Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iomarbhágh na bhFileadh I

Title
Iomarbhágh na bhFileadh I
Compiler/Editor
McKenna, Lambert
Composition Date
1604
Publisher
(Londain: I.T.S., 1918)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Olc do Thagrais a Thorna. Tadhg Mac Dáire cct.



Olc do thagrais a Thorna
gé bheith d'fheabhus th'ealadhna
tar ceann leithe Mogha a-muigh
re Niall cosgrach a Cruachain.



Do thógbhais 's níor chiall chuimhneach
iomarbháigh a hucht Muimhneach
agus do léigis í ort
ar bháidh re catha Connacht.



Ní don Mumhain do mhaicne
níor dhlighis caomhna a gcairte
ón leith a dtuaidh táinic sibh
do shliocht Ír mhóir mhic Mhílidh.



Do bháidh re mór-shluagh Macha
agus fearg na ro-fhlatha
do rad thusa a Thorna tim
is Niall ag déanamh díchill.



Buan a mhairg do Chorc Cláire
is do mhór-shluagh na Máighe
nach file d'fhuil Éibhir Fhinn
tarla id chuid-se don choinntinn.



A dubhrais níor mhaith ré rádh
ag tagra dhuit re Niall nár
fuair Éibhear Fionn na bhfleadh-ól
leath Éireann ó Éireamhón.



Éibhear is é fa sine
don chloinn oirdheirc oirdnidhe
ceann na loingse ar ndol do Dhonn
ní ó shóisear fuair fearann.



Leis do thuit mac Cuill chalma
ag cosnamh críche Banbha
Rí Éireann dob ainm don fhear
ag teacht do mhaicne Míleadh.



Is uaidhe ainmnighthear Éire
i Laidin go láin-tshéimhe
ní hainm nach oirdhearc don fhior
Hibernia a hainm ó Éibhear.



Níor mhaoidhis éacht na aghaidh
ar Niall an uair do labhair
tuitim Éibhir na éacht mhór
i nGéisill re hÉireamhón.



Créad nar chuiris i gcuimhne
tuitim Laighne is Luighne
clann Éireamhóin mheardha mhir
re macaibh uaisle Éibhir.



Mach mic d'Eireamhón fheardha
Eitrial fa hard-fhlaith Teamhra
níor mhaoidhis a thuitim sin
le láimh Chonmhaoil mhic Éibhir.



Dá mbeitheá i gcomhthrom do Chorc
ní bheithea a Thorna id thocht
'n uair do ghoir Niall ní nar dhligh
anfhlaith Teamhra d'fhuil Éibhir.



Níor bh'anfhlatha i dTeamhraigh thinn
ríoghradh shleactha Éibhir Fhinn
acht fíor-fhlatha go bhfiadhain
do dhúthchas 's do dheigh-riaghail.



Cúigear mac le hÉibhear féin
ro ghabh neart ar Theamhraigh thréin
athaidh tar éis a n-athar
níor léigsiod í a rudhrachadh.


L. 14


Seacht gceathrar ó dhuine dhíobh
do fhás re gCorc comhrádh fíor
ós cionn Teamhrach na gcuradh
nar fhéad Niall do bhréagnughadh.



Rí don fhuirinn mhearrdha mhóir
do chuir ar tús slabhra óir
fa bhráighdibh righ-fhear séimh seang
mar onóir d'uaislibh Éireann.



Rí eile don fhéin aisdrigh
tug tuarasdal d'aos gaisgidh
do chosnamh chríche na bhFionn
ar tús i n-Inis Éirionn.



Rí oile dhíobh na dhiaigh sin
do chéad-chuir le meanmain mhir
failghe óir um ghlacaibh fear
do shlóghaibh glana Gaoidheal.



Neach díobh 's ní haoinneach rómpa
do rinne d'fhonn a mbronnta
sgéith airgid is cian id-chlos
's do bhronn iad a nAirgeadros.



Seanchus filidheacht coimhgne
is rígh d'uaislibh na foirne
áirimhthear dá síoladh sin
i nÉirinn d'éis Aimh-irgin.



Neach don ríoghraidh úir airgthigh
do chéad-chuir rotha i gcairptibh
d'iomchar deagh-fhlaitheadh bhfear Fáil
i gcrích Éireann mar anáir.



I bhflaitheas duine don druing
ní sgríobhthar a theacht tar thuinn
neart eachtrann ar Inis mBreagh
's tugsad deabhtha dá dídean.



Ní sgríobhthar orra fionghal
an ríoghradh éachtach fhionn-ghlan
claoin-bhreatha ná ciorrbhadh cuil
féachaid cách cia ar a sgríobhthair.



Dá réir sin a Thorna tséimh
níor éisdthe dhuit re glór Néill
anfhlatha do rádh rádh mear
re fíor-oighribh mac Míleadh.



A dubhrais níor cheart an glór
ag teacht duit tar Eoghan mhór
fuair an dreagan donn dathach
ceirt-leath ó Chonn céadchathach.



Trí chúigidh cuid do chúigeadh
níorbh é ceirt-leath cúig gcúigeadh
's é ar bhean Eoghan do Chonn
mar as fhollus a thórann.



Ó Áth Cliath Meadhraighe thiar
go Duibhlinn Life ag Áth Cliath
Atá Eisgir Riada ar fad
do roinn Conn re Mogh Nuadhad.



Níor mhaoidhte tuitim Eoghain
re Conn an aignidh eolaigh
teacht i n-arm ghaisgidh dhá ghuin
's é na luighe ar a leabaidh.



Níor mhaoidh tú rí Éireann féin
Art mac Cuinn an airm aith-ghéir
do thuitim ré mhac i gcath
gér maith th-eolus níor sheasmhach.


L. 16


Níor mhaoidh tú i dtráth a mhaoidhimh
Cur Cormaic mic Airt Aoin-fhir
d'Fhiacha fo ghabhail coire
iar maidhm Dhroma Damhghaire.



Do fhuilngis a rádh do Niall
nar bhris cath Gabhra acht an Fhian
gér mhaith an Fhian is in gcath
do b'é Mogh Corb a gcodhnach.



Móide mo throm a Thorna
ort nach d'easbaidh ealadhna
do chuaidh dhíot a ndeachaidh thart
acht nach dearnais dúinn dúthracht.



Ní ar mhaithe re Corc féin
acht d'ardughadh anma Néill
do labhrais ar labhair sibh
ag tagra do Chorc Chaisil.



File ag gach druing dá dtreibh féin
ag coimhéad seanchais dá bhfréimh
mar thuigim anois ar Chorc
do réir m'aithne 's mó as neamholc.


L. 18


U Lughaidh Ó Cléirigh
A Thaidhg ná tathaoir Torna. Lughaidh Ó Cléirigh cct.



A Thaidhg ná tathaoir Torna
's gan é i n-alt bhur n-agallmha
re a mhac samhla is mairg do mheas
go ndiongnadh claon ar chairdeas.



Tug th'aire nach breith le báidh
do thagra féin ar Niall náir
id file do shíol Sadhbha
an Mumha is í th'athardha.



Ní mhair dhíobh is dá maradh
éin-fhear díoghalta faladh
éagnach shleachta Chuinn na gcreach
do budh lámh i nead naithreach.



Ní thuilliobh diomdha ón taoibh theas
síol gCuinn ó nach tig nar dtreas
Fa chuimhne a gcomhramh nó a gcath
ag cosnamh teallaigh Teamhrach.



Clann Gholaimh na ngleo neamh-thais
ní chumgaim ceilt a seanchais
a gcatha a gcogtha ro chlos
léigfead díom mar do gheallas.



Éibhear Donn an dara fear
is Éireamhón Inse Breagh
dá cheann na loingse ag teacht dóibh
do dhíoghail Ithe ón Easpáin.



Clann éan-mháthar Éibhear Fionn
is Éireamhón ór chin sinn
's é ós ceann Éibhir gidh eadh
is Éireamhón 'na shóisear.



Iar mbáthadh Duinn na dtionól
gérbh'é an sósar Éireamhón
breith Aimhirghin an ghlúin ghil
a bheith a n-áit an tsinnsir.



Dá bhithin sin féacha féin
ar ghlór Thorna an beanta béim
a rádh go bhfuair Éibhear Fionn
ó Éireamhón leath Éireann.



Clann Chearmada 'na dtrí rígh
re hucht mhac Mhíleadh is tír
id cuimneach cia le dtugadh
i gcath Tailltean torchradar.



Do mharbh Éireamhón fear dhíbh
mac Céacht do b' fhorainm don rígh
ó do mhaoidh tusa an treas fear
do thuitim díbh re hÉibhear.



Iar sin don Éibhear chéibh-fhionn
bliadhain na leith-rígh Éirionn
más lór leatsa mar leath dhó
ó Bhóinn thoir go tuinn Cliodhna.



Is ainm tar narbh oircheas teacht
id léighionn dá leantaoi ceart
Hibernia ó Éibhear Fhionn
's nach raibhe na rígh Éirionn.



Léighnidh dhúinne do dheimhnigh
$Hibernus ainm an gheimhridh
's gurab d'fhuacht Innse Banbha
fríth adhbhar an fhor-anma.



Atáid linn 'nar leabhraibh féin
ní dulta dhúinn tar a gcéill
dá adhbhar oile do bhean
ainm Hibernia d'Éibhear.


L. 20


Adhbhar dá gairm d'Inis Fáil
sruth Hiber atá san Spáin
mar tharla re dteacht an-oir
mar dhúthchas ag Cloinn Gholaimh.



Nó oiléan i dtoirneann grian
d'Ibernia is eadh as chiall
focal gréagach tig is teagh
i ngabhaltas mac Míleadh.



Ar áirmhis oruibh d'éachtaibh
do shíol Éireamhóin éachtaigh
'na n-aghaidh a dtorchair linn
adhbhar diomdha dá n-áirmhinn.



Do mhaoidhis maith ré a dhéinimh
sochair Bhanbha ó fhuil Éibhir
ní hé a shamhail mhaoidhfeas mé
do shíol Éireamhóin uirre.



Mó as mhaoidhte ar iath mBanba
sochair dá dtárraidh tarbha
a haibhne a locha ma le
a mur-bhrucht mara a maighe.



Áireamh dhá fhichid a líon
ro mhuidh d'Éireamhón 's dá shíol
d'aibhnibh Fódla is fiche loch
go dtáinic an Conn cathach.



Is aca i nÉirinn ar tós
do bearbhadh ór fa nuaidh nós
is rí do mhaicne an mhuirir
tug iol-dhatha ar éadaighibh.



Triocha magh tugsad a coill
cumaoin oile ar Inis Floinn
gémadh é an mur-bhrucht mara
tárraidh an tOl-mhuchadha.



Ar shíol nÉibhir ní fhaghaim
gur mhuidh loch gur ling abhainn
ar a seal d'Inis Banbha
dar leat níor bh'í a n-athardha.



Acht seacht muighe a-mháin do bhean
Eochaidh mac Conmhaoil na gcneadh
na foirne as a bhfuil do theann
níor bheansad d'fhiodhaibh Éireann.



Dámadh do shíol Éibhir dhóibh
triúr as a ndlighfidhe dóigh
measaim go maoidhfidhe lat
Conn Conaire agus Cormac.



Sochair Chonaire chalma
is oirdhearc iad fan mBanbha
cidh dhúinn déanamh a bhfeasa
atáid ag aos ainbhfeasa.



Cormac breitheamh na mbreath bhfíor
é ro thracht teagasg na ríogh
ní faghthar ughdar as fhearr
ag dlighthibh aosta Éireann.



Do Chonn ní misde a mhaoidheamh
a chumaoin ar gort nGaoidheal
cóig príomh-róid go tigh Teamhra
fríth i n-oidhche a gheineamhna.



San oidhche chéadna ro chlos
léim Bóinne i bhfaghthaoi an t-iomus
is Léim Chomair na dtrí sruth
is dá loch um loch nEachach.


L. 22


Craobh Daithi is craobh Mhughna
eo-chruinn go gcnuasach chumhra
bile Tortan eo Rosa
fríth san oidhche chéadna-sa.



Fás a bileadh buain a fiodh
tomhaidhm a loch léim a sriobh
ar chrích Fodhla gá fearr cairt
do shíol Éireamhóin ordhairc.



Bean Éireamhóin iúl cuimhneach
Téa† fhial †inghean Luighdheach
do thógaibh Teamhair dá sliocht
go bhfuil aca na hoighreacht.



Tiomna Iughoine dá shíol
cairt oile ar Éirinn na ríogh
tar fhuil Éibhir an mhiodh-óil
atá ag aicme Éireamhóin.



Geallaid dhó uile i nÉire
fa ráthaibh éasga is gréine
sealbh na Banbha tre bith síor
dá shliocht gan fhuath gan éissíoth.



Rannaid a chlann nar mhuidh móid
ise i gcúig rannaibh fa chóig
trí céad bliadhan do bhuí an rainn
gan cách do theacht tar tórainn.



Iar mbriseadh dá caogad cath
Tuathal Teachtmhar triath go rath
fuair sé na rátha roimhe
ó chách mar fuair Iughoine.



Puirt oireachais Inse Fáil
leo cheana acht Caiseal amháin
d'fhuil Éireamhóin do dhearbh sin
sealbh Éireann tar fhuil nÉibhir.



Oileach na ríogh ráth Cruachna
Teamhair Breagh Teamhair Luachra
Nás Laighean Eamhain Uladh
othair seal na sean-churadh.



Ad-chí gach cúis fár chuir Niall
an-fhlaith i leith Cuirc na gcliar
mac Eachach nach obadh gleo
féach an oircheas a aithcheo.



Is é sin tug ar Thorna
's ní báidh re síol gCuinn gCnobhdha
mar do éisd re Niall go neart
's ní dá fheirg tug an t-éisdeacht.



Comh-ghar dhúinne is díbhse theas
Ír ó bhfuil an tí gan cheas
ní sia Torna ón taoibh a-muigh
Luachair Deaghaidh a dhúthaigh.



Buidheach is beithte do Chorc
do Thorna fa bheith na thocht
nar chuimhnigh ar chuimhnigh sibh
do ríoghraidh shleachta Éibhir.



d'eagla go n-áiréamhadh Niall
ríoghraidh Teamhra thoir is thiar
cóir do ghabh Torna ré dtaoibh
do sheacht gceathrair nar chomhmaoidh.



Níor chin ó Chorc mac Luighdheach
éin-rí do ríoghraidh Muimhneach
deacair dhuit tagra go teann
do ghabh oireachas Éireann.


L. 24


Buidhean tseisir is céad ríogh
d'fhuil Éireamhóin is é a líon
i ndeaghaigh Néill is roimhe
atá san réim ríoghraidhe.



Tiomna Iughoine ar Éirinn
is Tuathail Teachtmhair d'Fhéidhlim
tug Niall an gcéadna dá chloinn
ria n-éag ar chathair Chróbhoing.



Réimheas ceathracad 's sé ríogh
do bhí an tiomna-sa ghá shíol
sealbh na hÉireann ná hiarraidh
ar mhaicne Néill Naoi-ghiallaigh.



Ní maith liom a dhol ós aird
ort mar do thagrais a Thaidhg
go raibhe níos mhó ná leath
d'Éirinn ag Eoghan Taidhleach.



Méad bhar n-aidhbhse is aithne dhamh
ar leith Mogha na múr nglan
nar mhaoidhis an Mhidhe ar Chonn
's na cóigidh gan bheith comhthrom.



Gíbé do fhéachfadh orra
ar tús i dtráth a ronna
coibhéis dhá chóigeadh oile
cóigeadh chloinne Rudhruighe.



Do bhéara dhuit a dheimhin
féach sean-roinn shleachta Neimhidh
trí cuid go gcomhthrom ronna
do niad d'Éirinn eatorra.



Don roinn sin is eadh as trian
ó Bhóinn go Toirinis thiar
suaill ré mheas don iath-fhód sean
an bhfuil ann acht aon chóigeadh.



Roinn oile tarla ar an tír
idir shliocht Éibhir mhic Ír
bhar dtrí cúigidh curthar ann
rér ndá chóigidh i gcomhthrom.



Céad bliadhan ar bail do bhí
Eisgir na ronna-sa as í
ó Inbhear Colbtha na gcreach
gus an gcuan láimh le Luimneach.



Fraoch mac Éibhir 's a eachtroinn
is dóibh tugadh an cheart-roinn
fuair Eoghan ó mhac Úna
fa dheoigh níor fháth iomthnútha.



Ná beir uaim ní dá mhaoidheamh
ar cheil mé nó go maoidhear
's níor ghabhais acht leith-sgéal lag
re marbhadh Mogha Nuadhad.



Is amhlaidh fuaras sgéala
Eoghain Mhóir ar Muigh Léana
nach raibh i gcathais mar Chonn
do dhóigh a harmaibh eachtronn.



Geibhis ar maidin go moch
a chodladh níor chodladh troch
mar nach raibhe coimh-líon céad
do bhí Conn ar a choimhéad.


L. 26


A mhic Dáire is daor an bhreath
más feall do námhuid ar neach
dul san ló d'ionnsuighe air
gé bheath na luighe ar a leabaidh.



Guin Airt do Lughaidh Lagha
níor mhaoidhte dhuit go dána
ní hé Lughaidh do mharbh Art
acht Lioghairne go laochdacht.



A ghníomh oraibh ná hainmnigh
Lioghairne laoch do Laighnibh
bráthair Airt mhic Chuinn na gcath
mac Aonghusa mhic Eachach.



Ná háirimh é ar an Mumhain
's gan acht dias san dá Lughaidh
eachtronnaigh is iad do bhris
cath Mucroimhe ro mhaoidhis.



Mogh Ruith do shliocht Ír oirdheirc
fa-deara dí-mhiadh Chormaic
Caoille an Druadh as dearbhadh air
ní hionmhaoidhte é ar Fhiachaidh.



Bás Cairbre an ríogh ráthaigh
Semeón mac Ceirb a bhráthair
i gcath Gabhra is leis do thuit
torchair an Fhian na éaruic.



Teacht le Féin Fhinn nar n-aghaidh
do dhíoghail Aodh mac Garaidh
dar ort Mogh Corb ní sgéal nua
i n-iomairg sléibhe† Sean-†Chua.


L. 28


U Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha
Éisd a Lughaidh rem Labhra. Tadhg McDáire cct.



Éisd a Lughaidh rem labhra
ó taoi-se i n-alt mh'agallmha
léig Torna seachuinn go se
tabhair féin dhamhsa th'aire.



d'eagla nach tiocfa a dtuaidh
léigfead beagán aighnis uaim
do dhearbhadh a ndubhairt mé
is d'aithcheo ar aill uaibhse.



Gach freagra tugas ar Niall
gé tú d'éanfhuil is Corc thiar
ní dheachas céim tar an gcóir
mar bhus follus i gcéad-óir.



Munab ag iarraidh bine
do dhéanamh dhuibh ar fhile
ní budh cuirthe dhuit a-mach
díoghail fala ná éagnach.



Dá mbeidís sliocht cródha Cuinn
na gcéid-neart ag eisdeacht ruinn
níor chuirthe dhóibh um aghaidh
acht file dom ionnamhail.



Níor éagnuidheas aicme Chuinn
níor cheart an tuigse a rádh ruinn
ar son ceirt chlann Éibhir Fhinn
do thagra mar do dhlighfinn.



Go dearbh is feasach dhaoibh féin
ní thóigeabh fiadhain i gcéin
dá mbeinn re héagnach clann Chuinn
nach mar dubhart a-déaruinn.



Ní mé do thairgfeadh clú a ngníomh
re saoibh-chiallaibh do bhuain díobh
nó dá mbeidís leo lochta
níor thairgeas a lom-nochta.



Do chím fein nach fulang libh
beagán d'fír-theisd cloinne Éibhir
do labhra dhamh-sa na gcath
ní ghabhthaoi é acht na éagnach.



Dlighim ceart cloinne Éibhir
do thagra ann gach chás chéillidh
nó go ndeachainn seacha so
níor bh oircheas d'aon mo thubha.



Ós éigean go mbia 'nar ndán
fírinne bhus searbh ré rádh
ní mise as chiontach ris so
acht Niall Torna agus tusa.



Beag nach samhail liom re m'éag
a theacht dar chuir sibh orm d'éad
dul i gcomh-ghar rachas mé
d'onóir bhar n-aicme uaisle.



Iad féin do ghoin a chéile
ó nach uaidh do b'fhearr Éire
léigim sin thoram is thort
acht do dhearbhadh a ndubhart.



Do bhean Éibhear na meadh-ól
don chloinn oile is d'Éireamhón
dearbhadh gan neach ós a chionn
rogha leithe d'fhód Éireann.



Beag nach rug sliocht Ír amháin
urmhór a leithe as a láimh
ionnus nach cóir déanamh tinn
as roinn Éireamhóin d'Éirinn.



Ní raibhe ag roinn re hÉibhear
do shíol Breoghain acht éin-fhear
mac Ithe ré dtárthus de
tríocha céad Corca Luighdhe.


L. 30


Dá bhféachadh neach ar gach taobh
roinn Éireann eatorra ar aon
tuigfidh nach raibhe mar sin
Éireamhón ós cionn Éibhir.



An bhreath ataoi do labhra
do bhreith d'Aimhirgin amhra
fagham i rosg nó i laoidh libh
mar fa gnáth glór Aimh-irgin.



I rosg rug Aimhirgin breith
idir a bhráithribh gan chleith
dar chuir iad ar feadh naoi dtonn
is Tuaith dhath-ghlan Dé Danann.



I gcomh-uaim fileata ar tuinn
do ráidh na briathra na luing
d'iarraidh soirbhis dá n-eachtra
dar sguir an ngaoith ndraoidheachta.



I n-aisde fileadh a-rís
do labhair ag teacht i dtír
mar tá gá lán do mheabhair
do shúr éisg i n-inbhearaibh.



An bhreith sin dá mbeireadh sé
a Lughaidh an gcreide féin
nach fuighfidhe i n-aisde linn
mar gach aisde dá n-áirmhim.



Ní clos an imreasan ann
clann Mhíleadh ag teacht anall
is eadh fa haigne don druing
comh-baidh comh-chosnamh comh-roinn.



Gan imreasain ag dhá neach
gníomh nó riaghail ní bhí breath
cionnus do béarthaoi mar soin
breath is iad gan imreasain.



Níor churtha breath i leith suadh
gan bheith dlightheach gan bheith buan
níor dhlighe dhóibh í mar soin
níor bhuana dhóibh na dheaghaidh.



Dá dhearbhadh sin is sinnsir
do toghthaoi i nÉirinn innsigh
mar cheann fine seach gach fear
ó shoin ag macaibh Míleadh.



San leabhar labhras don bhreith
os éigean dúinn gan a chleith
atáid neithe ré gcois soin
gá dtáid seanchais na n-aghaidh.



Má thig féin na aghaidh féin
lughaide is cóir bheith dá réir
a shamhail ní sgiath chosnaimh
do bhreith iongnáith éagcosmhail.



Dá bhfaghadh neach ionadh Dhuinn
fada ó cheart ar Éirinn uill
Éire níor dhúthaigh dhó soin
níor shealbhuigh í 's níor chosain.



Amhlaidh mheasaim gur bheanta
béim ar Thorna fa theachta
tar ghlór as a dtuigfeadh fear
urruim shinnsir do shóisear.



Is lór leam-sa an leath as fhearr
tarla ar Éibhear shéaghuin sheang
rogha leithe don dá leath
mar dhearbhochad go deimhneach.


L. 32


Is fearr leath Éibhir go n-aoibh
ó Bhóinn thoir go Cliodhna chaoimh
ná an leath ó Bhóinn go srúbh Broin
tugadh d'Éireamhón angbaidh.



Mó as mheasraighthe d'fhuacht do theas
líonmhaire do mhil do mheas
foigse da gach maith tar muir
lia a cathracha a comh-ursain.



Mó do thomhus tríochad chéad
barr fós ar a maith a méad
ní ar an aird a bhfuil soin
labhraid go trom na hughdair.



Fada ó tángas tar an ainm
iomdha sein-sgríbhinn dá ghairm
tar ceann th'iomad ciall do chur
ní thiocfa dhíot a dhiúltadh.



Na hil-chialla ataoi do ríomh
dá bfiafraigheadh neach cia dhíobh
dá dtig an t-ainm d'iath Breagh
cuma leatsa acht nach d'Éibhear,



Do gheabhtha i bhfail ar léigheas
Éibhear darbh ainm Hibérus
Hibernia gur dá ainm thig
i dteangthaibh nach í an Scoitic.



Atáid tíre as treise i bhfuacht
an t-ainm cidh nach dóibh do ruacht
más ó mhéad fuachta thig sin
fiafraigh uaim-se dod léighnidh.



Gé tá Éire san aird thiar
atáid tíre i dtoirneann grian
le linn curtha a cuarta a le
nach Hibernia ná Éire.



Is follus turnamh don ghréin
ann gach tír fhágbhas dia héis
ó tá an domhan i modh chruinn
is spéar gréine na cearcuill.



Ainm do thír seach a chéile
mar sin tré thurnamh gréine
dá ndeachadh eagnuidh dhá mheas
ní mheasfadh gur chúis oircheas.



Daoine ag creideamhain dá gcéill
tógbhaid an rian ceart dá fréimh
dá leana ar cialla mar soin
ná sloinn ó Téa Teamhair.



Focail il-chiallda féachtair
na gcuir mór n-ughdar céadfaidh
breitheamhnas díreach dóibh soin
go grian a bhfis ní féadair.



Na cialla chuire san ainm
má tá tarbha dhó na ghairm
ó nach tú as bhreitheamh orra
maith áit Éibhir eatorra.



Áireamh éacht ní mé do thriall
ar dtús acht Torna agus Niall
ní orra badh mó mo ghean
a ndéanamh soin nó a n-áireamh.



Níor mhaoidheas meisde a ndéinimh
sochair shíol Éibhir d'Éirinn
mó d'Éirinn go mór ré mheas
ar fhágbhas díobh ná ar áirmheas.


L. 34


Gidheadh tiocfaidh dod laoidheadh
sul sguirfeas mé go maoidheobh
sochair ó fhuil Éibhir Fhinn
as mó do fhóir ar Éirinn.



Acht go dtugar freagra ar tús
feirrde an aigdhe a cur i ndlús
ort ann gach tarbha thionóil
mhaoidhe ar aicme Éireamhóin.



An d'easbaidh gníomh gcóir ré ráidh
nó le th-iomad labhra láin
mhaoidhe sochair orra sin
gan aon chuid dóibh na ndéinimh.



Oibrighthe a dhúl ar thoil nDé
do shealbhadh dhóibh níor mhol mé
mó go mór dhuit-se is dhóibh
do mhasla é ná d'onóir.



Dá maoidhe tú mar bhreith gill
oibrighthe Dé dhóibh ré linn
ar Ioruaidh is maoidhte sin
breith Críost ré linn i mBeithil.



Gach loch gach linn dá labhra
ós dóibh féin théid a dtarbha
fuil Éibhir is dóibh do ling
ar a gcuid féin don Éirinn.



Atáid a lán do lochaibh
is araile do shrothaibh
ag ar mó d'inis Banbha
a ndíth ná a ndeagh-tharbha.



Báidhtear leo ní sochar saor
ceathra agus daoine maraon
gan fhéar gan ioth congbhaid soin
a mbí fútha don talmhain.



Gibé maith nó saith do niad
nocha maoidhte ar éin-rígh iad
acht ar an rígh as rí ar nimh
nar iarr congnamh fá ndéinimh.



Muighe do bhuain a coill libh
admhaim gomadh sochar sin
mó do shochar buain na magh
do choill-shleagh ndonn-ruadh nDanar.



Níor doirteadh acht allus ball
ag síol gCuinn ag teasgadh crann
d'fhuil Dháil gCais do doirteadh cioth
ag leodh sleagh lucht na luirioch.



Muna bheantaoi ní cheilim
don choill fa dheoigh a-deirim
beag tarbha a dteasgadh ar tús
maighe Fódhla is é a n-iomthús.



Buain magh nÉireann theas is thuaidh
don choill sin dar dhocra a mbuain
síol nÉibhir is iad do bhean
is orra as chóir a n-áireamh.



An mur-bhrúcht mara mhaoidhe
a luadh gá glór as saoibhe
más mar shochar mhaoidhe a Lugh
mó a dhochar ná a shochar.



Más é a maoidheamh do ní
léim fairrge tar bloigh do thír
cosmhail go maoidhfidhe soin
dá mbáidhti uile ar ndúthaigh.


L. 36


Atáid tíre maith an bhreath
's is é as moladh ionnta ar neach
blogh talmhan dá dtíosadh dhé
do bhuain d'fhairrge nó d'uisge.



Ní sochar gan chuid dóibh féin
do ronsad sliocht Éibhir fhéil
sochair gá rabhas na gheall
do rónsad d'fhearaibh Éireann.



Eoghan tug iad ó ghorta
Brian ó dhaor-bhruid ó dhocra
sochair do fhóir cách mar soin
fagham agat ód ríoghraidh.



Dar leat do b'athardha dhóibh
críoch Banbha go n-iomad slóigh
na bhflaitheas ní tharla dhí
plágha gorta náid geinnti.



Ní thug rí díobh dá dtarla
ar feadh a ré ar fhonn mBanbha
roinn dí do thréan nó do lag
dar leat do badh leo an leanabh.



Glór mar sin ní fhuil ré rádh
gan druing as a ndéine a lán
lughaide is cóir déanamh truim
ar chloinn Éibhir na gconchloinn.



Cúigeadh saor ód ríoghraidh thuaidh
ag clainn Éibhir mór an buaidh
gach neach dar ríoghadh don chlainn
saoirse thuaidh air ní fhaghaim.



Ar shíol nÉibhir as do thriúr
aithneadh dhúinn ar aon a n-iúl
maoidheamh mór níor dhéanta dhuit
acht amháin briathra Chormaic.



Táinig éin-rí d'fhuil Éibhir
tar éis Néill is Cuirc chéilligh
do b'fhearr d'fheidhm d'Éirinn uile
ná Niall Conn is Conaire



Sochair do ríoghraidhe a-nuas
áirimh leat go léir gan luas
meadh sochair Briain mhic Bhé-bhionn
ní fhuighe id ríoghraidh Éireann.



Do cabhradh aos léighinn lais
do ath-chátaigh an eaglais
tug da gach druing dar mhian sgol
costas léighinn luach leabhar.



Tug dá chléircibh féin gach cill
d'aimhdheoin na loingseach tar linn
tug iar mbeith fa dhaoirse thruim
saoirse dá bhflaithibh fearainn.



A dtug lucht na long seolta
leo as gach tír d'iarthar Eórpa
ar ndol aige ar a dtreabhaibh
do roinn Brian ar Gaoidhealaibh.



An maor do bhí ar gach mbaile
tug Brian fa bhreith a dtoile
an buana do bhí ar gach tigh
tug mar mhogha don mhuinntir.



Iar mbeith don Éirinn aidhbhsigh
i mbuaidhreadh re cian d'aimsir
tug síoth innte ó bhinn go binn
fa hé an turadh iar ndílinn.


L. 38


Gan feidhm ndaor ar mhnaoi mhéir-sheing
ná ar aon-mhac óg-laoich d'Éirinn
re gníomh moghsaine ag gac neach
do bhíodh a ghall nó a ghaillseach.



Níor ainmnigh d'aon dá dheigh-shliocht
dúthaigh aoin eile i n-oighreacht
tug a thír féin da gach fhlaith
caidhe comaoin a comh-maith.



Tug sloinnte sochar oile
nach tugsad ríoghradh roimhe
lé dtuigthear i ngairm gach fhir
cia a threabh do mhacaibh Mílidh.



Níor shaor Lugh acht tuaith a-mháin
comh-ghar dhúinne is daoibhse a bháidh
ag sin ag Brian barr ar Lugh
ceall agus tuath do shaoradh.



Do thaobh Chonaire ní fríth
acht meas nó soinionn nó síth
biodh go mbeidís sin ré linn
gearr fa sochar iad d'Éirinn.



Ní mar é do cheangail Brian
síothcháin Éireann thoir is thiar
níor ráinig dá díbheirg so
oiread cloinne Duinn Déasa.



Ní hionann táirtheas leo an chríoch
níorbh ionann fós a dá síoth
ní ar fhlaitheas Bhriain sgríobhthar soin
trian fhear Éireann re foghail.



Ní iarrtha breis do bhuain dínn
a los Conaire ná a shíl
dá n-antá rinn i modh cheart
acht go léightear a gcoimpeart.



Níorbh fhearr Cormac re cheart féin
do dhéanamh cúise go réidh
ioná Brian i gcúis córa
ag leanmhain luirg chanóna.



Do Chonn is meisde a mhaoidheamh
a chomaoin ar chrích nGaoidheal
an chomaoin nach é do chuir
's a bheith ar bheagán sochair.



Dámadh é Conn mar nach é
do gheabhadh róid go teach Té
d'Éirinn fá beag sochar soin
téighthí gan iad go Teamhair.



Muna páirteach na rúinibh
d'fhollamhnacht Dé ar a dhúilibh
mheasas tusa bheith do Chonn
créad dó mhaidhm loch nó abhann.



Cur mór gcath istigh sa tír
ní céim as ionmhaoidhte ar rígh
amhail maoidhtear libhse ar Chonn
's gan éin-ghleo i n-aghaidh
eachtronn.



Mar sin gurbh fhearr Brian a-bháin
mar ghein shochair d'Inis Fáil
nás an triúr áirmhe a Lugh
's a n-áireamh go n-a sochar.



Más í sin do chairt as fhearr
ní cairt í as a beithte teann
ionann daoibhse bheith gan chairt
na neithe taoi do labhairt.


L. 40


Ní hiad féin rod-chuir na fáis
teasgadh coille ní céim cáis
maidhm loch go suaithnidh nó sreabh
ní dhearna duine acht dúileamh.



Tuigthe do chách dá bhrigh sin
an chairt as fearr luaidhtear libh.
do chairt oile nach fiú a meas
mar nach fiú ise a haighneas.



Tomhaidhm loch tomhaidhm aibhneadh
fás crann mbláith-thorthach mbarr-gheal
gibé rí ar a bhfuighe a bhfios
ná tuig dhó acht a n-oireas.



Más oighreacht dhí-se is dá síol
an teach sin Teamhra na ríogh
mó as luath ráinic a sealbh sin
dá éis cúigear mac Éibhir.



Sul táinic céad do thrí chéad
i ndeaghaigh Iughoine d'éag
Mogh Corb d'fhine Éibhir Fhinn
do ba láin-rí é ar Éirinn.



Feadh sé nglún na dhiaidh dá shíol
gach neach dhíobh san suidhe ríogh
an gcreide go mbiodh ré linn
roinn mac nIughoine ar Éirinn.



Níor gairmeadh rí d'aoin-fhear uainn
gan neart Éireann theas is thuaidh
ríoghradh iomlán Mumhan Mis
cia an tórann tar nach téighdís.



Ar sgaradh riú don ghairm ríogh
ní hé Iughoine ná a shíol
tháinig d'fhoirneart orra is-teagh
acht tréin-shliocht Ír mhic Mhíleadh.



Mar sin is follus do chách
nach féidir go fíor a rádh
trí chéad bliadhan go raibhe
neart Banbha ag sliocht Iughoine.



Iarraidh cairte a hucht Tuathail
iongnadh aniú ar Éirinn uathuidh
na ré féin fuair Tuathal cor
's ní hé a mhac fuair a ionadh.



Aithigh Tuatha tárla is tír
Sanbh Eochaidh is Foirbhrígh
orra do ghabh Tuathal teann
agraigh sé orra a choingheall.



Níor mhair beo d'ard-chloinn Éibhir
acht aon mhacaomh caoin-chéillidh
's é i n-am Tuathail d'fhagháil neirt
ó Aitheac Tuaith ar díbeirt.



Ná beir uaim nach fuair Féidhlim
seal dá aimsir ar Éirinn
a los a chloidhimh fuair soin
's ní mar oighre i n-áit Tuathail.



Mó as lag an iarraidh garma.
maol-ráta gan mhór-tharbha
gan ionnta acht mar gach n-ionadh
acht bheith seal ar suidhiughadh.



Gearr an seal thugsad fa chion
aithnidh dhúinn ar aon aniogh
Cuid dhíobh gan buain aca ribh
acht foirneart athaidh d'aimsir.


L. 42


Is fearr más i gcoimhmeas thiad
mar phortaibh oireachais iad
puirt shleachta Éibhir na n-each
Corcach Portlairge Luimneach.



Dá mbeith ní ar phortaibh áille
níor dhearmaidthe Dún gCláire
Dún Iasg Caiseal is Mín-mhagh
Áine Cliach is Ceann Coradh.



Aithcheodh bréithre nacharbh fhíor
bíodh go dtiocfadh tar béal ríogh
oircheas d'fhilidh gá mbiadh fios
dá mbeanadh ris an aighneas.



Tar ceann a dtagrai-se a Lugh
's congnamh Néill id cheann do chur
a ghairm do cheart ní fhéad sibh
an-fhlaith Teamhra d'fhuil Éibhir.



Eachtrainn plágha ná gorta
na bhflaitheas feairrde a sompla
do theacht ré linn níor léigh sibh
doirbh an-fhlaith dhíobh do dhéinimh.



A bhfuil is feasach do chách
biaidh cuimhne a soi-ghníomh go bráth
níor cheart an-fhlaith do ghairm dhíobh
ní léightear orra doi-ghníomh.



Rígh mar fhoirneart tuile ag teacht
imreas a gceart mar a neart
go bhfiadhain d'eolchaibh maithe
is riú as ionráidh an-fhlaithe.



Admhaidh Torna na dhán féin
méad a sgátha re bhfeirg Néill
iongnadh dhuit-se a shéana soin
mar gach séana dot shéantaibh



Taosga as dúthchas d'aicme Ír
Cúige Uladh na n-eang mín
ionás Luachair ard úr-chas
bádhach neach ré shean-dhúthchas.



Tuigid lucht tuigse tromdha
an leath thuaidh dán díobh Torna.
a bháidh riú nár dhearmaid soin
tré bheith i Luachair Deaghaidh.



Dá ríomhthar rígh reampa a-raon
na nglúinibh díorgha ar gach taobh
ní fhuighe Torna agus Lugh
do bhreis ag Niall dhá cheathrar.



Cuid don bheagán breise féin
do ghéabhthaoi libh do thaobh Néill
do bhádar sinnsir Chuirc treall
coimh-thréan riú ar Inis Éireann.



Do chin ó Chorc ó gcorcair
ríoghradh as ró-mhó moltair
nás an drong áirmhe go teann
uaibh i n-oireachas Éireann.



Ní beag d'eisiomláir d'Éirinn
dála Néill Caille is Féidhlim
Niall do chur id ríoghraidh thoir
Féidhlim do chur ó chommaidh.



Fuair a ghruaidh ar gné mónann
d'ainm optimus Scotorum
teisd Fhéidhlim dá léighthear lat
léigh teisd Coluimb ar Chormac.


L. 44


Léigh a gcoimh-réim gan chéim tláis
léigh a dhá mbeathaidh 's a mbáis
fearr go mór d'fhiadhain iad so
ná duain Giolla Mo Dhubhda.



Mór-gcúis dá ndéanamh taidhbhseach
do bheir bhar n-áireamh aidhbhseach
do ghéabhthar uaim bladh dá fhios
go nach raibh cách na ainbhios



Triúr i n-éin-ré it áireamh ríogh
drong na gcúplaibh áirmhe dhíobh
déanamh nuimhre suas mar sin
ní ceist é d'fhior a n-áirimh.



Do ghéabhtha ré léigheamh uaim
i gcuid dod dheigh-leabhraibh thuaidh
beag nár léigthe dhamh um thosd
comh-fhlaith ceathrair i gcumosg.



Mar sin áireamh do ríoghradh
nach congnamh a mbeith líonmhar
do bhrígh go n-áirimhthear libh
uimhir trír ar uain éin-fhir.



Cúis oile as fhollas do chách
inneosad ní sgéal gan fháth
th-iomad áirimh ríogh a Lugh
do theacht do chúis nach iongnadh.



Teamhair Bhreagh i mbídís rígh
ar bhar gcuid-se thuaidh don tír
ní lamhmaois acht le ró neirt
stiúradh an ard-phuirt oirdheirc.



An tráth nach teagmhadh rí dhínn
ná d'fuil Luighdheach ná d'fhuil Ír
is in teagh sin Teamhrach Breagh
bheith dhíbh féin ann níorbh aisdear.



Rí Éireann do gairmthí libh
don tí fá treise ar an tigh
tar ceann freasabhra ris soin
Ó bheith i dtreise ar Teamhraigh.



Gairm ríogh Éireann do ghairm dhíobh
gan gabháil giall gan cuaird ríog
ná tuig d'Éirinn ní sa mhó
fán ngairm acht pars pro toto.



Dá dhearbhadh sin féacha féin
mar deir ceart gach ríogh go réil
rí Ua Néill madh neartmhar sin
nach dligh ceart do ríghCaisil.



Tuigfir as sin mádh áil uaim
nach iomlán do ríoghradh thuaidh
ní hiomlán Éire mar sin
más cuid d'Éirinn ríCaisil.



Dearbhadh oile ó bhfuighe a bhfios
ughdair annála is oireas
is eadh sgríobhaid orra amach
i ngairm na ríogh rí Teamhrach.



Mór ndearbhadh ré chur na cheann
gidh searbh sin sloinnfidhear leam
ar ghairm ríogh do ghairm don dreim
ar thaobh re hurruinn d'Éirinn.


L. 46


Ní lughaide áirmhe ar Chonn
tríocha bliadhan ar an bhfonn
dhá dtrian na mbliadhan nár lamh
buain don roinn do bhuí ag Eoghan.



Cormac ceathracha bliadhan
áirmhe ar fhód Éireann iath-ghlan
ní lughaide áirmhe soin
gan umhla aige ó Fhiachaidh.



Más ag triall ríghe Muimhneach
mar deir sein-leabhar cuimhneach
do thuit Cairbre i gcath Gabhra
níorbh é an rí gan fhreasabhra.



Rí d'ard-fhlathaibh fhola Chuinn
Flann† oirdhearc †mac Maoil-Sheachluinn
féach re mac Lonáin nár laimh
imbeirt cluiche ar Magh Adhair.



Ris na ríoghaibh uaibh do b'fhearr
ó'dchí ar mbeith-ne teann re teann
na rígh fa táire ionáid soin
ná ro-mhaoidh oirne a Lughaidh.



Dá dtiomnadh neach ní nach leis
dá chloinn créad a bhrígh nó a bhreis
dá dteagmhadh mar tharla soin
sealbh agus ceart na n-aghaidh.



Tugas freagra ar th-áireamh ríogh
ní bhiú ag leanmhain air do shíor
léir do chách lé dtuigtear soin
iomthús do ríogh a Lughaidh.



Féach nach déidheanach dhúinn féin
i neart Banbha ná d'fhuil Néill
an tsealbh nach tugamar dhóibh
d'iarraidh orra fa éagcóir.



Righ ba neartmhaire ná Brian
nochar geineadh riamh ó Niall
ar thiomna Néill dá mbeith cion
níor le Brian flaitheas Gaoidheal.



Do ghabh Donnchadh† deagh-†mhac Briain
bráighde re humhla na dhiaidh
Laighean Midhe is Muighe Bhreagh
tar tiomna Néill do rinneadh.



Do chaith sin dá bhliadhain déag
tar tiomna a ndeacha uaibh d'éag
mac mhic Bhriain Toirdhealbhach teann
i ríghe os fhearaibh Éireann.



Tug Muircheartach triath Muimhneach
clocha Oiligh go Luimneach
ag bhar dtiomna níor ghabh cead
buan a ríghe ré fichead.



An Éirne aithnidh dhuit-se
áit choinne Thaidhg Caoluisge
tiomna Néill nochar fosdadh
an lá thug Tadhg tuarasdal.



Adeirim-se ribh-se a-rís
bíodh go gcuirfidh oraibh sgís
go raibh ní sa mhó ná leath
d'Éirinn ag Eoghan Taidhleach.


L. 48


Créad nár áirmhis tríochaid céad
sul do churthaoi im leith-se bréag
mar táid sgríobhtha ó ré na sean
munar lór áireamh cúigeadh.



Meastar na hocht dtriochaid dhéag
atá i Midhe go líon séad
gar go bhfuil a oiread soin
dar dtaoibh uaibh do Chonnachtaibh.



An cúigeadh sin cloinne hÍr
chuire mar thaidhbhse i nbhar dtír
a dtugadh dhó do bhreith ghill
ní don chlár acht dá fhoirinn.



Maith fuairsead filidh Banbha
arbh fhéidir leo do labhra
re cloinn Ír seach gach cineadh
níor chumaoin nár cúithigheadh.



San chúigeadh thuaidh is eadh thig
cúig tríochaid déag ar fhichid
áirimhthear a oiread soin
ann gach chúigeadh don Mumhain.



Ar chuid Eoghain Mhóir na séad
do réir áirimh tríochad chéad
beag nach fuil do bharr tar leath
más breis dó cúigeadh Laighneach.



Ranna do fhromhadh bhar bhfis
fada ón adhbhar gan buain ris
áireamh do mhín-leithe Chuinn
do dhéanamh mar leith chomhthruim.



Na ranna ráidhe roimhe
ranna iad do réir toile
níor gairmeadh díobh romhad riamh
mar ainm ceirt-leath nó ceirt-thrian.



Rainn shíl Neimheadh diongna a rádh
trí deichneabhair líon a slógh
gan fos ó ionadh d'ionadh
gan anmhuin re háitreabhadh.



An sliocht do b'fhearr iar Neimheadh
do rainn Éirinn fa dheireadh
ór fhássad naoi rígh don druing
ar a rainn is eadh fhanaim.



Rainn toile do rónsad sin
dhá mhac Eibric mhic Éibhir
rainn chomh-throm ní hiarrtha d'fhior
idir shóisear is shinnsear.



Ós é Mogh Nuadhad fuair comha
ní leath Fraoich acht leath Mogha
ainm na leithe as mhó ná leath
bhí ag tréan-Eoghan Taidhleach.



Mar do chanais tréan Eoghain
do Fhraoch thug leis na dheoraidh
d'Fhionnmhall d'Fhiacha Casan can
gach treise dár ghabh Tuathal.



Is follus nach dearnas trom
féach mar deire féin ar Chonn
a amus ar maidin mhoich
is Eoghan ar a leabaidh.


L. 50


Dá gcurthaoi fógra catha
uair reampa i gceann na flatha
follus lé ndearna as a shuan
nach biadh a éag ré iomluadh.



Ní hiongna aniú go dána
séana a ghníomh ar Lugh Lagha
do séantaoi air féin san chath
tuitim ris trí rígh Ulltach.



Ní ar Laighnibh acht ar Mhumhain
do iarr Cormac a chumhail
do bhrígh gur le Lugh do thuit
Art Aoin-fhear athair Chormaic.



munab é Lugh do mharbh Art
créad fár iarr Cormac a mhac
re hucht catha Crionna ar Lugh
ceann ríogh i n-íoc a athar.



Níor chuir Lugh fá tréan i dtreas
is rinn gaoi Chormaic ré chneas
's níor chuir Cormac go gcuimhne
bás Airt i leith Líoghairne.



Mar sin nach féidir a chur
marbhadh Airt Aoin-fhir tar Lugh
muna bhfuil teisd as fhearr lat
ioná Lugh agus Cormac.



Na heachtrainn thugsad leo a-nall
an dá Lughaidh nár thréith bann
d'oireamhuin don dís tar muir
thángadar as a ndúthaigh.



Saobh an bhreath clú ghníomh a shluaigh
do bhuain don fhlaith bheireas buaidh
's nach le a aon-láimh féin do ghabh
Alexandér an domhan.



Dámadh ar aon-láimh do bhiadh
maidhm chatha nó gabháil ghiall
ní raibhe i Mucroimhe ann soin
lámh ba meadh do láimh Lughaidh.



Ní sgríobhaid bhar n-eolaigh féin
do shíol Eireamhóin go léir
teisd Luighdheach mar labhraid sin
a shamhail do ghlún gaisgidh.



Mo náire a Lughaidh a luadh
mar thig tú tar Caoille an Druadh
éigin damh dá chlaochlódh soin
fírinne an sgéil do leanmhuin.



Cormac féin thug leis a tuaidh
draoithe d'iarraidh beirthe buaidh
dár thráighsead uisge Mumhan
ceathra is daoine ar dtiormughadh.



Dealbhaid mar sheasamh dá spairnn
caoire ris nach gabhdaois airm
más maiseach an iarraidh neirt
dod rígh onórach oirdheirc.



Cuirid sluagh Muimhneach a-muigh
fios ar an sean-draoi Mogh Ruith
dá bhfuair d'fearann feasach dhuit
ar chosg draoidheacht druadh Cormaic.


L. 52


Coisgis Mogh Ruith ceird na ndruadh
's ar a shon do ghlac a luach
Fiacha Muimhneach do chlaoi a neart
níor chlaoi Mogh Ruith acht draoidheacht.



Ann ngach ionadh theas is thuaidh
i bhfuil sgríobhtha sdair an tsluaigh
ar a n-abraim an-oise
tógbhaim í mar fhiadhnaise.



Gion gur mhaoidheas bás Chairbre
lem shaighdibh amhail shaighde
do bhéar rann dá dhearbhadh soin
ó ughdar aosda eagnaidh.



An rann-sa a déar im dheaghaidh
muna bhfuil leat do mheabhair
do ghéabhtha ré léigheamh leam
i gcuid d'ard-leabhraibh Éireann.



Ag triall ríghe Muimhneach mas
ba foirneart an flaitheamhnas
le Mogh Corb mac Cais chreachaidh
do chear Cairbre Lifeachair.



Do gheallais gan maoidheamh éacht
an dá drong sin go líon gcréacht
goin Mhogha Corb Chríche Mis
is tar ghealladh do mhaoidhis.



Coimheollad mo ghealladh féin
gan maoidheamh éacht ar do fhréimh
ó nach é a ndéanamh do b'fhearr
mar onóir do chrích Éireann.



Fearr mar mholadh dhóibh a-raon
ná maoidheamh éacht ar gach taobh
gach rí ar a bhfuighthear a bhfios
fír-bhreatha soi-ghníomh suaimhneas.



Cuimhnigh féin ar léigheadh lat
an bhfeadur cia fil uasad
tabhair súil thart ar gach taoibh
ainic nach claon do chathaoir.



Déanta dhuit dála Néidhe
it aghaidh ó táid tréidhe
féacha féin an mór ré meas
cóir it aghaidh aois oideas.



Ar ghrádh druinge theas nó thuaidh
ar a ndiom-buaidh nó ar a mbuaidh
nár fhágbha sinne dár n-éis
ní badh ain-bhfíor ré fhaisnéis.


L. 54


U Lughaidh Ó Cléirigh
RO CHUALA AR THAGRAIS A THAIDHG. LUGHAIDH Ó CLÉIRIGH, cct.



Ro chuala ar thagrais a Thaidhg
a chloisdin ní cúis iomairg
acht an bhréag do chur ar gcúl
's gan páirt araile d'iompúdh.



Do bhéar-sa aire dhuid-se
tar cheann Torna san troid-se
le fírinne bristear cath
san ghliaidh madh calma an ciontach.



Ó nach fuilim teann re teann
anfad i bhfos misde leam
ní fearr dhaoibh mo dhul ba dheas
im dhán is measa m'aighneas.



Ní éistiobh dhuit déanamh truim
tar riaghail ar chlannaibh Chuinn
's gach a ndearnais orm badh dhéin
atáim orramach ainn-séin



Ná bíodh fearg ar Leith Mogha
fá ngoin i n-aghaidh gona
dá raibh bíodh a n-aithbhear ort
tré th'fhala dhóibh do dhúsacht.



Ní bhiú re forbhthas ndána
's a lán agam ré rádha
bhar n-eang-sa dá leantar leam
ní bhia m'fhuighle go haithghearr.



Gibé fréamh ó bhfuil do chúis
do bheanas í go bhfios dúinn
ceannas Éireamhóin nárbh fhann
ar Éibhear mar do dhearbhsam.



Féach leat leabhar na huidhre
is ann dearbhóchad m'fhuighle
is an amhras i dtéid sibh
ar bhreith Aimhirghin ghlúin-ghil.



Breith Aimhirgin ón uair sin
atá i nÉirinn gá n-uaislibh
do bhéar rosg dá dhearbhadh dheit
go bhfuil na sein-bhreith oirdhreic.



Do ghéabha an rosg-sa madh áil
i ndlighthibh ríogh Inse Fáil
eagna le heaglais a-dir
agus feabhtha la flaithibh.



Madh é an t-óg bhus foirbhthe gníomh
toghthar é san suidhe ríogh
gibé gá mbí an eagna lais
is é toghthar san eaglais.



Ná habair gurab sinnsir
do toghthaoi i nÉirinn innsigh
minic do chuaidh óg tar sean
i ndligheadh maicne Míleadh.



Mór dár seanchas ar gach taoibh
nach faghthar i rosg ná i laoidh
ar laoidh féin ní faghthar dath
gan leabhar glan dá chumhdach.



A ndubhart re hÉibhear Fionn
más bréag mar a-deire riom
do shaoil sinne gá rádha
gurbh fhíor leabhar gabhála.



Don leabhar sin creidid cách
do bhréagnuigh tú gibé fáth
i n-iongnadh ní curtha dhúinn
curthar saoibh-chiall sa sgrioptúir.


L. 56


Creididh tú do na leabhraibh
madh ní thaithneas léd mheanmain
más faibhle is milis a mblas
madh re síol nÉibhir bheanas.



Níor sgríobhadh éin-leabhar riamh
is an domhan thoir ná thiar
gidh é an sgrioptúir do-sgara
fa mhian fir na hantola.



Gibé fuair ceannas san Spáin
tar Éibhear bhFionn ré dteacht dáibh
ná cuir i n-iongnadh i bhfus
a bheith ós chách i gceannus.



An tIbernia a-deire
d'fhaicsin i dteangthaibh eile
san gcás sin choidhche ná creid
i dteangthaibh nach í an Scoitic.



San Scoitic má fuair éin-fhear
gairm Hibernia ó Éibhear
fearr an fhínné ná a bhfuil lat
don dá bhéarla seachtmoghat.



Is uirre as mhó atá d'fhiachaibh
coimhéad seanchais Fhuinn Fhiachaidh
ag sin fáth as a ndleaghair
mo chéadfaidh do chreideamhain.



Do léighis féin fiadh fuinidh
do ghairm don Éirinn fhuiligh
créad an fáth a ndubhradh ria
más bréag tionntúdh Hibernia.



Munab ag fuineadh gréine
atá an tír dán hainm Éire
ná creid duain sheanchais ar sean
Canam Bunadhas na nGaoidheal.



Ní san aird thoir éirgheas grian
ó nach luigheann san aird thiar
fuineadh gréine ó nach áil
ní cóir teacht tar a thurgbháil.



Mar tá a fhios ag gach éin-fhear
Hibernia nach ó Éibhear
gár bheag dhúinn dá dhearbhadh ort
an sruth Hiber a-dubhart.



Misde an seanchas a dhiamhra
's nach fuair sé acht seal bliadhna
don leith as lugha d'Iath Breagh
gairm Hibernia ó Éibhear.



Leath Éibhir más fíor dhuid-se
is í as fhearr don dá chuid-se
dámadh fíor do b'fhallsa an bhreath
ná dearbh as acht go haireach.



Do dhligh Éireamhón Teamhra
tar Éibhear go méad meanma
an leath as fhearr d'Inis Breagh
dá gcreide do Chath Laighean.



Níor lugha do mhil do mheas
an taobh thuaidh-se ná an taobh theas
re linn ranna an dá thionól
Éibhear Fionn is Éireamhón.



Fearg an naoimh neimhnigh ní bréag
rug ar mbeacha i Loch Béilséad
an barr meala maoidhthear libh
ní raibhe i n-aimsir Éibhir.


L. 58


Ná bí réd chathrachaibh dhúinn
ní fhuil ionnta acht oil i n-úir
do chuimhne ar ghabháltas nGall
sochar d'Éibhear ní dhéanann.



Má tá libh cnuasach cumhra
do thaoibh sochair bhar lubh-ghort
ní cóir teacht tar choill mar sin
nach raibhe i n-aimsir Éibhir.



Do cheil tú inbheara an éisg
do bhuí ar chuid Éireamhóin fhéil
fagham a n-aithghin agaibh
rompa i bhfus dá bhfuaradair.



Sein-bhriathar leam na n-aghaidh
ón aird thuaidh thig an chabhair
na hughdair do ghéanadh trom
ar an aird thuaidh dá labhram.



Cuid dom dhearbhadh dhá chosnamh
do ghéabhtha i gCath Ceall Osnadh
bail nar thuit le mac Earca
rí Caisil 's a chuideachta.



Más í leath Éibhir do bfhearr
créad thug d'Éireamhón gan fheall
nach í do shealbhuigh fa dheoidh
iar n-ath-roinn Éireann dá aindeoin.



Do rad cóigeadh do mhac Ír
iar marbhadh Éibhir fán tír
i n-ainm dá chúigeadh do bhir
an Mhumha do chloinn Éibhir.



D'Éibhear Fionn ní dhearna tír
bhar ngreasacht oirnn go sliocht Ír
sinn ó chéile ní chuirfe
dhaoibh-se d'fhagháil fuaruighthe.



Gach rainn dá bhfuairsead sliocht Ír
dár dtoil féin do bheansad dínn
ní hamhlaidh sin tharla an leath
do bhí uaibh-se ag sliocht Luighdheach.



Ríghe Mumhan gach re bhfeacht
do bhuí ag Dáirine tré neart
gur ghlac Oilioll Ólum thiar
Lugha mar dhalta ó Mhaicniadh.



Ní mó ná an leath eile dhí
eadraibh-se is Éarna do bhí
créad í an roinn i raibhe
fiarfaigh dot Chath Mucroimhe.



An leath do bhí ag Éibhear Fhionn
más leath chomhthrom ní léir liom
ar do leith-sgéal má tá dath
ní fhéad ar ndúthaigh d'fholach.



Roinn cloinne Deala mhic Lóigh
más innte chuirthí bhar ndóigh
níorbh fhiú a n-eolus ar an bhfonn
roinn na gcúigeadh i gcomhthrom.


L. 60


Roinn aith-ghearr do réir toile
do rónsad sin ré roile
roinn shíor gan chombáidh maicne
do roinn Cearmna is Sobhairce.



Roinn toile ní hí as ghnáthach
idir dhís más dís bráthar
fa roinn críche is gnáithche tol
idir cúigear nó ceathrar.



Do dhearbhadh ar roinn toile
do dhéanamh dhóibh ré roile
gach port i dtigdís i dtír
do ansad ann gan eissídh.



Más roinn cheart ar aoi n-anma
thugsad Fir Bolg ar Banbha
is tearc don ríoghraidh do ghabh
an Mhumha mar dhá chúigeadh.



Ceithre chuid do niad d'Éirinn
iarsma Fhear mBolg is Éilim
éin-fhear dhíobh fa rí Mumhan
i riocht gurab í an ceathrumhadh.



Éin-rí amháin mar as chubhaidh
ó shoin i le ar an Mumhain
ní roinn cheart do chúig tíre
's a dó dhíobh i n-éin-ríghe.



An cóigeadh saor áirmhe libh
ní tré theann tharla acht mar sin
d'éis bhar ndá chúigeadh do mheas
gan barr ionnta acht ar áirmheas.



Na saoirse cóigidh ná creid
muna bhfuil dá dhearbhadh dheid
acht mar cheann Ard-mhacha mhóir
rí Caisil go bhfuair onóir.



Cádhus aige ní raibhe
go bhfuair Pádraig an baile
ní do rígh Caisil mar sin
tugadh comairce Caisil.



Níorbh é sin ríogh-phort Muimhneach
go dtáinig Corc mac Luighdheach
cia an ríogh-phort oile tré theann
do bhí saor ar rígh Éireann.



Atá i gceart gach ríogh go réil
rann eile as a dtuigfe féin
gach onóir a deirthí a-nois
nach é fuair acht an eaglais.



Ní féidir a n-abra rinn
nach bréag fa leith Éibhir Fhinn
leath Mhogha Nuadhat ó Chonn
má dearbhthar a bheith comhthrom.



Conall Cruachna dearbhaim dhuid
do rann Éirinn i ndá chuid
nach raibhe i gcomhthrom do Chonn
a Thaidhg ná cuir-se ar Chonall.



Gá líon tríocha i nÉirinn áin
ní molta an roinn d'Inis Fáil
mar dubhart annso tar m'éis
gan leabhar ghlan dá fhaisnéis.


L. 62


Ó nach tigmid ré chéile
i sean-roinn dá bhfuair Éire
anam ar roinn Gall a-nos
más lór téada dá tomhas.



Atáid rér oile a n-urdail
do bhreith na laoch ó Lonnduin
líon condae bhar ndá chóigeadh
áirmid i n-ar n-aon-chóigeadh.



Dá réir sin ní mó ná leath
rug Eoghan ó Chonn na gcreach
gibé duine a-deir go rug
áirmheadh dignite a n-eapscop.



Do phuirt oireachais más fearr
a Mhic Dáire is iongnadh leam
Partholón iar bhfios a sgéal
d'anmhain i nInis Saiméar.



Ard-rí Éireann an Daghda
ar mbreith roghan don Bhanbha
is clann Cearmada fa seach
d'anmhain ar-aon i nOileach.



Gá dás dó 's ní hiad a-mháin
acht a dtárraidh Inis Fáil
do b'í a rogha bheith i bhfus
lorg a n-áitighthe dhearbhas.



Cia dod phortaibh áille thiar
nar shuidh rí Éireann go Brian
ós iad na háite do b'fhearr
do thoghsad ríoghradh Éireann.



Ní maoidhte ar phortaibh Muimhneach
Corcach Portlairge Luimneac.
puirt nuaidhe do rónsad Gaill
ní bheanann siad dár seanrainn.



Tiodhlaicthe Dé dár bhflaithibh
a gcur ar gcúl ná braithidh
dá meastá a gcur ní chreid sinn
nach mór a sochar d'Éirinn.



Tré fhíor-fhlatha feasach dhaoibh
tig mar deir Morann mac Maoin
iasg i n-inbhear ón aithbhe
is i dtrághaibh torchairthe.



Mar sin is tiodhlaicthe ón Rígh
do bheir locha is aibhne i dtír
's do thabhairt éisg is torchar
mheabhas ciumhsa caladh-phort.



Ná tathaoir abhann ná loch
mór tarbha a néamhann 's a gcloch
's as dá maidhm móide an sochar
tig an tír do thiormochadh.



Cuid mhór dá sochar do chách
mar coisgthear leo a sgís do ghnáth
do thaobh aisdir an oirir
d'iomchur neith i n-arthraighibh.



Cuid eile thig dá tharbha
na muilne ag meilt an arbha
mór a bhfeidhm i n-aimsir the
d'fhionn-fhuaradh ceathra is daoine.



An tír as a moltar soin
blogh talmhan do bhuain don mhuir
báthadh na tíre tig dhé
's ní bhíd na trághaibh toirthe.



Atáid daoine is tír sin féin
thairngeas an mhuir chuca i gcéin
féach a Thaidhg an mó an sochar
maidhm na sruth gan tiormochadh.


L. 64


Don ard-rígh ré linn tarla
áirmid leabhair a tharbha
gach abhann gach loch dar ling
feadh a aimsire ar Éirinn.



Fada ó Ioruaidh an fhuil ríogh
ní do Romhánchaibh a shíol
is as nach áirimhthear dhó
breith Chríost i mBeithil Iúda.



Ochtauin August an rígh
do reac re hIoruaidh an tír
ar Ochtauin maoidhtear sin
bhreith Chríost ré linn i mBeithil.



A Thaidhg is do thaobh tnútha
cheileas tusa ar mhac Úna
a thiodhlaicthe ón Rígh do nimh
mar a-deir Airne Fhínghin.



Más beag a mbrígh mar deire
a bhfuair Conn oidhche a gheine
a bhfagháil do budh luinn lat
ré maoidheamh ar Mhogh Nuadhat.



Is iongnadh más ionann sin
maoidhtear linne agus libh
d'Eoghan Mhór coigill an bhídh
's tiodhlaicthe Dé dár n-aird-rígh.



Níor choigill Conn a chuid bídh
's ní raibhe gorta na thír
d'fhaichill gorta 's é as déanta
do rígh a bheith fíréanta.



Ní bhiadh dá bhfoicleadh mar Chonn
gorta i gcuid Eoghain don fhonn
re haindligheadh thig do ghnáth
meisde d'Eoghan a iomrádh.



Créad do ní fuil Éibhir dhíobh
sochair áirmhi-se nach fíor
ré linn nach facas plágha
glór eile nárbh ionrádha.



Eanna is Muineamhón más díbh
bás don phláigh fuairsead na rígh
an abra feasda iar na bhfios
nach raibhe pláigh na bhflaitheas.



Uaithe a ríogh ar Fonn mBanbha
d'fhuil Éibhir is é as damhna
más lugha plágha is gorta
na ré a fhir an fhor-mholta.



Ná habair riom gurab ró
is dá n-abrainn ní sa mhó
roinn mac nIughoine gur mhar
ar Éirinn trí céad bliadhan.



Fuaras i ráithib fileadh
go bhfuil agam ó dhligheadh
dá dtugthaoi áireamh cinnte
léim thar uimhir éigcinnte.



Is beag teasda do thrí céad
nár chaith féin na trí fir dhéag
ríomthar i ndiaidh ar oile
do shliocht uaibhreach Iughoine.



Neach na n-aghaidh níor éirigh
acht ceathrar do shliocht Éibhir
tig tar gealladh orra is-teagh
gearr an ré dhóibh do fuilngeadh.


L. 66


Ar aba an cheathrair do theacht
i gceannus Teamhra tar cheart
níor beanadh an roinn roimhe
dár mhair do shliocht Iughoine.



Ré as mhó ná ar n-áireamh bliadhan
do bhádar do réir fiadhan
cuid don tsliocht sin luaidhtear linn
i dtreise ann ngach aird d'Éirinn.



Críoch Chonnacht a ndúthchas féin
na leith ní cuirthe mar chéim
is cóigeadh Laighean uile
aca ó aimsir Iughoine.



Do badh dhíobh-san na hÉarna
cuimhnigh féin fad a dtéarma
i gceannus Mumhan i-muigh
is Dál bhFiatach i nUlltaibh.



Clann Deadhadh go gcruas gcéimeann
treas laoch-aicme na hÉireann
don tsliocht chéadna mar ad chlos
Teamhair Éarna is é a ndomhghnas.



Mar sin nach iongnadh a rádh
gach réd dár dhealbhas im dhán
bail ar a roinn go raibhe
tar éis cloinne Iughoine.



Ní righim a leas a ríomh
m'áireamh bliadhan m'áireamh ríogh
do dhearbhadh ceirt mar fuair sinn
shleactha Iughoine ar Éirinn.



Tugsad Gaoidhil mar tá róm
sealbh Éireann d'Iughoine mhór
dá chloinn tar éis a n-athar
dí do léigsead rudhrachadh.



Fuair Tuathal ar dteacht tar tuinn
an tseilbh chéadna mar do thuill
ní hiad Aitigh Tuaith do bhir
an tseilbh dhó-san acht Gaoidhil.



Ar sheilbh Thuathail ná cuir brat
Corb Ólum níorbh óige an mac
ar son nár chathuigh fá ceann
mar nár leis sealbh na hÉireann.



Iar sgrios Aitheach a hÉirinn
tug Tuathal dar mhac Féidhlim
a dhúthchas féin da gach fhear
dár mhair do mhaicne Míleadh.



Dar ndóigh is dearmad thug ort
mar do ráidhi-se 's ní locht
nach iad Gaoidhil thug a dtol
re seilbh Éireann do Thuathal.



Ar gheallsad sliocht Éibhir Fhinn
do chomhaillsead i leith rinn
créad fá mbeimis diomdhach dhíobh
ní mór do rónsad d'fhoirbríogh.



Re linn seasgad ríogh 's a seacht
ó do thairbhirsead a gceart
níor ghabh Fodhla acht éin-rígh dhíbh
is Eoghan Mór na leith-rígh.



Más olc an chairt-se ar Bhanbha
fagham leat a mac-samhla
ó taoi re tubha ar gcomhráidh
is bíom réidh nár n-iomarbháidh.


L. 68


Iar dtairbhirt a gceirt fa dhó
do shaoil Niall nárbh ainbhios dó
dá ngoireadh an-fhlaith d'fhuil Chuirc
ní mise a-deir mar dubhairt.



Más é so thug ort-sa a rádh
olc do ráidhis re Niall nár
nar leis an Éire mar soin
le tiomna ar aithris Tuathail.



Ó tá leat-sa do mheabhair
an rann-sa a-déar im dheaghaidh
ná habair nach raibhe bail
ar tiomna Néill Naoi-ghiallaigh.



Do rannsad a mhic iar sin
Inis Airt ba hamhra in fhir
is dóibh do berair a ngéill
céin biaid na niuill im ghréin-ghil.



Munar leis í ré tiomna
créad fár fhuluing a bhiodhbha
Éire dá ghaol is dá shliocht
sé céad bliadhan i n-oighreacht.



Más mór leat ar ríoghadh dhíobh
ag sin duit aimsear na ríogh
créad an leith-sgéal do bhire
uait ar son na haimsire.



Ná tairg claochlódh m'áirmhe ríogh
's dá léiginn a ndá dtrian díom
lém ríogha gur ba treise
ná an síol Éibhir áirmhei-se.



Rígh go bhfreasabhra ó thairge
do ráth re Conn re Cairbre
is re Cormac na mbreath bhfíor
dod ghlór is déanta dimbríogh.



Ní rí Conn do réir riaghla
a-deir tusa acht seacht mbliadhna
más dá ríghe an ré nár lamh
buain don roinn do bhí ag Eoghan.



Cia do b'aird-rí ar Inis Fáil
naoi mbliadhna Eoghain sa Spáin
más é Conn ba rí cá fad
ria ndíbeirt Mhogha Nuadhad.



Iar dtuitim Eoghain i gcath
cia ba rí ó shoin amach
ar ghrádh th-einigh abair rinn
an feadh do mhair mac Féidhlim.



Ar m'áireamh atáid fiadhna
féach an mó náid seacht mbliadhna
mása mó ní creidthe ód dhán
nach dearna saobh ná seachrán.



Bheith ag síor-chur bréag id leith
éigean dúinn nó ar ndearbhtha ar cleith
gibé dhíbh-sin as usa
dúinne ní dál urusa.



Cosmhuil sin is mar deire
nar chuir Conn fógra reimhe
gan leith-sgéal agat acht soin
san chath re marbhadh Eoghain.



Nach maith an fógra catha
ré cur i gceann na flatha
longphort do ghabháil na ghar
is teachta Chuinn do chrochadh.



Sgéal gan dath chuire ar do thriath
níorbh'fhiú Fiacha Fear-Dá-Liach
Cormac fo ghabhail do chor
níorbh fhír-bhreath dhó dá ndearnadh.


L. 70


Créad thug d'Fhiacha gan ríghe
do bhuain dé nó roinn tíre
dá mbeith Cormac i láimh leis
iar maidhm fair mar do mhaoidhis.



Do sgéal ar Chormac tré thár
re Fiacha as oircheas a rádh
a hucht druadh dá n-iarradh neart
do b'fhiú a dhúthchas re draoidheacht.



Gidh lag draoidheacht mar dhearbhadh
admhaim é gion go ndearnadh
is faghaibh fiadhain oile
re maidhm Droma-Damhghaire.



Bréag ar Mhogh Ruith do fheadar
do chur sa sgéal so ar Pheadar
go ndubhairt ris ní rádh ceart
méaraidh choidhche do dhruidheacht.



Sgéal fuar ar a bhfionntar bréag
ní cóir a chreideamh go h-éag
's gan congnamh éin leabhair lais
is mar sin atá th'fhorbhais.



Más ag triall ríghe Mumhan
do thuit Cairbre na gcuradh.
fada uaithe an áit nar thuit
i nGabhar Aichle ordhruic.



Seacht mbliadhna déag don churaidh
ós chrích Fodla is ós Mhumhain
gus an gcath-sa ionar chalma
do b'é an rí gan fhreasabhra.



Ní thiocfadh Mogh Corb na dháil
's ní gheabhadh an cath do láimh
gur cheannuigh ón bhFéin teacht lais
olc do chéad críoch a dturais.



Curthar an cath go ngaisge
níor lamh neach oighidh Cairbre
acht an t-anghlonn nachar mhín
Osgar† arnaidh †mac Oisín.



Tuairgnid na fir a chéile
dá nglan-armaibh go ngéire
fágbhaidh Cairbre a niort gaile
Osgar sínte i gcró-luighe.



Tig Caoilte is Oisín san ár
is Osgar beo-mharbh na thámh
is do ráidhsead na ndís ris
nach rachadh d'easbaidh leighis.



Do ráidh-sean riú a bhfuaras riamh
do chréacht-ghoin thoir agus thiar
doilghe leam sleagh Chairbre Í Chuinn
idir mh'imlinn is mh'árainn.



Do thuit Osgar gan chairde
is do chear fa dheoidh Cairbre
iar gcomhrac Osguir fhortail
le Semeon d'Fhothartaibh.



Ar fhéin Fhinn is maoidhte an ghleo
ar son Mogha do theacht leo
fáth a n-éachta maoidhtear leat
a gceannach má do thuillsead.



Guin Airt níor chuirthe ar Mhac Con
gé tá so na leith dá chor
ros mhudhaidh gér bo cara
Lughaidh i gcath Mucramha.


L. 72


Créad as chiall dó so más fíor
Lugh do mharbhadh na dtrí ríogh
bás na ngiolla congraim lag
i gcath Crionna la Cormac.



Do bhás Cairbre is ionann ord
dá chor mar sin ar Mhogh Corb
's nach leis adrochair sa ngleodh
acht lé bhráthair féin Semeon.



dá gcurthaoi na rígh-se ar gcúl
ní fuighthí go feasach dún
dá threise do bhí ar Bhanbha
rígh oile gan fhreasabhra.



Minic riamh tar ghéar-shmacht ríogh
do briseadh le cách a síodh
ní dhé sin tré cheart n-anma
goirthear rí go bhfreasabhra.



Gach rí rérbh ionrádha an t-ainm
fada ród ó fuair a ghairm
ós aca do b'fhearr a n-eol
ná tairg na filidh d'aithcheodh.



Níor áirmheas le claon sligheadh
rígh go bhfreasabhra ó dhligheadh
acht comh-fhlaitheas ag druing díobh
le bráithribh nar thuill eissíodh.



Dá ngoirthí rígh leam-sa dhíobh
re gabháil giall re cuaird ríogh
iomdha mar sin dhíobh re mheas
dár chóir an t-ainm nár áirmheas.



Muircheartach Domhnall Ó Néill
dá rígh Fódla an bhfaice féin
níor áirmheas iad mar tharla
a ngairm ríogh go bhfreasabhra.



Ar son nach maoidhfe acht go mín
Domhnall Ó Lochluinn mar rígh
do chuir sé catha fá ceann
ag cosnamh Innse hÉireann.



Dá chath dhíobh-san sraointear lais
i gCeann Coradh ar Dhál gCais
's i Maigh Adhair gan time
cath ar Ghallaibh Duibh-linne.



Bladh do dhíol na huinge d'ór
Ceann Coradh Luimneach do dódh
le Domhnall do rinneadh sin
más díol i gclochaibh Oiligh.



Do fhéadfadh Muircheartach lais
na clocha do bhreith tar ais
bráighde Mumhan tug is-teach
don chuaird ríogh rug go Luimneach.



Níor áirmheas Toirdhealbhach mór
náidh Ruaidhrí do bhronnadh ór
níor shaoil mé gur mhór tarbha
áireamh ríogh go bhfreasabhra.



Buailtear airgead na ríogh róinn
don dá rígh-se i gCluain Mic Nóis
sgríobhaid filidh ar gach fear
go ndearnsad aonach Tailltean.



Tug Toirdhealbhach cuaird fo thrí
don Mumhain go riacht Tráigh Lí,
idir Mac gCarthaigh do rainn
is clann Diarmuda an fearann.


L. 74


Ón dá rann tug bráighde lais
ó chloinn Charthaigh ó Dhál gCais
tárraidh géill Gall don eachtra
is géill Laighean na gcuideachta.



Acht a ghoire dhó do bhí
do mhaoidhfinn é mar gach ní
mar sin nach bíu dhá maoidheamh
Ceann Coradh do dhíosgaoileadh.



Féach an chuaird ríogh rug ar dtriath
Ruaidhrí ar ndol go Gréin Cliach
Domhnall Ó Briain tig dá thoigh
is mac Cormaic Mhéig Carthaigh.



Do rann Mumhain i ndá chuid
eatorra ar-aon go gcead duid
is tug a bhráighde do bharr
ó Mhág Carthaigh ré comhall.



Ní fuighthear éin-rígh oile
acht a bpáirt féin rér oile
dá ndearnsad d'Éirinn dá chuid
acht aon-roinn Mhogha Nuadhaid.



Ní iarrfadh sibh roinn sa leanbh
dámadh libh ó cheart a sealbh
más í an ríghe as leanbh ann
is oirne do bhí a haltrom.



A leithéid sin lé dhearbhadh
it áireamh ríogh go neamh-ghlan
gidh beag do háirmheadh lat-sa
measaim nach fuil agat-sa.



Muircheartach mór más leith-rí
's a mhac sin Tadhg a-deirthí
do háirmheadh leat go dána
iad na ríoghaibh iomlána.



Má fuair Donnchadh géill Midhe
do fhuiling féin 's a fhine
naoi mbliadhna an ríghe gan roinn
tar éis Briain do Mhaoil-sheachluinn.



Ainm sleachta Néill go ndeagh-rath
ceithre fhine na Teamhrach
an ríghe dhóibh go ndleaghar
an t-ainm fós dhá dheimhneaghadh.



Ní dá gcuid ar dtús don tír
Teamhair Breagh i mbídís rígh
acht port ríogh do dhéanamh dhí
is teacht chuca don ríghe.



I dTeamhraigh ní raibhe rí
ó do easgain Ruadhan í
do bhí an ríghe ar a shon soin
aca 's gan iad i dTeamhraigh.



Rí Teamhrach ainm gach ríogh dhíobh
ar dtréigean Teamhrach na ríogh
Teamhair gach baile i mbí rí
fáth an fhor-anma ad-chluintí.



Gach rí dár ríoghadh d'fhuil Néill
do níodh Teamhair dá threibh féin
créad thug do shliocht Éibhir Fhinn
nach dearnsad sin re hÉirinn.



A Mhic Dáire is mairg nár chreid
sean-roinn fileadh a-déar dheid
atá i bhfail nár léigheadh leam
airdheanna Inse Éireann.


L. 76


Ro dét i Mumhain gan cheas
drong ríogh ríoghna rígh-éigeas
gan ionnsaighid for Niall neart
sonas sáimhe sádhaileacht.



Do righnis trom eile ar Niall
níor chóir a rádh gér mhaith Brian
gur mhó a fhoghnamh don Bhanbha
ná foghnamh Néill nathardha.



Tug Niall gá foghnamh as mhó
go hÉirinn re humhla dhó
bráighde ó ríoghachtaibh oile
nach tiobhradh Brian Bóroimhe.



Ag sin fáth for-anma Néill
mar thug tar mhuir ceithre géill
is mar áirmhid cách na gceann
bráighde cúigeadh na hÉireann.



Sgríobhthar ar n-a fhíor-fhlatha
mar do briseadh seacht gcatha
ria n-a chorp iar n-éag do rinn
ótha Muir nIocht go hÉirinn.



Créad nach áireomhuinn an rí
mac Fiachrach dárbh ainm Dá Thí
do ghabh neart go Sliabh nEalpa
béim air cia dárbh inbheanta.



Díbeirt cniocht-ghall chuire ar Bhrian
más é mhaoidheas tusa ar Niall
níor lamhsad sin teacht ré linn
gá bhfearr a gcor a hÉirinn.



Níor chuir Brian iad a hÉirinn
is níor sháimh dá haos léighinn
ar mbeith dhóibh i nDuibhlinn thoir
le Danmarga ad-rochair.



Do dhéandaois eachtrainn re Niall
connradh nach dearnsad re Brian
gan teacht dóibh go Clár Cobhthaigh
's gan dol soir ar eachtrannchaibh.



Más é a ghlór agrai-se ar Niall
fá dtugais a bharr do Bhrian
ní clos trom ón ndís oile
Conn Céad-chathach Conaire.



Do chreid Brian i gCríost mac Dé
's do chreidsead cách i na ré
tagra ris is deacair dhamh
as lucht adhartha iodhal.



Ní fheadar acht sin a-mháin
muna gcuirthea breith le báidh
créad fá dtugais barr na bhfear
do rígh dár chin ó Éibhear.



Níor chin uaidh samhail na ríogh
ba fearr smacht ba faide síodh
sé fichid bliadhan acht beag
aon olc ré linn níor léigsead.



Acht fulung Chonaire dháibh
clann Duinn Déasa rér fhear báidh
's a gcur a hÉirinn fa dheoidh
is aos an uilc dá n-aimhdheoin.


L. 78


Is iad as fhearr fuair ríghe
níorbh fhada a léim tar líne
is do chumhdaigh ceart a sean
's a dtogha i n-áit a n-aithreadh.



Is dóibh ba torthaighe an fonn
idir thoradh tíre is tonn
do dhearbh an t-ioth is an meas
gur maith fuairsead a bhflaitheas.



Níor fhéach Brian ceart fán ríghe
acht a buain dá flaith fíre
tar éis tríochad glún do thocht
ria mBrian suas nár ghabh ríoghacht.



Acht iad d'fhuireach i mbun ceirt
dar ndóigh is ní d'easbaidh neirt
tug dóibh so gan teacht is-teagh
mar Brian tháinig tar dligheadh.



Nuimhir an dá bhliadhan déag
dá n-áirmhe na rígh ní bréag
níor bho rí Brian ós Banbha
acht a trí gan fhreasabhra.



Aois Críost a dó is míle
do thionnsgain Brian a ríghe
's níor ghabh gus an deich iar-soin
bráighde Chonaill is Eoghain.



Léightear leat iomthúsa Briain
i ngach bhliadhain diaidh i ndiaidh
is sgrúd a Thaidhg a dhála
i leabhraibh aosta annála.



Do bhliadhnaibh dhá bhliadhain déag
leis gan aithcheodh ar n-a éag
dá léigthe dot aighneas mhaith
ní bhiadh Brian ina an-fhlaith.



Mór th'fheidhm don Bhrian-sa dÍbh Bloid
tar ceann cháich dá sheasmhadh duid
ó táid bhar sochair uile
dá gcor i n-ucht aon-duine.



Is beag gach sochar dá mhéad
nach raibhe acht dá bhliadhain déag
d'aimsir Bhriain is é na hirr
ag déanamh leasa d'Éirinn.



Faide seal Chonaire an ríogh
seacht ndeich do bhliadhnaibh go fíor
Éire as na aimsir do b'fhearr
ré n-abrai-se seal aith-ghearr.



Gibé heile is dá mhíle
do bhlíadhnaibh ro bhaí an ríghe
gan puinn do shochar na sean
re mBrian ag macaibh Míleadh.



Cuid don tsochar mhaoidhe ar Bhrian
ní mhaoidhfinn ar Chonn ná ar Niall
Do bheir lom ar chách gidh eadh
ní nár dhéanta do dhéanamh.



Níor chuirthe i n-iongnadh ar rígh
re linn creidimh do ghabh tír
dá móradh an eaglais seal
mar gach rígh dar ghabh creideamh.


L. 80


Thoir ar tús thig gach eolas
tar mhuir go hÉirinn sheolas
tángadar sloinnte mar sin
re linn Briain más fáth maoidhimh.



Bíodh nach badh rí é ar Éirinn
má thug déirc do lucht léighinn
is beag nach iomnár don fhior
atá go mór dhá mhaoidheamh.



Ar th-aithris ní mhaoidhfe mé
an fhurtacht thig d'eaglais Dé
do bhí i ndaoirse feacht oile
re dtoigheacht d'Aodh Ordnaidhe.



Iar saoradh naomh is neimheadh
miorbhal Dé air níor ceileadh
fuil Chríost mochen ad chonnairc
tig na ré as an tSacramaint.



Céile Dé don fhairrge a ndeas
tigeadh go hAodh ar a leas
is sgríbheann do nimh ar dteacht
gach laoi ré ndéanadh proiceapt.



Gidh maoidhmheach tusa as do Bhrian
ní hé fuair na frasa acht Niall
d'fhíor-fhlatha is eadh as thuigthe
do bheir Dia na tiodhlaicthe.



Ní maoidhte ar Bhrian acht go mín
gan ar ndúthaigh do bhuain dínn
dá dtairgeadh do b'eagail lais
ní nach dearnsam do ghéanmais.



Ní fhuigheadh sé an ríghe féin
acht tré iomthnúth fola Néill
is Aodh Craoibhe Tolcha thoir
i gcogadh re mac Ardgair.



Ar son timcheallaidh Banbha
don Dál gCais sin go calma
maith leo filleadh gan tachar
's gan síol gCuinn do ghreamachadh.



Ní fhuair Muircheartach gairm ríogh
mac Néill Ghlún-duibh fa beo gníomh
tug cuaird re h-éin-mhíle fear
timcheall Éireann ar éigean.



Tug rígh Mumhan leis i láimh
Ceallachán gan cead d'Íbh Táil
gé deir tú nach tugdaois treall
umhla do ríoghaibh Éireann.



Ná hiarr dearbhadh air níos mó
nach rabhsad fa ain-bhreith dhó
go Cluain Tairbh créad gan a ndul
do Bhrian dá mbeidís umhal.



Ní mór go dtaithneann ré lán
mar a-deirthi a Thaidhg id dhán
nár dhoirtsead fuil mar Dhál gCais
síol gCuinn tar cheann a ndúthchais.



Na bréig ort gidh nach leanfainn
mac Maolruanaidh Maoil-sheachluinn
do chuir ár Danmarg fo thrí
is do mharbh Tuirgéis a n-aird-rí.


L. 82


Áirmhid leabhair dhá céad déag
do laochraidh Lochlann i n-éag
i gcath Cais-ghlinne do chuir
's do bhris cath i Ráith Comair.



Cuimhnigh Conall is Eoghan
ar shluagh Danmarg do b'eolach
tugsad dhá chath fo seach dháibh
ag Eas Ruaidh ag Ard Breacáin.



Cath Sgéithe Neachtain do rad
Lorcan rí Laighean nár lag
tuilleadh ar mhíle do bharr
fa marbh do mhaithibh Lochlann.



Aodh Finnliath tug an deabhadh
d'fhéin Lochlann ag Loch Feabhail
dá chéad déag do cheannaibh fear
i n-aon-charn díobh do háirmheadh.



Tug cath i gCill Ó nDaighre
ar shliocht Danmarg go ndaingne
tarla rí Connacht dá cur
naoi gcéad easbaidh na nDanar.



Bristear le Connachtaibh cath
ar loingeas Luimnigh amach
tugsad cath oile i ro ort
Maol dúin ríogh-dhamhna Connacht.



Do chuala tú a bhás mar Brian
Niall Glún-dubh do b'ua do Niall
ní hallas do dhoirt acht fuil
re sluagh Danmharg ad rochair.



Tuitim Néill Ghlún-duibh don ghleo
Donnchadh mac Flainn níor léig leo
nach mór téarnó dhíobh a-nonn
tug ár ar laochraidh Lochlann.



Eachtar iarthair Eorpa a ainm
mac Néill Ghlún-duibh a los airm
re dtoigheacht Briain is Murchaidh
do thuit sé re Lochlonnchaibh.



Ní do Dhál gCais na ngéir-reann
mac Maoil-mhithigh rí Éireann
iar dtuitim seacht míle leis
re Gallaibh Lochlann tuitis.



Ó Canannáin Ruaidhrí ar dtriath
ar dtionól sluagh go hÁth Cliath
cath Muine Brogáin do chuir
nar thuit féin re cloinn Íomhuir.



Don tsluagh lér thuit do bhean díol
dhá mhíle is eadh torchair dhíobh
ria san gcath-sa atú do rádh
tug cath ar Amhlaoibh Cuarán.



Tug rí Conaill cath oile
don druing-se a-dubhart roimhe
ar shluagh Lochlann tug trom-ár
's do thuit Niall Ó Canannáin.



Cath ag Biothlainn i Laighnibh
d'fhéin Lochlonn tugsad Laighnigh
i dtorchair Ughaire a rí
ní do Dhál gCais a gcluintí.


L. 84


Féach a Thaidhg an don Tál-fhuil
Éigneachan mór mach Dálaigh
do chuir cath i gCeann Maghair
dá dtug ár ar Dhanaraibh.



D'éis óir na nGall do dhagh-roinn
annsin ar cinéal gConaill
fuair a aisiog iar na dháil
ré thabhairt do mac Lonáin.



Más é as adhbhar maoidhte dheit
bás Briain Bóruimhe 's a mheic
re sluagh Danmarg i ndeabhaidh
féach a gcor re Gaoidhealaibh.



Níor fhéadsad Dál gCais do ghnáth
a gcosg d'Éirinn acht mar chách
gach re seal a-nonn 's a-nall
ní maoidhte cogadh Lochlann.



Níor áirmhis na cúig míle
re Maoil-sheachluinn sliocht fíre
do thuit i gcath Teamhra thall
mar aon as mac ríogh Lochlann.



Ceithre catha nar mhaoidh mé
's an cath-sa Teamhra tug sé
nár chuir ár luchta an éididh
s gan é na mhac Chinnéidigh.



A n-aisiog dó níor saoileadh
a mbuí leo do bhroid Gaoidheal
go bhfuair Maoil-sheachluinn tar ais
ar Áth Cliath do bhí a fhorbhais.



Tug iar sin fógra oirdheirc
do chách iar gcosg gach fhoirneirt
le saoirse a sean le sochar
d'fhearaibh Éireann d'ordachadh.



An chéad bhliadhain dá ríghe
tug Maoil-sheachluinn sliocht fíre
na sochair sin do bhean ris
gidh ar Bhrian theas do mhaoidhis.



I n-iongnadh na gcuire ar Bhrian
a theacht sa neart mall do thriall
do bheir dhuit a mhaoidheamh air
réimheas an ríogh 's a shochair.



Cath Chairn Fordroma nár thais
ar Thuadh Mumhan tugadh lais
i bhFearta Nimhe i Maigh Breagh
cath oile ar Bhrian do bhris-sean.



Na bhfoilcheas ort má táid sin
an dá chath-sin thaobhaim ribh
féach leabhair Dhuibh Dhá Leithe
's ní bhia ort na inchleithe.



I gcoimhmeas níor chuirthe Brian
tar Maoil-sheachluinn suas re Niall
níor mheisde Brian breith a bhairr
gé do aithrígh Maoil-sheachluinn.



Is é do b'fhaide na rígh
is do b'fhearr ceart ar an dtír
's as mó ar a sgríobhaid filidh
's as lugha ainm ain-dlighidh.


L. 86


Trí céad dalta do Mhac Dé
i n-onóir Críost do oil sé
cuid dá theisd gibé heile
's a bhás iar mbuaidh n-aithrighe.



Ní fhuair éin-rí d'aicme Bhriain
an gcáin roimhe ná na dhiaidh
do Laighnibh tar tír oile
níor dhligh buain na bóruimhe.



Dá leanadh Brian mar mhaoidhe
lorg canóna gan chlaoine
aith-ríoghadh do b'olc an bhreath
ar rígh chorónta chráibhtheach.



Tuathal Teachtmhar do dhaingnigh
bóroimhe ar tús ar Laighnibh
i n-íoc a inghean gan oil
dá dtugsad éag i meabhail.



Do mhaith Fionnactha re mBrian
an buar-so go bráth do Dhia
ceathracha ríogh go a ré soin
do shíol Tuathail so thobhaigh.



An bhóruimhe ó ráidhtear Brian
mar ghlóir dhíomhaoin tugadh thiar
an t-ainm bladhmannach dar leam
ó bhuar Laighean nár dhligh-sean.



Ar Bhrian dá ríomh ní racham
cluiche ó gCais i gCnoc Grafann
ar mhnáibh na nGall dóid frí dóid
iar mbriseadh catha i Sulchóid.



Más é as an-fhlaith díbh go ceart
rí imreas ceart mar a neart
i n-aghaidh Briain is tú lais
tug dot aire nár thagrais.



Ár Dannmarg do chur fa dhó
i Maigh Íotha i gCalgaigh dhó
re Niall Caille cidh shíne
mac Criomhthainn i gcoimh-ríghe.



Níor chuirthe dhuit ainm do ríogh
tar a chompráid féin 's gan é fíor
a mhéad is meisde an loghadh
amhlaidh atá t'fhor-mholadh.



An dá fhocal thugais lat
as do laidin féin go glan
atá an treas focal ann dna
i ndiaidh $Scotorum Scriba.



Mairg nár léigh na trí focail
ó taoi i dteangthaibh go fortail
ria siu do thugais go grinn
barr Néill do thabhairt d'Fhéidhlim.



Más molta an bheatha do neach
tochrádh naomh gibé do neath
do fhéad tusa déanamh teinn
mar sin a beathaidh Fhéidhlim.



Do easgain Ciarán Cluana
mac Criomhthainn cia nach cuala
im chrodh a chille iar na chrádh
is dé tháinig a thiughdál.



Do taidhbhseadh dhó Ciarán cáidh
go n-a bhachaill i na láimh
go dtard forgamh dar leis air
's níor mhair mac Criomhthainn bliadhain.


L. 88


Do gheall Ciaran fós nach biadh
neart Fhéilim ó Chluain a-niar
nach maith an fhiadhnaise so
re duain Giolla Mo Dhubhda.



A cheart féin nach beanfadh dhíbh
Flann 's é ar Éirinn na rígh
an gcreidid cách 's gur léig sibh
bhar leathtrom le rígh chóigidh.



Aodh an ghai bhearnaigh do ghearr
bile an Mhuighe is iongnadh leam
aird-rí Éireann mar nár laimh
imbeirt cluiche ar Maigh Adhair.



Tug taise Donnchaidh Uí Ruairc
ó Chnoc Saingil cuid dá chuairt
cead gud Dhál gCais-se níor ghabh
is tug bradán Chinn Coradh.



Ná cuir bréag ar fhuil na Niall
níor ghabhsad tuarasdal riamh
ó aoin-neach i nInis Airt
baoth don chéad Thadhg a labhairt.



Tuarasdal Taidhg Chaol-uisge
aithne dhamh-sa is duit-se
eich Uí Néill 's a eachraidh féin
do dhiúltadh dhó mar chaithréim.



Ag so a dheimhin dhuit madh áil
do Lugh Lagha is beag nach náir
ó do mhaoidhis Art Aoin-fhear
cia ar bhadh cóir a chom-mhaoidheamh.



Tar a bhfuair do ghonaibh arm
is é Líoghairne ros mharbh
iar dtuitim Airt ar an maigh
is ann ros dhícheann Lughaidh.



Ar Laighnibh is ar Mumhain
do iarr Cormac a chumhail
's do chuir go gcead dod chuimhne
bás Airt i leith Líoghairne.



Léightear libh an teachta breath
bhar n-amharas orm dá mbeath
ar Laighnibh dearbhócha dhuit
gur iarr Cormac a éaruic.



Cladar feart fuirmithir lia
ní leanabh dhé-sin níos sia
cuir an corp sin i gcuimhne
sul shaorfas tú Líoghairne.



Dearbhadh oile ar Lugha sonn
fo bhás Airt a-dubhairt Goll
is nár dhuit gach ar gheallais
más fear marbh do dhí-cheannais.



'S é Nuaidheadha an ghaisgidh ghrinn
más é thug ort-sa an bhreith ghill
thugais do Lughaidh Lagha
ná heirg ann go han-dána.


L. 90


Cuiridh an dán sin gan chéill
Eachtar tar Aichill mac Péil
's nach sgríobhthar barr d'aoin-fhear air
acht do Shamson nó d'Earcail.



Neart do Lugha más searbh guth
fo seacht i gConall Chearnach
atá sa dán-sa a-dirim
ag so an fáth fá bhfoillsighim.



Do bhí Cu Raoi mac Dáire
d'fhuil Éireamhóin gan táidhe
feach cia dhíbh ba chalma i gcath
i n-éin-ré is Conall Cearnach.



Dod Lugh níorbh iarrtha a n-urraim
Cumhall féin Fionn mac Cumhaill
d'fhuil Éireamhóin iad fo seach
Osgar Aonghus Gaoi-bhuaibhtheach.



Cáit i raibhe do Lughaidh
Cairbre Músg leat más cumhain
ar Lugh Mac Con an uair thug
teicheadh i gcath Cinn Feabhrad.



Art mac Cuinn Conn is Cairbre
chuirfeam an uair-se ar cairde
ní fiú dhúinn go nuaidhe 'nos
bheith dá n-iomrádh re th-amos.



Ní d'easbaidh gníomh gcóir ré ráidh
má táid uaim 's ní labhra láin
neithe nach ionráidh ann-so
acht freagra thugas ort-sa.



Dá nguidhinn Críost mac Dé im dhán
gan claonadh ar fhuath ná ar ghrádh
a-déarthaoi béal-chráibhtheach rum
mar dubhradh riot-sa romham.



Déanamh Néidhe dhíom ná tairg
gémadh Feircheirtne thú a Thaidhg
do léigfinn th-ollamhnacht daoibh
's ní thairgfinn suidhe id chathaoir.



Ní cosmhail mise is Néidhe
an chóir áirmheas tú id thréidhe
bheith im aghaidh dhí ní gar
biaidh mo chathaoir gan claonadh.



Mó dhlighfinn mh'fhiacha do dhíol
seasamh córa d'fhuil mo ríogh
ná an umhla dhíom ro dleacht
dot aois a Thaidhg dot oideacht.



Ag admháil th'oidis má tám
níor leanas do lorg im dhán
mise ag cumhdach na córa
tusa ag díon na héagcóra.


L. 92


NÁ BROSD MISE A MHIC DÁIRE. LUGHAIDH Ó CLÉIRIGH cct.



Ná brosd mise a Mhic Dáire
go laochraidh fóid fhionn-Máighe
atá agaibh madh áil dhaoibh
cagail d'Íbh Táil nó a dtathaoir.



Ná dúisigh feasda ar bhfala
ná báidh cheana ar gcomhramha
dom brosdúdh i gceann ó gCais
is fearr m'fhosdúdh na n-éaghmais.



Gidh cairdeach mé ag maicne Chais
dob' adhnár dhúinn a ndearnais
tar cheart i dteagmháil Torna
gan teacht d'eadráin mh'athardha.



Dá bhfréimh sin 's as díobh dhuid-se
mo charaid mo chomh-fhoigse
id dhán gur thobhuigh tusa
tár oraibh níor fhóbras-sa.



Ní tearc file is fear dána
don taoibh-se ar tí mh'eadrána
as fhearr 's as mhó ná mise
dá ró um cheann na cúise-se.



Dóigh liom fa hí dob'usa
is tríd trá do rádhusa
ar bhfreagra ní fáth beadhgtha
tar chách d'eagla th-imdheargtha.



Báidh rém ghaol gur ghabh mise
ag so an tráth fá dtuigfe-se
dom dhán gidh do-bhuidheach sibh
glár comhuidheach dá gcluintir.



An tráth chuirfid aghaidh ort
deigh-fhilidh chóigidh Chonnacht
guais a lonn-fhuighle i leith ribh
breith rém chonnailbhe cuirfir.



Don chioth iomuis fhearfaid daoibh
goimh ar ndána ba díomhaoin
mar bhraon dá bhfearthair ria bhfrais
saor ó a dteangthaibh ní tharghais.



Dol do thagra riú ní réidh
atáid re haimsir n-imchéin
mar gach follamhnas fuair sionn
uaibh i n-ollamhnas Éirionn.



Ní fhéachfaid dot ór dána
gé dóigh léd lucht combádha
nach baoghal libh as a los
dá gclaonadh sibh an seanchas.



Dán órdha ní hé do ní
cosnamh gach cúise a-deirthí
as taosga i dtealaigh na bhFionn
acht leabhair aosda Éirionn.



Do b'fhéidir dhó re dán nglas
gibé file as fhearr eolas
fa chlár Teamhra na dtachar
dán breaghdha do bhréagnachadh.


L. 94


Ná gabh chugad a chara
mh'éagnach i gcruth carthana
trom um laoidh dá bhfaghar ort
do rabhadh dhaoibh a-dubhart.



Mo rabhadh is tríd targa
it iomdha ar n-aos ealadhna
gomadh éadóigh breith ar mbairr
is bheith don éagcóir againn.



Ní nár dhuit dol fár mbreith-ne
uathadh dot aos cuidighthe
is cosnamh na cára i bhfus
turnamh gach dála an díomus.



Buidheach bhós badh beithte dhuit
dod dhán dot éigse ordhruic
ó bhfuil róibh do réir m'aithne
an chóir féin dá bhfaghaibhthe.



Mo theagasg ní thiobhrainn duid
's ní chuirfinn acht mar charaid
locht id leith dámadh námha
acht bheith ort go héadána.


L. 96


U Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha
A LUGHAIDH LABHRAM GO SÉIMH. TADHG McDÁIRE cct.



A Lughaidh labhram go séimh
ná bíom go tréan ar thoibhéim
cúis inbheadhgtha nárbh fheidhm dhuibh
deilbh mh'imdheargtha gan fhachuin.



Beith dhamh-sa más eadh as áil
créad bhar gcor ar chloinn ríogh-Tháil
dream dreach-ro-chaoin toghtha i dtreas
neamh-thathaoir orra is oircheas.



Gach ar tagradh re Torna
is mise i modh agallmha
do labhair ar labhradh ann
más adhnadh th'fhaladh oram.



Gach ní dá n-éabhart ann-sin
bréagnuighthear é más éidir
cidh nach léigidh linn ar seol
munab éidir inn d'aithcheodh.



Olc leam do leith Mogha i-muigh
trom-ghlór Torna is Néill neartmhair
don éan-olc muna bhféaghainn
a n-éabhart ní aibéarainn.



Ceirt-fhreagra ar chuid dá fhoclaibh
tugas gan taom tréan-dholbhaidh
do dheigh-theisd na gcraobh um Chorc
fa neimh-cheisd d'aon a n-éabhart.



San chéid-fhreagra chanaim daoibh
níor thriallas trom ná tathaoir
acht tagra don taobh i bhfus
gan claon n-agra tar eolus.



An fiuchadh do fiuchadh libh
lém chéid-fhreagra do chluinsin
clódh a bhfuil d'uaill san fhiuchadh
suaill nach muir do mhíniuchadh.



Taobh re freagra ar labhradh leam
níor anais anba an dícheall
ní fhuair grádh ná eagla t'fhos
gan freagra a lán nár labhras.



Dom dhíon ar dhiamhraibh th-eagna
barr do chur lém chéid-fhreagra
do réir mar ráinig a leas
is céim do-áinig dot aighneas.



Ní shaoilim iona shochar
don dáil taoi do chothochadh
bíodh nach call eagna oraibh
an barr freagra fuarobhair.



Beantar teinte a taobhaibh cloch
rém bualadh ná bí ag tobhach
níos mó dom labhra a Lughaidh
ró tarbha ó nach tárthubhair.



Is eadh badh fearr leam-sa a Lugh
don dá fhionn-chraoibh a héan-bhun
d'eagla nach bann budh soirbh soin
gan barr freagra oirn d'iarraidh.


L. 98


Sgur gidh eadh munab áil libh
do shíor-thathaoir shíl nÉibhir
ní tráth cóir dá ndiúltadh dhamh
ní dhiúltabh dhóibh tréd dhochar.



Freagra trom dá dtaidhle sinn
maith liom a fhios ag Éirinn
go bhfoghna sé dhomh fa dheoidh
nach dom thol é acht dom aimh-dheoin.



Níor thionnsgnas tathaoir clann gCuinn
ní fhuil um fhreagra romhuinn
acht ní neamh-nár don dá fhuil
acht gidh searbh-rádh í eadruibh.



Féach-sa a Lughaidh do Leath Chuinn
muna lór ar fhás eadruinn
ní tráigh dár bhfreagrai-ne fós
dháibh is eaglaighe th-iomthós.



Aithnidh dhamh is go nua a-nos
na gaoi lé n-iarrthaoi mh'amos
fios a sgiathgha ar a sgáth sin
i dtráth a n-iarrtha is aithnidh.



An gcéin bhías cóir ar mo chúl
ní dóigh liom cách dom chlaochlúdh
ní taobh re tollairbhe dhuinn
comairghe ar aon ní iarraim.



Ná maoidh th-iomad um aghaidh
ná a n-oirdheirce i n-ealadhain
an chóir dom thaobh ó tharla
ní dóigh d'aon ar n-agallmha.



Fearr uathadh ní holc linne
i bhfochair na fírinne
ionáid iolair na haghaidh
re cionaidh do chanamhain.



Léigfead saoithe ar son an cheirt
liom do fhreagra gan fhrithbheirt
geall mh'eangnamha ní fhuighe
um theann-bhogha ar thruduire.



Ní dhíot do dhlighfinn a rádh
dá ngoirinn ainm badh adhnár
acht cuid dár labhair dar leam
nach cabhair dhuit a ndícheall.



An cioth chuirfid dá dteangthaibh
biaidh a fhios ag Éireannchaibh
gomadh fatha deigh-síon damh
tré neimh-fhíor gcatha a gcantar.



Ní ar sgáth sgéimhe mo dhána
téighim d'iarraidh eadrána
bíodh dá thaobh roi-neamh-thais ruinn
claon daigh-sheanchais dá ndearnuinn.



Díomus do ládh nar leith-ne
saobh adhbhar a ainmnighthe
a rádh go gcumhdaighfinn ceart
dál gach ughdair-thim éifeacht.


L. 100


Níom díomsach re Dia a bhuidhe
gidh eadh aigneadh aon-duine
um dháil cára 's dom chuing-se
dána as cháir a gcosnaim-se.



Níom diúltadhach gibé bheas
dom uaim i mbáidh nó i mbráithreas
um cheann na córa chanaid
níom ónna re m'eascaraid.



Ó nach d'fhuath do chlannaibh Cais
do thagair tusa ar thagrais
acht do thaoibh connailbhe ó gCuinn
comairghe dhaoibh ní dhiúltfainn.



Ní héagcóir d'fhior do gharma
cumhdach ceirt bhar n-athardha.
gidh eadh ná cumhdaigh acht ceart
lean a urdail dom oideacht.



Guidhim Críost nar chana mé
ar ghrádh cháich seach a chéile
glór rém linn badh diombuaidh dhamh
diombuain sinn ar an saoghal.


L. 102


U Lughaidh Ó Cléirigh
AN gCLUINE MÉ A MHIC DÁIRE. LUGHAIDH Ó CHLÉIRIGH cct.



An gcluine mé a Mhic Dáire
eisd araill dár n-uráin-ne
id chonchlann an tann-sa ó tám
rann-sa i gcomhthrom do chomhrádh.



Dá mbeith nár chonchlann cubhaidh
leat féin inn dot ionnamhail
téid mar uaisle d'fhine Chuinn
nach dlighe an uair-se ar n-urruim.



Ós d'fhiachaibh aird-ríogh Mumhan
do rígh Éireann umhlughadh
mar tá an t-ainm le féin bhFeabhail
a ngairm féin gá bhfileadhaibh.



Go bhfeastar críoch ar gcaingne
ná hiarrthar ar n-urraim-ne
ar chonnailbhe ná ar ghaol ghar
comairghe ar aon ní iarrabh.



Ní thuigim go dtiocfadh rum
ar mhaoidhis d'oideacht oram
's nach ur-dhubhadh é ar mh'fhios
mé d'umhlughadh dot oidios.



Má fuaras uait admhaim dhuit
aiceacht is mé i n-aois fhocluic
go dturna a chara ar an gceart
ní ragha mh'umhla ar th-aiceacht



Nó gur labhrais ar Leith Chuinn
do bhiadh dá n-éirgheadh eadruinn
uirrim i n-ar ndáin-ne dheit
náire dá dtuillinn treimheit.



Má dubhart mar deire id laoidh
ní as a dtiocfadh bhar dtathaoir
acht glór séimh go n-annsa ort
ní léir dhamh-sa go ndubhart.



Sa n-aighneas do b'éigean damh
má tá nach bhfionntaoi ar bhfoghar
cuid dár bhfoghair-ne ro feas
dhuid mo chomhairle ar chairdeas.



Ní dearnadh leat-sa acht brígh bheag
dom briathraibh bíodh nar thuillsead
ag cora ar gcomhairle ar ais
ro-dhoilghe an rogha rugais.



Tré ghrádh ó nach gabhthar lat
comhairle do chur orat
ar bhar gcailg ó nach cuiream cosg
sguiream a Thaidhg dod theagasg.



Sgur dot aighneas munab áil
ar mh'impidhe nó ar mh'fhuráil
créad uma n-abra tré fhíoch
réad nach admha léd eissíoth.



A-dearthaoi nach dearnais trom
ar shíol gCuinn choisgeas forlonn
's do dhán d'fhiadhain it aghaidh
nár an iarraidh anaghail.


L. 104


Dealbhthar libh mar leigheas air
d'éis ar loitis dár laochraidh
roinn milse go gcréachtaibh cnis
nó séantair libh-se ar loitis.



Más d'iarraidh síth go nua nois
shéanas tú an trom do rónais
síodh ar a shamhail do ghéan
dom dhíon d'fhalaidh a n-aibéar.



Gémadh dearbhtha ag cách a chion
air féin dá mbeith na bhreithiomh
níor fhás san naomh-chruinne neach
nach saorfaidhe i gcás coirtheach.



Ó nach tig riar an dá rann
gan bheith diomdhach dá ndearnsam
gibé tráth bearar ar mbreath
leanadh cách ar an gcoirtheach.



Níor fhéadas 's do fhéad tusa
gan teagmháil san tagra-sa
acht th-úidh ar fhagháil th-anma
dúibh i n-anáir th-ealadhna.



Gibé cúis do chuaidh i bhfad
's nach fuair a freagra romhad
dá n-éisde d'Íbh Cuinn mar chách
níor bhuing dot éigse th-iomrádh.



Créad tug ar do fhréimh romhaibh
gan déanamh a ndearnobhair
's nach ainbhfeas fá Íbh Táil tug
bhar n-aighneas dáibh do dhearmad.



Dá n-eadráin do dhlighfeadh dul
sean-Mhac Liag leannán Mumhan
an dtug sin tár ar Thorna
na dhán a fhir mh'agallmha.



Do bhriathra troma ar Thorna
dob' eagail a n-ionnamhla
ag lucht eagna dá rádh rinn
do fhreagra um lár dá léiginn.



A-dearthaoi as maith a-mudha
m'fhagháil neith a-nalluna
's nach fuighinn acht a bhfuair sinn
a gcluinim uaibh dá n-éisdinn.



Gibé freagra fuaras daoibh
ní do gheall ar ghlóir dhíomhaoin
fríth uaim 's ní do shúr sochair
dún ná d'uaill a healadhain.



Dá n-iarrthar ar gach aoin-fhear
díol tar ceann a chomaoineadh
ní cúis éagcáir dhamh-sa a ndíol
annsa is éadáil ar n-aird-ríogh.



Mar íoc i n-áit an tsochair
téid a dtagraim d'ealathain
an méid-se dhíom ó dleaghar
bíodh ar mh'éigse a áiteaghadh.


L. 106


Ní a gcruth go rachadh romhaibh
tug an feadh nach fuarobhair
do fhreagra ó chách a chara
gérbh fháth eagla th-ealadha.



Tnúth ré dtárrthus do shochar
tug dóibh 's ní díoth ealathad
ná eagna don leith ros lig
do fhreagra um leith mar léigid.



Gibé dhíobh nar labhair liom
baoghal orm-sa má aithnionn
ar aoi ar dtréigthe i-né nó a-niodh
ní léigfe mé do mhaoidheamh.



Biaidh an chóir mar arm aige
teacht um throid is usaide
feirrde a spairnn dá bhfagha fear
a ragha airm i n-éigean.


L. 108


U Fear Feasa Ón Cháinte
NÁ CAGAIL LABHRA A LUGHAIDH. FEAR FEASA ÓN CHÁINTE cct.



Ná cagail labhra a Lughaidh
sgaoil lét fheirg a haradhain
bheith neimhneach dheid gion gur dluigh
leig a teinn-reath léd theangaidh.



Codail ar do chliathaibh fis
cuardaigh aigéan gach oiris
bí leis an dtaobh thaighdeas sibh
gaol ná cairdeas ná cuimhnigh.



Ná mínigh rinn do ro-ghus
ná ceil éacht ná faltanas
féach do leabhra sochair sonn
cothuigh sealbha na saorchlann.



Déine do dhícheall duit féin
ó do chosgrais don chéidfhréimh
ar fhéadabhair do rádh ruinn
glár as éadamhain ionuinn.



Ná cuir do chomaoin bréige
do láthair mo leithéide
ná glan do rai-chionta rinn
damh is aithionta th-inntinn.



A Lughaidh gidh linn tusa
ní ar sgáth sgéithe t'fhialusa
ná ar do chomairce trá is-tigh
a-tá oll-aicme Éibhir.



Maithim dhuit Dia dá mhaitheamh
na fuighle nach fíorfaidhear
do chabhair don chrúi-sin Chuinn
níor dhúisigh fhalaidh eadruinn.



Beanaidh re bun do fhréimhe
cuarduighidh bhar gcaithréime
ar saobh-acmaibh ní cóir cion
caomhantair glóir na nGaoidhiol.



Mar as fhearr as éidir libh
laghduigh sochra síl Éibhir
tairg a lot feasda ná fill
ná loc deasga do dhíchill.



Méaduighthear leat a los báidh
más í an chóir más í an éagcáir
staoil is comhramha clann gCuinn
a mbarr foghnamha a bhfearuinn.



Ar cheannach ná ar bhreith le báidh
seasamh i n-aighneas éagcáir
feidhm deacrach a mheic Mhic Con
's is peacadh dheit a dhéanamh.



Gidh eadh ní fhéadfaidhear libh
gé taoi ag déanamh do dhíchill
cur éin-fhir dar luidh tar linn
ós fhuil Éibhir i n-Éirinn.



Sliocht Eoghain Mhóir mhóraid mionn
sliocht Chormaic Chais mhic Oilioll
leo cuart-anáir Bhanbha Bhreagh
uachtaráin mhaicne Míleadh.


L. 110


A gcoimpearta is cuimhneach linn
leo an urruinn as fhearr d'Éirinn
meastar iad trá as a dtreabhaibh
's a-tá siad na sinsearaibh.



Do tuismeadh uatha idir
más barr é ar a n-oirmhidin
d'uaisle a gcinidh dá gcraoibh féin
naoimh is filidh is fíréin.



Blasda a síoth searbh a gcogadh
uatha trá ní theasdadar
oirbheart gaisgidh agus glóir
toirbheart aisgidh is onóir.



Admhaim gur maith maicne Chuinn
níor mhisde iad dá n-abruinn
do mhuin a séimh-sheilbhe sin
ar bhfuil n-Éibhir-ne uaisdibh.



Ní stiúraim le staoil gcomhráidh
bréag ná oil ná iomarbháidh
mo shlán fa chonfaidh ó gCuinn
ní sár orthaibh do fhearfainn.



Ná caill-se ar chineadh Charthaigh
a Lughaidh id labharthaibh
ní mó as caillte ar Íbh Bhriain Bhreagh
na ndiaidh is sloinnte a sóisear.



Ní facas leat id leith Chuinn
buaidh ar laoich-ne a los comhluinn
tar ceann bhar neamh-umhla a-niodh
ná geall ealadhna ar n-éigseadh.



Ag clos linn iona lasair
do fhreagra dhéin dhóchasaigh
cúis magaidh an mhéid-se dhí
ná bagair th-éigse oirne.



Ní díoth cuidighthe tá ar Thadhg
an tréimhse atá i n-easard
acht nach éignighthir é féin
's é sna céid-shlighthibh coimh-léir.



Atá ag maidhm trá Mac Dáire
tuile éigse anbháile
as ucht na tuile is teann mé
is fearr duine ná daoine.



I leith an cheirt chuireas soin
sraoineadh iomairgiodh oraibh
dá mbadh umha a ór dána
mór tubha bhar dteagbhála.



Muna ndearntar éigceart air
a los tnútha i dtaoibh eagnaigh
ní thard sár do na saoidhibh
's badh slán Tadhg do thathaoiribh.



Urmhór a labharthar lat
do bheith acfuinneach uasat
mar stór ná bagair i bhos
gidh mór agaibh a n-iomus.


L. 112


Comhairligh do chairde féin
do Thadhg ní heagal oilbhéim
nó go dtí dhé cách dod chosg
go sé ní tráth dá theagasg.



Dá mbeath trom aige orm-sa
fa éisteacht na n-anghlonn-sa
níor bheithte trá ro-ghrod rum
a-tá bhar gcomhrag comhthrom.



Tug Tadhg aoin-fhreagra oruibh
lucht freagra an taoibh thallamhuin
acht a shaor-rádh muin ar mhuin
ní fhuil acht aon-dán agaibh.



Má tá aon fhoilcheas agaibh
le nochtadh do nuadh-bhagair
ar ghrádh th'anma abair soin
's ná cagail labhra a Lughaidh.


L. 114


U Mathghamhain Ó hIfearnáin
CRÉAD FÁ DTÁ TADHG IS LUGHAIDH. MATHGHAMHAIN Ó hIFEARNÁIN cct.



Créad fa dtá Tadhg is Lughaidh
sgathadh 's folmhadh dealbhughaidh
do chinn neart adhbhal orra
reacht gan adhbhar eatorra.



Ní leo fa raoir acht roinn bheag
sleachta na bhflaith fá bhfuilead
rann is-teach tháinig tharsa
sa leath thall don talamh-sa.



Éibhear más é ba shine
nó Éireamhón orra-idhe
sgéal nach móide mo mheadhair
tréan óige 'na n-oighreadhaibh.



Cluinidh is creididh ar aon
mo sgéal maith a dhá mhacaomh
a dtriall a Thaidhg is Lughaidh
mairg nach cian ó dchualabhair.



Do bhí an cat 's an sionnach seal
lé chéile i gcumann daingean
ag seilg fhiadhaigh is éanlaith.
fa leirg dhiamhair dhroibhéalaigh.



Fríth peata muice measa
leo san choill fa coimhneasa
bpairt na tuirce don droing dil
i roinn na muice méithe.



Roinn ar ar chuireadar cion
an íoth don tsean ón tsóisear
fa bhríogh móide na deise
níor dhíol óige an fhírei-se.



I n-aois an chait cumthar leis
céad bliadhan bréag an ireis
téid an sionnach suas ó shoin
i gcruas brionnach ar bhréagaibh.



Do chum an sionnach a suim
re rae teacht Chríost i gcolainn
greidhm don íoth lé níor léigeadh
críoch nárbh é níorbh fhoiréigean.



Tig onchú uaibhreach allaidh
chuca mar do chualamair
nar aontuigh d'aois aca soin
gaois ní fhaca na n-aosaibh.



Coiléan borb bliadhna go leith
nachar ghéill d'aois fhir ainbhfeith
leis ar mire an íoth 's an fheoil
ón tine d'fhíoch is d'aimhdheoin.



Baramhail do bheirim dí
iath Éireann íoth na muice
críoch na sliom-thúr dtiorm-ghlan dte
ní hiongnadh iomthnúdh impe.



'S iad so an sionnach is an cat
Tadhg Lughaidh lán leor d'iomlat
gleic na suadh saobh an cogadh
duadh ar aon gé fhuaradar.


L. 116


Rádh na n-ollamh ná héisd ris
an Gall-óg onchú an áithis
do chuir sé a gcinnseal ó chion
's é as sinnsear 's as sóisear.



Ní thagraim leat a Lughaidh
ná re Tadhg ré dtarlabhair
fá dtagraim ní triall chum táir
ciall a n-abraim is eadráin.



Brobhadh leabhar eirigh as
a Lughaidh dár léir eolas
déanaidh fuaradh ná tairg troid
's is d'uamhan Thaidhg a-támaid.


L. 118


U Eoghan MacCraith
AN TUIRSEACH TAOI A LUGHAIDH. EOGHAN McCRAITH cct.



An tuirseach taoi a Lughaidh
brónach dhuit a ndubhramair
do namh-thoil-se ní fáth fois
ra-thuirse ar chách ar chanais.



Do sgaoilis sgannail Gaoidheal
saobhadh céille a gcomh-maoidheamh
nó is meisge fheirge rod fhioch
meisde ar gceird-ne gan cuimhrioch.



Munab ionmhuin gasradh Gall
mairg do mhaoidh mon ná mearbhall
go lór d'fhaltanas is d'fheall
ar slógh n-art-amhas nÉireann.



Do leantaoi le labhra tais
snáithe síodamhail seanchais
le lucht righe rómh-ghnáith Té
's a fighe d'ór-shnáith éigse.



Gréas do rithlearg rosg nó rann
badh cairt le clannaibh claon-ghall
badh fiadhain choidhche ar ar gcol
na riaghail fhoirbhthe ó ughdar.



Ceilt gach maitheasa a maoidheamh
ná tug geall dod ghréas-laoidheadh
Clódh th'fhaobhair i n-eagna cháich
maoluigh do fhreagra rionn-áith.



Do bhainfeadh do bhagar ród
comhrádh a clochaibh cadod
badh déisdean le bodhar balbh
dá n-éisdeadh t'fhoghar ath-gharbh.



Ní thárrthais dá tharbha a Thaidhg
más libh láthair an iomairg
il-bheadhgadh is at na bhfear
tré imdheargadh mac Míleadh.


L. 120


U Roibeard Mac Artúir
MEASA A THAIDHG DO THAGRAIS FÉIN. R. McARTÚIR, O.S.F., cct.



Measa a Thaidhg do thagrais féin
ioná Torna i n-aghaidh Néill
's is mó do thagrais ar Chorc
níor dhlighis Torna d'éagnach.



I n-aghaidh reachta na sean
do thógbhais béim ar an bhfear
ghá rádh nár chuimhneach an chiall
ag tagra dhó re roi-Niall.



Dlighmid gibé ní deara
urruim dar saoithibh seana
acht muna follus a mbréag
ar fhír-cheart dá mbeith coimhéad.



Mar sin gomadh cosmhuil duit
gan aon aithis do thabhairt
a mhic Dáire do Thorna
file seanda saor-thromdha.



Éagcóir mar do ráidheadh leat
nach dearna dícheall ná ceart
bíodh nach í an Mhumha mheardha
fód bunaidh a gheineamhna.



Tagra shlim chlaoin-bhreath le báidh
níor ghnáth d'éigsibh Innse Fáil
ba cneasda an drong níor bho tim
ba mór a meas i nÉirinn.



Níorbh iongnadh do ríoghaibh Fáil
a móir-mheas riamh ar an ndáimh
maith do thuill a mbéasa dháibh
a bhfuairsead uatha d'anáir.



Gan fhéachain do mhaicne gaoil
caomhnuid riamh cairte gach aoin
gibé dhíobh nach diongnadh so
ní hé Torna nach dearna.



Dlighidh gach neach a chaomhna
gach cúis dá mbí ar a thaobha
ar ionchaibh Thorna do bhí
tagra Chuirc ris an aird-rí.



Dob' oide fós don dís fhear
Torna bádhach nár chlaon breath
ní comhrádh ar a bhfuil tlacht
nach diongnadh do Chorc dúthracht.



Maith do thagair ar a shon
Lughaidh† feasach mac †Mhic Con
do dhearbh nach eagla ná báidh
tug Torna tim sa teagbháil.



Dámadh báidh fós do bhéaradh
a ndearna soin do dhéanamh
gibé mar do ghéanadh Corc
níor dhligh tusa é d'éagnach.



níor dhligh Torna más fíor dhuit
caomhna cairte shinnsir Chuirc
cuimhneach mar sin ciall an fhir
gan dícheall dóibh do dhéinimh.



Do bhreath féin dúinn dá dhearbhadh
más inchreidthe do labhradh
caomhna a maicne féin amháin
dlighid éigse i n-iomarbháidh.



Ní thuigim-se más fíor so
adhbhar th-éagnaigh ar Thorna
adhbhar éagnaigh is léir leam
oraibh-se ag éigsibh Éireann.



Más fíor a n-abarthar libh
olc iontaoibh ris na héigsibh
's nach í a-mháin a maicne féin
do níodh an éigse d'óigh-réir.



Ní maith do thógbhais mar bhréig
's ní lór mar thagrais a Thaidhg
go dtug sósar d'Éibhear Fhionn
roinn leithe d'Inis Éireann.


L. 122


Dámadh ó oighreacht athar
do bhiadh sealbh Éireann aca
sinnsear do badh cuirthe i suim
ó shóisear d'fhagháil fearainn.



Sinnsearacht ní thugann ceart
ar thír dá bhfaghthar le neart
calmacht na bhfear as cheart ann
is ní haosdacht fear n-anbhfann.



Ní buidheach as bheithte dhíot
d'fhuil Éibhir fa th-áireamh ríogh
a n-éachta sochair a sean
ní sochar dhóibh iad d'áireamh.



Sochair Bhanba ó fhuil Éibhir
a n-áireamh do badh céillidh
áireamh a ríogh do b'é a leas
dá ndearntaoi é gan coimhmeas.



An coimhmeas is é do ghreis
fearg Luighdheach gion gur luinn leis
teimheal gur chuir ar bhar nglóir
ag cosnamh shíl Éireamhóin.



Do áirmhis mór an mhíochuid
dias ríogh d'easbaidh ar thriochaid
seisear 's céad Lughaidh gan oil
beag bhar dtaidhbhse na bhfochair.



Cúig sochair mar sighne ríogh
más glóir d'fhuil Éibhir a ríomh
tugsad ar Lughaidh gidh eadh
sochair as uille d'áireamh.



Sochair is sighne flatha
áirmhis ar ríoghraidh Macha
gar do chéad a n-áireamh soin
beag ré dtaoibh do chúig sochair.



Ná budh conchlann dá chéile
síol Éireamhóin síol Éibhir
ní ag gach aon do bhiadh a fhios
dá sguirthea a Thaidhg dod choimhmeas.



Éagcomhthrom áirmhe na ríogh
's na sochair thair Éire dhíobh
follus do gach aon a-nois
ar th-fhine is trom do thagrais.



Buan a mhairg do Chorc Cláire
is do mhór-shluagh na Máighe
an file d'fhuil Éibhir Fhinn
tarla id chuid-se don choinntinn.



Olc liom im chúis gan tarbha
ó fhior th-ealadhna is th-anma
músgladh faltanais na bhfear
ag maoidheamh éacht mac Míleadh.



Na filidh eile is eadh bhíd
ag ceangal cairdis is shídh
a lorg do badh leanta dhuibh
báidh liom-sa gur lean Lughaidh.



Síol an dá mhac sin Míleadh
gar a ngaol gé tá ar síneadh
a n-eascairdeas cian ó at-chlos
mairg mhúsglas a bhfaltanas.


L. 124


Sealbh na hÉireann ar gach taobh
dearbh gur sgar riú-san a-raon
beag atá eatorra anos
mairg mhúsglas a bhfaltanas.



Beag mhaireas dá ngabhlaibh gaoil
tearc a gcaraid tearc a maoin
's iomdha a n-eascairde anos
mairg mhúsglas a bhfaltanas.



Ná gabh chugad a gcan sinn
ní do throm díbh a-deirim
's ní d'ionnlach an taoibhe theas
acht nach ait liom an coimhmeas.


L. 126


U Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha
GO GCEAD DOD GHAIRM A BHRÁTHAIR. TADHG McDÁIRE cct.



Go gcead dod ghairm a bhráthair
do b'fhearr aire ar do thráthaibh
ní tú do gheibh modh id spíd
acht na grádha 's an aibíd.



Dá dtugthá aire dhamh-sa
guais bheith dod threabhadh tarsna
an céacht ar ar chuiris láimh
súil romhad air níorbh fhuráil.



Dá measdá nach dlighfinn sin
mo chóir féin do thagra ribh
ogal neach ré ráidhtear olc
aibriosg fa ríor an daonnacht.



Am chosnamh féin thagraim ribh
feirrde m'fhíor-chatha-sa sin
diongna an ní tharla ar th-aire
cosnamh fir nár chríostaidhe.



Gach ní bheanas réd ghairm féin
os ann dhlighim biad dod réir
ní mó ná ionnta so a-mháin
creidim dod chomhaidh chomhráidh.



Urraim uaim-se d'aois Torna
féach an breitheamhnas tromdha
modh urrama 's nach áil libh
ó shóisear féin d'aois Éibhir.



Is follus gur léig fa lár
oircheas do fhéadfadh do rádh
a chur na leith i modh chóir
dar liom ní mór an éagcóir.



Atá damh-sa ris an dáimh
gan ísliughadh neith dá gcáil
narab misde th'aigneadh rinn
mo thagra neamh-chlaon neimh-thim.



Neach san ord riaghla i bhfuile
má chlaonann amhail dhuine
tagra re caraid na leas
ní béim d'fhior don ord éigeas.



Córa dhamh-sa díorgha um ghlór
ionás do Thorna go mór
atú i gcreideamh nár chreid soin
am lia d'fhios is d'ealadhain.



Gibé a-dearadh nárbh fhíor dhúinn
mo ghlór re Torna gan rúin
dom shamhail ní tráth teichmhe
anois uair a shuidhighthe.



Iomdha ní dlighthear do chách
téid gan déanamh ar a lán
ní hiongnadh ní do dhol de
ní raibhe i dTorna acht duine.



Leath-ghrádh oide idir dhaltaibh
go gcead daoibh féin ná machtnuigh
's na haithre ó ngeintear clanna
go mbí leath-ghrádh eatorra.



Mo fhreagra-sa ar Lughaidh féin
lór liom san chás sin ort é
fiadhain Torna ag toigheacht leam
fa sgáth air ria rígh Éireann.



Córa dhamh-sa ionás do Chorc
fógra ar sheanchaidh madh fiú a locht
eolcha mise i gceird mar sin
eolcha Corc i gceird gaisgidh.


L. 128


Dámadh áil leis gan buain ann
ní bhiadh trom ar Thorna im rann
buain i dtagra is seangadh as
bríogh mo thruim is leis bheanas.



Ní thoirmisgim fa dhreim beo
oigh-réir gach aoin dá dtí leo
gidh eadh na fiacha bhíos air
is díolta d'fhior ar tosaigh.



Ní fáth éagnaigh orm don dáimh
má thig liom a fhagháil dháibh
clú cion don druing gá bhfuil fios
fios don druing tharla i n-ainbhios.



Má do adhnas innte a-rís
splannc ar luighe ceo ar ghrís
má do chuireas d'fheidhm orra
cuaird ar fud a sean-rolla.



Má do chuir mé i gcluais cáigh
go bhfuil níos mó d'fhios im láimh
ionás do shaoil cách do bheith
ní fáth diomdha orm d'éigsibh.



Mó as chóra dot ord féin
bheith diomdhach díot-sa fa bhéin
i dtagra nach beanann ruibh
's bhar dteinn-fheidhm d'ualach oruibh.



An tagra do trialladh ribh
córaide dhíbh gan buain ris
cuid daimh d'eadradh do chuid dé
níat breitheamh ann niat aighne.



Acht aon Fhlaithrí tá i gcubhail
do badh doilghe liom Lughaidh
im aghaidh sa tagra i dtám
ná t-ord uile go hiomlán.



Más í an chalmacht as cheart ann
ní híslighthe bríogh mo rann
re cois aoise ní fríth locht
ar chuid Éibhir don chalmacht.



Ní fríth dar ghluais leis tar tuinn
ní fríth roimhe i nÉirinn uill
gá dtás a chosnamh fa roinn
a bharr do chéile comhluinn.



An tí do b'fhearr roimhe is tír
do thuit leis is é na rígh
dhó níor chomhartha laige
maidhm ar chách do b'usaide.



Do bhean díobh rogha leatha
d'Éirinn ar feadh a bheatha
nuimhir trír a n-áireamh sin
an chuid oile d'fhuil Mhílidh.



Le nochtadh sgéil Éibhir dhóibh
gach neach bhíos na bhreitheamh chóir
fá rádh orm ní dhiongnadh trom
nach ó shóisear fuair fearann.



Áireamh gach ar áirmheas díobh
neamh-nár d'Éibhear is dá shíol
dóigh nach ba lughaide a gcion
an chuid eile dá n-áirmhior.


L. 130


An coimhmeas ní mé do thriall
acht do thabhairt freagra ar Niall
níorbh iongnadh mé dá chur ris
cuid dar léig Torna thairis.



An-sa is Lughaidh go réidh
congbhaidh bhar mbréag agaibh féin
dóigh go bhfuighthear cuid dá fhios
tig díom má thograim coimhmeas.



Ní hadhbhar teimhil dom ghlóir
mé do thagra neith don chóir
gan ainbhios ré chur im leith
gan luaith-bhreith is gan leith-bhreith.



Ní dulta re freagra mbuirb
isteach tar modh riaghla an uird
d'fhior do gheabhadh thairse a-mach
badh deacair maith cáich d'ionnlach.



Gé bhad cead ag do dhá ghairm
bráthair dochtúir bhar ndá ainm
díon ceirt ríogh-shluagh Mumhan Mis
ní léigiobh dhíom ar th-aithis.



Aithis is luaith-bhreith mar aon
gidh comh-luath uaibh-se ar gach taobh
ní chuirfe leo mise im thocht
go bhfionnaid cách do dhúthracht.



Do theichis rias an saoghal
go dtuigid cách is baoghal
an saoghal do chur do luirg
isteach ar fud an ghlan-uird.



Iongnadh nach dearnais dá réir
mar do ní cuid mhaith don chléir
nar chongbhais breith do bhreithe
go deireadh na faoisdine.



Ro-luath rugais le Lughaidh
breith oram mar nár chubhaidh
sul do chuala tú ré mheas
aon fhocal ris dom aighneas.



Níor fhiarfaigh tú an mbiadh ré rádh
éinní agam ar mo sgáth
ria mbreith breithe daortha dhuibh
dod chomhmaith mar nár chosmhuil.



Gibé mar do fhreagair mé
Niall nó Torna na nglór féin
nár mheas tú gurb é do oir
mar fhreagra do ghlór Lughaidh.



Ní mar do théx chuirthaoi gluais
acht mar thaithneas re bhar gcluais
níor gheallas uile a ríomh sin
rígh náid sochair síl nÉibhir.



Gidh eadh do áirmheas cuid dhíobh
dá chur i gcéill nacharbh fhíor
briathar uaibhreach ainteann Néill
rér gairmeadh an-fhlaith dhíbh-séin.



Níor áirmheas acht uathadh suas
níor áirmheas mar shásadh cluas
na rígh nach rugadh ann soin
ná céad bliadhan na dheaghaidh.


L. 132


Dá n-áirmhinn rígh reampa a-raon
san lorg dhíreach ar gach taobh
ní fhuighinn féin ná Lughaidh
do bhreis ag Niall dhá cheathrar.



Níor áirimh mé rígh don fhréimh
gá mbeith éin-neach d'Éirinn féin
ná neart eachtrann ag roinn ris
na ríghe feadh a fhlaithis.



Fada gabhaim ó bhar nós
nachar áirimh mise fós
mar do níthí an lucht do ní
leith-rígh orra na thréin-rí.



Dá n-anadh Lughaidh mar sin
an t-áireamh mór ríomhthar libh
ní bhiadh cuid aidhbhsighthe ann
lorg díreach an dá shaor-chlann.



Sochair na ríogh ná rígh féin
níor áirmheas uile go léir
ní leo do chuirfinn-se breis
ar áirmheas díobh níor áirmhis.



Na sochair mhóra mhaoidhe
dá gcur i gcluasaibh daoine
féachtar cia ré mbean a mbun
féachtar sochar na sochar.



Ní mar beirthear libh-se breith
bheireas lucht féachta ar gach leith
fhéachas gach cúis i na ceart
idir all-ghlór is éifeacht.



An fhréimh fa sine don tsíol
ríoghdha i bhfuil i ngairm i ngníomh
mar chonchloinn munab lór lat
cuimhnigh qui se exaltat.



Níor mheasais ina mhodh chóir
m'áireamh ríogh sochair a slóigh
ní mó as éidir leat a mheas
an chuid dhíobh nachar áirmheas.



Tuigim ort go saoiltear libh
nach raibh acht a gcuala sibh
d'áireamh ríogh ar mo chor
ná do shloinneadh a sochar.



Gidh eadh ní hamhlaidh a-tá
an chuid do fhágbhas gan rádh
do ghéabha páirt dá fhios soin
im fhreagra ar ghlór Lughaidh.



Rígh is sochair lén doirbh cur
im briathraibh re Torna ar ndul
im chéid-theacht síos níor chuir mé
amach uaim breith an chluiche.



Mar dhearbhadh ar mo ráidhtibh
do léigeas díom gan áirimh
rígh 's a sochair gan breith ghill
ar bhar dtaoibh uile d'Éirinn.



Mar sin gomadh anta dhaoibh
gan breith do bhreith le leath-taoibh
go breith don sgéal oile ort
's gan féachain d'fhuath ná d'annsacht.



Buan a mhairg don thaoibh sin thuaidh
bhar bhfreagra adhnas a n-uaill
muna bhiadh bhar dtagra ruinn
mór dá nochtaim nach nochtfainn.


L. 134


Ní mé do thriall a maoidheamh
éachta glan-uaisle Gaoidheal
Niall is é do thionnsgain soin
maoidheamh Éibhir is Eoghain.



A maoidheamh níor thriall mise
ní dearnadh dá n-innise
acht freagra ar Niall i gcás Chuirc
do léig Torna gan tabhairt.



Is eadh mhusglas fala i gcéin
suim d'fhior go mór na mhaith féin
maith cáich oile nach léir lais
mar as ghnáth lucht an díomais.



Mó ná ar thagras don taoibh theas
dá mbeith neach comhthrom dá mheas
do thagair Lughaidh léir dhamh
do chúis easaonta d'adhnamh.



Níor labhras im chéad-ghlór féin
acht ní re dteacht Torna is Néill
ní reampa 's na ndeaghaidh soin
follus gur labhair Lughaidh.



Gibé lén háil déanamh síodh
idir dhá dhruing don fhréimh ríogh
congbhadh go comhthrom a chuing
ná tugadh tár ar shaorchloinn.



An díomus ó thig dhá thaobh
musgladh fala sluagh ré ngaol
ní mian liom tagra as a los
mairg neartas leis an díomus.



Tré dhíomus tháinic ar tós
briathar uaibhreach Néill go nós
mar do eisd ollamh ré chlos
mairg neartas ris an díomus.



Le díomus nár fuilngeadh libh
ar labhras i na aghaidh sin
d'fhír-sgéalaibh an taoibhe i bhfus
mairg neartas leis an díomus.



Ní géabh chugam a gcan sibh
ní damh as doilghe leam sin
acht cách dá bhréagnughadh so
an oircheas d'fhior do gharma.



A-deardaois dream nach díbh féin
thig aighneas eadrann is mé
gibé heile ris as bhun
is dé as bheithte dhúinn diomdhach.



Ar eagla an bhreitheamhnais thall
ní beithte dhúinn nár dá rann
maith dhamh-sa mo fhreagra ort
maithim-se dhuit-se a dhúsacht.



Maitheamh gach neith chráidheas aon
ós í deagh-thoil ríogh na naomh
gomadh aon toil dúinn is dó
an rí dar léir ar n-ugho.


L. 136


U Aodh Ó Domhnaill
MEASA DO THAGRAIS A THAIDHG. AODH Ó DOMHNAILL cct.



Measa do thagrais a Thaidhg
má do fhéachais gach aon aird
ioná Torna an dána dil
oide Néill is Coirc Caisil.



Mairg dhuit 's gurab dhuit a mhairg
do nuaidh th'iomarbháidh a Thaidhg
idir do Leith Mogha a-muigh
's an Leath†-sa †Chuinn Chéad-chathaigh.



Ní fiú a gcuid d'Éirinn a-nois
maicne Mhíleadh Mhoighe Rois
iad féin fá chéile do chur
córa dháibh síoth do shnadhmadh.



Ós í sin do b'inntinn daoibh
a Thaidhg Mhic Dáire go n-aoibh
go bhfaghthá freagra nár thais
truagh nach na thráth do thagrais.



Do bhí re sé bliadhna déag
do dhán id chionn dá choimhéad
níor léig cagla síl gCuinn cháidh
dhuit-se d'éin-neach a admháil.



Nó gur díbreadh tar sáil soir
sliocht Iughoine 's Tuathail ghloin
's gur éagsad thoir im a seach
do dhán níor admhais d'éin-neach.



Tú it aon i n-aghaidh pobuil
nár dhaoibh féin a ndearnabhair
ní headh a-mháin mór an meath
tú it aon i n-aghaidh puibleach.



Ní thiocfadh d'éigsibh Banbha
ná d'fheabhus a n-ealadhna
dá ndeachaidh dhíobh 's dá bhfuil beo
leabhair na hÉireann d'aithcheo.



Do shaoil mé gur léigheadh libh
Gabháltais Dinnseanchas dil
leabhair irse Innse hAirt
Bruighne Toghla 's Tochmhairc.



Leabhar Ard-mhacha go mbuaidh
's ar sgríobh Brógán theas is thuaidh.
mairg dhuit nár léigh na am
's ar sgríobh Colum is Comhghall.



Screaptra Innse Cathaigh cóir
cóip Ciaráin i gCluain Mic Nóis
leabhar Mochuda an chlúimh thais
mairg nár léigh sul do labhrais.



Do b'anta ris an taoibh thuaidh
ar bhreith psaltrach Chaisil chruaidh
idir gach druing don dheagh-fhóir
d'fhuil Éibhir is Éireamhóin.



Truagh nár léighis na sgreaptra
do sgríobh lámh Chaimín Cealtra
leabhar Glinn Dá locha thall
's leabhar Tuama Dá Ghualann.


L. 138


Má do rugsad breith le báidh
ollamhain Éireann d'éan-láimh
dearbh nach rugsad naoimh a-nall
idir chách acht breith chomhthrom.



Do shaoil cách gurbh eolach cóir
tusa ar maicne Mílidh mhóir
gur chum sibh an seanchas cam
ughdar gach neach go labhrann.



Ní buidheach dhíot-sa síol gCuinn
diomdhach síol nOilioll Óluim
ní barr measa don taoibh theas
a gclos uaibh-se dot aighneas.



Roi-bhinn ris an dtaoibh-se thuaidh
a Thaidhg gach a gcluinid uaibh
dearbh leo go gclaoifidhthear sibh
ó dhreim éigin dá n-éigsibh.



Caithfead féin mo gha ribh-se
go gcead da bhar n-éigsi-se
dá ndeach fa lár níor ghnáth soin
trasgraim laoch ionn gach iorghail.



Truagh nach ar an nga do chleacht mé
gé tú-sa i n-earr m'aoise
réd rogha Muimhneach ón Maigh
a Thaidhg tharla ar n-iomarbháidh.



Do bhiadh a cheann leam-sa im láimh
sul do féadfaidhe ar n-eadráin
is crú a chroidhe ar mo gha ghlas
dialladh duine re a dhúthchas.



Do bhéaruinn an diach thug Conn
ar Eoghan Mór um an bhfonn
nó an diach fuair Conmhaol cain
ó Thighearnmhas mac Follaigh.



Nó an díol do rad Írial Fáidh
ar cheathrar mac Éibhir áin
nó an díol do rad fós an fear
Éireamhón ard ar Éibhear.



D'Iughoine mhear mheanmnach mhór
sinnsear saidhbhir na sár-shlógh
do mhionnuigh síol Éibhir Fhinn
gan cur ré chloinn um Éirinn.



Cia do chloinn Iughoine a-nuas
fuasgail dhamh an cheisd gan chruas
dár ghabh Teamhair na dtreas dte
acht sáith d'Iughoine d'oighre.



Mar ráthaibh ar a gconnradh
gach aon dúil bhuí gá bhfoghnamh
éasga is grian gan dol dé
muir is tír tuile is aithbhe.



Do shíol Iughoine as bhuan bladh
ríoghradh uaisle na hAlban
le Séamus aniú ma le
Sacsa Alba agus Éire.



Dá shíol fós i nÉirinn uill
Osraidhe Laighin Leath Chuinn
Dál bhFiatach Dál Riada a-le
Baisgne Músgraidhe Déise.



Dá n-andaois i mbun a ngaoil
síol Laoghaire is Cobhthaigh Chaoil
do bhiadh gá sliocht go bráth mbinn
iomáin éin-leithe ar Éirinn.


L. 140


Do ghabhsad Laighnigh do láimh
cosg na Muimhneach mear ón Maigh
dá bhfaghdaois uatha gá dtoigh
síoth ó shíol Tuathail Teachtmhair.



Díobh atáid cinn-litre ceall
is ur-mhór ard-naomh Éireann
's is díobh aniú 's an-allan
sgoth éigeas is ollamhan.



Leath Chuinn is Leath Mhogha mhais
do shaoilsead lucht an eolais
gur comhthrom an roinn-se a-le
gur labhrais a Mhic Dáire.



Ní cian do fhan síol gCuinn gcáidh
ar an roinn-se d'Inis Fáil
dá ngoirthear Leith Mogha a-muigh
's an leath-sa Chuinn Chéad-chathaigh.



Gearr iar sin ar Maigh Léana
do shlán a Thaidhg a shéana
gur bhean Conn d'Eoghan gan fheill
a cheann is a chuid d'Éirinn.



Um thráthnóna rias an gcath
do chroch Eoghan ard éachtach
teachta Chuinn ar dteacht dá thoigh
dhá mhac Criomhthainn a Cruachain.



Nár dhuit a rádh dá éis sin
nach raibhe codhnac Caisil
ar a choimhéad ar Chonn chóir
d'éis a ndearna air d'éagcóir.



Mó bhar dtáinsiomh ar chloinn Chuinn
mar as léir id laoidh leathtroim
ioná ar aon dreim don deagh-fhóir
d'aicme oile Éireamhóin.



Do bhéaruinn comhairle chóir
dá mair do Leith Mhogha mhóir
más tú file as fearr dá ndáimh
do chosg feasda d'iomarbháidh.



Muna ndearna siad-san sin
ná bíodh oruinn ag aithbhir
éigse shíl Chuinn na gcuradh
fa bhar mbréig do bhréagnughadh.



Lughaidh a dtuaidh Torna a ndeas
bíodh nach raibh orra aincheas
dias as laige do labhair
don Leith†-se †Chuinn chomhramhaigh.



Ar labhair Lughaidh go tais
tug air ní deasbaidh eolais
acht báidh re Leith Mhogha a-muigh
bean don Mhumhain a mháthair.



Gidh í máthair m'athar féin
inghean Í Bhriain fa maith méin
san chúis nár tagradh riamh róibh
uaibh ní éisdfinn an éagcóir.



Cia dhíobh ba fearr i ngach dáil
ar dTuathal do theacht Éire
iná Corb Ólum gan ceilt
's gur chomh-aois iad na ndíbeirt.



Caidhe do Thuathal Teachtmhar
ar dtilleadh dhó dá eachtra
ceannas Éireann ar gach leith
do ghabh le beagan buidhne.



Do naisg Tuathal 's do shealbhaigh
ar uaislibh Banbha i dTeamhraigh
gan cur ré chloinn go bráth mbinn
oiread bhías muir um Éirinn.



Tuingsead uile dá éis sin
don rígh-se d'aitheasg éin-fhir
diamdaois coimh-neart síol na bhfear
nabdaois coimh-cheart ré chloinn-sean.


L. 142


Níorbh ionann i leabhraibh sin
teisd ríoghradh sleachta Éibhir
is teisd na bhfear nár dhearóil
ríoghradh shleachta Éireamhóin.



Ré linn ba soinnmheach síona
d'eighreacht ré linn dá shíola
ioth is bliocht iasg agus meas
do bhíodh do ghnáth na bhflaitheas.



Caidhe do Chonaire ar threoir
deagh-mhac áluinn Eidirsgeoil
samhail a fhlatha léigh dhamh
i-muigh id ríoghraidh Mumhan.



Freagair dhamh gan taom tnúdha
caidhe do Chonn mac Úna
re n-a linn níorbh bheag an rath
tug talamh toradh céadach.



Cia do bhéaradh geall Cormaic
do shliocht Gaoidhil ghlan-ordhraic
gé do thógbhais air mar oil
a chur fa ghabhail d'Fhiachaidh.



Minic do léigh tusa féin
ar mac Airt an airm aithghéir
líon a theaghlaigh thall na thigh
caoga ar mhíle do mhíltibh.



Do b'iomdha mac ríogh go rath
bhádar n-a ré ar a theallach
d'Éirinn is tar muir a-noir
do b'inmheasda rét Fhiachaidh.



Cormac ba cunnail a mhaith
ba saoi ba file ba flaith
Ba fír-bhreitheamh fear bhféine
ba cara ba coigcéile.



Cormac ro chlaoi caogaid cath
ro shíolaigh saltair Teamhrach
's ní fhuil sa saltair go rath
gur bhris t'Fhiachaidh-se aon-chath.



Dar liom féin níor chumtha dhuibh
draoidheacht an tsean-druadh Mogh Ruith
i nDruim Damhghaire na ndamh
's nach raibh annsin acht siabhradh.



Cá háit i bhfuil don taoibh thiar
do Niall Naoi-ghiallach mar Niall
dá dtug ó Mhuir nIocht a-noir
géill gach tíre go Teamhraigh.



Fagham leat samhail do Bhrian
mac Eachach Mhuigh-mheadhóin thiar
ór shíolsad i bhfus gan acht
na teora caomha Connacht.



Caidhe do Dháithí-se a Thaidhg
do chuaidh go Sliabh nEalpa n-aird
dar briseadh leis caoga cath
mar Dháithí mhór mac Fiachrach.



Nó Fiachra athair Dhái-Thí
dárbh ua Oilill Molt an rí
cáit i bhfuil leat a dheigh-fhir
samhail Ghuaire an ghairm-einigh



Caidhe do Chonall mac Néill
nó Eoghan an airm aithghéir
is a shliocht sin maith a méid
fagham agat a leithéid.


L. 144


Caidhe do chlann Cholmáin chaoin
nó do shliocht Aodh Sláine shaoir
deacair a gcaithréim do cheilt
clanna Néill dána an deighcheirt.



Caidhe do thrí Colla chruaidh
lé mbearthaoi ann ngac bearnaidh buaidh
nó comhmaith a sleachta soin
idir Éirinn is Albain.



Caidhe do Niall Frosach féigh
fuair ó Dhia ar a dheigh-réir
fras airgid is fras do mhil
is fras do chruithneacht chaoimh-ghil.



Caidhe bhar nAongus amhra
mac maith an Charraigh chalma
nó Maoil-sheachluinn re díol dámh
nó mac Dálaigh Éighneachán.



A haon is trí fichid rígh
ria gcreideamh ós Éirinn dínn
beag re ríomh na bhfochair soin
mairg do mhaoidh do sheacht gceathrair.



Sé rígh 's dá fhichid ríogh réil
ós Éirinn do dheigh-shleacht Néill
ó theacht an Táilghinn tar tuinn
gus an bhfíor-fhlaith Maoilsheachluinn.



Níor ghabh rí d'éis chreidimh chóir
d'fhuil Ír Éibhir Éireamhóin
acht fuil Néill is Oilill Molt
's do Bhrian-sa le ro-chumhacht.



Is tearc má do sloinneadh riamh
an tír-se iona bhfuineann grian
mar shloinntear múr an mhiodh-óil
ó ríoghraidh shíl Éireamhóin.



Goirthear Teach Tuathail d'Éirinn
Cró Chuinn is Fonn finn-Fhéidhlim
Iath Iughoine is Achadh Airt
Críoch Chobhthaigh is Clár Cormaic.



Corradh mór ar thrí mhíle
ríomhthar tria réim inrímhe
ó theacht mac Míleadh a-noir
dár ghabhsad Éirinn iubhraigh.



Re dtionnsgnamh teampuill Sholmha
canaim ribh ráidh gan dolbhadh
tháinig clann Míleadh tar muir
an treas aois d'aosaibh domhain!



Do bhí urláimh na Banbha
ag cloinn Míleadh mhór-chalma
ó shin gan roinn re ruire
go haimsir Briain Bóruimhe.



Ceithre fichid ceithre céad
do bhliadhnaibh ní hiomarbhréag
ó dhíbeirt síl Mhogha a-muigh
romhainn síol gCuinn Chéadchathaigh.



An tan do b'aois do Chríost cheart
sé céad míle agus seacht
do díbreadh síol gCuinn tar muir
's do beanadh dhíobh a ndúthaigh.


L. 146


Céad urdail a ndubhairt mé
a-déarainn daoibh an uair-se
acht nach roich i n-aoin-fheacht uaim
a bhfaisnéis uile i n-aonuair.



Dá gcluintear aon fhocal uaibh
dod bhréagaibh don taoibh-se thuaidh
cluinfidhear d'fhírinne theas
céad oiread gach ar áirmheas.


L. 148


U Roibeard Mac Artúir
GÉ SAOILE A THAIDHG NACH DEARNAS. R. McARTÚIR, O.S.F., cct.



Gé saoile a Thaidg nach dearnas
rann don dán fár ghluais t'fhearg-sa,
is go bhfuile ag iomchur ruinn
dar leat amhail nach diongnuinn,



's go béal-chráibhtheach ar tosach
ar an aibíd do thoghas
ar son go ngealla modh dhamh
dhúinn ní fhuil ó Leith Moghadh;



do bhrígh go gcuire-se 'm leith
nacham don tóir ná don chreich
's gur lean an saoghal 's a mheang
isteach san ord i bhfuileam



focal dod théx nach tuigim
agus arís go bhfuilim
aithiseach tarsna im threabhadh
luaith-bhreitheach is leith-bhreathach



nar chongbhas go ceart mo chuing
ag dol tar modh riaghla an uird
's ag greannughadh m'uird gan tlás
i méid uabhair Goliás



is gam shamhlughadh re damh
as díomhaoin toisg san eadradh
ós í sin do thuigse a Thaidhg
an fhoich neimhneach bhíos dhá chailg,



do chrothadh dhe ar an damh
níor chóir a chur i n-iongnadh.
Do thionnsgnas mo thagra ó thús
do chur do choimhmeasa ar gcúl



dá chlaoi sin is t-uabhair dna.
Níom oireamh treabha tarsna
ní mó do rinneas aoinní
a mhic Dáire mar mhaoidhtí



i n-aghaidh ceachtar dhíobh sin
mo riaghla ná mo chreidimh.
Dá ndearnainn 's don tí nár fhéach
na dhiaidh ar gcur láimhe ar chéacht



do b'ionchaithmhe an chloch dar linn
go ro-dhána fám thuairim.
Dearmadach dhaoibh-se nach é
céad-shochar áirmhe ar do fhréimh



an sochar sin fuarais féin
uatha más eadh fríth ei-séin
ceaduightheach agaibh go bhfuil
Corc is síol Éibhir go soin



nach raibh i gcreideamh Chríost cháidh
do chosnamh i n-iomarbháidh
agus mise do dhamhnadh
tré Thorna an t-éigeas amhra



nach raibhe dhuit-se más fíor
na chríostaidhe do choimh-dhíon.
Gé deirim sin do b'éidir
tré bhar mbaoithe im fhuil nÉibhir


L. 150


go meastaoi-se a mbeith sin
re ngein Críost 'na gcríostaidhthibh.
m'amharus nocha n-iongnadh
óir is sibh féin as chiontach



fán gcontabhairt i bhfuil mé
cia ar a dtabhra Críostaidhe
an tráth mheasas tusa a Thaidhg
ain-chríostaidhe dhé do ghairm



Torna éigeas lér hadmhadh
creideamh Críost 's na n-ard-apstal
amhail as fhollus do chách
is in rann dúnta don dán



ar a ndearnais dar leat féin
aithcheodh nár chuirthe id chaithréim.
Acht madh ainchreidmheach amháin
nó an lucht théid don chreideamh cháir



cia lén tualaing a thuinge
nach don chreideamh chríostaidhe
admháil eiséirghe mhic Dé
ag cur dimbrígh san mbith ché



's admháil eiséirghe na gcorp
i gcomhdháil Chríost na gcomhacht
mar do rinne an seanóir saor
Torna ar rug Pádraig naomh



ar mbás Néill agus Dáithí
amhail is rug ar Oisín
do ba sine ná Torna
's do chreid i nDia fhorordha;



Muna ndiúlta sibh go nuadh
as th-ughdarás féin go fuar
do rann deiridh an dána
nach é Torna as bharánta.



Is dá ndiúlta sibh-se sin
badh iomdha mná agus fir
ag fochuidbheadh da gach leith
oraibh fád dhearmad cuimhne



gan a dhiúltadh ar tosaigh
nach é Torna an tsaoi fhortail
do rinne aon rann don dán
ó nár bhinn libh a chomhrádh.



Nárbh usa sin féacha féin
do chur lét inntleacht i gcéill
do na daoinibh le na binn
beith ag éisteacht réd choinntinn



ioná rádh dá n-abradh sibh
an dán atá i mbéal gach fhir
gomadh le Torna cuid dhé
's nach badh leis an chuid eile;



gan do dhearbhadh san reimheas
na bhfuilmid gurab leisean
an chuid úd oile don dán
nach fuil ort-sa na sheachrán



acht an dearbhadh dhearbhas dún
gurab le Torna an rann úd
eadhón iad-soin d'fhagháil riamh
i gcrích Éireann ar éin-rian



's a dtoigheacht ó láimh go láimh
ó laithibh Torna go ar láibh
is a bhfagháil go díreach
ar sliocht suadh is sein-sgríbhneadh.



Is follus mar sin do réir
fiadhnaise a admhála féin
Torna éigeas go raibhe
is in chreideamh chríostaidhe.


L. 152


Éiligh sonna an mbreith ndaortha
rugais orm dáil nárbh fhaomhtha
im ain-chreidmheach do chosnamh
's daor thú féin san adhbhar-sa.



ós tú do rinne an t-adhbhar
fár thairgis mé do dhamhnadh
nó is tú do thuill a rádh riot
beith luaith-bhreitheach leith-bhreitheach.



Ort-sa má tharla dearmad
ó Lughaidh fuarais dearbhadh
iar mbáthadh Dhuinn an tsinnsir
do bhreith oirdheirc Aimhirgin



mar tugadh ceannas na slógh
ar bhéal Éibhir d'Éireamhón.
Narab iongnadh libh a-nos
do lochtughadh as a los



gan urraim uaibh do Thorna
ar aoi n-aoise is ealadhna
ar dhaoinibh aosda budh dhéin
ar son go n-iarfaidhe réir



a n-uachtaráin seach gach fear
bíodh go mbeith níos ó náid-sean;
agus an uair do shonnradh
nach is in sealbh badh dúthchas



nó as dhual do shinnsear ó cheart
théid an sóisear i n-oighreacht.
Mór do tharcaisne ar Thorna.
's má taoi-se i gcreideamh mhórdha



nar chreid mar a-deire féin
is dearbh gur chríostaidhe ei-séin.
Tug dot aire ar an adhbhar
cia dhíobh dlighthear do dhamnadh;



nó an cóir creideamh do ghairm dhe
an creideamh sin i bhfuile
dot admháil féin ós dá shéad
creideamh Torna is th-iris-léax;



óir ón scrioptúir is deimhin
ná fuil ann claochlódh creidimh
acht aon chreideamh riamh go cóir
mar dhearbhas briathra naomh-Póil.



Ná bíodh fós ort na éidearbh
na aimsir i gcríc Éireann
gurbh é Torna an tobar fis
ard-ollamh gacha éigis



gurb uime sin do toghadh
ó Leith Chuinn ó Leith Mhogadh
mar oide múinte dhóibh sin
Niall Teamhra is Corc Caisil.



Is cóir dhaoibh-se go bhfios damh
ar an adhbhar sin an tan
a-deire gurad lia d'fhios
is d'ealadhain ná an t-éigeas



cuaird fan Laidin maoidhtear lat
is féach "$qui se exaltat."
Do b'fhearr dhaoibh déanamh dá réir
do ghéabhthá id sein-leabhraibh féin



sean-fhocal gnáthach ar sean
's fearr teicheamh ná tairiseamh
ioná bheith id chúis gáire
ag fine Chuinn is Máighe



ag gealla seasta go cruaidh
it aon i n-aghaidh mór-shluaigh
is dhá rádha go neamh-nár
do Thorna dol ar seachrán


L. 154


ó nach raibh acht duine ann
dárbh fhéidir dol ar mearbhall
mar badh tusa mo thruaighe
spiorad na héigse uaisle



nó Dia na heagna ó silid
srotha an eoluis fhírinnigh
's dhá rádha gur d'eagla Néill
tug air dá fhiadhnaise féin



gan dol i dteann-thagra ris
mar as ghnáth lucht an fhaithchis;
is a usacht a thuigsin
ar a thagra don chor sin



le Corc Caisil 's le na fhréimh
i bhfiadhnaise an ríogh rígh-Néill
is le Niall i n-aghaidh Cuirc
gan briocht bádha na labhairt



is nach raibh don druing ollamh
darab gnáth bheith ag moladh
a dtriath na bhfiadhnaise féin
's dá gcur ós cionn gach chinéil



's nár chlaon re connailbhe riamh
ag déanamh leathtruim re Niall
ar bheith dhó-san ait an choir
don chloinn Ír sin ó Ulltaibh



mar fuair Tadhg an saoi feasach
go hinntleachtach áitheasach.
An raibhe fala an uair-se
ba aosda nó ba nuaidhe



ná faltanas chloinne Ír
re sliocht Tuathail dá dtuigthí.
Nach leo torchuir Tuathal féin
agus a athair ba-dhéin



Fiachaidh Fionnóladh fuair bladh
is Conn† cródha †céad-chathach
's Roitheachtaigh mac Maoin i bhfad
ria san bhfoirinn a-dubhart



's Muireadhach Tíreach iar soin
sean-athair Néill Naoi-ghiallaigh.
Sinnsir Néill nach leo torchuir
i n-éiric na n-éacht n-ordhairc



Oilill mac Slánuill nár thláith
is Airgeadmhar mac Síorláimh
Éilim mac Connra maile
agus Mál mac Rochruidhe.



Is nach le comh-bhráithribh Néill
clanna Eochadha Doimhléin
do sgriosadh ó gcrích bhunaidh
i n-earr chóigidh Chonchobhair.



'S nach le hEochaidh athair Néill
do dí-cheannadh féacha féin
an rí déidheanach dhíbh soin
ríomhthar ar Éirinn éachtaigh.



Caolbhadh mac Cruinn Badhraoi a ainm.
Níor chúis cairdis do chomhshnaidhm
sliocht Ír agus Éibhir ghlain.
Gidh mór díobh tarchuir mar soin



a sean-fhala do chuaidh as
is níor nuaidhsead faltanas.
an file d'fhuil Éibhir Fhinn
cosmhuil dá bhféachadh go grinn


L. 156


an faltanas so Ulltach
re Niall d'éis na n-iomarghal
do chur comhráidh Thorna ar gcúl
go n-iarrfadh claochlódh réasún



d'iúl éigin ar a mbiadh dath
i bhfiadhnaise fhear Mumhan
is nach maoidhfeadh tré shíol n-Ír
báidh Thorna ris an Aird-rígh.



Maith dhamh mo bharamhail inn.
Thú ar nad mhealladh saoilidh sinn
's gurbh feasaighe Corc an áigh
ar son gur sheachain teagbháil



ar mbeith dhó-san an chéid-fheacht
na dhalta ag Torna éigeas
's ar a bheith na rígh Mumhan
do hoirdneadh mar ba cubhaidh



i ngrádhaibh fileadh go fíor
do réir ghnáthaigh ar sein-ríogh
gan seasamh ar seanchas chlaon
ris nach sgarfadh seisean saor.



Ní ó aineolus fuair Corc
gé fuair adhbhar dá dhúsacht.
Do shaoilfinn fós amhlaidh sin
gurad fearr-sa i gceird gaisgidh



ioná Corc tré theicheamh dhó
go n-a ceithre catha armtha
ó Niall i mBearnán Éile
dar coisgeadh a gcoimhéirghe



's gan é ní ba goire dhó
ioná longphort i Lothra
's tusa dar leat gan bhaoghal
ag cur romhad it aonar



tabhairt troda mór an neart
do Leith Chuinn uile i n-éinfheacht.
Acht muna mbeith go gcuala
uait féin it fhuighlibh fuara



méad bhar n-ainbhis is nár soin
i riaghlachaibh an chogaidh
ag tabhairt oile gaisge
ar Conn do b'olc an aithne



tré gan rabhadh do chur dhó
roimhe sin go Mogh Nuadha
an tan tug amus longphuirt
ar Eoghan go n-Allmhurchaibh.



A chliar Éireann theas is thuaidh
freagraidh so tógbhaidh bar n-uaill.
Rug ó Phort Parrthais oraibh
ollamh ós gach ollamhain



a-deir gurab mó atá d'fhios
is d'ealadhain aige a-niodh
ná ag Torna an t-ughdar sean
ard-ollamh Innse Gaoidheal,



a-deir go dtiobhra soillse
don fhuirinn atá i ndoirche
's eolus nach fríth roimhe so
re barr ar mhíle bliadhan.



Tigidh a sgola Banbha
as gach taoibh is in am-sa
d'fhéachain a mhíorbhal n-eoluis
Dia na héigse d'aith-bheodhadh.



Taisbeanaidh dhó bhar ndeacra
ag léigheamh leabhrán seanda
Ibhidh sonn digh bhar sásaidh
a sruth éigse an iol-dánaigh


L. 158


is ná congbhadh sibh a mheas
gurb é Mac Dáire ón dtaoibh theas
nach cualabhair roimhe so
do dhul tar cách i n-eagna.



Óir is eadh aithristear uaidh
is in bhForghas láimh le Cluain
go bhfuair seisean go nua 'nois
cuid do chnuas na gcrann n-iomuis



dar éirigh buinne an bhailg fis
a fuarán eagna gur fhich
ó thoircheas éigse ar tuile
ag sgoltadh a urbhruinne.



Daoine eile dá rádh ris
go bhfuair seisean an t-eo fis
ó Aoibhill ban-fháidh síl mBloid
atá aige na caraid.



Muna gcreididh-se a n-éabhairt
tigidh as gach aird d'fhéachain
iongantais mhóir seacha soin
sein-Shliabh Callain re n-iodhnaibh.



Gidh eadh a éigse uaisle
d'eagla oirbhire uaibh-se
le tuarasgbháil as mheadh blaoisg
ná freagraidh do ghairm dhíomhaoin.



Anaidh ag bhar n-oidibh féin.
óir fuair mise sgéala ó 'né
gurab é an Tadhg daoibh aithnidh
atá ann ná hathraighidh,



's nach fuil acht all-ghlór gan fhréimh
na adhmholtaibh air féin
's nach cná iomuis mar ad chlos
fuair seisean is in bhForghas



acht cná caocha dá ngoirthear
cnuas na gcrann neimh-fhis ndoi-cheart
tré nach faghar uatha iar sgéith
toradh acht ainbhios uile;



is fós nach é an t-eo fis
mar shaoileas sluagh Sléibhe Mis
fuair ó Aoibhill cloinne Cais
acht madh eo fis ain-eoluis;



ar an adhbhar nach faicim
acht fís aige agus aislinn
i n-áit an mhóir-eoluis cheirt
do shaoil d'Éirinn do thabhairt.



Dá bhfiafraighidh cia an toirrcheas
ó Shliabh Callain do coimpreadh
aithchim ar bhar n-éigse sibh
gabháil díbh ar bhar ngáiribh



an uair do mheas gach Muimhneach
do chonnairc méad a bhuilg-sean
gein an-mhór uaidhe do bhreith
acht luch fhéir uaidh níor tuismeadh.



d'éis ar sgaoileadh ar gach leath
ó aird-fhile an taoibhe theas
ag fógra a thoirchis fis dó
amhail do chualaidh Fódla



ar ndol dó ar a chliathaibh fis
ní thug do shluagh Shléibhe Mis
d'iúl acht a rádh nach raibhe
Torna i gcreideamh chríostuidhe



's mar sin gur iongnadh dhamh-sa
dol ar son a mhacsamhla
's dom chor-sa i gcomhair re damh
as díomhaoin toisg san eadradh


L. 160


is idir gach comhrádh fuar
bheith ag bodhrughadh ar gcluas
tré n-a mhionca nach truagh dó
a-deir sochar na sochar



is neithe éadtroma oile
ar son Éibhir 's a chloinne
do chuir Lughaidh cheana ar gcúl
's tug arís mar réasún



ionnus go gcuireadh i gcéill
do Dhál gCais gá bhfuil i gcéim
go dtugann uaidh freagra lán
mar chreidid cách dá chomhrádh.



Ag so a fhileadha Fódla
agaibh an t-eolus mór-sa
do chosnamh an taoibhe theas
fuair Mac Dáire na choimhmeas



nach fuair Guile Átha Lóigh
Mac Liag ná aon ollamh cóir
d'éigsibh Leithe Mogha i ngar
do mhíle ar thrí chéad bliadhan.



Ag sin daoibh an fuarán fis
le barr gaoise air do bhris
lér chlaoi an príomh-fháidh-se Chlann gCais
Leath Chuinn le gaisgeadh n-eoluis



aon chaoga rann thiar is thoir
bhíos ó láimh go láimh i sgoil
gé nar léir dó na measg sin
críostaidheacht Torna éigis.



Gion go mbeith againn éin-neach
do shliocht uasal na n-éigeas
an aibíd iona bhfuil mé
ní cosmhuil go mbia choidhche



gan fhear do chlaoidhte ón taoibh thuaidh.
Is minic lé rugadh buaidh
leis an gcloidheabh roimhe so
ón chéad Mac Dáire díomsach



is tug bearradh geoin ma-le
ar an dara Mac Dáire.
Iongnadh is ceaduightheach dhuit
déanamh aighnis ar son Chuirc



ag nach raibhe creideamh Críost
's nar choiméad aithne an Aird-ríogh
's nach léigthear dhamh cúis phudhair
beagán d'aighneas fa Lughaidh



eadamar nach diúltfa sibh
do bheith i soillse an chreidimh.
Más luaith-bhreith leith-bhreith beirthear
iar gclos dhá rann do bhreitheamh



acht gurab éigin anmhuin
ann gach ionadh don talmhain
ris an druing gá saoilfeadh cách
ein-ní do bheith re a rádh



nó a-déaradh go bhfuigheadh soin
barr ré rádh na n-imreasain
ní cosmhuil go gcuirfeadh cách
aon chaingean i gcrích go bráth.


L. 162


'S is leith-bhreith luath rugais féin
ar thagra Torna is ríogh Néill
is do dhamnais a rug riamh
an eaglais thoir agus thiar



do bhreitheamhnas ó dhligheadh
i n-aghaidh na n-eithriceadh
a-deir go mbíd leo do ghnáth
neithe nuaidhe re a rádh



re hucht bhfír-chiall mbreithre Dé
as a ndamantar iaid-séin;
agus arís do dhamnais
forghla a mbearar ar talmhain



do bhreathaibh díorgha dlighe
is in maitheas phuiblidhe.
Gé go ngabhthaoi-se do láimh
go treorach idir chloinn Táil



mar gach il-cheird dá bhfuil lat
bheith dom mhúineadh-sa i ndiadhacht
is sibh ag gairm dochtúir dhíom
olc an diadhacht duit go fíor



a fhógra oram fa bhreath
do bhreith ar an bhfaoisidneach
gá chur iar dtuigsin a ghníomh
an tan sin ó dhligheadh fhíor



ria n-éisdeacht amhail as ghnáth
a fhaoisidne go hiomlán
an tráth as fhollus nach tig
leis an gcoinghioll dhligheas sin



le haithreachas ó chridhe
ná le hadmháil fhírinne.
Dearbh as ar maithe riot féin
bhar n-aird-rígh ar Theamhraigh thréin



iar gcreideamh nar háirmheadh libh
tre luighead an chomháirimh
ní hé amháin na bhfochair soin
ríoghradh Leithe Cuinn go ngoil



acht i bhfiadhnaise do sheacht
gceathrar rias an naomh-phroiceapt.
Is cosmhuil gur deacair dhuid
teacht go dána síos san troid



lét aon Bhrian Bóruimhe a-bháin
do shíol Éibhir go mór-dháil
i n-aghaidh seacht 's dá fhichead
atá do réir na bhfileadh



na n-aird-ríoghaibh ós Bóinn Bhreagh
d'fhuil Éireamhóin iar gcreideamh.
Is dá dtugmaois na rígh dhuibh
tar fhírinne an tseanchais ghloin



Toirdhealbhach Ua Briain bhar mbrath
nach biadh Brian ina aonar
dóigh gidh ad dána as cloinn Táil
libh-se féin fós gomadh náir



gan acht dá rígh i gcomhair leat
le móir-sheisear 's dá fhichead.
Atá an oiread sin agaibh
do ghnáith-bhéas ionn bhar dtagraibh


L. 164


ar bhar neithibh féin a-mháin
do chur a-mach le mór-dháil
gomadh cosmhail dámadh libh
an dá fhichead 's na seacht rígh



d'fhuil Néill ó cheart a sean
do ghabh Éirinn iar gcreideamh
go gcuirfe sibh bhar bhfuil féin
ós chionn ríogh mac nIsrael



's ós impeiribh gá dtáim ribh
an oirrthir is an fhuinidh;
mar as urus a aithne
od mhaoidhmhighe as a mhaicne



's ar bhar mbladhmann ar gach leith
as bhar n-aon Bhrian Bhóruimhe
is an gcoróin fríoth mar fríoth
leis nach béaradh tre bhith síor



dá mb'é éan-lámh don chluiche
ó chloinn Tuathail 's Iughoine
ór fuadadh do dhruim faille
an choróin 's a bóruimhe



do réir mar dhearbhócham dhuibh
ag cur gluaise ar théx Lughaidh
ós é sin téxa díreach
na sruitheadh 's na sein-sgríbhneadh.



'S iongnadh liom ó fhior t'aoise
ar an gcúis nochtaim dhaoibh-se
coimhmeas éag-cosmhail a-nois
do thionnsgnamh mar do thionnsgnais.



Is doilghe liom ioná sin
an ní chuala dhá rádh libh.
Do ghluais bhar bhfearg go meardha
i n-aghaidh Néill rígh-Theamhra



ar son h-an-fhlaithe do ghairm
do shíol nÉibhir ó bhfríoth spairnn
dar leat nach cualais a-riamh
go sin a ndubhairt rí-Niall



mar do bhádhais go diamhrach
ag saothrughadh feadh bliadhna
clann Éireamhóin na n-arm ngéar
an tráth fuarais i n-éidtréan



craobh do dhealbhadh do Dhál gCais
nar chuiris ua Táil rét ais
na aon oighre ceart na cheann
ar fhuil ríoghachta Éireann



do réir an cheirt go díreach
do bhí gan chloinn sin Mhíleadh
re dteacht gabháltais oile
ar Crích n-ársaidh nIughoine,



agus fós san gcraoibh gcéadna
da gach taoibh dá thaisbéana
gur chaillsead an chuid oile
d'uaislibh Críche Laoghaire



an tráth-sa acht amháin ua Cais
a gceart ar Éirinn iath-ghlais.
Más fírinneach súd a Thaidhg
mar dearbhthar dhúinn as gach aird



ros dall do bháidh re Dál gCais
's an onóir uatha fuarais
ar an modh soin go bhfuile
nach gcuimhnighe is nach tuige


L. 166


Fírinne an tseanchais uasail
léighe gach laoi it shean-duanaibh.
Gidh mó do ghnóthuigh Mac Liag
's Aitheas ua Lorcáin ar Brian



ná sibh-se ar chineadh Cais
gá bhfuile id réadluinn eoluis
dá mbeirdís a leithéid súd
do leith-bhreith amhail rug tú



le Brian i n-aghaidh céille
's fírinne na sein-éigse
do sgriosfaidhe gan éidearbh
le hollamhnaibh na hÉireann



a n-anmanna go hollamh
as rolla na n-ollamhan.
Ó 'd-chítear dhuit gur éigceart
ar bheith na shinnsear d'Éibhear



cur Éireamhóin 's a shíl sin
re nÉibhear re síol nÉibhir
nach éig-ceart dhuit-se Dál gCais
sliocht an tsóisir Chormaic Chais



do chur ós chionn na gclann saor
clainne Carthaigh 's a gcomh-ghaol
maicne Carthaigh go n-a ngaol
sliocht an tsinnsir iad araon



Eoghain Mhóir ro ba mac glan
d'Oilill Ólum rígh Mumhan.
Táinig crobhuing caogad ríogh
ar sliocht Eoghain Mhóir go fíor



ós an Mumhain go meadhair
go Cormac mac Muireadhaigh
agus gan acht dá rígh déag
do shliocht Chormaic Chais na dtréad



na ríoghaibh ós Mumhain Mhis.
Follus bhar leathtrom aighnis.
Forghla a bhfuil i Leith Moghadh
mealla ar seilbh bheith dá gcosnamh



fa Dhál gCais mar chlanna Cuinn
dá gcur le seanchas mearbhaill.
Is léir mar sin san am-sa
cia do ní an treabhadh tarsna.



a-déara sluagh Caisil Chuirc
gur diom-buaidh dhóibh do labhairt.
Bíodh a dheimhin agat féin
don uimhir áirmhe ar do fhréimh



ós chionn Éireann mar ríogha
go bhfuil cuid nach in-ríomha.
An fear d'easbaidh ar tríochaid.
ria gcreideamh uaibh dá ríomhthair



ná háirmhidh orra ó so amach
an dá cheathrar dhéidheanach,
ná Brian Bóruimhe iar gcreideamh
dá mbeith nach beanfadh seisean



an ríoghacht amhail do bhuing
go cealgach do Maoil-sheachluinn.
Ó Mhogh Corb go ré Criomhthainn
dóibh ar seilbh bheith na ríoghaibh



an dá cheathrar a-deir sinn
nach cóir d'áireamh ar Éirinn.
A haithle Iughoine Mhóir
tá an t-ochtar sin ó chóir


L. 168


iona n-anfhlathaibh uile
mar aon re Brian Bóruimhe.
Ní cóir a n-ainm do chur síos
go bráth i rolla na ríogh.



Ar nuimhir ríogh Innse Breagh
ní cóir an naonbhar d'áireamh.
Éireamhón céid-rí Banbha
don chloinn Míleadh dá dtarla



gé do bheansad trí haicme
seal ríghe dá ríogh-mhaicne
fuair sealaidheacht na ríghe
clanna Luighdheach mhic Ithe



sliocht Ír agus Éibhir Fhinn
na trí haicmeadha deirim.
Sealad dóibh ar an nós so
ag spairnn riú im ríoghacht bhFódla



an chlann sin Éireamhóin fhéil
an tráth fa héidtréan iaid-séin.
Mar sin dí i ndiaidh a chéile
ó ré Chonmhaoil mhic Éibhir



nar dhaingnigh aon drong na sheilbh
go tuitim Reachtaidh Righ-dheirg.
Iughoine tárraidh an tsealbh.
Leis torchuir Reachtaidh Righ-dhearg



i ndíoghail éaga a bhuime
Macha miolla mongbhuide.
Is é an tIughoine Mór sa
do dhaingnigh ríoghacht Fhódla



dhó féin is dá síol ó shoin
do réir an reachta an uair-soin
É do dhaingnigh a dísleacht
d'fhuil Éireamhóin mhic Mhíleadh



do réir na n-ughdar dtromdha
admhas uile an teann-phonc-sa.
Gan chur ina cheann féine
ná a chlann-mhaicne dá éise



tuingid aicme Éibhir Fhinn
's gach drong oile fa Éirinn.
Do thuingsead d'aitheasg éin-fhir
bíodh go mbeidís níos tréine



gan cheart ar bith ó so a-mach
d'agra dhóibh ar Threibh Theamhrach.
Tugsad dó an uile umhlacht
dar naisg orra san chonnradh.



Gach slán gach móid dár gnáth sonn
tugsad uatha ré chomhall.
Oighre an Iughoine dubhart
Tuathal Teachtmhar nar tubhadh



aimsir fhada dá éis soin
an chuing chéadna ros cheangail.
Gonadh dhé sin as an-fhlaith
gach rí d'fhuil Éibhir arm-ghlain



dar thairg seilg na ríghe ó shoin
ar chloinn Iughoine is Tuathail.
Ar ríoghadh aca ón am soin
drong do éirigh le a n-antoil



i n-aghaidh na fola ríogh
le huabhar is le hainbhfhíor
gá dtú i ndiaidh na mionn sa
do ghluaisfeadh ulca iomdha



gibé do thairgfeadh gan cheas
a saoradh ó ain-fhlaitheas.
Osglaidh ar feadh an domhain
slighthe easumhla is cogaidh


L. 170


i n-aghaidh na bprionnsadh gceart
do dío-sgaoileadh a móir-neart.
Do thuillfeadh diomdha ó ríoghaibh
an talmhan-sa díbhlíonaibh



darab daingean do shonnradh
ar choiméad a sean-chonnradh
's ar chongbháil ríghe go sáimh
ar a gceart 's ar a gcoráin



móid uasaileachta is umhla
do bhuain do lucht easumhla.
Dámadh ceaduightheach don tír
gan comhall a mionn dá rígh



cia do ríoghaibh sa domhan
dár chóir flaitheas d'altughadh.
Dá moltar dóibh a-ríse
dol do throid im an ríghe



na huaisle chuirid fa smacht
is mhionnuigheas dáibh umhlacht
caidhe ar talmhain rí fa nimh
lén héidir a dhearbhadh sin



feadh aon uaire gá dtám dó
i ríghe gan fhreasabhra.
Bíodh nar chreideadar na rígh
Iughoine is Tuathal na ndís



ceanglaid dhóibh féin 's dá sliocht sin
fa mhóid umhla fir fhuinidh
muna bhfuair tú id sgrioptúir féin
nach fuil d'fhiachaibh ar an méid



bhíos gan chreideamh Dé Dúiligh
caomhna an dlighidh nádúirigh,
acht gurab éidir leo ó cheart
gan comhall mionn mar as dleacht



fuil araile do dhortadh
's mná a chéile do chomhthochradh
ní so nach faghar ag fáidh
agus nach éidir a ráidh



gan tuilleadh ndiomdha n-adhbhal
ó Rígh Nimhe is naomh-thalmhan.
Féach féin a Leath Mogha mhóir
an bhfaice ar Thadhg bearradh geoin



tar éis ro-dhóchais chlann gCais
as a fhuaránaibh eolais;
Nó an bhfuil bearrtha ó chluais go cluais
ó aon bhráthair don taoibh thuaidh



gan chead dá chraoibh 's dá eagna
do réir iúil na sein-sgreaptra,
muna áitighe gurab bréag
sgríobhthar ar Leith Chuinn na gcéad



gur dhiúltsad Gaoidhil dá gceart
's gur mhionnuighsead uasaileacht
do chloinn Iughoine is Tuathail
is don ríoghraidh ó Chruachain,



amhail do reac Lughaidh ruinn
's mar do mhaoidh mac Uí Dhomhnaill.
'S más amhlaidh sin sheasmhas duibh
a Leath Mogha Caisil Chuirc



ní tiubharthar dhó i sgolaibh
modh ughdair ná deagh-ollaimh.
Caithfid saoithe an taoibhe thuaidh
's ní d'eagla nach béardaois buaidh


L. 172


tagra móráin nach bia ceart
re fear all-ghlóir gan éifeacht
leis nach faghthar dó dol as
acht táinseamh ar an seanchas.



'S munab le seanchas grinn géar
acht le cuma a aignidh féin
chuirfeas roimhe Mac Dáire
cosnamh slóigh na sean-Mháighe



do ghéabha fear a fhreagra
nach féadfa cosg a theanga
d'fhíor-labhra láin do leith Chuinn
ag síor-rádh seicheadh capuill.



Tuig a Thaidhg gé taoi rói-ghlic
gur éirigh díbh toisg ghóidrisg
ag tairgsin táir ar Thorna
fár léig thairis díomhordhadh



fa gan teacht i n-aghaidh Néill
Ua Tuathail 's Iughoine fhéil
gá raibhe a dtáinig roimhe
suas is in réim ríoghraidhe



go Míleadh Easpáine ór chin
na ríoghaibh ar Fhiadh Fhuinidh
acht madh naonbhar dá aithle
is ochtar ria n-Iughoine



tré an-fhlaithe dhíobh do ghairm
an chlann sin Éibhir do thairg
righe ris d'éis gach éachta
móid umhla 's uaisealachta.



Do rad Éire sin go léir
do Thuathal 's dá dheigh-fhréimh
mar do chuimhnigh go feasach
a oighre Niall mac Eachach



i dtráth tagra re Torna
ag caomhna ceart a athardha
is in rann i na ndubhairt
nach tiobhradh baile i Mumhain



do shliocht Éibhir Fhinn gan troid
nó cíos as do chloinn Tuathail.
Ós léir id bhriathraibh maithe
go bhfuile ag déanamh aisig



d'éis bhar saothair do Dál gCais
ionn gach éagcóir dá ndearnais
adaimh anois ó chridhe
ar do bhráithribh mar dhlighe



ag iarraidh maithmhe do réir
mar mhúineas briathra an tsoisgéil;
ar Leith Mogha ar a ndearnais
éagcóir re Dál† an deagh-†Chais,



's ar Leith Chuinn do tairgeadh libh
do chur fa chiaigh lét fhuighlibh;
ar an éigse do bhuime
is a mallacht do thuillis;



's ar t'fhine féin dár thuill sibh
diomdha is mío-ghnaoi fear bhfuinidh;
's ar aicme nÉibhir uile
dár bhean tusa réd chroinic



ar leigeadh go so seacha
do ríoghaibh gan inchreachadh;
's ar Dháil gCais rod chuir i gcéim
dá nachar thuillis caithréim.


L. 174


'S mar do rad Corc theas do Niall
tabhair do Lughaid a riar
ag rádh ar chan ris an rígh
mea culpa peccavi.



Ofráil th'urnuighthe iarsoin
do Dhia le haithrighe ngloin
is maithim-se dhuit a-nois
riom féine gach a ndearnais;



is aithchim ort díolghadh dhún
go dtuilleam síoth Dé na ndúl
tré ar síoth annso i ngleann na ndeor
is nach deachmaois ar ain-eol



amhail adubhairt Torna
ós deimhin fir na talmha
do theacht i ndáil do bhreithe
ag so a Chríost do choimeirghe.


L. 176


U Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha
NÍ GUAIS LIOM th-URCHAR A AODH. TADHG McDÁIRE cct.



Ní guais liom th-urchar a Aodh
bíodh go mbídis drong deagh-laoch
sgáthmhar ret airm gus anois
th-airm féin ní hiad do ghlacais.



An t-arm nua a Mhic Í Dhomhnaill
ararbh áil do lámh d'fhoghluim
lughaide is baoghal do neach
ní fhuil sé id láimh go díreach.



Do shaoil mé a Mhic Í Dhomhnaill
gur gnáth agaibh ceart chomhluinn
neach ar a mbiadh fear 's a lucht
ní ris badh caithte th-urchar.



Atá an file an fear dána
's an tí ghlacas naomh-ghrádha
ag cur oram re raile
agaibh 's go fiú an úcaire.



Má do chaithis fear mar chách
th-urchar riom ní móide ar sgáth
beag mo bhríogh na chaitheamh dhuid
sginnid na hairm don charraig.



Atá leathtrom orm a Aodh
ar feadh ar n-aighnis ar aon
oircheas dhamh a shloinneadh soin
amhail a-déar im dheaghaidh.



Leasg liom mar onóir dot fhuil
bréag do thubha i n-aghaidh ruibh
a leigean orm is leasg dhamh
neimh-leasg do dhán ré dhéanamh.



Ní nár leat ná dhuit a Aodh
dá dtagra sibh seanchus claon
badh nár liom-sa as mo los
claonadh siolla i seanchas.



Ní badh toibhéim don taoibh thuaidh
aimh-leasg mé fá aithris uaim
adhbhar béime don taoibh theas
éasgaidh libh é mar aighneas.



Tar gach leathtrom dá bhfuil ann
i n-ainm Dé do chlódh do rann
malairt urchair uaim tar ais
do bhéar ar inneall th-amais.



Do bhéar mo fhreagra feasda
ar bhar ndán gá ní as leasga
ní i modh bhus roi-bhinn libh
mé chuige is mairg do éignigh.




NzzzzzL126


L. 178


B 1604-24 17T
GzzzzzL
U Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha
Ní breith orm do bhreith a Aodh. Tadhg Mc Dáire cct.



Ní breith orm do bhreith a Aodh
do nochtais t'aigne d'aon-taobh
teacht faim cheann do léigis ris
ní breitheamh thú acht fear aighnis.



Dá dhearbhadh nach é as mheasa
ní fhuighe-se im aighneassa
a bhfuair mé i dtagra Torna
ná a luach d'éagcóir agallmha.



Go mbé a mhairg don tí as chionntach
re heissíodh d'adhnadh ionnta
triall éigceirt i nglór nó i ngníomh
ós é adhnas gach éissíodh.



Tús gníomh n-éigceirt do dhéinimh
maoidhtear libh le goin Éibhir
tús éigceirt briathar a-mach
do thionnsgain Niall mac Eachach.



Ní cúis do dhul fá chéile
don dá dhreim dár dhual Éire
fios a gceirt féin ag gach fhear
nó fios soi-ghníomh a shinnsear.



Gidh gur throidsead a sinnsir
rompa fa Éirinn innsigh
ní throidfid uaisle dom chead
go bhfionnaid créad fá dtroidfead.



Anaid na huaisle go ciúin
go bhfuighead uainn fios a n-iúil
Faobhar a sleagh ná a lann nglas
ní hiad na hairm don tseanchas.



Ós ar lorg dána an bhráthar
atá an glór sin id dhán-sa
tugtha dhamh na aghaidh soin
cuid dom fhreagra ar an mbráthair.



Acht go labhrainn go ceart fíor
is tabhairt ughdar dom dhíon
níor mhaith an teisd ar chloinn Chuinn
sgáth fam ghlór do chur oruinn.



Ní héin-neach dá ndeachaidh soir
fa heolach sa tagra soin
acht sibh-se an drong atá i bhfus
ghabhas do láimh an t-eolas.



Ag sin agaibh cead freagra
anois gan sgáth gan eagla
's gan ní dhé do chur ar gcúl
muna mbeith cóir dá chlaochlúdh.



Iongnadh an cúis náire a Aodh
tagra fheasach gan bheith claon
do thagras ar cheann Mumhan
nach tig dhíbh-se a bhréagnughadh.



Níor mhisde an fhírinne riamh
follus don druing do char Dia
beag bhfoirne dá síoladh soin
mórán puibleach na n-aghaidh.



Ní meath orm-sa an chóir do ráidh
do chosg iomad labhra láin
's do dhíorghadh seachráin fa seach
chuirthi-se i gcluasaibh puibleach.


L. 180


Aithcheodh na leabhar go léir
ní triallta do neach fan ngréin
triallta do neach dá mbadh eol
gach ní badh ainbhfíor d'aithcheodh.



Aithcheo a mbiadh na mbréagaibh dhíobh
cothughadh gach neith bhadh fíor
fearr d'fhior ioná bheith ná thosd
's a mbeith lé chéile i gcomosg.



Díoth eoluis fa-deara a rádh
go bhfuil seanchas cam im dhán
slán a shuidhighthe orm d'fhior
agaibh d'uasal ná d'ísiol.



Is dearbh gur léigheas díobh sin
ní as mhó ná mar as mhaith libh
dearbhadh ar a léigheadh dhamh
toghaim cruithneacht is cogal.



Dá ní as lia ar a mbí dearbhadh
gach ní neimh-dhearbhtha neamhghlan
na leabhair na dteagmhaid so
eatorra do ním togha.



Cosmhail nár léigh tusa féin
na leabhair áirmhe go léir
cuid dá gcuir bhar ndáil na n-ucht
is í an taidhbhse gan tábhacht.



T-iomad leabhar t-iomad naomh
do shlán as a n-ucht ar aon
im fhreagra idir Niall 's Corc
fa bhréagnughadh a ndubhart.



Ní fiú allghlór an tsaoghail
bréag do chur ar na naomhaibh
ní fhéadfa a thaisbéanadh dhamh
an bhreith cáit cia lé rugadh.



Dar liom a Aodh 's é as náir
tógbháil móir bhfiadhan ar dáil
's gan a bheag díobh do theacht leis
i n-am cruthuighthe an aighnis.



Ní chreidim-se sin go mór
acht mar chuid eile dod ghlór
diomdha an dá thaobh thuaidh is theas
cuirfead oraibh go hoircheas.



Diomdha na dtuigfead d'fhuil Chuinn
bíodh oraibh fam fhreagra thruim
óir ní orm-sa bhias a throm
fa bhuain dom aim-dheoin asam.



Sliocht Oilealla móide a searc
dom bheith ag dídean a gceart
is nochtadh a soi-ghníomh soin
múchtar libh-se na n-aghaidh.



Mar sin fós nach creidim uaibh
binneas im ghlór don taoibh thuaidh
ní dearbh leo is ní dearbh dháibh
clódh nach fuil aca d'urláimh.



Ní bristear orm le bagar
ní bhiodhgaim lém dhíubhragadh
le harm arab eolach mé
ní as mhó ná fear mo chaithmhe.



Más dearbh leat briathra dom chlódh
amhail chuire amach id ghlór
dar liom ní maith an mhalairt
cur do chuirp i gcontabhairt.



Cúis seanchais do chur ar arm
ní ciall do neach nach biadh balbh
cosmhail go dtuigthear as soin
gur sgar do dhóigh réd bhriathraibh.


L. 182


Na leabhair sin labhras sibh
tuigidh ar aird má táid libh
riú bhaineas bríogh ar seasaimh
is iad airm ar n-imreasain.



Dúthchas re gaisgeadh a Aodh
atá agaibh as bhar ngaol
ní bhéarthaoi a ngeall i ngníomh gha
Murchadh Eoghan Lugh Lágha.



Dóigh gaisgidh do neach dá fhréimh
níor dhéanta dhuit asat féin
an tobar ór shil an sruth
ní hé as dhóigh do bhiadh folamh.



Mar mhaoidheas tú saobh an nós
oirne an t-éacht nach dearnais fós
gach masla nach bia ar do chur
ro-luath mhaoidhe léd bhagar.



Dá mbeath an ní láimh ar láimh
idir Eoghan is Conn cáidh
ní iarrfadh Conn air ré linn
braon dá fhuil ná a chuid d'Éirinn.



Muna mbeath a shluagh leis go léir
níor shlán ó láimh Eoghain féin
gion go ráinig na hairm ann
Conn agus Goll is Conall.



Ag soin na briathra searbha
chuireas d'aimh-dheoin mo mheanma
dá bhfreagra mar as éigean
mé do labhra a leithéideadh.



Dá ndearna orm am tualaing
maoidheamh éacht ar a ngualainn
gach neach le mbadh doi-bhinn so
oruibh-se as chóir a dhiomdha.



Tuig gurb é an díol sin labhra
thugsad clann Éibhir amhra
gér liach a bhuain don deagh-fhóir
ar trí macaibh Éireamhóin.



Is é an díol soin shloinnim daoibh
thug ar Fhollach lámh Chonmhaoil
tug an díol céadna cneadh throm
Eochaidh Faobhar ar Smiorghall.



An díol céadna-sa a los gliadh
mac mhic Éireamhóin Eitrial
dá dhúsacht níor dhulta dhaoibh
fuair ó láimh chosgraigh Chonmhaoil.



Eochaidh Mumho tolg tuinne
tug ar Fiachaidh Labhruinne
bhar rígh Éireann go n-aoibhe
an díol céadna comhmaoidhe.



An díol céadna cruaidh an bhreath
tug an fhlaith Eanna Airgtheach
ar bhar rígh Éireann iar soin
dárbh ainm Aonghus Ol-mhuchaidh.



An díol céadna céim díoghla
ar bhar rígh shochruidh Síorna
mar leantar lorg an chleachtaidh
tug ar rí-ne Roitheachtaigh.


L. 184


Bhar rí Éireann aithne dhaoibh
Giallchaidh mac Oilill Olchaoin
an díol céadna sgéal do leath
tugadh air le hArt Imleach.



Bar rí oile bhar mbarr ráidh
dar bha hainm Nuadha Fionn Fáil
fuair díol a mhac-samhla sin
le Breisrigh mac Airt Imligh.



A-déaruinn go mór ní as lia
acht nach leanaim air níos sia
olc liom do bhriathra dom chur
do luaidh a leithéid d'adhbhar.



Briathra nach briathra séimhe
cúis cuirthe cáich fá chéile
uaibh-se a dtuaidh triallaid soin
éigean freagra na n-aghaidh.



Ní fuighthear id leabhraibh libh
ainm aon duine d'fhuil Éibhir
do mhionnuigh an mhóid labhra
fa mhaitheamh a n-athardha.



Sompla ar nach tugsad luighe
Meilge mac mhic Iughoine
rug rí d'fhuil Éibhir dhé a cheann
mar aon is ríoghacht Éireann.



Rí gach éin-fhear maith an iocht
feadh sé nglún na dhiaidh dá shliocht
gan agra i gcás luighe
's gan cead d'aicme Iughoine.



As soin as tuigthe do chách
nach éidir gur fíor a rádh
gur dhísligh fuil Éibhir Fhinn
do shíol Iughoine i nÉirinn.



Níor sháith d'Iughoine d'eighre
rí do roinn leath a sheilbhe
re comh-fhlaith tar chlár a-nonn
's nach coisgfeadh ainbhreath eachtronn.



Na flaithe uaibh do níodh sin
níor sháith d'Iughoine d'oighir
má deire nach fuilid ann
do bhéar uaim fios a n-anmann.



An rí deire Dia dhá dhíon
fada go léigfinn duit díom
d'fhuil Mhaine Leamhna mhic Chuirc
Leamhnach Alban go hordhuirc.



Linn go hiomlán gan buain ruibh
do thaoibh a athar a fhuil
muna leantaoi iar máithribh soin
comh-fhogus dúinn a mháthair.



Mairg dhuit a Aodh nach cumhain
leat ar labhras le Lughaidh
im cheann Fiachaidh Fir mara
is fa choimpeart Chonaire.



Cuid do na críochaibh ráidhe
d'fhonn críoch do chur id tháille
ní do shíol Iughoine a-nos
a n-uaisle sin go follus.



Déisigh Músgraidhe is Baisgnigh
a n-anmanna ré gcloistin
is é a bhfuil dá ngaol uile
anois le sliocht Iughoine.



Fíor gur threabhsad uair oile
an sliocht shloinne ó Iughoine
na críocha soin luaidhtear libh
ar throim-chíos ó rígh Caisil.



d'eagla nach creididís cách
gur fíor an glór soin ré rádh
do bhéar fios a gcíosa soin
mar do sgríobhadh i leabhraibh.


L. 186


Cíos na nDéise trí céad brat
trí céad agus leith-chéad damh
trí céad go leith muc go meadh
trí céad is leith-chéad loilgheach.



Cíos na mBaisgneach is é a ríomh
trí caogait da gach short díobh
mairt daimh is méath-thuirc breaca
is loilgheacha lán-lachta.



Músgraidhe Deas-Mumhan thiar
trí céad bó trí céad damh ndian
trí céad brat a gcíos cána
do rígh Chaisil comh-shlána.



Seasga loilgheach seasga brat
seasga muc is seasga mart
cíos ríogh Chaisil na gcuire
ó Músgraidhe Órbhuidhe.



Trí céad da ghach sort díobh
mart brat loilgheach badh lór líon
trí céad go leith torc mar sin
cíos na Músgraidhe oirthir.



A fhir do ní taidhbhse thuaidh
a los críoch do sloinneadh uaibh
treabhadh críoch ar chíos mar sin
dom aithne ní cúis maoidhimh.



Do bhádar linn san taoibh thuaidh
críocha mar sin sloinntear uain
Cuircne Dealbhna gan lochta
Gaileang Luighne Ciannachta



Sul do chéid-bhris cuing a ngaoil
síol Laoghaire is Cobhthaigh Chaoil
comhthrom is iomáin a sean
do bhain ar fhás ó Éibhear.



Lia rígh tháinig don taoibh theas
lia a soi-gníomh badh cóir a mheas
do rónsad na rígh ré linn
lugha d'olc do bhean d'Éirinn.



Níor choisgsead Laighnigh díobh féin
neart na Muimhneach ba mear méin
dol ré gcosg do chlannaibh Cuinn
fa feidhm ós cionn a bhfuluing.



Coimhmeas airde idir naomhaibh
níor mhol mé i gcúis an tsaoghail
fios cia dhíobh as airde ar nimh
ní fhuil ar talmhain thoinnghil.



Acht gairm Ard-mhacha go mbuaidh
tré theacht Pádraig ar dtús thuaidh
féach cá ceall gá dtiubhradh fear
gairm chinn-litre tar Chaiseal.



Más iad t-ughdair léd rannaibh
t'éigis anois 's an-allain
mór an toibhéim ar a bhfios
a gcluintear uaibh-se d'ainbhios.



Gach ar labhras ima raon
ar an dá leith-sin a Aodh
fa hé bríogh ar labhras ann
dá chur i gcéill nárbh ionann.



Séanaim do bhéar bunadh ris
an glór sin labhra i riocht fis
do bhéar uaim dearbhadh gur mhair
an roinn níos sia ná bliadhain.


L. 188


I dtreas bliadhain ríghe Cuinn
tarla Éire do roinn ruinn
cúig bliadhna déag na dhiaidh sa
moch-amus Maighe Léana.



Bíodh go bhfuil ré léigheamh libh
ní i nbhar sdair na aghaidh sin
ós é a cheart coimhéad na bhfios
córa creideamh don oireas.



Do ghéabhthar uaim ní fios díosg
i n-am na ranna aois Críost
i gcairt ionmholta fhollais
is aois trátha an mhoch-amuis.



Teachta Chuinn ar dteacht ar séad
gibé fáth fár thuillsea éag
fógra catha san madain
re hEoghan níor labhradair.



Mar sin nach oircheas cath
d'ionnsaighe Chuinn ciabh na sgath
i gceann Eoghain na gcuradh
's é na shuan gan ollmhughadh.



Níor thriall mise táinseamh riamh
ar shíol gCuinn na gcroidheadh bhfial
acht tagra ceart dhá gclódh soin
éagcóir glór gach aoin agaibh.



Gibé táinseamh thig dá thaoibh
gach freagra do bheirim dhaoibh
sibh-se as chiontach re buain ris
ní dom dheoin thigim thairis.



Gidh fogus bhar ngaol dóibh sin
d'éis gach saobh-ghlóir dá gcan sibh
ní nár do mhaithibh Muimhneach
gan tú orra id chomhairleach.



Ní im leith-se ba churtha bréag
acht i leith cáich uaibh nach féad
bar nglóir do bhreith go bunadh
badh bun cóir re cothughadh.



Ní abraim ní hionrádha dhamh
ní acht do réir leabhar nglan
dod nós féin ní fhuighe im beol
ughdair nach ceisd a n-aithcheodh.



Madh áil leat mo bheith im thosd
is é a dhéanamh sibh do chosg
do mhóir-bhriathraibh ar bheag bhfis
ag tagra i n-aghaidh oirchis.



Lughaidh Torna ar dhoimhne a bhfis
leasg leo buain acht go séimh ris
sibh-se an taobh tana don tsruth
uaibh do chluintear bhar dteann-ghuth.



Torna is Lughaidh fa leasg dhóibh
bheith ag tagra neith ón gcóir
sibh-se 's an drong nuadh ag teacht
cuma libh ceart nó éigceart.



T-athair is Lughaidh a Aodh
ní ar sgáth a máithreadh ar aon
téid díon onóra an taoibh theas
ní hé a gcosnamh bhar gcairdeas.



Éisdeacht do neach do badh ciall
re glór nach ró a fhios go grian
gomadh feas dó créad an chóir
ní fheadair créad an éagcóir.



An bhreis mheasaid cách do rígh
ón lucht bhíos ré linn i dtír
dá ndeachainn a meas orra
ní shéanaim í eatorra.


L. 190


Do bhí ag Conmhaol breis mar sin
ó bhar bhFollach ór fhás sibh
's do bhí aga mhac Eochaidh barr
ód Sheanbhoith is ód Shmiorghall.



Do bhí dá bhféachthá ar gach leath
breis mhór ag Eanna Airgtheach
tar an tí ór fhás tusa
dárbh ainm Maon mac Aonghusa.



Do bhí breis mar sin ré linn
ag Roitheachtaigh 's ag Féidhlim
gidh searbh leat a sloinneadh dhaoibh
ód shinnsear Oilill Olchaoin.



Macsamhla don bhreis chéadna
do bhí ag ar sinnsear Séadna
créad fá n-iarrthar orm a rádh
ó bhar n-athair-se ó Aodhán.



Mar sin do bhádar a Aodh
gach rí againn ar gach taobh
mar nárbh iongnadh ag breith ghill
ó mbíodh ré linn i nÉirinn.



Tugas ceirt-fhreagra cubhaidh
i gcás Tuathail ar Lughaidh
ós aon-chúis labharthar libh
is éin-fhreagra dhíbh dlighthir.



Maoidheamh Conaire is Cuinn
mar do níthí druim ar dhruim
gár bheag dhaoibh dá maoidheamh soin
thú féin a Aodh nó Lughaidh.



Cuiridh bhar maoidheamh mórdha
na luighe ar dhaoinibh ónda
aithne dhamh réim na feadhna
a mbáis is a ngeineamhna.



Dámadh libh Eanna Airgtheach
do bhronnadh mór sgiath d'airgead
cosmhail go maoidfeadh sibh soin
nó an drong a-déar im dheaghaidh.



Ó nach áil sgur dá maoidheamh
sloinn-se uait d'uaislibh Gaoidheal
na gníomha a ndearnsad ré linn
sochar ná onóir d'Éirinn.



Muineamhón na muincheadh n-óir
nó an t-ór-fhailgheach Ailldeargóid
do thuill onóir dá sleachtaibh
nó an roth-chairpteach Roitheachtaigh.



A maoidheamh do b'fhiú a ngníomha
nó Breisrigh rathmhar ríoghdha
dá ndiongbháil tar bhroinn mbóchna
tug iol-chatha ar fomórcha.



Nó Cas do chumhdaigh caingne
filidheacht gacha buidhne
nó fear na bhféineadh d'fhosdadh
Séadna ar dtús thug tuarasdal.



Nó Eoghan do fhóir gorta
nó Brian lér díbreadh docra
méad a ngníomh soin féachtar libh
ón droing ataoi do mhaoidhimh.



Ní labhraim gabhail coire
gidh eadh fa bhreith a thoile
rugadh géill Chormaic go a thoigh
le mac Eoghain le Fiachaidh.


L. 192


Cormac acht cuid dá labhra
ní hinghill d'uaislibh Banbha
gar go bhfuighthí a dhí-mhiadh soin
i gcuid oile dá ghníomaibh.



Tuigfid an lucht léigheas é
leigheas Lughaidh 's Taidhg mhic Chéin
iar gcath Crionna le hua gCuinn
nach glór gan fháth a n-abraim.



Dearbhadh as a dtuigfid cách
nach glór gan adhbhar mo rádh
do ghéabhthá má léaghthar lat
tagra Fhíthil le Cormac.



Gach ar thriall na thoigh gaoise
d'inntleacht fa hinntleacht baoise
níor ghníomh flatha inghill soin
a gheall ainbhreath ar Mumhain.



Gach ní ainbhfíor dár léaghas
a mbunadh mar do fhéaghas
ní díobh ní droch-aithne dhamh
do ním rém aighneas bunadh.



Ní bhíom dá cur i bhfad-dháil
duain Cionnaoith Uí hArtagáin
don ghlór sin ós í as bhunadh
lór í féin dá bhréagnughadh.



Muna meastaoi Cairbre a-mháin
ar mbeith na mhac ag flaith Fáil
ní raibh i nbhar dteaghlach thoir
éin-neach comhmaith re Fiachaidh.



Moladh budh mhó réd linn féin
tug fear dána ar fhear d'Íbh Néill
mar sin nach cúis iongnadh dhuit
file do mholadh Cormaic.



Do bhris Fiachaidh fada an ruaig
cath ó Ghláire go Sliabh Fuaid
do chosg bhar n-ainbhreath-se dhé
do stiúir go sámh a ríghe.



Gidh ard labhra do theann-ghuith
nach fríth i Saltair Caisil
do ghéabhthaoi níor dheacair dhí
ní innte gan fhios duit-se.



Ní mheastaoi-se ar rígh mar rath
acht buar toghail adhnadh cath
ní mheastaoi a mbí do mhaith
idir thár-fhlaith is fhíor-fhlaith.



Don tár-fhlaith is eadh as ghnáth
ruagadh ruathar gach ré dtráth
claoitear é agus claoidh neach
a ríghe ní sámh suaimhneach.



Fíor-fhlaith ní déantar dhé dóigh
ní dhóighidh sin neach tar chóir
ceirt-riaghladh a chríoch mar soin
dá réir sin do níodh Fiachaidh.



Gach siabhradh dár trialladh ann
ós é bhar gCormac-sa thall
do thionnsgain é misde a bhladh
do bhris dá ruaig dá shiabhradh.


L. 194


Criomhthann rí d'fhuil Éibhir Fhinn
do chuaidh roimh Niall soir tar linn
dá dtug leis anoir dá thoigh
maoine bráighde buaidh cosgair.



Ar aithris Chriomhthainn go lí
do chuaidh Niall soir is Dá Thí
ní thángadar beo tar ais
níorbh ionann a dtrí turais.



Muna marbhthaoi do neimh féin
Criomhthann le mnaoi athar Néill
ní bhiadh Niall i bhfus ná thoir
ann san oirbheart a ndeachaidh.



A Aodh cá fáth fá maoidhe
Conall Eoghan go saoire
cá breis rugsad ón dtaoibh theas
féach a ré is a reimheas.



Na sochair iomdha áirmhe
do rinne ar dtréin-shliocht Táil-ne
deacraide dhaoibh coimhmeas rinn
maith nach dearnadar d'Éirinn.



Triath d'fhéin Danar ar gach tuaith
loingeas uatha ós chionn gach chuain
maor 'sgach bhaile ab 'sgach chill
gur sgrios Dál gCais iad d'Éirinn.



An seanchas do labhair mé
ar dhruing ria dTorna is Néill
teacht tar druing mhaireas a-niogh
mar fhreagra dhomh ní dlighthear.



Súil lém bhreith aith-fhreagra truim
áirmhe saoir-ghéaga clann gCuinn
dá dtíosadh as aon-ghlór uilc
níorbh í m'inntinn a fhóbairt.



Ós é an seanchas fios na sean
is í a gcuimhne dhíom dlighthear
is ní coimhmeas drong mharas
dá mbrosdúdh i bhfaltanas.



Ar áireamh ní fhághaim blas
d'eagla buaidhreadh do theacht as
na géaga mhaireas a-niogh
d'fhuil an dá mac-soin Míleadh.



Aithne d'eolchaibh Fóid Fhéidhlim
fios clann nÉibhir fo Éirinn
dá leantar a lorg tar muir
níor dearmadadh iad i nAlbain.



Binn liom-sa gach maith dá mhéad
do rádh re sliocht Cuinn na séad
acht nach chuige a-déarthaoi sin
do tháinseamh fola Éibhir.



Na frasa ó n-ainmnighe Niall
nár liom mar eolus uait iad
ní hiad-sin na frasa fagh
's ní i bhflaitheas Néill do fearadh.



Níor fearadh fós ar gach dionn
na frasa mar ráidhe riom
acht fras d'fhuil is fras do mhil
ar ghleann Laighean ar Fhoithin.


L. 196


A-deirim fós gur chríochnuigh
flaitheas sé ríogh dod ríoghraidh
ó chur na bhfras sin ad feas
go teacht do Niall i bhflaitheas.



Cúis ainmnighthe Néill Fhrasaigh
oidhche cora na bhfras-soin
Niall is innte do geineadh
's é uatha gur hainmnigheadh.



Dubhadh éasga na cúig déag
meas it aigne féin is féag
tarla i dtráth na bhfras do chur
an é fuair é mar shochar.



Mar sin nach déanta acht go réidh
maoidheamh mór a frasaibh Néill
ó nach sa modh maoidhtear libh
fuair sé ainmniughadh uaithibh.



Ughdar mór agaibh-se thuaidh
bliadhain do chuala cian uaibh
ughdar oile a shamhail soin
áladh baichle i mbonn Eoghain.



Tagra a hucht ughdar n-amhghlan
nach amais préamh na n-adhbhar
mairg bhíos i dtráth an chosnaimh
taobh re díon na n-ughdar-soin.



Tuig gur ghlac Aonghus gan chiaigh
tuarasdal Murchadha mhic Bhriain
níor mheadh Murchadh dho mar chuing
's níor mheadh do Bhrian Maoil-sheachluinn.



Acht gér dheacair geall Guaire
ar dháil séad do bhreith uaidhe
ní faighthear leat a chara
oineach mar fhuil Eochadha.



Mar fhéacha ar do shinnsear féin
Éigneachán go n-aigne séimh
créad nach tugtar leat mar sin
súil ar Cheallachán Caisil.



Nocha n-aicthear dhuit-se a Aodh
tug th'aire nach amharc claon
maith ó neoch fo neithibh
acht ó neoch dot shinnseiribh.



Dámadh seanchaidh a-déaradh
do bhéarainn air a shéanadh
mar dearbhthar libh-se nach fuil
dár ríoghaibh acht seacht gceathrair.



Ar son seacht gceathrar do luaidh
dhamh-sa ní beartha dhuit uaim
nach féadfainn ní do chur ris
fáth mo labhra níor thuigis.



Mo fhreagra is an gcás soin
ar Lughaidh 's ar an mbráthair
saoilim dá léighe tú soin
gur lór uaim é ar do ríoghraidh.



An t-ughdar ó labhra an glór
ós í sin an Éire ógh
mór ndearbhadh na haghaidh sin
i nGaoidhilg is i Laidin.



Atáid liom fiadhain i gcéin
as fhearr 's as lia ná í féin
as a n-ucht soin mar bhunadh
téighim dhaoibh ré bhréagnughadh.


L. 198


Do ghabhsad rígh nach iad sin
Éire iar dtoigheacht creidimh
do réir fiadhan ughdar nglan
nach tiocfadh dhíot-sa a ndiúltadh.



Gibé do bhiadh na n-ainbhios
na rígh labhraim im aighneas
fios a ré 's a n-anmann soin
do ghéabha im fhreagra ar Lughaidh.



Taosga m'Eochaidh m'Airt m'Fhéidhlim
romhaibh na ríoghaibh ar Éirinn
dearbh nach fuair an inis-se
gairm tarrsa ó bhar bhfuirinn-se.



Do bhréagnughadh a n-abra
gion gurbh fhiú an chúis a tagra
gairmthear ór ríoghraidh mar sin
Banbha Briain Inis Éibhir.



Anmanna ghairmid fili
mar fhairsinge dá slighe
mó as anbhfann an tagra soin
mar aighneas ceart ar dhúthaigh.



Do nós an dána a Aodh
ós aos dána sinn ar aon
do fhéadfainn dámadh áil linn
Tír Aodha do ghairm d'Éirinn.



Mór an seachrán sin a Aodh
mar as ghnáth an seanchas claon
ní i dtreas aois an domhain duibh
do rinneadh teampall Solaimh.



Mó do roinnsead bhar rígh féin
tháinig romhaibh do shliocht Néill
Banbha ionás do roinn Brian
ní ná fhlaitheas fuair dí-mhiadh.



Níor díbreadh síol Mogha riamh
libh-se aicme Chuinn na gcliar
gach tráth nár leo thall 's i bhfus
ba leo an Mhumha a ndúthchas.



Fa rí Mumhan na múr gcorr
mac Mogha Oilill Ólum
rígh na dhiaidh a mhac 's a ua
a iarmhua fós 's a ionnua.



Mar sin dá shíol diaidh i ndiaidh
go teacht Chriomhthainn go teacht Bhriain
cuid ar Mumhain na magh bhfionn
cuid oile ar urmhór Éireann.



Iar dteacht Chriomhthainn iar dteacht Bhriain
iar dteacht Toirdhealbhaigh ná ndiaidh
iar dteacht Mhuircheartaigh go n-ádh
fa leo Éire go hiomlán.



Mar sin gur follus an bhréag
ceithre fichid ceithre céad
gur díbreadh sliocht Mogha amuigh
libh-se síol gCuinn Chéadchathaigh.



Do díbreadh ó thoigh Teamhrach
sibh 's bhar gCormac móirmheadhrach
muna mbeith bhar bhfurtacht rinn
ní bhiadh bhar mbuain re hÉirinn.



Do fhóireamar dána an chuing
sibh trér ngaol re hinghin Chuinn
tar bhar gceann ar gcur trí gcath
nár thuitsead trí rígh Ulltach.


L. 200


Do haithleagadh bhar gcríoch féin
daoibh le Lugh 's le Tadhg Mac Céin
olc an luach fuairsead air soin
cur daoil is cuilg na gcneadhaibh.



Má bhí ní nua leat ré rádh
créad nach é do chuir tú id dhán
i n-áit glóir do chansad soin
Lughaidh romhaibh 's an bráthair.



Cuir do bhagar i gcéill thuaidh
más ann creidfidhear é uaibh
bríogh sonn id bhagar ní fhuil
ard-fhuaim an tsrotha fholaimh.



Ní fearr a fhios agat féin
a bhfuil ar do chur go léir
ré rádh san modh soin mar soin
ná dhamh-sa ar mo leabaidh.



Ní breith orm.


L. 202


U Toirdhealbhach Ó Briain
A Aodh Óig na n-Each Luaith. Toirdhealbhach Ó Briain cct.



A Aodh Óg na n-each luaith
ní canta dhuit 's truagh do dháil
glór nach tuilleann i gceann
's gan tú teann ar chlannaibh Táil.



Ní glór laoich re ndul i dtreas
go marfadh fear ar gach n-áth
i n-iorghail budh dolta dhuit
sul do bhéartha troid do chách.



Ní abraim gur maith an chiall
ó chaithis dá dtrian do ré
a rádh go marfaidhe an fear
tá ar an dtaoibh theas don ghréin.



Teanna le cró na gcrann
do chleachtdaois clann Éibhir Fhinn
urchar neamh-chruinn uaibh i bhfad
ba cleachta lat i Leath Chuinn.



Mise féin is ní mé a-mháin
do gheabhainn do láimh gan cheilg
crú mo chroidhe dod ghadh ghlas
do bhreith uait gan bhlas dot fheirg.



Ní tusa amháin don taoibh thuaidh
acht gibé racha uaibh na sheilbh
an gadh as a bhfuil do dhóigh
do gheabhadh sé cóir it fheirg



Muna bhféachuinn d'inghin Chuinn
ba searbh le Leith Chuinn mo ghlór
's d'inghin Í Bhriain leath ar leath
ní labhraim ar chairt níos mó.



Más trom leat ar labhair mé
bíodh a aithbhior ort a Aodh
's gach neach léigfeas ar dhá ndán
breithnigheadh rádh an dá thaobh.



A Aodh.


L. 204


U Baothghalach Ruadh McAodhagáin
Mairg darab féicheamh fear gaoil.Baothghalach Ruadh McAodhagáin cct.



Mairg darab féicheamh fear gaoil
go dol an aighnis d'éan-taoibh
ag séana a ghráidh is dleacht dol
madh áil an ceart do chosnamh.



Gibé fhuilngeas anba an bhroid
meath a chúise dá charaid
nocha cás cleith a dhlighidh
tlás na leith ó luaidhfidhir.



Eagail dó díochra an pudhar
go mbia a chúis gan cothughadh
muna bhfreagra an dál do dhligh
gan ghrádh gan eagla éin-fhir.



Dá dtagra duine gá dás
tallann d'ainbhios nó d'fhorbhthas
do dheagh-aighne 's dleacht an modh
neamh-ainmhe um cheart do chosnamh.



Tarla idir dís díochra an oil
riú bheanas brígh an adhbhair
file a Mumhain Éibhir Fhinn
's Lughaidh Ó Cléirigh coinntinn.



Tadhg Mac Dáire gá dám dó
tug geall do mhóir-Leith Mogha
tar tréad caith-leomhan ó gCuinn
créad acht aith-leonadh oruinn.



Do bhuain béime ar chlannaibh Cuinn
do chum sé seanchas fábhaill
i nduain mhaoil gan buain re bun
nach fuair i laoidh ná i leabhar.



Atáid más fhíor re hathaidh
sliocht uaibhreach Chuinn Chéadchathaigh
ríoghradh chonfadhach Chraoi Airt
urchradhach ar aoi a n-éabhairt.



Cuiris Lughaidh sa leith thiar
go ríoghraidh Mumhan Maicniadh
freagra sgríobhtha ar a sgolaibh
líomhtha d'eagna 's d'ealodhain.



Aithcheodh ollaimh aicme Táil
fríoth ón ollamh 's níorbh éagcáir
béim éagnaigh truim ní thard air
's do bhuing do Thadhg ar thagair.



Ríoghradh Tighe na dtrí bhFionn
dar leo ní dhearna dícheall
oide sgol bláith-Leasa Breagh
ar son bráithreasa braithtear.



Nár leision a los a ghaoil
gé do fhéad Tadhg do thathaoir
gach arbh ionráidh do rádh ris
nó glár budh iomnáir d'aithris.



Mo nuar tráth nach tarla ris
neach nach biadh i mbun bráithris
lé budh dil díoth an ollaimh
ag sin críoch ar chanomair.



Mairg.


L. 206


U Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha
A dhuine labhras an laoidh. Tadhg McDáire cct.



A dhuine labhras an laoidh
mé an Tadhg ataoi do thathaoir
mo ghairm ni cheilim fa choim
do bheirim m'ainm ré n-abraim.



Soighin orra níorbh í ar dtoil
gruaidh gach aoin d'aos ar n-ionnloigh,
ní héadóigh na doighir dhuinn
tré shoighin n-éagcóir orruinn.



Ní maiseach liom do labhra
ó neach i n-ainm ealadhna
boirb-bhriathra go mbriocht ré gcois
nach loirgiarfa ar sliocht seanchais.



Acht ar labhair Lughaidh d'fhios
nár dá bhfuil uaibh re haighnios
mar lucht eagna do thairg teacht
gan fhreagra ar aird ná éifeacht.



Inis uait domh a dhuine
créad dom briathraibh bhréagnuighe
dá n-iomrádh gidh bé ré mbí
an é an t-iomlán nó an éinní.



Fan seanchas chuirim chugaibh
congbhaidh é nó urlagaidh
fa a rádh níorbh éagnuighthe inn
slán a bhréagnuighthe bheirim.



Ag so suim ar seanchais daoibh
um dhuain neimh-bhréagaigh neamh-mhaoil
téighim gan chleith dhaoibh nó dhamh
fa a bheith i laoidh nó i leabhar.



Slán a bhréagnuighthe orm d'fhear
sinnsear Éireamhóin Éibhear
ní bhiadh dhósan acht uaill ann
nach ó shósar fuair fearann.



Atá aniu i sein-leabhraibh sean
ainm Hibernia ó Éibhear
sgriosadh é as lár na leabhar
gidh bé lén hál mh'éileaghadh.



Traothadh Mhic Chuill d'Éibhear Fhionn
fuair roimhe i ríoghacht Éireann
fa chlár Éibhir na n-eathar
slán éinfhir da éileachadh.



Slán fós a bhréagnuighthe soin
ríoghradh shíl Éibhir éachtaigh
gasradh armraithe óg fhionn
nárbh anfhlaithe d'fhód Éirionn.



Gach ar ríomhas dá ríoghaibh
a ndubhart dá ndeigh-ghníomhaibh
sgríbhne liom i nÉirinn air
téighim ós chionn a chosnaimh.



Na héachta do háirmheadh leam
i ngné fhreagra ar rígh Éireann
an té déara a shéana sin
do ghéabha a sgéala i sgríbhnibh.



Bíodh gomadh searbh a rádh ruibh
géill Chormaic d'fhagháil d'Fhiachaidh
ní fhuil sé i leabhar ná i laoidh
gidh bé déaradh is díomhaoin.


L. 208


Easgar Riada na ród bhfionn
nach leath chomhthrom d'fód Éirionn
an taobh dhí ronnas rinne
follas gurb í an fhírinne.



Más é as fhíor-oighre ar gach fhuil
sliocht a sinnsir dá sleachtaibh
ní fhéad maicne Míleadh mhir
síneadh tar aicme Éibhir.



Nach í an fhian a-bháin do bhris
cath Gabhra ní gheabh thairis
tar neart ríogh mín-eang Mumhan
sgríbheann bhfíor ar bhfiadhnughadh.



Riom i dtagra ós tú raghas
ag sin suim ar chéad-chanas
féach cá mhéad éilighfe ann
nó créad th-éilighthe oram.



Níom comh-ghaol níom cara dhuibh
tarsa ná tathaoir Lughaidh
bréagnuigh féin an mhéid-se a-mháin
nó is béim ar th-éigse éagcóir.



Taisbeán th-ainm agus th-aghaidh
cosain th-aighneas d'ealadhain
nó bí go hadhnár umhal
tréd cham-dhán gan chothughadh.



Ní do réir shuadh so sheoluis
do dhán bréagach beg-eoluis
ní ceisd d'caon th-ainbhios d'aithne
trét aighnios maol mearaighthe.



Beir dá leigheas óm labhra
luibh dom briathraibh barbardha
leigheas neimhe neimh eile
neimh ar gcneidhe coinnteine.



Anfad gan iomad do rádh
do chur críche ar an gcomhrádh
mar sgéith chosnaimh dar canadh
i n-orsain ar n-ealadhan.



Deacraide ní do rádh riom
más fiadhain sgéala sgríbhionn
ós dó tám ní thagraim ruibh
glár dá n-abraim gan fhiadhuin.



A dhuine.


L. 210


U Fear Feasa Ón Cháinte
Féach orm a fhir na laoidhe. Fearfeasa Ó An Cháinte cct.



Féach orm a fhir na laoidhe
fogus duit díol t'fhar-aoire
tig nimh gach chatha ré chois
ní racha libh ar labhrais.



Faiceam thú tar do láthair
sgaoil do bholg fhis iongnáthaigh
bí it fhuibhdhidh ná tréig do theas
séid fa fhuighlibh na n-éigeas.



Labhair ní éigin uait féin
a linntibh íochtair th'aigéin
ar chreich ar chomha nó ar chath
gan a chora i leith Lughdhach.



Bréagnuigh do bhriathraibh doimhne
síorruigheacht ar sochair-ne
gach ní as ?ar a dtigtir lét thoil
's ní as na litribh do láthair.



Muna bhfuil ughdar agaibh
rét urlabhra n-anabaigh
buain dá hoil is diombhail ?diombail duit
ní fhoil ionnaibh acht óinmhid.



Ar fhuighlis dá n-admha sibh
má tá sé d'acfuinn ionnaibh
cruaidh th-eagna adhain do ghoimh
tabhair fhreagra ar mo fhriotail.



Créad fár aorais gan fhátha
an file áith iongnátha
fan roinn gcéillidh do chruthadh
fa chloinn Éibhir d'ardachadh.



Níorbh fhatha imdheargtha dhaoibh
ar labhair sé ar chloinn Chonmhaoil
'sé ré chighsiom ar Chró nAirt
mó ar dhlighseam ná a ndubhairt.



Atáid litre ó lámhaibh naomh
atáid laoidhthe luach ro-dhaor
mar fhiadhna leath ar leath lais
agus diamhra sreath seanchais.



Le bréig dá mbréagnuighthe sinn
deacraide aithcheo m'fhuighill
do chiú na rolla 's an roinn
aniú io-morra gan mearbhaill.



Ós aniú as ísle a dtionóil
clann Chonmhaoil clann Éireamhóin
aniú féin féaghthar na fir
léaghthar gach céim dá gcéimibh.



A fhir dhealbhtha an dréachta bhuig
do Thadhg fós niat fear comhraig
mairg dot shamhail do shir cath
is nach faghair sibh seasmhach.


L. 212


Ní hionann is th'oige féin
gé thug tú ar Thadhg toibhéim
sa ghréas laoidhe ar ar luigh san
ní fhuil maoile ná mearbhal.



Ní fhuil aoin-tslighe ndiamhair
air san éigse il-rianaigh
sé na rómh-oide is na shruth
córaide gan é d'ionnlach.



Fán bhfreagra nár thaithin ruinn
ní thiubhradh aoin-neach againn
le fuath ná le foiléim goimh
toibhéim ar luach do Lughaidh.



Dá mbeimís gan bheith láin-dil
ní léamhthaoi a los iomcháinidh
fa labhairt re cineadh Chuinn
adhaint an fhileadh eadruinn.



D'iarraidh anma nach ainm duit
do ghluais tusa toisg aimh-ghlic
d'fhior th'oige gér leasg labhra
i measg n-oide n-ealadhna.



Mar dhearbhadh bhforbhtha ar a bhfios
dá ndearndaois oididh aignios
clú aighnis do chreic i gcéin
ar ainbhis deit na dhéidh-séin.



Níor chóir do thoghadh re Tadhg
acht fear gabhtha grádh ro-ard
tar doirr troide ná tairche
ní cuing oide iomairche.



Béasgnadha tuinighthe Taidhg
ná gluaisidh trá dá dtiomairg
cuimilt riú mar mhairneas mé
ní fiú th'aighneas ná th'éigse.



Dá ndearná aighneas gan aoir
ní tairgfidhe do thathaoir
le buain d'fhoirm aighnis gan aird
do thairngis oirbh an iomairg.



Do ghéabhthair sonn seasamh rut
i gceardaibh fis na bhfealmac
reacaim ruibh gomadh searbh sionn
do dhealbh ge chuin do chíchsiom.


L. 214


Am fealmac-sa trá do Thadhg
géabhad orsain don iomarg
mar tharraing gidh tais domh-sa
gabhaim re hais th'orrach-sa.



I ndoimhneas seanchais na sean
i n-iomarbháigh na n-éigseadh
ná ins na sochraibh thuaidh is theas
ba suaill um fhochraibh th'aighneas.



Dá dhearbhadh nach abaidh taoi
's nach fuil tú acht it fhás aonlaoi
ciall t'oibre níor earmais neach
ní dhearnais t'oigdhe d'inneach.



Féach gur suidhigheadh sonn na
cath nach claoifidís céadtha
teacht ar cheann t'fhoilighthe inn
do b'fhearr oilithre a hÉirinn.



Dul na gcinnsioll níor chóir deit
raoin uaigneacha an iúil deireit
léig do na saoidhibh a súr
ná séid aoibhil gan fhadúdh.



Bíodh gurb ionmhuin leat Lughaidh
ná gabh ort feidhm documhail
dá thairsin ná cuir do chois
i muir aibhsigh an iomuis.



Bí mithis i measg sgoile
idir an aos eagnuidhe
deilbh oige ní hobair dhuit
lodair go t-oide a fhocluic.



Ré bréagnughadh na mbalg bhfis
a bhfuil uaibh i n-ainm oidis
d'éis ar luaidhsead a los truim
a bhfos fuairsead a bhfoghluim.



Níor cheanglais críoch do chomhráidh
ní fhuil feidhm ar th'iomarbháigh
dom fhreagra trá ná toirche
a-tá th'eagna neamh-fhoirfe.



Féach orm.


L. 216


U Baothghalach Ruadh McAodhagáin
Fuirigh rém thagra-sa a Thaidhg. Baothghalach McAodhagáin cct.



Fuirigh rém thagra-sa a Thaidhg
ar chan tusa is tuar fodhoird
béad-mhasla do chuaidh tar chéill
buain re m'éagnach-sa is aighbhéil.



Modh tagra tabhair-se dhamh
gabh chugad céill mo bhriathar
borb gach aighne lé badh áil
gan ord caingne do chongbháil.



An rinn ar rádh na leabhar
damh ón cheart do choireaghadh
nó ar chan sinn cuiridh ar gcúl
's ná fuirigh rinn ar réasún.



Ná han ar riaghail ná ar reacht
fuathaigh ceart cumhdaigh éigceart
ná samhail réd lá a locadh
labhair trá do theann-fhocal.



Ní don tromdhacht tárraidh sibh
rith teangadh re toil n-aignidh
teacht le céim dian ní dleaghair
srian léd chéill níor chuireabhair.



Ciontuigh thú féin fill tar ais
déine lóir-ghníomh nar labhrais
sibh féin fo thár ná tuill-se
glár gan chéill ná caomhuin-se.



Dréim rinn is caingean gan chéill
dhuit nó is anfhuise aigéin
iomlán ór dtroid ní teagar
iomnár dhoid ar ndísbeagadh.



Urraim dam deifrigh rét ais
adaimh thú i n-easbaidh eolais
tabhair is ná tairg mo chosg
adhair a Thaidhg dom theagasg.



Dob' iomdha neach gus a-nois
do shaoil gurbh aigéan iomuis
gur bhréagabhair inn rét ais
do linn éadomhain eolais.



Mar bhíos linn fo lán foghair
nach bí fúithe fodhomhain
neach san ló as líonmhaire caint
ní dó as shíor-ghoire substaint.



Gidh é an sionnach sloinnfead dhe
nó go bhfaghann cú a chroithte
faill ar a chlódh dá chonfadh
is mór glaim ná greadhan-chon.



An chú fhíochmhar do shoich sibh
an tan-sa fad ghlaim gháibhthigh
eagail deit confadh na con
gleic ré borrfadh is baoghal.



Gidh iomdha lucht do laoidheadh
i gceann con do chomh-maoidheamh
breith do bhuaidh creid-se don choin
uaill deid-se nocha dleaghair.


L. 218


Do iarrais orm 's níor mhol mé
ar tús taisbéanadh mh'aighthe
na dhiaidh do bhagrais bogha
biaidh far thagrais trom-fhola.



Fearr dhuit gan a silleadh sin
fuireach ria ní rún d'éigsibh
ní dáibh nach fatha falaidh
gráin catha ar mo cheann-aghaidh.



Taobh re heolus mhic Mhic Chon
má tharla tusa it aonar
ná tuig-se riamh go raibhe
an chuid-se d'Fhiadh Iughoine.



Atá riamh go soiche so
ní guth dod mhóir-Leith Mogha
Leath Chuinn na cearchuill sgoile
tar leath-roinn Fhuinn Iughoine.



Id bhogha ní beithte suim
is ní ró acht urchar n-iomruill
ná maoidh an bogha-sa a-bháin
dhaoibh ní horusa a admháil.



Soighde an bhogha bhíos mar soin
éacht dá dtaoibh nocha dtorchuir
mairg do ghríos gleo na troide
leo síos acht le sochraide.



Do chongnamh liom acht mé a-mháin
i n-am do chlaoidhte a chompáin
d'uainibh sgoile an Chraoi Chuinn-se
saoi oile ní iarrfainn-se.



Mh'ainbhios dhuit-se gá dám ris
a fhir chléibh cia do innis
go lá an luain ná luaidh-se mh'eol
do chuaidh uaibh-se gan aithcheodh.



Gidh eadh ní léigthe fa lár
an chúis fá bhfuarais iomrádh
gá hagra re measga mir
rém thagra feasda fuirigh.



Fuirigh.


L. 220


U Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha
Ní theichim re Tagra mBaoith Tadhg McDáire cct.



Ní theichim re tagra mbaoith
bagar gáibhtheach glóir neamhghaoith
na cúis amh-luaidh ní fhuil d'fhear
ní chuir an-bhuain ar m'aigneadh.



Toibhéim gan cheart um cheird féin
tugais orm anba an doimhéin
do ghlór féin do éagnuigh ibh
céim do bhréagnuigh do bhréithir.



Díon do chéad-ghlóir mar badh cóir
ní hé éifeacht bhar n-ath-ghlóir
ní hé an t-ord caingne cubhaidh
aighne borb do bharamhail.



Mé dot ath-ghoin san alt-sa
ní tathaoir dom thromdhacht-sa
mo chéad-ghoin is tú do thairg
crú bhar n-éagnaigh ní hiomaird.



Dána dhuit-se déanamh truim
fa éadoimhne iúil oruinn
srian réd chéad-ghlár do chuireas
do bhréag-rádh do bhréagnuigheas.



Mo linn eoluis d'fhios na sean
fuarais oilbhéim na himeal
grian ar bhfis is dál domhain
gá dtám ris ní rángabhair.



Ní ar bhladh éan urlaimh rom alt
minic do chiú 's do chonnarc
fios nach léir dhuid-se acht mar dhall
nach éir léd thuigse a thacmhang.



Do cheird féin ní chuire i gcion
cuirim-se an cheird óm shloinntior
go bhfuil gan chlaochlódh om chaint
ní baoth-ghlór soin acht substaint.



Nach tú an chú do croitheadh leam
go follus d'éigsibh Éireann
re bualadh do bhréag id bheol
nar fhéag d'uamhan fad aithcheodh.



Do bhréagnuigheas bíom na bhun
tusa i dtosach do bhriathar
nocho gcaigéal a rádh ribh
do shlán fá n-aibéar d'fhuighlibh.



Ní leanabh acht lorg leabhar
ní bhia dál gan deimhneaghadh
ná mealladh ar bith im béal
ná rith teangadh na dtaigéar.



d'éis a fiadhaigh do dhol dí
amhasdrach d'fhógra a claoidhte
do ní cú anbhfann mar ibh
as a labhrann tú tuigthir.



Bréagnachadh nach bí ar do chor
imdheargadh aoin gan adhbhar
mar do rinnis iad gan fhios
is iad do innis th-ainbhios.


L. 222


Moladh iomarcrach ort féin
cuid d'fhiadhnaibh th-ainbhis eiséin
toibhéim id chainnt re confadh
mar fhoiléim drainnt dobharchon.



Gan leanmhuin luirg bhar n-agra
cúl do chor réd chéad-thagra
maoidhimh dhuit as diamhraibh th'fhis
is cuid d'fhiadhnaibh bhar n-ainbhis.



Fearr ar labhair mac Mhic Con
dá bhféadthaoi an chúis do chosnamh
ioná a gcloistir uaibh uile
coisgidh d'uaill is d'éadmhaire.



Ar n-iarraidh th-aighthe 's th-anma
fa hé ath-ghlór mh'agallmha
teacht do chosnamh ar chan sibh
ná tar gan chosnamh cuimhnidh.



Dearbh más troduire tusa
gur bhagras mo bhogha-sa
soirbh geall do bhreith ón bhuidhin
's bheith go teann ar thruduiribh.



An dream sin munab díobh dhuid
dol dá ndídean ní mholmuid
béim dá ghnaoi tagra trom-locht
dá n-admha saoi saothamhlacht.



Bagair do gráin chatha ar chách
gá mbia rét aghaidh ur-sgáth
coisg na goimhe is dúil dise
i ngloine úir mh'aighthe-se.



Cosmhail ar ar chanais rum
nach fuair tú móide an mearbhall
a fhir thuaidh do thagair ruinn
uain cadail ar do chearchuill.



Dá ndeachadhaois uile as
ní tusa tá gan th'amas
ní id chás féine fuair tusa
buain béime ar mo bhogha-sa.



Ná bí dá cheilt léd cham-dhán
níor chanas um chéad-chomhrádh
glór ribh acht do reacht leabhar
ní dhligh ceart do choireaghadh.



Ná bí re bagar th'aighthe
an i mbun do bhréagnuighthe
a ndubhairt tú seasaimh soin
nó leasuigh clú do chumhthaigh.



Ní riú as chóra cúl do chur
tús is tábhacht ar mbriathar
le cam-rannaibh ní cheileam
a ndubhramair deimhnigheam.



Ní bhiam re freagra feasda
dod ghlór fhaobhrach éig-cneasda
bheith dhí más daoibh as ragha
ní hí an aoir an ealadha.



Breith barr i mbriathraibh gonta
gan aon aighneas ionmholta
an barr asa teann tusa
ní hann as fhearr m'eolusa.



Ní theichim


L. 224


U Anluan McAodhagáin
Is ait an obair-se ar Thadhg. Anluan McAodhagáin cct.



Is ait an obair-se ar Thadhg
ag buain fa bheith i n-easard
re dagh-bhun eoil ar n-anma
adhbhar ceoil ar gcomh-labhra.



Nach greannmhar ghabhas do láimh
re daoine tromdha teangbháil
's gan acht sdán i gcuid dá cheird
le lán a ghuib do Ghaoidheilg.



Dá mbeith áineas Banbha ar bun
do dhéandaois daoine súgradh
i n-iath choill-gheal na gclár sean
fa ghlár ain-mhear an fhileadh.



Is glór gan chéill cuirthear air
más é Tadhg thiar do thagair
is glór tré dhlús dighe soin
nó is tús mire ros mhearaigh.



Más fíor rinn do ráidh ro-ghuth
i ndán bhog do Bhaothghalach
lán súl is croidheadh ó gCuinn
glún fár hoileadh an fhoghluim.



Do ráidh go mbéaradh a bharr
le lán duirn do dhán éadtrom
file neamh-fhoirbhthe Craoi Chuirc
mearuighthe an draoi a-dubhairt.



Do lean Tadhg ní triall síodha
aigneadh an ois éig-críona
a n-airneal gion go n-éir sin
bheireas léim ain-mhear inntibh.



A thuile boirb-bhriathar dte
ní bhia madh beo na daoine
ag Mac Dáire acht na ghlóir ghirr
gáire ba cóir fá choinntinn.



Mór n-oideadh do gach aicme
mór bhfoghlaintidh bhfosgailte
a n-éir brígh bréagnuighthe an fhir
i dtír ghéag-shnuighthe Gaoidhil.



Mac Aodha aighne go dtreoir
gríos oireas d'fhuacht fhear n-ain-eoil
beag dhe ré n-áireamh na aghaidh
dáileamh é don ealadhain.



Badh gleic leinibh is laoich luinn
do Thadhg an eoluis iomruill
spairnn fa dheoidh ré dhuanaibh sin
nó is luamhain eoin gan eitibh.


L. 226


Gort iad nach roich a robáil
a chineadh clann Aodhagáin
maith treoir a so-ghaoise so
eoin foraoise na heagna.



Díobh fríoth an t-iúl gá dás de
iad féin fréamha na tuigse
ionnlach na mbalg mboig-ghéar bhfis
do Thadhg is oigéan ainbhis.



Is ait.



U Brian Óg Mac Diarmuda
Do bhéarmaois dá n-aimh-dheoin féin. McDiarmuda cct.



Do bhéarmaois dá n-aimh-dheoin féin
go gcead don rígh is dá réim
a gcinn le cois a gcána
ó Leath Mogha mhór-dhála.



Do bhéarmaois.


L. 228


U Art Óg Ó Caoimh
A Fhir thagras an chaint bhaoth. Art Óg Ó Caoimh cct.



A fhir thagras an chaint bhaoth
ainic leat nach saobh dod chéill
caint gan tábhacht acht a fuaim
i mbéalaibh cáich uaibh i gcéin.



Is dearbh dámadh deimhin leat
go bhfaightheá-sa cead ón rígh
nach cian do haithreostaoi uaibh
cinn ná cána do bhuain dinn.



Ó taoi-se ag adhradh don tsíoth
gidh ro-bheag ar mbríogh id neart
badh lugha id chogadh ar suim
is Leath Chuinn ag congnamh leat.



Glór an tsionnaigh ris an gclog
ní beag nod dá chur i suim
go leigfeadh Leath Mogha mhór
a gcána le slógh ó gCuinn.



Gníomh ain-nirt ag ollamh mhear
gnáth ag neach gan neart ná cóir
an t-uisge tana as mhó fuaim
samhail sin re huaill do ghlóir.



A Mhic Dhiarmuda ó Mhuigh Luirg
bíodh gur do chuirm tháinig sé
le comhrádh badh cóir do cheilt
níor chubhaidh dheit bheith id fhréimh.



An tan do labhrais an glór
atáid cách go mór dá mheas
gur dhearbh libh nach biadh do gheall
le tagra ar gceann do bhreith leat.



Ar a rádh go mbéartha ar ngeall
gé bheitheá teann as a los
níor churtha dhuit dar mo mhóid
i n-ionad Aodha óig do chos.



Mac Í Dhomhnaill an saoi glic
níor dhulta dhuit i na ghlas
sean-fhocal ré rádh i n-am
ní hionann dul ann is as.



Más tusa ar Aodh óg is ua
mac Í Dhomhnaill na gcuach nocht
fogus mo ghaol-sa d'fhuil Bhriain
mo lámh-sa réd ghliaidh do chosg.



Má tá tusa a Bhriain mhic Bhriain
it urradh gliadh ag Leath Chuinn
atám do Mhumhain Mhic Chon
gabhaim do chosg ar mo chuing.



A fhir chroidhe don taoibh thuaidh
nar chan sibh gidh suaill mo bhríogh
gibé do choisgfeadh do ghlór
gabhaim re hais clódh do ghníomh.


L. 230


Ort is an chéim-se a fhir thuaidh
atá breith buaidh ar mo láimh
mo ghlór ní comhrádh le cleith
ná measaidh gur breith le báidh.



Muna maireadh acht mé féin
do shíol Éibhir is é a fhíor
ar do shíothcháin gidh beag troigh
ní thiubhrainn duibh don taoibh thíos.



Iomdha fáth nar dhéanta dhíbh
saobh an ní fá dtugais láimh
urruinn an mhadra don mheall
is é sin do cheann don dáil.



Ní leanta ar chomhrádh do shíor
i síodh ná i gcogadh gan cheilg
go samlam iomghuin fa seach
nocha mbia teacht tar ar bhfeirg.



Ó taoi-se ar shíothcháin an ríogh
a fhir thíos a-dubhairt ró
uch dámadh é an cogadh ann
ní chuiriobh barr air as mhó.



Ar Leath Chuinn gidh cruaidh an cheisd
ag soin uaim mo cheisd gan chailg
rugadh m'athair róm im ré
sloinntear mar sin mé gan mairg.



Cú Chuluinn bhar dtíre thuaidh
Aodh Ó Domhnaill sultmhar rú
mac Í Bhriain ar a bholg
do ghaibh re hais tolg a crú.



A fhir thagras.


L. 232


U Seán Ó Cléirigh
Éisdidh a éigse Banbha. Seán Ó Cléirigh cct.



Éisdidh a éigse Banbha
tabhraidh dhúinn uain agallmha
go labhra sinn sunna seal
do shliocht Ír mhóir mhic Mhíleadh.



Do tógbhadh iomarbháidh uaibh
a éigse Banbha theas is thuaidh
eatorra féin 's a síol seal
Éireamhón ard is Éibhear.



Tabhraidh dhóibh-se a seal féin
do chlannaibh Rudhraidhe réidh
congbhaid anos an-allan
tosach éigse is ealadhan.



Comaoin d'éigsibh Inse Fáil
báidh re clainn Rudhraidhe ráin
mar thugsad dóibh ima le
tós is deireadh gach duaine.



Dá dtugdaois fós do shliocht Ír
éigse Banbha níor thathaoir
tús agus deireadh gan chleith
is rann láir gacha duaine.



Muna mbeidís is dearbh sin
síol Rudhraidhe roighne an ghaisgidh
ní bhiadh dhíobh-san go bráth mbinn
fiú na crithre san choigill.



Do chruinnigh go Ceann Trágha
dá chéad déag d'éigsibh ána
dá gcur tar sáil eing a heing
's gan tocht tar ais go hÉirinn.



Tiaghaid Clann Rudhraidhe ruaidh
eidir a ndeas is a dtuaidh
d'fhosdadh na bhfileadh fíor soin
d'aimh-dheoin a raibh na n-aghaidh.



Eidir-ghleo na cúise sin
do fosdadh fós na filidh
coinnmheadh trí mbliadhan iar soin
do radadh dhóibh ar Ulltaibh.



Feacht oile d'Athairne ard
an t-ollamh glan gréasach garg
i mBeinn Éadair do ghabh teach
láimh re leath-bhord na Laighneach.



Fa chosaibh a chaorach soin
do rónadh cliatha caolaigh
le laighnibh do láimh Lighean
Áth Cliath uadh do hainmnigheadh.



Ag Athairne thall na theach
bádar trí chaogait loilgheach
's ní raibh do theaghlach na thig
acht madh uathadh dia éigsibh.



Fuighleach a lachta gach laoi
ris an mbeinn do bhuí ré thaoibh
d'eagla sásaidh aoin oile
do dhoirteadh uaidh Athairne.



Ar mbreith ainbhreath ar Laighne
d'Athairne nár cheil ainmhe
do chruinnighsead thiar is thoir
dá dhíochur a Beinn Éadair.



Cuiris Athairne ba thuaidh
fios ar chloinn Rudhraidhe ruaidh
dia rádh riú ag a dtighibh
teacht a dtuaidh dia fhóiridhin.



Tig Conchobhar ceann an tsluaigh
gluaisid Ulltaigh leis ar n-uair
go Beinn Éadair níor hanadh
cian bhus buan a bhioth-ghalar.



Cuirthear seacht gcatha cródha
re seacht láithibh lán-mhóra
eidir Ullta iolar cneadh
is laochraidh láimh-dhearg Laighean.


L. 234


Do loiteadh tra san toghail
óg-mhac do chloinn Chonchobhair
's a lán dá macaibh míolla
dá n-aos óg nárbh inghníomha.



Cuiris Fínghin fáith-liaigh uaidh
teachta go hAthairne ar n-uair
ian do lacht gur ro-fhaoidhte
gus na hóga ath-ghaoithte.



Mar do chuala an aisgidh
gabhais fearg dá fhíor-chlaisdin
doirtis an leamhlacht go luath
síos gus an sáile searbh-ruadh.



A-dubhairt fós go frithir
dá dtigdís dom fhóirithin
nocha dtiubhrainn mír dom biadh
d'fhearaibh Éireann ar aoin-rian.



Nochar thuill Athairne cruaidh
cumann na laoch ón Chraobh-ruaidh
an éigse bhí leis go glan
's ní hé féin do chosnadar.



Ag sin fachain an chatha
do thugsad mór-shluagh Macha
ag Beinn Éadair go líon sleagh
is laochradh loinn-mhear Laighean.



Ríomh réadlann nó gainimh ghil
feoir faithche duille ar dhairghibh
lámh fa ríomh a sochar sin
deigh-shliocht Ír do na héigsibh.



Sul tángadar tar sáile
ocht mic Mhíleadh Easpáine
le hÍr do chosnamh cána
tosach troda is teagbhála.



An tan tángadar ar tós
mic Mhíleadh fa hoirdhearc nós
trí fichid long líon an tsluaigh
ag teacht go hÉirinn arm-ruaidh.



Deich longa fichead go fíor
buí fa lucht gaisgidh dá ndíon
tríocha long luchtmhar oile
fa mhoghadhaibh mór-oibre.



Dá fhichid taoiseach gan léan
ag triall dóibh-sean nocha chéal
do chosnamh Éireann an-all
re Tuaith dealbhdha Dé Danann.



Ar dteacht ar radharc Banbha
do rónsad coimhling chalma
's rug ar ráimh léim go luinne
taoiseach gacha tréan-luinge.



Do ling long Ír rompa i bhfad
mar urchar saighde a fiodhbhac
gur chronaigh súil Éibhir Dhuinn
lúth na luinge ar an luath-thuinn.



Más tré thnúth a-dubhairt Donn
nó do bhrosdadh na laoch lonn
biaidh uainne go bráth ag Íor
tús ar gcreach is ar gcaithghníomh.



Brisis Ír an ráimh reamhair
tuitis siar fán luing leabhair
le n-a bharc mar sin sínidh
gur bhrúidh corp an chaith-mhílídh.



Téid d'éag an oidhche sin féin
Ír mac Mílidh an airm ghéir
's do claoidheadh feart dá thaoibh thais
i Sgeillig† adh-fhuair †Iorrais.


L. 236


Is é sin fá deara dhó
gan a ainm do dhol níos mó
fa Inis Fáil na bhfleadh-ól
mar Éibhear mar Éireamhón.



Éibhear mac Ír ard a bhladh
gérbh óg iar n-éag a athar
rug ó chloinn Míleadh a-mach
cóigeadh Uladh oll-bhladhach.



Éibrioc mac Éibhir mhic Íor
ba dia chloinn an dias deigh-ríogh
Cearmna 's Sobhairce go ngoil
dá chéid-ríogh Éireann d'Ulltaibh.



Cóigear ar fhichid uile
ó Ír san Réim Ríoghraidhe
oiread ré dhá n-urdail soin
fuairsead do théarma ar Teamhraigh .



Móir-sheisear dhíobh dearbh an dáil
do ghabh ríghe ar Banbha bháin
mar áirmheas réim an rolla
gan neach oile eatorra.



Ollamh Fionnachta go rath
Slánoll Géidhe Oll-ghothach
Fiachaidh Oilill Armghaoth ros ghabh
agus an badhbh-laoch Bearnghal.



A seacht tríochad 's céad bliadhan
do bhí Banba gá riaghladh
ag an ndroing-se do shliocht Ír
gan teacht eatorra d'éin-rígh.



Mar do ríomh sibh go hiodhan
áiréomhadh uathadh d'iolar
gidh aithnidh d' Éirinn uile
do shochar shíl Rudhraidhe.



Ollamh Fódla feardha i gcath
do chéad-chumhdaigh Feis Teamhrach
is céadfaidh d'ughdaraibh soin
gur uaidh ainmnighthear Ulaidh.



Géidhe Oll-ghothach go n-aoibh
ar a ghlór níor thuill tathaoir
guth gach fhir ré linn gan locht
binnithir téada meann-chrot.



Slánoll mac Ollaimh amhra
an feadh fuair flaitheas Banbha
níor ghabh aoin-neach re a linn
saoth ná galar i nÉirinn.



Fionnachta Fionn fear an raith
sneachta fíona fríoth na fhlaith
nachar shíon fhuar ná fhrithir
gonadh uadha ainmnighthir.



Is é do chreid i gCuinn chóir
ar tús riamh i nÉirinn óigh
Conchobhar ceann an chuire
dár shleacht sé Magh Lamhraighe.



Cia hí an éin-bhean don deagh-fhóir
d'fhuil Éibhir nó Éireamhóin
Fuair flaitheas Éireann ar n-uair
mar fríoth le Macha Mong-ruaidh.



Is í do thórainn Eamhain
mar do thórainn Tea Teamhair
nach béarthaoi a barr ar theagh
le mnaoi do macaibh Míleadh.



Naoi gcéad bliadhan buí Eamhain
lán do mhuirn is do mheadhair
ó ré Mhacha mór an rath
go ré Fearghusa Fhogha.



Ní clos re neach ríogh-ráith riamh
i gcrích Fhódla thoir is thiar
i gcoimhmeas ann re hEamhain
ar eineach ar fhín-fhleadhaibh.


L. 238


Ar ghreadhaibh meara míne
ar chairpteachaibh coigcríche
ar éigsibh ar aos gaisgidh
ar aos tuillmhe 's tréan-aisdir.



Ar shíoda ar shiric ar shról
ar éadach dathta go n-ór
ar ghasraidh gan fhuath gan fheall
ar ól ar imbeirt fithcheall.



Níor diúltadh riamh i nEamhain
éin-neach um dhuais ná um dheabhaidh
's níor hiarradh troid uatha ar fhear
leo riamh ar chuaird ná ar chuireadh.



Áirmhim-se drong do shliocht Ír
do neoch nár ghabh ríghe dhíbh
as mhó luadh gach laoi dar leam
ná bladh d'aird-ríoghaibh Éireann.



Conchobhar is Cormac cóir
Conall is Fearghus Mac Róigh
Cumhsgraigh Cuchulainn nár clódh
Írial is Laoiseach leann-mhór.



Laoghaire Buadhach go rath
Rossa Feargna Fear-adhach
Fionntain is Furbhaidhe Fionn
Cealtchair Conghal is Ceithiorn.



Fa díobh Bla bhrugha nar bhaoth
Seancha Cathbhadh is Conlaoch
Aonghus agus Eoghan án
Naoise Ainnle is Ardán.



Ní cás dó tagra go teann
dá mhéad bhíos ag cor na cheann
gibé d'éigsibh le na háil
as deigh-shliocht Ír iomarbháidh.



Fuasglaidh an cheisd chuirfeas sinn
gibé uaibh lén háil coinntinn
cá trian dob fhearr don deagh-fhóir
síol Ír Éibhir Éireamhóin.



Cia dhíobh fa cruaidhe i gcath
cia dhíobh fa buga i mbronnadh
cia dhíobh dá ngoirthear ma le
ordóg i n-aghaidh glaice.



Ní cóir Ulltaigh do ghairm díbh
ní hiad fhuair ar tús an tír
gé táid innte re hathaidh
an sliocht-sa Chuinn Chéad-chathaigh.



Faiceam i n-aoin-tsliocht oile
calmacht cloinne Rudhraidhe
cá bhfuil fós caomhnuime gcuir
anos i n-aon druing agaibh.



Eineach is cumhdach cléire
's gaisgeadh glan a ngnáith-thréidhe
dá mbeith moladh níos mó linn
ar domhan dóibh do dháilfinn.



Is iomdha cairt ag cloinn Ír
ar chrích Uladh an fheoir mhín
na fir nar ob gealladh gleodh
nach tig d'éin-neach d'aithcheodh.



Gach ríogh-ráith ó Thoraigh thuaidh
go Loc Laoigh na mbarc mbeann-chruaidh
is ó Bhóinn go Drobhaois ngil
leo do tógbhadh fá dtighibh.



Sídh Aodha ós chionn an chuain
is Eas† áluinn †Aodha Ruaidh
ainmnighthear ó aon don druing
Aodh Ruadh† bruthmhar †mac Badhairn.


L. 240


Do goireadh Eas Craoibhe ó Chraoibh
seanchas fior a bhfuighlim dhaoibh
dár thathuigh an linn gan locht
inghean Eoghain mhic Dhurthacht.



Soir ó Bhladhma go Bearbha
do dhúthchas óg na hEamhna
is ó Uisneach na gcnoc bhfionn
go Loch† n-uar-thonnach †nAinionn.



Le cloinn Fearghusa Mhic Róigh
cúig Ciarraidhe i Mumhain mhóir
no cóig Conmaicne go ceart
's na cóig Ciarraidhe Connacht.



Corc Modhruadh ó Chorc nár ghann
Corca Oiche Corca Achlann
triúr mac Meadhbha fir go ngart
Ciar is Corc is Conmac.



Go ngabhthar mo dhuan sa tós
ós é sin ó chéin ar nós
d'iomarbháidh thall i nbhar dtigh
a éigse Éireann éisdidh.



Éisdidh.


L. 242


U Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha
Fagham ceart a chlann Éibhir. T. McDáire cct.



Fagham ceart a chlann Éibhir
ó tá ar n-agra indéinimh
mo dháil dá ndagh-admha sibh
ní dáil an-agra a haithghin.



Oraibh idir mhaith is saith
idir urradh is ard-fhlaith
a chlann fhinn-Éibhir uile
indéinimh ar n-agraine.



An tuarasdal thuilleas neach
do ní a dheigh-sheirbhís dhlightheach
dóigh dá ndagh-agra sé sin
nach an-agra é ar uaislibh.



Do rinneas do rún cridhe
feidhm díbh i n-earr m'aimsire
do cháidh ar dheigh-sheirbhís damh
teine-ghrís gráidh dam ghríosadh.



Ón ló do loiteadh bhar bhfuil
i ndán Torna is Néill náraigh
do chóidh bhar lot gan leigheas
a fhóir Chrot gur chuimhnigheas.



Gach glór do chansad tar cóir
ba oilbhéim da bhar n-onóir
do chuir mé le ceart ar gcúl
do badh reacht gan é d'iompúdh.



Slighthe ba dorcha díbh féin
do osgail sinn go soiléir
gan ghlór chlaon gan fhoirbhríogh d'fhior
im thaobh soi-ghníomh bhar sinnsear.



Ní glór leath-taoibh ar bhar leas
ní rith teangadh ar thuirmheas
acht raon sean-sgríbhneadh na sean
lér cneas-dírgheadh gaol Gaoidheal.



Má do chíthí a chlann Éibhir
ar laoidh fheasach fhír-chéillidh
bhar n-anáir suas ar a son
a duas d'fhagháil ní hiongnadh.



An éiric do b'fhiú bhar bhfuil
ná léigeann tréan fa thalmhain
an ní dirim gidh docar
dlighim í ar a hanacal.



Gidh mór fuair Mac Liag Luimnigh
níor thuill ón bhféin bhfinn-Mhuimhnigh
leath a bhfuarasdar ní feas
tuarasdal mar do thuilleas.



Do bhéar le beagán brosdaigh
cuaird ar cheann mo thuarasdail
ní ar chuaird fholaimh fhionnfam sin
oraibh a fhionn-chlann Éibhir.



An ghasradh laochdha ón Leamhain
go n-a ngéagaibh geinealaigh
gan bhríogh i mbeag-carthain séad
síol deagh-Carthaigh ní dheirméad.



Ní saor ón gcuaird chuirfeas sinn
fian mhaordha Maighe gCoinchinn
ní neamh-lón d'airdibh oile
Cairbrigh mear-shlógh Músgraidhe.


L. 244


Mac Donnchaidh deigh-thriath Ealla
fír-ghéag d'aicme Oilealla
dream nach ónna i gcaoir chath-áigh
Í Caoimh cródha Í Cheallachain.



Í Mháthghamhna 's mic Ionáidh
͆ saoir sochruidh †Súilleabháin
Mac Giolla† calma †Coda
giolla armdha ánroda.



Mac Amhlaoibh iomchras sgola
Í dreach-náraigh Dhonnchadha
craobh barr-dheigh-shleagh a barr sin
is clann airm-neimhneach Fhínghin.



Í Aithghir don fhuil chéadna
Í Mhuircheartaigh mhóir-dhéadla
maoidh Í Dhonnabháin don druing
don chraoibh chomh-iomláin cnuas-truim.



Iar gceileabhradh d'fhuil Eoghain
triallfad ní triall aineolaigh
céim i ndáil caoimh-shleachta Cais
ar ghráidh saoir-leanta a seanchais.



Sleacht Bloid bunadh na fola
ó dtáid síol mBriain mBóromha
gá branáin fhoirneadh as fhearr
dár choimhlean anáir Éireann.



Gé chlaochláidh claochlódh anma
d'fhuil Bhriain maicne Mathghamhna
's clann Thaidhg a hÁrainn iubhraigh
an bán-fhuinn aird oirear-ghlain.



Do fhássad fós fóir ó Bhlod
dream ar nach díol a ndearmad
gion gur comh-ard le cloinn Bhriain
an choill fhor-ard ó Fhinn-Chliaigh.



Í Chinnéidigh Chuain Deirg-dheirc
clann Chraith chrodha i gcruaidh-fheirg-bheirt
Í Mheadhra as chruth-ghlaine cáil
Í Urthuile is Í Ógáin.



Sleacht Caisin clann Chon Mara
géag díobh-san síol bhFlannchadha
síol Aodha ó fhionn-Mhaigh Eachtgha
craobha d'fhiodhbhaidh inleanta.



Sleacht Dealbhaoith† deagh-†mhac Cochlán
síol nDeaghaidh dream súghach-nár
daigh-fhréamh do chlann-mhaicne Cais
sparnn-aicme airm-ghéar Aonghuis.



Síol gCearbhaill maicne ba maith
síol gCéin ba caomh d'éileachaibh
Í Eaghra ó fhód-mhaigh Luighne
ógbhaidh fheardha ion-bhruighne.



Anmhuin ré n-áireamh uile
fíor-ghabhláin ar bhfiodhbhaidhe
nach abraid cách ro-mhall ruinn
na sgáth oram ní fhéadaim.


L. 246


Gach a bhfúigeam díobh am dhiaidh
bíodh ar Donnchadh Ua† ndeigh-†Bhriain
ceann roi-riaghla fréimhe Cais
daigh-Iarla féine Forgais.



Ní mairg d'fhuil Éibhir dá fhás
cneas séimh nár sheachain uathbhás
glún altruim anára a gclann
baránda an antruim d'fhulang.



An gcéin mhairfeas sin mairfidh rath
mairfidh gairm ceannas cumhdach
an fhuil do oirdhearchaidh sin
ag fuil oirbheartaigh Éibhir.



Do fhássad ard-chrainn oile
a fréimh ar gcrann gcumhrai-ne
ní choisg mé dá maoidheamh sin
nach i ngné Gaoidheal gairmthir.



Búrcaigh Buitléirigh Barraigh
Róisdigh gidh do río-ghallaibh
cuir as a sean-mháithribh sin
na ndeagh-bhráithribh d'fhuil Éibhir.



Do thaoibh ban is dar mbunadh
Tomás Iarla Urmhumhan
mó as teann a neart-chuaine a-nos
an seang dreach-nuaidhe ó Dhurlas.



Do fhássad fós don bhfiodhbhaidh
drong do fhás ór n-ingheanraidh
dá mín-fhéachtair maicne Luirc
d'aicme ghnímh-éachtaigh Gearailt.



Dá mbeath Riocard flaith Fhorbuir
acu i nÉirinn iubhar-ghlain
gá géaga d'fhiodhbhaidh as fhearr
dá bhféaga um fhionn-mhaigh Éireann.



Teach Nimhe go ranna rinn
ós tuarasdal nach tuillim
ós é ar ngaol gaol gan báthadh
a Dhé gaol do ghlan-mháthar.



Ar mbeith d'aon-fhuil ós fiú libh
nár thugar-sa a Rí an ríchidh
cúis ar sgartha ar thaoibh thall
ar an maoin nach anfa agam.



Fagham ceart.


L. 248


U Anaithnid
Mairg Uaisligheas an Éigse.



Mairg uaisligheas an éigse
saobh an cheard a coimhéidse
d'uaislibh an tsluaigh bhladh-aird bhinn
ra-mhairg do chuaidh na coinntinn.



Olc chuimhnighid na cliara
a muirn méad a soi-mhiadha
a ró dísle ag díon gach fhir
do shíol an Ír-se ar uairibh.



Éagcóir d'fhearaibh an fheasa
nár chuirsead cuid coimhmeasa
síl an phór-chroinn ó Phurt Breagh
na n-ucht mar mhór-chloinn Míleadh.



Do bhean Ír díobh deimhin leam
tosach ag tadhall Éireann
ag tocht sonn tar goirm-linn gloin
coimhling long ag na laochaibh.



Don bhaoghal do bhí san ráimh
do báidheadh fa beart dhiombáidh
rí a aicme an glan-fhallán geal
Manannán maicne Míleadh.



Éan-mhac Ír d'éis a athar
beag nár bhuan an deonachadh
fan mBanba ag déineamh a ndál
tarla Éibhear na ógán.



Do léigeadh dhó dia do mhaoin
an cóigeadh mar chuid macaoimh
ar síodh do dhéanamh don droing
's ní ghéabhadh Íor a n-abraim.



Ér Orba Fearghna Fearón
Lughaidh Éibhear Éireamhón
d'fheidhm comhlainn re ceathaibh sleagh
ag comhroinn ceathair gcóigeadh.



Sliocht Ír bhós do bhídís sin
ós cionn Éireann ar uairibh
sgéal na n-óig-fhear gach laoi linn
's do bhaoi a gcóigeadh gan choinntinn.



Ar chloinn Ír do léaghadh leam
móide as ciontach cliar Éireann
fa chrích shrothaigh Bhanba Breagh
sochair amhra lé n-áireamh.



Sgotha fíona i ngach fairche
fiche bliadhain buan-fhoirfe
d'Fhiacha Fhíonsgothach i dteann
níor dhíosgothach iatha Éireann.



Leis do rinneadh ní rún tim
feis Teamhra ar tús i nÉirinn
Ollamh Fódla flaith shochair
maith lé fógra ar Ulltachaibh.



Múr d'ollamhnaibh innse Fáil
leis do tógbhadh tuar iomráidh
snaidhm na bruighne buan an mhaoin
truagh gan chuimhne ar an gcomhmaoin.



Cách gan teidhm galair gan ghoimh
fiche bliadhan beart sochair
maith do chuaidh do bán-fhonn Breagh
Slánoll an uair do hoirdneadh.



Goirtear ón lá-soin a le
tar an gcloinn oirdeirc oile
Íorland don tír ghlaisigh ghrinn
tre thaisibh Ír i n-Éirinn.


L. 250


Foghar téad i dteangthaibh cáigh
ocht mbliadhna déag ní diombáidh
Éire tonn-shrothach dá thoil
Géidhe Ollghothach d'Ulltaibh.



Fiche bliadhan is báidh leam
Fionnachta i bhflaitheas Éireann
tráth gan deacra síona sonn
sneachta fíona ar gach fearann.



Seasga bliadhan do bhí soin
re linn trí n-airdríogh d'Ulltaibh
gan bhéad ngéir-imnimh gan ghoimh
gan éin-inghin d'éag d'iodhnaibh.



Gan mheath cnuais ar choll ndatha
treabhtha tortha céadacha
seal Díothorba ar gach dionn
fa críoch-fhorba fhear nÉirionn.



Bean a hUlltaibh na n-eas bhfionn
do ghabh aird-cheannas Éireann
a los catha ar bhuadh ar bhlaidh
Macha ruadh ós na ríoghaibh.



Ní chlos éin-bhean aca sin
síol Éireamhóin ná Éibhir
le neart-ghoil céimeann nó cean
ós breac-mhoigh Éireann d'áireamh.



Tús ealadhna ar uaisle sean
i bhfiadhnaise mac Míleadh
do chím ó chiort na gcuradh
ag sliocht Ír a n-ordughadh.



Rann ar gach duain deimhin linn
duain ar gach ollamh d'Éirinn
tugadh lionn a luagh molta
uan do chionn ar gcosanta.



An lá nach leo teagh an trír
dlighid curaidh chlann sheimh-Ír
gasradh moirneach mhoighe Rath
roinn-leath toighe na Teamhrach.



An leath oile ag aird-rígh Breagh
's ag ríoghaibh ceithre gcóigeadh
leath na Teamhra ní lór linn
do shlógh Eamhna mar uirrim.



Dá chéad bliadhan d'fhine Ír
ós chionn Bhanbha an fhuinn fhóid-mhín
gan acht neart aoidheadh orra
gan teacht d'aoin-fhear eatorra.



Gach díon clú gach céim sochair
dar áirmheas ar Ulltachaibh
's na crothaibh a gcuala sinn
ní sochair fhuara d'Éirinn.



Sochair na saor-chlann oile
loch-mhaidhm millte machaire
síoth-mhagh gá tarbha na thuinn
do dhíoth-chor arbha an fhearainn.



Gibé a deir gur sochair sin
tomhaidhm locha léim inbhir
d'fhéachain buadh na saobh-shroth sonn
truagh nach aon-loch a fhearann.


L. 252


Dá mbeith gomadh sochair sin
catha nó comhraic aoin-fhir
a los céimeann dteann dtachair
geall Éireann ag Ulltachaibh.



Cinnid a sluaighte ar séan gcneadh
tóicheasdal ceithre gcóigeadh
níor maoidheadh Ulltaigh san ágh
aoin-fhear d'Ulltaibh gá n-iompádh.



Slán cáigh go gcualadar soin
gur filleadh éan-shluagh d'Ulltaibh
ag dol siar ar séad n-eachtra
riamh le céad do chuideachta.



Airgthear le hUlltaibh na n-each
Dún Con Raoi fa réim uaibhreach
Durlas na gcliar Cruacha Chuinn
's na tuatha siar go Sionainn.



Níor hairgeadh Eamhain Mhacha
le neart ríogh ná ro-fhlatha
iomdha fáidh ga dhearbhadh dhamh
nach dearnadh dáigh don dúnadh.



Mó as beag lé burba na bhfear
feidhm láimhe ceithre gcóigeadh
i rinn ghliadh i ngalaibh cath
riamh i n-aghaidh na nUlltach.



Ní beag leam do luadh a gcath
lámh dhearg Éireann Í Eachach
mór ngleodh gcinnte do canadh
innte d'eol na n-ollamhan.



Leath a gcuala níor chan mé
d'áireamh a n-éacht 's a n-uaisle
bláth na gcleath ó Chlár Chumair
leath a n-ágh ní fhacamair.



Mairg.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services