangaidh. Codail ar do chliathaibh fis cuardaigh aigéan gach oiris bí leis an dtaobh thaighdeas sibh gaol ná cairdeas ná cuimhnigh. Ná mínigh rinn do ro-ghus ná ceil éacht ná faltanas féach do leabhra sochair sonn cothuigh sealbha na saorchlann. Déine do dhícheall duit féin ó do chosgrais don chéidfhréimh ar fhéadabhair do rádh ruinn glár as éadamhain ionuinn. Ná cuir do chomaoin bréige do láthair mo leithéide ná glan do rai-chionta rinn damh is aithionta th-inntinn. A Lughaidh gidh linn tusa ní ar sgáth sgéithe t'fhialusa ná ar do chomairce trá is-tigh a-tá oll-aicme Éibhir. Maithim dhuit Dia dá mhaitheamh na fuighle nach fíorfaidhear do chabhair don chrúi-sin Chuinn níor dhúisigh fhalaidh eadruinn. Beanaidh re bun do fhréimhe cuarduighidh bhar gcaithréime ar saobh-acmaibh ní cóir cion caomhantair glóir na nGaoidhiol. Mar as fhearr as éidir libh laghduigh sochra síl Éibhir tairg a lot feasda ná fill ná loc deasga do dhíchill. Méaduighthear leat a los báidh más í an chóir más í an éagcáir staoil is comhramha clann gCuinn a mbarr foghnamha a bhfearuinn. Ar cheannach ná ar bhreith le báidh seasamh i n-aighneas éagcáir feidhm deacrach a mheic Mhic Con 's is peacadh dheit a dhéanamh. Gidh eadh ní fhéadfaidhear libh gé taoi ag déanamh do dhíchill cur éin-fhir dar luidh tar linn ós fhuil Éibhir i n-Éirinn. Sliocht Eoghain Mhóir mhóraid mionn sliocht Chormaic Chais mhic Oilioll leo cuart-anáir Bhanbha Bhreagh uachtaráin mhaicne Míleadh.
A gcoimpearta is cuimhneach linn leo an urruinn as fhearr d'Éirinn meastar iad trá as a dtreabhaibh 's a-tá siad na sinsearaibh. Do tuismeadh uatha idir más barr é ar a n-oirmhidin d'uaisle a gcinidh dá gcraoibh féin naoimh is filidh is fíréin. Blasda a síoth searbh a gcogadh uatha trá ní theasdadar oirbheart gaisgidh agus glóir toirbheart aisgidh is onóir. Admhaim gur maith maicne Chuinn níor mhisde iad dá n-abruinn do mhuin a séimh-sheilbhe sin ar bhfuil n-Éibhir-ne uaisdibh. Ní stiúraim le staoil gcomhráidh bréag ná oil ná iomarbháidh mo shlán fa chonfaidh ó gCuinn ní sár orthaibh do fhearfainn. Ná caill-se ar chineadh Charthaigh a Lughaidh id labharthaibh ní mó as caillte ar Íbh Bhriain Bhreagh na ndiaidh is sloinnte a sóisear. Ní facas leat id leith Chuinn buaidh ar laoich-ne a los comhluinn tar ceann bhar neamh-umhla a-niodh ná geall ealadhna ar n-éigseadh. Ag clos linn iona lasair do fhreagra dhéin dhóchasaigh cúis magaidh an mhéid-se dhí ná bagair th-éigse oirne. Ní díoth cuidighthe tá ar Thadhg an tréimhse atá i n-easard acht nach éignighthir é féin 's é sna céid-shlighthibh coimh-léir. Atá ag maidhm trá Mac Dáire tuile éigse anbháile as ucht na tuile is teann mé is fearr duine ná daoine. I leith an cheirt chuireas soin sraoineadh iomairgiodh oraibh dá mbadh umha a ór dána mór tubha bhar dteagbhála. Muna ndearntar éigceart air a los tnútha i dtaoibh eagnaigh ní thard sár do na saoidhibh 's badh slán Tadhg do thathaoiribh. Urmhór a labharthar lat do bheith acfuinneach uasat mar stór ná bagair i bhos gidh mór agaibh a n-iomus.
Comhairligh do chairde féin do Thadhg ní heagal oilbhéim nó go dtí dhé cách dod chosg go sé ní tráth dá theagasg. Dá mbeath trom aige orm-sa fa éisteacht na n-anghlonn-sa níor bheithte trá ro-ghrod rum a-tá bhar gcomhrag comhthrom. Tug Tadhg aoin-fhreagra oruibh lucht freagra an taoibh thallamhuin acht a shaor-rádh muin ar mhuin ní fhuil acht aon-dán agaibh. Má tá aon fhoilcheas agaibh le nochtadh do nuadh-bhagair ar ghrádh th'anma abair soin 's ná cagail labhra a Lughaidh.
CRÉAD FÁ DTÁ TADHG IS LUGHAIDH. MATHGHAMHAIN Ó hIFEARNÁIN cct. Créad fa dtá Tadhg is Lughaidh sgathadh 's folmhadh dealbhughaidh do chinn neart adhbhal orra reacht gan adhbhar eatorra. Ní leo fa raoir acht roinn bheag sleachta na bhflaith fá bhfuilead rann is-teach tháinig tharsa sa leath thall don talamh-sa. Éibhear más é ba shine nó Éireamhón orra-idhe sgéal nach móide mo mheadhair tréan óige 'na n-oighreadhaibh. Cluinidh is creididh ar aon mo sgéal maith a dhá mhacaomh a dtriall a Thaidhg is Lughaidh mairg nach cian ó dchualabhair. Do bhí an cat 's an sionnach seal lé chéile i gcumann daingean ag seilg fhiadhaigh is éanlaith. fa leirg dhiamhair dhroibhéalaigh. Fríth peata muice measa leo san choill fa coimhneasa bpairt na tuirce don droing dil i roinn na muice méithe. Roinn ar ar chuireadar cion an íoth don tsean ón tsóisear fa bhríogh móide na deise níor dhíol óige an fhírei-se. I n-aois an chait cumthar leis céad bliadhan bréag an ireis téid an sionnach suas ó shoin i gcruas brionnach ar bhréagaibh. Do chum an sionnach a suim re rae teacht Chríost i gcolainn greidhm don íoth lé níor léigeadh críoch nárbh é níorbh fhoiréigean. Tig onchú uaibhreach allaidh chuca mar do chualamair nar aontuigh d'aois aca soin gaois ní fhaca na n-aosaibh. Coiléan borb bliadhna go leith nachar ghéill d'aois fhir ainbhfeith leis ar mire an íoth 's an fheoil ón tine d'fhíoch is d'aimhdheoin. Baramhail do bheirim dí iath Éireann íoth na muice críoch na sliom-thúr dtiorm-ghlan dte ní hiongnadh iomthnúdh impe. 'S iad so an sionnach is an cat Tadhg Lughaidh lán leor d'iomlat gleic na suadh saobh an cogadh duadh ar aon gé fhuaradar.
Rádh na n-ollamh ná héisd ris an Gall-óg onchú an áithis do chuir sé a gcinnseal ó chion 's é as sinnsear 's as sóisear. Ní thagraim leat a Lughaidh ná re Tadhg ré dtarlabhair fá dtagraim ní triall chum táir ciall a n-abraim is eadráin. Brobhadh leabhar eirigh as a Lughaidh dár léir eolas déanaidh fuaradh ná tairg troid 's is d'uamhan Thaidhg a-támaid.
AN TUIRSEACH TAOI A LUGHAIDH. EOGHAN McCRAITH cct. An tuirseach taoi a Lughaidh brónach dhuit a ndubhramair do namh-thoil-se ní fáth fois ra-thuirse ar chách ar chanais. Do sgaoilis sgannail Gaoidheal saobhadh céille a gcomh-maoidheamh nó is meisge fheirge rod fhioch meisde ar gceird-ne gan cuimhrioch. Munab ionmhuin gasradh Gall mairg do mhaoidh mon ná mearbhall go lór d'fhaltanas is d'fheall ar slógh n-art-amhas nÉireann. Do leantaoi le labhra tais snáithe síodamhail seanchais le lucht righe rómh-ghnáith Té 's a fighe d'ór-shnáith éigse. Gréas do rithlearg rosg nó rann badh cairt le clannaibh claon-ghall badh fiadhain choidhche ar ar gcol na riaghail fhoirbhthe ó ughdar. Ceilt gach maitheasa a maoidheamh ná tug geall dod ghréas-laoidheadh Clódh th'fhaobhair i n-eagna cháich maoluigh do fhreagra rionn-áith. Do bhainfeadh do bhagar ród comhrádh a clochaibh cadod badh déisdean le bodhar balbh dá n-éisdeadh t'fhoghar ath-gharbh. Ní thárrthais dá tharbha a Thaidhg más libh láthair an iomairg il-bheadhgadh is at na bhfear tré imdheargadh mac Míleadh.
MEASA A THAIDHG DO THAGRAIS FÉIN. R. McARTÚIR, O.S.F., cct. Measa a Thaidhg do thagrais féin ioná Torna i n-aghaidh Néill 's is mó do thagrais ar Chorc níor dhlighis Torna d'éagnach. I n-aghaidh reachta na sean do thógbhais béim ar an bhfear ghá rádh nár chuimhneach an chiall ag tagra dhó re roi-Niall. Dlighmid gibé ní deara urruim dar saoithibh seana acht muna follus a mbréag ar fhír-cheart dá mbeith coimhéad. Mar sin gomadh cosmhuil duit gan aon aithis do thabhairt a mhic Dáire do Thorna file seanda saor-thromdha. Éagcóir mar do ráidheadh leat nach dearna dícheall ná ceart bíodh nach í an Mhumha mheardha fód bunaidh a gheineamhna. Tagra shlim chlaoin-bhreath le báidh níor ghnáth d'éigsibh Innse Fáil ba cneasda an drong níor bho tim ba mór a meas i nÉirinn. Níorbh iongnadh do ríoghaibh Fáil a móir-mheas riamh ar an ndáimh maith do thuill a mbéasa dháibh a bhfuairsead uatha d'anáir. Gan fhéachain do mhaicne gaoil caomhnuid riamh cairte gach aoin gibé dhíobh nach diongnadh so ní hé Torna nach dearna. Dlighidh gach neach a chaomhna gach cúis dá mbí ar a thaobha ar ionchaibh Thorna do bhí tagra Chuirc ris an aird-rí. Dob' oide fós don dís fhear Torna bádhach nár chlaon breath ní comhrádh ar a bhfuil tlacht nach diongnadh do Chorc dúthracht. Maith do thagair ar a shon Lughaidh† feasach mac †Mhic Con do dhearbh nach eagla ná báidh tug Torna tim sa teagbháil. Dámadh báidh fós do bhéaradh a ndearna soin do dhéanamh gibé mar do ghéanadh Corc níor dhligh tusa é d'éagnach. níor dhligh Torna más fíor dhuit caomhna cairte shinnsir Chuirc cuimhneach mar sin ciall an fhir gan dícheall dóibh do dhéinimh. Do bhreath féin dúinn dá dhearbhadh más inchreidthe do labhradh caomhna a maicne féin amháin dlighid éigse i n-iomarbháidh. Ní thuigim-se más fíor so adhbhar th-éagnaigh ar Thorna adhbhar éagnaigh is léir leam oraibh-se ag éigsibh Éireann. Más fíor a n-abarthar libh olc iontaoibh ris na héigsibh 's nach í a-mháin a maicne féin do níodh an éigse d'óigh-réir. Ní maith do thógbhais mar bhréig 's ní lór mar thagrais a Thaidhg go dtug sósar d'Éibhear Fhionn roinn leithe d'Inis Éireann.
Dámadh ó oighreacht athar do bhiadh sealbh Éireann aca sinnsear do badh cuirthe i suim ó shóisear d'fhagháil fearainn. Sinnsearacht ní thugann ceart ar thír dá bhfaghthar le neart calmacht na bhfear as cheart ann is ní haosdacht fear n-anbhfann. Ní buidheach as bheithte dhíot d'fhuil Éibhir fa th-áireamh ríogh a n-éachta sochair a sean ní sochar dhóibh iad d'áireamh. Sochair Bhanba ó fhuil Éibhir a n-áireamh do badh céillidh áireamh a ríogh do b'é a leas dá ndearntaoi é gan coimhmeas. An coimhmeas is é do ghreis fearg Luighdheach gion gur luinn leis teimheal gur chuir ar bhar nglóir ag cosnamh shíl Éireamhóin. Do áirmhis mór an mhíochuid dias ríogh d'easbaidh ar thriochaid seisear 's céad Lughaidh gan oil beag bhar dtaidhbhse na bhfochair. Cúig sochair mar sighne ríogh más glóir d'fhuil Éibhir a ríomh tugsad ar Lughaidh gidh eadh sochair as uille d'áireamh. Sochair is sighne flatha áirmhis ar ríoghraidh Macha gar do chéad a n-áireamh soin beag ré dtaoibh do chúig sochair. Ná budh conchlann dá chéile síol Éireamhóin síol Éibhir ní ag gach aon do bhiadh a fhios dá sguirthea a Thaidhg dod choimhmeas. Éagcomhthrom áirmhe na ríogh 's na sochair thair Éire dhíobh follus do gach aon a-nois ar th-fhine is trom do thagrais. Buan a mhairg do Chorc Cláire is do mhór-shluagh na Máighe an file d'fhuil Éibhir Fhinn tarla id chuid-se don choinntinn. Olc liom im chúis gan tarbha ó fhior th-ealadhna is th-anma músgladh faltanais na bhfear ag maoidheamh éacht mac Míleadh. Na filidh eile is eadh bhíd ag ceangal cairdis is shídh a lorg do badh leanta dhuibh báidh liom-sa gur lean Lughaidh. Síol an dá mhac sin Míleadh gar a ngaol gé tá ar síneadh a n-eascairdeas cian ó at-chlos mairg mhúsglas a bhfaltanas.
Sealbh na hÉireann ar gach taobh dearbh gur sgar riú-san a-raon beag atá eatorra anos mairg mhúsglas a bhfaltanas. Beag mhaireas dá ngabhlaibh gaoil tearc a gcaraid tearc a maoin 's iomdha a n-eascairde anos mairg mhúsglas a bhfaltanas. Ná gabh chugad a gcan sinn ní do throm díbh a-deirim 's ní d'ionnlach an taoibhe theas acht nach ait liom an coimhmeas.
GO GCEAD DOD GHAIRM A BHRÁTHAIR. TADHG McDÁIRE cct. Go gcead dod ghairm a bhráthair do b'fhearr aire ar do thráthaibh ní tú do gheibh modh id spíd acht na grádha 's an aibíd. Dá dtugthá aire dhamh-sa guais bheith dod threabhadh tarsna an céacht ar ar chuiris láimh súil romhad air níorbh fhuráil. Dá measdá nach dlighfinn sin mo chóir féin do thagra ribh ogal neach ré ráidhtear olc aibriosg fa ríor an daonnacht. Am chosnamh féin thagraim ribh feirrde m'fhíor-chatha-sa sin diongna an ní tharla ar th-aire cosnamh fir nár chríostaidhe. Gach ní bheanas réd ghairm féin os ann dhlighim biad dod réir ní mó ná ionnta so a-mháin creidim dod chomhaidh chomhráidh. Urraim uaim-se d'aois Torna féach an breitheamhnas tromdha modh urrama 's nach áil libh ó shóisear féin d'aois Éibhir. Is follus gur léig fa lár oircheas do fhéadfadh do rádh a chur na leith i modh chóir dar liom ní mór an éagcóir. Atá damh-sa ris an dáimh gan ísliughadh neith dá gcáil narab misde th'aigneadh rinn mo thagra neamh-chlaon neimh-thim. Neach san ord riaghla i bhfuile má chlaonann amhail dhuine tagra re caraid na leas ní béim d'fhior don ord éigeas. Córa dhamh-sa díorgha um ghlór ionás do Thorna go mór atú i gcreideamh nár chreid soin am lia d'fhios is d'ealadhain. Gibé a-dearadh nárbh fhíor dhúinn mo ghlór re Torna gan rúin dom shamhail ní tráth teichmhe anois uair a shuidhighthe. Iomdha ní dlighthear do chách téid gan déanamh ar a lán ní hiongnadh ní do dhol de ní raibhe i dTorna acht duine. Leath-ghrádh oide idir dhaltaibh go gcead daoibh féin ná machtnuigh 's na haithre ó ngeintear clanna go mbí leath-ghrádh eatorra. Mo fhreagra-sa ar Lughaidh féin lór liom san chás sin ort é fiadhain Torna ag toigheacht leam fa sgáth air ria rígh Éireann. Córa dhamh-sa ionás do Chorc fógra ar sheanchaidh madh fiú a locht eolcha mise i gceird mar sin eolcha Corc i gceird gaisgidh.
Dámadh áil leis gan buain ann ní bhiadh trom ar Thorna im rann buain i dtagra is seangadh as bríogh mo thruim is leis bheanas. Ní thoirmisgim fa dhreim beo oigh-réir gach aoin dá dtí leo gidh eadh na fiacha bhíos air is díolta d'fhior ar tosaigh. Ní fáth éagnaigh orm don dáimh má thig liom a fhagháil dháibh clú cion don druing gá bhfuil fios fios don druing tharla i n-ainbhios. Má do adhnas innte a-rís splannc ar luighe ceo ar ghrís má do chuireas d'fheidhm orra cuaird ar fud a sean-rolla. Má do chuir mé i gcluais cáigh go bhfuil níos mó d'fhios im láimh ionás do shaoil cách do bheith ní fáth diomdha orm d'éigsibh. Mó as chóra dot ord féin bheith diomdhach díot-sa fa bhéin i dtagra nach beanann ruibh 's bhar dteinn-fheidhm d'ualach oruibh. An tagra do trialladh ribh córaide dhíbh gan buain ris cuid daimh d'eadradh do chuid dé níat breitheamh ann niat aighne. Acht aon Fhlaithrí tá i gcubhail do badh doilghe liom Lughaidh im aghaidh sa tagra i dtám ná t-ord uile go hiomlán. Más í an chalmacht as cheart ann ní híslighthe bríogh mo rann re cois aoise ní fríth locht ar chuid Éibhir don chalmacht. Ní fríth dar ghluais leis tar tuinn ní fríth roimhe i nÉirinn uill gá dtás a chosnamh fa roinn a bharr do chéile comhluinn. An tí do b'fhearr roimhe is tír do thuit leis is é na rígh dhó níor chomhartha laige maidhm ar chách do b'usaide. Do bhean díobh rogha leatha d'Éirinn ar feadh a bheatha nuimhir trír a n-áireamh sin an chuid oile d'fhuil Mhílidh. Le nochtadh sgéil Éibhir dhóibh gach neach bhíos na bhreitheamh chóir fá rádh orm ní dhiongnadh trom nach ó shóisear fuair fearann. Áireamh gach ar áirmheas díobh neamh-nár d'Éibhear is dá shíol dóigh nach ba lughaide a gcion an chuid eile dá n-áirmhior.
An coimhmeas ní mé do thriall acht do thabhairt freagra ar Niall níorbh iongnadh mé dá chur ris cuid dar léig Torna thairis. An-sa is Lughaidh go réidh congbhaidh bhar mbréag agaibh féin dóigh go bhfuighthear cuid dá fhios tig díom má thograim coimhmeas. Ní hadhbhar teimhil dom ghlóir mé do thagra neith don chóir gan ainbhios ré chur im leith gan luaith-bhreith is gan leith-bhreith. Ní dulta re freagra mbuirb isteach tar modh riaghla an uird d'fhior do gheabhadh thairse a-mach badh deacair maith cáich d'ionnlach. Gé bhad cead ag do dhá ghairm bráthair dochtúir bhar ndá ainm díon ceirt ríogh-shluagh Mumhan Mis ní léigiobh dhíom ar th-aithis. Aithis is luaith-bhreith mar aon gidh comh-luath uaibh-se ar gach taobh ní chuirfe leo mise im thocht go bhfionnaid cách do dhúthracht. Do theichis rias an saoghal go dtuigid cách is baoghal an saoghal do chur do luirg isteach ar fud an ghlan-uird. Iongnadh nach dearnais dá réir mar do ní cuid mhaith don chléir nar chongbhais breith do bhreithe go deireadh na faoisdine. Ro-luath rugais le Lughaidh breith oram mar nár chubhaidh sul do chuala tú ré mheas aon fhocal ris dom aighneas. Níor fhiarfaigh tú an mbiadh ré rádh éinní agam ar mo sgáth ria mbreith breithe daortha dhuibh dod chomhmaith mar nár chosmhuil. Gibé mar do fhreagair mé Niall nó Torna na nglór féin nár mheas tú gurb é do oir mar fhreagra do ghlór Lughaidh. Ní mar do théx chuirthaoi gluais acht mar thaithneas re bhar gcluais níor gheallas uile a ríomh sin rígh náid sochair síl nÉibhir. Gidh eadh do áirmheas cuid dhíobh dá chur i gcéill nacharbh fhíor briathar uaibhreach ainteann Néill rér gairmeadh an-fhlaith dhíbh-séin. Níor áirmheas acht uathadh suas níor áirmheas mar shásadh cluas na rígh nach rugadh ann soin ná céad bliadhan na dheaghaidh.
Dá n-áirmhinn rígh reampa a-raon san lorg dhíreach ar gach taobh ní fhuighinn féin ná Lughaidh do bhreis ag Niall dhá cheathrar. Níor áirimh mé rígh don fhréimh gá mbeith éin-neach d'Éirinn féin ná neart eachtrann ag roinn ris na ríghe feadh a fhlaithis. Fada gabhaim ó bhar nós nachar áirimh mise fós mar do níthí an lucht do ní leith-rígh orra na thréin-rí. Dá n-anadh Lughaidh mar sin an t-áireamh mór ríomhthar libh ní bhiadh cuid aidhbhsighthe ann lorg díreach an dá shaor-chlann. Sochair na ríogh ná rígh féin níor áirmheas uile go léir ní leo do chuirfinn-se breis ar áirmheas díobh níor áirmhis. Na sochair mhóra mhaoidhe dá gcur i gcluasaibh daoine féachtar cia ré mbean a mbun féachtar sochar na sochar. Ní mar beirthear libh-se breith bheireas lucht féachta ar gach leith fhéachas gach cúis i na ceart idir all-ghlór is éifeacht. An fhréimh fa sine don tsíol ríoghdha i bhfuil i ngairm i ngníomh mar chonchloinn munab lór lat cuimhnigh qui se exaltat. Níor mheasais ina mhodh chóir m'áireamh ríogh sochair a slóigh ní mó as éidir leat a mheas an chuid dhíobh nachar áirmheas. Tuigim ort go saoiltear libh nach raibh acht a gcuala sibh d'áireamh ríogh ar mo chor ná do shloinneadh a sochar. Gidh eadh ní hamhlaidh a-tá an chuid do fhágbhas gan rádh do ghéabha páirt dá fhios soin im fhreagra ar ghlór Lughaidh. Rígh is sochair lén doirbh cur im briathraibh re Torna ar ndul im chéid-theacht síos níor chuir mé amach uaim breith an chluiche. Mar dhearbhadh ar mo ráidhtibh do léigeas díom gan áirimh rígh 's a sochair gan breith ghill ar bhar dtaoibh uile d'Éirinn. Mar sin gomadh anta dhaoibh gan breith do bhreith le leath-taoibh go breith don sgéal oile ort 's gan féachain d'fhuath ná d'annsacht. Buan a mhairg don thaoibh sin thuaidh bhar bhfreagra adhnas a n-uaill muna bhiadh bhar dtagra ruinn mór dá nochtaim nach nochtfainn.
Ní mé do thriall a maoidheamh éachta glan-uaisle Gaoidheal Niall is é do thionnsgain soin maoidheamh Éibhir is Eoghain. A maoidheamh níor thriall mise ní dearnadh dá n-innise acht freagra ar Niall i gcás Chuirc do léig Torna gan tabhairt. Is eadh mhusglas fala i gcéin suim d'fhior go mór na mhaith féin maith cáich oile nach léir lais mar as ghnáth lucht an díomais. Mó ná ar thagras don taoibh theas dá mbeith neach comhthrom dá mheas do thagair Lughaidh léir dhamh do chúis easaonta d'adhnamh. Níor labhras im chéad-ghlór féin acht ní re dteacht Torna is Néill ní reampa 's na ndeaghaidh soin follus gur labhair Lughaidh. Gibé lén háil déanamh síodh idir dhá dhruing don fhréimh ríogh congbhadh go comhthrom a chuing ná tugadh tár ar shaorchloinn. An díomus ó thig dhá thaobh musgladh fala sluagh ré ngaol ní mian liom tagra as a los mairg neartas leis an díomus. Tré dhíomus tháinic ar tós briathar uaibhreach Néill go nós mar do eisd ollamh ré chlos mairg neartas ris an díomus. Le díomus nár fuilngeadh libh ar labhras i na aghaidh sin d'fhír-sgéalaibh an taoibhe i bhfus mairg neartas leis an díomus. Ní géabh chugam a gcan sibh ní damh as doilghe leam sin acht cách dá bhréagnughadh so an oircheas d'fhior do gharma. A-deardaois dream nach díbh féin thig aighneas eadrann is mé gibé heile ris as bhun is dé as bheithte dhúinn diomdhach. Ar eagla an bhreitheamhnais thall ní beithte dhúinn nár dá rann maith dhamh-sa mo fhreagra ort maithim-se dhuit-se a dhúsacht. Maitheamh gach neith chráidheas aon ós í deagh-thoil ríogh na naomh gomadh aon toil dúinn is dó an rí dar léir ar n-ugho.
MEASA DO THAGRAIS A THAIDHG. AODH Ó DOMHNAILL cct. Measa do thagrais a Thaidhg má do fhéachais gach aon aird ioná Torna an dána dil oide Néill is Coirc Caisil. Mairg dhuit 's gurab dhuit a mhairg do nuaidh th'iomarbháidh a Thaidhg idir do Leith Mogha a-muigh 's an Leath†-sa †Chuinn Chéad-chathaigh. Ní fiú a gcuid d'Éirinn a-nois maicne Mhíleadh Mhoighe Rois iad féin fá chéile do chur córa dháibh síoth do shnadhmadh. Ós í sin do b'inntinn daoibh a Thaidhg Mhic Dáire go n-aoibh go bhfaghthá freagra nár thais truagh nach na thráth do thagrais. Do bhí re sé bliadhna déag do dhán id chionn dá choimhéad níor léig cagla síl gCuinn cháidh dhuit-se d'éin-neach a admháil. Nó gur díbreadh tar sáil soir sliocht Iughoine 's Tuathail ghloin 's gur éagsad thoir im a seach do dhán níor admhais d'éin-neach. Tú it aon i n-aghaidh pobuil nár dhaoibh féin a ndearnabhair ní headh a-mháin mór an meath tú it aon i n-aghaidh puibleach. Ní thiocfadh d'éigsibh Banbha ná d'fheabhus a n-ealadhna dá ndeachaidh dhíobh 's dá bhfuil beo leabhair na hÉireann d'aithcheo. Do shaoil mé gur léigheadh libh Gabháltais Dinnseanchas dil leabhair irse Innse hAirt Bruighne Toghla 's Tochmhairc. Leabhar Ard-mhacha go mbuaidh 's ar sgríobh Brógán theas is thuaidh. mairg dhuit nár léigh na am 's ar sgríobh Colum is Comhghall. Screaptra Innse Cathaigh cóir cóip Ciaráin i gCluain Mic Nóis leabhar Mochuda an chlúimh thais mairg nár léigh sul do labhrais. Do b'anta ris an taoibh thuaidh ar bhreith psaltrach Chaisil chruaidh idir gach druing don dheagh-fhóir d'fhuil Éibhir is Éireamhóin. Truagh nár léighis na sgreaptra do sgríobh lámh Chaimín Cealtra leabhar Glinn Dá locha thall 's leabhar Tuama Dá Ghualann.
Má do rugsad breith le báidh ollamhain Éireann d'éan-láimh dearbh nach rugsad naoimh a-nall idir chách acht breith chomhthrom. Do shaoil cách gurbh eolach cóir tusa ar maicne Mílidh mhóir gur chum sibh an seanchas cam ughdar gach neach go labhrann. Ní buidheach dhíot-sa síol gCuinn diomdhach síol nOilioll Óluim ní barr measa don taoibh theas a gclos uaibh-se dot aighneas. Roi-bhinn ris an dtaoibh-se thuaidh a Thaidhg gach a gcluinid uaibh dearbh leo go gclaoifidhthear sibh ó dhreim éigin dá n-éigsibh. Caithfead féin mo gha ribh-se go gcead da bhar n-éigsi-se dá ndeach fa lár níor ghnáth soin trasgraim laoch ionn gach iorghail. Truagh nach ar an nga do chleacht mé gé tú-sa i n-earr m'aoise réd rogha Muimhneach ón Maigh a Thaidhg tharla ar n-iomarbháidh. Do bhiadh a cheann leam-sa im láimh sul do féadfaidhe ar n-eadráin is crú a chroidhe ar mo gha ghlas dialladh duine re a dhúthchas. Do bhéaruinn an diach thug Conn ar Eoghan Mór um an bhfonn nó an diach fuair Conmhaol cain ó Thighearnmhas mac Follaigh. Nó an díol do rad Írial Fáidh ar cheathrar mac Éibhir áin nó an díol do rad fós an fear Éireamhón ard ar Éibhear. D'Iughoine mhear mheanmnach mhór sinnsear saidhbhir na sár-shlógh do mhionnuigh síol Éibhir Fhinn gan cur ré chloinn um Éirinn. Cia do chloinn Iughoine a-nuas fuasgail dhamh an cheisd gan chruas dár ghabh Teamhair na dtreas dte acht sáith d'Iughoine d'oighre. Mar ráthaibh ar a gconnradh gach aon dúil bhuí gá bhfoghnamh éasga is grian gan dol dé muir is tír tuile is aithbhe. Do shíol Iughoine as bhuan bladh ríoghradh uaisle na hAlban le Séamus aniú ma le Sacsa Alba agus Éire. Dá shíol fós i nÉirinn uill Osraidhe Laighin Leath Chuinn Dál bhFiatach Dál Riada a-le Baisgne Músgraidhe Déise. Dá n-andaois i mbun a ngaoil síol Laoghaire is Cobhthaigh Chaoil do bhiadh gá sliocht go bráth mbinn iomáin éin-leithe ar Éirinn.
Do ghabhsad Laighnigh do láimh cosg na Muimhneach mear ón Maigh dá bhfaghdaois uatha gá dtoigh síoth ó shíol Tuathail Teachtmhair. Díobh atáid cinn-litre ceall is ur-mhór ard-naomh Éireann 's is díobh aniú 's an-allan sgoth éigeas is ollamhan. Leath Chuinn is Leath Mhogha mhais do shaoilsead lucht an eolais gur comhthrom an roinn-se a-le gur labhrais a Mhic Dáire. Ní cian do fhan síol gCuinn gcáidh ar an roinn-se d'Inis Fáil dá ngoirthear Leith Mogha a-muigh 's an leath-sa Chuinn Chéad-chathaigh. Gearr iar sin ar Maigh Léana do shlán a Thaidhg a shéana gur bhean Conn d'Eoghan gan fheill a cheann is a chuid d'Éirinn. Um thráthnóna rias an gcath do chroch Eoghan ard éachtach teachta Chuinn ar dteacht dá thoigh dhá mhac Criomhthainn a Cruachain. Nár dhuit a rádh dá éis sin nach raibhe codhnac Caisil ar a choimhéad ar Chonn chóir d'éis a ndearna air d'éagcóir. Mó bhar dtáinsiomh ar chloinn Chuinn mar as léir id laoidh leathtroim ioná ar aon dreim don deagh-fhóir d'aicme oile Éireamhóin. Do bhéaruinn comhairle chóir dá mair do Leith Mhogha mhóir más tú file as fearr dá ndáimh do chosg feasda d'iomarbháidh. Muna ndearna siad-san sin ná bíodh oruinn ag aithbhir éigse shíl Chuinn na gcuradh fa bhar mbréig do bhréagnughadh. Lughaidh a dtuaidh Torna a ndeas bíodh nach raibh orra aincheas dias as laige do labhair don Leith†-se †Chuinn chomhramhaigh. Ar labhair Lughaidh go tais tug air ní deasbaidh eolais acht báidh re Leith Mhogha a-muigh bean don Mhumhain a mháthair. Gidh í máthair m'athar féin inghean Í Bhriain fa maith méin san chúis nár tagradh riamh róibh uaibh ní éisdfinn an éagcóir. Cia dhíobh ba fearr i ngach dáil ar dTuathal do theacht Éire iná Corb Ólum gan ceilt 's gur chomh-aois iad na ndíbeirt. Caidhe do Thuathal Teachtmhar ar dtilleadh dhó dá eachtra ceannas Éireann ar gach leith do ghabh le beagan buidhne. Do naisg Tuathal 's do shealbhaigh ar uaislibh Banbha i dTeamhraigh gan cur ré chloinn go bráth mbinn oiread bhías muir um Éirinn. Tuingsead uile dá éis sin don rígh-se d'aitheasg éin-fhir diamdaois coimh-neart síol na bhfear nabdaois coimh-cheart ré chloinn-sean.
Níorbh ionann i leabhraibh sin teisd ríoghradh sleachta Éibhir is teisd na bhfear nár dhearóil ríoghradh shleachta Éireamhóin. Ré linn ba soinnmheach síona d'eighreacht ré linn dá shíola ioth is bliocht iasg agus meas do bhíodh do ghnáth na bhflaitheas. Caidhe do Chonaire ar threoir deagh-mhac áluinn Eidirsgeoil samhail a fhlatha léigh dhamh i-muigh id ríoghraidh Mumhan. Freagair dhamh gan taom tnúdha caidhe do Chonn mac Úna re n-a linn níorbh bheag an rath tug talamh toradh céadach. Cia do bhéaradh geall Cormaic do shliocht Gaoidhil ghlan-ordhraic gé do thógbhais air mar oil a chur fa ghabhail d'Fhiachaidh. Minic do léigh tusa féin ar mac Airt an airm aithghéir líon a theaghlaigh thall na thigh caoga ar mhíle do mhíltibh. Do b'iomdha mac ríogh go rath bhádar n-a ré ar a theallach d'Éirinn is tar muir a-noir do b'inmheasda rét Fhiachaidh. Cormac ba cunnail a mhaith ba saoi ba file ba flaith Ba fír-bhreitheamh fear bhféine ba cara ba coigcéile. Cormac ro chlaoi caogaid cath ro shíolaigh saltair Teamhrach 's ní fhuil sa saltair go rath gur bhris t'Fhiachaidh-se aon-chath. Dar liom féin níor chumtha dhuibh draoidheacht an tsean-druadh Mogh Ruith i nDruim Damhghaire na ndamh 's nach raibh annsin acht siabhradh. Cá háit i bhfuil don taoibh thiar do Niall Naoi-ghiallach mar Niall dá dtug ó Mhuir nIocht a-noir géill gach tíre go Teamhraigh. Fagham leat samhail do Bhrian mac Eachach Mhuigh-mheadhóin thiar ór shíolsad i bhfus gan acht na teora caomha Connacht. Caidhe do Dháithí-se a Thaidhg do chuaidh go Sliabh nEalpa n-aird dar briseadh leis caoga cath mar Dháithí mhór mac Fiachrach. Nó Fiachra athair Dhái-Thí dárbh ua Oilill Molt an rí cáit i bhfuil leat a dheigh-fhir samhail Ghuaire an ghairm-einigh Caidhe do Chonall mac Néill nó Eoghan an airm aithghéir is a shliocht sin maith a méid fagham agat a leithéid.
Caidhe do chlann Cholmáin chaoin nó do shliocht Aodh Sláine shaoir deacair a gcaithréim do cheilt clanna Néill dána an deighcheirt. Caidhe do thrí Colla chruaidh lé mbearthaoi ann ngac bearnaidh buaidh nó comhmaith a sleachta soin idir Éirinn is Albain. Caidhe do Niall Frosach féigh fuair ó Dhia ar a dheigh-réir fras airgid is fras do mhil is fras do chruithneacht chaoimh-ghil. Caidhe bhar nAongus amhra mac maith an Charraigh chalma nó Maoil-sheachluinn re díol dámh nó mac Dálaigh Éighneachán. A haon is trí fichid rígh ria gcreideamh ós Éirinn dínn beag re ríomh na bhfochair soin mairg do mhaoidh do sheacht gceathrair. Sé rígh 's dá fhichid ríogh réil ós Éirinn do dheigh-shleacht Néill ó theacht an Táilghinn tar tuinn gus an bhfíor-fhlaith Maoilsheachluinn. Níor ghabh rí d'éis chreidimh chóir d'fhuil Ír Éibhir Éireamhóin acht fuil Néill is Oilill Molt 's do Bhrian-sa le ro-chumhacht. Is tearc má do sloinneadh riamh an tír-se iona bhfuineann grian mar shloinntear múr an mhiodh-óil ó ríoghraidh shíl Éireamhóin. Goirthear Teach Tuathail d'Éirinn Cró Chuinn is Fonn finn-Fhéidhlim Iath Iughoine is Achadh Airt Críoch Chobhthaigh is Clár Cormaic. Corradh mór ar thrí mhíle ríomhthar tria réim inrímhe ó theacht mac Míleadh a-noir dár ghabhsad Éirinn iubhraigh. Re dtionnsgnamh teampuill Sholmha canaim ribh ráidh gan dolbhadh tháinig clann Míleadh tar muir an treas aois d'aosaibh domhain! Do bhí urláimh na Banbha ag cloinn Míleadh mhór-chalma ó shin gan roinn re ruire go haimsir Briain Bóruimhe. Ceithre fichid ceithre céad do bhliadhnaibh ní hiomarbhréag ó dhíbeirt síl Mhogha a-muigh romhainn síol gCuinn Chéadchathaigh. An tan do b'aois do Chríost cheart sé céad míle agus seacht do díbreadh síol gCuinn tar muir 's do beanadh dhíobh a ndúthaigh.
Céad urdail a ndubhairt mé a-déarainn daoibh an uair-se acht nach roich i n-aoin-fheacht uaim a bhfaisnéis uile i n-aonuair. Dá gcluintear aon fhocal uaibh dod bhréagaibh don taoibh-se thuaidh cluinfidhear d'fhírinne theas céad oiread gach ar áirmheas.
GÉ SAOILE A THAIDHG NACH DEARNAS. R. McARTÚIR, O.S.F., cct. Gé saoile a Thaidg nach dearnas rann don dán fár ghluais t'fhearg-sa, is go bhfuile ag iomchur ruinn dar leat amhail nach diongnuinn, 's go béal-chráibhtheach ar tosach ar an aibíd do thoghas ar son go ngealla modh dhamh dhúinn ní fhuil ó Leith Moghadh; do bhrígh go gcuire-se 'm leith nacham don tóir ná don chreich 's gur lean an saoghal 's a mheang isteach san ord i bhfuileam focal dod théx nach tuigim agus arís go bhfuilim aithiseach tarsna im threabhadh luaith-bhreitheach is leith-bhreathach nar chongbhas go ceart mo chuing ag dol tar modh riaghla an uird 's ag greannughadh m'uird gan tlás i méid uabhair Goliás is gam shamhlughadh re damh as díomhaoin toisg san eadradh ós í sin do thuigse a Thaidhg an fhoich neimhneach bhíos dhá chailg, do chrothadh dhe ar an damh níor chóir a chur i n-iongnadh. Do thionnsgnas mo thagra ó thús do chur do choimhmeasa ar gcúl dá chlaoi sin is t-uabhair dna. Níom oireamh treabha tarsna ní mó do rinneas aoinní a mhic Dáire mar mhaoidhtí i n-aghaidh ceachtar dhíobh sin mo riaghla ná mo chreidimh. Dá ndearnainn 's don tí nár fhéach na dhiaidh ar gcur láimhe ar chéacht do b'ionchaithmhe an chloch dar linn go ro-dhána fám thuairim. Dearmadach dhaoibh-se nach é céad-shochar áirmhe ar do fhréimh an sochar sin fuarais féin uatha más eadh fríth ei-séin ceaduightheach agaibh go bhfuil Corc is síol Éibhir go soin nach raibh i gcreideamh Chríost cháidh do chosnamh i n-iomarbháidh agus mise do dhamhnadh tré Thorna an t-éigeas amhra nach raibhe dhuit-se más fíor na chríostaidhe do choimh-dhíon. Gé deirim sin do b'éidir tré bhar mbaoithe im fhuil nÉibhir
go meastaoi-se a mbeith sin re ngein Críost 'na gcríostaidhthibh. m'amharus nocha n-iongnadh óir is sibh féin as chiontach fán gcontabhairt i bhfuil mé cia ar a dtabhra Críostaidhe an tráth mheasas tusa a Thaidhg ain-chríostaidhe dhé do ghairm Torna éigeas lér hadmhadh creideamh Críost 's na n-ard-apstal amhail as fhollus do chách is in rann dúnta don dán ar a ndearnais dar leat féin aithcheodh nár chuirthe id chaithréim. Acht madh ainchreidmheach amháin nó an lucht théid don chreideamh cháir cia lén tualaing a thuinge nach don chreideamh chríostaidhe admháil eiséirghe mhic Dé ag cur dimbrígh san mbith ché 's admháil eiséirghe na gcorp i gcomhdháil Chríost na gcomhacht mar do rinne an seanóir saor Torna ar rug Pádraig naomh ar mbás Néill agus Dáithí amhail is rug ar Oisín do ba sine ná Torna 's do chreid i nDia fhorordha; Muna ndiúlta sibh go nuadh as th-ughdarás féin go fuar do rann deiridh an dána nach é Torna as bharánta. Is dá ndiúlta sibh-se sin badh iomdha mná agus fir ag fochuidbheadh da gach leith oraibh fád dhearmad cuimhne gan a dhiúltadh ar tosaigh nach é Torna an tsaoi fhortail do rinne aon rann don dán ó nár bhinn libh a chomhrádh. Nárbh usa sin féacha féin do chur lét inntleacht i gcéill do na daoinibh le na binn beith ag éisteacht réd choinntinn ioná rádh dá n-abradh sibh an dán atá i mbéal gach fhir gomadh le Torna cuid dhé 's nach badh leis an chuid eile; gan do dhearbhadh san reimheas na bhfuilmid gurab leisean an chuid úd oile don dán nach fuil ort-sa na sheachrán acht an dearbhadh dhearbhas dún gurab le Torna an rann úd eadhón iad-soin d'fhagháil riamh i gcrích Éireann ar éin-rian 's a dtoigheacht ó láimh go láimh ó laithibh Torna go ar láibh is a bhfagháil go díreach ar sliocht suadh is sein-sgríbhneadh. Is follus mar sin do réir fiadhnaise a admhála féin Torna éigeas go raibhe is in chreideamh chríostaidhe.
Éiligh sonna an mbreith ndaortha rugais orm dáil nárbh fhaomhtha im ain-chreidmheach do chosnamh 's daor thú féin san adhbhar-sa. ós tú do rinne an t-adhbhar fár thairgis mé do dhamhnadh nó is tú do thuill a rádh riot beith luaith-bhreitheach leith-bhreitheach. Ort-sa má tharla dearmad ó Lughaidh fuarais dearbhadh iar mbáthadh Dhuinn an tsinnsir do bhreith oirdheirc Aimhirgin mar tugadh ceannas na slógh ar bhéal Éibhir d'Éireamhón. Narab iongnadh libh a-nos do lochtughadh as a los gan urraim uaibh do Thorna ar aoi n-aoise is ealadhna ar dhaoinibh aosda budh dhéin ar son go n-iarfaidhe réir a n-uachtaráin seach gach fear bíodh go mbeith níos ó náid-sean; agus an uair do shonnradh nach is in sealbh badh dúthchas nó as dhual do shinnsear ó cheart théid an sóisear i n-oighreacht. Mór do tharcaisne ar Thorna. 's má taoi-se i gcreideamh mhórdha nar chreid mar a-deire féin is dearbh gur chríostaidhe ei-séin. Tug dot aire ar an adhbhar cia dhíobh dlighthear do dhamnadh; nó an cóir creideamh do ghairm dhe an creideamh sin i bhfuile dot admháil féin ós dá shéad creideamh Torna is th-iris-léax; óir ón scrioptúir is deimhin ná fuil ann claochlódh creidimh acht aon chreideamh riamh go cóir mar dhearbhas briathra naomh-Póil. Ná bíodh fós ort na éidearbh na aimsir i gcríc Éireann gurbh é Torna an tobar fis ard-ollamh gacha éigis gurb uime sin do toghadh ó Leith Chuinn ó Leith Mhogadh mar oide múinte dhóibh sin Niall Teamhra is Corc Caisil. Is cóir dhaoibh-se go bhfios damh ar an adhbhar sin an tan a-deire gurad lia d'fhios is d'ealadhain ná an t-éigeas cuaird fan Laidin maoidhtear lat is féach "$qui se exaltat." Do b'fhearr dhaoibh déanamh dá réir do ghéabhthá id sein-leabhraibh féin sean-fhocal gnáthach ar sean 's fearr teicheamh ná tairiseamh ioná bheith id chúis gáire ag fine Chuinn is Máighe ag gealla seasta go cruaidh it aon i n-aghaidh mór-shluaigh is dhá rádha go neamh-nár do Thorna dol ar seachrán
ó nach raibh acht duine ann dárbh fhéidir dol ar mearbhall mar badh tusa mo thruaighe spiorad na héigse uaisle nó Dia na heagna ó silid srotha an eoluis fhírinnigh 's dhá rádha gur d'eagla Néill tug air dá fhiadhnaise féin gan dol i dteann-thagra ris mar as ghnáth lucht an fhaithchis; is a usacht a thuigsin ar a thagra don chor sin le Corc Caisil 's le na fhréimh i bhfiadhnaise an ríogh rígh-Néill is le Niall i n-aghaidh Cuirc gan briocht bádha na labhairt is nach raibh don druing ollamh darab gnáth bheith ag moladh a dtriath na bhfiadhnaise féin 's dá gcur ós cionn gach chinéil 's nár chlaon re connailbhe riamh ag déanamh leathtruim re Niall ar bheith dhó-san ait an choir don chloinn Ír sin ó Ulltaibh mar fuair Tadhg an saoi feasach go hinntleachtach áitheasach. An raibhe fala an uair-se ba aosda nó ba nuaidhe ná faltanas chloinne Ír re sliocht Tuathail dá dtuigthí. Nach leo torchuir Tuathal féin agus a athair ba-dhéin Fiachaidh Fionnóladh fuair bladh is Conn† cródha †céad-chathach 's Roitheachtaigh mac Maoin i bhfad ria san bhfoirinn a-dubhart 's Muireadhach Tíreach iar soin sean-athair Néill Naoi-ghiallaigh. Sinnsir Néill nach leo torchuir i n-éiric na n-éacht n-ordhairc Oilill mac Slánuill nár thláith is Airgeadmhar mac Síorláimh Éilim mac Connra maile agus Mál mac Rochruidhe. Is nach le comh-bhráithribh Néill clanna Eochadha Doimhléin do sgriosadh ó gcrích bhunaidh i n-earr chóigidh Chonchobhair. 'S nach le hEochaidh athair Néill do dí-cheannadh féacha féin an rí déidheanach dhíbh soin ríomhthar ar Éirinn éachtaigh. Caolbhadh mac Cruinn Badhraoi a ainm. Níor chúis cairdis do chomhshnaidhm sliocht Ír agus Éibhir ghlain. Gidh mór díobh tarchuir mar soin a sean-fhala do chuaidh as is níor nuaidhsead faltanas. an file d'fhuil Éibhir Fhinn cosmhuil dá bhféachadh go grinn
an faltanas so Ulltach re Niall d'éis na n-iomarghal do chur comhráidh Thorna ar gcúl go n-iarrfadh claochlódh réasún d'iúl éigin ar a mbiadh dath i bhfiadhnaise fhear Mumhan is nach maoidhfeadh tré shíol n-Ír báidh Thorna ris an Aird-rígh. Maith dhamh mo bharamhail inn. Thú ar nad mhealladh saoilidh sinn 's gurbh feasaighe Corc an áigh ar son gur sheachain teagbháil ar mbeith dhó-san an chéid-fheacht na dhalta ag Torna éigeas 's ar a bheith na rígh Mumhan do hoirdneadh mar ba cubhaidh i ngrádhaibh fileadh go fíor do réir ghnáthaigh ar sein-ríogh gan seasamh ar seanchas chlaon ris nach sgarfadh seisean saor. Ní ó aineolus fuair Corc gé fuair adhbhar dá dhúsacht. Do shaoilfinn fós amhlaidh sin gurad fearr-sa i gceird gaisgidh ioná Corc tré theicheamh dhó go n-a ceithre catha armtha ó Niall i mBearnán Éile dar coisgeadh a gcoimhéirghe 's gan é ní ba goire dhó ioná longphort i Lothra 's tusa dar leat gan bhaoghal ag cur romhad it aonar tabhairt troda mór an neart do Leith Chuinn uile i n-éinfheacht. Acht muna mbeith go gcuala uait féin it fhuighlibh fuara méad bhar n-ainbhis is nár soin i riaghlachaibh an chogaidh ag tabhairt oile gaisge ar Conn do b'olc an aithne tré gan rabhadh do chur dhó roimhe sin go Mogh Nuadha an tan tug amus longphuirt ar Eoghan go n-Allmhurchaibh. A chliar Éireann theas is thuaidh freagraidh so tógbhaidh bar n-uaill. Rug ó Phort Parrthais oraibh ollamh ós gach ollamhain a-deir gurab mó atá d'fhios is d'ealadhain aige a-niodh ná ag Torna an t-ughdar sean ard-ollamh Innse Gaoidheal, a-deir go dtiobhra soillse don fhuirinn atá i ndoirche 's eolus nach fríth roimhe so re barr ar mhíle bliadhan. Tigidh a sgola Banbha as gach taoibh is in am-sa d'fhéachain a mhíorbhal n-eoluis Dia na héigse d'aith-bheodhadh. Taisbeanaidh dhó bhar ndeacra ag léigheamh leabhrán seanda Ibhidh sonn digh bhar sásaidh a sruth éigse an iol-dánaigh
is ná congbhadh sibh a mheas gurb é Mac Dáire ón dtaoibh theas nach cualabhair roimhe so do dhul tar cách i n-eagna. Óir is eadh aithristear uaidh is in bhForghas láimh le Cluain go bhfuair seisean go nua 'nois cuid do chnuas na gcrann n-iomuis dar éirigh buinne an bhailg fis a fuarán eagna gur fhich ó thoircheas éigse ar tuile ag sgoltadh a urbhruinne. Daoine eile dá rádh ris go bhfuair seisean an t-eo fis ó Aoibhill ban-fháidh síl mBloid atá aige na caraid. Muna gcreididh-se a n-éabhairt tigidh as gach aird d'fhéachain iongantais mhóir seacha soin sein-Shliabh Callain re n-iodhnaibh. Gidh eadh a éigse uaisle d'eagla oirbhire uaibh-se le tuarasgbháil as mheadh blaoisg ná freagraidh do ghairm dhíomhaoin. Anaidh ag bhar n-oidibh féin. óir fuair mise sgéala ó 'né gurab é an Tadhg daoibh aithnidh atá ann ná hathraighidh, 's nach fuil acht all-ghlór gan fhréimh na adhmholtaibh air féin 's nach cná iomuis mar ad chlos fuair seisean is in bhForghas acht cná caocha dá ngoirthear cnuas na gcrann neimh-fhis ndoi-cheart tré nach faghar uatha iar sgéith toradh acht ainbhios uile; is fós nach é an t-eo fis mar shaoileas sluagh Sléibhe Mis fuair ó Aoibhill cloinne Cais acht madh eo fis ain-eoluis; ar an adhbhar nach faicim acht fís aige agus aislinn i n-áit an mhóir-eoluis cheirt do shaoil d'Éirinn do thabhairt. Dá bhfiafraighidh cia an toirrcheas ó Shliabh Callain do coimpreadh aithchim ar bhar n-éigse sibh gabháil díbh ar bhar ngáiribh an uair do mheas gach Muimhneach do chonnairc méad a bhuilg-sean gein an-mhór uaidhe do bhreith acht luch fhéir uaidh níor tuismeadh. d'éis ar sgaoileadh ar gach leath ó aird-fhile an taoibhe theas ag fógra a thoirchis fis dó amhail do chualaidh Fódla ar ndol dó ar a chliathaibh fis ní thug do shluagh Shléibhe Mis d'iúl acht a rádh nach raibhe Torna i gcreideamh chríostuidhe 's mar sin gur iongnadh dhamh-sa dol ar son a mhacsamhla 's dom chor-sa i gcomhair re damh as díomhaoin toisg san eadradh
is idir gach comhrádh fuar bheith ag bodhrughadh ar gcluas tré n-a mhionca nach truagh dó a-deir sochar na sochar is neithe éadtroma oile ar son Éibhir 's a chloinne do chuir Lughaidh cheana ar gcúl 's tug arís mar réasún ionnus go gcuireadh i gcéill do Dhál gCais gá bhfuil i gcéim go dtugann uaidh freagra lán mar chreidid cách dá chomhrádh. Ag so a fhileadha Fódla agaibh an t-eolus mór-sa do chosnamh an taoibhe theas fuair Mac Dáire na choimhmeas nach fuair Guile Átha Lóigh Mac Liag ná aon ollamh cóir d'éigsibh Leithe Mogha i ngar do mhíle ar thrí chéad bliadhan. Ag sin daoibh an fuarán fis le barr gaoise air do bhris lér chlaoi an príomh-fháidh-se Chlann gCais Leath Chuinn le gaisgeadh n-eoluis aon chaoga rann thiar is thoir bhíos ó láimh go láimh i sgoil gé nar léir dó na measg sin críostaidheacht Torna éigis. Gion go mbeith againn éin-neach do shliocht uasal na n-éigeas an aibíd iona bhfuil mé ní cosmhuil go mbia choidhche gan fhear do chlaoidhte ón taoibh thuaidh. Is minic lé rugadh buaidh leis an gcloidheabh roimhe so ón chéad Mac Dáire díomsach is tug bearradh geoin ma-le ar an dara Mac Dáire. Iongnadh is ceaduightheach dhuit déanamh aighnis ar son Chuirc ag nach raibhe creideamh Críost 's nar choiméad aithne an Aird-ríogh 's nach léigthear dhamh cúis phudhair beagán d'aighneas fa Lughaidh eadamar nach diúltfa sibh do bheith i soillse an chreidimh. Más luaith-bhreith leith-bhreith beirthear iar gclos dhá rann do bhreitheamh acht gurab éigin anmhuin ann gach ionadh don talmhain ris an druing gá saoilfeadh cách ein-ní do bheith re a rádh nó a-déaradh go bhfuigheadh soin barr ré rádh na n-imreasain ní cosmhuil go gcuirfeadh cách aon chaingean i gcrích go bráth.
'S is leith-bhreith luath rugais féin ar thagra Torna is ríogh Néill is do dhamnais a rug riamh an eaglais thoir agus thiar do bhreitheamhnas ó dhligheadh i n-aghaidh na n-eithriceadh a-deir go mbíd leo do ghnáth neithe nuaidhe re a rádh re hucht bhfír-chiall mbreithre Dé as a ndamantar iaid-séin; agus arís do dhamnais forghla a mbearar ar talmhain do bhreathaibh díorgha dlighe is in maitheas phuiblidhe. Gé go ngabhthaoi-se do láimh go treorach idir chloinn Táil mar gach il-cheird dá bhfuil lat bheith dom mhúineadh-sa i ndiadhacht is sibh ag gairm dochtúir dhíom olc an diadhacht duit go fíor a fhógra oram fa bhreath do bhreith ar an bhfaoisidneach gá chur iar dtuigsin a ghníomh an tan sin ó dhligheadh fhíor ria n-éisdeacht amhail as ghnáth a fhaoisidne go hiomlán an tráth as fhollus nach tig leis an gcoinghioll dhligheas sin le haithreachas ó chridhe ná le hadmháil fhírinne. Dearbh as ar maithe riot féin bhar n-aird-rígh ar Theamhraigh thréin iar gcreideamh nar háirmheadh libh tre luighead an chomháirimh ní hé amháin na bhfochair soin ríoghradh Leithe Cuinn go ngoil acht i bhfiadhnaise do sheacht gceathrar rias an naomh-phroiceapt. Is cosmhuil gur deacair dhuid teacht go dána síos san troid lét aon Bhrian Bóruimhe a-bháin do shíol Éibhir go mór-dháil i n-aghaidh seacht 's dá fhichead atá do réir na bhfileadh na n-aird-ríoghaibh ós Bóinn Bhreagh d'fhuil Éireamhóin iar gcreideamh. Is dá dtugmaois na rígh dhuibh tar fhírinne an tseanchais ghloin Toirdhealbhach Ua Briain bhar mbrath nach biadh Brian ina aonar dóigh gidh ad dána as cloinn Táil libh-se féin fós gomadh náir gan acht dá rígh i gcomhair leat le móir-sheisear 's dá fhichead. Atá an oiread sin agaibh do ghnáith-bhéas ionn bhar dtagraibh
ar bhar neithibh féin a-mháin do chur a-mach le mór-dháil gomadh cosmhail dámadh libh an dá fhichead 's na seacht rígh d'fhuil Néill ó cheart a sean do ghabh Éirinn iar gcreideamh go gcuirfe sibh bhar bhfuil féin ós chionn ríogh mac nIsrael 's ós impeiribh gá dtáim ribh an oirrthir is an fhuinidh; mar as urus a aithne od mhaoidhmhighe as a mhaicne 's ar bhar mbladhmann ar gach leith as bhar n-aon Bhrian Bhóruimhe is an gcoróin fríoth mar fríoth leis nach béaradh tre bhith síor dá mb'é éan-lámh don chluiche ó chloinn Tuathail 's Iughoine ór fuadadh do dhruim faille an choróin 's a bóruimhe do réir mar dhearbhócham dhuibh ag cur gluaise ar théx Lughaidh ós é sin téxa díreach na sruitheadh 's na sein-sgríbhneadh. 'S iongnadh liom ó fhior t'aoise ar an gcúis nochtaim dhaoibh-se coimhmeas éag-cosmhail a-nois do thionnsgnamh mar do thionnsgnais. Is doilghe liom ioná sin an ní chuala dhá rádh libh. Do ghluais bhar bhfearg go meardha i n-aghaidh Néill rígh-Theamhra ar son h-an-fhlaithe do ghairm do shíol nÉibhir ó bhfríoth spairnn dar leat nach cualais a-riamh go sin a ndubhairt rí-Niall mar do bhádhais go diamhrach ag saothrughadh feadh bliadhna clann Éireamhóin na n-arm ngéar an tráth fuarais i n-éidtréan craobh do dhealbhadh do Dhál gCais nar chuiris ua Táil rét ais na aon oighre ceart na cheann ar fhuil ríoghachta Éireann do réir an cheirt go díreach do bhí gan chloinn sin Mhíleadh re dteacht gabháltais oile ar Crích n-ársaidh nIughoine, agus fós san gcraoibh gcéadna da gach taoibh dá thaisbéana gur chaillsead an chuid oile d'uaislibh Críche Laoghaire an tráth-sa acht amháin ua Cais a gceart ar Éirinn iath-ghlais. Más fírinneach súd a Thaidhg mar dearbhthar dhúinn as gach aird ros dall do bháidh re Dál gCais 's an onóir uatha fuarais ar an modh soin go bhfuile nach gcuimhnighe is nach tuige
Fírinne an tseanchais uasail léighe gach laoi it shean-duanaibh. Gidh mó do ghnóthuigh Mac Liag 's Aitheas ua Lorcáin ar Brian ná sibh-se ar chineadh Cais gá bhfuile id réadluinn eoluis dá mbeirdís a leithéid súd do leith-bhreith amhail rug tú le Brian i n-aghaidh céille 's fírinne na sein-éigse do sgriosfaidhe gan éidearbh le hollamhnaibh na hÉireann a n-anmanna go hollamh as rolla na n-ollamhan. Ó 'd-chítear dhuit gur éigceart ar bheith na shinnsear d'Éibhear cur Éireamhóin 's a shíl sin re nÉibhear re síol nÉibhir nach éig-ceart dhuit-se Dál gCais sliocht an tsóisir Chormaic Chais do chur ós chionn na gclann saor clainne Carthaigh 's a gcomh-ghaol maicne Carthaigh go n-a ngaol sliocht an tsinnsir iad araon Eoghain Mhóir ro ba mac glan d'Oilill Ólum rígh Mumhan. Táinig crobhuing caogad ríogh ar sliocht Eoghain Mhóir go fíor ós an Mumhain go meadhair go Cormac mac Muireadhaigh agus gan acht dá rígh déag do shliocht Chormaic Chais na dtréad na ríoghaibh ós Mumhain Mhis. Follus bhar leathtrom aighnis. Forghla a bhfuil i Leith Moghadh mealla ar seilbh bheith dá gcosnamh fa Dhál gCais mar chlanna Cuinn dá gcur le seanchas mearbhaill. Is léir mar sin san am-sa cia do ní an treabhadh tarsna. a-déara sluagh Caisil Chuirc gur diom-buaidh dhóibh do labhairt. Bíodh a dheimhin agat féin don uimhir áirmhe ar do fhréimh ós chionn Éireann mar ríogha go bhfuil cuid nach in-ríomha. An fear d'easbaidh ar tríochaid. ria gcreideamh uaibh dá ríomhthair ná háirmhidh orra ó so amach an dá cheathrar dhéidheanach, ná Brian Bóruimhe iar gcreideamh dá mbeith nach beanfadh seisean an ríoghacht amhail do bhuing go cealgach do Maoil-sheachluinn. Ó Mhogh Corb go ré Criomhthainn dóibh ar seilbh bheith na ríoghaibh an dá cheathrar a-deir sinn nach cóir d'áireamh ar Éirinn. A haithle Iughoine Mhóir tá an t-ochtar sin ó chóir
iona n-anfhlathaibh uile mar aon re Brian Bóruimhe. Ní cóir a n-ainm do chur síos go bráth i rolla na ríogh. Ar nuimhir ríogh Innse Breagh ní cóir an naonbhar d'áireamh. Éireamhón céid-rí Banbha don chloinn Míleadh dá dtarla gé do bheansad trí haicme seal ríghe dá ríogh-mhaicne fuair sealaidheacht na ríghe clanna Luighdheach mhic Ithe sliocht Ír agus Éibhir Fhinn na trí haicmeadha deirim. Sealad dóibh ar an nós so ag spairnn riú im ríoghacht bhFódla an chlann sin Éireamhóin fhéil an tráth fa héidtréan iaid-séin. Mar sin dí i ndiaidh a chéile ó ré Chonmhaoil mhic Éibhir nar dhaingnigh aon drong na sheilbh go tuitim Reachtaidh Righ-dheirg. Iughoine tárraidh an tsealbh. Leis torchuir Reachtaidh Righ-dhearg i ndíoghail éaga a bhuime Macha miolla mongbhuide. Is é an tIughoine Mór sa do dhaingnigh ríoghacht Fhódla dhó féin is dá síol ó shoin do réir an reachta an uair-soin É do dhaingnigh a dísleacht d'fhuil Éireamhóin mhic Mhíleadh do réir na n-ughdar dtromdha admhas uile an teann-phonc-sa. Gan chur ina cheann féine ná a chlann-mhaicne dá éise tuingid aicme Éibhir Fhinn 's gach drong oile fa Éirinn. Do thuingsead d'aitheasg éin-fhir bíodh go mbeidís níos tréine gan cheart ar bith ó so a-mach d'agra dhóibh ar Threibh Theamhrach. Tugsad dó an uile umhlacht dar naisg orra san chonnradh. Gach slán gach móid dár gnáth sonn tugsad uatha ré chomhall. Oighre an Iughoine dubhart Tuathal Teachtmhar nar tubhadh aimsir fhada dá éis soin an chuing chéadna ros cheangail. Gonadh dhé sin as an-fhlaith gach rí d'fhuil Éibhir arm-ghlain dar thairg seilg na ríghe ó shoin ar chloinn Iughoine is Tuathail. Ar ríoghadh aca ón am soin drong do éirigh le a n-antoil i n-aghaidh na fola ríogh le huabhar is le hainbhfhíor gá dtú i ndiaidh na mionn sa do ghluaisfeadh ulca iomdha gibé do thairgfeadh gan cheas a saoradh ó ain-fhlaitheas. Osglaidh ar feadh an domhain slighthe easumhla is cogaidh
i n-aghaidh na bprionnsadh gceart do dío-sgaoileadh a móir-neart. Do thuillfeadh diomdha ó ríoghaibh an talmhan-sa díbhlíonaibh darab daingean do shonnradh ar choiméad a sean-chonnradh 's ar chongbháil ríghe go sáimh ar a gceart 's ar a gcoráin móid uasaileachta is umhla do bhuain do lucht easumhla. Dámadh ceaduightheach don tír gan comhall a mionn dá rígh cia do ríoghaibh sa domhan dár chóir flaitheas d'altughadh. Dá moltar dóibh a-ríse dol do throid im an ríghe na huaisle chuirid fa smacht is mhionnuigheas dáibh umhlacht caidhe ar talmhain rí fa nimh lén héidir a dhearbhadh sin feadh aon uaire gá dtám dó i ríghe gan fhreasabhra. Bíodh nar chreideadar na rígh Iughoine is Tuathal na ndís ceanglaid dhóibh féin 's dá sliocht sin fa mhóid umhla fir fhuinidh muna bhfuair tú id sgrioptúir féin nach fuil d'fhiachaibh ar an méid bhíos gan chreideamh Dé Dúiligh caomhna an dlighidh nádúirigh, acht gurab éidir leo ó cheart gan comhall mionn mar as dleacht fuil araile do dhortadh 's mná a chéile do chomhthochradh ní so nach faghar ag fáidh agus nach éidir a ráidh gan tuilleadh ndiomdha n-adhbhal ó Rígh Nimhe is naomh-thalmhan. Féach féin a Leath Mogha mhóir an bhfaice ar Thadhg bearradh geoin tar éis ro-dhóchais chlann gCais as a fhuaránaibh eolais; Nó an bhfuil bearrtha ó chluais go cluais ó aon bhráthair don taoibh thuaidh gan chead dá chraoibh 's dá eagna do réir iúil na sein-sgreaptra, muna áitighe gurab bréag sgríobhthar ar Leith Chuinn na gcéad gur dhiúltsad Gaoidhil dá gceart 's gur mhionnuighsead uasaileacht do chloinn Iughoine is Tuathail is don ríoghraidh ó Chruachain, amhail do reac Lughaidh ruinn 's mar do mhaoidh mac Uí Dhomhnaill. 'S más amhlaidh sin sheasmhas duibh a Leath Mogha Caisil Chuirc ní tiubharthar dhó i sgolaibh modh ughdair ná deagh-ollaimh. Caithfid saoithe an taoibhe thuaidh 's ní d'eagla nach béardaois buaidh
tagra móráin nach bia ceart re fear all-ghlóir gan éifeacht leis nach faghthar dó dol as acht táinseamh ar an seanchas. 'S munab le seanchas grinn géar acht le cuma a aignidh féin chuirfeas roimhe Mac Dáire cosnamh slóigh na sean-Mháighe do ghéabha fear a fhreagra nach féadfa cosg a theanga d'fhíor-labhra láin do leith Chuinn ag síor-rádh seicheadh capuill. Tuig a Thaidhg gé taoi rói-ghlic gur éirigh díbh toisg ghóidrisg ag tairgsin táir ar Thorna fár léig thairis díomhordhadh fa gan teacht i n-aghaidh Néill Ua Tuathail 's Iughoine fhéil gá raibhe a dtáinig roimhe suas is in réim ríoghraidhe go Míleadh Easpáine ór chin na ríoghaibh ar Fhiadh Fhuinidh acht madh naonbhar dá aithle is ochtar ria n-Iughoine tré an-fhlaithe dhíobh do ghairm an chlann sin Éibhir do thairg righe ris d'éis gach éachta móid umhla 's uaisealachta. Do rad Éire sin go léir do Thuathal 's dá dheigh-fhréimh mar do chuimhnigh go feasach a oighre Niall mac Eachach i dtráth tagra re Torna ag caomhna ceart a athardha is in rann i na ndubhairt nach tiobhradh baile i Mumhain do shliocht Éibhir Fhinn gan troid nó cíos as do chloinn Tuathail. Ós léir id bhriathraibh maithe go bhfuile ag déanamh aisig d'éis bhar saothair do Dál gCais ionn gach éagcóir dá ndearnais adaimh anois ó chridhe ar do bhráithribh mar dhlighe ag iarraidh maithmhe do réir mar mhúineas briathra an tsoisgéil; ar Leith Mogha ar a ndearnais éagcóir re Dál† an deagh-†Chais, 's ar Leith Chuinn do tairgeadh libh do chur fa chiaigh lét fhuighlibh; ar an éigse do bhuime is a mallacht do thuillis; 's ar t'fhine féin dár thuill sibh diomdha is mío-ghnaoi fear bhfuinidh; 's ar aicme nÉibhir uile dár bhean tusa réd chroinic ar leigeadh go so seacha do ríoghaibh gan inchreachadh; 's ar Dháil gCais rod chuir i gcéim dá nachar thuillis caithréim.
'S mar do rad Corc theas do Niall tabhair do Lughaid a riar ag rádh ar chan ris an rígh mea culpa peccavi. Ofráil th'urnuighthe iarsoin do Dhia le haithrighe ngloin is maithim-se dhuit a-nois riom féine gach a ndearnais; is aithchim ort díolghadh dhún go dtuilleam síoth Dé na ndúl tré ar síoth annso i ngleann na ndeor is nach deachmaois ar ain-eol amhail adubhairt Torna ós deimhin fir na talmha do theacht i ndáil do bhreithe ag so a Chríost do choimeirghe.
NÍ GUAIS LIOM th-URCHAR A AODH. TADHG McDÁIRE cct. Ní guais liom th-urchar a Aodh bíodh go mbídis drong deagh-laoch sgáthmhar ret airm gus anois th-airm féin ní hiad do ghlacais. An t-arm nua a Mhic Í Dhomhnaill ararbh áil do lámh d'fhoghluim lughaide is baoghal do neach ní fhuil sé id láimh go díreach. Do shaoil mé a Mhic Í Dhomhnaill gur gnáth agaibh ceart chomhluinn neach ar a mbiadh fear 's a lucht ní ris badh caithte th-urchar. Atá an file an fear dána 's an tí ghlacas naomh-ghrádha ag cur oram re raile agaibh 's go fiú an úcaire. Má do chaithis fear mar chách th-urchar riom ní móide ar sgáth beag mo bhríogh na chaitheamh dhuid sginnid na hairm don charraig. Atá leathtrom orm a Aodh ar feadh ar n-aighnis ar aon oircheas dhamh a shloinneadh soin amhail a-déar im dheaghaidh. Leasg liom mar onóir dot fhuil bréag do thubha i n-aghaidh ruibh a leigean orm is leasg dhamh neimh-leasg do dhán ré dhéanamh. Ní nár leat ná dhuit a Aodh dá dtagra sibh seanchus claon badh nár liom-sa as mo los claonadh siolla i seanchas. Ní badh toibhéim don taoibh thuaidh aimh-leasg mé fá aithris uaim adhbhar béime don taoibh theas éasgaidh libh é mar aighneas. Tar gach leathtrom dá bhfuil ann i n-ainm Dé do chlódh do rann malairt urchair uaim tar ais do bhéar ar inneall th-amais. Do bhéar mo fhreagra feasda ar bhar ndán gá ní as leasga ní i modh bhus roi-bhinn libh mé chuige is mairg do éignigh.
Ní breith orm do bhreith a Aodh. Tadhg Mc Dáire cct. Ní breith orm do bhreith a Aodh do nochtais t'aigne d'aon-taobh teacht faim cheann do léigis ris ní breitheamh thú acht fear aighnis. Dá dhearbhadh nach é as mheasa ní fhuighe-se im aighneassa a bhfuair mé i dtagra Torna ná a luach d'éagcóir agallmha. Go mbé a mhairg don tí as chionntach re heissíodh d'adhnadh ionnta triall éigceirt i nglór nó i ngníomh ós é adhnas gach éissíodh. Tús gníomh n-éigceirt do dhéinimh maoidhtear libh le goin Éibhir tús éigceirt briathar a-mach do thionnsgain Niall mac Eachach. Ní cúis do dhul fá chéile don dá dhreim dár dhual Éire fios a gceirt féin ag gach fhear nó fios soi-ghníomh a shinnsear. Gidh gur throidsead a sinnsir rompa fa Éirinn innsigh ní throidfid uaisle dom chead go bhfionnaid créad fá dtroidfead. Anaid na huaisle go ciúin go bhfuighead uainn fios a n-iúil Faobhar a sleagh ná a lann nglas ní hiad na hairm don tseanchas. Ós ar lorg dána an bhráthar atá an glór sin id dhán-sa tugtha dhamh na aghaidh soin cuid dom fhreagra ar an mbráthair. Acht go labhrainn go ceart fíor is tabhairt ughdar dom dhíon níor mhaith an teisd ar chloinn Chuinn sgáth fam ghlór do chur oruinn. Ní héin-neach dá ndeachaidh soir fa heolach sa tagra soin acht sibh-se an drong atá i bhfus ghabhas do láimh an t-eolas. Ag sin agaibh cead freagra anois gan sgáth gan eagla 's gan ní dhé do chur ar gcúl muna mbeith cóir dá chlaochlúdh. Iongnadh an cúis náire a Aodh tagra fheasach gan bheith claon do thagras ar cheann Mumhan nach tig dhíbh-se a bhréagnughadh. Níor mhisde an fhírinne riamh follus don druing do char Dia beag bhfoirne dá síoladh soin mórán puibleach na n-aghaidh. Ní meath orm-sa an chóir do ráidh do chosg iomad labhra láin 's do dhíorghadh seachráin fa seach chuirthi-se i gcluasaibh puibleach.
Aithcheodh na leabhar go léir ní triallta do neach fan ngréin triallta do neach dá mbadh eol gach ní badh ainbhfíor d'aithcheodh. Aithcheo a mbiadh na mbréagaibh dhíobh cothughadh gach neith bhadh fíor fearr d'fhior ioná bheith ná thosd 's a mbeith lé chéile i gcomosg. Díoth eoluis fa-deara a rádh go bhfuil seanchas cam im dhán slán a shuidhighthe orm d'fhior agaibh d'uasal ná d'ísiol. Is dearbh gur léigheas díobh sin ní as mhó ná mar as mhaith libh dearbhadh ar a léigheadh dhamh toghaim cruithneacht is cogal. Dá ní as lia ar a mbí dearbhadh gach ní neimh-dhearbhtha neamhghlan na leabhair na dteagmhaid so eatorra do ním togha. Cosmhail nár léigh tusa féin na leabhair áirmhe go léir cuid dá gcuir bhar ndáil na n-ucht is í an taidhbhse gan tábhacht. T-iomad leabhar t-iomad naomh do shlán as a n-ucht ar aon im fhreagra idir Niall 's Corc fa bhréagnughadh a ndubhart. Ní fiú allghlór an tsaoghail bréag do chur ar na naomhaibh ní fhéadfa a thaisbéanadh dhamh an bhreith cáit cia lé rugadh. Dar liom a Aodh 's é as náir tógbháil móir bhfiadhan ar dáil 's gan a bheag díobh do theacht leis i n-am cruthuighthe an aighnis. Ní chreidim-se sin go mór acht mar chuid eile dod ghlór diomdha an dá thaobh thuaidh is theas cuirfead oraibh go hoircheas. Diomdha na dtuigfead d'fhuil Chuinn bíodh oraibh fam fhreagra thruim óir ní orm-sa bhias a throm fa bhuain dom aim-dheoin asam. Sliocht Oilealla móide a searc dom bheith ag dídean a gceart is nochtadh a soi-ghníomh soin múchtar libh-se na n-aghaidh. Mar sin fós nach creidim uaibh binneas im ghlór don taoibh thuaidh ní dearbh leo is ní dearbh dháibh clódh nach fuil aca d'urláimh. Ní bristear orm le bagar ní bhiodhgaim lém dhíubhragadh le harm arab eolach mé ní as mhó ná fear mo chaithmhe. Más dearbh leat briathra dom chlódh amhail chuire amach id ghlór dar liom ní maith an mhalairt cur do chuirp i gcontabhairt. Cúis seanchais do chur ar arm ní ciall do neach nach biadh balbh cosmhail go dtuigthear as soin gur sgar do dhóigh réd bhriathraibh.
Na leabhair sin labhras sibh tuigidh ar aird má táid libh riú bhaineas bríogh ar seasaimh is iad airm ar n-imreasain. Dúthchas re gaisgeadh a Aodh atá agaibh as bhar ngaol ní bhéarthaoi a ngeall i ngníomh gha Murchadh Eoghan Lugh Lágha. Dóigh gaisgidh do neach dá fhréimh níor dhéanta dhuit asat féin an tobar ór shil an sruth ní hé as dhóigh do bhiadh folamh. Mar mhaoidheas tú saobh an nós oirne an t-éacht nach dearnais fós gach masla nach bia ar do chur ro-luath mhaoidhe léd bhagar. Dá mbeath an ní láimh ar láimh idir Eoghan is Conn cáidh ní iarrfadh Conn air ré linn braon dá fhuil ná a chuid d'Éirinn. Muna mbeath a shluagh leis go léir níor shlán ó láimh Eoghain féin gion go ráinig na hairm ann Conn agus Goll is Conall. Ag soin na briathra searbha chuireas d'aimh-dheoin mo mheanma dá bhfreagra mar as éigean mé do labhra a leithéideadh. Dá ndearna orm am tualaing maoidheamh éacht ar a ngualainn gach neach le mbadh doi-bhinn so oruibh-se as chóir a dhiomdha. Tuig gurb é an díol sin labhra thugsad clann Éibhir amhra gér liach a bhuain don deagh-fhóir ar trí macaibh Éireamhóin. Is é an díol soin shloinnim daoibh thug ar Fhollach lámh Chonmhaoil tug an díol céadna cneadh throm Eochaidh Faobhar ar Smiorghall. An díol céadna-sa a los gliadh mac mhic Éireamhóin Eitrial dá dhúsacht níor dhulta dhaoibh fuair ó láimh chosgraigh Chonmhaoil. Eochaidh Mumho tolg tuinne tug ar Fiachaidh Labhruinne bhar rígh Éireann go n-aoibhe an díol céadna comhmaoidhe. An díol céadna cruaidh an bhreath tug an fhlaith Eanna Airgtheach ar bhar rígh Éireann iar soin dárbh ainm Aonghus Ol-mhuchaidh. An díol céadna céim díoghla ar bhar rígh shochruidh Síorna mar leantar lorg an chleachtaidh tug ar rí-ne Roitheachtaigh.
Bhar rí Éireann aithne dhaoibh Giallchaidh mac Oilill Olchaoin an díol céadna sgéal do leath tugadh air le hArt Imleach. Bar rí oile bhar mbarr ráidh dar bha hainm Nuadha Fionn Fáil fuair díol a mhac-samhla sin le Breisrigh mac Airt Imligh. A-déaruinn go mór ní as lia acht nach leanaim air níos sia olc liom do bhriathra dom chur do luaidh a leithéid d'adhbhar. Briathra nach briathra séimhe cúis cuirthe cáich fá chéile uaibh-se a dtuaidh triallaid soin éigean freagra na n-aghaidh. Ní fuighthear id leabhraibh libh ainm aon duine d'fhuil Éibhir do mhionnuigh an mhóid labhra fa mhaitheamh a n-athardha. Sompla ar nach tugsad luighe Meilge mac mhic Iughoine rug rí d'fhuil Éibhir dhé a cheann mar aon is ríoghacht Éireann. Rí gach éin-fhear maith an iocht feadh sé nglún na dhiaidh dá shliocht gan agra i gcás luighe 's gan cead d'aicme Iughoine. As soin as tuigthe do chách nach éidir gur fíor a rádh gur dhísligh fuil Éibhir Fhinn do shíol Iughoine i nÉirinn. Níor sháith d'Iughoine d'eighre rí do roinn leath a sheilbhe re comh-fhlaith tar chlár a-nonn 's nach coisgfeadh ainbhreath eachtronn. Na flaithe uaibh do níodh sin níor sháith d'Iughoine d'oighir má deire nach fuilid ann do bhéar uaim fios a n-anmann. An rí deire Dia dhá dhíon fada go léigfinn duit díom d'fhuil Mhaine Leamhna mhic Chuirc Leamhnach Alban go hordhuirc. Linn go hiomlán gan buain ruibh do thaoibh a athar a fhuil muna leantaoi iar máithribh soin comh-fhogus dúinn a mháthair. Mairg dhuit a Aodh nach cumhain leat ar labhras le Lughaidh im cheann Fiachaidh Fir mara is fa choimpeart Chonaire. Cuid do na críochaibh ráidhe d'fhonn críoch do chur id tháille ní do shíol Iughoine a-nos a n-uaisle sin go follus. Déisigh Músgraidhe is Baisgnigh a n-anmanna ré gcloistin is é a bhfuil dá ngaol uile anois le sliocht Iughoine. Fíor gur threabhsad uair oile an sliocht shloinne ó Iughoine na críocha soin luaidhtear libh ar throim-chíos ó rígh Caisil. d'eagla nach creididís cách gur fíor an glór soin ré rádh do bhéar fios a gcíosa soin mar do sgríobhadh i leabhraibh.
Cíos na nDéise trí céad brat trí céad agus leith-chéad damh trí céad go leith muc go meadh trí céad is leith-chéad loilgheach. Cíos na mBaisgneach is é a ríomh trí caogait da gach short díobh mairt daimh is méath-thuirc breaca is loilgheacha lán-lachta. Músgraidhe Deas-Mumhan thiar trí céad bó trí céad damh ndian trí céad brat a gcíos cána do rígh Chaisil comh-shlána. Seasga loilgheach seasga brat seasga muc is seasga mart cíos ríogh Chaisil na gcuire ó Músgraidhe Órbhuidhe. Trí céad da ghach sort díobh mart brat loilgheach badh lór líon trí céad go leith torc mar sin cíos na Músgraidhe oirthir. A fhir do ní taidhbhse thuaidh a los críoch do sloinneadh uaibh treabhadh críoch ar chíos mar sin dom aithne ní cúis maoidhimh. Do bhádar linn san taoibh thuaidh críocha mar sin sloinntear uain Cuircne Dealbhna gan lochta Gaileang Luighne Ciannachta Sul do chéid-bhris cuing a ngaoil síol Laoghaire is Cobhthaigh Chaoil comhthrom is iomáin a sean do bhain ar fhás ó Éibhear. Lia rígh tháinig don taoibh theas lia a soi-gníomh badh cóir a mheas do rónsad na rígh ré linn lugha d'olc do bhean d'Éirinn. Níor choisgsead Laighnigh díobh féin neart na Muimhneach ba mear méin dol ré gcosg do chlannaibh Cuinn fa feidhm ós cionn a bhfuluing. Coimhmeas airde idir naomhaibh níor mhol mé i gcúis an tsaoghail fios cia dhíobh as airde ar nimh ní fhuil ar talmhain thoinnghil. Acht gairm Ard-mhacha go mbuaidh tré theacht Pádraig ar dtús thuaidh féach cá ceall gá dtiubhradh fear gairm chinn-litre tar Chaiseal. Más iad t-ughdair léd rannaibh t'éigis anois 's an-allain mór an toibhéim ar a bhfios a gcluintear uaibh-se d'ainbhios. Gach ar labhras ima raon ar an dá leith-sin a Aodh fa hé bríogh ar labhras ann dá chur i gcéill nárbh ionann. Séanaim do bhéar bunadh ris an glór sin labhra i riocht fis do bhéar uaim dearbhadh gur mhair an roinn níos sia ná bliadhain.
I dtreas bliadhain ríghe Cuinn tarla Éire do roinn ruinn cúig bliadhna déag na dhiaidh sa moch-amus Maighe Léana. Bíodh go bhfuil ré léigheamh libh ní i nbhar sdair na aghaidh sin ós é a cheart coimhéad na bhfios córa creideamh don oireas. Do ghéabhthar uaim ní fios díosg i n-am na ranna aois Críost i gcairt ionmholta fhollais is aois trátha an mhoch-amuis. Teachta Chuinn ar dteacht ar séad gibé fáth fár thuillsea éag fógra catha san madain re hEoghan níor labhradair. Mar sin nach oircheas cath d'ionnsaighe Chuinn ciabh na sgath i gceann Eoghain na gcuradh 's é na shuan gan ollmhughadh. Níor thriall mise táinseamh riamh ar shíol gCuinn na gcroidheadh bhfial acht tagra ceart dhá gclódh soin éagcóir glór gach aoin agaibh. Gibé táinseamh thig dá thaoibh gach freagra do bheirim dhaoibh sibh-se as chiontach re buain ris ní dom dheoin thigim thairis. Gidh fogus bhar ngaol dóibh sin d'éis gach saobh-ghlóir dá gcan sibh ní nár do mhaithibh Muimhneach gan tú orra id chomhairleach. Ní im leith-se ba churtha bréag acht i leith cáich uaibh nach féad bar nglóir do bhreith go bunadh badh bun cóir re cothughadh. Ní abraim ní hionrádha dhamh ní acht do réir leabhar nglan dod nós féin ní fhuighe im beol ughdair nach ceisd a n-aithcheodh. Madh áil leat mo bheith im thosd is é a dhéanamh sibh do chosg do mhóir-bhriathraibh ar bheag bhfis ag tagra i n-aghaidh oirchis. Lughaidh Torna ar dhoimhne a bhfis leasg leo buain acht go séimh ris sibh-se an taobh tana don tsruth uaibh do chluintear bhar dteann-ghuth. Torna is Lughaidh fa leasg dhóibh bheith ag tagra neith ón gcóir sibh-se 's an drong nuadh ag teacht cuma libh ceart nó éigceart. T-athair is Lughaidh a Aodh ní ar sgáth a máithreadh ar aon téid díon onóra an taoibh theas ní hé a gcosnamh bhar gcairdeas. Éisdeacht do neach do badh ciall re glór nach ró a fhios go grian gomadh feas dó créad an chóir ní fheadair créad an éagcóir. An bhreis mheasaid cách do rígh ón lucht bhíos ré linn i dtír dá ndeachainn a meas orra ní shéanaim í eatorra.
Do bhí ag Conmhaol breis mar sin ó bhar bhFollach ór fhás sibh 's do bhí aga mhac Eochaidh barr ód Sheanbhoith is ód Shmiorghall. Do bhí dá bhféachthá ar gach leath breis mhór ag Eanna Airgtheach tar an tí ór fhás tusa dárbh ainm Maon mac Aonghusa. Do bhí breis mar sin ré linn ag Roitheachtaigh 's ag Féidhlim gidh searbh leat a sloinneadh dhaoibh ód shinnsear Oilill Olchaoin. Macsamhla don bhreis chéadna do bhí ag ar sinnsear Séadna créad fá n-iarrthar orm a rádh ó bhar n-athair-se ó Aodhán. Mar sin do bhádar a Aodh gach rí againn ar gach taobh mar nárbh iongnadh ag breith ghill ó mbíodh ré linn i nÉirinn. Tugas ceirt-fhreagra cubhaidh i gcás Tuathail ar Lughaidh ós aon-chúis labharthar libh is éin-fhreagra dhíbh dlighthir. Maoidheamh Conaire is Cuinn mar do níthí druim ar dhruim gár bheag dhaoibh dá maoidheamh soin thú féin a Aodh nó Lughaidh. Cuiridh bhar maoidheamh mórdha na luighe ar dhaoinibh ónda aithne dhamh réim na feadhna a mbáis is a ngeineamhna. Dámadh libh Eanna Airgtheach do bhronnadh mór sgiath d'airgead cosmhail go maoidfeadh sibh soin nó an drong a-déar im dheaghaidh. Ó nach áil sgur dá maoidheamh sloinn-se uait d'uaislibh Gaoidheal na gníomha a ndearnsad ré linn sochar ná onóir d'Éirinn. Muineamhón na muincheadh n-óir nó an t-ór-fhailgheach Ailldeargóid do thuill onóir dá sleachtaibh nó an roth-chairpteach Roitheachtaigh. A maoidheamh do b'fhiú a ngníomha nó Breisrigh rathmhar ríoghdha dá ndiongbháil tar bhroinn mbóchna tug iol-chatha ar fomórcha. Nó Cas do chumhdaigh caingne filidheacht gacha buidhne nó fear na bhféineadh d'fhosdadh Séadna ar dtús thug tuarasdal. Nó Eoghan do fhóir gorta nó Brian lér díbreadh docra méad a ngníomh soin féachtar libh ón droing ataoi do mhaoidhimh. Ní labhraim gabhail coire gidh eadh fa bhreith a thoile rugadh géill Chormaic go a thoigh le mac Eoghain le Fiachaidh.
Cormac acht cuid dá labhra ní hinghill d'uaislibh Banbha gar go bhfuighthí a dhí-mhiadh soin i gcuid oile dá ghníomaibh. Tuigfid an lucht léigheas é leigheas Lughaidh 's Taidhg mhic Chéin iar gcath Crionna le hua gCuinn nach glór gan fháth a n-abraim. Dearbhadh as a dtuigfid cách nach glór gan adhbhar mo rádh do ghéabhthá má léaghthar lat tagra Fhíthil le Cormac. Gach ar thriall na thoigh gaoise d'inntleacht fa hinntleacht baoise níor ghníomh flatha inghill soin a gheall ainbhreath ar Mumhain. Gach ní ainbhfíor dár léaghas a mbunadh mar do fhéaghas ní díobh ní droch-aithne dhamh do ním rém aighneas bunadh. Ní bhíom dá cur i bhfad-dháil duain Cionnaoith Uí hArtagáin don ghlór sin ós í as bhunadh lór í féin dá bhréagnughadh. Muna meastaoi Cairbre a-mháin ar mbeith na mhac ag flaith Fáil ní raibh i nbhar dteaghlach thoir éin-neach comhmaith re Fiachaidh. Moladh budh mhó réd linn féin tug fear dána ar fhear d'Íbh Néill mar sin nach cúis iongnadh dhuit file do mholadh Cormaic. Do bhris Fiachaidh fada an ruaig cath ó Ghláire go Sliabh Fuaid do chosg bhar n-ainbhreath-se dhé do stiúir go sámh a ríghe. Gidh ard labhra do theann-ghuith nach fríth i Saltair Caisil do ghéabhthaoi níor dheacair dhí ní innte gan fhios duit-se. Ní mheastaoi-se ar rígh mar rath acht buar toghail adhnadh cath ní mheastaoi a mbí do mhaith idir thár-fhlaith is fhíor-fhlaith. Don tár-fhlaith is eadh as ghnáth ruagadh ruathar gach ré dtráth claoitear é agus claoidh neach a ríghe ní sámh suaimhneach. Fíor-fhlaith ní déantar dhé dóigh ní dhóighidh sin neach tar chóir ceirt-riaghladh a chríoch mar soin dá réir sin do níodh Fiachaidh. Gach siabhradh dár trialladh ann ós é bhar gCormac-sa thall do thionnsgain é misde a bhladh do bhris dá ruaig dá shiabhradh.
Criomhthann rí d'fhuil Éibhir Fhinn do chuaidh roimh Niall soir tar linn dá dtug leis anoir dá thoigh maoine bráighde buaidh cosgair. Ar aithris Chriomhthainn go lí do chuaidh Niall soir is Dá Thí ní thángadar beo tar ais níorbh ionann a dtrí turais. Muna marbhthaoi do neimh féin Criomhthann le mnaoi athar Néill ní bhiadh Niall i bhfus ná thoir ann san oirbheart a ndeachaidh. A Aodh cá fáth fá maoidhe Conall Eoghan go saoire cá breis rugsad ón dtaoibh theas féach a ré is a reimheas. Na sochair iomdha áirmhe do rinne ar dtréin-shliocht Táil-ne deacraide dhaoibh coimhmeas rinn maith nach dearnadar d'Éirinn. Triath d'fhéin Danar ar gach tuaith loingeas uatha ós chionn gach chuain maor 'sgach bhaile ab 'sgach chill gur sgrios Dál gCais iad d'Éirinn. An seanchas do labhair mé ar dhruing ria dTorna is Néill teacht tar druing mhaireas a-niogh mar fhreagra dhomh ní dlighthear. Súil lém bhreith aith-fhreagra truim áirmhe saoir-ghéaga clann gCuinn dá dtíosadh as aon-ghlór uilc níorbh í m'inntinn a fhóbairt. Ós é an seanchas fios na sean is í a gcuimhne dhíom dlighthear is ní coimhmeas drong mharas dá mbrosdúdh i bhfaltanas. Ar áireamh ní fhághaim blas d'eagla buaidhreadh do theacht as na géaga mhaireas a-niogh d'fhuil an dá mac-soin Míleadh. Aithne d'eolchaibh Fóid Fhéidhlim fios clann nÉibhir fo Éirinn dá leantar a lorg tar muir níor dearmadadh iad i nAlbain. Binn liom-sa gach maith dá mhéad do rádh re sliocht Cuinn na séad acht nach chuige a-déarthaoi sin do tháinseamh fola Éibhir. Na frasa ó n-ainmnighe Niall nár liom mar eolus uait iad ní hiad-sin na frasa fagh 's ní i bhflaitheas Néill do fearadh. Níor fearadh fós ar gach dionn na frasa mar ráidhe riom acht fras d'fhuil is fras do mhil ar ghleann Laighean ar Fhoithin.
A-deirim fós gur chríochnuigh flaitheas sé ríogh dod ríoghraidh ó chur na bhfras sin ad feas go teacht do Niall i bhflaitheas. Cúis ainmnighthe Néill Fhrasaigh oidhche cora na bhfras-soin Niall is innte do geineadh 's é uatha gur hainmnigheadh. Dubhadh éasga na cúig déag meas it aigne féin is féag tarla i dtráth na bhfras do chur an é fuair é mar shochar. Mar sin nach déanta acht go réidh maoidheamh mór a frasaibh Néill ó nach sa modh maoidhtear libh fuair sé ainmniughadh uaithibh. Ughdar mór agaibh-se thuaidh bliadhain do chuala cian uaibh ughdar oile a shamhail soin áladh baichle i mbonn Eoghain. Tagra a hucht ughdar n-amhghlan nach amais préamh na n-adhbhar mairg bhíos i dtráth an chosnaimh taobh re díon na n-ughdar-soin. Tuig gur ghlac Aonghus gan chiaigh tuarasdal Murchadha mhic Bhriain níor mheadh Murchadh dho mar chuing 's níor mheadh do Bhrian Maoil-sheachluinn. Acht gér dheacair geall Guaire ar dháil séad do bhreith uaidhe ní faighthear leat a chara oineach mar fhuil Eochadha. Mar fhéacha ar do shinnsear féin Éigneachán go n-aigne séimh créad nach tugtar leat mar sin súil ar Cheallachán Caisil. Nocha n-aicthear dhuit-se a Aodh tug th'aire nach amharc claon maith ó neoch fo neithibh acht ó neoch dot shinnseiribh. Dámadh seanchaidh a-déaradh do bhéarainn air a shéanadh mar dearbhthar libh-se nach fuil dár ríoghaibh acht seacht gceathrair. Ar son seacht gceathrar do luaidh dhamh-sa ní beartha dhuit uaim nach féadfainn ní do chur ris fáth mo labhra níor thuigis. Mo fhreagra is an gcás soin ar Lughaidh 's ar an mbráthair saoilim dá léighe tú soin gur lór uaim é ar do ríoghraidh. An t-ughdar ó labhra an glór ós í sin an Éire ógh mór ndearbhadh na haghaidh sin i nGaoidhilg is i Laidin. Atáid liom fiadhain i gcéin as fhearr 's as lia ná í féin as a n-ucht soin mar bhunadh téighim dhaoibh ré bhréagnughadh.
Do ghabhsad rígh nach iad sin Éire iar dtoigheacht creidimh do réir fiadhan ughdar nglan nach tiocfadh dhíot-sa a ndiúltadh. Gibé do bhiadh na n-ainbhios na rígh labhraim im aighneas fios a ré 's a n-anmann soin do ghéabha im fhreagra ar Lughaidh. Taosga m'Eochaidh m'Airt m'Fhéidhlim romhaibh na ríoghaibh ar Éirinn dearbh nach fuair an inis-se gairm tarrsa ó bhar bhfuirinn-se. Do bhréagnughadh a n-abra gion gurbh fhiú an chúis a tagra gairmthear ór ríoghraidh mar sin Banbha Briain Inis Éibhir. Anmanna ghairmid fili mar fhairsinge dá slighe mó as anbhfann an tagra soin mar aighneas ceart ar dhúthaigh. Do nós an dána a Aodh ós aos dána sinn ar aon do fhéadfainn dámadh áil linn Tír Aodha do ghairm d'Éirinn. Mór an seachrán sin a Aodh mar as ghnáth an seanchas claon ní i dtreas aois an domhain duibh do rinneadh teampall Solaimh. Mó do roinnsead bhar rígh féin tháinig romhaibh do shliocht Néill Banbha ionás do roinn Brian ní ná fhlaitheas fuair dí-mhiadh. Níor díbreadh síol Mogha riamh libh-se aicme Chuinn na gcliar gach tráth nár leo thall 's i bhfus ba leo an Mhumha a ndúthchas. Fa rí Mumhan na múr gcorr mac Mogha Oilill Ólum rígh na dhiaidh a mhac 's a ua a iarmhua fós 's a ionnua. Mar sin dá shíol diaidh i ndiaidh go teacht Chriomhthainn go teacht Bhriain cuid ar Mumhain na magh bhfionn cuid oile ar urmhór Éireann. Iar dteacht Chriomhthainn iar dteacht Bhriain iar dteacht Toirdhealbhaigh ná ndiaidh iar dteacht Mhuircheartaigh go n-ádh fa leo Éire go hiomlán. Mar sin gur follus an bhréag ceithre fichid ceithre céad gur díbreadh sliocht Mogha amuigh libh-se síol gCuinn Chéadchathaigh. Do díbreadh ó thoigh Teamhrach sibh 's bhar gCormac móirmheadhrach muna mbeith bhar bhfurtacht rinn ní bhiadh bhar mbuain re hÉirinn. Do fhóireamar dána an chuing sibh trér ngaol re hinghin Chuinn tar bhar gceann ar gcur trí gcath nár thuitsead trí rígh Ulltach.
Do haithleagadh bhar gcríoch féin daoibh le Lugh 's le Tadhg Mac Céin olc an luach fuairsead air soin cur daoil is cuilg na gcneadhaibh. Má bhí ní nua leat ré rádh créad nach é do chuir tú id dhán i n-áit glóir do chansad soin Lughaidh romhaibh 's an bráthair. Cuir do bhagar i gcéill thuaidh más ann creidfidhear é uaibh bríogh sonn id bhagar ní fhuil ard-fhuaim an tsrotha fholaimh. Ní fearr a fhios agat féin a bhfuil ar do chur go léir ré rádh san modh soin mar soin ná dhamh-sa ar mo leabaidh. Ní breith orm.
A Aodh Óig na n-Each Luaith. Toirdhealbhach Ó Briain cct. A Aodh Óg na n-each luaith ní canta dhuit 's truagh do dháil glór nach tuilleann i gceann 's gan tú teann ar chlannaibh Táil. Ní glór laoich re ndul i dtreas go marfadh fear ar gach n-áth i n-iorghail budh dolta dhuit sul do bhéartha troid do chách. Ní abraim gur maith an chiall ó chaithis dá dtrian do ré a rádh go marfaidhe an fear tá ar an dtaoibh theas don ghréin. Teanna le cró na gcrann do chleachtdaois clann Éibhir Fhinn urchar neamh-chruinn uaibh i bhfad ba cleachta lat i Leath Chuinn. Mise féin is ní mé a-mháin do gheabhainn do láimh gan cheilg crú mo chroidhe dod ghadh ghlas do bhreith uait gan bhlas dot fheirg. Ní tusa amháin don taoibh thuaidh acht gibé racha uaibh na sheilbh an gadh as a bhfuil do dhóigh do gheabhadh sé cóir it fheirg Muna bhféachuinn d'inghin Chuinn ba searbh le Leith Chuinn mo ghlór 's d'inghin Í Bhriain leath ar leath ní labhraim ar chairt níos mó. Más trom leat ar labhair mé bíodh a aithbhior ort a Aodh 's gach neach léigfeas ar dhá ndán breithnigheadh rádh an dá thaobh. A Aodh.
Mairg darab féicheamh fear gaoil.Baothghalach Ruadh McAodhagáin cct. Mairg darab féicheamh fear gaoil go dol an aighnis d'éan-taoibh ag séana a ghráidh is dleacht dol madh áil an ceart do chosnamh. Gibé fhuilngeas anba an bhroid meath a chúise dá charaid nocha cás cleith a dhlighidh tlás na leith ó luaidhfidhir. Eagail dó díochra an pudhar go mbia a chúis gan cothughadh muna bhfreagra an dál do dhligh gan ghrádh gan eagla éin-fhir. Dá dtagra duine gá dás tallann d'ainbhios nó d'fhorbhthas do dheagh-aighne 's dleacht an modh neamh-ainmhe um cheart do chosnamh. Tarla idir dís díochra an oil riú bheanas brígh an adhbhair file a Mumhain Éibhir Fhinn 's Lughaidh Ó Cléirigh coinntinn. Tadhg Mac Dáire gá dám dó tug geall do mhóir-Leith Mogha tar tréad caith-leomhan ó gCuinn créad acht aith-leonadh oruinn. Do bhuain béime ar chlannaibh Cuinn do chum sé seanchas fábhaill i nduain mhaoil gan buain re bun nach fuair i laoidh ná i leabhar. Atáid más fhíor re hathaidh sliocht uaibhreach Chuinn Chéadchathaigh ríoghradh chonfadhach Chraoi Airt urchradhach ar aoi a n-éabhairt. Cuiris Lughaidh sa leith thiar go ríoghraidh Mumhan Maicniadh freagra sgríobhtha ar a sgolaibh líomhtha d'eagna 's d'ealodhain. Aithcheodh ollaimh aicme Táil fríoth ón ollamh 's níorbh éagcáir béim éagnaigh truim ní thard air 's do bhuing do Thadhg ar thagair. Ríoghradh Tighe na dtrí bhFionn dar leo ní dhearna dícheall oide sgol bláith-Leasa Breagh ar son bráithreasa braithtear. Nár leision a los a ghaoil gé do fhéad Tadhg do thathaoir gach arbh ionráidh do rádh ris nó glár budh iomnáir d'aithris. Mo nuar tráth nach tarla ris neach nach biadh i mbun bráithris lé budh dil díoth an ollaimh ag sin críoch ar chanomair. Mairg.
A dhuine labhras an laoidh. Tadhg McDáire cct. A dhuine labhras an laoidh mé an Tadhg ataoi do thathaoir mo ghairm ni cheilim fa choim do bheirim m'ainm ré n-abraim. Soighin orra níorbh í ar dtoil gruaidh gach aoin d'aos ar n-ionnloigh, ní héadóigh na doighir dhuinn tré shoighin n-éagcóir orruinn. Ní maiseach liom do labhra ó neach i n-ainm ealadhna boirb-bhriathra go mbriocht ré gcois nach loirgiarfa ar sliocht seanchais. Acht ar labhair Lughaidh d'fhios nár dá bhfuil uaibh re haighnios mar lucht eagna do thairg teacht gan fhreagra ar aird ná éifeacht. Inis uait domh a dhuine créad dom briathraibh bhréagnuighe dá n-iomrádh gidh bé ré mbí an é an t-iomlán nó an éinní. Fan seanchas chuirim chugaibh congbhaidh é nó urlagaidh fa a rádh níorbh éagnuighthe inn slán a bhréagnuighthe bheirim. Ag so suim ar seanchais daoibh um dhuain neimh-bhréagaigh neamh-mhaoil téighim gan chleith dhaoibh nó dhamh fa a bheith i laoidh nó i leabhar. Slán a bhréagnuighthe orm d'fhear sinnsear Éireamhóin Éibhear ní bhiadh dhósan acht uaill ann nach ó shósar fuair fearann. Atá aniu i sein-leabhraibh sean ainm Hibernia ó Éibhear sgriosadh é as lár na leabhar gidh bé lén hál mh'éileaghadh. Traothadh Mhic Chuill d'Éibhear Fhionn fuair roimhe i ríoghacht Éireann fa chlár Éibhir na n-eathar slán éinfhir da éileachadh. Slán fós a bhréagnuighthe soin ríoghradh shíl Éibhir éachtaigh gasradh armraithe óg fhionn nárbh anfhlaithe d'fhód Éirionn. Gach ar ríomhas dá ríoghaibh a ndubhart dá ndeigh-ghníomhaibh sgríbhne liom i nÉirinn air téighim ós chionn a chosnaimh. Na héachta do háirmheadh leam i ngné fhreagra ar rígh Éireann an té déara a shéana sin do ghéabha a sgéala i sgríbhnibh. Bíodh gomadh searbh a rádh ruibh géill Chormaic d'fhagháil d'Fhiachaidh ní fhuil sé i leabhar ná i laoidh gidh bé déaradh is díomhaoin.
Easgar Riada na ród bhfionn nach leath chomhthrom d'fód Éirionn an taobh dhí ronnas rinne follas gurb í an fhírinne. Más é as fhíor-oighre ar gach fhuil sliocht a sinnsir dá sleachtaibh ní fhéad maicne Míleadh mhir síneadh tar aicme Éibhir. Nach í an fhian a-bháin do bhris cath Gabhra ní gheabh thairis tar neart ríogh mín-eang Mumhan sgríbheann bhfíor ar bhfiadhnughadh. Riom i dtagra ós tú raghas ag sin suim ar chéad-chanas féach cá mhéad éilighfe ann nó créad th-éilighthe oram. Níom comh-ghaol níom cara dhuibh tarsa ná tathaoir Lughaidh bréagnuigh féin an mhéid-se a-mháin nó is béim ar th-éigse éagcóir. Taisbeán th-ainm agus th-aghaidh cosain th-aighneas d'ealadhain nó bí go hadhnár umhal tréd cham-dhán gan chothughadh. Ní do réir shuadh so sheoluis do dhán bréagach beg-eoluis ní ceisd d'caon th-ainbhios d'aithne trét aighnios maol mearaighthe. Beir dá leigheas óm labhra luibh dom briathraibh barbardha leigheas neimhe neimh eile neimh ar gcneidhe coinnteine. Anfad gan iomad do rádh do chur críche ar an gcomhrádh mar sgéith chosnaimh dar canadh i n-orsain ar n-ealadhan. Deacraide ní do rádh riom más fiadhain sgéala sgríbhionn ós dó tám ní thagraim ruibh glár dá n-abraim gan fhiadhuin. A dhuine.
Féach orm a fhir na laoidhe. Fearfeasa Ó An Cháinte cct. Féach orm a fhir na laoidhe fogus duit díol t'fhar-aoire tig nimh gach chatha ré chois ní racha libh ar labhrais. Faiceam thú tar do láthair sgaoil do bholg fhis iongnáthaigh bí it fhuibhdhidh ná tréig do theas séid fa fhuighlibh na n-éigeas. Labhair ní éigin uait féin a linntibh íochtair th'aigéin ar chreich ar chomha nó ar chath gan a chora i leith Lughdhach. Bréagnuigh do bhriathraibh doimhne síorruigheacht ar sochair-ne gach ní as ?ar a dtigtir lét thoil 's ní as na litribh do láthair. Muna bhfuil ughdar agaibh rét urlabhra n-anabaigh buain dá hoil is diombhail ?diombail duit ní fhoil ionnaibh acht óinmhid. Ar fhuighlis dá n-admha sibh má tá sé d'acfuinn ionnaibh cruaidh th-eagna adhain do ghoimh tabhair fhreagra ar mo fhriotail. Créad fár aorais gan fhátha an file áith iongnátha fan roinn gcéillidh do chruthadh fa chloinn Éibhir d'ardachadh. Níorbh fhatha imdheargtha dhaoibh ar labhair sé ar chloinn Chonmhaoil 'sé ré chighsiom ar Chró nAirt mó ar dhlighseam ná a ndubhairt. Atáid litre ó lámhaibh naomh atáid laoidhthe luach ro-dhaor mar fhiadhna leath ar leath lais agus diamhra sreath seanchais. Le bréig dá mbréagnuighthe sinn deacraide aithcheo m'fhuighill do chiú na rolla 's an roinn aniú io-morra gan mearbhaill. Ós aniú as ísle a dtionóil clann Chonmhaoil clann Éireamhóin aniú féin féaghthar na fir léaghthar gach céim dá gcéimibh. A fhir dhealbhtha an dréachta bhuig do Thadhg fós niat fear comhraig mairg dot shamhail do shir cath is nach faghair sibh seasmhach.
Ní hionann is th'oige féin gé thug tú ar Thadhg toibhéim sa ghréas laoidhe ar ar luigh san ní fhuil maoile ná mearbhal. Ní fhuil aoin-tslighe ndiamhair air san éigse il-rianaigh sé na rómh-oide is na shruth córaide gan é d'ionnlach. Fán bhfreagra nár thaithin ruinn ní thiubhradh aoin-neach againn le fuath ná le foiléim goimh toibhéim ar luach do Lughaidh. Dá mbeimís gan bheith láin-dil ní léamhthaoi a los iomcháinidh fa labhairt re cineadh Chuinn adhaint an fhileadh eadruinn. D'iarraidh anma nach ainm duit do ghluais tusa toisg aimh-ghlic d'fhior th'oige gér leasg labhra i measg n-oide n-ealadhna. Mar dhearbhadh bhforbhtha ar a bhfios dá ndearndaois oididh aignios clú aighnis do chreic i gcéin ar ainbhis deit na dhéidh-séin. Níor chóir do thoghadh re Tadhg acht fear gabhtha grádh ro-ard tar doirr troide ná tairche ní cuing oide iomairche. Béasgnadha tuinighthe Taidhg ná gluaisidh trá dá dtiomairg cuimilt riú mar mhairneas mé ní fiú th'aighneas ná th'éigse. Dá ndearná aighneas gan aoir ní tairgfidhe do thathaoir le buain d'fhoirm aighnis gan aird do thairngis oirbh an iomairg. Do ghéabhthair sonn seasamh rut i gceardaibh fis na bhfealmac reacaim ruibh gomadh searbh sionn do dhealbh ge chuin do chíchsiom.
Am fealmac-sa trá do Thadhg géabhad orsain don iomarg mar tharraing gidh tais domh-sa gabhaim re hais th'orrach-sa. I ndoimhneas seanchais na sean i n-iomarbháigh na n-éigseadh ná ins na sochraibh thuaidh is theas ba suaill um fhochraibh th'aighneas. Dá dhearbhadh nach abaidh taoi 's nach fuil tú acht it fhás aonlaoi ciall t'oibre níor earmais neach ní dhearnais t'oigdhe d'inneach. Féach gur suidhigheadh sonn na cath nach claoifidís céadtha teacht ar cheann t'fhoilighthe inn do b'fhearr oilithre a hÉirinn. Dul na gcinnsioll níor chóir deit raoin uaigneacha an iúil deireit léig do na saoidhibh a súr ná séid aoibhil gan fhadúdh. Bíodh gurb ionmhuin leat Lughaidh ná gabh ort feidhm documhail dá thairsin ná cuir do chois i muir aibhsigh an iomuis. Bí mithis i measg sgoile idir an aos eagnuidhe deilbh oige ní hobair dhuit lodair go t-oide a fhocluic. Ré bréagnughadh na mbalg bhfis a bhfuil uaibh i n-ainm oidis d'éis ar luaidhsead a los truim a bhfos fuairsead a bhfoghluim. Níor cheanglais críoch do chomhráidh ní fhuil feidhm ar th'iomarbháigh dom fhreagra trá ná toirche a-tá th'eagna neamh-fhoirfe. Féach orm.
Fuirigh rém thagra-sa a Thaidhg. Baothghalach McAodhagáin cct. Fuirigh rém thagra-sa a Thaidhg ar chan tusa is tuar fodhoird béad-mhasla do chuaidh tar chéill buain re m'éagnach-sa is aighbhéil. Modh tagra tabhair-se dhamh gabh chugad céill mo bhriathar borb gach aighne lé badh áil gan ord caingne do chongbháil. An rinn ar rádh na leabhar damh ón cheart do choireaghadh nó ar chan sinn cuiridh ar gcúl 's ná fuirigh rinn ar réasún. Ná han ar riaghail ná ar reacht fuathaigh ceart cumhdaigh éigceart ná samhail réd lá a locadh labhair trá do theann-fhocal. Ní don tromdhacht tárraidh sibh rith teangadh re toil n-aignidh teacht le céim dian ní dleaghair srian léd chéill níor chuireabhair. Ciontuigh thú féin fill tar ais déine lóir-ghníomh nar labhrais sibh féin fo thár ná tuill-se glár gan chéill ná caomhuin-se. Dréim rinn is caingean gan chéill dhuit nó is anfhuise aigéin iomlán ór dtroid ní teagar iomnár dhoid ar ndísbeagadh. Urraim dam deifrigh rét ais adaimh thú i n-easbaidh eolais tabhair is ná tairg mo chosg adhair a Thaidhg dom theagasg. Dob' iomdha neach gus a-nois do shaoil gurbh aigéan iomuis gur bhréagabhair inn rét ais do linn éadomhain eolais. Mar bhíos linn fo lán foghair nach bí fúithe fodhomhain neach san ló as líonmhaire caint ní dó as shíor-ghoire substaint. Gidh é an sionnach sloinnfead dhe nó go bhfaghann cú a chroithte faill ar a chlódh dá chonfadh is mór glaim ná greadhan-chon. An chú fhíochmhar do shoich sibh an tan-sa fad ghlaim gháibhthigh eagail deit confadh na con gleic ré borrfadh is baoghal. Gidh iomdha lucht do laoidheadh i gceann con do chomh-maoidheamh breith do bhuaidh creid-se don choin uaill deid-se nocha dleaghair.
Do iarrais orm 's níor mhol mé ar tús taisbéanadh mh'aighthe na dhiaidh do bhagrais bogha biaidh far thagrais trom-fhola. Fearr dhuit gan a silleadh sin fuireach ria ní rún d'éigsibh ní dáibh nach fatha falaidh gráin catha ar mo cheann-aghaidh. Taobh re heolus mhic Mhic Chon má tharla tusa it aonar ná tuig-se riamh go raibhe an chuid-se d'Fhiadh Iughoine. Atá riamh go soiche so ní guth dod mhóir-Leith Mogha Leath Chuinn na cearchuill sgoile tar leath-roinn Fhuinn Iughoine. Id bhogha ní beithte suim is ní ró acht urchar n-iomruill ná maoidh an bogha-sa a-bháin dhaoibh ní horusa a admháil. Soighde an bhogha bhíos mar soin éacht dá dtaoibh nocha dtorchuir mairg do ghríos gleo na troide leo síos acht le sochraide. Do chongnamh liom acht mé a-mháin i n-am do chlaoidhte a chompáin d'uainibh sgoile an Chraoi Chuinn-se saoi oile ní iarrfainn-se. Mh'ainbhios dhuit-se gá dám ris a fhir chléibh cia do innis go lá an luain ná luaidh-se mh'eol do chuaidh uaibh-se gan aithcheodh. Gidh eadh ní léigthe fa lár an chúis fá bhfuarais iomrádh gá hagra re measga mir rém thagra feasda fuirigh. Fuirigh.
Ní theichim re Tagra mBaoith Tadhg McDáire cct. Ní theichim re tagra mbaoith bagar gáibhtheach glóir neamhghaoith na cúis amh-luaidh ní fhuil d'fhear ní chuir an-bhuain ar m'aigneadh. Toibhéim gan cheart um cheird féin tugais orm anba an doimhéin do ghlór féin do éagnuigh ibh céim do bhréagnuigh do bhréithir. Díon do chéad-ghlóir mar badh cóir ní hé éifeacht bhar n-ath-ghlóir ní hé an t-ord caingne cubhaidh aighne borb do bharamhail. Mé dot ath-ghoin san alt-sa ní tathaoir dom thromdhacht-sa mo chéad-ghoin is tú do thairg crú bhar n-éagnaigh ní hiomaird. Dána dhuit-se déanamh truim fa éadoimhne iúil oruinn srian réd chéad-ghlár do chuireas do bhréag-rádh do bhréagnuigheas. Mo linn eoluis d'fhios na sean fuarais oilbhéim na himeal grian ar bhfis is dál domhain gá dtám ris ní rángabhair. Ní ar bhladh éan urlaimh rom alt minic do chiú 's do chonnarc fios nach léir dhuid-se acht mar dhall nach éir léd thuigse a thacmhang. Do cheird féin ní chuire i gcion cuirim-se an cheird óm shloinntior go bhfuil gan chlaochlódh om chaint ní baoth-ghlór soin acht substaint. Nach tú an chú do croitheadh leam go follus d'éigsibh Éireann re bualadh do bhréag id bheol nar fhéag d'uamhan fad aithcheodh. Do bhréagnuigheas bíom na bhun tusa i dtosach do bhriathar nocho gcaigéal a rádh ribh do shlán fá n-aibéar d'fhuighlibh. Ní leanabh acht lorg leabhar ní bhia dál gan deimhneaghadh ná mealladh ar bith im béal ná rith teangadh na dtaigéar. d'éis a fiadhaigh do dhol dí amhasdrach d'fhógra a claoidhte do ní cú anbhfann mar ibh as a labhrann tú tuigthir. Bréagnachadh nach bí ar do chor imdheargadh aoin gan adhbhar mar do rinnis iad gan fhios is iad do innis th-ainbhios.
Moladh iomarcrach ort féin cuid d'fhiadhnaibh th-ainbhis eiséin toibhéim id chainnt re confadh mar fhoiléim drainnt dobharchon. Gan leanmhuin luirg bhar n-agra cúl do chor réd chéad-thagra maoidhimh dhuit as diamhraibh th'fhis is cuid d'fhiadhnaibh bhar n-ainbhis. Fearr ar labhair mac Mhic Con dá bhféadthaoi an chúis do chosnamh ioná a gcloistir uaibh uile coisgidh d'uaill is d'éadmhaire. Ar n-iarraidh th-aighthe 's th-anma fa hé ath-ghlór mh'agallmha teacht do chosnamh ar chan sibh ná tar gan chosnamh cuimhnidh. Dearbh más troduire tusa gur bhagras mo bhogha-sa soirbh geall do bhreith ón bhuidhin 's bheith go teann ar thruduiribh. An dream sin munab díobh dhuid dol dá ndídean ní mholmuid béim dá ghnaoi tagra trom-locht dá n-admha saoi saothamhlacht. Bagair do gráin chatha ar chách gá mbia rét aghaidh ur-sgáth coisg na goimhe is dúil dise i ngloine úir mh'aighthe-se. Cosmhail ar ar chanais rum nach fuair tú móide an mearbhall a fhir thuaidh do thagair ruinn uain cadail ar do chearchuill. Dá ndeachadhaois uile as ní tusa tá gan th'amas ní id chás féine fuair tusa buain béime ar mo bhogha-sa. Ná bí dá cheilt léd cham-dhán níor chanas um chéad-chomhrádh glór ribh acht do reacht leabhar ní dhligh ceart do choireaghadh. Ná bí re bagar th'aighthe an i mbun do bhréagnuighthe a ndubhairt tú seasaimh soin nó leasuigh clú do chumhthaigh. Ní riú as chóra cúl do chur tús is tábhacht ar mbriathar le cam-rannaibh ní cheileam a ndubhramair deimhnigheam. Ní bhiam re freagra feasda dod ghlór fhaobhrach éig-cneasda bheith dhí más daoibh as ragha ní hí an aoir an ealadha. Breith barr i mbriathraibh gonta gan aon aighneas ionmholta an barr asa teann tusa ní hann as fhearr m'eolusa. Ní theichim
Is ait an obair-se ar Thadhg. Anluan McAodhagáin cct. Is ait an obair-se ar Thadhg ag buain fa bheith i n-easard re dagh-bhun eoil ar n-anma adhbhar ceoil ar gcomh-labhra. Nach greannmhar ghabhas do láimh re daoine tromdha teangbháil 's gan acht sdán i gcuid dá cheird le lán a ghuib do Ghaoidheilg. Dá mbeith áineas Banbha ar bun do dhéandaois daoine súgradh i n-iath choill-gheal na gclár sean fa ghlár ain-mhear an fhileadh. Is glór gan chéill cuirthear air más é Tadhg thiar do thagair is glór tré dhlús dighe soin nó is tús mire ros mhearaigh. Más fíor rinn do ráidh ro-ghuth i ndán bhog do Bhaothghalach lán súl is croidheadh ó gCuinn glún fár hoileadh an fhoghluim. Do ráidh go mbéaradh a bharr le lán duirn do dhán éadtrom file neamh-fhoirbhthe Craoi Chuirc mearuighthe an draoi a-dubhairt. Do lean Tadhg ní triall síodha aigneadh an ois éig-críona a n-airneal gion go n-éir sin bheireas léim ain-mhear inntibh. A thuile boirb-bhriathar dte ní bhia madh beo na daoine ag Mac Dáire acht na ghlóir ghirr gáire ba cóir fá choinntinn. Mór n-oideadh do gach aicme mór bhfoghlaintidh bhfosgailte a n-éir brígh bréagnuighthe an fhir i dtír ghéag-shnuighthe Gaoidhil. Mac Aodha aighne go dtreoir gríos oireas d'fhuacht fhear n-ain-eoil beag dhe ré n-áireamh na aghaidh dáileamh é don ealadhain. Badh gleic leinibh is laoich luinn do Thadhg an eoluis iomruill spairnn fa dheoidh ré dhuanaibh sin nó is luamhain eoin gan eitibh.
Gort iad nach roich a robáil a chineadh clann Aodhagáin maith treoir a so-ghaoise so eoin foraoise na heagna. Díobh fríoth an t-iúl gá dás de iad féin fréamha na tuigse ionnlach na mbalg mboig-ghéar bhfis do Thadhg is oigéan ainbhis. Is ait.
Do bhéarmaois dá n-aimh-dheoin féin. McDiarmuda cct. Do bhéarmaois dá n-aimh-dheoin féin go gcead don rígh is dá réim a gcinn le cois a gcána ó Leath Mogha mhór-dhála. Do bhéarmaois.
A Fhir thagras an chaint bhaoth. Art Óg Ó Caoimh cct. A fhir thagras an chaint bhaoth ainic leat nach saobh dod chéill caint gan tábhacht acht a fuaim i mbéalaibh cáich uaibh i gcéin. Is dearbh dámadh deimhin leat go bhfaightheá-sa cead ón rígh nach cian do haithreostaoi uaibh cinn ná cána do bhuain dinn. Ó taoi-se ag adhradh don tsíoth gidh ro-bheag ar mbríogh id neart badh lugha id chogadh ar suim is Leath Chuinn ag congnamh leat. Glór an tsionnaigh ris an gclog ní beag nod dá chur i suim go leigfeadh Leath Mogha mhór a gcána le slógh ó gCuinn. Gníomh ain-nirt ag ollamh mhear gnáth ag neach gan neart ná cóir an t-uisge tana as mhó fuaim samhail sin re huaill do ghlóir. A Mhic Dhiarmuda ó Mhuigh Luirg bíodh gur do chuirm tháinig sé le comhrádh badh cóir do cheilt níor chubhaidh dheit bheith id fhréimh. An tan do labhrais an glór atáid cách go mór dá mheas gur dhearbh libh nach biadh do gheall le tagra ar gceann do bhreith leat. Ar a rádh go mbéartha ar ngeall gé bheitheá teann as a los níor churtha dhuit dar mo mhóid i n-ionad Aodha óig do chos. Mac Í Dhomhnaill an saoi glic níor dhulta dhuit i na ghlas sean-fhocal ré rádh i n-am ní hionann dul ann is as. Más tusa ar Aodh óg is ua mac Í Dhomhnaill na gcuach nocht fogus mo ghaol-sa d'fhuil Bhriain mo lámh-sa réd ghliaidh do chosg. Má tá tusa a Bhriain mhic Bhriain it urradh gliadh ag Leath Chuinn atám do Mhumhain Mhic Chon gabhaim do chosg ar mo chuing. A fhir chroidhe don taoibh thuaidh nar chan sibh gidh suaill mo bhríogh gibé do choisgfeadh do ghlór gabhaim re hais clódh do ghníomh.
Ort is an chéim-se a fhir thuaidh atá breith buaidh ar mo láimh mo ghlór ní comhrádh le cleith ná measaidh gur breith le báidh. Muna maireadh acht mé féin do shíol Éibhir is é a fhíor ar do shíothcháin gidh beag troigh ní thiubhrainn duibh don taoibh thíos. Iomdha fáth nar dhéanta dhíbh saobh an ní fá dtugais láimh urruinn an mhadra don mheall is é sin do cheann don dáil. Ní leanta ar chomhrádh do shíor i síodh ná i gcogadh gan cheilg go samlam iomghuin fa seach nocha mbia teacht tar ar bhfeirg. Ó taoi-se ar shíothcháin an ríogh a fhir thíos a-dubhairt ró uch dámadh é an cogadh ann ní chuiriobh barr air as mhó. Ar Leath Chuinn gidh cruaidh an cheisd ag soin uaim mo cheisd gan chailg rugadh m'athair róm im ré sloinntear mar sin mé gan mairg. Cú Chuluinn bhar dtíre thuaidh Aodh Ó Domhnaill sultmhar rú mac Í Bhriain ar a bholg do ghaibh re hais tolg a crú. A fhir thagras.
Éisdidh a éigse Banbha. Seán Ó Cléirigh cct. Éisdidh a éigse Banbha tabhraidh dhúinn uain agallmha go labhra sinn sunna seal do shliocht Ír mhóir mhic Mhíleadh. Do tógbhadh iomarbháidh uaibh a éigse Banbha theas is thuaidh eatorra féin 's a síol seal Éireamhón ard is Éibhear. Tabhraidh dhóibh-se a seal féin do chlannaibh Rudhraidhe réidh congbhaid anos an-allan tosach éigse is ealadhan. Comaoin d'éigsibh Inse Fáil báidh re clainn Rudhraidhe ráin mar thugsad dóibh ima le tós is deireadh gach duaine. Dá dtugdaois fós do shliocht Ír éigse Banbha níor thathaoir tús agus deireadh gan chleith is rann láir gacha duaine. Muna mbeidís is dearbh sin síol Rudhraidhe roighne an ghaisgidh ní bhiadh dhíobh-san go bráth mbinn fiú na crithre san choigill. Do chruinnigh go Ceann Trágha dá chéad déag d'éigsibh ána dá gcur tar sáil eing a heing 's gan tocht tar ais go hÉirinn. Tiaghaid Clann Rudhraidhe ruaidh eidir a ndeas is a dtuaidh d'fhosdadh na bhfileadh fíor soin d'aimh-dheoin a raibh na n-aghaidh. Eidir-ghleo na cúise sin do fosdadh fós na filidh coinnmheadh trí mbliadhan iar soin do radadh dhóibh ar Ulltaibh. Feacht oile d'Athairne ard an t-ollamh glan gréasach garg i mBeinn Éadair do ghabh teach láimh re leath-bhord na Laighneach. Fa chosaibh a chaorach soin do rónadh cliatha caolaigh le laighnibh do láimh Lighean Áth Cliath uadh do hainmnigheadh. Ag Athairne thall na theach bádar trí chaogait loilgheach 's ní raibh do theaghlach na thig acht madh uathadh dia éigsibh. Fuighleach a lachta gach laoi ris an mbeinn do bhuí ré thaoibh d'eagla sásaidh aoin oile do dhoirteadh uaidh Athairne. Ar mbreith ainbhreath ar Laighne d'Athairne nár cheil ainmhe do chruinnighsead thiar is thoir dá dhíochur a Beinn Éadair. Cuiris Athairne ba thuaidh fios ar chloinn Rudhraidhe ruaidh dia rádh riú ag a dtighibh teacht a dtuaidh dia fhóiridhin. Tig Conchobhar ceann an tsluaigh gluaisid Ulltaigh leis ar n-uair go Beinn Éadair níor hanadh cian bhus buan a bhioth-ghalar. Cuirthear seacht gcatha cródha re seacht láithibh lán-mhóra eidir Ullta iolar cneadh is laochraidh láimh-dhearg Laighean.
Do loiteadh tra san toghail óg-mhac do chloinn Chonchobhair 's a lán dá macaibh míolla dá n-aos óg nárbh inghníomha. Cuiris Fínghin fáith-liaigh uaidh teachta go hAthairne ar n-uair ian do lacht gur ro-fhaoidhte gus na hóga ath-ghaoithte. Mar do chuala an aisgidh gabhais fearg dá fhíor-chlaisdin doirtis an leamhlacht go luath síos gus an sáile searbh-ruadh. A-dubhairt fós go frithir dá dtigdís dom fhóirithin nocha dtiubhrainn mír dom biadh d'fhearaibh Éireann ar aoin-rian. Nochar thuill Athairne cruaidh cumann na laoch ón Chraobh-ruaidh an éigse bhí leis go glan 's ní hé féin do chosnadar. Ag sin fachain an chatha do thugsad mór-shluagh Macha ag Beinn Éadair go líon sleagh is laochradh loinn-mhear Laighean. Ríomh réadlann nó gainimh ghil feoir faithche duille ar dhairghibh lámh fa ríomh a sochar sin deigh-shliocht Ír do na héigsibh. Sul tángadar tar sáile ocht mic Mhíleadh Easpáine le hÍr do chosnamh cána tosach troda is teagbhála. An tan tángadar ar tós mic Mhíleadh fa hoirdhearc nós trí fichid long líon an tsluaigh ag teacht go hÉirinn arm-ruaidh. Deich longa fichead go fíor buí fa lucht gaisgidh dá ndíon tríocha long luchtmhar oile fa mhoghadhaibh mór-oibre. Dá fhichid taoiseach gan léan ag triall dóibh-sean nocha chéal do chosnamh Éireann an-all re Tuaith dealbhdha Dé Danann. Ar dteacht ar radharc Banbha do rónsad coimhling chalma 's rug ar ráimh léim go luinne taoiseach gacha tréan-luinge. Do ling long Ír rompa i bhfad mar urchar saighde a fiodhbhac gur chronaigh súil Éibhir Dhuinn lúth na luinge ar an luath-thuinn. Más tré thnúth a-dubhairt Donn nó do bhrosdadh na laoch lonn biaidh uainne go bráth ag Íor tús ar gcreach is ar gcaithghníomh. Brisis Ír an ráimh reamhair tuitis siar fán luing leabhair le n-a bharc mar sin sínidh gur bhrúidh corp an chaith-mhílídh. Téid d'éag an oidhche sin féin Ír mac Mílidh an airm ghéir 's do claoidheadh feart dá thaoibh thais i Sgeillig† adh-fhuair †Iorrais.
Is é sin fá deara dhó gan a ainm do dhol níos mó fa Inis Fáil na bhfleadh-ól mar Éibhear mar Éireamhón. Éibhear mac Ír ard a bhladh gérbh óg iar n-éag a athar rug ó chloinn Míleadh a-mach cóigeadh Uladh oll-bhladhach. Éibrioc mac Éibhir mhic Íor ba dia chloinn an dias deigh-ríogh Cearmna 's Sobhairce go ngoil dá chéid-ríogh Éireann d'Ulltaibh. Cóigear ar fhichid uile ó Ír san Réim Ríoghraidhe oiread ré dhá n-urdail soin fuairsead do théarma ar Teamhraigh . Móir-sheisear dhíobh dearbh an dáil do ghabh ríghe ar Banbha bháin mar áirmheas réim an rolla gan neach oile eatorra. Ollamh Fionnachta go rath Slánoll Géidhe Oll-ghothach Fiachaidh Oilill Armghaoth ros ghabh agus an badhbh-laoch Bearnghal. A seacht tríochad 's céad bliadhan do bhí Banba gá riaghladh ag an ndroing-se do shliocht Ír gan teacht eatorra d'éin-rígh. Mar do ríomh sibh go hiodhan áiréomhadh uathadh d'iolar gidh aithnidh d' Éirinn uile do shochar shíl Rudhraidhe. Ollamh Fódla feardha i gcath do chéad-chumhdaigh Feis Teamhrach is céadfaidh d'ughdaraibh soin gur uaidh ainmnighthear Ulaidh. Géidhe Oll-ghothach go n-aoibh ar a ghlór níor thuill tathaoir guth gach fhir ré linn gan locht binnithir téada meann-chrot. Slánoll mac Ollaimh amhra an feadh fuair flaitheas Banbha níor ghabh aoin-neach re a linn saoth ná galar i nÉirinn. Fionnachta Fionn fear an raith sneachta fíona fríoth na fhlaith nachar shíon fhuar ná fhrithir gonadh uadha ainmnighthir. Is é do chreid i gCuinn chóir ar tús riamh i nÉirinn óigh Conchobhar ceann an chuire dár shleacht sé Magh Lamhraighe. Cia hí an éin-bhean don deagh-fhóir d'fhuil Éibhir nó Éireamhóin Fuair flaitheas Éireann ar n-uair mar fríoth le Macha Mong-ruaidh. Is í do thórainn Eamhain mar do thórainn Tea Teamhair nach béarthaoi a barr ar theagh le mnaoi do macaibh Míleadh. Naoi gcéad bliadhan buí Eamhain lán do mhuirn is do mheadhair ó ré Mhacha mór an rath go ré Fearghusa Fhogha. Ní clos re neach ríogh-ráith riamh i gcrích Fhódla thoir is thiar i gcoimhmeas ann re hEamhain ar eineach ar fhín-fhleadhaibh.
Ar ghreadhaibh meara míne ar chairpteachaibh coigcríche ar éigsibh ar aos gaisgidh ar aos tuillmhe 's tréan-aisdir. Ar shíoda ar shiric ar shról ar éadach dathta go n-ór ar ghasraidh gan fhuath gan fheall ar ól ar imbeirt fithcheall. Níor diúltadh riamh i nEamhain éin-neach um dhuais ná um dheabhaidh 's níor hiarradh troid uatha ar fhear leo riamh ar chuaird ná ar chuireadh. Áirmhim-se drong do shliocht Ír do neoch nár ghabh ríghe dhíbh as mhó luadh gach laoi dar leam ná bladh d'aird-ríoghaibh Éireann. Conchobhar is Cormac cóir Conall is Fearghus Mac Róigh Cumhsgraigh Cuchulainn nár clódh Írial is Laoiseach leann-mhór. Laoghaire Buadhach go rath Rossa Feargna Fear-adhach Fionntain is Furbhaidhe Fionn Cealtchair Conghal is Ceithiorn. Fa díobh Bla bhrugha nar bhaoth Seancha Cathbhadh is Conlaoch Aonghus agus Eoghan án Naoise Ainnle is Ardán. Ní cás dó tagra go teann dá mhéad bhíos ag cor na cheann gibé d'éigsibh le na háil as deigh-shliocht Ír iomarbháidh. Fuasglaidh an cheisd chuirfeas sinn gibé uaibh lén háil coinntinn cá trian dob fhearr don deagh-fhóir síol Ír Éibhir Éireamhóin. Cia dhíobh fa cruaidhe i gcath cia dhíobh fa buga i mbronnadh cia dhíobh dá ngoirthear ma le ordóg i n-aghaidh glaice. Ní cóir Ulltaigh do ghairm díbh ní hiad fhuair ar tús an tír gé táid innte re hathaidh an sliocht-sa Chuinn Chéad-chathaigh. Faiceam i n-aoin-tsliocht oile calmacht cloinne Rudhraidhe cá bhfuil fós caomhnuime gcuir anos i n-aon druing agaibh. Eineach is cumhdach cléire 's gaisgeadh glan a ngnáith-thréidhe dá mbeith moladh níos mó linn ar domhan dóibh do dháilfinn. Is iomdha cairt ag cloinn Ír ar chrích Uladh an fheoir mhín na fir nar ob gealladh gleodh nach tig d'éin-neach d'aithcheodh. Gach ríogh-ráith ó Thoraigh thuaidh go Loc Laoigh na mbarc mbeann-chruaidh is ó Bhóinn go Drobhaois ngil leo do tógbhadh fá dtighibh. Sídh Aodha ós chionn an chuain is Eas† áluinn †Aodha Ruaidh ainmnighthear ó aon don druing Aodh Ruadh† bruthmhar †mac Badhairn.
Do goireadh Eas Craoibhe ó Chraoibh seanchas fior a bhfuighlim dhaoibh dár thathuigh an linn gan locht inghean Eoghain mhic Dhurthacht. Soir ó Bhladhma go Bearbha do dhúthchas óg na hEamhna is ó Uisneach na gcnoc bhfionn go Loch† n-uar-thonnach †nAinionn. Le cloinn Fearghusa Mhic Róigh cúig Ciarraidhe i Mumhain mhóir no cóig Conmaicne go ceart 's na cóig Ciarraidhe Connacht. Corc Modhruadh ó Chorc nár ghann Corca Oiche Corca Achlann triúr mac Meadhbha fir go ngart Ciar is Corc is Conmac. Go ngabhthar mo dhuan sa tós ós é sin ó chéin ar nós d'iomarbháidh thall i nbhar dtigh a éigse Éireann éisdidh. Éisdidh.
Fagham ceart a chlann Éibhir. T. McDáire cct. Fagham ceart a chlann Éibhir ó tá ar n-agra indéinimh mo dháil dá ndagh-admha sibh ní dáil an-agra a haithghin. Oraibh idir mhaith is saith idir urradh is ard-fhlaith a chlann fhinn-Éibhir uile indéinimh ar n-agraine. An tuarasdal thuilleas neach do ní a dheigh-sheirbhís dhlightheach dóigh dá ndagh-agra sé sin nach an-agra é ar uaislibh. Do rinneas do rún cridhe feidhm díbh i n-earr m'aimsire do cháidh ar dheigh-sheirbhís damh teine-ghrís gráidh dam ghríosadh. Ón ló do loiteadh bhar bhfuil i ndán Torna is Néill náraigh do chóidh bhar lot gan leigheas a fhóir Chrot gur chuimhnigheas. Gach glór do chansad tar cóir ba oilbhéim da bhar n-onóir do chuir mé le ceart ar gcúl do badh reacht gan é d'iompúdh. Slighthe ba dorcha díbh féin do osgail sinn go soiléir gan ghlór chlaon gan fhoirbhríogh d'fhior im thaobh soi-ghníomh bhar sinnsear. Ní glór leath-taoibh ar bhar leas ní rith teangadh ar thuirmheas acht raon sean-sgríbhneadh na sean lér cneas-dírgheadh gaol Gaoidheal. Má do chíthí a chlann Éibhir ar laoidh fheasach fhír-chéillidh bhar n-anáir suas ar a son a duas d'fhagháil ní hiongnadh. An éiric do b'fhiú bhar bhfuil ná léigeann tréan fa thalmhain an ní dirim gidh docar dlighim í ar a hanacal. Gidh mór fuair Mac Liag Luimnigh níor thuill ón bhféin bhfinn-Mhuimhnigh leath a bhfuarasdar ní feas tuarasdal mar do thuilleas. Do bhéar le beagán brosdaigh cuaird ar cheann mo thuarasdail ní ar chuaird fholaimh fhionnfam sin oraibh a fhionn-chlann Éibhir. An ghasradh laochdha ón Leamhain go n-a ngéagaibh geinealaigh gan bhríogh i mbeag-carthain séad síol deagh-Carthaigh ní dheirméad. Ní saor ón gcuaird chuirfeas sinn fian mhaordha Maighe gCoinchinn ní neamh-lón d'airdibh oile Cairbrigh mear-shlógh Músgraidhe.
Mac Donnchaidh deigh-thriath Ealla fír-ghéag d'aicme Oilealla dream nach ónna i gcaoir chath-áigh Í Caoimh cródha Í Cheallachain. Í Mháthghamhna 's mic Ionáidh ͆ saoir sochruidh †Súilleabháin Mac Giolla† calma †Coda giolla armdha ánroda. Mac Amhlaoibh iomchras sgola Í dreach-náraigh Dhonnchadha craobh barr-dheigh-shleagh a barr sin is clann airm-neimhneach Fhínghin. Í Aithghir don fhuil chéadna Í Mhuircheartaigh mhóir-dhéadla maoidh Í Dhonnabháin don druing don chraoibh chomh-iomláin cnuas-truim. Iar gceileabhradh d'fhuil Eoghain triallfad ní triall aineolaigh céim i ndáil caoimh-shleachta Cais ar ghráidh saoir-leanta a seanchais. Sleacht Bloid bunadh na fola ó dtáid síol mBriain mBóromha gá branáin fhoirneadh as fhearr dár choimhlean anáir Éireann. Gé chlaochláidh claochlódh anma d'fhuil Bhriain maicne Mathghamhna 's clann Thaidhg a hÁrainn iubhraigh an bán-fhuinn aird oirear-ghlain. Do fhássad fós fóir ó Bhlod dream ar nach díol a ndearmad gion gur comh-ard le cloinn Bhriain an choill fhor-ard ó Fhinn-Chliaigh. Í Chinnéidigh Chuain Deirg-dheirc clann Chraith chrodha i gcruaidh-fheirg-bheirt Í Mheadhra as chruth-ghlaine cáil Í Urthuile is Í Ógáin. Sleacht Caisin clann Chon Mara géag díobh-san síol bhFlannchadha síol Aodha ó fhionn-Mhaigh Eachtgha craobha d'fhiodhbhaidh inleanta. Sleacht Dealbhaoith† deagh-†mhac Cochlán síol nDeaghaidh dream súghach-nár daigh-fhréamh do chlann-mhaicne Cais sparnn-aicme airm-ghéar Aonghuis. Síol gCearbhaill maicne ba maith síol gCéin ba caomh d'éileachaibh Í Eaghra ó fhód-mhaigh Luighne ógbhaidh fheardha ion-bhruighne. Anmhuin ré n-áireamh uile fíor-ghabhláin ar bhfiodhbhaidhe nach abraid cách ro-mhall ruinn na sgáth oram ní fhéadaim.
Gach a bhfúigeam díobh am dhiaidh bíodh ar Donnchadh Ua† ndeigh-†Bhriain ceann roi-riaghla fréimhe Cais daigh-Iarla féine Forgais. Ní mairg d'fhuil Éibhir dá fhás cneas séimh nár sheachain uathbhás glún altruim anára a gclann baránda an antruim d'fhulang. An gcéin mhairfeas sin mairfidh rath mairfidh gairm ceannas cumhdach an fhuil do oirdhearchaidh sin ag fuil oirbheartaigh Éibhir. Do fhássad ard-chrainn oile a fréimh ar gcrann gcumhrai-ne ní choisg mé dá maoidheamh sin nach i ngné Gaoidheal gairmthir. Búrcaigh Buitléirigh Barraigh Róisdigh gidh do río-ghallaibh cuir as a sean-mháithribh sin na ndeagh-bhráithribh d'fhuil Éibhir. Do thaoibh ban is dar mbunadh Tomás Iarla Urmhumhan mó as teann a neart-chuaine a-nos an seang dreach-nuaidhe ó Dhurlas. Do fhássad fós don bhfiodhbhaidh drong do fhás ór n-ingheanraidh dá mín-fhéachtair maicne Luirc d'aicme ghnímh-éachtaigh Gearailt. Dá mbeath Riocard flaith Fhorbuir acu i nÉirinn iubhar-ghlain gá géaga d'fhiodhbhaidh as fhearr dá bhféaga um fhionn-mhaigh Éireann. Teach Nimhe go ranna rinn ós tuarasdal nach tuillim ós é ar ngaol gaol gan báthadh a Dhé gaol do ghlan-mháthar. Ar mbeith d'aon-fhuil ós fiú libh nár thugar-sa a Rí an ríchidh cúis ar sgartha ar thaoibh thall ar an maoin nach anfa agam. Fagham ceart.
Mairg Uaisligheas an Éigse. Mairg uaisligheas an éigse saobh an cheard a coimhéidse d'uaislibh an tsluaigh bhladh-aird bhinn ra-mhairg do chuaidh na coinntinn. Olc chuimhnighid na cliara a muirn méad a soi-mhiadha a ró dísle ag díon gach fhir do shíol an Ír-se ar uairibh. Éagcóir d'fhearaibh an fheasa nár chuirsead cuid coimhmeasa síl an phór-chroinn ó Phurt Breagh na n-ucht mar mhór-chloinn Míleadh. Do bhean Ír díobh deimhin leam tosach ag tadhall Éireann ag tocht sonn tar goirm-linn gloin coimhling long ag na laochaibh. Don bhaoghal do bhí san ráimh do báidheadh fa beart dhiombáidh rí a aicme an glan-fhallán geal Manannán maicne Míleadh. Éan-mhac Ír d'éis a athar beag nár bhuan an deonachadh fan mBanba ag déineamh a ndál tarla Éibhear na ógán. Do léigeadh dhó dia do mhaoin an cóigeadh mar chuid macaoimh ar síodh do dhéanamh don droing 's ní ghéabhadh Íor a n-abraim. Ér Orba Fearghna Fearón Lughaidh Éibhear Éireamhón d'fheidhm comhlainn re ceathaibh sleagh ag comhroinn ceathair gcóigeadh. Sliocht Ír bhós do bhídís sin ós cionn Éireann ar uairibh sgéal na n-óig-fhear gach laoi linn 's do bhaoi a gcóigeadh gan choinntinn. Ar chloinn Ír do léaghadh leam móide as ciontach cliar Éireann fa chrích shrothaigh Bhanba Breagh sochair amhra lé n-áireamh. Sgotha fíona i ngach fairche fiche bliadhain buan-fhoirfe d'Fhiacha Fhíonsgothach i dteann níor dhíosgothach iatha Éireann. Leis do rinneadh ní rún tim feis Teamhra ar tús i nÉirinn Ollamh Fódla flaith shochair maith lé fógra ar Ulltachaibh. Múr d'ollamhnaibh innse Fáil leis do tógbhadh tuar iomráidh snaidhm na bruighne buan an mhaoin truagh gan chuimhne ar an gcomhmaoin. Cách gan teidhm galair gan ghoimh fiche bliadhan beart sochair maith do chuaidh do bán-fhonn Breagh Slánoll an uair do hoirdneadh. Goirtear ón lá-soin a le tar an gcloinn oirdeirc oile Íorland don tír ghlaisigh ghrinn tre thaisibh Ír i n-Éirinn.
Foghar téad i dteangthaibh cáigh ocht mbliadhna déag ní diombáidh Éire tonn-shrothach dá thoil Géidhe Ollghothach d'Ulltaibh. Fiche bliadhan is báidh leam Fionnachta i bhflaitheas Éireann tráth gan deacra síona sonn sneachta fíona ar gach fearann. Seasga bliadhan do bhí soin re linn trí n-airdríogh d'Ulltaibh gan bhéad ngéir-imnimh gan ghoimh gan éin-inghin d'éag d'iodhnaibh. Gan mheath cnuais ar choll ndatha treabhtha tortha céadacha seal Díothorba ar gach dionn fa críoch-fhorba fhear nÉirionn. Bean a hUlltaibh na n-eas bhfionn do ghabh aird-cheannas Éireann a los catha ar bhuadh ar bhlaidh Macha ruadh ós na ríoghaibh. Ní chlos éin-bhean aca sin síol Éireamhóin ná Éibhir le neart-ghoil céimeann nó cean ós breac-mhoigh Éireann d'áireamh. Tús ealadhna ar uaisle sean i bhfiadhnaise mac Míleadh do chím ó chiort na gcuradh ag sliocht Ír a n-ordughadh. Rann ar gach duain deimhin linn duain ar gach ollamh d'Éirinn tugadh lionn a luagh molta uan do chionn ar gcosanta. An lá nach leo teagh an trír dlighid curaidh chlann sheimh-Ír gasradh moirneach mhoighe Rath roinn-leath toighe na Teamhrach. An leath oile ag aird-rígh Breagh 's ag ríoghaibh ceithre gcóigeadh leath na Teamhra ní lór linn do shlógh Eamhna mar uirrim. Dá chéad bliadhan d'fhine Ír ós chionn Bhanbha an fhuinn fhóid-mhín gan acht neart aoidheadh orra gan teacht d'aoin-fhear eatorra. Gach díon clú gach céim sochair dar áirmheas ar Ulltachaibh 's na crothaibh a gcuala sinn ní sochair fhuara d'Éirinn. Sochair na saor-chlann oile loch-mhaidhm millte machaire síoth-mhagh gá tarbha na thuinn do dhíoth-chor arbha an fhearainn. Gibé a deir gur sochair sin tomhaidhm locha léim inbhir d'fhéachain buadh na saobh-shroth sonn truagh nach aon-loch a fhearann.
Dá mbeith gomadh sochair sin catha nó comhraic aoin-fhir a los céimeann dteann dtachair geall Éireann ag Ulltachaibh. Cinnid a sluaighte ar séan gcneadh tóicheasdal ceithre gcóigeadh níor maoidheadh Ulltaigh san ágh aoin-fhear d'Ulltaibh gá n-iompádh. Slán cáigh go gcualadar soin gur filleadh éan-shluagh d'Ulltaibh ag dol siar ar séad n-eachtra riamh le céad do chuideachta. Airgthear le hUlltaibh na n-each Dún Con Raoi fa réim uaibhreach Durlas na gcliar Cruacha Chuinn 's na tuatha siar go Sionainn. Níor hairgeadh Eamhain Mhacha le neart ríogh ná ro-fhlatha iomdha fáidh ga dhearbhadh dhamh nach dearnadh dáigh don dúnadh. Mó as beag lé burba na bhfear feidhm láimhe ceithre gcóigeadh i rinn ghliadh i ngalaibh cath riamh i n-aghaidh na nUlltach. Ní beag leam do luadh a gcath lámh dhearg Éireann Í Eachach mór ngleodh gcinnte do canadh innte d'eol na n-ollamhan. Leath a gcuala níor chan mé d'áireamh a n-éacht 's a n-uaisle bláth na gcleath ó Chlár Chumair leath a n-ágh ní fhacamair. Mairg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services