Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aithdioghluim Dána I

Title
Aithdioghluim Dána I
Compiler/Editor
McKenna, Lambert
Composition Date
1640
Publisher
(B.Á.C.: I.T.S., 1939)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Gofraidh Mac an Bhaird cct.



Cuimhnigh, a Mháire, an cunnradh do cheanglabhar;
go ndearnabhar gan turnamh ar ndáinne do dhaingniughadh
dod ghnúis mar lasuir córaide a chuimhnioghadh
dar fhuilngiobhar ar n-óraige asuibh d'ainmniughadh.



Triallaim dod dhealbhthoigh - nír dháil anamhna -
glanadhbha 'n-a ndealbhthair le dáimh bhar ndeaghumhla
múr mar bhoigEamhain na mbuinne n-oireaghdha;
buime oileamhna do dhún d'oideadhaibh na healadhna.



Cuirthior d'aontoil ó n-a rádh san ríoghbhaile
mo dhán ar n-a mhíonshnoidhe mar nar aontoigh éinfhile
ar cairde mbronnaidh go haimsir d'áiridhe
bhar ngráidhfhile an t-ainmsin, a chonnail chéillidhe.



Mac an Bhaird do-chuaidh i gcor mar do chuirise
acht go bhfuileise ar mo thol ós aird an uair eileise
dá altrom ó nach cumhang do chridheise
nír dhligheisse a fhulang fa antrom an eireise.



Ná bíodh an ndáil, a shaor shéimhidhe,
mar an taom nar chéillidhe do bháidh bríogh a mhórfhuile
- ní clos 'n-a dhiaidh fa dhoilghe acht aoinfhile -
oidhre saoirfhine Uí Bhriain Bhóruimhe.



Téid Gofraidh Fionn fáidh ar dtreibheine
seinfhile do-cháidh ós chionn gach sgolaidhe
- do b'fhiú grádh Í Dhálaigh ar an daighfhine -
le dán ar n-a ghlainfhighe don Tálfhuil thoghaidhe.


L. 77


Ó Dálaigh Fionn an rún fá rabhadar
gé do thoghadar mionn súl na seanoideadh
d'oidhir suadh fíonRuis do b'anobar;
níor ghabhadar uadh díoghrais a dheaghoigeadh.



Triall ó gCais ar gcall a n-oigeaghaoil
gan rann dá oigealaoidh lais ón laggabháil;
an dán cumthar don fhearchoin ón eagarfháidh
dealbhthoir - níor bheaganáir - do Mhurchadh Ó Mhadagháin.



A bhaincheann bhan fhréimhe ríoghUidhir
le ríobhuidhin cléire nar char buanfhalaidh,
bíse, a fhoighéag as aipche don fhíneamhain,
mar an aicme ór shíneabhair ar bhar gcoiméad fa a gcualabhair.



Íoc bhar sdada far ndál ba daorchumhal
mo dhán ar n-a shaothrughadh le fada ó nar fiafruigheadh
géibhionn ar ghlaic bhar ndréachta dúinfidhear
le múinfidhear dhait gomadh déanta ar ndianchuireadh.



Ná filleadh do dhán ar ais it aghaidhse
rem shamhailse ó Dhál gCais mar do-rinneadh romhaibhse.
. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .



Gan omhan, a Mháire, ní beithte go mbiothbhoidhre,
ionchoimhdhe ar ndáinne mar as creidthe a gcanfaimne;
ris an dara bliadhain gan t'agra ní fheithfimne;
an tagra nach ceilfimne ná hiarraidh a hathchuinghe.



Fir dar chóir cáin na seinChearmna
slóigh cleithreamhra do-bhir do dháimh an daghtharbha
ó tád bhar ndá chrú 'n-a rian riothchobhra
do chlú is ionchomhdha do Bhrian Mhág Mhathghamhna.



A ndearna dhún ní haithreach le hóghMhuire
dar súr as ghlórmhaire, a mhaithmheach mhaordhaidhe;
dá ngabhthar linne slighe tar a síorghuidhe
tinne a míorbhuile ó chridhe dar gcaomhnuine.



Cuimhnigh.


L. 97


B 1616c 17T
U Eoghan Rua Mac an Bhaird
EOGHAN RUADH MAC AN BHAIRD CCT.



Mairg as bhráighe ar mhachraidh Murbhaigh,
mairg macaomh rena mó súil;
fa ríor ní fhoileam 'n-a ainbhfeas
foireann do shíor thaibhgheas tnúidh.



Mairg ar tús 'n-a dtuigthear éifeacht
d'aicme Chonaill gar chóir cíos;
gidh bé don tslógh rabh 'n-a roghain
lór dá char iar sodhain síos.



Aicme Chonaill na gcolg bhfaobhrach
fuigheall tnúidh ó dhreim go dreim
créad acht a cailg céim ar aghaidh?
mairg don fhréimh dá ngabhair greim.



Mar as fhollus dá gach aoinneach,
ar Aodh Ruadh rugadh i nglas
i mbéal a tharbha do thoigheacht;
tarla léan dar n-oireacht as.



Gan ghlacadh n-airm gan aois gcogaidh
do cogradh a chor i láimh
gan chúis oile acht ficheadh formuid
feitheamh Moighe† fhonnbhuig †Fháil.



Neachtain Ó Domhnaill fa dheireadh
ar ndóchas lán, ar laogh búidh,
i n-aois leinb 'n-a dhamhna duine
tarla i gceilg na tuile thnúidh.


L. 98


A bheith i súilibh sluaigh Bhearnais
a bheich bhós 'n-a bhraghaid ghill
'n-a leanabh i n-am a éirghe
do geabhadh barr Éirne inn.



Meisde an umhlacht fhuair 'n-a mhacaomh,
meisde fós a bhfuair do thail;
suil do-chuaidh san oidhreacht n-aithreadh
fuair a oirbheart d'aithbhear air.



Romheisde an meas, meisde an onóir,
nó an t-ainm ar dtús tárrus lais
nó an mhuirn fhuair Neachtain 'n-a naoidhin
uainn tar sleachtaibh Gaoidhil Ghlais.



Cúis oile dá bheith i mbríosún
acht a-mháin ar labhradh leinn
ní clos re a bheo d'fhotha idir
ar eo srotha Sligigh seing.



Acht gidh trom ar ciniodh gConuill,
mo chean buille do bhean ruinn
dar cuireadh ar choimhéad uainne
foighéag d'fhuigheal chuaine Cuinn



Mo chean don oirbheart do haithneadh,
don éifeacht fa deara dhó
gan bheith sonna saor ó gheimhlibh
do laogh Droma† bheinnghil †Bhó.



Le hantoil na haoise hóige
le huabhar ga aslach súd
nach reitheadh do réir a mheanma
d'fheitheamh don fhéinn Eamhna úd.



Is nach rachadh i rinn treasa,
nach tiocfadh d'amharc gleo ngarbh
nach lingeadh i mbearna mbaoghlaigh
le meanma eidir fhaobhraibh arm.



Créad acht coimhéad do chath Bhearnais
a bheith treimhse mar tá sé
ar dhaingean mar ghiall i ngéibhionn
nach cailleadh Fiadh Éirionn é.


L. 99


Bíodh nach maith le macraidh Murbhaigh,
is maith dhóibhséin go dtí an tráth
an tsaorshlat budh dhéin ar dhaingean
aonmhac Néill nach cailleadh cách.



Acht go dtaisbéana eacht oile
a uaisle a oirbheart re n-éag
ag díon clú coróna Saghsan
's onóra crú gasradh nGréag.



Cosmhail go bhfuighead a n-itche
aicme Chonaill is clann Néill
ghuidheas le síodh slaite Boirche
i n-aice a ghníomh bhfoirbhthe féin.



Cosmhail dá bhféachadh fir Sagsan
a shubháilce a cheannsa a choir
nach éidir a mheas nach maothfadh
éigin bheas go saorfadh soin.



Foighide, maordhacht, méin tromdha
a-táid leis - gá haighne as fhearr? -
ga chaomhna re hucht gach fhormaid
'n-a lucht chomhraig tar a cheann.



Ós í as aighne an uile gheimhligh
guidheadh Muire máthair Dé
ag so roghain raon gach sligheadh
cobhair dá taobh sireadh sé.



Lór do robhadh do fhréimh Dálaigh
díobh 'n-a bhrághaid gidh bé raibh
gan choir ngníomh gan damhna ndiomdhadh
mar tharla a díol d'ionnramh air.



Mairg.



Ar n-aonbhráighe Aodh Ó Domhnaill,
dóchas Banbha ó aird go haird,
a bhfuair do thail rob tuar ratha,
ná raibh do shluagh Macha a mhairg.



Mairg.


L. 135


B 1595c 17
U Eochaidh Ó hEoghusa



Neimhchiontach mheise, a mhic Taidhg,
sighin Chríost fad ghnúis ghealaird;
rún th'anfholadh cia nach cluin
Dia dhar n-anoghal oruibh.



A-déardaois daoine rinne
re bhfaghthar fios t'inntinne
gomadh dobhuidheach dhíom sibh,
a ghríobh oruireach Uisnigh.



Fáth oirbhire ret fholt gcas
ní háil re Dia go ndearnas,
far ghuais liomsa t'fhearg d'adhuint;
ionnsa an chealg i gcontabhairt.



Acht a-mháin nach mór an guth
re mbeadhgann an fhuil uabhrach,
beag a dhíol imdheargtha ó fhior,
inbheanta dhíom a ndlighthior.



Dá ndearguinn do dhreich ngairthe
d'fhoiléim fhocuil mhearuighthe
cár bheag dhuid aithmhéala inn?
tuig go n-aithréagha mh'inntinn.


L. 136


Do loigheadh mh'aithne oruibh
an chéaduair, a Chonchubhuir,
a ghruaidh chraobhnár mar chrithre;
saobhghlár uaim níor bh'airighthe.



Dá mbeith fós t'aithne aguinn
níor gheall mé, a óig abhradhduinn,
gan bhuain go radhána ribh,
a bharánda sluaigh Sligigh.



Gnáth aguinne an t-aos dána
bheith aindlightheach andána
ar shluagh Mhúir† mheidhealtruim †mBreagh
is eineaclainn dúinn fa dheireadh.



Dá leantaoi ar n-éagcóir oruinn
feadh Bhanbha an bhruaigh ealamhuill
tearc nach biadh go diomdhach dhíom
riamh tre ionnlach na n-airdríogh.



Mór ngríosacht a ngruadh gcrithreach
tug ollamh go haindlightheach
feadh sróllBhanbha na síon mbog
do mhórdhamhna ríogh romhod.



Mac Liag nach lór dod chealgadh
minic tráth tug imdheargadh
do Bhrian go n-a mhórchlainn mhir
na lóchrainn ó iath Fheimhin.



Minic bhós do bhean Cathbhaidh
- creidte dod chéibh órbhachlaigh -
luisne i ngruadhaibh fhian Uladh
riamh d'uamhain na healadhan.



A mhic Taidhg, nach tuigeann sibh
ar mbeith riamh ó ré an chéidfhir
cuire seang do uaisligh ionn
teann ar uaislibh na hÉirionn.



Go háiridhe t'fhuilse féin
tearc aoinneach do fhás díbhséin
laoich ón Bhóinn bhailbhrighin mhir
nach dóigh aindlighidh d'éigsibh.


L. 137


Mar sin as seachanta dhuid
mise mar chéile comhruig;
ná lean díom i n-a ndearnas
gidh eadh bíom fad bhreitheamhnas.



Córuide dhúinn, a dhearc mhall,
gan dul ó chéile i gcumann;
ní fhuil lí mh'imdheargtha ort
ní ní as inleanta a n-éabhort.



Nír cháineas, a chruth gealtais,
clú th'oinigh ná th'oirdhearcais
- cár bheag so uaimse dh'umhla? -
nó no uaisle th'athardha.



A bhuidhe re Dia na ndúl,
nír cháineas an cúl barrúr
ná an aghaidh mar chaoir gceardcha
ná an malaidh gcaoil gcoinneallta.



Ná an súil gcuirr chealgas maighdin,
ná an ghlún nar fheac d'easgcairdibh,
ná an taobh soghráidh slisgheal slim
mar shlisneadh orláir fhuinnsin.



Aithnim adhbhar do throda
riom, a mheic Mheic Diarmoda,
ní fhuil acht ag seilg mholta;
ná bí ret fheirg n-ábochta.



Dáilfiod duit - bidh díol cubhuidh -
sgoth mo cheirde, a Chonchubhuir,
mar dhíol im anachuin ort,
a ghríobh chladhachuidh Chonnocht.



Buain t'fheirge dot aghuidh dhuinn
biaidh uaimse ar inghin Domhnuill;
's í aineoghas ar t'fheirg mhé
gan cheilg laibheoras linne.



Déanta dhuitse a ndéanadh sin
nír ghnáth re hAodh Mhág Uidhir
bheith i bhfeirg dá ríribh rom
mílidh gan cheilg 'n-a chumonn.



Neimhchiontach.


L. 138


B 1650fl 17L
U Diarmuid Mac Taidhg Mhic Diarmuda Óig Ó Dálaigh



Do-rinneadh comhuidhigh ar fhéagain d'Éireannchaibh
le bpréimhfhearthair d'fhoruiribh ar an nGréagfhuil
ngníomharthaigh;
táinig néal a-noise le a nuashlighthibh
tre mbuaidhirthir loise fhréamh an ríoBharthaigh.



Ochán do rochair glóir na nGaoidhealsa;
do-chóid an bhraoineangsa i gcrothaibh céimionnsa;
an dtiocfa choidhche tar imlinn an uamhuinse?
doilbhthe an luaghuilse ag inghreim na hÉirionnsa.



Do radsad creachshlóigh cáigh mun naoimhinis
daoiriris seachnóin an chláir chraobhsholuis;
fine Gaoidheal i ndeacraibh go ndeorafhrais,
gleoghabhais sraoineadh an ealtain aondoruis.



Ní thorchuir do Theamhraigh bhiligh bhreachttolchaigh
ar shealbhaigh d'eachtronnchaibh ar fhinibh iochtChobhthaigh;
a-tá d'fhorlann ar a gruaidh ngartfhairchigh
gur fhortailcheil buaidh a gcomhlann gcniochtchonfaidh.



Ní dheachaidh i gcréidhim 'gun chloinnsean Phearsabháil
ar tuismeadh do threasghabhail ar Éirinn eisghilshídh,
gidh eadh is daoirse chlóidh don chleasradhúir
meabhsanúidh an laoichse don fhóir fheischiníl.


L. 139


A-táid fraochGoill go faoilidh dá gceisilmheilt
ag treisingheilt ar shaorchloinn an Ghaoidhil gheasoirbhirt;
is rogha gliadh nó is fógra frasaimhnirt
Assignment ar gach fiadh d'Fhódla easoirrdhirc.



Do rinneadh.


L. 168


B 1652ob 17L
U Tadhg Mac Dáire



Do b'fhearr mo sheachna, a Shíle,
fiú ar fhéachas d'iúl sheinlíne,
a throigh náir chéimiodhan chorr,
nar cháir éilioghadh orom.


L. 169


Dom dhearbhadhsa, a dhreach mhálla,
fuair tú nó ar tí teagmhála
ceisd cheilge nar dhiamhair dhún
nó is d'iarraidh m'fheirge d'fhadúdh.



Narbh fhiú liom labhra chorrach
tug mé ar th'aghaidh urromach
re hucht coimhrighe, a chúl slim,
is rún oirbhire im inntinn.



Do bhádar adhbhair eile
liom bhós fa bheith céilleidhe
sinn éadána ar th'fhabhra mall
damhna th'éagcára d'fhulang.



Níor chuir mé i n-iongna oruibh
- cuid eile dom adhbhoruibh -
gan bheith fortuill i bhfoghluim
dod dhreich fholttruim abhramhuill.



Ní tú as cionntach, a chiabh lag,
'n-a bhfuil d'aineolas orad,
a chinn sídh bhoigInnse Breagh;
bídh ar th'oidibhse a aithbhear.



Céillidh th'aitheasg, a fholt tiogh,
séaghuinn osgailte th'aigneadh,
lucht foghluimthe acht nach fuair sibh,
a ghruaidh dhonnghairthe dhílligh.



Do faighreadh - feirrde m'aigneadh -
meise, a bhaisréidh bhrághaidgheal
nach mealltair go hollamh ionn
i gceardchaibh ollamh Éirionn.



Dámadh ionann - mar nach eadh -
oideas dúinn, a dhreach áilghean,
ná hiongantaigh, a chiabh cham,
go mbiadh th'iomarcaidh agam.



Dall cách i gceird ar-oile;
cur riom, a rosg seabhcoidhe,
i gcroiniceacht níor chéim dhuit,
a shéimh fhuighilcheart ordhruic.


L. 170


Ní hionann sinne is sibh féin;
ní chuirfinn, a chruth soiléir,
geall ar ghníomh ríoghnamhuil ruibh
do dhíol d'fhíormhodhuibh ionnuibh.



Níor bh'fhíor, a inghean Éamoinn,
- dámadh fhíor ní aibéaroinn
red dhreich seing mbairrleabhair mbinn -
go mbeinn d'airrdheanaibh inghill.



Ní hinghill - ní hiongna liom -
leat meise ar mhaille gcéimeann
ná ar ghlór mín i n-uair annuimh
ná ar fhuaim shídh do shaorchlannuibh



Ná ar dhuasaibh móra mionca
ná ar fhoisdine n-aigionta
ná ar chruth gcaomh mbonnbhán mbanda
ná ar chomhrádh saor séaghanda.



Ní mar sin duitse, a dhearc mhall;
do-rinnis d'éagcóir oram
cur ghill na foghluime féin
linn mar fhoghlaime aigbhéil.



Do bheanais - níor bheanta dhuit -
a bhaincheann chríche Cormuic
- bheith réidh ní héadóigh uime -
béim san éagcóir oruinne.



Feirrde an rún do-rinne sinn
dámadh áil liom nach léigfinn
led chneas nglainrighin ngéag dtrom
méad bhur n-aindlighidh orom.



Ar son nar bh'fhíor a rádh ruibh
ní budh iomnár let aghaidh
clár finnleargan do ghruadh ngeal
d'imdheargadh uam do b'éidear.



Do ghealfadh mé an malaigh nduibh
's do-ghéanuinn dubh 'n-a dheaghuidh
do thaobh chneasaolta mar chailc
do thaobh mh'easaonta d'adhaint.


L. 171


Na ruisg gorma ar ghné an oighridh
do dheargfuinn iad d'fhorfhoighlibh
gríosadh th'aighthe acht nar dhual damh
's do ghruadh gairthe do ghormadh.



Gan chrithir m'fheirge d'fhiuchadh
fa ndearnais orm d'éiliuchadh
dod chéibh bharrúrthais shaoir shing
do thaoibh andúthchais fhuilgim.



Saoth liom nach do mhnáibh Muimhneach
tusa, a bhanda bhionnfhuighleach,
feadh do bhaoghlaighthe im bhuain ruinn,
a ghruaidh shaorghairthe shéaghuinn.



Dámadh d'Íbh Briain do bharr slim
ní fhuighthea a n-uarais d'uirrim
nó d'Íbh Carthaigh Chuain Innse
- marthain uaim don fhuirinnse.



Fuil Cholladh fad chneas mar thuinn
lá na feirge dá bhfeasuinn
nó fuil mhaithmheach chaoin ó gCais
dob aithreach dhaoibh a ndearnais.



Duach mhac Briain do bheith umad
ó 'd-chuala, a chúl bachullag,
an aicmeise fad ghnúis ghluin
budh cúis mh'aintreise oruibh.



Breitheamh córach Clár na Niall
go bhfaice mé Mac Uilliam;
ní am aghaidh as cóir a dhul
cóir im fhalaidh ní iarrobh.



Do b'fhearr.


L. 177


B 1618ob 17T
U Fearghal Óg mac an Bhaird



Trí coróna i gcairt Shéamais
- cia dhíobh nachar dheighfhéaghais? -
críoch an sgeoil libh ga labhra,
a fhir eoil na healadhna.



Cuirfidhior - is cubhaidh lais -
trí coróna um cheann Séamais;
ní sgéal rúin rádh na leabhar
gach fádh dhúinn dá dheimhneaghadh.



An chéaduair - cóir a cuimhne -
coróin Alban iathghuirme
- rí 'n-a chló cia ler cuireadh? -
ó Dhia dhó do deonoigheadh.



An dara huair - aithnidh dhamh -
cuirfidhior coróin Sagsan
an sduadh mhín ghoirmdhearcach ghlan
um rígh n-oirbheartach n-Alban.



Prionnsa óg go n-aigneadh ard
biaidh sise ag Séamus Stíobhard
onóir nach iomarcach leam
coróin iongantach Éireann.



Inneosad a adhbhar soin
na trí coróna i gcartaigh
ar rígh slóigh Gall is Gaoidheal,
ós am cóir dá chraobhsgaoileadh.


L. 178


Más chead leis a éisdeacht uaim
sloinnfiod a cheart an chéaduair
ar fhionnAlbain na n-iath mín
triath ionnarbaidh gach eissídh.



Trí chéad bliadhan - buan a mbríogh! -
a-tá sí ag sliocht an airdríogh;
fa rígh Alban ní hiongnadh
tír na n-ardbhragh n-imiolghlan.



Ag naonbhar roimhe dá fhréimh
do bhí Alba an fhuinn fhóidréidh
ní fríoth sgéal ar n-uair orra;
do-bhéar uaim a n-anmonna.



Alba chonáigh na gcolg ndearg
do bhí roimhe ag dá Roibeard,
is tearc éarlamh nach abair,
a héanbhun do fhásadair.



Cóig Séamais - ní hiul iomruill -
ro ghabh Albain n-iobhardhuinn
dá shíol i ndeoidh na deise;
ríomh an eoil ar m-aireise.



Is é Hannraoi t'athair féin
an t-ochtmhadh deighrí dhíbhséin
- a mhínleanmhain is díor dhamh -
más fhíor d'fhírleabhraibh Alban.



Badh lé Alba ó mhuir go muir
máthair an airdríogh uasail;
do chuir sí an choróin ma ceann,
onóir í ar nach fuil foirceann.



A n-áireamh ní leasg liomsa;
ag so an deachmhadh deighphrionnsa
do gheabh ríoghAlbain dá fhréimh;
Stíobhardaigh is eadh iaidséin.



Do réir an eoil fhuair meise
ag sin ceart do chairteise
ar caomhAlbain bhfinn bhfleadhaigh
slim dtaobhardghlain dtaitneamhaigh.


L. 179


Mithidh dhamhsa a chur i gcéill
do cheart feasda, a bhas bhláithréidh,
críoch leabharbhragh na long ndubh
ar fhonn seamharghlan Sagsun.



Bhar seanseanmháthair - seol glan -
inghean airdríogh fhóid Sagsan
críoch a sgéal linn gá leanmhain
do fhéagh sinn i seinleabhraibh.



Críoch Sagsan na gcoll gcorcra
gan innte d'fhuil ríoghochta
acht éinríoghan dá gclaon coill,
craobh ler léirlíonadh Lonndoinn.



Ó ló na mnásoin a-mach
a-tá id chairtse go cosgrach
triath ríoLunndan do rádh ruibh
rádh na bhfíorughdar fíorthair.



Ag so ar Lonndain na learg dtais
ciall do chairte, a Ching Shéamais,
rádh seinleabhar ar bhur son
fa chlár seingleabhar Sagsan.



A lámh as díorgha dligheadh
- a-nois i gcéill cuirfidhear -
ná bí ag teacht ar éineing d'uaim
's do cheart ar Éirinn armruaidh.



I gcúirt Shagsan na sreabh seang
a-tá ardchoróin Éireann;
tuar maothchroidhe a bheith san mbrugh
fa bhreith laochroidhe Lonndon.



Fada a-tá i dtairngire dhuit
críoch Sagsan - is iul orrdhruic;
duit is dú Éire amhlaidh;
is tú a céile ar chomhardhaibh.



A mheic Hannraoi na dtreas dte
ag sin mar dleaghar dhaoibhse
gan toibhéim, a rí, ar do reacht
na trí hoiléin i n-aoinfheacht.


L. 180


Céim dá mhéad ní maoidhte dhuit;
fuil dá huaisle san Eoruip
ní fíorghloine í ná t'fhuil,
a rí míonmhuighe Monaidh.



Ní fhuil fuil airdríogh eile
acht fuil meic na maighdine
ga bhfuil barr uaisleachta ar t'fhuil
guaisbhearta Gall id ghníomhuibh.



Miorr nó túis ní théid thairrse
ar fhás d'fhíonfhuil ionnaibhse,
's ní hé an t-ór a séad samhail,
ní lór bréag a mbaramhail.



Dá mbeith nach biadh - ní breath lag -
fuil airdríogh n-uasal ionnad
do chuir t'eagna i n-uaisle sibh
bhar bhfreagra uaimse is aithnidh.



Eagna soghrádhach Soluimh
ar séan flatha fuarabhair
a shlat deaghabhla ón seang sreabh
geall deaghanma lat léigthear.



Trí.


L. 182


B 1601fl 17T
U Fear Feasa ón Cháinte



Cionnus meise, a mheic Eoghain?
nár dhamh, a dhreach inleoghain,
gan mh'aithne dod ghruaidh ghairthe
iar n-uair d'aithle m'ollmhaighthe.



Ní feas daoibh, ní diongna ribh,
aitheonaidh tú uair éigin,
a sgiaith chagaidh Chláir Banbha,
má táim abaidh n-ealadhna.



Más fhíor is ughdar gach neach
go labhairt, a fhlaith Muimhneach;
tar theas an té nach labhair
ní feas é 'n-a ealadhain.



Mar sin damhsa, a dhreach mar thuinn,
ní feas an bhfuarais m'fhoghluim;
a ceilt féin ní léigse linn
m'éigse i gcéill muna chuirinn.



Fiú an aonrainn, a earrla lag,
ní dearnadh, 's ní do dhearmad,
dod dhreic chruithshlim ghairthe ghlain
le a gcuirfinn mh'aithne oraibh.



Ní haithnidh dhamh acht mé a-mháin
neach rem cheird i gcrích Ghabhráin
nach tug fríthe dána dhuid,
a bhrágha críche Cearmuid.


L. 183


Do dhealbhador a ndréachta,
tugsad duana doidhéanta
duit ar chreachbhuaibh beann mBanbha,
a cheann eachshluaigh t'athardha.



Ní fhuil acht athfhuigheall áir
ó fhearaibh Éireann d'éanláimh,
a ghnúis fhortail ghairthe gheal
's ó mholtaibh doirche draoitheadh.



I ndiaidh éigios Innse Fáil
deacair adhmholadh d'fhagháil
dod chúl dhruimneach dá dtráigh tonn
fuighleach cháigh muna chognamh.



Bidh cú mhall, a mheic Eoghain,
do réir iúil gach fhíreolaigh
ga mbí a gníomh dá chora i gcruth
sona más fíor le fiadhuch.



Amhlaidh sin a-túsa, a Thaidhg;
do-ghéabham dod ghnúis neamhghairg
sreith mholta nach fuair file
do chruaidh chorcra ar gceirdeine.



A-tá agam ret aghaidh
sreath ghlan do ghréas éagsamhail
do-chuaidh ó chách gan chuma;
iar n-uair tráth a dteagluma.



An dánso, a dhreagain Fhódla,
- tús as cóir d'fhior fhurfhógra -
uaim, a cheann breacmhuighe Breagh,
mar theachtuire id cheann cuirthear.



Dá dtaitnid na rainnse ruibh
do-bhéara mé, a mheic Eoghuin,
dod dhreich bhuig as deirge dath
cuid d'ar gceirdne re a ceannach.



Nós na gceannuidhe, a chruth seang,
do-ghéanam é go haithghearr
red dheirc roimhir red ghnúis ngil
gidh cúis doiligh a dhéinimh.


L. 184


An aithnidh dhaoibh riamh roimhe
an ní do-ní an ceannoidhe
a hucht a n-adhanta air
re lucht malarta an mhargaidh?



Gidh bé arra iarroid soin
do-bearar leis do láthoir
a fhéasgain i n-aisgidh dháibh,
taisgidh as éasgaidh admháil.



Dá dtaitne riu, a rún fosoidh,
ceannchor uaidh an t-arrosoin
ar na fiachaibh bhus luinn leis,
dá dhruim ní tiachair thaireis.



Tusa fear iarrtha ar n-arra;
dá ndaoire, a dhreach shéaghanna,
mé ceann a roireactha ruibh
doibheanta i gceann mo chonnruidh.



Iarr tuilleadh má thaitneann ribh,
cuirfeadsa uaim i n-aisgidh,
a shlat téagair bheann mBanbha,
id cheann d'fhéagain m'ealadhna.



Tú as fhaide aithne uirthe
cóir dhuit déanamh breathnuighthe
maith th'aithne ór cheannghais dar gceird,
a ghealbhrais ghairthe ghruaidhdeirg.



A bheithir neimhneach nimhe,
a chaor thaidhbhseach thinntighe,
a ghéag oirdnidhe chlann gCuirc,
a rann oirbhire dh'adhuint.



A luibh íce t'fhine féin,
a thonn ainbhtheanach aigéin,
a chrithear do chruaidh nimhe,
a fhicheadh guail gheintlidhe.



A mhic dhílis Dé nimhe
gé tá an t-éag 'n-a áiridhe
- dol ód ghuin is eagal as -
ní fheadar cuin nó cionnus.



Cionnus.


L. 185


Dol tar mhnáibh a fine féin
gidh lór dhí mar ainm eiséin,
troigh ramhálla re mbí breath
do-ní Anára dh'oineach.



Do lucht cuarta chláir Bhanbha
re tuaith nó i n-ainm ealadhna
fear cogaidh uirre ní fhuil;
ní choguil duille an domhuin.



Ní nach déanaid leath ar leath
ríoghna oile fhóid Mhuimhneach
glac thirmgheal ó tholchaibh Breagh
inghean Donnchaidh dá dhéineamh.


L. 195


B 1600fl 17T
U Gofraidh mac Briain Mac an Bhaird
THE BODY A SHEEP-FOLD.



A Dhé Athar, t'fhaire rum,
uan dod thréad is eadh m'anam:
tusa, a rí an chruinne, do chuir
an chlí uime mar adhbhaidh.



Caora sonn dá bhar seilbh féin
do chuir tú i gcró idir chuainmhéir;
a gcumhdach ar-aon it ocht,
saor ó chumhgach na gcuanort.



Tár, a Dhé, an cró ar an gconairt
gá dtá an chaora i gcontabhairt,
nó is cinnte an chaora ar a cor;
impe gach taobha a dteagar.



Tú dealbhadóir déanta an chraoi,
léir dhuit gach dé ar a léamhthaoi,
dóigh toghla do dhéanamh dhé,
a chomhdha it éanar oirbhse.



Ort dob easbhaidh an chaora,
fuar lé ...;
tú an ghéag fa crobhaing do chin,
féag dá dodhaing, a Dhúilimh.



Foirgneamh ar fearann dalaidh
aice, a athair charthanaigh;
tréan gach biodhbha a-bhala i luigh
's ní hiomdha cara a cosnaimh.



Timcheall a tighe leabtha
aireach fhuair fhód inghealta;
gleann na ndéar, domhan na gcleas,
fromhadh dá fhéar ní háineas.



Ní hás dí dá bhfaghthaoi a faill
foraois mhillteach, magh tadhaill,
don anam nach uan dod thréad
fuar an chalann mar choimhéad.


L. 196


Dúil ainglidhe an t-anam glan,
dúil chriadhaidhe an corp fuathmhar,
mór an ní aingeal i n-airc
's ní daingean ón chlí a chosaint.



Ar t'fhosgladh, a Dhé, ar do dhrud
an teaghdhais i dtá an sbiorad;
ort a heasradh, ort a díon,
rob ceasnamh ort a himshníomh.



Mainnear i bhfeidhm a faire
adhbha an anma chaorchaidhe;
bíodh i leith geallaidh do ghrás
breith a heallaigh a huathbhás.



Ag so an sgáth criadh ar gclaonadh,
ag so an balla ar mbacstaonadh,
cinnte dhó cruaidh 'n-a chomhair,
ag só uair an anaghail.



Ag so an dlaoi ar ndol ó théagar,
ag so an t-urchró ar n-éisréadadh,
ag so an t-udhnacht ga fhoghail,
ag so an umhlacht n-urchradhaigh.



Ag so fáinne i bhfeidhm na ndrol,
ag so dá slaidhe an saoghal
ag goid na ngabhal dá ngreim,
broid ar nach faghar faichill.



Ag so i bhfroighibh na fighe
an cruinne ar gcor ainsile;
is é a gcogar, a Dhé, ar ndol
is ní cogadh é ó n-antar.



Ag so an t-éag d'oidhche 's do ló
uirre ag seilg 's ní hé as iarghnó;
'n-a aighidh ní héidir cur,
dainimh as éigin d'iomchur.



d'álgas an anma chrithir
mó as ghrinnte gleic Lúisifir,
ucht le comhlaidh, cos is-toigh,
bos ó fhoghlaidh san ursoin.


L. 197


Iomdha air aslach meallta,
breath riaghtha, rún dícheannta,
cealg theagair fan dtruaill gcréadha
leabaidh an uain fhíréanda.



Tigthear dá thugha i n-aghaidh
ón chlí féin 's na foraraibh
más fhíor - is ní hé nach eadh -
sé dá díol mar do dhligheadh.



A rún fill is fáth beadhgtha,
a héagnaighe, a himdheargtha,
's an teagarsa ag tocht dá léim
olc do fheadarsa a n-ichtséin.



Lúthmhar gcéime a clann taile
na hocht gcoire collaidhe,
cuainmhéara garbha dá goin;
damhna truaighmhéala an toghail.



Gidh é an baisdeadh dar bhean cion
lá dearmaid na ndeich n-aithneadh
a fréamh faoi dá fhiachgoin sin
gach laoi d'fhiaclaibh is d'ingnibh.



Gidh é a bhfágbhann dá bhfidir
dá holcaibh gan fhaoisidin
a ngáire is amhghar le a ucht
ní hadhbhar gáire a ngluasacht.



Súr catha ar a gcúl a-muigh
ag fear mheallta mná Ádhaimh
orra ag teannadh toghla an chraoi,
foghla nach eangadh éanlaoi.



Seacht ngadhair do ghadhraibh puill
leis gach laoi im lug an anaim;
na seacht bpeacaidh is siad sin,
deacair mar iad ní héidir.



Créad é acht leathtrom ag lighe
ar chró an éanuain d'innile;
baoghlach sonna ar mbárda bog
san sdábla colla an cheathnad.


L. 198


An chaora, a chinn na soillse,
dá dtíosadh ó dtagraimse
an chlí do ba choime cor,
ní dhí as troime mar táthar.



An sbiorad uaibhse fhuair mé
caor mhaoth do mhianach nimhe
ón toil dhiadha a-mháin do mhuidh;
sáimh a riana gom rochtain.



Tuar nach comasg, a Choimdhe,
le chéile is ar gcolainne
do dhéanamh duine dhí sain
fuile 'n-a clí 's do cheardaibh.



Meise an duine, a Dhé athar,
orm 's ná caill mo cruthachadh;
tug dot aoidh gur uthar damh
mo chruthadh dhaoibh dom dhamnadh.



An leargso, a fhlaith na cruinne,
ler rann tú síol síorruidhe
gartghlanadh a tuair fad thail
glantaradh uaidh go bhfaghair.



An ithir go n-a harbhar
uaimse ar-aon fat ollamhnadh;
ós libh do síolchuireadh soin
críochnuigheadh sibh an síolsoin.



Ar aba an aba shuthain
mór caomhna an chuirp fhréamhdhuthain;
ós dá thaobhadh, a rí, ribh
baoghal 's an chlí ag gach choibhdhin.



Mór aichill an anma féin;
eagail ós é dob oilbhéim
a bhann claonta leis an gcoir
rann dá aonta ag a fhoghlaidh.



Éacht társam gach laoi is a luirg
caithtear ceann na gcon bhfriothluirg
nó an magh tadhaillse i dtá ar seadh
lá na habhairse a imneadh.



A Dhé.


L. 199


B 1600fl 17T
U Gofraidh mac Briain Mac an Bhaird
A CRY FOR HELP.



Ag so tráth na cabhra, a Chríosd,
a annsa a-tá mar do thásg,
a lionn nach aithbhe gan iasg,
am riasg raithne i ngioll do ghrásd.



Nocht dúinn do thrócaire i dtráth
ar óghMhuire mbúidh rod bhiath;
lám far n-eire ar ibhe a cíoch
bíodh nach dlighe teile, a thriath.



Ag so, a raithbhile as rí ar neamh,
i sgís god mhaithmhighe mogh
tred bhais a-né do nocht bior
a-niodh, a Dhé, ag tocht fad thol.



Teanga do ... gach lá
duine do-dheachaidh fa chró
gein choireach le gcéasdair tú
a-nú ar t'oineach déasgain dó.



Ag so an ghuidhe mhall rer méin
gan an tuigse ann 'n-a huain
mo ghaoi cró ar t'fheitheamh do b'áil,
a bhreitheamh cáigh i ló an luain.



Ag so an chomhairle go gclaon
fan dobhuingthe sos ná srian
rún nach soithillte go síor
ó chrúdh gníomh ndoichinnte ndian.



Ar do ghrásaibh geibh ar sdiuir
's ar do mháthair, a mheic naoimh,
roluaghail fan mbioth dar mbéin
rioth dá n-éir foluamhain faoin.


L. 200


A fhíormhac Dé athar án,
a ghabhal síotha an té as triur,
gidh bé ar ngar i nglinn na ndeor
seol ó thal inn ar an iul.



Ceann m'aradhna, a Íosa, ar t'iocht
díorghadh don anamsa it ucht,
bann clé ná cinneadh lem chorp,
ort, a Dhé, m'fhilleadh ó ulc.



A ghlóir do bhaoi is bhias 's a-tá,
fóir ar do ghnaoi as lia is as lia;
mór tuile teadhmann i dtú
dearbham tú id dhuine is id Dhia.



T'aire rum, a rí na mbreath,
dainimh sunn ar sísd don bhioth,
gar sníomh go raighrib dom rath,
am sgath chríon aimrid gan ioth.



Ní héidir liomsa achd bann báis,
all éigne 's iomdha rem ghnúis,
m'aonta dhall re dol 'n-a nguais;
is am cruais do chor im chúis.



Na cathaighthe a-nall 's a-nonn
dar n-athchuirne ó all go hall,
uain sgíosa ní lamhthair liom;
tarrthaigh sionn, a Íosa, i n-am.



Ní reichim do réir ar dtol
coim fheithimh i gcéin 's i ngar,
mé mar éan agus é i ndul
féagh ar a dhlugh, a Dhé, dhamh.



Ar seise saoghal na lúb
baoghal dar mbreithne tar séad,
an sean ní fhidir ná an t-óg
ceadh as fhód idir don éag.



Ag so.


L. 201


B 1600fl 17T
MY SOUL'S FOES.



Gofraidh mac Briain Mac an Bhaird cct.



Beir iul damhsa, a Dhé;
díochra an doille i dtám,
mé ar seachrán go síor
leathlámh, a Dhé, im dhál.



Leathlámh, a Dhé, im dhál
suil dheachar led dhoirr,
mo réim is rioth doill
fan bhioth do léim loinn.



Na cathaighthe im cheann
fan ceart silleadh súl,
freasdal a gcor gclaon
a ngomh deasgadh dhúnn.



Conair na gcúig sluagh
's sé dóigh róm, a rí,
nach ria ar ndol, a Dhé,
cor budh sia iná sí.



Móirsheisear d'aos uilc
m'eolaigh le headh gcian;
méala ag teacht dá dtaobh
seacht bpréamha na bpian.



Seacht gcrumha na gcréacht mbáis
biodhbhaidh cuinge Críosd,
seacht bpeacaidh púr piasd
dún nach deacair dhíosg.



Púr díoghla darbh ndaol
doirbh ó dtig gach teidhm,
púr seangán nach soirbh
diombágh dún an deilm.


L. 202


Cuaine na gcéad meang
- nocha muinntear ghar -
mé im aonar re a n-ur
baoghal, a Dhé, dhamh.



Rom chairtigh, rom chealg,
an chuideachta chlé;
a nglór rinn, a rí,
is mór do mhill mé.



Mé millte go mór
mairg ránaig im riocht;
dúil dar dhluigh ar searc
dúin ní fhuil a hiocht.



Mo chéadfadha ad-chiu
ar gcaill orm le headh
siad im cheann ag cur
- más leam iad ní headh.



Céimniochadh mo chos,
cinneadh lúith mo lámh
ag cailg m'anma ar aon;
mairg tharla mar tám.



Truime iná gach teidhm
- truagh, a Dhé, mo dhál -
toil na colna criadh
orra soin nach sámh.



An bioth cé 's an corp
is ar gcealgthóir síor,
bocht ar dteannta ón dtriur,
a mbeadhgtha ag tocht tríom.



Triar oile re a n-ucht
againn d'áireamh shaor
dom théarnamh ón dtriur
go néalbhragh na naomh.



An tAthair fhuil thuas
i n-a theaghdhais thriuir
d'fhéasgain damh fa dheoigh
go rabh éasgaidh n-iuil.


L. 203


Aithchim Íosa an mac
meanmarg dún más dluigh,
óigh rug é 's do oil,
sé slóigh tug dá thoigh.



Go dtí a-nuas do nimh
ó niort Sbioraid Naoimh
lucht infheithmhe m'eoil,
m'imeirche ar a n-aoidh.



Don Tríonóid go dtí
mo thabhairt a brad,
lucht fill nach lá im log
gá dtá sinn dar slad.



Mo bhreith a beol béisd
bíodh ar Dhia na ndúl,
's go mbé an uile ógh
ag guidhe Dé dhún.



Teallach tighe Dé
dom dhírgheadh ar séad,
's an tí gá dtá siad
go dtí trá 's a thréad.



Ná bé easbag ard
ná aingeal 'n-a fhail
m'uamhain díon go ndluigh
gan sníomh m'ualaigh air.



Gach fáidh is gach feadhbh
dan fios guidhe ó ghníomh
i ndocraibh ar ndúl
do rochtain an ríogh.



A-déar le Dia féin
focal nach fiu mé:
sdiúr leibh cor dom chlí,
beir iul damh, a Dhé.



Beir.


L. 204


B 1618ob 17T
U Fearghal Óg mac an Bhaird
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD, CCT.



Dursan mh'eachtra go hAlbuin
dá dtánag - tuar iomarduidh -
ó mhínÉirinn ghéigthe ghloin
séitche ríghFhéilim Reachtmhoir.



Do ghrádh an domhuin diombuain
tánag tar tuinn tráichtfhionnfhuair
go fionnAlbuin trá óm thoigh;
lá an iomarduidh budh huamhoin.



Eagail liom lá an tsléibhe
mar thánag - tuar aithmhéile -
Lem dhán luachmholta tar lear
ó chlár ghruadhchorcra Gaoidheal.



Baoghlach leam a agra orm
teacht go hAlbuin na n-órchorn;
i gcrích sgaithfhinn na ngort ngeal
ní chaithim corp an Choimdheadh.



Dar m'éigse do mealladh mé;
dámad liom Alba uile
uch, a Dhé, mo lorg tar lionn
is mé gan ord gan Aifrionn.



Rugas díogha deimhin liom
do thréigeas ord is Aifrionn
- ar n-éag gá dál as docra? -
do ghrádh na séad saogholta.



Dámadh liom uile a hór bog
dá bhfhaghuinn a bhfuil d'argod
i gcrích bhraonuair na mbeann bhfionn
do b'fhearr aonuair an t-Aifrionn.


L. 205


Ní chreideann Alba fa-ríor
go dtig tonn d'fhuil an Airdríogh
san abhluinn mar as dleacht dí
adhruim don reacht do-rinne.



An gcuala Alba an fheoir chuirr
ar imthigh air fan abhluinn
fear go nglór dhiabhluidhe dhoirbh
do shlógh iarnuidhe Ioffoirn.



An t-Íobhalúd ráidhim ribh
do-chuaidh lá do na laithibh
go teach Dé re dearbhadh uilc;
fa neamhghlan é ag a iodhbuirt.



Dá theampall mar tháinig sin
ar an altóir an uairsin
do-chí sé an abhluinn re ais;
adhruim don té dan teaghdhais.



Tre fhochuidbheadh don fhear ghráidh
do fhiafraigh - dia do dhiombáidh -
séad ar n-adhradh druim ar druim
créad do b'adhbhar don abhluinn.



"Anuas eidir fheoil is fhuil
tig go dearbh," ar an deachuin
"barr órbhuidhe taobh mar thuinn
laogh óghMhuire san abhluinn."



d'éiliughadh cainte an chléirigh
tug sáthadh dian díchéillidh
dá sgiain chaoil ghairbhghil ghreanta
san mbairghin gcaoimh gcoisreactha.



Bainne fola druim ar druim
tig an uairsin as an abhluinn
- mór bhfáidh ler fíoradh an céim -
dar bháidh an t-Íobhal ainnséin.



A mbíodh innte i n-aghaidh Dé
do bháidh fós - fíor an fínné;
deimhin liom gur mhuidh a-mach
an fhuil ós chionn na cathrach.


L. 206


Oiread na maraso a-muigh
do chuir san abhluinn uasuil;
séala an ghráidh an bhais do bhean
dámadh áil lais do léigfeadh.



Mór dtír nach í Alba a-mháin
nach creideann fós - fáth tochráidh -
don bhairghin go mbí 'n-a fuil
's í fa ainglibh 'n-a hiomdhuidh.



Tánag san tír nach adhair
don abhluinn ghil ghrásamhail;
mó do mheall an saoghal sinn
baoghal 'n-a cheann ní chuirim.



Fearr bheith thiar ó thigh go tigh
do sheirc naomhchuirp Dé dhúiligh
ná ríghe 's a beith a-bhus;
don bhreith fhíre do fhéachus.



Ó nach faicim é innte
an corp diadha doimhillte
fairche ghrianfhuinn na ngéag gcuir
iarruim gan mh'éag i nAlbain.



Do sheirc chuirp Íosa d'fhéaguin
slán ó Albain úirghéaguigh
fairche fhiar na n-úrchros ndonn
siar dom dhúthchos go ndeacham.



Guidhim Mac Dé más deoin lais
dom breith go hÉirinn n-iathghlais
agus saorMhuire a súil dil;
a naomhghuidhe dhúinn dlighthir.



Ar bhás pheacaigh san tír thoir
bíodh an Coimdhe dom chobhoir
's an ógh naomh buime na mbocht
craobh darab duille an diadhacht.



Go bhfaghom tar iomad mh'olc
coim im dheaghaidh tre dhúthrocht;
dul fa a géagaibh is dleacht damh,
teacht dá déagain ní dursan.


L. 207


Do chaoi Peadar puirt nimhe
fa pháis an Uain ainglidhe;
uchán, do ba géar a ghal,
a shruthán déar ní dursan.



Dursan.



HELP ME, O MARY.



Fearghal Óg Mac an Bhaird, cct.



Mé ar t'fhaosamh, a ógh,
m'anam gidh é an corp;
go mbead uam ar th'iocht;
ní beag mon-uar mh'olc.



Tar m'olc ná séan sinn,
soirbhigh an rí róinn;
a fhonnsa, a chré chúil,
go mbé ormsa th'óidh.



A ghlór milis mall,
a Mhuire a mhionn súl,
a anam a ógh,
go rabham id rún.



Íosa an t-éasga lán
lot i n-a ucht uainn;
ar aoi an luit déag dúinn,
a dhéad mar chuip gcuain.



A dhreach dhonn mar ghríos,
a ghlac ór ghein séan,
a bharr na gcleath gclaon,
an teach thall fad thréan.



A bhráighe mar bhláth,
a bhéal na mbreath bhfíor,
a dhearc mhallghlas mhór,
adhras reacht do ríogh.


L. 208


A ucht mar uan tonn,
a thaobh seada sáimh,
a throigh beangán mbúidh,
a gheallámh an ghráidh.



A leaca ar lí an aoil,
a earla mar ór,
a chaolmhala chlaon,
a aonragha ar n-ógh.



A ghruaidh mar an ngríos,
a ghéagbhonn mín mall,
a chúl failmfhiar fionn,
th'aimhriar dún is dall.



A chíoch bhláithgheal bheag,
a bhronnadh bhíos síor,
a ghlún málla maol,
dar bhrágha rún ríogh.



A lámh thréan, déag dóibh,
ná séan grád do ghaoil;
narba meise a-mháin
bhus treise dod thaoibh;
a Mhuire as díon dúin
bíodh an uile ar th'aoidh.



A shlat 'n-a mbí bádh,
dar mhac an tí as triur,
budh linn tréan dod thaobh;
ná séan sinn, a shiur;
beir, a Mhuire mhór,
dod threibh uile an t-iul.



Go dtoil do Chríosd cháidh,
an choir do chleacht mé
maith dhúin uile í,
a Mhuire, múin mé.



Mé.



A dhoirseoir Críosd cháidh,
cuirse do chead Dé
sinn san toigh i dtaoi,
mo choir do mhill mé.



Mé.


L. 209


B 1600fl 17T
U Laoiseach Mac an Bhaird
CHRIST'S FIVE WOUNDS.



Mo chaomhna ar chóig créachtaibh an tighearna
róid as ineamhla dá ndéantair dá dhaghadhbha;
ar dteacht an tsluaghaidh go teach na togharma
fa rodhamhna uamhain ar n-each gan aradhna.



Na cóig chridhe an t-amsa an aighneasa
gomadh slighe dod ghlainliossa dhamhsa a ndonnfhrasa,
an troightheach gonta dom dhíon tar a ndearnassa,
na gealbhasa 's an chíog chorcra dom chomhdhasa.



An créachtsa ar th'ucht do chleith mo cheanfhaghla
dom breith id dheaghadhbha re lucht do leanamhna;
baoghlach gan m'ionnramh ria dtocht na togharma,
comhardha biodhbhadh a-nocht mo neamhumhla.



Go smuainim an crádh fuair an finnleanabh
's an gruaidh slimleabhar dár ngrádh do gairbhrigheadh
's an corp uain re chrann do cuibhrigheadh;
mall do cuimhnigheadh a bhfuair d'aindligheadh;
go raibh mé a-nois tre chion dá cuimhneaghad
an bior druimreamhar i mbois Dé do daingnigheadh.



Go smuainim ó chroidhe ar naomhthail do nuamhartra
a uandalta Moire idir an laochraidh leomhanta;
go smuainim iar n-uair Muire ar tonnaibh an taobhochta
's ar gach aondocra dá bhfuair ó na bonnaibh beoghonta.



Téid tre ghrásaibh san úir tre ar n-uabhairne,
nuadhoilghe an lásain dúinn go madh dianaighne,
mar do-chuaidh ó chridhe go gcaoinimne
naoimheidhre nimhe san uaigh dar n-iarraidhne.



Tiocfaidh ar sluagh go faobhrach dar bhfeithimhne,
ar n-aonbhrath breithimhne san Luan ní bu leathaighne;
a-niugh 's an lásain ós é ar n-athairne
tar rachuimhne ó ghrásaibh Dé nár dheachaimne.


L. 210


Triall dar n-ionnramh i n-aimsir na fíorghoimhe
faillsigh do mhíorbhuile, a chiabh fhionnghlan órbhuidhe;
treoruigh do thréad an uairse go haonbhaile,
buailse fár gcaomhnaine, a ghéag as ghlórmhuire;
aslaigh dhamh an Coimdhe red chéalmhuine,
ná sgar le géarghuidhe bhar n-oidhre, a óghMhuire.



Nocha leigfe lais achd lucht a leanamhna,
re hucht a neamhfhaghla ní bu tais an tighearna,
an chroch san Luan lá na roidheaghla
budh tuar doimheanma trá dá thighealbha,
nochtfaidh Dia an crannsain do chách mar chomhardha;
i dtráth na togharma cia mun amsain budh hinfheadhma?



Mo.



B 1692fl 17D
U Diarmaid Mac an Bhaird
MY BODY MY SOUL'S FOE.




Fada a-tú i n-aghaidh mh'anma,
a-tú i n-aghaidh na humhla;
mo chorp is é ar n-éag m'anma
géag thárla é gan umhla.



Do thalmuigh an uagh orum,
truagh ar talmhain mo thadhall;
truagh is ar fhás tre ubhall
bás d'fhulang uadh dom anam.



Olc gach duine a-tá i dtalamh
ní fhuighe lá dá loghadh,
gearr ré an bheatha do bhunadh;
dubhadh ceatha, a Dhé, an domhan.



Rí an domhuin fa líg luighe
thríd do fholaigh a fhine
crann fa bhláth i mbroinn Muire
cách uile ar bhoing an bhile.


L. 211


Mac Dé go tráth an tionóil
ar chách is é ga fhuráil;
an té do-cháidh fan gcoróin
rodhóigh madh áil é d'fhagháil.



Saor do dhealbh na trí tighe,
an rí do dhealbh gach duine
go mbé - 's ní fhuil ar mh'aire -
go raibhe sé ar muin Mhuire.



Dia ar ndol sa chroich cheannruaidh
ar n-a chor fa chloich mballbháin,
ní chuir sé seadh i seanmóir
fear ler neamhdhóigh é d'fhaghbháil.



Ní leigfe an rí an rún rinne
is a rí ar gcúl a chloinne
an chroch dhearg is é uirre
ceard na cruinne cé im choinne.



I ló an bhráith tre olc Ádhaimh
ní dáich socht ar ar súilibh;
tug mé fa-ríor mo riaghail
i líon fiadhaigh Dé dhúiligh.



Dia Luain ní tráth dá thagha;
ní fhuair ó chách a chomha,
guais dar ghein é ó Eabha
a gceana i meidh Dhé ag dola.



Rí an bheatha i mbuain an ubaill
a bheatha ga buain oruinn,
mar bhíos cioth dá char tharuinn
magh tadhuill 'n-a rioth romhuinn.



Uan Muire gidh mac aosda,
mac Muire uan na huasga,
rí caomh isan gcrann céasda
ler chlaon éasga ann uasda.



Canaidh maor mic na n-uile
ós an leic re Laogh Muire;
sreabh do-chuaidh as do chridhe
fleadh Muire ar th-uaigh dá n-uighe.


L. 212


An chalann ór iarr oruinn
an t-anam riamh do roimhill;
do phort, a Dhé, is ní dhlighim
sirim ort é dom ainim.



Re ndul gus an mbreith bheire
dá mbreith go brugh na n-uile;
ní hé an corp acht an cridhe
red thocht shire, a Dhé, ar dhuine.



Tús do fhleidhe ag dol dúinne
ar son cneidhe na cíghe
gidh holc neach - gá ní as truaighe?
buaine, a rí, an chleath as críne.



Tocht i bport m'fhaghlaidh iarraim,
dom anmoin is olc fhéaghaim;
gur chaith mé mo mhí aoibhill
aoibhinn lem chlí, a Dhé, a ndéanaim.



Don anam olc an t-ionadh
an corp nach gabhann glanadh;
mo sheal, a Dhé, ar an domhan
robhadh é rer bhfear faladh.



Insa bhráth dhuit, a Dhúilimh,
- do thuit cách insa chánaidh -
rachaidh lá damhsa ar dhéaraibh
déanaimh mná d'asna Ádhaimh.



Ní thuar sibh na seacht dtighe
sibh ag teacht don tigh oile;
nach truagh fás deith, a dhuine,
nach fuighe grás meic Moire?



Ag sin adhbhar bhur n-uaille,
a fhir, ní hadhbhar gáire,
an déar budh dú Dé hAoine
ní crú taoibhe, a Dhé, dháile.



Ag dol do riar ríogh nimhe
cian ó n-a dhíol, a dhuine,
do bhean chuil lat ag loighe,
is guin croidhe ar mac Muire.



A dhuine, tre fheall Ádhuimh
dob fhearr guidhe ar na glúinibh
- a thruaigh, nírbh é uair an uamhuin -
i n-uair shluaghaidh Dé dhúiligh.


L. 213


Dia do bhreith creid ó chroidhe,
creid a bheith fan lia luighe,
is é a ghuin deit, a dhuine,
dá luighe fuil meic Muire.



Sruth tuile an saoghal seachaibh,
taobhadh le Muire is mithidh,
an bioth cé ann re hathaidh
tre athair Dé is crann crithir.


L. 276


B 1612obc 17T
U Eochaidh Ó hEoghusa
SPARE ME, O FATHER.



UA hEOGHUSA, .I. EOCHAIDH CCT.



Ar th'fhaosamh dhamh, a Dhé athar,
adaimh m'fhialus mar fhear ngaoil;
a-tá sonn ag súr do ghrásda
glún nar chrom go drásda dhaoibh.



Ag so an biodhbha do bhraith sibse,
ag so aithghin fhir do luit,
ag so ua na n-aithreach bhfallsa
go dtaithleach nua an dannsa dhuit.



Mithidh dhamhsa dol ar th'ionchuibh,
ionmhall an tráth tuigthear linn,
mé am choireach gan imshníomh m'adhbhar,
soidheach ilghníomh n-amhghlan inn.



Nír thuairgeas m'ucht d'iarraidh maithmhe
nír mhúineas damh - dia do chruaidh! -
feacadh mo ghlúin, a Dhé, dhuitse;
mo shúil is lé a huisce uaim.



Do ghoin gach laoi a los mo chionta,
do chur i gcrois do chleacht mé;
dod reic mar bhiodhbhuidh do bhímis,
a mheic ionmhuin dhílis Dé.



Tógbhaim an láimhse a los croidhe,
ciontuighim sinn, ag so an bocht
bhíos do thol fhaghladh ar n-aslaigh
ag adhnadh gon n-arsaidh ort;



Freagair m'éighmhe ar aba ar gcoire,
cluin, a mheic, ar mairgnigh dtinn,
éisdthear led ghrás ar nglaodh dtruaighne,
saor ar chás na huaimhne inn.


L. 277


Ar do mhaithmhighe, a mheic ghrádhaigh,
ar ghaol n-óighe, gidh olc mé,
ná hagair ar bhfoilgheas fallsa;
adaimh coibhneas damhsa, a Dhé.



Ar mo chruthad i gcló th'éaguisg
oirchios díom, a dhalta an tSaoir,
ar do theacht ar cleith sa gcruinne,
ar bheith fa neart duine dhaoibh.



Ar do chumhdach i gcrú an asail,
ar gach n-aithis fhuair do chorp,
ar do bhreith ar th'ionnramh d'inneilt,
ar mbreith mbiodhbhadh d'imeirt ort.



Ar an mbruinne do bhí tárnocht,
ar an dtaobh do tolladh linn,
ar do char i gcrois mar choireach
gabh a-nois ar th'oineach inn.



Ar na naomha do-ní t'atach
ar na haingle, a athair búidh,
ar chaoi dtoirrsigh na dtrí ríoghbhan,
a Choimsigh, bí ag díolghadh dhúinn.



Ar do bheagdhacht i mbás croiche
ar do chumhacht caomhuin mé
ar bheith dheit agus tú ar dteasbháil
a-nú a mheic ar deasláimh Dhé.



A mhic na hEabhraighe, a Íosa,
a athair ler haingeadh sinn,
ná leig m'anmuin ar iocht m'fhillse,
calmuigh a niort irse inn.



Go dtuilltear uait ar aoi dtaithligh
tornamh oram, a Uan Dé;
go roibh bhur n-aoidh ar a n-iarrabh
do thaoibh toil go n-iarrar é.



Narbham colum go gcailg onchon,
narbham uan go n-acais fhaoil;
i gcló bhur dtoile, a Dhé, dhamhsa
go mbé an croidhe dallsa dhaoibh.


L. 278


Mo neart féin ná fuluing ormsa;
eadrom is tú suil thí sinn
ná leig mé ar na raonuibh romham,
caomhuin, a Dhé, oram inn.



Go gcríochnaighear gan chéim n-iomruill
oilithre ghearr glinn na ndeor:
rem char, a Dhé, nárom dhalltar
ro b'é gar i n-alltar m'eol.



Nár ghrádhuigheam ar glóir dtadhuill
an tír nduimse as dúthain barr;
nár thabhram ghlóir shíor ar shealadh
do ghníomh róinn go dtreabhar thall.



Mairg reacas an ríghe shuthain
ar sheilbh ndiombuain nach díol gráidh,
meadhair is a cailg re a coisse
mairg re ndealaigh loise láin.



Ní fáth bréagtha an breachtradh cheilge
do-chí súil ag silleadh dh'aoibh;
córa sgeinm, a dhomhnáin duthain,
d'orghráin red dheilbh gcruthaigh gcaoimh.



Gearr siansa bhur samhraidh dhíomhaoin,
duthain áilne t'eatal nglan,
ní buan bláth líoghlan do lubhghort,
fíorghar tráth bhur ndubhlocht damh.



Áineas meallta moighe thadhuill
tús a ghlóire is gar do mhaoith;
créad acht gáire gréine ceatha
áille sgéimhe an bheatha bhaoith.



Nár thréige meise ar muirn dtadhuill
teach na n-aingiol aitreabh bhuan,
a rí an ríchigh, cuir im chroidhe
do mhuin díchil toile a thuar.



Ar.


L. 279


B 1612obc 17T
ANSWER NOT INSULT.



Eochaidh Ó hEoghusa cct.



Mairg iarras iomlaoid cháinte;
connradh as cúis mhíofháilte
dá gcáinear an té rem thaoibh
's mé do cháineadh 'n-a chomaoin.



Áitheas nach adhbhar beadhgtha
créacht i gcomaoin fhoirdheargtha;
díogha gaisgidh goin ar ghoin,
oil i n-aisgidh ní fhaghthoir.



Nír dhearg gruaidh nar gríosadh féin;
ní thug aisg nach uair toibhéim,
mairg len hionmhain adhaint cháigh
ar mhalairt n-ionnlaigh d'fhagháil.



Gá dtú acht ní thiobhra mise
cáineadh do chionn aithise;
mo chailg budh créacht gan chumhail
mairg dan héacht ar n-ionnamhail.



Ní díol liom a los m'fhola
inghreim fhir mo chognomha;
budh gríosadh gan fháth ar n-oil
ní ghríosabh cach 'n-a chionoidh.



Do ghéabhainn dá ngabhdaois uaim
bheith gan bhuaidh bheith gan diombuaidh;
re a dteangthaibh a-tú meata;
gearrthair cú na coingleaca.



Ad-lochar don fhlaith rom chum
a ndearnadh d'éigceart orum;
fuaras guin nach gríosfa ar neimh,
ní íobhsa fhuil 'n-a aighidh.


L. 280


Do fheador ní horm as sal
mo thubha le tár mbriathar;
is áilne iná adhnadh cáigh
náire gan adhbhar d'fhagháil.



Ní beag díogholtas Dé mhóir
i ndiaidh an ionnlaigh éagcóir;
misde an té le dtabhair guth
gan é 'n-a aghaidh d'ionnluch.



"Nír dhearg arm nach d'arm teasgar"
glór Íosa re a airdeasbal;
ní ar th'omhan, a fhir mo luit,
nach gonabh ibh 'n-a éaruic.



Do fhéachfuightheá ar th'ainimh féin
dá leanta lorg an tsoisgéil,
a chómharsa, ó do-chí sibh
a mbí oramsa d'ainimh.



Ní cosmhuil go gcuala sibh
mar rug breith 'n-a bhreith shuaithnidh
an Rí ceart coimsidh nimhe
'san fhoirmsin eacht d'áiridhe.



Lá n-aon i n-Iarúsa-léim
teagar chuige - cúis shoiléir -
bainghiall ar ar baisdeadh cair
nar caisgeadh d'ainmhian éadraidh.



"An bhean ad-chí" ar cách uile
"a los a locht gcolnuidhe
a-dlé ó cheart a clochadh,
'san reacht ós é as ordochadh."



"Gidh bé," ar Dia, "nach dearna cair
buaileadh chloich ar an gcionntaigh;
i measg cháigh más amhghlan í
cáir a damnadh mar deirthí."



Cuimhnighid coire gach fhir
a los fhuighill Dé dhúiligh;
nír léir dhóibh - dia do thuigse -
cia dar chóir a clochaidhse.


L. 281


Mar do shaor cuimhne a gcean féin
an mnaoi ndrúith ón druing aigmhéil,
air féin dá bhféaghadh gach fear
do-ghéanadh chéill rem cháineadh.



Maithim don mhéid dá ndlioghar
bheith choidhche dom choirioghadh;
mar tá mé ná léigeadh leinn
an té nach éidear d'inghreim.



Gach ciontach as cosmhail rinn
chaitheas a chloich fam thuairim
bíodh 'n-a leith ós é a n-obar
tar breith nDé mo dhiobhrogadh.



Aitchim a síodh, sléachtaim dháibh,
éirghidh díom, diultaim teagmháil,
lucht cháigh i gcogar do chailg
ní náir obadh a n-iomairg.



Mairg.


L. 307


B 1600fl 17T
U Tuileagna Ruadh Ó Maolchonaire
SOUL RIDING BODY.



Tuileagna Ruadh Ó Maolchonaire cct.



Cuir srian rem chorp, a Choimdhe,
ós é as each dar n-anaimne;
m'each iomchuir ag triall le tal
do b'ioncuir srian dá seoladh.



Ní sbor iarraim don eachsain
do-chím nach é a huireasbhaidh;
triall do b'áil ar a haghaidh
srian as cáir dá connamhain.


L. 308


Ní hé gach aonshrian fhoghnas
don each shanntach shiubhalbhras;
cóir gaillshrian do dhéinimh dhi
ler éirigh d'ainmhian innte.



Cuir aradhna don umhla
i srian an eich allmhurdha
- macnas 'n-a clí do chalcaigh -
bhacfas í dá hiomarcaidh.



Cuir don déirc do dhíon m'anma
ris an each mborb mbarbardha
go dtoirmisge a meanmain mhóir
ceannraigh ndoibhriste ndeargóir.



Cuir san srian, a mheic Mhuire,
béalbhach trom don trócuire
sdiuras is-teach tar a tail
an t-each le ciunas chrábhaidh.



Smeigiall d'aithrighe ghéir ghloin
cuir ceangailte don tsriansoin;
an iall gan chlaoine gan char
iadh gach taoibhe 'n-a tiomchal.



Má tá a Chríosd gur chuiris srian
rem each ar eagla a hainmhian
cia an neach dar dholta ar a druim
dá shocra each gan ughuim?



Díolait shocair do ghrádh ghlan
cuir a Dhé ar each na hanman;
do b'ionchuir dhuid ar a druim
cuid a hiomchuir don ughuim.



Cuir uirthe a rí bhus rí ar neamh
tiarach do dhóchas daingean,
ós tú an rí as cumhaing dá clódh;
ná tí dhí an ughuim d'iompódh.


L. 309


Uchtach dot fhírinne féin
cuir uirthe, a uain an fhíréin,
ó tá do bhreith go bráth ort
bheith do ghnáth ag a giollacht.



Geis dí míréir a marcaigh;
teann fúithe, a Chríosd chomhachtaigh
- tuar gábhaidh a geasa sin -
creasa crábhaidh is creidimh.



Guais leamsa nach iontaoibh m'each,
gnáth an groigh oitir uaibhreach;
gníomh baoghail, a Dhé, a daibheart;
caomhain mé ar a marcaigheacht.



Bheith ar lár dí fa dheireadh
ós é a críoch go gcaithfeidhear
mairg ar a luigh an chlí chuil,
ní bhí achd ar muin a marcuigh.



Mian dí dul ar a haghaidh,
teann ise ar a haradhain;
mairg sliommarcach fhuair mar each
an truaill iomarcach uaibhreach.



Iarraim ort más í do thal
go dtí dhíot, a Dhé athar,
bheith id liaigh ar mo lotaibh
i ndiaidh an eich anshocair.



Cuir.



B 1602fl 17T
U Aodh mac Con Connacht Ó Ruanadha
MARY'S HOUSEHOLD.



Aodh mac Con Connacht Ó Ruanadha cct.



Dlighthear muinntear ag máthair Dé
bu muinntear mhór;
dul dá deaghbhrugh don duainse as díol
uaisle iná ór.



Do bhean sí don chreideamh ceo
creidtear dá crú;
lia sa chách muinntear na mná
cluintear a clú.


L. 310


Ríoghan taoibhgheal fholtghlan mar ór
as cochlach caomh
ní fhéad éinbhean a clú do chlódh
brú shéimhgheal shaor.



Fear ar-aon is eidhir dar siair
dar ceileadh cóir;
ní fhoghnann dí acht fear cuiridh cháigh
bean muirir mhóir.



Ní fuláir dhúinn a leathtrom linn
an dearcmhall dhonn;
cruithneacht í gan chogal 'n-a ceann
tobar trí dtonn.



Turchuirthe grás mar thuile i dtír
Muire is dar mnáibh;
ní bheanfa sé m'urdail don óigh
bé chumhdaigh cháigh.



Bile díona dot shealbha an ógh
go ndearna ar ndíon
do gabhadh rer siair dalta dhúnn
ler ghlanta ar ngníomh.



Ar mbreith dá múr meanma na mná
ní dearmad dó,
is bean nar chrom ar dhuine acht Dia
muine crom cnó.



Béal tana dearg nach milse mil
cá deise dhamh?
mac tre shanais Gaibhriail do ghabh
bainliaigh na mban.



Le fior mheallta gach duine dhíonn
dá gcluine an chóir,
is beag an chaibhdhe sinn dar siair
linn mhaighre mhóir.



A athair má leig tonn as-teach
mo long ar loch
go ndearbhair a buaidh aga brath
dearbhaidh cruaidh cloch.



Is í bhar mbuime máthair Críost
do ghnáthaigh grásd;
samhuil niamh a hochta re héasg
grian chorcra Chásg.



Mar sin fhuair sí ón Athair é
glantair a gnaoi;
baramhail do mhac ochta é
at corcra i gcnaoi.



An uair rachas na sluaigh as-teagh
uaimse ná han;
fagh, a cholann chneasbhán, ót fhior
a dheaslámh dhamh.



Do dhearbhasdair dhí deightheisd cách
leigeas a luach;
do chuir do bhuime a clú ós chách
's tú buinne ós bhruach.


L. 311


Do ghabh sé re Muire mar mhnaoi
's gan luighe lé;
a diamhair rúin ní dheachaidh dhí
eachair dhúin Dé.



Inghean Anna ríghbhean don fhréimh
ler dírgheadh dhúin
a-tá ar neamh bean réidhighe róinn
dréimire an dúin.



Is fada liom an óghsa uam
rer hóbradh m'iul;
do haithlíonadh ré ar neamh na néall
bean an té as triur.



A-tá as-tigh ar dtoghadh ar n-uird
cara dar gceird,
ríoghan an dúin deaghbhladhaigh aird
deallradhaigh dheirg.



Mac agus athair dhí an fear fuair
slat muine mhóir;
do-rinnsead iul tre dhoininn dúinn
triur d'fhoirinn óir.



A ndearna sé ní seachmhaidh dhúin
creach do budh cóir,
dob athair do Mhuire an mac fuair
slat muine mhóir.



Géag chumhra na dtrí dtoradh súd
moltar a méad
trí slata óir a haonbhun iad
as ghaolmhar géag.



Do chuir an óghsa do fhóir sinn
an chóir fa chuing;
bile nach leigfe a bharr do bhoing
an crann ós choill.



Toirrcheas tharla dar siair mar sin
ar dtriall ó thoil;
fagháil a mic i gcéill nír chuir
mar ghréin tre ghloin.



Fiu an óghsa darabh éideadh gnaoi
go léigfeadh lé,
mo bhreith as-teag ní dána dhí
bean dála Dé.



Ainm don Mhuireise as mhó do mhnáibh
ógh ós gach óigh;
míonghruaidh gheal gun ghéiggil mar ghréin
slat éigin óir.



Troightheach maothbhán is mala sheang
is cara do chom;
buime na mbocht rer suirgheach sinn
folt druimneach donn.



Bean nach éisdfe re guidhe a gaoil
is tuile gan tráigh,
slat taoibhgheal dar taighdeadh an chóir
maighdean dar mnáibh.



Do mhaith eisean a hoineach dhamh
an troigheach toll,
sí bheireas ó gach oilbhéim inn
bas choimhréidh chorr.


L. 312


Sibh an ógh ler déirgheadh an dún
séimhgheal a snuadh
ríoghan dar mnáibh an mhaothghlac shámh
saorshlat gan smual.



Ní leigfe an óghsa meise a-muigh
's a treise as-tigh,
a Dhé, gan mé dá súr ó thoil
dún Dé do dhligh.



Dlighthear.


L. 313


B 1631 17T
U Anaithnid
GOD'S WRATH THREATENS.



Braon re ndubhadh diomdha Dé
dá gcuirthear dá dhiomdha dlaoi;
mairg dan tóir diomdha Dé
's nach diongna sé acht cóir fan gcnaoi.



Clann Éabha ní dóigh dá díol
a gcóir dá léigid go Luan,
guais dóibh sa turadh gan triall,
nóin riamh gan dubhadh ní dual.



Mé i n-éigean ó anfadh cuain
mh'arthrach nach éidear i dtír
- baoghlach buinne gan fhear iuil -
buille ar a sdiuir a chneadh cígh.



Ar síodh a bhiodhbhadh dá mbeam
ní rí as ciontach acht a chlann;
mór an ní nar fhóir ionn
rí dar gcionn do-chóidh i gcrann.



A chomhall ní budh eol uain
gémadh cóir comhall do rígh;
síodh ar a n-antoir madh áil
do sgríobh dháibh i gcartaigh cígh.



Fiu an óigh gar hoileadh an rí
ar a hoineach nach dóigh dlaoi;
mar budh fear do luigheadh lé
do gheabh sé ar a mhuirear mnaoi.


L. 314


Ól a cígh dá n-agradh ógh
nír dhacar an rí do riar;
dá dtí fala a dhíoghla dhún
an rabha ar ghlún ríoghna riamh?



Dual neart ag ríoghain ar rígh,
a dhíoghail ó cheart do-chuaidh;
leigeadh sé m'oiread don óigh
an chóir fa bhfoileadh sé sluaigh.



A-tám dom fhuláir, a ógh,
mar as ghnáth gabháil na ngiall,
dlighthior géill i ngeimhil ríogh;
bíom féin gut eidhir re n-iar.



Lór do chabhair m'ainbhios air
dá ngabha aighnios 'n-a fhuil
sinn ar do mhac saor mar sin;
do dhligh saor a ghlac do ghuin.



Fuarais do nimh nuachar ríogh
ar bhfuasgladh go dtig dá thaobh;
go breith Chásg ar th'oidhre, a ógh,
do-roighne róm grásd dá ghaol.



Dar gcabhair táinig ó thoil,
cabhair dá bhráthair do-bheir;
fuair rí a dheirbhfine ar an digh,
mil na seirbhdhighe is sí sin.



Feis óighe dar bhfine féin
do thógaibh dá cineadh ciaigh;
fear ór gheabh fhuighle 'n-a hóigh
cóir an fear suirghe dar siair.



Dá mbeith cabhair dhamhsa i ndán
fada ó do snadhmadh ar síodh;
gur chuir an ceart sa cheann chaol
do chlaon leam tar a reacht ríogh.



Guais baoghal an laoise an Luain
tar éis ar saothair dar siair;
ní shaoil mé is m'fheitheamh don óigh
breitheamh ar cóir nDé im dhiaidh.


L. 315


Tonn anfaidh chuain i nbhur gceann
nach gabhthair a huain 'n-a ham;
guais daoibh is mar tharla an tonn
long bhar gcabhra don taoibh thall.



Gnáth na leanaibh dá lot féin;
ní cneasda gomadh col sídh
- meinic do ghon leanb a láimh -
dámadh áil t'fhearg do dhol díbh.



Ní tú, a Dhé, do dhiultfadh dhún
gidh hé mo dhiultadh budh dual;
tí ó mbí mo chobhair sa chlár
badh nár 'n-a tí fholaimh uam.



Id ghaoltaibh ná faghthar faill,
le crannchar do saoradh sinn,
cóir dhuid ar gcaomhna mar chloinn;
do chuid chroinn ón aongha inn.



Fleadh ríogh ní dacair do dhíol,
gion go bhfaghair a híoc uan;
do fhleadh is gan inn dá hól
ceadh fa budh mór linn a luagh?



Ní cóir mhall d'agra do b'áil
nachar hagradh 'n-a ham féin
fada a-moigh ar chách do chóir;
ní gnáth um nóin goil sa ghréin.



Ar mbeith réidh ní hoghar uan
ní hé gur dhocar do dhíol;
fear do loit as-tigh red thaobh,
mar sin nach gaol doit mo dhíon?



Mé a-nois gud nuaghoin a-nonn
i gcrois do-chuabhair dar gcionn;
red ghoin nach gabhthair ar ngeall
do mheall soin fat athghoin ionn.



Acht go bhfaghar fear dá hól
do fhleadh níor dhacar do dhíol;
sinn d'ól do fhleidhe gan lógh
nír mhór an lógh cneidhe id chíogh.


L. 316


Fágbhuidh slighe reampa réidh
gion go ngeabhar t'fhine uaibh
tús na conaire i gcrú an taoibh
gur sgaoil tú an fhoraire uain.



Móide ar sgaithne ór bhfoltaibh féin
gach cairde dá n-oghthair uaibh;
ní hí an chreach a-tá gan tóir
dá ndeach do chóir go lá an Luain.



Tonn t'fhaladh ag béin a bruach
ní gan chéill do adhuin t'fhíoch;
dá n-agra do chóir ar chách
ní hagra i dtráth chóir don chíoch.



T'ochtghoin mar do fhoillsigh t'fháidh
do b'fhollus a toirrse thríbh;
téid do nimh t'othair san óigh
gur mhothaigh róibh cneidh an chígh.



Fiu mo bhuime mo bhreath shaor
do cheart go gcuirfeadh ar gcúl;
díon d'fhoghlaidh ar ríoghuin riamh
congbhaidh srian red dhíoghuil dún.



Ar eol budh diommolta dhún
nírbh iondolta don ród ríogh
raon na sleighe as-teach san taobh
gach raon eile dá ndeach dhíom.



Téid fan chíogh cabhair a ghaoil
ar ndíon i n-asgaidh ní fhuair;
ar bhfear fine rinn nach réidh
's inn féin go cridhe do-chuaidh.



Iongnadh 's gan ar dteacht don toigh
a fhleadh dá bhiodhbhaidh do-bheir;
dá-ríribh do dháil a dhigh
sínidh sin dá láimh re a fhleidh.



Dual sgaoileadh a ghlas do ghiall
gan ar sgaoileadh lat ní lór;
ó a-tá geimhle ar bhfaghlaidh fún
labhraidh dhún ret eidhre, a ógh.


L. 317


Síodh cáigh le gcomhalta féin
a chomhartha ó láimh do láimh;
ní hiad do sgéala, a chneadh chígh,
séana ar sídh más eadh dob áil.



Do íoc cíogh th'oidhir, a ógh,
- an t-oineach gan díoth ní dual -
mór an barr daonnachta ar ndíon
's crann i gcíogh th'aondalta uan.



Tig fear le Muire mar mhnaoi,
a fear is a hoidhir é;
ní trian toighe do thoill sí,
do-ní cloinn 's gan loighe lé.



A shlighe is go ndiongnadh déar
dá fhine ní hiomdha saor
díon ar gcean uan dámadh eol;
ní buan an reodh re mbean braon.



Braon.



B 1600fl 17T
MARY'S PREROGATIVE.



Flann Mac Conmidhe cct.



Bréagthar bean le séad suirghe,
cá bean nach bréagfadh coibhghe?
ní séad nach cóir do chuimhne
séad suirghe gun óigh oirne.



Géabhaidh Muire an séad suaithnidh
- ré nimhe d'éad ní fhéachthair;
más beag mór ar mbéim báithfidh
ógh dá bráithribh féin féachfaidh.



Rug cách an t-iul gérbh iongnadh
ar siur an tráth do toirrgheadh;
roinn na ngrás rú do-righneadh
inbhear clú ar nar fhás oighreadh.


L. 318


Seal dóibh i n-aitreibh ísil
an ógh 's an aisgidh nuasain,
clann dúinn do gheabh ó ghrásaibh;
fásaidh sreabh a húir uasail.



Bean chabhra ar gcean is gaolmhar
dom breith san ghlanbhrugh ghlórmhar,
is beag do riar na ríoghbhan;
bríoghmhar riamh gach leag lóghmhar.



Sanais d'óigh an tráth tugadh
a smál do-chóidh don chreideamh,
cneadh san chígh dheis gan drodadh
tobar sídh leis gur leigeadh.



Rí na n-uile do iomchair
- buime mar í ní fhoghthair;
sé ar ndol 'n-a dáil ó dheaghthoil
geabhthoir cor go tráigh dtorchair.



Mór nglún suaithnidh 'n-a seanchas
- cá húir dob uaisle foilcheas?
cóir an Luain im cheann cheilfeas
geilchneas seang nar thruaill toirrcheas.



Mala chaol abhra uaine
tarla re taobh a chéile;
ní dhearna uall a háille
bráighe ar snuadh ghealgha ghréine.



Ruisg ghorma go ndreich dheirggil
bheith dar gcomhdha is dá ceardaibh;
rug dar mbáidh mac 'n-a maighdin
slat shaighdidh cháigh tre chealgaibh.



Tú an leanbh dar ndíon do dealbhadh;
dá dtí bhar bhfearg ná fuilngeadh,
cosg cháich ar fhíoch fa adhnadh,
an chíoch bharrghlan bhláith bhruinngheal.


L. 319


Rí ó aingeal dá ainglibh
do ghabhais id chlí choimghil
- dual mil do chor fa chuirmdhigh;
sibh d'fhuighlibh ó thol toirrghidh.



Fuil na mbos budh hí m'aighne
do shín i gcrois dar gcinne;
trom a bhreath madh áil oirne
cáir th'oidhre as-teach ní thibhre.



Bréagthar.



B 1614ls 17T
CHRIST'S DEATH.



Buaine ná beatha bás Dé,
a ghrás ag leatha gach laoi;
guin a chíghe gér cás é
sé líne ar a bhás do bhaoi.



Is é a bhás as bheatha dhúinn
mar lán ag leatha fa thír,
téid a thréad i n-aoinfheachd uaidh;
dá éag fhuair ar ndraoidheachd dínn.



Ní bás 'n-a fholtaibh féin fuair,
an ochtghuin ní hé do thúir,
do ghuin an croidhe coir cáigh,
do bháidh soin an oile i n-úir.



Téid d'éag is do éirigh slán
ón éigsin gan chréachd ar gcúl;
gar beatha do bhás an Ríogh
dá shíol mar fhás eatha a húr.



Dia Domhnaigh ag dul 'n-ar gceann
gé thorchuir i gcroich dar gcionn,
dar leat nír leon bais ná bonn,
gur sheol a-nonn ar ais ionn.



Tug eitil i gcoinne cháigh
gan leigheas troighigh ná taoibh;
nír leath tásg th'eidhir ón uaigh
go bhfuair deimhin grásd a ghaoil.


L. 320


Cath ar tóir mbiodhbhadh gur bhris
iongnadh mór nachar mhór lais
bior 'n-a throighibh bior 'n-a bhois
cion re cois th'oidhir ar ais.



Dá mbeadh gan ghoin troighigh thrínn
gan chroidhe do lot gan láimh,
ar chaoi an ógh 's a hoidhre i n-uaigh
nach lór uainn do choimhdhe cáigh?



Íoc a chneadh más é do b'ál
ní dhíol mé ar a meas go saor;
cá híoc budh breath i mbás ríogh
dá mbeath gur dhíol grás a ghaol.



Cá héiric ann nach íoc uainn
dámadh éidir íoc i rígh?
ar mbuain a hoidhir don óigh
doighir bhróin do-chuaidh 'n-a cígh.



Bheith don óigh ag lorg do lot
nó bheith re cóir san gcrann mbrioc
mar budh eadh gomadh ál lat
a fear 's a mac do rádh riot.



Baoghal duit dá n-agra an óigh
gin go dtig tagra re rígh
sliochd déar na hóighe ar an uaigh
do bhuain fhréamh do chóire ó a chígh.



Ar saoradh dod ghoinse ó ghuais
baoghal nach fuighe achd 'n-a fís;
mo chroidhe ní fhuighbhe d'áis
dá bhfuilnge an pháis roimhe a-rís.



Saobh fleadh nach féadthar do dhíol
's nach géabhthar an fhleadh gan lógh;
ní haisgidh len ngeabh do ghníomh
do fhleadh ríogh i n-aisgidh d'ól.



Ar gcur mh'anma ar mh'ionchuibh féin
- iongnadh nach amhlaidh budh cóir -
do shaoil th'eidhir uaim ar sídh;
bídh uair nach deimhin an dóigh.


L. 321


Iomdha a dtáille ag teacht im luing
- ceart biodhbhaidh do rádha rinn -
cion do sháruigh cionta an chroinn;
iompa do choill Ádhuimh inn.



Nír í a mheanma dearadh dhúnn;
dá ngealla nach geabha ar lámh?
ó ar mbráthair ní bhia gan lógh
ógh is máthair ria dá rádh.



Muna fhuil ceart ag óigh air
a neart tar an gcóir do chuir;
más lé trian toighe ar a toil
ní bhiam i dtoigh Mhoire a-muigh.



An anóir do-gheibhe dá gaol
anóir nach leigthe fa lár;
ó tá gur dhíol uirre an ógh
is mór buime ríogh re rádh.



Maith chreidim a teachd dá thaoibh
a ceart gin go ndlighim dóigh
ní leigfe a ghrás a ghaol uaidh
an chaor bhuaidh do fhás ón óigh.



Gan déanamh grás ní gheibh sí
asaidh sin 's a héanmhac é;
munab ógh mar gach óigh í
an chóir, a rí, ní lór lé.



Ar shaor sin don uile as fhiu
gaol do bhuime do bheith rú;
ceart ar óigh dá n-agra Dia
cia dar cóir ar dtagra achd tú?



Tu do dhorchuigh roth na rann,
tú thorchuir i gcroich dar gcionn,
tú thug a dhearca don Doll,
's rug a-nonn ar eachtra ionn.



Tú dar n-éisne id bheathaidh bhias,
tú mhaireas is mhéaras fós;
gidh nuaidhe a-nú neart do ghrás
tú do fhás re dteachd ar dtós.


L. 322


Tú réadla oireaghdha an eoil
tú ar n-éasga soineanta sídh;
tú as ciall i n-ar chan an fáidh;
ní náir damh do riar mar rígh.



Tú an bás is an bheatha nua
is tú theasda 's a-tá beo,
tú fa rí suil rugadh dhí
tú tugadh i gclí gan cheo.



Táinig díot - gá gloine gréas! -
a fhíon táille an toighe tuas
buaine ná beatha do bhás
fás go nuaidhe seacha suas.



Ní beatha gan bhrón 'n-a diaidh
glóir a teasbhaigh don té fhuair;
ní aithneamh nach eachair bhróin
glóir aithghearr ar bheathaidh bhuain.



Buaine.



B 1631ls 17T
GLORIES OF MARY.



Clú nach caithtear clú Muire,
clú ris nach cneasda righe,
clú as mhó iná clú na cruinne,
clú Muire as só 's as sine.



Inghean Anna an ógh fhaoilidh
do ceapadh i gcló crábhaidh;
a clú do chora is dá riaghail
cú fiadhaigh fhola hÁdhaimh.



Fuaras teisd 'n-a teisd fholaigh
an teisd gach tír nar shiobhail,
géis gheal nach dóigh deighfhir,
bean leinibh 'n-a hóigh iodhain.


L. 323


Bean darbh fhear dála an Dúileamh,
bean ar mbáirce do sheoladh,
nír chuir sí ar síodh a shíneadh,
ríbhean í re díol ndeoradh.



Bean na gciabh bhfada bhfionnchas
triath na dtriath aice i bhfoilcheas;
coir ar sean is í cheilfeas
seingchneas geal na dtrí dtoirrcheas.



Muire an deor fhíorghlan aille
rer sgaoileadh ceo don chruinne
fóirfidh soin cás a cloinne;
moille grás ní fhoil uirre.



Luibh dhíona na sé seanshluagh
d'aoinfhréimh ónna ní horlámh;
do gheabh re díon a deibhléan
bean sheingmhéar is cíogh gcorrbhán.



Bean na rosg mallghlas málla,
maighdean nach mol ar n-éara,
ar gcnú croidhe, ar gcor síodha,
tor díona fhoile hÉabha.



Bean le rugadh rí nimhe,
bhíos go hullamh far n-eire,
bean do fhóir ar an uile,



Muire ní meadh d'óigh eile.



Bean leasa dhúin do dhéanaimh,
cara cúirte gach aoinfhir,
cuirthear lé a fhíoch fa fhiadhail
iadhaigh síoth Dé le daoinibh.



Bean chiuin re déanamh deaghrúin,
súd nar éasgaidh 'n-a hiomráidh,
corp saor gun óigh ar ainmhéin,
craobh ghlainréidh 'n-a hóigh iomláin.



Ogh mhín d'uaislibh na healbha
is í as uaisle is as ullmha;
síon na ngrás dá taobh tarla,
craobh abhla ór fhás an umhla.


L. 324


Muire réalta eoil Ádhaimh
a tréad 'n-a deoigh do dhírigh;
rug dá thrí as-teagh do shluaghaibh
bean ualaigh í dár-íribh.



Gnúis ghlan ar léir na lile
nar ghlac béas na mban oile;
bean mar tá riamh ní raibhe
gan aire ar mhian mná oile.



Buime chíogh ríogh an ríchigh
díon a gaoil uirre d'fhiachaibh;
'n-a bruinne do bhí ar mbráthair,
máthair do na trí triathaibh.



Muire ógh éan an turaidh
do-chóidh i gcléith a cinidh;
an ré um nóin a séad samhail,
géag tharaidh d'óigh dob infhir.



Feadh síodha na sé líne
is céim ríoghna do-róine;
dá cloinn ní ní nach naoidhe
naoidhe nar bhoing í a hóighe.



Bean súd go dtréidhibh triathmhná
is cnú don fhréimhse an ríochnú;
mar mhnaoi an uair do bhí bláithbheo
gan smáilcheo fuair sí síorchlú.



Clú.



B 1614ls 17T
THE HOLY CROSS.



Crann toruidh croch an Choimdhe,
croch bhloghaidh gach bearna;
gur fhóir lé díon ar ndamna
snadhma síodh Dé ní dhearna.



Croch ar budh cóir ar n-aire
an chroch ler fhóir a fhine;
lé do shaor Dia gach duine
laogh Muire ria dá righe.


L. 325


Crann coimhdhe do chrú Éabha
crú oidhre i n-am a dhála
dá chloinn do budh crann díona,
crann díola croinn na cána.



Guin bhas is cridhe an Choimdheadh
a fhine is as do haingeadh;
do bhí sa chroich 'n-a cunnradh
turnamh ar sgoith trí dtairngeadh.



Fulang bear fa beart cluiche,
seal i bhfeart chumhang cloiche;
biodhbha Dé ar gcoll a chluiche
nír mhuiche é i gcronn croiche.



Croch ler bhris doirse ar deamhnuibh
do bhris don chroichse a chomhlaidh,
rug lé dar mbreith ó ar mbiodhbhaidh
creich ler shiobhlaigh Dé Domhnaigh.



Rugadh iul dúinn nach díolfam
an t-iul do mhúin an mórchrann;
do sgaoil ceo na sé saorchlann
naomhchrann Dé leo mar lóchrann.



Fleadh grás dá bhríogh do bearnadh
le bás an ríogh do-roighneadh,
dá chloinn do b'fhéasda urlamh,
cunnradh croinn chéasda an Choimdheadh.



Ar luibh chabhra, ar mbláth buadha,
snáth snadhma gacha síodha,
díon gach laoi d'aicme Éabha,
séala ar gcairte ar ndlaoi dhíona.



Dá n-áirmhear fearta an chroinnse
áirmheadh budh deacra dhamhsa;
mór bhfeart do-chlas ón gcrannsa
budh glas ormsa teachd tarrsa.



An chroch naomh cia nach cabhrann?
Dia leis gach n-aon dá n-adhrann,
bacadh sí tochd na dteadhmann;
tearmann corp í agus anmann.


L. 326


Tuile do char ar gcúlaibh
a guidhe is blagh dá buadhaibh;
nó go dtí tar tuinn mbaoghuil
saoruidh sí luing gan luamhair.



An chroch naomhtha fhial iodhan
croch shaortha na ngiall gabhar;
mo bhreith as is dí dleaghar,
beanadh sí a ghlas dom ghalar.



Fóir mo chás a chorp Íosa,
ort gomadh cás mo chássa,
dá chionn ní chéal do chlúsa,
féagh mar túsa i ngioll grása.



Fagh fáilte dhamh gidh doiligh,
fagh sláinte dhamh 'n-a dheaghaidh,
mása dhual íoc tar m'fholaidhi
luagh do mholaidh díot dleaghar.



Fóir mo ghuais, gabh mo ghuidhe,
gan duais damh nocha ndlighe,
fríoth do phácsa uair oile
grátsa roimhe fuair file.



Guidhim thú, a shaimhghrian sholus,
a bhainliaigh dan dú deighfhios;
bean do chlú is cáir do ghuidheas,
tú chuireas láimh rem leigheas.



Dearbh do bhuaidh, a leag lóghmhar,
dod bhuaidh gá beag do háirmheadh?
mó ná a nocht mé dod mhíorbhal
gníomhradh Dé ort dá n-áirmhear.



Fuil a bhonn 's a bhos mbairrgheal
a-bhos don chronn do coimleadh;
meadh do chlú is clú nach iongnadh,
do hionnladh thú a crú an Choimdheadh.



Fuil an ríogh nó gur fhromhais
a shíol re luibh nír leighis;
sir don fhuil as ar ibhis
digh mhilis luibh mo leighis.


L. 327


Teagh aoidheadh Uachdar Lámhann
na naoimhfhear suarcghlan séimhsheang;
dul dún as-teagh go dtuaiream,
a nuaimhionn súl fhear n-Éireann.



Teagh naomh na n-easlán d'fheithimh,
saor gach easlán 'n-a fhochair;
mairg fear don tigh nach taithigh
teagh caithimh gach fhir othair.



Eaglais cheart croiche an Choimdheadh
na bhfeart gcloiche is na gcomhradh,
slóigh aingeal ag a hadhradh,
daingean anman, róimh roghlan.



Rómhráth nach éidear d'ionnlach
na n-éideadh n-órshnáth n-amlach,
ráith gheal na ndorus ndealbhach,
teagh leabhrach solus salmach.



Ar mionn súl croch an Choimdheadh,
gach cloch 'n-a múr mar mharmar,
breith ghill do fhéad an fhiodhbhadh;
iongnadh linn créad a crannghal.



Teagh lán na léibheann nuaghlan
dál fear n-Éireann san éanbhrugh;
ainm Dé do mhór a mhíorbhal,
síodhbhrugh ógh é agus éarlumh.



Crann fosguidh na bhfeart naomhdha
a fheart do mhosguil marbha,
liaigh gach uilc, crann na cobhra,
comhdha cuirp ann is anma.



Díon don uile ar gach n-éinchioth,
a duille ag díon gach láithreach;
nír fhiu mé a cur im chaomhthoch
naomhchroch Dé i mbun a bhráithreach.



Ar sgáth t'fheart, a chroinn chéasda,
tráth dod chloinn teachd dá dtíosda;
'n-ar mbun muna bé as-trásda
grásda Dé ag dul i ndíosga.


L. 328


Croch ler shaor fhine Ádhuimh
raon nimhe nó gur núidhigh;
lá na coinne is cloch fhaobhuir
cloch mhaoluidh dhoirre an Dúilimh.



As mo ghníomh do-gheabh m'fhógra
sleagh 'n-a chíogh mar an gcéadgha;
guais nach bia ann achd m'fhógra
dá dtógbha Dia an crann céadna.



Nochdar croch dhearg an Dúilimh
go moch 's a fhearg 's a álaidh;
dóibh achd go bhfuil ag féaghain
béaraidh tóir ar fhuil Ádhaimh.



Bíom ar chomuirce an chrainnse,
a chomairce as díon damhsa,
dul sa triall a-tá im chionnsa;
ionnsa an lá ad-chiam an crannsa.



Gearr go mbéara breath reachda;
gá breath dá bhféagha ar bhfolta?
a-nall ó do-chí ar gcionta
tiocfa an rí 's a chrann corcra.



Craobh thoraidh tharrla ar m'aire
mo chobhair anma uile;
biad ón té a-tám do ghuidhe
slán dá nguidhe mé Muire.



Réir Muire is dual dá dalta
mo ghuidhe uam dá n-obtha;
fam ghuais dí ní bu dulta,
tugtha duais dí bu docra.



Crann.



B 1614ls 17T
DAY OF RECKONING.



Deireadh cairdeasa comháireamh
cúis mímheanma
gan tochta i dtlás
mo lochta ar fás na fíneamhna.



Na maoir tobhaigh
a-táid ag teacht 'nar rodháilne
ní lugha leam
ag dula i gceann an chomháirmhe.


L. 329


Nach dearna an rí
riamh ortha - is eadh do breathnoigheadh -
a chaor charad
gaol dá laghad nach leanfoidhear.



Gidh iomhda díobh
na daoine as ní fhuarasdar
fear le bhfaghar
neamh is talamh mar thuarasdal.



Seachna a chomuinn
is cairdeas cinidh neamhchairdigh
eo an mhara mhóir
cara as teo dhóibh dá ndearbhchairdibh.



Do chaith an rí
go rug treise ar ar dtréinfhearaibh
dlús re ar ndínne
i dtús an díne dhéigheanaigh.



Foillseochaidh Críosd
fa chriaidh - is cuid dar náimhdeanas -
dá thráth nó a trí
nach gan fháth do bhí i mbráighdeanas.



Measfuidhthear leis
lucht na gcló i gceann ar n-airdeire
goin a dá ghlac
gér thoil le mac na maighdine.



Ní léigfe an rí
- fa ríor ní riaghail sháireochthar -
uair dar n-aimsir
uair an aimsin nach áireomhthar.



d'admháil a locht
liaigh na hanma do b'ionnsaighthe;
ní chéala cách
a sgéala i dtráth an tiomsaighthe.



Má do-chóidh uaim
go holc - is eadh do chualamar -
do-ní dhamh díoth
gach ní as ghlan fríoth dá bhfuaramar.



Teangtha ar mbiodhbhadh
beid gar lot i ló an aighneasa,
maor na meidhe
don taobh eile gom aimhleassa.



Diúltfa Íosa
éigean dóibh dul ar faideachtra
tráth an tabhaigh
cách i n-aghaidh a n-aigeanta.



Ní fhuighe sinn
síoth re n-éag muna fhoghoimne
ó nóin a-nunn
an ghlóir do chum fa ar gcomhuirne.



Cóir chneidhe an taoibh
don té len hál is orasa
a cara ar gcúl
gidh fala úr an fholasa.



Madh óg mo choir
ní cás ionnladh na hógcoire;
a chóig chroidhe
cóig róid toighe na trócoire.



Críoch a n-abraim
m'fhoghnamh nach cóir do chomhmaoidhimh
ar nduaisne dhuid
as uaisle cuid dod chomaoinibh.


L. 330


Go ndearnais damh,
a Dhé Athar, ar fhéadabhar
meisde mo mhodh;
ní dleisde mogh do mhéadaghad.



d'éis a chéile
go gcuirthear mh'eire i n-éadtruime;
ceartaigh mo cham
ní beantair crann don chéadbhuille.



Dá sgartha reis
do rachadh dhé a dhlaoi fhírdhíona
gan tusa im thoigh
do b'usa a-moigh mo mhíghníomha.



M'fhás ót athair
adhbhar do cheilt mo cheanasa
ó Mhoire, a mheic,
cá goire dheit mo dhealasa.



Acht gidh ionann
ní fhoghnam dhuit mar dhearbhráthair,
a Dé na ndúl,
cré dhún agus dod dheaghmháthair.



A dtárraidh dhíom
mo dheala gidh dhí as dearbhfhaicse
bráighe na mban
do b'áille dhamh a dearmaitse.



Gé tám 'na cheann
nocha cosmhail nach creidfidhe
bean dála Dé
a námha lé go leigfidhe.



Beag an t-iongnadh
re hoidhir nDé mo dhealugadh
tre uair oile
do-chuaidh ó Mhoire ar mearughadh.



Breith amhairc air
is é iúl na n-ord riaghalta
cor dom chonair
dol an domhain na diadhachta.



An té nach gabh
a ghairm gus na sé sochuidhibh
a mhac Muire,
dar lat is duine dochuiridh.



Toil ar n-aithreach
munab hí an ghláir do ghrádhachadh
do reacadh rinn
nach peacadh sinn dá sárachadh.



Fuaras fa-ríor
riamh gus a-nois mo neimhcheapadh
gabham an glan
go nglanam sal na seinpheacadh.



Ó tharla id dhurn
dul dod chosg is cás rodhoiligh
orlámh gach uilc
a thromdhámh, a chuirp chomhoidhigh.



Níor chóir díomas
i ndiaidh íslighthe m'aradhna
am bráthair bocht
máthair na n-olc an anumhla.



Toil na colla
ní ciall a fhad gur aithneamar
gur mheall mise;
do ba leam ise d'aithmhealladh.


L. 331


Fás na meanman
is mire ná an maidhm rabharta
m'fhíoch ga adhnadh
sul fríoth adhbhar a adhanta.



Dom chomhrádh bhaoth
is beag a bhriathra diongmhála
do locadh leam
an focal budh fhearr ionrádha.



'Nar gceapach féin
fighe diabhal a dhubhoige
gur chríon an corp
bríogh na locht nocha lughoide.



A dhál fa chriaidh
cúis umhla d'fhior a fhaisgeana;
anadh an uaill
an talamh mo thruaill taisgeadha.



Do-ghéabha a-rís
rinn sógha ar son a hanshógha;
is í a hanáir
gan an chlí d'fhagháil anóra.



Níor fhaomh ar dtús
ní torthach crann 'n-a chríontamhan
anmhain don olc
amhlaidh don chorp ar gcríochnaghadh.



Ní sirthe dhuit
deacair an clú do choimsiughadh
madh maith do mhéin
acht an mhaith féin dá foillsiughadh.



Teach na glóire
do-ghéabhtha ó Dhia ar deoir aithrighe
túr an tighe
do rún cridhe do caithfidhe.



Lór d'fhéagadh air
ainbhios ar n-eagna bigine
gach daingean díobh
aingeal an ríogh 's a ridire.



Deir.



B 1616obc 17T
PRAISE GOD ALONE.



Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.



Díomhaoin gach dán acht dán Dé,
ní díomhaoin an dán i mbí
luadh ar Mhuire is ar Mhac Dé;
do ghlac sé an cruinne 'n-a clí.



Is é an ríofhlaith as rí dhún
as rí ós na ríoghaibh riamh;
ní iarrfadh sé acht grádh ar ghrádh;
ní dán acht dán an té as triar.


L. 332


Do b' é soin ar ndéinimh dhó -
do éirigh 's do loigh fan lia,
iar n-a sgoradh do bhí beo;
ceo gach rí ar domhan acht Dia.



Ceo na heachra 's heasgra óir,
ceo na ceathra ó láimh go láimh,
is ceo gach drong is gach dúil,
is ceo an úir 's an tonn 's an tráigh.



Rí na ngrás dom leodh gach laoi,
idir chách is ceo gach ní
lá a chriothLuain budh omhan é
acht moladh Dé bhiothbhuain bhí.



Lucht an mholta ósa dhíobh dhúin
a síodh 'n-a othar do fhuair;
moladh Dé budh déanta dhóibh
do fhóir le chréachtgha sé sluaigh.



Gan meise ó thal ar a thí
an gheinse nach mac do mhnaoi
is é a bhás do bheathaigh mé;
ar grás Dé ní dheachaidh dlaoi.



Máthair Críost re n-abar ógh
bíodh dom athchar ar a huan;
guais damh gan inn ar an iul
go rabh ar siur linn san Luan.



Mar shamhail do chloinn i gcnaoi
a h-athair 'n-a broinn do bhí;
an óg ler éirigh Uan Dé
truagh gan mé do dhéinimh dhí.



Muire maighdean máthair Dé
leis nar diultadh duine díonn
bíodh Peadar is sí ar ar son,
eagal mo rí do dhol díom.



Díom.


L. 333


B 1650c-1846ls 17L
THE BODY A WICKED HORSE.



Dona an t-eachsa fhuair m'anam,
each ceatach cruaidh gan chomhall,
do mharbh sí ar sodar m'anam;
cogadh ralann í oram.



Mairg fa mbí an chalann chiontach,
dom anam is í as colcach;
each bu uaimhneach dá marcach
each sdalcach uaibhreach olcach.



Each as caime is as claoine,
each as fhainne is as fhéire,
níor nocht sí a soirbhe dhúinne
's í as dúire doirbhe déine.



Each fiadhta foirbhthe forráin
an doirbheach niata neimhmín,
ní sámh lé a tost nó a tiomáin,
diombáidh mé ar posd nó ar pillín.



Níor lean riamh an raon díreach
acht an riadh saobh nó suarach;
is mairg fá mbí an corp cnámhach
olc támhach is í uallach.



Ní liom dom leas lé acht beagán;
gé tá m'each go géar graiddian
gnáth fúm ag sdad an sgagún,
an dragún lag dúr draidfhiar.



Cuiridh mé i measg mo bhiodhbhadh
an chuilleasg chlé, each m'anman,
ar tí ar millte is mé ar lonnghamh;
fonnmhar lé rinnce is rabhradh.



Glóir dhuit, a Dhé na glóire,
a-nois an chéim as cruaidhe,
breith ar mo chlódh im chríne;
ní lór míne an eich uaille?


L. 334


Meise an t-anam dot éigneach,
calann mheisgeach a mhéirdreach
a-tá i mbrugh go bocht uaigneach,
ruaigcreach rom ort go héigneach.



Mé a sé is seachtmhoghad bliadhan
dom mearughadh lé ar luaghal
ó ghlinn go glinn san tsaoghal;
baoghal linn inn gan uamhan.



Led ghuidhe, a Mhuire mhórdha,
a bhuime an Ruire ríoghdha,
beir sinn ar dtocht mo théarma
go port néallda an ghlinn ghríobhdha.



Dona.



B 1650c-1800lsc 17L
CHRIST ON THE CROSS.



Dursan do mhartra, a Mheic Dé;
eagal linn aidhbhle an fhínné;
a-tá th'fhiortfhuil dá dáil daoibh
i gciontaibh cáigh do chomaoin.



Ar ndortadh, a Dhia, ruibhse
d'fhuil do chneis trem chiontaibhse,
dursan linn, a Dhéimhic, duibh
's gan sinn 'n-a héiric agaibh.



An dream ler doirteadh t'fhuilse,
a Choimdhe, trem chiontuibhse
suaill id ghuinse dod dheoin daid
a fuilse id dheoidh go ndortaid.



Ar t'aithris, a mheic mhaithmhigh,
mé id mhartra go martairthir
bheith dot áis gan anam daid;
go bhfagham pháis red pheannaid.



Go bhfagham ionnarba it olc;
go bhfagham guais tred ghuasocht;
bíodh gurb antrom trom do throm,
trom tret antrom go bhfagham.


L. 335


Go n-iodhbraim, a Dhúilimh, dheit
m'anamsa it anam oirrdhreic;
go ndáileam an corp id chorp
go dtáiream bocht id bhochtocht.



Mar Mhuire do mhuin do bháis
seacht soighde doilbhthe an dóláis
le mbia mé mar Mhoire i mbraid
trem chroidhe, a Dhé, go ndeachaid.



Go ndearnaid im chroidhe im chorp
lógh créachta Chríost 'n-a gcumhocht
imshníomh dian do bháis do bhraid
do phian do pháis do pheannaid.



Tred ghabháil go ngabhthar mé,
tred bhrath go mbraithtear sinne,
ar n-ar sraonadh, a Dhé, dhaid
mé go naomhar red námhaid.



Tríbhse, a Dhúilimh, id dheaghaidh
go gcuirthear led caibhdheanaibh
sinn i ... pian dte
go riagh ... teine.



Am meirbh tárnocht mar thusa;
gur anaid aos t'iomthasa
ar mbeith dhúinn deit ag croideamh,
a mheic, fúinn ag fochuidbheadh.



Sgiúirsidhe sgaoilte t'fhola
ribh 'n-a linntibh líonmhara
m'fhuilse 'n-a beo bhraointigh mhir
go sgaoiltir leo 'n-a linntibh.



d'ordaibh troma do thuairgthe
mé gurb inneoin iombuailte;
ar mbeith dhún tred bhruidse i mbraid
lúdh mo chuirpse go gciorrbhaid.


L. 336


A-roile go righid sain
forgla gach bhoill dom ballaibh
maitheamh m'uilc go ndearbhthair dhamh
teannchair do chuirp dom chognamh.



Cromáin snoighthe cnámh mo chinn
gurbh iad, a Chríosd, dá gcréidhim
go seanga do dhoirbhfhearg de,
reanna na sboirdhealg sbíne.



Tairngeadha a chinn, bior na mbonn,
sleagh an chígh, cló na ndearnann,
gin gur díol é it fhuilse dhaid
mo ghuinse, a Dhé, go ndearnaid.



Go n-iomchram an chroich ret ais,
go n-ibheam dod dhigh dhomblais,
a hól sin gidh daoirnimh dhamh
ar aoinfhleidh ribh go rabhar.



Go ndeacham i gcroich fad cheann,
ar mbás tred bhás go bhfuilngeam,
go ndoirtear linn m'fhuilse it fhuil,
sinn tred ghuinse go ngontuir.



A huaigh pian na bpeacadh dtrom
eiséirghe, a Dhé, go ndearnam
le ragham libh, a fhlaithghin,
ar nimh mar na naomhaithribh.



Ar dheis t'Athar Naomhtha ar nimh
duitse ar suidhe, a mheic mhaithmhigh,
tar méid m'olcsa im fhínné ghlan
ortsa i ríré go rabhar.



Grása ód naoimhspiorad ar nimh
dot iarraidh, a mheic mhaithmhigh,
go bhfeara 'n-a firtlinn te
im inntinn cheana im chroidhe.



Lorg do dheisgiobal ndilse
ag coimhéad do chreidimhse
suil sgara sinne, a rí, ruibh
go dtí linne do leanmhuin.


L. 337


Ar do dhaorpháis mar dhlighim
truagh, a Chríosd, nach cuimhnighim,
ná ar chrú an chígh do chall trem choir
gach am do-ním do neamhthoil.



Mo thruaghsa nach tuigthear liom
do shaoradh m'anma ar Ifrionn
iomlán crú do chuirp neamhdha
mar do dhoirt tú, a Thighearna.



M'aithghin gin gur díol daidse
i gcaill dod chrú trem chiontaibhse
glac, a shéimhmic Mhuire, mé
i n-éiric t'fhuile uaimse.



Do shearcsa is í a hucht Muire
n-a caoir chrithrigh theasuidhe,
a rí nimhe, ar nimh dom chur
im chridhe libh go lasdur.



Dursan.



B 1631ls 17T
MARY, A BRIGHT MOON.



Éasga ar nglanadh grás Muire;
i dtráth tagra dá fine
luaithe ná fás na fleidhe
bleidhe grás uaithe ar ibhe.



Sreabh ghlan do fhás a hóighe,
bean cháich do chur le chéile,
saorfaidh do thoil Dé na daoine,
ré naoidhe mar ghoil gréine.



Caoinbhean ór ghein an umhla,
ré dhídin na bhfear bhfoghla,
díon cháigh is dá taobh tharla,
craobh abhla ara cáir comhdha.



Bean dhídin cean a cinidh
a ndídean rug do roghain;
sdiúir ghráidh re n-a gaol gabhaidh
craobh tharaidh cháigh do chobhair.


L. 338


Ní fríoth meadh d'fhíonfhuil eile
bean le dídean gach dhuine;
cia an bhean do bhí mar Mhoire
bean toighe í don uile?



Buime ar ríogh an chraobh chumhra
ler cuireadh dlaoi ar a dhiomdha,
bláth duille ór fhás an umhla;
ubhla grás uirre as iomdha.



Síol Éabha i n-éintigh ísil
go héirghe an éasga nuasain;
maithfidh cóir glac dá grásaibh,
fásaidh mac ón óigh uasail.



Cnú croidhe cháich is gaolmhar
ór fhás an t-eitne órghlan,
bean nach beag méad a míorbhal,
séad bríoghmhar na leag lóghmhar.



Iúl nimhe dhúinn do dhírigh,
gach siúr re fine is faoilidh,
raon 'n-a deoigh do réidhigh;
cóir déinimh eoil don aoidhigh.



Do dhírigh cách ar chreideamh
grás leis an ríghsin rugadh;
do choisg sé cách dá gcogadh
cogar Dé an tráth fa dtugadh.



Slat réidh gan bhaoghal mbéime,
bean ler saoradh sé líne;
báithfidh sreabh fhíorghlan óighe
fíorghal cóire cneadh gcíghe.



Tamhan óighe nach aosda
dar maitheadh coir a chéasda
sí ag guidhe Dé go drásda
grásda Muire 's é ar n-éasga.



Éasga.


L. 339


B 1614ls 17T
CORPUS CHRISTI.



Lá saoire corp an Choimdheadh
as tighearna ar talaimhneamh;
an tsaoire cá fáth ma bhfuil
daoine do chách nach cualaidh.



Íobhal do bhí eacht oile
i gcumann is críosduidhe
gan sgís gan urchra ar a n-úidh
'n-a ndís chumtha agus chomhrúin.



Iarrais re dtocht dá theagar
ar an Íobhal airleagadh
tre neamhchomhthrom eire air
leathchonchlonn eile an Íobhail.



"Airleagadh uaim ní fhuighe,
a chompánaigh chríosduidhe,
árach le corp nDé dhamhsa
nó go mbé ort agamsa."


L. 340


Don chríosduidhe gin gur cháir,
do chionn airligthe d'fhaghbháil
an corp saor is sé naomhtha
do fhaomh é is nír ionfhaomhtha.



Gluaisid rompa leath ar leath
i gcrích Íobhal gan fhuireach
les an gcorp naoidhe naomhtha;
nochar bh'aoidhe anaobhdha.



Do dheachradaois na dúile
díbh tres an gcorp gcaomhnúidhe;
nír cháir fraochdhacht res an bhfear
tre naomhchorp gcáidh an Choimdheadh.



Crann 'n-a loighe ar brú bearna
ar cionn chuirp an tighearna
re corp nDé a húir do éirigh
sé mar budh dúil deighcéillidh.



Mairg do chách nach creidionn sin;
ar bhfaicsin cuirp an Choimsidh
tógbhaidh an crann re corp nDé
a bharr - ní holc an uirré.



Tig an t-Íobhal d'éis a ghníomh
corp Dé athar an airdríogh
sgéal fa mór eire d'fhalach
don tslógh eile Íobhalach.



Nír ghabhsad chuca gur chorp
corp Dé re ndearna diadhocht;
tigid Iubhail gha fhaiscin;
níor shiubhail ar shaoraiscidh.



"Corp ní raibhe riamh gan fhuil
do bheith ann" ar na hÍobhail;
gontar dá fhios an corp cáidh
sa lios nar olc a anáir.



A corp Dé i ndiaidh a ghona
teagaid frasa fíonfhola,
sgéala diadha ceann i gceann,
mar dhéara diana díleann.


L. 341


Líonais corp Iosa dá fhuil
tar éis a chéile an chathuir;
Íobhail ar a n-áitibh féin
báidhtir d'fhíonfhuil an fhíréin.



A beith san riocht i roibhe
ó 'd-chonnaic an críosduidhe,
gé do rad corp nDé don dreim,
nír bh'é nar olc le a inntinn.



d'fhortacht an chríosduidhe cháidh
éirghidh Dia - diadha an eadráin;
do snaoi mar bu bád ar muir
an fád do bhaoi fa a bhonnuibh.



Do ... an chuirp
ar sgaoileadh an sgeoil orrdhuirc
do thráigh mar budh toil don tslógh;
do bháidh an fhuil a n-urmhór.



. . . . . . . . . . . .
corp ríogh nimhe is naomhthalmhan
a-tá ó shin 'n-a shaoire,
mná is fir ghá éagcaoine.



Dardaoin cuirp Críosd - is é a ainm -
féasda uasal fhuair mórghairm
an lá re hucht na hAoine
a-tá gun churp chaomhnaoidhe.



... ionann is Íobhuil
fuair dochar fa a ndroichgníomhuibh;
mac Dé go gcreidear dá chorp
is mé ag creideadh a chumhocht.



.... inn
dá chorp is do Chríosd chreidim
is don Spiorad Naomh nimhe,
craobh a hionad ainglidhe.



Muna n-adhrar corp Críosd cháidh
slighe go hIfreann anbháil,
an corp do naomhadh ar nimh,
dar saoradh ar an slighidh.


L. 342


Nó go mbia mar do bhí ag teacht
ó dhún nimhe na naoimhfheart
nocha dtéid i dteach nimhe
neach do mhéid a mhaithmhighe.



Ní hé go dtuaraim an teach
achd do dhóigh a Dia dhúileach
'n-a bhrugh aoibhinn fhionn óghach
saoilim ionn go hanórach.



Gin go ndeachadh - dia do théidhm -
achd aoinfhear i n-uaimh Ifeirn
d'fhior isan domhan nír dhluigh
gan omhan tres an uamhuidh.



An bioth gin go ndeachadh dhe
ar neamh achd aoinfhear eile
do dhligh súil re neamh néallach
nar thúir fear achd fíréanach.



Téarnódh reis ní doirbh do dhruing
gidh cúis athtoirse a n-abruim
i mbeigsheadh ní cáir a chur
madh áil creideamh dá gcanubh.



An síol cruithneachta caoimhe
cuirthear i gcriaidh fódnaoidhe,
gémadh raghlan rabh gá chur
sal na talmhan 'n-a thiomchul.



Cruithneacht chorcra fa chriaidh nduinn
ar bhfás a cuilg 's a cunnuill
a bualadh glan bhus díol dí
'n-a síol suil rabh a-ríse.



Cá córa d'éinshíol eile
sal air i n-úir ainghidhe
iná do shíol úr Éabha
mas fhíor súgh na soisgéala.



Peacadh na colla is é an sal,
an fhaoiside is é an bualadh,
an síol samhail na hanma;
maraidh bríogh na baramhla.


L. 343


Biodhbhaidh gach anma idir
gach olc nach áil d'fhaoisidin
cionta an chuirp ag breith bisigh;
cleith gach uilc a innisin.



Mairg mas eadh cheileas a chion
gan fhaoisidin ós ísiol;
díol is an gcion nos céala
más fíor d'fhior an aithmhéala.



Is oircheas do Mhuire mhóir
féasda uasal fhuair anóir;
géag naoidhe gan diall re droing
créad nach biadh saoire ag saorchloinn.



Adhbhar ainmnighthe saoire
do mháthair Dé dhealbhnaoidhe
ní dhearna i gclí cionta mná
's do-ní fhiorta gach n-éanla.



La.



B 1631ls 17T
THE WORLd'S CURE.



Leigheas an bheatha bás Dé,
ar mbeatha 'n-a bhás do bhaoi,
geall re beathaidh bás mar é,
grás Dé ní dheachaidh fa dhlaoi.



Crú an ochta do ainic iad
'n-a n-aighidh gidh sompla súd;
ní dheachaidh grás t'oidhir d'éag,
créad ar gcás san oighidh úd?



Mó as domhain do-chóidh i gcriaidh
ar gcobhair ar cóir an taoibh
seacht dtroighe dot oidhre i n-uaigh
doimhne do-chuaidh goire ar ngaoil.



Dóigh eile dá ndeachadh dhíom
brón ar seathar linne is lór;
ar gcoimhdheine i ndath a déar
sgath i mbéal oirbhire an ógh.


L. 344


A grás t'oidhre dlighim dóigh
gidh leigheas dó coimhdhe cháigh;
tiocfa fuaire a thoile im thaoibh
uaidhe 'n-a gaoibh goile gráidh.



Gidh domhain an crannsa id chígh
- damhsa ní docair do réir -
do-chuaidh do ró toile im thaoibh
tar gaoibh cró san chroidhe céim.



An fhuil nach uaras a luach
do ghuin is uamhan gan fháth;
an ghuin chíche dhuid budh díoth,
ní fríoth tríthe acht cuid do chách.



An ógh ler ceileadh do cheart
is lór do leigheas mo locht;
deirge 'n-a deoraibh ós t'fhiort
do fheoghaigh sliocht t'fheirge ort.



An díol cóir ní aghthair uain,
do chóir is cosmhail gur shín;
déanadh tú éigion madh áil
ní héidior cáir i gcrú an chígh.



Ná labhair a léigior dhíot
it aghaidh gur éirigh siad;
ní bheanta íoc oile it éag
dhíot mása tréad oile iad.



Long easbhadhach inn gan iul
nar fhill ó mhearughadh mhór;
briseadh síodha dá dtí im thaobh
saor ar ndíona budh hí an ógh.



Mór críoch a shuirghe rem shiair
nach fríoth acht le fuighlibh rúin;
do reac aingeal fheis re hóigh,
nír dhóigh leis nar dhaingean dúin.



Dá mbeath go dtuillinn gan triall
san teach fa bhfuilim go fuar
meinic ag tochta go teagh ríogh
fear budh díol a obtha uadh.


L. 345


Ar mbuainne rer mbráthair féin
a álaidh uaisle do fhuaigh;
do shín doilghe tinne an taoibh
girre gaoil an oidhre uain.



Fiu a hóighe mar fhéachadh dhí
ar gcóirne do léigeadh lé;
teach idir ríoghain is rí
ní bhí a leath ag díoghail Dé.



An fhuilsin do fhuasgail cách
d'uaisle na fuile nach féach;
cionnus do-roighne sé síoth
díoth oidhre más é do fhéach?



Síol dá bhfuighthir cobhair cháigh
domhuin do chuiris i gcriaidh;
an dearg do-ríneabhar róinn
cóir míneaghadh dealg 'n-a dhiaidh.



Baoghal go bhfoghthar ar bhfaill
ón torchar ler saoradh sinn;
mairg dhuid do ragha do roinn
do chuid chroinn dá n-agha inn.



Deoch domluis nar dhlighis d'ól
do ibhis dar gcomhdha i gcuan;
beag le ar siair a n-ibhe d'fhíon,
síodh i ndiaidh na dighe is dual.



Crú an ochta dá chora i gcruth
nach omhan ar dtochta as-teach;
do-bhéaradh t'fhearg eol a-mach
sgath dealg 'n-a beol muna bheath.



Nírbh fhiu a fhine a ndearna dhóibh
crú cridhe is dearnonn do dháil;
gidh lór doimhne cneidhe an chígh
reimhe do-chím coimhdhe cháigh.



Ar dtocht dar gcoimhdheine i gclí
a oirbhire ag dol fa dhlaoi;
do luigh cóir ar leinbne lé
do-chóidh ré na feirge faoi.


L. 346


Más lá dealaighthe lá an Luain
i n-ar ndeaghaidhne a-tá tóir
a bhfuil do mhoille mná im shiair
biaidh lá na coinne san chóir.



Mac óighe nach mac do mhnaoi
ar gcóirne dá char i gclí;
ní mac fíre don óigh é
cóir Dé nó go síne sí.



Ní neimhnighe nimh an taoibh
deirgithir libh i ngach láimh;
domhain do cuireadh san chígh
fuigheal shíl do chobhair cháigh.



Dá mbeath agra im chionn fan gcíogh
bean dá tagra liom is lór;
cuimhnigh dá dtí thar an taobh
gur daor do fhuilngigh í an ógh.



Nír dhual t'éimdheadh d'oidhre Dé
ní foighthe éinbhean mar taoi,
faghthar go maith ar óigh é
cóir Dé munar mhaith do mhnaoi.



Guin deilge leat i ngach láimh
mar sheilbh ar mo theacht i dtír;
do chongaibh tú toil an ghaoil
don taoibh as-toigh do chrú an chígh.



Gér ghnáth le cách romhuibh riamh
na mná don chonair do chlódh,
dá lucht iomuidh do bhean buadh
an fear do bhual iomuidh ógh.



Díon m'agra dob fhiu mo shiur
gan tagra fad chrú do-chím;
ní thug tú i n-aisgidh don óigh
do chóir ar bhfaisgin crú an chígh.



Acht t'oidhre i ndeacra far ndíon
nír leaba oircheas an uagh;
beag lé do chodail an chíogh
ar síodh do thogaibh sé suan.


L. 347


A déara deargfhola id dhiaidh
do cheannchodar séala ar sídh;
buain a bosaibh óighe ar t'uaigh
uain fa chosaibh cóire an chígh.



B 1631ls 17T
CHRIST'S WOUNDS MY COMPANY.



Maithim d'urra dána acht Dia,
caithfead cuma ar ndána dhó;
is lór liom mar dhíol ó Dhia,
ní bhia an cíogh im chionn ná an cló.



Go ndeach an rí nimhe a-nonn,
go dtí an cridhe ar mo cheann,
gomadh í críoch ceangal riom,
ní fríoth liom earraidh badh fhearr.



Budh í as bhuidhean damh ler ndán
dá mhac an muirear dom riar;
beirthear leam gomadh é m'iul
mo thriur i gceann an té as triar.



Dom buidhin go rígh na rann
an ghoinsin do bhí 'n-a bhonn;
biaid soin ar an uair as fhearr
uaim 'n-a ceann 's an troigh do tholl.



Maith an bhuidhean dána dhún
na lámha an troigheach 's an taobh;
triall 'n-a ndiaidh orum san iúl
biaidh mo thriur romham sa raon.



Éisdidh mo dhán, a Dhé bhí,
thar cách dá ndéine gach draoi;
i dtigh cuiridh ní cás mé
grás Dé ar mo bhuidhin do bhaoi.



An crann do cuireadh 'n-a chíogh
's an cruithsin i dtarla an taobh
ós iad nar cuireadh ar gcúl
budh buidhean dún iad ar-aon.


L. 348


Reacaire len dolta dhúinn
crú an chroidhe as reacaire róin;
cuid dom buidhin cneadh an chígh
bean trír agus muirir mhóir.



Mise ollamh Dé re dán,
mé dá mholadh mar as dual;
dóigh narbh fhaláir d'ollamh ríogh
síodh d'fhagháil go hollamh uadh.



Do lucht déanta an mholta mhóir,
leis nach moltar créachta an chígh
beag a thoradh ó Dhia dháibh
i moladh cháigh ní bhia brígh.



Ón té dá ndearnamair dán
an deaghmhacsain Dé na ndúl
biaidh an lásain na sé sluagh
a luagh do ghrásaibh Dé dhún.



Duas mo dhána - ní duas mhion -
an duas le dtánaig mo thol
críoch mo dhála dol as-teagh,
neamh ar son mo dhána dhamh.



Ní ba ní hairgiod ní hór
budh tairgse dhamh ar mo dhán;
gidh eadh nír fhaláir mo dhíol,
neamh do shíor d'fhagháil dob ál.



Dá loch do bhac chóra an chroinn
a moladh is mó do thuill;
ón dá chion gomadh saor sinn
an taobh tinn is bior an bhuinn.



Mo dhán molta, a Dhé na ndúl,
ní oghthar é gan a luagh;
mo dhán ná diultar do dhíol,
dán ríogh do dhiultadh ní dual.



Cion mór ar moladh ó bhias
d'fhior an mholta budh mó a dhuas
goin an chroidhe cia ar budh cás?
is lia grás an toighe thuas.


L. 349


Labhair uam re Dia na ndúl,
fagh go luath ó Dhia mo dhíon,
dóigh nach eadh dob ál, a ógh,
do fhleadh d'ól gan dán do dhíol.



Más ag agra a fhuile a-tá,
a Mhuire, go dtagra tú;
dá mbeantar neamh dhíom le Dia
cia dar fhear an chíogh a chrú?



Am fear dána ag Dia na ndúl,
ní headh a-tám riamh fa-ríor;
más díol le Dia i ndíoth a lámh
bíoth mo dhán ag Dia 'n-a dhíol.



Ar fhear an croidhe dá chrú
dá mbeadh gan loighe fan lia
mór re a rádha an cíogh 's an cló,
mó ná díol a dhána ar Dhia.



Mairfidh go bráth ar a bhreith
a ghrás ní chaithfe is nír chaith;
na trí chló 's a chur fa chloich
's dul i gcroich is mó do mhaith.



Maithim.



B 1614ls 17T
MARY'S PRAISES.



Múin damh do mholadh, a Mhuire;
mithidh iomrádh t'earla chlaoin;
ní fhaghmuid cúis achd cúis molta
dod ghnúis mhallbhuig chorcra chaoimh.



A Mhuire, a mháthair an airdríogh,
t'adhmholadh féin foráil orm
mé ret ocht go rabh id rulla,
a fholt glan ar chuma corn.



Déana agus meabhróchaidh meise
do mholadh, a mháthair Dhé;
an teagh i bhfoil iul na n-uile
sdiur don toigh, a Mhuire, mhé.


L. 350


Tuilleadh do thabhairt ar m'inntleacht
is oirchios dot earla thláith;
osluig mo mhéin, a Mhuire,
dod chéibh dhosbhuig bhuidhe bhláith.



Do bhais féin tabhair im theangaidh,
tabhair chugam croidhe glan,
tabhair im béal ar aoi an uilcse
sgéal bhus ghnaoi dhuitse agus damh.



Faghuibh síothcháin damh ón Dúileamh,
dul dá thigh go dtuille ar ngníomh;
biodhbha Dé ní an gum ionnlach,
go rabh sé go diomdhach dhíom.



Sir a gcungnamh gidh tú as treise
teaghlach Dé suil dheachar d'éag,
- clódh mo chean ná cuir i gciana -
guidh an dá fhear dhiadha dhéag.



Ag an Tríonóid a-tá ar chumas
madh cead lé mo leigin suas
gabham ód leathdorn bhán bharrghlan
clár breacgorm an talmhan tuas.



Neimhiongnadh gach ní dá n-iarrthar
d'fhagháil uait, a abhra mall;
cúis chóir dod mholadh, a Mhuire,
foghar glóir chuire san gcrann.



Do labhair ar lár do dheilbhe
- Dia dhar bhfortacht fada ó ulc -
a dhreach réidh, a chnú nar cailleadh,
tú féin nó aingeal as t'ucht.



Do éirigh gríos dod ghnúis leathain
id lucht cogaidh do chuir múith;
do haithneadh ann ort do ghruamdhacht,
a folt cam na ndualdlocht ndlúith.



Do-chonncadar cách ag éirghe
dot aghaidh chorcra cóir diagh;
soiléir do-chonncas ann t'fhearta,
a bharr collchas feactha fiar.


L. 351


Do mhala dhubh - diadha an siobhal -
suas gur bhuail do bharr mar chnú
t'abhra mall i measg an phobail
a bharr leasg do thoguibh tú.



Do choisg gér chruaidh an riaghail
pian peacadh an phobuil bhuirb
fa binn tráth do ghuidhe an glaincheol
is cách uile ag aithcheodh th'uird.



"Éisd ar nguidhe, gabh ar síothcháin,
sinne chugad, a ciabh nocht,
déanadh síothlódh, a dhearg dhaithgheal,
fearg fhíochmhór do haithneadh ort.



Buailtear - is aithrighe oirchios -
ochta geala dod ghnúis bhuig,
slios id theampal re taobh ghealghlún
deargthar, a shaor dhealbhúr, dhuid.



Breith do mheic nochar mhill th'óghacht,
a inghean Anna an fhuilt tláith;
ocht míosa is mí mar gach dtoirrchios
do bhí Íosa id bhroinnchneas bhláith.



Do-ghéabha leat san Luan ordhraic,
a airdrí nimhe, ní as lia
an slógh banógh ar do bhreithse
ramhór 's ní mór dheitse, a Dhia.



Ionann gach mac is a mháthair,
a Mhuire ógh, adhruim dhíot;
is tú hé agus is é tusa
crú Dhé ní hé as usa d'íoc.



"Ní féadthar duit do dhíol molta"
re máthair Íosa is é ar nglór
"'s ad eala mhín fhionn ós fhánaidh
ós chionn shíl Ádhaimh, a ógh."



Líontar leo leabaidh na hóighe
aingil nimhe na naoi ngrádh
nach leaga an cuire gan cheolaibh
leaba luighe seolaidh sámh.


L. 352


A deaghainm is í re n-iodhnaibh
ógh í ar a éis mar rug Dia;
ní goirthe fear don mhóir mhálla
's ní cóir bean do rádha ria.



Mairg do bhraithfeadh mac mná innte;
uamhan mar é mairg nach tuig
sí ghá chleith is ar tí a teithidh
gur theith sí san mBeithil mbuig.



Id leanmhain - nír luaghail tarbha -
teaghlach Ioruaidh éirghid siad;
do bhí an sluagh ag súr bhar sliochtraoin
rún truagh ó nar bh'iontaoibh iad.



Buime chíogh an Choimdheadh thusa,
tú máthair Dé do dhealbh neamh,
ríomh do ghníomh uile ní fhéadfam,
is ríomh duille géagcrann ngeal.



A fhíon ar nar imthigh táille,
a thonn bháidhte brollaigh cuain,
a dhreach ghoirthe nar ghabh orchra,
a fhoichne glan tolcha thuair.



A chroidhe rúin ríogh an bheatha,
a bhó bhithbhliocht nach bí díosg,
a chnú mhíolla do mheas abuidh,
a chneas ríodha ar chadail Críosd.



A éasga griaingheal an tsamhraidh,
a shubh craobh as corcra gné,
a ghéag fhíonn as urrdhuirc n-úire
ós chionn lubhghuirt dúine Dé.



A chomhla cathrach an ríchidh,
a rún thuigeas teangtha clog,
a ghrian dhearg ar ndul 'n-a cearcoll,
a learg na subh mbreacdhonn mbog.



A linn nach tráigheann re teasbhach,
a thonn as treise a-tá ar muir,
a dhonntaoibh réidh mar ghual gairthe
dan méin snuadh th'aighthe 's an fhuil.


L. 353


Mairg théid ód theagasg, a Mhuire;
is mairg slógh nach seachain th'fheirg;
tú an tóir is tinne 'n-a leanmhain,
a thinne óir dhealbhuigh dheirg.



An tír séaghainn ar iocht t'aoinmhic
ann fa-ríor ní roibhe ar gcuid;
fearta a-nuas do-niad do mharcaigh
is iad tuas 'n-a ndaltaibh dhuid.



Maitheamh dhúinn a ndeachaidh thorainn
- trócar thusa, a thaobh mar bhláth -
an cíoch 's an nús ad-ibh Íosa;
sir i dtús an chíosa ar chách.



A inghean Anna agus Iaichim,
a ór bruinnte, a bhéal mar shuibh,
mac Dé bhí do bhí dá ghuidhe
do bhí sé, a Mhuire, ar do mhuin.



A dhealbh na Tríonóide, tabhair
teagasg damh do dhíol mo chás;
nocha mbia tréan ris nach tiocfa,
is lia ná an féar th'fhiorta ar ás.



Bí leam, ná lean ar mo dhíomas,
a dhealbh Eoin Bhaisde as bheo lat;
nocha sgéal sgeoil ag gach dhuine
tréan Eoin, a Mhuire, ar do mhac.



A dhealbh Mhíchíl, meise chugad;
cuir dá-ríribh riom do chaoin;
géma dú tagra ní tarbha
's tú ag agra anma gach aoin.



A Phádraig, a phríomhfháidh Éireann,
ainic sinne, saor gach neach;
duit as dú feitheamh ar bhfátha,
tú ar mbreitheamh brátha ar an mbioth.



Orduigh dhamh díochur mo chiontadh,
a Cholum Cille, a chré ghlan,
a choillbhile úr ós fheadhaibh,
mún oirbhire deamhain damh.


L. 354


A Chríosd, a cheann gacha pobail,
dom peacuibh thall tabhair th'úidh;
a chneas glan do fhóir an uile
an chóir dhamh a Mhuire múin.



Múin.



B 1631ls 17T
GOD'S PACT WITH US.



Olc an connradh, a chlann Ádhaimh,
- slóigh na cruinne ciontábhaidh
gan é go hurlamh oirne -
cunnradh Dé 'n-ar ndeaghaidhne.



Luach an chrú ar ar cheannuigh sinn
ní fhaghann - olc an oirchill!
móide cóir Dé 'n-ar ndeaghaidh
ar fhóir sé dar sinnsearaibh.



Tugumar an tlacht neamhdha
i n-íoc aithne an Tighearna;
feall ar a hathair d'Éabha
gearr gurbh fhachuin aithmhéala.



I dtigh Dé ní dheachaidh fear
ag caitheamh na gcúig n-aimsear;
gur fhás Muire nír mhithidh
cás na n-uile d'fhóirithin.



Is uille ná íoc an chroinn
gach turbhaidh a-tá chugoinn;
ní bhiadh dá mbeath mar do dhligh
leath ag Dia ris na daoinibh.



Ón dílinn - dia do ghábhadh! -
téid ochtar ón iombádhadh;
do agaill d'uaim na háirce
a bhfuair aguinn ionpháirte.



Gá beag dá mealladh meise
is é an t-anam m'inneise;
mar tá ar a lár a-tú as-toigh;
an chnú nach lán ar samhail.


L. 355


Tar ceann an chinidh dhaonna
re haighneas ní hiontaobha;
ar ghuth Muire a-tá toradh
lá na n-uile amhlobhar.



Ní chreidid Íobhail gurbh eadh
maighdean máthair an Choimdheadh;
breith oidhir Dé mar dearar
is doiligh é d'éileaghadh.



Do ghabh ó Ghaibhrial aingiol
inntinn nacharbh éadaingion;
ní dhearna neamhógh dhí ag dul
an rí i meadhón a mháthar.



'Na teinnrioth a-tá an chruinne,
coimhling aice is aguinne;
ní bhiam a-bhosain i bhfad
ní fosaidh an triall thánag.



A-tá ar dteach gan turadh;
is easbhach ar n-áthughadh
mé do choirmfhiuchadh an chuil
is froighfhliuchadh é ar m'anmain.



Na toruidh thuiteas d'fheadhuibh
'n-a mbun bhíos a ngeineamhuin;
sgrios na gciontadh nír chás damh
go fás iompadh 'n-a n-ionadh.



Re hÍosa is ionráidh dá chloinn
cló 'gar cuireadh 'n-a dhearnoinn:
"slóigh an domainse tre dhís
do chóir thoruibhse théighdís."



d'éis na croiche dar cheannuigh sinn
do-chuaidh síos ar chreich Ifrinn
ar réirne do-roighne sibh,
a Choimdhe, ar n-éirghe it aighidh.



Ainic mé, a mheic na hóighe,
cách lat an lá thionóile
madh áil meise ná meadhaigh
dod láimh dheisse, a Dhúileamhain.


L. 356


Dá mbeise ag buain do thighe
dhínn i ndeireadh mh'aimsire
do bhádar daoine a-tá as-tigh
lá na hÁoine got oighidh.



Dod bhreith féin - ní foláir dhuit -
a Thighearna, a-tá th'éaruic;
do-ní mé don óigh aighne
cóir, a Dhé, dá ndearnoimne.



A Spiorad Naomh - naomhdha an bhail -
id mhac tú agus tú it athair;
is creidthe thú i dtrí rannaibh;
ní bhí an chnú 'n-a codchannaibh.



A Thighearna na dtrí slóg,
do bhí - nír bheag dar n-iompód -
an tann do fromhadh an bhfuil
an domhan 'n-a charn críonuigh.



I n-uair agra na ndaoine
Muire ag meas a míghníomha;
mór dochar na gcló, a Choimdhe,
mó sochar ar seathoirne.



Cóig cneadha 'n-ar coisgeadh fuil
go ló an bhráith biaid oruibh;
dáil do chrú ní hé áirmhe
acht tú, a Dhé, 'n-ar ndeaghaidhne.



Rabhadh ó rígh na cruinne
d'éis a chéile chuguinne
taise 'n-ar gcroidhe nír chuir
taise ar-oile ar ar n-aghuidh.



Dá bhfaghthar lá a leicthe a-mach
na cionta nír chóir d'fholach,
go nochtuimne dhíobh 'n-a dáigh
síodh ar ar n-olcuibhne d'fhagháil.



A ndeachuidh uaidh aithreach lais;
lá an bhráith ní bhiam 'n-a n-éagmhais
na daoine i ndóigh a n-umhla
do fhóir naoidhe Nasardha.


L. 357


Sealbh Parrthais, port na n-aingiol,
fuair siad - fa sealbh éadaingion;
is bean fa-deara a ndíoghal
fear Eabha do haithríoghadh.



Ceard liosda do leigeadh dhamh
fada ó nach fuaras ceangal
ní sguir eagar mar oiltear
ní fheadar chuin ceangoiltear.



A-tá ag an cheard do chum neamh
flaitheas ar nach fuil deireadh;
ní fhuil is ní fhaghuim ann
i muigh thadhuill acht tamall.



Marbhadh na míle leanabh
- téid Íosa ga n-aithneaghadh -
mar inneal ar uan Muire,
truagh milleadh na macraidhe.



Fuair Dia mar do dháil a fhuil
domblas aoi tre fhíon arsuidh;
... fa-deara an deoch shearbh
... Eabha i n-Ifearn.



Do bhádar Íodhail iomdha
láimh le leaba an tighearna;
do feitheadh an lia far luigh
's nírbh fheitheamh ar Dia a dhéanuimh.



Gan tarbha i dtagra rut
olc sinn ag siubhal chugat;
gan bheith ag fleidh nimhe is náir
leibh gach a ndlighe, a dhomhnáin.



Ólc.


L. 358


B 1614ls 17T
GOD'S FAITHFUL SONS.



Tearc oidhre díleas ag Dia,
a oidhre ní díleas dó,
ní bheir ó n-a dhaoinibh Dia;
cia nach naoidhigh cneidh an chló?



Beag bhfaladh an troigh 's an taobh
dá ghoin dá ngabhar re a ndíol;
do bhiadh sé réidh gan a riar
dámadh é ar mian réir an ríogh.


L. 359


Ar n-oighidh Dé do bhí beo
an té do bhí 's an té a-tá;
ní thug neamhógh do rádh ria
Dia ar ar ngrádh i meadhón mná.



Gur daingneadh ionn ar an iul
dar gcionn do tairbhreadh an taobh
do sgoilt sé dar gceann an cíogh
níor bh'é ar ndíon is an gceann gcaol.



Dá bhfagháil do-chuaidh ón chló
san uaigh gin gu hanáir leo;
seachna an bháis ar breith do Dhia
achd gér shia an pháis a bheith beo.



Lá an tiomsuidhthe ní tráth sídh,
is tráth budh ionnsuidhthe an uaimh,
an lásain ní lá dá reír,
ní théigh re grásaibh lá an luain.



Beith gar n-aimhleas is inn faoi
- ní linn dar saidhbhreas achd sé -
féaghthar munba réidh an rí
an fa a ní féin éarthar é.



Trom dochar a bhuime ón bhrón
gidh truime a sochar dá síol;
do-gheibhthear lé luagh a deor
nach eol d'Uan Dé gan ar ndíon.



Duine gaoil don mhnaoise mé
mo chaoise ó dhá thaoibh nó a trí
re Muire dá bhféaghthaoi faoi;
caoi an duine ní héanchaoi í.



Do íocfadh an chnú nó an chaor
a chrú is ní híocthar mon-uar;
nach iomnáir damh gan a dhíol
's go ngabh síodh nach ionráidh uam?



Tiocfa a-nall d'iarraidh a fhiach
gan diamhair ann ar a fhíoch;
luagh ar dhéir ní bhí sa bhráth
sí 'n-a tráth féin ó nach fríoth.


L. 360


Mó dochar an ríogh a-rís
a chrochadh - gér ghníomh gan ghaois -
go bhfuair sé a oigheadh dá áis;
coimhshean do pháis é agus d'aois.



Do mhuin deor dúnadh an taoibh
a dhúnadh gin go heol uaim;
ar cneidh na cíghe a-tá tóir
gé shíne a cóir go lá an luain.



M'óige do dhula fa dhlaoi
ní móide a cumha i gclí;
ar gclíne ní cuimhneach lé
d'fuighleach na sé ndíne dhí.



Acht gomadh ál táth an taoibh
is tráth dá rádh ris an rígh;
do cheil sreabh an chréachta an chóir,
ní séanta dhóibh cneadh an chígh.



Fuil do bhall fa lár do leig
nár is do chlann 'n-a dá gcuid
do b'fhiu ar siair ar mbuain a broid
an uair do chroid 'n-a dhiaidh dhuid.



Mo dhréimire an crannsa id chígh
damhsa is do chéilidhe i gcriaidh;
guais an mheadhuighthe an mó dhúin
súil i ló an dealuighthe id dhiaidh.



Fuair sinn d'anáir as a hucht
do ghabháil linn tar gach locht;
ní im báthadh do-chóidh an ceart
achd neart máthar gun óigh ort.



... goire ar ngaoil
an taobh deas gidh oile i n-úir;
do threabhlaitse ó chneidh an chígh
sín sein re deaghfhaicse dhúin.



Ar gceann uidhe ag teachd a-tá
gearr go bhfuighe ceart id chrú;
dlaoi ar t'fholaidh sa bhráth ní bhia
ba Dia i dtráth an toraidh thú.


L. 361


Muire got fheitheamh is Eoin
ar dteitheadh don uile uaibh;
do bhí do chlódh ar a céill
nar í féin an ógh ar th'uaigh.



A bhfuil 'n-a ndeoigh d'fhuighleach th'fhiach
fa dheoigh budh cuimhneach le cách
- ní aithnim dar siair ar síoth -
aithrinn ar t'fhíoch biaidh sa bhráth.



Go gcuire coimhlíon mo chuil
do shoighníomh Muire sa meidh;
ól a cíogh an cumhain libh?
ná sir díol cubhaidh id chneidh.



Nach truagh a éagcruth dá éis
- ar n-éagnach re a ghruadh mar ghrís -
reic do mheic ochta dá áis?
docra an pháis a reic a-rís.



Fríoth ceart, a fhionnMhuire, uaibh
an reacht d'ionghuire ó nár áil;
bean do nighe ar gcean is cóir,
glóir ... as a mbean báidh.



Lór dar lat dom eadráin air
do mhac do theagmháil dod thoil;
cá bríogh is do threise as-toigh
gur dhluigh mo ghníomh meise a-muigh?



A síoth Moire Magh-da-léan
do ghabh le a croidhe do chlódh;
dlighe, a pheacaigh, súil re síodh;
bíodh ar th'úidh gur pheacaigh Phól.



Ol dighe don domblas aoi
- ól chobhras a fhine é -
an cunnradh ar ar ibh í
do bhí ag cungnamh le digh nDé.



Madh buidheach an rí dá réir
fuireach nocha bí ar a bháidh;
grás Dé nocha dtoill 'n-a thruaill
uainn le roinn é dámadh áil.


L. 362


Cóir dar mbráthair féaghain faoi
d'éanfhuil a mháthair is mé;
dá n-eitghear fan éagcóir í
ní héadáil dí a leigthear lé.



Tráth a ghrás do ghabháil liom,
don bhás d'fhagháil ní budh am;
ní fheadar nach é budh fhearr
ní ré ghearr as eagal ann.



Do-chuaidh ar gcúl ribh a fhraoch
gan ghlún ó shin ar a shíoth
is é i gcorcracht na dtrí dtráth
is cách d'fhortacht dí dá dhíoth.



Nír mhaith iadhadh a dhearc dúinn
ceart gin gur hiarradh san uaigh;
ní beag dó dá chora i gcéill
an fhola féin i ló an Luain.



Ól a lachda leanaidh sí
a dalta nach dearaidh mé
ar Íosa is bheith mar do bhaoi
na naoi míosa do fheith é.



Fóir, a Mhichíl, inn ó ar n-olc,
a Mhichíl, cinn ar an gceart;
Lia do shíol na ngrás id ghort
locht ag fás tríom gin gub tearc.



Tearc.



NzzzzzL123


L. 274


B 1640obc 17L
U Fear Flatha Ó Gnímh




2



QUEEN OF HEAVEN



Fear Flatha Ó Gnímh cct.



1. Mo-ghéanar cheanglas cumann bainríoghna
seangbhas ghlainghríobhdha dá gcumam déanamh daighriaghla;
do-ghéan ceangal ar cóir neimhdhíoghla
re hóigh mbinnríoghna nach earradh ainliamhna.



2. Ní mairg do bhual fa a breith dtrócuirigh
Luan an tslóghcuiridh dar mbreith ór mbréigceanaibh;
ceanglam re mnaoi nach deonuigh ar ndíthdeaghail,
ar mbeoluibh íceamhail, ar gcaoi i gcéiteamhain.



3. Cumann ó ríoghain mar í ní fhuaramar
do-chualamar go síodhuigh sí gach síriomadh;
do chionn deich míle is míle naomhainnear
aondaingean dar mbreith san ríghe do-ríneamar.



4. Le rígh na ngrás réidh gion go rabhaimne
budh léir mo bhanaighne ar dhá chás dar gcobhairne
cur díoghla nach éidear 'n-ar n-aghaidhne
daghaighne ríoghna 's a céidfhear dá comhairle.


L. 275


FEAR FLATHA Ó GNÍMH



5. An tí do bhaoi róinn ar an ríochruinne
a chíochbhuime 'n-a hóigh 's 'n-a mnaoi mhórchloinne
do iadh fa chách mar chasadh bhféathloinne
ar n-éanchoillne fa bhláth ar lasar lóchrainne.



6. Ar bhfíon fionn i gcoraidh chófraithe,
ar mionn órchloiche do thoghail nach tárfaithe,
ar ndámh bhinn do bhreith gach aonchluiche
le saorfuithe sinn ar bhreith an bhráthlaithe.



7. Baincheann na n-ógh bhfionn i bhflaitheamhnas
raicheanglas riom 's ní har ór ná ar eichionnmhus,
bean as teachtaire ar mo cheann ón chaithirlios,
as fhearr aithimrios ar mbeartaine i mbreitheamhnas.



8. Gruadha breaca as eisiomláir don fhíneamhain,
leaca mar shídhealaidh gcneisiomláin gclúimhiodhain,
ruisg mar eighreadh, earla mar órfhalaigh,
meanma óghamhail is deighbhean don Dúileamhain.



9. Soitheach do bhraich na dighe diadhachta,
cridhe riaghalta do mhaith ar mórfhalta,
bean nach faidfhéagh ar chách a gcaollochta,
táth na daonnachta, aigéan na hóghachta.



10. Mór budh leigthe le mnaoi maillbhréithre,
eitne na pailmfhéithle i gcnaoi dar gcollbhláithne,
ar n-ortha loghaidhne i ló na hionnráithne,
iomshnáighthe dhó ar a comhairle a combráithre.



11. An laoidhse róinn re seise dar saothairne
don óigh mhaothainnre as treise ar a triathoidhre,
bean nach dingneadh ó dhoras ar ndíochuirne,
ar solas ríochoinnle, ar n-inghean Iachaimne.



12. Ní maoidhte dhamh ar an óigh n-infheabhdha
's a car re tighearna róinn do rolabhra
dá rann déag do dhúthracht ar n-ealadhna
is méad mo cheanfhaghla i dtnúthghort na togharma.
Mo ghéanar.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services