Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aithdioghluim Dána I
Title
Aithdioghluim Dána I
Compiler/Editor
McKenna, Lambert
Composition Date
1640
Publisher
(B.Á.C.: I.T.S., 1939)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gofraidh Mac an Bhaird cct. Cuimhnigh, a Mháire, an cunnradh do cheanglabhar; go ndearnabhar gan turnamh ar ndáinne do dhaingniughadh dod ghnúis mar lasuir córaide a chuimhnioghadh dar fhuilngiobhar ar n-óraige asuibh d'ainmniughadh. Triallaim dod dhealbhthoigh - nír dháil anamhna - glanadhbha 'n-a ndealbhthair le dáimh bhar ndeaghumhla múr mar bhoigEamhain na mbuinne n-oireaghdha; buime oileamhna do dhún d'oideadhaibh na healadhna. Cuirthior d'aontoil ó n-a rádh san ríoghbhaile mo dhán ar n-a mhíonshnoidhe mar nar aontoigh éinfhile ar cairde mbronnaidh go haimsir d'áiridhe bhar ngráidhfhile an t-ainmsin, a chonnail chéillidhe. Mac an Bhaird do-chuaidh i gcor mar do chuirise acht go bhfuileise ar mo thol ós aird an uair eileise dá altrom ó nach cumhang do chridheise nír dhligheisse a fhulang fa antrom an eireise. Ná bíodh an ndáil, a shaor shéimhidhe, mar an taom nar chéillidhe do bháidh bríogh a mhórfhuile - ní clos 'n-a dhiaidh fa dhoilghe acht aoinfhile - oidhre saoirfhine Uí Bhriain Bhóruimhe. Téid Gofraidh Fionn fáidh ar dtreibheine seinfhile do-cháidh ós chionn gach sgolaidhe - do b'fhiú grádh Í Dhálaigh ar an daighfhine - le dán ar n-a ghlainfhighe don Tálfhuil thoghaidhe.
Ó Dálaigh Fionn an rún fá rabhadar gé do thoghadar mionn súl na seanoideadh d'oidhir suadh fíonRuis do b'anobar; níor ghabhadar uadh díoghrais a dheaghoigeadh. Triall ó gCais ar gcall a n-oigeaghaoil gan rann dá oigealaoidh lais ón laggabháil; an dán cumthar don fhearchoin ón eagarfháidh dealbhthoir - níor bheaganáir - do Mhurchadh Ó Mhadagháin. A bhaincheann bhan fhréimhe ríoghUidhir le ríobhuidhin cléire nar char buanfhalaidh, bíse, a fhoighéag as aipche don fhíneamhain, mar an aicme ór shíneabhair ar bhar gcoiméad fa a gcualabhair. Íoc bhar sdada far ndál ba daorchumhal mo dhán ar n-a shaothrughadh le fada ó nar fiafruigheadh géibhionn ar ghlaic bhar ndréachta dúinfidhear le múinfidhear dhait gomadh déanta ar ndianchuireadh. Ná filleadh do dhán ar ais it aghaidhse rem shamhailse ó Dhál gCais mar do-rinneadh romhaibhse. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Gan omhan, a Mháire, ní beithte go mbiothbhoidhre, ionchoimhdhe ar ndáinne mar as creidthe a gcanfaimne; ris an dara bliadhain gan t'agra ní fheithfimne; an tagra nach ceilfimne ná hiarraidh a hathchuinghe. Fir dar chóir cáin na seinChearmna slóigh cleithreamhra do-bhir do dháimh an daghtharbha ó tád bhar ndá chrú 'n-a rian riothchobhra do chlú is ionchomhdha do Bhrian Mhág Mhathghamhna. A ndearna dhún ní haithreach le hóghMhuire dar súr as ghlórmhaire, a mhaithmheach mhaordhaidhe; dá ngabhthar linne slighe tar a síorghuidhe tinne a míorbhuile ó chridhe dar gcaomhnuine. Cuimhnigh.
EOGHAN RUADH MAC AN BHAIRD CCT. Mairg as bhráighe ar mhachraidh Murbhaigh, mairg macaomh rena mó súil; fa ríor ní fhoileam 'n-a ainbhfeas foireann do shíor thaibhgheas tnúidh. Mairg ar tús 'n-a dtuigthear éifeacht d'aicme Chonaill gar chóir cíos; gidh bé don tslógh rabh 'n-a roghain lór dá char iar sodhain síos. Aicme Chonaill na gcolg bhfaobhrach fuigheall tnúidh ó dhreim go dreim créad acht a cailg céim ar aghaidh? mairg don fhréimh dá ngabhair greim. Mar as fhollus dá gach aoinneach, ar Aodh Ruadh rugadh i nglas i mbéal a tharbha do thoigheacht; tarla léan dar n-oireacht as. Gan ghlacadh n-airm gan aois gcogaidh do cogradh a chor i láimh gan chúis oile acht ficheadh formuid feitheamh Moighe† fhonnbhuig †Fháil. Neachtain Ó Domhnaill fa dheireadh ar ndóchas lán, ar laogh búidh, i n-aois leinb 'n-a dhamhna duine tarla i gceilg na tuile thnúidh.
A bheith i súilibh sluaigh Bhearnais a bheich bhós 'n-a bhraghaid ghill 'n-a leanabh i n-am a éirghe do geabhadh barr Éirne inn. Meisde an umhlacht fhuair 'n-a mhacaomh, meisde fós a bhfuair do thail; suil do-chuaidh san oidhreacht n-aithreadh fuair a oirbheart d'aithbhear air. Romheisde an meas, meisde an onóir, nó an t-ainm ar dtús tárrus lais nó an mhuirn fhuair Neachtain 'n-a naoidhin uainn tar sleachtaibh Gaoidhil Ghlais. Cúis oile dá bheith i mbríosún acht a-mháin ar labhradh leinn ní clos re a bheo d'fhotha idir ar eo srotha Sligigh seing. Acht gidh trom ar ciniodh gConuill, mo chean buille do bhean ruinn dar cuireadh ar choimhéad uainne foighéag d'fhuigheal chuaine Cuinn Mo chean don oirbheart do haithneadh, don éifeacht fa deara dhó gan bheith sonna saor ó gheimhlibh do laogh Droma† bheinnghil †Bhó. Le hantoil na haoise hóige le huabhar ga aslach súd nach reitheadh do réir a mheanma d'fheitheamh don fhéinn Eamhna úd. Is nach rachadh i rinn treasa, nach tiocfadh d'amharc gleo ngarbh nach lingeadh i mbearna mbaoghlaigh le meanma eidir fhaobhraibh arm. Créad acht coimhéad do chath Bhearnais a bheith treimhse mar tá sé ar dhaingean mar ghiall i ngéibhionn nach cailleadh Fiadh Éirionn é.
Bíodh nach maith le macraidh Murbhaigh, is maith dhóibhséin go dtí an tráth an tsaorshlat budh dhéin ar dhaingean aonmhac Néill nach cailleadh cách. Acht go dtaisbéana eacht oile a uaisle a oirbheart re n-éag ag díon clú coróna Saghsan 's onóra crú gasradh nGréag. Cosmhail go bhfuighead a n-itche aicme Chonaill is clann Néill ghuidheas le síodh slaite Boirche i n-aice a ghníomh bhfoirbhthe féin. Cosmhail dá bhféachadh fir Sagsan a shubháilce a cheannsa a choir nach éidir a mheas nach maothfadh éigin bheas go saorfadh soin. Foighide, maordhacht, méin tromdha a-táid leis - gá haighne as fhearr? - ga chaomhna re hucht gach fhormaid 'n-a lucht chomhraig tar a cheann. Ós í as aighne an uile gheimhligh guidheadh Muire máthair Dé ag so roghain raon gach sligheadh cobhair dá taobh sireadh sé. Lór do robhadh do fhréimh Dálaigh díobh 'n-a bhrághaid gidh bé raibh gan choir ngníomh gan damhna ndiomdhadh mar tharla a díol d'ionnramh air. Mairg. Ar n-aonbhráighe Aodh Ó Domhnaill, dóchas Banbha ó aird go haird, a bhfuair do thail rob tuar ratha, ná raibh do shluagh Macha a mhairg. Mairg.
Neimhchiontach mheise, a mhic Taidhg, sighin Chríost fad ghnúis ghealaird; rún th'anfholadh cia nach cluin Dia dhar n-anoghal oruibh. A-déardaois daoine rinne re bhfaghthar fios t'inntinne gomadh dobhuidheach dhíom sibh, a ghríobh oruireach Uisnigh. Fáth oirbhire ret fholt gcas ní háil re Dia go ndearnas, far ghuais liomsa t'fhearg d'adhuint; ionnsa an chealg i gcontabhairt. Acht a-mháin nach mór an guth re mbeadhgann an fhuil uabhrach, beag a dhíol imdheargtha ó fhior, inbheanta dhíom a ndlighthior. Dá ndearguinn do dhreich ngairthe d'fhoiléim fhocuil mhearuighthe cár bheag dhuid aithmhéala inn? tuig go n-aithréagha mh'inntinn.
Do loigheadh mh'aithne oruibh an chéaduair, a Chonchubhuir, a ghruaidh chraobhnár mar chrithre; saobhghlár uaim níor bh'airighthe. Dá mbeith fós t'aithne aguinn níor gheall mé, a óig abhradhduinn, gan bhuain go radhána ribh, a bharánda sluaigh Sligigh. Gnáth aguinne an t-aos dána bheith aindlightheach andána ar shluagh Mhúir† mheidhealtruim †mBreagh is eineaclainn dúinn fa dheireadh. Dá leantaoi ar n-éagcóir oruinn feadh Bhanbha an bhruaigh ealamhuill tearc nach biadh go diomdhach dhíom riamh tre ionnlach na n-airdríogh. Mór ngríosacht a ngruadh gcrithreach tug ollamh go haindlightheach feadh sróllBhanbha na síon mbog do mhórdhamhna ríogh romhod. Mac Liag nach lór dod chealgadh minic tráth tug imdheargadh do Bhrian go n-a mhórchlainn mhir na lóchrainn ó iath Fheimhin. Minic bhós do bhean Cathbhaidh - creidte dod chéibh órbhachlaigh - luisne i ngruadhaibh fhian Uladh riamh d'uamhain na healadhan. A mhic Taidhg, nach tuigeann sibh ar mbeith riamh ó ré an chéidfhir cuire seang do uaisligh ionn teann ar uaislibh na hÉirionn. Go háiridhe t'fhuilse féin tearc aoinneach do fhás díbhséin laoich ón Bhóinn bhailbhrighin mhir nach dóigh aindlighidh d'éigsibh.
Mar sin as seachanta dhuid mise mar chéile comhruig; ná lean díom i n-a ndearnas gidh eadh bíom fad bhreitheamhnas. Córuide dhúinn, a dhearc mhall, gan dul ó chéile i gcumann; ní fhuil lí mh'imdheargtha ort ní ní as inleanta a n-éabhort. Nír cháineas, a chruth gealtais, clú th'oinigh ná th'oirdhearcais - cár bheag so uaimse dh'umhla? - nó no uaisle th'athardha. A bhuidhe re Dia na ndúl, nír cháineas an cúl barrúr ná an aghaidh mar chaoir gceardcha ná an malaidh gcaoil gcoinneallta. Ná an súil gcuirr chealgas maighdin, ná an ghlún nar fheac d'easgcairdibh, ná an taobh soghráidh slisgheal slim mar shlisneadh orláir fhuinnsin. Aithnim adhbhar do throda riom, a mheic Mheic Diarmoda, ní fhuil acht ag seilg mholta; ná bí ret fheirg n-ábochta. Dáilfiod duit - bidh díol cubhuidh - sgoth mo cheirde, a Chonchubhuir, mar dhíol im anachuin ort, a ghríobh chladhachuidh Chonnocht. Buain t'fheirge dot aghuidh dhuinn biaidh uaimse ar inghin Domhnuill; 's í aineoghas ar t'fheirg mhé gan cheilg laibheoras linne. Déanta dhuitse a ndéanadh sin nír ghnáth re hAodh Mhág Uidhir bheith i bhfeirg dá ríribh rom mílidh gan cheilg 'n-a chumonn. Neimhchiontach.
Do-rinneadh comhuidhigh ar fhéagain d'Éireannchaibh le bpréimhfhearthair d'fhoruiribh ar an nGréagfhuil ngníomharthaigh; táinig néal a-noise le a nuashlighthibh tre mbuaidhirthir loise fhréamh an ríoBharthaigh. Ochán do rochair glóir na nGaoidhealsa; do-chóid an bhraoineangsa i gcrothaibh céimionnsa; an dtiocfa choidhche tar imlinn an uamhuinse? doilbhthe an luaghuilse ag inghreim na hÉirionnsa. Do radsad creachshlóigh cáigh mun naoimhinis daoiriris seachnóin an chláir chraobhsholuis; fine Gaoidheal i ndeacraibh go ndeorafhrais, gleoghabhais sraoineadh an ealtain aondoruis. Ní thorchuir do Theamhraigh bhiligh bhreachttolchaigh ar shealbhaigh d'eachtronnchaibh ar fhinibh iochtChobhthaigh; a-tá d'fhorlann ar a gruaidh ngartfhairchigh gur fhortailcheil buaidh a gcomhlann gcniochtchonfaidh. Ní dheachaidh i gcréidhim 'gun chloinnsean Phearsabháil ar tuismeadh do threasghabhail ar Éirinn eisghilshídh, gidh eadh is daoirse chlóidh don chleasradhúir meabhsanúidh an laoichse don fhóir fheischiníl.
A-táid fraochGoill go faoilidh dá gceisilmheilt ag treisingheilt ar shaorchloinn an Ghaoidhil gheasoirbhirt; is rogha gliadh nó is fógra frasaimhnirt Assignment ar gach fiadh d'Fhódla easoirrdhirc. Do rinneadh.
Do b'fhearr mo sheachna, a Shíle, fiú ar fhéachas d'iúl sheinlíne, a throigh náir chéimiodhan chorr, nar cháir éilioghadh orom.
Dom dhearbhadhsa, a dhreach mhálla, fuair tú nó ar tí teagmhála ceisd cheilge nar dhiamhair dhún nó is d'iarraidh m'fheirge d'fhadúdh. Narbh fhiú liom labhra chorrach tug mé ar th'aghaidh urromach re hucht coimhrighe, a chúl slim, is rún oirbhire im inntinn. Do bhádar adhbhair eile liom bhós fa bheith céilleidhe sinn éadána ar th'fhabhra mall damhna th'éagcára d'fhulang. Níor chuir mé i n-iongna oruibh - cuid eile dom adhbhoruibh - gan bheith fortuill i bhfoghluim dod dhreich fholttruim abhramhuill. Ní tú as cionntach, a chiabh lag, 'n-a bhfuil d'aineolas orad, a chinn sídh bhoigInnse Breagh; bídh ar th'oidibhse a aithbhear. Céillidh th'aitheasg, a fholt tiogh, séaghuinn osgailte th'aigneadh, lucht foghluimthe acht nach fuair sibh, a ghruaidh dhonnghairthe dhílligh. Do faighreadh - feirrde m'aigneadh - meise, a bhaisréidh bhrághaidgheal nach mealltair go hollamh ionn i gceardchaibh ollamh Éirionn. Dámadh ionann - mar nach eadh - oideas dúinn, a dhreach áilghean, ná hiongantaigh, a chiabh cham, go mbiadh th'iomarcaidh agam. Dall cách i gceird ar-oile; cur riom, a rosg seabhcoidhe, i gcroiniceacht níor chéim dhuit, a shéimh fhuighilcheart ordhruic.
Ní hionann sinne is sibh féin; ní chuirfinn, a chruth soiléir, geall ar ghníomh ríoghnamhuil ruibh do dhíol d'fhíormhodhuibh ionnuibh. Níor bh'fhíor, a inghean Éamoinn, - dámadh fhíor ní aibéaroinn red dhreich seing mbairrleabhair mbinn - go mbeinn d'airrdheanaibh inghill. Ní hinghill - ní hiongna liom - leat meise ar mhaille gcéimeann ná ar ghlór mín i n-uair annuimh ná ar fhuaim shídh do shaorchlannuibh Ná ar dhuasaibh móra mionca ná ar fhoisdine n-aigionta ná ar chruth gcaomh mbonnbhán mbanda ná ar chomhrádh saor séaghanda. Ní mar sin duitse, a dhearc mhall; do-rinnis d'éagcóir oram cur ghill na foghluime féin linn mar fhoghlaime aigbhéil. Do bheanais - níor bheanta dhuit - a bhaincheann chríche Cormuic - bheith réidh ní héadóigh uime - béim san éagcóir oruinne. Feirrde an rún do-rinne sinn dámadh áil liom nach léigfinn led chneas nglainrighin ngéag dtrom méad bhur n-aindlighidh orom. Ar son nar bh'fhíor a rádh ruibh ní budh iomnár let aghaidh clár finnleargan do ghruadh ngeal d'imdheargadh uam do b'éidear. Do ghealfadh mé an malaigh nduibh 's do-ghéanuinn dubh 'n-a dheaghuidh do thaobh chneasaolta mar chailc do thaobh mh'easaonta d'adhaint.
Na ruisg gorma ar ghné an oighridh do dheargfuinn iad d'fhorfhoighlibh gríosadh th'aighthe acht nar dhual damh 's do ghruadh gairthe do ghormadh. Gan chrithir m'fheirge d'fhiuchadh fa ndearnais orm d'éiliuchadh dod chéibh bharrúrthais shaoir shing do thaoibh andúthchais fhuilgim. Saoth liom nach do mhnáibh Muimhneach tusa, a bhanda bhionnfhuighleach, feadh do bhaoghlaighthe im bhuain ruinn, a ghruaidh shaorghairthe shéaghuinn. Dámadh d'Íbh Briain do bharr slim ní fhuighthea a n-uarais d'uirrim nó d'Íbh Carthaigh Chuain Innse - marthain uaim don fhuirinnse. Fuil Cholladh fad chneas mar thuinn lá na feirge dá bhfeasuinn nó fuil mhaithmheach chaoin ó gCais dob aithreach dhaoibh a ndearnais. Duach mhac Briain do bheith umad ó 'd-chuala, a chúl bachullag, an aicmeise fad ghnúis ghluin budh cúis mh'aintreise oruibh. Breitheamh córach Clár na Niall go bhfaice mé Mac Uilliam; ní am aghaidh as cóir a dhul cóir im fhalaidh ní iarrobh. Do b'fhearr.
Trí coróna i gcairt Shéamais - cia dhíobh nachar dheighfhéaghais? - críoch an sgeoil libh ga labhra, a fhir eoil na healadhna. Cuirfidhior - is cubhaidh lais - trí coróna um cheann Séamais; ní sgéal rúin rádh na leabhar gach fádh dhúinn dá dheimhneaghadh. An chéaduair - cóir a cuimhne - coróin Alban iathghuirme - rí 'n-a chló cia ler cuireadh? - ó Dhia dhó do deonoigheadh. An dara huair - aithnidh dhamh - cuirfidhior coróin Sagsan an sduadh mhín ghoirmdhearcach ghlan um rígh n-oirbheartach n-Alban. Prionnsa óg go n-aigneadh ard biaidh sise ag Séamus Stíobhard onóir nach iomarcach leam coróin iongantach Éireann. Inneosad a adhbhar soin na trí coróna i gcartaigh ar rígh slóigh Gall is Gaoidheal, ós am cóir dá chraobhsgaoileadh.
Más chead leis a éisdeacht uaim sloinnfiod a cheart an chéaduair ar fhionnAlbain na n-iath mín triath ionnarbaidh gach eissídh. Trí chéad bliadhan - buan a mbríogh! - a-tá sí ag sliocht an airdríogh; fa rígh Alban ní hiongnadh tír na n-ardbhragh n-imiolghlan. Ag naonbhar roimhe dá fhréimh do bhí Alba an fhuinn fhóidréidh ní fríoth sgéal ar n-uair orra; do-bhéar uaim a n-anmonna. Alba chonáigh na gcolg ndearg do bhí roimhe ag dá Roibeard, is tearc éarlamh nach abair, a héanbhun do fhásadair. Cóig Séamais - ní hiul iomruill - ro ghabh Albain n-iobhardhuinn dá shíol i ndeoidh na deise; ríomh an eoil ar m-aireise. Is é Hannraoi t'athair féin an t-ochtmhadh deighrí dhíbhséin - a mhínleanmhain is díor dhamh - más fhíor d'fhírleabhraibh Alban. Badh lé Alba ó mhuir go muir máthair an airdríogh uasail; do chuir sí an choróin ma ceann, onóir í ar nach fuil foirceann. A n-áireamh ní leasg liomsa; ag so an deachmhadh deighphrionnsa do gheabh ríoghAlbain dá fhréimh; Stíobhardaigh is eadh iaidséin. Do réir an eoil fhuair meise ag sin ceart do chairteise ar caomhAlbain bhfinn bhfleadhaigh slim dtaobhardghlain dtaitneamhaigh.
Mithidh dhamhsa a chur i gcéill do cheart feasda, a bhas bhláithréidh, críoch leabharbhragh na long ndubh ar fhonn seamharghlan Sagsun. Bhar seanseanmháthair - seol glan - inghean airdríogh fhóid Sagsan críoch a sgéal linn gá leanmhain do fhéagh sinn i seinleabhraibh. Críoch Sagsan na gcoll gcorcra gan innte d'fhuil ríoghochta acht éinríoghan dá gclaon coill, craobh ler léirlíonadh Lonndoinn. Ó ló na mnásoin a-mach a-tá id chairtse go cosgrach triath ríoLunndan do rádh ruibh rádh na bhfíorughdar fíorthair. Ag so ar Lonndain na learg dtais ciall do chairte, a Ching Shéamais, rádh seinleabhar ar bhur son fa chlár seingleabhar Sagsan. A lámh as díorgha dligheadh - a-nois i gcéill cuirfidhear - ná bí ag teacht ar éineing d'uaim 's do cheart ar Éirinn armruaidh. I gcúirt Shagsan na sreabh seang a-tá ardchoróin Éireann; tuar maothchroidhe a bheith san mbrugh fa bhreith laochroidhe Lonndon. Fada a-tá i dtairngire dhuit críoch Sagsan - is iul orrdhruic; duit is dú Éire amhlaidh; is tú a céile ar chomhardhaibh. A mheic Hannraoi na dtreas dte ag sin mar dleaghar dhaoibhse gan toibhéim, a rí, ar do reacht na trí hoiléin i n-aoinfheacht.
Céim dá mhéad ní maoidhte dhuit; fuil dá huaisle san Eoruip ní fíorghloine í ná t'fhuil, a rí míonmhuighe Monaidh. Ní fhuil fuil airdríogh eile acht fuil meic na maighdine ga bhfuil barr uaisleachta ar t'fhuil guaisbhearta Gall id ghníomhuibh. Miorr nó túis ní théid thairrse ar fhás d'fhíonfhuil ionnaibhse, 's ní hé an t-ór a séad samhail, ní lór bréag a mbaramhail. Dá mbeith nach biadh - ní breath lag - fuil airdríogh n-uasal ionnad do chuir t'eagna i n-uaisle sibh bhar bhfreagra uaimse is aithnidh. Eagna soghrádhach Soluimh ar séan flatha fuarabhair a shlat deaghabhla ón seang sreabh geall deaghanma lat léigthear. Trí.
Cionnus meise, a mheic Eoghain? nár dhamh, a dhreach inleoghain, gan mh'aithne dod ghruaidh ghairthe iar n-uair d'aithle m'ollmhaighthe. Ní feas daoibh, ní diongna ribh, aitheonaidh tú uair éigin, a sgiaith chagaidh Chláir Banbha, má táim abaidh n-ealadhna. Más fhíor is ughdar gach neach go labhairt, a fhlaith Muimhneach; tar theas an té nach labhair ní feas é 'n-a ealadhain. Mar sin damhsa, a dhreach mar thuinn, ní feas an bhfuarais m'fhoghluim; a ceilt féin ní léigse linn m'éigse i gcéill muna chuirinn. Fiú an aonrainn, a earrla lag, ní dearnadh, 's ní do dhearmad, dod dhreic chruithshlim ghairthe ghlain le a gcuirfinn mh'aithne oraibh. Ní haithnidh dhamh acht mé a-mháin neach rem cheird i gcrích Ghabhráin nach tug fríthe dána dhuid, a bhrágha críche Cearmuid.
Do dhealbhador a ndréachta, tugsad duana doidhéanta duit ar chreachbhuaibh beann mBanbha, a cheann eachshluaigh t'athardha. Ní fhuil acht athfhuigheall áir ó fhearaibh Éireann d'éanláimh, a ghnúis fhortail ghairthe gheal 's ó mholtaibh doirche draoitheadh. I ndiaidh éigios Innse Fáil deacair adhmholadh d'fhagháil dod chúl dhruimneach dá dtráigh tonn fuighleach cháigh muna chognamh. Bidh cú mhall, a mheic Eoghain, do réir iúil gach fhíreolaigh ga mbí a gníomh dá chora i gcruth sona más fíor le fiadhuch. Amhlaidh sin a-túsa, a Thaidhg; do-ghéabham dod ghnúis neamhghairg sreith mholta nach fuair file do chruaidh chorcra ar gceirdeine. A-tá agam ret aghaidh sreath ghlan do ghréas éagsamhail do-chuaidh ó chách gan chuma; iar n-uair tráth a dteagluma. An dánso, a dhreagain Fhódla, - tús as cóir d'fhior fhurfhógra - uaim, a cheann breacmhuighe Breagh, mar theachtuire id cheann cuirthear. Dá dtaitnid na rainnse ruibh do-bhéara mé, a mheic Eoghuin, dod dhreich bhuig as deirge dath cuid d'ar gceirdne re a ceannach. Nós na gceannuidhe, a chruth seang, do-ghéanam é go haithghearr red dheirc roimhir red ghnúis ngil gidh cúis doiligh a dhéinimh.
An aithnidh dhaoibh riamh roimhe an ní do-ní an ceannoidhe a hucht a n-adhanta air re lucht malarta an mhargaidh? Gidh bé arra iarroid soin do-bearar leis do láthoir a fhéasgain i n-aisgidh dháibh, taisgidh as éasgaidh admháil. Dá dtaitne riu, a rún fosoidh, ceannchor uaidh an t-arrosoin ar na fiachaibh bhus luinn leis, dá dhruim ní tiachair thaireis. Tusa fear iarrtha ar n-arra; dá ndaoire, a dhreach shéaghanna, mé ceann a roireactha ruibh doibheanta i gceann mo chonnruidh. Iarr tuilleadh má thaitneann ribh, cuirfeadsa uaim i n-aisgidh, a shlat téagair bheann mBanbha, id cheann d'fhéagain m'ealadhna. Tú as fhaide aithne uirthe cóir dhuit déanamh breathnuighthe maith th'aithne ór cheannghais dar gceird, a ghealbhrais ghairthe ghruaidhdeirg. A bheithir neimhneach nimhe, a chaor thaidhbhseach thinntighe, a ghéag oirdnidhe chlann gCuirc, a rann oirbhire dh'adhuint. A luibh íce t'fhine féin, a thonn ainbhtheanach aigéin, a chrithear do chruaidh nimhe, a fhicheadh guail gheintlidhe. A mhic dhílis Dé nimhe gé tá an t-éag 'n-a áiridhe - dol ód ghuin is eagal as - ní fheadar cuin nó cionnus. Cionnus.
Dol tar mhnáibh a fine féin gidh lór dhí mar ainm eiséin, troigh ramhálla re mbí breath do-ní Anára dh'oineach. Do lucht cuarta chláir Bhanbha re tuaith nó i n-ainm ealadhna fear cogaidh uirre ní fhuil; ní choguil duille an domhuin. Ní nach déanaid leath ar leath ríoghna oile fhóid Mhuimhneach glac thirmgheal ó tholchaibh Breagh inghean Donnchaidh dá dhéineamh.
THE BODY A SHEEP-FOLD. A Dhé Athar, t'fhaire rum, uan dod thréad is eadh m'anam: tusa, a rí an chruinne, do chuir an chlí uime mar adhbhaidh. Caora sonn dá bhar seilbh féin do chuir tú i gcró idir chuainmhéir; a gcumhdach ar-aon it ocht, saor ó chumhgach na gcuanort. Tár, a Dhé, an cró ar an gconairt gá dtá an chaora i gcontabhairt, nó is cinnte an chaora ar a cor; impe gach taobha a dteagar. Tú dealbhadóir déanta an chraoi, léir dhuit gach dé ar a léamhthaoi, dóigh toghla do dhéanamh dhé, a chomhdha it éanar oirbhse. Ort dob easbhaidh an chaora, fuar lé ...; tú an ghéag fa crobhaing do chin, féag dá dodhaing, a Dhúilimh. Foirgneamh ar fearann dalaidh aice, a athair charthanaigh; tréan gach biodhbha a-bhala i luigh 's ní hiomdha cara a cosnaimh. Timcheall a tighe leabtha aireach fhuair fhód inghealta; gleann na ndéar, domhan na gcleas, fromhadh dá fhéar ní háineas. Ní hás dí dá bhfaghthaoi a faill foraois mhillteach, magh tadhaill, don anam nach uan dod thréad fuar an chalann mar choimhéad.
Dúil ainglidhe an t-anam glan, dúil chriadhaidhe an corp fuathmhar, mór an ní aingeal i n-airc 's ní daingean ón chlí a chosaint. Ar t'fhosgladh, a Dhé, ar do dhrud an teaghdhais i dtá an sbiorad; ort a heasradh, ort a díon, rob ceasnamh ort a himshníomh. Mainnear i bhfeidhm a faire adhbha an anma chaorchaidhe; bíodh i leith geallaidh do ghrás breith a heallaigh a huathbhás. Ag so an sgáth criadh ar gclaonadh, ag so an balla ar mbacstaonadh, cinnte dhó cruaidh 'n-a chomhair, ag só uair an anaghail. Ag so an dlaoi ar ndol ó théagar, ag so an t-urchró ar n-éisréadadh, ag so an t-udhnacht ga fhoghail, ag so an umhlacht n-urchradhaigh. Ag so fáinne i bhfeidhm na ndrol, ag so dá slaidhe an saoghal ag goid na ngabhal dá ngreim, broid ar nach faghar faichill. Ag so i bhfroighibh na fighe an cruinne ar gcor ainsile; is é a gcogar, a Dhé, ar ndol is ní cogadh é ó n-antar. Ag so an t-éag d'oidhche 's do ló uirre ag seilg 's ní hé as iarghnó; 'n-a aighidh ní héidir cur, dainimh as éigin d'iomchur. d'álgas an anma chrithir mó as ghrinnte gleic Lúisifir, ucht le comhlaidh, cos is-toigh, bos ó fhoghlaidh san ursoin.
Iomdha air aslach meallta, breath riaghtha, rún dícheannta, cealg theagair fan dtruaill gcréadha leabaidh an uain fhíréanda. Tigthear dá thugha i n-aghaidh ón chlí féin 's na foraraibh más fhíor - is ní hé nach eadh - sé dá díol mar do dhligheadh. A rún fill is fáth beadhgtha, a héagnaighe, a himdheargtha, 's an teagarsa ag tocht dá léim olc do fheadarsa a n-ichtséin. Lúthmhar gcéime a clann taile na hocht gcoire collaidhe, cuainmhéara garbha dá goin; damhna truaighmhéala an toghail. Gidh é an baisdeadh dar bhean cion lá dearmaid na ndeich n-aithneadh a fréamh faoi dá fhiachgoin sin gach laoi d'fhiaclaibh is d'ingnibh. Gidh é a bhfágbhann dá bhfidir dá holcaibh gan fhaoisidin a ngáire is amhghar le a ucht ní hadhbhar gáire a ngluasacht. Súr catha ar a gcúl a-muigh ag fear mheallta mná Ádhaimh orra ag teannadh toghla an chraoi, foghla nach eangadh éanlaoi. Seacht ngadhair do ghadhraibh puill leis gach laoi im lug an anaim; na seacht bpeacaidh is siad sin, deacair mar iad ní héidir. Créad é acht leathtrom ag lighe ar chró an éanuain d'innile; baoghlach sonna ar mbárda bog san sdábla colla an cheathnad.
An chaora, a chinn na soillse, dá dtíosadh ó dtagraimse an chlí do ba choime cor, ní dhí as troime mar táthar. An sbiorad uaibhse fhuair mé caor mhaoth do mhianach nimhe ón toil dhiadha a-mháin do mhuidh; sáimh a riana gom rochtain. Tuar nach comasg, a Choimdhe, le chéile is ar gcolainne do dhéanamh duine dhí sain fuile 'n-a clí 's do cheardaibh. Meise an duine, a Dhé athar, orm 's ná caill mo cruthachadh; tug dot aoidh gur uthar damh mo chruthadh dhaoibh dom dhamnadh. An leargso, a fhlaith na cruinne, ler rann tú síol síorruidhe gartghlanadh a tuair fad thail glantaradh uaidh go bhfaghair. An ithir go n-a harbhar uaimse ar-aon fat ollamhnadh; ós libh do síolchuireadh soin críochnuigheadh sibh an síolsoin. Ar aba an aba shuthain mór caomhna an chuirp fhréamhdhuthain; ós dá thaobhadh, a rí, ribh baoghal 's an chlí ag gach choibhdhin. Mór aichill an anma féin; eagail ós é dob oilbhéim a bhann claonta leis an gcoir rann dá aonta ag a fhoghlaidh. Éacht társam gach laoi is a luirg caithtear ceann na gcon bhfriothluirg nó an magh tadhaillse i dtá ar seadh lá na habhairse a imneadh. A Dhé.
A CRY FOR HELP. Ag so tráth na cabhra, a Chríosd, a annsa a-tá mar do thásg, a lionn nach aithbhe gan iasg, am riasg raithne i ngioll do ghrásd. Nocht dúinn do thrócaire i dtráth ar óghMhuire mbúidh rod bhiath; lám far n-eire ar ibhe a cíoch bíodh nach dlighe teile, a thriath. Ag so, a raithbhile as rí ar neamh, i sgís god mhaithmhighe mogh tred bhais a-né do nocht bior a-niodh, a Dhé, ag tocht fad thol. Teanga do ... gach lá duine do-dheachaidh fa chró gein choireach le gcéasdair tú a-nú ar t'oineach déasgain dó. Ag so an ghuidhe mhall rer méin gan an tuigse ann 'n-a huain mo ghaoi cró ar t'fheitheamh do b'áil, a bhreitheamh cáigh i ló an luain. Ag so an chomhairle go gclaon fan dobhuingthe sos ná srian rún nach soithillte go síor ó chrúdh gníomh ndoichinnte ndian. Ar do ghrásaibh geibh ar sdiuir 's ar do mháthair, a mheic naoimh, roluaghail fan mbioth dar mbéin rioth dá n-éir foluamhain faoin.
A fhíormhac Dé athar án, a ghabhal síotha an té as triur, gidh bé ar ngar i nglinn na ndeor seol ó thal inn ar an iul. Ceann m'aradhna, a Íosa, ar t'iocht díorghadh don anamsa it ucht, bann clé ná cinneadh lem chorp, ort, a Dhé, m'fhilleadh ó ulc. A ghlóir do bhaoi is bhias 's a-tá, fóir ar do ghnaoi as lia is as lia; mór tuile teadhmann i dtú dearbham tú id dhuine is id Dhia. T'aire rum, a rí na mbreath, dainimh sunn ar sísd don bhioth, gar sníomh go raighrib dom rath, am sgath chríon aimrid gan ioth. Ní héidir liomsa achd bann báis, all éigne 's iomdha rem ghnúis, m'aonta dhall re dol 'n-a nguais; is am cruais do chor im chúis. Na cathaighthe a-nall 's a-nonn dar n-athchuirne ó all go hall, uain sgíosa ní lamhthair liom; tarrthaigh sionn, a Íosa, i n-am. Ní reichim do réir ar dtol coim fheithimh i gcéin 's i ngar, mé mar éan agus é i ndul féagh ar a dhlugh, a Dhé, dhamh. Ar seise saoghal na lúb baoghal dar mbreithne tar séad, an sean ní fhidir ná an t-óg ceadh as fhód idir don éag. Ag so.
MY SOUL'S FOES. Gofraidh mac Briain Mac an Bhaird cct. Beir iul damhsa, a Dhé; díochra an doille i dtám, mé ar seachrán go síor leathlámh, a Dhé, im dhál. Leathlámh, a Dhé, im dhál suil dheachar led dhoirr, mo réim is rioth doill fan bhioth do léim loinn. Na cathaighthe im cheann fan ceart silleadh súl, freasdal a gcor gclaon a ngomh deasgadh dhúnn. Conair na gcúig sluagh 's sé dóigh róm, a rí, nach ria ar ndol, a Dhé, cor budh sia iná sí. Móirsheisear d'aos uilc m'eolaigh le headh gcian; méala ag teacht dá dtaobh seacht bpréamha na bpian. Seacht gcrumha na gcréacht mbáis biodhbhaidh cuinge Críosd, seacht bpeacaidh púr piasd dún nach deacair dhíosg. Púr díoghla darbh ndaol doirbh ó dtig gach teidhm, púr seangán nach soirbh diombágh dún an deilm.
Cuaine na gcéad meang - nocha muinntear ghar - mé im aonar re a n-ur baoghal, a Dhé, dhamh. Rom chairtigh, rom chealg, an chuideachta chlé; a nglór rinn, a rí, is mór do mhill mé. Mé millte go mór mairg ránaig im riocht; dúil dar dhluigh ar searc dúin ní fhuil a hiocht. Mo chéadfadha ad-chiu ar gcaill orm le headh siad im cheann ag cur - más leam iad ní headh. Céimniochadh mo chos, cinneadh lúith mo lámh ag cailg m'anma ar aon; mairg tharla mar tám. Truime iná gach teidhm - truagh, a Dhé, mo dhál - toil na colna criadh orra soin nach sámh. An bioth cé 's an corp is ar gcealgthóir síor, bocht ar dteannta ón dtriur, a mbeadhgtha ag tocht tríom. Triar oile re a n-ucht againn d'áireamh shaor dom théarnamh ón dtriur go néalbhragh na naomh. An tAthair fhuil thuas i n-a theaghdhais thriuir d'fhéasgain damh fa dheoigh go rabh éasgaidh n-iuil.
Aithchim Íosa an mac meanmarg dún más dluigh, óigh rug é 's do oil, sé slóigh tug dá thoigh. Go dtí a-nuas do nimh ó niort Sbioraid Naoimh lucht infheithmhe m'eoil, m'imeirche ar a n-aoidh. Don Tríonóid go dtí mo thabhairt a brad, lucht fill nach lá im log gá dtá sinn dar slad. Mo bhreith a beol béisd bíodh ar Dhia na ndúl, 's go mbé an uile ógh ag guidhe Dé dhún. Teallach tighe Dé dom dhírgheadh ar séad, 's an tí gá dtá siad go dtí trá 's a thréad. Ná bé easbag ard ná aingeal 'n-a fhail m'uamhain díon go ndluigh gan sníomh m'ualaigh air. Gach fáidh is gach feadhbh dan fios guidhe ó ghníomh i ndocraibh ar ndúl do rochtain an ríogh. A-déar le Dia féin focal nach fiu mé: sdiúr leibh cor dom chlí, beir iul damh, a Dhé. Beir.
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD, CCT. Dursan mh'eachtra go hAlbuin dá dtánag - tuar iomarduidh - ó mhínÉirinn ghéigthe ghloin séitche ríghFhéilim Reachtmhoir. Do ghrádh an domhuin diombuain tánag tar tuinn tráichtfhionnfhuair go fionnAlbuin trá óm thoigh; lá an iomarduidh budh huamhoin. Eagail liom lá an tsléibhe mar thánag - tuar aithmhéile - Lem dhán luachmholta tar lear ó chlár ghruadhchorcra Gaoidheal. Baoghlach leam a agra orm teacht go hAlbuin na n-órchorn; i gcrích sgaithfhinn na ngort ngeal ní chaithim corp an Choimdheadh. Dar m'éigse do mealladh mé; dámad liom Alba uile uch, a Dhé, mo lorg tar lionn is mé gan ord gan Aifrionn. Rugas díogha deimhin liom do thréigeas ord is Aifrionn - ar n-éag gá dál as docra? - do ghrádh na séad saogholta. Dámadh liom uile a hór bog dá bhfhaghuinn a bhfuil d'argod i gcrích bhraonuair na mbeann bhfionn do b'fhearr aonuair an t-Aifrionn.
Ní chreideann Alba fa-ríor go dtig tonn d'fhuil an Airdríogh san abhluinn mar as dleacht dí adhruim don reacht do-rinne. An gcuala Alba an fheoir chuirr ar imthigh air fan abhluinn fear go nglór dhiabhluidhe dhoirbh do shlógh iarnuidhe Ioffoirn. An t-Íobhalúd ráidhim ribh do-chuaidh lá do na laithibh go teach Dé re dearbhadh uilc; fa neamhghlan é ag a iodhbuirt. Dá theampall mar tháinig sin ar an altóir an uairsin do-chí sé an abhluinn re ais; adhruim don té dan teaghdhais. Tre fhochuidbheadh don fhear ghráidh do fhiafraigh - dia do dhiombáidh - séad ar n-adhradh druim ar druim créad do b'adhbhar don abhluinn. "Anuas eidir fheoil is fhuil tig go dearbh," ar an deachuin "barr órbhuidhe taobh mar thuinn laogh óghMhuire san abhluinn." d'éiliughadh cainte an chléirigh tug sáthadh dian díchéillidh dá sgiain chaoil ghairbhghil ghreanta san mbairghin gcaoimh gcoisreactha. Bainne fola druim ar druim tig an uairsin as an abhluinn - mór bhfáidh ler fíoradh an céim - dar bháidh an t-Íobhal ainnséin. A mbíodh innte i n-aghaidh Dé do bháidh fós - fíor an fínné; deimhin liom gur mhuidh a-mach an fhuil ós chionn na cathrach.
Oiread na maraso a-muigh do chuir san abhluinn uasuil; séala an ghráidh an bhais do bhean dámadh áil lais do léigfeadh. Mór dtír nach í Alba a-mháin nach creideann fós - fáth tochráidh - don bhairghin go mbí 'n-a fuil 's í fa ainglibh 'n-a hiomdhuidh. Tánag san tír nach adhair don abhluinn ghil ghrásamhail; mó do mheall an saoghal sinn baoghal 'n-a cheann ní chuirim. Fearr bheith thiar ó thigh go tigh do sheirc naomhchuirp Dé dhúiligh ná ríghe 's a beith a-bhus; don bhreith fhíre do fhéachus. Ó nach faicim é innte an corp diadha doimhillte fairche ghrianfhuinn na ngéag gcuir iarruim gan mh'éag i nAlbain. Do sheirc chuirp Íosa d'fhéaguin slán ó Albain úirghéaguigh fairche fhiar na n-úrchros ndonn siar dom dhúthchos go ndeacham. Guidhim Mac Dé más deoin lais dom breith go hÉirinn n-iathghlais agus saorMhuire a súil dil; a naomhghuidhe dhúinn dlighthir. Ar bhás pheacaigh san tír thoir bíodh an Coimdhe dom chobhoir 's an ógh naomh buime na mbocht craobh darab duille an diadhacht. Go bhfaghom tar iomad mh'olc coim im dheaghaidh tre dhúthrocht; dul fa a géagaibh is dleacht damh, teacht dá déagain ní dursan.
Do chaoi Peadar puirt nimhe fa pháis an Uain ainglidhe; uchán, do ba géar a ghal, a shruthán déar ní dursan. Dursan. HELP ME, O MARY. Fearghal Óg Mac an Bhaird, cct. Mé ar t'fhaosamh, a ógh, m'anam gidh é an corp; go mbead uam ar th'iocht; ní beag mon-uar mh'olc. Tar m'olc ná séan sinn, soirbhigh an rí róinn; a fhonnsa, a chré chúil, go mbé ormsa th'óidh. A ghlór milis mall, a Mhuire a mhionn súl, a anam a ógh, go rabham id rún. Íosa an t-éasga lán lot i n-a ucht uainn; ar aoi an luit déag dúinn, a dhéad mar chuip gcuain. A dhreach dhonn mar ghríos, a ghlac ór ghein séan, a bharr na gcleath gclaon, an teach thall fad thréan. A bhráighe mar bhláth, a bhéal na mbreath bhfíor, a dhearc mhallghlas mhór, adhras reacht do ríogh.
A ucht mar uan tonn, a thaobh seada sáimh, a throigh beangán mbúidh, a gheallámh an ghráidh. A leaca ar lí an aoil, a earla mar ór, a chaolmhala chlaon, a aonragha ar n-ógh. A ghruaidh mar an ngríos, a ghéagbhonn mín mall, a chúl failmfhiar fionn, th'aimhriar dún is dall. A chíoch bhláithgheal bheag, a bhronnadh bhíos síor, a ghlún málla maol, dar bhrágha rún ríogh. A lámh thréan, déag dóibh, ná séan grád do ghaoil; narba meise a-mháin bhus treise dod thaoibh; a Mhuire as díon dúin bíodh an uile ar th'aoidh. A shlat 'n-a mbí bádh, dar mhac an tí as triur, budh linn tréan dod thaobh; ná séan sinn, a shiur; beir, a Mhuire mhór, dod threibh uile an t-iul. Go dtoil do Chríosd cháidh, an choir do chleacht mé maith dhúin uile í, a Mhuire, múin mé. Mé. A dhoirseoir Críosd cháidh, cuirse do chead Dé sinn san toigh i dtaoi, mo choir do mhill mé. Mé.
CHRIST'S FIVE WOUNDS. Mo chaomhna ar chóig créachtaibh an tighearna róid as ineamhla dá ndéantair dá dhaghadhbha; ar dteacht an tsluaghaidh go teach na togharma fa rodhamhna uamhain ar n-each gan aradhna. Na cóig chridhe an t-amsa an aighneasa gomadh slighe dod ghlainliossa dhamhsa a ndonnfhrasa, an troightheach gonta dom dhíon tar a ndearnassa, na gealbhasa 's an chíog chorcra dom chomhdhasa. An créachtsa ar th'ucht do chleith mo cheanfhaghla dom breith id dheaghadhbha re lucht do leanamhna; baoghlach gan m'ionnramh ria dtocht na togharma, comhardha biodhbhadh a-nocht mo neamhumhla. Go smuainim an crádh fuair an finnleanabh 's an gruaidh slimleabhar dár ngrádh do gairbhrigheadh 's an corp uain re chrann do cuibhrigheadh; mall do cuimhnigheadh a bhfuair d'aindligheadh; go raibh mé a-nois tre chion dá cuimhneaghad an bior druimreamhar i mbois Dé do daingnigheadh. Go smuainim ó chroidhe ar naomhthail do nuamhartra a uandalta Moire idir an laochraidh leomhanta; go smuainim iar n-uair Muire ar tonnaibh an taobhochta 's ar gach aondocra dá bhfuair ó na bonnaibh beoghonta. Téid tre ghrásaibh san úir tre ar n-uabhairne, nuadhoilghe an lásain dúinn go madh dianaighne, mar do-chuaidh ó chridhe go gcaoinimne naoimheidhre nimhe san uaigh dar n-iarraidhne. Tiocfaidh ar sluagh go faobhrach dar bhfeithimhne, ar n-aonbhrath breithimhne san Luan ní bu leathaighne; a-niugh 's an lásain ós é ar n-athairne tar rachuimhne ó ghrásaibh Dé nár dheachaimne.
Triall dar n-ionnramh i n-aimsir na fíorghoimhe faillsigh do mhíorbhuile, a chiabh fhionnghlan órbhuidhe; treoruigh do thréad an uairse go haonbhaile, buailse fár gcaomhnaine, a ghéag as ghlórmhuire; aslaigh dhamh an Coimdhe red chéalmhuine, ná sgar le géarghuidhe bhar n-oidhre, a óghMhuire. Nocha leigfe lais achd lucht a leanamhna, re hucht a neamhfhaghla ní bu tais an tighearna, an chroch san Luan lá na roidheaghla budh tuar doimheanma trá dá thighealbha, nochtfaidh Dia an crannsain do chách mar chomhardha; i dtráth na togharma cia mun amsain budh hinfheadhma? Mo.
MY BODY MY SOUL'S FOE. Fada a-tú i n-aghaidh mh'anma, a-tú i n-aghaidh na humhla; mo chorp is é ar n-éag m'anma géag thárla é gan umhla. Do thalmuigh an uagh orum, truagh ar talmhain mo thadhall; truagh is ar fhás tre ubhall bás d'fhulang uadh dom anam. Olc gach duine a-tá i dtalamh ní fhuighe lá dá loghadh, gearr ré an bheatha do bhunadh; dubhadh ceatha, a Dhé, an domhan. Rí an domhuin fa líg luighe thríd do fholaigh a fhine crann fa bhláth i mbroinn Muire cách uile ar bhoing an bhile.
Mac Dé go tráth an tionóil ar chách is é ga fhuráil; an té do-cháidh fan gcoróin rodhóigh madh áil é d'fhagháil. Saor do dhealbh na trí tighe, an rí do dhealbh gach duine go mbé - 's ní fhuil ar mh'aire - go raibhe sé ar muin Mhuire. Dia ar ndol sa chroich cheannruaidh ar n-a chor fa chloich mballbháin, ní chuir sé seadh i seanmóir fear ler neamhdhóigh é d'fhaghbháil. Ní leigfe an rí an rún rinne is a rí ar gcúl a chloinne an chroch dhearg is é uirre ceard na cruinne cé im choinne. I ló an bhráith tre olc Ádhaimh ní dáich socht ar ar súilibh; tug mé fa-ríor mo riaghail i líon fiadhaigh Dé dhúiligh. Dia Luain ní tráth dá thagha; ní fhuair ó chách a chomha, guais dar ghein é ó Eabha a gceana i meidh Dhé ag dola. Rí an bheatha i mbuain an ubaill a bheatha ga buain oruinn, mar bhíos cioth dá char tharuinn magh tadhuill 'n-a rioth romhuinn. Uan Muire gidh mac aosda, mac Muire uan na huasga, rí caomh isan gcrann céasda ler chlaon éasga ann uasda. Canaidh maor mic na n-uile ós an leic re Laogh Muire; sreabh do-chuaidh as do chridhe fleadh Muire ar th-uaigh dá n-uighe.
An chalann ór iarr oruinn an t-anam riamh do roimhill; do phort, a Dhé, is ní dhlighim sirim ort é dom ainim. Re ndul gus an mbreith bheire dá mbreith go brugh na n-uile; ní hé an corp acht an cridhe red thocht shire, a Dhé, ar dhuine. Tús do fhleidhe ag dol dúinne ar son cneidhe na cíghe gidh holc neach - gá ní as truaighe? buaine, a rí, an chleath as críne. Tocht i bport m'fhaghlaidh iarraim, dom anmoin is olc fhéaghaim; gur chaith mé mo mhí aoibhill aoibhinn lem chlí, a Dhé, a ndéanaim. Don anam olc an t-ionadh an corp nach gabhann glanadh; mo sheal, a Dhé, ar an domhan robhadh é rer bhfear faladh. Insa bhráth dhuit, a Dhúilimh, - do thuit cách insa chánaidh - rachaidh lá damhsa ar dhéaraibh déanaimh mná d'asna Ádhaimh. Ní thuar sibh na seacht dtighe sibh ag teacht don tigh oile; nach truagh fás deith, a dhuine, nach fuighe grás meic Moire? Ag sin adhbhar bhur n-uaille, a fhir, ní hadhbhar gáire, an déar budh dú Dé hAoine ní crú taoibhe, a Dhé, dháile. Ag dol do riar ríogh nimhe cian ó n-a dhíol, a dhuine, do bhean chuil lat ag loighe, is guin croidhe ar mac Muire. A dhuine, tre fheall Ádhuimh dob fhearr guidhe ar na glúinibh - a thruaigh, nírbh é uair an uamhuin - i n-uair shluaghaidh Dé dhúiligh.
Dia do bhreith creid ó chroidhe, creid a bheith fan lia luighe, is é a ghuin deit, a dhuine, dá luighe fuil meic Muire. Sruth tuile an saoghal seachaibh, taobhadh le Muire is mithidh, an bioth cé ann re hathaidh tre athair Dé is crann crithir.
SPARE ME, O FATHER. UA hEOGHUSA, .I. EOCHAIDH CCT. Ar th'fhaosamh dhamh, a Dhé athar, adaimh m'fhialus mar fhear ngaoil; a-tá sonn ag súr do ghrásda glún nar chrom go drásda dhaoibh. Ag so an biodhbha do bhraith sibse, ag so aithghin fhir do luit, ag so ua na n-aithreach bhfallsa go dtaithleach nua an dannsa dhuit. Mithidh dhamhsa dol ar th'ionchuibh, ionmhall an tráth tuigthear linn, mé am choireach gan imshníomh m'adhbhar, soidheach ilghníomh n-amhghlan inn. Nír thuairgeas m'ucht d'iarraidh maithmhe nír mhúineas damh - dia do chruaidh! - feacadh mo ghlúin, a Dhé, dhuitse; mo shúil is lé a huisce uaim. Do ghoin gach laoi a los mo chionta, do chur i gcrois do chleacht mé; dod reic mar bhiodhbhuidh do bhímis, a mheic ionmhuin dhílis Dé. Tógbhaim an láimhse a los croidhe, ciontuighim sinn, ag so an bocht bhíos do thol fhaghladh ar n-aslaigh ag adhnadh gon n-arsaidh ort; Freagair m'éighmhe ar aba ar gcoire, cluin, a mheic, ar mairgnigh dtinn, éisdthear led ghrás ar nglaodh dtruaighne, saor ar chás na huaimhne inn.
Ar do mhaithmhighe, a mheic ghrádhaigh, ar ghaol n-óighe, gidh olc mé, ná hagair ar bhfoilgheas fallsa; adaimh coibhneas damhsa, a Dhé. Ar mo chruthad i gcló th'éaguisg oirchios díom, a dhalta an tSaoir, ar do theacht ar cleith sa gcruinne, ar bheith fa neart duine dhaoibh. Ar do chumhdach i gcrú an asail, ar gach n-aithis fhuair do chorp, ar do bhreith ar th'ionnramh d'inneilt, ar mbreith mbiodhbhadh d'imeirt ort. Ar an mbruinne do bhí tárnocht, ar an dtaobh do tolladh linn, ar do char i gcrois mar choireach gabh a-nois ar th'oineach inn. Ar na naomha do-ní t'atach ar na haingle, a athair búidh, ar chaoi dtoirrsigh na dtrí ríoghbhan, a Choimsigh, bí ag díolghadh dhúinn. Ar do bheagdhacht i mbás croiche ar do chumhacht caomhuin mé ar bheith dheit agus tú ar dteasbháil a-nú a mheic ar deasláimh Dhé. A mhic na hEabhraighe, a Íosa, a athair ler haingeadh sinn, ná leig m'anmuin ar iocht m'fhillse, calmuigh a niort irse inn. Go dtuilltear uait ar aoi dtaithligh tornamh oram, a Uan Dé; go roibh bhur n-aoidh ar a n-iarrabh do thaoibh toil go n-iarrar é. Narbham colum go gcailg onchon, narbham uan go n-acais fhaoil; i gcló bhur dtoile, a Dhé, dhamhsa go mbé an croidhe dallsa dhaoibh.
Mo neart féin ná fuluing ormsa; eadrom is tú suil thí sinn ná leig mé ar na raonuibh romham, caomhuin, a Dhé, oram inn. Go gcríochnaighear gan chéim n-iomruill oilithre ghearr glinn na ndeor: rem char, a Dhé, nárom dhalltar ro b'é gar i n-alltar m'eol. Nár ghrádhuigheam ar glóir dtadhuill an tír nduimse as dúthain barr; nár thabhram ghlóir shíor ar shealadh do ghníomh róinn go dtreabhar thall. Mairg reacas an ríghe shuthain ar sheilbh ndiombuain nach díol gráidh, meadhair is a cailg re a coisse mairg re ndealaigh loise láin. Ní fáth bréagtha an breachtradh cheilge do-chí súil ag silleadh dh'aoibh; córa sgeinm, a dhomhnáin duthain, d'orghráin red dheilbh gcruthaigh gcaoimh. Gearr siansa bhur samhraidh dhíomhaoin, duthain áilne t'eatal nglan, ní buan bláth líoghlan do lubhghort, fíorghar tráth bhur ndubhlocht damh. Áineas meallta moighe thadhuill tús a ghlóire is gar do mhaoith; créad acht gáire gréine ceatha áille sgéimhe an bheatha bhaoith. Nár thréige meise ar muirn dtadhuill teach na n-aingiol aitreabh bhuan, a rí an ríchigh, cuir im chroidhe do mhuin díchil toile a thuar. Ar.
ANSWER NOT INSULT. Eochaidh Ó hEoghusa cct. Mairg iarras iomlaoid cháinte; connradh as cúis mhíofháilte dá gcáinear an té rem thaoibh 's mé do cháineadh 'n-a chomaoin. Áitheas nach adhbhar beadhgtha créacht i gcomaoin fhoirdheargtha; díogha gaisgidh goin ar ghoin, oil i n-aisgidh ní fhaghthoir. Nír dhearg gruaidh nar gríosadh féin; ní thug aisg nach uair toibhéim, mairg len hionmhain adhaint cháigh ar mhalairt n-ionnlaigh d'fhagháil. Gá dtú acht ní thiobhra mise cáineadh do chionn aithise; mo chailg budh créacht gan chumhail mairg dan héacht ar n-ionnamhail. Ní díol liom a los m'fhola inghreim fhir mo chognomha; budh gríosadh gan fháth ar n-oil ní ghríosabh cach 'n-a chionoidh. Do ghéabhainn dá ngabhdaois uaim bheith gan bhuaidh bheith gan diombuaidh; re a dteangthaibh a-tú meata; gearrthair cú na coingleaca. Ad-lochar don fhlaith rom chum a ndearnadh d'éigceart orum; fuaras guin nach gríosfa ar neimh, ní íobhsa fhuil 'n-a aighidh.
Do fheador ní horm as sal mo thubha le tár mbriathar; is áilne iná adhnadh cáigh náire gan adhbhar d'fhagháil. Ní beag díogholtas Dé mhóir i ndiaidh an ionnlaigh éagcóir; misde an té le dtabhair guth gan é 'n-a aghaidh d'ionnluch. "Nír dhearg arm nach d'arm teasgar" glór Íosa re a airdeasbal; ní ar th'omhan, a fhir mo luit, nach gonabh ibh 'n-a éaruic. Do fhéachfuightheá ar th'ainimh féin dá leanta lorg an tsoisgéil, a chómharsa, ó do-chí sibh a mbí oramsa d'ainimh. Ní cosmhuil go gcuala sibh mar rug breith 'n-a bhreith shuaithnidh an Rí ceart coimsidh nimhe 'san fhoirmsin eacht d'áiridhe. Lá n-aon i n-Iarúsa-léim teagar chuige - cúis shoiléir - bainghiall ar ar baisdeadh cair nar caisgeadh d'ainmhian éadraidh. "An bhean ad-chí" ar cách uile "a los a locht gcolnuidhe a-dlé ó cheart a clochadh, 'san reacht ós é as ordochadh." "Gidh bé," ar Dia, "nach dearna cair buaileadh chloich ar an gcionntaigh; i measg cháigh más amhghlan í cáir a damnadh mar deirthí." Cuimhnighid coire gach fhir a los fhuighill Dé dhúiligh; nír léir dhóibh - dia do thuigse - cia dar chóir a clochaidhse.
Mar do shaor cuimhne a gcean féin an mnaoi ndrúith ón druing aigmhéil, air féin dá bhféaghadh gach fear do-ghéanadh chéill rem cháineadh. Maithim don mhéid dá ndlioghar bheith choidhche dom choirioghadh; mar tá mé ná léigeadh leinn an té nach éidear d'inghreim. Gach ciontach as cosmhail rinn chaitheas a chloich fam thuairim bíodh 'n-a leith ós é a n-obar tar breith nDé mo dhiobhrogadh. Aitchim a síodh, sléachtaim dháibh, éirghidh díom, diultaim teagmháil, lucht cháigh i gcogar do chailg ní náir obadh a n-iomairg. Mairg.
SOUL RIDING BODY. Tuileagna Ruadh Ó Maolchonaire cct. Cuir srian rem chorp, a Choimdhe, ós é as each dar n-anaimne; m'each iomchuir ag triall le tal do b'ioncuir srian dá seoladh. Ní sbor iarraim don eachsain do-chím nach é a huireasbhaidh; triall do b'áil ar a haghaidh srian as cáir dá connamhain.
Ní hé gach aonshrian fhoghnas don each shanntach shiubhalbhras; cóir gaillshrian do dhéinimh dhi ler éirigh d'ainmhian innte. Cuir aradhna don umhla i srian an eich allmhurdha - macnas 'n-a clí do chalcaigh - bhacfas í dá hiomarcaidh. Cuir don déirc do dhíon m'anma ris an each mborb mbarbardha go dtoirmisge a meanmain mhóir ceannraigh ndoibhriste ndeargóir. Cuir san srian, a mheic Mhuire, béalbhach trom don trócuire sdiuras is-teach tar a tail an t-each le ciunas chrábhaidh. Smeigiall d'aithrighe ghéir ghloin cuir ceangailte don tsriansoin; an iall gan chlaoine gan char iadh gach taoibhe 'n-a tiomchal. Má tá a Chríosd gur chuiris srian rem each ar eagla a hainmhian cia an neach dar dholta ar a druim dá shocra each gan ughuim? Díolait shocair do ghrádh ghlan cuir a Dhé ar each na hanman; do b'ionchuir dhuid ar a druim cuid a hiomchuir don ughuim. Cuir uirthe a rí bhus rí ar neamh tiarach do dhóchas daingean, ós tú an rí as cumhaing dá clódh; ná tí dhí an ughuim d'iompódh.
Uchtach dot fhírinne féin cuir uirthe, a uain an fhíréin, ó tá do bhreith go bráth ort bheith do ghnáth ag a giollacht. Geis dí míréir a marcaigh; teann fúithe, a Chríosd chomhachtaigh - tuar gábhaidh a geasa sin - creasa crábhaidh is creidimh. Guais leamsa nach iontaoibh m'each, gnáth an groigh oitir uaibhreach; gníomh baoghail, a Dhé, a daibheart; caomhain mé ar a marcaigheacht. Bheith ar lár dí fa dheireadh ós é a críoch go gcaithfeidhear mairg ar a luigh an chlí chuil, ní bhí achd ar muin a marcuigh. Mian dí dul ar a haghaidh, teann ise ar a haradhain; mairg sliommarcach fhuair mar each an truaill iomarcach uaibhreach. Iarraim ort más í do thal go dtí dhíot, a Dhé athar, bheith id liaigh ar mo lotaibh i ndiaidh an eich anshocair. Cuir.
MARY'S HOUSEHOLD. Aodh mac Con Connacht Ó Ruanadha cct. Dlighthear muinntear ag máthair Dé bu muinntear mhór; dul dá deaghbhrugh don duainse as díol uaisle iná ór. Do bhean sí don chreideamh ceo creidtear dá crú; lia sa chách muinntear na mná cluintear a clú.
Ríoghan taoibhgheal fholtghlan mar ór as cochlach caomh ní fhéad éinbhean a clú do chlódh brú shéimhgheal shaor. Fear ar-aon is eidhir dar siair dar ceileadh cóir; ní fhoghnann dí acht fear cuiridh cháigh bean muirir mhóir. Ní fuláir dhúinn a leathtrom linn an dearcmhall dhonn; cruithneacht í gan chogal 'n-a ceann tobar trí dtonn. Turchuirthe grás mar thuile i dtír Muire is dar mnáibh; ní bheanfa sé m'urdail don óigh bé chumhdaigh cháigh. Bile díona dot shealbha an ógh go ndearna ar ndíon do gabhadh rer siair dalta dhúnn ler ghlanta ar ngníomh. Ar mbreith dá múr meanma na mná ní dearmad dó, is bean nar chrom ar dhuine acht Dia muine crom cnó. Béal tana dearg nach milse mil cá deise dhamh? mac tre shanais Gaibhriail do ghabh bainliaigh na mban. Le fior mheallta gach duine dhíonn dá gcluine an chóir, is beag an chaibhdhe sinn dar siair linn mhaighre mhóir. A athair má leig tonn as-teach mo long ar loch go ndearbhair a buaidh aga brath dearbhaidh cruaidh cloch. Is í bhar mbuime máthair Críost do ghnáthaigh grásd; samhuil niamh a hochta re héasg grian chorcra Chásg. Mar sin fhuair sí ón Athair é glantair a gnaoi; baramhail do mhac ochta é at corcra i gcnaoi. An uair rachas na sluaigh as-teagh uaimse ná han; fagh, a cholann chneasbhán, ót fhior a dheaslámh dhamh. Do dhearbhasdair dhí deightheisd cách leigeas a luach; do chuir do bhuime a clú ós chách 's tú buinne ós bhruach.
Do ghabh sé re Muire mar mhnaoi 's gan luighe lé; a diamhair rúin ní dheachaidh dhí eachair dhúin Dé. Inghean Anna ríghbhean don fhréimh ler dírgheadh dhúin a-tá ar neamh bean réidhighe róinn dréimire an dúin. Is fada liom an óghsa uam rer hóbradh m'iul; do haithlíonadh ré ar neamh na néall bean an té as triur. A-tá as-tigh ar dtoghadh ar n-uird cara dar gceird, ríoghan an dúin deaghbhladhaigh aird deallradhaigh dheirg. Mac agus athair dhí an fear fuair slat muine mhóir; do-rinnsead iul tre dhoininn dúinn triur d'fhoirinn óir. A ndearna sé ní seachmhaidh dhúin creach do budh cóir, dob athair do Mhuire an mac fuair slat muine mhóir. Géag chumhra na dtrí dtoradh súd moltar a méad trí slata óir a haonbhun iad as ghaolmhar géag. Do chuir an óghsa do fhóir sinn an chóir fa chuing; bile nach leigfe a bharr do bhoing an crann ós choill. Toirrcheas tharla dar siair mar sin ar dtriall ó thoil; fagháil a mic i gcéill nír chuir mar ghréin tre ghloin. Fiu an óghsa darabh éideadh gnaoi go léigfeadh lé, mo bhreith as-teag ní dána dhí bean dála Dé. Ainm don Mhuireise as mhó do mhnáibh ógh ós gach óigh; míonghruaidh gheal gun ghéiggil mar ghréin slat éigin óir. Troightheach maothbhán is mala sheang is cara do chom; buime na mbocht rer suirgheach sinn folt druimneach donn. Bean nach éisdfe re guidhe a gaoil is tuile gan tráigh, slat taoibhgheal dar taighdeadh an chóir maighdean dar mnáibh. Do mhaith eisean a hoineach dhamh an troigheach toll, sí bheireas ó gach oilbhéim inn bas choimhréidh chorr.
Sibh an ógh ler déirgheadh an dún séimhgheal a snuadh ríoghan dar mnáibh an mhaothghlac shámh saorshlat gan smual. Ní leigfe an óghsa meise a-muigh 's a treise as-tigh, a Dhé, gan mé dá súr ó thoil dún Dé do dhligh. Dlighthear.
GOD'S WRATH THREATENS. Braon re ndubhadh diomdha Dé dá gcuirthear dá dhiomdha dlaoi; mairg dan tóir diomdha Dé 's nach diongna sé acht cóir fan gcnaoi. Clann Éabha ní dóigh dá díol a gcóir dá léigid go Luan, guais dóibh sa turadh gan triall, nóin riamh gan dubhadh ní dual. Mé i n-éigean ó anfadh cuain mh'arthrach nach éidear i dtír - baoghlach buinne gan fhear iuil - buille ar a sdiuir a chneadh cígh. Ar síodh a bhiodhbhadh dá mbeam ní rí as ciontach acht a chlann; mór an ní nar fhóir ionn rí dar gcionn do-chóidh i gcrann. A chomhall ní budh eol uain gémadh cóir comhall do rígh; síodh ar a n-antoir madh áil do sgríobh dháibh i gcartaigh cígh. Fiu an óigh gar hoileadh an rí ar a hoineach nach dóigh dlaoi; mar budh fear do luigheadh lé do gheabh sé ar a mhuirear mnaoi.
Ól a cígh dá n-agradh ógh nír dhacar an rí do riar; dá dtí fala a dhíoghla dhún an rabha ar ghlún ríoghna riamh? Dual neart ag ríoghain ar rígh, a dhíoghail ó cheart do-chuaidh; leigeadh sé m'oiread don óigh an chóir fa bhfoileadh sé sluaigh. A-tám dom fhuláir, a ógh, mar as ghnáth gabháil na ngiall, dlighthior géill i ngeimhil ríogh; bíom féin gut eidhir re n-iar. Lór do chabhair m'ainbhios air dá ngabha aighnios 'n-a fhuil sinn ar do mhac saor mar sin; do dhligh saor a ghlac do ghuin. Fuarais do nimh nuachar ríogh ar bhfuasgladh go dtig dá thaobh; go breith Chásg ar th'oidhre, a ógh, do-roighne róm grásd dá ghaol. Dar gcabhair táinig ó thoil, cabhair dá bhráthair do-bheir; fuair rí a dheirbhfine ar an digh, mil na seirbhdhighe is sí sin. Feis óighe dar bhfine féin do thógaibh dá cineadh ciaigh; fear ór gheabh fhuighle 'n-a hóigh cóir an fear suirghe dar siair. Dá mbeith cabhair dhamhsa i ndán fada ó do snadhmadh ar síodh; gur chuir an ceart sa cheann chaol do chlaon leam tar a reacht ríogh. Guais baoghal an laoise an Luain tar éis ar saothair dar siair; ní shaoil mé is m'fheitheamh don óigh breitheamh ar cóir nDé im dhiaidh.
Tonn anfaidh chuain i nbhur gceann nach gabhthair a huain 'n-a ham; guais daoibh is mar tharla an tonn long bhar gcabhra don taoibh thall. Gnáth na leanaibh dá lot féin; ní cneasda gomadh col sídh - meinic do ghon leanb a láimh - dámadh áil t'fhearg do dhol díbh. Ní tú, a Dhé, do dhiultfadh dhún gidh hé mo dhiultadh budh dual; tí ó mbí mo chobhair sa chlár badh nár 'n-a tí fholaimh uam. Id ghaoltaibh ná faghthar faill, le crannchar do saoradh sinn, cóir dhuid ar gcaomhna mar chloinn; do chuid chroinn ón aongha inn. Fleadh ríogh ní dacair do dhíol, gion go bhfaghair a híoc uan; do fhleadh is gan inn dá hól ceadh fa budh mór linn a luagh? Ní cóir mhall d'agra do b'áil nachar hagradh 'n-a ham féin fada a-moigh ar chách do chóir; ní gnáth um nóin goil sa ghréin. Ar mbeith réidh ní hoghar uan ní hé gur dhocar do dhíol; fear do loit as-tigh red thaobh, mar sin nach gaol doit mo dhíon? Mé a-nois gud nuaghoin a-nonn i gcrois do-chuabhair dar gcionn; red ghoin nach gabhthair ar ngeall do mheall soin fat athghoin ionn. Acht go bhfaghar fear dá hól do fhleadh níor dhacar do dhíol; sinn d'ól do fhleidhe gan lógh nír mhór an lógh cneidhe id chíogh.
Fágbhuidh slighe reampa réidh gion go ngeabhar t'fhine uaibh tús na conaire i gcrú an taoibh gur sgaoil tú an fhoraire uain. Móide ar sgaithne ór bhfoltaibh féin gach cairde dá n-oghthair uaibh; ní hí an chreach a-tá gan tóir dá ndeach do chóir go lá an Luain. Tonn t'fhaladh ag béin a bruach ní gan chéill do adhuin t'fhíoch; dá n-agra do chóir ar chách ní hagra i dtráth chóir don chíoch. T'ochtghoin mar do fhoillsigh t'fháidh do b'fhollus a toirrse thríbh; téid do nimh t'othair san óigh gur mhothaigh róibh cneidh an chígh. Fiu mo bhuime mo bhreath shaor do cheart go gcuirfeadh ar gcúl; díon d'fhoghlaidh ar ríoghuin riamh congbhaidh srian red dhíoghuil dún. Ar eol budh diommolta dhún nírbh iondolta don ród ríogh raon na sleighe as-teach san taobh gach raon eile dá ndeach dhíom. Téid fan chíogh cabhair a ghaoil ar ndíon i n-asgaidh ní fhuair; ar bhfear fine rinn nach réidh 's inn féin go cridhe do-chuaidh. Iongnadh 's gan ar dteacht don toigh a fhleadh dá bhiodhbhaidh do-bheir; dá-ríribh do dháil a dhigh sínidh sin dá láimh re a fhleidh. Dual sgaoileadh a ghlas do ghiall gan ar sgaoileadh lat ní lór; ó a-tá geimhle ar bhfaghlaidh fún labhraidh dhún ret eidhre, a ógh.
Síodh cáigh le gcomhalta féin a chomhartha ó láimh do láimh; ní hiad do sgéala, a chneadh chígh, séana ar sídh más eadh dob áil. Do íoc cíogh th'oidhir, a ógh, - an t-oineach gan díoth ní dual - mór an barr daonnachta ar ndíon 's crann i gcíogh th'aondalta uan. Tig fear le Muire mar mhnaoi, a fear is a hoidhir é; ní trian toighe do thoill sí, do-ní cloinn 's gan loighe lé. A shlighe is go ndiongnadh déar dá fhine ní hiomdha saor díon ar gcean uan dámadh eol; ní buan an reodh re mbean braon. Braon.
MARY'S PREROGATIVE. Flann Mac Conmidhe cct. Bréagthar bean le séad suirghe, cá bean nach bréagfadh coibhghe? ní séad nach cóir do chuimhne séad suirghe gun óigh oirne. Géabhaidh Muire an séad suaithnidh - ré nimhe d'éad ní fhéachthair; más beag mór ar mbéim báithfidh ógh dá bráithribh féin féachfaidh. Rug cách an t-iul gérbh iongnadh ar siur an tráth do toirrgheadh; roinn na ngrás rú do-righneadh inbhear clú ar nar fhás oighreadh.
Seal dóibh i n-aitreibh ísil an ógh 's an aisgidh nuasain, clann dúinn do gheabh ó ghrásaibh; fásaidh sreabh a húir uasail. Bean chabhra ar gcean is gaolmhar dom breith san ghlanbhrugh ghlórmhar, is beag do riar na ríoghbhan; bríoghmhar riamh gach leag lóghmhar. Sanais d'óigh an tráth tugadh a smál do-chóidh don chreideamh, cneadh san chígh dheis gan drodadh tobar sídh leis gur leigeadh. Rí na n-uile do iomchair - buime mar í ní fhoghthair; sé ar ndol 'n-a dáil ó dheaghthoil geabhthoir cor go tráigh dtorchair. Mór nglún suaithnidh 'n-a seanchas - cá húir dob uaisle foilcheas? cóir an Luain im cheann cheilfeas geilchneas seang nar thruaill toirrcheas. Mala chaol abhra uaine tarla re taobh a chéile; ní dhearna uall a háille bráighe ar snuadh ghealgha ghréine. Ruisg ghorma go ndreich dheirggil bheith dar gcomhdha is dá ceardaibh; rug dar mbáidh mac 'n-a maighdin slat shaighdidh cháigh tre chealgaibh. Tú an leanbh dar ndíon do dealbhadh; dá dtí bhar bhfearg ná fuilngeadh, cosg cháich ar fhíoch fa adhnadh, an chíoch bharrghlan bhláith bhruinngheal.
Rí ó aingeal dá ainglibh do ghabhais id chlí choimghil - dual mil do chor fa chuirmdhigh; sibh d'fhuighlibh ó thol toirrghidh. Fuil na mbos budh hí m'aighne do shín i gcrois dar gcinne; trom a bhreath madh áil oirne cáir th'oidhre as-teach ní thibhre. Bréagthar.
CHRIST'S DEATH. Buaine ná beatha bás Dé, a ghrás ag leatha gach laoi; guin a chíghe gér cás é sé líne ar a bhás do bhaoi. Is é a bhás as bheatha dhúinn mar lán ag leatha fa thír, téid a thréad i n-aoinfheachd uaidh; dá éag fhuair ar ndraoidheachd dínn. Ní bás 'n-a fholtaibh féin fuair, an ochtghuin ní hé do thúir, do ghuin an croidhe coir cáigh, do bháidh soin an oile i n-úir. Téid d'éag is do éirigh slán ón éigsin gan chréachd ar gcúl; gar beatha do bhás an Ríogh dá shíol mar fhás eatha a húr. Dia Domhnaigh ag dul 'n-ar gceann gé thorchuir i gcroich dar gcionn, dar leat nír leon bais ná bonn, gur sheol a-nonn ar ais ionn. Tug eitil i gcoinne cháigh gan leigheas troighigh ná taoibh; nír leath tásg th'eidhir ón uaigh go bhfuair deimhin grásd a ghaoil.
Cath ar tóir mbiodhbhadh gur bhris iongnadh mór nachar mhór lais bior 'n-a throighibh bior 'n-a bhois cion re cois th'oidhir ar ais. Dá mbeadh gan ghoin troighigh thrínn gan chroidhe do lot gan láimh, ar chaoi an ógh 's a hoidhre i n-uaigh nach lór uainn do choimhdhe cáigh? Íoc a chneadh más é do b'ál ní dhíol mé ar a meas go saor; cá híoc budh breath i mbás ríogh dá mbeath gur dhíol grás a ghaol. Cá héiric ann nach íoc uainn dámadh éidir íoc i rígh? ar mbuain a hoidhir don óigh doighir bhróin do-chuaidh 'n-a cígh. Bheith don óigh ag lorg do lot nó bheith re cóir san gcrann mbrioc mar budh eadh gomadh ál lat a fear 's a mac do rádh riot. Baoghal duit dá n-agra an óigh gin go dtig tagra re rígh sliochd déar na hóighe ar an uaigh do bhuain fhréamh do chóire ó a chígh. Ar saoradh dod ghoinse ó ghuais baoghal nach fuighe achd 'n-a fís; mo chroidhe ní fhuighbhe d'áis dá bhfuilnge an pháis roimhe a-rís. Saobh fleadh nach féadthar do dhíol 's nach géabhthar an fhleadh gan lógh; ní haisgidh len ngeabh do ghníomh do fhleadh ríogh i n-aisgidh d'ól. Ar gcur mh'anma ar mh'ionchuibh féin - iongnadh nach amhlaidh budh cóir - do shaoil th'eidhir uaim ar sídh; bídh uair nach deimhin an dóigh.
Iomdha a dtáille ag teacht im luing - ceart biodhbhaidh do rádha rinn - cion do sháruigh cionta an chroinn; iompa do choill Ádhuimh inn. Nír í a mheanma dearadh dhúnn; dá ngealla nach geabha ar lámh? ó ar mbráthair ní bhia gan lógh ógh is máthair ria dá rádh. Muna fhuil ceart ag óigh air a neart tar an gcóir do chuir; más lé trian toighe ar a toil ní bhiam i dtoigh Mhoire a-muigh. An anóir do-gheibhe dá gaol anóir nach leigthe fa lár; ó tá gur dhíol uirre an ógh is mór buime ríogh re rádh. Maith chreidim a teachd dá thaoibh a ceart gin go ndlighim dóigh ní leigfe a ghrás a ghaol uaidh an chaor bhuaidh do fhás ón óigh. Gan déanamh grás ní gheibh sí asaidh sin 's a héanmhac é; munab ógh mar gach óigh í an chóir, a rí, ní lór lé. Ar shaor sin don uile as fhiu gaol do bhuime do bheith rú; ceart ar óigh dá n-agra Dia cia dar cóir ar dtagra achd tú? Tu do dhorchuigh roth na rann, tú thorchuir i gcroich dar gcionn, tú thug a dhearca don Doll, 's rug a-nonn ar eachtra ionn. Tú dar n-éisne id bheathaidh bhias, tú mhaireas is mhéaras fós; gidh nuaidhe a-nú neart do ghrás tú do fhás re dteachd ar dtós.
Tú réadla oireaghdha an eoil tú ar n-éasga soineanta sídh; tú as ciall i n-ar chan an fáidh; ní náir damh do riar mar rígh. Tú an bás is an bheatha nua is tú theasda 's a-tá beo, tú fa rí suil rugadh dhí tú tugadh i gclí gan cheo. Táinig díot - gá gloine gréas! - a fhíon táille an toighe tuas buaine ná beatha do bhás fás go nuaidhe seacha suas. Ní beatha gan bhrón 'n-a diaidh glóir a teasbhaigh don té fhuair; ní aithneamh nach eachair bhróin glóir aithghearr ar bheathaidh bhuain. Buaine.
GLORIES OF MARY. Clú nach caithtear clú Muire, clú ris nach cneasda righe, clú as mhó iná clú na cruinne, clú Muire as só 's as sine. Inghean Anna an ógh fhaoilidh do ceapadh i gcló crábhaidh; a clú do chora is dá riaghail cú fiadhaigh fhola hÁdhaimh. Fuaras teisd 'n-a teisd fholaigh an teisd gach tír nar shiobhail, géis gheal nach dóigh deighfhir, bean leinibh 'n-a hóigh iodhain.
Bean darbh fhear dála an Dúileamh, bean ar mbáirce do sheoladh, nír chuir sí ar síodh a shíneadh, ríbhean í re díol ndeoradh. Bean na gciabh bhfada bhfionnchas triath na dtriath aice i bhfoilcheas; coir ar sean is í cheilfeas seingchneas geal na dtrí dtoirrcheas. Muire an deor fhíorghlan aille rer sgaoileadh ceo don chruinne fóirfidh soin cás a cloinne; moille grás ní fhoil uirre. Luibh dhíona na sé seanshluagh d'aoinfhréimh ónna ní horlámh; do gheabh re díon a deibhléan bean sheingmhéar is cíogh gcorrbhán. Bean na rosg mallghlas málla, maighdean nach mol ar n-éara, ar gcnú croidhe, ar gcor síodha, tor díona fhoile hÉabha. Bean le rugadh rí nimhe, bhíos go hullamh far n-eire, bean do fhóir ar an uile, Muire ní meadh d'óigh eile. Bean leasa dhúin do dhéanaimh, cara cúirte gach aoinfhir, cuirthear lé a fhíoch fa fhiadhail iadhaigh síoth Dé le daoinibh. Bean chiuin re déanamh deaghrúin, súd nar éasgaidh 'n-a hiomráidh, corp saor gun óigh ar ainmhéin, craobh ghlainréidh 'n-a hóigh iomláin. Ogh mhín d'uaislibh na healbha is í as uaisle is as ullmha; síon na ngrás dá taobh tarla, craobh abhla ór fhás an umhla.
Muire réalta eoil Ádhaimh a tréad 'n-a deoigh do dhírigh; rug dá thrí as-teagh do shluaghaibh bean ualaigh í dár-íribh. Gnúis ghlan ar léir na lile nar ghlac béas na mban oile; bean mar tá riamh ní raibhe gan aire ar mhian mná oile. Buime chíogh ríogh an ríchigh díon a gaoil uirre d'fhiachaibh; 'n-a bruinne do bhí ar mbráthair, máthair do na trí triathaibh. Muire ógh éan an turaidh do-chóidh i gcléith a cinidh; an ré um nóin a séad samhail, géag tharaidh d'óigh dob infhir. Feadh síodha na sé líne is céim ríoghna do-róine; dá cloinn ní ní nach naoidhe naoidhe nar bhoing í a hóighe. Bean súd go dtréidhibh triathmhná is cnú don fhréimhse an ríochnú; mar mhnaoi an uair do bhí bláithbheo gan smáilcheo fuair sí síorchlú. Clú.
THE HOLY CROSS. Crann toruidh croch an Choimdhe, croch bhloghaidh gach bearna; gur fhóir lé díon ar ndamna snadhma síodh Dé ní dhearna. Croch ar budh cóir ar n-aire an chroch ler fhóir a fhine; lé do shaor Dia gach duine laogh Muire ria dá righe.
Crann coimhdhe do chrú Éabha crú oidhre i n-am a dhála dá chloinn do budh crann díona, crann díola croinn na cána. Guin bhas is cridhe an Choimdheadh a fhine is as do haingeadh; do bhí sa chroich 'n-a cunnradh turnamh ar sgoith trí dtairngeadh. Fulang bear fa beart cluiche, seal i bhfeart chumhang cloiche; biodhbha Dé ar gcoll a chluiche nír mhuiche é i gcronn croiche. Croch ler bhris doirse ar deamhnuibh do bhris don chroichse a chomhlaidh, rug lé dar mbreith ó ar mbiodhbhaidh creich ler shiobhlaigh Dé Domhnaigh. Rugadh iul dúinn nach díolfam an t-iul do mhúin an mórchrann; do sgaoil ceo na sé saorchlann naomhchrann Dé leo mar lóchrann. Fleadh grás dá bhríogh do bearnadh le bás an ríogh do-roighneadh, dá chloinn do b'fhéasda urlamh, cunnradh croinn chéasda an Choimdheadh. Ar luibh chabhra, ar mbláth buadha, snáth snadhma gacha síodha, díon gach laoi d'aicme Éabha, séala ar gcairte ar ndlaoi dhíona. Dá n-áirmhear fearta an chroinnse áirmheadh budh deacra dhamhsa; mór bhfeart do-chlas ón gcrannsa budh glas ormsa teachd tarrsa. An chroch naomh cia nach cabhrann? Dia leis gach n-aon dá n-adhrann, bacadh sí tochd na dteadhmann; tearmann corp í agus anmann.
Tuile do char ar gcúlaibh a guidhe is blagh dá buadhaibh; nó go dtí tar tuinn mbaoghuil saoruidh sí luing gan luamhair. An chroch naomhtha fhial iodhan croch shaortha na ngiall gabhar; mo bhreith as is dí dleaghar, beanadh sí a ghlas dom ghalar. Fóir mo chás a chorp Íosa, ort gomadh cás mo chássa, dá chionn ní chéal do chlúsa, féagh mar túsa i ngioll grása. Fagh fáilte dhamh gidh doiligh, fagh sláinte dhamh 'n-a dheaghaidh, mása dhual íoc tar m'fholaidhi luagh do mholaidh díot dleaghar. Fóir mo ghuais, gabh mo ghuidhe, gan duais damh nocha ndlighe, fríoth do phácsa uair oile grátsa roimhe fuair file. Guidhim thú, a shaimhghrian sholus, a bhainliaigh dan dú deighfhios; bean do chlú is cáir do ghuidheas, tú chuireas láimh rem leigheas. Dearbh do bhuaidh, a leag lóghmhar, dod bhuaidh gá beag do háirmheadh? mó ná a nocht mé dod mhíorbhal gníomhradh Dé ort dá n-áirmhear. Fuil a bhonn 's a bhos mbairrgheal a-bhos don chronn do coimleadh; meadh do chlú is clú nach iongnadh, do hionnladh thú a crú an Choimdheadh. Fuil an ríogh nó gur fhromhais a shíol re luibh nír leighis; sir don fhuil as ar ibhis digh mhilis luibh mo leighis.
Teagh aoidheadh Uachdar Lámhann na naoimhfhear suarcghlan séimhsheang; dul dún as-teagh go dtuaiream, a nuaimhionn súl fhear n-Éireann. Teagh naomh na n-easlán d'fheithimh, saor gach easlán 'n-a fhochair; mairg fear don tigh nach taithigh teagh caithimh gach fhir othair. Eaglais cheart croiche an Choimdheadh na bhfeart gcloiche is na gcomhradh, slóigh aingeal ag a hadhradh, daingean anman, róimh roghlan. Rómhráth nach éidear d'ionnlach na n-éideadh n-órshnáth n-amlach, ráith gheal na ndorus ndealbhach, teagh leabhrach solus salmach. Ar mionn súl croch an Choimdheadh, gach cloch 'n-a múr mar mharmar, breith ghill do fhéad an fhiodhbhadh; iongnadh linn créad a crannghal. Teagh lán na léibheann nuaghlan dál fear n-Éireann san éanbhrugh; ainm Dé do mhór a mhíorbhal, síodhbhrugh ógh é agus éarlumh. Crann fosguidh na bhfeart naomhdha a fheart do mhosguil marbha, liaigh gach uilc, crann na cobhra, comhdha cuirp ann is anma. Díon don uile ar gach n-éinchioth, a duille ag díon gach láithreach; nír fhiu mé a cur im chaomhthoch naomhchroch Dé i mbun a bhráithreach. Ar sgáth t'fheart, a chroinn chéasda, tráth dod chloinn teachd dá dtíosda; 'n-ar mbun muna bé as-trásda grásda Dé ag dul i ndíosga.
Croch ler shaor fhine Ádhuimh raon nimhe nó gur núidhigh; lá na coinne is cloch fhaobhuir cloch mhaoluidh dhoirre an Dúilimh. As mo ghníomh do-gheabh m'fhógra sleagh 'n-a chíogh mar an gcéadgha; guais nach bia ann achd m'fhógra dá dtógbha Dia an crann céadna. Nochdar croch dhearg an Dúilimh go moch 's a fhearg 's a álaidh; dóibh achd go bhfuil ag féaghain béaraidh tóir ar fhuil Ádhaimh. Bíom ar chomuirce an chrainnse, a chomairce as díon damhsa, dul sa triall a-tá im chionnsa; ionnsa an lá ad-chiam an crannsa. Gearr go mbéara breath reachda; gá breath dá bhféagha ar bhfolta? a-nall ó do-chí ar gcionta tiocfa an rí 's a chrann corcra. Craobh thoraidh tharrla ar m'aire mo chobhair anma uile; biad ón té a-tám do ghuidhe slán dá nguidhe mé Muire. Réir Muire is dual dá dalta mo ghuidhe uam dá n-obtha; fam ghuais dí ní bu dulta, tugtha duais dí bu docra. Crann.
DAY OF RECKONING. Deireadh cairdeasa comháireamh cúis mímheanma gan tochta i dtlás mo lochta ar fás na fíneamhna. Na maoir tobhaigh a-táid ag teacht 'nar rodháilne ní lugha leam ag dula i gceann an chomháirmhe.
Nach dearna an rí riamh ortha - is eadh do breathnoigheadh - a chaor charad gaol dá laghad nach leanfoidhear. Gidh iomhda díobh na daoine as ní fhuarasdar fear le bhfaghar neamh is talamh mar thuarasdal. Seachna a chomuinn is cairdeas cinidh neamhchairdigh eo an mhara mhóir cara as teo dhóibh dá ndearbhchairdibh. Do chaith an rí go rug treise ar ar dtréinfhearaibh dlús re ar ndínne i dtús an díne dhéigheanaigh. Foillseochaidh Críosd fa chriaidh - is cuid dar náimhdeanas - dá thráth nó a trí nach gan fháth do bhí i mbráighdeanas. Measfuidhthear leis lucht na gcló i gceann ar n-airdeire goin a dá ghlac gér thoil le mac na maighdine. Ní léigfe an rí - fa ríor ní riaghail sháireochthar - uair dar n-aimsir uair an aimsin nach áireomhthar. d'admháil a locht liaigh na hanma do b'ionnsaighthe; ní chéala cách a sgéala i dtráth an tiomsaighthe. Má do-chóidh uaim go holc - is eadh do chualamar - do-ní dhamh díoth gach ní as ghlan fríoth dá bhfuaramar. Teangtha ar mbiodhbhadh beid gar lot i ló an aighneasa, maor na meidhe don taobh eile gom aimhleassa. Diúltfa Íosa éigean dóibh dul ar faideachtra tráth an tabhaigh cách i n-aghaidh a n-aigeanta. Ní fhuighe sinn síoth re n-éag muna fhoghoimne ó nóin a-nunn an ghlóir do chum fa ar gcomhuirne. Cóir chneidhe an taoibh don té len hál is orasa a cara ar gcúl gidh fala úr an fholasa. Madh óg mo choir ní cás ionnladh na hógcoire; a chóig chroidhe cóig róid toighe na trócoire. Críoch a n-abraim m'fhoghnamh nach cóir do chomhmaoidhimh ar nduaisne dhuid as uaisle cuid dod chomaoinibh.
Go ndearnais damh, a Dhé Athar, ar fhéadabhar meisde mo mhodh; ní dleisde mogh do mhéadaghad. d'éis a chéile go gcuirthear mh'eire i n-éadtruime; ceartaigh mo cham ní beantair crann don chéadbhuille. Dá sgartha reis do rachadh dhé a dhlaoi fhírdhíona gan tusa im thoigh do b'usa a-moigh mo mhíghníomha. M'fhás ót athair adhbhar do cheilt mo cheanasa ó Mhoire, a mheic, cá goire dheit mo dhealasa. Acht gidh ionann ní fhoghnam dhuit mar dhearbhráthair, a Dé na ndúl, cré dhún agus dod dheaghmháthair. A dtárraidh dhíom mo dheala gidh dhí as dearbhfhaicse bráighe na mban do b'áille dhamh a dearmaitse. Gé tám 'na cheann nocha cosmhail nach creidfidhe bean dála Dé a námha lé go leigfidhe. Beag an t-iongnadh re hoidhir nDé mo dhealugadh tre uair oile do-chuaidh ó Mhoire ar mearughadh. Breith amhairc air is é iúl na n-ord riaghalta cor dom chonair dol an domhain na diadhachta. An té nach gabh a ghairm gus na sé sochuidhibh a mhac Muire, dar lat is duine dochuiridh. Toil ar n-aithreach munab hí an ghláir do ghrádhachadh do reacadh rinn nach peacadh sinn dá sárachadh. Fuaras fa-ríor riamh gus a-nois mo neimhcheapadh gabham an glan go nglanam sal na seinpheacadh. Ó tharla id dhurn dul dod chosg is cás rodhoiligh orlámh gach uilc a thromdhámh, a chuirp chomhoidhigh. Níor chóir díomas i ndiaidh íslighthe m'aradhna am bráthair bocht máthair na n-olc an anumhla. Toil na colla ní ciall a fhad gur aithneamar gur mheall mise; do ba leam ise d'aithmhealladh.
Fás na meanman is mire ná an maidhm rabharta m'fhíoch ga adhnadh sul fríoth adhbhar a adhanta. Dom chomhrádh bhaoth is beag a bhriathra diongmhála do locadh leam an focal budh fhearr ionrádha. 'Nar gceapach féin fighe diabhal a dhubhoige gur chríon an corp bríogh na locht nocha lughoide. A dhál fa chriaidh cúis umhla d'fhior a fhaisgeana; anadh an uaill an talamh mo thruaill taisgeadha. Do-ghéabha a-rís rinn sógha ar son a hanshógha; is í a hanáir gan an chlí d'fhagháil anóra. Níor fhaomh ar dtús ní torthach crann 'n-a chríontamhan anmhain don olc amhlaidh don chorp ar gcríochnaghadh. Ní sirthe dhuit deacair an clú do choimsiughadh madh maith do mhéin acht an mhaith féin dá foillsiughadh. Teach na glóire do-ghéabhtha ó Dhia ar deoir aithrighe túr an tighe do rún cridhe do caithfidhe. Lór d'fhéagadh air ainbhios ar n-eagna bigine gach daingean díobh aingeal an ríogh 's a ridire. Deir.
PRAISE GOD ALONE. Fearghal Óg Mac an Bhaird cct. Díomhaoin gach dán acht dán Dé, ní díomhaoin an dán i mbí luadh ar Mhuire is ar Mhac Dé; do ghlac sé an cruinne 'n-a clí. Is é an ríofhlaith as rí dhún as rí ós na ríoghaibh riamh; ní iarrfadh sé acht grádh ar ghrádh; ní dán acht dán an té as triar.
Do b' é soin ar ndéinimh dhó - do éirigh 's do loigh fan lia, iar n-a sgoradh do bhí beo; ceo gach rí ar domhan acht Dia. Ceo na heachra 's heasgra óir, ceo na ceathra ó láimh go láimh, is ceo gach drong is gach dúil, is ceo an úir 's an tonn 's an tráigh. Rí na ngrás dom leodh gach laoi, idir chách is ceo gach ní lá a chriothLuain budh omhan é acht moladh Dé bhiothbhuain bhí. Lucht an mholta ósa dhíobh dhúin a síodh 'n-a othar do fhuair; moladh Dé budh déanta dhóibh do fhóir le chréachtgha sé sluaigh. Gan meise ó thal ar a thí an gheinse nach mac do mhnaoi is é a bhás do bheathaigh mé; ar grás Dé ní dheachaidh dlaoi. Máthair Críost re n-abar ógh bíodh dom athchar ar a huan; guais damh gan inn ar an iul go rabh ar siur linn san Luan. Mar shamhail do chloinn i gcnaoi a h-athair 'n-a broinn do bhí; an óg ler éirigh Uan Dé truagh gan mé do dhéinimh dhí. Muire maighdean máthair Dé leis nar diultadh duine díonn bíodh Peadar is sí ar ar son, eagal mo rí do dhol díom. Díom.
THE BODY A WICKED HORSE. Dona an t-eachsa fhuair m'anam, each ceatach cruaidh gan chomhall, do mharbh sí ar sodar m'anam; cogadh ralann í oram. Mairg fa mbí an chalann chiontach, dom anam is í as colcach; each bu uaimhneach dá marcach each sdalcach uaibhreach olcach. Each as caime is as claoine, each as fhainne is as fhéire, níor nocht sí a soirbhe dhúinne 's í as dúire doirbhe déine. Each fiadhta foirbhthe forráin an doirbheach niata neimhmín, ní sámh lé a tost nó a tiomáin, diombáidh mé ar posd nó ar pillín. Níor lean riamh an raon díreach acht an riadh saobh nó suarach; is mairg fá mbí an corp cnámhach olc támhach is í uallach. Ní liom dom leas lé acht beagán; gé tá m'each go géar graiddian gnáth fúm ag sdad an sgagún, an dragún lag dúr draidfhiar. Cuiridh mé i measg mo bhiodhbhadh an chuilleasg chlé, each m'anman, ar tí ar millte is mé ar lonnghamh; fonnmhar lé rinnce is rabhradh. Glóir dhuit, a Dhé na glóire, a-nois an chéim as cruaidhe, breith ar mo chlódh im chríne; ní lór míne an eich uaille?
Meise an t-anam dot éigneach, calann mheisgeach a mhéirdreach a-tá i mbrugh go bocht uaigneach, ruaigcreach rom ort go héigneach. Mé a sé is seachtmhoghad bliadhan dom mearughadh lé ar luaghal ó ghlinn go glinn san tsaoghal; baoghal linn inn gan uamhan. Led ghuidhe, a Mhuire mhórdha, a bhuime an Ruire ríoghdha, beir sinn ar dtocht mo théarma go port néallda an ghlinn ghríobhdha. Dona.
CHRIST ON THE CROSS. Dursan do mhartra, a Mheic Dé; eagal linn aidhbhle an fhínné; a-tá th'fhiortfhuil dá dáil daoibh i gciontaibh cáigh do chomaoin. Ar ndortadh, a Dhia, ruibhse d'fhuil do chneis trem chiontaibhse, dursan linn, a Dhéimhic, duibh 's gan sinn 'n-a héiric agaibh. An dream ler doirteadh t'fhuilse, a Choimdhe, trem chiontuibhse suaill id ghuinse dod dheoin daid a fuilse id dheoidh go ndortaid. Ar t'aithris, a mheic mhaithmhigh, mé id mhartra go martairthir bheith dot áis gan anam daid; go bhfagham pháis red pheannaid. Go bhfagham ionnarba it olc; go bhfagham guais tred ghuasocht; bíodh gurb antrom trom do throm, trom tret antrom go bhfagham.
Go n-iodhbraim, a Dhúilimh, dheit m'anamsa it anam oirrdhreic; go ndáileam an corp id chorp go dtáiream bocht id bhochtocht. Mar Mhuire do mhuin do bháis seacht soighde doilbhthe an dóláis le mbia mé mar Mhoire i mbraid trem chroidhe, a Dhé, go ndeachaid. Go ndearnaid im chroidhe im chorp lógh créachta Chríost 'n-a gcumhocht imshníomh dian do bháis do bhraid do phian do pháis do pheannaid. Tred ghabháil go ngabhthar mé, tred bhrath go mbraithtear sinne, ar n-ar sraonadh, a Dhé, dhaid mé go naomhar red námhaid. Tríbhse, a Dhúilimh, id dheaghaidh go gcuirthear led caibhdheanaibh sinn i ... pian dte go riagh ... teine. Am meirbh tárnocht mar thusa; gur anaid aos t'iomthasa ar mbeith dhúinn deit ag croideamh, a mheic, fúinn ag fochuidbheadh. Sgiúirsidhe sgaoilte t'fhola ribh 'n-a linntibh líonmhara m'fhuilse 'n-a beo bhraointigh mhir go sgaoiltir leo 'n-a linntibh. d'ordaibh troma do thuairgthe mé gurb inneoin iombuailte; ar mbeith dhún tred bhruidse i mbraid lúdh mo chuirpse go gciorrbhaid.
A-roile go righid sain forgla gach bhoill dom ballaibh maitheamh m'uilc go ndearbhthair dhamh teannchair do chuirp dom chognamh. Cromáin snoighthe cnámh mo chinn gurbh iad, a Chríosd, dá gcréidhim go seanga do dhoirbhfhearg de, reanna na sboirdhealg sbíne. Tairngeadha a chinn, bior na mbonn, sleagh an chígh, cló na ndearnann, gin gur díol é it fhuilse dhaid mo ghuinse, a Dhé, go ndearnaid. Go n-iomchram an chroich ret ais, go n-ibheam dod dhigh dhomblais, a hól sin gidh daoirnimh dhamh ar aoinfhleidh ribh go rabhar. Go ndeacham i gcroich fad cheann, ar mbás tred bhás go bhfuilngeam, go ndoirtear linn m'fhuilse it fhuil, sinn tred ghuinse go ngontuir. A huaigh pian na bpeacadh dtrom eiséirghe, a Dhé, go ndearnam le ragham libh, a fhlaithghin, ar nimh mar na naomhaithribh. Ar dheis t'Athar Naomhtha ar nimh duitse ar suidhe, a mheic mhaithmhigh, tar méid m'olcsa im fhínné ghlan ortsa i ríré go rabhar. Grása ód naoimhspiorad ar nimh dot iarraidh, a mheic mhaithmhigh, go bhfeara 'n-a firtlinn te im inntinn cheana im chroidhe. Lorg do dheisgiobal ndilse ag coimhéad do chreidimhse suil sgara sinne, a rí, ruibh go dtí linne do leanmhuin.
Ar do dhaorpháis mar dhlighim truagh, a Chríosd, nach cuimhnighim, ná ar chrú an chígh do chall trem choir gach am do-ním do neamhthoil. Mo thruaghsa nach tuigthear liom do shaoradh m'anma ar Ifrionn iomlán crú do chuirp neamhdha mar do dhoirt tú, a Thighearna. M'aithghin gin gur díol daidse i gcaill dod chrú trem chiontaibhse glac, a shéimhmic Mhuire, mé i n-éiric t'fhuile uaimse. Do shearcsa is í a hucht Muire n-a caoir chrithrigh theasuidhe, a rí nimhe, ar nimh dom chur im chridhe libh go lasdur. Dursan.
MARY, A BRIGHT MOON. Éasga ar nglanadh grás Muire; i dtráth tagra dá fine luaithe ná fás na fleidhe bleidhe grás uaithe ar ibhe. Sreabh ghlan do fhás a hóighe, bean cháich do chur le chéile, saorfaidh do thoil Dé na daoine, ré naoidhe mar ghoil gréine. Caoinbhean ór ghein an umhla, ré dhídin na bhfear bhfoghla, díon cháigh is dá taobh tharla, craobh abhla ara cáir comhdha. Bean dhídin cean a cinidh a ndídean rug do roghain; sdiúir ghráidh re n-a gaol gabhaidh craobh tharaidh cháigh do chobhair.
Ní fríoth meadh d'fhíonfhuil eile bean le dídean gach dhuine; cia an bhean do bhí mar Mhoire bean toighe í don uile? Buime ar ríogh an chraobh chumhra ler cuireadh dlaoi ar a dhiomdha, bláth duille ór fhás an umhla; ubhla grás uirre as iomdha. Síol Éabha i n-éintigh ísil go héirghe an éasga nuasain; maithfidh cóir glac dá grásaibh, fásaidh mac ón óigh uasail. Cnú croidhe cháich is gaolmhar ór fhás an t-eitne órghlan, bean nach beag méad a míorbhal, séad bríoghmhar na leag lóghmhar. Iúl nimhe dhúinn do dhírigh, gach siúr re fine is faoilidh, raon 'n-a deoigh do réidhigh; cóir déinimh eoil don aoidhigh. Do dhírigh cách ar chreideamh grás leis an ríghsin rugadh; do choisg sé cách dá gcogadh cogar Dé an tráth fa dtugadh. Slat réidh gan bhaoghal mbéime, bean ler saoradh sé líne; báithfidh sreabh fhíorghlan óighe fíorghal cóire cneadh gcíghe. Tamhan óighe nach aosda dar maitheadh coir a chéasda sí ag guidhe Dé go drásda grásda Muire 's é ar n-éasga. Éasga.
CORPUS CHRISTI. Lá saoire corp an Choimdheadh as tighearna ar talaimhneamh; an tsaoire cá fáth ma bhfuil daoine do chách nach cualaidh. Íobhal do bhí eacht oile i gcumann is críosduidhe gan sgís gan urchra ar a n-úidh 'n-a ndís chumtha agus chomhrúin. Iarrais re dtocht dá theagar ar an Íobhal airleagadh tre neamhchomhthrom eire air leathchonchlonn eile an Íobhail. "Airleagadh uaim ní fhuighe, a chompánaigh chríosduidhe, árach le corp nDé dhamhsa nó go mbé ort agamsa."
Don chríosduidhe gin gur cháir, do chionn airligthe d'fhaghbháil an corp saor is sé naomhtha do fhaomh é is nír ionfhaomhtha. Gluaisid rompa leath ar leath i gcrích Íobhal gan fhuireach les an gcorp naoidhe naomhtha; nochar bh'aoidhe anaobhdha. Do dheachradaois na dúile díbh tres an gcorp gcaomhnúidhe; nír cháir fraochdhacht res an bhfear tre naomhchorp gcáidh an Choimdheadh. Crann 'n-a loighe ar brú bearna ar cionn chuirp an tighearna re corp nDé a húir do éirigh sé mar budh dúil deighcéillidh. Mairg do chách nach creidionn sin; ar bhfaicsin cuirp an Choimsidh tógbhaidh an crann re corp nDé a bharr - ní holc an uirré. Tig an t-Íobhal d'éis a ghníomh corp Dé athar an airdríogh sgéal fa mór eire d'fhalach don tslógh eile Íobhalach. Nír ghabhsad chuca gur chorp corp Dé re ndearna diadhocht; tigid Iubhail gha fhaiscin; níor shiubhail ar shaoraiscidh. "Corp ní raibhe riamh gan fhuil do bheith ann" ar na hÍobhail; gontar dá fhios an corp cáidh sa lios nar olc a anáir. A corp Dé i ndiaidh a ghona teagaid frasa fíonfhola, sgéala diadha ceann i gceann, mar dhéara diana díleann.
Líonais corp Iosa dá fhuil tar éis a chéile an chathuir; Íobhail ar a n-áitibh féin báidhtir d'fhíonfhuil an fhíréin. A beith san riocht i roibhe ó 'd-chonnaic an críosduidhe, gé do rad corp nDé don dreim, nír bh'é nar olc le a inntinn. d'fhortacht an chríosduidhe cháidh éirghidh Dia - diadha an eadráin; do snaoi mar bu bád ar muir an fád do bhaoi fa a bhonnuibh. Do ... an chuirp ar sgaoileadh an sgeoil orrdhuirc do thráigh mar budh toil don tslógh; do bháidh an fhuil a n-urmhór. . . . . . . . . . . . . corp ríogh nimhe is naomhthalmhan a-tá ó shin 'n-a shaoire, mná is fir ghá éagcaoine. Dardaoin cuirp Críosd - is é a ainm - féasda uasal fhuair mórghairm an lá re hucht na hAoine a-tá gun churp chaomhnaoidhe. ... ionann is Íobhuil fuair dochar fa a ndroichgníomhuibh; mac Dé go gcreidear dá chorp is mé ag creideadh a chumhocht. .... inn dá chorp is do Chríosd chreidim is don Spiorad Naomh nimhe, craobh a hionad ainglidhe. Muna n-adhrar corp Críosd cháidh slighe go hIfreann anbháil, an corp do naomhadh ar nimh, dar saoradh ar an slighidh.
Nó go mbia mar do bhí ag teacht ó dhún nimhe na naoimhfheart nocha dtéid i dteach nimhe neach do mhéid a mhaithmhighe. Ní hé go dtuaraim an teach achd do dhóigh a Dia dhúileach 'n-a bhrugh aoibhinn fhionn óghach saoilim ionn go hanórach. Gin go ndeachadh - dia do théidhm - achd aoinfhear i n-uaimh Ifeirn d'fhior isan domhan nír dhluigh gan omhan tres an uamhuidh. An bioth gin go ndeachadh dhe ar neamh achd aoinfhear eile do dhligh súil re neamh néallach nar thúir fear achd fíréanach. Téarnódh reis ní doirbh do dhruing gidh cúis athtoirse a n-abruim i mbeigsheadh ní cáir a chur madh áil creideamh dá gcanubh. An síol cruithneachta caoimhe cuirthear i gcriaidh fódnaoidhe, gémadh raghlan rabh gá chur sal na talmhan 'n-a thiomchul. Cruithneacht chorcra fa chriaidh nduinn ar bhfás a cuilg 's a cunnuill a bualadh glan bhus díol dí 'n-a síol suil rabh a-ríse. Cá córa d'éinshíol eile sal air i n-úir ainghidhe iná do shíol úr Éabha mas fhíor súgh na soisgéala. Peacadh na colla is é an sal, an fhaoiside is é an bualadh, an síol samhail na hanma; maraidh bríogh na baramhla.
Biodhbhaidh gach anma idir gach olc nach áil d'fhaoisidin cionta an chuirp ag breith bisigh; cleith gach uilc a innisin. Mairg mas eadh cheileas a chion gan fhaoisidin ós ísiol; díol is an gcion nos céala más fíor d'fhior an aithmhéala. Is oircheas do Mhuire mhóir féasda uasal fhuair anóir; géag naoidhe gan diall re droing créad nach biadh saoire ag saorchloinn. Adhbhar ainmnighthe saoire do mháthair Dé dhealbhnaoidhe ní dhearna i gclí cionta mná 's do-ní fhiorta gach n-éanla. La.
THE WORLd'S CURE. Leigheas an bheatha bás Dé, ar mbeatha 'n-a bhás do bhaoi, geall re beathaidh bás mar é, grás Dé ní dheachaidh fa dhlaoi. Crú an ochta do ainic iad 'n-a n-aighidh gidh sompla súd; ní dheachaidh grás t'oidhir d'éag, créad ar gcás san oighidh úd? Mó as domhain do-chóidh i gcriaidh ar gcobhair ar cóir an taoibh seacht dtroighe dot oidhre i n-uaigh doimhne do-chuaidh goire ar ngaoil. Dóigh eile dá ndeachadh dhíom brón ar seathar linne is lór; ar gcoimhdheine i ndath a déar sgath i mbéal oirbhire an ógh.
A grás t'oidhre dlighim dóigh gidh leigheas dó coimhdhe cháigh; tiocfa fuaire a thoile im thaoibh uaidhe 'n-a gaoibh goile gráidh. Gidh domhain an crannsa id chígh - damhsa ní docair do réir - do-chuaidh do ró toile im thaoibh tar gaoibh cró san chroidhe céim. An fhuil nach uaras a luach do ghuin is uamhan gan fháth; an ghuin chíche dhuid budh díoth, ní fríoth tríthe acht cuid do chách. An ógh ler ceileadh do cheart is lór do leigheas mo locht; deirge 'n-a deoraibh ós t'fhiort do fheoghaigh sliocht t'fheirge ort. An díol cóir ní aghthair uain, do chóir is cosmhail gur shín; déanadh tú éigion madh áil ní héidior cáir i gcrú an chígh. Ná labhair a léigior dhíot it aghaidh gur éirigh siad; ní bheanta íoc oile it éag dhíot mása tréad oile iad. Long easbhadhach inn gan iul nar fhill ó mhearughadh mhór; briseadh síodha dá dtí im thaobh saor ar ndíona budh hí an ógh. Mór críoch a shuirghe rem shiair nach fríoth acht le fuighlibh rúin; do reac aingeal fheis re hóigh, nír dhóigh leis nar dhaingean dúin. Dá mbeath go dtuillinn gan triall san teach fa bhfuilim go fuar meinic ag tochta go teagh ríogh fear budh díol a obtha uadh.
Ar mbuainne rer mbráthair féin a álaidh uaisle do fhuaigh; do shín doilghe tinne an taoibh girre gaoil an oidhre uain. Fiu a hóighe mar fhéachadh dhí ar gcóirne do léigeadh lé; teach idir ríoghain is rí ní bhí a leath ag díoghail Dé. An fhuilsin do fhuasgail cách d'uaisle na fuile nach féach; cionnus do-roighne sé síoth díoth oidhre más é do fhéach? Síol dá bhfuighthir cobhair cháigh domhuin do chuiris i gcriaidh; an dearg do-ríneabhar róinn cóir míneaghadh dealg 'n-a dhiaidh. Baoghal go bhfoghthar ar bhfaill ón torchar ler saoradh sinn; mairg dhuid do ragha do roinn do chuid chroinn dá n-agha inn. Deoch domluis nar dhlighis d'ól do ibhis dar gcomhdha i gcuan; beag le ar siair a n-ibhe d'fhíon, síodh i ndiaidh na dighe is dual. Crú an ochta dá chora i gcruth nach omhan ar dtochta as-teach; do-bhéaradh t'fhearg eol a-mach sgath dealg 'n-a beol muna bheath. Nírbh fhiu a fhine a ndearna dhóibh crú cridhe is dearnonn do dháil; gidh lór doimhne cneidhe an chígh reimhe do-chím coimhdhe cháigh. Ar dtocht dar gcoimhdheine i gclí a oirbhire ag dol fa dhlaoi; do luigh cóir ar leinbne lé do-chóidh ré na feirge faoi.
Más lá dealaighthe lá an Luain i n-ar ndeaghaidhne a-tá tóir a bhfuil do mhoille mná im shiair biaidh lá na coinne san chóir. Mac óighe nach mac do mhnaoi ar gcóirne dá char i gclí; ní mac fíre don óigh é cóir Dé nó go síne sí. Ní neimhnighe nimh an taoibh deirgithir libh i ngach láimh; domhain do cuireadh san chígh fuigheal shíl do chobhair cháigh. Dá mbeath agra im chionn fan gcíogh bean dá tagra liom is lór; cuimhnigh dá dtí thar an taobh gur daor do fhuilngigh í an ógh. Nír dhual t'éimdheadh d'oidhre Dé ní foighthe éinbhean mar taoi, faghthar go maith ar óigh é cóir Dé munar mhaith do mhnaoi. Guin deilge leat i ngach láimh mar sheilbh ar mo theacht i dtír; do chongaibh tú toil an ghaoil don taoibh as-toigh do chrú an chígh. Gér ghnáth le cách romhuibh riamh na mná don chonair do chlódh, dá lucht iomuidh do bhean buadh an fear do bhual iomuidh ógh. Díon m'agra dob fhiu mo shiur gan tagra fad chrú do-chím; ní thug tú i n-aisgidh don óigh do chóir ar bhfaisgin crú an chígh. Acht t'oidhre i ndeacra far ndíon nír leaba oircheas an uagh; beag lé do chodail an chíogh ar síodh do thogaibh sé suan.
A déara deargfhola id dhiaidh do cheannchodar séala ar sídh; buain a bosaibh óighe ar t'uaigh uain fa chosaibh cóire an chígh.
CHRIST'S WOUNDS MY COMPANY. Maithim d'urra dána acht Dia, caithfead cuma ar ndána dhó; is lór liom mar dhíol ó Dhia, ní bhia an cíogh im chionn ná an cló. Go ndeach an rí nimhe a-nonn, go dtí an cridhe ar mo cheann, gomadh í críoch ceangal riom, ní fríoth liom earraidh badh fhearr. Budh í as bhuidhean damh ler ndán dá mhac an muirear dom riar; beirthear leam gomadh é m'iul mo thriur i gceann an té as triar. Dom buidhin go rígh na rann an ghoinsin do bhí 'n-a bhonn; biaid soin ar an uair as fhearr uaim 'n-a ceann 's an troigh do tholl. Maith an bhuidhean dána dhún na lámha an troigheach 's an taobh; triall 'n-a ndiaidh orum san iúl biaidh mo thriur romham sa raon. Éisdidh mo dhán, a Dhé bhí, thar cách dá ndéine gach draoi; i dtigh cuiridh ní cás mé grás Dé ar mo bhuidhin do bhaoi. An crann do cuireadh 'n-a chíogh 's an cruithsin i dtarla an taobh ós iad nar cuireadh ar gcúl budh buidhean dún iad ar-aon.
Reacaire len dolta dhúinn crú an chroidhe as reacaire róin; cuid dom buidhin cneadh an chígh bean trír agus muirir mhóir. Mise ollamh Dé re dán, mé dá mholadh mar as dual; dóigh narbh fhaláir d'ollamh ríogh síodh d'fhagháil go hollamh uadh. Do lucht déanta an mholta mhóir, leis nach moltar créachta an chígh beag a thoradh ó Dhia dháibh i moladh cháigh ní bhia brígh. Ón té dá ndearnamair dán an deaghmhacsain Dé na ndúl biaidh an lásain na sé sluagh a luagh do ghrásaibh Dé dhún. Duas mo dhána - ní duas mhion - an duas le dtánaig mo thol críoch mo dhála dol as-teagh, neamh ar son mo dhána dhamh. Ní ba ní hairgiod ní hór budh tairgse dhamh ar mo dhán; gidh eadh nír fhaláir mo dhíol, neamh do shíor d'fhagháil dob ál. Dá loch do bhac chóra an chroinn a moladh is mó do thuill; ón dá chion gomadh saor sinn an taobh tinn is bior an bhuinn. Mo dhán molta, a Dhé na ndúl, ní oghthar é gan a luagh; mo dhán ná diultar do dhíol, dán ríogh do dhiultadh ní dual. Cion mór ar moladh ó bhias d'fhior an mholta budh mó a dhuas goin an chroidhe cia ar budh cás? is lia grás an toighe thuas.
Labhair uam re Dia na ndúl, fagh go luath ó Dhia mo dhíon, dóigh nach eadh dob ál, a ógh, do fhleadh d'ól gan dán do dhíol. Más ag agra a fhuile a-tá, a Mhuire, go dtagra tú; dá mbeantar neamh dhíom le Dia cia dar fhear an chíogh a chrú? Am fear dána ag Dia na ndúl, ní headh a-tám riamh fa-ríor; más díol le Dia i ndíoth a lámh bíoth mo dhán ag Dia 'n-a dhíol. Ar fhear an croidhe dá chrú dá mbeadh gan loighe fan lia mór re a rádha an cíogh 's an cló, mó ná díol a dhána ar Dhia. Mairfidh go bráth ar a bhreith a ghrás ní chaithfe is nír chaith; na trí chló 's a chur fa chloich 's dul i gcroich is mó do mhaith. Maithim.
MARY'S PRAISES. Múin damh do mholadh, a Mhuire; mithidh iomrádh t'earla chlaoin; ní fhaghmuid cúis achd cúis molta dod ghnúis mhallbhuig chorcra chaoimh. A Mhuire, a mháthair an airdríogh, t'adhmholadh féin foráil orm mé ret ocht go rabh id rulla, a fholt glan ar chuma corn. Déana agus meabhróchaidh meise do mholadh, a mháthair Dhé; an teagh i bhfoil iul na n-uile sdiur don toigh, a Mhuire, mhé.
Tuilleadh do thabhairt ar m'inntleacht is oirchios dot earla thláith; osluig mo mhéin, a Mhuire, dod chéibh dhosbhuig bhuidhe bhláith. Do bhais féin tabhair im theangaidh, tabhair chugam croidhe glan, tabhair im béal ar aoi an uilcse sgéal bhus ghnaoi dhuitse agus damh. Faghuibh síothcháin damh ón Dúileamh, dul dá thigh go dtuille ar ngníomh; biodhbha Dé ní an gum ionnlach, go rabh sé go diomdhach dhíom. Sir a gcungnamh gidh tú as treise teaghlach Dé suil dheachar d'éag, - clódh mo chean ná cuir i gciana - guidh an dá fhear dhiadha dhéag. Ag an Tríonóid a-tá ar chumas madh cead lé mo leigin suas gabham ód leathdorn bhán bharrghlan clár breacgorm an talmhan tuas. Neimhiongnadh gach ní dá n-iarrthar d'fhagháil uait, a abhra mall; cúis chóir dod mholadh, a Mhuire, foghar glóir chuire san gcrann. Do labhair ar lár do dheilbhe - Dia dhar bhfortacht fada ó ulc - a dhreach réidh, a chnú nar cailleadh, tú féin nó aingeal as t'ucht. Do éirigh gríos dod ghnúis leathain id lucht cogaidh do chuir múith; do haithneadh ann ort do ghruamdhacht, a folt cam na ndualdlocht ndlúith. Do-chonncadar cách ag éirghe dot aghaidh chorcra cóir diagh; soiléir do-chonncas ann t'fhearta, a bharr collchas feactha fiar.
Do mhala dhubh - diadha an siobhal - suas gur bhuail do bharr mar chnú t'abhra mall i measg an phobail a bharr leasg do thoguibh tú. Do choisg gér chruaidh an riaghail pian peacadh an phobuil bhuirb fa binn tráth do ghuidhe an glaincheol is cách uile ag aithcheodh th'uird. "Éisd ar nguidhe, gabh ar síothcháin, sinne chugad, a ciabh nocht, déanadh síothlódh, a dhearg dhaithgheal, fearg fhíochmhór do haithneadh ort. Buailtear - is aithrighe oirchios - ochta geala dod ghnúis bhuig, slios id theampal re taobh ghealghlún deargthar, a shaor dhealbhúr, dhuid. Breith do mheic nochar mhill th'óghacht, a inghean Anna an fhuilt tláith; ocht míosa is mí mar gach dtoirrchios do bhí Íosa id bhroinnchneas bhláith. Do-ghéabha leat san Luan ordhraic, a airdrí nimhe, ní as lia an slógh banógh ar do bhreithse ramhór 's ní mór dheitse, a Dhia. Ionann gach mac is a mháthair, a Mhuire ógh, adhruim dhíot; is tú hé agus is é tusa crú Dhé ní hé as usa d'íoc. "Ní féadthar duit do dhíol molta" re máthair Íosa is é ar nglór "'s ad eala mhín fhionn ós fhánaidh ós chionn shíl Ádhaimh, a ógh." Líontar leo leabaidh na hóighe aingil nimhe na naoi ngrádh nach leaga an cuire gan cheolaibh leaba luighe seolaidh sámh.
A deaghainm is í re n-iodhnaibh ógh í ar a éis mar rug Dia; ní goirthe fear don mhóir mhálla 's ní cóir bean do rádha ria. Mairg do bhraithfeadh mac mná innte; uamhan mar é mairg nach tuig sí ghá chleith is ar tí a teithidh gur theith sí san mBeithil mbuig. Id leanmhain - nír luaghail tarbha - teaghlach Ioruaidh éirghid siad; do bhí an sluagh ag súr bhar sliochtraoin rún truagh ó nar bh'iontaoibh iad. Buime chíogh an Choimdheadh thusa, tú máthair Dé do dhealbh neamh, ríomh do ghníomh uile ní fhéadfam, is ríomh duille géagcrann ngeal. A fhíon ar nar imthigh táille, a thonn bháidhte brollaigh cuain, a dhreach ghoirthe nar ghabh orchra, a fhoichne glan tolcha thuair. A chroidhe rúin ríogh an bheatha, a bhó bhithbhliocht nach bí díosg, a chnú mhíolla do mheas abuidh, a chneas ríodha ar chadail Críosd. A éasga griaingheal an tsamhraidh, a shubh craobh as corcra gné, a ghéag fhíonn as urrdhuirc n-úire ós chionn lubhghuirt dúine Dé. A chomhla cathrach an ríchidh, a rún thuigeas teangtha clog, a ghrian dhearg ar ndul 'n-a cearcoll, a learg na subh mbreacdhonn mbog. A linn nach tráigheann re teasbhach, a thonn as treise a-tá ar muir, a dhonntaoibh réidh mar ghual gairthe dan méin snuadh th'aighthe 's an fhuil.
Mairg théid ód theagasg, a Mhuire; is mairg slógh nach seachain th'fheirg; tú an tóir is tinne 'n-a leanmhain, a thinne óir dhealbhuigh dheirg. An tír séaghainn ar iocht t'aoinmhic ann fa-ríor ní roibhe ar gcuid; fearta a-nuas do-niad do mharcaigh is iad tuas 'n-a ndaltaibh dhuid. Maitheamh dhúinn a ndeachaidh thorainn - trócar thusa, a thaobh mar bhláth - an cíoch 's an nús ad-ibh Íosa; sir i dtús an chíosa ar chách. A inghean Anna agus Iaichim, a ór bruinnte, a bhéal mar shuibh, mac Dé bhí do bhí dá ghuidhe do bhí sé, a Mhuire, ar do mhuin. A dhealbh na Tríonóide, tabhair teagasg damh do dhíol mo chás; nocha mbia tréan ris nach tiocfa, is lia ná an féar th'fhiorta ar ás. Bí leam, ná lean ar mo dhíomas, a dhealbh Eoin Bhaisde as bheo lat; nocha sgéal sgeoil ag gach dhuine tréan Eoin, a Mhuire, ar do mhac. A dhealbh Mhíchíl, meise chugad; cuir dá-ríribh riom do chaoin; géma dú tagra ní tarbha 's tú ag agra anma gach aoin. A Phádraig, a phríomhfháidh Éireann, ainic sinne, saor gach neach; duit as dú feitheamh ar bhfátha, tú ar mbreitheamh brátha ar an mbioth. Orduigh dhamh díochur mo chiontadh, a Cholum Cille, a chré ghlan, a choillbhile úr ós fheadhaibh, mún oirbhire deamhain damh.
A Chríosd, a cheann gacha pobail, dom peacuibh thall tabhair th'úidh; a chneas glan do fhóir an uile an chóir dhamh a Mhuire múin. Múin.
GOD'S PACT WITH US. Olc an connradh, a chlann Ádhaimh, - slóigh na cruinne ciontábhaidh gan é go hurlamh oirne - cunnradh Dé 'n-ar ndeaghaidhne. Luach an chrú ar ar cheannuigh sinn ní fhaghann - olc an oirchill! móide cóir Dé 'n-ar ndeaghaidh ar fhóir sé dar sinnsearaibh. Tugumar an tlacht neamhdha i n-íoc aithne an Tighearna; feall ar a hathair d'Éabha gearr gurbh fhachuin aithmhéala. I dtigh Dé ní dheachaidh fear ag caitheamh na gcúig n-aimsear; gur fhás Muire nír mhithidh cás na n-uile d'fhóirithin. Is uille ná íoc an chroinn gach turbhaidh a-tá chugoinn; ní bhiadh dá mbeath mar do dhligh leath ag Dia ris na daoinibh. Ón dílinn - dia do ghábhadh! - téid ochtar ón iombádhadh; do agaill d'uaim na háirce a bhfuair aguinn ionpháirte. Gá beag dá mealladh meise is é an t-anam m'inneise; mar tá ar a lár a-tú as-toigh; an chnú nach lán ar samhail.
Tar ceann an chinidh dhaonna re haighneas ní hiontaobha; ar ghuth Muire a-tá toradh lá na n-uile amhlobhar. Ní chreidid Íobhail gurbh eadh maighdean máthair an Choimdheadh; breith oidhir Dé mar dearar is doiligh é d'éileaghadh. Do ghabh ó Ghaibhrial aingiol inntinn nacharbh éadaingion; ní dhearna neamhógh dhí ag dul an rí i meadhón a mháthar. 'Na teinnrioth a-tá an chruinne, coimhling aice is aguinne; ní bhiam a-bhosain i bhfad ní fosaidh an triall thánag. A-tá ar dteach gan turadh; is easbhach ar n-áthughadh mé do choirmfhiuchadh an chuil is froighfhliuchadh é ar m'anmain. Na toruidh thuiteas d'fheadhuibh 'n-a mbun bhíos a ngeineamhuin; sgrios na gciontadh nír chás damh go fás iompadh 'n-a n-ionadh. Re hÍosa is ionráidh dá chloinn cló 'gar cuireadh 'n-a dhearnoinn: "slóigh an domainse tre dhís do chóir thoruibhse théighdís." d'éis na croiche dar cheannuigh sinn do-chuaidh síos ar chreich Ifrinn ar réirne do-roighne sibh, a Choimdhe, ar n-éirghe it aighidh. Ainic mé, a mheic na hóighe, cách lat an lá thionóile madh áil meise ná meadhaigh dod láimh dheisse, a Dhúileamhain.
Dá mbeise ag buain do thighe dhínn i ndeireadh mh'aimsire do bhádar daoine a-tá as-tigh lá na hÁoine got oighidh. Dod bhreith féin - ní foláir dhuit - a Thighearna, a-tá th'éaruic; do-ní mé don óigh aighne cóir, a Dhé, dá ndearnoimne. A Spiorad Naomh - naomhdha an bhail - id mhac tú agus tú it athair; is creidthe thú i dtrí rannaibh; ní bhí an chnú 'n-a codchannaibh. A Thighearna na dtrí slóg, do bhí - nír bheag dar n-iompód - an tann do fromhadh an bhfuil an domhan 'n-a charn críonuigh. I n-uair agra na ndaoine Muire ag meas a míghníomha; mór dochar na gcló, a Choimdhe, mó sochar ar seathoirne. Cóig cneadha 'n-ar coisgeadh fuil go ló an bhráith biaid oruibh; dáil do chrú ní hé áirmhe acht tú, a Dhé, 'n-ar ndeaghaidhne. Rabhadh ó rígh na cruinne d'éis a chéile chuguinne taise 'n-ar gcroidhe nír chuir taise ar-oile ar ar n-aghuidh. Dá bhfaghthar lá a leicthe a-mach na cionta nír chóir d'fholach, go nochtuimne dhíobh 'n-a dáigh síodh ar ar n-olcuibhne d'fhagháil. A ndeachuidh uaidh aithreach lais; lá an bhráith ní bhiam 'n-a n-éagmhais na daoine i ndóigh a n-umhla do fhóir naoidhe Nasardha.
Sealbh Parrthais, port na n-aingiol, fuair siad - fa sealbh éadaingion; is bean fa-deara a ndíoghal fear Eabha do haithríoghadh. Ceard liosda do leigeadh dhamh fada ó nach fuaras ceangal ní sguir eagar mar oiltear ní fheadar chuin ceangoiltear. A-tá ag an cheard do chum neamh flaitheas ar nach fuil deireadh; ní fhuil is ní fhaghuim ann i muigh thadhuill acht tamall. Marbhadh na míle leanabh - téid Íosa ga n-aithneaghadh - mar inneal ar uan Muire, truagh milleadh na macraidhe. Fuair Dia mar do dháil a fhuil domblas aoi tre fhíon arsuidh; ... fa-deara an deoch shearbh ... Eabha i n-Ifearn. Do bhádar Íodhail iomdha láimh le leaba an tighearna; do feitheadh an lia far luigh 's nírbh fheitheamh ar Dia a dhéanuimh. Gan tarbha i dtagra rut olc sinn ag siubhal chugat; gan bheith ag fleidh nimhe is náir leibh gach a ndlighe, a dhomhnáin. Ólc.
GOD'S FAITHFUL SONS. Tearc oidhre díleas ag Dia, a oidhre ní díleas dó, ní bheir ó n-a dhaoinibh Dia; cia nach naoidhigh cneidh an chló? Beag bhfaladh an troigh 's an taobh dá ghoin dá ngabhar re a ndíol; do bhiadh sé réidh gan a riar dámadh é ar mian réir an ríogh.
Ar n-oighidh Dé do bhí beo an té do bhí 's an té a-tá; ní thug neamhógh do rádh ria Dia ar ar ngrádh i meadhón mná. Gur daingneadh ionn ar an iul dar gcionn do tairbhreadh an taobh do sgoilt sé dar gceann an cíogh níor bh'é ar ndíon is an gceann gcaol. Dá bhfagháil do-chuaidh ón chló san uaigh gin gu hanáir leo; seachna an bháis ar breith do Dhia achd gér shia an pháis a bheith beo. Lá an tiomsuidhthe ní tráth sídh, is tráth budh ionnsuidhthe an uaimh, an lásain ní lá dá reír, ní théigh re grásaibh lá an luain. Beith gar n-aimhleas is inn faoi - ní linn dar saidhbhreas achd sé - féaghthar munba réidh an rí an fa a ní féin éarthar é. Trom dochar a bhuime ón bhrón gidh truime a sochar dá síol; do-gheibhthear lé luagh a deor nach eol d'Uan Dé gan ar ndíon. Duine gaoil don mhnaoise mé mo chaoise ó dhá thaoibh nó a trí re Muire dá bhféaghthaoi faoi; caoi an duine ní héanchaoi í. Do íocfadh an chnú nó an chaor a chrú is ní híocthar mon-uar; nach iomnáir damh gan a dhíol 's go ngabh síodh nach ionráidh uam? Tiocfa a-nall d'iarraidh a fhiach gan diamhair ann ar a fhíoch; luagh ar dhéir ní bhí sa bhráth sí 'n-a tráth féin ó nach fríoth.
Mó dochar an ríogh a-rís a chrochadh - gér ghníomh gan ghaois - go bhfuair sé a oigheadh dá áis; coimhshean do pháis é agus d'aois. Do mhuin deor dúnadh an taoibh a dhúnadh gin go heol uaim; ar cneidh na cíghe a-tá tóir gé shíne a cóir go lá an luain. M'óige do dhula fa dhlaoi ní móide a cumha i gclí; ar gclíne ní cuimhneach lé d'fuighleach na sé ndíne dhí. Acht gomadh ál táth an taoibh is tráth dá rádh ris an rígh; do cheil sreabh an chréachta an chóir, ní séanta dhóibh cneadh an chígh. Fuil do bhall fa lár do leig nár is do chlann 'n-a dá gcuid do b'fhiu ar siair ar mbuain a broid an uair do chroid 'n-a dhiaidh dhuid. Mo dhréimire an crannsa id chígh damhsa is do chéilidhe i gcriaidh; guais an mheadhuighthe an mó dhúin súil i ló an dealuighthe id dhiaidh. Fuair sinn d'anáir as a hucht do ghabháil linn tar gach locht; ní im báthadh do-chóidh an ceart achd neart máthar gun óigh ort. ... goire ar ngaoil an taobh deas gidh oile i n-úir; do threabhlaitse ó chneidh an chígh sín sein re deaghfhaicse dhúin. Ar gceann uidhe ag teachd a-tá gearr go bhfuighe ceart id chrú; dlaoi ar t'fholaidh sa bhráth ní bhia ba Dia i dtráth an toraidh thú.
Muire got fheitheamh is Eoin ar dteitheadh don uile uaibh; do bhí do chlódh ar a céill nar í féin an ógh ar th'uaigh. A bhfuil 'n-a ndeoigh d'fhuighleach th'fhiach fa dheoigh budh cuimhneach le cách - ní aithnim dar siair ar síoth - aithrinn ar t'fhíoch biaidh sa bhráth. Go gcuire coimhlíon mo chuil do shoighníomh Muire sa meidh; ól a cíogh an cumhain libh? ná sir díol cubhaidh id chneidh. Nach truagh a éagcruth dá éis - ar n-éagnach re a ghruadh mar ghrís - reic do mheic ochta dá áis? docra an pháis a reic a-rís. Fríoth ceart, a fhionnMhuire, uaibh an reacht d'ionghuire ó nár áil; bean do nighe ar gcean is cóir, glóir ... as a mbean báidh. Lór dar lat dom eadráin air do mhac do theagmháil dod thoil; cá bríogh is do threise as-toigh gur dhluigh mo ghníomh meise a-muigh? A síoth Moire Magh-da-léan do ghabh le a croidhe do chlódh; dlighe, a pheacaigh, súil re síodh; bíodh ar th'úidh gur pheacaigh Phól. Ol dighe don domblas aoi - ól chobhras a fhine é - an cunnradh ar ar ibh í do bhí ag cungnamh le digh nDé. Madh buidheach an rí dá réir fuireach nocha bí ar a bháidh; grás Dé nocha dtoill 'n-a thruaill uainn le roinn é dámadh áil.
Cóir dar mbráthair féaghain faoi d'éanfhuil a mháthair is mé; dá n-eitghear fan éagcóir í ní héadáil dí a leigthear lé. Tráth a ghrás do ghabháil liom, don bhás d'fhagháil ní budh am; ní fheadar nach é budh fhearr ní ré ghearr as eagal ann. Do-chuaidh ar gcúl ribh a fhraoch gan ghlún ó shin ar a shíoth is é i gcorcracht na dtrí dtráth is cách d'fhortacht dí dá dhíoth. Nír mhaith iadhadh a dhearc dúinn ceart gin gur hiarradh san uaigh; ní beag dó dá chora i gcéill an fhola féin i ló an Luain. Ól a lachda leanaidh sí a dalta nach dearaidh mé ar Íosa is bheith mar do bhaoi na naoi míosa do fheith é. Fóir, a Mhichíl, inn ó ar n-olc, a Mhichíl, cinn ar an gceart; Lia do shíol na ngrás id ghort locht ag fás tríom gin gub tearc. Tearc.
2 QUEEN OF HEAVEN Fear Flatha Ó Gnímh cct. 1. Mo-ghéanar cheanglas cumann bainríoghna seangbhas ghlainghríobhdha dá gcumam déanamh daighriaghla; do-ghéan ceangal ar cóir neimhdhíoghla re hóigh mbinnríoghna nach earradh ainliamhna. 2. Ní mairg do bhual fa a breith dtrócuirigh Luan an tslóghcuiridh dar mbreith ór mbréigceanaibh; ceanglam re mnaoi nach deonuigh ar ndíthdeaghail, ar mbeoluibh íceamhail, ar gcaoi i gcéiteamhain. 3. Cumann ó ríoghain mar í ní fhuaramar do-chualamar go síodhuigh sí gach síriomadh; do chionn deich míle is míle naomhainnear aondaingean dar mbreith san ríghe do-ríneamar. 4. Le rígh na ngrás réidh gion go rabhaimne budh léir mo bhanaighne ar dhá chás dar gcobhairne cur díoghla nach éidear 'n-ar n-aghaidhne daghaighne ríoghna 's a céidfhear dá comhairle.
FEAR FLATHA Ó GNÍMH 5. An tí do bhaoi róinn ar an ríochruinne a chíochbhuime 'n-a hóigh 's 'n-a mnaoi mhórchloinne do iadh fa chách mar chasadh bhféathloinne ar n-éanchoillne fa bhláth ar lasar lóchrainne. 6. Ar bhfíon fionn i gcoraidh chófraithe, ar mionn órchloiche do thoghail nach tárfaithe, ar ndámh bhinn do bhreith gach aonchluiche le saorfuithe sinn ar bhreith an bhráthlaithe. 7. Baincheann na n-ógh bhfionn i bhflaitheamhnas raicheanglas riom 's ní har ór ná ar eichionnmhus, bean as teachtaire ar mo cheann ón chaithirlios, as fhearr aithimrios ar mbeartaine i mbreitheamhnas. 8. Gruadha breaca as eisiomláir don fhíneamhain, leaca mar shídhealaidh gcneisiomláin gclúimhiodhain, ruisg mar eighreadh, earla mar órfhalaigh, meanma óghamhail is deighbhean don Dúileamhain. 9. Soitheach do bhraich na dighe diadhachta, cridhe riaghalta do mhaith ar mórfhalta, bean nach faidfhéagh ar chách a gcaollochta, táth na daonnachta, aigéan na hóghachta. 10. Mór budh leigthe le mnaoi maillbhréithre, eitne na pailmfhéithle i gcnaoi dar gcollbhláithne, ar n-ortha loghaidhne i ló na hionnráithne, iomshnáighthe dhó ar a comhairle a combráithre. 11. An laoidhse róinn re seise dar saothairne don óigh mhaothainnre as treise ar a triathoidhre, bean nach dingneadh ó dhoras ar ndíochuirne, ar solas ríochoinnle, ar n-inghean Iachaimne. 12. Ní maoidhte dhamh ar an óigh n-infheabhdha 's a car re tighearna róinn do rolabhra dá rann déag do dhúthracht ar n-ealadhna is méad mo cheanfhaghla i dtnúthghort na togharma. Mo ghéanar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services