Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Annála Rioghachta Éireann III-VI
Title
Annála Rioghachta Éireann III-VI
Author(s)
Buíon Údar,
Compiler/Editor
O'Donovan, John
Composition Date
1636
Publisher
(B.Á.C.: Hodges Smith and Co., 1856)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AOIS CHRIOSD 1172. Aois Chriosd, mile ced seachtmoghat adó. Brighdéin Ua Cathain comarba Maedóig do écc. Giollu Aedha Ua Muidhin (do muintir Airidh Locha Con) epscop Corcaighe do écc fear lan do rath Dé eissidhe, tuir óighe agus egna a aimsire.
Ticchernach Ua MaoilEóin comhorba Ciaráin Cluana Mic Nóis do écc. Ticchernan Ua Ruairc ticcherna Breifne agus Conmaicne agus fer cumhachta móir fri re fhota do mharbhadh (.i. i Tlachtgha) la Hugó De Laci i fiull agus la Domhnall Mac Annadha Uí Ruairc dia chenél fesin boi imaille friu. Ro díchennadh é leó. Ruccsat a cenn agus a chorp go dochraidh co hAth Cliath. Ro toccbadh an cenn uas dorus an dúine ina scath dhearcc-thruagh do Ghaoidhealaibh. Ro crochadh bhéos an corp fria hAth Cliath atuáith agus a chossa suas.
Domhnall O Feargail toiseach Conmaicne do mharbhadh la muinntir righ Saxan. Maol Maire Mac Murchadha toiseach Muinntire Birn do mharbhadh la hAedh Mac Aenghusa agus la Cloinn Aeda do Uibh Eachdach Uladh. Diarmaid Ua Caedhlaighi do ecc. Maidhm for Chenél nEoghain ria fFlaithbertac Ua MaolDoraidh agus ria cCenel cConaill. Do bertsad ár adhbhal forra tria naemh miorbal De agus Naemh Patraicc agus Naemh Cholaim Cille isa cealla ro oirccsed indsin. Lán chuairt coiccidh Connacht an cethramhadh feacht do tabhairt la Giollu Macliacc comhorba Patraicc agus príomhaidh Erenn co hArdMacha. Mac Gillepscoip taoiseach Cloinne Aeilabra rechtaire Chatha Monaigh do marbhadh la DonnSlebhe Uá nEochadha rí Uladh i fiull. Na slána batar etorra .i. maithe Uladh do mharbhadh DuindSlebhe ind.
Creach fhill la mac Anduidh Uí Ruairc, agus la Saxanachaibh, ar muinntir na hAnnghaile, agus ar Muinntir Megiollgan co rugsat bú agus broid iomdha. Sloigheadh leó doridhisi co hArdAchadh Epscoip Mél gur ro airgset an tír ar medhón, agus do rochair leo Domhnall Ua Fearghail, taoiseach muinntire hAnghaile don chur sin. Seanadh cléireach nErenn la coigeadh Connacht laechaibh cleirchibh occ Tuaim Da Ghuálann im Ruaidhri Ua Conchobhair agus im Chadhla Uá nDubthaigh Airdepscop Tuáma agus tri teampaill do choiseardhadh leo. AOIS CHRIOSD 1173. Aois Chriosd mile, cett, seachtmoghat, a trí. Muiredhach Ua Cobhthaigh epscop Doire, agus Ratha Both, mac oighe, leacc loghmhor, gem gloinidhe, Redla sholusta, cisde taisccedha na hegna, craoph chnuasaigh na canóine, iar ttiodhnacal bidh agus edaigh do bochtaibh agus do aidhilgneachaibh, iar noirdneadh Saccart agus deochon agus aesa gacha graidh, iar nathnuadhughadh eacclus niomdha, iar ccoisreaccadh tempall agus relgeadh, iar ndenamh iolar mainisdreach agus recclés, agus gacha lubhra ecclustacda, iar mbuaidh ccrabhaidh, oilithri agus aithricche. Ro fhaoidh a spiorad do cum nimhi i nDuibhreccles Cholaim Chille i nDoire an 10. lá do Febra.
Do ronadh miorbail mór is in oidhche atbath .i. an oidhche dhorcha do shoillsiughadh o thá iarmeirge co muichdedoil agus an dar leo an bá forrél do na comfocraibhe don domhan baoi sidhe for comhlasadh agus ionnamhail chaoire moire tenedh do eirgi ós an mbaile agus a tocht soirdhes. Ro eirighsed cach uile, uáir andar leó ro ba lá boí ann, agus ro boi amhlaidh sin le muir anoir. Conaing Ua hAénghusa cenn canánach Rosa Cré do écc. Ettrú Ua Miadhachán, Epscop Cluana do écc ina Seandataidh iar ndecchbeathaidh. Cionaedh Ua Ronáin Epscop Glinne Da Locha do écc. Maoiliosu Mac an Baird Epscop Chluana Fearta Brenainn do écc. Maolmochta Ua MaoilSeachnaill abb Cluana Mic Nóis do écc. Creach mór la hAedh Mac Aenghusa agus la Cloinn Aedha. Ro airccsed
trian mór Arda Macha. Ro marbhadh dan an fear íshin i ccionn trí mís iars an orccain sin Arda Macha. Domhnall Breghach Ua Maoilechlainn rí Midhe do marbhadh la mac a athar féin la hArt Ua Maoilechlainn agus la Muintir Laeghacháin i nDurmaigh Cholaim Cille. Giollu MacLiacc mac Ruaidhri comharba Patraicc Príomaidh Arda Macha agus Erenn uile mac oighe lán do ghloine croidhe fri Dia agus fri daoinibh do ecc go fechtnach iar sendataidh tocchaidhe 27, Marta Dia Cedaoin iar cCaiscc is in sechtmadh bliadhain ochtmoghat a aoisi. Agus baoi sidhe se bliadhna décc i nabdhaine Coluim Chille i nDoire ria ccomarbus Patraicc. AOIS CRIOSD 1174. Aois Criosd mile, ced, seachtmoghatt, aceathair. Maoilíosa Ua Connachtáin epscop Shil Muireadhaigh do écc. Maolpattraicc Ua Banáin Epscop Condere agus Dhal Araidhe fer airmhidneach lán do naimhe, do chennsa agus do gloine chroidhe do écc co feachtnach ind hÍ Cholaim Chille iar Seandataidh thoghaidhe. Giollu Mochaidhbeo abb mainisdreach Pettair agus Póil i nArdMacha, Modh treabhor tairissi don Coimdheadh do écc an 31. do Mhárta, Secht- moghat bliadhain a aeis. Flann (.i. Florent) Ua Gormáin airdfer lecchinn Arda Macha, agus Erenn uile, Saoi, eargna eolach is in eaccna dhiadha agus domhanda, iar mbeith bliadain
ar fhichit i fFrancaibh agus i Saxaibh acc focchlaim, agus fiche bliadhan ele ag friochnamh agus ag follamhnacchadh Scol Erenn, atbath co soinmheach is in Cettaóin ria cCaisg iars an Seachtmoghad bliadhan a aoisi. Muirghes Ua Dubhthaigh abb mainistrech Átha Dá Laarcc for Búill do écc. Ruaidhri Ua Cearbhaill tighearna Ele do mharbhadh ar lár Innsi Clothrann. Congalach Ua Coinfiacla tighearna Tethbha do ecc. MaolRuanaidh Ua Ciardha tighearna Cairpri do mharbhadh i mebhail la Gallaibh Átha Cliath, .i. la Mac Turnin, agus la mac Aodha Uí Fhearghail, agus la Ceallach Ua Fiondalláin tighearna Delbna Moire. Fairche Iarthair Midhe do chur le cathair Cluana Mic Nóis do réir cleireach Erenn. Sluaiccheadh las in iarla dindradh Mumhan. Sluaiccheadh ele la Ruaidhri dia himdeghail forro. Ot cualattar na Goill Ruaidhri do thocht is in Mumhain in aires catha friu, ro thochuirsiot Goill Átha Cliath dia saighidh agus ni
ro hairiseadh leo go rangattar go Dúrlas. Tanaic Domhnall Ua Briain agus Dál cCais, agus cath Iarthair Connacht, agus morchath Shíl Muireadhaigh cenmotha dirim deghshluaigh ro faccbhadh las an righ Ruaidhri. Ro figheadh cath crodha eter Gallaibh, agus Gaoidelaibh an du sin, go ro sraoineadh fo deoidh tre nert iommbualta for na Gallaibh, agus ro marbhadh secht ccéd décc do Gallaibh is in cath sin, co nach tearna acht tioruairsi becc beo as in cath sin do
Gallaibh imon iarla. Taed sidhe fo méla dia tigh go PortLairge. Soais Ua Briain dia tigh iar ccosccur. MaelSechlainn Ó Donnagán tighearna Aradh do marbhadh la hUa cConaing. AOIS CRIOSD 1175. Aois Criosd mile, cett, seachtmoghatt, a cúig. An tespoc Ua Briain, espoc Chille Dara do écc. Maoiliosa Mac an Chlerigh Chuirr epscop Uladh, do écc. Giolla Domhnaill Mac Carmuic epscop Uladh do écc. Flaithbertach Ua Brolchain comorba Cholaim Chille tuir eccna agus enigh, fear dia ttuccator cleirigh Eirenn cathaoir epscoip ar a fheabhus agus ar a eaccna agus dia ttarccus comhorbus Iae, do ecc co feachtnach iar ttreablaid toghaidhe i nDuibhrecclés Cholaim Chille, agus Giollu Macliacc Ua Branáin do oirdneadh ina ionadh is in abbdame. Maidhm for Cenel nEnda ria nEachmarcach Ua cCathain agus ria Niall Ua nGairmleadhaigh agus ár mór do cor forra. Maghnus Ua MaoilSeachluinn ticcherna Airthir Midhi do chrochadh la Gallaibh iar ffealladh fair in Áth Truim.
Domhnall Caemhánach mac Diarmada Ri Laighen do marbhadh la hUa Foirtchern agus la hUa Nualláin i ffioll. Mac Domhnaill mic Donnchadha ticcherna Ossraighi do mharbhadh i meabhail la Domhnall Ua mBriáin. Tadhg mac Ferghail Uí Rúairc do mharbhadh. Diarmaid mac Taidhg Ui Briain agus Mathghamhain mac Toirdhealbhaigh Ui Bhriain do dhalladh (.i. ina tigh budéin i cCaislén Uí Conaing) la Domhnall Ua mBriain agus Diarmaid do écc iarttain. Agus Mac an Leithdercc Ui Choncobhair .i. Mac Ui Concobhair Corcmodhruadh do mharbhadh bheos la Domhnall is in ló cedna.
Sluaicchedh la Ruaidhri Ua cConcobhair la Righ Ereann i Mumhain. Roionnarb Domhnall Ua mBriain a Tuadhmumhain agus ro mhill an tír go mor don chur sin. Conchobhor Mac Concoille abb Recclésa Poil agus Pedair, agus comorba Patraicc iarttain do écc hi Roimh iar ndol do accallaimh comhorba Pettair. Giolla Coluim Ua MaolMuaidh ticcerna Fer cCeall do marbhadh la Ruaidhri mac Concobhair Még Cochláin tre meabhail. AOIS CRIOSD 1176. Aois Criosd, mile, céd, seachtmoghad, asé. Fabhar agus Ceanannus do fhasughadh do Ghallaibh agus do Uibh Briuin. Lughmhagh do fhasughadh do Saxaibh. Niall mac Mhéc Lochlainn do mharbhadh la Muinntir Branáin (.i. Dál mBuinne).
Ingen Ruaidhri Ui Concobhair (.i. ri Ereann), ben Fhlaithbertaigh Ui Maoildoraidh do mharbhadh la macaibh Ui Chairelláin. Benmidhe inghen Donnchadha Uí Cherbhaill, ben Chonmhaighe Ui Flainn, bainticcherna Ua tTuirtre agus Fher Lí do écc. CúMaighe Ua Flainn ticcherna Ua tTuirtre, Fher Lí agus Dal Araidhe do mharbhadh la CoinMidhe la a bhrathair fén, agus la Feraibh Lí. Saxain do ionnarbhadh do Domhnall Ua Bhriain a Luimneach tria forbhaisi do denamh dhó forra. Caisdiall Gall gá dhenamh i cCenannus. An tIarla Saxanach (.i. Riocard) do écc in Áth Cliath do bainne aillsi ro gabh ar a chois do miorbailiph Bricchde Cholaim Chille agus na naomh archena isa ceallu ro milleadh laiss. At connairc siumh féisin Brighit andarlais ag a mharbhadh.
Caislen Sláine i raibhe Riocard Flemeann co na sluagh, as ro bás oc milleadh Oirgiall agus Ua mBriúin agus fher Midhe do orccain la Maoileachlainn mac Meclochlainn la ticchearna Cenel nEoghain, agus la Cenel nEoghain budhén agus la hAirgiallaibh. Ro marbhsat cúicc cett no ní as uille do na Gallaibh la taebh ban, leanamh agus each co ná terna duine i mbethaidh as in ccaisdiall. Ro fasaighte tri caistteoill im Midhe ar nabharach ar uamhan Cenél nEoghain .i. caistiall Cenannsa, caisslen Calatroma agus caislen Doire Pattraic. Riocard Flemenn fein do marbhadh don chur sin. Baile biataigh do iodhbairt la Ruaidhri Ua Concobhair Ri Ereann don Coimdhedh agus do Naoimh Bearach go brath .i. baile Tuama Achadh. Itiad Slana na hogh-dhilsi go brath. Cadhla Ua Dubhthaigh airdepscop Tuama, Aireachtach Ua Roduibh, Flann Ua Fionnachta, Aodh Uá Floinn, Ruarc Ua MaoilBreanainn, Ignaidhe Uá Mannachain, Giollu an Coimdhedh Mac an Leastair, Ua hAinlighi, agus Concobhar Mac Diarmada, a ccoraigheacht an baile sin do beith ag Dia agus ag Bearach go brath ó Ua cConchobhair agus o fhior a ionaid. Domhnall mac Toirdealbhaigh Uí Concobhair ticcherna thuaiscceirt Con- nacht, ordan, Smacht agus deghchomhairle na nGaoidheal do écc, agus a adhnacal i Maigh Eo na Saxan. Domhnall mac Toirdhealbhaigh Uí Bhriain rioghdamhna Mumhan do écc.
Domhnall Ua Máilli tighearna Umhaill do écc. Diarmait mac Corbmaic Még Carthaigh ri Desmumhan do ghabháil la a mhac fein Corbmac Liathanach agus Corbmac do mharbhadh hi ffiull la a mhuintir budhein agus Diarmait do ghabháil a tighearnais iaram. Domhnall Mac GiollaPatraicc tighearna Osraighe do écc. Aodh mac Giollabroidi Ui Ruairc do écc. Domhnall mac Giolla Patraic tighearna Cairpre Ua cCiardha, do marbhadh i ffiull dUa Maoilechlainn (.i. Art), agus Art do aithrioghadh la fearaibh Midhe, agus righe (no ticcearnus) do thabhairt do Dhonnchadh Ua Maoilechlainn agus Flann a mhac do mharbhadh la Cairpre Ua cCiardha. AOIS CRIOSD 1177. Aois Criosd mile, cétt seachtmoghat, a seacht. Uiuianus cardinal do theacht i nErinn. Seanadh cleireach Erenn do beith ettir epscopaib agus abbaibh iman ccardinal in Ath Cliath an ced Domhnach don Corgus agus ro chinnsed deithide iomdha ná comhailtear. Aedh O Nell .i. An Macaomh Tóinleascc ticcherna Cenel nEoghain re headh agus Rioghdhamhna Ereann do mharbhadh la Maoileachlainn Ua Lochlainn agus la hArdghal Ua Lachlainn agus Ardghal feisin do chomhthuitim la hUa Nell ar an lathair sin. Sluaicchedh la Iohn Do Cuirt agus las na ridiridhibh i nDal Araidhe agus co Dun
Da Lethghlass. Ro marbhsat Domhnall mac mic Cathasigh ticcherna Dál Araidhe. Ro hoircceadh agus ro milleadh Dun Da Lethghlass la Iohn agus las na
ridiribh tainic i na shochraide. Do ronadh dona caislen leó ann as a ttugsad maidhm fo dhí ar Ultaibh, agus maidhm for Cenél Eoghain agus for Airgiallaibh airm in ro marbhadh Conchobhor O Cairealláin toiseach Cloinne Diarmada agus GiolluMacLiacc Ua Donngaile toisech Fher nDroma. Ro gonadh ann bheos Domhnall Ua Flaithhbertaigh do shoighdibh gur ba marb é iaramh do na gonaibh sin i recclés Póil in ÁrdMacha iar ccaithemh cuirp Criosd agus a fhola, iar nongadh agus aithricche. Ro marbhadh dona maithe iomdha aile leó cenmothaitsidhe. Táinic Iohn Do Cúirt co na sochraidi an feacht cedna i nUibh Tuirtre agus i fFeraibh Lí. Ro loiscc Cúmidhe Ua Flainn Airthear Mhaighe remhe. Ro loisccset dona Cul Rathain agus ceallu iomdha oile. Niall Ua Gairmleadhaigh ticcherna fher Maighe hIthe agus Cenél Enda do mar-
badh la Donnchadh Ua cCairealláin agus la Cloinn Diarmada ar lár Dhoire Cholainn recte Cholaim Chille ar ro loiscceadh teach fair cetus agus terna Niall amach ass agus ro marbhadh i ndorus an ticche iarttain. Da roine doná Donnchadh Ua Cairelláin oghsíth fri Dia fri Colaim Cille agus fri muinntir Dhoire annsin tar a cenn fén agus tar chenn a shleachta .i. a mhainchine fen, a mhec, a ua, agus a iarmua tria bithe do Colaim Chille agus do muinntri Dhoire. Ro iodhbair doná baile biataigh i ffarradh Domhnaigh Mhóir dhóibh. Do rad dóibh bhéos Mac Riabhach .i. corn as ferr boi i nErinn is in aimsir sin i ngioll tri fichit bó. Do ronadh imorra teach don cleireach i nionad an tighe ro loiscceadh uadha for Ua nGairmleadhaigh. Ro hiocadh uile friss gach ar loiscceadh imbe. Do radsat Clann nDiarmada uile lórgniomh tar a ccenn fen uatha. Murchadh mac Ruaidhri Ui Concobhair do breith Mile Coca co na ridiribh lais go Ros Commain do milleadh Connacht ar ulca fri Ruaidhri. Ro loisccsed doná Connachtaigh fo cedoir Tuaim Do Gualann agus ceallu an tire ar chena ar na hairisdís Goill inntibh. Ro chuirset iarttain maidhm fors na Gallaibh agus ró diochuirset ar éccin as an tír iatt. Ro dhall Ruaidhri a mac Murchadh i ccionadh an turais sin.
Maidhm for Ua Maoildoraidh agus for Cenel cConaill ria cConcobhor Ua cCairealláin áit in ro marbhadh ár Cenél Enda im mac Ui Searraigh agus im maitib iomhdha archeana. Domhnall Ua hEaghra ticcerna Luighne do écc. AOIS CRIOSD, 1178. Aois Criosd mile, céd, seachtmogat a hocht. Bachall Choluim Mic Luighdheach do bheith acc iomacallamh re na chleireach fein co fiadhnach. Domhnall Ua Foccarta epscop Osraighe do écc. Giollu Criosd Ua hEothaidh epscop Conmaicne do écc. Concobhar mac Conallaigh Ui Luinigh do gabháil toisigheachta Cenéil Moen agus Domhnall mac Domhnaill Ui Gairmleadhaigh do ionnarbhadh a Maigh Ithe i nInis Eoghain do chum Donnchadha Uí Dhuibhdhiorma. Cenél Moién i ccionn ráithe iaramh do chur Concobhair mic Conallaigh a toisigheacht, agus a ccennus do thabhairt do Dhomhnall mac Domhnaill Ui Gairmleadhaigh. Muinnter Domhnaill .i. mac Giollu Caech Uí Ederla agus Uí Flannagáin do mharbhadh Concobhair mic Conallaigh i ttoigh Domhnaill feisin i meabhail ar comairce aircinnigh na hErnaidhe boi ina farradh an tan sin. Ro ionnarbsat iaramh Cenél Moáin Domhnall Ua Gairmleadhaigh
a toisigheacht agus tugsat Ruaidhri Ua Flaithbertaigh i ccennus foraib. Meabhal do dhenamh la tribh macaibh Ui Fhlaithbertaigh for Cenél Moáin. Domhnall mac Domhnaill Ui Ghairmleadhaigh do mharbhadh leo, agus Ticchernan mac Raghnaill Mic Domhnaill agus ochtar do mhaithibh Cenél Moáin immaille friu. Raghnall mac Eachmarcaigh Uí Chatháin do mharbhadh la Cenél Moáin a ttosach an tsamhraidh sin cona ina dhioghail sidhe do rochair Galach Ua Luinigh agus Muircheartach Ua Peatain, agus as na dioghail bheós do ronadh in meabail remraite for Cenél Moáin. Gaeth mor is in mbliadhain si. Ro lá fiodhár, Ro trasccair railghe. Ro trasccair doná sé fichit crann i nDoire Colaim Cille. Iohn Do Cuirt co na allmurchaibh do theacht co Machaire Chonaille, do ronsat oirccne ann. Badar oidhche longpuirt i nGlionn Righe iaramh. Do bert
Murchadh Ua Cerbaill ticcherna Oirgiall agus Cu Uladh Mac Duinnslebhe .i.Rí Uladh fuabairt biodhbhadh forra gur ro marbadh agus gur ro bádhadh ceithri céd co leith díobh. Torchratar céd do na Gaoidhealaibh i friothghuin an chatha im Uá nAinffeth tighearna Uá Méith Macha. Tainic Iohn Do Cuirt iar ttrioll do orccain Dál Araidhe agus Uibh Tuirtre. Tucc doná Cumidhe Ua Flainn ticcherna Ua tTuirtre agus Fher Lí deabhaidh dosomh
co na Ghallaibh isuidhe. Ro meabhaidh forra. Ro cuir a nár tria mhiorbhailibh Patraic, Coluim Cille agus Brenainn. Ocus tearna Iohn fein ar eccin as co creachtnaighthe co rainic co hAth Cliath. Constapla righ Saxan i nAth Cliath (.i. Hugo), agus i nAirther Midhe co na shochraide do thocht go Cluain Mic Nóis. Ro airgsed an baile acht na tempaill agus ticche an eapscoip. Do roine Dia agus Ciarán miorbaile foillsi forra, uair ni ro chumhaingsed tathamh no tionabhradh do dhenamh gur ro élaidhsed a Cuirr Cluana arabhárach. Abann na Gaillme do tracchadh fri re laithe aicenta. Na huile aidhme ro báidhid innte ó chen co na hiascc do thionól la lucht an dúin agus an tiri i ccoitcinne.
Maidhm ria nArt Ua Maoilechlainn, agus ria nUibh Failghe, agus ria nGallaibh for Dhelbhna Eathra, agus for Mhaoileachlainn mBecc, agus for dreim do feraibh Tethbha dú in ro marbhadh Muireadhach mac an tSionnaigh. Aodh Ua Flaithbertaigh ticcherna Iarthair Connacht do écc i nEanach Duin. Amhalgaidh Mág Amhalgaidh do marbhadh la Siol nAnmchadha. MaelSechlainn Becc Ua Maoilechlainn do gabháil tighe for Art Ua Maoileachlainn, agus Art do téarnudh as, agus Flann mac Még Amhalghaidh taoiseach Calraighe do marbhadh ann la Maelsechlainn.
AOIS CRIOSD 1179. Aois Criosd mile, céd, seachtmoghat, a naoi. Tuathal Ua Connachtaigh epscop Tíre Briuin Colmán Ua Scannláin aircinneach Cluana, Giollu Domhnaigh Ua Forannáin aircinneach Arda Sratha, agus Maelmaire Mac Giollu Colmain Secnap Arda Sratha do ecc.
Ard Macha do losccadh ettir templaibh agus recclesaibh acht reccles Bricchde agus Teampall na fFerta namá. Cealla Tire hEoghain o slébh bud des do fholmughadh tre coccadh agus comhfhuachadh, terce agus dochmataid. Ua Ruadhachán ticcherna Ua nEachdach do écc do ghalor tri noidhchi iar na ionnarbadh tré shárucchadh Canóine Patraicc dó gar roimhe. Sídh do dhenamh do Dhonnchadh Ua Cairealláin agus do Cloinn nDiarmada uile la Cenél Móen agus la hUa nGairmleadhaigh, Amhlaibh mac Menman derbhrathair sidhe mná an Donnchaidh remraite. Ba hann ro naidhmsed a sídh re aroile i teampall Arda Sratha fo mionnaibh na heaccailse ísin, Domhnaigh Móir agus na hErnaidhe. Tainic doná Ua Gairmleadhaigh .i. Amhlaoibh ar na mharach do cuingeadh tuilleadh slána co teach Donnchaidh Ui Chairealláin. Ro marbhadh somh fo cedóir ar lár an aireachta a ndorus an tighe i ffiadhnaisi a derbhsheathor .i. ben Donnchadha. Ro marbhadh bheós triur dia muinnter i maille friss, .i. Cionaedh mac Airt Uí Bhracáin, agus mac Giollu Criosd mec Corbmaic mec Reodáin .i. derbh chomhalta Donncaidh Ui Chairealláin. Ardsratha, Domhnach Mor, an Earnaidhe ....... do fholmhughadh la feraibh Maighe hIthe.
Cóicc tighe ar céd do losccadh hi cCluain Mic Nois hi ffoghail. Cluain Ferta Brenainn co na templaibh do losccadh. Lothra, Ardfearta Brenainn, Caisiol, Tuaim Da Ghualann, Dísert Ceallaigh, CeallMedhóin agus Balla, iaidsidhe do losccadh uile. MaelSeachlainn Ua MaoilMiadhaigh taoiseach Muinntire hEolais do ecc. Iomhar Ua Cathasaigh tighearna na Saithne do ecc. Maoileachlainn Riabhach O Seachnasaigh ticchearna leithe Chenel Aodha do marbhadh la mac Donnchaidh Í Chathail. AOIS CRIOSD 1180. Aois Criosd mile, céd, ochdmoghatt. Lorcan Ua Tuathail .i. Labhras airdespoc Laighen agus legaitt na hEreann do martradh hi Saxain.
MacRaith Ua Daighre aircinneach Doire do ecc. Raghnall Ua Cairealláin do mharbhadh la Cenél Moaín i neneach Cholaim Chille for lár Doire Colaim fadhein.
Donncadh Ua Cairealláin do mharbhadh la Cenél cConaill i ndíoghal a mheabhla ar Ua nGairmleadhaigh tre miorbailibh na naemh isa heneach ro sharaigh. Aindiles Ua Dochartaigh do écc i nDoire Cholaim Chille. Cath na cConchobhor, .i. Concobhor Maenmhaighe mRuaidhri Ui Chonchobhair agus Concobhar Ua Ceallaigh (.i. tighearna Ua Maine) dú i ttorchair Concobhor Ua Ceallaigh, Tadhg a mhac, a dherbhrathair Diarmaid, agus Maoilseachlainn mac Diarmada Ui Cheallaigh, agus mac Taidhg Ui Concobhair (.i. Tadhg). Muirghes Ua hEdhin tigherna Ua bhFiachrach Aidhne do mharbhadh la feraibh Mumhan. Carrghamhain Ua Giolla Ultáin taoiseach Muinntire Maoil tSionna do mharbhadh la hAedh Mac Carrgamhna i nInis Éndaimh for Morloch. Domhnall mac Taidhg Uí Chinnéidigh tighearna Urmhumhan do éc.
MaolMuire Mac Cuinn na mBocht primhshenóir Ereann do écc. Aodh Ua Caithniadh, tigearna Iorrais do marbhadh la hUa cCeallachain hi ffiull hi cCill Chomáin. Amhlaibh Ua Toghda taoiseach na Brédcha, do marbhadh la hUa nGaibhthecháin taoiseach Mhaighe hEleg. Murchadh Ua Lachtna taoiseach an Dá Bhac do bhádhadh ilLoch Con. AOIS CRIOSD, 1181. Aois Criosd mile, ced, ochtmoghatt, a haen. Dungal Ua Caellaighi espoc Leithglinne do écc. Maolmuire Ua Dunain abb Cnuic na Sengan hi Lughmagh do écc. Maolciarain Ua Fiodhabhra comarba Ciarain do écc. Cathraenedh ria fFlaithbhertach Ua MaelDoraidh ticcherna Cenel cConaill for macaibh righ Connacht Satharn Cinctidhisi dú in ro marbhadh se meic décc do clannuibh ticchernadh agus toiseach Connacht la Cenél cConaill co sochaidhip oile do shoerclannaibh agus doerclannaibh immaille friú cenmotháidsíde. Ro chuirsett Connachtaigh fo daoire dhóibh fri ré imcén iarsan cath sin. Cath Criche Coirpre ainm in catha sin.
Iar naraile liubar itiatt na meic riogh torcratur la Flaithbhertach is in cath remráite, Brian agus Maghnus dá mhac Toirrdhealbhaigh Moir, agus Maolruanaigh, dá mac ele Aodha Í Chonchobhair. Do rochair beos Aodh mac Conchobhair Ui Cellaigh, agus GiollaCríst mac MegOireachtaigh Uí Rodhuibh, Eachmarcach Ua Muiredhaigh, Donnchadh mac Briain Luignigh Ui Concobhair, Cucuallachta mac Muirchertaigh Uí Concobhair, tri hUí Maoilbrenainn, dá Mac Giollabuidhe agus Aodh mac mic Aodha mic Ruaidhri, agus sochaidhe ele do shaerclannaibh. Sloicchedh la Domhnall mac Aedha Mhéc Lachlainn agus la Cenel nEoghain Telcha Óg i nUltoiph. Ro mheabhsatt for Ultoiph, for Uibh tTuirtre agus for Fheraibh Lí, im Ruaidri Mac DuinnSlebhe agus im ChoinMhidhe Ua Flainn. Sluacch la feraibh Maighe hIthe im Ua cCathain Eachmarcach agus im Cenel mBinigh Glinne co rangadar tar Tuaim. Ro airccsed Fir Lí agus Ua tTuirtre uile. Ruccsat ilmile do buaibh. Tomaltach Ua Conchobhair do oirdneadh i ccomhorbus Patraicc. Cuairt Chenél Eoghain do thabhairt laiss, do bert a reir uaidhibh agus ro fhaccaibh bennachtain.
AOIS CRIOSD, 1182. Aois Criosd mile, ced, ochtmhoghatt, adó. Aodh Ua Caellaighi espoc Airghiall agus cend canánach Ereann do écc. Domnall Ua hUallachain airdespoc Mumhan do écc. Sluaicchedh la Domhnall mac Aedha Ui Lachlainn go Dún Bó i nDáil Riada. Do rad som cath do Ghallaibh is in dú sin. Ro meabhaidh for Cenél nEoghain. Ro marbhadh ann dna Raghnall Ua Breislén, Giolla Criosd Ó Catháin co sochaidhiph oile i maille friu, Ruccsat Soiscela Martain leó don chur sin. Brian mac Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain do mharbhadh la Raghnall Mac Commara Bicc tre meabhail. Aodh Mac Carrgamhna taoiseach Muinntire Maoiltsionna do marbhadh la Giolla Ultáin Mac Carrgamhna. Murchadh mac Taichligh Uí Dubhda, do marbhadh la Maoilseachlainn Ua Maolruanaidh. Amhlaibh Ua Ferghail do ghabhail taisighechta na hAngaile, agus Aodh do innarbadh. AOIS CRIOSD, 1183. Aois Criosd mile, ced, ochtmoghatt, atrí. Ioseph Ua hAodha Epscop Ua cCeinnselaigh do écc. Bec Ua hEghra ticcerna Luighne Connacht do marbhadh la Conchobhar ua Diarmata mic Ruaidhri ar Loch Mic Feradhaigh ina thigh fein tre meabhail.
Do rala deabhaidh etter Ua Flaithbertaigh (An Giollu Riabhach) agus mac Ui Ghairmleadhaigh. Ro marbhadh Ua Flaithbertaigh is in iomaireacc sin agus drong mór do Cenél Moain. Ferghal mac Amhlaibh Ui Ruairc do marbhadh la Lochlainn mac Domhnaill Ui Ruairc. Giollaultáin Mac Carrghamhna taoiseach Muintire MaoiltSionna do mar- bhadh la macaibh Ui Bhraoin agus la macaibh an tSionnaigh Ui Chatharnaigh go ccuiccear ele a maille fris. AOIS CRIOSD, 1184. Aois Criosd mile, ced, ochtmogatt, a cethair. Giolla Iosa Ua Maoilin Epscop eisidhe do écc. Brian Breifnech mac Toirrdhelbhaigh Ui Conchobhair do écc. Maoiliosu Ua Cerbhaill do oirdnedh i ccomhorbus Patraic ier na fhaccbháil do Thomaltach Ua Chonchobhair. Art Ua Maoileachlainn ticcherna Iarthair Mhide do mharbhadh i meabhail la Diarmait Ua mBriain .i. mac Toirrdhelbhaigh tria forcongra Ghall, agus Maoilseachlainn Beacc do ghabháil a ionaidh, agus maidhm do sraoineadh lais a ccionn trí lá forsan Diarmait cédna du in ro marbait ile im mac Mathghamhna Í Briain. Caislén do cumhdach la Gallaibh i cCill Áir. Caislén oile do orccain la Maoilseachlainn agus la Conchobhor Maenmaighe Ua cConchobhair. Ro marbhadh drong mhór do Gallaibh ann. Dech tticche fichet do roighnibh cumhdaighthi Arda Macha do orgain la Gallaibh Midhe. Mainistir Easa Ruaidh do edhbairt la Flaithbertach Ua Maoldoraidh ticcerna Chinél cConaill do Dhia agus do Naoimh Bernard do raith a anma.
Cendfaoladh Ua Gráda, comorba Cronáin Tuama Gréne do écc. Niall mac an tSiondaigh Ui Chatharnaigh do écc. Amhlaibh mac Ferghail Ui Ruairc ticcerna Breifne do marbhadh a ffiull la Mag Raghnaill. Domhnall Ua Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail do écc hi cConga Féichín. Ferghal Ua Raghallaigh do mharbhadh hi ffiull la Maeilechlainn Ua Ruairc. AOIS CRIOSD, 1185. Aois Criosd mile ced ochtmoghadh a cúig. Maoiliosu Ua Muireadhaigh fer lecchinn Doire Cholaim Chille do ecc iar Sendataigh thoghaidhe. Pilib Unserra co nGallaibh uime do beith in ArdMacha co cenn sé laithe cona noidhchibh i medhon Corghais do shonnradh. Giollu Criosd Mac Cathmaoil ard taoiseach Cenél Fearadhaigh agus na cClann
.i. Clantt Aengusa, Clann Duibhinnreacht Clann Fhógartaigh, Ui Cennfoda, agus Clann Collu do Fearaibh Manach, cenn comhairle Tuaiscirt Ereann do mharbhadh la hUa nÉccnigh agus la Muinntir Chaomháin, agus a chenn do bhreith leó go ffríth uatha i ccionn miosa iarttain. Maoilsechlainn mac Muircheartaigh Uí Lachlainn do mharbhadh lá Gallaibh. Maoiliosa Ua Dálaigh ollamh Ereann agus Alban ard taoiseach Corcaraidhe agus Corcadain, Saoi oirdherc ar dhán, ar eneach agus ar uaisle do écc i cCluain Ioraird oca oilithre. Mac rígh Saxan .i. Seon mac an dara Henri do theacht i nErinn lucht trí fichit long do ghabháil a righe. Ro gabh AthCliath agus Laigin. Do roine caisdiall oc Tioprait Fhachtna agus occ Ard Fíonáin. Ro airg Mumha esdibh. Ro bhris tra
Domhnall Ua Briain Maidhm ar Ghallaibh mic righ Saxan. Ro chuir a nár. Do dheachaidh dna mac righ Saxan tairis inunn iarttain do chosaoid Hugo DeLatii re a athair, uair asé Hugo ba forlamhaigh a hucht rígh Saxan ara chionn in Erinn, agus nír léicc cíos na braighde chuigesiumh ó righraidh Ereann. Comhthoccbháil coccadh do fhás i cConnachtaibh edir na rioghdhamhnaibh, .i. ettir Ruaidhri Ua Conchobhair agus Conchobhar Maenmaighe, mac Ruaidhri, agus Conchobhar Ua Diarmada, Cathal Carrach mac Conchobhair Maonmaighe, agus Cathal Croibhdearg mac Toirrdhealbhaigh, ro marbhadh sochaidhe etorra. Do roine Ruaidhri agus a mac sídh las na huaislib ele iarttain. Iarthar Connacht do losccadh taighibh, templaibh la Domhnall Ua mBriain agus la Gallaibh. Cathal Carrach mac Conchobhair Maonmaighe mic Ruaidhri do losccadh Chille Dálua taighibh, templaibh tar a neisi, tucc a seótta agus a maoine leis. Tuadhmhumha bheós do mhilleadh agus dorccain lá Conchobhar Maonmaighe mac Ruaidri agus la Gallaibh. Na Goill feisne do theacht leis co Ross Commain, agus mac Ruaidhri do thabhairt tri míle do bhuaibh dóibh i ttuarastal. Amhlaoibh Ua Muiredhaigh epscop ArdaMacha agus Chenél Feradhaigh lochrann solusta nó soillsiccheadh tuath agus ecclas décc, agus Foghartach Ua Cearbhalláin do oirdnedh ina ionadh. Diarmaid Mag Carthaigh tighearna Desmumhan do mharbhadh la Gallaibh Corcaighe. Domhnall Mac Giolla Pattraicc tighearna Osraighe do écc. AOIS CRIOSD, 1186. Aois Criosd, mile, céd, ochtmogad, asé. Maolcallann mac Adaim Mic Cleircein epscop Cluana Fearta Brenainn do écc. Domhnall mac Aodha Uí Lachlainn do chor a flaithes, agus Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh doirdneadh lá druing do Chenél Eoghain Thealcha Ócc.
Conn Ua Breisléin (.i. taoiseach Fánat) caindeal einigh, agus ghaisccedh thuaiscirt Ereann do mharbhadh la mac Mic Lachlainn, agus lá dréim do Chenél Eoghain, agus Inis Eogain dorccain fó a bhithin gion go raibhe cion doibh ann. Giolla Pattraicc Mac An Ghiolla Chuirr toiseach Ua mBranáin do mharbhadh lá Domhnall Ua Lachlainn tré erail Muintire Branáin fódhéin. Ruaidhri Ua Conchobhair do ionnarbhadh i Mumhain la Conchobhar Maonmaighe lá a mhac bhúdéin. Connachtaigh do mhilleadh etorra dibhlinibh, agus tuccadh é dia thír do ridhisi tre chomhairle Shil Muiredhaigh, agus do radatt triocha céd dferann dó. Hugo DeLatii Malartach agus díscaoilteach ceall niomdha ticchrena Gall Mide, Breifne, agus Airghiall. As dó dna do beirthi cíos Connacht. As se ro gabh ermhor Eirenn do Gallaibh. Ró ba lán Mídhe uile ó Shionainn go fairrgi do chaislenaibh Gall less. Iar ttairccsin iaramh caislén Dermhaighe dhó táinic
amach go ttriar Gall ina choimhideacht do dhéchsain an caislén. Tainic din aon ócclach Giolla Gan Ionathar Ó Miadhaigh do fheraibh Teathbha dia shoighidh agus
tuagh fo a choimm laiss. Do bert buille do Hugo gur bhen a cenn de gur tuit ettir chenn agus cholainn i ccladh an caislén i neneach Cholaim Chille. Agus do cuaidh Giolla Gan Ionathar do thoradh a reatha ass, ó Ghallaibh agus o Ghaoidhealaibh
fo Choill an Cláir. Ráinicc iaramh i ccenn an tSionnaigh agus Ui Braoin, uair assiad ro fhuráil air an tiarla do marbhadh. Murchadh mac Taidhg Ui Ceallaigh tigherna Ua Máine do marbhadh la Conchobhar Maonmaighe. O Breislein taoiseach Fánat hi cCenél cConaill do marbhadh la mac Mic Lachlainn. AOIS CRIOSD, 1187. Aois Criosd mile, céd, ochtmoghat, a seacht. Muirchertach Ua MaoilUidhir espoc Cluana Fearta agus Cluana Mic Nois decc. MaoilÍosa Ua Cerbhaill espucc Airghiall décc. Ruaidhri Ua Flaithbhertaigh ticcherna Cenél Eoghain do mharbhadh ar crech i tTir Conaill la hUa MaolDoraigh .i. Flaithbhertach. Carracc Locha Cé do losccadh do thene doait. Ro baidhedh agus ro loisceadh inghen Ui Eidhin (.i. Duibheasa) ben Choncobair Mic Diarmata (tigherna Maighe Luircc) go seacht ccédaibh (no cethracha ar chéd), nó ní as uille eittir fheraibh agus mnaibh fri ré naon uaire innte. Giolla Iosa mac Ailella Ui Bhraoin secnap Ua Maine senchaidhe sccribhnighe, agus fear dana d'ecc.
Caislen Chille Áir do losccadh agus do mhúradh for Ghallaibh la Conchobhar Maenmaighe agus lá Maelsechlainn mBecc cona terna sgeolanga uatha gan marbhadh agus mudhucchadh. Tuccsat a bfoidhb, a nairm, asceith, allúireacha agus aneocha leó, agus ro marbhaitt dís do rideribh leó. Donnchadh Ua Ruairc do marbhadh la Muintir Eolais hi ffiull. DruimCliabh do orccain do mhac MaelSheachlainn Uí Ruairc do tighearna Ua mBriúin agus Conmaicne, agus do mhac Cathail hUi Ruairc, agus Goill Midhe amaille friú. Do roine Dia agus Coluim Cille fiort amhra innsin, uair ro marbhadh mac Maelechlainn Ui Ruairc ria ccionn coicdhisi iar sin hi cConmaicnibh, agus ro dalladh mac Cathail hUí Ruairc la hUa Maoldoraidh, .i. Flaithbertach in enech Cholaim Chille. Ro marbadh dna sé fichit daes grádha mheic Maoilshechlainn ar fud Conmaicne agus Chairpre Dhroma Cliabh tré miorbhail Dé agus Choluim Chille. Mac Diarmatta, Muirges mac Taidcc, tigerna Muighe Luircc décc ina thigh fein ar Claonloch hi cCloinn Cuain. Raghnall Mág Cochlain ticcerna Dealbhna do écc. Aodh mac Maoileachlainn Ui Ruairc tighearna Breifne do marbhadh la macaibh Cuinn Még Raghnaill. Aireactach Mac Amhalgaidh taoiseach Calraighe do écc.
AOIS CRIOSD, 1188. Aois Criosd mile, céd, ochtmoghat, a hocht. Martain Ua Brolaigh airdeccnaidh Gaoidheal agus fer leighinn Arda Macha do écc. Aedh Ua Bechan epscop Innsi Cathaigh do écc. Amlaoibh Ua Daighre do tocht co hÍ dia oilithre agus a ecc ann iar naithrighe toccaidhe. Ruaidhri Ua Canannain tigherna Chinél cConaill fri hedh agus rioghdamhna Ereann bheos do marbhadh la Flaithbertach Ua Maoldoraidh tre mebhail acc droichet Sliccighe iar na bréccadh do lar Dhromacliabh amach, agus brathair ele dó do marbhadh amaille fris, agus drem dia mhuinntir. Maghnas Ua Gairbh toiseach Fher nDroma (ro imbir lámh ar Ua cCanannáin) do mharbhadh la muinntir Eachmarcaigh Uí Dochartaigh i ndioghail Uí Chanannáin. Domhnall Ua Canannáin do ledradh a choisi dia thuaigh fein i nDoire acc bein ascclainge connaidh, agus a écc de tria easccaine samhtha Cholaim Cille. Goill chaisteoil Mhaighe Cobha agus drong do Uibh Eachdhach Uladh do thocht ar creich i tTir Eoghain go ttorachtatar go Leim Mic Neill. Ro gabsat bú annsin. Do dheachaidh Domhnall Ua Lachlainn cona thecclach ina ndeadhaidh, rucc orra
hi cCabhan na cCrann Árd, do rattsat iomairecc dia roile, ro maidh for Ghallaibh, ro cuiredh a nár. Do radadh eimh sadhadh do Ghallgha for Domhnall a aenar, agus torchair innsin hi friothguin tigherna Ailigh, Domhnall mac Aodha hUi Lachlainn, rioghdhamhna Ereann ar cruth, ar chéill, agus ar threbhaire. Ruccadh an lá sin fein go hArdMacha. Ro hadnaicedh co nonoir agus co nairmhidhin moir iaramh. Edaoin inghen Ui Chuinn baintigherna Mumhan bai aga hoilithre i nDoire decc iar mbreith buadha ó dhomhan agus o demhan. Sluaicceadh la Iohn Do Cuirt agus la Gallaibh Ereann hi cConnachtaibh amaille le Concobhar Ua nDiarmatta. Tionoilidh rí Connacht .i. Concobhar Maonmaighe maithe Connacht uile. Tainic Domhnall Ua Briain co ndruing do fheraibh Mumhan i sochraitte righ Connacht. Loiscit na Goill araill do cheallaibh na tire rempa. Ni ro leiccit sccaoileadh doibh co rangattar EasDara. Ba do theacht i tTir Conaill ón, uair na ro leiccsiott Connachtaigh nias sia dia ttír iad. Iar bfios sccél do Ua Maoldoraidh, do Fhlaithbertach, teaglomaidh sídhe Cenel Conaill na ccoinne co Druim Chliabh. Od cualadar na Goill sin ro loisccsed EasDara co leir. Soaid tar a naiss. Tiaghaid is in Coirrshliabh. Do beartsad Connachtaigh agus Fir Mumhan ammus forra. Marbhaid sochaidhe mhóir dhibh. Fáccbhaid na Goill an tir ar eccin, agus ní ró mhillsed a beacc don chur sin.
Creach la Gallaibh Uladh for Chenél nEoghain co rugustoir Domhnall mac Aodha Uí Lachloinn tighearna Cenel nEoghain forru, agus ro chuirset ár for Ghallaibh, agus atrochair Domhnall i friothghuin an chatha sin. AOIS CRIOSD, 1189. Aois Criosd, mile, céd, ochtmoghad, anaoi. MaolCainnigh Ua Fercomais fer lechcinn Doire do bhathadh ettir Áird agus Inis Eoghain. ArdMacha do orccain la hIohn Do Cuirt agus la Gallaibh Ereann ina fhochair. ArdMacha do losccadh o Crossaibh Brighde co Reccles Bricchdi ettir raith agus trian agus teampall. Murcha Ua Cerbhaill tigerna Oirghiall do écc is in Mainisdir Mhóir iar naithrichci toghaidhi. Domhnall mac Muircheartaigh Méc Lochlainn do mharbhadh la Gallaibh Dal Araidhe aca fein. Echmilidh mac Mec Cana, sonas agus sobharthan Tíre hEocchain uile do ecc. Mac na hOidhce Ua MaolRuanaidh tighearna Fer Manach do chor as a thigearnas, agus é do dhol do chum Ui Cherbhaill. Tainicc sluagh Gall don tír iarttain, agus do rad Ua Cerbhaill agus Ua MaolRuanaidh tachar doibh. Maidhidh for Ua cCerbhaill, agus marbhthar Ua MaolRuanaidh. Concobhar Maonmaighe (.i. mac Ruaidri) aird ri Connacht eittir Gallaibh agus Ghaoidealaibh do mharbhadh la druing dia mhuintir fein agus dia oirecht, .i. la
Maghnus mac Floinn Ui Finachta (dia ngoirthi an Crosach Donn), agus la hAodh mac Briain Breifnigh mic Toirrdhelbhaigh Ui Conchobhair, agus la Muircertach mac Cathail mic Diarmata mic Taidhg, agus la Giolla na Naomh mac GiollaComain, mic Muiredhaigh Báin Ui Maoil Micil dona Tuathaibh. Mairg oireacht ro cogair adhbar aird righ Ereann do mharbhadh, uair tuccsat urmhor Leithe Mogha a ccennus dó ria síu ro marbhadh. Dóigh tainicc Domhnall Ua Briain dia tigh go Dun Leoda, agus boi sechtmain ina fharradh, agus tuc trí fichit bo gacha triocha céd hi cConnachtaibh dhó, agus .x. seóid go nór, agus ni rucc Ua Briain díbh sin uile, acht corn Diarmata Ui Briain a shenathar fein, agus do baí Ruaidhri Mac DuinnSlebhe ri Uladh ina thigh, agus do bai Domhnall Mag Cárthaigh tighearna Desmumhan ina thigh agus do rad somh tuarustal mór dó, .i. cuicc eich gacha triochait cet hi cConnachtaibh. Bai MaelSeachlainn Beg ri Temra ina thigh, agus rucc tuarustal mor leis, agus bai Ua Ruairc ina tigh, agus rucc tuarustal mor leis. Iar marbhadh Conchobhair Maonmaighi tangus ó Shiol Muireadhaigh ar cend Ruaidhri Ui Choncobhair ri Ereann do thabairt righe dó iar nécc a mhic, agus ó ránaic
Ruaidhri go Magh Naoí ro gabh gialla Síl Muiredhaigh agus Connacht, ar as ann ro bátar geill Conchobhair Maonmuighe i nInis Clothrann for Loch Ribh an tan sin. Flaithbeartach Ua MaolDoraidh tighearna Cenél cConaill cona toichestal do beith illongport is in cCorann, agus Connachtaigh uile eitir Gall agus Gaoidheal ina naghaidh don leith aile. Concobhar Ua Diarmata do marbhadh la Cathal Carrach mac Concobhair Maonmhaighe a ndioghail a athur. An ced Risderd do ríoghadh os Saxaibh . 6. Iulíí. Sluaigheadh la hUa MaoilDoraidh (Flaithbertach) do ghabhail fri Connachtaibh gur ro ghab longport is in Corann. Tangatar Connachtaigh uile eitir Ghallaibh agus Gaoidhealaibh ina aghaidh, ar a aoi ni ró chumhaingset ní dhó, agus ro etarscarsat fri aroile don chur sin. AOIS CRIOSD, 1190. Aois Criosd, mile, céd, nochat. Diarmait Ua Rabhartaigh abb Dermaighe do ecc. MaelSeachlainn Ua Neachtain agus GiollaBearaigh Ua Sluaghadaigh do marbhadh la Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Ui Conchobhair. Mor inghean Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair, agus Duibhessa inghen Diarmata Mic Taidhg do écc. Coinne eitir Cathal Croibhdearcc agus Cathal Carrach hi cCluain Fearta Brenainn do dhenamh síodha etorra. Teccait Siol Muireadhaigh uile is in ccoinne cedna im chomarba Pátraicc, agus im Concobhar Mac Diarmata, agus im Aireachtach Ua Roduibh, agus ní ro feadadh a sioducchadh re roile don chur sin.
Tanaicc Ua Concobhair agus Siol Muiredhaigh go Cluain Mic Nois in adhaigh sin, agus ro eirigh an coblach go moch ara bharach, agus tangatar rompa ar fud na Sionna go rangatar go Loch Ribh. Ro eirigh anfadh anbhail doibh ar an loch go ro sccaoilsiot a nartraighe ó aroile agus ro thuaircc an tanfadh an tetar i mboí Ó Concobhair conar lamhadh a luamhaireacht la méd an anfaidh, agus ba is in arthrach i mboí Ua Concobhair, .i. Cathal Croibdercc, bai Aireachtach Ua Roduibh agus Concobhar mac Cathail. Do cóidh an tethar fo uiscce go ro baidhedh i mboi innte cenmotá seisear tearna im Chatal Croibhdearg. Ro baidheadh Aireachtach Ua Roduibh agus Concobhar mac Cathail, Concobhar agus Amhlaibh da mhac Aodha Még Oirechtaigh, Ua MaoilBrenainn, agus mac Ui Mannachain co sochaidhe ele. AOIS CRIOSD, 1191. Aois Criosd, mile, céd, nochat a haen. Ruaidhri Ua Concobhair do fhaccbháil Connacht agus a dhol co Tir Conaill do saighidh Fhlaithbhertaigh Ui MaoilDoraidh, agus i tTír nEoghain iar sin diarraidh sochraitte ar thuaisceart nEreann do ghabháil Ríghe Connacht do ridhisi, agus ni ro fhaemsat Ullta fearonn dfaghail dó ó Chonnachtaibh, agus do choidh roimhe do shaighidh Gall na Midhe, agus ní ro eirghettur sidhe leis, agus do thaed as sin is in Mumhain, conid eisti sin tuccsat Siol Muiredhaigh ferann dó, .i. Tir Fiachrach agus Cenel Aodha na hEchtge. Aillenn inghen Riaccáin Ui MaílRuanaidh, ben Aireachtaigh Ui Rodhuibh do écc.
AOIS CRIOSD, 1192. Aois Criosd, mile, céd, nochat, adó. Dorus proinnticche an Duibrecclesa Colaim Cille i nDoire do dhenamh la hUa cCathain na Craibhe, agus la hinghin Ui Inneirghe. Taichleach Ua Dubda ticcherna Ua nAmhalgadha agus Ua fFiachrach Muaidhi do mharbhadh la da mhac a mhec fén. Aedh Ua Flainn toiseach Shil MaoileRuain do écc. Maidhm acc caraid Eacharadh ar Ghallaibh la Muinntir MaoiltShionna. Caislén Atha an Urchair agus caislen Chille Bisgi do dhenamh is in mbliadhain si.
Creach mór do dhenamh la Gallaibh Laighen ar Dhomhnall Ua mBriain, go rangattar tré chlár Chille DaLua siar go Magh Ua tToirrdhealbhaigh, agus ruccsatt Dál cCais orra go ro marbhsat sochaidhe diobh. Do ronsat Goill caislen Chille Fiacal agus caislen Cnuic Raffonn don chur sin. Maidhm mor ria nDomhnall Ua mBriain for Ghallaibh Ossraighe go ro cuireadh a nár. AOIS CRIOSD, 1193. Aois Criosd, mile, ced, nochat, atrí. Eochaidh Ua Baoighill do mharbhadh lá hUibh Fiachrach Arda Sratha. MaolPattraicc Ua Cobhthaigh do écc. Cathal Mac Gaithéne do écc.
Derforghaill (.i. ben Tighernain Ui Ruairc) ingen Murchadha Ui Maoileachlainn do ecc i mainisdir Droichit Atha is in cuiccedh bliadhan ochtmhoghat a haoisi. Diarmaid mac ConBroghda Ui Dhiomusaigh taoiseach Cloinne MaoilUghra agus ticcherna Ua Failge fri ré fhoda do écc. Cathal Odhar mac Még Carthaigh do mharbhadh la Domhnall Mág Cartaigh. Muircertach mac Murchadha Mec Murchadha ticcherna Ua cCennselaigh dég. Aodh Ua MaoilBrenainn taoiseach Cloinne Concobhair do marbhadh la Gallaibh Atha Cliath.
Ua Cerbhaill ticcerna Airghiall do ghabhail la Gallaibh, agus a dalladh leo o thús, agus a chrochadh iarttain. Inis Clothrann do orgain la macaibh Oisdealb agus la macaibh Conchobhair Maonmaighe. AOIS CRIOSD, 1194. Aois Criosd, mile, céd, nochat, acethair. Constantin Ua Brain espoc Chille DaLua do écc. Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain Ri Mumhan, lochrann solusda síodha agus coccadh Redla adhanta enigh agus engnamha na Muimhneach, agus Leithe Modha archena do écc, agus Muircertach a mhac do ghabhail a ionaidh. Goill do thiachtain ar Iniss Ua fFionntain, agus a ccor ar eccin di. Cúmidhe Ua Flainn do mharbhadh la Gallaibh. Sloicchedh la Gillebert Mac Goisdealbhaigh co hEass Ruaidh, agus a iompudh assidhen gan nach tarbha dia Sloighedh ittir.
MaolSeachlainn mac Domhnaill Ui GhiollaPatraicc ticcerna Osraighe do ecc. Concobar mac Maghnasa mic Duinnsleibhe Ui Eochadha do marbhadh la hUa nAnnluain i meabhail. Aedh Dall mac Toirrdhealbhaigh Ui Choncobhair do écc. Sitriucc mac Floinn Ui Fhindachta taoiseach Chloinne Murchadha do ég. Donnchadh mac Muircertaigh mic Toirrdhealbhaigh do marbhadh la Muircertach mac Domhnaill Ui Bhriain. Murchadh mac Amlaoibh Uí Chindeidigh do mharbhadh la Lochlainn mac MicRaith Uí Chinneittigh i fionghail. AOIS CRIOSD, 1195. Aois Criosd, mile, ced, nochatt, a cúicc. Domhnall Ua Conaing epscop Chille DaLua do écc. Florent mac Ríaccáin Ui MaoilRuanaidh epscop Oile Find do écc. Domhnall Ua Find comharba Cluana Ferta Brénaind decc. Eachmharcach Uá Cathári recte Catháin do écc i recclés Póil. Conchobhar Mag Fhachtna do écc i recclés Doire. Sitriucc Ua Gairmledhaigh do mharbhadh do Mac Durm recte Duinn Slebhe. Slúaigheadh lá Iohn Do Cuirti agus la mac Hugo De Lati do gabháil neirt ar Ghallaibh Laighen agus Mumhan. Sluaicchedh la Cathal cCroibdercc Ua cConcobhair, la Mac Goisdelbhaigh go ndreim do Ghallaibh agus do Ghaoidhealaibh na Midhe imaille fris is in Mumhain go rangattar Imleach Iubhair agus Caisiol go ro loiscceadh cethre morchaislein leo agus araile do mhionchaislenaibh. Cathal Mac Diarmada do tocht i cConnachtaibh as in Mumhain agus ba cosgrach in gach maighin triasa tudhchaidh go rainig co Loch Mesg agus co hInis Rodhba, agus ro gabhait longa Cathail Croibdeirg uile lais, agus rug lais iat co
Caislén na Caillige co ndearna ulca iomdha as ar gach leith de co ttainig Cathal Croibhdearg co ndreim do Ghallaibh agus do Cloinn MaoilRuana agus do ronadh sídh fó dhéoidh re Mac Diarmada ger uo mór na huilc do roine go sin. AOIS CRIOSD, 1196. Aois Criosd, mile, céd, nochat, asé. Recclés Póil agus Petair in ArdMacha cona templaibh, agus go mbloidh mhoír don Ráith do losccadh. Muirchertach mac Muirchertaigh Uí Lachlainn tighearna Chenél Eóghain Rioghdhamhna Ereann tuir ghaisccedh, agus eangnamha Leithe Cuinn, díosgaoiltidh cathrach, agus caislén Gall, turgbalaidh ceall, agus caoimhneimheadh, do marbhadh lá Donnchadh mac Blosgaidh Uí Catháin tré comairle Chenel nEoghain iar ttabhairt na tteora scríne agus Chánóine Patraig dhóibh im dilsi dhó. Rugadh a chorp iaromh go Doire Colaim Cille, agus ro hadhnacht hisuidhe go nonóir agus cátaidh. Slóighead lá Ruáidhri Mac DuinnSlebhe co nGallaibh agus go macaibh toísech Connacht do shoighidh Chenél nEoghain agus na nAirther. Tangattar dna Cenél Eóghain Telcha Ócc, agus fioru Airthir co machaire ÁrdaMacha ina naghaidh, agus do radsat cath dhóibh go raoimheadh for Mhac DuinnSlebhe agus ro ládh dergár a mhuin-
tire. Torcratar ann dna adó dhécc do macaibh flatha agus toíseach Connacht go sochaidhibh oile do dhoescurshluagh imaille friú. Ba dia maithibh Brian Buide Ua Flaithbhertaigh, mac MaoilIosa Ui Concobhair a Connachtaibh, mac Ui Concobhair Failge, agus mac Ui Faolain na nDeise. Mac Blosccaidh Uí Cuirin do argain Termainn DáBeócc, agus ro marbhadh é fén go ndergár a mhuintire ria ccind mhiosa tria fhiortaib Dé agus DáBeóg. Domhnall mac Diarmada Mhécc Carthaigh do bhriseadh catha ar Ghallaibh Luimnigh agus Mumhan, agus ro chuir a ndearg ár, agus ro diocuir a Luimneach, agus ro bris dhá mhaidhm oile forra cén mothá an maidhm sin. Conchubhar Mac Diarmada, tighearna Maighe Luirg do dhol hi nurd i Mainistir na Búille, agus ro ghabh Tomaltach tighearnus dia ési. Aodh Uá Fearghail tighearna Muintire hAnghaile do marbhadh i meabhail lá macaibh Sitrioga Uí Cuinn. Maithe Muintire hEólais do mharbhadh la mac Cathail Ui Ruairc hi meabhail. Muiredhach Mhácc Ragnaill .i. an Giolla Ruadh taoiseach Muintire hEólais do marbhadh la mac Maghnusa Uí Conchobhair tré furáil mic Cathail Ui Ruáirc lás ro marbhadh na maithe rémráite. Mathgamhain mac Conchobair Maonmaighe rioghdamhna Connacht do mar- bhadh
la hUa Mórdha Domhnall, agus la Laighiss occ cosnamh na hedala do bhert o Ghallaibh friss, agus Cathal Carrach do mharbhadh Uí Mórdha ina dioghail. Conghalach mac Ferghail Uí Ruairc do marbhadh la Luighnib ar Sliabh Da Én. Iodnaidhe Uá Mannachain tigherna Uá mBriúin na Sionna do écc. Cathal mac Aedha Uí Flaithbertaigh do mharbhadh la macaibh Muircertaigh Mhidhigh. AOIS CRIOSD, 1197. Aois Criosd, míle, céd, nochatt, a seacht. Sluaigheadh lá Iohn Do Cuirt co nGallaib Uladh co hEss cCraibhe, agus do rónsatt caislén Cille Sanctáin. Ró fásaigheadh agus ro folmhaigedh triocha céd Cianachta leó. Ro fhágaibh Roitsel Phitún co sochraide moir immaille fris
isin ccaistiall hísin, agus ro ghabsat ag indradh agus occ argain tuath agus ceall as. Tainig iaromh Roitsel Phitun ar creich co port Doire agus ro airg Cluain Í, Eanach agus DergBruach, Rug dna Flaithbeartach Ua MaoilDoraidh tighearna Conaill agus Eóghain co nuathadh Chlandaibh Néill an tuaiscirt forra. Ro fighedh iomaireg eatarra for traigh na hUachongbhála, agus ro cuireadh a nár im mac Ardgail Mhéc Lochlainn tria mhíorbhail Colaim Chille, Caindigh agus Breacain isa cealla ro airccseatt.
Mac Etigh do Chianachtaibh do shlat altóra teampaill mhóir Doire Colaim Chille agus ceithre cuirn bad fearr ro bhaoi in Erind do breith eiste, .i. Mac Riabhach, Mac Solas, corn Uí MaoílDoraidh, agus Cammcoraind corn Uí Dhochartaigh. Ro brisitt imorra agus do all a nionnmhassa agus a lossa dhíbh. Forith imorra na seóid is in tres ló iar ná ngoid, agus an tí ro goid, agus ro crochadh lá Flaithbheartach ag Croiss na Riagh i neneach Choluim Cille isa haltóir ro sháraigh. Flaithbertach Ua MaoilDoraidh tighearna Cenél cConaill, Eoghain agus Airghiall cosnamhach Temhra agus rioghdhamhna Ereann uile; Conall ar láochdhacht esidhe, CúChulainn ar ghaiscceadh, Guaire ar eneach, Mac Lughach ar ócclachus décc (an dara la Februari) iar ttreablaid toghaidhe, i nInis Saimher isin triochatmadh bliadhain a fhlaithiusa, agus isin nomhadh bliadhain ar chaogatt a aoise. Agus ro hadhnacht i nDruim Thuama co nónoir amhail ro badh díor. Gabhais Eachmarcach Ua Dochartaigh (.i. an Giolla Sronmhaol) cennus Chenél cConaill fó chédóir, agus i ccionn coicthidhisi iaromh tainig Iohn Do Cuirt co sochraite mhóir imaille fris tar Tuaim hi tTír Eógain, aissidhe co hArdSratha iar sin timcheall go Doire Colaim Chille. Airisit cóicc haidhche ann. Tiaghaid iaramh co Cnoc Nascain dia niomarcar tairis. Teccait dna Cenél Conaill im Echmarcach Ua nDochartaigh dia saighidh, ferthar cath etorra, agus torcrator sochaidhe mor adiú agus anall. Gidh iad Cenél Conaill ann ro díthighit iettsidhe uair tor-
cratar dá céd diobh im Eachmarcach fessin, im Dhonnchadh Ua Tairceirt toiseach Cloinne Snedhgile, cong einigh agus eangnamha, ceille, agus comairle Cenél cConaill uile im Ghiolla mBrighde Ua nDochartaigh im Mhag nDubhain, im Mhág Fherghail, agus im mhacaibh Ua mBaoighill, agus im shaorchlandaibh oile, agus ro airccsed Inis Eoghain, agus do bheartsatt bóraimhe mhór leó este, agus iompoidhitt iair sin. Conchobhar Ua Catháin do écc. Concobhar mac Taidhg tighearna Maighe Luirg agus Mhaighe Aoí, tuir ordain, airechais, einigh agus comairce Connacht uile décc iar naithrighe thoghaidhe i mainistir Atha DaLaarg. MacRaith Ua Laithbhertaigh tanaisi Tíre hEoghain agus MaolRuanaidh Ua Cairelláin toísech Cloinne Diarmada do mharbhadh. Domhnall mac Raghnaill Méc Raghnaill do mharbhadh do mhacaibh Méc Duibhdara i fiull. Ruaidhri Ua Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do gabhail lá Cathal Croibdearg lá righ Connacht. AOIS CRIOSD, 1198. Aois Criosd, mile, céd, nochatt, a hocht. Giolla MacLiacc Ua Branáin do athchur a chomharbais uadha, agus GiollaCrist Ua Cernaigh do oirdneadh ina ionadh in abbdhaine Colaim Cille do reir togha laoch agus cléireach tuaiscirt Ereann i ccoitchinne. Ruaidhri Ua Conchobhair rí Connacht agus Ereann uile eittir Ghallaibh agus Gaoidhe-
laibh décc hi ccanánchaibh i cCunga iar naithrighe toghaidhe, agus iar mbreith buadha ó dhomhan agus o dheamhan, agus ruccadh a chorp co Cluain Mic Nóis, agus ro hadhnaiceadh don taobh tuaidh daltoir thempaill móir Cluana Mic Nóis. Mac Briain Bréifnigh mic Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair do mharbhadh la Cathal Carrach mac Concobhair Maonmhaighe. Cathalan Ua MaolFhabhaill tighearna Cairrge Brachaighe do mharbhadh dUa Déráin, agus Uá Déráin feisin do mharbhadh ina dhíoghail fó cédóir. Sluáicceadh la Iohn De Cuirt hi tTír Eóghain ar fud na cceall, agus ro haircceadh agus ro milleadh ArdSratha agus RathBoth lais. Rainic iaromh Doire Colaim Chille, agus baoi ainnsidhe di oidhche for sheachtmain ag milleadh Insi hEogain agus an tíre archena, agus ní raghadh ass itir ineallmha muna toirseadh Aodh Ó Néll lucht cóicc long co Cill i Latharnaibh, agus ro loisc ní don bhaile agus ró mharbh ocht ffir dhécc do Ghallaibh. Ro thionóilset Goill Maighi Line, agus Dail Araidhe tri chéd do rochtain Aodha, agus ní ro rathaigh Aodh nach ní co ro doirtset ina chenn ag
losccadh an bhaile. Ro feradh iomaireacc eatorra iaromh, agus ro mhuidh for Ghallaibh, agus tuccadh cóicc madhmanna forra ó thá sin co ndeachsat ina longaibh, agus ní ro marbhadh do muintir Aodha acht coigear namá. Iar cclos na sccél sin do Iohn ro fhagaibh an baile i raibhe .i. Doire Colaim Cille. Coccadh eitir Cenél Conaill agus Eoghain, agus Cenél Conaill do coimchengal la hUa nEccnigh in acchaidh Cenél Eoghain, agus ro boi coinne etorra do naidhm a ccaradradh hi tTermann DáBeócc. Tainic trá Aodh Ua Néill go cCenél Eoghain imme do thoirmeascc na coinne, agus ro ionnsaigh Ua hÉiccnigh, agus ro mheabhaidh fair co bfarccaibh braicchde lá hUa Neill. Do deachaidh Aodh go cCenél Eoghain is in ló chedna, co ndernsat creich for Cenél Conaill hi machaire Maighe hÍotha, agus tucsat bóraimhe dírimhe iar marbhadh leó Uí Dhuibhdiorma for sceimhleadh marcsluaigh. Sluaigheadh lá hAodh Ua Néll agus lá Cenél nEoghain doridhisi go machaire Maighe hÍotha do tabhairt chatha do Cenél cConaill, agus ro fhágaibset Cenél cConaill a longport leó, agus do rónadh blodhadh sithe agus cadach etorra don chur sin. Cathal Croibdearg Ua Concobhair do denamh siódha fri Cathal Carrach mac Concobhair Maonmaighe, agus a thabhairt don tír, agus fearann do thabhairt dó. AOIS CRIOSD, 1199. Aois Criosd, mile, ced, nochatt, anaoi. MaolÍosa mac Giolla Eráin, airchindeach Chille Moire Ua Nialláin, agus adhbhar comharba Patraic décc. Sanctus Mauritius Ua Baottáin décc in hÍ Colaimm Chille. Do rónsat Goill Uladh trí slóigh mhóra hi Tír nEoghain, agus an tres slóigh do rónsat, ro ghabhsat longport ag Domhnach Mór Maighe Iomchláir, agus do chuirset
drong mhór dia muintir do mhilleadh agus do chreachadh an tíre. Tainic dna Aodh Ó Néill ind oires an tslóigh comá comhrainic dhó, agus do na Gallaibh, agus ro la a nár, agus an do erna uadha ro élaidhset san aidhche gan nach taireseamh co ndeachatar tar Tuaim. Sluaiccead la Ruaidhri Ua nDuinnSlebhe co ní do Ghallaibh Midhe, agus ro airccset Mainistir Phóil agus Peattair co nár fháccaibhset innte acht aon bhó. Domhnall Ua Dochartaigh tighearna Cenél nÉnda agus Árda Miodhair décc. Donnchad Uaithneach mac Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh la Saxaibh Luimnigh. Rodhubh Mac Roédig toisech Cenél Aongusa do mharbhadh lá Gallaibh ar crech in Ua nEarca Chéin. Cathal Croibhdearg Ua Conchobhair do ionnarbadh a righe Connacht, agus Cathal Carrach do ghabháil a ionaidh. Sluaiccheadh lá hAodh Ua Néill i fóirithin Cathail Croibhdeirg go bferaibh Maighe hÍotha agus co nAirghiallaibh gu rangattar Tegh Baoithin Airtigh. Soiset iaromh go
rangadar EasDara, agus rucc orra Cathal Carrach co maithibh Connacht agus Uilliam Burc go nGallaibh Luimnigh maille fris. Feachar iomaireacc eatorra, agus ro sraoineadh for thuaiscert Ereann, agus ro fágbhadh ann Ua hEccnigh tighearna Oirghiall, agus sochaidhe cenmothá somh. Sluaigheadh lá Iohn Do Cuirt co nGallaibh Uladh, agus lá mac Hugo De Lati co nGallaibh Midhe hi foirithin Chathail Croibhdeirg go rangadar Cill Mic Duach. Tainicc iaromh Cathal Carrach co cConnachtaibh imaille fris, agus ro cathaighset fri aroile. Sraointear for Gallaibh Uladh agus Midhe airm hi rabattar cúicc catha, ni thérna acht dá chath dhíbh, agus ro leanadh iad alláthair an chatha go Rinn Dúin for Loch Ribh, agus ro gabhadh iomchumhang for Iohn ainnsidhe, agus ro marbhadh drong mór do Ghallaibh, agus ro báidhid araill díobh ar ní fuarattar conair theichidh acht a ndeachaidh i neathraibh tar loch soir uatha. Ruarc Ua MaoilBrénainn toisech Cloinne Conchobhair do écc. Ri Saxan Iohn do rioghadh os Saxain .6. April. Murchad Mac Cochláin tighearna Dealbhna Ethra do écc.
AOIS CRIOSD, 1200. Aois Criosd, mile, dá chéd. Cadhla Ua Dubhthaigh airdepscop Tuama decc iar sendataidh. Uairéirghe mac MaoilMórdha mic Uairéirghe Uí Neachtain uasal sruith do sruithibh Cluana Mic Nóis, fer lán do dhesherc agus dá gach sóalchidh archena, agus ceann Cele nDé Cluana décc an deachmadh lá do Mhartha. MaolEóin Ua Carmacáin comharba Commáin décc. Aodh Ua Néill do aithrighadh lá Cenél nEóghain, agus Conchobhar Ua Lochlainn do righadh ina ionadh, agus do rónadh creach lais hi tTir nEnda. Ro mharbh daoine agus rucc buar iomdha. Do dheachaidh tra Eccneachán Ua Domhnaill tigherna Cenél Conaill co loinges Cenel Conaill ar muir lais, agus cona slógh ar tír, agus ro ghabhsat longport ag Gaoth an Chairrgín. Tangattar Clann Diarmada don leith oile go Port Rois do
gabhail fris an loinges. Od chonncadar foirne na ttrí long ndécc baoi an cobhlach indsin, Ro léccset fothaibh iatt gor raoimheadh for Cloinn nDiarmada. Ticc Macc Lachloinn (.i. Conchobhar Becc Mac Muircertaigh), ina bhfóirithin, agus ro gonadh a each foo, agus ro trasccradh somh di, torcair iaromh lá Cenél cConaill i neneach Colaim Chille, a chomharba agus a scrini ro dimhigneadh fecht riamh. As triasan dímiadh chédna ro marbhadh Murchadh Ua Cricháin tighearna Ua fFiachrach. Leanait muintir Éccneachain an maidhm iarttain gur ro chuirseat ár ar Eoghanchaibh agus ar Cloinn nDiarmada. Sluaicceadh lá Meler agus lá Gallaibh Laighen go Cluain Mic Nóis i ccoinne Cathail Charraigh. Ro bhatar dí oidhche i cCluain, agus airccther leó an baile eitir crodh agus biadh, agus do chóidhsead fo a themplaibh. Cathal Croibhdearg do dol is in Mumhain do shaighidh mic Mec Carthaigh agus Uilliam Burc. Gerrmaide Ua Baoigelláin do mharbhadh la hUa nDomhnaill .i. la hÉccneachán. Iomaireacc eidir Ua nDomhnaill agus Ua Ruairc, Ualgarcc, agus Conchobhar na Glaisféne Ua Ruairc. Ro mhaidh for Uibh Briúin, agus ro cuireadh dergár a muintire eidir bhádhadh, agus mharbhadh, agus ro báitheadh Concobhar fesin don chur sin, occ Leic Uí MhaoilDoraidh do shonnradh ro fighedh an iomarghoil sin.
Donnchadh Uaitneach mac Ruaidhri Uí Conchobhair do mharbhadh la Gallaibh Luimnigh. Mathghamhain mac GiollaPhatraicc Uí Chiarrda do mharbhadh la Gallaibh Cluana Ioraird. Cluain Ioraird do losccadh dUa Ciardha do fhoghail for na Gallaibh batar innte. Creach la Cathal Croibhdearg i Mumhain gur ro loisg Caislén Uí Chonaing, agus margadh Luimnigh agus caislen Uilcín, agus tuc Uilcín cona mhnaoi illaimh lais iar marbhadh di ridere dhécc, agus iolar daoine cenmóthát. Fiachra Ua Flainn taoiseach Shil MhaoilRuain do écc. Cathal Carrach do ghabháil Rige Connacht, agus Cathal Croibdearg do ionnarbadh do i nUltaibh go rainig co teagh Ui Eignigh tighearna FearManach, agus aisidhe do shaighidh Iohn Do Cuirt gur ro naidhm a cura fris. AOIS CRIOSD, 1201. Aois Criosd, mile, da chéd, a haon. Tomaltach Ua Concobhair comhorba Pattraicc, agus Príomhaidh na hEreann décc. Conn Ua Meallaigh epscop Eanaigh Dúin, gem gloinidhe ecclastacdha décc. Iohannes De Monte Celion cardinál comhorba Peatair do thocht ó Roimh co hÉrind. Senadh mór do theaglamadh ina dháil co hÁth Cliath eidir epscopaibh,
agus abbadhaibh, agus gach gradh eccailsi, agus sochaidhe do saorchlandaibh Ereann imaille friú. Ro ordaighsed iaromh a ccaingne uile iar na ccóir eittir ecclais agus tuaith. Senadh Condacht (immon cairdinal cédna) laochaibh, cléirchibh, occ Ath Luain hi cind coicthidhisi iaromh, agus ro cindset a ccaingne febh roba techta. Niall Ua Floinn do mharbhadh lá Gallaibh Uladh i meabhail. Maghnus mac Diarmada Uí Lachlainn do mharbhadh lá Muircheartach Ua Néll, agus Muircheartach do mharbhadh ina chionaidh. Conchobhar mac Muirghesa Uí Edin décc. Tadhg Ua Braoin tighearna Luighne Midhe décc. Muireadhach mac Neill mic an tSionnaigh Ui Catharnaigh décc. Murchadh Ua Madadháin leth toisech Sil nAnmchadha do ghuin ina chenn do shoighit agus a écc tremhit. Sluaigheadh lá Cathal Croibhdearg, agus la hUilliam Búrc cona sochraide Gall agus Gaoidheal hi cConnachtaibh o tha Luimneach go Tuaim Dá Ualann, aissidhe go
hUarán go hOilFinn go Carraic Locha Cé, go mainistir Atha Da Loarg, agus asiad tighe na mainistre robtar botha longpuirt dóibh. Do chóidh din Cathal Mac Diarmada for crech in Uibh Diarmada. Rucc Tadg mac Concobhair Maonmaighe fair. Ro figheadh eargal eatorra, agus torchair Cathal. Dala Cathail Carraigh righ Connacht tionolaidh sidhe a sochraide, agus tainic do shoighidh an tslóigh go riacht Guirtin Cúil Luachra hi ccomfhocraibh don mhainistir. Batar samhlaidh ucht ré hucht co cenn sechtmhaine, agus deabhaidh gach laoi etorra. hI forchenn na ree hisin do dheachaidh Cathal Carrach do dhéccsin na deabhtha. Sraintear sruthmhaidhm dia mhuintir ina chenn agus tairtheas esein ina ttrecommarcc agus ro marbhadh é, ba tria fiortaibh Dé agus Ciaráin indsin. Ro marbhadh bheós An Collaidh mac Diarmada Uí MhaoilRuanaidh don deabhaidh sin i maille re sochaidhibh ele. Luidh Cathal Croibdearg agus Uilliam Búrc cona sloghaibh as a haithle i Muigh Luircc, i Muigh Naoi, aissidhe co hIarthar Connacht. Rangattar Conga Fheichin, agus as innte do rónsat an Chaiscc. Cidh tra, acht ro cogradh lá hUilliam Burc agus lá cloinn Ruaidhri Uí Flaithbertaigh feall do dhénamh for Cathal Croibhdearg, agus ro shaor Dia é don chur sin tria shlánadh na
heaccailse baoi eatorra im dhílsi fri aroile. Tangadar muintir Uilliam Búrc iardtain do thobach a ttuarasdail for Connachtaibh, lingit Connachtaigh forrasomh agus marbhait 700. dibh. Soais Uilliam co Luimneach iar sin, agus gabhaith Cathal Croibhdearg righe chóigidh Connacht. Slóigheadh la hUalgharcc Ua Ruairc do dhul i cCenél cConaill, agus ar rochtain dóibh isin ccrích rugsat bú agus gabhála. Rug Ua Domhnaill Éccneachán forra occ Leic Uí MaoilDoraidh. Feachar scaindear etorra go raeimhedh for Uibh Briúin cona sochraide, agus ro laadh a ndeargár eitir mharbhadh agus bhadhadh. Ba don chur sin ro baidheadh Conchobhar na Glaisfene. Cenél nEoghain do thocht for creich naile i cCenél Conuill isin ló chetna. Do rala etarra agus Ua Domhnaill gur ró sraoineadh for Cenél nEóghain, agus ro marbhadh Gearrmhaidi Ua Baoighealláin co sochaidhibh aile do Chenél nEóghain i maille fris. Tighernán mac Domhnaill mic Cathail Ui Ruairc do mharbhadh la Mag Fiachrach agus lá Cloinn Chathail, agus an tEoghanach Mag Fiachrach do mharbhadh ar an láthair sin. AOIS CRIOSD, 1202. Aois Criosd, mile, da céd, adó. Muircertach Ua Carmacain epscop Cluana Fertu Brenainn do écc. MaolColaimm Ua Bronain aircindeach Toraighe décc. Domhnall Ua Brolcháin prióir agus uasal sheanóir, Saoí dearscaighthe ar chéill, ar chruth, ar dhelbh, ar mhíne, ar mhordhacht, ar chrabhadh, agus ar eagna dég iar ndeighbhethaidh an seachtmadh lá fichet April.
MaolFinnein Mac Colmáin seanóir toghaidhe agus Conn Craibhdech Ua Flannagáin dég. Domhnall Carrach Ua Dochartaigh (.i. riogh thaoiseach Árda Miodhair) do mharbadh lá muintir Baoighill iar nargain ceall agus tuath niomdha. Conchobhar Ruadh mac Domhnaill Uí Bhriain do mharbhadh lá a dearbhrthair fein agus lá Muirchertach mac Domhnaill mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain. Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Chonchobhair do éludh a geimheal, agus Cathal Croibhdearg dho dhenamh siodha fris, agus ferann do tabairt dó. Toirrdhealbhach iaromh do ionnarbadh lá Cathal agus sídh do denomh ris fo chédóir tria impidhe na nGall. Domhnall mac Muirchertaigh Uí Maoileachlainn do écc. Diarmaitt mac Airt Uí Maoileachloinn do mharbhadh la mac Lochlainn Uí Concobhair. AOIS CRIOSD, 1203. Aois Criosd, mile, da ched, atrí. An tepscop mac Giolla Cheallaigh Í Ruaidhin epscop Cille Mic Duach do ecc. Doire Colaim Chille do losccadh o tha relecc Martain co tioprait Adhamhnain. Mainistir do dhenamh lá Ceallach ar lár croi Ia gan nach dlighedh tar sárucchadh muintiri Ia fodhéin, agus ro mhill an baile co mór. Cleirigh an Tuaiscirt do thionol co haoín ionadh do dhul go hÍ, .i. Florent Ua Cerbhallán epscop Thire hEoghain, MaoilIosa Ua Dorigh epscop Thíre Conaill agus abb recclésa Póil agus Peadair i nArd Macha, Amhalgaidh Ua Ferghail abb recclesa Doire, agus Ainmire Ua Cobthaigh, agus drong mhór do mhuintir Doire, agus sochaidhe do cléircibh an Tuaiscirt genmothaitsídhe. Tiagaid iaromh co hÍ, agus scaoiltear leó an mhainis-
tir remepertmar do réir dhlighedh na heccailsi, agus ro hóirdnedh an tAmhalgaidh remhráite i nabdhaine Ia tria thogha Gall agus Gaoidheal. Diarmaitt mac Muircertaigh Uí Lochlainn co ndruing do Ghallaibh do dhul ar crech hi tTír nEoghain, agus ro airgset Scrin Colaim Cille, agus rugsat dream do Cenél Eoghain orra, agus sraointer leó for Dhiarmaitt co na Ghallaibh, agus ro marbhadh Diarmaid feisin tria mhiorbhailibh na Scrine. Slóigheadh la mac Hugo De Lati co ndruing do Ghallaibh Midhe i nUltaibh, co ro díochuiredh Iohn Do Cuirt a hUltoibh iar ccor chatha eturra i nDun Da Letglas, in ro marbhadh sochaidhe. Muircertach Tethbhach mac Conchobhair Mhaonmhaighe mic Ruaidhri Uí Conchobhair do marbhadh la Diarmaid mac Ruaidhri agus la hAodh mac Ruaidhri, .i. dá dearbráthair a athar fén ar faithce Chille Mic Duach. Maidhm ria nDomhnall mac Meg Carthaigh agus ria nDesmhumhain for Ghallaibh dú hi ttorchrator seasccatt ar céd nó ní as uille. Faolan Mac Faolain tigherna Ua fFaolain do ecc i mainistir Congalaigh.
Cenandus Ath Truim agus an Droichett Nua do losccadh. Sitricc Teabthach Ua Ceallaigh Maine do écc. AOIS CRIOSD, 1204. Aois Criosd, mile, dá chéd, a ceathair. Sitriucc Ua Sruithén airchindeach na Congbhala, .i. cenn Ua Murtele agus toiseach Cloinne Snédhgile ar thotacht décc iar ndéigh pendainn, agus a adhnacal isin tempall do rónadh leis féin. Iohn De Cuirt indredhach ceall, agus tuath do ionnarbadh lá mac Hugo De Lati
hi Tír Eoghain ar comairce Cenél nEoghain go rainicc go Carraicc Ferghusa, agus ro marbsat Goill Uladh sochaidhe dia mhuintir.
Uilliam Búrc do indradh Connacht eitir chill agus tuaith, agus ro dhioghail Dia agus na naoimh indsin fair uair ro ég do ghalur iongnáth do badh adhnár daisnéis. Muircertach Ua Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do écc.
AOIS CRIOSD, 1205. Aois Criosd, mile, dá chéd, a cúicc. An tAirdeaspoc Ua Leienni hEinni do dhol i mainchini, agus a écc fo chedóir. Donait Ua Becdha epscop Ua nAmhalgadha do écc.
Saoirbhrethach Ua Doirédh oirchinneach Domhnaigh Móir, agus Patraicc Ua Moghróin, décc. Maghnus Ua Catháin mac tigherna Cianachta agus Fher na Craoibhe, tuir gaisccedh agus beodhachta an Tuaiscirt do ghuin do shoighit, agus a ecc iaromh. Mac Guillbhealaigh Uí Cherbhaill tigherna Éle do mharbhadh lá Gallaib. Conchobhar Ua Braoin Breaghmaine do écc ina ailithre i cCluain Mic Nois. Raghnall Mac Diarmata ticcerna Cloinne Diarmata do écc. Domhnall Mac Concoiccriche taoisech Muintire Sercacháin do écc. Domhnall Ua Faoláin tighearna na nDeisi Mumhan do écc. Tadhcc mac Cathail Croibhdercc do écc do ghalar en oidhche i cCluain Mic Nois. Maelir mac Maelir do dul ar éccin ar Luimneach, agus cogadh mór deirgi
eitir Ghallaibh na Midhe agus Goill Maoilir trid sin, agus CuUladh mhac ConMedha Uí Laeghachain taoiseach Síl Ronain do mharbhadh ar an ccoccadh sin la Cenél Fiachach mic Néill. AOIS CRIOSD, 1206. Aois Criosd, míle, dá chétt, a sé. Domhnall Ua Muiredhaigh aird-ferleighinn Doire do écc. MaolPettair Ua Calmáin comharba Caindigh tuir crábhaidh agus eccna tuaiscirt Ereann do écc. Flaithbertach Ua Flaithbertaigh prióir Dhuine Geimhin, agus GiollaPatraicc Ua Falachtaigh airchindeach Dhúin Cruithne do écc. Eiccnechán Ua Domhnaill do dhénamh creach agus marbtha i tTír Eoghain. Comarba Patraicc do dhol i ccend Righ Saxan do chuinghidh sochair cheall, agus do chosaoid ar Ghallaibh Ereann.
Tomaltach mac Concobhair mic Diarmata mic Taidhg tighearna Mhaighe Luircc agus Airtigh agus na hAicidhechta en branan Cloinne MaolRuanaidh do écc. Creach la hEccnechán Ua nDomhnaill i nUibh Farannain agus hi cCloinn Diarmata. Ro ghabhsat bú iomda agus ro marbhsatt daoine. Ruccsat Uí Diarmatta, Uí Fhorannáin agus Uí Gairmledhaigh orra. Ro marbhadh, agus ro báidhedh sochaidhe etorra, agus ruccsat Cenél cConaill an ccreich fo dheóidh iar morshaothar. Ruaidhri Ua Gadhra ticcerna Slebhe Lugha do ecc. Aodh mac Murchadha Uí Cheallaigh ticcerna Ua Maine, agus Caithniadh Ua Caithniadh tighearna Iorrais do écc. Aodh Ua Goirmghiallaigh ticcerna Partraighe Cera do marbhadh lá fearaibh Cera. Ruaidhri Ua Toghda taoiseach na Bredcha la hUa nAmhalgaidh do ecc. Gillibert Ua Flannaccáin, agus Iomhar Mac Murchaidh cách díobh dho marbhadh aroile ir Ros Comáin.
Muircertach Mac Carrghamhna taoisech Muintire MaoiltSionna do écc. Sloiccheadh la mac Hugo De Lati co nGallaibh Midhe agus Laighean i tTelach nÓcc. Ro loisccedh cealla agus arbhanna lais, agus ni rucc geill náid eidiredha Aodhae Uí Neill don chur sin. Sloiccheadh las an lucht ccedna i cCiannachtaib. Ro loisccsett cealla Ciannachta uile agus ruccsat buar dirímhe. AOIS CRIOSD, 1207. Aois Criosd, mile, da céd, a seacht. Creach la hEiccnechan Ua nDomnaill a bFeraibh Manach go ro ghabhsat bú. Ruccsat Fir Manach foirlion forra agus ro marbsat Ua Domhnaill tighearna Tíre Conaill, tuir engnamha agus einigh an Chuiccidh ina reimhes, agus torcrattar drong do shaorclannaibh ele i mailli friss. Itiat na huaisle do rochrattar ann, an Giolla Riabhach mac Ceallaigh Uí Baoighill, Donnchadh Conallach mac Concobhair Maonmaighi, agus Mathgamhain mac Domhnaill Midhigh Uí Concobhair agus laochraidh iomdha cenmothát. Domhnall mac Ferghail Uí Ruairc ticcerna urmhóir Breifne do écc. Muiredhach mac Ruaidri Uí Concobhair agus Amhlaibh Ua Ferghail taoisech muintire hAnghaile do écc. Diarmait Ua Madagáin tighearna Síl nAnmchadha do écc. Taissi Ruaidhri Ui Concobhair Rí Connacht do thabhairt a talmain, agus a ccur hi sccrín chloiche.
Cathal Croibhdhercc Ó Concobhair Rí Connacht do ionnarbadh Aodha Uí Fhlaithbheartaigh agus a crioch do thabhairt dia mac fein dAodh mac Cathail. Coccadh mor eittir Ghallaibh Laighean fein .i. eittir Maoilir agus Seffraigh Mares, agus Uilliam Marusccal gur milleadh Laighin, agus fir Mumhan etorra. Coccadh mór fós eittir Hugo De Lati agus Maoilir, go ro milleadh uile muintir Mhaoilir. Crech mor la Cathal Carrach mac Diarmata mic Taidhg ar Chorbmac mac Tomaltaigh Mic Diarmata, agus ar Ua fFloinn Eassa, co ruccsat drem do Connachtaibh fair .i. Diarmait mac Maghnusa mic Muircertaigh Uí Choncobhair, agus Corbmac mac Tomaltaigh, Concobhar God O hEghra tigherna Luighne, agus Donnchadh Ua Dubhda tighearna Ua nAmhalgadha, agus Ua fFiachrach go ro chuirsiot cliathaidh go ro muidh for Cathal Charrach, agus go ro gabhadh é fein, agus go ro dalladh, agus ro marbhadh Muirghes a mhac, agus Mac Chonghránna Uí Fhlannaccáin co sochaidhibh ele. Creach mhór la Maoilir Ócc, agus la Muircertach Ua mBriain agus lá Toirrdhealbhach
mac Ruaidhri Uí Concobhair i tTír Fhiachrach Aidhne co ro airccsiot cúicc baile dhécc. Cathal mac Ruaidhri mac an tSiondaigh Uí Chatharnaigh tighearna Tethba do écc. Sluaiccheadh la macaibh Hugo De Lati, agus la Gallaibh Midhe go caislén Atha an Urchair go rabhattur sechtmain for mís acc forbhaisi fair go ro fháccbadh an caislén leó, agus triocha chéd FhercCeall, agus go hionnarbadh Maoilir as in tír. AOIS CRIOSD, 1208. Aois Criosd, mile, da céd, a hocht. Dauid Bretnac epscop Puirt Lairge do mharbhadh la hUá bFaoláin dona Deisibh.
Creachsloiccheadh la hAodh Ua Neill i nInis Eoghain. Rucc Ua Domhnaill .i. Domhnall Mór cona sochraitte fair. Ro cuiredh caithiorgail etorra in ro marbadh ár dírimhe ar gach leth. Torchair is in maidhm sin Domhnall mac Murchadha, agus ár adhbal do Chenél Eoghain imaille friss. Torcrattar i ffriothguin an mhadhma Cathbharr O Domhnaill, Ferghal Ua Baoigill, Corbmac Ua Domhnaill, Dauid Ua Dochartaigh, agus drem do mhaithibh Chenel cConaill cenmothátt. Ro sraoineadh fo deoidh tre nert iommbualta for Cenél nEoghain. Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Mór) for Chenél nEoghain agus for Aodh Ua Neill go rucc for crechaibh agus braighdibh an tire, gur snadhmadh sídh eittir Ua nDomhnaill agus Ua Neill, agus ro naidmsiot a ccarattradh friaroile i nacchaidh Gall agus Gaoidheal no chuirfeadh ina naghaidh. Duibhinnsi Mág Aenghusa ticcerna Cloinne hAodha Ua nEachdhach do mharbhadh la mac DuinnSleibhe Uí Eochadha. Finghin mac Diarmata mic Corbmaic Mhég Cárthaigh do mharbhadh la a braithribh feisin. Ualgharcc Ua Ruairc do chor a tigernas Fher mBreifne, agus Art mac Domhnaill mic Ferghail do ghabhail a ionaidh a hucht Gall. Iohannes Episcopus Norbus do chor do Righ Saxan i nErinn dia bheith ina Iustis innte, agus Saxoin deschoitchionnucchadh la comharba Pettair fodaigh an epscoip do chor cum coccadh i nErinn, go mbáttar Saxain gan aiffrionn gan baisttedh gan ongadh, gan adhnacal inathéchta fri ré trí mbliadhan.
Muircertach mac Domhnaill Ui Bhriain ticcerna Tuadmhumhan do ghabháil lá Gallaibh Luimnigh tor sarúchcadh trí nepscop tre fhoráil Dhonnchaidh Chairbhrigh a derbrathar fein. Diarmaitt Ua Caomháin taoisech o Tuaim Da Bhodhar go Gleóir do écc. Amhlaibh Ua Rothláin taoisech Calraighe Chúile Cernatan do marbhadh la hUa Móráin. AOIS CRIOSD, 1209. Aois Criosd, míle, da céd, a naoi. Cele Ua Dubhthaigh epscop Maighe Eo na Saxan, GiollaCrist Ua Cearnaigh comhorba Condere, agus Flaithbertach Ua Flainn comharba DaChonna Easa Mic nEirc do écc.
Art mac Domhnaill mic Ferghail Ui Ruairc tighearna Breifne do marbhadh la Corbmac mac Airt Uí Maoilechlainn, agus la Corbmac mac Airt Uí Ruairc, agus Ualgarcc Ua Ruairc do ghabháil ticcernais ina dhiaidh. Donnchadh Ua Ferghail ticcerna na hAnghaile do ecc. Ri Saxan do techt i nErinn seacht ccéd long. Is ann ro ghabhsat in Ath Cliath. Baoi athaidh ainnsein acc legadh sccisi na mara de iar ttorrachtain
do, agus tanaic o AthCliath go Tiopraitt Ulltain i Midhe. Do coidh Cathal Croibhdercc Ó Concobhair ina tech. Ro hionnarbadh Ualtra De Lati as in Midhe hi Saxain. Do choid iaramh an Ri agus na maithe bai ina fharradh go Carraic Fherghusa co ro dhiochuir Hugo De Lati a hUlltaibh hi Saxain. Aodh Ó Néill do dhol fo thoghairm an Righ agus a theacht for ccúlaidh gan gialladh. An Righ do beith i bhforbaisi for an cCarraicc co ro faccbadh dó í, agus tucc a mhuintir fein innte. Tanaicc Ó Concobhair iaromh dia thigh budh dein. Do coidh iaromh Ri Saxan go Raith nGuaire, agus tanaicc Ua Concobhair doridhisi dia soighidh, agus ro bai an Ri acc iarraidh a mheic ar Ua cConcobhair do ghiall fri comhall dó. Ni thárd Ua Concobhair a mhac uadha, acht do rad cethrar dia mhuintir dia chionn, .i. Concobhar God Ó hEghra tighearna Luighne, agus Diarmait mac Concobair Uí MaoilRuanaidh tighearna Mhuighi Luircc, Fionn Ua Carmacáin, agus Toirbheand mac righ GallGaoidhel do aes gradha Uí Concobhair, agus do chóidh an Ri go Saxain, agus rucc na braighde sin lais.
AOIS CRIOSD, 1210. Aois Criosd, mile, da céd, a deich. Goill do teacht co CaolUiscce. Aodh Ó Néill agus Domhnall Ua Domhnaill do thionol chuca go ro marbhait leo na Goill im Henri mBecc. Ro roinnsiot a nionnmhusa agus a nédála for na sloghaibh. Toirrdelbhach mac Ruaidhri Ui Concobhair do dhenamh creche i Muigh Luircc, agus rucc leis is in Seghais í do shaighidh Diarmatha a bhrathar. Luidh Aodh mac Cathail ina deadhaidh co ndeachaidh Toirrdelbhach is in Tuaisceart ar teichedh roimhe. Braighde Connacht do thoidhecht i nErinn, Concobhar God O hEghra tighearna Luighne, agus Diarmait mac Concobhair Ui MaoilRuanaidh, Fiond Ua Carmacáin, agus Aireachtach Mac Donnchaidh. Muircertach Muimhnech mac Toirrdealbhaigh Moir do ecc. Coccadh mór do eirghe eitir Righ Saxan agus Ri Bretan, teachta do thocht o Righ Saxan ar cend an Gailleaspuicc, agus maithe Ghall nEreann imon nGaillepscop do dhol fo thoghairm Righ Saxan, agus Riocard Diúid do fhaccbail ina iustis i nErinn, agus an Iustis do thocht co hÁth Luain ar dháigh go ccuirfeadh a
bhraithre co Luimnech, go Port Láirge, agus co Loch Garman agus co mbiadh féin i nAthCliath agus in Ath Luain. Do rala dó gur ro thuitset clocha caislén Atha Luain ina chenn gur bho marbh gan anmain Riocard Diuid cona shacart agus co ndreim dia mhuintir immaille friss tria mhiorbhailibh Dé, Naoimh Pedair agus Naoimh Chiarain. Clann Ruaidhri Uí Concobhair, agus Tadg mac Concobhair Maonmhuighe do thocht tar Sionaind anair is na Tuathaibh, agus drem do muintir Anghaile imaille friu agus ruccsat creich leo i nditreibh Cheineoil Dobhta. Do thaed Aodh mac Cathail,
Croibhdeircc ina ndiaidh, agus do beartsat deabhaidh dia roile agus ro mheabhaidh ar mhacaibh Ruaidhri gur ro cuireadh dar Sionainn sair doridhisi iatt iar ffaccbhail daoine agus each. AOIS CRIOSD, 1211. Aois Criosd, mile, dá ched, a haon ndécc. Sitriocc Ua Laighenáin comharbha Comhgaill do ecc. Caislen Cluana hEoais do dhénamh lá Gallaibh agus lás an nGaillespoc, agus crechshluaiccheadh do dhenamh leó i tTír Eoghain. Aodh Ó Néill do bhreith orra, agus ro sraoineadh remhe for Gallaibh, agus ro chuir a nár im Maoilir mac Roberd. Tomas Mac Uchtraigh go macaibh Raghnaill Mic Somhairlich do techt co Doire Choluim Chille foirenn sé long seachtmoghat, agus an baile do orgain agus do milleadh leo. Lodar assidhe co hInis Eoghain, agus ro mhillset in insi uile.
Sloiccheadh la Connactaibh tria thoghairm an Ghailleaspuic agus Gillibeirt Mic Goisdelbhaig co hEssRuaidh, agus do ronsat caislen occ Caol Uiscce. Ruaidhri mac Ruaidhri, mic Toirrdealbhaigh Ui Concobhair, do marbhadh la Luighnibh Connacht. Corbmac mac Airt Uí Maoileachloinn do buain Delbhna do na Gallaibh, agus Maoileachlainn mac Airt do thabhairt madhma ar na Gallaibh do bhai ag coimhett Dealbhna, agus a cconstabla Robeard Dhúncomair do marbhadh. Cugaela Ua hEidhin do ecc. Raghnailt agus Caillech Dé dí inghin Ruaidhri Ui Concobhair do écc. AOIS CRIOSD, 1212. Aois Criosd, mile, da céd, a dodecc. DruimChaoin cona tempall do losccadh la Cenél nEoghain gan ced dUa Néill. Ferghal Ua Catháin tighearna Ciannachta agus Fher na Craoibhe do mharbhadh la Gallaibh. Gillibert mac Goisdelbhaigh do mharbhadh i ccaislen ChaoilUiscce, agus an caislen feissin do losccadh la hUa nEiccnigh. Caislen Cluana hEoais do losccadh la hAodh Ua Neill, agus la Tuaisceart Erenn. Donnchadh Ua hEidhin do dhalladh la hAodh mac Cathail Croibhdeirg gan ced dUa Concobhair. Maidhm Caille na cCrann do thabairt la Corbmac mac Airt Ui
Maoilechlainn agus la hAodh mac Concobhair Maonmaighe ar Ghallaibh dú in ro ládh a nár im Piarus Masan agus im macaibh Sleimhne. Donnchadh Mac Cana toisech Chenél Aonghusa do ecc. Domhnall Ó Daimhín do mharbhadh la macaibh Még Lachlainn i ndorus recles a Doire. Crech las in nGiolla Fiaclach Ua mBaoighill co ndruing do Cenél cConaill a maille fris for araill do Chenel Eoghain baoi for comairce Uí Thaircheirt, .i. an Giolla Riabhach toiseach Cloinne Sneidhghile agus Cloinne Fíngin. Rucc imorro Ó Tairceirt forra, agus feraidh deabhaidh friú agus marbhthar é budh deisin ag cosnamh a einigh. Teach do ghabháil la Diarmait mac Ruaidhri Uí Concobair for Aodh mac Maghnusa Uí Concobhair hi cCill Colmain Fhinn hi cCorann gur ro loisccit cuicc fir dhécc ar fhichit ann. Maidm do thabairt do Dhomhnall mac Domhnaill Breghaigh Í Maoilechlainn for Chorbmac Ua Maoileachlainn dú in ro marbhadh Giolla Criosd Mac Colgan co sochaidhe ele amaille fris. Domhnall mac Domhnaill Uí Maoileachlainn do mharbhadh ar creich la muintir Maoilir. Sluaiccheadh la Gallaibh Mumhan go RosCré go ndearnsat caislén ann.
Assaidhe go Cill Achaidh go rucc Muircertach mac Briain orra cona shloigh go ttard deabhaid doibh. Ro loiteadh Maoileachlainn mac Cathail Charraigh gur bó marbh dia ghonaibh. AOIS CRIOSD, 1213. Aois Criosd, mile, dá chétt, a trí decc. Gilla na Naemh Ua Ruadhan epscop Luighne agus Muiriccen Ua Muireccein epscop Cluana Mic Nois do écc. Ainmire Ua Cobhtaigh abb Reclesa Doire Coluim Cille uasail clérech toghaidhe ar chrabhadh, ar chennsa, ar dheirc, ar eccna, agus ar gach maith archena. Tomás Mac Uchtraigh agus Ruaidhri Mac Raghnaill do orccain Dhoire Choluim Cilli agus do bhreith sheód mhuintire Doire agus tuaiscirt Ereann archena a lár tempaill an Recclesa, agus a mbreith leo go Cúil Raithin.
Ua Cathain agus Fir na Craoibhe do theacht go Doire do gabhail tighe ar mhacaibh Még Lachlainn. Ro marbhadh cellóir mór Recclesa Doire etorra occa nettargoire. Do roine Dia agus Coluim Cille miorbhail innsin uair ro marbhadh an fer tionoil agus toichestail baí leo, .i. Mathghamhain Mhág Aithne i neneach Choluim Chille i ndorus in Duibhrecclésa. Caislen Cuile Rathain do dhenamh la Tomas Mac Uchtraigh agus la Gallaibh Uladh, agus ro sccaoileadh relcce, agus cumhdaighthe an bhaile uile do chum an chaislein sin cenmothá an thempall. Aodh Ua Neill do thabhairt madhma ar Ghallaibh agus ro la a nderccár, agus ro loiscceadh beós lais an Carrlongport isin ló cettna eittir dhaoinibh, agus indilibh. Donn Ó Breisléin taoiseach Fánatt do mharbhadh da mhuintir fein i meabhail. Fiond Ua Brolcháin maor Í Dhomhnaill (.i. Domhnall Mor) do dhol i cConnachtaibh do chuingidh chíosa Í Dhomhnaill. Asseadh do choidh cettus co Cairpre Droma Cliabh. Ro tadhaill sidhe cona chaoimhthectoibh do thigh an fhilidh Muiredhaigh Lesa an Doill Ua Dálaigh, agus ro ghabh for miochostadh mór friss an bhfhilidh ar ba haitheach somh a hucht treóin (gion gur bo hé a thiccerna ro chomhairleicc do). Ro lonnaigheadh an fer dána fris, agus ron gabh biail mbithgéir ina laimh co ttaratt beim ndó go ffarccaibh marbh gan anmain. Teitt feisin iarsin ar iomghabhail Uí Dhomhnaill hi cCloinn Riocaird. Iar na fhios sin dUa Domhnaill do ronadh léirthionol slóigh lais ina deadhaidh, agus ní ro airis co rainicc
Doire Í Domhnaill i cCloinn Riocaird, conadh uadh ro ghabh ainmniucchadh, ar a bheith adhaidh longpoirt ann. Ro ghabh for creachlosccadh an tíre gur bho riarach Mac Uilliam dó fó dheoidh, agus co ro dhiochuir Muiredhhach dia chomairge i tTuadhmhumhain. Do thaed Ua Domhnaill ina dhiúidh agus geibhidh for indradh, agus orccain na criche íshin coros athcuir Donnchadh Cairbrech Ua Briain Muiredhach uadha i nucht muintire Luimnigh. Ro len Ua Domhnaill é co dorus Luimnigh, agus baí i fforbaissi agus hi bhfoslongport ag Móin Uí Dhomhnaill conadh uadh ainmnighther. Ro dhiocuirsiot lucht Luimnigh Muiredhach uadhaibh for forchongra Ui Dhomhnaill co nach ffuair a imdhiden acht a thairbhirt ó láimh do láimh go riacht Ath Cliath Duibhlinne. Soais Ó Domhnaill don chur sin iar siredh agus iar ccor cuarta Connacht uile go hiomlan. Do ronadh sloichceadh ele lais doridhise gan iomfhuireach gan fhosucchadh is in mbliadhain céttna bheos co hAthCliath gur ba heiccen do lucht Atha Cliath Muiredhach do chor uadhaibh go hAlbain, agus bai annsaidhe co nderna teóra drechta adhmolta do chuinghidh siodha, agus maithme nanacail ar Ua nDomhnaill, agus ba hé an treas dán dibh sidhe, A Dhomhnaill deadhlamh fo sith, etc. Do radadh sith dósomh ar a adhmoltaibh, agus gabhaidh O Domhnaill ina mhuinteras é iaromh, agus do rad forba, agus ferann do feib ro ba data lais. Creach la Corbmac Ua Maoileachlainn for chaislen Chinn Clair go ro
loiscc an badhbdun agus go raoimhidh for na Gallaibh, co ttuccadh eich agus eitte iomdha uatha. Morsluaigheadh la Gallaibh Ereann dionnsaicchidh Corbmaic mic Airt gur comraicsiot acc droichet Tine. Feachar iomairecc etorra, agus ro mheabhaidh for mhac Airt, agus do rochair Ruaidhri Ua Ciardha is in deabhaidh sin, agus ro díochuireadh mac Airt a Dealbhna, agus ro hairccedh a mhuintir. Do chóidhsiot na Goill go hAth Luain, agus do ronadh caislen leó ann. Do ronsat beós caislen Chinneitigh, caislen Biorrae agus caislen Durmaighe. Creach la Corbmac mac Airt i nDealbna co ro aircc MaoilSeachlainn Becc agus go ro ionnarb as an tír. Ro marbh dná Uilliam Muilinn, agus ro ghabh fein tigernas Dealbhna.
AOIS CRIOSD, 1214. Aois Criosd, mile, dá chéd, a ceathair decc. An tepscop Ó Ceallaigh .i. eapscop Ó fFiachrach do ecc. Ardghar Ua Concobhair epscop Shíl Muiredhaigh do ecc. Benmidhe inghen Eccnigh ben Aodha Uí Neill baintighearna Oiligh décc iar ndeighbhethaidh. Creach do dhenamh la hAodh mac MaoilSeachlainn Ui Lachlainn for comorba Choluim Chille, agus Aodh budheisin do mharbhadh la Gallaibh ria ccind bliadhna tria fhiortaibh Dé agus Choluim Cille. Cathal Mac Diarmatta mic Taidg ticcerna Muighe Luircc tuir ordain Connacht do écc. Brian mac Ruaidhri Í Fhlaithbertaigh mac ticcerna iarthair Connacht do ecc. Creach criche Cairpre do dhenamh la hUalgarcc Ua Ruairc ar Philip Mac Goisdelbhaigh co rucc bú iomdha lais. AOIS CRIOSD, 1215. Aois Criosd, mile, dá céd, a cuicc decc. Dionisius Ua Longargáin airdespoc Caisil decc hi Roimh. Conchobhar Ua hEnne epscop Chille DáLua do écc ar slighidh occ tionntudh do iarsan ccethramhadh Comhairle Generailte bai in ecclais Lateranensis.
Annudh Ua Muiredhaigh epscop Conmaicne agus MaolPóil Ua Muiredhaigh prioir Dhúine Geimhin do ecc. Trad Ua MaoilFábhaill toisech Chenél Fherghusa cona bhraithribh agus co ndruing móir ele immaille friú do mharbhadh la Muireadhach mac Mormair Lemhna. Donnchadh Ua Duibhdhiorma toiseach na mBrédcha do écc, i Duibhreccles Doire. Aongus Ua Cairelláin toiseach Cloinne Diarmata do mharbhadh la a braithribh fen. Murchadh Mac Cathmaoil toisech Ceneoil Fheradhaigh do écc. Mag Cana toisech Chenél Aenghusa do mharbhadh la a braithribh. Ruaidhri Ua Floinn ticcerna Derlais do ecc. Gilla Cuitrigh mac Carrgamhna taoisech muintire MaoiltSionna decc. Giolla Caoimhgin Ua Ceallaigh Bregh do ghabháil la Gallaibh i mainistir Pettair acc AthLuain, agus a crochadh leo in AthTruim. Tadhg Mac Eitigein taoiseach Cloinne Diarmata do ecc.
AOIS CRIOSD, 1216. Aois Criosd, mile, da cett, a sé decc. Mathghamain Ua Laithbertaigh tighearna Cloinne Domhnaill do écc. Giolla Arnáin Ua Martain ollamh Erenn i mbreitemhnus do écc. Tomaltach mac Aodha mic Aireachtaigh Uí Rodhuibh do mharbhadh la Domhnall mac Aedha Mic Diarmatta. Eachdhonn Mac Gilliuidhir comarba Patraicc, agus priomhaidh na hEreann do écc hi Roimh iar ndeighbethaidh. MaoilSeachlainn mac Diarmata do mharbhadh dFearaibh Ceall, agus do mhuintir Mhaoilir. Murchadh mac Ruaidhri Uí Concobhair do écc.
Caislén Chille DaLua do dhénamh la Seafraigh Mares, agus an Gailleaspoc fós do dhénamh tighe innte ar eiccin. An tres Henry do rioghadh os Saxain 19. October. AOIS CRIOSD, 1217. Aois Criosd, mile, da chéd, a secht décc. Giolla Tighearnaigh Mac Giolla Ronain epscop Airghiall, agus cenn canánach Ereann do écc iar bpennainn agus iar naithricche. Diarmait mac Conchobhair Mic Diarmata tighearna Muighi Luircc do écc. Mor inghen Uí Bhriain .i. Dhomhnaill ben Cathail Croibhdheircc do écc. Domhnall Ua Gadhra do ecc. Niall mac mic Lochlainn Uí Concobhair do écc. Donnchadh Ua MaoilBrenainn taoiseach Cloinne Concobhair do écc. Tadhg Ua Ferghail do marbhadh la Murchadh Carrach Ua fFerghail. GiollaPatraicc Mac Acadhain taoiseach Cloinne Fermaighe do écc.
Domhnall mac Murchadh Mhég Cochláin tighearna urmhóir Dealbhna do mharbhadh do mhacaibh Maoileachlainn Méag Cochlin i meabhail i Liathdruim. Cathal Fionn Ó Lachtna taoiseach an Dá Bhac do marbhadh la hUa fFloinn Mhaighe hEleocc i ffiull ina tigh fein. Corbmac mac Tomaltaigh doirdnedh. AOIS CRIOSD, 1218. Aois Criosd, mile, da chétt, a hocht décc. Clemens epscop Luighne do écc. Giolla na Naomh Ua Gormghaile saccart Rátha Lúraigh do écc ina oilithre.
MaoilIosa Ua Daighre airchinneach Doire Choluim Chille do écc an tochtmhadh la do Dhecember iar mbeith cethrachat bliadhain ina airchindeach, agus iar ndenamh gacha maithesa for caomhnaccair do gniomh hi ccill agus i ttuaith. Tempall Mainistre na Buille do choisreaccadh. Muircertach Ua Floinn ticcerna Ua tTuirtre do marbhadh la Gallaibh, agus Conghalach Ua Cuinn taoiseach Maighe Lugad agus Shil cCathasaicch uile, tuir ghaisccedh, einigh agus oirdearcais tuaiscirt Ereann do mharbhadh la Gallaibh bheós is in ló cédna. Ruaidhri, agus MaoilSeachlainn, da mhac Mhég Cochláin do écc i mainistir Chille Beccain. Lochlainn Ua Concobhair do écc agus mainistir Cnuic Muaidhe.
Creach do dhénamh la Gallaibh Midhe agus la Muircertach Carrach Ua fFerghail ar Uibh Briúin na Sionna, agus Diarmait mac Toirrdhealbhaigh mic Maoileachlainn agus dream do Chonnachtaibh do breith forra go raimhidh fors na Gallaibh go ttorcratar tuilleadh ar chéd eittir mharbhadh, agus bhádhadh díobh. Do rochair mac Uí Concobhair i ffriothguin na sgainnre go ndruing dia mhuintir a maille fris. AOIS CRIOSD, 1219. Aois Criosd, mile, dá chéd, a naoi décc. Aodh Ua MaoilEóin epscop Cluana Mic Nois do bhathadh. Fonachtán Ua Bronáin comorba Coluim Cille do ecc, agus Flann Ua Brolcháin do oirdneadh ina ionadh is in comhorbus. Maeleschlainn recte Maelsechlainn mac Concobair Maonmaighe do mharbhadh la Maghnus mac Toirrdhealbhaigh Í Concobhair iar ngabháil tighe fair i cCluain Tuaiscirt. Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill .i. Domhnall Mor i nGairbhthrian Connacht da
bfuair braighde, agus úmhla Uí Ruairc agus Ui Raighilligh agus catha Aodha Finn uile agus gabhail dó iar sin tre Fheraibh Manach go ro milleadh lais gach conair tres a ttudhcaidh etir chill agus tuaith doneoch bai i ffresabhra friss. Ualtra De Laty agus mac Uilliam Burc do theacht a Saxoibh. Dubhdara mac Muiredhaigh Ui Maille do mharbhadh i ngeimheal la Cathal Croibhdhercc ina longphort fein tré na mhighníomhaibh. Enda mac Danair Uí MhaoilChiaráin do écc. AOIS CRIOSD, 1220. Aois Criosd, mile, da chéd, a fiche. Iacobus do tocht i nErinn ina légaidech on bPapa do reidhiuccad, agus dorducchadh dal ecclastacda na hEreann, agus a dol for cculaibh doridhisi. Diarmait mac Ruaidri (.i. mac Toirrdhealbhaigh Mhoir) Concobhair do marbhadh la Tomás Mac Uchtraigh ag techt a hInnsibh Gall, ar ttionól coblaigh do Dhiarmait ag techt do ghabháil righe Connacht. MaolRuanaidh Ua Dubhda do bhathadh ar an ccobhlach ccedna. MaolSeachlainn, mac MaoilSechlainn Bhicc do bathadh ar Loch Ribh. Diarmait mac Briain Daill do marbhadh do mhac Mathghamhna Ui Bhriain tre mheabhail. Sluaigheadh la Ualtra De Lacy agus la Gallaibh Midhe go hAth Liacc go ndernsat
urmhór caisléin ann. Sluaigheadh ele la Cathal Croibhdercc tar Sionainn soir is in cCaladh, gur gabh eccla na Goill go ndearnsat sith le hUa cConcobhair, agus co ro sccaoilsiot Connachtaigh an caislén. An Cairneach Riabhach Mhag Flannchadha, agus Ferghal Mag Samhradhain do marbhadh la hAodh Ua Ruairc .i. mac Domhnaill mic Fearghail, agus la Cloinn Fhermaighe. AOIS CRIOSD, 1221. Aois Criosd, míle, da chéd, fiche a h-áoin. Sanct Dominic do ecc. Corbmac ab Comair do mharbhadh. Mac Hugo De Laci do thecht agus nErinn do nemhthoil Rígh Saxan agus táinig i mbáidh Aodha Uí Nell. Do chóidhsiod ar aon i naghaidh Gall Ereann, agus
do dheachattar cétus go CúlRathain agus ro scaoilsiot a caislén. Lottur iaramh i Mídhe agus i Laighnibh gur ro millsiot ile don cur soin. Tionólaid trá Goill Ereann cethre catha fichet go Dealccain. Táinicc Aodh Ó Neill agus mac Hugo cethre catha comhmóra ina naghaidh co ttuccsat Goill annsinn a bhreth fein dUa Nell. AOIS CRIOSD, 1222. Aois Criosd, míle, dá chéd, fiche adó. An tEpscop Mag Gelain epscop Chille Dara decc. Ailbin Ua MaolMhuaidh epscop Ferna décc. MaoilIsa Ua Floinn prioir Easa Mic nErc décc. Tadhg Ua Baoighill sonus agus taccadh tuaiscirt Ereann, tiodhnaictheach séd, agus maoine daos gacha dána décc. Niall Ó Néll do shárucchadh Doire im inghin Uí Catháin. Ro dhíoghail Dia agus Colum Cille innsin uair nír bó cian a saoghal som dia és.
Giolla MoChoinni Ua Cathail tighearna Cheneoil Aodha thoir agus thiar do marbhadh la Sechnasach mac Giolla na Naomh Uí Sechnasaigh iar na bhrath da mhuirtir fén. Mor inghean Ui Bhaoighill ben Amhlaibh Uí Beolláin décc. AOIS CRIOSD, 1223. Aois Criosd, míle, da céd, fiche a trí. MailIosa mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair prioir Innsi Medhoin decc. Dubhthach Ua Dubhthaigh abb Conga decc. Sloiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Mór) co Cruachain Chonnacht,
assaidhe hi tTuathaibh Connacht, agus tar Suca siar gur mhill agus gur chrechloiscc gach tir gus a rainicc co ffuair a mbraighde agus a numhla. Seachnusach mac Giolla na Naomh Uí Sheachnusaigh do mharbhadh do Chloinn Chiuléin, agus sárucchadh na Bachla Mhoire Cholmáin Cille mic Duach uime. Murchadh Carrach Ua Ferghail do marbhadh daon urcor saighde, ag dénamh greissi ar Aodh mac Amlaoibh Uí Ferghuil. AOIS CRIOSD, 1224. Aois Criosd, míle, da céd, a cethair. Mainistir S. Froinsiais i nAthLuain do thionnscnadh lá Cathal Croibhdearg Ua cConcobhair la righ Connacht in espuccóideacht Cluana Mic Nóis ar brú na Sionna allanoir.
MaolMuire Ó Connmaic espoc Ua bFiachrach agus Cenél Aodha do écc. Espoc Conmaicne, .i. an Gaillespoc decc. Muirghius Canánach mac Ruaidhri Uí Chonchobhair aon bá dearscnaighthi do Ghaoidhelaibh illegionn, i ccanntaireacht agus a ndénamh uérsa décc, agus a adhnacal i cCunga. MaolCaoimhgin Ua Scingin aircinneach Arda Carna décc. MaoilIsu mac an Espuic Uí MhaoilFhaghmhair pearsún Ua bFiachrach agus Ua nAmhalgadha, agus adhbhar espuic ar eccna, do marbhadh do mac Donnchadha Uí Dhubhda mar nar dhú dhó uair nochar mharbh neach dUíbh Dubhda riamh cleireach gó sin. Cioth adhbhal adhuathmhar dfearthain i ccuid do Connachtaibh, .i. i tTir Maine i Sodain agus i nUibh Diarmata etc. diar fhás tedhm agus galar aidhbhsech do cethraibh
na ccríoch remraiti iar ccaitemh an fheóir do fhliuch an cioth sa dhóibh. Do gniodh bheos lacht na ninniledh sin galraighthi inmheodhoncha go héxamhail do na daoinibh dho thoimledh é. Ba dethbhir na dearbairdhi si do techt i cConnachtaibh is in mbliadhain si uair ba mór an tolc, agus an timnedh do rala dhóibh innte, .i. Cathal Croibdearg mac Toirrdhealbhaigh Mhóir Uí Chonchobhair, Rí Connacht, aon as
mó do mhudaigh do merlechaibh agus deasccairdibh Erenn ré haimsir imchein, aon as mó ro shás do chlerchibh, bochtaibh agus aidhelgneachaibh, aon as uille inar dhoirteasdair Dia gac maith, agus gach mór suailche dá ttáinic duaislibh Ereann a ccomfhoccus dia remhes, óir as é ro congaibh é fén ar aon mnaoi phósda gan truailledh a ghenmnaidheachta tar a héis có a bhás. As ré a linn beos as mó ro gabhadh deachmadh go dlighteach cétus i nErinn. An Rí fírén foircclidhisi, agus an caithmiledh condail craibtech ceirtbhrethach décc an tochtmadh lá ficet do shamhradh (Dia Luain do shainnriudh) i naibíd Manaigh Léth i mainistir Cnuic
Muaidhe iar na hedhbairt dó budhén do Dia, agus do na manchaibh roimhe sin guna fonn agus fearonn, agus a adhnacal innte co huasal onórach. A bPurt Locha Mesca do geneadh Cathal Croibhdearcc, agus a oilemhain in Uibh Diarmata ag Tadhcc Ua ChoinCheanainn. Aodh Ó Concobhair a mac do gabháil righi Connacht tar a és gan cáirde uair bádar braighde Connacht ar a láimh ré nécc a athar. As ré hucht gabhala righe don Aodh sa tucc fó deara mac Ui Mannacháin do dhalladh tré éccen mná do tabhairt, agus a lámha agus a chosa do bhén do neoch oile iar ndénamh mérle dó. Do choimhéd smachta flatha innsin. Aodh mac Conchobhair Maonmhoighi décc ag toidhecht ó Ierusalém agus ó Sruth Iordanén dó. Dondchathaigh mac Airechtaigh Uí Radhuibh toísech Cloinne Tomaltaigh décc ina oilithri acc Topur Pattraicc. MaoilSeachlainn mac Taidhg Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine do écc. Giolla na Naomh Crom Ó Seachnusaigh tighearna lethe iartharaighe Cenél Aodha na hEchtgi décc. Domhnall Ó Ceallaigh tighearna Ó Maine décc. CúCenann Ua CoinCenainn décc. Mathghamhain mac Cethernaigh Uí Cérin tighearna Ciarraighe Locha na nAirneadh décc.
An tarbhar gan bhuain go Feil Brighde, agus an treabhadh aga denamh, do brigh an choccaidh, agus na doininde. Mainistir do thógbháil la Muiris Mac Gerailt (ó ttátt Geraltaigh Cille Dara agus Gearaltaigh Desmumhan) i nEóchaill in eapscoboitteacht Cluana is in Mumhain do bhraithribh S. Froinsiais.
AOIS CRIOSD, 1225. Aois Criosd, míle, dá céd, fiche a cúig. Amhlaoibh Ua Beólláin aircinneach Droma Cliabh, Saoi eccna, agus biattach coitchenn décc. Ua MaoilBhrénainn ab Mainistre na Buille décc do bithin cuislinne do leicceadh dhó. MaolBríghde Ua Maiccin ab Topair Padraicc, mac oighe agus eccnaidhe décc. As les ro tionnscnadh teampal Tobair Patraic, agus ro forbaidh gona Shanctair agus crosaibh iar mor shaothar a nónóir Patraic, agus Muire, Eóin, agus na napstal. Giolla an Choimhdhedh Mac Giolla Charraigh uasal shaccart agus pearsún Tighe Baoithin deg. Dionis Ó MaoilChiarain airchinneach Arda Carna décc. Giolla Coirpthe Ua Mughroin decc, agus a adhnacal i cConga Fhechín. Coimhérghe mhór shluaigh do dhénamh lá hUa Néll i cConnachtaibh do congnamh le cloinn Ruaidhri Uí Concobhair, .i. Toirrdhealbhach agus Aodh tré forcongra Duinn Óig Mhécc Oireachtaigh ríoghtaoíseach Sil Muiredhaigh a ndioghail a fearainn do bhén de dUu Concobhair (.i. Aodh). Acht chena ó ro iompaidh Macc Oirechtaigh
in aghaidh Aodha do rónsat Síol Muiredhaigh agus Iarthar Chonnacht im Aodh Ua Flaithbhertaigh tighearna Iartair Connacht, agus Gaoidhil an chuiccidh dormhór coimhérgi ina aghaidh acht Mac Diarmata, .i. Corbmac mac Tomaltaigh. Dála Uí Néll nír hairisseadh les go rainig lár Síl Muireadhaigh. Aisidhe go Feadha Atha Luain, go mbaoí dá oídhche ag Muilleann Guanach gur lomairccestur Loch Nén go rucc seóid Uí Concobhair as. Teccaid aisídhe go Carn Fraich. Rioghthar Toirrdhealbhach mac Ruaidhri annsin, agus téd Aodh Ua Nell cona muintir dia
ttighibh. (o roba tairisi lá Cloinn Ruaidhri a nairechta budhén) acht madh aos gradha Aodha namá, .i. Mac Diarmada, agus Dáuith Ua Floinn, etc. Así comhairle ar ar cinneadh annsin le mac Cathail Croibhdeirg, dul i cceann Gall co cúirt Atha Luain, óir do rala go sodhánach dósamh maithe Gall Ereann do bheith comhchruinn ainnsidhe an ionbaidh sin, agus báttar caraid a nurmór dósamh alos a athar, agus ar a shon fesin uair bá tuarustlach tiodhlaicthech iad araon dóibh. Fiadhaidhid Goill roimhe simh go lúthgháirech agus congbhaid etorra é go lán gradhach athaidh iar sin. Tuccsamh an Iustís agus inar lór lais do mhaithibh Gall ar chena ina commbaidh annsin, Donnchadh Cairbrech Ua Briain, agus Ua MaoilSeclainn gona sochraidibh. Iar cclos an comcruinnighthi sin do lucht Moigi hAí, agus do Thuathaibh Connacht, ro techsiod rompa i ccrich Luighne agus i tTír nAmhalgaidh gona mbuar agus innileadha, agus ro faccaibhsiod meic Ruaidhri in uathadh socraidi. Teccaid clann Ruaidhri Uí Concobhair rompa iarom an líon báttur co Cill Cheallaigh ar cúl a mbó agus a mbuair. Imtusa Aodha go nGallaibh uime cuirid siortha siubhlacha uatha darccain aosa gráidh cloinne Ruaidhri, agus congbaid trom a slóigh ina ttimchel re hionnsaigidh do tabairt orra budhén. Téd Aodh mac Ruaidhri mic Muirceartaigh, Domhnall Ua Flaithbertaigh, Tighearnán mac Cathail Miccárain agus mac Toirrdhealbhaigh mic Ruaidhri danacul coda dá naos graidh. Teccaid Goill im Aodh mac Cathail Croibhdheirg iarsin i ttimcheal
Toirrdhealbhaigh. Iar na airiuchcadh sin dósamh cuiris a glasláith i rémhthús roimhe, Donn Ócc Mág Oireachtaigh gona anradhaibh, Flaithbheartach Ua Flannagáin, agus uathadh damhsaibh Eoganach baoi ina fhochair, ordaighis iad dia nimdídhen ina ndeóidh go ttéarnadar samhlaidh ona mbiodhbadhaibh gan aon do thuitim díobh. Do rala an lá sin drong do siorthaibh Aodha Ui Chonchobhair i ccenn Eachmarcaigh Mic Branáin go ndeachaidh do chosnamh a bhóichreche orra go ttorchair Eachmarcach don anbforlann galccad baoí na agaidh. Leanais Aodh Ó Conchobhair go nGallaibh uime mac Ruaidhri an oidhche sin go Mílecc go mbaoí teóra hoidhche iarsin ag argain Luighne do gach leth. Bá hiondochonaigh do rala dÓ Eaghra annsin. Sith do dhenamh iar ná argain tar cenn an tioruairsi do fáccbhadh da hinnilibh ilLuighniu. As ann báttar meic Ruaidhri mun amsa a ccomhghar do Loch Mic Fear- adhaigh i nGlend na Mochart. Comairlighis Aodh ré na Ghallaibh annsin na Tuatha dionnsaighidh dia nargain, Síol Muireadhaigh agus Clann Tomaltaigh dinnradh mar an cedna ó do bháttar ar ttechedh roimhe. Iar ccinneadh na comhairle si lottar rompa i slighidh nach smuainfeadh Gall co bráth dul trempe, .i. hi bFiodh nGatlaigh go riachtsat Áth Tíghe in Messaigh gur airccsiod Cúil Cernadha iar ndilgenn a dhaoine dóibh. Gach ar gabh go Dubhchonga do lucht
an techmhe ro báidhit a normhór. As amhlaidh do gebthi na cescanna uas a ccairribh lomlán do leanbhaibh iar na mbáthadh. Gach a ttearna don toisc sin díobh ó Ghallaibh agus on iombáthadh remráite lodar i tTír nAmhalgaidh go ndeachaidh Ó Dúbhda fútha gonár fháccaibh aon bhó aca. Madh iad clann Ruaidhri tra así comairle do rónsat ag Loch Mic Fea- radhaigh sgaoileadh ó aroile dóibh go sgerdís sochraide Gall ré hAodh. Donn Mag Oirechtaigh agus aroile dia maithibh do chor do saighidh Uí Flaitbaertaigh sic a ffir comluighi agus comhchodaigh. Meic Muirceartaigh Uí Concobhair, agus Tighearnan mac Cathail do dul ar cúl a mbó agus a muintear, agus Síth do dhénamh dóibh tar a ccenn go bfágbhaidís Goill mac Cathail Croibhdeirg. As ann baoi Aodh mun am soin i Moigh nEó, agus tiaghaid meic Muirceartaigh Muimnigh ina chenn ar shlanaibh agus chomaircibh. Madh an taobh theas do Connachtaibh dana nír bó ciúin dóibh don dul soin, uair tangadar Goill Laighen agus Mumhan im Muirceartach Ua Briain, Goill Des mumhan bheós, agus Sirriam Corcaighe ina ttréchomusc gur marbhsat a ndaoine doneoch ar a rucsat diobh, agus gur ionnradar a mbruigh agus a mbailte. Bá holc tra lá hAodh mac Cathail Croibhdheirg a ttochtsomh don turus sin uair ní hé ro thóchuir iad, acht tnuth, agus format dá ngabháil fén ré gach maithes dá ccualadar dfághail don iusdís gona Ghallaibh i cConnachtaibh an tan soin. As don ruathar so do marbhaid cetre meic Méc Murchaidh ar én láthair. Bá truacch tra an nemhshén do dheonaigh Día don chuiccedh do bferr baoi i nErinn an ionbhaidh si, uair ní choiccleadh an mac occlaoich aroile acht gá creachadh agus arccain fona cumhang. Do cuirid bheós mná agus lenimh, fainn agus fodhaoine dfuacht agus ghorta don choccadh sin.
Iar ndul tra do macaibh Muircertaigh Muimhnigh do lathair Aodha Ui Conchobhair do réir mar do ráidhemar, do chuaidh ar nábhárach go Cill Medhóin. Comraicit trí slóigh na nGall ann sin re roile, agus as beg nár bó lán an triocha céd ina mbattar leth ar leth edir Gallaibh agus Gaoidhealaibh. Tainicc Aodh Ó Flaithbeartaicch ar choraibh agus ar slánaibh maithe Gall, agus Dhonnchadha Cairbrigh Uí Briain a cairdesa Criosd hi ccenn Aodha Uí Concobair, agus an iusdís co ndearna síth tar cenn a bhuair, agus a dhaoine ris, ar macaibh Ruaidhri dathchor uaidh. Imtighis Aodh iar sin, agus a Ghoill imaille ris co Tuaim Dá Ghualann, agus leiccis Goill Laighean, agus Desmumhan uaidh annsin. Iompaídhis fén ar ccúla do chom Uí Flaithbertaigh óir níor bhó tairise lais esidhe, uair battar meic Ruaidhri roimhe sin allaniar do loch aicce, agus Donn Ócc Mág Oireachtaigh araon riú. Annsin ro scar mac Magnusa ré cloinn Ruaidhri gur innsaigh hi tTír nAmhalgaidh ar cenn a bhó, agus a mhuintire go bfuair iatt go sodhánach gan chreachadh gan arccain. Rucc leis iad iaramh fó dhídean Uí Ruairc, agus é iar ccreachadh Pilip Meic Goisdelbhaigh. Donnchadh Cairpreach Ua Briain daná do chuir sidhe drong dia mhuintir roimhe go nédalaibh aidhblibh. Iar ná fios sin dAodh mac Ruaidhri agus dEoghan Ó Eidhin lodur rompa uathadh deghdhaoine gur muidheadh for Muimhnechaibh, gor beanadh a nedala dhíobh, agus gur congbhadh braighde dá maithibh uatha. Iar na clos sin do Donnchadh Cairbreach ticc do láthair Aodha mic Ruaidhri go ndearna síth báitte coindel ris, agus gur ghabh do laimh gan toidheacht na aghaidh doridhisi dia lécceadh
a aos graidh cuige. Gidheadh ní ro chomhaill siomh a coinghioll do mac Ruaidhri (iar bfaghail a mhuintire dhó uaidh) uair tainicc ar an céd sluaigheadh ina aghaidh la hAodh mac Cathail Croibhdheirg. Téd Aodh agus an iusdís gona Ghallaibh iarsin go caladh Innsi Cremha gur béccin dÓ Flaithbeartaicch Inis Cremha, agus Oilén na Circe go narthraighibh an locha do tabhairt ar laimh Aodha. Triallais an iusdís iar sin dia thigh. Ted Aodh Ó Concobhair dia iodhlacadh uidhe chian dá slíghidh gur fhágaibh an iúsdís uathadh do mhaithibh a muintire aicce imaille re hiomad fénnedh, agus fearóglaoch óir nior bhó tairisi lais Connachtaigh achtmadh becc. Tuccsomh annsin maithe a oireachta illaimh Gall a ngioll ré a ttuarastlaibh, .i. Flaithbeartach Ó Flannaccain, Fergal Ua Taidhg, agus aroile do maitibh Connacht, agus as dóibh fén do béccin a bfuaslaccadh. As a haithle sin iompaídhis Ua Flaithbeartaigh, meicc Muirceartaigh, agus na huaisle archena ar Aodh mac Cathail Croibdeirg iar nimtecht troimthionóil na nGall uaidh, agus ro gabsat le macaibh Ruaidhri. Cuiris Aodh O Concobhair annsin techta agus sgribhne do shaighidh an Iustís dia foillsiughadh sin dhó, agus diarraidh fuilleadh sochraidi. Nir bhó haithesc fó lár dósamh sin, uair do freccra-
dar Goill go soinnimh sairésccaidh é. Acht cena ba tuillmheach dóibhsiomh an turus sin óir fá mór a nédala, agus bá becc a nimseargna. Cuirthear Goill Laighean cuigisiomh annsin im Uilliam cCras agus im macaibh Griffín. Iar mbreth na sochraidi sin airsiomh ionnsaighidh meic Ruaidhri tar Tóchar siar, agus gabhais roimhe in Uibh Diarmata mar a ccuala meic Ruaidhri do bheith gan líon sochraide, uair ní rangattar a lucht combádha iad mun am soin, agus cuiris Fedhlimidh a bhrathair, agus aroile do mhaithibh a mhuintire, agus sochraide mór do glasláthaibh Gall dionnradh Eoghain Uí Edhin in Uibh bFiachrach Aidhne co mbádar adhaigh longpuirt in Ard Rathain fa comair na tíre darccain a mucha na maidne ar ccionn. Foillsightear dUa Flaithbeartaigh, agus do macaibh Muirceartaigh (badar ag ionnsaighidh mac Ruaidhri) Goill do dhul do creachadh a bfir comluicche, Eoghan Ó hEidhin, agus a mbeth an Ard Rathain, nír failliccheadh sin riusomh oir do lensat iatt déntoil agus dénaontaidh go rangadar i ccomhfoccus dóibh. Do ghníad comarle ré roile annsin, .i. Tuathal mac Muirceartaigh agus Taiclech Ua
Dubhda go ndirim amaille riú do chur do shoighidh an baile cetus Ua Flaithbeartaigh agus mac Muirceartaigh iman mbaile sechtair guna sochraidibh. Luidh Tuathal agus Taichleach gona bfianlách go menmnach meardhána i ttrecommusc Gall is in mbaile go ttucsat tiugh fhuabairt bhiodhbaidh orro. Maidhtear for Ghallaibh soir agus siar as a haithle. Lenaitsiomh aos na madhma soir. Loitis Tuathal constapla na nGall dá ced fhurgamh. Athghonais Taichleach é gur fagbhadh an consdapla gan anmain de sídhe. Dála na nGall ar ar muidheadh as an mbaile don taoibh araill ro eirigh Ua Flaithbeartaigh, agus mac Muirceartaigh doibh. Gidheadh tarla dainshén daibhsidhe gur bhriseattar Goill orra fó cedóir. As don toisc sin do marbhadh Matghamhain mac Aodha mic Conchobhair Maonmaighe, Giolla Criosd Mac Diarmada, Niall mac Fearghail Ua Thaidhg, etc. Acht chena ro marbhadh an fear ro mharbh Niall Ó Taidhg, .i. brathair Cholén Uí Dhíomusaigh. Dala mac Ruaidhri conidrecaid ar abharach re hUa fFlaithbeartaigh, agus ris an ccuid oile dá naos comtha go ttangatar rompa a ndeas go Druim Cenannáin. Luidh Aodh mac Cathail Croibhdeirg gona Ghallaibh ina ndiaidh. Comairlightear ag aireachtaibh cloinne Ruaidhri annsin gach aon diobh do saighidh a mennata fesin, agus do gníat samhlaidh acht Donn Ócc Mag Oirechtaigh namá. Cidh tra acht iar ffágbháil na ruireach, .i. cloinne Ruaidhri Uí Concobhair annsin in uathadh sochraide lodar do shaighidh Aodha Uí Nell, agus Donn Mág Oireachtaigh imaille riú. Ionnsaighis Aodh mac Cathail Croibhdeirg Ua Flaithbeartaigh annsin go ttuc gell agus edireadha uaidh. Tainic roimhe iaramh go Cill Meadhóin agus go Moigh nEó i ndiaidh mic Muirceartaigh, agus Tighernáin mic Cathail Miccarain go ndearnsat síth tar cenn a mbuair agus a muintire, agus go ndeachsat do lathair
Aodha Uí Conchabhair ar slánaidheacht Donnchadha Cairbrigh, agus maithe na nGall. Ba cumhsanadh na ionam sin uair ní raibhe cill na tuaith i cConnachtaibh an tan soin gan lot agus láinmhilledh. Tedhm diofhulaing do teccbháil i ccrích Chonnacht an ionbhaidh si, .i. treabhlaid trom thesaighthi gur folmaigheadh mór mbailte dhi gan elaidhthech betha dfágbháil ionnta. Flann mac Amhlaoibh Uí Fhallamain toisech Cloinne hUadach do mharbhadh dFedhlimidh mac Cathail Croibhdeirg don coccadh sin. Tadhg Ua Fínnachta fear gráidh dAodh mac Ruaidhri do mharbhadh lá muintir Méc Aodhagáin is in coccadh cedna. Amlaoibh mac Fearcair Uí Fhallamhain toisech a dúthchusa fén do bfearr don cenel da mboi do ecc. Muireadhach Ua Fínnachta toísech Cloinni Murchadha décc in arthrach ar Loch Oirbsion agus é slán ag dol inn. Teach do ghabháil for Concobhar mac Taidhg Uí Cheallaigh (tigherna Ua Maine) agus for Ardghal a bhrathair lá macaibh Taidhg Uí Cheallaigh, agus a losccadh ann ar aon. Duarcán Ó hEghra, Tadhg Ó hEghra, agus Édaoín inghean Diarmata mic Domhnaill Uí Eghra décc.
Muimhnigh agus Goill do dhul fo Tearmann Caolainne, ár na nGall do cor don toisc sin tre feartaibh Dé agus Caolainne. An tarbhar gá bhuain a haithle na Féli Bríghde.
AOIS CRIOSD, 1226. Aois Criosd, míle da chéd fiche asé. Donum Dei epscop na Midhe do écc. Connmach Ua Tarppa espoc Luighne do écc. Aodh mac Duinn Uí Sochlacháin aircinneach Conga, Saoi channtaire, Sccribnigh, agus cheard nexamhail esidhe do écc. Matha Ua MaoilMoicherghe do ecc. Tighearnán mac Cathail Miccarain mic Toirrdhealbhaigh Mhóir Ríoghdamhna bá mó eneach, agus eangnamh, agus as mó do rinne do neithibh suaithenta sodáanacha tainic dá cinidh ré haimsir esidhe, do mharbhadh do Dhonnchadh Ó Dhubhda agus dá chloinn. Nuala inghen Ruaidhri Uí Conchobhair baintighearna Uladh décc i cConga Fechin, agus a hadhnacal go honórach i tteampall canánach Conga. Domhnall mac Ruaidhri Uí Flaithbeartaigh do mharbhadh do mhacaibh Muircertaigh Uí Fhlaithbeartaigh iar ngabháil tighe fair dóibh fen, agus dFedhlim mac Cathail Croibhdheirg. Fearghal Ua Taidhg an Teaghlaigh, toisech teaghlaigh Cathail Croibhdheirg, agus Aodh mac Cathail do mharbhadh lá DonnSlebhe Ó nGadhra. Aodh mac Domhnaill Uí Ruairc do marbhadh do Cathal Ó Raghailligh agus do Chonchobhar mac Corbmaic Uí MaoilRuanaidh ar Loch Aillinne. Muirghes Mac Diarmata do mharbhadh.
Caislén Cille Móire do leaccadh lá Cathal Ó Raighilligh. Aodh mac Cathail Croibhdeirg do ghabháil Aodha Uí Fhlaithbertaigh, agus a tabairt i láimh Ghall. AOIS CRIOSD, 1227. Aois Criost, mile, dá céd, fiche, aseacht. Concobar mac Neill Uí Chatharnaigh do mharbhadh la hamhsaibh Laighneach ro baoi i fochair Righ Connacht. Enrí Ua Maoileachloinn agus Muircertach Ua Maoileachloinn do mharbhadh la Galloibh. MaolSeachlainn Ua Conchobhair Fhailghe do mharbhadh lá Cuilén Ua nDíomusaigh. GiollaColuim Ua MaoilMuaidh do mharbhadh la hUa Mórdha. Goill Ereann do comhcruinniucchadh go hÁthCliath. Aodh mac Cathail Croibdeirg Ri Connacht do thóchuireadh dóibh. Iar ndul dó dá saighidh ro thionnscainsiod fealladh fair. Uilliam Marusccál a fhear caradraidh do thocht chuicce gona sochraide, agus é da breth daimhdheoin Gall as lár na cúirte amach agus a iodhlacadh dhó go ndeachaidh i cConnachtaibh. Aodh mac Cathail Croibhdheirg do dhénamh coinne iar sin ag Lathaigh Caíchtuthbil ré hUilliam Mares mac Seafraidh .i. iustis Erenn, agus ní dheachaidh siomh tar
Lathaigh anonn achtmhadh uathadh deaghdhaoine, .i. Corbmac mac Tomaltaigh, Diarmaid mac Maghnusa, Magnus mac Muircertaigh Ui Chonchobhair, Tadhg mac Mathghamhna Uí Cherin, agus Ruaidhri Ua MaoilBhrénainn. Uilliam Mares do theacht ochtar marcach ina comdhail. O do chuimhnigh Ó Conchobhair an fheall rémraite erghis i ccoinne na nGall, gresis a muintir fótha ionnsaighidh fén Uilliam Mares gur ghabhastair é fó chédóir. Ciodh iad a mhuintir ann ro fhreaccairsiod greasacht Uí Concobhair ro leiccsiod fona Gallaibh iad gur moidhsiod orra, marbhaitt Constapla Atha Luain, gabhaid Maighisdir Slemhne agus Hugo Airddin. Cuiris Aodh na Goill sin i mbraighdenus tar Lathaigh suas. Luidh roimhe gon a shocraide as a haithle gur airgesdair margadh Atha Luain, agus gur loiscceastair an baile go hiomlán. Bá gniomh sochair do Chonnachtaibh an gniomh so, óir fuairsiomh a mac, a inghean, agus braighde Connacht ar cheana battar ar lamhaibh Gall do comhfhuasgladh as na braighdhibh rémraite genmótá Síth dfagail dfearaibh Connacht. DonnSlébhe Ó Gadhra tighearna Slébhe Lugha do mharbhadh don Ghiolla Ruadh mac a dearbrathar fén iar ngabáil tighe in oidhche fair, agus an Giolla Ruadh do mharbhadh inn iar sin tré imdeall Aodha Uí Conchobhair. Aodh mac Ruaidhri Uí Concobhair agus mac Uilliam Búrc do thoidhecht slógh lanmór i tTuaisceart Connacht gur loiscsiot Inis Medhóin gur airccsiod an críoch i ttangadar, agus gur ghabhsat a braighde. Sluaigeadh lá Seafraidh Mares agus la Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Concobhair
i Magh Aoí go ndearnsat caislén irRinn Dúin, agus gur gabhsat braighdi Sil Muiredhaigh. Aodh mac Cathail Croibhdeirg do dhul i tTir Conaill dochum Uí Dhomhnaill, agus a iompódh bu dheas doridisi, agus a ben do thabhairt les. Meic Toirrdhealbhaigh do teccbháil cuicce a ccomfoccus na Seghsa, a bhen agus a eachraidh do bhén de, agus an ben do chor illaimh Gall. Sluaiccheadh oile lá Toirrdhealbhach bheós, agus lá Gallaibh Midhe in Iarthar Connacht co ndearnsat creach mór ar Aodh mac Ruaidhri Ui Flaithbhertaigh. A ndul aisídhe i ccrich Ceara, agus braighde mac Muirceartaigh do gabháil doibh, agus nuimhir do buaibh feolmaigh as cech triocha céd do Toirrdhealbhach uatha. Cúmara O Domhnalláin do marbhadh i ngemil la Ruaidhri Mac DuinnShlebhe a ndiogail a athar. Brian mac Concobhair Uí Diarmata do marbhadh. Caislén Atha Liacc do dhénamh la Sefraidh Marés. AOIS CRIOSD, 1228. Aois Criost, mile, da chéd, fiche a hocht. Aodh mac Cathail Croibdeirg Uí Choncobhair rí Connacht do mharbhadh hi ccuirt Seffraidh Máres tre meabhail ar aslach Gall iar ná dhíochur do Chonnachtaibh.
Coccadh mor do eirghe hi cConnachtaibh etir da mhac Ruaidhri Ui Conchobhair, .i. etir Aodh agus Toirrdhealbhach, iar marbhadh an Aodha remraite, ar ní thucc an mac bá só umhla don mac ba sine gur millseat Connachta eatorra, agus ro fásaigheadh leó ó EassDara co habhainn Ua fFhiachrach fo dhes acht madh beacc hi Sleibh Luccha, agus Lucht Airtigh nama. Niall mac Congalaigh Uí Ruairc tighearna Dartraicche, agus Cloinne Fermaighe do mharbhadh lá dá mhac Airt mic Domnaill Uí Ruairc, .i. Art agus Amhlaoibh. Amhlaibh Gerr mac Néill mic Conghalaigh do mharbhadh hi fothraccadh lá hAmhlaibh mac Airt cédna. Fergal mac Sitriucca Uí Ruairc do mharbhadh la macaibh Néll mic Conghalaigh Uí Ruairc. Muirchertach mac Flaithbeartaicch Uí Fhlannaccáin do mharbhadh la macaibh Taidhg Uí Gadhra. Aodh mac Donnchaidh Uí Fearghail do mharbhadh lá hAodh mac Amhlaoibh Uí Feargail. Dauid Ua Floinn taoiseach Shil MhaoilRuain, agus Ruaidhri Ua MaoílBhrenainn décc. Riocard mac Uilliam Burc do thecht ó Righ Saccsan ina iustís in Erinn. Aodh mac Ruaidhri Uí Concobhair do gabhail righe Connacht do reir thoccha an Iustís go maithibh Connacht ar bélaibh Toirrdhealbhaigh a bráthar fá sine inas.
MaolSeachlainn mac Toirrdealbhaigh mic Ruaidhri Uí Choncobhair do mharbhadh lá hAodh ri Connacht. Gorta diofhulaincc i cConnachtaibh tri coccadh cloinne Ruaidhri. Ro hairccitt cealla agus tuatha. Ro dhiochuirit a clerigh agus a hollamain hi ccríochaibh cianaibh comhaightibh, agus atbath cidh araill dibh dfuacht agus do ghorta. Dauid Ua Floind taoiseach Sil MhaeilRuain do ég. Aédh mac Donnchaidh Uí Ferghail do marbhadh la hAedh mac Amhlaoibh Uí Fherghail. AOIS CRIOSD, 1229. Aois Criost, mile, da ched, fiche anaoí. Maineistir S. Franseis hi cCorcaigh do thogbháil la Mag Carthaigh Mór, Diarmaitt. Muiredhach Ua Garmghaile prióir Innsi Mic nÉrin saoi Chonnacht hi ccrabhadh agus in eccna. Diarmait Ua Fiaich abb recclesa GillaMoLaisi Uí Giollarain Thuaim décc, agus a adhnacal in ArdCharna.
Diarmait Mac GiollaCharraigh, airchinneach Tighe Baoithin agus uasal shacart décc. A adhlacadh i mainistir na Trinoide iar ná bhuain amach ó cheart do na cananchaibh, do mhanchaibh Mainistre na Buille, agus boí sidhe trí hoidhche gan adlacadh ar badar na manaigh agá fhosdadh ina mainistir feisin. Girard Ua Catháin cananach dob eccnaidhe ro bhaoi don ord chananach décc. Duibheasa ingean Ruaidhri bean Cathail Mic Diarmata do écc ina cailligh duibh. Diarmaid Mag Carthaigh tighearna Desmumhan décc. Dionis Ua Mórdha epscop Shíl Muiredhaigh do treccedh a espuccóide ar Dhia. Lochlainn Ua Manncháin do mharbhadh lá dearbrathair a athar. AOIS CRIOSD, 1230. Aois Criost, mile, dá chéd, triocha. Florent Ua Cerbhalláin epscop Tíre hEoghain, uasal shenoir toccaidhe decc iar se bliadhnoibh ochtmogat a aoisi. GiollaIosa Ua Cléirigh epscop Luighne, Ioseph Mac Techedain epscop Conmaicne, Mac Raith Mag Serraigh epscop Conmaicne, Rool Petit epscop na Midhe Riaglóir tocchaidhe, agus milidh Criost, Giolla Coimdeadh Ua Duilennáin comharba Feichin, agus ab reicclésa cananach EassaDara, Muiredhach Ua Gormghaile prióir Innsi Mic nErin, MaolMuire Ua MaolEóin comarba Ciaráin Cluana Mic Nóis, GiollaCartaigh Ua hEilgiusáin, canánach agus angcoire, DonnSlebhe Ua hIonmainen manach naomhtha agus ardmaighistir saoir Mainistre na Buille décc.
MaolSechlainn Mac FirEdind uasal saccart agus maighistir leighinn décc ina nouist mhanaigh i Mainistir na Buille. Sloicceadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Mor) hi ccuicceadh Connacht ind aghaidh Aodha mic Ruaidhrí Í Choncobhair baoi hi ffrithbhert fris co ro mhill Magh Naoí agus morán don tír, acht ara aoí ní ro ghiallsat clann Ruaidhri don dul sin. Sloiccheadh la mac Uilliam Búrc i cConnachtaibh gur milleadh morán do Connachtaibh lais, agus ro marbhadh Donn Óg Mag Oirechtaigh, agus Eichtighearn mac an
Bhreithemain Í Mhionachain agus sochaidhe oile nách áirimhther, agus ro hionnarbadh (tria anfforlann) Aodh mac Ruaidhri Rí Connacht lá mac Uilliam, agus lá Gallaibh don chur sin go hAodh Ua Néill tre iompúdh dhó ar Ghallaibh, agus ro ríoghadh Feidhlim mac Cathail Croibdeircc lá mac Uilliam. Aodh Ó Néill tighearna Tire hEogain ríogdamhna Ereann uile, cosnamhthach Lethe Cuinn ré Gallaibh Ereann, agus ré Leth Mogha Nuadhat. Fer ná tucc geill, eiteredha, ná cíos do Ghall na do Ghaoidheal, fer do rad madhmanna, agus ára móra mence for Ghallaibh. Airctheoir Gall agus Gaoidheal. Fer ro triall ionnsoighidh Ereann uile décc gen gur saoíleadh bás naile dfaghbháil dó acht a thuitim lá Gallaibh. Art mac Airt Uí Ruairc do marbhadh lá Raghnall Ua fFind i meabhail. MaolSeachlainn Ua Mannacháin do mharbhadh la a bhraithribh.
AOIS CRIOSD, 1231. Aois Criost, mile, da chéd triocha, a háon. Dionis Ua Mordha epscop AilFinn do criochnuccadh a bethadh in Oilen na Trinóide ar Loch Cé an .15. do December agus Donnchadh Ua Conchobhair doirdneadh na ionadh. Flann Ua Connachtaigh epscop Ua mBriuin Breifne décc. Stefán Ua Braoin aircinnech Maighe Eó. Célechair Ua Dobhailén airchinnech Camcha fear dercach, craibdeach, eccnaidhe, ernaighthech. Fethfoilge inghen Chonchobhair Mic Diarmata ben Muirceartaigh Muimhnigh mic Toirrdhealbhaigh Mhóir mathairsidhe Maghnusa mic Muircertaigh, Chonchobhair Ruaidh, Thuathail, agus Thoirrdhealbhaigh shaccairt, agus prióir recclesa Peadair agus Póil. DubhCobhlaigh inghen Conchobhair Mic Diarmata décc i Mainistir na Búille. Flaithbertach Ua Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail meic Muiredhaigh Muillethain décc ina oilithre i Mainistir na Búille. DubhThemhrach inghean Uí Chuinn ben an Flaithbeartaigh hisin décc. Ualgarcc Ua Ruairc tighearna Breifne décc ina ailithre ar slighidh an tSrotha. GiollaIosa Mac Samhradhain tighearna Teallaigh Echdhach, agus Duindín Ua MaolConaire ollamh Síl Muiredhaigh Muilletain décc.
Conchobhar Gott Ua hEghra tighearna Luighne décc. Slóiccheadh lá Domhnall Ua nDomhnaill tighearna Tíre Conaill agus lá hAongus Mac GilleFhinnéin co sochraide Fhear Manach do shaighidh I Raighilligh Chathail. Ruccsat loincces leó for Loch Uachtair, agus ro airccset Eó Inis. Tucsat ariar lá taobh seód maoíne agus ionnmus an baile uile leó. Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg do ghabhail la mac Uilliam Búrc i Míliucc tar slánaibh maithe Gall Éreann. AOIS CRIOSD, 1232. Aois Criost, míle, dá chéd, triocha, adó. Fachtna Ua hAllgaith comhorba Droma Mucadha, agus oificel Ua fFiacrach fer tighe aoidhedh, leighinn, agus lubhra, agus lesaighthe truagh do écc. Tempall Cille Móire i tTír Briúin na Sionna do choisreccadh lá Donnchadh
Ua Conchobhair epscop AilFinn, agus canánaigh do dhénamh isin mbaile cedna lá Conn Ua Flannaccain baoí na príoir ann. Tiopraitte Ua Braoin comhorba Commáin saoí cléircechta, sencusa, agus breithemhnassa décc in Inis Clothrann ina ailithre. Aodh mac Amhlaoibh mic Domhnaill Uí Fearghail toiseach muintire hAngaile do losccadh ar Inis Locha Cúile lá cloinn Aodha Ciabhaigh mic Murchadha Uí Ferghail iar ccaithemh naoí mbliadhan i ttoisighecht na hAngaile deis Murchaidh Carraigh Í Fergail. Maghnus mac Amhlaibh mic Taidhg Mic MaolRuanaidh caindel einigh, eang- namha, agus crabhaidh décc. Donnchadh mac Tomaltaigh Meic Diarmada saoí ar eineach, agus ar engnam, lettroman Connacht do ecc is in aicidecht. Conchobhar mac Aodha mic Ruaidhri do éludh ó Gallaibh, agus clanna toíseach Connacht do thionól ina thimcheall agus a ndol is na Tuathaibh ar ionnsaighidh. Ro marbhadh tra eisiomh las na Tuathaibh, agus GiollaCeallaigh Ua hEidhin, GiollaCriost mac Donnchadha Mic Diarmada, agus sochaidhe amaille friú. Asé an lá sin ro ghealsat na Tuatha na samhthacha uile, an tan atrubhradh fear samhthaighe gile do mharbhadh meic Aodha. Righe do thabhairt dAodh mac Ruaidhri lá mac Uilliam Búrc do ridhise, agus sith do dénamh dhó ris iar ngabháil Feidhlim mic Cathail Croibhdeirg dó.
Caislén Bona Gaillme do dhenamh lá Riocard De Burchc, agus caislén Dúin Iomgáin do thindscettal lá hAdam Sdondún. Giolla na Naomh Ua Dálaigh saoí ré dán, agus lé tegh aidheadh coitcenn do congbáil do thruachcaibh agus do thrénaibh décc. MaelEóin Bodhar Ua MaolConaire do gabhail Cluana Bolcáin. Feidhlimidh mac Cathail Croibdeirg do léccadh amach lá Gallaibh. Conchubhar mac Neill Uí Gairmledhaigh toiseach Cenel Moain décc. Sloigheadh lá Domhnall Ua Lachlainn tighearna Tíre hEoghain co nGallaibh, agus co nGaoidhealaibh i tTír Chonaill dia ro mhill mór hi fFánait, agus tuc braighde Domhnaill Uí Bhaoighill agus Uí Tairceirt leis. Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill i tTír Eoghain co riacht Tulach nÓcc dia ro mharbh bú iomdha dia ro loisc arbhanna, agus dia ro milleadh moran, agus tainic ar cúla co cosccrach. Midbech agus Eaghinis do orccain lá Cinél Eoghain uair do rochtattar a
loinges an dú sin, agus do rala drem do Cenél Conuill im mac Neill Uí Domhnaill chuca, ro ladh ár na loingsi lais, agus ro marbhadh somh feisin hi ffriothguin. Giolla na Naemh Ó Dálaigh saoi i ndan décc. AOIS CRIOSD, 1233. Aois Criost, míle, dá chéd, triocha atrí. Goffraigh Ua Daighre airchinnech Doire Colaim Cille. MaolIosa Ua Maonaigh uasal shaccart nó ghabhadh a psaltair gach laoi acht Dia Domhnaigh namá. Donncathaigh airchinnech Achaidh Fobhair fer reidhighthe gacha cúisi, agus gacha caingne, fer co nairmidin agus co nonóir decc an .15. do Dhecember. Sloighead lá Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg i cConnachtaibh, agus do dheachaidh Corbmac mac Tomaltaigh (tighearna Maighe Luirg) ina dhail, agus tuc les i Maigh Luircc é. Do rónadh longport leó occ Druim Gregraighe. Baoi Corbmac, Conchobhar a mhac, agus na trí Tuatha, dá mhac Muirchertaigh Meic Diarmada .i. Donnchadh agus Muircertach ina fharraidh annsin. Así comairle do rónsat dol i ndiaidh Aodha (righ Connacht), agus cloinne Ruaidhri ar chena. Iar ndol dóibh ina ndóchum, ro sraoíneadh for Aodh mac Ruaidhri ro marbhadh é féin, agus Aodh Muimhnech
a dearbhrathair, agus a mhac, agus Donnchadh Mór mac Diarmada mic Ruaidhri, agus ile oile cenmhothát. Ro marbhadh ann dana Raghallach Ua Flannagáin, agus Tomás Biris constapla na hEreann, Eoan a brathair, Eoan Guer, agus Gaill iomdha ele bheós iar mbuain clog agus bachall, iar ndenamh easccaoine agus bathadh coindell do cleirchibh Connacht orra uair ro sharaigh agus ro slatt Aodh Muimhneach Teagh Baoithin, agus cealla iomda ar cena gur ro thuitset féin in enech na naomh isa cealla ro sháraighset. Ro benadh ríghe, agus cendus Condacht do cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh is in ló sin. Gabaidh Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg righe Connacht iarttain, agus na caisleín do rónadh lá neart cloinne Ruaidhri Uí Conchobhair agus mic Uilliam Búrc do sgaoileadh lais iad, .i. caislén Bona Gaillmhe, Caislen na Circe, Caislén na Caillighe, agus caislén Dúin Iomgain. Slóiccheadh lá hUilliam mac Hugo De Lathi (ingen Ruaidhri Uí Conchobhair a mathair sidhe) agus lá Gallaibh Midhe amaille fris is in mBreifne in dócum Cathail Uí Raghallaigh co ndearnsat creacha móra. Ruccsat imorro drong do muintir Ui Raghallaigh for Uilliam De Laci, agus for mhaithibh an tslóigh i ndeóidh na ccreach tuccsat tachar dia roile, marbhthar ann Uilliam Brit, agus drong do maithibh Gall ar aon ris. Ro gonadh Uilliam De Laci co sochaidhibh oile. Soaitt as an tír gan giall gan eittere. Do cear Uilliam De Laci agus Serlus mac Cathail Gaill Uí Concobhair, Feórus Fionn mac na Gaill rioghna, agus Diarmaid Bearnach Ua MaoilSeclainn do na gonaibh do radadh forra in iomairecc Móna
Crann Chaoin. Niall Sionnach Ua Catharnaigh tighearna Fear Teathbha do ghuin is in amus cedna, agus a écc ina tigh iar ndénamh a thiomna, agus iar na ongadh. AOIS CRIOST, 1234. Aois Criost, mile, dá céd, triocha acethair. Aongus Ua MaolFoghmhair epscop Ua fFiachrach, Giolla na Naomh mac Airt Uí Braoin aircinneach Rosa Commain, MaolIosa mac Daniel Uí Gormgaile Prióir Innsi Mac nErin, MaolPeadair Ua Carmacáin maigistir Rosa Comáin, agus Giolla Iosa Ua Gibellain manach agus anchoire Oiléin na Trinoide décc. Domhnall mac Aodha Í Néill tighearna Cenél Eoghain, adhbhar rígh Ereann do mharbhadh la Mag Laclainn .i. Domhnall agus lá Cenél Eoghain fodhein, agus Domhnall do gabháil tighearnais. Aonghus Mac GilleFindein tighearna Locha hEirne do iompudh ar Ua nDomhnaill, agus a dhol ar creich i tTír Conuill, agus Ó Domhnaill, .i. Domhnall Mor, do breith air, agus a mharbhadh a ndioghail Eiccneacháin. Aodh Ua hEghra tighearna Luighne do mharbhadh lá Donnchadh mac Duarcáin Í Eagra (iar losccadh tighe fair, agus iar ttecht ass), a ndioghail a dhearbhrathar, agus cóicc mac dearbhrathar a athar do marbhsomh, agus a dearbhrathair ele do dhalladh lais. Diarmaid Ua Cuinn taoiseach Muintire Giollgain do marbhadh. Riocard mac Uilliam Marascal do dol ind aghaidh Righ Saxan hi Saxaibh,
agus tocht dó tairis anoir co ro gabh ilLaighnibh. Tionoilit Goill Ereann na aghaidh fo dáigh rígh Saxan, .i. Mac Muiris Iustis na hEreann, Hugo De Laci Iarla Uladh, agus Ualtra De Laci tighearna na Midhe. Tangattar go Cuirrech Life hilLaighnibh gur chuirsiot cath fris an Marasgal, agus marbthar an Marascal agus ro gabhadh Sefraigh Marascal, agus ní raibhe ag cur an chatha acht esiomh a aonar iar na thrégedh dia mhuintir budéin. AOIS CRIOST, 1235. Aois Criost, mile, da chéd triochat, acúicc. Isaac Ua MaoilFhoghmhair aircindech Cille hAlaidh décc. Matheus prioir Oiléin na Trinoide. Madadhán Ua Madadháin tighearna Síl nAnmchadha décc. Lochlainn mac Eichtighern Uí Cheallaigh do mharbhadh la macaibh an Ghiolla Riabhaigh Uí Bhaoighill.
Taichleach mac Aodha Uí Dubhda tighearna Ua nAmhalgadha agus Ua fFiachrach do mharbhadh daon urchar soighde i nedairghaire i longport Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg. Sluaiccheadh la Gallaibh Ereann ar na ttionol lá Riocard mac Uilliam Búrc. As iad robdar oirderca bádar for an sluaigheadh sin lais Mac Muiris Iustís na hEreann, Hucco De Lati Iarla Uladh, Ualtra Rittabard ard bharún Laighen co nGallaibh Laighen, agus Eoan Gogan co nGallaibh Mumhan, agus Rútadha Ereann araon riú. Tangattar tar AthLuain go RosComáin. Ro loisccset an baile. Assén co hOilFinn. Ro loiscset tempall mor AilFinn. Assén co mainistir Atha DaLaarcc for Buill oidhche Domhnaigh na Trinóide do shonnradh. Do chottar dronga dia ffianlach fon mainistir, brisit an scripta, tuccsat cailigh aifrinn, edighe, agus ionnmusa ass. Bá grain mór la maithibh Gall in ní sin, agus do chuirsiot for ccúla gach ní fríth diobh sin, agus ro íocsat dar cenn an neith ná fríth. Ro cuirset arabhárach sirthe uadhaibh co Creit, co Cairthe Muilchen, co Tor Glinne
Fearna, agus tugras creacha móra leó co hArd Carna i ccoinde an Iustis. Do ronsat Goill comairle inchleithe annsin tria aslach Eoghain Uí Edhin do dhioghail a chneadh ar Muimhneachaibh, agus ar Dhonnchadh Cairprech Ua mBriain, .i. sodh ina ffritheing is in conair chédna hi tTír Mhaine, imMaonmaigh, agus assidhe go Tuadhmumhain gan rabhadh gan rathughadh do Muimhneachaibh. Do rónadh creacha dírímhe leo. Od connairc Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg na Goill do dhul uadha asi comairle ro chind dol cona sochraide i mbáidh Muimhneach, agus iar rochtain dó dia soighidh nó cuirdís deabtha crodha gach laoi. An lá déidheanach tra do chodar Connachtaigh agus Muimhnigh is in cathlathair, agus ro cathaighset co ferdha. Acht chena ro fortamhlaigh forlion na nGall nedighthe, agus an marcshluaigh forro fó dheóidh, agus ro mudhuíghit sochaidhe etorra díbhlinibh acht as mó ro dioláithrigheadh Muimhnigh tria toghaoís Dhonnchadha Cairprigh. Tangadar Connachtaigh iaromh dia ttighibh. Do róine Ua Briain arabhárach sith re Gallaibh, agus do beart braighde dóibh. Tangadar tra na Goill tar anais go Connachtaibh. Aseadh lodar cedus go hAodh Ua Flaithbhertaigh, agus do righne sidhe síth friú dar cenn a bhó, agus a mhuinntire. Fedlimidh imorro mac Cathail Croibdeirg, así comairle ro sgrúd somh a mbaoi do buaibh a cConmaicne Mara, agus a cConmaicne Chúile doneoch ro gabh a chomhairle, agus mac Magnusa, agus Conchobhar Ruadh mac Muirceartaigh Muimhnigh do breith lais do shoighidh Í Dhomhnaill, .i. Domhnall Mór, agus an tír uile dfásucchadh for cind Gall. Iar sin tra tangadar Goill go Dún Mughdord. Ro cuirsiod techta go Magnus mac Muirceartaigh Muimhnigh diarraidh giall fair, agus ní tard Maghnus síth na eiteredha doibh. Ro cuirset din Goill ó Dhun Mughdord slógh diairmidhe fa macaibh Ruaidhri gur ro airccset Eccuill, agus do beartsat creacha iomdha
leó go Druimm Ní i ccoinne Gall. Tanaic dana Aodh Ua Flaithbeartaigh, agus Eoghan Ua hEdhin sluagh mór ele timcheall, agus arthraighe leó ar ná ttarraing co Líonán Chind Mara. Rangattar na harthraighe sin cona sochraide, agus an Iustís ina ccoinde co Druimní, co caladh Insi Aonaigh. Magnus, imorro, baí sidhe agus a longa ar sruth na hinnsi, agus deabhtha meince uadha for Ghallaibh, agus imaseach ó Ghallaibh fairsiomh. Ro scithighit tra Gaill fris sin, agus aseadh do rónsat a longport do breith leó, agus a narthraighe do tharraing chuca i ccúil trágha mór boí is in maighin sin. Oro rathaigh Maghnus indsin do chuaidh in Inis Raithni, agus ro cuir drong dia mhuintir ind Inis Aonaigh. Od conncadar Gaill Maghnus cona mhuintir do dhol for na hoilénaibh hisin, ro thógbhadar a narthraighe leó ar fhud na tragha, agus ro chuirset for muir iat, agus ro líonait co hobann do sluagh agus do shirthibh armtha edighthe, agus lotur fors na hoilénaibh i mbadar muintir Maghnusa (cenmothá Inis Raithin i mbaoi Maghnus fesin), agus ro mharbhsat a ffuaradar do dhaoinibh inntibh. Do dheochaidh Maghnus agus i mbaoí dia mhuintir in Inis Raithne ina longaibh, agus ro fhagaibhset an insi, agus diambadh tairisi lá Maghnus muintir Mhaille ro chuirfeadh a longa hi ccenn loingis na nGall.
Ní baoí bó ar oilén in Insibh Modh nár chuirset Goill ar caladh in aon ló, agus nó tiocfadaís muinteara na mbó cona mbuar do na hoilénaibh hisin lá haidhble a níotaidh agus a nocarais mena beith gabháil forra. Ro marbhaid fodhaoine iomdha lá Gallaibh an oidhche sin. An Aoine imorro ar ná mhárach do cuas leó ar oilénaibh thuaiscirt Umhaill. Ro forcongradh lá toiseachaibh an tslóigh gan daoine do marbhadh ind onóir césta Criost. O thairnic tra lá Gallaibh slad agus creachadh hUmhaill eitir mhuir agus tír tangadar rempu, agus a mbú, agus a ccreacha leó go Lughburdan. Do chuadar as sidhe ina nuidhedhaibh imtheachta co hEssDara co ndearnadar creich ar Ua nDomhnaill ar daighin ionnarbhta Fedhlimidh cuicce. Tangattar assidhe i cCoirrsliabh na Seghsa, agus go Caladh Puirt na Cairrcce ar Loch Cé dá ghabháil ar druing do mhuintir Fedlimidh Uí Chonchobhair agus Chorbmaic mic Tomaltaigh baoí occa choimhéd. Tuccsat imorro Gaill Ereann, agus an Iustis comairce agus termann do Chlarus mac Mailin dairchideochain OileFind, agus do chanánachaibh Oiléin na Trinoide i nonóir na naomh Trinóide, agus do chóidh an iústis fén, agus maithe na nGall do dhéchain an ionaid sin, agus do dhénamh sléchtana agus ernaighthe an dú sin. Do rónsat Gaill iaromh aidhme iongnaithe damhainsi ealadhan agus inntlechta trias ro ghabhsat Carrag Locha Cé for mhuintir Fedlimidh agus Corbmaic, agus iar ná gabháil ro fhágaibh an Iustis lucht coimheda fuirre, agus an ro ba lór leó do bhiúdh agus lionn, agus ro fhagaibhset Gaill Connachtaigh don chur sin gan biadh gan édach
gan eallach, agus ní ro fhágaibhsead síth ná sáimhe innte, acht madh Gaoidhil fein ag slat agus ag marbhadh a chéle. Ar a aoi ní ruccsat Goill giall na eitere don chur sin. Do róine Fedhlimidh síth ris in Iustis, agus tuccait cúig triucha an righ dósumh gan crodh gan cíos orra. Carrac Locha Cé do ghabhail lá Corbmac Mac Diarmata i ccenn fhichet aidhche iaromh iar ndol don constapla imach co ndruing móir dá mhuintir imme, ro iadh fear díobh fein, .i. Ó hOstin an baile tar a néis, agus do rad do Corbmac iarttain. Ro hiodlaiceadh na Gaill ar comairce co hOilén na Trinóide, agus ro cuireadh slán as an tír iad. Trasgarthar agus múrthar an charracc lá Corbmac iaromh co nach gabhdaís Gaill doridhisi. Domhnall agus Muirceartach, dá mac Muireadaigh Uí Mhaille do mharbhadh lá Domhnall mac Maghnusa mic Muirceartaigh Uí Concobhair, agus lá Niall Ruadh mac Cathail mic Conchobhair i Cliara, agus a nadhnacal innte bheós. Tuathal mac Muirceartaigh Uí Chonchobhair do mharbhadh lá Concobhar mBuidhe mac Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair, agus lá Concobhar mac Aodha Muimhnigh. Caislen Milic do bhriseadh la Fedhlimidh Ua Conchobhair.
AOIS CRIOST, 1236. Aois Criost, míle, dá chéd, triocha asé. MacRaith Mac Maoilín Sagart Cille Mic Treana. Aodh Ua Gibelláin Sagart Cille Rodain. Bá cananach é fo deóidh in Oilén na Trinóide décc oidhche Nodlac. An Iustis, .i. Mac Muiris do thionol Gall Ereann na choinne co hAth Feorainne. Tainic Feidhlim mac Cathail Croibhdeirg Rí Connacht is in coinne hisin. Iseadh bá menmarc leó uile feall for Feidhlim ge ro bhaoi na cairdeas Críost ag an Iustis, agus bá he sin fochann a ttionoil co haon mhaighin. Iar bfhios sgéil agus iar ffagbháil rabhadh dFeidhlimidh ro siacht as in ccoinne uathadh marcsluaigh co RosComáin. Ro leanadh as sen co droicet Sliccighe, agus do chuaidh in ucht Uí Dhomhnaill, agus ó nach ruccsat fair do rónsat creacha móra ar Thadhg Ua cConcobhair, agus rucsat deagh mhná imdha i mbroid agus i ndaoíre. Co rangattar gus na gabhalaibh sin leó go Druim nGreccraighe i Maigh Luircc, uair as ann baoi an Iustis fein occa nurnaidhe. Bá iar ndol mic Uilliam hi Saxaibh do rónadh an coinne hísin. Sodhais an Iustis agus na Goill iar sin dia ttighibh, agus ro fhagaibh forlamhus an tíre ag Brian mac Toirrdhealbhaigh. Creacha mora do dhénamh lá Briain agus la hamhsaibh an Iustís ar macaibh Aodha mic Cathail Croibhdheirg, agus ar socaidhibh oile do muintir Fheidhlimidh. Creacha eile do dhénamh lá macaibh Aodha ar Ghallaibh agus ar a nesccairdibh Gaoidhealda co ro loitedh an tír eatorra imáseach amne. Conchobhar mac Aodha Muimhnigh do mharbhadh lá Magnas mac Muirchear- taigh Uí Chonchobhair. MaolMuire Ua Lachtnáin do thogha i nepscopóide Tuama, agus a dhul i Saxaib,
agus grada do thabhairt fair tria scribennaibh comarba Petair, agus tria comhaonta rígh Saxan. Mac Uilliam do thuidhecht a Saxaibh, agus ní fes cecip tucht i tudchaidh fa fo síth nó fo eisíth. Fedhlimidh mac Cathail Croibhdheirg do thocht i cConnachtaibh doridhisi iar ná thóchuireadh do druing do Connachtaibh .i. Ua Ceallaigh Ua Flaind mec Aodha mic Cathail Croibdeirg, agus mac Airt Uí MhaoilSheachlainn go rabatar uile ceithre catha comhmóra agus ro ionnsaighset iaromh co Rind Dúin airm i mbádar bú an tíre uile ag Brian mac Toirrdhealbhaigh agus ag Eoghan Ua Eidhin, agus ag Concobhar Buidhe mac Toirrdhealbhaigh, agus ag Mac Goisdelb. Rangadar tra muintir Fedlimidh tar dúncladh agus tar daingean chlasaigh an oilen, agus ro chuir gach cend slóigh, agus gach taoísioch buidhne dib a ffolartnaibh do na buaibh reampa amhail fó ghebhttís ar a cconair iad ar a ccind. Ro sgaoílset muintir Fhedhlimidh ar na hédalaibh co ná ro airis ina fhochair dona ceithribh cathaibh achtmadh aon cethrar marcach namá. Od connairc Brian mac Toirrdhealbhaigh agus Eoghan Ua hEidhin cona sochraide muintir Fhedhlimidh go hessraoíte lá a nédalaibh, do eirghedar go hathlamh ésgaidh uathadh marcsluaigh agus amsadh iomdha do shaighidh Uí Concobhair cona uathadh muintire, ní ro airigh Concobhar Buidhe mac Toirrdhealbhaigh ní conus tarla i ccenn mac nAodha mic Cathail Croibhdeirg i riocht a mhuintire fein, agus ro thuit siomh lá Ruaidhri mac Aoda mic Cathail Croibdeirg. Ro mheabhaidh for guth Fedhlimidh (an airdrigh) occ fostadh agus occ iomfhuireach a muintire ó a nédalaibh frí hiombualadh a naghaidh a mbiodhbhadh. Ro marbhadh sochaidhe iomdha don tsluaigh lá Fedlimidh cona mhuintir is in maidhm sin is in oilen agus alla muigh don oilén do macaibh mallacht, agus do lucht dénma uilc acht
madh Tadhg mac Corbmaic mic Tomaltaigh mic Diarmata namá. Od chualaidh tra Mac Uilliam an maidhm sin do thabhairt ar gach aon dár iompoidh fair, ro eirigh lá hUa Conchobhair dia ccennsucchadh. Do chuaidh dana Diarmaid mac Magnusa iar ná cluinsin sin dionnsoighidh Maghnusa mic Muirceartaigh Uí Concobhair. Tanig iaramh Mac Uilliam gan rabhadh gan rathuccadh go Tuaim Dá Ghualann, as sidhe go Maigh Eó na Saxan, agus ní ro fhágbhaidh cruach na cliabh arbha i relic mhóir Maighe Eó ná hi relic tempaill Mhíchil Árchaingil, agus tucsat ceithri fichit cliabh as na teamplaibh feisin. Tangadar na dheadhaidh co Turlach, agus tucsat an diach cedna fair. Do chuirset dana sluagh do chreachadh mhuintire Diarmada mic Maghnusa, agus do rala muintir Concobhair Ruaidh, agus Turlocha dóibh, agus ro airgset na sluaigh sin iad uile hi ttrécomusc a chele. Ro béigen din do Mhaghnus muintir Diarmada do dhíochur agus dionnarbadh uadha. Do chuaidh Conchobhar Ruadh arabharach hi tech Mic Uilliam, agus do róine síth fris, agus fuair aiseac a chreche dona buaibh trias ro hairgeadh, agus an ro athinset lucht na cille dia ccrudh do radadh doibh doridhise. Do dheachaidh bheos Diarmaid mac Maghnusa hi tteach Gall tar cenn a bhó, agus a mhuintire doneoch ro fágbadh occa. Luidh Mac Uilliam co Balla agus ro boí oidhche ann, do chuaidh ais sídhe co Tuaim Dá Ghualann, agus ro fhagaibh coicceadh Connacht gan sith ná saimhe gan biadh i ccill ná hi ttuaith innte. Aedh Ua Flaithbeartaigh tighearna Iarthair Connacht décc. Diarmaid mac Neill Uí Ruairc do dhalladh lá CoinChonnacht Ua Raghallaigh. Cathal Riabhach mac Giolla Brude Uí Ruairc tighearna Ua mBriuin do ecc.
Fleochadh mór, doineann agus coccadh dearmhair is in mbliadhainsi. Maidm Cluana Catha do thabhairt lá Fedhlimidh Ua cConcobhair ar cloinn Ruaidhri, agus ar Choncobhar mac Corbmaic Meic Diarmada. Giolla Patraic Mac Giollaroid tighearna Chenél Aongusa décc. Termann Caelainne do losccadh las an Iustis. Sloiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Mor) i nUlltoibh co hIubhar Chinn Choiche dar mhill gach tír gus a rainicc, agus dá ffuair geill agus umhla o urmhor Uladh. AOIS CRIOSD, 1237. Aois Criost, mile, dá chéd, triochat, aseacht. Tomas Ua Ruadhain epscop Luighne. GiollaÍsu Mac an Scélaighi Uí Tormaigh epscop Conmaicne. Giolla na nÉcc Ua Mannacháin décc i Mainistir na Búille. Sluaighead lá Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg cona bhraithribh hi cConnachtaibh. CúConnacht Ua Raghallaigh conUíbh Briúin uile, agus Cathal Mag Raghnaill go cConmhaicnibh immaille fris dionnsoighidh shleachta Ruaidhri .i. Brian mac Toirrdhealbhaigh, Muirceartach agus Domhnall meic Diarmada mic Ruaidhri, agus Conchobhar mac Corbmaic meic Diarmada. Do deachadar tar Coirrshliabh na Seghsa budh thuaith inddeadhaidh sleachta Ruaidhri co rangadar Druim Raitte, agus do chuirsiot sliocht Ruaidhri amhsa an Iustis (battar ina bfarradh) do thabairt
deabhtha dFedhlimidh cona shochraide. Ro forcongair Fedhlimidh fora shlóghaibh gan a ndiubhracadh itir acht tocht dia niombualadh gan fuireach. Do rónad fairsiomh sin, ni ro fhuilngettar na hamsa go cian an iomtuargain an tan ro sraoíneadh forra i ccenn a muintire. Ro marbhadh drong mor diobh im Mac Mibricc don cur sin. Od chonncattar slicht Ruaidhri an scaoíleadh agus an scaindreadh tugadh for a sochraide, ro iomghabsat an tionadh a mbattar gan aoínneach do mharbhadh díbh. Do scaoílset a haithle an mhadhma sin cona baoí aittreabh hi Síol Muireadhaigh leo. Ro haircceadh a muintir uile lá Fedhlimidh, agus do rónadh creacha iomdha ar Conchobhar mac Corbmaic hi tTir nAilealla. Ruccusdar iaromh a loinges for Loch Cé, agus ro dhiochuir de Corbmac Mac Diarmada tighearna Maighe Luirg, agus ro aircc Magh Luircc uile. Faccbaid dana, tighearnus an tíre agus an locha ag Donnchadh mac Muirchertaigh Luathshuíligh. Sith do dhénamh don Iustis ré Fedhlimidh, agus tuccadh cúig triucha an rígh dhósomh gan crodh gan chios orra. (Vide supra, 1230). Maghnus mac Diarmada mic Maghnusa do mharbhadh lá Domhnall mac Diarmada mic Ruaidhri Uí Concobhair. Muirceartach mac Diarmada mic Ruaidhri Uí Concobhair do mharbhadh lá mac Magnusa mic Muirceartaigh Muimhnigh. Creach do denamh lá Concobair mac Corbmaic for Ruaidhri Ua nGadhra, agus brathair Ruaidhri do mharbhadh. Braighde Concobhair mic Corbmaic do mharbhadh lá Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg. Mainistir canánach do tionnscnadh lá Clarus Mac Mailín i nOilen na Trinóide ar Loch Uachtair iar na chomhairleacchadh dhó ó Cathal Ua Raghallaigh.
Barúin na hEreann do thocht i cConnachtaibh, agus caisléin do thinnscetal dóibh do dhénamh innte. AOIS CRIOST, 1238. Aois Criost, mile, da ched, triochat, a hocht. Felix Ua Ruanadha airdepscop Tuama iar ccor a epscoboide de ar Dhia rias an tan sin, agus iar ngabháil habite manchessa ime hi cCill Muire in AthCliath dég. Donnchadh Uaithneach mac Aodha mic Ruaidhri Uí Concobhair do mharbhadh lá Tadhg mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg. Donnchadh mac Duarcáin Uí Eghra tighearna Luighne do gabháil lá Tadhg mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg, agus an tan rugadh dia choimhéd é ro marbhsat a braithre budhdhéin, .i. meic Aodha Uí Eghra ar an slighidh a tTír Briúin na Sionna. Flaithbeartach Mac Cathmhaoíl ardtaoíseach Cenél Feradhaigh, agus toiseach Cloinne Congail, agus Ó cCennfhoda i tTír Manach, feighe gaisccidh agus einigh Tíre hEoghain do mharbhadh lá Donnchadh Mac Cathmhaoil lá a brathair fein tria thangnacht. Donnchadh mac Muirceartaigh do dhol is in mBreifne go hUa Raghallaigh, agus rug sluagh mór lais i cConnachtaibh, agus ro airccset muintir Cluana Coirpthi, agus ro marbhadh sochaidhe do mhaithibh Muintire hEolais hi ttóraigheacht na creche sin, agus drong mhór dona Tuathaibh. MaolRuanaidh mac Donnchadha Ui Dhubhda do mharbhadh lá MaolSeachlainn
mac Concobhair Ruaidh mic Muirceartaigh Muimhnigh, agus la mac Tighearnáin mic Cathail Miccarain Uí Concobhair. Caisléna do dhénamh hi Muintir Murchadha hi cConmaicne Cuile, agus a cCera lás na barúnaibh rémhráite. Sluaigheadh lá Mac Muiris iustís na hEreann, agus lá Hugo De Laci Iarla Uladh hi cCenél Eoghain agus hi cCenél Conaill. Ro aithrighset Mag Lachlainn (.i. Domhnall) agus tucsat tighearnus Cenél Eoghain do mac Uí Neill, agus ro gabhsat fein braighde an Tuaiscirt. Cloictheach Eanaigh Dúin do denamh. Cathal Mag Riabhaigh taoiseach Fear Scedne décc. AOIS CRIOSD, 1239. Aois Criost, mile, da chéd, triocat, anaoí. Muircertach mac Domhnaill Uí Bhriaiain recte Bhriain do écc. Cath Cairn tSiadhail do thabairt lá Domhnall Mag Lachlainn dú in ro marbhadh Domhnall Tamhnaighe Ua Néill, Mag Mathghamhna, Somairle Ua Gairmleadhaigh, Caoch Bernais Ua Gairmleadhaigh, agus maithe Cenel Moain go sochaidhibh iomdha
immaille friú, agus ro gabh arís an tighearnus, agus ro benadh dhe gan fhuireach déis an mhadhma sin. Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Conchobhair (Ri Connacht) décc. Ferghal mac ConCondacht Uí Raghallaigh tighearna Dartraighe agus Cloinne Fermaighe, agus tighearna Bréifne ó shliabh sair, madh iar leabhar oile, do mharbhadh lá MaolRuanaidh mac Feargail agus lá Conchobhar mac Corbmaic ar ndula dhó ar crech go mac Neill mic Conghalaigh dia ro aircc iad, agus diar gabh teagh orra, agus tainic Muircertach mac Néill ar breithir as an tigh amach. Ro gabhadh é, agus ro marbhadh fó cetoir déis mic Uí Raghallaigh do mharbhadh. Creach do dhénamh lá Gallaibh Ereann ar Ua nDomhnaill gur ró airgset Cairpri, agus ro baoí an Iustís fein occ EssDara occa nurnaidhe, agus do dheachadar a sirthi go Druim Cliabh. Lasairfhina inghen Cathail Chroibhdherg ben hUí Domnaill do thabhairt lethbhaile da fearond phosta .i. Ros Birn, do Clarus Mac Mhaoílín agus do coimhthionól canánach Oilén na Trinóide ar Loch Cé i nonoir na Trinóide agus Muire. Corbmac mac Airt hUí Mhaoíleachlainn dég. AOIS CRIOST, 1240. Aois Criost, míle, da chéd, cethrachat. Maineisteir do thógbhail i bPurtLairge lá Sir Hugo Pursel do Bhraithribh .S. Frainseis. Giolla na Naomh Ua Dreáin aircinneach Arda Carna do écc.
Sluaigheadh mór lá CoinChonnacht Ua Raghallaigh for Chorbmac Mac nDiarmata co ro aircc an tír uile co hArd Carna, agus ro marbh daoíne iomdha i ndioghail a meic, agus Corbmac mac Tomaltaigh do aithríghadh, agus Donnchadh mac Muircertaigh do gabháil tighearnusa Muighe Luirg. Fedhlimidh Ua Concobhair do dol do lathair righ Saxan do chosaoid Gall agus Gaoidheal fris, agus fuair onóir mhór on righ don chur sin, agus tainig slan dia thigh. Aodh mac Giolla na Naomh Cruimm Uí Seachnusaigh do mharbhadh lá Concobhar mac Aodha mic Cathail Croibhdeirg agus lá Fiachra Ua Floinn. Sadhbh ingean Uí Cheinneidigh ben Donnchaidh Chairbrigh Uí Bhriain décc. Mainestir Tighe MoLaga hi cCairpre isin Mumhain in epscopoidecht Ruis do shonnradh do thógbhail do braithribh .S. Franseis lá Mag Carthaigh Riabhach tighearna Cairpreach agus a tumba fein do denomh hi ccoraidh na mBrathar. As innte fos adnaicther an Barrach Mor, agus Ó Mathghamna Cairpreach, agus barún Cúrsach.
AOIS CRIOST, 1241. Aois Criost míle, da chéd, cethrachatt a haon. An tEpscop Ua Flaithbeartaigh (.i. Muirchertach), .i. epscop Eanaigh Dúin. Coisearccadh tempaill na mBrathar Minúr in ÁthLuain lá comarba Patraic. Domhnall Mór mac Éccneacháin hUí Dhomhnaill tigherna Tíre Conaill, FhearManach, agus Íochtair Condacht co Coirrsliabh, agus Oirghiall ó Clar anuas décc in aibít manaigh iar mbreith bhuadha ó dhomhan, agus o dhemhan, agus a adhnacal co nonóir agus go nairmidin i mainisdir Eassa Ruaidh is in fhoghmhar do shonnradh. MaolSeachlainn Ua Domhnaill do oirdned i ttighernus Tíre Conaill ind ionadh a athar. Ua Neill, .i. Brian do theacht chuige iar ná iondarbhadh la Domhnall Mhag Lachlainn, agus Ua Domhnaill do dhula cona shochraide lá Brian Ua Néill hi Cenél Eoghain, agus tuccsat cath do Mag Lachlainn, .i. cath Caimeirge, agus ro mharbhsat Domhnall Ua Lachlaind tigherna Cenel Eoghain, agus decneabhar da derbhfhine, agus taoisicch Cenél Eoghain uile immaille fris, agus ro hoirdneadh Brian don chur sin i ttigernus Cenel Eoghain. Diarmaid mac Magnusa mic Toirrdhealbhaigh Mhóir Uí Chonchobhair saoí einigh agus eangnamha do ecc. Sitriucc Mhág Oireachtaigh taoíseach Cloinne Tomaltaigh decc. Ualtra De Lati tigherna Midhe ó Gallaibh, agus cenn comhairle Gall Ereann dég hi Saxaibh. Tadhg mac Ruaidhri Uí Gadhra décc. Tadhg Ua Conchobhair do arguin Dartraighe agus Cloinne Fermaighe.
Sluagh mór do dhénamh lás an Iustis, .i. Muiris Mac Gearailt i Maig Naé go ro airccset Fiachra Ua Flainn, agus Donnchadh Mac Diarmada, agus ruccsat uathadh do mhuintir Ui Conchobhair forra, agus ro marbhadh leó Nár Mac Giolla Cheallaigh agus sochaidhe ele. Domhnall Mag Fhlannchadha taoiseach Dartraighe do écc. AOIS CRIOST, 1242. Aois Criost, míle, da chéd, cethrachad, adó. Domhnall Mac Airten do écc ina chanánach hi cCill Mhóir. Caibitil mhór lá prímhaidh Arda Macha agus la habbadhaibh Cananach Ereann i Lughmhadh dia ro togbhadh moran do thaisibh do thionoil Mochta on Róimh. Donnchadh Cairpreach Ua Briain (tigherna Dail cCais) tuir ordain agus oireachais deiscirt Ereann, agus a mac Toirrdhealbhach mac Donnchadha Cairbrigh décc. Conchobhar Ua Briain do ghabhail righe Tuadhmhumhan. Aedh Ua Concobhair (.i. an tAithcleireach) mac Aodha mic Ruaidhri Uí Chonchobhair do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg. Brian mac Donnchaidh Uí Dubda tighearna Ua fFiachrach, agus Ua nAmhalgadha agus Iorrais do mharbhadh ar slicchidh acc dol dá oilithre co Mainistir na Búille. Sluaigheadh mór las an Iustis agus lá Gallaibh Ereann archena, agus lá Fedlimidh mac Cathail Croibdeirg hi Cenel cConaill in diaidh Taidhg Uí Chonchobhair do chóidh dionnsoighidh Cenél cConaill. Ro gabhsad na slóigh sin longport i nDruim Thuama, agus ro mhillset a lán don chuairt sin gén gur tregeadh Tadhg dhóibh. Tadhg Ua Conchobhair do ghabhail iarttáin lá CoinConnacht Ua Raghallaigh tria forchongra Fheidhlimidh mic Cathail Chroibhdheirg.
AOIS CRIOST, 1243. Aois Criost, míle, da chéd, ceathrachat atrí. Petrus MacRaith iar ccinnedh a bhethadh i ccanánchaibh Oilén na Trinóide ar Loch Cé décc, agus a adhnacal lá Féle Martain. Findachta Ua Lughadha comarba Beneoin. MaolEóin Ua Crecháin airchideochain Tuama ar ttecht thairis (.i. tar muir) ina mhaigistir decc in Áth Cliath. Cathasach Ua Snedhiusa deaganach Muintire MaolRuanaidh décc i nArd Charna an 10. August. Tadhg mac Aodha mic Cathail Chroibhdheirg do léccadh dUa Raghallaigh, agus a theacht co Mainistir na Buille cona shochraide, dul dó iaromh co teach Mic Diarmada, Corbmac mac Tomaltaigh, agus é féin, agus a ben ingen Mhég Carthaigh (.i. Etaoín inghen Fhinghin, agus bá hisidhe mathair Taidhg budhdhein) do ghabháil, agus a tabhairt do ChoinChonnacht Ua Ragallaigh mar mhnaoí as a fhuasgladh féin. Tadhg do dhul doridhisi fá Fhéil Martain in uathadh sochaidhe hi coinde go hUa Raghallaigh, agus Tadhg do ghabhail dó hi fill, agus a mhuintir do mharbadh, agus a beith fein i láimh co Féil Bearaigh ar ccind. Sluaigheadh mor do thionol lá Righ Saxan do saighidh righ Franc, agus techta do thocht ón rígh diarraidh Gall Ereann cuige. Riocard mac Uilliam Búrc do dhul ann i ccuma cháich, agus a écc thoir ar an sluaiccheadh sin. Cathal mac Aodha Uí Concobhair dalta muintire Raghallaigh do iompudh orra, agus creach do dhenamh dhó ar Muircertach Mac GiollaShúiligh i Muigh Nisse, agus
Muirceartach fein do gabhail dó, agus a mharbhadh hi Cill Sessin. Creach oile do dhénomh dhó fó chedóir ar Cloinn Fearmaige agus ar Dartraighibh. Creach Maighe Rein lá Cathal, agus ro éirigh cogadh eittir Ua cConcobhair agus Ua Raghallaigh. AOIS CRIOST, 1244. Aois Criost, míle, da chéd, cethrachat a ceathair. Donnchadh mac Finghin mic MaoilSeachlainn mic Aodha mic Toirrdhealbaigh Uí Conchobhair epscop Oile Finn décc an 23. April i nInis Clothrand, agus a adhncacal i Mainistir na Buille. Archideochain Tuama do bhadhadh ar Glaislind Cluana. Donnchadh Mór Ua Dálaigh saoí nár sáraigheadh agus nách sáireochar lé dán do écc, agus adhnacal hi Mainistir na Búille. Tadhg mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg do dhalladh agus do chrochadh la CoinChonnacht Ua Raghallaigh i Fél Bearaigh occ Inis na Conaire for Loch Aillinde iar na bheith illáimh aige ó Fhéil Martain gus an ionbhaidh sin. Ruaidhri
mac Aodha a derbhrathair do bhadhadh ar an Cuirrín Connachtach ag ÁthLiacc na Sionna an 9. lá do Mharta, agus a adhnacal i mainistir Cluana Tuaiscirt co hairmhidneach onórach. Conchobhar mac Aodha mic Cathail Croibdeirg do écc hi ccind mhíosa dearrach. Sluaigheadh lá Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg is in mBréifne sair go hUa Raghallaigh do dhioghail a dhalta agus a bhrathar fair, .i. Tadhg Ua Conchobhair. Ro bhádar adhaigh longpuirt hi Fiodhnach Maighe Rein, ní raibhe an comharba is in baile an aidhche sin, agus ní raibhe cind for theampall Fiodhnacha, agus o nach raibhe ro loiscetar drong don tslóigh botha agus bélscálána batar is in tempall hi stigh gan cet dá ndaghdhaoínibh. Ro múchadh dalta de an comarba ant. Tainic an comarba feisin arabharach co bfeircc agus lonnus mór fo bhás a dhalta. Ro iarr a eraic ar Ua cConchobhair. Adbert Ua Concobhair co ttiobhradh a bhreth fein dó. Así mo brethsa ar an comharba an taon duine as fearr agaibh in eraic mo dhalta dé do losccadh libh. Maghnus mac Muirceartaigh Mhuimhnigh sin, ar Ua Concobhair. Ní me itir, ar Maghnus acht an tí as cenn ar an sluagh. Ní scérabhsa ribh ar an comharba co ffagar éraic mo dhalta. Lotar an sluagh iar sin as an baile amach, agus do lean an comharba iad. Do chóidhset co hAth na Cuirre forsin nGeircthigh, agus ro bhaoí an tuile tar bruachaibh di, agus ní chaomhnacatar tocht tairse gur ro scaoilset teach Sepel Eóin Baiste do
bhaoí ind imeal ind átha dia chur tarsan abhainn do dhol táirsi don tsluagh. Do dheachaidh Maghnus mac Muirceartaigh Muimhnigh is in tigh, agus Concobhar mac Corbmaic Mic Diarmada. Ro raidh Maghnus ris in bfer baoí ar mullach an tighe occa sccaoíleadh ag síneadh a cloideamh uadha suas, ag sin ar sé an tairrnge congbhus an maide gan tuitim. Agá rádh sin dó ro thuit fécce an tíghe hi ccenn Magnusa co nderna bruirigh dia chind gur bho marbh fó cédóir ar an lathair sin, agus ro hadhnaiceadh é hi ndoras teampaill Fiodhnacha alla amuigh, agus tuccadh trí lán Cluig na Rígh dofrail ar a anmain, agus dech nech fhichet. Gonadh amhlaidh sin fuair comharba Caillín eraic a dalta. Do rónadh lecht do clochaibh snaitte agus cros caoindénmhach uas a cind, agus ro briseadh lá muintir Ruairc iatt ciodh iar ttriol. Corbmac mac Tomaltaigh mic Conchobhair Mic Diarmada tighearna Cloinne MaoilRuanaidh uile decc in aibit Manaigh Léith hi Mainistir na Búille is in ffoghmhar iar mbreith bhuadha ó dhomhan agus ó dheamhan, iar ccaithemh sé mbliadhan ficheat a ttighernus. Fearghal mac Taccadain do mharbhadh lá Conchobhar Mac Tighearnáin i fill in Inis Fraoich for Loch Gile. AOIS CRIOST, 1245. Aois Criost, míle, da chéd, ceathrachatt acúicc. Domhnall Ua Flandagáin abb Cunga décc. Conchobhar Ruadh mac Muirceartaigh Mhuimhnigh mic Toirrdealbhaigh Uí Chonchobhair do lot dUa Thimmaith dá mhaor budhdhéin lá scín tria iomaccaillaimh feircci do thecht etorra hi Purt na Leicci, agus GiollaCriost mac Iomhar Uí Birn do
mharbhadh an mhaoír sin, agus Concobhar Ruadh do breith co Mainistir na Búille, agus a écc don lot sin, agus a adhlacadh is in mainistir hísin iar mbuaidh ongtha agus aithrighe. Caislén Sliccigh do dhénomh lá mac Muiris Mic Gearailt, Iustís na hEreann, agus re Siol Muiredhaigh uair ro forcongradh for Fedhlim a dhenamh ar a phinging fein, agus clocha agus aél, agus tighe spitel na Trinóide do tharraing chuicce iar ttabhairt an ionaidh chédna las an Iustis do Chlarus Mac Mailin in onóir na naomh Trinóide. Slóigheadh mór la righ Saxan i mBretnaibh, agus ro gabh longport oc caislén Gannoc, agus ro thochuir ina dhochum an Iustís co nGallaibh Ereann, agus Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg cona shocraide. O do chuatar tra ro milleadh Bretain leó, agus ar a aoí ní ro gabhsat géill na eiteredha don chur sin. Bá honorach Fedhlimidh Ó Conchobhair ag an rígh ar an slóiccheadh sin. Caislén Átha an Chip ar brú Maighe Nisse do dhénamh lá Milidh Mac Goisdelbh. Fiachra mac Dauid Uí Flaind taoíseach Sil MaoileRuain, décc. Cearbhall Buidhe mac Taidhg mic Aongusa fFindabrach Uí Dhálaigh décc. Caislén Suicín do dhénomh.
Raghnall Ua MaoílMiadhaigh do mharbhadh lá Connachtaibh. Muirchertach mac Muirghiusa mic Cathail Mic Diarmada do marbhadh lá fearaibh Breifne. Sluaiccheadh lá hUa nDomhnaill (Maoilechlainn) for Gallaibh, agus Gaoidhelaibh Iochtair Chonnacht co ttuccsat bú agus edala iomdha leo don turus sin. AOIS CRIOSD, 1246. Aois Criosd, míle, dá chéd, cethracha, ase. Eóin Ua hUgróin mac comhorba MoChua, epscop OileFinn an tEóin íshin do écc i Raith Aedha Mec Bric. Ioain Mac Iagfri do thocht ina Iustís in Erinn agus Muiris Mac Gerailt do aithrighadh. Druim Lethain do losccadh an bliadhainsi. MaoilSeachlainn mac Concobhair Ruaidh mic Muircertaigh Muimhnigh Uí Concobhair do mharbhadh la hUa nDubhda, .i. Muircertach. Muirchertach do ionnarbadh tar muir deis an marbhtha sin. Sluaighedh do dhenamh do Muiris Mac Gerailt i tTir Conaill agus é do thabhairt
leithe Thire Conaill do Corbmac mac Diarmada mic Ruaidhri Uí Concobhair, agus braighde Uí Dhomhnaill do ghabhail ar an leith oile. Na braighde do fhaccbhail i ccaislén Sliccighe. Ua Domhnaill .i. MaoilSeachlainn agus maithe Cenél cConaill do theacht la Samhna go Slicceach. Badhún an baile do losccadh dhoibh. Ni ro fhedsat dol for an ccaislén, agus ro chrochsat lucht an chaislén a mbraighdi ina ffiadhnaisi iar na leccadh síos do mhullach an chaislén, .i. Ó Mianáin oide Uí Domhnaill agus a chomalta. Murchadh Ua hAnluain ticcherna na nAirther do marbhadh ar forcongra Briain Uí Nell. Aedh mac Aedha Uí Concobhair do gabhail agus a argain. Toirrdealbhach mac Aedha Uí Concobhair do éludh a Cranóig Locha Leisi is in fhoghmhar. An lucht coimheda boí air do bhádhadh do, .i. Corbmac Ua Muireadhaigh agus dá Ua Ainmireach. Toirrdhealbhach do gabhail do ridhisi ar comairce epscoip Chluana agus iar ná thabhairt illaimh Ghall a chur i ccaislén Atha Luain. Albert Almaineach airdespuc ArdaMacha dathrucchadh dochum na Hungari. AOIS CRIOSD, 1247. Aois Criosd, mile, da chéd, cethracha aseacht. Concobhor Ua Muireadhaigh epscop Ua fFiacrach Aidhne do écc i mBristuma. Aedh Mac ConChailledh abb Chluana hEoaiss do écc. MaoilSeachlainn Ó Domhnaill ticcherna Thire Conaill, Cenél Moáin, Insi hEoghain agus FherManach do mharbhadh la Muiriss Mac Gerailt. Ba hamhlaidh so for caomhnaccair sidhe. Sluaighedh mor do tionól la Muiriss Mac Gerailt agus
la Gallaibh archena go riachtadar Sligeach ar tus, aissidhe co hEss Aedha Ruaidh mic Badhairn. Do dheachaidh Corbmac mac Diarmada mic Ruaidhri Uí Conchobhair ina thionól. Ba isin Cetaoine iar fFél Pettair agus Poil indsin. Ro thionoil Ua Domhnaill Cenel Conaill agus Eoghain ar a ccind conar leccset Gall na Gaoidheal tar Ath Senaigh anunn re hedh seachtmaine ón trath go aroile. Conidh e aireacc arrainicc leo Corbmac Ua Conchobhair go sochraide moir marcsluaigh dfaoidhedh triasan magh siar agus iompudh ar fud an mhaighe suas fri bord an mointigh soir gan airiughadh do neach co rainic Bel Atha Chuluain for Eirne. Ní ro airgset Cenél cConaill ní conus facatar an marcsluaigh do leith a ccúil chuca don taobh dia rabhatar don abhainn. Soait iaramh friú. Od conncatar Goill aire Cenél Conaill for an marcsluaigh tangadar do leith a ndrumann chuca, uair do badh derbh leó ná caomhsataois i ffresdal dibhlinibh. Ro ling-
sett an tath furro go mbadar Cenél cConaill in edirmedón a mbiodhbhadh iar niadhadh dhoibh iompo da gach leith. Acht chena ro marbhadh Ua Domhnaill ar an lathair sin, an Cammuinélach Ua Baoighill priomhtaoiseach na tTrí tTuath, Mac Somhairle ticcherna AirerGhaoidheal agus maithi Cenél Conaill archena. Ro baidhit agus ro marbhaid drong mhór do shloghaibh Mic Gerailt annsin. Ro baidhid dana araill dibh ar an fFinn budh thuaith agus sochaidhi oile don tsloigh cettna i tTermonn DaBeócc i ttoraigheacht na ccreach ro techset rempu im Uilliam Brit sirriam Connacht agus im Ridire ócc oile ba dearbhrathair dosidhe. Ro hindreadh agus ro hairccedh an tír leó iarsin. Ro fhaccaibhsed cennus Cenél cConaill ag Ruaidhri Ua Canannáin don cur sin. Eachmarcach Ó Cathain ticcherna Cianachta agus Fher na Craoibhe do mharbhadh la Maghnus Ua cCathain ar ndol dó ar crech ina thír go hAirther Mhaighe i nDáilRiada. Toirrdhealbhach mac Aodha Uí Conchobhair do éludh a hÁth Luain. Milidh Mac Goisdelbh do gabhail Fhedha Conmaicne agus Cathal Mág Raghnaill do diochur esdibh agus Crannócc Claenlocha do gabhail dó, agus lucht a gabhála do fhágbhail do innte uadha fen. Cathal agus Toirrdhealbhach da mhac Aedha Uí Conchobhair do choimheirghe la Mag Raghnaill do diochur Meic Goisdelbh a Fidh Conmaicne. Ro gabhsad an chrannócc agus an loch. Ro Scaoilsett caislén Lecce Deirge i Satharn Domhnaigh Chincidhisi, uair do chuaidh Toirrdhealbhach co hOilén na Trinóide ar cenn Chlarusa Mic Moilín an aircinnigh ar ní ro fhaemhsat na Goill tocht as an caisslen amach muna ttíosdaoís ar comairce an aircinnigh dia niodhlacadh tar Sionainn anair co Tuam Mná. Tangadar le Clarus iaromh agus ro diochuireadh Clann Goisdelbh as in tír amach uile.
Coccadh mor la Toirrdhealbhac mac Aedha Uí Conchobhair agus lá Donnchadh mac Anmchadha mic Donnchadha Uí GiollaPatraicc do Ossraigibh for Ghallaibh Connacht. Ro thionoil Toirrdhealbhach clanna ticchernadh Connacht go riachtadar Fidh Ua nDiarmada agus Muintir Fathaidh. Ro marbhsat daoíne iomdha. Rangadar assidhe go caislén Bhona Gaillmhe. Ro loisccsett an baile agus an caislén. Ro mudhaighit daoine leó im Mac Elget Senescal Connacht ro marbhadh la Donnchadh mac Anmchadha. Leanaid Goill iad iarttain. Tuccsatt deabhaidh dhoibh, du in ro marbhadh drong do Ghallaibh. Lodar uatha daimhdheóin co rangador Cera. Ro thionóil trá Siurtán dExetra, Clann Ádaim, agus Goill Cera go Toirrdhealbhach. Fosráccaibh Toirrdhealbhach an tír dhoibh ó ná boí coimhlíon friú. Buirgés Chinntrachta do losccadh la Tadhg mac Concobhair Ruaidh, agus la Tadhg mac Tuathail mic Muirchertaigh Muimhnigh, acht chena ní fuaradar Goill Connacht fri ré imchén roimhe sin samhail coccadh na rioghdhamhnadh forra don chur sin. Cona boí tuath no triocha chett do chrich Ghall i Connachtaibh gan crech gan arccain uadhaibh. Ross Commáin agus Ard Carna do loscadh la Gallaibh. Fionnghuala ingen Ruaidhri Ui Conchobhair do écc i cCunga Fhechín. Loingess do theacht do Ua Dhubhda agus dUa Bhaoighill do arccain Cairpri, agus lucht luinge dib do bhadhadh occ Insi Thuath Rass fa Mhaghnus Ua mBaoighill.
Tadhg mac Concobhair Ruaidh do losccadh Insi Moire Claenlocha agus ochtar ar fhichit do Ghallaibh do losccadh innte. Mainestir do denomh i nGaillimh i nairdepspocoitecht Tuama lá hUilliam Burc tighearna Cloinne Riocaird do braithribh .S. Frainseis. Do rónadh tuambadha iomdha la druing moir do maithibh an bhaile is in mainestir sin. Mainistir Inse i tTuadhmhumhain in epspocoitecht Cille Da Lua do denamh la hUa mBriain conadh innte bhíos adhnacal shil mBriain. Sloigheadh mór la Mac Muiris Mec Gearailt agus la Gallaib ar tarraing Gofradha Uí Domhnaill go hEss Ruaidh. Do thaot Ruaidhri Ó Canannain go cCenel cConaill ina naghaidh, agus ni ró chumaingset ní dho iná dul seacha sin don chur sin. AOIS CRIOSD, 1248. Aois Criosd, mile, da chéd, cethracha, a hocht. Diarmaid Ua Cuana Saccart mor Oile Finn do écc agus a adhnacal i cCill Mhóir. Maighisdir Gillbert Ua Cerbhaill do écc. Opichin Guer do mharbhadh do GiollaMoChoinne Ua Cathail. Coimheirghe do dhenamh do mhac Maghnusa agus do mac Concobhair Ruaidh agus iompudh dhoibh for Ghallaibh. Caislén Meic Enry, .i. Piarus Puer do losccadh dhoibh agus a chonstapla do ghabhail. Creacha thuaiscirt Umhaill do breith leó ar Insibh Modh. Ro thionóil Siurtan dExetra, Seón Buitilér, Robben Laiglés agus daoine imda immaille friú. Tangadar go Baile Thopair Pattraicc aissidhe go hAchadh Fabhair. Ro airccsiod Umhall ar nabharach thuaith agus teas. Tainicc
Enrí dana mor sluaigheadh in Umhall (dia thír budhen) uair as innte boi a aittreabhadh. Do roighne din Piarus Puer mac Enrí Sith re Domhnall Mac Mhaghnusa. Ro geall dana Domhnall go ttiobhradh sochraide agus arthraighi dó do chum dula ar a bhraithribh. Dala mac Uí Concobhair imorro do bador ar Insibh Modh, do foillsicchedh dhoibh sochraide do dhul o mac Enri a ccoinne arthraighedh do chum Domhnaill. Iar na fhios sin da cloinn Uí Concobhair lodar Rompo gur marbhadh leó O hUain mac na Gaillsicche agus Seón mac an Gall shacairt. Ro marbhadh bheos la Diarmaid mac Maghnusa ar an ccoimherghi sin Senóitt Guer agus drong dia muintir amaille ris. Rob e sin an taithes gan aithes, uair ro marbhadh an cuingidh calma agus an tairsidh iorgaile .i. Diarmaid mac Maghnusa is in maighin sin. Tadhcc macc Concobair Ruaidh do marbhadh la Gallaibh. Ba mór tra adhuath agus imeacclu an Taidhg sin for Gallaibh agus Gaoidhealaibh doneoch do biodh na aghaidh dhíobh go ffuair a aidheadh. Sluaigheadh la Muiris Mac Geroilt i tTir Conaill. Creacha aidhble, urtha, agus airccne do denamh lais. Ruaidhri Ua Canannáin do ionnarbadh dho i cCenél Eoghain agus ticchernus Cenél cConaill do fhaccbhail ag Gofraidh mac Domhnaill Uí Domhnaill. Sluaiccheadh do dhenamh la Cenél nEoghain agus la hUa cCanannáin i tTir Conaill doridhisi go ttugsad cath do Gofraidh agus do Cenel cConuill gur marbhadh Ua Canannáin .i. Ruaidhri agus iomad ina fhochair don toisc sin. Sluaicchedh oile la Iustís na hEreann i cCenél nEoghain go hUa Nell. Assi comhairli do rónsad Cenél Eoghain annsin braighde do thabhairt uatha o do buí nert Gall for Gaoidhealaibh Erenn, agus sith do denamh riú tar cenn a ttíre. As don cur sin do ronsat Goill droichet na Banna agus caislen Droma Tairsicch.
Arthraighi do thabhairt la Brian Ua Nell ticchearna Thire hEoghain ó Loch Feabhail i Magh nÍthe tar Termann da Bheócc go rainicc Loch nEirne go nderna creacha dioairmhe agus gur briss caislén ann. Conmaicne Mara uile darccain do Ghallaibh. Gaill do dhul for sluaigheadh do com Ui Flaithbertaigh. Maidhm do thabhairt dó forra agus sochaidhe do marbhadh dhiobh. Muirceartach Ua Dubhda .i. an tAithcleireach (.i. tighearna ó Chill Darbile co Traigh) do marbhadh la mac Fedhlimidh Uí Concobhair. Uilliam Burc do écc i Saxaibh. A chorp do thabhairt co hEirinn agus a adhnacal in Ath Iseal. Ri Franc do dhul co hIerusalem do chosnamh na Criosdaidheachda. Ioan Triial do marbhadh la Giollu na Naemh Ua bFergail. Fedhlimidh mac Cathail Croibhdheirg do thabhairt Ratha na Romhanach do chanánchaibh Cille Moire tre fhorcongra Taidhg Ui Mannacháin an onóir Naemh Muire agus .S. Augustín. Amhlaoibh mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc do mharbhadh la Concobhor Carrach Mac Donnchaidh tre thangnacht. Facchartach Ua Dobhailén ticchearna an Corainn do écc. Raighned airdepscop Arda Macha do techt on Roimh iar ttabhairt pallium lais, agus aiffrionn do radha dó leis a bFeil Pedair, agus Poil in ArdMacha.
AOIS CRIOSD, 1249. Aois Criosd, mile, dá chéd, ceathrachat a naoí. MaolMuire Ua Lachtnáin airdepscop Tuama, agus maighisdir a ccanóin do écc is in ngeimhreadh gar beacc ria Nodlaicc. Andrias Mac Gilla Gér comorba Fechin décc. MaolCiarain Ua Lenacháin uasal shaccart Tuama Mna fear tighe aoidheadh choitchinn idir eacclais agus tuaith do écc ar slicchidh ag dul go hArdCarna deisdeacht senmora is in Aoine re Lucchnasadh agus a adhnacal go huasal onorach in Oilén na Trinoide for Loch Ce. Conn Ua Flannacain prióir Cille Móire na Sionna do écc. Mór ingen Donncaidh Uí Dubhda ben an Giollu Muinelaigh Ui Baoighill do écc. Tadhg Ua Mannachain ticchearna Ua mBriuin na Sionna do écc an seseadh la do mí Iúin agus a adhnacal i cCill Moir na Sionna. Coccadh mór agus uilc iomdha do denamh do Fhinghin Mag Cartaigh ar Gallaibh Deasmumhan. Piarus Puér mac Enri, Dabith Triú, agus socaidhe do gillibh ócca amaille riú do toidheacht le Mac Fheorais i cConnachtaibh co caislén Sliccigh. Adcuas do mac Fedlimidh Ui Concobhair innsin go ttucc airrchis orra. Feachair deabhaidh aithger etorra go ttorcair Piarus Puér agus Dabith Triu amaille le druing dona gillibh occa remraite, agus ruccadh a ccuirp co hEss Dara da nadhnacal. Imtusa mac Fedlimidh iarsin tainic roimhe go Tir Fiachrach agus ar fud chriche Mic Fheorais gur lomaircc í ó Mhuaidh co Traicch nEothuile an tSaoir.
Leanaiss Geroitin Mac Fheorais iad co rug ar Donnchadh mac Maghnusa gur crechtnaigheadh é lais. Gabhthar bheos iar ná ghuin agus berthear e go Dún Contreathain. Leanaiss mac Fedlimidh iad iaromh go ttucc mac Maghnusa leis iar marbhadh Geroittin. Mac Maghnusa do écc iaromh do bithin an luit sin agus ba moireasbaidh esidhe. Mac Muiris do tionol sochraide go ttainicc i cConnachtaibh gur ben an méd ar a rucc dona creachaibh do mac Fedhlimidh. Od cuala Fedhlimidh mac Cathail Croibhdeirg tionól na nGall do beith ina comhfhoccus tar és na mor olc do roighne a mac orra ass i comhairle do rinne a imirceacha do chor tar Sionainn soir is in mBreifni, agus i ttuaisceart Eireann. Tionoilis din an Iustís Goill Midhe agus Laighen go ttainicc sluagh mor roimhe tar AthLuain, aissidhe i Siol Muireadhaigh agus Mac Muiris don leith araill, Goill Connacht agus Mumhan maraon ris. Tangadar na sluaighsi do gach taoibh go hOilFinn iar milleadh Sil Muireadhaigh rompo go sin, agus tuccsat chuca Toirrdhealbhach mac Aodha mic
Cathail Croibhdeirg gur rioghsad é an ionadh Fedlimidh mic Cathail. Ro airccsett crioch Brefni iaramh. Do ronsat uilc iomdha innte da gach aird. Tuccsad creacha dirimhi eisdi. Badar fiche oidhche gona laibh i Siol Muireadhaigh ga milleadh gur airccsiod Loch Ce gona oilénaibh agus an Charrac immaille riú. Do cuaidh tra an Iustis isin Midhi iarsin agus mac Muiris go Slicceach. Faccbaid Toirrdhealbhach ag coimhéd Sil Muireadhaigh. Sluaiccheadh la rioghdhamhnaibh Connacht .i. Toirrdhealbhach agus Aedh da mhac Aedha mic Cathail Croibhdeirg go hAth na Riog da losccadh agus da lomarccain im Fel Muire imedhón foghmhair. Baoi sirriam Connacht is in bhaile ar a ccionn, agus Gioll iomdha ina fhochair. Iarraid na Goill cairdi an laoi sin ar cloinn righ Connacht an onóir naemh Muire sa fel boí ann. Nochan fuairset sin uatha. Gidheadh boí Toirrdhealbhach ga ttoirmeasc im an mbaile dionnsaighidh, agus nochar damhsat uaisle an tsluaigh gan a shaighidh da aimhdheóin. Od connairc Siurtán go nGallaibh sin tangadar as is mbaile amach i ccoinne an tsloigh, agus iad armtha édighte. Gabhais tra eacclu agus uirmheatacht occbaidh an tsluaigh araill ga bfaicsin samhlaidh ina ccoirightibh catha ionnus gur meabhsad rompo tre miorbhailibh mor Muire sa fél inar diultsad an chairde do hiarradh orra. Ro marbhadh da maithibh isuidhe Aedh mac Aedha Uí Concobhair, Diarmaid Ruadh mac Corbmaic Uí MaoilSheachlainn, da mac Uí Cheallaigh, Brian an Doire mac Maghnusa, Carrach in Shiubhail mac Nell Uí Conchobhair, Baothghalach Mac Aedhaccain, da mac Lochlainn Uí Concobhair. Domhnall mac Corbmaic Meic Diarmada, an Fionnánach Mac Branáin, CuMumhan Mac Cassarlaigh, agus araill immaille riu. Donnchadh Ua GiollaPattraicc .i. mac Anmchadha mic Donncaidh dOssraighibh do mharbhadh lá Gallaibh. Ro dhlighsiod Goill innsin, uair ba mór ro marbh, ro
loiscc agus ro lérionnair dhiobh go sin. Bahé an Donnchadh sa an treass Gaoidheal budh mó dfoghladh orra, .i. Concobhar Ua MaoilSeachlainn, Conchobhar na cCaislén Mac Cochláin agus Mac Anmchadha .i. an Donncadh sa. Oir as e tegheadh do brath na mbailteadh marccadh i ccruth duine boicht, nó shaoír no tornóra, no ealadhna, no do dhenamh cerde cennaighi, amhail ro raidhedh.
Bidh na Shaer, bidh na tornóir, Bidh mo laogh na leabhróir, Bidh ag rec fhíona is chroicionn, mar a bfaicenn se sermóin.
Dún Mór do losccadh do cloinn righ Connacht. Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill .i. Gofraidh in Iochtar Connacht gur milleadh agus gur lomaircceadh lais ó Choirrsliabh co Muaidh co ttainicc slan iar mor cosccar don cur sin co nédalaib agus co mbraighdibh iomdhaibh. AOIS CRIOSD, 1250. Aois Criosd, míle, dá chéd, caocca. Tomás Ua Meallaigh espucc Eanaigh Dúin do écc. Epscop Imligh Iubhair do écc. Congalach Mac Cidneoil epscop na Breifne do écc. Toirrdhealbhach mac Muircertaigh Muimhnigh Uí Concobhair prioir récclesa Pettair agus Poil do écc. Fedhlimidh Ua Concobhair do thoidheacht as an Tuaiscceart go sochraide móir lais a Cenél nEoghain do shaighidh na Breifne. Aissidhe is na Tuathaibh agus Concobhar mac Ticcernáin maraon riss. Aissidhe i tTír Maine gur diochuirsed Toirrdealbhach a Connachtaibh amach go ndeachaidh i nucht Ghall doridhisi. Tionoilidh Fedhlim imirceacha Connacht lais tar Sliabh Segsa síos gur cuirsiod
Goill teachta na dheoidh go ndernadh sith etorra, agus a righi daiseacc dhó fén doridhisi. Braighde Connacht do dhalladh in Áth Luain do Ghallaibh. Creach mór do dhenamh la Fedhlimidh for Cathal Ua Concobhair agus a athchor a Connachtaibh. Cairbre Ua MaoilSeachlainn do mharbhadh i ffell la Dauit Roitsi. Diarmaid Ua hEghra ticcherna Luighne do écc i bpriosún ag Mag Gearailt. Sluaicchedh mor la Muiris Mac Gearailt, Cathal Ua Raghallaigh, CuConnacht Ua Raghallaigh, agus maithe Ua mBriúin uile immaille friú i cCenel Eoghain go rabhadar teora hoidhche i tTulaigh Ócc. Fuairsiod mor dulc agus dimneadh ainnsidhe. Nochar gabsat gell na edireadha ó Uibh Nell don cur sin. Iar tteacht doibh tar a naiss i cCenél Conaill Muiris Mac Gerailt do gabhail Uí Chanannain ticcherna Cenel cConaill ar comairce an easpuicc Uí Cerbhalláin. A marbhadh dhoibh iarsin agus é ag triall ar eccin uatha. Finghein Mhág Carthaigh do marbhadh la Gallaibh Desmhumhan. AOIS CRIOSD, 1251. Aois Criosd, mile, da chéd, caoccae a haen. Raighnéd airdepscop ArdaMacha do dul do Róimh dia oilithre. Florint Mac Floinn doirdneadh la Nodlac in airdepscopoideacht Tuama ar méd a eccna agus a eolaiss. Mainestir hi cCill na Mullach in epscopóittecht Corcaighe do chumdach lásan mBarrach agus togha adhnaicthe na mBarrach sin innte. GiolluMoCoinne mac GiollaMoCoinne Uí Cathail do mharbhadh la Concobhor mac Aedha mic Cathail Croibhdheirg.
Tadhg mac Tuathail mic Muircertaigh Muimhnigh Uí Conchobhair do marbhadh do Gallaibh. Da mac Ruaidhri Uí Nell dho marbhadh i cCill Moir Ua Nialláin. Ardgal Ua Laithbertaigh coindeal ghaisccidh agus enigh Tuaisccirt Erea nndo écc. GiolluCriosd Ua Breislén toiseach Fanad agus a brathair do marbhadh la Ceallach mBalbh Ua mBuigill. Donnchadh Mac Cathmaoil toiseach Cenel fFeradhaigh do marbhadh dAirgiallaibh. Iomhar Mac Madadháin toiseach Cloinne Ruadhrach do mharbhadh. Concobhor mac Corbmaic mic Tomaltaigh Meic Diarmada, Saí enigh agus engnamha do écc. Flaithbertach Ua Cerbaill toiseach Calraighe do marbhadh la hArt mac Airt Uí Ruairc. Muireadhach Ua Taidhg do ecc. Cioth mor dfearthain la Feli Poil agus Pedair in Uibh Briúin go snamhadh eathor adhbhal timcheal baile Cille Moire na Sionna, agus go melfeadh muilenn ar an sruth boí on sduaigh go hAth na Faithche i bFiodhnach fri ré ceileabhartha easparta. Flann Ó Lachtnáin taeíseach an Dá Bhac do écc.
AOIS CRIOSD, 1252. Aois Criosd, mile, dá chéd, caocca, adó. MaolMaedhócc Ua Beolláin comhorba Cholaim Cille in Druim Cliabh fer ba mór cadhus agus conach, ba hoirdherca oineach, ba huille onóir agus airmidin ó Ghallaibh agus ó Ghaoidhealaibh re a linn do écc. Caisslen ChaoilUiscce do dhenamh la mac Muiris Meic Gerailt agus caislén Mhuighi Cobha. Concobhor Ua Dochartaigh toiseach Arda Miodhair, tuir oinigh agus engnamha an Tuaiscceirt deg. Concobhor Mac Cathmaoil toiseach Cenel fFeradhaigh agus ioltuath archena. Síodhaighe Conaille, Eoghain agus Oirghiall do marbhadh la muintir Briain Uí Nell ag cosnamh a comairci friú, iar mbeith dho for slanaibh Uí Gairmleadhaigh agus Uí Chatháin. CuConnacht Mac ConSnamha toiseach Muintire Cinaith do écc. Giollu Isu Ua Cerbaill toiseach Calroighi Droma Cliabh do écc. Maghnus Mac Giollu Duibh toiseach Teallaigh Gairbheth do écc. Iusdís na hErenn do theacht co hArdMacha immaille re sluaigh lánmhór, eisdisidhe co hUibh Eachdach, aissidhe tar a naiss co Cluain Fiachna. Brian Ó Nell dá noighréir annsin, agus a derbhrathair, Ruaidhri Ó Nell do thabhairt do
bhraghaid doibh. As ar an sluaigheadh so tarlu imreasain longpuirt edir fheraibh Midhe agus Mhuimhneachaibh i nDun Delgan co ttorcrdar sochaidhe do fheraibh Mumhan. Teasbach mór agus tiormach is in samradh go tteghthí cosaibh tiormaibh tar priomhaibhnibh Ereann. Arbhanna Ereann bheós gá mbuain fiche laithe ria Lughnasadh. Na croinn gá ccomhlosccadh le tess ngréne. Monadh nua dordughadh do righ Saxan do dhenamh in Eirinn agus an taircceat boí innte ria sin do trecceadh. Murchadh Ua Fallamhain ardchonstapla Connacht do marbhadh dfearaibh Breifne i Maigh Rén. Creachsluaigheadh la Gofraidh Ua nDomhnaill hi Tir nEoghain dia ttarraidh bú agus braighde ile. Rucc Brian Ua Néill fair ag fágbáil an tíre. Ro ficcheadh iomaireag amhnus etorra adiú agus anall go raímhidh for Cenél nEoghain co ffargaibhset ar cenn im druing mhoir dia ndaghdaoinibh. AOIS CRIOSD, 1253. Aois Criosd, mile, da chéd, caocca, a trí. Alinn Ua Suilleabháin espucc Leasa Móir do écc. Dauit mac Ceallaigh Uí GiolluPattraicc epscop Cluana Mic Nois do écc, agus Tomas Ua Cuinn brathair mionúr doirdneadh is in Roimh na ionadh. GiollaCeallaigh Ua Ruaidhín espuc Ua fFiachrach do écc. Seón Ua Laidig brathair dord .S. Dominic doirdneadh ina ionadh i cCill Alad Ua fFiachrach, agus gradha espuic do thabairt fair i tTuaim an dara Domhnach don Geamhcorgus. Mainisdir do dhenamh do Bhraithribh .S. Dominic i Slicceach.
Mainisdir do thorainn dona Braithribh cena ag Ath Lethan ilLuighnibh. Cuirt do dhenamh la Tomaltach Ua cConcobhair epscop OiliFinn i cCill Tésin. Eoghan Ua hEdhin ticcherna Ua fFiachrach do écc. Ingen an iarla Ultoigh ben Milidh Mic Goisdealbhaigh do écc agus a hadhnacal i Mainisdir na Búille. Sluaiccheadh mor la Gallaibh Eireann im Mac Muiris go ndeachaidh i tTír nEoghain do shaighidh Uí Nell agus nochar gabhsat gell na edireadha innte, uair tuccadh ár adhbhal mór don dul sin orra. Coccadh mór do denamh la Brian Ua Nell flaith Cenel nEoghain for Gallaibh, agus dul dó go Moigh Cobha gur trasccradh a chaislén leiss immaille le mor do caislénaibh oile. Loisccter an Sradbaile leiss agus folmaighis Machaire Uladh. Sluaicchead do dhenamh do Domhnall Ua Ragallaigh agus don Caech Ua Raghallaigh do Chathal Ua Concobhair agus do Giollu na Naemh Ó Fheargail i Muintir Eolaiss dionnsaighidh Chathail Mecc Raghnaill gur airccsett an tir uile. Badar da oidhche longpuirt ag Tulaigh Álainn, agus an tress oidhche ag Eanach Dhuibh. Deilghis Giollu na Naemh Ua Fergail friu annsin. Teaccaid muintir Raghallaigh agus Cathol Ó Concobhair go Cluain Conmaicne co mbadar adhaigh longpuirt innte. Od cuala
Aedh mac Fedhlimidh sin tionoilis co tinneasnach a muinter. Lenaiss iadsomh go Cluain. Tuccsat tress aggarbh dia roile gur moidhidh for Muintir Raghallaigh, marbhthar ann Donnchadh mac Giollu Iosu mic Donncaidh Uí Raghallaigh, mac Giollu Toedócc Ua Biobhsaigh, agus sochaidhe oile imaille riu. Mainestir .S. Franseis i nArdFearta do dénomh la Mac Muiris Ciarraighe. AOIS CRIOSD, 1254. Aois Criosd, míle, da chéd, caocca, a ceathair. MaolFinnén Ua Beolláin comhorba Droma Cliabh do écc. Murchadh Ua MaoilSeachlainn do mharbhadh la mac an tSionnaigh Uí Catharnaigh. Aindiless Ua hInnerghi tuir engnamha Thuaisccirt Ereann do écc. Piarus Pramister ticcherna Conmaicne Duin Móir do écc. Mainisdir brathar .S. Dominic in Ath Leathan do losccadh uile. Piarus Ristubartt ticcherna Sil MaoilRuain barún essidhe, a marbhadh ar Loch Ribh la Murchadh Ua MaoilSeachlainn. Sitreacc Mág Sheanlaoigh do gabhail dFhedhlimidh mac Cathail Chroibhdeirg, agus an Seanshuileach Mac Seanlaoich do dalladh laiss a loss aimhlesa, óir do raidheadh ris co mbadar ag fealladh fair. Donnchadh mac Donnchaidh mic Tomaltaigh agus Amhlaoibh Ua Biobhsaigh do mharbhadh lá Connachtaibh i cCluain Conmaicne. Maghnus Ua Gadhra do marbhadh tre anfhochain do muintir mic Fedhlimidh Uí Concobhair.
Ri Franc do toidheacht o Ierusalem iar ndenamh siodha teora mbliadhan edir na Criosdaighibh agus na Siorraisdinibh. Mainestir Glas Cille Dara do dénamh la hIarla Cille Dara, agus atá tumba onorach aca i sépél Muire is in mhainestir chéttna. AOIS CRIOSD, 1255. Aois Criosd, míle, da chéd, caocca, a cúig. DonnSlébhe Ó Floinn abb recclésa Pedair agus Poil in ArdMacha do ecc, agus Pattraicc Ua Muireadhaigh prioir an tighe cédna do thogha do chum na habdhaine. Tomas Mac Diarmada aircinneach OileFinn do écc. Pearsún Maighi Luirg Airtigh agus Cloinne Cuain eisidhe. Ua Laidig aircinneach Eanaigh Dúin do écc. Aedh mac Fedhlimidh Ui Concobhair do dul i tTír Eoghain agus sith do dhenamh dhó edir a athair fén agus Tuaisccert Ereann agus a raibhe do Connachtaibh ar essith isin Tuaisccert do tabairt less atuaith tre lár a dhergnamhad cona nimergibh, .i. mec Ruaidhri Ui Concobhair agus Goill, agus nocha lamhdaois urchoid do dhenamh doibh an namhaid sin, .i. mec Ruaidhri agus na Goill remraite. Mac Cerbaill do gabhail airdespucoideachta Caisil Mumhan. Florens Mac Floinn airdespucc Tuama do dul tar muir dagallaimh righ
Saxan agus gach ní dar sireasdair thoir dfhacchail dó o onóir an riogh agus a thoidheacht anoir do ridhisi. Mathghamhain Ó Mannacháin do mharbhadh ag Buimlinn. Diarmaid Ó Cuinn Amhlaoibh a mhac agus maithi Muintire Giollccain immaille riú do mharbhadh ag Faradhán Moighe Treagha la Giollu na Naemh Ua fFergail agus a narccain iaramh. Coinne mor edir Ó cConchobhair .i. Fedhlimidh, agus mac Uilliam Burc ag Tochor Mona Coinneadha. Sith do dhenamh doibh annsin agus gach dál ina raibhe Fedhlimidh do leccadh less. Iuliana ingen comhorba Caillin agus Giollu na Naemh a derbrathair do ecc. Ragnailt ingen Uí Fhergail do écc i ndabhaigh fhothraicthe. AOIS CRIOST, 1256. Aois Criost míle, da chéd, caocca asé. Flann mac Floinn airdepscop Tuama do écc i mBristuma. Airdespoc Atha Cliath do écc. Giollu an Coimdeadh Ua CinnFaelaidh abb Eanaigh Duin do écc. Ua Giollaráin abb Eaccailsi na Trinoide i tTuaim do écc . Drong do Muintir Raghallaigh do mharbhadh la hAedh mac Fedhlimidh, .i. Cathal Ua Raghallaigh ticcherna Muintire MaoilMhordha agus chatha Aedha Finn, a da mac imaille ris .i. Domhnall Ruadh agus Niall, a derbhrathair CuConnacht, tri meic Cathail Duibh Uí Raghallaigh, .i. Gofraidh, Fergal, agus Domhnall, agus Annadh mac Domhnaill Uí Raghallaigh do marbhadh la Concobhar mac Ticchernáin. Niall .i. an
Caech Ua Raghallaigh Tighearnan Mág Brattaigh, Giollu Michil Mac Taichlich, Donnchadh Ua Biobhsaigh, Maghnus mac Giollu Dhuibh agus tuilleadh ar tri fichit do maithibh a muintire immaille riú. Cath Mhoighe Slecht ar bru Atha Deirg ag Alt na hEllte uas Bealach na Bethighe ainm an cathasa. Ciodh iad Muinter Raghallaigh tra torcrador drong do mhaithibh an tsluaigh boí na naghaidh leó, .i. Diarmaid Ó Flannagáin, Flann Macc Oireachtaigh, Murchadh Fionn Ó Fergail agus sochaidhe gen mó thaittsidhe, agus ro briseador fo thrí an glasslaith for thosach an tsluaigh araill no go rucc anfforlann orra fo dheoidh. Ag Sailten na nGasán rug tossach an tsluaighsi for Muintir Raghallaigh cedus agus ro lensad iad co háit Ticche Mec Cuirrín aissidhe co lathair an mor catha. Iustis do thocht in Eirinn o righ Saxan. Coinne do dhenamh do fén agus dAedh Ua Concobhair ag Rinn Duin. Sith do cengal doibh re roile annsin ar chonnradh gan laghdughadh criche na ferainn Connacht ar Ua cConchobhair an ccén budh Iustís esiomh. Ruaidhri Ó Gadhra tigherna Slebe Lugha do mharbhadh la Dabid mac Riocaird Cúisin. Aedh mac Fedhlimidh Uí Concobhair do arccain fherainn mic Ricaird Cúisin a ndioghail Ui Gadhra do mharbhadh dosomh. Leaccais a caislen, Marbhaidh a mboí do dhaoinibh ann agus gabhais oiléin Locha Techett uile.
Raghnall mac Branáin ticcherna Corcachlann do écc. Creachshluaigheadh la mac Uilliam Burc for Ruaidhri Ua Flaithbertaigh goro airccestair Gnó Mór agus Gnó Beacc agus ro gabhasdair Loch Oirbsion uile. Donn Cathadh mac Senlaich do écc i Mainisdir na Buille. Coccadh mor deirge edir Aodh Ó cConcobhair agus Conn O Ruairc (.i. mac Tigearnain) ger bhadh gradhach im aroile go sin. Ua Ruairc do dul i ccenn Gall iaramh. Sith do snadhmadh riú do fen cona muintir gan ched dFhedhlimidh ná da mac. Aedh Ua Conchobhair do creachadh Uí Ruairc iarsin an Cedaoín ria Nodlaic. Do gniad síth reroile as a haithle. Ath Luain agus Dún Doighre do losccadh in en ló. Sloiccheadh la hUa nDomhnaill .i. Goffraidh hi fFeraibh Manach da ffuair comtha, agus braighde. Teit assidhe i mBreifne Ui Ruairc. Do radsat sidhe a oighreir dhó. AOIS CRIOSD, 1257. Aois Criosd, míle, da chéd, caocca aseacht. Mac Robias abb Cluana hEoaiss do écc. Muireadhach mac MaoilBrighde Ui Faircheallaigh comhorba Maedhocc do écc. MaolPattraicc mac Cele airchinneach Cille hAladh do mharbhadh.
Tomás Ua MaoilCiaráin Saoí Erenn in eaccna do écc. Mainisdir Muire i RossCommain do coisreacadh las an Espucc Tomaltach Ua Conchobhair do braithribh .S. Dominic. Conn mac Ticchernain Ui Ruairc (.i. tighearna Brefne) do dul i tteagh Uí Concobhair agus a mec do daingniucchadha shíodha riú agus a mbreith fein dferonn na Breifne do tabhairt doibh immaille le cloich Insi na tTorc ar Loch Fionnmoighe. Lucht coimheda do chor innte dOedh mac Fedhlimidh. Cathal Cairceach mac Aedha mic Cathail Croibhdeirg agus Aedh mac Concobhair mic Aedha mec Cathail Croibhdeirg do dhalladh dAedh mac Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg tré thnúth agus fhormad tar sarughadh laoch, chleireach, agus mionn cConnacht. Cond mac Cathail Uí Raighilligh taoiseach Muintire MaoilMordha decc. Cloch Innsi na tTorc for Loch Fionnmaighe do losccadh dUa Ruairc, agus lucht a coimhetta do léccadh este. Sitreacc mac Ualghaircc Ui Ruairc do chor i tticcernus dAodh Ua Choncobhair hi ccend Chonchobhair meic Ticcernain Uí Ruairc, agus Domhnall mac Concobhair do marbadh Sitrecca as a los. Coinne do dhénamh dFeidhlimidh Ua Choncobhair in Áth Luain re Iustis na hEreann agus re Mac Uilliam Burc, agus re maithibh Gall archena go ndearnsat sith re roile. Creach mór do dhenamh dAodh Ua Conchobhair im Cháiscc ar Ua Ruairc. Cath cródha do tabairt la Gofraidh Ua nDomhnaill tigherna Tíre Conaill for Iustis na hEreann Muiris mac Gerailt, agus for Ghallaibh Connacht archena ag Credrán Cille hi Ros Cede hi cCrich Coirpre fri Slicceach a tuaidh ag cosnamh a tire friú. Ro fighedh iorghal ainiardha aindrennda ettorra. Ro ciorrbait cuirp, Ro leónait laoich, Ro buaidhrit cedfadha cechtarnae dibh.
Ro cothaigheadh an cathlathair co comhnart la Cenél cConaill, agus do bertsat breisim dúr danardha for Ghallaibh is in ngleo go ro sraoíneadh forra fo dheóidh go ro ladh a nár. Ar a aoi tra do tromghonadh Goffraidh feissin is in caithgleó sin, ar tarla sidhe enech in ionchaibh fris Muiris mac Gearailt is in ngliaidh íshin go ro gonsatar aroile gan dichell. Ba tria ágh an chatha sin do díochuireadh Goill agus Geraltaigh a hIochtar Connacht. Gabhtar beos Mac Grifin .i. Ridere erderc la muintir Í Domhnaill is in ló cédna. Loiscctear agus lomairccther Slicceach leó asa haithle. Ro marbadh dana mac Corbmaic hUí Domhnaill hi ffrithghuin is in cath sin Creadráin. Soaid iaromh dia ttighibh ar aba gona Uí Domhnaill, ar muna gabhdaois a ghona greim dhe, do biadh maidhm forra go Muaidh. Ag filleadh ina fhrithing do Ghofraidh ro traichceadh agus ro diosccaoileadh lais caislén Chaoil Uiscce do rónadh lá Gallaibh fecht riamh dforbaisi for Chenél cConaill. Muiris mac Gerailt Iustis Ereann re hedh díosccaoilteach Gaoidh- eal décc. Cairt do thabhairt ó Righ Saxan dFelim Ua Conchobhair ar chuicc triucha an righ. Coccadh mor etir Concobhar Ó mBriain agus Goill Mumhan go ttuccadh ár na nGall lais. Creacha aidble do denamh do Tadhg Ua Briain orra bheós. Concobhar mac Ticchernáin Uí Ruairc do mharbhadh ag Ath na Failme do Giolla Bheraigh Ua Lamhduibh dia mhuintir fein agus do mhuintir Matha Uí Raighilligh tre thangnacht. Cathal Ua Mannacháin décc an sesedh do December.
AOIS CRIOST, 1258. Aois Criost, míle, da chéd, caoccat a hoct. Abraham Ó Conalláin, Airdepscop ArdaMacha dfaghail phallium o cuirt na Romha, agus aifriond do radha dó leis in ArdMacha an dara la do mhí Iún. Uater de Salerna airdepscop Tuama agus deccanach mor Lonndan do ecc hi Saxaibh iar na togha is na ceimionnaibh remraite la righ Saxan an bliadhain roimhe sin. Tomaltach Ó Concobhair epscop OileFinn do thogha docum airdepscopoidechta Tuama. GiollaCrist O Carmacain deccanach OiliFinn décc. An Manach Ua Cuirnin saoi crabhaidh décc. Matha mac Giolla Ruaidh Uí Roduibh .i. an maighistir decc. Cuirt an epscoip in OilFinn agus cuirt Cille Sesin do sgaoileadh dAodh Ó Concobhair. O Domhnaill Gofraidh do beith in othairlighe a ecca re hedh mbliadhna ar Loch Beathach iar ccor chatha Credrain. Iar na fhios sin dUa Neill (.i. Brian) tionoilidh a shlogha in en ionad do tocht hi tTir Conuill, agus faoidhis techta uadha hi ccend Uí Domhnaill do chuingidh giall, eidiredh agus umhla for Chonallcoibh, o ro batar gan tighearna infedhma aca deis Gofradha. Iar ttabairt aithiscc dUa Domhnaill do na techtaibh lottur for ccúla, agus amhail as deini luidhsiot. Ro fhorcongair Ó Domhnaill for Chonallchoibh tionol as gach aird chuicce, agus iar ttarcclamadh doibh fo thoghairm a tticcerna ro fhorail forra ona baí ionaisttir leó an tárach ina mbertaoi a chorp fo dheoidh do dhenamh dho, agus a chor ann, agus a iomchar in eidirmedhon a mhuintire. Ro raidh riú calma do denamh oro baí fein etorra, agus gan tren a nesccaratt do leicen forra.
Rangattur rompa an tucht sin ina reimim la forcongra a ttigherna hi ccoinne sloigh Í Neill co ttarla an dá shluaigh aghaidh in aghaidh imon abhainn dianidh ainm Suileach. Ro ionnsaighsiot a chele gan coiccill do cairdes no do coimhfhiallus gur meabhaidh for an sluagh nEoghanach tar anais, gur fhaccbattar daoine iomdha, eich agus edála aidhble. Acc tiontudh don tsluagh Conallach on maidhm ro leicceadh an tárach i mboí Ó Domhnaill ar sraidslighe na Congbála gonadh ann do dheachaidh a ainim as do ghaíbh cró na ngon, agus na ccrecht do radadh fair hi ccath Credrain, agus nír bó bás ar miodhlachus an bás hishin acht iar mbreith buadha gach tan for a bhiodhbhadhaibh. O ro clos tra la hUa Néill écc Í Domhnaill ro chuir techta doridhisi hi ccend Chonallach do chuingidh giall agus umhla forra. Báttar Cenél cConuill a ccomhairle aga sccrúdadh cidh do ghendais fris sin, no cia toíseach dibh fein da ttiubrattais umhla, no aidide uair na bai tigherna erdhalta oca oro écc Gofraidh. Dia mbattar for na hiomraitibh sin at conncattar Domhnall Occ mac Domhnaill Móir Í Domhnaill cuca a hAlbain ina macaemh ócc aidedhach in aeis a ocht mbliadhan ndécc, agus do radsat Cenel cConaill a ccendus dó fo cedóir. Deithbir ón ar dob eisidhe a fflaith díles diongmala budhdein, agus o ro aisneidhsiot Cenél cConaill an taithescc sin do bertsat techta Í Neill chuca (dosomh) ba forail laissiumh, agus ba fairbrigh innsin. Conadh ann do raidh an tseinbriathar airdhirc tria san nGaoidhilcc nAlbanaigh boí occa acc agallaimh na ttechthadh, .i. go mbiadh a domhan fein ag gach fer. Ba samhail do thurus Tuathail Techtmair tar muir anall a hAlbain iar ndilgenn tsaorclann Ereann la haithechthuathaibh an turus sin Dhomhnaill Oicc a hAlbain a leith
le hiomuaim nairdrighe, le táthucchadh tuath, agus le cosnamh a criche fein ar choiccriochaibh on ló in ro hoirdneadh é i tticcernus gus an laithe fo dheoidh a ffuair a oidheadh. Mainestir Chlaena i Laighnibh in epscobóidecht Cille Dara do tógbháil do braithribh .S. Franseis. Sloiccheadh mór la hAodh mac Feidhlimidh agus la Tadhg Ua mBriain hi ccoinne Bhriain Uí Neill go CaolUiscce, go ttuccsat na maithe sin leth ar leth cennus do Bhrian Ua Neill for Gaoidhelaibh iar ndénamh siodha dóibh re roile. Braighde Aodha Uí Choncobhair dósomh re comhall, agus braighde Muintire Raighilligh agus Ua mBriúin ó Cenandus go Druim Cliabh dAodh mac Feidhlimidh mar an ccedna. Mac Somhairle do thecht hi loinges timcell Connacht a hInsibh Gall go
rainicc Conmaicne Mara gur ghabustair long chendaighe annsin go nderna a hedail eidir fhíon, édach, umha agus iarn. Siurtán dExter Sirriam Connacht do lenmhain Mic Somhairle gus an ailén in ro airis, agus a longa for a nangcairibh ina ccomhfoccus. Feachar iomairecc ettorra, marbhthar Siurtan fo chédoir, agus Piarus Accabard Ridere dia mhuinntir, agus sochaidhe cenmothátsomh. Mac Somhairle gona muintir do tilleadh doridhisi go haitheasach edalach go rainicc a thir búdéin. Domhnall mac Concobhair mic Tighearnain Uí Ruairc baoí i mbraighdenus tar cenn a athar ag Feidhlimidh Ó Choncobhair, agus ga mhac (.i. Aodh) do léccean amach doibh, agus tigernus na Breifne do tabairt dó a nionadh a athar. MacRaith macc Tigearnain toiseach Tellaigh Dunchadha dho mharbhadh la Domhnall mac Concobhair Ui Ruairc. Benaid Connachtaigh, agus fir Breifne go coitchionn a thigernus do Dhomhnall annsin, agus marbhaitt Teallach Dunchadha a dherbhrathair, Cathal mac Concobhair. Tuccadh thigearnus Ua mBriuin iarsin do Art mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc, .i. o Sliabh soir. Brian Macc Samhradháin tighearna Theallaigh Eachdach do mharbhadh la Connachtoibh. Amhlaoibh mac Airt Uí Ruairc tighearna Breifne o Sliabh siar décc. Tomas Ó Birn décc. Ardghal Ó Concobhair mac Comharba Comain decc. Coccadh mor etir Ghallaibh agus Concobhar Ua Briain dár loiscceadh ArdRathain, Cill Colgan, Arbhanna agus sradbhailte iomdha oile. Coinne etir Gallaibh, agus Gaoidhealaibh Ereann in eccmais Fedhlimidh Uí Concobhair, agus sith do denamh eattorra.
AOIS CRIOST, 1259. Aois Criost, mile, dá céd, caocca anaoí. Corbmac Ua Luimluinn espoc Chluana Ferta Brenainn agus aird eaccnaidhe na hErenn dég ina naoimhshenoir cianaosda. Tomaltach mac Toirrdhealbhaigh mic Maoileachlainn Uí Concobhair do toidheacht on Roimh iar na oirdneadh na airdespoc Tuama i ccuirt an Papa, Pallium do thabhairt laiss agus Sochair mhora don Eacclais archena. An Giollu Cam Mac Giollu Chiaráin Saoí i lecchionn agus i ndán décc. Aedh Ua Concobhair do thabhairt ionaidh Amhlaoibh mic Airt, do Art Beacc mac Airt Uí Ruairc agus Art mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc do gabhail lais iar ccur Amhlaoibh is in ionat saidhe sin dó. Aodh Ua Concobhair do dul go Doire Cholaim Chille do thabhairt ingene Dhubhgoill Mic Somhairle. Cathal mac ConSnamha toiseach Muintire Cionaith do dhalladh la hAodh Ua Concobhair. Braighde Domhnaill Uí Ruairc do dhalladh dó bheos, .i. Niall mac Donnchaidh agus Brian mac Nell, agus braighde Ua mBriúin archena. Coinne edir Aodh Ua cConcobhair agus Brian Ó Nell ag Daiminis Locha hErni. Sith do dhenamh dAodh Ua cConcobhair le Domhnall Ua Ruairc agus é do thabhairt ticchernais na Breifne do Domhnall as a haithle. Taichleach Mac Diarmada do écc. Milidh Mac Goisdelbhaigh do écc. Gillbert Mac Goisdealbhaigh do gabhail la hAodh Ua cConcobhair agus Sliabh Lugha do lomarcain dó uile. Gillbert do thabairt a triar mac i mbraighdenus tar a cenn budhén, agus Aodh Ua Concobhair dá léccen fén amach as a haithle. Tadhg Ua Briain Rioghdhamhna Mumhan do écc. Sidhraidh Ua Baoighill do mharbhadh da deirbhfine fesin.
O Domhnaill (Domhnall Occ) do tionol sloicch lanmhoir in aoin ionad, agus a dhol i tTír Eoghain. Aodh Buidhe Ó Neill do thecht slocch ele ina choinne. An tir uile do milleadh leo, agus a ndol assidhe in Oirghiallaibh go ro gialladh doibh gach ionadh inar ghabhsatt go soadh doibh ina ffrithing. Fedhlimidh Ua Tuathail tighearna Sil Muireadhaigh dó écc. AOIS CRIOSD, 1260. Aois Criosd, míle, da chéd, Seasccaitt. Cionaoth Ua Birn prióir Cille Moire do écc. MaolFinnén Ua Mithighen do écc. Gradha espuicc do thabhairt do comharba Pattraicc ar MaoilSeaclainn Ua Concobhair ag Dun Dealgan. Cath Droma Deircc ag Dún Da Lethglass do thabhairt la Brian Ua Nell agus la hAedh Ua cConchobhair do Ghallaibh tuaisccirt Ereann, du i ttorcradar sochaidhe
do maithibh Gaoidhel, .i. Brian Ó Nell uachtorán Erenn, Domhnall Ó Cairre, Diarmaid Mácc Lachloinn, Maghnus Ua Cathain, Cian Ua hInnerghe, DonnSlebhe Mág Cana, Concobhor Ó DuibhDiorma agus a mhac, .i. Aodh, Aodh Ua Catháin, Muircertach Ua Catháin, Amhlaoibh Ua Gairmleadhaigh, CuUladh Ó hAnluain, agus Niall Ó hAnluain. Acht chena do marbhadh cuicc fir décc do maithibh muinntire Catháin ar an lathhair sin. Torcrador drong do maithibh Connacht ann bheós, .i. Giollu Criosd mac Concobhair mic Corbmaic mic Tomaltaigh ticcherna Maighe Luirg, Cathal mac Ticchernáin Ui Concobhair, MaolRuanaidh Mac Donnchaidh, Cathal mac Donnchaidh, mic Muircertaigh, Aodh mac Muircertaigh Finn, Tadhg mac Cathail mic Briain Ui MaoilRuanaidh, Diarmaid mac Taidhgh mic Muireadhaigh mic Tomaltaigh Ui MaoilRuanaidh, Concobhor Mac Giollu Arraith, Tadhg mac Cén Uí Gadhra, Giollu Beraigh Ua Cuinn, Carrolus mac an Espuicc Uí Muireadhaigh agus sochaidhe mhor duaislibh agus danuaislibh Gaoidheal immaille riú. Sloicchedh la Mac Uilliam Búrc do com Fedhlimidh Ui Concobhair do saighidh goro inder an tír roimhe go riacht Ros Commáin. Nochar lamhastair dul seacha sin síos uair boí Fedhlimidh agus a mhac, .i. Aodh na nGall re a nucht is na tuathaibh, agus ba Connacht ar a ccul is in dithreibh conadh í comhairle do ronsat da gach taoibh síth do dhenamh reroile. Do gníad samhlaidh. Iompaidhis Mac Uilliam ina fritheng as a haithle.
Sluaicchedh la Mac Muiris i tTuadhmumhain do saighidh Concobhair Uí Bhriain, go ttarla Ua Briain i cCoill Berráin agus tionol ina timceal do maithibh a muintire ara cionnsomh. Maidhter for Gallaibh riú fo cedóir agus marbhthar Dauit Prindercas Ridire roinertmar essidhe, an Failgeach, Pearsún AirdRathain, Tomas Baroit, agus sochaidhe nach airimhter dhiobh. Maghnus mac Aodha Mecc Oireachtaigh do mharbhadh la Domhnall Ua fFlaithimh. Lochlainn mac Amhlaoibh mic Airt Ui Ruairc agus Ticchernán a derbhrathair do marbhadh dAodh Ua Concobhair iar na ttoirbert dó la Domhnall mac Nell mic Congalaigh Ui Ruairc. Domhnall mac Conchobhair mic Ticchernáin Uí Ruairc do marbhadh la Teallach nDúnchadha i meabhail agus Muirceartach a dearbrathair do mharbhadh dAodh Ua Conchobhair iar sin. Art Beacc mac Airt Ui Ruairc do marbhadh dAodh Ua Concobhair beos. Tadhg Dubh mac Nell mic Congalaigh do marbhadh la MaoilSeachlainn mac Amhlaoibh mic Airt. Creach mór la hAodh Ua cConcobhair for Tuaith Ratha dár marbhadh Concobhar Mac Branáin toiseach Corc Achlann, Muircertach Ó Maonaigh, mac Briain Uí Allamhain, agus Sochaidhe archena. Creach do dhenamh do Mac Muiris ar Ua nDomhnaill. Drong do muintir Uí Domhnaill do breith orra i mBeannan Brechmoighe. Drem do losccadh agus do marbhadh leó dhiobh. Creach adhbhal do denamh dUa Domhnaill ar Mac Muiris gur airccestar Cairpre uile. Longport Concobhair Uí Ceallaigh do losccadh la muintir Aodha Uí Concobhair.
Sitreacc mac Senlaich do marbhadh in ÁthLuain do DonnCathaigh Mag Oireachtaigh agus do Tomaltach Mag Oireachtaigh. Crechsluaiccheadh la hUa nDomhnaill for Chenél nEocchain tar eis catha Dúin gur haircceadh agus gur loiscceadh urmor Chenel nEocchain leis don cur sin. Abraham Ua Conallain comorba Patraicc décc. AOIS CRIOSD, 1261. Aois Criosd, mile, da chéd, Searcca, a haon. MaolPattraicc Ó Sccandail espoc Ratha Both do togha ina airdespoc in ArdMacha. Se cleirigh décc do maithibh cleireach Cenél cConaill do marbhadh la Concobhar Ua Nell agus la Cenél nEoghain i nDoire Cholaim Chille im Concobhar Ua fFirghil. Concobhor Ua Nell do marbhadh fo cedoir tre miorbailibh De agus Cholaim Chille le Donn Ua mBreslén toiseach Fanad. Aedh mac MaoilSeachlainn Ui Concobhair do mharbhadh do MaolFhabhaill Ua Edhin. Cathal Ó hEaghra do marbhadh do Gallaibh ar tarraing Mic Fheorais agus coiccer oile do Luighnibh do marbhadh imaille ris i ttempall mor Fechin in Eass Dara. Coccadh mor agus uilc iomdha do dhenamh dFhingin mac Domhnaill Mecc Carthaigh agus dá braithribh ar Ghallaibh. Sluaicchedh mor la Cloinn Gerailt i nDesmumain do saighidh Mecc Carthaigh, .i. Fhinghin. Macc Carthaigh da nionnsaighidhsiomh go ttucc maidhm forra dar marbhadh ocht mbarúin agus cuiccer ridiredh im dreim ele duaislibh Gall is
in ccliathaigh sin imaille re Seon Mac Tomáis agus ris an mBarrach Mór. Dioairmhidhi a ttorchair do daosccorsluagh Gall is in ccathiorgail remraite. Fingin Mag Carthaigh do marbhadh la Gallaibh iar sin, agus ticchernus Desmumhan do gabhail da derbhrathair don Aithchleireach Mág Carthaigh. Art mac Cathail Riabhaigh Ui Ruairc delúdh o Aodh Ua Conchobhair, agus toisigh na Breifne agus Chonmaicne do thabhairt chennais na Breifne dhó. Domhnall Ua hEaghra do dhenamh creche for Cloinn Fheórais in dioghail marbhtha Cathail Ui Eaghra doibh agus sharaighthi theampaill Fechin gur marbh Sefín Mac Fheorais, agus an tatcluicc tuccustair a teampall EasaDara as e baoí ima cenn ag a marbhadh. Brian Ruadh Ua Briain do losccadh agus do scaoileadh Caislen Uí Chonaing agus ro marbh a mboí do dhaoinibh ann. Longport Aodha Uí Concobhair (ag Snamh Inredaigh) do losccadh dfearaibh Breifni.
Losccadh Cluana Suilionn, .i. longport Fedlim Ui Concobhair. Toirrdhealbhach Ócc mac Aodha Ui Concobhair do tabhairt for altram dArt Ó Ruairc. Creach mór la hAodh Ua Concobhair isin mBreifne co rainic Druim Lethain. Brisedh do thabhairt annsin for blaidh da sluagh gur marbhadh sochaidhe nar bhoirrdeirc dhiobh. Aodh Buidhe Ua Nell dionnarbadh, agus Niall Culánach Ó Nell doirdneadh ina ionadh. Niall Ua Gairmleadhaigh toiseach Cenél Moáin do écc. Maidhm mór la hUa nDomhnaill for Niall Chulánach Ó Néill dú in ro marbhadh agus in ro gabhadh sochaidhe do mhaithibh Chenel Eoghain fa mhac Cathmaoil toiseach Chenel Feradhaigh co ndruing do mhaithibh ele nach airimhther sond. AOIS CRIOST, 1262. Aois Criost, mile, dá céd, seasccat, adó. MaolPattraicc Ó Sccannail Airdespoc ArdaMacha do radha oiffrind le pallium (in octau Eoin Baiste) in ArdMacha. MaoilSeacloinn mac Taidcc Ui Concobhair espuc OileFinn do écc. Sluáigheadh adbal mór la Gallaibh Ereann do soighidh Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg agus a mic Aodh na nGall, gur cuir Ua Concobhair urmhór bó Connacht i tTir Conaill ar techeadh na nGall, agus buí fén in Inis Saimera ar cúl a bhó agus a muinter. Tainic Mac Uilliam Burc tar Tochar Móna Coinneadha iniar, agus slógh mor immailli ris, go ráinic OilFinn. Iusdís na hEreann agus Eoan de Uerdun
do thocht tar AthLuain anoir go RosCommáin. Leccid siortha uatha i cCenél Dobhtha Mic Aongusa gur airccsiod an méd ro an tar és Uí Concobhair i cConnachtaibh don toisc sin, agus do tórainnsiod áit caisléin i RosCommáin. Dala Aodha Uí Concobhair tra ro tionoilsidhe a shochraide, agus luidh in Iarthar Connacht gur airgiostair ó Moigh Eó na Saxan agus o Bhalla iniar. Loisccis a mbailte agus a narbhanna go Sliabh Lugha, agus ro marbhustair daoine iomda etorra sin. Cuiris a toisigh agus a ógflatha uaidh in Uachtor Connacht gur loisccsiod, agus gur airccsiod ó Tuaim Da Gualann go hAthLuain, agus ro marbhsat a ttarla do daoinibh infeadhma etorra. Cuirid Goill iaramh techta uatha dochum Ui Concobhair agus a mic do taircsin síodha dóibh. Ticc Aodh iarsin ina ccoinne go hath Doire Chuirc. Do gníadh sith ann re roile gan bhraighde gan edireadha ó cechtar na dá chéle. Baoi Aodh Ua Concobhair agus Mac Uilliam Burc in én leabaidh an oidhche dés na síodha go subhach soimheanmnach, agus imtighid Goill arabharadh iar cceliobhradh dUa Concobhair. Aodh Buidhe Ua Néll doirdneadh doridhise agus Niall Culánach daithrioghadh. Crech mór do dénamh la Gallaibh na Midhe ar Giolla na Naomh Ua Fearghail tighearna na hAngaile, agus a oireachta fein do dhul uaidh i ccleith Gall. A aithrioghadh doibh, agus a tighearnus do tabhairt do mac Murchaidh Carraigh Uí Fherghail. Uilc iomdha, creacha, greassa, urtha, agus airccne, agus marbhtha do dhénamh do Ghiolla na Naomh for Gallaibh iarsin. Tighearnus na hAngoile do cosnamh dó ar éccin, agus mac Murchaidh Carraigh dionnarbhadh dó as an tír amach. DonnSlebe mac Cathmaoil taoiseach Cenél Fearadhaigh do marbhadh dAodh Buidhe Ua Néll. Sluaigheadh la Mac Uilliam Búrc agus lá Gallaibh Ereann i nDeasmumhain
dionnsaighidh Még Carthaigh go rangadar Mangartach Locha Lén. Marbthar Gearalt Roitsi annsin lá Mag Carthaigh, agus a deirthi gur bésidhe an treas barún do bfearr in Erinn ina aimsir fein. Ba háithes go nanáithes do Desmumhain sin uair do marbhadh Corbmac mac Domhnaill Guid Mégh Carthaigh don tachar so. Acht chena ba hesbadhach Goill agus Gaoidhil mun Mangartaigh an la remráitte. Domhnall Ua Mannacháin do marbhadh do cloinn Ruaidhri agus Taidhcc Uí Conchobhair. Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Ócc) hi fFeraibh Manach cetus, agus assidhe i ngairbtrian Connacht agus go Granard Tethba, go ro riarsat, agus go ro ghiallsatt gach tir gus a rainicc dó, agus tainicc dia tigh iar mbuaidh ccosccair. AOIS CRIOSD, 1263. Aois Criosd, míle, dá chéd, sescat, atrí. Tomás Ua Ceallaigh espuc Cluana Fearta agus MaolCiarain Ua MaoilEoin (.i. ab Cluana Mic Nois) dég. Dauith Ua Find ab Mainistre na Buille agus GiollaPatraicc mac Giolla na nGuisén prioir Doirein, Saoí crabaidh agus enigh dég. Donn Ua Breslén do marbhadh la Domhnall Ua nDomhnaill i ccuirt an Espuicc i Ráith Both. Sluaigheadh la Mac Uilliam dionnsaighidh Fedhlimidh Ui Concobhair agus a meic go rangadar RosComáin, agus ro teichsiod Siol Muireadhaigh rompa i ttuaisceart Connacht, agus nochan fuairsiod Goill creacha re a ndénamh don
dul sin. Ro innsaigh Donnchadh Ua Flointt agus Tadg a mhac an sluagh, agus do marbhsat céd diobh edir maith agus saith, im Aitin Ruitsél agus imma mac agus im cúic mhacaibh ConConnacht Uí Concobhair imaille re sochaidhe oile. Soait an sluagh fo mela dia ttighibh iar sin. MaolFabhaill Ua hEdhin do marbhadh lá Gallaibh. Diarmait Clereach mac Corbmaic Meic Diarmata do écc. Aindiles Mág Fhionnbharr taoiseach Muintire Gearadháin do écc. Caislén do denamh la Mac Uilliam Búrc ag Ath Angail isin cCorann. Machair Ua Ruadháin do marbhadh la Gallaibh i ndorus tempaill Cilli Sesccnén. Etaoin inghean Uí Fhlannaccáin do écc. Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Occ) hi cConnactoibh go ccomhranaicc fri hAodh Ua cConcobhair acc Coirrsliabh. Lottar assidhe go Cruachain assidhe tar Suca, assidhe hi cCloinn Riocaird gur milleadh agus gur ler lomairccedh leo go hEchtge agus go Gaillimh, agus iar niompudh dAodh Ua Choncobhair ó Ua nDomhnaill, ro asccna Ó Domhnaill tar Sruthair, tar Rodhba, ar fud Tire hAmhalghaidh, agus iaromh tar Muaidh, agus do bert a óghriar uadhaibh uile. Creach mór do dhenamh la hAedh mac Fedhlimidh ar Gallaibh Slebhe Lugha, agus i
cCiarraighe, agus ro marbhadh sochaidhe mhor do Ghallaibh lais, agus do rat buar iomdha uaidhibh. AOIS CRIOST, 1264. Aois Criost, mile, da chéd, sescat, a cethair. Aongus Ua Clumain espuc Luigne do écc i Mainistir na Búille iar ccur a espaccóide de ré chian roime sin. Coccadh edir Art Ua MaoilSeachluinn agus Goill na Midhe. Ar do tabairt lais orra iman mBrosnaigh edir marbhadh agus bhadhadh. Muirceartach mac Domhnaill Uí Airt do marbhadh, agus a muintir do loscadh lá Donn Mág Uidhir. Creach mór do dénamh do Dealbhnaibh ar Shiol nAnmchadha, agus cuic meic Uí Madadhain do marbhadh don toisc sin. Coinni edir Iusdis na hEreann (gona Gallaibh im Iarla Uladh agus im Muiris Mac Gearailt gona ccoimthionól leth ar leth) agus Fedhlimidh Ua Concobhair gon a
mac in Ath Luain. Eaccla agus anbháthadh intinne do gabail na nGall od conncadar Rí Connacht agus a mhac go lionmar leirthionoilte ag tocht ina ccomhdháil. Gonadh í comairli ar ar cinnsead síth diarraidh orra. Aontaighis Fedlimidh agus maithe a muintire an tsíth do dénamh, agus ro scarsat re roile go siothchanta iaromh. Coccadh dergi edir Mac Uilliam Burc (.i. Iarla Uladh), agus Muiris Mac Gearailt, gur milleadh urmór Ereann etorra, gur gabh an tIarla araibi do caislénaibh i cConnachtaib ag Mac Gearailt, gur loiscc a mainer, agus gur airgestair a muintir. Art Ua MaoilSeachloinn do losccadh araibhe do chaislenaibh agus do sráttbhailtibh i nDealbhna, a cCalroighi, agus a mBreghmaine gur díochuirestair a nGoill estibh uili. Gabhais braighde a ttoiseach as a haithle. Iusdis na hEreann, Seoan Gogan, agus Teboid Buitelér do gabáil do Muiris Mac Gerailt i ttempal coisrecctha. Caislen Locha Meascca agus caislén Aird Rathain do gabail do Mac Uilliam. Airdepscop ArdaMacha MaolPattraicc Ó Sccannaill do thabairt na mBrathar Minur go hArdMacha, agus asé Mac Domhnaill Gallócclach (do reir gnatcuimne) do thionnsgain in mainestir sin do thógbhail ó thosach.
AOIS CRIOST, 1265. Aois Criost, míle, da chéd, sescat, acúicc. Tomas mac Feargail meic Diarmada espuc OiliFinn, Tomas Ua Maicin espuc Luigne, agus MaolBrighde Uá Gruccáin airchinneach OileFinn do écc. Muiris mac Nell Uí Concobhair do togha do cum espucóide OileFinn. Caislén Sliccigh do sgaoileadh la hAodh Ua cConcobhair, agus la hUa nDomhnaill. Caislen an Bennatta agus caislen Rátha Aird Craoibhe do loscadh agus do scaoileadh leó beós. Mainistir Topair Patraicc do losccadh. Tadg Mag Fionnbharr do marbhadh do Concobhar Mag Ragnaill agus do mac Domhnaill Uí Fearghail. Fedhlimidh mac Cathail Croibhdeirg Uí Concobhair Ri Connacht, fear cosanta agus cothaigthi a cuiccidh fein, agus a charad for gach taoibh, fear ionnarbtha agus airgthe a eascarat, fear lan denech, deangnamh, agus doirdercus, fear méadaighthe ord eccailseach, agus ealadhan, deghadbhar rígh Ereann ar uaisli, ar cruth, ar cródhacht, ar chéill, ar iocht, ar fhírinne do écc iar mbuaidh nongtha agus naithrighi i mainistir brathar .S. Domenic i RosComáin tucc fein roimhe sin do Dia agus don urd. Aodh Ua Concobhair a mac féin do ríogadh uas Connachtaibh dá és, agus a creach ríghi do dénamh do ar Uibh Failghe, agus iar niompúdh
do go hÁth Luain Cathal mac Taidhcc Uí Concobhair do dalladh lais, agus a écc da bhíthin. Muirceartach mac Cathail mic Diarmata mic Taidg Uí MaoilRuanaidh tighearna Muighe Luirg dég. Giolla na Naomh Ua Cuinn taoiseach Muintire Giollccáin, Cathal Mag Raghnaill taoiseach Muintire hEolais, agus Muireadhach Ua Cearbaill taoiseach Calroighi do ecc bhéos. Coinne do denamh do Tomaltach Ua Concobhair (.i. airdespuc Tuama) re Dauith Prindergás agus re Macaibh Murchadha. Mórán do muintir an airdespuic do marbhadh an lá sin dóibh a cCill Meadhoin. Dearbforgaill ingen Ui Dubda (mathair an Airdespuic Thomaltaigh Uí Concobhair) décc iar mbuaidh, etc. AOIS CRIOST, 1266. Aois Criosd, mile, dá chéd, sescat, asé. Gradha espuicc do tabairt ar brathair dord .S. Domenic (.i. Ua Scopa) in Ard Macha do cum beith i Raith Both dó. Tomas Ua MaolConaire aircideochain Tuama, agus MaoilIsu Ua hAnainn prioir Rosa Commain, agus Atha Liacc, do écc. Tomas Ua Miadachain do gabail espocóide Luigne. Togha espuicc do tocht on Róimh go Cluain Ferta Brenainn, agus gradha espuicc do tabairt do fein agus do Tomas Ó Miadacháin in Ath na Ríogh an Domnach ria Nodlaic. Domhnall Ua hEghra tighearna Luigne do marbadh do Gallaibh, agus é ag loscadh Aird na Riagh.
Mathgamain mac Ceithernaigh Uí Ceirín tighearna Ciarraighe do marbadh la Gallaibh. Mathgamain Ua Cuilein tighearna Claonglaisi do marbadh dá mnaoi féin den bhuilli do sccin tré éd. Caislén Tighi Da Coinne do briseadh, agus Conmaicne uile dfásughadh. Toirrdhealbhach mac Aodha mic Cathail Croibhdeirg décc i mainisdir Chnuic Muaide. Diarmait Ruadh mac Concobhair mic Corbmaic Meic Diarmata, agus Donn Cathaigh mac Duinn Óicc Még Oirechtaigh do dalladh dAodh Ua Concobhair. Buirgés Beoil an Tachair do loscadh do Flann Ruadh Ua Floinn, agus morán do Gallaibh an baile do marbadh dó. Aodh Ua Concobhair Rí Connacht do dul isin mBrefne daitríoghadh Airt mic Cathail Riabhaigh, agus tighearnus Brefne do tabairt dó do Concobhar Buidhe mac Amhlaoibh mic Airt Uí Ruairc, agus braighde taoiseach na Brefni uili do gabháil. Sluaigheadh la hUilliam Búrc do soighidh Uí MaoilSeachloinn. Morán do báthadh díbh in Ath Crochda, agus a niompudh gan nert gan braighde do gabháil. Ar mór do thabairt do droing do muintir Ui Concobair, .i. do Lochluinn mac Diarmata mic Muircertaigh, do Mac Ceithernaigh, agus do mac Domhnaill Duibh Ui Eaghra, ar Brethnachaibh, agus ar Luighnibh in Iarthar Connacht, agus én ceann dég ar fichit do tiodhlacadh go hUa cConcobair dóibh. Corbmac mac Giolla Criost meic Diarmada do lot, agus a ecc treimhid. Sadb inghean Cathail Croibdeirg agus MaoilEoin Bodhar Ua MaoilConaire ollamh Síl Muireadhaigh i Seanchus do écc. MaolPatraic Ó Scandail Priomhaid Aird Macha do tabhairt Brathar Mionur go hArd Macha, agus lethaindíog lándomhain do dénamh lais im an eacclais iaramh.
AOIS CRIOST, 1267. Aois Criosd, mile, da chéd, sescat, aseacht. Espucc Cluana Ferta, .i. Rómhanach do dul do soigidh an Phapa. Murchadh Mac Suibhne do gabail in Umall do Domnall mac Maghnusa Uí Concobhair, a tabairt ar laimh an Iarla, agus a écc i bpriosún aicce. Brian mac Toirrdhealbhaigh mic Ruaidhri Ui Concobhair do écc i mainistir Chnuic Muaidhe. Creach do denamh do Mac Uilliam ar Ua cConcobhair gur airgesdair Tir Maine agus Clann Uadach. Creach do denamh do Gallaibh Iarthair Connacht i cCairpre Droma Cliabh, agus Eas Dara darccain dóibh. Donnchadh mac Ruaidhri mic Aodha Ui Concobhair do marbhadh la Gallaibh. Galar treablaideach do gabhail Rígh Connacht go ndeachaidh a tháscc fo Erinn. Alis inghean Meic Carrgamna do écc. Aodh Ua Muiredhaigh taoiseach an Lagáin do mharbhadh i cCill Alaidh la hUa MaoilFhoghmair comarba na cille Dia Domhnaigh iar neisteacht oifrind. AOIS CRIOST, 1268. Aois Criost, míle, dá chéd, sescat, a hocht. Aodh mac Concobhair Uí Flaithbertaigh oifficel Eanaigh Dúin do écc. Tempall Mór Arda Macha do tionnscnadh las an bPriomhaidh GiollaPatraicc Ó Scandail. Concobar Ruadh Ua Briain tighearna Tuadmumhan, Seoinin a mac, a inghen,
mac a inghine, .i. mac Ruaidhri Uí Grada, DubLochlainn Ua Lochlainn, Tomas Ua Beollain, agus Sochaidhe oile do marbhadh la Diarmait mac Muircertaigh Ui Briain agus éfein do marbhadh inn iaramh. Brian mac Concobhair Uí Briain do gabhail tigearnais Tuadhmuman as a haithle. Toirrdhealbhach Óg mac Aodha mic Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg, dalta Ua mBriúin esidhe, do écc. Amhlaoibh Ua Feargail tuir cosanta Conmaicneach do marbhadh la Gallaibh i bhfell. Concobhar Ua Ceallaigh tighearna Ua Maine, Aongus Ua Dalaigh Saoi fhir dána agus tighe aoidheadh, Maghnus Mag Oirechtaigh taoiseach Cloinne Tomaltaig, Domhnall Ua Gradda taoiseach Cenel Dunghaile, agus Dubhghall mac Ruaidhri, tighearna Innsi Gall, agus Airir Gaoidheal do écc. Muiris Ruadh Mac Gearailt do bháthadh for muir go lucht luingi imaille ris ag toidhecht ó Shaxaibh. Ionnsaighidh do tabhairt dAodh Ua Concobhair for Gallaibh go hAth Luain. Na Goill do tocht ina coinne gus na Feadhaibh, tachor do cur eatorra, briseadh for Gallaib, agus Sochaidhe díbh do marbhadh. Donn mac Taidhg Uí Mannacháin, agus deichneabhar dá muintir do marbadh do Tadhg Ua Fhlannaccáin agus do Giolla Criost Ua Birn. Feargal Ua MaoilMuaidh taoiseach Fear cCeall, agus MaoilSeachlainn Mag Cochlain do marbhadh la Gallaibh. Aenghus Ua MaoilFhoghmair do mharbhadh la hUibh Muireadhaigh i ndioghail a ccind fhine.
AOIS CRIOST, 1269. Aois Criost, míle, da chéd, Sescat, anaoí. Dauith Ua Bragain espucc Clochair do écc, agus a adhnacul i mainistir Melifoint uair ba manach da manchaibh é. Tadhg mac Nell mic Muireadhaigh Ui Concobhair do marbhadh in OilFinn dócclách do muintir a bhrathar fén, agus an tí do rinne an gniomh sin do tuitim inn. Iomur Ua Birn ócclach agus lainfhear grada Aodha Uí Concobhair do chor an tsaoghail de as lár a cloinne agus a chonáich, agus dul go mainisdir Rosa Comáin dó, gur caith an seal baoí roime da saoghal edir braithribh .S.Domenic. Brian mac Domhnaill Duibh Ui Eaghra do marbhadh do Gallaibh i Slicceach. Benmidhe inghean Toirrdhealbhaigh meic Ruaidhri, ben MaolMuire Meic Suibhne, Seaffraigh mac Domhnaill Clannaigh Meic GiollaPatraicc tighearna Slebhe Bladhma, agus Aodh Ua Fionnachta Saoí tiompánoigh do écc. Echmilidh MacAirtén do marbhadh dUa Anluain. Domnall Ua Fearghoil agus Aodh a mac, cáraid degheinigh derlaigtheach do mharbhadh do Giolla na Naomh Ua Ferghail agus do Ghallaibh. Cristina inghean Uí Neachtain ben Diarmada Midhigh Meic Diarmata, ben do bferr eneach agus ionnracus don cineadh dá mbaoí, agus as mó do chuir dá comaoin ar an ord Liath do écc iar mbuaidh naithrighe. Caislén Sliccigh do denamh la mac Muiris Meic Gearailt iar na bhriseadh dAodh Ua Concobhair agus dUa Domhnaill roime sin.
Caislén Rosa Comáin do denamh la Roibert Defort iusdís na hErionn, agus aseadh fo dera a denam, Aodh Ua Concobhair Ri Connacht do beth easslan, ionnus nar tualaing tachar no teaccbhail do tabairt do Gallaibh, na toirmescc do chor ar an ccaislén do denamh. Connachtaigh do beith ina ccedibh creach (go herghi dosamh doridhise) fo cosaibh Gall. Flaithbertach Ua MaoilFhíona taoiseach leithe Calraighe Mhaighe hÉleóg do marbhadh dó Ghaibhtheacháin dó lethtaoiseach oile. AOIS CRIOST, 1270. Aois Criost, míle, da chéd, seachtmogat. MaolPattraicc Ua Scandail airdespucc Aird Macha, do dul do láthair Righ Saxan. An Rí da glacadh go honórach, agus toidhecht tar a ais dó imaille re mor chumachtaibh. Coccadh mor edir Ua cConcobhair agus Iarla Uladh Uater a Búrc, gur thionóil an tIarla maithe Gall Ereann im an ngiusdis, agus a rann Gaoideal
archena go Connachtaib go riachtadar Ros Comáin an ced adhaig, OilFinn an dara hadhaigh, Aissidh go Port Lecce. Gabhaid sosadh agus Saorlongport ann an oidhche sin. Tiaghaid daon chomairle arabharach in Áth Caradh Conaill tar Sionainn soir. Baoí Ri Connacht mun am sin uathadh do maithibh a muintire i Moigh Nise ar cionn na nGall, agus do an an giusdis agus beccán don tsluagh Ghall allaniar do Sionainn ga nurnaidhe. Iar ndul don Iarla tar Ath Caradh Conaill ro erghiodar uathadh do muintir Uí Concobhair do na Gallaibh i cCoilltibh Conmaicne go ndearnsad marbhadh orra. Lodar iaram go Mag Nise gur gabsad foslongport ann in oidhchi sin. Do gniad do comairle reroile ainnsídhe Síth do denamh lé Rígh Connacht, agus dearbhrathoir an Iarla (Uilliam Óg mac Riocaird mic Uilliam Concuir) do chor ar láimh muintire Uí Concobhair an ccein do beth sé fén i ttigh an Iarla ag snadhmadh na siodha. Do gnither samhlaidh. Acht cena do gabsad muintir Ui Concobhair dearbrathoir an Iarla focedóir, agus ro mharbhsad Seaan Dolifín go na mac. Feargaigthear an tIarla iar na clos sin dó. Rucc as an adhaigh sin go himshníomhach athtuirseach. Erccis i muichdeadhoil na maidne arabhárach gona Gallaibh agus Gaoidhealaibh ceangailte coirighthe ina timcheal, agus gluaisid do saighidh Ui Concobhair go rangadar Ath an Chip. Do gebhid Toirrdhealbhach Ua Briain chuca aghaidh in aghaidh annsin, agus é ag tocht i ccommbáidh Uí Concobhair. Do beir an tIarla fén a aghaidh ar Toirrdhealbhach, agus ro cuimhnigh a eccraides dó go ttorchair Toirrdhealbhach lais focedoir. Dala Connacht tra, rucsad orra do chom an atha don dul sin ionnus gur bhrúchtdhoirtsiod ina cceann do chois agus deach gur bhriseador for a ttosach, agus gur chuirsiod a ndeireadh as a nionat dá naimhdeóin. Marbhtar naonbhar do maithibh a Ridireadh don iarraidh si a ttimceal an átha imaille re Riocard
na Coilleadh agus re Seaan Buitelér, gan áiremh ar a ttorcradar díobh edir maith agus saith uatha so amach. Dírimh bheós na hédála do benadh dibh darm, dédeadh agus deachaibh, etc. Marbtar dearbrathair an Iarla (.i. Uilliám Ócc) iarsin lá hUa cConcobair a neraic mic Uí Briain do marbhadh don Iarla. Caislén Atha Anguili, caislén Slebi Lugha agus caislen Cille Calman do leaccadh dUa Concobhair. Ros Comain, Rinn Dúin agus Uillinn Uanach do loscadh lais beós. Brian Ruadh Ua Briain diompúdh for Gallaibh. Airgthi aidble do dénamh dó orra, agus caislén Cláir Átha Dá Caradh do gabháil dó. Creacha móra do dénamh don Iarla, agus do Gallaibh Connacht i tTír nOilealla ar muintir Aodha Uí Concobhair, agus Dauith Cuisin do marbhadh don dul sin. Mac Murchaidh Carraigh Ui Fhergail beithir ar bheodhacht, onchú ar engnamh do marbhadh la Gallaibh. Tanaidhe Mór mac Duinnín mic Nédhe mic Conaing Bhuidhe Uí MaoilConaire doirdneadh in ardollamhnacht Connacht, agus foircionn do dhul for ollamhnacht an DubhShúiligh Ui MaoilConaire agus Dunlaing Uí MaoilConaire. Slicceach do losccadh la hUa nDomhnaill, agus lá Cenel Conaill agus mac Breallaigh an Chairn Uí MaoilBhrénainn do mharbhadh don turus sin. Cristina inghen Uí Neachtain ben Diarmada Midhigh Meic Diarmada do
écc, ben ro budh maith deirc agus oineach, agus do rad almsana iomda don ord Liath. AOIS CRIOST, 1271. Aois Criost míle, da chéd, seachtmogat a haon. Siomon MaccRaith deccanach Arda Carna do écc. Uater a Búrc Iarla Uladh agus tighearna Gall Connacht do écc i ccaislén na Gaillmhe iar mbuaidh naithrighe do galar aithgearr. Tomas Mac Muiris do écc i mBaile Locha Meascca. Iomar Ua Birn lainfhear gradha Aodha Ui Concobair do écc i Ros Comáin iar mbuaidh naithrighe, agus a adhnacul innte. Aodh Ua Concobhair mac Comorba Comáin do marbadh do Tomás Buitelér ag Muine Inghine Crechain. Domhnall Ua Floinn do marbhadh do mac Robín Laigles is in ló cedna i ccionn uachtarach Sruthra. Mathgamhain Ua Concobhair do marbhadh do Gallaibh Dúin Móir. Niocol mac Seaain Uerdún tighearna Óirghiall do marbhadh lá Seaffraidh Ua bhFearghail. Concobhar mac Tighearnáin Ui Concobhair do marbhadh la MaoilSeachluinn mac Airt Uí Ruairc, agus la Cloinn Fearmuighe. Caislén Tighe Templa, caislén Sliccigh, agus caislen Atha Liacc do briseadh dAodh Ua Concobair. Aodh mac Néill Uí Dhubhda do écc.
AOIS CRIOST, 1272. Aois Criost, míle, da chéd, sechtmogat, adó. Henri Buitelér tighearna Umhaill, agus Hoitse Medbric do marbhadh do Cathal mac Concobhair Ruaidh, agus do Cloinn Muircertaigh Ui Concobhair. Caislén Rosa Comáin do briseadh do righ Connacht, Aodh Ua Concobhair. Tadhg Dall mac Aodha mic Cathail Croibdeirg do écc, agus ba hésidhe adbhar righ do bferr da cineadh no gur dallsad Muintir Raighilligh é. Iamas Dodalaigh Iusdis na hEreann do marbhadh dUa Broin, agus do Connachtaibh. Muirgios mac Donnchaidh mic Tomaltaigh Uí MaoilRuanaidh, Saoi enigh, agus engnamha a chineadh do écc illongport Uí Domhnaill i Murbach, agus a tabairt go Mainistir na Buille dá adhnacul. Donnchadh mac Giolla na Naomh Még Samhradháin do mharbhadh dá derbrathair Tomas. Riocard Diuid an barún do buaisle do Gallaibh décc. An Midhe do losccadh go Granaird dAodh Ua Concobair. Ath Luain do losccadh lais bheós, agus a droichead do bhriseadh. O Domhnaill (Domhnall Ócc) do tionol ethar agus bhád for Loch Eirne, agus aissidhe for Loch Uachtair. Maithesa, agus edala na tíre ina thimchell (battar for innsib an locha sin) do bein eisdibh, agus a norccain lais co mbattar ar a
chumus, Tren agus treisi do ghabháil dó in gach maighin ina ccomhfochroibh don chur sin. An céd Éduard do rioghadh os Saxaibh .16. Nouember. AOIS CRIOST, 1273. Aois Criost, mile, da chéd, seachtmogat, atrí. Flann Ó Tighernaigh tigherna Cera do marbhadh dÓ Muiréadhaigh im thighernus Cera tria neart Aodha mic Fedhlimidh Uí Choncobhair. Concobhar Buide mac Amhlaoibh mic Airt Uí Ruairc tighearna Brefne do marbadh do cloinn Concobhair mic Tighearnáin Uí Concobhair, agus do marbhsomh an mac do bfearr dibsiom Tighearnán. Eochaidh Mag Mathgamhna tighearna Oirghiall, agus sochaidhe imaille ris do marbadh dUa Anluain, agus do Cenél nEoghain. Creach do denamh do Siurtán dExetra isin cCorann. Uathadh do rioghdamhnaibh Connacht do breith orra, aimhgliocus comhairle do dénamh dóibh ar fhuráileamh coda da ndaosccorshluagh, gur marbadh Domhnall mac Donnchaidh mic Maghnusa, Magnus mac Airt, Aireachtach Mac Aodhaccáin, Aodh Ua Birn, agus Sochaidhe oile. Morshluagh la Mac Muiris Meic Gerailt i tTuadhmhumhain gur gabh braighdi agus neart ar Ua mBriain. Corbmac mac Diarmada mic Ruaidhri décc.
Domhnall Iorrais mac Maghnusa mic Muircertaigh Muimhnigh dionnarbhadh a hUmhall agus a hIorrus. Ruaidhri Ua Flaithbertaigh dionnarbhadh a hIarthar Connacht. O Domhnaill (Domhnall Ócc) do chor slóigh lanmoir in aoin ionad do maithiph Conallach, agus do mhaithibh Connacht, agus dol dó i tTír nEocchain, agus an tír do milleadh lais. Domhnall Ó Cuinn leth toiseach na hAicidechta do mharbhadh la hUa nDubhthaigh. AOIS CRIOST, 1274. Aois Criost, mile, dá céd, seachtmogat, a ceathoir. Aodh mac Fedhlimidh mic Catail Croibdeirg Ri Connacht, Rí ro fholmhaigh, agus ro fhasaigh Connachta ar Gallaibh agus Gaoidhealaibh bidís na aghaidh, Rí do rad madhmanna mionca for hSaxanchaibh, ro trasccair a ccúirti agus a ccaislén, ro mudhaigh a ccuradha agus a ccaithmilidh, Rí ro gabh braighdi Ua mBriúin agus catha Aedha Find, Ri bá mó gráin agus cosccar, eneach agus oirdercus, fear millte agus leasoighthi Ereann esidhe, a écc iar mbuaidh naithrighi Dia Dardaoin ar aoí laithe, agus an tres la do Samhradh esidhe. Eoghan mac Ruaidhri mic Aodha mic Cathail Croibhdeirg do rioghadh ina ionat, agus nocha raibe acht én ráithi is in ríghe an tan ro marbsat a derbhfine fesin e, .i. Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh mic Aodha Ui Concobhair i ttempall Bráthar Rosa Comáin, agus Aodh mac Cathail Doill
mic Aodha mic Cathail Croibhdheirg do rioghadh do Connachtaibh, agus nochar ffaide a righi sidhé, uair ní raibe acht én coicdhís inte an tan do marbhadh é la Mag Oirechtaigh, Tomaltach, agus la hUa mBirn, agus Tadgh recte Tadhg mac Toirrdhealbhaigh mic Aodha mic Cathail Croibhdeirg do rioghadh uas Connachtaibh iaramh. Tighearnan mac Aodha Uí Ruairc tighearna Brefne, agus Domhnall mac Maghnusa mic Muircertaigh Muimhnigh, Saoi enigh, agus engnamha Ereann uili dég. Giolla na Naomh mac Aodha mic Amlaoibh Uí Ferghail tighearna na hAnghaile, comhrur choimhéda enigh agus engnamha Cloinne Rudhraidhe, fear lan duaisli, agus dinntlecht go nguaisbhertaibh for naimhdibh go ccaoines lé cairdibh, do écc iar mbuaidh naithrighe. Maoileachlainn mac Amhlaoibh mic Airt Uí Ruairc tighearna Dartraighi agus Cloinne Fearmuighe do marbadh la Concobhar mac Domhnaill mic Neill Uí Ruairc. Tadhg mac Cearbhaill Buidhe Uí Dalaigh ollamh Aodha Uí Concobhair lé dán dég. Domhnall Ócc mac Domhnaill mic Airt Uí Ruairc, agus Cathal Mag Fhlannchaidh taoiseach Dartraighi do écc. Ferghal Ó Caithniadh tighearna Iorrais do écc i nUa Mic Caecháin. AOIS CRIOST, 1275. Aois Criost, míle, da chéd, sechtmogat, a cúicc. Ua Laidigh espucc Cille hAlaidh, agus Cairpre Ua Scuapa espucc Rátha Both i tTír Conaill do écc. Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair do gabháil dUa Concobhair (Tadhg mac Toirrdhealbhaigh a brathair). Ruaidhri delúdh iaramh, agus Concobhar Ua hÁinlighi da breith leis, Toraighecht do breith forra, agus Concobhar Ua hÁinlighi do marbhadh dóibh. Tadhg mac Cathail Meic Diarmata darccain dUa Conchobhair. Concobhar mac Feargail mic Donnchaidh mic Muircertaigh do marbhadh da braithribh fein.
Art mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc tighearna Brefne do marbadh la Mag Fhionnbharr, agus la Gallaibh i nGranard, agus ár a muintire do cur. Maidhm mor for Gallaibh i nUltaibh go ráinicc da céd each, agus dá céd ceann in áiremh díbh an éccmais ar mudhaigheadh da ndaosccorshluagh. Tomas Mag Samhradhain do marbhadh la Cenél Luacháin. Cenél Eocchain do thecht hi tTír Conaill co ro mhillsiot blodh mór don tír, agus Ó Domhnáill (Domhnall Ócc) do thionol a mhuintire ina dhochom, agus a lenmain go hucht Slebhe Truim go raeimhidh forra go ffarccaibhsiot ár daoine, eich iomdha, faidb, airm agus edeadha ag Cenél cConaill don chur sin. AOIS CRIOST, 1276. Aois Criost, míle, da céd, seachtmogat asé. Giolla an Coimdhe Ua Cerbhalláin epscop Tíre hEoccain decc. Aodh Muimhneach mac Fedhlimidh mic Cathail Croibdeirg do toidhecth as in Mumhain i cConnachtaibh. A dul iarsin i ccenn Ui Domhnaill. O Domhnaill do tocht lais go líon a tionóil go hEchenach, Ua Domhnaill diompúdh uaidh annsin, agus Aodh dfhuireach i cConnachtaibh. Creach do denamh do cloinn Toirrdhealbhaigh ar mac Fedhlimidh, agus ar cloinn Meic Diarmata, agus Giolla Criost Ua MaoilBrenainn do marbhadh dóibh.
Creach do denamh do mac Fedhlimidh ar Cloinn Muirceartaigh, agus Giolla na nAingeal Ua ConRoí do marbhadh do Cloinn Muirceartaigh a ttóraighecht a ccreichi. Creach do denamh do Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh ar Muintir Nechtain, agus iadsamh do tabhairt madhma fair, agus do bhuain na creiche dhe. Domhnall mac Nell mic Congalaigh Ui Ruairc (.i. Giolla an Ime), agus sochaidhe oile do muintir Ruairc do marbhadh doibh. GiollaCriost Ua Neachtain do marbhadh do Ruaidhri mac Toirrdhelbhaigh iarsin. Diarmaitt Mag Giolla Muire tighearna Leithe Cathail do écc. AOIS CRIOST, 1277. Aois Criost, mile, dá céd, sechtmogat aseacht. Braon Ua MaoilMoichéirghi ab Cenannois do écc. Brian Ruadh Ua Briain tighearna Tuadhmuman do gabhail i meabhail do mac Iarla Claire. A tharraing edir eachaibh as a haithli iar ndenamh cairdis Criost re roile doibh roimhe sin agus do tabairt clocc agus mionn da cele imma ccaradradh do comall. GiollaCriost Ua Birn fear gradha Aodha Ui Concobhair do marbhadh don Giolla Ruadh mac Lochlainn Ui Concobhair. Giolla na Naomh Ua Birn do écc iar naithrighe. Caislen Rosa Comain do leaccadh dAodh mac Fedhlimidh (.i. Aodh Muimhneach) go Connachtaibh imme, agus do Domhnall Ua Domhnaill.
Creach mór do denamh do Teallach Echdhach for Cenel Luacháin a nGlionn Da Duile dar marbhsat Concobhar Mag Dorchaidhe agus sochaidh immaille ris. AOIS CRIOSD, 1278. Aois Criosd, mile, dá chéd, seachtmhoghad, a hochtt. Tomás Ua Cuinn espucc Chluana Mic Nóis do écc. Flaithbhertach Ua Daimhin ticcerna FerManach décc. Tadcc mac Toirrdhealbhaigh mic Aodha mic Cathail Croibhdeirg Rí Connacht do mharbhadh la cloinn Cathail Meic Diarmada. Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair do marbhadh la Giollu Criosd Mág Fhlannchaidh, agus la Dartraicchibh ar bord Droma Cliabh, agus an Pearsún Riabhach mac Ticchernáin Uí Concobhair, agus sochaidhe oile nách airimhther sonn. Donnchadh, Fergal, agus GiolluCriosd tri meic Muirgesa meic Donnchaid mic Tomaltaigh do marbhadh la Tadhcc mac Domhnaill Iorrais. Maidhm Cuince do thabhairt do Donnchadh mac Briain Ruaidh agus do cloinn oile Uí Briain ar mac Iarla Claire gur loisccsed teampal Cuince for a muintir agus go ttuccsat ar diairmhe forra edir losccadh agus marbhadh. Tomaltach Macc Oireachtaigh Rioghthaoiseach Shil Muireadhaigh do marbhadh las na Tuathaibh.
Aodh Muimhneach mac Fedhlimidh do gabhail Righe Connacht. Iomaireag do thabhairt do Bhrian Ua nDubhda agus do Art na cCapall Ua nEghra tigerna Luighne, do Cloinn Fheórais, gur ro sraoineadh for Cloinn Fheorais, agus ro marbhadh dias mac Mhaoilir Mhóir, agus Conchobhar Ruadh Mac Feórais, agus aroile cén móthát. AOIS CRIOSD, 1279. Aois Criost, mile, dá céd, seachdmhoghad, a naoí. Tomaltach mac Toirrdhelbhaigh mic MaoilSeachloinn Ui Conchobair airdespucc Tuama Saoi Eirenn uile, i neaccna, i neólus agus i ndeserc do écc iar mbuaidh naithricche. Giolla an Choimdedh Ó Cerbhalláin epspoc Thíre hEoghain do écc. Concobhor mac Diarmada mic Maghnusa Uí Concobhair do marbhadh. Murchadh Ó Neachtain do mharbhadh do Domhnall Ó Neachtain agus comrac dfhoccra do Roiberd Ua Neachtain derbhrathair Murchaidh ar Domhnall agus Roiberd do marbhadh leiss iarsin. Domhnall mac GiolluCriost Uí Neachtain do marbhadh la hAodh Ó cCoinCenainn. MaolSeachloinn mac Toirrdhelbhaigh do mharbhadh. Giolla Íosa Mór Mac Fhirbisigh ollamh Ua fFiachrach i senchus do écc.
AOIS CRIOSD, 1280. Aois Criosd, mile, dá chéd, ochtmhoghat. Seaan Ua Laidhigh easpocc Cille hAladh agus Matha mac Maghnusa Uí Conchobhair abb na Buille do écc. Imressain do eirge edir Aodh Mhuimhneach mac Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg Ri Connacht agus clann Muircertaigh Muimhnigh Ui Concobhair. Aodh Muimhneach do mharbhadh dhoibh i ccoill in Daingin agus MaoilSeachlainn mac Maghnusa do gabhail an la cedna riu. Ua Domhnaill da fhuaslacadh uatha. Ceithri ced bó agus fiche each asedh fuairsiod ass. Cathal mac Conchobhair Ruaidh mic Muircertaigh Muimhnigh mic Toirrdhealbhaigh Móir Uí Concobhair do rioghadh do Connachtaibh iarsin. MaoilSeachlainn Ó Gairmleadhaigh toiseach Cenél Moáin, agus Concobhor Ua Gairmleadhaigh do thuitim le Teallach Modharáin. AOIS CRIOSD, 1281. Aois Criosd, mile, da chéd, ochtmoghat a hoén. Tadhg mac Cathail Meic Diarmada ticcherna Moighe Luircc, Saoí in eneach i nengnamh agus i nuaisle do écc. Cath Disirt Da Chrioch edir Cenel cConaill agus Cenel Eoghain. Aodh Buidhi mac Domhnaill Óicc mic Aodha Méth mic Aoda ris a raitti an Macaomh Toinleascc agus Goill Uladh imaille ris don dara leth. Domhnall Óg Ua Domhnaill ticcherna Cenel cConaill, Fher Manach, Airgiall, urmoir Gaoidheal Uladh uile agus Connacht
achd madh beacc agus na Brefne uile don leth araill. Ro mheabhaidh tra an cathso for Cenel cConaill. Ro marbhadh Domhnall Ua Domhnaill ann .i. an taen Gaoidheal do bferr eneach, engnamh, aireachus agus uaisle do Ghaoidhealaibh Ereann is in aimsir sin. Fechemh coitcionn iarthair Eorpo uile esidhe agus a adhnacul i mainisdir na mBrathor i nDoire Colaim Cille iar mbreith buadha gacha maithessa dhó gó sin. Atiatt annso an luchd ro bferr dar marbhadh ina fhochair MaolRuanaidh Ua Baoighill taoiseach na tTri tTuath, Eoghan mac MaoilSeachlainn mic Domhnaill Móir Ui Dhomhnaill, Ceallach mac GiolluBrighde Uí Baoighill an taen taoiseach do bferr engnamh agus eneach dexibh agus dollamhnaibh boí in enaimsir riss, Aindiless Ó Baoighill, Dubhgall a mhac somh, Giollu Criosd Mag Fhlannchaidh taoiseach Dartraicche, Domhnall Mac Gille Fhinnén taoiseach Muinntiri Feodacháin, Enna Ó Gairmleadhaigh ardtaoiseach Cenel Moáin, Corbmac mac an FhirLeghinn Uí Domhnaill taoiseach Fanad, Giollu an Comdheadh Ua MaolDuin taoiseach Luircc, Carmac mac Carmaic Ui Domhnaill, Giollu na nÓcc Mac Dail Le Docair, MaoilSeachloinn mac Nell Ui Bhaoighill, Aindiles mac Muircertaigh Ui Domhnaill, Maghnus Mac Cuinn, Giollu na Naemh Ua hEochaccáin, Muirchertach Ua Flaithbertaigh, Muircertach Mac anUltoigh, Flaithbertach Macc Buidheachain, agus Sochaidhe oile do macaibh ticchernadh agus taoiseach nach airimhter sonn. Aodh mac Domhnaill Oicc Ui Domhnaill doirdneadh i nionadh a athar. Cath edir na Bairédchaibh agus an Ciomsóccach gur meabhaidh for Bairédchaibh. Ro marbhadh ann Uilliam Bairéd, Adam Plemend, agus Sochaidhe imaille riú. Badar tra dias do Gaoidhealaibh ag congnamh las an cCiomhsoccach is in ccath sa ro dersccnaidh ar goil agus ghaiscceadh luth agus lamhach da mbaoi ann, Taichleach Ó Baoighill agus Taichleach Ó Dúbhda iaidsidhe. Aodh Muimhneach mac Toirrdhealbhaigh Uí Briain do écc.
AOIS CRIOSD, 1282. Aois Criosd, míle, dá chéd, ochtmoghat, adó. Muirchertach Mac Murchadha Rí Laighen, agus Art Mac Murchadha a dherbhrathair do mharbhadh la Gallaibh. Taichleach mac MaolRuanaidh Uí Dhúbhda ticcherna Ua fFiachrach, aon do bferr eneach agus ionnsaicchidh da chineadh ina aimsir do mharbhadh la hAdam Ciomhsócc ar Traicch Eothaile. Lassairfhiona inghen Cathail Croibhdeirg Uí Concobhair ben Domhnaill Móir Ui Domhnaill agus mathair Domhnaill Óicc, baincenn ban Leithe Cuinn isidhe do écc. Matha Ua Raghallaigh ticcherna Muinntiri MaoilMordha, agus Giollu Iosu Macc Ticchernáin do ngoirthi Giollu Iosu Mór taoiseach Tellaigh Dunchadha dég. Cathal mac Giollu na Naemh Ui Fhergail ticcherna na hAngaile do écc, i
nIniss Cuan for abhainn Cluain Lis Béce Mic Connla. Seafraidh mac Giollu na Naemh Ui Fhergail do ghabhail ticchernaiss na hAngaile da és. AOIS CRIOSD, 1283. Aois Criosd, míle, da chéd, ochdmhogad, atrí. Aodh Buidhe O Nell ticcherna Cenel Eoghain, fecce enigh agus ghaisccidh Gaoidheal, aon Rogha an Tuaisccirt ar thiodhnacal sett agus maoine, fer ba moa gráin agus cosccar da cenél ina aimsir. Ba rioghdhamhna diongbhala dEirinn essidhe, do mharbhadh la Mag Mathghamhna, Brian, agus la hAirghiallabibh agus la Giollu Iosu Ruadh mac Domhnaill Ui Raghallaigh. Tadhg mac Domhnaill Iorrais Uí Chonchobhair do lot la Luighnibh agus a thairbirt do Chathal Ó Choncobhair agus a écc iarsin do bithin a luit. Ath Cliáth agus Teampall Criosd do losccadh. AOIS CRIOST, 1284. Aois Criosd, mile, dá chéd, ochtmocchatt, a ceathair. Muiris Ua Concobhair epscop Oile Finn décc, agus Amhlaoibh Ua Tomaltaigh do oirdneadh ina ionadh agus a écc iarttain. Giolla Iosa mac an Liathanaigh Ui Choncobhair abb Oilen na Trinóide ar Loch Cé (dord Permonstra) do togha in epspocóidecht Oile Finn iarsin.
Donnchadh Ua Briain tighearna Thuadhmhumhan do mharbhadh la Toirrdhealbhach Ua mBriain. Dubhgall mac Maghnusa Ui Bhaoighill taoiseach Cloiche ChinnFhaoladh do mharbhadh do mhuintir Ui MhaoilGhaoithe. Mac na hOidhche Mag Dorchaidhe taoíseach Cheinel Luachain (no Duachain) do écc. Siomand dExetra do mharbhadh la Brian Ua fFloinn, agus la da mac Ui Fhlannagáin, Diarmaitt, agus Maoileachloinn. Coccadh agus esaonta déirghe hi cConnachttaibh tres an marbhadh sin. Creacha móra do denomh do Ghallaibh asa haithle agus a naiseg co hiomlán do mhuintir Oilén na Trinóide, agus do mhanchaibh Mainistre na Buille. Caislén Cille Colmáin do leaccadh la Cathal mac Concobhair Ruaidh (Ri Connacht). Dún Mór do losccadh la Fiachra Ua fFloinn. AOIS CRIOST, 1285. Aois Criost, mile, da chéd, ochtmhocchat, a cúicc. Siomón Ó Ruairc epscop na Breifne décc. Ruaidhri Ua Gadhra tighearna Slebe Lugha do mharbhadh la Mac Feorais for Loch Uí Ghadhra. Muiris Maol Mac Gerailt do écc.
Enri Mac Giolla Fhindéin do écc. Maidhm do thabhairt do Maghnus Ua cConcobhair ar Adam Ciomhsócc agus ar Ghallaibh Iarthair Connacht ag Eass Dara dú inar marbhaitt daoíne iomdha agus inar gabhadh Coilin Ciomhsócc derbrathair Adaim. Maidhm do thabairt do Pilib Mac Goisdelbhaigh ar mhuintir Maghnusa Uí Choncobhair ar Sliabh Gamh dú in ro marbhadh sochaidhe do muintir Maghnusa. AOIS CRIOST, 1286. Aois Criost, mile, da ched, ochttmhocchatt, asé. Sloigheadh mór la hIarla Uladh i cConnachtaibh gur ro milleadh moran do mhainistribh agus do cheallaibh seachnón Connacht lais. Ro ghabh neart in gach
conair dar ghabh, agus ro ghabh braighde Connacht uile. Rug iaram Connachtaigh lais gur ro ghabh braighde Conaill agus Eoghain. Ro aithrígh Domhnall mac Briain Uí Néill, agus tug tighearnus do Niall Chúlánach. Pilib Mac Goisdealbhaigh do écc. AOIS CRIOST, 1287. Aois Criost, mile, da chéd, ochttmhoccat, a seacht. Floirent Ó Gibelláin airchideochain OileFinn feallsamh toghaidhe do écc. Giolla na nÓcc Ó Mannachain tigherna na tTrí tTuath do écc. Diarmaitt Midheach mac Diarmada mic Muirgiusa mic Cathail Meic Diarmada, tighearna Shil MhaoílRuain, fer ba ferr, ba sine, agus ba huaisle da chineadh do écc. MaolSeachnaill mac Tomaltaigh Meg Oirechtaigh do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Eoghain Ui Choncobhair i ndiogal a athar do tregeadh don Tomoltach remráite. Adam Ciomhsócc, Bean Mhumhan ingen Uí Chatáin, agus Domhnall Ó hÁinlighe taoíseach Cenel Dobtha do écc. AOIS CRIOST, 1288. Aois Criost, mile, da chéd, ochttmhoccat a hochtt. Stephan airdeapscob Tuama do Gualann décc. Michael Mac an tSaoir epscop Clochair do écc. Maghnus mac Concobhair Ruaidh Uí Concobhair (imaille re na bfuair do Chonnachtaibh, do Uibh Briuin, agus do Conmhaicnibh) do thocht co hÁth Slisean du
iraibhe a dearbhathair (Ri Connacht) cona sochraide. Tachur do cur etorra leth ar leth. Cathal do ghabhail lais iar maidhm for a mhuintir, agus righe Connacht do ghabail ar eiccin do Mhaghnus ann sin agus a derbhbhrathair do aithrioghadh. Teach do ghabhail ar an Maghnus reinraitte do Toirrdhealbhach mac Eoghain Ui Choncobhair isin Ross Mhór, agus Magnus do lot ann, agus Niall Gealbuidhe Ó Concobhair do lot bheos. Raghnall Mag Raghnaill taoiseach Mhuintire hEolais do marbhadh an tan sin doen urchur soighde. Slóigheadh la Maghnus Ó cConcobhair as a haithle iar na leighius i Siol Muiredaigh gur ghabh a neart, agus a mbraighde. Sloigeadh las an Iarla Ruadh, Risderd mac Uater Iarla Uladh mic Riocaird mic Uilliam Conquerer dionnsaighidh Connacht go riacht go Ross Commáin mar i mbaoi Maghnus mac Concobhair Ruaidh Ri Connacht, Mac Gerailt agus muinter an righ gur tionoilsed uile ara chenn, agus grennaighid ad tIarla fa theacht seacha sin. Gonadh í comhairle do ronadh las an Iarla an tír dfaccbháil agus a sluacch do scaoileadh iaramh. AOIS CRIOSD, 1289. Aois Criosd, mile, da chéd, ochdmhoghad, a naoí. Miles espocc Conmaicne, .i. an Gailleaspucc agus Siomon Ua Finnachta aircinneach OileFinn do écc.
Matha Ó Sccingín aird shenchaidh Erenn do écc. Tadhcc Ó Flannagáin taoiseach Cloinne Cathail do écc. Sloicchedh la Riocard Diuid, la Gallaibh na Midhe agus la Maghnus Ua cConcobhair Ri Connacht do shaighidh Uí MaoilSeachloinn. O MaoilSeachlainn do thionol ina naghaidh co rainicc Crois Shliabh cona muinntir i ccomhfhochraibh doibhsiomh. Ferthar iomaireacc etorra. Ro marbhadh Riocard Diuid ann .i. an barún mor cona braithribh agus Siecus Ó Ceallaigh. Fiachra Ó Floinn taoiseach Shil MaoilRuain, fer ba ferr eneach agus engnamh do thoiseachaibh Connacht do dul do dhenamh clemhnusa le Gallaibh agus a marbhadh i meabhail la mac Riocaid Finn Búrc, la Mac Uilliam agus la Mac Feoraiss. Sloiccheadh mor la Mac Feorais agus la Gallaibh ilLaighnibh docum an Chalbhaigh Uí Concobhair. Ro feachadh cath etorra. Maittear for Gallaié. Maoilir dExetra do marbhadh don dul sin agus Sochaidhe oile do Ghallaibh imaille le hiomat each agus édala do bhuain diobh.
AOIS CRIOSD, 1290. Aois Criosd, mile, da chétt, nóchatt. O Sédacháin espucc Cille Mic Duaich do écc. Cairpri Ó Maoileachloinn Ri Midhe an macaomh bo moirghniomhaighe in Erinn ina aimsir do mharbhadh la Mag Cochláin. Sloiccedh la Domhnall mac Briain Uí Nell i cCenel nEoghain gur chuir Niall Culánach Ó Nell ar eccin esde agus ticchernus Chenél nEoghain do gabháil dó fen a los a lamh. Aodh mac Domhnaill Óicc Uí Dhomhnaill daithrioghadh da derbhrathair fén Toirrdhealbhach Ua Domhnaill tre chumhachtaibh chinidh a mathor, .i. Cloinni Domhnaill agus Ghallócclach iomdha ele agus ticchernus do gabáil do fén ar éccin. AOIS CRIOSD, 1291. Aois Criosd, mile, dá chéd, nochatt, a haon. Edru Maccrath abb mainisdreach na Trinoide for Loch Cé do écc. Toirrdhealbhach mac Eoghain Ui Concobhair aoinfher ba mó eneach, engnamh agus cosccar re a linn in Erinn do marbhadh la Niall nGealbuidhe Ó cConcobhair.
Conchobhor Ó Dubhda (.i. Concobhar Conallach) ticcherna Ua fFiachrach do bathadh ar an Sionainn. Conghalach Macc Eochaccain taoisech Chenél fFiachach do écc. Sloicchedh la Riocard Burc Iarla Uladh da ngoirthi an tIarla Ruadh i tTír nEoghain dár aithrígh sé Domhnall mac Briain Uí Nell, agus Niall Culánach Ó Nell doirdneadh dó iar ffaccbháil na tíre iarsin don Iarla. Marbthor Niall Culanách la Domhnall Ua Nell. Gidheadh nir shoinmheach do Dhomhnall an gniomh sin, uair do hoirdneadh Brian mac Aodha Buide Ui Nell a hucht an Iarla chedna le Mac Mairtin agus le Mac Eóin, agus ro diochuireadh esiomh a Tír Eoghain. Sluaicchedh las an Iarla i tTir Conaill do chum Thoirrdhealbhaigh mic Domhnaill Óig gur aircc an tír edir cill agus tuaith. Rainicc iarsin go hOil Finn i cConnachdaibh agus tuccsat Connachdaigh i mbraighde do. Comhthoccbhail do dhenamh do Cathal Ó Concobhair, do Niall Gelbhuidhe agus do lucht a ccommbadha edir Ghallaibh agus Gaoidhealaibh daithrioghadh Maghnusa. Iomaireacc do thabhairt doibh dia roile i cCúil Maíle. Cathal do lot, Murchadh mac Taidhg do mharbhadh agus Sochaidhi nach airimhther. Maidhm for Maghnus dana agus é fén do dul as fo laimh iar mbén moráin dia eachaibh dhe. Creacha móra do dhenamh i cCairpri do muinntir Cathail Uí Chonchobhair agus Nell Ghealbhuidhe iar nguin Cathail. Dala Maghnusa Ui Chonchobhair tra iar ttocht do Shiol Muireadhaigh dia aos gradha budhén agus do Ghallaibh Rosa Commáin ina fhoirithin arabharach iarsan maidhm, do cuaidh inairchis na ccreach go ttarla na ccenn é ar Sraith an Fheráin agus ar an Aonach. Na creacha do bhuain díobh annsin agus Niall do dul ass a niort a ghaisccidh agus a esiomail. Tomás Mac Goisdealbhaigh do mharbhadh, a bhrathair Dauit Mac Goisdealbhaigh do gabhail agus a marbhadh ina braighdenus. Moran oile don tsluacch bhéos edir Gallaibh agus Ghaoidhealaibh do marbhadh agus do mudhughadh. Tocht do Niall is in tir iarsin ar sith agus a fherann fén do thabhairt dó. Do ronadh edarchosaoid mor agus ionnlach adbhal etorra do ridhisi go ro fhóbair Niall an tir dfaccbháil. Brian Ó Floinn ticcherna Ua tTuirtre do écc.
Creach mhór do dhenamh do Maghnus Ó Choncobair ar Niall Gealbuidhe. Aodh Ó Follamhain do marbhadh no do ecc. AOIS CRIOSD, 1292. Aois Criosd, mile, da chéd, nochatt, adó. Aindiless Ó Dochartaigh taoiseach Arda Niodair recte Modair, fear enigh choitcinn agus Donnchadh mac Eoghain Ui Chonchobhair do écc. Somhairle Ua Gairmleadhaigh do mharbhadh la hUa Nell. Niall Gealbuidhe Ó Concobhair do marbhadh do Tadhg mac Aindriasa Ui Concobhair agus do Tuathal mac Muircertaigh. Mag Cochláin ticcherna Dealbhna Moire do mharbhadh do Shifin Mac Fheorais tre fhurailem an Iaria. Congalach Ó Ceallaigh ticcerna Bregh do écc.
Sloiccheadh las an Iarla Ruadh for Maghnus Ua cConcobhair go rainicc go Ross Comáin, agus ro imthigh gan braighde gan neart don turus sin, go ro len Maghnus an tIarla go Míliuc go ttard a oigherir ndó. AOIS CRIOST, 1293. Aois Criost, mile, da ced, nochat, a trí. Florint O Cerbhalláin espocc Doire décc. Taisi Patraig, Coluim Cille, agus Brigde do fhoillsiuccadh do Niocol Mac
MaoilIsu (comarba Patraicc) do beith i Sabhall, a ttóccbháil lais, Ferta móra agus miorbaile do denamh dóibh iaramh agus a ccur i Sccrín iar na cumdach go honorach as a haithle. Murchadh O Maoilechlainn Ri Midhe decc. Magnas Ó Conchobhair Rí Connacht, fer cogthach conghalach bá moa gráin gaiscceadh, agus rún oinigh do Ghaoidhelaibh Ereann ina aimsir décc, iar mbeith ráithe i ngalar dó, agus Aodh mac Eoghain do righadh ina ionadh tria neart an Iustis, agus an deachmadh lá iar na oirdneadh, ro gabhadh eisidhe la Mac Gearailt, agus ro marbhadh .l. dia mhuintir, agus ro creachadh aroile dhíobh. Cathal Ó Conchobhair do marbhadh do Ruaidhri mac Donnchaidh Riabhaigh. Cathal Ruadh Ó Concobhair do ghabhail righe Connacht iar ngabhail Aodha mic Eoghain. A marbhadh a ccionn raithe iarsin la Ruaidhri mac Donnchaidh Riabhaigh Uí Concobhair. Aodh mac Eoghain do lécceadh as a braigdenas iaramh, agus ríghi Connacht do gabhail dó tre nert an Iustis agus muintire an righ. A ghabhail do Mhac Gerailt i meabhail an dechmadh lá iar na rioghadh. Creacha móra do dhénamh air, agus caocca da muintir do mharbhadh. Fergal Ua Raighilligh ticcerna Muintire MaoilMórdha decc. Mor ingen Feidlimidh Ui Concobhair décc.
Muircertach O Flannaccain tigerna, no taoiseach, Cloinne Cathail décc. Tuathal mac Muircertaigh Ui Concobhair do marbhadh la muintir Eghra. Caislen Sliccigh do thabhairt do Seon FitzThomas agus Seon budhdein do dhol go Saxoibh. AOIS CRIOST, 1294. Aois Criost, mile, dha céd, nochat a cethair. Creacha móra do dhenomh la hAedh mhac Eoghain ar Cloinn Muirchertaigh. Muircertach mac Maghnasa Uí Choncobhair adbhar coiccedhaigh do bfearr da chinedh do marbhadh do Tadhg (.i. Tadhg Ua Concobhair) agus do Domhnall mac Taidg. Maoileachlainn Ó Flannaccain taoiseach Cloinne Cathail do marbhadh la Cathal mac Taidhcc Meic Diarmada ar Sráid Sliccigh. Cathal mac Taidg Meic Diarmada tighearna Moighe Luircc decc iar sin, agus MaolRuanaidh mac GiollaCrist Meic Diarmada do ghabhail a ionaid. Donnchadh Mac ConSnamha taoiseach Muintire Cionaoith, Duarcán Mac Tighearnáin tigherna, no taoiseach, Theallaigh Dúnchadha, agus Dearbhfail inghen Taidg mic Cathail Meic Diarmata décc. Caislén Sliccigh do leccadh la hAodh mac Eoghain Uí Concobhair. Riocard A Burc .i. an tIarla Ruadh do gabhail do Mhac Gerailt. Buaidhreadh Ereann do theacht tremhitsidhe.
Moircrech meabhla do denamh do Mac Gearailt agus do Mhac Feorais ar Chonnachtaibh. Aodh mac Eoghain do shamhlucchadh daithrioghadh doibh. An tír do mhilledh agus gidhedh nochar chuirset do nert uirre acht a comhbuaidhreadh amhlaidh. Dauit Mac Giolla Arraith do mharbhadh do mhacaibh Domhnaill Duibh Uí Eaghra. Domhnall Ua hEghra ticcherna Luighne do écc. An tIarla do ghabháil la Mac Gearailt, agus buaidhreadh Ereann uile do techt tres an ngabháil sin. Diarmaitt Ó Caemháin do écc. AOIS CRIOST, 1295. Aois Criost, mile, da céd, nochat, a cúig. An tIarla Ruadh do leiccen as a bhraighdenus do Mhac Gearailt tre nert Righ Saxan, agus braighde maithe da chinedh fein do gabhail ass. Brian mac Aodha Buidhe Uí Neill ticcerna Chinel Eoghain do mharbhadh do Domhnall mac Briain Uí Neill, agus ár mór do chor ar Ghallaibh agus ar Ghaoidhealaibh amaille ris. Coimheirghe choccaidh i tTír Chonaill eidir Aodh mac Domhnaill Óicc, agus Toirrdhealbhach a dherbhrathair imon tigernus gur milleadh móran don tír etorra etir ecclais agus thuaith. Toirrdhealbhach daithrioghadh iarsin, agus a athcor a Tír Chonaill, i ccenn Cenél Eoghain agus Cloinne Domhnaill. Domhnall Ua Ceallaigh tigerna Ua Maine, aon ba glioca comairle ina aimsir décc in aibíd manaigh, agus a adhnacal i mainistir Chnuic Muaidhe. Mac Branáin (.i. Conn) taoisech Corc Achlann décc. Tomaltach Mac Branáin an taoíseach do ronadh ina ionad do marbhadh la Muintir Conalláin a ndíoghail a nathar do marbhadh laissium feachtriamh.
Caislén an Bhaile Nuí agus Caislén Moighe Brecroighe do leccadh la Seaffraidh O bFerghail, agus caislen Mhuighe Dumha do legadh lais mar an ccetna. AOIS CRIOST, 1296. Aois Criost, míle, da chéd, nochat, asé. Giolla Iosa Mac an Liathánaigh easpucc OiliFinn agus MaolPedair Ó Duibhgennain airddeochain na Breifne o DhruimCliabh go Cenannus decc. Aodh mac Eoghain Uí Concobhair daithrioghadh lá a oirecht fein. Clann Mhuircertaigh do thabhairt ina ionadh. A cceannus do tabhairt doibh do Choncobar Ruadh mac Cathail, agus a mbraighde. An tír uile eitir cill agus tuaith do milleadh tres an aithrioghadh sin. Morsluaiccheadh do thionol im Aodh Ó cConcobhair do Ghallaibh agus Gaoidhelaibh im Uilliam Búrc agus im Tepóid A Búrc go ttucc don tír iatt go mbátar ceithre laithe cona noidhchibh ga milleadh agus ga mór arccain etir crodh agus arbhar. Teccait taoisigh na tíre ina chenn iar sin, agus rucc leis iad do lathair an Iarla do denamh síthe riú. Dala Cloinne Muircertaigh tra ro loisccsiott agus ro millsiott críoch Cairpre uile, agus do chuaidhsiott fó a templaibh. Gidhedh ro dhioghail Dia, Muire, agus Colum Cille sa tempail ro sháraighsiott sin orra go hathghoiritt as a haithle. Imthúsa na ttaoiseach remráite, iar ngealladh doibh oighreir Aodha do dhenamh ro thillsiott dia ttighibh, agus nír ansat a mbun a siothchána dAodh uair do
gabhsat le Cloinn Muirchertaigh doridhisi. Aodh mac Eoghain do thecht is na Tuathaibh annsin, Ó Ferghail agus Macc Raghnaill cona nimircibh do thabhairt leis dó, techta do chor uaidh do shaighidh Meic Diarmata agus Uí Fhlannagáin, iadsomh diompódh ar Cloind Muircertaigh tar na hoirechtoibh oile annsin, agus gabáil doibh le hAodh. Iar na clos sin do Choncobhar Ruadh tucc ionnsaighidh ar Mhac nDiarmata go nderna fein agus a combraithre crech fair. Mac Diarmata do dhol do thóraigecht a creiche, fechair iomairecc ettorra, go ttorcair Concobar Ruadh, agus gur gabhadh Lochlainn mac Conchobair, agus Maghnus mac Tomaltaigh iar marbhadh Socraitte uatha leth for leth, agus a ttabhairt do Mac Diarmata lais go hAodh. Aodh (.i. Ó Concobhair) Ó Ferghail, Mac Diarmata, Mag Raghnaill, agus na hoirechta remhraite do denamh creiche dioghla ar muintir Cloinne Muircertaigh an la cedna. Loclainn mac Concobhair do dalladh iarsin agus a écc ina othar. Sluaiccheadh la Righ Saxan i nAlbain go ro gabh nert mór ar an ccrich sin. Do battar maithe Gall Ereann ar an sluaigeadh sin, .i. Riocard A Burc Iarla Uladh, agus Gerailt Mac Gearailt, agus Seon FizThomas, agus ro gabsat for milleadh Alban eitir thuaith agus eacclais. Ro milleadh leo dana Mainestir brathar baoí is in ccrich, agus ro trasgairset go talmhain conar fagaibhset cloch for cloich for a háit iar marbhadh druinge dia haos graidh, do mhnaibh agus do dhaoinibh nar bho hinechta itir. AOIS CRIOST, 1297. Aois Criost, míle, da céd, nochat, a seachtt. MaoilSechlainn Mac Briain abb na Buille do thogha do chum espuccoide AileFinn, agus Marian Ó Donnabhair dord .S. Dominic do thogha ria Maoileachlainn agus a ndol araon don Roimh, agus Maoilechlainn décc.
Enri Macc Oirechtaigh easpucc Condere décc, agus a adhnacal i mainistir Droichit Átha. Manach esidhe. Uilliam Ó Dubhtoigh espucc Cluana Fearta do thuitim dia each, agus a ecc dia bithin. Concobhar mac Taichligh Meic Diarmata tigerna Moighe Luircc agus Airtigh, fer roba ferr troid, agus tachar, goil, agus gaiscceadh, ionnsaighidh, agus anadh, díon, agus tearmonn, firinne agus flaithemhnus ina comhaimsir décc, agus a adhnacal i Mainistir na Búille. Maghnus Ó hAinlighi toiseach Chenel Dobhta décc. CuUladh Ó hAnluain ticcerna Oirthir, Aongus Mág Mathgamhna, agus morán oile do maithibh a muintire do marbhadh la Gallaibh Dúin Dealccan acc iompudh dia ttighibh doibh (.i. do na Gallaibh) on Iarla.
AOIS CRIOST, 1298. Aois Criost, míle, dá chéd, nochat, a hochtt. Tomás Ó hAirectaigh abb Eassa Ruaidh décc. Sadb inghen Aodha Buidhe Uí Neill ben Taidg mic Aindriasa Uí Choncobhair décc. Brian Breaghach Mac Samhradháin taoiseach Teallaigh Echdach do mharbhadh la hAodh mBreifneach O cConcobair, agus lá Cloinn Muircertaigh archena. Donnchadh mac Domhnaill Uí Eaghra, an taonmac taoisigh ba fearr oinech, agus lamh acc cosnamh a thíre do mharbhadh dá brathair, Brian Carrach Ó hEghra. Tomas FizMuiris barun do Gheraltachaibh fris a nabartai on tOidhre Cam do écc. AOIS CRIOST, 1299. Aois Criosd, mile, da céd, nochat, a naoí. Niocol Mac MaoílIosa Airdepscop ArdaMacha an taen clerech ro ba diadha craibdighe bai in Erinn ina aimsir décc. Feargal Ua Firghil espucc Ratha Both do écc. Ba hesidhe pearsa ecclaisi ro ba mo ainm deirce, agus daonnachta, crabhadh, agus caoínghniomh baoí ina aimsir. Alxandair Macc Domhnaill, aoin fhear ba ferr enech, agus engnamh da raibhe dia chinedh in Erinn agus in Albain do marbhadh la hAlexandair Mac Dubhgaill, agus ár dírímhe dia muintir amaille ris.
AOIS CRIOST, 1300. Aois Criost, míle, trí chétt. Conghalach Ua Lochlainn espucc Corcmodruadh, saoí enigh agus crabhaidh décc. Feidhlimidh Mág Cárthaigh adhbar tigherna Desmuman décc. Caislén Átha Cliath an Chorainn, .i . Baile an Móta do thionnsgnadh lás an Iarla. Seon Prinndrecas do marbhadh la mac Fiachra Uí Floinn. Tepoitt Buiteler ro badh barún oirdeirc décc. Adam Stondun barun mór ele esidhe do écc. Seoinin Ócc Mac Muiris do marbhadh la Concobhar Ua fFloinn go ndaoinibh ele amaille fris. AOIS CRIOST, 1301. Aois Criost, míle, da chéd, a haon. Fionnghuala inghen Fheidhlimidh Ui Concobhair banab Cille Craobhnatt décc. Cairbre mac Corbmaic Uí Mhaoílechlainn do mharbhadh tre aslach mic Airt Ui Maoileachlainn a bhrathar.
Uilliam Mácc Flannchaidh toiseach Dartraighe do marbhadh la hUalgharcc mac Domhnaill mic Airt Uí Ruairc. Creach mór do dénamh dAodh mac Cathail Uí Concobhair agus do Cloinn Muircertaigh ar Thadhg mac Aindriasa i Moigh cCedne. Sluaiccheadh la Righ Saxan in Albain, agus Mac Gerailt, agus Mac Feorais, agus maithe barún Ereann uile cenmotá Iarla Uladh do dhol leis ar an sluaigheadh sin, agus a beith doibh o chaicthidis ria Lughnasadh go Samhain in Albain, agus gan a lain nert do ghabáil doibh in airett sin. AOIS CRIOST, 1302. Aois Criost, mile, trí chéd, adó. Stiamhna Ó Braccáin airdeaspucc Caisil. Milis espucc Luimnigh, mac meic eisiomh don Iarla Laighnech, agus espucc Corcaighe décc. Ba manach esiumh réna oirdneadh ina espuccóide.
Domhnall Ruadh Mag Cartaigh tigerna Desmhumhan, Donn Carrach Mág Uidhir céd tigerna Shil Uidhir i fFeraibh Manach, agus Ruaidhri mac Domnaill Uí Eaghra adbar tighearna Luighne décc. Creach mór do dhénamh dAodh mac Cathail ar Thadg mac Briain, agus ar Shitriucc mac an Chairnigh Még Flannchaidh i Moigh cCeidne. AOIS CRIOST, 1303. Aois Criost, míle, trí chéd, atrí. Maoilechloinn Mac Briain espucc Oile Finn décc, agus Donnchadh Ó Flannaccain abb na Buille do gabáil na heaspuccóide dia eis. Toirrdhealbhach mac Domhnaill Oicc Uí Domhnaill da ngoirthi Toirrdhealbhach Cnuic an Madhma tigearna Tire Conaill, tuir cocctach cathach cosnamhach, CúCulainn Cloinne Dálaigh ar gaiscceadh, do marbhadh la a derbrathair Aodh mac Domhnaill Óicc iar ccoccadh imchian, agus iar milleadh moráin dia ttír ettorra da gach taoibh, go nár adbal himaille ris do Cenél Eoghain, do mhaithibh Gall an Tuaisceirt, agus do Conallchaibh búdhén. Ba dibhsidhe Muircertach Mág Flannchaidh taoiseach Dartraighe. Donn Ó Cathain tigearna Fear na Craoibhe, agus Cianachta, Donnchadh Mac Menman, Aodh Mac Meanman, da mhac mic an Fhir Leiginn Ui Dhomhnaill, Niall mac Neill Uí Baoighill adhbhar taoisigh na tTrí tTuath, Mac Hugossa, a mhac agus a dherbrathair, Adam Sandál, Goill agus Gaoidhil iomda ar chena. Aodh mac Domhnaill Oicc do beith i ttigernus Tire Conaill iarsin go sodhanach sóinmech an ccéin do mhair.
Domhnall Ócc Mag Cártaigh, ticcerna Desmumhan décc. Diarmait Ó Flannaccáin taoiseach Tuaithe Ratha, a dhá mac, agus sochaidhe imaille riú do marbhadh lá druing do lucht tighe Domhnaill mic Taidg Uí Concobhair i mBun Duibhe i ttóraighecht creiche boí do breith lais a Moigh cCéidne. Maghnas Macc Samhradhain taoiseach Teallaigh Echdhach, agus Niall Mac GilleFhinnéin, décc. Geroid Mac Gerailt décc. Creach mór do dhenamh la Cloinn Muircertaigh ar Mhuintir Chionaith, agus Muirceartach Mac ConSnamha adbar taoisigh Muintire Cionaith do marbhadh don chur sin. Sluaigheadh mor la Righ Saxan in Albain, agus an tIarla, Goill agus Gaoidhil iomdha do dhol coblach mór a hErinn do congnamh lais. Caithrecha iomdha do bein amach doibh, agus nert Alban do ghabhail leó don chur sin. Tepoitt A Burc, dearbrathair an Iarla decc (.i. adhaigh Nodlac) hi cCarraic Ferghusa iar ttoidhecht dó don tsluaigheadh sin.
AOIS CRIOST, 1304. Aois Criost, mile, trí chéd, a cethair. Concobhar mac Aodha Uí Concobhair do marbhadh la Hoiberd Ua fFlaithbeartaigh iar ndenamh mebhla dósomh ar Dhonnchadh Ua fFlaithbertaigh, agus Hoiberd do tuitim inn fochedóir. An Contaois ben Riocaird A Burc Iarla Uladh, .i. an tIarla Ruadh, agus Uater A Burc oighre an Iarla chedna do écc. AOIS CRIOST, 1305. Aois Criost, mile, trí céd, a cúig. O Concobhair Failge, .i. Muircertach, MaolMordha, a bhrathair, agus an Calbach Ó Concobhair amaille fri naonbhar ar fichit do mhaithib a muintire do mharbhadh do Shir Piarus Mac Feorais tre fheill agus meabhail i ccaislen Meic Fheorais. Caislen nua Insi hEocchain do dhénamh las an Iarla Ruadh. Maidhm la hAodh mac Cathail Uí Concobhair, agus la Cloinn Mhuircertaigh ar chenae ar mhuinntir Raighilligh da ttorchair Pilip Ó Raighilligh, agus oighre Chloinne Suibhne agus Mácc Buirrche cenn na nGallócclach imaille fri cethrachat archéd ina ffarradh.
Matha Ócc Ó Raighilligh do marbhadh do Theallach nDunchadha. Toirrdhealbhach mac Néill Ruaidh Uí Briain décc. Aédh Óg Ó Ferghail do écc. AOIS CRIOST, 1306. Aois Criost, mile, tri chéd, a sé. Donnchadh Ó Flaithbertaich espucc Cille hAlaidh saoí crábhaidh na nGaoídheal décc i nDún Búinne ag dol go hAth Cliath dó, agus a adhnacal go honórach isin Muilionn Cherr i tTigh Muire. Petrus Ó Tuathalain biocaire Chille Espuicc Broin, agus Maighistir Tomás Ó Náan aircideochain Rátha Both, agus togha easpuicc na hecclaisi cettna décc. Toirrdhealbhach Ua Briain tigerna Tuadhmuman, fer ba hoireghda, agus ba ferr crabhaidh, agus caoimhdeirc, ágh, agus engnamh boí in Erinn ina aimsir ddhéc, agus Donnchadh a mhac doirdneadh ina ionad. Domhnall Tuirtrech Ó Néill do marbhadh in iomraithne la lucht tighe Uí Neill. Ferghal Mag Raghnaill taoiseach Muintire hEolais do mharbhadh la a dherbhraithribh agus la druing dia oireacht féin. Coccadh mór etir Aodh mac Eoghain Uí Choncobhair Ri Connacht go maithibh Shil Muiredhaigh imaille ris, agus Aodh mac Cathail Uí Concobair go ndreim do macaibh taoiseach Connacht, agus go ttaoisechaibh agus oirechtaibh na Breifne ina farradh. Bádor da gach leth im an Sionainn fri re ceitheora mís. Do ghníad drem do muintir Aodha meic Cathail forbais is na Tuathaibh go ndernsat cre-
acha, agus airccne isuidhe. Flann mac Fiachrach Uí Floinn, adhbar taoísigh Shil MaoilRuain, agus Brian mac Donnchaidh Riabhaigh Uí Choncobhair go sochaidhibh hi maille friu do marbhadh do muintir Ainlighi báttar ag tóraigheacht a ccreiche. As iad tra ba ferr battar ar an fforbais sin Ruaidhri mac Cathail Uí Concobhair, Donnchadh mac Concobhair an Chopáin mic Fherghail adhbar tigherna Moighe Luircc ar agh agus einech gus an lá sin. Cidh tra acht ranccattar rompa na maithe sin gus an meid do mhair da muintir cona ccreich leó go riachtsat longport Uí Concobair. Loisccitt pailis righ Connacht annsin. Rucc Aodh mac Eoghain orra iar losccadh an rioghbaile doibh. Bentar a ccreach díobh fochedóir, agus marbthar Donnchadh mac Concobhair an Chopáin go ndruing dia muintir ina timchel. Creach mór do dhénamh do Chloinn Muircertaigh i ccrích Cairpre. Dauit Ó Chaomháin (.i. taoiseach o Tuaim Da Bodhar go Gleoir) brucchaidh toicthech tromconáich, Donnchaidh Mac Buidheachain, agus sochaidhe oile do marbhadh a ttimchel na creiche isin. O Flannaccáin do marbhadh la Brian cCarrach Ó nEaghra. AOIS CRIOST, 1307. Aois Criost, mile, trí céd, a seachtt. Luirint Ó Lachtnáin (.i. Manach Liath) epscop Chille Meic Dhuaich, agus Donnchadh Ó Flannaccáin epscop Oile Finn décc.