Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Annála Rioghachta Éireann III-VI

Title
Annála Rioghachta Éireann III-VI
Author(s)
Buíon Údar,
Compiler/Editor
O'Donovan, John
Composition Date
1636
Publisher
(B.Á.C.: Hodges Smith and Co., 1856)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AOIS CHRIOSD 1172.
Aois Chriosd, mile ced seachtmoghat adó.



Brighdéin Ua Cathain comarba Maedóig do écc.



Giollu Aedha Ua Muidhin (do muintir Airidh Locha Con) epscop
Corcaighe do écc fear lan do rath Dé eissidhe, tuir óighe agus egna
a aimsire.


L. 4


Ticchernach Ua MaoilEóin comhorba Ciaráin Cluana Mic Nóis do écc.



Ticchernan Ua Ruairc ticcherna Breifne agus Conmaicne agus fer
cumhachta móir fri re fhota do mharbhadh (.i. i Tlachtgha) la Hugó
De Laci i fiull agus la Domhnall Mac Annadha Uí Ruairc dia chenél
fesin boi imaille friu. Ro díchennadh é leó. Ruccsat a cenn agus a
chorp go dochraidh co hAth Cliath. Ro toccbadh an cenn uas dorus an
dúine ina scath dhearcc-thruagh do Ghaoidhealaibh. Ro crochadh bhéos
an corp fria hAth Cliath atuáith agus a chossa suas.


L. 6


Domhnall O Feargail toiseach Conmaicne do mharbhadh la muinntir righ
Saxan.



Maol Maire Mac Murchadha toiseach Muinntire Birn do mharbhadh la
hAedh Mac Aenghusa agus la Cloinn Aeda do Uibh Eachdach Uladh.



Diarmaid Ua Caedhlaighi do ecc.



Maidhm for Chenél nEoghain ria fFlaithbertac Ua MaolDoraidh agus ria
cCenel cConaill. Do bertsad ár adhbhal forra tria naemh miorbal De agus
Naemh Patraicc agus Naemh Cholaim Cille isa cealla ro oirccsed indsin.



Lán chuairt coiccidh Connacht an cethramhadh feacht do tabhairt la Giollu
Macliacc comhorba Patraicc agus príomhaidh Erenn co hArdMacha.



Mac Gillepscoip taoiseach Cloinne Aeilabra rechtaire Chatha Monaigh
do marbhadh la DonnSlebhe Uá nEochadha rí Uladh i fiull. Na slána
batar etorra .i. maithe Uladh do mharbhadh DuindSlebhe ind.


L. 8


Creach fhill la mac Anduidh Uí Ruairc, agus la Saxanachaibh, ar muinntir
na hAnnghaile, agus ar Muinntir Megiollgan co rugsat bú agus broid
iomdha. Sloigheadh leó doridhisi co hArdAchadh Epscoip Mél gur ro
airgset an tír ar medhón, agus do rochair leo Domhnall Ua Fearghail,
taoiseach muinntire hAnghaile don chur sin.



Seanadh cléireach nErenn la coigeadh Connacht laechaibh cleirchibh
occ Tuaim Da Ghuálann im Ruaidhri Ua Conchobhair agus im Chadhla Uá
nDubthaigh Airdepscop Tuáma agus tri teampaill do choiseardhadh leo.



AOIS CHRIOSD 1173.



Aois Chriosd mile, cett, seachtmoghat, a trí.



Muiredhach Ua Cobhthaigh epscop Doire, agus Ratha Both, mac oighe,
leacc loghmhor, gem gloinidhe, Redla sholusta, cisde taisccedha na hegna,
craoph chnuasaigh na canóine, iar ttiodhnacal bidh agus edaigh do bochtaibh
agus do aidhilgneachaibh, iar noirdneadh Saccart agus deochon agus aesa
gacha graidh, iar nathnuadhughadh eacclus niomdha, iar ccoisreaccadh
tempall agus relgeadh, iar ndenamh iolar mainisdreach agus recclés, agus
gacha lubhra ecclustacda, iar mbuaidh ccrabhaidh, oilithri agus aithricche.
Ro fhaoidh a spiorad do cum nimhi i nDuibhreccles Cholaim Chille i
nDoire an 10. lá do Febra.


L. 10


Do ronadh miorbail mór is in oidhche atbath .i. an oidhche dhorcha do
shoillsiughadh o thá iarmeirge co muichdedoil agus an dar leo an bá forrél
do na comfocraibhe don domhan baoi sidhe for comhlasadh agus ionnamhail
chaoire moire tenedh do eirgi ós an mbaile agus a tocht soirdhes. Ro
eirighsed cach uile, uáir andar leó ro ba lá boí ann, agus ro boi amhlaidh
sin le muir anoir.



Conaing Ua hAénghusa cenn canánach Rosa Cré do écc.



Ettrú Ua Miadhachán, Epscop Cluana do écc ina Seandataidh iar
ndecchbeathaidh.



Cionaedh Ua Ronáin Epscop Glinne Da Locha do écc.



Maoiliosu Mac an Baird Epscop Chluana Fearta Brenainn do écc.



Maolmochta Ua MaoilSeachnaill abb Cluana Mic Nóis do écc.



Creach mór la hAedh Mac Aenghusa agus la Cloinn Aedha. Ro airccsed


L. 12


trian mór Arda Macha. Ro marbhadh dan an fear íshin i ccionn trí mís
iars an orccain sin Arda Macha.



Domhnall Breghach Ua Maoilechlainn rí Midhe do marbhadh la mac a athar
féin la hArt Ua Maoilechlainn agus la Muintir Laeghacháin i
nDurmaigh Cholaim Cille.



Giollu MacLiacc mac Ruaidhri comharba Patraicc Príomaidh Arda Macha
agus Erenn uile mac oighe lán do ghloine croidhe fri Dia agus fri daoinibh
do ecc go fechtnach iar sendataidh tocchaidhe 27, Marta Dia Cedaoin
iar cCaiscc is in sechtmadh bliadhain ochtmoghat a aoisi. Agus baoi sidhe
se bliadhna décc i nabdhaine Coluim Chille i nDoire ria ccomarbus
Patraicc.



AOIS CRIOSD 1174.



Aois Criosd mile, ced, seachtmoghatt, aceathair.



Maoilíosa Ua Connachtáin epscop Shil Muireadhaigh do écc.



Maolpattraicc Ua Banáin Epscop Condere agus Dhal Araidhe fer
airmhidneach lán do naimhe, do chennsa agus do gloine chroidhe do écc co
feachtnach ind hÍ Cholaim Chille iar Seandataidh thoghaidhe.



Giollu Mochaidhbeo abb mainisdreach Pettair agus Póil i nArdMacha,
Modh treabhor tairissi don Coimdheadh do écc an 31. do Mhárta, Secht-
moghat bliadhain a aeis.



Flann (.i. Florent) Ua Gormáin airdfer lecchinn Arda Macha, agus
Erenn uile, Saoi, eargna eolach is in eaccna dhiadha agus domhanda,
iar mbeith bliadain


L. 14


ar fhichit i fFrancaibh agus i Saxaibh acc focchlaim, agus fiche
bliadhan ele ag friochnamh agus ag follamhnacchadh Scol Erenn, atbath co
soinmheach is in Cettaóin ria cCaisg iars an Seachtmoghad bliadhan a
aoisi.



Muirghes Ua Dubhthaigh abb mainistrech Átha Dá Laarcc for Búill
do écc.



Ruaidhri Ua Cearbhaill tighearna Ele do mharbhadh ar lár Innsi
Clothrann.



Congalach Ua Coinfiacla tighearna Tethbha do ecc.



MaolRuanaidh Ua Ciardha tighearna Cairpri do mharbhadh i mebhail la
Gallaibh Átha Cliath, .i. la Mac Turnin, agus la mac Aodha Uí
Fhearghail, agus la Ceallach Ua Fiondalláin tighearna Delbna Moire.



Fairche Iarthair Midhe do chur le cathair Cluana Mic Nóis do réir
cleireach Erenn.



Sluaiccheadh las in iarla dindradh Mumhan. Sluaiccheadh ele la
Ruaidhri dia himdeghail forro. Ot cualattar na Goill Ruaidhri
do thocht is in Mumhain in aires catha friu, ro thochuirsiot Goill
Átha Cliath dia saighidh agus ni


L. 16


ro hairiseadh leo go rangattar go Dúrlas. Tanaic Domhnall Ua Briain
agus Dál cCais, agus cath Iarthair Connacht, agus morchath Shíl
Muireadhaigh cenmotha dirim deghshluaigh ro faccbhadh las an righ
Ruaidhri. Ro figheadh cath crodha eter Gallaibh, agus Gaoidelaibh an du
sin, go ro sraoineadh fo deoidh tre nert iommbualta for na Gallaibh, agus
ro marbhadh secht ccéd décc do Gallaibh is in cath sin, co nach tearna acht
tioruairsi becc beo as in cath sin do


L. 18


Gallaibh imon iarla. Taed sidhe fo méla dia tigh go PortLairge.
Soais Ua Briain dia tigh iar ccosccur.



MaelSechlainn Ó Donnagán tighearna Aradh do marbhadh la hUa
cConaing.



AOIS CRIOSD 1175.



Aois Criosd mile, cett, seachtmoghatt, a cúig.



An tespoc Ua Briain, espoc Chille Dara do écc.



Maoiliosa Mac an Chlerigh Chuirr epscop Uladh, do écc.



Giolla Domhnaill Mac Carmuic epscop Uladh do écc.



Flaithbertach Ua Brolchain comorba Cholaim Chille tuir eccna agus enigh,
fear dia ttuccator cleirigh Eirenn cathaoir epscoip ar a fheabhus agus
ar a eaccna agus dia ttarccus comhorbus Iae, do ecc co feachtnach iar
ttreablaid toghaidhe i nDuibhrecclés Cholaim Chille, agus Giollu
Macliacc Ua Branáin do oirdneadh ina ionadh is in abbdame.



Maidhm for Cenel nEnda ria nEachmarcach Ua cCathain agus ria Niall
Ua nGairmleadhaigh agus ár mór do cor forra.



Maghnus Ua MaoilSeachluinn ticcherna Airthir Midhi do chrochadh la
Gallaibh iar ffealladh fair in Áth Truim.


L. 20


Domhnall Caemhánach mac Diarmada Ri Laighen do marbhadh la hUa
Foirtchern agus la hUa Nualláin i ffioll.



Mac Domhnaill mic Donnchadha ticcherna Ossraighi do mharbhadh i meabhail
la Domhnall Ua mBriáin.



Tadhg mac Ferghail Uí Rúairc do mharbhadh.



Diarmaid mac Taidhg Ui Briain agus Mathghamhain mac Toirdhealbhaigh Ui
Bhriain do dhalladh (.i. ina tigh budéin i cCaislén Uí Conaing) la
Domhnall Ua mBriain agus Diarmaid do écc iarttain. Agus Mac an
Leithdercc Ui Choncobhair .i. Mac Ui Concobhair Corcmodhruadh do
mharbhadh bheos la Domhnall is in ló cedna.


L. 22


Sluaicchedh la Ruaidhri Ua cConcobhair la Righ Ereann i Mumhain.
Roionnarb Domhnall Ua mBriain a Tuadhmumhain agus ro mhill an tír
go mor don chur sin.



Conchobhor Mac Concoille abb Recclésa Poil agus Pedair, agus comorba
Patraicc iarttain do écc hi Roimh iar ndol do accallaimh comhorba
Pettair.



Giolla Coluim Ua MaolMuaidh ticcerna Fer cCeall do marbhadh la
Ruaidhri mac Concobhair Még Cochláin tre meabhail.



AOIS CRIOSD 1176.



Aois Criosd, mile, céd, seachtmoghad, asé.



Fabhar agus Ceanannus do fhasughadh do Ghallaibh agus do Uibh
Briuin.



Lughmhagh do fhasughadh do Saxaibh.



Niall mac Mhéc Lochlainn do mharbhadh la Muinntir Branáin (.i. Dál
mBuinne).


L. 24


Ingen Ruaidhri Ui Concobhair (.i. ri Ereann), ben Fhlaithbertaigh Ui
Maoildoraidh do mharbhadh la macaibh Ui Chairelláin.



Benmidhe inghen Donnchadha Uí Cherbhaill, ben Chonmhaighe Ui Flainn,
bainticcherna Ua tTuirtre agus Fher Lí do écc.



CúMaighe Ua Flainn ticcherna Ua tTuirtre, Fher Lí agus Dal Araidhe
do mharbhadh la CoinMidhe la a bhrathair fén, agus la Feraibh Lí.



Saxain do ionnarbhadh do Domhnall Ua Bhriain a Luimneach tria forbhaisi
do denamh dhó forra.



Caisdiall Gall gá dhenamh i cCenannus.



An tIarla Saxanach (.i. Riocard) do écc in Áth Cliath do bainne aillsi
ro gabh ar a chois do miorbailiph Bricchde Cholaim Chille agus na naomh
archena isa ceallu ro milleadh laiss. At connairc siumh féisin Brighit
andarlais ag a mharbhadh.


L. 26


Caislen Sláine i raibhe Riocard Flemeann co na sluagh, as ro bás oc
milleadh Oirgiall agus Ua mBriúin agus fher Midhe do orccain la
Maoileachlainn mac Meclochlainn la ticchearna Cenel nEoghain, agus la
Cenel nEoghain budhén agus la hAirgiallaibh. Ro marbhsat cúicc cett
no ní as uille do na Gallaibh la taebh ban, leanamh agus each co ná terna
duine i mbethaidh as in ccaisdiall. Ro fasaighte tri caistteoill im
Midhe ar nabharach ar uamhan Cenél nEoghain .i. caistiall Cenannsa,
caisslen Calatroma agus caislen Doire Pattraic. Riocard Flemenn
fein do marbhadh don chur sin.



Baile biataigh do iodhbairt la Ruaidhri Ua Concobhair Ri Ereann don
Coimdhedh agus do Naoimh Bearach go brath .i. baile Tuama Achadh.
Itiad Slana na hogh-dhilsi go brath. Cadhla Ua Dubhthaigh airdepscop
Tuama, Aireachtach Ua Roduibh, Flann Ua Fionnachta, Aodh Uá Floinn,
Ruarc Ua MaoilBreanainn, Ignaidhe Uá Mannachain, Giollu an Coimdhedh
Mac an Leastair, Ua hAinlighi, agus Concobhar Mac Diarmada, a
ccoraigheacht an baile sin do beith ag Dia agus ag Bearach go brath ó
Ua cConchobhair agus o fhior a ionaid.



Domhnall mac Toirdealbhaigh Uí Concobhair ticcherna thuaiscceirt Con-
nacht, ordan, Smacht agus deghchomhairle na nGaoidheal do écc, agus a
adhnacal i Maigh Eo na Saxan.



Domhnall mac Toirdhealbhaigh Uí Bhriain rioghdamhna Mumhan do écc.


L. 28


Domhnall Ua Máilli tighearna Umhaill do écc.



Diarmait mac Corbmaic Még Carthaigh ri Desmumhan do ghabháil la
a mhac fein Corbmac Liathanach agus Corbmac do mharbhadh hi ffiull la
a mhuintir budhein agus Diarmait do ghabháil a tighearnais iaram.



Domhnall Mac GiollaPatraicc tighearna Osraighe do écc.



Aodh mac Giollabroidi Ui Ruairc do écc.



Domhnall mac Giolla Patraic tighearna Cairpre Ua cCiardha, do marbhadh
i ffiull dUa Maoilechlainn (.i. Art), agus Art do aithrioghadh la
fearaibh Midhe, agus righe (no ticcearnus) do thabhairt do Dhonnchadh
Ua Maoilechlainn agus Flann a mhac do mharbhadh la Cairpre Ua
cCiardha.



AOIS CRIOSD 1177.



Aois Criosd mile, cétt seachtmoghat, a seacht.



Uiuianus cardinal do theacht i nErinn. Seanadh cleireach Erenn do beith
ettir epscopaib agus abbaibh iman ccardinal in Ath Cliath an ced Domhnach
don Corgus agus ro chinnsed deithide iomdha ná comhailtear.



Aedh O Nell .i. An Macaomh Tóinleascc ticcherna Cenel nEoghain re headh
agus Rioghdhamhna Ereann do mharbhadh la Maoileachlainn Ua Lochlainn agus
la hArdghal Ua Lachlainn agus Ardghal feisin do chomhthuitim la hUa
Nell ar an lathair sin.



Sluaicchedh la Iohn Do Cuirt agus las na ridiridhibh i nDal Araidhe agus
co Dun


L. 30


Da Lethghlass. Ro marbhsat Domhnall mac mic Cathasigh ticcherna Dál
Araidhe. Ro hoircceadh agus ro milleadh Dun Da Lethghlass la Iohn
agus las na


L. 32


ridiribh tainic i na shochraide. Do ronadh dona caislen leó ann as a
ttugsad maidhm fo dhí ar Ultaibh, agus maidhm for Cenél Eoghain agus for
Airgiallaibh airm in ro marbhadh Conchobhor O Cairealláin toiseach
Cloinne Diarmada agus GiolluMacLiacc Ua Donngaile toisech Fher
nDroma.



Ro gonadh ann bheos Domhnall Ua Flaithhbertaigh do shoighdibh gur ba marb
é iaramh do na gonaibh sin i recclés Póil in ÁrdMacha iar ccaithemh
cuirp Criosd agus a fhola, iar nongadh agus aithricche. Ro marbhadh dona
maithe iomdha aile leó cenmothaitsidhe. Táinic Iohn Do Cúirt co na
sochraidi an feacht cedna i nUibh Tuirtre agus i fFeraibh Lí. Ro
loiscc Cúmidhe Ua Flainn Airthear Mhaighe remhe. Ro loisccset dona
Cul Rathain agus ceallu iomdha oile.



Niall Ua Gairmleadhaigh ticcherna fher Maighe hIthe agus Cenél Enda
do mar-


L. 34


badh la Donnchadh Ua cCairealláin agus la Cloinn Diarmada ar lár
Dhoire Cholainn recte Cholaim Chille ar ro loiscceadh teach fair cetus
agus terna Niall amach ass agus ro marbhadh i ndorus an ticche iarttain.
Da roine doná Donnchadh Ua Cairelláin oghsíth fri Dia fri Colaim Cille
agus fri muinntir Dhoire annsin tar a cenn fén agus tar chenn a shleachta
.i. a mhainchine fen, a mhec, a ua, agus a iarmua tria bithe do Colaim
Chille agus do muinntri Dhoire. Ro iodhbair doná baile biataigh i
ffarradh Domhnaigh Mhóir dhóibh. Do rad dóibh bhéos Mac Riabhach .i.
corn as ferr boi i nErinn is in aimsir sin i ngioll tri fichit bó.
Do ronadh imorra teach don cleireach i nionad an tighe ro loiscceadh uadha for
Ua nGairmleadhaigh. Ro hiocadh uile friss gach ar loiscceadh imbe. Do
radsat Clann nDiarmada uile lórgniomh tar a ccenn fen uatha.



Murchadh mac Ruaidhri Ui Concobhair do breith Mile Coca co na ridiribh
lais go Ros Commain do milleadh Connacht ar ulca fri Ruaidhri. Ro
loisccsed doná Connachtaigh fo cedoir Tuaim Do Gualann agus ceallu an tire
ar chena ar na hairisdís Goill inntibh. Ro chuirset iarttain maidhm fors na
Gallaibh agus ró diochuirset ar éccin as an tír iatt. Ro dhall
Ruaidhri a mac Murchadh i ccionadh an turais sin.


L. 36


Maidhm for Ua Maoildoraidh agus for Cenel cConaill ria
cConcobhor Ua cCairealláin áit in ro marbhadh ár Cenél Enda im mac
Ui Searraigh agus im maitib iomhdha archeana.



Domhnall Ua hEaghra ticcerna Luighne do écc.



AOIS CRIOSD, 1178.



Aois Criosd mile, céd, seachtmogat a hocht.



Bachall Choluim Mic Luighdheach do bheith acc iomacallamh re na chleireach
fein co fiadhnach.



Domhnall Ua Foccarta epscop Osraighe do écc.



Giollu Criosd Ua hEothaidh epscop Conmaicne do écc.



Concobhar mac Conallaigh Ui Luinigh do gabháil toisigheachta Cenéil
Moen agus Domhnall mac Domhnaill Ui Gairmleadhaigh do ionnarbhadh a
Maigh Ithe i nInis Eoghain do chum Donnchadha Uí Dhuibhdhiorma. Cenél
Moién i ccionn ráithe iaramh do chur Concobhair mic Conallaigh a
toisigheacht, agus a ccennus do thabhairt do Dhomhnall mac Domhnaill Ui
Gairmleadhaigh. Muinnter Domhnaill .i. mac Giollu Caech Uí Ederla
agus Uí Flannagáin do mharbhadh Concobhair mic Conallaigh i ttoigh
Domhnaill feisin i meabhail ar comairce aircinnigh na hErnaidhe boi ina
farradh an tan sin. Ro ionnarbsat iaramh Cenél Moáin Domhnall Ua
Gairmleadhaigh


L. 38


a toisigheacht agus tugsat Ruaidhri Ua Flaithbertaigh i ccennus
foraib. Meabhal do dhenamh la tribh macaibh Ui Fhlaithbertaigh for Cenél
Moáin. Domhnall mac Domhnaill Ui Ghairmleadhaigh do mharbhadh leo, agus
Ticchernan mac Raghnaill Mic Domhnaill agus ochtar do mhaithibh Cenél
Moáin immaille friu. Raghnall mac Eachmarcaigh Uí Chatháin do mharbhadh la
Cenél Moáin a ttosach an tsamhraidh sin cona ina dhioghail sidhe do rochair
Galach Ua Luinigh agus Muircheartach Ua Peatain, agus as na dioghail bheós
do ronadh in meabail remraite for Cenél Moáin.



Gaeth mor is in mbliadhain si. Ro lá fiodhár, Ro trasccair railghe. Ro
trasccair doná sé fichit crann i nDoire Colaim Cille.



Iohn Do Cuirt co na allmurchaibh do theacht co Machaire Chonaille,
do ronsat oirccne ann. Badar oidhche longpuirt i nGlionn Righe iaramh.
Do bert


L. 40


Murchadh Ua Cerbaill ticcherna Oirgiall agus Cu Uladh Mac Duinnslebhe
.i.Rí Uladh fuabairt biodhbhadh forra gur ro marbadh agus gur ro bádhadh
ceithri céd co leith díobh. Torchratar céd do na Gaoidhealaibh i friothghuin
an chatha im Uá nAinffeth tighearna Uá Méith Macha.



Tainic Iohn Do Cuirt iar ttrioll do orccain Dál Araidhe agus Uibh
Tuirtre. Tucc doná Cumidhe Ua Flainn ticcherna Ua tTuirtre agus
Fher Lí deabhaidh dosomh


L. 42


co na Ghallaibh isuidhe. Ro meabhaidh forra. Ro cuir a nár tria
mhiorbhailibh Patraic, Coluim Cille agus Brenainn. Ocus tearna Iohn
fein ar eccin as co creachtnaighthe co rainic co hAth Cliath.



Constapla righ Saxan i nAth Cliath (.i. Hugo), agus i nAirther Midhe
co na shochraide do thocht go Cluain Mic Nóis. Ro airgsed an baile acht
na tempaill agus ticche an eapscoip. Do roine Dia agus Ciarán miorbaile
foillsi forra, uair ni ro chumhaingsed tathamh no tionabhradh do dhenamh
gur ro élaidhsed a Cuirr Cluana arabhárach.



Abann na Gaillme do tracchadh fri re laithe aicenta. Na huile aidhme
ro báidhid innte ó chen co na hiascc do thionól la lucht an dúin agus an
tiri i ccoitcinne.


L. 44


Maidhm ria nArt Ua Maoilechlainn, agus ria nUibh Failghe, agus ria
nGallaibh for Dhelbhna Eathra, agus for Mhaoileachlainn mBecc, agus
for dreim do feraibh Tethbha dú in ro marbhadh Muireadhach mac an
tSionnaigh.



Aodh Ua Flaithbertaigh ticcherna Iarthair Connacht do écc i nEanach
Duin.



Amhalgaidh Mág Amhalgaidh do marbhadh la Siol nAnmchadha.



MaelSechlainn Becc Ua Maoilechlainn do gabháil tighe for Art Ua
Maoileachlainn, agus Art do téarnudh as, agus Flann mac Még
Amhalghaidh taoiseach Calraighe do marbhadh ann la Maelsechlainn.


L. 46


AOIS CRIOSD 1179.



Aois Criosd mile, céd, seachtmoghat, a naoi.



Tuathal Ua Connachtaigh epscop Tíre Briuin Colmán Ua Scannláin
aircinneach Cluana, Giollu Domhnaigh Ua Forannáin aircinneach Arda
Sratha, agus Maelmaire Mac Giollu Colmain Secnap Arda Sratha do ecc.


L. 48


Ard Macha do losccadh ettir templaibh agus recclesaibh acht reccles
Bricchde agus Teampall na fFerta namá.



Cealla Tire hEoghain o slébh bud des do fholmughadh tre coccadh agus
comhfhuachadh, terce agus dochmataid.



Ua Ruadhachán ticcherna Ua nEachdach do écc do ghalor tri noidhchi
iar na ionnarbadh tré shárucchadh Canóine Patraicc dó gar roimhe.



Sídh do dhenamh do Dhonnchadh Ua Cairealláin agus do Cloinn nDiarmada
uile la Cenél Móen agus la hUa nGairmleadhaigh, Amhlaibh mac Menman
derbhrathair sidhe mná an Donnchaidh remraite. Ba hann ro naidhmsed a
sídh re aroile i teampall Arda Sratha fo mionnaibh na heaccailse ísin,
Domhnaigh Móir agus na hErnaidhe. Tainic doná Ua Gairmleadhaigh
.i. Amhlaoibh ar na mharach do cuingeadh tuilleadh slána co teach
Donnchaidh Ui Chairealláin. Ro marbhadh somh fo cedóir ar lár an
aireachta a ndorus an tighe i ffiadhnaisi a derbhsheathor .i. ben
Donnchadha. Ro marbhadh bheós triur dia muinnter i maille friss,
.i. Cionaedh mac Airt Uí Bhracáin, agus mac Giollu Criosd mec Corbmaic
mec Reodáin .i. derbh chomhalta Donncaidh Ui Chairealláin.



Ardsratha, Domhnach Mor, an Earnaidhe ....... do fholmhughadh la
feraibh Maighe hIthe.


L. 50


Cóicc tighe ar céd do losccadh hi cCluain Mic Nois hi ffoghail.



Cluain Ferta Brenainn co na templaibh do losccadh.



Lothra, Ardfearta Brenainn, Caisiol, Tuaim Da Ghualann, Dísert
Ceallaigh, CeallMedhóin agus Balla, iaidsidhe do losccadh uile.



MaelSeachlainn Ua MaoilMiadhaigh taoiseach Muinntire hEolais do ecc.



Iomhar Ua Cathasaigh tighearna na Saithne do ecc.



Maoileachlainn Riabhach O Seachnasaigh ticchearna leithe Chenel Aodha
do marbhadh la mac Donnchaidh Í Chathail.



AOIS CRIOSD 1180.



Aois Criosd mile, céd, ochdmoghatt.



Lorcan Ua Tuathail .i. Labhras airdespoc Laighen agus legaitt na
hEreann do martradh hi Saxain.


L. 52


MacRaith Ua Daighre aircinneach Doire do ecc.



Raghnall Ua Cairealláin do mharbhadh la Cenél Moaín i neneach Cholaim
Chille for lár Doire Colaim fadhein.


L. 54


Donncadh Ua Cairealláin do mharbhadh la Cenél cConaill i ndíoghal a
mheabhla ar Ua nGairmleadhaigh tre miorbailibh na naemh isa heneach
ro sharaigh.



Aindiles Ua Dochartaigh do écc i nDoire Cholaim Chille.



Cath na cConchobhor, .i. Concobhor Maenmhaighe mRuaidhri Ui Chonchobhair
agus Concobhar Ua Ceallaigh (.i. tighearna Ua Maine) dú i ttorchair
Concobhor Ua Ceallaigh, Tadhg a mhac, a dherbhrathair Diarmaid, agus
Maoilseachlainn mac Diarmada Ui Cheallaigh, agus mac Taidhg Ui
Concobhair (.i. Tadhg).



Muirghes Ua hEdhin tigherna Ua bhFiachrach Aidhne do mharbhadh la
feraibh Mumhan.



Carrghamhain Ua Giolla Ultáin taoiseach Muinntire Maoil tSionna do
mharbhadh la hAedh Mac Carrgamhna i nInis Éndaimh for Morloch.



Domhnall mac Taidhg Uí Chinnéidigh tighearna Urmhumhan do éc.


L. 56


MaolMuire Mac Cuinn na mBocht primhshenóir Ereann do écc.



Aodh Ua Caithniadh, tigearna Iorrais do marbhadh la hUa cCeallachain
hi ffiull hi cCill Chomáin.



Amhlaibh Ua Toghda taoiseach na Brédcha, do marbhadh la hUa
nGaibhthecháin taoiseach Mhaighe hEleg.



Murchadh Ua Lachtna taoiseach an Dá Bhac do bhádhadh ilLoch Con.



AOIS CRIOSD, 1181.



Aois Criosd mile, ced, ochtmoghatt, a haen.



Dungal Ua Caellaighi espoc Leithglinne do écc.



Maolmuire Ua Dunain abb Cnuic na Sengan hi Lughmagh do écc.



Maolciarain Ua Fiodhabhra comarba Ciarain do écc.



Cathraenedh ria fFlaithbhertach Ua MaelDoraidh ticcherna Cenel
cConaill for macaibh righ Connacht Satharn Cinctidhisi dú in ro marbhadh
se meic décc do clannuibh ticchernadh agus toiseach Connacht la Cenél
cConaill co sochaidhip oile do shoerclannaibh agus doerclannaibh immaille
friú cenmotháidsíde. Ro chuirsett Connachtaigh fo daoire dhóibh fri ré
imcén iarsan cath sin. Cath Criche Coirpre ainm in catha sin.


L. 58


Iar naraile liubar itiatt na meic riogh torcratur la Flaithbhertach is
in cath remráite, Brian agus Maghnus dá mhac Toirrdhealbhaigh Moir,
agus Maolruanaigh, dá mac ele Aodha Í Chonchobhair. Do rochair beos
Aodh mac Conchobhair Ui Cellaigh, agus GiollaCríst mac MegOireachtaigh
Uí Rodhuibh, Eachmarcach Ua Muiredhaigh, Donnchadh mac Briain Luignigh Ui
Concobhair, Cucuallachta mac Muirchertaigh Uí Concobhair, tri hUí
Maoilbrenainn, dá Mac Giollabuidhe agus Aodh mac mic Aodha mic
Ruaidhri, agus sochaidhe ele do shaerclannaibh.



Sloicchedh la Domhnall mac Aedha Mhéc Lachlainn agus la Cenel nEoghain
Telcha Óg i nUltoiph. Ro mheabhsatt for Ultoiph, for Uibh tTuirtre
agus for Fheraibh Lí, im Ruaidri Mac DuinnSlebhe agus im
ChoinMhidhe Ua Flainn.



Sluacch la feraibh Maighe hIthe im Ua cCathain Eachmarcach agus im
Cenel mBinigh Glinne co rangadar tar Tuaim. Ro airccsed Fir Lí
agus Ua tTuirtre uile. Ruccsat ilmile do buaibh.



Tomaltach Ua Conchobhair do oirdneadh i ccomhorbus Patraicc. Cuairt
Chenél Eoghain do thabhairt laiss, do bert a reir uaidhibh agus ro
fhaccaibh bennachtain.


L. 60


AOIS CRIOSD, 1182.



Aois Criosd mile, ced, ochtmhoghatt, adó.



Aodh Ua Caellaighi espoc Airghiall agus cend canánach Ereann do écc.



Domnall Ua hUallachain airdespoc Mumhan do écc.



Sluaicchedh la Domhnall mac Aedha Ui Lachlainn go Dún Bó i nDáil
Riada. Do rad som cath do Ghallaibh is in dú sin. Ro meabhaidh for
Cenél nEoghain. Ro marbhadh ann dna Raghnall Ua Breislén, Giolla
Criosd Ó Catháin co sochaidhiph oile i maille friu, Ruccsat Soiscela
Martain leó don chur sin.



Brian mac Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain do mharbhadh la Raghnall Mac
Commara Bicc tre meabhail.



Aodh Mac Carrgamhna taoiseach Muinntire Maoiltsionna do marbhadh la
Giolla Ultáin Mac Carrgamhna.



Murchadh mac Taichligh Uí Dubhda, do marbhadh la Maoilseachlainn Ua
Maolruanaidh.



Amhlaibh Ua Ferghail do ghabhail taisighechta na hAngaile, agus
Aodh do innarbadh.



AOIS CRIOSD, 1183.



Aois Criosd mile, ced, ochtmoghatt, atrí.



Ioseph Ua hAodha Epscop Ua cCeinnselaigh do écc.



Bec Ua hEghra ticcerna Luighne Connacht do marbhadh la Conchobhar
ua Diarmata mic Ruaidhri ar Loch Mic Feradhaigh ina thigh fein tre meabhail.


L. 62


Do rala deabhaidh etter Ua Flaithbertaigh (An Giollu Riabhach) agus
mac Ui Ghairmleadhaigh. Ro marbhadh Ua Flaithbertaigh is in iomaireacc
sin agus drong mór do Cenél Moain.



Ferghal mac Amhlaibh Ui Ruairc do marbhadh la Lochlainn mac Domhnaill
Ui Ruairc.



Giollaultáin Mac Carrghamhna taoiseach Muintire MaoiltSionna do mar-
bhadh la macaibh Ui Bhraoin agus la macaibh an tSionnaigh Ui
Chatharnaigh go ccuiccear ele a maille fris.



AOIS CRIOSD, 1184.



Aois Criosd mile, ced, ochtmogatt, a cethair.



Giolla Iosa Ua Maoilin Epscop eisidhe do écc.



Brian Breifnech mac Toirrdhelbhaigh Ui Conchobhair do écc.



Maoiliosu Ua Cerbhaill do oirdnedh i ccomhorbus Patraic ier na
fhaccbháil do Thomaltach Ua Chonchobhair.



Art Ua Maoileachlainn ticcherna Iarthair Mhide do mharbhadh i meabhail
la Diarmait Ua mBriain .i. mac Toirrdhelbhaigh tria forcongra Ghall,
agus Maoilseachlainn Beacc do ghabháil a ionaidh, agus maidhm do sraoineadh
lais a ccionn trí lá forsan Diarmait cédna du in ro marbait ile im mac
Mathghamhna Í Briain.



Caislén do cumhdach la Gallaibh i cCill Áir.



Caislén oile do orccain la Maoilseachlainn agus la Conchobhor
Maenmaighe Ua cConchobhair. Ro marbhadh drong mhór do Gallaibh ann.



Dech tticche fichet do roighnibh cumhdaighthi Arda Macha do orgain
la Gallaibh Midhe.



Mainistir Easa Ruaidh do edhbairt la Flaithbertach Ua Maoldoraidh
ticcerna Chinél cConaill do Dhia agus do Naoimh Bernard do raith
a anma.


L. 64


Cendfaoladh Ua Gráda, comorba Cronáin Tuama Gréne do écc.



Niall mac an tSiondaigh Ui Chatharnaigh do écc.



Amhlaibh mac Ferghail Ui Ruairc ticcerna Breifne do marbhadh a ffiull
la Mag Raghnaill.



Domhnall Ua Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail do écc hi cConga
Féichín.



Ferghal Ua Raghallaigh do mharbhadh hi ffiull la Maeilechlainn Ua
Ruairc.



AOIS CRIOSD, 1185.



Aois Criosd mile ced ochtmoghadh a cúig.



Maoiliosu Ua Muireadhaigh fer lecchinn Doire Cholaim Chille do ecc iar
Sendataigh thoghaidhe.



Pilib Unserra co nGallaibh uime do beith in ArdMacha co cenn sé laithe
cona noidhchibh i medhon Corghais do shonnradh.



Giollu Criosd Mac Cathmaoil ard taoiseach Cenél Fearadhaigh agus na
cClann


L. 66


.i. Clantt Aengusa, Clann Duibhinnreacht Clann Fhógartaigh, Ui
Cennfoda, agus Clann Collu do Fearaibh Manach, cenn comhairle
Tuaiscirt Ereann do mharbhadh la hUa nÉccnigh agus la Muinntir
Chaomháin, agus a chenn do bhreith leó go ffríth uatha i ccionn
miosa iarttain.



Maoilsechlainn mac Muircheartaigh Uí Lachlainn do mharbhadh lá Gallaibh.



Maoiliosa Ua Dálaigh ollamh Ereann agus Alban ard taoiseach
Corcaraidhe agus Corcadain, Saoi oirdherc ar dhán, ar eneach agus ar
uaisle do écc i cCluain Ioraird oca oilithre.



Mac rígh Saxan .i. Seon mac an dara Henri do theacht i nErinn lucht
trí fichit long do ghabháil a righe. Ro gabh AthCliath agus Laigin.
Do roine caisdiall oc Tioprait Fhachtna agus occ Ard Fíonáin. Ro airg
Mumha esdibh. Ro bhris tra


L. 68


Domhnall Ua Briain Maidhm ar Ghallaibh mic righ Saxan. Ro chuir a nár.
Do dheachaidh dna mac righ Saxan tairis inunn iarttain do chosaoid
Hugo DeLatii re a athair, uair asé Hugo ba forlamhaigh a hucht rígh
Saxan ara chionn in Erinn, agus nír léicc cíos na braighde chuigesiumh
ó righraidh Ereann.



Comhthoccbháil coccadh do fhás i cConnachtaibh edir na rioghdhamhnaibh,
.i. ettir Ruaidhri Ua Conchobhair agus Conchobhar Maenmaighe, mac
Ruaidhri, agus Conchobhar Ua Diarmada, Cathal Carrach mac Conchobhair
Maonmaighe, agus Cathal Croibhdearg mac Toirrdhealbhaigh, ro marbhadh
sochaidhe etorra. Do roine Ruaidhri agus a mac sídh las na huaislib ele
iarttain.



Iarthar Connacht do losccadh taighibh, templaibh la Domhnall Ua mBriain
agus la Gallaibh.



Cathal Carrach mac Conchobhair Maonmaighe mic Ruaidhri do losccadh Chille
Dálua taighibh, templaibh tar a neisi, tucc a seótta agus a maoine leis.
Tuadhmhumha bheós do mhilleadh agus dorccain lá Conchobhar Maonmaighe mac
Ruaidri agus la Gallaibh. Na Goill feisne do theacht leis co Ross
Commain, agus mac Ruaidhri do thabhairt tri míle do bhuaibh dóibh i
ttuarastal.



Amhlaoibh Ua Muiredhaigh epscop ArdaMacha agus Chenél Feradhaigh
lochrann solusta nó soillsiccheadh tuath agus ecclas décc, agus
Foghartach Ua Cearbhalláin do oirdnedh ina ionadh.



Diarmaid Mag Carthaigh tighearna Desmumhan do mharbhadh la Gallaibh
Corcaighe.



Domhnall Mac Giolla Pattraicc tighearna Osraighe do écc.



AOIS CRIOSD, 1186.



Aois Criosd, mile, céd, ochtmogad, asé.



Maolcallann mac Adaim Mic Cleircein epscop Cluana Fearta Brenainn
do écc.



Domhnall mac Aodha Uí Lachlainn do chor a flaithes, agus Ruaidhri Ua
Flaithbheartaigh doirdneadh lá druing do Chenél Eoghain Thealcha
Ócc.


L. 70


Conn Ua Breisléin (.i. taoiseach Fánat) caindeal einigh, agus ghaisccedh
thuaiscirt Ereann do mharbhadh la mac Mic Lachlainn, agus lá dréim do
Chenél Eoghain, agus Inis Eogain dorccain fó a bhithin gion go raibhe
cion doibh ann.



Giolla Pattraicc Mac An Ghiolla Chuirr toiseach Ua mBranáin do mharbhadh
lá Domhnall Ua Lachlainn tré erail Muintire Branáin fódhéin.



Ruaidhri Ua Conchobhair do ionnarbhadh i Mumhain la Conchobhar
Maonmaighe lá a mhac bhúdéin. Connachtaigh do mhilleadh etorra dibhlinibh,
agus tuccadh é dia thír do ridhisi tre chomhairle Shil Muiredhaigh,
agus do radatt triocha céd dferann dó.



Hugo DeLatii Malartach agus díscaoilteach ceall niomdha ticchrena
Gall Mide, Breifne, agus Airghiall. As dó dna do beirthi cíos
Connacht. As se ro gabh ermhor Eirenn do Gallaibh. Ró ba lán Mídhe
uile ó Shionainn go fairrgi do chaislenaibh Gall less. Iar
ttairccsin iaramh caislén Dermhaighe dhó táinic


L. 72


amach go ttriar Gall ina choimhideacht do dhéchsain an caislén. Tainic din
aon ócclach Giolla Gan Ionathar Ó Miadhaigh do fheraibh Teathbha dia
shoighidh agus


L. 74


tuagh fo a choimm laiss. Do bert buille do Hugo gur bhen a cenn de gur
tuit ettir chenn agus cholainn i ccladh an caislén i neneach Cholaim
Chille. Agus do cuaidh Giolla Gan Ionathar do thoradh a reatha ass,
ó Ghallaibh agus o Ghaoidhealaibh


L. 76


fo Choill an Cláir. Ráinicc iaramh i ccenn an tSionnaigh agus
Ui Braoin, uair assiad ro fhuráil air an tiarla do marbhadh.



Murchadh mac Taidhg Ui Ceallaigh tigherna Ua Máine do marbhadh la
Conchobhar Maonmaighe.



O Breislein taoiseach Fánat hi cCenél cConaill do marbhadh la mac
Mic Lachlainn.



AOIS CRIOSD, 1187.



Aois Criosd mile, céd, ochtmoghat, a seacht.



Muirchertach Ua MaoilUidhir espoc Cluana Fearta agus Cluana Mic Nois
decc.



MaoilÍosa Ua Cerbhaill espucc Airghiall décc.



Ruaidhri Ua Flaithbhertaigh ticcherna Cenél Eoghain do mharbhadh ar
crech i tTir Conaill la hUa MaolDoraigh .i. Flaithbhertach.



Carracc Locha Cé do losccadh do thene doait. Ro baidhedh agus ro loisceadh
inghen Ui Eidhin (.i. Duibheasa) ben Choncobair Mic Diarmata (tigherna
Maighe Luircc) go seacht ccédaibh (no cethracha ar chéd), nó ní as uille
eittir fheraibh agus mnaibh fri ré naon uaire innte.



Giolla Iosa mac Ailella Ui Bhraoin secnap Ua Maine senchaidhe
sccribhnighe, agus fear dana d'ecc.


L. 78


Caislen Chille Áir do losccadh agus do mhúradh for Ghallaibh la
Conchobhar Maenmaighe agus lá Maelsechlainn mBecc cona terna sgeolanga
uatha gan marbhadh agus mudhucchadh. Tuccsat a bfoidhb, a nairm, asceith,
allúireacha agus aneocha leó, agus ro marbhaitt dís do rideribh leó.



Donnchadh Ua Ruairc do marbhadh la Muintir Eolais hi ffiull.



DruimCliabh do orccain do mhac MaelSheachlainn Uí Ruairc do tighearna
Ua mBriúin agus Conmaicne, agus do mhac Cathail hUi Ruairc, agus
Goill Midhe amaille friú. Do roine Dia agus Coluim Cille fiort amhra
innsin, uair ro marbhadh mac Maelechlainn Ui Ruairc ria ccionn coicdhisi
iar sin hi cConmaicnibh, agus ro dalladh mac Cathail hUí Ruairc la
hUa Maoldoraidh, .i. Flaithbertach in enech Cholaim Chille. Ro marbadh
dna sé fichit daes grádha mheic Maoilshechlainn ar fud Conmaicne
agus Chairpre Dhroma Cliabh tré miorbhail Dé agus Choluim Chille.



Mac Diarmatta, Muirges mac Taidcc, tigerna Muighe Luircc décc ina
thigh fein ar Claonloch hi cCloinn Cuain.



Raghnall Mág Cochlain ticcerna Dealbhna do écc.



Aodh mac Maoileachlainn Ui Ruairc tighearna Breifne do marbhadh la
macaibh Cuinn Még Raghnaill.



Aireactach Mac Amhalgaidh taoiseach Calraighe do écc.


L. 80


AOIS CRIOSD, 1188.



Aois Criosd mile, céd, ochtmoghat, a hocht.



Martain Ua Brolaigh airdeccnaidh Gaoidheal agus fer leighinn Arda
Macha do écc.



Aedh Ua Bechan epscop Innsi Cathaigh do écc.



Amlaoibh Ua Daighre do tocht co hÍ dia oilithre agus a ecc ann iar
naithrighe toccaidhe.



Ruaidhri Ua Canannain tigherna Chinél cConaill fri hedh agus rioghdamhna
Ereann bheos do marbhadh la Flaithbertach Ua Maoldoraidh tre mebhail
acc droichet Sliccighe iar na bréccadh do lar Dhromacliabh amach, agus
brathair ele dó do marbhadh amaille fris, agus drem dia mhuinntir. Maghnas
Ua Gairbh toiseach Fher nDroma (ro imbir lámh ar Ua cCanannáin) do
mharbhadh la muinntir Eachmarcaigh Uí Dochartaigh i ndioghail Uí
Chanannáin.



Domhnall Ua Canannáin do ledradh a choisi dia thuaigh fein i nDoire
acc bein ascclainge connaidh, agus a écc de tria easccaine samhtha
Cholaim Cille.



Goill chaisteoil Mhaighe Cobha agus drong do Uibh Eachdhach Uladh do
thocht ar creich i tTir Eoghain go ttorachtatar go Leim Mic Neill.
Ro gabsat bú annsin. Do dheachaidh Domhnall Ua Lachlainn cona thecclach
ina ndeadhaidh, rucc orra


L. 82


hi cCabhan na cCrann Árd, do rattsat iomairecc dia roile, ro maidh for
Ghallaibh, ro cuiredh a nár. Do radadh eimh sadhadh do Ghallgha for
Domhnall a aenar, agus torchair innsin hi friothguin tigherna Ailigh,
Domhnall mac Aodha hUi Lachlainn, rioghdhamhna Ereann ar cruth, ar
chéill, agus ar threbhaire. Ruccadh an lá sin fein go hArdMacha.
Ro hadnaicedh co nonoir agus co nairmhidhin moir iaramh.



Edaoin inghen Ui Chuinn baintigherna Mumhan bai aga hoilithre i
nDoire decc iar mbreith buadha ó dhomhan agus o demhan.



Sluaicceadh la Iohn Do Cuirt agus la Gallaibh Ereann hi cConnachtaibh
amaille le Concobhar Ua nDiarmatta. Tionoilidh rí Connacht .i. Concobhar
Maonmaighe maithe Connacht uile. Tainic Domhnall Ua Briain co ndruing
do fheraibh Mumhan i sochraitte righ Connacht. Loiscit na Goill araill
do cheallaibh na tire rempa. Ni ro leiccit sccaoileadh doibh co rangattar
EasDara. Ba do theacht i tTir Conaill ón, uair na ro leiccsiott
Connachtaigh nias sia dia ttír iad. Iar bfios sccél do Ua Maoldoraidh,
do Fhlaithbertach, teaglomaidh sídhe Cenel Conaill na ccoinne co
Druim Chliabh. Od cualadar na Goill sin ro loisccsed EasDara co leir.
Soaid tar a naiss. Tiaghaid is in Coirrshliabh. Do beartsad
Connachtaigh agus Fir Mumhan ammus forra. Marbhaid sochaidhe mhóir dhibh.
Fáccbhaid na Goill an tir ar eccin, agus ní ró mhillsed a beacc don chur sin.


L. 84


Creach la Gallaibh Uladh for Chenél nEoghain co rugustoir Domhnall
mac Aodha Uí Lachloinn tighearna Cenel nEoghain forru, agus ro chuirset ár
for Ghallaibh, agus atrochair Domhnall i friothghuin an chatha sin.



AOIS CRIOSD, 1189.



Aois Criosd, mile, céd, ochtmoghad, anaoi.



MaolCainnigh Ua Fercomais fer lechcinn Doire do bhathadh ettir Áird
agus Inis Eoghain.



ArdMacha do orccain la hIohn Do Cuirt agus la Gallaibh Ereann ina
fhochair.



ArdMacha do losccadh o Crossaibh Brighde co Reccles Bricchdi ettir
raith agus trian agus teampall.



Murcha Ua Cerbhaill tigerna Oirghiall do écc is in Mainisdir Mhóir
iar naithrichci toghaidhi.



Domhnall mac Muircheartaigh Méc Lochlainn do mharbhadh la Gallaibh
Dal Araidhe aca fein.



Echmilidh mac Mec Cana, sonas agus sobharthan Tíre hEocchain uile do ecc.



Mac na hOidhce Ua MaolRuanaidh tighearna Fer Manach do chor as a
thigearnas, agus é do dhol do chum Ui Cherbhaill. Tainicc sluagh Gall don
tír iarttain, agus do rad Ua Cerbhaill agus Ua MaolRuanaidh tachar
doibh. Maidhidh for Ua cCerbhaill, agus marbhthar Ua MaolRuanaidh.



Concobhar Maonmaighe (.i. mac Ruaidri) aird ri Connacht eittir Gallaibh
agus Ghaoidealaibh do mharbhadh la druing dia mhuintir fein agus dia
oirecht, .i. la


L. 86


Maghnus mac Floinn Ui Finachta (dia ngoirthi an Crosach Donn), agus la
hAodh mac Briain Breifnigh mic Toirrdhelbhaigh Ui Conchobhair, agus la
Muircertach mac Cathail mic Diarmata mic Taidhg, agus la Giolla na Naomh
mac GiollaComain, mic Muiredhaigh Báin Ui Maoil Micil dona Tuathaibh.
Mairg oireacht ro cogair adhbar aird righ Ereann do mharbhadh, uair tuccsat
urmhor Leithe Mogha a ccennus dó ria síu ro marbhadh. Dóigh tainicc
Domhnall Ua Briain dia tigh go Dun Leoda, agus boi sechtmain ina
fharradh, agus tuc trí fichit bo gacha triocha céd hi cConnachtaibh dhó,
agus .x. seóid go nór, agus ni rucc Ua Briain díbh sin uile, acht corn
Diarmata Ui Briain a shenathar fein, agus do baí Ruaidhri Mac
DuinnSlebhe ri Uladh ina thigh, agus do bai Domhnall Mag Cárthaigh
tighearna Desmumhan ina thigh agus do rad somh tuarustal mór dó, .i. cuicc
eich gacha triochait cet hi cConnachtaibh. Bai MaelSeachlainn Beg ri
Temra ina thigh, agus rucc tuarustal mor leis, agus bai Ua Ruairc ina
tigh, agus rucc tuarustal mor leis.



Iar marbhadh Conchobhair Maonmaighi tangus ó Shiol Muireadhaigh ar cend
Ruaidhri Ui Choncobhair ri Ereann do thabairt righe dó iar nécc a mhic,
agus ó ránaic


L. 88


Ruaidhri go Magh Naoí ro gabh gialla Síl Muiredhaigh agus Connacht,
ar as ann ro bátar geill Conchobhair Maonmuighe i nInis Clothrann for
Loch Ribh an tan sin.



Flaithbeartach Ua MaolDoraidh tighearna Cenél cConaill cona toichestal
do beith illongport is in cCorann, agus Connachtaigh uile eitir Gall agus
Gaoidheal ina naghaidh don leith aile.



Concobhar Ua Diarmata do marbhadh la Cathal Carrach mac Concobhair
Maonmhaighe a ndioghail a athur.



An ced Risderd do ríoghadh os Saxaibh . 6. Iulíí.



Sluaigheadh la hUa MaoilDoraidh (Flaithbertach) do ghabhail fri
Connachtaibh gur ro ghab longport is in Corann. Tangatar Connachtaigh
uile eitir Ghallaibh agus Gaoidhealaibh ina aghaidh, ar a aoi ni ró
chumhaingset ní dhó, agus ro etarscarsat fri aroile don chur sin.



AOIS CRIOSD, 1190.



Aois Criosd, mile, céd, nochat.



Diarmait Ua Rabhartaigh abb Dermaighe do ecc.



MaelSeachlainn Ua Neachtain agus GiollaBearaigh Ua Sluaghadaigh do
marbhadh la Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Ui Conchobhair.



Mor inghean Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair, agus Duibhessa inghen
Diarmata Mic Taidhg do écc.



Coinne eitir Cathal Croibhdearcc agus Cathal Carrach hi cCluain
Fearta Brenainn do dhenamh síodha etorra. Teccait Siol Muireadhaigh uile
is in ccoinne cedna im chomarba Pátraicc, agus im Concobhar Mac
Diarmata, agus im Aireachtach Ua Roduibh, agus ní ro feadadh a
sioducchadh re roile don chur sin.


L. 90


Tanaicc Ua Concobhair agus Siol Muiredhaigh go Cluain Mic Nois in
adhaigh sin, agus ro eirigh an coblach go moch ara bharach, agus tangatar
rompa ar fud na Sionna go rangatar go Loch Ribh. Ro eirigh anfadh
anbhail doibh ar an loch go ro sccaoilsiot a nartraighe ó aroile agus ro
thuaircc an tanfadh an tetar i mboí Ó Concobhair conar lamhadh a
luamhaireacht la méd an anfaidh, agus ba is in arthrach i mboí Ua
Concobhair, .i. Cathal Croibdercc, bai Aireachtach Ua Roduibh agus
Concobhar mac Cathail. Do cóidh an tethar fo uiscce go ro baidhedh i
mboi innte cenmotá seisear tearna im Chatal Croibhdearg. Ro baidheadh
Aireachtach Ua Roduibh agus Concobhar mac Cathail, Concobhar agus
Amhlaibh da mhac Aodha Még Oirechtaigh, Ua MaoilBrenainn, agus mac
Ui Mannachain co sochaidhe ele.



AOIS CRIOSD, 1191.



Aois Criosd, mile, céd, nochat a haen.



Ruaidhri Ua Concobhair do fhaccbháil Connacht agus a dhol co Tir
Conaill do saighidh Fhlaithbhertaigh Ui MaoilDoraidh, agus i tTír
nEoghain iar sin diarraidh sochraitte ar thuaisceart nEreann do
ghabháil Ríghe Connacht do ridhisi, agus ni ro fhaemsat Ullta fearonn
dfaghail dó ó Chonnachtaibh, agus do choidh roimhe do shaighidh Gall na
Midhe, agus ní ro eirghettur sidhe leis, agus do thaed as sin is in
Mumhain, conid eisti sin tuccsat Siol Muiredhaigh ferann dó, .i.
Tir Fiachrach agus Cenel Aodha na hEchtge.



Aillenn inghen Riaccáin Ui MaílRuanaidh, ben Aireachtaigh Ui Rodhuibh
do écc.


L. 92


AOIS CRIOSD, 1192.



Aois Criosd, mile, céd, nochat, adó.



Dorus proinnticche an Duibrecclesa Colaim Cille i nDoire do dhenamh
la hUa cCathain na Craibhe, agus la hinghin Ui Inneirghe.



Taichleach Ua Dubda ticcherna Ua nAmhalgadha agus Ua fFiachrach
Muaidhi do mharbhadh la da mhac a mhec fén.



Aedh Ua Flainn toiseach Shil MaoileRuain do écc.



Maidhm acc caraid Eacharadh ar Ghallaibh la Muinntir MaoiltShionna.



Caislén Atha an Urchair agus caislen Chille Bisgi do dhenamh is in
mbliadhain si.


L. 94


Creach mór do dhenamh la Gallaibh Laighen ar Dhomhnall Ua mBriain, go
rangattar tré chlár Chille DaLua siar go Magh Ua tToirrdhealbhaigh,
agus ruccsatt Dál cCais orra go ro marbhsat sochaidhe diobh. Do ronsat
Goill caislen Chille Fiacal agus caislen Cnuic Raffonn don chur sin.



Maidhm mor ria nDomhnall Ua mBriain for Ghallaibh Ossraighe go ro
cuireadh a nár.



AOIS CRIOSD, 1193.



Aois Criosd, mile, ced, nochat, atrí.



Eochaidh Ua Baoighill do mharbhadh lá hUibh Fiachrach Arda Sratha.



MaolPattraicc Ua Cobhthaigh do écc.



Cathal Mac Gaithéne do écc.


L. 96


Derforghaill (.i. ben Tighernain Ui Ruairc) ingen Murchadha Ui
Maoileachlainn do ecc i mainisdir Droichit Atha is in cuiccedh bliadhan
ochtmhoghat a haoisi.



Diarmaid mac ConBroghda Ui Dhiomusaigh taoiseach Cloinne MaoilUghra
agus ticcherna Ua Failge fri ré fhoda do écc.



Cathal Odhar mac Még Carthaigh do mharbhadh la Domhnall Mág Cartaigh.



Muircertach mac Murchadha Mec Murchadha ticcherna Ua cCennselaigh
dég.



Aodh Ua MaoilBrenainn taoiseach Cloinne Concobhair do marbhadh la
Gallaibh Atha Cliath.


L. 98


Ua Cerbhaill ticcerna Airghiall do ghabhail la Gallaibh, agus a dalladh
leo o thús, agus a chrochadh iarttain.



Inis Clothrann do orgain la macaibh Oisdealb agus la macaibh
Conchobhair Maonmaighe.



AOIS CRIOSD, 1194.



Aois Criosd, mile, céd, nochat, acethair.



Constantin Ua Brain espoc Chille DaLua do écc.



Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain Ri Mumhan, lochrann solusda
síodha agus coccadh Redla adhanta enigh agus engnamha na Muimhneach, agus
Leithe Modha archena do écc, agus Muircertach a mhac do ghabhail a
ionaidh.



Goill do thiachtain ar Iniss Ua fFionntain, agus a ccor ar eccin di.



Cúmidhe Ua Flainn do mharbhadh la Gallaibh.



Sloicchedh la Gillebert Mac Goisdealbhaigh co hEass Ruaidh, agus a
iompudh assidhen gan nach tarbha dia Sloighedh ittir.


L. 100


MaolSeachlainn mac Domhnaill Ui GhiollaPatraicc ticcerna Osraighe do
ecc.



Concobar mac Maghnasa mic Duinnsleibhe Ui Eochadha do marbhadh la hUa
nAnnluain i meabhail.



Aedh Dall mac Toirrdhealbhaigh Ui Choncobhair do écc.



Sitriucc mac Floinn Ui Fhindachta taoiseach Chloinne Murchadha do ég.



Donnchadh mac Muircertaigh mic Toirrdhealbhaigh do marbhadh la
Muircertach mac Domhnaill Ui Bhriain.



Murchadh mac Amlaoibh Uí Chindeidigh do mharbhadh la Lochlainn mac
MicRaith Uí Chinneittigh i fionghail.



AOIS CRIOSD, 1195.



Aois Criosd, mile, ced, nochatt, a cúicc.



Domhnall Ua Conaing epscop Chille DaLua do écc.



Florent mac Ríaccáin Ui MaoilRuanaidh epscop Oile Find do écc.



Domhnall Ua Find comharba Cluana Ferta Brénaind decc.



Eachmharcach Uá Cathári recte Catháin do écc i recclés Póil.



Conchobhar Mag Fhachtna do écc i recclés Doire.



Sitriucc Ua Gairmledhaigh do mharbhadh do Mac Durm recte Duinn Slebhe.



Slúaigheadh lá Iohn Do Cuirti agus la mac Hugo De Lati do gabháil neirt
ar Ghallaibh Laighen agus Mumhan.



Sluaicchedh la Cathal cCroibdercc Ua cConcobhair, la Mac
Goisdelbhaigh go ndreim do Ghallaibh agus do Ghaoidhealaibh na Midhe
imaille fris is in Mumhain go rangattar Imleach Iubhair agus Caisiol
go ro loiscceadh cethre morchaislein leo agus araile do mhionchaislenaibh.



Cathal Mac Diarmada do tocht i cConnachtaibh as in Mumhain agus ba
cosgrach in gach maighin triasa tudhchaidh go rainig co Loch Mesg agus
co hInis Rodhba, agus ro gabhait longa Cathail Croibdeirg uile lais,
agus rug lais iat co


L. 102


Caislén na Caillige co ndearna ulca iomdha as ar gach leith de co
ttainig Cathal Croibhdearg co ndreim do Ghallaibh agus do Cloinn
MaoilRuana agus do ronadh sídh fó dhéoidh re Mac Diarmada ger uo mór
na huilc do roine go sin.



AOIS CRIOSD, 1196.



Aois Criosd, mile, céd, nochat, asé.



Recclés Póil agus Petair in ArdMacha cona templaibh, agus go mbloidh
mhoír don Ráith do losccadh.



Muirchertach mac Muirchertaigh Uí Lachlainn tighearna Chenél Eóghain
Rioghdhamhna Ereann tuir ghaisccedh, agus eangnamha Leithe Cuinn,
díosgaoiltidh cathrach, agus caislén Gall, turgbalaidh ceall, agus
caoimhneimheadh, do marbhadh lá Donnchadh mac Blosgaidh Uí Catháin tré
comairle Chenel nEoghain iar ttabhairt na tteora scríne agus Chánóine
Patraig dhóibh im dilsi dhó. Rugadh a chorp iaromh go Doire Colaim
Cille, agus ro hadhnacht hisuidhe go nonóir agus cátaidh.



Slóighead lá Ruáidhri Mac DuinnSlebhe co nGallaibh agus go macaibh toísech
Connacht do shoighidh Chenél nEoghain agus na nAirther. Tangattar
dna Cenél Eóghain Telcha Ócc, agus fioru Airthir co machaire ÁrdaMacha
ina naghaidh, agus do radsat cath dhóibh go raoimheadh for Mhac
DuinnSlebhe agus ro ládh dergár a mhuin-


L. 104


tire. Torcratar ann dna adó dhécc do macaibh flatha agus toíseach
Connacht go sochaidhibh oile do dhoescurshluagh imaille friú. Ba dia
maithibh Brian Buide Ua Flaithbhertaigh, mac MaoilIosa Ui Concobhair
a Connachtaibh, mac Ui Concobhair Failge, agus mac Ui Faolain na nDeise.



Mac Blosccaidh Uí Cuirin do argain Termainn DáBeócc, agus ro marbhadh
é fén go ndergár a mhuintire ria ccind mhiosa tria fhiortaib Dé agus
DáBeóg.



Domhnall mac Diarmada Mhécc Carthaigh do bhriseadh catha ar Ghallaibh
Luimnigh agus Mumhan, agus ro chuir a ndearg ár, agus ro diocuir a
Luimneach, agus ro bris dhá mhaidhm oile forra cén mothá an maidhm sin.



Conchubhar Mac Diarmada, tighearna Maighe Luirg do dhol hi nurd i
Mainistir na Búille, agus ro ghabh Tomaltach tighearnus dia ési.



Aodh Uá Fearghail tighearna Muintire hAnghaile do marbhadh i meabhail
lá macaibh Sitrioga Uí Cuinn.



Maithe Muintire hEólais do mharbhadh la mac Cathail Ui Ruairc hi
meabhail.



Muiredhach Mhácc Ragnaill .i. an Giolla Ruadh taoiseach Muintire hEólais
do marbhadh la mac Maghnusa Uí Conchobhair tré furáil mic Cathail Ui
Ruáirc lás ro marbhadh na maithe rémráite.



Mathgamhain mac Conchobair Maonmaighe rioghdamhna Connacht do mar-
bhadh


L. 106


la hUa Mórdha Domhnall, agus la Laighiss occ cosnamh na hedala do bhert
o Ghallaibh friss, agus Cathal Carrach do mharbhadh Uí Mórdha ina
dioghail.



Conghalach mac Ferghail Uí Ruairc do marbhadh la Luighnib ar Sliabh
Da Én.



Iodnaidhe Uá Mannachain tigherna Uá mBriúin na Sionna do écc.



Cathal mac Aedha Uí Flaithbertaigh do mharbhadh la macaibh Muircertaigh
Mhidhigh.



AOIS CRIOSD, 1197.



Aois Criosd, míle, céd, nochatt, a seacht.



Sluaigheadh lá Iohn Do Cuirt co nGallaib Uladh co hEss cCraibhe,
agus do rónsatt caislén Cille Sanctáin. Ró fásaigheadh agus ro
folmhaigedh triocha céd Cianachta leó. Ro fhágaibh Roitsel Phitún co
sochraide moir immaille fris


L. 108


isin ccaistiall hísin, agus ro ghabsat ag indradh agus occ argain tuath
agus ceall as. Tainig iaromh Roitsel Phitun ar creich co port Doire
agus ro airg Cluain Í, Eanach agus DergBruach, Rug dna Flaithbeartach
Ua MaoilDoraidh tighearna Conaill agus Eóghain co nuathadh
Chlandaibh Néill an tuaiscirt forra. Ro fighedh iomaireg eatarra for
traigh na hUachongbhála, agus ro cuireadh a nár im mac Ardgail Mhéc
Lochlainn tria mhíorbhail Colaim Chille, Caindigh agus Breacain isa
cealla ro airccseatt.


L. 110


Mac Etigh do Chianachtaibh do shlat altóra teampaill mhóir Doire
Colaim Chille agus ceithre cuirn bad fearr ro bhaoi in Erind do breith
eiste, .i. Mac Riabhach, Mac Solas, corn Uí MaoílDoraidh, agus Cammcoraind
corn Uí Dhochartaigh. Ro brisitt imorra agus do all a nionnmhassa agus
a lossa dhíbh. Forith imorra na seóid is in tres ló iar ná ngoid,
agus an tí ro goid, agus ro crochadh lá Flaithbheartach ag Croiss na
Riagh i neneach Choluim Cille isa haltóir ro sháraigh.



Flaithbertach Ua MaoilDoraidh tighearna Cenél cConaill, Eoghain agus
Airghiall cosnamhach Temhra agus rioghdhamhna Ereann uile; Conall
ar láochdhacht esidhe, CúChulainn ar ghaiscceadh, Guaire ar eneach,
Mac Lughach ar ócclachus décc (an dara la Februari) iar ttreablaid
toghaidhe, i nInis Saimher isin triochatmadh bliadhain a fhlaithiusa,
agus isin nomhadh bliadhain ar chaogatt a aoise. Agus ro hadhnacht i
nDruim Thuama co nónoir amhail ro badh díor.



Gabhais Eachmarcach Ua Dochartaigh (.i. an Giolla Sronmhaol) cennus Chenél
cConaill fó chédóir, agus i ccionn coicthidhisi iaromh tainig Iohn Do
Cuirt co sochraite mhóir imaille fris tar Tuaim hi tTír Eógain,
aissidhe co hArdSratha iar sin timcheall go Doire Colaim Chille. Airisit
cóicc haidhche ann. Tiaghaid iaramh co Cnoc Nascain dia niomarcar
tairis. Teccait dna Cenél Conaill im Echmarcach Ua nDochartaigh dia
saighidh, ferthar cath etorra, agus torcrator sochaidhe mor adiú agus anall.
Gidh iad Cenél Conaill ann ro díthighit iettsidhe uair tor-


L. 112


cratar dá céd diobh im Eachmarcach fessin, im Dhonnchadh Ua Tairceirt
toiseach Cloinne Snedhgile, cong einigh agus eangnamha, ceille, agus
comairle Cenél cConaill uile im Ghiolla mBrighde Ua nDochartaigh im
Mhag nDubhain, im Mhág Fherghail, agus im mhacaibh Ua mBaoighill,
agus im shaorchlandaibh oile, agus ro airccsed Inis Eoghain, agus
do bheartsatt bóraimhe mhór leó este, agus iompoidhitt iair sin.



Conchobhar Ua Catháin do écc.



Concobhar mac Taidhg tighearna Maighe Luirg agus Mhaighe Aoí,
tuir ordain, airechais, einigh agus comairce Connacht uile décc iar
naithrighe thoghaidhe i mainistir Atha DaLaarg.



MacRaith Ua Laithbhertaigh tanaisi Tíre hEoghain agus MaolRuanaidh Ua
Cairelláin toísech Cloinne Diarmada do mharbhadh.



Domhnall mac Raghnaill Méc Raghnaill do mharbhadh do mhacaibh Méc
Duibhdara i fiull.



Ruaidhri Ua Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do gabhail lá
Cathal Croibdearg lá righ Connacht.



AOIS CRIOSD, 1198.



Aois Criosd, mile, céd, nochatt, a hocht.



Giolla MacLiacc Ua Branáin do athchur a chomharbais uadha, agus
GiollaCrist Ua Cernaigh do oirdneadh ina ionadh in abbdhaine Colaim
Cille do reir togha laoch agus cléireach tuaiscirt Ereann i ccoitchinne.



Ruaidhri Ua Conchobhair rí Connacht agus Ereann uile eittir Ghallaibh
agus Gaoidhe-


L. 114


laibh décc hi ccanánchaibh i cCunga iar naithrighe toghaidhe, agus
iar mbreith buadha ó dhomhan agus o dheamhan, agus ruccadh a chorp co
Cluain Mic Nóis, agus ro hadhnaiceadh don taobh tuaidh daltoir thempaill
móir Cluana Mic Nóis.



Mac Briain Bréifnigh mic Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair do mharbhadh
la Cathal Carrach mac Concobhair Maonmhaighe.



Cathalan Ua MaolFhabhaill tighearna Cairrge Brachaighe do mharbhadh
dUa Déráin, agus Uá Déráin feisin do mharbhadh ina dhíoghail fó cédóir.



Sluáicceadh la Iohn De Cuirt hi tTír Eóghain ar fud na cceall, agus
ro haircceadh agus ro milleadh ArdSratha agus RathBoth lais. Rainic
iaromh Doire Colaim Chille, agus baoi ainnsidhe di oidhche for sheachtmain
ag milleadh Insi hEogain agus an tíre archena, agus ní raghadh ass itir
ineallmha muna toirseadh Aodh Ó Néll lucht cóicc long co Cill
i Latharnaibh, agus ro loisc ní don bhaile agus ró mharbh ocht ffir
dhécc do Ghallaibh. Ro thionóilset Goill Maighi Line, agus Dail Araidhe
tri chéd do rochtain Aodha, agus ní ro rathaigh Aodh nach ní co ro
doirtset ina chenn ag


L. 116


losccadh an bhaile. Ro feradh iomaireacc eatorra iaromh, agus ro mhuidh
for Ghallaibh, agus tuccadh cóicc madhmanna forra ó thá sin co ndeachsat ina
longaibh, agus ní ro marbhadh do muintir Aodha acht coigear namá. Iar
cclos na sccél sin do Iohn ro fhagaibh an baile i raibhe .i. Doire
Colaim Cille.



Coccadh eitir Cenél Conaill agus Eoghain, agus Cenél Conaill do
coimchengal la hUa nEccnigh in acchaidh Cenél Eoghain, agus ro boi
coinne etorra do naidhm a ccaradradh hi tTermann DáBeócc. Tainic trá
Aodh Ua Néill go cCenél Eoghain imme do thoirmeascc na coinne, agus
ro ionnsaigh Ua hÉiccnigh, agus ro mheabhaidh fair co bfarccaibh
braicchde lá hUa Neill.



Do deachaidh Aodh go cCenél Eoghain is in ló chedna, co ndernsat
creich for Cenél Conaill hi machaire Maighe hÍotha, agus tucsat
bóraimhe dírimhe iar marbhadh leó Uí Dhuibhdiorma for sceimhleadh
marcsluaigh.



Sluaigheadh lá hAodh Ua Néll agus lá Cenél nEoghain doridhisi go
machaire Maighe hÍotha do tabhairt chatha do Cenél cConaill, agus
ro fhágaibset Cenél cConaill a longport leó, agus do rónadh blodhadh
sithe agus cadach etorra don chur sin.



Cathal Croibdearg Ua Concobhair do denamh siódha fri Cathal Carrach
mac Concobhair Maonmaighe, agus a thabhairt don tír, agus fearann do
thabhairt dó.



AOIS CRIOSD, 1199.



Aois Criosd, mile, ced, nochatt, anaoi.



MaolÍosa mac Giolla Eráin, airchindeach Chille Moire Ua Nialláin, agus
adhbhar comharba Patraic décc.



Sanctus Mauritius Ua Baottáin décc in hÍ Colaimm Chille.



Do rónsat Goill Uladh trí slóigh mhóra hi Tír nEoghain, agus an tres
slóigh do rónsat, ro ghabhsat longport ag Domhnach Mór Maighe Iomchláir,
agus do chuirset


L. 118


drong mhór dia muintir do mhilleadh agus do chreachadh an tíre. Tainic dna
Aodh Ó Néill ind oires an tslóigh comá comhrainic dhó, agus do na Gallaibh,
agus ro la a nár, agus an do erna uadha ro élaidhset san aidhche gan nach
taireseamh co ndeachatar tar Tuaim.



Sluaiccead la Ruaidhri Ua nDuinnSlebhe co ní do Ghallaibh Midhe, agus
ro airccset Mainistir Phóil agus Peattair co nár fháccaibhset innte
acht aon bhó.



Domhnall Ua Dochartaigh tighearna Cenél nÉnda agus Árda Miodhair
décc.



Donnchad Uaithneach mac Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh la Saxaibh
Luimnigh.



Rodhubh Mac Roédig toisech Cenél Aongusa do mharbhadh lá Gallaibh ar
crech in Ua nEarca Chéin.



Cathal Croibhdearg Ua Conchobhair do ionnarbadh a righe Connacht,
agus Cathal Carrach do ghabháil a ionaidh.



Sluaiccheadh lá hAodh Ua Néill i fóirithin Cathail Croibhdeirg go
bferaibh Maighe hÍotha agus co nAirghiallaibh gu rangattar Tegh
Baoithin Airtigh. Soiset iaromh go


L. 120


rangadar EasDara, agus rucc orra Cathal Carrach co maithibh Connacht
agus Uilliam Burc go nGallaibh Luimnigh maille fris. Feachar
iomaireacc eatorra, agus ro sraoineadh for thuaiscert Ereann, agus ro
fágbhadh ann Ua hEccnigh tighearna Oirghiall, agus sochaidhe cenmothá
somh.



Sluaigheadh lá Iohn Do Cuirt co nGallaibh Uladh, agus lá mac Hugo De
Lati co nGallaibh Midhe hi foirithin Chathail Croibhdeirg go rangadar
Cill Mic Duach. Tainicc iaromh Cathal Carrach co cConnachtaibh
imaille fris, agus ro cathaighset fri aroile. Sraointear for Gallaibh
Uladh agus Midhe airm hi rabattar cúicc catha, ni thérna acht dá chath
dhíbh, agus ro leanadh iad alláthair an chatha go Rinn Dúin for Loch
Ribh, agus ro gabhadh iomchumhang for Iohn ainnsidhe, agus ro marbhadh
drong mór do Ghallaibh, agus ro báidhid araill díobh ar ní fuarattar
conair theichidh acht a ndeachaidh i neathraibh tar loch soir uatha.



Ruarc Ua MaoilBrénainn toisech Cloinne Conchobhair do écc.



Ri Saxan Iohn do rioghadh os Saxain .6. April.



Murchad Mac Cochláin tighearna Dealbhna Ethra do écc.


L. 122


AOIS CRIOSD, 1200.



Aois Criosd, mile, dá chéd.



Cadhla Ua Dubhthaigh airdepscop Tuama decc iar sendataidh.



Uairéirghe mac MaoilMórdha mic Uairéirghe Uí Neachtain uasal sruith
do sruithibh Cluana Mic Nóis, fer lán do dhesherc agus dá gach sóalchidh
archena, agus ceann Cele nDé Cluana décc an deachmadh lá do Mhartha.



MaolEóin Ua Carmacáin comharba Commáin décc.



Aodh Ua Néill do aithrighadh lá Cenél nEóghain, agus Conchobhar
Ua Lochlainn do righadh ina ionadh, agus do rónadh creach lais hi tTir
nEnda. Ro mharbh daoine agus rucc buar iomdha.



Do dheachaidh tra Eccneachán Ua Domhnaill tigherna Cenél Conaill co
loinges Cenel Conaill ar muir lais, agus cona slógh ar tír, agus ro
ghabhsat longport ag Gaoth an Chairrgín. Tangattar Clann Diarmada don
leith oile go Port Rois do


L. 124


gabhail fris an loinges. Od chonncadar foirne na ttrí long ndécc baoi
an cobhlach indsin, Ro léccset fothaibh iatt gor raoimheadh for Cloinn
nDiarmada. Ticc Macc Lachloinn (.i. Conchobhar Becc Mac Muircertaigh),
ina bhfóirithin, agus ro gonadh a each foo, agus ro trasccradh somh di,
torcair iaromh lá Cenél cConaill i neneach Colaim Chille, a
chomharba agus a scrini ro dimhigneadh fecht riamh. As triasan
dímiadh chédna ro marbhadh Murchadh Ua Cricháin tighearna Ua fFiachrach.
Leanait muintir Éccneachain an maidhm iarttain gur ro chuirseat ár
ar Eoghanchaibh agus ar Cloinn nDiarmada.



Sluaicceadh lá Meler agus lá Gallaibh Laighen go Cluain Mic Nóis
i ccoinne Cathail Charraigh. Ro bhatar dí oidhche i cCluain, agus
airccther leó an baile eitir crodh agus biadh, agus do chóidhsead fo a
themplaibh.



Cathal Croibhdearg do dol is in Mumhain do shaighidh mic Mec
Carthaigh agus Uilliam Burc.



Gerrmaide Ua Baoigelláin do mharbhadh la hUa nDomhnaill .i. la
hÉccneachán.



Iomaireacc eidir Ua nDomhnaill agus Ua Ruairc, Ualgarcc, agus
Conchobhar na Glaisféne Ua Ruairc. Ro mhaidh for Uibh Briúin, agus
ro cuireadh dergár a muintire eidir bhádhadh, agus mharbhadh, agus
ro báitheadh Concobhar fesin don chur sin, occ Leic Uí MhaoilDoraidh
do shonnradh ro fighedh an iomarghoil sin.


L. 126


Donnchadh Uaitneach mac Ruaidhri Uí Conchobhair do mharbhadh la Gallaibh
Luimnigh.



Mathghamhain mac GiollaPhatraicc Uí Chiarrda do mharbhadh la Gallaibh
Cluana Ioraird.



Cluain Ioraird do losccadh dUa Ciardha do fhoghail for na Gallaibh
batar innte.



Creach la Cathal Croibhdearg i Mumhain gur ro loisg Caislén Uí
Chonaing, agus margadh Luimnigh agus caislen Uilcín, agus tuc Uilcín
cona mhnaoi illaimh lais iar marbhadh di ridere dhécc, agus iolar daoine
cenmóthát.



Fiachra Ua Flainn taoiseach Shil MhaoilRuain do écc.



Cathal Carrach do ghabháil Rige Connacht, agus Cathal Croibdearg
do ionnarbadh do i nUltaibh go rainig co teagh Ui Eignigh tighearna
FearManach, agus aisidhe do shaighidh Iohn Do Cuirt gur ro naidhm a
cura fris.



AOIS CRIOSD, 1201.



Aois Criosd, mile, da chéd, a haon.



Tomaltach Ua Concobhair comhorba Pattraicc, agus Príomhaidh na hEreann
décc.



Conn Ua Meallaigh epscop Eanaigh Dúin, gem gloinidhe ecclastacdha
décc.



Iohannes De Monte Celion cardinál comhorba Peatair do thocht ó Roimh
co hÉrind. Senadh mór do theaglamadh ina dháil co hÁth Cliath eidir
epscopaibh,


L. 128


agus abbadhaibh, agus gach gradh eccailsi, agus sochaidhe do saorchlandaibh
Ereann imaille friú. Ro ordaighsed iaromh a ccaingne uile iar na ccóir
eittir ecclais agus tuaith.



Senadh Condacht (immon cairdinal cédna) laochaibh, cléirchibh, occ Ath
Luain hi cind coicthidhisi iaromh, agus ro cindset a ccaingne febh roba
techta.



Niall Ua Floinn do mharbhadh lá Gallaibh Uladh i meabhail.



Maghnus mac Diarmada Uí Lachlainn do mharbhadh lá Muircheartach Ua Néll,
agus Muircheartach do mharbhadh ina chionaidh.



Conchobhar mac Muirghesa Uí Edin décc.



Tadhg Ua Braoin tighearna Luighne Midhe décc.



Muireadhach mac Neill mic an tSionnaigh Ui Catharnaigh décc.



Murchadh Ua Madadháin leth toisech Sil nAnmchadha do ghuin ina
chenn do shoighit agus a écc tremhit.



Sluaigheadh lá Cathal Croibhdearg, agus la hUilliam Búrc cona sochraide
Gall agus Gaoidheal hi cConnachtaibh o tha Luimneach go Tuaim Dá
Ualann, aissidhe go


L. 130


hUarán go hOilFinn go Carraic Locha Cé, go mainistir Atha Da Loarg,
agus asiad tighe na mainistre robtar botha longpuirt dóibh. Do chóidh
din Cathal Mac Diarmada for crech in Uibh Diarmada.



Rucc Tadg mac Concobhair Maonmaighe fair. Ro figheadh eargal eatorra,
agus torchair Cathal.



Dala Cathail Carraigh righ Connacht tionolaidh sidhe a sochraide, agus
tainic do shoighidh an tslóigh go riacht Guirtin Cúil Luachra hi
ccomfhocraibh don mhainistir. Batar samhlaidh ucht ré hucht co cenn
sechtmhaine, agus deabhaidh gach laoi etorra. hI forchenn na ree hisin
do dheachaidh Cathal Carrach do dhéccsin na deabhtha. Sraintear
sruthmhaidhm dia mhuintir ina chenn agus tairtheas esein ina ttrecommarcc
agus ro marbhadh é, ba tria fiortaibh Dé agus Ciaráin indsin. Ro marbhadh
bheós An Collaidh mac Diarmada Uí MhaoilRuanaidh don deabhaidh sin
i maille re sochaidhibh ele. Luidh Cathal Croibdearg agus Uilliam Búrc
cona sloghaibh as a haithle i Muigh Luircc, i Muigh Naoi, aissidhe
co hIarthar Connacht. Rangattar Conga Fheichin, agus as innte
do rónsat an Chaiscc. Cidh tra, acht ro cogradh lá hUilliam Burc agus lá
cloinn Ruaidhri Uí Flaithbertaigh feall do dhénamh for Cathal
Croibhdearg, agus ro shaor Dia é don chur sin tria shlánadh na


L. 132


heaccailse baoi eatorra im dhílsi fri aroile. Tangadar muintir Uilliam
Búrc iardtain do thobach a ttuarasdail for Connachtaibh, lingit
Connachtaigh forrasomh agus marbhait 700. dibh. Soais Uilliam co
Luimneach iar sin, agus gabhaith Cathal Croibhdearg righe chóigidh
Connacht.



Slóigheadh la hUalgharcc Ua Ruairc do dhul i cCenél cConaill, agus
ar rochtain dóibh isin ccrích rugsat bú agus gabhála. Rug Ua Domhnaill
Éccneachán forra occ Leic Uí MaoilDoraidh. Feachar scaindear etorra
go raeimhedh for Uibh Briúin cona sochraide, agus ro laadh a ndeargár
eitir mharbhadh agus bhadhadh. Ba don chur sin ro baidheadh Conchobhar
na Glaisfene.



Cenél nEoghain do thocht for creich naile i cCenél Conuill isin ló
chetna. Do rala etarra agus Ua Domhnaill gur ró sraoineadh for Cenél
nEóghain, agus ro marbhadh Gearrmhaidi Ua Baoighealláin co sochaidhibh
aile do Chenél nEóghain i maille fris.



Tighernán mac Domhnaill mic Cathail Ui Ruairc do mharbhadh la Mag
Fiachrach agus lá Cloinn Chathail, agus an tEoghanach Mag Fiachrach
do mharbhadh ar an láthair sin.



AOIS CRIOSD, 1202.



Aois Criosd, mile, da céd, adó.



Muircertach Ua Carmacain epscop Cluana Fertu Brenainn do écc.



MaolColaimm Ua Bronain aircindeach Toraighe décc.



Domhnall Ua Brolcháin prióir agus uasal sheanóir, Saoí dearscaighthe ar
chéill, ar chruth, ar dhelbh, ar mhíne, ar mhordhacht, ar chrabhadh, agus
ar eagna dég iar ndeighbhethaidh an seachtmadh lá fichet April.


L. 134


MaolFinnein Mac Colmáin seanóir toghaidhe agus Conn Craibhdech Ua
Flannagáin dég.



Domhnall Carrach Ua Dochartaigh (.i. riogh thaoiseach Árda Miodhair)
do mharbadh lá muintir Baoighill iar nargain ceall agus tuath niomdha.



Conchobhar Ruadh mac Domhnaill Uí Bhriain do mharbhadh lá a dearbhrthair
fein agus lá Muirchertach mac Domhnaill mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain.



Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Chonchobhair do éludh a geimheal, agus
Cathal Croibhdearg dho dhenamh siodha fris, agus ferann do tabairt dó.
Toirrdhealbhach iaromh do ionnarbadh lá Cathal agus sídh do denomh ris
fo chédóir tria impidhe na nGall.



Domhnall mac Muirchertaigh Uí Maoileachlainn do écc.



Diarmaitt mac Airt Uí Maoileachloinn do mharbhadh la mac Lochlainn Uí
Concobhair.



AOIS CRIOSD, 1203.



Aois Criosd, mile, da ched, atrí.



An tepscop mac Giolla Cheallaigh Í Ruaidhin epscop Cille Mic Duach
do ecc.



Doire Colaim Chille do losccadh o tha relecc Martain co tioprait
Adhamhnain.



Mainistir do dhenamh lá Ceallach ar lár croi Ia gan nach dlighedh tar
sárucchadh muintiri Ia fodhéin, agus ro mhill an baile co mór. Cleirigh
an Tuaiscirt do thionol co haoín ionadh do dhul go hÍ, .i. Florent Ua
Cerbhallán epscop Thire hEoghain, MaoilIosa Ua Dorigh epscop Thíre
Conaill agus abb recclésa Póil agus Peadair i nArd Macha, Amhalgaidh
Ua Ferghail abb recclesa Doire, agus Ainmire Ua Cobthaigh, agus drong
mhór do mhuintir Doire, agus sochaidhe do cléircibh an Tuaiscirt
genmothaitsídhe. Tiagaid iaromh co hÍ, agus scaoiltear leó an mhainis-


L. 136


tir remepertmar do réir dhlighedh na heccailsi, agus ro hóirdnedh an
tAmhalgaidh remhráite i nabdhaine Ia tria thogha Gall agus Gaoidheal.



Diarmaitt mac Muircertaigh Uí Lochlainn co ndruing do Ghallaibh do dhul
ar crech hi tTír nEoghain, agus ro airgset Scrin Colaim Cille, agus
rugsat dream do Cenél Eoghain orra, agus sraointer leó for Dhiarmaitt
co na Ghallaibh, agus ro marbhadh Diarmaid feisin tria mhiorbhailibh
na Scrine.



Slóigheadh la mac Hugo De Lati co ndruing do Ghallaibh Midhe i
nUltaibh, co ro díochuiredh Iohn Do Cuirt a hUltoibh iar ccor
chatha eturra i nDun Da Letglas, in ro marbhadh sochaidhe.



Muircertach Tethbhach mac Conchobhair Mhaonmhaighe mic Ruaidhri
Uí Conchobhair do marbhadh la Diarmaid mac Ruaidhri agus la hAodh mac
Ruaidhri, .i. dá dearbráthair a athar fén ar faithce Chille Mic Duach.



Maidhm ria nDomhnall mac Meg Carthaigh agus ria nDesmhumhain for
Ghallaibh dú hi ttorchrator seasccatt ar céd nó ní as uille.



Faolan Mac Faolain tigherna Ua fFaolain do ecc i mainistir
Congalaigh.


L. 138


Cenandus Ath Truim agus an Droichett Nua do losccadh.



Sitricc Teabthach Ua Ceallaigh Maine do écc.



AOIS CRIOSD, 1204.



Aois Criosd, mile, dá chéd, a ceathair.



Sitriucc Ua Sruithén airchindeach na Congbhala, .i. cenn Ua Murtele
agus toiseach Cloinne Snédhgile ar thotacht décc iar ndéigh pendainn,
agus a adhnacal isin tempall do rónadh leis féin.



Iohn De Cuirt indredhach ceall, agus tuath do ionnarbadh lá mac
Hugo De Lati


L. 140


hi Tír Eoghain ar comairce Cenél nEoghain go rainicc go Carraicc
Ferghusa, agus ro marbsat Goill Uladh sochaidhe dia mhuintir.


L. 142


Uilliam Búrc do indradh Connacht eitir chill agus tuaith, agus ro
dhioghail Dia agus na naoimh indsin fair uair ro ég do ghalur iongnáth do
badh adhnár daisnéis.



Muircertach Ua Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do écc.


L. 144


AOIS CRIOSD, 1205.



Aois Criosd, mile, dá chéd, a cúicc.



An tAirdeaspoc Ua Leienni hEinni do dhol i mainchini, agus a écc fo
chedóir.



Donait Ua Becdha epscop Ua nAmhalgadha do écc.


L. 146


Saoirbhrethach Ua Doirédh oirchinneach Domhnaigh Móir, agus Patraicc
Ua Moghróin, décc.



Maghnus Ua Catháin mac tigherna Cianachta agus Fher na Craoibhe,
tuir gaisccedh agus beodhachta an Tuaiscirt do ghuin do shoighit, agus a
ecc iaromh.



Mac Guillbhealaigh Uí Cherbhaill tigherna Éle do mharbhadh lá Gallaib.



Conchobhar Ua Braoin Breaghmaine do écc ina ailithre i cCluain Mic
Nois.



Raghnall Mac Diarmata ticcerna Cloinne Diarmata do écc.



Domhnall Mac Concoiccriche taoisech Muintire Sercacháin do écc.



Domhnall Ua Faoláin tighearna na nDeisi Mumhan do écc.



Tadhcc mac Cathail Croibhdercc do écc do ghalar en oidhche i
cCluain Mic Nois.



Maelir mac Maelir do dul ar éccin ar Luimneach, agus cogadh mór
deirgi


L. 148


eitir Ghallaibh na Midhe agus Goill Maoilir trid sin, agus CuUladh
mhac ConMedha Uí Laeghachain taoiseach Síl Ronain do mharbhadh ar an
ccoccadh sin la Cenél Fiachach mic Néill.



AOIS CRIOSD, 1206.



Aois Criosd, míle, dá chétt, a sé.



Domhnall Ua Muiredhaigh aird-ferleighinn Doire do écc.



MaolPettair Ua Calmáin comharba Caindigh tuir crábhaidh agus eccna
tuaiscirt Ereann do écc.



Flaithbertach Ua Flaithbertaigh prióir Dhuine Geimhin, agus
GiollaPatraicc Ua Falachtaigh airchindeach Dhúin Cruithne do écc.



Eiccnechán Ua Domhnaill do dhénamh creach agus marbtha i tTír Eoghain.



Comarba Patraicc do dhol i ccend Righ Saxan do chuinghidh sochair
cheall, agus do chosaoid ar Ghallaibh Ereann.


L. 150


Tomaltach mac Concobhair mic Diarmata mic Taidhg tighearna Mhaighe
Luircc agus Airtigh agus na hAicidhechta en branan Cloinne
MaolRuanaidh do écc.



Creach la hEccnechán Ua nDomhnaill i nUibh Farannain agus hi
cCloinn Diarmata. Ro ghabhsat bú iomda agus ro marbhsatt daoine.
Ruccsat Uí Diarmatta, Uí Fhorannáin agus Uí Gairmledhaigh orra. Ro
marbhadh, agus ro báidhedh sochaidhe etorra, agus ruccsat Cenél cConaill
an ccreich fo dheóidh iar morshaothar.



Ruaidhri Ua Gadhra ticcerna Slebhe Lugha do ecc.



Aodh mac Murchadha Uí Cheallaigh ticcerna Ua Maine, agus Caithniadh
Ua Caithniadh tighearna Iorrais do écc.



Aodh Ua Goirmghiallaigh ticcerna Partraighe Cera do marbhadh lá
fearaibh Cera.



Ruaidhri Ua Toghda taoiseach na Bredcha la hUa nAmhalgaidh do ecc.



Gillibert Ua Flannaccáin, agus Iomhar Mac Murchaidh cách díobh dho
marbhadh aroile ir Ros Comáin.


L. 152


Muircertach Mac Carrghamhna taoisech Muintire MaoiltSionna do écc.



Sloiccheadh la mac Hugo De Lati co nGallaibh Midhe agus Laighean
i tTelach nÓcc. Ro loisccedh cealla agus arbhanna lais, agus ni rucc
geill náid eidiredha Aodhae Uí Neill don chur sin.



Sloiccheadh las an lucht ccedna i cCiannachtaib. Ro loisccsett cealla
Ciannachta uile agus ruccsat buar dirímhe.



AOIS CRIOSD, 1207.



Aois Criosd, mile, da céd, a seacht.



Creach la hEiccnechan Ua nDomnaill a bFeraibh Manach go ro ghabhsat
bú. Ruccsat Fir Manach foirlion forra agus ro marbsat Ua Domhnaill
tighearna Tíre Conaill, tuir engnamha agus einigh an Chuiccidh ina
reimhes, agus torcrattar drong do shaorclannaibh ele i mailli friss.
Itiat na huaisle do rochrattar ann, an Giolla Riabhach mac Ceallaigh
Uí Baoighill, Donnchadh Conallach mac Concobhair Maonmaighi, agus
Mathgamhain mac Domhnaill Midhigh Uí Concobhair agus laochraidh iomdha
cenmothát.



Domhnall mac Ferghail Uí Ruairc ticcerna urmhóir Breifne do écc.



Muiredhach mac Ruaidri Uí Concobhair agus Amhlaibh Ua Ferghail taoisech
muintire hAnghaile do écc.



Diarmait Ua Madagáin tighearna Síl nAnmchadha do écc.



Taissi Ruaidhri Ui Concobhair Rí Connacht do thabhairt a talmain, agus
a ccur hi sccrín chloiche.


L. 154


Cathal Croibhdhercc Ó Concobhair Rí Connacht do ionnarbadh Aodha
Uí Fhlaithbheartaigh agus a crioch do thabhairt dia mac fein dAodh
mac Cathail.



Coccadh mor eittir Ghallaibh Laighean fein .i. eittir Maoilir agus
Seffraigh Mares, agus Uilliam Marusccal gur milleadh Laighin, agus
fir Mumhan etorra.



Coccadh mór fós eittir Hugo De Lati agus Maoilir, go ro milleadh uile
muintir Mhaoilir.



Crech mor la Cathal Carrach mac Diarmata mic Taidhg ar Chorbmac mac
Tomaltaigh Mic Diarmata, agus ar Ua fFloinn Eassa, co ruccsat drem
do Connachtaibh fair .i. Diarmait mac Maghnusa mic Muircertaigh Uí
Choncobhair, agus Corbmac mac Tomaltaigh, Concobhar God O hEghra
tigherna Luighne, agus Donnchadh Ua Dubhda tighearna Ua nAmhalgadha,
agus Ua fFiachrach go ro chuirsiot cliathaidh go ro muidh for Cathal
Charrach, agus go ro gabhadh é fein, agus go ro dalladh, agus ro marbhadh
Muirghes a mhac, agus Mac Chonghránna Uí Fhlannaccáin co sochaidhibh
ele.



Creach mhór la Maoilir Ócc, agus la Muircertach Ua mBriain agus lá
Toirrdhealbhach


L. 156


mac Ruaidhri Uí Concobhair i tTír Fhiachrach Aidhne co ro airccsiot
cúicc baile dhécc.



Cathal mac Ruaidhri mac an tSiondaigh Uí Chatharnaigh tighearna Tethba
do écc.



Sluaiccheadh la macaibh Hugo De Lati, agus la Gallaibh Midhe go caislén
Atha an Urchair go rabhattur sechtmain for mís acc forbhaisi fair go ro
fháccbadh an caislén leó, agus triocha chéd FhercCeall, agus go
hionnarbadh Maoilir as in tír.



AOIS CRIOSD, 1208.



Aois Criosd, mile, da céd, a hocht.



Dauid Bretnac epscop Puirt Lairge do mharbhadh la hUá bFaoláin
dona Deisibh.


L. 158


Creachsloiccheadh la hAodh Ua Neill i nInis Eoghain. Rucc Ua
Domhnaill .i. Domhnall Mór cona sochraitte fair. Ro cuiredh
caithiorgail etorra in ro marbadh ár dírimhe ar gach leth. Torchair is
in maidhm sin Domhnall mac Murchadha, agus ár adhbal do Chenél
Eoghain imaille friss. Torcrattar i ffriothguin an mhadhma Cathbharr
O Domhnaill, Ferghal Ua Baoigill, Corbmac Ua Domhnaill, Dauid Ua
Dochartaigh, agus drem do mhaithibh Chenel cConaill cenmothátt. Ro
sraoineadh fo deoidh tre nert iommbualta for Cenél nEoghain.



Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Mór) for Chenél nEoghain agus
for Aodh Ua Neill go rucc for crechaibh agus braighdibh an tire, gur
snadhmadh sídh eittir Ua nDomhnaill agus Ua Neill, agus ro naidmsiot
a ccarattradh friaroile i nacchaidh Gall agus Gaoidheal no chuirfeadh
ina naghaidh.



Duibhinnsi Mág Aenghusa ticcerna Cloinne hAodha Ua nEachdhach do
mharbhadh la mac DuinnSleibhe Uí Eochadha.



Finghin mac Diarmata mic Corbmaic Mhég Cárthaigh do mharbhadh la
a braithribh feisin.



Ualgharcc Ua Ruairc do chor a tigernas Fher mBreifne, agus Art mac
Domhnaill mic Ferghail do ghabhail a ionaidh a hucht Gall.



Iohannes Episcopus Norbus do chor do Righ Saxan i nErinn dia bheith
ina Iustis innte, agus Saxoin deschoitchionnucchadh la comharba
Pettair fodaigh an epscoip do chor cum coccadh i nErinn, go mbáttar
Saxain gan aiffrionn gan baisttedh gan ongadh, gan adhnacal inathéchta
fri ré trí mbliadhan.


L. 160


Muircertach mac Domhnaill Ui Bhriain ticcerna Tuadmhumhan do ghabháil
lá Gallaibh Luimnigh tor sarúchcadh trí nepscop tre fhoráil Dhonnchaidh
Chairbhrigh a derbrathar fein.



Diarmaitt Ua Caomháin taoisech o Tuaim Da Bhodhar go Gleóir do écc.



Amhlaibh Ua Rothláin taoisech Calraighe Chúile Cernatan do marbhadh
la hUa Móráin.



AOIS CRIOSD, 1209.



Aois Criosd, míle, da céd, a naoi.



Cele Ua Dubhthaigh epscop Maighe Eo na Saxan, GiollaCrist Ua Cearnaigh
comhorba Condere, agus Flaithbertach Ua Flainn comharba DaChonna Easa
Mic nEirc do écc.


L. 162


Art mac Domhnaill mic Ferghail Ui Ruairc tighearna Breifne do marbhadh
la Corbmac mac Airt Uí Maoilechlainn, agus la Corbmac mac Airt Uí
Ruairc, agus Ualgarcc Ua Ruairc do ghabháil ticcernais ina dhiaidh.



Donnchadh Ua Ferghail ticcerna na hAnghaile do ecc.



Ri Saxan do techt i nErinn seacht ccéd long. Is ann ro ghabhsat in
Ath Cliath. Baoi athaidh ainnsein acc legadh sccisi na mara de iar
ttorrachtain


L. 164


do, agus tanaic o AthCliath go Tiopraitt Ulltain i Midhe. Do coidh
Cathal Croibhdercc Ó Concobhair ina tech. Ro hionnarbadh Ualtra De
Lati as in Midhe hi Saxain. Do choid iaramh an Ri agus na maithe
bai ina fharradh go Carraic Fherghusa co ro dhiochuir Hugo De Lati
a hUlltaibh hi Saxain. Aodh Ó Néill do dhol fo thoghairm an Righ
agus a theacht for ccúlaidh gan gialladh. An Righ do beith i bhforbaisi
for an cCarraicc co ro faccbadh dó í, agus tucc a mhuintir fein innte.
Tanaicc Ó Concobhair iaromh dia thigh budh dein.



Do coidh iaromh Ri Saxan go Raith nGuaire, agus tanaicc Ua Concobhair
doridhisi dia soighidh, agus ro bai an Ri acc iarraidh a mheic ar Ua
cConcobhair do ghiall fri comhall dó. Ni thárd Ua Concobhair a mhac
uadha, acht do rad cethrar dia mhuintir dia chionn, .i. Concobhar God
Ó hEghra tighearna Luighne, agus Diarmait mac Concobair Uí
MaoilRuanaidh tighearna Mhuighi Luircc, Fionn Ua Carmacáin, agus
Toirbheand mac righ GallGaoidhel do aes gradha Uí Concobhair, agus
do chóidh an Ri go Saxain, agus rucc na braighde sin lais.


L. 166


AOIS CRIOSD, 1210.



Aois Criosd, mile, da céd, a deich.



Goill do teacht co CaolUiscce. Aodh Ó Néill agus Domhnall Ua Domhnaill
do thionol chuca go ro marbhait leo na Goill im Henri mBecc. Ro
roinnsiot a nionnmhusa agus a nédála for na sloghaibh.



Toirrdelbhach mac Ruaidhri Ui Concobhair do dhenamh creche i Muigh
Luircc, agus rucc leis is in Seghais í do shaighidh Diarmatha a bhrathar.
Luidh Aodh mac Cathail ina deadhaidh co ndeachaidh Toirrdelbhach is in
Tuaisceart ar teichedh roimhe.



Braighde Connacht do thoidhecht i nErinn, Concobhar God O hEghra
tighearna Luighne, agus Diarmait mac Concobhair Ui MaoilRuanaidh, Fiond
Ua Carmacáin, agus Aireachtach Mac Donnchaidh.



Muircertach Muimhnech mac Toirrdealbhaigh Moir do ecc.



Coccadh mór do eirghe eitir Righ Saxan agus Ri Bretan, teachta do thocht
o Righ Saxan ar cend an Gailleaspuicc, agus maithe Ghall nEreann imon
nGaillepscop do dhol fo thoghairm Righ Saxan, agus Riocard Diúid do
fhaccbail ina iustis i nErinn, agus an Iustis do thocht co hÁth Luain
ar dháigh go ccuirfeadh a


L. 168


bhraithre co Luimnech, go Port Láirge, agus co Loch Garman agus co
mbiadh féin i nAthCliath agus in Ath Luain. Do rala dó gur ro
thuitset clocha caislén Atha Luain ina chenn gur bho marbh gan anmain
Riocard Diuid cona shacart agus co ndreim dia mhuintir immaille friss
tria mhiorbhailibh Dé, Naoimh Pedair agus Naoimh Chiarain.



Clann Ruaidhri Uí Concobhair, agus Tadg mac Concobhair Maonmhuighe do
thocht tar Sionaind anair is na Tuathaibh, agus drem do muintir
Anghaile imaille friu agus ruccsat creich leo i nditreibh Cheineoil
Dobhta. Do thaed Aodh mac Cathail,


L. 170


Croibhdeircc ina ndiaidh, agus do beartsat deabhaidh dia roile agus ro
mheabhaidh ar mhacaibh Ruaidhri gur ro cuireadh dar Sionainn sair
doridhisi iatt iar ffaccbhail daoine agus each.



AOIS CRIOSD, 1211.



Aois Criosd, mile, dá ched, a haon ndécc.



Sitriocc Ua Laighenáin comharbha Comhgaill do ecc.



Caislen Cluana hEoais do dhénamh lá Gallaibh agus lás an nGaillespoc,
agus crechshluaiccheadh do dhenamh leó i tTír Eoghain. Aodh Ó Néill
do bhreith orra, agus ro sraoineadh remhe for Gallaibh, agus ro chuir a
nár im Maoilir mac Roberd.



Tomas Mac Uchtraigh go macaibh Raghnaill Mic Somhairlich do techt
co Doire Choluim Chille foirenn sé long seachtmoghat, agus an baile
do orgain agus do milleadh leo. Lodar assidhe co hInis Eoghain, agus
ro mhillset in insi uile.


L. 172


Sloiccheadh la Connactaibh tria thoghairm an Ghailleaspuic agus Gillibeirt
Mic Goisdelbhaig co hEssRuaidh, agus do ronsat caislen occ Caol Uiscce.



Ruaidhri mac Ruaidhri, mic Toirrdealbhaigh Ui Concobhair, do marbhadh la
Luighnibh Connacht.



Corbmac mac Airt Uí Maoileachloinn do buain Delbhna do na Gallaibh,
agus Maoileachlainn mac Airt do thabhairt madhma ar na Gallaibh do bhai
ag coimhett Dealbhna, agus a cconstabla Robeard Dhúncomair do marbhadh.



Cugaela Ua hEidhin do ecc.



Raghnailt agus Caillech Dé dí inghin Ruaidhri Ui Concobhair do écc.



AOIS CRIOSD, 1212.



Aois Criosd, mile, da céd, a dodecc.



DruimChaoin cona tempall do losccadh la Cenél nEoghain gan ced dUa
Néill.



Ferghal Ua Catháin tighearna Ciannachta agus Fher na Craoibhe do
mharbhadh la Gallaibh.



Gillibert mac Goisdelbhaigh do mharbhadh i ccaislen ChaoilUiscce,
agus an caislen feissin do losccadh la hUa nEiccnigh.



Caislen Cluana hEoais do losccadh la hAodh Ua Neill, agus la Tuaisceart
Erenn.



Donnchadh Ua hEidhin do dhalladh la hAodh mac Cathail Croibhdeirg gan
ced dUa Concobhair.



Maidhm Caille na cCrann do thabairt la Corbmac mac Airt Ui


L. 174


Maoilechlainn agus la hAodh mac Concobhair Maonmaighe ar Ghallaibh
dú in ro ládh a nár im Piarus Masan agus im macaibh Sleimhne.



Donnchadh Mac Cana toisech Chenél Aonghusa do ecc.



Domhnall Ó Daimhín do mharbhadh la macaibh Még Lachlainn i ndorus
recles a Doire.



Crech las in nGiolla Fiaclach Ua mBaoighill co ndruing do Cenél
cConaill a maille fris for araill do Chenel Eoghain baoi for comairce
Uí Thaircheirt, .i. an Giolla Riabhach toiseach Cloinne Sneidhghile
agus Cloinne Fíngin. Rucc imorro Ó Tairceirt forra, agus feraidh
deabhaidh friú agus marbhthar é budh deisin ag cosnamh a einigh.



Teach do ghabháil la Diarmait mac Ruaidhri Uí Concobair for Aodh mac
Maghnusa Uí Concobhair hi cCill Colmain Fhinn hi cCorann gur
ro loisccit cuicc fir dhécc ar fhichit ann.



Maidm do thabairt do Dhomhnall mac Domhnaill Breghaigh Í Maoilechlainn
for Chorbmac Ua Maoileachlainn dú in ro marbhadh Giolla Criosd Mac
Colgan co sochaidhe ele amaille fris.



Domhnall mac Domhnaill Uí Maoileachlainn do mharbhadh ar creich la
muintir Maoilir.



Sluaiccheadh la Gallaibh Mumhan go RosCré go ndearnsat caislén ann.


L. 176


Assaidhe go Cill Achaidh go rucc Muircertach mac Briain orra cona
shloigh go ttard deabhaid doibh. Ro loiteadh Maoileachlainn mac Cathail
Charraigh gur bó marbh dia ghonaibh.



AOIS CRIOSD, 1213.



Aois Criosd, mile, dá chétt, a trí decc.



Gilla na Naemh Ua Ruadhan epscop Luighne agus Muiriccen Ua Muireccein
epscop Cluana Mic Nois do écc.



Ainmire Ua Cobhtaigh abb Reclesa Doire Coluim Cille uasail clérech
toghaidhe ar chrabhadh, ar chennsa, ar dheirc, ar eccna, agus ar gach maith
archena.



Tomás Mac Uchtraigh agus Ruaidhri Mac Raghnaill do orccain Dhoire
Choluim Cilli agus do bhreith sheód mhuintire Doire agus tuaiscirt
Ereann archena a lár tempaill an Recclesa, agus a mbreith leo go Cúil
Raithin.


L. 178


Ua Cathain agus Fir na Craoibhe do theacht go Doire do gabhail tighe
ar mhacaibh Még Lachlainn. Ro marbhadh cellóir mór Recclesa Doire
etorra occa nettargoire. Do roine Dia agus Coluim Cille miorbhail
innsin uair ro marbhadh an fer tionoil agus toichestail baí leo, .i.
Mathghamhain Mhág Aithne i neneach Choluim Chille i ndorus in
Duibhrecclésa.



Caislen Cuile Rathain do dhenamh la Tomas Mac Uchtraigh agus la Gallaibh
Uladh, agus ro sccaoileadh relcce, agus cumhdaighthe an bhaile uile
do chum an chaislein sin cenmothá an thempall.



Aodh Ua Neill do thabhairt madhma ar Ghallaibh agus ro la a nderccár,
agus ro loiscceadh beós lais an Carrlongport isin ló cettna eittir
dhaoinibh, agus indilibh.



Donn Ó Breisléin taoiseach Fánatt do mharbhadh da mhuintir fein i
meabhail.



Fiond Ua Brolcháin maor Í Dhomhnaill (.i. Domhnall Mor) do dhol
i cConnachtaibh do chuingidh chíosa Í Dhomhnaill. Asseadh do choidh
cettus co Cairpre Droma Cliabh. Ro tadhaill sidhe cona chaoimhthectoibh
do thigh an fhilidh Muiredhaigh Lesa an Doill Ua Dálaigh, agus ro
ghabh for miochostadh mór friss an bhfhilidh ar ba haitheach somh a hucht
treóin (gion gur bo hé a thiccerna ro chomhairleicc do). Ro lonnaigheadh
an fer dána fris, agus ron gabh biail mbithgéir ina laimh co ttaratt beim
ndó go ffarccaibh marbh gan anmain. Teitt feisin iarsin ar iomghabhail
Uí Dhomhnaill hi cCloinn Riocaird. Iar na fhios sin dUa Domhnaill
do ronadh léirthionol slóigh lais ina deadhaidh, agus ní ro airis co rainicc


L. 180


Doire Í Domhnaill i cCloinn Riocaird, conadh uadh ro ghabh
ainmniucchadh, ar a bheith adhaidh longpoirt ann. Ro ghabh for
creachlosccadh an tíre gur bho riarach Mac Uilliam dó fó dheoidh, agus co
ro dhiochuir Muiredhhach dia chomairge i tTuadhmhumhain. Do thaed
Ua Domhnaill ina dhiúidh agus geibhidh for indradh, agus orccain na
criche íshin coros athcuir Donnchadh Cairbrech Ua Briain Muiredhach
uadha i nucht muintire Luimnigh. Ro len Ua Domhnaill é co dorus
Luimnigh, agus baí i fforbaissi agus hi bhfoslongport ag Móin Uí
Dhomhnaill conadh uadh ainmnighther. Ro dhiocuirsiot lucht Luimnigh
Muiredhach uadhaibh for forchongra Ui Dhomhnaill co nach ffuair a
imdhiden acht a thairbhirt ó láimh do láimh go riacht Ath Cliath
Duibhlinne.



Soais Ó Domhnaill don chur sin iar siredh agus iar ccor cuarta Connacht
uile go hiomlan. Do ronadh sloichceadh ele lais doridhise gan iomfhuireach
gan fhosucchadh is in mbliadhain céttna bheos co hAthCliath gur ba heiccen
do lucht Atha Cliath Muiredhach do chor uadhaibh go hAlbain, agus bai
annsaidhe co nderna teóra drechta adhmolta do chuinghidh siodha, agus
maithme nanacail ar Ua nDomhnaill, agus ba hé an treas dán dibh sidhe,
A Dhomhnaill deadhlamh fo sith, etc. Do radadh sith dósomh ar a
adhmoltaibh, agus gabhaidh O Domhnaill ina mhuinteras é iaromh, agus
do rad forba, agus ferann do feib ro ba data lais.



Creach la Corbmac Ua Maoileachlainn for chaislen Chinn Clair go ro


L. 182


loiscc an badhbdun agus go raoimhidh for na Gallaibh, co ttuccadh eich
agus eitte iomdha uatha.



Morsluaigheadh la Gallaibh Ereann dionnsaicchidh Corbmaic mic Airt
gur comraicsiot acc droichet Tine. Feachar iomairecc etorra, agus ro
mheabhaidh for mhac Airt, agus do rochair Ruaidhri Ua Ciardha is in
deabhaidh sin, agus ro díochuireadh mac Airt a Dealbhna, agus ro
hairccedh a mhuintir. Do chóidhsiot na Goill go hAth Luain, agus
do ronadh caislen leó ann. Do ronsat beós caislen Chinneitigh, caislen
Biorrae agus caislen Durmaighe.



Creach la Corbmac mac Airt i nDealbna co ro aircc MaoilSeachlainn
Becc agus go ro ionnarb as an tír. Ro marbh dná Uilliam Muilinn, agus
ro ghabh fein tigernas Dealbhna.


L. 184


AOIS CRIOSD, 1214.



Aois Criosd, mile, dá chéd, a ceathair decc.



An tepscop Ó Ceallaigh .i. eapscop Ó fFiachrach do ecc.



Ardghar Ua Concobhair epscop Shíl Muiredhaigh do ecc.



Benmidhe inghen Eccnigh ben Aodha Uí Neill baintighearna Oiligh
décc iar ndeighbhethaidh.



Creach do dhenamh la hAodh mac MaoilSeachlainn Ui Lachlainn for
comorba Choluim Chille, agus Aodh budheisin do mharbhadh la Gallaibh
ria ccind bliadhna tria fhiortaibh Dé agus Choluim Cille.



Cathal Mac Diarmatta mic Taidg ticcerna Muighe Luircc tuir ordain
Connacht do écc.



Brian mac Ruaidhri Í Fhlaithbertaigh mac ticcerna iarthair Connacht
do ecc.



Creach criche Cairpre do dhenamh la hUalgarcc Ua Ruairc ar Philip
Mac Goisdelbhaigh co rucc bú iomdha lais.



AOIS CRIOSD, 1215.



Aois Criosd, mile, dá céd, a cuicc decc.



Dionisius Ua Longargáin airdespoc Caisil decc hi Roimh.



Conchobhar Ua hEnne epscop Chille DáLua do écc ar slighidh occ
tionntudh do iarsan ccethramhadh Comhairle Generailte bai in ecclais
Lateranensis.


L. 186


Annudh Ua Muiredhaigh epscop Conmaicne agus MaolPóil Ua Muiredhaigh
prioir Dhúine Geimhin do ecc.



Trad Ua MaoilFábhaill toisech Chenél Fherghusa cona bhraithribh agus
co ndruing móir ele immaille friú do mharbhadh la Muireadhach mac Mormair
Lemhna.



Donnchadh Ua Duibhdhiorma toiseach na mBrédcha do écc, i Duibhreccles
Doire.



Aongus Ua Cairelláin toiseach Cloinne Diarmata do mharbhadh la a
braithribh fen.



Murchadh Mac Cathmaoil toisech Ceneoil Fheradhaigh do écc.



Mag Cana toisech Chenél Aenghusa do mharbhadh la a braithribh.



Ruaidhri Ua Floinn ticcerna Derlais do ecc.



Gilla Cuitrigh mac Carrgamhna taoisech muintire MaoiltSionna decc.



Giolla Caoimhgin Ua Ceallaigh Bregh do ghabháil la Gallaibh i mainistir
Pettair acc AthLuain, agus a crochadh leo in AthTruim.



Tadhg Mac Eitigein taoiseach Cloinne Diarmata do ecc.


L. 188


AOIS CRIOSD, 1216.



Aois Criosd, mile, da cett, a sé decc.



Mathghamain Ua Laithbertaigh tighearna Cloinne Domhnaill do écc.



Giolla Arnáin Ua Martain ollamh Erenn i mbreitemhnus do écc.



Tomaltach mac Aodha mic Aireachtaigh Uí Rodhuibh do mharbhadh la
Domhnall mac Aedha Mic Diarmatta.



Eachdhonn Mac Gilliuidhir comarba Patraicc, agus priomhaidh na hEreann
do écc hi Roimh iar ndeighbethaidh.



MaoilSeachlainn mac Diarmata do mharbhadh dFearaibh Ceall, agus do
mhuintir Mhaoilir.



Murchadh mac Ruaidhri Uí Concobhair do écc.


L. 190


Caislén Chille DaLua do dhénamh la Seafraigh Mares, agus an
Gailleaspoc fós do dhénamh tighe innte ar eiccin.



An tres Henry do rioghadh os Saxain 19. October.



AOIS CRIOSD, 1217.



Aois Criosd, mile, da chéd, a secht décc.



Giolla Tighearnaigh Mac Giolla Ronain epscop Airghiall, agus cenn
canánach Ereann do écc iar bpennainn agus iar naithricche.



Diarmait mac Conchobhair Mic Diarmata tighearna Muighi Luircc do écc.



Mor inghen Uí Bhriain .i. Dhomhnaill ben Cathail Croibhdheircc do écc.



Domhnall Ua Gadhra do ecc.



Niall mac mic Lochlainn Uí Concobhair do écc.



Donnchadh Ua MaoilBrenainn taoiseach Cloinne Concobhair do écc.



Tadhg Ua Ferghail do marbhadh la Murchadh Carrach Ua fFerghail.



GiollaPatraicc Mac Acadhain taoiseach Cloinne Fermaighe do écc.


L. 192


Domhnall mac Murchadh Mhég Cochláin tighearna urmhóir Dealbhna
do mharbhadh do mhacaibh Maoileachlainn Méag Cochlin i meabhail i
Liathdruim.



Cathal Fionn Ó Lachtna taoiseach an Dá Bhac do marbhadh la hUa
fFloinn Mhaighe hEleocc i ffiull ina tigh fein.



Corbmac mac Tomaltaigh doirdnedh.



AOIS CRIOSD, 1218.



Aois Criosd, mile, da chétt, a hocht décc.



Clemens epscop Luighne do écc.



Giolla na Naomh Ua Gormghaile saccart Rátha Lúraigh do écc ina oilithre.


L. 194


MaoilIosa Ua Daighre airchinneach Doire Choluim Chille do écc an
tochtmhadh la do Dhecember iar mbeith cethrachat bliadhain ina
airchindeach, agus iar ndenamh gacha maithesa for caomhnaccair do gniomh hi
ccill agus i ttuaith.



Tempall Mainistre na Buille do choisreaccadh.



Muircertach Ua Floinn ticcerna Ua tTuirtre do marbhadh la Gallaibh,
agus Conghalach Ua Cuinn taoiseach Maighe Lugad agus Shil
cCathasaicch uile, tuir ghaisccedh, einigh agus oirdearcais tuaiscirt
Ereann do mharbhadh la Gallaibh bheós is in ló cédna.



Ruaidhri, agus MaoilSeachlainn, da mhac Mhég Cochláin do écc i
mainistir Chille Beccain.



Lochlainn Ua Concobhair do écc agus mainistir Cnuic Muaidhe.


L. 196


Creach do dhénamh la Gallaibh Midhe agus la Muircertach Carrach Ua
fFerghail ar Uibh Briúin na Sionna, agus Diarmait mac Toirrdhealbhaigh
mic Maoileachlainn agus dream do Chonnachtaibh do breith forra go raimhidh
fors na Gallaibh go ttorcratar tuilleadh ar chéd eittir mharbhadh, agus
bhádhadh díobh. Do rochair mac Uí Concobhair i ffriothguin na sgainnre
go ndruing dia mhuintir a maille fris.



AOIS CRIOSD, 1219.



Aois Criosd, mile, dá chéd, a naoi décc.



Aodh Ua MaoilEóin epscop Cluana Mic Nois do bhathadh.



Fonachtán Ua Bronáin comorba Coluim Cille do ecc, agus Flann Ua
Brolcháin do oirdneadh ina ionadh is in comhorbus.



Maeleschlainn recte Maelsechlainn mac Concobair Maonmaighe do mharbhadh
la Maghnus mac Toirrdhealbhaigh Í Concobhair iar ngabháil tighe fair i
cCluain Tuaiscirt.



Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill .i. Domhnall Mor i nGairbhthrian
Connacht da


L. 198


bfuair braighde, agus úmhla Uí Ruairc agus Ui Raighilligh agus catha
Aodha Finn uile agus gabhail dó iar sin tre Fheraibh Manach go ro
milleadh lais gach conair tres a ttudhcaidh etir chill agus tuaith
doneoch bai i ffresabhra friss.



Ualtra De Laty agus mac Uilliam Burc do theacht a Saxoibh.



Dubhdara mac Muiredhaigh Ui Maille do mharbhadh i ngeimheal la Cathal
Croibhdhercc ina longphort fein tré na mhighníomhaibh.



Enda mac Danair Uí MhaoilChiaráin do écc.



AOIS CRIOSD, 1220.



Aois Criosd, mile, da chéd, a fiche.



Iacobus do tocht i nErinn ina légaidech on bPapa do reidhiuccad, agus
dorducchadh dal ecclastacda na hEreann, agus a dol for cculaibh
doridhisi.



Diarmait mac Ruaidri (.i. mac Toirrdhealbhaigh Mhoir)
Concobhair do marbhadh la Tomás Mac Uchtraigh ag techt a hInnsibh
Gall, ar ttionól coblaigh do Dhiarmait ag techt do ghabháil righe
Connacht. MaolRuanaidh Ua Dubhda do bhathadh ar an ccobhlach ccedna.



MaolSeachlainn, mac MaoilSechlainn Bhicc do bathadh ar Loch Ribh.



Diarmait mac Briain Daill do marbhadh do mhac Mathghamhna Ui Bhriain
tre mheabhail.



Sluaigheadh la Ualtra De Lacy agus la Gallaibh Midhe go hAth Liacc
go ndernsat


L. 200


urmhór caisléin ann. Sluaigheadh ele la Cathal Croibhdercc tar Sionainn
soir is in cCaladh, gur gabh eccla na Goill go ndearnsat sith le hUa
cConcobhair, agus co ro sccaoilsiot Connachtaigh an caislén.



An Cairneach Riabhach Mhag Flannchadha, agus Ferghal Mag Samhradhain
do marbhadh la hAodh Ua Ruairc .i. mac Domhnaill mic Fearghail, agus la
Cloinn Fhermaighe.



AOIS CRIOSD, 1221.



Aois Criosd, míle, da chéd, fiche a h-áoin.



Sanct Dominic do ecc.



Corbmac ab Comair do mharbhadh.



Mac Hugo De Laci do thecht agus nErinn do nemhthoil Rígh Saxan
agus táinig i mbáidh Aodha Uí Nell. Do chóidhsiod ar aon i naghaidh
Gall Ereann, agus


L. 202


do dheachattar cétus go CúlRathain agus ro scaoilsiot a caislén. Lottur
iaramh i Mídhe agus i Laighnibh gur ro millsiot ile don cur soin.
Tionólaid trá Goill Ereann cethre catha fichet go Dealccain. Táinicc
Aodh Ó Neill agus mac Hugo cethre catha comhmóra ina naghaidh co
ttuccsat Goill annsinn a bhreth fein dUa Nell.



AOIS CRIOSD, 1222.



Aois Criosd, míle, dá chéd, fiche adó.



An tEpscop Mag Gelain epscop Chille Dara decc.



Ailbin Ua MaolMhuaidh epscop Ferna décc.



MaoilIsa Ua Floinn prioir Easa Mic nErc décc.



Tadhg Ua Baoighill sonus agus taccadh tuaiscirt Ereann, tiodhnaictheach
séd, agus maoine daos gacha dána décc.



Niall Ó Néll do shárucchadh Doire im inghin Uí Catháin. Ro dhíoghail
Dia agus Colum Cille innsin uair nír bó cian a saoghal som dia és.


L. 204


Giolla MoChoinni Ua Cathail tighearna Cheneoil Aodha thoir agus thiar
do marbhadh la Sechnasach mac Giolla na Naomh Uí Sechnasaigh iar na bhrath
da mhuirtir fén.



Mor inghean Ui Bhaoighill ben Amhlaibh Uí Beolláin décc.



AOIS CRIOSD, 1223.



Aois Criosd, míle, da céd, fiche a trí.



MailIosa mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair prioir Innsi Medhoin
decc.



Dubhthach Ua Dubhthaigh abb Conga decc.



Sloiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Mór) co Cruachain Chonnacht,


L. 206


assaidhe hi tTuathaibh Connacht, agus tar Suca siar gur mhill agus
gur chrechloiscc gach tir gus a rainicc co ffuair a mbraighde agus a
numhla.



Seachnusach mac Giolla na Naomh Uí Sheachnusaigh do mharbhadh do Chloinn
Chiuléin, agus sárucchadh na Bachla Mhoire Cholmáin Cille mic Duach
uime.



Murchadh Carrach Ua Ferghail do marbhadh daon urcor saighde, ag dénamh
greissi ar Aodh mac Amlaoibh Uí Ferghuil.



AOIS CRIOSD, 1224.



Aois Criosd, míle, da céd, a cethair.



Mainistir S. Froinsiais i nAthLuain do thionnscnadh lá Cathal
Croibhdearg Ua cConcobhair la righ Connacht in espuccóideacht Cluana
Mic Nóis ar brú na Sionna allanoir.


L. 208


MaolMuire Ó Connmaic espoc Ua bFiachrach agus Cenél Aodha do écc.



Espoc Conmaicne, .i. an Gaillespoc decc.



Muirghius Canánach mac Ruaidhri Uí Chonchobhair aon bá dearscnaighthi
do Ghaoidhelaibh illegionn, i ccanntaireacht agus a ndénamh uérsa décc,
agus a adhnacal i cCunga.



MaolCaoimhgin Ua Scingin aircinneach Arda Carna décc.



MaoilIsu mac an Espuic Uí MhaoilFhaghmhair pearsún Ua bFiachrach
agus Ua nAmhalgadha, agus adhbhar espuic ar eccna, do marbhadh do mac
Donnchadha Uí Dhubhda mar nar dhú dhó uair nochar mharbh neach dUíbh
Dubhda riamh cleireach gó sin.



Cioth adhbhal adhuathmhar dfearthain i ccuid do Connachtaibh, .i. i
tTir Maine i Sodain agus i nUibh Diarmata etc. diar fhás tedhm
agus galar aidhbhsech do cethraibh


L. 210


na ccríoch remraiti iar ccaitemh an fheóir do fhliuch an cioth sa dhóibh.
Do gniodh bheos lacht na ninniledh sin galraighthi inmheodhoncha go
héxamhail do na daoinibh dho thoimledh é. Ba dethbhir na dearbairdhi si
do techt i cConnachtaibh is in mbliadhain si uair ba mór an tolc, agus
an timnedh do rala dhóibh innte, .i. Cathal Croibdearg mac
Toirrdhealbhaigh Mhóir Uí Chonchobhair, Rí Connacht, aon as


L. 212


mó do mhudaigh do merlechaibh agus deasccairdibh Erenn ré haimsir
imchein, aon as mó ro shás do chlerchibh, bochtaibh agus aidhelgneachaibh,
aon as uille inar dhoirteasdair Dia gac maith, agus gach mór suailche dá
ttáinic duaislibh Ereann a ccomfhoccus dia remhes, óir as é ro congaibh
é fén ar aon mnaoi phósda gan truailledh a ghenmnaidheachta tar a héis có a
bhás. As ré a linn beos as mó ro gabhadh deachmadh go dlighteach cétus i
nErinn. An Rí fírén foircclidhisi, agus an caithmiledh condail craibtech
ceirtbhrethach décc an tochtmadh lá ficet do shamhradh (Dia Luain do
shainnriudh) i naibíd Manaigh Léth i mainistir Cnuic


L. 214


Muaidhe iar na hedhbairt dó budhén do Dia, agus do na manchaibh roimhe
sin guna fonn agus fearonn, agus a adhnacal innte co huasal onórach. A
bPurt Locha Mesca do geneadh Cathal Croibhdearcc, agus a oilemhain in
Uibh Diarmata ag Tadhcc Ua ChoinCheanainn. Aodh Ó Concobhair a mac do
gabháil righi Connacht tar a és gan cáirde uair bádar braighde Connacht
ar a láimh ré nécc a athar. As ré hucht gabhala righe don Aodh sa tucc
fó deara mac Ui Mannacháin do dhalladh tré éccen mná do tabhairt, agus a
lámha agus a chosa do bhén do neoch oile iar ndénamh mérle dó. Do choimhéd
smachta flatha innsin.



Aodh mac Conchobhair Maonmhoighi décc ag toidhecht ó Ierusalém agus ó
Sruth Iordanén dó.



Dondchathaigh mac Airechtaigh Uí Radhuibh toísech Cloinne Tomaltaigh
décc ina oilithri acc Topur Pattraicc.



MaoilSeachlainn mac Taidhg Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine do écc.



Giolla na Naomh Crom Ó Seachnusaigh tighearna lethe iartharaighe Cenél
Aodha na hEchtgi décc.



Domhnall Ó Ceallaigh tighearna Ó Maine décc.



CúCenann Ua CoinCenainn décc.



Mathghamhain mac Cethernaigh Uí Cérin tighearna Ciarraighe Locha na
nAirneadh décc.


L. 216


An tarbhar gan bhuain go Feil Brighde, agus an treabhadh aga denamh,
do brigh an choccaidh, agus na doininde.



Mainistir do thógbháil la Muiris Mac Gerailt (ó ttátt Geraltaigh Cille
Dara agus Gearaltaigh Desmumhan) i nEóchaill in eapscoboitteacht
Cluana is in Mumhain do bhraithribh S. Froinsiais.


L. 218


AOIS CRIOSD, 1225.



Aois Criosd, míle, dá céd, fiche a cúig.



Amhlaoibh Ua Beólláin aircinneach Droma Cliabh, Saoi eccna, agus
biattach coitchenn décc.



Ua MaoilBhrénainn ab Mainistre na Buille décc do bithin cuislinne
do leicceadh dhó.



MaolBríghde Ua Maiccin ab Topair Padraicc, mac oighe agus eccnaidhe
décc. As les ro tionnscnadh teampal Tobair Patraic, agus ro forbaidh
gona Shanctair agus crosaibh iar mor shaothar a nónóir Patraic, agus
Muire, Eóin, agus na napstal.



Giolla an Choimhdhedh Mac Giolla Charraigh uasal shaccart agus pearsún
Tighe Baoithin deg.



Dionis Ó MaoilChiarain airchinneach Arda Carna décc.



Giolla Coirpthe Ua Mughroin decc, agus a adhnacal i cConga Fhechín.



Coimhérghe mhór shluaigh do dhénamh lá hUa Néll i cConnachtaibh
do congnamh le cloinn Ruaidhri Uí Concobhair, .i. Toirrdhealbhach agus
Aodh tré forcongra Duinn Óig Mhécc Oireachtaigh ríoghtaoíseach
Sil Muiredhaigh a ndioghail a fearainn do bhén de dUu Concobhair (.i.
Aodh). Acht chena ó ro iompaidh Macc Oirechtaigh


L. 220


in aghaidh Aodha do rónsat Síol Muiredhaigh agus Iarthar Chonnacht
im Aodh Ua Flaithbhertaigh tighearna Iartair Connacht, agus Gaoidhil
an chuiccidh dormhór coimhérgi ina aghaidh acht Mac Diarmata, .i.
Corbmac mac Tomaltaigh. Dála Uí Néll nír hairisseadh les go rainig lár
Síl Muireadhaigh. Aisidhe go Feadha Atha Luain, go mbaoí dá oídhche ag
Muilleann Guanach gur lomairccestur Loch Nén go rucc seóid Uí
Concobhair as. Teccaid aisídhe go Carn Fraich. Rioghthar
Toirrdhealbhach mac Ruaidhri annsin, agus téd Aodh Ua Nell cona
muintir dia


L. 222


ttighibh. (o roba tairisi lá Cloinn Ruaidhri a nairechta budhén) acht
madh aos gradha Aodha namá, .i. Mac Diarmada, agus Dáuith Ua Floinn,
etc.



Así comhairle ar ar cinneadh annsin le mac Cathail Croibhdeirg, dul i
cceann Gall co cúirt Atha Luain, óir do rala go sodhánach dósamh maithe
Gall Ereann do bheith comhchruinn ainnsidhe an ionbaidh sin, agus báttar
caraid a nurmór dósamh alos a athar, agus ar a shon fesin uair bá
tuarustlach tiodhlaicthech iad araon dóibh. Fiadhaidhid Goill roimhe simh
go lúthgháirech agus congbhaid etorra é go lán gradhach athaidh iar sin.
Tuccsamh an Iustís agus inar lór lais do mhaithibh Gall ar chena ina
commbaidh annsin, Donnchadh Cairbrech Ua Briain, agus Ua MaoilSeclainn
gona sochraidibh.



Iar cclos an comcruinnighthi sin do lucht Moigi hAí, agus do Thuathaibh
Connacht, ro techsiod rompa i ccrich Luighne agus i tTír nAmhalgaidh
gona mbuar agus innileadha, agus ro faccaibhsiod meic Ruaidhri in uathadh
socraidi. Teccaid clann Ruaidhri Uí Concobhair rompa iarom an líon báttur
co Cill Cheallaigh ar cúl a mbó agus a mbuair. Imtusa Aodha go
nGallaibh uime cuirid siortha siubhlacha uatha darccain aosa gráidh cloinne
Ruaidhri, agus congbaid trom a slóigh ina ttimchel re hionnsaigidh do
tabairt orra budhén. Téd Aodh mac Ruaidhri mic Muirceartaigh, Domhnall
Ua Flaithbertaigh, Tighearnán mac Cathail Miccárain agus mac
Toirrdhealbhaigh mic Ruaidhri danacul coda dá naos graidh. Teccaid
Goill im Aodh mac Cathail Croibhdheirg iarsin i ttimcheal


L. 224


Toirrdhealbhaigh. Iar na airiuchcadh sin dósamh cuiris a glasláith i
rémhthús roimhe, Donn Ócc Mág Oireachtaigh gona anradhaibh,
Flaithbheartach Ua Flannagáin, agus uathadh damhsaibh Eoganach baoi
ina fhochair, ordaighis iad dia nimdídhen ina ndeóidh go ttéarnadar
samhlaidh ona mbiodhbadhaibh gan aon do thuitim díobh. Do rala an lá sin
drong do siorthaibh Aodha Ui Chonchobhair i ccenn Eachmarcaigh Mic
Branáin go ndeachaidh do chosnamh a bhóichreche orra go ttorchair
Eachmarcach don anbforlann galccad baoí na agaidh. Leanais Aodh Ó
Conchobhair go nGallaibh uime mac Ruaidhri an oidhche sin go Mílecc
go mbaoí teóra hoidhche iarsin ag argain Luighne do gach leth. Bá
hiondochonaigh do rala dÓ Eaghra annsin. Sith do dhenamh iar ná argain
tar cenn an tioruairsi do fáccbhadh da hinnilibh ilLuighniu.



As ann báttar meic Ruaidhri mun amsa a ccomhghar do Loch Mic Fear-
adhaigh i nGlend na Mochart. Comairlighis Aodh ré na Ghallaibh annsin
na Tuatha dionnsaighidh dia nargain, Síol Muireadhaigh agus Clann
Tomaltaigh dinnradh mar an cedna ó do bháttar ar ttechedh roimhe. Iar
ccinneadh na comhairle si lottar rompa i slighidh nach smuainfeadh Gall
co bráth dul trempe, .i. hi bFiodh nGatlaigh go riachtsat Áth Tíghe in
Messaigh gur airccsiod Cúil Cernadha iar ndilgenn a dhaoine dóibh. Gach
ar gabh go Dubhchonga do lucht


L. 226


an techmhe ro báidhit a normhór. As amhlaidh do gebthi na cescanna uas a
ccairribh lomlán do leanbhaibh iar na mbáthadh. Gach a ttearna don toisc
sin díobh ó Ghallaibh agus on iombáthadh remráite lodar i tTír
nAmhalgaidh go ndeachaidh Ó Dúbhda fútha gonár fháccaibh aon bhó aca.



Madh iad clann Ruaidhri tra así comairle do rónsat ag Loch Mic Fea-
radhaigh sgaoileadh ó aroile dóibh go sgerdís sochraide Gall ré hAodh.
Donn Mag Oirechtaigh agus aroile dia maithibh do chor do saighidh Uí
Flaitbaertaigh sic a ffir comluighi agus comhchodaigh. Meic Muirceartaigh
Uí Concobhair, agus Tighearnan mac Cathail do dul ar cúl a mbó agus
a muintear, agus Síth do dhénamh dóibh tar a ccenn go bfágbhaidís Goill
mac Cathail Croibhdeirg. As ann baoi Aodh mun am soin i Moigh nEó,
agus tiaghaid meic Muirceartaigh Muimnigh ina chenn ar shlanaibh agus
chomaircibh.



Madh an taobh theas do Connachtaibh dana nír bó ciúin dóibh don dul soin,
uair tangadar Goill Laighen agus Mumhan im Muirceartach Ua Briain,
Goill Des mumhan bheós, agus Sirriam Corcaighe ina ttréchomusc gur
marbhsat a ndaoine doneoch ar a rucsat diobh, agus gur ionnradar a mbruigh
agus a mbailte. Bá holc tra lá hAodh mac Cathail Croibhdheirg a
ttochtsomh don turus sin uair ní hé ro thóchuir iad, acht tnuth, agus
format dá ngabháil fén ré gach maithes dá ccualadar dfághail don iusdís
gona Ghallaibh i cConnachtaibh an tan soin. As don ruathar so do
marbhaid cetre meic Méc Murchaidh ar én láthair.



Bá truacch tra an nemhshén do dheonaigh Día don chuiccedh do bferr baoi
i nErinn an ionbhaidh si, uair ní choiccleadh an mac occlaoich aroile
acht gá creachadh agus arccain fona cumhang. Do cuirid bheós mná agus
lenimh, fainn agus fodhaoine dfuacht agus ghorta don choccadh sin.


L. 228


Iar ndul tra do macaibh Muircertaigh Muimhnigh do lathair Aodha Ui
Conchobhair do réir mar do ráidhemar, do chuaidh ar nábhárach go Cill
Medhóin. Comraicit trí slóigh na nGall ann sin re roile, agus as beg nár
bó lán an triocha céd ina mbattar leth ar leth edir Gallaibh agus
Gaoidhealaibh. Tainicc Aodh Ó Flaithbeartaicch ar choraibh agus ar
slánaibh maithe Gall, agus Dhonnchadha Cairbrigh Uí Briain a cairdesa
Criosd hi ccenn Aodha Uí Concobair, agus an iusdís co ndearna síth tar
cenn a bhuair, agus a dhaoine ris, ar macaibh Ruaidhri dathchor uaidh.
Imtighis Aodh iar sin, agus a Ghoill imaille ris co Tuaim Dá Ghualann,
agus leiccis Goill Laighean, agus Desmumhan uaidh annsin. Iompaídhis
fén ar ccúla do chom Uí Flaithbertaigh óir níor bhó tairise lais esidhe,
uair battar meic Ruaidhri roimhe sin allaniar do loch aicce, agus Donn
Ócc Mág Oireachtaigh araon riú.



Annsin ro scar mac Magnusa ré cloinn Ruaidhri gur innsaigh hi tTír
nAmhalgaidh ar cenn a bhó, agus a mhuintire go bfuair iatt go sodhánach
gan chreachadh gan arccain. Rucc leis iad iaramh fó dhídean Uí Ruairc,
agus é iar ccreachadh Pilip Meic Goisdelbhaigh.



Donnchadh Cairpreach Ua Briain daná do chuir sidhe drong dia mhuintir
roimhe go nédalaibh aidhblibh. Iar ná fios sin dAodh mac Ruaidhri
agus dEoghan Ó Eidhin lodur rompa uathadh deghdhaoine gur muidheadh for
Muimhnechaibh, gor beanadh a nedala dhíobh, agus gur congbhadh braighde
dá maithibh uatha. Iar na clos sin do Donnchadh Cairbreach ticc do
láthair Aodha mic Ruaidhri go ndearna síth báitte coindel ris, agus
gur ghabh do laimh gan toidheacht na aghaidh doridhisi dia lécceadh


L. 230


a aos graidh cuige. Gidheadh ní ro chomhaill siomh a coinghioll do mac
Ruaidhri (iar bfaghail a mhuintire dhó uaidh) uair tainicc ar an céd
sluaigheadh ina aghaidh la hAodh mac Cathail Croibhdheirg.



Téd Aodh agus an iusdís gona Ghallaibh iarsin go caladh Innsi Cremha
gur béccin dÓ Flaithbeartaicch Inis Cremha, agus Oilén na Circe go
narthraighibh an locha do tabhairt ar laimh Aodha. Triallais an iusdís
iar sin dia thigh. Ted Aodh Ó Concobhair dia iodhlacadh uidhe chian dá
slíghidh gur fhágaibh an iúsdís uathadh do mhaithibh a muintire aicce
imaille re hiomad fénnedh, agus fearóglaoch óir nior bhó tairisi lais
Connachtaigh achtmadh becc. Tuccsomh annsin maithe a oireachta illaimh
Gall a ngioll ré a ttuarastlaibh, .i. Flaithbeartach Ó Flannaccain,
Fergal Ua Taidhg, agus aroile do maitibh Connacht, agus as dóibh fén do
béccin a bfuaslaccadh.



As a haithle sin iompaídhis Ua Flaithbeartaigh, meicc Muirceartaigh,
agus na huaisle archena ar Aodh mac Cathail Croibdeirg iar nimtecht
troimthionóil na nGall uaidh, agus ro gabsat le macaibh Ruaidhri. Cuiris
Aodh O Concobhair annsin techta agus sgribhne do shaighidh an Iustís dia
foillsiughadh sin dhó, agus diarraidh fuilleadh sochraidi. Nir bhó
haithesc fó lár dósamh sin, uair do freccra-


L. 232


dar Goill go soinnimh sairésccaidh é. Acht cena ba tuillmheach dóibhsiomh
an turus sin óir fá mór a nédala, agus bá becc a nimseargna. Cuirthear
Goill Laighean cuigisiomh annsin im Uilliam cCras agus im macaibh
Griffín. Iar mbreth na sochraidi sin airsiomh ionnsaighidh meic
Ruaidhri tar Tóchar siar, agus gabhais roimhe in Uibh Diarmata mar
a ccuala meic Ruaidhri do bheith gan líon sochraide, uair ní rangattar
a lucht combádha iad mun am soin, agus cuiris Fedhlimidh a bhrathair,
agus aroile do mhaithibh a mhuintire, agus sochraide mór do glasláthaibh
Gall dionnradh Eoghain Uí Edhin in Uibh bFiachrach Aidhne co mbádar
adhaigh longpuirt in Ard Rathain fa comair na tíre darccain a mucha na
maidne ar ccionn.



Foillsightear dUa Flaithbeartaigh, agus do macaibh Muirceartaigh
(badar ag ionnsaighidh mac Ruaidhri) Goill do dhul do creachadh a bfir
comluicche, Eoghan Ó hEidhin, agus a mbeth an Ard Rathain, nír
failliccheadh sin riusomh oir do lensat iatt déntoil agus dénaontaidh
go rangadar i ccomhfoccus dóibh. Do ghníad comarle ré roile annsin, .i.
Tuathal mac Muirceartaigh agus Taiclech Ua


L. 234


Dubhda go ndirim amaille riú do chur do shoighidh an baile cetus Ua
Flaithbeartaigh agus mac Muirceartaigh iman mbaile sechtair guna
sochraidibh. Luidh Tuathal agus Taichleach gona bfianlách go menmnach
meardhána i ttrecommusc Gall is in mbaile go ttucsat tiugh fhuabairt
bhiodhbaidh orro. Maidhtear for Ghallaibh soir agus siar as a haithle.
Lenaitsiomh aos na madhma soir. Loitis Tuathal constapla na nGall dá
ced fhurgamh. Athghonais Taichleach é gur fagbhadh an consdapla gan
anmain de sídhe. Dála na nGall ar ar muidheadh as an mbaile don taoibh
araill ro eirigh Ua Flaithbeartaigh, agus mac Muirceartaigh doibh.
Gidheadh tarla dainshén daibhsidhe gur bhriseattar Goill orra fó cedóir.
As don toisc sin do marbhadh Matghamhain mac Aodha mic Conchobhair
Maonmaighe, Giolla Criosd Mac Diarmada, Niall mac Fearghail Ua Thaidhg,
etc. Acht chena ro marbhadh an fear ro mharbh Niall Ó Taidhg, .i.
brathair Cholén Uí Dhíomusaigh.



Dala mac Ruaidhri conidrecaid ar abharach re hUa fFlaithbeartaigh,
agus ris an ccuid oile dá naos comtha go ttangatar rompa a ndeas go
Druim Cenannáin. Luidh Aodh mac Cathail Croibhdeirg gona Ghallaibh
ina ndiaidh. Comairlightear ag aireachtaibh cloinne Ruaidhri annsin
gach aon diobh do saighidh a mennata fesin, agus do gníat samhlaidh acht
Donn Ócc Mag Oirechtaigh namá. Cidh tra acht iar ffágbháil na ruireach,
.i. cloinne Ruaidhri Uí Concobhair annsin in uathadh sochraide lodar
do shaighidh Aodha Uí Nell, agus Donn Mág Oireachtaigh imaille riú.



Ionnsaighis Aodh mac Cathail Croibhdeirg Ua Flaithbeartaigh annsin
go ttuc gell agus edireadha uaidh. Tainic roimhe iaramh go Cill
Meadhóin agus go Moigh nEó i ndiaidh mic Muirceartaigh, agus
Tighernáin mic Cathail Miccarain go ndearnsat síth tar cenn a mbuair agus
a muintire, agus go ndeachsat do lathair


L. 236


Aodha Uí Conchabhair ar slánaidheacht Donnchadha Cairbrigh, agus
maithe na nGall. Ba cumhsanadh na ionam sin uair ní raibhe cill na tuaith
i cConnachtaibh an tan soin gan lot agus láinmhilledh.



Tedhm diofhulaing do teccbháil i ccrích Chonnacht an ionbhaidh si, .i.
treabhlaid trom thesaighthi gur folmaigheadh mór mbailte dhi gan
elaidhthech betha dfágbháil ionnta.



Flann mac Amhlaoibh Uí Fhallamain toisech Cloinne hUadach do
mharbhadh dFedhlimidh mac Cathail Croibhdeirg don coccadh sin. Tadhg
Ua Fínnachta fear gráidh dAodh mac Ruaidhri do mharbhadh lá muintir
Méc Aodhagáin is in coccadh cedna.



Amlaoibh mac Fearcair Uí Fhallamhain toisech a dúthchusa fén do bfearr
don cenel da mboi do ecc.



Muireadhach Ua Fínnachta toísech Cloinni Murchadha décc in arthrach
ar Loch Oirbsion agus é slán ag dol inn.



Teach do ghabháil for Concobhar mac Taidhg Uí Cheallaigh (tigherna
Ua Maine) agus for Ardghal a bhrathair lá macaibh Taidhg Uí
Cheallaigh, agus a losccadh ann ar aon.



Duarcán Ó hEghra, Tadhg Ó hEghra, agus Édaoín inghean Diarmata
mic Domhnaill Uí Eghra décc.


L. 238


Muimhnigh agus Goill do dhul fo Tearmann Caolainne, ár na nGall do
cor don toisc sin tre feartaibh Dé agus Caolainne.



An tarbhar gá bhuain a haithle na Féli Bríghde.


L. 240


AOIS CRIOSD, 1226.



Aois Criosd, míle da chéd fiche asé.



Donum Dei epscop na Midhe do écc.



Connmach Ua Tarppa espoc Luighne do écc.



Aodh mac Duinn Uí Sochlacháin aircinneach Conga, Saoi channtaire,
Sccribnigh, agus cheard nexamhail esidhe do écc.



Matha Ua MaoilMoicherghe do ecc.



Tighearnán mac Cathail Miccarain mic Toirrdhealbhaigh Mhóir Ríoghdamhna
bá mó eneach, agus eangnamh, agus as mó do rinne do neithibh suaithenta
sodáanacha tainic dá cinidh ré haimsir esidhe, do mharbhadh do Dhonnchadh
Ó Dhubhda agus dá chloinn.



Nuala inghen Ruaidhri Uí Conchobhair baintighearna Uladh décc i
cConga Fechin, agus a hadhnacal go honórach i tteampall canánach
Conga.



Domhnall mac Ruaidhri Uí Flaithbeartaigh do mharbhadh do mhacaibh
Muircertaigh Uí Fhlaithbeartaigh iar ngabháil tighe fair dóibh fen,
agus dFedhlim mac Cathail Croibhdheirg.



Fearghal Ua Taidhg an Teaghlaigh, toisech teaghlaigh Cathail
Croibhdheirg, agus Aodh mac Cathail do mharbhadh lá DonnSlebhe Ó
nGadhra.



Aodh mac Domhnaill Uí Ruairc do marbhadh do Cathal Ó Raghailligh agus
do Chonchobhar mac Corbmaic Uí MaoilRuanaidh ar Loch Aillinne.



Muirghes Mac Diarmata do mharbhadh.


L. 242


Caislén Cille Móire do leaccadh lá Cathal Ó Raighilligh.



Aodh mac Cathail Croibhdeirg do ghabháil Aodha Uí Fhlaithbertaigh,
agus a tabairt i láimh Ghall.



AOIS CRIOSD, 1227.



Aois Criost, mile, dá céd, fiche, aseacht.



Concobar mac Neill Uí Chatharnaigh do mharbhadh la hamhsaibh Laighneach
ro baoi i fochair Righ Connacht.



Enrí Ua Maoileachloinn agus Muircertach Ua Maoileachloinn do mharbhadh
la Galloibh.



MaolSeachlainn Ua Conchobhair Fhailghe do mharbhadh lá Cuilén Ua
nDíomusaigh.



GiollaColuim Ua MaoilMuaidh do mharbhadh la hUa Mórdha.



Goill Ereann do comhcruinniucchadh go hÁthCliath. Aodh mac Cathail
Croibdeirg Ri Connacht do thóchuireadh dóibh. Iar ndul dó dá saighidh
ro thionnscainsiod fealladh fair. Uilliam Marusccál a fhear caradraidh
do thocht chuicce gona sochraide, agus é da breth daimhdheoin Gall as
lár na cúirte amach agus a iodhlacadh dhó go ndeachaidh i cConnachtaibh.



Aodh mac Cathail Croibhdheirg do dhénamh coinne iar sin ag Lathaigh
Caíchtuthbil ré hUilliam Mares mac Seafraidh .i. iustis Erenn, agus
ní dheachaidh siomh tar


L. 244


Lathaigh anonn achtmhadh uathadh deaghdhaoine, .i. Corbmac mac
Tomaltaigh, Diarmaid mac Maghnusa, Magnus mac Muircertaigh Ui Chonchobhair,
Tadhg mac Mathghamhna Uí Cherin, agus Ruaidhri Ua MaoilBhrénainn.
Uilliam Mares do theacht ochtar marcach ina comdhail. O do chuimhnigh
Ó Conchobhair an fheall rémraite erghis i ccoinne na nGall, gresis a
muintir fótha ionnsaighidh fén Uilliam Mares gur ghabhastair é fó chédóir.
Ciodh iad a mhuintir ann ro fhreaccairsiod greasacht Uí Concobhair
ro leiccsiod fona Gallaibh iad gur moidhsiod orra, marbhaitt Constapla
Atha Luain, gabhaid Maighisdir Slemhne agus Hugo Airddin. Cuiris
Aodh na Goill sin i mbraighdenus tar Lathaigh suas. Luidh roimhe gon
a shocraide as a haithle gur airgesdair margadh Atha Luain, agus gur
loiscceastair an baile go hiomlán. Bá gniomh sochair do Chonnachtaibh an
gniomh so, óir fuairsiomh a mac, a inghean, agus braighde Connacht
ar cheana battar ar lamhaibh Gall do comhfhuasgladh as na braighdhibh
rémraite genmótá Síth dfagail dfearaibh Connacht.



DonnSlébhe Ó Gadhra tighearna Slébhe Lugha do mharbhadh don Ghiolla
Ruadh mac a dearbrathar fén iar ngabáil tighe in oidhche fair, agus an
Giolla Ruadh do mharbhadh inn iar sin tré imdeall Aodha Uí Conchobhair.



Aodh mac Ruaidhri Uí Concobhair agus mac Uilliam Búrc do thoidhecht
slógh lanmór i tTuaisceart Connacht gur loiscsiot Inis Medhóin gur
airccsiod an críoch i ttangadar, agus gur ghabhsat a braighde.



Sluaigeadh lá Seafraidh Mares agus la Toirrdhealbhach mac Ruaidhri
Uí Concobhair


L. 246


i Magh Aoí go ndearnsat caislén irRinn Dúin, agus gur gabhsat
braighdi Sil Muiredhaigh.



Aodh mac Cathail Croibhdeirg do dhul i tTir Conaill dochum Uí
Dhomhnaill, agus a iompódh bu dheas doridisi, agus a ben do thabhairt les.
Meic Toirrdhealbhaigh do teccbháil cuicce a ccomfoccus na Seghsa,
a bhen agus a eachraidh do bhén de, agus an ben do chor illaimh Gall.



Sluaiccheadh oile lá Toirrdhealbhach bheós, agus lá Gallaibh Midhe
in Iarthar Connacht co ndearnsat creach mór ar Aodh mac Ruaidhri Ui
Flaithbhertaigh. A ndul aisídhe i ccrich Ceara, agus braighde mac
Muirceartaigh do gabháil doibh, agus nuimhir do buaibh feolmaigh as
cech triocha céd do Toirrdhealbhach uatha.



Cúmara O Domhnalláin do marbhadh i ngemil la Ruaidhri Mac DuinnShlebhe
a ndiogail a athar.



Brian mac Concobhair Uí Diarmata do marbhadh.



Caislén Atha Liacc do dhénamh la Sefraidh Marés.



AOIS CRIOSD, 1228.



Aois Criost, mile, da chéd, fiche a hocht.



Aodh mac Cathail Croibdeirg Uí Choncobhair rí Connacht do mharbhadh
hi ccuirt Seffraidh Máres tre meabhail ar aslach Gall iar ná dhíochur
do Chonnachtaibh.


L. 248


Coccadh mor do eirghe hi cConnachtaibh etir da mhac Ruaidhri Ui
Conchobhair, .i. etir Aodh agus Toirrdhealbhach, iar marbhadh an
Aodha remraite, ar ní thucc an mac bá só umhla don mac ba sine gur
millseat Connachta eatorra, agus ro fásaigheadh leó ó EassDara co
habhainn Ua fFhiachrach fo dhes acht madh beacc hi Sleibh Luccha,
agus Lucht Airtigh nama.



Niall mac Congalaigh Uí Ruairc tighearna Dartraicche, agus Cloinne
Fermaighe do mharbhadh lá dá mhac Airt mic Domnaill Uí Ruairc, .i.
Art agus Amhlaoibh. Amhlaibh Gerr mac Néill mic Conghalaigh do
mharbhadh hi fothraccadh lá hAmhlaibh mac Airt cédna.



Fergal mac Sitriucca Uí Ruairc do mharbhadh la macaibh Néll mic
Conghalaigh Uí Ruairc.



Muirchertach mac Flaithbeartaicch Uí Fhlannaccáin do mharbhadh la
macaibh Taidhg Uí Gadhra.



Aodh mac Donnchaidh Uí Fearghail do mharbhadh lá hAodh mac Amhlaoibh
Uí Feargail.



Dauid Ua Floinn taoiseach Shil MhaoilRuain, agus Ruaidhri Ua
MaoílBhrenainn décc.



Riocard mac Uilliam Burc do thecht ó Righ Saccsan ina iustís in
Erinn.



Aodh mac Ruaidhri Uí Concobhair do gabhail righe Connacht do reir
thoccha an Iustís go maithibh Connacht ar bélaibh Toirrdhealbhaigh a
bráthar fá sine inas.


L. 250


MaolSeachlainn mac Toirrdealbhaigh mic Ruaidhri Uí Choncobhair do
mharbhadh lá hAodh ri Connacht.



Gorta diofhulaincc i cConnachtaibh tri coccadh cloinne Ruaidhri.
Ro hairccitt cealla agus tuatha. Ro dhiochuirit a clerigh agus a
hollamain hi ccríochaibh cianaibh comhaightibh, agus atbath cidh araill
dibh dfuacht agus do ghorta.



Dauid Ua Floind taoiseach Sil MhaeilRuain do ég.



Aédh mac Donnchaidh Uí Ferghail do marbhadh la hAedh mac Amhlaoibh
Uí Fherghail.



AOIS CRIOSD, 1229.



Aois Criost, mile, da ched, fiche anaoí.



Maineistir S. Franseis hi cCorcaigh do thogbháil la Mag Carthaigh
Mór, Diarmaitt.



Muiredhach Ua Garmghaile prióir Innsi Mic nÉrin saoi Chonnacht
hi ccrabhadh agus in eccna.



Diarmait Ua Fiaich abb recclesa GillaMoLaisi Uí Giollarain Thuaim
décc, agus a adhnacal in ArdCharna.


L. 252


Diarmait Mac GiollaCharraigh, airchinneach Tighe Baoithin agus uasal
shacart décc. A adhlacadh i mainistir na Trinoide iar ná bhuain amach ó
cheart do na cananchaibh, do mhanchaibh Mainistre na Buille, agus boí
sidhe trí hoidhche gan adlacadh ar badar na manaigh agá fhosdadh ina
mainistir feisin.



Girard Ua Catháin cananach dob eccnaidhe ro bhaoi don ord chananach décc.



Duibheasa ingean Ruaidhri bean Cathail Mic Diarmata do écc ina
cailligh duibh.



Diarmaid Mag Carthaigh tighearna Desmumhan décc.



Dionis Ua Mórdha epscop Shíl Muiredhaigh do treccedh a espuccóide ar
Dhia.



Lochlainn Ua Manncháin do mharbhadh lá dearbrathair a athar.



AOIS CRIOSD, 1230.



Aois Criost, mile, dá chéd, triocha.



Florent Ua Cerbhalláin epscop Tíre hEoghain, uasal shenoir toccaidhe
decc iar se bliadhnoibh ochtmogat a aoisi.



GiollaIosa Ua Cléirigh epscop Luighne, Ioseph Mac Techedain epscop
Conmaicne, Mac Raith Mag Serraigh epscop Conmaicne, Rool Petit epscop
na Midhe Riaglóir tocchaidhe, agus milidh Criost, Giolla Coimdeadh Ua
Duilennáin comharba Feichin, agus ab reicclésa cananach EassaDara,
Muiredhach Ua Gormghaile prióir Innsi Mic nErin, MaolMuire Ua MaolEóin
comarba Ciaráin Cluana Mic Nóis, GiollaCartaigh Ua hEilgiusáin, canánach
agus angcoire, DonnSlebhe Ua hIonmainen manach naomhtha agus ardmaighistir
saoir Mainistre na Buille décc.


L. 254


MaolSechlainn Mac FirEdind uasal saccart agus maighistir leighinn décc
ina nouist mhanaigh i Mainistir na Buille.



Sloicceadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Mor) hi ccuicceadh Connacht
ind aghaidh Aodha mic Ruaidhrí Í Choncobhair baoi hi ffrithbhert fris
co ro mhill Magh Naoí agus morán don tír, acht ara aoí ní ro ghiallsat
clann Ruaidhri don dul sin.



Sloiccheadh la mac Uilliam Búrc i cConnachtaibh gur milleadh morán
do Connachtaibh lais, agus ro marbhadh Donn Óg Mag Oirechtaigh,
agus Eichtighearn mac an


L. 256


Bhreithemain Í Mhionachain agus sochaidhe oile nách áirimhther, agus
ro hionnarbadh (tria anfforlann) Aodh mac Ruaidhri Rí Connacht lá
mac Uilliam, agus lá Gallaibh don chur sin go hAodh Ua Néill tre
iompúdh dhó ar Ghallaibh, agus ro ríoghadh Feidhlim mac Cathail
Croibdeircc lá mac Uilliam.



Aodh Ó Néill tighearna Tire hEogain ríogdamhna Ereann uile,
cosnamhthach Lethe Cuinn ré Gallaibh Ereann, agus ré Leth Mogha
Nuadhat. Fer ná tucc geill, eiteredha, ná cíos do Ghall na do Ghaoidheal,
fer do rad madhmanna, agus ára móra mence for Ghallaibh. Airctheoir Gall
agus Gaoidheal. Fer ro triall ionnsoighidh Ereann uile décc gen gur
saoíleadh bás naile dfaghbháil dó acht a thuitim lá Gallaibh.



Art mac Airt Uí Ruairc do marbhadh lá Raghnall Ua fFind i meabhail.



MaolSeachlainn Ua Mannacháin do mharbhadh la a bhraithribh.


L. 258


AOIS CRIOSD, 1231.



Aois Criost, mile, da chéd triocha, a háon.



Dionis Ua Mordha epscop AilFinn do criochnuccadh a bethadh in Oilen
na Trinóide ar Loch Cé an .15. do December agus Donnchadh Ua
Conchobhair doirdneadh na ionadh.



Flann Ua Connachtaigh epscop Ua mBriuin Breifne décc.



Stefán Ua Braoin aircinnech Maighe Eó.



Célechair Ua Dobhailén airchinnech Camcha fear dercach, craibdeach,
eccnaidhe, ernaighthech.



Fethfoilge inghen Chonchobhair Mic Diarmata ben Muirceartaigh
Muimhnigh mic Toirrdhealbhaigh Mhóir mathairsidhe Maghnusa
mic Muircertaigh, Chonchobhair Ruaidh, Thuathail, agus
Thoirrdhealbhaigh shaccairt, agus prióir recclesa Peadair agus Póil.



DubhCobhlaigh inghen Conchobhair Mic Diarmata décc i Mainistir na
Búille.



Flaithbertach Ua Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail meic Muiredhaigh
Muillethain décc ina oilithre i Mainistir na Búille. DubhThemhrach
inghean Uí Chuinn ben an Flaithbeartaigh hisin décc.



Ualgarcc Ua Ruairc tighearna Breifne décc ina ailithre ar slighidh
an tSrotha.



GiollaIosa Mac Samhradhain tighearna Teallaigh Echdhach, agus Duindín
Ua MaolConaire ollamh Síl Muiredhaigh Muilletain décc.


L. 260


Conchobhar Gott Ua hEghra tighearna Luighne décc.



Slóiccheadh lá Domhnall Ua nDomhnaill tighearna Tíre Conaill agus lá
hAongus Mac GilleFhinnéin co sochraide Fhear Manach do shaighidh
I Raighilligh Chathail. Ruccsat loincces leó for Loch Uachtair,
agus ro airccset Eó Inis. Tucsat ariar lá taobh seód maoíne agus
ionnmus an baile uile leó.



Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg do ghabhail la mac Uilliam Búrc
i Míliucc tar slánaibh maithe Gall Éreann.



AOIS CRIOSD, 1232.



Aois Criost, míle, dá chéd, triocha, adó.



Fachtna Ua hAllgaith comhorba Droma Mucadha, agus oificel Ua
fFiacrach fer tighe aoidhedh, leighinn, agus lubhra, agus lesaighthe
truagh do écc.



Tempall Cille Móire i tTír Briúin na Sionna do choisreccadh lá
Donnchadh


L. 262


Ua Conchobhair epscop AilFinn, agus canánaigh do dhénamh isin mbaile
cedna lá Conn Ua Flannaccain baoí na príoir ann.



Tiopraitte Ua Braoin comhorba Commáin saoí cléircechta, sencusa, agus
breithemhnassa décc in Inis Clothrann ina ailithre.



Aodh mac Amhlaoibh mic Domhnaill Uí Fearghail toiseach muintire hAngaile
do losccadh ar Inis Locha Cúile lá cloinn Aodha Ciabhaigh mic
Murchadha Uí Ferghail iar ccaithemh naoí mbliadhan i ttoisighecht na
hAngaile deis Murchaidh Carraigh Í Fergail.



Maghnus mac Amhlaibh mic Taidhg Mic MaolRuanaidh caindel einigh, eang-
namha, agus crabhaidh décc.



Donnchadh mac Tomaltaigh Meic Diarmada saoí ar eineach, agus ar engnam,
lettroman Connacht do ecc is in aicidecht.



Conchobhar mac Aodha mic Ruaidhri do éludh ó Gallaibh, agus clanna
toíseach Connacht do thionól ina thimcheall agus a ndol is na
Tuathaibh ar ionnsaighidh. Ro marbhadh tra eisiomh las na Tuathaibh,
agus GiollaCeallaigh Ua hEidhin, GiollaCriost mac Donnchadha Mic
Diarmada, agus sochaidhe amaille friú. Asé an lá sin ro ghealsat na
Tuatha na samhthacha uile, an tan atrubhradh fear samhthaighe gile do
mharbhadh meic Aodha.



Righe do thabhairt dAodh mac Ruaidhri lá mac Uilliam Búrc do ridhise,
agus sith do dénamh dhó ris iar ngabháil Feidhlim mic Cathail Croibhdeirg
dó.


L. 264


Caislén Bona Gaillme do dhenamh lá Riocard De Burchc, agus caislén
Dúin Iomgáin do thindscettal lá hAdam Sdondún.



Giolla na Naomh Ua Dálaigh saoí ré dán, agus lé tegh aidheadh coitcenn
do congbáil do thruachcaibh agus do thrénaibh décc.



MaelEóin Bodhar Ua MaolConaire do gabhail Cluana Bolcáin.



Feidhlimidh mac Cathail Croibdeirg do léccadh amach lá Gallaibh.



Conchubhar mac Neill Uí Gairmledhaigh toiseach Cenel Moain décc.



Sloigheadh lá Domhnall Ua Lachlainn tighearna Tíre hEoghain co
nGallaibh, agus co nGaoidhealaibh i tTír Chonaill dia ro mhill mór
hi fFánait, agus tuc braighde Domhnaill Uí Bhaoighill agus Uí
Tairceirt leis.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill i tTír Eoghain co riacht Tulach
nÓcc dia ro mharbh bú iomdha dia ro loisc arbhanna, agus dia ro milleadh
moran, agus tainic ar cúla co cosccrach.



Midbech agus Eaghinis do orccain lá Cinél Eoghain uair do rochtattar
a


L. 266


loinges an dú sin, agus do rala drem do Cenél Conuill im mac Neill
Uí Domhnaill chuca, ro ladh ár na loingsi lais, agus ro marbhadh somh
feisin hi ffriothguin.



Giolla na Naemh Ó Dálaigh saoi i ndan décc.



AOIS CRIOSD, 1233.



Aois Criost, míle, dá chéd, triocha atrí.



Goffraigh Ua Daighre airchinnech Doire Colaim Cille.



MaolIosa Ua Maonaigh uasal shaccart nó ghabhadh a psaltair gach laoi
acht Dia Domhnaigh namá.



Donncathaigh airchinnech Achaidh Fobhair fer reidhighthe gacha cúisi,
agus gacha caingne, fer co nairmidin agus co nonóir decc an .15.
do Dhecember.



Sloighead lá Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg i cConnachtaibh,
agus do dheachaidh Corbmac mac Tomaltaigh (tighearna Maighe Luirg)
ina dhail, agus tuc les i Maigh Luircc é. Do rónadh longport leó occ
Druim Gregraighe. Baoi Corbmac, Conchobhar a mhac, agus na trí
Tuatha, dá mhac Muirchertaigh Meic Diarmada .i. Donnchadh agus
Muircertach ina fharraidh annsin. Así comairle do rónsat dol i
ndiaidh Aodha (righ Connacht), agus cloinne Ruaidhri ar chena.
Iar ndol dóibh ina ndóchum, ro sraoíneadh for Aodh mac Ruaidhri ro
marbhadh é féin, agus Aodh Muimhnech


L. 268


a dearbhrathair, agus a mhac, agus Donnchadh Mór mac Diarmada mic
Ruaidhri, agus ile oile cenmhothát. Ro marbhadh ann dana Raghallach
Ua Flannagáin, agus Tomás Biris constapla na hEreann, Eoan a
brathair, Eoan Guer, agus Gaill iomdha ele bheós iar mbuain clog agus
bachall, iar ndenamh easccaoine agus bathadh coindell do cleirchibh
Connacht orra uair ro sharaigh agus ro slatt Aodh Muimhneach Teagh
Baoithin, agus cealla iomda ar cena gur ro thuitset féin in enech na
naomh isa cealla ro sháraighset. Ro benadh ríghe, agus cendus Condacht
do cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh is in ló sin. Gabaidh
Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg righe Connacht iarttain, agus
na caisleín do rónadh lá neart cloinne Ruaidhri Uí Conchobhair agus mic
Uilliam Búrc do sgaoileadh lais iad, .i. caislén Bona Gaillmhe,
Caislen na Circe, Caislén na Caillighe, agus caislén Dúin Iomgain.



Slóiccheadh lá hUilliam mac Hugo De Lathi (ingen Ruaidhri Uí
Conchobhair a mathair sidhe) agus lá Gallaibh Midhe amaille fris is
in mBreifne in dócum Cathail Uí Raghallaigh co ndearnsat creacha móra.
Ruccsat imorro drong do muintir Ui Raghallaigh for Uilliam De Laci,
agus for mhaithibh an tslóigh i ndeóidh na ccreach tuccsat tachar
dia roile, marbhthar ann Uilliam Brit, agus drong do maithibh Gall
ar aon ris. Ro gonadh Uilliam De Laci co sochaidhibh oile. Soaitt
as an tír gan giall gan eittere. Do cear Uilliam De Laci agus Serlus
mac Cathail Gaill Uí Concobhair, Feórus Fionn mac na Gaill rioghna,
agus Diarmaid Bearnach Ua MaoilSeclainn do na gonaibh do radadh
forra in iomairecc Móna


L. 270


Crann Chaoin. Niall Sionnach Ua Catharnaigh tighearna Fear
Teathbha do ghuin is in amus cedna, agus a écc ina tigh iar ndénamh a
thiomna, agus iar na ongadh.



AOIS CRIOST, 1234.



Aois Criost, mile, dá céd, triocha acethair.



Aongus Ua MaolFoghmhair epscop Ua fFiachrach, Giolla na Naomh mac
Airt Uí Braoin aircinneach Rosa Commain, MaolIosa mac Daniel Uí
Gormgaile Prióir Innsi Mac nErin, MaolPeadair Ua Carmacáin maigistir
Rosa Comáin, agus Giolla Iosa Ua Gibellain manach agus anchoire
Oiléin na Trinoide décc.



Domhnall mac Aodha Í Néill tighearna Cenél Eoghain, adhbhar rígh
Ereann do mharbhadh la Mag Laclainn .i. Domhnall agus lá Cenél
Eoghain fodhein, agus Domhnall do gabháil tighearnais.



Aonghus Mac GilleFindein tighearna Locha hEirne do iompudh ar
Ua nDomhnaill, agus a dhol ar creich i tTír Conuill, agus Ó
Domhnaill, .i. Domhnall Mor, do breith air, agus a mharbhadh a
ndioghail Eiccneacháin.



Aodh Ua hEghra tighearna Luighne do mharbhadh lá Donnchadh mac
Duarcáin Í Eagra (iar losccadh tighe fair, agus iar ttecht ass), a
ndioghail a dhearbhrathar, agus cóicc mac dearbhrathar a athar do
marbhsomh, agus a dearbhrathair ele do dhalladh lais.



Diarmaid Ua Cuinn taoiseach Muintire Giollgain do marbhadh.



Riocard mac Uilliam Marascal do dol ind aghaidh Righ Saxan hi
Saxaibh,


L. 272


agus tocht dó tairis anoir co ro gabh ilLaighnibh. Tionoilit
Goill Ereann na aghaidh fo dáigh rígh Saxan, .i. Mac Muiris
Iustis na hEreann, Hugo De Laci Iarla Uladh, agus Ualtra De Laci
tighearna na Midhe. Tangattar go Cuirrech Life hilLaighnibh gur
chuirsiot cath fris an Marasgal, agus marbthar an Marascal agus
ro gabhadh Sefraigh Marascal, agus ní raibhe ag cur an chatha acht
esiomh a aonar iar na thrégedh dia mhuintir budéin.



AOIS CRIOST, 1235.



Aois Criost, mile, da chéd triochat, acúicc.



Isaac Ua MaoilFhoghmhair aircindech Cille hAlaidh décc.



Matheus prioir Oiléin na Trinoide.



Madadhán Ua Madadháin tighearna Síl nAnmchadha décc.



Lochlainn mac Eichtighern Uí Cheallaigh do mharbhadh la macaibh an
Ghiolla Riabhaigh Uí Bhaoighill.


L. 274


Taichleach mac Aodha Uí Dubhda tighearna Ua nAmhalgadha agus Ua
fFiachrach do mharbhadh daon urchar soighde i nedairghaire i
longport Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg.



Sluaiccheadh la Gallaibh Ereann ar na ttionol lá Riocard mac
Uilliam Búrc. As iad robdar oirderca bádar for an sluaigheadh sin lais
Mac Muiris Iustís na hEreann, Hucco De Lati Iarla Uladh, Ualtra
Rittabard ard bharún Laighen co nGallaibh Laighen, agus Eoan Gogan
co nGallaibh Mumhan, agus Rútadha Ereann araon riú. Tangattar tar
AthLuain go RosComáin. Ro loisccset an baile. Assén co hOilFinn.
Ro loiscset tempall mor AilFinn. Assén co mainistir Atha DaLaarcc
for Buill oidhche Domhnaigh na Trinóide do shonnradh. Do chottar
dronga dia ffianlach fon mainistir, brisit an scripta, tuccsat cailigh
aifrinn, edighe, agus ionnmusa ass. Bá grain mór la maithibh Gall in
ní sin, agus do chuirsiot for ccúla gach ní fríth diobh sin, agus ro
íocsat dar cenn an neith ná fríth. Ro cuirset arabhárach sirthe
uadhaibh co Creit, co Cairthe Muilchen, co Tor Glinne


L. 276


Fearna, agus tugras creacha móra leó co hArd Carna i ccoinde an
Iustis. Do ronsat Goill comairle inchleithe annsin tria aslach Eoghain
Uí Edhin do dhioghail a chneadh ar Muimhneachaibh, agus ar Dhonnchadh
Cairprech Ua mBriain, .i. sodh ina ffritheing is in conair chédna hi
tTír Mhaine, imMaonmaigh, agus assidhe go Tuadhmumhain gan
rabhadh gan rathughadh do Muimhneachaibh. Do rónadh creacha dírímhe
leo.



Od connairc Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg na Goill do dhul
uadha asi comairle ro chind dol cona sochraide i mbáidh Muimhneach,
agus iar rochtain dó dia soighidh nó cuirdís deabtha crodha gach laoi.
An lá déidheanach tra do chodar Connachtaigh agus Muimhnigh is in
cathlathair, agus ro cathaighset co ferdha. Acht chena ro fortamhlaigh
forlion na nGall nedighthe, agus an marcshluaigh forro fó dheóidh, agus
ro mudhuíghit sochaidhe etorra díbhlinibh acht as mó ro dioláithrigheadh
Muimhnigh tria toghaoís Dhonnchadha Cairprigh. Tangadar Connachtaigh
iaromh dia ttighibh. Do róine Ua Briain arabhárach sith re Gallaibh,
agus do beart braighde dóibh. Tangadar tra na Goill tar anais go
Connachtaibh. Aseadh lodar cedus go hAodh Ua Flaithbhertaigh,
agus do righne sidhe síth friú dar cenn a bhó, agus a mhuinntire.
Fedlimidh imorro mac Cathail Croibdeirg, así comairle ro sgrúd somh
a mbaoi do buaibh a cConmaicne Mara, agus a cConmaicne Chúile
doneoch ro gabh a chomhairle, agus mac Magnusa, agus Conchobhar
Ruadh mac Muirceartaigh Muimhnigh do breith lais do shoighidh Í
Dhomhnaill, .i. Domhnall Mór, agus an tír uile dfásucchadh for cind
Gall. Iar sin tra tangadar Goill go Dún Mughdord. Ro cuirsiod techta
go Magnus mac Muirceartaigh Muimhnigh diarraidh giall fair, agus ní
tard Maghnus síth na eiteredha doibh. Ro cuirset din Goill ó Dhun
Mughdord slógh diairmidhe fa macaibh Ruaidhri gur ro airccset Eccuill,
agus do beartsat creacha iomdha


L. 278


leó go Druimm Ní i ccoinne Gall. Tanaic dana Aodh Ua Flaithbeartaigh,
agus Eoghan Ua hEdhin sluagh mór ele timcheall, agus arthraighe leó ar
ná ttarraing co Líonán Chind Mara. Rangattar na harthraighe sin cona
sochraide, agus an Iustís ina ccoinde co Druimní, co caladh Insi
Aonaigh.



Magnus, imorro, baí sidhe agus a longa ar sruth na hinnsi, agus deabhtha
meince uadha for Ghallaibh, agus imaseach ó Ghallaibh fairsiomh. Ro
scithighit tra Gaill fris sin, agus aseadh do rónsat a longport do breith
leó, agus a narthraighe do tharraing chuca i ccúil trágha mór boí is in
maighin sin. Oro rathaigh Maghnus indsin do chuaidh in Inis Raithni,
agus ro cuir drong dia mhuintir ind Inis Aonaigh. Od conncadar Gaill
Maghnus cona mhuintir do dhol for na hoilénaibh hisin, ro thógbhadar
a narthraighe leó ar fhud na tragha, agus ro chuirset for muir iat, agus
ro líonait co hobann do sluagh agus do shirthibh armtha edighthe, agus
lotur fors na hoilénaibh i mbadar muintir Maghnusa (cenmothá Inis
Raithin i mbaoi Maghnus fesin), agus ro mharbhsat a ffuaradar do
dhaoinibh inntibh. Do dheochaidh Maghnus agus i mbaoí dia mhuintir in
Inis Raithne ina longaibh, agus ro fhagaibhset an insi, agus diambadh
tairisi lá Maghnus muintir Mhaille ro chuirfeadh a longa hi ccenn
loingis na nGall.


L. 280


Ní baoí bó ar oilén in Insibh Modh nár chuirset Goill ar caladh in aon
ló, agus nó tiocfadaís muinteara na mbó cona mbuar do na hoilénaibh hisin
lá haidhble a níotaidh agus a nocarais mena beith gabháil forra.



Ro marbhaid fodhaoine iomdha lá Gallaibh an oidhche sin. An Aoine imorro
ar ná mhárach do cuas leó ar oilénaibh thuaiscirt Umhaill. Ro forcongradh
lá toiseachaibh an tslóigh gan daoine do marbhadh ind onóir césta Criost.



O thairnic tra lá Gallaibh slad agus creachadh hUmhaill eitir mhuir agus
tír tangadar rempu, agus a mbú, agus a ccreacha leó go Lughburdan.
Do chuadar as sidhe ina nuidhedhaibh imtheachta co hEssDara co ndearnadar
creich ar Ua nDomhnaill ar daighin ionnarbhta Fedhlimidh cuicce.
Tangattar assidhe i cCoirrsliabh na Seghsa, agus go Caladh Puirt na
Cairrcce ar Loch Cé dá ghabháil ar druing do mhuintir Fedlimidh Uí
Chonchobhair agus Chorbmaic mic Tomaltaigh baoí occa choimhéd. Tuccsat
imorro Gaill Ereann, agus an Iustis comairce agus termann do Chlarus
mac Mailin dairchideochain OileFind, agus do chanánachaibh Oiléin
na Trinoide i nonóir na naomh Trinóide, agus do chóidh an iústis fén,
agus maithe na nGall do dhéchain an ionaid sin, agus do dhénamh sléchtana
agus ernaighthe an dú sin.



Do rónsat Gaill iaromh aidhme iongnaithe damhainsi ealadhan agus inntlechta
trias ro ghabhsat Carrag Locha Cé for mhuintir Fedlimidh agus
Corbmaic, agus iar ná gabháil ro fhágaibh an Iustis lucht coimheda fuirre,
agus an ro ba lór leó do bhiúdh agus lionn, agus ro fhagaibhset Gaill
Connachtaigh don chur sin gan biadh gan édach


L. 282


gan eallach, agus ní ro fhágaibhsead síth ná sáimhe innte, acht madh
Gaoidhil fein ag slat agus ag marbhadh a chéle. Ar a aoi ní ruccsat Goill
giall na eitere don chur sin.



Do róine Fedhlimidh síth ris in Iustis, agus tuccait cúig triucha an
righ dósumh gan crodh gan cíos orra.



Carrac Locha Cé do ghabhail lá Corbmac Mac Diarmata i ccenn fhichet
aidhche iaromh iar ndol don constapla imach co ndruing móir dá mhuintir
imme, ro iadh fear díobh fein, .i. Ó hOstin an baile tar a néis, agus
do rad do Corbmac iarttain. Ro hiodlaiceadh na Gaill ar comairce
co hOilén na Trinóide, agus ro cuireadh slán as an tír iad. Trasgarthar
agus múrthar an charracc lá Corbmac iaromh co nach gabhdaís Gaill
doridhisi.



Domhnall agus Muirceartach, dá mac Muireadaigh Uí Mhaille do mharbhadh
lá Domhnall mac Maghnusa mic Muirceartaigh Uí Concobhair, agus lá Niall
Ruadh mac Cathail mic Conchobhair i Cliara, agus a nadhnacal innte
bheós.



Tuathal mac Muirceartaigh Uí Chonchobhair do mharbhadh lá Concobhar
mBuidhe mac Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair, agus lá Concobhar mac
Aodha Muimhnigh.



Caislen Milic do bhriseadh la Fedhlimidh Ua Conchobhair.


L. 284


AOIS CRIOST, 1236.



Aois Criost, míle, dá chéd, triocha asé.



MacRaith Mac Maoilín Sagart Cille Mic Treana.



Aodh Ua Gibelláin Sagart Cille Rodain. Bá cananach é fo deóidh in
Oilén na Trinóide décc oidhche Nodlac.



An Iustis, .i. Mac Muiris do thionol Gall Ereann na choinne co hAth
Feorainne. Tainic Feidhlim mac Cathail Croibhdeirg Rí Connacht
is in coinne hisin. Iseadh bá menmarc leó uile feall for Feidhlim ge
ro bhaoi na cairdeas Críost ag an Iustis, agus bá he sin fochann a
ttionoil co haon mhaighin. Iar bfhios sgéil agus iar ffagbháil rabhadh
dFeidhlimidh ro siacht as in ccoinne uathadh marcsluaigh co RosComáin.
Ro leanadh as sen co droicet Sliccighe, agus do chuaidh in ucht Uí
Dhomhnaill, agus ó nach ruccsat fair do rónsat creacha móra ar Thadhg
Ua cConcobhair, agus rucsat deagh mhná imdha i mbroid agus i ndaoíre.
Co rangattar gus na gabhalaibh sin leó go Druim nGreccraighe i Maigh
Luircc, uair as ann baoi an Iustis fein occa nurnaidhe. Bá iar ndol
mic Uilliam hi Saxaibh do rónadh an coinne hísin.



Sodhais an Iustis agus na Goill iar sin dia ttighibh, agus ro fhagaibh
forlamhus an tíre ag Brian mac Toirrdhealbhaigh.



Creacha mora do dhénamh lá Briain agus la hamhsaibh an Iustís ar macaibh
Aodha mic Cathail Croibhdheirg, agus ar socaidhibh oile do muintir
Fheidhlimidh. Creacha eile do dhénamh lá macaibh Aodha ar Ghallaibh
agus ar a nesccairdibh Gaoidhealda co ro loitedh an tír eatorra imáseach
amne.



Conchobhar mac Aodha Muimhnigh do mharbhadh lá Magnas mac Muirchear-
taigh Uí Chonchobhair.



MaolMuire Ua Lachtnáin do thogha i nepscopóide Tuama, agus a dhul
i Saxaib,


L. 286


agus grada do thabhairt fair tria scribennaibh comarba Petair, agus tria
comhaonta rígh Saxan.



Mac Uilliam do thuidhecht a Saxaibh, agus ní fes cecip tucht i
tudchaidh fa fo síth nó fo eisíth.



Fedhlimidh mac Cathail Croibhdheirg do thocht i cConnachtaibh
doridhisi iar ná thóchuireadh do druing do Connachtaibh .i. Ua Ceallaigh
Ua Flaind mec Aodha mic Cathail Croibdeirg, agus mac Airt Uí
MhaoilSheachlainn go rabatar uile ceithre catha comhmóra agus ro
ionnsaighset iaromh co Rind Dúin airm i mbádar bú an tíre uile ag Brian
mac Toirrdhealbhaigh agus ag Eoghan Ua Eidhin, agus ag Concobhar
Buidhe mac Toirrdhealbhaigh, agus ag Mac Goisdelb. Rangadar tra
muintir Fedlimidh tar dúncladh agus tar daingean chlasaigh an oilen,
agus ro chuir gach cend slóigh, agus gach taoísioch buidhne dib a
ffolartnaibh do na buaibh reampa amhail fó ghebhttís ar a cconair iad
ar a ccind. Ro sgaoílset muintir Fhedhlimidh ar na hédalaibh co ná
ro airis ina fhochair dona ceithribh cathaibh achtmadh aon cethrar
marcach namá.



Od connairc Brian mac Toirrdhealbhaigh agus Eoghan Ua hEidhin cona
sochraide muintir Fhedhlimidh go hessraoíte lá a nédalaibh, do
eirghedar go hathlamh ésgaidh uathadh marcsluaigh agus amsadh iomdha do
shaighidh Uí Concobhair cona uathadh muintire, ní ro airigh Concobhar
Buidhe mac Toirrdhealbhaigh ní conus tarla i ccenn mac nAodha mic
Cathail Croibhdeirg i riocht a mhuintire fein, agus ro thuit siomh lá
Ruaidhri mac Aoda mic Cathail Croibdeirg.



Ro mheabhaidh for guth Fedhlimidh (an airdrigh) occ fostadh agus occ
iomfhuireach a muintire ó a nédalaibh frí hiombualadh a naghaidh a
mbiodhbhadh. Ro marbhadh sochaidhe iomdha don tsluaigh lá Fedlimidh
cona mhuintir is in maidhm sin is in oilen agus alla muigh don oilén do
macaibh mallacht, agus do lucht dénma uilc acht


L. 288


madh Tadhg mac Corbmaic mic Tomaltaigh mic Diarmata namá. Od chualaidh
tra Mac Uilliam an maidhm sin do thabhairt ar gach aon dár iompoidh fair,
ro eirigh lá hUa Conchobhair dia ccennsucchadh. Do chuaidh dana
Diarmaid mac Magnusa iar ná cluinsin sin dionnsoighidh Maghnusa mic
Muirceartaigh Uí Concobhair.



Tanig iaramh Mac Uilliam gan rabhadh gan rathuccadh go Tuaim Dá
Ghualann, as sidhe go Maigh Eó na Saxan, agus ní ro fhágbhaidh cruach
na cliabh arbha i relic mhóir Maighe Eó ná hi relic tempaill Mhíchil
Árchaingil, agus tucsat ceithri fichit cliabh as na teamplaibh feisin.
Tangadar na dheadhaidh co Turlach, agus tucsat an diach cedna fair.
Do chuirset dana sluagh do chreachadh mhuintire Diarmada mic Maghnusa,
agus do rala muintir Concobhair Ruaidh, agus Turlocha dóibh, agus
ro airgset na sluaigh sin iad uile hi ttrécomusc a chele. Ro béigen
din do Mhaghnus muintir Diarmada do dhíochur agus dionnarbadh uadha.
Do chuaidh Conchobhar Ruadh arabharach hi tech Mic Uilliam, agus
do róine síth fris, agus fuair aiseac a chreche dona buaibh trias
ro hairgeadh, agus an ro athinset lucht na cille dia ccrudh do radadh
doibh doridhise. Do dheachaidh bheos Diarmaid mac Maghnusa hi tteach
Gall tar cenn a bhó, agus a mhuintire doneoch ro fágbadh occa. Luidh
Mac Uilliam co Balla agus ro boí oidhche ann, do chuaidh ais sídhe
co Tuaim Dá Ghualann, agus ro fhagaibh coicceadh Connacht gan sith ná
saimhe gan biadh i ccill ná hi ttuaith innte.



Aedh Ua Flaithbeartaigh tighearna Iarthair Connacht décc.



Diarmaid mac Neill Uí Ruairc do dhalladh lá CoinChonnacht Ua
Raghallaigh.



Cathal Riabhach mac Giolla Brude Uí Ruairc tighearna Ua mBriuin
do ecc.


L. 290


Fleochadh mór, doineann agus coccadh dearmhair is in mbliadhainsi.



Maidm Cluana Catha do thabhairt lá Fedhlimidh Ua cConcobhair ar
cloinn Ruaidhri, agus ar Choncobhar mac Corbmaic Meic Diarmada.



Giolla Patraic Mac Giollaroid tighearna Chenél Aongusa décc.



Termann Caelainne do losccadh las an Iustis.



Sloiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Mor) i nUlltoibh co hIubhar
Chinn Choiche dar mhill gach tír gus a rainicc, agus dá ffuair geill
agus umhla o urmhor Uladh.



AOIS CRIOSD, 1237.



Aois Criost, mile, dá chéd, triochat, aseacht.



Tomas Ua Ruadhain epscop Luighne.



GiollaÍsu Mac an Scélaighi Uí Tormaigh epscop Conmaicne.



Giolla na nÉcc Ua Mannacháin décc i Mainistir na Búille.



Sluaighead lá Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg cona bhraithribh
hi cConnachtaibh. CúConnacht Ua Raghallaigh conUíbh Briúin uile,
agus Cathal Mag Raghnaill go cConmhaicnibh immaille fris
dionnsoighidh shleachta Ruaidhri .i. Brian mac Toirrdhealbhaigh,
Muirceartach agus Domhnall meic Diarmada mic Ruaidhri, agus Conchobhar
mac Corbmaic meic Diarmada. Do deachadar tar Coirrshliabh na Seghsa
budh thuaith inddeadhaidh sleachta Ruaidhri co rangadar Druim Raitte,
agus do chuirsiot sliocht Ruaidhri amhsa an Iustis (battar ina bfarradh)
do thabairt


L. 292


deabhtha dFedhlimidh cona shochraide. Ro forcongair Fedhlimidh
fora shlóghaibh gan a ndiubhracadh itir acht tocht dia niombualadh
gan fuireach. Do rónad fairsiomh sin, ni ro fhuilngettar na hamsa go
cian an iomtuargain an tan ro sraoíneadh forra i ccenn a muintire. Ro
marbhadh drong mor diobh im Mac Mibricc don cur sin.



Od chonncattar slicht Ruaidhri an scaoíleadh agus an scaindreadh tugadh
for a sochraide, ro iomghabsat an tionadh a mbattar gan aoínneach do
mharbhadh díbh. Do scaoílset a haithle an mhadhma sin cona baoí aittreabh
hi Síol Muireadhaigh leo. Ro haircceadh a muintir uile lá Fedhlimidh,
agus do rónadh creacha iomdha ar Conchobhar mac Corbmaic hi tTir
nAilealla. Ruccusdar iaromh a loinges for Loch Cé, agus ro dhiochuir de
Corbmac Mac Diarmada tighearna Maighe Luirg, agus ro aircc Magh
Luircc uile. Faccbaid dana, tighearnus an tíre agus an locha ag
Donnchadh mac Muirchertaigh Luathshuíligh.



Sith do dhénamh don Iustis ré Fedhlimidh, agus tuccadh cúig triucha
an rígh dhósomh gan crodh gan chios orra. (Vide supra, 1230).



Maghnus mac Diarmada mic Maghnusa do mharbhadh lá Domhnall mac
Diarmada mic Ruaidhri Uí Concobhair.



Muirceartach mac Diarmada mic Ruaidhri Uí Concobhair do mharbhadh lá
mac Magnusa mic Muirceartaigh Muimhnigh.



Creach do denamh lá Concobair mac Corbmaic for Ruaidhri Ua nGadhra,
agus brathair Ruaidhri do mharbhadh.



Braighde Concobhair mic Corbmaic do mharbhadh lá Fedhlimidh mac Cathail
Croibdeirg.



Mainistir canánach do tionnscnadh lá Clarus Mac Mailín i nOilen na
Trinóide ar Loch Uachtair iar na chomhairleacchadh dhó ó Cathal Ua
Raghallaigh.


L. 294


Barúin na hEreann do thocht i cConnachtaibh, agus caisléin do
thinnscetal dóibh do dhénamh innte.



AOIS CRIOST, 1238.



Aois Criost, mile, da ched, triochat, a hocht.



Felix Ua Ruanadha airdepscop Tuama iar ccor a epscoboide de ar Dhia
rias an tan sin, agus iar ngabháil habite manchessa ime hi cCill Muire
in AthCliath dég.



Donnchadh Uaithneach mac Aodha mic Ruaidhri Uí Concobhair do mharbhadh
lá Tadhg mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg.



Donnchadh mac Duarcáin Uí Eghra tighearna Luighne do gabháil lá Tadhg
mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg, agus an tan rugadh dia choimhéd é
ro marbhsat a braithre budhdhéin, .i. meic Aodha Uí Eghra ar an slighidh
a tTír Briúin na Sionna.



Flaithbeartach Mac Cathmhaoíl ardtaoíseach Cenél Feradhaigh, agus
toiseach Cloinne Congail, agus Ó cCennfhoda i tTír Manach, feighe
gaisccidh agus einigh Tíre hEoghain do mharbhadh lá Donnchadh Mac
Cathmhaoil lá a brathair fein tria thangnacht.



Donnchadh mac Muirceartaigh do dhol is in mBreifne go hUa Raghallaigh,
agus rug sluagh mór lais i cConnachtaibh, agus ro airccset muintir
Cluana Coirpthi, agus ro marbhadh sochaidhe do mhaithibh Muintire
hEolais hi ttóraigheacht na creche sin, agus drong mhór dona Tuathaibh.



MaolRuanaidh mac Donnchadha Ui Dhubhda do mharbhadh lá MaolSeachlainn


L. 296


mac Concobhair Ruaidh mic Muirceartaigh Muimhnigh, agus la mac
Tighearnáin mic Cathail Miccarain Uí Concobhair.



Caisléna do dhénamh hi Muintir Murchadha hi cConmaicne Cuile, agus
a cCera lás na barúnaibh rémhráite.



Sluaigheadh lá Mac Muiris iustís na hEreann, agus lá Hugo De Laci
Iarla Uladh hi cCenél Eoghain agus hi cCenél Conaill. Ro
aithrighset Mag Lachlainn (.i. Domhnall) agus tucsat tighearnus Cenél
Eoghain do mac Uí Neill, agus ro gabhsat fein braighde an Tuaiscirt.



Cloictheach Eanaigh Dúin do denamh.



Cathal Mag Riabhaigh taoiseach Fear Scedne décc.



AOIS CRIOSD, 1239.



Aois Criost, mile, da chéd, triocat, anaoí.



Muircertach mac Domhnaill Uí Bhriaiain recte Bhriain do écc.



Cath Cairn tSiadhail do thabairt lá Domhnall Mag Lachlainn dú in
ro marbhadh Domhnall Tamhnaighe Ua Néill, Mag Mathghamhna, Somairle
Ua Gairmleadhaigh, Caoch Bernais Ua Gairmleadhaigh, agus maithe
Cenel Moain go sochaidhibh iomdha


L. 298


immaille friú, agus ro gabh arís an tighearnus, agus ro benadh dhe gan
fhuireach déis an mhadhma sin.



Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Conchobhair (Ri Connacht) décc.



Ferghal mac ConCondacht Uí Raghallaigh tighearna Dartraighe agus
Cloinne Fermaighe, agus tighearna Bréifne ó shliabh sair, madh iar
leabhar oile, do mharbhadh lá MaolRuanaidh mac Feargail agus lá
Conchobhar mac Corbmaic ar ndula dhó ar crech go mac Neill mic
Conghalaigh dia ro aircc iad, agus diar gabh teagh orra, agus tainic
Muircertach mac Néill ar breithir as an tigh amach. Ro gabhadh é,
agus ro marbhadh fó cetoir déis mic Uí Raghallaigh do mharbhadh.



Creach do dhénamh lá Gallaibh Ereann ar Ua nDomhnaill gur ró airgset
Cairpri, agus ro baoí an Iustís fein occ EssDara occa nurnaidhe,
agus do dheachadar a sirthi go Druim Cliabh.



Lasairfhina inghen Cathail Chroibhdherg ben hUí Domnaill do
thabhairt lethbhaile da fearond phosta .i. Ros Birn, do Clarus Mac
Mhaoílín agus do coimhthionól canánach Oilén na Trinóide ar Loch Cé
i nonoir na Trinóide agus Muire.



Corbmac mac Airt hUí Mhaoíleachlainn dég.



AOIS CRIOST, 1240.



Aois Criost, míle, da chéd, cethrachat.



Maineisteir do thógbhail i bPurtLairge lá Sir Hugo Pursel do
Bhraithribh .S. Frainseis.



Giolla na Naomh Ua Dreáin aircinneach Arda Carna do écc.


L. 300


Sluaigheadh mór lá CoinChonnacht Ua Raghallaigh for Chorbmac Mac
nDiarmata co ro aircc an tír uile co hArd Carna, agus ro marbh daoíne
iomdha i ndioghail a meic, agus Corbmac mac Tomaltaigh do aithríghadh,
agus Donnchadh mac Muircertaigh do gabháil tighearnusa Muighe Luirg.



Fedhlimidh Ua Concobhair do dol do lathair righ Saxan do chosaoid
Gall agus Gaoidheal fris, agus fuair onóir mhór on righ don chur sin,
agus tainig slan dia thigh.



Aodh mac Giolla na Naomh Cruimm Uí Seachnusaigh do mharbhadh lá
Concobhar mac Aodha mic Cathail Croibhdeirg agus lá Fiachra Ua Floinn.



Sadhbh ingean Uí Cheinneidigh ben Donnchaidh Chairbrigh Uí Bhriain
décc.



Mainestir Tighe MoLaga hi cCairpre isin Mumhain in epscopoidecht
Ruis do shonnradh do thógbhail do braithribh .S. Franseis lá Mag
Carthaigh Riabhach tighearna Cairpreach agus a tumba fein do denomh
hi ccoraidh na mBrathar. As innte fos adnaicther an Barrach Mor, agus
Ó Mathghamna Cairpreach, agus barún Cúrsach.


L. 302


AOIS CRIOST, 1241.



Aois Criost míle, da chéd, cethrachatt a haon.



An tEpscop Ua Flaithbeartaigh (.i. Muirchertach), .i. epscop Eanaigh
Dúin.



Coisearccadh tempaill na mBrathar Minúr in ÁthLuain lá comarba
Patraic.



Domhnall Mór mac Éccneacháin hUí Dhomhnaill tigherna Tíre Conaill,
FhearManach, agus Íochtair Condacht co Coirrsliabh, agus Oirghiall
ó Clar anuas décc in aibít manaigh iar mbreith bhuadha ó dhomhan, agus
o dhemhan, agus a adhnacal co nonóir agus go nairmidin i mainisdir
Eassa Ruaidh is in fhoghmhar do shonnradh.



MaolSeachlainn Ua Domhnaill do oirdned i ttighernus Tíre Conaill
ind ionadh a athar. Ua Neill, .i. Brian do theacht chuige iar ná
iondarbhadh la Domhnall Mhag Lachlainn, agus Ua Domhnaill do dhula
cona shochraide lá Brian Ua Néill hi Cenél Eoghain, agus tuccsat cath
do Mag Lachlainn, .i. cath Caimeirge, agus ro mharbhsat Domhnall Ua
Lachlaind tigherna Cenel Eoghain, agus decneabhar da derbhfhine, agus
taoisicch Cenél Eoghain uile immaille fris, agus ro hoirdneadh Brian
don chur sin i ttigernus Cenel Eoghain.



Diarmaid mac Magnusa mic Toirrdhealbhaigh Mhóir Uí Chonchobhair saoí
einigh agus eangnamha do ecc.



Sitriucc Mhág Oireachtaigh taoíseach Cloinne Tomaltaigh decc.



Ualtra De Lati tigherna Midhe ó Gallaibh, agus cenn comhairle Gall
Ereann dég hi Saxaibh.



Tadhg mac Ruaidhri Uí Gadhra décc.



Tadhg Ua Conchobhair do arguin Dartraighe agus Cloinne Fermaighe.


L. 304


Sluagh mór do dhénamh lás an Iustis, .i. Muiris Mac Gearailt i Maig Naé
go ro airccset Fiachra Ua Flainn, agus Donnchadh Mac Diarmada, agus
ruccsat uathadh do mhuintir Ui Conchobhair forra, agus ro marbhadh leó
Nár Mac Giolla Cheallaigh agus sochaidhe ele.



Domhnall Mag Fhlannchadha taoiseach Dartraighe do écc.



AOIS CRIOST, 1242.



Aois Criost, míle, da chéd, cethrachad, adó.



Domhnall Mac Airten do écc ina chanánach hi cCill Mhóir.



Caibitil mhór lá prímhaidh Arda Macha agus la habbadhaibh Cananach
Ereann i Lughmhadh dia ro togbhadh moran do thaisibh do thionoil
Mochta on Róimh.



Donnchadh Cairpreach Ua Briain (tigherna Dail cCais) tuir ordain
agus oireachais deiscirt Ereann, agus a mac Toirrdhealbhach mac
Donnchadha Cairbrigh décc.



Conchobhar Ua Briain do ghabhail righe Tuadhmhumhan.



Aedh Ua Concobhair (.i. an tAithcleireach) mac Aodha mic Ruaidhri
Uí Chonchobhair do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Aodha mic Cathail
Croibhdheirg.



Brian mac Donnchaidh Uí Dubda tighearna Ua fFiachrach, agus Ua
nAmhalgadha agus Iorrais do mharbhadh ar slicchidh acc dol dá oilithre
co Mainistir na Búille.



Sluaigheadh mór las an Iustis agus lá Gallaibh Ereann archena, agus lá
Fedlimidh mac Cathail Croibdeirg hi Cenel cConaill in diaidh Taidhg
Uí Chonchobhair do chóidh dionnsoighidh Cenél cConaill. Ro gabhsad
na slóigh sin longport i nDruim Thuama, agus ro mhillset a lán don chuairt
sin gén gur tregeadh Tadhg dhóibh. Tadhg Ua Conchobhair do ghabhail
iarttáin lá CoinConnacht Ua Raghallaigh tria forchongra Fheidhlimidh
mic Cathail Chroibhdheirg.


L. 306


AOIS CRIOST, 1243.



Aois Criost, míle, da chéd, ceathrachat atrí.



Petrus MacRaith iar ccinnedh a bhethadh i ccanánchaibh Oilén na
Trinóide ar Loch Cé décc, agus a adhnacal lá Féle Martain.



Findachta Ua Lughadha comarba Beneoin.



MaolEóin Ua Crecháin airchideochain Tuama ar ttecht thairis (.i.
tar muir) ina mhaigistir decc in Áth Cliath.



Cathasach Ua Snedhiusa deaganach Muintire MaolRuanaidh décc i nArd
Charna an 10. August.



Tadhg mac Aodha mic Cathail Chroibhdheirg do léccadh dUa Raghallaigh,
agus a theacht co Mainistir na Buille cona shochraide, dul dó iaromh
co teach Mic Diarmada, Corbmac mac Tomaltaigh, agus é féin, agus a ben
ingen Mhég Carthaigh (.i. Etaoín inghen Fhinghin, agus bá hisidhe
mathair Taidhg budhdhein) do ghabháil, agus a tabhairt do ChoinChonnacht
Ua Ragallaigh mar mhnaoí as a fhuasgladh féin.



Tadhg do dhul doridhisi fá Fhéil Martain in uathadh sochaidhe hi coinde
go hUa Raghallaigh, agus Tadhg do ghabhail dó hi fill, agus a mhuintir
do mharbadh, agus a beith fein i láimh co Féil Bearaigh ar ccind.



Sluaigheadh mor do thionol lá Righ Saxan do saighidh righ Franc, agus
techta do thocht ón rígh diarraidh Gall Ereann cuige. Riocard mac
Uilliam Búrc do dhul ann i ccuma cháich, agus a écc thoir ar an
sluaiccheadh sin.



Cathal mac Aodha Uí Concobhair dalta muintire Raghallaigh do iompudh
orra, agus creach do dhenamh dhó ar Muircertach Mac GiollaShúiligh i
Muigh Nisse, agus


L. 308


Muirceartach fein do gabhail dó, agus a mharbhadh hi Cill Sessin.
Creach oile do dhénomh dhó fó chedóir ar Cloinn Fearmaige agus ar
Dartraighibh.



Creach Maighe Rein lá Cathal, agus ro éirigh cogadh eittir Ua
cConcobhair agus Ua Raghallaigh.



AOIS CRIOST, 1244.



Aois Criost, míle, da chéd, cethrachat a ceathair.



Donnchadh mac Finghin mic MaoilSeachlainn mic Aodha mic Toirrdhealbaigh
Uí Conchobhair epscop Oile Finn décc an 23. April i nInis Clothrand,
agus a adhncacal i Mainistir na Buille.



Archideochain Tuama do bhadhadh ar Glaislind Cluana.



Donnchadh Mór Ua Dálaigh saoí nár sáraigheadh agus nách sáireochar
lé dán do écc, agus adhnacal hi Mainistir na Búille.



Tadhg mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg do dhalladh agus do chrochadh
la CoinChonnacht Ua Raghallaigh i Fél Bearaigh occ Inis na Conaire
for Loch Aillinde iar na bheith illáimh aige ó Fhéil Martain gus an
ionbhaidh sin. Ruaidhri


L. 310


mac Aodha a derbhrathair do bhadhadh ar an Cuirrín Connachtach ag
ÁthLiacc na Sionna an 9. lá do Mharta, agus a adhnacal i mainistir
Cluana Tuaiscirt co hairmhidneach onórach.



Conchobhar mac Aodha mic Cathail Croibdeirg do écc hi ccind mhíosa
dearrach.



Sluaigheadh lá Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg is in mBréifne sair
go hUa Raghallaigh do dhioghail a dhalta agus a bhrathar fair, .i. Tadhg
Ua Conchobhair. Ro bhádar adhaigh longpuirt hi Fiodhnach Maighe Rein,
ní raibhe an comharba is in baile an aidhche sin, agus ní raibhe cind for
theampall Fiodhnacha, agus o nach raibhe ro loiscetar drong don tslóigh
botha agus bélscálána batar is in tempall hi stigh gan cet dá ndaghdhaoínibh.
Ro múchadh dalta de an comarba ant. Tainic an comarba feisin arabharach
co bfeircc agus lonnus mór fo bhás a dhalta. Ro iarr a eraic ar Ua
cConchobhair. Adbert Ua Concobhair co ttiobhradh a bhreth fein dó.
Así mo brethsa ar an comharba an taon duine as fearr agaibh in eraic
mo dhalta dé do losccadh libh. Maghnus mac Muirceartaigh Mhuimhnigh
sin, ar Ua Concobhair. Ní me itir, ar Maghnus acht an tí as cenn ar an
sluagh. Ní scérabhsa ribh ar an comharba co ffagar éraic mo dhalta.
Lotar an sluagh iar sin as an baile amach, agus do lean an comharba iad.
Do chóidhset co hAth na Cuirre forsin nGeircthigh, agus ro bhaoí
an tuile tar bruachaibh di, agus ní chaomhnacatar tocht tairse gur ro
scaoilset teach Sepel Eóin Baiste do


L. 312


bhaoí ind imeal ind átha dia chur tarsan abhainn do dhol táirsi don
tsluagh. Do dheachaidh Maghnus mac Muirceartaigh Muimhnigh is in tigh,
agus Concobhar mac Corbmaic Mic Diarmada. Ro raidh Maghnus ris in bfer
baoí ar mullach an tighe occa sccaoíleadh ag síneadh a cloideamh uadha
suas, ag sin ar sé an tairrnge congbhus an maide gan tuitim. Agá rádh
sin dó ro thuit fécce an tíghe hi ccenn Magnusa co nderna bruirigh
dia chind gur bho marbh fó cédóir ar an lathair sin, agus ro hadhnaiceadh
é hi ndoras teampaill Fiodhnacha alla amuigh, agus tuccadh trí lán
Cluig na Rígh dofrail ar a anmain, agus dech nech fhichet. Gonadh
amhlaidh sin fuair comharba Caillín eraic a dalta. Do rónadh lecht do
clochaibh snaitte agus cros caoindénmhach uas a cind, agus ro briseadh
lá muintir Ruairc iatt ciodh iar ttriol.



Corbmac mac Tomaltaigh mic Conchobhair Mic Diarmada tighearna Cloinne
MaoilRuanaidh uile decc in aibit Manaigh Léith hi Mainistir na Búille
is in ffoghmhar iar mbreith bhuadha ó dhomhan agus ó dheamhan, iar
ccaithemh sé mbliadhan ficheat a ttighernus.



Fearghal mac Taccadain do mharbhadh lá Conchobhar Mac Tighearnáin i
fill in Inis Fraoich for Loch Gile.



AOIS CRIOST, 1245.



Aois Criost, míle, da chéd, ceathrachatt acúicc.



Domhnall Ua Flandagáin abb Cunga décc.



Conchobhar Ruadh mac Muirceartaigh Mhuimhnigh mic Toirrdealbhaigh
Uí Chonchobhair do lot dUa Thimmaith dá mhaor budhdhéin lá scín tria
iomaccaillaimh feircci do thecht etorra hi Purt na Leicci, agus
GiollaCriost mac Iomhar Uí Birn do


L. 314


mharbhadh an mhaoír sin, agus Concobhar Ruadh do breith co Mainistir
na Búille, agus a écc don lot sin, agus a adhlacadh is in mainistir
hísin iar mbuaidh ongtha agus aithrighe.



Caislén Sliccigh do dhénomh lá mac Muiris Mic Gearailt, Iustís na
hEreann, agus re Siol Muiredhaigh uair ro forcongradh for Fedhlim
a dhenamh ar a phinging fein, agus clocha agus aél, agus tighe spitel na
Trinóide do tharraing chuicce iar ttabhairt an ionaidh chédna las an
Iustis do Chlarus Mac Mailin in onóir na naomh Trinóide.



Slóigheadh mór la righ Saxan i mBretnaibh, agus ro gabh longport oc
caislén Gannoc, agus ro thochuir ina dhochum an Iustís co nGallaibh
Ereann, agus Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg cona shocraide. O
do chuatar tra ro milleadh Bretain leó, agus ar a aoí ní ro gabhsat
géill na eiteredha don chur sin. Bá honorach Fedhlimidh Ó Conchobhair
ag an rígh ar an slóiccheadh sin.



Caislén Átha an Chip ar brú Maighe Nisse do dhénamh lá Milidh Mac
Goisdelbh.



Fiachra mac Dauid Uí Flaind taoíseach Sil MaoileRuain, décc.



Cearbhall Buidhe mac Taidhg mic Aongusa fFindabrach Uí Dhálaigh
décc.



Caislén Suicín do dhénomh.


L. 316


Raghnall Ua MaoílMiadhaigh do mharbhadh lá Connachtaibh.



Muirchertach mac Muirghiusa mic Cathail Mic Diarmada do marbhadh lá
fearaibh Breifne.



Sluaiccheadh lá hUa nDomhnaill (Maoilechlainn) for Gallaibh, agus
Gaoidhelaibh Iochtair Chonnacht co ttuccsat bú agus edala iomdha leo
don turus sin.



AOIS CRIOSD, 1246.



Aois Criosd, míle, dá chéd, cethracha, ase.



Eóin Ua hUgróin mac comhorba MoChua, epscop OileFinn an tEóin
íshin do écc i Raith Aedha Mec Bric.



Ioain Mac Iagfri do thocht ina Iustís in Erinn agus Muiris Mac Gerailt
do aithrighadh.



Druim Lethain do losccadh an bliadhainsi.



MaoilSeachlainn mac Concobhair Ruaidh mic Muircertaigh Muimhnigh Uí
Concobhair do mharbhadh la hUa nDubhda, .i. Muircertach. Muirchertach
do ionnarbadh tar muir deis an marbhtha sin.



Sluaighedh do dhenamh do Muiris Mac Gerailt i tTir Conaill agus é do
thabhairt


L. 318


leithe Thire Conaill do Corbmac mac Diarmada mic Ruaidhri Uí Concobhair,
agus braighde Uí Dhomhnaill do ghabhail ar an leith oile. Na braighde
do fhaccbhail i ccaislén Sliccighe.



Ua Domhnaill .i. MaoilSeachlainn agus maithe Cenél cConaill do
theacht la Samhna go Slicceach. Badhún an baile do losccadh dhoibh. Ni
ro fhedsat dol for an ccaislén, agus ro chrochsat lucht an chaislén a
mbraighdi ina ffiadhnaisi iar na leccadh síos do mhullach an chaislén,
.i. Ó Mianáin oide Uí Domhnaill agus a chomalta.



Murchadh Ua hAnluain ticcherna na nAirther do marbhadh ar forcongra
Briain Uí Nell.



Aedh mac Aedha Uí Concobhair do gabhail agus a argain.



Toirrdealbhach mac Aedha Uí Concobhair do éludh a Cranóig Locha Leisi
is in fhoghmhar. An lucht coimheda boí air do bhádhadh do, .i. Corbmac
Ua Muireadhaigh agus dá Ua Ainmireach. Toirrdhealbhach do gabhail
do ridhisi ar comairce epscoip Chluana agus iar ná thabhairt illaimh
Ghall a chur i ccaislén Atha Luain.



Albert Almaineach airdespuc ArdaMacha dathrucchadh dochum na
Hungari.



AOIS CRIOSD, 1247.



Aois Criosd, mile, da chéd, cethracha aseacht.



Concobhor Ua Muireadhaigh epscop Ua fFiacrach Aidhne do écc i
mBristuma.



Aedh Mac ConChailledh abb Chluana hEoaiss do écc.



MaoilSeachlainn Ó Domhnaill ticcherna Thire Conaill, Cenél Moáin, Insi
hEoghain agus FherManach do mharbhadh la Muiriss Mac Gerailt.
Ba hamhlaidh so for caomhnaccair sidhe. Sluaighedh mor do tionól la
Muiriss Mac Gerailt agus


L. 320


la Gallaibh archena go riachtadar Sligeach ar tus, aissidhe co hEss
Aedha Ruaidh mic Badhairn. Do dheachaidh Corbmac mac Diarmada mic
Ruaidhri Uí Conchobhair ina thionól. Ba isin Cetaoine iar fFél Pettair
agus Poil indsin. Ro thionoil Ua Domhnaill Cenel Conaill agus
Eoghain ar a ccind conar leccset Gall na Gaoidheal tar Ath Senaigh
anunn re hedh seachtmaine ón trath go aroile. Conidh e aireacc arrainicc
leo Corbmac Ua Conchobhair go sochraide moir marcsluaigh dfaoidhedh
triasan magh siar agus iompudh ar fud an mhaighe suas fri bord an
mointigh soir gan airiughadh do neach co rainic Bel Atha Chuluain for
Eirne. Ní ro airgset Cenél cConaill ní conus facatar an marcsluaigh
do leith a ccúil chuca don taobh dia rabhatar don abhainn. Soait iaramh
friú. Od conncatar Goill aire Cenél Conaill for an marcsluaigh tangadar
do leith a ndrumann chuca, uair do badh derbh leó ná caomhsataois i
ffresdal dibhlinibh. Ro ling-


L. 322


sett an tath furro go mbadar Cenél cConaill in edirmedón a mbiodhbhadh
iar niadhadh dhoibh iompo da gach leith. Acht chena ro marbhadh Ua
Domhnaill ar an lathair sin, an Cammuinélach Ua Baoighill priomhtaoiseach
na tTrí tTuath, Mac Somhairle ticcherna AirerGhaoidheal agus maithi
Cenél Conaill archena. Ro baidhit agus ro marbhaid drong mhór do
shloghaibh Mic Gerailt annsin. Ro baidhid dana araill dibh ar an fFinn
budh thuaith agus sochaidhi oile don tsloigh cettna i tTermonn DaBeócc
i ttoraigheacht na ccreach ro techset rempu im Uilliam Brit sirriam
Connacht agus im Ridire ócc oile ba dearbhrathair dosidhe. Ro hindreadh
agus ro hairccedh an tír leó iarsin. Ro fhaccaibhsed cennus Cenél
cConaill ag Ruaidhri Ua Canannáin don cur sin.



Eachmarcach Ó Cathain ticcherna Cianachta agus Fher na Craoibhe do
mharbhadh la Maghnus Ua cCathain ar ndol dó ar crech ina thír go
hAirther Mhaighe i nDáilRiada.



Toirrdhealbhach mac Aodha Uí Conchobhair do éludh a hÁth Luain.



Milidh Mac Goisdelbh do gabhail Fhedha Conmaicne agus Cathal Mág
Raghnaill do diochur esdibh agus Crannócc Claenlocha do gabhail dó,
agus lucht a gabhála do fhágbhail do innte uadha fen. Cathal agus
Toirrdhealbhach da mhac Aedha Uí Conchobhair do choimheirghe la
Mag Raghnaill do diochur Meic Goisdelbh a Fidh Conmaicne. Ro
gabhsad an chrannócc agus an loch. Ro Scaoilsett caislén Lecce Deirge
i Satharn Domhnaigh Chincidhisi, uair do chuaidh Toirrdhealbhach co
hOilén na Trinóide ar cenn Chlarusa Mic Moilín an aircinnigh ar ní
ro fhaemhsat na Goill tocht as an caisslen amach muna ttíosdaoís ar
comairce an aircinnigh dia niodhlacadh tar Sionainn anair co Tuam Mná.
Tangadar le Clarus iaromh agus ro diochuireadh Clann Goisdelbh as
in tír amach uile.


L. 324


Coccadh mor la Toirrdhealbhac mac Aedha Uí Conchobhair agus lá
Donnchadh mac Anmchadha mic Donnchadha Uí GiollaPatraicc do Ossraigibh
for Ghallaibh Connacht. Ro thionoil Toirrdhealbhach clanna
ticchernadh Connacht go riachtadar Fidh Ua nDiarmada agus Muintir
Fathaidh. Ro marbhsat daoíne iomdha. Rangadar assidhe go caislén
Bhona Gaillmhe. Ro loisccsett an baile agus an caislén. Ro mudhaighit
daoine leó im Mac Elget Senescal Connacht ro marbhadh la Donnchadh
mac Anmchadha. Leanaid Goill iad iarttain. Tuccsatt deabhaidh dhoibh,
du in ro marbhadh drong do Ghallaibh. Lodar uatha daimhdheóin co rangador
Cera. Ro thionóil trá Siurtán dExetra, Clann Ádaim, agus Goill
Cera go Toirrdhealbhach. Fosráccaibh Toirrdhealbhach an tír dhoibh
ó ná boí coimhlíon friú.



Buirgés Chinntrachta do losccadh la Tadhg mac Concobhair Ruaidh, agus
la Tadhg mac Tuathail mic Muirchertaigh Muimhnigh, acht chena ní
fuaradar Goill Connacht fri ré imchén roimhe sin samhail coccadh na
rioghdhamhnadh forra don chur sin. Cona boí tuath no triocha chett do
chrich Ghall i Connachtaibh gan crech gan arccain uadhaibh.



Ross Commáin agus Ard Carna do loscadh la Gallaibh.



Fionnghuala ingen Ruaidhri Ui Conchobhair do écc i cCunga Fhechín.



Loingess do theacht do Ua Dhubhda agus dUa Bhaoighill do arccain
Cairpri, agus lucht luinge dib do bhadhadh occ Insi Thuath Rass fa
Mhaghnus Ua mBaoighill.


L. 326


Tadhg mac Concobhair Ruaidh do losccadh Insi Moire Claenlocha agus
ochtar ar fhichit do Ghallaibh do losccadh innte.



Mainestir do denomh i nGaillimh i nairdepspocoitecht Tuama lá
hUilliam Burc tighearna Cloinne Riocaird do braithribh .S. Frainseis.
Do rónadh tuambadha iomdha la druing moir do maithibh an bhaile is in
mainestir sin.



Mainistir Inse i tTuadhmhumhain in epspocoitecht Cille Da Lua do
denamh la hUa mBriain conadh innte bhíos adhnacal shil mBriain.



Sloigheadh mór la Mac Muiris Mec Gearailt agus la Gallaib ar tarraing
Gofradha Uí Domhnaill go hEss Ruaidh. Do thaot Ruaidhri Ó Canannain
go cCenel cConaill ina naghaidh, agus ni ró chumaingset ní dho iná
dul seacha sin don chur sin.



AOIS CRIOSD, 1248.



Aois Criosd, mile, da chéd, cethracha, a hocht.



Diarmaid Ua Cuana Saccart mor Oile Finn do écc agus a adhnacal i
cCill Mhóir.



Maighisdir Gillbert Ua Cerbhaill do écc.



Opichin Guer do mharbhadh do GiollaMoChoinne Ua Cathail.



Coimheirghe do dhenamh do mhac Maghnusa agus do mac Concobhair Ruaidh
agus iompudh dhoibh for Ghallaibh. Caislén Meic Enry, .i. Piarus Puer
do losccadh dhoibh agus a chonstapla do ghabhail. Creacha thuaiscirt
Umhaill do breith leó ar Insibh Modh. Ro thionóil Siurtan
dExetra, Seón Buitilér, Robben Laiglés agus daoine imda immaille friú.
Tangadar go Baile Thopair Pattraicc aissidhe go hAchadh Fabhair. Ro
airccsiod Umhall ar nabharach thuaith agus teas. Tainicc


L. 328


Enrí dana mor sluaigheadh in Umhall (dia thír budhen) uair as innte
boi a aittreabhadh. Do roighne din Piarus Puer mac Enrí Sith re
Domhnall Mac Mhaghnusa. Ro geall dana Domhnall go ttiobhradh
sochraide agus arthraighi dó do chum dula ar a bhraithribh.



Dala mac Uí Concobhair imorro do bador ar Insibh Modh, do
foillsicchedh dhoibh sochraide do dhul o mac Enri a ccoinne
arthraighedh do chum Domhnaill. Iar na fhios sin da cloinn Uí
Concobhair lodar Rompo gur marbhadh leó O hUain mac na Gaillsicche agus
Seón mac an Gall shacairt. Ro marbhadh bheos la Diarmaid mac Maghnusa
ar an ccoimherghi sin Senóitt Guer agus drong dia muintir amaille ris.
Rob e sin an taithes gan aithes, uair ro marbhadh an cuingidh calma agus
an tairsidh iorgaile .i. Diarmaid mac Maghnusa is in maighin sin.



Tadhcc macc Concobair Ruaidh do marbhadh la Gallaibh. Ba mór tra adhuath
agus imeacclu an Taidhg sin for Gallaibh agus Gaoidhealaibh doneoch
do biodh na aghaidh dhíobh go ffuair a aidheadh.



Sluaigheadh la Muiris Mac Geroilt i tTir Conaill. Creacha aidhble,
urtha, agus airccne do denamh lais. Ruaidhri Ua Canannáin do ionnarbadh
dho i cCenél Eoghain agus ticchernus Cenél cConaill do fhaccbhail
ag Gofraidh mac Domhnaill Uí Domhnaill.



Sluaiccheadh do dhenamh la Cenél nEoghain agus la hUa cCanannáin i
tTir Conaill doridhisi go ttugsad cath do Gofraidh agus do Cenel
cConuill gur marbhadh Ua Canannáin .i. Ruaidhri agus iomad ina
fhochair don toisc sin.



Sluaicchedh oile la Iustís na hEreann i cCenél nEoghain go hUa
Nell. Assi comhairli do rónsad Cenél Eoghain annsin braighde do
thabhairt uatha o do buí nert Gall for Gaoidhealaibh Erenn, agus sith
do denamh riú tar cenn a ttíre. As don cur sin do ronsat Goill droichet
na Banna agus caislen Droma Tairsicch.


L. 330


Arthraighi do thabhairt la Brian Ua Nell ticchearna Thire hEoghain
ó Loch Feabhail i Magh nÍthe tar Termann da Bheócc go rainicc
Loch nEirne go nderna creacha dioairmhe agus gur briss caislén ann.



Conmaicne Mara uile darccain do Ghallaibh. Gaill do dhul for sluaigheadh
do com Ui Flaithbertaigh. Maidhm do thabhairt dó forra agus sochaidhe
do marbhadh dhiobh.



Muirceartach Ua Dubhda .i. an tAithcleireach (.i. tighearna ó Chill
Darbile co Traigh) do marbhadh la mac Fedhlimidh Uí Concobhair.



Uilliam Burc do écc i Saxaibh. A chorp do thabhairt co hEirinn
agus a adhnacal in Ath Iseal.



Ri Franc do dhul co hIerusalem do chosnamh na Criosdaidheachda.



Ioan Triial do marbhadh la Giollu na Naemh Ua bFergail.



Fedhlimidh mac Cathail Croibhdheirg do thabhairt Ratha na Romhanach
do chanánchaibh Cille Moire tre fhorcongra Taidhg Ui Mannacháin an
onóir Naemh Muire agus .S. Augustín.



Amhlaoibh mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc do mharbhadh la Concobhor
Carrach Mac Donnchaidh tre thangnacht.



Facchartach Ua Dobhailén ticchearna an Corainn do écc.



Raighned airdepscop Arda Macha do techt on Roimh iar ttabhairt
pallium lais, agus aiffrionn do radha dó leis a bFeil Pedair, agus
Poil in ArdMacha.


L. 332


AOIS CRIOSD, 1249.



Aois Criosd, mile, dá chéd, ceathrachat a naoí.



MaolMuire Ua Lachtnáin airdepscop Tuama, agus maighisdir a ccanóin
do écc is in ngeimhreadh gar beacc ria Nodlaicc.



Andrias Mac Gilla Gér comorba Fechin décc.



MaolCiarain Ua Lenacháin uasal shaccart Tuama Mna fear tighe aoidheadh
choitchinn idir eacclais agus tuaith do écc ar slicchidh ag dul go
hArdCarna deisdeacht senmora is in Aoine re Lucchnasadh agus a adhnacal
go huasal onorach in Oilén na Trinoide for Loch Ce.



Conn Ua Flannacain prióir Cille Móire na Sionna do écc.



Mór ingen Donncaidh Uí Dubhda ben an Giollu Muinelaigh Ui Baoighill
do écc.



Tadhg Ua Mannachain ticchearna Ua mBriuin na Sionna do écc an seseadh
la do mí Iúin agus a adhnacal i cCill Moir na Sionna.



Coccadh mór agus uilc iomdha do denamh do Fhinghin Mag Cartaigh ar
Gallaibh Deasmumhan.



Piarus Puér mac Enri, Dabith Triú, agus socaidhe do gillibh ócca amaille
riú do toidheacht le Mac Fheorais i cConnachtaibh co caislén
Sliccigh. Adcuas do mac Fedlimidh Ui Concobhair innsin go ttucc
airrchis orra. Feachair deabhaidh aithger etorra go ttorcair Piarus
Puér agus Dabith Triu amaille le druing dona gillibh occa remraite,
agus ruccadh a ccuirp co hEss Dara da nadhnacal.



Imtusa mac Fedlimidh iarsin tainic roimhe go Tir Fiachrach agus ar
fud chriche Mic Fheorais gur lomaircc í ó Mhuaidh co Traicch nEothuile
an tSaoir.


L. 334


Leanaiss Geroitin Mac Fheorais iad co rug ar Donnchadh mac Maghnusa
gur crechtnaigheadh é lais. Gabhthar bheos iar ná ghuin agus berthear e
go Dún Contreathain. Leanaiss mac Fedlimidh iad iaromh go ttucc
mac Maghnusa leis iar marbhadh Geroittin. Mac Maghnusa do écc iaromh
do bithin an luit sin agus ba moireasbaidh esidhe.



Mac Muiris do tionol sochraide go ttainicc i cConnachtaibh gur
ben an méd ar a rucc dona creachaibh do mac Fedhlimidh. Od cuala
Fedhlimidh mac Cathail Croibhdeirg tionól na nGall do beith ina
comhfhoccus tar és na mor olc do roighne a mac orra ass i comhairle
do rinne a imirceacha do chor tar Sionainn soir is in mBreifni,
agus i ttuaisceart Eireann. Tionoilis din an Iustís Goill Midhe
agus Laighen go ttainicc sluagh mor roimhe tar AthLuain, aissidhe
i Siol Muireadhaigh agus Mac Muiris don leith araill, Goill Connacht
agus Mumhan maraon ris. Tangadar na sluaighsi do gach taoibh go
hOilFinn iar milleadh Sil Muireadhaigh rompo go sin, agus tuccsat
chuca Toirrdhealbhach mac Aodha mic


L. 336


Cathail Croibhdeirg gur rioghsad é an ionadh Fedlimidh mic Cathail.
Ro airccsett crioch Brefni iaramh. Do ronsat uilc iomdha innte da gach
aird. Tuccsad creacha dirimhi eisdi. Badar fiche oidhche gona laibh
i Siol Muireadhaigh ga milleadh gur airccsiod Loch Ce gona oilénaibh
agus an Charrac immaille riú. Do cuaidh tra an Iustis isin Midhi
iarsin agus mac Muiris go Slicceach. Faccbaid Toirrdhealbhach ag
coimhéd Sil Muireadhaigh.



Sluaiccheadh la rioghdhamhnaibh Connacht .i. Toirrdhealbhach agus Aedh
da mhac Aedha mic Cathail Croibhdeirg go hAth na Riog da losccadh agus
da lomarccain im Fel Muire imedhón foghmhair. Baoi sirriam Connacht is
in bhaile ar a ccionn, agus Gioll iomdha ina fhochair. Iarraid na Goill
cairdi an laoi sin ar cloinn righ Connacht an onóir naemh Muire sa fel
boí ann. Nochan fuairset sin uatha. Gidheadh boí Toirrdhealbhach ga
ttoirmeasc im an mbaile dionnsaighidh, agus nochar damhsat uaisle an
tsluaigh gan a shaighidh da aimhdheóin. Od connairc Siurtán go nGallaibh
sin tangadar as is mbaile amach i ccoinne an tsloigh, agus iad
armtha édighte. Gabhais tra eacclu agus uirmheatacht occbaidh an tsluaigh
araill ga bfaicsin samhlaidh ina ccoirightibh catha ionnus gur meabhsad
rompo tre miorbhailibh mor Muire sa fél inar diultsad an chairde do
hiarradh orra. Ro marbhadh da maithibh isuidhe Aedh mac Aedha Uí
Concobhair, Diarmaid Ruadh mac Corbmaic Uí MaoilSheachlainn, da mac
Uí Cheallaigh, Brian an Doire mac Maghnusa, Carrach in Shiubhail mac
Nell Uí Conchobhair, Baothghalach Mac Aedhaccain, da mac Lochlainn Uí
Concobhair. Domhnall mac Corbmaic Meic Diarmada, an Fionnánach Mac
Branáin, CuMumhan Mac Cassarlaigh, agus araill immaille riu.



Donnchadh Ua GiollaPattraicc .i. mac Anmchadha mic Donncaidh
dOssraighibh do mharbhadh lá Gallaibh. Ro dhlighsiod Goill innsin, uair
ba mór ro marbh, ro


L. 338


loiscc agus ro lérionnair dhiobh go sin. Bahé an Donnchadh sa an treass
Gaoidheal budh mó dfoghladh orra, .i. Concobhar Ua MaoilSeachlainn,
Conchobhar na cCaislén Mac Cochláin agus Mac Anmchadha .i. an Donncadh
sa. Oir as e tegheadh do brath na mbailteadh marccadh i ccruth duine
boicht, nó shaoír no tornóra, no ealadhna, no do dhenamh cerde cennaighi,
amhail ro raidhedh.




Bidh na Shaer, bidh na tornóir,
Bidh mo laogh na leabhróir,
Bidh ag rec fhíona is chroicionn,
mar a bfaicenn se sermóin.




Dún Mór do losccadh do cloinn righ Connacht.



Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill .i. Gofraidh in Iochtar Connacht
gur milleadh agus gur lomaircceadh lais ó Choirrsliabh co Muaidh
co ttainicc slan iar mor cosccar don cur sin co nédalaib agus co
mbraighdibh iomdhaibh.



AOIS CRIOSD, 1250.



Aois Criosd, míle, dá chéd, caocca.



Tomás Ua Meallaigh espucc Eanaigh Dúin do écc.



Epscop Imligh Iubhair do écc.



Congalach Mac Cidneoil epscop na Breifne do écc.



Toirrdhealbhach mac Muircertaigh Muimhnigh Uí Concobhair prioir
récclesa Pettair agus Poil do écc.



Fedhlimidh Ua Concobhair do thoidheacht as an Tuaiscceart go sochraide
móir lais a Cenél nEoghain do shaighidh na Breifne. Aissidhe is na
Tuathaibh agus Concobhar mac Ticcernáin maraon riss. Aissidhe i
tTír Maine gur diochuirsed Toirrdealbhach a Connachtaibh amach go
ndeachaidh i nucht Ghall doridhisi. Tionoilidh Fedhlim imirceacha
Connacht lais tar Sliabh Segsa síos gur cuirsiod


L. 340


Goill teachta na dheoidh go ndernadh sith etorra, agus a righi daiseacc
dhó fén doridhisi.



Braighde Connacht do dhalladh in Áth Luain do Ghallaibh.



Creach mór do dhenamh la Fedhlimidh for Cathal Ua Concobhair agus a
athchor a Connachtaibh.



Cairbre Ua MaoilSeachlainn do mharbhadh i ffell la Dauit Roitsi.



Diarmaid Ua hEghra ticcherna Luighne do écc i bpriosún ag Mag
Gearailt.



Sluaicchedh mor la Muiris Mac Gearailt, Cathal Ua Raghallaigh, CuConnacht
Ua Raghallaigh, agus maithe Ua mBriúin uile immaille friú i cCenel
Eoghain go rabhadar teora hoidhche i tTulaigh Ócc. Fuairsiod mor dulc
agus dimneadh ainnsidhe. Nochar gabsat gell na edireadha ó Uibh Nell
don cur sin. Iar tteacht doibh tar a naiss i cCenél Conaill Muiris
Mac Gerailt do gabhail Uí Chanannain ticcherna Cenel cConaill ar
comairce an easpuicc Uí Cerbhalláin. A marbhadh dhoibh iarsin agus é
ag triall ar eccin uatha.



Finghein Mhág Carthaigh do marbhadh la Gallaibh Desmhumhan.



AOIS CRIOSD, 1251.



Aois Criosd, mile, da chéd, caoccae a haen.



Raighnéd airdepscop ArdaMacha do dul do Róimh dia oilithre.



Florint Mac Floinn doirdneadh la Nodlac in airdepscopoideacht Tuama
ar méd a eccna agus a eolaiss.



Mainestir hi cCill na Mullach in epscopóittecht Corcaighe do chumdach
lásan mBarrach agus togha adhnaicthe na mBarrach sin innte.



GiolluMoCoinne mac GiollaMoCoinne Uí Cathail do mharbhadh la Concobhor
mac Aedha mic Cathail Croibhdheirg.


L. 342


Tadhg mac Tuathail mic Muircertaigh Muimhnigh Uí Conchobhair do
marbhadh do Gallaibh.



Da mac Ruaidhri Uí Nell dho marbhadh i cCill Moir Ua Nialláin.



Ardgal Ua Laithbertaigh coindeal ghaisccidh agus enigh Tuaisccirt
Erea nndo écc.



GiolluCriosd Ua Breislén toiseach Fanad agus a brathair do marbhadh
la Ceallach mBalbh Ua mBuigill.



Donnchadh Mac Cathmaoil toiseach Cenel fFeradhaigh do marbhadh
dAirgiallaibh.



Iomhar Mac Madadháin toiseach Cloinne Ruadhrach do mharbhadh.



Concobhor mac Corbmaic mic Tomaltaigh Meic Diarmada, Saí enigh agus
engnamha do écc.



Flaithbertach Ua Cerbaill toiseach Calraighe do marbhadh la hArt
mac Airt Uí Ruairc.



Muireadhach Ua Taidhg do ecc.



Cioth mor dfearthain la Feli Poil agus Pedair in Uibh Briúin go
snamhadh eathor adhbhal timcheal baile Cille Moire na Sionna, agus go
melfeadh muilenn ar an sruth boí on sduaigh go hAth na Faithche i
bFiodhnach fri ré ceileabhartha easparta.



Flann Ó Lachtnáin taeíseach an Dá Bhac do écc.


L. 344


AOIS CRIOSD, 1252.



Aois Criosd, mile, dá chéd, caocca, adó.



MaolMaedhócc Ua Beolláin comhorba Cholaim Cille in Druim Cliabh
fer ba mór cadhus agus conach, ba hoirdherca oineach, ba huille onóir
agus airmidin ó Ghallaibh agus ó Ghaoidhealaibh re a linn do écc.



Caisslen ChaoilUiscce do dhenamh la mac Muiris Meic Gerailt agus
caislén Mhuighi Cobha.



Concobhor Ua Dochartaigh toiseach Arda Miodhair, tuir oinigh agus
engnamha an Tuaiscceirt deg.



Concobhor Mac Cathmaoil toiseach Cenel fFeradhaigh agus ioltuath
archena. Síodhaighe Conaille, Eoghain agus Oirghiall do marbhadh
la muintir Briain Uí Nell ag cosnamh a comairci friú, iar mbeith dho
for slanaibh Uí Gairmleadhaigh agus Uí Chatháin.



CuConnacht Mac ConSnamha toiseach Muintire Cinaith do écc.



Giollu Isu Ua Cerbaill toiseach Calroighi Droma Cliabh do écc.



Maghnus Mac Giollu Duibh toiseach Teallaigh Gairbheth do écc.



Iusdís na hErenn do theacht co hArdMacha immaille re sluaigh lánmhór,
eisdisidhe co hUibh Eachdach, aissidhe tar a naiss co Cluain Fiachna.
Brian Ó Nell dá noighréir annsin, agus a derbhrathair, Ruaidhri Ó Nell
do thabhairt do


L. 346


bhraghaid doibh. As ar an sluaigheadh so tarlu imreasain longpuirt edir
fheraibh Midhe agus Mhuimhneachaibh i nDun Delgan co ttorcrdar
sochaidhe do fheraibh Mumhan.



Teasbach mór agus tiormach is in samradh go tteghthí cosaibh tiormaibh
tar priomhaibhnibh Ereann. Arbhanna Ereann bheós gá mbuain fiche
laithe ria Lughnasadh. Na croinn gá ccomhlosccadh le tess ngréne.



Monadh nua dordughadh do righ Saxan do dhenamh in Eirinn agus an
taircceat boí innte ria sin do trecceadh.



Murchadh Ua Fallamhain ardchonstapla Connacht do marbhadh dfearaibh
Breifne i Maigh Rén.



Creachsluaigheadh la Gofraidh Ua nDomhnaill hi Tir nEoghain dia
ttarraidh bú agus braighde ile. Rucc Brian Ua Néill fair ag fágbáil
an tíre. Ro ficcheadh iomaireag amhnus etorra adiú agus anall go raímhidh
for Cenél nEoghain co ffargaibhset ar cenn im druing mhoir dia
ndaghdaoinibh.



AOIS CRIOSD, 1253.



Aois Criosd, mile, da chéd, caocca, a trí.



Alinn Ua Suilleabháin espucc Leasa Móir do écc.



Dauit mac Ceallaigh Uí GiolluPattraicc epscop Cluana Mic Nois do écc,
agus Tomas Ua Cuinn brathair mionúr doirdneadh is in Roimh na ionadh.



GiollaCeallaigh Ua Ruaidhín espuc Ua fFiachrach do écc. Seón Ua
Laidig brathair dord .S. Dominic doirdneadh ina ionadh i cCill
Alad Ua fFiachrach, agus gradha espuic do thabairt fair i tTuaim an
dara Domhnach don Geamhcorgus.



Mainisdir do dhenamh do Bhraithribh .S. Dominic i Slicceach.




L. 348


Mainisdir do thorainn dona Braithribh cena ag Ath Lethan
ilLuighnibh.



Cuirt do dhenamh la Tomaltach Ua cConcobhair epscop OiliFinn i
cCill Tésin.



Eoghan Ua hEdhin ticcherna Ua fFiachrach do écc.



Ingen an iarla Ultoigh ben Milidh Mic Goisdealbhaigh do écc agus a
hadhnacal i Mainisdir na Búille.



Sluaiccheadh mor la Gallaibh Eireann im Mac Muiris go ndeachaidh
i tTír nEoghain do shaighidh Uí Nell agus nochar gabhsat gell na
edireadha innte, uair tuccadh ár adhbhal mór don dul sin orra.



Coccadh mór do denamh la Brian Ua Nell flaith Cenel nEoghain for
Gallaibh, agus dul dó go Moigh Cobha gur trasccradh a chaislén leiss
immaille le mor do caislénaibh oile. Loisccter an Sradbaile leiss agus
folmaighis Machaire Uladh.



Sluaicchead do dhenamh do Domhnall Ua Ragallaigh agus don Caech Ua
Raghallaigh do Chathal Ua Concobhair agus do Giollu na Naemh Ó
Fheargail i Muintir Eolaiss dionnsaighidh Chathail Mecc Raghnaill
gur airccsett an tir uile. Badar da oidhche longpuirt ag Tulaigh Álainn,
agus an tress oidhche ag Eanach Dhuibh. Deilghis Giollu na Naemh
Ua Fergail friu annsin. Teaccaid muintir Raghallaigh agus Cathol Ó
Concobhair go Cluain Conmaicne co mbadar adhaigh longpuirt innte.
Od cuala


L. 350


Aedh mac Fedhlimidh sin tionoilis co tinneasnach a muinter. Lenaiss
iadsomh go Cluain. Tuccsat tress aggarbh dia roile gur moidhidh for
Muintir Raghallaigh, marbhthar ann Donnchadh mac Giollu Iosu mic
Donncaidh Uí Raghallaigh, mac Giollu Toedócc Ua Biobhsaigh, agus
sochaidhe oile imaille riu.



Mainestir .S. Franseis i nArdFearta do dénomh la Mac Muiris
Ciarraighe.



AOIS CRIOSD, 1254.



Aois Criosd, míle, da chéd, caocca, a ceathair.



MaolFinnén Ua Beolláin comhorba Droma Cliabh do écc.



Murchadh Ua MaoilSeachlainn do mharbhadh la mac an tSionnaigh Uí
Catharnaigh.



Aindiless Ua hInnerghi tuir engnamha Thuaisccirt Ereann do écc.



Piarus Pramister ticcherna Conmaicne Duin Móir do écc.



Mainisdir brathar .S. Dominic in Ath Leathan do losccadh uile.



Piarus Ristubartt ticcherna Sil MaoilRuain barún essidhe, a marbhadh
ar Loch Ribh la Murchadh Ua MaoilSeachlainn.



Sitreacc Mág Sheanlaoigh do gabhail dFhedhlimidh mac Cathail
Chroibhdeirg, agus an Seanshuileach Mac Seanlaoich do dalladh laiss a
loss aimhlesa, óir do raidheadh ris co mbadar ag fealladh fair.



Donnchadh mac Donnchaidh mic Tomaltaigh agus Amhlaoibh Ua Biobhsaigh
do mharbhadh lá Connachtaibh i cCluain Conmaicne.



Maghnus Ua Gadhra do marbhadh tre anfhochain do muintir mic Fedhlimidh
Uí Concobhair.


L. 352


Ri Franc do toidheacht o Ierusalem iar ndenamh siodha teora mbliadhan
edir na Criosdaighibh agus na Siorraisdinibh.



Mainestir Glas Cille Dara do dénamh la hIarla Cille Dara, agus atá
tumba onorach aca i sépél Muire is in mhainestir chéttna.



AOIS CRIOSD, 1255.



Aois Criosd, míle, da chéd, caocca, a cúig.



DonnSlébhe Ó Floinn abb recclésa Pedair agus Poil in ArdMacha
do ecc, agus Pattraicc Ua Muireadhaigh prioir an tighe cédna do thogha
do chum na habdhaine.



Tomas Mac Diarmada aircinneach OileFinn do écc. Pearsún Maighi
Luirg Airtigh agus Cloinne Cuain eisidhe.



Ua Laidig aircinneach Eanaigh Dúin do écc.



Aedh mac Fedhlimidh Ui Concobhair do dul i tTír Eoghain agus sith
do dhenamh dhó edir a athair fén agus Tuaisccert Ereann agus a raibhe
do Connachtaibh ar essith isin Tuaisccert do tabairt less atuaith tre lár
a dhergnamhad cona nimergibh, .i. mec Ruaidhri Ui Concobhair agus Goill,
agus nocha lamhdaois urchoid do dhenamh doibh an namhaid sin, .i. mec
Ruaidhri agus na Goill remraite.



Mac Cerbaill do gabhail airdespucoideachta Caisil Mumhan.



Florens Mac Floinn airdespucc Tuama do dul tar muir dagallaimh righ


L. 354


Saxan agus gach ní dar sireasdair thoir dfhacchail dó o onóir an
riogh agus a thoidheacht anoir do ridhisi.



Mathghamhain Ó Mannacháin do mharbhadh ag Buimlinn.



Diarmaid Ó Cuinn Amhlaoibh a mhac agus maithi Muintire Giollccain
immaille riú do mharbhadh ag Faradhán Moighe Treagha la Giollu na
Naemh Ua fFergail agus a narccain iaramh.



Coinne mor edir Ó cConchobhair .i. Fedhlimidh, agus mac Uilliam
Burc ag Tochor Mona Coinneadha. Sith do dhenamh doibh annsin agus
gach dál ina raibhe Fedhlimidh do leccadh less.



Iuliana ingen comhorba Caillin agus Giollu na Naemh a derbrathair
do ecc.



Ragnailt ingen Uí Fhergail do écc i ndabhaigh fhothraicthe.



AOIS CRIOST, 1256.



Aois Criost míle, da chéd, caocca asé.



Flann mac Floinn airdepscop Tuama do écc i mBristuma.



Airdespoc Atha Cliath do écc.



Giollu an Coimdeadh Ua CinnFaelaidh abb Eanaigh Duin do écc.



Ua Giollaráin abb Eaccailsi na Trinoide i tTuaim do écc .



Drong do Muintir Raghallaigh do mharbhadh la hAedh mac Fedhlimidh,
.i. Cathal Ua Raghallaigh ticcherna Muintire MaoilMhordha agus
chatha Aedha Finn, a da mac imaille ris .i. Domhnall Ruadh agus Niall,
a derbhrathair CuConnacht, tri meic Cathail Duibh Uí Raghallaigh,
.i. Gofraidh, Fergal, agus Domhnall, agus Annadh mac Domhnaill Uí
Raghallaigh do marbhadh la Concobhar mac Ticchernáin. Niall .i. an


L. 356


Caech Ua Raghallaigh Tighearnan Mág Brattaigh, Giollu Michil Mac
Taichlich, Donnchadh Ua Biobhsaigh, Maghnus mac Giollu Dhuibh agus
tuilleadh ar tri fichit do maithibh a muintire immaille riú. Cath
Mhoighe Slecht ar bru Atha Deirg ag Alt na hEllte uas Bealach na
Bethighe ainm an cathasa. Ciodh iad Muinter Raghallaigh tra
torcrador drong do mhaithibh an tsluaigh boí na naghaidh leó, .i.
Diarmaid Ó Flannagáin, Flann Macc Oireachtaigh, Murchadh Fionn Ó
Fergail agus sochaidhe gen mó thaittsidhe, agus ro briseador fo thrí
an glasslaith for thosach an tsluaigh araill no go rucc anfforlann orra
fo dheoidh. Ag Sailten na nGasán rug tossach an tsluaighsi for Muintir
Raghallaigh cedus agus ro lensad iad co háit Ticche Mec Cuirrín
aissidhe co lathair an mor catha.



Iustis do thocht in Eirinn o righ Saxan. Coinne do dhenamh do fén
agus dAedh Ua Concobhair ag Rinn Duin. Sith do cengal doibh re roile
annsin ar chonnradh gan laghdughadh criche na ferainn Connacht ar
Ua cConchobhair an ccén budh Iustís esiomh.



Ruaidhri Ó Gadhra tigherna Slebe Lugha do mharbhadh la Dabid mac
Riocaird Cúisin. Aedh mac Fedhlimidh Uí Concobhair do arccain fherainn
mic Ricaird Cúisin a ndioghail Ui Gadhra do mharbhadh dosomh.
Leaccais a caislen, Marbhaidh a mboí do dhaoinibh ann agus gabhais oiléin
Locha Techett uile.


L. 358


Raghnall mac Branáin ticcherna Corcachlann do écc.



Creachshluaigheadh la mac Uilliam Burc for Ruaidhri Ua Flaithbertaigh
goro airccestair Gnó Mór agus Gnó Beacc agus ro gabhasdair Loch
Oirbsion uile.



Donn Cathadh mac Senlaich do écc i Mainisdir na Buille.



Coccadh mor deirge edir Aodh Ó cConcobhair agus Conn O Ruairc
(.i. mac Tigearnain) ger bhadh gradhach im aroile go sin. Ua Ruairc
do dul i ccenn Gall iaramh. Sith do snadhmadh riú do fen cona muintir
gan ched dFhedhlimidh ná da mac. Aedh Ua Conchobhair do creachadh
Uí Ruairc iarsin an Cedaoín ria Nodlaic. Do gniad síth reroile as a
haithle.



Ath Luain agus Dún Doighre do losccadh in en ló.



Sloiccheadh la hUa nDomhnaill .i. Goffraidh hi fFeraibh Manach
da ffuair comtha, agus braighde. Teit assidhe i mBreifne Ui Ruairc.
Do radsat sidhe a oighreir dhó.



AOIS CRIOSD, 1257.



Aois Criosd, míle, da chéd, caocca aseacht.



Mac Robias abb Cluana hEoaiss do écc.



Muireadhach mac MaoilBrighde Ui Faircheallaigh comhorba Maedhocc
do écc.



MaolPattraicc mac Cele airchinneach Cille hAladh do mharbhadh.


L. 360


Tomás Ua MaoilCiaráin Saoí Erenn in eaccna do écc.



Mainisdir Muire i RossCommain do coisreacadh las an Espucc
Tomaltach Ua Conchobhair do braithribh .S. Dominic.



Conn mac Ticchernain Ui Ruairc (.i. tighearna Brefne) do dul i
tteagh Uí Concobhair agus a mec do daingniucchadha shíodha riú agus a
mbreith fein dferonn na Breifne do tabhairt doibh immaille le cloich
Insi na tTorc ar Loch Fionnmoighe. Lucht coimheda do chor innte
dOedh mac Fedhlimidh.



Cathal Cairceach mac Aedha mic Cathail Croibhdeirg agus Aedh mac
Concobhair mic Aedha mec Cathail Croibhdeirg do dhalladh dAedh mac
Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg tré thnúth agus fhormad tar sarughadh
laoch, chleireach, agus mionn cConnacht.



Cond mac Cathail Uí Raighilligh taoiseach Muintire MaoilMordha decc.



Cloch Innsi na tTorc for Loch Fionnmaighe do losccadh dUa Ruairc,
agus lucht a coimhetta do léccadh este.



Sitreacc mac Ualghaircc Ui Ruairc do chor i tticcernus dAodh Ua
Choncobhair hi ccend Chonchobhair meic Ticcernain Uí Ruairc, agus
Domhnall mac Concobhair do marbadh Sitrecca as a los.



Coinne do dhénamh dFeidhlimidh Ua Choncobhair in Áth Luain re Iustis
na hEreann agus re Mac Uilliam Burc, agus re maithibh Gall archena go
ndearnsat sith re roile.



Creach mór do dhenamh dAodh Ua Conchobhair im Cháiscc ar Ua Ruairc.



Cath cródha do tabairt la Gofraidh Ua nDomhnaill tigherna Tíre Conaill
for Iustis na hEreann Muiris mac Gerailt, agus for Ghallaibh Connacht
archena ag Credrán Cille hi Ros Cede hi cCrich Coirpre fri
Slicceach a tuaidh ag cosnamh a tire friú. Ro fighedh iorghal ainiardha
aindrennda ettorra. Ro ciorrbait cuirp, Ro leónait laoich, Ro buaidhrit
cedfadha cechtarnae dibh.


L. 362


Ro cothaigheadh an cathlathair co comhnart la Cenél cConaill, agus
do bertsat breisim dúr danardha for Ghallaibh is in ngleo go ro sraoíneadh
forra fo dheóidh go ro ladh a nár. Ar a aoi tra do tromghonadh Goffraidh
feissin is in caithgleó sin, ar tarla sidhe enech in ionchaibh fris
Muiris mac Gearailt is in ngliaidh íshin go ro gonsatar aroile gan dichell.
Ba tria ágh an chatha sin do díochuireadh Goill agus Geraltaigh a
hIochtar Connacht.



Gabhtar beos Mac Grifin .i. Ridere erderc la muintir Í Domhnaill is
in ló cédna. Loiscctear agus lomairccther Slicceach leó asa haithle.
Ro marbadh dana mac Corbmaic hUí Domhnaill hi ffrithghuin is in cath
sin Creadráin. Soaid iaromh dia ttighibh ar aba gona Uí Domhnaill,
ar muna gabhdaois a ghona greim dhe, do biadh maidhm forra go Muaidh.
Ag filleadh ina fhrithing do Ghofraidh ro traichceadh agus ro
diosccaoileadh lais caislén Chaoil Uiscce do rónadh lá Gallaibh fecht
riamh dforbaisi for Chenél cConaill.



Muiris mac Gerailt Iustis Ereann re hedh díosccaoilteach Gaoidh-
eal décc.



Cairt do thabhairt ó Righ Saxan dFelim Ua Conchobhair ar chuicc
triucha an righ.



Coccadh mor etir Concobhar Ó mBriain agus Goill Mumhan go ttuccadh
ár na nGall lais. Creacha aidble do denamh do Tadhg Ua Briain orra bheós.



Concobhar mac Ticchernáin Uí Ruairc do mharbhadh ag Ath na Failme
do Giolla Bheraigh Ua Lamhduibh dia mhuintir fein agus do mhuintir Matha
Uí Raighilligh tre thangnacht.



Cathal Ua Mannacháin décc an sesedh do December.


L. 364


AOIS CRIOST, 1258.



Aois Criost, míle, da chéd, caoccat a hoct.



Abraham Ó Conalláin, Airdepscop ArdaMacha dfaghail phallium o
cuirt na Romha, agus aifriond do radha dó leis in ArdMacha an dara la
do mhí Iún.



Uater de Salerna airdepscop Tuama agus deccanach mor Lonndan do ecc
hi Saxaibh iar na togha is na ceimionnaibh remraite la righ Saxan
an bliadhain roimhe sin. Tomaltach Ó Concobhair epscop OileFinn do
thogha docum airdepscopoidechta Tuama.



GiollaCrist O Carmacain deccanach OiliFinn décc.



An Manach Ua Cuirnin saoi crabhaidh décc.



Matha mac Giolla Ruaidh Uí Roduibh .i. an maighistir decc.



Cuirt an epscoip in OilFinn agus cuirt Cille Sesin do sgaoileadh
dAodh Ó Concobhair.



O Domhnaill Gofraidh do beith in othairlighe a ecca re hedh mbliadhna
ar Loch Beathach iar ccor chatha Credrain. Iar na fhios sin
dUa Neill (.i. Brian) tionoilidh a shlogha in en ionad do tocht hi
tTir Conuill, agus faoidhis techta uadha hi ccend Uí Domhnaill do
chuingidh giall, eidiredh agus umhla for Chonallcoibh, o ro batar gan
tighearna infedhma aca deis Gofradha. Iar ttabairt aithiscc dUa
Domhnaill do na techtaibh lottur for ccúla, agus amhail as deini
luidhsiot.



Ro fhorcongair Ó Domhnaill for Chonallchoibh tionol as gach aird chuicce,
agus iar ttarcclamadh doibh fo thoghairm a tticcerna ro fhorail forra
ona baí ionaisttir leó an tárach ina mbertaoi a chorp fo dheoidh do
dhenamh dho, agus a chor ann, agus a iomchar in eidirmedhon a mhuintire.
Ro raidh riú calma do denamh oro baí fein etorra, agus gan tren a
nesccaratt do leicen forra.


L. 366


Rangattur rompa an tucht sin ina reimim la forcongra a ttigherna hi
ccoinne sloigh Í Neill co ttarla an dá shluaigh aghaidh in aghaidh
imon abhainn dianidh ainm Suileach. Ro ionnsaighsiot a chele gan
coiccill do cairdes no do coimhfhiallus gur meabhaidh for an sluagh
nEoghanach tar anais, gur fhaccbattar daoine iomdha, eich agus edála
aidhble. Acc tiontudh don tsluagh Conallach on maidhm ro leicceadh an
tárach i mboí Ó Domhnaill ar sraidslighe na Congbála gonadh ann
do dheachaidh a ainim as do ghaíbh cró na ngon, agus na ccrecht do
radadh fair hi ccath Credrain, agus nír bó bás ar miodhlachus an bás
hishin acht iar mbreith buadha gach tan for a bhiodhbhadhaibh.



O ro clos tra la hUa Néill écc Í Domhnaill ro chuir techta doridhisi
hi ccend Chonallach do chuingidh giall agus umhla forra. Báttar
Cenél cConuill a ccomhairle aga sccrúdadh cidh do ghendais fris sin,
no cia toíseach dibh fein da ttiubrattais umhla, no aidide uair na bai
tigherna erdhalta oca oro écc Gofraidh. Dia mbattar for na hiomraitibh
sin at conncattar Domhnall Occ mac Domhnaill Móir Í Domhnaill cuca
a hAlbain ina macaemh ócc aidedhach in aeis a ocht mbliadhan ndécc,
agus do radsat Cenel cConaill a ccendus dó fo cedóir. Deithbir ón
ar dob eisidhe a fflaith díles diongmala budhdein, agus o ro aisneidhsiot
Cenél cConaill an taithescc sin do bertsat techta Í Neill chuca
(dosomh) ba forail laissiumh, agus ba fairbrigh innsin. Conadh ann
do raidh an tseinbriathar airdhirc tria san nGaoidhilcc nAlbanaigh boí
occa acc agallaimh na ttechthadh, .i. go mbiadh a domhan fein ag gach fer.
Ba samhail do thurus Tuathail Techtmair tar muir anall a hAlbain
iar ndilgenn tsaorclann Ereann la haithechthuathaibh an turus sin
Dhomhnaill Oicc a hAlbain a leith


L. 368


le hiomuaim nairdrighe, le táthucchadh tuath, agus le cosnamh a criche
fein ar choiccriochaibh on ló in ro hoirdneadh é i tticcernus gus an
laithe fo dheoidh a ffuair a oidheadh.



Mainestir Chlaena i Laighnibh in epscobóidecht Cille Dara do
tógbháil do braithribh .S. Franseis.



Sloiccheadh mór la hAodh mac Feidhlimidh agus la Tadhg Ua mBriain
hi ccoinne Bhriain Uí Neill go CaolUiscce, go ttuccsat na maithe
sin leth ar leth cennus do Bhrian Ua Neill for Gaoidhelaibh iar ndénamh
siodha dóibh re roile. Braighde Aodha Uí Choncobhair dósomh re comhall,
agus braighde Muintire Raighilligh agus Ua mBriúin ó Cenandus
go Druim Cliabh dAodh mac Feidhlimidh mar an ccedna.



Mac Somhairle do thecht hi loinges timcell Connacht a hInsibh Gall
go


L. 370


rainicc Conmaicne Mara gur ghabustair long chendaighe annsin go nderna
a hedail eidir fhíon, édach, umha agus iarn. Siurtán dExter Sirriam
Connacht do lenmhain Mic Somhairle gus an ailén in ro airis, agus a
longa for a nangcairibh ina ccomhfoccus. Feachar iomairecc ettorra,
marbhthar Siurtan fo chédoir, agus Piarus Accabard Ridere dia mhuinntir,
agus sochaidhe cenmothátsomh. Mac Somhairle gona muintir do tilleadh
doridhisi go haitheasach edalach go rainicc a thir búdéin.



Domhnall mac Concobhair mic Tighearnain Uí Ruairc baoí i mbraighdenus
tar cenn a athar ag Feidhlimidh Ó Choncobhair, agus ga mhac (.i. Aodh)
do léccean amach doibh, agus tigernus na Breifne do tabairt dó a
nionadh a athar.



MacRaith macc Tigearnain toiseach Tellaigh Dunchadha dho mharbhadh
la Domhnall mac Concobhair Ui Ruairc. Benaid Connachtaigh, agus fir
Breifne go coitchionn a thigernus do Dhomhnall annsin, agus marbhaitt
Teallach Dunchadha a dherbhrathair, Cathal mac Concobhair. Tuccadh
thigearnus Ua mBriuin iarsin do Art mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc,
.i. o Sliabh soir.



Brian Macc Samhradháin tighearna Theallaigh Eachdach do mharbhadh
la Connachtoibh.



Amhlaoibh mac Airt Uí Ruairc tighearna Breifne o Sliabh siar décc.



Tomas Ó Birn décc.



Ardghal Ó Concobhair mac Comharba Comain decc.



Coccadh mor etir Ghallaibh agus Concobhar Ua Briain dár loiscceadh
ArdRathain, Cill Colgan, Arbhanna agus sradbhailte iomdha oile.



Coinne etir Gallaibh, agus Gaoidhealaibh Ereann in eccmais Fedhlimidh
Uí Concobhair, agus sith do denamh eattorra.


L. 372


AOIS CRIOST, 1259.



Aois Criost, mile, dá céd, caocca anaoí.



Corbmac Ua Luimluinn espoc Chluana Ferta Brenainn agus aird eaccnaidhe
na hErenn dég ina naoimhshenoir cianaosda.



Tomaltach mac Toirrdhealbhaigh mic Maoileachlainn Uí Concobhair do
toidheacht on Roimh iar na oirdneadh na airdespoc Tuama i ccuirt an Papa,
Pallium do thabhairt laiss agus Sochair mhora don Eacclais archena.



An Giollu Cam Mac Giollu Chiaráin Saoí i lecchionn agus i ndán décc.



Aedh Ua Concobhair do thabhairt ionaidh Amhlaoibh mic Airt, do Art
Beacc mac Airt Uí Ruairc agus Art mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc
do gabhail lais iar ccur Amhlaoibh is in ionat saidhe sin dó.



Aodh Ua Concobhair do dul go Doire Cholaim Chille do thabhairt ingene
Dhubhgoill Mic Somhairle.



Cathal mac ConSnamha toiseach Muintire Cionaith do dhalladh la hAodh
Ua Concobhair. Braighde Domhnaill Uí Ruairc do dhalladh dó bheos, .i.
Niall mac Donnchaidh agus Brian mac Nell, agus braighde Ua mBriúin
archena.



Coinne edir Aodh Ua cConcobhair agus Brian Ó Nell ag Daiminis Locha
hErni.



Sith do dhenamh dAodh Ua cConcobhair le Domhnall Ua Ruairc agus é
do thabhairt ticchernais na Breifne do Domhnall as a haithle.



Taichleach Mac Diarmada do écc.



Milidh Mac Goisdelbhaigh do écc.



Gillbert Mac Goisdealbhaigh do gabhail la hAodh Ua cConcobhair agus
Sliabh Lugha do lomarcain dó uile. Gillbert do thabairt a triar mac
i mbraighdenus tar a cenn budhén, agus Aodh Ua Concobhair dá léccen fén
amach as a haithle.



Tadhg Ua Briain Rioghdhamhna Mumhan do écc.



Sidhraidh Ua Baoighill do mharbhadh da deirbhfine fesin.


L. 374


O Domhnaill (Domhnall Occ) do tionol sloicch lanmhoir in aoin ionad,
agus a dhol i tTír Eoghain. Aodh Buidhe Ó Neill do thecht slocch
ele ina choinne. An tir uile do milleadh leo, agus a ndol assidhe in
Oirghiallaibh go ro gialladh doibh gach ionadh inar ghabhsatt go soadh
doibh ina ffrithing.



Fedhlimidh Ua Tuathail tighearna Sil Muireadhaigh dó écc.



AOIS CRIOSD, 1260.



Aois Criosd, míle, da chéd, Seasccaitt.



Cionaoth Ua Birn prióir Cille Moire do écc.



MaolFinnén Ua Mithighen do écc.



Gradha espuicc do thabhairt do comharba Pattraicc ar MaoilSeaclainn
Ua Concobhair ag Dun Dealgan.



Cath Droma Deircc ag Dún Da Lethglass do thabhairt la Brian Ua Nell
agus la hAedh Ua cConchobhair do Ghallaibh tuaisccirt Ereann, du i
ttorcradar sochaidhe


L. 376


do maithibh Gaoidhel, .i. Brian Ó Nell uachtorán Erenn, Domhnall Ó
Cairre, Diarmaid Mácc Lachloinn, Maghnus Ua Cathain, Cian Ua hInnerghe,
DonnSlebhe Mág Cana, Concobhor Ó DuibhDiorma agus a mhac, .i. Aodh,
Aodh Ua Catháin, Muircertach Ua Catháin, Amhlaoibh Ua Gairmleadhaigh,
CuUladh Ó hAnluain, agus Niall Ó hAnluain. Acht chena do marbhadh
cuicc fir décc do maithibh muinntire Catháin ar an lathhair sin. Torcrador
drong do maithibh Connacht ann bheós, .i. Giollu Criosd mac Concobhair
mic Corbmaic mic Tomaltaigh ticcherna Maighe Luirg, Cathal mac
Ticchernáin Ui Concobhair, MaolRuanaidh Mac Donnchaidh, Cathal mac
Donnchaidh, mic Muircertaigh, Aodh mac Muircertaigh Finn, Tadhg mac
Cathail mic Briain Ui MaoilRuanaidh, Diarmaid mac Taidhgh mic Muireadhaigh
mic Tomaltaigh Ui MaoilRuanaidh, Concobhor Mac Giollu Arraith, Tadhg mac
Cén Uí Gadhra, Giollu Beraigh Ua Cuinn, Carrolus mac an Espuicc Uí
Muireadhaigh agus sochaidhe mhor duaislibh agus danuaislibh Gaoidheal
immaille riú.



Sloicchedh la Mac Uilliam Búrc do com Fedhlimidh Ui Concobhair do
saighidh goro inder an tír roimhe go riacht Ros Commáin. Nochar
lamhastair dul seacha sin síos uair boí Fedhlimidh agus a mhac, .i.
Aodh na nGall re a nucht is na tuathaibh, agus ba Connacht ar a
ccul is in dithreibh conadh í comhairle do ronsat da gach taoibh síth
do dhenamh reroile. Do gníad samhlaidh. Iompaidhis Mac Uilliam ina
fritheng as a haithle.


L. 378


Sluaicchedh la Mac Muiris i tTuadhmumhain do saighidh Concobhair Uí
Bhriain, go ttarla Ua Briain i cCoill Berráin agus tionol ina
timceal do maithibh a muintire ara cionnsomh. Maidhter for Gallaibh
riú fo cedóir agus marbhthar Dauit Prindercas Ridire roinertmar essidhe,
an Failgeach, Pearsún AirdRathain, Tomas Baroit, agus sochaidhe nach
airimhter dhiobh.



Maghnus mac Aodha Mecc Oireachtaigh do mharbhadh la Domhnall Ua
fFlaithimh.



Lochlainn mac Amhlaoibh mic Airt Ui Ruairc agus Ticchernán a derbhrathair
do marbhadh dAodh Ua Concobhair iar na ttoirbert dó la Domhnall mac
Nell mic Congalaigh Ui Ruairc.



Domhnall mac Conchobhair mic Ticchernáin Uí Ruairc do marbhadh la
Teallach nDúnchadha i meabhail agus Muirceartach a dearbrathair do
mharbhadh dAodh Ua Conchobhair iar sin. Art Beacc mac Airt Ui
Ruairc do marbhadh dAodh Ua Concobhair beos.



Tadhg Dubh mac Nell mic Congalaigh do marbhadh la MaoilSeachlainn
mac Amhlaoibh mic Airt.



Creach mór la hAodh Ua cConcobhair for Tuaith Ratha dár marbhadh
Concobhar Mac Branáin toiseach Corc Achlann, Muircertach Ó Maonaigh,
mac Briain Uí Allamhain, agus Sochaidhe archena.



Creach do dhenamh do Mac Muiris ar Ua nDomhnaill. Drong do muintir
Uí Domhnaill do breith orra i mBeannan Brechmoighe. Drem do losccadh
agus do marbhadh leó dhiobh.



Creach adhbhal do denamh dUa Domhnaill ar Mac Muiris gur airccestar
Cairpre uile.



Longport Concobhair Uí Ceallaigh do losccadh la muintir Aodha Uí
Concobhair.


L. 380


Sitreacc mac Senlaich do marbhadh in ÁthLuain do DonnCathaigh Mag
Oireachtaigh agus do Tomaltach Mag Oireachtaigh.



Crechsluaiccheadh la hUa nDomhnaill for Chenél nEocchain tar eis
catha Dúin gur haircceadh agus gur loiscceadh urmor Chenel nEocchain
leis don cur sin.



Abraham Ua Conallain comorba Patraicc décc.



AOIS CRIOSD, 1261.



Aois Criosd, mile, da chéd, Searcca, a haon.



MaolPattraicc Ó Sccandail espoc Ratha Both do togha ina airdespoc in
ArdMacha.



Se cleirigh décc do maithibh cleireach Cenél cConaill do marbhadh la
Concobhar Ua Nell agus la Cenél nEoghain i nDoire Cholaim Chille
im Concobhar Ua fFirghil. Concobhor Ua Nell do marbhadh fo cedoir
tre miorbailibh De agus Cholaim Chille le Donn Ua mBreslén toiseach
Fanad.



Aedh mac MaoilSeachlainn Ui Concobhair do mharbhadh do MaolFhabhaill
Ua Edhin.



Cathal Ó hEaghra do marbhadh do Gallaibh ar tarraing Mic Fheorais
agus coiccer oile do Luighnibh do marbhadh imaille ris i ttempall mor
Fechin in Eass Dara.



Coccadh mor agus uilc iomdha do dhenamh dFhingin mac Domhnaill Mecc
Carthaigh agus dá braithribh ar Ghallaibh.



Sluaicchedh mor la Cloinn Gerailt i nDesmumain do saighidh Mecc
Carthaigh, .i. Fhinghin. Macc Carthaigh da nionnsaighidhsiomh go
ttucc maidhm forra dar marbhadh ocht mbarúin agus cuiccer ridiredh im
dreim ele duaislibh Gall is


L. 382


in ccliathaigh sin imaille re Seon Mac Tomáis agus ris an mBarrach
Mór. Dioairmhidhi a ttorchair do daosccorsluagh Gall is in ccathiorgail
remraite.



Fingin Mag Carthaigh do marbhadh la Gallaibh iar sin, agus ticchernus
Desmumhan do gabhail da derbhrathair don Aithchleireach Mág Carthaigh.



Art mac Cathail Riabhaigh Ui Ruairc delúdh o Aodh Ua Conchobhair,
agus toisigh na Breifne agus Chonmaicne do thabhairt chennais na
Breifne dhó.



Domhnall Ua hEaghra do dhenamh creche for Cloinn Fheórais in dioghail
marbhtha Cathail Ui Eaghra doibh agus sharaighthi theampaill Fechin
gur marbh Sefín Mac Fheorais, agus an tatcluicc tuccustair a teampall
EasaDara as e baoí ima cenn ag a marbhadh.



Brian Ruadh Ua Briain do losccadh agus do scaoileadh Caislen
Uí Chonaing agus ro marbh a mboí do dhaoinibh ann.



Longport Aodha Uí Concobhair (ag Snamh Inredaigh) do losccadh
dfearaibh Breifni.


L. 384


Losccadh Cluana Suilionn, .i. longport Fedlim Ui Concobhair.



Toirrdhealbhach Ócc mac Aodha Ui Concobhair do tabhairt for altram
dArt Ó Ruairc.



Creach mór la hAodh Ua Concobhair isin mBreifne co rainic Druim
Lethain. Brisedh do thabhairt annsin for blaidh da sluagh gur marbhadh
sochaidhe nar bhoirrdeirc dhiobh.



Aodh Buidhe Ua Nell dionnarbadh, agus Niall Culánach Ó Nell
doirdneadh ina ionadh.



Niall Ua Gairmleadhaigh toiseach Cenél Moáin do écc.



Maidhm mór la hUa nDomhnaill for Niall Chulánach Ó Néill dú in
ro marbhadh agus in ro gabhadh sochaidhe do mhaithibh Chenel Eoghain
fa mhac Cathmaoil toiseach Chenel Feradhaigh co ndruing do mhaithibh
ele nach airimhther sond.



AOIS CRIOST, 1262.



Aois Criost, mile, dá céd, seasccat, adó.



MaolPattraicc Ó Sccannail Airdespoc ArdaMacha do radha oiffrind
le pallium (in octau Eoin Baiste) in ArdMacha.



MaoilSeacloinn mac Taidcc Ui Concobhair espuc OileFinn do écc.



Sluáigheadh adbal mór la Gallaibh Ereann do soighidh Fedhlimidh mic
Cathail Croibhdeirg agus a mic Aodh na nGall, gur cuir Ua Concobhair
urmhór bó Connacht i tTir Conaill ar techeadh na nGall, agus buí fén
in Inis Saimera ar cúl a bhó agus a muinter. Tainic Mac Uilliam Burc
tar Tochar Móna Coinneadha iniar, agus slógh mor immailli ris, go
ráinic OilFinn. Iusdís na hEreann agus Eoan de Uerdun


L. 386


do thocht tar AthLuain anoir go RosCommáin. Leccid siortha uatha i
cCenél Dobhtha Mic Aongusa gur airccsiod an méd ro an tar és Uí
Concobhair i cConnachtaibh don toisc sin, agus do tórainnsiod áit
caisléin i RosCommáin. Dala Aodha Uí Concobhair tra ro tionoilsidhe
a shochraide, agus luidh in Iarthar Connacht gur airgiostair ó Moigh
Eó na Saxan agus o Bhalla iniar. Loisccis a mbailte agus a
narbhanna go Sliabh Lugha, agus ro marbhustair daoine iomda etorra sin.
Cuiris a toisigh agus a ógflatha uaidh in Uachtor Connacht gur loisccsiod,
agus gur airccsiod ó Tuaim Da Gualann go hAthLuain, agus ro marbhsat
a ttarla do daoinibh infeadhma etorra. Cuirid Goill iaramh techta uatha
dochum Ui Concobhair agus a mic do taircsin síodha dóibh. Ticc Aodh
iarsin ina ccoinne go hath Doire Chuirc. Do gníadh sith ann re roile
gan bhraighde gan edireadha ó cechtar na dá chéle. Baoi Aodh Ua
Concobhair agus Mac Uilliam Burc in én leabaidh an oidhche dés na
síodha go subhach soimheanmnach, agus imtighid Goill arabharadh
iar cceliobhradh dUa Concobhair.



Aodh Buidhe Ua Néll doirdneadh doridhise agus Niall Culánach
daithrioghadh.



Crech mór do dénamh la Gallaibh na Midhe ar Giolla na Naomh Ua
Fearghail tighearna na hAngaile, agus a oireachta fein do dhul uaidh
i ccleith Gall. A aithrioghadh doibh, agus a tighearnus do tabhairt do
mac Murchaidh Carraigh Uí Fherghail. Uilc iomdha, creacha, greassa,
urtha, agus airccne, agus marbhtha do dhénamh do Ghiolla na Naomh for
Gallaibh iarsin. Tighearnus na hAngoile do cosnamh dó ar éccin, agus
mac Murchaidh Carraigh dionnarbhadh dó as an tír amach.



DonnSlebe mac Cathmaoil taoiseach Cenél Fearadhaigh do marbhadh
dAodh Buidhe Ua Néll.



Sluaigheadh la Mac Uilliam Búrc agus lá Gallaibh Ereann i
nDeasmumhain


L. 388


dionnsaighidh Még Carthaigh go rangadar Mangartach Locha Lén.
Marbthar Gearalt Roitsi annsin lá Mag Carthaigh, agus a deirthi
gur bésidhe an treas barún do bfearr in Erinn ina aimsir fein. Ba
háithes go nanáithes do Desmumhain sin uair do marbhadh Corbmac mac
Domhnaill Guid Mégh Carthaigh don tachar so. Acht chena ba hesbadhach
Goill agus Gaoidhil mun Mangartaigh an la remráitte.



Domhnall Ua Mannacháin do marbhadh do cloinn Ruaidhri agus Taidhcc
Uí Conchobhair.



Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Ócc) hi fFeraibh Manach
cetus, agus assidhe i ngairbtrian Connacht agus go Granard Tethba,
go ro riarsat, agus go ro ghiallsatt gach tir gus a rainicc dó, agus
tainicc dia tigh iar mbuaidh ccosccair.



AOIS CRIOSD, 1263.



Aois Criosd, míle, dá chéd, sescat, atrí.



Tomás Ua Ceallaigh espuc Cluana Fearta agus MaolCiarain Ua
MaoilEoin (.i. ab Cluana Mic Nois) dég.



Dauith Ua Find ab Mainistre na Buille agus GiollaPatraicc mac
Giolla na nGuisén prioir Doirein, Saoí crabaidh agus enigh dég.



Donn Ua Breslén do marbhadh la Domhnall Ua nDomhnaill i ccuirt
an Espuicc i Ráith Both.



Sluaigheadh la Mac Uilliam dionnsaighidh Fedhlimidh Ui Concobhair
agus a meic go rangadar RosComáin, agus ro teichsiod Siol Muireadhaigh
rompa i ttuaisceart Connacht, agus nochan fuairsiod Goill creacha re
a ndénamh don


L. 390


dul sin. Ro innsaigh Donnchadh Ua Flointt agus Tadg a mhac an
sluagh, agus do marbhsat céd diobh edir maith agus saith, im Aitin
Ruitsél agus imma mac agus im cúic mhacaibh ConConnacht Uí Concobhair
imaille re sochaidhe oile. Soait an sluagh fo mela dia ttighibh iar sin.



MaolFabhaill Ua hEdhin do marbhadh lá Gallaibh.



Diarmait Clereach mac Corbmaic Meic Diarmata do écc.



Aindiles Mág Fhionnbharr taoiseach Muintire Gearadháin do écc.



Caislén do denamh la Mac Uilliam Búrc ag Ath Angail isin cCorann.



Machair Ua Ruadháin do marbhadh la Gallaibh i ndorus tempaill Cilli
Sesccnén.



Etaoin inghean Uí Fhlannaccáin do écc.



Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill (Domhnall Occ) hi cConnactoibh go
ccomhranaicc fri hAodh Ua cConcobhair acc Coirrsliabh. Lottar
assidhe go Cruachain assidhe tar Suca, assidhe hi cCloinn
Riocaird gur milleadh agus gur ler lomairccedh leo go hEchtge agus go
Gaillimh, agus iar niompudh dAodh Ua Choncobhair ó Ua nDomhnaill,
ro asccna Ó Domhnaill tar Sruthair, tar Rodhba, ar fud Tire
hAmhalghaidh, agus iaromh tar Muaidh, agus do bert a óghriar uadhaibh
uile.



Creach mór do dhenamh la hAedh mac Fedhlimidh ar Gallaibh Slebhe Lugha,
agus i


L. 392


cCiarraighe, agus ro marbhadh sochaidhe mhor do Ghallaibh lais, agus
do rat buar iomdha uaidhibh.



AOIS CRIOST, 1264.



Aois Criost, mile, da chéd, sescat, a cethair.



Aongus Ua Clumain espuc Luigne do écc i Mainistir na Búille iar
ccur a espaccóide de ré chian roime sin.



Coccadh edir Art Ua MaoilSeachluinn agus Goill na Midhe. Ar do
tabairt lais orra iman mBrosnaigh edir marbhadh agus bhadhadh.



Muirceartach mac Domhnaill Uí Airt do marbhadh, agus a muintir do
loscadh lá Donn Mág Uidhir.



Creach mór do dénamh do Dealbhnaibh ar Shiol nAnmchadha, agus cuic
meic Uí Madadhain do marbhadh don toisc sin.



Coinni edir Iusdis na hEreann (gona Gallaibh im Iarla Uladh agus im
Muiris Mac Gearailt gona ccoimthionól leth ar leth) agus Fedhlimidh
Ua Concobhair gon a


L. 394


mac in Ath Luain. Eaccla agus anbháthadh intinne do gabail na nGall
od conncadar Rí Connacht agus a mhac go lionmar leirthionoilte ag tocht
ina ccomhdháil. Gonadh í comairli ar ar cinnsead síth diarraidh orra.
Aontaighis Fedlimidh agus maithe a muintire an tsíth do dénamh, agus
ro scarsat re roile go siothchanta iaromh.



Coccadh dergi edir Mac Uilliam Burc (.i. Iarla Uladh), agus Muiris
Mac Gearailt, gur milleadh urmór Ereann etorra, gur gabh an tIarla
araibi do caislénaibh i cConnachtaib ag Mac Gearailt, gur loiscc
a mainer, agus gur airgestair a muintir.



Art Ua MaoilSeachloinn do losccadh araibhe do chaislenaibh agus do
sráttbhailtibh i nDealbhna, a cCalroighi, agus a mBreghmaine gur
díochuirestair a nGoill estibh uili. Gabhais braighde a ttoiseach as
a haithle.



Iusdis na hEreann, Seoan Gogan, agus Teboid Buitelér do gabáil do
Muiris Mac Gerailt i ttempal coisrecctha.



Caislen Locha Meascca agus caislén Aird Rathain do gabail do
Mac Uilliam.



Airdepscop ArdaMacha MaolPattraicc Ó Sccannaill do thabairt na
mBrathar Minur go hArdMacha, agus asé Mac Domhnaill Gallócclach
(do reir gnatcuimne) do thionnsgain in mainestir sin do thógbhail ó
thosach.


L. 396


AOIS CRIOST, 1265.



Aois Criost, míle, da chéd, sescat, acúicc.



Tomas mac Feargail meic Diarmada espuc OiliFinn, Tomas Ua Maicin
espuc Luigne, agus MaolBrighde Uá Gruccáin airchinneach OileFinn
do écc.



Muiris mac Nell Uí Concobhair do togha do cum espucóide OileFinn.



Caislén Sliccigh do sgaoileadh la hAodh Ua cConcobhair, agus la
hUa nDomhnaill. Caislen an Bennatta agus caislen Rátha Aird
Craoibhe do loscadh agus do scaoileadh leó beós.



Mainistir Topair Patraicc do losccadh.



Tadg Mag Fionnbharr do marbhadh do Concobhar Mag Ragnaill agus do
mac Domhnaill Uí Fearghail.



Fedhlimidh mac Cathail Croibhdeirg Uí Concobhair Ri Connacht,
fear cosanta agus cothaigthi a cuiccidh fein, agus a charad for gach
taoibh, fear ionnarbtha agus airgthe a eascarat, fear lan denech,
deangnamh, agus doirdercus, fear méadaighthe ord eccailseach, agus
ealadhan, deghadbhar rígh Ereann ar uaisli, ar cruth, ar cródhacht,
ar chéill, ar iocht, ar fhírinne do écc iar mbuaidh nongtha agus
naithrighi i mainistir brathar .S. Domenic i RosComáin tucc fein
roimhe sin do Dia agus don urd. Aodh Ua Concobhair a mac féin do
ríogadh uas Connachtaibh dá és, agus a creach ríghi do dénamh do
ar Uibh Failghe, agus iar niompúdh


L. 398


do go hÁth Luain Cathal mac Taidhcc Uí Concobhair do dalladh lais, agus
a écc da bhíthin.



Muirceartach mac Cathail mic Diarmata mic Taidg Uí MaoilRuanaidh
tighearna Muighe Luirg dég.



Giolla na Naomh Ua Cuinn taoiseach Muintire Giollccáin, Cathal Mag
Raghnaill taoiseach Muintire hEolais, agus Muireadhach Ua Cearbaill
taoiseach Calroighi do ecc bhéos.



Coinne do denamh do Tomaltach Ua Concobhair (.i. airdespuc Tuama)
re Dauith Prindergás agus re Macaibh Murchadha. Mórán do muintir
an airdespuic do marbhadh an lá sin dóibh a cCill Meadhoin.



Dearbforgaill ingen Ui Dubda (mathair an Airdespuic Thomaltaigh Uí
Concobhair) décc iar mbuaidh, etc.



AOIS CRIOST, 1266.



Aois Criosd, mile, dá chéd, sescat, asé.



Gradha espuicc do tabairt ar brathair dord .S. Domenic (.i. Ua Scopa)
in Ard Macha do cum beith i Raith Both dó.



Tomas Ua MaolConaire aircideochain Tuama, agus MaoilIsu Ua hAnainn
prioir Rosa Commain, agus Atha Liacc, do écc.



Tomas Ua Miadachain do gabail espocóide Luigne.



Togha espuicc do tocht on Róimh go Cluain Ferta Brenainn, agus
gradha espuicc do tabairt do fein agus do Tomas Ó Miadacháin in Ath
na Ríogh an Domnach ria Nodlaic.



Domhnall Ua hEghra tighearna Luigne do marbadh do Gallaibh, agus é ag
loscadh Aird na Riagh.


L. 400


Mathgamain mac Ceithernaigh Uí Ceirín tighearna Ciarraighe do marbadh
la Gallaibh.



Mathgamain Ua Cuilein tighearna Claonglaisi do marbadh dá mnaoi féin
den bhuilli do sccin tré éd.



Caislén Tighi Da Coinne do briseadh, agus Conmaicne uile dfásughadh.



Toirrdhealbhach mac Aodha mic Cathail Croibhdeirg décc i mainisdir
Chnuic Muaide.



Diarmait Ruadh mac Concobhair mic Corbmaic Meic Diarmata, agus Donn
Cathaigh mac Duinn Óicc Még Oirechtaigh do dalladh dAodh Ua
Concobhair.



Buirgés Beoil an Tachair do loscadh do Flann Ruadh Ua Floinn, agus
morán do Gallaibh an baile do marbadh dó.



Aodh Ua Concobhair Rí Connacht do dul isin mBrefne daitríoghadh
Airt mic Cathail Riabhaigh, agus tighearnus Brefne do tabairt dó
do Concobhar Buidhe mac Amhlaoibh mic Airt Uí Ruairc, agus braighde
taoiseach na Brefni uili do gabháil.



Sluaigheadh la hUilliam Búrc do soighidh Uí MaoilSeachloinn. Morán
do báthadh díbh in Ath Crochda, agus a niompudh gan nert gan braighde
do gabháil.



Ar mór do thabairt do droing do muintir Ui Concobair, .i. do Lochluinn
mac Diarmata mic Muircertaigh, do Mac Ceithernaigh, agus do mac
Domhnaill Duibh Ui Eaghra, ar Brethnachaibh, agus ar Luighnibh
in Iarthar Connacht, agus én ceann dég ar fichit do tiodhlacadh go
hUa cConcobair dóibh.



Corbmac mac Giolla Criost meic Diarmada do lot, agus a ecc treimhid.



Sadb inghean Cathail Croibdeirg agus MaoilEoin Bodhar Ua MaoilConaire
ollamh Síl Muireadhaigh i Seanchus do écc.



MaolPatraic Ó Scandail Priomhaid Aird Macha do tabhairt Brathar
Mionur go hArd Macha, agus lethaindíog lándomhain do dénamh lais im an
eacclais iaramh.


L. 402


AOIS CRIOST, 1267.



Aois Criosd, mile, da chéd, sescat, aseacht.



Espucc Cluana Ferta, .i. Rómhanach do dul do soigidh an Phapa.



Murchadh Mac Suibhne do gabail in Umall do Domnall mac Maghnusa
Uí Concobhair, a tabairt ar laimh an Iarla, agus a écc i bpriosún aicce.



Brian mac Toirrdhealbhaigh mic Ruaidhri Ui Concobhair do écc i mainistir
Chnuic Muaidhe.



Creach do denamh do Mac Uilliam ar Ua cConcobhair gur airgesdair
Tir Maine agus Clann Uadach.



Creach do denamh do Gallaibh Iarthair Connacht i cCairpre Droma Cliabh,
agus Eas Dara darccain dóibh.



Donnchadh mac Ruaidhri mic Aodha Ui Concobhair do marbhadh la Gallaibh.



Galar treablaideach do gabhail Rígh Connacht go ndeachaidh a tháscc
fo Erinn.



Alis inghean Meic Carrgamna do écc.



Aodh Ua Muiredhaigh taoiseach an Lagáin do mharbhadh i cCill Alaidh
la hUa MaoilFhoghmair comarba na cille Dia Domhnaigh iar neisteacht
oifrind.



AOIS CRIOST, 1268.



Aois Criost, míle, dá chéd, sescat, a hocht.



Aodh mac Concobhair Uí Flaithbertaigh oifficel Eanaigh Dúin do écc.



Tempall Mór Arda Macha do tionnscnadh las an bPriomhaidh GiollaPatraicc
Ó Scandail.



Concobar Ruadh Ua Briain tighearna Tuadmumhan, Seoinin a mac, a
inghen,


L. 404


mac a inghine, .i. mac Ruaidhri Uí Grada, DubLochlainn Ua Lochlainn,
Tomas Ua Beollain, agus Sochaidhe oile do marbhadh la Diarmait mac
Muircertaigh Ui Briain agus éfein do marbhadh inn iaramh. Brian mac
Concobhair Uí Briain do gabhail tigearnais Tuadhmuman as a haithle.



Toirrdhealbhach Óg mac Aodha mic Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg,
dalta Ua mBriúin esidhe, do écc.



Amhlaoibh Ua Feargail tuir cosanta Conmaicneach do marbhadh la
Gallaibh i bhfell.



Concobhar Ua Ceallaigh tighearna Ua Maine, Aongus Ua Dalaigh Saoi
fhir dána agus tighe aoidheadh, Maghnus Mag Oirechtaigh taoiseach
Cloinne Tomaltaig, Domhnall Ua Gradda taoiseach Cenel Dunghaile,
agus Dubhghall mac Ruaidhri, tighearna Innsi Gall, agus Airir
Gaoidheal do écc.



Muiris Ruadh Mac Gearailt do bháthadh for muir go lucht luingi
imaille ris ag toidhecht ó Shaxaibh.



Ionnsaighidh do tabhairt dAodh Ua Concobhair for Gallaibh go hAth
Luain. Na Goill do tocht ina coinne gus na Feadhaibh, tachor do
cur eatorra, briseadh for Gallaib, agus Sochaidhe díbh do marbhadh.



Donn mac Taidhg Uí Mannacháin, agus deichneabhar dá muintir do marbadh
do Tadhg Ua Fhlannaccáin agus do Giolla Criost Ua Birn.



Feargal Ua MaoilMuaidh taoiseach Fear cCeall, agus MaoilSeachlainn
Mag Cochlain do marbhadh la Gallaibh.



Aenghus Ua MaoilFhoghmair do mharbhadh la hUibh Muireadhaigh i
ndioghail a ccind fhine.


L. 406


AOIS CRIOST, 1269.



Aois Criost, míle, da chéd, Sescat, anaoí.



Dauith Ua Bragain espucc Clochair do écc, agus a adhnacul i
mainistir Melifoint uair ba manach da manchaibh é.



Tadhg mac Nell mic Muireadhaigh Ui Concobhair do marbhadh in OilFinn
dócclách do muintir a bhrathar fén, agus an tí do rinne an gniomh sin
do tuitim inn.



Iomur Ua Birn ócclach agus lainfhear grada Aodha Uí Concobhair do
chor an tsaoghail de as lár a cloinne agus a chonáich, agus dul go
mainisdir Rosa Comáin dó, gur caith an seal baoí roime da saoghal edir
braithribh .S.Domenic.



Brian mac Domhnaill Duibh Ui Eaghra do marbhadh do Gallaibh i
Slicceach.



Benmidhe inghean Toirrdhealbhaigh meic Ruaidhri, ben MaolMuire
Meic Suibhne, Seaffraigh mac Domhnaill Clannaigh Meic GiollaPatraicc
tighearna Slebhe Bladhma, agus Aodh Ua Fionnachta Saoí tiompánoigh
do écc.



Echmilidh MacAirtén do marbhadh dUa Anluain.



Domnall Ua Fearghoil agus Aodh a mac, cáraid degheinigh derlaigtheach
do mharbhadh do Giolla na Naomh Ua Ferghail agus do Ghallaibh.



Cristina inghean Uí Neachtain ben Diarmada Midhigh Meic Diarmata,
ben do bferr eneach agus ionnracus don cineadh dá mbaoí, agus as mó
do chuir dá comaoin ar an ord Liath do écc iar mbuaidh naithrighe.



Caislén Sliccigh do denamh la mac Muiris Meic Gearailt iar na
bhriseadh dAodh Ua Concobhair agus dUa Domhnaill roime sin.


L. 408


Caislén Rosa Comáin do denamh la Roibert Defort iusdís na hErionn,
agus aseadh fo dera a denam, Aodh Ua Concobhair Ri Connacht do
beth easslan, ionnus nar tualaing tachar no teaccbhail do tabairt do
Gallaibh, na toirmescc do chor ar an ccaislén do denamh. Connachtaigh
do beith ina ccedibh creach (go herghi dosamh doridhise) fo cosaibh Gall.



Flaithbertach Ua MaoilFhíona taoiseach leithe Calraighe Mhaighe
hÉleóg do marbhadh dó Ghaibhtheacháin dó lethtaoiseach oile.



AOIS CRIOST, 1270.



Aois Criost, míle, da chéd, seachtmogat.



MaolPattraicc Ua Scandail airdespucc Aird Macha, do dul do láthair
Righ Saxan. An Rí da glacadh go honórach, agus toidhecht tar a ais
dó imaille re mor chumachtaibh.



Coccadh mor edir Ua cConcobhair agus Iarla Uladh Uater a Búrc,
gur thionóil an tIarla maithe Gall Ereann im an ngiusdis, agus a
rann Gaoideal


L. 410


archena go Connachtaib go riachtadar Ros Comáin an ced adhaig,
OilFinn an dara hadhaigh, Aissidh go Port Lecce. Gabhaid sosadh
agus Saorlongport ann an oidhche sin. Tiaghaid daon chomairle arabharach
in Áth Caradh Conaill tar Sionainn soir.



Baoí Ri Connacht mun am sin uathadh do maithibh a muintire i Moigh
Nise ar cionn na nGall, agus do an an giusdis agus beccán don tsluagh
Ghall allaniar do Sionainn ga nurnaidhe. Iar ndul don Iarla tar
Ath Caradh Conaill ro erghiodar uathadh do muintir Uí Concobhair do
na Gallaibh i cCoilltibh Conmaicne go ndearnsad marbhadh orra. Lodar
iaram go Mag Nise gur gabsad foslongport ann in oidhchi sin. Do gniad
do comairle reroile ainnsídhe Síth do denamh lé Rígh Connacht, agus
dearbhrathoir an Iarla (Uilliam Óg mac Riocaird mic Uilliam Concuir)
do chor ar láimh muintire Uí Concobhair an ccein do beth sé fén i
ttigh an Iarla ag snadhmadh na siodha. Do gnither samhlaidh. Acht cena
do gabsad muintir Ui Concobhair dearbrathoir an Iarla focedóir, agus
ro mharbhsad Seaan Dolifín go na mac. Feargaigthear an tIarla iar
na clos sin dó. Rucc as an adhaigh sin go himshníomhach athtuirseach.
Erccis i muichdeadhoil na maidne arabhárach gona Gallaibh agus
Gaoidhealaibh ceangailte coirighthe ina timcheal, agus gluaisid do
saighidh Ui Concobhair go rangadar Ath an Chip. Do gebhid
Toirrdhealbhach Ua Briain chuca aghaidh in aghaidh annsin, agus é ag
tocht i ccommbáidh Uí Concobhair. Do beir an tIarla fén a aghaidh
ar Toirrdhealbhach, agus ro cuimhnigh a eccraides dó go ttorchair
Toirrdhealbhach lais focedoir. Dala Connacht tra, rucsad orra
do chom an atha don dul sin ionnus gur bhrúchtdhoirtsiod ina cceann
do chois agus deach gur bhriseador for a ttosach, agus gur chuirsiod
a ndeireadh as a nionat dá naimhdeóin. Marbhtar naonbhar do maithibh
a Ridireadh don iarraidh si a ttimceal an átha imaille re Riocard


L. 412


na Coilleadh agus re Seaan Buitelér, gan áiremh ar a ttorcradar
díobh edir maith agus saith uatha so amach. Dírimh bheós na hédála
do benadh dibh darm, dédeadh agus deachaibh, etc. Marbtar
dearbrathair an Iarla (.i. Uilliám Ócc) iarsin lá hUa cConcobair
a neraic mic Uí Briain do marbhadh don Iarla.



Caislén Atha Anguili, caislén Slebi Lugha agus caislen Cille Calman
do leaccadh dUa Concobhair. Ros Comain, Rinn Dúin agus Uillinn
Uanach do loscadh lais beós.



Brian Ruadh Ua Briain diompúdh for Gallaibh. Airgthi aidble do
dénamh dó orra, agus caislén Cláir Átha Dá Caradh do gabháil dó.



Creacha móra do dénamh don Iarla, agus do Gallaibh Connacht i tTír
nOilealla ar muintir Aodha Uí Concobhair, agus Dauith Cuisin do
marbhadh don dul sin.



Mac Murchaidh Carraigh Ui Fhergail beithir ar bheodhacht, onchú
ar engnamh do marbhadh la Gallaibh.



Tanaidhe Mór mac Duinnín mic Nédhe mic Conaing Bhuidhe Uí
MaoilConaire doirdneadh in ardollamhnacht Connacht, agus foircionn
do dhul for ollamhnacht an DubhShúiligh Ui MaoilConaire agus Dunlaing
Uí MaoilConaire.



Slicceach do losccadh la hUa nDomhnaill, agus lá Cenel Conaill
agus mac Breallaigh an Chairn Uí MaoilBhrénainn do mharbhadh don
turus sin.



Cristina inghen Uí Neachtain ben Diarmada Midhigh Meic Diarmada
do


L. 414


écc, ben ro budh maith deirc agus oineach, agus do rad almsana iomda
don ord Liath.



AOIS CRIOST, 1271.



Aois Criost míle, da chéd, seachtmogat a haon.



Siomon MaccRaith deccanach Arda Carna do écc.



Uater a Búrc Iarla Uladh agus tighearna Gall Connacht do écc i
ccaislén na Gaillmhe iar mbuaidh naithrighe do galar aithgearr.



Tomas Mac Muiris do écc i mBaile Locha Meascca.



Iomar Ua Birn lainfhear gradha Aodha Ui Concobair do écc i Ros
Comáin iar mbuaidh naithrighe, agus a adhnacul innte.



Aodh Ua Concobhair mac Comorba Comáin do marbadh do Tomás Buitelér
ag Muine Inghine Crechain.



Domhnall Ua Floinn do marbhadh do mac Robín Laigles is in ló cedna
i ccionn uachtarach Sruthra.



Mathgamhain Ua Concobhair do marbhadh do Gallaibh Dúin Móir.



Niocol mac Seaain Uerdún tighearna Óirghiall do marbhadh lá Seaffraidh
Ua bhFearghail.



Concobhar mac Tighearnáin Ui Concobhair do marbhadh la MaoilSeachluinn
mac Airt Uí Ruairc, agus la Cloinn Fearmuighe.



Caislén Tighe Templa, caislén Sliccigh, agus caislen Atha Liacc
do briseadh dAodh Ua Concobair.



Aodh mac Néill Uí Dhubhda do écc.


L. 416


AOIS CRIOST, 1272.



Aois Criost, míle, da chéd, sechtmogat, adó.



Henri Buitelér tighearna Umhaill, agus Hoitse Medbric do marbhadh
do Cathal mac Concobhair Ruaidh, agus do Cloinn Muircertaigh Ui
Concobhair.



Caislén Rosa Comáin do briseadh do righ Connacht, Aodh Ua Concobhair.



Tadhg Dall mac Aodha mic Cathail Croibdeirg do écc, agus ba hésidhe
adbhar righ do bferr da cineadh no gur dallsad Muintir Raighilligh
é.



Iamas Dodalaigh Iusdis na hEreann do marbhadh dUa Broin, agus
do Connachtaibh.



Muirgios mac Donnchaidh mic Tomaltaigh Uí MaoilRuanaidh, Saoi enigh,
agus engnamha a chineadh do écc illongport Uí Domhnaill i Murbach,
agus a tabairt go Mainistir na Buille dá adhnacul.



Donnchadh mac Giolla na Naomh Még Samhradháin do mharbhadh dá derbrathair
Tomas.



Riocard Diuid an barún do buaisle do Gallaibh décc.



An Midhe do losccadh go Granaird dAodh Ua Concobair.



Ath Luain do losccadh lais bheós, agus a droichead do bhriseadh.



O Domhnaill (Domhnall Ócc) do tionol ethar agus bhád for Loch Eirne,
agus aissidhe for Loch Uachtair. Maithesa, agus edala na tíre ina
thimchell (battar for innsib an locha sin) do bein eisdibh, agus a
norccain lais co mbattar ar a


L. 418


chumus, Tren agus treisi do ghabháil dó in gach maighin ina
ccomhfochroibh don chur sin.



An céd Éduard do rioghadh os Saxaibh .16. Nouember.



AOIS CRIOST, 1273.



Aois Criost, mile, da chéd, seachtmogat, atrí.



Flann Ó Tighernaigh tigherna Cera do marbhadh dÓ Muiréadhaigh
im thighernus Cera tria neart Aodha mic Fedhlimidh Uí Choncobhair.



Concobhar Buide mac Amhlaoibh mic Airt Uí Ruairc tighearna Brefne
do marbadh do cloinn Concobhair mic Tighearnáin Uí Concobhair, agus
do marbhsomh an mac do bfearr dibsiom Tighearnán.



Eochaidh Mag Mathgamhna tighearna Oirghiall, agus sochaidhe imaille
ris do marbadh dUa Anluain, agus do Cenél nEoghain.



Creach do denamh do Siurtán dExetra isin cCorann. Uathadh
do rioghdamhnaibh Connacht do breith orra, aimhgliocus comhairle do
dénamh dóibh ar fhuráileamh coda da ndaosccorshluagh, gur marbadh
Domhnall mac Donnchaidh mic Maghnusa, Magnus mac Airt, Aireachtach Mac
Aodhaccáin, Aodh Ua Birn, agus Sochaidhe oile.



Morshluagh la Mac Muiris Meic Gerailt i tTuadhmhumhain gur gabh
braighdi agus neart ar Ua mBriain.



Corbmac mac Diarmada mic Ruaidhri décc.


L. 420


Domhnall Iorrais mac Maghnusa mic Muircertaigh Muimhnigh dionnarbhadh
a hUmhall agus a hIorrus.



Ruaidhri Ua Flaithbertaigh dionnarbhadh a hIarthar Connacht.



O Domhnaill (Domhnall Ócc) do chor slóigh lanmoir in aoin ionad do
maithiph Conallach, agus do mhaithibh Connacht, agus dol dó i
tTír nEocchain, agus an tír do milleadh lais.



Domhnall Ó Cuinn leth toiseach na hAicidechta do mharbhadh la
hUa nDubhthaigh.



AOIS CRIOST, 1274.



Aois Criost, mile, dá céd, seachtmogat, a ceathoir.



Aodh mac Fedhlimidh mic Catail Croibdeirg Ri Connacht, Rí ro
fholmhaigh, agus ro fhasaigh Connachta ar Gallaibh agus Gaoidhealaibh
bidís na aghaidh, Rí do rad madhmanna mionca for hSaxanchaibh, ro
trasccair a ccúirti agus a ccaislén, ro mudhaigh a ccuradha agus
a ccaithmilidh, Rí ro gabh braighdi Ua mBriúin agus catha Aedha
Find, Ri bá mó gráin agus cosccar, eneach agus oirdercus, fear millte
agus leasoighthi Ereann esidhe, a écc iar mbuaidh naithrighi Dia
Dardaoin ar aoí laithe, agus an tres la do Samhradh esidhe. Eoghan
mac Ruaidhri mic Aodha mic Cathail Croibhdeirg do rioghadh ina ionat,
agus nocha raibe acht én ráithi is in ríghe an tan ro marbsat a derbhfine
fesin e, .i. Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh mic Aodha Ui Concobhair
i ttempall Bráthar Rosa Comáin, agus Aodh mac Cathail Doill


L. 422


mic Aodha mic Cathail Croibhdheirg do rioghadh do Connachtaibh, agus
nochar ffaide a righi sidhé, uair ní raibe acht én coicdhís inte an
tan do marbhadh é la Mag Oirechtaigh, Tomaltach, agus la hUa mBirn,
agus Tadgh recte Tadhg mac Toirrdhealbhaigh mic Aodha mic Cathail
Croibhdeirg do rioghadh uas Connachtaibh iaramh.



Tighearnan mac Aodha Uí Ruairc tighearna Brefne, agus Domhnall
mac Maghnusa mic Muircertaigh Muimhnigh, Saoi enigh, agus engnamha
Ereann uili dég.



Giolla na Naomh mac Aodha mic Amlaoibh Uí Ferghail tighearna na
hAnghaile, comhrur choimhéda enigh agus engnamha Cloinne Rudhraidhe,
fear lan duaisli, agus dinntlecht go nguaisbhertaibh for naimhdibh
go ccaoines lé cairdibh, do écc iar mbuaidh naithrighe.



Maoileachlainn mac Amhlaoibh mic Airt Uí Ruairc tighearna Dartraighi
agus Cloinne Fearmuighe do marbadh la Concobhar mac Domhnaill mic
Neill Uí Ruairc.



Tadhg mac Cearbhaill Buidhe Uí Dalaigh ollamh Aodha Uí Concobhair
lé dán dég.



Domhnall Ócc mac Domhnaill mic Airt Uí Ruairc, agus Cathal Mag
Fhlannchaidh taoiseach Dartraighi do écc.



Ferghal Ó Caithniadh tighearna Iorrais do écc i nUa Mic Caecháin.



AOIS CRIOST, 1275.



Aois Criost, míle, da chéd, sechtmogat, a cúicc.



Ua Laidigh espucc Cille hAlaidh, agus Cairpre Ua Scuapa espucc
Rátha Both i tTír Conaill do écc.



Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair do gabháil dUa
Concobhair (Tadhg mac Toirrdhealbhaigh a brathair). Ruaidhri delúdh
iaramh, agus Concobhar Ua hÁinlighi da breith leis, Toraighecht do
breith forra, agus Concobhar Ua hÁinlighi do marbhadh dóibh.



Tadhg mac Cathail Meic Diarmata darccain dUa Conchobhair.



Concobhar mac Feargail mic Donnchaidh mic Muircertaigh do marbhadh
da braithribh fein.


L. 424


Art mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc tighearna Brefne do marbadh
la Mag Fhionnbharr, agus la Gallaibh i nGranard, agus ár a muintire
do cur.



Maidhm mor for Gallaibh i nUltaibh go ráinicc da céd each, agus dá
céd ceann in áiremh díbh an éccmais ar mudhaigheadh da ndaosccorshluagh.



Tomas Mag Samhradhain do marbhadh la Cenél Luacháin.



Cenél Eocchain do thecht hi tTír Conaill co ro mhillsiot blodh mór
don tír, agus Ó Domhnáill (Domhnall Ócc) do thionol a mhuintire ina
dhochom, agus a lenmain go hucht Slebhe Truim go raeimhidh forra
go ffarccaibhsiot ár daoine, eich iomdha, faidb, airm agus edeadha
ag Cenél cConaill don chur sin.



AOIS CRIOST, 1276.



Aois Criost, míle, da céd, seachtmogat asé.



Giolla an Coimdhe Ua Cerbhalláin epscop Tíre hEoccain decc.



Aodh Muimhneach mac Fedhlimidh mic Cathail Croibdeirg do
toidhecth as in Mumhain i cConnachtaibh. A dul iarsin
i ccenn Ui Domhnaill. O Domhnaill do tocht lais go líon a tionóil
go hEchenach, Ua Domhnaill diompúdh uaidh annsin, agus Aodh
dfhuireach i cConnachtaibh.



Creach do denamh do cloinn Toirrdhealbhaigh ar mac Fedhlimidh, agus
ar cloinn Meic Diarmata, agus Giolla Criost Ua MaoilBrenainn do
marbhadh dóibh.


L. 426


Creach do denamh do mac Fedhlimidh ar Cloinn Muirceartaigh, agus
Giolla na nAingeal Ua ConRoí do marbhadh do Cloinn Muirceartaigh
a ttóraighecht a ccreichi.



Creach do denamh do Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh ar Muintir Nechtain,
agus iadsamh do tabhairt madhma fair, agus do bhuain na creiche dhe.
Domhnall mac Nell mic Congalaigh Ui Ruairc (.i. Giolla an Ime),
agus sochaidhe oile do muintir Ruairc do marbhadh doibh. GiollaCriost
Ua Neachtain do marbhadh do Ruaidhri mac Toirrdhelbhaigh iarsin.



Diarmaitt Mag Giolla Muire tighearna Leithe Cathail do écc.



AOIS CRIOST, 1277.



Aois Criost, mile, dá céd, sechtmogat aseacht.



Braon Ua MaoilMoichéirghi ab Cenannois do écc.



Brian Ruadh Ua Briain tighearna Tuadhmuman do gabhail i meabhail
do mac Iarla Claire. A tharraing edir eachaibh as a haithli iar
ndenamh cairdis Criost re roile doibh roimhe sin agus do tabairt clocc
agus mionn da cele imma ccaradradh do comall.



GiollaCriost Ua Birn fear gradha Aodha Ui Concobhair do marbhadh
don Giolla Ruadh mac Lochlainn Ui Concobhair. Giolla na Naomh Ua Birn
do écc iar naithrighe.



Caislen Rosa Comain do leaccadh dAodh mac Fedhlimidh (.i. Aodh
Muimhneach) go Connachtaibh imme, agus do Domhnall Ua Domhnaill.


L. 428


Creach mór do denamh do Teallach Echdhach for Cenel Luacháin
a nGlionn Da Duile dar marbhsat Concobhar Mag Dorchaidhe agus
sochaidh immaille ris.



AOIS CRIOSD, 1278.



Aois Criosd, mile, dá chéd, seachtmhoghad, a hochtt.



Tomás Ua Cuinn espucc Chluana Mic Nóis do écc.



Flaithbhertach Ua Daimhin ticcerna FerManach décc.



Tadcc mac Toirrdhealbhaigh mic Aodha mic Cathail Croibhdeirg Rí
Connacht do mharbhadh la cloinn Cathail Meic Diarmada.



Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair do marbhadh la Giollu
Criosd Mág Fhlannchaidh, agus la Dartraicchibh ar bord Droma Cliabh,
agus an Pearsún Riabhach mac Ticchernáin Uí Concobhair, agus sochaidhe
oile nách airimhther sonn.



Donnchadh, Fergal, agus GiolluCriosd tri meic Muirgesa meic
Donnchaid mic Tomaltaigh do marbhadh la Tadhcc mac Domhnaill Iorrais.



Maidhm Cuince do thabhairt do Donnchadh mac Briain Ruaidh agus
do cloinn oile Uí Briain ar mac Iarla Claire gur loisccsed
teampal Cuince for a muintir agus go ttuccsat ar diairmhe forra edir
losccadh agus marbhadh.



Tomaltach Macc Oireachtaigh Rioghthaoiseach Shil Muireadhaigh do
marbhadh las na Tuathaibh.


L. 430


Aodh Muimhneach mac Fedhlimidh do gabhail Righe Connacht.



Iomaireag do thabhairt do Bhrian Ua nDubhda agus do Art na cCapall
Ua nEghra tigerna Luighne, do Cloinn Fheórais, gur ro sraoineadh
for Cloinn Fheorais, agus ro marbhadh dias mac Mhaoilir Mhóir, agus
Conchobhar Ruadh Mac Feórais, agus aroile cén móthát.



AOIS CRIOSD, 1279.



Aois Criost, mile, dá céd, seachdmhoghad, a naoí.



Tomaltach mac Toirrdhelbhaigh mic MaoilSeachloinn Ui Conchobair
airdespucc Tuama Saoi Eirenn uile, i neaccna, i neólus agus i
ndeserc do écc iar mbuaidh naithricche.



Giolla an Choimdedh Ó Cerbhalláin epspoc Thíre hEoghain do écc.



Concobhor mac Diarmada mic Maghnusa Uí Concobhair do marbhadh.



Murchadh Ó Neachtain do mharbhadh do Domhnall Ó Neachtain agus
comrac dfhoccra do Roiberd Ua Neachtain derbhrathair Murchaidh ar
Domhnall agus Roiberd do marbhadh leiss iarsin.



Domhnall mac GiolluCriost Uí Neachtain do marbhadh la hAodh Ó
cCoinCenainn.



MaolSeachloinn mac Toirrdhelbhaigh do mharbhadh.



Giolla Íosa Mór Mac Fhirbisigh ollamh Ua fFiachrach i senchus
do écc.


L. 432


AOIS CRIOSD, 1280.



Aois Criosd, mile, dá chéd, ochtmhoghat.



Seaan Ua Laidhigh easpocc Cille hAladh agus Matha mac Maghnusa
Uí Conchobhair abb na Buille do écc.



Imressain do eirge edir Aodh Mhuimhneach mac Fedhlimidh mic Cathail
Croibhdeirg Ri Connacht agus clann Muircertaigh Muimhnigh Ui
Concobhair. Aodh Muimhneach do mharbhadh dhoibh i ccoill in Daingin
agus MaoilSeachlainn mac Maghnusa do gabhail an la cedna riu. Ua
Domhnaill da fhuaslacadh uatha. Ceithri ced bó agus fiche each asedh
fuairsiod ass.



Cathal mac Conchobhair Ruaidh mic Muircertaigh Muimhnigh mic
Toirrdhealbhaigh Móir Uí Concobhair do rioghadh do Connachtaibh
iarsin.



MaoilSeachlainn Ó Gairmleadhaigh toiseach Cenél Moáin, agus
Concobhor Ua Gairmleadhaigh do thuitim le Teallach Modharáin.



AOIS CRIOSD, 1281.



Aois Criosd, mile, da chéd, ochtmoghat a hoén.



Tadhg mac Cathail Meic Diarmada ticcherna Moighe Luircc, Saoí
in eneach i nengnamh agus i nuaisle do écc.



Cath Disirt Da Chrioch edir Cenel cConaill agus Cenel Eoghain.
Aodh Buidhi mac Domhnaill Óicc mic Aodha Méth mic Aoda ris a raitti
an Macaomh Toinleascc agus Goill Uladh imaille ris don dara leth.
Domhnall Óg Ua Domhnaill ticcherna Cenel cConaill, Fher Manach,
Airgiall, urmoir Gaoidheal Uladh uile agus Connacht


L. 434


achd madh beacc agus na Brefne uile don leth araill. Ro mheabhaidh
tra an cathso for Cenel cConaill. Ro marbhadh Domhnall Ua
Domhnaill ann .i. an taen Gaoidheal do bferr eneach, engnamh,
aireachus agus uaisle do Ghaoidhealaibh Ereann is in aimsir sin.
Fechemh coitcionn iarthair Eorpo uile esidhe agus a adhnacul i
mainisdir na mBrathor i nDoire Colaim Cille iar mbreith buadha gacha
maithessa dhó gó sin. Atiatt annso an luchd ro bferr dar marbhadh
ina fhochair MaolRuanaidh Ua Baoighill taoiseach na tTri tTuath,
Eoghan mac MaoilSeachlainn mic Domhnaill Móir Ui Dhomhnaill, Ceallach
mac GiolluBrighde Uí Baoighill an taen taoiseach do bferr engnamh
agus eneach dexibh agus dollamhnaibh boí in enaimsir riss, Aindiless
Ó Baoighill, Dubhgall a mhac somh, Giollu Criosd Mag Fhlannchaidh
taoiseach Dartraicche, Domhnall Mac Gille Fhinnén taoiseach
Muinntiri Feodacháin, Enna Ó Gairmleadhaigh ardtaoiseach Cenel Moáin,
Corbmac mac an FhirLeghinn Uí Domhnaill taoiseach Fanad, Giollu an
Comdheadh Ua MaolDuin taoiseach Luircc, Carmac mac Carmaic Ui Domhnaill,
Giollu na nÓcc Mac Dail Le Docair, MaoilSeachloinn mac Nell Ui Bhaoighill,
Aindiles mac Muircertaigh Ui Domhnaill, Maghnus Mac Cuinn, Giollu na
Naemh Ua hEochaccáin, Muirchertach Ua Flaithbertaigh, Muircertach
Mac anUltoigh, Flaithbertach Macc Buidheachain, agus Sochaidhe oile
do macaibh ticchernadh agus taoiseach nach airimhter sonn.



Aodh mac Domhnaill Oicc Ui Domhnaill doirdneadh i nionadh a athar.



Cath edir na Bairédchaibh agus an Ciomsóccach gur meabhaidh for
Bairédchaibh. Ro marbhadh ann Uilliam Bairéd, Adam Plemend, agus
Sochaidhe imaille riú. Badar tra dias do Gaoidhealaibh ag congnamh
las an cCiomhsoccach is in ccath sa ro dersccnaidh ar goil agus
ghaiscceadh luth agus lamhach da mbaoi ann, Taichleach Ó Baoighill
agus Taichleach Ó Dúbhda iaidsidhe.



Aodh Muimhneach mac Toirrdhealbhaigh Uí Briain do écc.


L. 436


AOIS CRIOSD, 1282.



Aois Criosd, míle, dá chéd, ochtmoghat, adó.



Muirchertach Mac Murchadha Rí Laighen, agus Art Mac Murchadha a
dherbhrathair do mharbhadh la Gallaibh.



Taichleach mac MaolRuanaidh Uí Dhúbhda ticcherna Ua fFiachrach,
aon do bferr eneach agus ionnsaicchidh da chineadh ina aimsir do
mharbhadh la hAdam Ciomhsócc ar Traicch Eothaile.



Lassairfhiona inghen Cathail Croibhdeirg Uí Concobhair ben
Domhnaill Móir Ui Domhnaill agus mathair Domhnaill Óicc, baincenn
ban Leithe Cuinn isidhe do écc.



Matha Ua Raghallaigh ticcherna Muinntiri MaoilMordha, agus Giollu
Iosu Macc Ticchernáin do ngoirthi Giollu Iosu Mór taoiseach Tellaigh
Dunchadha dég.



Cathal mac Giollu na Naemh Ui Fhergail ticcherna na hAngaile
do écc, i


L. 438


nIniss Cuan for abhainn Cluain Lis Béce Mic Connla. Seafraidh mac
Giollu na Naemh Ui Fhergail do ghabhail ticchernaiss na hAngaile da
és.



AOIS CRIOSD, 1283.



Aois Criosd, míle, da chéd, ochdmhogad, atrí.



Aodh Buidhe O Nell ticcherna Cenel Eoghain, fecce enigh agus
ghaisccidh Gaoidheal, aon Rogha an Tuaisccirt ar thiodhnacal sett agus
maoine, fer ba moa gráin agus cosccar da cenél ina aimsir. Ba
rioghdhamhna diongbhala dEirinn essidhe, do mharbhadh la Mag
Mathghamhna, Brian, agus la hAirghiallabibh agus la Giollu Iosu Ruadh
mac Domhnaill Ui Raghallaigh.



Tadhg mac Domhnaill Iorrais Uí Chonchobhair do lot la Luighnibh agus
a thairbirt do Chathal Ó Choncobhair agus a écc iarsin do bithin a
luit.



Ath Cliáth agus Teampall Criosd do losccadh.



AOIS CRIOST, 1284.



Aois Criosd, mile, dá chéd, ochtmocchatt, a ceathair.



Muiris Ua Concobhair epscop Oile Finn décc, agus Amhlaoibh Ua
Tomaltaigh do oirdneadh ina ionadh agus a écc iarttain. Giolla Iosa
mac an Liathanaigh Ui Choncobhair abb Oilen na Trinóide ar Loch Cé
(dord Permonstra) do togha in epspocóidecht Oile Finn iarsin.


L. 440


Donnchadh Ua Briain tighearna Thuadhmhumhan do mharbhadh la
Toirrdhealbhach Ua mBriain.



Dubhgall mac Maghnusa Ui Bhaoighill taoiseach Cloiche ChinnFhaoladh
do mharbhadh do mhuintir Ui MhaoilGhaoithe.



Mac na hOidhche Mag Dorchaidhe taoíseach Cheinel Luachain (no
Duachain) do écc.



Siomand dExetra do mharbhadh la Brian Ua fFloinn, agus la da mac
Ui Fhlannagáin, Diarmaitt, agus Maoileachloinn. Coccadh agus esaonta
déirghe hi cConnachttaibh tres an marbhadh sin. Creacha móra do
denomh do Ghallaibh asa haithle agus a naiseg co hiomlán do mhuintir
Oilén na Trinóide, agus do mhanchaibh Mainistre na Buille.



Caislén Cille Colmáin do leaccadh la Cathal mac Concobhair Ruaidh
(Ri Connacht).



Dún Mór do losccadh la Fiachra Ua fFloinn.



AOIS CRIOST, 1285.



Aois Criost, mile, da chéd, ochtmhocchat, a cúicc.



Siomón Ó Ruairc epscop na Breifne décc.



Ruaidhri Ua Gadhra tighearna Slebe Lugha do mharbhadh la Mac Feorais
for Loch Uí Ghadhra.



Muiris Maol Mac Gerailt do écc.


L. 442


Enri Mac Giolla Fhindéin do écc.



Maidhm do thabhairt do Maghnus Ua cConcobhair ar Adam Ciomhsócc agus
ar Ghallaibh Iarthair Connacht ag Eass Dara dú inar marbhaitt daoíne
iomdha agus inar gabhadh Coilin Ciomhsócc derbrathair Adaim.



Maidhm do thabairt do Pilib Mac Goisdelbhaigh ar mhuintir Maghnusa
Uí Choncobhair ar Sliabh Gamh dú in ro marbhadh sochaidhe do muintir
Maghnusa.



AOIS CRIOST, 1286.



Aois Criost, mile, da ched, ochttmhocchatt, asé.



Sloigheadh mór la hIarla Uladh i cConnachtaibh gur ro milleadh
moran do mhainistribh agus do cheallaibh seachnón Connacht lais. Ro
ghabh neart in gach


L. 444


conair dar ghabh, agus ro ghabh braighde Connacht uile. Rug iaram
Connachtaigh lais gur ro ghabh braighde Conaill agus Eoghain.
Ro aithrígh Domhnall mac Briain Uí Néill, agus tug tighearnus do
Niall Chúlánach.



Pilib Mac Goisdealbhaigh do écc.



AOIS CRIOST, 1287.



Aois Criost, mile, da chéd, ochttmhoccat, a seacht.



Floirent Ó Gibelláin airchideochain OileFinn feallsamh toghaidhe
do écc.



Giolla na nÓcc Ó Mannachain tigherna na tTrí tTuath do écc.



Diarmaitt Midheach mac Diarmada mic Muirgiusa mic Cathail Meic
Diarmada, tighearna Shil MhaoílRuain, fer ba ferr, ba sine, agus ba
huaisle da chineadh do écc.



MaolSeachnaill mac Tomaltaigh Meg Oirechtaigh do mharbhadh la
Toirrdhealbhach mac Eoghain Ui Choncobhair i ndiogal a athar do
tregeadh don Tomoltach remráite.



Adam Ciomhsócc, Bean Mhumhan ingen Uí Chatáin, agus Domhnall Ó
hÁinlighe taoíseach Cenel Dobtha do écc.



AOIS CRIOST, 1288.



Aois Criost, mile, da chéd, ochttmhoccat a hochtt.



Stephan airdeapscob Tuama do Gualann décc.



Michael Mac an tSaoir epscop Clochair do écc.



Maghnus mac Concobhair Ruaidh Uí Concobhair (imaille re na bfuair
do Chonnachtaibh, do Uibh Briuin, agus do Conmhaicnibh) do thocht
co hÁth Slisean du


L. 446


iraibhe a dearbhathair (Ri Connacht) cona sochraide. Tachur do cur
etorra leth ar leth. Cathal do ghabhail lais iar maidhm for a mhuintir,
agus righe Connacht do ghabail ar eiccin do Mhaghnus ann sin agus a
derbhbhrathair do aithrioghadh. Teach do ghabhail ar an Maghnus
reinraitte do Toirrdhealbhach mac Eoghain Ui Choncobhair isin
Ross Mhór, agus Magnus do lot ann, agus Niall Gealbuidhe Ó
Concobhair do lot bheos. Raghnall Mag Raghnaill taoiseach Mhuintire
hEolais do marbhadh an tan sin doen urchur soighde. Slóigheadh la
Maghnus Ó cConcobhair as a haithle iar na leighius i Siol Muiredaigh
gur ghabh a neart, agus a mbraighde.



Sloigeadh las an Iarla Ruadh, Risderd mac Uater Iarla Uladh mic
Riocaird mic Uilliam Conquerer dionnsaighidh Connacht go riacht go
Ross Commáin mar i mbaoi Maghnus mac Concobhair Ruaidh Ri Connacht,
Mac Gerailt agus muinter an righ gur tionoilsed uile ara chenn, agus
grennaighid ad tIarla fa theacht seacha sin. Gonadh í comhairle
do ronadh las an Iarla an tír dfaccbháil agus a sluacch do scaoileadh
iaramh.



AOIS CRIOSD, 1289.



Aois Criosd, mile, da chéd, ochdmhoghad, a naoí.



Miles espocc Conmaicne, .i. an Gailleaspucc agus Siomon Ua Finnachta
aircinneach OileFinn do écc.


L. 448


Matha Ó Sccingín aird shenchaidh Erenn do écc.



Tadhcc Ó Flannagáin taoiseach Cloinne Cathail do écc.



Sloicchedh la Riocard Diuid, la Gallaibh na Midhe agus la Maghnus
Ua cConcobhair Ri Connacht do shaighidh Uí MaoilSeachloinn. O
MaoilSeachlainn do thionol ina naghaidh co rainicc Crois Shliabh
cona muinntir i ccomhfhochraibh doibhsiomh. Ferthar iomaireacc
etorra. Ro marbhadh Riocard Diuid ann .i. an barún mor cona
braithribh agus Siecus Ó Ceallaigh.



Fiachra Ó Floinn taoiseach Shil MaoilRuain, fer ba ferr eneach agus
engnamh do thoiseachaibh Connacht do dul do dhenamh clemhnusa le
Gallaibh agus a marbhadh i meabhail la mac Riocaid Finn Búrc, la
Mac Uilliam agus la Mac Feoraiss.



Sloiccheadh mor la Mac Feorais agus la Gallaibh ilLaighnibh docum
an Chalbhaigh Uí Concobhair. Ro feachadh cath etorra. Maittear for
Gallaié. Maoilir dExetra do marbhadh don dul sin agus Sochaidhe
oile do Ghallaibh imaille le hiomat each agus édala do bhuain diobh.


L. 450


AOIS CRIOSD, 1290.



Aois Criosd, mile, da chétt, nóchatt.



O Sédacháin espucc Cille Mic Duaich do écc.



Cairpri Ó Maoileachloinn Ri Midhe an macaomh bo moirghniomhaighe in
Erinn ina aimsir do mharbhadh la Mag Cochláin.



Sloiccedh la Domhnall mac Briain Uí Nell i cCenel nEoghain gur chuir
Niall Culánach Ó Nell ar eccin esde agus ticchernus Chenél nEoghain
do gabháil dó fen a los a lamh.



Aodh mac Domhnaill Óicc Uí Dhomhnaill daithrioghadh da derbhrathair
fén Toirrdhealbhach Ua Domhnaill tre chumhachtaibh chinidh a mathor,
.i. Cloinni Domhnaill agus Ghallócclach iomdha ele agus ticchernus do
gabáil do fén ar éccin.



AOIS CRIOSD, 1291.



Aois Criosd, mile, dá chéd, nochatt, a haon.



Edru Maccrath abb mainisdreach na Trinoide for Loch Cé do écc.



Toirrdhealbhach mac Eoghain Ui Concobhair aoinfher ba mó eneach,
engnamh agus cosccar re a linn in Erinn do marbhadh la Niall
nGealbuidhe Ó cConcobhair.


L. 452


Conchobhor Ó Dubhda (.i. Concobhar Conallach) ticcherna Ua
fFiachrach do bathadh ar an Sionainn.



Conghalach Macc Eochaccain taoisech Chenél fFiachach do écc.



Sloicchedh la Riocard Burc Iarla Uladh da ngoirthi an tIarla Ruadh
i tTír nEoghain dár aithrígh sé Domhnall mac Briain Uí Nell,
agus Niall Culánach Ó Nell doirdneadh dó iar ffaccbháil na tíre
iarsin don Iarla. Marbthor Niall Culanách la Domhnall Ua Nell.
Gidheadh nir shoinmheach do Dhomhnall an gniomh sin, uair do
hoirdneadh Brian mac Aodha Buide Ui Nell a hucht an Iarla chedna le
Mac Mairtin agus le Mac Eóin, agus ro diochuireadh esiomh a Tír
Eoghain.



Sluaicchedh las an Iarla i tTir Conaill do chum Thoirrdhealbhaigh
mic Domhnaill Óig gur aircc an tír edir cill agus tuaith. Rainicc
iarsin go hOil Finn i cConnachdaibh agus tuccsat Connachdaigh i
mbraighde do.



Comhthoccbhail do dhenamh do Cathal Ó Concobhair, do Niall Gelbhuidhe
agus do lucht a ccommbadha edir Ghallaibh agus Gaoidhealaibh
daithrioghadh Maghnusa. Iomaireacc do thabhairt doibh dia roile i
cCúil Maíle. Cathal do lot, Murchadh mac Taidhg do mharbhadh agus
Sochaidhi nach airimhther. Maidhm for Maghnus dana agus é fén do dul
as fo laimh iar mbén moráin dia eachaibh dhe. Creacha móra do dhenamh
i cCairpri do muinntir Cathail Uí Chonchobhair agus Nell
Ghealbhuidhe iar nguin Cathail. Dala Maghnusa Ui Chonchobhair tra
iar ttocht do Shiol Muireadhaigh dia aos gradha budhén agus do Ghallaibh
Rosa Commáin ina fhoirithin arabharach iarsan maidhm, do cuaidh
inairchis na ccreach go ttarla na ccenn é ar Sraith an Fheráin agus
ar an Aonach. Na creacha do bhuain díobh annsin agus Niall do dul
ass a niort a ghaisccidh agus a esiomail. Tomás Mac Goisdealbhaigh
do mharbhadh, a bhrathair Dauit Mac Goisdealbhaigh do gabhail agus a
marbhadh ina braighdenus. Moran oile don tsluacch bhéos edir Gallaibh
agus Ghaoidhealaibh do marbhadh agus do mudhughadh. Tocht do Niall is in
tir iarsin ar sith agus a fherann fén do thabhairt dó. Do ronadh
edarchosaoid mor agus ionnlach adbhal etorra do ridhisi go ro fhóbair
Niall an tir dfaccbháil.



Brian Ó Floinn ticcherna Ua tTuirtre do écc.


L. 454


Creach mhór do dhenamh do Maghnus Ó Choncobair ar Niall Gealbuidhe.



Aodh Ó Follamhain do marbhadh no do ecc.



AOIS CRIOSD, 1292.



Aois Criosd, mile, da chéd, nochatt, adó.



Aindiless Ó Dochartaigh taoiseach Arda Niodair recte Modair, fear
enigh choitcinn agus Donnchadh mac Eoghain Ui Chonchobhair do écc.



Somhairle Ua Gairmleadhaigh do mharbhadh la hUa Nell.



Niall Gealbuidhe Ó Concobhair do marbhadh do Tadhg mac Aindriasa
Ui Concobhair agus do Tuathal mac Muircertaigh.



Mag Cochláin ticcherna Dealbhna Moire do mharbhadh do Shifin Mac
Fheorais tre fhurailem an Iaria.



Congalach Ó Ceallaigh ticcerna Bregh do écc.


L. 456


Sloiccheadh las an Iarla Ruadh for Maghnus Ua cConcobhair go rainicc
go Ross Comáin, agus ro imthigh gan braighde gan neart don turus sin,
go ro len Maghnus an tIarla go Míliuc go ttard a oigherir
ndó.



AOIS CRIOST, 1293.



Aois Criost, mile, da ced, nochat, a trí.



Florint O Cerbhalláin espocc Doire décc.



Taisi Patraig, Coluim Cille, agus Brigde do fhoillsiuccadh do Niocol
Mac


L. 458


MaoilIsu (comarba Patraicc) do beith i Sabhall, a ttóccbháil lais,
Ferta móra agus miorbaile do denamh dóibh iaramh agus a ccur i Sccrín
iar na cumdach go honorach as a haithle.



Murchadh O Maoilechlainn Ri Midhe decc.



Magnas Ó Conchobhair Rí Connacht, fer cogthach conghalach bá moa
gráin gaiscceadh, agus rún oinigh do Ghaoidhelaibh Ereann ina aimsir
décc, iar mbeith ráithe i ngalar dó, agus Aodh mac Eoghain do righadh
ina ionadh tria neart an Iustis, agus an deachmadh lá iar na oirdneadh,
ro gabhadh eisidhe la Mac Gearailt, agus ro marbhadh .l. dia mhuintir,
agus ro creachadh aroile dhíobh.



Cathal Ó Conchobhair do marbhadh do Ruaidhri mac Donnchaidh Riabhaigh.



Cathal Ruadh Ó Concobhair do ghabhail righe Connacht iar ngabhail
Aodha mic Eoghain. A marbhadh a ccionn raithe iarsin la Ruaidhri
mac Donnchaidh Riabhaigh Uí Concobhair. Aodh mac Eoghain do lécceadh
as a braigdenas iaramh, agus ríghi Connacht do gabhail dó tre nert an
Iustis agus muintire an righ. A ghabhail do Mhac Gerailt i meabhail
an dechmadh lá iar na rioghadh. Creacha móra do dhénamh air, agus caocca
da muintir do mharbhadh.



Fergal Ua Raighilligh ticcerna Muintire MaoilMórdha decc.



Mor ingen Feidlimidh Ui Concobhair décc.


L. 460


Muircertach O Flannaccain tigerna, no taoiseach, Cloinne Cathail
décc.



Tuathal mac Muircertaigh Ui Concobhair do marbhadh la muintir Eghra.



Caislen Sliccigh do thabhairt do Seon FitzThomas agus Seon budhdein
do dhol go Saxoibh.



AOIS CRIOST, 1294.



Aois Criost, mile, dha céd, nochat a cethair.



Creacha móra do dhenomh la hAedh mhac Eoghain ar Cloinn Muirchertaigh.



Muircertach mac Maghnasa Uí Choncobhair adbhar coiccedhaigh do bfearr
da chinedh do marbhadh do Tadhg (.i. Tadhg Ua Concobhair) agus do
Domhnall mac Taidg.



Maoileachlainn Ó Flannaccain taoiseach Cloinne Cathail do marbhadh
la Cathal mac Taidhcc Meic Diarmada ar Sráid Sliccigh. Cathal mac
Taidg Meic Diarmada tighearna Moighe Luircc decc iar sin, agus
MaolRuanaidh mac GiollaCrist Meic Diarmada do ghabhail a ionaid.



Donnchadh Mac ConSnamha taoiseach Muintire Cionaoith, Duarcán Mac
Tighearnáin tigherna, no taoiseach, Theallaigh Dúnchadha, agus
Dearbhfail inghen Taidg mic Cathail Meic Diarmata décc.



Caislén Sliccigh do leccadh la hAodh mac Eoghain Uí Concobhair.



Riocard A Burc .i. an tIarla Ruadh do gabhail do Mhac Gerailt.
Buaidhreadh Ereann do theacht tremhitsidhe.


L. 462


Moircrech meabhla do denamh do Mac Gearailt agus do Mhac Feorais
ar Chonnachtaibh. Aodh mac Eoghain do shamhlucchadh daithrioghadh
doibh. An tír do mhilledh agus gidhedh nochar chuirset do nert uirre
acht a comhbuaidhreadh amhlaidh.



Dauit Mac Giolla Arraith do mharbhadh do mhacaibh Domhnaill Duibh
Uí Eaghra.



Domhnall Ua hEghra ticcherna Luighne do écc.



An tIarla do ghabháil la Mac Gearailt, agus buaidhreadh Ereann uile
do techt tres an ngabháil sin.



Diarmaitt Ó Caemháin do écc.



AOIS CRIOST, 1295.



Aois Criost, mile, da céd, nochat, a cúig.



An tIarla Ruadh do leiccen as a bhraighdenus do Mhac Gearailt tre nert
Righ Saxan, agus braighde maithe da chinedh fein do gabhail ass.



Brian mac Aodha Buidhe Uí Neill ticcerna Chinel Eoghain do mharbhadh
do Domhnall mac Briain Uí Neill, agus ár mór do chor ar Ghallaibh agus
ar Ghaoidhealaibh amaille ris.



Coimheirghe choccaidh i tTír Chonaill eidir Aodh mac Domhnaill Óicc,
agus Toirrdhealbhach a dherbhrathair imon tigernus gur milleadh móran
don tír etorra etir ecclais agus thuaith. Toirrdhealbhach daithrioghadh
iarsin, agus a athcor a Tír Chonaill, i ccenn Cenél Eoghain agus
Cloinne Domhnaill.



Domhnall Ua Ceallaigh tigerna Ua Maine, aon ba glioca comairle ina
aimsir décc in aibíd manaigh, agus a adhnacal i mainistir Chnuic Muaidhe.



Mac Branáin (.i. Conn) taoisech Corc Achlann décc. Tomaltach Mac
Branáin an taoíseach do ronadh ina ionad do marbhadh la Muintir Conalláin
a ndíoghail a nathar do marbhadh laissium feachtriamh.


L. 464


Caislén an Bhaile Nuí agus Caislén Moighe Brecroighe do leccadh la
Seaffraidh O bFerghail, agus caislen Mhuighe Dumha do legadh lais
mar an ccetna.



AOIS CRIOST, 1296.



Aois Criost, míle, da chéd, nochat, asé.



Giolla Iosa Mac an Liathánaigh easpucc OiliFinn agus MaolPedair
Ó Duibhgennain airddeochain na Breifne o DhruimCliabh go Cenannus
decc.



Aodh mac Eoghain Uí Concobhair daithrioghadh lá a oirecht fein. Clann
Mhuircertaigh do thabhairt ina ionadh. A cceannus do tabhairt doibh
do Choncobar Ruadh mac Cathail, agus a mbraighde. An tír uile eitir
cill agus tuaith do milleadh tres an aithrioghadh sin. Morsluaiccheadh
do thionol im Aodh Ó cConcobhair do Ghallaibh agus Gaoidhelaibh im
Uilliam Búrc agus im Tepóid A Búrc go ttucc don tír iatt go mbátar
ceithre laithe cona noidhchibh ga milleadh agus ga mór arccain etir
crodh agus arbhar. Teccait taoisigh na tíre ina chenn iar sin, agus rucc
leis iad do lathair an Iarla do denamh síthe riú. Dala Cloinne
Muircertaigh tra ro loisccsiott agus ro millsiott críoch Cairpre uile,
agus do chuaidhsiott fó a templaibh. Gidhedh ro dhioghail Dia, Muire,
agus Colum Cille sa tempail ro sháraighsiott sin orra go hathghoiritt
as a haithle.



Imthúsa na ttaoiseach remráite, iar ngealladh doibh oighreir Aodha do
dhenamh ro thillsiott dia ttighibh, agus nír ansat a mbun a siothchána
dAodh uair do


L. 466


gabhsat le Cloinn Muirchertaigh doridhisi. Aodh mac Eoghain do thecht
is na Tuathaibh annsin, Ó Ferghail agus Macc Raghnaill cona
nimircibh do thabhairt leis dó, techta do chor uaidh do shaighidh
Meic Diarmata agus Uí Fhlannagáin, iadsomh diompódh ar Cloind
Muircertaigh tar na hoirechtoibh oile annsin, agus gabáil doibh le
hAodh. Iar na clos sin do Choncobhar Ruadh tucc ionnsaighidh ar
Mhac nDiarmata go nderna fein agus a combraithre crech fair. Mac
Diarmata do dhol do thóraigecht a creiche, fechair iomairecc ettorra,
go ttorcair Concobar Ruadh, agus gur gabhadh Lochlainn mac Conchobair,
agus Maghnus mac Tomaltaigh iar marbhadh Socraitte uatha leth for leth,
agus a ttabhairt do Mac Diarmata lais go hAodh. Aodh (.i. Ó
Concobhair) Ó Ferghail, Mac Diarmata, Mag Raghnaill, agus na hoirechta
remhraite do denamh creiche dioghla ar muintir Cloinne Muircertaigh an
la cedna. Loclainn mac Concobhair do dalladh iarsin agus a écc ina
othar.



Sluaiccheadh la Righ Saxan i nAlbain go ro gabh nert mór ar an ccrich
sin. Do battar maithe Gall Ereann ar an sluaigeadh sin, .i. Riocard
A Burc Iarla Uladh, agus Gerailt Mac Gearailt, agus Seon FizThomas,
agus ro gabsat for milleadh Alban eitir thuaith agus eacclais. Ro
milleadh leo dana Mainestir brathar baoí is in ccrich, agus ro trasgairset
go talmhain conar fagaibhset cloch for cloich for a háit iar marbhadh
druinge dia haos graidh, do mhnaibh agus do dhaoinibh nar bho hinechta
itir.



AOIS CRIOST, 1297.



Aois Criost, míle, da céd, nochat, a seachtt.



MaoilSechlainn Mac Briain abb na Buille do thogha do chum espuccoide
AileFinn, agus Marian Ó Donnabhair dord .S. Dominic do thogha ria
Maoileachlainn agus a ndol araon don Roimh, agus Maoilechlainn décc.


L. 468


Enri Macc Oirechtaigh easpucc Condere décc, agus a adhnacal i
mainistir Droichit Átha. Manach esidhe.



Uilliam Ó Dubhtoigh espucc Cluana Fearta do thuitim dia each, agus
a ecc dia bithin.



Concobhar mac Taichligh Meic Diarmata tigerna Moighe Luircc agus
Airtigh, fer roba ferr troid, agus tachar, goil, agus gaiscceadh,
ionnsaighidh, agus anadh, díon, agus tearmonn, firinne agus flaithemhnus
ina comhaimsir décc, agus a adhnacal i Mainistir na Búille.



Maghnus Ó hAinlighi toiseach Chenel Dobhta décc.



CuUladh Ó hAnluain ticcerna Oirthir, Aongus Mág Mathgamhna, agus
morán oile do maithibh a muintire do marbhadh la Gallaibh Dúin Dealccan
acc iompudh dia ttighibh doibh (.i. do na Gallaibh) on Iarla.


L. 470


AOIS CRIOST, 1298.



Aois Criost, míle, dá chéd, nochat, a hochtt.



Tomás Ó hAirectaigh abb Eassa Ruaidh décc.



Sadb inghen Aodha Buidhe Uí Neill ben Taidg mic Aindriasa Uí
Choncobhair décc.



Brian Breaghach Mac Samhradháin taoiseach Teallaigh Echdach do
mharbhadh la hAodh mBreifneach O cConcobair, agus lá Cloinn
Muircertaigh archena.



Donnchadh mac Domhnaill Uí Eaghra, an taonmac taoisigh ba fearr
oinech, agus lamh acc cosnamh a thíre do mharbhadh dá brathair, Brian
Carrach Ó hEghra.



Tomas FizMuiris barun do Gheraltachaibh fris a nabartai on tOidhre
Cam do écc.



AOIS CRIOST, 1299.



Aois Criosd, mile, da céd, nochat, a naoí.



Niocol Mac MaoílIosa Airdepscop ArdaMacha an taen clerech ro ba
diadha craibdighe bai in Erinn ina aimsir décc.



Feargal Ua Firghil espucc Ratha Both do écc. Ba hesidhe pearsa
ecclaisi ro ba mo ainm deirce, agus daonnachta, crabhadh, agus
caoínghniomh baoí ina aimsir.



Alxandair Macc Domhnaill, aoin fhear ba ferr enech, agus engnamh da
raibhe dia chinedh in Erinn agus in Albain do marbhadh la hAlexandair
Mac Dubhgaill, agus ár dírímhe dia muintir amaille ris.


L. 472


AOIS CRIOST, 1300.



Aois Criost, míle, trí chétt.



Conghalach Ua Lochlainn espucc Corcmodruadh, saoí enigh agus
crabhaidh décc.



Feidhlimidh Mág Cárthaigh adhbar tigherna Desmuman décc.



Caislén Átha Cliath an Chorainn, .i . Baile an Móta do thionnsgnadh
lás an Iarla.



Seon Prinndrecas do marbhadh la mac Fiachra Uí Floinn.



Tepoitt Buiteler ro badh barún oirdeirc décc.



Adam Stondun barun mór ele esidhe do écc.



Seoinin Ócc Mac Muiris do marbhadh la Concobhar Ua fFloinn go
ndaoinibh ele amaille fris.



AOIS CRIOST, 1301.



Aois Criost, míle, da chéd, a haon.



Fionnghuala inghen Fheidhlimidh Ui Concobhair banab Cille Craobhnatt
décc.



Cairbre mac Corbmaic Uí Mhaoílechlainn do mharbhadh tre aslach mic
Airt Ui Maoileachlainn a bhrathar.


L. 474


Uilliam Mácc Flannchaidh toiseach Dartraighe do marbhadh la hUalgharcc
mac Domhnaill mic Airt Uí Ruairc.



Creach mór do dénamh dAodh mac Cathail Uí Concobhair agus do Cloinn
Muircertaigh ar Thadhg mac Aindriasa i Moigh cCedne.



Sluaiccheadh la Righ Saxan in Albain, agus Mac Gerailt, agus Mac
Feorais, agus maithe barún Ereann uile cenmotá Iarla Uladh do dhol
leis ar an sluaigheadh sin, agus a beith doibh o chaicthidis ria
Lughnasadh go Samhain in Albain, agus gan a lain nert do ghabáil doibh
in airett sin.



AOIS CRIOST, 1302.



Aois Criost, mile, trí chéd, adó.



Stiamhna Ó Braccáin airdeaspucc Caisil.



Milis espucc Luimnigh, mac meic eisiomh don Iarla Laighnech, agus
espucc Corcaighe décc. Ba manach esiumh réna oirdneadh ina espuccóide.


L. 476


Domhnall Ruadh Mag Cartaigh tigerna Desmhumhan, Donn Carrach
Mág Uidhir céd tigerna Shil Uidhir i fFeraibh Manach, agus Ruaidhri
mac Domnaill Uí Eaghra adbar tighearna Luighne décc.



Creach mór do dhénamh dAodh mac Cathail ar Thadg mac Briain, agus
ar Shitriucc mac an Chairnigh Még Flannchaidh i Moigh cCeidne.



AOIS CRIOST, 1303.



Aois Criost, míle, trí chéd, atrí.



Maoilechloinn Mac Briain espucc Oile Finn décc, agus Donnchadh
Ó Flannaccain abb na Buille do gabáil na heaspuccóide dia eis.



Toirrdhealbhach mac Domhnaill Oicc Uí Domhnaill da ngoirthi
Toirrdhealbhach Cnuic an Madhma tigearna Tire Conaill, tuir
cocctach cathach cosnamhach, CúCulainn Cloinne Dálaigh ar gaiscceadh,
do marbhadh la a derbrathair Aodh mac Domhnaill Óicc iar ccoccadh
imchian, agus iar milleadh moráin dia ttír ettorra da gach taoibh, go
nár adbal himaille ris do Cenél Eoghain, do mhaithibh Gall an
Tuaisceirt, agus do Conallchaibh búdhén. Ba dibhsidhe Muircertach
Mág Flannchaidh taoiseach Dartraighe. Donn Ó Cathain tigearna Fear
na Craoibhe, agus Cianachta, Donnchadh Mac Menman, Aodh Mac Meanman,
da mhac mic an Fhir Leiginn Ui Dhomhnaill, Niall mac Neill Uí Baoighill
adhbhar taoisigh na tTrí tTuath, Mac Hugossa, a mhac agus a dherbrathair,
Adam Sandál, Goill agus Gaoidhil iomda ar chena. Aodh mac Domhnaill
Oicc do beith i ttigernus Tire Conaill iarsin go sodhanach sóinmech
an ccéin do mhair.


L. 478


Domhnall Ócc Mag Cártaigh, ticcerna Desmumhan décc.



Diarmait Ó Flannaccáin taoiseach Tuaithe Ratha, a dhá mac, agus
sochaidhe imaille riú do marbhadh lá druing do lucht tighe Domhnaill
mic Taidg Uí Concobhair i mBun Duibhe i ttóraighecht creiche boí do
breith lais a Moigh cCéidne.



Maghnas Macc Samhradhain taoiseach Teallaigh Echdhach, agus Niall
Mac GilleFhinnéin, décc.



Geroid Mac Gerailt décc.



Creach mór do dhenamh la Cloinn Muircertaigh ar Mhuintir Chionaith,
agus Muirceartach Mac ConSnamha adbar taoisigh Muintire Cionaith do
marbhadh don chur sin.



Sluaigheadh mor la Righ Saxan in Albain, agus an tIarla, Goill agus
Gaoidhil iomdha do dhol coblach mór a hErinn do congnamh lais.
Caithrecha iomdha do bein amach doibh, agus nert Alban do ghabhail leó
don chur sin. Tepoitt A Burc, dearbrathair an Iarla decc (.i. adhaigh
Nodlac) hi cCarraic Ferghusa iar ttoidhecht dó don tsluaigheadh sin.


L. 480


AOIS CRIOST, 1304.



Aois Criost, mile, trí chéd, a cethair.



Concobhar mac Aodha Uí Concobhair do marbhadh la Hoiberd Ua
fFlaithbeartaigh iar ndenamh mebhla dósomh ar Dhonnchadh Ua
fFlaithbertaigh, agus Hoiberd do tuitim inn fochedóir.



An Contaois ben Riocaird A Burc Iarla Uladh, .i. an tIarla Ruadh,
agus Uater A Burc oighre an Iarla chedna do écc.



AOIS CRIOST, 1305.



Aois Criost, mile, trí céd, a cúig.



O Concobhair Failge, .i. Muircertach, MaolMordha, a bhrathair, agus
an Calbach Ó Concobhair amaille fri naonbhar ar fichit do mhaithib a
muintire do mharbhadh do Shir Piarus Mac Feorais tre fheill agus
meabhail i ccaislen Meic Fheorais.



Caislen nua Insi hEocchain do dhénamh las an Iarla Ruadh.



Maidhm la hAodh mac Cathail Uí Concobhair, agus la Cloinn Mhuircertaigh
ar chenae ar mhuinntir Raighilligh da ttorchair Pilip Ó Raighilligh,
agus oighre Chloinne Suibhne agus Mácc Buirrche cenn na nGallócclach
imaille fri cethrachat archéd ina ffarradh.


L. 482


Matha Ócc Ó Raighilligh do marbhadh do Theallach nDunchadha.



Toirrdhealbhach mac Néill Ruaidh Uí Briain décc.



Aédh Óg Ó Ferghail do écc.



AOIS CRIOST, 1306.



Aois Criost, mile, tri chéd, a sé.



Donnchadh Ó Flaithbertaich espucc Cille hAlaidh saoí crábhaidh
na nGaoídheal décc i nDún Búinne ag dol go hAth Cliath dó, agus a
adhnacal go honórach isin Muilionn Cherr i tTigh Muire.



Petrus Ó Tuathalain biocaire Chille Espuicc Broin, agus Maighistir
Tomás Ó Náan aircideochain Rátha Both, agus togha easpuicc na
hecclaisi cettna décc.



Toirrdhealbhach Ua Briain tigerna Tuadhmuman, fer ba hoireghda,
agus ba ferr crabhaidh, agus caoimhdeirc, ágh, agus engnamh boí in Erinn
ina aimsir ddhéc, agus Donnchadh a mhac doirdneadh ina ionad.



Domhnall Tuirtrech Ó Néill do marbhadh in iomraithne la lucht tighe
Uí Neill.



Ferghal Mag Raghnaill taoiseach Muintire hEolais do mharbhadh la
a dherbhraithribh agus la druing dia oireacht féin.



Coccadh mór etir Aodh mac Eoghain Uí Choncobhair Ri Connacht go
maithibh Shil Muiredhaigh imaille ris, agus Aodh mac Cathail Uí
Concobair go ndreim do macaibh taoiseach Connacht, agus go
ttaoisechaibh agus oirechtaibh na Breifne ina farradh. Bádor da
gach leth im an Sionainn fri re ceitheora mís. Do ghníad drem do
muintir Aodha meic Cathail forbais is na Tuathaibh go ndernsat cre-


L. 484


acha, agus airccne isuidhe. Flann mac Fiachrach Uí Floinn, adhbar
taoísigh Shil MaoilRuain, agus Brian mac Donnchaidh Riabhaigh Uí
Choncobhair go sochaidhibh hi maille friu do marbhadh do muintir
Ainlighi báttar ag tóraigheacht a ccreiche. As iad tra ba ferr battar
ar an fforbais sin Ruaidhri mac Cathail Uí Concobhair, Donnchadh mac
Concobhair an Chopáin mic Fherghail adhbar tigherna Moighe Luircc ar
agh agus einech gus an lá sin. Cidh tra acht ranccattar rompa na maithe
sin gus an meid do mhair da muintir cona ccreich leó go riachtsat
longport Uí Concobair. Loisccitt pailis righ Connacht annsin. Rucc
Aodh mac Eoghain orra iar losccadh an rioghbaile doibh. Bentar a ccreach
díobh fochedóir, agus marbthar Donnchadh mac Concobhair an Chopáin go
ndruing dia muintir ina timchel.



Creach mór do dhénamh do Chloinn Muircertaigh i ccrích Cairpre.
Dauit Ó Chaomháin (.i. taoiseach o Tuaim Da Bodhar go Gleoir)
brucchaidh toicthech tromconáich, Donnchaidh Mac Buidheachain, agus
sochaidhe oile do marbhadh a ttimchel na creiche isin.



O Flannaccáin do marbhadh la Brian cCarrach Ó nEaghra.



AOIS CRIOST, 1307.



Aois Criost, mile, trí céd, a seachtt.



Luirint Ó Lachtnáin (.i. Manach Liath) epscop Chille Meic Dhuaich,
agus Donnchadh Ó Flannaccáin epscop Oile Finn décc.


L. 486


Domhnall mac Taidg mic Briain mic Aindriasa mic Briain Luighnigh mic
Toirrdhealbhaig Moir tanaisi Connacht, fer lán dengnamh, agus denech,
agus Saoí coitchenn comhroghnach do marbhadh la hAodh mBreifnech mac
Cathail Ruaidh Uí Concobair.



Tadcc mac Maoilechlainn mic Donnchaidh mic Domhnaill mic Maghnasa
mic Toirrdhealbhaigh, saoí neinigh do marbhadh la Cathal mac Domhnaill
mic Taidcc.



Urmhór Gall Rossa Commain do marbhadh la Donnchadh Muimhneach Ó
cCeallaigh tigherna Ó Maine acc Ath Easccrach Cuan, dú i ttorchair
Pilip Muinder, Seaan Muinder, agus Maiú recte Main Driu imaille re
sochaidhibh nach ainmnighter. Ro gabhadh ann Diarmaitt Gall Mac
Diarmata, Corbmac Mac Ceithernaigh, agus Sirriam Rossa Comáin, acht
do leigedh iad iar ttrioll, agus do ronsat sith ar son an bhaile do
losccadh le hEmann Buitiler. An Donnchadh so Ó Ceallaigh décc
iarsna gniomhaibh si, agus nir bó bas iar miodhlachas sin acht ba hecc
iar ngniomhaibh gaile, agus gaisccidh, iar ttiodhnacal séd agus maíne.



Ailbhe inghen Taidhcc Uí Concobhair décc.



Maoileachlainn Ó Gairmledhaigh taoiseach Cenél Moáin, agus Maghnus
Macc Oireachtaigh décc.


L. 488


Conchobhar mac Fiachrach Uí Floinn duine óg ba fearr oineach agus
gaiscceadh baoí dia chenél do écc.



An dara hEduard do rioghadh os Saxaibh, 7 Iulij.



AOIS CRIOST, 1308.



Aois Criost, mile, tri céd, a hocht.



Saighnen teindhtighe do thuitim i mainistir na mBrathor i Ros Comain go
ros bris an mhainisttir.



Creach mór do denamh la MaolRuanaidh Mac Diarmata ar cloinn Domhnaill
Ui Concobhair i ccrich Coirpre, agus crech oile beós do Cloinn
Muircertaigh orra iar ndenamh siodha riu roimhe, agus iar ttabhairt
braighde doibh. Acht ro fhellsatt orra iarttain. Gluaisit clainn
Domhnaill Uí Concobair iarsin go Sliab Da Én, agus nocha ruccsat leó
acht a neich, a neidedh agus a ngroighe. Iar na clos do Gallaibh Ua
fFiachrach agus Luighne, tionoilitt chuca agus lenaitt iad go mullach
Slebhe Da Én. Iompaidhid meic Domhnaill riú. Feachair sccainer
etorra, maidhtear for Gallaibh, agus baoí maidhm orra go rangattar Lec
Easa Dara. Torchair Tomas Mac Ualtair constapla Bhuin Fhinne, a
dherbhrathair, agus sochaidhe imaille riú.


L. 490


Creach dioghalta do dénomh dAodh mac Cathail ar a dearbrathair ar
Ruaidhri mac Cathail, dia ro marbhadh Maghnus Mac Maghnusa ndruing
ele imaille fris.



AOIS CRIOST, 1309.



Aois Criost, mile, trí céd, anaoí.



Aodh mac Eoghain mic Ruaidhri mic Aodha mic Cathail Croibhdeircc, Rí
Connacht, agus deghadhbar airdrígh Erenn, aon Gaoidhel ba ferr einech
agus engnamh thainic ina reimhes do marbhadh la hAodh mBreifneach mac
Cathail Uí Choncobhair i cCoill in Clochain, agus moran do maithibh
a muintire imme. Ba dibhsidhe Concobhar Mac Diarmata, Diarmait Ruadh
mac Taidhg Ui Chonchobhair, Diarmait mac Cathail Carraigh Meic
Diarmata, Aodh mac Muirchertaigh meic Taidcc mic MaolRuanaidh,


L. 492


agus Diarmait Ó hElighi, flaithbrucchaidh do bferr ina aimsir. Torchair
don leth araill Giolla na Naomh Mac Aodhaccain ollamh Connacht i
mbreitheamhnas, agus aoin fher do derscnaidh do breithemhnaibh na haimsire
i mbaoí. Faghartach Ua Dobailén, agus daoíne oile nach airimhter. Siol
Muiredhaigh do tabhairt tighernais do Ruaidhri mac Cathail Uí
Concobhair. Ruaidhri Ó Concobhair iarsin agus Ó Floinn go mbuidhin
marcsluaigh do thocht ar an Machaire, agus mac Meic Feorais do
marbhadh doibh.



Coinne do denamh dUilliam Burc agus do Connachtaibh (.i. don meid boi
ina rann diobh) re Ruaidhri mac Cathail im Ath Slisen. Brisedh
coinne doibh for aroile. Iomairecc do chur ettorra. Maidhedh for
Ruaidhri, agus drem da muintir do marbhadh. Uilliam Búrc do dol
go Mainistir na Buille, agus Clann Muircertaigh do dol go Tir
nOilella. Arbhanna iomdha do milleadh doibh, agus loisccthe do dhenamh.
Mac Uilliam do thecht tar Coirrsliabh anuas iarsin. Ruaidhri mac
Cathail do chor as a longport dó, agus Donnchadh Ua Fíonnachta do
marbhadh do thosach sloigh Meic Uilliam, agus daoine iomdha oile.



Creach do dhénomh do Mac Uilliam i Cloinn Fermaighe, agus creach
oile go Beinn Ghulban.



Concobhar mac Briain Ruaidh Uí Bhriain do mharbhadh.


L. 494


AOIS CRIOST, 1310.



Aois Criost, mile, trí céd, adeich.



Concobhar Ua Briain rioghdhamhna do bferr ina aimsir do marbhadh
dona Gallaibh Dubha i meabhail.



Moirchrecha dioghla do dhenamh la hAodh mBreifneach agus le Cloinn
Muircertaigh archena, ar MaolRuanaidh Mac Diarmatta. Donnchadh Mac
Donnchaidh dargain dóibh. E fein agus drong do maithibh a mhuintire
do ghabhail. Drem oile do mharbhadh, agus do losccadh doibh, a bhen inghen
Uí Flannaccain do marbhadh.



Ferghal Mácc Dorchaidh décc.



Fionnguala inghen Maghnais Uí Concobhair, agus Una inghean Aodha mic
Feidhlimidh décc.



Sloiccheadh la Sefraidh Ó bFerghail go Dún Uabhair, dú inar marbhadh
Domhnall mac Aodha Óicc Uí Ferghail, Aodh mac MaoílIosu, agus
Goffraidh mac Muircertaigh.



Caislen Bhona Finne do losccadh agus darccain do Ruaidhri mac Cathail,
dAodh mac Maghnusa agus do muintir Aodha Breifnigh eitir cruachaibh
agus tighibh.



Aodh Breifneach Ó Concobhair deghadhbar Rígh Connacht do mharbhadh
la Mac


L. 496


Uidhilin .i. Seonacc, baoí ar buannacht aicce fein tre fheill, agus
mebhail, agus ba tré loighidheacht do rinne innsin.



Fiche tonna fíona do chor i ttír i Moigh cCédne.



Caislén Sliccigh do denamh don Iarla Ruadh.



Feidhlimidh mac Aodha mic Eoghain Uí Choncobhair do ghabhail ionaid a
athar.



Corbmac Ua Flannaccáin taoiseach Tuaithe Rátha do marbhadh la Henri
Mac GilleFhinnéin taoíseach Muintire Feódacháin.



MacRaith Macc Uidhir tanaisi Fher Manach, agus Donn Mac GiollaMichil
taoiseach Cloinne Conghaile do losccadh la Roolbh Mag Mathgamhna.


L. 498


AOIS CRIOST, 1311.



Aois Criost, mile, trí céd a deich, a háon.



Domhnall Ó Ruairc ticcherna Breifne décc.



Creach adhbal do dhénamh la Cloinn Muircertaigh i cConnachtaibh,
agus GiollaCriost mac Muirghesa meic Donnchaidh Mic Diarmata, Aodh mac
Corbmaic, Donnchadh mac Tomaltaigh, Uilliam Mac Giolla Arráith, agus
sochaidhe cén mothád do marbhadh leo.



Sloiccheadh mór la hUilliam Búrc isin Mumhain in aghaidh an Claraigh.
Cath do tabhairt doibh, maidhtear for an cClarach. Baoi Uilliam Búrc
for dásacht ag leanmain an madhma. Iadhaid muintir an Claraigh uime
agus gabhthar leó é, ara aoí asé ba cosccrach is in ccath.



Tadhcc Ó hÁinlighi do marbhadh do Shiurtán dExetra.



Coccadh mór i tTuadhmumain. Cath do thabhairt do Donnchadh Mac
ConMara, agus da oireacht (.i. triochat céd Ó cCaisin) dUa Briain
agus dferaibh Mumhan. Maidhtear for Mac ConMara, marbthar éféin,
agus Domhnall Ó Gráda ticcherna Cinel Dungaile ar an lathoir sin,
agus ár dírimhe don tsluagh cechtardha.



Donnchadh Ua Bhriain Ri Mumhan agus adbhar righ Ereann ar einech
agus gniomharthoibh do marbhadh la Murchadh mac Mathgamhna Uí Briain
i meabhail iar sin, agus Muircertach Ua Briain do oirdneadh in ionadh.



Lochlainn Riabhach Ó Deaghadh do marbhadh la Mathgamhain mac
Domhnaill Chonnachtaigh Uí Bhriain.


L. 500


Seonacc Mac Uidhilín do marbhadh an Gruidelaigh i mBaile Topair
Brighde, agus é fein do marbhadh inn focédóir, agus ba don
gherrsamhtaigh ler marbhsom Aodh Breifnech roimhe sin do marbhadh
é budhdein.



Creach do dhénamh la Félim Ó cConcobhair Rí Connacht ar Cloinn
Muircertaig ar bord Moighe cCédne, agus Maoilechlainn mac Concobhair
ris a raittí Cend an Medhil do mharbhadh ann, agus sochaidhe oile.



Diarmait Cleirech Ó Briain décc.



Domhnall Ó Birn taoiseach Tire Briuin, agus Giolla Íosu Ó Dálaigh
ollamh le dán décc.



AOIS CRIOST, 1312.



Aois Criost, míle, tri chéd, a dech a dó.



Uilliam Mac Feorais airdeaspucc Tuama, agus Benidicht Ó Braccáin
espucc Luighne décc.



Maoileachloinn Mácc Aodha espucc OileFinn do togha in airdespuccóid-
eacht Tuama iaramh.


L. 502


AOIS CRIOST, 1313.



Aois Criost, mile, trí chéd, atri décc.



Tadcc mac Aindriasa mic Briain Luighnigh, agus Cathal mac Murchaidh
Charraigh Uí Fherghail decc.



Giolla Iosa Mag Dorchaidh do marbhadh la Concobhar cCarrach Mac
Diarmata.



AOIS CRIOST, 1314.



Aois Criost, mile, trí chéd, a dech, acethair.



Matha Macc Uibne espucc na Breifne décc.



Niall (.i. Niall Becc) mac Maoileachlainn mic Toirrdhelbhaigh Cnuic
an Madhma Uí Domhnaill do marbhadh dAodh mac Aodha Uí Domhnaill.



Matha Mág Ticchernáin do marbhadh do Cathal Ó Ruairc.



Roolbh Mág Mathgamhna do marbhadh dá bhráithribh fein.



Maidhm for muintir Raighilligh ag Druim Lethan la Ruaidhri mac
Cathail Uí Choncobhair.



Niall mac Briain Uí Néill, rioghdhamhna Cenél nEoghain fer rathmar
ro conaigh eisidhe do écc.



Maghnas mac Domhnaill Í Eaghra do marbhadh la Maghnas mac Uilliam
Uí Eaghra.



AOIS CRIOST, 1315.



Aois Criosd, mile, tri ched, a dech, a cúicc.



Loinges mór do thect a hAlbain go hErinn la derbrathair Righ Alban
la hEduard go ro ghabsat i ccríochaibh Uladh. Crecha mora do dénamh
doibh ar mhuintir an Iarla agus ar Ghallaibh na Midhe. Sluagh mór do
thionól don Iarla i nacchaidh na nAlbanach. Feidhlimidh mac Aodha Uí
Concobhair co ndruing móir


L. 504


do Chonnachtaibh do dhul las an Iarla. Sluagh mór ele do thionól la
Ruaidhri mac Cathail hi cConnachtaibh co ro loiscceadh agus go ro
briseadh caislein iomdha lais iar ffaccbhail na tíre dFeidhlimidh.



Aodh (.i. Aedh Ballach) mac Maghnnsa recte Maghnusa Uí Concobhair
do marbhadh la Cathal mac Domhnaill Uí Concobhair.



Maghnas mac Maghnasa Uí Concobhair an taoinfher ba mó alladh agus
oirdearcus do rioghdamhnaibh Connacht mun am sin, agus a derbhrathair
Domhnall do marbhadh beós las an cCathal ccédna arnabhárach.



Cath do thabhairt don Iarla Ruadh agus dEduard ABriús cona sloghaibh
dia roile gor raimhidh for an Iarla. Gabhtar ann Uilliam Búrc, agus
dá mac Meic an Milidh.



Mathgamhain Mag Raghnaill taoiseach Muintire hEolais, Ó MaolMiadhaigh
taoiseach Muintire Cerballain, agus sochaidhe dá muintir imaille riú
do marbhadh la MaolRuanaidh Mac nDiarmata ticcherna Moighe Luircc.
Concobar Ruadh mac Aodha Breifnigh do marbhadh ro bhaoí do leith Meic
Diarmata an la sin.



O Domhnaill .i. Aodh mac Domhnaill Óicc do thocht im chaislén Sliccigh
go morshluagh imaille ris. An baile do gabháil dó agus mórán do milledh
na thimceal.



Ruaidhri mac Domhnaill Uí Chonchobhair do marbhadh la ceithirn
Gallócclach ar furailemh Derbhforgailli inghine Maghnasa Uí Concobhair
tucc turfhochraic doibh aire.



Amhlaoibh Ó Ferghail do écc.



Tadhg Ó hUiginn saoi i ndán do écc.


L. 506


AOIS CRIOST, 1316.



Aois Criost, mile, trí ched, adech, aSé.



Morshloiccheadh do thionol la Feilim Ó cConcobhair, le Mac Feorais,
agus le Gallaibh Iarthair Chonnacht. Tocht doibh go Tóchar Mona
Coinneadha. Ruaidhri


L. 508


Ua Concobhair Ri Connacht do dhul ina naghaidh líon a sochraitte,
Iomairecc do chor ettorra, Briseadh for Ruaidhri, E fein do mharbhadh,
agus na maithe si ele


L. 510


don dul sin, .i. Diarmait Gall Mac Diarmata tigherna Moighe Luircc,
Corbmac Mac Cethearnaigh taoiseach Ciarraighe, agus sochaidhe oile
duaislibh a Ghallocclach, agus a muintire sainredaighi.



Righe Connacht do ghabháil dFelim arís. Slógh mór do thecclamadh dó
dionnsaighidh Átha Lethain, agus an baile do losccadh les. Slemne
dExetra ticcherna an bhaile do marbhadh leó, agus an Goccánach beós,
.i. an barún ba saoíre in Erinn ina aimsir, agus iomat Gall ele archeana
agus édala mora do denam doibh.



Sloiccheadh lánmhór do thionól la Felimidh Ó cConcobhair imaille re
maithibh an chúiccidh. Ba dia maitibhsidhe Donnchadh Ua Briain go
maithibh Mumhan, O Maoileachlainn Rí Midhe, Ualgarcc Ua Ruairc
tigherna Brefne, O Fergail ticcerna Muintire hAnghaile, Tadg Ua
Ceallaigh tigherna Ó Maine, Maghnas mac Domhnaill Uí Concobhair
tanaisi Connacht, Art Ó hEghra tighearna Luighne, agus Brian Ó
Dubhda ticcerna Ua fFiachrach. Tiaghaitsidhe uile go hAth na
Riogh. Ro


L. 512


tionoilsiot tra Goill Iarthair Connacht ina naghaidh, .i. Uilliam
Búrc, an Barún Mac Feórais tigherna Átha na Riogh, agus urmhór
Gall Leithe Cuinn uile. Cidh tra acht ro cuireadh cath crodha curata
ettorra leth for leth. Sraointear for Gaoidhelaibh fo dheóidh. Marbhthar
Fedhlimidh Ó Concobhair Ri Connacht is in ccaithiorghail sin, agus
ba hesidhe enGhaoidhel as móa re a raibhe suil ag fearoibh Ereann.
Ro marbhadh beos Tadhcc Ó Ceallaigh ticcherna Ó Maine agus ochtar ar
fichit duaislibh Shil cCeallaigh imaille ris, Maghnus mac Domhnaill
Uí Concobhair tánaisi Connacht, Art Ua hEaghra tighearna Luighne,
Maoileachlainn Carrach Ó Dubhda, Concobhar Ócc Ó Dubhda, Muircertach
mac Concobhair Uí Dubhda, Diarmait Mac Diarmata adbar ticcerna
Moighe Luircc, Muirceartach mac Taichligh Meic Diarmata, Muirceartach
mac Diarmata Mic Fergail, MaoilSechlainn Ócc Mac Maghnusa, Seaan mac
Murchaidh Uí Madadháin, Domhnall mac Aodha Uí Conchenainn ticcerna Ua
nDiarmata, agus Muircertach a dherbhrathair, Murchadh Ó Madadáin,
Domhnall Ó Baoighill, agus Donnchadh Ua MaolMuaidh cona muintir
imaille ris, Murchadh mac Murchaidh Még Mathgamhna go ccéd da muintir
ime, Niall Sionnach tigherna fer tTethba cona muintir, Ferghal
mac Seaain Gallda Uí Fherghail, Uilliam mac Aodha Óicc Uí Fherghail,
Tomas mac Amhlaoibh Uí Ferghail, coiccer beós do Cloinn nDonnchaidh,
.i. Tomaltach mac GiollaCrist, Murchadh mac Donnchaidh, Concobhar mac
Taidcc, Muircertach mac Donnchaidh, agus Maelechlainn mac Donnchaidh.
Ro marbhadh tra is in cath cédna Eoin Mac Aodhaccáin breithemh Uí
Concobhair, Giolla na Naomh mac Dáil Ré Docair Uí Dobhailén fer
iomchartha agus iomchoimhéda brataighe Uí Concobhair,


L. 514


agus Tomás Ó Conallaín. Acht cena ni heidir a fhaisneis, nó a innisin
gacha ttorcrattar do maithibh Connacht, Mumhan agus Midhe is in
ccath ccédna. Lá Féle .S. Labhrás do shonnradh tuccadh an tromcath so.
Teora bliadhna ar fhichitt ba haoís dFeidhlimidh an tan sin. Ruaidhri
na bFedh mac Donnchaidh mic Eoghain mic Ruaidhri Uí Concobhair doirdneadh
i ttighearnus Connacht iaramh.



Sloiccheadh adbal re Mac Uilliam Búrc i Síol Muiredhaigh. O Concobhair
agus Síol Muiredhaigh agus moran doireacht Connacht, agus dá
nuaislibh do dénamh sithe ris. Acht chena nochar faomh Mac Diarmata
antsíth do dénomh, Mac Uilliam do shaighidh Moighe Luircc iarsin,
Creacha aidhble do dénamh dó im Áth an Chip agus in Uachtar Thíre, An
tír uile do losccadh agus do milleadh dó. Acht cena ro imthighsiot gan
cath gan comhadh as a haithle. Ruaidhri mac Donnchaidh daithrioghadh
do Mhac Diarmata iar sin.



Dearbhforgaill inghean Maghnusa Uí Concobhair, ben Aodha Uí Domhnaill
décc.



AOIS CRIOST, 1317.



Aois Criost, mile, trí chéd, a dech, aSeachtt.



Donnchadh Ua Briain, Rí Mumhan do mharbhadh.



Toirrdelbach mac Aodha mic Eoccain .i. mac Ruaidhri mic Aedha mic
Cathail Croibhdheirg do rioghadh do Chonnachtoibh.



Roiberd A Briús do thecht in Erinn a hAlbain imaille re morsluáigheadh
dfortacht a bhrathar Edbhard A Brius, agus do diochur Gall a hEirinn.



MaoilIr dExetra ticcerna Átha Lethain do marbhadh la Cathal mac
Domhnaill Ui Choncobhair, agus Domhnall mac Taidhg mic Domhnaill
Iorrais Uí Choncobhair


L. 516


do mharbhadh beós amaille ris, agus ceithre fir décc dia muintir
imaraon riú. Ar bord Methénaighi .i. abhann Droma Cliabh do rónadh
na gniomha sin.



Caislen Atha Cliath an Chorainn (.i. Baile an Móta) do briseadh.



Maoilechlainn Carrach Mac Diarmata adbar tigerna Moighe Luircc,
Concobhar Ó Concobhair, .i. mac comhorbha Comáin, agus Maghnus
Ó Flannaccáin adbar taoisigh Cloinne Cathail do mharbhadh la
Gillbert Mac Goisdealbhaigh co sochaidhibh oile.



Maidhm Cille Móire for mac Ruaidhri, agus for feraibh Breifne.
Mac Aodha Breifnigh Uí Choncobhair do ghabhail ann. Da mac Neíll Uí
Ruairc, Conchobhar Buidhe Mag Tighearnain taoíseach Theallaigh
Dúnchadha, Mathgamhain Macc Tighearnain, an Giolla Ruadh mac an
Airchindigh Mic Tighernáin, Niocól Mac an Maighistir, agus secht bfichit
Gallócclach do mhuintir mheic Ruaidhri do mharbhadh ann, agus sochaidhe
nach aisneidhter.



MaelIosa Ruadh Mac Aodhaccáin saoí Ereann i bffeneachus agus i
mbreithemhnus décc.



Raghnall Mag Raghnaill taoíseach Muintire hEolais do ghabhail i bfioll,
agus taoisech do dhénamh do Sheffraidh Mag Raghnaill ina ionad.



AOIS CRIOST, 1318.



Aois Criost, mile, trí chéd, a dech, a hocht.



Maidhm mór do thabhairt i nÉlibh ar Ghalloibh la hUa cCerbhaill dú
i ttorchair Adam Mares agus Sochaidhe do Ghalloibh.


L. 518


Slógh mór do thionól do MhaolRuanaidh Mac Diarmata ticcerna Moighi
Luircc do shaighid Cathail mic Domhnaill Uí Concobair go Fassa
Coilleadh. Tainicc ar in sloighedh sin Toirrdhelbhach mac Aodha mic
Eoghain Ui Concobair, Ualgarcc Ua Ruairc ticcerna Brefne, Concobhar
Ó Ceallaigh, ticcerna Ua Maine, agus Tomaltach Mac Donnchaidh
tigerna Tire hOilella. Iar ndul go Fassa Coilleadh do na maithibh
sin ro tarccaidh Cathal comhtha móra doibh, agus gidhedh nochar gabadh
uaidh acht a ionnsaighidh go lairmedhón a longpuirt. Cidh eisidhe ni ar
thime ná ar tlás do chúaidh sin dó uair do freccair iadsomh go fraochdha
foirniata, gur feradh iomairecc áith amhnus ettorra, go ttorchair Brian
mac Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair rioghdamhna Connacht, Concobhar Ó
Ceallaigh, Brain Mac Maghnusa, Cathal mac GiollaCriost Meic Diarmata,
agus sochaidhe oile duaislibh agus danradhaibh an tsluaigh archena la
Cathal co na muintir.



Cathal mac Domhnaill dionnsaiccidh Uí Choncobair agus Mheic Diarmata
iarsin, go ndearna creacha aidble i Moigh Luircc, agus gur
haithrioghadh Toirrdhealbhach mac Aodha lais. Gabais fein cennus
Connacht iaramh, agus teid Toirrdealbhach do shaighidh Uilliam Burc
agus Gall as a haithle.



Seaan mac Domhnaill Uí Neill do mharbhadh la hUa nDomhnaill, .i. Aodh
mac Domhnaill Óicc i nDoire Choluim Cille, agus Mac Domhnaill, agus
sochaidhe ele do mharbhadh agus do bháthadh.


L. 520


Eduard A Brius fer millte Erenn go coitcenn etir Gallaibh, agus
Gaoidhealaibh do marbhadh do Ghallaibh tré nert cathaighte, agus
crodhachta i nDún Dealgan. Mac Ruaidhri tigerna Innsi Gall, Mac
Domhnaill tigearna Airir Gaoidel, agus iolar do maithibh Alban
imaille riú do mharbhadh ina fharradh, agus nocha dearnadh re haimsir
imchein inErinn gniomh as mó as a ttáinic a les inás, uair táinic
gorta coitchenn re linn an Eduaird si innte co mbidís daoine ag
tomailt aroile fri ré na tteóra mbliadhan go leith baoísiomh ettorra.



Seaan Ó Ferghail do mharbhadh daon orchor soighde dia mhac fén.



Seaffraidh mac Giolla na Naomh Uí Fherghail tigherna na hAnghaile
décc.



Cathal mac Giolla Crist Meg Raghnaill do marbhadh.



Giolla an Choimhdheadh mac Cionaedha Uí Ghormghaile agus Gormlaith
inghean Meic Branáin a bean do ég.



AOIS CRIOST, 1319.



Aois Criost, mile, tri chéd, a dech, aNaoí.



Enri Mac an Crosain espucc Ratha Both do écc, agus Tomás mac Corbmaic
Uí Domhnaill abb Eassa Ruaidh do thogha in espuccoide Rátha Both
iaramh.


L. 522


Espucc Doire, O Bánáin Easpucc Clochair, agus Espucc Cluana Ferta
Brenainn décc.



Aine inghean Meic Diarmata ben Mheic ConSnámha décc.



Eachmarcach Mac Branáin taoiseach Corcachlann do mharbhadh
Thomaltaigh Uí MaoilBrénainn, gidhedh nochar marbhadh in asccaidh sin
uair fuairsiumh feisin bás a ccionn an tres laoí iar sin do bithin na
ngon tucc Tomaltach fair.



Domhnall Ó Néill ticcerna Tíre hEoccain dathcor as a flaithes tre
nert Gall agus Cloinne Aodha Buidhe, agus a dhul co Feraibh Manach
ar comairci Fhlaithbertaigh Mhég Uidhir, agus Fir Manach do creachadh
a muinntire.



O Neill .i. Domhnall do gabhail a thigernais fein do ridhisi.



Brian mac Domhnaill Ui Neill tánaisi Chenel Eoghain do marbhadh la
Cloinn Aodha Buidhe agus la Hannraoi Mac Dauill ag Ráith Lúraigh.



AOIS CRIOST, 1320.



Aois Criost, mile, trí chéd, afiche.



Mainestir Bendtraighe i nduthaigh Uí Suilleabháin in epscopóittecht
Ruis, do tógbháil la hUa Suilleábhan do Braithribh .S. Franseis,
agus as is an mainestir sin baoi togha adhnaicthe Ui Shuilleabháin
agus moráin duaislibh oile.



Coinne agus comdháil eidir Cathal Ó Choncobhair agus MaolRuanaidh Mac
Diarmata, go ndernsat síth chonnail cairdemhail re roile, agus Mac
Diarmata do thoidhecht


L. 524


dia tír fein iarsin, michoinghell do denamh don Chathal rémraitte ar
Mac nDiarmata as a haithle ar Mullach Doramhnach, .i. a ghabhail
lais, agus Grainne inghean Meic Magnusa ben Meic Diarmata do
ghabháil bheós i bPurt na Cairrge. MaoilIosu Donn Mac Aodhaccáin agus
a mhac, agus Tomaltach Mac Donnchaidh tigerna Tire hOilella do ghabhail
bheós, agus an tír do lomarccain iaramh.



Aodh mac Taidg Uí Concobhair deghadbar righ Connacht ar deilb ar
uaisle, agus ar einech do marbhadh do Mhac Mairtín, agus éfein do
marbhadh ina dioghail.



Mathghamhain mac Domhnaill Chonnachtaigh Uí Briain tanaisi Mumhan
do marbhadh do Cloinn Cuiléin.



Mor inghean Uí Baoighill ben Uí Ferghail décc.



Mac Mairtín do mharbhadh ina thigh fein la hAedh mac Taidhg Uí
Choncobhair, Clann Mairtín, agus Clann Aedha Buidhe do leanmhain
Aodha go Clochar, agus a mharbhadh ann.



AOIS CRIOST, 1321.



Aois Criost, mile, trí chéd, fiche a haon.



Grainne inghen Meic Maghnasa ben MhaolRuanaidh Meic Diarmata décc.



Ruaidhri na bFedh mac Donnchaidh mic Eoghain Uí Choncobhair do marbhadh
do Chathal mac Aodha mic Eoghain tre thangnocht.



Carracc Locha Cé do briseadh la Cathal mac Domhnaill Uí Choncobhair.



Maghnus Ó hAnluain tigerna Oirthir do dhalladh dá brathair féin
Niall mac ConUladh Uí Anluain Cedaoín an Bhraith.



Niall Ó hAnluain tigerna Airthir do mharbhadh do Ghallaibh Dúin
Dealgan i meabhail.


L. 526


Maidm adbal do thabhairt do Aintriu Mac Feorais agus do Ghallaibh na
Midhe ar mhacaibh riogh Ua bFailghe.



Uilliam Mac Gille Findén, agus Matha do mharbhadh la Henri Mac
Giolla Findéin ina oirecht féin.



AOIS CRIOST, 1322.



Aois Criost, mile, trí chéd, fiche, adó.



Matha Ua hEothaigh espucc Conmaicne (no ArdAchaidh), agus Aindrias
Macc Maoilin, ardmhaighistir dlighidh nuifhiadhnaisi agus Shenreachta
i léx, agus i ccanóin décc.



Lucás Ua Muiredhaigh airchideochain Cluana do écc.



Murchadh mac Giolla na Naomh Uí Fherghail ticcherna na hAnghaile do
marbhadh do mhac a dherbhrathar Seoinin Ó Fergail i cCluain Lis
Beicc tré mebhail. Muircertach mac Amlaoibh Uí Fherghail do marbhadh
an lá cédna dia braithribh feissin (Lochluinn, agus Roiberd) tre
mebhail. Lochlainn mac Amhlaoibh Uí Fhergail do marbhadh la Seoinin
iar sin.



Donnchadh mac Donnchaidh Meic Diarmata décc.



Hannraoi Mac GilleFhinnéin taoiseach Muintire Feodacháin do mharbhadh
la cloinn Amhlaoibh Még Uídhir.



Gillibert Ó Ceallaigh ticcerna Ó Maine décc.



MaolRuanaidh Mac Diarmatta do ghabhail lé Concobhar mac Taidhg Uí
Concobhair, agus do lucht tighe Cathail Uí Concobhair i cCluain
Cummuiscc, agus an baile darccain doibh.



Riocard Mac Feorais ticcerna Átha na Riogh décc.



Maidm mor do thabhairt do Bhrian Ó Bhriain for Ghallaibh.



Giolla na Naomh mac Sefraidh mic Giolla na Naomh Uí Fherghail do
ghabhail tighearnais na hAnghaile.



Uilliam Liath Búrc mac Uilliam Moir décc.



MaolRuanaidh mac GiollaCriost mic Concobhair mic Corbmaic mic Tomal-
taigh na Cairrge ticcerna Moighe Luircc décc.


L. 528


Muiris mhac an Chomarba do ég.



Osgar mac Lochlainn Mhég Uidhir do mharbhadh la Cathal Ó Ruairc.



Petrus Ó Breslén ollamh breithemhan FerManach do écc.



Finghin Ó Caiside ollamh FerManach i leighius do écc.



Fearghal Ruadh Mac Samhradhain agus Giolla Iosa Mac Samhradháin do
mharbhadh la cloinn Amlaoibh Mhég Uidhir.



AOIS CRIOST, 1323.



Aois Criost, míle, trí chétt, fiche, a trí.



Giolla Airnín Ó Cathusaigh airchindeach Cluana Da Rath do écc.



Cairpre an Sccreccain (.i. Ri Midhe) mac Corbmaic Uí Maoilechlainn
ri Midhe do marbhadh la Domhnall Ua MaoilMuaidh tria thangnacht.



MaolMordha Mag Eochaccáin décc.



Seoinin Ua Fergail do marbhadh do cloinn tSeaain Ui Fherghail.



O hEaghra (.i. Ferghal) do mharbhadh dUa Chonnmacháin dá oirecht
féin.



Ruaidhri Mhag Mathghamna mac tighearna Oirgiall, agus MaolSeaclainn
Ó Segannáin, agus Mac MaeileDúin do mharbhadh la Cathal Ó Ruairc i
mBeol Atha Conaill.



Niall mac Néill Chaim do mharbhadh la Lochlainn Ó Raghallaigh, agus
la MaelSeachlainn.



Sloigheadh mór tainic Mac Fheorais agus Goill do forbhaisi ar Dhomhnall
mac Seaain Uí Ferghail go Coill na nAmus dia ro marbhadh an Cepach
agus an Calbach, agus Goill iomdha imaille friú.



MaolMedha inghen Mhég Tighearnain bean Briain Mhég Samhradháin
décc.



GiollaPatraicc Ó Duibhgennain ollamh Conmaicni i senchus, agus Lucas
a mac do marbhadh la Concobhar mac Gairbith Még Uidhir.



Lochlainn mac Eoghain Uí Dalaigh do mharbhadh la cloinn Aedha Buidhe
Uí Néill.


L. 530


Gofraidh mac Giolla Íosa Uí Dhálaigh do mharbhadh la Brian mac
Ruaidhri Uí Concobhair.



AOIS CRIOST, 1324.



Aois Criost, mile, trí chéd, fiche acethair.



Cathal (.i. Rí Connacht) mac Domhnaill mic Taidcc mic Briain mic
Aindriasa mic Briain Luighnigh mic Toirrdhealbhaigh Móir, aon duine ba
beodha, ba mó maithes agus mór aithes dá mbaoí in aon aimsir ris do
marbhadh la Toirrdhealbhach Ó cConcobhair i tTír Briúin na Sionna,
agus Mac Uí Domhnaill, .i. Maoileachlainn mac Toirrdhealbhaigh
Chnuic an Madhma, mic Domhnaill Oícc, tánaisi Tíre Conaill iar na
ionnarbadh dUa Domhnaill, .i. Aodh mac Domhnaill Óicc agus
GiollaCriost Ócc Mac Donnchaidh, agus sochaidhe oile do marbhadh
annsin bheós im Chathal Ó cConcobair, agus Toirrdhealbach do
gabhail chennais Connacht as a haithle.



Raghnall Ócc Mág Raghnaill taoiseach Muintire hEolais do mharbhadh.



Uilliam Búrc mac Uilliam Mhoir do écc.



Tadhg Ua Ruairc agus Tigearnán Mag Ruairc do ghabhail la cloinn Matha
Uí Raghallaigh, agus iadsomh dia ttairbert do Mhag Mhathghamhna, agus
a marbhadh lais a ndioghail a mheic Ruaidhri ro marbhadh riasan tan sin.



Donnchadh Mac GiollaPhatraicc tighearna Osraighe do écc.



Brian Ó Raghallaigh agus GiollaCriost do mharbhadh lá muintir Ruairc.



AOIS CRIOST, 1325.



Aois Criost, mile, trí chéd, fiche a cúig.



Domhnall mac Briain Uí Néill tigearna Chenél nEoghain do écc occ
Loch Laoghoire.



CuUladh mac Domhnaill mic Briain Uí Neill deghadhbar ticcerna Tire
hEoghain do mharbhadh la cloinn Néill mic Briain clann derbrathar a
athor.


L. 532


GiollaCriost Clerech Mac Diarmatta agus Brian Ó Gadhra décc.



Diarmait Ó MaoilBrenainn ardthaoiseach Cloinne Concobhair do écc.



MaolSeachlainn Ó Flannagáin taoiseach Tuaithe Rátha do marbadh la
macaibh Diarmada Uí Fhlannagáin.



Diarmait Ua MaoílBhrenainn (an taoisech dioghain), Manannán taoiseach
Connacht ina aimsir do écc.



Tomás Ó Coinderi deganach na Breifne deg.



Maidhm do thabhairt la cloinn Toirrdhealbhaigh Uí Briain ar chloinn
Briain Ruaidh agus Brian mac Mathghamhna do mharbhadh co ndruing oile
imaille fris.



Raghnall Ó hUiginn agus Niocol mac comharba Maodhóg do écc.



Raghnailt ingen Andaidh Uí Raghallaigh ben Donnchadha Meg Bradaigh
do écc.



Donnchadh Mac Cionaith do mharbhadh in eacclais Mhég Mathghamhna.



AOIS CRIOST, 1326.



Aois Criost, míle, trí chéd, fiche, aSé.



Luirint Ó Lactnain espucc OileFinn décc, agus Seón Ó Fíonnachta do
thogha do chum na hespuccóide cedna iar sin.



Risderd A Burc, .i. an tIarla Ruadh ticcerna Uladh agus Connacht
durmor, aon rogha Gall Ereann uile do écc a ndeiredh Samhraidh.


L. 534


Iomhar Mág Raghnaill taoiseach Muintire hEólais do marbhadh la a
braithribh.



Niocol Ó hEdhin decc.



Toirrdhealbhach Mac an Chaoich do éc.



Toirrdhealbhach Mhag Mathghamhna do écc.



An tres Eduard do rioghadh os Saxaibh .25. Ianuarii.



Creach Maighe hIonais do denamh la hUa Ruairc, Ualgarg, airm in ro
marbadh Gofraidh Mhág Gafraidh la Cathal Ua Ruairc.



Maidhm do thabhairt la Domhnall Cairbreach Mág Carthaigh ar Mac
Tomais agus ar Ghallaibh Mumhan du in ro marbait Ridereadha iomdha.



Amhlaoibh Mhag Uidhir do écc.



AOIS CRIOST, 1327.



Aois Criost, míle, trí chéd, fiche, a Seacht.



Flaithbertach Mag Uidhir ticcherna Fer Manach, agus Gormlaith
inghean Meic Diarmata ben Mhaghnasa mic Domhnaill Uí Concobhair
tánaisi Connacht re hedh, ben Choncobhair Uí Cheallaigh ticcherna
Ó Maine asa haithle, agus ben Fherghail Uí Eaghra tigerna Luigne
iarsin, décc iar mbuaidh naithrighe enigh, agus oirdercais.



Maoilechloinn Riabhach mac Domhnaill mic Taidg Uí Choncobair decc
do galar brec.



Ferghal mac Ualghairc Uí Ruairc, Cuilén Ua Diomasaigh, agus Sadb
inghen Meic Aodhaccáin décc.



Cogadh mór eitir Righ Saxan agus a ben, .i. inghen Righ Franc, agus
Rí Saxan do aithrioghadh las an mnaoí chetna, agus a mac do ghabhail
righe is in mbliadhain


L. 536


seachmata inaghaidh a athar tria forcongra a mathar, agus a oirdneadh la
comairle Shaxan.



Rí Alban do tocht in Erinn.



Cogadh eitir mhuintir Ruairc agus muintir Raghallaigh, agus cloch
Locha hUachtair do loscadh la Cathal Ua Ruairc.



Caislén Locha hUachtair do ghabhail la hUa Ruairc, tregais ar fhichit
bó.



GiollaCriost Dall Mhag Raghnaill do mharbhadh la Mac Uí Mhaoil
Mhiadhaigh ina leabaidh féin.



Teidhm galair bric ar fhud Ereann dia ro éccsat ile.



AOIS CRIOST, 1328.



Aois Criost, míle, trí chéd, fiche a hocht.



Epscop na Bréifne Ó Cridagan do éc.



Tomas Ó Mellaigh espucc Eanaigh Dúin décc isin Roimh.



Muiris Ó Gibelláin ardmaighistir Ereann i ndligheadh nua agus i
seindliccheadh, i ccanóin agus i léx, fellsomh fíreolach, saoí fhirdána,
cananach coradh i tTuaim Dá Gualann, i nOilFinn, i nAchadh Conaire,
i cCill Alaidh, i nEanach Dúin, agus i cCluain Ferta, oifficél
agus breithemh coitchionn na hairdeaspuccoide, décc.


L. 538


Giolla na nAingel Ó Taichligh airddeochain Innsi décc.



MaoilSechloinn Ó Raighilligh ticcerna Muintire MaoilMordha do lot
do Ghallaibh na Midhe, a ghabhail doibh iarsin go bfuairsiot braighde
as, a écc dia gonaibh ina tigh fein asa haithle.



Giolla Adamhnain Ó Firghil comarba Adamhnain décc.



Toirneach agus teinteach adhbal is in samhradh go ro milleadh mes, agus
tortha Ereann go díomhór, agus gur fhásattar arbanna fionna fása.



Teidhm galair go coitcenn sechnóin Ereann (da ngoirthi Slaottán), agus
a beith tri laithe no a cethair ar gach aon da ngabhadh gur bo tanaisi báis
doibh é.



Uilliam Burc .i. an tIarla Donn mac Sir Seon (.i. Iarla) mac an Iarla
Ruaidh do thocht in Erinn.



Donnchadh Ruadh Ó Gadhra agus cúiccer da chineadh imaille ris do marbadh.



Concobhar Mac Branáin adbar taoisigh Corcachlainn do marbhadh la muintir
na hAnghaile.



Sluaicceadh la Uater A Búrc i cConnachtaibh gur haircceadh lais morán
daos grádha Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair righ Connacht.



Sir Seon Mac Feorais Iarla Lugmaigh, aon bharún ba beodha, bhrioghmaire,
agus ba ferr oinech do Ghallaibh Ereann, do marbhadh i ffell da muintir
fein .i. do Gallaibh Oirgiall, agus sochaidhe imaille ris do Ghallaibh
agus do Gaoidhelaibh. Ba dibh-


L. 540


sidhe an Caoch Ó Cerbaill, .i. MaolRuanaidh, aon rogha tiompanach
Ereann, agus Alban esidhe ina aimsir.



Brian mac Tomaltaigh Meic Donnchaidh do marbhadh do Bhrian mac Taidhg
Meic Donnchaidh.



Morsluaigheadh la hIarla Uladh, agus la Toirrdhealbhach Ua
cConchobhair (Ri Connacht), agus la Muircertach Ua mBriain Ri
Mumhan, in aghaidh Briain Báin Uí Briain. Maidhm do thabhairt la
Brian mBan Ó mBriain forrasomh annsin. Concobar Ua Briain
deghadbar rígh Ereann ar cruth, ar céill, ar einech, agus oirdearcus
do mharbhadh don dul sin amaille re ceithre fichit do deghdaoinibh agus
do daosccarsluagh do thuitim ina fhochair.



Tadcc mac Toirrdhelbhaigh Uí Concobhair do mharbhadh la Diarmait Ua
nGadhra.



Comdhal choinne im Áth Chinn Locha Techet, etir Uáter Mac Uilliam Burc.
Gillbert Mac Goisdealbhaigh don dara leith, agus MaolRuanaidh Mac
Diarmata, agus Tomaltach a mhac, agus Tomaltach Mac Donnchaidh go
maithibh Cloinne MaoilRuanaidh. Maidhm do bhriseadh re Mac nDiarmata
for Uáter agus for Gillbert cona muintir.



Donnchadh Gallda mac Domhnaill Uí Choncobhair do marbhadh la hAodh
mac Taidg mic Maoilechlainn mic Maghnasa.



Matha Riabhach Mac Gafraidh do mharbhadh do Mhuintir Gearadáin.



Iomhar Mhág Raghnaill toíseach Muintire hEolais do marbhadh la cloind
GiollaCriost Mheg Raghnaill.



Duibhesa inghen Uí Fherghail ben Meic Murchadha an tSlebhe do écc.



An Caoch Mac Cerbhaill diar bhainm MaolRuanaidh, aon rogha
thiompanach Ereann ina aimsir do marbhadh.



Edaoin inghen Még Mathgamna ben Még Uidhir do écc.



Duibheasa inghen Uí Elighe ben Domhnaill mic Taidhg Uí Choncobhair
do écc.


L. 542


Sluaigheadh oile la Muircertach Ó mBriain agus la Cloinn Cuiléin
dionnsaighidh Bhriain Uí Bhriáin doridhisi dia ro sraoineadh for
Muircertach, agus día ro marbhadh Concobhar Ó Briain agus Domhnall
na nDomhnall agus MacCon Mac ConMara go sochaidhibh oile.



Maidhm mór do tabairt lá Mág Eochagáin ar Ghallaibh dú in ro marbhadh
cúig céd décc ar fichit céd Gall im Dhalatúnachaibh agus im mhac an
Ridere Uallaigh.



Amhlaoibh Mag Findbairr do marbhadh la Cathal Ua Ruairc.



AOIS CRIOST, 1329.



Aois Criost, mile trí chéd fiche, aNaoí.



Augustin abb Lesa Gabhail for Loch Eirne décc.



Cathal mac Domhnaill Uí Ruairc deghadhbar ticcerna na Breifne do
marbhadh la cloinn tSeoin Uí Fhergail agus do Ghallaibh Midhe tre
feill, agus daoine oile imaille ris i tigh Riocaird Diúid i Mainistir
Fhobhair.



Muircertach mac Domhnaill Uí Concobhair ticcerna Cairpre, agus
deghadhbhar righ Connacht décc.



Cathal mac Aodha mic Eoghain Uí Choncobhair do dhíochur ar eiccin as na
Fedhaibh agus a Tir Maine tre forcongra Uater A Búrc ar Shíol
cCeallaigh, agus ar Uibh Maine ar chena.



Coccadh mór etir Toirrdhealbhach Ó cConcobhair agus Clann MaolRuanaidh
gur milleadh morán eattorra dibhlionaibh.


L. 544


Creach do denamh la Tomaltach Mac Diarmata ar Diarmait Ó bFlannac-
cáin taoiseach Cloinne Cathail.



Aine inghean Ferghail Uí Raighilligh ben Tomaltaigh Meic Diarmata
décc.



Tadhg mac Toirrdhealbhaigh mic Mathgamhna Uí Choncobhair do mharbhadh
la hUa nGádhra agus la lucht Airtigh.



Sith do denomh do Mhac Uilliam Búrc agus dIarla Uladh re Mac Tomáis.



Dabac Dond Mac Uilliam Ridire uasal morconaigh do écc.



Donnchadh Mac GiollaPatraicc do marbadh la hIarla Uladh.



MaoilÍosa Donn Mac Aodhagain ardollamh Connacht do écc.



Guirt gan buain go hiar fFéil Michil ar fhud Ereann las an ffleachadh.



AOIS CRIOST, 1330.



Aois Criost, míle trí chéd tríochatt.



MaoílÍosa Ó Coinel comarba Droma Cliabh do écc.



Benidicht O Flannaccáin Prióir Cille Moire na Sionna décc.



Maghnas mac Aodha Breifnigh Uí Concobhair do marbhadh la Cathal mac
Aodha mic Eoghain Ui Concobhair i bFeronn na Darach, agus Siomann
Mac in Fhailgigh do mharbhadh ina fharraidh.



GiollaÍsu Ruadh Ó Raighilligh ticcerna Muintire MaoilMordha agus
na Breifne uile re haimsir nimchéin décc ina Shendattaidh iar mbreith
buadha ó dhomhan agus ó dhemhan agus a adhnacal i mainistir in Cabhain
i naibíd na mBráthar Mionúr, agus ba hesidhe céd fundúir na mainistre
remhraite.



Maoilechlainn Mac Carmaic brughaidh cédach conaich do écc.



Sluaigheadh la hUalgharcc Ua Ruairc go Fiodh an Atha. Goill an bhaile
dérghe dó iarsin. Maidhm do thabhairt for muintir Uí Ruairc, agus
Art Ó Ruairc adbar airdticcerna Breifne do marbhadh do Ghallaibh, agus
sochaidhe imaille ris im Ruaidhri Mac Samhradhain.



Amas longpuirt do thabhairt do Toirrdealbhach Ó cConcobhair Rí Connacht


L. 546


for Uáter Mac Uilliam Búrc i Leccmoigh i Moigh Luircc, agus a ruaccadh
dó aissidhe go Cairthe Liacc Fatta. Gillbert Mac Goisdelbhaigh (tigerna
Slebhe Lugha mun am sin) do thecht go líon a mhuintire do chuidiucchadh
le Mac Uilliam. Tomaltach Mac Donnchaidh cona muintir do tocht do
chommoradh Meic Uilliam beós iar niompódh for Ua cConcobhair doibh.
Na sluaigh sin dibhlionaibh dionnsaighidh Uí Choncobhair. Ro cuiredh
iomairecc ettorra leth for leith go rangatar Áth Disirt Nuadan. Donnchadh
mac Domhnaill Mic Mathgamhna, Mac Giolla Comdháin, agus uathadh do muintir
Uí Concobhair do mharbhadh im an áth. Ua Concobhair go maithibh a
muintire do dol da naimhdeóin uatha go ráinicc gus na Tuathaibh.
Longport do ghabhail do Mac Uilliam i cCill Lomatt i ccomhfochraibh
dUa cConcobhair. Sloigheadh Connacht eitir Ghallaibh agus
Ghaoidhelaibh (don mhéd ro gabh a pairt diobh) do tecclamadh la Mac
Uilliam do gabhail righe Connacht dó bhudhéin iar sin, agus a mbeith
ullamh aicce do chum Uí Choncobhair daithrioghadh. Iar na fhios sin
do Mhac Diarmata iompódh for Mhac Uilliam dó agus páirt Uí Concobhair
do ghabhail ionnus gur cenglattar síth connail chairdemhail ettorra
díbhlionaibh.



Maidhm mór do thabhairt do Choncobhar mac Taidg mic Briain mic Aindriasa
mic Briain Luighnigh for Dhartraighibh, agus Sochaidhe díobh do
marbhadh lais.



Toirrdhealbhach Ua Concobair do dul uathadh deghdhaoine do lathair
Uilliam Burc, .i. an tIarla Donn diarraidh a chonganta in aghaidh
Mheic Uilliam.



Brian mac GiollaCriost Meg Raghnaill do mharbhadh la Tadhg Mag
Raghnaill.


L. 548


Aedh agus Diarmait dá mhac Murchaidh Uí Ferghail do mharbhadh la
hAedh Ó fFerghail.



Pétrus mac Comarba Maedhóige do mharbhadh la Gallaibh Cenannsa.



AOIS CRIOST, 1331.



Aois Criost, mile, trí chéd, triochat, a haon.



Comharba Caillín, .i. Giolla na Naomh Mac Cele do écc i mainistir
Maothla.



MaolRuanaidh Mac Diarmata ticcerna Maighe Luircc dfaccbail a
tighernais, agus aibíd mhanaigh do gabhail dó i Mainistir na Búille, agus
Tomaltach Mac Diarmata (a mac) do ghabháil ticchernais Maighe Luircc
an .7. la Mai.



Ferghal mac Maoileachlainn Carraigh Meic Diarmata do mharbadh la
Tadhg mac Cathail mic Domhnaill Uí Concobhair.



Sloiccheadh la Uater Mac Uilliam Burc i Maigh Luircc. An tír uile
dionnradh dó acht cealla namá, uair tucc comairce agus cadhas doibhsidhe.
Tomaltach Mac Diarmata cona mhuintir dia nionnsaighidh. Goill do
thabairt amais fair as a haithle gur marbhsat foirenn dia mhuintir. Ossadh
do dhenamh doibh re roile agus Uáter dfagbail na tire.



MaoilIr Mhág Eochagáin décc.



Murchadh Mag Mathghamhna do mharbhadh la Seaan Mag Mathghamhna, agus
la Gallaibh Machaire Airghiall.



Tómás mac ConChairrge Uí Fhloinn do écc.


L. 550


AOIS CRIOST, 1332.



Aois Criost, mile, trí céd, triocha, a dó.



Uater mac Sir Uilliam Búrc do gabhail las an Iarla nDonn, agus a
breith lais iaramh co caislén nua Innsi hEoghain, a écc do ghorta as a
haithle hi bpriosún an chaisléin remhraite.



Maidhm Bheirne an Mhíl for Thomaltach Mac nDiarmata, agus for Mhac
Uilliam re mac an Iarla, agus re Tomaltach Mac Donnchaidh, agus sochaidhe
dá mhuintir do marbhadh.



Uilliam Gallda mac Muircertaigh Moir Még Eochagain, ticcerna Ceneoil
Fhiachach do écc.



AOIS CRIOST, 1333.



Aois Criost, mile, trí céd, triocha, atrí.



Florent Mac an Oglaich airchideochain Chille hOiridh do écc.



Uilliam Búrc Iarla Uladh do mharbhadh la Gallaibh Uladh. Na Goill
do roighne an gniomh sin do bhasucchadh go heccsamhail la muintir righ
Saxan. Drong do crochadh, drong do crochadh drong do mharbhadh, agus
drong do tharraing o chéle dibh ina dioghail.


L. 552


Tomaltach Mac Donnchaidh Meic Diarmata tigerna Tire hOilella, fer
ba ferr firinne, cadhus, agus comairce da mbaí in en aimsir ris decc.



Feidhlimidh Ua Domhnaill an tanaisi tigerna fa huaisle, fa haireghdha
agus as mó ris a raibhe súil dEirionnchaibh décc.



Gillibert Mac Goisdelbhaigh do mharbhadh ar lar a tighe fein le Cathal
Mac Diarmata Gall tre mebhail.



Aodh Mac ConSnamha taoiseach Muintire Cionaith décc.



Mac na hOidhce Ócc Mág Flannchadha do marbhadh la Connachtaibh .i.
la Toirrdhealbhach Ua cConcobhair Ri Connacht agus lá Tighernán
Mag Ruairc, agus tighernus na Breifne do tabhairt dUa Raghallaigh.



Donnchadh mac Aodha Uí Cheallaigh do ghabhail do Thoirrdhealbhach Ó
cConcobhair Rí Connacht.



Sith dfoccra do Chloinn Uilliam Burc o Righ Saxan.



Concobhar Mac Branáin taoíseach Corc achlann décc.



Aodh mac Domhnaill Oicc Í Domhnaill tigerna Chenel cConaill, Chenel
Moáin Innsi hEoghain, FherManach, Iochtair Chonnacht, agus na Breifne,
agus adhbar righ Uladh uile beos, aon roba mó grain agus adhuath a
eccratt roimhe baoí do Ghaoidhelaibh a aimsire, aon as mó ler thuit do
Ghallaibh agus do Gaoidelaibh battar ina aghaidh, aon ro bferr smacht,
reacht, agus riaghail bai ina comhfochraibh, feichemh coitcenn iarthair
Eorpa ar eineach agus derlaccadh décc iar mbreith buadha o dhomhan
agus demhan in aibítt manaigh i nInis Saimher, agus a adhnacal co
nonoir, agus co nairmidin móir i mainistir Easa Ruaidh. Concobar Ua
Domhnaill (a mhac) do ghabhail a ionaid. Ro fhás iaramh iomchosnamh
etir Choncobhar agus Art (a dherbhrathair) imon fflaitheass go ro
marbhadh Art a ttraitte la Concobhar.


L. 554


AOIS CRIOST, 1334.



Aois Criost, mile trí chéd, triochatt, a cethair.



Mórshloigheadh la Connachtaibh uile etir Ghallaibh agus Gaoidhealaibh is
in Mumhain do shaighidh Mheic ConMara go ro gabhsat a braighde agus
gur cuirset a nert air. Teampall do losccadh do druing don tsluaigh soin
ina mbattar ochtmoghat ar chéd do dhaoínibh, agus dias Saccart imaille
riú, agus gan aon diobh do thernadh as gan oghlosgadh.



Dechneabhar do mhuintir Donnchaidh mic Maoileachloinn Carraigh Meic
Diarmata do bathadh ar Loch Techet.



Tadcc mac Cathail mic Domhnaill Uí Concobair décc.



Donnchadh Mac ConSnamha taoiseach Muintire Cionaith, agus Seonacc
mac Muircertoigh Móir Meg Eochaccáin tigerna Chenel Fiachach décc.



Uilliam Mhág Eochagán do écc.



Concobar Mac Branáin do écc.



Eóin Mac Giolla Ultain do mharbhadh la Domhnall Mac Aedha.



AOIS CRIOST, 1335.



Aois Criost, mile trí chéd, triochatt, a cúicc.



Fionnghuala inghen Uí Bhriain ben Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair
decc.



Seaan mac Airt Uí Eaghra do ghabhail le mac an Iarla, agus forgla a
muintire do arccain.



Creach le cloinn Domhnaill Uí Choncobhair ar cloinn Muiris Shuccaigh
Meic Gearailt dar marbhadh mac Meic Muiris. Creach oile la Cloinn
Mhuiris ina dioghail sin for cloinn Domhnaill.



Iarthar Chonnacht uile do milleadh la hEmonn A Búrc.



Uilc dhirímhe eidir losccadh agus marbadh do denamh dó beós ar mhac
in Iarla agus ar cloinn Riocaird A Búrc, agus Síth do denamh doibh
re roile iarttain.



Giolla na nAingeal Ó Caiside ollamh leighis FearManach do écc.


L. 556


AOIS CRIOST, 1336.



Aois Criost, mile, trí chéd, triochatt, a sé.



Trinoit Ó Naan ardmhaigistir i nealadhnaibh iomda, i léx agus i
ccanóin décc.



Tomaltach Gerr (na cCrech tTimcil) Mac Diarmata, tighearna Muige
Luircc. Aon bá mó cosccur ar easccairdibh, ba ferr cádhus, agus comairce,
engnamh, agus eineach da mbaoí don chineadh dia raibhe décc oidhche
Dhomhnaigh na Trionóide ina tigh fein i cCaladh na Cairrce, agus a
adhnacul i Mainistir na Buille go honorach. Concobhar a mhac do
ghabail tighernais tar a éis.



Teaboid A Burc Mac Uilliam agus MaoilIr Mac Siurtan dExetra décc.



Maidhm do thabairt dEoghan Ó Madadháin for Cloinn Riocaird A Búrc,
agus sochaidhe da muintir do marbhadh uatha .i. seiser agus tri fichit.



Creach mor la cloinn Diarmata Gall, agus la mac Feidhlimidh Uí
Concobhair for Cloinn Ghoisdelbhaigh, agus Maidiuc Mac Uailldrín
do marbhadh ina tóraigheacht.



Creach la hÉmann Mac Uilliam Burc ar Cloinn Chathail dar haircceadh
Concobhar Ua Flanngain agus daoine iomdha oile. Maoileachlainn Ua
Flannagain do mharbhadh i toraigheacht na ccreach don dul sin, agus
brathair do Mac an Mileadh do ghabhail don toraigh iaromh, agus braighe
do denam de.



Concobhar Mac Diarmata tighearna Maighe Luircc, Aodh mac Feidlimidh
mic Aedha Uí Concobhair go lucht tighi Uí Concobhair imaille ris,
agus Clann nDonnchaidh, agus Corbmac mac Ruaidhri go nglaslaithibh
criche Coirpre do dul ar


L. 558


creich hi Tír Fiachrach go rangattar Mullach Ratha. Ba na tíre do
theicheadh rompo. Mairbhedala mora, iomad capall, beaccan deachaibh,
agus fochrodh ilardha do thabhairt leo, agus daoine diairmhe do mharbhadh
doibh, agus iad fein diompudh slán dia ttighibh.



Diarmaitt Ó Flannagain tighearna Cloinne Cathail décc.



Toirrdhealbach Ua Conchobhair Rí Connacht do thionól imirceadh na
tThuath Cloinne Cathail, Cloinne Conchobhair, agus Moigh Luirg
co hAirteach. Caislén Mor Meic Goisdealbhaigh do gabail dUa
Concobhair don toiscc sin, agus a briseadh, agus ceithern congmhala an
bhaile do tocht amach ar comairce Meic Diarmata.



Domhnall mac Seaain mic Domhnaill Uí Concobhair décc.



Niall mac Concobhair Mic Taidhg do mharbhadh.



Mainestir .S. Franseis hi cCarraic na Siúire in epspocoittecht
Leasa Móir do thógbhail la hIarla Urmhumhan Semas Buitilér.



Mathghamhain Ó Raighilligh do mharbhadh la Gallaibh.



O Mithidhéin, comarba MoLaisi do écc.


L. 560


AOIS CRIOST, 1337.



Aois Criost, mile, trí chéd, triochatt, a Seachtt.



Lughaidh Ó Dálaigh epscop Cluana Mic Nois décc iar ndeighbeathaidh.



Tómás mac Cormaic Uí Dhomhnaill epscop Ratha Both saoi in eccna,
agus i ccrabhadh décc.



An Maigistir Ó Rothlain décc.



Sith do dhénamh dUilliam mac Iarla Uladh, agus do Brian Ó Briain
(.i. Brian Bán) re aroile, agus na fearoinn do fholmaigh re ó
mac an Iarla do leigen dó ara a ccíos fein do tabairt asda.



Foslongport do dénomh do rígh Connacht ag Áth Liag inaghaidh
Emainn A Búrc.



Seaan Ua Follamhain tigherna Cloinne hUadach décc.



Tadhcc Mac Flannchadha tigearna Dartraige do marbhadh la Corbmac
mac Ruaidhri mic Domhnaill Uí Concobhair re socraide oile, agus i
ndioghail Seaain mic Domhnaill. Creacha móra do dhenomh ar Dartraigi
dho as a haithle agus mac Muiris Mecc Flannchaidh do marbhadh ina
ttoraigheacht.



Tadhg, agus Maoileachloinn, da mhac Iomair Meg Rághnaill do gabail
la Cathal Mhág Raghnaill. Cathal do marbhadh iar sin i ttoraigheacht
cloinne hIomhair da combraithribh iar ttionol lán sochraide, dóibh
im Uilliam Mag Mathghamhna, agus im da mac oile Iomhair Még Ragnaill,
Concobhar agus Tomaltach. Magnus Ó Fearghail do mharbhadh dóibh an
lá cedna. Taoiseach do dhénomh do Tadhg mac Iomhair Meg Raghnaill
iarsin.



Domhnall Ruadh Ó Maille agus Corbmac a mac do marbhadh la Cloinn
Mebric, agus do Ghallaibh oile immaille friu oidhche Fhele Stephain.



Matha Ua hUigind saoi re dan, agus re daonnacht décc.



Enrí Mac Mairtin do mharbhadh.


L. 562


Donnchadh mac Muircertaigh Moir Mhég Eochagáin tigherna Chenél
Fhiachach do mharbhadh la hUibh Failghe.



Síth do dénumh dAodh Reamhar Ó Néill re hOirghiallaibh, agus re
Feraibh Manach.



Donnchadh Mór Ó Dubda tanaisi Ua bFiachrach do écc.



AOIS CRIOST, 1338.



Aois Criost, mile, trí chéd, triochatt a hochtt.



Ruaidhri an Einigh Mag Uidhir tigerna FerManach aoinfher as mó do
thoirbhir dairgett agus dédach deachaibh, agus dinnilibh uaidh
déigsibh, agus dollamhnaibh Erionn ina aimsir fein do Shiol Uidhir
décc.



Donnchadh mac Ruaidhri Uí Concobhair do mharbhadh.



Mac Iarla Uladh, .i. Emand do ghabhail dEmann A Búrc, Cloch do cor
fo a braghaitt, agus a badhadh i Loch Mescca lais. Milleadh Gall
Connacht, agus a chineadh féin do thecht trias an ngniomh sin.
Toirdealbhach Ó Concobhair Ri Connacht dionnarbhadh Émainn Mec
Uilliam Burc iar sin a Connachtaibh amach iar milleadh na ttuath agus
na cceall go hadhbal eatorra in Iarthar Connacht, agus nert na tíre co
coitchenn do ghabhail dUa Chonchobhair as a haithle.



Coblach mor do longaibh agus barcaibh do thionol la hEmann A Burc
iarsin agus a beith for oilénaib mara athadh imchian da éis.



Luigni agus an Corann dfolmhughadh agus dfasughadh imma nGallaibh,
agus a ttighearnus do ghabail da nGhaoidhelaibh duthcassa bhudhdhéin
ar ndíochur a nGall esdibh.



Tadhg mac Ruaidhri mic Cathail Uí Chonchobhair (ris a ráiti Bratach
Righin) do ghabhail do Thómás Mac Samradhain, agus moran da muintir
do mharbhadh. Mac Shamradhain (.i. Tómas) do dul go tegh Uí Concobair
iarsin, agus ag teacht tara ais dó, Clann Muircertaigh agus Muintir
Eolais do chomchruinniughadh ara chionn agus a ghabhail iar marbhadh
morain dia mhuintir.


L. 564


Aedh an Chletigh mac Ruaidhri Uí Chonchobhair do lot ar deireadh a
sluaigh fesin agus a écc da bithin.



Derbhail inghen Cathail Meic Murchadha ben Donnchaid meic Aedha
Óig décc.



AOIS CRIOST, 1339.



Aois Criost, mile, trí ched, triochatt, anaé.



Ruaidhri Ua Ceallaigh tigherna Ó Maine do mharbhadh la Cathal mac
Aodha mic Eoghain Uí Conchobair ag dol o thig Uí Conchobair ag dol o
thigh Uí Concobair dochum a thighe fein.



Tomás Mag Shamhradhain do legean amach do Cloind Muircertaigh.



Sloigheadh mór la hAedh Remor Ó Néill go Tír Conaill. Mac Seaain
Uí Néill do mharbhadh agus Goffraidh Ua Domhnaill don tsluaigheadh
sin la muintir Uí Dochartaigh.



Emann Mac Uilliam Burc gona loinges dionnarbadh doilénaibh na fairrge
for a mboí do shoighidh Uladh la Toirrdealbach Ua cConcobhair Ri
Connacht.



Inghen Toirrdhealbhaigh Uí Briain ben meic Iarla Uladh do tabairt
do Toirrdealbach Ua cConcobhair, agus Derbhail inghean Aodha Uí
Domhnaill do leiccen dó.



Coccadh mór ar fhud na Midhe eittir Gallaibh agus Ghaoidhealaibh.



Tempall Cille Ronain do dhenam la Ferghal Muimhneach Ua nDuibhgennáin.


L. 566


AOIS CRIOST, 1340.



Aois Criost, mile, trí chéd, cethrachatt.



Mainestir Oirbhealaigh hi cCarraic an Chiúil ag an ccend thoir
do Loch Léin in epspoccoittecht Arda Ferta is in Mumhain do
thógbhail durd .S. Franseis la Mág Cártaigh Mór prionnsa
Deasmhumhan, Domhnall mac Taidhg, agus do thoghsat iomatt do mhaithibh
an tire a nadhnacal is in mainestir sin. As dibhsidhe Ó Suilleabhan
Mór agus an dá Ua Donnchadha.



Comhthógbail cogaidh eitir Maineachaibh, .i. eittir Tadhg mac Taidhg
Uí Cheallaigh da ttucc Toirrdhealbhach Ua Concobair (Ri Connacht)
urlámhus Ua Maine, agus Uilliam mac Donnchadha Muimhnig Uí
Cheallaigh go ro cuireadh Uilliam a Tír Maine amach agus gé do
fhagaibh an tír, tug Tadhg Ua Ceallaigh gona braithribh agus cona
muintir toraigheacht dó co ndeachsat i náit iombuailte chuige.
Iompaidhis Uilliam agus a muintir friú fochetóir go ro feradh
caithgleó etorra. Acht chena ro marbadh Donnchad mac Aodha Uí Cheallaigh,
agus ro ghabhadh Tadhg Ó Ceallaigh iar na lot co ndeachaidh décc de
iaromh.



MaoilSeachlainn Ua Gairmleadhaigh taoiseach Cenél Moain décc.


L. 568


Clann Ualgairg Uí Ruairc, Domhnall, Aedh, GiollaCriost agus Ruaidhri
do dol for creich dionnsoighidh Cathail mic Aedha Breifnigh co ndernsat
creach air. Conchobhar mac Donnchadha Riabhaigh meic Maghnusa mic
Muircertaigh Mhuimhnigh do marbadh leo an la cedna agus sochaidhe
immaille friss. Conadh í sin cédfola mhuintire Ruairc agus cloinne
Muircertaigh Muimhnigh fria aroile. Cathal mac Aedha Brefnigh do
thoraigheacht a chreche iarsin go rug ar cloinn Ualghaircc Uí Ruairc.
Ro feradh iorghal amhnus etorra. Domhnall Ua Ruairc (aon rogha na
Breifne dadhbhar tighearna) do mharbhadh don chur soin go sochaidhi
moir immaille ris. GiollaCriost Ua Ruairc agus Mac ConShnamha do
ghabhail iar maidhm for a muintir. Tadhg mac Ruaidhri mic Cathail Ui
Concobhair do baoí illaimh ag Ua Ruaircc do leigen amach ar
comfhuaslaccadh GiollaCriost Uí Ruairc.



Aodh mac Fedhlimidh Uí Choncobhair do ghabhail do righ Connacht, agus
a cor i ccaislén Rossa Commain da choimhéd. Coccodh mór agus
combhuaidhreadh deirghe eittir Ua cConcobhair agus Mac Diarmada trés
an ngabháil sin gur ro milleadh morán eatorra da gach taobh. Guasacht
agus gergabhadh dfaghail dUa Concobhair iarsin dionnsoighidh tucc
Mac Diarmatta chuicce don Corann gor cuireadh go haimhdeonach é i
mBaile an Motaigh isteach, agus síth do cengal dóibh re aroile asa
haithle.



Siúrtan Ruadh Mac Goisdealbhaigh do mharbhadh do Cathal Mac Diarmata
Gall.



Cathal Mac Diarmata Gall, aon rogha a chinidh ina aoís fein ar ghoil
ar ghaiscceadh ar treisi ar talchaire do mharbhadh la Donnchadh Riabhach
mac Maoileachloinn Charraigh Mec Diarmada tre cheilg i Lios Sealbaigh
i Cloinn Conchobair.


L. 570


Magnas mac Cathail mic Domhnaill Uí Choncobhair do mharbhadh la Cathal
mac Aedha Breifnigh Uí Concobair.



Brian Occ Macc Shamradháin do mharbhadh le Teallach nDúnchadha.



Eoghan Ua hEdhin tighearna Ua fFiachrach Aidhne do mharbhadh la a
braithrib féin.



Eoghan mac Seffraidh Mecc Raghnaill, agus Aedh Ua MaoílMiadhaigh do
mharbhadh aroile.



Pilib Ó Duibhgendáin ollamh Conmhaicne décc.



Uilliam mac Gillibert Mic Goisdealbaigh do mharbhadh ar ghreiss is in
mBreifne do Tellach Eachdach.



Ruaidhri mac Maghnusa Uí Egra décc.



Mathghamhain mac Andaidh Uí Raghallaigh do marbadh la hAindreas mac
Briain Uí Raighilligh agus creacha móra do dhénomh dhó isin mBolgán
asa haithle.



Teampall Chille Rónain do losccadh.



Niall Ua hUigind saoi firdhána do bháthadh.



Conchobhar Ua Domhnaill tighearna Tire Conaill cona thionol do dhul
i Connachtaibh.



AOIS CRIOST, 1341.



Aois Criost, mile, tri chéd, cethachatt, a hoén.



Muirchertach Mac an Gobhann abb Clochair décc.



Maidhm mór do thabhairt do Mhac Uilliam Burc ar Cloinn Muiris dú
inar marbhadh Tomás Mac Muiris, Muiris Mac Seonaic Ruaidh agus
seachtmoghat fer maraon riú.



Domhnall Mac Dorchaidh taoiseach Cenel Duacháin décc.



Donnchadh mac Meic na hOidhchi Mhég Fhlannchadha do marbhadh lá hAedh
mac Tadhg Még Flannchadha.



O Gairmledaigh taoiseach Cenél Moáin dég.



Cathal Mac Ceithernaigh do marbhadh do esccor.


L. 572


Caislén Rossa Commain do ghabhail la Toirrdealbhach Ua cConcobhair,
agus Aedh mac Felim boí i mbraighdenus ann do legen amach, agus
fuasgladh do thabhairt ass.



Seaan Mhág Mhathghamhna do chur a hAirghiallaibh.



Brian Ua Floinn tigearna Tellaigh Curnain décc.



CuConnacht Ua Cuinn taoisech Muintire Giollgain décc.



Diarmait Ruadh mac Corbmaic Óig Meic Diarmata dég i naibitt
manaigh i Mainistir na Buille.



AOIS CRIOST, 1342.



Aois Criost, míle, trí chéd, cethrachatt, a dó.



Coimheirghe coccaidh eidir Toirrdealbhach Ua cConcobhair agus Concobhar
Mac Diarmada tighearna Moighe Luirg. Emann A Burc deirghe a
ccommbaidh Meic Diarmata in aghaidh Uí Choncobhair.



Aodh mac Fedlimidh Uí Choncobhair agus Donnchadh Ua Birn taoiseach
Tíre Briúin na Sionna do chor Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair i
tteampall Oile Finn iar ndol dó do ghabhail gill creche do ronsat
muintir Birn ar Hoiberd A Burc, agus cuid do Galloglachaibh Uí
Choncobhair do mharbhadh doibh immaille re na consabal, .i. Mac
Ruaidhri.



Coccadh coittchenn deirghe hi cConnachtaibh iar sin. Clann
Mhuircertaigh do dhol i rann Uí Conchobhair ar tús in aghaidh Meic
Diarmata, Iompúdh doibh iaromh la Mac Diarmada agus le Mac Uilliam.
Feall graineamhail do dénomh do Cloinn Muiris iar sin ina noirechtas
fein ar Cloinn Uilliam Burc, agus Tomas


L. 574


Burc do mharbhadh doibh, agus Seoinin A Burc do mharbhadh la Cloinn
Riocaird ar an ccor ccedna tria fhoraileamh Cloinne Muiris agus
Ui Choncobhair. Cathal mac GiollaCriost Meic Diarmada do mharbhadh
dFerghal Ua Thaidhg ar an ccogadh cedna, agus Fearghal mac
GiollaCriost Finn Mic Corbmaic do mharbhadh air bhéos.



Commascc crodha do thabairt do Mac Diarmatta gus na huaislibh
batar ina fharradh dUa cConcobhair i mBél Atha Slisen dar lingead
an táth fair agus Diarmaitt mac Briain Uí Fergail, fer a aoisi do
bfherr do Conmaicnibh, mac Hoiberd A Burc, agus Concobar mac
Donnchadha Duibh Uí Éilighe do mharbhadh don chur sin.



Seaan Mhag Mathghamhna tigherna Oirghiall do dul ar creich go hAedh
mac Rooilbh Mhég Mhathghamhna, agus a mharbhadh ar deredh na creche,
agus a Ghallocclachaibh immaille ris do mharbhadh agus do badhadh.



Corbmac mac Ruaidhri mic Domhnaill Uí Choncobhair do ghabhail la
Conchobhar mac Taidhg, agus le Ruaidhri mac Cathail Uí Concobhair.
Concobar mac Taidhg do ghabhail le Brian mac Ruaidhri iarsin, agus a
tabairt dhó i laimh Concobair Meic Diarmada, agus a cor da coimhéd i
cCarraic Locha Cé.



Domhnall Ua Dochartaigh toiseach Arda Miodhair agus triocha ched
Tíre hÉnda, fear lán deineach, agus dengnamh décc, agus Seaan Ó
Dochartaigh do gabail a ionaid.



Siol Muireadhaigh uile do iompudh ar Toirrdealbach mac Aedha mic
Eoghain immaille ris na maithibh oile batar ga toirneadh. As iad
as oireghdha do eirigh dhó an ionbaidh sin, Emann Mac Uilliam Burc,
Concobhar Mac Diarmada tigherna Maigi Luirg cona braithribh, agus
cona oirecht uile, Aodh mac Aedha Breifnigh mic Cathal Ruaidh Uí
Concobhair, Tadhg mac Ruaidhrí Uí Choncobhair, Cathal mac Aedha
Breifnigh mic Cathail Ruaidh go sochraidi na Breifne agus Chonmaicne
archena, agus Aedh mac Felim mic Aodha mic Eoghain Uí Chonchobhair.
Tionól dóibhsiomh uile ind agaidh Ui Choncobhair, agus a athchor go
haimhdheonach as a thír agus as a thalomh feisin conadh í comhairle
tuccsat a charaid dó iarsin dol do shaighidh Meic Diarmada co
hincleithe gan rathughadh do mhorán dfios a ndiongnadh sith ris. Gidhedh
fuarattar Clann Muircertaigh sgéla na


L. 576


comhairle sin, agus fios na haidche dáiridhe ina ttiocfadh Ua
Concobhair do shoighid Meic Diarmada, ionnus gur inleadar iatt féin
roimhe ar bernadhaibh baoghail na conaire i ngebadh co longport Meic
Diarmata. Acht chena do chuaidh Toirrdealbhach en triar marcach
tarsa no gur heirgedh dhó ar tóchar an longpuirt. Loitter Cathal mac
Aedha Breifnigh lais fo cettóir, agus ger bhuathadh i naghaidh iolair
eisiomh gona thriar oile i mesg na sochaidhe batar ina aghaidh, do chuaidh
uatha da naimhdheóin gan fuiliughadh gan fordhergadh air fein ina
ar aon dia mhuintir. Ciodh tra acht nochar bfeas do Mac Diarmada
Toirrdhealbhach do beith is in móiréccen sin no go ccuala an teighim,
an mairgneach agus an mallachadh mór ga dhénamh seachnon an longpuirt,
agus iar ffaghbháil sgél dó cuiris daoine tairisi ós iseal i coinne
Uí Choncobhair dia breith gus an ccarraic da caomhna go ffesadh
fein an ffédfadh a shídh do dénamh. Baoí Ó Concobhair iar sin
sechtmain, agus maithe na tíre ag tocht ar cuairt chuige, agus uadha ar
furaileamh Mec Diarmada. Gidheadh ó nach bfuair Mac Diarmada ced
na síthe do dhénamh téid fein buidhen marcsloigh les gur ro fagbhatar é
i Ros Commain.



Conchobhar (.i. Concobhar Ruadh) Mag Eochagáin tigerna Cenél
Fhiachach do mharbhadh la Gallaibh.



Tomás Ua Cinga, Muiris Mag Eochagain, Siommon mac Concobair mic
Siommoin Meic Giolla Arraith taoiseach do thaoiseachaibh Luighne décc.



Murchadh mac Tomoltaigh Uí Flannagain an tres fer do bferr da chinedh
do mharbhadh do Gallócclachaibh meic Cathail.



Aodh mhac Aedha Breifnigh mic Cathail Ruaidh Uí Choncobhair do righadh
do Connachtaibh agus do Mhac Uilliam Burc an céd Luan do geimreadh iar
naithrigheadh


L. 578


Toirrdhealbhaigh dóibh, agus tanaisecht Connacht do thabairt dAedh
mac Fedlimidh Ui Concobair. Tir nOilella do thabhairt dFergal Mac
Diarmatta.



Tadhg mac Tomoltaigh mic Muirghiusa Meic Donnchaidh dionnarbadh as
a dhuthaigh fein lá Concobhar Mac Diarmata agus la a braithribh, agus
é do beith i ffarradh Toirrdealbhaigh Uí Concobhair, agus Ferghal
mac Tomaltaigh do ghabhail Thire hOilella dia és.



An Giolla Dubh Mhag Uidhir do bathadh for Loch Éirne.



Matha Mac Magnusa brughaidh coitcind conaigh na ro diúlt fri dreich
nduine do truagh nó do trén dég.



Conchobhar mac Aodha mic Domhnaill Oíg Uí Dhomhnaill tigherna Chenel
cConuill, Íochtair Chonnacht, FherManach Cenel Moáin agus Insi
hEóghain, Soidheach diongmhala dairdrighe Erenn ar chruth, ar chéill,
ar oineach, ar oirrdhercus, ar ghaois, ar ghliocus, ar menmnaighe, ar
móirchetfaidh, ar crodhacht, ar calmatas, ar crabaidh, agus choindercle,
do mharbhadh la a dearbhrathair Niall Ó Domhnaill iar ttabhairt
ammaiss oidhche fair ina longport fein i Murbhach, agus Niall feisin
do ghabháil a ionaidh.



Flann Óg Ó Domhnalláin ollamh Connacht i ndán do écc.



Domhnall Ó Coinleisg saoí shenchaidh do mharbhadh la hUibh Diarmada
gar ria cCaisg.



Tomas Mac GiollaCoisgligh saoi ar eineach agus ar engnamh do écc.



Piarus Albanach do mharbhadh la cloinn MaoilIr Meic Feórais.


L. 580


AOIS CRIOST, 1343.



Aois Criost, mile, trí chéd, ceathrachatt, a trí.



Seaan Mac Eoaigh epscop Conmaicne décc.



Iohannes Ó Laithimh epscop Cille hAlaidh agus Cathal Mac an
Liathanaigh abb na Trinoitte décc.



Donnchadh Clerech Ó MaoilBrénaind canánach coraidh Oile Finn do
mharbhadh durchur soighde le muintir Hoiberd mic Dabid Duinn Meic
Uilliam.



Slaine ingen Uí Bhriain ben Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair righ
Connacht décc.



Cathal Ó Madadháin saoí einigh agus oirrdearcais a chenél féin do
mharbhadh la Cloinn Ricairtt.



Derbháil inghen Aedha Uí Domhnaill do thoidheacht ar cuairt co hInis
Doighre dfechain Meic Diarmada, agus galar a hécca do gabháil annsin
co bfuair bás agus ro hadhnaiceadh go huasal onórach i Mainistir na
Buille, agus nocha ttainicc roimpe dia cineadh aoinbhen rug barr a
maithessa.



Dubhchabhlaigh inghen Meic Diarmada bean Uí Birn décc.



Muirchertach Ua Briain tighearna Tuadhmhumhan decc, agus Diarmaitt
Ua Briain do gabáil an tighearnais, agus a athchor as a flaithes la
Brian Ua mBriain, agus maithe Tuadhmhumhan do umhlughadh do Brian
iarsin.



Tomas Macc Shamhradhain taoiseach Teallaigh Eachdhach décc.



Uilleac mac Riocaird mic Uilliam Léith, macaomh Gall Ereann in
eneach agus in engnomh décc.



Maidhm mór ria cCloinn Feórais agus ria cCloinn Riocaird for Uíbh
Maine dú in ro marbhadh aoínfher décc duaislibh Maineach im
Concobhar Cerrbhach Ó Cheallaigh.


L. 582


Niall Ó Domhnaill do cor as a flaithes la hAenghus Ua nDomhnaill
agus le Domhnall (.i. Domhnall Dubh) Ua mBaoighill, le hUa
nDochartaigh le nert Aodha Reamhair Uí Néill, agus le cloinn
tSuibhne, agus Aengus mac Concobair mic Aedha mic Domhnaill Óig do
chor hi ttighernus Tíre Conaill.



Clann Muirchertaigh do diochur as an mBrefne la hUalgarg Ua Ruairc
le Toirrdhealbhach Ua Concobhair, agus la Tadhg Mhág Raghnaill co
ndeachsat go Tír Aedha dionnsoighidh Uí Domhnaill, agus tug Aenghus
(.i. Ó Domhnaill) Tír Aodha doibh. Tachar do theccmhail iarsin eidir
Aonghus agus Niall (.i. in Achadh Mona) agus Clann Muircertaigh
deirghe la hAonghus in aghaidh Néill, maidhm do thabhairt leo for
Niall gona mhuintir. Aindiles Ua Baoighill taoíseach Thíre
Ainmireach, cona mac, Eoghan mac Airt Uí Dhomhnaill agus sochaidhe
oile do mharbhadh an tan sin, agus Aenghus do bhreith bhuadha.



Dauit Mág Oirechtoigh comhorba Patraicc décc.



Eóin Mhag Dhuibhne airchideochain Droma Leathain do écc.



Conchobhar Mhac Diarmata tigherna Mhuighe Luirg tuile ordain, agus
oireachais cloinne MaolRuanaidh Moir mic Taidg mic Cathail mic
Concobhair do ecc ria tigh féin sechtmhain ria Samhain Dia Sathairn ar
aoi laithe seachtmuine iar mbreith buadha o domhan agus o dhemhan, agus a
adhnacal i Mainistir na Búille, agus Ferghal Mac Diarmata a
dherbhrathair fein do oirdneadh ina ionad.



Ruaidhri Mag Craith ollamh Leithe Mogha le dan do ecc.


L. 584


AOIS CRIOST, 1344.



Aois Criost, mile, tri chéd, ceathrachatt, a ceathair.



Epscob Luigne décc.



Murchadh mac MhaoilMhuáidh Uí Eghra abb na Buille agus adhbhar
epscoip Luighne do écc.



Niocól MaccRaith comhorba Termainn DaBeoucc decc.



Art Mór mac Corbmaic Uí Mhaoileaclainn ri Midhe do mharbhadh la
Corbmac mBallach Ua Maoíleachlainn, agus é fein do ghabail a ionaid.



Aodh mac Rooilbh Meg Mathghamna tighearna Oirghiall décc, agus
Murchadh Óg Mhág Mathgamhna do ghabháil an tighearnais na dheoidh,
agus a écc hi cinn seachtmhaine. Maghnus mac Eocha mic Rooilbh Még
Mhathgamhna do ghabháil an tighearnais iarsin.



Uilliam mac Mathgamna Mhég Raghnaill do mharbhadh la macaibh Cathail
Mheg Raghnaill.



Mathghamain mac GiollaCriost Clerigh Meic Diarmata do mharbhadh la
Muintir nElighe ar an cCoirrshliabh.



Brian mac Ruaidhri Mhég Uidhir décc.



AOIS CRIOST, 1345.



Aois Criost, mile, trí chéd, ceathrachatt, a cúig.



Giolla na Naomh Ó Cianáin abb Leasa Gabhail do écc.



Toirrdhealbach mac Aodha mic Eoghain Uí Choncobhair Rí Connacht do
marbhadh durchar do shoighitt (.i. is in Foghmar) i fFiodh Doradha
hi Muintiri Eolais iar ndol do chongnamh dhó lá Tadhg Mag Raghnaill
i naghaidh chloinne Muircertaigh Muimhnigh Uí Choncobhair co Loch
Airind. Clann Muircertaig


L. 586


agus an chuid oile do Muintir Eolais dia leanmain go Fiodh Doradha,
agus a marbhadh ar Guirtír recte Guirtín na Spideóige, agus nocha
ttorchair do Ghaoidhealaibh re hathaidh roimhe imchein sgel budh mó inas,
agus Aodh mac Toirrdhealbhaigh do rioghadh ina ionatt.



Brian Ua Ferghail deghadhbar tighearna na hAnghaile decc. Fear na
ro thuill imdeargadh im ní da bfuair is in mbith, co rug buaidh o
dhomhan, agus o deman.



Aodh Ó Néill do dul coblach ar Loch Eachach, agus Clann Aedha
Buidhe co na ttionól do breith fair, agus daoine iomdha do lot agus do
mharbhadh etarra. Acht chena tearna Aedh ina longaibh uaidhibh dia
naimdheoin.



Magnus Ó Floinn Line do marbhadh la Domhnall Donn agus la Brian O
Néill.



Corbmac mac Ruaidhri Uí Chonchobhair do écc.



Corpmac mac Muircertaigh Meic Lochlainn do mharbhadh la macaibh
Ualghairg meic Ferghail.



AOIS CRIOST, 1346.



Aois Criost, míle, trí chéd, cethhrachat, a sé.



Coccadh do fhás eitir Ua Ruairc, .i. Ualgarg, agus Ruaidhri mac
Cathail Uí Chonchobhair. Tachar do thegmhail etorra i cCalraighe
Locha Gile, agus Sraineadh


L. 588


for Ua Ruairc agus a Ghallocclacha uile do mharbhadh, .i. Mág Buirrce
agus Mac Neill Caimm co na muintir. O Ruairc do leanmhain do
Ruaidhri Ua cConcobhair agus do Cloinn nDonnchaidh asa haithle,
agus a mharbhadh la MaolRuanaidh Mac Donnchaidh, agus ro budh móirécht
esidhe.



Ceithre meic Cathail mic an Chaoich Még Raghnaill do gabail ar Loch
an Sguir do Chonchobhar Mag Raghnaill, Tomaltach Mág Raghnaill da
mbreith lais co Caisiol Cosccraigh, agus a marbhadh dó ann sin.



CuUladh Mac Cathmaoil toíseach Cenél Feradhaigh do marbhadh la
Domhnall Mac Cathmaoil.



Maidhm la Brian Mág Mathgamna for Ghallaibh go ráinicc trí chétt cenn
in airemh dhibh.



Niall Ó Domhnaill, Clann Muirchertaigh, mac Fedhlimidh Uí Concobhair,
agus Muirghes Mac Diarmata do lenmhain Ruaidhri mic Cathail go Cúil
Maoile go ttugsat maidhm fair, agus for Cloinn nDonnchaidh annsin
gur cuireadh ár orra, agus a ccreachadh asa haithle dhóibh go mbaoí
a lor dhaothain creach lais.



Mac Diarmada Gall do mharbhadh tre feill ina tigh féin la cloinn
Uaildrin Meic Goisdealbhaigh agus Corpmac Caoch Mac Fínghin do
mharbhadh dhóibh imaille fris.



Concobar Ua Birn do mharbhadh.



Iomhar mac Murchadha Uí Fherghail do mharbhadh la Brian Mac
Tighearnain, agus la Cloinn Meic Muircertaigh.



Art Mac Tomáis Uí Ruairc do mharbhadh la Domhnall Mag Tighearnain.


L. 590


AOIS CRIOST, 1347.



Aois Criost, mile, trí chéd, ceathrachatt, a Seacht.



MaolMaedhóg Ó Táichligh oifficél Locha hErne do écc.



Giolla na Naomh mac Seaffraidh mic Giolla na Naomh Uí Fherghail
tighearna na hAngaile cenn cosanta Conmhaicneach ar ghoil ar gaisccidh,
ar eneach, agus ar oirrdearcus do écc i cCluain Lis Béic iar mbeith
athaidh imchian in airdchennus na hAnghoile dhó agus é do breith
buadha ó dhoman agus ó dheman. Cathal mac Murchadha mic Giolla na Naomh
Uí Fherghail do ghabhail tighearnais na hAngaile iaromh.



Muirghius Mac Diarmata do mharbhadh la Seaan Ruadh Mac Dauid A Burc.



Tadhg Mhág Raghnaill taoíseach Mhuintire hEólais do ghabail do Cloinn
Muircertaigh.



Uilliam Mac Dauid do mharbhadh do Thadhg Ruadh Mac Diarmata Gall
i mBaile an Topair.



Tomas Mac Artain tighearna Ua nEachdhach Uladh do chrochadh la
Gallaibh.



Eoghan Ua Madadhain taoíseach Sil nAnmchadha décc agus Murchadh a
mhac do ghabhail cennais Sil nAnmchadha.



Aenghus mac Gadhra Uí Madadhain do écc.



Teampall Chille Rónáin do chor suas dFearghal Ua Duibhgionnáin.



Finnguala inghen Meic Fingin ben Ferghail Uí Duibhgionnain décc.



Enrí mac Aedha Buidhe Uí Neill, Fionnghuala inghean MaoilSeachlainn
Uí Raighilligh, agus an Giolla Dubh Mac Gille MoChua decc.



Donnchad mac Aedha Óig Uí Ferghail décc.



Sídhradh Ó Cuirnín saoí fhileadh agus ollamh na Bréifne esidhe do ecc.


L. 592


AOIS CRIOST, 1348.



Aois Criost, mile, tri chéd, cethrachatt a hocht.



Giolla na Naomh Ua Cianain abb Lesa Gabail do écc.



Niall Garbh Ua Domhnaill tigherna Thire Conaill, iar bfaghbhail mór
nimresna dhó hi ttighernus agus ria ttighernus, do marbhadh la
Maghnuss Meabhlach Ua nDomhnaill tria cheilg agus fhionghail (.i. i
port Insi Saimher). Ba cur crodha comnart cosnamhach an ti Niall
go sin, agus ba liach a aoideadh amhlaidh sin. Aonghus mac Conchobhair
Uí Dhomhnaill baoi in imreasain fri Niall do ghabhail an tighearnais.



Cathal Ó Fergail tighearna na hAnghaile décc.



Maoileachlainn Mhág Oireachtaigh taoiseach Muintire Rodhuibh, agus
Donnchadh Mag Bradaigh taoiseach Cuile Brigde décc.



Coimheirghe choccadh eidir Ferghal Mac Diarmada agus Ruaidhri mac
Cathail mic Domhnaill Uí Choncobair. Longport Meic Diarmada do
losccadh la Ruaidhri. Mac Diarmata do thionol a charad asa haithle
co ndeachsatt i ndiaidh Ruaidhri go a longport go Baile an Mhotaigh
gur ro loiscceadh an baile leó eittir cloich agus crand, agus ni ro
cuireadh na naghaidh gur tillsett dia ttighibh doridhisi. Tugsat mac
Uí Ruairc baoí i mbraigdeanus is in mbaile ass immaille re gach
braghaid oile da ffuairsett ann.



Clann Feorais do ionnarbhadh la hÉmann A Búrc gur bo heigen do Mac
Feorais tocht dia chothughadh go teagh Uí Concobhair.


L. 594


AOIS CRIOST, 1349.



Aois Criost, mile, trí chéd, cethrachatt, anaoí.



Maidhm do thabhairt la hAodh Ua Ruairc ar Flaithbertach Ua Ruairc
ar Donnchadh Ua nDomhnaill, agus ar Dartraighibh. Aodh Macc
Flannchaidh taoiseach Dartraighe GiollaCriost Mag Fhlannchadha,
Lochlainn mac Aindilis Uí Bhaoíghill agus sochaidhe immaille friú do
mharbhadh don commasc hisin.



Eoin Dubh Mac Domhnaill do mharbhadh la Maghnus mac Eochadha Mhég
Mathghamhna.



Giolla na Naomh Ó hUigind Saoí le dán décc.



Coimeirghe do denomh eidir Mac nDiarmada do Ridhisi agus Ruaidhri Ua
Concobhair gur ro thionóil Mac Diarmada an méd fuair do Ghallaibh,
agus Gaoidhealaibh im Cloinn Muircertaigh agus im Cenél cConaill
dho shoighidh mic Cathail. Ruaidhri do ghluasacht rompa, agus a chur
go Cloinn Fermaighe dhóibh. Gidheadh nochar fhédsatt uile eittir
Ghallaibh agus Gaoidhealaibh greim do gabail air. Iompaíd as a haithle
gan nert gan eidiredha. Ruaidhri do thionol sochraide iarsin gur loisg,
gur mill, agus gur airccesttair urmhór Maighe Luirg uile.



Plaigh mór in Erind agus go hairidhe i Muigh Luirg co ttugadh ár
diarmhidhe ar dhaoínibh da bíthin. Matha mac Cathail Uí Ruairc décc
don plaigh hisin.



Donnchadh Riabhach mac Maoileachloinn Carraigh Meic Diarmada do
ghabhail la Corbmac Bodhar Mac Diarmata, agus é da breith lais i
nAirteach, agus a marbhadh i nduinetháidhe do mhuintir Airtigh, do
mac GiollaCriost Mic Taichligh agus dUa Cearnaigh.



Risderd Ua Raghallaigh tighearna na Breifne Thoir, agus mac an Iarla
do écc.



Gillebert Ua Flandagáin taoiseach Tuaithe Ratha do marbhadh do mhacaibh
Briain Uí Fhlannagáin.


L. 596


Muirchertach Riaccánach Mhág Aonghusa do mharbhadh lá a bhráithribh
budhdhéin.



Ruaidhri Ua Cathain tigherna na Craoibhe, agus Airdi Cianachta do
écc.



Aodh Ua Raghallaigh do écc.



An Giolla Caéch Mhág Dorchaidh do écc.



Muirghes Mac Donnchaidh taoíseach an Chorainn fear lán daithne,
agus deneach do écc.



Maidhm mór do thabhairt las an Iustis agus la Gallaibh na Midhe ar
Ua Maoileachloinn agus ar Ghaoidhealaibh na Midhe dú i ndorcratar
sochaidhe dia maithibh.



AOIS CRIOST, 1350.



Aois Criost, mile, trí chéd, caoccatt.



Uilliam Ó Dubhda Epscop Chille hAladh fer tógbhala ceall agus neimhedh,
Saoí dhiadha, dhercach, dhaonnachtach do écc.



Aodh (.i. rí Connacht) mac Aedha Bréifnicch Uí Choncobhair ris a
ráití Ua Concobhair do mharbhadh la hAedh Ua Ruairc i Moigh Angaidhe.



Ferghal Ua Ruairc mac Ualghaircc do mharbhadh do mac Cathail Cleirigh
Meic Donnchadha.



Brian Mac Diarmada adhbar tighearna Mhaighe Luircc do mharbhadh i
Ros Commain la muintir an Epscoip Uí Fhinachta daon urchar soighde
co tegmhaiseach, agus an fear ar ar cuireadh an tsoighead do chaithemh
(Ruaidhri an tSeomra Ó Donnchadha) do chiorrbhadh fo chettóir ina
éraic.


L. 598


Brian mac Domhnaill mic Briain Ruaidh Uí Briain do mharbhadh tre
fheill la macaibh Lorcáin Meic Ceoach. As dó ro raidheadh:




Truagh aon mhac Domhnaill dala,
Truagh oighir Briain Boramha,
Truagh a dhul mar na saoileadh
Truagh Clann Cheoch da chomhmaoidhemh.




Toirdhealbhach Ócc Ó Briain do mharbhadh sé bfear ndécc do Chloinn
Ceoach i ndioghail a migniomha, a bferonn agus a ccrodh do bhein
díobh bheós.



Ruaidhri mac Cathail mic Domhnaill Uí Chonchobhair do mharbhadh i
fell i nGarrdha na Fiongaile ar Brecshliabh la cloinn Ferghail
Meic Donnchaidh ar forcongra Aedha mic Toirrdealbhaigh.



Aodh mac Toirrdealbhaigh daithrioghadh do Mac Uilliam Burc agus do
Thuathaibh Connacht, agus Aédh mac Feidhlimid do ríoghadh dóibh
ina aghaidh.



CúChoiccriche Mór Mhág Eochagáin tigherna Cenél Fhiachach, Aodh
mac Amhlaoibh Meguidhir, agus Muirghes Mac Donnchadha décc.



Aonghus Ruadh Ua Dalaigh saoí Ereann i ndán, agus Aonghoss Ua
hEodhosa deighfhear dana décc.



AOIS CRIOST, 1351.



Aois Criost, míle, trí chéd, caoccatt, a haon.



Mainestir Ruis Oirbealaigh in epscoiboidecht Tuama do dhenomh do
braithribh .S. Franseis.



Eoghan na Lathaighi Mac Suibhne do marbhadh lá Maghnus Ua nDomhnaill.



Pilib Mhág Uidhir taoiseach Muintire Pheodacháin, agus Enna Ó
Flannagáin taoiseach Tuaithe Ratha décc.


L. 600


Aodh mac Toirrdealbhaigh do ghabhail neirt doridhisi, braighdi
Connacht do thabhairt dó agus Aedh Fedlimidh dionnarbhadh as an tír.



Aodh Ua Ruairc do ghabhail do Mac Pilbín Mic Uilliam Burc ag techt ó
Cruaich Patraicc dó, agus Mac Diarmata deirghe i naghaidh Cloinne
Pilbin tríd sin. Creacha agus comhairccne móra do dhenomh etorra
desidhe.



Mathghamhain Mac ConSnámha do mharbhadh la cloinn Donnchaidh Meic
ConSnamha.



Gairm chomhchoitcenn enigh do thabhairt dUilliam mac Donnchadha
Muimhnigh Uí Ceallaigh im Notlaicc do damhscolaibh Ereann da lucht
siubhail da bochtaibh, agus da haidhilgneadhaibh, agus fuairset uile
a noigreir eidir maith agus saith, iseal agus uasal gursat buidhigh uile
desiumh agus dia mhac .i. do Maeleachloinn.



AOIS CRIOST, 1352.



Aois Criost, mile trí chéd, caoccatt, adó.



Aodh mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair do ghabhail na righe doridisi
daimhdheóin a mbaoi ina aghaidh do Ghallaibh agus do Ghaoidhealaibh.



Aodh Ó Ruairc tigherna Breifne do mharbhadh la Cathal mac Aedha
Bréifnigh Uí Concobhair, agus la Cloinn Muircertaigh, agus ár do chur
ar Ghallócclachaibh cloinne Suibni an tan sin.



Aodh Ua MaoilBrénaind, agus a dhá mac do mharbhadh la hAedh mac
Fedhlimidh Uí Choncobhair.


L. 602


Aonghus mac Concobhair mic Aedha mic Domhnaill Óig Uí Dhomhnaill
tighearna Tíre Conaill fer beódha borrfadhach, agus aon ba ferr engnomh
agus uaisle i nUltaib immón amm soin do mharbhadh la Maghnus Ua
nDomhnaill. Felim Ua Domhnaill do ghabháil a ionaid agus Seaan mac
Concobhair Uí Domhnaill do beith acc cogadh fris im an ttighearnas.



Combach Baile an Dúin la hAedh mac Toirrdealbhaigh Uí Choncobair.



Conchobhar mac Muirgesa Meic Donnchaidh feichem coitcind daos gacha
ceirde, Dabhucc Diolmain mac Uillic Umhaill cenn ceithrne agus
Diolmhainech Connacht, Tomás Mhag Raghnaill, agus Tadhg mac Siacasa
Uí Cheallaigh décc.



AOIS CRIOST, 1353.



Aois Criost, mile, trí chéd, caoccatt, a trí.



Eóin Ua Cairbre comarba Tighernaigh Cluana hEóais décc.



Gormlaith inghen Uí Domhnaill ben Uí Neill décc, agus nocha raibhe
in én aimsir fria ben ro budh mó clú agus oirrdearcus iná isi.



Aodh mac Ruaidhri Uí Neill décc.



Mathghamhain mac Giolla na Naomh Uí Fherghail tigherna na hAnghaile
décc.



Tadhg Mhág Raghnaill taoiseach Mhuintire hEólais do mharbhadh la cloinn
tSeffraidh Mheg Raghnaill.



Aodh mac Toirrdhealbhaigh do aithrioghadh agus Mac Branáin do dá
chongmhail is in tír.



Mainestir Chille Conaill in epscopóittecht Chluana Ferta hi
Connachtaibh do thógbháil do braithribh .S. Franseis la hUilliam
Ua cCeallaigh tighearna Ua Maine.


L. 604


AOIS CRIOST, 1354.



Aoís Criost, mile, trí chéd, cáoccat, a ceathair.



An tEpscob Ó Lachtnáin .i. eapscop Connacht, agus Seaan Ua Fínachta
Eapscop Oile Find décc.



Mac Murchadha do bhásughadh la Gallaibh, agus coccadh mór do fhás
desidhe eitir Gallaibh agus Ghaoidhelaibh.



Rudhraidhe Ó Mórdha tigherna Laoighisi do mharbhadh la a bhraithribh
fein agus la a lucht ticche.



Brian Ó Dubda flaithcenn Thíre Fiachrach décc, agus a mac Domhnall
do ghabháil a ionaidh.



Brian mac Aedh Móir Uí Neill, Cathal mac Néill Uí Ruairc Seffraidh
Mhág Raghnaill, Seffraidh Ua Raghallaigh, Sitriucc Macc Sampadain recte
Samradain, agus Ferghall Mhacc Eochagain taoiseach Ceneóil Fhiachach
do écc.



Ruaidhri mac Seaan Mhecc Mathghamhna do mharbhadh i longport Mhég
Mhathgamhna.



Maidhm mór do thabhairt la cloinn Aedha Buidhe Uí Néill, agus la
Gallaibh Dúine Dealgan ar Aodh Ua Néill agus drong mor do mharbhadh
is in maidhm hisin.



Derforgaill inghen Uí Concobhair, Fedlimidh mac Cathail Uí Concobhair
agus Hoiberd A Burc do écc.



Flaithbertach Mac Giolla Fhinnein agus a brathair do mharbhadh la a
muintir féin.



Murchadh mac Cathail Uí Fhearghail agus Tadhg Mac Seanlaich do écc.



Saerbrethach mac MaoilÍosa Dhuinn Meic Aedhagáin ollamh Conmhaicne
do écc i nInis Clothrann.



MaolSeachlainn Mac Rithbeartaigh ollamh FearManach i ndán décc.


L. 606


AOIS CRIOST, 1355.



Aois Criost, míle, trí chéd, caoccatt, a cúicc.



Concobar Mac ConSnámha epscop na Bréifne ó Druim Chlíabh go Cenannus
Mac Gallghaoidhil prioir na Trinoide, agus Mac Cathail abb Sruthra
décc.



Donnchadh mac Felim mic Aedha mic Domhnaill Óig Uí Domhnaill do
mharbhadh ag tabhairt Ghormlatha inghine Aedha Ruaidh Mhég Uidhir
(.i. Mág Uidhir) ar éccin lais, agus Donn Mac Murchadha as é ro
mharbh eisiomh i longport Mhég Uidhir.



Domhnall mac Seaain Uí Fherghail tighearna na hAngaile décc.



Diarmait Ua MaoílMhiadhaigh taoíseach Mhuintire Cerbhallain do
mharbhadh la Muintir Birn agus sochaidhe do Muintir Eolais imaille fris.



Cathal Ó Cuinn taoiseach Muintire Giollgáin do mharbhadh do Cloinn
tSeaain, agus do Chloind Aedha agus coigear da braithribh immaille fris.



Corbmac Mhág Raghnaill taoiseach Muintire hEólais do mharbhadh la
cloinn Iomhair Mhég Raghnaill.



Ferghal mac Fearghail mic Muircertaigh Mhóir mic Conghalaigh Mhég
Eochagáin toiseach Cenel Fiachach dég.



Murchadh mac Cathail Uí Fherghail, Derbforgaill inghen Uí Fherghail,
agus Tadhg Mac Aedhagain saoí i feineachas décc.



Maidhm do thabhairt do Ghallaibh Iarthair Connacht for Mac Uilliam,
agus mórán do mharbhadh dia mhuintir.


L. 608


Emann mac Uilliam mic Riocaird do mharbhadh la Siol nAnmchadha.



Maidhm mór do thabhairt la Riocard Ócc ar lucht tighe Mheic Uilliam
.i. Emann agus ar Shiol nAnmchadha dar marbhadh Stiamhna Mac
Siurtáin Enrí Mac Pilbin agus sé fir dhécc duaislibh Sil nAnmchadha.



Niall Mhág Mathghamhna do mharbhadh la cloinn tSeaain Mhég Mathgamna.



Aduc Mac Uidilín do mharbhadh la hOirtheraibh.



Deich nuain do breith in aoínfhecht daon chaoiridh.



AOIS CRIOST, 1356.



Aois Criost, míle, trí chéd, caoccatt, a Sé.



Ferghal mac Seffraidh Még Raghnaill Priomhaidh ArdaMacha, agus fer
ionaid Patraicc décc.



Nicol Mac Cathasaigh epscop Oirghiall décc.



Solamh Ó Meallán maor Cluig an Edhachta dég. Fechemh coitchenn do
cliaraibh Ereann eshidhe.



Aodh mac Toirrdealbhaigh Uí Concobhair, Ri Connacht do mharbhadh i
mBaile Locha Deacair la Donnchadh Carrach Ua Ceallaigh, agus la
cloinn Meic an Baird ar forailemh Maineach i ccionaidh ingheine
Seóinin A Burc ben Uí Cheallaigh do breith leis ar aitheadh, agus ar
elódh roimhe sin.


L. 610


Aodh mac Fedhlimidh Uí Choncobhair do ghabhail lain righe Connacht
iaromh.



Conchobhar mac Taidhg Uí Cheallaigh do mharbhadh la Tadhg mac
Diarmada Uí Cheallaigh.



Toirrdhealbhach mac Aedha Bréifnigh Uí Concobhair do mharbhadh la
Cloinn nDonnchaidh.



Diarmaid mac Diarmada Mhécc Carthaigh agus Donnchadh a mhac do
mharbhadh la mac Uí Suilleabháin.



Mór inghen Uí Concobhair décc, ben Uí Fherghail isidhe.



Muirchertach mac Seaain Uí Neill do mharbhadh la Pilib Mhág Uidhir.



Dubhghall Mac Suibhne do mharbhadh do Dhomhnall Ua Concobhair.



Ruaidhri mac Aedha Uí Choncobair, agus Domhnall mac Aedha Breifnigh
Uí Chonchobhair décc.



Donnchadh Mac ConMara mac toisigh do bferr ilLeth Modha ina aimsir
fén do mharbhadh la Siol mBriain.



Donnchadh Próisteach do mharbhadh la dis dia mhuintir fein tria cheilg.



Gearoittin Triel do bhásughadh la muintir righ Saxan ar faitche Átha
Cliath.



Murchadh mac Briain Uí Néill do écc.



Felim mac Aedha mic Domhnaill Óicc tigherna Thíre Conaill do
mharbhadh la mac a dearbhbrathar fein Seaan mac Concobair Uí Dhomhnaill,
agus Seaan do gabhail tighearnais Tire Conaill gan imreasain.



AOIS CRIOST, 1357.



Aois Criost, míle, trí chétt, caoccatt, a Seacht.



Clement Ó Duibhgennáin biocaire Cille Ronáin décc. Saccart na
Sionnach atberthí fris.



Maghnus Mhág Mathghamhna tigherna Oirghiall, Lochlainn mac
Muirchertaigh


L. 612


Uí Choncobhair, agus Ferghal Muimhneach Ua Duibhgennán ollamh
Conmhaicne agus Cloinne MaoilRuanaidh Thíss agus Tuas dég.



Seaan mac Briain Uí Raghallaigh do mharbhadh la Gallaibh.



Brian mac GiollaCriost Uí Ruairc agus Maghnus Buidhe Mag
Shamradhain do mharbhadh i Rúta Meic Uidhilin la hAodh Ó Néill.



DonnSlébhe Mac Cerbhaill saormaighistir senma agus airpheteach do
budh ferr ina aimsir fén décc.



Síth coitchenn eitir an dá Chathal, Cathal mac Aodha Bréifnigh agus
Cathal Ócc mac Cathail mic Domhnaill.



AOIS CRIOST, 1358.



Aois Criost, míle, trí ched, caoccatt, a hocht.



Brian Mac Cathmaoil epscop Uirghiall decc.



Maghnus Mhácc Uidhir do mharbhadh la Cloinn Cathmhaoil.



Domhnall Ua hEghra tigherna Luighne décc lá Cásg.



Concobhar Ó hAinlighe taoiseach Chenél Dobtha Mic Aenghusa décc,
iar mbreith bhuadha ó domhan agus ó dheamhan dó.



Maidhm do thabhairt dAodh Ua Néill for Airgiallaibh agus for
Feraibh Manach dú in ro marbhadh Aédh Mac Caba agus mac an Epscoip
Uí Dhubhda (.i. Maoileachloinn) co sochaidhibh imaille friú.



Maidhm mór do thabairt dUa Mordha for Ghallaibh Átha Cliath, agus
dá fhichitt décc do mharbhadh ar én lathair lais dhíobh.


L. 614


Toirrdhealbhach mac Aedha na Fiodhbhaidhe Uí Neill agus mac Aintriu
Meic Feoruis décc.



Cioth mór dferthain i Crich Coirpre is in Samhradh co nar mó fiadhubhall
ina gach cloch de.



Senicin Mac Uidhilin ardconsabla cuigid Uladh do écc.



Mac Giolla Íosa Uí Fhlannagáin do mharbhadh la Magnus mac Cathail mic
Aedha Bréifnigh.



AOIS CRIOST, 1359.



Aois Criost, míle, trí ched, caoccatt, anaoí.



Corbmac Mac Cárthaigh tigherna Deasmhumhan, agus Domhnall mac Taidhg
Uí Mathghamhna décc.



Maidhm mór do thabairt do Chathal Óg mac Cathail Uí Concobhair occ
Áth Senigh ar Sheaan mac Conchobhair Uí Dhomhnaill, agus ar
Chonallchaibh. Seaan Ó Dochartaigh taoiseach Arda Miodhair, Eoghan
Connachtach, Toirrdhealbhach Mac Suibhne do ghabháil do mhac Uí
Concobhair don chur soin, agus daoíne iomdha do marbadh lais.



Matha Macc Shamradhain adbar toisigh Theallaigh Eachdhach do lot an
lá so agus a écc da bithin iar rochtain a thighe fein dó. Cathal Bodhar
mac Cathail Uí Ruairc, agus MaolSeachlainn Ó Gairmleadhaigh do comhthuitim
re aroile ar an ccoccadh ccedna so iar mbreith sloigh do ridhisi do
Chathal Ó


L. 616


Concobhair go Tír Chonaill go rangatar drong da mhuintir dutechidh
Uí Gairmledhaigh im Chathal Bodhar Ua Ruairc.



Muircertach mac Tomais Uí Fhloinn Line adhbhar tighearna Ua Tuirtre
do mharbhadh dAodh mac Briain mic Aodha Buidhe Uí Néill.



Brian Mac Donnchaidh adbar tigherna Ua nAilella do marbadh do Mac
Sencha doireacht Uí Ghadhra.



Enrí mac Uillicc mic Riocaird A Búrc décc.



Murchadh Ócc Mac Mathghamhna adbar tighearna Corco Baiscind do
marbhadh la Síol mBriain.



Maghnas Ua Dubhda mac tighearna Ua Fiachrach agus Aodh mac
Conchobhair Meic Aedhaccáin décc aen rogha bretheaman Ereann.



Domhnall mac Taidhg Uí Mhathghamhna do mharbhadh.



Art mac Amlaoibh Uí Ruairc do mharbhadh la Mág Aenghusa.



AOIS CRIOST, 1360.



Aois Criost, mile, trí chéd, a seasccatt.



MaolRuanaidh mac an Chammuinélaigh Uí Baoighill toiseach na Tri
Tuath, saoi oirrderc ar eineach, ar uaisle, ar chéill ar cosccur, agus ar
comairge décc.



Amhlaoibh mac Seaffraidh Mhég Raghnaill do mharbhadh.



Sir Roiberd Sabhaoís agus Diarmaitt Ó hAinlighe décc.



Ros Commain, Daimhinis, Sliccech, mainistir Lesa Gabhail, Fiodhnach
agus Druim Lias do losccadh.



Seaan mac GiollaCriost Uí Ruairc do marbhadh dAedh Mág Dhorchaidh.



Diarmait Ua Briain daithrioghadh do mhac a brathar budhdhein.


L. 618


Diarmait mac Donnchadha Riabhaigh Meic Diarmata do mharbhadh la
Cathal Óg mac Cathail Uí Choncobhair.



Ingen Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair ben Ferghail Uí Raighilligh do
mharbhadh deasgar.



Droichett clochaelta do dhenamh la Cathal Óg Ó cConcobair ar abainn
Essa Dara.



Ferghal mac Seaffraidh Mheg Raghnaill agus Tuathal Ua Fionachta
décc.



Naomhacc Ó Duibgennan décc.



Cathal mac an Caoich Meg Raghnaill do marbhadh.



Giolla na Naomh Ó Connmaigh ollamh Túadhmumhan le seinm décc.



Mac righ Saxan do tocht in Erind.



Art mac Giolla Riabhaigh Mhég Aengusa do marbhadh la cloinn an
tSábhaoisigh agus la mac Muircertaigh Riagánaigh Mhég Aonghusa i
meabhail.



Sluaighedh la Cathal i Tír nAmhalgadha gur ro mill tighe agus templa
iomdha.



AOIS CRIOST, 1361.



Aois Criost, mile, trí chéd, Seasccat a háon.



Benidhecht Ua Mocháin airchindeach Cille hAtracht décc.



Art Mac Murchadha Rí Laighen agus Domhnall Riabhach rioghdhamhna
Laighean


L. 620


do gabhail la Mac righ Saxan ina tigh fein tre cheilg, agus a nécc
as a haithle ina mbraighdeanas.



Corbmac Ballach Ó Maoileachlainn Ri Midhe, Donnchadh Ua Lochlainn
tighearna CorcoMDruadh, Cathal agus Muirchertach da mhac Aedha mic
Eoghain, Dubhócc ingen Aedha Még Uidhir ben ChonChonnacht mic Pilip
Mhég Mathgamna, Tomas Mag Tighernain taoiseach Teallaigh Dunchadha,
Niocol Ó Fionachta, Tuathal Ó Máille, iadsidhe dég uile.



Sir Émann A Búrc, Remann mac Burcaigh an Muine, Uater Stondún agus
Gillebert Mac MaoilIr décc.



Cluithe an righ i nÉrinn uile co comcoitchionn agus Risderd Sauaois
décc da bithin.



Mac Raith Ua Find ollamh Sil Muiredhaigh i seinm agus i tiompánacht
décc.



Creacha mora do denamh la Mac Uilliam Burc, agus la Mac Feorais, agus
la Gallaibh Connacht uile ar Chathal Óg mac Cathail Uí Concobhair
go ro creachsat, agus go ro airgset Luighne agus Tír Fiachrach.
Sluaigheadh la Cathal ierttain do dhioghail i ndearnsat go ro aircc
oirecht Meic Feorais, agus crioch Emainn Meic Hoiberd gur ro mill agus
gur ro loit an tír go léir.



AOIS CRIOST, 1362.



Aoís Criost, mile, tri chéd, Seasccat, a dó.



O Beollam recte Beollain comharba Droma Cliabh, Giolla an Coimdheadh
Mac Mughroin oircindech Cille an Iomaire Oireachtach Mac Branain
oircindeach Oile Find


L. 622


Aongus Mac an Ócclaoich airchindeach Chille hAiridh, O Ferghasa
biocaire Iomtha, agus Murchadh Manach Mac Taidhg décc.



Eoghan Fionn Ua Concobhair mac righ Connacht MaolRuanaidh Ó Dubhda,
agus a ben inghean Meic Donnchaidh, Niall Macc Shamradhain taoiseach
Teallaigh Eachdhach Diarmaitt mac Seaain Uí Ferghail tighearna na
hAnghaile, Cairpre Ó Cuinn taoíseach Muintire Giollgain, Domnall mac
Ruaidri Uí Ceallaigh, Tomaltach Ua Birn, Muircheartach Donn Macc
Oireachtaigh, Eóghan Ua Máille, Diarmaitt a mhac tighearnadha Umaill
iadsomh do écc.



CúCoigcriche Mag Eochagain, mac Diarmada Meg Eochagain, agus Muiris
mac Muircertaigh Meg Eochagain décc.



Cathal Óg agus mac Fedlimidh Uí Choncobair do gabail caislen Baile
an Topair.



Sluaigheadh adbal mor la righ Connacht Aodh mac Fedhlimidh, agus la
Cathal Óg Ua cConcobhair is in Midhe gur ro loisgset co hathais
Midhe. Cill Caindigh do losccadh leo go cceithribh templaibh décc
ina mbatar foslongport ag Gallaibh, agus uilc iomdha do denomh forra don
chur sin, a niompodh slán dia ttighibh iaramh.



Tadhg mac Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain do mharbhadh la
Cloinn Choiléin.



Cathal Óg Ó Concobhair an tén rioghdhamhna ba mó alladh, agus
oirrdearcus neart, agus niadhachus, eneach, agus engnomh in aon aimsir ris
do écc, i Sligeach do phláigh.


L. 624


Muircertach mac Tómáis mic Cathail Riabhaigh Uí Ruairc do écc.



Domhnall mac Uí Cheallaigh do écc.



CúConnacht Ó Duibgennain bicaire Cille Rónain dég.



Amhlaoibh Mac Fhirbisigh adhbar ollamhan Ó fFiachrach, Fearghal mac
Taidhg Meic Aedhagáin saoi breithemhan, Seaan mac Donnchaidh Meic
Firbhisigh adhbhar ollamhan Ó fFiachrach, Diarmaid mac Meg Carthaigh,
Concobhar mac Maoileachlainn Carraigh Uí Dubda agus Muirceartach
a mhac iaidside uile do ég.



AOIS CRIOST, 1363.



Aois Criost, míle, tri chéd, Seasccatt, atrí.



Maghnas Eóghanaeh recte Eóghanach mac Concobhair mic Aedha mic Domnaill
Óig Uí Domnaill, agus Aodh Ruadh Mhág Uidhir tighearna FerManach
décc.



Maghnus Mebhlach mac Aedha Uí Dhomnaill adbar tigerna Tíre Conaill
fer as mó do righne duaisle agus do ghuaisbertaibh ina aimsir do
mharbhadh la Maghnus mac Cathail Sramaigh Uí Choncobhair.



Tadg Mac ConSnamha taoiseach Muintire Cionaeith do lot do Chathal
mac Aedha Breifnigh, agus a ghabhail do iarsin go bfuair bás ina
braighdeanus.



Lasairfhiona inghen Uí Ferghail ben Uí Raghailligh décc.



Muirceartach Ruadh mac Domhnaill Iorrais Uí Choncobhair do
mharbhadh do Mac Maghnusa (.i. Tadhg).



Bebinn ingen Mhég Eochagain ben an tSionnaigh décc.



Cathal Mac Donnchaidh do marbhadh do mhuintir Muighe Luirg.



Gaoth adhbal mhór do briseadh iomad tempall agus cumhtaighthi is in
mbliadain si, agus iolor long, agus laoidheang do bathadh di beós.



Concobhar Ua Dubhda do mharbhadh la Donnchadh Ua nDubhda agus la
Muirceartach mac Donnchaidh Uí Dhubhda.


L. 626


AOIS CRIOST, 1364.



Aois Criost, míle, tri chéd, Seasccat, a ceathair.



Aodh Ua Néill Rí Chinél nEoghain an taon Ghaoidheal do bferr ina
aimsir décc iar mbuaidh niochta, agus nenigh áigh agus oirrdearcais.



Diarmaid Ua Briain tighearna Tuadhmumhan, Maoileachloinn mac Murchaidh
mic Giolla na Naomh mic Aodha mic Amhlaoibh tigherna na hAnghaile,
Derbail ingean Uí Dhomhnaill ben Mhég Uidhir, Mairgreg inghen Uatér
A Burc ben Aodha mic Feidhlimidh Uí Concobhair, Domhnall Mhág Uidhir
taoíseach Cloinne Ferghaile, Giolla na Naomh Ua DuibhDaBhoireann ollamh
CorcoMDruadh le bhrethemhnas, Aiffric inghean Briain Uí Raghallaigh
ben Briain Meic Tighearnáin dég.



Domhnall mac Ruaidhri Uí Cheallaigh adhbar tighearna Ó Maine do ég.



Giolla na Naomh Mac Gobann na Scél saoí shenchadha, Diarmaid Ó Sgingin
ollam Chenel Conaill re senchas, agus Mairghreg inghen Uátéir A Búrc
bean Aedha mic Feidlimidh Uí Concobair ri Connacht dég.



AOIS CRIOST, 1365.



Aois Criost, mile, tri chéd, Seasccat, a cúig.



Paidín Ó Congaile persún agus airchinneach Rossa Airthir décc.



Ruaidhri mac Domhnaill Ui Néill do mharbhadh daon urchar soighde la
Maoileachlainn Mac an Ghirr Meic Cathmaoíl.


L. 628


Fedhlimidh an Einigh mac Domhnaill Uí Concobhair tighearna
CorcoMoDruadh saoí gan aithbe neinigh, agus nengnomha décc.



Tomas mac Murchadha Uí Ferghail dég.



Iondsoighidh do thabairt do Cloinn Goisdealbhaigh ar Luighnibh dia ro
marbhadh Corbmac Ua hEghra agus seisear do maithibh a chineadh imaille
fris.



Aodh Mac Diarmada do dul i Muintir Eolais, Creacha móra do dhénomh
orra, agus nochar creacha gan dioghail iaidsidhe, uair do marbhadh
Corbmac Mac Diarmada Ruaidh biatach coitchionn Connacht, dá mac
Tomaltaigh Uí Birn, .i. Maoileachlainn Dall agus GiollaCriost
(imaille re sochaidhibh oile) la heolasachaibh i ttoraigheacht a
ccreach. Ro gabsat beós Diarmait Mac Diarmatta, agus MaolRuanaidh
mac Donnchaidh Riabhaigh iar maidhm a muintire.



Brian mac Matha Meic Tighearnáin taoiseach Teallaigh Dunchadha, aon
ba mó ágh oirrdhearcus clu agus cennas do taoiseachaibh Breifne do écc.
As do ro raidheadh:




Brian Mac Tighearnáin na ttres,
Re a eineach nir chóir coimmeas,
Ro lean gan fhíoch an fhele
Budh nemh crioch a caithreime.




Brian mac Aedha Meg Mathghamhna do gabail tighearnais Oirgiall.
Cleamhnas dforailemh do ar Somairle mac Eoin Duibh Meic Domhnaill
(adbar tighearna Insi Gall, agus ardconsubal Cuigidh Uladh). Go
ttuc air ingean Uí Raghallaigh do leigen, agus a ingen fein do thabhairt.
Nir bo cian iar sin go ttuc Mag Mathghamhna


L. 630


esiomh ar cuireadh chuige, agus iar mbeith dhóibh athaidh ag ól tarla
imresain etorra. Iadhais Brian a lamha ina thimciollsomh, agus tucc
fodeara a cengal go daingen dosgaoilte, agus a chur is in loch baoi ina
comfhogus gur ro baitheadh é fochetóir. Domhnall mac Aodha Uí Néill
cona braithribh, Brian mac Enrí Uí Néill go maithibh Cloinne Aodha
Buidhe, agus Toirrdhealbhach Mor Mac Domhnaill cona raibhe da
chineadh i nUltaibh do thionól hi cenn aroile iarsin. Dul dóibh dén
láimh agus dén aonta go hAirghiallaibh co rangattar hi comfhocraibh
Rátha Tulach longport Meg Mathghamhna. Rabhadh do rochtain rompa co
Brian gur teichestair, agus go ro fágbadh an baile fás folamh ara
ccionn. Iadsomh do leanmhain Még Mathgamhna, agus éfein agus maithe
an tíre do beith hi ttimcheall a ccruidh, agus a ccethra da ccur fo
daingean an tíre. Maidhm do thabhairt for Airghiallaibh annsin, a
néde agus a ninnile do bhuain díobh. Mag Mathghamhna dathchur as a
dhuthaidh feisin i nucht Muintire MaoilMhórdha iarsin, agus a bhean
agus a inghen do ghabhail.



CúChonnacht Ó Raighilligh tigherna Breifne do dul is na braithribh,
agus a thighearnas do fhagbhail aga derbhrathair Pilib.



Aodh mac Neill Uí Domhnaill (.i. adbar tighearna Thire Conuill) do
mharbhadh la Domhnall mac Muircertaigh Uí Concobhair. Tadhg mac
Maghnusa Uí Concobhair do breith ar Dhomhnall an la cedna, agus
briseadh do thabhairt air, agus drong da mhuintir do mharbhadh im Aodh
mac Concobhair mic Taidhg.



Roiberd Mac Uatin Baired do écc.



Mac rígh Saxan do fhágbáil Erenn.


L. 632


AOIS CRIOST, 1366.



Aoís Críost, míle, trí chéd, Seasccat aSé.



Epscop Rátha Both, .i. Mac Maengail do écc.



Cathal mac Aedha Breifnigh mic Cathail Ruaidh, Maghnus Ócc a mac,
agus Muircertach Mac Dáil Re Docair, Muirghius Ó MaolTuile, Diarmaid
Mac Siomóin, agus Diarmaid Mac Giolla Beraigh do mharbhadh i fell
la Fearaibh Manach ar Srath Fear Luirg, agus creacha aidhble do
denamh dhoibh ar Cloinn Muircertaigh, agus iad do denomh siodha re
muintir Ruairc, agus do maithemh a ffoltanais dhóibh ar ulc re Cloinn
Muircertaigh, agus muintir Ruairc do denamh an cedna friusomh. Mac
Ruaidhri Uí Choncobhair do gabhail ionaid Cathail iaromh. Muintir
Ruairc do dhul for imirce a ccomhdhail Fer Manach. Greiss timchill
do denomh dógbaibh Cloinne Muircheartaigh gur ro marbhsat Cathal Mhág
Flannchaidh, taoiseach Dartraighe.



Muircertach Mac Raghnaill mic Raghnall Móir Mheg Raghnaill adhbhár
toísigh gan freasabra do marbhadh i fell lá Maoileacloinn Mhág Raghnaill
taoiseach Muintire hEolais, agus Maoileachloinn fein décc i ccionn
dá mhís da éis sin.



Corbmac Donn Mag Carthaigh, tighearna ó cCairbre agus ó nEachdhach
Mumhan do marbhadh i fell da brathair mac Domnaill na nDomhnall.



Conchobhar Ua Concobair tighearna Ciarraighe Luachra do mharbhadh do
Branachaibh.



Ruaidhri mac Muirceartaigh Uí Choncobhair do bhathadh for Sionainn.



Maidhm do thabhairt la Tadhg mac Maghnusa Uí Concobhair ar Seaan Ua


L. 634


nDomhnaill gona Ghallócclachaibh du in ro marbhadh sochaidhe. Mac
Suibhne agus drong do mhaithibh Thíre Conaill do ghabhail agus
braighde do denomh dhíobh.



Tionol do denamh do Dhomhnall Ua Neill agus do Cloinn nDomhnaill,
.i. do Thoirrdhealbhach mac Domhnaill agus do Alaxanduir a mhac,
dionnsoighidh Neill Uí Néill. Mac Cathmhaoil do chor as an tír
doibh co ndeachaidh i rann Neill Uí Néill gona édhibh agus indilibh.
Iattsomh do breith ar deireadh muintire Meic Cathmhaoil cona
ccethraibh, agus lamh do thabhairt tarsa gur bensatt a ccrodh dhíobh.
Raghnall mac Alaxandair oighre Cloinne Alaxandair do thecht a
hInsib Gall mun ammsoin i ccommbáidh Néill Uí Néill. An cethern
do gach taoibh do tegmhail i ccomghar dia roile, .i. airechta Cloinne
Domhnaill. Raghnall do chor teachtadh mar araibhe Toirrdhealbhach
agus a mac Alaxandair co na muintir diarraidh an tslighe do leigen dó
i nonóir a shinnsirechta agus do thaobh a mbrathairsi re aroile.
Do ronadh dimbrigh leósomh don aithesg hisin uair do ionnsaighset gus an
áth a bfacadar eisiomh ag triall tairis. Tucsat tachar trén tinnesnach
da chéile hisuidhe gur marbhadh agus gur loitedh drong dirímh diobh da
gach leith. Marbhthar mac do Raghnall, i ccommascc caich la
Toirrdhealbhach, agus gabthar mac Toirrdhealbhaigh (Alaxandair) la
muintir Raghnaill gur bhreathnaighset a mharbhadh fo chettóir. Acht
cena nir comairlécc Raghnall dóibh uair ro ráidh nach biadh a mac agus
a brathair in aoinfheacht an la sin da easbaidh.



Coccadh mór eitir Ghallaib Connacht. Mac Muiris dionnarbadh as an
tír do Mhac Uilliam co ndeachaidh do soighidh Cloinne Riocaird.
Sloigheadh do dhenomh do Mac Uilliam, dAodh Ua cConcobair, rí
Connacht, agus dUilliam Ó Ceallaigh tigearna Ó Maine, in Uachtar
Connacht go Cloinn Riocaird, agus a mbeith forgla Raithe i bforbhaisi
for aroile. Nert do ghabháil do Mac Uilliam fa dheoidh, agus braighde


L. 636


Cloinne Riocaird do thabhairt ar a laimh, agus a thoidhecht fo buaidh
ccosgair dia thir iaromh.



Seaan Mac Goisdealbhaigh tigearna Slebhe Lugha décc.



hUigin Triaal tighearna Fer tTulach do marbhadh la Cloinn Feorais.



AOIS CRIOST, 1367.



Aois Criost, mile, tri ched, Seasccat aSeacht.



An tEpscop (.i. MaolSeachlainn) Ó Ferghail, .i. Epscop ArdAchaidh,
Saoí gan easbaidh i ccrabhadh, i ndeirc, i ndoennacht, agus i neagna,
agus Malachias Mhag Uidhir, Airchideochain Oirgiall do ég.



CúConnacht Ua Raghallaigh tigherna Breifne no gur treicc í ar Dhia
do dul i clerchecht, agus Pilib do gabhail a ionaidh.



Clann Muirchertaigh do techt ar imerce go Mag Nisse. Ionnsoighidh
do thabhairt dhoibh i Muigh Luirg. Ba hiad ba hoireghdha ar an siobhal
sin, Tadhg mac Ruaidhri Uí Concobair. Fearghal Mac Tighernain tighearna
Theallaig Dúnchadha, agus Diarmait Mag Raghnaill, tighearna Mhuintire
hEólais, agus Gallocclacha iomdha ina bfarradh. Longport Aodha Meic
Diarmada do losgadh leó. Ferghal Mac Diarmata tighearna Maighe Luirg
do breith orra, agus Aodh Mac Diarmada immaille fris. Tachar do tabairt
doibh, agus daoine iomdha do marbhadh eatturra leath ar leth. Iompódh do
Thadhg Ó Concobhair agus do Mhág Raghnaill iarsin gan creich gan
chomhaidh.



Maidhm do thabhairt la Domhnall mac Muircertaigh Uí Concobhair, la
muintir Ruairc agus la Cloinn nDonnchaidh cona cceitheirn congbhala,
ar Thadhg mac Maghnusa Uí Conchobhair for Traigh nEóthuile an tSaoír.
Galloglaigh mic Maghnusa


L. 638


do marbhadh ann, dechneabar agus seacht ffichit ro rímheadh dibsidhe do
mudhughadh im Dhomhnall mac Somhairle im Dhomhnall Óg a mac im an dá
Mac Suibhne im mhac an Epscoip Uí Dhubhda agus fa Uilliam Mac Síthigh.



Dearbháil inghean MaolRuanaidh Móir Meic Diarmada ben Ualgaircc Uí
Ruairc do mharbhadh la Cloinn Muircertaigh.



MaoilSeachlainn mac Seafsraidh recte Seaffraidh Meic GiollaPatraicc,
agus drong dia mhuintir do mharbhadh i fell la Gallaibh.



Tadhg Mhág Shamhradhain, agus Aenghuss mac an Degánigh Mhég
Samhradháin décc.



Tadhg agus Lochlainn da mhac Aongusa Ruaidh Uí Dhalaigh, agus
MaolMaire Óg Mag Craith dég.



Mag Muiris na mBrigh, Eoghan mac Ruaidhrí Uí Cheallaigh, Muircertach
mac Muircertaigh Uí Concobhair, agus Bebinn inghen Ualgairg Uí
Ruairc ben Tomaltaigh Meic Donnchadha décc.



Iondsoighidh do thabairt la Cloinn Muircertaigh for Fheraibh Manach
dar airccset Inis Móir, Loch mBerraid agus Seanadh Mac Maghnusa, agus
édála iomdha do thabairt leo, agus tilleadh slán dóibh do Ridhisi.



AOIS CRIOST, 1368.



Aois Criost, míle, trí chéd, Seasccat, a hocht.



Comarba Maodhócc agus airchideocain na Breifne fear lan do rath an
Spioratu Naoimh décc iar mbreith bhuadha ó dhomhan agus ó dheamhon.


L. 640


Aodh mac Fedhlimidh Uí Concobhair Rí Connacht cenn gaile agus
gaisccidh Gaoidheal, Lugh Lamhfhada Leithe Cuinn i naghaidh Gall agus
easccarad do écc iar mbuaidh naithrighe i Ros Chommain. Ruaidhri mac
Toirrdhealbhaigh do ghabháil cennais Connachtt.



Crioch Coirpre do roinn ar dhó eittir mac Maghnusa agus Domhnall
mac Muircertaigh.



Ferghal Mac Diarmada tighearna Mhaighe Luirg, leomhan uaisle agus
engnamha a chinidh, Tomaltach mac Fearghail Meic Diarmada tanaisi
Maighi Luirg, agus Corbmac Mac Diarmada do écc.



Aodh mac Conchobhair Meic Diarmada do ghabhail tighearnais Maighe
Luirg.



Ruaidhri mac Seonuicc Mhég Eochagáin Seabhac uaisle agus engnamha a
chinidh, aon ba fele ó Áth Cliath go hÁth Luain, agus Tighearnán
mac Cathail Uí Ruairc décc.



Diarmaid mac Corbmaic Duinn Még Cárthaigh do ghabhail do Mhág
Carthaigh Cairpreach. A tiodhnacal do Ghallaibh agus a básughadh doibh
iarsin.



Dauith Ua Tuathail do mharbhadh la Gallaibh Átha Cliath.



Uilliam Saxanach mac Sir Emainn A Burc oighre na nUilliamach do écc
don ghalar breac i nInis Cua.



Fiachra Ó Floinn adhbar taoisigh Sil MaoilRuain, aon do bferr da
chineadh fein ina aimsir décc cona mhnaoi.


L. 642


Sloigheadh mór la Niall Ua Néill Rí Chiniuil nEoghain i
nOirghiallaibh, agus maithe an Coigidh uile deirghe lais dforbhaisi
ar Briain Mhag Mathghamna. Longport do ghabhail doibh i medhón an tíre.
Comhtha móra do thaircsin do Mhág Mathghamhna dhó, .i. leath Airghiall
do thabhairt do Niall mac Murchaidh mic Briain na cCoileach nOiffrenn,
.i. an tighearna baoi roimhe ar an tír, agus comtha aidhble oile dUa
Néill budhdhéin in íoc Meic Domhnaill. Ua Néill do aontughadh síothchána
dhó ar na comhthaibh sin. Mac Murchaidh Még Mathghamhna agus Alaxandair
Óg Mac Domhnaill tighearna na nGallocclach do gluassacht dén comairle,
trí coirighthe ceitheirne dionnsoighidh Még Mathghamhna gan ceadughadh
dUa Néill, agus ammus longpuirt do thabhairt dóibh air. Mag
Mhathghamhna go líon a theghlaigh do beith ar a ccoimhéd, agus iad armtha
innilte im a longport ionnus gur eirghedar doibhsiomh gan chairde.
Fearthar gliaidh namhnais naithgeir eatorra. Bristear ria Mág
Mathghamhna orrasomh. Ro marbhadh mac Murchaidh Még Matgamhna tanaisi
Oirghiall, Alaxandair mac Toirrdhealbhaigh Méc Domhnaill consabal na
nGalloglach, agus Eoghan mac Toirrdhealbhaigh mic Maoileachloinn Uí
Domhnaill don chur sin immailli re sochaidhibh ele.



Tomas Ua Floinn tighearna tTuirtre fer lan deineach agus
doirrdearcus deg.



Tadhg mac Maghnusa mic Cathail mic Domhnaill Uí Choncobair do ghabháil
tre cheilg do Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh (dUa Chonchobair) ina
longport fein i nArd an Choillín iar na breth leis do Chorbmac Mac
Donnchaidh go tegh Uí Choncobhair, agus a thairbert do Dhomhnall mac
Muircheartaigh Uí Choncobhair as a haithle, agus a marbhadh fa dheoidh
la Domhnall i ccaislén Sligicch. Acht chena as fris na gniomhaibhsi
do roigneadh ar mac Maghnusa Uí Concobhair do samailtí gach olc, gur bo
seanfhocal suaithnidh lá cach nár mesa gabáil no marbhadh


L. 644


mec Magnusa, ina gibe feilgniomh do cluintí do dhénomh. Cogadh mór
do fhás hi cConnachtaibh eittir Ua cConcobair, Mac Uilliam agus Mac
Diarmata trés an ngabháil sin agus tres an marbhadh.



CúUladh Mac an Ghirr Mic Cathmhaíl cenn a chinidh féin, agus an mac
baoi aige ina maighistir foirccthe derrscaighthe i nealadhnaibh décc
i Saxaibh.



Uilliam mac Donnchaidh Muimhnigh Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine
do ghabháil la hUa Madadhain agus la Cloinn Mic nEoghain. Domhnall
mac Concobair Uí Cheallaigh agus Ardghal Óg Ó Concenainn do
mharbhadh la Ua Madadhain an lá sin.



Domhnall Mac ConMara do écc.



Slemhni Mac Uidhlin consabal coigidh Uladh do écc.



Muireadhach Ó Faircheallaigh comharba Maedhóg, agus Airchideochain
na Breifne do écc.



Diarmait Laimhdearg Mac Murchadha rí Laighen do ghabháil la Gallaibh.
Ba heisidhe cóigedach ro ba cródha baoi ina aimsir.



AOIS CRIOST, 1369.



Aois Criost, mile trí chéd, Seasccat anaoi.



Aodh Ua Néill Epscop Clochair, Saoi craibdeach coindercleach, agus
Riocard Ó Raighilligh Epscop Cille Móir décc.



An Deaccanach Ó Bardain décc.


L. 646


CúConnacht Ó Raghallaigh tighearna Bréifne do écc.



Pilib Ua Raighilligh do ghabháil la a braithribh fein, agus a cur
doibh i Cloich Locha hUachtair go ndochar cengail agus cuibrighthe fair.
Maghnus Ua Raghallaigh do ghabháil tighearnais annsin. Coccadh agus
comhbuaidhreadh deirghe isin mBreifne trias an ghabhail sin. Sluagh
mór do thionol dAnnadh mac Risderd Uí Raghallaigh. Mág Mhathghamhna
agus maithe Oirgiall do thocht ina comhbáidh do thabach Pilib Uí
Raighilligh ar Mhaghnus. Maghnus cona braithribh agus go lion a
ttionoil do dul dentaoibh do chosnamh na tire doibh budhdhén.
Caithgleo do chur etorra. Maidhm do thabhairt for Mhaghnus i mBlén
Chupa. Tri meic Corbmaic Uí Fherghail, Seoinín, Maoileachloinn agus
Ferghus, Fedlimidh mac Aodha an Cleitigh Uí Concobair, da mac Flaithim
Móir Mec ConRubha .i. Donn, agus Brian, Sitreacc na Sróna Mac an
Mhaighistir agus sochaidhi oile do marbhadh don tachur sin.



Gearalt Caomhanach rioghdhamhna Laighen do marbhadh don Ridire Dubh.



Tighernán Ua Ruairc do dul for creich i Lurg. Creach mór do thabairt
lais dó, agus Aodh Óg mac Aodha Uí Ruairc do mharbhadh la hUa
MaolDúin Luirg in iarmóracht na creche.



Diarmaitt Laimhdearg Mac Murchadha Rí Laighen do bhasúghadh la
Gallaibh Atha Cliath iar na beith aimsir imchian i mbraighdenus aca.



Mathgamhain Maonmhaighe Ua Briain, tighearna Tuadhmumhan, Gaoidheal
do bfearr agus do baireagdha i Leth Modha décc ina longport fein
iar mbuaidh naithrighe. Brian Ó Briain do ghabáil tighearnais
Tuadhmumhan tar es Mathghamhna.



O MaolDúin (.i. Domhnall) taoíseach tuaithe Luirg do mharbhadh
la cloinn


L. 648


Nell Uí Domhnaill, agus a chreach do breith leo fór oilén doilenaibh
Locha hErne dianad ainm Badhba agus Pilib Mhag Uidhir tighearna
Seacht Tuath do dul loinges lanmhór do dhioghail a óglaoich ar cloinn
Uí Dhomnaill agus Niall Óg mac Neill Gairbh mic Aedha mec Domhnaill
Óig do mharbhadh lais i ttroid loingsi ar Fionnloch la taobh an oiléin.



Brian mac Aedha Buidhe Uí Néill deghadhbhar righ Ereann duaisle,
deineach, agus dengnamh do ég.



Maidhm mór adhbhal do thabhairt la Brian Ua Briain tighearna
Tuadhmhumhan for Ghallaibh Mumhan. Geroid Iarla Deasmhumhan, agus
morán do maithib Gall do ghabail lais agus ar diaisnési do chur for an
ccuid oile dhíobh. Luimneach do losccadh don turus sin la
Tuadhmhuimhneachaib, agus la Cloinn Cuilén. Lucht an baile do gialladh
dUa Briain agus Síoda Cam mac inghine Uí Dhuibhidhir do ghabhail
bhardachta an baile cuige, agus fealladh dona Gallaibh batar is in mbaile
fair gur ro mharbhsat é. Ba mór an techt hisin i leth re mac taoísigh.



Pilib Mhag Uidhir tighearna Fear Manach do bhreith loingis go Loch
Uachtair, agus caislén Cloiche Uachtair do gabail dó. Pilib Ua
Raighilligh (.i. tighearna Breifne) do léccen amach do Mhág Uidhir,
agus a thighearnus fein do ghabhail dó doridhisi.



MaolSeachlainn Mag Mathgamna adbar tigherna Oirghiall, Brian mac
Muircertaigh Uí Choncobair, Seaan mac Emainn Mic Hoiberd, Donnchadh Ó
Birn taoiseach Tíre Briúin, Raghnall Ó hÁinlighe, Corbmac Ó hÁinlighe,
Eoin Mac Aedhagain, agus GiIlebert Ó Bardain da saor macaomh
cruitealadnach Conmaicne dég.



Uilliam Ó Faircheallaigh comharba Maedhóg, agus Airchideochain na
Breifne do écc.


L. 650


AOIS CRIOST, 1370.



Aois Criost, mile, trí chéd, seachtmhoghatt.



Síth daingen deaghthairisi do dhénomh do Chenél Eoghain etorra féin.
Braighde do thabhairt ó Dhomhnall do Niall ré gan cur a naghaidh
imón tighearnus. Roinn forba agus feroinn ó Niall do Domhnall iarsin.



GiollaPatraicc Mac Cathmhaíl taoiseach Chenél Feradhaigh, CúUladh a
mhac agus inghean Maghnusa Mhég Mhathghamhna a bhen, do mharbhadh la
cloinn Aedha Meic Cathmhaoíl tre fheill. Murchadh a derbrathair do
ghabháil a ionaid is in taoisighecht iarsin.



Cathaoir Ua Concobair adhbhor tighearna Ó bFailge, agus Muirceartach
Ua Mordha do thuitim ar creich la Gallaibh Laighen.



Dubcoblaigh inghen Uí Raghallaigh ben Pilip Meg Uidhir do écc.



Maghnus Ó Raghallaigh do ghabhail la cloinn Tomais mic Mathgamna Uí
Raighillig, agus a chur i Cloich Locha hUachtair.



Cathal mac Dabug Uí Choncenainn tighearna Ua nDiarmada, Siobhan Cham
inghen Meg Cartaigh ben Mec ConMara, Síoda Chille Cainnigh mac Seaain
Meic ConMara, Seaan Ó hEghra adbhar tighearna Luighne, agus Diarmaitt
mac Cathail Óig Uí Concobhair do écc.



Breisim madhma do thabhairt la Niall Ua Néill tighearna Cheneil Eóghain
ar Brian Mag Mathgamhna tighearna Oirghiall, agus dronga dearmhara
do muintir Még Mhathgamhna do mharbhadh agus do bhathadh.



Domhnall mac Maeileachloinn agus Tadhg mac Lochlainn Uí Cheallaigh
cona dhias mac do écc.


L. 652


MaelSeachloinn Connachtach Ó Ferghail, agus Cathal Óg Ó Ferghail
do écc.



Tadhg Ó Ruairc do ghabhail tighearnais na Breifne. Clann
Muirceartaigh agus Mág Tighernain da indarbadh, agus Concobar Ruadh
mac Cathail mic Aedha Breifnigh, agus a chur i crich Mic Uilliam.



Uilliam Dond mac Uillec do écc.



AOIS CRIOST, 1371.



Aois Criost, míle, trí chéd, seachtmoghat, a haon.



Airdespucc Tuama .i. Seaan Ó Grada cenn eaccna agus enigh a aimsire
do écc.



Fearghal Mag Cochlain do écc i láimh ag Ua cCinnédigh.



Fearghal Mag Eochaccáin do écc.



Murchadh Ó Madadháin (.i. mac Eoghain) feicheamh coitchionn cliar,
aidhelgneach, agus fhíorbhocht Erenn do marbhadh daon orcor soighde ar
dereadh creiche i nUrmumhain.



Brian Ua Cinnedigh tigherna Urmumhan do marbhadh i bfell lá Gallaibh.



Emann Ó Cinnedigh adbhar tighearna Urmhumhan do écc.



Tadhg Óg mac Maghnusa Uí Concobair do marbhadh i bfell do Domhnall
mac Muircertoigh Uí Concobhair i ccaislén Sliccigh iar na cur do
Righ Connacht (Ruaidhri mac Toirrdealbhaigh) cuicce, do rér mar do
raidheadh romhainn.



Eachmarcach mac Maghnusa mic Ruaidhri mic Maghnusa mic Duinn Móir
Meg Uidhir, brughaidh coitcionn do baoi ar Loch Éirne do écc.


L. 654


MaoilIr Mac Hoiberd do mharbhadh la hUa cConcobhair.



Creacha móra do dhenamh la hUa nDubhda (Domhnall) hi Tír Fhiachrach
Mhuaidhe go ro hairgeadh co leir an tír lais, agus go ro ghabh a caisléin
.i. caislén Áird na Riagh, agus Caislen Mic Conchobhair, agus i mbaoi
inntibh do Ghallaibh do dhíochur eistibh, agus an tír do roinn ar a
braithribh, agus ar a mhuintir féin as a haithle.



AOIS CRIOST, 1372.



Aois Criost, mile, trí chéd, Seachtmhoghat, adó.



Brian Mór Mág Mhathgamna tigherna Oirghiall do triall i ccoinne
Gall do tabhoirt tachoir doibh, agus Gallocclach da muintir fén dá
mharbhadh go hinchleithe i bfell, agus é budhen délúdh as an sluagh
iarsin.



Seaan Mór Ó Dubhaccáin Saoi sheancadha agus ollamh Ó Maine do écc
iar mbuaidh nongtha agus naithrighe, i Rinn Dúin ag muintir Eoin
Baisde.



Muircertach Muimneach mac Muirceartoigh Moir Mécc Eochaccáin,
taoiseach Cenéil Fhiachach do écc iar mbuaidh naithrighe.



Mac Feórais do ghabhail dUa Ceallaigh agus da chloinn, agus Risderd
Mac Feórais a oidhre do marbhadh.


L. 656


Uilliam mac Uillicc, ceann suarcusa agus saoirbhés Búrcach, agus
Uilliam Occ Ó Ceallaigh adbhor tighearna Ó Maine do écc.




AOIS CRIOST, 1373.



Aois Criost, mile, trí chéd, seachtmoghat, a trí.



Uilliam Mac Carmaic epscop Ard Achaidh saoí i neccna, agus
i crabadh do écc.



Adam Ó Cianáin cananach agus saoí Seanchadha do écc i Lios Gabhail.



Iondsoighidh do tabhoirt do Gallaibh Midhe don Anghoile. Ruaidhri
mac Cathoil Uí Ferghoil agus a mac do marbhadh dóibh don cur sin,
agus Sochaidhe dá muintir imailli riú. Donnchadh Ua Ferghoil go
lion a thionóil dia lenmhain, agus marbhadh mór do dénamh lais orra.
Urchor do shoighid do bhuain don áirsidh iarsin, agus an maidhm
roimhe for Gallaibh, go ttorchair dhe, agus gur sraoineadh for a
muintir.



Uilliam Dalatún agus Sirriam na Midhe do marbhadh le Cenél
Fhiachach agus lé hUa Maoíleachloinn.



Mac An Pearsúm Meic Feorais do marbhadh lá Toirrdhealbhach
Ruadh Ua cConcobhair daon bhuilli cloidhimh i cConmaicne Dúna Mhoir
(tarés fell do


L. 658


dénamh doibh air, agus Sé ag teacht a Conmaicne Cúile) agus é fén
dimtheacht daimdheóin alos a láimhe iarsin ó na easccaraid,
agus é beó loitidhe. Andrias Mac Cionaoith do marbhadh doibhsiomh
asa haithle, iar na fágbhail do Toirrdealbhach aca i ngeall re na
rogha fuasgailte dfagháil as an tan ro fheallsad fair fén roimhe.



Barrdubh inghean Uí Ruairc ben Domhnaill Mec Tighernáin do écc.



Seaan Mac ConMara artaoiseach árdtaoiseach Cloinne Cuiléin agus
Tadhg Ócc Ó Durnin do écc.



Sadhbh inghen Cathail Uí Choncobhair ben Flaitbertaigh Ui Ruairc
do ecc.



Raghnall mac Corbmaic Meg Raghnaill do mharbhadh la mac Meg Naiscídh
i fell.



Maoileachloinn Connachtach Ó Néill do écc.



Maighistir Niocól Mag Techeadain oifficel Cluana do écc.



Brian Óg mac Briain Uí Dhubhda do mharbhadh la Bairédachaibh.



AOIS CRIOST, 1374.



Aois Criost, míle, trí chéd, Seachtmhocchat a cethair.



Senicin Sabhaois do mharbhadh la Mag Aonghusa.



Domhnall Ócc Ó Dochortaigh (.i. mac Seaain) do écc.



CuCoiccriche Ócc Mag Eochaccáin taoiseach Cenél Fhiachach
do marbhadh i bhfell ar ndul dó lé hespucc na Midhe go hÁth Luain,
agus An Sionnach Mac Meráin (do muintir Uilliam Dalatún) da
mharbhadh daon bhuile sleighi, agus é fein do tharraing o aroile iar
sin agus boill bheacca do denamh da corp a ccionaidh a mhíghniomha.


L. 660


Teabóid A Búrc oighre Meic Uilliam do marbhadh dUíbh Maine.



Maidhm la Niall Ó Néill for Gallaibh, dar marbhadh an Ridire Roidseach,
Bocsa na Cairrge, An Sándalach, An Burcach, agus Uilliam Baile Dalat
ceann ainbhféle Erionn, agus iliomad nach náirimhther.



Tadcc mac Ruaidhri mic Cathail Ruaidh Uí Choncobhair, deghadhbor
Uí Choncobhair do écc.



Maoileachloinn mac Diarmata Uí Fearghail do dul ar coccadh as an
Angaile go Muintir MaoilMordha do chur i naghaidh Gall. Tachor
trén amhnus do chur eatorra agus Goill iar sin dár marbhadh somh agus
Sochaidhe oile.



Tadhcc Ócc Mag Raghnaill do lot dorchor do shoighid go nerbail de,
acht nír bhfeas a demhin cia do telcc an turchor. Muintir Bhirn
dá chur for Cloinn Muirchertaigh, agus Clann Muircertaigh dá cur
orrasomh mar an ccédna, uair as etorra baoí iorghal an tan sin.
Coccadh derghi tremidsídhe edir Eolaschaibh agus Muintir Bhirn.



Corbmac mac Tomaltaigh Uí Ferghail do mharbhadh.



Fearghal mac Flaithbertaigh Uí Ruairc do marbhadh do Pilib.



Tighernán mac Briain Meg Tighearnáin do écc.



Maoileachloinn Ruadh O Duibhgennan saoi i senchus, agus Mathghamhain
an Chind mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Ruairc do comhthuitim ré
aroile.



AOIS CRIOST, 1375.



Aois Criost, mile, tri chéd, sechtmogat, acúig.



Donnchadh Caomanach Mac Murchadha righ Laighen do marbhadh la
Gallaibh i bhfell iar ttabhoirt díothlaithrighe dó go menic roimhe
sin orra.


L. 662


Mathgamain mac Maghnasa Ui Concobhair do écc iar mbuaidh neinigh,
agus neangnamha.



Caislén Rosa Comáin do tabhoirt do Ruaidhri Ó Concobhair, agus
Baile an Tobair do tabhoirt do Toirrdhealbhach Ruadh as imaille
re comadhaibh oile.



Mac Artain uirrí Cenel Fhaghartoigh do marbhadh i bhfell da
brathair fén mac Gille Térnoind Mec Artain.



Maidhm mór do tabhoirt lá Niall Ó Néll for Gallaibh Dúin Da Lethglas,
dú i ttorchoir Sir Semus Bhaile Atha Thíd (no Alahid) fer ionaid
Righ Saxan, Burcach Caimlinne, agus iliomad nach náirimthear.



CúUladh Mag Mathgamna tánoisi Oirghiall décc do chuislinn.



Art mac Mecc Uidhir aon bá lán deneach agus dféle do écc.



Diarmaid Mac Raghnaill do dul dionnsaighidh for Corbmac Ua mBirn,
agus Donnchadh mac Concobhair an Copáin do marbhadh don toisc sin,
immaille re hiliomat do daoinibh oile imaille ris, agus édala mora
do denamh doibh do.



Maoileachloinn Ua Domnallan ollamh Síl Muireadhaigh go sainredhach
le dán, agus ard shaoí Erionn beós is in ealadhain cédna, décc
dfiolún.



Cairbre, agus Eoghan, dá mac Mécc Tighearnáin do tabhoirt
ionnsaighte for Ghallaibh go líon a ttionóil. Fer da muintir féin
do dhénamh felle orra, agus dá ccrec le Gallaibh ar iomimhas .
Goill do chruinniughadh ina ttimcheal iar na mbrath dóibh; clann
Mécc Tighearnáin, agus cuiccer ar fhichit do maithibh a muintire do
dhícheannadh ar én láthoir annsin do Gallaibh.



Seaffraidh mac GiollanaNaomh Uí Fherghoil deghadhbhor tigherna na
hAnghoile ar eneach, ar chruth, ar chaoinbhésaibh, do écc iar mbuaidh
nongtha agus naithrighe.



Sir Emann Albanach Mac Uilliam Búrc do écc iar mbuaidh naithrighe.
Tomás a mhac do gabáil tighearnais tar a és.


L. 664


Osccor mac Airt Meg Uidhir do marbhadh do cloinn Donnchaidh Még
Uidhir.



Donnchadh mac Taidhg mic Conchobhair an Chopáin do marbhadh la
Muintir Birn.



Tomás Mac Feorais tighearna Átha na Rígh, agus Seann Mac Lochlainn
cenn a fhine fén dég.



Cathal Óg mac Cathail Oig mic Cathail Móir mic Domhnaill Uí
Chonchobhair do mharbhadh la Cloinn Riocaird, agus Lochlainn mac
Donnchaidh Uí Dhubhda do ghabhail don cur sin.



Brian Ó Briain tighearna Tuadhmumhan do indarbadh la Toirrdhealbach
mac Muirceartaigh Uí Briain, agus le Cloinn Riocaird.



Coccadh eitigh Ruaidhri Ó Choncobair Rí Connacht, agus
MaolSeacloinn Ó Ceallaigh tighearna Ua Maine gur ro ghabh
Ua Concobhair nert for Uibh Maine.



Cathal mac Maghnusa Meic Diarmada dég.



AOIS CRIOST, 1376.



Aoís Criost, mile, tri chéd, Sechtmhocchat, aSé.



Tadhcc Ó Ruairc tigherna Brefne, aon lán deneach dféle, dalladh,
agus doirdearcus, bethir na mBrefneach, agus leómhan Lethe Cuinn
décc. Tighernán a mac do gabháil tighernais Brefne na dheóidh.



Aodh Ó Tuathoil, tigherna Ua Máil do marbhadh do Gallaibh.



Dalbhach mac Maoileachloinn Uí Bhroin, ceann enigh agus eangnamha
Laighion do ghuin da spor fesin, agus a écc fo chedóir.



Aodh mac Seaain Uí Ferghoil do écc, agus bá tiopra go ttobhrúchtadh
a fhéle agus a fhairsnge do cliaroibh Erionn go coitchionn ó aois a
macdhachta go sin.


L. 666


Bébinn inghean Domhnaill Uí Duinn, bean Uí Diomasaigh do écc.



Roibeard Ua Ferghail do écc iar mbuaidh naithrighe.



Cuaifne Ua Concobhair Failgi, deghadbor tighearna Uibh Failge do écc.



Concobhar Ua Becháin saoi Shenchadha, Ceallach Mac Cruitín ollamh
Tuadhmumhan le senchas, Eóin Ua Ruanadha ollamh Mécc Aongusa
lé dán, Maoileachloinn Ó MaoilMhena ollamh Uí Catháin, Donnchadh
Mac Firbhisigh deigsenchaidh, agus Ruarcán Ó hAdhmaill ollamh Uí
Anluain i ndán do écc. Fer tighe aoidheadh coitchionn gan diultadh ré
naon an Ruarcan so.



CuMoighi Ó Catháin tighearna Oireachta Uí Catháin do gabhail do
Gallaibh i bpurt Cúile Rathain, agus a chur dóibh go Carraicc
Feargusa i ngemhlibh.



Coimthionol Gall Midhe, Uladh, agus Laighen dochum na hAnghoile.
Creacha fill do denamh dóibh is in tír. Ua Ferghoil go líon a
thionóil dia saighidhsiomh iarsin foleith, edir Ghallaibh Uladh
agus Laighean etc. gur loiscc a mbruigh agus a mbailte, gur chreach a
ccríocha, agus a iompúdh as a haithle go nédálaibh aidbli fo bhuaidh
agus cosccur.



AOIS CRIOST, 1377.



Aois Criost, mile, trí céd, Seachtmhoghat, aSeacht.



An tespucc Ó Ceallaigh .i. easbacc Cluana Ferta Brénainn, Seaan
Ó Rodacháin comhorba Caillín Saoi coitchionn, agus an Deccánach mór
Mag Muirghiosa do écc. Isin Róimh écc an deccánaighsi.



Mainistir Eassa Ruaidh do losccadh.



Uater mac Sir Dauith Búrc, Domhnall mac Fergail mic An Manaigh
Uí Gallchobair, Seaffraidh Ó Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail,
Donnchadh mac Uilliam Áloinn Uí Cherbhaill tighearna Ele,
Diarmaid Bacach Mac Branáin


L. 668


taoiseach CorcAchland, Fachtna mac Dauith Uí Mórdha, agus Brian Ó
Flaithbertaigh do écc.



Sluaigheadh la Riocard A Búrc i Cloind Cuiléin agus Cuilenaigh
do tionol im Mac ConMara .i. mac inghene Uí Dálaigh. Ionnsaigidh
do tabhoirt dóibh ar Chloinn Riocaird gur cuirsiod maidm orra, dár
marbhadh Teabóid mac Uillicc ceann na cethirne, trí meic Ó nEdin,
agus mórán do maithibh Cloinne Riocaird archeana.



Ruaidhrí Ó Concobhair do tabhart madhma i RosCommain for Mac
Uilliam Búrc agus for Maoileachloinn Ó Ceallaigh tighearna Ó Maine,
dú inar marbhadh Risderd A Búrc .i. dearbhrathair Meic Uilliam,
Domnall mac Cathail Óicc Uí Concobhair, Tadhg Óg mac Taidhg Uí
Cheallaigh, Ua Maindin .i. taoiseach Sodain, Mac Dubhgaill Galloclaigh,
agus iomad oile nach náirimhthior.



Caislén Leasa Aird Abla do dénamh la Seaan Ó fFerghail tighearna na
hAnghoile.



Coccadh edir Mac Diarmata agus Ruaidhrí Ó Concobair, go ttainicc
desídhe Magh Luirg do milleadh agus do losccadh edir gortaibh agus
foirgneamha. Sochaidhe do marbhadh eatorra leath for leith. Síth
do dénamh dóibh fó dheóidh, agus comhtha


L. 670


dfaghail do Mac Diarmata do chionn na síodha do dénamh, agus i
nionad a díoghbhála ó Ruaidhrí Ó Concobair.



Mathghamhain mac Seaain Meic ConMara do écc.



An dana Risderd do ghabhail rioghaichte Saxan. .21. Iun.



Gofraidh mac Andaidh Uí Raghallaigh do mharbhadh la cloinn An
Chaoich Uí Raghallaigh.



AOIS CRIOST, 1378.



Aois Criost, mile, tri ced, Seachmhoghatt, a hocht.



Cairbre Ua Feargoil Espucc Ard Achaidh, ealcuing congbhala an
crábhaidh, Glún oileamhna na heccno, Soithech désherce agus daonnachta
esidhe, a écc isin Róimh iar mbreith bhuadha do deaman agus domhan.



Mór inghean Uí Feargail ben Mécc Raghnaill .i. Diarmaid, do écc,
agus a hadnacul i cCluain Conmaicne go honórach.



Uater Mac Uilliam Búrc do marbhadh la Muintir Mháille.



Fearghal Mag Raghnaill do marbhadh la Conn mac Muircertaigh Meg
Raghnaill.



GiollaCriost Ua Ruairc mac tighearna Breifne do éc.



Toirrdealbhach Mac Suibne ardconsubal Connacht, Tadcc mac Lochlainn
Meg ConMara taoiseach Cloinne Cuilén do marbhadh la mac inghine
Uí Dhálaigh.



Domhnall Mhág Brádaigh taoiseach Cúile Brighdin, agus Teallaigh
cCerbhaill, Saoí coitchionn, Seaan Ó Fialáin deghfer dána, agus
DubhCoblaigh ingen Mecc Raghnaill ben Uí MaoilMiadhaigh do écc.



Iondsoighidh do tabhairt do Mag Raghnaill (gona bráithribh agus
gona oireach-


L. 672


taibh, do dá Cloinn Aodha, agus dFerghal Ó Ruairc) ar Cathal
Ruadh Mag Raghnaill. Cathal do tionol a commbraithreach, agus a
clemhnadh (im Diarmait Mac Diarmata) go hén ionadh ar a ccionnsomh.
Maidhm do tabhairt doibh for Macc Raghnaill. Ferghal Mág Raghnaill
deighfear sona saidbir, agus Mac Senlaoich, Mac Giolla Duibh, agus
Sochaidhe nach náirimhthear do mharbadh don imsearccain sin.



GiollaCriost Ó Sgingín ollamh Cenél cConaill i senchus do écc do
fhiolún.



Brian Mag Uidhir .i. adbar tighearna FherManach, do marbhadh la
cloinn Airt Meg Uidhir.



Ferghal Ua MaoílMiadhaigh taoiseach Muintire Cerbhallain dég.



Tadhg Mac Aedhagáin ollamh breitemhan Iochtar Connacht saoí gan
imresain gan oirbernaigh, agus fer thige naoidheadh coitchind da gach
aen do ég.



AOIS CRIOST, 1379.



Aois Criost, mile, trí chéd, Seachtmhoccat, anaoí.



Eapscob na Midhe, .i. An Faltach do écc i Saxaibh.



Sémus Ó Conghalaigh prióir Daimhinsi, Flaithbertach Ó Mongáin
Airchindeach Ruis Airthir décc.



Pilib mac Niocoil, .i. An Dalatúnach tigherna Iarthair Mhidhe
décc.



FerBisigh Mac FirBisigh saoi senchadha décc.



Dauidh Ua Duinn taoiseach Ua Riagáin do mharbhadh la mac Cearbaill
Uí Dhuinn.



Riocard Mac Cathmhaoil do marbhadh la Pilib Mhag Uidhir, tighearna
Fear Manach, agus la Domhnall Ua Néill.



Maidhm na Dreche do thabhairt dUa Déill recte Néill, .i. do Niall
Mhór ar Pilib Mhág


L. 674


Uidhir, dú i ttorchair Tadhg Mhág Uídhir, dá mac Meic Maghnusa,
Toirrdealbhach mac Donnchaidha Még Uidhir, Brian mac Meic Raith, agus
Muirchertach mac Míolchon.



Mac An Chaoích Uí Raighilligh do mharbhadh la mac Andaidh Uí
Raghailligh.



CúMara Gerr, .i. Mac ConMara do mharbhadh la a braithribh fein tre
fhéill.



CúChonnacht mac Pilib Mhég Uidhir adhbhar tigherna Fer Manach
ar eineach agus ar uaisle, do mharbhadh la Cloinn Domhnaill Cloinne
Ceallaigh.



MaolMordha Óg mac MaoilMordha Ruaidh Uí Concobair .i. (Failghe)
do mharbhadh la Gallaibh.



Fionnghuala inghen Uí Cheallaigh ben Meic Uilliam Búrc do écc.



Risderd Ua Dubhagain décc adbar ollamhan Ó Maine eisidhe.



Uilliam mac An Ghiolla Caoich Meic Cerbaill dearscaightheach
Gaoidheal i seinm do écc.



AOIS CRIOST, 1380.



Aoís Criost, mile, trí chéd, ochtmhocchat.



An tabb Mac Diarmata Ruaidh, .i. abb na Trionoide for Loch Cé,
agus Domhnall Ua Lennáin Prióir Leassa Gobhail do écc.



Seaan mac Conchobhair mic Aedha mic Domhnaill Oicc tighearna
Tire Conaill, agus na nimeal ccomhfogus dhi, agus ríoghdhamna Uladh
uile, agus a mhac Maoileachlainn Dubh do mharbhadh i mainistir
Eassa Ruaidh, la Toirrdhealbhach mac Néill Uí Domhnaill, la
cloinn Cathail Oícc Uí Chonchobhair, agus la Muintir Dhuirnín
ar ammas aidche ina fhoslongport féin.



Bresmhaidhm la Mac Uilliam Búrc for Mac Uilliam Uachtarach
(Riocard


L. 676


Óg) hi mbaile Atha Leatrain. Mac Siúrtáin dExetra tighearna
Atha Lethain, agus Seon dExetra do mharbhadh ann.



Tadhg mac Muirceartaigh Uí Briain do mharbhadh la Brian Sremach
Ua Briain.



Ruaidhri mac Cathail mic Aodha Breifnicch Uí Choncobhair do theacht
ar greis ar mhuintir Ruairc, agus a marbhadh la Maghnus Ua Ruairc.



Maidhm móradhbhal do thabhairt la Mág Aengusa, Art, ar Ghallaibh,
agus ar Oirtheraibh. O hAnluain tighearna Oirthear, agus
sochaidhe mór do Ghallaibh do mharbhadh don chur sin.



An Moirtimérach do thecht i nErinn immaille re mor chumachtaibh
(.i. ina Iustis). Uaisle Gaoidheal do dul ina cend im rioghdhamhna Ereann,
.i. Niall Ó Néill, Ó hAnluain, Ó Fearghail, Ó Raghallaigh, Ó
MaoilMuaidh, Mag Eochagain, An Siondach, agus aroile saorchlanna.



Art Mhág Aonghusa tighearna Ua nEachdhach Uladh do gabhail tré
fheill hi ttigh An Moirtimeraigh. Gaoidhil Ereann agus moran do
Gallaibh fein do ghabail eccla roime iarsin fa beith ara iocht, ionnus
gur chuirset rompa gan tataighe do dhenam air.



Art mac Gerailt Caomhanaigh do mharbhadh la Gallaibh.



Maidhm mór do thabairt la hUa nDomhnaill Toirrdhealbhach ar Choncobhar
Óg mac Seaain mic Concobhair mic Aedha mic Domnaill Óig, ar Ua
nDochartaigh, ar Chloinn tShuibhne du in ro marbhadh morán dá maithibh.
Dias dearbrathar Meic Suibhne do ghabhail ann, .i. Eoin agus Murchadh.
Edala aidhble do bhuain díobh deachaibh, darm, agus déidedh.


L. 678


Art mac Gearailt mic Tomáis Finn (.i. do Cloind Murchadha) do mharbhadh
la Mac Murchadha rí Laighen.



Sloighead la Cloinn Muircertaigh agus la Pilib Ua Raighilligh i
mBrefne Uí Ruairc, agus Tomás Macc Dhorchaidh do mharbhadh dóibh.
Ua Ruairc do breith orra, agus a ccur dhó as an tír go haimhdheonach
iar bfágbáil coda dá ndaoinibh agus da neachaibh dóibh.



Cian mac Ruaidhri Uí Cherbhaill adbhar deghthoísigh críche Éle
do mharbhadh dAodh mac Muirceartaigh Uí MaoílMhuaidh durchur soighde.



Sloigheadh las an Moirtemerach go hUltoibh gur milleadh dúinte agus
bailte iomdha don toiscc sin lais eitir ecclais, agus túaith, an
Urnaidhe, Domhnach Mór, Aireaccal, agus Clochar, etcetera.



Corbmac Óg Mag Carthaigh, Enrí mac Domhnaill Uí Fherghail, Aodh
mac Muircertaigh Mhuimhnigh Meg Eochagáin, agus Domhnall mac
Dauidh Meg Eochagáin dég.



Domhnall mac Briain Uí Dhubhda tighearna Ua fFiachrach, agus
Ó nAmhalgaidh fear cosanta a criche daimhdheoin Ghall agus Ghaoidheal
batar ina aghaidh do ég ina baile budhdhéin an .3. Mai, agus a mhac
Ruaidhri do ghabhail a ionaid.


L. 680


AOIS CRIOST, 1381.



Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a haon.



Dealb Muire Chille Móire i nUibh Briúin do labhairt co hiongnath.



Uilliam mac Donnchaidh Muimhnigh Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine
aon dhuine ro ba mó clú, aireamh, agus oirrdearcus don chineadh da mbaoi,
agus an fear tug gairm coitchionn einigh do chliaraibh Ereann, agus
do dhíol iad do reir a noigréire uile, do écc ina Shenoir chianaosda
iar mbuaidh naithrighe, agus MaolSechlainn a mhac do ghabhail a ionaidh.



Tadhg Ruadh mac Diarmada Gall ga mbaoi urlamhus Airtigh do mharbhadh
la Cloinn Goisdealbhaigh.



Diarmaitt Mhág Carthaigh adbar tighearna Deasmhumhan do mharbhadh
dUa Mathgamna.



Ceindeidigh mac Briain Ó cCuanach do mharbhadh la Gallaibh.



Clann mic Fedlimidh Uí Concobhair dionnradh do Ruaidhri Ó Choncobhair
agus Baile an Tobair do buain díobh.



Cathal mac Ruaidhri Uí Choncobhair do ghabhail la Brian mBallach
iarsin co crodha cosccrach i mBeól an Tachair, agus daoíne maithe
immaille ris im Brian Ua mBirn, agus im Lochlainn Ua nAinlighe dia
mbatar occ filleadh o Chonmhaicne Dúin Móir, Brian da congbail aige
i mbraighdenus co bfuair a breth fein ó Ua cConcobhair agus go
ndernsat síth as a haithle.


L. 682


Caislen Atha Luain do gabhail don Iarla (an Moirtemerach) agus mac
Riocaird an tSonnaigh do marbhadh ann.



Caislen Atha Leathain do legadh do cloinn nDonnchaidh agus a chomhla
do thabhairt doibh go Baile an Mhotaigh.



Ua Duinn do mharbhadh dFeraibh Ceall dia mbaoi ag denomh creichi
orra.



Pilib Ua Cinneidigh tighearna Urmhumhan, agus a bean Aine ingean
Meic ConMara do écc.



Slóigheadh la Niall Ó Néill i nOirghiallaibh, creacha móra
do dhenomh dóibh, agus Airghialla dia lenmhain gur briseadar ar
deireadh sluaigh Uí Neill, agus gur bensat cuid da ccreachaibh dhíobh.
Donnchadh mac Maghnusa Mheg Mathgamhna do mharbhadh don tachar sin.



Sir Émann Mortemer tighearna Gall Ereann décc.



DubCablaigh inghean Aedha meic Diarmata ben Chathail Ruaidh
Mhég Raghnaill, Lasairfhíona ingen Toirrdealbhaigh Uí Concobair
bean Mheg Raghnaill, Fionnghuala inghen ConMaighe Ui Chatháin
bean Toirrdhealbhaigh Meic Suibhne, Sadhbh inghen Uillic A Búrc
ben Uí Choncobair, DubhCoblaigh inghen Uí Choncobhair Fhailgigh
ben Domnaill mic Teaboid Uí MaoílMhuaidh, agus Laisairfhiona
inghen Ferghail Uí Duibhgennáin bean Uí Mithidhéin an Bhealaigh
décc.



Eoghan Sionnach tanaisi Muintire Tadhgain do mharbhadh do
Dalatúnachaibh.



Aodh mac Muircertaigh Mhuimhnigh Mhécc Eochagáin do mharbhadh
do Maoilir mac Teaboitt Uí MhaoilMhuaidh ar iomruagadh do buille
ga.


L. 684


Ua Murchadha do mharbhadh la hUibh cCeinnsealaigh.



Dunghalach Ua Madadhain do mharbhadh i niommruaccadh la Cloinn
Riocaird.



Raghnailt inghen Mhecc Bradaigh bean Meg Dorchaidh décc.



Eoghan Ó Cuinn taoiseach Mhuintire Giollgán do écc.



Domhnall Ó Murchudha tighearna Ó fFélimedha do marbhadh la hUibh
cCeinnsealaigh.



Pilib mac meic Pilib Uí Ceinnéidigh tighearna Urmhumhan, agus
Aini inghean Meic ConMara a bhean do écc ina ndís.



AOIS CRIOST, 1382.



Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchat, adó.



Tomás Ua Carmacain epscop Tuadhmuman, Matha Mag Muireadhaigh prioir
Cille Moire décc.


L. 686


Diarmaid Ó Domhnaill, Mac sidhe Eoghain (.i. mac na hInghine
Ruaidhe an tEogan hisin) mic Aodha mic Domhnaill Óig adhbhar
tigherna Tire Conaill dég.



Labrás Diúid do mharbhadh la cloinn tSeaain Uí Fearghail, Murchadh,
Corbmac, agus Domhnall.



Fearghal Ruadh mac Donnchaidh mic Muircertaigh Mhóir Meg Eochagáin
toiseach Chenel Fhiachach do mharbhadh la Fearaibh Ceall tre
fheill i cCill Mona ó Raith Aodha Meic Bric soir. Ferghal Ó
MaoílMuaidh, agus mac Teabóid do rinne an ionnsoighidh, agus
Maoilir Maintin ro buail é.



Cuid do thaoiseachaibh Connacht do ghabhail le Ruaidhri O
cConcobair ina oirechtus fén, .i. Ó hAinlighe, Ó Birn, agus Mac
Ceithernaigh tre mar fuair a fios orra co mbádar ag dénomh caradra
ina aghaidh le cloinn meic Fedlimidh.



Rudhraighe mac Seaain Uí Fearghail dég.



Clann Muiris dionnsoighidh CorcoModha, agus creach do denamh
dhoibh orra, agus Ua Concenainn do dol i ttoraighecht na creiche,
agus a mharbhadh fo cetoir. Concobar Óg Mac Diarmata cona
braithribh dionnsoighidh Cloinne Muiris iarsin, agus


L. 688


robadh do rochtain rompa, Clann Muiris cona ttionól do beith
suidighthe ar a ccionn. Iadsomh do dhul da naimhdheóin gus an
mbaile, a losccadh doibh eidir foirgneamh agus arbar, agus daoine
dho mharbhadh ina timcheal agus imthecht do Chonchobhar gona
mhuintir as a haithle tre neart a nengnamha gan dioghbhail do dhenamh
daon chuid diobh.



Creachsluaigheadh la Murchadh Ua mBriain go Desmumhain gur
ros leraircc í.



Domhnall mac Mathgamhna Duinn Ui Cheinneittigh, agus Emann Ócc
mac Emainn Buitiler do écc.



Muircertach mac Mathgamhna MaonMaighe Uí Briain décc hi bpriosún
Bhaile Atha Truim.



Domhnall Ó Briain, Toirrdhealbhach mac Diarmata Uí Briain, agus Brian
mac Diarmata Uí Briain do cloinn Briain Ruaidh do écc.



GiollaBrighde Ó Sgingin adbar ollamhan Chinél cConaill do écc.



Muircertach Ócc mac Meic Maghnusa Tiré Tuathail do écc.



AOIS CRIOST, 1383.



Aoís Críost, míle, trí chéd, ochtmhoccat a trí.



An tabb Mac Dauit, .i. abb na Búille Saoi ar dérc agus ar
daonachtt do écc.



Tadhg Mac Donnchaidh (.i. mac Tomaltaigh mic Donnchaidh o raiter
Clann nDonnchaidh) tighearna Tíre hOilealla fear lán dféle agus
deineach do écc Aine an Chésda agus a mhac Tomaltach do gabail a
ionaidh.



Sloigheadh mór le Niall Ó Néill cona cloinn, agus go maithibh
Cenél Eoghain i tTrian Conghail dionnsoighidh for Ghallaibh,
gur loisgeadh agus gur lomairgeadh iomat da mbailtibh. Goill na
criche do chruinniughadh ar a ccionn. Aodh Ó Néill,


L. 690


agus Raibilin Sauaois do thegmhail re aroile i niomruagadh
marcshluaigh, da forgomh fornertmara da ccraoíseachaibh do tabairt hi
ccurpaib aroile doibh. Raibilin do dul beoghonta dia thigh agus
Mac Eoin Biséd da athmarbhadh ann, agus Aodh Ua Néill do écc an
treas lá iar na lot tria bithin a ghona. Agus Mac Eoin Bisett
do marbhadh la Muintir Raibhilín an tres lá iar marbhadh Raibhilín
feisin.



Muircertach Ua Flannagain taoiseach Thuaithe Ratha, agus Corbmac
mac Airt Mhecc Uidhir décc.



Seaan Mac Gaffraidh agus Maghnus Mac Dauith do mharbhadh in enló.



Art mac Tomais Fhinn do Chloinn Murchadha ríoghdhamhna Laighen
do mharbhadh do Ghallaibh condaoí Locha Garman.



Pláigh aidhbhseach anbhfóill go comchoitchinn Seachnon Érionn.



Art Mag Aonghusa tighearna Ó nEachdhach Uladh én phost einigh
Ereann ina aimsir, décc don plaigh i mBaile Átha Truim, agus é
i láimh occ Gallaibh.



Murchadh na Raitnighi Ó Briain, Mor inghen Murchadha Uí Madadhain
bean Meic Uilliam Cloinne Riocaird (.i. Riocard), Siobhan inghen
Iarla Urmhumhan ben Taidhg Uí Cherbaill tighearna Éle, dég di.



Murchadh mac Briain Uí Chinneidigh, Donnchadh an Chúil Mac Mathghamhna
tighearna Corca Bhaiscind, Eoghan mac Donnchaidh mec Ruaidhri Uí
Cheallaigh, agus Lundrasach Bhaile Átha Buidhe décc.



Fonntach Tighe Munna, agus Inghen Uí Briain ben Uí Chinneidigh
do écc.



Onara inghen Uilliam Burc ben Uí Mhechair. Mac GiollaPatraicc
tighearna Osraighe, agus mac Ceallaigh Meic Giolla Patraicc
tanaisi Osraighe décc uile don pláigh cédna.



Diarmait Ó Diomusaigh tighearna Cenel MaoilUghra do mharbhadh la
Gallaibh.


L. 692


Donnchadh O Concobhair tighearna Ciarraighe Luachra, agus
Maoileachlainn Mhag Shamhradain tanaisi Theallaigh Eachdach
décc.



Seaan mac Domhnaill Uí Fherghail tighearna na hAngaile décc
ilLios Aird Abla agus a adhnacal imainistir Leath Rátha.



Cathán mac Ruaidhri Uí Chatháin, Seaan Gallda mac an Iarla,
Uilliam Baróid, agus Ruaidhri mac Aedha Óig Uí MaoilMhuaidh
tigherna FercCeall do écc.



Ruaidhri mac Airt Meg Uídhir do mharbhadh la mac Donnchaidh Meg
Uidhir.



Diarmait Mac Diarmata tanaisi Maighe Luircc do écc.



Ferghal mac Tomais Mec Tighearnain, taoíseach Tellaigh Dunchadha
do écc.



Murchadh mac Cathaoir Uí Choncobhair Fhailghe do écc.



Milig Mac Oisdelb do marbhadh la cloinn Fhiachra Uí Fhloinn.



Iomhar Ó hÁinlighe adhbar taoísigh Chenél Dobhtha do mharbhadh
la a chineadh fein.



Cathal mac Sefraidh Uí Fherghail do écc.



Diarmaitt Mag Raghnaill taoiseach Muintire hEolais do dhénamh
creiche ar Ua Ruairc.



AOIS CRIOST, 1384.



Aois Criost, mile, tri chéd, ochtmhocchatt, a cethair.



Seon Mac Giolla Coisccli, maighistir, airchindeach, agus pearsun
Airigh Broscca décc.



Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair Rí Connacht décc
don pláigh chedna aidhche fhéli Catairiona iar ccaithemh sé mbliadhan
dég agus ráithe i láinríghe Connacht amail dearbhus an file Maoilin
Ua MaoílConaire i nduain an réme riograidhe.


L. 694



Fuair Ruaidhri Rioghdha an snaithe,
A sé décc as deghráithe
Do Chruachain Aoí gan iorghail,
Mac tacharborb Toirrdhealbhaigh.




Dá thigherna do dhenomh hi Conachtaibh iarsin, i. Toirrdhealbhach
Ócc mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh do oirdneadh hi ttighernus
dUa Cheallaigh, do Chloinn Riocaird, do Domhnall mac
Muirchertaigh Uí Concobair, agus do Chloinn nDonnchadha archena,
agus Toirrdhealbhach Ruadh mac Aedha mic Félim mic Aodha mic
Eóghain do oirdnedh hi ttighernus mar an ccedna do Mhac Diarmata,
do Cloinn Muircertaigh Muimnigh, agus do thaoiseachaibh Sil Muireadhaigh
archena, gur ro fhás coccadh hi cConnachtaibh uile hi coitcinne
iarsin co mbatar ar na ccommbuaidhreadh tremhid.



Mag Raghnaill (.i. Mág Raghnaill Dubh) .i. Diarmait mac
Maoileachlainn sárthaoiseach einigh agus engnamha Muintire hEólais
do mharbhadh tre fheill la cloind Raghnaill Meg Raghnaill indorus
tighe Risdet Mecc Raghnaill.



Muircheartach Ó Conchobhair tigherna Ó bhFailghe décc iar ccianaois.



Tomaltach Mag Dorchaidh taoiseach Cenél Duachain do mharbhadh la
a scín fén, agus é ag cur chru.



Comhdhal oirechtais eidir Ua bFlaithbeartaigh agus Ua Máille.
Imresain do eirghe etorra da ttorchair Eoghan Ó Máille, Corbmac Ó
Máille (.i. Corbmac Cruinn), agus sochaidhe immaille friu la Muintir
Fhlaithbeartaigh.



Carrac Fherghusa do losccadh la Niall Ó Neill, agus nert mór do
chor ar Ghallaibh dó.


L. 696


CuConnacht Ua Ferghail (.i. mac Aodha) tigherna Mhoighe Treagha,
agus Seffraidh Ó Ferghail décc.



Uilliam mac Sir Émann A Burc, agus Riocard mac Maidiucc mic Tomin
Baired feichem coitchionn na ccliar do écc.



Uigistin Ua Duibhgennáin ollamh Chonmhaicne re senchus décc.



Ualgharcc Ua Ruairc deghadhbhar tighearna Breifne do bathadh ar
Loch Gamhna.



Pilip Ua Raghailligh tigherna Muintire MaoílMordha do écc.



Maoilir mac Sir Uilliam Burc do mharbhadh do easccar, Seaan,
agus Dauit da mhac ele Meic Uilliam Burc do écc don plaigh.



Maghnas mac Maoilechlainn Uí Fherghail, Tomaltach mac Cairpre
Uí Fherghail, agus Ferghal mac Cathail Uí Fherghail do écc.



Sluaiccheadh la Domhnall mac Muircertaigh gona oirechtaibh i
Maigh Luircc go ro loiscc longport Meic Diarmata.



Donnchadh Ó Dubhda do écc, a mhac Muirceartach do ghabháil a ionaidh.



Domhnall mac Flaithbertaigh Uí Ruairc do écc.



AOIS CRIOST, 1385.



Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, acúig.



Dauith mac Emainn mic Hoiberd do ghabhail la hUa cConchobhair, agus
a écc iarsin ina braighdenus i mBaile an Topair.


L. 698


Sluaigheadh la hUa Ruairc agus la Mac Donnchaidh gona
saorclannaibh leth ar leth go Magh Luirg, gur loisccset longport
Meic Diarmata, agus an tír uile i coitchinne, mac Seaain Uí Eaghra
do mharbhadh i ttoraigheacht an tsluaigh sin, agus a brathair oile
do ghabháil.



Feidhlimidh Clereach Ó Conchobhair agus Conchobhar Óg Mhac
Diarmada do dhul ar sluaigheadh co Tír nOilella. Raibhthe
do rochtain rómpa, oirchill do dénomh fa ccomhair. Iadsomh do dhul
fon tír iaram, daoine, agus indile do mharbhadh doibh innti, lucht
iomchoimheda na criche do breith orra iarsin, tachor dhóibh fri aroile.
Cathal Cairpreach Mac Donnchaidh do marbhadh, Concobhar Mac
Diarmada do ghabhail agus Feidlimidh Ó Concobhair do lot.



Ionnsoighidh do thabhairt do Muirchercach recte Muircertach mac Cathail,
do Corbmac mac Ruaidhri, do Tadhg Mac Diarmata, agus do Chathal
Mac Diarmata for Mág Raghnaill Ruaidh, agus for Aodh Ua cConcobhair.
A ngabháil diblinibh doibh, agus a mbreith go Carraic Locha Cé da
ccoimhéd.



Cathal Ua Ferghail deghadhbhar tigherna na hAnghaile, agus CúMaighe
Ó Cathain tighearna Oirectha Uí Chatháin do écc fo rinn airmhe agus
oirrdearcais.



Ua Concobhair Ruadh, Mac Diarmata, clann Muircertaigh, agus
taoisigh Connacht do dhul sluagh lanmór go hUíbh Maine. Baile
mic Emainn Uí Cheallaigh do losccadh doibh. Uilliam Buidhe
Ó Neachtain do marbhadh don chur sin.



Fir Bréifne, agus Muintir Thíre hOilella do theacht a ccomhdhail
Uí Choncobair


L. 700


Duinn. Ionnsoighidh do thabhairt doibh go CorcAchlann gur loisccedh
moran da mbailtib leo, agus gur gerradh iomad da ngortaibh.



Tír Fiachrach do losccadh do Mhac Uilliam Burc. A dhul go
Slicceach asa haithle agus a losccadh lais mar an ccedna imaille re
Cairpre abus, tachar do thabhairt dó annsin. Máidecc Maol do
mhaithibh a muintire do mharbhadh, agus braigde do buain de as a haithle.



Tir Amhalgadha do losccadh la Domhnall mac Muircertaigh Uí
Choncobhair, Sochaidhe do dhaoínibh do marbhadh, édála móra do dhenamh
do innte, agus braighde dá maithibh do thabhairt dó lais iarsin.



Maidhm do thabhairt la Murchadh Ua cConcobhair tighearna Ua bFailghe
agus la Cenél Fhiachach for Ghallaibh na Midhe i tTóchar
Cruacháin Brí Éle in ro marbhadh Uinnsionnach na Midhe, An Seomrach,
agus a mhac, agus líon dírímhe immaille friú do mhaithibh Gall, agus
dá ndaoscursluagh.



Tanaidhe Ua MaolConaire ardollamh Connacht i senchus, agus i
ffilidhecht décc (.i. im Lughnasadh) ina tigh féin iar mbuaidh
nongtha, agus naithrighe, agus a adhnacal i Cluain Choirpthi co
honorach.



Sith do dhenomh do Connachtaibh re roile, agus Síol Muireadhaigh
do roinn ar dhó etir an dá Ua Conchobhair.


L. 702


Art mac Airt Mhoir Uí Mhaoileachloinn. Dearbforgaill inghean
Chathail Óig bean Uí Chonchobhair Ruaidh, agus Bean Mhidhe
inghen Mécc Mhathgamhna ben Uí Neill décc.



GiollaCriost mac GilleFinnéin taoiseach Mhuintire Pheodachain
décc.



Creacha mora la Cloinn nDonnchaidh i cCera. Clann Cathail
Óig Uí Concobair do breith orra, Sdondunaigh, agus mor sochaidhe
oile immaille friú, Maidhm do thabhairt for Chloinn nDonnchaidh,
Moran da ndaoínibh do marbhadh, agus iad féin do chor isteach i
cCill Chonduib asa haithle.


L. 704


AOIS CRIOST, 1386.



Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, asé.



Aine inghen Taidhg Meic Donnchaidh ben Tighernáin Uí Ruairc
(tighearna Breifne) aon rogha ban Leithe Cuinn décc i tTuaim
Seancha acc Loch Fionnmaighe, agus a hadnacal i Slicceach.



Cairbre mac Briain mic Murchadha Uí Fearghail tigherna Calaidh
na hAnghaile, fear tiodhlaictheach tabhartach crodha cosantach décc
ier mbuaidh nanma agus noirrdearcais, ongtha agus aithrighe.



Niall mac ConChoiccriche Óig Mhéicc Eochagain adhbhar tigherna
a chinidh do mharbhadh la hUilliam nDalatún, agus la a mhac.



Maghnus mac Aedha Meic Diarmada do mharbhadh do Dhalatúnachaibh
bheos.



Sloigheadh mór la Domhnall mac Muircertaigh Uí Chonchobhair, la
Cloinn nDonnchaidh, la hUa nDubhda, agus la Muintir Eaghra
i cCrich Meic Uaittin. A hionnradh, agus a harguin uile don chur sin,
agus morán do daoínibh do mharbhadh im Roiberd Dúin Domhnainn, agus
im Mac Maoilir an Chorrainn, agus im Maigeocc Gallda, agus caislen
Lionoid do gabhail, aballghort Caertannain, agus aballgort Insi
Cua do gearradh leó.



Ereamhon Ua Maoileachloinn do marbhadh do Mhag Amhalgaidh agus do
Dalatunachaibh.



Ua Concobair Ruadh cona bfuair lais do Chonnachtaibh do dhul
do chongnamh le Mac Uilliam Búrc i naghaidh Domhnaill mic
Muircheartaigh agus Cloinne


L. 706


Donnchaidh. Creacha mora do thabairt a Tír Fiachrach Mhuaidhe dhóibh.
A ndul iarsin for creachruathar i Cloinn Riocaird. O Briain
do breith orra go mórsluagh imaille ris, agus Mac Uilliam Cloinne
Riocaird mar an ccedna. O Conchobair Ruadh diompúdh friú. Maidhm
do tabhairt dho forro, agus Conchobhar mac Taidhg mic Conchobhair
Uí Briain do mharbhadh leo do ruathar sin.



Sochaidhi do Ghallaibh Osraighe do thuitim la Mac Murchadha rí
Laighen.



Domhnall Mhág Cochláin tighearna Delbhna décc.



Finghin mac Ruaidhri Mag Eochagain do mharbhadh.



Sith do denumh do Connachtaib re aroile a haithle a ccogaidh, agus
Mac Uilliam Burc do dhul i teach Meic Uilliam Cloinne Riocaird, agus
tighearnas do thabhairt dó. Mac Feorais do dul ina theach on mudh
ccetna.



Donnchadh Mac Caba do mharbhadh la cloinn Maghnusa Uí Raghallaigh.



Cathal Ó Nechtain do mharbhadh la hÓ cConcobhair Ruadh.



AOIS CRIOST, 1387.



Aoís Criost, míle, trí chéd, ochtmocchatt a Seacht.



Teach do dhenom in Eamhain Macha do Niall Ó Néill (do rígh
Uladh) do díol dámh Éreann.


L. 708


Sadhb inghen Aodha Uí Néill aon rogha ban slechta Néill
Naoíghiallaigh re na linn bean mic Eóin Bised do écc iar mbuaidh
naithrighe.



Riocard Ócc, .i. Mac Uilliam Cloinne Riocaird décc.



Goffraidh Fionn Ó Dalaigh ardollamh Ereann le dán agus Ruaidhri
Ó Cianáin saoi seanchadha, agus ollamh Oirghiall eisidhe do écc.



Domhnall mac Donnchadha Docair Mhég Uidhir, agus Matha Mac
Conlegha do mharbhadh i Cill Naile.



Concobhar mac Briain Carraigh Uí Néill do marbhadh la Gallaibh
an tSrattbaile.



Uilliam mac Diarmada Meg Raghnaill adbar taoisigh Muintire hEolais
do marbadh la Muintir Bhirn.



Eoin mac Aenghusa Meic Domhnaill tighearna Insi Gall do écc.



Diarmaitt Ruadh Ó Duirnín do écc.



Teach do denamh i nEamhain Mhacha la Niall Ó Neill, ar ni bhuí
tegh intisidhe fri réimchein go sin.


L. 710


AOIS CRIOST, 1388.



Aoís Criost, míle, trí chéd, ochtmocchatt a hochtt.



Corbmac Mac Donnchaidh rioghghaiscceadhach Thíre hOilella, agus a
tanaisi do dhol ar creich oidhche i Muigh Luirg. Creacha mora
do dhénomh lais. O Concobhair Ruadh, clann meic Fedhlimidh,
Clann Chathail Óicc Uí Chonchobhair, agus clann Aedha Meic
Diarmada .i. Cathal, agus Corbmac gona sochraidibh da leanmhain
i ttoraighecht na ccreach. Corbmac Mac Donnchaidh do gabáil deireadh
for a muintir fein. Cuid do muintir Uí Choncobhair da ionnsoighidh
cédus, agus a mbeith ga ammus gan choigill, Ua Conchobhair fein
do breith orra, agus do smachtadh ara muintir gan eisiomh do mharbhadh
da ndamhadh a ghabháil. Gidhedh nochar fhaomhsomh anacal gur beccen
a marbadh fodheoidh agus ní raibhe da chineadh cobéis dó ar eineach,
agus engnomh go sin. Concobhar Mac Donnchaidh, Murchadh mac
Corbmaic Meic Donnchaidh, agus Mac Diarmada Ruadh do ghabháil
iarsin, agus braigde do dhénomh dhíobh. O Concobair Ruadh da leanmain
tar sliabh síos iaramh agus Clann nDonnchaidh do thecheadh roimhe
fo Chúil Maile agus fó íochtar Tire hOilella.



Muircertach mac Domhnaill mic Muirchertaigh Uí Chonchobhair do dhul
fo fhoslongphort Uí Domhnaill i ccomfhogus Essa Ruaidh agus daoíne
iomdha do mharbhadh lais don ionnsoighidh sin im cloinn Uí Bhaoighill,
agus im Ua nGallcobair cona mbraithribh. Mac Suibne agus a mac
do ghabail dó, agus a ttabhairt lais iaram immaille re hédáil each arm
agus eideadh, agus clann Muirchertaigh do iompúdh for Ua nDomhnaill
don chur sin.



Seaan Ruadh Ua Tuathail tigherna Ó Muireadhaigh cleithe einigh
agus engnomha


L. 712


a chinidh do mharbhadh do mhoghaidh da mhuintir féin ar lár a longpuirt
feisin, agus an bodach do mharbhadh inn fo chéttóir.



Clann Uí Chuirrnín Siodhraidh, Cairpre, agus GiollaPatraicc
do mharbhadh la Gallaibh Laighen.



Creacha móra do denomh Ua Conchobhair Ruadh agus da Mac
Diarmada ar Ua cConcobhair nDonn agus coccadh coitchionn deirghe
hi cConnachtaibh as a loss. Mac Donnchaidh do losgadh Muighe
Luirg trias na creachaibh remraite.



CúCoiccriche Ó MaoílMhuaidh tigherna Fer cCeall do écc.



Commbuaidhreadh coccaidh eidir Ua Ruairc agus Clann nDonnchaidh.



Domhnall Ua Concobhair do dul ar Machaire Connacht. Ard an Choillín,
agus Inis Locha Cairrgín do losccadh lais agus Domhnall Óg Mac
Domhnaill (.i. consabal gallocclach) do mharbhadh don toiscc sin.



Sluaigheadh la hUa nDomnaill .i. Toirrdhealbhach an Fhiona, ar Cloinn
Muirchertaigh go rainic co Sligeach co ro hindreadh agus co
ro hoirgeadh Cairpre Droma Cliabh uile lais agus iar marbhadh sochaidhe
agus iar nindradh na criche don chur sin do thaet Domhnall Mac
Muircertaigh i teagh Uí Dhomhnaill co nderna sidh fris, agus do bert
a oighriar ndó la taobh na ngiall Ro gabhadh ó Chenél cConaill
riasan tan sin.



Coccadh eittir Ua Ruairc agus Clann nDonnchaidh, agus Domhnall
(.i. Mac Muirceartaigh) do eirghe le Cloinn nDonnchaidh.



Maghnas mac Maoileachlainn Meic Maghnusa do mharbhadh la cloinn
Meic Donnchaidh, agus la MaolRuanaidh Mac Donnchaidh.


L. 714


AOIS CRIOST, 1389.



Aois Criost, mile, trí chéd, ochtmoghat, anáoi.



Biocaire Innsi Caín décc.



Niall Ócc Ó Neill do ghabhail do Ghalloibh.



Muiris Maol Ua Concobair Failge do marbhadh daon urchor soighde
ag tempall Cluana Da Thorc la fer dUíbh cCeallaigh Legi.



Maoilechlainn Cam Ua Lochlainn tighearna CorcModruadh do marbhadh
la a derbrathair fein i bfeill.



Eoghan Ó Ruairc agus clann Cathoil Óicc do dhul go Caislén an
Uabhair. Marcsluagh Muintire hÉilighi deirghe dóibh. Ruaig
do thabhairt orra. Maghnus Ó hÉlighi do marbhadh annsin, agus daoine
oile. Creacha Muintire hÉlighi do denamh doibh iaramh, agus
Muircertach Ó hÉlighi do mharbhadh. Sith do dhenamh dUa


L. 716


Ruairc, do Dhomhnall Mac Muircertaigh, agus do Cloinn nDonnchaidh
iarsin re roile. Sith do denamh do Mhac Diarmata agus do Cloinn
nDonnchaidh beos, agus na braighde do benadh do Cloinn nDonnchaidh
roimhe do tabhairt doibh, agus Cathal Mac Diarmata baí i mbraighdenus
ag Cloinn nDonnchaidh do leiccen amach iar snadmadh na síodha rémraitte.



Creacha Tíre Conaill do denamh do Domhnall Mac Muircertaigh.



Raghnall Mag Ruairc flaith Teallaigh Conmasa décc.



Brian mac Domhnaill Oícc Uí Raighilligh do marbhadh do Cloinn
Muirceartaigh.



Maghnus Ua Ruairc do gabhail do Corbhmac Ua Ferghail tre tangnacht.



Aiffric inghen Aodha Uí Néill, bein Henri Aimhreidh Í Néill
do écc.



AOIS CRIOST, 1390.



Aois Criost, míle, trí chéd, nochat.



Niall Ó Taichlich canánach coradh Clochair, agus comharba Daimhinnsi
décc.



Petrus Ua hEoghain deccánach Locha hErne, agus Parthalón Ó Conghaile
canánach, agus Sacrista Lesa Gabhail décc.



Coccadh mór etir Ua Ruairc agus Ó Raighilligh. Anghailigh, agus
Eolasaigh, agus


L. 718


Clann Muircertaigh do thocht fo toghairm ar coccaidh isin tré sheoladh
Domhnaill Mic Muircertaigh, agus Tomaltaigh Meic Donnchaidh. Maghnus
Ó Ruairc baí i mbraighdenus ag Ua Raighilligh i cCloich Locha
hUachtair delodh esde, agus tarraing dó go caislén Locha an Sccuir.
Clann Muircertaigh dfaghbail bratha air, agus a marbhadh doibh ag
teacht as coite amach do.



Sith do denam dÓ Ruairc, agus dUa Raighilligh, agus comtha móra
dfaghail dUa Raighilligh ar son easccarat Uí Ruairc dathcur, agus
dionnarbadh uaidh. Eogan Ua Ruairc agus mac Cathail Riabhaigh
do tabairt do i ngioll ris na comhtaibh sin.



Clann Muircertaigh agus Teallach Dunchadha do denamh imerce neirt
ar Muintir Ruairc im Fhiodh Ua Fionnoicce, agus im Sliabh cCorrain,
agus im Cenél Luachain. Iar na fhios sin dUa Ruairc (agus é i
nGlionn Gaibhle an tan sin) rucc a imirgedha lais fo bharr Chenél
Luachain. Ionnsaighidh do thabhairt dó forrosomh, maidhm forra roimhe,
agus marbhadh do beith ar a nellaigibh agus ar a ndaoínibh o Bheal
Atha Doire Dubain go mullach na ttulach mBrefnech.



O Raighilligh, .i. Tomás mac Mathgamhna décc, agus Seaan mac
Pilip Í Raighilligh do gabhail tighearnais.


L. 720


Caislén Chille Barrainne do briseadh la Domhnall Mac Muircertaigh.



Brian Mac Aodhaccain ollamh na Brefne i mbreithemhnas decc, agus
Seaan (.i. oifficel Mac Aodhacain) fear ionaid Briain do marbhadh
ceitheora hoidche ria Nodlaic.



Duibhgionn Ua Duibhgionnáin ollamh Conmaicne i Senchus décc.



Ferghal Ua hEghra tigherna Luighne decc.



AOIS CRIOST, 1391.



Aois Criost, míle, trí chéd, nochat, a haon.



Ua Ruairc, .i. Tigernan do dhul i ccoinne Uí Raighilligh, Sheaain,
go Druim Lethain uathadh sochraide. Od chualatar Clann Muirceartaigh
Uí Choncobhair sin tiaghoid foirlion roimhe ar Bealach an Chrionaigh.
Brisis Ó Ruairc co na beccán buidhne orra, agus Marbhais Seaan
mac Mathgamhna Uí Choncobhair, agus Donnchad mac Aodha an Cleitigh
da laim budein gen mo thá ar marbsat a muintir don cuid ele díb.



Domnall Ócc Mág Cárthaigh tigerna Desmumhan décc, agus a mhac
Tadg do ghabhail tigernais na dheoidh.



O hAnluain taoiseach na nOirther do mharbhadh da bhraithribh fein
tre fheill.


L. 722


Mac GilliMuire (.i. CuUladh Ua Morna) taoiseach Ua nErca Cein
agus Leithe Cathail do mharbhadh da brathair budhein.



Tadg mac GilleColuim Uí Uiginn, agus BeBhinn inghean Uí MaoilConaire
ollamh dersccaighte i ndán, agus i ndaonnacht décc iar naithrighe.



Corbmac Maol Ua Ferghail do mharbhadh hi ffiull la Gallaibh.



AOIS CRIOST, 1392.



Aois Criost, míle, tri céd, nochat, adó.



Grigoir Ua Mochain airdeaspucc Tuama saoí cráibdheach deshercach
do écc.



Enrí Aimhreidh mac Neill Móir Uí Néill rioghdamhna Cenél nEoghain,
agus deghadhbhar airdrigh Erenn do chert, duaisle, agus deinech
décc, fo fhel Brénoinn iar mbuaidh nongtha, agus naithrighe.



Domhnall mac Enrí Uí Néill do gabhail la Toirrdhealbhach an Fhíona
Ua nDomhnaill tigerna Tire Conaill. Creacha, agus urtha aidble
do dhenamh dó ar mac Enrí cona muintir an la cedna.



Morsluaigheadh la Niall Ua Neill Rí Chenel nEoghain go maithibh
in chuiccidh ime do shoighidh Gall Tragha Baile agus Duini Dealgain,
nert do chur orra dó don dul sin, agus Seffín Faoít do thuitim lais
iar ttabhairt tachair doibh du roile.


L. 724


Sloiccheadh mór do breith dUa cConcobhair Donn go nurmhór maithe
Connacht ina fharradh go hUibh Maine. An tír do losccadh agus
do lomarccain doibh. O Concobhair Ruadh dia lenmain. Cathal
mac Aodha Uí Ruairc do bheith ar deiredh slóigh Uí Choncobhair
Dhuinn, agus a ghabhail la hUa cConcobair Ruadh, agus sochaidhe
da muintir do marbadh.



Condaois Desmumhan inghen Iarla Urmumhan, ben derlaictheach
deigheinigh décc iar mbuaidh naithrighe.



Toirdhealbhac mac Briain Ó cCuanach Ruaidhri mac Donnchaidh Uí
Cherbhaill tánaisi Eile, agus Fionnghuala inghen Maghnusa mic
Cathail Uí Concobhair décc.



Diarmaitt Mag Eochagain taoiseach Cenel Fiachach do ecc.



Sloiccheadh mór la hUa Neill, Niall, agus la cloinn Enrí Í Néill
co nUlltoibh uile hi cCenél cConuill for Ua nDomhnaill,
Toirrdhealbach. Sloigheadh ele la Domhnall Mac Muirchertaigh cona
braitribh for Ua nDomhnaill beós. Creacha an tire do teicheadh fo
diamraibh, agus fo dhroibhélaibh, agus Ó Domhnaill cona shochraitte
do beith for cúl a mhuintire. Ni ro hanadh las an sluagh cConnachtach
go rangatar go Cenn Maghair. Fo gabhaitt édala an dú sin. Ticc
Ua Domhnaill cona sochraitti ina lenmain go raímheadh forra go
ro marbaitt sochaidhe diobh im mac Donnchaidh Még Cába. Dála
Í Níill recte Néill agus cloinne Henri cona slogh ro haircceadh
leosidhe críoch Uí Dochartoigh eittir cill agus tuaith, agus ní
ro hanadh leósidhe go rangatar go Fearsaitt Mhoir i naireas catha
dUa Domhnaill. Battar athaidh aghaidh i naghaidh amhlaidh sin.
Cona eadh do ronsat sídh do denamh fo deoidh.


L. 726


Crecha la hUa nDomhnaill ar cloinn tSeain Uí Domhnaill, uair báttar
iadsidhe baí ag tarraing Cloinne Muircertaigh, agus deolus rempa
ar an sluaigheadh remhraite.



AOIS CRIOST, 1393.



Aois Criost, míle, trí céd, nochat, atrí.



Seaan mac Seaffraidh Uí Raighilligh espucc na Breifne decc.



Matha Ua hEoghain caibellán Innsi Caín décc.



An sacart Ó Clérigh do écc.



Aodh mac Concobair (.i. mic Tomaltaigh) meic Diarmada tigerna
Moighe Luirg décc iar mbuaidh neinigh agus naithricche, agus Cathal
a mhac do bhathadh iaramh.



MaolRuanaidh mac Ferghail Meic Diarmada do ghabhail tigearnais
Moighe Luircc tre nert agus tre cuidiuccadh Thomaltaigh Meic Donnchaidh.



Ionnsaighidh do thabhairt do chloinn Aodha Meic Diarmada go Cluain
Ó cCoindén (i ccaladh Locha Techet) ar Mhac nDiarmatta. Iombualadh
do thabhairt doibh dia roile. Briseadh for chloinn Aodha.
Concobhar agus Ruaidhri dá mhac Aodha Meic Diarmata do ghabhail.
Ferghal mac Donnchaidh Riabhaigh do ghabail imaille riú, agus a éludh
as a haithle. Domhnall Dubh Mac Diarmata agus sochaidhe oile
do mharbadh don toiscc sin ina ttimcell.


L. 728


Brian mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tanaisi Ua Maine, Ferghal
Mag Samhradhain taoíseach Teallaigh Eachdhach, fer go núire
neinig do cliaraibh, agus Maghnus Ó hEaghra tanaisi Luighne décc.



Sith do dhénamh duaislibh Moighe Luircc re roile im roinn a
ndomhgnasa, agus im chomfuasluccadh a ngiall a geimhlibh.



Raghnailt inghean Aodha mic Feidhlimidh Uí Choncobhair ben
deighdealbhdha daonnachtach, Muiris Cam mac Ruaidhri Még Eochagain,
agus Brian mac Uilliam Óicc Mécc Eochaccáin deg.



Edaoin inghen Cathail Oícc Uí Concobhair ben Brian mic
Maoilechlainn Uí Cheallaigh, Domhnall agus Emann da mhac
Maoileachlainn Uí Cheallaigh, agus Diarmait Ua Flannaccain adhbar
taoisigh Tuaithe Ratha do écc.



Mainistir Chille hAchaidh i nespuccóidecht Chille Dara do dhenomh
do braithribh S. Franseis la hUa cConcobhair fFailge.



AOIS CRIOST, 1394.



Aois Criost, mile, trí chéd, nochatt, a cethair.



Richard Ri Saxan do thecht i nErinn fo fheil Michil, agus a
thecht i ttír hi PortLairge agus a dhol asidhe go hAth Cliath.


L. 730


Giolla Domhnaigh Ua hEoghain oifficel Locha hErne, pearsún agus
airchinnech Insi Caoín, Matha Mac GiollaCoisccle biocaire Claoininsi,
agus Lucás Mág Scoloicce biocaire Achaidh Urchair do écc.



Iarla o Mars do thect i nErinn.



Tadg mac GiollaIosa Uí Flannaccáin taoíseach Tuaithe Ratha
do mharbhadh la cloinn Dauéd Uí Flannaccain, agus la cloinn
Muircertaigh Uí Flannaccáin.



Aodh Ó Díomusaig do marbhadh la Gallaibh i lurg creiche.



Tomás Ua Díomusaigh adbhar tigerna Chloinne MaoilIghra do marbhadh
la Saxanchaibh.



Mac Siurtain Sean mac Maoilir tigherna Bhaile Atha Lethain
do mharbhadh da braithribh i ffell .i. clann tSeain dExetra.



Sluaicceadh la hArt Mac Murchadha la Rígh Laighen do shaighidh
Gall go ro loiscc Ros Mic Triúin cona thighibh agus cona
chaislenaibh, agus do rad ór agus airgett agus braighde laiss.


L. 732


Iarla Urmumhan do tionol go Laighnibh dá milleadh gur loiscc,
agus gur mhill Gailine agus críoch Uí Cheallaigh Mhaighe Drúchtain
i Laoighis, agus sóadh do dia thigh iaromh.



Ruaidhri mac Ruaidhri Uí Neill do marbhadh la cloinn Enrí Í Néill.



Mac Murchadha .i. Art mac Airt do dhenamh coccaidh re Righ Saxan
cona muintir go ro marbhadh sochaidhe lais, agus a thocht fo dheóidh
do thigh an Righ la haslach Gall agus Gaoidheal Laighen, agus
ro gabhadh eisidhe tria ionnlach an Iustís .i. Iarla Urmumhan.
Ro leicceadh iaramh, agus ro congbadh Ó Brain, Ó Mórdha, agus
Sean Ó Nualláin illáimh dia éis.



Mac Uilliam Burc .i. Tomás, do dhul co tech an Righ, agus onóir
mór dfaghbáil dó, agus tigearnus agus cennus ar Ghallaibh Connacht.



Toirrdhealbhach mac Murchaidh na Raithnighe Uí Bhriain do cloinn
Briain Ruaidh do dhenamh coccaidh ar mhuintir an Righ i Mumhain
agus ilLaighnibh agus condae Luimnigh do losccadh agus do arccain
dó.



CamCluana Ó Dubhaccáin do mharbhadh la muintir Righ Saxan i nÁth
Cliath.


L. 734


Brian mac MaoilRuanaidh mic Fearghail meic Diarmada adbar tigearna
Maighi Luircc do mharbhadh la Maelsechlainn Clérech Mac Diarmata
.i. dearbrathair a athar.



Tadhg Ua hEachaidhéin saoí fhirdhána do mharbhadh la cloinn
ConChonnacht Uí Dálaigh im ollamhnacht Uí Néill.



AOIS CRIOST, 1395.



Aoís Criost, mile, tri ced, nochat, acúicc.



An tepscop ócc Ó Mocháin décc ar slighidh na Romha.



An biocáire Ó Flannghaile, .i. biocáire Sccríne Adamnain do écc.



An toifficel Ó Tuathail, agus ro ba biocáire in Iomdhaidh Feichin,
fer tighe naoídedh oirrdeirc do écc.



O Neill Buidhe do écc, agus adhnacal in Ard Macha.



Pilip mac Aedha Mhég Uidhir tighearna Fher Manach, fer caithme
agus chosanta a chriche, fer dar lán Ére dá chlú, agus da oirdearcus
do écc iar mbuaidh naithrighe. Tomás Mág Uidhir .i. An Giolla Dubh mac
Pilip do ghabhail tigernais FherManach.



Domhnall .i. Ua Maoile Dúin Luircc do ghabhail la cloinn Airt
Mhég Uidhir i


L. 736


ffell i tTermonn Dábheócc, agus a chur i mbraighdenus go hUa
nDomhnaill, agus a écc da és i ngeimhiol.



Concobhar mac Aedha Ruaidh Még Uidhir do ghabhail leis An
nGiolla nDubh .i. Tomás, agus le na dearbrathair Aodh Mág Uidhir
agus a éludh iaramh .i. a bhreith lais dia mhac fein.



Drem do mhuintir Righ Saxan do dul ar creich i nUíbh Failghe, agus
Ua Concobhair dia lenmain go tóchar Cruacháin, agus drong mor
diobh do marbhadh, agus tri fichit each do bhein díobh. Drem ele do
mhuintir Righ Saxan im Iarla Maruscal do dhul ar creich in Éilibh,
agus Ó Cerbaill cona mhuintir do bhreith forra, agus sochaidhe do
Ghallaibh do mharbhadh leó, agus eich iomdha do bein díobh.



Niall Ócc mac Neill mic Aedha Í Neill, agus O Briain, .i.
Brian mac Mathgamhna do dhol i tech Righ Saxan.



Coblaigh Mór inghen Chathail mic Domhnaill Uí Concobair inghen
Righ Connacht, ben thoictheach tromconaich go ffeabhus neinigh
do écc iar mbuaidh naithrighe, agus


L. 738


a hadhnacal i mainistir na Buille. As disidhe do gairthí Port na
ttrí Namat, uair as í ba ben dUa Domhnaill .i. Niall tigerna
Tire Conuill, dAodh Ua Ruairc tighearna Breifne, agus do Chathal
mac Aodha Breifnigh Uí Concobhair rioghdamhna Connacht.



Una inghean Taidhg mic Maghnusa Uí Choncobhair ben Még Uidhir
do écc.



Sean mac Airt Mhég Uidhir do ghabháil lé Mág Uidhir, agus a
thiodhnacal dUíbh MaoileDúin Luircc, agus a marbhadh dóibh ar
Fionntracht Droma Bairr amhail ro thuill uatha roimhe sin.



Rí Saxan do fháccbáil Ereann im Beltaine iar ndol druinge moire
do Ghallaibh agus do Ghaoidhealaibh Erenn ina thech, agus An
Moirtimérach do fhaccbáil don Rígh ina ionadh i nErinn, agus ge
do chuaidh Mac Murchadha i tigh in Righ ní ro chreid dó iarttain.



ArdSratha agus Clochar Mhac nDaimhin do losccadh cona nuilibh
iolmhaoinibh.



Ruaidhrí Ó Ceallaigh adhbar tighearna Ua Maine do écc.



Mac Siúrtain dExter do gabhail la cloinn Meic Siúrtain, agus
a thabhairt


L. 740


illaimh Mheic Uilliam Burc. Sloiccheadh la Domhnall mac Muircertaigh
agus la Gaoidhealaibh Iochtair Connacht i ccrích Meic Uilliam
fo dháigh gabhála Meic Siurtáin, agus Mac Siurtáin do leigen, agus
sidh do shnadhmadh eittir Gallaibh, agus Gaoidhelaibh an choiccidh
don chur sin.



Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill, Toirrdhealbhach, i tTír nEóghain
ar cloinn Enrí Uí Néill, agus crecha agus oirccne aidhble do dhenamh
leó is in crích. Clann Enri cona sochraitte do thocht ina lenmain.
Do rala iomairecc eittir na slóghaibh cechtardha go ro sraoineadh fo
dheoidh for Chenél nEoghain gur ro ládh a nár. Ro gabhadh dana,
Brian mac Enrí Í Néill, agus tri braighde décc do mhaithibh a
shlóigh amaille fris.



Sloiccheadh naile la hUa nDomhnaill ccedna co ráinicc co Slicceach
tria Chairpre Dromha Cliabh gur ro hindradh an tír ina nuirthimcell
leo gur ro millset gach ní gus a rangattar, agus do bearsat creacha
agus édala iomdha leo dia ttír, acht namá ro gonaitt uaite do dheiredh
an tslóigh.



Iondsoighidh do dhenamh la Domhnall mac Enrí Uí Neill ar Bhrian
mac Uí Neill, agus a ghabháil, agus crecha aidhble do denamh air.
Indsaighidh oile do denamh la Domhnall mac Enri go baile Uí Néill,
agus ben Uí Neill do breith lais, agus braighde oile immaille fria,
agus a mbreith lais i nuct Gall.



Ro triallsat Goill Laighen feall do dhenamh ar Mac Murchadha, ar
Art, agus a ghabhail. Acht chena nír bó torbha doibh ar
do chóidhsiumh uaidhibh dia naimhdeóin a los a lámh agus a ghaisccidh
cona ro cumhaingset ní dó.



Domhnall mac Muircertaigh Uí Concobhair tigerna Cairpre agus
Sliccigh agus beós tigherna ó Shliabh sios uile do écc i ccaislén
Shliccigh seachtmain ria Nodlaicc.


L. 742


Aodh mac Cathail Óicc Uí Concobhair mac inghine Toirrdhealbhaigh
Uí Concobhair, agus Muiris mac Póil Ulltaigh ollamh leighis Chenél
cConuill do écc.



AOIS CRIOST, 1396.



Aois Criost, mile, trí ched, nochatt, aSé.



An tepscop Ó hEghra do écc.



Matha Ua Luinín airchinneach na hArda, fer ilcerdach, i Seanchus,
i ndán, i seinm, agus i leighionn do écc.



O Concobhair Ciarraighe do mharbhadh i ffiul dia fhine fein.



O Ceinneittigh ticcerna Urmumhan do écc.



Irial Ua Lochlainn tighearna ChorcModruadh do mharbhadh do Mhac
Ghirr an Adhastair dá oirecht fein, i ndíoghail a dherbhcomhalta,
.i. Maoilechlainn Ua Lochlainn ro mharbhsomh roimhe sin.



Concobar mac Eoghain Uí Maille do dhol ar ionnsaighidh i nIarthar
Connacht


L. 744


lucht luinge. An long do líonadh do mhaoinibh agus dédálaibh na
heachtra sin, agus a mbathadh uile, acht madh aon duine eittir Eirinn
agus Árainn.



Maidhm na Crecca le hUa cConcobhair Ruadh cona braithribh, for
Ua cConcobhair nDonn, agus for Aodh Ua cConcobhair, for Chonn
Mhac Branáin, agus for Aodh Ua nÁinlighi taoiseach Cheneoil Dobhtha;
dú inar marbhadh Conn Mac Branáin taoiseach ChorcAchlann, Sean Ó
Taidhg, mac Seain Uí Áinlighi, agus sochaidhe ammaille riú.



O Domhnaill do thecht slógh i cCairpre, agus drong don tslógh
do breith ar cloinn Maoilechlainn Chaoich Mic Muirceartaigh baí
acc foraire, agus acc forchoimhétt do Chonnachtaibh go ndírim móir
marcsluaigh amaille friú. Ro sraoineadh forra la hUa nDomhnaill go
ró faccaibhsiot urmhór a nech, agus ro gonadh araill diobh, agus
térnaiset aroile alloss eissiumail. Ro creachadh iaramh Cairpre
lás an slogh, agus sóaid for cculaibh cona ccrechaibh.



Maoilechlainn Caoch mac Muircertaigh mic Domhnaill Uí Concobhair
do écc.



Maidhm la hUa tTuathail ar Ghallaibh Laighen agus ar Shaxanchaibh,
airm i ttuccadh ár adhbal ar Ghallaibh, agus do radadh se fichit cenn
i ttaiselbadh go hUa tTuathail la taobh iliomaitt do braighdibh,
agus dedálaibh airm, agus each, agus éittigh.



CúUladh Mág Aenghusa adhbar tigerna Ua nEachdach do mharbhadh la
Gallaibh.



O hAnnluain tigearna Oirthir do mharbhadh i ffriul la dreim
dia fhine fein.



Maire inghen Uí Chatháin ben Uí Dhochartaigh do écc.


L. 746


Brian mac Enri Uí Neill do fhuaslaccadh la hUa Neill ó Ua
nDomhnaill, agus do rad eich, eitteadha, agus ionnmhus iorlardha as,
agus do rad Ua Néill eisidhe do mhac eile Enri, .i. do Domhnall
a ffuaslaccadh a mheic fein, .i. Brian mac Neill maille comhthaibh
oile.



Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh,
agus la Tadhg mac Cathail Uí Concobhair go rangattur go Sliccech
go ro loisccseat an baile uile eittir chloich agus chrann, agus
ro marbhadh mac Concobhair Maonmaighe go sochaidhibh ele leó don
chur sin. Ba doiligh an baile ishin do losccadh, ar ba dersccaighte
a chumhdaighthe eittir cloich agus chrunn.


L. 748


AOIS CRIOST, 1397.



Aois Criost, mile, tri ced, nochat, aSeacht.



Sluaiccheadh mor do thionol la Niall Ó Neíll recte Néill la Rígh
Cenél nEoghain do dhul for Ua nDomhnaill, Toirrdhealbhach, agus
for chloinn Enri Uí Neíll recte Néill. O Domhnaill, agus clann Enri
do chruinniucchadh shloigh oile ina aghaidh. Báttar athaidh amhlaidh
sin aghaidh i naghaidh na ro chumhaingsiot ní dia roile. O
Ro scithigedh Ua Neill cona shlogh, Ro triallsat for ccúlaibh dia
ttighibh gan airiuccadh don tslogh oile. O Ro ráthaighset an slógh oile
indsin ro leiccsiot sceimhealta ina lenmain go ro marbhadh araill do
mhuintir Uí Néill, agus co ffarccaibhsiot eich agus edala iomdha ag
Cenél cConuill, agus acc cloinn Enrí don chur sin.



Sluaiccheadh la Toirrdhealbhach Ua nDomhnaill la tigerna Cheineoil
cConuill i fFeraibh Manach, agus do bert ethra iolardha lais for
Loch Eirne, for oilenaib, agus for innsedhaibh an locha gur
ro hoircceadh, agus gur ro hiondradh lais iaidsidhe uile cen mothát
eccailsi, no neimhedha, agus do bhert édala iomdha anffoille lais,
agus iompaidhis gan nach ffriothorgain.



Sluaiccheadh naile la hUa nDomhnaill i cCairpre do dhíochur
chloinne Domhnaill mic Muirceartaigh eiste go ro loiscceadh an tír
go leir lais go Cluain Derg Rátha.


L. 750


A Shúile do fhaghbháil doridhisi do Aodh Mag Mathgamhna tria
trosccadh do dhenamh ind onóir na croiche naoimh Rátha Both, agus
in onóir dheilbhe Muire Atha Truim.



Niall Mor mac Aodha Uí Neill Rí Chenél Eoghain, agus
iomchosnamhaigh Erenn, inneoin órdain, agus oirechais an fhlaithemhnais,
tuir iomfhulaing gach anfforlainn, diosgaoiltigh Gall, táthaightheóir
Gaoidheal, móradh eccailsi agus ealadhan na hErenn do écc iar
mbuaidh nongtha agus naithrighe, agus Niall Óg a mhac do ghabháil
a ionaid.



Mac Donnchaidh Tire hOilella do dhul go Machaire Chonnacht (go
lion a thionóil, a mhaoine, agus a innile) do chongnamh dUa
Choncobhair Dhonn, gur ghabhsat foslongport ag Cuirreach Chinn
Eitigh eittir daoinibh agus airneis mar a mbaoi Ó Concobair.
Iar na clos sin dUa Concobair Ruadh cruinnighis da gach taoibh go
hén ionad Mac Uilliam Burc Tómas mac Sir Emainn Albanaigh, Clann
Chathail Óicc Uí Choncobair, Clann Aodha meic Diarmata, Mainigh,
agus clann mhac Feidhlimidh feisin go lión sochraitte gach aoín
diobh, agus go ccoimhtionol gallócclach ina ffarradh. Triallaitt
iarsin do shaighidh an mhachaire, Acht cena ni raibe Ua Concobhair
Donn i ffarradh Mheic Donnchaidh annsin agus nochar airigh Mac
Donnchaidh an sluagh no go ttáinicc Ua Concobhair Ruadh sonn
mór marshluaigh ina thimcel. Ferthar iomairecc ettorra go
díochra duthrachtach cechtar da líona iarsin gur maidhedh for
Mac Donnchaidh cona muintir. Lenaid na beithre ler briseadh orra
iad gur cuirsiot a nár, Marbhthar Mac Donnchaidh annsin, agus Aodh
Caoch mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair, Mac Suibhne
ardchonsapal Connacht o shliabh síos cona dhias derbhrathar
Donnchadh agus DonnSlebhe, Cúaifne mac Conaifne Uí Concobhair,
agus Diarmait Mac Donnchaidh tanaisi


L. 752


Ua nOilealla ammaille le hiomatt duaislibh agus dárdmhaithibh a
mbraithreach agus a muintire. Ba dirímh do aisneidh a ffríth dédalaibh
agus maoinibh la hUa cConcobhair Ruadh don turus sin gan airemh
ar eachaibh ar arm, na ar édeadh. Oidhche chéid fhéile Muire Foghmair
tuccadh an maidhm sin Chinn Eitigh. Iar cclos na sccel sin dUa
Concobhair Dhonn (an tres lá iar ttabhairt an mhadhma) tainicc fo
bhótháintibh Uí Concobhair Ruaidh, agus Cloinne Feidhlimidh,
agus a mbuailte ar na suidhiucchadh i ttimcheall Liattroma go
ttucc maidhm imirgedh orra da ngoirthi an gealmaidhm go rucc creacha,
agus édala aidble uatha don dul sin.



Feidhlimidh mac Cathail Óicc agus Dubhghall mac Domhnaill Gallócclach
do dhul i ccenn Í Dhomhnaill diarraidh a chonganta i naghaidh
a nesccaratt. Ua Domhnaill go maithibh Thíre Conuill do thocht
go Cairpre don chur sin do chuidiucchadh le cloinn Chathail Óicc.
Cairbrigh agus Oileallaigh do theicheadh fo dhaingnibh, agus
fo droibhelaibh an duithche roimhe. O Domhnaill do rochtain go
haonach Thíre hOilealla, tighe iomdha agus arbhanna do losccadh da
mhuintir, agus crecha do denamh doibh ar mhac Corbmaic mic Ruaidhri.
MaolRuanaidh Mac Donnchaidh tighearna Tire hOilealla, Ua Dubhda,
agus Ua hEghra do thabhairt chor, agus eidiredh dUa Domhnaill
agus do cloinn Chathail Óicc iarsin le gan cur na naghaidh go brath.
Sith do chengal etorra dUa Domhnaill ar an ccoingeall sin, agus e
fein diompúdh go Tír Conaill fo chédoir. Clann Cathail Óicc,
Muintir Duirnin, agus Mac Domhnaill Ghallócclach cona cloinn
do theacht i cCairpre annsin. Suidhe doibh ilLios an Doill, agus
a mbeith ag roinn na críche etorra an oidhche sin, agus roptar
imresnaigh impe. Ua Domhnaill do thocht uathadh marcsluagh ina
ccomhdháil arabhárach do reidhiucchadh etorra.



Muircertach Bacach mac Domhnaill mic Muircertaigh Uí Concobhar,
agus Clann


L. 754


tSuibhne do beith hi ffassa choilleadh an tan sin. Ua hEghra
iartharach, agus sliocht Flaithbertaigh Uí Ruairc do bheith imaille
riú. Iondsaighidh do thabhairt doibh a mucha na maidne ar cloinn
Chathail Óicc agus ar Ua nDomhnaill go Bun Brénóicce ar belaibh
Lesa an Doill, Siorthae marcsluaigh chloinne Cathail Óicc do dhol
tharsa go Slicceach. Bun Brénóige do beith do thaobh díobhsomh
agus an fhairrge do líonadh don taobh araill diobh go sona sodhánach
doibhsiumh conár fédadh a ttacmang na a ttimcealladh samhlaidh.
Do beiritt tachar tinnesnach dia roile as a haithle. Maidter for Ua
nDomhnaill, agus for cloinn Chathail Óicc, agus Marbhtar Marcus Mac
Domnaill agus Dubhgall a mhac, Eóin Mac Síthigh agus sochaidhe
mhór oile da ngallócclachaibh. Crecha agus airccne do dhenamh ar
chloinn Chathail iaramh, agus a ndiochur tar Eirne anonn doridhisi
go dubha, agus dhoimenmain im fheil Muire mór do shonnradh.


L. 756


Diarmait mac Iomhair Ui Bheirn do beith i ffiabhras, agus a breith
i ccoite for loch ona thigh fein dionnsaighidh tighe Mhurchaidh mic
Tomáis, agus leim do breith dó gan fhios do chách amach as an ccoite
isin loch go ro baidhedh a ccedóir.



AOIS CRIOST, 1398.



Aois Criost, mile, tri céd, a hocht.



Tomás mac Muirghesa Meic Donnchaidh epscop Achaidh Conaire do ég.



Cogadh mor do eirghe eitir Ua Néll, Niall Óg, agus Ó Domhnaill
Toirrdhealbhach, agus a thaoisigh agus a oirecht do thregeadh Uí
Dhomhnaill go mbuí i ccumhga mhoir occ cloinn Enrí Uí Neill ag
cloinn tSeaain Ui Dhomhnaill, ag Ua nDochartaigh, agus ag Cloinn
tSuibhne. Do choidh mac Uí Domhnaill Niall Garb, agus clann
Domhnaill mic Néll Uí Domhnaill for indsoighidh i Fanait gur
ro gabhadh leó Eóin mac MaoilMuire Meic Suibne, agus co ndernsat
orgain. Goill agus Gaoidhil coigedh Uladh do dhul i teach Uí Neill,
agus braighde, agus umla do thabhairt dó cénmothá Ó Domhnaill a aenar.



Sloicceadh mor la Niall Ócc Ó Neill Ri Chenel Eoghain, agus la
cloinn Enrí I Neill do shaighidh Uí Domhnaill go rainicc Ess
Ruaidh gur airccsiott an mhainistir fo na huile ionnmhasaibh, agus
Tír Aodha go huilidhi. Drem do muintir Uí Dhomhnaill do thabhairt
tachair doibh. Aodh mac Ferghail Uí Ruairc do ghabháil don turus
sin. Ua Neill diompúdh go Tír Eoghain doridhise.


L. 758


Sloigheadh la Tomás A Búrc tigearna Gall Connacht, la hUa
cConcobhair Ruadh, la cloinn Chathail Óicc, agus la cloinn Meic
Diarmata go rangatar Tír Oilealla gur leir airccsiot í. Concobhar
Ócc mac Aodha Meic Diarmatta, agus a bhraithre do thilleadh ón slogh
iarsin do cuartughadh Moighi Luircc. Ferghal Mac Diarmata tighearna
Moighe Luircc do dhol in oidhche sin go mainistir na Búille, agus
a bfuair do biadh, agus do cosdus innte do chur ar in mbaile dar ab
ainm an Charrag dó. Lorcc na fedhna do theccmail do cloinn Meic
Diarmata, agus a lenmain dóibh. O Ró rathaighsiot somh an toraighecht
forra, gluaisitt tré san tír go rangattar Eachdruim mic nAodha i
tTir Baiúin recte Briúin na Sionna. Clann Meic Diarmata do losccadh
tempail Eachdroma orra. Concobhar Mac Diarmada, .i. mac Ferghail
do mharbhadh doibh, agus sochaidhe da muintir imaille ris, agus
MaolRuanaidh mac Diarmata do ghabail, edail do denamh da neachaibh,
da narm, agus da neidedh.



Murchadh Bán mac Seaáin mic Domhnaill Uí Fhergail deghadbar tighearna
na hAnghaile fécce enigh, agus oirdearcais, gaile, agus gaisccidh
slechta Ferghusa dfior a aoisi, do écc iar mbuaidh naithrighe mí
ria Notlaic, agus a adhnacul i mainistir Leathratha i ttomba a athar,
agus a shenathor.



Muiris mac Piarais Dalatún do mharbhadh la Muircertach Ócc Mag
Eochagáin, agus la Brian mac Ui Choncobhair Fhailghe.



Gleann Da Locha do losccadh do Gallaibh.


L. 760


Muircertach Ua Concobhair do dhul i tTír Aodha, a ionntúdh go
hEss Ruaidh gan morán édala dfagail don cuairt sin. Aodh Ua
Duirnín do breith orra annsin. Iomruaccadh do tabairt doibh fa Bhel
Atha Senaigh, each Aodha do lot, efein do leaccadh, agus a marbhadh
iaramh.



Gearoitt Iarla Desmumhan, fer suairc soibhésach, do dearsccnaigh
do Gallaibh Ereann, agus do moran da Gaoidealaibh i naithne, agus
i neolus Gaoidhelcce, i ndán, agus i Senchus amaille re gach foghlaim
ele da raibe aicce, agus a écc iar mbuaidh naithrighe.



Iarla Chille Dara do ghabhail don Chalbhach Ua Concobhair, agus do
marcsluaigh dhuithche Ó bFailge, agus a chur ar laimh Murchaidh Uí
Concobhair.



Sir Seon Iarla Deasmumhan do báthadh isin Siuir gar becc iar
ngabhail na hiarlachta dó. (Vide 1399).



Cath do tabhairt for Ghallaibh dUa Bhrain, agus dUa Tuathail.
Iarla óMars do mharbhadh is in ccath sin, agus ár Gall imaille ris.



Fionnghuala ingen Ualghaircc Móir Uí Ruairc ben tSeaáin Mhóir
Uí Eaghra dég.



Dauith Ua Duibhgionnain ollamh cloinne MaoilRuanaidh i Senchus,
biatach coitchenn comroghnach, agus saoí duine ealadhna do écc.


L. 762


Ua Concobhair Ruadh agus Mac Diarmata do dhul sluagh lánmhór ar
Cloinn nDonnchaidh Tire hOilealla go rangattar Magh Tuireadh.
Creacha móra do denamh doibh. Clann nDonnchaidh do breath orra,
agus Muircertach mac Domhnaill Uí Concobhair cona leirtionol.
Iomairecc do chur ettorra. Maidhm for Ua cConcobhair agus Somhairle
Buidhe Mac Domnaill cona muintir do mharbhadh ann.



Tomas mac Cathail mic Murchaidh Uí Ferghail tighearna na hAnghaile
ealchuing enigh agus oirdercois Cloinne Rosa do marbhadh ina bhaile
fein isin cCoillín cCrubach la Gallaib na Midhe agus la Barún
Delbhna, iar na thogha i ttigernus roimhesin ar bélaibh a shinsior
bhrathar, .i. Seaan Ó Ferghail, agus Seaan do oirdneadh iarsin i
ttighearnus na hAngaile.



Maidhm mór adhbal la Mág Carthaigh cCairpreach for Ua Suilleabhain,
agus da mhac Uí Shuillebhain, Eoghan agus Concobhar do marbhadh is in
ccaithgliaidh sin, agus sochaidhe imaille riú.



O Briain Maol do écc don teidhm is in nGalldacht.



Mac Muiris Buidhe Uí Mhórdha tigherna Slebhe Mairgi fer
cothaighthe dámh agus deoradh Ereann do ecc.



Mac Uilliam Búrc do losccadh Slicigh.


L. 764


Cathal mac Ruaidhri Meg Uidhir do marbhadh la hEoghan mac Néill
Óicc Uí Néill.



Art Cúile mac Pilip Mhég Uidhir do marbadh la Teallach Eachdhach.



Clann Enri Uí Neill, agus clann tSeaain Uí Domhnaill, agus Fir
Manach do thionol sloigh ind aighid Uí Domhnaill. Ua Domhnaill
do cruinmucchadh a shochraitte ina naghaidh don leith eile,
agus a mbeith i ndíbh fhoslonportaibh for aghaidh a chele go ro sccarsat
fo deoidh gan nach ngniomh noirdeirc.



AOIS CRIOST, 1399.



Aois Criost, mile, trí céd, nochat, anaoí.



Sluaigeadh la hUa Neill (Niall Og) for Gallaibh go ro creachoirgedh,
agus go ro hionnarbadh lais a nermhor.



Concobar Mag Carmaic espucc Ratha Both dUíbh Domnaill Corca
Baiscind do écc.



CuUladh (.i. CuUladh Ruadh) mac Neill Móir mic Aodha Uí Neill
décc don teidhm.



Brian Ua Briain (.i. mac Matgamhna) tigerna Tuadhmumhan do écc.



Toirrdhealbhach mac Murchaidh (.i. Murchadh na Raithnighe) Uí Briain
do écc.



Feidhlimidh mac Cataoír Uí Concobhair tanaisi Ua fFailge decc
(.i. don teidhm) i ttigh Uí Raighilligh.



Clann Enri Í Neill do dol ar ionnsaighidh for Ghallaibh TraghaBaile.
Ro tionoilsiot Goill ina naghaidh go ro rainsiot forra, agus go
ro gabhadh Domhnall


L. 766


mac Enri, agus drong mór dia muintir do mharbadh. Domhnall do chor go
Saxaibh is in mbliadhain ar ccinn iar ffeimdhedh a fhuaslaicthe.



Seaan Ua Ferghail tigerna na hAngaile, fer eargnaidh, inntleachtach,
fesach foghlamta go noirdercus neinigh agus nengnamha do écc.



Aodh Ua Donnchadha tigearna Eoganachta Locha Len, O Broin, (.i.)
Geralt mac Taidhg, agus Toirrdhealbhach mac MaolMuire Meic Suibhne
Fánatt, agus Amhlaoibh mac Pilip mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh
Még Uidhir, toisech Muintire Feodachain do écc.



Aodh Mag Mathgamhna do écc iar ndol a súl uadha.



Domhnall mac GiollaÍosa Ruaidh Uí Raighilligh do écc.



Mag Aonghusa Muircertach Ócc mac Muircertaigh Moir, tigearna
Ua nEchdhach do mharbhadh dia fhine budhdein.



An cetramadh Henrii do rioghadh os Saxaibh, 29. September.



Baothgalach Mac Aedhagain saoi choitchionn i ffeineachus agus i
seinm, agus fear tighe naidheadh nairdeirc, agus GiollanaNaomh mac
Concobhair Meic Aedagain ardollamh i ffeineachus do écc.



Iarla Deasmumhan Sean mac Gearoitt do bádhadh i nÁth Arda Fionain
for Siuir. (Vide 1398).



AOIS CRIOST, 1400.



Aois Criost, mile, cethre chéd.



Aodh Ua MaolMuaidh ticcerna bFer cCell, Laighneach mac Ferghail
Ruaidh mic Donnchaidh Még Eochagain Donnchadh Sionnach tigerna
Muintire Tadhgain, agus


L. 768


taoiseach Tethba, Diarmait agus Brian dá mac Catharnaig Mic an
tSionnaigh do écc.



Caislén Dúin Iomdhain do ghabháil do Mhac An abaidh Uí Concobhair,
agus Hoiberd mac Emainn mic Hoiberd A Burc do marbhadh inn, agus Mac
mic Emainn Uí Cheallaigh do bí illaimh ann do leccen amach.



Grigoir mac Tanaidhe Uí MaoilConaire, saoi foirbthe ina ealadain
duthcois, deaghadbar ollaim Sil Muiredhaigh esidhe do marbhadh go
tegmaiseach daon buille ga do láimh Uilliam Gairbh for tochar
Dúin Iomdhain i naimhriocht. Sé ba agus sé fichitt do thabhairt ina
eraic iarsin.



Ruaidhri mac Airt Mhég Aonghusa tighearna Ua nEachdhach Uladh
do marbhadh la cloinn ConUladh Uí Néill, agus la Cathbarr Mhág
Aonghusa a dearbrathair fen.



Sluagh mór la Niall Óg Ua Néill hi Tír Conaill gur mhill moran
do ghortaibh agus darbannaibh innti. Tangatar Cenél cConaill ina
aghaidh gur ro ficceadh iomairecc etorra go ro mheabhaidh for Chenél
Eoghain, agus go ro marbhadh sochaidhe dhíobh, agus go ro beanadh
ech iomdha dhíobh don chur sin.


L. 770


Mac Maghnasa Mhég Uidhir, .i. GiollaPatraicc da ngoirthi An Giolla
Buidhe décc ina thigh fein fo bithin cuislinne do legeadh dhó.



Seaan mac Pilib mic GiollaÍosa Ruaidh Uí Raighilligh tighearna
Breifne, aon do bfearr enech, agus uaisli da chineadh dég do biodhg
ina iomdhaidh i tTulaigh Mhongáin.



Mac righ Saxan do theacht i nErinn.



Maghnus mac ConConnacht Uí Raighilligh adbar tighearna Mhuintire
MaoilMordha.



Conchobhar mac Domhnaill mic Néill Ghairbh, mic Aodha, mic Domhnaill
Óicc Uí Dhomhnaill do dhol ar creich tar sliabh soir i tTír Chonaill,
agus é fein, agus Eoccan Ruadh Mac Suibhne do comhtuitim ré aroile.



Clann Flaithbhertaigh Uí Ruairc do ionnarbhadh as an mBreifne, agus
a ndol go Tír Conuill, agus araill do Chenél cConaill do breith leo
isin mBreifne co ndernsat creacha mora for Ua Ruairc agus
do radsatt leo i tTír Conuill iaidsidhe.



AOIS CRIOST, 1401.



Aóis Criost, míle, ceithre chéd, a haon.



Maoíleachlainn Ua Ceallaigh tighearna Ua Maine, fear deig einigh
daonnachtach, agus Tomás mac Sir Émainn (.i. Emann Albanach)
A Burc Mic Uilliam tighearna Gall Connacht do écc iar mbuaidh
naithrighe. Da Mac Uilliam do denom tar éis Tomais A Búrc, .i.
Mac Uilliam do denamh dUilleacc mac Riocaird Óicc, agus Mac
Uilliam oile do Uater mac Tomais A Burc, agus umhla uaidh do
Mac Uilliam Cloinne Riocaird ar sinnsireacht.



Domnall Ua Maille tighearna Umhaill décc iar fforbadh a aoisi.



Cathal Ruadh Mag Ragnaill taoiseach Muintire hEolais do marbhadh
i nDruim Chubra la Seafraidh mac Maoileachloinn Még Raghnaill.


L. 772


MaolRuanaidh mac Cathail Ruaidh Meg Ragnaill do mharbhadh la cloinn
an Maoileachlainn cettna a ttoraighecht a ccreiche.



Concobhar Anabaidh Ua Ceallaigh do ghabháil tighernais Uíbh Maine
déis a athar.



Carrac Locha Cé do gabhail la cloinn Ferghail Meic Diarmata.
Daoine iomdha do mharbhadh, agus do bathadh na timcheal, agus lucht
a coimheda da tabhairt uatha dar cenn comhadh.



Fedlimidh mac Cathail Óig Uí Concobhair do ghabhail la mac
Uí Choncobhar Dhuinn.



Coinne do dhenamh eidir Ó Néill, .i. Niall Óg agus Ó Domhnaill
Toirrdhealbhach ag Caol Uisge agus síth do dhenomh doibh re aroile
don chur sin.



Coccadh deirghe eittir Ua nDomhnaill iaromh agus Brian mac Enrí
Uí Néill, uair tug Brian slógh lais go Tír Conaill, gur
ro ionnsoigh longport Uí Dhomhnaill, agus ro marbhadh mac Néill Óig
mic Neill Ghairbh mic Aedha mic Domhnaill Óig, agus Maoileachloinn
mac Flaithbertaigh Uí Ruairc agus sochaidhe oile leo. Do deachaidh
Ó Domhnaill co na cloinn, agus Muintir Duirnín is in ló cedna
illeanmhain Briain go ruccsat fair, agus creac Uí Gairmleadhaigh
(.i. Enrí) roimhe iar marbhadh Enrí lais. Ro figheadh iomaireg
amhnus eidir Ua nDomhnaill agus Brian Ua Néill, agus ro marbhadh
Brian lais, agus ro sraoineadh for a mhuintir iar bfágbhail creach
Cenél Moain. Ro marbhadh bheos sochaidhe oile imailli fri Brian ar
an lathair sin. Soais Ua Domhnaill slán cona muintir co nedalaibh
aidhblibh iar mbuaidh agus cosccor.



Corbmac Mac Branain taoísech Corco Achland do marbhadh la a
braithribh i fell, .i. Concobhar mac Seaain Meic Branain, etc.



Domhnall mac Enrí Í Néill dfuasccladh ó Ghallaibh.



AOIS CRIOST, 1402.



Aois Criost, mile, ceithre ched, adó.



Coccadh mor eittir Ua Néill, agus clann Enrí Í Néill, agus an tír
dho milleadh ar gach taebh etorra.



Muirchertach Ua Flannagain airchideochain Oile Finn décc.


L. 774


Coccadh eidir Iarla Urmhumhan agus Iarla Deasmhumhan, agus an da
Mhac Uilliam do dhul do chongnamh la hIarla Urmhumhan.



Carrac Locha Cé do ghabail la Conchobhar Ócc macc Aedha ar cloinn
Ferghail Meic Diarmata.



Ferghal Ua Ruairc adbar tighearna Breifne, fer bruthmor beodha
dealbdha deigheinigh, do mharbhadh ina thigh fén la Cloinn Cába agus
(a) adhnacul i mainistir Sligigh.



Niall Óg mac Néill Moir mic Aedha Uí Néill (Ri Cenel nEoghain)
décc iar mbuaidh einigh agus oirrdhercais ongtha agus aithrighe. Brian
mac Néill Óig décc iarttain (.i. don galar bhrec).



Muirchertach mac Donnchaidh Uí Dhubhda saoí coitchinn i nuaisle, agus
i neineach décc, agus a adhnacul i nArd na Riagh.



Matha O Scingín do écc don fhiolún.



Pilib mac Briain Mhóir Meg Mathghamhna tigherna Oirgiall décc,
agus Ardgal mac Briain do gabhail tighernais na dhéoidh.



CúConnacht mac Magnusa mic ConConnacht Uí Raighilligh tanaisi Brefne
do écc. Una inghen Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair a mathair sidhe.



Brian mac Domhnaill Uí Fhlaithbhertaigh adhbar tighearna Cairn
Geccaigh décc.



Fedlimidh mac Cathail Óig do legeadh as a braighdenus.



Mainistir Chuinche i tTuadhmumhain i neaspuccoideacht Cille Da Lua
do toccbail do braithribh .S. Fronses la Sioda cCam Mac ConMara
tigerna Cloinne Cuilein fo dhaigh go madh í badh Roimh adhnaicthe dó
fein, agus dia Chenel.



Aodh Seanchaidh Ó Domhnaill saoi shenchadha do écc.



Coccadh mór eittir Ua nDomnaill (Toirrdhealbhach mac Neill) agus Ua
Cathain (.i. Maghnas) go ro hindreadh, agus go ro creachoirgedh
oireacht Uí Chathain la hUa nDomhnaill, agus gur ro leirmilleadh
an tír uile lais.


L. 776


AOIS CRIOST, 1403.



Aois Criost, mile, ceithre ched, atrí.



Domhnall mac Enrí Uí Néill do gabail tighearnais Tíre hEóghain.



Tadhg mac Cathail Óicc Uí Choncobhair do mharbhadh la cloinn
Toirrdhealbhaigh Óig Uí Chonchobhair, agus dEoghan mac An Abadh
Uí Concobair for Machaire na nAileach, agus a adhnacol hi ttomba
Domhnaill mic Cathail a shenathar.



Conchobhar An abaidh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tighearna
Ó Maine, Nathair neimhe a chinidh agus na nGaoidheal ar chena do écc
iar nonccadh agus iar naithrighe, agus a adhnacal i mainistir Eoin
Baisde hi tTir Maine.



Fionnghuala inghen Toirrdhealbhaigh mic Aedha mic Eoghain Uí
Conchobhair ben Maoileachlainn Uí Ceallaigh (tighearna Ua Maine)
do écc iar ndeighbeathaidh.



Sluaigheadh la hUa cConcochair nDonn, agus la Muircertach Bacach
mac Domnaill (tighearna Sligigh) i nUachtar Connacht dar ghabhsat
neart ar Shiol nAnmchadha. Tiaghaitt i cCloinn Riocaird as a
haithle do chongnamh le hUilleac mac Riocaird i naghaidh Mhaineach
gur chuirsett a ttrén orra dibhlinibh.


L. 778


Muirchertach Bacach mac Domhnaill mic Muircheartaigh tighearna
Iochtair Connacht do écc (is in ffoghmar) i ccaislén Sliccigh.



Coccadh deirghe eidir Breifneachaibh agus Clann nDonnchaidh dar
marbhadh Tomaltach Ócc mac Tomaltaigh Mhég Dorchaidh deodhfhlaith
Cheneóil Duachain don aicme sin, agus Muirchertach Óg Ó hÉlighe
brughaidh cedach conáich, etc.



MaolMordha mac ConCondacht mic GiollaÍosa Ruaidh Uí Raighilligh
do ghabhail tighernais Mhuintire Raigilligh.



Maghnus mac ConMaighe Uí Catháin tighearna Ciannachta do écc.



Felim mac Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Choncobhair do écc.



CúUladh mac GiollaPatraicc Meic Cathmaoil do marbhadh (.i. i ffiull)
ina oirechtus dá dhaoínibh fein.



Corbmac mac Donnchaidh Meg Cartaigh do écc.



O Ceinneittigh Donn do marbhadh la cloinn Philip Uí Cheinneitigh.



AOIS CRIOST, 1404.



Aois Criost, mile, cethre ched, a cethair.



Tomás Baired epscop Oile Find saoí Ereann i neaccna agus i
naird eolus diadha, do écc, agus a adnacal in Airigh Locha Con.



Concobar Ócc mac Aedha meic Diarmada tighearna Mhuighe Luirg,
beithir ar beodhacht do ecc (.i. is in ffoghmhar), agus Tadhg mac Aedha
meic Diarmada do gabail tighearnais.


L. 780


Corbmac Mac Diarmada do marbhadh ar sluaigheadh i Cloinn Riocaird
in iomruaccadh lá marcshluagh Cloinne Riocaird agus Tuadhmhumhan.



Inghean Uí Choncobhair Fhailghigh ben GiollaPatraicc Uí Mhordha
do écc.



Maidhm Atha Duibh la GiollaPatraicc Ua Mórdha tighearna Laoighisi
for Ghallaibh, i ttorcratar daoíne iomdha. Edáil each, arm agus édeadh
do denomh orra.



Iarla Urmhumhan ceann crodhachta Gall Ereann do écc.



Donnchadh Bán Ua MaolChonaire allamh Síl Muireadhaigh i Senchas
do écc.



GiollaDuibin Mac Cruitin ollamh Tuadhmhumhan le senchas, agus le
Seinm décc.



Cearball Ó Dálaigh ollamh CorcoModruadh, Domhnall mac Donnchadha
Uí Dhalaigh da ngoirthi Bolg an Dana, Flann mac Seaain Uí
Domhnallain ollamh Sil Muireadhaigh i ndán, Uilliam Ua Deoradháin
ollamh Laighen i mbreithemhnas, Nualadh inghen Domhnaill mic
Muircertaigh Uí Choncobhair bean Fearghail mic Corbmaic Meic Donnchaidh,
agus Donncathaigh mac Muireadhaigh Mhég Senlaoich brughaidh cédach
conáigh do Corco Achlainn, agus lainfhear gradha do Ruaidhri Ó
Choncobhair do righ Connacht dég.



Eoghan mac Murchadha mic Cathaoir Uí Choncobhair do mharbhadh la hIarla
Chille Dara.



Antriu Baroid do mharbhadh la hUibh Murchadha.



Cogadh deirghe eidir Mag Cárthaigh agus Ua Suillebhan Buidhe.
Toirrdhealbhach Meith Mac Mathgamhna do beith ina loingseoir ag Mag
Carthaigh an tan sin. Breith dó ar Ua Súilleabhain ar fairrge,
agus ar cloind Diarmada Mhég Carthaigh badar ag cuidiugadh les i
naghaidh Mhég Cárthaigh. Ua Suilleabháin do bathadh don dul sin dó,
agus Domhnall mac Diarmada Mhég Carthaigh do ghabhail.



Mathgamhain Mac ConMara do écc for Slighidh na Romha.


L. 782


Maoileachlainn Mhág Oirechtaigh taoiseach Muintire Rodhuibh do ecc.



Donnchadh Mac Cathmaoil taoiseach an da Cenel Fearadhaigh
do marbhadh la Mág Uidhir.



Fedhlimidh mac Aedha Uí Tuathail tighearna Ua Muiredhaigh do écc.



Cathal mac Taidhg Meic Donnchaidh adhbar tighearna Ua nAilealla do écc.



Taichlech mac Donnchaidh Uí Dubhda, agus Tuathal mac Maoilechlainn
Uí Domhnalláin adbhar ollamhan Shil Muireadhaigh i ndán, agus Tadhg
mac Baethgalaigh Meic Aedhagain adhbar ollamhan Iochtair Chonnacht
i ffenechus, Iaidsidhe ina ttriur do écc.



AOIS CRIOST, 1405.



Aoís Criost, mile, ceithre ched, acúicc.



Slóigheadh la Tadhg mac Aodha Meic Diarmada tigearna Maige Luirg
diarraidh a tigearnais ar sliocht Concobhair mic Taichligh, agus
for lucht Airtigh archena, amhail ro budh dual dfior a ionaid do
ghrés. Muintir Airtigh do tharraing Uí Concobair Dhuinn, cloinne
Muirchertaigh Muimhnigh, agus cloinne Ferghail Meic Diarmada cuca
i naghaidh Meic Diarmada. Cruinnighid i ccoinne aroile go Loch
Labain i ccrich Airtigh. Ferthar deabhaidh etorra. Brisis Mac
Diarmada agus Donnchadh mac Meg Domnaill (a Consabal) cona muintir
diblinibh i tús an laoí for an ccumuscsluagh ccethardha batar ina
aghaidh gur ro marbadh morán da ffodhaoinibh don ruathor sin. Gidhedh
tuc fer eigin dfianlach an mhadhma agaidh ar an ionadh in ar dhócha
lais Mac Diarmata do bheith co ttug urchor do shoighitt nduaibhsigh
ndoeadrána da ionnsoighidh, gur bheanastair go cert coimhdhíreach ina
braghaid dhó go ttorchair (no gur ecc) Mac Diarmata Tadhg disidhe a
ccionn tsechtmuine ina thigh fein. Ruaidhri mac Aodha Meic Diarmada
do ghabhail tighearnais Maighe Luirg iarsin.



Maghnus mac Aedha Uí Uiginn do écc.



Aodh Ua hAinlíghi, Taoiseach Chenél Dobhtha do écc, agus a adhnacal
i cCluain Coirpthe.


L. 784


Risderd Buitiler da ngoirthi Cos Cruaidh do mharbhadh la mac
Fachtna Uí Mhórdha.



Cogadh ag Mac Murchadha re Gallaib, go ttainic desidhe an Chontae
Riabhach do creachlosgadh lais im Ceithiorlach, agus im Diseart
Diarmada.



Risdet Mag Raghnaill adhbhar taoisigh na nEolasach do écc tre
ainmesair óil.



Ua Concobhair Ciarraighe Diarmait mac Donnchadha do mharbhadh la
Mac Muiris Ciarroighe.



Inghen Domhnaill Uí Briain, ben Pilib mic Mathghamhna Duinn Uí
Chinneidig do écc.



GiollanaNaomh mac Ruaidhri Uí Chianáin ollamh Seanchais Fear Manach


L. 786


do écc go hobbann i ttigh mic Neidhe Uí MaoilConaire, i cCairpre Gabra,
agus a adhnacal imainistir LethRatha.



Fearghal mac Corbmaic Meic Donnchaidh adhbar taoisigh Ua nAilealla
do écc.



AOIS CRIOST, 1406.



Aoís Criost, míle, ceithre chéd, aSé.



Comarba Caindigh do écc.



Ua Concobair Donn, .i. Toirrdhealbhach Óg mac Aedha mic
Toirrdhealbhaigh, etcetera, tuir cothaighthe agus cosanta enigh
agus oirrdearcais Connacht do mharbhadh la Cathal Dubh mac Uí
Choncobhair Ruaidh, agus la Seaan mac Hoibert mic Emainn mic
Hoibert mic Sir Dauith A Burc (dar mathair BeanMumhan inghean mic
Fedhlimidh) i ttigh Riocaird mic Seaain Buidhe mic Emaind mic Hoiberd
is in Creaccan la taobh Fidhici i Cloinn Connmhaigh, agus Sean
mac Hoberd do thuitim lá hUa cConcobhair ar an lathair sin.



MaolRuanaidh mac Taidhg Meic Donnchaidh tigherna Tire hOilealla
do écc ina thigh fein, iar mbuaidh naithrighe, agus a adhnacal i
mainistir na Búille.



Maidhm dermair la Murchadh Ua cConcobhair tighearna Ua bFailge
(cona mac An Calbach imaille ris, agus go ccloinn Uí Choncobhair
Ruaidh, .i. Cathal Dubh, agus Tadhg go mbuidhin marcsluaigh immaraon
riú iar ndol ar cuairt dóibh co hUibh


L. 788


Failghi) for Ghallaibh na Midhe, agus for Eoghan mac An Abaidh
Uí Choncobhair cocceithirn chongbala Connacht immaille fris. Co
ndeachadar na sluaigh sin díbhlinibh i nUachtar Geisille agus co
ndeachaidh mac An Abaidh cona corugadh ceithirne budhdéin go Cluain
Immurrois go baile An Giolla Bhuidhe Mic MaoilCorra go rucc orra
annsin An Calbach mac Murchadha Uí Choncobhair agus Cathal mac Uí
Concobhair Ruaidh sessear marcac, agus Eoghan gona muintir ag
denomh édála an bhaile. Baoí oighen ón cCalbach Ua cConcobhair ar
iasacht ag fer an baile sin ag denomh lenna, agus ar bfaicsin An
Chalbhaigh chuige dhó aseadh do ráidh. Ag sin thoighen acc an
cceithirn a Calbaigh, agus fuagraim duit é. Gabhaim lais isin ionad
ina bfuil sé ol An Calbhach. Baoí in toighen annsin for muin
óglaoích do lucht saraighthe an bhaile, agus tug An Calbhach Ó
Concobhair urchor aitheasach do cloich tarla ina láimh docum an
óglaoigh gur ro ammais an toighen, gur ben fuaimm agus fothrom an
oighin (iar mbéim na cloice dho) bloisg bedhgadh omnaightheach a croidhe
gach aoin daos na foghla gur gabsat briseadh cuca fo chétoir. Leantar
go lánathlamh iad go ttugadh oirleach agus athcumma orra.


L. 790


Marbhtar mac An Abbaidh Uí Chonchobhair for an mónaigh alla thuaidh
don baile annsin, agus nochar lúgha ina trí ched i neasbhadha eidir
Ghallaib, agus Gaoidhealaibh, óthá sin go Cluain Aíne i cCrich na
cCédach. As don toisc sin do benadh airdmhionn Connacht, .i. An
Buacach Patraig do biodh i nOile Find do Ghallaibh.



Tadhg mac Donnchaidh Ui Birn taoiseach Tire Briuin na Sionna
décc.



Niall O Gairmleadhaigh adhbar taoisigh Cenél Moein do écc.



Mairgreg inghen Toirrdhelbhaigh mic Eoghain Meic Suibhne ben
tSeain mic Domhnaill mic Neill Uí Domhnaill do écc.



Aodh mac Donnchaidh mic Muircertaigh Uí Concobhair do mharbhadh la
a bhraithribh fein lá Maghnas mac Donnchaidh, agus la hAodh mBuidhe
Mac Donnchaidh.



Mac ConMara taoiseach Chloinne Cuiléin do écc.



AOIS CRIOST, 1407.



Aoís Criost, míle, ceithre chéd, aSeachtt.



Muirchertach (.i. mac mic Maine) Ua Ceallaigh Airdepscop Connacht,
saoí i neccna, i neineach, agus i crabaidh dég.



Seaan mac Taidhg Ui Ruairc adbar tigearna Breifne deg i Muigh
Luirg, agus a adhnacal i nDruimm Leathain.



Mac Taidhg mic Mathgamna Duinn Uí Chinnedigh tighearna Urmhumhan
Uachtaraighe do marbhadh la hUa cCearbhaill.



Maidhm la Gallaibh for Gaoidhealaibh na Mumhan dú inar marbhadh Tadhg
Ua Cerbhaill tighearna Éle, feicheamh coitcenn do cliaraibh Erenn
eisidhe.


L. 792


Maidhm Chille hAchaidh la hUa cConcobhair Ruadh la cloinn
Maoileachlainn Uí Chellaigh agus la Mac Diarmata for Mac Uilliam
Cloinne Riocaird, agus for Cathal mac Ruaidhri Uí Choncobhair (dia
ro goireadh ainm righ Connacht deis Uí Chonchobhair Duinn
do mharbhadh) gur briseadh forra diblinibh gur gabhadh Cathal Ó
Conchobhair, agus Uilliam A Búrc, agus Remann Mac Hoiberd, agus
Ó hEidhin iar marbhadh moráin da muintir leth for leth. Ro marbhadh
ann Raghnall mac Domhnaill Óicc Mec Domhnaill, agus Seaan
Ballach mac mec Henri. Ro fhaccaibhsiot eich agus éitteadh iomdha
is in maidhm sin.



Brian mac Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Conchobhair, agus Clann
nDonnchaidh ro ghoirset an ghairm righ si do Chathal mac Ruaidhri
for Carn Fraoích dia ttúdcaidhsett co Machaire Connacht gur
ro brissett caislen Tobair Tuillsce.



Eoghan mac Cathail mic Aedha Bréifnigh mic Cathail Ruaidh Uí
Concobhair do écc, agus a adhnacal imainistir na Búille.



Conmac recte Cormac Ua Ferghail do écc.



Cathal mac Uí Concobhair Fhailgigh do mharbhadh la Cloinn Fheorais.



Aodh Mag Aengusa tighearna Ua nEchdhach do mharbhadh da braithribh
fein, agus dá airect.



Sluaigheadh la hUa nDomhnaill Toirrdealbhach mac Neill i cCairpre
go ro creachadh crioch Cairpre lais.



Aodh Mág Uidhir do ghabhail la Niall Ua nDomhnaill, agus la Cathal
Ua Ruairc, agus Maghnus Eoghanach Mhág Uidhir, agus a mbreith
dionnsaighidh Uí Domhnaill, agus O Domhnaill do légadh Aodha
ar slánaibh Eoghain Uí Neill agus Meg Uidhir.


L. 794


Aodh mac Airt Mheg Aenghusa tighearna Ua nEachdhach do iondarbhadh
la cloinn ConUladh Í Néill, agus la a brathair fein, .i. Mac
Muirchertaigh Óicc Meg Aonghusa as a thír budhdein i crích Mhec an
tSabaoísigh, agus iatt dia lenmain is in tir sin go ro sraoíneadh
laissiumh forra, agus go ro mharbh Mac GiollaMuire.



Aodh Ua Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do écc iar
ccian aois.



Eoghan Ó Dochartaigh adhbar taoisigh Arda Miodhair do écc.



AOIS CRIOST, 1408.



Aoís Críost, míle, cethre chéd, a hocht.



Iarla Chille Dara do ghabhail do mac Righ Saxan.



Sluaigheadh la Gallaibh Atha Cliath im mac Righ Saxan go Laignibh.
Hitsin Diúid do mharbhadh for an sluaigheadh sin, agus ba móireasbaidh
eisidhe.



Tomás mac Hoiberd mic Emainn mic Hoiberd do mharbhadh daon urchor
fogha la GiollanaNaomh mac Uilliam Gallda Uí Taidhg.



Maghnus Mag Samradháin do marbhadh don Baothán mac GiollaRuaidh
durchar do chuaille.



Milis Dalatún do mharbadh lá a bráithribh budhdéin. A mhac do mharbhadh
iar sin la Sliocht Chathail Uí Ferghail, agus a chaislen do briseadh.



Fearghal mac ConConnacht Uí Fherghail do écc.


L. 796


Conchobhar mac Iomhair Uí Ainlighe do marbhadh la Corcaibh
Achlann agus la Cenél Dobhtha budhdhéin for monaigh Cluana na
cCailleach lá na mbruach ndubh (agus ba cruaidh an la sin do cloinn
Iomhair Uí Áinlighe, agus do Chathal Dubh Ua Chonchobhair), agus
a adhnacal i Ros Commáin.



Eóghan Ó Ruairc, agus cland Duinn Mhég Samradháin do dul i Tir
Conaill do chogadh for Bréifneachaibh.



Mac Briain Ó cCuanach do marbhadh i meabhail la Gallaib, agus las an
mBreicLeighech.



Tadhg Ua Gráda taoiseach Chenél Dúnghaile do écc.



Sean Cam Ó Sechnasaigh do marbhadh la Mac Uí Lochlainn ar sugradh
ar faithche Cluana Ramfhotta.



O hEcheidhein do marbhadh do Uibh Dalaigh i machaire Maonmaighi.



Mac GiollaMuire do marbhadh i meabhail i cCarraic Ferghusa la
cloinn Mec a tSabhaoísigh.



Coccadh ag Mac Murchadha re Gallaibh, agus asé Mac Murchadha ba
cosccrach.



Coccadh mor acc Ua cConcobair Failghe re Gallaibh go ro aircc, agus
go ro mhill ile uaidhibh.



Mac an Bhaird Chúile an Urtain ollamh Ua Maine do écc.



Caislen Baile an Dúin do denamh la Concobhar mac Taidhg Mec Donnchaidh.



Caislen Cuile Maoile do dhenamh la Murchadh mac Corbmaic Mec Donnchaidh.


L. 798


AOIS CRIOST, 1409.



Aoís Criost, míle, cethre ched, anaoí.



Brian mac Seain Ui Eghra epscop Achaidh Conaire do ecc iar mbuaidh
ongtha agus aithrighe.



Mac rígh Saxan do fhágbhail Ereann, agus Iarla Cille Dara do
leigean dó ria na imtecht.



Athtaoiseach do dhénomh do Maoileachlainn Mor Mhag Eochagain, agus
Fearghal Ruadh mac Fearghail Ruaidh mic Donnchaidh do óirdneadh
ina ionad.



Cos Risdeird A Búrc do briseadh la coin baoí ina rioth do bhuain dó,
agus a écc treimhidsidhe.



Creach Beoil Lece la Tighearnan Ua Ruairc ar Ua nDomhnaill, agus
for Chathal Ua Ruairc, agus for Eoghan Ua Ruairc. Ua Domhnaill
agus Cenel Conaill do bheith i foslongport alla tall don eass, Cathal,
agus Eoghan don taobh abhus don eass cettna go ttuccsomh an creach
uatha diblinibh.



Foslongport do denamh dUa cConcobhair Ruadh agus dUa cCeallaigh
i ttimcell Rossa Comaín dia ro mhillsiot arbhanna an bhaile agus na
mainistire, agus ro cuirseat na braithre as in mainistir deccla sccel
do rochtain anonn don caislén.



Sluagh mor la Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Concobhair,
agus la Mac Donnchaidh Thíre hOilealla, agus la cloinn Tighernáin
Uí Ruairc gur ro chuirset costus agus lón i ccaislen Rosa Commain
daimhdheoin fer cConnacht ó shliabh suas, agus iatt in aoin tionól
ara ccionn do cois agus deach. Agus tangadar tar a nais an oidhce
sin isin Airm, agus arnamarach dia ttighibh.



Muintir Chuirnín do denamh marbhtha for aroile, .i. Seaan agus
Connla do mharbhadh la Diarmaitt mac Muircheartaigh Uí Chuirnín
i ttigh Uí Duibhgionnain Baile Coillte Foghair. Diarmaitt do dul
iarsin go teach Chonchobhair Chruimm


L. 800


mic Taidhg Uí Ruairc a thigherna agus a chomhalta budhdhéin. Conchobhar
dá ghabhail fo chettóir i ccionnaidh a mhighníomha, agus a thairbert
uaidh do Muintir Ruairc agus do Muintir Chuirrnín, agus a beith
i mbraighdenus asa haithle go cenn coícthidhisi agus mac Seaain
Ui Chuirnín dá marbhadh iaramh.



Muircheartach mac Aedhagáin ollamh breitheamhan fear tTeathba
saoí fhoirccthi erghna ina ealadhain feisin do écc.



MaelSeclainn mac MaelRuanaidh Mec Donnchaidh, agus Sean Buidhe a
brathair do ionnsaighidh Thaidhg mic MaoilRuanaidh mhic GilliCrist
Mhec Donnchaidh i Maigh Luirg, agus Tadg do gabáil doibh. Tionól
an tíre do breith forra, agus deabhaidh do chor etorra, agus saighet
do chur i Maoilechlainn mac Mhec Donnchaidh, agus a écc as a los.



Coccadh mor eittir Ua mBriain cona cloinn agus clann Bhriain Ui
Briain. Do rala etorra gur ro sraoínedh for Ua mBriain, agus
ro gabadh mac Iarla Chille Dara do rala ina fharradh agus Diarmait,
agus ro hiondarbadh Ó Briain asin Mumain móir amach la cloinn
Uí Briain.



Mag Cárthaigh Cluasach, .i. Domhnall mac Fíngin mic Donnchaidh mic
Diarmata Remhair do écc.



Fínghin mac MecCon mic Fínghin Uí Eidersceoil do ecc.



O hEidisscceóil recte hEidirscceóil Ócc do écc.



Muircheartach mac GiollaUlltain saoi shenchadha do ecc.



Eiccneach Ó Duinnín adbar ollaimh Desmumhan do écc don plaigh.



AOIS CRIOST, 1410.



Aoís Criost, míle, ceithre chéd, a dech.



Domhnall Ua Néill tighearna Thíre hEoghain fear go ngairin
rígh a cheinóil do ghabháil la Brian Mag Mathghamhna mar nar chubaidh,
agus a thabhairt ar chomhtaibh dEoghan Ó Néill, agus Eoghan dia
chor dia iomchoimhett go Mag Uidhir.



Raghnall Mag Raghnaill taoiseach Muintire hEolais do ecc iar
nongadh agus


L. 802


iar naithrighe, agus Cumhscrach Mhág Raghnaill do chur i ttaoisighecht
ina dheoidh, agus a écc sidhe hi ccionn coictighisi iar sin.



Fedhlimidh Cleireach mac Aedha mic Fedhlimidh Uí Choncobhair do écc.



Tadhg Carrach mac Toirrdhealbhaigh Duinn Uí Concobhair do écc.



Maoileachlainn mac Eoghain Uí Ruairc do mharbhadh la Conallchaibh.



Caislén Dhuin cCremtannain do blodhadh dferaibh Cairpre agus do
Breifneachaibh.



Tomás mac MaolMhuire MecCraith ollamh Tuadhmhumhan le dán do écc.



Sadhb inghen Conchobhair Uí Briain ben Uater A Búrc do écc.



Corbmac Óg Mhág Cárthaigh dég i ngeimeal Mhég Cártaigh Mhóir
ag á brathair.



Tadhg mac Maoileachlainn mic Uilliam mic Donnchaidh Muimhnigh Uí
Cheallaigh tighearna Ó Maine, flaithfhear dearcach daonnachtach
do écc iar mbuaidh naithrighe.



Tadhg mac Uilliam mic Concobair Mec Branáin taoiseach Corco Achlann
do écc lá Samna ina thigh féin i cCoillidh Móir Cluana Sencha iar
nongadh agus iar naithrighe ndiongmhala, agus a adhnacal i mainistir
na mbrathar i Ross Commain i niomdhaidh a athar agus a shenathar.



Donnchadh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh do ghabhail tighearnais
for Uibh Maine i ndeóidh Taidhg.



Cuig céd bó do breith do cloinn Uí Concobhair Duinn o mhuintir Uí
Choncobair Ruaidh (i ttimcheal na Samhna) o Ráith Brenainn.



Toirrdhealbhach agus Tadhg da mhac Uí MhaoilMhuaidh, agus Domnall
mac mic Hoibicín Uí MaoilMhuaidh do mharbhadh la Cloinn MhaoilUghra.



Maoileachlainn Mór mac Ferghail mic Ferghail mic Muirchertaigh Móir
Mhég Eochagain tighearna Chenél Fiachach do écc iar mbuaidh nongtha
agus naithrighe.



Domhnall mac Corbmaic Ui Eaghra adbar tighearna Luighne décc.



O Briain do thecht i tTuadmumhain iar ndenamh siodha fria a
bhraithribh, .i. le cloinn Briain Ui Briain.



Caislen Maighe Brecraighe do ghabhail la Gallaibh Midhe agus las
in Iustís ar Ua fFerghail.


L. 804


Domhnall mac Aedha Ui Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do
mharbhadh la cloinn Briain Uí Fhlaithbertaigh ina oireachtus fein.



Sluaigheadh la hUa nDomhnaill Toirrdhealbhach i mBreifne Uí Ruairc
go ro creachloiscceadh an tir lais. Ruccsat fir Breifne i
ttoraigheacht fair. Ro fighedh erghal etorra go ro sraoíneadh for an
tóir dú in ro marbhadh Sean mac Eoghain Uí Ruairc go sochaidhibh ele
imaille fris, agus ruccsat Cenél cConaill an ccreich.



AOIS CRIOST, 1411.



Aoís Criost, mile, cethre chéd, a dech, a haon.



Croch naomh Ratha Both do tepirsin fola tar a créchtaibh galra. Agus
tedhmanna iomdha do fhóiridhin las an bfuil hishin.



Domhnall mac Concobhair Uí Briain tanaisi Tuadmhumhan do mharbhadh
lás an mBarrach Mór.



Eoghan mac Murchadha Uí Madadháin tighearna Shíl nAnmchadha décc.



MaolMórdha mac ConConnacht mic GiollaÍosa Ruaidh Uí Raghallaigh
tighearna Breifne do écc.



Cobhthach Ua Madadháin adhbhar tighearna esidhe ar a dhuthaidh fein
décc.



Muirchertach mac ConUladh Uí Néill riogdamhna Chenel Eoghain décc.



O Suilleabhán Mor do ghabhail agus do dhalladh, agus a mhac do
mharbhadh la Domhnall .i. (Domhnall Dubh) Ua Suillebháin i fell.



Tomás mac Seain Iarla Desmhumhan dindarbadh a hErind lá Semus
mac Gearóid.



MaolSeachlainn mac Briain Mheg Tighernáin tanaisi Teallaigh Dúnchadha
décc.


L. 806


Conchobhar Ua Cathasaigh airchindeach fearainn Muintire Cathasaigh
i nDaimhinis, agus Iohanes Mac Sgoloige aircindeach a fhearainn
fein i Ros Airtir décc.



Muirceartach Midheach mac Briain Uí Fhearghail tighearna an Chaladh
is an Anghaile fear nach ar himdeargadh riamh décc.



Concobhar mac GiollaMoChuda Uí Shuillebain do marbhadh da braithribh
fein i ffiull.



Mainistir Eanaigh Dúin do losccadh.



Domnall Doidhiola O Bechain saoí shenchadha do ecc.



Diarmait mac GiollaIosa Meg Craith ollamh Tuadhmumhan le dán do écc.



Domhnall mac Cathail Ui Ruairc do ecc.



Taichleach Buidhe Ó hEghra do ecc.



Sirriam na Midhe do gabail la hUa cConcobair fFailge, agus fuaslaccadh
mór do bein as.



Mág Cárthaigh Mór do iondarbhadh la hUíbh Suilleabhain.



MaolMuire mac Suibhne do ghabhail la hUa nDomhnaill tre ionnlach
agus edarchosaoítt aroile dia mhuintir.



Tadg (.i. Caoch na Moicheirghe) mac Diarmata Meg Carthaigh adhbar
tighearna Desmumhan do mharbhadh i ffiull la Feidhlimidh mac Diarmata
Még Cárthaigh.



Mac Maghnasa Tire Tuathail agus a mhac do mharbhadh la cloinn Ruaidhri
Mec Maghnasa.


L. 808


AOIS CRIOST, 1412.



Aoís Criost, mile, cetre ched, a dech, a dó.



Dealbh Muire Atha Truim do denamh miorbhal niomdha.



Domhnall mac Néill Uí Dhomhnaill décc.



Aodh mac Enrí Uí Neill do éludh a hAth Cliath iar mbeith dho dech
mbliadhna illaimh agus tucc fós móran do braighdibh oile lais ar an
elúdh sin fa mhac Még Uidhir, agus fa mhac Uí Néill .i. mac a
derbhrathar fein, agus ba ar son Í Neill do coidh siumh i mbraighdenas,
agus iar nélúdh dó ro measccbuaidhreadh an coicceadh uile ag tobach
Í Néill ar Eoghan Ua Neill, agus ar Ua nDomhnaill, agus ar Mag
Uidhir, agus ar Oirghiallaibh.



Tighearnan Ócc mac Tighearnain Mhóir adhbhar tighearna Breifne
decc iar san seiseadh bliadhain triocat a aoisi a mí April do shonradh.



CúChondacht mac Tighearnáin taoiseach Teallaigh Dúnchadha do mharbhadh
la Feraibh Manach ina thigh fein hi cCruachain Mec Tighernáin ar
greis oidhche, agus tucatar ár fer, ban, agus lenamh, agus ro loisccset
an baile uile, agus tiaghaitt iaramh tar a nais.



Donnchadh mac Domhnaill Mec Gille Findéin décc.



Riocard Bairéd do theacht ar crech go Cúil Chernadha, agus daoíne
uaisle an tíre do breith fair, agus a chur gus an Muaidh, agus a
bathadh fuirre go sochaidhibh dia mhuintir immaille friss do báthadh
agus do ghabháil.



Eda Léis agus mac Iarla Cille Dara do comhthuitim ré aroile i
cCill MoCheallóg.


L. 810


Coccadh eitir Ua nDomhnaill agus Ua cCatháin agus clann tSeaain
Uí Dhomhnaill, táinicc trá Ua Catháin agus clann tSeaain cona
shochraide hi tTír Chonaill, agus ro marbhadh cethri fir dég do
mhuintir Uí Dhomhnaill leó im mac Fedlimidh Uí Dhomhnaill agus im
Cathal mac Raghnaill Uí Bhuighill.



Mór shluagh lá Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Choncobhair
im Lughnasadh i nGailengaibh artús. Assidhe i Cloinn Cuain, hi
Cera hi Conmaicne Chúile Tóladh, agus ruc leis clann Muiris na
mBrígh cona ccaoraigheacht is in crich sin. Ro thionóilset Clann
Uilliam Búrc, Uí Flaithbertaigh, Muintir Mháille, Bairédaigh,
Gailenga, agus Goisdealbhaigh ara cind, agus ní thuccsat sin uile
troid ná tachar dhó, agus do loiscc Brian a ccriocha da naimhdheóin,
Cia do mhill a nguirt, agus cia do loisc a longporta, .i. Caislén an
Barraigh, Leth Insi, Baile Locha Mescca, agus fágbhais Cland Muiris
cona ccaoraigheacht ina ttír fein, agus fuair síth o na Gallaibh agus
ó na Gaoidhelaibh sin don chur sin, agus tainic féin slán dia thigh
iarsin.



Sluaigheadh oile lá hEoghan mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí
Chonchobhair co Machaire Connacht fo toghairm cloinne
Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair gur mhillset cuid cloinne mic
Fedhlimidh don mhachaire agus ruccsat bú, agus braighde leó iar sin.



Sadhbh inghen Tighearnáin Uí Ruairc ben Emainn mic Tomáis mic
Cathail Uí Ferghail décc.


L. 812


Ruaidhri mac Cathail Uí Fergail do mharbhadh i Machairi Chuircne
durchur soighde.



An cuicceadh Henrii do rioghadh os Saxaibh .20. Marta.



Sluaigheadh la Brian Ua cConcobhair i tTír nAedha, go ro loiscc
go Murbhach, agus go ro marbh Coilín mac Coilín i mBel Átha
Senaigh.



Mág Bradaigh taoiseach Chúile Brighdín, Maghnus Mág Raghnaill, Mac
Lochlainn Uí Ruairc, agus Cuabha Mág Gormáin do écc.



AOIS CRIOST, 1413.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, atri.



Henrí Baired do gabháil la Mac Baitin (.i. Roiberd) hi tteampall
Airigh Locha Con, agus a breith ar eccin iar sáruccadh an bhaile.
Ní raibhe Mac Baitín én oidhche nach tticceadh naomh an bhaile
(Tighearnan Airigh) i naislinge chuicce ag iarraidh na braghadh go
bfuair a haiseacc fo dhéoidh, agus tuc Mac Baitín cethraimhe
fearainn do Thighearnán Airigh go brath i néraic a sháraighthe.



Conchobhar Ua Dochartaigh taoiseach Arda Miodhair, agus tighearna
Insi hEoghain fer lán dfhéle agus deineach coitcenn fri truaghaibh
agus bochtaibh do écc.


L. 814


Tuathal Ó Máille do dhul ar congmháil hi ccúicceadh Uladh, agus a
beith bliadhain innte agus ag soadh dia thigh lucht secht long im fhél
Cholaim Chille, ro éirigh anfadh na mara thiar dhóibh, agus
ro fuadaigheadh iad lamh dheas ré hAlbain gur ro báidheadh sé longa
cona ffóirnib díbhsidhe im dhá mhac Tuathail Uí Mháille, im
Dhonnchadh mac Eoghain Connachtaigh Mec Suibhne, im Dhomhnall
Bhallach mac Mec Suibhne Girr, agus dá fichit ar dhá chéd immaille
friú, agus Tuathal féin do thecht i ttir ar eigin i nAlbain.



Cathal mac Eoghain Uí Madadháin tighearna Sil nAnmchadha dég.



Tomás Óg Ua Raghallaigh agus Clann Chába do dhol ar ionnsoigidh
isin Midhe, agus loisgthi agus airgne do denamh dóibh innte. Goill
do breith orra. Mathghamhain Mac Cába, Lochlainn Mac Cába, agus
drong mhór dia muintir do marbhadh. Ga do bhein hi ccois Thomáis Óicc,
agus a bheith bacach ó sin amach.



Corbmac mac Taidhg mic Ruaidhri Uí Choncobhair décc an .ui. Kl. maii.



Toirrdhealbhach mac Uí Chonchobhair Failghigh do ég do easgar.



Bebind inghen Ruaidhri, mic Tomaltaigh, Mec Donnchaidh bean Eoghain,
mic Domhnaill Uí Concobhair décc.



Luimneach uile eitir chloich agus crann do losccadh lá haon mhnaoí.



Maidhm la Mac Murchadha .i. Art mac Airt Chaomhanaigh tighearna
Laigen ar Ghallaibh na Contae Riabhca, agus sochaidhe mór do mharbhadh,
agus do ghabhail diobh.



Maidm mor la hUa mBrain ar Ghallaibh Atha Cliath mar an ccédna eittir
mharbhadh agus gabhail.



Colla mac Taidhg Uí Cheallaigh adhbar tighearna Ua Maine, Maoileachlainn
mac Maghnasa mec Domhnaill O Meachair taoiseach Ó cCairín, agus
Mac Aedhagain Urmumhan saoí i ffeinechus, iattsidhe uile do écc.



O Floinn taoiseach Shil MaoíleRuain do mharbhadh la mac Muircertaigh
Ui Floinn.


L. 816


AOIS CRIOST, 1414.



Aoís Criost, mile, ceithri chéd, a dech, a cethair.



Domhnall Ua hEóghain deganach Locha hErne deg an .3. non. October.



Mainistir Sliccigh do losccadh lé coindill i nEarrach na bliadhna so.



Clann Enrí Uí Néill do ionnsoighidh Eoghain mic Neill Óig Uí
Néill, agus Eoghan do ghabháil dóibh hi ngeall ris Ua Néill do bhaoí
illaimh an tan sin ag Eoghan agus a léigean amach díbhlínibh i naghaidh
aroile, agus a thighearnus fein do ghabháil dUa Néill .i. Domhnall.



Maidhm mór lá Murchadh Ua cConcobhair tighearna Ua fFailghe agus lá
Feargal Ruadh Mhag Eochagan tighearna Cenél Fiachach Mic Nell
for Ghallaibh Midhe hi cCill Écháin in ro marbhadh Barún na Scríne
agus drong mhór do shaorchlandaibh agus daorchlannaib immaille fris, agus
in ro gabhadh mac barúin Sláine as a bfríth ceithre chéd décc marg,
in ro gabhadh dona Dardissech GanDlighe agus an líon oile as a ffríth
dá céd décc marcc cén mo thá luach lessa agus impidhe.



Aodh mac Cathail Uí Conchobhair décc.



Mág Cárthaigh Cairbreach .i. Domhnall mac Domhnaill do écc.



Iarla Deasmhumhan do theacht i nErinn, agus Saxanaigh iomdha do
thabhairt lais do milleadh Mumhan.



Iarla Urmumhan do tocht i nErinn o Rígh Saxan.


L. 818


Iohn Zanlae .i. fer ionaid righ Saxan do theacht i nErinn fear
na tucc cadhus nó termann do thuaith, ná deacclais, ná dealadhain
an mhéd gus a ráinicc acht a ccur fri fuacht, faighdhe, agus gorta.
A sé ro airg Niall mac Aodha Uí Uigind i nUisneach Midhe, agus
ro hairgeadh Semus Diúit agus muintir an rígh la Hanrí Dalatún,
agus tucc bó sa mboin dona hoirgnibh sin do mhuintir Uiginn, agus
ro iodhlaic i cConnachtaibh iad iarsin. Ro aorsat iaramh Muintir
Uiginn im Niall Iohn Zanlae, agus ní raibhe beó iar san aoír sin
acht cúicc seachtmhaine namá an tan fuair bás do neimh na naor, agus
asé sin an dara fiort filidh do ronadh for Niall Ua nUiginn, .i.
Clann Condmaigh do lethadh aidhche creiche Néill hí Cladaind,
agus Iohn Zanlae do écc.



Concobhar mac Seffraidh Uí Fhlannagáin adhbhar taoisigh Cloinne
Cathail décc an seiseadh lá ria Samhain.



Eochaidh Mhág Mathghamhna tanaisi Oirghiall do ghabháil lá Brian
Mag Mathgamhna agus la Gallaibh.



Murchadh Na hAongusa tighearna Cloinne Colgan décc.



Art Caomhánach adhbar ríogh Laighen do écc.


L. 820


MaolRuanaidh mac Ferghail Mec Diarmata tighearna Maighe Luircc
do ecc.



O hEidirscceoil Mór do marbhadh la lucht luinge cendaighe i ffiull.



AOIS CRIOST, 1415.



Aois Críost, míle, cethre chéd, a dech a cúicc.



Emann Mag Findbairr prióir Insi Móire Locha Gamhna do ég an 27. April.



Lord Furnumail do thecht ina Iustis i nErinn. Laoighis Uí Mhordha
do mhilleadh lais, agus caislén mic Fachtna Uí Mhórdha do ghabhail
lais bheos. Airgne móra do bhuaibh deachaibh agus dinnilib do bhreith
dhó a hAirghiallaibh, agus Meic na mBrethnach do mhilleadh agus
do orgain, agus Gearóid mac Tomáis Chaoích don fhuil Gearaltaich
do crochadh leis. Ro airg bheós drong mhór daos dána Ereann, .i.
Ua Dálaigh Midhe (Diarmait), Aodh Óg Mag Craith, Dubhthach mac
Eochadha Eolaigh, agus Muirgheas Ua Dálaigh. Is an samhradh ar
ccind dna ro aircc Ua Dalaigh


L. 822


ChorcaModruadh .i. Ferghal mac Taidhg mic Aonghusa Ruaidh. Ro aircc
Bruicchean Dá Cocca imMachaire Chuircne, ní hedh amháin acht
ní thucc termann do naomh iná do neimeadh in fad do baoí in Érinn.



Creach mhór do dhenamh dUa Mhaille .i. Aedh for Dhiarmaid Ua
Mhaille, agus Diarmaid do ghabháil Oilén Uí Mhaille, agus Aodh
do dhul i niarmhóracht Diarmada, ferthar iomaireg etorra, agus
ro marbhadh Aodh Ua Máille tighearna Umhaill annsin lá Diarmaid
agus a mac Concobhar, agus mac Tomáis Uí Mhaille. Ro marbhadh ann
dna Domhnall mac Diarmada Uí Mhaille. Ro scar oireachass Umhaill
ré sliocht Aodha ó sin amach, agus gabaidh Diarmaid tighearnas.



Tomaltach Ruadh mac Conchobhair mic Muirghesa décc.



An Clasach Ua Cobhthaigh saoí ré dán, agus re daonnacht décc.



Diarmaid mac Diarmada mic Concobhair mic Tomaltaigh Mec Diarmada do
mharbhadh la cloind Uí Chonchobhair Duinn, agus a adhnacal i mainistir
Atha Da Laarg.



Cathaoír mac Donnchadha Uí Fearghail do écc.



Aedh mac Donnchadha Uí Cheallaigh décc.



Tomaltach mac Taidhg Uí Bhirn do mharbhadh i ngreis oidhche la Feargal
mac Diarmata Mécc Raghnaill hi Cluain Síthe i mBaile Elli hi tigh
Mec an Donnánaigh, agus inghen Lochlainn Uí Áinlighi do losccadh ann
bheós an .ui. idus Ianuari.



Conchobhar mac Briain mic Uilliam Mhég Eochagáin do mharbhadh i cCill
Cuairsighe.


L. 824


Coccadh eittir Luighneachaibh fein, agus tochar doibh fri aroile, agus
briseadh for an lucht soir agus daoine do mharbhadh diobh, agus Art
mac Í Eghra do ghabháil go ro crochadh leó hé aga ttigh.



Clann Diarmata Duibh Uí Fhlaithbertaigh do mharbhadh agus do gabháil
da mbraithribh fein, agus las in nGiolla nDubh Ua fFlaithbertaigh.



AOIS CRIOST, 1416.



Aoís Criost, mile, ceithre chéd, a dech, asé.



Adam Lexid epscop ArdAchaidh, brathair Gallda esidhe do losccadh
i Ráith Espuicc, agus Conchobhar mac Feargail mic ConChonnacht Uí
Ferghail do togha lá coraidh ArdAchaidh ina ionadh.



Deaccanach Cille hAladh (.i. Ó hAinmche) do écc.



Muirghes Ua Coireóil comarba Droma Cliabh do losccadh na tigh fén
lá foghladhaibh.



Tomás Mac ind Ócclaich aircindeach Cille hOiridh, agus ard maighistir
Condacht i ndlighidh do écc iar mbuaidh naithrighe.



Lucás Ua Treabhair airchindeach Chille Fearcca décc iar
ndeighbethaidh.



Mainistir Sliccigh do cumhdach (iar na losccadh feacht riamh) lá
Brian brathair mac Diarmada Mec Donnchaidh.



Gormlaidh inghen Néill Mhóir Uí Néill ben Seain Uí Dhomhnaill
do ég.



Ardghal mac Briain Mhóir Meg Mathghamna tighearna Airghiall
do écc.



Art Caomhánach (Ri Laighen) mac Airt Chaomhánaigh mic Muircheartaigh
Caomhanaigh mic Muiris Chaomhánaigh, etc, aon Rogha Gaoidheal Ereann
ind eneach agus ind engnomh do écc iar mbuaidh nathrighe ina longport
budhdhéin.


L. 826


CúMeadha mac Seain Mec ConMara adhbhar taoisig Cloinne Cuiléin
do écc.



Ionnsoighidh lá Mac Siúrtain DExetra cona braithribh for cloinn
Seaain Uí Eghra, Ua hEghra fein, agus Toirrdhealbhach Carrach mac
Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Conchobhair, agus marcshluagh Cairpre
do theaccmháil ré toisseach na fedhna sin Mhec Siurtáin, agus Ua
hEghra do mharbhadh, agus Maghnas mac Donnchaidh mic Muircheartaigh
Uí Concobhair, agus mac Aodha Mec Donnchaidh, agus Toirrdhelbhach
Carrach mac Domhnaill do lot. Mac Siurtáin do dhenamh creach na
criche iarsin, agus an tír uile do thionól, agus do dhul na
ttoraigheacht. Sraointear leo for Mac Siurtáin, agus ro marbhadh é,
agus Aédh Ua Ruadháin, agus Ua Ruadháin feisin, da mac Tomais
Mec Maoilir, agus Mac Duarcain (.i. tighearna Chúla nEiridh)
do mharbhadh ann bheós co sochaidhibh oile cen mo thátt.



Coccadh eittir Fearaib Manach agus fir Breifne fá chios Cathail
mic Aodha Uí Ruairc, agus Cathal alleith Manchach an tan sin.
Tuccadh sraoineadh for mhuintir Aodha Mhég Uidhir agus Cathail Uí
Ruairc lá Tadhg agus lá Domhnall Ua Ruairc in ro marbhadh Tadhg
mac Fearghail Uí Ruairc agus naonbhar imaille fris, agus ro benadh
aoín each décc diobh don chur sin.



Ionnsoighidh oile do thabhairt lá hAodh mBuidhe agus lá Tadhg Ua
Ruairc agus la Mág Caba for Mhuintir Pheodacháin, agus Fir Manach
o Loch Erne siar do breith forra. Rucc orra din Cathal Ua Ruairc
agus Eoghan Ua Ruairc, agus ro fuilngedor clann Uí Ruairc an
tanbforlann sin nó go rangattar a cceann a ngallocclach ro fhágaibset
a cceilcc ina ercomhair. Ro iompaídhset díbhlínibh iaromh fris an
tóraigh, agus ro marbhadh leó Donnchadh agus Sean Ua Ruairc, agus
dá mhac Maoíleachloinn mic Flaithbeartaigh Uí Ruairc, agus ro marbhadh
ochtar agus da fichit imaille friú do Fearaibh Manach.



Domhnall mac Tighearnain Mhóir Uí Ruairc do ecc do ghalar breac,
agus ba hesbaidh mhór do Gairbtrian Connacht oidheadh an fhir hisin.



Gráinne inghen Flaithbertaigh Uí Ruairc décc.


L. 828


Tadhg Ócc mac Taidhg Ruaidh Mec Diarmada Gall tighearna Airtigh
do ég i ndiaid fele Michil i ttigh na mbrathar i Ros Chomáin, agus
a adnacal is in mainistir.



Tempall Insi Moir Loch Gile do losccadh, agus Screptra Uí Chuirnin
imon Leabhar nGearr Muintire Cuirnín go seódaibh iomdha oile
ar cheana.



Semus mac Risdeird Mec Feorais do ecc.



Sean mac Goisdelb do dhol ar creich for Émann an Mhachaire, creach
mór do, agus e fein do marbhadh daen urchor saighde iar ccur na creiche
for daingen.



Sean Ó Cendubhain pearsún Tíre Fiachrach Muaidhe do ecc.



Feidhlimidh mac Aodha Uí Concobhair do mharbhadh la cloinn Uí
Concobhair Dhuinn.



Creacha mora do denamh la hÉmann A Burc ar Mac Feórais, agus Mac
Feorais do ghabháil la hEmann, agus a chur go Baile Locha Mescca.



Sith do dhénamh dUa Domhnaill agus do Bhrian Ó Choncobhair fri
aroile.



Maidhm mor do thabhairt la hUa cConcobair fFailge for Ghallaibh na
Midhe, agus édala mora do bhein diobh do braighdibh, deachaibh,
agus deidedh.



Saxain iomdha do techt i nErind.



Maidhm do thabhairt do Mhac Murchadha ar Ghallaibh na Condae
Riabhca, agus secht fichit décc do mharbhadh agus do ghabhail diobh,
agus síth do dhenamh fris arabharach, agus braighde do tabhairt dó.


L. 830


AOIS CRIOST, 1417.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a Seacht.



Art mac Airt mic Muirceartaigh mic Muiris tighearna Laighen, fer
do chosain a chuicceadh daimhdheoin Gall agus Gaoídheal ó aoís a sé
mbliadhan décc go cenn a thrí fichit bliadhan. Fer lán deineach,
deolas, agus deangnamh. Fer lán do rath, agus do rioghacht, fer
médaighthe ceall agus mainistreach la a almsanaibh, agus edhbartaibh
do écc (iar na beith da bliadhain cethrachat i ttighearnus Laighen)
sechtmain iar Nottlaicc atbath. Atberat araile gur bo do digh nimhe
tucc ben hi Ross Mic Briuin dósamh agus dUa Dheórán breithemh
Laighen dia ro eccsat ina ndísi. Donnchadh a mac do ghabhail a
ionaidh dia éis.



Maigistir Seon Persún Daimhinsi décc.



Diarmaid Laimhdhearg mac Airt Chaomhanaigh, mac Righ Laighen,
décc.



Ruaidhri (.i. Ó Dubhda) mac Domhnaill mic Briain mic Taichligh Uí
Dubhda tobar sonusa agus saidbriosa Ua fFiachrach dég ina bhaile
fein iar ffél Bríghde i cind miosa dhErrach, agus Tadhg Riabhach
a dearbhrathair do gabail a ionaidh.



Ruaidhri mac Murchadha Uí Fhlaithbertaigh, Ruaidhri mac Diarmada
Duibh


L. 832


Uí Flaithbertaigh, agus sé fir dhécc dÍbh Flaithbhertaigh imaille
friú do bháthadh for chuan Umhaill.



Tomas mac Mec Muiris Ciarraighe do mharbhadh lá Sémus mac Iarla
Deasmhuman.



Matha mac ConConnacht Uí Fhergail tighearna Maighe Treagha do écc.



Cormac Ballach mac Ferghail mic ConConnacht Uí Fherghail
do mharbhadh lá Gallaibh.



Coccadh mór eitir Ua Neill agus Cenel cConaill, agus indsoighidh
do thabhairt dUa Néill ar Neachtain Ua Domhnaill dia fhoslongport
is in oidche i Carn Glas eitir Ráth Both agus Domhnach Mór agus
breith forra ina ccodladh, agus da fhichit each do bein díobh, agus
edala móra déidedh darm, agus dedach dfaghbháil dóibh, Einfher décc
eitir mharbhadh agus ghabhail do bhuain diobh, agus Neachtain
budhdhein do thérnudh do thoradh a calmatais a engnamha agus a eisiomail.



Una inghen Domhnaill Uí Néill bean Néill Óig Uí Néill do écc.



Coccadh mór i Laighnibh eitir Ghallaibh agus Ghaoidhealaibh.



AOIS CRIOST, 1418.



Aoís Criost, míle, cetre chéd, adech, a hochtt.



An tepscob Ua hEidirsceóil, agus MacCon Ua hEidirsceoil (a
dearbhrathair) tighearna Corca Laíghe, agus Diarmaid mac Mhég
Cárthaigh Cluassaigh tanaisi Ua Cairpri décc.


L. 834


Creacha móra agus airgne do dhénamh lá Niall Ua nDomhnaill ar Ua
Néill, agus a dhiochur tar Banna sair hi ccenn Mhec Uidhilín.



Airgne móra do dhenamh lá Lord Furnumail for Aedh mac Airt Mhég
Aonghusa tighearna Ua nEachdhach Uladh. Mag Aongusa .i. Aedh,
agus mac Uí Nell Bhuidhe do dhol i ttoraigheacht Ghall agus a ccreach,
ro sraoínsead forra iar bfágbáil na ccreach. Ro marbhadh agus
ro gabhadh líon dírimh dona Gallaibh don chur sin lá Mag Aonghusa.



Brian Ballach mac Aodha mic Fedhlimidh Uí Chonchobhair fer ná
ro ér neach riamh im nach ní nó bhiadh ina chumhang décc, agus a
adnacal i Ros Commáin.



Eóghan mac Tighearnáin Mhóir Uí Ruairc tanaisi Breifne do bhathadh
iar Notlaicc acc teacht a hInnsi na tTorc for Loch Fionnmaigh,
agus é ag dol for cuairt do com a athar baoí i ngalar a écca an tan sin.



Tighearnán Mór mac Ualgairg Uí Ruairc tighearna Bréifne fear
is crodha agus as calma tainicc do chath Ua mBriúin, fear ro bhen
a dhúthaidh ar éccin dá esccairdibh tria nert a laimhe décc iar
ccian aois im fhéil Brighde, agus a adhnacal hi mainistir Sligigh.
Aodh Buidhe Ua Ruairc do gabhail ionaid a athar.



Tadhg .i. Mag Flannchadha, mac Cathail mic Taidhg taoíseach
Dartraighe décc iar ndul is na manchaibh dhó coíctidhis riasan
tan sin, agus a mhac Cathal do ghabhail a ionaidh.



Risderd mac Tomais Uí Raghallaigh tighearna na Breifne Thair
do bhathadh for Loch Sílenn, agus Eoghan Ua Raghallaigh a mac,
Pilib mac GiollaIosa mhec Gafraidh


L. 836


deccanach Droma Letain agus biocáire Eanaigh Ghairbh, agus sochaidhe
oile do deghdhaoinibh do bhathadh immaille friú. Tearna trá
Fionnghuala inghean Mheg Raghnaill ben Uí Raighilligh ón
mbadhadh sin do thoradh a snamha.



An Caislén Becc do dhenamh la hUilliam Ua cCeallaigh fri ré chóig
lá ndég hi Ross Commain ar aghaidh an Chaislein Mhóir daimdheóin
Gall agus Gaoidheal Connacht (doneoch bátar ina aghaidh ag congnamh
lé cloinn Toirrdhealbaigh Uí Conchobhair) i Samhradh na bliadhna so.



Morshluaigheadh la cloinn Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Concobhair,
agus lá Cloinn nDonnchaidh do thoghail an Chaisléin Bicc, agus ní
ro aireseadar gur ro ghabhsat longport ina timcheall dá gach leith
gidheadh nir bó tarbha dóibh itir uair ro cosnadh an caislén co
fearrda friú, agus o nár fhédsat ní dhó, Ro cuirset lón is in Caislén
Mhór, agus ro loiscset ceall Chúile Sílinne don cur sin.



Lasairfiona ingean Cathail mic Aodha Breifnigh bean Maoileachlainn
mic Flaithbhertaigh Uí Ruairc do écc.



Síth do denamh la Cloinn Donnchaidh fri aroile an ccein nó mhairfeadh
Mac Donnchaidh, Conchobhar, ina thigherna aca.



Domhnall mac Maoileachlainn mic Muirghiusa Mec Donnchaidh do écc
ina thigh féin.



Coccadh mor eitir mhac Uí Neill Bhuidhe agus Albanaigh agus Goill
Uladh agus an Rúta.



AOIS CRIOST, 1419.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a naoí.



Eoin Mac Carmaic epscop Ratha Both do écc.



Aodh Ua Flannagáin prióir Lessa Gabhail décc.


L. 838


Coccadh mór do eirghe eitir Ua Neill, Domhnall mac Enrí Aimhreidh,
agus Eoghan mac Néill Óicc rioghdhamhna Chenél Eoghain. Tainicc
Eoghan i mbáidh Uí Domhnaill, Toirrdhealbhaigh, agus do róine a
charadradh durnaidhm fris. Tionoilit sluagh lánmór do dhul i
tTir Eoghain. Tainicc is in sochraide sin, Brian Mag Mhathghamhna
tighearna Oirghiall, agus Tomás MhágUidhir tighearna Fear Manach,
agus iar ná ttorrachtain go haon mhaighin co Toirrdhealbhach
do deachatar uile i tTír Eoghain, agus ro hoirgheadh an tír co léir
leo, agus ro ionnarbsat Ó Néill fo dhimiadh a Tír Eóghain uile
gur ros cuirset i mesg Gall tar Banna anonn, agus Mac I Neill
Buidhe do dhenamh crech fair is na Glindibh.



Mórsluaiccheadh lá Brian Ua Concobhair agus lá hIochtar Connacht
uile co nGallaibh iomdhaibh leó tria forcongra agus toghairm Uí Neill
gor ro mhillset Tír Aodha uile otha Ath na nGall co hAth Seanaigh
eitir fhér, arbhar, agus foirccnemh, agus ro loisccset Murbhach
longport Uí Dhomhnaill an ccéin baoí Ó Domhnaill cona shloghaibh
i tTír Eoghain. Soais Brian mac Domhnaill mic Muirceartaigh gona
sochraide dia ttighibh iarttain.



Aodh Buidhe Ua Ruairc tighearna Breifne fri ré bliadhna co leith
do écc, agus Tadhg Ua Ruairc do thogha ina ionadh lá Muintir Ruairc
ó Sliabh an Iairn siar agus Art mac Taidhg mic Ualgairg do thogha
ina aghaidh o Shliabh an Iairn sair la Muintir Raghallaigh, agus
lá Teallach nDunchadha, agus la sliocht Maoileachlainn Mhég Raghnaill
gur ro buaidhreadh Gairbhtrian Condacht uile etorra.



Cathal mac Aodha Mhég Uidhir deghadhbhar tighearna dFeraibh Manach,
fear a aoisi ro ba mó ainm agus oirbeart dha raibhe ina thir ina aimsir
décc.


L. 840


CuCoiccriche mac Néill Uí MaoilMhuaidh do écc.



Feircheirtne mac Uiginn mic GiollanaNaomh Uí Uigind ceann fine
sleachta GiollanaNaemh Uí Uigind décc.



Dauidh mac Tanaidhe Uí MhaoilConaire do ecc do plaigh ina thigh
fein i cCoill Mhoir na mBrethnach iar naithrighe agus iar nongadh,
agus a adhnacal i mainistir Eoin Baiste i mBaile Atha Truim. Mac
ollaman Síl Muireadhaigh an Dauidh hísin.



Diarmaid Ruadh mac Toirrdhealbhaigh Óicc Uí Concobhair décc.



Murchadh mac Briain Uí Fhlaithbeartaigh tighearna Iarthair Connacht
dég.



O Neill do dhol do thigh Eoghain Uí Neill, agus síth charthanach
cairdemhail do denamh doibh re roile agus a thigernas fein do thabhairt
dUa Neill.



Tadhg mac Domhnaill Uí Ceallaigh tigherna Cloinne Mic nEoghain
do écc.



O hEidirscceoil Mór, agus An Ridire Fionn cona mhac do écc.



An Calbhach O Concobair Failge do ghabháil i ffiull la mac Sir
Libiner Prene, agus a reic re Lord Furnaual re fer ionaid righ
Saxan i nÉrinn, agus an oidhche iar na ghabhail an fer do baí ina
chomglas do elúdh leis dia thigh fein.



Mac Murchadha tigherna Laighen, .i. Donnchadh mac Airt Chaomhanaigh
do ghabháil le Lord Furnaual agus fá lén mor do Ghaoidhelaibh eisidhe.



Tomas Bacach mac Iarla Urmumhan do dhol do congnamh la Righ Saxan
hi ccoccadh na Frainci, agus a écc thoir i ffarradh Righ Saxan,
agus urmhor a ndeachaidh lais a hErinn do écc isin fFraingc agus
hi Saxoibh on mudh ccédna.



Feradhach mac Taidg mic Domhnaill Uí Cheallaigh do mharbhadh la mac
mic Uilliam Óicc Uí Ceallaigh.



Donnchadh mac Muircertaigh Uí Concobhair do écc do easccar i ndorus
chaisléin Sligigh.



Murchadh Ua Concobair adhbar tigerna Ua fFailge, Cathal mac Aodha
Még


L. 842


Uidhir, Diarmait Ruadh mac Uí Concobair Dhuinn, agus Mac Muiris
na mBrigh saoí i neaccna agus i neolas do écc.



O Duibhdhíorma agus Muircertach mac Cathail mic Aodha Breifnigh
do écc.



GiollanaNaomh O Mithidhéin comarba an Bhealaigh do écc.



Tomaltach Mag Flannchaidh do écc.



An Barrach Mor agus O Suillebain do écc.



AOIS CRIOST, 1420.



Aoís Criost, míle, cethri ched, fiche.



Mainestir .S. Franseis i nEss Gephtine isin Mumhain ar brú
na Sionna i nepscopóitteacht Luimnigh do denamh do braithribh
.S. Franseis la hIarla Deasmhumhan, agus do chumhdaigh tumba dhó
fein, agus dia siol ina deadhaidh innte.



Matha Ua Branáin, maighistir, Persún, agus aircindeach Doire Mhaoláin
decc an .ui. idus Sept.



Caislén Bona Drobhaoisi do thionnsgnadh lá Brian mac Domhnaill mic
Muircheartaigh Uí Concobhair. Cenel Conaill do theacht do thoirmesg
na hoibre cona sochraide imaille friú. Brian do cruinnuccadh
slóicch oile ina naghaidh, .i. a braithri budhéin, Ua Ruairc,
.i. Tadhg, agus Mac Donnchaidh cona sochraidibh conár lamhsat
Cenel cConaill dul tar an Ursccátha siar don cur sin. Bator
Conallaigh i foslongport fá chuan Eassa Ruaidh. Tangattar clann
Uí Domhnaill, Niall Garbh, Domhnall agus Neachtain díorma
marcsluagh ar an magh. Tangattar


L. 844


clann Briain Uí Concobhair marcshluagh ele do dol dféghain Atha
Senaigh conus tarla dóibh aghaidh i naghaidh amhlaidh sin. Tuccsat
Conallaigh ruaig do Cairbreachaibh dia ro marbhadh Seaan mac
Briain Uí Concobhair Aodh Buidhe mac Donnchaidh, Cathal mac Diarmada
mic Corbmaic mic Ruaidhri, agus Eoghan Ó Dubhda, Brian Ua Concobhair
iaromh (iar ccloisteacht na ndroichsgél sin do) do thocht cona
sochraide for Maigh Eni, Eoghan Ua Concobhair agus Toirrdhealbhach
Carrach clann Domhnaill mic Muirceartaigh do dol hi cceann cóicc
noidhche iar sin go marsshluagh mór tar Ess Ruaidh anonn ar
ionnsoighidh oidhche, agus clann Uí Domhnaill do bheith buidhean
marcsluagh ag Port na Long don taobh thall don eas iar nól fhíona,
agus iar bfaghail a fheasa sin dEoghan ro ionnsoigh iatt, agus
ro marbhadh Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Dhomhnaill adhbar
tighearna Tíre Conaill don chur sin leó agus daoine ele nách airemhter.
Do chóidh din Niall Ua Domhnaill gus an ccuan, agus do dheachaidh for
snamh i luing dona longaibh cendaigh baoí is in ccuan. Soais Brian Ua
Conchobhair dia tigh iarsan ccosgar sin.



Eoghan mac Ruaidhri Uí Concobhair décc an treas calainn do Marta,
agus a adhnacal i Cluain Mic Nois.



Tadhg mac Feargail Uí Egra tanaisi Luighne decc.



Cathal mac Taidhg Mhég Flannchadha taoiseach Dartraighe do mharbhadh
lá a braithribh ina thigh féin im fél Brighde, agus Aedh Buidhe
mac Flandchadha do mharbhadh imaille fris. Atiatt na braithre
Tadhg, Muiris, agus Énrí.



Iarla Urmhumhan Iustis na hÉirenn do beith i ccogadh fri hUltaibh
ag gabháil neirt dUa Néill gur chuir Mág Aenghusa fo umhla dhó,
agus co ttard a bhraighde dUa Néill.



Uilliam mac Maoileachlainn mic Uilliam Uí Cheallaigh adhbhar tigherna
Ó Maine fer lán do Rath agus dengnamh do écc iar mbuaidh ongtha agus
aithrighe.


L. 846


O Neill do indarbhadh a coigeadh Uladh la hEóghan Ua Néill agus
la Mac Ui Neill Buidhe agus la Niall nGarbh Ua nDomhnaill go
maithibh an chuigidh ar cena agus tocht dó co Sligeach co teach
Bhriain mic Domhnaill mic Muircertaigh tighearna Iochtair Chonnacht.



Cogadh i bFeraibh Manach eitir Aodh Mhág Uidhir agus Mag Uidhir
féin, agus Mac Aedha, .i. Dómhnall do mharbhadh ar an ccogadh sin.



An Barrach Mor, .i. Seaan do écc.



O Follamhain, .i. A edh Buidhe do ég.



Giolla na Naomh Ó hUidhrin saí shenchadha, agus Ruaidhri mac Dauidh
Ui Duibhgennáin saoí senchadha oile, agus Fergal Ó Dálaigh ollamh
CorcoModruadh i ndán do écc.



Epscopoitte Rátha Both do ghnóughadh do chum Uí Ghallchobhair.



Eachmarcach Ruadh Mac ConMidhe saoí fhir dhána do écc.



AOIS CRIOST, 1421.



Aois Criost, míle, cethre ched, fiche, a haén.



Nicolás Mag Bradaidh epscop na Breifne saoí i neccna agus a
ccrábhaidh i nóighe agus i nindracas décc.



Tomas Óg Ó Raghallaigh adhbhar tighearna ba ferr oineach agus
engnamh tainicc do cath Aedha Finn ina aimsir do écc ina tigh féin.



Ruaidhri mac Aodha Mec Diarmada tighearna Maighe Luirg, féchemh
coitcenn gan diúltadh ria ndreich duine do écc is in cCarraic an
.xi. callainn Maii, agus


L. 848


a adhnacal hi mainistir na Buille, agus Tomaltach Óc mac Concobhair
do gabháil a ionaid.



Murchadh Ua Conchobhair tighearna Ua fFailghe fear ro bris iolchatha
for Gallaibh agus Gaoidhelaibh nó bhíodh ina agaidh iar mbreith bhuadha
ó dhomhan agus o dhemhan do écc ina dhúnarus féin, agus a adhnacal i
mainistir Cille hAchaidh.



Coccadh do eirghe eidir Muintir Ruairc agus Clann nDonnchaidh. Ua
Ruairc do theglamadh agus do thionól slóigh mhóir go haoínionadh, agus
Ua Domhnaill (Toirrdhealbach) cona shochraide do toidheacht dia
ffurtacht agus neartadh, agus Aodh Mhág Uidhir cona thionól, agus
Ua Ruairc feisin cona mhuintir agus iadsídhe uile do dhol hi
tTir nOilealla, agus an tír do losccadh leo, agus Cathal mac Mec
Donnchaidh do mharbhadh don cur sin, agus sochaidhe ele bheos.



Niall Ua Domhnaill agus a sluagh, agus Ua Ruairc cona
chaoraighecht lais do thocht go cuan Essa Ruaidh. Clann nDonnchaidh
agus Cathal mac Ruaidhri Uí Concobhair do dol co longport Uí Ruairc
tar a nési, agus an baile do losccadh agus an caislén do legadh agus
do briseadh leó, agus cenntur na tíre do mhilleadh uile. An sluagh
Conallach do beith i foslongport i nArd Ferna, agus Cairprigh
do beith fó chaislén Bhona Drobhaoísi, agus daoíne iomdha agus ech
do beith occa marbhadh agus ogá lot etorra gach laoí. Muirceartach
Buidhe mac An Chosnamhaigh Uí Dhubhda, Ua Maonaigh, agus mac
Donnchaidh Chaomhanaigh do mharbhadh lá Cenel Conaill don chur sin,
Aedh mac Muiredhaigh Ruaidh Mec Lochlainn do bhathadh for Ath
Senaigh. Sith do dhénamh doibh iarsin.



Ionnsoighidh oidhche do thabhairt lá Cathal Ua Ruairc agus lá a
chloinn for Mág Flannchaidh co hInis Caoin for Loch Melghe,
agus lucht coimheda an Locha, .i. Meg


L. 850


Gollaigh do thabhairt ethar an locha do Chathal cona chloinn,
agus Mag Flannchaidh Óg do ghabhail dóibh, agus Loch Melghe cona
chaislén. Cóccear do mhacaibh Még Flannchaidh, agus drong mhor
dfearaibh Dartraighe do mharbhadh doíbh, agus clann Még Flannchaidh
do dhul hi cCairpri iarsin.



Mór inghen Briain Uí Bhriain bean Aater A Búrc, agus Búrc sic
agus do baoí ina mhnaoí ag Nadhg recte Tadhg Ua Chearbhaill én ben
do bfearr aithne agus oineach, ciall agus crabhadh do bhaoi in
aon aimsir ria ilLeth Mogha décc. Mór Mumhan na Muimneach
atberthí fria.



Cormac na Coille mac Még Cartaigh (Cairbrigh) mac tigherna ro ba
ferr do Mhuimhneachaibh ina ré do mharbhadh lá cloinn Eoghain Még
Cárthaigh.



An Giolla Riabhach Ua Clerigh saoi seanchadha décc iar ndeighbheathaidh.



Eoghan Ua Néill do erghabhail lá mac Uí Nell Buidhe ag dol i
coinde an Iarla co Dún Dealgan.



Mac GiollaPhatraicc agus mac Libnéd A Frene do Ghallaibh do thocht
maille re da fichit décc do amhsaibh leó ar creich ilLaoighis, agus
ní ro ansat go rangatar go Mainistir Laoíghisi. Tarla Ua
Conchobhair Failghe ar a ccind is in tír agus ro indsaigh Mac
GiollaPatraicc agus na Gaill gur ro sraoineadh lais forra, agus gur
ro chuir a nár, agus fuairset a muintir edála móra deidedh, darm,
agus dfaidhbh na nGall. O Concobhair (.i. Murchadh) do thecht dia
thigh iarsin, agus galar anbhail dia ghabhail, agus a dhul is na
bráithribh i cCill Achaidh, agus aibitt brathar do ghabhail dó uimme,
agus a brathair fein do fhágbhail iona ionadh ria mbás .i. Diarmaitt
Ó Concobhair, agus Ua Conchobhair do beith mí is na braithribh
ria na écc, agus atbath fo deóidh iar ndeghbhethaidh.



O Ruairc do dhenamh do Art mac Taidhg Uí Ruairc i naghaidh
Thaidhg mic Tighearnain.


L. 852


AOIS CRIOST, 1422.



Aoís Criost, mile, cethri chéd, fiche, adó.



Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh Uí Domhnaill tighearna Thíre
Conaill do dhol i naibitt mhanaigh i mainistir Eassa Ruaidh iar
mbreith bháire an bhetha freacnairc, agus a mac fein, Niall Garbh
do oirdneadh ina ionadh.



Rudhraidhe Ua Conchobhair (.i. mac Concobair) tighearna
CorcaModhruadh do mharbhadh la a bhraithribh fein la cloinn
Fhedhlimidh Uí Conchobhair ina bhaile fein hi cCaislén na Dumhcha.



Eoghan Ua Néill do fhuaslaccadh lá a mhnaoí agus lá a chloinn fein
ó mhac Uí Neill Bhuidhe.



Diarmaid mac Taidhg Mec Diarmada do mharbhadh.



Domhnall Find Ua Flaithbheartaigh do mharbhadh la cloinn Domhnaill
Uí Fhlaithbhertaigh.



Slóighedh lá hUa nDomhnaill .i. Niall, agus la hUa Nell, la
hEoghan Ua Néill, agus la mac Ui Néill Bhuidhe go maithibh an
chóigidh ar chena, Ro loisccset agus ro airccset Cairpre uile co
Slicceach, tionoilidh Eoghan Ua Conchobhair agus Toirrdhealbhach
Carrach, agus Ua Ruairc a sochraide ar a ccind i Slicceach, agus
tugsat deabhaidh don tsluagh anair, agus ro marbhadh móirsheisear
dhíbh lá Connachtaibh. Do chotar aissidhe hi dTír nOilealla,
agus ro mhillset an tír co léir.



An Cosnamhaigh Óg mac Aedhagain ollamh Chenel Fhiachach, agus
Uí Chonchobhair


L. 854


Fhailghi lé brethemhnas do mharbhadh lá cloinn Uí Maoíleachlainn
daon urchar do shoighit i naimhriocht.



Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh mic Neill Ghairbh Uí Domhnaill
do dhol i fFearoibh Manach agus nert do gabháil dó for Mág Uidhir,
agus for Mag Mathgamhna, agus for Mag Aenghusa, agus a mbreith lais
i cceann Uí Chathain gur bo riarach dó, agus a ndol as sin i cceand
mhec Í Neill Bhuidhe, agus Clann Chathain leó, agus na Glinne, agus
Mac Eóin Bisétt do argain go lom, agus an tír do losccadh, agus a
ndol i cCloinn Aodha Bhuidhe, agus i Maigh Line, agus a ccreacha
do breith doibh go Carraicc Fergusa agus a tteacht iarttain dia
ttighibh.



Eoghan Ó Neill do fhuaslaccadh dá mhnaoi agus da cloinn ó Ua Neill
mBuidhe deallach, do eachaibh, agus do comhtaibh ele.



An Seiseadh Henri do rioghadh ós Saxaibh, 31. August.



Sluaigheadh la Niall Ua nDomhnaill, agus la hUa Neill, agus le
maithibh an chuiccidh uile i cceand I Neill Bhuidhe. A dhaingnecha
agus a choillte do imtecht dóibh go ro gabhsat nert fair, agus go
ttartt a braighde dUa Neill, agus ro benadh dhe an uile comha
ro bhensomh a hEoghan Ua Neill maille re comhtoibh oile.



An Niall cettna do thiomsachadh maithe an chuiccidh in én ionadh,
.i. O Néill, agus clann Enrí Í Nell, agus Eoghan O Neill cona
chloinn, agus cona braithribh, agus clann ChonUladh Ruaidh Ui
Neill, Fir Mhanach agus Oirghiall fa Mag Mathgamhna agus fa Mág
Uidhir, Mag Aenghusa, Ó hAnnluain, agus Mac Ui Neill Buidhe cona
ttionol, Clann Catháin, agus Conallaigh budhdhein cona
ngallocclachaibh, agus co nGallaibh an chuiccidh do theacht ar sluaigheadh
i cConnachtaibh. Clann Corbmaic Mec Donnchaidh agus clann
MaolRuanaidh Mec Donnchaidh do beith aga ttarraing ar an
sluaigheadh sin iar na ccur as a nduthaigh lá Mac Donnchaidh lá
dearbhrathair a nathar, .i. la Concobar Mac Donnchaidh agus la
a chloinn, agus la Tomaltach Occ mhac Dhonnchaidh,


L. 856


óir do rónadh caislen la Mac Donnchaidh i fferann cloinne MaolRuanaidh
Mec Donnchaidh, .i. i cCaiseal Locha Derccáin, a mbairr agus a
nguirt do mhilleadh go lom, agus a nionnarbadh iarttain i nucht
Mheic Uilliam Burc, agus a mbeith ag tarraing an tsloigh sin do
mhilleadh Iochtair Connacht.



An sluagh mór sin do theacht i cCoirpre, agus daoíne do lot agus do
mharbhadh doibh ag caislen Bhona Drobhaoisi, An tír do losccadh
agus do mhilleadh dhoibh, agus a tteacht go Slicceach. Eoghan mac
Domhnaill agus Toirrdhealbhach Carrach do breith forra, agus
ruaicc do thabhairt doibh do dheireadh an tsluaigh sin, agus
moirseisear do mharbhadh diobh, eich, agus daoine do lot. An sluagh
do beith i cCuil Irrae an oidhce sin, agus a ndol arabharach go
Tír Fiachrach do milleadh an tíre. O Dubhda do theacht ina
cceann, agus sith do denamh dó re Niall, agus braighde do tabhairt
tar cenn a tire do Niall, agus a ndol as sin i tTír Oilealla
agus is in Corann, agus an tír do losccadh, agus do milleadh doibh.
Clann Corbmaic agus Clann MaolRuanaidh do beith ag losccadh
uachtair an tíre. Tomaltach Ócc agus clann Mhec Donnchaidh
do breith orra laimh le Cluain Gad, agus breisim do thabhairt doibh
da chéle. Muirghes mac Corbmaic, Diarmait mac MaolRuanaidh Mec
Donnchaidh, agus Mac Domhnaill mic Aodha na Gaobhcha do marbhadh
ann. An Sluagh Ulltach do beith an oidhche sin i cCaisiol Locha
Deargáin ar milleadh an tíre, agus a ndol as sin i ccenn Uí Ruairc
agus O Ruairc do gabáil leó, agus a ndol asidhe tar Eirne tar a
nais.



AOIS CRIOST, 1423.



Aoís Criost, míle, ceithre chéd, fiche, atrí.



Concobhar O Coineoil epscop do écc.



O Beolláin comarba Droma Cliabh do écc.


L. 858


Muiris mhac Matha mec Osgair Mhég Uidhir airchideochain Clochair,
agus pearsún Achaidh Urchair, tighearna Claoín Insi agus Rossa
Airthir deg an .6. Callainn maii.



Toirrdhealbhach mac Nell Ghairbh Uí Dhomhnaill tighearna Tire
Conaill Cenél Moáin agus Insi hEoghain, fear síothchanta sochonaigh,
soineamhail décc i naibit manaigh i mainistir Eassa Ruaidh iar
mbuaidh ongtha agus aithrighe.



Sloighedh lá hUa Nell .i. Domhnall, agus la hUa nDomhnaill, .i.
Niall, agus lá hEoghan mac Néill co nGaoidhealaibh Uladh archena
do shoighidh Gall. Aseadh lotar cetus co Traigh Bhaile co machaire
Oirghiall go Lughmagh, agus assidhe gus an Midhe. Tucsat
deabhaidh dfior ionait rígh Saxan, agus ro marbadh (.i. la MaolMuire
Mac Suibhne Connachtach consapal Ui Domhnaill agus as laisidhe
ro briseadh for Ghallaibh) an ridire ba tuairgnidh catha do Ghallaibh
co ndruing mhoir (ced ba seadh lion torcair) imaille fris dia mhuintir,
agus fuairset édala aidhble don turus sin. Do ghniad iaramh sith re
Gallaibh, agus fagbhaid Traigh Bhaile agus a mbaoí ina ccomhfhochraibh
do Ghallaibh fó chíos doibh as a haithle.



Caislén Atha Seanaigh do dhénamh lá Niall mac Toirrdhealbhaigh
Uí Dhomhnaill.



O Ceinnéittigh Find tighearna Urmumhan do ecc.



Faolán Mac an Gobhann saoí senchadha do écc.


L. 860


AOIS CRIOST, 1424.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, fiche, a cethair.



Concobhar O Ferghail easpucc Conmaicne fer co nairmittin, agus
co nonoir, go naithne, go neolas go ndeserc, agus go ndonnacht
do écc.



GiollaIosa mac Briain Még Tighearnáin adhbhar taoisigh Teallaigh
Eachdhach fear thighe naoidheadh coitceinn décc iar mbuaidh naithrighe.



Donnchadh mac Maoíleachlainn Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine
do mharbhadh durchor do soighit occ ettráin a mhuintire fein for aroile.



Coccadh mór eitir Muintir Ruairc i ndiaidh Aodha Buidhe Uí
Ruairc. Tadhg mac Tighearnáin Uí Ruairc do dhenamh síodha le Muintir
Raghallaigh agus re hEoghan mac Seaain Uí Raighailligh, agus
tighearnus na Breifne do thabhairt co hiomlan do Tadhg iar
ttabhairt ionnsoighidh dhó ar Art co Magh Angaidhe gur ro loisgeadh
an baile lais, agus Art do thabhairt úmhla dhó iar mbeith i frithbheart
fri aroile fri ré ceithre mbliadhan gó sin.



Maoileachlainn Mac Caba consabal an da Breifne agus Fer Manach,
agus Oirghiall décc don phláigh.



Saxanaigh iomdha do thecht i nErinn la hIarla Urmumhan, agus nert
mor do techt i nGallaibh desidhe. Crecha mora do denamh las in
Iarla, la a Saxanchoibh, agus la Gallaibh na Midhe ar mhachaire
Arda Macha, agus ar mhachaire Mucnamha. Ind-


L. 862


saigidh ele do denamh leó ar Mág Aenghusa. Caislén Locha Bricrenn,
Caislén Még Aengusa do briseadh les an Iarla, agus las na Gallaibh
remráite agus consabal gallóglach Mhég Aenghusa do mharbhadh leó,
agus lucht iomchoimheda an chaisléin uile durmhór. Cogadh agus
combuaidhreadh mór do beith i ccoigeadh Uladh ó Ghallaibh don chur
sin. Maithe an choigidh im Ua Néill, agus im Ua nDomhnaill Niall,
agus im Eoghan Ua Néill eitir tigearna agus urrigh agus taoiseach
do thionól re haghaidh Gall. Sochaidhe do maithibh an choiccidh
do dhol i ccléith Gall ar an ccoccadh sin, .i. Mac Í Neill Bhuidhe,
Ó hAnnluain, agus Maghnus Mág Mathgamhna. Mag Aenghusa do indarbadh
as a thír la mac Í Neill Bhuidhe agus la Gallaibh, agus a theacht
i ccend Ghaoidhel an choiccidh.



Mag Aenghusa .i. Aodh do ecc don teidhm, agus a mhac Ruaidhri
doirdneadh ina ionadh.



Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Uillecc A Búrc, do écc ina tigh fein
iar mbuaidh o dhemhan agus domhan.



O Ceallaigh tighearna Ua Maine, .i. Donnchadh mac Maoilechlainn,
mic Uilliam, mic Donnchaidh Mhuimhnigh do marbhadh la cloinn Uilliam
Ui Cheallaigh le cloinn a dherbhrathar fein ag tabhach a tighearnais
forra.



MaolMuire Mac Suibhne consapal Tire Conaill, rinn chosanta agus
chalmachta an chóiccidh do écc.



GiollaIosa mac Briain Mec Tighearnain taoiseach Theallaigh Dunchadha
do écc.



Iarla of Mars .i. fer ionaid an Righ do theacht ind Erinn fo fhéil
Michil, agus Goill Ereann ag freccra dó.



Ruaidhri Mhac Suibhne mac Meic Suibhne Connachtaigh do marbhadh le
Cathal


L. 864


nDubh Ó cConcobhair agus Gallocclaigh eile genmothásomh. Concobhar
mac Muirceartaigh mic Cathail mic Aodha Breifnigh Í Choncobhair
do marbhadh don chur sin.



AOIS CRIOST, 1425.



Aoís Criost, mile, cethre chéd, fiche, a cúicc.



An tepscop Toimíneach, .i. Tomas mac Uilliam Duibh mic Maigeog
do écc seachtmain ria ffeil Brighde fer lan deccna agus deolas
agus daithne isidhe.



Iarla of Mars, fer ionaidh Righ Saxan i nErinn do écc don plaigh
im fheil Brighde.



O Neill agus Eoghan O Neill, Neachtain O Domhnaill, agus mac Í
Neill Buidhe, Mac Uidhilin, Mac Domhnaill Gallocclach, agus O
Meallán maor Cluicc an Udhachta Phatraicc do rala i ttigh an Iarla
do gabhail la Lord Furnaual .i. Iarla Saxanach iar necc Iarla of
Mars, agus na maithe sin do breith lais illaimh go hAth Cliath.



O MaoílMuaidh .i. Niall mac Ruaidhri, tighearna Fer cCeall
do ecc.



Ri Alban .i. Muiredhach Stiuard, agus a mhac .i. Ualtar Stiuard,
agus Murmóir


L. 866


Lemhna do mharbhadh le Righ Alban .i. mac An Righ Bhacaigh, agus
mac ele an Righ .i. Sémus Stiuard agus Clann Murmoir Lemhna da
ionnarbadhsomh ind Erinn.



Eoghan O Neill do fhuaslaccadh o Ghallaibh.



Brian Ballach mac Uí Nell Bhuidhe, aeinfhear ro ba fearr eineach
agus tiodhlacadh, aithne agus eolus i nealadhnaibh examhlaibh dá
raibhe a ccomhaimsir fris do mharbhadh la bachlachaibh na Cairrcce,
agus Seaan mac Enrí Uí Nell do mharbhadh imaille fris.



Gormlaidh ingen Domhnaill Uí Concobhair ben Tighearnáin Uí Ruairc
dég iar naithrighe.



Tadhg Ua Fallamhain taoíseach Cloinne hUadach do mharbhadh i fell
ina caislén fein dia bhraithribh.



Ruaidhri Ruadh Ua hUiginn saoí fhir dhana esidhe décc.



Mag Craith, .i. mac Floinn Meg Craith ollam Tuadmumhan le dan
saoí shona shaidhbir do écc.



Mac A Ghobhann na Sccél ollamh Uí Lochlainn ChorcuMruadh le seanchus,
.i. Tomas mac Giolla na Naomh Mic A Gobhann do écc.



Brian Garbh agus Maghnas da mhac Mhec Dhonnchaidh Thíre hOilella
.i. MaolRuanaidh mac Taidcc Mec Donnchaidh do marbhadh la cloinn
Cathail Mec Donnchaidh .i. clann derbrathar a nathar.



AOIS CRIOST, 1426.
Aoís Criost, míle, ceithre chéd, fiche, a Sé.



Neachtain O Domhnaill bai illáimh ag Gallaibh dfuaslaccadh dUa
Domhnaill dia dhearbhrathair .i. Niall. Nír bó hurusa a riomh no
a áiremh a ttuccadh dionnmus as la taobh braghat ele do fagbhail dia
éis.


L. 868


Toirrdhealbhach O Domhnaill do faccbadh in ionad Neachtain
do éludh o Ghallaibh, agus cethrar do braigdibh ele amaille friss.



O Conchobair Ruadh, Toirrdhealbhach mac Aodha mic Felim, fear
millte agus cosanta Connacht saoí ar aithne agus ar eolus gacha
healadhan do écc iar mbuaidh naithrighe iar mbreith buadha o doman
agus ó dheamhan.



Fedhlimidh mac Muirceartaigh mic Domhnaill mic Muircertaigh Uí
Concobhair do écc. Adbar tighearna Iochtair Connacht eisidhe.



Conchobhar O Briain tighearna Tuadhmuman décc iar sendataidh
Satharn Casg, agus Tadhg mac Briain Uí Bhriain do oirdneadh ina ionad.



Toirrdhealbhach mac Mathghamhna Buidhir tighearna Corca Baisscinn
do mharbhadh agus do losccadh lá a braithribh fein ar greis aidhche,
agus é cian aosda.



Conchobhar Crom mac Taidhg Uí Ruairc décc.



Ruaidhri (.i. Mag Aengusa) mac Aodha Meg Aongusa do mharbhadh ina
tigh fén lá Brian Mag Aonghusa.



Enri .i. Caoch, mac Uí Néill Bhuidhe do dhalladh la a bhraithribh
.i. clann Briain Bhallaigh mic Í Neill Buidhe.



Tadhg Mac Gille Finnén agus a mhac do mharbhadh, .i. Aodh lá hArt
mac Eoghain Uí Nell.



Ua Duibhgennáin Cille Ronain, .i. Pilib mac Dauidh décc, ollamh
Cloinne MaolRuanaidh le senchas eisidhe.



O hEilidhe Mór, .i. Concobhar Caoch O hEilidhe do écc.



Sith do denamh do Clandaibh Neill re roile, .i. dEoghan agus
dUa Neill, agus Eoghan do dhol i ttegh Í Neill, agus gach
ferann da mbaoi ina neccmais re fedh a naimhreitigh do beith aga
tabach aca.



Cian mac Giolla Oilbhe Mhicc A Gabhann saoí shenchadha, agus fear
tighe naoídheadh coitcinn do marbadh do preip eich.



Bebhinn inghen Tigernain Ui Ruairc ticcerna Breifne do ecc.



Risdeard Mac Siurtain na Coille do gabháil la hEoghan mac Uí
Fhlaithbeartaigh, agus a thiodhlacadh do Mhac Siurtáin Duibh go
ro milleadh lais.


L. 870


Feradhach mac Briain Uí Ceallaigh do écc don plaigh.



Seaan mac Mec Feorais do marbhadh le Tomas mac a dherbrathar fein.



AOIS CRIOST, 1427.



Aoís Criost, míle, ceithre chéd, fiche, a Seacht.



O MaoilMuaidh, Ferghal, tighearna Fher cCeall do écc, agus Ruaidhri
mac Neill Uí MaoílMuaidh do oirdnedh ina ionadh.



Ruaidhri Ua Duinn taoiseach Ua Riaccain do ecc.



Domhnall mac Airt mic GiollaCrist Ui Ruairc do ecc.



Murchadh mac Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh na Raithnighe Uí Bhriain
do mharbhadh lá a dhearbhrathair fen.



Diarmait Ua Mathghamhna tighearna an Fhuinn Iartharaigh saoí
dheigheinigh nar ér neach im ní décc iar mbuaidh naithrighe.



Corbmac Ócc Mac Diarmada décc.



Catairíona ingen Ardghail Mhég Mhathghamhna ben Uí Neill .i.
Eoghain mic Néill Óicc décc.



Una inghen Aedha Meg Uidhir ben Uí Ruairc, .i. Taidhg ben
bá fearr oineach derc agus crabhaidh do baoí i nIochtar Connacht ina
haimsir décc i ndeireadh an Chorguis.



Ferghal mac Tighearnáin adhbar taoisigh Teallaigh Dúnchadha
décc.



Brian mac Ferghail Mec Samhradhain mac taoisigh Teallaigh
Eachdhach décc.



Brian Ua Daimhin taoiseach Tire Ceannfhoda décc.



Aine inghen Uí Bhirn bean Meg Raghnaill (.i. Sefraidh) décc.



Mac Domnaill mic Mathgamhna Duinn Í Ceinneittigh tighearna Urmumhan
Uachtaraighe do mharbhadh do Ualtar Topín daon urchor gae.



Sluaigheadh la Niall O nDomnaill .i. Ó Domhnaill tighearna Tíre
Conuill i tTrian Conghail i naghaidh Í Néill do congnamh la
cloinn Mheic Í Neill Bhuidhe. Maidhm do thabhairt la hUa nDomnaill
ar Mac Uidhilin don dul sin, agus sochaidhe


L. 872


mor dia mhuintir do mharbhadh ann, agus da mhac Donnchaidh Mec Suibhne
baoi ag congnamh la Mac Uídilin do gabhail la hUa nDomnaill. Crecha
mora agus edala aidble do beith ag muintir Ui Domhnaill agus ag
muintir cloinne mheic Í Neill Bhuidhe is in ló sin.



Sluaigheadh la hIarla Urmumhan i Muintir MaoilMordha, baile Uí
Raghailligh do losccadh lais, agus an caislén do brissedh.



Aodh O Maille .i. mac Diarmata, adhbar tighearna Umhaill do dhol
ar loinges i tTír Conuill, agus a marbhadh daon urchor saighde ar
deireadh a mhuintire ag teacht do chum a luinge.



AOIS CRIOST, 1428.



Aois Criost, míle, ceithre ched, fiche a hocht.



Mac Murchadha .i. tighearna Laighen .i. Donnchadh mac Airt
Chaomhanaigh baoi illáimh i Saxoibh fri ré naoí mbliadhan
do fhuaslaccadh dia chúiccedh fein, agus ba sccél sochair do
Ghaoidhealaibh indsin.



Diarmait Ua Cathain tighearna Ciannachta agus na Craoibhe fer
lán do rath agus do onoir do écc.



Roibeard comhorba Caillin décc.



Aodh an Einigh mac Pilib Meg Uidhir fer ro badh mó clú agus
oirdearcus einigh dá mbaoí hi comhaimsir fris decc hi cCind Sáile
an chéd oidche táinic i nErinn iar ndenamh turais S. Sem an
treas Idus Augusti iar naithrighe diocra ina pheacthaibh. Tomás
Ócc Mag Uidhir baoí ina fharradh do thabhairt a chuirp lais co
Corcaigh, agus a adhnacal innte.



Ma ConMara taoíseach Cloinne Cuiléin saoí dercach deigheinigh
fear ro choisc merle agus goid, agus tucc sidh agus sáimhe ina dhuthaidh
décc.



Corbmac Ua Birn taoíseach Tíre Briúin décc.



Aodh Og Mhag Uidhir .i. mac Aodha do mharbhadh lá Mac
GilleFinnéin agus lá cloinn Donnchaidh Bhallaigh Mhég Samhradháin.



Caislen cloinne Aodha Mhég Uidhir do gabháil la Mág Uidhir agus la
a chloinn, agus clann Aodha do chur as in tír amach, agus a muintir
do argain go lom.


L. 874


Seaan mac Tomáis Uí Raighilligh do mharbhadh i meabhail la a
chlannmaicne fein.



Gillibeart Ua Flannagain adbhar taoisigh Tuaithe Rátha do écc.



Indsaighidh do denamh la Mac Siurtain dExtra, agus la Seaan Mac
Oisdelbh i tTir nAmhalgaidh ar Thomás Barett, agus ar chloinn
Meic Baitin, agus creacha do denamh doibh, Risderd Barett
do marbhadh i ttóraighecht na creiche sin, agus Sean Fionn Mac
Oisdelbh do mharbhadh don chur cedna.



Henri Barett Mac Baitin do écc.



Iomhar mac Emainn Meg Raghnaill adhbar taoisigh Muintire hEolais
do marbhadh la Cathal mac Meg Raghnaill.



AOIS CRIOST, 1429.



Aóis Criost, míle, ceithre chéd, fiche a naoí.



Semus Stiuard mac Rígh Alban, agus rioghdhamhna Alban beos
iar na indarbadh a hAlbain i nErinn do écc, iar ttecht loingis ó
fheraibh Alban for a chend dia Ríoghadh.



Niall O Dochartaigh taoíseach Arda Miodhair do écc.



Grainne inghen Neill Mhóir Í Neill ben Í Dhomhnaill .i.
Toirrdhealbhach an Fhiona, do écc.



Ua Flannagan Tuaithe Ratha .i. GiollaIosa do mharbhadh la cloinn
Aodha Még Uidhir ina thigh fein ar greis oidhche.



Coccadh eitir Ua Ruairc, Tadhg, agus Ua Raighilligh .i. Eoghan.
Clann Mathghamhna Uí Raighilligh agus Gaill na Midhe do eirghe
i naghaidh Uí Raighilligh la hUa Ruairc, agus baile Uí Raighilligh
do losccadh leó. Ua Raighilligh do thabhairt Uí Neill chuicce dia
chomhfhurtacht. Airghialla agus Fir Mhanach agus a chaoraighecht
do chor dhó la hUa Neill agus lás na maithibh sin co hAchadh Cille
Móire. Ua Ruairc, agus Mág Mathghamhna, agus Barún Dealbna, agus
Mac Caba do tocht sluagh mór


L. 876


ina lenmain co hAchadh Cille Móire. Ua Néill, a chlann, a
ghallocclacha, Fir Mhanach, Ua Raighilligh, agus a brathair da
nionnsoighidh annsin agus maidhm Achaidh Cille Móire do briseadh forra.
Barún Dealbhna, Mac Caba, Enrí Mac Caba, Diarmaitt Ua Ruairc, agus
sochaidhe oile do ghabhail agus do marbhadh don chur sin lá hUa Néill.



Donnchadh Mac Gille Finnein décc.



Aodh Direach O Domhnaill .i. mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona agus
a mhac do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh Í
Domhnaill .8. Febru.



Rudraighe Ua Dochartaigh decc an raithe cedna hi fFathain Mura Othna.



Díth mhór daoine do thabhairt ar feraibh Breifne uile eitir lethadh
agus mharbhadh la Muintir Feódachán ar Tulaigh Odra ar Sliabh
da Chon conar lugha ina dá fhichit i neasbaidh im Concobhar mac
Domhnaill Mec Suibhne ar ndul dó tria bhaoís agus óige for an
siobhal sin, Cuid do Dartraighibh agus cuid oile do muintir cloinne
Aedha Mhég Uidhir do mharbhadh ann.



Murchadh mac Ui Brain do écc.



MaoilSeachloinn mac Concobhair Anabaidh Uí Cheallaigh mac tighearna
Ó Maine do mharbhadh daon urchor do gha la Seaan Cam Ó tTaidhg
do muintir Uí Choncobhair.



Maoileaclainn Ó Máille adhbhar tighearna Umaill do marbhadh la
cloinn Uí Mháille.



Matha mac Tomais Uí Chuirrnín ollamh na Breifne, saoi coitchenn
i sencus agus hi seinm do écc ina tigh féin.



O Cobhthaigh .i. Maoileachlainn mac An Chlassaigh Uí Chobhthaigh
do mharbhadh la hÉmann mac Hoiberd Dalatún.


L. 878


AOIS CRIOST, 1430.



Aoís Criost, míle, cethri chéd triocat.



Giolla na Naomh Ua Lennáin canánach agus Sacrita Lesa Gabhail décc.



Slóigeadh mhor la hEóghan mac Neill Óicc Ui Neill go Gallaibh
Machaire Oirghiall. Ro haircceadh imorro agus ro lomradh agus
ro loiscceadh Galldacht Machaire Airghiall uile leis. Ro loiscc
bheos dúnadh Tragha Baile, agus ro chuir aitreabha an bhaile fó
chíos agus fó umhla dhó, agus tainicc dia tigh co mbuaidh agus cosgar.



Sloigheadh mór oile lá hEoghan co maithibh an chuiccidh uime isin
Anghaile, agus a dhul dna gus an senlongphort do chóidh iaromh
aisidhe co Caill Salaigh, agus ro bhaoí sealat ann na chomhnaidhe,
do chuaidh iar sin co Frémhainn Mhidhe. Tangattar din Gaoidhil an
deisceirt Ua Concobhair Failgigh, .i. An Calbhach, Ua MaolMhuaidh,
agus Ua Madadháin, Mag Eochagán agus Ua Maoíleachlainn i ccoinne
Eóghain do ghabhail a thuarusdail. Ro loiscceadh Iarthar Midhe
uile lás na sluacchaibh sin im Chill Biccsighi. Táinicc Barún
Dealbna, Ploingcédaigh, Oirebertaigh, agus Goill Iarthair Mhidhe
co coitcheann i ccoinne Eoghain Ui Neill do thabhairt a riara dhó
dar cend a ttíre. Do bertsatt iaromh agus do rónsat sidh. Soais
Eoghan dia thigh iar mbuaidh agus cosgar, agus rug mac Uí Fherghail
.i. mac Domhnaill Bhuidhe lais go Dún nGenainn mar braghaid tar
cenn tighearnais Uí Fherghail.



Mág Uidhir Tomas (.i. An Giolla Dubh) tighearna Fer Manach fri ré
sé mbliadhan dég ar fichit fear einigh coitchinn fri truaghaibh agus
trénaibh, fer cumhdaighthe mainistreach, ceall, agus reglés, agus
dealbh niomdha, fer siodhaighthe tuath agus taoiseach, agus cosanta
a criche ar a chomharsain, fer ro charsat tuath agus ecclais


L. 880


ar fheabus a fhollamhnaighthi décc iar mbuaidh nongtha agus naithrighe.
Ro hoirdneadh a mhac Tomás Óg ina ionadh do réir togha tuaithe agus
eccailsi.



Niall mac Enrí Uí Neill décc.



Coccadh mor eitir Mág Cárthaigh Riabhach agus an tIarla, .i. Sémus,
agus caislen Cille Britain do ghabhail las an Iarla ar Mag Cártaigh,
agus a thabhairt do Donnchadh Mhág Cartaigh dearbrathair esidhe do
Mac Carthaigh do bhaoí ina fharradh ag toghail an caislein.



Slóiccheadh lá Mac Uilliam Cloinne Riocaird, agus lá Mac Donnchaidh
Tíre Oilealla, agus lá Mac Domhnaill .i. Brian mic Muirche rtaigh
Ui Conchobhair hi Conmaicne Chúile, loiscthe móra do dhenamh leó,
agus Aedh mac Uí Concobhair Ruaidh, agus Cairpre mac Briain Ui Birn
do mharbhadh leó, agus a tteacht dia ttighibh iar ccosgar.



Caislén Tuillsgi go ghabháil la Cathal mac Ui Concobhair
Ruaidh ar cloinn Toirrdhealbhaigh Óig mic Aedha mic Toirrdhealbhaigh
Ui Concobair.



Brian mac Tighernáin Óicc Ui Ruairc do mharbhadh lá chloinn
Mhaoíleachlainn Még Ragnaill hi Maothail Mancháin agus Donnchadh
Mac Tighearnáin do cur don ruaig sin i mainistir Maotla. Donnchadh
fein do thecht amach tar cenn a muintire, ar ionnchaibh Mhég Raghnaill,
agus Síth do dhénomh eatorra, agus éraic Briain do dhíol iarsin la
hUa Ruairc.



Art Ua Ruairc adbar tighearna na Breifne do mharbhadh ina thigh
fein i meabhail la mac a dherbrathar, .i. Maghnas mac Concobhair
Ui Ruairc seachtmhain ria cCáiscc do shonradh.



Tadhg mac Donnchaidh mic Muirceartaigh do écc.



Mac Lochlainn Ui Ruairc, .i. Uilliam Ruadh do écc.



Donnchadh Ócc mac Mec Lochlainn do écc.



Ferghal mac Baothgalaigh mic Taidhg Mec Aedhaccain ollamh Iochtair
Connacht


L. 882


i ffeinechas saoi coitchend in gach ceirtt, agus fear tighe naoidheadh
da gach aen no thigedh dia shaighidh do ecc iar ndeighbethaidh.



AOIS CRIOST, 1431.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, triochatt, a haon.



An tepscop O Martain, .i. epscop Clochair do ecc.



An tepscop O MaolAccain, .i. epscop Leithglinne do ecc.



Tadhg Ua hEoghain oifficel Locha hErne saoí leigind décc.



Siomón Mhág Garacháin cananach do mhuintir Leasa Gabhail décc.



Ua Concobhair Corca Modruadh, .i. Muirchertach do mharbhadh lá
cloinn a dearbhrathar féin.



Conn Ua Maoíleachlainn rioghdamhna Midhe do mharbhadh lá muintir
na hAngaile agus lá Gallaibh Iarthair Mhidhe, agus a brathair
Corc do ghabhail.



Gearalt Caomhanach rioghdamhna Laighen saoí einigh agus engnamha
eisidhe décc.



Mag Raghnaill, .i. Sefraidh, fer dearscaighthe, agus cenn a
cheneoil feisin decc.



Seaan mac ConConnacht mic Pilib Mhég Uidhir do mharbhadh lá Teallach
Eachdhach, iar ndul dia soicchidh ar a niocht fein dia ttir, Brian
Caoch mac Mhecc Samhradháin asé ro fheall fair, agus nír bhó torbha
do Brian sin uair torcairsídhe agus drong dia mhuintir imaille fris.
Ni raibhe Seaan cenmotha móirsheiser agus ro bháttar an lucht oile
cethrachat ina aghaidh, agus ro fortamhlaigh an tanfhorlann fair gur
ro marbhadh samhlaidh.



Mag Uidhir, .i. Tomás do dhul sluagh mór i tTeallach Eachdhach
do dhioghail a brathar forra. Ro hindreadh, ro creachadh, agus
ro haircceadh an tír leis gur ro mharbh sochaidhe dia maithibh. Ro loisg
dno baile Mhég Samhradháin, agus táinicc dia thigh iar ccosgar.



Crecha móra do dhénamh, agus daoíne iomdha do mharbhadh la Maghnus Mag
Mathghamhna ar Ghallaibh.


L. 884


Sloigheadh mór la hEoghan Ua Neill, lá Mag Uidhir, agus lá hUa
Raghallaigh go Mac Uidhilín, agus a thír do creachadh agus
do mhilleadh leó. Eoghan cona shlogh agus cona caoraigheacht
do beith leth ráithe is in tír ag milleadh arbhann, agus ag losccadh
foirgneamh, agus iompudh dhó hi tTír Eoghain iarttain.



Enrí mac Eoghain mic Neill Óicc Ui Néill do ghabháil lá Neachtain
Ua nDomhnaill. Coinne do dhénamh dEoghan Ua Neill agus do Neachtain
fri aroile, agus sidh do dénamh dhóibh ina nimreasain fri aroile, agus
Enrí do leigean amach.



Neachtain Ó Domhnaill do dhol for ionnsoighidh co caislén Locha
Laoghaire, agus a ghabháil dó for Toirrdhealbhach Ua nDomhnaill,
agus a bfuair ann dedáil do breith lais.



Marcsluagh mór Gall do thocht for creich hi cCloinn An Chaoich Uí
Raigilligh. Magnus mac Ardghail Meg Mathghamhna do dhol an lá cédna
ar creich i nGallaibh, agus iar bfios sgel na nGall dó do chóidh ina
ndeadhaidh co tinneasnach, agus fuair iatt ag forchoimhéd a ccreche.
Ro ionnsoigh fothaibh, Ro ben a ccreacha dhíobh, do gabhadh lais a
maithe, agus do marbhadh drong oile bheós, agus tainicc dia thigh iar
mbreith bhuadha.



Domhnall Mac Giolla Pattraicc mac tighearna Osraighe décc.



Barrdubh ingen Uí Ruairc bean craibhdeach deigeinigh décc.



Aine inghen Uí Ruairc ben Ui Fherghail décc.



Mag Carmaic FearManach .i. GiollaPatraic agus Muirceartach
mac Pilib do mharbhadh lá Donnchadh Mac Carmaic cona muintir.



Moein mac Enri Í Gairmleadhaigh do marbhadh la Domhnall mac Taidhg
mic Cathail Óicc, agus la hÓ nDuirnín.



Gillebert Ua Duibgennáin agus Eoghan Ua Fialáin saoí le dan
décc.



Domhnall mac Dauid Ui Thuathail décc.



Conall mac Neachtain Uí Domhnaill do thocht for creich i tTír Aodha
for Mhac an Ulltaigh, agus Muintir Gallcubhair agus clann Mhec
an Ulltaigh do breith fair, agus Conall do mharbhadh daon urchor
do shaighit.


L. 886


Mac Murchadha tighearna Laighen .i. Donnchadh mac Airt Chaomhánaigh
do dhol ar ionnsaighidh i ccondae Bhaile Atha Cliath, agus na Goill
do eirghe amach, agus maidhm do thabhairt la Mac Murchadha ar Ghallaibh
i ttús laí, agus sochaidhe díobh do mharbhadh, agus édail iomdha
do bhein diobh. Goill do aithtionol sa ló cédna iar sin, agus breit
doibh ar mhuintir Mec Murchadha deireadh laí, agus édala mora aca,
brisseadh forra la Gallaibh, agus drong da namhsaibh do marbhadh fa
Mhac an Mhidhigh mic Taidg do Siol mBriain, agus fa dá mhac Uí
Concobhair Ciarraighe, agus Ó Tuathail do gabhail ann.



AOIS CRIOST, 1432.



Aoís Criost, mile, cethre chéd, triochat, a dó.



Art mac Cathmhaoíl epscop Clochair saoí craibhdheach, fear thighe
aoidheadh coitchind do bochtaibh agus daidelgneachaibh an Choimdheadh
décc iar naithrighe.



Ua Néill, .i. Domnall Bocc mac Enri Aimhreidh do mharbhadh i
noirecht Ui Cathain lá da mac Diarmada Ui Cathain .i. Domhnall
agus Aibhne, agus la Cathanchaibh archena iar ngabhail tighe fair.
Ro marbadh dna, Domhnall mac Í Neill, agus Patraicc Ó MaoilCallainn,
agus mac Í Meallain. Eoghan mac Néill Óigh Ui Néill do oirdneadh
ina ionadh ar Leic na Riogh i tTulaigh Occ.



Coinne do dhenamh lá hUa Néill (Eoghan) ar Caol Uiscce ré cloinn
Domhnaill mic Muirchertaig .i. Eoghan agus Toirrdhealbhach Carrach,
do chengal dóibh ré aroile


L. 888


i naghaidh Uí Dhomhnaill. Ceithre fichit marcach aseadh lion
do chottarsidhe agus clann Mec Donnchaidh is in ccoinne sin. Ua
Domhnaill, .i. Niall do chor a mhuintire do choimhéd an chaoil
do thoirrmeascc na coinne. O Neill agus Mag Uidhir do tocht ar an
ccaol, agus muintir Ui Dhomhnaill do thegmháil friú iar ttocht do
sochraide Mhég Uidhir hi ttír. Sraointear forra ar fhud Mhiodhbuilg.
Ro marbhadh, agus ro loiteadh daoíne iomdha la Cenel cConaill don cur
sin. Ar a aoi tangattar clann Domhnaill mic Muircheartaigh airm i
raibhe Ua Neill, agus do bertsat a lamha diaroile fri comall a
ccataidh agus a ccaradraidh.



Coccadh mór do eirghe eidir Ua Neill agus Ua Domhnaill, agus Énrí
mac Ui Néill do dol go Slicceach ar cenn cloinne Domhnaill mic
Muircertaigh. O Domhnaill, agus O Ruairc .i. Tadhg, agus clann
Aodha Mheg Uidhir do beith i foraire rempa an ccein baoi Énrí
thiar, Enri agus Cairprigh do thocht ar Maigh Ene. Mag Uidhir,
.i. Tomas Ócc do thabhairt choblaigh lais for Caol Uiscce i ccoinne
Énri agus Cairbreach, agus a mbreith slán lais dia tigh.



Slóiccheadh mór lá hUa Néill, lá Mag Uidhir, agus lá mac Ui Néill
Bhuidhe hi cCenél Moain fri hucht Ui Dhomhnaill co mbatar ó fhél
Cross go Lughnasadh hisuidhe aghaidh i naghaidh. Ro gonadh agus
ro marbhadh daoíne iomdha etorra an airet sin. Ro loiscceadh baile
Uí Dhomhnaill agus baile Neachtain don chur sin, agus tiaghaid dia
ttighibh dibhlinibh gan sídh gan ossadh.



Creacha mora minci ar Ghallaibh, agus daoíne iomdha do mharbhadh lá
Maghnas Mhág Mathghamhna dona Gallaibh cédna, agus ro tógbait a
ccionna for cuaillibh gharrdha Baile na Lurgan, .i. dún arus Magnusa
budhéin combó gráin agus adhuath lá lucht a bfairccsena a silleadh.


L. 890


Eoghan mac Mhég Cárthaigh Riabhaigh do dol ar creich go Cind Saile,
agus a marbhadh daon urchor.



Mág Mathghamhna Brian mac Ardghail do dhol i naghaidh Ui Neill,
agus i naghaidh a braithreach fein, Rúdhraighe agus Maghnus, agus
a chaoraigheacht do breith lais i ccleith Gall.



Sluagh Gall do thionol, agus a techt lá Mág Mathghamhna i
nAirghiallaibh, Dartraighi Coininsi do losccadh leo. Lotar aissíde
co machaire Arda Macha, agus tucsat araibhe do bhiadh is na
teamplaibh estibh agus ro loiscset é ar faithche an bhaile. Do bhensat
comhadha móra do sruithibh agus do mhacaibh eccalsa an bhaile dar cenn
a necclas danacal ar losccadh. Tiagaid Gaill agus Mag Matgamhna
dia ttigibh iaramh.



Maoileachlainn Maineach Mac ConMara taoiseach Cloinne Cuilén décc.



Tadhg Ua Mathghamhna adhbhar tighearna Corca Baiscind, agus
MaolMórdha Ua Raghallaigh decc.



Toirrdhealbhach mac Seaain Ui Raghallaigh décc.



Cathal mac Tomáis Ui Fherghail décc.



Ua Duibhgeannáin Cille Rónáin .i. Matha Glas saoí ollamhan lé
Senchus décc.



Gregoir mac Seaain Ui MhaoilConaire adhbhar suadh lé senchus décc.



Tadhg mac Domhnaill mic Briain Ui Dubhda tighearna Ua fFiachrach
fear tucc a duthcus da gach nduine ina thír eittir cill agus tuaith,
fear congmála cadhais déiccsibh agus dfiledhaibh do écc 16. Ianuarii.



Niall Ruadh mac Enri Uí Neill do écc.



Uatér A Búrc mac meic Iarla Uladh fer dercach daonnachtach do écc.


L. 892


Creacha mora do denamh dUa Domhnaill ar Ua Neill.



Creach ele bheós do dhenamh la Brian Occ Ó Neill ar Ua Néill an
lá cédna.



Coccadh mor eitir Ó cCerbaill tighearna Éle agus Iarla Urmumhan.
An tIarla do thecht i nÉlibh go sluagh mór imaille fris. An tír
do mhilleadh, agus da chaislén Ui Cearbaill do briseadh lais.



Mac Murchadha tighearna Laighen do milleadh na Galldachta co mór.
Indsaighidh do dhenamh do Ghallaibh ar Mac Murchadha, agus ruaig
do thabhairt do Ghallaibh, agus Ualtar Toibin do gabhail ar an ruaig
sin, agus daoine iomdha do lot do marbhadh, agus do gabail diobh.



AOIS CRIOST, 1433.



Aoís Críost, míle, cethre chéd triochatt atri.



Coccadh mór eitir Chenél cConaill agus Eoghain. Ua Domhnaill, Niall
Garbh mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona cona shochraide do dhul isin
Duibhtrian do chongnamh lá Mac Uidhilín. Ua Néill .i. Eoghan do dhul
sluagh mor illenmain Ui Domnaill, agus Mic Uidhlín. Tainic dna
Mac Domhnaill na hAlban co ccobhlach mór hi ccomhdail Uí Neill
do chongnamh lais. Do choidhset na hAlbanaigh fo chaoruighecht Mic
Uidhilín agus Roiberd Sabhaoís go rabhsat for a ccomas, agus
tuacadar ár dearmhair agus díth daoine for Mac Uidhilín agus
for Roiberd, agus a ttearna dia muintir as an Duibhtrian torchrattar
uile durmhór ag Fersait an Chaisléin Nui.



Do chuaidh O Neill as a haithle, Enrí a mhac, agus Mac Domhnaill
cona slocchaibh go hAird Glais, agus ro loiscceadh í leó.
Do dheachaidh iaromh Mac Domnaill cona Albanchaibh ina longaibh
ó Áird Glais go hInis Eoghain, agus Ó Neill cona shlocchaibh
for tír ina ccoinne do iondradh Tíre Conaill. Neachtain Ua Domnaill
dna, agus inghen Uí Concobhair Fhailghigh ben Uí Dhomhnaill, agus
meic tighearnadh Conallach do thocht ina ccomdail go hInis Eoghain,
agus do righensat síth lá hUa Néill gan ched dUa nDomhnaill.


L. 894


Ua Domhnaill imorro agus Mac Uidhilín do chóttar sidhe go Gallaibh
Mide do dhénamh cengail agus caradraidh riú agus ré fer ionaid an rígh,
agus tuccsat sluagh mor leó go machaire Arda Macha, agus do chóidhset
na Goill fón mainistir. Ro iompaidhsed iaromh gan neart do ghabháil
don turus sin. O Domhnaill do dhul timcheall na Midhe siar go
hÁth Luain aissidhe i nUíbh Maine iar sin tarsna machaire Connacht
i Muigh Luircc go Mac Diarmada agus go hUa Ruairc .i. Tadhg
mac Tighearnain, agus Ua Ruairc do dol lais tar Eirne, Ua Neill,
agus Mág Uidhir do thocht co CaolUisce hi ccoinne Uí Dhomhnaill,
agus síth carthanach do dhénamh dóibh fri aroile. Mac Uidhilín
do choinnmhedh etorra do Ghallaibh machaire Airghiall ar ná indarbadh
dUa Nell.



Eccneachán Ua Domhnaill .i. mac Toirrdhealbhaigh, do dhol ar crech
ar a dearbhrathair ar Donnchadh .i. Donnchadh na Coilleadh, Ua
nDomhnaill agus Donnchadh do lenmain a chreche agus Éccnechan
do mharbhadh lais a mBel Átha Caoláin.



Coimheirge choccadh do beith eitir Mhág Raghnaill an Magha agus clann
Mhaoíleachlainn Mhég Raghnaill. Cland Maoíleachloinn do tabhairt
cloinne Mathghamhna Mhéc Caba ar buannacht cuca do chongnamh leó.
Do choidhsiod ar ionnsoighidh is in Magh, agus ro loisgset baile
Cathail Meg Raghnaill. Rug tóir mhór orra ag fágbháil an baile dhóibh.
Airisit an clann sin Mathghamhna ar deireadh, Ro marbhadh triur do
chloinn Mathghamhna ar an lathair sin, Ross Donnchadh agus Brian
co sochaidhibh oile immaille friú. Ro gabhadh beós Ruaidhrí a sinnsear
osé lethmharbh. Teárna an cúicceadh mac, Toirrdhealbhach Ballach.
Una inghean Seaain Ui Raghailligh ammathairsidhe.



Mac Maghnusa Mhég Uidhir, .i. Cathal fear tighe aoidheadh coitchinn
décc, agus a mhac, .i. Cathal do oirdneadh ina ionadh lá hUa Neill
agus lá Mag Uidhir.



Cathal Dubh mac Ui Conchobair Ruaidh décc.


L. 896


Da ghairm choitchenna einigh do thabhairt do Mairghréicc inghen Uí
Cerbhaill ben Ui Conchobhair Fhailghigh (an Calbhach) do dhamhaibh
agus do chliaraibh.



Samhradh gortach is in mbliadhain si dá ngoirthí (aimsir imchian iaromh)
Samhradh na MearAithne uair ní aithnigheadh neach caomh ná caradh la
méd na gorta.



Ua Cathain, .i. Goffraidh mac ConMuighe Uí Chathain do écc.



Mac ConMara, .i. Mac Con Cendmhór taoiseach Cloinne Cuiléin do écc.



Mac Uidhilín do indarbadh as a thír féin la cloinn mec Ui Neill
Bhuidhe, agus a chur i nAird Uladh i ccend Meic an tSábhaísigh.



AOIS CRIOST, 1434.



Aoís Criost, mile, ceithre ched, triochat a cethair.



Feilim mac Mathghamhna Uí Lochlainn easpucc Cille Fionnabhrach
do écc.



Coccadh ar neirghe eittir Ua nDomnaill .i. Niall, agus a dherbhrathair
Neachtain fodaigh marbhta Eiccnechain Uí Domhnaill. Crecha agus
marbtha iomdha do denamh etorra. Neachtain do thocht i ccléth
cloinne Domhnaill mic Muircertaigh. Crech do denamh la hUa nDomnaill
ar an Magh agus i cCairpre ar cloinn Domnaill mic Muircertaigh
agus ar Neachtain. Nechtain agus Brian mac Domhnaill agus clann
Domhnaill arcena do dhol ar in Magh agus i tTír Aedha do dhioghail
na ccrech sin. Foirgnéamha do losccadh leó, mairbhédala agus fo chrodh
do foghbháil doibh. Neachtain do dhol i tTír Conuill doridhisi,
agus crecha do denamh dó ar Choncobhar mac Í Dhomhnaill. Concobhar
do dhol i cCairpre go ro creachadh lais crioch Chairpre uile.



An coccadh cédna bheos eittir Ua nDomhnaill agus Nechtain agus
Neachtain do dhol i ccend Meic Uidhilín agus Briain Óicc Í Neill
do choccadh ar Ua nDomhnaill.


L. 898


Ua Domhnaill agus Ó Neill do shuidhi a ttimceall chaisléin Neachtain,
.i. Caislen na Finne. Battar cian is in iomshuidhe, ar aoi nir fhéadsat
an baile do ghabhail.



Lucas Ua Leannáin prióir Leasa Gabhail, agus Matha Ua Congaile
aircindeach Rossa Airthir décc.



Ua Neill .i. Eoghain, agus Ua Domhnaill .i. Niall, do léirthionol
an chuíccidh immaille friú do dhul do mhilleadh agus do orccain Gall
Midhe. Tangadar Goill Tragha Baile hi ccoinne Uí Neill, agus
tucsat a chios dó, agus seóid iomdha archena. Do chóidhsed iaromh gur
ro loisccset Machaire Oirghiall.



Tiad dona clann Uí Neill do losccadh na ndaingen badar lá druing dona
Gallaibh. An tan badar occ an fforlosccadh hísin ní ro ráthaighset ní
go riacht fear ionait an righ cona shochraide ina ndócum. Do radsat
clann Ui Neill Enrí, agus Aodh a muintir rempa, agus do bertsat
sciath tar lorcc dia neis go tternáttar as gan mharbhadh gan mudhughadh
nech uaidhibh. Luidh doni Ua Domhnaill agus a mhac Toirrdhealbhach
adhbhar tighearna Thíri Conaill agus mac Cathmhaoil an lá cédna
do chuingeadh oirgne agus édala hi conair naile. Aseadh dus fucc
a nainshén i cceann marcshluaigh adhbhail do Ghallaibh. Ro iadhsat
ina ttimcheall. Battarsomh occ iomchosnamh friú frí ré fada gur
ro marbhadh Toirrdhealbhac Ua Domhnaill .i. an lá iar ffeil Michil,
agus Mac Cathmhaoil, agus Aodh mac An Epscoip Meic Cathmaoil, agus
sochaidhe ele. Ro gabhadh Ua Domhnaill iar marbhadh a mhuintire, agus
tuccadh dfior ionaid an Rígh ar tteacht i nErinn, .i. mac Seon


L. 900


Stanlaii, agus ro cuireadh é iar sin i láimh go hAth Cliath.
Ro gabhadh dona mac Maghnasa Caoich Ui Domhnail araon la hUa
nDomhnaill don chur sin.



O Ruairc .i. Tadhg mac Tighearnáin décc.



Donn Cathanach Mág Uidhir décc.



O Broin .i. Donnchadh do écc.



Mac ConMidhe (MaoilIosa) ollamh Uí Néill le dán, agus Mac Cruitín
.i. Sencha Mac Cruitín ollamh Tuadhmumhan i senchus saoi choitcenn
in gach ceird do écc.



Diarmait mac Muirceartaigh Gairbh Uí Sechnasaigh do mharbhadh dia
eoch fein ag cor crú fuirre.



O Ceallaigh, agus Mac Diarmata, agus Tadhg mac Ui Choncobhair
Ruaidh do dhol ar ionnsaighidh go Baile an Topair. Deabhaidh
do beith etorra, agus lucht an baile, sochaidhe do lot i muigh agus
istigh uadhaibh agus fer don muintir amuigh do bhein chasnaighe do
bhun bonnsaighe boí ina laimh, agus teine do chor is in ccasnaigh i
mbun na bonnsaighi cédna, agus an bhonnsach do theilgionn isteach isin
mbadhbdún, agus a buain i ttaobh tighe baoi ann, an tech sin do losccadh,
agus an tech eile ba coimhnesa dó agus urmhor an bhaile, agus an
badhbdhún do losccadh, agus iliomat da gach maith baoí is in mbaile
do mhilleadh agus do losccadh don chur sin.



AOIS CRIOST, 1435.



Aoís Criost, mile, ceithre ched, triochatt a cúicc.



An tepscop Ruadh Ó hEghra, epscop Achaidh Conaire do ecc.



O Domhnaill .i. Niall Garbh do bhreith i Saxoibh.



Reodh agus aigh anacnata is in mbliadhain si go nimtiaghdais cach
locha agus aibhne Ereann ar na lecaibh eaghha.


L. 902


O Ferghail Domhnall mac Seaain taoiseach Muintire hAnghaile do écc.



Bran O Broin adbar tighearna Criche Branach do ecc.



O Néll do dhul sluagh i bFearaibh Manach, agus longport do ghabháil
dó ag Craoibh ua fFuadachain, agus baoi ainnsidhe co cenn theora
noidhche cona láibh. Fir Mhanach do chor a ccethra agus a
nimirgedh uile tar Loch Eirne siar, agus nochar bhó i nethraibh
itir oct bá for leic oighreadh baoí fór an loch ar nó imthighdís eich
agus capaill fo a neiredhaibh an loch lá méd an reóidh. Iar ttionol
a shlóigh do Mag Uidhir ré hacchaidh Ui Néill do rinne sith ris,
agus do choidh ina chend iarttain. Asedh luidh O Néill cona
shochraide hi tTir Chonaill gur ro loiscc agus gur ro indir blaidh
móir dhi, agus ro marbhadh lais Sean mac Domhnaill Ui Domhnaill
durchur do soighid. Soais dia thigh iar ccosgar.



Domhnall mac Eoghain Meg Carthaigh féchemh coitcent do bochtaibh,
agus daidhilgneachaibh do mharbhadh lá Tadhg mac Corbmaic mic
Diarmada Még Cárthaigh.



Donn mac ConConnacht Még Uidhir décc i nurd cananach i cCluain
Eoais iar mbuaidh naithrighe agus iar ccor an tsaogail de ar ghradh
an Choimdheadh rias an tan sin.



Comhaonta choccaidh do dhénamh lá Brian Ócc Ó Néill agus lá
Neachtain Ua nDomhnaill i naghaidh Ui Neill (Eoghan), agus a
chloinne (Enrí, agus Eoghan). Ua Néill agus a chlann do breith
a ccaoraigheacht leó do dul i cCenel Moáin hi ccoinne Neachtain
agus Bhriain. Ní ro airis Ua Neill gur ro ghabh longport is na
Rasaibh. Od chuala Neachtain agus Brian Óg indsin tionóilit
a slógha co tinnesnach i nenionadh ar dhaigh amais longpairt
do thabhairt for Ua Neill, agus ní ro ansat dia rémim go riachtattar
an longport i mbaoi Ua Néill. Do gniad deabhaidh gur ro ionnarbsat
Ua Néill as a longport, agus airisit fein airm i mbaoi Ua Neill.



Bá hadhnair agus bá hathais lá hUa Neill cona chloinn, agus lá
Mac Domhnaill Galloglach a ndíochur as in maighin i raghbhaiset
conidh í comairle do righénsat ammas longpairt do thabhairt for an
sluagh tria forailemh Enrí Ui Neill baoi oga forcongra forra. Acht
chena ro gabh greim an greassadh laoidheadh sin


L. 904


dona hógaibh ar ro ionnsoighsead co neimhlesc, agus go taoi toitenach
an longport, agus Enri hi remhthus rempa go rangador lár medhon a
namhad. Do rala eitir Mac Domhnaill Gallocclach agus Mac Suibne
Fanat co mbátar laoích agá ledradh agus agá luathairleach eatorra
adiú agus anall. Ní aithnigheadh cara ná namha aroile annsin lá
dorchacht na haidhche agus lá dlús na laochraidhe for aroile. Nó
sgeindís dna aoibhle teneadh do cheinnbhertaibh na ccuradh agus do
lúireachaibh na laochraidhe. Imá ccomhráinic dAodh Ua Néill agus
do Brian Ua Neill fri aroile go ttarat Aodh forgamh do shleigh for
Brian gur ro crechtnaigh é go mor. At laoi iaromh Brian agus
Neachtain as in iomaireacc, agus fágbhait a ngalloglaigh dia neis.
Oro airigh Mac Suibhne Neachtain agus Brian Ócc dia fhagbáil
aseadh do róine sciath tar lorg do thabhairt i ndeóidh a mhuintire,
agus an lathair sin dfágbháil gan ráthuccadh dUa Néill. O ro fhidir
Enrí cona braithribh indsin, Ro lensat Mac Suibhne co Sliabh
Truim, agus ro sraoineadh fair. Ro gabhadh é dna go sochaidhibh dia
mhuintir imaille fris. Ro ba cosgrach Ua Neill don turus sin.



Neachtain Ua Domhnaill do thabhairt chaisléin Atha Seanaigh do
Brian Ócc Ua Néill ar chomhaontadh choccadh fris i naghaidh Ui
Néill. Ro fheall Brian iarttain for Neachtain agus do chóidh
do soighidh Ui Neill gan cead do Neachtain, agus ro fagaibh a
bhardadha hi ccaislén Atha Senaigh. Iar ndul hi ccenn Ui Neill
do Brian ro gabadh é lais, agus ro scaitheadh cos agus lamh de, agus
ro ciorrbadh a dhias mac fon ccumma cetna, agus atbath fear diobh fo
cédóir.



O Gadhra do mharbhadh la a bhraithribh fein i nInis Bolcc ar
Loch Techett.



Domhnall mac Ferghail Chaoich Uí Eghra do mharbhadh la Mac
Maghnusa mic Diarmata Meic Donnchaidh.



Caislén Ui Ruairc do ghabháil la Donnchadh mBacach Ua Ruairc
for cloinn


L. 906


Taidhg Ui Ruairc. Crecha do denam iarsin la cloinn Ticcernain Ui
Ruairc ar Dhonnchadh mBacach i cCoill an Anma.



O Ruairc do gairm do Lochlainn Ua Ruairc .i. mac Taidhg Ui Ruairc.



Creacha mora do denamh la Neachtain Ua nDomhnaill ar Ua Neill.



Mac Briain Óicc mic Enri Í Neill do dhol ar creich i tTír Aedha,
agus cuid do lucht tighe Í Domhnaill (Neill) do breith fair. A chrech
do bhein de agus é fein do ghabhail agus drong mór da mhuintir do mharbadh.



O Domhnalláin, Corbmac mac Maoilechlainn, O hUiccinn Domhnall Bacach,
agus Cairpri O Cuirnín do écc.



Mac Baitin, .i. Roibertt Bairéd tighearna Thíre hAmalgadha, fer
dércach daonachtach deigheinigh agus fear do chosain a chrioch duithche
daimdeóin Gall Connacht do écc.



AOIS CRIOST, 1436.



Aoís Criost, mile, cethre chéd, triochat, a Sé.



Coccadh mór do loisccthibh, do chreachaibh, agus do mharbhthaibh ag
Ua cConcobair fFailghe fri Gallaibh i ndioghail Ui Dhomhnaill a
clemhna baoí illáimh aca.



Niall mac Eoghain Ui Néill do mharbhadh ar greis ina thigh féin lá
Cloinn Cionaíth an Triúcha, la cloinn Enri Uí Neill, agus la
hOirghiallaibh, agus sochaidhe dia mhuintir imaille fris.



Concobhar mac Seaain Ui Raghailligh mac tighearna na Breifne saoí
deageinigh dég.



Crannócc Locha Laoghaire do ghabháil lá cloinn Briain Óicc Ui
Néill. Ua Neill agus Enrí do thocht gus an loch, agus teachta
do chor uatha ar cenn MhégUidhir Tomás Óg, agus iar na rochtain
ro triallsat arthraighe do denamh do dhul forsan ccrannóicc a mbattar
clann Briain Óig, as í comairle do ronsad clann Briain an crannocc
do thabairt dUa Neill, agus sith do dhenamh fris. O Néill agus
Mag Uidhir


L. 908


iarsin do dhol ar ionnsoighidh hi tTír Aodha creacha iomdha, edala,
agus echta do dhenamh leó, agus a ttecht iarsin dia ttighibh.



Murchadh mac Corbmaic Mec Donnchaidh adhbhar tighearna Thire hOilealla
do ég.



Indsoighidh do dhenamh la cloinn Meic Dhonnchaidh agus la cloinn
Tomaltaigh Óig Mec Dhonnchaidh hi cCúil Ó fFind ar Ó nGadhra,
agus ar Tadhg Mac Donnchaidh. Ruaig do thabhairt ar cloinn Meic
Donnchaidh, agus móirsheiser do mharbhadh dhíobh im Conchobhar Camm
Ó nGadhra, agus ba heisidhe ro mharbh Ó Gadhra a dearbhrathair féin
i ffiull riasan tan sin.



Maghnus Ruadh mac Maoileachlainn mic Flaithbertaigh Ui Ruairc do écc.



Giolla Íosa mac Aedhagáin ollamh Meic Baitin i féineachus fear
diadha déarcach daonachtach, agus oide scol i féineachus agus filidheacht
do écc.



Geanann Mhac Cruitín adhbar ollamhan Tuadhmhumhan hi senchus
do bhathadh, ni bhaoí i Leith Mogha ina ré adhbhar senchadha ro ba
ferr inás.



AOIS CRIOST, 1437.



Aoís Criost, míle, ceithre ched, triochat, a Seacht.



Airdespucc Connacht do écc. Do Chloinn Feorais eisidhe.



Sith do dhénamh dUa Neill, agus do Nechtain Ua nDomnaill.



Indsaicchidh do dhenamh la Concobhar Ua nDomnaill ar mhac Nechtain Ui
Domhnaill, agus dá mhac Eoghain Ruaidh Mec Suibhne go sochaidhibh
ele do marbhadh don chur sin.



Coccadh etir Cathaoir Ua cConchobhair Failge bráthair Ui Chonchobhair
agus Ua Concobhair budhein, agus Cathaoir do dhol i ccléth Gall,
agus a dhol iarsin co nGallaibh lais i nUibh Failge, agus baile
Diarmata Uí Concobhair do losccadh lais co mbailtibh eile genmotha,
daoini iomdha do lot agus do mharbhadh lais.


L. 910


Coccadh mór bheos ag Ua cConcobhair fFailge re Gallaibh na Midhe do
creachaibh agus do mharbhthaibh daoine.



Hanraoi O Riain tigerna Ua nDróna do ecc.



Mac Oisdelb .i. Emann an Mhachaire do ecc.



Coccadh mór ag Mag Mathgamhna agus ag Maghnus Mag Mathgamhna re
aroile. Maghnus do dhol i ccend Í Neill agus a chloinne, agus Mág
Mathgamhna do dhol hi ccleith Gall.



Coccadh mor eittir Ua Neill agus Brian Ócc O Neill.



Maoíleachlainn Ua MaolChonaire décc.



Giolla Padraicc mac Conchobhair Uí Charmaic décc.



AOIS CRIOST, 1438.



Aoís Criost, míle ceithre chéd, triochatt, a hocht.



An teapscob Ó Gallchobair .i. Lochlainn décc. Epscop Ratha Both
esidhe.



Prioir Chille Maighneann décc. Mac meic dIarla Chille Dara
eisidhe.



Abb Chille na Manach, agus Niocól Ó Maonaigh biocaire Chaislein
mic Concobhair do écc ina ndis don plaigh.



Dondchadh na Coilleadh O Domhnaill do mharbhadh la Concobar nDonn
Ó nDomhnaill hi tTír Enda iar na creachadh don chur chéttna.



Cathaoir O Dochartaigh décc.



Pilip MágUidhir do ghabhail la MagUidhir.


L. 912


Concobhar mac Muirceartaigh Ui Dubhda tighearna cloinne Donnchaidh
Ui Dubhda do marbhadh la a braithribh fein i ffiull .i. la Taicleach
mac Corbmaic mic Donnchaidh Ui Dhubhda, agus la Ruaidhri mac Taichligh,
la Lochlainn mac mic Lochlainn Ui Dubhda, agus la Hanrai Bairett,
agus triur mac do chloinn Concobhair do marbhadh in oidhche sin
amaille friss.



Uilliam mac Ruaidhri Uí Dhubhda do écc.



Coccadh ag Ua cConcobhair fFailghe re Gallaibh na Midhe i ndioghail
Ui Dhomhnaill bheos.



Mac Meg Flannchaidh .i. Enri Ballach do mharbhadh la dreim do
Feraibh Manach i mbaile Briain Ui Uiginn ar Magh Ene.



Seaan mac Emainn A Burc do ecc don galar bhrec.



Uilliam Bairéd, .i. mac Mhec Baidin do ecc.



Uilliam mac Seain A Burc do ecc ina thigh fein.



Sith do dhenamh dUa Concobhair Failghe agus do Chathaoir Ó
Choncobair dia derbrathair fri aroile.



O Briain .i. Tadhg mac Briain Ui Briain do aithriocchadh la a
dhearbratair .i. la Mathgamain, agus Ó Briain do ghairm do
Mhathghamain.



Mac Mhec Feorais, .i. Risderd do écc.



Siurtan mac Seain Mec Oirdeilbh recte Oisdeilbh do écc.



O Clumháin ollamh Uí Eghra i ndán do écc.



Donnchadh mac Siodhraidh Ui Chuirnín saoí le Seanchus, O Dálaigh
Bréifne, .i. Aédh ollamh Ui Raighilligh le dán, Conchobhar mac
Aedhagáin ollamh Cloinne Riocaird le breithemhnus décc.



AOIS CRIOST, 1439.



Aoís Criost, mile, ceithre chéd, triochatt, a Naoí.



Iustis .i. fear ionaid Rig Saxan do thecht i nErinn, agus a gabhail
iarsin la Cathaoir mac Ui Concobhair Fhailghe, agus iar mbeith
athaidh occa ro fhuaslaicsiot Goill Atha Cliath an Iustis, agus
tucsat mac An Phloingcedaigh do Cathaoir dar a éisi.


L. 914


O Domhnaill Niall do breith go Manainn da fhuaslaccadh o Ghallaibh,
agus céd marcc do thabairt a fios a fhuaslaicthe.



O Domhnaill Niall Garbh décc i mbraighdenas hi Manaind, ba hesidhe
aon bhrágha gill Chenel cConuill agus Eoghain agus an tuaisceirt
ar chena, agus aon lán beoil Leithe Cuinn ina aimsir, fer millte
agus miimbeartha Gall go ro dhioghailsiot fair fo deóidh ina ndeirgéne
forra, fer chaomhanta agus cosanta cheirt a cheneoil i naghaidh Gall
agus Gaoidheal bátar ina aghaidh ria ttighearnas agus iar ttigernus
do gabháil do. Neachtain Ua Domnaill a dherbhrathair do oirdneadh
ina ionadh.



Mág Uidhir do ghabhail la Domhnall Ballach Mhág Uidhir i mbaile
MhégUidhir fén, agus Pilib MhágUidhir do léigen amach an lá cedna
lá Domhnall, agus an geimheal baoi for Pilip do chor la Domhnall
for Mág Uidhir i ttigh MégUidhir fadhéin. An tan at clos la Hénrí
Ua Néill MágUidhir do ghabháil ro tionoil sidhe a shluagha agus
do riacht co Port Abla Faoláin i ccoinne Pilib agus Domhnaill,
agus Mag Uidhir illáimh aca. Léccther MagUidhir amach, agus
ro gabhadh braighde oile ass .i. Emann MhágUidhir a mac féin, agus
inghen Még Eochagáin ben MégUidhir agus braighde oile
cenmótháttsomh, agus do radadh caislén Insi Ceithlenn do Dhomhnall
Ballach MhágUidhir an tan sin.



Tadhg Caoch mac Aedha mic Pilib na Tuaighe Meg Uidir décc.



Feradhach mac Duinn mic ConCondacht MegUidir do mharbhadh lá
hOirghiallaibh.



Enrí Ruadh mac Briain mec Gille Finnén, taoiseach Muintire
Peódachain décc.



Mór inghen Aedha mec Samradain ben mic Briain Mec Maghnusa
décc.



O Concobair Connacht, .i. Ri Connacht Cathal mac Ruaidhri dó écc,
19. do Mhárta, agus coccadh ar neirghe i Macaire Connacht trid
sin, .i. eittir chloinn Meic Feilimidh, agus clann Toirrdhealbhaigh
oir do goireadh Ua Concobhair do Thadhg mac Ui Choncobair Ruaidh
lá cloinn meic Feidhlimidh, agus ro goireadh Ó Concobhair


L. 916


do Aodh mac Uí Concobair Duinn la Brian mac Domhnaill mic
Muircertaigh cona bhraithribh, agus la Cloinn nDonnchaidh.



O Dochartaigh taoíseach Arda Miodhair .i. Sean Balbh mac
Concobhair do écc, agus a dearbrathair .i. Domhnall do ghabháil a
ionaid.



Diarmait O Dubhda (.i. Mac Ui Dhubhda Domhnall) adhbar tighearna
Ua fFiachrach do écc.



O hEghra Dubh Donnchadh mac Seain Ui Eghra do dhul is na braithribh
i mainistir an Bheannfhoda, agus a thighearnus do thabhairt da
dherbhrathair .i. do Chorbmac mac Seain, agus O hEghra do ghairm
dhe, agus ionad Chorbmaic do thabhairt do Shean mac An Espuicc Uí
Eghra.



Mac Ui Eaghra an Mhachaire .i. Corbmac mac Taidhg do écc.



Aodh mac Diarmata Mec Donnchaidh do écc.



Mac Neill Riabhaigh Ui Choncobhair do mharbhadh la Domhnall mac
Muircertaigh mic Domhnaill.



An Plaigh go hanffoill i nAthCliath go ro éccsat teora mile ann eittir
fhior agus mnaoi eittir biug agus mór o thossach Earraigh go deireadh
mís Mái. Donnchadh mac Ui Dhubhda .i. mac Taidhg, Concobhar mac
Domhnaill mic Corbmaic Mhec Donnchaidh, agus a bhen .i. inghen Taidhg
Mec Donnchaidh, agus biocaire Imligh Isill Donnchadh mac Tomaltaigh
Uí Beolláin, Emann A Búrc mac Mec Uilliam Cloinne Riocaird adbar
tighearna Cloinne Riocaird, iaidsidhe uile do écc don pláigh.



Eoghan O Flaithbertaigh do mharbhadh ar a leabaidh is in oidhche i
ffiull la sgoloicc dia mhuintir fein.



Domhnall mac Ruaidhri mic Taichligh Í Dhubhda do dhalladh, agus
do crochadh la Donnchad mac Muirceartaigh Ui Dhubhda.



Cathal mac Corbmaic Ui Dhubda agus a mhac do mharbhadh la Tadhg
Ruadh mac Muircertaigh Ui Dubhda is in ló cédna tre comhairle an
Donnchaidh remraite.



Crech do dhenamh dUa Chonchobhair .i. dAodh mac Ui Concobhair
Duinn ar Mhac Oisdelb Ruaidh.



O Mithidhein an Bhealaigh comhorba MoLaisi do écc.


L. 918


AOIS CRIOST, 1440.



Aoís Criost, mile, ceithre chéd, cethrachatt.



Mac Uilliam Burc .i. Uatér mac Tomais mic Sir Emainn Albanaigh
tigearna Gall Connacht, agus móráin do Ghaoidhealaibh do écc donn
plaigh sechtmain ria ffeil na Croiche is in fFogmhar, agus Mac Uilliam
do ghairm dÉmann A Búrc i nionadh a dherbhrathar.



Sith do dhenamh dUa Domhnaill Neachtain, agus dUa Neill Eoghan re
aroile.



O Dochartaigh Domhnall mac Concobhair taoiseach Arda Miodhair
do écc, agus dá Ua nDochartaigh do gairm ina ionad .i. Emann mac
Concobhair, agus Aodh mac Seain.



Mag Craith, Matha mac Marcais comarba Termainn DaBeócc décc agus
Seaan Buidhe do oirdnedh ina ionadh.



Brian mac Domhnaill mic Muirchertaigh Ui Concobhair tigherna Iochtair
Connacht, rédla ghaile agus ghaisccidh Gaoidheal a aimsire décc an
dara la ria ffeil Eoin iar mbeith 37 mbliadhna i ttighernas.



Maghnus Eóghanach Mhág Uidhir, mac sidhe Pilip, agus Catairiona
ingen Duinn mic ConConnacht MhégUidhir bean Mec Maghnusa Mhég Uidhir
décc.



Ross mac Seaain MhégUidhir, agus Fedhlimidh Ruadh mac Donnchaidh
Ruaidh Mhég Uidhir do mharbhadh.



Domhnall Ua Breislén saoí breithemhan, agus adhbhar ollamhan Fear
Manach dég.



Duibhgenn Gruamdha Ó Duibgendáin saoí senchadha décc.



Maghnas Ó Domhnaill (.i. mac Domhnaill) do mharbhadh i mBun Lecaigh
la cloinn Mec Suibhne Connachtaigh, agus Concobhar mhac Eoin Epscoip
.i. mac an Epscoip Conallaigh, agus Diarmait mac Donnchaidha mec Aedha
senchadha Uí Dhomhnaill


L. 920


do mharbhadh is in ló cettna. Mac aile Domhnaill Ui Domhnaill agus
drong do Conallchaibh do mharbhadh mic Meic Suibhni Concobhar Mac
Suibhne i ndioghail a bhrathar.



Graine inghen Ui Cheallaigh bean Taidhg Ui Bhriain do écc.



Caislén Baile Ui Baoighill do ghabhail la Mac Domnaill mic Ui
Domhnoill iar bfaghbhail bhaoghail fair agus édala mora do fagbhail
ann dairgett agus dedach agus deideadh, agus an caislen cedna
do ghabail doridhisi la hUa nDomhnoill, agus a thabhairt dUa
Baoighill, agus clann Domhnaill Ui Domhnaill do ghabháil ann, agus
a mbeith illaimh ag Ua nDomhnaill ina mighníomhaibh.



O Ruairc .i. Lochlainn mac Taidhg do ghabhail la cloinn Airt Ui
Ruairc, agus clann Airt dia thabhairt do Donnchadh Ballach Mhág
Samhradhain agus da chloinn, agus Donnchadh Ballach da tabhairt do
cloinn Tighearnain Uí Ruairc, Coccadh ar neirghe is in mBreifne
iaromh eitir cloinn Tighearnáin Uí Ruairc agus clann Taidhg Uí Ruairc
gur ro buaidirseat an tír eatarra.



Finnghuala inghean Ui Dochartaigh bean Ui Dhomhnaill do écc.



O Concobhair Failghe cona chloinn, agus a brathair Cathaoir do dhul
ar creich i Laoighis Ui Mhórdha. Iarla Deasmhumhan agus Mac
Giolla Patraicc do breith orra ier ccor creach rempa, agus sraoineadh
for Ua cConchobhair gur ro marbadh a mac, .i. Conn co ttribh
fichtibh dia amsaibh imaille fris.



Caislen Ui Dhochartaigh .i. caislen Cuile Mic an Treóin do ghabhail
la hUa nDomhnaill.



Mac Baitín .i. Tomas mac hEnrí Bairéd tighearna Thire hAmhalgadha
do écc an .15. do mí Iul, agus Mac Baitin do ghairm do mac Magiu
Baired.


L. 922


Mac Ui Ruairc, Aodh mac Aedha Buidhe Uí Ruairc adbar tighearna
Breifne do mharbhadh lá mac Diarmada na nGamhnach Ui Ruairc i feill
i nDruim Da Ethiar i mbaile Donnchaidh Bacaigh Uí Ruairc.



Domhnall mac Corbmaic Mhég Donnchaidh adbar tighearna Ua nAilealla,
O Dubhagain Senchaidh, .i. Seaan mac Corbmaic, agus Duibhgenn
Gruamdha O Duibhgennain ollamh Meic Donnchaidh i senchus do écc.



AOIS CRIOST, 1441.



Aoís Criost, míle, cethre ched, cethrachatt, a haon.



Airdepscop Connacht .i. Tomas Ó Ceallaicch do écc.



GiollaPatraicc Ua MaolUidhir abb Clochair décc.



Muirchertach mac Cathail Moir Mec Magnusa airchideochainn Clochair,
agus Persún Airigh Maolain, clereach toghaidhe décc.



Domhnall Ua Mocháin abb manach na Búille, cenn eccna, eolais, agus
proicepta coigidh Connacht décc.



Conchobhar mac Taidhg mec Donnchaidh tighearna Thire hOilealla feichem
coitcheann do chliaraibh Ereann ina aimsir décc iar mbreith buadha
ó dhomhan, agus ó dheamhan.



Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh do mharbhadh la cloinn Doinn mic
ConConnacht Mhég Uidhir.



Creacha móra do dénomh lá Máguidhir, Tomás for cloinn Annaidh Mec
Domhnaill, agus mac mic Emainn Mec Domhnaill do marbhadh leis don
turus sin.



Concobhar Óg Mág Uidhir décc iar ccor an tsaoghail de.



Ua MaoilConaire, Maoilín mac Tanaidhe mic Paidín ollamh Sil
Muireadhaigh cenn cadhusa agus onóra Ereann ina aimsir décc an
.13. Febru, agus a adnacal co honorach i tempall Cluana Coirpthi.
Diarmaid Ruadh mac Donnchaidh Bain Ui MaoílConaire décc hi cind
mhís iarttain.


L. 924


Piarus Camm Ua Luinín saoi senchadha agus fhir dana airchindeach
na hÁrda, agus trin Airig Maelain, fer occa mbaoí cadhus agus
onoir mór décc.



O Cinneidigh Ruadh .i. Ruaidhri mhac Pilip leithtighearna Urmumhan
do écc.



Tómás mac Ui Chinneidigh Duinn do écc.



Caislen Ui Mhadadháin .i. caislen Phuirt an Tulchain for Sionainn
do ghabháil lá Mac Uilliamm Uachtarach, agus la Cloinn Riocaird ar
Ua Madadhain, agus mac Uí Madadhain do ghabhail ann agus ceithre
braighde décc oile batar is in mbaile, agus édáil mor déideadh agus
darm do faghbhail ann fos.



Creach mhor la Corbmac Mag Samradhain ar cloinn Donnchaidh Ballaigh
Mhég Samhradháin.



O hUiginn Mathghamhain Ruadh saoi fir dhána do écc.



AOIS CRIOST, 1442.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, cethrachatt, a dó.



Mag Carthaigh Riabhach tighearna Ua nEachdhach Mumhan do écc.



An tabb Ua Carthaigh do écc.



An degánach mac Uilliam Bairéd .i. deagánach Chille hAladh do écc.



An degánach mac MaoilRuanaidh mic GiollaCriost Meg Donnchaidh do écc.



Brian mac Ardghail Meg Mhathghamhna tigherna Oirghiall do écc iar
ndeghbhethaidh.



Seaan MhágUidhir agus Domhnall clann Pilib MhegUidhir décc.



O Flaithbheartaigh .i. An Giolla Dub mac Briain tighearna Iarthair
Connacht do écc.


L. 926


Mág Uidhir Tomás Óg do thabhairt caislén Insi Ceithleann do Philib
Mhag Uidhir iar leigen Emainn agus Tómáis Óig amach.



Enrí mac Eoghain Ui Néill do dul do shoighidh Ghall, agus sloigheadh
lánmhor do thabairt lais do Ghallaibh co Caislén na Finne agus Ua Néll
a athair do thocht co líonmhar leirthionoilte hi ccomdháil Enrí agus
Gall gus an maighin ccettna. O Domhnaill .i. Neachtain do thocht
ina naghaidh, agus sídh do denomh dhó don chur sin la hUa Néll ó na
baoi coimhlíon sochraide fris, agus an caislén do thabhairt dó dUa
Néill, agus Cenél Moáin, agus cíos Insi hEoghain. Ro fhágaibh
Enrí barda is in caislén agus do chóidh féin la hUa Néill dia
ttighibh iar chcosgar don turus sin.



Domhnall Glass Mag Carthaigh tigherna Ua cCairpre décc.



Ua hEidirsgeóil Mór (Mac Con) tighearna Corco Laoighe décc.



Tadhg mac Tomaltaigh Mec Diarmada do mharbhadh la muintir Chathail
Mhég Raghnaill for achadh Chille Tathchomarc do urchar ga.



Coccadh do eirghe eitir Ua cCatháin agus Mác Uidhilin, Ruaig
do thabairt la Mac Uidhilin, agus la cloinn Briain Óig Ui Neill
ar Ua cCatháin, agus da fer dheg ar fhichit do mhuintir Uí Chathain
do marbhadh don Ruaig sin.



An cogadh cedna eitir Ua cCathain agus Mac Uidhilin. Creacha iomdha
agus marbtha do dénomh etorra, agus mac Mheg Uidhilín do mharbhadh la
hUa cCatháin. Creacha do dhénamh do Mac Uidhilín ar Aibne Ua
cCatháin.



Goill Atha Cliath agus na Midhe do dhul i ccrich Branach, agus
creacha móra do dénomh dhóibh. Branaigh agus Tuathalaigh do breith
ar na Gallaibh, agus maidhm do thabhairt forra, agus ceithre fichit
do marbhadh do Ghallaibh, agus edala diaisneisi do bhéin díobh.


L. 928


Mac Mec Murchadha (tighearna Laighen) .i. Muirceartach Caomhanach
adbhar tighearna Laighen do mharbadh la Gallaibh na Contae Riabhcha.
Cogadh do dénom do Mac Murchadha ris an cContae Riabhaigh agus re
Gallaibh Laighen iar marbhadh a meic .i. Muirceartach Caomhánach
gur bo heigean dóibh an Moirseisear braghat do gabadh an la do marbhadh
Muircertach do legean amach, agus ocht ccéd marg do thabhairt do
Mac Murchadha i neruic a mheic.



Cogadh eitir Aedh Buidhe Ó Néill agus Mac Uidhilín. O Néill
do éirghe le Mac Uidhilin i naghaidh Aedha Buidhe.



AOIS CRIOST, 1443.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, cethrachatt, a trí.



Aonghus Mhac Gille Fhindéin abb Leassa Gabhail décc.



Maghnus Mhág Mathghamhna adhbhar tighearna Oirghiall ar eineach
agus ar engnamh décc.



Eimher Mhág Mathghamhna do mharbhadh la hUa Néill .i. Eoghan mac
Neill Óig.



Finghin Mac GiollaPatraicc agus Diarmait dá mac Mec GiollaPhatraicc
tighearna Osraighe do mharbhadh hi fill hi cCill Chaindigh ar forgall
mhec Risderd Buitilér.



Brian mac Emainn mic Tómáis mic Cathail Ui Ferghail do mharbhadh agus
do bhadhadh agus é acc tairccsin elaídh ar eccin dInis Puirt an Goirtin
iar na beith da bliadhain go leith illáimh ag Domhnall Buidhe Ua
Fherghail.



MaolRuanaidh mac Taidhg Ui Cherbhaill tigherna Éle décc.


L. 930


Tadhg Ua Dubhda Mac tigherna Ua fFiachrach do mharbhadh la a
bhraithribh féin.



Creacha móra la hAedh Buidhe Ua Néill for a sinnsear brathar,
.i. for Muirchertach Ruadh Ua Néill co ttucc a riar dhó tar cenn
a chreach, agus co ndearnsat óighsidh fri aroile.



O Floinn Sil MaoileRuain agus cuid da braithribh do mharbhadh la
Cloinn Goisdelbhaigh i tigh Ui Chillín.



MaolRuanaidh mhac MaolRuanaidh Uí Dhubhda do marbhadh la a
dearbhrathair féin i fiull.



Mac Aedhagáin Urmhumhan, .i. Giolla na Naomh mac Giolla na Naomh mic
Aedha ollamh Mumhan i feineachus saoí coitcind in gach ceird, agus
fear tighe naoidheadh da gach aon do ég.



Aodh mac Aodhagáin mac Feargail mic Baothghalaigh do ecc hi Tuile a
Ratha, fer ro bfearr tenga agus erlabra baoi do Ghaoidhealaibh ina aimsir,
ollamh Iochtair Chonnacht i fénechus eiside.


L. 932


AOIS CRIOST, 1444.



Aoís Criost, míle, ceithri chéd, cethrachatt, a cethair.



Risderd mac An Deaganaigh Mhoir mic Domhnaill mic Seaain Gallda
Ui Fearghail, epscop ArdAchaidh décc.



Uilliam Ua hEtigen epscop Oile Find do dhul do Roimh, agus drong
mór do clerchibh Connacht agus a nécc durmhór .i. Tadhg mac Taidhg
Mic Diarmada iar ngnoughadh abdhaine na Búille, agus Uilliam mac
An Deccanaigh Ui Fhlannagain prioir Commain, Mac Maoilechloinn mic
Corbmaic Mec Donnchaidh abb Baile Eassa Dara, agus sochaidh oile
do clerchib Uladh.



Aodh Buidhe mac Briain Ballaigh Ui Néill rioghdamna Ereann, neach
ro ba mo clu, agus do bfir ferr eneach, agus engnam do rioghdhamhnaibh
a aimsire fer as mó ro áitigh dferonn Gall da naimhdeoin da raibhe ina
ré do lot durchar ga i nUibh Eachdhach, agus a bheith hi cróilighe
bhais cuig la fhichet .i. o Chetaoine an Bhraith gus an dara lá do
Shamradh, agus a écc iarsin iar mbreith bhuadha ó dhomhan agus ó
dhemhan Dia Sathairn do sunnradh.



Sluaigheadh adbhal la hEogan .i. Ua Neill, mac Néill Óig, agus la
hurmhor


L. 934


Gaoidheal Uladh uile cenmothá Ua Domhnaill do indreadh agus do argain
Cloinne Aedha Buidhe iar nécc Aedha. Ro thionóil Muircertach
Ruadh Ua Néill, agus Énrí Ua Néill, agus Mac Uidhilín cona lucht
comhaenta uile for cind an tsluaigh mhóir sin is in Duibhthrian.
Ro gherrsat bealach coilleadh for an cconair in ro ba dóigh leo a
rochtain chucu. Tainicc Ua Néill cona sloghaibh do shoighidh an
bealaigh iomcumaing. Ro ionnsoighset an lucht oile iad gur ro mharbhsatt
Mac Domhnaill Gallocclach baoi for deireadh an tsluagh hi ccommasg an
lóitt. Do chuaidh an slógh hi mímheisneigh mhoir desidhein, go tugsat
roighne na ngiall ro thoghsat fein do cloinn mec Ui Néll Bhuidhe, .i.
Aedh mac Uí Neill, mac Énrí Uí Néll, mac Mhég Mhathghamhna, Mac
Ui Mealláin agus cúig braighde décc immaille friú do chind na slighedh
do légean dhoibh ina ffritheing gur ro imhtighset iarsin fo mhéla agus
cuitbhedh.



Eoghan mac Domhnaill mic Muirceartaigh Ui Concobhair tighearna Sliccigh
agus criche Cairpre do mharbhadh durchur do shoighitt la cloinn
Corbmaic Mec Donnchaidh, uair ro marbhadh mac Maoileachloinn mic
Corbmaic Mec Donnchaidh riasan tan sin hi ttrodan la mac mic Eóin
Ui Airt, conadh trid sidhe ro marbhadh Eoghan mac Domhnaill.



Sluaigheadh la hUa Néill .i. Eoghan i nGalldacht Oirghiall gur
ro chreachloiscc mórán díobh, agus ro aircc Srádbhaile Dhúine Dealgan,
agus fuair trí fichitt marg agus da thonna fhíona do chind gan an baile
fein do losgadh.


L. 936


Miorbhail mor do denamh do dhelbh Mairi Atha Truim, .i. a shúile
do thabhairt do dall, agus a thenga do amhlabhar, agus a chosa do
cláiríneach agus a lámh do síniudh do neoch aga raibhe si cengailte
dia thaobh agus cait do breith do mhnaoi thorraigh.



Forbhais la hUa Neill for Ghallaibh, gur ro mhill mórán iompu, agus
co bfuair comtha móra ó Ghallaibh do cind sidh leith bliadhna do dhenomh
friú. Creach sluaigheadh riasan sídh sin do dhénomh la mac Ui Néill
Brian mac Domhnaill mic Eoghain Ui Néill i ngalldacht gur ro marbhadh
Brian fein dóen urchur cloiche agus ro gabhadh Eimear Mhag Mathghamna,
agus ro marbhadh aroile dia muintir.



Toirrdhealbhach mac Eoghain mic Ruaidhri Uí Chonchobhair do mharbhadh
la Cloinn Connmhaigh durchur do shoighitt.



Seaan mac Briain mic Emainn Ui Fherghail do mharbhadh agus ochtor
immaille fris la Seaan Ua Fergail, agus la cloinn Domhnaill Buidhe
Ui Fergail for Sliabh Callraighe Bri Leth.



Emann mac Tómáis mic Cathail Ui Ferghail do écc.


L. 938


Magnus Mhág Mhathgamhna adhbhar tighearna Oirghiall décc, agus a
adhnacal i Cluian recte Cluain Eoais.



Eber mac Briain Még Mathghamhna adhbhar tighearna Oirgiall do mharbhadh.



Tadhg Ua Briain tighearna Tuadhmhumhan do écc.



Síoda Camm Mac ConMara taoiseach Cloinne Cuiléin feichemh coitchenn
fear nEreann décc eittir da Nottlaig.



Dubhchoblaigh inghean Tomáis MhegUidhir (tighearna Fear Manach)
bean Eoghain Mhég Cathmhaoíl bean dhaonnachtach dheshearcach
deigheinigh do écc.


L. 940


AOIS CRIOST, 1445.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, cethrachatt, a cúicc.



Tomas Ua Lennain cananach agus Sacrista Leassa Gabail décc.



Sloigheadh mór do dhenomh la hUa nDomhnaill go Sligeach, agus la
PilibMhág Uidhir la cloinn Aedha Mhég Uidhir agus la cloinn Eoghain
Ui Choncobhair. Ro loiscceadh leo Sligeach for Toirrdhealbhach
Carrach mac Domhnaill mic Muircertaigh Ui Choncobhair, agus ro marbhadh
Mac Donnchaidh tighearna Tíre hOilealla, .i. Tomaltach mac Donnchaid
leo co sochaidhibh oile.



Uilliam mac Seaain mic Domhnaill Ui Fherghail tighearna na hAngaile
dég iar ndeighbethaidh cianaosda agus da taoiseach do ghairm iarsin
isin Angaile, .i. do Rossa mac Muirchertaigh Midhigh mic Briain
Ui Fherghail, agus sliocht Murchaidh Ui Ferghail uile do gairm anma
dhe. Da Cloind Aedha agus Cland Seaain


L. 942


Uí Fherghail agus a chairde for gach leth do gairm taoisigh do Domhnall
Buidhe mac Domhnaill mic Seaain Ui Fherghail, agus an tír do mhilleadh
etorra co ndearnsat sidh, .i. leth na hAngaile ag cechtar de.



Ruaidhri mac Tómáis MhégUidhir mac tigherna Fear Manach décc.



Mac GilleFinnéin, .i. Brian taoíseach Muintire Peodachain saoí
einigh agus fer cosnamha a chirt fri a comarsain décc.



Donnchadh Ballach mac Samhradhain adbar taoisigh Teallaigh
Eachdach décc.



Diarmait Ua Tuathail tighearna Cloinne Tuathail do mharbhadh for
lorcc creiche la cloind mhic Tomaltaigh Uí Dhiomasaigh, iar mbeith
ceithre fichitt bliadhain dhaoís.



Conchobhar mac Uí Chonchobhair Ciarraighe do mharbhadh la
Mathghamhain Ua cConcobhair, la a brathair, agus siat araon i mbád ag
dol go hInis Cathaigh.



Risderd Mac Uidilin do marbhadh.



Tomas Diolmain agus Risderd Óg Diolmain do écc.



Laighneach mac Aedha Buidhe Meg Eochagain do mharbhadh for Coill
na Connaidh la cloinn Muircertaigh Óig Mheg Eochagain.



Donnchadh Bacach Ua Ruairc décc, agus an Brefne thiar do gairm
Ui Ruairc do Donnchadh mac Tighearnain Óig i naghaidh Lochlainn
mic Taidhg Uí Ruairc.


L. 944


AOIS CRIOST, 1446.



Aoís Críost, míle, ceithri chéd, cethrachatt, a Sé.



Eóin Ua Lennain prióir mainistreach Leassa Gabhail do ecc.



Rudhraighe mac Ardghail Moir Mheg Mathgamhna tighearna Oirghiall
do écc, agus a mhac Aedh Ruadh mac Rudhraighe do oirdneadh ina ionad
la hUa Néill.



Ua Domhnaill do thocht slógh mor hi Connachtaibh do chongnamh la
a chairdibh, do shoighidh Ui Ruairc ar tús, agus do chóidh aissidhe tria
Maigh Nisse, agus tar Sionaind, agus hi Maigh Luirg, tre Machaire
Chonnacht tre Cloinn Connmaigh agus


L. 946


tainicc Mac Uilliám Búrc ina choinne co Dún Iomdháin, agus rug
leis é iarsin hi Conmhaicne Chuile Toladh.



CúChoiccriche mac Maine mic Neill Shionnaigh tigherna fer tTeathbha
do écc.



Emann Ua Brain tighearna Ua fFaoláin do écc, agus Dunlaing Ua
Brain doirdneadh ina ionad.



Donnchadh mac Airt mic Diarmata tigherna Ua cCeindsealaigh
do marbhadh la Branachaibh.



Coccadh mór eitir Ua cConchobhair Failge agus Gaill na Mide gur
ro creachloisgeadh mórán don Mide agus gur ro marbhadh sochaidhe
mor dia ndaoinibh, agus no teighdis a sirthe co Temraigh bhudh thuaidh,
agus co Cul Maige Claraigh soir, agus ro gabhadh Brian mac An
Calbhaigh Uí Choncobhair ar an ccoccadh sin la Gallaibh.



Cogadh eitir an da Ua Concobhair i Machaire Chonnacht, dia ro marbhadh


L. 948


Diarmaid Ruadh mac Taidhg Ui Chonchobhair la hUa cConchobhair
nDonn, agus la Cloinn Muiris na mBrigh, agus la cuid do cloinn
Fhedhlimidh hi Cuil Ua fFionntain.



Cogadh mór hi tTuadhmhumhain dia ro milleadh Tuadhmumha uile, agus
dar gabhadh Ua Briain budhdhéin co ndeachaidh Mac Uilliam Cloinne
Riocaird hi tTuadhmhumhain, agus tucc Ua Briain amach ar éccin,
agus ro fhagaibh hi ccóra iatt.



Clann Donnchaidh, agus Toirrdhealbhach Carrach Ua Concobhair,
agus Ua Concobhair Donn do dhol diblinibh hi ccenn Meic Uilliam
Cloinne Riocaird do dhenamh aoin Mhec Donnchaidh, agus a
ttaoidheacht na ndá Mac Donnchaidh fo dheóidh, agus roinn leithe
etorra .i. Seaan mac Concobhair Mec Donnchaidh, agus Tadhg mac
Tomaltaigh Moir Mec Donnchaidh.



Fedlimidh mac Seaain Ui Ruairc do mharbhadh for lar Fiodhnacha
la a derbhfine .i. clann Lochlainn Uí Ruairc.



Mac Domhnaill Ui Ruairc do mharbhadh la cloinn Donnchaidh mic
Tighearnain Uí Ruairc.



Tómás mac Tomais Óig Ui Raghallaigh do mharbhadh lá Notlag mór
la cloinn Rémaind mic Giolla Iosa Uí Raghallaigh.



Domhnall Ua Cobthaigh, cenn fedna maith agus saoí le dán do mharbhadh
cona dhias mac for Croinis Locha hAinnind Mic Neimid la cloinn mheic
Airt Ui MaoílSheachlainn, agus la cloinn mheic Fhiachach Mhég Eochagáin.



Tanaidhe mac Maoilín mic Tanaidhe Uí MhaoilConaire décc hi Cloinn
Fheorais eitir da Chaisg agus a adhnacal i mainistir Baile Uí Bhoccáin.


L. 950


Tadhg Mhág Fhlannchaidh do mharbhadh la Corbmac mhac Uí Fhlanngáin.



Emann mac Mec Muiris Ciarraighe do mharbhadh la Corbmac mac Eoghain
Mheg Cárthaigh.



Brian Ua Dubhda do mharbhadh la Tír nAmhalgadha.



Diarmaitt mac Ir mic Cathail Ruaidh Mheg Raghnaill do mharbhadh.



AOIS CRIOST, 1447.



Aoís Criost, mile, cethre chéd, cethrachad a Seacht.



Comorba Fiodnacha fer tighe aoidheadh coitcinn da gach aon do écc.



Plaigh mhór hi samhradh agus hi foghmar na bliadhna so, dia ro écc
prioir Baile Ui Bogáin, prióir Connala, barún Calatroma, Geróitt
mac Mec Ualronta, agus


L. 952


sochaidhe mhór hi Midhe, hi Mumhain, agus ilLaighnibh, agus
atberat aroile gur ro éccsat secht céd sacart di.



Cenn do chur ar tempall Achaidh Urchair, agus an bend airtherach de
do thóccbháil le Tomás Óg MagUidhir tighearna Fear Manach i
nonóir Dhé, Tighearnaigh, agus Rónáin do ráith a amna feisin.



Domhnall Ballach mac Tomais mic Pilib MegUidhir, do mharbhadh la
Donn mac Pilib Mhég Uidhir, le macaibh Airt MhégUidhir, le macaibh
Mec Oirghiallaigh, agus le macaibh Ua nDaimhín, uair baoí an
Domhnall hísin i nesaonta re MágUidhir agus re Pilib tanaisi
an tíre, agus ag tionntúdh dhó o Breifne Uí Raighilligh agus é ag
dul go baile Énrí Ui Néill as ann tárrthus é gur ro mharbhadh.
Ro hadhnaiceadh iaromh i mainistir Leasa Gabhail.



Aedh mac Tómáis Óig MégUidhir mac tighearna FerManach décc.



Fedhlimidh mac Seaain mic Pilib Uí Raighilligh adhbhar tighearna
Breifne ar oirbeart agus oineach do dul go hAth Truim dionnsoighidh
fir ionaid rígh Saxan Lord Furnumáil agus Fedlimidh do ghabhail
lais, agus a écc don plaigh, iar mbuaidh ongtha agus aithrighe, agus
a adhnacal i mainistir Atha Truim.



Fionnghuala (inghean An Chalbhaigh Ui Chonchobhair Failgigh agus
Mairgrege inghene Uí Cerbhaill) ben Uí Domhnaill cettus, agus
Aedha Buidhe Uí Neill iaromh an aoin bhen do bferr dealbh agus
denam, agus do ba mó clú, agus oirrdearcus baoí i nErinn uile i
naon aimsir fria génmóthá a mathair budhdhein, do tregadh an tsaoghail


L. 954


ercradhaigh ar an mbeathaidh shuthain gan fhoircend, agus a dul fo
chuing riaghla agus crabhaidh i mainistir Chille hAchaidh.



Aodh mac Muirchertaigh Óig Meg Eochagain luamh gaisccidh Ua Néill
an Deisceirt agus adhbhar toísigh Cheneoil Fiachach uile décc do ghalar
aithghearr.



Emann mac Emainn A Burc do écc.



Fedhlimidh mac Murchadha Mhég Raghnaill décc.



Giolla na Naomh mac Airechtaigh mic Solaimh Mec Aedhagain saoí Ereann
le breithemnus agus le féneachas décc.



Uilliam Ua Deoráin ollamh Laighen le breithemhnus, agus a bean do écc
don pláigh.



Eoghan mac Pedrais mic Saordhalaigh Ui Breislén ollamh brethemhan
Fer Manach agus ard airchindeach Airigh Mhaoláin do écc.



Concobhar mac Seaain Mec Branain do trégudh a tighearnais agus Tomaltach
Carrach mac Cuind mic Aedha do oirdneadh ina ionadh.



Mainistir Laoighisi ilLaighnibh, i neaspuccóideacht Leithglinne
do thóccbhail la hUa Mordha i nonoir .S. Fronseis, agus togha
adhnacail Ui Mhórdha agus a shleachta na dhiaidh inntesidhe.


L. 956


AOIS CRIOST, 1448.



Aoís Criost, míle, ceithre chéd, cethrachatt, a hochtt.



Plágh mhór isin Midhe, Concobhar mac Aodha Ui Fherghail, Diarmaitt Mág
ConMaighe, agus Hainri Dubh Mac Techedain triur brathar do
bhraithribh Longpuirt Ui Ferghail dég don pláigh sin.



Conchobhar Mac Faolchadha epscop Ruis Ailithir décc.



Abb na Trinoide for Loch Cé décc.



Semus Óg mac Semais Gallda mac Iarla Urmumhan décc.



Cathal mac Ui Concobhair Failghe do mharbhadh lá Gallaibh Laighen.



CúChonnacht mac Pilib MhégUidhir décc fá bhuaidh naithrighe, agus
a adhnacal i tempall Achaidh Urcair.



Ua hEghra Riabhach do mharbhadh.



Ua Lochlainn tighearna Bóirne dég.



Niall Ó MaolMhuaidh do mharbhadh lá hUibh Riaccain.


L. 958


Conchobhar mac Seaain mic Eachmharcaigh Mec Branáin tighearna Corca
Achland fri ré secht mbliadhan tríochat do écc i nDumha Sealga for
Maigh Ae iar ttregadh a thighearnais is in mbliadhain roimhe, agus
a adnacal i Ross Commain.


L. 960


Cathal mac Fedhlimidh mic Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh la
cloinn Ruaidhri meic Cathail Ui Concobhair Toirrdelbhach agus
Diarmaitt.



Tadhg Ócc mac Taidhg mac GiollaColaim Uí Uiginn priomhoide aosa
dána Ereann agus Alban do écc iar naithrighe i cCill Connla,
agus a adhnacal i mainistir Atha Lethain.



Diarmait mac Eoghain mic Mathgamhna Uí Dalaigh ollamh fear Midhe
uile saoí fhoghlainntigh agus fhir dhana décc, agus a adhnacal
i nDurmaigh Colaimm Chille.


L. 962


AOIS CRIOST, 1449.



Aoís Criost, míle, cetre chéd, cethrachatt, a naoí.



Donnchadh mac Tighearnáin Óig tighearna Breifne thiar do écc
iar ná beith hi seirccghalair ochta re bliadhain láin, agus Tighearnán
mac Taidhg Uí Ruairc do thogha ina ionadh lásan mBreifne thiar.



Eoghan mac Seain tighearna Muintire MaoilMhordha do écc, agus Sean
Ua Raghailligh a mac fein do thogha ina ionadh lá hUa Neill, agus la
sliocht Seain Ui Raighilligh, agus Fearghal Ua Raghailligh, .i.
mac Tomais Mhóir, do thogha lá sliocht Mathgamhna Ui Raghilligh,
agus lá Gallaibh gur ro fhas coccadh agus comhbuaidhreadh eatorra.
Tainicc an Iustís agus Iarla Urmumhan do chongnamh lá Fearghal Ua
Raghallaigh, agus tuc Sean Ua Raghailligh cona sochraide ammus
for thossach an tsluaigh gur ro marbhadh agus gur ro gabhadh tri fichit
díobh im mac Toirrdhealbhaigh agus im mac Domhnaill Bhain Ui
Raighilligh.



Brian Ócc O Néill décc.



Mór inghen Aodha mic Pilib na Tuaighe MégUidhir ben Airt mic
Eoghain Uí Néill décc.



Maghnus Buidhe mac Cairpre meic Duinn MhegUidhir décc.



Bressmhaidhm lá Mac Uidhilín for Muircheartach Ruadh Ua Neill dú
in


L. 964


ro marbhadh mac MaoilMuire Mec Suibhne consubal meic Ui Néill, agus
Aonghus mac Mec Domhnaill na hAlban, agus sochaidhe oile immaille friú.



Coccadh mór eittir Conallcaibh budhdhein, agus moran do mhilleadh.



Ua Fialáin agus GiollaCriost Mac an Baird décc.



Aodh mac Lochlainn mic Seaffraidh tighearna cloinne Cathail mic
Muireadhaigh Muillethain ré hedh imchian iar ttréccadh a tighearnais
ar gradh Dé, agus iar naontughadh Diarmatta mic Sefraidh Ui Fhlannagáin
do chor ina ionadh decc.



Diuice de Iorc do thecht i nErinn co nonóir mhóir, agus iarladha
Ereann do thecht ina theach, agus Gaoidhil leithimil Midhe, agus a
breith fein do mhartaibh do thabhairt dó do chum a chistinighe.


L. 966


AOIS CRIOST, 1450.



Aoís Criost, míle, cethre ched caoccatt.



Airdepsop Condacht, .i. Mac an Persúin mic Mic Seóinín Búrc do écc
i nGaillimh.



Piarrus MhagUidhir epscop Clochair décc i cClaoíninis, agus a
adhnacal ilLios Gabhail.



An tepscop Ua Gallcobhair décc.



Abb Essa Ruaidh, .i. Émann, décc.



Conchobhar Ua Domhnaill tanaisi Tire Conaill décc.



Niocolas Ua Flannagáin pearsún DaimhInsi décc iRóimh iar ndol
do dénamh turais.



Mág Uidhir Tomás mac Tomáis mic Pilib na Tuaighe do dhul dia oilithre
don Róimh, hi cind sechtmaine iarttain tainicc Donnchadh Dúnchadhach
Mac athar do MagUidhir, .i. Tomas Occ, do soighidh Cathail mic
MegUidhir gur ro ghabh é ina ionad (no ina thigh) féin hi cCnuc Nindidh.
Rucc leis é cona chrech go Gort an Fhedáin, agus ro mharbh ann sin é.
Do chuaidh iaromh co Teallach nDúncadha hi ccoccadh ar Emann agus
ar Dhonnchadh MagUidhir. Tainicc tra hi cind ree iar sin, Donnchadh
Dúncadhach i ccoinne do soighidh Emainn agus Donnchaidh, agus
do rónsat sith re aroile, ar a aoí ro gabh Emann fá dheóidh Donnchadh
Dúnchadhach hi nGabhal Liúin, agus do rad lais é go hAchadh Urchair,
agus ro ben cos agus lamh dhe i ndioghail marbhtha Cathail.


L. 968


Muirchertach Ua Flannagáin taoíseach Tuaithe Ratha do dhul dia
oilithri don Róimh, agus a écc iar mbuaidh naithrighe, agus a
dearbrathair Corbmac do gabail a ionaidh.



Slóigheadh do dhenomh lá Hénrí O Néill lá hArt Ua Neill, agus lá
mac Eoghain Uí Neill hi tTrian Congail do congnamh lé Mac Uidhilín.
Niall mac Enrí mic Eoghain do dul ar creich ar Muirceartach mac Ui
Neill Buidhe, agus ro ghabhsat gabhala. Mac Uí Néill Bhuidhe agus
Eoghan mac Briain Óig Ui Néill do breith ar Niall, agus sraoíneadh
for a mhuintir. Do rad Eoghan mac Briain Óig mic Briain Mhóir mic
Enri Aimréidh da forgamh dia shleigh for Niall gur bhó marbh de,
agus ro hadhnaiceadh i nArd Mhacha co nonóir mhóir.



Síth do dhenamh do Sheaan mac Eoghain Ui Raghailligh agus do Domnall
Bhán Ua Raghailligh re aroile, agus Ferghal mac Tomais Mhoir do chor
a tighearnas, agus an Breifne uile do beith ag Seaan mac Eoghain,
agus Fearghal do ghabhail tuarustail uadha.



Tadhg mac Pilib mic Tomais MhégUidhir do mharbhadh la cloinn Corbmaic
Mec Samradhain, agus a adhnacal ilLios Gabhail.



Andreas mac GiollaCriost Uí Droma saoí eagnaidh craibhdheach decc iar
dtionntúdh ó Roimh.



O Caiside Cúile, Tadhg mac Ióseph ollamh FearManach le leighes
décc.



O hUigind, .i. Tuathal priomhoide aosa dána Ereann do ég do
ghalar obann.



Oirgne móra do dhenomh lá mac MegEochagáin for Ghallaibh uair
ro creachloisc


L. 970


Raith Guaire, Cill Lucain, Baile Portel, Baile na nGall Oirghiallach,
agus Cill Bicsighe. Ro gabhadh Cairpre mac Laoighsigh mic Rossa,
agus ro marbadh dá mac mic Teabóid Mec Hoibert lais ar an ccogadh
sin. Ro marbhadh beós Brian mac Laoighsigh mic Rossa lais i mBaile
Mhór Locha Semhdighe. Acht chena bá dírímh in ro milleadh lais don
coccadh sin. Tangadar Goill Midhe agus Diúice deIorc, agus
bratach an rígh conige an Muilenn Cearr, agus tainicc mac Mhég
Eochagáin marcsluagh mór edighthe co Bél Atha Glas Arnárach hi
ccoinne Gall conidh í comairle do rónsat Gaill aindsidhe sídh
do dhenamh fris, agus ro maithset dó uile a ndearna forra do chionn
síodha dfaghail uaidh.



Dondchadh O Gallcubhair comorba Adhamnáin decc.



AOIS CRIOST, 1451.



Aois Criost, mile, cethre ched, cáoccatt, a háon.



Remann mac Uilliam Mec Fheórais do écc for sligeadh na Romha iar
ngnoucchadh epscopoide Tuama.



Mainistir an Cabháin do losccadh.


L. 972


Mairgrécc inghen Ui Cherbhaill (Tadhg) ben Ui Conchobhair Fhailgigh
(An Calbhach) ben as ferr baoí ina haimsir i nErinn uair as í tucc
gairm enigh fá dhó i naoín bliadhain do lucht iarrata neth décc iar
mbuaidh ongtha agus aithrighe iar mbreith bhuadha ó domhan agus o deaman.



Fedhlimidh Ua Concobhair mac An Chalbhaigh, agus na Mairgrege
cédna ádhbhar tighearna Ua fFailghe fer bá mór ainm agus oirdearcus
décc iar mbeith hi serggalair fri ré fhoda roimhe sin, agus ní bhaoí
acht aon oidhche eitir a négsidhe.



Murchadh Ua Madadhain tighearna Síl nAnmchadha fer bá coimsighe
ara duthaigh fein, agus do ba crodha lamh, agus bá fearr smacht do écc.



Ruaidhri mac MaoilMordha Riabhaigh Ui Concobhair do écc.



Eoghan mac Concobhair Mec GilleFhinnén mac toisigh Muintire
Peódachain agus GiollaPatraicc Buidhe Mac Gille Fhinnéin
do mharbhadh la ConConnacht mac Seaain mic ConConnacht Mhég Uidhir
an .6. id Febru.


L. 974


Coccadh mór ag Maineachaibh, agus Ó Conchobhair Donn do dhul
do chosnamh Uí Cheallaigh, agus tuc a mhac agus dias braghad oile
dó i ngeall ré fiche marg do greass, .i. ceithre marg dhécc fearainn
na Síthe fuarattar Mainigh hi cceannach o Thoirrdhealbhach Ócc
rias an tan sin, agus tuc Aodh Ua Concobhair sin isteach, agus sé
mharcc oile for Mag Eocagáin <recte Mac Eochadha> don cogadh sin, agus
do cosain sé Ua Ceallaigh don cur sin.



Caislén Coradh Finne do denomh lá Mac Uilliam Cloinni Ricaird.



Cathal Dubh mac Tomaltaigh Óig Mec Donnchaidh do marbhadh.



Cathal mac Briain Mec Donnchaidh do mharbhaidh lá Brian fein do
urchur do scín, agus sé occa shárucchadh fó a comairge.



Trí meic Maoileachlainn Ui Bhirn Tadhg, Uilliam, agus Donnchadh
do marbhad hi cCluain Creamha i naon uair lá sliocht Maoíleachlainn
Még Raghnaill, agus lá Domhnall mac Briain Ui Bhirn.



Creach lá Fedhlimidh Ua Concobhair for Ua nGadhra, agus creach lá
hUa nGadhra for lucht Baile Mhóir hÍ Fhloinn.



Diarmaid mac Taidhg mic Corbmaic Meg Carrtaigh do mharbhadh.



Diarmaid mac Uí Suilleabháin Mhóir do mharbhadh ina dhioghail sidhe.



Cathal Ruadh mac Cathail Duibh Ui Conchobhair do écc.



GiollaPadraicc Óg Ó Fialan saoí fhir dhána décc.


L. 976


AOIS CRIOST, 1452.



Aoís Criost, mile, cere ched, caogatt, a dó.



Neachtain Ua Domhnaill (.i. mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona)
tighearna Tíre Conaill, Cenel Moáin, Innsi hEoghain agus na
ccoiccrioch ccomhfogus, fer crodha cosantach, ceinnlitir siodha agus
coccaidh an Tuaisceirt do mharbhadh le cloinn Neill Uí Domhnaill
a dherbráthair i ndubhrur oidhce féile Brenainn do sonnradh uair
ro iondarbsomh an chlann sin Néill a Tír Conaill riasan tan
sin .i. Domhnall agus Aodh Ruadh. Seascca bliadan ba slan do
Nechtain an tan do cher.



Ro éirigh comhfhuachadh coccaidh agus esaonta anbfoill eitir Domhnall
mac Neill Gairbh agus Rudhraighe mac Neachtain Uí Domhnaill im
thighernus Thíre Conaill, gur ro mesccbuaidhreadh an tír etorra, go
mbatar cairde, agus comhaentaidh cechtar nae aca ag foghail, agus acc
díbearg for aroile. Do ronadh marbhadh agus mudhadhadh daeine, airgthe
agus creacha iolarda etorra adiú agus anall.



Slóigheadh lá hUa Néill (Eoghan) is na Feadhaibh do choccadh ar
Gallaibh Machaire Oirghiall, agus MagUidhir do dol for an
slóiccheadh sin. Mac Uí Néill, .i. Eoghan Óg Ó Néill, agus
muintir Mhég Uidhir do dhul for creich ar Gallaibh co Cloich an
Bodaigh agus an creach do tabairt leó dia longport. Goill agus muintir
Mhég Mhathgamna agus a bhraithri dia lenmain hi toraigheacht go
rangattar an longport. Ua Néill agus MagUidhir cona muintir
do eirghe ina naghaidh. Ro figheadh ergal etorra agus ro marbhadh
Mac Domhnaill Gallocclach, .i. Somairle Mor co sochaidhibh
iomdhaibh immaille fris, agus ro gabhadh araill don tslógh. O Neill
do shódhadh


L. 978


dia longport an oidhche sin co bfeircc mhóir. Enrí a mac (iar na
cluinsin sin) do thocht ina dháil. Tainicc Mág Mathghamhna iaromh
hi ccenn Ui Néill, agus a cloinne, do ronsat síth re aroile, agus
do radadh éraic a easonora dUa Neill lá taobh érca Mec Domhnaill.



Iarla Urmumhan agus Iustis ná hÉreann do briseadh Caisléin Uaithne
for Concobhar Ua MaoilRiaain, agus do gabhail caisléin Leige for
Uibh Diomusaigh co ttuccsat ced slighe dhó co hAirem, do bhuain
mic Mec Fheórais amach do bhaoí illaimh ann. Ro loisc Airem
iarsin. Do chóidh aissidhe i nUibh Failghe, agus tainicc Ua
Concobhair ina theagh chuige i ngeall ré mac Mec Fheórais do légheadh
amach. Aissidhe isin Anghaile co ttainig Ua Feargail ina teach,
agus gur ro gheall naoi ffichit mart do cionn a síodha. Do dheachadar
dibhlinibh go Magh mBregmhaine, agus ro briseadh caislén Barrcha
leó, agus ro mhillset urmhór a narbhann. Luidh aissidhe go Fabhar,
agus aisidhe co Magh Maine. Tangatar Muintir Ragallaigh ina theagh
agus tucsat a riar dhó. Aissidhe go Machaire Airghiall co ttucsat
Még Mathgamhna


L. 980


a riar dhó. Do chóidh iaromh hi ccoinne Cloinne Néill, agus tuc ar
Énrí Ua Neill ingean Mec Uilliam Búrc do bhaoí ina mnaoí aige iar
nég Ui Domhnaill a fir fein do cor uadha, agus a bhen phósda fein
do thabhairt chuige do ridhisi, .i.inghean Mec Murchadha, agus
derbhsethar an Iarla budh dhéin. Do chóidh aissidhe co Baile Atha
Fhirdhiadh Mic Damháin agus atbath annsin eitir da fhéil Muire iar
ndénamh na siubhal sin uile in aon lethráithi amháin.



Inghen Iarla Cille Dara Condaois Urmumhan do écc tri sechtmaine
ria nécc a fir an Iarla remhráite.



Síth Gall agus Gaoidheal do dhul ar cculaibh iar nécc an Iarla, agus
Iustis do denamh do Sir Edbard Iusdás.



Mór inghean Ui Concobhair Failge ben Mec Uilliam Cloinne Ricaird
do ecc do easgar.



Dearbairdhi iongnadh do thecht in bliadhain so seal rias an Iarla do écc,
.i. fedh dá mhíle do traghadh dabhainn Life.



Sean Mac Donnchaidh lethtoiseach Ua nOilealla décc.



Tadhg mac Diarmada Ruaidh Ui Concobhair Duinn décc.



Toirrdhealbhach Ruadh mac Briain Bhallaigh Ui Concobhair, agus
Toirrdhealbhac mac Taidhg mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh Uí Concobhair,
agus Hainri Crumthaind mac Uilliam mec Dauid do mharbhadh for
Coirrsliabh na Segsa lá sluagh Cloinne Donnchaidh hi samradh na
bliadhna so.



Dauidh Ua Mórdha mac tighearna Laoighisi do mharbhadh lá heasgur.


L. 982


Cathal mac Uilliam mic Seain mic Domhnaill Ui Fheargail do marbhadh
durchar ga iar loscadh Fobhair leó.



Giolla na Naomh mac Aodha Uí Ainlidhe tighearna Cenel Dobhta do ég
hi cCluain Coirpthi iar ná beith edh cian dall innte iar ttregeadh a
tighearnais dó.



Lochlainn Ócc Ua hAinlidhi taoisech Chenél Dobhta do marbhadh i
meabhail for crannóig Locha Lesi lá mac Murchaidh mic Giolla na
Naomh Ui Áinlidhi, agus la mac Uaitne mic Giolla na Naemh, iar na
brath da muintir fein agus la Domhnall Carrach Ua MaoilBrighde agus
a mhac, agus Tomas mac Giollchrosaigh Uí MaoilBrighde agus taoíseach
do dhénamh do Ruaidhri Bhuidhe mac GiollanaNaomh, agus an triar
maor sin dá muintir fein do fheall for Lochlainn, Ro crochadh iat
lás an Ruaidhri sin ina míghníomh.



Tegh Munna do creachlosgadh lá Ferghal Mhág Eochagáin.



Mág Carthaigh Riabhach (.i. Donnchadh) tighearna Ua cCairpre décc,
agus Diarmaid an Dúnadh do óirdneadh na ionadh.



Brian mac An Chalbhaigh Uí Chonchobhair agus Mairgrege do mharbhadh
lá heasgar.



Fearghal Ruadh Occ mac Fearghail Ruaidh mic Fearghail Ruaidh mic
Donnchaidh mic Muirceartaigh Mhóir Mhécc Eochagáin cend fedhna bá mór
clú agus alladh ina aimsir do mharbhadh lá mac barúin Dealbhna, agus
lá cloinn mhac Piarais Dalatún hi Cruach Abhall, agus a dhichendadh
leó, agus a chend do breith hi ttaisbénadh leo co hAth Truim, agus co
hAth Cliath, agus a thabairt tarais doridhisi, agus a adhnacal ar aon
lia choloinn i nDurmhagh Colaim Chille.



Maoleachlainn mac Ioraird Uí MhaoilChonaire do écc do ghalar medhóin
lá féle Michíl Dia hAoine do sonnradh.


L. 984


Ua Cobthaigh, .i. Aodh mac An Clasaigh saoí lé dán agus le tighedhus
do écc don pláigh hi Feraibh Tulach.



CúChonnacht Ua Fialáin agus Giolla Íosa Ua Fialán décc.



Ua Duibhgennan Baile Cailleadh Foghair, .i. Magnus mac Maoileachlainn
Ruaidh dég.



Aedh mac Aedha Óig mic Aodha mic Pilib na Tuaighe Mhég Uidir
do mharbhadh hi ccaislén Uí Ruairc (.i. Tighearnan mac Taidhg mic
Tighearnáin) lá Brian mac Donnchaidh mic Aodha MhégUidhir, an .ui.
Idus April.



Concobhar mac GilleFhinnéin taoiseach Mhuintire Pheódacháin décc
an .uí. Callainn April.



AOIS CRIOST, 1453.



Aoís Criost, mile, cethre chéd, caoccatt, a tri.



Mag Mathghamhna Aodh Ruadh mac Rudhraighe, fer condail craibhdheach
go neineach go naithne agus go neolus ar gach nealadhain go nengnamh,
agus co noirbeart


L. 986


décc oidhche Chásg ina tigh fein is in Lurgain, agus a adhnacal
hicCluain Eoais, agus Fedhlimidh mac Briain Mhégh Mathghamhna
do oirdneadh ina ionadh for Oirghiallaibh.



Corbmac mac An GhiollaDuibh mic Aodha mic Pilib mic Duinn Charraigh
Mhég Uidhir dég an 16. Callainn Iul.



Ruaidhri mac Aodha Ui Concobhair do mharbhadh la mac Seain A Búrc
i Conmaicne Dúin Móir.



Ruaidhri mac Cathail mic Ruaidhri Uí Chonchobhair do écc hi ccaislén
Rosa Commáin.



Muircertach mac Eoghain mic Domhnaill Uí Concobhair do mharbhadh lá
a bhraithribh fein, Domhnall agus Cathal.



Eoghan mac Domhnaill Bháin Ui Raighilligh, agus Pilib mac Seaain
Uí Raighilligh do écc.



Emann mac Toirrdhealbhaigh Uí Raighilligh do mharbhadh lá Gallaibh.



Maidhm dearmhair for Cloinn Aodha Buidhe Uí Néill i nArd Glaisse
lá Sabhaoíseachaibh, agus lá Gallaibh Atha Cliath do dheachaidh
loinges lán mhór fors an bfairrge budh thuaidh i ndeadhaidh loingis
coccaidh do Briotáineachaibh lér sladadh loingeas Atha Cliath,
agus lér gabhadh airdepscop Atha Cliath bheós. Do rala Enri mac
Uí Néill Buidhe ainnsidhe i nArd Glaisi for a ccionn, agus ro gabhadh
é lá Gallaibh. Ro marbhadh CuUladh mac Cathbhairr Meg Aonghusa
adhbhar tighearna Ua nEachdhach annsin, agus Aodh Mag Aonghusa,
agus Mac Airten, agus ceithri cind fheadhna dhécc don Rúta
imá raon riú. Ro bí a neasbaidh uile fiche ar chúicc cedaibh.



Brian mac Concobhair Mec Donnchaidh do gabhail toísighechta Ua
nOilealla, agus Tadhg Mac Donnchaidh do thrégeadh dia chairdibh
budh dhéin.


L. 988


AOIS CRIOST, 1454.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, caocat a cethair.



Domhnall mac Neill Gairbh Uí Domhnaill do oirdneadh hi tighearnus
Chenél cConaill i naghaidh Uí Dhomhnaill (Rudhraighe mac Neachtain),
agus nír bo cian iar sin go ro gabhadh an Domhnall hisin la hUa
nDochartaigh tria thangnacht ina thigh fein, agus ro chuir dia
iomchoimhett é hi ccaislén Innsi. O ro clos la Rudhraighe an ní
sin do ronadh tionól slóigh laisidhe. Tainicc Ua Cathain, agus
Mac Uidhilín, go lion a sochraitte ina dhochum, agus ní ro ansat go
ro ghabhsat occ toghail an bhaile i mbuí Domhnall co nuathadh ina
fharradh occa choimett im Chathal Ua nDuibhdiorma. Ro loiscceadh
comhla agus dorus an chaislein la Rudhraighe cona slógh, agus
ro dhercclas an staighre. Ba doigh la Domhnall cona baoí do shaogal
occa, acht edh friss a roisseadh an slogh inunn is in mbaile, agus
ro chuindigh (amail bidh athchuingidh fri bás) a légeadh a geimheal
ar ro budh meabhail lais a marbadh hi forcoimead, agus hi ccuibhreach.
Do ronadh fairsiumh indsin, ar ro leicceadh amach as a geimhel é, agus
do choidh iaromh for taibhlibh an bhaile do mhidemain an tslóigh uada.
At conairc Rudhraidhe frithroscc foa occ anmhain fris an lasair
do traothadh do dhol istegh do mhududhadh Domhnaill. Gebaidh Domhnall
dna liaccchloich lanmhoir fria ais, agus nos leiccenn uadh go
hindeldíreach ar amus Rudhraidhe gur ro bhen hi ccír a cathbhairr,
agus hi ccléthe a chendmullaigh dó co ndearna brúireach dia chind gur
bo marbh fo chédóir. Ro meabhaidh iaramh dia slógh iar na marbhadh,
agus tarraidh Domhnall a anam agus tighearnus Tire Conuill don urchor
sin.



Domhnall mac Seaain Ui Raigillig décc.



Seaan Buidhe, agus GiollaPatraicc clann Amlaoibh mic Duinn
Charraigh Mhég Uidhir do mharbhadh hi fell lá Niall mac Corbmaic
mic An Giolla Duibh mic Aodha


L. 990


(o ttát Sliocht Aodha Cloinne hAmhlaoíbh) mic Amhlaoibh mic Pilib mic
Amhlaoibh mic Duinn Charraigh etc.



Brian Mac Donnchaidh taoíseach Thíre hOilealla do écc isin Aoíne
ria Callainn Ianuari, agus a adhnacal i mainistir Sliccigh iar
nongadh, agus iar naithrighe diongmhala.



Aodh mac Néill Ui MaoílMhuaidh tighearna Fear cCeall do écc, agus
amhac CúChoiccriche do ghabháil a ionaid. CúCoiccriche cona
shochraide do dhul i nairthear Fear cCeall i naghaidh Theabóid
Ui MhaoílMhuaidh baoí occ iarraidh toisighechta dó fein, agus creacha
móra do ghabháil dóibh, agus Teabóid do fágbháil a dhaingin agus a
bhó fúthaibh, agus an sluagh do imthecht lá a nédalaibh, agus mac
Uí MhaoílMhuaidh do fhagbháil in uathadh slóigh i ndeóidh na ccreach.
Teapóit, agus clann Aodha Buidhe Még Eochagáin agus hÍ Riacáin
do lenmhain na ccreach, agus rugsat for mac Uí MhaoílMhuaidh i nucht
móna, agus ro marbhadh é annsin, agus drong oile immaille fris.
Ro gabhsat Tadhg Ua Cearbhaill. Do radadh toisighecht do Theabóit
agus do mac mic An Cosnamhaigh Uí MaoílMhuaidh i naghaidh aroile.



Ua Domhnalláin Flann mac Corbmaic décc.



Dúnadhach mac Cathail Uí Madadháin do mharbhadh la cloinn Uilliam
Ui Cheallaigh.



Sir Édbhard Iustas, Iustís na hEreann décc, agus iarlacht Cille
Dara do gabhail do mac Seaain Caim mic an Iarla, agus Iustis
do dhénamh dhe iar nécc Sir Édbhard Iúsdás.



Ua Brain do mharbhadh i meabhail lá mac a dearbrathar fein ag fágbáil
Cille Mantain.


L. 992


Fergal Ruadh Mhag Eochagáin do thrégeadh a thighearnais, agus a dhul
go Durmagh Colaim Chille iar ndíth a radhairc, agus Niall Mag Eochagán
do ghabháil a ionaid.



Toirrdhealbhach Dall mac Toirrdhealbhaigh Óig Uí Conchobhair
do écc do ghalar aithghearr.



Toirrdhealbhac mac Muirchertaigh mic Aodha Uí Concobhair do mharbhadh
la Cloinn Ceithernaigh.



AOIS CRIOST, 1455.



Aoís Criost, míle, cethri chéd, caoccatt, a cúicc.



Tomas Ua Cairnén prióir Atha Luain ceann eagna agus eolusa Connacht
ina aimsir décc.



Toirrdhealbhach Carrach mac Domhnaill mic Muirceartaigh tighearna
Slighigh sic décc.



Cathaoír mac Murchaidh Ui Concobhair Failgigh do mharbhadh lá Tadhg
mac An Calbhaigh Uí Concobhair agus Cuilén Ua Diomusaigh do mharbhadh
lais is in ló chédna.



Cumhscrach mac Concobhair Ui Raighilligh décc.



Coccadh déirghe etir Pilip mac Tomáis MégUidhir adhbar ticcerna
Fher Manach, agus Mág Samhradhain. Pilip do dhenamh fhoslongpuirt
acc Beinn Eachlabhra, agus Clann Pilip (Brian, agus Toirrdhealbhach)
do dhol da fher décc ar eachaibh


L. 994


agus moirseisear ar fhichit dia ccois. Ro loisccsetsidhe baile Mhég
Samhradhain, agus ermhor an tíre, marbhait Maoileachlainn Dubh
mac Samhradháin, agus drong mor dia muintir, agus soait iar mbuaidh
dia ttighibh.



Toirrdhealbhach mac Pilip MegUidir do dhol go Loch Melge, agus
crannócc baoí ag Mág Flannchaidh do gabhail, agus a harccain lais.



Eoghan Ua Neill do chumsccuccadh as a fhlaithes la a mhac fein Enri
mac Eoghain. Comarba Patraicc, MágUidhir, Mág Mathgamhna, Ó Cathain,
agus Clanna Neill uile do dol la Henri mac Eocchain mic Neill Óicc
co Tulach Ócc dia oirdneadh agus ro ghoirset Ó Neill de amhail
ro badh díor.



Enri mac Uí Neill Bhuidhe do thocht as a gheimhel o Ghallaibh.



Caislén Átha Luain do ghabhail for Ghalloibh iar na brath do mhnaoí
boí ann.



Caislén na Sraide do briseadh la hUa fFerghail, agus mac Mhec
Hoirbert do marbhadh lais acc gabhail an chaisléin.



MaolRuanaidh mac Concobair mic Cathail Ruaidh Még Raghnaill décc.



Seffraidh mac Murchaidh Oicc mic Murchadha Móir, mec Catail
ticcerna Cloinne Aodha an tSlebhe décc.



Eocchan mac Diarmata Ruaidh ticcerna na cCoillteadh do mharbhadh
la a deirbhfhine.



Maine mac Maoilechlainn Még Caba, adbar consapail an da Breifne,
Airghiall, agus FerManach décc.



O Caiside Cúile, .i. Diarmait Ruadh mac Neill Ruaidh do écc.


L. 996


AOIS CRIOST, 1456.



Aois Criost, mile, cethre céd, caocca, a Se.



O Néll, Eoghan, mac Neill Óicc, mic Neill Móir décc.



Coccadh mór eitir Domhnall mac Neill Ghairbh tighearna Thíre
Conaill, agus Ó Neill Énrí iar nionnarbadh cloinne Neachtain
Uí Dhomhnaill lá hUa nDomhnaill hi tTír Eoghain. Tainicc tra
Ó Néill agus Mag Uidhir lá cloinn Neachtain hi nInis Eoghain,
agus ní ro ansat gur ro ghabhsat longport i comfhochraibh Cúile Meic
an Treóin. An tan ad clos lá hUa nDomhnaill an ní sin do chóidh
sidhe, agus Aodh Ruadh a dearbhrathair, agus mac Mec Suibhne
Fanad (MaolMuire) for a neachaibh go tinneasnach gan aoín neach oile
ina bfarradh acht iatt budh déin ina ttriúr do chor bardadh hi ccaislén
Cuile Meic an Treóin ar cionn an tslóigh mhóir sin ro thairringset
clann Neachtain. Iar bfagbháil an baile dó Domhnaill co na
beg buidhin ad conncadar an sluagh naile radharc forra, agus léigid
ina ndeóidh amail as déine conrangatar, agus iar mbreith forra ní
ro damhadh fír fer ná comhlann fó coimhlíon dóibh acht ro chinn an
tiolar ar uathadh gur ro marbhadh Ó Domhnaill, Domhnall mac Neill
Ghairbh annsin (.i. an 18. do Mai Dia hAoíne do shonnradh), agus
ro gabhadh Aodh Ruadh agus mac Mec Suibhne, agus ro ghabh
Toirrdhealbhach Cairbreach mac Neachtain tighearnus Tire Conaill.



Ferghal mac Concobair Mec Diarmada tanaisi Maighe Luirg, agus
Lasairfhiona inghen an Fherghail chédna ben Cairpre Uí Chonchobhair
décc.



AOIS CRIOST, 1457.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, coeccatt, a Seacht.



Brian mac Pilib na Tuaighe Mhég Uidir mac tighearna FearManach
décc iar mbuaidh ongtha agus aithrighe.



Coccadh eitir MhágUidhir agus clann Rudhraighe Meg Mathghamhna.
MagUidhir do thionol a thíre do dhul in Oirghiallaibh. Ar ná
cluinsin sin do cloinn Meg


L. 998


Mathgamhna do chóidhset co na mbuar ina ndaingnighthibh, .i. ar an
Eoghanaigh agus fá Sliabh Mughdorn. Téd iaromh MágUidhir agus
Pilip i nDartraighe CoinInsi, agus ó nach ruccsat ar chreachaibh,
ro loisgset Dartraighe uile, agus baile Eoghain mic Rudhraigh Meg
Mathghamhna, .i. Lios na nGabhar, agus tangattar dia ttighibh iar sin.



Pilib mac Tomáis MhégUidhir, agus a chlann do dhol slóigheadh i
mBreifne Uí Ruairc, agus ro cuir Ó Ruairc a bhuar ar daingnighthibh
an tíre rempa. Do chóidh tra Pilib go baile Uí Ruairc. Ro loiscceadh
an baile agus an tír uile ar chena lais, rug Ua Ruairc ar Philib,
agus ro ficheadh iomaireacc etorra, agus torchair Tighearnán mac Taidhg
Uí Ruairc, agus mac Maghnusa Grumaigh mic Cathail Bhuidhir Ui
Ruairc, agus sochaidhe oile cén mo thát lá Feraibh Manach don chur sin.



Brian mac Muirceartaigh Óicc Ui Fearghail tighearna cloinne
hAmhlaoibh Ui Fearghail décc.


L. 1000


AOIS CRIOST, 1458.



Aoís Criost, míle, ceithre chéd, coeccatt, a hochtt.



Teampall Achaidh Beithe go niomad do leabhraibh derscaighthe
do losccadh ann ón óifficel, .i. Niall mac Mec Craith Mhec Mathgamna.



Sluaigheadh lá hUa nDomhnaill Toirrdealbhach Cairbreach, agus tainicc
Ua Néill Enrí dia chommoradh. Rangattar cétus co hIochtar Chonnacht
lotar iaromh don Bhrefne. Ro milleadh agus ro loiscceadh leó o sliabh
siar, agus ro loiscceadh baile Uí Ruairc Druim Dhá Ethiar, agus
ro gabhsat braighde Iochtair Chonnacht, agus do radadh illaimh Uí
Domhnaill iatt. Tangattar iaromh dia ttighibh.



O Conchobhair Failghe, An Calbhach Mór mac Murchaidh na Madhmann
tighearna Ua bFailghe uile fear nár dhiúlt re drech nduine tighearna
(do Laighnibh) as mó fuair do chomthaibh ó Ghallaibh, agus o Ghaoidhealaibh
nó bítís ina aghaidh do écc, agus Conn O Conchobhair a mac fein
do óirdneadh ina ionadh riasiú ro hadhnaiceadh esium i cCill Achaidh.



Ua Ruairc, .i. Lochlainn mac Taidhg lethtighearna na Breifne
décc.



Art Ó Néill mac Eoghain mic Neill Óicc cenn oinigh agus eangnamha
Cenél Eoghain décc.



Mac Samhradháin Tomás mac Ferghail décc.



Tomaltach mac Conchobhair Mec Diarmada tighearna Maighe Luircc
Airtigh agus Tire Tuathail, etcetera, fechemh coitchend do dhamhaibh
Ereann fear toirbearta móir damhsaibh agus daos tuarusdail do écc
adhaigh fele Patholáin recte Partholáin, agus a mac


L. 1002


diongmhala Cathal Mac Diarmada do écc coicthidhis rias an tan sin,
agus a nadhnacal dibhlínibh i Mainistir na Búille. Aedh mac Concobhair
Mec Diarmada do ghabháil ionaidh Tomaltaigh.



Sefraidh mac Emaind mic Tomáis Ui Fearghail do mharbadh lá Sean
mac Domhnaill Mic Seaain Ui Fherghail, agus lá cloinn Choncobhair .i.
Laoighseach, etcetera.



Emann A Búrc tighearna Gall Connacht, agus morain dá Gaoidhealaibh
aon rogha Gall Ereann ar cruth ar dhelbh ar dhénamh ar uaisle, ar
eineach ar icht, agus ar fhirinne décc i ndeiredh na bliadhna so.



Fearghal Ruadh Mag Eochagain tighearna Cenél Fhiachach décc an
xuii. Febru.



AOIS CRIOST, 1459.



Aoís Criost, míle ceithre chéd, coeccatt, a naoi.



O Briain Toirrdhealbhach tighearna Tuadhmuman décc.



CuMhara Mac ConMara do mharbhadh i mebhail.



Connla Mhág Eochagáin tighearna Cenel Fhiachach do mharbhadh la mac
Airt Uí Mhaoileachlainn.



O Birn, Brian, toíseach Thire Briúin décc.



Fergal mac Tomais Uí Raghallaigh décc.



Maidhm mór do thabhairt lá hIarla Cille Dara ar Ua cConcobhair
fFailghi Conn mac An Chalbhaigh dú in ro gabhadh Conn feisin, agus
in ro marbhadh mac mic Uilliam Uí Cheallaigh agus sochaidhe mór dia
muintir.



Creacha Chineóil Duacháin lá Brian mac Pilib mic Tomas MhégUidhir.



Creacha Maighe Slécht do dhénomh la MágUidhir Tomas Occ, agus Baile
Mec Samhradhain do losccadh lais don turus sin.


L. 1004


Glaisne mac Concobhair Uí Raghallaigh do marbhadh lá cloinn Rudhraighe
Mhég Mathgamhna.



O Neill Enrí mac Eoghain do tabhairt slóigh Gall lais co Caislén na
hOghmhaighe dia gabhail ar cloinn Airt Ui Neill, agus sidh do dhenamh
dhoibh ré aroile.



Sean Cam mac ConUladh Mec an Bhaird decc.



Ua Cúirnin, Maghnus, ollamh Uí Ruairc lé Seancus décc.



MaolMaire Ua Cianáin adhbhar suadh lé seanchus agus lé dan décc.



Muircertach Ua Dálaigh saoí lé dan décc.



AOIS CRIOST, 1460.



Aoís Criost, míle, ceithre chéd, Seasccatt.



Mainestir na Maighne hi Tír Amalgadha i nepscopoitecht Cille hAladh
i cConnachtaibh do thógbhail la Mac Uilliam Burc ar impidhe Nehemias
Uí Donnchadha an ced biocaire prouinsi baoí i nErind ag ord .S.
Franseis don Obseruantia.



An tepscob O Briain, epscop Chille Da Lua do mharbhadh lá Brian
an Choblaigh mic Donnchaidh mic Mathghamhna Uí Bhriain i nInis Cluana
Ramhfhoda.



Ruaidhri mac Maghnusa Uí Mocháin proaitsi Oile Find decc.



Aodh Ruadh mac Néill Ghairbh Uí Dhomhnaill, agus mac Mec Suibne
Fánat MaolMuire do léccadh as a mbraighdenus lá hUa Néill Énrí
iar na mbeith ceithri bliadhna comhlana illaimh occa ar ro ba dile
lais clann Nechtain oldat clann Néll.


L. 1006


Maidhm mór do thabhairt ar Ghallaibh lá hUa cConcobhair fFailghe,
Conn mac an Chalbhaigh, dú i ttorchair Barún Calatromma agus
sochaidhi oile immaille fris.



Maidhm do thabhairt lá Gallaibh for Ua Raghallaigh Seaan mac Eoghain
mic Seain mic Pilib mic GiollaIosa Ruaidh airm in ro marbhadh é
agus Aedh dearbhrathair Uí Raghallaigh, agus Eoghan Caoch
mac Mathghamhna Mec Caba, agus drong oile génmo thát. Cathal mac
Eoghain do ghabháil a ionaid.



Mac Samhradháin Eoghan décc.



Ruaidhri Ballach mac Muirceartaigh Ui Concobhair décc.



Tomás mac Tomáis A Búrc (ro budh Mac Uilliam dar éis Emainn A Búrc),
decc.



Mac Caba Enri mac GiollaCriost do techt isin Anghaile lá hUa
fFearghail, Domhnall Buidhe, agus a ég do ghalar obann i Lios AirdAbla,
agus ceithri fichit décc galloglach co ttuaghaibh do beith ina
timceall ogá breith dia adhnacal don Chabhán.



Mac Maghnusa Thíre Tuathail, Ruaidhri mac Eoghain Ruaidh Mec
Maghnusa, sáith an tíre sin do tighearna, do mharbhadh lá Conn Ua
nDomhnaill (.i. Conn mac Nell Gairbh mic Toirrdhealbhaigh an
Fhiona), agus la Tadhg mac Taidhg Uí Ruairc ag toraigheacht creach
an tíre, agus rugsat na creacha leó go hAirgedGlind, agus ro bensat
maithe Cloinne Maghnusa na creacha dhíobh isin glind sin iar marbhadh
Mec Maghnusa.



Domhnall mac Diarmada Uí Mhaille, Uilliam Ua Máille agus Seaan Ua
Maille


L. 1008


do dhol ar siubhal loingsi lá cloinn Uí Bhriain i cCorca Bhaiscinn
for Mac Mathgamhna, agus a marbhadh a ttriúr riasiú rangadar a longa,
agus Domhnall Ua Briain do ghabháil, agus Mathghamhain Ua Briain
do lot ag dol do shoigidh a loinge, agus a bháthadh ria rochtain na
luinge hísin. Ro cuireadh ár a muintire don turus sin.



Brian Ua Máille do mharbhadh lá a dearbrathair, Aodh Ua Maille,
tria iomagallamh tarla eaturra. Dá mac Taidhg Uí Mháilli iadsidhe.



Mainistir do togbail i nInis Arcain isin Mumain i nepscopoittecht
Ruis do braithribh .S. Franseis i nduthaigh Uí Eittirsceóil ata
Inis Arcain.



Mainestir Insi Corthadh i Laighnibh i nepscopóitecht Ferna ar
brú na habann dianadh ainm Sláine do thogbhail do braithribh .S.
Franseis.



An cethramhadh Eduard do ríoghadh os Saxaibh .4. Marta.



AOIS CRIOST, 1461.



Aoís Criost, míle, cethre chéd, Seascat, a haon.



Felim mac Eoghain mic Néill Óicc Uí Néill décc do bedhg saoí
ar eneach agus ar engnamh cenn dámh agus deóradh, neach as mó ro chendaigh
do dhántaibh, agus ro ba mó duanaire ina aimsir décc iar mbreith
buadha o dhomhan agus deamhan.



Aodh mac Toirrdhealbhaig Óig Uí Concobhair lethtighearna Connacht
i naghaidh


L. 1010


Taidhg Uí Concobhair, diol choiccidh Connacht do rígh ar cruth ar
chaoíndelbh ar chrodhacht ar choccadh ar aoidheadhcairi deiccsibh, agus
dá gach aon nó righeadh a les do ég i mBaile Tobair Brighde in íd
Maii, iar nongadh agus iar naithrighe isin .lxiii. a aoísi, agus
a adhnacal i Rus Commain.



Clann Neill Ghairbh Ui Domhnaill, Aodh Ruadh, Conn, agus Eoghan
do theglamadh líon a ttionóil do dhul co Fanaid do soighidh mic
Mec Suibne MhaolMuire uair baoí Ua Domhnaill Toirrdhealbhach
Cairpreach ag imbirt a aincridhe for mac Mec Suibhne agus for Fánaid
uile tria na charadradh la cloinn Neill. Badar dna clann Néill
agus mac Mec Suibhne ag scrudadh a ccomairle dus cionnus do ghéndaoís
a nimdhíden ar cloin Nechtain cona sochraide ar ro batar acc aithe
a neccraidhe agus a nanfoladh forra. Iar bfios scél dUa Domhnaill
agus do cloinn Nechtain clann Néill do dhul i Fánoit do chóidh
sidhé co na bhraithribh, agus co na thoichestal, agus go ccóruccadh
Albanach baoí immaille fris ina ndiaidh go ro gabh longport i cCenn
Maghair do chomhaircis, agus do choimhed ar cloinn Neill Uí Domhnaill,
agus ar MhaelMuire do bhaoi ag dul leo as an tir agus od cualadar
clann Neill Uí Dhomhnaill agus muintir Fhanad sin asi comhairle
do rónsat gan an chonair do sheachna no do iomgabhail do lion slóigh no
sochaidhe da mbaoi rempa, agus o ro cindeadh for an ccomhairle sin aca,
tangatar clann Neill Uí Dhomhnaill agus MaelMuire Mac Suibne agus
Eogan Bacach Mac Suibne, agus gach ar gab leo do mhuintir Fanat
i ccoinne agus i ccomdail Uí Dhomhnaill agus cloinne Neachtain go
Cenn Mhaghair, agus óro chomhfhoiccsigset dia roile ni ro lamsat gan
ionnsoighidh a cele fobit a bfiocha agus a bfoladh, a nadbair, agus a
nesaenta re aroile gó sin. Tucsat troid agus tachar dioghair dasachtach
dia roile annsin go raoímheadh for Ua nDomhnaill, Toirrdhealbhach
Cairbreach, agus ar chloinn Nechtain, agus ro gabhadh Ua Domhnaill,
Ro marbhadh Maghnus a dearbrathair co sochaidhibh oile immaille fris,
agus ro hiomscothadh Toirrdealbhach Cairbreach iarttain. Tangatar na


L. 1012


maithe sin iarsan maidmsi Cinn Maghair go Cill Mec Nenain, agus
do gairedh tighearna dAedh Ruadh mac Neill Gairb amail ro ba dir
agus do gair O Domhnaill .i. Aed Ruadh Mac Suibne Fanat do
MaelMuire Mac Suibne.



Magnus mac Briain mic Domhnaill mic Muircertaigh tighearna Cairbre
decc.



Mac Cathmaoil .i. Brian tighearna Cenél Feradhaigh decc agus
tigherna do dhenamh dEogan Mac Cathmhaoil.



Fearghal Ua Gadhra tanaisi Cuile O fFinn do marbhadh la Mac
Goisdelbhaigh.



An deccanach Ua MaoilEoin saoi Erenn uile decc i cCluain Muc Nois
Mic Fiodhaigh.



Aongas Mag Craith saoi le dan, Niall Occ Ó hUiccinn, agus Niall
mac Feargail Ui Uiccinn decc.



Matgamhain mac Uilliam Uí Fergail decc.



Uilliam Ua Flannaccain Saccart agus cananach coradh i nOilFinn
decc.



Feidlim Fionn Ua Concobhair do gabail dia braithrib fein, .i. cloinn
Briain


L. 1014


Ballaigh agus do Ruaidhri mac Ui Concobair Duinn a ttus na bliadhna sa
gur fas coccadh agus commbuaidreadh a Siol Muireadhaigh deis na
ngabala sin, agus ro gabadh Tadhg Ua Concobair fein la a braithrib.



Sloicceadh la Mac Uilliam Burc co na braithribh co Machaire Connacht
do reidhiuccadh Fheidlim Fhinn o mac Briain Ballaigh, agus tucsat dó
a breth fein as a maithe Connacht a ccor fris, agus ro leicceadh
Feidlim a geimhel. Rugsom na maithe sin lais co Carn Fraoich Mic
Fiodhaigh Foltruaidh, agus do chuir Mac Diarmada a brocc fair iar
na chennach, agus do gabsat braighde slechta Ona mic Aengusa agus
Ua mBriuin, agus do imtigh Mac Uilliam iar bfagbail na mbragatt
sin ag mac Briain Ballaigh. Iar na cluinsin sin do chloinn Ui
Conchobair Ruaidh ro fuaslaiccset Tadg Ua Concobhair ar leth Baile
an Chlair o Ua Concobhair nDonn, do choídh siot a leith cloinne
Concobair Mec Branain iarttain.



Coccadh mor ag Gallaibh Midhe agus Laighen gur milleadh moran don
Midhe don coccadh sin. Ua Concobair Failge agus mac Risderd Buitiler
do techt co Druim Tuirleime deich cced no ni as uille do marcslóigh
co cceinnbeirtibh foraibh uile agus badarsidhe cen oman gan imeccla ag
craíthedh a neach, agus a sluagh agus a sirthe acc creachlosccadh na
Midhe ina ttimceall co nona. Ba ar an ccoccadh remraite ro gabadh mac
Feidlimidh mic an Calbhaigh Í Concobair la Sean mac


L. 1016


Mic Tomais. Comta mora dfagbail dUa Concobhair o Gallaibh do ciond
Sioda amail fa gnath le fer a ionaid do gres.



Creacha mora la Mag Eochagain for Barun Dealbhna agus creacha mora
ele beos for Ledúsachaibh gur aircc an tir co hEithne.



Creacha PuirtLomain la cloinn Iriail I Ferghail.



Maoileachlainn mac Floinn Ui Domnallain decc.



Teboid Ua MaolMuaidh tighearna leithe Fear cCeall do marbhadh lá
hUa MaolMuaidh na Coilleadh.


L. 1018


AOIS CRIOST, 1462.



Aois Criost, míle, cethre chéd, Sescca, a do.



Mainistir Bhrathar Minur do thionnsccnadh i Muineachán le linn
Feidhlimidh mic Briain mic Ardgail Még Mathgamhna do bheith na
tigherna i nOirgiallaibh.



Prioir Daimhinsi .i. Parthalon mac Aodha Uí Flannaccain decc ar
Loch Dearcc.



Brian mac Pilip MegUidhir fer a aoisi ba ferr eineach, agus engnamh i
ccoiccedh Uladh uile do mharbhadh a ttóraighecht a creiche la cloinn
Airt Uí Néill, .i. la Ruaidhri co na braithribh iar ffaemhadh a
anacail, agus iar mbeith athaidh aca illaimh. Emann Ruadh mac
Seain MégUidhir do marbhadh leis an Ruaidhri ccedna.



Tadhcc mac Eocchain Uí Concobair ticcerna Cairbre décc.



Maidhm la Tadhcc Ua cConcobhair agus la a braithribh for cloinn Briain
Bhallaigh in ro marbhadh Diarmaitt mac Donnchadha mic Briain, agus
Sean mac Taidcc Mic Tighearnáin na Corra, agus cuirther iad do druim a
ttire agus a nuile maithesa. Tiaghait da mhac Briain fein hi Scén hi
ccenn Mec Branáin ar in nGreanchaigh, agus ro beiccen do Mac Branain
a ttreiccen go ro cuirit ar fogra o thír co tír, agus ro hionnarbadh Mac
Branain feisin as a dhuthaigh isin Anghaile. Ro ghabh Ó Ferghail
fris, agus do rad ferann dia cethraibh agus coinnmedh tíre dia muintir.


L. 1020


Sloiccheadh la Mac Uilliam Cloinne Riocaird i nUibh Cairín gur
eirigh Ua Meachair, .i. Tadcc, cona chomhaentaibh doibh gur marbhadh
Uilliam Búrc mac Mic Uilliam daen urchor gae la mac Ui Mheachair,
agus ba he an turchor sin rucc Ua Mechar co na slogh ass. An tUa
Mechair sin ticcerna Ua cCairin decc iarttain agus a mhac do ghabháil
a ionaid.



Mac Branain, .i. Tomaltach Carrach mac Cuinn mic Aodha decc iar
ccian aois.



Iarla ócc Urmumhan do thecht i nErinn co sochaidhe moir do Shaxoibh.
Ro fás coccadh mor etir Iarla Urmumhan, agus Deasmumhan dia ro gabhadh
Geroid mac Iarla Desmumhan la Buitilerachaibh. Ro gabhadh leo
beos Port Lairge. Ro chinnset iaramh cath do thabhairt diaroile co
ro ionnsaigh cach a cele díobh, agus bá dar sarucchadh Iarla Urmumhan
do dheachaidh Mac Risdeird do thabhairt an chatha an la hisin. Cidh
fil ann thra acht ro sraoíneadh an cath fair, agus ro gabhadh é budh dein.
Atberat aroile co ro hadhnaicit deichnebhar ar cheithre chéd


L. 1022


díbh cenmótá a nduadar coin agus eathaidedha. Gabhait dona Geraltaigh
Cell Chainnigh, agus bailte mora criche Builterach iar ccor a náir
is in cath sin. Agus bai an tIarla occ Urmumhan sin cona Shaxoibh
i mbaile daingen, agus nochar féadadh a thoghail. Brathair ele don Iarla
sin do techt i nErinn, agus ceithre longa co na mbaoí inntibh do ghabhail
dó do loinges Iarla Desmumhan for in ffairrge, agus nert mor do gabhail
do Buitileracaibh treotha.



Maidhm for Ua fFerghail la mac Cuinn Uí Maoilechlainn, la
Díolmuineachaibh agus la Laoighseach mac Rossa isin Nuachongbhail
in ro gabhadh Emann mac Uí Fherghail, agus aoinfher décc do shliocht
Mhuircertaigh Óicc Uí Ferghail. Sechtmoghat a nesbadha etir marbhadh
agus gabhail.



Tomas mac Cathail mic Tomais Uí Fher ghail tánaisi na hAngaile
do mharbhadh i mBeol Atha na Pailisi is in oidhce for lorcc a chreiche
la dreim do Dhiolmuinechaibh, la Cloinn Concobhair, agus la macaibh
Muircertaigh co rucsat a cend agus a chreach iar na fhagbháil i
nuathadh amhail rob annamh lais.


L. 1024


AOIS CRIOST, 1463.



Aois Criost, mile, ceithre céd, Sescca, a trí.



GiollaCriost Mac Edigein biocaire Tempaill Pattraicc i nOilFinn
agus canánach coradh do ecc.



Concobhar mac Cathail Ruaidh Még Raghnaill tighearna Cloinne
Bibsaigh décc.



Sémus mac Gearoid Iarla Deasmumhan décc.



Diarmaid Mor mac Diarmatta Í Concobhair do marbhadh la cloinn Taidhcc
Ui Concobhair occ Eas Da Conna for Búill.



Cuilén Ua Diomusaigh do marbhadh la Gallaibh.



Corbmac Ballach mac Concobair Mec Donnchaidh an mac oirrigh rob
oirderca oineach agus engnamh, ba ferr aithne agus eolus ar gach
nealadhain dá raibhe i nIochtar Chonnacht décc iar mbuaidh nongtha
agus naithrighe.



Indsaiccidh la hUilliam Burc mac Risdeird for caislen Muilinn Adam
i neraic a shula gur leanadh é a ttoraigheacht co bord Baile in Motaigh
go ro iompaidhsiomh frisin tóraigh agus ro marbadh cuicc fir dhécc don
toraigh lais fa mac Maghnusa mic Diarmada Mec Donnchaid, agus fa macaibh
hI Neill, do bhen a suil assam fein occ an ccaislen sin fecht riamh.



Mac Maiu recte Main Baired tighearna Thíre hAmalgaidh, agus Siacus
Cam mac Fergail tighearna Cloinne hAmlaoibh Ui Fhergail décc.


L. 1026


Grainne ingen Taidhg Ui Ruairc ben Mec Donnchaidh decc.



Tadhg mac Domhnaill Mhóir Mec Donnchaidh tigherna sidhe for leth
Tire hOilealla agus a écc.



Enri mac Feilim Ui Ragailligh do marbhadh la Donnchadh mac Tomais
Óicc MegUidhir.



Aodh mac GiollaPattraicc MegUidhir décc.



Ri Saxan do chor tiodhlaicedh go hUa Neill Enri mac Eoghain, .i.
ocht slata agus da fichet do sgarláid, agus idh oir et cetera.



O Neill do tabhairt tuarasdail do tighearna Tuadhmhumhan do
Tadhg mac Toirrdhealbhaigh Ui Briain.



AOIS CRIOST, 1464.



Aois Criost, mile, ceithre ced, Sescatt, a cethair.



FearSithe Mhág Duibne epscop an da Breifne décc.



Diarmaitt Mac Murcadhain sacart toccaidhe decc.


L. 1028


Tadhg Ua Concobhair do ecc an Satarn iar cced Fheil Muire agus a
adlacadh co honorach hi Ros Comain la sliocht Cathail Croibdeirg
tiar agus toir, agus la tuathaibh Sil Muiredhaigh archeana.



Cedach Ua Mordha ticcerna Laoigsi decc do treagait.



Domhnall Ua Ruairc, Seaan mac an Oifisel mic Muirceartaigh Oicc
Ui Fergail, Maoileachlainn mac Briain mic Muirceartaigh Óicc Uí
Fergail co na mhnaoi, Mor inghean tSémais Ui Cheinneidigh ben
Még Eochaccain co na hingin agus Muirceartach mac Seain Uí
Duibhgendain décc don treghait cedna.



Muircertach mac Airt Uí Mhaoileachlainn, agus a ben ingen Í
Cobhthaigh, agus triar eile amaille friu do dol décc in aen lo co
noidce tre fheghadh eich do cuaidh do na cnapaibh cedna.



Remann mac an Phríóra mic Lochlainn Uí Ferghail decc don tregait.



Domhnall Cam mac Concobhair Mec Donnchaidh decc.



Mac Diarmata Ruaidh, .i. Diarmait mac Maoilechluinn, Cathal Bacach
mac Corbmaic na Formaoile, agus BenMuman ingen Ui Flannagain
decc.



Cond mac Neill Gairbh Uí Domnaill, agus Aengus mac Neill Uí
Domnaill do marbhadh la hEiccneachan mac Nechtain Uí Domnaill hi
Findruim an .8. la Mai.



Creachsluaiccheadh la hUa Neill, agus la cloinn Neachtain Í Domnaill
i tTír Conaill iar marbadh Cuind Uí Domnaill gor loiscset an tir co
hAth Seanaigh co rugsat groighe, agus bú iomdha. Acht chena ní deachaidh
gan diogail uair ro fagaib siot luagh a ruccsat, .i. Brian mac Concobhair
Oicc mic Concobair Ruaidh MegUidhir saoi ar eineach, ar engnamh, agus
fer tighe aoidheadh coitcend co nochtar ar fichit don tsluagh do marbadh
maraon ris.


L. 1030


Bresal mac Donnchaidh Ui Cheallaigh agus Maoileachlainn mac Uilliam
Uí Ceallaigh bai hi ffrithbeart fri aroile im tighearnas Ua Maine
decc i naoin tsechtmain i ndereadh April, ar a dubairt Breasal
an tan tainic giolla Maoileachlainn dia fhios i ngalar a bháis, Gabaim
coinne le Maoileachloinn hi ffiadh naisi ar tTighearna diblinibh ria
ccionn Sechtmaine agus do fregrattar araon an choinne hísin.



Coccadh mor etir cloinn Uilliam Ui Ceallaigh, agus clann Donnchaidh
Ui Cheallaigh iar necc Bresail agus Maoileachlainn.



Mac Risdeird Buitiler an taoín fhear bá hairde clu agus oirdearcus do
Gallaibh Ereann ina re do ecc.



Ir mac Catail Ruaidh Meg Raghnaill ba tanaisi for a duthaigh fein,
agus a díol do tighearna ar iocht agus ar firinne decc sechtmain ria
fFeil Míchil, agus Ir mac Uilliam Meg Raghnaill do marbhadh la Gilla
nGlas Diolmain is in tsechtmain cedna daen forgamh do ga iar mbeith hi
bfarraidh dearbrathar a mathar dhó .i. Uilliam Dalatun.



Domnall mac Muirceartaigh Bacaigh Uí Concobhair tigearna Cairpri Droma
Cliabh (co na braithribh acht madh beacc) do marbhadh la cloinn Eoghain
Uí Concobhair, agus tighearna do denam do Ruaidhri mac Briain Uí
Concobhair ina ionad.


L. 1032


Feidhlim mac Donnchaidh mic Tighearnain Oicc Ui Ruairc do gabail
la hUa Ruairc agus Aedh mac Taidhcc Uí Ruairc do gabhail la
Tighearnan Occ mac Donnchaidh iar sin ina diogail.



Tomaltach Occ Ua Gadhra do marbhadh i ngreis oidhche for Sliabh
Luga la Muirges mac Corbmaic Mec Diarmada Gall agus la hEmann an
Mhachaire Mac Goisdelbhaigh.



Lochlaind mac Mailín Uí MaoilConaire decc iar ttreblaitt foda agus iar
mbuaidh naithrighe, agus a adlacadh i nOilFind.



Lochlaind mac Firceirtne Uí Uiccinn decc.



Tomas Greannach agus Domnall da mac Duinn MegUidhir do marbadh la
na ndearbrathair, .i. Ruaidhri Glas.



Creachruathar la cloind Uí Cheallaigh, .i. Colla prioir Tighe Eoin,
agus Ruaidhri Ua Cellaigh tre forailemh Briain Uí Braoín Breghmuine,
agus cloinne Rosa mic Muirceartaigh Midhigh Uí Fergail, agus tainic
a dhomhaoín doibh diblinibh uair do marbhadh da mac Uí Cheallaigh,
agus se fir decc dia muintir amaille friu.



Brian Ua Brain co ndeichneabar dia muintir, agus deichnebar ele do
lucht an Chalaidh fa Uilliam mac Donnchaidh mic an priora Uí
Fergail do mharbhadh la MagAmalgaidh.



O Domnaill, Mac Uilliam Burc, agus moran do Ghaoidhelaibh, agus do
Gallaibh Ereann amaille friu do dhol co hAth Cliath Duiblinne hi
ccenn Tomais Iarla Desmumhan Iustis na hEreann an tan sa, agus
rann agus cengal do denam doibh fris.



Tir Tuathail do creachadh la hAodh Mac Diarmada tighearna Muige Luircc


L. 1034


agus Mac Diarmada Gall co maithibh Tire Tuathail do teacht asteach
tar cend a ccreach, agus braighde do tabhairt dAodh óir battarsomh
ag Cloind nDonnchaidh ó bhas Tomaltaigh Mec Diarmada conuicce sin.



Naonbar do muintir an Iustis do mharbhadh hi fFine Gall tre comhairle
espuicc na Midhe. An Iustis, an tepscop, agus an Priostunach do dol
co tech an rig diomcosaoit for aroile.



Tomas Iarla Deasmumhan d otheacht for ccula ó tigh righ Saxan co
nionatt righ leis i nErinn gco ttiodhlaicthibh mora dfaghbail dhó on
rígh.



Feidhlimidh Ua Ruairc, agus Aedh mac Taidhg Uí Ruairc do leigean
amach ar gach taoibh agus sidh na Breifne do denamh.



Uilliam mac Maine mic Aedha tighearna sleachta Concobhair Mec Branain
décc.



Domnall Cam mac Conchobhair Mec Donnchaidh décc.



Mainestir .S. Franseis, i nAth Dara isin Mumhain i nepscopoitecht
Luimnigh dho denamh ar brú na Máighe la Tomas Iarla Cille Dara,
agus la Siobain ingin tSemais Iarla Deasmumhan, agus tumba do denomh
doibh innte.


L. 1036


AOIS CRIOST, 1465.



Aois Criost, mile, ceithre ced, Seascca, a cuicc.



Tomas mac Muiris mic Matha abb Lessa Gabhail décc.



Gormlaith Caomhanach (ingen Meic Murchadha ri Laighen) ben Í Neill
do écc.



Aodh mac Conchobair Mec Diarmada tighearna Muicche Luircc do ecc,
agus Concobar Occ mac Conchobhair Mec Diarmatta do gabhail a ionaid
do reir togha sleachta Aodha Mec Diarmata etir cill, agus tuaith, acht
clann Ruaidhri Mec Diarmada namá, agus tainic a domhaoín doibhsein
ar do gabadh la coinne leó ar Carn Fraoich, Ua Conchobair Donn, Donnchadh
Ua Ceallaigh, agus clann Ruaidhri don dara leith, Mac Diarmata agus
a thir don leith araill. Fasaidh deabaidh etorra gor marbhadh Diarmait
mac Ruaidhri Mec Diarmata, agus ba hecht mór ina thir esidhe. Ro gabhadh
Tadhcc mac Ruaidhri Buidhe, agus ro madmaigheadh Ua Concobair Donn.



Sean Dubh mac Donnchaidh mic Aeda MegUidhir do mharbhadh la Sean mac
Pilib MegUidhir.



Eoin mac Alasdrainn mic Eoin Mhóir Mec Domnaill do marbhadh la Conn
mac Aedha Buidhe Í Nell.



Maoilechlainn Ua Birn taoiseach Tire Briuin na Sionna, agus a mac
occ, (.i. an


L. 1038


Giolla Dubh) MaoilSechlainn a ainm, do marbhadh agus do losccadh da
braithribh fein, agus da oireacht an Domhnach ria Samain, agus a mac ele,
Cairpri Ua Birn do marbhadh daen urchor saighde lasan druing cedna
isin mBernaigh mBailbh is in mí ccedna.



Mac ConSnamha agus a mac do marbhadh la Domnall Ua Ruairc agus la a
chloinn a meabail agus suidhe doibh ina tír.



Aodh mac Taidhcc Uí Ruairc decc.



Corbmac Mac Diarmata Gall tighearna Airtigh decc.



Aodh mac Neachtain Uí Domhnaill do écc.



Mainistir Chille Crédhe isin Mumhain i nepscopóitecht Corcaighe
do togbail do braithribh .S. Franseis la Siol cCarthaigh, agus tumba
onorach do dhenomh dhoibh fri hadhnacal a nuasal agus a naireach.


L. 1040


AOIS CRIOST, 1466.



Aois Criost, mile, ceithre ced, Sesccat, a sé.



Brian mac GiollaPattraicc MegUidhir abb Leasa Gabhail, agus Domnall
Ua Leannan cananach do muintir Leasa Gabail décc.



Feidlim mac Briain Meg Mathghamna tighearna Oirghiall decc.



Brian mac Amhlaoibh MegUidir cenn a aicme fein, agus tighearna Cloinne
hAmlaoibh décc.



Aine ingen Megeochagain ben Meg Uidhir décc.



Conchobhar mac Ui Concobair Ruaidh décc.



Brian Dubh mac Taidhcc Uí Concobhair decc an cuicceadh la dég do Marta.



Riocard mac Emainn Tirial, agus Tomas Gallda mac Emainn Tirial decc.



Uilliam Burc mac Uateir A Burc, agus Uilliam Burc mac Seain mic
Mic Uateir décc.



Ua Duibgennáin Cille Ronain Fearghal agus Muirges Cananach mac Conaing
Chananaigh Uí MhaoilConaire, agus Concobar mac Taidhcc Mec Branain decc.



Uaithne mac Feargail Uí Raighilligh décc.



Donnchadh mac Muirceartaigh Uí Dhalaigh decc.



Maidhm mor do thabairt for Gallaibh Machaire Airgiall la hAedh mac
Eoghain Uí Neill.



Sloiccheadh lá Gallaibh Midhe, agus Laighen i nUibh Failge, tionoilis
Ua Concobhair


L. 1042


Failge .i. Conn mac an Calbhaigh a sochraide for a ccionn agus
ro marbhadh lais cedus Sean Mac Tomais an cend fedhna ro ba fearr agus
rob airegdha do Gallaibh, agus ba banna ria ffrais do Gallaibh an marbhadh
hísin, ar do madmaiged an tIarla ar na mharach, agus Goill maille fris,
agus gabtar hé budein, agus bentar a arm agus a eideadh dhe agus
iodhlaiceadh la Tadhg Ua Concobhair an tIarla a chliamhain go Caislén
Cairpre, agus drong mor don tsluagh amaille ris. Ro gabhadh dna don chur
sin, Criostoir Ploingcéd, agus prioir Tighe Muire Atha Truim agus
Uilliam Occ Uinnsionn, an Bearnabhalach agus sochaidhe oile amaille
friu. Dala a ndeachaidh isteach hi cCaislen Cairpre as in maidm sin
tangattar Gaill Atha Cliath ina ccoinne agus ruccsat leo iat daimhdheoin
a nesccarat tar a nais. No teighdís iaromh sirthe a hUíbh Failge co
Temhraigh budh tuaith, agus co Nás budeas agus no bidis Breifnigh
agus Airghialla acc creachlosccadh na Mide for gach leth gan tesargain
gan toraigecht o sin amach go cent treimsi iar sin.



Tadhg Ua Briain tighearna Tuadhmhuman do dhol sluagh lanmhór tar
Sionaind amach is in Samradh do shonnradh go ro creachadh Gaoidhil
Desmumhan agus Iarmumhan lais, agus do radsat Gaoidhil Laigen beos
a riar dhó. Soais dia tigh iar sin agus iar ngabail criche Cloinne
hUilliam agus Condae Luimnigh, agus iar na disliucchadh dhó on Iarla
do ciond siodha dfaghail do féin agus da thír agus iar bfaghbhail tri


L. 1044


fficet marcc gacha bliadhna ó muintir Luimnigh co brath adbath do galar
ag a tigh budh dhéin, agus Conchobhar mac Toirdhealbhaigh Uí Bhriain
doirdneadh ina ionadh.



Riocard mac Mec Uilliam Burc mic Riocaird Óig tanaisi Cloinne Ricaird
déc.



Ua Dubda agus a mac do mharbhadh i meabhail la cloinn MaoilRuanaidh
mic Ruaidhri Í Dhubhda.



Maidhm mor do thabhairt la Gallaibh .i. na Midhe ar Mhág Mathghamna dú
inar marbhadh sochaidhe, agus in ro gabad Aod Ócc Mag Mathghamna, agus
Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh.



Eoghan agus Aedh Dubh da mhac Ruaidhri mic Cathail Duibh Ui
Concobhair, agus Tadhcc mac Briain mic Cathail do marbhadh la Diarmait
mac Táidcc Ui Concobhair, agus la cloind Diarmatta Ruaidh mic Taidhcc
Uí Concobhair Luan Cascc for cuirreach Liathdroma.



Maoileachlainn, agus Sean da mhac Eogain Mec Diarmata Ruaidh decc
in en caeicdigis.



Eogan mac Seain Mec Donnchaidh, agus Muirceartach mac ConConnacht Ui
Dhálaigh decc.



Mainistir Oilein na Trinoide .i. for Loch Cé, co niomhaighin na
Trinoide do losccadh lá coinnil.


L. 1046


AOIS CRIOST, 1467.



Aois Criost, mile, ceithre chéd, Sesccat, a Seacht.



Semus Ua Fergail abb Lethratha saoi dhercach deigheinigh décc.



Niall mac Mathgamna MegCraith oificel Locha hErne, agus pearsún Insi
Caoín décc.



Eoghan mac Rudhraighe Meg Matgamna tighearna Oirgiall décc, agus
Remann mac Rudhraighe do gabhail tighearnais dia eis.



Toirrdealbhach Ruadh mac Uí Neill (Enri) decc.



O Raighilligh, .i. Cathal mac Eoghain decc.



Mac Cathmaoil Eoghan decc.



Aodh mac Briain Uí Ceallaigh tighearna Ua Maine decc, agus a adhlacadh
i nAth Luain, agus Aodh na Coilleadh mac Uilliam Uí Cheallaigh do
gabhail a ionaid.



Domhnall Buidhe Ua Feargail ardtaoiseach na hAngaile, agus
Laoigseach mac Rosa mic Concobhair mic Cathail Uí Fheargail decc.



Irial Ua Feargail i nionadh Domnaill, agus Sean i nionadh Iriail.



Aodh Dubh mac Donnchaidh mic Briain Ballaigh, Tadhg a brathair,
Tadhg mac Briain, agus Aodh Ruadh mac Diarmada Móir mic Diarmada
Ui Chonchubhair do mharbhadh a ngreis la Diarmaid Ua cConcobhair, agus
la cloinn Diarmata Ruaidh mic Taidg Ui Concobhair, agus la Cathal
mac Ruaidhri Óicc Uí Concobair.



Colla mac Magnusa Meg Mathghamhna agus aoin fhear decc dia muintir do
mharbhadh for lorcc a creiche fein la Breifneachaibh.



Dauidh Mac Goisdelbhaigh do mharbhadh la Tomas Mac Feorais.



Donnchadh mac Seain mic Maoileaclainn Uí Fergail decc for slicchidh
na Romha.



Sean mac Emainn mic Feargail Ui Raigilligh do marbhadh.



Mac Mec Uilliam Cloinne Riocaird decc do galar obann, ar ni bhí glóir
saogalda nach dubhachus a deiredh.


L. 1048


Criostoir Ploingced, Piarus mac Piarais Dalatun, Semus Ócc mac Semais
Dalatun, agus mac Peitídigh an Muilinn Cirr .i. prioir an Muilinn
Chiorr decc don plaig.



Sean mac an Dalatunaigh do marbhadh la a chenel feissin.



Toirrdhealbhach mac Cathail Ui Concobhair do marbhadh i Ross Comáin
la cloinn Domnaill mic Magnusa Caim Í Chellaigh.



Sloiccheadh la hUa Neill .i. Enri i nOireacht I Cathain agus is for
an sloigheadh sin do marbhadh Tomas mac Pilip Meg Uidir fear a aoisi do
bfearr do duthaigh ina reimheas.



Maidhm Croisi Moighe Croinn for Ua cCeallaigh, agus for cloinn Uilliam
Burc la Mac Uilliam Cloinne Riocaird agus la Siol mBriain dú in
ro marbhadh Uilliam Caech A Burc mac Mec Uilliam, agus da mac Uí
Cheallaigh, agus Aedh Buidhe mac Toirrdelbhaigh Mec Domnaill consapal
a nGallócclach, agus deichnebar duaislibh Cloinne Domnaill amaille fris.
Torcratar beos ocht ffichit gallocclach go sochaidhe oile cenmothatsidhe.
Ua Domhnaill .i. Aed Ruadh mac Neill Gairbh do theacht i
cConnachtaibh do dhioghail an madhma sin ar bá ranncarat dhó Mac
Uilliam agus Ua Ceallaigh, agus sith do bhein dó a Cloinn Riocaird
agus imtecht imshlan dia tigh.



Inis Locha Cairrgin do ghabhail la hUa cConchobhair nDonn, agus la
cloinn mic Feidhlimidh for lucht a coimheda.



Creacha dirimhe la Tadhg Ua Concobhair, la Mag Eochagain, agus la
Mac Fheórais for mag Tetbha gur airccset an tír ó Impir go Baile
Mic Uilliam.


L. 1050


Caislen Chuile Maoile do gabhail la cloinn Corbmaic Ballaigh Mec
Donnchaidh for sliocht Corbmaic Mic Donnchaidh.



Iustis Saxanach do techt i nErinn, agus Tomas daithearradh, ní dia
ttainic milleadh Ereann.



AOIS CRIOST, 1468.



Aois Criost, mile, ceithre ched, Sesccat, a hocht.



Concobhar Ua Maoileachlainn epscop OilFinn decc.



Tomas Iarla Desmumhan, agus ro ba Iustis i nErinn mac Semais mic
Gearoid dearscaightheach Ereann ina aimsir dia cenel feissin ar deilb
ar denamh ar


L. 1052


eineach, ar engnamh, ar deirc, ar daonnacht do bochtaibh agus
daidilccneachaibh an Coimde ar thiodnacal sed agus maoine do tuaith
deaglais agus dfiledhaibh ar coscc meirle agus míbhés do dhol co
Droicet Atha hi coinne an Iustis Shaxanaigh agus Gall na Midhe archena.
Ro feallsat fair agus ro dichendadh leo é cen nach cionn agus batar
brónaigh ermór fear nEreann don scel sin. Ruccadh iaramh a chorp co
TraighLí, agus Ro hadnaiceadh i nothairlighe a ashen agus shinnsior
co nonoir agus co nairmidin nadhbhail.



O Ruairc Tighearnan Occ mac Taidhcc tighearna diongmala Ua mBriuin
agus catha Aeda Finn decc iar mbuaidh ó domhan agus o demhan, agus
Domnall mac Taidg Uí Ruairc do oirdneadh ina ionad la hUa nDomnaill
agus la a chairdibh ar chena. Sliocht Tighearnain mic Tigearnain Moir
mic Ualgaircc do eirge ina aghaidh go heccoir, agus Donnchadh Loscc
mac Tighearnain Móir do riocchadh dhoibh fein do Cairpreachaibh agus
do Cloind nDonnchaidh. O Domhnaill iar na cluinsin sin dó tocht
sluagh dirimh tar Eirne anall agus Iochtar Chonnacht do milleadh leis
agus creacha diairmhe do denamh dhó for airthear Tire Fiachrach Chuile
Cnamha agus Coillteadh Luighne agus a mbreith leis dia tigh iarsin.
Mac Uilliam Uachtarach, .i. Uillec mac Uillic an Fhiona, agus
O Concobhair Donn co na sochraide Gall agus Gaoidheal diblinibh do dol
hi foiridhin Iochtair Connacht, agus Baile Ui Ruairc do losccadh leo,
agus gan do maith do denam acht madh sin, agus a ttoidhecht dia ttigh gan
cath gan comha.



Ruaidhri mac Concobair Mec Donnchaidh tighearna Tire hOilealla agus
Baile an Duin decc iar mbreith báire for domhan agus demhan.


L. 1054


Toirrdhealbhach mac Seain Ui Ragailligh doirdneadh i ttighearnus
na Breifne.



Ua Cathain .i. Magnus decc.



Cathal Occ mac Cathail Ruaidh Meg Ragnaill lantaoiseach Muintire
hEolais decc ina tigh fein is in ced Domnach don Corgus iar mbuaidh
nongtha agus naithrighe agus taoisech do gairm da mac .i. Tadg Mag
Ragnaill, agus taíseach ele beos do gairm dUilliam Mag Ragnaill la
sliocht Maoileachlainn Meg Ragnaill.



Art mac Cuinn Ui Maoileachlainn tighearna Midhe do marbhadh hí cCnoc
hÍ Coscraigh Máirt Chascc do sonnradh.



Ua Mórdha agus Mac Giolla Patraicc dég don treaghait.



BenMumhan inghean Eoghain Uí Concobhair ben Uí Ceallaigh .i. Aedh
mac Briain decc.



Emann an Machaire Mac Goisdelbaigh do marbhadh la a dearbrathair Uilliam
Mac Goisdelbhaigh.



Concobhar Buidhe mac Corbmaic Mec Branain decc.



Uaithne mac Mec Eochagain do marbhadh durcor do saighid hi ccaislen
Cnuic Í Cosccraigh.



Ruaidhri mac Diarmada Ruaidh mic Taidhg Uí Concobhair, agus a ben
inghean Cairpre Í Concobhair dég do galar obann.



Tadhg mac Tighearnain brucchaidh cédach conáicch, agus a ben Nuala
ingen mec Donnchaidh Riabhaigh .i. Feargal decc.



An Giolla Dubh mac Corbmaic Buidhe Mec Donnchaidh décc.



Concobhar mac Emainn mic Maoileachlainn Uí Ainlighi decc Satharn
Minchasc.



Torna Ua MaolChonaire ollamh Shíl Muireadhaigh a sencus agus a
filidhecht decc ina tigh fein ilLios Fearbain iar bFeil Pattraicc
iar mbuaid naithrighe, agus a adnacal i nOilFinn. Erard Ua
MaolChonaire i nollamnacht dia eise.



Ua Concobhair Failge Conn do gabhail la Gallaibh.



Caislen Bona Drobaoisi baoí ag Ua nDomnaill do thabhairt dó doridhisi
do sliocht Mhuirceartaigh Bacaigh.



Riocard A Burc do toidhecht hi Muigh Luircc sidh do dhenamh dhó fri
Mac


L. 1056


nDiarmada, agus a ndol diblinibh i ccoinne Uí Domnaill, agus Ó
Domnaill do dhol tar Éirne résiú do ruachtatarsomh, agus gan a
ttegmail dá cheile don chur sin. Riocard diompúdh tar a ais i
Machairi Chonnacht, agus braighde do breith lais o cloinn Uí
Concobhair Ruaidh, agus sliocht Feidlim do breith lais o nar
faomhsat braighde dó.



Clann Connmaigh dna do milleadh la hEmann mac Uilliam fein co na
cloinn tre uabhar agus diomus.



Creacha diairmhe la Feidhlim fFionn for Ua cConchobhair nDonn, agus
a mbreith leis i Moigh Luircc. Creacha anba leis a hUibh Maine.
Creach ele leis ó shliocht Feidlim Cleirigh agus creach ó Muintir
Birn co Cill Athrachta i ccoinne Riocaird A Burc cona sluagh,
agus ro congaibh sé an sluagh gan sgaoileadh ó roile fri ré sechtmaine
for a lon fein amhain, agus do fhosdfadh iad ní ba sia dia nandaois aige.
Creach mor ele do breith la Feidlimidh ó Ciarraighe Mec Ceithernaigh,
agus mac mic Aedha Caoich Uí Concobhair do marbhadh leis an la sin.
Emann Mac Uilliam deirge dó for Iomaire Uaráin tri fichit gallóglách,
tri fichit do ceithirn congmala, agus marcsluagh a tire féin. Ro loitead
moran etorra, agus ro benadh an creach dFeidlim cenmota a capaill.



Moran do milleadh i Mide agus hi Laignibh la Gearoid mac Iarla
Desmhumhan a ndíogail Tomais Iarla.



Baile Uí Raigilligh agus mainistir an Chabhain do losccadh la Gallaibh
agus leis an Saxanach ler dicendadh Iarla Desmumhan.



Maidm mor do thabhairt la Conn mac Aodha Buidhe Í Neill hi mBeind
Uamha for Gallaib Leiti Cathail du in ro gabhadh Muirceartach Ruadh
Ua Neill, tighearna Cloinne Aedha Buidhe in ro marbhadh Aengus mac
Alaxandair Mec Domhnaill, Mac Roberd Sabaoís tighearna Leithe Cathail,
agus sochaidhe do Gallaibh agus do Gaoidelaib cenmotatsidhe.



Creacha anba la Feilim fFionn agus la Mac Diarmata, Concobar mac
Corbmaic, for Baile an Tobair, agus Ua Concobair fein co breith
forra lion a


L. 1058


thionoil cenmotat a thuatha, agus Ruaidhri Ua Concobhair lion a thionoil
co ndruing moir do Cloinn Connmaigh maraon ris, agus sliocht mic
Feidlimidh uile abus deirghe doibh diblinibh. Cland Diarmata mic
Ruaidhri Mec Diarmata, agus clann Corbmaic Oig Mec Diarmata do bi
hi ffoslongport i mBeola Coilleadh do breith forra bheós, agus Feidhlim
dimteacht co haithesach iomlan conuicce an Scor Mor hi cCloinn
Cathail Mic Muireadaigh. Feidlimidh iaromh agus Mac Diarmata diompudh
co crodha cosccrach friu agus sraonmaidm seachranach do tabairt forra co
na tabradh fer dib iasacht slaite dia roile. Eoghan mac Toirrdelbhaigh
Doill mic Toirrdelbhaigh Óicc Uí Concobair agus Feidlimidh mac
Toirrdealbhaigh Ruaidh mic Briain Bhallaigh, do marbhadh, agus
shochaidhe do saorclandaibh himaille friú, agus Feidhlimidh do breith
a creiche leis iar mbuaidh, agus cosccar, agus cosccar, agus iar ffagbail
a biodhbhadhaibh fó mela agus chuidbeadh.



Indsaicchidh do dhénamh lá Donnchadh mac Tomais Meg Uidhir ar Philip
mac ChonChonnacht MegUidhir i tTir Cennfhoda, agus creacha mora
do tabairt lais. Muintir Donnchaidh do dhol lá a ccreachaibh hi cCloinn
Cheallaigh, agus Donnchadh dfágbail doib ina uathadh for deireadh na
ccreach. Pilip do breith fair is in iarmoirecht. Sodhais Donnchadh
la mac ConConnacht co ro marbadh lais é fein agus a mac don chur sin.



Ruaidhri mac Gofraidh Ruaidh MegUidhir, agus Maoilechlainn mac
Donnchaidh mic Gafraidh décc.



Drong mor do Cloinn Gafraidh do marbhadh la cloinn Aedha mic Pilip
na Tuaighe MegUidhir im Mac Gafraidh fein .i. Donnchadh, immo
mac Feilim, agus imo derbrathair .i. Eóin, agus a mac sein dna
Diarmait mac Eoin co ttriar ele imaille friu.


L. 1060


AOIS CRIOST, 1469.



Aois Criost, mile, ceithri cett, Seasccatt a naoí.



Sean Buidhe mac Seain Moir MegCraith comharba Tearmoinn Dabheócc
decc, agus comarba do dhenamh ina ionadh do Dhiarmait mac Marcais mic
Muiris Meg Craith.



Mág Cártaigh Mór tighearna Desmumhan decc.



Aodh mac Uilliam Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine saoi Ereann ar
eineach fear ná ro diult fri dreich nduine do mharbhadh tre fheill la
sliocht Donnchaidh Uí Cheallaigh .i. la cloint Breasail, agus Thaidhcc
mic Donnchaidh Luan Inite an dara la ria fFeil Bearaigh agus dá Ua
Cheallaigh do gairm ina ndiaidh .i. Uilliam mac Aedha mic Briain, agus
Tadhg Caoch mac Uilliam Uí Cheallaigh.



Risderd Occ Ua Raighilligh tanaisi Breifne décc.



Domhnall mac Briain mic Pilip mic an Giolla Duibh MegUidhir, agus
Giolla Iosa mac Corbmaic mic Giolla Iosa Uí Flannacain do marbhadh la
cloinn Aodha Meg Uidhir, agus la Muintir Manchain hi port Achaidh
Inbhir in .9. Calainn September.



Indsaighidh do dhénamh do cloinn Pilip MegUidhir, agus do cloinn Tomais
Oig for cloinn Aedha MegUidhir i Miodhbholcc, agus creacha mora
do tabairt leo don dul sin, agus Brian Maineach mac Donnchaidh mic Aedha
MegUidhir do marbhadh leó.



Ionnsaighidh ele dna do denamh do chloinn an Pilip cedna ar cloinn an
Aodha remhraite hi Lorcc, Eoghan mac Aedha Meg Uidhir, agus
Flaithbeartach a mac do marbhadh leo don turus sin.



Toirrdhealbhach mac Catail Óicc mic Magnusa Meg Uidhir décc.



Tadhg Dubhshúileach mac MecCraith MegUidhir do marbhadh la cloinn
Aedha MegUidir.



Mairgrecc ingen Pilip mic an Giolla Duibh MegUidir ben Mec Gille
Fhinnein, Thaidcc mic Briain décc.


L. 1062


Mac an tSábhaísicch .i. Pattraicc Ócc do ghabail le Faíteachaibh
agus tighearnas Leithe Cathail do gabhail do Phatraicc Faít imaille
le congnamh I Neill, .i. Enri, agus Mheic Uidhelin, agus gach ar
mhair do Shabhaoiseachaibh do chor ar ionnarbadh doibh.



O Gadhra .i. Eocchan mac Tomaltaigh Óicc mic Tomaltaigh Mhoir,
tighearna Chúile Ua fFinn décc eittir da fhéil Muire isin fFoghmar, agus
a mac diongmala Eoghan décc do galar obann iarttain. Diarmaitt a mhac
naile do ghabháil tighearnais i nionad a athar.



Tadhcc mac Maghnusa mic Seain Mec Branain ticcerna Corc Athclann
do mharbhadh a meabhail la a dearbrathair budéin, agus la cloinn a
dearbrathar sechtmain iar bFeil Michíl agus da taoisech do gabhail a
ionaidh, .i. Domhnall mac Corbmaic las ro marbhadh somh agus Uilliam
mac Aedha mac mic Aedha.



Ua Floinn tighearna Siol MaolRuain co na dearbrathair amaille fris
do marbhadh lá Maoileachlainn Ua fFloinn agus Maoileachloinn do gabail
toisigechta iaromh.



Mac Dubhgaill Eoghan mac Eoghain ele do marbhadh ina tigh fein a
meabhail la cloinn Colla Mec Dubhgaill.



Aodh mac Uaithne Uí Ainlighi, agus Tadhcc mac Muircheartaicch mic mic
Tomaltaigh Í Áinlighi decc. Tadhcc mac Briain mic Tomaltaigh do ghabhail
toisighechta.



Eoghan mac Aedha Buidhe Mhég Eochagain tánaisi Cenél Fiachach
do mharbhadh la Cloinn Colmáin.



Risderd mac Tomáis A Burc do threcceadh a thigearnais, agus Ricard
mac Emainn A Burc doirdneadh ina ionadh.



Morsluaiccheadh tra leis Ó nDomnaill (Aedh Ruadh) co maithibh Cenel
cConaill agus co neirghe amach Iochtair Connacht, agus ní ro airis
co rainic do saicchidh Mec Uilliam Burc Riocard mac Emainn, agus
tainic sidhe maille lé humhla hi ccend Uí Domnaill, agus isseadh
ro cinnset na maithe sin ina ccomhairle iaromh dol ar Mac Uilliam
Cloinne Riocaird (Uillecc mac Uillicc an Fhiona) do dhioghail a


L. 1064


nanffoladh agus madma Croisi Moighe Croind do bris Mac Uilliam
Cloinne Riocaird ar Mac Uilliam Burc rias an tan sin. Agus Robdar
aontadhaaigh for an ccomairle hísin do chóidhsiot iaromh i cCloinn
Ricaird. Loiscthear, agus milltear leo cetus an Machaire Riabhach.
Battar adhaidh longpuirt i mBaile an Chláir, .i. baile Mec Uilliam,
agus loiscit é iarttain. Báttar athaidh amlaidh sin ag milleadh agus
ag moirionnradh an tire dá gach leith díobh. Mac Uilliam imorro, .i.
Uilleacc ro tarraing sidhe agus ro thionoil cuicce clann Uí Bhriain,
an Giolla Dubh mac Taidhg, agus Muirce rtach Garb mac Taidhcc, agus
droingdiorma do maithibh DháilcCais immaille friu. Rucc Mac Uilliam
cona sluagh fein agus co na leir thionol ar Ua nDomhnaill ag
fágbhail an tire. Ro chuirset marcshluagh Mec Uilliam agus Siol mBriain
saighin iomruacctha ar deireadh slóigh Uí Domhnaill ag Baile an Duibh
ar tus agus ro freccradh sin co neimhleascc la marcsluagh Uí Domhnaill,
agus lá hEccneachan mac Neachtain Uí Domnaill do shonnradh baoí for
deireadh slóigh Ui Domhnaill gur ro sraoineadh fo dheoidh for marcshluagh
Mec Uilliam agus Shil mBriain, agus ro marbhadh don chur sin Domhnall
mac Ui Concobhair CorcMoDhruadh co sochaidhibh oile nach airimhtear.
Ro thionoil Mac Uilliam agus Siol mBriain a sochraide do ridhise, agus
do coidhset i ninneall agus i norduccadh agus ro lensat a haon comairle
iaromh an slocch sin Uí Domhnaill hi ttóraigheacht. Ar a aoi nír bho
torbha doibh uair ro fillset sluagh Uí Dhomhnaill for marcsluagh Mec
Uilliam, agus Sil mBriain ag an abaind dianadh ainm Glanog, agus
sraointear doridhisi forra annsin, agus fágbaitt daoine eich, agus édala
iomdha, agus ro imthigh set an cuid oile diobh i maidm mhiochososccair.
Cona Maidhm Glanóicce indsin.



AOIS CRIOST, 1470.



Aoís Criost, mile cethre céd, Sechtmoghat.



Pilip mac Tomas mic Pilip mic Aedha Ruaidh MégUidhir adhbhar tighearna
FerMhanach mac oirrigh do bfearr deirc, agus daonnacht, agus ba ferr
dfior


L. 1066


coccaidh ina aimsir, agus O Flannaccain, taoiseach Tuaithe Ratha
Corbmac mac Giolla Iosa decc.



Slóiccheadh mor leis Ó Neill, .i. Enri mac Eoghain hi cCloinn Aodha
Buidhe i ccenn Mhec Uidhelín sa Duibhtrian, agus Mac Í Néill Buidhe
co socraite Cloinne Aodha Buide do dhol ar creich ar Mhac Uidhelín.
O Neill, agus Mac Uidhelín do bhreith forrae. Troid do thabhairt doibh
dia roile, agus brisseadh for Chloinn Aodha Buidhe. Aodh Ócc mac Aodha
Buidhe do ghabhail. Mac Suibhne na Coilleadh agus Eoin Ruadh Mac
Suibhne do gabhail bheós. Art mac Domhnaill Chaoíl Í Neill agus
caislén Sgath Deircce do gabhail la hUa Neill don turus sin, agus a
thabhairt ar laimh Mhec Uidhelín dia coimhéd.



Brian mac Taidhcc Mec Donnchaidh tighearna Átha Cliath an Chorainn
do mharbhadh la Tadhg Mac Briain Mec Donnchaidh, agus a chaoraighecht
do bhein de, agus drong mór diá mhuintir do mharbhadh a maille fris.
Agus mac Mhec Donnchaidh toir do marbhadh ar iomruaccadh an la cedna.



Ruaidhri Bacach mac Ui Neill do mharbhadh la cloinn Airt Í Néill,
agus la sliocht Enri Aimhreidh. Enri agus Brian da mhac Airt Ui
Neill .i. Ó Néill, agus cethrar do sliocht Enri do marbhadh la Conn
mhac Uí Néill ina dhioghail sen i naon ló. O Neill co na chloinn
do dhol fha caislen Cloinne Airt .i. caislen na hOghmaighe.



Eoghan Ua Domhnaill agus clann Neachtain do ghabháil agus do denamh
rainn le cloinn Airt i naghaidh Uí Neill.



Sean mac Domhnaill Bhallaigh MhégUidhir do mharbhadh le Ruaidhri
mac Briain mic Pilip MegUidhir.



Domhnall agus Donnchadh da mhac Eóghain mic Uí Concobhair Ruaidh
do marbadh la Ruaidhri mac Uí Choncobhair Dhuinn. Conn mac Taidhg
Uí Concobhair, agus Cathal mac Feidhlimidh Fhinn do gabail lais beós.



Connla mac Aodha Buidhe Meg Eochaccáin taoiseach Chenél Fhiachach
do mharbhadh for an Achadh mBuidhe acc Tigh Brighde Bhaile Atha an
Urchoir la mac


L. 1068


Airt mic Cuinn Uí Maoileachlainn agus la Cloinn Colmain a ndioghail
a athar .i. Art, do marbhadh laissiumh feacht riamh.



Caislen Sliccigh do ghabháil la hUa nDomhnaill for Domhnall mac
Eoghain Uí Concobhair iar mbeith athaidh fhoda in iomsuidhe fair, agus
a breth fein dfághail dó chomhtoibh dUa Domhnaill don chur sin la
taobh umhla, agus cios chána o Iochtar Connacht. Bá don chur sin
do radadh dó an Leabhar Gerr, agus Leabhar na hUidhri, agus cathaoíreacha
Domhnaill Óicc ruccadh siar re linn Sheain mic Concobhair mic Aodha
mic Domhnaill Óicc Uí Domhnaill.



Sloiccheadh la hUa nDomhnaill agus la hUa Ruairc do dhol for Cruachain
Ó Cuprain do rioghadh Uí Ruairc. Ua Raghailligh, agus Goill, agus
Teallach Dunchadha ar a ccionn diblínibh ag Bél Atha Conaill, agus
Emann mac Aodha Uí Raghailligh, agus mac an Easpuicc Uí Ghallcubhair
do mharbhadh etorra, agus eich, agus daoine do lot. Ua Domhnaill agus
a sluagh diompúdh, agus gan a leiccen for Cruachain don chur sin.



Cethramhna do dhenamh la hIarla o Uaric agus la Diuice Clarens
dfuigheall mallacht fher nEreann .i. don Iustis Saxanach lér milleadh
Tomas Iarla agus as


L. 1070


a ndioghail Tomais tuccadh an midiach sin fair, agus Iustis do denamh
dIarla Cille Dara iarsin.



Sidh do dhenamh dFeidhlimidh Fhionn Ó Concobhair fri sliocht Ui
Concobhair Ruaidh agus fri cách a ccoitchinne.



Mainistir .S. Fronseis i Lios Laichtnín isin Mumhain i nepscopóidecht
Arda Fearta do toccbail la hUa Concobhair Ciarraighe, agus a thogha
fein innte.



AOIS CRIOST, 1471.



Aois Criost, mile, ceithre ched, Seachtmogatt, a haon.



Do tiondsgnadh mainistir la braithribh .S. Fronseis isin nGallbhaile
Etharlach i nepscopóitecht Imligh isin Mumhain, agus do scriosadh
an bliadhain ier sin.



Ua Concobair CorcMoDruadh (Concobar mac Briain Oicc) do mharbhadh isin
Leithinnsi la cloinn a dearbrathar fein, .i. le cloinn Donnchaidh Uí
Conchobhair.



Tadhcc mac Uí Concobhair Fhailgi, .i. an Calbhach, agus Mairgreicce
an Einigh Uí Chearbhaill ionnraighteach Gall agus Gaoidheal decc
don treghait.



Tadhcc Mac Diarmada Ruaidh tighearna Coillteadh Concobhair décc.



Aodh mac Domhnaill mic Muirceartaigh Ui Conchobair do marbhadh lá
sluagh Riocaird A Burc tainicc ar tarraing Ruaidhri mic Briain Uí
Conchobhair.



Domhnall mac Cormaic mic Maghnusa Mec Branain do marbhadh i Lios Ua
nDubhthaigh a meabhail tar slánaibh tighearnadh agus taoiseach Shíl
Muiredhaigh


L. 1072


la Conn mac Taidhg Mec Branáin iar numhlucchadh dó roimhe sin, agus
Emann mac Briain mic Magnusa do marbhadh araon ris.



Diarmaitt mac Muirceartaigh mic Aodha Uí Concobhair do mharbhadh lá
Feidhlimidh mac Uí Concobhair Dhuinn.



Aodh mac Toirrdelbhaigh mic Ruaidhri mic Cathail Uí Concobhair do marbhadh
a meabhail la sliocht Eoghain mic Ruaidhri.



Ionnsaighidh do dhenamh lá Brian mac Feilim Uí Raghailligh hi cCloinn
an Chaoich ar Fherghal mac Seain Uí Raighilligh. Creacha do chur rompa
dhoibh. Feargal do breith forra, agus iomruaccadh do beith etorra, agus
Cathal mac Iriail mic Feidlim Uí Raghailligh do mharbhadh ann. Feargal
do gabhail on lucht naile.



Creacha anba la hUa nDomhnaill agus la cloinn Eoghain Uí Concobhair
for chaoraighecht Cairpre, agus Cloinne Donnchaidh allaníos do
Shligeach. Sloiccheadh mór lá Mac Uilliam Burc i nIochtar Chonnacht
do congnamh le Ruaidhri mac Briain Í Concobhair, agus dol dóibh fa
chaislén Sliccigh. Clann Eoghain Uí Concobhair do beith a bfarradh
Uí Domhnaill an tan sin. Domhnall mac Eoghain do dhol san chaislén
agus tor an dorais do briseadh la Mac Uilliam agus sidh do denamh dóibh
iarsin.



Iarla do ghairm do mac Tomais Iarla, agus a gabhail lá Cloinn
Charthaigh.



Ceatha cloichsnechta dfearthain i mBeltaine maille lé tinntech agus le
toirneach gur mill blatha agus toirthe. No biodh da ordlach nó a tri a
ccloich dibh, agus do gnidis cneadha agus crechta móra ar na daoinibh da
mbendaois.



Sloiccheadh la hUa nDomnaill i nIochtar Connacht co ro creachloisc
cuid mic an Cosnamhaigh I Dubda do Thír Fiachrach.



Creach la cloinn Uí Concobhair Fhailge ó Chenél Fhiachach, agus
Uaitne mac Meg Echagáin agus mac Neill Mic an tSiondaigh go ndruing
ele amaille friu do marbadh leo.



Caislen na hOghmaighe do ghabhail leis Ó Neill Enri mac Eoghain. As
amhlaidh ro gabhadh cumascc do tabhairt do cloinn Uí Neill agus do
cloinn Airt dá roile


L. 1074


a ttús an geimridh. Sraoíneadh for cloinn Airt, agus da mac Airt
do mharbhadh go sochaidhibh ele amhail ro ráidhsemar remhainn. Ua Neill
co na chloinn do suidhe i ttimchell an baile. Sile ingen Í Domnaill,
.i. Niall Garb, ben Neill mic Airt Í Neill do beith is in ccaislen
co sochraide amaille fria. Niall fein co na braithribh do dol i ccenn
Í Dhomhnaill agus Conallach, agus Ó Neill do beith fon ccaislen
o thús Foghmhair go deireadh Earraigh. Tangattar clann Airt iarttain
do shaighidh Í Neill, agus dobertsat an baile do agus dobertsomh da
mac fein é, .i. do Conn, agus do deachaidh dia tigh iaromh.



Trian Conghail uile do gabhail le Conn mac Aedha Buidhe, agus a maite
do teacht cuige, .i. Mac Uí Neill, Mac Uidhilin, agus Enri mac Briain
Ballaicch.



Coccadh mor i nUíbh Failge etir Ua cConcobhair agus Tadhg Ua
Conchobhair. Tadg do dhol i cceand Gall, agus sluagh Gall do breith leis
i nUibh Failghe, agus an tir do milleadh leo co leir.



Iarla Cille Dara agus Goill na Midhe do dhol ar sloiccheadh hi
FearnMaigh, agus creacha mora do dhenamh ar Mag Mathghamna. Mag
Mathgamhna do tionol a tire iarsin. Airgthe mora, loisccthi agus ár
daoíne do thabhairt dó ar Ghallaibh a ndiogail na ccreach sin.



Ruaidhri mac Donnchaidh mic Aodha MegUidir do marbhadh la Colla mac
Aodha MegUidhir agus la a cloinn acc teach MegCraith i nAllt Ruaidhri
hi Tearmonn


L. 1076


Dabheócc. Donnchadh Ócc mac Donnchaidh MégUidhir do lenmain Colla,
agus éféin, agus a mac do mharbhadh ar namarach is in ionadh cedna tre
miorbuilibh Dé agus Dabheocc.



Sloiccheadh lá hUa Neill hi tTír Breasail agus a losccadh leis. Meic
riogh Tire Conaill uile, agus clann Airt Í Neill do breith forra, agus
O Neill do shoadh dia tigh don turas sin.



MagUidhir, .i. Tomas Occ mac Tomais do chor a tighearnais de ar
ccaithemh urmhóir a aoisi le deirc, le heineach, agus le huaisle, agus
tighearnas do tabhairt da mac (Émann), agus a mac ele dfáccbháil ina
tanaisde, an treas mac Rossa i nespuccóide Clochair.



Muircertach mac Eoghain Uí Neill decc.



Aodh mac Briain mic Pilip na Tuaighe MegUidhir decc .16. calainn
Marta.



AOIS CRIOST, 1472.



Aois Criost, mile, ceitre céd, Sechtmoghadh, a dó.



Mathghamhain mac Toirrdhealbhaigh Uí Briain tanaisi Tuadhmuman
décc.



O Catháin Ruaidhri Ainshesccar do mharbhadh a ffiull la Mac Uidhelín
.i. Seinicin Carrach. Conn mac Aodha Buidhe Uí Neill do thionol
a sochraitte agus Goffraidh Ua Catháin dearbrathair don Ruaidhri
chedna do dol gus an Ruta do dhioghail Ruaidhri ar Mac Uidhelín.
Feachar iomairecc etorra co ttorchair Goffraidh Ua Catháin (fer lan
do dheirc, deineach, agus duaisle), la Rudhraighe Mac Uidhilín daon
urchor gae. Indsaighidh do dhenamh ar namarach don Conn cedna ar an
Rúta, agus maidhm mor do thabairt forra, agus Mac Uidhilín fein
Corbmac do


L. 1078


mharbhadh. Mac Uidhilin do gairm do Rudhraighe agus sith do denamh
dhó lé Mac Aedha Buidhe (.i. Conn), agus coinne do dhenamh dóibh
le hoireacht Ui Catháin. Dol do Mac Uidhilin hi ccoite becc ar
bun na Banna do tocht do lathair Ui Catháin. Dream doirecht Uí
Catháin do theccmail dó acc dol i ttír, agus a marbadh agus bhathadh
ar in mBanna.



Donnchadh mac Tomais Óicc MegUidhir do gabhail le na dearbhrathair
féin Emand, .i. Mag Uidhir, ina bhaile feisin, agus fuasccladh mór
do bhuain as.



Mac Suibhne Fanad MaolMuire do mharbhadh i maidhm an Tapadain, agus
Domhnall mac Félim Uí Dochartaicch, la cloinn Neachtain Uí Domhnaill,
agus la hUa Neill, agus a mac Ruaidhri Meic Suibhne do ghabhail a
ionaid.



Brian mac Feilim mic Duinn mic ConChonnacht MegUidhir do marbhadh la
cloind tSeain Bhuidhe Meg Mathghamhna, agus la Cloinn nDomnaill
Cloinne Ceallaigh.



O hEidirsceoil Mór, Fingin mac Mheiccon mic Fingin mic Donnchaidh
Guitt décc ina thigh féin iar ndenamh oilithre San Sem, agus a mhac
Tadhcc mac Finghin décc go haithriccheach a ccionn mhís iar nécc a
athar iar tteacht ón oilithre chédna.



Clann Még Raghnaill Conchobhar, agus Maoilechlainn da mac taoisigh do
bferr oineach agus uaisle do bhi a cConnachtaibh ina ré do mharbhadh
i naon lo la Sliocht Mhaoileachlainn Még Ragnaill tri seachtmhaine ria
Nodlaicc iar marbhadh mheic Conmhaic mec Seoinin leo iar ccor an tíre
futhaibh co Sliabh Cairpre, agus iar mbreith buadha gacha teccmhála
gus an ló sin.



Eocchan mac Concobhair Mec Diarmada décc an Aoine ria bFéil Bearaigh.



Muirchertach mac Tomaltaigh mic Iomair Uí Áinnlighi décc.


L. 1080


Diarmaitt mac Seaain mic Maoileachlainn Uí Ferghail do mharbhadh la
cloinn tSeain mic Domnaill Ui Fherghail.



Tomaltach mac Concobhair Mec Diarmada do marbhadh la cloinn Diarmada
mic Ruaidhri Mec Diarmata Domhnach na Paisi i mBéol Atha Chaisil
Bracain.



Uilliam mac Taidhcc Chaoich mic Uilliam Uí Ceallaigh do marbhadh lá
mac Taidhcc mic Donnchaidh Uí Cheallaigh.



Móirionnsaicchidh la hUa cCeallaigh for an Muine Liath, Goill
Iarthair Mhidhe do breith fair, Diúidicch, Peitidigh,
Tirialaigh, Dairsighigh agus Dalatúnaigh. Briseadh for
Ua cCeallaigh. Donnchadh Ua Ceallaigh co sochaidhe amaille fris
do ergabhail, agus drong dá ccoisidhibh, agus da cceithearnaibh
do mharbhadh.



Anmann iongantach do theacht i nEirinn o righ Saxan .i. ionnsamhail
bhaineich, dath buidhe fuirre, ingne bó aice, braighe fhoda, ceann ro mor,
earball imleabhar osé granna teircfionnfadhach, agus díollait di fein
fuirre, cruithneacht, agus salann aseadh nó caithedh, no thairrngedh gach
slaod eire dá mhéd as a herball. Do leicceadh for a gluinibh fo gach dorus
da airde, agus acc dol dia marcach fuirre.



Iarla ócc Desmumhan do leiccenn la Cloinn Cárthaigh, agus Gearoitt
mac an Iarla deinirtniucchadh lais.



Maine Sionnach tighearna Muintire Tadhgain do mharbhadh, agus Tadhcc
mac Maine do gabhail a ionaid.



Ualgarcc mac Cathail Bhallaigh Uí Ruairc do marbhadh la Muintir
Eócchain mic Lochlainn Ui Ruairc.



Sloiccheadh la Mac Uilliam Burc i nUibh Maine do chongnamh la Tadg
cCaoch Ua cCeallaigh agus iar ngabhail neirt for Maineachaibh o
Shuca siar, agus iar bfaghbhail bragat uatha do ronadh dioghbail mhór
dho fo dheoidh uair ro éla seisear ar fichit as an sluagh im mac Mic
Uater ABurc, im cloinn Mec Muiris, im cloinn Mec Siurtain, agus im
mac Mec an Mileadh, et cetera. Ro gabaitt, agus ro marbhait uile la
Maineachaibh cenmota Mac Siúrtáin a aonar terna ar eiccin beóghonta
allos a lamha, agus Mac Uilliam do shoadh fo mhela.



An Giolla Glas mac Uí Uiccinn decc a fFocchmhar na bliadhna so.


L. 1082


AOIS CRIOST, 1473.



Aois Criost, mile, ceithre ced, Seachtmoghat, a trí.



Dondchadh mac Aedha mic Pilip MegUidhir décc ina ticch fein iar mbreith
buadha o domhan, agus o deamhan.



Art mac Domhnaill Bhallaigh MegUidhir décc iar mbuaidh nongtha agus
naithricche.



Cathal Riabhach mac Duinn Cathanaicch mic Macchnusa MegUidir agus
Ruaidhri mac Airt Í Neill décc.



Tomas mac MegUidhir (.i. Emann mac Tomais) do mharbhadh le cloinn
Cathail MegUidir a fiull.



Raghnall mac Seffraidh MegRaghnaill adbar taoisigh Conmaicne décc.



Muircertach mac Uí Conchobhair Fhailgi do marbhadh.



Eduard mac Baruin Delbhna do cor do cum báis i nAth Cliath tri a
mhíbhesaibh budhdhéin.



Mac Uilliam Burc .i. Risderd, décc iar ttreccadh a tighearnais dó
roimhe sin ar Dia.



Tómás Mac Feorais tighearna Atha na Riogh agus Conmaicne Dhuine
Moir décc iar sendataidh toghaidhe, agus a mac féin, .i. Tomas Ócc
do ghabhail a ionaidh, agus ainm do gairm do mac Risdeird Mec Feorais
ina aghaidh.



Ruaidhri mac Aédha mic Toirrdhelbhaigh Óicc Uí Concobhair Rioghdamhna
Connacht do marbhadh la hUilliam mac Emainn Mic Uilliam hi cCeall
Bruicch Baile an Turlaicch.



Emann mac Matha mic ConChonnacht Uí Fhergail décc.



Uilliam Mac Raghnaill lethtaoiseach Muintire hEolais décc.



Feidhlimidh Mácc Cochlain adhbhar tighearna Delbna décc.



MaolRuanaidh mac Feargail Mec Diarmada décc.



MaolRuanaidh mac Cathail mic Tomaltaigh Mec Diarmata do marbadh la
Corbmac mic Ruaidhri Mec Diarmata hi mBealach na hUrbron.


L. 1084


Donnchadh mac Fergail mic Eoghain mic Tighearnáin Mhóir Uí Ruairc
do mharbhadh lá a chenel feisin.



Conchobhar mac Diarmata Uí Chonchobhair Failge décc.



Emann mac Domhnaill Buidhe Uí Fergail décc.



Coccadh mór a Muintir Eolais agus moran do mhilleadh etorra eittir
losccadh agus mharbhadh. Indsaicchidh do thabhairt lá Mag Raghnaill
ar bhaile Mhég Senlaoich, an baile do losccadh agus Donnchadh mac
Donnchaidh Mec Seanlaoich do mharbhadh ann co ndroing eile. Sliocht
Maoileachlainn do thionol for an Tulaigh co ro loisccsead an baile.
Mag Raghnaill do breith forra, agus Ruaidhri Mac Donnchaidh, agus
clann Corbmaic Bhallaigh meic Mec Donnchaidh, Ualtar Mac Dubhghaill,
agus Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Mec Dubhgaill go ro comraicset
diblinibh i nDoire Baile na Cairrcce. Briseadh for Sliocht
Mhaoileachlainn. Feargal mac Murchaidh Meg Ragnaill sáith Conmaicne
daoín tighearna do mharbhadh don chur sin, agus Diarmait mac Uilliam
MegRaghnaill, Cathal mac Uaithne mic Murchaidh, Brian mac Diarmata
MegRaghnaill, Brian Mág Senlaoich, Risderd Mac Searraigh, agus sochaidhe
cenmothát do marbhadh amaille friu.



Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill i nIochtar Connacht co rucc cíos Uí
Conchobhair dó budhein.



Mac Mec Domhnaill na hAlban .i. Giolla Espuicc mac Domhnaill mic Eoin
na hÍle décc.



O Duibhidhir .i. Tomas mac Concobhair mic Tomais do mharbhadh la
Siol cCeinneittigh.



O hUiginn .i. Giolla na Naomh mac Ruaidhri Móir décc.



Brian mac Roibeird Mec Aedhaccáin ollamh Uí Concobhair Dhuinn agus
Uí Ainlighi décc.



Baile na Gaillmhe do losccadh an dara la do mhi Iun, dia hAoíne do
shonnradh agus moran do milleadh ann.



Ua Ferghail Irial do dhalladh.


L. 1086


AOIS CRIOST, 1474.



Aoís Criost, mile, cethre chéd, Sechtmogat, a cethair.



Mainistir Dúin na nGall do thionnsgnadh la hAodh Ruadh (.i. Ó
Domhnaill) mac Neill Ghairbh, agus la a mhnaoi Fionnghuala inghen
Uí Briain (Concobhar na Srona), agus a hedhbairt do Dia agus do
braithribh .S. Fronseis do raith a nanma ar daigh gombadh Romh
adhnaicthe an mainistir sin doibh budhdhéin agus dia cclannmaicne ina
ndeadhaidh, agus nir bo hisidhe namá, acht rattsat asccadha iomdha oile
doibh.



Epscop Doire .i. Niocol do ecc.



O Concobhair Failge .i. Conn mac an Chalbhaigh decc is in Foghmar
do shonradh agus a mhac Cathaoir doirdneadh ina ionad.



Mag Eochaccain, Cú Coiccriche mac Neill ticcerna Chenél Fhiachach
do marbhadh la hAodh Mac Ferghail MegEochagain, agus an tír do mhilleadh
la hUa cConcobhair fFailge, agus caislen an Bhaile Nuí do bhriseadh
lais, agus Sliocht Ferghail Ruaidh diondarbadh.



Mag Mathgamhna .i. Rudhraighe Ócc do écc iar mbreith buadha o dhemhan
agus o dhomhan.



Donn Ruadh mac ConConnacht MégUidir do marbhadh la mac Riocaird Mec
Cathmaoíl.



Flaithbertach mac Tomáis Óicc MegUidhir décc ina thigh fein iar mbuaidh
naithrighe.



Ferghal mac Seain Uí Raighilligh do ecc.



Crecha móra do dhenamh dUa Domhnaill ar Muintir Í Neill, .i. ar
Aodh mBallach mac Domhnaill.



Coccadh mor etir Ua Neill agus clann Aodha Buidhe Uí Néill agus
O Neill do dhol ar sluaiccheadh i tTír Conuill, agus Tir Aodha
do losccadh leis, agus teacht slán dia thigh.



Indsaicchidh do dhénamh dUa Neill ar mhac Aodha Buidhe agus ar cloinn
Airt


L. 1088


Í Néill is in Tuaisceart agus crecha mora do chor rempa. Trian
Congail uile do bhreith orra. O Neill do bhreith na ccrech leis, agus
techt slán dia thigh.



Lá coinne dorducchadh la hUa cConcobhair nDonn .i. Feidhlimidh mac
Toirrdhealbhaigh, agus la hUa cCeallaigh, agus briseadh sioda etorra
is in ccoinne hisin iar ndol i ccenn aroile doibh, go ro briseadh for
Ua cConcobhair, ro gonadh e, agus Ro gabhadh dna a mhac .i. Eoghan
Caoch. Ro gabhadh umorro Toirrdhealbhach Caoch Mac Suibhne.
Ro marbadh din Eoghan Caoch Mac Suibhne agus mac Dubhgaill Gruamdha
Mac Suibhne. Ro gabhadh ann consapal Meic Donnchaidh, agus ro ládh
ár na nGallocclach etir marbhadh agus gabhail. Ua Concobhair decc
dia ghonaibh iarttain, agus da thighearna do ghairm ina ionadh, .i.
Donnchadh Dubhsuileach agus Tadhg mac Eoghain Uí Concobhair.



Mac Uí Briain, .i. Tadg mac Concobhair, agus Diarmaid mac an
Easpuicc Uí Briain do theaccmail re roile tre imresain ferainn boí etorra,
agus rop áil lá Tadg Diarmait do ghabhail. Do ratt Diarmait beim
do chloidhimh do Thadg ina chennmhullach gur leicc a inchinn amach.
Ar a ai gabhais muinter Taidhg eisiumh, agus do bert anacal dó. Atbail
Tadg gan fhuireach. Ro riaghadh Diarmait iaramh la hUa mBriain a
ccionaidh a mhic.



An Giolla Dubh Ua hEaghra (.i. mac Uí Eghra) do mharbhadh la a
dherbrathair fein Eoghan.



Tadhg Ua Briain tighearna Aradh do écc.



Laighnech mac Neill Meg Eochaccain do écc.



MaoilSeachlainn mac Aodha Mec Branain, agus Eduard Ploingced an
taon Gall ro bferr do Ghallaibh na Midhe do ecc.


L. 1090


Donnchadh mac Muircertaigh, mic Aodha Uí Concobair diarsma Cloinne
Muirceartaigh Mhuimhnigh do ecc i tTopar Oilbhe for Maigh Aí.



Sean mac Maoilechlainn Uí Feargail, agus Diarmaid Gall mac Mec
Diarmatta Gall décc.



Diarmaid mac Concobhair mic Seaffraidh toiseach Cloinne Cathail
décc an Aoíne ria bFeil Michil.



Cairpre mac Aodha mic Ruaidhri mic Briain Bhallaigh do mharbhadh la
Sliocht Taidhcc Uí Choncobair.



Giolla Fionn Mac Aedhaccain ollamh Ui Concobair Fhailgi, agus
Tomás mac Domhnaill Uí Cobthaigh décc.



Ua Dálaigh Midhe, .i. Cairpre décc.



Toisigeacht na hAnghaile do ghabhail do Shean Ua Fherghail a cceann
a dhearbrathar do bhí dall.



AOIS CRIOST, 1475.



Aoís Criost, mile, cethre ched, Seactmodha, a cúicc.



Donnchadh mac Aedha Mec Suibhne Prioir décc.



Aodh mac Eoghain mic Neill Oicc Uí Neill fear do ba lán deineach,
agus dengnamh duaisle, agus doirbheart rioghdamna Chenél Eoghain
décc ina thig féin iar mbuaidh nongtha agus naithricche.



Aodh mac Neachtain Ui Dhomhnaill do bhathadh i ccoite ar bun na
Banna.



Concobhar mac Briain Mec Donnchaidh décc hi mí Ianuarii.



Domnall mac Seaain Uí Fergail do mharbhadh la cloinn Cathail mic
Uilliam Uí Ferghail, agus a ndiochur fein i meascc Gall.



Murchadh mac Eoghain Uí Madadhain tighearna Sil nAnmchadha, agus
Diarmait mac Briain Uí Birn decc.



Sean Ua Feargail taoiseach na hAngaile décc hi nGranard iar ndenamh


L. 1092


bainnsi a thaisighechta riasiu do chaith ní da toradh, agus a adhnacal hi
mainistir Leth Ratha.



Rudhraighe mac Rosa mic Muircertaigh Midhigh mic Briain Uí Fergail
do ecc ré bel toisighechta do gabháil dó, agus taoiseach do gairm do
Rudhraighe mac Cathail mic Tomais i nacchaidh sleachta Seain mic
Domhnaill Uí Fergail.



Sionnach Muintire Tadhgáin do mharbhadh la Murchadh mac Airt Uí
Mhaoílechlainn.



Emann mac Maoileachlainn hUi Ainligi sáith na ttri ttuath do thaoíseach
decc an cethramadh lá iar fFel Míchil Dia Dardaoin ar aoí laithe
sechtmaine.



Coccadh mor etir Mag Mathghamna, .i. Remann mac Rudhraighe, agus
clann Aodha Ruaidh Mhég Mathgamna. Imirce neirt do dhenomh do clainn
Aodha Ruaidh hi fFearnmhaigh, agus sluagh Gall do techtmina ccomairrcis.
Mag Mathghamhna do thecht isteach fan Eóganaigh, agus dol dó amach
doridhisi hi Fearnmhaigh, agus clann Aodha do dhol ar Galldacht.
Mag Matghamhna co na sochraide do denamh ionnsaighe ar Ghallaibh.
Clann Aedha Ruaidh, agus Goill Mhachaire Airghiall do breith fair.
Sraoineadh for Mag Mathgamna, agus e féin, agus Brian mac Rudhraighe
Meg Mathghamhna do ghabháil agus drong mor ele do mharbhadh, agus
do ghabháil don chur soin dia mhuintir.



Sluaiccheadh timcill la hUa nDomhnaill, .i. Aodh Ruadh mac Néill
Ghairbh, MagUidhir, Ua Ruairc agus maithe Iochtair Chonnacht imaille
fris, agus gabháil dóibh ar tus go Bel Atha Conaill do thobhach Briain
mic Feilim Uí Raighilligh ro bai na fhear rainn agus pairte ag Ua
nDomnaill, agus do denam síodha etir Ua Ruairc agus Ua Raighilligh.
Tainic dna Ua Raighilligh hi ccenn Uí Domhnaill go Bél Átha Conaill,
agus ro shiodhaigh Ua Ruairc agus Ua Raighilligh fria roile, agus
Brian mac Feilim bheos, agus do radadh Pilip Ua Raighilligh dUa
nDomhnaill fri tairisi agus fri comhall dó co na breith fein amaille
fris. Iseadh do chóidh iaromh co Fiodhnach Maighe Réin, agus tainicc
Mág Raghnaill ina chend. Téid iaramh is in Angaile do chongnamh la
cloinn Íriail Uí Fergail batar ina ccairdibh aige gur ro milleadh agus
gur ro


L. 1094


loiscceadh leis an Angaile achtmadh cuid chloinni Iriail inama, agus
fágbhais clann Iriail i ttren agus hi ttreisi. Do choidh asidhe iaramh
tre Iarthar Midhe co ro loiscceadh bailte caislein Delbhna agus an
tír ar gach taoibh diobh lais. Baí adhaidh longpuirt hi cCuircne Midhe.
Tangattar Diolmhainigh agus Dalatunaigh ina teach, agus do rónsat sidh
fris. Teid iaromh i nUibh Failghe ar tarraing Uí Concobhair Fhailghe
do bi na bhrathair aicce, .i. Cathaoir mac Cuinn mic an Calbhaigh, agus
do dhioghail a athar, .i. Niall Garbh ar Ghallaibh, baoí re headh i
nUibh Failge acc indradh agus acc orccain na Midhe ar gach leath uadh.
Bristear, agus loisctear leis Caislén Cairpre, agus Baile Mhaoilir.
Loisccthear, agus airccthear leis bheós Fir Bhriúin, agus Fir Tulach,
agus fuair dna comhadha o lucht an Mhuilinn Chirr ar an mbaile do
leccadh dóibh gan orccain, iar milleadh an tíre ar gach taoibh de.
Do chóidh iaromh ar Coilltibh an Ruba ar tarraing Cholmáin Uí
Maoíleachlainn, agus ro gabh for milleadh Cloinne Colmáin, .i.
dúthaigh Uí Mhaoileachlainn. Ro loiscceadh leis dna caislén Maighe
Tamhnach agus caislen Maighe hEille. Bá don chur sin tra ro sraíneadh
maidhm na Gairbh Eisccreach lá hUa nDomhnaill for Ua Maoileachlainn
co líon a thionoil agus a sochraide. Maidm Belaigh na cCorr Gad ainm
oile dhó ona gadaibh nó sindís lucht an tíre fo braighdibh druinge don
tsluagh tre iomcumga an bhealaigh hísin. Ba isin lo cedna ro meabhaidh
maidhm Baile Locha Luatha ria hUa nDomhnaill du in ro marbhad mac
Meg Amhalgaidh co sochaidhibh


L. 1096


amaille fris, agus battar adhaigh longpuirt isin maighin sin. Luidh
Ua Domhnaill co na sluagh arnamarach go Sionainn. Ro teglaimseat
agus ro tionoilsiot na dronga do Shiol cCeallaigh battar ina fharradh
for an sluaigheadh sin a bfuairsiot ina ccomhfochraibh darthraighibh
co ndeachaidh Ua Domhnaill co na sluagh tar Sionainn i nUibh
Maine, agus Ro airis ainnsein go ro chuir scis agus athtoirse a sloighidh
imchein de. Luidh iarttain hi cCloinn Riocaird agus a cConmaicne
Chuile, agus hi cCloinn Goisdelbhaigh, agus tarais tre Machaire
Connacht agus dia thír feisin iar na riarucchadh, agus iar mbreith
buadha agus cosgair da gach maighin gus a ráinicc.



Aodh mac Eoghain mic Cathail Ui Conchobair, Uilliam mac Taidg Uí
Cheallaigh, agus Hoibeard mac Rudhraighe mic Rosa décc.



Barun Delbna décc.



Da mac Airt Uí Maoileachlainn do mharbhadh lá Colmán mac Airt Uí
Mhaoílechlainn.



Caislen an Chalaidh do gabail lá Mac Uilliam Cloinne Ricaird, agus
a thabhairt do mac Mhaoileachlainn Uí Cheallaigh, .i. mac a ingeine
feisin.



Corbmac Ua Cuirnín oide eiges Ereann, agus Giolla na Naemh mac
Maoileachlainn Uí Uiccinn décc.



Feidhlimidh mac mic Ui Neill, agus Mac an tSábhaoisigh dho ghabháil
lá Conn mac Aodha Buidhe, agus Mac an tSábhaisigh deludh uadh iar sin.


L. 1098


AOIS CRIOST, 1476.



Aois Criost, mile, ceithre ced, seachtmogat, a sé.



An tepscop Mag Samhradháin do écc. Sean mac Briain ina ionad.



Seaffraidh mac Siacusa príoír Mainistreach Deircc décc.



Uaitne mac mic Cathail Uí Conchobair solus eccna na hEreann agus
ardmaighistir is na healadhnachaibh décc.



MagUidir .i. Tadg mac Emainn mic Tomais do mharbhadh a ffioll la a
dhearbhrathair Ruaidhri.



Donnchadh mac Tomais mic Tomais mic Pilip MegUidhir adhbhar tighearna
FearManach, fear lan do deaghaithne, deineach, agus doirdearcus decc
iar mbuaidh naitrighe.



Tuathal mac Uí Neill do marbhadh la Gallaibh Machaire Airghiall.



Tadhg Ócc mac Taidhcc mic Tighearnáin Uí Ruairc tanaisi na Breifne
decc.



Aedh mac Ui Cheallaigh (.i. Uilliam) do marbhadh la Tadhcc a
dhearbhrathair féin i nAth Luain.



Ua hEaghra Iartarach .i. Riabhach .i. Uilliam décc.



Tadhg mac Eoghain mic Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh i ffiull
la triar dá muintir féin, .i. mac Ruaidhri Ruadh mac Eoghain mic
Cathail, agus mac Cathair an Abadh Uí Concobhair, agus mac Donnchaidh
Uí Taidhg, agus caislén Rosa Comain do gabháil dóibh, agus a gabháil
forra sin fo cedóir.



Edaoin ingean Domhnaill mic Muircheartaigh bean Uí Concobair
Dhuinn décc.



Dearbforgaill inghen Feidhlimidh Fhinn Uí Concobhair bean Uí
Concobhair Duinn décc.



Brian mac Fergail Ruaidh Uí Uiccinn cend a fhine fein oide sgol
Ereann agus Alban lé dán decc Dia Dardaoín Mandala, agus a adnacal
i nAth Leathain.



Domhnall Riabhach mac Gearailt Caomhanaigh tighearna Laighen décc.


L. 1100


Ionnsaighidh do dhenamh dUa Neill ar Oirghiallaibh, agus clann Még
Mathgamhna .i. clann Rémainn, agus Bhrian mac Rudhraighe, agus
Oirghialla uile ó Eoghanaigh asteach do teichemh siar fo machaire
Tulcha, creacha, agus airccthe do breith dUa Neill uatha on machaire
remhráite, agus o leithimlibh Breifne, agus Neill do theacht dia thicch
iarsin fo bhuaidh agus cosccar.



Slóiccheadh mór la hUa Neill do chum meic Aedha Bhuidhe Uí Neill,
agus dol dó fo caislén Beoil Feirste. An caislén do ghabhail, agus
do briseadh leis, agus teacht dia tigh iar sin.



Seaan mac Uí Anluain dho marbhadh lá a dearbrathair.



Morshluaiccheadh lá Mac Uilliam Burc i nIochtar Connacht, agus sluagh
ele lá hUa nDomhnaill ina aghaidh. Do riacht Ua Domhnaill co Cúil
Cnamha, agus Mac Uilliam co Coilltibh Luighne. Do deachaidh Mac
Diarmada hi toirithin Mec Uilliam, agus Mac Donnchaidh i ttoirithin
Uí Domhnaill. Do thaod Ua Domhnaill tar fearsait na Fionntragha.
Ro benadh eich agus daoíne de ag dol anonn hi cCairpre. Ro lean Mac
Uilliam anonn hé. Battar aghaidh in aghaidh amhlaidh sin co ndearnsat
sídh fo dheóidh, agus ro rannsat Iochtar Chonnacht ar dhó, .i. Uí
Dhúbda crioch Luigne, agus leth Cairpre lá Mac Uilliam, agus an leth
naill lá hUa nDomnaill.



Morsluaiccheadh Gall na Midhe hi Maigh Breaghmaine gur bhriseattar an
Ráith Riabhach go ro fhéimghedar an Phailís. Loisccit Mainistir
Shruthra. Milltear leo guirt agus arbhanna an tire, agus sgaraitt cen
sídh.


L. 1102


Mag Raghnaill do dhol hi Maigh Breaghmhaine co ro mhill a ndeachaidh
on tsluagh Gall dia narbhannaibh.



Coccadh mór etir Gallaibh Midhe agus Laighin, agus mac Seaain mic
Mec Tomais do mharbhadh for an ccoccadh sin. A triar dearbrathar sidhe
agus mac Airt mic Cuinn Uí Mhaoileachlainn, agus mac Muiris mic Piarais
do gabháil lá hUa cConchobhair fFailghe.



AOIS CRIOST, 1477.



Aois Criost, mile, ceithre ched, Seachtmoghad, a seacht.



Gearoid mac Iarla Deasmumhan do mharbhadh, agus ocht fir dhécc do
Ghearaltachaibh do chor chum báis iarsin.



Brian mac Muirgheasa Mec Diarmatta do mharbhadh lá a chenel feisin.



Ailbhe inghean Aedha MhegUidhir ben tuc í féin agus a maithes bliadhain
ria na bás do Dhia, agus do mainistir Leasa Gabhail décc.



Aodh mac Donnchaidh mic Tomais MegUidhir, agus Brian mac Conchobhair
Óig MegUidhir decc.



Ruaidhri mac Emainn MegUidhir do mharbhadh la CoinConnacht mic Remainn
Riabhaigh mic Duinn mic ConConnacht MegUidhir a ffiull.



Donn mac Eoccain mic Aedha MegUidhir do mharbhadh la Donnchadh Ócc
mac Donnchaidh mic Aodha.



Matha Ua Luinin aircinneach na hArda saoí re seanchus décc.



Easaonta agus imresain do fhas eitir Ua nDomnaill agus clann Neachtain
Uí Domhnaill. Niall mac Domnaill Uí Domhnaill agus Felim mac
Toirrdealbhaigh Uí Domhnaill do mharbhadh la cloinn Neachtain don cur
sin, agus dioghbhail mhór do denamh etorra. O Neill do dhol ar
sluaigheadh i tTír Aodha ar tarraing cloinne Neachtain, agus Tír
Aodha do mhilleadh, agus do losccadh leis, agus tocht dia thigh fo
bhuaidh, agus cosccar iarsin.


L. 1104


Corbmac mac Donnchaidh mic Mec Carthaigh Riabhaigh do gabhail lá
Corbmac mac Taidhcc mic Corbmaic mic Diarmata Remhair Musccraighe,
agus la cloinn Diarmata an Dúnaidh, .i. clann dearbrathar a athar fein.
Coccadh Mumhan amach uile derge tres an marbadh ngabháil
sin, agus an leth thes do mhilleadh uile eittir Ghallaibh agus Gaoidhealaibh.



Mac Uaitne Uí Mhordha do mharbhadh hi mBaile Daithi la Mac Piarais
Buitilér agus la hArt Ua cConchobhair.



Gaoth mhór oidhche Fheile Eoin Bruinne do beith is in mbliadhain si
co ro mhill iomarcraidh do chumhdaighibh cloch, clarach, crannocc, agus
cruach sechnón Ereann.



AOIS CRIOST, 1478.



Aois Criost, mile, ceithre chéd, Sechtmoghatt, a hocht.



An tEpscop Ua hUiccinn, .i. epscop Maighe Eo na Saxan décc.



An tEspucc Mag Samhradhain décc.



Tomas Dubh Ua Cairbre biocaire Achaidh Urchair fer eaccnaidh
craibhdech ésidhe decc.



Iarla Cille Dara décc, agus Gearoid a mac do gabail a ionaid.



Risderd mac Emainn Mic Risdeird Buitiler do marbhadh lá Fingin
Ruadh mac Fínghin (.i. dOsraighibh) i ndorus Chille Cainnigh.



Corbmac mac Donnchaidh Még Carthaigh do dhalladh la a bhraithribh
iar na beith i laim aca re hedh.



Donnchadh mac Briain Bhallaigh Ui Conchobhair, agus Toirrdhealbhach
mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh Ui Concobhair décc.


L. 1106


An Giolla Dubh mac Briain mic Feilim Uí Raighilligh décc.



Tomás mac Piarais Buitilér do marbadh.



Tomas Ua Conchenainn tighearna Ua nDiarmata do mharbhadh lá mac a
dearbrathar fein.



Pláigh mhór do theacht le luing ar chuan Eassa Ruaidh, lethnucchadh
don phláigh sin hi fFearaibh Manach hi tTír Chonaill, agus is in
cCúicceadh go coithchenn, agus Mac an Baird .i. Gofraidh, Tire
Conaill decc di, agus dioghbhail mhor do deanamh di is in
cCúicceadh uile.



Mac Ritbeartaigh, .i. Ciothruaidh ollamh MegUidhir lé dan, Tadhg
Fionn Ua Luinín saoí le leighes agus le seanchas, Ua Breisléin Tadhcc
mac Eoghain ollamh MegUidhir le breithemhnas, agus Ua Cobhthaigh
Muirceartach Bacach décc.



Iondsaighidh do dhenamh dAodh Ócc Mácc Mathgamhna sa lucht tighe
ar Brian mac Remainn Meg Mathghamhna. Creacha mora do dhénamh dó
agus Brian fein do gabhail i ttoraighecht na creiche.



Maoileachlainn mac Aodha Buidhe MegEochagain tighearna Chenél
Fhiachach do mharbhadh ina chodladh lá dís dia muintir fein hi ccaislén
Leth Ratha, agus a losccadh búdhein ina ccionaidh.



Emann mac Conchobhair Meg Raghnaill décc.



Uilliam mac Seaain Uí Feargail do mharbhadh durchor do cuaille dfior
dia muintir féin.



Pláigh mhór i nErinn uile. Barun Delbna agus Mac Muiris Airig
decc di.



Fachtna Ua Feargail do marbhadh la mac Emainn mic Hoiberd Dalatun.



Art mac Colmain Uí Maoileachlaind agus Mac Samhradhain .i. Cathal
mac Donnchaidh Ballaigh decc.



Mac Feargail Uí Gadra, agus Magnus Mac Dabhid do marbhadh la
sliocht Ruaidri Mec Diarmata.


L. 1108


Emann mac Taidhcc mic Lochlainn Uí Ainlighe do mharbhadh la a chenél
budh dhéin.



Caislen Sliccigh do gabhail lá Mac Uilliam Burc for bardaibh Uí
Domhnaill agus a thabhairt do mac Briain Uí Concobhair. Mac Uilliam
Burc do thecht hi Maigh Luircc iarsin, agus an tír do mhilleadh dhó,
.i. cuid Ruaidhri Mec Diarmata. Ruaidhri do dol for Cruachan ina
dioghailsidhe i naghaidh Concobhair Mec Diarmatta baí ina Mac
Diarmata, agus ina rann ag Mac Uilliam, agus suidhe dhó as a haithle
a ttimcheall na Cairrcce a fforbhaisi, agus sasa do chor chuicce do
delbattar saoir tuccadh a Fearaibh Manach, agus aon mac Mec Diarmata
do marbhadh durchor saighde as an tsás sin, agus an Carracc do ghabhail
tres an urchor sin. Lain tighearnas Maighe Luircc do gabhail do
Ruaidhri, agus Conchobar do dhíbirt.



Coccadh adhbal for Machaire Connacht. Feidhlim Fionn agus Ua
Conchobair Donn do leith annsin, clann ócc Thaidhcc Uí Chonchobhair,
clann Feidhlim, agus clann Uí Concobhair Ruaidh don leith araill.
An machaire uile etir chill agus tuaith do mhilledh etorra.
Toirrdhealbhach Ruadh mac Ruaidhri mic Feidhlimidh Uí Conchobhair
rogha mac ríogh do mharbhadh ar in ccoccadh sin.



Tadhg mac Diarmada Ruaidh Uí Conchobhair do mharbhadh la Sliocht
Briain Bhallaigh a mebail.



Gaoth adhbal do thurccbhail oidhche Nodlac Steill, agus bá hoidhche dilginn
do cach í ar a mhéd ro mhudhaidh do dhaoínibh agus ceathraibh, chrannaibh,
agus chumhdaighibh uiscce agus tire seachnón Ereann.


L. 1110


AOIS CRIOST, 1479.



Aois Criost, mile, ceithre ced, seachtmogatt, a naoí.



Mainester Mhíleic do dhénamh la hUa Madagain ar brú na Sionna i
nepscopóitecht Cluana Ferta do Braithribh .S. Fronseis, agus a
togha fein innte.



Piarus mac Nioclais hUí Flannaccain baí ina chananach coraidh hi
cClochar, ina phearsún agus ina phrióir Ceile nDe ina Shacrista i
nDaimhinis, agus ina oificel ar Loch Eirne, Saoí dhéshearcach
chraibhdheach deigheinigh daonnachtach decc iar mbreith bhuadha ó
deamhan agus ó dhomhan.



Coccadh mór etir Cenél cConaill agus Eoghain, uair do chuattar clann
Airt Uí Neill hi tTir Conaill do coccadh ar Ua Neill, agus
do rónadh dioghbhala móra etorra.



Ua Néill do dhol ar ionnsaicchidh i tTír Conaill, agus creacha móra
do thabhairt lais ó cloinn Airt agus ó Conallchoibh don turus sin.



Brian mac Feilim Uí Neill do gabhail lá hUa Neill, agus a leiccen
amach iaromh.


L. 1112


Fuaslaichthe mora do bhein as, agus a dias mhac do braighdibh fri tairissi.
Brian do dhol dionnsaiccidh ar Ua nDomhnaill do coccadh ar Ua Neill
dhoridisi.



AOIS CRIOST, 1480.



Aois Criost, mile, ceithre chéd, ochtmoghatt.



MagUidhir, .i. Tomas Occ mac Tomais Moir mic Pilip mic Aodha
Ruaidh fer ro ba mó deirc, crabhaidh, agus eineach baí ina aimsir fear
cosanta a criche ar eachtaircheinealaibh, fear denma mainistrech,
teampall agus chailiseach fer ro baí isin Roimh, agus fo di hi
ccathraigh San Sem aga oilithre, décc, agus a adhnacal i mainistir
in Chabhain iar ttogha dó innte.



Mac Magnusa MegUidhir, .i. Cathal Ócc mac Cathail Mhóir mic
GiollaPattraicc mic Magnusa brucchaidh tocchaidhe eisidhe décc iar
mbuaidh ongtha agus aithricche.



Maghnus Ruadh Ó Domhnaill do marbhadh le cloinn Fheilim Riabhaigh
Uí Domhnaill.



O Neill do dol ar ionnsaicchidh i tTír Conaill, loiscthe agus
dioghbhala iomdha do denamh lais.



O Domnaill do dol ar ionnsaicchidh i tTir Eoccain. Clann Airt Uí
Neill agus clann Fheilim Uí Neill do beith ina fharradh, agus creacha
móra do denamh lais ar Mac Cathmaoil hi cCenel Fearadhaicch agus
Brian mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh mic Enri Uí Neill do marbhadh leó,
agus mac Mec Catmhaoil Semus. Do rala Ua Neill cona cloinn ina
comfocraibh in tan sin agus ro lensat clann Í Neill agus Mac
Cathmaoil na creacha agus ro marbhadh leo Eoghan mac Airt Í Neill
baoi hi ffochair Í Domhnaill, saoí chinnfheadhna esidhe. Rucc Ua
Domhnaill na creacha, agus soais dia tigh iar ccosccar co nedalaibh
iomdha lais.



Eoghan Ua Domhnaill .i. mac Néill Ghairbh, do marbhadh la cloinn
Nechtain Uí Domhnaill i cCluain Laogh .i. an 29. do September.
Agus Eoghan Caoch mac Magnusa Ui Concobhair do marbhadh ina fharradh
agus mac Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Conchobair do gabhail ann bheós.


L. 1114


Rudhraighe mac Rudhraighe mic Neachtain Í Domhnaill do marbhadh lá
cloinn Neill Uí Domnaill.



O Domnaill do gabail coinne lé cloinn Neachtain, agus le Conn Ua
Neill fa Caislén na Finne, agus sídh do dhenamh dhóibh re roile,
agus tanaisdecht Tire Conail do tabhairt dEiccneachán Ua nDomhnaill.



Remann Riabhach mac Duinn mic ConChonnacht MegUidhir, agus Mac Gille
Fhinnéin .i. Tadhg mac Briain, taoiseach ro bfearr teach naoidhedh
baoi ina athfhoccus décc.



Ua hEodhosa, .i. Aongus mac Seain saoí fhir dhána agus Feargal Mac
Eochadha deighfhear dana ele décc.



Corbmac mac Airt Chuile MegUidhir, agus Pilip Riabhach mac Amhlaoibh
MegUidhir décc.



Art mac Rudhraighe Még Mathghamhna do mharbhadh ar deireadh creiche
oidhche do rinne sé féin is na Fedhaibh hi fearann ConUladh mic Aodha
Uí Neill.



Coccadh etir cloinn Aodha Ruaidh Még Mathgamhna, agus clann Remainn
Meg Mathghamna, creacha mora do dhenamh ar cloinn Remainn, agus a ccur
isin mBreifne i ccend hÍ Raighilligh.



Sccaindear crodha etir cloinn Emainn A Burc, agus clann Riocaird A
Burc. Bristear ar chloinn Emainn. Marbhthar mac Mec Dubhghaill na
hAlban (.i. Colla) daon urchor soigde agus sochaidhe oile amaille
fris an tan sin.



Seaan Mec Gille Fhinnen .i. mac Briain, agus tri fir dhecc do muintir
Cloinne Briain mic Pilip MegUidhir do marbhadh acc Bealach Uí
Mithidhein lá cloind Uí Ruairc, Tighearnan agus Brian Ruadh clann
Tighearnain mic Taidhcc mic Tighearnain iad sén.



Sluagh Gall do theacht i tTír Eoghain lá Conn Ua Neill fa chaislén
Sheaain Buidhe Ui Neill, .i. Iarla Chille Dara fer ionaid righ
Saxan i nErinn, agus Goill na


L. 1116


Midhe ar chena. Seaan Buidhe féin do beith is in ccaislen, agus an
baile do chongmháil, agus do shesamh dó daimdheóin an tsluaigh, agus an
sluagh dimthecht tar anais, agus Seaan Buidhe do dhenamh siodha fri
hUa Neill iarttain.



AOIS CRIOST, 1481.



Aoís Criost, mile, cethri cédh, ochtmocchat, a haon.



Brian mac Felim Uí Raghallaig, cend dámh agus deóradh, agus fear tighe
aoídheadh coitcind décc.



Toirrdhealbhach mac Pilip mic Tomáis MégUidhir do mharbhadh i fell an
5. do October ina chaislén fein la Donnchadh Occ mac Donnchaidh
mic Aodha MegUidhir saoi choitcheann chomhlán ar eineach, ar aithne,
agus ar uaisle, agus a adhnacal i mainistir Dhúin na nGall iar ttogha
dhó inte.



Ua hAnluain Feilim do marbhadh saoí chinnfhedhna ar uaisle agus ar
oirbeart esidhe.



Cathaoir Caomhanach mac Mec Murchadha do mharbhadh lás an cContae
Riabhach.



Mac an tSabhaoisigh .i. Pattraicc do gabail la Conn mac Aodha
Buidhe, agus a dhalladh leis.



Sláine inghen Ui Bhriain ben Mec Uilliam Cloinne Riocaird
soidhtheach lán do dheirc agus dfhele, bean ro dearsccnaigh do mhnáibh
a haimsire décc iar mbreith bhuadha ó dhomhan agus ó demhan.



CuChonnacht mac Seaain mic ConConnacht MégUidhir, agus Feilim mac
Duinn mic ConConnacht mic Pilip mic Aodha Ruaidh MégUidhir décc.



Coccadh mór deirge hi tTir Eoghain etir Ua Neill agus Seaann
Buidhe Ó Neill. Clann Airt Í Neill, agus clann Fheilim Í Neill
do beith i naghaidh Uí Neill ar in ccoccadh sin. Clann Airt
do denamh creiche ar cloinn Uí Neill, agus cland Uí Neill
do denamh creiche no dó ar Seaan Bhuidhe. Clantt tSeaan Bhuidhe da
lenmain,


L. 1118


agus Aodh mac Cathail mic Feidhlimidh Uí Concobhair do mharbhadh leo,
agus mac GiollaPattraicc Mic Cathmhaoil co sochaidhibh oile nach
airimhthear.



Conn mac hUi Neill .i. Enri, do ghabhail lé cloinn Aodha Buidhe
Uí Neill, agus a thabhairt hi laimh Ui Dhomhnaill.



Semus mac Maoilir Mec Hoirebert do mharbhadh lá Gearoid mac Emainn
Geangcaigh Mec Hoirebert.



AOIS CRIOST, 1482.



Aoís Criost, mile ceithre ched, ochtmoghat, a dó.



Fioghair naomh chroiche an Coimhdeadh darthrucchadh agus dfagbháil ar
brú locha Bhaile an Chuilinn. Fearta agus miorbhalla iomdha do dhenamh
dhi.



Giolla Crist Ua Fiaich biocaire Aire Brosccaigh Saoí cleiricch agus
fear tighe aoidheadh coitchind fri ré aon bliadhan décc do écc.



Conn mac Aodha Buidhe Uí Neill tobar feile, agus feichemh coitcheann
do cliaraibh Ereann, agus Alban. Ceann coccaidh agus cosanta cirt a
ceneoil, agus rioghdhamhna an Chuiccidh décc iar mbuaidh naithrighe.



Enri mac ConUladh mic Aodha mic Eoghain Uí Néill do marbhadh la Gallaibh.


L. 1120


Art mac Donnchaidh MegUidhir decc.



MaolMordha mac Cathail Uí Raighilligh do mharbhadh lá cloinn Aodha
Uí Raighilligh. Clann Aodha do theacht dia ttir ar sith, Clann
Cathail dia nionnsaighidh agus tegh do gabhail forra, agus dá mac
Aodha, agus da mac Fheidlimidh mic Aodha do marbadh co ndruing oile.



Brian mac Feilim Uí Neill do marbhadh la mac Cuinn mec Aodha Buidhe,
agus la sliocht Enri Aimreidh. Ba saoí ar eineach ar eangnamh ar cennach
duan agus drecht an Brian híshin.



Donnchadh Occ mac Donnchaidh MegUidhir (las ro marbhadh Toirrdhealbhach
mac Pilip MegUidhir) do mharbhadh daon orchur soighde.



Murchadh mac Taidhcc mic Cathail Óicc Meg Raghnaill do mharbhadh
la sliocht Airt Uí Ruairc.



Diarmaid mac Lochlainn Óicc Uí Ainlighi adhbhar toisigh Chenel
Dobhta do mharbhadh co na bhraithribh a meabhail la Sliocht Giolla
na Naomh Uí Ainlighi, dar slánaibh mionn Connacht agus druinge dia
maithibh.



Ruaidhri Buidhe Ua hAinlighi taoísech Chenél Dobtha décc iar
seandataidh toghaidhe, agus Tadhcc a bhrathair do ghabhail a ionaid.



Sluaigheadh dioghla lá Ruaidhri Mac Diarmata tighearna Mhoighe
Luircc, lá Tadhg Mag Raghnaill tighearna Conmaicne Mhaighe Rein
hi cCenél Dobhtha iar mbriseadh a slán dia ro loiscceadh teach Uí
Ainlighi, agus dia ro marbhadh Donnchadh mac Siacusa Carraigh, agus
mac Concobhair mic mic Corbmaic. Bresmhaidhm forra las an tír
co Béol an Atha Fada. Feidhlimidh Fionn Ua Conchobair do thochar
i naghaidh an mhadhma sin agus a chothuccadh dhó.



Brian Ócc mac Briain mic Cathail Duibh Uí Conchobhair do marbhadh
lá Sliocht Taidhcc Uí Chonchobhair hi cCuirreach in Araccail.



Maidhm i nAth na cCennaigheadh la hArt Ua cConcobhair for Oiliuer
Ploingcéd, agus dream dia mhuintir do mharbhadh, agus Oiliuér fein
do ghabhail.


L. 1122


Domhnall mac Rúdhraighe Uí Conchobair tighearna CorcMoDhruadh Ninais
décc agus Diarmaitt a brathair ina ionadh.



Feilim mac Feilim Uí Concobair CorcMoDhruadh do mharbhadh a meabhail
lá macaibh Conchobhair Uí Chonchobhair.



Cairpre mac Uí Conchobhair Ruaidh fear crodha coccthach, adbhar
tighearna Sil Conchobhair Ruaidh décc.



Erard Ua MaolChonaire ollamh Sil Muiredhaigh hi senchus, agus hi
ffilidheacht saoí esidhe ilLaidin agus i nGaoidhilcc décc iar mbuaidh
ó dhomhan, agus o dheamhan agus a adhnacal i nOilFinn, agus Siodhraidh
Ua MaolConaire ina ionad.



Muirchertach mac Flannchadha adhbhar ollamhan Tuadhmumhan, agus an
Cosnamhach mac Conchobhair Óicc Mec Flannchadha décc.



Aodh mac Cairpre Uí Concobhar do mharbhadh la dreim dia muintir feissin.



AOIS CRIOST, 1483.



Aois Criost, Mile, ceithre ced, ochtmoghat a trí.



Rossa mac Tomais Óicc MégUidhir epscop Clochair, Saoí i neccna,
agus i ccrabhaidh fear ticche aoidhedh coitchinn dá gach aon décc,
agus a adnacal i ttempall Achaidh Urchoir do reir a thogha budh dhéin.



Mathgamhain Ua Griobhtha epscop Chille Dá Lua tobar féile agus eccna
décc, agus a adhnacal i mainistir na cCananach hi cCorco Baisccind
co honorach.


L. 1124


Donnchadh mac Uí Cheallaigh, agus O Ferghail, .i. CúMara décc.



Conn Ó Néill dfuaslaccadh lá a athair agus lá a bhraithribh ó Ua
nDomhnaill agus ó Chloinn Aodha Buidhe, agus an Conn sin iaramh
doirdneadh ina thighearna ar Tir Eogain do thoil a athar, agus Tire
hEoghain archena.



Coccadh mór do eirghe eitir Ua nDomhnaill Aodh Ruadh agus Ó Neill
Conn. Ua Domhnaill do thionól Chineóil cConaill agus Iochtair
Connacht. Aodh Ócc mac Aodha Buidhe Uí Neill co líon a thionóil
do thecht ina chomhdhail agus dol rempa ina remim imteachta gan
tuilleadh buidhe re hesccaraitt da raibh rempa co Traigh Bhaile Dúine
Dealgan. Aircctear agus loiscctear leó an baile agus an tír ina
ttimcheal. Rucc an Iustis .i. Gearoid mac Tomais Iarla Cille Dara, co
sochraitte móir Gall forra dia ttograim agus dia ttoraighecht. Ar a aí
Ro iomchuirsiotsomh an tóir throm sin co neimhsniomhach, agus do sraoíneadh
forra agus do marbhadh drong mhór do Ghallaibh. Cidh iadsomh dna
ro marbhadh Mac Uidhilin agus mac Toirrdhealbhaigh Charraigh
Uí Concobhair uatha. Luidh Ua Domhnaill cona sochraitte iaromh
co Baile Lucchmaigh agus loiscctear Baile Lucchmaigh lais agus
fo gheibh comha agus ceannach dar cenn imdheghla agus anacail dia mbaile.
Soais Ua Domhnaill tar a ais, agus ro léicc Aodh Ócc mac Aedha
Buidhe uadha co Glendrighe dionnsaicchidh Thrín Congail. Ro gabh
fein reimhe tré Thír Eoghain. Milltear agus loiscctear leis an tír
ina comhfoccus dá gach leth co rainicc Abhann Mhór. Ro tesccadh
agus ro gerradh leo coillte daingne doimteachta do rala for a ccionn for
brú Abhann Móire ionnus


L. 1126


gur bhó conair shodhaing shoimtheachta dia shluagh trés na feadhaibh
hisin. Ro forchongradh lais for a shlóghaibh cesaighdroichet
comhdhaingen do dhénamh tars an abhainn co riachtatar a shlóighdhiorma
etir troicchtech agus marcach dar an sruth anonn ina niomlaine gan
bádhadh eich na duine dibh. Ro leiccset an droichet fris an sruth co na
baí aga mbiodhbhadhaibh acht a ffairccsin uatha don leith araill,
agus tainicc Ó Domhnaill dia tigh iaramh iar mbuaidh agus coscar.



Slóiccheadh ele la hUa nDomhnaill ar Sean mac Pilip MégUidhir co
ttaratt creacha agus airccthe iomdha lais. Creach eile ar namharach
do denamh lá Domhnall Ua Neill ar in Sean ccédna.



Maidhm lá hArt mac Cuinn mic an Chalbhaigh Uí Concobhair ar Chonn
mac Airt mic Cuint recte Airt Uí Mhaoileachlainn dú inar marbhadh dá
mhac Ruaidhri Charraigh Uí Chearbhaill co sochaidhibh ele amaille friu.



Ua Cianáin, .i. Ruaidhri ollamh MhegUidhir le senchus, agus
Concobhar Ócc Mac Flannchadha .i. ollamh Tuadhmumhan saoi
dersccaighthe i neiccsi agus hi filidheacht décc, agus Aedh
Mac Flannchadha ina ionad.



Concobhar Mac an Breithemhan adhbhar ollamhan Muintire MaolRuain
décc iar ttreablaitt fhoda.



An cuicceadh Eduard do riogadh ós Saxaibh 9. April da mí, agus ocht
lá décc ro baí hi righe.



An tres Risderd do rioghadh ós Saxaibh 22. Iun.


L. 1128


AOIS CRIOST, 1484.



Aoís Criost, Mile, ceithre céd, ochtmoghat, a cethair.



Nioclás Uasdun, epscop Doire décc.



Seaan Ua Faircheallaigh canánach do muintir Droma Lethain, agus
Brian Ua Fairceallaigh, Saccart do thionnsccain cloch angcoire
do dhénamh ag Teampoll Mhór Droma Leathain décc.



Niall mac an Comharba Mhég Mathghamhna décc occ toidhecht on Róimh.



Rémann Mag Mathgamhna tighearna Oirghiall décc ina braighdenus i
nDroichet Átha.



Sémus mac Remainn Tirial ticcherna Fer tTulach décc.



Donnchadh Ua Ceallaigh tanaisi Ua Maine décc iar ttrebhlaid fhoda.



Mac Uí Chonchobhair Fhailge Murchadh mac Cathaoír mic Cuinn mic an
Chalbhaigh do mharbhadh durchor saighde lá cloinn Emainn Dairsidhigh
hi cCrich na cCédach.



Tadhcc mac Uilliam mic Aodha mic Briain Uí Cheallaigh do mharbhadh lá
Brian Ua cCeallaigh lá a dearbrathair fein, agus lá hUilliam Ua
Muireadhaigh a dearbh comhalta fein agus a ccrochadh sidhe lá hUa
cCeallaigh ina cciontaibh.



Aodh mac Briain mic Briain Ballaigh Uí Conchobhair do marbadh lá
sliocht Taidhg Uí Concobhair.



Domhnall Mac Gormáin daos gradha Uí Bhriain, fer tighe aoídheadh
coitchinn agus fer ro ba saidhbhre i nErinn a mbeótlus décc.



Aedh mac Briain Uí Briain agus a bhen Sadhbh inghean Taidhg Uí
Concobhair décc.


L. 1130


Ruaidhri Ócc mac Ruaidhri Buidhe Uí Ainlighi décc.



Maoílechlainn mac Concobhair Uí Gairmledhaigh, agus Concobhar a
dearbhrathair do mharbhadh lá cloinn Eoghain mic Néill Uí Dhomhnaill.



Brian Ruadh mac Cathail mic Eoghain mic Seain Uí Raighilligh décc.



Coccadh mór etir Ua Neill .i. Conn mac Enri, agus Ua Domnaill
.i. Aodh Ruadh, agus dioghbala móra do denamh etorra.



GiollaPatraicc mhac MégUidhir (Emann mac Tomais Óicc) do mharbhadh
a ffiull lá a cuiccer dearbhrathar (Donn, Seaan, Emann, Art Carrach
agus Aodh) ag altoir tempaill Achaidh Urchair conidh tremid sidhe
do gairedh dá MagUidhir .i. Sean mac Pilip mic Tomáis Móir MégUidhir
agus Tomás mac Tomais Oicc mic Tomáis Mhóir. Seaan do dhol ar
sloiccheadh ar cloinn Donnchaidh mic Tomais MegUidhir (Pilip agus
Feilim). GiollaPattraicc mac Tomáis mic Donnchaidh, agus mac Feilim
mic Donnchaidh MegUidhir do mharbhadh lais co ndruing oile amaille friú.
Mac GiollaRuaidh, .i. Brian mac Domhnaill, da mac Mec Domhnaill
Cloinne Ceallaigh (Corbmac agus Art) agus sochaide ele do gabhail.
Bá Dia hAoíne do shonnradh an 13 Calainn Septembris do rónadh indsin,
agus MágUidhir Sean do shoadh an lá sin co mbuaidh agus co nedail.



Flaithbertach mac Tomáis mic Pilip MegUidhir do mharbadh lá Tomás
Ócc mac Tomais Óicc mic Tomais Mhóir derchor do ghae hi bPort
Airidh Brosccaigh.



Maidhm Móna Ladhraighe lá cloinn Emainn MhegUidhir ar cloinn Briain
mic Pilip MhegUidhir dú in ro marbhadh tri meic Briain, Cathal,
CuChonnacht, agus Emann, agus in ro marbhadh bheós Aedh mac Airt mic
Eoghain Uí Néill, Eoghan mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip na Tuaighe
MégUidhir co na mac Toirrdhealbhach, Remann mac Gillibert mic
Corbmaic Uí Fhlannaccain co sochaidhibh oile, agus inar gabhadh dna,
Pilip mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip MegUidhir agus Pilip mac
Briain mic Pilip MégUidhir, agus GiollaPatraicc mac Cathail Óicc
mic Magnusa MégUidhir, etcetera, fiche do dhaoinibh do marbhadh agus
deichnebhar do gabhadh ann.


L. 1132


AOIS CRIOST, 1485.



Aoís Criost, Mile, ceithre chéd, ochtmogat, a cúicc.



Niocól Ua Grada comharba Tuama Gréine fer dercach daghoinigh agus
an dara fear décc baoí saor i Luimneach décc.



Donnchadh Mág Coilidh airchinneach Beraicch fer tighe aoidheadh
coitchinn décc.



Eoghan Caoch (.i. O Concobhair Donn) mac Feidhlimidh Uí Concobhair
fear aghmar ionnsaightheach décc iar ttrebhlaid fhoda agus tighearna
do ghairm ina ionad dAodh mac Aodha Uí Concobhair.



Uilleag A Burc tighearna Cloinne Riocaird oigre Iarla Uladh,
feicheamh coitchend deiccsibh Ereann décc, agus a mac do gabhail
a ionaid, .i. Uillecc ele. Sluaiccheadh las an mac sin for Machaire
Chonnacht agus hi tTír Maine dia ro loiscc agus dia ro mhill arbhanna
agus bailte, agus dia ro loiscc agus dia ro bris caislen Tuillsge agus
carcair.



Ruaidhri mac Briain Ballaigh Uí Concobhair do marbhadh lá sliocht
Taidhg Uí Chonchobhair.



Sile inghen mec Siurtáin ben Ricaird A Burc baincheann ban Connacht
décc.



Aodh Ócc mac Aodha Buidhe mic Briain Ballaigh Uí Neill tighearna
Triain Congail do dhol ar creich ilLeith Cathail, agus Goill
do breith fair, agus a mharbhadh daen erchor do ghae.



O Suillebhán Beirre Domhnall O Concobair CorcMoDhruadh, agus O Concobhair
Ciarraighe agus a bhen décc.



O Baoighill Toirrdhealbhach do chor a thighernais de, agus a mhac Niall
do gabháil a ionaidh.



Coccadh mór eitir Cenel cConaill, agus Eoghain. Clann Airt Í Neill
(.i. Niall cona braithribh) do leith Uí Domhnaill. Clann Neachtain
Uí Domhnaill (Eigneachan cona braithribh) do leith Ui Neill. O
Domhnaill do dol sluagh i Muintir Luinigh


L. 1134


uair as ann ro baí caoraighecht agus muintir Slechta Neachtain. Baí
Ó Neill, .i. Conn hi ffoslongport a Muintir Luinigh agus sliocht
Neachtain amaille fris acc imdíten a tíre, agus a muintire. Ar a aí
ní ro fhéch Ó Domhnaill dóibh co ndearna creacha troma agus airccthe
aidhble. Ro ghabh lá taobh fhoslongpuirt Uí Neill, agus Sleachta
Neachtain, agus tucc na creacha leis dia thír uatha gan dioghbhail
do denamh dhó na ttimchell.



Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe mic Ardghail Még
Mathghamhna do oirdneadh ina tighearna for Oirghiallaibh.



Baile ChonUladh mic Aedha Uí Néill do losccadh lá Brian na Coilleadh
mac Eoghain Uí Neill. Ferann agus baile an Briain cédna do losccadh
ar abharach ina dhioghail lá CoinUladh agus la cloinn Remainn mic
Rudhraighe Meg Mathghamna (Glaisne agus Brian) agus lá mac Mhég
Mhathghamhna Óig, .i. GiollaPattraicc.



Sliocht MhaolMhórdha an Mhullaigh do ionnarbadh asa nduthaigh, agus
clann Glaisne Uí Raghallaigh do shuidhiughadh a ttíre dia neis, agus
do dhenamh caislein innte. Iattsomh do tharraing Iarla Chille Dara
(Gearóid mac Tomais) ar chloinn Glaisne, agus cúicc buailte décc bó
do bhuain dibh i ccreich, agus GiollaÍosa mac Glaisne do gabhail don
chur sin.



Feidhlimidh mac Glaisne mic Conchobhair Uí Raghallaigh décc don phláigh.



Ua Raghallaigh .i. Toirrdhealbhach mac Seain mic Eoghain do dhol i
tTeallach Eachdhach, agus baile Még Samradháin .i. Feilim, agus
baile Donnchaidh a dearbrathar do losccadh leis. Mag Samhradháin
cona braithribh do dhol a ttoraighecht an tsluagh ar abarach agus sé
fir decc ettir gabhail agus marbhadh, agus dá ched each do bhuain don
tsluagh.



Mac Domhnaill (.i. Colla) consapal Gallocclach Uí Neill décc.



Remann mac Glaisne mic Remainn Meg Mathghamna do dhol ar Galldacht
Machaire Airghiall, agus mac don Tau .i. Seon do marbhadh leis.
Conn mac Maghnusa Uí Chondalaigh, mac Corbmaic Uí Chondalaigh, agus
mac mec Ardgail do marbhadh uadhasomh, agus ós cenn fhichit each
do bhuain de fein agus dá mhuintir. Cathaoir


L. 1136


mac Iriail mic Pilip, agus Eoghan mac Semais mic Eochadha Móir Még
Mathghamhna do ghabhail, agus Eoghan deludh iar sin.



Art an Bhoccáin mac Uí Chonchobhair Fhailghe (.i. Conn) do mharbhadh
lá a dherbrathair Cathaoir mac Cuinn mic an Chalbhaigh daen erchor gae.



Clann ócc Emainn MegUidhir (Aodh, Art agus Giolla Íosa) agus clann
Toirrdhealbhaigh MegUidhir (Tadhg, Pilip agus an Giolla Dubh) do
dhenamh creiche ar Domhnall mac Giolla Pattraicc mic Emainn MhéghUidhir.
Domhnall féin do mharbhadh a ttoraighecht na creiche lá Maoilechlainn Mac
Geibheannaigh agus an MaolSeachlainn cedna do marbhadh fó cedóir ar
an lathair sin.



MagUidhir, .i. Sean do dhenamh creche hi Miodhbolcc ar cloinn
Donnchaidh mic Aodha MegUidhir, agus ar cloinn Mhég Ualgaircc fa
dhó i naoin tseachtmhain.



Giolla Pattraicc Ua hUiccinn, mac Briain, mic Maoilechlainn, fer tighe
aoidhedh coitchinn do thrénaibh agus do truaghaibh décc.



Ua Cuirnín Athairne décc.



An sechtmadh King Henry do rioghadh os Saxaibh, 22. August.


L. 1138


AOIS CRIOST, 1486.



Aois Criost, mile, ceithre chéd, ochtmoghat, a sé.



Mainistir (.i. Cill Chuilind) Brathar Mionúr de Obseruantia
do thionnsgnadh ar brú abhann Life la Rolont mac Sir Eduard Iustas.



Prioir Maothla Fergal mac Roiberd MhégRagnaill décc.



Pilip mac an Chomharba (.i. Semus mac Rudhraighe mic Ardgail) Meg
Mathghamhna, cananach coradh hi cClochar comarba Cluana hEoais,
persun Dartraighe, et cetera décc.



Caibidil coithcenn an chúiccidh idus Iulii i nDroichet Atha ag
airdespucc Arda Macha, .i. Octauianus Italicus acc epscopaiph agus
acc cleircibh tuaiscirt Ereann uile.



Ruaidhri mac Diarmada (.i. mac Ruaidhri Chaoich) tighearna Moighe
Luircc, Airticch, agus Tíre Tuathail décc do ghalar aithgherr hi
ttempall Locha na nGasan i cCloinn Cathail Mic Muireadhaigh, agus
Concobhar mac Corbmaic mic Tomaltaigh an einigh doirdneadh ina ionadh.



CuMara Mac ConMara do mharbhadh go haitheasach la cloinn Donnchaidh
Mec ConMara.



Tadhcc mac Cathail Óicc MegRaghnaill lántaoíseach Muintire hEolais
saoi dearsccaighthe ar eineach agus ar eangnamh decc iar mbuaidh o
dheamhan agus ó dhomhan, agus a adhnacal hi fFiodhnach.



Tadhcc Ua MaoílMhiadhaigh adhbar taoisigh Mhuintire Cerbhalláin
do mharbhadh lá cloinn Maoileachlainn MegRaghnaill, agus lá cloinn
MhaolRuanaidh Meg Raghnaill.



Eoghan mac Ír do ghabhail lá cloinn MaolRuanaidh Meg Raghnaill,
agus clann Taidhcc Uí MhaoílMhiadhaigh do mharbhadh, agus mac Uilliam
Mic Maghnusa co sochaidhibh oile.


L. 1140


MaolSeachlainn agus Ruaidhri dá mac Mec Donnchaidh Thire hOilealla,
.i. Tadhg mac Briain (Soidheach diongmhala do toisighecht Ua nOilealla
gach aon diobh) do marbhadh la cloinn Domhnaill Caim agus la cloinn
Ruaidhri Mec Donnchaidh.



Sluaiccheadh adhbal mhor lá hUa nDomhnaill i cConnactaibh, agus lá
Mac Uilliam Cloinne Riocaird ina aghaidh, agus iar ndol hi ccenn aroile
dhóibh, do ronsat síth agus comhaonta. Feidhlimidh Fionn Ua Conchobhair
do dhol hi ccenn na sluagh sin, agus a dhol hi laimh Uí Domhnaill
tar cenn a thuath agus a thaoiseach. Sídh Shíl Muiredhaigh do denamh
don cur sin, agus Mac Feidhlimidh Fhinn do ghabhail as féin dUa
nDomhnaill agus a breith leis i tTír Conaill tré comhairle Meic
Uilliam Cloinde Riocaird.



Breasmaidhm la muintir MegRaghnaill hi Moin Lescc for cloinn Uí
Ruairc agus for Sliocht Cathail Ruaidh in ro marbhadh Maoíleclainn
Ócc mac Maoílechlainn Mec Caba fer a aoísi fein do ba mó ainm le
Gallócclachus hi Leth Cuinn.



Clann tSeain mic an Phriora do chreachadh, agus mach dibh fein (.i.
Giolla Criost) do mharbhad la Sliocht Maoilechlainn MhégRaghnaill.



Neidhe Ua MaoílChonaire cend doichill Ereann décc. As é tucc na mionna
buadha co na tiubhradh im agus arán a naoinfheacht daoidhedhaibh co bráth.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill do dhol i tTír Amalgaidh. Mac Uilliam
Iochtarach do theacht ina aghaidh. Ro fighedh iomairecc etorra in
ro marbhadh tuilleadh ar ched do muintir Mec Uilliam, agus in ro gabhadh
Sean Mac Siurtáin agus Uillecc mac Risdeird (.i. mac Tomais) A Burc
co sochaidhibh oile.



Seaan mac au Priora MegRaghnaill décc.



An Barrach Mór (Sean), rogha Gallmacaemh Ereann do mharbhadh lá
Nodlacc lá Donnchadh Ócc Mhacc Cárthaigh tighearna Ealla iar ndol
ar creich fair.



Gearóid mac Iarla Deasmumhan décc.


L. 1142


Feidhlimidh Buidhe mac Cairpre Uí Conchobhair, Uaitne mac Seain
Carraigh Mec Branáin, Donnchadh mac Corbmaic mec Matha agus Aodh mac
Ruaidhri Dhuibh mec Matha do mharbhadh lá cloinn Maoilechlainn Még
Raghnaill.



Tadg Caoch mac Uilliam Uí Cheallaigh an dara tighearna baoí for Uibh
Maine décc i naibíd an Treas Uird.



Sile inghen Aodha mic Uilliam Uí Ceallaigh ben Uí Mhadadháin décc.



Lochlainn mac an Giolla Claoín Uí Ainlighi décc.



Tadg mac Aodha mic Briain Uí Birn, agus Maoíleachlainn mac Diarmada
Mhég Raghnaill décc.



Eocchan mac Lochlainn Uí Ruairc saoileachtain tighearna na Breifne
décc.



Semus mac Mec Risdeird Buitilér fear ionait Iarla Urmumhan décc.



Bresal agus Diarmaid da mac Murchaidh Uí Madadháin do mharbhadh a
meabhail la Cobhthach Ua Madadháin lá a ndearbrathair féin.



Raghnailt inghen tSeaain mec ConMara ben Toirrdhealbhaigh mic
Taidhg Uí Bhriain tighearna Tuadhmhumhan Airtheraigh décc.



Giolla na Naomh mac Domhnaill mic Muirceartaigh Mhidhigh tighearna
Caladh na hAngaile décc iar ccian aoís.



Tadhg mac Aodhagain ollamh Muintire hAngaile do mharbhadh go
grainemhail lá Sliocht Íriail Uí Feargail.



Flann mac Floinn Uí Domnalláin decc.



Brian mac Rudhraighe mic Ardgail Meg Mathgamhna tighearna Dartraighe
do mharbhadh lá Gallaibh Machaire Airghiall.



Domhnall Ócc mac Mec Artain saoí neinigh décc.


L. 1144


Sean Buidhe mac Eoghain mic Néill Óicc Uí Néill decc.



Donnchadh mac Tomais mic Ferghail Mecc Samhradhain décc.



Ocht mbaile fhichet do Ghalldacht Machaire Airghiall do losccadh lá
Mag Mathghamhna Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe.



O Neill .i. Conn mac Enrí do dhol sluagh ria Samhain ar Machaire
Airghiall loisccthi agus millte móra do denamh lais.



Creach mhór lá Brian mac Emainn mic Rudhraighe Meg Mhathgamna ar
Emann mac Tomáis Óicc, agus ar a chloinn i cCúil na nOirer, agus
Emann Ócc mac Emainn do mharbhadh leo i nDoire Cenainn.



Emann mac Tomáis Ghreandaigh mic Duinn mic Pilip na Tuaighe
MegUidhir décc, agus a dearbhrathair ele Eoghan mac Tomais
Greandaigh, Magnus mac MaoileDuin, agus Rudhraighe mac Concobair mic
Duinn MegUidir do mharbhadh ar Baile an Oireacht la Féilim mac
Donnchaidh MégUidir ar greis oidhche.



Caitilin inghen Uí Feargail (Domhnall Buidhe mac Domhnaill mic Seain)
ben Mec Maghnusa MegUidhir .i. Cathal Ócc mac Catail Mhóir décc.



Art Ruadh mac GiollaPatraicc mic Emainn MegUidhir do mharbhadh durchor
soighde lá cloinn Toirrdhealbhaigh mic Pilip MegUidhir.



Aodh mac Néill mic Aodha, mic Eoghain Uí Neill décc.



Emann Ócc mac Emainn mic ConUladh Uí Néill agus Corbmac mac Airt
Carraigh mic Maoileachlainn Uí Neill décc.



Clann MegUidhir (Emann), .i. Aodh agus Art Carrach dfuaslaccadh,
agus a nathair do léiccen a tighearnais de an lá cédna do com tSeain
mic Pilip MegUidhir.



Donn MagUidhir mac Emainn, mic Tomais Óig do mharbhadh a ffiull hi
ndorus reilcce Achaidh Urchair lé cloinn Tomáis Oig MegUidhir,
.i. Tomás, Conchobhar agus Ruaidhri agus lá cloind Flaithbhertaigh
mic Tomais Óig, GiollaPataicc recte GiollaPatraicc, CuConnacht, agus
Briain Crosach.


L. 1146


AOIS CRIOST, 1487.



Aoís Criost, míle, cethre ched, ochtmhoccat, a secht.



Maoilechlainn mac Murchaidh Uí Fhlannaccáin decanach OileFinn décc,
agus Tomas Ua hEidigein do ghabhail a ionaid.



Tadhg mac Briain mic Amlaoíbh MegUidhir ro bhaí na pearsún i mBothaibh
ar tos agus na biocaire hi cCill Laissre decc.



Brian Ua Corcrain biocair ClaoinInnsi agus Denis mac GiollaCoisccle
airchinneach, agus biocaire Airidh Brosca décc.



O Maoileachlainn, .i. Laigneach mac Cuirc tighearna Cloinne Colmain
do mharbhadh le Conn mac Airt mic Cuinn mic Corbmaic Ballaigh Uí
Mhaoileachlainn.



O Raghallaigh .i. Toirrdhealbhach mac Seain mic Eoghain décc do
bhedhcc ina chaislén féin hi tTulaigh Mongáin an céd lá do mhí
September agus Ó Raghallaigh do gairm da mhac ina ionad .i. Sean.



Brian mac Briain Bhallaigh mic Aodha mic Feilim Uí Concobhair soidheach
diongmhala do righe Connacht décc.



Aodh mac Ruaidhri mic Briain Uí Conchobhair décc.



Siodhraidh Ua MaolConaire ollamh Shil Muireadhaigh cenn aibhe agus
aitis fear nEreann décc agus da chenn fhine ina ionad .i. Domhnall
agus MaolConaire mac Torna.



Muirghes mac Lochlainn Ui MhaoilConaire oide a cheirde féin décc i
tTír Conuill iar ttreablait fhoda, agus iar mbuaidh naithricche agus
a adhnacal i nDun na nGall.


L. 1148


Domhnall Ua Dubhaccáin, agus a bhen inghen Uí MhaoílConaire décc.



Ua MaoilFhalaidh drumchli eccna Ua Maine décc.



Iarla Desmumhan do mharbhadh lá a muintir féin a meabhail hi Ráith Gaola
tre chomhairle Sheain a dearbrathar féin. Sean dna agus luct an
mharbhtha archena dionnarbadh la Muiris mac an Iarla.



Uilliam mac Aodha mic Briain Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine
do ghabhail lá a bhraithribh feisin a meabail agus a écc ina geimhlibh,
agus dá tighearna ina ionadh, .i. Maoileachlainn mac Aedha mic Briain
agus Donnchadh mac Bresail Uí Cheallaigh.



Aodh mac Donnchaidh Ui Cheallaigh do mharbhadh lá Maoíleachlainn
mac Uilliam Uí Cheallaigh.



Conchobhar mac Taidhcc Caoích Uí Cheallaigh do ghabhail a meabhail
lá Tadhcc mac Maoílechlainn Uí Cheallaigh.



Cathal Dubh mac Domhnaill mic Eoghain Ui Conchobhair do mharbhadh
lá Goisdelbhachaibh iar ndol ar creich forra agus a bhrathair ele an
Calbhach Caoch do breith na creiche go háithesach lais.



Domhnall Ua Concobhair do dhol ar ionnsaighidh for Leitir mic Pilip,
agus briseadh dóibh ar dhreim dá mhuintir gur marbhait ann da mac
Domhnaill mic Briain Mec Donnchaidh agus móran dá nuaislibh agus da
muintir archena.



Brian Ruadh, mac Tighearnáin, mic Taidhg mic Tighearnain Uí Ruairc
tanaise Breifne do mharbhadh durchor do saighit la mac Uí Ruairc,
Eoghan mac Feilim mic Donnchaidh mic Tighearnáin Óicc. Ua Domhnaill
.i. Aodh Ruadh do dhol trés an marbhadh sin isin mBreifne, agus
suidhe dho a ffoslongport fá bhaile Uí Ruairc .i. Caislén an Cairthe,
agus a ghabhail lais agus triúr do mhuintir Uí Ruairc do mharbhadh
agus Brian mac Cathail mic Tighearnain Uí Ruairc do mharbhadh lá
Gofraidh mac Aedha Gallda Uí Domhnaill durchor peléir. An caislen
do bhriseadh lá hUa


L. 1150


nDomhnaill iar sin, agus O Ruairc Feilim dionnarbadh as a dhuthaigh
hi fFearaibh Manach lá hUa nDomnaill. Ua Domhnaill doridhisi
do léigean Uí Ruairc ina dhuthaigh, agus sidh do dhenamh eitir feraibh
Breifne, agus a thabhairt ar in tír an caislén do aithdenamh.



MaolRuanaidh mac Taidhcc Mec Diarmada do gabhail a meabail ar Oilén
na Trinóide la Tomaltach mac Ruaidhri Mec Diarmada, agus mac Briain
Mec Diarmada do mharbhadh ann.



Alastrann mac Colla mic Toirrdhealbhaigh, agus dream do maithibh a
Ghallócclach do mharbhadh araon ris lá cloinn Ruaidhri mec Diarmada.



Sean Mac an Airchinnigh cenn a fhine féin fear tighe aoidhedh coitcinn,
agus airchindeach Padraicc i nAil Finn décc.



Aodh mac Pilip Ruaidh Mec ConMara fer crodha coccthach décc.



Sean Dabh Mac Goisdelbhaigh tighearna Slebe Lugha décc, agus dá
tighearna ina ionad, .i. Uilliam mac Emainn an Machaire a dherbrathair
fén agus Siúrtan mac Pilip Mec Goisdelbhaigh.



Sean mac Conchobhair Mec Aedaccain ollamh Cloinne Riocaird, agus
Aodh mac Briain mic Feargail Ruaidh Uí Uiccinn décc.



Cathaoír Mág Cochláin do marbhadh hi ffioll lá mac a dherbhrathar
Fínghin Ruadh.



Emann mac Riocaird A Burc do gabhail a meabhail lá Bairédachaibh,
agus a thabhach go háitheasach dia bhraithribh féin.



Slóigheadh lá hUa nDomhnaill i mBreifne Uí Ruairc, bá hé fochann an
tslóighidh sin, O Ruairc Feilim mac Donnchaidh mic Tighearnáin, agus
a bhaile do ghabhail a


L. 1152


ffiull lá a bhraithribh féin, agus iar ndol Uí Dhomhnaill don Breifne
foslongport do dhenamh dho imon mbaile, .i. Caislén an Chairthe, agus
an baile do ghabhail leis fo dheoidh iar mbeith athaidh na timcheall,
agus Tighearnan Dubh mac Donnchaidh mic Tighearnain Óicc do mharbhadh
lá hUa nDomnaill don chur sin, agus O Ruairc Feilim dfháccbháil
dUa Dhomhnaill hi cCaislén in Chairthe iar síodhucchadh fear mBreifne
fria roile. O Ruairc do gherradh ciosa cosanta dUa Dhomhnaill
isin mBrebfne agus dfior a ionaid ina dhiaidh.



Tighearnán Ócc O Ruairc tanaisi Breifne do mharbhadh lá cloinn
MaolRuanaigh MegRaghnaill, agus lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmada
i nUcht na nEngadh.



Slóicceadh lá hAodh Ruadh Ua nDomhnaill hi Maigh Luircc dia
ro mhill arbhanda agus dia ro loiscc bailte caisléin iomdha. Ro loiscc
agus Ro bris caislén cloinne Ruaidhri Mec Diarmada, .i. Baile na
hUamha. O Domhnaill fein co ndiorma dia shluagh do asccnamh co
hinchleithe is in oidhche as a longport co ndearna creacha móra i
nDoire Chua. Feidhlimid Fionn Ua Concobhair (.i. mac Taidcc mic
Toirrdhealbhaigh Ruaidh) do dhol hi ccenn Uí Dhomhnaill don chur sin,
agus síth shuthain do dhenamh dhó fris. Ruaidhri an Doire mac Muirghesa
mic Aodha Mec Diarmata baí hi sochraide Uí Dhomhnaill ar an
slóiccheadh sin do shárucchadh na CeallBhraighi Uallaighi, agus édala
móra do breith eiste, agus Ó Domhnaill do thabhairt óghaisicc do
shagartaibh an tempaill ro sáraiccheadh ann.



Slóiccheadh la Mac Uilliam Cloinne Riocaird (.i. Uilleacc mac Uillicc
an Fhiona) i nUibh Maine dia ro briseadh lais badhbhdhúin Atha Liacc
Maonaccan, Arbhanna agus bailte iomdha do milleadh dhó i nUibh Maine,
agus hi Machaire Chonnacht.


L. 1154


Rossa mac Feidhlimidh Fhinn do mharbhadh daon urcor saighde la
druing don tsluagh. Clann Feilim Finn Ui Concobhair .i. Aodh,
Toirrdhealbhach, agus Conchobhar, do dhol tarsa co Baile Tobair
Brighde. A losccadh agus a argain dóibh. Diarmaitt mac Domhnaill
mic Toirrdhealbhaigh Doill Uí Conchobhair do mharbhadh doibh .i.
ag Ros Comain, hi luircc an tsluaigh. A lenmhain dóibh asein hi
cCloinn Chonnmhaigh, agus eich do bein don tsluagh cedna. Ba for
tharraing Uí Conchobhair Duinn, .i. Aodh mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh
Duinn, do ronadh an sluaiccheadh sin. Sídh Sil Muiredhaigh do dhenamh
dhoibh budhdéin iar ndiultadh a dénmha ar comairle a ccaratt.



Creacha meabla do denomh do Ruaidhri Ua Chonchobhair ar Felim Fhinn.
Creacha anba ina dioghail sidhe la Feilim fFinn Ua cConchobhair for
Slicht Taidhg Óig.



Sidh Shil Muiredhaigh do naidhm doridhisi, agus tighearnas Sleachta
Corbmaic Ui Birn agus leth Baile an Cláir, agus cóicc baile Chinn
Coradh do chuid ronna Toirrdhealbhaigh Óicc, do mhaithemh dá shliocht
dFeidhlim Ua Conchobhair. Bladh do Chloinn Cathail Mic Muiredhaigh
do baí athaidh daimsir illaimh cloinne MaolRuain do tabairt
dFeidhlimidh Fhionn Ua cConcobhair.



Tighearnán Carrach mac Tighearnain mic Taidhg mic Tighernain Uí Ruairc,
Feradhach mac Seain mic Toirrdhealbhaigh MégUidhir, agus Domhnall mac
Duinn mic Domnaill mic Airt MégUidir do mharbhadh hi Muintir Eolais
lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmata agus lá mac Mec Diarmada Ruaidh,
agus Domhnall Bearnach mac Samhradhain do mharbhadh don chur sin.



O Domhnaill .i. Aodh do dhol hi Maigh Luircc is in fFoghmhar do
shonnradh.


L. 1156


Tighe iomdha agus arbhanna do losccadh leis agus tempall Droma Conaille
do losccadh an tan sin lá Ferghal Carrach mac Domnaill mic Taidhcc
Uí Ruairc gan cet dUa Dhomhnaill, agus ó nach rucc Ó Domhnaill ar
Fearghal Charrach do dhioghail an mhíghniomha sin fair, do rad mac
Tighearnain na Buannaide do cléircibh an tempaill a ngioll fris an
losccadh sin.



AOIS CRIOST, 1488.



Aois Criost, Mile, ceithre ced, ochtmoghat, a hocht.



Ab Atha Truim décc.



Pláigh mhór for Machaire Chonnacht dia ro écc Cathal mac Eidigein
biocair tempaill Pattraicc, agus cananach coradh i nOilFinn, Aongus
Ua Reachtadhain comharba Finnéin hi cCluain Cremha Diarmaid Mac
Conchagaidh sagart toghaidhe, agus an Biocaire Bodhar Ua Colla.


L. 1158


Cathal Ruadh mac Ruaidhri mic Briain Bhallaigh Uí Conchobhair
décc don plaigh cedna. Domnall mac Briain Ui Bhirn, Diarmait mac
Domnaill mic Briain, Domnall mac Feargail, agus Corbmac mac Domhnaill
Chananaigh Uí Bhirn décc dhi bheos.



Domhnall mac Domnaill mic Néill Ghairbh Ui Dhomhnaill do ghabháil
la cloinn Aodha Gallda mic Neill Ghairbh, agus a riaghadh ar na
mharach amhail do ruillsiot a mhigniomha.



Ua Ceallaigh (Maoilechlainn mac Aodha mic Briain) décc a ccionn
lethráithe iar ngabhail tighearnais, agus Conchobhar a bhrathair
do ghabhail a ionaid.



Mag Aongasa, .i. Brian mac Airt décc, agus a dearbhrathair (Aodh)
doirdneadh ina ionadh.



Emann mac Tomais MegUidhir baí ina thighearna hi fFeraibh Manach
décc.



Donn mac Domhnaill Ballaigh MegUidhir décc.



O Flannaccain Tuaithe Ratha Toirrdhelbhach mac Giolla Iosa décc.



O Tuathail (Emann) do mharbhadh a ffiull la cloinn Taidhcc Uí Broin.



Mac Uí Murchadha, .i. tighearna Ua fFeidhlimthi, Mathghamhain mac
Taidhcc do mharbhadh a ffiull la Donncadh .i. mac tighearna Ua
cCeinnselaigh mac Airt mic Donnchaidh.



Diarmaid mac Seain Luircc mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona Uí Dhomnaill
décc.



Brian mac Aedha Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill decc do galar
bhreac.



Tadhcc mac Maoileachlainn mic Tighearnáin Uí Ruairc, agus Mag Raghnaill
Concobhar mac Murchaidh do sliocht Maoileachlainn décc, agus Mag
Raghnaill do denamh ina ionadh do Mhaoilechlainn mac Uilliam don
tsliocht cedna.



O Neill Conn mac Enri, agus MagUidhir Sean mac Pilip mic Tomais do dol
go teagh Uí Domnaill agus sidh charthanach cairdemhail do dhenamh
dUa Neill agus dUa nDomnaill ré roile.



Sidh do dhenamh dUa Neill agus do cloinn tSeain Buidhe Uí Neill
iar ná léiccen as a mbraighdenas.


L. 1160


Domhnall mac Neill Uí Neill do mharbhadh hi fFionntamhnach lá
Rudhraighe mac Airt, agus lá cloinn Néill mic Airt Uí Neill.



O Fearghail do ghairm do Chonmac mac Seain mic Domnaill i naghaidh
Rudhraighe mic Cathail Uí Ferghail.



Maoileachlainn mac Meg Flannchaidh do mharbhadh la cloinn Taidhcc
mic Cathail mic Tighearnain Óicc Ui Ruairc.



Eoghan mac Ir MegRaghnaill do mharbhadh la a dearbrathair fein .i.
Uilliam mac Ir, agus lá a mac agus la Maghnus mac Ir.



Toirrdhealbhach mac Taidhcc mec Mathghamhna fear lán do rath agus
do thiodhnacal eccna ón Spiorat Naomh tiodhnaictheach séd agus maoíne
decc iar mbreith bhuadha ó dhomhan agus ó dhemhan.



Ruaidhri mac Uí Concobhair Duinn décc.



CúUladh mac Seain Bhuidhe Uí Neill do mharbhadh lá hArt mac Enrí
mic Eoghain.



Art mac Neill Charraigh mic Muirceartaigh Óicc Uí Neill do mharbadh
la cloinn Enrí mic Enrí mic Eoghain Uí Neill ar greiss oidhche.



Eoghan mac Uí Ruairc, (Feilim mac Donnchaidh mic Tighearnain Óicc
mic Tigearnáin Mhóir) do mharbhadh ar ossadh le hEoghan ele mac
Uí Ruairc .i. mac Tighernain mic Taidhcc mic Tighearnain Mhóir.



Eoghan mac MaolMorda Uí Ragallaigh tigearna Mullaigh Laoighill
décc.



Donnchadh Dubshúileach Ua Conchobhair .i. Ua Conchobhair Ruadh,
décc iar ccian aoís agus iar ndeighbethaidh, agus Feidhlimidh Fionn
Ua Conchobhair doirdneadh ina ionadh lá hUa nDomhnaill, lá Mac
Uilliam agus la Mac nDiarmada .i. Conchobhar feibh as diongmala
ro gaireadh tighearna daon roimhe ré hathaidh agus a bhrocc do chor
fair do Mac Diarmata.


L. 1162


Sidh do dhenamh dUa Domhnaill fri Mac Uilliam Búrc. Ua Conchobhair
agus Mac Diarmata hi ccoraighecht agus hi slánaib etorra.



Forbhaisi lá hUa nDomhnaill agus lá Mac nDiarmatta .i. Concobhar,
ar Carraicc Locha Cé baí ag cloinn Ruaidhri mec Diarmata. Arbhanna
an tíre do mhilleadh agus do caithemh dóibh. Ua Domnaill dimtheacht
iar ffeimdheadh dol fuirre. Foslongport Mec Diarmata do ghabháil dia
Gallocclachaibh féin iar na fhagbail for a ccomairce, agus arthraige
an locha uile do breith doibh for an Carraicc.



Uilliam mac Aodha Mec Branain taoiseach CorcAchlann décc i nocht
Febru iar mbuaidh naithrighe agus a adhnacal i nOilFinn.



Sean Manntach fear urlamhais marbtha Iarla Desmumhan do bhasucchadh
lá Muiris mac an Iarla. Iarla do ghairm do Mhuiris mac an Iarla.



Lenab ionggnathach do gheinemhain i nAth Cliath ina mbátar a fhiacla
acca breith. Ro fhas méad adhbal ann iar na gheinemhain nách clos a
commor hi leanab ó aimsir na ccuradh.



Sidhe gaoíthe do dhol fo meithil mhóna baí i tTuaim Mona, agus duine
dibh do mharbhadh, aighthe an lochta oile do at, agus cethrar ele
do mharbhadh don gaoith cedna hi Machaire Connacht.



Emann mac Riocaird A Burc rogha Gallmacaomh Connacht décc.



Sean Ócc Ua hEghra agus a mac do mharbhadh hi fiull lá cloinn Uí
Eaghra, .i. Ruaidhri, agus Aedh (clann a dearbrathar féin) Dia
Domhnaigh do shonnradh i mainistir an Bend Fhoda.


L. 1164


Donnchadh mac Mathghamhna tighearna Corca Baiscinn do écc, agus
da mac Mathghamna ina ionat, .i. Brian a mac féin agus Tadhg
Ruadh mac Toirrdhealbhaigh Mec Mathghamhna.



Fergal Mac an Ruagaire décc. Baí an Feargal sin fiche bliadhan
ag caitheamh a choda amail gach aon, agus ní dheachaidh dimthealccadh
a chuirp fris an ré sin.



Ruaidhri Ua Concobhair .i. mac Feidlimidh, fear lé raibhe suil na
sochaidhe do gabhail comarbais a athar décc i mBaile Tobair Brighde
a mí Auguist.



Creachsluaiccheadh lá hIarla Cille Dara hi cCenel Fhiachach Mic
Neill dia ro bhris caislen Bile Ratha for cloinn Muirceartaigh
Meg Eochaccáin iar ttabhairt ordanais chuicce.



Maoileachlainn mac Ruaidhri Mec Diarmada, agus Muirges mac Aodha
Mec Diarmatta décc.



Tadhg mac Aedha mic Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair ced rogha macaemh
slechta Briain Luighnigh décc, aidhche Cascc do sonnradh.



Diarmaid mac Taidhcc Uí Concobhair, tanaisi tighearna a cheneoil,
fear as mó ler thuit dia biodhbadhaibh dá laimh baí i nErinn ina
aimsir decc do ghalar fhuail iar ttreablait fhoda.



Concobhar mac Dubthaigh Uí Dhuibhgeannáin do bhadhadh ar Loch Bradain
a Muintir Eolais.



MaolConaire mac Torna Uí MaolConaire decc do ghalar aithghearr hi
cCluain na hOidche.



MaolMaire mac Taidhcc Óicc Uí Uiccinn oide Ereann le dán, agus
Mac an Baird Oirghiall decc.


L. 1166


AOIS CRIOST, 1489.



Aois Criost, Mile, ceithre ched, ochtmoghat, a naoí.



Nioclas Ua Cathasaigh biocaire Daimhinsi for Loch Eirne agus
Tadhcc Ua Maithgen, Manach do manchaibh na Buille décc.



O Neill .i. Enri mac Eoghain mic Neill Óicc, Mac GiollaPattraic
Seffraidh tighearna Osraighe, Ua Cearbhaill Sean tigherna Éle,
O Baigill Toirrdhealbhach, Maghnas mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe
Mhég Mathghamna, agus Concobar mac Glaisne Ui Ragallaigh décc.



Pláigh mhór is in mbliadhain si dia ro éccsat ile. Baí da haidble
co na fagbhaidís daoíne a nadhnacal seachnón Ereann.



Remann mac Uaithne mic Feargail mic Tomais mic Mathghamhna mic Giolla
Iosa Ruaidh Uí Raghallaigh décc dhi.



Feidhlimidh Ócc mac Feidhlimidh mic Feargail mic Tomáis mic Mathghamhna
mic Giolla Iosa Ruaidh Ui Raghallaigh, Domhnall mac Torna Uí MaolConaire
adbhar ollamhan Sil Muiredhaigh, Domhnall Cananach mac Taidhcc Uí
Bhirn, Corbmac Ua Conalladh ceann Gallocclach culcoimeda Uí Conchobhair
an Inghean Dubh inghen Í Chonchobhair .i. Donnchadh Dubhshuileach,
Aodh Buidhe agus Domnall Caoch, dá mac Uí Ainlighi, Rúdhraighe
Glas mac Ruaidhri mic Aodha, Mac Donnchaidh Riabhaigh .i. Aodh,
agus Fionnghuala inghen Mec Diarmata Ruaidh décc don plaigh uile.



Maoileachlainn mac Muirceartaigh mic Eoghain Uí Neill do marbhadh
la cloinn Briain na Coilleadh mic Eoghain Uí Neill.



Rudhraighe mac Dabhid Uí Mhórdha tanaisi Laigisi décc.



Ros mac Uaithne Uí Morda do marbhadh lá Cathaoir mac Laoighsigh
mic Cathaoír Uí Diomusaigh.



O Neill, .i. Conn mac Enri do dhol i noireacht Uí Cathain. Millte
mora do dhenamh dhó, agus a mbraighde do thabhairt lais.



O Domnaill, .i. Aodh Ruadh mac Neill Ghairbh do dol sluagh i
tTrian Congail is in fFoghmar do sonnradh. Creacha móra agus airccthe
aidhbhle do denamh do is


L. 1168


in Rúta ar Mac Uidhilín, agus gan dioghbhail do dhenamh dó acth
Conn a mac do ghuin. Dol dó iar sin co Bel Feirsde, agus caislén
Bheóil Feirsde do gabhail agus do briseadh lais, agus teacht slan
dia tigh co nedalaibh aidhbli.



O Raghallaigh Sean mac Toirrdhealbhaigh mic Seain, agus Ó Fearghail
Conmhac mac Seain mic Domhnaill do denamh creiche hi Maigh Breaghmhaine,
agus Donnchadh mac Briain Chaoich mic Domhnaill Bhuidhe Uí Feargail
do marbhadh don turus sin.



Tomaltach mac Briain Mec Donnchaidh do mharbhadh la hAodh mac
Domhnaill Chaim Mec Donnchaidh, agus lá a cloinn.



Aodh mac Feilim Fhinn (.i. O Concobhair) do gabhail la cloinn Uí
Cheallaigh.



Toirrdhealbhach mac Feilim Finn Ui Concobhair (mac tighearna a aosa
as fearr tainic dia chenel re hathaidh daimsir) do marbhadh la cloinn
Ruaidhri mic Feidhlimidh agus lá mac Mec Diarmata, la sliocht Uí
Concobhair Ruaidh, agus lá mac Aodha mic Ruaidhri is in Caislén
Riabhach.



Comhthoccbhail coccaidh for Ua cConchobhair la Ruaidhri mac Feilim,
la sliocht Taidhg Óicc agus Taidhcc Ruaidh, agus lá sliocht Ruaidhri
Mec Diarmada. Coimhionnsaicchidh doibh fair co hArd an Choillín,
agus Mac Cathail Ruaidh Uí Conchobhair do leccadh agus do bhualadh
leo agus a marcshluagh féin dá bhein amach co háithesach. Ua
Conchobair féin co na marcsluagh agus co na Gallócclacaibh do breith
forra, agus gabhála do ghabhsatar don chaoraigheacht do bhein diobh. A
lenmhain asuidhe co Tuillsce agus Donnchadh Cleireach mac Taidhcc
Mec Diarmata do mharbhadh lá hUa cConchobhair. Cidh fil ann tra
acht a Ghallócclacha fein do fheall agus do impádh for Ua Concobhair,
agus a madhmucchadh leó agus Mac Concobhair Bhuidhe mic Corbmaic
do mharbhadh uadh co sochaidhibh oile, agus bladh da chaoraigheacht
do bhuain de, agus imtheacht áithesach attéchta eisiomail do denamh
dUa Concobair, agus a chaoraigheacht do breith leis i nUíbh Maine.



Eoccan mac Feidhlimidh .i. Feidhlimidh mac Eoghain mic Domhnaill
mic Muirceartaigh Ui Concobair mac tigherna Cairpre, agus dá mhac
Muirceartaigh mic Eoghain


L. 1170


(.i. Muirceartach Ócc agus Sean) do mharbhadh a meabail las an
Calbhach cCaoch mac Domhnaill mic Eóghain, agus Ua Domhnaill
baí a slánaibh etorra dorccain agus do mhilleadh Cairpre a ndioghail
a mighníomh, agus tré nemhchomhall a shlán agus a chor.



Colmán mac Airt mic Corbmaic Bhallaigh Ui Mhaoilechlainn do mharbhadh
lá Conn mac Airt mic Cuinn mic Corbmaic Bhallaigh Uí Mhaoilechlainn.



An Calbhach mac Aedha (.i. Aodh Ruadh) mic Neill Ghairbh Uí
Domhnaill décc.



Murchadh mac Ruaidhri Mec Suibhne do mharbhadh lá hIarla Desmumhan
(Muiris mac Tomáis) i nÉile Uí Chearbhaill, agus a dearbrathair
MaolMuire Mac Suibhne do ghabháil leis bheós.



Mac Még Carthaigh Diarmaid mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc do mharbhadh
las an Iarla cédna.



Tomas Buitilér Mac Risdeird do mharbhadh lá Seaan mac Emainn Mic
Risdertt Buitelér.



Risderd mac Feilim mic Feargail Uí Raghallaigh do mharbhadh lá mac
Seón Óicc Ploingcéd.



Paittricín mac an Ridere Chiarraighe do mharbhadh la Mág Carthaigh
Mór (Tadhg mac Domhnaill Óig).



Creach do dhenamh la Niall agus la hArt dhá mhac Cuinn mec Aodha
Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill ar Enrí mac Enri mic Eoghain
Uí Neill, agus Cathaoír Ua Conchobhair do mharbhadh don cur sin.



Mac Uidhilín, .i. Seinicin Ruadh mac Risdeird do mharbhadh a
ffiull lá Ualtar mac Corbmaic mic Seinicín mec Uidhilín.



Mac an Bhulbaigh tighearna Criche Bulbach a ccois Bearbha décc.



O Gobhann, .i. Mathghamhain mac Toirrdelbhaigh décc.



Diarmaid mac Briain Duibh Uí Conchobhair do mharbhadh lá hAodh
mac Conchobhair agus lá cloinn Ruaidhri mec Diarmada i nAth Leime
na Girre, agus Aedh feisin do


L. 1172


ghuin go mór lá Diarmoid, agus Brian mac Concobhair mic Uí Concobhair
Ruaidh saoí thanaisi do mharbhadh ina dhioghail sen la Tadhcc mBuidhe
mac Cathail Ruaidh Uí Concobhair hi Maigh Murchadha.



Conn mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh Uí Conchobhair décc.



Coccadh mór eittir an dá Ua cConchobhair, agus Sluaiccheadh lá
hUa cConchobhair Ruadh co Baile Tobair Brighde dia ro bhris badhbhdhún
an bhaile, agus tangattar taoísicch slechta Taidhcc Óicc ina theach
co ro ghiallsat dó, .i. Ua Floinn, Mac Ceithernaigh, agus Ua
MaoílBhrénainn.



Sluaiccheadh la hUa cConcobhair go Beol Coilleadh dia ro gherr an
bealach, agus dia ttuccsat lucht Airticch braighde dhó.



Breas maidhm for chloinn Uí Conchobhair is in tSegais la cloinn
Ruaidhri Mec Diarmata.



Slóiccheadh lá hUa cConchobhair for chloinn Uilliam Ui Cheallaigh
dia ro loiscc, agus dia ro ghearr bealach an Chluainín, dia ro ghearr
agus dia ro mhill arbhanna iomdha. Dioghbhala iomdha do dhenamh do
chloinn Uilliam Uí Cheallaigh for Ua MaolConaire co na braithribh
ina dhioghail sidhe.



Aodh mac Ui Concobhair, agus Eoccan do ghabhail a meabhail lá cloinn
Uilliam Uí Cheallaigh, agus Dubhthach Ua MaolChonaire do ghabhail
ina fochair, agus a chor i ngeimhel.



Concobhar mac Diarmada do gabhail la Toirrdhealbach Ua cConcobhair.



Coccadh mór etir Anghalachaibh féin. Creacha agus uilc iomdha do dhénamh
dóibh for aroile co ndearna an Iustis síth etorra agus co ro rann an
toísighecht eitir mac Seain agus mac Cathail.


L. 1174


Creach Cluana Tuaiscirt na Sionna lá sliocht Laoíghsigh mic Rossa,
agus creach áithesach do dhenamh ina díoghail i tTír Licin lá muintir
Ainlighi for sliocht Loighsigh.



Maidhm siodha etir an dá Ua Fherghail, agus creach mhór do dhenamh
la mac Seain for mac Cathail mic Tomais.



Mac Branáin do gairm do Shean Mac Branáin lá hUa Concobair agus
lá Mac Diarmada agus do mhaith sé an lá sin leth marcc Bhaile an
Bhealaigh do chloinn Uí MhaoilChonaire baí acc fior a ionaid forra
lé haimsir imchéin.



Maelechlainn mac Lochlainn Uí MhaolChonaire décc for a chuairt éiccsi
lá Mumhain.



Síle ingean Diarmata an Dúnaidh Meg Carthaigh ben Toirrdhealbhaigh
Ui Bhriain díol Caisil do ríoghain décc.



Caoíre na Midhe a ccomhfhochraibh fairrcce ó Ath Cliath co Droichet
Átha do dhol is in muir daimhdheoin a naoghairedh agus gan a tteacht
for ccúla.



O Fialán décc.



AOIS CRIOST, 1490.



Aois Criost, mile, ceithre chéd, nochat.



Matha mac Conaincc biocaire Leth Ratha, Ferccus mac Eóin mic Matha
ancoire Insi Caoín, an Cananach Mac Ticchernáin do shenadh Droma
Lethain, agus Giolla Crist Mac an FhirLeighinn saccart ócc baí i
cCluain Lis Fhloinnabhrait décc.


L. 1176


Creach la hUa cConchobhair i tTír Maine for Ruaidhri mac
Toirrdhealbhaigh i Turlach na mBruigheol. Creach ele lá hUa
cConchobhair for cloinn Ruaidhri Bhuídhe hi Muine Fraochnat, agus
hi nDruim Tarlach, agus hi cCluain Gamhnach. Clann Ruaidhri Mec
Diarmata agus a mbaoí na acchaidh dá chinidh féin cona nGallócclachaibh
do beith ar a chionnar Maigh na Cruachna agus tachar aggarbh ainmín
do thabhairt dóibh da roile co ro cuimhnighsiot a sen fholta agus a
nuafholta da cheile, ar batar daoine ainnsidhe i naghaidh aroile las
ro marbhadh aithre agus braithre a chéle. Cidh tra acht ro sraoineadh
lá hUa Concobhair forra annsin, agus do marbhadh ann Tomaltach mac
Ruaidhri Mec Diarmada tanaisi Maighe Luirg, agus Corbmac mac Taidhg
mic Ruaidhri Buidhe. Ro gabhadh ann Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh
Mec Dubgaill, agus sochaidhe da nGallócclachaibh agus dá cceithirn.



O Conchobhair Feilim Fionn mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh
Uí Chonchobhair fear crodha coccthach fer ro dhing a omhan for gach
tir ina timcheall, agus fear ro shaoílset Síol Muiredhaigh do chor
Connacht lé cheile décc Luan Cascc i ttigh Mecc Oireachtaigh,
agus a adhnacal i notharlicche a shinnsior hi Ros Comain.



Toirrdhealbhach mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoighill do trasccradh
dia eoch a ccoimhling for iomaire Murbhaigh agus a écc as a los.



Ua Gairmledhaigh Muirceartach mac Enri mic Concobhair, agus Concobhar
Ruadh mac GiollaPatraicc MegUidhir decc.



Ruaidhri mac Pilip mic ConConnacht do mharbhadh lá cloinn Bhriain
mic Concobhair Óicc MegUidhir agus la sliocht Concobhair archena.



Ua Cathain Sean mac Aibhne mic Diarmata do ghabhail la luing tainig
a hInber Air.



Aodh mac MaoilMorda mic Seaain Uí Raghallaigh do ghabhail la cloinn
Glaisne mic Conchobhair Uí Raghallaigh iar norccain bhaile Tomais
mic Glaisne leis.


L. 1178


Sémus Ócc Sabhaois do mharbhadh la cloinn an tSionasccail Sabhaoís.



Colla mac Rúdhraighe mic Ardgail Meg Mathgamna do mharbhadh lá sliocht
ConUladh mic Neill Mhóir Uí Neill.



Feilim mac Rudhraighe mic Seinicín Mec Uidhilín do mharbhadh i
nAendruim lá cloinn Briain mic Aodha.



Caislén Édain Dubhcairrcce, .i. caislén Neill mic Cuinn mec Aodha
Buidhe do ghabháil agus do bhriseadh lá Feilim mac mic Neill Buidhe,
agus creacha móra la Feilim mac mic Uí Neill Bhuide ar cloinn Cuinn
mec Aedha Buidhe, agus Gofraidh Ua MaolCraoíbhe do mharbhadh leiss.



Creacha agus oirgne do dhenomh la hAedh Óg mac Aodha Ruaidh Uí
Dhomhnaill ar cloinn Donnchaidh mic Aedha MegUidhir, agus a mbreith
lais co hAth Senaigh agus a marbhadh ann uile, .i. ceithre chéd bó,
uair tucsat bardadha an bhaile (clann Aodha Gallda Uí Dhomnaill)
caislén Atha Senaigh dAodh Ócc gan comhairlécchadh dUa Domhnaill.



O Domhnaill agus Ó Neill do beith i ndíbh scoraibh for aineach aroile
ó Shamhain go Nodlaicc, O Domhnaill i nDruim Bó agus Ó Neill isin
cCairrccín, agus ní dearnsat sídh na ossadh, coccadh, na comhfhuachadh
fris an ré sin.


L. 1180


Ua Dálaigh Breifne, Sean mac Uilliam mic Aodha saoí lé dán, Ruaidhri
agus Aodh Mhág Craith da mhac Domhnaill mic Aodha Óicc dá
priomhshaoí Cloinne Craith, Tomás Ua Lorcáin adhbhar ollamhan Ua
Madadháin, agus Fionn Ua hAnghluinn primh thiompánach Ereann décc.



Ua hUiccinn Sean mac Fergail Óicc priomh shaoí Ereann lé dán décc.



Ua Caiside Cúile, agus Catariona inghen Choncobhair mic Cathail Meg
Raghnaill ben Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh MégUidhir décc.



Donnchadh mac Maoileachlainn Chaoích Ui Bhirn co na dhís mac, fer
dhíobh a ccionn a sheacht mbliadhan do marbhadh a meabhail lásan ccuid
oile do sliocht Corbmaic Uí Birn.



Cathal mac Donnchaidh mic Aodha do marbhadh la Conn Ciotach mac
Aodha mic Eoghain, agus la muintir Concobhair Mic Diarmada i tTír
Bhriúin na Sionna.



Sliocht Taidhcc Uí Concobhair co na ccaoraigheacht do theacht a
hUíbh Maine, agus suidhe dóibh i nucht an Chláir, agus Tadhcc
Ruadh mac Cairpre Uí Concobhair do gabhail leó. Indsaighidh lá cloinn
Ruaidhri Mec Diarmata fó na ccaoraighecht somh i nadhaidh sin fein,
agus Ruaidhri mac Corbmaic Mec Diarmada do marbhadh las an
ionnsaighidh sin.



Ruaidhri mac Feilim Uí Concobhair doirdneadh in ionadh Fhéilim
Fhinn.



Ua Domhnaill do theacht lá sliocht Taidhcc Uí Conchobhair co
Tuillsce, agus an caislén dfheimghedh dóibh.



Creach lá sliocht Taidhcc Uí Chonchobhair for Ua cConcobhair, agus
for cloinn Ruaidhri Mec Diarmada i mBóthar Liath Baislice.



Sliocht Taidhcc Uí Concobhair, agus Tadhg Ruadh do dhol co na
ccaoraigheacht i Maigh Luircc, agus a ghuirt do ghearradh agus a
nullmhucchadh dóibh fein and, agus a dhaoíne féin do dhíochur ass.


L. 1182


Slóiccheadh lá sliocht Taidhcc Uí Concobhair agus lá Mac Uilliam
Búrc for sliocht Briain Bhallaigh Uí Conchobhair agus a ccaislén
do gabail agus iad féin do dhíbirt as a ndúthaigh.



Creach lá Fergus mac Emainn mic Laoighsigh for Feargus mac Cathail
mic Tomais agus for Cloinn Amhlaoibh. Crech ele lais for Ua
Maoileachlainn. Crech ele lais isin Cuirrín Chonnachtach for
cloinn Giolla na Naomh mic Domhnaill.



Emann Dubh mac Rossa tighearna Chaladh na hAnghaile décc, agus
Feidhlimidh mac Giolla na Naomh mic Domhnaill do gabháil a ionaid.



Diarmait Buidhe mac Uí Ainlighi do mharbhadh lá Ferccus mac Emainn
i cCoill na Cloiche, agus Ua hAinlighi a athair, .i. Tadhg mac
Giolla na Naomh do dhalladh dia cumhaidh. Ua hAinlighi do ghairm
do Mhuircheartach mac Uaitne Uí Ainlighi ina ionad.



Siubhan inghen Murchaidh mic Taidhcc Glai bean Domhnaill Meg
Cormáin décc.



Maoilechlainn mac Uilliam Uí Cheallaigh do gabhail a meabhail lá
Tadhcc mac Donnchaidh Uí Cheallaigh agus mac Uí Mhainnín do mharbhadh
ina fhiadhnaise agus Maoíleachlainn do léiccean iar ttrioll.



Emann Díolmhain tighearna Machaire Cuircne décc.



Brian mac Taidhcc (.i. Mag Raghnaill) mic Cathail Óicc MegRaghnaill
do mharbhadh a meabhail i LiathDruim lá sliocht a sheanathar fein (.i.
Tadg mac Concobhair agus da mhac Maoilechlainn) bai ina ndaltaibh
agá athair.


L. 1184


Caislén LiathDroma do ghabhail la Hoiberd mac Taidhg Mhég Raghnaill,
agus lá sliocht Tomaltaigh Mec Diarmata, Cathal mac Mhaoílechlainn
MegRaghnaill do marbhadh is in ccaislen la Hoiberd a ndioghail a
dhearbhrathar. Caislén LiathDroma do gabhail dEoghan Ua Ruairc
iarsin.



Caislen Ata Luain do gabhail don Diolmaineach.



Geralt mac Dúnlaing Uí Bhrain tighearna Branach décc agus Catháoír
Ua Broin ina ionad.



Eoin Ócc mac Eoin Mhóir a hÍle do mharbhadh a mebail lá fear téd
Ultach bai ina gradhaibh fein Diarmait Mag Cairpre, agus boill
do dhenam de fein ina chionaidh.



Fionnghuala inghen Ruaidhri Meg ConMara ben Toirrdhealbhaigh mic
Murchaidh Uí Briain décc.



Conn mac Domhnaill Uí Concobhair CorcMoDhruadh do marbhadh la Cathal
mac Uí Concobhair.



Maidhm talmhan do thóbhruchtadh hi Sleib Gamh dia ro mucchadh ced
do dhaoinibh im mac Maghnusa Crosaigh Uí Egra, agus lás ro marbhadh
capaill agus bú iomda, agus iascc brén iomdha do thecht amach as agus
loch ina ngabar iascc do fhás ina ionad.


L. 1186


AOIS CRIOST, 1491.



Aoís Criost, míle, ceithre ced nóchat, a haon.



Eoghan mac Muirceartaigh mic Neill Óicc Uí Néill, Muirceartach
mac Airt mic Eoghain Uí Neill, agus Sean Ruadh mac Ruaidhri MegUidhir
décc.



O Cathain .i. Sean mac Aibhne mic Diarmatta do léiccean as a
braighdenus agus a chaoraighecht do bhein dó do chloinn Mhagnusa Uí
Cathain suil do fhidir neach dia thir fein a legean amach.



Feidlimidh mac Aodha mic Eoghain Uí Neill do mharbhadh la Brian mac
Rudhraighe mic Emainn Meg Mathghamna, agus Art Ua Neill dearbrathair
Fheidhlimidh do denamh creiche i tTeallach nGeallaccain ina dioghail.
Daoine iomdha do losccadh, agus do mharbhadh leis.



Coccadh anbháil etir Ua Neill, .i. Conn mac Enri, agus Ua
Domhnaill .i. Aodh Ruadh mac Neill Gairbh co na ro fédadh a
siodhuccadh co ndechsat araon do shaicchidh an Iustís Iarla Cille Dara,
agus a ttoidhecht uadh for cula gan sidh gan ossadh. Brian mac Aodha
Gallda mic Neill Uí Domhnaill do marbhadh ar an ccoccadh sin lá Henrí
mac Enri Uí Neill. Ro coimhéid agus Ro imdegail an tEnri cedna an
tir a ccein ro baoí Ó Neill hi ttigh Gall.



Eachmhilidh mac MégAongusa .i. mac Aodha mic Airt, do marbhadh ina
tigh fein ar greis oidhche la cloinn Maoilechlainn mic Muircertaigh mic
Eoghain Uí Neill.



Ua Raghallaigh (Sean mac Toirrdhealbhaigh mic Seain) macaomh ócc
aoidheadhach dearlaictheach deagheinigh do ecc hi remhthus a ratha, agus
a adhnacail i mainistir an Cabhain, agus Ua Ragallaigh do gairm do
Shean mac Cathail mic Eoghain.



Cathal mac Toirrdhealbhaigh Uí Raghallaigh do tharraing Iarla Cille
Dara ar Ua Raghallaigh Ócc co na braithribh agus dioghbhala móra
arbha, agus innile, agus airneisi do denamh las an sluagh nGall don tír,
agus mac Mec Balronta do gabháil ón tsluagh Gall lá cloind Cathail,
agus mac Emainn mic Tomais mic Feidhlim Uí Raghallaigh do marbhadh lás
an sluagh hisin.


L. 1188


Creacha mhóra las an Iarla (Semus mac Tomáis) ar cloinn Glaisne mic
Concobhair Ui Raghallaigh.



Mag Craith hi Tearmann do dhenamh do Ruaidhri mac Diarmata mic
Marcais.



Aedh agus Ruaidhri da mac Domnaill mic Aodha Óicc mic Aodha mic
Raghnaill mic Donnchaidh A lainn Még Craith décc.



Murchadh mac Eogain Még Craith décc.



Hanri mac Hoiberd mic Semais Diolmhain do mharbhadh a athar feisin
Hoberd derchor do sgin agus é fein do dol do chum na Romha as a los.



Fliuchdhoinenn mhór hi Samhradh na bliadhna sa agus is in Fhoghmhar ar
cind go mba samhalta fri dílinn go ro mheth arbhanna na hErenn.



AOIS CRIOST, 1492.



Aoís Criost, mile, cethre ched, nochat, a dó.



An tOificel Ó Duibhidhir .i. Aodh décc.



Ruaidhri (.i. Ua Concobhair Ruadh) mac Feidhlimidh Uí Concobair,
fer sona re sídh, fear crodha ré coccadh décc iar sendataidh tocchaidhe
agus a adhnacal hi tTuillscce.



O hÁinlighi Giolla na Naemh mac Domhnaill taoíseach Cenél Dobhtha
do mharbhadh la a chenel feisin.



Coccadh adhbal mhór etir Ua Raghallaigh Ócc, .i. Sean mac Cathail mic
Eoghain agus Cathal mac Toirrdhealbhaigh mic Seain mic Eoghain,
do rónadh creacha mora la Cathal for Ua nGobhann. O Gobhann dia
lenmhain, agus a écc suil do impaídh.


L. 1190


Síth agus osadh do denamh eitir Ua nDomhnaill agus O Neill go
Beltainne.



Conn mac Airt mic Cuinn Uí Conchobhair do mharbhadh lá muintir Iarla
Cille Dara tre urchor cuaille tucc sé ar succradh ar an Iarla.


L. 1192


Conn mac Uí Dhomhnaill do geimhliucchadh lá a athair.



Sean mac Cairpre Uí Neill do marbhadh la cloinn hUi Anluain agus
lá cloinn Remainn Uí Anluain hi tTraighBaile Dúine Dealccan.



Feidhlimidh mac Toirrdhealbhaigh mic Aedha Uí Neill do mharbhadh lá
Henri mac Briain na Coilleadh mic Eoghain Uí Neill.



Corpmac mac Aodha mic Pilip MegUidhir décc.



Colla mac Donnchaidh Mec Domhnaill do mharbhadh ina tigh fein do chaoir
theineadh agus an tegh do losccadh, agus triúr nó cethrar do lethmarbhadh
ann don chaoír cedna.



Brian mac Emainn Mec Domhnaill, agus a mhac do mharbhadh lá cloinn
Még Mathghamna agus lá cloinn tSeain Bhuidhe Meg Mathghamna.



Aibhne mac Aibhne Uí Catháin, Gofraidh, agus Sean Gallda, dá mhac
Sheain (.i. Ó Catháin) mic Aibhne mic Diarmada do mharbhadh la
Ualtar Mac Uidhilín agus la hEóin Cathánach mac Eóin mic Domhnaill
Bhallaigh, agus lá Tomas Ua Cathain brathair a nathar uair as ar a
tharraing tangattar do denamh an mharbhtha hísin.



Mac GilleFhinnéin .i. Toirrdhealbhach mac Briain mic Enrí Chrosaigh,
agus Feidhlimidh Ruadh mac Donnchaidh Mec GilleFhinnein décc.



Mág Craith (.i. comharba tempaill Dabheócc) Diarmait mac Marcais mic
Muiris mic Niocoil mic Andriasa décc.



Pilip mac Uilliam MegUidir do mharbhadh lá hUa cCathalán i mbaile
Risdeird mic an Ridere Belle.


L. 1194


Toirrdhealbhach Ballach mac Uí Conchobhair Failge, .i. mac Cuinn
mic an Chalbhaigh, agus Mac ConMara (Cumeada) mac Seain Mec ConMara
décc.



An Calbhach mac Uí Conchobhair Failghe .i. mac Cathaoir mic Cuinn
mic an Chalbhaigh do mharbhadh lá cuid do muintir mic Iarla Urmumhan
(Semus mac Seain mic Semais Buitiler) .i. le Maigistir Gart, agus
Maighistir Gart féin do gabhail fócedóir la hIarla Cille Dara.



Creacha móra la Cathal mac Toirrdhealbhaigh Ui Raghallaigh, agus le
cloinn Mécc Mhathgamna (.i. Rémann) Glaisne agus Brian, agus le
Giolla Pattraicc mac Aodha Óicc Mécc Mathghamhna (ar tarraing
Chathail Uí Raighilligh) ar Ua Raghallaigh .i. ar Seaan mac
Cathail mic Eoghain, agus ar a braithribh ar chena.



Creacha mora ele la hUa Raghailligh ar cloinn Glaisne Uí Raighilligh,
agus mac Seain Buidhe Mecc Mathghamhna .i. Eoghan do mharbhadh
a ttóraighecht na ccreach sin lá cloinn Glaisne, agus Gearóid mac
Émainn mic Tomais mic Feilim Ui Raighilligh do gabhail ar in tóraigecht
cedna.



Sean Buidhe mac Eoccain mic Rudhraighe mic Ardgail Meg Mathgamhna
décc hi fFéil Tighearnaigh.



Domhnall mac Enri mic Eoccain, agus Giolla Pattraicc mac Cathmhaoíl
do ghabhail agus Mac Cathmhaoil (.i. Emann) do mharbhadh la cloinn
Remainn MhégMhathghamhna .i. Glaisne agus Brian. Ro marbhadh,
agus ro gabhadh sochaidhe oile don chur soin cenmothatsidhe. Domhnall
tra do eludh as caislén Muineacháin hi ccionn tsechtmhaine iar na
ghabhail.



Ua Cléiricch Tadhcc Cam ollamh Uí Domhnaill i neiccsi hi
filidheacht agus a senchus fer tighe aoidhedh coitchinn do thrénaibh agus
do truacchaibh décc iar mbreith buadha ó dhomhan agus ó dhemhan.



Pláigh ionggnáthach isin Midhe .i. pláigh cetheora nuair fichet, agus
gach aen teicchedh tar an re sin nó téarnadh, agus ní ghabhadh naoidhin
nó leinb becca.


L. 1196


Mac Iarla Urmumhan do teacht i nErinn iar mbeith athaidh foda hi
Saccsaibh. Sluaiccheadh laisidhe, lá hUa mBriain co na bhraithribh,
agus la Mac Uilliam Cloinne Riocaird i nduthaigh Buitilerach agus
umhla Buitilerach do thabhach do mac an Iarla agus Gaoidhil Laighean
do gabhail leó. An Mhidhe do milleadh las an sochraide sin. Sráid
na cCaorach i nÁth Cliath do losccadh on Iustis. Sídh do dhenamh
iarsin etorra agus an Iustis, .i. etir mac Iarla Urmhumhan agus
Iarla Cille Dara, .i. ionad a athar féin ag gach aon diobh agus ionadh
an Rígh i nErinn, .i. an cloidheamh agus gach ar ben lais do cor i
norlaimh Airdespuicc Atha Cliath nó go reidhighedh an Rí etorra agus
co ccuireadh ar an ccóraidh iatt. Bá hé fochann ar ar léicc Iarla Cille
Dara a oific, .i. an iustisecht de, agus trés ar éirigh a barántus Gall
Midhe fó dháigh ná ro chongainsiot lais i nacchaidh mic Iarla
Urmumhan,


L. 1198


Tangatar uilc iomdha do Ghallaibh treimhitsidhe uair ro crechadh,
agus ro loiscceadh go coitchenn iatt as gach aird ina ttimcheall lá
Gaoidhealaibh iar na ttréiccen don Iarla.



Hoiberd mac MaolRuanaidh MegRaghnaill adhbhar toísigh Conmaicne Réin
na bFomhorach agus sé fir dhécc maraon ris do mharbhadh, agus do losccadh
i ttempall Cille Trenain for bru Sionna lá sliocht Cathail Óicc
Mécc Ragnaill, agus lá muintir Chearbhalláin.



Creach lá hEoghan Ua Ruairc i nUibh Briúin na Sionna dia ro marbhadh
mac Uí Birn Cathal mac Muircertaigh mic Taidhg mic Corbmaic.



Forbhaisi la Conchobhar Mac Diarmata tighearna Maighe Luircc for
Charraicc Locha Cé, agus Ua Domhnaill da chor dhi do druim siodha.



Caislén Bhaile na hUamhadh do aithdenamh lá sliocht Aodha Mec Diarmatta.



Concobhar Ócc mac Conchobhair mic Cathail Óicc MegRaghnaill
do mharbhadh lá sliocht Maoilechlainn MegRaghnaill.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill, la hUa Ruairc agus lá hEoccan Ua
Ruairc hi Muintir Eolais do thabhach tighearnais Uí Ruairc a
cloinn Maoilechlainn, agus a bfeimghedh uime agus an tír do mhilleadh
eitir arbhar agus fhoirccnemh. MagRaghnaill do ghairm dhóibh
dUilliam mac Ir i nacchaidh Maoilechlainn mic Uilliam baí athaidh
fhoda isin taoísighecht ina aenar.



Muirceartach mac Mathghamhna Uí Bhriain do écc da ghonaibh i
tTuadhmumhain iar na lot ar an sluaiccheadh remhraite .i. sloiccheadh
mic Iarla Urmumhan.



Anluan mac Mathghamna Uí Briain do marbhadh la sliocht Donnchaidh Uí
Bhriain.



Aodh Mac Flannchadha ollamh Tuadhmumhan i fféinechus, agus a
mbreithemhnas décc.



Tadhcc mac Seain mic Taidhcc Mec Donnchaidh, agus Corbmac mac
Concobhair


L. 1200


mic Domnaill Caim do chomhthuitim lé aroile ar an nGaebaigh, agus
aroile diobh do chiorrbhadh a cheile an mhéid do erna dhibh.



Brian mac Neill Gallda agus Eimear a mac do ghabhail a mebhail lá
Gallaibh Cairrge Fergusa, agus a thiodhnacal do chloinn Chuinn mec
Aedha Buidhe.



Mac Rudhraighe Mec Uidhilín co sochaidhe móir do troigheachaibh
amaille fris do mharbhadh lá hUa cCathán.



AOIS CRIOST, 1493.



Aois Criost, Mile, ceitre ched, nochat, a trí.



An tOificel Ua Lucairén, (Eogan), saoi cléirigh décc.



O Néill, .i. Conn mac Enri mic Eoccain lamh tiodnaicthe séd agus
maoíne fear crodha coccthach do mharbhadh i meabhail lá a dearbrathair
féin Enri Ócc.



Ua Domhnaill do dhol i tTir Eoccain ar tarraing Domnaill mic Enri
mic Eoghain, agus Ua Neill do ghairm do Dhomhnall, agus braighde
an tíre do ghabhail dó cen mo thá Ó Cathain, agus O Mealláin. O Neill
eile do ghairm dEnri Ócc (i nacchaidh Domhnaill) lá hUa cCatháin
agus lá hUa Meallain, agus nir bhó techta uair bá hé Domnall an
sinnsior.



Domhnall mac Eoghain mic Eogain mic Neill Óicc Uí Neill do marbhadh
la droing do muintir Airt mic Cuinn mic Enrí Uí Neill.



Ua Mordha Conall mac Dauidh do mharbhadh fa chaislén Bhaile na
mBachlach hi


L. 1202


cCrich Bhulbach la dreim do muintir Iarla Cille Dara, .i. Gearóit
mac Tomais Ui Mhordha agus Ua Mórdha do dhenamh do Niall mac Domhnaill.



O hAnluain .i. Emann Ruadh mac Murchaidh do marbhadh la cloinn
Aodha mic Eoghain Uí Neill.



Mac Artáin Pattraicc mac Aodha Ruaidh décc.



Fionnghuala inghen Uí Concobhair Fhailghe, .i. an Calbhach mac
Murchaidh ben Í Domhnaill, Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh an
Fhiona, agus ro ba ben iaramh dAodh Bhuidhe mac Briain Bhallaigh,
ben do coimheid a febdhacht iar nécc na ndeighfhear sin fri ré naoí
mbliadhna cethrachatt go hionnraic onorach craibhdhech caonduthrachtach
décc an 25. Iul.



Caitríona inghen Aodha Ruaidh Még Mathghamhna (ben sidhe Uí
Raghallaigh, .i. Toirrdhealbhaigh mic Seain mic Eoghain) décc.



Niall mac Seain Buidhe Uí Neill décc ina braighdenas.



An dá Ua Neill (.i. dá mhac Enrí mic Eoghain), .i. Domhnall agus
Enrí Ócc do thochar fri aroile ag an nGlasdromainn, agus briseadh
ar Domhnall co na mhuintir. Mac Dhomhnaill (.i. Raghnall),
consapal Gallócclach Uí Néill co na triur mac, Somairle, Ruaidhri
agus Tuathal, agus Emann mac Mec Domhnaill Mhóir, .i. mac Colla
mic Toirrdhealbhaigh mic GiollaEspuicc, Mac Ruaidhri mic Aodha Ballaigh
Mhec Domhnaill, Dubghall agus Donnchadh Ócc dá mac Donnchaidh
Meg Domhnaill, Emann mac Seain Buidhe Uí Neill, Aodh Breifneach mac
Seain mic Airt, Ua hAodha, .i. Ferdorcha mac an Bhallaigh Uí Aodha
agus drong mor ele do mharbhadh ann cen mo thát.


L. 1204


Ro gabhadh ann Niall mac Seain Buidhe Uí Neill, Aedh mac Domhnaill
mic Enri Í Neill agus Donnchadh mac Cathmhaoil co sochaidhibh oile.



O Domhnaill .i. Aodh Ruadh co na chloinn Conn, agus Aodh
do dhol mór sluagh go maithibh Iochtair Connacht im Ua Ruairc Féilim
mac Donnchaidh mic Tighearnain Óig im Eoghan mac Tighearnáin mic
Taidhcc adbar tighearna Breifne an tan sin im Domhnall mac Eoghain
Uí Conchobhair tighearna Iochtair Connacht, agus iar na ttionól
co na sochraide go haonbhaile, tucc Ua Domhnaill a acchaidh for
choicceadh Uladh soir gach ndíreach co ráinicc Trian Conghail,
assidhe i Leth Cathail, assidhe i nUibh Eachdhach, agus assidhe
i nOirthearaibh. Ro hoirccedh agus ro creachadh Leth Cathail lais
don chur sin agus gach tír tres a ndeachaidh dá mbaoí i néccraitte
fris. An ccein tra boí siomh for an turus sin ro thionoil Ua Neill,
.i. Enrí Ócc mac Enri mic Eoghain a sochraitte im Macc Mathgamna,
.i. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe, im Mag Aongusa, Aodh
mac Airt mic Aodha co líon a sochraide, agus co sluagh diairmidhe
cen mo thát sidhe. Ruccsat an sluagh iomdha sin for Ua nDomnaill i
mBeandaibh Boirche co ro iadhsat roimhe agus na dhiaidh. Ro fuilngedh
agus ro hiomchradh an tanforlann sin lá hUa nDomhnaill co cobsaidh
comhnart co rangattar a shluagha lais ina niomláine tar dodhaing na
conaire. Iar rochtain do na maithibh cechtardha go haon maighin
ro ordaighset agus ro choraighsiot a sochraide aghaidh i ndaghaidh.
Ro fearadh coimhleng fiochdha ainiarda, agus iomairecc amhnus aiccmheil
etorra. Ro chuimhnigh cách díobh a sengoimh, agus a nua fhola dia roile.
Acht cena ro mhebhaidh maidhm fo dheóidh for Ua Neill co na sochraite.
Ro marbhadh in tan sin lá hUa nDomhnaill, Sean Ruadh mac Donnchaidh
Mécc Mathgamhna co sochaidhibh ele, agus ní ro léicc dorcata dheiridh
an laoi agus thosaigh na hoidhche do sluagh Uí Domhnaill an maidhm
do lenmain amhail ro ba


L. 1206


lainn leó conidh edh do righensat foslongport na hoidhche sin do gabhail
bhail in ro sraínset an maidhm sin Bheinne Boirche. Ro asccnáttar
dia ttighibh iar ná mharach iar mbreith bhuadha agus cosccair gach tíre
gus a rangattar.



Briseadh for Ua cConcobair fFailghe (.i. Cathaoír mac Cuinn mic an
Chalbhaigh) lá Mag Eochaccain (Semus mac Connla mic Aodha Buidhe)
agus mac Uí Conchobhair Tadhg mac Cathaoir mac Toirrdhealbhaigh
Bhallaigh Uí Concobhair, mac Airt Uí Chonchobhair agus da mhac Aodha
Uí Mhaonaigh do ghabhail ann, agus cethre fichit each do bhuain díobh.



Toirrdhealbhach mac Taidhg Ui Concobhair, agus Cathal mac Muircertaigh
mic Feilim Uí Chonchobhair do crochadh lá hUa cConcobhair fFailge
Cathaoír mac Cuinn, et cetera.



Corbmac mac Diarmatta Mec Diarmatta tanaisi Maighe Luircc do mharbhadh
lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmata.



Creach la cloinn Ruaidhri Mec Diarmata for sliocht Taidhcc Ui
Conchobhair, agus Conn mac Feidhlimidh Finn Uí Concobhair, agus
Tomaltach Ócc mac Tomaltaicch an Einigh Mec Diarmata do mharbhadh leo.



Mac ConMidhe, .i. Tadhcc mac Concobhair Ruaidh mic Eachmarcaigh
saoí fhir dhana agus fhoghlainnteach do mharbhadh lá moghaidh
dia muintir fein, .i. mac Uí Chlumháin.



Conchobhar mac Uí Dhalaigh Breifne décc.



Conntae Cille Dara agus Ceall Dara féin do losccadh lá mac Iarla
Urmumhan.



Semus MagEochaccáin taoíseach Cenél Fiachach mic Néill décc, agus
Laighneach a bhrathair do gabhail a ionaidh.


L. 1208


AOIS CRIOST, 1494.



Aois Criost, Mile, ceithre chéd, nochat, a cethair.



An Inghendubh inghen Uí Dhomhnaill (Aodh Ruadh) ben Neill mic
Cuinn mec Aodha Buidhe Uí Neill décc.



CuUladh mac Aodha mic Eoccain mic Neill Óicc Í Neill, Eoghan mac
Domhnaill Bhallaigh MégUidhir, Brian mac Diarmata Í Dubhda agus
O Ferghail Conmac mac Seain mic Domhnaill mic Seaain mic Domnaill
an dara taoíseach do bhaí an tan sin isin Anghaile décc.



GiollaPattraicc mac Mec Maghnusa MegUidhir décc, agus a adhnacal i
nDún na nGall an treas lá iarttain.



Domhnall mac Eoghain Ui Conchobhair tighearna Sliccigh, fer aghmhar
ionnsaighthech fear agá raibhe ó Choirrsliabh co Bun Duibhe ina
linn láin agus ina tobar thécht do mharbhadh agus do losccadh a meabhail
ar greis i mbadbhdhún in caislein hi mBun Fhinne la cloinn Ruaidhri
mic Toirrdhealbhaigh Charraigh (Sean agus Brian), agus Ruaidhri
mac Toirrdhelbhaigh Carraigh do ghabhail a ionaid.



Tuathal mac Toirrdhealbhaigh na Mart Uí Neill agus trí fir décc
dia mhuintir im Murchadh Ua Lorcáin do marbhadh lá cloinn Chana,
agus lá cloinn Briain na Coilleadh mic Eoghain Uí Neill.



Toirrdhealbhach mac Donnchaidh mic Tomais Meg Samhradhain do mharbhadh
la cloinn Eoccain mic Tomáis, agus lá Fearghal mac Tomáis mic Tomáis
Meg Samhradain durchor saighde.



Eoin Bernach mac MaolMuire Mec Suibne co ndruing dia Gallóglachaibh
do mharbhadh lá Tadhcc mac Cuinn mic Domhnaill mic Eoghain Uí Neill,
agus lá hAodh Ruadh mac Glaisne mic Remainn mic Rudhraighe Meg
Mathghamhna, agus a nadhnacal i nArdMacha.


L. 1210


Maidhm for Ghallaibh lá Mág Mathghamhna (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh)
agus lá hUa Raghallaigh (Sean mac Cathail mic Eoghain mic Seain) dú
in ro marbhadh trí fichit duaislibh Gall, agus in ro gabhadh braighde
iomdha.



Semus mac Mec Maghnusa do mharbhadh durcor do shaighit lá cloinn
Chorbmaic Meg Samhradháin. Emann mac Corbmaic mic Maghnusa ro theilcc
an turchor.



Sliocht Eoghain mic Domhnaill mic Muirceartaigh do dhol hi ccaislén
Sliccigh.



Iarla Cille Dara do ghabhail i nAth Cliath .i. la Saxaibh, agus a
chor tairis go Saxoibh.



Domhnall mac Maoíleachlainn MégRaghnaill adhbar tighearna for a
dhuthaigh féin do mharbhadh daon urchor saighde lá cloinn Feidhlimidh
mic Giolla na Naomh mic Domhnaill mic Muirceartaigh Midhigh i mBaile
na Caradh.



Semus (brathair Iarla Chille Dara) do mhillead na Midhe an ccein
do bhaí an tIarla hi ttig an Righ.



Iarla Cille Dara, .i. Gearóid mac Tomais, agus mac Iarla Urmumhan,
.i. Semus mac Seain mic Senais recte Semais Buitiler do toidhecht ó
tigh Rígh Saxan iar ndénamh síodha etorra, agus Eduard Ponyuill
Ridire Saxanach do theacht leó ina Iustís i nErinn.



O Domhnaill Aodh Ruadh co na sochraide do dhol fa chaislen Sliccigh
agus a beith bladh mhór don bliadhain si hi ffoslongport ina timcheall,
agus daoíne iomdha do marbhadh uadh don chur sin fa mac Mec Uilliam
Búrc (Uilliam mac Riocaird mic Emainn mic Tomais) fa Uilliam mac Uí
Ghallcubair, .i. Emann mac Donnchaidh mic Lochlainn, agus fa Eoccan
mac Corbmaic Carraigh Uí Ghallcubhair, agus fa Domhnall Arannach,
ceann fedhna Albanach do bhí hi ffochair Uí Dhomhnaill. Ro marbhadh
bheos drong ele cen mo thát sidhe la uardaibh an chaislein, .i. le
Brian Caech mac Taidhcc mic Eoccain, lás an cCalbhach cCaoch
mac Domhnaill mic Eoccain, agus lá muintir Airt isin Samraidh
do rónadh innsin.


L. 1212


Alaxandair mac Gille Espuicc Mec Domhnaill, .i. fer ionait Mec
Domnaill do mharbhadh lá hEóin Catanach mac Eoin mic Domhnaill
Bhallaigh hi prid íd October.



Sean mac Eocchain Ui Dhomhnaill do crochadh le Cond mac Aodha Ruaidh
Uí Domhnaill.



AOIS CRIOST, 1495.



Aoís Criost, mile ceithre chéd, nochat, a cúicc.



Sean MagUidhir mhac Piarais mic Muiris, persún Dhoire Mhaolain,
agus airchinneach ChlaoinInnsi fear tighe aoidhedh coitchinn, agus
an pearsún Ua hAodha Padraicc décc.



Ruaidhri mac Toirrdealbhaigh Charraigh Uí Chonchobhair tighearna
Cairpre Droma Cliabh décc. Ro fhás imresain eitir sliocht Domhnaill
im tighearnus an tire, .i. eidir Fheidhlimidh mac Maghnusa mic Briain,
agus Ruaidhri Ócc mac Ruaidhri Bhallaigh, Muirceartach Caoch
mac Magnusa Uí Concobhair, Ruaidhri Ócc, agus Toirrdhealbhach mac
Ruaidhri mic Briain do thuitim ré roile i nDruim Chliabh hi
ffriothguin. An tír danmhain ag Feidhlimidh de sin.



Corbmac (.i. Mag Carthaigh) mac Taidhcc mic Corbmaic tighearna
Musccraighe do marbhadh lá a dherbrathair fein Eogan mac Taidhcc co
na cloinn, fer méadaighthe agus onoraighthe na heccailsi, agus céd
fhundúir mhainistre Cille Creidhe fear ro ordaigh saoíre an Domhnaigh
do chongbhail ina thír féin amail ro ba techta, décc, agus Eoccan mac
Taidcc do gabhail a ionaid.



Maghnus mac Eoghain Ruaidh Mec Maghnusa tighearna Tíre Tuathail
Maoilgairbh,


L. 1214


agus Muirchertach mac Uaitne Uí Áinlighi taoíseach Chenél Dobhtha mic
Aonghusa décc, agus Domnall mac Ruaidhri Buidhe i ttoísighecht ina
ionad.



Tomaltach mac Corbmaic Bhallaigh Mec Donnchaidh décc.



O Domhnaill do dhol dionnsaicchidh Righ Alban. Codach agus comhaonta
do chengal dóibh im fhreccra a cheile im gach neiccendáil do bhenfadh
friú.



Conn mac Aodha Ruaidh co na shochraide do shuidhe i ttimchell Sliccigh
agus beith ré hathaidh ag forbhaisi for an mbaile. Tionól adhbhal mor
do dhenamh lá sliocht Eoghain hi ttoirithin Shliccigh, .i. clann
Ruaidhri Mec Diarmata, agus tír Fiachrac Muaidhe. Clann nDonnchaidh,
agus Cuil Ó fFinn do thocht slógh difhreccra dimhór ar amus an bhaile.
Iar na fhios do Chonn go rabhattar na slóigh sin chuicce, Ro eirigh
sidhe co na uathadh sochraitte im Eoghan Ua Ruairc tánaisi Breifne,
agus im sliocht Domnaill Chaim mic Mec Donnchaidh. Ro chingseat
go neimhlescc neimecclach as a mbothaibh hi ccoinne agus hi ccert airrcis
an tsluagh (.i. go Beol an Droichit) co na baoí acht eadh a
nimdiubraicthe etorra, agus ní raibhe cáirde nó ossadh ag neach dibh fó
chomhair aroile acht ionnsaicchidh a chele gan anadh gan airisiomh. Cidh
fil ann tra acht an tan batar a niodhnadha áigh urlamh indiubraicthe
aca as ann rucc Ua Domhnaill fein orra a hAlbain, uair ní bhaoí
acht aon adhaigh ina longport féin i nDún na nGall an tan ro triall
dfóiridhin a meic iar cclos dó an anforlainn hi raibhe. Iar ttocht i
neitirmedhon a muintire


L. 1216


dUa Dhomnaill tuccsat na slóicch cechtardha tachar tulbhorb tinnesnach
dia roile acht atá ní chena do madhmaigheadh an sluagh aníos lá hUa
nDomhnaill amhail ba meinic leis druim a namhat fris. Ro marbhadh don
chur sin Tadhcc mac Briain Mec Donnchaidh tighearna Ua nAilella,
Eoghan Caoch mac Ruaidhri Í Dubda tighearna Ua fFiachrach Muaidhe,
Brian Caoch mac Taidhcc mic Eoghain, agus Tadhg mac Domhnaill mic
Eogain, agus Cian mac Briain Uí Gadhra. Ua Gadhra fein .i. Diarmait
mac Eoghain do ghabháil ann. Ro marbhadh, Ro baitheadh agus ro gabhadh
sochaidhe do shaorchlandaibh agus daorchlandaibh Connacht cen mothat
sidhe is in maidhm sin Bheoil an Droichit. Mac Uí Bhuighill, Tadhg
mac Néill mic Toirrdhealbhaigh do mharbhadh i friothghuin is in maidhm
sin. hUa Domhnaill do ionnradh agus do orgain a éccrat uile isin
ccrich i ccoitcinne co mbatar riaraighthe dhó.



Tadhg mac Domhnaill Caimm do ghabháil toisigheachta Ua nAilealla.



Mac Uilliam Cloinne Riocaird .i. Riocart Ócc do theacht i
nIochtar Connacht, agus an mheid nár mhill Ua Domhnaill don tír
roimhe sin do mhilleadh lais.



O Neill (.i. Domhnall) do denamh creiche ar Ua Neill ele (Enri),
agus drong do marbadh eatorra.



O Neill (Enri), Mag Aongusa (Aodh mac Airt mic Aodha), O hAnluain
(Maoilechlainn mac Feidlimidh), agus mac Még Mathghamhna (GiollaPadraicc
mac Aodha Óig mic Aodha Ruaidh) do dhol sluagh i fFearaibh Manach,
agus Baile Mec GiollaRuaidh uile do losccadh leó. Ro triallsat asidhe
dionnsaíghidh MhegUidhir, agus ro gheallsat muna bfaghdaís síth ó
MagUidhir co millfidis a thír uile co Baile Uí Fhlannaccáin. Ar a
aí ní hamhlaidh do rala dhóibh acht battar da oidhche don


L. 1218


taoibh thoir do loch acc Druim Ralach, agus ní ro lamhsat dol tairis
sin i ndúthaigh MégUidhir, agus ro marbhadh dna drong dhibh. Tucc
Ó Neill Enri Ócc a bhreth fein fo dheóidh do shíth do MhágUidhir
don turus sin.



Dá mhac Ui Anluain (.i. Felim) Murchadh Ruadh agus Giolla Pattraicc
do mharbhadh le cloinn Aodha mic Eoghain Uí Neill, agus la cloinn
Cairpre mic Aodha Uí Néill.



Mag Samhradháin (Feidlim mac Tomais mic Fergail mic Tomais mic Briain
Breaghaigh) taoiseach Teallaigh Echdhach do bháthadh ar Loch
Crannóicce Caille an Mhuilinn, agus Domhnall Bernach a dearbrathair
ina ionadh.



Mac a Ghirr GiollaPatraicc mic GiollaPattraicc ele décc.



Maghnus Maol mac Remainn Riabhaigh mic Duinn mic ConConnacht
MegUidhir do mharbhadh la Pilip mac Emainn MhegUidhir agus lás an
nGiolla mBallach mac ConConnacht Még Cafraidh.



Ua Duibhghennain Cille Ronain (Dubthach mac Maoilechlainn mic Matha
Ghlais) ollamh Muintire MaolRuain saoí lé seanchus fer tighe
aoidheadh coitcheinn agus fear ro ba saidhbhre i ccethraibh, agus i
ninnilibh dá mbaoí i nErinn re healadhain décc ina thicch féin hi
cCill Rónáin iar sendataidh toccaidhe iar mbreith an bháire leis ó
dheamhan agus ó domhan.



Domhnall Ua MaolChonaire ollamh Shil Muiredhaigh mic Fergusa décc,
agus dá Ua MaolConaire ina ionad, .i. Sean mac Torna, agus Donnchadh
mac Athairne.



Mac an Baird Tíre Conaill, .i. Aedh, Ó Breislein, Eoghan mac Eoghain
mic Petrais ollamh MégUidhir lé breithemhnus, Brian mac Somhairle
Még Caba, agus Ticcernain Ua Dobhailén décc.



Cond mac Aodha Ruaidh Í Domhnaill co na fedhain bhicc mhóir (as aire
atbeirthi fedhan bhecc mor fri fedhain Chuinn ar ba gnaithbhés
dósuidhe gan tecclamadh slóigh lán mhóir cenmothá dá fichit décc tuagh
fri hairisemh agus fri hiombualadh, agus tri fichit marcach fri tograim
agus tarrachtain lochta madhma) do dhol gus an sochraitte rémráite
do shaighidh Mheic Eoain na nGlinnedh, óir do haisneidheadh do


L. 1220


Chonn gur bho he Mac Eóain aon ba dersccaighte bhen, each (.i.
Dubh A Coite) agus cú baí ina comhfoccus. Ro fhaidhsiumh techta
rias an tan sin do chuinghidh an eich. Ro héradh eissiumh imon eoch,
iar na thinghealladh do Chonn daon dia mhuintir. Ni ro hairiseadh
laissiumh co rainicc tar dodhaing gach conaire baoi roimhe co riacht
co na fhedhain mbicc móir gan rabhadh gan rathucchadh isin adhaigh go
tech Meic Eoain agus ergabhthar Mac Eoain lais fo chedóir, agus
baoí a bhen, a each, agus a chú co na uile mhaitheas ar cumas Cuinn,
uair frith an tech agus se heich décc amaille fria is in mbaile don
chur sin. Ro creachadh na Glinne uile la muintir Chuinn arabharach.
Do bert iaramh óghaisecc a maoine uile (doneach ro ba lé) do mhnaoi
Mheic Eoain, agus ro leicc a fer a geimhel chuice iar rochtain tar
Banna siar, agus do bert an teach go ccrechaibh agus co nédalaibh
aidhble lais co riacht Tír Aodha, agus ro fhurail na crecha do léccean
for a férgortaibh. Do thaed iaramh fo chédoir co na muintir deirbhdílis
fein, agus gus an lín sluaigh for caemhnaccair doneoch bai fomhámus
a athar Í Dhomhnaill, agus ni ro hairiseadh lais co riacht tar Sionainn,
iaramh isin Mumhain co ro leircreachadh


L. 1222


lais Magh Ó cCoinchind i nduthaigh Mhég Cárthaigh. Ro shuí iaramh ina
fhrithing co noirccnibh, edalaibh agus crechaibh iomdhaibh lais co ráinicc
iar mbuaidh tar Eirne go Dún na nGall. Ro rannadh laissiumh annsin
i naen lo acc Ard na Tinedh Aoíl na crecha sin tucc a duthaigh Még
Carthaigh san Mumhain, agus crecha Mheic Eoain na nGlinnedh a
hairther Uladh. La ré choicc seachtmaine décc do ronaitt innsin la
Conn mac Aodha Ruaidh Í Domhnaill.



AOIS CRIOST, 1496.



Aoís Criost, Mile, ceithre ched, nochat, a Sé.



Glaisne mac Remainn mic Rudhraighe MégMathghamhna do mharbhadh ina
thigh féin hi Muineachán lá Giolla Patraicc mac MégMathghamhna
agus la a dherbhrathair ele Rudhraighe. Clann Meg Mathghamhna,
.i. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe iadsidhe, agus
ní thangatar acht se sgolócca décc leó do denamh an marbhtha sin is
in oidhche. Ro gabhadh Rosa mac Maghnasa mic Aodha Ruaidh Meg
Mhathghamhna leó is in tigh sin. Brian mac Remainn Meg Mathghamhna,
agus clann Glaisne mic Remainn Meg Mathgamhna do dhol ar creich ar
Mag Mathghamhna (.i. Aodh Ócc) co na chloinn a ccionn tseachtmhaine
iar marbhadh Glaisne, agus an chreach do bhreith leó, agus dream
do mharbhadh uatha cechtarnae. Baile Meg Mathgamna (.i. Aodh
Ócc) do losccadh iar sin la Brian mac Remainn mic Rudhraighe.



Giolla Pattraicc mac Még Mathghamhna (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh,
mic


L. 1224


Rúdhraighe) do mharbhadh hi ffiull lá hUa nAnluain (Maoileachlainn
mac Feilim) agus lá a dherbrathair Ardgal, agus a dearbhrathair
Emher do ghabhail an lá cédna. Mag Mhathghamhna co na chaoraigheacht
agus clann Maghnusa Még Mhathghamhna do dhol hi ccenn hUi Raghallaigh
agus Gall iar ndenamh an marbhtha sin forra. Brian mac Remann agus
clann Glaisne mic Remainn do dhol co na ccaoreaighecht hi fFearnmaigh
hi ffearann Meg Mathghamhna agus Giolla Padraicc.



O Domhnaill (Aodh Ruadh mac Neill Ghairbh) do dhol i nOirghiallaibh
do chongnamh lé Brian mac Remainn Még Mathgamhna, agus a ndol asuidhe
illenmhain Még Mathghamhna i mBreifne Uí Raghallaigh, agus an mheid
ro imtighset don tír gus an cCabhan, agus cuid Uí Raghallaigh don
Cabán féin do losccadh leó. Creacha, agus oirccne, Millte, agus
móiredala do dhenamh lá hUa nDomhnaill don chur sin ar Galldacht
Machaire Airgiall, agus ar rann Még Mhathgamhna ag soadh dhó ina
fhritheing.



Mag Mathghamhna (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) décc iar mbeith dall
athaidh roimhe sin, agus Brian mac Remainn Meg Mathghamna do ghabhail
a ionaidh.



O Briain ticcherna Tuadhmumhan (Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh)
décc, agus a dearbhrathair an GiollaDubh doirdneadh ina ionad.



O Mathghamhna an Fuinn Iartharaigh (Fingin) féicheamh coitchionn
daonnachta agus einigh Iarthair Mumhan saoí eccnaidhe ilLaidin agus
i mBerla décc.



O Dochartaigh (Brian mac Domhnaill) décc, agus O Domnaill (Aodh
Ruadh) do gairm tighearna ina ionad do Shean Ua nDochartaigh.



Mac Suibhne Thíre Boghaine, .i. MaolMuire décc, agus a adhnacal
i nDún na nGall.


L. 1226


O Dubda Uilliam mac Domnaill Ballaigh décc, agus O Dubda do ghairm
ina onadh do Bhrian Ócc mac Brian Uí Dhubhda.



O Flannaccáin Tuaithe Ratha décc .i. Gillibert mac Corbmaic mic
GiollaÍosa.



Eiemhear mac Briain mic Neill Gallda Uí Neill do mharbhadh hi ffiull,
agus a dearbhrathair eile Eoghan do sccathadh an lá cedna lá a ndias
dearbrathar féin, Conn Ruadh agus Feilim.



Tighearnán mac Cobhthaigh mic Airt Uí Ruairc do mharbhadh hi fiull
lá Feargal mac Cathail Bhallaigh, agus lá cloinn Uaithne mic Cathail
Bhallaigh Uí Ruairc.



Caislén Atha Senaigh do ghabhail ar bhardaibh Uí Dhomhnaill lá
hAodh mac Uí Dhomhnaill.



Síth do dhénamh dUa Dhomhnaill etir Cairpreachaibh, agus Feidhlimidh
mac Maghnusa mic Briain i ttighearnus forra, acht nama caislén Sliccigh
do beith acc an cCalbhach cCaoch mac Domhnaill mic Eoccain Uí
Chonchobhair.



Conn mac Uí Dhomhnaill do gabhail forbhaisi fa chaislén Atha Senaigh,
agus Mag Uidhir Sean mac Pilip mic Tomais do techt ar ttarraing Aodha
mic Uí Dhomhnaill do chur Cuinn on mbaile, agus Conn do chur co
haimdheonach dhó uadha. Aodh, agus MagUidhir dá lenmain iarttain
go Dún na nGall, agus bladh don bhaile do losccadh leó a ttús laí.
Conn co sochraide Tíre Conaill, Innsi hEoghain, agus Dartraighe
Meg Flannchaidh do iompúdh a ttoraighecht ar Aodh, agus ar MágUidhir,
agus a lenmhain go Termann Dabheocc. Mág Craith Ruaidhri mac Diarmada
mic Marcais comarba an Termann cedna do thocht ina ccenn, agus a
fhoccra dhó do Chonn agus do Conallchoibh gan a chomairce fein no
comairce an tearmann do sharúcchadh ar MágUidhir. Nír fhaomhsat somh
sin acht ro lensat MagUidhir baí ag imtheacht ar eiccin a los a lamha.
Ro ghabh Conn cona shochraide an chonair coitchenn forra gur bho
heiccen dóibh ionnsaicchidh móna agus criathraigh baí fór a ccionn
dú in ro fhaccaibhseat deich neich ar chéd agus in ro sraoíneadh for
mhuintir MégUidhir, agus in ro gabhadh é


L. 1228


budhéin, agus in ro marbhadh dá fear dhécc do dhaghdhaoínibh go sochaidhe
oile im Brian MagUidir (.i. mac Briain mic Pilip).



O Fergail (Rudhraighe mac Cathail) décc.



Mag Samradháin Domhnall Bearnach taoiseach Teallaigh Eachdhach
do mharbhadh a meabhail ag an altóir i tTeampall an Puirt lá Tadhcc
mac Aodha mic Eoghain Meg Samhradhain, agus atád na builleadha
do buaileadh chuicce hi ccorraibh na haltóra.



MagUidhir (Sean) do legeadh amach do Chonn iar ttionol do
tearmannachaibh an Chúiccidh chuicce dia thabhach agus dia chuinghidh fair.



O Cuirnín Ruaidhri, agus Eogan Ócc mac Eoghain mic Aodha Uí Dhalaigh
décc.



Sean mac Eoghain Uí Domhnaill do bhásucchadh lá Conn mac Aodha Ruaidh.


L. 1230


AOIS CRIOST, 1497.



Aois Criost, mile, ceithre chéd, nochat, a secht.



Mainistir na mBrathar hi cCarraicc Fherccusa do ghnoúcchadh on Roimh
tre impidhe Neill mic Cuinn mec Aodha Buidhe Uí Neill do cum na
mBrathar Mionúr de Obseruantiae, agus se braitre décc do coimthionól
Dúin na nGall do dhol na seilbh a uiccil na céd Fhéle Muire san
Fhóghmhar iar ccor breithe leó.



Conchobhar mac Corbmaic mic Tomaltaigh tighearna Maighe Luircc
do mharbhadh a meabhail la cloinn Ruaidhri Mec Diarmata, Concobhar
agus Tadhg, agus Tadhcc mac Ruaidhri do ghabhail a ionaid gan fhresabhra.



Eiccneachan mac Neachtain mic Toirrdealbhaigh an Fhíona Uí Domhnaill
do mharbhadh hi ffoslongport Ui Dhomhnaill (.i. Aodh Ruadh) lá a
dhalta, Conn mac Aodha Ruaidh, lá Gearalt mac Domhnaill mic Feidhlimidh
Uí Dochartaigh, agus la Brian mac Meg Flannchaidh, etceteri.
Torcratar araon lá hEiccneachan, Eoccan mac Toirrdealbhaigh Gallda
Uí Dhomhnaill, mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh Gallda, Eoccan mac Aodha
mic Donnchaidh na Coilleadh Uí Domhnaill, Feidhlimidh mac an Ghiolla
Dhuibh, agus Toirrdealbhach mac Cathail mic an Ghiolla Dhuibh Uí
Gallcobhair, Donnchadh Balbh Ó Firgil, agus sochaidhe ele nach
airimhthear.



Sith do dhenamh don dá Ua Neill, (Domhnall, agus Enrí Ócc) a ndeireadh
an Erraigh, agus mac Domhnaill (Aodh) do léiccen amach gan fhuasccladh,
agus comadha móra deachaibh agus déidedh do tabairt lé hÉnrí Ócc
do Dhomhnall dar cenn anma tighearna do leiccen de.



O Domhnaill Aodh Ruadh do chur a thighearnais de an sechtmadh calainn
Iunii (.i. Dia hAoine) acc Tempall Carna i tTearmonn tré essaonta
a chloinne fria roile, agus O Domhnaill do gairm da mac do Conn
Dia Mairt ina dheadhaidh.



Uatér mac Riocaird A Búrc do dhol cobhlach do congnamh lá hUa
nDomnaill Ócc Conn mac Aodha Ruaidh i naghaidh a dearbratar ele
Aodh Ócc. Iar ttocht hi ttír dóibh, agus iar ndol do Conn ina ccenn
sraoíntear forra dibhlínibh la hAodh, agus ro beanadh ermhor a narm,
a néideadh, agus a lóin díbh. Aodh féin do gabhail lá


L. 1232


hUa nDomhnaill (Conn) a ccionn dá lá iar sin, agus a chor i láimh hi
cConnachtaibh lá Uáter mac Riocaird A Burc go Conmhaicne Chúile.



Sluaiccheadh lá hUa nDomhnaill (Conn) ar Mac nDiarmata Muicche Luircc,
.i. Tadhcc mac Ruaidhri Mec Diarmata. Ní tangattar ina thoischestal
do Chonnachtaibh cen mo tá uathadh an tan sin, .i. Feidhlimidh mac
Maghnusa Uí Concobhair tighearna Cairpre, agus Eoghan Ua Ruairc
tanaisi Breifne, co na sochraide. Do ronadh toichestal adbal la
Mac nDiarmada for a ccionn isin tSeghais uair tangattar an dá
Ua Chonchobair co na ttuathaibh agus co na ttaoíseachaibh ina
thóir agus ina thionól. Do chóidhsiott bladh mhór do slógh Uí
Dhomhnaill ar eiccin i mBealach Buidhe an Choirrshleibhi im Mhac
Magnusa Uí Concobhair agus im Eoghan Ua Ruairc, agus im Niall nGarbh
Ua nDomhnaill. Cathal Ua Ruairc do mharbhadh uatha co sochaidhe oile
is in mBealach Buidhe don chur sin. Mórshluagh Shil Muiredhaigh
do eirghe hi medhon an tsluaigh, agus madhmucchadh for Ua nDomnaill.
Feidhlimidh Ua Conchobhair tighearna Cairpre do ghabhail ann, agus
da Mac Suibhne, .i. Mac Suibne Fanatt Ruaidhri, Mac Suibne
Connachtach (.i. Mac Suibne Baghaineach) Eoghan, Donnchadh na nOrdócc
mac Uí Dhomhnaill, da mac Tuathail Uí Gallchubhair Eoin agus
Toirrdhealbhach, da mac Domnaill Mec Suibne Fanat Eoin agus Domnall
Ócc, da mac Mec Suibhne Bághainigh, Niall agus Eoghan Ruadh, Gearalt
mac Domhnaill mic Féilim Uí Dhochartaigh, fisiccidh Í Dhomhnaill,
mac Eoccain Ultaigh. Ro beanad beos an Chathach Colaim Chille amach,
agus do marbhadh a maor, (.i. Mag Robartaigh). Ro gabhadh dna agus
ro marbhadh sochaidhe oile isin maidhin sin cen mothat sidhe. Eoghan
Ua Ruairc do imtecht gan gabhail gan mharbhadh as in maidhm sin.


L. 1234


Conn mac Cuinn mic Neill Uí Domhnaill décc.



O Neill Enri Ócc mac Enri mic Eoccain do dhol sluagh mór i tTír
Conuill agus mórán do mhilleadh dhóibh hi fFánaitt ar tús. O
Domhnaill Ócc (.i. Conn) deirge don tsluagh iar bfágbháil Fhanatt
dóibh ag Bél Atha Daire ag Lenainn. Maidhm do shraoineadh for
Ua nDomnaill (.i. Conn), agus é féin do mharbhadh ann (.i. an 19.
October) co nocht fficit dia sochraide araon ris, agus a dhias
brathar (Niall Garbh agus Domnall) do gabhail. Mac Mec Suibhne
bheos, agus sé fir décc cénmotat somh. Atiad na daghdhaoíne ro marbadh
a bfarradh Chuinn an tan sin Domhnal mac Maghnusa Ruaidh mic
Neill Uí Domhnaill, Emann mac Feidhlimidh Riabhaigh mic Neill
Ghairbh, Brian mac Uí Bhuidhill .i. Toirrdhealbhach mac Neill,
Domhnall mac Tuathail Uí Ghallchubhair, Emann mac Donnchaidh mic
Tomaltaigh Uí Gallchubhair, Conchobhar mac Seain mic Conchobhair Uí
Domhnaill. Niall mac Conchobhair mic Feilim Riabhaigh Í Domhnaill,
Conchobhar mac Aodha mic Concobhair na Laimhe Uí Buighill, Conchobhar
mac Murchaidh Mec Suibhne dfearaibh Fánat, agus Uilliam mac an
Espuicc Uí Ghallchubhair, et ceteri. Dia Mairt do shonnradh an 14.
calainn do Nouember ro sraoíneadh an maidhm sin. Acc soadh dUa
Neill ina frithincc, Ro gabhadh Caislén na Deircce lais, agus
ro fhágaibh é ag Niall Ua Neill. Rainicc dia thicch iaromh co ccoscar
agus co nédalaibh. Ro gabh Aodh Ruadh a thighearnus doridhise do
thoil Dé agus daoíne.



Mac Uí Dhomhnaill, .i. Aodh mac Aodha Ruaidh do léiccen as a
bhraighdenus (.i. an seachtmhadh íd Nouember), agus Uátér A Búrc
do theacht leis i tTír Conuill. Tarccaidh Ua Domhnaill Aodh
Ruadh an tighearnus dá mhac Aodh Ócc .i. Aodh Dubh agus nochar
gabh somh sin uadha, agus iar na fhéimgedh dhó ro gabhsat araon acc
follamh-


L. 1236


nucchadh a bflaithis ag cennsucchadh a ccomharsan agus a ccoiccrich
ro triallsat dol a nanumhla orra tria chogadh chloinni Uí Domhnaill
fria roile.



Feilim mac Muirceartaigh Ruaidh mic Briain Bhallaigh Uí Néill
do mharbhadh lé Domhnall mac Aodha Óig mec Aodha Buidhe mic Briain
Bhallaigh hi Ros Earcáin. Domhnall féin do mharbadh lá sliocht
Domhnaill Chaoíl Í Neill a meabhail.



Brian mac ConUladh mic Aodha mic Eoccain mic Neill Óicc Í Neill
décc.



Muirceartach mac Aodha Óicc mec Aodha Buidhe Í Neill do mharbhadh
lá cloinn Fheidhlimidh mic Muirceartaigh Ruaidh mic Briain
Bhallaigh Uí Néill.



Niall mac Uí Neill, .i. Enrí mic Eoccain décc.



Elinora ingen Tomais (.i. Iarla Cille Dara) mic Seain Caim ben Uí
Neill (Conn mac Enri mic Eoccain) dég.



Maidhm do thabhairt ar Ua fFeargail Cédach mac Tomais mic Cathail mic
Tomais agus ar a bhraithribh lá Sean Ruadh mac Cairpre mic Laoighsigh
dú inar marbhadh Cédach féin, a mac Laoíghseach, Domhnall mac Seain
mic Briain tighearna Cloinne hAmlaoibh, Gearalt mac Aodha Óicc
tighearna Maighe Treagha, agus sochaidhe ele.



Glaisne mac Seain Uí Anluain do mharbhadh la cloinn Í Bhrain.



Murchadh mac Conmhaic mic Seain Uí Fhergail do mharbhadh lá Brian
Buidhe mac Rúdhraighe mic Seain Uí Ferghail.



Aodh Buidhe mac Uí Ruairc (Feidhlimidh mac Donnchaidh mic Tighernain
Óicc) do mharbhadh lá cloinn Taidhcc mic Cathail mic Tighearnáin Uí
Ruairc.



Eimear agus Tuathal da mac Meg Mathghamhna (.i. Aodh Occ mac
Aodha Ruaidh) do mharbhadh lá hOirthearaibh agus ceithre fir dhécc
dia muintir amaille friú. Maghnus Riabach agus Maghnus Ócc Ó
hAnluain co ccaoccait dOirthearaibh do thuitim leósomh.



Domhnall mac Rosa mic Tomáis Óicc mic Tomáis MégUidhir décc.


L. 1238


Mac Donnchaidh an Chorainn, Brian mac MaolRuanaidh mic Tomaltaigh
décc.



Domhnall mac Maoilechlainn Uí Bhirn tobar feile Ua mBriúin na
Sionna, agus Tadhcc Ruadh mac Cairpre Uí Conchobhair décc.



Tadhcc mac Maoíleachlainn Meg Raghnaill do mharbhadh lá mac Murchadha
Meg Raghnaill amhail ro dhligh.



An Giolla Dubh mac Feidhlimidh Buidhe do mharbhadh hi cCluain Plocáin
lá sliocht Taidhcc Uí Conchobhair.



An Calbhach mac Cairpre Uí Conchobhair do marbhadh hi ccarcair daon
urchor saighde.



Tadhcc Ua Rodacháin comarba Caillín fer náchar urusa tuarusccbháil
a mhaithesa do thabhairt ar aird ar a méd, agus ar a haidhble, décc
ina thicch budh dhéin.



Gorta adhbhal i nErinn uile is in mbliadhain si, agus is in mbliadhain
na deadhaidh co nithdís na daoíne biadha nach alainn ré a ninnisin,
agus nach clos do rochtain mias ndaonna riamh.


L. 1240


AOIS CRIOST, 1498.



Aois Criost, mile, ceithre chéd, nochat, a hocht.



Mac Maghnusa an tSeanaidh, .i. Cathal Ócc mac Cathail mic Cathail
mic GiollaPatraicc mic Matha, et cetera. Fear ticche aoidhedh coitchinn,
agus biatach hi Senadh Mec Maghnusa, cananach coradh i nArdMacha, agus
in epscopoidecht


L. 1242


Clochair. Pearsún Innsi Caoín, deaganach Locha hÉrne, agus fer
ionait epscoib hi cClochar fri ré chúicc mbliadhan décc ria na
eitsecht. Comhrair coimheata eccna, agus ealadhan a tire buddhéin.
Craobh cnuasaigh na canóine, Topar désheirce agus trocaire fri bochtaibh,
agus aidhilccneachaibh in Choimdheadh. Bá hesidhe ro theglaim agus
ro thionóil leabhair airisin iomdha as ro scriobhadh leabhar airisin
Bhaile Mec Maghnusa dhó budhdhéin, agus a écc don galar bhreac an
.10. calainn April Dia hAoíne do shonnradh is in seasccattmhadh
bliadhain a aoísi.



O Neill Enrí Ócc mac Enri mic Eoccain, ticcherna Chenel Eoccain
do mharbhadh i ttigh Airt mic Aodha mic Eoccain Uí Neill i tTuaith
Eachadha lé dá mhac Cuinn mic Enri mic Eoccain Toirrdelbhach agus
Conn clann ingine an Iarla, a ndioghail a nathar (Conn) ro marbhadh
la hÉnri fecht riamh.



Domhnall mac Enrí mic Eoccain Uí Neill (dia ro gairedh Ó Neill
roimhe sin) do thionol a charatt agus a chlemhnadh co hénionad, .i.
sliocht Rémaind MegMathghamhna, agus ionnsaicchidh dóibh co Dún
nGenainn. Battar seal imón ccaislén, agus adhaigh ar in cCrois
cCaibhdenaigh. Feilim mac don Ua Néill sin, (.i. Enri Óg mac
Enri) do tharraincc Neill mic Airt Uí Neill go líon a sochraide orra
is in maidin Dia Mairt agus a ffaghbhail ina ccodladh, agus fuardhúsccadh
namat do thabairt forra, co ro sraoínit iat, agus sochaidhe mór do
mhaithibh an Chúiccidh do mharbhadh an tan sin. Bá dibhsidhe Henri
mac in Domhnaill remhráiti, Mac Cathmaoil GiollaPatraicc, Feilim mac
Remainn Mecc Mhathghamhna dá mac Semais


L. 1244


mic Eochadha Móir Még Mhathghamhna, agus Maoileachlainn mac Féilim
Ruaidh, mic Cuinn, mic Cuinn Még Mathghamhna co ndruing móir doireacht
agus daos gradha slechta Rémainn Mhég Mathghamhna. Ro gabhadh ann
dna Aodh mac Mécc Mathghamhna, .i. Brian mac Rémainn agus ro benadh
díobh forccla a neach agus a neideadh uile. An tí lás a ndernadh
an tarraing sin (Feilim) Ro gonadh sidhe ina chionn dforgomh do ghae
agus atbath a ccionn a nomaidhe.



Conn mac Muirceartaigh mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh lá cloinn
Briain Bhacaigh mic Emainn Ruaidh Uí Anluain.



Niall (.i. Niall Garbh) mac Aodha Ruaidh mic Neill Gairbh
Í Dhomhnaill décc ina bhraicchdenus.



Domhnall mac Neachtain mic Toirrdhealbhaigh mic Néill Ghairbh Í
Domhnaill dég don galar brec.



Indsaicchidh do dhenamh dUa Domhnaill (.i. Aodh Ruadh) ar cloinn
Airt I Neill. Clann Airt agus éfein do thochar fri aroile.
Briseadh for cloinn Airt, agus Maoileachlainn mac Neill mic Airt
do mharbhadh la hUa nDomhnaill, a lenmain iaromh gus an cCaislén Maol.
An Caislén do ghabhail, agus seacht mbeirte décc éideadh do bhuain as,
agus cúicc braicchde décc do ghabhail ann im da mac Enri Bacaigh
(.i. Feilim agus Aodh) mic Ruaidhri mic Eoccain Uí Néill, im
Neachtain mac Eoghain Uí Dhomhnaill, agus im mhac Éigneacháin Uí
Dhomhnaill.



O Catháin Sean mac Aibhne décc, agus Tomás a dearbhrathair do ghabhail
a ionait.



Caislén Dúingenainn do ghabháil la fer ionaid Righ Saxan i nErinn
Iarla Chille Dara Gearoid mac Tomais tanaicc ar tarraing Uí
Domhnaill Aodha Ruaidh, agus Toirrdealbhaigh mic Cuinn Uí Neill,
MhégUidhir Sean mac Pilip, agus Dhomhnaill Ui Néill co na cloinn
agus co na chairdibh. Báttar dna ermhór Gaoidheal an Chuiccidh amaille
friú a ttimchell an bhaile co ro ghabhsat é fo dhéoidh le gonadhaibh móra,


L. 1246


agus ro fuaslaicceadh do bhraighdibh iomdha bai ann, im Domhnall mac
Uí Domhnaill do bhai ré bliadhain hi laimh, agus im Art mac Uí Neill
Mhóir (.i. Enri) co na dhís mac agus co mbraighdibh ele cenmothát.
Ruccsat ettala aidhble as, agus Ro marbhadh leó Conn mac Eoghain mic
Toirrdealbhaigh Ruaidh Í Neill is in ccaislén. Ro fháccaibhsiot
an baile acc Domnall Ua Neill iarsin.



Tomas Ócc mac Tomais Iarla mic Geróid Iarla, agus Corbmac Ócc
mac Corbmaic mic Taidhcc Meg Carthaigh do leanmain Eoghain mic Taidhg
mic Corbmaic Mheg Cárthaigh a ttoraighecht creiche, Eogan buddhein
co na dhias mac, O Sullebhán Beirre Pilip mac Diarmata co na mhac
Tadhg an Chaonnaigh Ó Suillebhan, agus Brian Ócc mac Suibhne co
sochaidhibh oile do mharbhadh leó don chur sin.



Donnchadh mac Uí Dhomhnaill agus dá mac Tuathail Uí Gallchubhair
(Eoin agus Toirrdhealbhach) do thocht a Maigh Luircc as a mbraighdeanus.



Sláine inghean Meic ConMara (Síoda Cam) ben Meic Uilliam Cloinne
Riocaird (Uillecc mac Uillicc ele) décc.



Sadhbh inghen Airt Uí Néill an bhen baí acc Rémann mac Pilip
MegUidhir décc.



Mairghrécc inghen Domhnaill Bhallaigh MegUidhir ben Uí Flannagáin
(.i. Gillibert) Tuaithe Rátha décc, agus a hadhnacal in nDún na nGall
iar mbuaidh naithricche. As lás an lanamain sin ro cúmhdaiccheadh sepél
i nonóir Dhé agus Naomh Muire ar Achadh Mór Baile Uí Flannccáin.



Maine mac Maoilechlainn mic Matha Mec Maghnusa do mharbhadh i mBothaibh
Muintire Fialain la cloinn Cathail Uí Ghallchubhair.



O Cuirnín Conchobhar Carrach décc.



Mac an Bhaird Oirghiall décc don phláigh.


L. 1248


AOIS CRIOST, 1499.



Aois Criost, mile, cethre ched, nochat, a naoi.



Lochlainn mac GiollaChalma biocaire Chuile Maine, clereach
eccnaidhe, craibdech décc.



O Briain an Giolla Dubh diar bhó hainm Toirrdhealbhach mac
Toirrdhealbhaigh Uí Briain tighearna Tuadhmhumhan décc, agus
Toirrdealbhach mac Taidhcc Uí Bhriain do gabhail a ionaid.



Tadhcc mac Diarmatta (.i. mac Ruaidhri) tighearna Muicche Luircc
fear aghmar ionnsaighteach, agus fear ro ding a omhan for gach tír ina
thimcheall décc for Carraicc Locha Cé iar mbreith bhuadha ó dhemhan
agus o dhomhan, agus Corbmac mac Ruaidhri Mec Diarmada do gabail a ionaidh.



O Domhnaill Aodh Ruadh do dhol ar Galldacht hi cceann fhir ionaitt
Righ Saxan.



Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh Corbmac mac Airt fear dercach
deig einigh décc, agus a adhlacadh hi cCluain Eoais.



Brian mac MegUidhir (Sean mac Pilip) do ghabhail lé cloinn Briain
MhégUidhir.



Donnchadh mac Concobhair mic Aodha MegUidhir do marbhadh le fearaibh
Luircc, .i. la cloinn Toirrdhealbhaigh Uí MaeleDúin.



Magnus mac Gofradha Óicc mic Gofradha Ruaidh MégUidhir do mharbhadh
la Teallach Eachdach.



Caislén Bona Drobhaoisi do ghabháil lá mac Ui Dhomhnaill (.i.
Donnchadh na nOrdóg mac Aodha Ruaidh) ar bhardaibh I Dhomhnaill.
O Domhnaill féin co na mac


L. 1250


Aodh Ócc do dhol imon ccaislén. MagUidhir agus Pilip mac
Toirrdhealbhaigh MégUidhir do thocht i ndóchum Í Domhnaill agus a mic
airm a mbattar. Donnchadh na nOrdócc agus Pilip do thochar fri aroile
co ro thuaircc cách a cheile dhiobh. Ro marbhadh dna each Donnchaidh,
agus ro trasccradh é feisin go ro gabhadh é lá Pilip ar in lathair sin,
agus dos rat dUa Domhnaill fo cedóir. Ro gabhadh tra an baile iarttain
is in ló cedna. Tucc Ua Domhnaill Donnchadh doridhisi do MágUidhir
co rucc leis dia thigh dia comhda i ngiallnus. Dorad Ua Domhnaill iaramh
tri fichit bó do mac Toirrdhealbhaigh a lócch a chosccair.



Maoíleachlainn mac Murchaidh mic Taidhcc Mhég Raghnaill do ghabhail lé
Conn Carrach mac Taidhcc mic Tighearnáin Uí Ruairc, agus lá Sean
mac Tighearnáin Uí Ruairc, a thabhairt leó ar Inis Ochta for Loch
Mec Nén. Rudhraighe mac Toirrdealbhaigh MegUidhir dionnsaicchidh an
locha forra, agus an dá mhac sin Uí Ruairc do mharbhadh leis, agus Mac
an Chaoích Mhég Fhlannchaidh co na mac, agus Maoileachlainn mac
Murchaidh do thabhairt leis dia thigh. O Domhnaill Aodh Ruadh dá
fhuaslaccadh uadha iarttain agus caislén LiathDroma do thabhairt
dUa nDomnaill arís ó mac Murchaidh (.i. Maoíleachlainn).



Sluaiccheadh lá hIarla Chille Dara (.i. Gearoid mac Tomáis mic Seain
Chaim) Iustis na hEreann hi Connachtaibh, agus AthLiacc Maenaccáin
do ghabháil dó for cloinn Uilliam Uí Cheallaigh, agus a thabhairt do
chloinn Aodha mic Briain. Clann Uilliam Uí Cheallaigh dionnarbadh
dar Suca siar. Caislén Tuillsce do ghabhail don tsluaiccheadh sin
lais for Shliocht Feidhlimidh (.i. Feidhlimidh Cleireach), agus
a mbraighde do thabhairt dó dAodh Ua Conchobhair don dara tighearna
baí for Shíol Muiredhaigh. Caislén Rosa Comáin, agus an Caislén
Riabhach bheós do gabhail lais don dul sin.



Aodh Ua Conchobhair do dhíochur as a dhúthaigh la Mac nDiarmata,
agus lá comhaontaidh Shíl Muireadhaigh tar Sionainn siar.



Mac Uilliam Búrc do tharraing dUa Chonchobhair, agus do chloinn
Uilliam Uí Cheallaigh. Caislén Atha Liacc do ghabhail dó, agus a
thabhairt do chloinn Uilliam


L. 1252


Uí Cheallaigh, agus Conchobhar Ua Ceallaigh an dara tighearna baoí
for Uibh Maine do ghabháil and, agus a thabhairt do Mhaoíleachlainn
mac Taidhcc mic Donnchaidh amaille lé braighdibh oirrigh Ua Maine,
agus láintighearnus Ua Maine do ghabháil dó don chur sin.



Caislén Tuillsce do ghabhail lá Mac Uilliam, agus lá hUa
cConchobhair, Mac Cairpre mic Briain do mharbhadh ann durchor do
pheilér, agus braighde sleachta Feidhlimidh, agus a ccaislén
do thairbhirt dUa Chonchobhair. Sídh Ui Chonchobhair agus Mheic
Diarmada do dhénamh lá Mac Uilliam, agus braighde uatha diblinibh
lá comhall dia roile, .i. Eoghan mac Uí Concobhair, agus Cairpre
mac Uí Conchobhair.



O Domhnaill Aodh Ruadh do dhol sluagh ar Mac nDiarmada Corbmac mac
Ruaidhri agus ní ro airis co rainic co Corrsliabh. Iar ná fhios sin
do Mac Diarmada ro thionoil sidhe sochraide Maighe Luircc, agus
Tuatha Connacht do chosnamh Coirrsleibhe fria hUa nDomhnaill.
Iar ná airiucchadh sin dUa Domhnaill ro gabh timcheall go Muintir
Eólais, agus tainicc tar Sionainn ag caislén LiathDroma go rainicc
Magh Luircc. Rucc ar creachaibh agus ar édalaibh iomdhaibh agus
ro ghabh for orccain an tíre. Iar na cluinsin sin do Mac nDiarmata
tainic hi ccenn Uí Dhomhnaill, agus do rinne síth suthain fris, agus
ro ioc a chíoscháin go humhal fria hUa nDomhnaill. Do rad dó an
Chathach, agus na braighde do bhí hi Maigh Luircc ó mhaidhm an
Bhealaigh Bhuidhe co sin.



Creacha móra lá Brian mac Domhnaill (.i. Ó Neill) mic Enri ar Mac
Domhnaill Cloinne Cellaigh .i. GiollaPadraicc.


L. 1254


AOIS CRIOST, 1500.



Aoís Criost, Mile, cúicc céd.



Domhnall Ua Follamhain epscop Doire, Brathair Minúr de Obseruantia
do bhí go saothrach ar fud Ereann acc proicept agus acc senmóir fri ré
triochat bliadhan ria sin décc, .i. do galar medhóin, agus a adhnacal
i nÁth Truim.



O Ruairc (Feilim mac Donnchaidh mic Tighearnáin) do écc agus Eoccan
mac Tighearnáin mic Taidhcc do ghabhail a ionaid.



Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Tighearnáin Uí Ruairc décc.



Brian Caoch mac Neill mic Seain Buidhe mic Eoccain Uí Néill
do mharbhadh lá Domhnall mac Seain Bhuidhe Uí Neill, agus lá muintir
Aodha i ndoras caisléin Chind Aird.



Tomas mac Aodha mic Briain mic Pilip na Tuaighe MegUidhir do mharbhadh
la Tadhg mac Tomais mic Tomais Óicc MegUidir agus la Muintir
Mhucaidhein.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill Aodh Ruadh i tTír nEoccain co ro loiscc
baile Uí Neill Dún nGenainn, agus co ro bhris an senchaislén, agus co
ro loiscc crannóg Locha Laoghaire, agus a impúdh imshlán dia tigh
gan frithbeart fris don chur sin.



Slóiccheadh lás an Iustís Gearóit mac Tomáis, Iarla Chille Dara
i tTír nEoccain agus Slóicchead ele lá hUa nDomhnaill Aodh Ruadh co
na sochraide co comrainic fris an Iustís ag caislén cloinne Seain
Bhuidhe Uí Néill, .i. caislén Chinn Aird agus batar hi fforbaissi
fair go ro gabhadh leó é. Tuccadh an baile iaromh do Thoirrdhealbhach
mac Cuinn Uí Néill. Do deachattar na maithe sin dia ttighibh iaramh.
Iar soadh dUa Dhomhnaill don turus sin ro gluais go neimhlescc
nemhsadhal hi tTír nAilealla go ro creachadh leis sliocht Briain Mec
Donnchaidh baí i nesaonta fris, agus tainicc dia thír iaromh.



An Toirrdealbhach rémhráite (dia ttard an Iustís caislén Chind Aird)
ro gabhadh sidhe lá hUa Neill (Domhnall) hi ccaislén hUi Neill féin
hi ccionn lethráithe iarttain. Ro benadh a chaoraighecht de co ro fás
coccadh mór hi tTír nEoccain desidhe.


L. 1256


O Fearghail Rudhraighe mac Iriail do mharbhadh la Sémus mac Ruaidhri
mic Cathail mic Uilliam Uí Feargail i nInis Móir Locha Gamhna.



O Brain Laighen Cathaoir mac Dúnlaing do mharbhadh lá cuid dia
bhraithribh féin.



Feradhach mac Duinn Óicc mic Duinn Mhóir MegUidhir, agus Brian
mac Seain mic Domhnaill Bhallaigh MegUidhir do mharbhadh lá cloinn
Cuinn Uí Neill i mBeól Átha na Marclach.



Giolla Crist mac Eóin Fhinn Mec Cápa do mharbhadh ar greis oidhche
ina tigh fein lá hAodh mac Seain Buidhe Még Mathgamhna, agus creacha
an bhaile do dhénamh lais.



Da mhac Donnchaidh Óicc mic Donnchaidh Mhóir mic Aodha MegUidhir
(Semus agus Remann) do mharbhadh lá hEóccan mac Donnchaidh Mhóir
mic Aodha cédna.



Sliocht Duinn mic ConChonnacht MégUidhir do dhol ar ionnsaicchidh
ar Bhaile Meic Giolla Ruaidh, agus an Giolla Dubh mac Concobhair
mic Tomais MegUidhir do mharbhadh leó, agus Domhnall Caoch Mac
GiollaRuaidh co na mhac agus Ruaidhri mac Domhnaill Girr Mec
GiollaRuaidh co sochaidhibh ele.



Eóccan mac Fearadhaigh Bailbh mic Fearadhaigh mic Duinn mic ConChonnacht
MegUidhir do mharbhadh lá Gofraidh Mac GiollaRuaidh i ndioghail na druinge
rémráite.



Caislén do thionnsccnadh lá Pilip mac Brian mic Pilip ar Carraicc
Locha an Tairbh.



GiollaPadraicc mac Flaithbeartaigh mic Tomais Óicc MegUidhir do mharbhadh
lá Niall mac Airt Uí Neill agus lá a chloinn, agus creacha mora do bhreith
leó ó cloind Fhlaithbeartaicch.



Sorcha inghen Philip mic Tomais (.i. an Giolla Dubh) MhégUidhir, agus
Gofraidh Ócc mac Gofradha Ruaidh MegUidhir décc.



An Barrach Mór do mharbhadh lé na brathair féin lá Dauidh Barra,
.i. airchideochain Cluana, agus Corcaighe. Dauidh do mharbhadh le
Tomas A Barra, agus lé


L. 1258


Muintir Ceallacháin. Iarla Desmhumhan do thóccbháil chuirp Dháuidh
a ccionn fichet lá agus a losccadh iaromh.



An Sionnach Muintire Tadhccáin (Cairpre) do mharbhadh lá Cond mac
Airt mic Cuinn Uí Maoileachlainn.



AOIS CRIOST, 1501.
Aois Criost, Mile, cúicc ced, a haon.



SEAN mac Rosa mic Tomais Óic Meg Uidhir baí na chanánach coradh hi
cClochar, na phearsún, agus na airchinnech i nAchad Lurchair saoí
eccnaidh earccna illaidin, agus i ngaoidhilcc fer ticche aoidheadh
coitchind da gach aon nó ricceadh a leas, agus a écc in Id Iún.



Niall mac Airt mic Eoccain Uí Néill décc.



Rúdhraighe mac Uí Chonchobhair Fhailgigh, .i. mac Cathaoír mic Cuinn mic An
Chalbhaigh décc.



Rudhraighe mac Meg Mathghamna, .i. Brian mac Remainn do mharbhadh lá cloinn
Még Aengusa.



Coccadh etir Oirghiallaibh fein, .i. Sliocht Aodha Ruaidh, agus Sliocht
Remainn. Mág Mathghamhna (Rosa) do breith a chaoraighechta leis for an Lucht
Tighe, agus Sliocht Remainn do chor as an tír amach i cenn hUi Neill.
Mág Mathghamhna dionnsaicchidh for Shliocht Remainn, agus teccmhail
dá roile doibh acc Áth an Choileir.


L. 1260


Toirrdhealbhach (.i. mac inghine an iarla) mac Cuinn mic Enri Uí Neill do
beith acc congnamh lá Sliocht Remainn. Toirrdhealbhach umorro, mac tighearna
a aoísi fodhéin bá ferr do Gaoidhealaibh mharbhadh lá Mág Mhathghamhna
annsin agus mac Mec Domhnaill Gallocclach (Eoin mac Colla) do mharbhadh co
sochaidhibh ele.



Mac Meg Uidhir Tomás mac Tomáis Oicc mic An Ghiolla Dhuibh (.i. Mag Uidhir)
do mharbhadh ar Sliabh Betha lá cloinn Briain mic Remainn Meg Mathgamna co
nár a mhuintire ina fharradh. Atiad na maithe ro marbhadh ann: Giolla Íosa
mac Emainn, Tomás mac Duinn mic Emainn, agus Corbmac mac Seain mic Emainn
Meg Uidhir, Ruaidhri Buidhe mac Emainn Óicc Meg Uidhir, agus Emann, agus
Maghnus Eoghanach, da mhac Aodha mic Briain Mhég Uidhir, Brian agus
Donnchadh da mhac Taidhcc mic Dabeid mic Giolla Bhuidhe Mic Maghnusa, agus
cóiccer don chinidh chedna co sochaidhibh oile do marbhadh amaille friú.



Caislén Sliccigh do ghabhail le dreimirib, agus tocht fair anuas as a bharr
lá cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Concobhair, agus lá
cloinn Feidhlimidh mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Ui Conchobhair. An Calbach
Caoch mac Domhnaill mic Eoccain Uí Conchobhair do mharbhadh ann, agus Sean
mac Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Conchobhair do thuitim lás
an cCalbhach a ffrithghuin ar in lathair sin.



Aibhne mac Seain Í Catháin do mharbhadh lá a dearbrathair feissin Brian
Fionn.



Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh (Giolla na Naemh mac sidhe Corbmaic mic
Airt) do mharbhadh la Feidhlimidh mac Donnchaidh mic Tomáis Még Uidhir.



Emann mac Ricaird a Búrc do ghabháil lé Mac Uilliam Cloinni Riocaird ag
tocht ó turus San Sem. Fuasccladh mór do bhein as, agus braighde maithe dia
muintir imó mac.


L. 1262


Maoíleachlainn mac Uilliam Meg Raghnaill taoiseach Muintire hEólais décc
iar ccian aoís.



Tadhg mac Toirrdhealbhaigh mic Féilim Finn do mharbhadh lá cloinn
Ruaidhri Mec Diarmada.



Brian mac Ruaidhri Mec Diarmata do mharbhadh a Caislén Tuillsce amach
daon urchor soighde, agus ní ro hadmhadh cia rosmarbh.



Creach la hUa cConcobhair for Chonchobhar Mac Diarmata hi cCaisiul
Bracáin Uí Brocain, agus an baile do losccadh lais.



Domhnall Ua hUiccinn oide sccol Ereann lé dán décc iar dtocht ó turus
San Sém.



Donnchadh Ócc Mág Carthaigh mac Donnchaidh mic Corbmaic mic Donnchaidh mic
Diarmata mic Corbmaic Fhinn mic Domhnaill Móir décc, ticcerna Ealla
eisidhe.



Toirrdhealbhach O Briain ticcerna Tuadhmumhan do losccadh Chonntae
Luimnigh, agus Choisi Máighi san ngeimhredh.




AOIS CRIOST, 1502. Aoís Criost, Míle, cúicc céd, a dó.



Semus mac Rúdhruighe Meg Mathghamhna comharba Cluana hEoais décc.



Art Ua Gallchubhair agus Eóin Ó Loiste dias abbadh baí in imresain fria
roile im abdhaine Easa Ruaidh, agus a necc in aén ló co noidhche.



Mainistir na mBrathar san cCabhan do ghnoucchadh la hUa Raghallaigh
ón Róimh do na braithribh De obseruantia, i nacchaidh na mbráthar
De comuni uita.


L. 1264


Tadhcc mac Cuinn mic Domhnaill Uí Neill, Domhnall mac Feilim Uí Neill,
Eocchan Bocht mac Neill mic Enrí Uí Neill, agus Domnall mac Pilip Meg
Uidhir décc.



Tadhcc mac Tomaltaigh an Einigh Mac Diarmata tanaisi Maighe Luircc do
mharbhadh go haithesach lá cloinn Ruaidri Meic Diarmada hi cCoilltibh
Cléirigh.



Maidhm na Tolcha Finne .i. i nGlionn Eidhnighe do thabhairt la cloinn
Toirrdhealbhaigh Óicc mic Toirrdhealbaigh mic Neill Ruaidh, ar Ó
mBaoighill dearbhrathair a nathar .i. Niall Buidhe, dú in ro marbhadh
Ó Baoighill, Niall cona dhias mac .i. Rudhraighe agus Domhnall
Ballach co ndruing ele, agus ba he Ó Baoighill ro indill celcc for
cloinn Toirrdhealbhaigh dia ro marbhadh é budhéin.



Indsaicchidh lá hUa Raighilligh (Sean mac Cathail) ar Pilip mac
Toirrdelbhaigh Még Uidhir, agus maighréidhe an tíre os cenn Cloinne
hAmhlaoibh do shiubhal agus do loscadh leó, agus Emann mac Pilip Riabhaigh
mic Amhlaoibh co ndruing oile do mharbhadh. Ro marbhadh on tsluagh sin
Uí Raghallaigh, mac Uí Raghallaigh budhéin .i. Domhnall an Mhagha agus
mac Mic Maoil Martain Concobhar.



Donnchadh mac Conchobhair mic Tomais Óicc Meg Uidhir décc do ghaibh cro
na ngon do radadh fair hi maidhm Sleibhe Betha.



Art mac Enri mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh lá hArt mac Cuinn mic Enri
mic Eoghain Uí Néill.



Eoghan mac Aodha mic Airt Uí Neill do mharbhadh la hAodh mac Cuinn Uí
Neill.



Cathal mac Maoilechlainn Duibh Még Samhradhain do mharbhadh le cloinn Ui
Raghallaigh ar tarraig mic Briain agus a cloinne.



Slóiccheadh la hAodh Ócc mac Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, agus Mag
Uidhir Sean do dhol la mac Uí Dhomhnaill ar ionnsaicchidh i nDartraighe
Choininnsi ar mac Seain


L. 1266


Buidhe Még Mhathghamhna, agus baile mhic Seain Bhuidhe agus an tir uile do
lomloscadh leó. Creacha an tire do theichemh rempo. Oirghialla ó Abhainn
na hEóghanacha asteach do bhreith forra, agus Sliocht Feidhlimidh Uí
Raghallaigh, agus Sliocht Donnchaidh Meg Uidhir. Mac Uí Dhomhnaill agus
Mag Uidhir do imtheacht co crodha cosccarach ar eiccin orra sin uile, agus
marbhadh do dhenamh dhoibh ar an tóir im Fheilim mac Conchobhair mic
Féilim Uí Raighailligh co sochaidhibh oile, agus tocht slán dia ttighibh.



Donnchadh Ua Briain do écc. Mac sidhe Briain mic Conchobhair mic
Mathghamhna mic Muirchertaigh mic Toirrdhelbhaigh mic Taidhg mic Conchobhair
na Siúdaine mic Donnchaidh Cairprigh agus aroile. Topar sóidh agus saidhbresa
Muman ar medhón, tighearna ó Ath Dara go Luimneach, agus on mBaile Nua
co Mainistir an Aonaigh. Tighearna Ethorlach agus Choille Beithne an
Donnchadh hí sin.




AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, atrí.



Ua Beóllain comarba Cholaim Chille i nDruim Chliabh décc.



Mag Uidhir Sean mac Pilip mic Tomais Mhoir (.i.An Giolla Dubh) én rogha
durradhaibh Ereann ina aimsir, an taon Ghaoidheal fá mó trócaire agus
daonnacht, agus as fearr do chaomhain, agus do chosain a thír, agus a
thalamh, do bfhearr do chléth choccaidh i nacchaidh ainfine, agus
coiccríoch, fá fearr smacht, recht, agus riaghail hi


L. 1268


ccill agus i ttuaith decc ina longport fein i nInis Ceithlionn dia
domhnaigh do shonnradh iar neistecht aifrinn, an sechtmadh callainn April,
iar mbuaidh ongtha agus aitricche, agus a adhnacal i Mainistir na mBrathar
i nDún na nGall iar ttogha dhó innte.



Mac Ui Dhomhnaill .i. Donnchadh na nOrdócc do ghabháil lé cloinn Chuinn
Uí Neill, agus Albanaigh badar hi ffarradh cloinne Cuinn dia breith leó
do shaicchidh Ui Dhomhnaill Aodh Ruadh, agus Domhnall mac Uí Dhomhnaill
do sccathadh Donnchaidh (.i. ocon abhainn dian hainm an Daol) agus a écc
de.



Brian mac Aodha Még Uidhir décc.



Emann mac Eoghain mic Aodha Mhég Uidhir cona mhac, mac Corbmaic mic Aodha
Mheg Uidhir agus mac Toirrdhealbhaigh Uí Mhaoile Dúin do mharbhadh i
ndibheircc oidhche lá cloinn Bhriain mic Aodha Mhég Uidhir.



Mac Uí Catháin (Risderd) do sccathadh lá a dearbhrathair fein Domhnall
Cleireách.



Tebóid mac Uatéir A Búrc ticcherna Conmaicne Cúile Tóladh cenn daonnachta
agus daghoinigh Gall Connacht décc iar seandataidh.



Toirrdhealbhach Occ Ua Concobhair (.i. Ua Conchobhair Donn) décc i
mBaile Tobair Brighde iar ttrebhloid fhada.



Maidhm adbhal mhór lá Mac Uilliam Cloinne Riocaird for Ua cCeallaigh, agus
for dhreim do Chonmaicnibh Cúile dú in ro marbhadh ermhor a ngallóglach
dibhlinibh do Cloinn nDomhnaill, agus do Chloinn tSuibhne a ttimceall a
cconsapal, agus in ro marbhadh Uatér mac Seain A Burc saoí chinnfhedhna
esidhe.



Tebóid mac Uateir A Búrc ticcherna Musccraige Cuirc do mharbhadh la
Donnchadh an Chuilinn mac Uí Cearbhaill agus la Conchubhar Ua
nDuibhidhir.


L. 1270


Iarla Cille Dara do dhol hi Saxaibh, agus a teacht fo bhuaidh eiste
agus a mac baí hi laimh righ Saxan do thabhairt leis.



Sluaiccheadh las an iarla ccédna lá Gallaibh agus la Gaoidhelaib Laighen go
Magh Line go Carraicc Fherccusa dia ro bhris caislén Bheóil Fersde,
agus dia ndearna constábla hi Carraicc Fherccusa do mhac an tSantálaig.



Sluaiccheadh adhbhal mhór la Niall mac Cuinn mic Aodha Buidhe cona
comhaontadh Gall agus Gaoidhel i tTír Eoghain dia ro imthigh Tír Eoghain
co hiomlán, agus Uí Eachdach uile co rucc a lurcc iomlán dia thigh.



Maidhm lá cloinn Bhriain mhic Neill Gallda in ro marbhadh agus in ro
gabhadh maithe Gall Chairrge Ferccusa.



Raghnall Mór mac Giolla Easpoig mac Mic Domhnaill consapal Albanach
éreann, do écc i nDuibhtrian Uladh.



Aodh mac Conchobhair mic Uí Conchobhair Ruaidh, agus Ruaidhri mac
Donnchaidh Dhubhshuiligh dá thanaisi thocchaidhe do mharbhadh a
meabhail lá sliocht ócc Fheidhlimidh Fhinn Uí Chonchobhair.



Feidhlimidh mac Maol Ruanaidh Meg Raghnaill daghadhbhar taoísicch for a
dhuthaigh, agus Dondchadh Baisileir mac Maoíl Tuile décc.



Mag Carthaigh Mór .i. Tadhcc mac Domhnaill Óicc décc, cosnamhach a
athardha, islightheóir a namhat, ardaightheóir a charat an Tadhg isin.



Corbmac mac Donnchaidh mic Domhnaill Riabhaigh décc. Fer ga raibhe
tighearnais agus tánaisteacht ó cCairpre do neimhched dherbhrathar a
athar .i. Diarmata an Dúnaidh.



Ridire an Ghlenda décc .i. Emann mac Tomais, mic Pilip mic Seain mic an
ridire.



Tadhcc Boirneach, Murchadh, agus Mathghamhain, clann Mathgamhna Í
Briain, Conchobhar mac Briain mic Muirchertaigh mic Briain Ruaidh, agus
mac Uí Lochlainn Conchobhar mac Ruaidhri mic Ana, agus Muirchertach, mac
Toirrdhealbhaigh, mic


L. 1272


Murchaidh mic Taidhcc do dhol la mac Uí Flaithbertaigh .i. Eoghan i
nIarthar Connacht co sochhaidhe moir maille friú iar ná ttarraing don
Eoghan chédna i naghaidh a bhraithrech (Ruaidhri Ócc agus Domhnall
an Bháid dá mhac Í Flaithbhertaigh). As ann bádarsidhe ar a ccionn a
bfoslongport ag an cCaolsháile Ruadh. Ro ionnsaigset siol mBriain agus
Eoghan an foslongport, agus do ronsat crecha agus édala. Leanait clann
Í Fhlaithbhertaigh agus an tír a ttoraighecht iad go ro fighedh iorghal
etorra, go ttorchratar clann Mathgamhna Í Bhriain, agus Eoghan Ó
Flaithbhertaigh lá Muintir Flaithbheartaigh don chur sin.




AOIS CRIOST, 1504. Aois Criost, Mile, cúicc céd, a cethair.



Giolla Patraicc Ó Con Dálaigh (.i. mac Enri) abb Cluana hEoais,
iar ngnoucchadh epscopoide Clochair dó décc.



Pilip Ó Raghallaigh abb Cenannsa, agus a dherbhrathair Eoghan, cananach baoí
isin mbaile cédna décc.



Maghnas mac Briain mic Donnchaidh abb Mainistre na Trinóide for Loch Ce
comhrair agus ciste coimheda eccna agus eolais Connacht décc, hi cCíll
Duibh Dúin, agus a adhnacal in Oilén na Trinoíde ar Loch Cé.



Toirrdhealbach Mag Uidhir cananach coradh i Clochar, persún Doire
Mhaoláin agus prióir Locha Deircc do thuitim do sdaighre cloch i mBaile Atha Buidhe
im féil Patraic co ro écc de, agus a adhnacal i Mainistir an Chabhain.



Ruaidhri Mag Mathgamna biocaire Cluana hEoais décc.


L. 1274


Conchobhar mac Ruaidri mic Diarmatta tanaisi Shil Maol Ruanaidh,
mac tigearna bá treisi tainicc dá dhúthaigh ré cian daimsir do mharbhadh
la Mac Diarmata i mBealach na nUrbróintedh.



Art mac Cairpre mic Aedha Uí Neill cona mhac agus cona dherbhrathair do
marbhadh la Sliocht Rémainn Még Mathghamna.



Brian mac Meg Uidhir (Sean mac Pilip) agus Mag Samhradhain Emann décc.



Mac Diarmatta Moighe Luircc (Conchobhar mac Ruaidhri Mic Diarmatta) do
mharbhadh lá Maol Ruanaidh mac Tomaltaigh Mic Diarmatta.



Faithbertach mac Failge mic Briain Mic Caba do mharbhadh lé Brian mac
Alaxandair Oicc Mic Cába.



O Cianáin Giolla Pattraicc mac Taidhcc, Maoilechlainn mac Athairne Uí
Eódhosa, O Caiside Cuile (.i. Piarus mac Tomais) ollamh leagha Mheg
Uidhir, saoi dearbhtha i leighionn, agus hi ffisicceacht, fer tighe aoidhedh
coitchinn, agus Aindrias Mag Craith mac comarba Termoinn Da Bheócc biatach
coitchenn décc.



Maidhm Bheoil Atha na nGarbhán do thabhairt lá Sean A Burc mac Uillicc mic
mic Uillicc mic Riocaird tánaisi Cloinne Riocaird for Ua cCeallaigh du hi
ttorchair Uatér mac Seain mic Tomais A Búrc adhbhur tigearna Conmaicne co
sochaidhe móir amaille fris do Cloinn nDomhnaill, agus do Cloinn
nDubhghaill.



Tri caisléin lá hUa cCeallaigh do briseadh lé Mac Uilliam (.i. an tres
Uillecc) .i. an Garbhdhoire, Muine an Mhedha, agus Gallach conadh
treimhidsidhe do chuaidh Ó Ceallaigh Maoilechlainn déccaoíne a imnidh ris
an iustis dia ro cuireadh maidhm Cnuic Tuagh.


L. 1276


Slóicchedh adhbhal do thecclamadh las an iustis Geroitt mac Tomais
iarla Chille Dara. Do dheachattar céttus maithe Leithe Cuinn ina dhochumh
.i. Ó Domhnaill Aodh Ruadh, agus a mhac co maithibh Chenél Conaill, agus
drong dho Chonnachtaibh .i. Ua Conchobhair Ruadh, Aedh mac Feilim Fhinn,
agus Mac Diarmada tigerna Maighe Luircc. Tangattar bheós maithe Uladh
cenmotha Ó Néill isin tionol chedna .i. Art mac Aedha Uí Neill tanaisi
Chenel Eoghain, Domhnall mac Mhécc Aénghusa, Mag Mathghamhna, agus Ó
hAnluain. Tangattar dna Ó Raghallaigh, O Ferghail .i. an tepsop, Ó
Conchobhair Failge, Siol cCeallaigh, agus Clann Uilliam Burc, agus Leth
Cuinn uile durmhór, ní ro ansat na sloigh lan mhora hísin co rangatar co
Cloinn Riocaird. Mac Uilliam Cloinne Riocaird dna, ro thionóil sidhe slóigh
iomdha adhbhal mhora ina naghaidh sidhe .i. Toirrdhealbhach Ua Briain (.i.
mac Taidhcc) tighearna Tuadhmumhan cona braithribh cona thionol, agus go
Síol Aodha arcena, Maol Ruanaidh Ua Cerbhaill .i. tighearna Ele cona
thuathaibh agus taoíseachaibh, agus co maithibh Urmumhan, agus Aradh.
Do ronadh comairle crodha andsin la Mac Uilliam, agus lá hUa mBriain cona
sochraide .i. gan umhla na eidiredha do thabhairt don lucht baí ar a ccionn,
acht a ffreccra im cath hi cCnoc Tuagh do shonnradh. Gnither cath crodha
etorra dana frith a ionnshamhail is na deidhenchoibh co clos co fada o na
fedhnachaibh cathais na ccaithmhileadh, fedhmanna na ffeindedh, Ruathar na


L. 1278


ríoghlach, torann na ttriath, agus brosccar na mbuidhen aga
mbaoghlucchadh, muirn agus menmanradh na macraidhe, tuinnsiomh na
ttreinfhear aca ttrasccradh, agus iomfhorcraidh na nuasal ar na huirislibh.
Maidheadh tra an cath fo dheóidh ar Mac Uilliam ar Ua mBriain, agus for
Leith Mogha, agus ro ládh a nár im Murchadh mac Uí Briain Aradh co sochaidhe
do shaorclandaibh oile. Airm umorro i rabhatar na naoi ccoirighthe
gallocclach ina ccipe comhdhaingen chatha ní terna dibh náma acht madh aon
chorucchadh esbadhach. Ro marbhaitt, agus ro mudhuighit dronga dirmhe do
shochraide an iustis ger bhó rempa ro ba raén. Bá dícumhaincc áiremh nó
aisneis in ro marbhadh do mharcshluagh agus do throicchteachaibh isin
cath sin ar bá doimtheachta an maighen fors mbátar la haidhbhle agus lá
hioliomat na nécht nionnchomhartach ina bfaoínlighibh ar na bfiarledradh, na
ccraoiseach ar na ccoimhmbriseadh, na sciath ar na scoltadh na ccloidhemh
catha ar na mblodhadh na ccolann cciorrtha ccrosbhuailte sínte sechmharbh,
agus na ngiolladh nócc namhulchach co hathéidigh ar na noideadh. Iar
sraoíneadh an madhma sin las an iustis ro comarleicc fri hUa nDomhnaill dol fo
chédoir go Gaillimh. Isead atbert Ua Domhnaill fris, ro marbhait, agus ro
mudhuigit ar se sochaidhe diar muintir agus ata ar aill dibh co hesraite
inar neccmais. Iseadh is téchta ann airisemh anocht isin maighin so a
nionnchomartha cosccair, agus foslongport do dhenamh linn uair tiocfait ar
ffianlach, agus ar nanradh inar ndochum la tabairt


L. 1280


aithne for ar meirgedhaibh, agus for ar mbratachaibh. Do ronadh fairsiumh sin.
Luidh an iustis agus O Domhnaill ar abharach go Gaillimh, agus da mhac Mic
Uilliam, agus a inghen a laimh lás an Iustis, agus bátar adhaidh isin mbaile a
ffochair aroile co subhach soimhenmnach iars an ccosccar rémhráite. Lodar
iaramh co hÁth na Ríogh, agus fuairset an baile for a ccomus. Celebraidh
Ua Domhnaill agus na maithe archena don Iustis, agus teid cach uaidhibh dia
ttighibh.



Fuabairt feille for Ua Neill (.i. Domhnall) la Tadhcc Ua nÓccain cona
chloinn hi ccaislén Uí Neill fein .i. Dun Genainn, agus an caislén do
ghabháil dóibh. Ro dióghail Dia an gniomh sin forra fo chedóir uair ro benadh
an baile diobh, agus ro crochadh Tadcc agus dias dia chloinn, agus ro
sccathadh an tres mac do chloinn an Taidcc chedna.



Finghin (.i. Mag Carthaigh Riabhach) mac Diarmada an Dúnaidh Még Carthaigh
tighearna Ua cCairbre décc, agus a bhrathair Diarmait mac Diarmata an
Dúnaidh do ghabhail a ionaid.



Uilliam Mac Dauid mic Emainn décc. Tomas a bhrathair ina ionad.




AoiS CRioSt, Mile, cúicc céd, a cúicc.



Donnchadh Ua Cathain abb Mainistre Mhaighe Cosccrain do crochadh la
Diarmaitt mac Ruaidhri mic Maghnusa Uí Cathain, agus Diarmaid fein do
sccathadh trias an ngníomh sin.



Emann Dorcha (do Sliocht an ridire .i. an tSimunaigh) prioir Fobhair
décc.



Labhras Ua Flannaccain prioir Daimhinsi décc.



Domnall mac Airt mic Eoghain Uí Neill do mharbhadh la Brian mac Cuinn mic
Enri mic Eocchain Uí Neill.


L. 1282


O Domhnaill Aodh Ruadh mac Néill Gairbh mic Toirrdhealbhaigh an
Fhíona ticcherna Tíre Conaill, Insi hEoghain, Cenél Moain, agus Iochtair
Chonnacht fer dár ghiallattar Fir Manach, Oirghialla, Clann Aodha Buidhe, an
Rúta agus Cathánaigh, Ro ghiallsat dna Goill, agus Gaoidhil Connacht ó Mac
Uilliam Cloinne Riocaird anuas dó, agus gidh eisidhe ann do dhioghail Ó
Domhnaill a anumhla fair a leithre dol ina dhúthaigh dá aimhdheóin co meinic
cona baí aen cethraimhe fherainn ó Shuca anuas agus o Sliabh O nAedha don
taoíbh thiar nach raibhe fó chíoschain dUa Dhomhnaill. An tUa Domhnaill si
tra escca iomlan einigh agus uaisle an Tuaisceirt, fer bá mó grenn, agus
gaiscceadh, fer bá ferr ionnsaicchidh agus anadh, fer rob ferr smacht,
Reacht, agus Riaghail baí inErinn ina aimsir do Gaoidhealaibh, ar ní
déntaoí do choimhéd i tTir Chonaill ré a linn acht iadhadh dorais na gaoithe
nama, fer bá ferr do chiond ecclaisi, agus eiccsi, fer ro thiodhlaic almsana
aidhble i nonóir an choimdhe na ndul, fer las ro turccbhadh agus las ro
cumhdaighedh caislén cétus i nDun na nGall fó daigh gomadh inneoin
fhosaighthi dia clannmaicne ina dheadhaidh, agus mainistir bhrathar De
obseruantia i tTír Conaill .i. Mainistir Dhúin na nGall, fer las a ndearnadh
iliomat do chreachsluaighedhaibh timchill fó Erinn, fer dár díles August
Iarthair Thuaisceirt Eorpa do rádh fris, dfhaghail bháis iar mbuaidh ó
dhomhan agus o dhemhan, iar nongadh, agus iar naithrighe tocchaighe ina
longport fein i nDún na nGall dia haoíne do shonnradh isin cuíccidh íd
Iulii, isin ochtmadh bliadhain sechtmoghat a aoisi, agus isin cethramhadh
bliadhain cethrachat a fhlatha, agus a adhnacal i Mainistir Dúin na nGall.



Mag Cártaigh Cairbreach .i. Finghin mac Diarmata an Dúnaidh mic Domhnaill
Riabhaigh décc, agus a derbrathair Diarmait do ghabháil a ionaidh.



Feidhlimidh mac Neill mic Airt mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh la cloind
Toirrdhealbhaicch Uí Mhaoíle Dúin.


L. 1284


Mac Domhnaill Gallocclach (.i. Colla mac Colla) consapal Uí Neill
do mharbhadh in Ard Macha la Giolla Easpuicc mac Somhairle Ruaidh Mic
Domhnaill.



Creach lá cloinn Giolla Patraicc mic Emann Meg Uidhir ar chloind óicc an
Emainn cedna, Brian, agus Eocchan, agus Eocchan do mharbhadh lá cloinn
Giolla Patraicc a ttoraigheacht na creiche, agus Fergus Mor Mac Caba do
mharbhadh o chloinn Giolla Patraicc don chur sin.



Mac Mheg Uidir (.i. Sean mac Pilip) .i. Toirrdhealbhach, agus dá mhac Taidhg
Még Gafraidh, agus Tadhcc Occ mac Emainn Mic Gaillgille, co nocht feraibh
décc amaille friu do bháthadh i ccoite for Loch Eirne.



Mac Uí Fhlannaccain, Corbmac mac Corbmaic décc.



Sluaiccheadh la mac Uí Dhomhnaill (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) hi tTir
nEocchain, agus Baile i Neill (.i. Domhnaill) Dún nGenainn do losccadh leis,
agus baile Aodha mic Domhnaill Uí Néill, agus o Abhainn Mhóir asteach
dimtheacht dó gan frithbheart fris. Suidhe fa Chaislén na Deircce dhó ar a
iompúdh, an caislén do gabhail dó (.i. ar cloinn Neill mic Airt), agus a
uárda dfaccbháil ann. Dol dó as sin go Cill Mic nEnáin, agus tigearna do
ghairm dhe fór Thír Conaill an dara lá dAugust do thoil Dé agus daoíne.



Cairpre mac Briain Uí Uiccinn oide lé dán décc i nIarthar Midhe, agus
Brian Ócc mac Briain mic Domhnaill Chaim Uí Uiccinn décc.



Sean mac Riocaird A Búrc rogha Gall macaemh Ereann do marbhadh a meabhail
hi Mainistir Topair Patraicc lá cloinn Uillic A Búrc.



Caislén Bhaile an Tobair do ghabhail la hUa Conchobhair nDonn, agus
la Mac Diarmada for Shliocht Gráinne inghine Uí Cheallaigh. Sídh do
dhénamh dhóibh agus a nduthaigh do thabhairt do Sliocht Grainne.




L. 1286



AOIS CRIOST, 1506.



AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a Sé.



Tomas Buidhe Mac Cosccraigh, oirchinneach Cluana hEoais, agus Sean Ó
Fiaich oirchinneach ar trian Airidh Bhrosccaigh décc.



Mac Mhég Uidhir Aedh mac Emainn mic Tomais Óig Még Uidhir do mharbhadh a
ttóraigheacht creiche do rinnedh lá cloinn Chuind mic Enri Uí Néill ar
Cúil na nOirer agus ba he Pilip mac Emainn mac Giolla Pattraicc ro marbh
eisiumh.



Semus mac Pilip mic An Ghiolla Duibh Még Uidhir fer connail cráibdeach
eisidhe do écc agus a adhnacal i nDún na nGall.



Maghnas mac Gofradha Ruaidh Még Uidhir agus mac Briain Theallaighe
Echdhach (.i. Feilim) décc.



Tomas mac Oiliuer Ploingced do mharbhadh la Sliocht Mathgamhna Uí
Raghallaigh .i. las An cCalbhach mac Feidhlimidh, agus lá a chloinn.
Coccadh Gall agus Gaoidhel deirge trítsin.



Mac Uí Cathain .i. Brian Fionn mac Seain do mharbhadh la Domhnall mac
Neill mic Enri mic Eoghain Uí Néill, agus mac don Brian sin do mharbhadh
la Donnchadh Ua Catháin.



Mac Uidhilín .i. Ualtar mac Corbmaic mic Seinicin do mharbhadh la hUa
cCathain .i. Tomas mac Aibhne, agus ro marbhadh araon ris dá mac Tuathail Uí
Domhnaill, dá mac Uí Eghra, tri mic Uí Baoighellain, agus dá mac Uí
Chuind, agus seacht fir dhécc do maithibh a thionóil isin Rúta do
shonnradh.



Aodh Ruadh mac Glaisne Még Mathgamna do mharbhadh la hUa Raghallaigh
(Sean mac Cathail) agus la a chloinn.



Domhnall Ua Craidhen, cennaighe craibhdech coccusach décc acc eisteacht
aifrinn i nDun na nGall.



Paidín Ua Maol Chonaire enrogha Ereann ina aimsir lé senchus, agus lé
filidhecht décc.


L. 1288


Ath Truim do losccadh do tene doait.



Mag Carthaigh Cairbreach .i. Diarmaid mac Diarmada an Dúnaidh mic Domhnaill
Riabhaigh décc.



O Cathain Tomás mac Aibhne, agus clann tSeain mic Aibhne Donnchadh agus
Domhnall Clereach do dhol tar Banna soir go ttuccsat airghedha, agus
gregha iomdha leó, agus teacht go niolach agus go naithes for ccúla.



Caitilin inghen iarla Desmhumhan .i. Tomas mac Semais baintighearna Ua
cCairpre ben dercach deigheinigh décc, as lé do rónadh an Benn Dubh, agus
Dún na mBend.



Droichet Phuirt Croisi for Sionainn do dhénamh la hUa mBriain,
Toirrdhealbhach mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh, agus la Domhnall a
dearbrathair, la hepscop Chille da Lua agus la hepscop Chille
Fionnabhrach.




AOIS CRIOST, 1507. AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, aSeacht.



Seon Pauint epscop na Midhe brathair presediurlesidhe, agus
Piarus Ua Maol Uidhir abb Clochair décc.



Grainne inghen Még Uidhir (.i. Emann) ben Pilip mic Toirrdhealbhaigh,
ben dhércach deigheinigh, agus Cataríona inghen Chon Chonnacht mic
Maghnusa Mhég Mathghamhna décc.



O Flannaccain Tuaithe Ratha Muircheartach mac Muircheartaigh décc.



Greis oidhche lá Niall Ruadh mac Domhnaill mic Neill Gairbh.


L. 1290


Enri mac Aedha Uí Neill saoí chinnfhedhna duine bá ferr aithne ar
gach ealadhain décc.



Feilim Mag Uinnsennáin oficel Tire Conaill breithemh tocchaidhe saoí
chlérigh co ccrabhadh agus co ccaoíngniomhaibh décc .12. Iulii.



Siubhán inghen Mhég Mathgamhna (.i. Aedh Ruadh) décc.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) i tTír
Eoghain. Foslongport dó dhénamh dho im chaislén Uí Néill (Dún Genain)
agus sochaidhe do mharbhadh do lucht an bhaile im Mac Gilla Ruaidh .i.
Brian, agus Ó Néill do dhenamh síodha fris Ua nDomhnaill. Ua nDomhnaill
do dhol asidhe hi ccenn an iustis, agus Cenel Moain do chreachadh la
hUa Neill na dheadhaidh, agus Brian mac Uí Gairmleadhaigh do mharbhadh
lais.



Niall mac Cuinn mic Aedha Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill do
ghabhail lá muintir Cairrge Ferghusa, a beith ré hathaidh hi laimh, agus
a légeadh amach iar sin, agus sé braighde décc do buain ass.



Coccadh eter Ó Neill agus clann Cuinn Uí Neill. Clann Airt do beith do
thaobh cloinne Cuinn, agus tri creacha do dhénamh leó ar Chenel
Feradhaigh. Creacha mor do dhénamh la hUa Neill ar cloinn Airt fo
dhéoidh.



Aodh mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip Még Uidhir do mharbhadh la mac Uí
Ruairc, Tighernán Ócc mac Eocchain.



Mac Meg Uidhir (Tadhcc mac Conchobhair mic Tomáis Óicc) do mharbhadh lá
cloinn Donnchaidh Meg Uidhir agus lá Remann Ócc Macc Mhathghamhna.



Caislen mór Cairrge Fergusa, agus mére an bhaile feissin do ghabháil lá
Niall mac Cuinn (ro gabhadh leosomh feacht riamh) agus a braighdhe fein do
bhí san ccaislén do bhuain amach dhó.



Teampall Achaidh Beithe do losccadh, agus ermhór maithesa an tíre do
losccadh ann.



Emann mac Tomais Óicc mic Tomais Óicc decc do thinneas aon oidhche.



Ua Dúnáin Dhomhnaigh Maighe Da Claoíne do mharbhadh do shadhadh do scín
la a bhrathair fein Giolla Padraicc mac Pilip.


L. 1292


Brian mac Mheg Samhradháin (Domnall Bernach) do mharbhadh la
Toirrdhealbhach mac Aedha mic Eocchain Meg Samhradháin.



Mac Conmidhe (Solamh mac Seain mic Solaimh) ollamh Uí Neill saoí i ndán i
ffoglaim, agus hi ffilidheacht, agus fer tighe aoidhedh coitchinn (decc)
.30. October.



Mag Craith, Tomas (.i. mac Pilip mic Tomais mic Maol Muire Óig mic Maol
Muiri Moir), Ua Cuill Cend Faoladh, O Dálaigh Fionn Gofraidh, O
Dálaigh Cairpreach Aengus (.i. mac Aengusa Caoích) agus Ó Gérain (Sean
.i. mac Concobair) décc.



Mac an Bhaird Airghiall, Giolla Padraicc mac Aodha, agus Tuathal Buidhe
mac Adhaimh Gairbh Mic an Bhaird do mharbhadh ar aon lá Coin Uladh Uá
Condalaigh agus lá a braithribh.



Caislén Droma Dá Ethiar, agus Caislen na Deircce do thuitim.



An Barrach Ruadh Sémas mac Semais do dhol dia oilithre don Spáinn co
maithibh a mhuinntire araon ris, agus iar ndenamh a noilithre dóibh
do chuatar hi luing do shoadh ina ffrithing agus ní fes a mbás nó a mbeatha ó
shin alle. Domhnall mac Taidhcc mic Giolla Míchil Í Fhiaich sáith
Ereann, agus Alban doide lé senchus a ttuiccsi laidne, agus filidheachta
do bhathadh hi ffarradh An Bharraigh ar an oilithre sin a dubhramar.



Sean A Búrc, mac Uillicc, mic Uillicc, mic Riocaird Óicc tanaiste Cloinne
Riocaird saor clann Gall Ereann soidheach lán deineach, agus
dfhirinne, tinne cruadha lé cotucchadh décc.




AOIS CRIOST, 1508. Aois Criost, Mile, cuicc ced, a hocht.



Maighi Mag Craith epscop Cluana Ferta saoí rathmar riaghalta ceillidhi
craibdeach, décc, agus Dauidh mac Tomais A Búrc décc ar slicchidh na
Rómha iar na oirdneadh ina ionadh isin epscopóide.


L. 1294


Tomas Ó Congaláin epscop Oilefinn, agus Uater A Blác epscop Cluana
Mic Nóis décc.



Uilliam Ócc mac Airt Mic Cathmhaoíl deganach Clochair décc, dearbrathair
sidhe dEócchan depscop Clochair.



O Maol Muaidh (Aodh Ócc) do mharbhadh ina chaislén feisin lá a
bhraithribh budhdhein.



Domhnall Ua Briain (.i. mac Thaidhcc mic Toirrdhealbhaigh) tanaisi
Tuadmumhan, agus Geroitt mac Aodha mic Cathail Uí Raghallaigh décc.



Mac Mécc Mathghamhna, Remainn Ócc mac Remainn do mharbhadh i nDomhnach
Maighe dhá Chlaoíne lá féle Patraicc lá mac Mhég Uidhir Pilip mac Emainn. Bá
hamhlaidh do rónadh an gníomh hisin Pilip do dhol i nonoir Patraic
déisteacht oiffrinn don bhaile, agus amhail bátar occ an oiffrionn isin
ecclais do ruacht Rémann Ócc go mbuidhin móir ina fhochair imon tempall. Ro
hadhnait teinte leo hi cceithre hairdibh an tempuill. Ar na chluinsin sin do
mac Meg Uidhir do ráidh nach leíccfeadh Tempall Patraicc do losccadh. Ro
ghreis a mhuintir im chalma do dhenamh, ticc Pilip cona braithribh amach
i nanmaim Dé, agus Patraic. Do rala etorra cor trascradh Remann dia eoch agus
ro marbhadh iaramh cona chomhalta amaille fris .i. mac Briain Ruaidh Mic
Giolla Brighde agus gabhthar bheós braighde ann co ro móradh ainm Dé agus
Patraic trít sin.



Corbmac Ó Cianáin saoí shenchadha agus fhir dhána agus Donnchadh mac
Briain mic Pilip Még Uidhír décc.



Muirchertach mac Aedha mic Ferghail Óícc mic Ferghail Ruaidh Meg
Eochchaccáin do mharbhadh lá a bhraithribh féin.


L. 1296


Pilip mac Briain mic Feidhlimidh Uí Raghallaigh cend fedhna, agus
fer tighe aoidhedh, fer lán daithne ar gach ealadhain décc iar mbuaidh
ongtha agus aithricche.



Ticchernan Ócc mac Eoghain (.i. Ó Ruairc) Uí Ruairc do mharbhadh lá Sean
mac Tighernáin Fhinn Uí Ruairc.



Niall mac Alaxandair Mic Cabba, agus Enrí mac Briain Mic Caba décc.



O Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh do thocht i nethraibh for Loch
Erne, agus caislén Insi Ceithlionn dfaghail do ó Ruaidhri Mag Uidhir,
agus O Domhnaill do thabhairt an chaisléin do Philip mac Toirrdhealbhaigh
Még Uidhir, agus braighde an tíre dfhaghail dUa Domhnaill. O Neill .i.
Domhnall, agus Mag Uidhir .i. Conchobhar do theacht co hInis Ceithlend
do shaighidh Uí Dhomhnaill agus a riarucchadh doibh, agus sídh do dhenamh
fris. Pilip mac Briain Még Uidhir do briseadh a caisléin fein ar eccla Uí
Dhomhnaill, agus clann Briain fein dfháccbáil an tíre .i. Ruaidhri
do dhol hi ccenn Uí Ruairc, agus Pilip hi ccend Airt Óicc mic
Cuinn Uí Néill.



Mac Uí Catháin (Gofraidh mac Tomais) do marbhadh la Sliocht Maghnusa Uí
Catháin.



Eóin Mac Domhnaill Guirm do marbhadh lá Mac Uidhilín.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill i nIochtar Chonnacht, agus braighde
Iochtair Chonnacht do thabhairt lais dia thigh.



Brian mac Pilip mic Donnchaidh Meg Uidhir do ghabháil lá Mag Uidhir hi
tTempall Achaidh Lurchaire.



Pilip Ócc Mac Amlaibh .i. mac Pilip Riabhaigh mic Briain mic Amhlaoibh mic
Pilip mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh Meg Uidhir décc. Cenn a aicme
fein agus fer tighe aoidhedh esidhe.



Corbmac mac Neill mic An Ghiolla Duibh mic Aedha do mharbhadh la Teallach
Eachdhach, agus lá cloinn Pilip mic Briain Meg Uidhir ar greis oidhche.



Emann mac Maghnusa Uí Gairmledhaigh do mharbhadh lá Conn mac Néill


L. 1298


Bhernaigh mic Enrí mic Eoghain, agus Conn fein do mharbhadh la Brian
mac Cuinn mic Enrí mic Eoghain isin mí cédna.



Indsaicchidh lá cloinn Donnchaidh Meg Uidhir (Tomas, Pilip,
Feidhlimidh) agus lá cloinn tSeain Buidhe Meg Mathghamhna ar Mhag
Uidhir Conchobhar. Mag Uidhir deirghe ina nacchaidh agus briseadh dó
forra. Feidhlimidh mac Donnchaidh do mharbhadh leis. Brian mac Seain
Buidhe Még Mathghamhna do bhualadh agus do ghabhail lais, agus Eóccan
mac Tómais mic Airt Rúaidh Még Mathghamhna do gabhail bhéos.



Creacha móra lá hArt mac Cuinn Uí Néill ar Chenél Fearadhaigh.
Eoghan mac Uí Neill, agus clann Mec Cathmhaoil do breith fair. Aenghus
mac Somhairle Bhacaigh do mharbhadh ó Art agus Art fein dimtheacht
ar éiccin agus na crecha do breith lais.



Aibhilin inghen Uí Chatháin (.i. Tomas), ben Eoghain Rúaidh meic Uí
Neill décc.



Domhnall (.i. mac Ui Briain Ara) mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh mic
Murchaidh na Raithinighe, saoí chinn fedhna bá caoín lé cairdibh, bá
haindiuid lé heasccairdibh décc iar ccaithemh a ngar do chéd bliadhain
lé huaisle, agus lé hoirbhert.



O hEidirscceoil Mór Conchobar mac Fínghin mic Miccon décc. Fer crodha
cosantach, cara na nórd, agus na neicces esidhe, agus a mac Finghin
dóirdhneadh na ionadh iar ná thabhairt amach, ar ro baoí hi laimh hi
cCorcaigh tuilleadh ar bliadhain.



Mag Carthaigh Mór Domhnall mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc fer séghainn
soaghallmha aga raibhe aithni is na healadhnaibh décc.



Coccadh deirghe eter Tadhg mac Domhnaill .i. mac Don Mácc Cárthaigh sin,
agus derbrathair Még Cárthaigh .i. Corbmac Ladhrach mac Taidhcc mic
Domhnaill Óicc dia ttainicc díth daoíne uair do thuit ocht fichit décc co
tuilleadh etorra.



Mac Mic Piarais décc .i. Semus mac Emainn mic Semais mic Uilliam mic Mic
Piarais Buitiler. Ridire ar laim agus laoch ar ghaiscceadh esidhe.


L. 1300


Mainistir Baile Uí Ruairc da ngoirther Carruicc Patruicc hi
cConnachtaibh in epscopóidecht Ard Achaidh do thionnsgnadh lá hUa
Ruairc Eóghan agus lá a mnaoi Mairghrég inghen Conchobhair Uí Briain.



AOIS CRIOST, 1509. Aois Criost, Mile, cúicc céd, a naoí.



Brian mac Taidhcc Mheg Uinnsennáin officel Clochair décc.



Donnchadh Mag Ruaidhri airchinneach Machaire na Croise, fer umhal iniseal
ar sheirc nDé, agus fer congmhala aoidhedh décc.



Mac Uí Neill Art mac Cuinn mic Enrí mic Eoghain do ghabháil a bfhioll lé
hArt an chaisléin mac Neill mic Art mic Eoghain Uí Néill iar mbeith ina
cháirdes Criost aicce, agus iar na thochuireadh chuicce dia chaislén fein,
agus a mhac Niall Mac Airt agus Feilim Ua Maoíleachlainn do ghabhail
amaille fris, agus a ttabairt hillaimh Uí Domhnaill agus buaidhredh mór
do theacht trés an ngabháil sin.



Slóiccheadh las an iustis iarla Cille Dara hi tTir Eocchain ar tharraing
cloinne Cuinn Uí Neill, agus caislen Dhuine Genainn (.i. caislén Í
Neill) dfhaghail do cloinn Chuind ria siú tainic an iustís ina thimcell.
An iustís do dhol as sin im chaislén na hOghmuighe co ro gabadh lais. Ro gabadh lais
ann Toirrdhealbhach mac Neill mic Airt Uí Neill, agus Eocchan Ruadh Mac
Suibhne. Ro briseadh an caislén las an iustis, agus do choidh iarsin dia
thicch.



O Neill Domhnall mac Enri mic Eoccain tighearna Tire hEoghain, fer as mó
ro mhill agus imor milleadh, agus as mó do róine do choccadh, agus do
chreachaibh acc


L. 1302


cosnamh ticchernais co ro ghabh é fo dheóidh, décc an seiseadh lá do mhí
August, agus Art mac Aodha mic Eoghain Uí Neill doirdneadh ina ionadh.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh ar Mac nDiarmata
co ro mhill móran hi Maigh Luircc. Tomas mac Remainn mic Pilip Még
Uidhir do mharbhadh ón tsluagh, agus Ó Domhnaill dionnpúdh tar a ais
don turus sin.



O Baoighill (Emann Buidhe mac Neill) do marbhadh isin oidhche daon urchor
gae la Conchobhar Ócc Ua mBaoighill hi Luachros.



Art Ó Neill do lécceadh as a bhraighdenus, agus braighde ele do dhol as .i.
a mhac fein, agus a dherbrathair Brian.



Pilip mac Briain mic Pilip Meg Uidhir, Maol Mórdha mac Failge mic
Domhnaill Bháin Uí Raghallaigh, agus Eoghan mac Cuinn mic Aodha Buidhe
Uí Neill décc.



Indsaicchidh lá Brian mac Cuinn Uí Neill ar Sliocht inghine Mec
Murchaidh ar brú Locha Laoghaire. Enrí Ócc mac Enrí Óicc, Eoccan mac
Neill Bhernaigh Uí Néill, Brian mac Neill Bhernaigh, agus mac Aodha
Bailbh Uí Neill do mharbhadh lais agus ceithre heich ar tri fichtibh do
bhuain díobh.



Corbmac mac Seain mic Conchobhair Óicc Meg Uidhir, Diarmait mac Floinn
Mic an Bhaird, agus Tadhg Ó Cianain décc.



Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Uillecc mac Uillicc mic Riocaird Óicc, fer
cendais lé cáirdibh, eccendais le hesccairdibh décc.



Mac an Filedh Giolla Crist mac Amhlaibh saoí fhir dána décc.



An tochtmadh King Henry do rioghadh os Saxaibh .22. April.




L. 1304



AOIS CRIOST, 1510. AOIS CRIOST, Mile, cúicc céd, adeich.



Muirchertach mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh epscop Chille Fionnabhrach
décc.



O Raghallaigh Sean mac Cathail décc. As laissidhe tuccadh cetus braithre
De obseruantiae don Chabhán a hugdarras an phapa.



Brian Ruadh mac Domhnaill mic Aodha Uí Neill décc.



Brian mac Pilip Uí Raghallaigh do mharbhadh la cloinn Remainn mic Glaisne
Még Mathgamhna a ttoraighecht creiche.



Mág Caba Breifne .i. Feilim, agus Mac Lochlainn .i. Uaithne décc.



O Fialán Fergal oide dersccaighthe lé dán, agus Eocchan mac Briain Uí
Uiccinn oide Ereann décc.



Mac an Bhaird Tíre Conaill Eoccan Ruadh décc i nInis mic an Duirn.



Sloiccheadh lá Geróid iarla Chille Dara (.i. an iustis) hi ccúiccedh Mumhan
go maithibh Gall agus Gaoidheal Laighen lais dia ro cumdaigh caislén
daimhdhéoin Gaoidheal Muman hi cCarraicc Cital. Leanais Ó Domhnaill é co
nuathadh sochaidhe trias an Midhe, agus isin Mumhain siar co comhrainic fris
ann sin. Tiaghait i nEalla asidhéin, gabhait caislén Cinntuirc, agus
airccit an tír. Tiaghaitt iarsin nDesmumain Móir, gabhait Caislén na
Pailisi, agus caislén ele ar brú Mainge


L. 1306


agus teccaitt slán tar a nais hi cconntae Luimnigh. Do níad aithtionól
sluaigh iarsin, agus cruinnighit Gearaltaigh na Mumhan im Shemus mac iarla
Desmuman co nGallaibh Mumhan archena, agus Mácc Cárthaigh Riabhach,
Domhnall mac Diarmada mic Finghin, Corbmac Ócc mac Corbmaic mac Taidhg, agus
Goill agus Gaoidhil Midhe, agus Laighen, agus tiaghait iaramh go Luimneach.
Tionóilidh Toirrdhealbhach mac Taidhcc Uí Bhriain ticcherna Tuadhmumhan go
líon a sochraide, Mac Conmara Síol Aodha agus Clann Riocaird slóigh lánmhóra
ele ina naghaidh. Ticc an tiarla (.i. an iustis) cona shluagh tré Bhealach
na Fadbaighe, agus tré Bhealach na nGamhna co rainicc droichet croinn (.i.
droichet Puirt Croisi) do rónadh la hUa mBriain for Sionainn, agus
brisidh siomh an droichet, agus anais oidhche hi ffoslongport is in tír.
Gabhaidh Ó Briain foslongphort ina comhfoccus co ccluineadh cach diobh guth
agus comhradh aroile in oidhche sin. Iar na mharach ro ordaigh an iustis a
shluagh agus ro chuir Goill agus Gaoidhil Muman ar tús, Goill Midhe, agus
Átha Cliath ar deiredh a shlóigh. Toirlingedh Ó Domhnaill an beccán buidhne
ro bhai, agus anais ar deiredh a mescc Gall Átha Cliath agus Midhe, agus
gabhait an athghoirit tré Moin na mBrathar go Luimneach. Ro ionnsaighsiot
sluagh Sil mBriain an sluagh Gall, agus marbhthar leó barún Cint, agus
Bernaualach Circustoum, agus sochaidhe do deaghdhaoínibh nach airimhther.
Tiagait as an sluagh Gall a ccóir madhma soait, sluag Sil mBriain iar
naithes agus iar nédalaibh iomdha agus ní bhaoí do Ghallaibh na do
Ghaoidhealaibh ar an dá shluaigh sin én lamh bá mó clú cródhachta agus
gaisccidh in lá sin iná Ó Domhnaill acc breith dheirigh slóigh na nGall lais.



Mac Muiris Ciarraighe, Emann, mac Tomais, mic Padraicín soidheach lán
deccna, agus doineach décc.



Diarmaid mac Domhnaill mic Domhnaill Mhég Carthaigh Cluasaigh décc.


L. 1308


O Domhnaill Aodh mac Aodha Rúaidh do dhol don Róimh dia oilithre,
agus an ccein do bhai amuicch battar a rann agus a charaid i mbrón, i
ndoghailsi, agus i ndoimhenmain ina dheadhaidh, agus Maghnas Ó Domhnaill a
mhac dfhagbháil dó ag iomcosnamh an tíre an ccein no bhiadh ina féccmais.




AOIS CRIOST, 1511. Aois Criost, Mile, cuicc céd, a haondécc.



Art mac Cuinn Uí Neill (baoí hillaimh acc Ua Domhnaill occ imtheacht dó don
Roimh) do léccadh as a braighdenus la Maghnas mac Uí Domhnaill, gan ced
dUa Domhnaill, agus a mhac .i. Niall Ócc do thecht ass i ngioll lé
comhall gach siothchána da ndearnsat.



Tomas mac Andriu Még Bhradaigh epscop agus airchinneach an dá Breifne fri ré
triochat bliadhain, aoin cenn ro riaraighsiot Goill, agus Gaoidhil, saoí i
neacna agus hi ccrabhadh, lochrann solusta no soillsiccheadh tuatha agus
eccalsa tré foircetal agus proicept, aoghaire tairisi na hegailsi
iar noirdneadh saccart agus aosa gacha graidh archena dhó iar ccoisreccadh
thempall agus reilccedh niomdha, iar ttiodhnacal seod agus bíd do truaghaibh
agus trenaibh, ro faoidh a spirat docum nimhe an .4. Calainn do Mharta (no
August) dia mairt do sonnradh i nDruim Da Eithiar, iar ttocht do
choisreaccadh eccailse isin mBreifne iars an seachtmadh bliadhain sesccat a
aoisi, agus a adhnacal hi Mainistir an Cabháin dia haoíne ar aoí laithe
seachtmhaine.



Corbmac Mácc Samhradháin dia ro goireadh epscop isin mBréifne décc ria
Nottlaicc.



Urmhór shen oibre thempaill Arda Macha do losccadh.



O Conchobhair Failghe, Cathair mac Cuinn mic An Calbhaicch feichemh
coitchenn déiccsibh, saoi chinnfhedhna fri Gallaibh, agus Gaoidhelaibh do
mharbhadh la druing dia chinedh fein .i. clann Taidhcc Ui Concobhair, agus
clann tSeain Bhallaigh Uí Chonchobhair lá taobh Mhainistreach Feorais.


L. 1310


O Ceallaigh Maoílseachlainn mac Taidhcc, mic Donnchaidh, mic
Maoíleachlainn, mic Uilliam mic Donnchaidh Mhuimhnigh décc. Fer
cothaicchthe a chriche, a caratt, agus a chlannmaicne. Feichemh coitcend
damh agus deoraídh, fer lás a ndearnadh caislen Gallaigh an Garbhdhoire
agus Muine an Medha.



Mac Murchadha, Murchadh Ballach mac Donnchaidh mic Airt décc.



Tomás mac Glaisne mic Conchobhair Uí Raighilligh, agus Emann mac Glaisne
décc.



Glaisne mac Conchobhair mic Seain Uí Raighilligh do marbhadh lá lucht tighe
Mhég Mathgamhna.



Eoghan mac Briain Rúaidh mic Cathail Uí Raighilligh décc.



O Dochartaigh Sean mac Domhnaill mic Conchobhair décc, agus Ó Dochartaigh
do ghairm do Chonchobar Charrach.



Mac Donnchaidh Tíre hOilella Sean décc, agus a dearbhrathair ele Fergal
tanaiste Tíre hOilella do mharbhadh la Mac Diarmata.



Art mac Cuinn mic Enri I Néill do gabháil tuarastail ó Aodh mac Domhnaill
mic Enrí.



Sean mac Emainn mic Tomáis Óig Mheg Uidhir do écc.



An Diolmhaineach (.i. Semas) Machaire Cuircne décc.



Aodh mac Feilim mic Maghnusa do mharbhadh lá Sémus mac Seain, mic an
epscoip Mheg Uidhir.



Dubhthach mac Dubhthaigh Uí Duibgennáin saoí lé senchus, fer sonasa, agus
saidbhresa moír décc.



Sloiccheadh lá hUa Néill Art mac Aodha hi tTír Chonaill dár loiscc
Gleann Finne, agus ó Shuiligh anall, agus benais braighde dUa
Dochartaigh.


L. 1312


Cenel Feradhaigh (.i. i Tir Eócchain) do léir chreachadh la Maghnas
Ua nDhomhnaill.



O Neill Art mac Aodha do chruinniucchadh sluaigh do dhol hi tTír Chonaill
iar ndol Í Domhnaill docum na Romha. Ro ghabh Maghnus Ó Domhnaill agus na
trí Meic Shuibhne agus ard taoisigh Ceneoil cConaill acc cosnamh, agus acc
iomchoimhett na tíre amhail as deach ro fhédsat. Ar a aoi tra ro imtigh Ó
Néill cona shluagh ó shliabh soir, agus soair dia thigh gan creich
gan cath.




AOIS CRIOST, 1512. Aois Criost, Míle, cúicc céd, a do décc.



Aodh Ó Maol Mhocheirghe comharba Droma Lethain do bhathaadh.



Piaras Mac Craidin deccanach Cloinne hAodha décc.



Niall mac Cuinn mic Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh Í Neill tighearna
Trin Conghail, fer einigh coitchinn, agus medaighthe órd, agus ecclas fer
aghmhar aitheasach na tucc ciós nó comha do Cloinn Neill no do Cloinn
nDálaigh na dfior ionaid Righ Saxon, fer ba cianfhoda sén agus saoghal,
fer erccna eolach ar gach nealadhain etir shenchus, dhan, agus sheinm do
écc .11. April.



Art mac Cuinn mic Neill Ghairbh Í Dhomhnaill decc (23. December) do
thaom tinis hi Múr na mBrathar i nDun na nGall, agus a adhnacal go
honorach is an mainistir.



Tuathal Ó Cleirigh (.i. Ó Cleiricch) mac Taidhcc Caim saoí hi senchus agus
hi ndan, fer tighe aoidhedh coitchinn do thrénaibh, agus do thruaghaibh
décc iar nongadh, agus iar naithrighe .12. Nouember.



O Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh do thoidheacht ón Róimh iar fforbadh
a oilithre iar mbeith sé sechtmhaine décc hi Londain acc dol soir, agus
sé sechtmuine


L. 1314


décc ele acc teacht anoir. Fuairsiomh dna onoir agus ó Righ Saxan
King Hanri, táinic iaramh slán co hErinn, agus baoí lé hathaidh hi
ffiabhrus san Midhe, agus iar ffaghbháil sláinte dó táinicc dia thicch,
bá subhach forbfaoiligh cealla agus tuatha dia thoidhecht.



Coccadh mór etir Ó nDomhnaill agus Ó Neill Art mac Aodha. Coccadh ele bheós
etir Ó nDomhnaill agus Mac William Burc .i. Emann mac Riocaird. Ro fhost
Ua Domhnaill cúicc céd décc tuacch hi tTír Chonaill hi Feraibh
Manach, agus hi ccúicceadh Connacht, agus do rad buannacht dóibh ar na
hionadhaibh sin, do thaod somh iaramh agus Maghnas cona sochraide amaille
friu ó Doire go rangadar Iochtar Chonnacht, assidhe i nGailengaibh,
agus suidhit im chaislén Bheóil an Chláir, agus ro gabadh an baile lais.
Fágbais a bharda ann, lottar tar anais anuas tré Sliabh Gamh, hi tTir
Fhiachrach, battar annsidhe athaidh dá naimsir. Od chuala Mac William
Búrc an ni sin táinicc go lion a shochraide a ttimcheall an chaisléin
sin Bheóil an Chláir in ro fháccaib Ó Domhnaill a bharda. O ro clos lá
hUa nDomhnaill Mac Uilliam do beith imon mbaile, luidh go hathlamh
imésccaidh tar a ais suas tre Sliabh Gamh. O ro fhittir Mac William Ó
Domhnaill do beith dia shaighidh ro fháccaibh an baile conach rucc Ua
Domhnaill fair, do thaod Mac William hi tTír Fhiachrach, agus ro chuir
lón agus barda hi ccaislén Eiscreach Abhann iar na bhein do
dhúthchasachaibh an baile fein dia ttard Ó Domhnaill é rias an tan sin.
O Ro fhidir Ó Domhnaill gurab hi tTír Fiachrach do gabh Mac William
ro len go nemhlescc nemhshadhal é tar a ais arís tarsna Slebhe Gamh.
Od chuala Mac William sin fágbhais a


L. 1316


mac agus a oidhre, Uillecc mac Emainn, mic Riocaird, agus barda ele amaille
ris isin ccaislén sin Eisccreach Abhann, agus do luidh fein roimhe amhail
as déine conráinic dochum Aird na Riagh. Ruccsat araill do marcsluaigh Í
Domhnaill radharc ar Mac Uilliam, agus leiccitt ina dheadhaidh iatt go ro
chuirset a maidhm é fo shnámh na Muaidhe. Ro lenadh tar Muaidh anonn é,
agus do benadh eich agus daoíne iomdha de, agus térna ar eiccin uadhaibh.
Sóais Ó Domhnaill cona sluagh, agus suidhit fá caislén Eiscreach Abhann
airm ambaoí mac Mic Uilliam. Ro gabhadh an caislén leó fó chend ceithre
lá iar mór shaothar, agus do bert eineach agus anacal don barda. Erghabhthar
mac Mic Uilliam lais go mbaoí i ngiallus aige. Ro fhorchongair an caislén
do chor ar uaithnedhaibh iar sin, agus ro leccadh go lár, do chóidh iaramh
dia thicch co mbuaidh agus cosccar. Tanaicc tra Mac Uilliam ina diaidh
iar sin go Dún na nGall, agus do bert a óghriar dUa Domhnaill, léigidh
Ó Domhnaill a mhac la Mac Uilliam dia thigh.



Slcóicheadh lá hUa Domhnaill hi tTír Eoghain go maithibh
Iochtair Chonnacht agus Fer Manach, agus co mbuandadhaibh iomdha, do
shaighidh Í Neill Airt mhic Aodha. Milltear agus loiscctear leó cédus Tír
Eócchain rempa nó ga rangattar Dún nGenainn. Battar sechtmain isin tír agá
milleadh co ttaratt Ua Néill sídh dóibh, agus co ro mhaith dUa
Dhomhnaill gach accra do mbaoí etir a sinnseraibh .i. cíos Ceneoil Moain,
Innsi hEoghain, agus Fher Manach uile. Ticc Ua Domhnaill iarsin don
Óghmaigh agus cumhdaighis Caislén na hOghmaighe frí ré aoin tsechtmaine
iar na bhriseadh la hiarla Cille Dara fecht riamh agus fágbhais Ua
Domhnaill a bharda ann.



Slóiccheadh la Geróitt, iarla Cille Dara iustis na hEreann tar Áth
Luain hi cConnachtaibh, creachais agus loiscis Clann Chonnmaigh,
gabhais Ros Comain agus fáccbhais barda ann, Teid iar sin hi Maigh Luircc
agus gabhais caislén Baile na hUamha iar milleadh móráin don tír.



Ticc Ua Domhnaill sluagh mór dia ccois isin Coirrsliabh dagallamh an
iarla agus do dhénamh a dhála ris. Ticc tar a ais an oidhche chédna co
Breicsliabh da fhoslongport fein, agus ro marbhadh beccán dia


L. 1318


mhuintir acc teacht tar a ais isin mBealach mBuidhe. Ro shuidh iaramh im
chaislén Sliccigh, agus ro milleadh lais dúthaigh Sleachta Briain Í
Conchobhair uile, agus ní rócht lais an baile do ghabháil don chur sin.



Slóicchead lá Geróid iarla Cille Dara iustis na hEreann ar Trian
Conghail dia ro gabh caislén Beoil Feirste, agus dia ro bhris caislén
Mic Eoain na nGlinne, agus dar aircc na Glinne, agus móran don tír,
agus tuc mac Neill mic Cuinn i mbraighdenus lais.



Indsaicchidh la Domhnall mac Briain mic Domhnaill mic Enrí Í Neill ar
Ghiolla Phátraicc mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh Meg Uidhir, báttar Sliocht
Flaithbertaicch Mhég Uidir in ffarradh Domhnaill, dol dóibh ar Bhaile
Bon Abhann, agus creacha do glacadh leó, bristear iaramh forra, agus ro
benadh a ccreacha díbh. Ro marbhadh, agus ro báidheadh drong dá muintir im
mac Maghnassa mic Briain mic Concobair Óicc Még Uidir etir baile Bono
Abhann, agus Inis Móir, agus Domhnall mac Briain fein do ghabhail hi
tTamhnaigh an Reta hi fFerann na hArda Muintire Luinín agus naonbhar
dá mhuintir do bhadhadh hi cCaraidh Muintire Banain an lá cédna.



Pilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir cona chloinn, agus clann Tomais mic
Maghnasa Még Samhradháin do dhol ar ionnsaicchidh hi tTeallach Eachdhach,
agus creach do dhénamh doíbh ar Thoirrdhealbhach mac Aodha Mhég Samradhaín
(tanaiste an tíre), agus Toirrdhealbhach feisin do mharbhadh hi ttoraighecht
na creiche hísin, lottar assidhe fó crantóicc Még Samhradhaín ro gabhadh leó
an Crannócc, agus Mac Samhradháin fein gé do baoí tinn, fácaibthear iaramh
Mac Samhradháin dáigh nír


L. 1320


fhédatar a thabhairt leó. Rucc iaromh mac Uí Raighilligh .i. Emann Ruadh mac
Aodha mic Cathail ar na manchachaibh sin agus ar mac Maghnais. Brister lais
orra, agus Ro marbhadh Donnchadh mac Reamainn mic Pilip Mhég Uidhir, Pilip
mac Eoghain mic Domhnaill Bhallaigh Még Uidhir, Aodh mac Eoghain mic
Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, Muirchertach Ruadh mac Murchaidh, agus Sémas
mac Mic Craith Mhég Uidhir co sochaidhib ele, agus Ro beanadh beós eich
iomdha dhiobh isin ló sin.



Mac Még Uidhir Brian mac émainn mic Tomais décc.



Mac Samhradháin Cathal mac Aedha mic Eocchain décc, agus tighearna do
ghairm do Tomás mac Maghnusa Még Samhradháin.



Mac Tighearnáin (.i. William) Teallaigh Dunchadha décc.



Failghe mac Mhaolmhórdha Uí Raghallaigh do mharbhadh la cloinn tSeain mic
Eoghain mic Domhnaill Bháin agus la Semus mac Toirrdhealbhaigh mic Eocchain
i nDruim Lethain.



Tadhcc mac Domhnaill Uí Bhriain décc, agus Brian mac Domhnaill Taidhcc mic
Toirrdhealbhaigh décc fó chend leth ráithe iaramh.




Aois Criost, 1513. Aoís Críost, Mile, cúicc céd, a trí décc.



Muiris Ó Fithceallaigh airdespoc Tuama maighistir diadachta ro ba mó clú
cleircheachta ina aimsir féin décc.



An toifficel Mag Congail décc.



Rossa mac Maghnasa Mhég Mathgamhna ticchearna Oirghiall, agus Tadhcc
Maoilechlainn Uí Cheallaigh (.i. ticcerna Ua Maine) décc.



Foslongport do denamh dUa Dhomhnaill i ttimcell ó fhel Brighde co
Cinctidis, ar a aoí ní ro gabh an baile fris a ré sin, agus ro marbhadh duine
uasal do Mhuintir Uí Domhnaill don cur sin .i. Niall mac Eremhóin do Chloinn
tSuibhne Fánatt.


L. 1322


Cathal Ócc mac Domhnaill mic Eocchain Uí Concobhair, mac ticcherna
ba ferr einech agus engnamh, gaoís agus gliocus baí i nIochtar Connacht do
mharbhadh la a dherbhrathair fein .i. Eócchan mac Domhnaill hi ffiull la
taobh Bhaile Uí Ghiollgáin, agus teacht do breithemhnas direach Dé,
Eóghan fein do crochadh la hUa nDomhnaill fo chenn trí lá iarsan tansin.



Eóghan Ua Máille do thecht lucht tri long go Cuan na cCeall mBecc isin
oidhce, agus maithe an tíre an tan sin ar éirghe amach i ffarradh Uí
Domhnaill, airccit, agus loisccit an baile, agus gabhait braighde iomdha
ann. Rucc doinenn forra gur bho heiccen dóibh anamhain i nimeal an tíre do
níad teinnte, agus tendála in imfoccus a long. Rucc macaemh ócc aídedhach do
Cloinn tSuibne forra .i. Brian agus clann Briain mic an easpaic Uí
Ghallcubhair, agus buidhen scolócc agus bachlach, agus ionnsaighitt iad co
deighmheisnigh, agus marbhthar leó Eoghan Ó Máille agus cuicc fhichit nó a
se amaille fris, agus bentar dá luing diobh, agus na braighde ro ghabhsat
tré mhiorbhuilibh Dé agus Caiterióna isa baile ro sháraighsiot.



O Domhnaill do dhol beccán fedhna in Albain ar tóchuireadh righ
Alban, iar ccor litreach agus teachtadh ar a chend, agus iar ndol soir
do fuair onoir, agus asccadha móra on Righ, agus iar mbeith ráithe dó ina
fharradh, agus iar ccaemhcludh comhairle don Righ gan techt in Erinn amhail ro thriall, ticc
Ó Domhnaill dia tigh iar ffaghail guasachta móir dó for muir.



Mac Uilliam Búrc Emann, mac Riocaird, mic Emainn, mic Tomáis, fer dár bho
muintir na hUird, agus na hollamhain do mharbhadh hi ffiull cloinn a
dherbrathar .i. Tepóid Riabhach, agus Emann Cíocarach dá mhac Uáteir mic
Riocaird.



Slóiccheadh lá hUa Neill .i. Art mac Aodha hi tTrian Conghail dia ro loiscc
Magh Line, agus dia ro chreach na Glinne. Rucc mac Neill mic Cuinn agus Mac
Uidhilin ar chuid don tsluaigh, agus ro marbhadh Aodh mac Uí Néill don
chur sin. Teccmaid an sluagh agus an tóir fri aroile ar na mharach, agus ro
marbhadh Mac Uidhilin .i.


L. 1324


Risderd mac Rudhruidhe, agus drong dAlbanchoibh las an slogh, agus ticc
Ó Néill tar a ais iaramh.



Caislen Dhúin Lis do ghabhail la hUa Domhnaill ar chloinn Gheroitt Mic
Uidhilin, agus a thabhairt do chloinn Ualtair Mhec Uidhilín.



Art mac Néill mic Airt Uí Neill décc .6. August, agus a adhnacal i nDun na
nGall.



Eoghan Ruadh Mac Suibhne do marbhadh la cloinn a dearbrathar fein, agus le
Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoíghill.



Indsaicchidh cille do thabhairt la Tadhcc na Lemhna ar Chorbmac Ladhrach mac
Taidhcc mic Domhnaill Óicc, ar ngairm Mhég Cárthaigh da gach fer díbh, agus
an tegh i raibhe Corbmac do losccadh, agus é fein agus a consapail do dhol
amach as an tegh, agus consapal Taidcc do mharbhadh leo, agus Corbmac cona
mhuintir dimthecht go haghmar aithesach. Desmumha do roinn ar dó etir
Corbmac agus Tadhg co bas Taidcc.



Mac Mathgamhna décc .i. Tadhcc, mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc mic
Donnchaidh na Glaice.



O Mathgamhna Concobhar Fionn mac Conchobhair mic Diarmata Uí Mathghamhna
décc, fer do chuaidh tar lamhaibh sinnser agus soiser hi ccendus a duithce an
Concobhar hisin.


L. 1326



AOIS CRIOST, 1514. Aois Criost, mile, cúicc céd, a cethair décc.



Patraicc Ó Duibhlecháin abb Cenannsa, agus Aodh mac Gilli Crist Í
Fhiaich biocáiri Airidh Broscca décc.



O Néill Art, mac Aodha, mic Eoghain, mic Neill Óicc décc. Fer tuiccseach
tothachtach, airbhertach, ealadhnach, crodha, cendasach, eisidhe, ar rob
annamh mac tánaiste na ticcherna for Chenel Eoghain riamh roimhe. Art mac
Cuinn mic Enri doirdneadh na ionadh.



Donnchadh mac Concobhair Uí Bhriain do mharbhadh go naimhdemhail
míoghaolmhar la cloinn Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh Í Bhriain .i.
Murchadh, agus Donnchadh. Togha fher nEreann do láimh agus do thothacht,
do chruas, agus do chródhacht an tí torchair annsin.



Tadhcc na Lemhna, mac Domhnaill, mic Taidhcc Még Carthaigh décc ré hadhart
mar nar saoílidh, fer as mó ro mhill, agus imór milleadh da ttainicc dia
aicme le cuimhne cáich.



Cendus fedhna mór lá hiarla Cille Dara, uair do imthigh tre coicceadh Uladh
co Carraic Fhergusa, agus an Mhumha go Pailís Még Cárthaigh. An tiarla cédna
do dhol im Leim Í Bhanáin, agus ní dob annamh lais gan an caislén do
briseadh nó do ghabháil, ar ní ro fhéd ní dó. agus teid dia thigh do thionól
slóigh agus ordanais badh mó. Aseadh tainic de sin dósomh galar a écca dia
ghabháil co nerbhailt de. Ba ridire ar gart gaisccidh, ba rioghdha,
riaghalta briathra agus bretha an tí testa annsin .i. Geróitt iarla.


L. 1328


Slóiccheadh lá hiarla Cille Dara Geroítt Ócc mac Geroitt, isin
mBreifne, agus díth mór do dénumh dóibh innte don chur sin .i. O Raighilligh
Aodh mac Cathail do mharbhadh lais, Pilip a dherbhrathair, agus mac do
Philip, agus Geroitt mac Emainn mic Tomáis Uí Raighilligh. Achtmadh enní do
marbhadh cethre fir décc duaislibh agus dardmhaithibh Muintire
Raghailligh cenmo tá sochaidhe dia muintir. Ro gabhadh ann beós Mág Caba .i.
Maine mac Mathgamhna.



Caislén Chúla Rathain do ghabháil, agus do bhriseadh la hUa nDomhnaill
in éraic a shlána do briseadh do Dhomhnall Ua Chatháin.



Creacha móra do dhénamh la hUa nDomhnaill i nGailengaibh dar loiscc agus dár
aircc an tír go Cruachan Gaileng, agus marbhtar Ó Ruadhain lais agus
sochaidhe ele.



Coccadh deircce etir Ó nDomhnaill (Aodh mac Aodha Rúaidh), agus Ó Néll
(Art mac Cuinn), agus móran daoineadh dfhostadh doibh ar gach taoibh, agus
a mbeith a bfad hi ffoslongport i naghaidh aroile, agus a thecht do
ghrásaibh an Spirait Naeímh, agus do chomhairle a ndaghdhaoineadh sídh
chairdemhail do dhénamh doibh re roile, agus a ndol hi ccend aroile ar
droichet Arda Sratha, agus cairdes Crist do dhénamh doibh le chéle, agus
cartacha nuaa (amaille le daingniucchadh na senchartach) do thabhairt la hUa
Neill dUa Dhomhnaill ar Chenel Moáin, ar Inis Eoghain, agus ar Fheraibh
Manach, agus Ó Domhnaill do thabhairt a mheic mar aisccidh dUa Néll .i.
Niall Ócc baí affad rias an tan sin illáimh aicce i ngioll le tairiseacht.



Cobhlach long ffada, agus bád do tharraing la hUa Domhnaill for Loch Erne,
agus a beith ré fhoda na chomhnaidhe i nInis Cethlenn. Airccis agus loisccis
Oiléin Chúil na nOirer, agus do ghní sídh re Feraibh Manach iar ccor a
chumhacht forra.



Mac an iarla móir .i. Henry mac Geróitt do ghabháil las an iarla ócc .i.
Geroitt Ócc.



Indsaicchidh la hAodh mac Domhnaill Í Néll, agus lá Conn mac Neill ar Shean
mac Cuinn go Cluain Dabhail, agus Baile Sheain do losccadh leó. Creacha an
tíre


L. 1330


do chor rempa dóibh. O Neill, agus Mac Domhnaill do breith orra tóir trom,
na crecha do bhein díobh, agus briseadh orra. Cúiccer do Shliocht Airt Í
Néll do mharbhadh ann .i. Toirrdhealbhach, mac Neill mic Airt, Failghe mac
Nell, Ruaidhri mac Aodha mic Airt, Domhnall Ballach mac Airt an Chaisléin,
agus Aodh mac Emainn mic Airt Í Néill. Do marbhadh ó Aodh ann dá mhac Mhec A
Ghiorr .i. Art Ócc agus Brian. Ro marbhadh ann bheós Félim Ócc Ó
Meallain, agus Conn Ó Concobhair, agus ro benadh deich neich fichet do Chonn
don chur sin.



Piarus mac an abbaidh móir Még Uidhir, agus Giolla Patraicc mac Felim Mic
Maghnasa décc.



O Dálaigh Corcumruadh Tadhg mac Donnchaidh, mic Taidhcc, mic Cerbhaill,
oide lé dán, fer tighe aoidhedh coitchinn décc ina tigh fén hi fFínaigh
Bhera, agus a adhnacal i Mainistir Corcumruadh.




AOIS CRIOST, 1515. Aois Criost, mile, cúicc céd, a cúicc décc.



Menma Mac Carmaic epscop Ratha Both décc.



Eoghan mac Airt mic Eóin, mic Airt Mic Cathmaoil epscop Clochair décc.



Giolla Patraicc Ó hUltachain persún Achaidh Beithi décc.



Semus mac Tomáis Rúaidh mic an abbaidh Még Uidhir agus mac Rémainn mic an
perasúin Még Uidhir do mharbhadh las an ccomharba Mag Uidhir hi ffearonn
Claoín Innse.


L. 1332


Domhnall mac Aodha Rúaidh Í Dhomhnaill do mharbhadh le hAodh mBuidhe Ó
nDomhnaill sa Tuaith Bladhaigh, 25. Nouember.



An Giolla Dubh mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir décc.



Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir décc tré bhithin esccair fuair.



Tadhcc Ó hUiccinn, agus Uater Brethnach dias sacart do badhadh lá taobh
Leasagabhail.



Cathal mac Ferghail mic Domhnaill Bháin Uí Raghallaigh décc.



Cobhlach long ffada lá hUa Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh for Loch
Eirne, agus an loch go Port na Cruma dimtheacht agus do shiredh lais
daimhdheóin na tíre, marbhtha, agus loisccthe ile do dhénamh lá a shlóghaibh
for oílénaibh cloinne Emainn Mhég Uidhir.



Slóiccheadh lá hUa Néill (Art) i nOirghiallaibh, agus teccmhail do druing
don tsluagh fri Muintir Meg Mathghamhna, agus Art Balbh mac Még Mathghamhna
saoí chinnfhedhna do mharbhadh lás an sluagh, agus Ua Condalaigh .i. Emann.




AOIS CRIOST, 1516. Aois Criost, mile, cúicc céd, aSé décc.



Uilliam mac Donnchaidh Uí Ferghail epscop na hAngaile décc.



An toircinneach Ó Muirgheasa .i. Niall décc.



O Dochartaigh (Concobhar Carrach) décc.



Mac Még Uidhir Brian mac Concobhair mic Tomais Óicc do mharbhadh lé Brian
Ócc Mhág Mathagamhna, agus lé cloinn Donnchaidh Még Uidhir.



Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh .i. Colla do mharbhadh.



Coccadh mór déirghe etir Ó nDomhnaill agus Ó Néill, agus fosdadh mór
daoíne do dhénamh lá gach tighearna aca. Creacha móra do dhénamh lá Maghnus
Ó nDomhnaill ar Enrí mBalbh Ó Néill, agus urmhór an tíre uile ó shliabh
asteach do losccadh lais. Creacha aidhbhle ele do dhenamh lá Brian Ó Néill
hi cCenel Moéin.


L. 1334


O Domhnaill iaramh do dhol hi tTir Eócchain, agus Cenel Feradhaigh do
losccadh lais, agus an tír uile gus an abhainn dan hainm Úna, agus tig slán
dia tigh iaramh.



Caislén Sliccigh do gabháil lá hUa Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh iar
mbeith athaidh fada ina fhéccmais. As amhlaidh arrícht lais a ghabháil,
ridire francach do thocht dia oilithre co Purgattóir Patraicc for Loch
Gercc, Ro ghabh do saighidh Í Domhnaill acc dol agus acc teacht cco ffuair
onóir, agus airmhidin tiodhlaicthe, agus tabhartais, agus do rónsat aontaidh
agus caradradh ré aroile, agus Ro tingheall an Ridire sin long ar a mbiadh
gonnadha móra do chor do shaghidh Uí Domhnaill iar na chlos dó go raibhe an
caislén sin Sliccigh accá iomchosnamh fris. Ro comhaill éiccin an ridire an
ní sin uair do riacht an long co Cuan na cCeall mBecc. Ro seóladh siar i gach
ndíreach do saighidh Shliccigh, agus Ó Domhnaill cona shochraide for tír co
comhranccatar do muir, agus do tír imon mbaile. Ro briseadh an baile leó
ria siú fuairsiot hé, agus do bert Ó Domhnaill maithemh nanacail don bhárda.
Do thaod Ua Domhnaill as sin hi tTír nOilella, agus gabhais caislén Chúile
Maoíle, caislén Locha Derccáin, agus Dún na Móna an lá sin. Fágbhais barda i
ccuid dibh, agus tucc gialla agus braighde ón ccuid ele. Ro marbhadh dna Mac
Donnchaidh Bhaile an Mhóta, agus mac mic Donnchaidh acc teacht hi ccend
slóicch Uí Domhnaill le Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh í Bhaoighill. Ticc
Ua Domhnaill slán dia thicch iar mbuaidh ccosccair iarsin.



Caislén Mic Suibhne Fhánatt .i. Ráith Maoláin do thuitim.



O Domhnaill do dhol fo dhí for sluaigheadh hi tTír nEocchain, agus gan
tachur nó tegmháil ris innte, ná dioghbháil oirdearc do dhénamh air ná lais
acht an tír dimthecht agus a hurmhór do mhilleadh.



Coccadh etir Gearaltachaibh agus Semus mac Muiris .i. oidhre na hiarlachta,
do suidhe im Loch nGair. Rob iad airigh a shluaigh Mag Carthaigh
Cairpreach


L. 1336


.i. Domhnall mac Finghin, Corbmac Óg mac Corbmaic mic Taidhcc,
Corbmac mac Donnchaidh Óicc Még Carthaigh tighearna Ealla, an Ridire Fionn,
Ridire an Ghlenna, agus an Ridire Ciarraigheach, Mac Muiris, agus Ó
Conchobair, agus tuir iomfhulaing an tsluaigh Mag Carthaigh Mór .i. Corbmac
Ladhrach. Ticc Sean mac an iarla deccaoíne a imne lé Dál cCais ar ro baí
codach, agus clemhnas etorra, uair bá hí Mór inghen Donnchaidh mic Briain
Duibh ben an tSeain sin. Eirghis Ua Briain fri báidh agus connalbhus, agus
tionoilis Tuadhmhuimhnigh, agus ticc Piarus mac Semuis Buitilér, agus araile
da rann ina dhócom, agus tiaghaid do saighidh an tslóigh Gheraltaigh.
Od connairc mac an iarla maithe mórshluaigh Shíl mBriain dá ionnsaighidh así
comairle do rónsat gan teaccmháil ré roile, agus fáccbháil an bhaile gan
baoghlucchadh go ro sgarsat ré roile amhlaidh sin.



Mag Carthaigh Mór .i. Corbmac Ludhrach mac Taidhcc tighearna Desmumhan an tí
as ferr fuair tighearnas, agus as mó fuair do choccadh nó go raibhe na
thighearna gan fresabhra, an tí ba ferr do chenn deóraidh agus deibhlén ba
ferr recht agus riaghail do tighernadhaibh Leithe Moccha décc.



Caislén Baile Í Cherbhaill .i. Leim Í Bhánáin do ghabháil le hiarla Cille
Dara Geróid mac Geróid iar ffeimdhedh a ghabhála dia athair, agus as decmaic
ma ro baí isin aimsir sin caislén do badh cruaidhe cosnamh agus congmháil
inas go ro briseadh im chend a bhardadh hé.



Maidhm mór do thabhairt dEmann mac Tomais Buitilér ar Piarus Buitilér,
agus ar mac Mic Piarais, agus drong mhór dá muintir agus dá mbuandadhaibh do
bhuain díbh.



Mac Conmidhe Brian Ócc mac Briain Ruaidh décc.


L. 1338


Toirrdhealbhach mac Briain Uaine Í Gallchubhair comharba na Cairrcce décc.



Mac Briain Chaoích mic Taidhcc mic Eoghain Uí Choncobhair do mharbhadh hi
ffioll la mac Taidhg na Tuaighe mic Feilim mic Eocchain, agus do Sliocht An
Cherrbhaigh.




AOIS CRIOST, 1517. Aois Criost, mile, cúicc céd, a secht décc.



O Conchobhair Failghe Brian mac Taidhcc mic An Chalbhaicch décc, agus An
Calbhach mac Taidhcc doirdnedh na ionadh.



Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoighill fer achumachta roba ferr do
dhuine uasal, as mó do rinne do choccadh, agus do ghuaisbertaibh dá ttáinicc
dá chinidh fein, do dhol lucht báid co Toraigh, agus gaoth dia bfuadach isin
bfairrge siar, agus ní fo rith aon fhocal dia scélaibh ó shin.



Sean mac Cuinn mic Enrí mic Eocchain Í Neill, mac tighearna bá mó toice,
agus tromchonach i nUltaibh ina ré décc.



Pilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir saoí chinn fedhna décc.



Pilip mac Seain Bhuidhe Még Mhathgamna fer fá maith caithemh agus cosnamh
décc.



Art mac Aodha mic Domhnaill Uí Néill do mharbhadh lé Niall mac Cuinn, mic
Airt Uí Nell.



O Tuathail .i. Art do mharbhadh lá a bhraithribh.



An Giolla Dubh mac Donnchaidh mic Tomáis Még Uidhir décc.



Tomas mac Uillicc, mic Uillicc A Burc do thabhairt creiche a hUrmhumhain,
toraighecht trom do breith air hi Port Omna, muinter agus marcsluagh Thomais
do chor do dhruim na ccreach las an ttoraighecht, na creacha do bhuain díbh,
agus Tomás do mharbhadh, fer a aoisi fa ferr oirbhert tainic do Gallaibh
Ereann ina aimsir, ar is leis do haircceadh agus do fásaighedh mainigh
feacht riamh.



Caislén An Locha do ghabháil ar cloinn Corbmaic Ladhraigh, agus a ccor fein
ar


L. 1340


dibirt hi leith Meic Muiris. Creacha móra lá Mac Muiris dár léraircc Magh Ó
cCoinchind ó cnocaibh aniar.



Slóiccheadh las an iustis ar tarraincc cloinne inghine an iarla hi tTir
Eocchain, agus caislén Í Neill (.i. Art mac Cuinn) .i. Dun Genainn do
briseadh lais don cur sin.



Creacha móra lá hUa cCerbhaill (Maol Ruanaidh) i nDelbhna. Caislén Cinn
Coradh do ghabhail lais, agus a arccain. Coccadh mór tridsidhe
etir Ó cCerbhaill agus Dealbhna, O Maoíleachlainn, agus iattsomh do
tharruing an iarla dia ro brisedh Caislén an Fothair Delbna (.i. Gardha an
Caisléin).




AOIS CRIOST, 1518. Aois Criost, mile, cúicc ced, a hocht décc.



Mainistir na mBrathar i nArd Macha do gnouccadh do cum na mBrathar De
Obseruantia.



Aedh mac Rosa mic Tomais Óicc Még Uidhir cananach coradh hi cClochar, persun
in Achadh Urchoir, agus persún hi cClaoíninis for Loch Érne, fer fial
forbfaoíligh, agus saoí cleirich décc.



Mac Suibhne Fánatt .i. Ruaidhri mac Maol Muire, ail cothaighthe gacha
comhlainn acc cosnamh a tighearna, fer toirberta seód, agus maoíne da gach
aon nó riccedh a les do écc.



O hEodhosa Cioth Ruaidh mac Athairne saoí fhir dhána agus fer tighe
aoidheadh coitchind do écc.



Feilim mac Briain mic Conchobhair Óicc Még Uidhir décc iar ttilleadh dó ó
chathair San Sem tar eis a thurais bliadain na ngras, agus a adhlacadh i
Mainistir Mhuinecháin.



Clann Í Neill (.i. Conn agus Aodh) .i. clann Domnaill mic Enrí mic Eoghain,
agus an comharba Mág Uidhir do dhol ar creich ar Brian mac Cuinn mic Enri,
agus Brian do


L. 1342


breith forra ag Domhnach an Eich, agus madmucchadh forra goro gabadh Aodh
mac Domhnaill. Ro gonadh Mac Cathmhaoil Donnchadh mac Emainn, agus ro
marbhadh sochaidhe do Cenel Fearadhaigh, adbath Mac Cathmhaoil iaramh dia
ghonaibh.



Aodh Balbh mac Cuinn (.i. Ó Neill) Í Néill, do gabháil lá hÉnrí mBalbh Ua
Neill, agus cúicc heocha décc do bhein dfuasccladh ass.



Indsaicchidh la Pilip mac émainn Még Uidhir hí tTír Chennfhoda ar hEnri
mBalbh Ó Neill, agus oilén Clapaigh do ghabháil lais, agus braighde battar
acc Enri do breith lais uadha .i. Aedh Balbh mac Cuinn Í Neill, agus mac
Aodha Mic Cafraidh baoí ó Pilip fein oca, Ro marbhadh dna Cathal mac Duinn
mic Emainn Még Uidhir ó Pilip don chur sin.



An tAodh Balbh mac Cuinn sin (.i. Ó Neill) a dubramar décc i ndeireadh
foghmhair.



Mac Mic Magnasa Remann mac Cathail Óicc Mic Maghnasa fer dearcach
daonnachtach do écc.



Mac Murchadha, Art Buidhe mac Domhnaill Riabhaigh mic Gerailt Caomhánaigh
décc.



Murchadh Ó Maoíleachlainn (.i. Ó Maoíleachlainn) saoí Ereann ar crodhacht
agus ar cennas fedhna do mharbhadh hi Maigh Elle lá a dhearbrathair fein
Art, ar ro mharbhsomh a dhearbhrathair .i. Feilim rias an tan sin conadh
ina dhioghailsidhe ro marbhadhsomh lá hArt, agus Toirrdhealbhach do
gabhail a ionaidh.



AOIS CRIOST, 1519. Aois Criost, mile, cuícc céd, a naoi décc.



Semus mac Pilip mic Semais mic Rudhraighe Még Mhathgamhna epscop Doire
décc.



Emann (.i. Dubh) Ó Duibhidhir abb Eassa Ruaidh décc an céd lá do
Nouember,


L. 1344


agus adhnacal i nDún na nGall i naibit .S. Froinces iar ttreccean aibiti
manaigh fuirre.



Comarba Cluana Conmaicne cenn einigh agus aoidhedhcaire ceall Conmaicni décc.



O Neill Art Ócc mac Cuinn saoí chinnfedhna fear daonnachtach deghaithnech
do écc, agus a dearbhrathair Conn (Bacach) mac Cuinn doirdneadh na ionadh.



O Conchobhair Ruadh, Eoghan mac Féilim Fhinn décc.



Mac Uilliam Cloinne Riocaird .i. Riocard Ócc do écc.



Feidlim mac Magnusa mic Briain mic Domhnaill Uí Conchobhair tighearna
Iochtair Connacht décc fer dercach daonnachtach eisidhe.



Tadhcc Ruadh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tighearna an Chaladh décc.



Donnchadh Caomhanach fear rathmhar ro chonáigh do lán maithibh Laighen
décc.



Maoílin mac Torna Uí Mhaoilchonaire ollamh Shil Muireadhaigh fear lán do
rath agus déicsi fer do thoghattar Gearaltaigh, agus Goill tar ollamhnaibh
Ereann, fer do gheibheadh seóid, agus maoíne ó gach aon for a ccuinghedh do
écc hi Mainistir Deircc hi Tethbha.



Feircheirtne Ó Cuirnín fer gradha Eoghain Uí Ruairc cend eiccsi an fhine dia
mbaoí, agus Domhnall Ó Cuirnin décc.



Tadhcc mac Briain mic Tomaltaigh Í Birn tanaiste Ua mBriúin décc.



Indsaicchidh lá cloinn Í Néill (lá cloinn Domhnaill mic Enri) ar mac Í Neill
.i. Brian mac Cuind, Creacha móra do ghabhail dóibh ar Sliabh Thíos, Robhad
dfhaghail do Brian agus é do thionól a mbaí lais do dhaoínibh for a
ccionn, agus a lenmain a ttóraighecht agus briseadh dó ar cloinn Í Néill iar
nimtheacht a muintire uathaibh las na crechaibh. Da mac Í Neill (Aodh agus
Eocchan) do gabhail ann,


L. 1346


agus mac Eocchain beós do marbhadh agus Mac Cathmhaoíl Cú Uladh mac Emainn,
Tomas mac Emainn, agus Emand mac Giolla Pattraicc Mic Cathmhaoíl do mharbhadh.



Da mac Ruaidhri mic Briain Meg Uidhir (.i. Rosa, agus Tadhcc) do gabháil
las an ccomarba Mag Uidhir. Ruaidhri fein, agus an chuid ele dá chloinn do
chor as a nduthaigh dó, agus a ccaoraighecht do bhuain dibh, agus an
comharba do chor na caoraighechta fó bhuandadhaibh dó fein co ro furáil Ua
Domnaill ar an ccomarba a chaoraigheacht do tabhairt do Ruaidhri doridhisi.



Coccadh mór i nDealbhna etir Sliocht Ferghail Még Cochláin agus Sliocht
Domhnaill dia ro marbhadh Semus Mag Cochláin prióir Gailinne, agus
ríoghdhamhna Dealbhna Ethra durchor do pheilér as caislén Cluana Damhna.




AOIS CRIOST, 1520. Aois Criost, mile, cuícc céd, fiche.



Niclás mac Piarais Uí Flannaccáin persún Daimhinnsi do thoccbhail as a
ionadh co heccorach lé nert tuatadh, agus a écc i mBothaibh.



Mag Aonghusa Domhnall mac Aodha mic Airt décc, agus Feilim an Einigh a
dhearbhrathair doirdneadh na ionadh, a écc sin dna, agus Mag Aonghusa do
ghairm dEmann Buidhe Mág Aéngusa.



Muiris mac Tomais mic Tomais, iarla Desmumhan décc.



Mac Uilliam Cloinne Riocaird .i. Uillecc mac Uillicc décc.



Mac Uilliam Búrc .i. Maoilir mac Tepoit do mharbhadh lá cloinn tSeóinín Móir
meic Mic Seóinín.



Mac Még Uidir (.i. Pilip mac Emainn) do dhol ar ionnsoighidh ar mac Pilip


L. 1348


Uí Raghallaigh i nÍochtar Tire, creacha do glacadh dóibh, agus tóir
trom do breith orra im Sliocht Briain Uí Raighilligh agus im cloinn meic
Cathail Í Ragilligh (.i. Fergal, agus Maolmordha), agus im Chloinn
nDomhnaill na Coininnsi, brisedh dóibh ar mac Még Uidhir, agus ar mac Pilip
mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, agus mac Meg Uidir (Pilip), cona mac Tomas
do mharbhadh ann, agus dá mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh (Giolla Patraicc,
agus Emann) agus Toirrdhealbhach mac Flaithbeartaigh mic Tomais Óicc Még
Uidhir do mharbhadh and beós go sochaidhibh ele amaille friú.



Ruaidhri mac Aodha Még Uidhir do gabháil a bfioll lé Donn mBuide mac Meg
Uidhir .i. mac Concobhair mic Tomais Óicc, agus a thoirbert do Giolla
Patraic Ócc mic Giolla Patraicc mic Emainn Még Uidhir, agus a marbhadh
laissidhe.



Cairpre, mac Concobhair, mic Cairpre, mic Corbmaic Í Birn consal agus
ceinnlitir Maicne Muiredhaigh do écc.



Toirrdhealbhach mac Feilim Meg Cochláin tighearna Dealbhna Ethra saoí i
necna agus in eolas, fer ratha agus ro shaidhbhresa, fer las a ndernadh
caislén An Fhedáin, agus caislén Chinn Choradh do écc iar ndeighbethaidh.



Pláigh mór san Machaire Stefanach dia ro éccsattar sochaidhe do dhagh
daoinibh.



O Caiside Feilim mac Taidhcc ollamh legha Sleachta Pilip, agus Rudhraighe
mac Donnchaidh mic Aodha Még Uidhir décc.



Muiris mac Tomáis, mic an iarla rogha Gall nGeraltoch do mharbhadh la Conn
mac Maoíleachlainn Í Mhórdha co sochaidhe ele amaille fris.


L. 1350



AOIS CRIOST, 1521. Aois Criost, mile, cúicc céd, fiche, a haon.



Prióir Daimhinsi décc .i. Remann mac persuin Innsi Maighe Samh, fear
cléirchidhe coinnirchil dercach, daonnachtach eisidhe.



Mag Mathgamhna décc .i. Remann mac Glaisne, mic Remainn, mic Rudhraighe,
agus Mácc Mathghamhna do ghairm da mac .i. Glaisne Ócc.



O Catháin .i. Tomas mac Aibhne décc, agus ro gabhadh é rias an tan sa,
agus do benadh an tighearnas ar eiccin de lá Donnchadh Ua Catháin.



Donnchadh mac Ruaidhri mic Briain Még Uidhir do marbhadh la macaibh Meg
Samhradháin .i. Domhnall Ócc mac Domhnaill Bhernaigh, Uaithne mac Maghnusa
Még Samhradháin, agus ní bhaí dia chinidh fer a aoísi bá ferr iná an
Donnchadh ishin.



Grainne inghen Tomáis Í Eoghain mathair an chomharba Mhég Uidhir, ben bá mor
sonas agus saidbres, dearlaccadh agus deagheineach décc.



Rudhraighe mac Éiccneacháin Í Domhnaill do marbhadh la Gallaibh ag Dún
Dealgan, agus é hi ffarradh Í Neill .i. Chuinn mic Cuinn.



Toirrdhealbhach mac Donnchaidh Mic Suibhne do écc.



Tighearnus Dealbhna do roinn (lá hUa Maoileachlainn Toirrdhealbhach, agus lá
hUa cCearbhaill Maol Ruanaidh) etir An Fhior Dhorcha mhac Még Cochláin,
Fínghin Ruadh agus Corbmac.



Síle inghen Néill Ghairbh Uí Domhnaill décc an 14 August.


L. 1352



AOIS CRIOST, 1522. Aois Criost, mile, cuícc céd, fiche, adó.



Remann Ruadh Mág Uidhir, prióir Lesa Gabhail décc.



Coccadh anbháil ar neirghe etir Ua nDomnaill, agus Ó Neill, Mac Uilliam
Cloinne Riocaird, Goill agus Gaoidhil Connacht, Síol mBriain, Siól
cCenneittigh agus Síol cCerbhaill do denam comhaonta agus coimchengal lé hUa
Neill i naghaidh Í Domnaill docum an choccaidh sin, Atiat na maithi do
cengail ré roile ag techt ar an sluaigh aniar, Mac Uilliam Clainne Riocaird,
Uillec mac Uillic an Fhíona, agus drong do mhaithibh Síl mBriain, Donnchadh,
agus Tadhcc, clann Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Í Briain, agus an tepscop
ócc Ó Brian, Ó Cerbaill Maol Ruanaidh mac Seain, agus Síol cCeinneittigh,
agus ni hiatt amháin act na daoíne for a raibhe a chíoscháin do
Connachtaibh, agus do bhí umhal dó go sin, Ó Conchobhair Ruadh, Ó
Conchobhair Donn, Mac Uilliam Búrc, Mac Diarmata Maighe Luircc, agus gach a
mbaoí etorra sin hi cConnachtaibh. Bátar sidhe uile i nerlaimhe do thecht ar
Ua Domhnaill agus im fhéil Muire foghmair ro dhálsat fri hUa Néill hi
tTir Aodha.



O Neill tra ro tionoilsidhe Cenel nEocchain cétus, Clann Aenghusa,
Oirghialla, Raighilligh, Fir Mhanach, agus fecht adhbhal Albanach fa mac
Mic Domnaill, Alastrann. Tangatar ann bheós sloghbhuidhne iomdha do Gallaibh na
Midhe, agus do Gallocclaechaibh chuiccidh Laighean do Cloinn nDomhnaill,
agus do Cloinn tSithigh ar báidh inghine iarla Cille Dara roba mathair
dUa Neill.



O Domhnaill dna ro thionóilsidhe a sochraide mbicc ndeirbh dilis budein hi
cCenél Conaill .i. Ó Baighill, Ó Dochartaigh, na tri Mic Suibhne, agus
Muintir Gallchubair imo mhac Maghnus co mbattar for an beirn mbaoghail in ro
ba doígh leó Ó Neill dia nionnsoicchidh .i. Port no tTri Namat, o ro clos
la hUa Neill an ní


L. 1354


sin así conair do luidh tria Cenel nEocchain gan airiucchadh go riacht co
Termann Da Beócc assidhe go hAth Senaigh, baí mac Mic Suibhne Tire Bogaine,
Brian an Cobhlaigh (Ro fagaibh Ua Domnaill acc iomcoimhéd caisléin Beoil
Atha Senaigh) ag cosnam an bhaile fri hUa Néill amail as dech
forcaomhnaccair ara aoí tra ro gabhadh a baile fá deóidh lá hUa Néill, agus
ro marbhadh mac Mic Suibhne lais co ndruing móir dia muintir. Ro marbhadh
ann dna dias dollamhnaibh Í Domhnaill .i. Diarmait mac Taidhcc Caim Í
Chléirigh saoí shenchadha agus fhir dhána, fer tighe aoidhedh coitcinn do
threnaibh agus do thruaghaibh, agus mac Mic An Bhaird (.i. Aodh mac Aedha),
agus araill ele cenmotád (.i. an 11 Iún). Ro gabhadh agus ro loiscceadh Bun
Drobaoisi agus Bél Leice lá hUa Neill don cur sin. Ag sóadh do dreim dia
shluaghaibh ó Bhun Droaaoisi ro marbhadh Rudhraighe mac Gofradha Gallda Í
Domnaill, agus mac Mic Ceallaigh na Breifne lá taoibh Sgairbhe Innsi an
Fhraoích leo.



Iar ná cluinsin dUa Domhnaill na gniomha sin do denam lá hUa Neill ro
forchongair for Maghnus Ua nDomhnaill co ndruing dia sluaigh dol do
creachlosccadh Tíre hEoghain, agus do deachaidh fein tar Bernus gus an líon
tarustair ina fharradh i ndeadhaigh Í Neill dimdeaghail Tíre hAodha. Dála
Maghnusa ro creachloiscceadh lais ina mbaoí ina chomhfhochraibh do Cenél
Eocchain. Ro marbhait agus ro mudhaighit daoíne iomdha lais bheós, agus
soais go ccosccar.



O ro fidir Ó Neill (Maghnas do dhol hi tTir Eocchain) soais ina fhriting
tar Finn, agus ro mhill an tír roimhe go Cenn Maghair, agus do bert creach a
Cionn Maghair lais, agus luidh co ccosccar dia thír.


L. 1356


Ro gabhadh iaramh longport lá hUa Néill ag Cnoc Buidhbh ag Loch Monann (fris
a raitear a ccoitcinne Cnoc an Bogha) gus an socraide rémhraite cén mothá an
slógh aniar amhail remhebertmar.



Imthusa Í Dhomhnaill ro shai tar Bernus iar rochtain Maghnusa go nédálaibh iomdha
dia shaighidh ó na tarraidh Ua Neill ag Ath Senaigh agus o ná rucc fair iar
ndenamh creiche Chinne Maghair, ro leirtheglamadh lais an conranagair do
sochraide ger bó huathadh fri hiolar dósomh an tan sin go rangatar go
haon mhaighin co Druim Lighen. Ro sgrúdsat a ccomhairle dus cidh do déndaoís
im na deacraibh dicuimhgibh baí for cind dóibh uair ro fhedatar ná biadh a
nathmhaoín lá hUa Néll cona sluagh agus las an sluagh cConnachtach ro dáil
cuca dia ttír dia roiseadh leó rochtain a cceann aroile conadh í comairle
arricht leó indsaicchidh Í Neill ar asé bá neasa dóibh uair roba lainne leo
a mudhucchadh do mhaighin oldas a mbiothfognamh do neoch isin mbith. As fair
deisidh leó (o ro bháttar for líon sloigh ina nacchaidh) amus longphuirt do
thabhairt isin adhaidh for Ua Néill. Rainic rabhadh agus reimhfhios na
comhairle sin go hUa Neill go ro lá forairedha fri forchoimhéd gach conaire
inar dóigh leó Cenél cConaill do rochtain dia saicchidh, agus baí fein cona
shlógh hi ccathais iar na ccúlaibh ina longport.



Iar nindeall, agus iar norducchadh, iar ngresacht agus iar ngérlaoidhedh a
bhecc slóicch dUa Dhomhnaill, Ro forcongair forra a neachra dfágbháil,
ar ní baí menmarc aca a lathair iombuailte diomghabhail munbhadh rempa bá
raén. Ro asccnattar trá an tucht sin co ro dáilsiot hi ccend lochta in
fhorchoimetta gan airiucchadh dóibh, ar a aoí trá ro gabsat a lucht feithmhe
agá erfhuaccra dia muintir co


L. 1358


mbátar a mbiodhbadha dia soigidh. Do chótar trá Cenél cConaill as a nindeall
lá a dheine agus lá a dhioghaire ro chingset ar a uamhan leó na
forcoimédaighe do rochtain rempa do shaighidh Í Néill gur bhó a naoínfhecht
rangattar an longport. Ro láiset gáire móra ós áird acc rochtain hi ccenn
aroile dóibh. Nir bhó meirbh ro freaccradh an conghair sin lá hanradhaibh Í
Néill ar ro gabhsat co calma cosantach acc imdiden a fflatha agus a
bfoslongpuirt. Baoí an sluagh cechtardha acc comhmbualadh agus acc
comhmarbhadh aroile. Ro bhatar treóin accá ttraothadh, agus laoích aga ledradh
do cechtar an da leithe. Bátar fir aga ffodhbhadh, machtadh agus mídhiach
for mearghasraidh isin maighin sin. As suaill má ro fes lá cechtarna aca cidh
fris a fferadh a comhlann ar nír bhó forreil dóibh aighthe aroile lá doirche
na hoidhche agus ar a dhlúithe ro bháttar hi ttrecumasc aroile. Ro raoíneadh
tra fo dheóidh ar Ua Néill cona shlógh agus ro fáccbadh an foslongport ag Ua
Domhnaill. Bá hadhbhal tra an tár tuccadh ar Ua Neill isin lathair sin, ar ro
háirmhedh lá lucht na cceall in ro hadhnaicit dronga dhíbh, agus lás na
coibhnesaibh báttar hi ccomhfhochraibh dóibh tuilleadh ar naoí ccéd do
thuitim do sochraide Í Neill isin maidm sin, go ro leith ainm, agus airdercus
an madhma sin fo Erinn uile. Batar iad bá hoirdherca torchair isin maidhm sin,
Domhnall Ócc Mac Domhnaill go ndruing dírimh do gallócclachaibh Cloinne
Domhnaill, Toirrdhealbhach Mac Síthigh co sochaidhe móir dia mhuintir, Eóin
Biséd co nurmhór na nAlbanach táinicc lais, Aodh mac Eocchain mic Uilliam
Mécc Mathgamna co ndreim dia muintir, Ruaidhrí Mag Uidhir agus araill dia
mhuintir amaille fris. Torcrattar ann bheós ile do Laighneachaibh agus
dferaibh Midhe ar ní tháinicc cenn slóigh na sochaidhe ó bhecc co mór isin
tionól sin Í Néill nár bhó heccaoíntech iad diar faccaibhset dia muintir isin
maighin sin cona do na háraibh daoíne as mó tuccadh etir Conallchoibh agus
Eóganchaibh an maidhm sin Cnuic Buidhbh. Tarthadar trá Cenel cConaill eich,
airm, agus edeadh, lon bídh, agus biotáille, agus seóid somhaiseacha shainemhla


L. 1360


etir esccraibh agus bleidhedhaibh na slogh fors ro sraoineadh leó agus gé ro
bhattar muintir Í Domhnaill gan eocha acc dol isin ccathiorgail battar eich
iomdha leó ón fhiallach ro airlighset isin ármhach íshin. Do chodar araill do
shlógaibh Uí Dhomhnaill lá a nédalaibh dia tticchibh gan comairleccadh dó,
Ara aoi trá ro smacht som forra toidhecht ina dhocom fó chédoir, agus ro
ascna amhail as déine conrainicc (iar na ttoghairm co haon bhaile) tar
Bernas Mór siar tar Eirne, tar Drobhaoís, tar Duibh, tré Iochtar Cairpri
go ro gabh foslongport a cCethramhain na Madadh don taoíbh tuaidh do Beind
Ghulban, uar tangattar an sluacch Connachtach do ráidhsem go mbatar i
niomshuidhe im Shlicceach bail i mbáttar bárdadha Í Dhomhnaill ar ní bhaí
airisemh forra gan teacht co Tír Chonaill acht co ngabhdaoís an baile. An
tan at chualatar an dá Mac Uilliam, an dá Ua Conchobhair Mac Diarmata, Cland
Í Bhriain, Ó Cerbhaill agus Siól cCeinneittigh cona slócchaibh Ua Domhnaill
do ghabháil fhoslongpuirt i niomfhoccus dóibh, agus an maidhm sin do
shraoíneadh lais ar Ua Néill as í comhairle ro chinnset teachta do chor
uatha daslach síodha ar Ua nDomhnaill, agus do rairccset do feibh atberadh
Maghnus Ó Domhnaill agus Ó Cerbhaill etir Ua nDomhnaill agus Mac Uilliam im
gach caingin agus im gach ní baí etorra. Batar iad ro faidhedh fris na
tosccaibh sin, Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh Í Bhriain, co ndaghdhaoinibh ele
amaille fris. In airet tra batar na teachta acc aisneis a naithiscc dUa
Domhnaill asi comairle do rónsat maithe na slógh sin cona slóghaibh eludh gan
fhios ón iomshuidhe hi rabhatar, agus ro chinnset for an ccomairle hi sin gér
bhó hiongnadh agus gér bhó deacair ionnsamhail an tslóicch baoí annsin ar
líonmhaire a lérthionóil ar uaisle a naireach, agus ar aidhbhle a neccrait
fris an tí baoí for a cciont do shódh fón samhail sin co ro aithedh agus co ro
dioghladh cách díobh a ainninne for aroile. Ní ro hanadh agus ní ro
hairiseadh las na slócchaibh sin fri a ttechtaibh ná fri hiomluadh naithiscc
síodha no caoíncomraic co ruachtatar Coirrshliabh gur bó hann scarsat
tighearnadha agus taoisigh na slogh sin ré roile.


L. 1362


O Domhnaill imorro ní fhitir sidhe na slóicch do dhol uadha fón ionnus sin,
ar dia ffesadh nó bhiadh ina lurc amhail as déine conicfadh. Ro chuir tra
Maghnus Ó Domhnaill iodhlacadh las na teachtaibh .i. la Tadhcc mac
Toirrdhealbhaigh Í Briain conidh acc Corrsliabh rucc for a mhuintir. As
suaill má ro bá mó do clú nó do cosccar dUa Domhnaill ar fhud Ereann an
maidhm sin Chnuic Buidhbh in ro farccbadh ár daoíne, agus édála aidhbhle, iná
an bánmaidhm sin cen go ro fuiligheadh nó go ro fordhearccadh for neach
etorra.



Domhnall (.i. Domhnall Cleireach) mac Seain Uí Cathain Saor macaomh a chinidh
fein, agus fear einigh coitchinn do mharbhadh las an Rúta.



Domhnall mac Domhnaill Uí Ruairc saoí ar uaisle agus ar oirbhert do
mharbhadh lá cloinn Feidhlimidh Uí Ruairc.



Maighistir Feilim Ó Corcráin saoí dearsccaighthe i ndlicchedh cánonta
décc.




AOIS CRIOST, 1523. AoiS CRioSt, Mile, cúicc céd, fiche, atrí.



Sean Ó Maonaigh baí na persún i nGéisill, agus na chananach coradh hi
Cill Dara, an taon cleireach bá mó ainm agus oirdearcas do bhaoí i nUachtar
Laighean do écc.



O Catháin Donnchadh mac Seain ceand dámh agus deóradh bá ferr ina aimsir dia
chinidh fein do écc.



O Mórdha Cédac mac Laoighsicch décc.



Máire inghen I Mhaille ben Mic Suibhne Fánat an aoinbhen consapail bá ferr
ina haimsir décc.



O Maille Corbmac mac Eocchain féichemh coitchenn ar engnamh agus ar eineach
décc.



Mac Tighernain Ferghal mac Giolla Iosa Óicc, mic Giolla Iosa, mic Briain


L. 1364


tigearna Teallaigh Dúncadha fear dércach daonnachtach décc, agus a
dhearbhrathair do ghabhail a ionaidh.



Brian mac Taidhcc An Chomhaid, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an
Aonaigh dfagháil báis obainn hi cCluain Ramhfhoda fhó fhéil Pattraicc.



Mac Uí Bhriain Tuadhmumhan .i. Tadhcc mac Toirdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic
Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh do mharbhadh durchor do
pheiler i nAth an Chamais for Siúir lá Buitilerachaibh (.i. las an iustis
Piarus Ruadh Buitilér) fer a aosa rér mó eaccla a esccarat an Tadhg sin.



Mac Gille Eain Lochlainn do mharbhadh.



Mac Conmidhe Maoileachlainn décc.



Aodh Buidhe mac Cuinn mic Neill mic Airt Í Neill do mharbhadh lá Ruaidhri
Carrach mac Corbmaic mic Aodha.



Eogan mac Feilim mic Donnchaidh mic Tighernáin Óicc Í Ruairc do bathadh ar
Loch Glinde Éda.



Rosa mac Ruaidhri, mic Briain mic Feilim Még Uidhir dfaghail bháis i
mbraighdeanus acc an ccomharba Mag Uidir .i. Cú Chonnacht.



Aodh mac Airt Í Thuathail fer a aoisi bá mó clú einigh agus uaisle dá fhine
do mharbhadh lá Branachaibh.



Coccadh etir Ó Neill .i. Conn, agus Ó Domhnaill Aodh (Dub) mac Aodha Rúaidh.
O Domnaill do bheith hi ffoslongport ré hedh an earraigh i nGlionn Fhinne,
agus Maghnus Ó Domhnaill do dhol i nAlbain, agus a toidhecht slán iar
criochnucchadh a chuarta. O Domhnaill agus Maghnas do dhol hi tTír Eocchain,
agus an tír uile ó Bhealach Choille na cCuirritín go Dún nGenainn do
mhilleadh agus do losccadh leó. Baile Mic Domhnaill .i. Cnoc an Chluiche do
losccadh lá hUa nDomhnaill agus lubgort sainemhail


L. 1366


baí ann do gherradh agus do theasccadh las an sluagh, agus a mbeith adhaidh
longpuirt hi tTulaigh Ócc. An tír do mhilleadh, agus do mhór arccain ar gach
taobh díbh, báttar dna adhaidh fhoslongpuirt la taobh Cairn tSiaghail, Ro
marbhadh, agus Ro buailedh buar iomdha, agus airccthe aidhble, agus
tangattar slán iar nionnradh an tíre leó don chur sin.



Do dheachaidh trá Ua Domhnaill doridhisi hi tTir nEoghain. Ro hoircceadh
agus ro milledh an tír lais co ndearna Ua Neill sídh ris a ndeiredh na
bliadhna sa, agus ní dearna écht oirdeirc etorra amhlaidh sin.



Indsaicchidh lá hUa nDomhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh iar ndénamh síodha
lá hUa Néill iar tteacclamadh a sochraide hi ttír agus hi ccoiccrích lais,
dol dó co Bréifne Uí Ruairc. Creacha, agus édála an tíre do chur la fioru
Breifne i ndiamraibh agus i ndroibhelaibh an tíre dia niomchoimhéd agus dia
nimdhíden for Ua nDomhnaill. Bátar clann Uí Ruairc gus an líon sluagh
tarrustair ina bfarradh ag imdheghail an tíre, ar a aoí trá do imthigh Ua
Domhnaill an tír don turus sin. Ro loiscceadh lais a foirccnemha, agus a
harbhanna, co nár fháccaibh ní bá ionairmhe innte gan losccadh.



Sluaiccheadh adhbhal mhór la Gearóid iarla Chille Dara, agus la Gallaibh
Midhe, agus lá hUa Néill Conn mac Cuinn, mic Enri, mic Eoghain ar Ua
cConchobhair fFailghe, agus ar Chonall Ua Mhórdha agus ar Ghaoidhealaibh
Laighen archena. Na Gaoidhil sin danamhain uile ar rádh Í Néill, agus ar a
bhreithemhnas etorra, agus an tiarla, agus Ó Néill ar ndénamh síodha etorra
do tabairt giall, agus braghatt na nGaoidheal sin i in urlaimh an iarla a
ngioll lé gach accra dá raibhe aicce orra, agus a sccaradh ré roile fo
shídh amhlaidh sin.



Feradhach Buidhe Ó Madaccáin tánaisi Síl nAnamcadha do mharbhadh lá sluagh
Uí Cearbhaill .i. Maol Ruanaidh.


L. 1368



AOIS CRIOST, 1524. AOIS CRIOST, míle, cúicc céd, fiche, aceathair.



Dias mac Í Dhomhnaill, Niall Garbh, agus Eocchan clann Aodha Óicc mic Aodha
Rúaidh do cengal commbádha coccaidh ré roile, agus a mbeith lé hathaidh acc
buaidhreadh an tíre go ro cuireadh futhaibh féin dol i nacchaidh a cele. Ro
gabadh baile Néill Ghairbh .i. Crannócc Locha Bethaigh lá hEoghan, iar
mbeith don bhaile for a iocht agus for a ionchaibh féin. Fáccbhais Niall an
tír, agus tucc ionnsaicchidh fhada imchian doridhisi ar an mbaile co mbaoí a
cceilcc a ccomhfoccus dó. Ro fhidir Eoghan an ní sin, agus ro ionnsaigh go
hairm i mbaoí Niall, Ro gabhsat ag iommbualadh athaidh fhada re roile go ro
marbadh Eoghan ar an lathar sin. Ro tromloiteadh Niall co nerbhailt dia
ghonaibh iarsin. Ro ba mór an techt rias an tan sin an dias torchair ann sin.



Diarmaitt mac An Ghiolla Dhuibh Ui Bhriain, fer a thighearnais féin as ferr
nó riaradh lucht cuingeda neith fair, fer ro ba buaine eineach, agus
engnamh, fer ro saoíleadh danmhain le hinmhe agus lé hoireachus a
dhúithche do écc iar nongadh agus iar naithrighe.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill hi tTír nEocchain diar loiscceadh agus diar
haircceadh an tír lais, agus teacht slán iaramh.



Sloiccheadh las an iustis .i. Geróitt mac Geróitt iarla Chille Dara
dfhoiridhin a bhrathar Í Neill .i. Conn mac Cuinn hi medhón foghmhair do
shonnradh do thocht for Ua nDomhnaill daithe a áiniccne fair, agus ní ro
hairiseadh leó co riachtattar Port na tTri Namhat, ar ba hinnill, agus bá
daingen leó beith isin maigin sin ar uamhan Í Dhomhnaill, ar ro bháttar
domain díogha talmhan agus lethan clasa lándaingne ina nuirthimcheall ann
do ronadh lá Maghnus Ua nDomhnaill fecht riamh.


L. 1370


Do ronadh tionol trom slóigh lá hUa nDomhnaill do chosnamh a críche fris an
iustís, agus fri hUa Neill. Báttar iad tangattar hi sochraidhe Í Dhomhnaill
cenmotha a shochraide bunaidh budhdhéin, feacht adhbhal Albanach duaislibh
Cloinne Domhnaill na hAlban fá Mac Domhnaill fein Alasdrann mac Eóin
Cathanaigh, agus fá Aengus mac Eóin Cathanaigh, fa Mac Domhnaill Gallócclach
co sochaidhi do deaghdhaoinibh ele a hAlbain amaille friu. Ní ro hanadh
leó sidhe co rangattar co Druim Lighen, agus ro baí gealladh immbualaidh
etorra ar na mharach. Ro baí Maghnus Ó Domhnaill ag iarraidh an iustis agus
Ó Néill dionnsaicchidh in adhaidh sin agus ní ro fhaomh Ó Domhnaill sin lá
daingne an ionaidh ina rabhattar, agus ar uamhan an ordanáis bátar lá
muintir an iustís. Do chóidh tra Maghnus gan comharlécchadh dUa Dhomhnaill
hi mescc na nGallócclach dia chois do chaithemh agus do mhesccbhuaidhreadh
tsluaigh an iústís agus Í Neill agus ro gabhsat for a ndiúbhraccadh do
shaithibh saighitt conár leiccset tathamh nó tionnabradh dóibh go ro
marbhadh An Calbhach mac Uí Bhriain leo co sochaidhe ele amaille ris, agus
rob écht mór esidhe ina duthaigh fein. Así comairle ro chinn an iustís,
agus Ó Neill ar abarach coinne síodha do chor go hUa nDomhnaill, do ronadh
ón, ar ro naidhm an iustís sidh etir Ó nDomhnaill agus Ua Neill, agus é fein
hi slánaibh etorra. Do rónadh bheós cairdes Críost mar an ccédna etir an
iústis, agus Ó Domhnaill co ro scarsatt fó sidh, agus fó chaoincomrac tre
mhíorbhailibh Dé don dul sin. Acc tionntudh don iustis, agus dUa Neill
fuarattar Aodh, mac Néill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe, mic Briain Bhallaigh
sluacch mór acc milleadh Tíre hEocchain, agus an tan do chuala Aodh na
slóigh sin do beith chuicce, Ro chuir urmhór a slóigh féin roimhe lá
creachaibh agus lá hédalaibh an tíre. Ro airis fein co cian ina ndedhaidh in
uathadh slóigh co ruccsat tiucch an tslóigh ele fair. Ro ionnsaighsiot é
iar ná faghbail i nettarbaoghal co ro marbadh (6. October), agus co ro
mudhaighead leó he ar in lathair sin. Bá trogh tra agus bá doiligh an
tsaorclann shoichinélach doidheadh amhlaidh


L. 1372


sin ar ní bhaoí a shamhail do chenél Eoghain re cian daimsir ar uaisle, ar
erghna ar eineach ar cródhacht, ar chomhnart, ar chosnamh conadh
dforaithmhet a bháis ro ráidheadh:



A cethair fichet fír soin,
mile cúicc céd do bliadhnaibh,
ó ghein Dé co hAodh dhoidhidh
da mbe aon dá fhiarfoighidh.



Mac Uidhilín Corbmac, agus mac Seain Duibh Mic Domnaill do lot agus do
ghabhail a haithle an marbtha sin lá muintir Í Neill.



Gormlaidh inghen Uí Dhomhnaill (Aodh Ruadh) ben Aodha mic Neill mic Cuinn Í
Néill, ben ro ba mo derlaccadh agus deigheineach agus ro ba mo cumaoín ar
ordaibh agus eccalsaibh, ar eiccsibh agus ar ollamhnaibh (deithbhir ón ar
baoí deighfher a dhiongmala lé) décc iar mbreith buadha ó doman, agus
deman.



Coccadh mór etir Cathanchaibh dár marbhadh Cu Maighe mac Briain Fhinn Uí
Chatháin, agus Fer Dorcha mac Ruaidhri an Rúta, agus ro marbhadh for an
coccadh sin Aodh Carrach mac Ui Dhochartaigh lé Gofraidh mac Gofradha Uí
Cathain, agus drong dá muintir amaille ris iar ndol dóibh do chongnam lá
Sean mac Tomáis Í Chatháin. Cu Mhaighe Ballach mac Domhnaill Í Chatáin saoí
dhuine uasail ar a chumhactaibh do mharbhadh lá cuid don Rutta.



Mac Donnchaidh Tire hOilella décc .i. Ruaidri mac Tomaltaigh mic Briain,
agus imreasain do beith etir Cloinn nDonchaidh fa tighearnus na tíre, agus
Mac Donnchaidh do gairm do Corbmac mac Taidhcc mic Briain.



Mac Suibhne Tire Boghaine Niall Mór mac Eocchain consapal bá ferr lámh agus
laochdhacht, agus bá crúaidhe croidhe agus comhairle, bá ferr airisiomh,
agus ionnsaighidh, agus bá ferr enech agus engnamh, bá mó muirer agus
merghasradh, agus as lia las ro briseadh


L. 1374


do bernadhaibh baoghail dia chaomh chenel fein décc iar nongadh agus iar
naithrighe ina caislén fein hi Rathain .14. December.



O Conchobhair Ciarraighe (Concobhar mac Concobhair) do dhol ar creich i
nDuthaigh Ealla agus Corbmac Ócc mac Corbmaic mic Taidhcc do breith fair,
agus raoineadh lais for Ua cConcobair, agus Ó Conchobair féin do lot agus do
gabhail, Conchobhar mac Diarmada mic An Giolla Dhuibh Í Briain, agus
Diarmaid mac Corbmaic Uí Mháille do mharbhadh isin mbriseadh sin lá Corbmac
mac Taidhcc.



Mag Carthaigh Riabhach (Domhnall mac Fíngin, mic Diarmada) do dhol ar
siubhal creiche i nGlionn Fleisce, agus muintir na tíre ar mbreith fair ag
fágbhail an ghlenna, é fein do ghabháil agus drong dia mhuintir do
mharbhadh.



Magg Raghnaill (Cathal Ócc mac Cathail) do mharbhadh a ffioll ar faithche a
bhaile fein lé cloinn Í Mhaoil Mhiadhaigh.



Mor inghean Í Briain (.i. Toirrdhealbhach mac Taidhcc) bean Donnchaidh mic
Mathghamhna Í Briain, ben tighe aoidhedh coitchinn décc.



Aibhilín inghen Ridire an Ghleanna, ben Í Conchobhair Ciarraighe deighbhen
dércach daonnachtach décc.



Toirrdhealbhach mac Feilim Buidhe Uí Chonchobhair do mharbhadh lá
Toirrdhealbhach Ruadh mic Taidhcc Bhuidhe mic Cathail Ruaidh.



Ruaidri mac Briain mic Pilip Meg Uidhir saoí chinnfhedhna décc.



Mac Uí Raighilligh .i. Cathal mac Eocchain mic Cathail do ghabhail lá cloinn
tSeain mic Cathail Uí Raighilligh, agus milleadh na Bréifne uile do theacht
trit sin etir Ó Raighilligh agus clann tSeain Í Raighilligh, agus Ó Néill
(Conn mac Cuinn) do dhol sluagh fó dhí isin mBreifne do milleadh coda
cloinni tSeain don Breifne, agus clann tSeain do mhilleadh coda Uí
Raighilligh, agus an prioir ócc, mac Cathail, mic Feargail, mic Seain do
mharbhadh dorchor do philér fá chaislén Tolcha Moain, Roba saoí
chinnfhedhna eisidhe.


L. 1376


Mac Még Uidhir Concobhar mac Seain mic Pilip do mharbhadh la Sliocht Airt
Í Néill.



Ross mac Ruaidhri mic Tomais Óicc Meg Uidhir do bhathadh hi port Claoin
Innsi iar ttabairt creiche dó ó mhac Még Uidhir .i. Giolla Pattraicc mac
Concobhair.



Brian mac Giolla Patraicc mic Aodha Óicc Még Mathghamhna. Ardghal mac Aodha
Óicc, agus Eochaidh mac Aodha Óicc do theacht go baile Még Mathghamhna (.i.
Glaisne mac Remainn, mic Glaisne Meg Mathghamhna) dernaidhm agus do
dhaingniucchadh a siodha ris, agus iar ndénamh a ccuir agus a ccengail, agus
a siodha dóib ris fá mhionnaibh agus fá shlánaibh iomhdha, ro fháccaibhsiot
an baile gan eaccla gan imuamhan. Ro cuireadh Brian na Moicheirghe Mag
Mathghamhna agus lucht tighe Még Mathghamhna ina lenmain, agus ro marbhadh
Brian agus Ardgal leó tré thangnacht agus meabhail, agus bá hiat sein dias a
ccomhaosa bá ferr baí ina ccomhfochraibh.



Sean Buidhe mac Aindriasa Meg Craith fer suim sochonáigh go niomat
saidhbhresa esen, agus a écc.



O Breislein Eocchan Ócc, mac Eocchain, ollamh Mheg Uidhir lé breithemhnas
décc.



Mac Rithbertaigh (.i. Cu Connacht) ollamh Még Uidhir lé dán décc.



AOIS CRIOST, 1525. Aois Críost, mile, cuicc céd, fiche, acúicc.



Gníomh urgranna adhuathmar do dhénamh an bhliadhainsi .i. epscop
Leithghlinne ar na mharbhadh hi meabhail lá Mac an Abbadh Mic Murchadha,
agus hé ina chaoimhtheacht amaille lé gradh agus lé carthanacht, agus an
drong ar a rucc iarla Chille Dara do


L. 1378


lucht dénmha an mhíghníomha sin ro fhorchongair a mbreith gus an maighin in
ro mharbhsat an tepscop, agus hi bfendadh beó ar tús, a nabaighe agus a
nionathair do bhein asda, agus a losccadh ina bfiadhnaisi.



Toirrdhealbhach mac Mathghamhna, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha in
Aonaigh Í Bhriain epscop Cille Da Lua do écc.



An deganach mac Briain Ruaidh Mic Con Midhe fear tighe aoidhedh coitchinn
décc.



Comhchruinniucchadh fher nÉreann go haonbhaile i nAth Cliath las an iustis
iarla Cille Dara (Geróid Ócc mac Geróit) dú hi ttangattar iarladha agus
barúin, ridireadha, agus rodhaoíne, agus urmhór Gaoidheal agus Gall Ereann
archena. Do chuaidh tra Ó Neill Conn mac Cuinn, agus Ó Domhnaill, Aodh mac
Aodha Ruaidh do chengal a ccor agus dathdaingniuccadh a síodha hi
ffiadhnaisi an iustís, iar ttaccra agus iar naighnes gacha caingne ro bhaí
etorra riamh go sin dóibh fein agus dá ccairdibh Gall agus Gaoidheal ní ro
cuimhgedh a síodhucchadh lás an iustis na lás na maithibh ar chena go
ttangattar fo eissídh dia ttighibh go ro fhás an coccadh cédna etorra
doridhise. Do deachaidh tra Ua Domhnaill fo dhí hi tTír Eoghain an
bliadhainsi go ro loisceadh, agus go ro léirindradh gach aird in ro ghabh
don tír uile lais, agus ní fhuair tachar no teoccmháil ris acc dol nó acc
teacht aoinfhecht dibh sin. Do ronath sídh iaramh etorra a ttús an fhoghmhair
do shonnradh co ro thingheallsat airisemh ar gach taoíbh feibh atbéradh an
iustis agus Maghnus Ó Domhnaill.



O Cathain .i. Sean mac Tomais do mharbhadh lá dreim dia chinidh fein .i. mac
Ruaidri an Rúta Uí Catháin, agus mac Gofradha Ui Cathain, etc.



Catariona inghen Í Duibhgennáin décc, 9.Iun, agus a hadhnacal co honorach
hi Mainistir Dúin na nGall.



Rois inghen Meg Uidhir (Sean) décc.



Siubhán inghen Mécc Mathghamhna (Brian) décc.


L. 1380



AOIS CRIOST, 1526. Aoís Criost, míle, cúicc céd, fiche, aSé.



Glaisne mac Aodha Még Aongusa abb manach an Iubhair príoir Dúin agus
Sabhaill do mharbhadh lá cloinn Domhnaill Még Aongusa .i. lá Domhnall Ócc
cona bhraithribh.



O Raighilligh décc .i. Eóghan. Coccadh mór do fhás etir a chinedh imón
tighearnas iar na eccsomh co ro gaireadh Ua Raighilligh dFergal mac Seain
a comhairle an iustis agus mhóráin do mhaithibh Gall agus Gaoidhel gé ro
bhattar daoíne ba sine ina somh acc cur chuicce.



Mac Uí Ruairc .i. Tadhcc mac Eoccain do marbhadh i meabhail lá muintira
dearbhrathar fein.



O Neill .i. Cond, agus Maghnas Ó Domhnaill do dhol do lathair an iustis do
dhénamh síodha Conallach, agus Eoghanach, agus ar ttionól mhoráin do
mhaithibh Gall agus Gaoidhel dá soighidh dia siodhucchadh, ní ro fhédsat
naidhm sioda nó cairdesa etorra o ttangattar ar ccúlaibh fo eissídh don
chur sin.



Sluaiccheadh la hUa nDomhnaill (iar ttoidhecht Maghnusa ó Áth Cliath) agus
lá Maghnus feissin cona sochraide diblínibh hi tús an earraigh do shonnradh
hi tTír Eogain. Creacha iomda agus airccthe aidhble do dhénamh leó isin tír,
agus in init do dhénamh dhóibh fors na creachaibh sin hi cCoill na Lon hi
Siol mBaoighill, agus tangattar slán dia ttighibh iaromh co nedálaibh
iomhdaibh.



Easaénta mhór ar neirghe i nIochtar Connacht, ar ro cenglattar a nurmhór
uile ré roile i naghaidh Í Dhomhnaill. Bá hiad do róine an coimhchengal sin
Brian mac Feilim Uí Choncobhair, mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair (.i.
Tadhcc) fá Sliocht


L. 1382


Corbmaic Mic Donnchaidh .i. Eocchan, agus Muirchertach cona ccloinn, agus
cona lucht lenamhna, do rónsat an lucht sin creach a nIochtar Cairpri ar
Sliocht Fheilim mic Eocchain Uí Conchobhair, agus ruccsat na creacha leó hi
Maigh Luircc ar robdar síodhaigh riú ar dhol i nacchaid Uí Dhomhnaill.



Od chuala Ó Domhnaill na creacha sin do dhenamh, do rónadh tionól sluaigh
lais hi ccenn aroile .i. cuid do maithibh Conallach, agus Mag Uidhir, Cú
Connacht co neirghe amach Fher Manach amaille fris, do chuaidh fo chedóir
hi cCairpri. Ro brisedh Caislén na Grainsighe gan fhuireach lais .i. baile
Sleachta Briain Uí Conchobhair, do thaéd iaramh rias an sluagh sin hi Maigh
Luircc ro milleadh agus ro loiscceadh lais an tír, agus do chottar Sliocht
Briain Uí Conchobhair for a iomghabhail don chur sin, agus tainicsiomh dia
thigh. Od chualattar an tSíol cConcobhair sin Ó Domhnaill do dhol tar a ais
hi tTír Chonaill tangattar fein agus an Chlann Donnchaidh remhráite co líon
a ttionoil a ttimcheall Sliccigh. Ro ghabhsat ag gerradh gort agus arbhann,
agus ro bhattar acc cur do chum an bhaile do ghabháil nó gur marbhadh duine
maith dá muintir .i. Ruaidhri Ballach mac Í Airt, Roimthighset on mbaile an
lá sin, agus cruinnighit do ridhisi imon mbaile, agus iar ccluinsin na
sccél sin dUa Domhnaill tainic co nemhlescc nemhshadhal gan fhuireach gan
fhaillighe dfóiridhin tSliccigh, agus ní ro hanadh fris ar rochtain dó, ar
do chóidhsiot Síol cConcobhair agus Clann nDonnchaidh go Bél an Droichit. Ro
len Ó Domhnaill cona sluaigh iatt amail as déine conranccattar, agus ro
sraoíneadh fo chédóir for Shíol cConchobhair, agus for Cloinn nDonnchaidh,
agus ro marbhadh mac Mheic Donnchaidh .i. Maoíleachlainn mac Eoghain mic
Donnchaidh co sochaidhe ele amaille fris. Ro cuireadh Brian mac Feilim mic
Maghnusa Uí Conchobhair dia eoch, agus bá hé dlús agus daingne na coilleadh
tarla a ttimcheall Beóil an Droichit rucc as uaidhibh é, agus adberat aroile
nár bhó hóghslán ón maidhmsin alle co bfuair bás iar ttrioll. Ro fháccaibh
an sluacch Connachtach sin édala móra each, airm, agus


L. 1384


éideadh ag Cenel cConaill don cur sin, uair ó do rad Aodh Ruadh mac Neill
Ghairbh maidhm an Cheidigh Dhroighnigh for Connachtaibh hi ttorcratar ile
díbh ní thardsat Cenél cConaill for Chonnachtaibh én mhaidhm ro ba
cosccraidhe dóibh do chur, agus órbh aidhble a nédala inás an maidhm sin
Bheóil an Droichit.



O Néill do theacht do thoirmescc caisléin do thionnsccain Maghnas Ó
Domhnaill hi Port na tTri Namhat, agus Maghnus do thegmháil ria ttús an
tsluaigh, agus Enri mac Seain Í Neill do ghabháil lais, agus Ó Néill fein
dimtheacht a ccóir madhma.



O Catháin .i. Gofraidh mac Gofradha do mharbhadh ag Bealach an Chamáin lá
mac Í Néill .i. Niall Ócc, agus Niall fein do ghabháil fo chend trill iarsin
lá hUa Neill, agus a beith i mbraighdenas frí ré fhoda.



Mac Í Chathain (Gofraidh) adhbhar tighearna a thíre feisin do dhol ar
siubhal creiche i nGlionn Con Cadhan a mí Ianuarii do sonnradh, agus a
éccsomh fri hadhfhuaire na síne geimhreta conach frith aon focal dia scélaibh
no go ffríth a chorp a ndeiredh an chorghais ar cind, agus Enri mac Neill
mic Briain tigherna Baile na Braghat do mharbhadh don chur sin, agus
sochaidhi ele beós décc do fhuacht, agus do mharbhadh amaille friú.



Maidhm do thabhairt lá mac Mic Piarais ar chloinn Emainn mic Tomais Buitilér
dú in ro marbhadh Conchobhar Ócc mac Conchobhair Chaoich Uí Dhomhnaill baí
na chonsapal gallócclach, agus agá mbaí lámh mhaith co minic rias an tan sin,
agus an lá sin dáiridhe ar nír leicc méd a mhenman agus feabhas a láimhe dhó
anacal do ghabháil iar na thairccsin dó, agus torchratar sochaidhe mór do
daghdhaoínibh, do marcsluagh, agus do gallocclachaibh isin maidhm sin ina
fharradh.



O Dochartaigh Eachmarcach tighearna Innsi hEocchain décc, agus imresain mór


L. 1386


ar neirghe etir a chineadh féin fa tighearnas go ro goireadh tighearna do
Gearalt mac Domhnaill mic Feilim Í Dhochartaigh.



Sluaiccheadh lá hUa nDomhnaill hi tTír Amalgaidh ar tarraing Slechta
Riocaird A Búrc, Battar maithe Ceneóil cConaill ar an sluaiccheadh sin, agus
Mág Uidhir Cú Connacht co néirghe amach Fher Manach amaille fris, ní ro
hanadh agus ní ro hairisedh las na huaislibh sin co rangattar co Slicceach
cetús. Ro tairrngedh agus ro teglamadh arbhanna iomdha baoí acc Sliocht
Briain hÍ Chonchobhair hi cCúil Iorra go Slicceach las an sluagh sin Uí
Dhomhnaill agus an ní ná ro tharraingset de ro mhillset co léir hé. Teid Ó
Domhnaill cona shluagh hi tTír nAmhalgaidh, agus ro gabhadh caislén
Caorthannáin agus Cros Maoiliona lais, agus fuair braighde, agus édala
iomdha sna caislénaibh ísin. Ro leaccadh, agus ro láinbrisedh lais iatt
conar bhó hionaittreabha inntibh as a haithle. Do rónadh lais iar sin síth,
cadach, agus comhaontadh etir Shliocht Riocaird A Búrc agus Bairédaigh
comdar córaigh fria roile. Ag sóadh dUa Domhnaill ro ghabh foslongport im
Chul Maoile bai i néccraides agus in anumhla ris an tan sin. Ro milleadh agus
ro loiscceadh ina mbaoí darbhar ag Sliocht Corbmaic Mic Donnchaidh lais
conadh iar ná mhilleadh agus iar na mí imirt do ronsat a breth fein do shíth
ris Ua nDomhnaill, agus tuccsat braighde dó fri comhall gach neith ro
gheallsat fris. Do rónsat Sliocht Briain Í Chonchobhair an cédna uair tuccsat
a riar agus a breth fein do shíth dUa Dhomhnaill iar mbrisedh caisléin na
Gráinsighe, agus iar milleadh a mbairr, agus a narbha uile, agus do radsat a
ccaoraigheacht don tír iaramh, do thaod Ó Domhnaill cona shlócch slán iar
mbuaidh, agus ccosccar don chur sin, agus edh becc ria samhain do rónadh an
sluaiccheadh sin lá hUa nDomhnaill.



Breasal Ua Madagáin (.i. tighearna Síl nAnmchadha), fer caoín cródha, cennsa
ceartbrethach décc.


L. 1388



AOIS CRIOST, 1527. AoiS CRiost, mile, cúicc céd, fiche aseacht.



Labhras abb Lesa Gabhail décc.



Mag Uidir Concobhar décc, agus Mag Uidir do ghairm ina ionadh don
chomharba .i. do Choin Chonnacht, mac Con Chonnacht, mic Briain, lá hUa
nDomhnaill.



Toirrdhealbhach mac Eiccneacháin Í Domhnaill, agus Feilim mac Gofradha mic
Seain Luircc Í Domhnaill do écc.



Mac Donnchaidh Tire hOilella .i. Corbmac mac Taidhcc mic Briain décc, agus
imreasain do beith etir Cloinn nDonnchaidh fan tighearnas nó gur goireadh
Mac Donnchaid dEocchan mac Donnchaidh mic Murchaidh.



Brian mac Feilim mic Maghnusa Uí Concobhair, agus Domhnall mac Feilim mic
Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Choncobhair décc.



Flaithbhertach mac Rúaidhri mic Briain Még Uidhir do mharbhadh la Teallach
Eachdhach i. lá hUaithne mac Maghnusa Még Samhradhain.



Amhlaoibh Ócc Dubh Mag Amhalgaidh taoíseach Calraighe do thuitim lá Cloinn
Cholmáin, agus ro dhioghailsiomh é fein ria na mharbhadh uair do marbhadh
Fiacha Mhag Eochagáin lais ar an lathair sin.



O Cléirigh .i. An Giolla Riabhach mac Taidhcc Caim saoi lé healadhain hi
senchus, i ndán, agus hi leighionn fer suim, saidhbhir, sochonáigh, agus
cumhaing móir éisidhe, agus a écc i naibítt San Fronseis an. 8. la do
Mharta.



An doctuir Ua Duinnsleibhe Donnchadh mac Eocchain, doctúir hi leigheas agus
saoí ineadladhnaibh ele, fer conaigh mhóir, agus saidhbhresa, agus tighe
naoidhedh coitchinn décc .30. September.



Mac Maghnusa Még Uidhir .i. Tomás Ócc mac Cathail Óicc, mic Cathail Óicc
biatach an tSenaigh, officél Locha hÉirne, fer erccna eólach i nealadhnaibh,
fer ro bá lán do chlú agus doirdhearcas in gach ionadh baí ina
chómhfoccus, agus a écc.



Ruaidhri mac Murchaidh Mic Suibhne do mharbhadh lá a bhraithribh.


L. 1390


Uilliam mac Aindriasa Még Craith fear saidhbhreasa agus sochonáigh
décc.



Caitilín inghen Chuinn mic Domhnaill Í Neill ben craibhdheach dhegheinigh ro
bhaí ag deghfheraibh .i. ag Ua Raghallaigh ar tús, agus acc Ua Ruairc iarsin
décc iar nongadh agus iar naithrighe.



Sloiccheadh lá hUa nDomhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh do dhol hi
cConnachtaibh, Atiatt tangattar ina shochraitte, O Baoighill, O
Dochartaigh, na tri Meic Suibhne, Mag Uidhir, cCu Connacht co neirghe amach
Fher Manach, agus maithe Iochtair Chonnacht cona neirghe amach agus ní ro
hairiseadh leó co riachtattar Magh Luircc. Ro milleadh an tír co leir leó
etir arbhar agus foirccnemh. Asedh lotar iaramh co Caislén Mór Mic
Goisdealbhaigh dia ghabháil. Bá daingen díothoghlaighi eisidhé ar ro bhádar
an uile aidhme gabhála fri naimhdibh feibh is deach baoí in Erinn an tan sin
isin mbaile ísin etir bhiudh agus ordanás agus gach aidhme archena, ara aoi
tra ro ghabhsat na maithe sin acc iomshuidhe imon mbaile, agus ro
sreathnaighset a slógha ina uirthimcheall conár leiccset neach anonn nó
anall dia shaicchidh go ro gabhadh an caislén leó fo dheóidh.



Ro gabhadh leó don chur sin caislén An Mhendoda, caislén An Chalaidh, Baile
na hUamha, agus an Caislén Riabhach, agus ro brisit na caisléin sin uile leó
iar na ngabháil. Ro marbhadh beós Aodh Buidhe mac An Dubháltaigh Uí
Ghallcubhair ar an sluaiccheadh sin (ó Ua Domhnaill) inucht an Bhealaigh
Bhuidhe.



Caislén Leithbhir do chríochnucchadh lá Maghnus Ua nDomhnaill etir obair
cloiche, chroinn, agus cláraigh, agus Ua Neill a ccoccadh fair. As ann ro
tionnsccnadh an obair sin lá Maghnus an cédaoín iar fféil Brenainn isin
tsamhradh agus ro criochnuiccheadh a ccuid don tsamhradh cedna.


L. 1392



AOIS CRIOST, 1528. Aois Criost, mile, cúicc ced, fiche, a hocht.



O Ruairc Eócchan tighearna na Breifne ursa cothaighthe einigh, eangnamha,
agus uaisle Sleachta Aodha Finn décc in aibítt .S. Fronseis iar nongadh,
agus iar naithrighe.



O Briain .i. Toirrdhealbhach mac Taidhcc an taon mac Gaoidhil bá foide lé
huaisle, agus lé heineach do Leith Mogha, oidhre diongmhala Briain Boroimhe
ar chongmháil coccaidh ré Gallaibh décc iar nonccadh, agus iar naithrighe
agus a mac dóirdneadh ina ionadh .i. Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh.



Fionnghuala inghean Í Bhriain (.i. Conchobhair na Sróna mic Toirrdhealbhaigh
mic Briain Catha an Aonaigh) ben Uí Dhomhnaill Aodh Ruadh, an aoín bhen as mó
do chosain clú agus oirdhearcus dá mbaoí na comhaimsir a leith fria curp
agus fria hanmain iar ccaithemh a haoisi agus a hinmhe lé déirc, agus lé
daonnacht agus iar mbeith da bhliadhain ar fichit in aibítt San Fronséis
décc an céd lá don Corccas (.i. an .5. Februarii), agus a hadhnacal i
Mainistir Dúin na nGall do rónadh ina haimsir budhéin.



Conn mac Néill mic Airt Í Néill saoí chinnfhedhna esidhe do mharbhadh (.i.
an. 15. April) la mac Airt Óig I Neill (.i. Ó Neill), agus lá cuid do
Sliocht Aodha Meg Uidhir, agus dá mac Í Neill (.i. Art Occ) .i. Enri, agus
Corbmac baí i laimh ag Ua Neill (.i. Conn mac Cuinn) a ffad rias an tan sin
do thabhairt (dUa Néill) do cloinn Chuinn mic Néill, agus cland Chuinn do
chrochadh na deisi sin a ndioghail a nathar.



Mac Diarmada Maighe Luircc (Corbmac mac Ruaidhri) feicheamh coitchent ar
eineach agus ar fhéile, mir cruadha Connacht ar coccadh agus comhfhuachadh,
fer cosanta a chriche ar eachtaircenélaibh décc iar nongadh agus iar
naithricche agus a dearbhrathair Diarmait do ghabhail a ionait.



Macc Carthaigh Riabhach Domhnall décc.



Caislén Chúile Maoile do ghabháil ar Mac nDonnchaidh lá a dearbhrathair fein
lá Muircheartach mac Donnchaidh mic Murchaidh, agus Mac Donnchaidh féin agus


L. 1394


a mac Murchadh do ghabháil go haithghearr iar sin lá hUa nDúbhda,
agus las an Muircheartach ccédna, agus mac ele do Mac Donnchaidh .i.
Donnchadh do mharbhadh léo an tan sin.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill (co ndruing móir dAlbanchaibh amaille fris
im Alastrann mac Eóin Chathánaigh) hi Maigh Luircc, agus An Bealach Buidhe
do ghearradh leó. Braighde, agus cíos do fhaghbhail ó Mhac Diarmada, agus
toidhecht slán dia tír.



O Maoil Mhiadhaigh taoiseach Teallaigh Cearbhalláin .i. Cathal mac Domhnaill
mic Uaithne Buidhe décc.



Gaoth mhór ar neirghe an aoíne ria Nodlaicc go ro lá fiodh ár mór fó Erinn
go ro trascair chiodh araill do chumhdaighthibh cloch agus crann. Ro bris
bheos mur Mainistre Dúin na nGall. Ro fhuadaigh, ro bháidh, agus ro bhris
arthraighe iomdha.



AOIS CRIOST, 1529. Aois Criost, míle, cúicc céd, fiche anaoí.



Mac Suibhne Fánat Domhnall Ócc mac Domhnaill, mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh
tighearna Fánat fri haon bliadhain décc do faghail bháis iar ccor aibitte
uird Muire uime.



Emann mac Domhnaill Mic Suibhne, agus Emann Ruadh a mhac do thuitim in aon
ló lá Toirrdhealbhach mac Ruaidhri, mic Maol Muire Mic Suibhne.



Brian Ballach mac Néill mic Cuinn Í Neill do mharbhadh lá Corbmac Mac
Uidhelín (iar mbeith don Corbmac sin hi ffarradh Briain fein agus for a
mhuinterus) iar bfaccbháil Cairrge Feargusa dóibh.



Cathal mac Eocchain mic Aodha Meg Uidhir décc.



Brian Ruadh mac Seain Mhég Uidhir do mharbhadh daon urchor do shaighid acc
edarghaire etir mhuintir na Cúile, agus muintir an Machaire.


L. 1396


Mac Meic Dubghaill na hAlban do mharbhadh lá hAodh mBuidhe Ua
nDomhnaill daon bhuille do chloidhimh i ndorus Cúile Mic an Treóin.



Caislén Cúile Mic an Trein do ghabháil lá Maghnus Ua nDomhnaill, agus iar
sccrúdadh a chomhairle asedh do cinnedh lais an caislén do bhrisedh.



An Cosnamhach mac Ferghail mic Donnchaidh Duibh Mic Aedhaccáin saoí fá
hoirdearca hi ffeineachus, agus hi ffilidheacht, agus hi mbreithemhnus
tuaite baí hi ttíribh Gaoidheal décc, agus a adhnacal i nOilfinn.



Mac Aedhaccain (.i. Urmuman) .i. Domhnall mac Aedha mic Domhnaill cenn
eicces Leithe Mogha ar fheineachus agus fhilidheacht décc.



Eoghan mac Feilim Mic Maghnusa, agus a bhean Grainne inghen Chonchobhair Még
Uidhir décc.



AOIS CRIOST, 1530. Aoís Criost, mile, cúicc céd, triochat.



Epscop Oilfinn .i. an tepscop Gréccach décc.



Caibidil na mBrathar i nDún na nGall, agus bá he Ua Domhnaill (.i. Aodh Ócc)
do rad dóibh gach ní rangattar a leas, agus rób aidhilcc léo don chur sin an
ccein báttar hi ffarradh aroile.



Caitilin inghen Mic Suibhne ben Í Dhochartaigh, agus Róis inghen Í Catháin
ben Fheilim Í Dochartaigh décc.



Conchobhar Ócc O Baoícchill tanaisi Baoigheallach do mharbhadh lá cloind Uí
Bhuighill (.i. Niall mac Toirrdhealbhaigh) ar an Leacach an .6. Ianuarii.



Féilim mac Conchobhair Uí Bhuighill do mharbhadh lá cloinn Uí Bhaoighill.



Maol Muire Mac Suibhne consapal Tíre Baghaine décc.



Domhnall mac Briain mic Domhnaill Í Neill do dhol ar creich san Machaire


L. 1398


Steafánach, agus crech do glacadh lá a muintir. An tír do cruinniucchadh
agus a lenmhain go Sliabh Betha go rucsat fair, agus Domhnall do thionntúdh
fris an toraidh, agus raoínedh forra go ro ládh a nár lais, dú inar gabhadh
dá mac Eoghain Ruaidh Í Neill in ro marbhadh triúr do cloinn Ruaidhri na
Lergan dias mac Maghnais Még Mhathgamhna, agus mac Enri mic Briain, agus
Tomas na Cairrcce mac Émainn Még Uidhir.



Giolla Pattraicc mac Corbmaic mic Airt Chúile Még Uidhir décc, agus rob
eisidhe fer a inmhe bá ferr tegh naoidhedh ina aimsir hi fFeraibh Manach.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill hi ccúicceadh Connacht. Aseadh ro ghabh
céttus tria Choilltibh Conchobhair, estibh sidhe trias an Tanaisteacht hi
Maigh Luircc do Coradh Droma Rúiscc tar Sionainn. Ro loiscceadh, agus ro
láinmhilleadh Muintir Eolais lais. Ro marbhadh drong dia mhuintir im
chaislén Liath Droma im Mhaghnus mac An Fhir Dhorcha Mic Suibhne agus im mac
Mic Coilín Toirrdhealbhach Dubh. Do choidh iaramh assin tar Sionainn siar do
Machaire Chonnacht, do droichet Atha Mogha tar Suca. Ro croithedh, agus ro
creachloiscceadh Clann Connmhaigh lais, Ro loiscc bheos Glinnsce agus Cill
Cruain bailte Meic Dáuidh, agus fuair édala aidhble sna tíribh sin. Ro
loiscceadh beós lais iaramh Baile an Tobair, agus fuair a chios ó Ua
cConchobhair Ruadh .i. se pinginne san ccethramhain dá dúthaigh, agus ticc
tar a ais tres an mBealach mBuidhe gan díth do dhénamh dhó iar milledh Muighe
Luircc. Tanaic iarttain don Breifne agus ro loiscceadh lá sluagh Uí
Dhomhnaill an tegh


L. 1400


crannghaile as deach baí in Eirinn .i. tegh Mheic Consnamha ar Loch
Aillinne. Ro milleadh, agus ro dioláithriccheadh an Breifne uile ó shliabh
siar leó don turus sin.



Creach mhór do dhénamh lá hAodh mBuidhe Ua nDomhnaill i nGailengaibh.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill (hi mí September do shonnradh) ar Mac Uilliam
Búrc dia ro milleadh bladh mhór don tír. Ro hernaidhmeadh síth etorra
iarttain, ticc Ó Domhnaill slán dia thicch.



Iarla Cille Dara Geróid mac Geróid (baí ré chian hi láimh acc rí Saxan) do
theacht i nErinn, agus iustis Saxanach do thecht lais, agus a mbeith ar aon
acc milleadh mórain fa Gaoidhealaibh. Ro gabhadh leó dna Ó Raighilligh iar
tteacht ina ccenn ar a niocht fein.



Rudhraighe mac Eocchain mic Aodha Bailbh mic Seain Uí Dochartaigh, écht mór
ina thír fein do écc.



Inghen Uí Bhaoíghill .i. Róis inghen Toirrdhealbhaigh mic Néill Ruaidh ben
dércach deigheinigh, agus Síle Uí Fhallamhain ben Cairpre mic an phriora ben
daonnachtach deighdealbhdha do écc.



Aodh Ó Flannaccain mac persúin Innsi Maighe Samh saoí i neccna, i
nealadhain, fer suairc, séghainn, agus fer ro ba maith tegh naoidhedh
décc.



AOIS CRIOST, 1531. Aoís Criost, míle, cuicc céd, triocha, ahaon.



Tuathal mac Í Neill .i. mac Airt mic Cuinn do ghabháil lá hUa Néll .i. lé
Conn mac Cuinn.


L. 1402


Mag Carthaigh Riabhach Domhnall mac Finghin mic Diarmata tighearna
Ua cCairpre, fer ro ba maith smacht, agus riaghal, fer ro ba maith oineach
agus engnamh, fer tucc gairm einigh dferaibh Ereann doneoch baí ag
cuingidh neith dib, do écc.



Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain tánaisi Tuadhmumhan
fer denmha einigh, agus uaisle décc.



Mac Í Dochartaigh .i. Niall mac Conchobhair Charraigh décc.



Conn mac Seain Buidhe Még Mathghamhna do mharbhadh lá Mág Mathghamhna, agus
lá cloinn Bhriain Még Mathgamhna.



Eocchan mac Giolla Pattraicc Óicc Még Uidhir do mharbhadh lá a dearbrathair
(.i. Emann).



Conchobhar mac Cathail mic Duinn Még Uidhir do marbhadh lá hIochtar Tíre.



O Flannaccáin Tuaithe Rátha Maghnus mac Gillibert mic Corbmaic saoí lé
huaisle, agus congmhálaidh tighe aoidhedh décc (25. Februarii), agus Ó
Flannagáin do ghairm do Giolla Iosa mac Toirrdhealbhaigh.



Muirchertach mac Conchobhair Meg Cochláin prióir Gailinne, biocaire Léth
Mancháin do thuitim hi ffiull lá Toirrdhealbhach Ócc Ó Maoíleachlainn agus
lá Rudhraighe.



Diarmaitt mac Seain mic Aodha an tí do bferr uaisle agus daonnacht do
Shliocht Aodha mic Maol Ruanaidh décc.



Corbmac mac Cathail Óicc mic Cathail Mic Maghnusa fer tighe aoidhedh
oirdhearc décc.



Tuathal mac Í Dhomhnalláin Machaire Maonmaighe, agus Giolla Pattraicc mac
Adhaimh Mic An Baird décc.



Indsaicchidh lé mac Mhég Uidhir Corbmaic hi cCenel Feradhaigh, do rónadh
creach lais isin maighin sin ar mac Briain Í Neill, agus ro marbadh mac
Briain feisin acc tóraigheacht a creiche, agus ro rad mac Meg Uidhir an
ccreich lais.


L. 1404


Slóiccheadh las an iustis Saxanach, lé hiarla Cille Dara, agus lé maithibh
Gaoidhel Ereann hi tTír nEoccain ar tarraing Í Domhnaill agus Neill
Óicc Í Neill, agus Sleachta Aodha Í Neill, agus Tír Eoccain do losccadh leó
ó Dhún Gál co hAbhainn Mhóir. Caislén nua Puirt an Failleccáin do bhrisedh,
agus duthaigh Briain na Moicheirghe do chrechlosccadh las an sluacch íshin,
agus Muineacháin dfaccbháil folamh for a ccionn. O Domhnaill agus Niall do
dhol hi ccenn an tsluaicch Gallda sin co Cinnard, agus caislén Cinnaird do
bhrisedh leó. O Nell imorra baí sidhe sluagh díríme ré a nucht co nár
lamhsat dol thairis sin hi tTír nEoccain co ro impáisiot na slóigh sin dia
ttighibh leth ar leth gan síth gan osadh ag Ua Neill riú.



Ruaidhri Gallda mac Í Neill do ghabhail lá hUa Néill .i. lá Conn mac Cuinn.



Aodh Ócc mac Tomais mic Tomais mic An Ghiolla Dhuibh Még Uidhir décc iar
mbreith buadha ó domhan agus o dhemhan.



Semus Ó Flannaccain mac persúin Innsi, fer ro ba mór ainm agus oirdearcus
ina thír fein décc.



Baile Uí Donnghaile dionnsaighidh lá Niall Ócc mac Airt mic Cuinn Í Néll
an baile do bhrisedh lais, agus mac Í Néill (dalta Uí Dhonngaile) do
ghabhail agus a bhreith lais co neachaibh, agus co nedalaibh an bhaile araon
ris.



Caislen Bheóil Leice do ghabháil le hAodh mBuidhe Ua nDomhnaill, agus
buaidhreadh Tire Conaill do theacht de sin.



Mag Uidhir do dhol sluagh hi tTír Conaill ar tarraing Uí Domhnaill ar ro
bháttar clann Uí Dhomhnaill i frithbheart fria roile ar omhan nech uadhaibh do


L. 1406


rochtain ria na roile i ccennus iar nécc a nathar ar ro leth ainm agus
eirdearcas Maghnusa Uí Domhnaill fó Erinn uile, ní namá hi cCenel cConaill
acht is na tíribh a neachtair, agus ro baí acc forrán for a bhraithribh
sainnriudh. Bá himeccla lá hUa nDomhnaill gailfhine do dhénamh dhóibh for
aroile agus a dhol fein i neineirte ass a los conadh aire ro thogairm Ua
Domhnaill Mag Uidhir dia shaighidh dus an ccaomhsattís Maghnus do
chuibhdiughadh fri tairisi agus brathairsi fri a chomhfhuilidhibh. Do chóidh
iaramh Mag Uidhir agus Aodh Buidhe Ua Domhnaill cona sochraide go rangattar
co Finn go ro chrechsat ina mbaoí fó mhámus Mhaghnusa ó or co hor. Bá
hann baoí Maghnus an tan sin for faithche Caisléin na Finne go líon a thionóil,
do chuattar tra clann Maghnusa co ndruing dia muintir tar sccairbh beccoice
ar ionchaibh an bhaile i naires agus i ndóchum an tslóigh baí dia saighidh.
Sraoíntear forra lá Mag Uidhir agus lá hAodh mBuidhe go ro cuirit go
haimdheónach fó dhiden an caislein. Do bhert aon do Mhuintir Ghallchubhair do
mharcsluagh Maghnusa forgamh do ghae for Toirrdhealbhach mac Donnchaidh mic
Briain mic Pilip Meg Uidhir, agus do erná beóghonta as, agus bretha iaramh
dia thigh co nérbhailt ria ccionn teóra noidhche iar mbuaidh naithrighe.
Do taot cách uaidhibh dia longport iaramh.



AOIS CRIOST, 1532. Aois Criost, míle céd, triochat, a dó.



Tomas mac Piarais Ruaidh (.i. iarla Urmumhan) do mharbhadh i nOsraighibh
lé Diarmaitt Mac Giolla Pattraicc, adhbhar tighearna Osraighe an Diarmaid sin,
agus nír bhó cian iar sin go ro toirbhireadh Diarmaid lá a dearbrathair féin
(lá Mac Giolla Pattraicc) don iarla, agus ro cengladh Diarmaitt iaramh las an
iarla a ndíoghail a mhic, agus gach uilc ele da ndearnadh lé Diarmaitt fris
gó sin.


L. 1408


O Cerbhaill (Maol Ruanaidh) an taon fer bá ferr gart, gaisccead, agh
agus oirdearcas dia chinél feisin, an tí dár bó buidheach dámh, agus
deóraidh eccalsa agus éiccsi, agus as mo do thionoil, agus do thiodhlaic
tainic dia bhunaidh fhréimh, cuingidh congmhala cáich, sdiúir chert cobhsaidh
a chinedh, buachail tenn taisttil na ttreabh, mál meadhrach mórdhálach
Muman, leg lóghmhar, gem charrmhogail, inneóin fhorais, agus uaithne óir na
nEileach décc (.i. la fhele Matha Suiscel) ina longport fein, agus a mhac
Fer Gan Ainm dóirdnead ina ionadh. Maidhm an lá sin féin ré nécc Maol
Ruanaidh lá a chloind ar iarla Urmuman, agus ar cloinn tSeain Í Cerbhaill.
Ro benadh daoíne agus eich iomdha, agus ordanas dá ngoirthi fabhcúin díbh, conidh de
do len Bél Atha na fFabhcún don áth in ro sraoíneadh an maidhm ísin agus ba
hé sin cosccar déidhenach Maol Ruanaidh. Ro gaireadh Ó Cerbhaill (amhail a
dubhramar) dFhior Gan Ainm ar belaibh a shinnsior clann tSeain Uí
Cerbhaill. Tangattar uilc iomdha treimhit sin isin tír ar ro ghabsat clann
tSeain cetus caislén Biorra, agus ro mhillsiot an tír as. Ro thuit mac an
persúin Uí Chearbhaill lá mac Í Cearbhaill .i. lá Tadcc Caoch ar Faithche
Bhiorra. As a haithle sin ro tarraing Ó Cerbhaill (Fer Gan Ainm) a chliamhain
.i. iarla Cille Dara iustis na hEreann ar


L. 1410


cloinn tSeain gur gabhadh leó caislen Cille Iurin, caislén na hEccailsi,
agus caislén Baile an Dúnaidh. Ro shuidhsiod iaramh i ttimcheall Biorrae,
baí deabhaidh etorra agus bárda an caislein go ro bhen peilér ina thaobh don
iarla as an ccaislén amach. Ro dícleith innsin go ro gabhadh an caislén.
Luidh an tiarla tar a ais, agus baí an pelér inn, agus bá isin earrach ar
ccinn tainicc as an taobh araill de. Bá dforaithmet bais Maol Ruanaidh Uí
Cerbhaill do ráidhedh,



Míle bliadhain is cúicc céd,
fiche agus dá bliadhain décc,
ó ghein Criost do shlánaigh sinn,
go foghmhar bháis Uí Cherbhaill.



Eocchan mac Tighearnáin mic Eoccain Uí Ruairc saoí dhuine uasail do
mharbhadh lá hUa Maoíl Miadhaigh, agus lá a braithribh i Mainistir Droma Dá
Ethiar.



Toirrdhealbhach mac Meg Flannchaidh do mharbhadh lá a dhias dearbrathar fein
i ndorus baile Még Fhlannchaidh, agus Brian Ó Ruairc do milleadh móráin i
nDartraighe tres an marbhadh sin.



Máire inghen Mic Suibhne Fhánat bean Uí Bhaoighill décc co hoband iar
na heasccar dia heoch i ndorus a baile féin, 21 April.



Mac Uidhlín Ualtar mac Geróitt do mharbhadh i necclais Dhúine Bó, agus
Conchobhar mac Uí Catháin, fer toictheacht tromchonáigh do losccadh and
agus Mac Con Uladh .i. Semus mac Airt Mic Con Uladh do gabháil lá cloinn
Domhnaill Chlérigh Í Catháin.


L. 1412


Comharba Fhíodhnacha .i. Brian décc.



Corbmac Ua hUltachain airchinneach Achaidh Beithe décc.



Mac Samhradháin .i. mac Maghnusa mic Tomáis taoíseach Theallaigh Eachdhach
décc.



Sean mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh, mic Pilip Meg Uidhir do mharbhadh lá
Domhnall mac Mhég Uidhir .i. mac Con Chonnacht mic Briain mic Pilip
daon sathadh do scín.



O Maol Chonaire Tórna décc, agus Ó Maol Chonaire do ghairm ina ionadh do
Chonchobhar mac Domhnaill Ruaidh, agus a éccsidhe go haithgherr iar sin.



O Domhnaill, agus Mag Uidhir ar ndol hi ccenn an iustis Shaxanaigh .i.
Uilliam Sceimonton, agus rann agus cattach do chengal dóibh ré roile, an iustis do
theacht leó hi tTír Eoghain, agus Dún nGenainn do briseadh, agus an tír do
milleadh.



Iarla Cille Dara .i. Geroitt mac Geróitt do theacht i nErinn ina iustís on
rígh.



O Domhnaill do dhol hi Maigh Luircc cona shloghaibh, agus Mac Domhnaill
lais .i. Alasdrann mac Eóin Cathanaigh. Ro creachadh, agus ro losccadh Magh
Luircc lá hUa nDomhnaill do ratt Mac Diarmata a riar dhó fo dheóidh gur bó
síodhach fris.



Clann Uí Néill .i. clann Airt Óicc, Domhnall, agus Tuathal baí a bfatt a
mbraighdenas acc Ua Neill do crochadh lais.



Caislen Aird na Riagh do ghabháil lá cloinn Í Dhubhda ar mac Seain A Burc
agus coccadh deirghe etorra, agus Sliocht Riocaird A Burc. Creacha agus
marbhtha a iomdha do dhénamh dóibh for aroile.



Creacha aidhbhle agus airccthe ainiarmartacha do dhénamh lá Niall Ócc Ó
Neill ar Ruibilin Mac Domhnaill, agus a mbreith lais hi fFeraibh Manach.



Corbmac mac Meg Uidhir do ghabháil i ffiull lá cloinn Í Neill .i. lé Fer
Dorcha mac Cuinn mic Cuinn, agus la Feilim Doibhlénaigh mac Airt Óicc mic
Cuinn Í Neill, agus drong dá marcsluagh do mharbhadh amaille fris im Uilliam
mac Diarmata,


L. 1414


mic Corbmaic, mic Gafraidh agus imón nGiolla Bhallach mac Enri Bhuidhe mic
Gofraidh go sochaidhib ele, agus ro gabhadh cidh araill ann bheós. Cid iatt
clann Í Neill dna nír bhó hiomlán lottar for ccúlaibh ar do buaileadh agus
do loiteadh urmhór a muintire im Fheilim mac Í Néill.



AOIS CRIOST, 1533 . Aois Criost, míle, cúicc céd triocha atrí.



Mac Diarmatta Maighe Luircc Diarmaid mac Ruaidhri Mic Diarmata do mharbhadh
a ffiull lá cloinn Eoccain mic Taidhcc Mic Diarmatta, agus Eocchan mac
Taidhcc do gabháil tighearnais na deadhaidh.



O Maol Muaidh Domhnall Caoch mac An Chosnamhaigh tighearna Fear cCeall do
mharbhadh a ffiull lá a dearbrathair féin (.i. Cu Choicriche), agus lá mac a
dearbhrathar .i. Art ar faithche Lainne hEala, agus Ó Maol Muaidh do ghairm
dá dearbrathair .i. Cathaoir.



Feilim Bacach mac Neill mic Cuinn Í Neill décc.



Da mac Feilim mic Ruaidhri Bhacaigh Í Neill do mharbhadh la Maghnus Ua
nDomhnaill.



Emann mac Cuinn, mic Neill, mic Airt do mharbhadh lá cloinn Meg Uidhir.



Caislén Sliccigh do gabhail lá Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic Aodha Uí
Conchobhair ar ionnsaicchidh oidhche iar mbrath an bhaile, agus iar na chur
amach do bardaibh an caisléin fein.



Caislén Aird na Riagh do ghabháil mar an ccédna san oidhche lá cloinn Tomais
A Búrc ar chloinn Í Dúbhda.



Creach mhór do dhénamh lá hUa nDomhnaill ar Ua nEghra mBuidhe etir dá
abhainn tré na aimhreir do dhénamh dUa nEghra.



Niall mac Murchaidh Mic Suibhne do mharbhadh ar droichet Sliccigh. Bá
hesidhe ócc macaomh bá ferr, agus bá derscaighthe dia chinidh budhéin.



Muircheartach mac Feilim, mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Conchobhair do


L. 1416


chrochadh lá hUa nDomhnaill ar faithche chaisléin Eanaigh iar
fféimdeadh da cloinn, agus dá braithribh an baile do thabhairt as.



Iarla Chille Dara do theacht arís go hEle do chabhair Fhir Gan Ainm Í
Cearbhaill go Suidhe an Róin, agus a bheith a bforbhaisi imon ccaislén, agus
consapal maith dia mhuintir do mharbhadh, agus a iompudh iar ngabháil an
bhaile. O Cerbhaill do gairm dUaithne Charrach mac Seain in acchaidh Fhir
Gan Ainm, agus esaonta coccaidh déircce i nÉle trítsin.



Corbmac Mac Cochláin tighearna Cloinne Conchobhair decc.



Cathaoír Mac Cochláin airchinneach Chluana Mic Nóis décc.



AOIS CRIOST, 1534. Aoís Criost, mile, cuic ced, triocha, a ceathair.



O Conchobhair Ruadh Tadhcc Buidhe mac Cathail Ruaidh décc, agus Ó
Conchobhair do ghairm dá mhac .i. Toirrdhealbhach Ruadh.



Mac Diarmada Maighe Luircc (Eoccan) décc san cCarraicc iar mbeith
bliadhain a ttighearnas, agus Macch Luircc do bheith easaontadhach cogthach
re a linn, Mac Diarmatta do gairm dabb na Búille .i. Aodh mac Corbmaic Mic
Diarmatta. Clann Taidhcc Mic Diarmatta do ghabhail na Cairrcce fair, agus
nír bhó luccha a chách easaonta an tíre ré a linn.



Eocchan mac Aodha mic Néill mic Cuinn, an taoín fear ba fearr do Sliocht
Aodha Bhuidhe do mharbhadh lá hAlbanchoibh durchor do shaighitt for Loch
Cuan.



Toirrdhealbhach Dubh Ó Diomasaicch do mharbhadh a ffiull lá a brathair féin,
la Muircheartach Ócc Ó nDíomasaicch iar mbeith dhó ar slánadh Dé agus naoímh
Éimhin, agus Muircheartach Ócc budhdhéin do mharbhadh a ttraide iar sin lá
hUa Mórdha tre mhiorbhuilibh Dé, agus Éimhin.



O Gallchubhair .i. Emann mac Eóin mic Tuathail décc co hobann.



Corbmac mac Ferghail Mic an Baird, saoí lé dán aon bá ferr baoí ina aimsir
dia chinedh a leith fri deirc agus frí daonnacht décc iar nongadh, agus
iar naithricche.


L. 1418


Maol Muire Mac Eochadha adhbhar ollamhan Laighean lé dán, fer
erccna iolldánach bá maith tegh naoidhedh do mharbhadh go teccmaiseach lá
derbráthribh a mhathar lá cloinn Í Thuathail.



Maghnus Buidhe Ó Duibhghennáin do tachtadh dá mhnaoí fein san oidhche.



Eccnach, agus iomchosaoíd mór do dhol ó maithibh Gall agus ón comairle ar an
iustis (iarla Cille Dara Geroitt Ócc mac Geróitt, mic Tomais forlamhaidh
neirt agus cumhachta Ereann) gus an rígh an tochtmhadh Enri go Saxaibh, agus
an tiarla do dhol do shaighidh an rígh do ghabhail a leithscéil fris, agus
nír bo tarbha dó ar ro gabhadh é, agus ro cuireadh isin Tor, agus baoí ann
fri hedh mbliadhna, agus ro bás acc imirt dligidh fair. Ro fháccaibh an
tiarla Geróitt cloidhimh an righ aga mac Tomas ag dol dó go Saxaibh.
Atberat aroile gur bó he Uilliam Scceimonton baoí ina iustis in ionadh
Ghearóitt.



AOIS CRIOST, 1535. Aoís Criost, mile, cuicc ced, triocha, a cúicc.



Iarla Cille Dara (.i. iustis na hEreann) Geróitt Ócc mac Geróitt mic Tomais
dearscaightheach Gall agus Gaoidheal Ereann ina aimsir, uair ní namá leth a
ainm agus a erdearcus fo Erinn uile acht ro clos hi criochaibh
eitirchianaibh eachtair cheneóil a alladh, agus a ard nós, do écc ina
braighdenus hi Lonndain. Ro gabh iaramh mac an iarla .i. Tomas ag díoghail a
athar ar Ghallaibh, agus ar gach naén tucc fochann dia chor a hEirinn, agus
ro athchuir cloidhemh an rígh uadha, agus do ghní uilc iomdha fri Gallaibh,
agus fo gheibh airdespoc Atha Cliath aoidheadh lais, ar


L. 1420


baoisidhe i nacchaidh a athar agus ro marbhadh beos daoíne ele amaille fris.
Do gabhadh lais Baile Atha Cliath on nGeta Nua amach, agus do radadh geill
agus braighde dhó ar a ómhan ón ccuitt ele don bhaile. Ro léirairccedh, agus
ro láinmhilleadh Fine Ghall ó Shliabh Ruadh go Droichet Atha gur bhó fód
crithigh an Mhidhe uile la mac an iarla don cur sin. Iar ná fhios sin don rígh
do chuir fóiridhin go Gallaibh .i. Uilliam Scemonton ina iustis, agus Linard
Grai go ccobhlach mór amaille friu agus ro gabsatt sidhe acc milleadh a mbaoí
fó mhamus mic an iarla. Gabhthar leó iarttain baile Tomais .i. Magh Nuadhat
agus ro ionnarbsatt Tomas as an tír. Eirgitt beós coiccear dearbrathar a
athar i naghaidh Tomais do congnamh lá Gallaibh (Semus Merccech, Oiliuér,
Sean, Uater, agus Risderd) ar bá dóigh leó gomadh la haon aca an iarlacht
dia ccloíti inní Tomas. An tan na caomhnactar na Saxain rémhráite Tomas do
ergabhail iar mbuain a bailtedh agus a mhainer de, agus iar ná athcur i
nucht Gaoidhel Dheiscirt Ereann, agus go sonnradhach Síol mBriain, agus Ó
Conchobhair Failge, agus iatséin uile ina ccleith chobsaidh comhnairt ina
nacchaidh ag coccadh friú bá hé ní do sccrúdsat ina nairle brécc sídh do
tairccsin dó, agus cealcc do dhénamh chuicce go ro fhaoídhset Lord Linard hi
ccenn mic an iarla, agus ro thingheall sidhe pardún dó a hucht an rígh go ro
bhrécc lais go Saxaibh é. Gabthar mac an iarla fo chédoir, agus cuirther hi
ttor an righ é i mbraighdenus agus chimidheacht. Tanaic Lord Linard i nErinn
tar a ais doridhisi, agus ro écc an iustis baoí i nErinn .i. Uilliam
Scemonton, agus geibhidhsium ionadh an iustis cuicce


L. 1422


agus tucc dia shaicchidh clann iarla mhóir Cille Dara .i. clann Geróitt mic
Tomais, Semus Meirgech, Oileuér, Sean Uátér, agus Risdeard agus battar
ina caoimhtheacht, agus ina muintearas do gres. Ro gabhadh lais iatt fó dheóidh
iar mbeith dóibh for a ionchaibh, agus do chuir do shaighidh righ Saxan iad.
Ro cuiritt sidhe fó cédóir hi ttor an rígh airm i mbaoí oidhre na hiarlachta
.i. Tomas go mbattar ann ina seisear.



Eiccneachan mac Domhnaill Í Domhnaill do mharbhadh lá cloinn Uí Baoighill.



Inghen Í Neill Siubhan inghen Chuinn mic Enrí mic Eocchain ben Maghnusa Uí
Domhnaill décc (.i. an. 21. August) a lár medhón a haoís agus a hinmhe,
ben a haosa bá dersccaighthe crábhadh, agus eineach baí in aon aimsir ria ar
nír bó slán di acht .xlii. an tan ro fhaoídh a spirat, agus a hadhnacal go
honorach hi Mainistir .S. Froinseis hi nDún na nGall.



Mac Suibhne Tire Bóghaine Maol Muire Mór mac Neill Mic Suibhne do mharbhadh
hi ffioll lá a dearbhrathair fein .i. Niall ag dorus caislein Mic Suibhne
.i. Rathain a bfeil Pedair agus Póil.



Fer Dorcha Mag Cochláin tighearna Dealbhna Ethra décc, agus Felim mac
Máoilir Meg Cochláin do gabhail a ionaidh.



Fingin mac Connla Még Cochlain do mharbhadh lá Fer Gan Ainm mac Fir Dorcha.



Muircheartach Mac Donnchaidh, mic Murchaidh, agus a dhias mac Sean Glas agus
Feargal do mharbhadh hi Mhaigh Imleach lá hUa nEghra mBuidhe iar na
mbrath go meablach do neoch da muintir fein.



Maidhm mór do thabhairt lá Mac Amhlaoibh dú inar marbhadh tighearna
Claonghlaisi, agus Mac Giobúin, agus córucchadh mór do Cloinn tSithigh, ro
marbhadh ann fós a ffriothghuin Maol Muire mac Briain Mic Suibhne consapal
Mic Amhlaoibh a ttosach na hiomghona.


L. 1424



Maoíleachlainn mac Cairpre Í Bhirn do mharbhadh lá cloinn Cathail mic Meic
Diarmata.



AOIS CRIOST, 1536. Aois Criost, mile, cuicc céd, triocha, a Se.



Mainistir Droma Dhá Ethiar do losccadh go teccmhaiseach san oidhche iar
ccodladh do chách a ccoitchinne, agus Eremhon Ó Domnaill brathair minur do
losccadh innte, agus morán maithesa archena do mhilleadh innte.



Teadhmanna agus galra ile is in mbliadhain si .i. pláigh coitchenn, galar
breac, flux, agus fiabras dia ro éccsat sochaidhe.



Corbmac Ócc mac Corbmaic mic Taidhcc Még Carthaigh, aon rogha Gaoidheal
Leithe Mogha décc iar mbreith buadha ó dhomhan, agus o dheman agus a
adhnacal hi cCill Credhe.



Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Sean mac Riocaird mic Emainn décc agus
coccadh mór deirghe hi Cloinn Riocaird fan tighearnas dia ro gairmedh da
Mac Uilliam isin tír, Mac Uilliam do Risdeard Bacach mac Uillicc, agus Mac
Uilliam dUillecc mac Riocaird Óicc, agus Uillecc na cCend do bheith ag
congnamh lá Risdeard mBacach.



O Raghailligh Fergal mac Seain mic Cathail tighearna Ua mBriúin agus
Chonmaicne fer, fial, fosaidh, firinneach, dearlaictheach deigheinigh décc
iar ccomain agus sacarfaic.



Mag Flannchaidh taoíseach Dartraighe .i. Feradhach mac Uilliam décc, agus
bá fer dércach, daonnachtach eisidhe.



Tomas Ó hUiccinn oide fer nEreann, agus Alban lé dán décc.



Feilim mac Feilim Í Ruairc décc i ngeimhel ag Brian mac Eoccain mic
Tighearnain Í Ruairc.



Cathal mac Seoínín, mic Seain Uí Maoil Moicherghe fer biothcaithmhech
buan chonáigh do écc.


L. 1426


Maithe Iochtair Connacht .i. Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Aodha,
Tadhcc mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair, Clann nDonnchaidh, agus clann Í
Dhúbhda do dhol ar Sliocht Riocaird A Búrc ar tarraing an espaig Bairéd,
agus creacha an tíre do teichemh rempa go Termann Tighernain Oiridh agus an
tespog dá tabhairt as an Termann do shaighidh an tsloigh, agus gan na
creacha daiseacc i nonóir an naoímh.



O Conchobhair do ghairm do Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Aodha mic
Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Chonchobhair agus bá hesidhe céd duine dar
goireadh O Conchobhair i nIochtar Connacht do Sliocht Briain Luighnigh óir
bá Mac Domhnaill mic Muircheartaigh ainm an tí nó biodh hi ccennas nó a
ccumhachta an tsleachta sin có sin, agus bá ar daigh onóra agus do
dhearsccughadh dona tighernaibh tainic reimhe do róine siumh an caomhclúdh
anma sin. An tUa Concobhair nua sin, agus mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair do
dhol ar ionnsaighidh hi cCloinn Goisdealbhaigh, agus ní ruccsat ar chreich
agus ó ná fuairsiot edala ro gabsat foslongport a ttimcheall Cille Colmain
.i. baile Mic Rudhraighe Mic Goisdealbhaig, agus tainic féin hillaimh go
hUa cConcobhair ar a bhaile do léccan saor dhó, agus do bert lúireach
oirdearc do baí aicce .i. lúireach Mhic Feorais dUa Conchobhair agus ticc
Ua Conchobhair co Slicceach gus an mbraghaitt sin lais a ngioll lé a
lánfhuasccladh.



Ro éirigh an tan sin coccadh agus esaonta etir Ua nDomhnaill agus maithe
Iochtair Chonnacht uile cenmotha Brian mac Eoccain Uí Ruairc namá, ar ní
bhaoísidhe ag congnamh la cechtar na dibh sa nionam sin. Ro tionoileadh
desidhe slóiccheadh lá hUa nDomhnaill cona chloinn achtmadh Maghnus namá
uair ní thainiccsidhe hi sochraide a athar don cur sa ar dhaighin Í Néill.
Tainicc is in sochraide sin Í Dhomhnaill, Mag Uidhir Cú Chonnacht, mac Uí
Neill Niall Ócc mac Airt, mac Í Raigilligh .i. Aodh mac Maol Mhordha co
neirghe amach Uí Raighilligh. Tangattar


L. 1428


Siol Suibhne, agus Baoigheallaigh isin tionól sin Í Domhnaill feibh bá
grésach leó. Lodar na slóigh sin ó Ath Senaigh deodhlaoí co ro gabhsat
sosadh agus longport etir Duibh agus Drobhaoís. Iar ttóchaithemh a bproinne
agus a ttomhaltais dóibh ro chuirset lucht feithmhe agus fuirecrais do
choimhed na conaire baoí etorra agus Magh cCeitne ar bá homhan leó Siol
cConchobhair cona ttionól do thabhairt amais longpuirt forra dóigh ro
bhattar sidhe ina ccaoír bhodhbha ar ná léir tionól ar a ccionn hi Slicceach,
agus iad acc tomhaithemh tochair do thabhairt dUa Domhnaill cen co ro
soiseadh leó rochtain aroile. Bá he cetus luidh isin fforaire
diomchoimhétt don tslógh Ua Baoighill, Niall mac Toirrdhealbhaigh ar bá dóigh
lais go bfuigbedh a bhiodbhadha a ccionn chomhair chuicce dimirt a
barainne foraibh. Do chóidh dna Muintir Aodha Buidhe mic Í Domhnaill
dfhorchoimhéd hi cconair naile gan ráthucchadh dUa mBaoighill nach dia
muintir, do reccaimh etir na dibh buidnibh go ro gabhsat ac comhmbualadh
aroile, agus ní tarat drong dibh aithne for araill. Bá haindrenda ainiardha
do fighedh an imairecc sin lá hUa mBaoighill i naghaidh a bhiodhbhadh
(andarlais) go ro mudhaigheadh gan coiccill lais drong mhór don tslógh an
tan baí ag a fforrach an tucht sin do rónsatt buaile bhódhbha ina uirthimcheall go
bfuair a oidhedh fá dheóidh lá a fhíor cairdibh is in dara Calainn August ar
aí laithe sechtmhuine. Bá doiligh mór do bhochtaibh agus
dadhailccneachaibh, do chliaraibh agus ceithernaibh an tí torchair annsin .i.
an tí Niall mac Toirrdhealbhaigh. Gér bhó saoth lá hUa nDomhnaill an
móir echt sin, ní ro toirmiscc a eachtra, agus luidh reimhe go rainicc go Finn
Fhir. Do thaéd drong do marcsluagh Cathail Óicc .i. do Muintir Airt go
Bragaitt Chuillighe. Tiagait drem do marcsluagh Í Dhomhnaill ina naghaidh go
comhrainicc cách dibh fria roile i mBealach Duín Iarainn. Marbhthar marcach
maith do Muintir Airt isin tachar sin, agus dedhlait re roile don cur sin.
Airisidh Ua Domhnaill ina fhoslongphort fein in adhaidh sin, agus luidh
roimhe isin maidin ar


L. 1430


na mharach go Fersaitt Renna an Liaccáin do dhol tairis hi cCuil Irrae.
Baoí Ó Conchobhair hi Slicceach ag orducchadh a muintire do dhol i naires Í
Domhnaill gus an fFersaitt ccéttna acc toirmescc a dhola tairsibh, an ccein
bá lán an mhuir báttar na slóigh ag midheamhain agus acc mórdhécain aroile. Bá
sí comhairle ro cinn Ua Conchobhair uair nat baoí coimhlíon slóigh lá hUa
nDomhnaill gan tachar fris isin maighin sin ar ro ghabh grainn agus adhuath
eissiumh cona shlógh ria hUa nDomhnaill, ar ninneall agus ar norducchadh a
mhuintire, ar suidhiucchadh a ngonnadh agus a naidmedhaigh archena ar urna
Feirsde go ffaghbhadh go nemhfhúirithe hé hi maighin naile. Téid Ó Domnaill
tar an fFersait gan nach friothorgain iarna faccbháil gan cosnamh gan
cothucchadh ar a chionn. Ro chuirsiot iaramh drong do mhaithibh Iochtair
Chonnacht saighin iomruacctha for mhuintir Í Domhnaill. Ro freastladh agus
ro freagradh iatt las an sluagh naile go ro marbhadh echt mór do Cloinn
nDonnchaidh don cur sin .i. Maeleachlainn mac Taidhcc mic Ruaidhri durchor
peléir. Ro marbhadh dna marcach ele do muintir Í Domhnaill lá fuasma do gae
.i. Semus Ballach mac Néill mic Seain. Ro deilighsiot iarsin fria roile.
Do cóidh iaramh Ó Domhnaill i ndúthaigh Sleachta Briain Í Chonchobhair, agus
baí teora hoidhche ag milleadh, agus acc losccadh an tíre, agus Ó
Conchobhair ina comhfochraibh i mBél an Droichit hi ffoslongport. Así
conair do dheachaidh iarttain tar Traigh siar hi tTír Fiachrach Muaidhe. Ro
móirmhilleadh arbhanna agus bailte iomhdha las an sluagh óir baoí an tír ar a
cumas fein achtmadh cuid dá caislenaibh. Ruccsat na slóigh ar buar iomdha a
ttimchell Slebhe Gamh. Tiaghaitt tar Muaidh siar ar tarraing Slechta Ricaird
A Búrc hi lenmhain choda do chaoraigheacht chloinne Í Dhúbhda. Tarrus leó
don cur sin inghen Uátéir A Búrc ben Eoccain


L. 1432


I Dhubhdha cona creich. Ro baoí daidhble creach agus édala slóigh Í
Domhnaill go ttabharthaoí dá mhart ar an mbonn ina fhoslongport an tan sin.
Ticc Mac Diarmatta, agus clann Taidcc Mic Diarmatta, agus clann Mic Dauidh
do congnamh lá hIochtar Connacht i nacchaidh Uí Dhomhnaill. Triallaidh Ó
Domhnaill soadh tar a ais iar ndénamh a ttoscca hi tTír Fhiachrach dhon
dul sin. Ro ba cinnte agus rob urlamh las na maithibh sin Iochtair Chonnacht,
agus lá gach sochraide tangattar ina ttionol go ttiubradais tachar dUa
Domhnaill acc teacht tar a ais, agus ní thuccsat eiccin acht saighin
iomruagtha ag Fersait Renda an Liaccáin (as aire adbearar Rinn Liagain ris
an maighin sin uair Liagan laochmhileadh dFhomhoiribh do cear ann lá Lugh
Lamhfada ag tocht dó saighidh catha Muighe Tuireadh cona uadha
ainmnighthear) Bá for an iomruaccadh sin ag dol tar an fFersaitt do slógh Í
Dhomhnaill ro marbhadh marcach do Muintir Cathail Óig Í Conchobhair .i. Aodh
Ballach mac Briain mic Aodha, agus ro tromloiteadh mac Mic Diarmata .i. Aodh
mac Eocchain mic Taidhcc. Do dheachaidh Ua Domhnaill dia tigh gan cíos gan
cobhach gan umhla gan urraim dfaghail ó mhaithibh Iochtair Connacht don
dul sin amhail ro ba nemhghnáth lais.



Mac Donnchaidh do gairm do Donnchadh mac Taidhcc mic Ruaidhri mic
Conchobhair mic Taidhcc mic Tomaltaigh mic Muirghesa mic Donnchaidh, agus
gan Mac Donnchaidh fén décc .i. Eoghan mac Donnchaidh mic Murchaidh, ar a
aoí baoí sidhe i nerra aoisi iar na dhalladh. Ro eirigh coccadh etir cloinn
Eoghain agus Mac Donnchaidh imon tighearnas acht ní ro milleadh ní
suaithneadh etorra.



Slóiccheadh lá hUa cConcobhair Sliccigh, agus la Brian mac Uí Ruairc, agus
lá mac Cathail Óicc Uí Conchobhair ar tarraing Mic Diarmada, agus cloinne
Taidhcc Mic


L. 1434


Diarmatta ar Toirrdhealbhach Ruadh mac Taidhg Buidhe
mic Cathail Ruaidh Í Chonchobhair. Na Cluainte do mhilleadh leó etir chill
agus tuaith. Dol dóibh as sin is na Tuathaibh, agus Muintir Áinlighi do
thabhairt giall agus braghatt dóibh tar cenn a ttíre a ndol assidhe go
Maineachaibh, agus gach aon bá cara dUa Chonchobhair Ruadh dibh do
mhilleadh agus do mhórarccain leó acht an mhéid do ainic mac Uí Ruairc ar ní
do mhilleadh neith do chuaidh acht do siodhucchadh etir Mac Diarmada cona
bhraithribh, agus Ó Conchobhair Ruadh cona comhbáidh coccaidh da gach leth.
Gabhthar lás na slocchaibh í shin caislén An Turraicc agus brister leó he.
Ticc Donnchadh mac Émainn Uí Cheallaigh cuca i ngéillsine ar omhan a thire
do mhilleadh leó. Tiaghaitt an sluagh sin tar anais iar ccor a ccuarta amhail
bá lainn leó, agus tuccsat na braighde sin go Slicceach .i. mac Uí
Cheallaigh, agus mac Uí Ainlighi, tuccsat leó bheos comhla breac an
caislein sin ro gabadh leó dia cor fri doras caislén Sliccigh.



Slóiccheadh las an iustis Saxanach isin Mumain siar dia ro ghabh Carraic O
Cainnell agus dia ro bris droichet Mhurchaidh Í Briain agus adberatt aroile
go mbaoí cuid do Dhonnchadh mac Í Bhrian do tharraing an iustis don cur sin.



O Ruairc do ghairm do Brian mac Eoghain mic Tighernáin Uí Ruairc agus
caislén An Chairthe do leccadh lais.



Domhnall mac Donnchaidh Uí Cheallaigh cennfedhna tocchaidhe, agus tanaiste
Ua Maine ó Charaidh go Grein, agus Eiccneachán mac Maoileachlainn mic
Donnchaidh a dearbrathar do mharbhadh araon hi ffiull lá Maoileachlainn mac
Uilliam mic Maoíleachlainn Uí Cheallaigh ag Fedhaibh Atha Luain tria
fhorchongra cloinne derbhrathar Domhnaill budéin .i. clann Taidhcc mic
Donnchaidh Í Chellaigh.



Clann Mic Uilliam Cloinne Riocaird Sean Dubh, agus Rémann Ruadh dias mac


L. 1436


Ricaird mic Uillicc do mharbhadh lé cloinn Mic Uilliam oile .i. clann
Riocaird Óicc iar mbreith forra a ttoraigheacht agus iar ttecclamadh creach
an tíre dóibh.



Mac Goisdealbhaigh Sean mac An Ghiolla Dhuibh, fer derlaictheach,
deigheinigh deighcennais fedhna fri dénamh uaisle do mharbhadh tré
thangnacht lá druing dia chinedh fein.



O Conchobhair Failghe, Brian mac Cathaoír dionnarbadh as a dhúthaigh, agus
a chaisléin uile do bhrisedh iar marbhadh sochaidhe dia mhuintir agá
ngabhail las an iustis Saxanach .i. Lord Linard, agus tria format, agus tria
imdeall dearbhráthar Uí Concobhair fein .i. Cathal Ruadh do rónadh innsin.



Donnchadh Ua Cerbhaill daithríocchadh Fhir Gan Ainm, agus Uaithne
Charraigh a dherbrathair fein, agus tighernas do bhein díbh araon.



AOIS CRIOST, 1537. Aois Criost, mile, cúicc céd, triochat, a Seacht.



Coccadh etir Aodh mBuidhe Ó nDomhnaill agus Maghnus Ó Domhnaill. Clann Uí
Bhaoighill do beith ag congnamh lá hAodh, agus Aodh feissin do beith i
ccaislen Dhúin na nGall. Ro eirigh commbuaidhreadh mór hi cCenel cConaill
tre esaonta cloinne Í Domhnaill fria roile dia ro marbhadh drong do
shliocht an Espuicc Uí Ghallchubhair lá cloinn Uí Bhaoighill .i. mac
Toirrdhealbhaigh Óicc mic Briain, agus dias mac Eocchain Bhallaigh mic
Briain agus araill ele cenmothat.



O Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh mic Neill Ghairbh mic Toirrdealbhaigh an
Fhíona tigherna Tire Conaill Innsi hEocchain, Cenel Moain Fher Manach,
agus Iochtair Chonnacht, fer gus a ttangattar comhtha, agus cíoschana ó thiribh
oile chuicce fors mbaoí a smacht agus a chumhachta amhail atá Magh Luircc,
Machaire Connacht, Clann Chonnmaigh, Goisdealbhaigh, Gailengaigh, Tir
Amhalgaidh, agus Conmaicne Chúile don taobh


L. 1438


thiar, agus don taobh thoir bheós, Oirecht Í Catháin, An Rúta agus Clann
Aodha Buidhe, ar ní bhaoí aon tír díbhsidhe nách ttuccsat comhtha dó la taobh
a chiosa cosanta díoc go humhal fris. Bá hé an fer so tra ro thabhaigh
cartacha nuaa ar Inis Eocchain ar Cenel Moain, agus ar Feraibh Manach (ar an
ccethrar tighernadha bátar ré na linn i tTir Eoccain) do dhaingniucchadh ar
na senchartachaibh baí accá shinnsearaibh ar na tíribh sin ionnas co mbaoí a
ttighernas agus a neirge amach co socair siothchanta aicce. Nír bhó
machtnadh son óir ní facus a bhuaidh gá biodhbhaibh, agus ní thard troicch
teichidh ré nuathadh ná ré sochaidhe, fer coisccthi dóighniomh agus
drochbhés, fear mudhaighthi agus malarta meirleach agus mbithbenach, fer
dlúthaighthe rechta agus riaghla iar na théchta, fer aga rabhattar síona iar
na ccóir fria reimhes gur bhó toirtheach turchurthach muir agus tír ina
fhlaith, fer las ro cuiredh gach aon ina thír for a dhuthaigh ndilis budeisin
coná baoí aincridhe neich dibh fria roile, fer na ro leicc nert Gall ina
thir budhein uair ro chengail sídh agus caradradh lé righ Saxan,
od chonnairc ná tárdsat Gaoidhil cennas daon uaidhibh budein acht an taos
cairdesa, agus coimhfhialasa a ffríthbhert fria roile, fer congmhala a
neimhtenachais iar na chóir durdaibh agus deccalsaibh, dfiledhaibh,
agus dollamhnaibh. An tUa Domnaill rémraite (Aodh mac Aodha Ruaidh) décc
.5. Iulii dia dardaoín do shonradh i Mainistir Dúin na nGall iar ndol i
naibítt San Froinséis, iar ccaoí a chionadh agus a thurgabhal iar naithrighe
ina phecthoibh agus tairmteachtaibh, agus a adhnacal isin mainistir chédna
co nonóir agus co nairmidin móir amhail ro ba dír. Maghnus Ó Domhnaill
doirdneadh ina ionadh lá comharbaibh Choluim Chille do ched agus do comhairle
maithe Cenél cConaill etir thuaith agus ecclais.


L. 1440


Mag Uidhir Cú Chonnacht, mac Con Chonnacht mic Briain mic Pilip
tigherna Fher Manach, fer dércach daonnachtach bá mó clú láimhe, agus uaisle
agus einigh da ttainicc do Shliocht na cColladh lé ré cian daimsir, agus
do chuir ó Cluain Eoais co Caol Uiscce fó a smacht, fer coisccthi bithenach,
agus aosa uilc, fer accá mbaoí sonas agus saidhbhrios re a linn do marbhadh
(.8. October) ar Creachan (.i. Oilen na mBrathar) for Loch Eirne a ffiull
lá Sliocht Tomais Meg Uidhir, agus lá Sliocht Tomais Meg Uidhir, agus lá
Sliocht Toirrdhealbaicch (.i. Flaithbeartach mac Pilip mic Toirrdhealbaigh)
Meg Uidir. A adhnacal i nDaimhinis ar tús. Ro tóccbhadh a ccenn athaidh iar
sin las na braitribh minura, agus tuccsat leó hé co Mainistir Dhuin na nGall,
agus ro hadhnaicedh é as a haithle las na braithribh amhail ro ba dú.



Slóiccheadh lá hUa Neill (Conn) hi tTrian Conghail co ro mhill, agus co ro
creach morán don tír ara aoí ro gabhadh mac Í Neill ag Bél Feirste ar
deiriedh tsluaigh agus ticc Ó Neill dia thigh iaramh.



Niall Ócc mac Neill mic Cuinn Í Neill tighearna Trin Conghail décc go
hobann an tan sin. O Neill do shoadh do ridhisi hi tTrian Conghail, agus a
mac baí hi laimh dfaghbáil dó, agus easaonta agus imreasain do beith i tTrian
Conghail fán tighernus.



Niall mac Aodha mic Neill mic Cuinn mic Aodha Buidhe adhbhar tigherna Trin
Congail fer lér cosmhail lenmhain luircc a shinnsior ar uaisle ar eineach,
ar dhíol damh agus deoradh do mharbhadh lá hAlbanchoib.



Mac Uí Raighilligh (Brian mac Fergail écht adhbhal ina dhúthaigh feissin) do
mharbhadh lá muintir an iustis Saxanaigh ar tteacht doibh ar creich i
cCloinn Mathghamhna.



Mac Mheic Suibhne (Maol Muire) do mharbhadh lá cloinn Murchaidh Mic Suibhne.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill Maghnus i nIochtar Chonnacht hi mí September
dia ro milleadh arbhar iomdha lais, diar loiscc, agus diar imthicch Iochtar
Chonnacht uile .i. Cairpre, Tír Fhiachrach, an dá Luicchne, An Corann agus
Tir Oilella. Ro gabhadh


L. 1442


lá hUa nDomhnaill don chur sin baile Í Eghra Riabhaigh agus do rad eineach
agus maithemh nanacail dUa nEghra fein iar mbeith dho for a chumas, agus
do bert lais i ngiallnus é dia thigh.



O Gadhra Eoccan mac Diarmata, mic Eoccain tigearna Chúile Ó fFinn décc.



Tadhcc mac Aodha mic Aodha Mic Con Snamha taoíseach Muintire Cionaoith décc.



Mac I Raighilligh (Cathaoír Modartha mac Seain mic Cathail) do mharbhadh a
ttoraighecht la Saxanchoibh.



Mac Uí Dochartaigh .i. Niall Caoch mac Gerailt mic Domhnaill mic Feilim do
mharbhadh ar greis oidhche lá Rudhruighe mac Feilim Í Dhochartaigh i mBaile
na cCanánach hi tTermmann Doire.



O Flannaccain Thuaithe Ratha Giolla Iosa, agus a mac do mharbhadh lá a
chinedh fein agus uilc iomdha do dhenamh i fFeraibh Manach etir losccadh
agus chreachadh iar mbás Még Uidhir.



Creacha agus loisccthi do dhénamh las An cCalbhach Ó nDomhnaill hi cCloinn
Amhlaoibh, agus creach ele do dhénamh lais ar Ó cCatháin.



O Conchobhair Failghe do gabhail neirt a dhuithche doridhisi do nemhthoil an
iustis Shaxanaigh, agus a bhraithreach fein .i. clann Uí Chonchobhair agus
sochaidhe dá ndaoínibh do marbhadh lais.



Mac Uí Mhaoileachlainn, Semus mac Murchadha do mharbhadh la mac Í
Chonchobhair Fhailghe fer a chomhaosa bá mó clú, agus caithreim dia chinidh
fein eisidhe.



Toirrdhealbhach Cléreach .i. Ó Maoíleachlainn do mharbhadh hi cCalraighe lá
cloinn Fheilim .i. Cédach agus Conall, agus Art Ó Maoíleachlainn do
ghabhail ionaid Í Mhaoíleachlainn.



Tomas mac iarla Cille Dara mac as ferr tainicc ina aimsir do Ghallaibh


L. 1444


Ereann, agus cuiccer derbhrathar a athar amhail remhebertmar (.i. Semus
Meirccech, Oiliuer, Sean, Uatér, agus Risdeard) do chor chum báis hi
Saxaibh .3. Nonas Februarii, agus Geraltaigh Laighen uile dathchur agus
dionnarbadh. Iarlacht Cille Dara do thóccbháil do chum an righ agus gach duine
ar a ruccadh do clereach no do thuata dá muintir do chur cum báis agus
biothoidheda. Ba hadhbhal na héchta agus na hesbadha ar fhud Ereann iadsén
an tan sin.



Eithriticceacht, agus sechrán nua hi Saxaibh tria dhiumas, agus ionnoccbháil
tria accobhar, agus antoil, agus tré iomatt ealadhan néccsamhail co
ndeachattar fir Saxan i nacchaidh an Phapa agus na Rómha acht atá ní chena
ro adhrattar do bharamhlaibh examhlaibh, agus do shenreacht Maoísi ar
aithris an cinidh Iudaighe, agus ro ghairsiot airdchenn ecclaisi Dé ina
flaithes fein don righ. Do rónadh las an righ agus las an ccomhairle dlighthe
agus statuiti nuaidhe iar na ttoil fein. Ro scriosadh leó na huird diar bó
cedaighthech sealbh saoghalta do beith occa .i. manaigh, cananaigh,
cailleacha dubha, agus braithri croisi, agus na ceithre huird bhochta .i. an
tord minúr, presidiur, carmuliti, agus augustiniani. Ro toccbhadh a
tticchernus agus a mbetha so uile gus an rígh. Ro briseadh leó dna na
mainistrecha. Re reacsat a ccinn agus a cclucca cona baoí aon mhainistir ó
Arainn na Naomh co Muir nIocht gan briseadh, gan buanrebadh acht madh beccan
namá i nÉrinn ná tuccsat Goill


L. 1446


dia nuídh nach dia naire. Ro loiscset bheos, agus ro brissett iomáighe
oirdearca scrine agus taisi naemh Ereann agus Shaxan. Ro loisccsiot mar an
ccédna iar sin dealbh Muire oirdearc baoí in Ath Truim do ghniodh ferta agus
miorbhala do slanaigedh doill, buidhir agus bacaigh, agus aos gacha tedhma
archena, agus an Bhachall Íosa baoí


L. 1448


in Ath Cliath acc dénamh míorbhal bheos
ó aimsir Patraicc gus an ré sin, agus baoí illáimh Criost dia mbaoí etir
dhaoínibh. Do rónadh leó tra airdepscoip, agus suib epscoip aca fein, agus ger
mhor inghreim na nimpiredh Rómhanach i nacchaidh na heccailsi as suaill iná
tainic a chomhmór so on Róimh anoir riamh conách eittir a tuaruscbháil,
dfhaisneis nó dinnisin muna naisneidedh an tí do chonnairc í.



AOIS CRIOST, 1538. Aoís Criost, mile, cuicc ced, triocha, ahocht.



Aodh Buidhe Ua Domhnaill mac Aodha mic Aodha Ruaidh adhbhar tighearna Thire
Conaill, fer ro ba maith aithne agus eolus in gach ealadhain, bá ferr
dearlacadh agus deigheineach, bá ferr engnamh i ngurt gliadh, agus i mbeirn
bhaoghail, agus as mó ro saoíleadh do rochtain tighernais a thíre fein do
reir fhoistine agus airrdhen do écc hi cCill Ó tTomhrair iar ccomain, agus
shacramen .22. do Marti.



Niall mac Cuinn mic Airt Í Neill saoí tocchaidhe ar oirbeart agus ar uaisle
do mharbhadh ar greis oidhche lé mac Néill Í Néill hi cCaislén na
hÓghmhaighe iar mbrath an bhaile do dhreim da raibhe istigh isin ccaislén
agus Niall Ó Neill do bhrisedh an chaisléin iar sin, agus a beith a ndiaidh
an mharbhtha sin for a mac féin.



Mac Még Fhlannchaidh Cathaoir mac Feradhaigh mic Uilliam adhbhar taoísigh
Dartraighe décc inDún cCairpre.



Fer Gan Ainm mac Fir Dorcha Méc Cochláin tanaisi Dealbhna Ethra do mharbhadh
lá cloinn an priora Még Cochláin.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill Maghnus i nIochtar Connacht dia ro gabhadh
lais caislén Sliccigh go haithesach baí fó chongaibh maith bardadh agus
ordanais iar


L. 1450


mbeith do athaidh ina fhéccmhais aga chosnamh co comhnart fri a athair co na
caomhnacar a ghabhail gó sin, agus ar ngabhail an baile, agus iar ffáccbháil
a barda ann do thaod iaramh hi Maigh Luircc, agus ro milleadh an tír co léir
lais. Ag toidheacht tar a ais do ro tadhaill gus an ccaislén dian hainm Magh
Uí Ghadhra, agus ro gabadh lais é. Ro marbhadh mac Í Dhomhnaill, 11
December, (Niall Garbh mac Magnusa) go turbhadhach durchor do pheilér as
an ccaislén an tan battar ag ionttsaicchidh an bhaile. Do radadh maithemh
nanacail lá hUa nDomhnaill don tí do roine an gniomh íshin ro go chuir slán é
dia ionchaibh. Do taod Ó Domhnaill cona shlógh slán (cenmotá an móir écht sin)
iar milleadh Maighe Luircc agus Machaire Connacht, acht an mhéd ro ba
riarach dó.



AOIS CRIOST, 1539. Aois criost, mile, cúicc céd, triocha, anaoí.



O Briain Tuadhmumhan, Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc décc iar
mbeith athaidh i ttighernus, agus an tír do beith co toictheach tromconáigh
ré a linn. Murchadh mac Í Bhriain .i. mac Toirrdealbhaigh mic Taidhg
dóirdnedh na ionadh amhail do thuill a airilledh feissin.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill, Maghnus i nIochtar Connacht etir Nodlaicc
agus feil Bríghde dia ro ben a láin réir do chiós agus do braighdibh díobh,
agus tainic slán dia thigh.



O Néill .i. Conn do thocht go Dún na nGall im chaiscc do shaighidh Uí
Dhomhnaill, agus ro naidhmsiot síth, caradradh, agus codach amhail as deach
agus as daingne ro fhédsat fri aroile.



Mac Mhég Uidhir Corbmac, mac Con Chonnacht, mic Con Chonnacht, mic Briain,
mic Pilip tanaisi Fher Manach deighfher co nuaisle agus co neineach do
mharbhadh hi meabhail lá muintir a dhearbhraithreach ina ffiadhnaise
(fhiadhnaise) bádhéin.


L. 1452


Slóiccheadh lá hUa Néill Conn, agus lá hUa nDomhnaill, Maghnus
daon comhairle agus daon aonta gus an Midhe agus an rob aimhriarach dóibh
dona tíribh sin do mhilleadh agus do losccadh rempa go Temhraigh. Fó ríth
edala aidhbhle iomdha don turus sin ar ní ro thionoilsiot Gaoidhil do
shaighidh Gall is na haimsearaibh deidhenchoibh aon sloighedh as mó lér
milleadh do maithes na Midhe inás an creachshloigheadh íshin, dóigh rob
iomdha édala óir agus airccitt, umha, agus iarainn, ionnmus, agus
iolmhaoine, agus gacha maithesa archena tuccsat a Baile Atha Fhirdhiadh,
agus as a Nua Chongbháil iar na lomarccain leó don turus sin. Ag tionntudh
dona slógaibh sin ina ffrithing, Ro ghabh brigh, agus borrfadh, uaill, agus
diomus iad ar aidhble a nédala ona fuairsiot frithbert friú. An tan ro clos
las an iustis Saxanach Lord Linard na sccela sin, do rónadh lér tionól a raibhe
do Saxanchoibh i nErinn uile lais, agus sochraide bailtedh mór na Midhe etir
chill agus tuaith, agus a mbaoí do chobhlaighibh ar na cuantaibh ina
comhfhochraibh, agus co hairidhi cobhlach adhbhal baoí for cuan Cairlinne.
Iar ttocht na ttóichestal sin uile go haonbhaile gus an iustís ro len an
sluagh Gaoidhealach go hOirghiallaibh, hi fFernmhaigh airm attá Bél Atha
hOa, ní ruacht las an sluagh nGaoidhealach dol in inneall nó a norducchadh
amhail ro ba dír dóibh, agus ní mó ro urmaissiot comhairle a naireach do
ghabháil do cosnamh nó do chothucchadh cathlaithreach acht ro imthighsiot go
hesraíte anordaighthe go ro fhagaibhsiot mór dia nedalaibh fein agus
dedalaibh Gall isin maighinsin aga mbiodhbadhaibh iar sraoíned forra. Ro
marbhadh drong dia ndaosgarshluagh agus ní ro marbhadh a becc dia nuaislibh
cénmota Maol Muire Meirgech mac Eóin Ruaidh Mic Suibhne torchair ó Cenel
Conaill ar an láthair sin. Mag Aongusa Muircheartach do ghabhail lá dreim
dOirghiallaibh, iar ná fhaghbhail i nuathadh iar


L. 1454


ndedhail ré a mhuintir isin maidhm sin Beóil Atha hOa, agus a bheith lé
hathaidh illáimh go hinchleithe aca go ro mharbhsat i meabail é iar sin
tré aslach druinge dia chinedh fein, uair tucsat sidhe comhtha uatha (don
lucht aga mbaoí) ar a chor cum báis.



Niall Ócc O Baoighill do mharbhadh lá Concobhar mac Uí Bhaoighill.



Ó Maoíleachlainn Art, fer aghmhar ionnsaightheach, agus a mac Cathaoír O
Maoíleachlainn deccanach Cluana do mharbhadh i fFornocht la cloinn Fheilim
Uí Mhaoíleachlainn, agus Féilim do ghabhail tighernais.



Mag Cochláin Feilim mac Maoilir do mharbhadh i mBendchor lá cloinn Í
Madagáin .i. Maoíleachlainn God, etcetri, a ndiaidh aifrinn dia domhnaigh
an dara Nonas Iulii.



Tighearnas Dealbhna do roinn lá hUa Maoileachlainn Feilim etir Art mac
Corbmaic Még Cochláin, Domhnall mac Fir Dorcha, agus Maoílechlainn mac
Emainn.



AOIS CRIOST, 1540. Aois Criost, mile, cuicc ced, cetrachat.



Ruaidhri Ua Maoíleóin epscop Ard Achaidh, agus fer ionaid epscoip Cluana
Mhic Nóis fer rathmhar ro chonaigh eisidhe do écc.



Mainistir Cluana Ramhfhada do thabhairt dona Braithribh De Obseruantia ar
forcongra Uí Briain Mhurchaidh mic Toirrdhealbhaigh, agus maithe Tuadhmumhan
do chet agus daontaidh uachtarán da Ord .S. Froinseis.



Saxanaigh do bheith (in gach áit ar fud Ereann inar chuirset a ccumhachta)
ag ingreim agus ag ionnarbhadh na nord, agus go hairidhe Mainstir
Mhuineacháin do mhilleadh dhóibh, agus gairdian na mainistre go ndruing do
na braithribh do dhichendadh leó.



Dias mac Uí Bhaoighill Niall Ruadh, agus Conchobhar do beith i nimresain
agus i nesaonta


L. 1456


ré roile, agus Niall do dhol ar ionnsaicchidh ar Conchobhar co Luachras (ar
ba hann bai airisiomh agus comhnaidhe Conchobhair), agus a beith a cceilcc
in adhaidh sin i tTempall Sencháin, agus Concobhar do theacht ar na bharach
for an dromain lá taobh an tempaill. Niall co na mhuintir deirghe dó as an
tempall. Od chonnairc Conchobhar dia shaighidh iad luidh for a niomgabhail
ó ná baí sochaidhe ina fharradh cénmothá uathadh namá nár bhó hinfhedhma.
Asedh do dheachaidh a aenar tar Traigh Luachrais síos. Lenaidh Niall é feibh
as deine conránaic, agus rucc uidhe ria na muintir feissin acc tograim
Chonchobhair co ttarraidh é co mba comhrainicc dóibh re roile co beodha
barbardha gan foraithmhet cairdesa nó coimhfhialasa. Do rad Conchobhar beim
do Niall ina chendmhullach go ro trasccair go lár é ar an lathair sin. Luidh
Conchobhar osé crechtnaighthe as. Tangattar a mhuintir do shaighidh Néill,
agus atbert friú Conchobhar do lenmain, agus ná baoí fein i nguais écca don
chur sin. Do rónadh fairsiomh sin, agus ruccsat Muintir Néill ar Choncobhar
lá taobh locha baoí ina ccomhfhoccus, agus ní ro lamhsat iombualadh fris go ro
trasccairsiot é las na clochaibh baoí i nairer in locha conadh iar ná
trascairt ro imirset arm fair, agus ag soadh dóibh fo gheibitt Niall marbh
gan anmainn. Ni bhaoí dia ccinedh fein lé hathaidh dias a ccomhaosa ro badh
mó déchtaibh ináid an dias sin torchair ré aroile.



Clann Uilliam mac an easpuicc Uí Ghallchubhair .i. Uilliam Ócc agus Aodh
Gruamdha do marbhadh lá cloinn Uí Baoighill .i. lá Domnall agus lá
Toirrdhealbhach a ndíghail marbhtha a nathar.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill, Maghnus hi ccóicceadh Chonnacht, agus ní ro
airis go rainicc Magh Luircc, assidhe hi cCloinn Chonnmhaigh. Magh Luircc
agus Clann Chonnmaigh do léirmhilleadh agus do losccadh lais, do róine iaramh
crecha an Choirrshléibhe, agus tainicc slán iar sin iar mbuaidh, agus
cosccar.



Slóiccheadh ele la hUa nDomhnaill báttar iad tangadar ina sochraide, Niall
mac Airt Óicc tánaise Tíre hEocchain, agus mac Mic Domhnaill na hAlban Colla
mac Alasdrainn co nAlbanchoibh iomdha amaille friss, agus Ó Domhnaill agus
an slógh


L. 1458


sin do dhol cétus hi fFeraibh Manach, agus móran do mhilledh dóibh isin tír ar
tus go bfuairsiot iaramh cuir agus slána lé na riar. Do luidhsiot iaramh tre
Bréifne Ui Ruairc assidhe co Coirrshliabh agus foslongport do dhénamh dóibh
isin Coirrshliabh, agus an Bealach Buidhe do gherradh leó, agus gach conair
dodaing ele baoí for a ccionn do reidhiucchadh dhóibh. Tangattar Clann Mhaol
Ruanaidh uile chuca iar sin, agus tucsat braighde dUa Domhnaill lé na
breith fein ó sin amach, agus tainic slán iaramh dia thicch.



Cland Í Domnaill (.i. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) Donnchadh Cairbreach, agus
Sean Luircc do dhol i naghaidh Í Dhomhnaill (Maghnus a nderbrathair feisin),
agus a ndol for crannóicc Locha Bethaigh, agus iad do beith acc milledh an
tíre eiste. O Domhnaill dá ngabháil ina ndís, agus do gabháil éiccneacháin
Uí Domhnaill i mBaile na Congbála. Sean Luircc do crochadh lais,
Eiccneachan agus Donnchadh do chor i ngeimhlibh, agus crannócc Locha
Bethaigh do bhrisedh agus do dhiansgaoíleadh dhó.



O Dochartaigh .i. Geralt mac Domhnaill mic Feilim fear co nuaisle agus co
neineach décc iar ccianaoís iar mbreith buadha ó dhomhan, agus ó dhemhan.



O Baoighill do gairm do Domhnall mac Néill Í Bhaoighill.



Sean mac Cuinn Í Domhnaill do mharbhadh la cloinn Murchaidh Mic Suibne na
tTuath.



Caislén Liathdroma do dhénamh lá hUa Ruairc Brian mac Eocchain, agus coccadh
mór do beith fair ar gach taobh .i. hi Maigh Luircc, i Muintir Eolais, agus
i mBreifne Uí Raighilligh, agus a mac fen agus drong dferaibh Breifne do
beith a ccoccadh ris mar an ccédna, agus do rónadh an caislén laissiomh lé
haimsir aithghirr, agus do mhill mórán hi Maigh Luircc fana lucht coccaidh.



Gairm einigh do thabhairt lá Ruaidhri mac Taidhcc Mic Diarmada, agus lá a
mhnaoí inghen Mheic Uilliam Cloinne Riocaird. Scola Ereann, agus lucht
cuingedha neith do theacht chuca gus an cCarraicc, agus a riarucchadh uile
las an lánamhain sin.



Tadhcc mac Briain mic Maghnusa Mheic Diarmada Ruaidh do bhathadh for an
mBanna, agus é for sluacch hi ffarradh Uí Ruairc.


L. 1460


Semus Ócc mac an príora Még Cochláin do dhíchenadh lá Cédach Ua
Maoíleachlainn hi ffiull ina caislén fein .i. caislén an Fhedáin, agus díth
mór do dhénamh don tír tríd sidhe. Feilim Ó Maoíleachlainn do thabhairt
Saxanach agus an treisineir leis go Delbhna, agus ar a aoí ní ro gabhsat an
Fedán, agus ro impaidhsiot dia ttighibh iar milledh móráin dóibh.



Domhnall mac An Fhir Dhorcha Még Cochláin ceand a ghabhláin fein décc ria
marbhadh Semais Óicc mic an phrióra.



AOIS CRIOST, 1541. Aois Criost, mile, cúic céd, cethracha, ahaon.



Doinenn dermhair, sioc, agus snechta a ttús na bliadhna so co ná ro léicc ar
ná treabhadh iar ccoir do dhénamh i nErinn.



O Cerbhaill Fer Gan Ainm mac Maol Ruanaidh do mharbhadh (hi ffiull agus é
dall díradhairc) la Tadhcc mac Donnchaidh mic Seain Uí Cerbhaill cona
bhraithribh, agus lá mac Uí Mhaoíl Muaidh Sean mac Domhnaill Chaoích hi
ccaislén Cluan Liscc, agus gé ro bhaoí Ó Cerbhaill ina shenóir cianaosda
do roine engnamh agus congnamh mór do chóidh i nainm agus i noirdearcus dó ar
lucht a mharbhtha. Ro marbhadh dna dá fher dhécc dia mhuintir amaille fris.



O Maol Muaidh .i. Cathaoír, fer ro ba mór clú, agus oirdearcus ina aimsir
fein décc.



Teagh Sárain etir thighibh agus templaibh do losccadh agus dorccain isin
corgus do shonnradh lá cloinn Uí Madagáin, Murohadh recte Murchadh, Breasal,
agus Cathal. Feilim


L. 1462


Ua Maoíleachlainn do dhol co Cluain Ferta iar sin, agus tempall mór Cluana
Ferta agus an mainistir do bhrisedh agus dorccain lais.



Tuathal Balbh mac Seain mic Ruaidhri Uí Ghallchubhair saoí duine baoí ar
thend maithibh oirechta Thíre Conaill décc (1 Februarii), fer ba maith gal
agus gaiscceadh gen go marbhadh no co mudhaighedh daoíne ar ní deachaidh
sidhe hi ttroit nó i ttachar nách biadh bráighe lais. Bá sedh fa deara
dósomh sin ar ro bhaoí araile aimsir ina aoídidh ag coitsecht fri senmóir
agus fri procept brathar sainredhaigh do bhraithribh Dhúin na nGall, agus
atchuala agá phriotchadh nár bhó maith do rochtain fochraice daoíne do
mharbhadh na dortadh a ffola, conadh aire sin ro chinn eiccin ina mhenmain
gan guin duine, agus ro chomhaill do grés innsin an ccéin roba beó.



Maidhm mór do thabhairt do Mhac Uidhilín .i. Rudhraighe mac Ualtair ar
cloinn Aodha Uí Néill dú in ro marbhadh Aongus mac Donnchaidh mic Maol Muire
Meic Suibhne, agus drong do ghallócclachaibh Tire Conaill araon ris. Ro
marbhadh ann dna córucchadh gallocclach do Chloinn nDomhnaill Gallócclach,
agus sochaidhe ele cenmothat. Mac Uidhilin do dhol sluagh doridhisi ar cloinn
Aodha Uí Néill, agus clann Aodha .i. Conn, agus Domhnall do mharbhadh
lais.



O Domhnaill Maghnus do dol hi cenn an iustis Shaxanaigh don Cabhán agus an
iustis dá gabháil chuicce lé honóir agus le reuereus mór. Síth, cadach, agus
caradradh do chengal dóibh ré roile don cur sin.



An chrannócc airtherach baoí ar Loch Glinne Dalláin do ghabháil lá cloinn


L. 1464


Domhnaill mic Donnchaidh Uí Ruairc ar Donnchadh mac Donnchaidh Í Ruairc. A
cenn aimsire iar sin tucsat clann Donnchaidh Uí Ruairc (Domhnall, agus Fer
Gan Ainm) ionnsaicchidh ar an ccrannóicc go ro chuirset teine is in mbaile
gan fhios. Ro ráthaighedh agus ro mothaighedh in ní sin, agus lentar iad isin
loch, agus beirit clann Domhnaill orra, marbhthar agus báiter leó Fer Gan
Ainm mac Donnchaidh, Ro gabhadh annsin Domhnall, agus ro crochadh iaramh lá
cloinn Domhnaill mic Donnchaidh Uí Ruairc.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill Maghnus hi ccoinne an iustís Shaxanaigh hi
tTír Eocchain, agus an tír dimtheacht agus do mhilleadh leó don toiscc sin.
An iustís do thilleadh tar a ais isin Midhe, agus Ó Domhnaill diompudh
uadha tar a ais tré Thír Eoghain, agus teacht slán gan tachar gan tegmhail
dfaghail dó acc dol nó acc teacht don turus sin, agus O Domhnaill do
ghabhail don taobh thoir do loch i fFeraibh Manach. Cúil na nOirer agus ó
loch soir do mhilleadh lais etir tír agus oiléna uair báttar báid agus
arthraicche aige ag milleadh agus acc arccain na noilén, agus a shluagh ag
innradh na tíre go ro fháccaibh i neasbaidh arbha iad an bhliadhain sin.



Slóiccheadh la hUa nDomhnaill a ccenn athaidh iar sin hi fFeraibh Manach
don taobh thiar do loch, agus ro chuir drong dia slóghaibh i narthraighibh ar
fud an locha, agus ro gabh fein gus an líon slóicch tarrustair ina fharradh
for tír go ro indirsiot an críoch uile a ccoinne a cheile do loch agus do
thír go rangadar go hInis Ceithlionn. Ro brisedh, agus ro legadh leó caislén
Innsi Ceithlionn, agus tangattar slán iar ccosccar don cur sin.



Domhnall mac Neill Ghairbh mic Aodha, mic Aodha Ruaidh do mharbhadh lá hUa
mBaoighill ar ndol do Domhnall do chongnamh la Toirrdhealbhach mac Uí
Baoighill i nacchaidh a athar. Tuccsattsamh ruaicc dUa mBaoighill ar tus
impaídhidh Ua Baoighill friusomh, agus maidhidh forra go ro marbadh an
mac sin Néill Í Domhnaill lais.



Conn mac Briain mic Eocchain Uí Ruairc do mharbhadh lá Cloinn Maghnusa Tire
Tuathail.



Mac An Bhaird Concobhar Ruadh mac Ferghail ollamh Uí Dhomhnaill lé dán oide
scol agus saoí gan urdubhadh i ffoghlaim an dána agus i nealadhnaibh oile, fer
tighe


L. 1466


aoidhedh coitcinn do chongmhail agus dfothucchadh décc iar nongadh, agus
iar naithrighe an 20 December.



AOIS CRIOST, 1542. Aois Criost, mile, cuicc céd, cethracha, adó.



Mac Í Neill .i. Felim Caoch mac Cuinn mic Cuinn do mharbhadh la Mac
Domhnaill Gallocclach daon bhuille ga, agus dias mac ele do chloinn Í Neill
decc.



Brian mac Neill mic Airt Óicc mic Cuinn Í Neill damhna tigherna Cenel
nEoghain, fer roba mó clú uaisle, einigh, agus engnamha táinicc do Chenél
Eoghain mic Neill le cian daimsir décc isin tsen chaislen.



Mac Uí Bhriain Toirrdhealbhach mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh décc le
hadhart i nInnsi Í Chuinn fer a aesa ba ferr lamh, iomradh, agus oirdhercus
ina aimsir esidhe.



Mac Con mic Con Meda mic Donnchaidh mic Ruaidhri mic Mic Con Chennmóir do
mharbhadh go mioghaolmhar la Mac Con, mac Ruaidhri, mic Mic Con mic Ruaidhri
mic Mic Con Chennmhóir.



Corbmac mac Diarmata mic Taidcc Caim Uí Clérigh brathair minur toghaidhe do
chonueint Dúin na nGall décc.



Mac Con Midhe Brian Dorcha mac Solaimh saoí lé dán, agus le foghlaim, fer
toictheach, trom conaigh, fer tighe aoidhedh coitcinn do cách decc im feil
Colaim Chille, tre miorbhuilibh Dé agus Colaim Chille, agus tre easccaine Uí
Robhartaigh, ar do rad sár, agus dimiccin don Crois Moir, ar ros buail í rias
an tan sin.



O Maoíleachlainn, Felim Ócc, mac Felim, mic Cuinn, mic Airt, mic Cuind mic
Corbmaic Óicc, mic Corbmaic Ballaigh do mharbhadh i mBaile Sccriccin isin
oidhche la cloinn Mhég Eochagain, Connla, agus Cedach Ruadh, agus la
hEmann Ruadh


L. 1468


Diolmuin, fer diar bó dú aireachus, agus flaithes a shinnsear esidhe. Conadh
do cuimhniucchadh báis Uí Maoileachlainn do raidhedh:




Mile bliadhan is cúicc céd,
adó cethrachat gan bhéd
o breith Criost tre chion an chroinn,
ecc Fheilim Uí Mhaoilechlainn.




Siúbhal agus iondsaicchidh do dhénamh la cloinn Uí Madagain fa chaislen an
Fedain dia ra loisccsiot, agus dia ro chrechsat an baile. Ro marbhsat
Maoleachlainn Ó Raighne don chur sin, do dheachaidh an tír ina lenmhain go
Tigh Sarain, agus ro sraoineadh ar an tóraidh. Ro marbhadh Maelechlainn mac
Emainn Mic Cochláin, Dauid mac Felim mic Donnchaidh, agus Toirrdhealbhach
mac Fergail mic Concobhair co sochaidhibh ele amaille friú in, 4. Nonas
Octobris.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill Maghnus a nIochtar Chonnacht cona chloinn .i.
An Calbhach agus Aodh. An clann sin agus Ua Dochartaigh do dhol ar siubhal
creiche rias an slógh go Baile an Mhotaigh, agus Mac Donnchaidh do crechadh
dóibh, agus na creacha do thabhairt go hUa nDomhnaill. Maithe Iochtair
Connacht do theacht ina chenn, agus Mac Donnchaidh Baile an Mhótaigh do
shonnradh a ndiaidh a chreiche, agus a chíos díoc ris Ó nDomhnaill dóibh
don dul sin.



O Conchobhair (.i. O Conchobhair Ruadh) Toirrdhealbhach Ruadh do ghabhail lá
Ruaidhri mac Taidhcc mic Diarmatta ar Carraicc Locha Cé.



An Calbhach Ó Domhnaill do dhol ar siubhal creiche ar Sliocht Aodha Ballaigh
mic Domhnaill. Creacha agus marbhtha do dhénamh lais forra agus teacht slán
don chur sin iar ccosccar.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill, agus las An cCalbhach hi samhradh na
bliadna so. Tanaicc O Ruairc Brian hi sochraitte Uí Domhnaill. Tánaicc béos
Ó Cathain Maghnus mac Donnchaidh isin toichestal cédna iar ttecclamad dóibh
asedh ro


L. 1470


chinnsiot dol ar Mac Uidilín (.i. Rudhraighe mac Ualtair),
agus ní ro hairisedh leó go rangattar gus an mBanna. Ro rannadh an sluagh a
ttrí leó do dhol tar ferstibh na Banna ar ro coiscitt arthraighe na Banna
forra fo dáigh baí Mac Uidhilín agus sochaidhe mhór do Ghallaibh ina
fharradh don taobh araill ag cosnamh na habhann friú coná léicceadh táirsi
iatt ar a aoi do dheachattar na slóicch dia naimhdheóin tarr Banna anonn agus
fuarattar baocchal báitti agus guassacht adhbhal mhór ag dol tairsi. Iar ndol
hi ttír dóibh do leiccset scceimhealta sccaoilte sgannraighthe ar fud an
tíre uatha .i. sgeimhleadh soir go Cnoc Lea, agus scceimledh ele lá taobh
Banna suas, agus ruccsat for chreachaibh troma toirthemhla, agus for
aircctibh aidhblibh iolardaibh in gach maighin in ro ghabhsat. Acht chena
fo rith lás An cCalbhach Ó nDomhnaill, la hUa Ruairc, agus lá hUa cCatháin
cona shlócchaibh creacha battar moa agus battar iolarda oldád na creacha
tarthús lás an slógh aile. Ro ghabh gach slógh aca foslongport ar leith in
oidhche sin cona ccreachaibh agus cona nédalaibh. Ro fhorchongair Ó Domhnaill
forra ar ná bhárach na creacha agus na hairgthi aidbhle sin do bhualadh,
agus do bheomharbhadh do combach agus do chnáimhgerradh. Do rónadh fairsiomh
inn sin. Nír bhó hurusa trá ríomh nó airemh an chreach buailte do ranadh
ann sin cenmótá a ttuccsatt fir Breifne agus Cathanaigh gan marbhadh leó dia
ttiribh dibh. Tanaicc dna Mac Uidhilín hi ccend Í Domhnaill iar sin agus
do rad comhtha mora deachaibh agus deidedh, agus do shédaibh sainemhlaibh
dhó agus do róine sidh fris. Ticc Ó Domhnaill co na shlócchaibh slán don
chur sin dia ttighibh iar ccosccar.



Mac Uidhilín .i. Rudhraighe mac Ualtair, agus mac Mic Domnaill do dhol in
Oireacht Uí Cathain, agus creacha mora do dhénamh dhóibh. O Catháin .i.
Maghnus mac Donnchaidh do dol a ttoraighecht na ccrech agus buannadha do
Chloind tSuibhne do beith ina fharradh an tan sin .i. mac Meic Suibhne
Fhanat, agus Sliocht Ruaidhri Mic Suibhne. Iar mbreith dUa Cathain agus do
Chloinn tSuibhne ar Mhac Uidhilin cona creachaibh ro ficchedh iomairecc
aindrenta etorra, agus ro mheabhaidh for Mac Uidilin agus for na
hAlbanchoibh iomdha báttar ina fharradh co ffarccaibhsiot ár daoíne im mhac
Alasdrainn Carraigh Mic Domhnaill, agus im mac Mic Seain go ndruing móir do
shluagh Meic Uidilin. At rulaidh Mac Uidhilín fein agus mac


L. 1472


Meic Domhnaill ar eiccin as, agus ro baithedh sochaidhi mór dia muintir ar
an mBanna ag dol tairri dóibh.



Slóiccheadh la Mac Uidhilin ar Ó cCathain doridhisi iar ttarraing an
treisiner Shaxanaigh agus druinge móire do Ghallaibh amaille fris. Caislén
Uí Chatháin .i. Leim an Mhadaidh do gabhail leó agus ina mbaoí do bhardaibh
isin mbaile do mharbhadh agus do mhudhucchadh, agus Mac Uidilín dimthecht
slán iar ccosccar don chur sin. Mac Uidhilín umorro a ccenn athaidh iar sin do
thoghairm Cloinn Suibhne chuicce ar buannacht .i. Sliocht Ruaidhri Mic
Suibhne, mac Donnchaidh mic Meic Suibhne na tTuath, mac Murchaidh Mic
Suibhne, mac Meic Suibhne Baghanaigh co ndruing mhóir ele dóccaibh Cloinne
Suibhne amaille friú. Do chodar sén do shaighidh Meic Uidhilin, agus báttar
co miadhach muirneach ina fharradh ag cengal a ccuir agus a cconnartha fris.
Do rónadh comairle meabhlach miorúnach lá mac Meic Domhnaill, agus lá
hAlbanchoibh, agus lá muintir Mic Uidhilín beos .i. an tsaorclann
shoicenelach sin Cloinne Suibhne dionnsaicchidh iar ndol ina ccenn dóibh,
agus iar ndénamh gach chengail dá ndearnsatt lé Mac Uidhilín. Ro chinnset
for an ccomhairle íshin, agus ro fhobairsiot iatt gan fhios gan airiucchadh
iar bfáccbail baile Meic Uidhilín go ro mharbhsat uile a nurmhór. Ro
marbhadh ann dna mac


L. 1474


Meic Suibhne Baghanaigh agus mac Murchaidh Mic Suibhne, co nách mór tearna
as i nathfhégadh in ro marbadh díobh.



Tanaic lucht luinge faide do denamh foghla agus cena a hIarthar Chonnacht hi
tTír Chonaill. Bá hann ro gabhsat hi Reachrainn Muintire Birn hi tTír
Boghaine. Iar ná fhios sin do Thoirrdhealbhach mac Meic Suibhne Tíre Boghaine
do bert fóbairt fothaibh cona tearna fer inniste sccel as dibh acht madh an
taireach agus an codhnach boí forro .i. mac Uí Flaithbertaicch dia ttartt
Toirrdhealbhach maithemh nanacail, agus ro chuir slán dia ionchaibh é co
riacht Conmaicne Mara.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill Maghnus mac Aodha mic Aodha Ruaidh hi
cConnachtoibh hi ffoghmhar na bliadhna so, agus tangattar maithe Iochtair
Connacht ina chenn maille lé sith agus le cairdes, agus ro iocsat a chíos
agus a tighernas go humhal fris, agus do choidh uaidhibh dia thicch.



Nír bhó cian iar sccaoíleadh don tsluacch sin Í Domhnaill go ttainic Mac
Uilliam Cloinne Riocaird Uilleacc na cCenn mac Riocaird, agus Mac Uilliam
Burc Dauidh mac Uillicc sluagh lán mhór ele do dhol i nIochtar Connacht. Ro
gabhadh leó baile Uí Flannaccáin Beóil Atha hUachtair ar tus, agus teccaitt
fein, Mac Diarmatta, agus clann Taidhcc Mic Diarmada i nIochtar Connacht.
Tangattar tra maithe Iochtair Chonnacht hi ccenn Mic Uilliam, agus ro
gabhadh lais iatt agus luidh for ccúlaibh go Cloinn Riocaird go mbraighdibh
agus co neidiribh. Atiad eidiredha báttar occa, O Dubhda, Mac Donnchaidh an
Chorainn agus cuid do Chloinn tSuibhne Chonnacht im Maol Muire mac Colla
agus a écc ina braighdenas ria siú ro léiccedh, agus braighde ele ó mac
Cathail Óicc Uí Chonchobhair.



Mac Uí Domhnaill An Calbhach do dhol hi cenn an iustis Shaxanaigh agus síth
Uí Domhnaill, agus a shídh fein do chengal agus do shnadhmadh fris agus
teacht slán iaramh.


L. 1476


O Domhnaill Maghnas do thabhairt Tuaithe Ratha agus Luircc do Mhág
Uidhir, Sean mac Con Chonnacht ar milleadh moráin fá Mhag Uidhir roimhe sin
lá hUa nDomhnaill. Mág Uidhir dia thabhairt fein, agus do thabhairt a thíre
agus a thalmhan dUa Dhomhnaill ar a shon sin, agus go hairidhe tucc Mag
Uidhir eirge amach air fein agus ar a dhuthaigh dhó, nó cáin san eirghe
amach nach ffuighthi. Tucc bheos leth érca marbhtha duine ar fud Fher Manach
uile mar an ccédna dUa Domhnaill.



O Neill Conn mac Cuinn do dhol hi ccend rígh Saxan .i. an tochtmhadh
hEnri agus an ri do ghairm iarla dUa Neill, agus a fhorchongra fair gan
Ó Neill do gairm dhe ní ba síre, agus fuair Ó Neill onóir mhór ón righ don
chur sin.



Mac Uilliam Cloinne Riocaird Uillecc na cCenn, agus Ó Briain .i. Murchadh do
dhol hi Saxaibh, agus iarla do ghairm dá gach aon aca, agus tangattar tar a
nais slán acht Mac Uilliam baoí hi ffiabhras agus nír bo hóghslán uadha.



Maol Muire mac Eoghain Mic Suibhne do mharbhadh lá cloinn Maol Muire mic
Colla Mic Suibhne a ccend tseachtmaine iar nécc Maol Muiri mic Colla
budhéin.



Clann Maol Muire mic Colla dionnarbadh as an tir, agus a mbailte do
briseadh, fer díobh fein agus drong dá lucht lenamhna do mharbhadh.



Mag Uidhir Sean, agus clann Uí Domhnaill (.i. Aedh Ócc mac Aodha Ruaidh),
Rudhraighe


L. 1478


agus Neachtain do dhol ar siubhal creiche i nDartraighe,
agus scceimhledh do sccaoileadh uatha ar fud an tíre, agus mac Uí Domhnaill
Neachtain do mharbhadh durchor do ghae.



Felim Dubh mac Aodha Uí Néill do mharbhadh.



Maire inghen Meg Samhradháin, ben Még Flannchaidh (Feradhach) décc.



AOIS CRIOST, 1543. Aois Criost, mile, cuícc ced, ceathracha, atri.



Emand mac Briain Uí Gallchubhair epscop Ratha Both decc, 26 Februarii, iar
ffaghbháil frithberta imon epscopoitte.



Mac Meic Suibhne Fhanat Maol Muire mac Domhnaill Óicc adhbhar tigherna
Fánatt do mharbhadh lá cloinn Mheic Suibhne Fánatt .i. Donnchadh agus Maol
Muire, clann Toirrdhealbhaigh, mic Ruaidhri, mic Maol Muire iadsidhe. Gal,
agus gaiscceadh, engnamh agus ursclaighi do dénamh dhó amhail ro ba gresach
lais ria na mharbhadh, uair ro mharbh An Dubaltach mac Fir Dhorcha Mic
Suibhne an gerrat gaisccidh bá dearsccaighthe baoí ina acchaidh.



Mac Mhec Suibhne Bhaghainigh, Eoin Modardha mac Neill Mhóir do écc a ttús a
aoísi agus a oirberta.



Mac Uí Baoighill, Brian mac Neill, mic Toirrdhealbhaigh do mharbhadh tre
thangnacht lá cloinn Neill Óicc Uí Baoighill battar ina mhuintearus fein,
agus ina fharradh agus for a thuarastal.



O Domhnaill Maghnus do dhol gus an ccomhairle mhoir co hÁth Cliath co na
braithribh maille fris éiccneachán agus Donnchadh battar i ngeimhlibh le
hathaidh occa, agus a leiccen tré chomhairle an iustis, agus mhaithe Ereann
archena iar ndénamh siódha agus caoncomhraic etorra. Conn Ó Domhnaill (a
dherbhrathair baoí lé hathaidh fhoda hi Saxoibh) do siodhucchadh ris mar an
ccédna. Conn do dhol go Saxaibh doridhisi do saighidh an righ, agus a beith
ina fhochair co nonóir agus co nairmhidin.



Caislen Leithbir ro fhágaibh Ó Domhnaill ag Cathaoír mhac Tuathail Bailbh
Uí Gallchubhair, agus acc druing do Sliocht Aodha Uí Gallchubhair dia
iomchoimhéd, ba


L. 1480


sedh do rónadh leósomh an caislén do chongmhail aca dAodh mac Uí
Dhomhnaill agus doibh badhéin, agus ro athchuirsiott sainmhuintir Uí
Domhnaill, agus doirseóir an bhaile uadhaibh. Bá bairneach Ó Domhnaill, agus
An Calbhach friú desidhe, agus ro gabh An Calbhach sainraidh agá aithe forra
a ndeirghensat co ro mudhaighedh araill do dhaoinibh etorra cechtar nae lá
taobh cethra, agus innile do mhalairt, agus do mhíimirt. Ro marbhad la lucht
an bhaile An Dubhaltach mac Colla Mic Suibhne gallócclach tocchaidhe ar aoi
ghaisccidh agus engnamha esidhe. Baoí tra Donnchadh mac Uí Domhnaill acc
congnamh lá Sliocht Aodha í Gallcubhair, Rudhraidhe mac Uí Domhnaill, Fer
Dorcha mac Eóin mic Tuathail Uí Ghallcubhair cona chloinn, agus mac Seain
Bhallaigh mic Eoin do ghabhail lá Donnchadh mac Aí Dhomhnaill, agus lá
Catháoir mac Tuathail Bhailbh Uí Gallchubhair.



Mac Uí Dhochartaigh (Cathaoír mac Gerailt mic Domhnaill, mic Feilim) do
mharbhadh lá cloinn Uí Dhochartaigh, Rudhraighe agus Sean, clann Fheilim
mic Conchobair Charraigh. Ro mharbhsat bheos mac Aodha Gruamdha Uí
Dhochartaigh, agus O Domhnaill cona slógh do dol ar Ua nDochartaigh do
dioghail na nécht sin fair, agus ro gabh for milleadh arbhann an tíre go ffuair
braighde ó Ua nDochartaigh a ngioll lé na riar, agus le na breith fein tré
choll a smachta.



Ro gabhadh iar sin Cathaoir mac Tuathail Bailbh la hUa nDochartaigh agus
do rad dUa Dhomhnaill, agus ro ghabh O Domhnaill feissin Toirrdhealbhach
mac Feilim Fhinn Uí Gallchubhair, agus do bert na braighde sin lais do
shaighidh Lethbhir dus an ffuighbhedh an baile agus nochan fhuair idir don
chur sin.



Sliocht Eocchain Mic Suibhne agus Sliocht Corbmaic Mic Donnchaidh dhol ar
siubal creiche ar Ó nEghra mBuidhe, agus Ó Conchobhair .i. Tadhcc Ócc mac
Taidhcc mic Aoda, agus O hEghra do breith forra agus ro sraoínedh leó ar
Chloinn tSuibhne go ro marbhadh Ruaidhri mac Dubghaill, agus clann Maol
Muire mic Eoghain, agus drong do Shliocht Corbmaic Mic Donnchaidh go
sochaidhibh dia muintir amaille friu don chur sin.


L. 1482


Mac Suibhne na tTuath, agus a mhac Brian do gabháil lá cobhlach a
hIarthar Connacht i nInis Mic an Duirn, agus a mbreith leó a mbraighdenas.



Eassaonta coccaidh ar neirghe etir Mag Uidhir, agus Sliocht Toirrdhealbhaigh
Még Uidhir. Sliocht Toirrdhealbhaigh do thecht hi tTír Conaill go mbattar
ag foghail agus ag inghreim ar Fheraibh Manach. Tanaic Mag Uidhir hi ccenn
Uí Domhnaill, agus do róine a shíth agus a charattradh ris feibh do róine
feacht riamh.



Muirghes mac Paittín Uí Mhaoil Chonaire saoí lé seanchus, agus lé
filidheacht fer co ttoice agus co ttrom conach, sccribhnigh ercchna las ar
sgriobhadh liubhair iomdha, agus las a ndearnadh duana agus dréchta, agus
las a mbáttar sccola acc friochnamh agus ag foghlaim, agus no chongbhadh
sochaidhe díbh ina thigh budhéin do grés, décc iar mbreith buadha ó
dhemhan agus ó dhomhan.



Cédach Ó Maoileachlainn doirdneadh ar Cloinn Colmáin ar bélaibh Rudhraighe
Uí Maoíleachlainn, agus nír bó soinmheach ro bhattar Clann Colmáin re linn
na deisi sin in athfhégadh amhail ro bháttar hi ré Fheidhlimidh ar ro bhaoí
coccadh, agus creachlosccadh, uacht, agus gorta, golmhaircc agus
lamhchomairt fri linn na deisi sin isin tír, agus ro tóccbhadh cíos, agus
cobhach dá gach aon aca ar Magh Corráin, agus do rónadh ulca aidhbhle etorra
gér bo gerr an ré fuairsiott. Indsaicchidh aidhche do thabhairt la
Rudhraighe, agus la a braithribh fa Mhagh Gailinne i nDealbhna dia ro
loisccset, agus dia ro chreachsat an magh. Maoileachlainn Balbh Ua Madagáin,
agus Art Mág Cochláin dia lenmain co ttuccsat tachar dóibh i nGailinne dú in
ro marbhadh Corbmac Ua Maoilechlainn dearbrathair Rúdhraighe co ttribh
feraibh décc do maithibh a muintire do mharbhadh agus do bhathadh don chur sin.


L. 1484



AOIS CRIOST, 1544. Aoís chríost, mile, cuicc ced, cethracha aceathair.



Iarla Cloinne Riocaird Uillecc na cCend, aon bharr áigh Gall Connacht
décc, agus bá sccél adhbhal ina thir budhéin eisidhe. Easaonta mor deirghe hi
cCloinn Riocaird fan tighernas, agus Mac Uilliam do ghairm dUillecc mac
Riocaird Óicc, agus sochaidhe i ttír, agus hi ccoiccrich do beith ina
acchaidh lá mac Meic Uilliam Tomas mac Uillicc na cCend.



Rudhraighe Ó Maoíleachlainn do mharbhadh hi cClartha lá Risderd Dalatún,
agus lá a bhraithribh ar amus oidhche, agus as ar mhaith do Chédach Ua
Maoíleachlainn do rónsat an marbhadh íshin.



Mac Í Neill, Niall mac Airt Óicc tanaisi as mó do fhulaing do dhuadh agus do
dhochar coccaidh etir Cenel Eocchain agus Cenél Conaill tainic do Sliocht
Eoghain mic Neill soidhtheach diongmhala do thighernas Tíre hEoghain da
léiccthí chuicce hé, fer lán diúl agus daithne ar gach nealadhain décc
is in tsenchaislén do galar oband.



Mac Suibhne Fánat Toirrdhealbhach mac Ruaidhri mic Maol Muire, fer bríoghach
boirbbeódha ro fulaing mór do choccadh agus do chomhfhuachadh ina thír feín
lé hathaidh có sin do mharbhadh lá cloinn Domhnaill Óicc Mic Suibhne a
ndioghail a nderbrathar ro marbhadh lá a cloinn siomh. Báttar iatt anmanna na
cloinne sin Domhnaill Óicc las a ndernadh an marbhadh .i. Ruaidhri Carrach
agus Domhnall Gorm. Ro marbhadh beós Eóin mac Donnchaidh mic Maol Muire
araon la Mac Suibhne, agus gidh esidhe (.i. Eoin) ni terna uadh gan
crechtnúcchadh go mór an tí las ro marbhadh .i. Domhnall Gorm. Mac Suibhne
do ghairm do Ruaidhri Charrach mac Domhnaill Óicc iar sin.


L. 1486


Murchadh mac Meic Suibhne na tTuath saoí ar eineach, ar uaisle,
agus ar beodhacht, agus Donnchadh a dherbhrathair décc ina ndís.



Mairgrég inghen Meic Domhnaill (.i. inghen Aongusa Iligh) ben Í Domhnaill
.i. Maghnus, (iar Siubháin ingin Í Neill) decc, an. 19. December.



Sile ingen Magnusa Í Domhnaill (ben sidhe Uí Bhaoighill Domhnall) décc an
.14. Februarii.



Mac Í Domhnaill, An Calbhach do dhol hi ccenn an iustis Shaxanaigh, agus
caiptíní Saxanacha do tabhairt lais hi tTír Conaill do shaighidh Í
Dhomhnaill. O Domhnaill, An Calbhach, agus iadsidhe do dhol co nordanas agus
co naidhmibh gabhala baile leó dionnsaighidh Lethbhir dia ghabhail for
Sliocht Aodha Uí Gallchubhair. Do rad Ua Domhnaill braighde Sleachta Aodha
baoí occa lé hathaidh. Cathaoír mac Tuathail agus Toirrdhealbhach mac Feilim
Finn dona Saxanchaibh ag dol gus an mbaile dóibh do chor uathbhais agus
iomomhain ar lucht an baile. Ro fobairsiot an baile iaramh. Ro marbhadh aon
dona Gallaibh fo cédóir, marbait na Saxain Cathaoir mac Tuaithail ina
glasaibh a ndioghail an Ghoill. Do rad Aodh mac Í Domhnaill agus Sliocht
Aodha an chaisléin as mac Fhelim Fhinn, agus as mac ele Tuathail
Bhailbh battar i ngeimhlibh, agus fáccbhaitt fein an tír iar sin. Ro léicc O
Domhnaill na Saxain uadha dia tticch iar níoc a ttuarustail friú.



Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill ar An Rúta dia ro gabhadh lais Innsi an
Lochain airm hi raibhe caislén croinn, agus daingen dítoghlaighi ag Mac
Uidhilín agus iar ngabháil an chaisléin lá hUa nDomhnaill do rad an baile
dUa Chathain. Ro gabhadh dna don cur sin caislén Baile an Lacha lá hUa
nDomhnaill, agus fo gheibh édala iomdha etir arm, agus éittedh umha, agus
iarann, im, agus biúdh is na bailtibh sin. Ro gabhadh bheós iar sin inis Locha
Burrann, agus inis Locha Leithinnsi lá hUa nDomhnaill, agus fuair édala
iomdha on mudh ccédna forra, agus ro loiscceadh an tír co léir ina
hiomthacmong lais, agus tainic slán iar ccosccar.


L. 1488


Coccadh deirghe etir Ó nDomhnaill, agus Ó Neill. O Domhnaill ar
ndol hi cceilcc hi ccomhghar don tsenchaislén, agus araill do dhaoínibh do
mharbhadh lais, agus mac mheic Briain co mbraighdibh ele do ghabháil do don
toiscc sin.



O Neill do dhenamh creiche lá taobh na habhann dianadh ainm Fionn.



An Calbhach Ó Domhnaill do dénamh creiche hi tTír Eocchain.



O Domhnaill do denam creiche ele hi tTír Eocchain.



Cland Meic Domhnaill (Semus, agus Colla) do teacht feacht Albanach ar
tarraing Meic Uidhilín. Mac Uidhilín agus iadsein do dol um Inis an
Locháin, agus ro gabhadh leó an baile ar bárdaibh Uí Chathain. Brian mac
Donnchaidh Uí Catháin, agus a raibhe araon ris i nInnsi an Locháin do losccadh
etir dhaoínibh agus edail, arm, agus éidedh. Creacha agus dioghbhála móra do
dhénamh lá Mac Uidhilín ar Ó cCathain an tan sin.



O Cathain dfosdadh gallócclach .i. Sliocht Ruaidhri Meic Suibhne, agus aon
do láibh dia ttáinicc Mac Uidhilin tar Banna co tarraidh creich, O Cathain,
agus a ghallócclaigh do breith fair i ttoraigheacht go ro bhensatt an crech
dhe. Ro mharbhsatt, agus ro loitsiot drong mór dia mhuintir.



Iarla Urmhumhan do dhol hi cCloinn Riocaird do chongnamh lá a bhrathair
.i. Uilliam Búrc mac Riocaird, agus bresmhaidhm do thabhairt lá cloinn
Riocaird Óicc air, agus barún maith (.i. Mac Óda) dia mhuintir do
mharbhadh, agus ba moa oldás cethracha torcrattar do shluagh an iarla i ndoras
Baile Atha na Ríogh don chur sin.



Caislén Bendchuir do aithdénamh lá hUa cCerbhaill Tadhcc Caoch tar
sarucchadh Cloinne Colmain, agus Shíl Madagain, uair battar sidhe i
nessaonta fria roile.



Maoileachlainn mac Bresail Uí Madagain (an dara tigherna baoí for Shiol
nAnmchadha agus nír bhó ró dho dia mbadh laintighearna ar a fhele agus ar a
oirbhert) do mharbhadh lá Maoíleachlainn Gott O Madagain a centt
tsechtmhuine iar ttionnsgnadh Bendchuir.




L. 1490



AOIS CRIOST, 1545. Aois Criost, mile, cuicc céd, ceathrachtt, a cuícc.



Niall Conallach mac Airt, mic Cuinn Í Neill décc.



Mac Suibhne na tTuath (.i. Eocchan) décc i nUmhall Uí Mhaille.



Eiccneachan Ó Domhnaill do mharbhadh lá druing do mhuintir An Chalbhaigh Uí
Dhomhnaill.



O Conchobhair Sliccigh Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic Aodha do mharbhadh lá
druing do Maigh Luirg.



Maidhm Caille na cCuirrittin las An cCalbhach Ó nDomhnaill ar cloinn Uí
Dhomhnaill Mhóir dú in ro marbhadh Donnchadh Cairpreach Ó Domhnaill.



Blodh do Thempall Criost i nAth Cliath do bhrisedh lá haidhilcc éiccin, agus
tumba cloiche dfhaghail ann ina raibhe corp espuicc cona chuladh epscoip
uime. Deich ffainne órdha ima dheich meraibh, agus caileach aifrind órdha
ina shesamh lá taobh a mhuinil, agus as amhlaidh baoí a chorp, agus a dhíol
fein dáit ar ná tochailt lé fonsura is in ccloich dó ar a chuma fein agus
do tóccbhadh é a lenmhain dia roile, agus do cuiredh ina shesamh fris an
altóir é, agus do bhí ann mar sin athaidh, agus nir críon agus ni ro lobh
aon ní dia édach, agus bá mór an comhardha naomhtachta innsin.



Imresain déirge etir iarla Urmumhan, agus an iustis .i. an soinsilér agus
dol dóibh do lathair an righ imon ccoinntinn sin, agus tuccsat móid araon ná
tiocfadh tar a ais acht fer eiccin dibh. Ro fíoradh an ní híshin uair do écc
an tiarla hi Saxaibh, agus tainic an iustis i nErinn. Ro ba doiligh écc an
ti atbath annsin .i. Semus mac Piarais Ruaidh, mic Semais, mic Emainn
Buitiler munbhadh ar mhill don ecclais tre chomhairle na neitriticcedh.


L. 1492


Mac Meic Uilliam Cloinne Riocaird .i. Tomas Farranta mac Uillicc na
cCenn mic Riocaird, mic Uillicc Chnuic Tuagh do dhol ar ionnsaicchidh hi
Síol nAnmchadha. Iar na airiucchadh isin tír lá Siol nAnmchadha ro lenadh é
co Bealach Tíre Ithain co ro marbhad isin maighin sin é lá Muintir
Maoileachlainn Bhailbh, agus fiche do roighnibh a muintire amaille fris.



Dochmata mór isin mbliadhainsi co ttuccthaoí se pingine (.i. do shenairgett)
ar an mbairgin hi cConnachtaibh, no sé pinginne bána isin Midhe.



Coccadh etir O Ruaircc Brian Ballach mac Eocchain, agus a dherbhrathair fein
do thaoibh a mhathar .i. Tadhcc mac Cathail Óicc Uí Conchobhair tigherna
Sliccigh. Dioghbhala móra do dhénamh etorra ar gach taobh, agus bá díbhsén
Toirrdhealbhach Ó Raighilligh cliamhain Í Ruairc do mharbhadh durchor do
phelér i ndoras Sliccigh lá mac Cathail Óicc.



Mac Uí Bhriain Ara (Connla) do mharbhadh ina chaislén fein lá braighdibh baí
i láimh aige.



Eoin mac An Giolla Duibh mic Concobhair mic Donnchaidh, mic Domhnaill na
Madhmann Mic Suibhne do mharbhadh la Concobhar mac Murchaidh mic Conchobhair
Mic Suibhne.



Tadhcc mac Tomais mic Sgannláin mic Diarmada Meg Ormain do mharbhadh go
míghaolmhar lá cloinn Mhuircertaigh Mheg Ormain.



Piarus Ó Muirghesa magisnir sccol, agus fer leighinn coitchinn fear nEreann
fear denma deirce agus crabhaidh do écc.



Domhnall mac an oifisteil móir Meg Congail décc.




L. 1494



AOIS CRIOST, 1546. Aois Criost, míle, cúicc céd, cethracha, asé.



Domhnall mac Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh Í Domhnaill do marbhadh (an 20.
April) a ffiull lá hUa nGallchubhair, Eoghan mac Emainn agus lá a mhnaoi
Onora ingen Tuathail Bailbh Uí Gallchubhair iar na thóchuiredh dia saighidh
go hInis Saimhér ar slanaibh Dé, agus Mheic An Baird Gofraidh, agus Chon
Choicriche mic Diarmata mic Taidcc Caim Uí Cleiricch. Bá liach oidhedh an tí
torchair annsin, ar ní bhaoí fer a aosa do Chlannmhaicne Conaill mic Néill
as ar mó saoílechtain sochaidhe inás.



Ro eirgettar díberccaigh iomdha do Geraltachaibh inaghaidh na Saxanach do
dhioghail a nionnarptha as a nduthaigh forra .i. Uilliam mac Semais mac
iarla Cille Dara, agus Muiris an Fhedha mac Semais Mheirccigh mic an iarla
agus óccbhaidh ele amaille friú. Do rónadh díoghbhála diaisneisi leó. Ba
dibhsidhe creacha Bhaile Móir na nUstásach, creacha Ratha Bile, agus a
mbaoí ina chomhfhochraibh. Creachadh agus losccadh Ratha Iomdháin co ruccsat an
lucht cédna il mhile bó agus nuimhir nach roich rimh nó áiremh leó don
chur sin.



Indsaicchidh lá hUa cCeallaigh hi Siól nAmchadha, agus la Sliocht Bresail
Uí Madagáin ar Mhaoíleachlainn Gott Ó Mattaccáin. Do dhechsat an tír ina
ndedhaidh, agus do bertsat fuabairt forra. Sóaitsiumh friú co ro marbhsat ní
bá moa oldas cethrachat don tóraigh, agus rob esbadhach an tír agus
Urmumhain ón caithghleo sin.



Arccain agus losccadh cláir Cairpre agus caisléin Chairpre lás na
diberccachaibh rémhráite, agus lá mac Uí Conchobhair Fhailghe Donnchadh Ó
Conchobhair. Ua Conchobhair fein Brian, agus Ua Mordha Giolla Patraicc
deirghe isin ccoccadh iar sin. An tan do chuala an iustis Antóin Sentliger in
ní sin tainic i nUibh Failghe. Ro indir


L. 1496


agus ro loiscc an tír co Tochar Cruachain, agus airisidh dí oidhche innte,
agus soaidh gan cath gan riar. O Mórdha, agus mac Uí Concobhair Rudhraighe
do dhol fá Bhaile Atha Aí, an baile agus an mhainistir do losccadh dóibh,
agus ar mór do thabhairt leó (etir losccadh agus marbhadh) for Shaxanchoibh
agus Erennchoibh don chur sin.



An iustis do thocht arís i nUibh Failghe gó mbaí fri ré cóicc lá ndécc isin
tír agá hindreadh, agus accá milleadh acc losccadh tempall agus mainistreach
ag diothucchadh etha, agus arbha. Ro fháccaibh barda isin mbaile lé
hacchaidh Uí Chonchobhair .i. céd marcach céd co ngonadhaibh, céd co
ttuaghaibh agus céd saighdiúir cona ndaosccarsluagh amaille friú. Ro
fháccaibh a ffurtain do bhiúdh agus da gach naidhilcc aca, agus luidh ass,
agus do dheachaidh co na mhór sochraide go Laoighis, agus tainicc iarla
Desmumhan sluaighedh lan mhór ina coinne dia chomhmoradh battar cóicc lá
décc ele acc indradh an tíre hí sin. Gabhthar leó caislén buí lá hUa Mórdha
.i. Baile Adam, agus fáccbaitt barda inn. Ro chuir an iustis iarsin
litreacha agus sccribenna co maithibh Ua fFailge dia radh riú tocht don tír,
agus O Conchobhair do tréccean, agus co ttiobradh pardún dóibh. Tangadar trá
agus nír bhó cian dóibh iar sin an tan ro iompaisiot Goill don tír go ro
fheallsat forra, agus gor bhensat il mhíle do bhuaibh dhíobh. Ro fuaccradh Ua
Conchobhair, agus Ua Mórdha fó Erinn, agus do tóccbhadh a nduthaigh gus an
righ, agus do thaéd Ua Conchobhair hi Connachtaibh do chuinghidh sochraitte.
Iompaíd Fir Cheall agus Mag Eochugáin (ar forcongra an iustis) ar muintir Uí
Conchobhair go ro bhensat bú iomdha agus


L. 1498


braighde ile díbh. Do rónsat Clann Colmáin agus Muintir Tadhccáin an ccédna
as ing ma ro tecclamadh a ccomhmhór sin daircctibh agus dédalaibh is na
deidhenchoibh conadh amhlaidh sin ro hathchuireadh occus ro hionnarbadh ceann
sonusa agus saidhbhresa an leithe irraibhe fein dErinn .i. Brian Ó
Conchobhair, agus ro fhuiridh sidhe hi cConnachtaibh co Nodlaicc iar ngairm
trétura de lá Gallaibh.



Mac Giolla Pattraicc .i. Brian do gabhail a mic fein .i. Tadhcc (cenn fedhna
toghaidhe eissidhe), agus a chur go hÁth Cliath co na choirthibh fen
sccriobhtha araon ris, agus Goill dia bhásucchadh ar foráilemh a athar.



Monadh nua do theacht i nErinn .i. copar, agus robeiccen dfearaibh Ereann
a gabhail mar airccett. Bá mór agus bá hadhbhal nert Saxanaigh i nErinn an
tan sa co mba suaill má baoí aithghin na broide i mbáttar Leth Mogha riamh
rias an tan soin.



Tadhcc Ó Cobthaigh oide scol Ereann lé dán do ghabháil lá Gallaibh agus a
bheith ráithe co leith illaimh hi ccaislen an rígh tre na comhmbáidh lé
Gaoidhealaibh co ro fobradh a oidhedh, ara aoí terna slán fá dheóidh.



Na Saxain acc dénamh caisléin An Daingin, agus tempall Cille O Duirrthi do
briseadh leó, agus a cor san obair, agus persún Cruachain do mhilleadh
dhóibh.



An seisedh Eduard do rioghadh os Saxaibh .28. Ianuarii.




L. 1500



AOIS CRIOST, 1547. Aois Criost, mile, cuícc céd, cethrachat, a seacht.



Mac Suibhne Baghainech, Niall Ócc do mharbhadh an .3. September la cloinn a
dhearbhrathar .i. clann Maol Muire .i. Domhnall Ócc agus Brian Ócc. Bá
hann ro marbhadh sidhe isin mBadhbhdhún nua, agus hé i mbraighdenus a
ndioghail a nathar ro marbhadh lá Niall fecht riamh, Maol Muire Meirgeach
an derbrathair ele ní ro cuidigh sidhe an marbhadh íshin.



Mór inghen Uí Cerbhaill ben dersccaighthe deigheinigh décc.



Cathraoínedh mór fors na dibherccachaibh i mBaile na tTri cCaislén lá
Saxanchoibh agus lá Brian an Choccaidh mac Toirrdhealbhaigh Uí Tuathail dú
in ro gabhadh dá mac Semais mic an iarla .i. Muiris an Fhedha agus hAnrai co
cceithre fearaibh décc dia muintir. Ruccadh co hAth Cliath iatt iar sin,
agus do ronadh cethramhna díbh uile cenmotha Muiris, agus ro cuireadh hi
ccaislén an rígh acc iomfhuirech lé comhairle cia bás do berthaoí dho. Ro
sccaoíleadh, agus ro scanradh na foghladha agus na dibherccaigh amhlaidh sin
agus gér bhó gearr a ré .i. bliadhain, rob adhbhal a ffoghail.



O Conchobhair agus Ó Mórdha do dhol tar Sionainn, agus ar ndol do dhruing
dá ccloinn ina ccoinne co hÁth Cróich, agus sochaidhe mór do thionol dóibh
do dhol do dioghail a nduithche agus a fferoinn ar Shaxancoibh, agus a ndol
iar sin ilLaighnibh.



Gaoth mhór déirghe an oidhche ria fféil Bríghde gur bhó suaill má tainic a
comhmór ó ghein Criost alle go ro bris tempail, mainistre agus caisléin agus
co hairidhe ro bhris sí an dá uillinn iartharaigh do thempall Cluana Mic
Nóis.



Smacht agus nert adhbhal acc Saxoibh co na leiccedh an eccla do neoch biadh
ná caomhna do thabhairt dUa Conchobhair ná dUa Mórdha.



An iustiseacht do bhuain do Antoin Sent Liger, agus iustis nua do a ionaid
.i. Eduard Bellingham.



Muiris an Fhedha mac iarla Cille Dara do bhásucchadh i nÁth Cliath.


L. 1502


Creacha móra (.i. cuicc céd bó) do denamh lá Maeleachlainn God Ó Madagáin
ar Uíbh Domnalláin.



Caislén Atha Luain do chorucchadh lá Gallaibh .i. lé hUilliam Brabasón
tresinér an rígh i nErinn, agus lá Gallaibh, agus Gaoidhealaibh na Midhe
(daimhdheóin Uí Cheallaigh) (Donnchadh mac Emainn) agus Gaoidheal cConnacht.
Battar dna slóigh an iustis an tan sin hilLaighis acc dénamh dúnchluidh acc
an mBádhún Riaganach, agus ro fháccaibhsiod barda ann lé haghaidh Uí
Chonchobhair agus Uí Mordha.



Cobhthach mac Maoileachlainn mic Bresail Uí Madagáin macaomh a aosa (.i.
bliadhain ar fhichit) rob ferr dia chinedh badhein do mharbhadh lá Muintir
Uí Cherbhaill agus lá Muintir Maoileachlainn Bhailbh Uí Madacain. Murchadh
Riabhach mac Uí Madaccáin derbhrathair Maoileachlainn Bailbh baoí i
ngeimheal ag Cobhthach do chrochadh ina diogail la braithribh Cobhthaigh
agus lá a mhuintir conadh a naoínfheacht ruccadh dia nadhnacal iad.



O Conchobhair agus Cathaoir Ruadh co na braithribh do dhénamh cengail go nua
ré roile i nacchaidh Gall, uair ro bhensat Goill a ndúthaigh díbhsidhe
amhail ro bhensat dUa Conchobhair conadh aire sin do lottar a ccombáidh Uí
Chonchobhair.



Indsaicchidh do thabhairt lá hUa Mórdha agus lá cloinn Chathaoir Uí
Chonchobhair hi contae Chille Dara go ro loiscceadh agus go ro creachadh
urmhór criche Iustasach leó. Ro ansatt iaramh isin tír go rucc an iustís
forra. Ro sraoíneadh for na Gaoidhelaibh sin, agus ro marbadh dá céd
troightech dibh lais don chur sin.



Maidhm do thabhairt ar Ua Maoileachlainn (Conn mac Airt) co na bhraithribh lá
Niall mac Feilim Uí Mhaoíleachlainn, agus lá muintir barúin Dealbhna ar
Faithche Ciarain dú in ro marbhadh Ó Maoileachlainn Conn, agus Corbmac a
dhearbrathair tanaisi Cloinne Colmáin, agus fiche nó dhó amaille friú.



O Conchobhair Brian, agus Ó Mórdha Giolla Pattraicc (iar ná ttréccean do
Gaoidhealaibh) do dhol hi ccenn Ghall fá na mbreith fein ar comairce Ghoill
uasail .i. leutenant agus bá holc an comairce hishin.


L. 1504


Cu Coiccriche mac Emainn Még Cochláin cenn a ghabhláin fein do
marbhadh hi ffiull lá Maoíleachlainn Ua Maoíleachlainn, agus lá Murchadh mac
Toirrdhealbhaigh.



Mac Murchadha, Muirchertach mac Airt Buidhe décc.




AOIS CRIOST, 1548. Aois Criost, mile, cuícc ced, cethracha, a hocht.



Maidhm mhór do thabhairt lá hUa nDomhnaill Maghnus ar Srath Bó Fiaich ar a
mac fein .i. An Calbhach, agus ar Ó cCathán .i. Maghnus mac Donnchaidh dú in
ro marbhadh Ó Cathain feissin co sochaidhibh ele an seachtmhadh lá do mhí
Febru.



Maire inghen Meic Con Midhe do écc, an .4. April.


L. 1506


O Concobhair agus Ó Mórdha do dhol hi Saxaibh las an leutenant fá
grásaibh an rígh agus an rí do thabhairt a nduithche .i. Laoighiss agus Uí
Failghe don leutenant, agus dia bhrathair, agus da chúirt mhóra do dhénamh
leó sna tiribh sin .i. An Campa hilLaoighis, agus An Daingen i nUibh
Failge, agus ro ghabhsat acc tabhairt na bferonn sin ar chiós do Shaxanchoibh
agus dEirendchoibh amhail rob athardha diles dóibh fein iad iar nathchur agus
iar nionnarbhadha noidhreadh bunadh eistibh .i. O Conchobhair, agus Ó Mórdha
co na ccinedh agus co na cclannmaicne archena.



O Maoileachlainn .i. Tadhcc Ruadh do thabhairt Emainn A Faii agus sochraide
Laighneach leis go Dealbhna dia hiondradh, agus as amhlaidh tarla dóibh, Ro
gabhadh Maoileachlainn mac Airt Uí Maoileachlainn lá hEmann A Faii ar
tteacht dó le hEmann fein don tir ar forchongra chomhairle an righ, agus ro
cuir sé co hÁth Cliath é. Ro gabhadh dna caislén Chinn Choradh agus
mainistir Gailinne lá hUa Maoíleachlainn, agus lá hEmann. Do impa Ua
Maoíleachlainn fó aithmhéla gan umhla gan eidire. Baí Emann A Faii ag
gabháil Delbhna a hucht an righ ar bélaibh Uí Maoíleachlainn conadh
amhlaidh sin tucc Ó Maoíleachlainn slat lais dia ro buaileadh é fein fria,
uair ro athchuir agus ro iondarb Emann A Faii é fein co na chinedh uile ó
Dhelbhna, agus ro diochuir é eiste amhail diochuires an saithe nua an
sen saithe. Ro ghair sé iaramh Macc Cochláin dArt mac Corbmaic, agus ro
bhen sé an chuid don tír do bí ag Corbmac mac An Fhir Dorcha de. Ro chreach,
ro ionnarb, agus ro dhibir é tar Sionainn siar hi Mainechaibh, agus iar
ndiochar Corbmaic dho ro athnuadhaigh caislén Cille Comainn, agus do chuir
lón Sleachta Fergail ann, agus barda uadha fein. Sluaiccheadh lá Corbmac,
.9.Maii, agus lá Maineachaibh i nDealbhna, Ro loisccset, agus ro
chreachsat Lomcluain Í Fhlaithile, agus Cnoc Rátha Benain, agus ro


L. 1508


marbhsat seisear do dhaoínibh, agus aon mac Uí Shiaghail Muircheartach fer a
aosa bá ferr lé leighes dá mbaoí ina comhfhochraibh. Do rala dóibh iaramh go
ccomairnic Mág Cochláin, an tír, agus na buandadha Faiieachaa friú ag Bél
Atha na cCaorach for Dubhabhainn, ro sraoíneadh for Corbmac co na shluacch,
agus ro marbhadh tuilleadh ar fichit díbh im Mhaoileachlainn mac Seain Uí
Cheallaigh im mac Uí Fhollamhain Feilim agus im mac Dubhghaill Mic
Neachtain, agus ba moa oldás fiche each amaille lé harm agus lé heidedh
iomdha ro fháccaibhsiot, agus ro báithedh araill ele díbh. Ro dichendait
iatt uile a haén chomhairle an luan iar sin, agus ruccadh a ccinn go baile
Emainn Faii (.i. Baile Mic Adam hi cCenel Fearga i nEle Í Cerbhaill),
agus ro tóccbhadh for biorchuaillibh i náirde iatt hi ccomardha cosccair.



Foslongphort lá hEmann A Faii a ttimcheall chaisléin An Fhedáin fri re ocht
lá, agus Corbmac Mág Cochláin do beith istigh isin ccaislén go ro benadh
braighde de, agus do róinesiomh, agus Emann cairdes Criost fria roile.



Coccadh mór etir Fhrangcachaibh, Saxancoibh, agus Albanchoibh. Donnchadh mac
Uí Conchobhair Fhailge, agus clann Chathaoir Uí Conchobhair do dhol i
ttuarusdal an rígh, agus a ccur go Saxoibh do chongnamh coccaidh agus dia
ndíochur ó nathardha co neirghe amach móir amaille friú do ceithirn
choíccidh Laighen agus na Midhe.



An Calbhach Ó Cerbhaill do dol co hÁth Cliath dionnsaicchidh na cúirte
móire, agus a gabhail hi ffiull, agus a chur hi ccaislén an righ hillaimh
agus gan fios a adhbhair nó a fhuaslaiccti do thabhairt do neoch.



An leutenont, agus Emann A Faii do dhol fá dhó ar sluaicchedh i nÉle agus
imeaccla mhór do ghabhail Uí Cearbhaill Tadhcc Lusc desidhe go ro eirigh
coccadh etorra de sin. Nír bó cian iar sin go ro iarr Emann A Faii ar Mhág
Cochláin agus ar Dealbhna dol lais ar caoraigheacht i nÉle. Ro eimgettar
sumh dna an ní sin. Ro lonnaicchedh agus ro ferccaicchedh Emann tríd sin go ro
eirigh easaonta etorra, agus ro


L. 1510


díochuir Ó Cerbhaill agus Mag Cochláin Emann uatha tria na anffoltaibh agus
tre na ansmact forra. Ro gabhadh leó caislén Cille Comaind agus caislén Cinn
Choradh fair conadh amhlaidh sin do benadh Dealbhna de iar mbeith leith
bliadhain i ndaorbroid occa.



Saighir Chiaráin, agus Cill Corbmaic do losccadh, agus do bhrisedh la
Saxanchoibh agus lá hUa cCerbhaill.



Sluaicchedh las an leutenont, agus lá Gallaibh ar tarraing Émainn A Faii (a
ndioghail a ionnarbtha) go Delbhna go ro loisccedh, agus co ro crechadh leó
ó Bhealach an Fhothair go tochar (.i. Tochar Cind Mhona), agus Baile Még
Uallacháin hilLusmagh, agus báttar adhaidh foslongpuirt i mBaile na
Cloiche, agus luidhsiot ar ccúlaibh ar ná mharach go ccrechaibh, agus co
nédalaibh gan deabhaidh gan diubraccadh.



Indradh Maighe Sláine lá hUa Maoíleachlainn Tadhcc Ruadh, agus lá Gallaibh
Atha Luain, agus lá coblach An Chalaidh.



Caislén Éle, agus caislén Delbhna .i. Bennchor, caislén Maighi Istten agus
Clochan na cCeapach do bhrisedh ar eccla na nGall.



Sluaicchedh las an cCaiptin Ruadh ar Ua cCerbhaill go Carraicc an Comraic
agus do rad Ua Cerbhaill tachar dóibh go ro marbhadh dá fhfhit no atrí dibh
lais. Do rónadh sluaicchedh fó thrí in aon raithe las an cCaptín Ruadh co
Carraicc an Chomhraic, agus ní caemhnaccair ní don bhealach ná don chaislén,
agus térna gan riar iar ffaghail masla, agus iar ffágbháil druinge dia
mhuintir.



Cathaoír Ruadh Ua Concobhair do gabháil lá Riocard Saxanach A Burc, agus a
toirbert do Ghallaibh.


L. 1512


O Cerbhaill do losccadh An Aénaigh ar an cCaiptín Ruadh etir
mainistir agus bhaile o bhadbdhún amach. Ro loiscc bheos don chur sin
Mainistir Uaithne, agus ro dhiochuir Saxanaigh este agus do rad
mescbhuaidhreadh mór forra dia ro cloí araill dia niort, agus dia ccalmatas
go ro fhóccair as a thír iatt cénmótá uathadh bardadh baoí isin aonach .i.
hi ttor Mic Maghnusa nama.



Cathaoir Ruadh Ó Conchobhair do bhasucchadh i nAth Cliath, agus
Maoilechlainn Ua Maoíleachlainn do thernudh a geimheal ó Ghallaibh.



O Mórdha .i. Giolla Pattraicc décc hi Saxaibh go hopann, agus ro ba mór an
sgél eissidhe munbadh nert Gall.



Indradh Maighe Corrain tighibh, templaibh lá hUa cCerbhaill Tadhcc Caoch,
agus lá Mag Cochláin (Art mac Corbmaic) a ndioghail a nanffolta ar Dhelbhna,
agus foslongport do denamh leó an oidhche sin san Lecach Amadláin.



Sean mac Í Neill do dhol sluagh ar Chloinn Aodha Buidhe, agus Brian
Faghartach Ó Neill mac Neill Óicc, mic Neill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe
fer aghmhar ionnsaighteach, saoí derlaictheach, deigheinigh, agus rédla
sholais na clannmaicne dia mbaoí do marbhadh lá Sean Ua Neill don chur sin.




L. 1514



AOIS CRIOST, 1549. Aoís Criost, mile, cuícc céd, cethrach, anaói.



O Baoighill Domhnall mac Neill mic Toirrdhealbhaigh décc, an .4. August.



Aibhilín inghen Í Domhnaill ben Uí Baoighill Toirrdhealbhach décc.



Maoíleachlainn Got Ua Madaccáin tanaisi Shil nAnmchadha do mharbhadh lá
Maoíleachlainn Modardha Ua Madagain, agus lá a bhraithribh a ndiocchail a
athar agus a dherbrathar.



Teach dionnsaicchidh i mBaile an Chaisléin Nuí lá Niall Ua Maoílechlainn
ar Ua Maoíleachlainn Tadhcc Ruadh, agus ar a bhrathair Murchadh. Ro
loiscceadh an tegh forra, Ro marbhadh, agus ro loiteadh tuilleadh ar fhichit
ann, Ro marbhadh naonbhar do láthair dibh. Terna Ua Maoíleachlainn agus a
bhrathair Murchadh as, acht ro gonadh Murchadh don chur sin.


L. 1516


An iustis Eduard Belligam do dhul hi Saxoibh, agus Uilliam Brabason
.i. an tresinér ina ionad, agus cúirt mhór las an iustis sin hi Luimneach. O
Cerbhaill do dhol gus an ccúirt sin ar comairce iarla Desmuman, agus mérae
Luimnigh, agus maithe Gall agus Gaoidhel, baoí ar in ccuírt, agus a theacht
slán for ccúlaibh maille le síothcháin do fein agus dá rann do
Ghaoidhealaibh .i. Mac Murchadha, Ó Ceallaigh, Ó Maoíleachlainn, agus
sochaidhe ele nach airimhther.



Baile Mic Adam do bhuain dEmann A Faii, agus Síol cCerbhaill do beith and
do ridhisi, agus ba mór luathghaire agus gairdeacus Éle de sin.



Donnchadh Ua Fergail tanaisi Ua fFergail do mharbhadh lá a dherbrathair fein
tre mheabhail.



O Suillebhán Diarmaitt, fear cendais cairdemhail niatta naimhdidhe do
losccadh lá pudar ina chaislén fein, agus a derbhrathair Amhlaoíbh Ó
Suillebháin do ghabhail a ionaidh, agus Amhlaoibh feissin do mharbhadh
iaramh.




AOIS CRIOST, 1550. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca.



Rudhraighe mac Donnchaidh mic Aodha Ruaidh Í Domnaill epscop Doire, agus
brathair ar aoi ttoile decc an .8. October, agus a adhnacal i nDún na
nGall in aibítt, S. Froinses.



An tabb (.i. Esa Ruaidh Eoin a aimnsidhe) mac Domhnaill Ruaidh Í
Gallchubhair décc, an .29. April.


L. 1518


Mac Suibhne Baghaineach Toirrdhealbhach Meircceach do mharbhadh i
mBaile Meic Suibhne lá Cloinn Coilin (.i. Uilliam, Tadhg agus Seaan),
agus la Cloinn Choinneiccein, .8. Ianuarii.



Ruaidhri Ballach mac Eoghain Ruaidh Mic Suibhne do bheith acc cuingidh
tighearnais Tíre Boghaine for Ua nDomhnaill, agus ó ná fuair do dheachaidh
gus na Ceallaibh Bega, agus ro leirindradh an baile lais, agus ro
marbhadhsomh iaramh la Maol Muire mac Aedha ria ccind raithe .i. an .31. do
Marta.



Mac An Bhaird Thíre Conaill, Feargal mac Domhnaill Ruaidh saoí fhirdhana,
agus oide sccol, fer ro ba mór ainm, agus oirdhercus ar fud Ereann ina
aimsir, congmhalaigh coitchenn tighe naoidhedh décc.



Antoni Sint Liger .i. an iustis, do bhí roimhe i nErinn do thecht i nErinn
ina iustis, agus drong mhór do mhaithibh Ereann do dhol ina dhochum gus an
ccuirt móir go hÁth Cliath.



Iarla do ghairm do Riocard Saxanach mac Uillicc na cCend.




AOIS CRIOST, 1551. Aois Criost, mile, cuicc céd, cáocca, ahaón.



Airdespocc Caisil Emann Buitiler mac Piarais .i. iarla Urmuman décc.



Murchadh mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh Ui Briain
iarla Tuadmuman a hucht Gall agus an righ, O Briain é do ghnath Gaoidheal,
fear aghmhar lé hionnsaicchidh, comhnart lé cothucchadh, suim, saidhbhir, co
niolmhaoínibh, ba hesidhe ced duine dia ro gairmedh iarla do Shiól mBriain do
écc, agus mac a dearbhrathar Donnchadh mac Conchobhair doirdned ina
ionadh.


L. 1520


Cathbharr mac Maghnusa mic Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh, mac Uí
Baoighill, agus mac Meic Suibhne Bhaghainigh do mharbhadh (go lucht luinge
faide amaille friú) la hAlbanchoibh i tToraigh an .16. do September.



Grainne inghen Maghnusa, mic Aodha, mic Aodha Ruaidh ben Uí Ruairc Brian mac
Eocchain do écc, an .29. April.



An iustis Antoni Sint Liger do breith soir, agus iustis ele do chur ina
ionadh co hErinn .i. Semus Croftes.



Sluaiccheadh las an iustis i nUlltoibh i ttosach foghmhair, agus ro chuirsiot
lucht ceithre nethar uathaibh co Reachrainn do chuingidh creach. Battar
clann Meic Domhnaill na hAlban isin oilén acc imdheaghail na criche .i.
Semus, agus Colla Maol Dubh. Feachar iomaireacc etorra go raoímhidh for na
Saxanchoibh co ná térna fer aithriste sgél díbh cénmotá a ttaoíseach
.i.leutenont ro gabhadh las na hAlbanchoibh agus baoísidhe i ngiallnus aca co
ffuairsiot a ndearbhrathair ass .i. Somhairle Buidhe Mac Domhnaill baoí i
ngeimhel ag Gallaibh Atha Cliath edh bliadhna rias an tan sin, agus
fuasccladh mór ele amaille fris.



Cúirt mhor i nAth Cliath iar niompúdh anall don iustis, agus ro gabhadh Ó
Néill Conn mac Cuinn iarla Tíre hEocchain an tan sin tria ionnlach agus
edarchosaoíd a mheic fein Fer Dorcha .i. an barún, agus coccadh mór do
dhénamh do chloinn óicc Í Néill fri Gallaibh agus fris an mbharún a
ndíoghail gabhala a nathar, agus díoghbhála iomdha do denamh etorra.



Sluaicceadh lá Gallaibh doridhisi i nUltuibh do dhioghail a naincridhe for
cloinn Meic Domhnaill, agus for cloinn Í Neill, agus for mac Neill Óicc mic
Neill mic Cuinn, mic Aodha Buidhe. Battar Ulaidh agus Albanaigh i nerlaimhe
ar a ccionn. Ro fighedh cathiorghal amhnus ainiardha etorra iar rochtain hi
ccenn aroile dóibh co ro meabhaidh for Ghallaibh, agus go ro marbhadh dá
chéd do Shaxanchoibh agus dEirennchoibh


L. 1522


don chur sin, agus a tterna as díbh tangattar ar ccúlaibh fó athais, agus fó
diommbuaidh don dá thurus sin.



Cúirt mhor i nAth Luain, agus Mag Cochláin do dhol gus an ccúirt íshin, agus
a phardún dfaghbháil dó, agus patent ar a dhuthaigh, agus Delbhna Ethra do
dhol fó chíos don righ.



O Conchobhair Failghe .i. Brian do beith illaimh i Saxaibh ó ruccadh soir
é, agus iarraidh do thabhairt dó for elúdh, agus breith fair. Fuairsiomh a
anam doridhisi, agus braighdenus siorruidhe as a haithle.



Domhnall Mág Congail décc.




AOIS CRIOST, 1552. Aoís Criost, mile, cúícc céd, caocca, adó.



Innradh, agus orccain Cluana Mic Nóis lá Gallaibh Atha Luain, agus na cluicc
móra do breith as an ccloicctheach, ní ro fáccbhadh fós clocc becc nó mór,
iomhaigh ná


L. 1524


altóir ná leabhar ná gémadh fiú gloine hi ffuinneóicc ó bhalla na heccailsi
amach nach ruccadh eiste. Bá truagh tra an gniomh sin indradh Catharach
Ciaráin an naoimh érlaimh.



Tadhcc Ó Ruairc tanaisi Breifne do chrochadh lá a mhuintir féin. At berat
aroile ro baoí cuid do Bhrian Ó Ruairc (.i. dearbrathair a athar) a ndénamh
an riaghtha íshin.



Mac Suibhne Fánatt Ruaidhri, agus Niall a bhrathair, agus Brian mac Emainn
do mharbhadh a bfioll hi mainistir.



Mathghamhain mac Briain mic Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh Í Bhrian do
mharbhadh lá muintir Donnchaidh mic Conchobhair Uí Bhriain.



Mac Uí Bhriain Tuadhmuman Diarmaitt mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh
décc oidhche Fhéile Bríghde, agus a adhnacal i mainistir Innsi.



Coccadh mór an bhliadhain si etir Ghallaibh do leith, agus Ulaidh (cenmothá
uathadh) agus Albanaigh don leith araill, agus uilc iomdha do dhénamh
etorra.



Sluaiccheadh las an iustis go hUlltaibh do ridhisi do shaighidh meic Neill
Óicc, (.i. Aodh Ó Neill) agus na nAlbanach. Do dheachaidh cétus drong do na
Saxanchoibh agus Mac An tSábhaoísigh sluagh rempa diarraidh creach. Do rala
mac Neill Óicc friu ag Bél Feirste. Do bert fuabairt fothaibh go ro mhuidh
forra go ro marbhadh mac An tSábhaisigh lais, agus da fhichit nó a tri
amaille fris. Ar a aoí do chótar na slóicch ele anonn, agus ro ghabhsatt acc
dénamh caisléin i mBél Feirste. Acht chena ní ruccsatt buaidh, agus ní
fhuairsiot braighde ná creacha, agus ro maoladh mórán dá medhair don
chur sin. Do thaodh iaromh mac Uí Neill Fear Dorcha (.i. an barún) sluagh mór
do chabhair an iustis agus na nGall, agus ní ranaicc lais rochtain ina cenn
in adhaidh sin, agus ro ghabh longport ina chomhfhochraibh. Ro len a
bhrathair Sean Donngaileach Ó Neill é co sluacch ele amaille fris, agus
do bert amus longphuirt isin oidhche ar sluagh an bhárúin, agus ro
mheabhaidh riamh forra co


L. 1526


torchrattar sochaidhe ile lais. Uilliam Prapasún tresinér an rígh i nErinn
lé hathaidh fhoda, agus do bhaí tan ina iustis, agus lás ar cumhdaiccheadh
cúirt i nÁth Luain décc for an sluaigheadh rémhráite. Ruccadh a chorp i
nethar co hÁth Cliath, agus a chroidhe iarsin gus an rígh do dearbhadh a
fhoghnamha agus a fhirinne dhó.



Ua Neill do beith illaimh bheós, agus a mac Sean Donnghaileach, agus mac
Neill Óicc (Aodh) do bheith acc dénamh coccaidh ar an mbarún, agus ar
Ghallaibh ina dhíoghail.



Sluaiccheadh ele is in ffoghmhar las an iustis i nUlltoibh, agus ní tharraidh
ní acht guirt do mhilleadh dó, agus drong dia mhuintir do mharbhadh, agus
tanaic gan riar gan síth.



Coccadh mor etir Ó Raghallaigh, agus na Saxanaigh, agus creacha iomda do
dhénamh lá hUa Raighilligh forra.



O Conchobhair Failghe do bheith i Saxoibh, agus gan súil cáich lé tocht ina
fhrithing dó.



Barún Dealbhna do dhol hi Saxoibh, agus a thecht tar ais ina friting iar
ccríochnucchadh a thoscca amhail as deach for caemhnaccair.



An iustis Semus Craft do dhol hi Saxoibh, agus an soinsilér Tomas Ciomhsócc
.i. Ciomhsoccach Baile Cúisin do beith na iustis ina ionatt.




L. 1528



AOIS CRIOST, 1553. Aois criost, míle, cúicc céd, caocca, atri.



Queene Mary do oirdneadh ós Saxaibh, an .6. Iuli.



Ammas oidhche do thabhairt lá a bhraithribh fein (Domhnall agus
Toirrdhealbhach clann Conchobhair Uí Bhriain) ar a ndearbhrathair Donnchadh
Mór mac Conchobhair (tighearna Tuadhmhumhan) go Cluain Ramhfhoda, an baile
do losccadh, agus darccain agus daoíne do mharbhadh leó, agus Ó Briain
Donnchadh do dhol isin tor baí isin mbaile dia imdhíden forra. A ttús an
corghais do shonradh innsin. Bá hé fochann na hesaonta sin etir Shíol mBriain
uair ro ghnouigh Donnchadh on rígh cert oidhreachta dia mhac fein go ro
gairedh barún de ar bélaibh a shinnsior. Ro lonnaiccheadh na dearbraithri
de sin conadh aire do rónsat an ionnsaicchidh remraite agus adberdís aroile
nár bhó machtnadh iatt do ghníomh ina ndearnsatt. Ro éirigh easaonta hi
tTuadhmhumhain desidhe, agus nír bhó cian báttar i nimreasain fria roile
uair ro écc Donnchadh Mór Ua Briain iarla Tuadhmuman satharn na páisi iar
sin, agus ro ghabh Domhnall a ionad.



Siubhán inghen Maghnusa Uí Domhnaill ben Uí Chonchobhair Sliccigh décc an.
16. Iún.



Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh Uí Bhriain décc.



Niall mac Feilim Uí Mhaoíleachlainn tanaisi Cloinne Colmáin fer ághmar
ionnsaightheach, agus fer a aosa bá ferr dia mhaicne do mharbhadh a ffiull
lá hUa


L. 1530


Maoíleachlainn Tadhcc Ruadh ag Bél an Atha ag techt ó chuirt
an Mhuilinn Chirr. Indradh Maighe Corrain, agus gabháil a chaisléin .i.
Cluain Lonain, agus an Caislén Nua, agus ionnarbadh Í Mhaoileachlainn lá
barún Delbhna agus lá Gallaibh Atha Luain a ndioghail marbhtha Neill mic
Féilim.



Maidhm do thabhairt ar Mac Uilliam Búrc .i. Risderd an Iarainn lá cloind
Tomais Bhacaigh A Búrc, agus lá Gailengachaibh dú in ro gabhadh Risderd
fein agus in ro marbhadh céd co leith dia shluacch.



Slóiccheadh lá hUa mBriain Domhnall hilLaighnibh go ndearna coinne lé
Gallaibh hi lLaoighis isin bport gur sccar rú amaille lé siothcháin. Rucc
dna braighde ó Ua cCerbhaill lais fri comhall siodha.



Inghen Uí Conchobair Failghe Mairghrécc do dol hi Saccsoibh, a hucht a
cairdesa, agus a gaoil thoir, agus a hucht a bérla diarraidh a hathar ar
an mbanríoghain Queen Maria, agus iar ndol di fo na grasaibh fuair a hathair
agus tucc lé i nErinn é, agus do radadh braighde ele ass don iustis, agus don
chomhairle .i. Rudhraighe Ó Conchobhair sinnsear a cloinne fein go
mbraighdibh ele amaille fris.



Clann iarla Chille Dara Geróitt Ócc, agus Éduard do teacht go hErinn
iar mbeith for iondarbadh dóibh fri ré sé mbliadhan décc is in Róimh is in
Ettaill, agus is in bFrainc, agus fuarattar aiseacc a nduithche, agus a
niarlachta ón mbanríoghain. Tainicc bheós mac iarla Osraighe Tomás mac
Semais mic Piarais Buitilér ina iarla i nionadh a athar.



Tanaic mar an ccédna oidhre Meic Giolla Pattraicc, Brian Ócc mac Briain
araon la cloinn iarla Chille Dara, agus lá hiarla Osraighe. Bá mór
luathghaire urmhóir Leithe Mogha dia ttoidheacht sidhe, agus ní ro shaoilsiot
aoínneach ar Sliocht Iarlachta Cille Dara iná Ua Conchobhair do thoidheacht
go bráth i nErinn.



Sluaiccheadh lá barún Dealbhna i nDealbhna Ethra ar tarraing Corbmaic
Chaoích agus Shleachta Ferghail Mécc Cochláin coictis i ndiaidh na samhna,
agus a bheith dí


L. 1532


oidhche hi ffoslongphort isin tír co ro loiscceadh agus co ro hindradh lais
ó Bhealach an Fhothair co Tochar Cinn Mhóna, agus bá hadhbhal in ro
mhillsiot an sluagh sin cen co ndearnadh creacha nó marbhadh oirdearc lais.



Coccadh dioghlach do eirghe etir Mag Cochláin, agus Sliocht Ferghail agus
Ó Maol Mhuaidh iarsin, agus dioghbhála nách sodhaing dfaisneis do dhénamh
etorra. Bá for an ccoccadh sin do rónadh gníomh iongnadh hi cCluain Nóna .i.
bachlach do mhuintir an bhaile fein do dhénamh feille far bhardaibh an
bhaile, agus triúr dersccaigtheach dibh do mharbhadh la tuaigh connaigh,
agus ben do bhaoí istigh do chengal agus an caislén do ghabhail lais, agus
ba dána an gníomh aen moghaidh innsin.



O Briain .i. Domhnall do chor iarla Cloinne Riocaird ón mBeinn Mhóir
baoí in iomshuidhe ar Shean A Búrc.




L. 1534



AOIS CRIOST, 1554. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a cethair.



Cathaoír mac Airt mic Diarmatta Laimhdeircc Meic Murchadha saoí ághmhar
ionnsaightheach, agus díol Laighen do thighearna munbhadh gabhaltas Gall
décc.



O Cerbhaill An Calbhach (.i. mac Donnchaidh) do mharbhadh lá hUilliam
Odhar, agus lá Sliocht Maol Ruanaidh Uí Cerbhaill, agus lá Conall Ócc Ó
Mórdha a ndioghail na feille do rinnesiumh ar Tadhcc Caoch rias an tan
sin, agus bá maith ro haithedh an míghníomh sin fairsiumh uair do rochair
fein agus Tadhcc Mac Donnchaidh a dearbrathair a ccionaidh an mhígniomha
sin ria ccionn mbliadhna, agus Ó Cearbhaill do gairm dUilliam Ó
Cerbhaill ina ionadh.



Sluaiccheadh lá Domhnall Ua mBriain tighearna Tuadhmhumhan go caislén
Dhúin Míchil ar Chonchobhar Groibhleach mac Donnchaidh Í Bhriain do
ghabháil an bhaile fair. Iarla Urmhumhan co na sluagh do thocht do
dhíochur Uí Bhriain ón ccaislén.



Sluaiccheadh lá hUa mBriain isin tsechtmhain iar sin hi cCloinn Riocaird go
ndearna creach mhór ar dhreim don tír. Dol ar sin dó go Dún Lathraigh,
Sliocht Riocaird Óicc agus Sliocht Maoílir A Burc do tocht ina chend, agus
do ghabhail oilemhna agus tuarastail uadh.



Maidhm Cinn Salach hi cCloich Chinn Fhaolaidh do thabhairt etir Cloinn
tSuibhne na tTuath lá samhna do shonnradh. Báttar iatt báttar do thaoibh don
iomairecc sin Mac Suibhne Eocchain Ócc mac Eocchain, agus a dearbhrathair
Toirrdhealbhach Carrach agus Niall mac Maol Muire. Clann Donnchaidh Mic
Suibhne don leith ele .i. Aodh Buidhe, Emann, agus Concobhar agus Domhnall.
Ro marbhadh ann sin Mac Suibhne co na dearbhrathair Toirrdhealbhach
Carrach agus Niall mac Maol Muire, do rochair


L. 1536


don taobh araill dias do cloinn Donnchaidh .i. Emann agus Conchobhar
do rorchrattar dna sochaidhe do deghdhaoínibh etorra adiú agus anall
cenmothát sidhe.



Mórsluaiccheadh lá hiarla Chille Dara, lá barún Dealbhna, agus lá
mór sochraide Gaoidhel i nUltoibh ar Fheilim Ruadh mac Airt mic Aodha Í
Néill ar tharraing tSeain Dhonnghailigh mic Í Neill. Do rónadh creach
mhór leó, agus bá mó oldás caoca ro marbhadh dia muintir don chur sin.



Sluaiccheadh lá hUa Neill Conn mac Cuinn do dhol for Cloinn Aodha Buidhe,
agus iar ndol dó is in tír ro thionóil Aodh mac Néill Óicc Í Neill agus
cland Mic Domhnaill ina mbaoí do slócch aca for a chionn imá comhrainic
dóibh co reimhidh for Ua Néill, agus go ro ládh ár a mhuintire uair
torchrattar tri chéd dia shlóghaibh.



Bóraimhe mhór .i. dá fhichit, agus tri chéd bó do roinn, agus do thogbháil
ar Dhealbhna Ethra diarla Chille Dara a néraic a comhalta Robert
Nugent ro marbhadh lá hArt mac Corbmaic Még Cochláin.



O Concobhair Failge .i. Brian do beith illaimh ag Gallaibh.



Aodh mac Anmchadha Uí Madagain tighearna Shíl nAnmchadha décc, agus
Sean mac Bresail Uí Madaccáin do gabháil a ionaid.



Tadhcc mac Aodha Uí Chobhthaigh priomhoide Ereann, agus Alban lé dán
décc.



Corbmac mac Fir Dorcha Meg Cochláin cenn a ghabhláin fein, agus adhbhar
tighearna Dealbhna Ethra décc hi cCluain Lonáin.




L. 1538



AOIS CRIOST, 1555. Aoís Criost, mile, cúicc céd, caocca, a cúicc.



Aodh mac Neill Óicc, mic Neill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe mic Briain
Bhallaigh Í Néill ticcherna Cloinne Aodha Buidhe, fer tóthachtach
toirbhertach dearlaictheach deigheinigh, rigdamhna ós ruireachaibh,
tighearna ar thrén chosnamh, fer ná tucc umhla, ná urraim daoín neach do
Ghaoidhelaibh agus ná ro léicc géill ná eidiredha uadha as a thír, agus agá
mbáttar géill, fer do rad bresmhadhmanna iomda ar Ghallaibh agus ar
Ghaoidhelaibh ag cosnamh a thíre friú do mharbhadh lá hAlbanchoibh durchor
peiléir.



Iustis nua do techt go hErinn .i. Tomas Susig, agus Antoni Sent Liger
.i. an sean iustis do dhióchur soir. Sluaiccheadh las an iustis sin fó chédóir ar
tarraing Í Neill do dhíochur cloinne Meic Domhnaill, agus na nAlbanach
báttar ag dénamh gabhaltais is in Ruta, agus hi Cloinn Aodha Buidhe. Baoí an
iustis co na shluagh lethráithe acc indradh na nAlbanach, agus do róine crecha
iomdha forra. Ro marbhadh céd no dhó do na hAlbanchoibh lais, agus luidh
co na shlógh for ccúla gan riar gan braighdibh.



Brian mac Cathaoír Ruaidh Uí Chonchobhair Fhailghe do mharbhadh lá
Donnchadh mac Uí Concobhair (.i. Brian).


L. 1540


Iustis na hEreann do dhénamh shlóighidh do dhol don Mumain. Ua
Briain do thionol shlóigh ele ina aghaidhsiumh, agus dol dó hi ccoinne an
iustis go hUibh Riaccain. Sídh do dhénamh dóibh re roile, Gaoidhil ó
Bhearbha go Sionainn ar sith Uí Bhriain agus Goill Mumhan ar síth an iustís.



Mac Uí Domhnaill .i. An Calbhach do dhol go hAlbain go nuathadh daghdhaoíne
ina caoímhtheacht, agus fuair sochraide shlóigh ó Mac Cailín (.i. Giolla
Espaig Donn) agus maighistir Arsibél a ttoisigheacht forra. Tanaicc iaramh
go ffeacht mór Albanach lais do mhilleadh agus do mhíimirt Tire Conuill. Bá
don chur sin do bert lais gonna dia ngoirthí an Gonna Cam las ro brisedh
Caislén Nua Innsi hEocchain, agus caislén Eanaigh. Iar tteacht dó cetus don
tír, ro gabhadh lais Ua Domhnaill Maghnus a athair hi rRosracha, ní ro leicc
uadha an fheacht Albanach sin on tsamhfuin a ttangattar go féil Brénainn ar
ccionn. Baoí tra Ua Domhnaill illáimh go a écc.




L. 1542



AOIS CRIOST, 1556. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, aSé.



Giolla Colaim O Clapaicch comharba Pattraicc i nUarán Maighe hAoí, cend
einigh, agus saidhbhriosa comarbadh Connacht, feichemh coitchenn do
thruaghaibh, agus do thrénaibh décc hi cCloinn Riocaird iar ná ionnarbadh
a hUaran, agus iar marbhadh a meic (Diarmait Ruadh O Clabaigh) lá
Cloind Chonnmaigh.



O Mórdha Conall Ócc do ergabháil las an iustis.



Caislén Lis Cluaine .i. i nDealbna do criochnucchadh lá Maoíleachlainn Ó
nDálachain hi fféil Matha Suiscél.



Cathraoínedh lá hUa mBriain Domhnall for Thadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain ag
caislén An Dísirt dú in ro marbhadh triocha do dhaoínibh nó ní as uille.



Donnchadh mac Uí Conchobhair Failge (.i. Brian) do erghabhail las an iustis i
nDruim Dá Maighe ar ionchaibh, agus ar eineach iarla Cille Dara. Ro chuir an
iustis, agus an tiarla teachta uathaibh leth ar leth gus an mbainrioghain go
Saxaibh dus créd a déradh do dhénamh las na braighdibh ísin uair baí Ó
Concobhair, agus Donnchadh go mbraighdibh ele illaimh ag an iustis an
tan sin. Ro léicceadh Ó Mórdha, agus Donnchadh Ó Conchobhair fó dhaighin na
comairce baoí aca .i. iarla Cille Dara, agus iarla Urmumhan mar nár
saoíleadh do dhenamh dhó.



O Fergail Bán .i. Tadhcc mac Conmaic décc iar sendataidh tocchaidhe.



O Madagain (.i. Sean mac Bresail) tigherna Sil nAnmchadha do mharbhadh lá
Bresal Dubh Ó Madagáin agus dá tighearna do ghairm ar Shíol nAnmchadha
.i. Bresal Dubh, agus Maoíleachlainn Modardha.



Uaithne mac Uilliam Uí Cobhthaicch saoí Ereann lé dán do mharbhadh san
oidhche a ffiull i mBaile an Luicc i Maigh Bachla, agus ní feas cia ro
mharbh.



Feilim (.i. Ua Docartaigh) mac Conchobhair Charraigh Uí Dochartaigh do écc
an .6. do December.




L. 1544



AOIS CRIOST, 1557. Aois Criost, míle, cuicc céd, caocca, a Seacht.



Indradh Arda Macha fo dhí i naon mhí las an iustis Tomas Suisig.



Mac Murchadha .i. Murchadh mac Muiris Caomhánaicch do bhásucchadh hi
Leithghlionn la Gallaibh, ar baí sidhe acc triall ardaighthe, agus esaonta
friú co ro fheallsat fair istigh i tticch na comhairle.



Caislén An Fhedáin i nDelbhna Eathra do ghabhail lá braghaitt baoí illaimh
ind, agus a thabhairt do Mhág Cochláin, agus Sliocht Fergail dionnarbadh,
agus a mbraighde do crochadh luan initte .i. an céd lá do Mharta.



Caislén Racra do bhrisedh lá hUa Maoíleachlainn agus lá Gallaibh Atha
Luain. Coccadh deirghe etir Mág Cochláin agus Ó Maoileaclainn iarttain.



Indradh Ua fFailghe, agus Síol cConchobhair dionnarbadh as an tír
doridhisi agus a mbraighde do congbhail lás an iustis. Atiat na braighde O
Conchobhair Failge, agus mac a dearbhrathar .i. Rosa mac Murchaidh co
sochaidhibh ele amaille friú. Ro basaighitt na braighde sin uile lá Gallaibh
acht Ó Conchobhair namá.



O Mórdha Conall do gabháil lá Gallaibh, agus a bhásucchadh leó hi
Leithghlinn. Ba truagh tra lá Gaoidhelaibh an diach sin do bretha for a
saorclantaibh soichenelchaibh gion gur cuimhgettar ní dóibh.



Sluaiccheadh las an iustis do dhíochur Shíl Conchobhair as Miliucc
iar na


L. 1546


clostin dó a mbeith ann, agus gonnadha móra dimfhedhain agus do
tharraing lais go hAth Luain, agus assidhe, i narthraighibh go Miliucc, agus
a sluagh tré Bealach an Fothair agus do Lurccain Lusmaighe, agus é fein ina
ffarradh. Ro gabhadh iaramh Miliucc agus Brec Chluain lais, ro marbhadh
Donnchadh mac Colla, agus drong ele don bharda amaille fris. Ro croithedh
agus ro hindradh an tír uile don chur sin. Do hionnarbadh clann
Mhaoileachlainn Bailbh as an tír gus na dibearccaibh amaille friú. Fáccbhais
an iustis constabla Saxanach hi Miliucc .i. maighistir Fransis, agus rucc
braighde on dá Ó Madagáin .i. Maoíleachlainn Modardha, agus Bresal, agus
braighde ele ó Mag Cochláin .i. a mac agus araill ele conadh amhlaidh sin ro
gabhadh Síol nAnmchadha, agus ní hurusa a ríomh nach a airiomh gach ar
milleadh don turus sin. Trí sechtmaine ria Lughnasa do shonnradh innsin.



O Ferghail Bán Domhnall do marbhadh lá Fachtna mac Taidhcc Uí Ferghail
agus Fachtna feissin dionnarbadh trias an ngníomh sin lá Gallaibh.



Domhnall mac Laoighsigh Uí Mhórdha tighearna Sleibhe Maircce do crochadh lá
Gallaibh .i. lá maighistir Sili.



Sluaiccheadh las an iustis hi fFeraibh Ceall do dhíochur na ffoghladh este ar
ro chualaidh co mbattar for coilltibh Fher cCeall. Gabtar lais Tepóid Ó
Maol Muaidh co mbraighdibh ele. Luidh assidhe go hÉle go ro gabadh Leim
Ui Bhánáin lais, agus bá hé feabhas a eich rucc Ó Cerbhaill ass uadha.
Soais an iustis tar a ais iar ttabhairt mesccbhuaidhreadh for Ghaoidhelaibh
na nionadh sin. Teid iaramh hi Saxaibh, agus fáccbais an treisinér ina
ionadh. Sluaiccheadh ele las an treisiner hi fFearaibh Ceall dia dioghail
ar Ua Maol Muaidh .i. Art bheith ag caomhna na ceithirne coille, agus na
ndíbherccach. Ro hiondradh an tír ó choill


L. 1548


soir, Ro loiscceadh Baile Mhic Abhainn agus
Lann Eala tighibh templaibh, agus ro marbhadh mac Uí Maol Muaidh .i. An
Calbhach acc Bél Atha Glaisi las an tresiner cona shlógh don chur sin.
Tainicsidhe doridhisi, agus ro losc an tír, agus ro gherr a coillte, agus ní
tard sith nó ossadh dUa Maol Muaidh acht a athchor agus a ionnarbadh, agus
trétúir do ghairm dhe, agus tarccaidh tighernas do Thepóid Ó Maol Muaidh iar
ffágbháil a mheic mar brághaitt aicce ina ionadh fein.



Coccadh adhbhal etir Ghallaibh agus ina mbaoí amuigh ina nacchaidh do
Ghaoidhelaibh .i. Síol cConchobhair, Síol Mórdha, agus Síol Maoíl Muaidh
agus Síol cCerbhaill co nach éidir a riomh an líon creach marbhtha, agus
foghla do rónadh leó ó tá Sionainn go Sliabh Ruadh, agus ó tá Bladhma go
Cliodhna, agus ó tá Eóir gus an cCliodhna ccedna.


L. 1550


O Cerbhaill (.i. Uilliam Odhar) do gabhail caisléin An Léime ar
Ghallaibh iar bfaghbháil baoghail fair.



Toirrdhealbhach mac Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc an Chomaid
Uí Briain décc.



Seaan Ó Neill .i. mac Cuinn, mic Cuinn do thecclamadh, agus do lértionol
slóigh lánmhóir do dhol i tTír Chonaill .i. na hAirghialla uile, agus ina
mbaoí do Ghallaibh agus do Gaoidhelaibh o Tráigh Bhaile Mic Buain go Finn.
Tangattar sidhe uile ina thionól, agus ina thoicheastal, agus ní ro
hairiseadh las na sloghaibh íshin go ro gabsat longport lethan laocharmach
cetus acc An cCarraicc Leith etir dá abhainn .i. Fionn, agus Modharn. Bá
sóinmheach ro both illongport mic Uí Neill ar ro baoí creic agus
cennaighecht medha, agus fíona, agus édghadh nuasal, agus gach nadhailcce
archena ann. Ránaicc sccéla go mac Uí Neill go ro chuirset Cenél cConaill a
mbú agus a mbótháinte i ndiamhraibh agus i ndroibhélaibh an tíre iar ná
ccúlaibh, attbertsomh nat baoí bó díobhsiumh dosuidhe, ar cia nó tiostaoís
ilLaighnibh nó i Mumhain, nó biadhsomh ina lurcc conas tuccadh go
riaraighthe iatt fó a mhamus bádhéin, coná biadh acht aon righ for Ultaibh
do ghrés. Cenél cConaill dna as amhlaidh báttar séin agus Ua Domhnaill
Maghnus i neasláinte agus i neneirte, agus é illáimh accá mhac An
Calbhach fri ré dá bliadhan raimhe sin, agus An Calbhach hi ccendas na
tíre. Baoí bheós a dherbrathair Aodh co na lucht lenamhna hi ffrithbert
fris, agus baoí sidhe hi ffarradh Sheain, a brathar an tan sin. O
ro chualaidh An Calbhach Sean


L. 1552


co na shlóghaibh do ghabháil longphoirt i nur na tíre ro bhaoí agá sccrudadh
ina mhenmain dus cidh do ghénadh fris an eiccendáil móir ro baí acc
tomhaithemh fair, agus ro chomhairléicc fria athair Maghnus cia hairmimirt
do ghénadh for cionn a bhiodhbhadh cecib tan tiostaois don tír. Bá sí
comairle do rad Ó Domhnaill a athair dhó ó ná baoí coimhlíon sloicch lá mac
Uí Neill gan dol a naires catha chuicce acht airisiomh acc imdheaghail a
muintire cen co ttoirsedh don tír, agus dia ccaomhsadh an tan sin amus
longpoirt do thabhairt fair dia mhesccbhuaidhreadh. Bá dóigh lais nó bhéradh
cosccar. As fair deisidh aca innsin. Dála Sheain Í Néill cona shlocchaibh ro
tairmcheimnighsiot gan airisiomh on cCarraicc Léth go rangattar tar Finn lá
taobh Ratha Both trés an Laccán go ro gabsat sosadh agus longport lá taobh
Baile Aighidh Chaoín a ccomhfhoccus don tsruith siles as an topar dianidh
ainm Cabharthach. Do rónadh botha agus bélsccalána lá a shlógaibh iar sin. An
Calbhach imorro, as ann baoí sidhe co na mac Conn an lá sin i noireachtas hi
mullach Beinnín co nuathadh ina fharradh, ar ní bhaoí acht aon triocha
marcach, agus dá chorughadh gallócclach do Chloinn tSuibhne Fhanatt .i.
Sliocht Ruaidhri im Ualtar mac Murchaidh, agus Sliocht Domhnaill im
Dhomhnall Ghorm Mac Suibhne, agus od chualaidh An Calbhach Sean cona
shlocch do teacht in dú sin, ro fhaoídh dias dia shainmhuintir do
thaisccéladh for na slóghaibh agus battar iad a nanmanna Donnchad Ócc mac
Donnchaidh Ruaidh Meg Uidhir, agus Muiris Mac Ailín. Do chodar sidhe dni go
mbattar gan rátucchadh i ttréchumascc na slógh uair


L. 1554


baoí do líonmhaire, agus do lérdhacht na slócch baí annsin nár bhó sodhaing
dóibh badéin aithne for aroile gémadh lá nó beith ann muna ttabrattaoís
aithne for a nairechaibh namá. Ro ghabhsat an dias remraite ag imtheacht ó
gach tene gó aroile go rangattar gus an ttene móir medhonaigh boí i ndorus
puiple meic Í Néill agus suttrall adhbhal mhór (ba reimhither medhón fir
eisidhe) baoí for buan lasadh eadh ón tene co sesccatt gallócclach gruamdha
gniomhaighmhéil go mbiailibh aithghéraibh ailtnighe i noirchill a nimertha
aca, agus co sesccat Albanach aindiud aindiarraidh cona ccloidhmhibh troma
taoibhlethna tortbhuilleacha ina lámhaibh fri hiombualadh agus airisiomh ag
foraire agus ag forchoimhéd mheic Í Néill. An tráth tháinicc ionam
proinnighthe dona slóghaibh, agus ro both ag roinn agus ag focchail forra ro
righset an dias taiscelta ro raidhsiom a lamha gus an ronnaire a ccuma
cháich, agus bá sedh do rala ceinnbert co na lán mine co ffurthain na mine
dim. Luidhset for ccúlaibh iaramh gus a nionncomhartha sin leó do shaicchidh a
muintire, agus bá iar ná thaisbenadh ro creideadh uatha na sccéla ro
aisneidhsiot. Ro forchongair An Calbhach for a muintir a neidedh fó cedóir,
do rónadh fairsiumh gan fhuireach innsin, do chóidhsiot an dá chórucchadh i
nen chórucchadh, agus Conn O Domhnaill dia chois etir Uáltar agus
Domhnall, agus do rad a each dia athair. Lottar rempa do shaighidh an
longpoirt, agus ní ro ansat go rangattar, gus na buidhnibh


L. 1556


medhónchoibh báttar acc forchoimhéd mheic Í Néill. do bertsatt uardhúsccadh
námhat for lucht an longpoirt, agus ro ghabhsatt for comhmarbhadh, agus for
comhmudhucchadh, acc airleach, agus acc athchuma, ag ciorrbhadh, agus ag
coimhleadradh a chele dia mbiailibh bláithibh bithfaobrachaibh, agus dia
ccloidhmhthibh cruaidhgeara curata go foirrgitt fir, agus co ro leonait
laoích lás an ffianlach do deachaidh andsin. Od chualaidh Sean torann an
tromslóicch, agus brosccar na mbuidhen bá dearbh lais báttar námhaitt
tángattar don longport, agus at láisidhe tré iarthar a puiple gan
ráthucchadh. Ro baí an adhaidh ag ferthain a fros fíorfhliuch, agus a
casarnach ciúnbhraon co ro thuilsiot aibhne, agus inbhera an tíre. Ro
sraoíneadh for an sluagh sin Chenél nEocchain fó dheóidh tré nert iomgona
agus iombualta co ro ládh a nderccár. Sean imorra ní ro len cidh aoínneach
dia muintir é, achtmadh aon dias do mhuintir Aodha mic Maghnusa Í Domhnaill
im Dhonnchadh mac Feilim Fhinn Uí Ghallchubhair, agus luidh tré athghoiritt,
agus tré diamhair gacha conaire go rainicc tar Daoíl, tar Finn, agus tar
Deircc, agus bá for snámh na tteóra nabhann sin do dheachaidh cona dhias
caoimhtheachtaidh, assidhe go Termonn Uí Moain go ro chendaigh each Ó na
Moain in adhaidh sin, agus ráinicc fádheóidh lá dobhar shoillsi na maidne go
hAireccál Dá Ciarócc. Ro airis An Calbhach cona bheaccshluagh (ina mbaoí
roimhe don oidhche) isin longphort medhrach mhóirmhenmnach baí lá Sean
Ua Neill a ttus oidhche, agus battar acc comhol finfhledh na foirne sin for ro
sraoíneadh leó co madain ar a bharach. Do radadh edala iomdha a ttaisbénadh
leó isin ló ar ccinn etir arm, erradh, edeadh, agus eochaibh conadh ceithre
fichit each


L. 1558


baoí do chomhrainn edala ag Conn mac an Chalbhaicch cenmotha each oirdheirc
mic I Neill dia ngoirthi Mac an Iolair. As ing má ro frith hi maidhm
Chnuic Buidhbh Dheircc ro brissedh lá hUa nDomhnaill (Aodh Ócc mac Aodha
Ruaidh) ar Ua Neill samhail a ffuairsiot Cenel cConaill dédalaibh don
chur sin.


L. 1560


AOIS CRIOST, 1558. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a hocht.



Iarla Desmhumhan Semus, mac Seain, mic Tomais, mic Semuis mic Geróitt
iarla décc. Bá doiligh dia dhúthaigh dith an deighfhir sin óir ní riccthí
a les eallach dionnraitne, nó dorus do dhunadh ré a linn ó Dhún Caoín hi
cCiarraighe co Cummar Tri nUiscce nimelglas hi ccoiccrich Chóicceadh
Eachdhach mic Luchta, agus Laighen, agus a mhac Geroitt dóirdneadh ina
ionadh.


L. 1562


O Briain Tuadhmhumhan Domhnall mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic
Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Chatha an Aonaigh dionnarbadh as
a athardha lá iustis na hEreann, agus an iarlacht do bhuain de las an iustis
cedna .i. Tomas FitzUater, agus lá mac a dherbhrathar Conchobhar mac
Donnchaidh, mic Conchobhair Uí Bhriain. Cluain Ramhfoda, Bun Raite, agus an
Clár Mór puirt oireachais na tíre, agus ní hiatt amháin acht an tír uile etir
fhasach agus áitiucchadh dfágbháil ar durn mheic Donnchaidh Uí Bhriain lá
Gallaibh agus a oirdneadh mar iarla os cionn na criche sin, agus rob é sin
céd iarla Cloinne Cais iar nainm gion gur bé iar nóirdneadh. Ro fhás adhuath
agus ursccath, gráin, agus gábhadh i nGaoidhelaibh glanBhanbha don gníomh sin
.i. tre dibirt Domhnaill Uí Bhriain, docriothnaighsiot beós Clanna Cuinn
agus Cathaoír, Sliocht Eirmhoin agus Eimhir, Ir agus Ithe don claochludh sin.



An barun Ó Neill, Fer Dorcha mac Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Énrí mic
Eocchain do mharbhadh go mioghaolmhar lá muintir a dhearbhrathar Sean agus
dob é


L. 1564


adhbhar a oidhedha uair ro samhlaighedh airechus a athardha ris damadh
taoscca do éccfadh a athair inás.



Mac Uí Chonchobhair Fhailgigh .i. Donnchadh mac Briain mic Cathaoír mic Cuinn
mic an Chalbhaicch do mharbhadh lá hUa nDíomasaigh .i. Uaithne mac Aodha
do fhaccaibh an bhás sin Berbha fá bhrón, agus Failgigh co fann, agus
Laighin hi lén, agus fá fhéil Patraicc do shonnradh do rónadh an gniomh
sin.



Maidhm mór la hiarla Cloinne Riocaird ar Albanchoibh, agus ro bé an tiarla sin
Riocard mac Uillicc na cCenn, mic Riocaird, mic Uillecc Cnuic Tuagh, mic
an Uillicc Medhonaicch mic Uillicc an Fhíona, agus ro biad na hAlbanaigh
for a ttuccadh an maidhm sin Domhnall mac Dubhghaill mic Giolla Espuicc Mic
Ailin, agus Dubghall mac Donnchadha mic Giolla Espuicc Mic Ailín, dá
ócc chonsapal urramhanta báttar acc reic a namhsaine athaidh fhada lé
hUltoibh, agus lé Cenél Conaill sech cách. Do iomraidhettar etorra fein lé
borrfadh beódhachta agus lé hiomarcraidh árrachtais na hoirir sin
dfagbháil, agus dol doirdhercucchadh a nanmand ar fud


L. 1566


chóiccidh Connacht, agus as edh ro ghabhsat
cetus co Crich Cairpre mic Neill tre Iochtar Ua nOilella, do crích Ghaileng
(bhail in ro cobhsaigh Corbmac Gaileng mac Taidhcc, mic Cein, mic Oilealla
Oluim iar lot enigh a athar) agus do Thír Amhalgaidh mic Fiachrach. Tánaicc
Mac Uilliam ina ccoinne annsin .i. Risdeard an Iarainn mac Dauid, mic Emainn,
mic Uillicc, agus ro gheall a ccotucchadh ar dháigh chreach lomtha a
chomharsan agus folmaighthe a easccaratt. Od chualaidh iarla Cloinne
Riocaird an coimhthionol coiccriche sin do theacht lé a thaobh do thionoil an
lion as lia ro fhéd darmáil éideadh, agus ordanais, agus ní ro airis gus an
maighin a mbádar na hAlbanaigh ag Muaidh, agus rob feirde dó a nionnsaicchidh
uair do bhris for an ffedhain allmardha, agus for na foirnibh
fraochduilghe sin, agus ní ro cuimhnighsiot a fad ó nathardha, agus ó
mbraithribh bunaidh uair ro fhulaingsiot dá nesccairdibh a nairleach ar
én lathair. Do marbhadh annsin Domhnall agus Dubhgall, agus bá ferr buaidh a
nanacail oldás buaidh a ngona uair do gébhthaoi a ccomhthrom dá gach ernail
ionnmasa estibh, agus dob éttreinitte Albanaigh co cend athaidh dá naimsir hi
ccoicceadh Chonnacht an ionnsaicchidh sin.



Sraonmhaidhm do thabhairt lá Saxanchoibh ar Uilliam Odhar (.i. Ó Cerbhaill)
mac Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh mic Seain Uí Cherbhaill ar mhagh Chinn
Corcaighe. Do hesbhaighedh óicc, agus do mudhaighedh mílidh ar an magh sin,
agus do fáccbadh ann Murchadh Gengcach mac Emainn, mic Murchaidh, mic Emainn
Mic Suibhne do chonsaplaibh Dál cCais, agus do Thír Bhoghaine iar
ndúthchas, agus térna Ó Cearbhaill fein as an ffoiréiccen sin.


L. 1568


Airchideochain Cille Dá Lua décc .i. Donnchadh Ócc mac Donnchaidh, mic
Niocóil Uí Gráda, tighearna hi ccill agus hi ttuaith an tí testa annsin.



Queene Elizabeth do oirdneadh ós Saxaibh an .17. Nouember.




AOIS CRIOST, 1559. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a naoí.



O Neill Con Bacach, mac Cuinn, mic Enri, mic Eocchain décc iar ccaithemh a
aoisi agus aimsire gan oilbeim gan imdherccadh, agus ro ba doiligh do Chenél
Eócchain a éccsidhe munbhadh a shendataidh agus a shenórdhacht, agus a
dhíol doidhre dfaccbháil ina ionadh .i. Sean.


L. 1570


Emann Buitilér, mac Tomáis, mic Emainn, mic Tomais décc, tigherna Trena
Cluana Meala agus Chathrach Dúine Iasccaigh for Siúir, buabhall bláith
bionnfoghrach maighre taoíbhgheal tlachtchorcra do thimdhibhe a ttús a aoíse
agus a aimsire, agus dearbhrathair a athar do ghabhail a ionaid .i. Piarus
mac Emainn.



Iarla Tuadhmhumhan, Conchobhar mac Donnchaidh mic Conchobhair Uí Bhriain ar
suidhe ré hacchaidh Innsi í Chuinn a mí Iún do shonnradh ar cloinn Murchaidh
Uí Briain, agus baoí mac do cloinn Murchaidh is in mBaile .i. Donnchadh agus
do baí Tadhcc mac Murchaidh Í Briain i mbiothghnais agus a
mbuanchoimhitteacht iarla Desmumhan ó dibirt Domhnaill Uí Briain go nuicce sin
agus do eccaoín Tadhcc a anbforlann ris an iarla, agus a dubhairt gur
bhaoghal lais a beith gan baile gan brathair muna ffaghbhadh furtacht a
bfoccus. Do ghabh an tiarla an iomchosaoid sin Taidhcc, agus do chuir gairm ar
a ghlansluaghaibh, agus tionol ar a thuathaibh. Gidheadh nír an lé
cruinniucchadh mar ba cóir acht do cheimnigh ar a chertaghaidh go dédla
dásachtach tré shruthrachaibh Sionna sriubhgloine. Od chualaidh iarla
Tuadhmumhan an tionol sin acc triall fo na thuairim do éirigh ó Inis Í Cuinn,
agus do fháccaibh an foslongport folamh, agus do ataigh a fhíorchara imá
fhóiridhin .i. iarla Cloinne Riocaird, dob feirde dó an tatach sin óir nír an
le a aithiarraidh acht do ghluais fó chédóir, agus ní ro airis gus an maighin
hi mbaoí iarla Tuadhmhumhan. Dala iarla Desmumhan ní ro hanadh lais go
ndeachaidh ar faithche Innsi Uí Chuinn, agus ro fhill tar a ais go Baile I
Aille an oidhche chédna. Nir bhó fada ó raile foslongpuirt na niarladh an
oidhche sin. Ro éirigh iarla Desmumhan a mochdedhail na maidne ar na bharach,
agus tuc corucchadh catha, agus inneall iombualta ar a óccbaidh, óir bá dóigh
lais nach tternaifedh gan troid on dá tighearna tarla


L. 1572


agá thoraigheacht. Bá fíor ón innsin óir do ghabhsat acc caithemh agus acc
comhfuabairt aroile ó áitibh a longport go fosadh mullaigh Chnuic
Fuarchoilli. As annsin do thoiligh an toice, agus do chedaigh an chinnemhain
a ccur ar aon maighin, agus do athraigh sén catha Cloinne Cais an lá sin óir
dob é a ngnathucchadh co nuicce sin maidm do gnuisibh ar Gheraltachaibh rempa
in gach tulaigh a ttacrattaoís, agus gémadh é an lá sin fein baoí Tadhcc mac
Murchaidh í Bhriain ag tabhairt na troda maille lé Geroid. Do bhen Gearóitt
mac Semais, agus Tadhcc Ó Briain teibedh na teccmala, agus coimheirghe an
chnuic as na hiarladhaibh uaisle ainmera do shanntuigh a shárucchadh, agus do
fhobair a fhortamhlucchadh go ro fháccbhattar a nóccbaidh fo armaibh a
nesccarat agus fó bhreith a mbíodhbhadh. Do fáccbhadh annsin Donnchadh Gobha
mac Briain mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc mic Mathghamhna, agus ro marbhadh
ann drong do deghdhaoínibh Shíl Aodha, agus ro marbhadh and ardconsapal
Cloinne Riocaird .i. Emann mac Ruaidhri Mhóir Mic Suibhne, Colla mac
Murchaidh mic Ruaidhri Mhóir. Ro marbhadh dna triur mac Murchaidh, mic
Donnchaidh mic Domhnaill na Madhmann Meic Suibhne .i. Conchobhar consapal
Tuadhmumhan Eoghan, agus Donnchadh. Ro fáccbadh ann clann Emainn mic
Murchaidh mic Emainn Meic Suibhne .i. Maol Muire Buidhe, agus Donnchadh.
Ní biú dá nairemh ní bus siri acht térnó iarla Desmumhan iar mbuaidh
ccosccair, agus ccomhmaoidhme tar a ais.



Sluaiccheadh cendais fedhna lá hUa cCerbhaill Uillim Odhar mac Fir Gan Ainm
mic Maol Ruanaidh, mic Seain ar Mac Uí Briain Ara .i. Toirrdhealbhach mac
Muircertaigh, mic Domhnaill, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Murchaidh
na Raithnighe. Do lomadh, agus do lérscriosadh an tír go tinnesnach lá hUa
cCerbhaill ó Bhél an Átha go Muileann Uí Óccáin. Do marbhadh leis sa ló
cédna dearbhrathair


L. 1574


Mheic Uí Bhriain .i. Murchadh mac Muirchertaigh saoí cinn fhedhna as lúgha
dob olc dóccbaidh Sleachta Briain Ruaidh. Do chuir Mac Uí Bhriain
cruinniucchadh ar a chairdibh as a haithle do dhol daithe a easonóra ar
Ua cCerbhaill, agus ar ttocht dá triathbuidhnibh na timchell do easccna ar
a aghaidh, agus as edh choccair Uí Chairín do creachlomadh don chuairt sin,
agus as ann ro chinn an chinnemhain dUa Chearbhaill beith ar a chionn an
oidhche sin ar mullach cnuic i nUibh Cairin acc eisteacht fris an tír ina
thimcheall, agus as ó bhun an chnuic ar ar chobhsaigh Ó Cerbhaill do léicc
Mac Uí Bhriain sccaoíleadh da scceimheltoibh darccain na noirer. Ar
nimtheacht dá óccbaidh uadha do chonnairc Ó Cerbhaill chuicce a ccórucchadh
catha, agus i norducchadh iommbuailte, ni mo chion neach gan nert a fhulaing
ná a iomgabhala tarla ar a ionchoibh annsin. Ro marbhadh don chur sin gach aon
rob inéchta do muintir Mheic Uí Bhriain. Do mharbhadh ann a chonsapal .i.
Eremhon mac an Giolla Duibh, mic Concobhair, mic Donnchaidh Meic Suibhne. Do
ghabhadh ann Mac Uí Bhriain fein, agus baoí tarbha sa tesarccain sin óir nír
imtigh gan a fhuasgladh.



Tadhcc an tSuasáin mac Domhnaill mic Conchobhair Uí Briain décc hi
fFeraibh Manach i ndúthaigh Még Uidhir, agus é acc cur a cuarta etir a
chairdibh coicriche iar na ionnarbadh as a athardha araon la a athair an
bliadhain roimhe sin, fer a aosa do bferr luth agus lántapadh miletacht agus
marcachas do Clandaibh Corbmaic Cais, agus a adhnacal in Achadh Beithe.



An Calbhach Ó Domhnaill do ghabháil lá hUa Néill Sean an 14 do Maii. Bá
hamhlaidh arricht an ghabhail íshin. Cathbharr mac Maghnusa do bheith a
ffrithbert friss an cCalbhach, agus fria a mac Conn. Bá hann baoí ionattacht
Chathbhairr for Crannóicc Locha Bethaigh. Ro tionoileadh sluagh an tire im
Chonn mac an Chalbhaigh co mbattar hi fforbaissi imon ccrannóicc. Bá hann
baoí an Calbhach an tan sin hi cCill O tTomhrair go nuathadh sochaidhe
cenmothát mná agus filedha.


L. 1576


Ro mhairnset drong do Chenel cConaill dUa Neill an Calbhach do bheith
fón ionnas sin gan fhorchoimhéd gan iomchosnamh. Ní ro failliccheadh lá hUa
Neill an ní sin go riacht gus an líon slóigh roba data lais gan rabhadh gan
rathucchadh go ro iadhsatt imon teghdhaisi mbaoí an Calbhach is in mainistir
co ro erghabhsat é féin agus a bhen .i. inghen Mec Gilleain, agus ruccsat leó
iatt co Tír Eócchain. Do radadh cimidheacht dochraidh dichoinirchil iaramh lá
hUa Néill don Chalbhach agus ro aontuigh sidhe beós la hinghin Mec
Gilleaain co rucc cloinn ndó, agus munbadh an uain frith ar Cenel cConaill
don chur sin ní ba sodhaing do Ghaoidhealaibh breith a fflatha uatha an
tucht sin.





AOIS CRIOST, 1560. Aoís Criost, mile, cúicc céd, seascca.



Inghen Meg Carthaigh .i. Aibhilín inghen Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh
ben iarla Desmumhan as a haoidedh .i. Sémus mac Seain, mic Tomais, agus ben
iarla Tuadhmumhan iarsin .i. Conchobhar mac Donnchaidh mic Conchobhair, ben
dércach daonnachtach connail chráibhdeachan contaois sin décc agus a
hadhnacal i notharlighe o sinnsear .i. i nOirbelach.



Mág Mathghamhna .i. Art Maol mac Remainn, mic Glaisne do marbhadh ar sluagh
Í Neill desbaidh a iomcoimhéda lá hAlbanchaibh etir dá fhedain hi
Rúta Meic Uidhilin. Céid rinn gacha catha, agus coimhédaidh a choda don
chóicceadh i nacchaidh fer mBregh, agus Midhe an tí torchair annsin,
agus mac a dherbrathar doirdneadh ina ionadh .i. Aodh mac Briain na
Moirceirghe mic Remainn mic Glaisne.



Tadhcc agus Eocchan da mhac Uí Ruairc .i. Brian (.i. Brian Ballach) mac
Eocchain Uí Ruairc dimtheacht daoidheadhaibh anaibche. Eocchan cedamus as
amne fuair aoidhedh, bheith i mbraighdenus agá brathair ag Tadhcc, agus as é
baile ina raibhe hi laimh hi Liathtruim, agus tarla dó go bfuair faill sa
fforchoimétt baoí fair, agus


L. 1578


ro mharbh an fer baoí aga iomchoimhéd ó Thadhcc, do chóidh ar barr an bhaile,
agus ro fhuaccair go raibhe an caislén ara chumas, agus nár chóra don tír
Tadhcc do thaobhadh ina eissiomh. Od chualaidh gíomanach bhaoí amuigh do
mhuintir Taidhcc in ní sin do leacc a ghruaidh ar a ghonna, agus do amais
Eocchan go hindelldírech co ndechaidh an pelér tré na imlinn gur fháccaibh
gan anmain. Tadhcc dna do báthadh hi ffoghmhar na bliadhna so ag dol do
codladh ar chrannóicc ísil iarccúlaigh hi Muintir Eolais. Do badh coll nit
nathrach, agus dob arccain én ngribhe, agus do badh saicchidh leptha ar
leomhan a nionnsaicchidh dámadh deinleith nó imerdais.



Tadhcc Buidhe mac Cein, mic Oilella Uí Eghra do mharbhadh lé Cathal Ócc
mac Taidhcc mic Cathail Óicc Uí Conchobhair, agus nír chin ó chein máir
hi cConnachtaibh diarsma Corbmaic Gaileng, fer badh ferr ar fheracht
eich agus ar aoidhedhcaire inás.



Comhfhuabairt chatha agus imghealladh iorghaile etir iarla nDeasmumhan .i.
Geróid mac Semais, mic Seain, agus iarla Urmumhan .i. Tomás mac Sémais mic
Piarais Ruaidh mic Semais, mic Emainn, agus do bé adhbhar a nimresna ferainn
chois Siúire, agus Eóganacht Caisil (dúthaigh Shleachta Eoghain Mhóir,
agus Chloinne Corbmaic Cais) gá roinn ré roile ag na hiarladhaibh anduthchasacha
sin, agus ó nár fédadh síodhucchadh do na saorclandaibh do aontaighettar dol
i naimsir airidhe i naires catha ré roile agus as í tulach tegmhala do
thoghattar an Bóthar Mór a ccomhghar Cnámhchoille, agus Tioprat Arann.
Do chruinnighettar a ccomhfhoiccsi Gall, agus Gaoidheal leth ar leth ó
Bhealach Conglais mic Duinn Désa an fhéindedha i niarthar dá chuicceadh
mínaille Mumhan gus an mBerbha mbánsccothaigh, agus ó Loch Garman Glais
mic Boma Lice co cuan Luimnigh lethan chubhraigh hi ccoiccrich Ua
fFidhgeinte, agus na


L. 1580


Déisi Bicce ré Caoille an Chosnamha. Ar tteacht do na tromshluacchaibh
tul i ttul, agus aghaidh i nacchaidh do chuir an taon nDia aingel na
siothchana dá saighidh ionnas gur síodhaighedh etir na sochaidhibh agus gur
ghabhsatt céill imon ccathucchadh gur sccarsat gan deabhaidh don dul sin.



Tomas, agus Semus dá mac Muiris Duibh mic Seain mic Tomais mic an iarla
do dol ar siubhal sluaicch hi cCairpreachaibh. Mac Mecc Carthaicch
Riabhaicch déirghe fo na heighmibh .i. Donnchadh mac Domhnaill mic
Fínghin mic Domhnaill, agus tarla ina fhochair an tan sin Toirrdhealbhach
mac Maol Muire, mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh Meic Suibhne do Shliocht
Donnchaidh Móir a Tuathaibh Toraighe go ccuideachtain nglan toghtha
ngallocclach, agus do lenattar na laochbhuidhne co bruach na Banndan, agus
do bris don fhedhain echtaircheneóil ré hucht na habhann fó urcomhair
Innsi hEoghanáin don taobh araill gach ndíreach. Do marbhadh, agus do
báidhedh da chéd nó a tri do glanshluagh Geraltach agus gér bhiad
Cairprigh fá cosccrach ro ba mór a ndíth ón deabhaidh sin óir do benadh a
chos, agus a lamh do Thoirrdhealbhach Mhac Suibhne co nach raibhe acht
cos chroinn agá iomfhulang ón uair sin go a écc.



Iarla Tuadhmhumhan do dhol i nIarthar Connacht ar Murchadh na tTuagh
mac Taidhcc mic Murchaidh mic Ruaidhri Uí Fhlaithbertaigh. Do cuas leis fo
Crich


L. 1582


Sheóach, agus fán Fuathaigh, agus fa Bhun an Bhonnáin. Do chuadar muinter
baile na Gaillmhe do chosnamh átha Tíre hOiléin air, agus do chuaidh
tairsibh do thoil, agus ar eiccin, agus tré orlár Cloinne Riocaird ag
tocht, agus acc imtheacht ar an ccor ccédna.



Mathghamhain mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Donnchaidh, mic Domhnaill
mic Toirrdhealbhaigh Mheith do dhol i nDesmumhain lucht luinge, agus
arthraigh a hArainn. Braighde do ghabhail dó isin tír thes, agus atberat
aroile nár bhó maith a ffaghbháil agus gurab ar tairisecht tangattar, agus
acc filledh dhó tar a ais lé a édalaibh do fhás gairbhe san ngaoíth, agus
fuasnadh san ffiormament, agus do dedhladh ré roile an long, agus an
tarthrach, agus acc dénamh don luing co na lucht i nurthosach oidhche ar
Árainn do fuadaiccheadh a seól a glacaibhfer agus feindedh dionnaibh téd
agus tácladh ina chotchannaibh comhmblodhtha hi ffraighthibh na fiormamenti,
agus do buaileadh an loncc dá éisi sin fácharraicc i mbeol Cuain an Fhir
Mhóir i nIarthar Connacht, agus ro báidhedh í co na foirinn cénmotá
Mathgamhain, agus aoín triar oile, agus do báidhedh tuilleadh ar chéd san
chaladh sin dibh im Tuathal Ua Maille stiurusmann chobhlaigh fhada bá ferr ina
aimsir.



Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain do ghabháil ar foráilemh an iustis hi
Luimneach agus a chur as sin go hAth Cliath dá choimhéd, agus adbereadh
cách co mbaoí cuid diarla Tuadhmumhan is in ngabháil sin.



O Gallchubhair, Eocchan mac Emainn, mic Eóin, én mac duine oirechta as lugha
dob olc in Ulltoibh décc.


L. 1584


AOIS CRIOST, 1561. Aois Criost, mile, cúig céd, sescca, a haon.



Art mac Feilim Fhind Uí Gallcubhair epscop Ratha Both décc i cCend
Maghair, 13. August. Sccél mór i tTír Conaill eisidhe.



Maire inghen an Chalbhaigh, mic Maghnusa, mic Aodha Duibh Uí Domhnaill
ben Í Neill Sheain dfaghail bháis dadhuath, agus durghrain, do
thruaighe, agus do thromnemhele na daoirchimidhechta dochraidhe do rad
Ua Néll don Chalbhach dia hathair ina fiadhnaisi.



O Beirn Tadhcc, mac Cairpre, mic Maoileachlainn, fer ergna, ioldanach
illaidin, agus in gaoidheilcc, agus isan dá dlighedh .i. ciuil agus
cánóin, do écc, agus a mhac ócc doirdneadh ina ionad.



Uaithne, mac Fir Gan Ainm, mic Maol Ruanaidh mic Seain Uí Cherbhaill do
mharbhadh i mBaile Uí Chuirc i nUrmumhain. Nir bo fiú a ttárla ina
timcheall a ghuin nó a ghabhail, agus do ba díllechta duthaigh éle dia éis an
uair sin óir do bhensat ceill da ccabhair agus da ccosnamh ó do imtigh
Uaithne.



Nechtain, mac an Calbhaigh, mic Maghnusa Uí Domhnaill do mharbhadh go
deónaighthe durchor do ghae do caith se fein, agus an gae aga thelcceadh
chuicce a frithisi.



Ardiustis na hEreann .i. Tomás FizUater do dhol i tTír Eoghain a
ndioghail ghabhala an Chalbhaigh Uí Domhnaill, agus ar a fholtanas fein
fris an tir agus foslonccport sluaigh lionmhar do shuidhiucchadh dó i nArd
Macha, agus rátha rodhoimhne, agus dúnchlaidh díothocchlaighi do thoccbail dó
a ttimcell Tempaill Móir Arda Macha fo dáigh co ffuicfedh bárda acca
buancoimhett. Iar na fhios sin dUa Neill (Sean) ro chuir drong dia
shainmuintir, agus dia aosa gradha las an cCalbach Ua nDomhnaill dia
iomghabhail agus dia iomchoimhett for an iustís ó gach inis agus ó gach oilen go
aroile i ndiamhraibh, agus i ndroibhelaibh Tíre hEoghain go ro fháccbaidh


L. 1586


an iustis an tír. Ro fhaoídh tra an iustis on ccampa sin Arda Macha cuidechta
do chaptinibh go mile fer etir troightheach agus marcach do dhenamh creach
agus oirccne i nOirghialloibh, agus fuair Ó Neill brath agus taiscéladh ar
na tromshloghaibh sin do dhol i nOirghiallaibh, agus do tharraincc co taoí
tostadhach dia saigidh, agus fuair iatt iar ccruinniucchadh a ccreach. Ro
ficchedh iomairecc ettorra go ro marbhadh drechta diáirmhe dibh leth ar leth.
Ro fáccbhadh na crecha fo deóidh aga ndaoínibh fein don chur sin.



O Nell do beith acc comhlot, agus acc creachadh críche Bregh agus Midhe an
tan so. Tir Conaill ar na cennsucchadh agus ar na timcealladh lais iar
ngabhail an Chalbhaigh roimhe sin, agus iar mbeith dUa Domhnaill hi
ffochaidhe, agus hi ffírenirte, cona baoí aoínneach acc follamhnucchadh
flaithesa i cCenel cConaill don chur so. Ro ghabh Ua Neill (Sean) nert
coiccidh Uladh uile o Droichet Atha go hErne, conar bo machtnadh
coiccedhach os Ulltoibh do ghairm dhe an tan so munbadh fritbert Gall fris.



An Calbach Ua Domhnaill do léccadh a gemhel la hUa Neill iar na
fhuaslaccadh la Cenel cConaill.



An iustis cedna do thionol tromsloicchedh doridhisi do dhol i tTír Eogain i
ffoghmar na bliadhna so ar tarraing an Chalbaigh Uí Domhnaill. Tanccattar
ina thoichestal na cuicc iarla battar i nErinn in ionbhaidh sin .i. Geróitt
mac Geroitt, mic Geroitt, mic Sémais, mic Seain, mic Tomáis iarla Cille Darae.
Tomás, mac Semais, mic Piarais Ruaidh iarla Urmuman, Geróitt, mac Semais,
mic Seain, mic Tomáis iarla Desmuman, Concubhar, mac Donnchaidh, mic
Concobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain iarla Tuadhmuman, agus Riocard
mac Uillicc na cCend, mic Riocaird, mic Uillicc Cnuic Tuagh, iarla Cloinne
Riocaird. Ro imtigh tra an iustis agus na hiarladhae sin co na sochraitte
Tír Eoghain gan fresabhra, gan frithorccain friú go rangatar go Loch Feabhail.
Acc sóadh tar a ais don iustis as í comhairle ro chinn, sidh do denamh le hUa
Neill agus a phardún do thabhairt dó, agus a bharda do breith a hArd Macha.
Aseadh do choidh an iustis co na shocraitte iaramh i tTír Conuill Gulban
go ro


L. 1588


fháccaibh cendus longport, agus caislén Tíre Conuill acc an cCalbhach
Ua nDomhnaill. Luidh iaramh tar Éirne i cCrich Coirpre do fhorbhaise for
chaislen Sliccigh. Rathaighis an Calbach indsin conidh é airecc ar rainicc a
mheircce budhein do chor go hinclethe gus in mbaile, agus a nochtadh for
taibhlibh an tuir combo fo dherc do chach i ccoitcinne. Ro athcomhairc an
iustis cia an mbratach at chonnairc. Friscart an Calbhach, agus atbert gur bó
hí a bratach budhein, agus gur bo lais fein, agus la a bunadh cenél ó cein
mair an baile ishin, conadh iaramh do rad an iustis eochradhae an bhaile don
Chalbhach.



O Nell do dhol i Sacsoibh i ttimcell na Samhna dionnsaighidh na bainrioghna,


L. 1590


agus fuair onoir, agus airmittin mor uaithe, agus tanaicc tar a ais i
mBeltene na bliadhna ar ccionn.



Eocchan mac Aodha Buidhe mic Aodha Duibh I Domhnaill fer saorchlannda
soicheneoil earccna ilcherdach décc.



Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh, mic Neill, mic Torrdhealbhaigh Uí Baoighill do
mharbhadh i tTermonn Mécc Craith la Mac Alastrainn Ghallda.




AOIS CRIOST, 1562. Aois Criost, mile, cuicc céd, sesccat, adó



O Ruairc Brian Ballach mac Eocchain sinnsear Shil fFerccna agus Catha
Aodha Finn, fer dar lucht iomchair agus oilemhna, cendaigh agus comhadh a
mbaoí ón cCaladh hi ccrich Ua Maine co Drobhaoís ttorcharthaigh
ttonnmhaighrigh coiccrioch Chóiccidh ollbladhach Uladh, agus ó Granard
Tethba go Traigh Eothuile an tsaoír i tTír Ua fFiachrach Muaidhe, ag sin
an tí fá tocchaidhe duanaire agus duasa adhmolta baoí dia bhunadh fhreimh do
écc do bhithin bharrtuisle do rala dó, agus a mhac Aodh Gallda do
oirdneadh ina ionadh.



Iarla Tuadhmumhan do dhol ar cuairt cendais fedhna i nduthaigh Uí
Chonchobhair, agus i nGlend Corbraighe. Mac Uí Lochlainn do mharbhadh
uadha daon urchor


L. 1592


a Cloich Ghlenda don chuir sin .i. Maoilechlainn mac Uaithne, mic
Maoileachlainn, mic Rudhraighe, mic Ana, mic Donnchaidh an Chúil, mic Ana
Bhacaigh.



An tiarla cedna do dhol corrshluagh cendais fedhna fa Chaénraige isin
aimsir cedna agus Dubhghall mac an Ghiolla Dhuibh mic Conchobhair Mic
Shuibhne do marbhadh uadha don dul sin.



Mac Giolla Riabhaigh décc .i. Riocard mac Duinn, mic Conchobhair, mic
Tomais, mic Domhnaill, agus adbeirthi gur bo hé sin aoín fher gradha bá ferr
ag iarla Tuadhmumhan ina aimsir. Concobhar mac Conchobhair mic Riocaird do
gabhail a ionaidh.



Domhnall mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain an tí
baoí ina iarla Tuadhmumhan ria Conchobhar mac Donnchaidh, agus dia ngoirdís
Gaoidhil Ó Briain do tocht dia ionnarbadh dia dheoraigheacht agus dia dhibirt
a hUltoibh tar a ais dia athardha feisin, agus bá in aoín tseachtmain
tainiccsiumh agus Tadhcc mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh iar neludh a
hAth Cliath, agus iar ttocht dóibh i naoínfhecht dia ttir, tuccsat a
naighthe anaoínfhecht ar iarla Tuadhmumhan. Ro chuir an tiarla foslongport
iomdha ré a nacchaigh. Do bé céd ruathar na ccomhmbraithreach so ar aroile
iondsaicchidh oidhche do radsad dá mac Murchaidh Uí Bhriain ar fhoslongport
Baile Meg Riagáin, do marbadh daoíne leó, agus ro cruinnighsiot creacha, agus
tainic an tír ina ttoraigheacht. Is and do ghlan lá ar na laochbhuidhnibh leth
ar leth ag Cathair Még Gormain i medhón Ua fFermaic, agus i nUactar Dál
cCais. Báttar an clann sin Murchaidh Uí Bhriain Tadhcc, agus


L. 1594


Donnchadh ag iomchar a nanfforlainn go hadhnaireach go Cnoc an Sccamhail os
cend Ratha Blathmaic. Ro fillset ar an ttóraidh, agus ro mhuidh do mhuintir
an iarla. Do marbadh dréchta dá ndeghdhaoinibh, agus dá ndaosccarsluacch. Ro
gabhadh Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic an Ghiolla Dhuibh, mic Toirrdhealbhaigh
Uí Bhriain. Do gabhadh ann dna Brian Dubh mac Donnchaidh mic Conchobhair
na Srona Uí Bhriain, agus nír imthig gan an tSelcca dfaccbail acc
Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain ina fhuascladh.



Donnchadh mac Con Connacht, mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilip mic
Tomais Meg Uidhir do écc, fer a aoisi as luccha rob olc teist do
Gaoidhealaibh an tuaisceirt, fer ná ro saoiledh do écc re hadhart co ro écc
an tan so.



Aodh mac Neill Óicc Mic Suibhne a Tír Boghaine do écc don ghalar breac.



Mag Craith Termainn Dá Bheocc do écc.



Mag Mathgamhna, Aodh mac Briain na Moicheirge mic Remainn mic Glaisne do
marbhadh la feraibh Fernmaighe.





(AOIS CRIOST, 1563. Aois Criost, míle, cúicc céd, seasca a trí.)



O Domhnaill Maghnas mac Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh, mic Neill Gairbh,
mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona, ticcherna Chenél cConaill, Innsi
hEocchain, Cenél Moain, Fher Manach, agus Iochtair Connacht, fer na ro
leicc a fhairbrígh na a iomarcraidh las na tighearnadhaibh battar ina
chomharsain, agus ina chomhfochraibh co haimsir a fhochaidhe, agus a
eneirte, fer aggarbh, ainmín, aindiúid amhnas fri naimhdibh, agus
biodhbadhaibh go ttabhradh go fomamaighte dia reir, fer mín, muinterdha,
cendais, cairdemhail, derlaicthech, deigheinigh do dhámhaibh, do
dheoradhaibh, deiccsibh,


L. 1596


agus dollamhnaibh, durdaibh, agus deccailsibh amhail as reil acc senaibh
agus acc senchaidhibh, fer ergna, ilcerdach co mbuaidh ninntlecta, agus
naithne ar gach nealadhain ar chena do écc .9. February ina longport
feissin ilLeithber isin mbaile do ronadh laissiumh cetus daimhdheóin
Í Neill, agus Chenel Eoghain, agus a adhnacal i notharlighe a shen agus
a shinnsior i nDún na nGall i Mainistir .S. Fronsés co nonoir, agus co
nairmittin móir iar mbreith buadha ó dhomhan, agus o dhemhan.



O Súillebhán Béirre Domhnall, mac Diarmata, mic Domhnaill, mic Domhnaill, mic
Diarmata Bailbh do thuitim le drochurradh .i. Mac Giolla Chuda, agus ger
badbclosach Diarmait a athair baoí a dhiol doidhre sa Domhnall sin, agus
a brathair Eoghan Ó Suillebhain do ghabháil a ionaidh.



Mairgrecc inghen tSemais, mic Seain, mic Tomais, mic an iarla ben Meic
Muiris Chiarraighe do ecc, agus ba hadhbar eccaoine isidhe.



Tomas mac Muiris Duibh, mic Seain, mic an iarla décc.



Tuadhmumha na tuinn coccadh, agus na cleth chennairce ón Callainn go a
chele an bliadhainsi.



Baile Uí Ghalaigh do ghabhail agus do bhriseadh ar chloinn Murchaidh Uí
Bhriain las an iarla iar ttabairt ordanais agus sochraitte ó Luimneach lais
chuicce.



Baile Uí Cárthaigh mar an ccéttna do ghabhail las an iarla.



Mac Bruaidedha ollamh O mBracain agus O bFermaic décc .i. Diarmait,
mac Concobhair mic Diarmata, mic Seain, agus a bhrathair Maoilin do
ghabhail a ionaid.




AOIS CRIOST, 1564. Aois Criost, mile, cuícc, céd, sescca, a cetair.



O Ruairc Aodh Galldha, mac Briain Ballaigh mic Eoghain do mharbhadh co
misccnech miorunach la a mhuintir fein hi Liathdruim Muintire hEolais,


L. 1598


an tír uile asa haithle sin do iadhadh fa Brian mac Bhriain Ui Ruairc agus
atbeirthi gurab dó do rónadh an mígniomh mebhla sin gion go raibhe cuid dósamh
ina dénamh. Aodh Buidhe mac Briain, mic Eoghain Uí Ruairc a mbrathair ele,
sósar Aodha Gallda, agus sinnsear Briain do ghairm Uí Ruairc de fein
a hucht Uí Neill.



Ua Domhnaill an Calbhach, agus Ua Baoighill Toirrdhealbhach do dhul co
hAth Cliath do shoighidh an iustis do dhenamh a thoscca fris, agus fuair
O Domhnaill onoir agus airmittin uadha, agus soais Ua Domhnaill do thocht
dia thigh go rainic go Feraibh Manach, agus airisidh ann, agus ticc Ua Baoighill
dia bhaile feissin. Baí Conn mac an Chalbhaigh for a chionn hi suidhe. Nír bo
cian baoí Ua Baoighill is in mbaile an tan ro chuindigh Conn fair tocht lais
go Dun na nGall dus an ccaemsadh a ghabhail for Aodh, mac Aodha Óicc, mic
Aodha Ruaidh baí ann an tan sin. Ba hann baoí oirisiomh an Aodha hísin isin
tor nua, agus ro cuir Eiccnechan agus Conn dá mhac Aodha Buidhe mic Aodha
Duibh clann a dherbhrathar isin tsenchaislén, agus bátar iadsidhe baí acc
taiscceladh an bhaile do Chonn. Tánaic tra Conn agus Ua Baoighill do
shaighidh an bhaile, agus ba hadhaidh ann an tan sin. Ro leiccset clann Aodha
Buidhe Conn dia soighidh fo chettoir agus do raidhsiot na leiccfittis Ua
Baoighill co na muintir chuca inunn. Atbertsat muintir Ui Bhaoighill na
leiccfittis a tticcherna uatha a aénar. Do coidh iarttain Ua Baoighill go
Mainistir na mBrathar do denamh cuarta aca. Geibhidh Conn Ua Domhnaill, agus
clann Aodha Buidhe for toghail an tuir i mbaoí Aodh mac Aodha Duibh. Ní ro
ráthaighsiot nach ní go ro dhoirt sruithlégen slóigh lionmhair lanmhóir ar fud
an bhaile, agus ina iomthacmong in gach aird. Ba hiad báttar annsin Ua Néll
Sean, agus Aodh mac Maghnusa Uí Domhnaill co na sochraitte, go ler sloigh
lionmhair lanmoir ina ffarradh iar ccluinsin Uí Domhnaill do bheith for
slighidh Atha Cliath agus na ccomhmbrathar naile do beith i naghaidh aroile.
Ro gabhadh ainnsidhe Conn mac an Chalbhaigh an 14 May, agus do dhechatar
sirthe slóigh Uí Néill ar fud Tíre Bóghaine, agus ro marbhadh leo mac
Mhec


L. 1600


Suibhne .i. Maol Muire Meircceach, mac Maol Muire, mic Neill i
nGlionn Eidhnighe, agus Aodh Meirccech, mac Eoin Modardha Mhec Suibhne
go sochaidhibh oile amaille friu.



Siol mBriain co himresnach re aroile an bliadhain si. Clann Concobhair mic
Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain Domhnall agus Tadcc, agus clann Murchaidh Ui
Briain Tadhcc, agus Donnchadh do dhol ar creich chois Abhann O cCernaigh i
cCloinn Cuilein. As ann tarla an tiarla an tan sin sa Ros Ruadh. Do loiscceadh
agus do lomaircceadh leo an baile sin seach gach mbaile do shonnradh. Ruccsat
an tir orra as gach aen taebh o Shleibh Oidhedha an Righ go Luchat, agus o
Rinn Enaigh co Scairbh. Fuaratarsom etim ar ghlaslaith an iarla co ro
marbhadh a ngar do ched dibh don dul sin, agus ni ro lamhsat a nionnsaicchidh
iar sin co hoidhche. Ternátar an tSiol mBriain sin Uachtair Tuadhmumhan gan
fuiliucchadh gan foirderccadh tar finnlerccaibh Forccais co na ccrechaibh agus
co na ngabhalaibh leó. Do tharraingsiot tra buannadha dermara agus lucht
tuarustal tar Sionainn do Chloinn tSuibhne agus do Chloinn tSithigh agus baí
siubhal na tire, a creacha, agus a comhtha ar a ccumus co ttairnicc aimsir a
mbuannadh. Acht cena ní ro an da nairneisacc aittreabhtachaibh an tire luach
ar leiccedh este las na hamhsaibh sin tar cenn a namhsaine.



CorcumRuadh co na cíos, agus co na buannacht bhona, a sholathar ferainn i
ttiribh Tuadhmumhan, agus a bethaighthe ecclaisi amaille ris sin do thabhairt
do


L. 1602


Dhomhnall Ua Bhriain do chomhaidh a ticchernas Tuadhmumhan, agus tar cenn
siodha i ngeimhreadh na bliadhna so.



Muiris Dubh mac Seain mic an iarla do dhol ar creich i Musccraighe. Clann
Taidhcc, mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Még Carthaigh do
bhreith fair .i. Diarmait, agus Corbmac, Muiris do dhícendadh leo, agus ba
ferr tarbha a thesairccthi inas ar buadhaighedh dia bás. Mír cruadha
Geraltach ar gurt gabhaidh, aircctheóir a easccarat, agus básaighteóir a
bhiodhbadh an tí torchair and sin.





AOIS CRIOST, 1565. Aois Criost, mile, cúicc céd, sescca, a cúicc.



Siubhan inghen tSemais, mic Muiris, mic Tomais decc. Ro ba do mhor sccelaibh
Leithe Mogha isidhe i leith fri deirc agus daonnacht.



Cuairt da ndeachaidh iarla Desmuman .i. Geroitt mac Semais mic Seain i
nDéisibh Mumhan, do chuir ticcerna Deiseach .i. Muiris mac Gearailt mic
Seain mic Geroitt tarraing ceilcce ar iarla Urmumhan .i. Tomas mac Semais,
mic Piarais Ruaidh, i noirchill iarla Desmumhan. Tánaicc dna an tiarla
don tír, agus ní fhuair rabhadh go hiadhadh uime ar gach taobh san maighin
dianidh ainm Ath Medháin. Ro luidh iomad anfforlainn fair go ro gabhadh agus
go ro gonadh é. Ro gabhadh agus ro marbhadh drong mor dia muintir ina fhochair.
Báttar subhach soimhenmnach Buitiléraigh tria iomat a mbraighdedh agus a
nédala an lá sin. Bá


L. 1604


hé críoch na gabala sin an dá iarla do dhol co Saxoibh fó
thoghairm na bainrioghan, agus a mbeith athaidh hi Londainn, agus teacht
dóibh tar anais fó ghné siodha agus cairdine.



Mathghamhain, mac Toirrdhealbhaigh Mhanntaigh mic Donnchaidh, mic Domhnaill,
mic Toirrdhealbhaigh Mheith do marbhadh hi ffiull dia lucht coimhiteachta,
agus comhghaoil ina bhaile fein san Aircin i nÁrainn. Od chualattar maithe
na Gaillmhe in ní sin do chuattar daithe a mígniomh for lucht na feille go ro
furailsiot forra teicheadh ó a ttighibh co ndeachattar i narthrach for muir
agus ba hann ro ghabhsat caladh hi ccuan Ruis hi ccrich Corca Baiscind
Iartharaighe. Iar na cluinsin sin do Domnall mac Conchobhair Uí Bhriain,
do chóidhsidhe dia saighidh amhail as déine conránaicc, agus ro gabhadh lais a
nurmhór, agus dobhert lais i ndaoírchengal iad co Magh Glae i nuachtar
CorcumDhruadh fo daigh gomadh móide a maoíth, agus a ttoirsi radharc an ionaidh
ina ndearnsat an mígniomh sin dfaicsin. Ro crochadh drong dibh lais, agus ro
loiscceadh araill feibh ro thuill a mibhésa dhóibh.



Maidhm mór lá hUa Neill (Sean, mac Cuinn mic Cuinn mic Enri) ar cloinn Mec
Domhnaill na hAlban .i. Semus, Aongus, agus Somhairle. Ro marbhadh ann
Aonghus. Ro gabhadh agus ro gonadh Semus, agus tainic a bhás a ccionn
bliadhna do ghaibh cro na gona híshin. Rob adhbhal an técht oidheadh an
uasail do cher don chur sin, saoí ar eineach agus ar engnamh fer caithmheach,
congaireach, tiodhlaictheach, toirbhertach. Ní bhaoí do Chloinn nDomhnaill i
nErinn nách i nAlbain a ionnshamhail an tan sin, agus ní bá ró lá a dhaoínibh
fein a comhthrom dór do thabhairt as dá


L. 1606


madh fuasccladh dhó. Torchrattar tra sochaidhe ele nách áirimhthear san
maidhm sin Glinne Taisi.



Murchadh mac Domhnaill mic Ruaidhri Uí Flaithbertaigh do bhathadh.



O Cleirigh Tadhcc Cam mac Tuathail ollamh Uí Dhomhnaill lé senchus, saoí hi
ffilidheacht, agus hi ccroinic, port congmala tighe naoidhedh do dhámhaibh,
agus do dheoradhaibh, agus do fhealmacaibh foghlama na ccrioch báttar
comhfoccus dó do écc (.i. an 20 la dOctober) iar sendataidh toghaidhe iar
mbreith buadha o demhan agus ó dhomhan, agus a adhnacal i Mainistir .S.
Fronseis i nDún na nGall co nairmitin, agus co nonoir nádhbhal.




AOIS CRIOST, 1566. Aoís Criost, mile, cuicc ced, sescca, aSe.



O Domhnaill an Calbhach mac Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh, mic
Neill Ghairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona do thuitim dia eoch .i. hi ttus
an gheimhreadh .i. 26. Nouember, ar an cconair ccoitchinn etir Baile Aghaidh
Chaoín, agus tempall Rátha i neidirmedhona marcshluagh gan ansocracht gan
oilbeim gan sgeinm gan sccath iar ttocht dó ó Shacsoibh an bhliadhain sin
féin. Tighearna ar cheill agus ar chruth an Calbhach sin, gérrat ar ghail,
agus ar ghaiscceadh nemhthais niata fri naimhdibh, connalbhach cairdeamhail
fri cairdibh, gan machtnadh, gan móiriongnadh hi maith dá haidhble da
ndingénadh, neach ná ro saoíleadh écc an ionnass sin acht co roiscceadh lais
dioghail greisi a cheneóil. A dhearbhrathair, Aodh mac Maghnasa Uí
Domhnaill do óirdneadh ina ionadh.



Maire inghen Mhaghnasa mic Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill ben
Mécc Aengasa décc an 8. dOctober.


L. 1608


Róis inghen Mhég Uidhir Cu Connacht .i. an comarba ben Aodha Buidhe mic
Aedha Duibh décc an 22. Iúl.



Mag Uidhir Sean mac Con Chonnacht, mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilib
mic Tomais Meg Uidhir décc .i. 29 September, ar sluagh an iustís iar ná
ionnarbadh dUa Néill as a thír. Tighearna tuiccseach treidheach
tiodhlaictheach eisidhe. Ní ba furail dó flaithes dá mhéd dá bfuíghbheadh ar
iomat a dhamh, agus a dheoradh, ar troma a dhuas, agus a dheaghtoirbheart,
agus a bhrathair doirdneadh ina ionadh .i. Cú Connacht.



O Ruairc Aodh Buidhe mac Briain Bhallaigh do mharbhadh i mBaile an Tóchair lá
Conallchoibh fo dáigh go madh la mac inghine Magnusa Ui Domhnaill (.i. Brian
mac Briain mic Eocchain) tighearnas na Breifne.



Mag Carthaigh Riabhach décc .i. Finghin, mac Domhnaill, mic Finghin, mic
Domhnaill duine nár chuir suim isin saoghal, agus la na baoí eolas ar a
chruinniucchadh nó ar a choiccill.



O Madagáin .i. Maoíleachlainn Modardha mac Maoileachluinn mic Breasail
décc, léghthóir Laidne, agus Gaoidhilcce as lugha bá holc duaislibh Ereann
ina ré, cosnamhach a ferainn, agus a criche ar comharsanaibh, uaithne
iomachair ban agus bocht agus aosa anffann anarrachta, agus Domhnall mac
Seain Uí Madagáin do gabhail a ionaidh.



Piarus Buitiler mac Emainn tighearna Trena Cluana Meala décc, neach fuair
inmhe agus oidhreacht a dhuithche gan cath gan coccadh, duine nár shealbhaidh
agus nár sholathair én phinginn do cuid eglaisi Dé le cert papa no prionnsa,
agus a mac Tepóid ina ionadh.



Cioth éiscc ar na fherthain hi tTír Chonaill an bliadhain si.


L. 1610


Slóiccheadh lá hUa nDomhnaill Aodh mac Maghnusa hi tTír Eócchain isin
ngeimhredh do shonnradh, agus do rónadh creacha iomdha lais, agus tainig slán
dia thigh.




AOIS CRIOST, 1567. Aois Criost, mile, cuicc céd, sescca, aSeacht.



Sluaiccheadh lá hUa nDomhnaill Aodh isin earrach do sonnradh. Iseadh
do dheachaidh tar Loch Feabhail go rainicc gus an Sliabh cCarbatach go ro
lomairccedh agus co ro lérindradh lais ina mbaoí ina comhfhochraibh, agus
soais slán dia thigh.



Slóiccheadh lánmhór lérthionoilte lá hUa Neill (Sean mac Cuinn, mic Cuinn mic
Enri, mic Eocchain) do dhol hi cCenel cConaill for Ua nDomhnaill (Aodh mac
Maghnusa, mic Aodha Óicc, mic Aodha Ruaidh) do iondradh agus do orccain na
tíre feibh do rónadh lais feacht riamh cidh an tan ná caomhnaccair Ua
Domhnaill (Maghnus) follamhucchadh ná fír imdheaghail a fhlatha nách a thíre
ar a eineirte, agus a easláinte, agus tria fhrithbheart agus comhfhuachtain a
chloinne budhéin fria roile. Bá hann do rala dUa Domhnaill (Aodh) a beith
go nuathadh sochraite im Aodh mac Aodha Óicc mic Aodha Ruaidh co na
chomhfhuilidhibh ag Ard an Gháire alla tuaidh don inbher dianidh ainm
Súileach, agus iar ná cloisteacht dó go rodáil Ó Neill co na shlóghaibh don
tír ro fhaoídh teachta do thochuireadh in ro bo comhfhoccus dó dia
aireachaibh agus baí feisin agá nernaidhean dú sin, ar a aoí ní tangattarsomh
ineallmha fó a toghairm. A mbattar ann iaramh i nurthosach laoí ní ro
ráthaighsiot ní conus facattar edh a radhairc uatha don taobh araill
dFearsait Shúilidhi balc slán do shlócchaibh acc dianasccnamh ina ndóchum ina
ndrongaibh agus ina ndíormaibh, ní ro ansat dia reimim co rangattar gan anadh
gan airisiomh tar an fFersait ar bá haithbhe ann an tan sin. Ar na
airiucchadh sin dUa Domhnaill ro chuir a brodlom becc slóicch i ninneall,
agus i norducchadh fó chédóir, agus ro la


L. 1612


diorma marcslóicch im mac Uí
Dhomhnaill .i. Aedh mac Aedha do dheabhaidh fri tosach an tslóigh ar dáigh co
ttoirsedh a throightheacha iomlán lais tars na redhmaighibh i ttarrasair é go
hionad innill ná caomhsatais a bhiodhbhadha a timchealladh, nách a tacmancc.
Ima comranaicc etir marcsluacch Uí Dhomhnaill agus urthosach marcslóigh Uí
Néill do rochair Niall mac Donnchaidh Cairbrigh mic Aodha Óicc, mic Aodha
Ruaidh, agus Domhnall Ulltach mac an doctuira ollamh Uí Domhnaill lé leighes,
agus Mag Rabhartaigh agá mbaoí iomcoimhéd Cathaighe Colaim Chille, lá sluagh
Uí Neill. Acht cena adbearad araile gur ab lá a mhuintir budhéin do cher Niall
Ó Domhnaill. Do rochair bheós ó Cenél nEocchain mac Mécc Mathghamhna co
ndroing oile cenmo tá somh. O ro fhidir mac Ui Domhnaill (.i. Aedh mac Aodha)
an forlíon baoí ina acchaidh, agus a thighearna do rochtain ar daingen, ro
lensamh hé conus tarraidh acc airisiumh fri foiridhin a muintire do breith
fair. Ní cian tra baoísiumh in udmaille moir menman conus faca dréchta dia
shainmuintir ina dhóchum bá fo líth laissiumh a rochtain chuicce. Tánaic ann
cetus Mac Suibhne na tTuath, Murchadh Mall mac Eocchain Óicc mic Eoccain,
clann Mec Suibhne Fanatt, Toirrdhealbhach Ócc agus Aodh Buidhe, agus
Mac Suibhne Bóghaineach, Maol Muire mac Aodha, mic Neill, agus iar rochtain
go haon mhaighin dóibh nir bhó hadhbhal a sochraide ar ní rabhadar cenmothá
ceithri chéd nama. Ro acaoín Ua Domhnail la imnedh agus a ettualang fris na
maithibh sin, agus atbert friú gur bhó lainne agus gur bhó maisi lais a écc,
agus a oittheadh do maighin, riasiú no fhodaimhfedh an do radsat Cenel Eoccain
do thár agus do tarcasal fair budhein, for a dherbhfhine, agus for a
chomhfuilidhibh amhail ná ro fhulaing agus ná ro fhodhaimh a bhunadh chenél
riamh roimhe, agus go sonnradhach an dímiadh agus an dimhiccin ro imirset
fair don chur sin .i. a athchur agus a ionnarbadh co foireicneach as a
longport. Ro aontuighsiot na maithe sin uile fri haithescc an ardfhlatha, agus
atbeartsat gur bhó fíor na forchanta agus na fuighle ro chan conadh fair
deisith oca Ua Neill co na slócch dionnsaicchidh. Bá dána dochoiscc,
aindiuid, ecceilligh an comhairle do rónadh ann sin .i. saicchidh an
mhórghabhaidh agus an mhórguasachta ro bhaoí for cionn


L. 1614


dóibh. Ar a aoí bá mó ro fortamhluigh, gradh a neinigh, agus a nathardha ina
ccridhe oldás gradh a ccorp, agus a ccaomhanmann. Ro asccnáttar iaramh co
haoin mhenmnach for ccúla ina ninneall cróbecc bodhbha, agus ina naon bhróin
nathardha for amus longpoirt Uí Néill. Amhail ad chonnairc Ó Neill ina dhochom
gach ndíreach iat, ro cheis a mheanma co mór orra co nebirt, As machtnadh,
agus as iongnadh adhbhal lem ar sé nárbh usa don lucht úd ar noighriar agus
ar mbretha dfhulang, inás tocht dia nairleach agus dia mudhucchadh fo
chédóir diar saighidh. Dia mbaoí fors na hiomráitibh sin ro dhóirtsiot
damhraidh Cenel cConaill go diogháir dásachtach hi ccenn slóigh Uí Néill, nir
bhó feich optha lá hanradhaibh Í Néill an ní sin uair báttar agá neidedh
amhail as déine conrangattar ó do ruachtatarsomh eadh a ffairccsiona doibh. Bá
fíochdha forgranna an féccadh forniata forgruamdha do bert cach for aroile
díbh dionnaibh a rosc rinnradharcach, do bertsat a ngáire catha os aird gur
bhó lór dfurail time agus teichmhe for fhiallach anbfann anarrachta an
comhgáiriucchadh do rónsat ag rochtain hi ccenn aroile dóibh. Ro gabhsat for
tuargain agus for trénathchuma, for machtadh agus for mudhucchadh, aroile fri
ré fhoda co ro farccbhadh fir hi faoinlighe agus curaidh crechtnaighthe, agus
óicc athghaoíte, agus laoich leidmeacha ar na ffiarledradh san armhach ar
ttrioll. Acht chena ro mheabhaidh for Chenel nEoghain tré nert iomghona agus
iombualta gur bhó heiccenn dóibh a lathair catha dfolmucchadh, agus
saighidh gus an cconair forsa ttudhchattar gion gur bhó sodhaing dóibh a
rochtain an tan sin ar ro líon an mhuir isin fFersait tars a ttangattar a ttús
laoí, co nár bhó sodhula tairsi idir, munbhadh tinnesnaighi na tograma,
dedlacht agus dúire na druinge báttar ina ndiuidh acc aithe a ndímiadha, a
nanffaladh, agus a naincridhe ag forcongra forra a hionnsaicchidh. Nír bhó
hailsedhach ro cingsiot gus an rianmhuir ar ni airisedh neach dibh fria
commbrathair, ná fria chomhfhuilidhe gion gur bhó térnudh a gábhadh nó a
guasacht dóibh rochtain gus an imbhear oiccen dubh domhain baoí for a ccionn.
Nír bhó saighidh tesa iar ffuacht, na anacail iar neiccen an
ionnsaicchidh sin, ar ro báidheadh líon dírimhe for an lionnmhuir lan ndomhain
dibh gér bó lainn lá cách uadhaibh (andarleó) a legadh dia saighidh. Ro


L. 1616


faccbaitt sochaidhe iomdha etir mharbhadh agus badhadh do sluagh Uí Neill
isin maighin sin. Báttar iad ba haireghda dibsidhe Brian mac Enri mic Seain I
Neill co na dearbrathair, Mac Domhnaill Gallócclach consapal I Neill co
ndruing moir do Cloinn nDomhnaill amaille fris, an Dubhaltach Ua Donnghaile
dearbhcomhalta I Néill (aoin fher bá dile agus bá tocha lais isin mbith) co
sochaidhe móir dia chineadh, agus dréchta dearmhara do Muintir Choinne, agus
do Muintir Ágáin. Acht chena asedh a chumair, ro marbhadh, agus ro báidhedh
tri ced décc do shluacch Í Neill isin ccaithghleó sin. Atbearat araile
liubhair gur bhó trí mhile fer co ttuilleadh easbhaidh shlóigh I Néill isin
ló sin. Dála I Néill tra térna sidhe as an maidhm íshin, agus bá fearr lais
nách térnafedh óir ro saobhadh a chiall, agus a chétfadha dia éis. Atlaí go
hinchleithe gan airiucchadh do neoch la taobh na habhann suas go rainicc tar
Áth Thairsi hi ccomhfochraibh don Sgairbh Sholais lá heolas druinge do
Mhuintir Gallchubhair (doireacht agus dfíor Muintir Uí Domhnaill feisin)
agus ní ro hanadh lais go ruacht tré cliothar diamhair gacha conaire go Tír
Eogain, Nír bhó hiomdha dna tegh no teghdhais gan damhna dér agus fotha
fíorchaoíneadh ó Chairlinn go Finn agus go Feabhail. Bá hadhbhal, agus bá
dirimh an ro fáccbhadh dedalaibh etir eachaibh, arm, agus ededh ag Cenel
cConaill don chur sin. An tochtmadh lá do mhí Máii do shonnradh do sraoíneadh
an maidhm íshin.



Iar ndol dUa Neill i tTir nEocchain amhail remebertmar ní dearnadh
socracht, nó sadhaile lais, agus ní ro thuil a shuantathamh go ro chuir
toghairm agus tarraing ar cloinn tSemais mic Alastraintt mic Eoin Cathanaigh
mheic Mheic Domhnaill go hAlbain. Bá tuar timdibhi saoghail agus bá hadhbhar
oidhedha dósomh innsin .i. clann an fhir do thuit lais feacht riamh do
thóchuireadh chuicce. Tangattar sidhe co tinneasnach cobhlach mór muiridhe go
ro gabsat port ag Bun Abhann Duine i


L. 1618


nUlltaibh. Ro suidhighedh longport saidhbhir sraidlionmhar leó annsin.
Od chualaidh Ó Neill an trom dámh sin do thocht fó a thuairim ni ro fhéch dia
esccairdes friu gan dol ar ionchaibh na dáimhe dorrdha dioghaltaighe íshin
gan chor gan chomairce ar dáigh a ainchridhe agus a aininne do dioghail agus
daithe for Cenél cConaill, agus bá he fiadhucchadh fuair uatha iar mbeith
athaidh ina ffochair (iar ttubhadh dóibhsiumh a neccraitis agus a nanffolaidh
fris) a ledradh go lánathlamh agus a choidhmhedh gan coiccill go
ffarccaibhsiot marbh gan anmain.


L. 1620


Ba doiligh do Cenel Eocchain mic Neill oidedh an ti torchair annsin, ar bá hé
a cConchobhar ar cóiccedhachas, a Lugh Lamhfhada ar laochdacht, agus a
ngreid gáidh agus gaiscceadh an tUa Neill sin .i. Sean conadh
dforaithmet a oidedha do raidhedh.



Secht mbliadhna sesccatt cúicc céd,
míle bliadhain is ní brécc,
co bás tSeain mic mic Cuinn
ó thoidhecht Criost hi ccolainn.


L. 1622


O Neill do ghairm do Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Conallaigh iar
marbhadh Sheain.



Iarla Desmhumhan do gabhail las an iustis hi cCill Mo Cheallócc agus a breith
lais go Luimneach, assidhe go Gaillimh go hÁth Luain agus co hAth Cliath
iaramh iar ffeil Pattraicc do rónadh in gabháil sin, agus do chuaidh a bhrathair
Sean mac Semais fo Shamhain ar cciontt hi ccenn Gall dfiosrucchadh an
iarla, agus ro gabhadh é fó cédóir. Ro cuireadh araon go Saxaibh iad iaramh.



Mag Piarais décc .i. Emann mac Semais mic Emainn, fear einigh choitchinn,
agus thighe naoidhedh, fer foghlamtha hi ttengthoibh agus i mbearlaibh
eisidhe, agus a mhac Semus doirdneadh ina ionad.



Sean A Búrc, mac Seain, mic Seain na bFiacal, mic Uillicc Ruaidh do mharbhadh
lá handaoinibh, agus lá mogadhaibh misccneacha do mhuintir iarla Cloinne
Riocaird.



Mac Uí Bhriain Tuadhmumhan .i. Tadhcc, mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic
Toirrdhealbhaigh. Mac iarla Urmumhan .i. Semas Ócc mac Semais, mic
Piarais


L. 1624


Ruaidh, agus mac Még Carthaigh, Eoghan mac Corbmaic Óicc, mic Corbmaic,
mic Taidhcc do écc an bliadhain si.



Maghnus mac Emainn, mic Maghnusa Mic Sithigh do mharbhadh lá Mac Muiris
Ciarraighe .i. le Tomas mac Emainn mic Tomais, agus ní bhaoí fear a aosa dia
chineadh bá ferr engnamh agus eineach inás.



Droichet Atha Luain do dhénamh lá iustis na hEreann .i. Sir Henry
Sidney.




AOIS CRIOST, 1568. Aois Criost, mile, cuicc céd, Sescca, a hocht.



Contaois Cloinne Riocaird .i. Mairgrecc inghen Donnchaidh mic Conchobhair mic
Toirrdhealbhaigh, aon lán beóil fer nEreann, ben cotaighthe a carat, agus
a comhghaoil décc.



Mac Mathghamhna tighearna Chorca Baiscinn Airthearaighe .i. Brian Ócc mac
Briain mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc décc, agus Tadhcc mac Murchaidh mic
Taidhcc Ruaidh mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc do ghabhail a ionaidh.



Mac Suibhne Fanat Domhnall Gorm mac Domhnaill Óicc do mharbhadh hi
ffiull lá dreim dia muintiri fein .i. Muintir Sruithéin.



Caitilín inghen Mhég Uidhir (Cú Connacht) ben Uí Bhaoighill (Toirrdhealbhach
mac Neill mic Toirrdhealbhaigh) an aoin bhen toísigh bá ferr i nUlltaibh
décc an .5. Ianuarí.



Sluaiccheadh la Semus mac Muiris mic Seain mic an iarla (im Lughnasadh do
shonnradh) ar Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn. Bá hé an Semus sin
ro ba codhnach ar Gearaltachaibh a nionadh cloinne Semais mic Seain baoí
hillaimh hilLondainn le bliadhain roimhe sin. Do hiondradh agus do haircceadh,
do loiscceadh agus do loimchreachadh an tír go tinnesnach le Semus co na
shlócchaibh. Ro theichsiot urmhór an tíre, agus rucsat an ro fhédsatt dia
ninnilibh leó go Lic Shnámha. Baoí diomatt agus do líonmhaire shlóigh
Semais go ro suidhigheadh dá longport


L. 1626


líonmhara lánaidhbhle lais ar gach
taobh don bhaile. Ro chuir Ó Conchobhair Ciarraighe, agus Clann tSíthigh co na
ccóirighthibh, agus urrann duaislibh agus daireachaibh an tslóigh amaille
friú don taobh thoir don bhaile. Do chuaidh fein gus an lucht bá menmarc lais
do beith ina fhochair don taobh tiar don bhaile, agus baoí Mac Muiris co na
muintir hi ttennta mhóir etorra. Ro baoí bheós ro bruth aeóir tes, agus
tiormach adhbhal amhail ro ba dú is in aimsir sin gur bó héigen dá ndaoínibh,
agus dá nairneis mersháile na habhann dól lé truime an tarta agus lá
robharta a ro iotan. As é bá consapal do Mac Muiris an tan sin Emann mac an
Ghiolla Dhuibh, mic Concobhair, mic Donnchaidh mic Domhnaill na Madhmann Mec
Suibhne, agus ní tharla ina fhochair acht becc bhuidhen gallócclach dá lucht
lenamhna co nár bó suaill go mbaoí ina fharradh ghénmotha aon chaoccat fer
namá ar ccaitemh aimsire a namhsaine. Ar a aoi nír bó miadh leó imtheacht ó
Mac Muiris iar mbreith don foireiccen sin fair, do baoí beós isin mbaile sin
Sean na Seoltadh mac Domnaill Uí Mhaille lucht luinge faide do chairdibh
coblaigh Mheic Muiris tanic do tadall cuarta ina cend gan cor gan cennach,
agus nír bó maisi a fhagbháil don chur sin. Do chuaidh Mac Muiris dá
comhairliucchadh fris na maithibh sin dia fhios créd do ghénadh. Friscartsat dó,
agus atbertsat fris daithescc aoin fhir gur bó tanaisi dia mbás a mbetha
amhail ro battar, agus nocha cabhair do ghébham do dheóin an locht atáid inar
nacchaidh filet i niomsuidhe foirn, agus ó nách menmarc latsa gialladh do Mac
Muiris mic an iarla asedh as dénta duit do shén agus do shobharthan do chor
i nucht an toice agus an chonáigh isin ló so aniú, agus gabh chugatt mar chuid
dEirinn go hoidhche ina mbia fo bonnaibh do biodhbhadh, agus ionnsaighem
Clann tSithigh uair is friú as mó ar ffercc agus ar ffola. Iar ccinnedh ar an
ccomairle sin dóibh do rónsat eirghe athlamh aoin fhir, agus tucc Mac Muiris
inneall agus orducchadh catha ar an mogall do chrunnsluagh chairdemhail tarla
ina fharradh, agus tuccadh tosach lé hiombualadh do Cloinn tSuibhne. Ni baoí
inmhe nó ardflaithes (an dar leó) rob ferr lé Cloinn


L. 1628


tSíthig agus lé a ttarla ina ttimcheall iná a ffaic sin dia
nionnsaicchidh ar an orducchadh sin uair rob ferr leó a ccoscc díobh ar
én lathair inás beith ag ithe grain glaiss désaicch, agus acc ibhe fhuar uiscce
ré a nacchaidh amhail ro bhattar. Imthusa Mheic Muiris agus a muintire ní ro
ghabhsatt cor don chonair choithcinn go rangattar hi ccend Cloinne Sithigh,
go ro féchadh leó fulang a ffaobhair slegh, sedh a samhthach, coingheall a
ccloidhemh, agus cruaidh a ccathbharr, leth ar leth, agus iar ccaithemh ree
aimsire dóibh acc an ccomhthuarccain sin ro sraoíneadh don ghlanshluagh
Geraltach agus tuccsat acchaidh ar imtheacht, agus cúl ré comhfhosucchadh a
ccathlaithreach. Ro diantinnesnaighedh ina ndedhaigh lá muintir Meic Muiris
Chiarraighe, agus ro gabhsat aga sraoighledh agus acca síorairleach co nár
bhurasa ríomh nó áiremh gach ar faccbadh do Geraltachaibh, agus do Cloinn
tSíthigh isin sraoíneadh hísin. Ro marbhadh écht mór annsin .i. Ó Conchobhair
Ciarraighe, Conchobhar mac Conchobhair, Bá do mhóir échtaibh Cloinne
Rudhraighe an tan sin an tí torchair annsin, aoibheal beó a chineadh, agus a
chlannmaicne, sósar dia rainicc orlamhas a athardha ar bélaibh sinnsear,
uaithne fulaing dámh, agus deóradh, agus deghaosa gacha dána, post
cothaighthe coccaidh, agus cennairrce fri comharsanaibh agus coiccriochaibh.
Ro fáccbadh ann dna, Emann Ócc mac Emainn Mic Síthigh ardchonsapal Geraltach,
fer toictheach tromchonaigh go lán ainm láimhe agus tighe aoidhedh, agus
Murchadh Balbh mac Maghnusa, Mic Síthigh, Tadhcc Ruadh O Ceallachain,
mac Uí Dhuibhidhir, mac an Ridire Fhinn, Fáltach Dhuine Maoilín,
agus Seón mac Gearóid mic Gearailt oidhre Leice Bébhionn. Ro ghabhadh ann
Ruaidhri mac Maghnusa Mic Síthigh, Ro marbhadh agus ro gabhadh sochaidhe ele
cenmothát sidhe don chur sin.




L. 1630



AOIS CRIOST, 1569. Aois Criost, mile, cuicc ced, sescca, anaoí.



Espocc Cille Dá Lua .i. Toirrdhealbhach mac Mathghamhna mic Toirrdhealbhaigh
Uí Briain décc.



O Sechnasaicch .i. an Giolla Dubh mac Diarmatta, mic Uilliam, mic Seain
Bhuidhe tulach toirlenga do Ghallaibh agus do Ghaoidhelaibh doneoch ticcedh
dia shaighidh dhíbh, fer gan beith eólach hi laidin nó hi mbérla roba mó cion
agus cáil hi ffiadhnaisi Gall an fer íshin, agus a écc. A mhac Sean do
gabháil a ionaidh.



Sláine inghen Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic
Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain décc.



Mór Phécach inghen Bhriain, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain
Catha an Aonaigh Uí Bhriain ben Uí Seachnasaicch .i. Diarmaid mac Uilliam
mic Seain Buidhe ben dearsccaighthe ar deilbh agus ar dearlaccadh isidhe do
écc.



Semus mac Muiris mic an iarla do beith na dhuine coccthach chonghairech an
bliadhain si go ro chengailsiot Goill agus Gaoidhil na Mumhan ó Bearba co
Carn Uí nNeid daon rann agus daon ndaingen fris i naghaidh comhairle an
rígh. Iarla Urmhumhan do bheith i Saxoibh .i. Tomas mac Semais mic
Piarais mic Semais, mic Emainn, agus a dhias dearbhrathar .i. Emann an
Chaladh agus Éduard do dol in én rann lé Semus mac Muiris, do chóttar
an dias mac sin an iarla lá feile Muire Mór fa aonach Innsi Corr, agus bá
dírimh do aisnéis ar glacsat deachaibh, agus groighibh, dór, agus dairccett,
agus dearradhaibh allmardha ar an aonach sin. An tiarla dna do theacht in
Erinn an bliadhain cedna agus siodhucchadh dia braithribh fris an Státa.


L. 1632


Sluaiccheadh mór lá iustis na hEreann Sir Hanry Sidny hi ffoghmhar na
bliadhna so do dhol ar Muimhneachaibh a ndiaidh na siodha agus an
daingnighthe do rónsat, agus asedh do ghabh tre Laighnibh siardheas, agus ní
ro airis go rainicc go hUibh Mac Caille sa Mumhain, agus ro suidhighedh
longport sochraidh sluaighbeódha lais hi ttimcheall Baile na Martra, agus baí
sechtmain lé hacchaidh an bhaile, agus báttar Muimhnigh ag bagar gach laoí
don tseachtmhain sin iomaireacc do thabhairt don iustis co na shluagh, agus ní
ro chomhaillsiot in ní sin. Ro gabhadh an baile fa dheóidh las an iustis, agus
ro fhaccaibh barda a hucht na banríoghna inn. Do chuaidh as sin tré duthaigh an
Bharraigh, agus tre Ghlenn Maghair do dhol go Corcaigh. Báttar eirghe amach
Muimhneach annsin ar a chionn in oirchill iommbuailte fris. Ar a aoí do
léicceadh an chonair don iustis. Baoí an iustis lé hathaidh hi cCorcaigh,
agus a rannta coccaidh ag deiliucchadh lé Sémas an airet sin acc teacht ar
protex agus ar pardún. Tanaic an iustis as sin go Luimneach, agus ro brisedh
bladh do bhailtibh na Mumhan lais etir Chorcaigh agus Luimneach. Ro gabhadh
Cluain Dubháin agus Baile Í Becháin hi tTuadhmumhain don toiscc sin las an
iustis, agus do chóidh iaramh go Gaillimh. Baí sidhe fri hedh is in mbaile sin
ag cennsucchadh Dál cCais agus Chloinne hUilliam, agus Iarthair Chonnacht,
agus iar ffaccbháil na Gaillmhe dó ro gabhadh lais Dún Mór Mhec Fheorais,
agus Ros Chomain, Ro fhácchaibh presidens i mBaile Atha Luain os cenn
chóiccidh Chonnacht uile ó Drobhaoís go Luimneach agá ffollamhnucchadh agus
agá ffírchennsucchadh. Bá hesidhe ced phresident na tíre sin riamh, Sir
Eduard Pitun a ainm. Ro shuí an iustis tar a ais hi fFine


L. 1634


Ghall, agus go hÁth Cliath iar mbuaidh ccosccair i ndeireadh an
foghmhair sin budhéin agus ní dearna fear ionaid an rígh i nErinn riamh
lá hoiret an tslóigh ro baoísiomh eachtra rob aitheasaighe inás an
siubal sin do rónadh laissiumh.


L. 1636



AOIS CRIOST, 1570. Aois Criost, mile, cuicc ced, sechtmoghat.



Mac Suibne Fánat .i. Toirrdhealbhach Ócc, mac Toirrdhealbhaig, mic Maol
Muire, agus a bhrathair Aodh Buidhe Ruadh, agus Mac Suibhne na tTuath,
Murchadh Mall mac Eocchain Óicc do mharbhadh i nDún na Long hi ffiull
hi ffiadhnaisi Í Neill (Toirrdhealbhach Luineach) lá Cloinn nDomhnaill
Gallócclach agus rob oilbheim adhbal deineach agus dengnamh, do threóir,
agus do thairptighthe do chosnamh, agus do chothucchadh tuaisceirt Ereann
tuitim an trír íshin, agus rob echt mór fer dibh sin gér bhó maith an dias
naile .i. Murchadh Mall cnú ós crobhaing, grisbheó gan bhádhadh, err
ghaisccidh Gaoidhel, rinn iomarbhagha fear nUladh i nacchaidh fear
nEreann, uaithne briste berne baoghail, fodhailteach séd agus saor
mhaoíneadh Síl Suibhne an Murchadh sin. A bhrathair Eocchan Ócc do
gabhail a ionaidh, agus a bhrathair Domhnall dóirdneadh i nionadh Mheic
Suibhne Fánat.



Eiccneachan mac Aodha Buidhe Uí Dhomhnaill do mharbhadh hi ffiull ag
tionntudh ó sluagh Uí Dhomhnaill lá Ferdorcha mac Uí Ghallchubhair co na
mhuintir agus lá druing ele do Shliocht Donnchaidh Uí Ghallchubhair.



Mac Conmara, Sean, mac Síoda, mic Meic Con, mic Síoda, mic Taidhcc mic
Lochlainn tighearna an taoibhe thoir do Cloinn Choiléín do écc duine
miadhach mórdhalach


L. 1638


leandan ban, agus inghen ar shuarca, agus ar shibhenradh,
agus Domhnall Riabhach mac Con Medha, mic Donnchaidh do gabhail a ionaidh.



Fógra chúirte hi Mainistir Innsi hi tTuadhmumhain do chor lá presidens
chóiccidh Chonnacht go Síol mBriain, agus go hUachtar Connacht,
Tadhcc mac Murchaidh Uí Briain asé bá sirriam is in tír an tan sin, agus rob esidhe
céd shirriam Tuadhmumhan. Do rónadh laisidhe urgnamh bídh, agus biotaille fó
chomhair an presidens hi Mainistir Innsi. Ticc iaramh an presidens don bhaile
a ttimchell na féle Brighde do sonnradh. Bá hann baoí iarla Tuadhmumhan
Concobhar mac Donchaidh mic Conchobhair Uí Bhriain is in Clár in tan sin. Ro
chuir an presidens isin tres lá gairm fair, agus do lodar drong do ghárda an
phresidens do mhaithibh a mhuintire agus a mharcshluaigh do thóchuireadh an
iarla. Bá in aon uair do ló do chódar sidhe go dorus an bhaile agus Domhnall
mac Conchobhair Uí Bhriain acc tocht chuicce mar an ccédna. Bá hí comhairle
ro cinneadh las an iarla, Domhnall agus a raibhe ó slabhradh na comhladh
asteach do ghabháil, agus drong dá raibheamuigh díbh do mharbhadh. Ro
imthigh an chuid ele dibh dho thoradh retha agus rionnluais a neach hi ccenn
an phresidens go hInis. Ro imthigh an presidens ar ná mharach, agus clann
Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh .i. Tadhcc agus Donnchadh dá threórucchadh as
in tír, agus acc dénamh eolais dó tre carcraibh cumhgaibh, agus tré
droibhélaibh diamra doieólais. Baoí an tiarla agá ttoraighecht, agus ag
tabhairt amais forra go rangattar Gort Innsi Guaire in adhaigh sin. Iar
rochtain na sccél sin gus an iustis ro gab fercc agus lonnus é, agus asedh ro
chinn fein, agus an chomhairle a fhorchongra ar iarla Urmhuman, Tomas mac
Semais mic Piarais Ruaidh a hucht na banríoghna tocht do chennsucchadh iarla
Tuadhmhumhan is in ngniomh anuaibhreach do rinne uair bá gar a ngaol agus a
mbrathairsi dia roile. Tainicc iarla Urmumhan co na slógh hi tTuadhmumhain
fó cédóir, do riacht an tiarla Conchobhar in áit iomaccallmha fris, agus do
gheall go ndiongnadh a thoilsiumh agus toil na


L. 1640


Comhairle. Do rad a bhailte for láimh iarla Urmhumhan .i. Cluain Ramhfhada
An Clár Mór, agus Bunraite, agus ro léicceadh Domhnall Ó Briain, agus maithe,
bhraighdedh Tuadhmumhan báttar hilláimh ag an iarla amach, agus braighde an
presidens mar ccedna. Ro ghabh iaramh aithreachus, agus attuirsi an tiarla fá
na bailtibh, agus fá na braighdibh do thabhairt uadha, uair ní raibhe dá
longphortaibh aicce acht Magh ó mBracáin amháin, agus ro fháccaibh bardadha
buantairisi ann, agus así comhairle do rinne gan dol fó dhlighedh ná fó
ghrásaibh Comhairle na hEreann coidhche, agus rucc do roghain gur bhó ferr
lais beith ar faoindeal agus ar fogra, agus cúl do chur ré a dhúthaigh agus
ré a dheghathardha inás dol dia saighidh.Baoí iaramh lé hathaidh go
hinchleithe hi cCloinn Mhuiris, agus do chuaidh as sin a ttimcheall na fele
Eóin don Fhrainc, agus bái ré hedh annsin, agus ticc iaramh go Saxoibh, agus
fuair grasa, pardún, agus onóir ó bhanrioghain tSaxan, agus do rad litireacha
lais dionnsaighidh comhairle na hEreann dia aithne diobh an tiarla
donorucchadh agus tainicc i ngeimhreadh na bliadhna cédna tar a ais go hÉrinn.



An president cédna, agus iarla Cloinne Riocaird .i. Riocart mac Uillicc na
cCenn mic Riocaird mic Uillicc Chnuic Tuagh do shuidhe lé hacchaidh Sruthra
hi samhradh na bliadhna so. Báttar for an sluaigheadh sin hi ffochair an
phresidens forgla toíseach, agus trénmhileadh láth gaile agus gaisccidh
Uachtair Chonnacht ó Magh Aoi go hEchtge, agus o Ghaillimh go hAth Luain.
Báttar fós hi ffoslongport an phresidens drong mhór do caiptinibh co na
saighdiuiribh amaille friú, agus dá chórucchadh nó a trí do gíománchoibh
Gaoidhealchoibh. Baoí ann bheós an Calbhach mac Toirrdhealbhaigh, mic Eóin
Charraigh, mic Mec Domhnaill co na dhias mac, agus co na


L. 1642


sochraide, agus drem do Sliocht Domhnaill, mic Eóin, mic Eocchain na
Lathaighe, Mic Suibhne .i. Aodh mac Eocchain mic Domhnaill Oicc, agus
Domhnall mac Murchaidh


L. 1644


mic Ruaidhri Mhóir go ccóirighthibh glan toghtha gallocclách amaille friu,
agus córughadh gallóglach ele do Cloinn nDubhghaill, ordanás agus eirghe
amach on nGaillimh. Baoí ann bheos gasradh do mharcshluagh merdha tri chéd a
líon sén go lúireachaibh, agus go neidedhaibh plát.



Od chualaidh Mac Uilliam Búrc Sean mac Oiluerais, mic Seain, an toichestail
slóigh lánmhóir sin do beith acc an president agus ag an iarla a ttimchell
Sruthra bá cradh croidhe, agus bá mesccadh menman lais an ní sin, agus ro
thionoil chuicce fó chédóir Búrcaigh Iochtaracha, agus Sliocht Maoilir A
Búrc, Clann nDomhnaill Gallócclach agus Murchadh na tTuagh mac Taidhcc mic
Murchaidh, mic Ruaidhri Uí Flaithbhertaigh. Tangattar sidhe dna gus an líon
as lia ro fhédsat dfaghbhail leó dAlbanchoibh, agus dEirennchoibh
damhsaibh agus dócclachaibh, agus ní ro hanadh leó go ruachtattar ar cnoc
baoí a ffoccas do longphort an phresident agus an iarla, agus battar accá
chomhairliucchadh etorra budhéin cionnus do bherdaoís dluighe nó
diansccaoíleadh ar na deghshluacchaibh diocoiscce battar ag forrán forra ima
ttír agus imá ndúthaigh. Ro cindeadh leó cétus troighthigh do dénamh dá
mharcshluagh, agus do chóidhsiot iaramh i ninneall agus i norducchadh, agus ro
thingeallsat dia roile gan sccaoileadh no sccaindreadh as an innell sin dia
madh forra nó rempa ba raen. Ro herfhuagradh leo bheós dia marbhtha mac nó
brathair neich dhiobh ar a bhelaibh gan anmhuin occa acht dol tairis fó
cédóir amhail ba namha anaithnidh, agus ro chinccsiot fón tóichim sin do
saighidh na slógh naile. Dála an phresidens agus an iarla ro suidhighsiot a
nordanas, a saighdiuiri, agus a lucht halabard, agus a lucht éideadh plata
dia ccois ar na bernadhaibh bélchumhgaibhin ro ba dóigh leó an lucht ele dia
saighidh, agus ro chuirsiot lá a ttaoibh sidhe Clann tSuibhne, Clann
nDomhnaill, Clann nDubhghaill, agus coisighthe an tslóigh archena. Do chódar
fein agus an mherghasradh marcslóigh tarla ina ffarradh hi lethursain na
troda don


L. 1646


taoíbh ele. Ro ba dáil lé docair, agus dob aghaidh ar éttualang doccbhaidh
Iarthair agus Iochtair Chonnacht cor dochum na conaire congháirighe sin. Ara
aoi ro asccnasat for a naghaidh, agus nír bhó cian do chódar an tan fuarattar
a ttaoibh do tholladh, agus a ccuirp do chréchtnucchadh las an céd fhrais do
léicceadh fótha a gonnadhaibh grán aoíbhleacha agus a bodhadhaibh
blaithrighne, ní sgeinm nó sccath, ní merten nó miodhlachus ro ghabhsatsomh
rias na créchtdiubhraicthibh sin acht dol gan choiccill for a ccertacchaidh go
ro fhéchsat sithfulang a samhthach cruas a ccloidhemh, agus troma a ttuagh ar
chloignibh, agus ar chennmullaighibh a cceleadh comhlainn. Nír bó fada ro
fuilngedh na fedhmanna sin las an ffoirinn tarla for a ccionn an tan ro
bhrúchtbhris dianmháidhm dásachtach dibh for cculaibh go ro bhen an
trénbhuidhen tainicc dia saighidh iomlaoid ionaid agus malairt áite díobh. Ro
gabhsat sidhe iaramh ag díothlaithriucchadh na druinge tarla rempo ag
lenmhain an luathmadhma ag tendadh na toraigheachta, ag drutt agus ag dinge i
ndeghaidh na ndrongbuidhen ar fedh dá mhíle on ffoslongport. Ro sleachtadh,
agus ro sraoíghleadh sochaidhe díobh leó an aired sin. Iar ndol do mhuintir
Meic Uilliam Búrc tar an marcsluagh baoí dia lethtaobh, tuccsat na díormanna
marcsluagh amus for dheireadh na nóccbaidh rias a mbaoí an boirbbriseadh co
ro díthaighit dréchta dia ndrongbuidhnibh leó, agus ro mudhaighfe ní ba mó
munbadh dluithe agus daingne a ninnill agus a nordaighthe tuccsat forra a
ttús an laoi. Do dheachatar iaramh for ccúlaibh iar mbuaidh ccosccair agus
ccomhmaoidhmhe agus iar sraoíneadh for a mbiodhbhadhaibh, acht amháin bá sedh
a ndearnsat do dearmat conganta (o ro folmhaighedh an chathlathair leó, iar
mbriseadh for a mbiodhbhadhaibh) gan anmhain isin ffoslongphort in
oidhche sin, uair dá nandaois ní bhiadh fresabhra friú im ainm agus im
oirdhearcus an mhadhma do beith forra. Dála an phresident, agus iarla Cloinne
Riocaird do ansatsidhe, agus Sliocht Domhnaill Mec Suibhne (ná ro fágaibhaid
a mbonn dá mbiodhbhadhaibh an lá sin) agus drong dia saighdiúiribh is in
ffoslongphort in oidche sin. Báttar iaramh ag aithne, agus ag adhnacal a
ccaomh agus a ccarat, agus ag fadhbhadh na ffer ngonta seachnón an ármhaigh.
Do rónadh écht mór annsin ó Ghallaibh .i. Pattraiccin Ciumhsócc, Ro marbhadh
ann bheós an Calbhach mac Toirrdhealbhaigh mic Eóin Charraigh, agus sochaidhe


L. 1648


ele nách airimhthir. Ro fáccbadh ann don leith ele Uáter mac Seain mic
Maoilir A Búrc dia ngoirthi Cluas le Doininn, agus Raghnall mac Meic
Domhnaill Gallócclaigh, agus dá mac Eóin Eireannaigh dá chonsapal do
Chloinn nDomhnaill na hAlban. Do fáccbad ann líon dírímhe amaille riú sin
dErennchaibh dAlbanchoibh, do Cloinn nDomhnaill, do Cloin tSuibhne, agus do
lucht lenamhna Búrcach. An dar las an slógh síos lás ro sraoíneadh ina mbaoí
rempa, agus fris nár cothaiccheadh an cathlathair as aca fein baoí buaidh na
teccmhala, agus dar lás na tighearnadhaibh ro an is in ffoslongphort in
oidhche sin as forra féin ro ba dir clú an mhadhma do bheith.



Slóiccheadh lá hiarla Urmhumhan hi ffoghmhar na bliadhna so .i. lá Tomas mac
Semais mic Piarais Ruaidh tar Siúir siar do Chliú Máil mic Ucchghaine i
nUibh Conaill Gabhra, agus do Ciarraighe Luachra, ní ro airis gur ghabh agus gur
bhris Dún Lóich ós Lemhain i ndeiscceart chóiccidh Chon Raí mic Dáire. Fuair
braighde agus édala iomdha don turus sin, agus do fhill hi frithing na conaire
cédna gan troid gan tachar, agus bá sedh fó deara dósomh sin, clann iarla
Deasmhumhan do beith hilláimh hilLonndain, agus Semus Mac Muiris ina aon
dfhine i nacchaidh Gall agus Gearaltach, agus an tír uile ag cur ina aghaidh,
agus fáth ele as nach ffuair an tiarla teccmháil ar baoí congnamh slóigh na
banríoghna aicce ar an turus sin.


L. 1650


AOIS CRIOST, 1571. Aoís Criost, mile, cúicc céd, sechtmoghat, ahaon.



Mac Con Mara Tadhcc mac Con Meadha, mic Con Mara, mic Seain, sódh a rainn
agus a charad do chothucchadh, agus a namhad dfholmhucchadh agus
dfhásucchadh décc, agus a mhac (Sean) do ghabháil a ionaidh.


L. 1652


An Ciomhsóccach Tomas mac Seain cend comhairle Gall Ereann fear ro bhaoí fo
thrí ina fhior ionaid righ i nErinn décc.



Mag Gormain Maoileachlainn mac Tomáis mic Maoíleachlainn Duibh tógbhálaigh
trógh, agus tighe naoídheadh décc.



Semus Mac Muiris do ghabhail Chille Mo Ceallócc, agus ní dáilghes a
hionnmhais, nó a hiolmhaoíne gér bhó hiolardha a hedála acht fó bíth bá
hionadh oireachtais, agus ba tulach turleime do Ghallaibh agus do
Gheraltachaibh lé hacchaidh Shemais do ghrés. Do radadh uardhúsccadh námhat
for an lucht báttar go sóinmheach suan chodaltach i nurthosach oidhche lá
merghasradh Cloinne Suibhne agus Cloinne Síthigh báttar hi ccaoímhtheacht
Semais Mic Muiris ria nuair teirte ar a bharach go mbáttar ag roinn óir, airgit
agus iolmhaoíne, agus séd somhaoíneach, na haidémhadh an tathair dia eidhre,
nó an mhathair dia hinghin an lá riamh. Ro bás dna leó fri hedh trí lá agus
teora noidhche ag cor gach earnaile ionnmhusa agus uasail earradh, chuach,
agus chorn ccumhdaighthe for greghaibh, agus eochaibh fó choilltibh agus fó
fhedhaibh Eatharlach, agus araill ele go hincleithe do shaicchidh a ccarat,
agus a ccoiccele. Do bertsat iaramh troimnéll teineadh agus dlúthbhrat
dobhardha duibhchiach dars an mbaile iaramh iar mbrisedh agus iar
mblaidhrébadh a cumhdaighedh cloch agus claradh


L. 1654


gur bó haitte agus gur bhó hadbha do chonaibh allta Cill Mo
Cheallócc iar gach náines baoí innte gó sin.



President Saxanach do theacht ós cend dá chóicceadh Mumhan i nearrach na
bliadhna so, Sir Seon Parroit a ainm. Báttar lais iomat long agus laoidheng,
céd, agus caiptínedh. Ro ghabhsat urradha, agus uasalchodhnach, tigherna,
agus toíseach an tíre fó cédóir lais, geibhitt dna amhais, agus easurradha
lucht tuillmhe, agus tuarusdail an tire lá Semas gion go mbaoí dia
dún arasaibh aicce acht Caislén na Mainge namá. Ro fhóccair an president for
feraibh Mumhan teacht go líonmhar lérthionoilte ina dóchum co na lóintibh fein
leó lé haghaidh Caisléin na Mainge im fhéil Eóin ar ccionn. Do rónadh
fairsiomh sin, agus ro gabsat ag iomshuidhe an bhaile ó féil Eóin go medhón
foghamhair, agus ní ro tharmnaigh ní dóibh ar ní ro ghabhsat an baile an
bliadhain sin. Téit an president co Corcaigh, agus ro sgaoilsiot fir Mumhan
dia ttighibh.



Ro fógradh cúirt fri hedh ocht lá ndécc lá president chúiccidh Connacht Sir
Eduard Phitun hi Mainistir Innsi do chertucchadh, agus do chendsucchadh Dál
cCais, agus Uachtair Chonnacht fó fhéil Patraicc na bliadhna so. Tánaicc trá
an president go marcsluagh merdha, go saighdiuiribh soineamhlaibh, uair ro ba
cuimhneach lais an eiccendail i mbaoí lá Dál cCais roimhe, agus baoí gach
laoí re hedh na nocht lá ndécc remhráite ag coiccert recht, agus riaghla,
agus ag ionnarbadh éccora agus indlicchidh. Do beart iarla Tuadhmumhan
Concobhar mac Donnchaidh Uí Bhriain a duthaigh agus a thighearnas do
president i níc an indlicchidh do róine fair fecht riamh agus ó na baoí occa
ar a chomus dia bailtibh acht an Magh Ó mBrecáin do rad dó é bheós go mbaoí an
Magh, Bunraite, an Clár Mór agus Cluain Ramhada ar láimh an phresident ag
fághbháil an tíre dhó, agus rucc braighde gacha hurraidh dá mbaoí hi
Tuadhmhumhain lais go hAth Luain. Níor bhó hurusa


L. 1656


a ríomh an do radadh dó do
chédaibh bó ó Thuadhmhumhain ré hedh an dá bhliadhan baoí na president occa.



Sean mac an Ghiolla Dhuibh mic Diarmada baoí na Ua Seachnasaigh o bhás a
athar gus an mbliadhain si, Ro benadh an tainm sin agus Gort Innsi Guaire de
la dearbhrathair a athar .i. Diarmat Riabhach mac Diarmadha ar bá hesidhe bá
sinnsear ann iar ffír.





AOIS CRIOST, 1572. Aois Criost, mile, cúicc céd, seachtmoghatt, adó.



Airdepscop Tuama Criostoir Boidicin décc, agus a adhlacadh i nGaillimh.



Espucc Cille Fionnabhrach, Sean Ócc mac Seain mic Amhlaoíbh Uí Niallain fer
foircetail breithre Dé décc, agus a adhnacal hi cCill Fhionnabhrach budein.



Mairgreg inghen Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain ben
lán dféle dionnracus, do chonnla, do chrabhadh, do ghloine, agus do
genmnaighecht décc.



Tighearna Déiseach .i. Muiris mac Gearailt, mic Seain mic Gearoit mic Semuis
mic Gearóid iarla décc, agus a brathair .i. Semus doirdneadh ina ionadh.



Sean mac Tomais mic Riocaird Oicc, mic Uillicc Ruaidh, mic Uillicc an Fhíona
do bhadhadh isin Suca.



Henrí Ó Craidhen cendaighe saidhbhir sochonaigh dIochtar Connacht dég.



Eoghan Ruadh mac Fearghail mic Domhnaill Ruaidh Mic an Bhaird, Muiris Ballach
mac Con Coiccriche mic Diarmada Uí Chléirigh, agus mac Uí Mhóirin do
chrochadh lá hiarla Tuadhmumhan Concobharmac Donnchaidh, agus robdar saoite
hi senchus, agus i ndán an Muiris agus an tEoghan remraite, agus ro ba damhna
aoire, agus easccaoíne don iarla an feillghniomh íshin.



Eoin mac Colla, mic Domhnaill, mic Eocchain Mic Domhnaill décc.



Fóccra chuirte do thabhairt la president chúiccidh Chonnacht Sir Éduard
Phitun im fhel Patraicc i nGaillimh dá raibhe fo chumhachtaibh na bainrioghna


L. 1658


ó Luimneach go Sligeach. Tangattar fon toghairm sin iarla Cloinne
Riocaird co na chloinn .i. Uilleacc agus Sean go maithibh a muintire agus
Sliocht Riocaird Óicc A Búrc, agus Mac Uilliam Iochtair .i. Sean A Burc mac
Oiluerais mic Seain go mBúrcachaibh Iochtarachaibh hi maille fris agus Dál
cCais co na ccoimhtionol. Iar ttocht dóibh i ccend an phresident go Gaillimh,
ad chualattar dá mac iarla Cloinne Riocaird Uillecc agus Sean fosccadh
scceóill eiccin tres ro omhnuighsiot an president agus ro élaidhset co
hinchlethe as an mbaile. Amhail at chualaidh an presidens an ní sin ro gabhadh
maithe Cloinne Riocaird lais, agus ro fhaccaibh illaimh isin mbaile iad,
agus luidh fein agus an tiarla (athair na cloinne sin) fo rest lais go hÁth
Luain, agus assidhe go hAth Cliath, agus ro fháccaibh an tiarla ann, agus
soais fein doridhisi go hAth Luain. Od chualattar clann an iarla an ní sin
tuccattar esfhuaccra damhsaibh agus daos tuarasdail na ccoiccríoch
ccomhfhoccas tocht gan chairde ina ndochum. Ro fregradh go neimhlescc lá
Cloinn tSuibhne Uachtair agus Iochtair Chonnacht agus la Cloinn nDomhnaill
Gallócclach (go nil chédaibh Albanach araon riú) an toghairm íshin ria siú
ráinicc leósidhe tionol go haon mhaighin. Rucc an president a dhiorma slóigh
agus saighdiúiridhe lais go Gaillimh, agus rucc ordanás agus eirghe amach na
Gaillmhe lais go hAchadh na nIubhar .i. baile cloinne Domhnaill Uí
Flaithbertaigh, agus bá he Murchadh na tTuagh mac Taidhcc Uí Fhlaithbhertaigh
baoí agá tharraing ar an turus sin. Ro fáccbadh dias do Sliocht Domhnaill Uí
Fhlaithbertaigh i ttimcheall an bhaile, Ro leithbrisedh agus ro lángabhadh an
baile las an president iar sin, agus ro fhágaibh an mhéid baoí slán de ar
láimh Murchaidh na tTuagh Uí Fhlaithbertaigh. Do fhill an president tra go
Gaillimh tré Cloinn Riocaird, agus tre Uibh Maine gan troid gan tachar go
rainicc co hÁth Luain.



Iar ttionol na sochraide rémhraite do shaighidh cloinne an iarla as gach aird
ro cengailsiot, agus ro dhaingnighsiot féin, agus Mac Uilliam Búrc re roile
.i. Sean mac Oiluerais, agus bá hé céd ní do rónsat iar sin a beith acc
brisedh tor ttaobh


L. 1660


gheal, agus caislén ccomdaingen Cloinne Riocaird go ro brisid bailte an tire
ó Shionainn go Boirinn leó genmotha uathadh. Ro haircceadh leó iar sin etir
Shuca agus Sionann agus na Fedha, agus gach aon agá mbaoí báidh no rann lé
Gallaibh go dorus Atha Luain. Asead do dheachattar iaramh laimh dhes ré
Sionainn soir gach ndíreach go Sliabh Baghna na tTuath, agus anonn do
Chaladh na hAngaile go ro loisccsiot Áth Liacc. Ro gabhsat ag dódh agus acc
díoláithriucchadh ag iondradh, agus acc orccain gacha baile go rangattar i
nIarthar Midhe. Roba diobhsidhe an Muilend Cerr agus assidhe go dorus Atha
Luain go ro loisccsiot a mbaoí ó dhroichet anonn don bhaile. Asseadh lottar
iaramh don taobh thall go Dealbhna Meg Cochláin, agus tar a nais go Síol
nAnmchadha, agus ní ro fháccaibhsiot toíseach tuaithe ó Eachtghe go Drobhaoís
nar chuirsiot a naon rann coccaidh friú don chur sin. Ro briseadh leo balladha
Baile Atha an Ríogh, agus a thighe cloch, agus a chaistiall agus ro mhursat
an baile co nár bhó hurusa a aithdhénamh go haimsir imchein dia neis. Do cuas
leó fó dhí i nIarthar Chonnacht daimdheóin muintire na Gaillmhe, agus na
saighdiuiridhe Saxanach ro fháccaibh an President ag congnamh bardachta an
bhaile, agus ro marbhadh leó caiptin na saighdiúir Saxanach sin ag an doras
iartharach don bhaile, agus bá daimhdheoin Muintire Flaithbertaigh bheos
do dheachattar an dá uair sin don tír agus ní bhaoí conair aca acc dol agus ag
teacht acht tré Áth Tíre hOiléin namá, agus do rónsat creacha agus oirccne
aidhbhle ar Murchadh Ó Flaithbheartaigh gach uair aca sin. Báttar tra clann an
iarla amhlaidh sin ó dheireadh earraigh go medhon foghamair ag comhlot na
ccendadhach, agus ag milleadh gach neith ro fhédsat im Ghallaibh, agus imo
ranntoibh Gall agus Gaoidheal archena. Aseadh ro chinnsiot comairle Atha
Cliath, agus maithe Gall an tiarla do léccadh amach fó shídh, agus chairdine
ós cionn a criche agus a fherainn, agus do chendsucchadh a chloinde, agus
táinicc dna dia thír hi ffoghmhar na bliadhna so ro chendsaigh a chland, agus
ro léiccsiot scaoíleadh dá namhsaibh ar níc a ttuillmhe agus a ttuarastail
friú. Baí din Semus mac Muiris mic an iarla máraon lé cloinn iarla Cloinne
Riocaird ar na himtheachtaibh sin ag


L. 1662


iomfhuireach lé hAlbanchaibh do breith lais i nGearaltachaibh, agus as
diaisneídh a ffuair an Sémus sin do ghaibhthibh agus do ghérguasachtaibh
deasbaidh bídh agus codalta ar uathadh sluaigh agus ar beg mbuidhne ó
Gallaibh agus ó Gaoidhealaibh dá cuiccidh Mumhan an bhliadhain si.



President dá chóiccidh Mumhan do suidhe lé haghaidh Caisléin na Mainge isin
samhradh do shonnradh, agus slóigh da chóiccidh Mumhan etir Gallaibh agus
Gaoidhealaibh, agus bailtibh móraibh, co na nordanas, co na bpúdar, agus co na
luaidhe. Báttar tra tionól Sleachta Eoghain Mhóir uile isin ffoslongport sin.
Baí ann Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn, battar ann dna Barraigh
agus Róisdigh, baoí an tsochraide sin uile ré hedh ráithe hi fforbais imon
mbaile, agus ro gabhadh leo hé fo dheóidh do díth bídh, agus nír bhó
deasbhaidh cosanta itir, agus bá ar dáigh fóirithne Albanach do breith gus an
mbaile baí Semus hi ffochair cloinne an iarla amhail remhebertmar.



Mortladh mhór ar dhaoinibh agus ar cethraibh an bliadhain si.




AOIS CRIOST, 1573. Aois Criost, míle, cuicc céd, sechtmoghat, a trí.



Domhnach initte, agus fél Bríghde for aon lo an bliadhain si, Sanais iar
ccáiscc agus deasgabhail in earrach, agus bá machtnadh mór lá cách inn sin.



Mac Ailin .i. Giolla Epscoip mac Giolla Epscoip an taon mac Gaoidhil as lugha
dob olc i nAlbain décc.



Mag Craith Uilliam mac Aenghais ollamh Dal cCais lé dán saoí suadhamhail i
nealadhain, agus hi mbrughachus décc.



Donnchadh Riabhach mac Taidhcc Uí Cheallaigh do écc.



Iarla Saxanach do theacht os cend chóiccidh Uladh hi ffoghmhar na bliadhna so
.i. iarla óf Esex a chomhainm, agus a dhol do chomhnaidhe go Carraicc Feargusa,


L. 1664


agus go Cloinn Aodha Buidhe. Brian mac Feilim Bacaigh Í Neill na
codhnach ar Trian Conghail, agus ar Cloinn Aodha Buidhe an tan sin. Creacha,
agus coinghleca iomdha do theccmhail etir Brian agus an tiarla go feil
Pattraicc ar cciontt.



Murchadh mac Diarmada mic Murchaidh Uí Bhriain do mharbhadh lá hUillecc A
Búrc mac Riocaird mic Uillic na cCend, agus lá hUa Seachnasaigh .i. Diarmaid
Riabhach mac Diarmada mic Uilliam, mic Seain Bhuidhe, agus bá hé Ua
Seachnasaigh ro imir lamha fair. Gort Innsi Guaire do bhuain dUa
Sheacnasaicch lá Sean A Burc a ndioghail mharbtha a dhearbhrathar.



Semus Mac Muiris do bheith acc coccadh agus ag coinghleic fri Gallaibh an
bhliádhain si co ro snadhmadh sidh etir essiumh agus president dá chúiccidh
Mumhan san earrach do shonnradh, agus tánaic do mhírbhuilibh Dé, agus do
bhithin tSemais, iarla Desmumhan Gearoid mac Semais mic Seain, agus a
brathar .i. Sean báttar illaimh i Lonndain lé sé bliadhna roimhe sin do
léiccen amach do ched chomhairle Shaxan, agus a theacht hi ccuan Atha Cliath.
Ro gabhadh an tiarla iaramh agus ro congbadh fó riast isin mbaile hé, agus ro
léicceadh Sean dfhéchain fhásaigh fhionn Mumhan, agus dfhios a athardha,
agus na méide do mhair dá lucht lenamhna.



President dá cuiccidh Mumhan co dhol co Saxaibh hi ttós in fhoghmhair ar
ccind iar ttechtadh, agus iar ttendghabhail an tíre, agus iar bfágbháil maor,
comhaírleach, agus caiptíneadh uadha feinos cend a stiúrtha agus a
ffollamhnaighthe amhail ro ba mian lé a mhenmain badhéin. Ro caoíneadh an
ceileabhradh sin an president acc bochtaibh ag baintreabhthachaibh, agus ag
aos anffand anarrachta an tíre.



Fuair iaramh iarla Deasmumhan elang ar eludh im fhéil Martain iar sin do
nemhthoil na comhairle gan fhios gan airiucchadh dóibh go rainicc do siubhal
tri noidhche ó Ath Cliath (go nuathadh ina fhochair) go glémhedhon Geraltach.
Ro fáilticcheadh fris an ttorchar flatha tánaic annsin. As gar uair gur bó
cédach conghaireach an tí tánaic ina uathadh don tír an tan sin. Ro
hionnarbadh


L. 1666


lais fó chend aon mhiosa iaramh buannadha, agus bardadha Saxanacha
báttar i ndúintibh agus i ndaghbhailtibh fher Mumhan uair bá ag an president
co na Saxanchoibh baoí Caonraighe co na ccaislénaibh, Baile na Martra, agus
Caislén na Mainge. Ro gabadh iadsuidhe co na mbardaibh las an iarla co nár
fhágaibh urra aitighthe aon baile ferainn ó Chumar Tri nUiscce co Bealach
Conglais, agus ó Bhealach Conglais co Luimneach nár chennsaigh, agus nár
chuir fó bhreith a bhuannadh, agus a mhaor fó chend na haon mhiosa rémhraite.
Ro fhócair a ccadhas féin deacclais agus dealadhain, agus ro chuir na
huird ina nionadhaibh fein do reir dliccheadh an phapa amhail ro ba dír.



Coccadh etir Dal cCais badhéin. Ba hiad báttar do thaobh don choccadh sin .i.
Domhnall mac Conchobhair Uí Bhriain, agus Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain.
Clann Donnchaidh Uí Bhriain don leith ele .i. an tiarla agus Toirrdhealbhach
acht ní bhaoí an tiarla fein isin tír don chur sin. Ro fhás imresain etir
Thadhcc mac Conchobhair, agus Tadhcc mac Murchaidh baoí i naon rann gó sin ag
congnamh lá Domhnall mac Conchobhair i nacchaid cloinne Donnchaidh go ro
sgarsat fria roile, agus bá fri Tadhcc mac Conchobhair do ronadh fotha na
himresna, agus do chóidh i rann a easccaratt .i. clann Donnchaidh Uí Bhriain i
naghaidh a dearbhrathar Dhomhnaill mic Conchobhair, agus Taidhcc mic
Murchaidh, agus Uachtair Tuadhmhumhan. Ro tionóileadh iaramh lá Tadhcc mac
Conchobhair (a ndioghail a dhiomdha for Tadhcc mac Murchaidh) amhsa agus
díbhearccaigh do ghallócclachaibh Geraltach tar Sionainn, agus do bert lais
iad do chongnamh lá cloinn Donnchaidh Uí Bhriain go mbattar sochaidhe iomdha
ina bfhochair do Buitilerchaibh, agus do Cloinn tSuibhne an tíre fein .i.
Sliocht Domnaill mic Eóin Meic Suibhne go sochraide an iarla amaille le a
dherbrathair lé Toirrdhealbhach mac Donnchaidh. As ann tangattar an
tsochraide sin uile hi cenn


L. 1668


aroile acc Ard na cCabócc bail a tteid Forghus isin muir. Ro ghluaiseadar
iaramh do dhioghail a nanffoladh for Uachtar Tuadhmhumhan tre oirthear Ó
cCormaic, agus tré imlibh ó fFermaic. Bá hé slad agus síreighemh agus
iachtadh na nanffann boí ag cur rabhadh reampa in gach maighin in ro
ghabhsat. Lottar iaramh tré cloch ród Coradh Finne, agus lá dorus Innsi I
Chuinn, agus do Bhóthar na Mac Ríogh, agus ruccsat drong dia ndaoínibh
faidhbh agus édala a Cill Inghine Baoíth, agus nír bhó hairrdhe buadha nó
cosccair do Dhál cCais sarucchadh na bannaoimhe. Aseadh do chuattar iaramh
siar ttuaidh tré ccoiccrich CorcamRuadh agus Bóirne. Ro léiccsiott
scceimhelta sccaoílte ar fud an tíre uatha go ro teacclamadh leó creacha an
tíre uile ria nadhaidh go haon mhaighin. Ro ghabhsat longport iaramh, agus nír
bhó hionadh chumhsanta essidhe lá hiachtadh agus lá heighmibh ban, agus
baintreabhthach ag accaoíne a nimneadh a ndeadhaigh a ndíoghbhala.
Od chualaidh Domhnall mac Conchobhair Uí Bhriain, agus Tadhcc mac Murchaidh an
tromsluagh sin do thocht tairsibh ro thecclaimsiot an líon as lia ro fhédsad
do sluagh fo chedóir, agus rangattar a ccomhdháil araile co Carn Mic Táil.
Atiad battar ina ffochair ann sin


L. 1670


clann Emainn Mic Síthigh go nglanmhogal gallócclách tánaic trí hoidhche
rias an tan sin tar Sionainn, agus óccbhaidh Sleachta an Ghiolla Dhuibh mic
Conchobhair mic Donnchaidh mic Domhnaill na Madhmann Mic Suibhne. Baí ann
Uilleacc mic Riocaird Shaxanaigh mic Uillicc mic Riocaird A Búrc tánaic an lá
roimhe sin dfiosrucchadh a bhráthar, Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain. Ro
chinnsiot ann sin a haon comhairle an slógh do lenmhain, agus ro ghabh Domhnall
mac Conchobhair Uí Bhriain occa ngresacht im chalma do dhénamh, agus asbert
friú, a dheghmuintir ar sé ro chualadhusa lá senaibh, lá senchadhaibh nách lé
líon sluagh nó sochaidhe berar buaidh, agus nách bfuil breithemh as fíre as
fíor re cathrae. Do rónsat an lucht úd fairbricch, agus iomarcradh foirn .i.
ar nionnsaicchidh gor ccrich ndilis badhein go ro chreachsat, agus go ro
oirccset ar muinteara. Ní fhuil isin lucht úd gidh líonmhar dhóibh acht
cumasccach slóigh a hionadhaibh eccsamhlaibh, ní bá lainne leó tairisiomh
oldás teicheamh diamadh deimhin leó rochtain a nanmann as an maighin hi
ccoindrecfam. Ro gabh greim tra an greasacht sin do bert Domhnall for a
mhuintir, agus ro thingheallsat dó gomadhbáidh brathairsi nó bhiadh aca uile
i naghaidh a namhat, agus ro chinnsiot lucht bratha, agus taisccéladh do chor
uatha for an ffoslongport an oidhche sin. Baoí Tadhcc mac Conchobhair Uí
Bhriain, agus Toirrdhealbhach mac Donnchaidh Í Bhriain co na sochraide go
feithmheach fuireachair lá taobh a longpuirt an oidhche sin co solus trath
eirghe do ló ar ná bharach. Ro asccnattar rempa lá heirghe na gréine do Sliabh
na nGroighedh, agus láimh clé lé Bél Atha an Ghobhann, agus báttar slóigh an
tíre ag maillcheimniucchadh lá a ttaobh do theaccmhail friú, ro nochtsat a
meirgeadha eiteacha errleabhra leth ar leth, ar a aoi ro chinnsiot go céim
dioghainn dfhearsait Cille Mainchin do shaighidh Beóil an Chip gach
ndíreach. Ro gabh Tadhcc mac Murchaidh, agus an sluagh archena ag grís
imdherccadh Domnaill Í Bhriain ar a fhod leó báttar gan ionnsaighidh an
tslóigh


L. 1672


naile uair báttar acc coimhimtheacht ard i naird fri aroile ó Bhaile
Atha an Ghobhann go sin. Ráinicc Tadhcc mac Conchobhair agus Toirrdhealbhach
Ua Briain co na sochraide ar mullach chnuic Beoil an Chip ina ninneall
iombualta amhail ro ba lainn badéin. Báttar an sluagh naile agus lucht na
tíre agá ttograim i nacchaidh na leargan airde aggairbhe baí dia saighidh
amhail as déine conrangattar, agus ria ndol eadh diubhraicthe dóibh ro gabh
sgeinm agus sccáth éttroma agus aerdhacht, claonadh, agus corraidhe consapail
Taidhcc agus Toirrdhealbhaigh gor ghabhsat ruaccadh fó chédóir chuca. Ro
gabhadh ag a nairleach, agus ag á nathchuma, ag a sleachtadh agus acc á
slaidhe na ffictibh, agus na ttriochtaibh, na ndeisibh, agus na ttriaraibh
as sin co Beinn Formala. Nír bhó haon chonair ro gabhsat na buidhne sin uair do
gabhsat an marcsluagh láimh dhes le fairrcce siar agus na coisighthe
soirdheas gach ndíreach. Ar a aoí ro lenadh go lánurlamh gach drong dhíbh. Ro
laccsat an marcsluagh a naradhna dia neachaibh amhail as déine ro fhédsat,
agus do dhechaidh Toirrdhealbach Ó Briain as dá marcach décc dia lucht
lenamhna do thoradh a neisiomhail, agus do luas a neach go Cathair Ruis. Do
gabhadh agus do gonadh drong ele dá mhuintir. Ro gabhadh ann dna Tadhcc mac
Conchobhair Uí Bhriain, agus a mac Toirrdhealbhach uair do ansatsidhe for an
ccnoc íshin uair bá dóigh leó go ffosaighfeadh cách ina ffarradh. Ro gabhadh
tra drong nár saoíleadh danacal dfhíor mhuintir an iarla, agus ro
marbhadh dronga iomdha ele. Ro ba glórach badhbha, agus braineóin, agus
eathaididhe aér, agus faolchoin na fiodbhaidhi for sethnachaibh saorclann fó
dháigh imaircc in aon laoí sin. Bá feirde Uachtar Tuadhmhumhan go cenn athaidh
dia eisi an ro fáccbhadh do bhraighdibh, deachaibh, agus déidedh darm,
dordanas, agus beós dia ccethraibh, dia ninnilibh fein aca an lá sin.


L. 1674


Muiris mac an Ghiolla Riabhaigh (.i. Ó Cléirigh) Uí Chléirigh, saoí hi
senchas, agus hi leighionn, fer soimm sochonáigh décc hi Muintir Eolais,
agus a adhnacal i fFiodhnach Maighe Réin i necclais Caillín.



AOIS CRIOST, 1574. Aoís Criost, mile, cuicc ced, seachtmhoccat, a cethair.



Conn mac an Chalbhaigh, mic Maghnusa Uí Dhomhnaill do gabhail hi fiull la
hiarla óu Esex hi ffoslongport an iarla badéin, agus a chor iaramh co hAth
Cliath.



Iarla Desmumhan do bheith ag foghail, agus ag inghreim a esccaratt i nerrach
na bliadhna so, agus briseadh dó ar Mág Carthaigh Mhór .i. Domhnall, mac
Corbmaic Ladhraigh agus Mac Fingin (Donnchadh mac Domhnaill mic Fingin) do
mharbhadh lá muintir an iarla, agus ro badamhna dobróin, i nDesmumhain
eisidhe. Ro marbhadh leó dna ócc consapal duaislibh Cloinne Suibhne .i.
clann Donnchaidh Bacaigh mic Maol Muire mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh,
mic Eocchain, mic Maol Muire, mic Donnchaidh go sochaidhibh do daghdhaoínibh
oile genmothát.



Tárraidh tra mac iarla Desmumhan (Sean mac Semais) eitim ngabala ar
dhaghbhaile daingen do Trian Chluana Mheala diar bhó hainm Doire an Láir,
agus ro chuir bárda tairisi dia muintir diomcoimhéd an baile hísin.
Od chualaidh iustis na hEreann (Sir Uilliam Fitzuilliam) agus iarla Urmumhan
(Tomas mac Semais mic Piarais Ruaidh) an ní sin ro athnuadhaigh gabhail an
baile sin a nuafhola, agus a senfhola re cloinn iarla Desmhumhan, agus ro
fhógairset dferaibh Midhe, agus Bregh, do Buitlérachaibh, agus dFine
Ghall archena dul do dhianmhilleadh Lethe Modha, agus ní ro hanadh leó gur ro
saidhit a bpuiple agus a bpailliúin i ttimcheall Doire an Láir co ro gabhadh
é leó fo dheóidh, agus ro dícendait an bharda uile las an


L. 1676


iustis. Batar a dhaoíne, agus a lucht conganta ag tréccadh iarla
Desmumhan an oiret sin gur bó hi comhairle ro chinn tocht hi ccend an iustis,
agus a bheith dia óighréir, agus rob eiccen dó Caislén na Mainge, Dun
Garbháin, agus Caonraighe do tabairt dó, agus maithemh ar gach ní ro milleadh
eatorra ar gach taobh go sin.



Sídh codach agus caradradh do coimhcengal eitir Bhrian mac Feilim Bacaigh Uí
Neill agus iarla óu Esex, agus turccnamh fleidhe do dhénamh iarttain la Brian
agus an iustis co maithibh a mhuintire do thochuireadh dia shaicchidh, agus
robtar subhach soimhenmnach frí ré theóra noidhche co na láibh i ffarradh
aroile. An tan bá háine dóibh occ ól agus occ aoíbhnes, hi ccenn na rée hísin
ro gabhadh Brian co na brathair agus co na mhnaoí las an iarla, agus ro
cloidhmheadh gan choiccill a muintir uile, fiora, mná maca, agus inghena ina
fhiadhnaisi badhéin. Ro cuireadh Brian iarttain, a bhen, agus a brathair go
hÁth Cliath, agus do rónadh cethramhna comhroinnte díobh ann conadh
amhlaidh sin do chuaidh críoch a ccuireadh dhóibh. Ro ba lór dfotha adhuatha,
agus urgráine dErennchoibh an oidheadh anabaidh, agus an mídiach malarta,
agus míimberta sin tuccadh for thigherna Cloinne Aodha Buidhe Uí Néill,
uachtarán,


L. 1678


agus sinnsear Slechta Eoghain mic Neill Naoíghiallaigh agus Ghaoidheal
Ereann durmhor cénmotha uathadh.



Clann iarla Cloinne Riocaird .i. Uilliam, agus Sean do brisedh breithre, agus
braithreasa for aroile, agus amhsa mhór dAlbanchaibh agus dÉirennchaibh
do fhosdadh lá Sean A Búrc. Fuair iarla Urmumhan iáromh protexion dó, agus
do rad braighde ré comhall don bhainríoghain ar laimh an iarla.



Cioth cloichshnechta do ffhearthain hi Callainn Maii na bliadhna so, bá
hexamhail iongnath fearthain an chetha íshin, uair bátar dronga i nErinn na
ro mhachtnaidh é acht amhail nach cioth naile, Batar drong naile ó ro tógbait
tige trebar dhaingne, agus o ro báidhit cethra, agus innile. Na guirt gemhair
ro bhaoí ar na síoladh ráithe no leithbliadhain rias an tan sin ro fháccaibh an
cioth sin ina lergaibh loma gan ioth gan fheór iad. Ro fhagbhaidh an cioth
cédna bheós cudroma gach cloiche dá ccuireadh do mhioll mhaothghurm for na
luirgnibh fris a mbenadh.


L. 1680


Mac Taidhcc mic Taidhcc Uí Ruairc do mharbhadh lá cuid do lucht lenamhna na
Breifne ar faithche Droma Da Ethiar.





AOIS CRIOST, 1575. Aois Criost, mile, cuicc ced, sechtmhoghatt, a cúicc.



Rudhraighe mac Aodha (.i. Ua Domhnaill), mic Maghnusa, mhic Aodha Duibh Ui
Domhnaill do mharbhadh i nedghaire i nDún na nGall la Cathaoir, mac
Eóin, mic Tuathail Uí Ghallcubhair, agus nochar laind laissiumh indsin.



Robharta ro thesbaigh, agus eallscoth aintiormaigh i samhradh na bliadhna so
co ná fríth edh aon uaire do ló nó doidhche do fleochadh ó Bealtaine co
Lughnasadh. Ro fhás esláinte urghranna agus teidhm turbróidh don tesbach
híshin .i. an pláigh. Baoí tra an teidhm sin co hanffóill for Shaxanchaibh,
agus for Éireandachaibh i mBaile Atha Cliath, i ndNás Laighen, i
mBaile Atha Fhirdhiadh, isin Muilenn Cerr, agus i mBaile Atha Buidhe.
Rob iomdha dna etorra sidhe, caislén gan choimhéd, innile gan aoghaire, agus
uasal chorp gan adhnacal tria bithin an tedhma íshin.



Iustis nua do thocht i nErinn .i. Sir Hénri Sidnei, isin ffoghmhar do
shonnradh, agus hi ccóicceadh Uladh ro gab port cetus, agus bá hamhlaidh baoí
ére for a chiontt na hén tuinn choccaidh agus chendairrce, agus ro naidhm
sidh, caradradh, agus carthanacht etir Cenel cConaill agus Eocchain, agus
coicceadh Uladh archena fo bith bá haca táinicc hi ttír hi ttosach, agus ro
dhíochuir an iustís sin co Saxaibh an tiarla lé a ndearnadh an gabhaltas for
Ultoibh, agus ro fheall for Chonn mac an Chalbhaigh, agus for Bhrian
mac Feilim Bacaigh .i. iarla ou Esex. Conn mac an Chalbhaigh Uí
Dhomhnaill dna, agus Conn mac Néill Óicc Uí Néill báttar illáimh i
nÁth Cliath do elúdh ré linn an iustis do thocht in nErinn, agus Conn
Ua Domnaill do bheith hi foithribh agus hi fásaighibh a dhúithche
badhéin gur chuir an iustis a phardún


L. 1682


chuicce. An iustis iaromh do dhul hi ttosach an gheimreadh seachnon Mhaighe
Breagh agus Midhe, aissidhe hi Forthuathaibh Laighean, go ro shíodhaigh Goill
agus Gaoidhil Airtir Mumhan agus Midhe, agus Síol Rossa Failgi, agus
Clanna Conaill Cernaicch fri aroile. Luidh iarttain siardhes gach ndíreach go
Port Loairge, co hEochoill, agus co Corcaigh im Notlaicc. Bá dírímh in
ro mudhaigh do mheirleachaibh, agus in ro díchend do drochdhaoínibh is na
tíribh sin trias a ttudhchaidh gó sin.



Coccadh eittir Shiol mBriain an bliadhain si. Clann Chonchobhair Uí
Bhriain agus clann Murchaidh Uí Briain do leth don coccadh sin. Clann
Donnchaidh don leith oile .i. an tiarla agus Toirrdhealbhach. Ro creachadh
agus ro comhloiscceadh (dfhoghail aon oidhche) Tuath Ua mBuilc agus Tuath
na Ferna eitir indilibh, arbhar, agus foirgneamh eitir thuaith agus
thearmann uile las an iarla.



Semus mac Muiris mic Seain mic an iarla co na mhnaoí agus co na cloinn do dhul
degla Gall don Frainc is in earrach do shonnradh, iar ndenamh siothchana don
iarla agus do Shean lá Gallaibh.



Aodh mac Baothghalaigh Mhég Flannchadha oide foircetail hi ffeineachus agus
hi filidheacht, cennaighe fíona as luccha dob olc do bhreithemhnaibh tuaithe
i nErinn décc.





AOIS CRIOST, 1576. Aois Criost, mile, cúicc céd, seachtmogatt, asé.



Mag Cartaigh Riabhach, Donnchadh mac Domhnaill mic Fínghin do écc adhbhar
éccaoíne doireachaibh, agus tóirsi do threabhthachaibh, agus bróin do
bhrughadhaibh a dhuithche badhéin, fer do dersccaigh da shinnsear agus dá nar
dersccaigh a shoiser, agus a adhnacal i notharlighe a athar agus a shenathar
i Tigh Mo Laga, agus a bhrathair Eoghan Mág Carthaigh do doirdnedh ina
ionadh.



Uaithne mac Aodha Uí Dhiomasaigh do mharbhadh i fiull ina baile fein i
cCluain na nGamhan.


L. 1684


Colla, mac an Ghiolla Dhuibh, mic Conchobhair, mic Donnchaidh, mic Domhnaill
na Madhmann, mic Eoghain, mic Eoin na Laithaighe Meic Suibhne, fer go sén
troda agus tochair, agus tighe naoidheadh consapal Dál cCais do écc.



Baothghalach Ócc, mac Baothghalaigh, mic Muircheartaigh Mheg Flannchadha
ollamh Dál cCais lé breithemhnas, agus fer tighe naoidhedh coithchinn do écc.



Uilliam Ócc Mac an Baird, mac Corbmaic ollamh Uí Domhnaill lé dán, oide
sccol, saoí dearsccaighthe hi ffoghlaim agus i naithne, post congbhala agus
cothaighthe daos foghlama agus friochnamha do écc í nDruim Mór an .22.
Februari.



Toirrdhealbach mac Tuathail Bailbh Uí Gallcubhair saoí duine oirechta do
mharbhadh la Connachtaibh an 16 do Nouember.



Inghen Uí Baoighill, Siubhan Ócc, inghen Toirrdhealbaigh, mic Néill do
bháthadh la .S. Sém ag foghlaim snamha ar abhainn an tSratha Buidhe.



Eoin Modardha mac Meic Suibhne Bóghainigh do écc lá cáscc macaomh ócc
aoidheadhach ro ba mó do sgél dia chineadh fein an tan sin.



Conchobhar Ócc mac Donnchaidh Meg Uidhir, agus drong duaislibh Fear
Luircc do mharbhadh isin Triucha.



Domhnall, mac Diarmada, mic Maoíleachlainn Mhé Gormain décc isin errach,
éinfher gradha ro bfherr teist, agus tuarasccbháil láimhe agus einigh baoí
dia chineadh ina comhaimsir.



Mainistir mhór an Chabháin, agus an Cabhán fein uile ón chaislén mór
anuas go habhainn do losccadh lé hingin Tomáis, mic an bharúin tre éd,
agus nir milleadh in én bhaile etir Ghaoidhealaibh oired in ro milledh isin
mbaile sin.



Creacha móra do dhénamh lá Brian Ua Ruairc isin Anghaile an bhliadhain si.



An iustis rémhraite Sir Henri Sidnei, ridire ar ainm, ar uaisle ar ghniomh,
ar ghaiscceadh an iustis híshin, tocht dóim fhél Bríghde ó Chorcaigh co
Luimnech agus


L. 1686


maithe Mumhan eitir Ghallaibh, agus Ghaoidhealaibh, agus Dál cCais don leith
oile do thocht lais ina choimhtionól. Sídh da chóicceadh Mumhan do dhenamh
dhó don chur sin, sreith coinnmhedh, agus ceitherna, buannadha buna bairr do
choscc, agus do chor ar ccúl lais. Ceileabhraidh do Mhuimhneachaibh iaromh,
agus rucc Síol mBriain ina chaoímhtheacht lais go Gaillimh. Tangattar Uachtar
Connacht ina dháil .i. iarla Cloinne Riocaird co na dhias mac, Uillec agus
Sean, Mac Uilliam Iochtair, Sean mac Oileurais mic Seain, agus Murchadh
na tTuacch mac Taidhcc, mic Murchaidh, mic Ruaidhri Uí Flaithbhertaigh agus
Síol cCeallaigh co na ccoimhthionol. Ba hé críoch na comdhala sin na Gaillmhe,
Dál cCais do chongmail i ngioll ré comhall agus ré haisecc do thabhairt uatha don
lucht baoí occa nagra, génmotha Domhnall Ó Briain namá ro thogh an iustis hi
serbís do fein ós cionn conntaé an Chláir dá cennsucchadh agus do righne
Domhnall indsin, ar ro crochadh meirligh míbhésacha, agus droch dhaoíne, agus
díbhearccaigh lais. Ní rangas a les eallach dionnraithne, ná doras do
dhruid an ccein baoí Domhnall i noificc. Do chóidh an iustis iar síodhucchadh
cáigh seachnoin Ereann (do neoch gus a rainicc) co hÁth Cliath, agus rucc
clann iarla Cloinne Riocaird i ngioll lérmhillset ó mhuintir na bainrioghna
ag iarmóracht a nathar rias an tan sin. Iar ndol go hÁth Cliath don iustis
gus na braighdibh sin lais tainicc taom condailbhe ina cridhe go ro chedaigh do
na braighdibh sin leth ar leth .i. Siol mBriain, agus Búrcaigh (dettromucchadh
dá naiccentoibh) dul dfiosrucchadh a ccaratt isna
comhfhochraibh, acht namá na taidhledis tar tórainn ina ttíribh bunaidh
budhéin co ro chedaighedhsomh dhóibh doridhisi a tadhall nach tan naile. Ro
gheallsat dó an ní sin, agus iar ttocht co hor a ccriche do chloinn iarla
Cloinne Riocaird, ní ro comhaillset a ngealladh, uair do dheachatar dia
ndúthaigh, agus atbearatt foirenn gur bhó do ched a nathar tangattar. Bá gar
uair iaromh gur bhó haithreach dia thír an turus sin óir tainicc an iustis fó
chenn chúicc


L. 1688


noídhche ina niarmhoireacht co hAth Luain, agus rob éigen dia
nathair .i. iarla Cloinne Riocaird Baile Locha Riach, agus a dhuthaigh uile
eitir fhonn agus fheronn, cloich, agus caislén do thairbert don iustis, agus
é fein dfogra mar brághaidh don bhainrioghain. Ruccadh an tiarla iar sin co
hAth Cliath, agus ro cuireadh hi ccarcair cumhang dia iom coimhéd é bhail na
cluinedh comradh carad na coiccéle. Ro fhágaibh an iustis drong do
chaiptinibh hi cCloinn Riocaird, agus ro gabhsat sidhe agus clann an iarla
occ lot, agus occ láinmhilleadh an tire etorra co mbaoí an tír uile ina céide
creach agus comhruathair don chur sin. Bá dírimh dna in ro mudhaidhedh do
Ghallaibh agus do Gaidhelaibh, agus in ro malartnaigheadh dalmhaibh,
détibh, agus dinnilibh etorra i ffoghmar, agus hi ngeimhreadh na bliadhna so.
Diamhra, agus droibheóil, agus slebhte corrachae centgharbha, agus
cnocchoillte comhaimhréidhe bá sedh cuid cloinne an iarla dia ndúthaigh an
tan sin. Ardphuirt oireachais an tíre, agus tolcha taobhghlana taithnemhacha
na criche badar iad Goill ro ba codhnaigh dóibh. Do deachaidh bheós Emann mac
Uilliam A Búrc ó Chaislén an Barraigh hi rann chloinne an iarla, agus bá sedh
do rala dhó asa loss, an iustis do ghabháil Caislein Barraigh fair, agus é
fein do ionnarbadh co na mhnaoí, agus co na chloinn hi cClointt Riocaird.



Iarla ou Esex do thocht os cenn cóicchidh Uladh an bliadhain si iar na
ionnarbadh las an iustis Sir Henri Sidnei an bliadhain roimhe, agus a thocht
hi ttír in Áth Cliath, agus bá marbh ria ccionn coicthidhisi é do theidhm
galair obaind agus ro cuireadh a léne, agus a chridhe gó a chairdibh in
inncomhartha a oidheadha.



Presidens nua do thocht ós cend dá chóicceadh Mumhan an bliadhain si Uilliam
Druri a ainm, agus Tuadhmhumha do deadhail ré cóicceadh Connacht agus a chur
las an Mumhain. An presidens cédna do beith ag siubhal ar bailtibh móra na
Mumhan do dhlúthughadh reachta agus riaghla do mhilleadh meirleach agus
mbithbheanach, agus ro básaigheadh an Bároideach lais, agus dá ócc chonsabal
uaisle urramhanta do Shliocht Mhaol Muire mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh
.i. mac do Murchadh


L. 1690


mac Maol Muire, agus mac do Dhomhnall, mac Maol Muire.
Do chóidh aisidhe co Luimneach, agus ro crochadh lais drong duaislibh, agus
danuaislibh Shíl mBriain co sochaidhibh oile cenmothát.



Semus Mac Muiris do beith isin fFrainc an bliadhain so.



Rudhraighe Ócc mac Rudhraighe mic Conuill Uí Mhordha, agus Conchobhar mac
Corbmaic, meic Briain Uí Conchobhair do beith hi cceithernus coilleadh ar
Ghallaibh an tan so, agus an ro bhaoí beó do Sliocht Rossa Failccigh agus
Conaill Cearnaigh do ghabhail leó. Bá gar iaramh gur bhó cédach conghaireach
an lucht hishin. Ro loiscceadh agus ro léirscriosadh leó dréchta dermhara do
Laighnibh don Mhidhe agus dFine Ghall.





AOIS CRIOST, 1577. Aois Criost, mile, cuicc céd, seachtmoccat, aSecht.



Conn mac Briain mic Eocchain fer rob ócc naoisi, agus ro ba foirfe i
neineach, agus i neangnamh do écc.


L. 1692


O Catháin do bhathadh isin mBanna .i. Aibhne mac Con Muighe mic
Ruaidhri an Rúta agus Ruaidhri mac Maghnusa, mic Donnchaidh do oirdneadh
ina ionadh.



Meadhbh inghen Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, ben baoí ó thus ag Mac Gille
Eoain i nAlbain, agus ag Domhnall Cléreach Ó Catháin as a haithle,
ben fuair an saoghal go sona sénamhail sochonaigh, agus ro ba mór ainm agus
erdercus clú einigh, agus fhirbhés, agus ro chaith aimsir fhoda ag dénamh
crabhaidh i nDún na nGall co bfuair bás iar ccaoínghníomhaibh i ccend
secht mbliadhan ar ceithre fichtibh.



An Dubhaltach mac Néill Óicc Mic Suibhne do Cloinn tSuibhne Tíre Bóghaine
do mharbhadh occ an mBadhún Maol la Domhnall Ócc mac Maol Muire fear
dearsgaighthe deighdhelbhdha ro ba maith lamh agus oineach an Dubhaltach
íshin.



Domhnall mac Somhairle Buidhe mic Alaxandair, mic Eóin Cathanaigh mic Mec
Domhnaill do mharbhadh lá hUa Néill.



Onora inghen tSémais mic Muiris, mic Tómais, mic an iarla, ben Piarais
Buitiler mac Semais mic Emainn mecc Piarais do écc.



Mac Briain Charraigh mic Corbmaic do mharbhadh lá sluagh Uí Néill.



Toirrdhealbhach mac an abaidh Uí Dhuibhidhir fer tréidheach tuiccseach,
scél mór ina duthaigh fein do écc.



Mág Gormáin Tomás Ócc mac Tomáis mic Maoílechloinn Duibh do écc, agus a
bhrathair Seóinín doirdneadh ina ionad.



Alastrann, mac an Chalbhaicch, mic Toirrdhealbhaigh, mic Eoin Charraigh,
do mharbhadh hi ccomhrac la mac Teabóitt Buidhe Mhég Seóinin i ndoras
na Gaillmhe, agus nír bhó hiomdha mac gallóglaigh i nÉrinn in tan sin
ro ba mó faghaltas, agus ro ba tiodhlaictighe toirbertaighe inás.


L. 1694


Tadhcc mac Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Ui Bhriain do écc cén
go ro saoíleadh a écc ré hadhart amhlaidh sin ar a mhence baoí i ndeabhthaibh
duilghe, agus i mbearnadhaibh baoghail, géarrad ar ghaiscceadh, beithir ar
beódhacht agus ar lonngaircce an laoichmhilidh sin.



Uilliam mac Donnchaidh Riabhaigh mic Taidhcc Dhuibh Uí Cheallaigh do écc
i nÁth Cliath hi ccaoímhtheacht Caiptín Maulbi, agus ní thainic i
tTír Maine ro ba mó do sccél inás.



O Ceallacháin .i. Donnchadh mac Taidhcc Ruaidh mic Uaithne mic Cathaoír do
écc agus O Ceallacháin do ghairm do Cheallachán mac Conchobhair mic
Donnchaidh.



Feall urghranna adhuathmhar do dhénamh lá Gallaibh Laighean agus Midhe ar
an meid baoí ina rann fein, agus ro an for a nionchaibh do Uíbh Failghe
agus do Laoighis. Bá hamhlaidh do rónadh indsin. Ro toghairmeadh iad uile
dia ttaisbénadh gus an líon as lia nó caomhsadaoís do thabairt leó go ráith
mhóir Mhullaigh Mhaistean agus iar rochtain dóibh gus an maighin sin, ro
hiadadh ceithri sretha ina nuirtimceall


L. 1696


ima ccuairt do shaighdiúiridhibh agus do mharcshluagh, agus ro gabhadh occ á
ndiubhraccadh gan dhicheall, occa mudhucchadh agus occ á mór mharbhadh co ná
térna sceolanga, ná elaitheach ass a mbethaidh díobh.



Sean mac Semais, mic Seain, mic an iarla do ghabhail lás an presidens .i.
Uilliam Druri hi cCorcaigh, agus a chor co hÁth Cliath dia choimhéd airm a
mbaoí Riocard A Búrc iarla Cloinne Riocaird, agus ní ro haisneidheadh créd ro
ba coir dhó. Clann an iarla sin Cloinne Riocaird do beith síodhach re
Gallaibh, agus eissiodhach ré Tuadhmhumhain.



An presidens rémraite do thocht i tTuadhmhumhain coicthidis ria fféil
Eóin go sochraide mhóir do Ghallaibh, agus go maithibh dá chóicceadh
Mumhan, agus a beith ocht lá i nInis occ congmháil chúirte, agus iar na
fheimdheadh do Dhál cCais dul fó chíos dá prionnsa, ro fháccaibh
marasccál co bfedhain mearda miothuiccsigh occa míniughadh.


L. 1698


Soais an presidens tar a ais co Luimneach iaromh, agus do ghabh ag
díchendadh urradh agus easurradh na ccendtar ccomhfoccus do Luimneach. Ro
ba díbhsidhe Murchadh mac Muirchertaigh, mic Mathghamhna, mic Donnchaidh,
mic Briain Duibh Uí Briain, aoin fhear bá fearr ainm agus uaisle
doighredhaibh Cairrge Ó cCoinnell agus Etharlach.



Iarla Tuadhmumhan (Conchobhar mac Donchaidh, mic Conchobhair Uí Bhriain)
do dhul hi Saxaibh déccaoine a imnigh agus a anfforlainn fris an
mbainríoghain, agus fuair paitent ar a dhuthaigh, agus ar a bailtibh, agus
ar bhethaidhibh urmhóir Tuadhmumhan, agus bheós pardún coitchend dia
dhaoínibh, agus ticc iaromh tar ais im Notlaicc go nonóir agus co nairmidin
móir dfaghbhail ona phrionnsa, agus andar leis féin fuair a dhuthaigh saor
ar ainbhrethibh oifficceach o shin amach. Ara aoi ro lá an marusccál daoíre
dhíchumhaing forrasomh ré siú táinic an tiarla gur bhó heigen dóibh dul
fá phinginn don prionnsa .i. deich bponnta is in mbarúntacht, agus bá
hisin céd phinginn Cloinne Cais.



Coccadh eittir iarla Desmumhan (Gearóid mac Semais mic Seain) agus
Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn mic Tomais, Baile Mic an
Chaim do ghabháil lá san iarla for Mac Muiris. An tabb ócc ó dTórna
do dhul i rann an iarla, agus a mharbhadh i ndorus Leice Snámha durchar
piléir iar ndul don iarla imón mbaile, agus muna dearntaoí dulc etorra,
acht oidheadh an abbaidh íshin ro badh lór a mhéd deasbaidh. Ro marbhadh
dna, agus ro báitheadh sochaidhe do mhuintir Mic Muiris isin ló chédna.
Bátar athaidh amhlaidh sin hi ccoccadh fri aroile


L. 1700


co ndearnsat sídh fo dheóidh, agus ro haisicceadh Baile Mic an Chaim,
agus a braighde do Mac Muiris, agus nuimhir dírimhe do bhótháintibh
agus groighibh.



Aodh Ócc mac Aodha mic Seain Buidhe Még Mathghamhna do dhol ar siubhal
ar mhuintir Mhég Mathgamhna, agus Mag Mathghamhna fein do breith fair
.i. Art mac Briain na Muicheirghe, mic Remainn, mic Glaisne agus Aodh do
mharbhadh lá Mág Mathgamhna, agus lá a mhuintir, agus as suaill ma
ro bhaoí do Chlandaibh na cColladh ina reimhes a comhmór do échtar a
inmhe fein agus nír bhó cudroma a ainm agus a iomradh, agus ainm an tí
lasa ttorchair.



Rella iongnáth do artrughadh i noirdhes isin céidmhí do gheimhreadh, agus
cromstuagh urcromh ionbhogha eiste amhail shaighnén sholusta, nó soillsighedh
a dhealradh an talamh ina huirthimcheall, agus an fhirmament etirbhuas, occus
atces an rélla híshin in gach ionadh i nIarthar Eorpa gur ro iongantaighset
cách hi ccoitchinne í.



Sémus mac Muiris do beith isin fFrainc bheós an bhliadhain si.





AOIS CRIOST, 1578. Aois Criost, mile, cúicc cétt, sechtmhoccat, ahocht.



Mac Uí Néill .i. Enri mac Toirrdhealbhaigh Luinigh mic Neill Chonallaigh, mic
Airt mic Cuinn do dhul sluacch hi tTír Conaill ar mac Uí Ghallchubhair .i.
Maol Cabha mac Cathaoír mic tToirdhealbhaigh Óig. Iar nimthecht dá slócch
uadha do cruinniucchadh creach, agus do arccain an bhaile do rala mac Uí
Ghallchubhair alla imuigh don bhaile an tan sin, agus ro ionnsaigh an
tócc macaemh iar na fhaghbhail i nuathadh sluagh, agus ní tard anacal ndó,
acht a chloidhmheadh gan choiccill, agus a airleach ar an lathair sin. Bá ferr
dEoghanchaibh ná tiaghdaoís an turus sin.



Mácc Flannchaidh Dartraighe décc .i. Cathal Dubh mac Feradhaigh, agus a
mac Cathal Ócc do ghabhail a ionaidh.


L. 1702


O Broin (Tadhcc Ócc) décc iar sendataidh, agus O Broin do ghairm do
Dhúnlang mac Emainn Uí Bhroin.


L. 1704


O Duibhghennáin Cille Ronain (Dolbh mac Dubhthaigh) ollamh Ua nOilealla saoí
senchaidh fer tighe aoidhedh coitchinn congairighe, fer suilbir, soingthe
soagallmha décc, agus a mhac Maol Muire do ghabhail a ionaidh.


L. 1706


Rudhraighe Ócc mac Rudhraighe Caoích, mic Conaill Uí Mhordha do thuitim lá
Brian Óg mac Briain Meic Giolla Pattraicc. Bá hé an Rudhraighe sin cend
foghladh, agus díberccach fher nEreann ina reimhes, agus nir bhó menmarc lá
neach aén erchor do chaithemh i nacchaidh na corona go cenn athaidh dia éisi.



Piarus Buitilér mac Semais mic Emainn méc Piarais décc. Bá do
theannmaithibh Gall Mumhan eisidhe.



O Ceallacháin do bhathadh i nAbhainn Mhóir .i. Ceallachán mac Conchobhair,
mic Donnchaidh mic Taidhcc Ruaidh, agus bá dainimh a dhaithe ro imtigh
riasiú ro chaith bliadhain iomlán i naireachas a athardha etir bhás a
shenathar agus a bháthadh fein; Mac an priora Uí Cheallacháin doirdneadh
ina ionadh .i. Conchobhar na Cairrcce, mac Diarmata mic Taidhcc Ruaidh, mic
Uaithne mic Cathaoír.



Sláine inghean Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic
Briain Catha an Aonaigh décc. Ben sidhe Bhriain mic Donnchaidh Bhacaigh,
mic Murchaidh Chaoích mic Briain Méc Mathgamna, ben do chaith a haimsir gan
imdearccadh go bfuair bás iar sendataidh.



Síoda mac Mhec Con, mic Síoda, mic Mec Con, mic Síoda, tanaiste an taoibhe
thoir do Cloinn Cuiléin do mharbhadh ar Sliabh Eachtghe acc toraighecht ar
fhuadan creiche ar ceithirn Cloinne Riocaird.



O hEidhin Ruaidhri an Doire mac Floinn, mic Concobhair, mic Floinn do écc,
fer co mbuaidh neinigh agus nengnamha ó thuisdin gó a thogairm, mac a
dhearbhrathar doirdneadh ina ionadh .i. Eoghan Manntach mac Emainn.



Maoílir mac Uateir, mic Seain, mic Maoilir A Búrc, sirriam chonntae
Maighe Eó do mharbhadh i cCaislén na hElle ar iondsaighidh aidhche léna
bhrathair


L. 1708


.i. lé hEmann, mac Tomáis an Machaire, mic Maoílir tre iomfhormat
fhocail oireachtais do rala etorra an lá rias an adhaidh sin.



Liathdruim Mhuintire hEolais do ghabháil lé caiptin Saxanach do mhuintir
Niculais Maulbi ar Ua Ruairc i nearrach na bliadhna so, agus Druim Da
Ethiar do briseadh lá hUa Ruairc, Brian, mac Briain, mic Eoghain. Liathdruim
iaromh dfáccbháil lá Gallaibh ag cloinn Taidhcc Uí Ruairc, agus an baile cedna
do ghabháil lá hUa Ruairc gar becc iar sin do ced Gall agus do neimhchet
chloinne Taidhg.



Ardiustis na hEreann .i. Sir Hanrii Sidnei do dhol go Saxoibh .i. fo Samhain,
agus Caiptin Maulbi do dhol lais, agus Uilliam Druriie ina ionad .i. an
president baoí os cend dá choícceadh Muman. Rucc trá an iustis iarla Cloinne
Riocairtt lais .i. Riocard mac Uillicc, mic Riocaird mic Uillicc, agus a mac
Uilliam Búrc dia ttabhairt ar cumas comhairle Saxan.



Iarla Cille Dara, Gearoid, mac Gearoid (baí hi Saxoibh frí ré adó nó a trí
do bhliadhnaibh roimhe sin fo rest) do thecht in Érinn fó Nodlaicc mór.



Tomas, mac Pattraicc, mic Oiliuéir Ploingcéd tighearna Luchcmaigh do
mharbhadh lá Mag Mathghamhna .i. lá hArt mac Briain na Moichéirghe mic
Remainn, mic Glaisne.



Seineasccal na Conntae Riabhcha ar ndénamh coinne cheilcce lé Fiacha mac
Aodha, mic Remainn, mic Seain, o Ghlenn Maoil Ughra. Ro fes lá Fiacha


L. 1710


imorro gurab dochum chelcce ro innill an Seinesccal an choinne íshin, agus ro
innill siumh celcc ele ina urchomhair siumh go ro marbhadh céd do ghillibh ócca
agus durradhaibh na Conntae Riabhcha lá Fiacha don chur sin cénmothá
daosccarsluacch.



Brian mac Cathaoír Chaomhánaicch, mic Airt, mic Diarmatta Laimhdercc do écc.



Sean mac Domhnaill, mic Tomais, mic Taidhcc Mécc Flannchadha ollamh iarla
Desmumhan lé breithehnus décc. Ní bhaoí dna mac breitheman tuaithe i nErinn
an tan sin rob ferr treabhaire agus tighedas inás.



Iarla Cloinde Riocaird illaimh bheós i lLondaind.




AOIS CRIOST, 1579. Aoís Criost, mile, cuicc cett, sechtmoghatt, anaoi.



Domhnall mac Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic
Toirrdhealbhaigh, mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain décc iar
ccaithemh cóicc mbliadhan sesccatt dia aoís iar sesccatt dia aoís iar
seircclighi fhoda, iar naithrighe ionmholta, iar mbuaidh ó dhomhan agus ó
dhaoínibh, agus a adhnacal co nonóir agus co nairmidin i Mainistir Innsi agus
a mac Toirrdhealbhach do oirdneadh ina ionadh. Conadh dfhoraithmhet a bháis
atrubradh



Míle cúicc ced ciallda an sdair,
seacht ndeich, ocht mbliadhna, is bliadhain
ó bhás Domhnaill nar damh locht,
gur thoirling mac Dé i ndaonnacht.


L. 1712


Onóra inghen Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc
Uí Bhriain décc. Sccél mór i lLeith Mogha isidhe.



Sir Eduard Phitun tresener décc.



Rolont Ustas mac Tomais, mic Risdeird décc.



Aodh, mac Seain, mic Rémainn, mic Seain, mic Aodha, mic Domhnaill Ghlais
décc. Bá hesidhe sinnsear Gaibhle Raghnaill, agus tighearna Ghlinne Maoíl
Ughra cogthóir agus creachthóir a comharsan Gall, agus Gaoidhel.



O Sechnasaigh Diarmaitt Riabhach, mac Diarmatta, mic Uilliam, mic Seain
Bhuidhe agus mac a dearbhrathar, Uilliam, mac an Giolla Duibh, mic Diarmata
do chomhthuitim re roile i cceilcc do rónadh lá hUa Seachnasaigh for cionn
Uilliam hi ccomhfochraibh Árda Maol Dubháin. Do rochair Uilliam fó chédóir.
Gidh é Ó Seachnasaigh ro créchtnaiccheadh esidhe, agus ro écc gar uair iar
sin. O Seachnasaigh do gairm iaromh do Sean mhac an Ghiolla Dhuibh.



Toirrdhealbhach na Coissi Croinn, mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic
Toirrdhealbhaigh, mic Ruaidhri Mec Suibhne, do thuitim lá Brian Ballach, mac
Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Briain Mhec Suibhne i ndoras Corcaighe.



Captín Malbí do thoidheacht i nÉrinn maille lé tiodhlaictibh móra ón
bPrionnsa.



Brian na mBarrócc, mac Maol Muire, mic Donnchaidh Mec Suibhne dearbhrathair
don Toirrdhealbhach rémhráite décc.



Semus, mac Muiris Duibh, mic Seain, mic Tomais, mic an iarla do theacht as in
fFrainc, agus adberthí a thocht loinges ba líonmhaire iná mar tháinic. Bá
hann


L. 1714


ro gabh port i nOilén in Óir lá taobh Daingin Í Chúis i cCiarraighe. Baí
iarla Desmhumhan i ffoslongport i cCuillenn ó cCuanach acc tionnsccnatth
caisléin do dhénamh, agus do chóidh fo thuarusccbháil an cobhlaigh sin
do chualaidh do thocht i cCiarraighe. Táinicc bheós i ccomhdhail an coblaigh
cedna ard marusccál dá chóicceadh Mumhan, Artúr Carter a chomhainm, agus
maighistir Dáuid, agus a mbaoí do mhuintir na banrioghna uile isin Mumhain.
Tangatar ann dna braithre an iarla Desmumhan .i. dá mhac ócca Shémuis, mic
Seain, mic Tomáis .i. Sean, agus Sémus Ócc, agus ro baí cuid dóibhsidhe a
ttarraing Shémais mic Muiris, agus tuccsat ionnsaicchidh oidhche ar an
marusccál, agus ar mhaighistir Dauid i tTraigh Li, agus ro dícennaitt leó
iatt ar a ccoilcibh codalta, agus ar a leptoibh lighe. Tuccsat iaromh Semus i
ttír agus do chódar diblínibh fo choilltibh na Claonglaisi, agus na Coilleadh
Móire. Luidh Semus for a chédeachtra iar tteacht i ttír as na coilltibh sin go
líon a mharcach agus a troightheach durlár Ó cConaill Ghabhra, agus tré
Chloinn Uilliam, agus ro ghabhsatt acc orccain gach ionaid gus a rangattar.
Ro gabhsat an tír acc teclamadh, agus acc tionol ina niarmhóireacht. Táinic
ann cédus clann Uilliam Búrc, mic Emainn .i. Tepóitt agus Uillecc, agus ro
chuir Tepóitt teachta i tTuaith Aésa Gréine dá fhoccra do Mhac Uí Briain
Ara, teacht do thofand an


L. 1716


trétura as an tír, agus ro chuir Mac Uí Bhriain buidhen ghallócclach, agus
gíomanach go Tepóitt. Ro lensat iaramh lorcc na laochbhuidhne conus tárrattar
Sémus iar mbeith na chomhnaidhe for a ccionn i ccoill chliothair
diamhair. Ro fighedh iomairecc etir na cumascc bhuidhnibh
íshin, agus ro haimsedh Semus go hindell direach durchor do pheilér hi
fforfholamh a chleibh agus a compair gur bó damhna oidheadha dhó. Ar a aoí ro
sraoíneadh lais ar triathbhuidhnibh na toraigheachta. Do rónadh echt mór
annsin uair ro marbhadh Tepoitt A Búrc, agus baoí saith iarla doidhre san
óiccmhilidh sin, ar chrodhacht, ar chendas fedhna ar foghlaim bérla agus
bésccna. Ní cian ón cathlathair do chuaidh Semas mac Muiris an trath tainicc
anffainne écca da ionnsaighidh, agus do róine a thiomna lé begán briathar,
agus ro aithin dia shainmhuintir a díchendadh ar na faghbhaittis a easccairde
lé a aithne, nó ré a oirleach é.



Bá hann baoí ardiustis na hEreann Sir Uilliam Drurye in ionbhaidh sin i
cCorcaigh Mhóir Mumhan. Iarla Chille Dara, agus Sir Niculas Maulbi co na
sochraite ina fharradh annsin. Tucsatsidhe aghaidh ar chonntae Luimnicch co
ro ghabhsat longport i ccomhfochraibh Cille Mo Cheallócc. Tánaic iarla
Desmumhan ina ccenn annsin, agus baoí acca chor hi cceill co ná baoí cuid dó
féin a ttarraincc Sémais mic Muiris, na bheós a míghníomh dá ndearnsatt a
bhraithre, agus do rad a aon mhac oidhreachta don iustis a ngioll lé
tairiseacht agus lé comhall do choróin tSaxan. Ro tinghelladh don iarla gan a
thír do mhilleadh ní badh mó, agus gé ro gealladh ní ro comhailledh, óir do
díolaithriccheadh a dhaoíne agus a innile. Ro loiscceadh a arbhar agus a
fhoirccnemh.


L. 1718


Ro fhaoídh iaromh an iústis on ccampa sin Chille Mo Cheallócc, a trí nó a
cethair do chaptínibh co cceithribh cédaibh do shaighdiuiribh Gallda agus
Gaoidhelcha do chuartucchadh na Coillidh Móire dus an ffuighbhittis drong
éiccin dia esccairdibh. Do rala etorra agus clann ócc iarla Desmumhan .i. Sean
agus Semus Ócc, ag Gort na Tiobratt, agus ro fighedh iorghal ainttreannda
etorra co ro sraoíneadh for mhuintir an iustis, agus co ro marbhadh triúr dia
ccaiptínibh .i. Captín Hoiribert, Captin Ústas, agus Captín Spris go ttríbh
cédaibh, amaille friu, agus térnattar scceólanga uatha gus an ccampa. Rucc an
iustis a champa iaramh go Bél Atha na nDéise i cceirtmedhón Cliú Mháil mic
Ugaine, agus ro ghabh galar a écca an iustis, agus ro fháccaibh Captin Maulbi
le hacchaidh coccaidh Gearaltach, agus ruccadh an iustis i ccarpatt co Port
Lairge co ffuair bás ann sin, agus bá hé iustis do tocchadh ina ionat i ccúirt
Atha Cliath duine uasal do mhuintir na bainríoghna tainic anoir isin
tseachtmhain sin féin .i. Sir Uilliam Pellham do coimhéd criche Bregh agus
Midhe agus Fhine Ghall ar Clandaibh Nell agus ar Ghaoidhealaibh Leithe
Cuinn, agus Laighen an ccein nó biadh an iustis sin ro écc, agus Captín Maulbi
acc míniucchadh Muimhneach. Tánaic tra iarla Urmumhan i nErinn isin tsechtmain
cedna, iar mbeith trí bliadhna toir rias an tan sin.



Iomthusa Captin Maulbi, tanicc co Luimneach iar nécc an iustis
dathnuadhucchadh a armala, agus dfhaghailbhídh dia bhuannadhaibh, agus
do chóidh asidhe go hEs Gebtene, agus bá hé an láíshin tangattar clann ócc
iarla Deasmumhan diarraidh gona nó gabhala i cconntae Luimnigh, agus tarla
iatt agus an captín tul i ttul gé ro fhédsat a sheachna, agus a iomghabhail.
Ro figheadh ócainder crodha etorra. Ro frestladh, agus a iomghabhail. Ro
figheadh scainder crodha etorra. Ro frestladh,


L. 1720


agus ro friothóileadh an sluagh Gaoidhealach lá muintir an captin go ro
sraoíneadh forra fó dheóidh go ro marbhadh Tomas, mac Seain Óicc, mic Seain,
mic Tomais, mic an iarla, agus Eocchan mac Emainn Óicc mic Emainn, mic
Toirrdhealbhaigh Mec Sithigh go ndruing móir do consaplaibh Cloinne Sithigh,
agus co sochaidhe do mhuintir cloinne an iarla amaille friú. Ro faccbhadh
édala aidhble airm, agus edeadh ag muintir an captín don chur sin. Bá acc an
Aonach mBecc ro ficchedh an iorgal íshin. Baoí an captin iaramh a ngar do
seachtmain i nEas Gebhtine, agus Gearaltaigh ar gach laé ag gealladh buailte
do thabhairt dó, agus ní ro chomhaillsiot indsin. Ro briseadh mainistir an
bhaile las an ccaptin, agus teid as sin co hÁth Dara, agus baoí annsaidhe acc
cennsucchadh na ccomharsan co ttánaic an iustis nua Uilliam Pellham, agus
iarla Cille Dara, agus iarla Urmumhan dianertadh, agus ro gabsat uile
longport i cConallcoibh. Ní táinicc iarla Desmumhan ina ccentt don chur sin,
uair ro dianmhilleadh a dhuthaigh, agus ro hádhbhailsccriosadh a haittreabha
iar ná thinghealladh dó remhe sin gan a milleadh idir. O do deachaidh an tiarla
i mbáidh a bhráithreach as i comhairle rochinnsiot Goill a mbardadha
dfagbáil ina bailtibh .i. Loch Gair an Rath Mhór, Caislén Muiri sin, Ath
Dara, agus Cill Mo Cheallócc, agus iatt fein do dhol dia ttighibh iaromh. Ar a
aoí sin tra nír bhó sóinmheach don tír uile o tá Luachair Deadhaidh co Siuir,
agus o Chend Feabhratt co Sionainn, uair gach port, gach baile, gach arbhar
gach aitiucchadh gus a rangattar


L. 1722


clann an iarla etorra sin ro ghabhsat gá mblodhadh, gá mbrisedh, gá ndódh,
agus gá ndianlosccadh ar uamhan Gall dia naitrebhaibh, gach tegh, gach
teghdhais, gach síocc, gach staca gus a rangadar Goill do radsat an midhiach
cedna forra ar ulca le Gearaltachoibh. Ro fáccbadh an tír etorra desidhe ina
haon chlár coimhreidh, gan ioth, gan fhoirccnemh. Do taod iaramh iarla
Desmumhan co na braithribh, agus gus an lion as lia ro fhédsat do
chreachlosccadh Róisteach agus Barrach in Uibh Liatháin, agus in Uíbh Mac
Caille. Ro suidhiccheadh longport leó lé hacchaidh Eochoille co ro gabhadh an
baile leó fó dheóidh. Rob iomdha tra edala agus iolmhaoíne an bhaile íshin.
Ro croitheadh lá Gearaltachaibh ina ffuairsiot do mhaithes ann genmothá an ro
chuirsiot cendaighthe agus buirgeisigh anbhaile dia nór agus dia nairged in
arthraighibh uatha ria ngabháil an bhaile. Rob iomdha bocht dinnimh deroil
do chóidh i somhaoín agus i saidhbhres lá hédáil an bhaile íshin. Do radadh múr
tar grian an bhaile lá Gearaltachaibh, agus ro brisit a chúirte, agus a
caisteóil, a chumhdaighthe cloch agus cláradh, co nár bhó hionaittreabha é go
cend ree iar sin. Bá im Nodlaicc mór do shonnradh do rónadh ind so.



Sluaiccheadh cendais fidhna lá hiarla Urmumhan isin tseachtmain cedna i
nGearaltachaibh, agus ráinicc gus an cCaislén Nua co rucc lais gach ní ar a
rucc dinnilibh agus dairnéis an tíre, agus soais tara ais gan troid gan
tachar, uair baoí an tiarla co na braithribh i cCiarraighe an tan sin.



Conall Buidhe mac Giolla Pattraicc mic Piarais Uí Mhordha do mharbhadh i
mBiorra i ndúthaigh Ele, agus dob ferde a mharbhadh, uair as dorccain an
bhaile do dheachaidh.


L. 1724


Oiluérus Ruadh, mac Seain na Beinne mic Seain Ruaidh, mic Seain na fFiacal
décc.



Iarla Cloinne Riocaird bheós hi Saxoibh an bliadhainsi.





AOIS CRIOST, 1580. Aois Criost, mile, cuicc ced, ochtmoghatt.



Concobhar, mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain,
iarla Tuadhmumhan rob eisidhe céd mhac do Shiol Corbmaic Chais do shuidh
i náit a athar ós cuid Shleachta Luighdhech Mind don Mumhain, sosar do
tharraing, agus do threóraigh orlamhus a athardha a lamhaibh sinnsear do réir
riaghla agus rechta agus ordaighthe Prionns Saxan, do écc in inmedhon a aoisi
iar ccaithemh leithbhliadhna, agus chóicc mbliadhan cethrachatt ó a ghein go
a écc, dá bhliadhain ar fichith go leith dibhsidhe i nairdchendus a fhine
agus hi ccodhnachus a chlannmaicne amhaildhearbhas an rann




Fiche bliadhain do bhí so
is cúicc leith bliadhna lána
ina iarla ar fhonn Adhar
griangha mar Chonn Chonnchobhar.




An Conchobhar íshin dadhnacal i Mainistir Innsi, agus a mhac
Donnchadh doirdneadh ina ionadh.



Mac Uilliam Búrc Seain, mac Oiluerais, mic Seain, fer toirbertach trom conáigh
las an ffearr síth iná sochoccadh, agus nó chonccnadh do gnáth las an bprionnsa
do écc agus Risdeard an Iarainn, mac Emainn, mic Uillicc dia oirdneadh fein
gan ceatt don prionnsa i nionad Seain.



Mac Uí Dhomhnaill Cathbharr, mac Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh
tanaisi Cenél cConaill, saoí dearlaictheach duasmhór deigheinigh, lendán
deóradh,


L. 1726


agus dámhsccol Tuaisceirt Ereann décc ina baile fein .i. an
Sgarbh Sholas an .15. dOctober, agus a adhnacal i nDún na nGall.



O Bern Tadhcc Ócc, mac Taidhcc, mic Cairpri, mic Maoileachlainn, mac
leighintt lán oirdhearc a ciuil agus i ccanóin do écc, agus a adhnacal i
nOilfinn, agus a dearbhrathair Cairpre do ghabhail a ionaidh.



Mac Mhec Donnchaidh Tíre hOilella .i. Maol Ruanaidh, mac Cathail, mic Eoghain
fiadhaighe fuileach forbfaoileach, niata lé namhait, connalbhaigh lé carait
do écc.



Tadhcc Riabhach, macq Eoghain, mic Conchobhair, mic Taidhcc Uí Dubhda do écc.



Domhnall, mac Taidhcc, mic Conchobhair, Uí Bhriain décc, agus a adhnacal i
Mainistir Innsi.



Eoghan mac Tuathail Bhailbh Uí Ghallchubair deccanach Rátha Both do écc an
.22. lá do mhi October.



Mac Még Eochaccain Rossa, mac Conla, mic Conchobhair, mic Laighne do
mharbhadh go míoghaolmhar lá a dearbrathair .i. lá Brian. Rob iongnadh
laighett Cheneóil Fhiachach dfhinechas, agus nách raibhe Rossa acht na
uasal, agus urmhór fher nEreann accá eccaoíne. Ro gabhadh dna athair na
cloinne sin las an iustis fo dháigh atbeirthi co mbaoí cuitt dósomh isin
ffingail sin a chloinne.



Semus Ócc, mac Semais, mic Seain, mic Tomais iarla do dhol do dhruim a
dibheircce diarraidh creiche i Musccraighe, agus Corbmac, mac Taidhcc, mic
Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Meg Carthaigh (tighearna an tire) do
bheith co líon a shochraide i naon mhaighin ar a chionn an adhaidh sin. Ro
haisneidheadh dosidhe Semus do dhol tairis isin tír. Do chóidh iaramh Corbmac
i nionadh erdhalta in ro ba dóigh lais Semus dia shaighidh, agus fó gheibh
Semus co creich


L. 1728


chuicce agus ro ionnsaigh é co ro marbhadh agus co ro
mudhaigheadh urmhór a mhuintire, agus ro gabhadh Semus budhéin, agus ro
cuireadh illaimh go Corcaigh. Baí a ngar do mhí isin mbaile sin, agus
ullmucchadh báis gach aen lá ris an ré sin aicce agá dhénamh air féin, agus é
ag dénamh aithrighe ina pheactoib, agus acc iarraidh maithme ina
míghniomhaibh. Tainicc sccribend i ccend na ree sin on iustis agus on
ccomhairle ó Ath Cliath co Corcaigh dia fhorcongra for an mera an
saér mhachaemh do mhalartnucchadh, agus cethramhna comhroinnte do dhénamh de,
agus a fhodhail i niolphairtibh. Do rónadh iaromh indsin.



Semus, mac Seain Óicc, mic Seain, mic Tomais iarla do mharbhadh san ccoccadh
ccédna lá tigherna Popail Briain, agus Chairrcce Ó cCoinnell .i. Brian Dubh
mac Matghamhna mic Donnchaidh, mic Briain Duibh Uí Briain, agus ro baoí díol
a athardha doidhre isin Semus sin.



Semus, mac Muiris, mic Gearoitt, mic Tomais iarla do mharbhadh ar an ccoccadh
ccédna derchor do pheiler i ndorus Eóchaille.



Emann, mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, Mec Suibhne a
Tuathaibh Toraighe do dhol do dhenamh creiche for druing do na
díbherccachaibh go Glend Fleiscci. O Donnchadha agus mac dearbrathar don
Emann sin .i. Goffraidh Carrach mac Donnchaidh Bacaigh do breith for Emann,
agus a mharbhadh co misccneach míoghaolmhar, agus ní bhaoí i nErinn an
adhaidh sin aon mac gallócclaigh as mó do chendaigh dfhíon, agus déiccsi
iná an tÉmann sin.



Rolont, mac Remainn, mic Uillicc Cnuicc Tuagh epscop Cluana Ferta décc,
agus rob adbhar eccaoine ina thír feisin dith an deighfhir sin.



O Suillebhain Mór décc .i. Domhnall mac Domnaill, agus a mhac
(Eocchan) doirdneadh ina ionadh.



Donnchadh, mac Maoíleachlainn Mec Gormain mic Maoileachlainn Duibh do écc.



An iustis Sir Uilliam Pellham do chor sccribeann i Saxoibh iar Nodlaicc móir
na bliadhna so diarraidh an ambrael agus choblaigh na bainríoghan go
niomfhulancc lóin agus ordanais móir do chor co hErinn fo daigh ghabhala ina
mbaoí dá mbailtibh fein ag Geraltachoibh. Báttar iattsidhe Eas Geibhtine,
Baile Uí Gheileacain,


L. 1730


agus Carracc an Phuill. Ro tionóiledh mórsluaiccheadh fher Midhe,
Fhine Ghall, agus Laighen, agus bheós ina mbaoí fó dliccheadh ó
Bhoinn co Comar Tri nUiscce las an iustis, agus lá hiarla Urmumhan do dhol i
nGeraltachoibh im fhéil Brighde do shonnradh. Bá hadhbhal an tsocraitte
slóigh tánaic iarla Urmumhan isin toichestal sin, agus ní ro hairiseadh
laisidhe co rainic co Corcaigh. Luidh an iustis co líon a thionoil co
Luimneach agus ger bó síon adhuair, errchaidhe ann an tan sin, ní ro airis
cenmothá an tseachtmain acc athnuadhucchadh ainnala agus bídh dia
saighdiuiribh isin maighin sin. Luid assidhe siar deas don Deis Bicc, agus don
Máigh maighrigh go ro gab longport i cConallcoibh. Ro léicc scceimheltta
sccaoilte uadha gus an cCoill Mhóir go coilltibh Claonglaisi, agus co
droibhelaibh Delcce. Ní ro déchaidh trocaire do tren no do truagh gus a
rangus annsin. Nir bhó machtadh gach aon ba inéchta do mharbhadh, acht ro
marbhadh and doill, agus daoíne deroile, Ro marbhadh ann mná, meic, scceo
inghena aos galair, eccuinn, agus aos arsaidh. Ruccadh a ccrodh agus a
ccrecha gus an ccampa do shaicchidh an iustís. Ro fáccbadh dronga dearmara
Shaxanchoibh lá lucht na ccreach sin ina niarmhóirecht. Aseadh ro chinn an
iustis dol i cCiarraighe, agus ro asccna co Temhair Luachra, agus luidh
iaromh co Traigh Lí, agus do muincin Slebhe Mis inghine Muiredha mic
Cairedha. Tánaic iarla Urmumhan ó Corcaigh co Ciarraighe i ccomhdháil an
iustis. Bá


L. 1732


dírimh an ro fáccbadh deachaibh, agus do dhaoínibh gan
fhuiliucchadh, gan fordherccadh lá med a nastair agus nimtechta, agus lá
teirce bídh don chur sin.



Bá hé sin ionam tangattar coblach na bainrioghna ar cóstadhaibh na hEreann,
agus ní ro gabhsatt fós go rangattar co cuan Sionna sriobhgloine, agus ro
leiccsett a nangcaire amach for an aiccen fo urchomhair Chairrce an Phuill
gach ndíreach. Tánaic an iustis agus iarla Urmumhan for tir do shaighidh an
bhaile cedna co ro shuidhighedh da champa do mhuir agus do thír ina
thimchell. Do chóidh din Sir Niclas Malbi co maithibh chóiccidh Chonnacht,
agus co ndruing dírime do Shaxanchoibh i tTuadhmumhain fó dáigh ná léiccfeadh
anfforlann mara nó tíre do shaighidh an iustis an ccein nó biadh lé haghaidh
glan bailtedh Gearaltach. Dala an iustis ro fhorcongair sidhe an tordanas mór
sin tainicc chuicce do tharraing i ttir agus ro suidhighedh cóicc gonna mora
fó chomhair na Cairge dia caitheamh gan choiccill. Athbeirthí gur bhó
lethchanóin an gonna ba luccha dibh. Ro gabhsatt acc diubhraccadh an bhaile
iaromh. Ní bai tra ó Charn Breissi mic Ealathan mic Neid i niarthar deisceirt
Chóiccidh Cloinne Deircctine, go Cnoc Medhsiúil i cConnachtaibh, diamhair,
na droibhel, fán, ná foithirghleant nach clos fuaim, agus fothram an ordanais
anaithnidh iongnaith sin. Ro leccadh dna fo dheóidh an leth siar do Carraicc
an Phuill ó lár go lán mullach, agus ro ba comhmbrúdh agus comhthuitim do
bharda agus don bhaile na ccend forra. Ro gabhadh an baile las an iustis, agus
ro an fri ré chóicc noidhche isin cCarraicc iar na gabháil. Aseadh
do dheachaidh a ccionn na rée sin go hEs Gebhtine. Ot chualattar bharda
Bhaile I Geilechain,


L. 1734


agus Essa Geibhtine all gotha adhuathmara an ordanáis anaithnidh nach clos leó
a shamhail riamh gó sin, ro ghabhsat for brisedh a mbailtedh, agus rainicc
leó brisedh Baile Í Gheileachain, agus ní ro cumhaingsiot Ess Geibhtine do
bhrisedh agus ó nár fhédsat ní dó assedh do ronsat doirsi an bhaile
dfaccbháil o bhéla oslaicthe fó urchomhairan iustis. Do fóccradh an baile sin
a mbitdilsi don bainríoghain. Do chóidh iaromh an iustis iar sin co Luimneach,
agus baoí dá fichet la annsaidhe acc cur a sccísi, agus a meirtin dhe, báttar
a gille agus a eich for coinnmedh sechnón Tuadhmumhan in arett sin. Soais tara
ais co hEs Gebhtene im cinctidhis ar ccind co ro caith seal don tsamhradh
isin mbaile sin, agus ní anadh do ghrés, acht acc inghreim agus ag
adhbalsccrios Gearaltach do ló, agus doidhche. Bá don chur sin ro
básaicchedh lais Fáltach Dúna Moilin .i. Uillecc, mac Uillicc, mic Uillicc
Mac dall sidhe ó a gein go a bhas an tan sin. Ro marbhadh lais bheós Supélach
Cille Mo Chua .i. Sean, agus nír bo hionmarbhtha sidhe idir ge ro baoi
tuilleadh ar chéd bliadhain daoís. Bá dírim, agus bá do aisneis an ro
loitseat Goill agus Geraltaigh imo roile roile is an tan sa. Do chóidh an
iustis co na shluagh i cCiarraighe, agus ní ro airis co rainicc Daingen Í
Chúis. Ro lomadh agus ro leir sccriosadh lais bladh mhór do Ghearaltachaibh
agus do Chiarraighe don chur sin. Tig assaidhe fiartharsna na ccríoch go
Corcaigh, agus tar a ais co hEs Geibhtine, agus co Luimneach. Battar maithe
Muimhneach (cenmotat Gearaltaigh) i ngiallnus occa don chur sin .i. an Barrach
Mór, ben agus mac Meg Carthaigh Móir, dias mac Meic Muiris Ciarraighe, O
Suilleabhain Beirre, Mac Donnchadha, agus mac Még Carthaigh Riabhaigh.



Do chuirsiot comhairle Shaxan iustis nua i nErinn isin cceid mí dfhoghmar
.i. Lord Graii (.i. Artur). Ro ba mo eissidhe dainm agus donoir ina Sir
Uilliam Pellham, ar a aoi ní thainic i nErinn riam ar oiret aimsire fris
aon mhac


L. 1736


Saxanaigh ba luaimnighe láinaisttrighe, agus bá huaisle aithesaighe, agus as mó
lér éirigh do shén serbhisi ina an Sir Uilliam sin. Do chuaidhsidhe go hAth
Cliath fo thuairim an iustis sin tainicc a Saxoibh, agus tucc an cloidhemh for
a cumas, agus ro imthigh fein soir iar mbreith buadha dia bhiodhbadhaibh.



Semus Ustas, mac Rolont, mic Tomais do bhriseadh a bhailteadh ar ngábhail
lais an ccreittemh ccatolica, agus ar ndiúltadh dá prionnsa, co ro eirigh
coccadh agus cendairrci le linn an iustis (Arthur lord Graii) do theacht i
nÉrinn. Tangattar Caomhanaigh, agus Cennselaigh, Branaigh, agus
Tuathalaigh, Gabhal Raghnaill agus an meid ná ro díobhait diarsma ó fFailge,
agus do Laoighis i ccobhair agus i ccommbaidh Shemais Iustas, gur bhó
haen clár imresna agus esaonta ó Shláine co Sionainn, agus ó Bhoinn co
Comar Tri nUscce. Do rónadh foslongphort las na foghladhaibh rémhebertmar in
iomfhochraibh an tSlebhe Ruaidh agus Glinne Maoil Ughra.



Sluaiccheadh las an iustis agus la Captin Maulbi do dhol do sccaoíleadh agus
deisreidhedh na ffoghladh ffoirniatta sin. Od chualattar na diberccaigh
dáil a nanfforlainn dia nionnsaicchidh, ro sccaoilsiot ar a ndaingnightibh fo
ghuaillibh garbh corra Ghlinne Mhaoil Ughra. Ro thogh an iustis an drong as
mionca ro fécchadh agus ro fromhadh do caiptínibh an tsloigh, agus do chuir
leo a hocht, no a naoí do bhandaoíbh saighdiúiridhe do thúr agus do
thaisceladh Ghlinne Maoíl Ughra. Fuarattar a ffreccra gan fhuireach lá
fóirnibh forcoimhétta an ghleanna, co nach mór terna tar a nais don
fhedhain sin, gan mudhucchadh, gan mórairleach las an ngasraidh nGaoidhelach.
Ro marbhadh an Carrúnach .i. Piotur Carrun,


L. 1738


agus maighistir Muar .i. Seon, agus maighistir Frans. Ro marbhadh ann dno
drong do dhaoinibh uaisle tainic anoir i ngárda an iustis sin. Ro fháccaibh an
iustis a fhoslongport iar rochtain na sccel sin dia saighidh.



Tánaic coblach eadailleach do mhuintir an Papa i mí medhoin an fhoghmhair i
cCiarraighe. Ro ba mó a nainm na a ttóthacht uair baoi dia nairdeirce cettus
diamadh i lLuimneach nó i nGaillimh, nó i cCorcaigh tiastais co ffuicfidhe na
hardbhailte sin obela oslaicthe for a ccionn. Ba hann ro gabsat port occ an
oilén ro thionnsccain Semus mac Muiris do cumhdach an bliadhain roimhe .i.
Dun an Óir. Ba sedh fodeara don chobhlach í shin tocht i nErinn do chongnamh


L. 1740


lá Gearaltachaibh iar ná cluinsin dóibh a mbeith i neiccen anbhail acc cosnamh
an chreidimh chatolicae. Do rónadh tecclamadh slóigh lá hiarla Urmumhan .i.
Tomas mac Semais, mic Piarais Ruaidh ar adhaigh fein, agus ar dhaigh a
prionnsa do dhol do saighidh Dúin an Óir, agus na nEdailleach, agus ní ro
hanadh lais co rainicc co Ciarraighe. Battar glanshluagh Gearaltach for a
chionn annsin, agus ní tard cechtarnae aca amus for aroile. Ara a chena ro
leicceadh an chonair don iarla co ndeachaidh for an ccnoc os cenn an Dúin,
agus ro dhéch uadha na ratha rodoimhne, agus na dúnchlaidh dithoghlaighi ro
tóccaibhsiott na hEttáilligh i ttimcheall an oiléin, agus ro sgrúd ina
mhenmain nár bhó tarbha dhó tochar friú isin iomcumhang i mbátar. Soais ina
frithing i ffrithsét na conaire cedna, agus fo gheibh an iustis ina coinne i
nUibh Conuill Ghabhra, agus ní ro gabh toirmescc on iarla gan dol dféchain
Dúin an Óir. Luidh reimhe ina uidhedhaibh imtheachta do Chloinn Mhuiris agus
do Chiarraighe co ráinic i cchomhfhoccus an oiléin. Ar a aoi ní rucc a champa
ina ghoire, no theighedh drongbuidhen deghshluaigh gach laoí dféchain an
oiléin uadhoibh. Ro claechlaidhedh aithiscc iomdha etorra a diú agus anall
agus ro gealladh tairiseacht friú. Tangattar a ccaiptini hi ccend an iustis
amhail badís siodhaigh fris.


L. 1742


Do chodar muintir an iustis tairsibh don oilén, agus ro gabhsat for marbhadh,
agus for mudhucchadh na nEdailleach co ná tearna elaitheach do na seacht ccéd
Edáilleach gan airleach ar an lathair sin. Tárraidh éimh an iustis iomatt óir,
agus ionnmhais, agus gach ernaile ele baoí las na hEadailleachaibh. Ro múradh,
agus ro mórchlaidheadh an toilén iar sin lás an iustis fo dháigh ná badh
carracc cothaighthe, agus ná budh inneoin fhorais do dhiberccach é ní budh
síri. A mí Nouember do ronadh indsin. Soais an iustis tar a ais co Luimneach
agus assidhe hi fFine Gall.



O Ruairc Brian, mac Briain, mic Eocchain do bheith esumhal do Gallaibh a
ffoghmar na bliadhna so, agus sluaiccheadh do dhenamh lá Sir Niclas Maulbi tar
Sionainn soir do dhol Ua Ruairc. Cuiris Ua Ruairc a mhná, agus a mhuinteara
tar muinchinn Shlebhe an Iairn, agus ro bhris Liathdruim ar cionn Sir
Niclaus. Ro hathcumdaigheadh an baile doridhisi la Sir Niclaus, agus ro chuir
biadh agus barda ind as a haithle, agus fillis fein tar a ais gan creich gan
écht ba ionairmhe do dhénamh dó. Ro gabh Ua Ruairc acc iomshuidhe imón mbaile
co nár léicc aoínneach don bhárda tar doirsibh an baile amach iná isteach gur
bhó heiccen do Sir Niclaus techt dia ffoiridhin go rucc lais iatt.



Sluaiccheadh lá hUa Ruairc a mí Nouember etir Suca agus Sionann co ro


L. 1744


loiscceadh agus co ro hairccedh lais na Fedha, agus bladh mhor
dUíbh Maine. Sluaigheadh lais doridhisi in Uibh Maine a mi December co ro
lérsccriosadh an tír co tineasnach lais, agus co ro marbhadh lethbanda
saighdeoiridhe lais do mhuintir Sir Niclais Maulbi acc Lios Dá Lon. Drong do
Síol cConchobair do beith i ffochair Uí Ruairc isin ccommbáidh sin.



Clann iarla Cloinne Riocaird (Uillecc agus Sean) do beith eissiodhach ré
aroile agus iad araon siodhach fri Gallaibh. Báttar drong do deghdhaoínibh
Chloinne Riocaird i mbraighdenus dochrach i norlaimh constábla baile Locha
Riach maigistir Seons a ainmsidhe, fer sin acca mbaoí orlamhas bhardachta an
bhaile o ghabhail an iarla gus an tan sin. Bá galar mor menman lá Sean A Búrc a
bhaile agus a bhraighde do dhol i rudhrachus illáimh Gall, go ro chinn ina
menmain amus oidhche do tabhairt ar Bhaile Locha Riach. Do rónadh laissiumh
indsin. Ro gabhadh an baile lais, agus ro marbhadh gach aén rob inechta dia
mbaoí ann cenmothá an constápla dia ttardsam maithemh nanacail, agus ro
sccaoíl dia braighdibh iaramh. Iar ná dhenamh sin lá Sean ro chuir a ollamhain,
agus a aés tairisi daccallaimh a bhrathar Uillecc dia chuingidh fair Goill
do thréccean, agus co ndiongnadhsomh a oighréir amhail ro ba dír do shosar
oíghreir a shinnsir do denamh agus ro tingheall dó a mhac baoí illaimh aicce
do léccadh dia saighidh. Ro gheall dó frissin Liathdruim, oilén Baile an
Locha, agus Baile Locha Riach a ccomhardha sinnsireachta. Ro ghabh Uilleacc
na hasccadha sin. Do chóidh fein agus a brathair daon aonta in acchaidh Gall,
agus bá hé céd ní do rónsat caisléin choimhgheala Chloinne Riocaird do rébadh,
agus do robhrisedh. Ro brisedh leó cétus Baile Locha Riach ardport oirechais
an tire, agus as suaill má ro faccbadh leó baile gan brisedh ó Cluain Ferta
Brénainn i nOirthear Ó nAnmchadha co Cill Meic Duaich i ttuaiscert Chenél
Aodha na hEachtge, agus ó Uarán co Cluain Dá Dhamh. Do chóidh tra Donnchadh,
mac Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain, agus Mathgamain,


L. 1746


mac Toirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna, mic an espuicc Uí Bhriain i ccomhbáidh
choccaidh cloinne an iarla, agus bá hé Mathgamhain ro ba tuscca do eirigh
is in ccoccadh ishin, agus as eisidhe ro thoghairm aés díbheircce na ccrioch
ccomhfoccus, agus ro gheall ó Bhoirintt go Luimneach do lot agus do
lérsccrios. Acht cena ro éirgettar urmhóri mboi i ccóicceadh Connacht uile
isin ccoccadh sin cenmota iarla Tuadhmuman .i. Donnchadh mac Conchobhair, mic
Donnchaidh, agus Toirrdhealbhach mac Domhnaill, mic Conchobhair Uí Briain,
agus bá hesidhe bai na shirriam i cConntae an Clair an ionbhaidh sin.



O Broin décc .i. Dúnlang mac Emainn. Battar a chinedh a ndibheircc agus


L. 1748


acc foghail for Ghallaibh, agus a ttír agus a ndúthaigh ag Gallaibh bheós
co na ro hoirdnedh neach ina ionad.



Sean mac iarla Desmumhan do beith na foghlaidh aisttreach essadhal an tan sa
agus ger bhó hoirdearc Sean mac Cuinn Í Neill, agus Semus, mac Muiris, mic an
iarla ar aoí a ccoccadh agus a ccomhfuachadh fri Saxoibh ro baoí a ndíol
doidhre san Sean so an tan sin. Aon do ló dia ndeachaidh an Sean remhraite
for coilltibh Etharlach a mí Iul do shonnradh i nuathadh sochaidhe leis nar
dholta i nimcein uair ro badh lugha iná céd scciath comhairemh a
throighteach, agus trí marcaigh dhécc. Assedh do luidh deódhlaoí laimh lé
Sionainn sriobhghloin, seach Mhaigh Ailbhe, agus do róine creich i nDuibhféth
Ua Luighdheach is in madain muich ar ná mharach, agus luidh co na chreich lais
soir gach ndíreach do Chorca Theneadh, agus co hUibh Cairin. Ro tionoilsiot
tóicesdal an tíre gach airm in ro gabh a ttoraigheacht fair .i. Éle Uí
Fhogartaigh, Uí Luighdhech, Popail Droma, Popail Puirselach. Ro badh dóigh
lás na hoireachtaibh sin gur bhó conách mór doibh Sean dfagbháil i nuathadh
slóigh amhlaidh sin, agus ro ionnsaighsiot é co dána dasachtach. Acht chena ro
sraoíneadh for lucht na toraigheachta co ro marbadh ocht ffir décc dia
nuaislibh do chendaibh popail agus bailteis in mbreisim sin. Rucc Sean a
crech lais ar coilltibh cliothair diamhraibh Bhealaigh Mhóir Mhaighe Dala iar
mbuaidh agus cosccar.


L. 1750


Tainicc ina chenn annsin clann Mec Giolla Phattraicc, agus mac Uí Cerbhaill
co ndruing móir daos dénmha uilc agus aidhmillte, agus Ro asccnattar
diblinibh co Sliabh Bladhma. Tánaic dia saighidh annsin an rob ionairmhe dUíbh
Failge agus do Laighis. Bá hinfhir fhoghla an ionnas fors mbaoi Sean mac
Semais sechnóin an tslebhe sin, uair ní chodladh, acht for cercaillibh cloch
no criadh, hí ibhedh acht fuairsrebha fiorglana a bleidhedhaibh bas no brócc.
Robdar iatt a aighin urgnamha slata fada na fiodbhaidhi acc iomfhuine
fheolmaigh a eassccaratt. Ro ghabh acc buaidhreadh Builtérach, agus acc
arccain Ossairghe as an mennatt sin. Do chóidh iarttain ilLaighis ro loiscc
agus ro lomaircc Mainistir Laighisi ar mhac iarla Urmhuman .i. Piarus, mac
Semais, mic Piarais Ruaidh. Ro haircceadh lais bheós Port Laoighisi iar
marbhadh druinge do lucht iomcoimheda an bhaile. Rucc faidhb, eideadh, each,
airm, agus iolmhaoínibh uatha. Cidh fil ann tra acht do haircceadh seacht
mbaile ilLaoighis lais is in aén ló sin. Ro asccná iaromh on ccrich go a
chele go Glend Maoíl Ughra airm i mbaoí Sémus Ustas, agus clann Aodha mic
Seain. Ro fiadhaigheadhsomh ó na fearaibh íshin. Tangattar ina dhochom annsin
Caomhanaigh, Cennsealaigh, Branaigh, Tuathalaigh, agus lucht foghla na
criche a ccoitchinne. Ro badh eimhilt a aisneis an ro mhillsiot, agus an ro
loitsiot im Ghallaibh Laighen agus Midhe. Do chóidh Sean agus Semus Ustas
im fheil Míchil iar sin fó thuairim na nEtailleach tánaic dia thir dara ese
uair bá dóigh lais co ttairfeadh cobhair agus comhfhurtacht uatha, agus nír bhó
hamhlaidh do rala dóibh acht a marbhadh, agus a mudhucchadh las an iustis ar
enlathair (amhail remhebertmar) riasiú rainic siumh dia saicchidh.





L. 1752


AOIS CRIOST, 1581. Aois Criost, Mile, cuicc céd, ochtmoghat, a haon.



Toirrdhealbhach mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic
Taidhcc Uí Bhriain baoí tuilleadh ar bliadhain illaimh ag Gallaibh do
chrochadh an .26. do mí Maii.



Mac iarla Chloinne Riocaird .i. Uilliam Búrc, mac Riocaird Saxanaigh mic
Uillicc na cCent, mic Riocaird, mic Uillicc Chnuic Tuagh do chrochadh i
nGaillimh an tres lá iar ccrochadh Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain .i.
Toirrdhealbhach dia dardaoín agus Uilliam dia sathairn. As amhlaidh do rala
dUilliam a bheith i ccombáigh choccaidh lá a bhraithribh an tan ro brissiot
a mbailte amhail remhebertmar, bá haithreach lais indsin, agus do chóidh ar
protex hi ccenn Gall go Gaillimh an mhí ria na bhásucchadh agus ro dolbhadh
sccél eiccin chuicce co ro gabhadh agus co ro crochadh. Ro crochadh bheós ina
ndeachaidh dia lucht lenamhna ar an bprotexion sin.



Cuiccer agus dá fhichet do chrochadh i nAth Cliath i ccoirthibh tretúrachta.



An Barrach Mór, Semus mac Risdeird, mic Tomais, mic Emainn baí illáimh inÁth
Cliath do écc. Dfír fhréimh gheinealaigh Bharrach Ruadh don tSémus sin,
fer do fhulaing mór nimnidh agus nanaoibhe as a thosach, agus ag na baoí a
shúil nó a shaoíleachtain ris an ainm as (Ruadh fein) da rochtain. Acht ara
aoí ro dearlaic Dia fein dósomh cendus Bharrach Maol agus Ruadh dibhlínibh,
agus ní hedh amháin acht ro hoirdnedh os cend Bharrach Mór iar ndílgend na
ndeghdhaoíne dar dhual an duthchas sin dfollamhnucchadh co sin. An Barrach
do ghairm da mhac iar sin (.i. do Dhauidh do Barra) la hiarla Desmumhan,
agus mac ele dó do beith fo dhlicchedh na thighearna ar Barrachaibh Ruadha.



Mac Giolla Pattraicc, Brian Ócc mac Briain, mic Seain, mic Fingin, mic
Fingin, mic Fingin, mic Domhnaill baoí illaimh i nAth Cliath mar an ccédna
do écc, nech eissidhe tuccadh suas i Saxoibh as a óicce, agus baoí foghlamtha
i ccaidhreabh


L. 1754


agus i ccomhaonta na cúirte gur bhó hiongnadh lá hEirendchoibh uile a
chongmail i ngeimhel go ro écc, agus a dearbrathair Finghin doirdneadh ina
ionad, uair ní bhaoí clann aiccesiumh achtmadh aon inghen. Dias dearbhrathar
don Bhrian Ócc sin .i. dá mac ócca inghine Uí Conchobhair Fhailge (le Mac
Giolla Patraicc .i. lé Brian mac Seain) do mharbhadh lá Domhnall, mac Tepoitt
Uí Mhaoíl Mhuaidh ar a ionchaibh féin.



O Cerbhaill .i. Ulliam Odhar mac Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh, mic Seain,
baoí bheós illaimh i nAth Cliath do reidhiucchadh lé Gallaibh, agus leis an
iustis, agus triall dó tar ais dia athardha. Do rala dó for an cconair drong
dóccbaidh Shleachta Uí Chonchobhair Fhailghe. Ro charsatsidhe a cloidhmeadh
gan choiccill, agus ro fhuathaighsiot a fhuasccladh agus a anacal acht a
mharbhadh go ro fhaccaibsiot a chorp fo chrobhaibh fiach, agus faolchon. O
Cerbhaill do ghairm dia mhac .i. do Shean an Fhásaigh mac Uilliam Uidhir.



Ticcherna Deiseach Semus, mac Gearailt, mic Seain, mic Gearóitt Mhóir na
nDeisi mic Semais, mic Gearoitt iarla décc.



Mág Donnchaidh Eogan mac Donnchaidh an Bhothair, mic Donnchaidh Még
Donnchaidh décc i Luimneach i mbraighdenas ag Gallaibh.



Domhnall na Conntae mac Taidhg, mic Corbmaic Óicc, mic Cormaic, mic Taidhcc
Mécc Carthaigh tanaiste Musccraighe, agus a ttuairccnidh catha décc.



Goill agus Gearaltaigh hi ccoccadh agus i ccoimhesaonta fri aroile, co na
baoí ossadh aon oidhche nó cairdine aén mhíosa etorra ó tosach a ccoccaidh
gus an tan so, agus ní roich ríomh, áiremh, nó aisneis ina ndearnsat dulcaibh
ré roile.



Sluaiccheadh lá Sean, mac Semais, mic Seain a mí May tar Siúir soir co ro
lérscriosadh bailte oirir na Siúire lais .i. Ard Máille, agus Mainistir Atha
an Tuisil, agus do choidh tar Siúir siar co líon ccreach agus ngabhala, agus
rug tóir


L. 1756


trom, agus iomarcradh anfforlainn ar an áirsidh, ro gabhsomh ag a niomchor go
neimhshniomhach an ccein forcaomhnacair, agus ro shuidh friu as a haithle,
agus ro ba mó ina trí chéd an ro marbhadh agus in ro baidhedh lais diobh.
Rucc Sean an ccreich lais iar ccosccar gus na forbhaisibh fedha ina
ccleachtadh cumsanadh ar an cClaonghlais agus ar an cCoill Mhóir.



Sluaiccheadh ele la Sean mac Semais i mi Iún ar Mag Cárthaigh Mhór, agus
baoí fri ré dá lá, no a tri ag creachadh agus ag cuartucchadh na criche ó
Musccraighe go hUibh Ráthach, agus ticc tar a ais co nairccthibh agus co
nédalaibh iomdha go Magh cCoinchinne. Atberdis lucht a ffairccsiona nach
ffacatar an oiret sin do crodh creach riamh an aon maighin.



Iarla Desmumhan do beith i ffoslongport in Achadh Da Eó, agus bá isin tan
sin do hordaicchedh captin Saxanach (.i. Captin Siuitse) on mbainríoghain,
agus on iustis os cend Desmumhan agus Ciarraighe dia niomchoimhed. Ro
ghluais an captin sin (do shiubhal láoi agus oidhche) co mbuidhin marcshluagh
amaille fris do thabhairt amais ar foslongport iarla Desmumhan agus ba hann
rainic
lais dol fon ffoslongport ar madain dia domhnaigh. Baoí an tiarla gus an líon
do rala ina fhochair an tan sin ina ttoirchim suain agus síor chodalta iar
ffaitches agus iar fforcoimhéd na hoidhche gó sin. Assedh do róine an captin
ina ffuair na shesamh ar na sráidibh do ghuin go grodurlamh, agus do
mharbhadh gan dicheall, agus ní ro airis fri hiomaireacc ná deabhaidh co
rainicc Caislén na Mainge. Bá don druing do shaorchlandaibh torchair las an
ccaptin i nAchadh Da Eó an la sin .i. én mac Tomais mic Muiris Duibh mic an
iarla .i. Tomas Ócc, Maol Muire mac Donnchaidh Bhacaigh mic Maol Muire mic
Donnchaidh Mec Suibhne, agus Tadhcc mac Diarmata mic Corbmaic ó Maigh
Laithimh.



Sluaiccheadh lá hiarla Desmumhan i ndeireadh mís September gus na maighibh i
moirtimcheall Chaisil Mhumhan, agus go Caiseal feisin. Ruccsat na slóigh sin
ile dá gach maithes, eittir umha, agus iarann, edach, agus uradh, crodh, agus
cethra go ro indirset na tíre sin co léir. Rucc orra im na hoirccnibh sin drong
buidhne dearmara a Trian Cluana Meala agus as an Trian Medhonach. Ruccsat
orra dna


L. 1758


sloicch a comhfhochraibh Siúire, agus ó Dhún Iasccaigh go Maigh Ailbhe. Ro
forcongair an tiarla edarnaigh inchleithe do fhágbail for an cconair i
noirchill na nócc báttar ina niarmhóireacht, agus ro fhill féin friú iar
rochtain don tóir tar an cceilcc. Ro gabhadh iaromh occ a noidheadh agus occ
á nairleach dá gach leth reampa agus ina ndiuidh gur bhó mo olttátt ceithre
chéd a nesbaidh ón iomargail sin. Ticc iarla Deasmumhan iar mbuaidh ccosccair,
agus ccomhmaoidhme co neachaibh, agus co nedalaibh iomdaibh lais tar a ais i
nEtarlach.



Feacht an tangattar drongbhuidhen dhána dhichonirchil do shoighdiuiribh Atha
Dara iar na roinn i ndó .i. drong ar sruth agus drong ar tír do chuartucchadh
Caonraighe agus lá taobh Máighe diarraidh gona nó gabhala for dreim eiccin
do na foghladhaibh. Iar ndol don dá droing sin i ccend aroile i niomfhochraibh
Bhaile Uí Cathláin, as ann do rala chuca Dauidh Ócc, mac Dauidh an Locha, mic
Tomais, mic Seain, mic Tomáis, mic Pilip, mic an Ridire co na shochraide dia
saighidh, agus do chóidh fúthaibh co ro gabh ag á ttreghdadh agus acca
ttimchealladh, co ffharccaibh iatt ina meidhedhaibh maoíldercca agus ina
ttamhnaibh taoibhgherrtha, conach mór tearna gan airleach ar an lathair sin lá
Dauidh co na mhuintir. Iar rochtain na sccél sin co hÁth Dara, cuiris captin
Atha Dara tionol ar shaighdiuiribh Cille Mo Ceallócc, agus do deachaidh go
ffedhain merdha míothuicsicch do chor cuarta i cCaonraighe, dus an
ffuighbheadh duine, nó daoíne ar a ndighéladh ar marbhadh dá mhuintir.
Ráinicc co Baile Uí Cathláin, baile sidhe do bailtibh an Puirsélaigh baí ag
congnamh riamh las an ccoróin ó chédchoccadh Gall agus Geraltach gus an tan sin.
Do marbhadh las an ccaptin deichnebhar agus seacht fichit do mhnáibh, do
lenbaibh, agus da gach foirinn dá ffuair istigh, agus amuigh isin mbaile sin.
An Dáuidh


L. 1760


rémhraite lás ro marbhadh muintir an captin, fer esidhe do fhulaing duadh
agus dochar i ccoccadh Gearaltach ar Gallaibh. Feacht diar luidh sidhe i mi
Dhecember co sé fheraibh décc ó chiomhsaibh Caonraighe i ccoite chaol
chumhang go ro imirset tre chuan Sionn siartuaidh gach ndíreach. Ro gabh
airisemh ag Inis Cathaigh, agus faoídhis innte an adhaidh sin. O ro clos lá
Toirrdhealbhach mac Taidhcc, mic Murchaidh, mic Taidhcc Ruaidh, mic
Toirrdelbhaicch (mac Mhec Mathgamhna a crich Corca Baiscind Airthearaigh)
Dauidh do dhol tairis, ro chuir arthrach (in urthosach oidhche) ar an
Sionainn sriubhuaine, agus do chóidh ann gus an líon tarla ina fharradh, agus
ní ro airis co rainicc Inis Cathaigh co ro gabh port i ffeorainn na
finninnsi. Tánaic iaromh gus an tegh i mbaoí Dauidh, agus ro chuirsiot tene
is in tegh dia losccadh go lánurlamh. Ticc Dauidh disccir diairm co na mhuintir
amach ar ionchaibh meic Mic Mathghamhna, agus ro gabhadh é co na mhuintir lais
fó cedóir. Do thaod mac Mhec Mathgamhna co na braighdibh co Baile Mhec Colmáin
tar a ais an adhaidh sin. Do crochadh muintir Dáuidh fris na crannoibh bá
comhfoicsi dóibh arnámharach, agus do cuireadh an laochmhilidh go Luimneach
airm ina ffuair a oidheadh gan fhuireach.



Ceall Fhiacal do gabhail lá Sean mac an iarla an cethramhadh lá don Nodlaig,
agus gach a ffuair ina hinmhedhón dumha, agus diarann, dédach,
dionnmas, agus darbhar do chor eiste go hEtarlaigh fri ré dá lá, agus brisis
an baile iaromh.



Resiber Geraltach .i. Niclaus, mac Uilliam, mic Niclais do mharbhadh la
saighdiúiribh Atha Dara.



An Doctúir Sanduir décc ar coilltibh na Claonglaisi, post congmhala don


L. 1762


creidemh chatoilci, agus cend áthcomhairc Gearaltach isin ccoccadh i mbatar
esidhe. Nír bhó machtnadh ón ar as lá Sémus, mac Muiris táinic i nÉrinn.



Mac Uí Suilleabháin Béirre (Domhnall, mac Domhnaill, mic Diarmata, mic
Domhnaill mic Domhnaill mic Diarmata Bailbh) do thabhairt bhriste ar
Chairbreachaibh a mí December do shonnradh. Bá hamhlaidh do rónadh innsin,
Captin Siuitsi do dhol o Chorcaigh tré Cairbreachoibh co mainistir
Bhenntraighe. Ro chuir clann Toirrdhealbhaigh mic Maol Muire, mic Donnchaidh
Mec Suibhne, agus mac Uí Dhonnabháin agus drong do chendaibh popal agus do
dhaoínibh uaisle Cairbreach uadha do denamh creach ar mhac Uí
Suillebháin, fuairsiot na fedhnacha ro chuir an captin uadha creacha aidhble agus iomad
édala. Rob adhnar lá Domnall a oirccne do léccadh uadha agus é fein ina
bethaidh, agus ro ionnsaigh an ghasradh Ghaoidhelach tarla i ttimcell na
ccreach, agus do dearbh an lá sin nách lé líon sluaigh bristear cath uair
torchrattar le Domhnall a ffoccus do trí chéd do Cairbreachaibh, agus as beg
le leithchétt fer fedhma baoísiomh do shochraide acc tabhairt an tochair sin.


L. 1764


Patriccín agus Emann dá mhac Mhec Muiris Ciarraighe (.i. Tomas mac Emainn,
mic Tomáis, mic Emainn) do éludh a Cúirt an Rígh a Luimneach iar na chinnedh
don chomhairle a ccor docum báis. Acht chena ní bhaí an Coimdhe isin
ccomhairle sin. Báttar trá an chlann sin seal ar choilltibh Cloinne Cuiléin
acca ccaomhna, agus do asccnattar iar sin go Cloinn Muiris, agus bá gar uair
gur bó cédach ceithernach an chuideachta sin tainicc i nuathadh buidhne as
priosún Luimnigh act ro chaithsiot ina mbaoí rempa don bhliadhain sin fri
foghail agus fri díbeirg.



Comharba Senain décc .i. an Calbhach mac Siacais, mic Siacasa Mec Catháin.



Sean Ócc agus Conn, da mac Seain, mic Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Enri,
mic Eoghain Uí Neill do dol sluagh i mBreifne Uí Raighilligh. Ro lomadh agus
ro lérairccedh leo gach ionad in ro ghabhsat don Bhreifne. Rucc mac Uí
Raighilligh .i. Pilip mac Aodha Conallaigh, mic Maol Mhórdha, mic Seain agus
turchomhrac tromslóigh an tíre i ttóraigheacht im na hairgthibh sin orra. Nír
bo feirde Eóghanaigh co cend ilbliadhan amas an aen laoí sin, uair ruccsat
Raghallaigh a ccreich agus a ccosccar. Ro gabhadh leó Conn mac Seain Uí
Neill, agus cidh an tan nár damh Sean Ócc a ghabháil lás na laochbhuidhnibh
fuair a airleach gan airisiomh, agus a oidhedh co heccobhsaidh. Bá doiligh an
diach sin tuccadh ar an deicchfher óir ní bhaoí aoin fher do Macaibh Míleadh
ná baoí a dhíol doidhre isin tSean ishin.



Sluaiccheadh lá hUa Neill Toirrdhealbhach Luineach do thocht do dhioghail an
ruathar sin ar Raghailleachaibh. Ro rónadh foslongport laochdha lethanarmach
lá hUa Neill in eidirmedhon Breifne Uí Raighilligh, agus ro ghabh acca
móirmhilleadh etir innilibh, arbhar agus áitiucchadh. Do róine O Raighilligh
sidh fris, agus ro léicceadh Conn amach gan fuaslaccadh, agus breithemhnas
dUa Neill a marbhadh Seain agus a mhuintire.



Easaonta anbfóill do eirge etir Ua nDomhnaill (Aodh mac Maghnusa mic Aodha
Óicc mic Aodha Ruaidh) agus mac a dearbrathar Conn mac an Chalbhaigh, mic
Maghnusa, mic Aodha Óicc, agus Conn do dhol i rand Í Neill Toirrdhealbhach
Luineach


L. 1766


mac Neill Conallaigh, mic Airt, do choccadh ar a bhrathair, agus do róine
iondlach agus edarchosaoíd na senghomh do rala fecht naill etir Cenel cConaill
agus Eocchain go ro fhorchongair for Ua Neill tionól slóigh lánmhóir do tocht
for Ua nDomhnaill do chongnamh lais. Baoí Conn sé fichit marcach co ttribh
cóirighthibh gallócclach do Sliocht Ruaidhri do Cloinn tSuibhne Fhánat im
Thoirrdhealbhach mac Murchaidh mic Eoin Ruaidh, im Niall, mac Eimhir, agus im
Brian mac Eimhir Mec Suibhne, agus co nAlbanchoibh iomdhaibh, agus Ua Neill
gus an líon as lia forcaemhnaccair, agus ní ro hairisedh las an lucht ishin go
ro gabhsat foslongport oc Cill Tuathail lá taobh Ratha Both .i. baile eisidhe
in ro bhendaigh Colaim Cille agus Adhamhnán iaramh. O ro clos lá hUa
nDomhnaill innsin ro thionóil sidhe i ccéttóir in ro chaémhnaccair do
shocraide ge ro ba go hanffúirighthe ainerlamh uair baísidhe fomhámaighthe do
bainrioghain tSaxan, agus robdar cairdi aneccraitte friss gó sin co na baoí
hi foimhdin coccadh, no comhfuachadh. Ar a aoí bá forrán lais sluagh
eachtaircheneóil do thocht dia thír gan frithbert friú dia madh deimhin lais
a oidheadh fo chedóir.



Conn Ua Domhnaill tra baoí do mhéd a mhenman, agus dairde a aiccnidhsidhe
ge no beith Ua Neill (Toirrdhealbhach), agus Ua Domhnaill (Aodh) daoin leith
go ttochairfedh friú, conadh a mhein ba forlannsomh agus Ua Neill
daén aonta. Ro thairmcheimnigh Ua Domhnaill co na sochraide do shaighidh
fhoslongpuirt Uí Neill go díoghair dásachtach gan anadh gan oirisiomh fri
hindell nó fri horducchadh itir. Ro gabh Ua Neill occa midhemhain ria siú
rangattar ina chend, agus ro athcomhairc don Cloinn tSuibhne (.i. do
Thoirrdelbhach mac Ruaidhri do shonnradh) baoí ina fharradh, agus do Chonn
cia cédfadh baoí leó do eitirghleódh an laí íshin. Friscart aon dibhsidhe
(.i. Toirrdelbhach mac Ruaidhri) co ndebhairt dia ttealccat an lucht úd a
nanala, agus dia neabhatt uiscce, agus dia ndeachatt in innell, agus i
nórducchadh as deimhin go sraoínfit foirn dia no bemis líon ba lia hisuidhe.
Madhedh tiasat gan inneall gan oirisiomh, gan airdhibhadh a níotadh bidh
remhadsa agus róinne mhuidhfius. Bá imne tangattar lá borrfadh bríghe, agus
las an mbrígh mbicc do ronsat


L. 1768


do Chenel Eóghain ar bá gresach lá Cenel cConaill cosnamh a ccóra friú in
gach airm i ccoimrectais gó sin. Ba sedh do rala dóibh an tan soin iar rochtain
dóibh i ccend aroile go ro fighedh erghail amhnus ainiarmartach etorra a diú
agus anall, agus ro dearbhadh an dearbharuscc airdearc don chur sa (.i.
beodha gach brathair fri aroile). Ro sraoíneadh for Ua nDomhnaill co na
shochraide, agus ro marbhadh drong mhór dia muintir. Ro badh dibhsidhe Mac
Suibhne Baghaineach Maol Muire mac Aodha co na chloinn .i. Murchadh, agus
Toirrdealbhach Meircceach, agus Niall Modardha mac Neill Óicc, Mec Suibhne.
Acht chena torcratar cúicc fir dhécc do Chloinn tSuibhne Tíre Boghaine, agus
drong mhór dona Tuathaibh, dFhánaitt, agus do Baoighellcoibh. Drong mhór
beos do Mhuintir Ghallcubhair im Fherghal mac Toirrdhealbhaigh mic Tuathail
Bailbh, agus co ndruing cenmothátt. Ro gabhadh dna Mac Suibhne Fánatt isin
ccaithgleo íshin. Ro badh tria easccaine an epscoip Uí Fhirghil ro sraoíneadh
an maidhm sin uair ro sháraighsiot drong do Chenel cConaill Cill Mic nEnáin
an lá rias an maidhm agus ro ghuidh an tepscop dóibh co nar bhó sóinmheach a
tturas ittir. An 4 do mí Iul do sraoíneadh an maidhm sin.



An Calbhach mac Domhnaill, mic Taidhcc, mic Cathail Óicc, mic Domhnaill, mic
Eoghain, mic Domhnaill, mec Muirchertaigh Uí Chonchobhair, aon mac Uí
Chonchobhair Shliccigh décc. Ro badh tromaide a thoirsi ar na tiribh nach
raibhe acc an lánamhain soicheineoil ór síolaigh an saorthamhan súil ná
saoíleachtain lé haoin ghein chloinne dfaghbhail dia éisi. Baoí ó Mhaigh
cCeidne co Ceis Chorainn, agus ó Mhuaidh co tórainn Breifne ag á
iodhnaidhesiumh daon oidhre agus daen chomharba dá maradh iar nécc a
athar.



Cathal Ócc mac Taidhcc, mic Cathail Óicc Uí Chonchobhair, agus Maol Mordha
mac Maol Muire, mic Eocchain agus Fer Gan Egla a bhrathair go ndruing móir do
maithibh na tíre maraon rú do thuitim i nIochtar Chonnacht lá hAlbanchaibh
do rala oc imthecht an tíre a hucht Sir Nioclas Maulbi, agus as é ro badh
consabal do na hAlbanchaibh, Alastrann mac Domhnaill Bhallaigh, mic Mhec
Dhomhnaill, agus ní bhaoí


L. 1770


i nÉrinn gan rochtain hi roinmhe dóibh dias ro ba orrdearca ainm duine uasail
agus consabail ina Cathal Ócc agus Maol Mordha. Ro gabhadh mac Uí
Chonchobhair Duinn bheós an lá sin lá hAlbanchaibh .i. Aodh mac Diarmata mic
Cairpre, agus ro éimighset a thabhairt don caiptin, agus do chóidhset lais
iaromh i rann Uí Ruairc. Do reidheadh dna Ó Ruairc Aodh ó na hAlbanachaibh go
mbuí Ua Ruairc, agus Aodh daon rann as a haithle. An tAlastrann
remhraite dfagbháil Uí Ruairc i ffoghmar na bliadhna so, agus a dhol do shaighidh
Sir Niclaus, agus ro ghabhsidhe chuicce hé co ffáilte moir co mbaoí for
coinnmedh fo Shamhain do shonnradh seachnoin Ua fFiachrach Muaidhe. Iar ffios
sccél dUa cConchobhair Shliccigh .i. Domhnall, mac Taidhcc, mic Cathail Oicc,
agus do mhuintir Sir Niclaus co mbattar amhlaidh sin ro ionnsaighsiot iat for
a leaptoibh luighe, agus for a ndérghadhaibh codalta co ro marbhadh Alastrann
co ndruing dírimhe dia mhuintir amaille fris agus ro dligh Ua Choncobhair an
marbadh íshin in dioghail mharbhtha a dearbhrathar Chathail Óicc.



Clann iarla Cloinne Riocaird do shiodhucchadh lé Saxanchoibh i samhradh na
bliadhna so iar mbrisedh a mbailtedh, agus iar ccrochadh a mbrathar, agus bá
hamlaidh ro siodhaighsiott gan sreith, gan gerradh, gan daoírsi, gan doladh
do chor ar a nduthaigh, nó ar a rann coccaidh an ccein do beidís síodhach,
act cíos na bainrioghna do dhíol fá dhó san mbliadhain. Mathghamhain Ó Briain
do beith ar sídh cloinne an iarla. Dá bhanna do shaighdiuiribh do beith ar
ósda i tTuadhmumhain ag Captín Diring ó Shamhuin go féil Páttraicc.





AOIS CRIOST, 1582. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmoghat, a dó.



Mairghrég inghen Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh, mic Neill Gairbh, mic
Toirrdelbhaigh an Fhiona Uí Dhomhnaill, ben Uí Raighilligh (Maol Mórdha mac
Seain, mic Cathail) décc i nerrach na bliadhna so, agus as ing má
ro baoí beó i nÉrinn an tan


L. 1772


sin do Bhainsliocht Gaoidil Glais aoin bhen as mó ro derlaic ina an
Mhairgreg sin.



Iarla Cloinne Riocaird, Riocard Saxanach mac Uillicc na cCend, mic Riocaird,
mic Uillicc Chnuic Tuagh, mic Uillicc Medhonaigh, mic Uillicc an Fhiona an
tí do gabhadh las an iustis Sir Hanrii Sidneii an bliadhain daoís Criost 1576,
agus baoí bliadhain illáimh iar na gabhail i nÁth Cliath, agus an seal ele
illaimh ilLonndain gus an mbliadhain si. Ro gabh seircclighe siorghalair é
i samhradh na bliadhna so. Atbertsat a fhisigedha agus a legha gomadh docha a
dhul décc ina térnudh on teidhm sin, agus dia mbeith i naigneadh dhó a
shláinte dfaghbail go madh ó fhégadh a athardha, agus o féghadh aeoir a
thire nó ghébhadh. Ro léicceadh an tiarla i nErinn fó bithin a easláinte do
ched an phrionnsa agus na comhairle, agus tucc pardún do shaighidh a
chloinne, agus maithemh ar ar mhillset. Bá hann ro ghabh port cétus i nAth
Cliath, assidhe dhó iaromh co hAth Luain, agus co baile na Gaillmhe. Rob
adhbhal méd na forfáilti fuair isin mbaile íshin. Baí ann ag cur a sccís agus
a mhertin de, agus tangadar a chairde agus a chomhfhuilidhe, a rannta Gall
agus Gaoidheal dia fhiosrucchadh. An tan rob áil lais dol i mescc a
mhuintire, a criche, agus a cloinne, as ann do fhortromaigh a threabhlaid,
agus a easlainte fair co ro écc fó dheóidh i mí August do shonnradh. Ro
feradh a chluithe caoínteach lá chairdibh cendaighibh is in mbaile sin, agus
ruccadh a chorp dia adhnacal co honorach i mBaile Locha Riach. Dála a
chloinde robdar síodhaigh re aroile gó sin. Do chódarsidhe do freasabra agus
do chor i naghaidh aroile i ccend Sir Niclas Maulbi baí ina ghobhernóir i
ccóigeadh Chonnacht. Do chódar dibhlínibh co hÁth Cliath hi ccionn na
hardchomhairle go ro síodhaigheadh etorradon cur sin amhlaidh so .i. Uillecc
ina thighearna agus ina iarla in ionad a athar, agus barúntacht Liathdroma do
thabhairt do Shean. Ro rannadh etorra ó shoin amach a fferainn, a mbailte,
agus a mbethaighthe ecclaisi go mbáttar siodhach ós aird, agus eissíodhach ó
mhenmain.



Tadhcc, mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Briain Chatha
an Aonaigh Uí Bhriain décc i mi August mar an ccedna in aoín tseachtmain
ris


L. 1774


an iarla. Curadh ar chalmacht, míleadh armhiletacht an tí tesda annsin. Baoí
sidhe athaidh i ttanaisteacht Tuadhmhumhan go ro hionnarbadh ar aon lá a
dearbhrathair lá Domhnall. Do chóidh iaromh don Spáinn, don Fhrainc, agus
eistibh sidhe i Saxoibh go ffuair a phardún, agus a chuid tire, acht
tánaisteacht namá co ro écc in iomláine aaoísi, agus ro hadhnaicedh i
Mainistir Innsi.



Donnchadh, mac Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic
Toirrdhealbhaigh, mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain do bhásucchadh
doidhedh anuasail .i. a chrochadh i tTuadhmhumhain lá Captin Mortant baí ina
mharasccal isin tír, agus las an siriam Sir Seoirsi mac Tomais Ciumhsocc, iar
ndol dó an bliadhain roimhe sin i ccaradradh cloinne iarla Cloinne Riocaird,
agus ro fhill tar a ais maille le haithreachas ar phrotexion, fuarttarsidhe
elang agus uireasbaidh ar an bprotexion co ro gabhadh Donnchadh leó, agus co
ro crochadh amhail rémhepertmar an 29 September i ndorus Luimnigh dia haoíne
do shonnradh. Ruccadh a chorp có a domhgnas duthchasa go ro hadhnaicedh é i
nInis.



Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh, mic Muircheartaigh mac Meic Uí Bhriain Ara
(iar mbeith daimhreir a athar le hathaidh fhada, agus riarach lé hiarla
Desmumhan) do theacht ar protexion, agus a dhearbhrathair fein .i.
Toirrdhealbhach Carrach dia ionnsaicchidh go hesccairdeamhail go ro marbhadh
Dhonnchadh lais.



O Cerbhaill Sean an Bhealaigh mac Uilliam Uidhir, mic Fir Gan Ainm, mic Maol
Ruanaidh mic Seain do mharbhadh i ffioll adhuathmair éttarbhaidh lá Maol
Ruanaidh, mac Taidhcc Chaoích, mic Fir Gan Ainm, agus nír bhó cianshaoghlach
do chuaidh an marbhadh sin do Maol Ruanaidh uair torchair fein fó cenn ráithe
iar sin doidhedh fhiongaile las an cCalbhach mac Uilliam Uidhir, agus an
Calbhach feisin dóirdneadh in ionaidh a dhearbrathar.



Cethrar mac an Róistigh .i. clann Dauid, mic Muiris, mic Dauid, mic Muiris do
mharbhadh lá tréatuiribh i mí April, agus cidh aoín drem ro chuir a ccosccar,
ní in aon ló ro hesbaighit, uair torchair Remann, agus Tepoitt, agus drong
mhór do mhaithibh a muintire, agus dá ccendaibh consapal i ttoraigheacht
creiche (an chinn don tír ina ttárlattar ar thréatuiribh) lé senescal hUa
Mac Caille, agus lé Giolla Pattraicc


L. 1776


Conndún. As í bá ben do Thepoit an tan sin .i. Gráinne inghen
Toirrdhealbhaigh, mic Muircheartaigh, inghen Meic Í Bhriain Ara agus an tan
ad chonnairc a fer ina chotchoibh cnamhroinnte, agus ina aighedhaibh ancomtha
dia saighidh, ro iacht co hainsercc aichear go ro écc in adhaidh sin hi
ffochair a fhir chele conidh i naoínfecht ro hadhnaicit.



Briseadh troda do thabhairt lás an mBarrach .i. Dauid ar an mac bá sine ag an
Róissteach .i. Muiris, agus Muiris do tearnudh on troid sin iar mbuain each
agus daoíne iomdha dé.



An Seinesccal remraite, agus Patriccin Condún do thecht im Shamhain ar ccind
is in ccend thiar do crích Róistigh. Dá mac ócca an Roistigh .i. Sean, agus
Uilleacc, agus an tír uile déirge fó na heighmhibh, agus an céd chumascc do
clodh ar na tretuiribh. Ro gabhadh for a sírlenmhain tar tórainn na tíre
amach a ffoccus dia ndaingnighthibh fedha, agus coilledh, ro fhill na
foghlaidhe ar dá mhac an Róistigh co ro marbhadh iad fein, agus a ttárla ina
ttimcheall, agus gé nách gnáth ár gan élóidhtheach ní mór tearna dá ttáinicc
is in toraigheacht, uair ro marbhadh aireacht, agus aitreabhaigh, cinn phopal,
agus aes foghnamha agus fedhma an tíre. Ro marbhadh ann bheós consapail
Chloinne Suibhne co nach mó ina ceithri fir décc do mhair lé hiomchar airm do
lucht an tire iars an tachar sin gur bhó haittreabhaigh eachtaircheneóil baoí
an Róisteach agus Muiris do tharraing dáitiucchadh na tire dia éis.


L. 1778


Mac Uí Mhaoíl Mhuaidh .i. Domhnall mac Tepóid do mharbhadh, agus ro ba
lughaide ro heccaoíneadh a oidheadh go rothionnsccain sé dol ar bélaibh a
athar, agus a ionnarbadh, agus é fein do shuidhe ina ionadh.



Mac iarla Desmumhan .i. Sean, mac Semais, mic Seain, mic Tómais iarla do
thuitim inaisccid lá a easccairdibh, agus aseadh so a fhír amhail do rala
dhó, Sean do dhol cethrar marcach do coilltibh Etharlach daccallaimh an
Bharraigh Mhóir baí i ccombáidh fhoghla fris. Dol dó tar Abhainn Mhóir
bádhes i midhmedhón laoí dhobhardha dhuibhchiach. Do ralasomh agus Captin
Siuitsi co na chóirighthibh tul i ttul agus aghaidh i naghaidh, agus gan aén
aca acc iarraidh aroile. Ro gonadh agus ro gabhadh Sean ar an lathair sin, agus
ní dheachaidh eadh aén mhíle dfearann an tanró écc fó cedóir, agus ro badh
faoín bhél fotharsna ro hiomcradh ar a eoch é assidhe co Corcaigh, agus ar
rochtain dó don bhaile do rónadh cethramhna comhroinnte de. Ro cuireadh a
chend a ccomhardha cosccair go hÁth Cliath, agus muna beith gurab i naghaidh
coróna Saxan baoí ro badh doiligh díth an deighfhir sin ar a bhucca fri
toirbert seód, agus iolmhaoinibh, agus ara angbaigheacht i nionadh fedhma.
Semus mac Seain, mic Geróit mic Tomáis iarla do gabhail in aoínfhecht lé Sean
mac an iarla agus a chrochadh seal beg tar a éisi, agus a dhá mhac do
chrochadh araon ris.



Caitilin, inghen Taidhg, mic Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh Még Cárthaigh,
bean Mec Muiris Ciarraighe décc, agus as ann tangatar a tiughlaithe ar Loch
Léin Línfhiaclaigh, agus í agá hiomlochtadh on oilén co roile ar uamhan na
ffoghladh, agus a hadhnacadh i Mainistir Airbhealaigh.



Gaoth mhór, sirfleochaidh, sraibhtine síon, agus deartan dearmhair isin dá
bhliadhain si diadh i ndiadh.


L. 1780


Cnóimhes mór isin mbliadhain si beós.



Banda saighdiúir, agus lethbanna marcsluaigh do mhuintir Chaptin Siuitsi do
beith i nArd Ferta ó thús foghmhair na bliadhna seachmata go mí medhoin
foghmair na bliadhna freacnairce, agus géro bhaoí iomatt bídh agus stóruis
aca on bpronnsa nír ansat acht acc cnamh, agus ag caithemh na tire ina
ttimcheall, agus rob eiccen mac gach cinnpopail dá raibhe isin tír do chor
illaimh chuca.



Patricin, Emann, agus Roberd, clann Mheic Muiris deinleith lé
Gearaltachaibh i ccoccadh ó do fhágbhattar braighdenus Luimnigh go sin. Aon
doidchibh dia ndeachsat go hArd Ferta, agus ro ghlacsat creacha an baile
ara bharach ar madain. Ro éirigh captin anmarcsluaigh go hobann dia saighidh
.i. Captin Haitsim, agus ní ro fhuirigh lá a shaighdiuiribh, agus fuair a
fhreaccra go ro ullamh, agus a chur dia chois don chédchumascc, agus a
chloidhmeadh gan choiccill. Ro fhillset clann Mec Muiris co na ccreich go ro
gabhsat foslongport imon mbaile forna saighdiúiribh. Duine uasal do Chloinn
tSíthigh baoí i ffochair chloinne Meic Muiris an tan so .i. Muirchertach mac
Emainn, mic Maghnusa, mic Emain, Mec Síthigh do mharbhadh i ndoras Mainistre
ó tTórna lá cloinn an easpuicc Ciarraighi baí ag congnamh lá muintir na
bainríoghna don chursoin. Mac Muiris fein, agus urmhór a dhuithche do bheith
fó dhliccheadh gó sin. An tan atchonnairc sidhe a thír ag á tromlot, agus
ód chualaidh an captín do mharbhadh lá a chloinn ro bris fo chédóir Lec
Snámha, Lios Tuathail, Biaille, agus Baile an Bhuindénaigh. Do chóidh i
ccend a chloinne iaromh. Ní dheachaidh lais isin míimirt sin lucht Bhaile Mhec
an Chaim, na Bhaile Uí Chaolaighi ná Clann Phiarais. Do thóccaibh Mac Muiris
a chlann on mbaile, agus do chóidhsiot díbhlínibh for culaibh a ccoilltibh,
agus ní mó ná imtheacht do ruacht leó an


L. 1782


tan tainicc Captin Siuitsi don tír fó
thascc marbhtha Captim Hatsim, agus dfurtacht a muintire, agus o na rucc
forrasomh i ttimcheall an bhaile ro crochadh lais braighde baoíth lenb baoí ar
laimh a mhuintire on tir. Tucc cuairt ar na coilltibh diarraidh Meic Muiris
agus a chloinne, fuair airccne, édala, agus marbhtha iomdha ré a ndénamh. Ro
cuireadh lais a duthchasaigh féin (baí i ffochair an caiptin ar an
easaonta sin) ilLeic Bhebhionn iar na fháccbháil folamh do Mac Muiris agus dá
mhuintir. Tairrngis Mac Muiris iarla Deasmumhan don tír i ccionn aimsire
iar sin, agus tuccsatt troitt do muintir Arda Ferta, agus do marbhadh leo a
ccaptin, a leutenant, a ffer brataighe, agus drong mhór ele a maille friú. Ro
bhen a chuid don choccadh sin lé Mac Muiris seach cách, óir do
díolaitriccheadh a dhaoíne, do milleadh aioth, a fhoirgnemh, agus a
aittreabha. Nir dhion dia taiscceadhaibh, cuasa crann, na carracc, ná
tuinigthe talmhan, ná fremha fidh acht amhail ba iatt a nesccairde nó
fuicfeadh isna hionataibh erdhalta sin iat.



Captin Siuitsi do dhol hi Saxoibh i mi August na bliadhna so agus captin
ele dfaccbhail dó ina ghobhernóir ós cend Mhuimhneach, agus an captin sin do
bhreith na meide ro mhair do saighdhiuiribh Árda Fearta lé a chois go
Corcaigh. Ní bhaoí ón uair sin banda, nó leth bannda do shaighdiúiribh acc
siubhal a ttíre, nó ag cumhgucchadh ar Gearaltachaibh go criochnucchadh na
bliadhna so.



Captin Siuitsi do mharbhadh i ccomhrac hi Saxaibh suil rainic lais teacht
tar a ais i nErinn.



Iarla Desmumhan do beith o mí mhedhoin foghmair na bliadhna remhainn go
dereadh na bliadhna so etir Druim Fingin, Eatharlach, agus Coill an Chuiccidh
agus gan do bhuain, nó do bhranar ar a uídh nó ar aire acht a bheith ag buain
Builtérach do ló, agus doidhche i ndioghail ina ndearna iarla Urmhumhan gó
sin ar Gearaltachoibh.


L. 1784


Rob usaide Buitileraigh do baoghluucchadh iarla Urmumhan do beith i Saccsoibh
an bliadhain si go ro bhen a droch iarmairt don dúthaigh óir ní mór nat
fáccbadh na hén tuinn fhiataile agus fásaigh o Port Laircce co Lothra, agus o
Chnámhchoill co conntaé Cille Cainnigh. Nír bho machtnadh gér bhó fásach na
fuinn sin ar a mheince do aircc an tiarla an dá Urmumhain, Duthaigh Ara, Uí
Cairin, Éle Dheiscert, co na forthuathaibh, an Trian Medhónach, agus Trian
Cluana Meala, agus ar gach taoíbh do Shiúir go doras Puirt Laircce. Ní
heidir a innisin, nó a aisneis leth no trian ar iomcairsiot Gearaltaigh do
dheabthaibh doilgibh do choinghlecaibh cruaidhe, agus dionnsaightibh
éttuailngeachaibh an tan sin, agus bá isin aimsir sin adberthaoi nach mór co
mbaoí geim bó no guth oiremhan o Dhún Caoín co Caisiol Mumhan.



Iarla Desmumhan do dhol i samhradh na bliadhna so fa oirtear Mumhan agus fa
Iarthar Buitilerach. Tarla in tan sin i fFiodhard ar a chiontt dá mac occa
iarla Urmumhan .i. Emann an Chaladh, agus Eduard, clann tSemais mic Piarais
Ruaidh, mic Semais, mic Emainn, da dearbrathair iadsidhe don iarla Urmumhan
baoi an tan sin .i. Tómas, agus bá hiad ro fhaccaibh an tiarla ós cend na
criche dá coimhéd acc dol dó fein hi Saxoibh. Tarla ina ttimcheall somh is in
mbaile an tan sin merghasradh mharcach agus coirighthe glan toghtha
gallócclach, agus gíomanach. Ro eirgettarsidhe fó na heimghibh go
hurmaisneach co ndeachattar ar aon gort ris an iarla. Batar acc coimét for a
chele gan cechtar aca dionnsaicchidh aroile ó Fhiodhard go Cnoc Grafann. As
annsin ro fhill an tiarla ar na hairsedhaibh, agus do bhris for
Buitilereachaibh. Ro fháccbhattar drong mhór dia mharcsluagh, agus a
ccoisighte uile fó iocht a nesccaratt, agus fo bhreith a mbiodhbhadh gur bhó
breac ó corpaibh daoíne an tulach for ar thachrattar ó Ghearaltachaibh is in
ngliaidh sin. Do rónadh écht mór is in maighin sin .i. ardchonsapal Buitilérach
do mharbhadh .i. Colla mac Maol Muire mic Domhnaill Óicc Mec Suibhne. Nír


L. 1786


marbhadh don taoíbh thiar achtmadh Gearalt mac Seain Óicc, mic Seain, mic
Tomais iarla agus rob adhbhar éccaoíne esidhe ina thir badéin.



Cuairt dá ndeachaidh iarla Desmumhan i cCiarraighe i ffoghmhar na bliadhna so,
agus baoí i ffoccus do sheachtmhain i ffoslongport i mbairr Chloinne Muiris.
Tiaghait troighthigh an iarla ón maighin sin do ghlacadh creiche i Popal Uí
Chaoímh. Rucc orra Ó Caoímh, agus na comhfhochraibh battar comhfoiccsi
dóibh. Báttar ré hedh an laoí sin tré learccaibh Luachra Deadhaidh acc lenmain
na fedhna co rangattar i cchomhfhoccus dfoslongport an iarla. Od chualaidh
an tiarla caismerta na cceithirn, agus fogharthorann a nordanáis, Ro eirigh
co hobann co ro sraoíneadh isin slighidh ccédna for Ua cCaoímh, agus ní mór
tánaicc san toraigheacht ná torchrattar uile. Ro gabhadh ann Ó Caoímh fein
.i. Art mac Domhnaill mic Airt. Ro gabhadh bheós a mhac .i. Art Ócc agus do
marbhadh mac ele dia cloinn .i. Aodh. Ro gabhadh ann mac an Bhiocara Uí
Sccolaighe, agus do crochadh é as a aithle.



Dauidh an Chomhraic mac Seain Óicc, mic Seain tighearna na Coille Móire
décc.



Sémus agus Geralt, clann an easpuicc Ciarraighe .i. clann tSemuis mic
Risdeird do mharbhadh lé cloinn Emainn Mec Sithigh i ndioghail a nderbrathar
.i. Muirchertach ro marbsat clann ann easpuicc fecht riamh.



Tomas, Gearalt, agus Sean Ócc clann tSeain mic Emainn mic Tomais ón
Claonglais dimtheacht do rinn agus déccaibh nadúrtha an bliadhain si.


L. 1788


Eoghan mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne
consapal Desmumhan, fer ciúin cendsaighthi i noiltigh agus i noireachtas, dur
danardha docoiscc i ndeabhaidh agus i nionadh fhedhma do ecc.



Toirrdhealbhach Ócc mac Toirrdhealbhaigh, mic Maol Muire, mic Donnchaidh, mic
Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne décc. Nír chin a chomhaosa dia chinedh in
aon aimsir fris ar ar luccha éra aon nduine inás.



Sir Niclas Maulbi do dhol i Saxoibh in bliadhain si, agus a thilleadh tar a
ais i ngeimhreadh na bliadhna ar ccind, agus Captin Brabustun i
ngoibhernóracht chóiccidh Chonnacht an airet sin, agus an captín sin do dhol i
tTír Amhalgaidh i nerrach na bliadhna so. An tír uile do lot agus do
léirsccrios dó on chúil go a chele, uair baoí acc siubhal on fhoslongport gó
aroile etorro. Nir dhíon ar an ccaptin sin, ná for a muintir, neimhedh naoimh
na filed, fíodh, na foithirghlend, na baile, na babdhún no gur toghladh an
tír uile lais.



Mac Suibhne Baghainech, Maol Muire Óc, mac Maol Muire, mic Aodha, mic Neill,
Mec Suibhne, agus Domhnall mac Murchaidh, mic Ruaidhri Mhóir, mic Domhnaill
na Madhmann, Mec Suibhne do mharbhadh an 4 la do mhí Iun ar brú Locha
Feabhail, agus iad acc iomluadh aithiscc agus coinne etir Ó Nell agus Ó
Domhnaill báttar i ndíbh foslongportaibh lethnaibh líonmharaibh imon loch. Bá
hamhlaidh do rónadh na móiréchta sin .i. drong dAlbanchoibh anaithenta do
thocht a foslongport Uí Neill i narthrach baoí le hacchaidh iomlochtadh ar
caol Locha Febhail, agus do saoíleadh gurab lá toiscc eiccin ele do dheachatar
go ro ghabhsatt tracht im urthosach in arthraigh i mbattar na consapail
shoicenelcha i nuathadh buidhne co hanfhuirighthe acc iomfhuireach le
criochnucchadh a ccoinne co ro claidhmidhsiot iatt gan choiccill, agus co
ndechsatt fein as gan fhuiliughadh gan fhoirdhearccadh forra.



O Dochartaigh Sean mac Feilim, mic Concobhair Charraigh, tighearna Innsi
hEoghain décc, 26 Maii agus ro badh braighe gill as a ffuighbithe eich agus
airghedha (dia madh


L. 1790


fuasccladh nó beith fair) an tí tesda ann sin, agus a mhac Sean Ócc
doirdneadh ina ionadh ar bélaibh Chathaoir Uí Dhochartaigh. Tainic desidhe an
tir do thromlot, etir ioth, arbar, áitiucchadh, agus indilibh.



Maire inghen Chuinn Í Neill, ben tSomhairle Buidhe Mec Domhnaill decc.



Neachtain mac Chuinn, mic an Chalbhaigh do mharbhadh an .5. September.



Mag Flannchaidh Dartraighe (.i. Cathal Ócc) do mharbhadh lá a bhrathair fein
Tadhcc Ócc.



Clann Uatéir Fhada, mic Dauidh, mic Emainn, micc Uillicc A Búrc .i. Tepóitt,
agus Maoilir do dhol diarraidh gabhala i tTír Amhalgaidh a hucht Mheic
Uilliam derbrathair a nathar .i. Risderd an Iarainn go ro gabhsat bú. Ricard
A Búrc mac Emainn, mic Uillicc ó Caislén an Bharraigh déirghe fó na
heighmhibh co rucc forna buidhnibh, agus ro fhersat gliaidh géar amhnais ré
aroile co ro marbhadh Riocaird agus forccla a ttarla ina timcheall sa
troid sin. Ruccsat clann Uáteir Fhada a ccreich, agus a ccosccar.



Mac Mhec Uillian Búrc .i. Riocard Ruadh mac Seain mic Oiluerais mic Seain do
mharbhadh i ngeimhreadh na bliadhna so lá Tomas Uuideos duine uasal do
mhuintir na bainrioghna, agus atbeiredh cách nár bó maith fríth an
marbhadh sin.



An Deccanach Ó Gráda décc .i. Donnchadh Ócc mac Donnchaidh mic Donnchaidh
mic Nicoil, fer cumhachta móir i ccill agus ttuaith eisidhe.



Mac Bruaidedha ollamh Uí Briain lé sencas .i. Maoilin mac Conchobhair mic
Diarmatta, mic Seain décc, agus a brathair Giolla Brighde doirdneadh ina
ionadh.



Diarmaitt Ulltach mac Seain décc.



Ma Con Midhe Brian Dorcha décc, 13 Iunii.





L. 1792


AOIS CRIOST, 1583. Aois Criost, mile, cúicc cétt, ochtmoghatt, a trí.



Cond mac an Calbhaicch, mic Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh Uí
Dhomhnaill do écc, .13. do Marta. Saoí dhersccaighthe, deigheinigh, fer
soithimh soagallmha, post congmhala do cliaraibh, agus do ceithearnaibh, fer
cendaighthe duan, agus drécht adhmolta ara iolmhaoinibh feisin, fer as
luccha rob olc clú agus cétfaidh do Clandaibh Neill Naoíghiallaigh gur bhó
samhail do chruit gan cheis, do luing ganluamhaire, agus do ghort taobh le
tollairbhe amhail ro bhattar Cenel gConaill don chur sin iar nécc Cuind.



Iarla Urmumhan .i. Tomas mac Semais, mic Piarais Ruaidh do beith na
gobhernoir ar dá chóicceadh Mumhan an bliadhain si, agus iarla Desmumhan ag
daingniucchadh ina thrétúireacht, agus ina dhibheircc, co ro gabh for
aidhmilleadh na tíre ina chomhfochraibh ingeimhreadh agus i nearrach na
bliadhna so remhainn, ar a aoí baoí dadhuath, agus duireaccla accá
daoínibh rias an dliccheadh, agus ria bprionnsa Saxan go ro ghabhsat ag
deiliucchadh fris etir mnaoí posta, cloinn, agus chairdibh, co ná baoí acht
aon cethrar nama dia réir ón ccuas cairrcce, nó croinn gó aroile seachnón dá
chóicceadh Mumhan i samhradh agus i ffoghmhar na bliadhna so. Iar mbreith do
chédtosach an geimhridh agus don oidhche fada fair ro triallsatt eassurradha,
agus meirligh Mumhan iadhadh ina uirtimcheall, agus adudh do chor i ccoiccill
an choccaidh gur bhó mithidh lá dia sccurcríoch agus foircend do chur for
choccadh Geraltach, agus bá hamhlaidh so forcaomhnaccair .i. drong dUibh
Muirchertaigh Buird Mhainge do Shliocht Aodha Bendáin do faghbháil
edarbaoghail ar iarla Desmumhan


L. 1794


iar mbeith dhó i ffianboith folachtae i ccuas cairrgi i nGlinn an Ginntigh.
Battar an drong íshin ag taisccéladh, agus ag timchealladh na téghdhaisi i
mbaoí an tiarla ó urthosach oidhche co hadhmadain, co ro lingsiot an
fhuarbhoth fair i ccrepuscal na maidne muiche dia mairt ar aoi laithe
sechtmuine, lá fele Martain do shondradh. Ro gonadh agus ro gabhadh an tiarla
leó, uair ní bhaoí lucht trotta nó tachair ina fharrad acht aon bhen, agus
dias bhuachall, nír bhó cian ón coill do dheachattar an tan ro dhíchendsatt an
tiarla gan fhuireach, agus muna beithsidhe for foghail, agus for díbeircc
(amhail ro baí) robadh do móirsgélaibh Ereann don iarla Desmumhan sin .i.
Gearóid mac Semais, mic Seain, mic Tomais Droichit Atha, mic


L. 1796


Semais, mic Gearóid an Dana, mic Muiris (.i. an ceid iarla Desmumhan)
mic Tomais na nApadh, mic Seon Chaille, mic Tómais (agá ccomhraicit
Gearaltaigh Chille Dara, agus Desmumhan ré aroile) mic Muiris (.i. an
brathair minúr) mic Gearailt, mic Muiris, mic Gearailt.



Nir biongnadh dioghaltas Dé do dílghenn Gearaltach fó dháigh chora i naghaidh
a bprionnsa dia ttartatar dia sinnsearaibh mar thír duthchusa ó Dhún Caoín i
cCiarraighe go Comar Tri nUiscce, agus ó Oilen Móir Arda Neimidh i nUíbh
Liathain, co Luimneach.


L. 1798


Murchadh Bacach, mac Emainn, mic Maghnusa, Mec Sithigh décc i nArd Fearta
gar iar mbás iarla Desmumhan, agus adberat aroile gurab dia cumhaidh atbath.



Gofraidh Carrach, mac Donnchaidh Bhachaigh, mic Maol Muire, mic Donnchaidh,
mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne do mharbhadh la ceithernaibh Innsi Caoín do
thánaisteacht ó cCairpre sechtmhain ria mbás iarla Desmumhan, agus atbeirthi
gur bhó robhadh ria mbás don iarla marbhadh Gofradha.



Sean Ócc mac Seain, mic Tomais iarla décc iar ccian aois, agus é illaimh
ilLuimneach a ccionaidh a chloinne do beith i ffarradh iarla
Desmumhan.



An Róisteach .i. Dauidh mac Muiris, mic Dauidh, mic Muiris, agus a bhen
Oilén ingen tSemais, mic Emainn Meg Piarais décc in aoín mhí i nerrach na
bliadhna so, agus ní bhaí dFionn Ghallaibh Ereann ar triochat ced do
dhúthaigh lánamain rob oirdearca ináitsidhe.



O Maoíl Muaidh .i. Tepoitt décc.



Corbmac mac Taidhcc, mic Corbmaic Óicc Még Carthaigh tighearna Múscraighe fer
deighdhealbhdha dreachsholais agar lia foirccnemha fionnaolta, agus caislein
chumhdachtghlana, agus cathaoire comhorbais do Chlannaibh Eoghain Mhóir
décc. An tír do beith imresnach ré aroile iar nég Corbmaic. Drong dibh ag
cur lé Ceallachan mac Taidhcc ro fhobair dol i seilbh na tire fó dáigh a
shinsirechta. Drong


L. 1800


ele ag cur lá Corbmac mac Diarmatta mic Taidhcc baí ag iarraidh cennais
an tíre a hucht phatent a athar, agus an tres drong ag cur lé cloinn
óicc an Chorbmaic sin, mic Taidhcc, mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic,
mic Taidhcc Meg Carthaigh, agus lá na mhathair .i. Siubhan ingen Piarais
na Buile mic Semais, mic Emainn Még Piarais. Tar a chend sin uile as le
Corbmac mac Taidhcc, mic Diarmatta do buadhaighedh.



An tepscop Ciarraigheach décc .i. Semus mac Risdeird, mic Seain
soidheach lán deccna an tepscop sin. Do Chloinn Phiarais a bhunadhus
.i. Sliocht Rémainn, mic Uilliam mic Gearailt, agus dearbrathair don
Mhuiris tainicc ar an ccéd gabhaltas ó prionnsa Saxan i nErinn do
chongnamh lá Diarmait mac Murchadha (la rígh Laighean) an tUilliam sin
mac Gearailt do ráidsiom, agus as dia shliocht urmór Gearaltach Cloinne
Muiris.



O Caoimh .i. Art mac Domhnaill, mic Airt, mic Eoghain, saoí duine eisidhe do
mharbhadh, agus a mhac .i. Art Ócc doirdneadh ina ionadh.



Mac Mhec Amhlaoibh .i. Donnchadh Bán, mac Maoileachlainn, mic Diarmata, mic
Maoileachlainn, agus mac a dearbhrathar Tadhcc, mac Conchobhair, do
comhthuitim ré aroile.



Sean Carrach mac Uilliam, mic Tepoitt A Búrc oidhre Coisi Siúire baí i
ttrétuireacht gus an tan sa do theacht isteach ar protexion. Dol dó iar
mbás iarla Desmhumhan diarraidh fhuadáin i nGearaltachaibh. Ní ro
airis co hAth Dara,


L. 1802


agus ro tionóileadh buar an bhaile lais. Eirgitt barda an bhaile fona
heighmibh. Fillis Sean co na bhecc bhuidhin marcach ar in mbárda, agus ro
haimsedh eissidhe go seóildireach durchor do pheilér tré na chloccaitt ina
chentt go ro leaccadh é dia eoch, agus ruccsatt a mhuintir an ccreich, agus
ro fháccaibhsiot Sean. Ruccadh iaromh eisidhe co Luimneach co ro crochadh
annsidhe hé le comessieoraibh Luimnigh.



Mag Thaidhcc Urmumhan .i. Conchobhar an Chuain mac Taidhcc mic mic
Mathghamhna Duinn Uí Ceinnittigh décc, fer seólta sesccar, agus
tighedhasach gan tathaoír ó a thuismedh gus an tan sin. Mag Taidhcc do
ghairm do Pilip mac Diarmata na Ropalaigh Uí Ceinnéittigh.



Mac Még Cochláin, Gearoitt mac Seain, mic Airt, mic Corbmaic macaemh
cédfadhach ar ccéttgabháil ghaisccidh do mharbhadh lá mac Uí Ceinneittigh
Fhinn .i. lá Murchadh mac Briain, mic Domhnaill.



An chonntaoís Do Róisti .i. Aibilin inghean Muiris, mic Dauit Do Roste ben
iarla Tuadhmumhan (Donnchadh mac Conchobhair Uí Bhriain) décc i samhradh
na bliadhna so i cCluain Ramhfhoda, agus a hadhnacal i Mainistir Innsi.



Onora ingen Domhnaill, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain an
bhen baí ag Ua cConchobhair Ciarraighe .i. Conchobhar décc, agus a
hadhnacal i nInis Cathaigh.



Sluaiccheadh lánmhor lá muintir Sir Niclas Maulbi, agus lá cloinn iarla
Cloinne Riocaird .i. Uilleacc, agus Sean i nIochtar Tíre, agus i
nUmhall Uí Mháille, agus bá dírimh an ro cruinnighsiot do chrodh creach ar an
sluaiccheadh sin. Ro loiscceadh agus ro lérsccriosadh leó Cathair na Mart
don cur sin.



Mac iarla Chloinne Riocaird Sean A Búrc mac Riocairt Shaxanaigh mic
Uillicc na cCend, mic Riocaird, mic Uillicc Cnuic Tuagh do mharbhadh go
mioghaolmhar lá a dearbhrathair (Uilleacc A Búrc) ar ionnsaighidh oidhche.
Monuar tra


L. 1804


ro ba maircc daerbrathair do dhuthraccairduine mharbhadh a dherbrathar naile
im comhroinn criche ar is bith caich ar uair an bith so. Ba doiligh mór ná ro
sccrutt Uillecc ina inntinn gur bó maol guala gan brathair, agus nách
sluacch neach ina aonar. Ní hedh sin do bert dia uídh acht a corp do
chnestolladh agus a thaobh do threghdadh go bfarccaibhsiot marbh gan
anmain é, agus as ar éiccin fuair lucht a iomchair go Baile Atha an Ríogh
airm in ro hadhnaiceadh an táirsigh. Bá crádh cridhe lá a thír badhéin an
fhir híshin, ar fhephas a cheille, a chrotha, agus a cheneóil, a einigh,
a uaisle agus a oirbhertae.



Mac Uilliam Búrc .i. Risderd an Iarainn, mac Dauidh, mic Emainn, mic
Uillicc fer creachach conghalach, aisdrech essádhal, nó brisedh beirn
mbaoghail ar a biodhbhadhaibh, agus for a mbristí co minic do écc, agus
Risdeard mac Oiluerais, mic Seain doirdneadh ina ionadh.



O Raghailligh Aodh Conallach mac Maoíl Mhórdha, mic Seain, mic Cathail
neach do chaith a ré gan fhresabhra, agus a treimsi gan turbhródh, agus ro
chongaibh an Breifne gan baoghlucchadh tar lamhaibh a chomharsan Gall,
agus Gaoidhel an ccéin do mhair do écc, agus a adhnacal i mainistir an
Cabháin, agus a bhen Isibél Bernauál décc in aon


L. 1806


aimsir ris fein. Mac an Uí Raighallaigh sin .i. Sean Ruadh do bheith
ag dol i ccendus an tíre a húghdarras Gall ar bélaibh Emainn mic Maoíl
Mordha baí


L. 1808


ina shinnser do reir gnathuighthe Gaoidheal, agus táinicc desidhe an tír,
agus an tighearnas do roinn etir Sliocht Mhaoil Mórdha.



Mac Uí Conchobhair Sliccigh Cathaoir mac Taidhcc Óicc, mic Taidhcc, mic
Aedha do mharbhadh i ffiull lá druing do Mhuintir Airt.


L. 1810


Mac Uí Concobhair Doinn .i. Toirrdhealbhach mac Diarmada, mic Cairbre, mic
Eocchain Chaoích mic Feilim Gengcaigh do écc.



Tadhcc Ócc mac Taidhcc Uí Ruairc do écc i mbraighdenas ag Ua Ruairc .i.
Brian mac Briain mic Eocchain.



Oilén na tTuath (.i. Port an Oiléin) do gabhail lá Mac Suibhne na tTuath
.i. Eocchan Ócc mac Eocchain Óicc, mic Eocchain, mic Domhnaill ar cloinn
Domhnaill mic Donnchaidh, agus clantt Domhnaill do marbhadh and.



Baile Uí Neill (.i. Toirrdhealbhach Luinech) .i. an Srath Bán do losccadh
la hUa nDomhnaill (Aodh mac Maghnasa) agus dioghbhála móra do dhénamh
dUa Neill, la taobh oirccne an bhaile oir ba don chur sin do marbhadh la
hUa nDomhnaill Ua Coinne, agus mac Mec Aodha go ndruing móir ele
cenmothát.



Donnchadh mac an Chalbhaigh Uí Domhnaill do mharbhadh lá cabhlach Albanach.



Brian mac Donnchaidh, mic Con Chonnacht, mic Con Chonnacht Meg Uidhir fear
go ndeghainm uaisle agus einigh do écc.



Creacha móra do denamh ar Shomharile mBuidhe mhac Mec Domhnaill lá
hAodh mac Feilim Bacaigh Uí Neill, lá Mac Uidhilín, agus lá Saxancoibh.
Somhairle Buidhe co na bhraithribh do dhol i ttóraigheacht na ccreach,
agus brisedh dóibh for a mbaoí reampa, agus na creacha do bein díobh, agus
Aédh mac Feilim Bacaigh do mharbhadh don chur sin, agus banna nó dhó
dona Saxanchoibh, agus an chuid ele dhibh dimtheacht gan chreich gan
cosccar.



Toirrdhealbhach, mac Domhnaill Uí Bhriain, agus Sean Ruadh, mac Aodha
Conallaigh, mic Maoil Mórdha Uí Raighilligh do dhol i Saxoibh, agus i
noirdneadh i ngrádhaibh ridire i naon ló i samhradh na bliadhna so do
lathair an Prionnsa Elisabeth.



Donnchadh mac Ui Baoigill (.i. Toirrdealbhach) do mharbhadh lá Muintir
Mhaille i nInis Caoíl.


L. 1812


Fer Fedha, mac Toirrdhealbhaigh Mheirgigh, Mec Suibhne décc i mbaile
Mhec Suibhne Bhóghainigh.



Ua Néill Toirrdhealbhach Luineach do beith for an Srath mBán co ndruing
móir do Shaxanachaibh ina fharradh, agus bátar occ báigh, agus acc baccar
dul do indradh Tíre Conaill i ndíoghail loisccthe an tSratha Báin rias
an tan sin. Ot cuala Ua Domhnaill Aodh mac Maghnusa an ní sin, ro
tionoileadh co tinnesnach a shochraitte dia shaighidh, agus do chóidh gan
fhuireach go Druim Lighen go ro ghabh longport hisuidhe i mí Iún do
shonnradh. No thicceadh diorma do mharcsluagh Uí Neill do shaighidh ughra
agus iomruacctha for marcsluagh Uí Domhnaill. Nir bo feich optha lá Muintir
Uí Dhomhnaill indsin go mbátar daoíne occá ndithiughadh etorra gach laoí.
Feacht ann tangatar an ro badh deach do mharcshluagh Uí Néill go mbrigh,
agus go mborrfadh go ttár, agus go ttarcasal for Chenel cConaill, agus
ní ro ansat dia reimim go rangatar tar Find, agus tria Phort na tTrí
Namhat, agus co hiomfhochraibh longpuirt Uí Dhomhnaill. Roptar ainerlamha
Muintear Uí Domhnaill an tan sin, ar a aoí ro ghabhsat a ndíorma fo cédóir
agus ro lingset forra. Fechair iomairecc, agus iomruaccadh aingidh éttrocar
etorra fri ré fhoda. Ro sraoíneadh fo dheóidh for mharcshluagh Uí Néill
gus in fFind tars a ttudhcatar, agus ro bás occ a ffoirdhinge ina
ndiúidh gan díchell, occ á ttacmang, agus occ a ttimchelladh co ná
caomhnaccattar saighidh átha idir gur bo heiccen dóibh an abhann for a
nionnchaibh dionnsaighidh airm in ro dhóirtset dia saighidh. Ro báidhit,
agus ro marbhait sochaidhe do Mhuintir Uí Néill im Ua nGoirmshleghaigh
Corbmac, agus im Mac Aodha, agus im Maol Muire mac Diarmata mic Mathgamhna,
mic Tuathail Uí Cleirigh, aon bráighe gill Uí Neill agus Cenél Eóghain
don chur sin, uair rob ionann mathair dia athairsiumh, agus dUa Néill
feisin, agus bá fora chumas buí iolmhaoine Uí Neill ar aba a fhialusa
fris, agus nir bó ró lais a theóra cudroma da gach ernail ionnmusa


L. 1814


do thabhairt ass, dia madh fuasccladh dó.Ro guinedh agus ro báidhedh eisidhe
lá muintir Uí Dhomhnaill, agus ro badh slán a menma, agus roptar buidhigh dia
thuitim leó.




AOIS CRIOST, 1584. Aois Criost, mile, cúicc cett, ochtmhocchatt, a cethair.



Mac oidhreachta iarla Chille Dara .i. Gearoitt décc i Sacsoibh.



Sir Niclas Maulbi gobernóir chóiccidh Connacht décc i nÁth Luain fá
initt, fer foglamtha i mbérlaibh agus i ttengtoibh oilén Iarthair Eorpa
esidhe, fear crodha cathbhuadhach seachnon Ereann, Alban, agus na
Fraingce ag foghnamh dia phrionnsa, agus ro badh seirbhís co somhaoín
dósomh indsin, uair fuair a dhiongmhala do dheghthuarasdal on
mbainrioghain .i. constablacht Baile Atha Luain, gobernoracht chóiccidh
Chonnacht fri ré seacht mbliadhan ria na bhás, síoruidheacht Rossa
Comáin agus Beóil Atha na Sluaicchedh dó fein agus dá oidredhaibh, ina
dhedhaigh acht amháin gurab ó cloinn iarla Cloinne Riocaird ro
chédsholathair sé Bél Atha na Sluaiccheadh.


L. 1816


Ionadh Sir Nioclás ag Captain Brabusún go teacht Sir Risderd Bingam i
nErinn i ndárd chomessoirecht chóiccidh Connacht i mí Iun an
tsamhraidh ar ccind.



Toirrdhealbhach mac Uaithne mic Maoíleachlainn Uí Lochlainn do gabhail i
ttosach mís Marta na bliadhna so i Muicinis, le Toirrdhealbhach mac
Domhnaill Uí Bhriain, agus a bhasucchadh iar sin lá Captain Brabusún ar
session an tsamhraidh ar ccintt i nInis.



Mac Mhec Conmara an taoíbhe thiar do Chloinn Cuiléin décc .i.
Donnchadh mac Taidhcc mic Con Medha mic Con Mara mic Seain, fer rér mó
eaccla a easccaratt i nionadh fedhma da mbaoí do Cloinn Cuiléin esidhe.



Ruaidhri Carrach mac Maol Muire mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec
Suibhne do bhásucchadh i cCorcaicch.



Sithcháin comhcoitcenn do fhoccra fó Erinn uile, agus fó dá choicceadh
Mumhan do shonnradh iar ndícendadh iarla Desmumhan amhail a dubhramar.
Tánaicc do bithin na foccra sin, co ro lingsiot aittreabhaigh na ccenntar
ccomhfoccus dáitiucchadh Chonallach, Chiarraighe agus conntae
Luimnigh. Ní bhaoí fer iomchair airm do Shliocht Muiris Meic Gearailt
in Erinn do neoch baoí for foghail no for díbeircc nách ttáinicc fó
dhliccheadh, achtmadh Muiris mac Seain Ócc, mic Seain, mic Tomais iarla
nama, agus gidh essidhe tánaicc fó shith ar focal iarla Urmumhan, agus ro
sccar sidhe fri a dhaoínibh iar sin uair ro éla ar chuire chúiccir tar
Sionainn sriobhglais bathuaidh tre Tuadhmumhain, agus o gach crich gó
aroile go ráinicc Rúta Mhec Uidhilín i ccenn Somhairle Buidhe mhec Mec
Domhnaill, assaidhe go hAlbain, agus don Spáin iaromh go bfuair bás
innte iar ttrioll.



Iustis nua do theacht in Erinn .i. Sir Iohn Parrot an 21 Iun agus
tainicc


L. 1818


imaille ris Sir Iohn Noris ina phresident os cend dá chóicceadh Mumhan,
agus Sir Risderd Biongam ina ghobernóir ós cend chóiccidh Connacht. Ní
ro chaith an iustís mí co hiomlán i nAth Cliath na chomhnaidhe an tan
tainic co hAth Luain, agus assidhe go Gaillimh. Tangattar maithe
chóiccidh Chonnacht ina chomdhail gus an mbaile sin dia fháiltiucchadh,
agus dia admháil mar fhollamhnaightheóir agus mar chodhnach ós a ccionn ón
bprionnsa. Iar mbeith seal don iustis i nGaillimh ro triall do dhol co
Luimneach. Baoi an chédadhaidh iar ffáccbháil na Gaillmhe i cCill Mhec
Duach. Tanic an dara hoidhce go Cuinnche i cCloinn Cuiléin. Battar
maithe chonntaé an Cláir ar a chionn annsin do neoch díbh ná deachaidh
ina cend go Gaillimh. Baí bheós sirriam na conntae .i. an Crúiseach,
tarla illáimh ag an tsirriam an tan sin,
Donnchadh Beacc, mac Taidhcc, mic Donnchaidh Uí Briain ardthrétuir, agus
uachtarán lochta aidhmillte chóiccidh Chonnacht ria sin. Ro bhen a
droch dhiach dhó oir fuair a righedh ar carr, agus cnaimhrédheadh coimmbriste do
dhénamh dia chnamhaibh la cúl tuaighe truime tiughfhormnaidhe, agus ro
cuireadh a chorp láinbriste lethmharbh cengailte fri cadhladhaibh
cruaidhríghnibh cnáibe i mbairr Cloccais Cuinnche fo chosaibh én, agus
ethaide an aieoir ar dháigh gomadh ionncomhartha agus eissiomláir do lucht
denmha droichghniomh a fhaic sin amhlaidh sin.



Do thaod an iustis ar na mharach co Luimneach, agus ro chinn aicce drong mhór do
dhaoínibh uaisle ar gach leth do Luimneach do mhilleadh agus do
mhiochórucchadh co ruccsatt sccéla fair murcoblach Albanach do tocht don
leith ba tuaith dErinn fó thoghairm Somairle Buidhe mic Mec Domhnaill,
agus co mbáttar ag iondradh agus acc orccain na tire ina ttimcheall, agus bá
sedh fochand ima ttangattar Somairle Buidhe (agá mbaoí an Rúta ré ré
deich mbliadhan fichet roimhe sin) do cloistin gur chuir comhairle Saxan
deacht agus dforcongra ar an iustís nua sin an Rúta do thabhairt dá
fondúiribh disle badein, agus Somairle dionnarbadh go a athadha bunaidh
go hAlbain, agus ní hedh amháin acht gan gabhaltas eachtarcenelaigh ar
bith


L. 1820


do léccadh i nErinn an ccein nó bhiadh umhal don prionnsa. Dála an iustis ro fháccaibh
Luimneach ina luaithréim, agus ro fhóccair dá raibhe dfhearaibh infhedhma ó
Bhóinn co Béirre a mbeith ina choinne i ccenn ceithre lá ficet ón lá sin i
nDroicheat Átha. Ro freccradh na fóccartha sin lá fearaibh Mumhan, Midhe,
agus Laighean, uair tongattar co líonmar, lérthionóilte gus an maighin sin.
Tuccsat iaromh uile aghaidh ar Ulltoibh. Od chualaidh Somhairle dáil fer
nEreann dia shaighidh ro fhagaibh an Rúta, agus rucc a chaoraigheacht,
a mhna, agus a mhuinteara go Gleann Chon Cadhan co nár fháccaibh
aeghaireacht nó iomchoimhéd ar an tír, ná bárdacht ar bhaile is in Rúta,
acht ar Dhún Lis amháin, agus gidh é fá diginn daingin don chúicceadh ro
gabhadh é las an iustis fó chend da lá co na noidhchibh iar suidhe ina
thimcheal, agus ro chuir barda na bainríoghna ind. Iar mbeith deich lá don
iustis isin Rúta, ro fhágaibh tri banna décc ar ósda i nUlltoibh lé
haghaidh Somhairle do cennsucchadh, agus ticc féin tar a ais co hAth
Cliath, agus ro sccaoílsiot fir Ereann dia ttighibh.



Eassaonta deirghe i nIarthar Chonnacht etir Sliocht Eoghain Uí
Flaithbhertaigh, agus Sliocht Murchaidh mic Briain na nOinseach Uí
Flaithbeartaigh. Rob é a ádhbhar sin Sliocht Eoghain .i. Ó Flaithbertaigh
Tadhg mac Taidhg na Buile mic Murchaidh, mic Eogain, agus clann Domhnaill
an Choccaidh mac an Ghiolla Dhuibh mic Murchaidh mic Eoghain do gabháil
oiléin Bhaile na hInnsi ar Thadhcc, mac Murchaidh na tTuagh mic Taidhcc,
mic Murchaidh Uí Flaithbertaigh, uair báttar Sliocht Eoghain ag á radha gur bhó
leó fein ó chert an toilén sin, agus gurab tar a sárucchadh baí Tadhcc ag
á thógbháil, agus ag á cumhdach, agus cecibcruth a mbaí a fhír do chóidh
Tadhcc forrasomh


L. 1822


a ndiaidh na gabhala co nár fháccaibh míl ninnile gus a rainicc ar a ccuid do
thír gan a marbhadh nó gan a ttabhairt lais. Do rónadh dioghbhala móra leósomh
do Tadhcc gion gur bhionann cumhang baoí aca.



Feacht dá ndeachaidh an Tadhcc sin mac Murchaidh lucht arthraigh ar
ionnsaighidh oidhche i mi Iún i ndeadhaidh Sleachta Eoghain Uí
Flaithbertaigh go hÁrainn, Rucc Tadhcc forra isin adhmadain co
hanullamh, etir chodladh agus dúsccadh ar gach taobh do chuirr thossaigh
na luinge, agus bá hesccáirdemhail an taisbénadh tucc sé dóibh ar an tracht
sin, agus nír ffiú an toilén a ndearnadh an lá sin amháin ina timcheall,
uair ro marbhadh annsin Murchadh mac Emainn Óicc mic Emainn Meg Aedha fer
Leitreach Mealláin do chóidh i ccommbáidh Sleachta Eoccain Uí
Flaithbertaigh. Ro marbhadh ann dna mac senescáil Chloinne Muiris baí ina
ffochair ar in ffoghail cédna, agus mac Uí Fhlaithbertaigh (.i. Tadhg)
sin fein .i. Murchadh Salach. Ro marbadh bheós drong mhór do mhuintir
Sleacht Eoghain Uí Flaithbertaigh cenmotátt na huaisle sin. Báttar
amhlaidh sin acc coccadh fri aroile co ro shiodhaighsiot Goill etorra íshin
ffoghmhar ar ccind, agus do radadh an toilén do Shliocht Eoghain Uí
Fhlaithbhertaigh.



Muircheartach Garbh mac Briain mic Taidhcc Uí Briain décc isin chédmhí
dfoghmhar i cCraicc Corcráin. Macaemh ceillidhe comhfhossaidh nach ffuair
tathaoír na toibheim, ail, no athais ó a bhreith, gó a bhás, agus a adhnacal
i Mainistir Innsi.



An Cosnamhach mac Con Coiccriche, mic Diarmada, mic Taidhcc Caim Uí
Cleirigh fer suim sochonáigh co ffebhus tighe naoidheadh seal i
tTuadhmumhain, agus seal oile hi tTír Chonaill go ro écc ar an
fFuarchosaigh i tTír Chonaill i ccorghas na bliadhna so, agus a
adhnacal fó dhíten Dé, agus San Bernartt occ na manchoibh i Mainistir
Easa Ruaidh.




L. 1824


AOIS CRIOST, 1585. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmhoghat a cúicc.



Iarla Cilli Dara décc i Saxaibh .i. Geróid mac Gearóid, mic Geróid mic
Tomais, mic Seain Chaim. Bai an tiarla sin cúicc bliadhna i modh resta
ag a congmhail o na thír dúthaighi co ffuair bas an tan sin. Henrii a
mhac doirdneadh ina ionad lá comhairle Saxan, agus a léccadh anoir do
shaighidh a athardha.



Mac Uilliam Burc, Risderd mac Oiluerais mic Seain décc, agus ní ro
hóirdneadh ina ionadh acht an tab caoch (dar lais fein) do bheith ina ionad
daimdheóin Gall.



Gormlaidh inghen Uí Ruairc .i. inghen Briain mic Eoghain ben do chaith a
haimsir ag á díol dfearaibh posda, ben shénamhail shochraidh nár thuill
gríosadh ná gnúis imdherccadh do taoibh ecclaise na ealadhan, na tathaoir ele
bheós do thaoíbh a hoinigh na a hanma do écc.



Brian mac Taidhcc, mic Briain mic Eoghain Uí Ruairc do dol ar siubhal
sluaigh in Dartraighe Meg Flannchaidh i ffíorthosach mís Ianuarii, agus
ro sccaoílsiot a scceimelta fó daingnibh Dartraighe do chruinniucchadh
creach, agus fuairsiot edala aidhble. Rug Mag Flannchaidh tóir throm
dAlbanchoibh agus dEirennchaibh air, agus ro gabh Brian acc á niomchar
agus báttar ag caithemh agus ag comhfhuabairt a chéle go rangattar aird a
náird fri roile acc Bendaibh Bó san mBreifne. Od chualatar fir
Breifne, agus Muintir Uí Ruairc Brian do dhol i nDartraighe ro
chruinnighsiot for a chionn i nenach iomchumhang erdhalta in ro badh dóigh
leó a fhaghbhail dia saighidh. Fuarattar eissiumh chuca go maillcheimneach
mórualach, acc iomchar ettualaing a easccaratt, agus gér bó hé a chobhair
ro ba dleacht dá


L. 1826


fhíorlucht lenamhna, ní hamhlaidh sin do rónsatt acht a lá bágha do thabairt lá
a bhiodhbhadhaibh go ro lingeadh an laochmhilidh dia díbh leithibh. Ro
gáiredh roimhe agus ina dhiaidh don deighfher. Ro hiadhadh dá gach aen taébh
ina uirthimcheall co ná ro chumhaing ceimfor a chulaibh iná for a aghaidh.
Ro marbhadh daoíne iomdha ina thimcheall isin iomaireacc sin. Ro diothaigheadh
ann corucchadh gallócclach do Chloinn tSíthigh diarsma agus dfuighell áir
gallócclach nGearaltach battar i ffarradh Bhriain an lá sin, agus ag reic a
namhsaine ó thír do thír iar ndiothlaithriucchadh na ndaghdhaoíneadh agá
mbáttar feacht riamh, agus níor bó lámh for airidhe a nionnsaighidh muna
luigheadh líon lamh agus iomarcraidh anfforlainn forra. Do bertsat fir
Breifne agus Muintir Uí Ruairc anacal do Bhrian is in mbeirn baoghail
sin agus ruccsat leo he for a nionchaibh dia iomchoimhéd, agus as í
comhairle ar ar cinnsiot a ccionn an treas laoí a mharbhadh go misccneach
miorúnach iar mbeith dhó for a niocht agus for a neineach. Tuccadh
droch cuit dUa Ruairc don mhígniomh sin.



Emann Dorcha mac Domhnaill, mic Murchaidh, mic Ruaidhri Mhóir, agus
Toirrdhealbhach, mac Emainn Óicc, mic Emainn, mic Toirrdhealbhaigh Mec
Sithigh do bhasucchadh ina ndis in Áth Cliath.



Iomatt fleachadh is in mbliadhain si co ro milleadh urmhór arbha Ereann.



Diarmaitt, mac Domhnaill Meg Congail décc an 14 Iunii.



Foccra Parlimenti do thabhairt dferaibh Ereann dia fhorcongra for a
maithibh a beith i mBealtaine do sonnradh i nAth Cliath uair battar urmhór
fear nErenn umhal dia bprionnsa co ttangattar uile gnúis do gnuis las an
fforcongra íshin go hAth Cliath. Tangattar ann maithe cCenel cConaill
agus Eoghain .i. Ua Neill Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Conallaigh,
mic Airt, mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain, agus


L. 1828


Aodh mac an Fhir Dhorcha, mic Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Enri mic
Eoghain .i. an barún ócc O Neill dia ro gairedh iarla Tire hEoghain ar an
bparliment sin, agus Ua Domhnaill Aedh mac Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic
Aedha Ruaidh mic Neill Ghairbh, mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona. Magg
Uidhir, Cú Chonnacht mac Con Connacht, mic Con Chonnacht mic Briain, mic Pilip,
mic Tomais, O Dochartaigh Sean Ócc, mac Seain mic Feilim mic Conchobhair
Charraigh, O Baoighill Toirrdhealbhach mac Neill mic Toirrdhealbhaigh Óicc,
mic Toirrdhealbhaigh Mhóir, agus O Gallchubhair Eoin mac Tuathail, mic
Seain, mic Ruaidhri mic Aodha. Do chóidh isin choimheirghe sin, Mag
Mathghamna .i. Rossa mac Airt, mic Briain na Moicheirghe, mic Remainn mic
Glaisne, O Catháin .i. Ruaidhri mac Maghnusa, mic Donnchaidhan Einigh, mic
Seain, mic Aibhne, Conn mac Néill Óicc


L. 1830


mic Neill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe do Clannaibh Neill Cloinne Aedha
Buidhe. Mag Aengusa, Aedh, mac Domhnaill Óicc, mic Domhnaill Cheir.



Do chóidhsiot ann Gairbhtriann Connacht .i. O Ruairc Brian, mac Briain,
mic Eocchain Uí Ruairc, O Raighilligh .i. Sean Ruadh mac Aodha Conallaigh,
mic Maoíl Mordha mic Seain, mic Cathail, agus dearbhrathair a athar
.i. Emann mac Maoíl Mhórdha agus iatt araon ag caithemh i naghaidh aroile
im thighearnas na tíre, agus bheos Síol fFerghail do díbh leithibh .i.
Ó Fergail Bán Uilliam mac Domhnaill, mic Con Maic, O Fergail Buidhe
Fachtna mac Briain mic Rudhraighe, mic Cathail.



Do dheachattar ann Síol Muiredhaigh co na fforthuathaibh .i. mac Uí
Concobhair Duinn Aodh, mac Diarmatta, mic Cairpre, mic Eoghain Chaoích
mic Feilim Gengcaigh, O Concobhair Ruadh, Tadhcc Ócc mac Taidhg Bhuidhe
mic Cathail Ruaidh, O Concobhair Sliccigh Domhnall, mac Taidhcc, mic
Cathail Óicc mic Domhnaill, mic Eoghain, mic Domhnaill mic Muirchertaigh,
agus fer ionait Mec Diarmatta Mhaighe


L. 1832


Luircc .i. Brian mac Ruaidhri, mic Taidhcc mic Ruaidhri Óicc, óir baí Mac
Diarmatta fein .i.Tadhcc mac Eocchain ina shenóir chianaosda. O Beirn
Cairbre mac Taidhcc mic Cairpre mic Maoíleachlainn. Do chóidh ann Tadhcc
mac Uilliam mic Taidhcc Duibh Uí Cheallaigh, O Madagain .i. Domhnall mac
Seain, mic Bresail. Do chóidh and tra iarla Cloinne Riocairt Uillecc mac
Riocaird mic Uillicc na cCentt, agus dias mac an Ghiolla Dhuibh Uí
Sheachnasaigh Sean, agus Diarmait. Ní dheachaidh ann aon badh ionairmhe
ó trian iartharach chóiccidh Chonnacht acht Murchadh na tTuagh mac
Taidhcc mic Murchaidh mic Ruaidhri Uí Flaitbeartaigh. Do chóidh ann tra
iarla Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Conchobhair mic Donnchaidh mic
Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain, agus Sir
Toirrdhealbhach mac Domhnaill mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic
Taidhcc Uí Bhriain iar na togha mar ridire parlimenti a cconntae an Cláir.


L. 1834


Do chuaid ann Toirrdhealbhach mac Taidhcc mic Concobhair Uí Bhriain, agus
tighearna an taoibhe thiar do Cloinn Chuiléin .i. Mac Conmara Sean mac
Taidhcc, agus Baothghalach mac Aodha mic Baothgalaigh Meg Flannchadha an
dara ridire parlimenti as an cconntae cedna. Do thaot ann mac Uí Lochlaind
Boirne .i. Rossa mac Uaithne, mic Maoileachlainn mic Rudhraighe mic Ana. Mac
Uí Bhriain Ara .i. Muircheartach (.i. espocc Cille Da Lua), mac
Toirrdhealbhaigh mic Muirceartaigh mic Domnaill mic Taidhcc. O Cerbhaill
.i. an Calbhach mac Uilliam Uidhir mic Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh mic
Seain. Mag Cochláin .i. Sean mac Airt mic Corbmaic, O Duibhidhir Coille
na Manach .i. Pilip mac Uaithne. Do chóidh ann Mac Briain ó cCuanach
.i. Muircheartach mac Toirrdhealbhaigh,


L. 1836


mic Muircheartaigh, tighearna Cairrcce ó cCoinnell, agus Fásaigh Luimnigh .i.
Brian Dubh, mac Donnchaidh, mic Mathghamhna, mic Donnchaidh, mic Briain Duibh
Uí Bhriain. Conchobhar na Moinge, mac Uilliam Chaoích, mic Diarmata Uí Mhaoil
Riain tigherna Uaitne Uí Mhaoil Riain.



Do chóidh don parliment sin drong do mhaithibh Sleachta Eoghain Mhóir co na
fforthuathaibh. Mag Cárthaigh Mór Domhnall mac Domhnaill, mic Corbmaic
Ladhraigh, Mag Carthaigh Cairbreach Eoghan mac Domnaill mic Finghin, mic
Domhnaill mic Diarmada an Dúnaidh, agus clann a dheise dearbhrathar Domhnall
mac Corbmaic na hAine, agus Fíngin mac Donnchaidh. Do chuaidh ann bheós an
dias bai i ccendairrci re roile im thighearnas Dhuithche Ealla .i. Diarmait
mac Eoccain mic Donnchaidh an Bhóthair mic Eóghain Mheg Donnchaidh, agus
Donnchadh mac Corbmaic Óicc, mic Corbmaic Mhég Donnchaidh. Do chuaidh ann dna
Ó Suillebháin Berre, Eocchan mac Diarmatta, mic Domnaill, mic Donnchaidh meic
Diarmatta Bailbh, O Suillebhan Mór .i. Eocchan mac Domhnaill, mic Domhnaill
na Sccredaighe. O Mathghamhna an Fhuinn Iartharaigh


L. 1838


Conchobhar mac Conchobhair Fhinn Óicc, mic Concobhair Fhind mic Conchobhair
Uí Mhathgamhna, agus Ó hEidirscceóil Mór Fínghin mac Conchobair mic Fínghin
mic Concobhair. Do chuaidh din Mac Giolla Pattraicc Osraighe Fínghin mac
Briain mic Fínghin, Mág Eochagán Connla, mac Concobhair, mic Laighne. O Maol
Muaidh .i. Conall mac Cathaoír. Ní háirimhthear aon do dhol gus an
bparliment sin badh ionairmhe do Shliocht Laoíghsigh Lendmhóir mic Conaill
Chernaigh, do Shliocht Rossa Failgigh, mic Cathaoír Mhóir ó Uíbh Failge,
ná bheós do Shíol Daire Bharraigh mic Cathaoír Móir do Chaomhanchoíbh,
Branaigh, Tuathalaigh, Uí Dhuinn, Uí Dhíomasaigh ar an ccor ccédna.


L. 1840


Acht cena tainicc gus an bparliment sin sinnsear Ghaibhle Raghnaill Fiachaidh
mac Aedha, mic Seain mic Domhnaill Ghlais ó Ghlionn Mhaoíl Ughra. Iar
ttionól na nuasal sin uile co hAth Cliath, agus iar mbeith ré hathaidh ann
ní ro cuireadh crioch for an bparliment an bliadhain si, agus ro sccaoílsiot
iaromh dia ttighibh.



Tanaicc gobernoir chóiccidh Connacht co ndruing do dhaoínibh onorcha, agus do
chomhairle Baile Atha Cliath i ccóiccidh Connacht, tangattar cétus do
congmhail seission i Mainistir Innsi i cconntae an Chláir. Do rónadh
ordaighthe ionggnatha aca annsin .i. deich sgillingi dorducchadh don
bhainrioghain in gach aén chethramhain chille agus tuaithe dá mbaoí isin tír
cénmo tha liberti do aontaighsiot fein do


L. 1842


thabhairt do dhaoínibh maithe an
tíre, agus cúicc scillingi acc tighearna Tuadhmumhan i lurcc chiosa na
bainrioghna in gach aén chethramhain tuaithe dfearann tsaér agus dhaor dia
mbaoí isin tír uile, acht amhain liberti agus fearainn eglaisi. Ro
deilighsiot dna triocha chéd Ceneoil fFermhaic ré tighearna Tuadhmuman, ro
bhaoí ina fherann cíosa agá shinnsearaibh riamh go sin, agus tucsat
tighearnas an triochait chéd sin do bharún Innsi Í Chuinn do Mhurchadh mac
Murchadha mic Diarmada Uí Bhriain. Ro hordaiccheadh, agus ro haontaigeadh mar
an ccédna cíos agus cúirt Corcumruadh do Thoirrdhealbhach mac Domhnaill mic
Conchobhair Uí Bhriain ar lurcc a athar dia ttuccadh an tír sin ó thús (a
tighearnas Tuadhmumhan) lá hiarla Tuadhmumhan .i. Concobhar mac Donnchaidh Uí
Bhriain. Ro dheilighsiot a chíos agus a uaisle ré gach cend popail, agus re
gach tighearna triochait chétt baoí isin tír ó shin amach cenmotá Sean Mac
Conmara tighearna an taoibhe thiar do Cloinn Cuilein na ro chuir a lámh ar an
composision shin do rónsatt. Do rónsatt an composision cedna i cconntaé na
Gaillmhe, i cconntae Rossa Comain, i ccontae Maighe Eo, agus i cconntae
Shliccigh.





AOIS CRIOST, 1586. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmogat, a sé.



Seission do chongmáil lá Sir Risderd Bionggam, agus la comhairle chúiccidh
Chonnacht i nGaillimh i mí Ianuarii. Seachtmoghatt do mhnaibh, agus
dfearaibh do


L. 1844


bhásucchadh ar an seision sin. Ro badh dibhsidhe Domhnall mac Muirceartaigh
Ghairbh mic Briain mic Taidhcc Uí Briain, agus mac Uí Eghra Bhuidhe .i. Brian
mac Céin mic Oilealla ó Ghailengaibh Connacht co ndruing duaislibh
cenmotat.



An gobernoir cédna Sir Risderd do shuidhe re haghaidh Cluana Dubhain an céd
lá do mharta. Bá hé baoí isin mbaile íshin Mathgamhain, mac Toirrdhealbhaigh
mic Mathghamhna, mic Toirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna Uí Briain o nabarthar
Sliocht Mathghamhna. Ro fáccbadh nuimhir éccinnte do mhuintir an gobernora
fri ré trí sechtmuine báttar acc iomshuidhe an bhaile. Is an dara lá fichet


L. 1846


don mhí cédna ro gabhsat co díocra doifhrestail ag cur do chum an bhaile do
ghabhail. Baí Mathgamhain for taibhlibh an chaisléin acc diubhraccadh cloch
agus carrac for an lucht báttar imó bhun ag cur sás, agus sailghedh fris,
agus do rala dhó go ro haimsedh go hinnelldireach durchor do pheilér é gur
bo marbh gan anmain. Tuccsatt an barda an baile iaromh iar marbhadh
Mathgamna, agus ge madh lainn leó anacal dfaghbail nocha nfhuairsiot idir.
Ro legadh an leth siar don bhaile ó mhullach go talmain. Rob oirdhercucchadh
anma agus onora do Sir Risderd Bionggam an toiscc sin, uair ní bhaoí for tír
tirim i nErinn baile badh daingne agus ba dítoghlaighi ina Cluain Dubháin.



Do chuaidh an gobernoir iaramh re hacchaidh Caisléin na Caillighi for Loch
Mescca, agus rob é an baile sin digenn daingin chóiccidh Connacht. Báttar iatt
baoí acc á bhardacht an tan sin Risderd A Búrc (dia ngoirthi Demhan an
Chorrain) mac Riocaird, mic Risderd, mic Uilliam, mic Emainn, mic Riocairtt
Uí Chuairscci, agus Uáter, mac Emainn, mic Uillicc, mic Emainn mic Riocairtt
Uí Cuairscci. Do chuattar do seachna session, agus do chaomhna a ccorp is in
ccaislén sin. Ro gabh an gobernoir acc iomsuidhe an bhaile, agus do chuir
lucht a cethair, nó a cúicc darthraighibh do roighnibh a raibhe ar in
ccampa i medhon laí do ionnsaighidh an bhaile, agus nír bo torba dóibh uair
ro marbhadh drong da ndaoínibh, agus ro fhágaibhsiot arthrach dá
narthraighibh, agus do chóidhsiot an lucht ele fó iombáthadh gus an ccampa.
Iar nimthecht doibhsidhe assedh ro chinnsiod na Búrcaigh sin gan beith le
bardacht baile ar bith i naghaidh phrionnsa Saxan. Do chóidhsiot lucht da
arthrach co na mnaibh, agus co na leanbhaibh don leith ele don loch ós comhair
an champa. Do bhris an gobernoir an baile dia neis iaramh, agus bá isin
ccampa sin do crochadh leis mac Mhec Uilliam Búrc .i. Riocard Ócc ar a
ttabharthai Fál Fá Erinn mac Ricaird mic Seain an Tearmainn iar marbhadh a
dearbhrathar ele remhe sin .i. Tomas Ruadh agáraighe Caislén na nEnuighe ar
Fionnloch Cera i


L. 1848


cConnachtaibh. Rob éiccen an baile sin do thabhairt don ghobernóir iar
mbásucchadh Riocaird agus Tómais, go ro briseadh las é amhail ro briseadh na
bailte sin ele. Bá isin tan cédna ro crochadh las an ngobearnoir dias mac
Uatéir Fhada mic Dauidh mic Emainn mic Uillicc A Búrc, Teboit agus Maoilir
a nanmanna. Drong mhór do chóicceadh Chonnacht do gabhail lás na
Búrcachaibh sin, agus a ndol ina ccomhmbáidh trétuireachta iar fféil Eóin na
bliadhna so. Ro badh dibhsidhe Clann nDomhnaill Gallocclach, agus Seóaigh
Iarthair Connacht. Do chuirsiot a nimirgedha, a mná, agus a muinteara i
ndaingnibh, agus i ndithreabhaibh an tíre. Tánaicc an gobernoir re a naghaidh
go Baile an Rodba, agus ro leicc a seacht nó a hocht do bandadhaibh fó
Iarthar Connacht i ndiaidh na ndíberccach, agus ó na fuairsiott greim for na
foghladhaibh ro airccsiot Muintir Murchaidh na tTuagh, agus muintir Slechta
Eocchain Uí Flaithbeartaigh ro bhuí (andar leó fein) fo dliccheadh an tan sin.
Ro marbadh dna leósidhe mná, agus miondaoíne, aittrebhaigh agus aes anffann.
Ro crochsat Tebóitt Ó Tuathail fer togbala trógh agus congmala tighe
naoidhedh. Do gabhadh leó bheós Eoghan, mac Domhnaill an Choccaidh, mic an
Ghiolla Dhuibh, mic Murchaidh mic Eoghain Uí Flaithbertaigh, agus ro
basaighsiot é iar na ghabhail. Fillit tar a nais iaramh i ccenn an ghobernora
go ccreachaibh agus co nedalaibh iomdaibh.



Coblach Albanach do theacht i ttír i nInis Eocchain i ndúthaigh Uí
Dhochartaigh is in eing toir tuaidh do Tir Chonaill. Robtar iat bá huaisle agus
bá cinn chonsapal ar in ccobhlach sin da mac Shemais mic Alastrainn, mic Eóin
Chathanaigh mhec Mec Domhnaill .i. Domhnall Gorm, agus Alastrann, agus
Giolla Espuicc mac Dubhghaill mic Donchaidh Chaim mic Ghiolla Espuicc Mhéc
Ailín co ndruing ele duaislibh cenmothát. Bá moa a nainm agus a noirdearcus
inas amhail tangattar. Do rónadh


L. 1850


foslongporta feóil iomdha leó isin tír i ttudhcattar, agus báttar aés feigh
foruallach, agus lucht furáilmhe feilgniomh, agus michuidighthe maithesa na
ccrioch ccomhfhoccus acc tocht dia saighidh an dú sin co nár fhágaibhsiot
athmhaoín dia neis i nInis Eócchain darbhar nó dairneis do chur sin. Lottar
iaromh láimh lé Finn agus lé Modhairn do Termann Még Craith, do Tuaith
Luircc, agus do Mhiodhbhulcc go rangattar go huirimlibh éirne. Ot chualattar
na Búrcaigh bátar for san foghail, agus fors an díbheircc rémhráite .i. Risderd
A Búrc mac Demhain an Chorráin, agus clann Emainn A Búrc, agus Clantt
nDomhnaill Gallocclach sccela na nAlbanach ro chuirsiott teachta co
tinneasnach dia ttoghairm chuca, agus ro raidhsiot co fuighbittís édala iomdha,
agus a ndiongmhala do dhuthaigh i ccóigeadh Connacht dia tíosadh dhiobh fein
a cosnamh fri muintir an phrionnsa. Lotar na hAlbanaigh tar éirne lás na
haithesccaibh sin, agus rangattar an cédna huidhe etir Dhaibh, agus
Dhrobhaoís co ro gabhsat ag milleadh Dartraighe, agus Cairpre, tánaicc
Risderd agus clann Emainn ina ccend annsin. Do thaed an gobernoir ré a
nacchaidh go Slicceach. Fáccbhaid na hAlbanaigh an toirer sin, agus ro
ghabhsat bádes do Dhartraighe, agus lá taobh Benna Bó isin mBreifne.
Báttar teóra hoidhche i nDruim Da Ethiar. Ro asccnáttar as sin do
Bhraidsliabh, agus ní ro airisetar co Cill Rónain,


L. 1852


ro gabsatt an dú sin i ccoiccrich na Breifne, Maighe Luircc, agus Ua nOilella.
Tánaicc an gobernoir don taobh tiar co Bél an Átha Fada i tTir Oilella.
Báttar diblínibh co cend coictidhisi is na hionadaibh sin gan neachtar diobh
dionnsaighidh aroile. Ro gabsat na hAlbanaigh lámh for imthecht tosach oidhche
flichthe fiordhoirche, agus ro gabhsat siar tuaidh do Thír Oilella do dhol tar
droichet Chula Maoíle. Báttar trí bhanna do mhuintir an gobernora ag coimhéd
an droichit in oidhche sin. Do rala na hAlbanaigh ina ccend go ro feradh
gliaidh ngairbh etorra, agus rob eiccen do na hAlbanchaibh iomghabhail an
droichit, agus gabháil tar an ath alla tiar dhe. Do chóidhsiot an oidhche sin
go Sliabh Gamh, agus ar ná mharach go hArd na Riagh. Do dheachaidh an gobernor
uadhaibh a Bél an Atha Fada ar na mharach amhail na biadh a aire fri a
niarmhóireacht itir, agus baí for fud Connacht co cend chóig lá ndécc acc
tionol sochraide amhail forcaemhnacair, agus baí bheós brath agus taiscéladh
uadha ar na hAlbanchoibh in airett sin. O rob erlamh lais an líon ráinicc ales,
luidh o Mhainistir Bhendfhoda i Luighnibh Connacht tosach oidhche
fíordhoirche foghmair, agus ní ro airis do ló no doidhche co ráinicc i
medhón laoi ar na mharach go hArd na Riagh gan rabhadh, gan rathucchadh do na
hAlbanchoibh. As amne battar sidhe for a chionn ina ccodailtighibh gan
fhaitces gan fhuirechrus, acht amhail bidh leó fein gan frithbheart an tír
eachtaircheneoil ina ttangattar. Bá sé céid ní lér bedgattar as a
mbuantoirrchim gair a ngiollanraidhe agá nguin ag muintir an ghobernora
sechnón an bhaile. Ro éirgheadar na hAlbanaigh as a haithle co hathlamh, agus
do chóidhsiot i ninnell agus i norduccadh amhail as deach


L. 1854


ro fhédsat do thochar fri muintir an ghobernora. Nír bhó torbha dóibh innsin
uair ní mó ná an cédna saithe dia saighdibh ro diubhraicsiot an tan ro
sraoíneadh forra go dian dásachtach do shaighidh na habhann tarla for a
ccionn .i. an Muaigh maighreach mherghlórach. Ro fháccbaid fir i ffaenlighe
uadhaibh cein báttar ag ionnsaighidh na habhann, agus iar rochtain dóibh dia
saighidh ní hairisiomh fri a hucht do ronsat, acht dol ina hiomdhomhain gan
anadh uair ro badh ferr leó a mbáthadh inás a marbhadh do mhuintir an
gobernóra. Acht chena asseadh a cumair ro marbhadh a ngar do dá mhile dibh
an tan sin. Ní rabhattar clann Emainn A Búrc isin mbreisim sin óir do chóidhset
co ttríbh cédaibh fer an lá rias an maidhm sin diarraidh creach gus na
hAlbanchaibh, agus iar ccloisteacht na scél sin dóibh ro scaoílsiot ó roile,
agus ro ansat clann Emainn A Búrc i ndaingnighthibh a nduithche féin. Ro
thriallsat ina mbaoí dUltachaibh agus dAlbanchaibh ina ffochair aghaidh
do thabhairt ar dhol a nUlltoibh, agus gidh iadsidhe fuarattar a ccrochadh
agus a marbhadh durmhór in gach tír trésa ttudhchattar ria siú tangadar tar
Eirne. Athair na cloinne rémhráiti .i. Emann mac Uillicc mic Emainn, mic
Riocaird Ui Chuairscce do chrochadh las an ngobernoir iars an maidhm sin. Ba
hamhlaidh boí sidhe, agus sé arsaidh arach liath gan lúth gan lántapadh gur bó
héiccen a iomchar i nárach agá breith gus an ccroicch.



Aodh mac Eocchainn, mic Domhnaill, mic Eocchain, mic Domhnaill na Madhmantt
ardchonsapal Cloinne Riocaird do écc, mílidh ar mhéd, agus curadh ar calmatas
an tí tesda annsin sin.



Alasdrann mac Somhairle Buidhe, mic Alastrainn, mic Eóin Chathánaigh mac Mec
Domhnaill na hAlban do marbadh le Caiptin Meryman, agus le hAodh mac an
Deccánaigh Uí Ghallchubhair a mi May do shonnradh.



Session do chongmháil i nGaillimh i mí December na bliadhna so in ro
básaiccheadh iomatt ban agus fer, agus ro básaigheadh ann Emann Ócc mac
Emainn mic Maghnusa Mec Sithigh, agus ochtar diolmhaineach do Gearaltachaibh
ina fhochair iar ffaghail a fheasa forra go mbattar araon las na
hAlbanchoibh sin ro marbhadh i nArd na Riagh.



Conn mac Airt Óicc, mic Neill, mic Airt, mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain


L. 1856


do dhol ar siubhal creiche i nduthaigh Meg Uidhir o loch (.i. Loch Eirne)
soir. Mac Meg Uidhir .i. Aodh mac Con Chonnacht mic Con Connacht do breith go
mbuidhin mbicc marcsluagh for Chonn co ro fighedh sccainnear chródha etorra
i mbeól átha sainredhaigh, agus Conn do mharbhadh lá mac Mhég Uidhir go
nurmhór a muintire amaille ris, agus an chrech do shodhadh tar ais gus na
muinteraibh ó ruccaitt.



Feilim Dubh mac Airt mic Cuinn Uí Neill duine dearsccaighthe do dhúthaigh
Shleachta Airt, agus a mhac do mharbhadh lá hAodh mac Mhég Uidhir.



Mac Suibhne Bághaineach Brian Ócc mac Maol Muire do marbhadh 18 Maii la
Niall Meirgeach mac Maol Muire mic Aodha.



Aimser fhliuch, arbhar ettoirtheach, agus iomat cnóimhesa an bliadhain si.



Parliment Atha Cliath do criochnucchadh an bliadhain si, agus tar gach ní dá
ndearnadh and do cengladh oidhreacht iarla Cille Dara lé coroin tSaxan.



Eoghan Ulltach mac Donnchaidh .i. an doctúir agus ro ba doctúir ar aoí
ffoghlama an tEoghan íshin, uair ro dearsccnaigh sidhe do doctuiribh leighis
na hEreann isin aimsir sin i mbaoí do écc.



An toficel Mag Conghail .i. Eoghan Ballach décc lá fhéle Brighde do
sonnradh.



Corbmac mac Domhnaill Meg Congail décc 17 do Mharta.



Cúicc céd Eirendach do dol a hErinn do chongnamh lá bainrioghain Shaxan i
ccoccadh Flondrais, agus gé ro diothaighit a nurmhór isin tír sin do dheachaidh
a nainm agus a noirdearcus fón Eóraip ar aoí ngeiraitteachta agus ngaisccidh.





L. 1858


AOIS CRIOST, 1587. Aois Criost, mile, chuicc céd, ochtmoghatt, a seacht.



Mac Uí Dhomhnaill Aodh Ruadh mac Aodha mic Maghnusa do ghabhail lá Gallaibh.
Bá hamhlaidh so cetus ro tionnsccnadh an erghabháil hisin. Ro gabhsat Goill
imon iustis Sir Iohn Parrot, agus imon ccomhairle archena miothoimhdin mhóir
don iarla Ua Neill Aodh mac an Fhir Dhorcha (ger bhó riarach friu é) tria
ionnlach agus ettarchosaoíd Uí Néill Toirrdhealbhach Luineach mac Neill
Chonallaigh baí hi frithbeart do gres fris, agus ar dáigh Siobhaine inghine
Uí Domhnaill .i. Aodh mac Maghnúsa ro badh commaim do iarla Tire hEoghain.
Araill ele bheós ro leth


L. 1860


ainm agus erdearcus an mhacaoímh rémhraite Aodh Ruadh mac Aodha fó chóicc
cóiccedhaibh Ereann cidh ria siú rainicc co haoís fherdhata ar aoí ngaoisi,
agus ngliocais, infhais, agus oirbeartais. Atberdís dna cách i ccoitchinne gur
bhó tairrngertach idir é, agus madh dia léccthí co haoís infedhma cco
ttiocfadh buaidhreadh innsi Ereann uile tremhit, agus tria iarla Thíre
hEóghain diamadh daoín leith nó imerdaoís, agus nó bhérdaoís a mbáire o robtar
caradradh fri aroile amhail remhebertmar. Conidh ar na fothaibh sin ro crúidheadh
a ccomhairle las an iustis agus lá Gallaibh Duibhlinne cisi hairmimbirt
do ghéndais imon ní sin ro omhnaighsiot, conidh fair deisidh leó long co na
foirinn co bfión agus co ccormaim do erlumhadh oca in Ath Cliath Duibhlinne,
agus a fhaoídheadh laimh chle fri hErinn soirtuaidh, amhail bidh fri
cendaighecht do dheachadh go ro ghabhadh caladh i ccuan éiccin do oirearaibh
Tire Conaill. Rainicc iaromh an luing lá tinfedh na gaoíthe aniar gan anadh gan
oirisemh go ro ghabh foss hi senchuan Súilighi fo erchomhair Ratha Maoláin,
baile sin conrodacht for ur an mhara lá Mac Suibhne Fanat fecht riamh, aon
eisidhe do thuaircnibh catha tighearna Ó cConaill ó chein mhair. Iar mbeith
don bhairc sin for a hangcuiribh iomfosdaigh in dú sin tangattar drong don
fhoirinn in etharbhátt bhiucc i ttír i néccoscc cendaigheadh fó gné síodha
agus chaoncomhraic, agus gabhaitt for brath agus taisccéladh for creic, agus
connradh fris an ccách do chuirettar for a cciond, agus ro aisneidhsiot co
mbuí fíon agus cormaim leó ina luing. Od chuala Mac Suibhne co na mhuintir
an ní sin ro ghabhsat ag cendach agus comhól an fhiona combtar mescca. Iar
ffios scel na luinge hísin do lucht na criche ina comhfhoccus báttar acc tionol
as gach aird dia saighidh. Bá hand do rala don Aodh Ruadh rémhraite a beith
(for a baothréim baoísi, agus for a chuairt macdachta agus reabhraidh) ina
nathfoccus in ionbhaidh sin, agus ro fhurailsiot an


L. 1862


taos féigh foruallach baoí ina fharradh fair tocht id dú sin. Bá
sodhaing ón a thógaothadh somh in ionbhaidh sin uair nír bhó comhlán a chóicc
bliadhna décc dó in tan sin, agus ní bhaoí aon dia deghchomhairlighibh dia
oidedhaibh, na dia ollamhnaibh ina chaoimhtheacht dia reimhiomtus ná do
shéducchadh comhairle dhó. An tan ro clos la lucht an taiscélaidh eisiomh do
thocht don bhaile imsoat for cula as fo chédóir dochum a luinge. Ro
fiadhaighedh somh la Mac Suibhne, agus las na maithibh arcena, agus faidhit
dailemhain agus deoghmhairedha uatha gus an luing do cuingidh fíona don
aoidhidh dus fainicc. Atbertsat na cendaighthe na baoí leó dia ffíon ní ba mó
amh oldás diol na fairne, agus na leiccfittis uadhaibh for tír do soighidh
nach aoín, acht namá dia ttiosadh uathadh daghdhaoíne ina ndóchum dia luing
fo gébhtaoís ina mbaoí do fhíon agus cormaim ina ccumhang. Oro haisneidheadh
an taithescc do Mac Suibhne bá hadhnáir lais indsin, conidh í comhairle
arricht lais Aodh do thóchuireadh lais isin luing, agus iar ccindeadh for an
ccomhairle sin dóibh do chóidhsiot i nethar bhecc baoi for ur na tragha, agus
imraiset é co ndeachatar inunn isin luing. Ro fáiltigheadh friú, agus
do bretha hi cubhachail iniochtaraigh in inmedhón na luinge iad gan fhuireach
gan essnadhadh, agus ro both occa ffrestal agus occa ffriothaileamh combtar
subhaigh simhenmnaagh. An tan bá haínemh dóibh isuidhe ro hiadhadh comhla an
haiste tar a néis, agus ro gata a nairm forra, agus ro gabhadh an tóccmac
Aodh Ruadh don chur sin. Do dheachaidh sccéla an gabhala sin fon ccrich i
ccoitchinne, agus ro tionoilset as gach airm do shaighidh an chaladhpuirt,
dus an ccaomhsattaoís ettarbhaoghal éiccin for aos na ceilcce. Ní bhaoí bá do
sodhain, ar ro báttar i niomdhomhain an chuain iar srengtharraing an angcaire
cuca, agus ní rabhattar longa náit laoidhenga aca dia ttograim nach dia
ttarrachtain. Tánaicc Mac Suibhne na tTuath a ccuma cháigh gus an ccaladh,
agus ba hoide sidhe don Aodh híshin, agus baoísidhe occ erail giall agus
aittire oile dara a éise. Nír bhó torbha dosomh ón ar ní baoí i ccóicceadh
Uladh giall nó ghebhtais ass. Dala na luinge agus na foirne baí innte ó
do bhertsat in ro badh toisgide leó do aitiribh an tíre, lotar lá trethan an
tsrotha go rangatar an mhuir, agus friothrosc na conaire remedeochatar go ro
gabhsat cuan an Ath


L. 1864


Cliath. At clos fo chedóir isin ccathraighuile a thoidhecht somh samhlaidh,
agus bá faoílidh las an iustis, agus las an ccomhairle a rochtain chuca gen gur
bhó for a sheirc ittir agus ro fhorcongairsiot a thabhairt dia saighidh.
Do rattadh eiccin co mbáttar acc a accallamh agus acc áthcomharc scél ndó occ
á mídhemhain, agus occa increachadh do thaisccéladh for a airdhibh fri ré
foda. Fó dheóidh tra ro fhorchongairsiot a chor i ccaistiall comhdhaingen
clochdha baoí isin ccathraigh airm i mbáttar dronga dearmara do
shaorchlandaibh Mac Míleadh i ccuimreach agus hi ccimidhecht, agus araill
dFionn Ghallaibh. Ba sedh rob aines agus rob airecc tuile dóibh do lo agus
dadhaigh ag eccaoíne a nettualaing agus a nimnigh fri aroile, agus ag
coitsecht fris na hainbrethaibh nó himbertha for shaorclandaibh socenélcha
Ereann ar chena.



Mac Mheic Conmara an taoíbhe thiar do Cloinn Chuiléin .i. Cu Mhedha mac
Seain, mic Taidhg, mic Con Medha, mic Con Mara, mic Seain décc. Ben an Con
Medha sin inghean Emainn mic Semais Mec Piarais décc.





AOIS CRIOST, 1588. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmhoghatt, a hocht.



Mac Suibhne Baghaineach Niall Meircceach mac Maol Muire, mic Aodha mic Neill
do mharbhadh lá Donnchadh mac Maol Muire Meirccigh, mic Maol Muire, mic Neill
i nDoirinis im fhel Brighde do shonradh. Bá hamhlaidh do rónadh indsin iar
marbadh Bhriain Óicc amhail rémhebertmar lá Niall Meirgeach, ro hionnarbadh
Donnchadh co na lucht lenamhna i cConnachtaibh lá Niall bheós, agus ro bhaoí
seal i ffarradh Gall, agus athaidh oile araon lá hUa Neill, agus do róine
iondsaighidh fhoda imchian for Niall Meircceach amhail ná ro shaoíl Niall,
uair bá dóigh lais ná tiocfadh Donnchadh don tír an ccein nó mharadh somh
innte. Iar mbeith do Dhonnchadh


L. 1866


teora hoidhche i ndiamhraibh agus i ndroibhélaibh an tíre, fuair a fhios co
mbaoí Mac Suibhne i tTrian Iochtair Baoighellach, agus ro chuir lucht bratha
do thaiscéladh fair, agus ruccsat sccéla do shaicchidh Donnchaidh go
ttiocfadhsomh tar traigh aníos ar a bharach. Baoí siomh co líon a chumaing
erlamh do tegmhail fris conidh ann conrangattar acc an tToirinis rémhráite go
ro fighedh sccainner crodha etorra go ro marbhadh Mac Suibhne annsin co
ndruing mhóir dia lucht lenamhna, agus do Cloinn tSuibhne na Mumhan. Ro
dichendadh Mac Suibhne dna, agus ro cuireadh a chend go hÁth Cliath. Mac
Suibhne do ghairm do Dhonnchadh iaromh.



Eoin Modardha mac Aodha, mic Neill Óicc Mhec Suibhne do mharbhadh la druing
do lucht lenamhna Mec Suibhne Dondchadh.



Aodh mac Néill mic Toirrdhealbhaigh Bernaigh Uí Bhaoighill tanaiste
Baoigheallach décc.



Domhnall mac Néill Ruaidh mic Neill Uí Bhaoighill co na mhac do mharbhadh lá
Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh Uí Baoighill ar traigh
sainredhaigh san Trian Iochtair isin ffoghmhar do shonradh.



An Calbhach Ócc mac Cuinn mic an Chalbhaigh Uí Domhnaill do mharbhadh lá
druing do mhuintir Domhnaill (.i. lá Maghnus Óg ó Sraithén), mic Aedha mic
Maghnusa Í Domhnaill i ccois Finne.



Maol Muire mac Emainn, mic Maol Muire, mic Donnchaidh Mec Suibhne do
mharbhadh lá Niall Garbh mac Cuinn mic an Calbhaigh Uí Domhnaill.



Iarla Tire hEoghain, Aodh mac Fir Dorcha, mic Cuinn Bacaigh mic Cuinn do
thionol slóigh lánmhóir do thocht for Ua Néill Toirrdhealbhach Luineach. Ní
ro hanadh las an iarla go riacht co na shlógh tar Modhairn tar Deircc go ro
ghabh airisemh ag an cCarraicc Léth. Ro dháil Ua Domhnaill Aodh mac Maghnusa
i ccomhdháil an iarla a chlemhna go líon a sochraide acht chena ní thainicc
ineallmha. O Neill Toirrdhealbhach baoí sidhe co sochraide mhóir daon rantt
agus daon aonta in aghaidh an iarla agus Uí Domnaill. Robtar iad baoí i
ffarradh Uí Neill .i. Art Ócc a mhac co mbuandadhaib iomdha (.i. captin)
Uilliam Mussten mac Roibeird go mbanna saighdiuiridhe, agus drong do Chloinn
tSuibhne na Mumhan im Murchadh na


L. 1868


Mart mac Maol Muire mic Donnchaidh co sochaidhe ele cenmothát. Niall Garbh,
agus Aodh mhac an Denaigh Uí Gallchubhair (dia ngoirthi an tan sin Aodh mac
an Calbhaigh Uí Domhnaill) do beith go Sliocht an Chalbhaigh uile, agus co na
lucht lenamhna daon rann, agus daon aonta lá hUa Néill, agus bá hann
battar sidhe i cCaislén na Finne. Báttar drong dia mhuintir ag aslach Aodha
im ionnsaighidh oidhche do thabhairt ar an iarla uair baoí an tiarla ag
creachadh agus acc orccain na tire etir na haibhnibh sin .i. Fionn, agus
Modharn. Nír bó miadh laissiomh indsin lá huaill agus ionnoccbháil, agus
atbert ná hionnsaighfeadh iarla i ndorcha oidhche itir, acht ro badh i
soillsi laoí lánsholais nó fearfadh iomaireg nughra fris. Ro comhaillsiomh
indsin uair ro ionnsaigh an tiarla ar a bharach, agus ro meabhaidh riamh, agus
ro fhágaibh an tiarla daoíne iomdha immaille ré heachaibh, agus ré hédalaibh
iolardha ar chena, an ced lá May innsin.



Mág Eochagáin tighearna Chenél Fiachach .i. Connla mhac Conchobhair mhic
Laighne mic Connla mic Aodha décc, agus ní bhaoí ó chein mháir inall do
Chenél Fiachach mic Néill fer ro badh mó dadhbhar eccaoíne inas, agus a mac
Brian, agus Niall mac Rosa do beith ind esaonta fri aroile im tighearnas an
tíre.



Eoghan Manntach mac Emainn, mic Floinn, mic Conchobhair Uí Edhin tighearna Ua
fFiachrach Aidhne décc, agus a mhac Aodh Buidhe do oirdneadh ina ionadh.
Tanaisde an tire cédna do écc .i. Toirrdhealbhach mac Ruaidhri an Doire Uí
Eidhin.



Cobhlach mór .i. ocht ffichit long do thocht ó rígh na Spáinne for fairrge
isin mbliadhain so, agus adberad a roile gur bhó hedh ro ba menmarc leo cuan
agus caladh


L. 1870


do ghabhail hi ccriochaibh Saxan dia ccaomhsataoís etarbhaoghal dfoghbhail
fuirre. Nír bhó hamhlaidh do rala dóibh, uair do eccaimh cobhlach na
bainrioghna friú for an ffairrge, agus ro gabhsat ceithri longa dibh, agus ro
sgaoíl agus ro eisreidh an chuid ele don chobhlach fo aireraibh na ccrioch
ccomhfoccus .i. don taobh thoir do Shaxaibh, agus don taobh thoir tuaidh do
Albain, agus don taoibh thiar tuaidh déirinn. Ro báidhedh dronga móra dona
Spainneachaibh is na hoireraibh sin iar láinbhrisedh a long, agus terna an
chuid ro ba lugha dibh tar anais don Spáinn, agus atberat a roile go ro
fáccbadh naoí míle dibh don chur sin.



Ardiustis na hEreann .i. Sir Iohn Parrot do dhol i Sacsoibh, agus Sir
Uilliam FitzUUilliam do thecht i nErinn ina iustis ina ionad.



O Deadhadh Mathghamhain mac Lochlainn, mic Ruaidhri, mic Muireadhaigh mic
Mathghamhna Buidhe tighearna Cheneóil fFermaic décc.



Uilliam mac Domhnaill (.i. an doctuir) mic Amlaoibh mic Donnchaidh Uí
Niallain do marbhadh i ndorus Mainistre Innsi lá cloinn Uí Ghríobhtha .i.
clann tSeain mic Seain, mic Taidhcc, mic Lochlainn.



Sloiccheadh mór lá iustis na hÉreann Sir Uilliam FitzUUilliam, agus la
gobernóir chóiccidh Connacht Sir Risdeard Bionggam, agus le President dá
chóiccedh Mumhan .i. Sir Tomas Noris, agus lá forgla fher nEreann
cenmotá cóicceadh Uladh do dhol for Ua Ruairc, agus for Mac Suibhne
na tTuath do róine codach agus comhaonta lá cuid don chobhlach Spáinneach sin
ro rémhráidhsiom. Ro mhillsiot na slóigh sin


L. 1872


gach ní gus a rangattar dá mbaoí rempa ó mhuintir na bainrioghna otá Suca
go Drobhaoís, agus ó Drobhaoís co Finn, ar a aoí ní ro ghabhsat greim nó
gabháil dUa Ruairc ná do Mac Suibhne don chur sin. Bá don chuairt sin trá
do gabhadh Ó Dochartaigh Sean Ócc mac Seain, mic Feilim, mic Conchobhair
Carraigh, agus Ó Gallchubhair Sir Eóin mac Tuathail Bhailbh, agus
do chuaidh an iustis go hAth Cliath, agus ro sccaoilsiot fir Ereann dia
ttighibh.



Aodh mac an Deccánaigh Uí Ghallchubhair (dia ngoirthi Aodh mac an Chalbhaigh
Uí Domhnaill) do mharbhadh las an Inghin Duibh ingen tSemais Mhec Domhnaill
ben Uí Domhnaill Aodh mac Maghnusa. Ba hamhlaidh so arricht lé an marbhadh sin
do ghniomh. Aodh do beith do ghrés i rann Sleachta dílis an Chalbhaigh Uí
Domhnaill, agus a mbeith uile daoín leith i rrann Uí Neill Thoirrdhealbhaigh
Luinigh baoí ag coccadh do ghrés ré hUa nDomhnaill agus ré a cliamhain an
tiarla Ó Neill .i. Aodh mac an Fhir Dhorcha. Araill ele bheós ro marbhadh a
bráthair dil dearbhthairis Alastrann lá hAodh mac an deccanaigh amhail
remhebertmar. Ro bhatar bheós fotha ile eccraittis aice fris cenmotatsidhe.
Bá galar cridhe agus bá tocradh menman lé gan dioghail a uabhair agus a
diumasa fair. Ro eccaoín a himneadh, agus a héttualang frisan amhsaidh
Albanaigh baoí for a ttuillmhe agus for a ttuarustal do ghrés, agus ina
comaitecht in gach maighin go ro tingheallsatsidhe fria gomdis ellma for a
forcongraissi daithe a neccraittis for ambíodhbaibh cecib tan do tochradh
chuca. Do rala din don Aodh hísin tocht (lá borrfadh bríghe agus lá
hionnoccbháil menman cen foraithmet a fhaladh nó a eccraittis) go hairm i
mbaoí sí i Magh Gaibhlín. Iar ttocht dósomh don bhaile ro aiccill si a
sainmuintir .i. na hAlbanaigh, agus ro ráidh friú agus ro aslaigh iad im
chomhalladh in ro geallsat. Do rónadh fuirresi sin, uair ro ionnsaighsiot an
taireccal i mbaoí Aodh, agus ro gabhsat agá dhiúbhracadh do shaighdibh agus
do pheiléraibh go ffarccaibhsiot marbh gan anmain, agus ro marbhadh bheós
amaille fris an ro badh tairisi lais dia shainmuintir.



Mac Mec Conmara an taoibhe toir do Cloinn Cuilein .i. Tadhcc mac


L. 1874


Domhnaill Riabhaigh mic Con Medha, mic Donnchaidh, mic Ruaidhri do crochadh i
nGaillimh.



Mac Uí Conchobhair Ruaidh .i. mac Taidhcc Óicc mic Taidhcc Buidhe, mic
Cathail Ruaidh do crochadh i nGaillimh bheós.



O Ceinnéittigh Fionn .i. Brian mac Domhnaill mic Donnchaidh décc, Uaithne
mac Donnchaidh Óicc mic Aodha, mic Amhlaoíbh, agus an Giolla Dubh mac
Diarmada mic Aodha mic Ruaidhri Uí Ceinneidigh i neasaontadh agus i nimresain
ré roile imon tighearnas gur ab amhlaidh do shíodhaighsiot an tighearnas do
roinn etorra ar dhó, an tainm ar Uaithne.




AOIS CRIOST, 1589
Aois Criost, mile, cúicc céd, ochtmoghat, anaoí.



MAGUIDHIR Cúchonnacht mac Conchonnacht (.i. an comharba), mic
Conchonnacht, mic Briain, mic Pilip mic Tomais do écc 17 Iun
tigherna ar tiodhnacal deaccailsibh, agus dollamhnaibh damhsaibh,
agus danradhaibh saoí foghlamtha friochnamhach illaidin agus i
ngaoidheilcc eisidhe. Iar nécc Meguidhir Cuchonnacht ro badh
dóigh lá Conchobhar ruadh mac Conchobhair Meguidhir gomadh
lais tighearnas tíre ar aoí sinnsireachta. Bá sedh do ruimensat
an lucht naile gomadh é mac Méguidhir (Aodh) ro badh tighearna
deis a athar, co mbátar i ffrithbheart fri a roile amhlaidh sin.
Ro fhaoídh Aodh techta dionnsaighidh a bhrathar Domhnall mac
Aodha mic Maghnusa uí Dhomhnaill (gé da rala etorra ria sin) dia
chuingidh fair teacht dia fhurtacht agus dia fhóirithin amhail bá
grésach lá a shindseraibh congnamh lá sliocht Pilip mic Tomais
Meguidhir. Ní baí do Chenel cConaill an tan sin nech as ar mó
a shaoilechtain dia chabhair inás an Domhnall hí sin uair bá
hanghlonn agus ba tuairccnigh catha eisiumh, agus ní clos a druim
fri a eccraittibh ittir. Nír bhó heisledhach ro freccradh fuighle
na tteachtadh sin lá Domhnall uair ro thionóil


L. 1876


sidhe ina mbaoí ina cumhang fó chédóir, agus ro fhaoídh a theachta
do ridhisi go hAodh dia radh fris beith for a ccionn ag Scéith
Ghabhra an tsainridh amhail as déine conicfadh. Luidhsium gan
eassnadhadh gan erfhuireach tria thuaith Luircc lá hor Locha hErne
go rainic gus an maighin remhráite. Tainic Concobar ruadh co
maithibh uachtair Fhermanach an lá riamh gus an ionadh ccédna, agus
ro fháccaibh a ionncomhardha .i. lethass in dú sin fo dháigh anma
tighearna do gairm de ar a bharach. Do riacht Aodh gus an ionadh
erdhalta hishin, agus fuair Domhnall Ó Domhnaill ar a chionn. Iar
ffios sccel do Domhnall gur bhó hé Conchobhar ro fháccaibh an
comhardha remhebertmar atbert ná biadh bá desidhe, agus go madh é
Aodh nó bhiadh i nionadh a athar conadh ann sin ro gaireadh a
ghairm flatha fó chédoir dAodh Maguidhir lá Domhnall ua nDomhnaill,
agus lá maithibh a thíre.



Mág Mathgamhna Rossa mac Airt, mic Briain na moicheirghe, mic
Rémainn mic Glaisne décc. Brian mac Aodha óicc, mic Aodha,
mic Seain buidhe tighearna Dartraighe Oirghiall, agus Eimher
mac Conuladh tighearna Fernmaighe, agus dearbrathair


L. 1878


an tí sin tesda .i. Aodh ruadh do beith acc imresan ré roile fá
tighearnas na tíre.



Elinora ingen Iarla Desmumhan .i. Semus mac Seain, mic Tomais,
mic Semuis mic Geróitt ben Uí Ruairc, agus ben meic Iarla
Urmumhan .i. Eduard mac Semuis mic Piarais ruaidh mic Semais,
mic Emainn do écc.



Contaoís chonntae an Cláir Una ingen Toirrdhealbhaigh mic
Muircheartaigh mic Domhnaill mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh,
mic Murchaidh na Raithnighe, ben Iarla Tuadhmumhan .i. Conchobhar
mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc
Uí Bhriain do écc san cClár Mhór.



Domhnall mag Congail epscop Rátha Both décc 29 September.



Toirrdhealbhach mac Taidhcc, mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh
mic Taidhcc Uí Bhriain ó Bhél Atha an Comhraic décc. Ro badh
damhna eccaoíne an tí tesda annsin.



Tadhcc an Dúnaidh mac Donnchaidh mic Muircheartaigh, mic Donnchaidh,
mic Muircheartaigh, mic an Bhallaigh sinnsear Tuaithe na Fearna
(.i. Corca Baiscind), agus sleachta an Bhallaigh décc, nír
chin i ccorp ina coimhre a chomhchalma ina comfhochraibh.


L. 1880


Corbmac mac Taidhcc mic Diarmada, mic Corbmaic o Maighlaithim
décc.



Maghnus mac Cuinn mic an Chalbhaigh, mic Maghnusa mic Aodha duibh
uí Domhnaill do marbhadh laimh lé Finn 20 September lé Sean
mac Maghnusa óig mic Maghnusa, mic Aodha duibh uí Domhnaill.



Domhnall mac Eoghain an locha mec Suibhne consapal Muscraighe
décc fear ro badh maith treabhaire, agus tegh naoidhedh, agus rob
ionmholta i ffiadhnaisi Gall agus Gaoidheal an tí tesda ann sin.



Búrcaigh íochtaracha ó Thír Amhalgaidh siar do dol ar a ccoimhed
iar ndiúltadh beith fá breith an Gobernora .i. Sir Risderd Bionggam.
Maighistir Brún do dhol a hucht an Ghobernora co ndruing mhóir
do shaighdiuiribh Gallda agus Gaoidhelcha do shaighidh na mBúrcach
sin tar Bealach an Diothruibhe siar. Burcaigh ar ttabhairt amaiss
forrasomh, agus a ttráth na troda do thendadh do Mhaighistir Brún
ro sraoíneadh dia shaighdiuiribh agus ro díchendadh é fein, agus
Domhnall o Dálaigh duine uasal eisidhe agá mbaoí cendus coda do
na saighdiuiribh sin, agus Remann ócc mac Remaintt mic Seain a
Búrc na Beinne, agus sochaidhe mhór do na saighdiúiribh a maille friu.
Ro ba móide brígh agus borrfadh na mBúrcach an breisim sin, agus
ro gabhsat for adhannadh ina ndíbercc as a haithle. Do chóidh tra
sliocht Oiluerais mic Seain a Burc ó Thír Amhalgaidh ina
ccomhmbáidh, agus muintir Dubhda o Thir Fiachrach Muaidhe, clann
nDomhnaill gallócclach uile, Murchadh na ttuagh mac Taidhcc, mic
Murchaidh uí Flaithbheartaigh, agus muintir Flaithbhertaigh agus
Seódhaigh ina fochair siumh, co nár fhan aon ro ba ion-airme ó
rinn iartharach Iorrais co Traigh Eothuile co Machaire Luighne,
co Corann, agus co Machaire Connacht gan dol in aon rann i naghaidh
an Ghobhernora. Ro gabhsat na díberccaigh sin acc


L. 1882


aidhmilleadh choiccidh Connacht do ló agus dadhaidh fri ré an
earraigh. Bá isin tan sin do chuaidh dias mac Murchaidh na ttuacch
uí Fhlaithbhertaigh .i. Tadhcc agus Urun, agus mac dearbhrathar
do Murchadh .i. Domhnall mac Ruaidhri uí Flaithbertaigh ar
iondsaighidh fa leithimel Conmaicne, agus an Mhachaire Riabhaigh
oidhche Cascc do shonradh. Báttar a dó nó a trí do chédaibh
diolmuineach ar an turus sin. Ro gabhsat ag dénamh oirccne agus edala
iomdha seachnon an tíre tosach laoí Domhnaigh Cáscc. Tánaic an tír
ar gach taobh ina ttóraigheacht. Bá isin oidhche reimhe sin
tangadar banna nó dhó do shaighdiuiribh gan fhios gan airiucchadh
diomcoimhéd an tíre, agus ód chualattar allghuth an ordanais, agus
caismerta na ccolcc buidhen ar ná mharach do chottar i neanach
iomchumhang nár bho hurasa diongabhail no do shechna i noirchill an
tslóigh Gaoidhealaigh. Fuarat tar Tadhcc ó Flaithbeartaigh dia
saighidh i ttosach an tslóigh, agus amhuintir ina ccipe comhdhlutha
ina timchell. Ro léiccsiott na saighdiuiridhe frassa pelér fó thosach
an tslóigh Gaoidhealaigh go ttorchair Tadhcc ua Flaithbertaigh don
torainn sin, agus Urun ua Flaithbertaigh, agus Tadhcc ócc mac
Taidhcc uí Flaithbeartaigh co ndruing móirlucht lenamhna ina
ttimchell do maithibh criche Seódhach agus Cloinni Donnchaidh,
agus an mheid na ro marbhadh don ced frais don tslóigh Gaoidelach
ro imthighset gan scceinm gan sccath, agus ní ro lenadh iatt seacha
sin. Ro crochadh dna Eman mac Murchaidh na ttuacch uí Flaithbeartaigh
baoí illaimh i nGaillimh fó chend tri lá iar marbhadh Taidhcc,
agus muna tuititis an clann sin Marchaidh na ttuagh uí Flaithbertaigh
for foghail agus for díbeircc in acchaidh prionnsa Saxan ro badh
sccel mór a noidheadh amhlaidh sin.



Diarmait ócc mac Diarmata, mic Denis, mic Diarmata, mic Concobhair
(.i. espucc Luimnigh), mic Murchaidh an dana uí Dhedhadh décc,
agus a adhnacal i nDisert Tola ina baile fein i ttriochat céd
Ceneoil Ffermaic in uachtar Dal cCais.


L. 1884


AOIS CRIOST, 1590.
Aois Criost, mile, cuicc céd, nochat.



Burcaigh iochtaracha, agus clann nDomhnaill gallócclach do coimhtionol
agus do chruinniucchadh an ro fhédsat do dhaoínibh (amhail remebertmar)
hi ffoghmhar agus i ngeimhreadh na bliadhna remhainn co ná baoí aon
rob ionairimh o Chorrsliabh na Seghsa co cend iartharach Iorrais,
agus Umhaill gan dol leó isin commbáigh sin.



Sluaiccheadh las an nGobernoir Sir Risderd Binggam, agus lá hIarla
Tuadhmumhan Donnchadh mac Conchobhair, mic Donnchaidh uí Bhriain
co líon a ttoichestail an céd mí don bliadhain si .i. mi Ianuarii
do dhol ar Bhúrcachaibh co ro shuidhigedh campa conghaireach
ceithernlíonmhar hi cCunga leó, agus báttar Búrcaigh hi
ffoslongport ar a ccomhair don taoibh thiar, agus coinne gach laoí
etorra go cend coictidhisi co ná ro fédadh a síodhucchadh in aired sin.
Triallaidh an Gobernoir, agus an tIarla hi ccend na ree sin a deich
nó a dó décc do bandaibh do dhol tar beilgibh isteach do chor cuarta
i tTír Amhalgaidh, agus i nIorrus. Do dheachattar Búrcaigh
lá a ttaobh, agus bátar acc folmaise a bfobartha acc Bearnaigh na
Gaoithe, ar a aoí ní dheirgensat, agus ro léiccedh an chonair don
Ghobernoir, agus don Iarla. Bá don chur sin do benadh a throigh on
alt amach do Mhac Uilliam Búrc. Ro fhill an Gobernóir tar a ais go
Conga, agus ro shíodhaigh fein, Búrcaigh, agus clann nDomhnaill
re roile go ro chuirsiot a mbraighde ar laimh an Gobernora. Do chóidh
an Gobernoir go baile Atha Luain, agus ro sccaoilsiot fir Connacht
dia ttighibh.



Sluaiccheadh lánmhór las an nGobernoir hi mís Mharta do dhol ar Ua
Ruairc. Baoí do líonmhaire an tslóigh sin co ro léicc an Gobernoir
dronga dirimhe da caiptínibh agus dá chóirighthibh co Sliabh Cairpre
hi ccend Muintire hEolais, agus drong


L. 1886


ele duaislibh a shlóigh go droichet Sligighi don taoíbh tiar
do saighidh na Breifne go ro ghabhsat na slóigh sin acc losccadh
agus acc léirsccris, ag marbhadh, agus ag mudhucchadh ina mbaoí for
a ccionn is in ccrich go coitcend go rochtain i ccend aroile don tslógh.
Ro dibredh ua Ruairc don ruathar sin co ná fuair a dhíon nó a dhíden
co rainicc do na tuathaibh i ccend Mec Suibhne na ttuath .i.
Eoghan ócc mac Eoghain óicc, mic Eoghain, mic Domhnaill, agus
baoí ina fhochair go criochnucchadh na bliadhna so, agus gach aon
nach deachaidh ar ionnarbadh dá dhaoínibh tangattar asteach ar
tairiseacht i ccend in Gobernora. Baí Domhnall mac Taidhg mic Briain
uí Ruairc, agus Aodh ócc mac Aodha Gallda ag congnamh lá Gallaibh
ua Ruairc dathchur agus dionnarbadh. Ro bhaí an tír etir fhasach
agus aitiucchadh ar cumas an Gobernora co féil Michil ar ccind co
ttainicc Tighearnan bán mac Briain mic Eoghain uí Ruairc, agus
Brian (.i. Brian ócc) na Samhthach (mac an í Ruairc sin
do hionnarbadh) don tír i ttimchell na fele Michil. Do chóidhsiot
fein agus fineadhadha na Breifne agus Mhuintire hEolais, agus na
Ruarcach baí rempa isin tír i naghaidh an Gobernora, agus báttar
ag milleadh gach neith gus a rangattar im Ghallaibh go criochnucchadh
na bliadhna so.



Daingen mór nach dernadh a ionnshamhail lé hathaidh imchein do denamh
las an nGobernoir e tir Loch Cé agus Loch Arbhach.



Mac uí Neill .i. Aodh geimhleach, mac Seain Dhonnghailigh mic
Cuinn bhacaigh mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain do crochadh lá
hIarla Tire hEoghain .i. Aodh mac


L. 1888


Fhirdhorcha, mic Cuinn bhacaigh. Ní baí fer a aesa lé hathaidh do
Chenél Eoghain mic Neill ro badh mó eccaoine ina an tAodh sin.



Mac uí Domhnaill .i. Domhnall mac Aodha mic Maghnusa, mic Aodha
duibh, mic Aodha ruaidh mic Neill ghairbh mic Toirrdhealbhaigh
an fhiona do beith ag dol ar


L. 1890


bélaibh a athar (iar ndol dó i neneirte agus in innlaicce, agus iar
mbeith dia mhac ele illaimh in Áth Cliath) go ttaratt Domhnall
ina mbaoí ó Shliabh anoir i tTír Chonaill fó a nert agus fó a
cumachtaibh .i. ó Bearnas go Drobhaoís, Baoigheallaigh agus
Baghainigh beós. Bá saoth mór agus bá galar menman lá hingin
tSemais mic Domhnaill, Domnall do bheith for an abairt sin ar omhan
lé a rochtain i ccendus Cenel cConaill ar bélaibh a meic Aodh
ruadh baí illaimh in Ath Cliath cecib tan nó dheónaighfadh Dia dó
tocht a cuimreach conadh aire sin ro tionóileadh lé a mbaoí
fomhámaighthe dia fior do Chenél cConaill .i. O Dochartaigh
co na thionól, Mac Suibhne na ttuath Eoghan ócc co na sochraite,
Mac Suibhne Fanat co na sochraide go sochaidhe móir dAlbanchaibh
a maille friú. Iar ffios sccel do Domhnall ua Dhomhnaill an
toichestal sin do beith agá denamh cuicce, Ro tionoil sidhe for a
ccionn. Báttar iat ro eirgettar lais Mac Suibhne Bághaineach
Donnchadh mac Maolmuire, agus drong do cloinn tSuibhne na Mumhan
im triar mac Eoghain mic Maolmuire mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh
co na sochraide, agus Ó Baoighill Tadhcc ócc mac Taidhcc mic
Toirrdhealbhaigh co líon a thionóil. Bá hann do rala do mhac uí
Domnaill beith in err Tíre Boghaine alla niar do Ghlenn Colaim
Cille, gus na maithibh sin ina fochair. Ní ro hanadh lás an lucht
naile go rangattar an dú sin dia saighidh, agus ro fighedh sccainner
crodha etorra adiú agus anall, agus tarlaicset na hAlbanaigh saithe
saighett a fiodhbacaibh fobartacha co ro gonadh agus co ro crechtnaigheadh
(an .14. September) dronga dirimhe leó, agus ro badh dibh sidhe Mac
uí Domhnaill fodhéin co ná baí ina cumhang engnamh no ursclaidhi do
dhénamh co ro marbhadh an dú sin ag an Doire Lethan lá taobh cuain
Teiliontt. Ba handamh riamh rias an tan sin a bhuaidh agá
bhiodhbhadhaibh cen gur bhó biodhbhadha ittir in lucht las a
ttorchair (condus rala etorra don chur sin) agus gion gur bhó hé an
Domnall sin oidhre a athardha iar ffíor nír bhó dímhiadh do Thír


L. 1892


Conaill a oirdneadh fuirre dia leiccthí dia shaighidh í. Torcrattar
don caithiorgail sin i ffarradh Domhnaill an triar mac sin
Eoghain mic Maolmuire mic Donnchaidh go ndíbh cédaibh a maille
friú i ttimcell Domhnaill.



Uater ciotach a Búrc mac Seain mic Oiluerais do écc iar siodhucchadh
dó le Gallaibh.



Mag Cochlain .i. Sean mac Airt mic Corbmaic do écc, agus ní baoí
fer a duithche do sliocht Corbmaic Cais ro badh seolta shesccaire
cuirte, agus caisteoil, agus sostadha sadhaile inas, agus a mac Sean
ócc do oirdneadh ina ionadh.



Maolruanaidh mac an Chalbhaigh mic Donnchaidh mic Seain uí Cerbhaill
do écc.



Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn mic Tomais, mic Emainn
do ecc cendaighe fíona, each, agus ealadhan rob ferr dfior a inmhe
agus a athardha féin baoí ilLeith Mogha durmhór an tan sin, agus
Patraiccín a oidhre do beith illaimh in Ath Cliath an tan sin.



O Lochlainn Uaithne mac Maoileachlainn, mic Rudhraighe mic Ana
décc, agus a mhac .i. Rosa, agus mac a meic .i. Uaithne do beith
imresnach ré a roile imo ionadh.



Somhairle buidhe, mac Alastrainn, mic Eóin Cathanaigh mhec Domnaill
do ecc.


L. 1894


Eóghan mac an Deganaigh do écc.



Aodh Ruadh ua Domhnaill do bheith hi ccuimreach in Áth Cliath
fri ré theóra mbliadhan, agus theóra mís. Bá tochrádh mór menman lais
a bheith amhlaidh sin i


L. 1896


ndaor bhroitt, agus nír bhó fó a dhaigh bhudhéin acht ar dháigh ná
daoírchimidheachta i mbáttar a thír, agus a thalomh, a chairde, agus
a choimhfhialus in gach maighin seachnón Ereann. Ro bhaoí occa
sccrudadh ina menmain do gres caidhe an teasrus eludha fó ghébhadh.
Nír bhó sodhaing dhósomh an ní sin, ár dos fucctha i cubhachail
fhoiriata is in caislén gach noidhche dia iomchoimhéd condus ficcedh
tert ar a bharach. Bá imne baoí an caislén hisin agus lethanchlais
lándomhain lionn-uiscce ina uirthimcheall, agus clárdhroichet
comhdhluta fuirre fó erchomhair dhorais an dúine, agus gasradh
gruamaineach na nGall amuigh agus histigh imón dorus dia dhúrchoimhétt
co ná diccseadh aon táirsibh inunn nách amach gan athchomharc. Ar a
aoí ní bhí friothaire ar nach ffaghthar faill fá dheóidh. Buí Aodh
co ndruing dia


L. 1898


aos cumtha ina fharradh i ndeiriudh geimhridh do shonnradh i nurtosach
oidhche ré siú do rata is na cubhachlaibh foiriata i mbítís gach noidhche.
Do bertsat téd réfeadh ro fhoda leó gus an ffenester baoí for a
nionchaibh, agus dus relged síos fris na suainemhnaibh go
tharblaingset fors an urdrochat baoí alla muigh do dorus an dúnaidh.
Buí idh imremhar iarnaighe as an ccomhladh fri a tarraing chucca amach
do neoch an tan badh adhlaic. Do ratsomh balc lán glaice do chronn
comhdhaingen tres an idh ar na tíosda dia ttograim co tinnesnach as an
dúnaidh. Ro bhaoí ócclach do sainmhuintir an Aodha i ffoichill a
néludha, agus do rala sidhe dhóibh iar ttoidheacht amach agus dá
lanncloidhemh láncodat lais fó a choim, agus do bert illaimh an
Aodha. Do ratt cloidhemh dibhsidhe dia roile laoch amra do
Laighnibh, Art Caomhanach ata comhnaic, Ba háirsigh iorghaile agus
ba taoíseach iomghona eisidhe.



Cidh iat na forchoimhedaighe tra ní ro ráthaighset ineallmha an téludh,
agus cidh an tan tucsat dia nuídh é, do cengat fó chédóir do shaighidh
dhorais an caisteoil amhail as déine conrangattar uair ro badh dóigh
leó co ttáirsittís iatt i ttraite. Iar rochtain dóibh gus an dorus
forfhémhidh forra a erslogadh condus tardsatt fri a ttoghairm chuca
an lucht do rala is na tighibh batar for ionchaibh an dorais don taobh
araill don tsraitt. An tan tangattar sidhe


L. 1900


fón toghairm ro ghadsat an crand baoí tres an idh eiste, agus
do lecet an comladh suas do lucht an chaisteoill, do dheochatar co
ndruing móir do lucht na cathrach illenmhain na nócc at rulattar
uadhaibh. Ní bhaoí bá do sodhain uair bátor somh alla muigh do
mhuraibh an bhaile, ria siú ro ráthaighitt ar robttar ersloicthe
óbhéla doirsi na ríoghcathrach an ionbhaidh sin for a ccionn, agus
Rangattar for réidh an tslébhe baoí rempa .i. an Sliabh Ruaidh agus
ní ro léicc an omhan dóibh sidhe ascnámh isin conair coitchinn itir.
Ní ro ansat dia reimim go rangattar iar scís astair agus imthechta
tars an ruaidhsliabh rémhraite. O robdar scithigh tuirsigh tiaghaitt
gus an ccoileadh cliothardhluith forcaomhnacair for a ccind, agus
airisit innte co madain. Do beartsatt iarsuidhe laimh for imdhecht
ar nír bho hinnill leó anmhain isin ffiodbhadh ar omhan a ttóraigheachta,
ar a aoí nír bhó tualaing Aodh ar asccnámh lá a oes cumtha, uair
ro tréghdadh a throighthe toinngheala tanaighe lá haitten an tsleibhe
ar ro heitterdhelighitt a nassa friú iar sccaoíleadh i nuamann lás
an ffleachadh ná fuairsead gó sin. Bá saéth mór lá a aos cumtha ná
ro fhedsat leó é ní bádh síriu, agus tiomnait celeabhradh dhó, agus
fágbhaitt bendachtoin occa. Ro fhaoídh siumh a fher muintire go aroile
duine uasal do shaorchlandaibh chóiccidh Laighen do rala hi ccaistiall
ina chomhfhochraibh dus an ffoighbheadh a iomshnadhadh nó a imdhíden
occa. Felim ó Tuathail a shlondadh, agus bá cara do Aedh ria
sonn (an darlais) uair do chóidh


L. 1902


dia fiosrughadh somh fecht naile isin ccuimreach i mbaoí in Áth
Cliath co ro naidhmset a ccarattradh dibhlínibh fri a roile. Luidh
an teachta co hairm i mbaoí Felim, agus atfet dó an toiscc ima
ttáinicc. Bá faoíligh siumh riamh, agus ro thingheall go ndeirghenadh
gach maith dia ccaomhsadh do Aodh. Ar a aoí trá ní ro fhodhaimsed
a chairde nach a chomfhuilighe dhó a dhíchleith ar uamhan smacht chana


L. 1904


na nGall. Ro fes iaromh forra a bheithsiumh isin coilleadh amhail
atrubhramar, agus ro cuas leó for a iarair .i. lás an lucht
atchualaigh a bheith isin ffiodbhadh, agus do léiccitt co na luircc
for a foilleacht. O Rob erdalta lá Feilim a fhagbháil, as í
comhairle do do róine siumh agus a bhráithri iad badhéin dia
erghabháil agus a bhreith do cum an tsenadh gus an ccathraigh
for ccúlaibh dorídhisi. Do gníth samhlaidh. O rainicc sidhe co
hAth Cliath, Robtar subhaighe an comhairle dia rochtain chuca, agus
do rónsat neffní agus brígh mbicc don uile ghiall agus aittiri oile
ro elaidhset uadhaibh. Ro cuireadh isin ccarcair chédna do ridhisi é
agus do bretha geimel glaisiarainn fóa feibh as cuimge conrangattar,
agus ro both occá frithaire agus occá forchoimhéd amhail as deach
ro fhédsat. Ro clos go coitchionn fó crich nEreann a elúdhsomh
samhlaidh, agus a ergabháil doridhisi, agus ro la socht mór for
Ghaoidhealaibh de sidhe.



AOIS CRIOST, 1591.
Aois Criost, mile, cuicc céd, nochatt, a haon.



O Ruairc Brian (.i. Brian na Múrtha) mac Briain mic Eocchain
do ionnarbadh (amhail do scriobhabh tuas) i tTir Conuill gus na
Tuathaibh, agus baoí tuilleadh ar bhliadhain i ffochair Mhec
Suibhne Eóghan ócc. Do chóidh iar sin co hAlbain ar dáigh caomhna
nó comhfhurtachta dfaghbháil ó rígh Alban. Rugsat drong do
mhuintir na bainrioghna fair, agus do bearat leó é go Saxain agus
co Lonndain, agus baí lé hathaidh illaimh ann sin go térma na
Samhna ar ccionn. Ro cuireadh


L. 1906


dliccheadh fair go ro daoradh dó chum báis. Ro crochadh ro dícendadh
agus do rónadh cethramhna dhe iaramh. Ro badh do mhóirsgélaibh
Gaoidhel oidheadh an Bhriain hísin, uair ní thainicc dia bhunadh
freimh ó chein mháir neach no dearsccaighfedh de de ar dearlaccadh
ar dheigheineach ar dhuasaibh duanmholta ar chaithemh ar chongháir
ar aobhdhacht ar fhoistine ar chothucchadh cathlaithrighe ag imdhíten
a athardha ar ainffine eachtrand có a oidheadh don chur sin.



Murchadh mac Conchobhair mic Toirrdealbhaigh, mic Taidhcc, mic
Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha an Aonaigh uí Bhriain décc i
cCathair Mionáin 25 Februarii, agus a adhnacal hi cCill
Fhionnabhrach.



Mairgreg inghean Domhnaill mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh,
mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Chatha an Aonaigh uí
Bhriain, Ben Toirrdhealbhaigh mic Briain mic Donnchaidh mhec
Mathghamhna do écc hi cCill mhec Dubhain, agus a hadhnacal i
nInis Cathaigh agus a deirbhsiur ele .i. Aine ben Toirrdhealbhaigh
ruaidh mic Taidhcc mic Murchaidh mic Taidhcc ruaidh mec Mhathgamhna
do écc.



Donnchadh mac Murchaidh ruaidh, mic Briain, mic Taidhcc, mic
Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha an Aonaigh do écc .8. Februarii.


L. 1908


Uilliam Búrc mac Seain, mic Óiluerais, mhic Seain do mharbhadh le
duine uasal dá lucht lenamhna fein .i. lé hAlastrann mac Aodha
buidhe mhec Domhnaill.



Mac mec Uilliam Búrc .i. Uatér na mbuilledh mac Riocaird mic
Seain an Termainn, mic Maoílir do mharbhadh ar ionnsaighidh oidhche
lá druing dia comhmbraithribh gaoil agus geinealaigh fein, agus lá
cuid do cloinn nDomhnaill.



O Baoighill Toirrdhealbhach ruadh mac Neill, mic Toirrdhelbhaigh,
aén bá dearsccaighthe tainic dia bhunadh fhreimh ó chein mháir post
congmhala dámh agus deóradh fer médaighthe neimhedh eccailsi agus
ealadhan, Guaire a cheneoil ar fhele agus eineach, Tógbhálaigh trógh
agus annffann do écc ina longport fein fó fhéil Bríghde, agus a
adhnacal co nonoir i nDun na nGall i nothairlighe a shinnsior.



AOIS CRIOST, 1592.
Aois Criost, mile, cuicc céd, nochat, a dó.



O Conchobhair ruadh Tadhcc ócc mac Taidhcc bhuidhe, mic
Cathail ruaidh do chrochadh ar Session Rosa Comain i mí Ianuarii
tria ciontaibh a chloinne báttar for foghail agus for dibeircc i
nacchaidh corona Saxan, agus as amhlaidh baoí-siomh an tan sin
arsaidh anffand, díradhairc ge do fuair a oidheadh amhlaidh sin.



Mac Diarmada Maighe Luircc Brian mac Ruaidhri mic Taidhcc mic
Diarmada decc i mí Nouember, agus ro ba móide dadhbhar éccaoine
écc an fhir sin gan a chosmailes do beith do chloinn Maolruanaidh
do ghébhadh cendus dia eisi.



Mac Conmara riabhach tighearna an taoíbhe toir do Cloinn Cuiléin
.i. Domhnall


L. 1910


riabhach mac Conmedha, mic Donnchaidh, mic Ruaidhri, mic Meccon
chennmhóir décc 11 Februarii fear caithmheach conghaireach,
dearlaicthech, daonnachtach eisidhe.



Duine uasal do Shiol Aodha décc isin mí chédna .i. Sean na
ngeimhleach mac Conmara mic Mathghamhna, mic Aodha.



Mór inghen Donnchaidh, mic Seain, mic Maolruanaidh na fésóicce
mic Taidhcc uí Cerbhaill, ben mheic uí Bhriain Ara do écc, ben
ro chaith a haimsir co maith, agus do faccaibh an saoghal gan athais
gan imdhearccadh.



Caitilín inghen Domhnaill, mic Fingin, mic Diarmada an Dúnaidh
még Carthaigh ben Taidhcc mic Corbmaic óicc, mic Corbmaic, mic
Taidhcc még Carthaig, ben cheilligh, craibdeach dercach, deigheinigh
do écc iar mbuaidh ó dhemhan, ó dhomhan, agus ó daoinibh.



Mac uí Mheachair Sean an Ghlenda mac Tomais décc.



Burcaigh Rainn mec Uilliam uile co na lucht lenamhna dho dhol
ar a ccoimhétt agus iar ffios sccél don Gobernóir Sir Risderd Bingam
do chóidh i cconntae Maighe eó go mbáttar bailte an tire slán agus
bhriste ar a chumas .i. Dún na


L. 1912


Móna, Cúil na cCaisiol, an Ghaoisítteach, agus an Cluainin.
Tuccsat Búrcaigh ionnsaighid ar an nGobernóir co Cúil na cCaisiol,
agus ro badh dioghbhálaighi iad fein ag filleadh dóibh iná an
Gobernóir. Ro chuir an Gobernóir iar sin fedhnacha troma do buanadhaibh
Gallda agus Gaoidhealcha diarraidh na mBúrcach sin báttar for
díbheircc agus for foghail fó chendaibh cnoc cendgharbh, agus
choilltibh ndosach ndlúith-aimhréidh. Nír bhó cian ro bháttar for an
iarraidh sin an tan ro shuidhsiot gus an nGobernóir go líon creach
agus gabhál, go mbraighdibh ban agus fer, co mbuaibh, agus co
ccaiplibh iomdhaibh. Tangatar Búrcaigh iar sin fo breith an
Gobernora acht mac Demhain an Chorráin .i. Risderd mac Riocaird.
Ro shealbhaigh an Gobernóir bailte an tíre dho fein a hughdarrás
an Phrionnsa, agus ro fhaccaibh Seón Binggam, agus bandadha uadha
fein agá niomchoimhétt.



Aodh ruadh mac Aodha, mic Maghnusa uí Dhomhnaill baí sidhe i
ccarcair, agus i ccuimreach in Áth Cliath iars an ccédna héludh
go geimhredh na bliadhna so. A mbáttar ann i nurthosach oidhche
(eissiumh agus a aes cumtha .i. Clann uí Neill .i. Sean Enri
agus Art) fuarattar ell fors na coimhédaighibh riasiú do rata
isin bproinntigh go ro bhensatt a ngeimhle dhíobh. Do chóttar
iaromh gus an ffiailteach, agus téd réfedh síothfhoda leó co
ro leiccit síos las na suainemnaibh trias an ffiailtigh co
riachtattar an cclasaigh comdomhain baí i ttimchell an cais-


L. 1914


teoil. Ro dringset iaramh fris an mbruach alltarach go mbáttar for
ur na clasach. Baoí giolla tairisi ag tathaighidhe chuca agus uadhaibh,
agus ro leiccsiot a rún fris, agus do rala chuca an tan sin é co mbaoí
ag dénamh eolais dóibh. Lottar


L. 1916


iaramh tré sraidibh na cathrach i ttrécumasc cáich, agus ní thard
neach dia uídh iad acht amhail gach naon aile uair ní ro ansat lucht
an bhaile do thathaighidh an tan sin, agus roptar óbhéla oslaicthe
doirsi na cathrach. Rangattar iaramh tré gach niomdhoraid agus tré
gach naimhréidh go ruachtattar for reidh an Ruaidh Sleibhe trias
a ndeachaidh Aodh isin chéd elúdh. Ro edarsccar dorchata na
hoidhche agus tindenus an teichidh (ar uamhan a ttograma) an tí bá
sine díobh friú .i. Enri o Néill. Aodh ba sóamh díobh ar aoí
naoisi gion gur bhó hé ar aoí noirbertais. Nír bó faoíligh
iadsomh tré edarsccaradh Enri friú, ar a aoi ro gabhsat ag
asccnamh rempa, agus a ffer muintire acc denamh eólais dóibh. Baí an
adhaigh ag snidhe sneachta gu nár bó sodhaing dóibhsiumh a siubhal
uair bádar gan édach gan fhorbhruta iar ffágbháil a nuachtairearraidh
isin ffiailtigh trés a ttangattar. Bá moa ro ineirtnigheadh Art
fris an dianastar ina Aod, uair bá cian fhoda ó ro cuimrigheadh
essidhe, agus do chóidh i ttroma anbhóill tré fhod a chomhnaidhe
isin ccarcair i mbaoí. Nír bhó hamhlaidh sin dAodh, ní rainicc
tar aoís macdachta, agus ní ro anastair dfás no dionfhorbairt an
ionbaidh sin, agus bá huttmall esccaidh a cheimim agus a imtheacht.
O ro airigh siumh Art agá enirtiucchadh agus aidhleiscce agus
ionmoille a cheime ro fhurail fair a lamh do chor for a ghualainn
badein, agus an lamh aile for gualainn an ghille. Tiaghaid ass amhlaidh
sin go rangattar tar an Sliabh ruadh. Robdar scíthigh thoirsigh iaramh,
agus ní ro fhédsat Art leó ní ba sia, agus ó na ro chumaingsiot a
bhreith leó do ronsat airisemh agus comhnaidhe i ffoscadh allbruaich
iomard baoí for a ccionn. Iar nanmain dóibh annsaidhe ro chuirsiot
an giolla uadhaibh lá sgélaibh go Glend Mhaoílughra airm i raibhe
Fiacha mac Aodha baoí i néccrattas fri Gallaibh. Glend daingen
diothoghlaighi esidhe, agus no gnáthaighdís drong mhór do ghiallaibh
Atha


L. 1918


Cliath an tan do elaittís ass dol gus an nglend íshin ar bá hinnill
leó beith annsaidhe cco ttiagdais dia ttír. O Rainic an giolla gus
an maighin i mbaoí Fiacha atféd a scéla dhó, agus amhail ro fháccaibh
na hócca ro ela as an ccathraigh, agus nach bérthaoi i mbethaidh forra
muna thíosta dia ccobhair attraitte. Ro fhorchongair Fiacha fó
chédoir for druing dia aos gradha (doneoch robdar tairisi lais dibh)
dol dia saighidh, agus fer fó biúdh agus fear aile fó lionn agus cormaim
leó. Do rónadh fairsiumh indsin, agus rangattar bail i mbattar na
fiora. Monuar nír bhó soinmheach sadhal báttarsomh for a ccionn,
uair as iad robdar édghadha dia ccorpaibh aineachtair colbhadha
ciumhaisgheala cloichsneachta acc reódh dá gach leth impa, agus acc
iomuaim a nionar nuiréttrom, agus a sreabhannleintibh snáthchaol
fri a ccnesaibh, agus a nassan imleabhar, agus a niallachrann fri a
noircnibh, agus troightibh gur bhó samhalta las na fiora dus fainic
nár bhó daoíne itir iat iar ná niomfholach isin sneachta uair ní
fhuairsiot bedhgadh ina mballaibh acht amhail batís mairbh. Ro tógbhadh
leo iad as a lighe, agus ro fhurailsiot forra ní don bhiadh agus don
lionn do thochaithemh, agus ní frith uadhaibh idir uair gach deoch
nó eabhdais nó telgdís gan fhuireach, conadh ann sin atbath Art
fó dheóidh, agus ro hadhnacht an dú sin. Dála Aodha ro chongaibh
sidhe iar sin an chormaim, agus ro battar a bhríogha for forbairt
iar ná hól acht a dhi chois namá, uair as amhlaidh battairsidhe ina
mballaibh marbha gan mothucchadh iar nat agus ionbholgadh ris an
reódh agus ris an sneachta. Ro chuirsiot na fir for iomchar eissiumh
gus an nglionn adrubramar, agus baí i ttigh deirrit i ndiamhair an
dlúithfhedha agá leighes go ttáinicc teachtha go dícelta dia fios
scél ó a chliamhain an tIarla ó Neill. Ro triallsomh imteacht
iarsin iar mbreith don teachta fair. Bá doiligh dósomh dol isin
turas sin uair ní ro fédadh leighes dia troighthibh gur bhó


L. 1920


heigen do neoch ele a thurgbháil for a eoch, agus a ghabháil etir a
dibh lamhaibh do ridhisi an tan no tharbhlaingedh. Ro cuir Fiacha
dírim marcach isin adhaigh lais go rainic tar abhainn Life dia
imdeghail for na celccaibh batar fó a erchomhair, uair do chualattar
Goill Atha Cliath go raibhe Aodh i nGlionn Mhaoílughra, conadh
aire sin ro chuirsiot lucht coimhéda for áthaibh édoimhne na habhann
co ná raghadh Aodh, agus na braighde ro éla amaille fris thairsibh
i ccóicceadh Uladh. Bá heiccen do na hóccaibh bátar i ffarradh
Aodha gabhail a bfoccus do chathraigh Duibhlinne tar ath ndoraidh
niomdhomhain baí for abhainn Life co rangadar gan fhorcloisteacht
do na Gallaibh co mbáttar for faithche an dúine. Ro bhaí an lucht
las ro trécceadh somh feacht riamh (iars an ccédna héludh .i.
Felim ó Tuathail co na bhrathair) i ttréchumascc an díorma agá
threórucchadh gus an dú sin, agus ro chengailsiot a ccodach agus a
ccairdes re a roile. Tiomnait celeabhradh dho, agus fáccbhaid
bendachtain occa, agus sgarait fris annsin.



Dala Aodha uí Domhnaill ní bhaí ina fhochair acht an taon ócclaoch
do dheochaidh for a iarair isin nglionn oirdearc do mhuintir Aodha
uí Neill, agus nó labhradh tenga na ttuath nechtrann, agus nó bhíodh
do ghrés i ffochair an Iarla (.i. Aodh o Neill) an tan nó teighedh
i mescc Gall gur bhó heólach, agus gur bhó dána in gach conair baoí
for a chionn. Lotar iaramh for a ndíbh neachaibh ána udmalla for
ródaibh raoín ndírghe na Midhe co rangattar for Brú na Bóinne ria
madain edh goirid ó Droichet Atha siar, agus robtar omhnaigh im
ghabhail gus an ccathraigh íshin conadh é ní do rónsat gabháil lá
hur na habhann go hairm i mbíodh iasccaire dínnimh dearóil, agus
arthrach becc occa ré hiomlochtadh. Do chóidh Aodh isin ccurach co
ro fháccaibh an tiomarchorthaigh é fors an mbruach alltarach iar
ttabhairt a lán lóighe dó. Ticc fer muinntire Aodha ina frithing,
agus gabhaidh lás na heocha trés an ccathraigh, agus do bert go
hAodh iad don taobh araill don abhainn. Tiaghait for a neachaibh,
agus lottar co mbádar dá mhíle ón abainn. Ad chiad doire dosach
dioghainn for a ccionn an chonair ro ghabhsat, agus dúnchladh dímhór
ina thimchell amhail bidh lubhgort foiriata. Ro baí dúnárus airdhirc
lá hócclach naireghdha


L. 1922


do na Gallaibh látaobh an doire, agus bá dearbchara dAodh ó
Néill eisidhe. Iar ttocht dóibh gus an dúncladh scuiritt a neich,
agus tiaghaitt isteach isin doire baoí isin dúnchladh uair ro badh
fíréolach caoímhtechtaidh Aodha isin maighin sin. Iar ffagbhail
Aodha hisuidhe luidh siumh isin dúnadh, agus fó gheibh a fhiadhucchadh,
fuair siumh aireccal deirrit dAodh ó Dhomhnaill, agus do bert lais
é go ro frestladh agus co ro friotháileadh amhail bá lainn leis.
Ro ansat hisuidhe co ar a bharach dadhaigh Ro gabhadh a neich dóibh
i nurthosach oidhche, agus lotar tar Sliabh Bregh, agus tré
Machaire Conaill co rangattar co Traighbaile mic Buain ria madain.
O Robdar erslaicthe doirsi an bhaile isin madain muich assedh
ro chinnset gabhail tremhit go rangatar ina reimim for a neachaibh
go riachtatar don taobh araill. Robtar subhaigh forffaoíligh ar aba
a ttérnuídh tar gach mbaoghal dá mbaoí rempa gó sin. Assedh do chottar
iaramh gus an ffiodh airm i mbaoí Toirrdhealbhach, mac Enri, mic
Felim ruaidh í Néill, do léiccen a sccísi. Bá hinnill dóibh
ann saidhe uair bá cara agus bá coiccéle dósomh an tí Toirrdhealbhach,
agus ba hionann mathair dósidhe, agus don Iarla ó Neill.
Airissit andsaidhe co ar a bharach. Do dheachattar iaramh tré Sliabh
Fuaitt co rangattar go hArdmacha, anait ann co dícealta in adhaigh
sin. Tiaghaith ar a bharach co Dún nGenainn airm i mbaoí an tIarla
Aodh ó Néill. Bá faoíligh eissiumh dia ttoidheacht, agus ruccadh
iad i naireccal uaigneach gan fhios dá gach aon acht madh uathadh
dia aos tairisi


L. 1924


batar ocá ffritháilemh, agus baoí Aodh an dú sin ré cetheóra noidhche
ag cur scísi a aisttir agus a imnigh de. Do bert iaromh lámh for
imtheacht, agus ceileabhrais don Iarla iar ccor dírime marcach lais
go rainicc co hairer Locha hÉrne.



Ba cara dósomh triath an tíre, agus bá brathair arrainn a mathar .i.
Aodh Maguidhir uair bá hí Nuala ingen Maghnusa uí Domhnaill a
mhathair. Ro ba faoíligh Máguidhir remhesiumh. Tuccadh iaramh
ethar dia shaighidh agus teid inn. Imraisset as iarsodhain co
rangatar gus an ccaol ccumang baoí fors an loch co ro gabsat port
an dú sin. Do chóttar drong dia shain muintir ina comhdhail annsin,
agus do bertsat leó é co caislén Atha Senaigh airm i mbáttar barda
uí Domhnaill a atharsomh. Baí andsaidhe co ttangattar a mbaoí ina
ccomhfhochraibh isin tír dia saighidh dia fhiadhucchadh. Robtar
faoíligh a shain muintir fri damhna na flatha dus fainicc, agus gé
ro dlighshet sainsherc dhó ar aoí a cheneóil Ro bhaoí damhna nár
bho luccha acca dia fforbháilte fris, uair as amhlaidh baoí an tír ina
ceide creach etir Ghallaibh, agus Gaoidhelaibh gó sin. Ro bhattar tra
dá chaiptín airdheirce .i. Captin Uulis agus Captin Conaill go
ndíbh cédaibh laoch amaille friú (tangattar athaidh rias an tan sa
a cóicceadh Connacht) acc ionnradh agus acc orccain an tíre co
coitcheann co mbaoí ó shliabh anoir i tTír Conuill ar a ccumas
cenmota caistiall Atha Senaigh, agus caistiall Duin na nGall airm
i mbaoí ó Domhnaill go nuathadh daoíne ina fhochair. Ar a aoí ní
ro fhédsat ní dhó, agus ní bhaoí cumhang occa gabhail friú im
aidhmhilleadh na criche. Ba hann ro gabhsatt na Goill íshin
ionatacht agus aittrebh i mainistir na mbrathar i nDun na nGall
iar ndol dia hurd agus dia macaibh eccailsi fó dhiamhraibh, agus fo
droibhelaibh an tíre ar a niomhghabhail siumh duamhan a mudhaighthe
agus a míimberta. Iar mbeith athaidh isin mainistir dóibh gus an
uathadh sluaigh atrubhramar,


L. 1926


do dheachattar drong díobh co heochair imlibh an chuain dí mhile
ceimenn ó Dún na nGall siar go Baile uí Bhaoighill óir bá hinnill
leó beith isuidhe ó ro bháttar braighde na criche for a ccumas.
Nó teighdis ina ndeisibh agus ina ttriaraibh co mbeirdís cródh agus
cethra, ionnmasa agus edala in ro ba comhfochraibh dóibh don tír
dia saighidh don bhaile íshin. Battar do ghrés acc tóchuiredh fuillidh
slóigh agus sochaidhe chuca do dhol tar Bernas Mór dingreim agus
darccain na tíre don taobh thoir do shliabh amhail do rónsat airm
imbattar.



Imthusa Aodha uí Domhnaill iar ttogairm a thíre chucca, ní ro an
friú go léicc (ó ro chuala an mhórbhroid i mbattar Cenél cConaill,
milleadh agus mídhiach na mainistrech) acht assedh do róine toidhecht
go Dún na nGall eineach i nionchaibh fris na Gallaibh. Ní tardsat
an tír eissiomh i ffaill gan tocht fó a thoghairm ina neisibh agus
ina mbuidhnibh amhail as deine conrangattar doneoch ro charsat hé
lásodhain ro lásomh a theachta ar amus na nGall dia rádha riú gan
iomfhuireach nó easnádhadh isin eglais dia haidhmilleadh ní bá síre,
agus nach ttoirmesccfadh impa techt an chonair badh lainn leó, acht
namá co ro fháccbaidis dia neis ina mbaoí do bhroid, agus do chrodh
na criche leó. Ro bhaoí duamhan agus dimeaccla forra somh co
ndearnsatt indsin amhail ro fhorchongraidh forra, agus robdar buidhigh
do rochtain a nanmann leó, agus lottar for a ccúlaibh doridhisi i
ccóicceadh Chonnacht. Tangattar na braithri iaramh don mhainistir.



Do chuaidh Aodh ó Domhnaill go hÁth Senaigh i ffrithissi, agus
do bert legha do leighes a chos, agus ní ro fhédsat leighes dó co
ro dheilighsiot a dhí ordain fris, agus nír bhó hóghslán go diuidh
mbliadhna. Baoí siumh amhlaidh sin in othairlighe a chos ó fhél
Brighde go mí April. O do deachaidh adhuaire na haimsire errchaidhe
for ccúla bá foda lais ro bhoí ina othairlighe agus ro chuir
tarcclamadh agus tionól for a mbaoí umhal dia athair alla thoir don
tsliabh oirdearc .i. Bernas Mór Tíre hAodha, agus ro thionóil
chuicce a mbaoí alla thiar don tsliabh chédna .i. ó Baoighill, agus


L. 1928


Mac Suibhne Thíre Bóghaine. Tánaic bheós dia comhmóradh ó Domhnaill
a athair .i. Aodh mac Maghnusa, mic Aodha duibh co na commaim amaille
fris .i. inghen tSemais mec Domhnaill a mathairsiomh. Bá sé ionadh
erdalta in ro dhalsat na maithe sin re a roile hi cCill mic Nénáin,
agus bá hand nó hoirdnighthe ua Domhnaill do ghrés i ttighearnas for
Chenel cConaill. Rainicc siumh gus an líon ccédna an dú sin. Tánaic
ind aires Aodha uí Domhnaill gus an maighin sin, Mac Suibhne
Fánat Domhnall mac Toirrdhealbhaigh, mic Ruaidhri, agus Mac Suibhne
na tTuath Eoghan ócc mac Eoghain óicc mic Eoghain. Báttar
dronga dearmhara do Chenel cConaill ná tánaicc isin ccomhdhail sin.
Ro ba dibhsidhe Aodh mac Aoda duibh mic Aodha ruaidh í Dhomhnaill,
agus sliocht an Chalbhaigh mic Maghnusa mic Aodha duibh, ua
Dochartaigh Sean ócc mac Seain, mic Feilim mic Conchobhair charraigh
toíseach triochait chétt Innsi hEocchain, agus drong do Cloinn
tSuibhne do dheachaidh as a ttír, conidh and ro aittreabhsat for ur
Locha Feabhail, agus as iad robtar toisigh iomgona don Calbhach ua
Domhnaill, agus dia shiol ina dedhaigh. Báttar bheós drong mhór don
mhuintir Ghallchubhair gan thecht ann sin tria mhioscais agus tria
mhíorún amhail an lucht naile.



Do chóidh iaramh ua Domhnaill Aodh mac Maghnusa agus na maithe sin
tangatar dia shaighidh do chrúdh a ccomhairle, agus bá sedh ro cinnedh
lá hua nDomhnaill (ó ro airighestair a enirte agus aidhbhle a aoíse)
a thighernas do thabhairt dia mhac, agus ó Domhnaill do ghairm de.
Ro mholsat cách i ccoitchinne an chomhairle ishin, agus ro gnithe
samhlaidh, uair do radadh ó Firghil an tairchindeach dia saighidh,
agus ro oirdnestairsidhe Aodh ruadh i ccendus na criche lá forcongra,
agus lá bendacht a athar, agus do róine órd an anma feibh ro ba téchta,
agus ro ghair ua Domhnaill de an .3. lá do Maii.



Ni ro léicc ó Domhnaill Aodh ruadh sccaoileadh don uathadh sochraide
sin do rala ina fharradh co rainicc etir throighthech agus marcach isin
ccoiccrich i cCenél Eoghain mic Neill. Ní dheachaidh tra raibhthe, ná
reimhfios dia saighidh, ar ní ro shaoílsiot a eirghe siumh ineallmha as
in lighe ina mbaoí, agus ní móa do radsat


L. 1930


dia nuídh teichemh ria cCenel cConaill ó cein mhair. Ro creach loiscceadh
in ro ba coimhnesa doibh do Cenel Eoghain las an uathadh slóigh
sin gontar airlightear gach aon rob inéchta ar a ruccsat. Tarthatar
an sluagh edala iomdha etir cethraibh agus indilibh, agus soait
for ccúlaibh dia ccrich budhéin.



Bá hantt baoí dúnarus uí Néill Toirrdelbaigh Luinigh ar an Srath
mBán in ionbaidh sin, agus níor bhó gnáth airisiomh uí Néill
riamh hisuidhe gus an tToirrdhealbhach íshin. Bá mór a mhiofholta
somh fri Cenel cConaill, agus fri cliamhain uí Domhnaill .i. an
tIarla ó Neill. Ro tharraing ua Neill drong do Ghallaibh
Duiblinne dia nertadh i nachcaidh Cenel cConaill agus an Iarla
uí Neill .i. Captin Uulas, agus Captin Fulart go ndíbh cédaibh
laoch amaille friú. Bá galar menman lá hua nDomhnaill ócc Goill
Duibhlinne do thocht i nor a chriche do taischéladh a athardha,
agus an chuiccidh ar chena conadh aire do róine Slóiccheadh lais a
ccionn tseachtmuine i tTír Eoghain. Ro theichsiot lucht an tíre an
dala feacht riamh go rangattar Ciannachta Glinne Geimhin. At cuas
dósomh co mbuí ó Neill agus na Goill remhráite co líon a sochraide
ina comhfhochraibh, for fhorcongart ó Domhnaill for a shochraide a
nionnsaicchidh airm i mbáttar. Do rónadh fairsiumh indsin. Do bhert
fuabairt biodhbhadh agus amus amhnas forra hi midhmedhón laoí.
Od conncatarsaidhe Cenel cConaill chuca ní ro ansat friú acht
tiaghait for a niomghabháil co caislén baí for brú na habhann dianidh
ainm Roa. Ba daingean díthoghlaighe an caistiall íshin, agus bá
dún aras dua Catháin eisidhe. Ro gabh ua Domhnaill acc iomsuidhe
imon mbaile. Ro fhaoídh ua Catháin a theachta do shaighidh uí
Dhomhnaill, agus sccribhend lais chuicce, bá hedh baoí isin litir gur
bho dalta dósomh ó Domhnaill, agus co ro ernaidhm a charadradh rís
ó chéin, agus ro ba téchta dhó fó dáigh an charattradh íshin an ccreich
táinicc for a ionchaibh agus for a


L. 1932


chomairce do leccadh dhó an tan sin, agus nách léiccfeadh chuicce
doridhisi dia mbeith siumh ina dhiaidh. Do rad ó Domhnaill an aisccidh
sin dó, agus soais ina fhrithing, agus ro airis co cend teóra noidhche
co na laibh is in ccrich as a ndeachattar na creacha dia ttard comairce
aga lot agus accá láinmhilleadh. Soais tar a ais dia thír feisin,
agus ní ro airis co rainicc Dún na nGall, agus baí annsaidhe fri ré
dá míos aca leighes.



Ro ba fada laissiumh baoí ó Neill agus a Ghoill gan fobairt fris
an ré sin, agus ro chuir tionol for a shloghaibh lotar ass iaromh tar
Bernas Mór, thar Finn tar Modhairn do dhol gus an Srath mBán
airm i mbaoí ó Neill co na Ghallaibh, agus ní ro ansat go rangattar
eneach in ionchaibh friú. O Neill tra ní ro fháccaibh sidhe náid a
Ghoill daingen an dúnaidh dia ffobairt siomh, o na fuarattar somh
a ffreaccra im chaithiorghail, bássedh do ronsat teinnte agus tendala
dadhannadh i ccetheóra arda an bhaile, agus ní ro scarsat fris co
ros loiscsiot i mbaoí do tighibh fri múraibh seachtair, agus ó na
fuarattar na Goill amach do tharrachtain na hoirccne do chóttar dia
ttighibh iar ccosccar.



Imthusa an Iarla í Neill ó ro fhidir sidhe ainchridhe a cheneoil
badhéin dua Dhomhnaill (Aodh ruadh) assedh do róine dol do shaighidh
an Iustis .i. Uilliam Fitzuilliam, agus protexion dfaghbháil dua
Dhomhnaill lá tocht do lathair, agus dia accallaimh co Traighbhaile
mic Buain. Fuairsiumh idir indsin agus do chóidh ar cend í
Domhnaill go Dún na nGall, agus ruc lais é co Traigh Baile.
Do chóttar díbhlínibh do shaighidh an Iustis, agus bá faoíligh siumh
friú, agus ro mhaith an telúdh dua Domhnaill, agus ro naidhmsiot
a sith agus a ccarattradh fri roile amhail is deach ro fhédsat, agus
ceilebhrait na maithe sin fris an Iustis, agus fáccbait bendachtain
occa, agus sóait leth ar leth dia ttighibh.



Od chualattar an drong do Cenel Conaill bátar i ffrithbert fri
hua nDomhnaill siodhucchadh dó fris an Iustis tangattar sidhe uile
fó chóra agus fó sith dia shaighidh. Robtar iad bá haireghda táinicc
annsin Aodh mac Aodha duibh mic


L. 1934


Aodha ruaidh. Niall garbh mac Cuinn, mic an Chalbhaigh, mic
Maghnusa mic Aodha duibh co na bhraithribh, agus ó Dochartaigh
Sean ócc mac Seain, mic Feilim mic Conchobhair charraigh iar na
ghabhail laissiumh.



AOIS CRIOST, 1593.
Aois Criost, mile, cuicc ced, nochat, a tri.



O Domhnaill Aodh ruadh do beith i mí Ianuarii na bliadhna so
ina iostadh aireachais badhéin ilLeithber for ionchaibh a namhat
.i. Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Conallaigh. Ro gabh ag
imirt a eccraitti agus a aincridhe fair dia ionnarbadh as a thighearnas,
agus dia enirtiucchadh ar dáigh Aodha uí Néill dóirdneadh ina ionadh.
Bá feirde dósamh an reimhdeiccsi do róine uair rainicc ticchernas
do shaicchidh Aodha uí Neill, agus do ratt Toirrdhelbhach Luineach
aonta agus umhla dó imón ainm do ghairm de. Ro gaireadh iaramh o
Neill dAodh o Neill (.i. an tIarla), agus leiccis Toirrdhealbhach
Luineach na Goill ro bhattar lais uadha iar siodhucchadh dhó fri
hua Neill agus fri hua nDomhnaill. I mi Maii do shonradh
do rónadh indsin. Ro bhaoí dna cóicceadh Concobhair mic Nesa fó
smachtcháin síodha don dias íshin, agus ro bhadar i ngeill, agus a
naitire for ccumus gombtar fomamaighthe dóibh.



An Chlann Uilliam sin a dubhramar do thocht isteach i ccend an
Gobernóra fó fhéil Míchil na bliadhna remhainn ro bhochtaidhsiot na
Goill iatt, co nár fagaibhsiot a beg dia maoín nó dia mor maithes aca
ria mBeltaine na bliadhna so agus an mheid na ro díolaithriccheadh
dia ndaoínibh, agus ná ro básaiccheadh ro gabhsat for sccaoíleadh agus
for eisredhedh sechnoin Ereann diarraidh a mbethadh.



Eassaénta choccaidh ar neirghe etir Sir Seóirsi Bingam ó Baile
an Mhóta agus Brian na Samthach (.i. Brian ócc) mac Briain
mic Briain, mic Eoghain uí Ruairc fa Beltaine na bliadhna so. Bá
hé adhbhar an imresna cuid do chios na bainrioghna nach frith on
mBreifne ar in bféil sin. Brian ó Ruairc dia radha gach cios dá
mbaoí gan díol gur ab ar an fferann baí ina fhásach ro bhaoí, agus nár


L. 1936


dhligh siumh cíos diarraidh a fásach go mbeith a suidhiucchadh. Sir
Seoirsi do chur saighdiuiridhe is in mBreifne do denamh creiche i
ngioll an chiosa, agus as é geall tarla chuca bleachtach Briain uí
Ruairc badhéin. Do chóidh Brian diarraidh a naisicc, agus nocha
nfhuair idir. Tainic siumh iaromh dia thír, agus ro chuir tionol for
amhsoibh agus for aos tuarastail i tTír Eoghain, i cCenel cConaill,
agus i fFeraibh Manach. Iar rochtain dóibh dia shaighidh ní dearna
airisemh do ló no doidhche co ráinicc co Baile an Mhótaigh. An tan
baoí i ccomhfhoccus an bhaile ro léicc sccaoíleadh dá scceimheltoibh
fá dá triocha Cloinne Donnchaidh .i. an Corann, agus Tír Oilella.
Nír bhó mór don tír sin ná ro aircc don aon ruathar sin. Ro loiscceadh
lais beós an lá sin trí bhaile dhécc ar gach taoíbh do Bhaile an Motaigh,
agus ro leircreachadh Baile an Mhótaigh fein lais seach gach mbaile.
Nír bhó hionairimh a néchta cenmotha mac Cobthaigh ruaidh mécc
Samhradháin ro marbhadh ó Bhrian, agus Gillibert Graiine duine
uasal do mhuintir Sir Seoirsi do mharbhadh on leith naile. Ticc
mac uí Ruairc tar a ais co nairccthibh, agus co nedalaib iomdha
lais dia thír. An céd mhí do samhradh do ronadh innsin.



Sluaiccheadh lá Máguidhir Aodh mac Conchonnacht diomthnuth ris in
slóigh sin Briain uí Ruairc. Asedh ro gabh cetus tre descert na
Brefne laimh clé lé Loch Aillinne, duachtar Ua nOilealla, agus
don Chorann do droichet mainistreach na Buille go Machaire Chonnacht.
Ro léicc sccaoíleadh dá scceimheltoibh in urthosach laoí fón tír ina
thimchell. IS and tarla don Gobernóir .i. Sir Risderd Bingam beith
ar cnoc i ndorus Tuillscci i mbarúntacht Rossa Commain in oidhche
sin ag coimhéisteacht fris an tír ina timcheall, agus do rala drong
do mharcsloigh an Gobernora ag cuartucchadh na ccnoc ar gach taoíbh
don tulaigh i mbaoí siumh, agus ní ro ráthaighsiot ní lá dallciach
na maidne muiche go ttarla iad fein, agus Maguidhir co na marcsluagh
aghaidh in aghaidh. Do radsat marcsluagh an Gobernora cúl dóibh, agus
ro lenadh iad gan choigill lá Maguidhir co na mhuintir, agus ro
bás agá sraoighledh, agus agá síorbhualadh co rochtain dóibh
gus an ccosttadh agus gus an ccomnart airm i mbaoí an Gobernóir.
Ro filleadh doridhisi ar Maguidhir i ffrithing na conaire cédna, agus
ro bás agá lenmhain go dol dó i neidirmedhón a chóirighthedh.
Ot connairc an Gobernóir co na baoí coimhlíon daoíne friú ro fill


L. 1938


tar a ais, agus térna fein co na mbaoí ina fharradh ón ffoiréiccen
sin genmotha Uilliam Clifart (duine uasal dearsccaighthe) go ccuiccear
nó seisear marcach amaille fris do mharbhadh don chur sin. Ro marbhadh
don taobh oile Emann mag Samhradhain priomhaidh Arda Macha
(do rala co teccmhaiseach i ffochair Méguidhir) agus an tab
Maguidhir .i. Cathal mac an abbadh, agus Macc Caffraigh Feilim,
agus Mac a dherbhrathar. An 3 lá do mí Iul ro marbhaitt iadsein,
ar aoí tra ní ro lenadh Máguidhir ó sin co hoidhche, agus rucc creacha,
agus tromaircthe an tire, agus do chóidh ón fhoslongport go a cele
go cobhsaidh ceim righin co Fearaibh Manach.



Baoí Maguidhir, agus an Brian ó Ruairc rémhráite fri ré an tsamhraidh
i ccaomhaonta choccaidh agus aidhmhillte for Ghallaibh. Baoí bheós Brian
mac Aodha óicc mic Aodha, mic Seain bhuidhe még Mathgamhna ó
Dhartraighe Oirghiall, agus clann Eimhir mic Conuladh ó Fhernmaigh
agus Risderd mac Uillicc a Búrc .i. mac Demhain an Corrain mar an
ccédna for foghail agus for díbeircc in acchaidh Gall. Tucc-


L. 1940


sat na hOirghialla si amus for banna saighdiuir baoí i Muineachán
go ro marbhadh leó a nurmhór conadh de sin tainicc proclamation
do chor in gach baile mor dá mbaoí in Érinn dia fhoccra na dronga
sin a dubramar (co na ccomhaontaibh) do beith ina ttretuiribh.



Ro fhoccair an Iustis iarsin isin fFoghmar ar ccinn do mhórshluaigheadh
na Midhe Laighen agus Leithe Mogha dol i nUlltoibh. Ro fhóccair
mar an ccédna Gobernoir chóiccidh Chonnacht sloiccheadh ó Shionainn
go Drobhaoís do dhol ina ccoinne go hErne. Dala an Iustis
do radsaidhe a ionadh fein ar an slóiccheadh sin do mharasccal an
Iubhair agus dIarla Thíre hEoghain .i. Aodh mac Firdhorcha, mic
Cuinn bhacaigh. Ro imtighsiot na slóigh líonmara lánmhóra sin don
taobh thoir do Loch Erne o Charn Mór Slebhe Betha go hEs Ruaidh.
Nír bhó laind lá hIarla Tíre hEoghain tocht for an tslóiccheadh sin,
ara aoí ro bhaoí duamhan na nGall fair gur bhó heiccen dó a riar
do ghníomh.



Od chuala Aodh Mháguidhir toichestal an tslóigh lánmhoir sin dia
shaighidh ro chuir a chrodh agus a cethra etir bhú agus innili i
cCenel cConaill for a niomghabhail. Baoí fein gus an uathadh
slóigh tarrustair ina fharradh dia thír fein agus damhsaibh a tíribh
ele don taoíbh thiar do loch acc Inis Cethlionn for cionn na nGall co
ná léicceadh tairis iatt an dú sin, agus ro ghabsat iaramh laimh cli
fris an loch (amhail remhebertmar) go rangattar ath oirdheirc fil for
an Eirne .i. Ath Chúluain. An ccein báttarsomh acc tocht an dú
sin ro buí Maguidhir co na shochraitte ag coimhimtheacht friú don
taoíbh tiar do loch go rainicc gus an ath chédna don taoíbh araill.
Ro ionnsaighsiot iaramh an slógh Gall an táth, agus ro bhaoí Maguidhir
agá cosnamh friu feibh a chumhaing. Ar a aoí tra ro fíoradh an senfhocal
.i. luighidh iolar ar uathadh uair rob eiccen an táth do leiccen do na
Gallaibh, agus ro sraoíneadh for Mhaguidhir, agus ro marbhadh sochaidhe
dia muintir. Ro gonadh Iarla Tíre hEoghain don chur sin.


L. 1942


Tánaicc Gobernoir chóiccidh Chonnacht, agus Iarla Tuadhmumhan
Donnchadh mac Concobhair mic Donnchaidh í Bhriain ina ccoinne don
taoíbh ele don Erne agus ní


L. 1944


dhergénsat nach ní idir acht an Gobernoir go neirghe amach cóiccidh
Chonnacht do shóadh go mainistir na Buille agus a bheith ré hathaidh
annsin ag creachadh Muintire hEólais agus iarthair Fhermanach.
Ro sccaoílsiot fir Chonnacht dia ttighibh as a haithle. Do dheachaidh
Iarla Tíre hEoghain agus an marasccál dia ttighibh iar milleadh moráin
i fFeraibh Manach. Ro fháccaibhsiot bandaighe isin tír ag congnamh
la Concobhar ócc mac Conchobhair ruaidh Meguidhir baoí in eccraittes
ré Máguidhir. Bá nemhsóinmhech esaontadhach ro bás ó Clochar mac
nDaimhene i tTir Eocchain go rRáith Cruachain i cConnachtaibh
agus ó Thráigh Eothuile go Breifne uí Raighilligh an tan sin.



Mág Carthaigh Riabhach .i. Eoghan mac Domhnaill mic Finghin
tighearna Cairpreach do écc, fer ceilligh craibhdhech ro ba maith
enech, agus oirbert esidhe, agus Domhnall mac Corbmaic na haoíne
do ghabhail a ionaidh.



Maire inghean Corbmaic óicc mic Chorbmaic, mic Taidhcc meg
Carthaigh ben uí Suillebháin moir do écc.



Muirchertach mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh uí Bhriain ó
Dhruim Laighen


L. 1946


décc, agus a adhnacal ina bhaile fein .i. i nDruim Laigen, agus a
mhac Conchobhar do ghabháil a ionaidh.



Muirchertach mac Domhnaill, mic Conchobhair uí Bhriain ó Thulcha
décc.



Tadhcc mac Uilliam mic Taidhcc dhuibh uí Cheallaigh ón Chaladh
i ccrich Ua Maine décc, agus ro ba do mhóirsccélaibh Ó Maine an
tí tesda ann sin.



O Duibhidhir Choille na Manach .i. Pilip mac Uaithne décc, agus
a mhac Diarmait do ghabháil a ionaid.



Mairghrécc inghen uí Bhaoighill (Toirrdhealbhach) décc.



AOIS CRIOST, 1594.
Aois Criost, mile, cúicc céd, nóchat, acethair.



Mac Mathghamhna .i. tighearna Corc Baiscind airtheraighi décc .i.
Tadhcc mac Murchaidh, mic Taidhcc ruaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic
Taidhcc, agus a mhac .i. Toirrdhelbhach ruadh do ghabháil a ionaid.



O Súillebháin Béirre Eocchan, mac Diarmata, mic Domhnaill do écc.
Ar a aoí ní bhó ó Suillebháin Beirre é an tan sin gér bhó hedh riamh,
dóigh ro ben mac a dearbhrathar an bhliadhain ria na écc Dún Baoí,
agus Béirre de .i. Domhnall mac Domhnaill mic Diarmata iar mbreith
chomhairle Saxan agus comhairle na hEreann, agus ro gairedh
ó Suillebháin Béirre do Domhnall feissin.



O Dubhda Tíre Fiachrach .i. Dathí, mac Taidhcc riabhaigh mic
Eoghain do mharbhadh lá saighdiúir do mhuintir na bainrioghna i
mbaile dia bhailtibh feisin i tTír Fhiachrach Muaidhe.



O hEidhin Aodh buidhe mac Eoghain mhanntaigh, mic Emainn, mic
Floinn do écc.


L. 1948


Inghen mheic uí Bhriain Ara .i. Onora ingen Toirrdhealbhaigh,
mic Muirchertaigh, mic Domhnaill mic Taidhcc ben Piarais mic
Emainn an Chalaidh mic Piarais ruaidh Buitilér décc.



Slóiccheadh mór do thionól lás an Iustis, agus ráinicc gan
ráthucchadh tar na críochaibh roptar comhfoiccsi dó gan nach
niomfhuireach go riacht go hInis Ceithlionn, agus baoí i
fforbhaisi, agus i niomsuidhe imon dunaidh, agus geibhitt an
sluagh for toghail an mhúir las na haidhmibh bá hadhlaicc leó,
agus nír sccarsatt ris go ro ghabhsat fo dheóidh, agus fáccbhaidh
an Iustis barda isin mbaile, agus do chuaidh dia thigh iaramh.



Maguidhir tra ód chuala sidhe an Iustis do shoadh for cculaibh
ro thionoil sidhe an líon as lia conranaccair co mbaoí occ iomsuidhe
an bhaile cedna, agus ro fhaídh teachta do shaighidh uí Domhnaill
Aodh ruadh dia cuinghidh fair techt dia fhoiridhin . Nír bhó
heisledhach ro freacradh indsin laissiumh óir do chóidh dia shaighidh
co na shochraide, agus ro gabhsat acc forbaisi for an dún ó thossach
Iun go medhon August. Ro croitheadh, agus ro creachloiscceadh las
an sochraitte sin i mbaoí


L. 1950


fo smacht Gall i ccrich Oirghiall agus i mBreifne uí Raighilligh
co ttardsat a mbú agus a ninnile a lón slóigh dia namhsoibh.



Baoí ó Domhnaill i ffoslongport acc forbhaisi for Inis Ceithlenn
ó thosach Iun co mí August amhail atrubhramar go ttairnic a lón
do caithemh do bharda an baile acht madh becc. Rangattar teachta
do shaighidh uí Domhnaill ó na hAlbanchaibh ro thóchuir siumh
chuicce ria sin dia haisneis dó co ttangattar co Doire, agus
robtar iatt tangattar an dú sin Domhnall gorm mac Domhnaill
agus Mac Leóid na hAra. Do thaod iaramh ua Domhnaill dia
niomfhosttadh co nuathadh dia shlógh amaille fris, agus ro fháccaibh
drong mhór ele díbh ag Máguidhir do chongnamh lais, agus ro fhuráil
forra airisiomh acc iomsuidhe an bhaile.



Iar ffios scel don Iustis (.i. Sir Uilliam Fitzuilliam) co mbadar
barda Innsi Ceithlenn ind easbaidh lóin agus bídh ro fhorchongair
ar droing mhóir dfhearaibh Midhe, agus ar uaislibh Raghailleach
agus Biongamach coiccigh Connacht (.i. im Seoirsi occ mBiongam)
tocht do breith lóin go hInis Cethlenn. Do cotar na maithe sin
iaramh a ccend a cele a ccoinne an lóin co Cabhán baile uí
Raighilligh, agus ro gabhadh leó laimh dhes lé Loch Eirne
tre Fheraibh Manach go rangattar fó thuairim ceithre mile don bhaile.



Od chualaidh Maguidhir Aodh dáil an tslóigh sin do beith gus an
mbaile (las na lóintibh remraite) do choidhside co na sochraide
budhéin, agus gus an sochraide ro fhaccaibh o Domhnaill lais, agus
im Chorbmac mac an Bharúin .i. dearbrathair an Iarla uí Néill
go ro gabhsat airisemh i nenach erdhalta iomchumang in ro ba dóigh
leó a rochtain siumh dia saighidh. Ro ba torbha an edarnaighe íshin,
uair rangattar gan ráthucchadh dóibh badhéin i ccend muintire
Meguidhir ag bél atha sainredhaigh. Ro fighedh iorghal aighthidhe
ainttrennda, agus sccainder crodha comhnart etorra attiú agus anall,
co ro sraoíneadh fó deóidh tria nert iombualta lá Maguidhir co na
shochraide for an lucht naile co ro fáccbadh ár cend lais, agus
ro both occ lenmhain an madhma co cian as an maighen sin. Bá dírimh
a ttorcratar do shaorchlandaibh agus daorchlandaibh is in iomaireacc
sin. Ro fáccbhadh eich, arm, agus édala iomdha an dú sin lá taobh
na neach agus na ccapall bátar fo a neiredhaibh lóin do rochtain
co hInis Cethlenn. Térnatar sceolanga uaithe


L. 1952


dfearaibh Midhe agus do Raghailleachaibh as an ccaithiorghail
sin, agus ní ro hanadh leó sidhe go rangattar go Breifne uí
Raighilligh. Bá sí conair do dheachaidh Seoirsi ócc Biongam
gus an uathadh at rula lais as an lathair sin tria Lerccain
Cloinne Cobthaigh Még Samhradháin, tria Breifne uí Ruairc,
agus assidhe go Sliccech. Ro claochlaídhedh ainm for an ath
agá ttuccadh an mór maidhm sin .i. Bel Ath na mBriosccadh
do gairm de fó dháigh an ro faccbhadh do bhriosccaibh, agus do
becc bhairgenaibh oca an lá sin.



Ot chualattar aos coimhéda an bhaile sraoíneadh for an slóigh
do beartsat an caislen do Maguidhir, agus do beart somh maithemh
nanacail dóibh.


L. 1954


Tanaicc Iustis nua i nErinn i mí Iul na bliadhna so. Sir
Uilliam Russel a ainm sein. Asseadh ro cinnedh lais gach baile dá
mbaoí isseilbh na bainrioghna i nErinn lón agus lán storús do chor
ind daimdheóin i mbaoí ina aghaidh. Ro fóccradh lais
dfreaaibh Midhe, Laighen, Mumhan, agus Chonnacht
toidhecht go líonmhar lérthionoilte ina dhochom co baile Átha
Luain an seiseadh lá décc do mhí September. In ecmaing na ree sin
tánaicc an Iustís amhail ro thingheall go hÁth Luain, agus
ro asccna assaidhe co Ros Comáin.



AOIS CRIOST, 1595.
Aois Criost, mile, cúicc céd, nochat, a cúicc.



Ard Iustis na hÉrenn .i. Sir Uilliam Russel do thocht for
tarraing druinge do comharsanaibh, agus do choibhnesaibh Fhiachach
mic Aodha, for Fhiachaidh


L. 1956


budhéin co Baile na Cuirre hi mí Ianuarii do shonradh. Iar ndol
dóibh i ccomhfoccus don bhaile ria siú rainicc leó dol tar dorus an
dúnchlaidh baoí ina timchell ro clos co teccmhaiseach fuaim droma ó
na saighdiúiribh acc dol do shaicchidh an bhaile. Bedhccais Fiacha
co na muintir, agus at raghat co hobann, agus ro cuir drong dia
mhuintir diomchosnamh an dorais co ro chuir a mhuintir uile feraibh,
macaibh, mnáibh tré dhoirsibh élaidh an bhaile amach, agus do dheachaidh
fein ina lenmhain co rucc lais ina niomláine iatt fo dhiamhraibh,
agus fo dhroibhelaibh sa maighin rop innill lais.



Iar mbeith dFiachaidh for a iomghabháil tainic ina chend Uáter
riabhach mac Gearailt mic Tomais do Gearaltachaibh Chille Dara.
Dála an Iustis baí sidhe co cend deich lá i mBaile na Cuirre iar ná
fháccbhail dFiachaidh, agus ro fhagaibh banda no dhó do
saighdiuiribh agá iomchoimhétt agus ticc fein tar a ais co hÁth
Cliath.



Do chóidh dna Uatér riabhach agus araill do Chloinn Fiachach mic
Aodha ar ionnsaighidh oidhche (in ionam codalta) fó cend cóicc lá
ndécc iar sin co Cruimghlinn i ndoras Atha Cliath. Ro loiscceadh
agus ro léirsccriosadh an baile sin leó, agus ruccsat ina mbaoí ina
ccumang diomchar don chend luaidhe boí for tempall an bhaile, agus gér
bhó soilléir sofhairccsiona luisne agus lasracha an bhaile agá
losccadh do sráidibh Átha Cliath do chóidh Uater as gan fhuiliucchadh
gan foirdherccadh fair.



A ccionn mís iar sin tucc Uater ammas for baile duine uasail dia
esccairdibh baí ina comhfochraibh, agus gidh é an duine uasal baoí
sidhe co feithmheach fuireachair i ffoichill a iondsaighthe dia
easccairdibh. An tan do chuaidh Uáter co na mhuintir fon mbaile
ro ionnsaigh an duine uasal co cródha cailcc neimhneach i ccoinne
Uatéir co ro thuairccsiot a chele co hainmhín esccairdemhail co
ro crechtnaighedh Uater ina chois don chur sin. Ruccsat a mhuintir
leó hé gus an sliabh bá coimhnesa dóibh, agus ro chuirsiot dia leighes
é hi ffotholl talmhan ar nár bheólach aon triar idir. Nír fháccaibhsiot
ina fhochair acht aon bhuachaill legha dia fhíor thanusibh budhéin
nó theigedh sidhe gach ré lá do thionól luibhend fó na coilltibh bá
coimhnesa dhó. Do rala iomacallamh ós ísiol etir é agus drong
desccairdibh Uateir go ro naidhmsiot re roile, agus ro tharraing
sidhe líon cengail


L. 1958


Uateir ina chend. Rugadh Uatér iaramh go hAth Cliath,
ro crochadh tra, agus do ronadh cethramhna dhe.



Cóicceadh Uladh uile déirghe in aon rann, agus in aon aonta in
aghaidh Gall an bliadhain si.



Slóiccheadh lá Clandaibh Néill hi mí Febhra i nduthaigh Barúin
Sláine co nár fhághbhattar athmhaoín dia neis is na tíribh sin
darbhar nó dáitiucchadh dindilibh nó dáirneis.



Sluaiccheadh ele la Clandaibh Néill co Cenandus co ro milleadh,
agus co ro mór-airccedh an tír ina nuirthimchell leó.



Slóiccheadh lá Máguidhir Aodh mac Conchonnacht mic Conchonnacht
agus lá Magmathgamhna Brian mac Aodha óicc, mic Aodha, mic Seain
buidhe co Breifne uí Raighilligh. Ro hindradh, agus ro hairccedh
an tír co tinneasnach leó, agus dna bheós ní ro fháccaibhsiot both
nat i ndionfaidhe dias nó triúr don Chabhan uile gan forlosccadh
cenmotha mainistir an Chabháin ina mbattar Goill an tan sin.


L. 1960


Maccon mac Concoiccriche mic Diarmata mic Taidhg caimm ui
Cleirigh ollamh uí Domhnaill hi senchas, Saoí foirccthe, erghna,
ealadhanta hi senchas, agus i ndán, soerlabhraidh soingthe co mbuaidh
ninnsgni, naitheisg agus nerlabhra, fer craibhdeach caonduthrachtach
diadha deshercach do écc i Leitir Maolain i tTuadhmumhain.



Sir Seón Nórais general coccaidh na bainrioghna do thecht i nErinn
ocht ccéd décc saighdiúir i ndeireadh mi Febru do coscc coccadh
Ulltach, agus Chonnachtach.



Slóiccheadh lá hua nDomhnaill Aodh ruadh do dhol i cConnachtoibh.
Assedh do luidh cetus tar Eirne (an tres lá don Marta do shonradh)
laimh dheas frí Loch Melge mic Cobhthaigh, go Bealach uí Mithidhein,
agus airisis hisuidhe in adhaigh sin trés an mBreifne go Braidsliabh,
agus do roine comhnaidhe an adhaigh sin annsaidhe. Nír bhó sodhaing
dosomh ell nó baoghal dfaccbháil for choicceadh Olnéccmacht an
ionbhaidh sin, ar ro battar Goill ind ionattacht, agus in aittrebaibh
isin ccrich co coitchionn, agus go sonradhach ina portaibh airechais,
agus ina dúnarusaibh diotoghlaighibh. Baí cetus Sir Risderd Bingam
Gobernóir choiccidh Connacht i Ross Comáin, drong mhór ele do
Ghallaibh i mainistir manach fil for bru Buille, drong ele hi
tTuillscce in eittirmedhon Maighe hAi fri Ráith Cruachan anoir
ttuaith. Drong isin bport nua (dún ro chlaidhsiot na Goill badhéin)
etir Loch Cé, agus Loch nArbhach. Drong i mBaile an Mhótaigh,
agus drong mhór ele hi Slicceach. Ráinicc fios Sccel gus an
nGobernóir co Ros Chomáin go mbaoí ó Domhnaill acc triall don tír,
agus ní ro hanadh laissidhe co riacht go mainistir na Búille, agus
ro forchongradh lais for a mbaoí do Ghallaibh is na bailtibh remhraite
teacht dia shaicchidh an dú sin, uair bá dóigh lais conidh íshin conair
no chingfeadh ó Domhnaill co na sloghaibh.



Acc dol dua Domhnaill go Coilltibh Conchobhair ro foráil for a
sochraide airisemh fri a ninneall agus fri a ttaisbénadh. Do rónadh
fair siumh sin, agus nír bhó hadhbhal an líon baí hisuidhe uair nocha
raibhe acht ceithre chéd nama fri


L. 1962


hengnamh agus fri hursclaighi dóigh ní deachatar slóigh ele ina
thóichestal an tan sin inge Cenel cConaill, achtmadh uathadh do
chóicceadh Olnecmacht bátar acc taiscéladh, agus acc séducchadh
conaire dó, im Conchobar ócc mac Diarmada, agus im Chonn mac an
Dubhaltaigh, mic Tuathail uí Conchobhair. Tiaghait an slógh iaramh
iar na ttaisbénadh go rangattar don Bhúill, agus tiaghait thairsi
acc droichet Cnuic an Biocara i nurthosach oidhche, assaidhe dóibh
tré Moigh Luircc, agus tre Moigh nAoí co riachtattar lá
dobharsoillsi na maidne co Ráith Cruachan. Ro léicceadh sccaoíleadh
agus sccanradh dá sccemheltachaibh amhail ro theccaiscc siumh dóibh ré
ttocht an dú sin. Bá fairsing foirlethan ro lethsat na laoch bhuidhne
ó raile, ar do chuaidh drong díobh do dhuthaigh uí Conchobhair
ruaidh agus uí Ainlighi, cuid ele go droichet Bheóil Atha Modha
for Suca, agus dream ele bheós tar an cCaislén Riabhach siar.
Ro badh lór do dhicleith an tslóigh íshin an dluimh-cheó diadh agus
dethaighe ro leth o na forloisccthibh in gach airm ro gabsat an slócch
dá gach leth i nuirtimcheall Ratha Cruachan. Tangatar an lucht
do chóidh go hAth Modha, agus an fhoirend ele do chuaidh go hAirteach
agus go Cloinn Ceithearnaigh ria midhmedhón laoí go Ráith Cruachan,
gér bhó díchumhaing doibh toidheacht inellmha lá haidhble a ccreach,
agus a nedala, agus fó ghébdaís ní badh mó dia mbeith ina ccumhang
a ngluasacht nó a niomáin ittir. Do chóidh iaramh ó Domhnaill,
agus an lucht sin co na ccreachaibh go hAilfind, agus baí athaidh
annsaidhe acc furnaidhe an sccemhelta do chuaidh uadha go duthaigh
uí Conchobhair ruaidh agus uí Ainlighi. Ro asccná iaramh a
hAilfind laimhdhes lé hAth Slisen co hUíbh Briúin. Airisis ann
an adhaigh sin co ro thionóilsiot a mhuintir uile ina dhocom co na
ccreachaibh leó. Ní ro tionoileadh lá haoínneach do Ghaoidhealaibh
ré ré chian daimsir samhail ina mbaoí do chrodh (daircctibh aen laoí)
an dú sin.



Ro fhorchongair ua Domhnaill ar a bharach ar a muintir a ccreacha
do chor tar Sionainn, agus ro fhaoidh a ghlaslaith, agus gach aon nár
bhó tualaing arm dimbirt


L. 1964


las na creachaibh agus las na hédalaibh co Muintir Eólais. An
tan báttar deireadh an tslóigh acc techt tar an áth chédna as and
do riachtattar glasláith agus aos diubhraicthi na nGall, agus
do beratt deabhaidh dia roile co ro crechtnaighitt agus go ro gonaitt
dronga etorra. Ar a aoí do deachattar Cenel cConaill tars an abhainn,
agus do chóttar dia ttighibh co na nédálaibh iar mbuaidh agus cosgar.



Slóiccheadh ele lá hua nDomhnaill (Aodh ruadh) i cConnachtaibh
an tochtmadh lá décc do mhí April. Bassedh a ccédna huidhe tar
Eirne lamh dhes lé Loch Melge co mbattar in adhaigh sin i Ros
Inbir. Tiaghait ar a bharach co Cill Fearga, agus airisitt annsaidhe
fri deireadh a shlóigh do breith forra, agus iar rochtain dóibh lotar
iaramh trés an mBreifne co Braidsliabh assaidhe co Machaire
Chonnacht, agus a ndeachaidh uadh gan creachadh ar an sluaiccheadh
roimhe ro tecclamadh a ccreacha chuicce go haon maighin don chur sin.
Do chóidh iaramh gus na hairccthibh agus gus na hédalaibh sin lais
go Liathdruim Muintire hEolais an adhaigh sin.



An tan bá dóigh lá a easccairdibh eisiomh do shoadh tar a ais i
nUltaibh ní hedh sin do róine itir, acht ro fhaidh teachta go
hincleithe do saighidh Méguidhir Aodha co ttiosadh ina dhochom don
Anghaile, agus ro lá lucht taiscelta roimhe for an ccrich, agus
ro forcongair forra co ttíostais ina dhochom i nionad erdhalta.
Ro assccna feissin iaramh co taoí táithenach co rainicc co na slóghaibh
an dá Anghaile isin moichdeadhóil (duthaigh an dá ua Fherghail
indsin cidh ria siú ro bhátar Goill acc fortamhlucchadh forra) agus
ro bhaoí aon do na Gallaibh fadhein hi bport airechais uí Ferghail .i.
Críostóir Brun a chomhainm. Rangattar sirthe sársluaigh uí
Dhomhnaill agus Meguidhir ó Sliabh Cairpre co hEithne co
ro chuirsiot gach ní gus a rangattar do na tíribh sin fó troimnell
teineadh, agus fo smuit cheó dhobhardha duibhchiach. Ro gabhadh leó
an longport, uair ro chuirsiot tene gacha slesa agus gacha hairchinn de
gur ab lá téitt réfedh tuccsat Criostóir Brún co na chliamhain, agus
co na mnaibh araon amach. Ro loiscceadh dna cúicc fir décc do braighdibh
an tíre (báttar illaimh acc an cCriostóir rémhraite) ná ro cuimgedh
danacal nó do thesarccain la trethan, agus lá tendáldacht na teineadh.


L. 1966


Ro gabhaitt bheós teóra caistialla ele lá hua nDomhnaill isin ló
cédna. Ro marbhaitt, agus ro mudhaighit daoíne iomdha don chur sin,
agus ro badh dia saorchlandaibh Hoberd, mac Fearghusa, mic Briain
ro marbhadh lá Maguidhir tré iomraithne. Ro herghabhadh mac an
Priora uí Raighilligh lá druing naile don tslóigh. Ro léirtheacclamadh,
agus ro láintionóileadh in ro ba lainn leó do crodh na criche as gach
aird dia saicchidh. Lottar iaramh co na ccreachaibh agus co na
nédálaibh co ro ghabhsat longport i tTeallach Dúnchadha in adhaigh
sin. Ro leiccitt scceimhealta uatha ar ná bharach co mainistir an
Cabháin dus an bfuighbhittís baoghal for na Gallaibh báttar i
fforbhaisi and, agus o ná fuairsiot i fféccmais an bhaile iatt
do beartsat leó gach ní gus a rangattar dia nedalaibh. Tangattar
iaramh an adhaigh sin co Tellach Eachdhach alla thiar do Bhél Atha
Conaill. Ticcitt iaramh dia ttighibh iar mbuaidh nechtra don chur sin.



O ro ba derbh lá Gallaibh an tIarla ó Neill do eirghe i ccommbáidh
uí Dhomhnaill is in ccoccadh ro chuir an Iustis agus an chomhairle
deich ccéd laoch go hIobhar Chinn Tragha do fhorbaisi for Chenel
nEoghain, agus ro gheall an Iustis co na shloghaibh tocht ina
lenmhain dorccain agus do mhilleadh an tíre.



Ro fhaidh ua Neill a teachta hi ccend uí Domhnaill dia chuingidh
fair teacht dia chomhfhurtacht in aghaidh an anfforlainn ro dhail dia
shaighidh. Nir bhó heisledhach ro heistedh sin la hua nDomhnaill
uair ro tionoileadh a slogha lais, agus ráinicc tré Thír Eocchain
go hairm i mbaoí ó Néill, agus do chóttar ar aon co Fochard
Muirtheimhne hi mí Maii do shonradh. Od chualaidh an Iustis a
mbeith ina oirchill dibhlínibh an dú sin ro airis in Ath Cliath
don chur sin.



Seoirsi ócc Bingam baoí i Slicceach ó Gobernóir chóiccidh
Chonnacht Sir Risderd Bingam do chuaidh an Seoirsi hisin long
co na foirinn lamh dhes frí hÉrinn


L. 1968


soirttuaidh do denamh foghla hi cCenel cConaill, co ro ghabhsatt
hi ccuan na Súilighe. Fuarattar faill fors an tír an tan sin, co
ro innirset mainistir Mhuire baoí for ur na tragha, agus ruccsat a
cculadhacha oifrinn agus a cailísi leó co nédalaibh oile. Assaidhe
do dheachattar iaramh co Toraigh (oilén in ro bendach Colum Cille
an naoímhérlamh eisidhe). Ro creachsat agus ro oirccsiot i mbaoí isin
oilén, agus rangattar iaramh tar a nais co Sligeach.



Ad cuas dua Dhomhnaill aidhmhilleadh a criche dia éis (la
heachtrannchoibh) ticcsidhe a Tír Eoghain dia tarrachtain, agus nír
bhó cian an ernaidhe dhó i tTír Chonaill an tan rangattar teachta
uí Neill dia saighidh, dia aisneis dó an Iustís co na slógh do thocht
i tTír Eoghain. Soais ina fhrithing doridhisi co ráinic airm i
mbaoí ó Néill. Bá faoilidh siumh fris. Bá hadhbhal an tsochraide
tanaicc an Iustis .i. Sir Uilliam Russell, uair boí general coccaidh
na bainrioghna i nErinn a maille fris .i. Sir Seon Noruis, agus
Iarla Tuadhmumhan Donnchadh mac Conchobhair uí Bhriain iadsaidhe
uile co na sochraide. Ní ro hanadh leó sidhe co rangattar co hIubhar
Chinntragha, assaidhe co hArd Macha. Bá hedh ro chinnsiot hisuidhe
gan airisiomh go rochtain dóibh go hAbhainn Mhóir hi cceirtmedhon
Tíre hEocchain. Acc asccnamh i réidh dirghe na conaire dóibh etir
Ardmacha agus Abhann Mhór atconncatar an longport lán ndaingen, agus
an cipe comhnart catha i mbátar Cenel cConaill agus Eoghain imon
Iarla ua Neill agus im ua nDomhnaill, agus iar ná airiucchadh sin
don tsluagh Gall airistt isin maighin sin co ar a bharach.
Do chottar iaramh tar anais co hArdmacha. Do dheachattar na
Gaoidhil ina lenmhain co ro ghabhsat longport in athfhoccus dóibh.
Báttar frí ré chóicc lá ndécc aghaidh in aghaidh amhlaidh sin gan
saighidh do neachtar aca for aroile, uair ro bhaoí an Iustis co na
shlógh i ndaingnighthibh Ardamacha acc toccbháil tor agus acc
doimhniucchadh díocc i ttimcheall an bhaile. Ro fhaccaibh an Iustis
a ccionn na ree sin trí bhanna saighdiuir ag iomchoimhett Ardamacha,
agus teid fein tar a ais don Iubhar, agus báttar Gaoidhil ina lenmain
co dorus an Iubhair. Do thaod an


L. 1970


Iustis fo chend sechtmaine iarttain lé lón go Muineachan. Do chóidh
assidhe co na shlógh co hAth Cliath.



Ní ro lamhsat Goill aon tslóiccheadh do breith co hUlltoibh go cend
athaidh iar sin, acht aon tsluaiccheadh amháin do rónadh lá Sir
Seon Norais, agus lá Sir Tomas Oris a dhearbhrathair .i. presidens
da chuiccidh Mumhan, go neirghe amach Muimhneach agus Midheach
do dhol in Ulltoibh. Do chuas leó co hIubhar Chinn Tragha, agus
ro triallsat assidhe co hArdmacha. Iar ndol i ngar do leth na
conaire dóibh is ann do ralatar na Gaoidhil for a ccionn, agus
ro ghabhsat accá ccailcc, agus accá ccaithemh accá ttolladh, agus
accá ttregdadh co nár leiccsot codladh nó longadh socracht no sadhaile
dóibh fri ré ceitheora nuair ffichet. Ní ro léicceadh dna aon
troicch seacha sin ar a naghaidh iatt, agus robtar buidhigh a maithe
do rochtain a nanmann leó tar a nais gus an Iubhar, iar ffaccbhail
daoíne, each, airm, agus edala co hiolardha dóibh. Ro gonadh an
General Sir Seón Noris, agus Sir Tomas a dherbhrathair don cur sin.
Nír bhó bern baoghail doibhsidhe dol isin ccóicceadh iar sin.



Iar soadh don tSeoirsi remhraite co Slicceach iar norccain mainistre


L. 1972


Naomh Muire hi Ráith Mhaolain, agus eccailsi Cholaim Cille i
tToraigh, nír bó foda an re ro léicc Dia dhó gan a naithe fair, uair
boí duine uasal do Bhurcachaibh ina caoímhtheacht co ndíbh laochaibh
décc i maille fris .i. Uillecc a Búrc mac Rémainn na sccuab. Do radadh
dimiccin agus tarcaisne dosidhe fecht nan lá Seoirsi agus las
na Gallaibh ar chena. Ro ba fearcc agus ro ba londus laissiomh
indsin, agus ro baoí ina mhenmain aithe a dhímhiadha ar Sheoirsi dia
ccaomhsadh agus tocht iaromh i muintearus uí Domhnaill ar bá dearbh
lais gur bhó hinnill dó bheith ina fhochair. Fuair siomh iaramh baoghal
an tSeóirsi rémhraite lá naén dia mbaoí i naireccal i nuathadh
sochaidhe. Ráinic siomh dia shaicchidh, agus ro chuir ina acchaidh a
aindliccheadh agus a eccóir fair, agus ní ffuair freagra ba lainn lais
o na fuair tairrngidh a cloidheamh, agus imris fair co ro bhen a
chend dia chúil mheidhe. Geibhidh an baile iaramh, agus ro fhaídh a
theachta co hÁth Senaigh bhail i mbáttar muintir uí Dhomhnaill.
Cuiridsidhe teachta co Tír Eoghain airm i mbaoí ó Domhnaill feissin.
At fiadat a scéla dhó, agus at chuaidh siumh don Iarla ua Néill
iarttain. Robtar faílidh dibhlinibh don mharbhadh íshin. Celebhraidh
ua Domhnaill don Iarla ar a bharach, agus ní ro airis acht a
noidhchibh co na sluagh lais go ráinicc co Slicceach fó gheibh
fáilte agus do ratt Uillecc a Búrc an baile dhó, agus bá saimh lais
a mhenma. I mí Iún do rónadh indsin.



An tan at chualattar i mbáttar for díbeircc do choicceadh Chondacht
(.i. Búrcaigh iochtarach, Clann nDomhnaill, Siol cConchobhair,
Ruarcaigh, agus Clann Maolruanaidh, agus ní hiad amháin acht a
mbáttar ar fóccra agus ar faoinnel iar ná nathchur agus iar ná
nionnarbadh lá Biongamachaibh i nUlltoibh agus i nionadaibh ele)


L. 1974


marbhadh Seóirsi, agus gabháil Sliccigh tangattar do shaighidh
uí Dhomhnaill go Sliccech, agus do chóidh gach aon aca iaramh
do saighidh a athardha dilsi badhéin, agus gach aittreabhthaigh dar
chuirsit Goill ina fferandaibh (ina airet báttar fein ar foccra)
ro gabhsat leó mar lucht lenamhna ón uair sin amach. Báttar iaramh
ermhór a raibhe o rinn iartharaicch Iorrais, agus Umhaill co
Drobhaoís daon rann, agus daon aonta lá hua nDomhnaill fó chend
aon mhiosa. Nír bhó hiomdha caislén nó comhdaingen is na tíribh sin
nách baoí slán nó briste for a chumas fris an ré cédna.



Tánaicc ó Domhnaill iaramh co Dún na nGall, agus baí i hisuidhe
go meadhon August. Ro haisneidheadh do sidhe tasccar Albanach
do theacht i ttír ilLoch Febhail .i. Mac Leoid na hAra, do thaéd
sidhe chuca dia ffostadh. Sé chéd robdar iad a líon, agus iar mbeith
athaidh isin tír iar leiccen a scisi, agus a meirtin, agus iar na ffostadh
lais, ro tecclamait a shlógha co na amhsaibh lais, agus lotar tar Eirne,
tar Drobhaoís, tar Duibh tars an Sliccicch, tar Es nDara,
tar Sliabh nGamh, go Luighne assaidhe co ráinicc go
Goisdealbhachaibh. Baí ionattacht agus aittreabhad ag Gallaibh hi
ccaislén mhór Mhec Goisdealbhaigh an tan sin, agus ro ghabh Ua
Domhnaill co na shlóghaibh acc iomsuidhe an bhaile gur bhó heiccen
don bharda an baile do thabhairt uatha fó dheoidh. Do thaod iaramh
go ráinicc Dún mór Mec Feorais. Ro sccaoílsiot a scceimhelta go
Conmaicne, go Muintir Murchadha, go leithimel an Machaire Riabhaigh,
agus go Tuaim dá Ghualann. Ro gabhadh leó Turlach Mocháin, agus
sochaidhe mhór do mhaithibh an tíre im Risderd mac Mec Feorais.
Ro creachadh agus ro lérindreadh an tír ina nuirtimcheall leó co
ruccsat a crodh, agus a cethra a hionnmasa, agus a hedala doneoch
gus a rangattar, agus soait for ccúlaibh.



Ot chualaidh Gobernóir Chóiccidh Chonnacht .i. Sir Risderd Bingam
Ó Domhnaill do dhol thairis siar hí cConnachtaibh ro thionóil sidhe
cóicc bhanna décc do shaigh-


L. 1976


diúiribh etir marcacha agus troightheacha co ráinicc go muinchintt
Coirrsleibhe ar dháigh ammais do thabhairt for Ua nDomhnaill acc
tionntudh dia eachtra. Iar na fhios sin dUa Domhnaill ro fillsidhe
tar a ais biucc co na airccthibh agus co na édalaibh on ccampa go
chele go Goisdealbhchaibh, go Luighne diochtar Ó nAilella trés
na tribh droichedaibh .i. droichet Chuile Maoíle, droichet Baile
Esa Dara, agus droichet Sligighe. Báttar thra Goill accá
iarmhoirecht amhail as déine conrangattar is na conairibh sin. Ro
eidirdheilighestair Ua Domhnaill dirim marcsluaigh, agus ro forchongair
forra airisemh i ndeireadh a shlóigh ar nach fagbhaittis urtosach an
tsloigh Gall giollanradh, nó aos diairm dia mhuintir siumh i mbaoghal.
Rainicc siumh iaramh co na chreachaibh lais gan nach friothorccain co
riacht i ccomhfochraibh Gleanda Dalláin. Tánaicc an Gobernóir for a
lorcc co ro gabh longport i mainistir Shliccigh dforbhaisi for
bhardaibh Uí Domhnaill battar isin ccaislén. Ro fhaídh Ua Domhnaill
ar a bharach buidhen marcslóigh do thaiscéladh fors na Gallaibh, agus
dfios sccél an dúnaidh agus na nócc báttar and co rangattar go himeal
bord na habhann gus an ccnoc dia ngarar Ráith dá Briotócc, agus
at ciad na Goill sáncán seachnón an bhaile.



Ro bhaí ócclaoch uallach borrfadhach i ffarradh Sir Risderd an tan
sin ro ba mac sethar dó budhdhein Captin Martin a ainm. As essidhe
bá toíseach marcslóigh dhó. Ní ro fhulaing sidhe deccsan a namatt i
ccomhfoccus dó gan a ffuabairt, agus tainicc co na dhiorma tar droichet
Sligighi anall. Od chiad muintir Uí Domhnaill iad dia saighidh
soait for ccúla (o nach rabhattar coimhlíon friu) amhail as déine
conrangattar. Tiaghait na Goill ina ndiúidh, agus nís tárrattar idir
soait iaramh for ccula. Ro aisneidhsiot muintir Uí Domnaill a scéla,
agus amhail ro bás occa ttograim, agus amhail do érnaisiot lá luas a
nech. Iar ccloistecht an scceóil sin lá hUa nDomhnaill bá sé airecc
ar rainicc lais celcc do indell for ciond na nallmuireach isin cconair
ccédna. Ro theglaim


L. 1978


iaramh an céd marcach ro ba deach dia sluagh co ttribh cédaibh
troighteach co na ttrealmhaibh diubhraicthi .i. fidhbhaca co na saighet
bolccaibh. Ro fhorcongair forra celcc do inneall fá mhile do Shlicceach,
agus dírim bhecc marcsluaigh dfaoídheadh uatha co himel bhord na habhand
do bhréccadh an tslóigh Gall, agus dia ttíosta ina lenmain gan airisiomh
fri hiomairecc co rochtain dóibh tar an maighin in ro hindleadh an chelcc.
Do rónadh fairsium sin uile. Ot chonnairc Captin Martin an tuathadh
marcslóigh for ur na habhann do chóidh co ndirim móir marcslóigh a maille
fris dia ttéttarrachtain lotar somh rempa co hionmall ainésccaidh an
ccédna feacht, nír bhó cian do na hóccaibh iaramh gur bó heiccen dóibh
beith acc eachlosccadh a neach lá a dheine agus lá a dhiogaire ro báttar
Goill ina ndeadhaidh. Ro cuireadh deireadh for aon díobhsidhe .i.
Feilim riabhach mac Daueid, dia aimhdheóin lá hionmaille a eich co
nár bhó tualaing frestal a muintire, agus go mbó heccen dó airisiomh fri
a naimhdibh, agus teacht tar forchongra a tighearna .i. tochar do fris
na Gallaibh. O rob erdhalta lais a mharbhadh fó chédóir. Soais a ghaidh
fris an tí bá nesamh dhó don lucht batar ina lenmain, agus rob esidhe
Captin Martin, agus acc tóccbháil a láimhe dósidhe in oirchill a airm
dimirt for an tí do rala in eccomhlann for a chionn do rad Feilim a
mhéur hi suainemh an fhogha baí occa i nerlaimhe dia dhiubhraccadh co ro
amais Captin Martin i ndeirc a occsaille cech ndireach gur treghdastair
a chridhe ina chliabh. Bá heidighthi siumh tra cenmotá an tionadh sin
trias ro gaottha. Iompaíd na Goill for ccúla iar nguin a ttreinfhir
agus a ttoísigh iomghona, agus do berad leó hé for iomchar faon fotharsna
i ffanntaisibh écca co rangattar an baile, agus fuair bás in adhaigh
sin. Od chonnairc Ó Domhnaill na Goill do shoadh for


L. 1980


ccúlaibh ro lonnaigheadh eissidhe co ro thoingsiot lucht na fásfuabarta
tar cend Fhelim co ná baoí ní dia imdheaghail gan a mharbhadh lá
Captin Martin acht madh an taén fhorccom sin. Ro tlathaighestair a
mhenma iaramh ó rangattar scéla chuicce ar a bharach co ro écc an captin.



Dala an Gobernora ro líon sidhe dfeircc agus do lonnas iar marbhadh a
bhrathar, agus ro fhorchongair for a shlógh aidhme toghla an chaisteoil
do dhénamh leó dus an ccaémhsaittís a erghabhail for mhuintir Uí
Domhnaill bátar ann. Do rónadh leó somh indsin do chranncaingel agus
do chubhachlaibh na ccéiledh nDé, agus dá gach aidhme rangatar a les baí
isin mainistir. Do radtha iaramh seichedha bó agus damh for na haidhmibh
sin dia neactair. Ro fucctha bheós rothadha faoí dia fhógluasacht gus
an dúnaidh. Ro líonta iaramh do laochraidh, agus do láthaibh gaile, agus
do shaoraibh i ffoimhdin toghla an bhaile. Ro tréntairrngedh léo an
lúitheach sin lá dorcatta urthossaigh na hoidhche co ro suidhighthe hé
fri huillinn an chaisteóil, agus gabhait for scaoíleadh an mhúir iarttáin
báttar dinidh saoir isin mbaile, agus ro ghabhsat acc blodhadh an bhalla
fo a nerchomair do dhiubhraccadh a


L. 1982


mbiodhbhadh do na hóccaibh báttar istigh. Do chódar araill ele don bharda
for taibhlibh an dunaidh, agus ro ghabhsat for tealccadh táithleac
ttuinigthe, agus carracc ccendgharbh forra anuas gombtar miona mionbhrúite
gach ní fris a ccomraictis. Tiaghaid tra drong ele do lucht an bhaile for
fenestribh agus for forlésaibh an caisteoil, agus gabhait for diubhraccadh
a nubhaill mhealluaidhe, agus a ttrom chaor tteinntidhe forra go
ro foirrgitt an fiallach baí is na cumhdaighthibh cláraigh don chloichthreas,
agus don dian ndiubraccadh sin. Ní ro fuilngit las na Gallaibh a
ccréchtnucchadh ní badh mó, agus ó ná ro fhédsat ní don dúnadh
ro fhagaibhset a tteghdhaisi toghalta múir, agus soait ina ffriting ós iat
beóghonta, agus robtar buidhigh do rochtain a nanmantt leó. Bá crádh
cridhe las an nGobernoir Sir Risderd Bingam ná caemhnaccair a ainchridhe
dimirt for bhardaibh an dunaidh, ná for nach naon do mhuintir Í Domnaill,
agus impdhídis for a ais tar Corrsliabh, tar Magh nAoi co rainicc
Rosscommain. Do dheachaidh Ó Domhnaill iaramh tar Éirne, agus
ro léicc a Albanaigh uadha iar ttabhairt a ttuarustail dóibh. Téid tar
a ais co Slicceach co ro brisedh lais an caislén duaman Gall dia
aittreabhadh.



Tepoitt a Búrc mac Uatéir chiotaigh, mic Seain, mic Oiluerais mic
Seain do ghabháil forbaisi for Bhél Leice, baile sin i mbarúntacht
Tíre hAmhalgaidh hi cconntae Maigheó, agus bá hiad barda an Gobernora
báttar and. Iar rochtain na scél sin gus an nGobernóir, ro fhorail for
a dearbhrathair .i. Captin Iohn Bingam, ar Captin Foal, ar Captin
Mennsi agus ar a mac Uilliam buidhe Diúid co ndruing móir do
dhaoinibh uaisle ele a maille friú dol dfurtacht an bhaile co lón agus
co narmáil dia saighidh, agus riasiú ráinicc leó an bharda dfóiridhin
fuair Tepóitt a Búrc an baile. Tiaghaidsiumh tar a nais fó aithmhela,
agus ro gabh Tepóitt acca ttoraigheacht, accá ttreghdadh, agus acca
ttimchealladh agá mbuaidhreadh, agus accá mbásucchadh car an chaomhlaoí
co ro fháccaibhsiot daoíne, arm, agus éideadh iomdha. Ro marbhadh lais
an lá sin Captin Foal, Captin Mennsi, agus mac oidhreachta Uilliam
Diúid, agus sochaidhe ele do shaorchlandaibh, agus do dhaor-


L. 1984


chlandaibh nách áirimhthear. Ba do thoradh engnamha, eissiomail, agus
aithearraigh eolais ro imthigh gach a ndeachaidh as díbh an lá sin.



O Neill Toirrdhealbhach Luineach mac Néill Chonallaigh, mic Airt,
mic Cuinn mic Enrí, mic Eoghain do écc. Bá hesidhe aen as mó ro dearlaic
dionnmhasaibh agus dedalaibh déiccsibh, agus dollamhnaibh, agus do
lucht cuinghedha neith do tighearnadhaibh Ereann ina coimhre, uair
ro herfhuaccradh uaidhsidhe co minic fo Erinn dá gach aen baí la
hiarraidh neith toidheacht ina dochom i fféilibh geine an Choimdhe do
shonnradh, agus iar na ttarrachtain ní theighedh aen fó dhiomdha uadha
gan riar; tigherna agá mbídis sochaidhe ile for a tuillmhe agus for
a tuarustol, tigherna ro ba sochonáigh fri sidh, agus ro ba comhnart
fri coccadh condus rala aoís, agus enirte dó, agus ro hordaighedh oidhre
ina ionadh deich mbliadhna ria na bhás ar an bparliment ro congmhadh
in Áth Cliath i nainm na bainrioghna Elisabeth .i. Aodh mac an
Fhirdhorca (.i. an Barun), mic Cuinn mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain
dia ro gairedh Iarla ar an bparlimint sin. Bá hand atbath Ua Nell
isin Srath mBán, agus a adhnacal in Ard Sratha.



Mag Aéngusa Aodh mac Aodha, mic Domhnaill óicc fer a athardha ro badh
mó ainm agus erdearcus i ffiadhnaisi Gall agus Gaoidhel Ereann décc
go feachtnach.



Toirrdhealbhach mac Briain mic Donnchaidh, mic Donnchaidh bhacaigh
tighearna Corca Baiscinn iartarthaighe, fer ro ba mór teist agus
tuarusccbháil ar fud Ereann do réir a athardha (uair ní bai occa acht
triucha chéd namá) do écc agus a mhac Tadhcc caoch do gabhail a ionaid.



Remann na sccuab mac Uillicc na ccend, mic Riocaird mic Uillicc
Cnuic Tuagh do écc.


L. 1986


O Gallchubhair Sir Eóin mac Tuathail, fer ro badh mór ainm agus oirdercus
ag Gallaibh, agus ag Gaoidhelaibh an tansin do écc .25. April.



Mainistir Mhuineacháin i nOirghiallaibh do beith ag Gallaibh an
bliadhainsi, agus banna saighdiuir agá hiomchoimhéd do ghnath. Rainic
sgéla uatha co hÁth Cliath co mbáttar i tteirce lóin. Iar ná cloistecht
sin don Iustis Sir Uilliam Russel, agus do Sir Seon Noris ro fhurailset
sé bhanna fichet saighdíuiridhe do Shaxanchoibh agus dEirennchoibh co
ndaoínibh uaisle iomdha a maille friú do chor lá lón agus lá gach
naidhilcce rangattar ales go Muineachan, agus rangattar rompa gan
ráthucchadh gan frithbeart gus an mbaile, agus iar mbeith in adhaigh
sin i Muineachan dóibh ro triallsat imtheacht ar a bharach do dhol don
Iubhar. An tan tra rangattar edh becc ó Muineachan soir do rala
Muintir Uí Neill dóibh for a ccionn. Bá hainmín esccairdemhail an
fiadhucchadh fuairsiot annsin uair ro gabhadh aga ccaitheamh agus agá
ccomhfhuabairt agá marbhadh, agus agá mudhucchadh on ccetheora huair
ria medhón laí co fuinedh nell nóna co nár bhó hurusa ríomh nó áiremh in
ró fáccbadh do mhuintir an Iustis etir shaor agus daor, agus in ro fáccbhadh
bheós deachaibh, agus déidedh dainnaibh, agus diolfhaobhraibh,
dearradh, agus dédach uasal, do caiplib, agus do chliabhaibh lóin in
gach conair ro imtighsiot an lá sin. Ro gabhadh foslongport leó in
iomfhochraibh an Iubhair, agus tangatar bandai ina ccoinne ón Iubhar
ar maidin ar ná mharach, agus rob esbadhach uirbernach ro bhattar acc
dol gus an mbaile sin, agus ní ro shaoílset ag fágbhail Atha Cliath
go ffuigbedís a hionnamhail sin diomarghoil in Ulltoibh. A mí Maii
do shonradh do feradh an trescomasc sin.



Captin Felli duine uasal do mhuintir na bainrioghna agá mboí urlamhus
agus iomchoimhéd a fhearann ón nGobernoir do marbhadh i ccaislén in
Aircín i ffiull la a muintir fein.



O Domhnaill do thionol a shlóigh i mí December do dhol i ccóicceadh
Connacht. As í conair do luidh do Slicceach go Tráigh nEóthuile,
co Tír Fhiachrach, agus tars


L. 1988


an Muaidh co Tír nAmhalgadha. Batar Clann Uilliam Búrc i
ffrithbheart fri a roile im tighearnas an tíre, uair an dar lá gach fer
díbh bá dó bádhéin ro badh dír. Tangattar somh uile fo toghairm Uí
Domhnaill iar ttoidhecht dó don tir ro bhaoí siomh agá sccrúdadh fri
a comhairlechaibh cia diobhsaidhe dia ngoirfeadh ticcherna. Conadh fair
do chinnsiot fa dhéóidh tighearna do ghairm do Thepóitt a Burc mac
Uateir chiotaigh, mic Seain mic Oiluerais, ar dháigh as é
do dheachaidh chuicce sium cetus iar ná ionnarbadh do Ghallaibh as
a dhuthaigh, agus ro thingheall somh dó co ndiongnadh a chobair
dia ccaomhsadh, agus ro bhaoí bheós i ttuile a aoise fri foimhdin
imnigh agus ettualaing an choccaidh i mbaoí siumh. Ro gaireadh iaramh
a gairm flatha de i ffiadhnaisi na slógh a ccoitchinne gé ro bhattar
araill dia chenel ro ba sine, agus ba moa ar aoí ngarma inás.
Do radadh geill agus aittire ó na Búrcachaibh oile baoí i frithbheart
fris for laimh Thepóitt iar na oirdneadh. Ro airis Ó Domhnaill
hi rann mec Uilliam fó Nodlaicc mór na bliadhna so i mbarúntacht
Chille Medhóin, agus is na Brighibh hi cCloinn Muiris.



Bai ard Iustis na hEreand .i. Sir Uilliam Russel i nGaillimh
in ionbaidh sin. Ro luaidhedh siothcháin go cend dá mhíos gan
urradha gan árach etir Ua nDomhnaill agus Connachtaigh do leith,
agus an Iustís don leith ele acc fáccbháil na Gaillmhe dho. Ni bhaoí
aon chonntae hi cConnachtaibh cenmotá conntae an Chláir namá ná
bátar uile no dronga dirimhe as gach conntae díbh daon rann agus
daon leith lá hUa nDomhnaill don chur sin ó Drobhaoís co
Conmaicne Mara, agus ó Muaidh co Sionainn. Battar ann dna Síol
cCeallaigh cenmotá Conchobhar mac Donnchaidh riabhaigh, mic
Taidhcc duibh Uí Cheallaigh uair ro gabhadh lais sidhe an caladh
ar Fherdhorcha mac Ceallaigh mic Domhnaill, mic Aedha na ccailleach
Uí Cheallaigh. Do chóidh tra Feardorcha gus an líon baí hi ccend
Uí Domhnaill, agus ro gair Ó Domhnaill tighearna de. Ro eirghettar
Síol Madagain isin ccoccadh ccédna acht Ó Madagáin amháin .i.
Domhnall mac Seaain, agus a mhac Anmchadh. Lottar clann Remainn


L. 1990


na scuap mic Uillicc a Búrc, agus an lucht adrubhramar go ro gabhadh
agus co ro brisedh, Míliuc uí Madaccáin, Tír Athain, agus urmhor
bhailtedh na tíre leó cenmota an Longport. Ro lomadh agus
ro léirscriosadh Cluain Fearta Brénainn agus ro gabhadh espucc an baile
leó. Baí annsidhe Eoghan dubh mac Mhaoileachlainn bailbh uí
Madagain ó thuaith Lusmaighi hi ccuma cháich. Do cuas leó iaramh
tar Sionainn i nDealbhna i fFeraibh Ceall, agus acc sóadh dóibh
tar a nais co brú Sionna do tairrngeadh dá banna saighdiúiridhe baí
ar ósda isin Midhe ina niarmhoireacht, agus ní riacht rabhad nó
rathucchadh rempa go riachtadar gan fios gan airiucchadh co ro iadhsat
imon mbaile i mbáttar na foghladha co ro marbhadh dronga dibhsidhe im
Anmchaidh mac Maoíleaclainn modardha mic Maoileachlainn mic Bresail,
agus im Cobthach ócc mac Cobhthaigh uí Madagain. Térnatar clann
Remainn a Búrc ón mbreisim sin co nurmhór a muintire amaille friú.



Ro briseadh lá hUa nDomhnaill don chuairt sin tri caisléin décc do
chaislénaibh Connacht. Iar ttocht dUa Domhnaill tar Muaidh co
Tír Fiachrach ro ghairsidhe Ua Dubhda do Thadhcc mac Taidhcc
riabhaicch mic Eoghain, agus Ó hEghra riabhach ilLuighne. lacuna
agus Mac Donnchaidh Tire hOilella do Mhuirghes chaoch mac Taidhcc
an Triubhais, agus mac Donnchaidh an Chorainn do Rudhraighe mac Aedha,
agus mac Diarmada Maighe Luircc do Chonchobhar mac Taidcc mic Diarmada.
Do bert lais iaramh braighde gach tíre gus a rainicc i ngioll le comhall,
agus soais tar a ais go ráinic tar Éirne iar ccriochnucchadh a thurais.



Braighde Connacht uile (durmhór) batar illáimh i nGaillimh on
nGobernoir Sir Risderd Biongam. Feacht and dia mbáttar mesgtha
meraighthe iar nól


L. 1992


fhiona isin cced mhí dfoghmhar na bliadhna so co ro iomráidhsiot etorra
fein elúdh as in bpriosún i rabhathar, agus imtheacht dáis nó deiccean.
Iar ccindeadh na comhairle sin dóibh do chuirsiot a nglais agus a ngeimhle
díobh, agus bátar doirsi an bhaile erslaicthe an tan sin, agus bá hionam
proinnighthe do chach i ccoitchinne uair bá hurthosach oidhche ann
do chóidhsiot tars an dorus siar don bhaile. Ro gabhadh an droichet
forra gur bhó heiccen dóibh an abhann aggarbh dionnsaicchidh fo a
nurchomhair, agus bá anaoinfhecht battar saidhe ag fágbháil na habhann
agus aos óccbaidh an bhaile iar ndol tar droichet an bhaile ina ccomhairrcis.
Ro marbhadh cuid do lathair, agus ro hiompaídhedh an chuid ele díobh gus
an bpriosún ór imthighedar. Iar ndol do na scélaibh sin gus an
nGobernóir, Ro chuir sidhe sgribhenn go Gaillimh dia forchongra
gach aon ro aontaigh eludh don chur sin a chrochadh gan fhuireach.
Ro crochadh ar furailemh an Gobernora Mac mec Uilliam Búrc .i. Emann
mac Risdeird an Iarainn, Mac uí Conchobhair ruaidh lacuna mic Taidhcc
óicc mic Taidhcc bhuidhe, mic Cathail ruaidh Mac mhec Dauid Hoberd
mac Hoiberd buidhe, mic Uilliam, mic Tomais Murchadh ócc mac Murchaidh
na ttuagh mic Taidhcc uí Fhlaithbertaigh Domhnall mac Ruaidhri mic
Taidhcc uí Fhlaithbertaigh, agus Maoílir mac Tepoit, mic Uáteir fhada.



AOIS CRIOST, 1596.
Aois Criost, mile, cúicc céd, nochat, a sé.



Mag Carthaigh mór décc .i. Domhnall, mac Domhnaill, mic Corbmaic
ladhraigh mic Taidhcc, agus gér bhó Mág Carthaigh mór do gairthi dhe
ro hoirdnedh co honorach ina Iarla rias an tan sin hé ar forchongra
Prionnsa Saxan. Ní baoí oidhre


L. 1994


ferdha dia éis nó hoirnfidhe ina ionadh cenmotha aen inghen do rala
na mnaoí ag mac Meg Carthaigh riabhaigh .i. acc Fingin, agus ro ba
dóigh lá cách gur bhó hesidhe ro badh oidhre ar an Mág Cartaigh sin
atbath .i. Domhnall.



Mac Suibhne na ttuath Eoghan ócc mac Eocchain óicc mic
Eocchain mic Domhnaill fer tothachtach toirbertach, na ro thuill
táinsiumh, nó tarcaisne or o gabh


L. 1996


ceandus a chriche co ló a eitsiochta fer caithmheach conghaireach
dearlaictheach daonnachtach comhnart fri cothucchadh aghmur fri
hionnsaighidh co mbuaidh ccéille agus ccomhairle fri sidh, agus fri
sochoccadh do ecc 26. Ianuarii, agus mac a dherbhrathar .i.
Maolmuire mac Murchaidh mhaill do ghabhail a ionaid.



O Raighilligh .i. Sean ruadh mac Aodha Conallaigh mic Maoílmordha
mic Seain do écc, agus gé do hordaighedh maille lé composeision a
hucht na bainríoghan athaidh rias an tan sin ticchernas a dhuithche
fein do beith ag gach aon do shliocht Mhaoílmhórdha uí Raighilligh
ro gair ua Néill Aodh mac Firdorcha o Raighilligh do Philip mac
Aodha Conallaigh for an mBreifne uile, agus níor bhó cianshaoghlach
somh iar ngairm tighearna de uair ro marbhadh ria ccionn leth raithe
go tegmhaiseach la muintir uí Neill (lás ro hoirdneadh eisiumh)
agus ro gaireadh ó Raighilligh dEmann mac Mhaoílmhórdha sinnsear
an dá tighearna remhráite.



Mac Iarla Desmumhan décc .i. Tomas mac Sémais, mic Seain mic
Tomáis Droichit Atha.



Tepoit mac Piarais mic Emainn Buitelér tighearna Cathrach Dúin
Iasccaigh, agus Trena Cluana Meala do écc. Fer dearlaicteach
duas mhór ro ba mó duanaire dFhionnghallaibh Ereann durmhór
eisidhe agus a mhac Tomas do ghabháil a ionaid.



Mag Eochaccáin .i. Niall mac Rossa mic Connla décc.



Remann mac Gearailt tighearna Tuaithe Brothaill do bhásucchadh
i cCorcaigh tré chiontaibh a dhibeircce in aghaidh Gall.



An tan tra ro fhidir an Iustis, agus comhairle na hEreann calmacht
agus comhnart na nGaoidheal ina naghaidh, agus gach aén do radsatt
go fomamaighthe dóibh badhéin rias an tan sin ag dol daoín leith
fris na Gaoidhelaibh rémhraite ina naghaidh, bá sí comhairle arricht
leó techta do chor do shaighidh uí Néill, agus uí Domhnaill do
cuingidh shiodha agus chaoncomhraic forra. Bá siad ro toghadh fri
hiom-


L. 1998


luadh naithiscc etorra .i. Tomas Buitilér Iarla Urmumhan, agus
airdeaspocc Caisil Maolmuire Magcraith. Rainicc Iarla Urmumhan
go Traigh Bhaile, agus airisis annsein, agus ro fhaídh a theachta
go hua Neill dia aisneis dó na toscca imá ttáinicc. Faídhidh
ua Neill na sccéla cédna dionnsaighidh uí Domhnaill. Do chóidh
ua Domhnaill dírim marcslóigh go hairm i mbaoí ua Neill,
tiaghat díbhlínibh co Fochaird Muirthemne. Tánaic an tIarla, agus
an tairdespocc dia saighidh. At fétsat do na flaithibh in toiscc
ima ttangattar .i. gur ab do chuingidh síodha do dheachattar, agus
at fétsat na comhadha ro thingheall an Iustis .i. dilsiucchadh
chóiccidh Conchobhair dóibhsiomh génmota an mbloidh tíre fil ó
Dún Dealgan co Bóinn in ro aittreabhsat Goill ó chein mháir rias
an tan sin, agus ro gheallsat fris sin ná tiostais Goill forra tar
tórainn cenmotát na Goill báttar hi cCarraicc Fergusa hi cCáirlind,
agus i nIubhar Cinntragha do léiccedh fri creic agus conradh do shíor,
agus ná léiccfidhe maoír nó lucht tobhaigh cíosa nó cana dia saicchidh
acht an cíos do ratta for a sinnsearaibh (feacht riamh) do iodhnacal
dóibhsiumh co hÁth Cliath, agus ná cuinghidhfe geill nó eittire orra
acht madh sin, agus do bértha an ccédna do na Gaoidhelaibh attracht
hi ccommbáidh uí Domhnaill hi ccóicceadh Chonnacht. Do chóidh tra
ó Neill, agus ó Domhnaill, agus i mbatar ina ffarradh do mhaithibh
an chóiccidh do sccrúdadh a ccomhairle im na haithesccaibh sin do bretha
cuca, agus iar mbeith athaidh foda dóibhsidhe agus do na maithibh
archena acc foraithmhet an ro togaetha lá Gallaibh ó do riachtatar
Érinn lá bréccthingealltoibh ná ro comhailleadh doibh idir, agus an
líon do dheachatar doidhedhaibh anaipche dia naireachaibh dia
nuaislibh, agus do shaorchlandaibh soichenélchoibh cén nách tuccait
itir, acht do gaitt a nathardha foraibh, Ro imecclaighsiot co mór co
ná comhaillfe friú an ro tinghealladh


L. 2000


dóibh conidh fair deisidh leó fó dheóidh an tsídh do éimghedh.
Ro aisneidhsiot iaramh in aithescc don Iarla, agus do chóidh sidhe co
hÁth Cliath do shaighidh an Iustís agus na comhairle, agus at fét
dóibh a dhiúltadh imón síth, agus a freccra ó na Gaoidhelaibh. Ro chuir
an Iustis agus an comhairle teachta go Saxaibh do saighidh na
bainrioghan daisneis a scél disidhe conidh and fo cerd si iolar
ndaoíne go hErinn co na naidhmibh techta leó co nár bhó lugha
oldátt fiche míle a líon daos tuarustail, agus damhsoibh ro bhattar
in urfhaichill coccaidh do Ghaoidhealaibh. Ro tecclamadh iaramh
sloiccheadh lán mhor la general coccaidh na bainrioghan in Erinn
.i. Sir Iohn Noris do dhol i ccoicceadh Connacht ar daigh in
ro éirigh i ccombaidh coccaidh na nGaoidhel díobh do cennsucchadh.
Tainicc Iarla Chloinne Riocaird .i. Uillecc mac Riocaird
Shaccsanaigh, mic Uillicc na ccenn co lion a shochraitte ina ttionol.
Tánaicc tra Iarla Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Conchobhair, mic
Donnchaidh uí Bhriain co na shochraitte on modh ccedna. Tangattar
tra dronga dírimhe nach airimhtear cenmothatsaidhe. Acht cena
atberat aroile na ro tionoileadh fri ré cian daimsir in Erinn
for seilbh an prionnsa samhail don tsluaigheadh ishin ar lionmaire
a lerthionoil, ar allmurdhacht agus ar ionggnaithe a ninnill, agus a
neccoiscc. Iar ttorrachtain doibh séin uile go haon bhaile .i. go
hAth Luain do shaighidh an generala lottar iaramh co Roscomáin,
agus í ccomhfochraibh Mainistre na Búille iarttain agus o na
fuairsiot Connachtaigh for a ccionn ann sin amhail ro shaoílsiot,
iompaíd tar a nais siar hi rann Mheic Uilliam go Cionnlacha, agus
go Maighin go ro ghabhsat campa comfhairsing la taobh abann Rodhba.



An tan ro batar an tsochraitte lan mhor acc tómaithemh tocht an dú sin,
Ro fhaídh Mac Uilliam Burc Tepóitt, a thechta go hUa nDomhnaill
dia chuinghidh fair toidhecht dia fhoirithin, nir bo faillightech
ro freccradh indsin la hua nDomhnaill uair rob erlamh eisidhe do
thecht i ccoicceadh Medhba riasiu rangattar na teachta dia shaighidh.
Scriobhtar litre, agus scribhenna uadha go Gaoidhelaibh coiccidh
Olneccmacht dia fhorcongra forra toidhecht ina dhochom go hionad
erdálta baí fors an cconair do saighidh longport an generala Sir
Iohn Noris, agus do dheachaidh budhein hi ccenn tseda co na slogh
lais tar Eirne, tar Sliccech, lamh dhes fri


L. 2002


srúibh Sleibhe Gamh tre Luighne, agus tre crich Gaileng.
Tangatar tra Gaoidhil an choiccidh gan iomfhuireach fon toghairm
ishin. Tanaicc ann cetus Brian ócc (.i. o Ruairc) mac Briain mic
Briain mic Eogain uí Ruairc. Tánaic ann ó Concobhair ruadh, ó
Ceallaigh, Mac Diarmata Maighe Luircc. Tangatar ann an dá mhac
Donnchaidh, an dá Ua Eghra, agus ua Dubhda. Iar ttorrachtain
na nGaoidheal sin co háit naén bhaile, ní ro hanadh leó go ro gabhsat
longport for ionchaibh Sir Iohn Noris don taobh araill don Rodhba
cedna.



Ro bai iomaithighidh etorra anonn agus anall amhail bidh fri sidh agus
fri cairdine, agus nír bó hedh ón iar ffír, acht bá do brath agus
taiscéladh agus do thabairt bréicce imo roile dia ccaomhsattaís.
Airisitt athaidh amhlaidh sin aghaidh i naghaidh co ttairnic a
lóinte do na Gallaibh conadh é ní ro chinnsiot déirghe an phuirt i
mbattar ó ná ro chumhaingsiot ní do na Gaoidhealaibh. Do ghníatt
samhlaidh agus do chóidh an General go Gaillimh, assidhe go
baile Átha Luain, agus ro fháccaibh saighdiúiri hi cCunga, agus
mar an ccedna i nGaillimh, i mbaile Ath an Riogh, isin
Mullach mór ua Maine, hi cCill Chonaill i mBél Atha na Sluaigheadh
i Ross Comáin, hi tTuillsgi, agus i Mainistir na Búille.



Ua Conchobhair Sligigh do thecht in Erinn co nGallaibh iomdha lais
hi ffoghmar na bliadhna so.



Do cuiredh Sir Risderd Biongam co na braithribh a cumhachtaibh
cóiccidh Chonnacht, agus ruccadh iadsidhe co hAth Cliath, agus
do cuirit assaidhe go Saxoibh agus ro cuireadh neach ele ba ferr
inás ina ionad i ngobernoracht choiccidh Connacht .i. Sir Coners
Clifort a comhainm. Ba fer tiodhnaicthe séd agus maoíne do Ghallaibh
agus do Gaoidhelaibh eisidhe, agus ní thainicc do Ghallaibh i nErinn
is na deidhenchoibh nech ba ferr inás. Iar ttocht do co hAth Cliath
ro baí ag comhcruinniucchadh daoíne agus acc uirtriall armála do dhul
hi cConnachtaibh. Do choidh iaramh co líon slóigh, agus sochaidhe
co baile Atha Luain, agus do sccaoil a bhandadha i ccampa agus hi
ffoslongport ar bhailtibh Ó Maine, agus Cloinne Riocaird .i.
Gaillimh, baile Átha an Riogh, an Mullach Mór, Conga, agus an
Leithinnsi. Do chottar drong mhór do mhaithibh chóiccidh Connacht
do shaighidh an Gobernora, agus do ghabhsat lais fo dáigh a alladh agus
a árd tuarusccbhala. Ro ba dibhsidhe ó Concobhair ruadh .i. Aodh
mac Toirrdhealbhaigh ruaidh, agus mac Diarmata .i. Concobhar, agus
ro naidmsiot a ccarattradh fris.


L. 2004


O Concobhair Sligigh tra iar ttocht dó a Saxoibh co hErinn
ro ghaibhsidhe ag cendsucchadh Connacht amhail as dech ro fhed a
hucht Gall, agus ro ghabhsat Clann nDonnchaidh Cuile Muine lais.
Baí bheos Baile an Mhótaigh ar a chumas. Ro ghabhsat mar an ccédna
Muintir Airt lais, uair ba hiaidsidhe roptar tairisi dfior a
ionaid do ghres, agus roptar faoíligh dia rochtain dia saighidh, agus
ro lionsat duaill, agus do dhíomas, agus ro ghabhsatt acc baigh
agus acc bagar ar Chenel cConaill.



O Domhnaill dna ót cualaigh sidhe fosccadh an scceoil sin, agus a
ndolsomh i ccombáidh Gall ina aghaidh, ní ro airis fri tecclamadh
slóigh cenmotá amhsaigh agus aés tuarustail agus do taéd iaramh tar
Slicceach siar go Ross oircc an roptar tairisi la hUa cConcobhair
in gach dú i mbattar i ndiamhraibh, agus i ndroibhelaibh daingne an
tire co ná ro fhaccaibh mil ninnile leó, agus ní ro creach acht
iadsomh namá, ge ro choiccill doibh co minic reimhe ar a ndínnime
agus ar a nderoile go ros brost a mbriathra diúmsacha, agus a
naincridhe na ro fhedsat do dhicleith Ua Domhnaill dia norgain
an tan sin.



Conchobhar, mac Taidhg, mic Concobhair ui Bhriain o Bél Atha an
Chomhraic do dhol for dibeircc agus for foghail, uair baísidhe,
agus drong do Chloind tSithigh amaille fris ar ionnarbadh o na
nathardha araon la Gaoidhealaibh an Tuaisceirt, agus tainic ina
menmain rochtain dia ttír, agus asseadh lottar do Chloinn Riocaird,
do Shlebh Echtge, agus diochtar Cloinne Cuilein. Ro bás ina
lenmain o gach tír do thír co ro gabhadh Concobhar fa deoidh ar
in cCoill Móir, agus ruccadh é hi ccend an Presidens isin ccéd mí
dfoghmar do shonnradh, agus ro básaigheadh he i cCorcaigh ar
terma na Samhna.



Tadhcc, mac Toirrdhealbhaigh, mic Donnchaidh, mic Concobhair uí Briain
(iar mbeith ré fhoda for foghail) do ghabhail i mBuitilerachaibh,
agus a bhásucchadh tre comhairle Iarla Urmhumhan.


L. 2006


Uaitne, mac Rudhraighe óicc, mic Rudhraighe caoích, mic Conuill
uí Mordha do beith ina duine uasal hi ccerdaibh coccaidh an tan sa,
agus Laoighis do leirsccrios lais etir ioth, arbhar, agus áitiucchad
co ná baoí énní isin tír o ghlas geta no báduin amach nach baoí for a
chumas. Ro marbhadh dna lais duine uasal do Shaxancoibh bai hi
srádbaile Laoighisi aga raibhe bladh mór don tír a hughdarrás an
prionnsa .i. Cosbi mac maighistir Frauus a ainm.



Clann Emainn an Chalaidh, mic Semais, mic Piarais ruaidh mic Semuis,
mic Émamn mic Risdeird Buitiler do dhol for foghail beós tre iomtnuth
le hIarla Urmumhan, agus a nathair Emann an Chalaidh do ghabail
tre na cciontaibhsidhe.



Emann, mac Risdeird, mic Piarais ruaidh do gabhail mar an ccedna.



Fiacha mac Aodha, mic Seain o Ghlionn Maoílughra do beith ag
milleadh Laighen agus Midhe an tan sa.



AOIS CRIOST, 1597.
Aois Criost, mile, cuicc céd, nochat, a seacht.



Ua Domhnaill Aodh ruadh, mac Aodha, mic Maghnasa do beith i
ffoslongport i mBreifne Chonnacht fri Sliabh dá Én anoir on
tan ro hoirccedh sainmhuintir


L. 2008


uí Concobhair lais amhail remhebertmar. Ro bhaísidhe ag ernaighe
a shochraitte, agus a thoichestal do breith fair as gach airm i mbáttar
agus iar ttecclamadh doibh dia shaighidh i ndeireadh Ianuary
asseadh lottar i ttriocha chéd ua nOilella, assaidhe don Chorann,
tre Mhachaire Connacht, hi cCloinn Conmaigh hi ccrich Maine.
Iar ttocht do i neidirmedhon Ua Maine ro leicc scceimhelta
scriobluatha uadh fa thuaith an Chalaidh, agus fa uachtar na
tire, agus do bertsat bó thainte iomdha, agus crecha comhaidhble leo
hi ccoinne uí Domhnaill go baile Átha an Riogh, agus ge ro
fhóbairsiot an bharda an baile do bhardacht nír bó torbha doibh an
tinnsccettal uair ro cuirsiot Muintir uí Dhomhnaill teinnte agus
tendála fri doirsibh daingen ndúnta an bhaile, agus tuccsat dreimiredha
diomhóra dia saicchidh, agus ro chuirsiot fris na muraibh iad go
ndechsat for taibhlibh an mhúir. Ro lingsiot iaramh do na taibhlibh
go mbatar for sraidibh an bhaile, agus ro erslaicsiot na doirsi don
lucht batar imuigh. Gabhaitt iaramh for toghail na ttighedh ttaisccedha,
agus na tteghdas ffoiriata co ruccsat eistibh ina mbaoí indibh
dionnmasaibh, agus dédalaibh. Airisit in adhaigh sin isin mbaile
hi shin. Nir bó sodhaing ríomh nó airemh ina ruccadh dumha, agus
diarann dedach agus duradh as in mbaile sin ar na marach.
Ba has an mbaile cedna sin ro leicc scceimhealta uadh darccain
Cloinne Riocaird ar gach taobh dabhainn. Ro leircreachadh, agus
ro lainindreadh las na scemheltoibh sin o Lethráith go Magh
Senchomhladh. Ro loiscceadh, agus ro lomaircceadh las an ccuid eile
díbh ó bhaile Átha an Ríogh agus ó Raith Ghoirrgín siar go Rinn
Mil, go Medhraidhe, agus go dorus na Gaillmhe. Ro loiscceadh leo
Tegh Brighde i ndorus spairri na Gaillmhe. Do ronadh sosadh,
agus sárlongport la hua nDomhnaill co na sloghaibh in adhaigh sin
etir Uarán Mór agus Gaillimh ag Cloich an Línsigh do


L. 2010


shonnradh. Do thaed ó Domhnaill ar na mharach go Mainistir an Chnuic
i ndorus na Gaillme, agus ro baí iomaithighidh uadh go lucht an bhaile
ag cuingidh creice agus cennaighecta a nerradh neccsamhail, agus a
nédghadh nuasal for araill do na crechaibh. Asseadh ro chinn
iaramh sódh tar a ais, agus munbhadh troma na ttionol creach, iomat
na nairccneadh, agus aidble na hédala ro badh doigh na hanfadh don
reim sin go Gort Innsi Guaire hi cCenel Aodha na hEchtge. Luidh
ua Domhnaill co na shloghaibh agus co na ccreachaibh leó tre
certlar choiccidh Connacht hi ffrithing na conaire cédna, agus ní
ro airis go ro ghabh longport hi cCalraighe fri Slicceach anoir,
agus ro fhaoidh a ghiollanraidh, agus a aés díairm lá araill dia
chreachaibh tar Samhaoír badh thuaidh.



Dala uí Concobhair Shliccigh (Donnchadh mac Cathail óicc) ro tecclamadh
slogh lán mhor lais do Ghallaibh agus do Ghaoidhelaibh gar becc iar
ffeil Brighde do thocht go Slicceach.



O Domhnaill tra baísidhe hi cCalraighe (amhail remebertmar) hi
ffoichill fhorra agus do bert ammus for shlogh uí Chonchobhair ria
siú rangatar go Slicceach. Ní ro hanadh frissidhe idir, achtmadh
uathadh tarrthas do dheireadh an tsloigh ag Traigh nEothuile, gontar,
báitter iadsaidhe. Ro marbhadh ann mac Mheic Uilliam Burc .i. mac
Risdeird mac Oiluerais, mic Seain, agus drong oile nach airimhther
cenmothasomh. Do thaed ua Concobair for ccúla, agus nir bó slán
lais a mhenma im thoidhecht an turas sin. Tánaic trá Ua Domhnaill
dia thigh, agus ro leicc sccaoileadh dia shloighaibh do léccadh a
sccísi daithle a naistir imchein agus ro fhaccaibh a amhsa agus a
aés tuarustail i ccóicceadh Connacht i nurfhaichill choccaidh
uí Choncobhair agus na nGall battar lais, agus Niall garbh mac
Cuinn, mic an Chalbhaigh uí Domhnaill i ttoísighecht forra. Ro ghabhsat
sein for indreadh agus aidhmhilleadh na nGaoidheltuath ro eirgettar
i ccommbaidh uí Concobhair agus na nGall go ttardsat for ccúla
do ridhisi drong mhor dhíbh im Mhac Diarmata Conchobhar toisech
Maighe Luircc, agus ruccadh eisidhe do shaighidh uí Domhnaill
go nderna a mhuinterus fris an dara fecht, agus co ttarat a riar dó.
Do ronsat


L. 2012


toísigh na ttuath bádar fri Coirrshliabh a tuaidh an ccedna, agus
do rattsat a ngeill, agus a naittire dUa Domhnaill.



Ceithre bhairille, agus secht ffichit bairille púdair do thecht on
mbainrioghain go hAth Cliath hi mí Márta do shaighidh a muinntire.
Iar ccor an phúdair hi ttír ro tairrngedh é co Sráid an Fhíona co
mbaoí uile in aen ionadh ar gach taebh don tsraid, agus do dheachaidh
aoibhel teinedh isin bpúdar. Ní fes trá an do nimh, fá a talmain
tainic an Splangc hísin, acht cena ro mheabhaidh na bairilledha ina
naén breó lasrach agus luamhainteinedh an 13 do Mhárta do shonnradh,
co ro toccbhadh cúirte cloch, agus cumhdaighthe croinn na sráitte da
ffothaibh fulaing, agus da bposdadhaibh congmala is in aér edarbhuas
co mbíodh an tsail shíothfoda, agus an chloch cian tuinighte, agus
an duine ina éccoscc chorpardha for foluamhain isin aer ós cend an
bhaile la tuinnsiumh an tren phúdair conach eidir ríomh, airemh, nó
aisneis an ro milleadh do dhaoínibh onórcha, daés gacha ceirde, do
mhnaibh, do mhaighdenaibh, do clannaibh daoíne uasal ticcedh as gach
aird dEirinn do denam foghlama don chathraigh. Nir bó damhna
eccaoine an ro milleadh dór, nó dairgett, nó do shomhaoine saoghalta
in aithfhecchadh in ro milleadh agus in ro mudhaigheadh do daoinibh
las an torainnchles sin. Nír bo hí an tsráid sin amhain ro
diothaiccheadh don cur sin, acht an chethraimhe fa nesa di don
chathraigh chedna.



Ua Concobhair Donnchadh mac Cathail óicc do cengal chairdesa, agus
carattradh etir a chliamhain (mac Mec Uilliam Burc) .i. Tepoitt na
long mac Risdeird an iarainn, mic Dáuid, mic Emainn, agus Gobernoir
choiccidh Connacht .i. Sir Coners Clifort. Iar ndenamh a ccodaigh
re roile doibh do tharraing Tepoitt an Gobernoir agus bannadha
choicchidh Connacht i tTír Amhalgadha, agus hi rann Mheic Uilliam
go ro hathcuiredh, agus go ro hionnarbadh leo Mac Uilliam (Tepóitt
mac Uateir chiotaigh mic Seain, mic Oiluerais) ass a athardha hi
ccend uí Dhomhnaill. Ro lomadh agus ro leirsccriosadh leó gach aén
fris a mbaoí a rann agus a charattradh isin tír dia éis. Ro ghabh an
tír don cur sin la Tepoitt na long agus las an


L. 2014


nGobernóir. Iompais an Gobernoir iar sin go baile Atha Luain, agus
ro sccaoilsiot na bandaighi ar a ngairisionaibh. Ba doaisneis a
ruccsat dairccnibh agus dédalaibh a rann mheic Uilliam an tan sin.



Dala mheic Uilliam iar ttocht dosomh co hairm i mboí ó Domhnaill
dacaoine a imnidh fris ro airis ina fhochair co mí medhóin shamhraidh.
Do ghní O Domhnaill iaramh slóiccheadh hi ccóicceadh Connacht
do congnamh la Mac Uilliam, agus rainic tar Muaidh ua nAmhalgadha
gan nach ndoghraing. Ní chumhgatar (no caemhnaccatar) an tír
frithbeart fris go ro gabh a ngialla, agus a naittire, agus do beart
somh na braighde ishin do Mhac Uilliam, agus fáccbhais an crioch fa
umhla dó. Agus fosráccaibh Rudhraighe Ua Domhnaill a dherbhrathair
budheisin tanaisi Ceneoil cConaill ina fharradh dia nertadh i
naghaidh a namhatt go slógh mor dia mhiledhaibh troightheach, agus
dia amhsoibh amaille friss. Iompaidhis Ua Domhnaill ina fhrithing
dia thír.



Ro thionoil Ua Concobhair agus Tepoitt na long slogh mór do
Ghallaibh, agus do Ghaoidhelaibh iar ffaccbáil na tíre dUa
Domhnaill do dhioghail a naincridhe for Mhac Uilliam agus
ro ionnarbsat Mac Uilliam an dara feacht, agus Rudhraighe
don chur sin as in tír ar ni rabhatarsidhe coimhlion daoine friú.
Bá sí comhairle arricht la Rudhraighe agus la Mac Uilliam ina
mbaoi ina ccomfhocraibh do chrodh agus dinnile an tire co na
naittreabtachaibh, agus co na muinnteraibh do chor rempa tar
Muaidh ua nAmhalgadha, agus tré Thír Fhiachrach Mhuaidhe
do thocht fo mhámhus uí Domhnaill go rangattar Sliabh Gamh ria
nadhaigh, agus gabhaitt acc asccnamh trias an sliabh fod na hoidhche.



Imthúsa an Ghoibernóra ó ro chuir siumh ua Conchobhair, agus
Tepóitt na long co na sloghaibh do dhiochur Meic Uilliam as an
tír, Ro theglaimsidhe lion a shochraitte for cind Meic Uilliam
agus Rudhraighe isin conair na ro chumhaingsiot do sheachna no
diomghabhail. Roptar iad bátar do shaorclandaibh i ffarradh an
Ghoibernora an tan sin .i. Uillecc mac Riocaird Shaccsanaigh, mic
Uillicc na ccend, Iarla Chloinne Riocaird co na mhac Riocard
Barún Dúine Coillín eisidhe, Donnchadh mac Concobhair, mic
Donnchaidh ui Bhriain Iarla Tuadhmumhan, agus Murchadh mac
Murchaidh mic Diarmata uí Bhriain Barún Innsi uí Cuinn go


L. 2016


sochaidhibh oile do dhaghdaoinibh cenmothát. Ba hann do rala don
Goibernoir beith an adhaigh sin hi ccaislen Chuile Maoíle fil for
Abhainn Móir fri Sliabh Gamh aniar (recte anoir), agus fri
Sliabh dá Én anoir (recte aniar) co ccoicc céd décc laoch do
gleire ghaisccedhach ina fhochair ann. Ba conair choitcenn nar bo
sodhaing do seachna an mhaighen i mbaoi siumh. At cuas do Rudhraighe
ua Domhnaill agus do Mac Uilliam an Gobernoir da beith rempa
for an cconoir na ro fhedsat do shechna. As fair ro chinnsiot ó
rangatar ria maidin i ngarfoccus don chaislen, a ccethra, a ninnile,
a ngiollanraidh, agus a naés diairm do légadh uatha i slighidh ba
hinnille inás an conair in ro badh menmarc leo budhein do ghabhail,
edh imchian on chaislen, agus iad budheisin do dhul tar an abhainn
gan rathucchadh hi ccomhfocraibh an caisteóill ó nach rabhsat
coimhlíon sloigh fri a mbiodhbhadhaibh. Do codar somh tra gan
airiucchadh gan forcloistecht tar an abhainn go mbatar don taobh
araill. Andar leo somh chena do righensat anacal agus imdegail dia
ccethraibh agus dia ngiollanraidh, Nir bo hamhlaidh tarla doibhsidhe
itir uair ro clos búireadh bhéiceadh na mbó thainteadh, agus na
nanmann neicciallaidh, agus foghurnuall aosa a niomána isin
muichdedhoil. Do leiccet marcshloigh an Ghoibhernora ina ndrongaibh
agus ina ndíormaibh fo chomhgháir na ccethra dus an ttairsittis
iad. Ruccsatt din for indilibh iomdhaibh, agus do dheachaidh in
ro badh móo uadhaibh diobh. Ro marbhadh drong mhór do na gillibh agus
daos na hiomána. Ba don chur sin do marbhadh Maolmuire mac Conuladh
meic an Baird saoí fhirdhana ro bhaí ar mhaithibh a cheneoil budhein.
Ní ro fhédsat a muinntir budheisin anacal do tabhairt doibhsidhe
la hiomat an tsloigh do rala for a nionchaibh. Ba méla mór las
an nGobernoir a ndol seacha resiú tarraidh greim forra. Tiaghait na
Gaoidhil ass amhlaidh co rangatar tars an Eirne budh tuaidh.
Sóais an Gobernoir ina fhrithing, agus nír bó slán lais a mhenma ó
do ernáiset a naimhde uadha iar na ffaghbail in uathadh amhlaidh sin.



Fiacha mac Aodha mic Seain o Ghlend Mhaoilugra do thuitim iar
ttarraing


L. 2018


ceilcce da combrathair fair ar furáilemh Ard iustís na
hEreann Sir Uilliam Russel isin ceid mí do shamhradh na bliadhna so.


L. 2020


Iustis nua do thocht i nErinn i ttosach mís Iun co narmail agus
co saighdiuiribh iomdhaibh lais .i. Lord Burough, Tomás a comhainm.
Iar nglacadh an chloidhimh dóisidhe on Iustis baí ann fri ré trí
mbliadhan go sin .i. Sir Uilliam Russel, Ro benadh lais an oifficc
do bí ag Sir Iohn Noruis ó na prionnsa dhe .i. generaltacht an
choccaidh, agus ro gabh fein an oifficc sin fri a ais. Tucc iaramh
fóccra dferaibh Laighen, agus Midhe, agus don mheid baí umhal don
bainrioghain o Chomar trí nUiscce go Dún Dealgan tocht ina dhochom
(co líonmhar ler tionoilte an ficetmhadh lá do mí Iul) go Droichet
Atha. Ro freccradh na fóccarta sin la hIarla Cille Dara, la
Gallaibh Midhe, agus Laighen. Tánaicc tra an Iustis gus an lion
as lia ro fhéd gus an maighin ccedna, agus iar rochtain i ccenn
a roile do na sloghaibh do asccnatar go Tír Eoghain co rangattar
gan toirmescc gan tairisiumh go hAbhainn Móir, agus an ní dob
annamh la hUa Neill frith faill iomcoimhetta


L. 2022


fair co rainicc an Iustis tar an abhainn gan tachar, gan toirmescc
go mbaí don taobh araill di. Ro muradh agus ro morclaidhedh las an
Iustis an port iomcoimhetta baí acc ua Neill for ur na habhainn,
agus ro toccaibh fein port nua dó budhein isin mbruach alltarach
don abhainn chedna agus ge ro frith an uain sin ar Ua Neill tre
eolus agus tre tionchoscc Thoirrdelbaigh, mic Enri, mic Feilim
ruaidh uí Neill ní ro lamh an Iustis, na aen dia shloghaibh dol
edh aén mile tairis sin i tTir Eoghain, agus ní mó ro leicceadh
suan no sadhaile, codladh, no cumhshanadh doibh acht deabhaidh agus
diubhraccadh forra ó mhuinntir Uí Néill do ló agus doidhce. Bá
dirímh doaisneis an ro marbadh, agus in ro mudhaigheadh do daoinibh
an Iustis, agus an ro benadh deachaibh, agus dedalaibh diobh.



Do dheachaidh an Iustis in aroile lo for cnoc bai i ccomhfochraibh
don campa do mhidhemhain agus do mhoirdhechain an tire ina uirthimcell,
agus ba ferr dó na tíosadh idir, uair do marbhadh drong mhor dia
deghdaoinibh la hUa Neill co


L. 2024


na muinntir. Ro badh dibhside dearbrathair mna an Iustís, agus
ardmhaor a sluaigh co sochaidhe moir do chaiptinibh agus do daoinibh
uaisle cenmothát. Ro marbhadh ann din araill do muinntir Iarla
Chille Dara, agus munbudh goire an champa don Iustis ní raghadh ass
an iomairecc sin an lion do érna dhíobh. Do rala dIarla Cille
Dara (.i. Henry mac Geroitt tre bithin gona, no fiabhrasa cecib
diobh) gur bó heiccen dó triall tar a ais do shaighidh a athardha,
agus iar rochtain dó go Droicet Átha fuair bas isin mbaile sin.
Ruccadh a corp go Cill Dara agus ro hadhnaicedh co nonoir agus
co nairmittin i nothairlighe a shinnsear he. Ro hoirdneadh a
dherbhrathair .i. Uilliam ina ionad.



Iar ccriochnucchadh an phuirt nuí sin las an Iustis ar brú Abhann
Moire, agus iar ttabhairt da uídh a dhioth daoine, agus na
ro léicceadh dó dol tairis sin isteach isin tír do chuir biadh agus
bárda isin mbaile, agus ro triall fein tocht tar a ais. Do chóidh
cétus don Iubhar, agus assaidhe co hAth Cliath, agus ro sccaoilsiot
a shluagh dia ttighibh.



An tan tra ro triall an Iustis gus an sloighedh cédna i tTír
Eóghain, Ro cuir sgribhenn go Gobernoir choiccidh Connacht dia
fhorchongra fair dol gus an lion sluaigh as lia no biadh ina chumang
isin ccend thiar do coicceadh Uladh for Ua nDomnaill an ccein
no biadh somh i tTír Eoghain. Nir bo heisliseach ro freccradh
an fhorcongra sin las in nGobernóir, uair ro chuir toghairm for Iarla
Tuadhmumhan Donnchadh mac Concobair, agus for Bharun Innsi uí
Chuinn Murchadh mac Murchaidh, for Iarla Cloinne Riocaird Uillecc
mac Riocaird Shaxanaigh, agus for a mhac Riocard mac Uillicc
Barún Dúine Coillin. Ro chuir bheos toghairm agus tionól for uaislibh
chonntae Maighe Eó, agus Rossa Commain co na sochraite. Do fhorail
for na maithibh uile tocht ina dhochom go Mainistir na Buille an
cethramhadh lá fichet do mí Iul do shonradh, agus go mbiadh fein
co na bhandadhaibh for a ccind an dú sin. Tangatar sidhe uile gus
in maighin remraite isin ló cettna. Ba he lion a ttionoil iar
rochtain i ccenn aroile doibh da brataigh ar fhichit do throighthechaibh,
agus deich mbratacha marcshloigh. Ro asccnatar aisidhe go Slicceach,
agus iaramh go hEirne go ro ghabsat longport lionmhar lainmhenmnach


L. 2026


for ur Samhaoire sriobhglaisi. Ro baí do mhenmnaighe an tslóigh
hishin andar leó co na baí cumang i ffreastail nó a ffriotholma i
ccoicceadh Uladh uile.



Do eirghettar slogh an Ghobernora isin muichdhedhoil ar a barach
do dhul tar an abhainn. Bai din iomchoimhéd o ua nDomhnaill for
gach náth for an Éirne. Acht chena fuaratar somh baoghal for
áth niomdhoraidh buí fuirre .i. Áth Cúil Uain, agus ro chingsiot
go diochra dúrcroidheach do shaighidh an átha híshin. Ro ghabhsat
na forcoimhedaighe occa ndiubraccadh gan díchell, agus acc
iomchosnamh an átha friú amhail as deach ro fhedsat. Acht chena ní
ro chumaingsiot a chianchosnamh fris in lion sloigh agus sochaidhe
batar ina naghaidh go riacht an Gobernoir co na sloghaibh tairis
co mbattar don taebh araill. Ar a aoí tra do rónadh echt adhbhal
an lá sin .i. Murchadh mac Murchadha mic Diarmata, mic Murchadha
uí Briain Barún Innsi uí Chuinn. Baí sidhe allamuigh do na
saighdiuiribh for a eoch etorra, agus a niomdhomhain occa
nimdeghail for bhathadh, agus acca mbrostadh tairis. Ba sedh
ro chedaigh an chinnemhain dó a amus co hinnell-díreach la haon
do mhuintir uí Domhnaill durchor pilér i scaoileadh a éidedh plata
i ndeirc a occsaille co ndechaidh tremhitt isin deirc araill. Ní
ro cuimgedh a anacal go ro edarsccar fri a eoch i fudhomhain an
tsrotha go ro baidedh é fo chedóir. Ba hecht mór eidir Gallaib, agus
Gaoidhelaibh an tí torchair annsin, ar airde a inmhe, agus ar uaisle
a fhola ger bo hócc ar aoí naoisi eisidhe, agus gemadh toccbail
a chuirp agus a adhnacal co honórach ro dlecht do dhenamh, ni
ro hanadh frisidhe las an slogh acht rochtain gan oirisiumh go
mainistir Eassa Ruaidh. An 31 do mí Iul do riachtattar an dú
sin, agus dia Sathairn ar aoi laithe sechtmaine. Ro ghabsat longport
ar gach taobh don mhainistir i muigh, agus istigh. Batar hisuidhe
on tan tangatar tar Eirne ria medhón laí dia Sathairn co madain
dia Luain. Ba isin Domhnach sin batar isin mainistir tangatar an
loinges ro gheall ina ndiaidh o Ghaillimh i mbaoí a nordanas,
agus a ngonnadha mora co na storus archena ar dhaigh a niomfhulaing
an ccein no beitis isin ccoiccrich.


L. 2028


Ro ghabsat an loinges sin cuan acc Inis Saimher i nucht Eassa
Ruaidh, agus ro chuirsiot a stórús isin inis go líon a iomchoimetta
maille fris. Do rattadh dna an tordanas i ttír dia Luain, agus
ro suidhighedh é fo ercomhair chaisléin Bheoil Átha Senaigh.
Ruccsat a slogh on mainistir go mullach Síthe Aodha ar aghaidh
an dúnaidh, agus i ttimceall an ordanáis. Ro ghabsat dia Luain,
dia Mairt, agus dia Cédaoín acc diubraccadh an bhaile do chaeraibh
tromaibh, torannmhoraibh teinntidhi, a gonnadhaibh guthárdaibh
granoibhleachaibh an ordanais iomthruim adhbail mhoir hishin
ro shuidhighsiot for ionchaibh an dúnaidh, go cclos a ffuamanna agus
a ffogharthormán i ccléithibh aeoir, a ffod, agus in imchein uadhaibh.
Ro lasat dronga diomhora do roighnibh a laoch fó bhun an bhaile co
trealmaibh toghalta múr leó, co neidedh nimremar niomdaingen
niarnaighe imá ccorpaibh, co ccathbarraibh caémhsolustaibh ima
cendaibh co léibhend lainderdha do chruinnscciathaibh coimhlethna
cruaidh iarainn ina nuirthimcheall dia nimdeghail for diubhraicthibh
a namat. Nir bó torbha doibhsiumh ón an daghfhuabairt do bertsat
for an dúnaidh, agus ba ferr dóibh na tiastais an turas do dheachatar
dia shaighidh, uair ro dáilte as an ccaislen forra froisschetha
caer ttaidhligh tteinntidhe a gonnadhaibh fosaighthe fírdírghe,
agus a musccaédibh morchostais, agus araile do chairrgibh
cenngharbhaibh agus do tromclocaibh tuinighte, do shailgibh, do
shonnaibh baí for taibhlibh an dúnaidh fo ercomhair a ndiubhraicte,
co nar bo dion no daingen do lucht na toghla na cumdaighthe battar
forra go ro mudhaighedh dronga dermhára dibhsidhe, agus co
ro scciothaighedh araill báttar beoghonta co nar ansat re a nairleach
ní badh síri, agus do bertsat a ndromanna fri a naimdibh co
raeimheadh forra gus an ccampa. Batar lucht an dúnaidh acca
ndiubhraccadh ina ndeadhaidh co ro marbhadh cinntech ar eccinntech
diobh.


L. 2030


Do bhertsat drong do marcshloigh Ui Domhnaill saighin iomruaicthi
for marcsloigh na nGall, agus nís tá i fforaithmet no i ccuimhne
in ro gonadh etorra cenmotha Ua Concobhair Sligigh Donnchadh mac
Cathail oig ro gaetta eisidhe don chur sin, uair baí sidhe agus
o Concobair ruadh Aodh mac Toirrdhealbhaigh ruaidh agus Tepoitt
na long co líon a sochraitte i ffarradh an Ghobhernora an tan sin.



O Domhnaill dna baisidhe i tteirce sloigh, agus in uathadh
sochaidhe an Satharn tanaicc an Gobernoir gus an ttromdháimh sin
don tír. Ro bhatar a dhaoíne agus a shochraitte acc tecclaim agus
acc tionol as gach aird ina dochom, go riachtatar a nurmhor ria
midhmedhon dia Luain. Tánaic din Máguidhir Aodh mac Con Connacht
mic Conconnacht agus o Ruairc Brian ócc, mac Briain, mic Briain
bhallaigh co na ttionól ina dhochom, agus iar rochtain do na maithibh
sin i ccenn a roile, nír bhó suaimhnech sádhal ro leiccsiot don
Gobernóir co na sloghaibh, uair ro bai deabhaidh, agus diubhraccadh,
iomairecc agus iombualadh, agus iomruaccadh uatha for an ccampa gach
laoí fri ré na trí lá ro bhatar somh ag buanchaithemh an bhaile.
No chuirdís slógh uí Domhnaill ciomhsa an champa Chonnachtaigh
ina cheirtmedhon, agus a lar ina leithimel co ná leiccdís
ingeltradh dia nechaibh nó dia nairneis tar colbha an champa amach
agus ní mó ro leiccsiot fér, nó arbhar dia saighidh anonn. Ro bai
tra an Gobernoir co na slogh i ttennta agus in iomchumhga móir
desidhe, uair gemadh sóadh ro badh lainn leó ní bai ina ccumhang
aén áth coitchenn for an Eirne do shaighidh ó Chaoluiscce co
hAth Senaigh. Nír bhó slán las ná maithibh a menma (gerbho
hiolardha a sochraitte) ar a tteccmail i nedarbhaoghal amhlaidh
sin aga naimhdibh. An tan imorro do bert an Gobernoir, na hIarladha,
agus na maithe arcena dia nuídh an guassacht ro mhór irrabhatar
ro ghabhsat ag crúdh a ccomhairle o tús oidhche dia Cédaoin go
dorbhsolus na maidne dia Dardaín .i. an 15 dAugust. Conidh
fair deisidh leo fo deóidh isin moichdeadoil ceimniucchadh ar a
ccertaghaidh on maighin i mbattar hi Síth Aodha gus an leic
ainmhín, aggairbh, fhuarsrothhaigh, fhudomhain os ur Eassa


L. 2032


Ruaidh dianid ainm Cassan na cCuradh, go ro chingset gan
airiucchadh gan forchloistecht do shluagh Uí Dhomhnaill ina
ndrongaibh, agus ina ndiormaibh gus an cconair nanaithnidh
nainminic sin. Ro baí do treisi an tsrotha agus deinirte druinge
don tslogh agus a nechraidh iar ngabháil a mbídh forra, go ndeachaidh
lion dírimhe da mnaibh da fferaibh, da naés anbfann anárrachta,
da nechaibh, da ccaiplibh, agus da gach nernail baí leó arcena
la sruth Essa Ruaidh siar co muir. Ro fháccaibhsiot a nordanás,
agus a ccongaibh bídh agus dighe ar cumas Chonallach don chur sin.
Ar a aí chena do dhechatar airigh, agus uaisle an tsloigh, agus an
ro ba comhnart diobh tar Eirne iar ngábhaidh agus iar nguasacht mór.
Ro bhatar barda an bhaile acca ndiubhraccadh amhail as déine
conrangatar, agus ro ghabsat acca niarmhoracht go hur na habhann
ar dháigh bhásaighthe a mbiodhbhadh, agus sccél do rochtain go hua
nDomhnaill co na shlogh. Ot chualaidh o Domhnaill foghur an
diubhraicte atrácht co na shlogh fo chettóir, tiaghait ina ttrealmaibh
troda go tinneasnach, agus ro cheimnighsiot gus an abhainn amhail
as deine ro fhedsat. Iar nglanadh do shlogh an Ghobernora os ur na
habhann do choidhsiot i ninnell, agus i norducchadh. Ro chuirsiot
a mna, a ngiollanraidh, agus a naés díairm, a ffir ghonta, agus
ina mbaí leó do chaiplibh caraiste etorra agus muir. Ro chuirsiot
a nanraidh, agus a naés ursclaighi ina ndiuidh, agus don taobh
araill a leith fri tír, ar ba derbh leo fo ghebdais a ttograim o
na sloghaibh battar ina niarmóracht. Lotar muintir uí Domhnaill
ina lenmain tar an abhainn gan díthchioll, agus ni ro ansat a nermór
fri a nédgadh nach fri a fforbhruta ar a thinnesnaighe leo
tárrachtain an tsloigh lotar for éludh uatha. Ro ghabhsat aga
ttimcelladh agus ag taigheradh troda friú co mbattar ag caithemh
agus ag comhfuabairt a chele ó Erne co Magh cCedne hi cCoirpre
Droma Cliabh. Ferthar glés fleachadh ann an tan sin go mbo hionggnath
a méd, co nár cumhaingsiot na sloigh adiú


L. 2034


nach anall a nairm diomluadh, no dimirt, go ro fliuchadh a
bpócoide púdair, agus glesa a nglan ghonnadh. Acht ba moa ro lá for
muintir Uí Domhnaill na frossa ferthana hishin, inás for shlogh
an Ghobernora ar ro fháccaibhsiot a fforbruta amhail remhebertmar.
Nir bó samhlaidh tra don lucht naile badar eidighthe iadsuidhe os
cenn a nerradh dia nectair.



Do choidh an Gobernoir co na sloghaibh go Sligech in adhaigh sin,
ar na mharach go Mainistir na Búille, agus an treas lá go tuaith
Átha Liacc. Ro sccaoilsiot maithe Connacht dia ttiribh agus dia
ttighibh, agus an Gobernoir go baile Atha Luain.



Roptar subaigh soimhenmnaigh Gaoidhil coiccidh Uladh iar soadh
an Iustís a Tír Eóghain gan umhla, gan aittidin, agus an Gobernóra
a Tír Conaill in aen mí amhail ro sccriobamar.



Iar ffaccbhail Tire hEoghain don Iustís amhail ro remhráidhsiomar,
agus iar ffaccbháil bídh, agus bárda isin bport nua sin do thoccaibh
se fein ar bru Abhann Moire dó dhechaidh go hAth Cliath. Dala
Uí Neill co na muintir ní anadh sidhe co leicc do ló agus doidhche,
gan beith do gres acc téttarractain baoghail gabhála, no gona for
an bport sin, no for an mbárda báttar ann. In aroile laithe
ro ionnsaigh siumh an baile hishin, agus ro marbhadh deichnebur
ar fhichit dia daoinibh, agus ní ro chumhaing ní don baile. O
ro fhidir an Iustis a bhárda do bheith ag a mesccbuaidhreadh amhlaidh
sin, agus a mbeith i tteircce lóin ro thionóil slogh lánmhor do thocht
do chor bhídh agus gach nadhailcce archena isin mbaile. Ar ttocht
don Iustís co na slogh co hArdmacha ro gluaissidhe co marcsloigh
an tsluaigh ina uirthimcell isin cconair ccoitchinn edh ria na
shaighdiuiribh agus ria na cóirightibh ar daigh go ffuicchbheadh
drong eiccín do muintir Uí Néill i nedarbhaoghal. An tan rainicc
i ccomhfochraibh Abhann Moire as ann do rala mogal marcsloígh, agus
sruithlégadh saighdiuiridhe do mhuintir uí Neill dó. Ro ferad
iomairecc amhnas agus iomruaccadh easccairdemhail etorra. Ro marbhadh
daoine agus ro fáccbhadh eich on Iustis isin ngleo troid sin. O
rangatar a shaighdiuiri do shaighidh an Iustis do chóidh


L. 2036


don phurt, agus atberat aroile nar bó slán somh on ló sin alle.
Ro faccaibhsiot biadh, agus bárda isin mbaile ar na marach.
Ro triallsat tocht tar anais, agus ni dheachatar tar Ardmacha
in adhaigh sin. Ro badh i ccarpat, no in árach ro iomchairsiot a
muintir (no a thairisigh agus a aes gradha) an Iustis gan fios
durmhor a shloigh an lá sin. Ro baí caithemh, agus coimhdeabhaidh
ar champa an Iustis ó Ua Neill an adhaigh sin dia ro marbhadh
árd mhaor an tsluaigh agus sochaidhe ele cenmotasomh. Ro asccnátar
assein co hIubhar Chinntragha. Fuair an Iustis bas isin mbaile sin
fo bithin na ngon do radad fair acc tocht a hArdmacha gus an bport
nua. Tuccadh coimhett cloidhimh an righ don tsonsiler, agus do
Iustis beinnsi an righ .i. Sir Robert Gardiner go tocht do Iustis
nua o Saxoibh.



O Domhnaill dna ba doiligh laissidhe an Gobernoir agus na
hIarladha do thernúdh amhail do érnatar, agus ar a aí ní
ro ionnsaigh cechtar nae diobh aroile go diúdh Foghmair. Ba foda
la hUa nDomhnaill báttar Goill Connacht gan ammus forra, agus
fors an lucht ro eirigh ina ccombaigh, agus do roine a muintearus
frissiumh fechtriamh. Ba dibhsidhe ó Concobair ruadh Aodh mac
Toirrdhealbaigh ruaidh, Baí siumh aga sccrúdadh cionnas
no creachfadh a chrioch. Ba dodhaing dosomh ón indsin, ar ba
hinnill aimhreidh an tionadh i mbaoí, agus ba foccus dó an tionadh
ina ccuirfeadh a innili agus a mhaoíne archena ar iomghabháil a
bhiodhbhadh muna thiosta gan rathucchadh fair. Ro geall o Ruairc
dosomh nach leiccfeadh ó Domhnaill gan fios dia shaighidh gan
rabhadh do chor cuicce. Ro thionoil O Domhnaill a shlogh, agus
do chóidh i cConnachtaibh go ro airis fri Glenn Dalláin
a niardhes gabais longport hisuidhe. Iar ffios sccél dó co mbaí an
caratradh sin etir Ua Ruairc agus ó Concobhair, ba sí cealcc
do rad im ua Ruairc, a thechta do chor dia shaighidh dia tóchuireadh
gus an longport i mboí siumh. Ro gheall Ua ruairc (teacht)
cuccae ar a bharach, agus ní ro shaoil go ffúicfedh Ua Domhnaill
an longport go ttiosadh somh ina dhocom. Nír bo hedh sin do roine
Ua Domhnaill, acht iar ccor a thechta go hUa Ruairc ro fháccaibh
a longport iar medhon laí, agus ro leicc dar Sliccech budhdhes,
agus ní ro airis co rainic go Coirrsliabh. Do ghní iomfhuireach
becc ann sin co ro thochaithsiot a mhuintir ní dia lóintibh, agus
co ro leiccsiot


L. 2038


a scís, agus dna nír bo háil laiss dol tar sliabh budhdes la soillsi
an lai idir. Iar ttocht urthosaigh na hoidhche dia saighidh lodar
tar an sliabh budhdhes, agus tar Búill go rangatar tria Magh
Luircc an Daghda, agus tria muinchinn Machaire Connacht ria madain.
Ro leiccsiot a scceimhelta uatha i nurthosach laí fo diamhraibh agus
fo dhithrebhaibh na criche ina nuirthimchell co na ro fháccaibhsiot
míol ninnili o Áth Slisen co Badhgna, agus ro crechloiscceadh
leo ina mbaoi etorra sidhe. Iompaidhit iaramh ina ffrithing co na
mbóthaintibh, agus co nédalaibh iomdha leó. Ba hadhnár la hUa
Ruairc an tír do chreachadh gan airiucchadh dó, nír bo lugha ba méla
lás an nGobernóir Sir Coners Clifort creachlosccadh an tire baí
fo a mhámus, agus fo a chumhachtaibh.



Slóiccheadh la Máguidhir Aodh, mac Conconnacht, mic Conconnacht,
agus lá Corbmac mac Firdorcha, mic Cuinn bhacaigh uí Néill
(ar tarraing Shíl fFerghail) go Muilenn Cerr na Midhe go
ro chrechsat an tír ina ttimcell, agus ro leir scriosadh leó an
Muilend Cerr fein, co nár fhaccaibhsiot athmhaoín dór, nó
dairget, dumha, na diarann, dededh na derradhaibh allmurdha,
ná daoín ní budh éidir d iomchar no do thiomáin isin mbaile gan
a thabhairt leo, agus acc tocht doibh tar a nais do chuirsiot an
baile tre doighir donnruaidh dhercclasrach, agus tiaghait iaramh
slán dia ttighibh.



Oilen Buitiler inghen Iarla Urmumhan .i. Piarus ruadh, mac
Semais, mic Emainn, mic Risdeird ben an dara hIarla do hoirdneadh
ar Thuadhmumhain .i. Donnchadh, mac Concobair mic Toirrdhealbhaigh
uí Briain décc.



Muircertach Ulltach mac Seain décc i nDruim na Loiste 10 Feb.
iars an nomhadh bliadhain ochtmoghat a aoísi.



Sir Iohn Noruis baí na Gheneral ar coccadh na bainrioghan isin
fFraingc, agus i nErinn do dhol don Mhumhain iar mbuain a
oiffici dhe las an Iustís nua so tainicc i nErinn fo dheoidh.
Baí sidhe hi ffarradh a dherbhrathar Sir Tomas Noruis baí na
presidens uadhasomh isin Mumhain fri ré da bliadhan décc roimhe
sin. Ro ghabh galar Sir Iohn go ro écc in oibne i fFoghmar na
bliadhna


L. 2040


so agus ba he Sir Tomás rob oidhre ar a shomhaoinibh. An Sir
Tómas sin do ghnóughadh na hoiffici cédna sin baí aicce fein roimhe
sin .i. beith na phreisident iar nécc a dherbhrathar;



Emann, mac Uillicc na ccend, mic Riocaird, mic Uillicc Cnuic Tuagh
o Baile hIlighi décc hi Samhradh na bliadhna so.



An Dubháltach mac Tuathail uí Concobair decc.



Conn, agus Diarmaitt da mhac an Dubhaltaigh sin, agus mac mhec
Diarmata Maighe Luircc .i. Maolruanaidh, mac Briain, mic Ruaidhri,
mic Taidhg do dhol fa baile Mhec Dáuid .i. Glinnscci go
ro ghabhsat gabhala. Acc filleadh doibh co na ccreich on mbaile
rucc mac meic Dáuidh orra i lúib na Sucae go raeímeadh forra,
marbthar lais Conn o Concobhair in aen lámh mharcaigh as
luga rob olc i cConnachtaibh, agus an Maolruanaidh sin
mac mhec Diarmata, agus drong mór do dhaoinibh uaisle cenmothát.
Do thaéd mac Mheic Dauid dia tigh iar mbuaidh ccosccair;



Mac Uilliam do thocht dia tír fo Shamhain na bliadhna so .i.
Tepoitt mac Uáteir chiotaigh, agus a bheith athaidh i ndaingnightibh
a dhuithce daimhdheoin a easccarat. Na hUmhaill do chreachadh
lais an tan sin, agus a dherbhrathair Tomás do mharbhadh i cCloinn
Mhuiris na mBrigh don chur chedna.



Sean ócc mac Riocaird mic Seain an Termainn do mharbhadh ar
ionnsaighidh oidhce la cuid do Chloinn nDomhnaill ar oilén na
nEnuigedh ar Fionnloch Cerae.



Iar ffáccbhail Bharúin Innsi uí Chuinn i tTír Chonaill amhail
a dubhramar, tarla fearann ina sheilbh an tan sin, agus i seilbh
a shinnsear reimhe ar brú na Sionna don taoibh tall, Port
Croisi a comhainm. An tan at chualatar Burcaigh bhruaicch na
Sionna, agus Clann Uilliam Aés Tri Maighi bás an Bharúin, asseadh
ro chinnsiot a hughdarrás sencairte a sinnsear toirmescc do chor ar
shoi-


L. 2042


ghniomhaibh muinntire an Bharúin, agus a mathar (.i. Mairghrecc
inghen Tómais Ciosocc) isin fferonn sin. Do chodar drong do
Chenél Fermaic (.i. dúthaigh an Bharúin) i ccionn Mhairgréige
do congnamh, agus do chuidiucchadh fria. Do chuaidh dna Mairgreg,
agus an lucht sin dionnsaighidh a meithle agus a muinntire co
Port Croisi. O Ro fhidirsiot na Búrcaigh remráitte an ní sin
.i. Tomás, mac Tepóitt, mic Uilliam, mic Emainn, agus Uillecc
mac Uilliam, mic Emainn ro tionoilsiot an lion as lia ro fedsat
agus ro ionnsaighsiot Mairgrecc agus muinntir an Bharúin. Feachar
sccainner cródha etorra agus ger bo huathadh do mhuinntir an Bharúin
ro ghabhsat go cródha agá nimdegail budein. Ro marbhadh daghdaoíne
etorra ar gach taebh. Ro fáccbadh do leith Burcach Uillecc mac
Uilliam Burc, mic Emainn, agus triúr nó cethrar do dhaghdhaoinibh
ele. Torchair dna bheos don taebh araill Aodh o hÓccáin, an taén
mhac duine oirechta as lugha rob olc maith, agus inmhe baí i cConntae
an Chláir, agus daghduine ele .i. Murchadh, mac Donnchaidh, mic
Murchaidh ruaidh, mic Briain, agus mac an Chrúisigh .i. Tómas
mac Criostora.



Captin Tirial, Captin Nungent, Caémhánaigh, Síol cConchobhair
Fhailghigh Síol Mórdha, agus Gabhal Raghnaill do beith, acc
denamh coccaidh, foghla, agus díbeirge moire ilLaighnibh, agus
i mBuitilerchoibh ó fhel Muire go Nodlaicc móir na bliadhna so,
agus as eimhilt a sccriobhadh an ro loitsiot, agus in ro millsiot
is na tiribh sin fris an ré sin. Ro marbhadh leo dna da bhanna
Puirt Laoighisi an sechtmhadh la do Dhecember.



Gobernóir Chairrge Ferghusa agus trí bhanna shaighdiúir amaille
fris do mhar-


L. 2044


bhadh la Sémus mac Somhairle buidhe mec Domhnaill hi cCloinn
Aodha buidhe fo Shamhain na bliadhna so.



Clann tSíthigh .i. Murchadh baclamhach mac Murchaidh bailbh,
mic Maghnusa méc Sithigh co na dherbrathair Ruaidhri, agus
Emann, mac Murchaidh bacaigh, mic Emainn mic Maghnusa mhec Sitigh
do bhasucchadh la Gallaibh a los a ccoccaidh, agus a ndíbeircce.



Iar nécc an Iustis .i. Tómas Lord Burough isin Iubhar do bhithin
a ghon, agus iar ttabhairt choimhéda cloidhimh an righ i nErinn
don tSoinsiler, agus do Sir Roberd Gardiner Iustis beinnsi an righ
amhail do raidhemar, ba hé neach dia ro hordaiccheadh generalacht
coccaidh, agus siothcana na hErenn dIarla Urmumhan .i. Tómas,
mac Semus, mic Piaruis ruaidh, conidh aire sin do gabhadh ossadh
etir an Iarla sin agus maithe choiccidh Uladh. Nír bó cian iar
sin go ndeachaidh an General .i. an tIarla Urmumhan sin, agus Iarla
Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Concobhair i ccoicceadh Uladh
i mí December gar ria Nodlaic, agus ro battar fein, O Néill, agus
O Domhnaill fri ré teóra noidhce in aén maighin agus iomluadh
siodha etir na hIarladhaibh sin a hucht na bainrioghan fri Gaoidhelaibh
Leithe Cuinn, agus rob é criochnucchadh a ndala, sith do dhenamh
etir Galloibh agus Gaoidhelaibh fá móid na nIarladh sin go Beltaine
ar ccind. Techta agus sccribhenna na nGaoidhel rémraitte, fios na
nairteccal agus na ccoinghell ar a ngebhdais sith doibh fein, agus
da ccomhrann coccaidh in gach airm i mbáttar do chor do shaighidh
na bainrioghna go Saxoibh la hIarla Tuadhmumhan, agus gibe sccela
do thiucfadh anoir i mBeltaine imirt a bhus dia reir.



O Concobhair Sliccigh Donnchadh mac Cathail óicc, do dhol i Saxoibh
edh becc ria Nodlaic na bliadhna so.


L. 2046


An Barun Inse uí Chuinn tar a ttangamar, Ro guineadh, agus
ro báidheadh ag tocht don Gobernoir, agus do na hIarladhaibh remraite
co na sloghaibh tar Éirne, Ro tóccbadh a chorp lá Corbmac ua
cCleirigh Manach do manchaibh Mainistrech Esa Ruaidh, agus
ro hadhnaiceadh an corp co nonóir amhail ro ba techta lais isin
mainestir. Ro eirigh esaonta agus imreasain eittir braithribh Dúin
na nGall agus na manaigh desidhe, agus ro fuighillsit na braithre
gur bhó ina mainistir féin ro dleacht an corp do adhnacal, ar bá
i mainestir S. Froinseis ina thír badhéin no hadhnaicthi sinnsir
an Bharúin fri ré fhoda rias an tan sin. Ro bháttar na manaigh accá
fhosttadh aca badhéin co ndeachsat na braithri agus na manaigh do
láthair uí Domhnaill, agus na deisi epscop báttar isin tír Rémann
o Gallchubhair epscop Doire, agus Niall o Baoighill epscop
Rathaboth gur ro breithaighsiot na maithe sin an Barún Murchadh,
mac Murchaidh, uí Bhriain do adhnacal i Mainestir S. Froinseis i
nDun na nGall. Do rónadh amhlaidh sin, ar ro tóccbadh an corp
i ccen ráithe iar na adhnacal i mainistir Essa Ruaidh gur
ro adhnaicset na braithre aca badéin é co nonóir agus go nairmhittin
amhail ro ba díor.



O Concobhair donn Aodh mac Diarmatta mic Cairpre baoí illáimh
ag Ua nDomhnaill fri ré fhoda do légadh (an 4 do December) a
geimhel la hUa nDomhnaill iar ttabhairt a oighrere dhó, agus
ro naidhm árách agus rátha fair budh dein im reir uí Domhnaill
do dhénamh tria bithe fo shlanaibh, agus fo mhionnaibh Dé agus na
heccailsi, agus do ratt frissin braighde dó fri comhall .i. a
dhias mac budein, Mac oidhrechta uí Bheirn, céd mac uí Ainlidhe,
agus oidhre uí Fhloinn etc.



AOIS CRIOST, 1598.
Aois Criost, mile, cúicc céd, nochat, a hocht.



An tab caoch .i. Uilliam, mac Dáuid, mic Emamn, mic Uillicc a
Búrc dia ro ghair fhein Mac Uilliam iar nécc an Mheic Uilliam
baí na thighearna roimhe .i. Risderd mac Oiluerais, mic Seain.
Nir bó soinmhech fuairsiumh an ghairm


L. 2048


thigherna sin uair ro hionnarbadh é as a athardha la Sir Risderd
Bingam go mbaí ina ionnarpthach ó thír do thír go ro écc hi
cCloinn Cuilein hi mi September, agus ro hadhnaicedh é hi
cCuinnche irróimh adhnacail Shíl Aodha. As e Mac Uilliam bai
ann an sin Tepoitt mac Uateir ciotaigh, mic Seain, mic Oiluerais
dia ro ghair ó Domhnaill Mac Uilliam amhail ro sccriobamar remhainn.



O Cathain Ruaidhri, mac Maghnusa, mic Donnchaidh, mic Seain, mic
Aibhne decc an cethramhadh la decc do mí April, agus a mhac
Domhnall ballach doirdneadh ina ionad.



Riocard, mac Seain, mic Tomáis, mic Riocaird óicc a Búrc ó
Dhoire mic Lachtna decc hi mí August.



Siubhan cham inghen Iarla Desmumhan .i. Semus, mac Seain, mic
Tomáis Droichit Átha décc i ngeimreadh na bliadhna so, iar ccaithemh
mór mbliadhan i mbaintrebhthachas iar ndíth a deirbhfhine agus na
ndeighfher ndiongmala lás ro hernaidhmeadh í diaidh indiadh.



Mac Donnchaidh Tire hOilellae .i. Muirghes caoch mac Taidhcc
an Triubhais do mharbhadh i mBreifne uí Ruairc i ttimcell fhuadáin
creiche, agus Mac Donnchaidh do ghairm do Choncobhar ócc mac
Maoilechlainn ó Bhaile an Dúin.



Occán, mac Seain, mic Maoileachlainn Uí Occáin ó Ard Croine
decc in Earrach na bliadhna so.


L. 2050


Muircertach cam mac Concobhair, mic Mathgamhna, mic Tomáis o
Chnoc an Lacha i ttriocha céd Chorco Bhaiscind airtheraighi decc
hi mí Marta.



Baothghalach, mac Aodha, mic Baothghalaigh, mic Muirchertaigh mhéc
Flannchadha on Chnoc Fhionn hi cconntae an Cláir decc hi mí
April. Fer eisidhe co sulbaire indsce illaidin, i nGaoidhilcc,
agus i mBérla.



Diarmait, mac Emainn, mic Ruaidhri í Dheadhaidh o Tulaigh uí
Dheadhaidh do marbhadh la diberccachaibh conntae an Cláir a mí Iul.



Iarla Tuadhmumhan do dhol i Saxoibh i ttós mís Ianuary. Techta
agus sccribenn na nGaoidhel ar chena, agus Riocard, mac Uillicc,
mic Riocaird Shaxanaigh mic Uillicc na ccenn Barún Dúine Cuillin
do dhol beós hi Saxoibh isin Earrach do shonnradh.



Iar ndénamh na síodha remebertmar ó Nodlaic mór go Beltaine etir
Ghaoidhelaibh Lethe Cuinn agus an Generál Iarla Urmumhan,
Ro fhoráilsiot Gaoidil an tuaisceirt for a mbaoí do dhíberccachaibh
ilLaighnibh agus isin Midhe (.i. Caomhánaigh, Siol cConcobhair,
Siol Mórdha, Gabhal Raghnaill, Tuathalaigh, Tirialaigh, agus
Uinnsionnaigh) sccur go leicc dia ffoghail, agus dia ndíbeircc.
Do ronsat somh innsin for congra a naireach. Ro chedaigh an
General Iarla Urmumhan dóibh iomaithighidh Laighen, Midhe,
agus oirthir Mumhan, agus a mbiadh agus a ndeogh do thochaithemh
go ttíosadh sgéla síodha nó coccaidh chuca fo Beltaine a Saxoibh.
Ro battar somh trá lás an ccomhairlecchadh sin acc taistel agus
tathaighe gach tire ina ttimcell ó Chill Manntáin i niochtar
Laighen go Siúir agus o Loch Garman go Sionainn. Nír bhó
sodhaing do na tiribh sin fulang a nainbreth an airett sin.



Semus (.i. dearbrathair Iarla Urmumhan) mac Eduaird, mic Semais,
mic Piarais ruaidh Buitiler, agus Mac még Piaruis Sirriam
chonntae Tioprat Árann (go ndaoinibh uaisle iomdha a maille friú)
do dhol fo Chaiscc


L. 2052


do shonnradh ar ionnsaighidh ar Bhrian riabhach ó Mórdha duine
uasal don fhedhain Ghaoidhelaigh baí acc denamh na Cáscc i nUibh
Cairin agus ro badh do lucht na hionnsaighthe a dhomhaoín agus a
dobharthan uair ro fáccbhadh drong mór dia ndaoinibh uaisle, dia
noirecht, agus dia saighdiuiribh, agus ro gabhadh ann Sémus mac
Eduaird Buitileir, agus do rad Brian riabhach é dIarla Urmumhan
fo chenn sechtmuine iar sin ar dáigh na síothchana a dubhramar, agus
ar na dherbhadh nach do ched an Generala (.i. an Iarla) tuccadh
an ionnsaighidh sin.



Ua Ruairc Brian ócc, mac Briain, mic Briain ballaigh, mic
Eoghain, bá fearccach sidhe fri hUa nDomhnaill Aodh ruadh mac
Aodha mic Maghnusa fo daigh oirccne Uí Choncobhair ruaidh thairis
amhail ro sccriobhamar remhainn, agus araill ele nir bó siodhach
etir é, agus a dherbhrathair budein .i. Tadhg o Ruairc mac Briain
mic Briain bhallaigh im chomhroinn a ccriche agus a fferainn fri
a roile. Conadh aire sin ro ernaidhm Ua Ruairc a chor agus a
charattradh fris an nGobernóir Sir Coners Clifort. Nír bó
faíligh Ua Domhnaill do cloistecht an scceóil sin, uair bádar
cáirde Ruarcaigh dia cenel o chein máir, agus ba brathair dó
eissiumh budhein, agus nír bó lainn lais ammus fair no indradh a
criche amhail cách ele i cConnachtaibh, agus ba derbh lais gomadh
éiccin dó a hionnradh muna ttíosadh i ccombáidh na nGaoidhel
doridhisi, uair nir bó siódhach somh fris nach aén no biadh i
ccleith Gall. Nó bhiodh fecht ann aga edarghuidhe co hinchleithe
im shódh ina fhrithing, agus fecht ele ag baigh agus acc baccar
indradh a thire muna ttíosadh for cculaibh. Ro baí Ua Ruairc
acc coistecht fris an ttechtairecht sin ó urthosach Earraigh co
Beltaine ar ccind, agus do choidh an tan sin co hAth Luain, agus
do rad a braighde don Ghobernoir, agus do bertsat a moide agus a
ngeallamh im chomhall dia roile, agus gér bó tairisi an tinghealladh
nír bó cian ro comhailleadh.



Tainicc freccra a Saxoibh ar sccribhennaibh í Neill, í Domhnaill,
agus na nGaoidhel badar i naén rann friú, agus ní ro fhaomh an
bhainrioghain ná an chomhairle na neithe ro iarrsat do tabairt doibh,
agus o na ro faomadh tuccsat na Gaoídhil a ccaon-


L. 2054


comhrac ar choccadh, a ccennsa ar chennairrce, agus a sith ar esaonta
co ro bhethaidhsiot beóghrís a sengomh doridhisi a ttús Samhraidh
na bliadhna so.



Iar ndeiliucchadh re roile don Ghobernoir agus dUa Ruairc fo
síth agus fo cairdine fo Beltaine i mbaile Átha Luain, agus
ot connairc ua Ruairc nár bó siodhach Goill, agus Gaoidhil fri
roile, agus nar bo treisi do Ghallaibh oldás do Ghaoidhelaibh don
chur sin ro imecclaigh sidhe indreadh a tire dUa Domhnaill
conidh edh do roine tocht fo a thoghairm, agus an ro ataigh fris
do denamh ar comhairle a mhuinntire, uair rob usa leó an Gobernoir
do beith fo a ccomhair ina díoghaltas Uí Dhomhnaill ina ndeadhaidh
dia nandaoís hi ccléith an Ghobernora.



Iar naidhm a charattradh don chur sin dUa Ruairc fris Ua
nDomhnaill do choidh Ua Ruairc co na shochraitte ar tarraing
uí Ferghail bháin (.i. Ross, mac Uilliam, mic Domhnaill) isin
Midhe, agus ro creachadh leo an Muilend Cerr, agus on Muilenn
Cerr go Baile Mór Locha Seimhdhighe.



Sloiccheadh ele la hUa Ruairc is in ccéid mí dFoghmar, agus ní
ro airis go rainicc Bealach an Tirialaigh, agus co Bealac Chille
Brighde i fFeraibh Tulach. Do roine crecha agus marbhtha i
mBealach an Tirialaigh, agus ro fhill tar a aiss dia thir gan guin
gan gabhadh.



Iar ndol na siodha remraite for ccul tainicc Remann a Burc mac Seain
na Semar mic Riocaird Shaxanaigh, mic Uillicc na ccenn co ndruing
da braithribh ócca maille fris do chéd daoinibh i ccenn Uí Neill
da éccaoine friss gur bó hí freccra dherbhrathar a athar fair .i.
Iarla Cloinne Riocaird Uillecc a Burc, da mbeith an Remann sin
reidh ar leithett aon fhallainge dia duthchas, no dia athardha o
Shruthair go hAbhainn da Loilghech na tiubhradh an oirett sin
fein do


L. 2056


chomhaidh choccaidh nó síodha dó. Ro ghabh ó Néill an chossaoítt
sin Rémainn, agus ro gheall a chobhair dia ttíosadh de agus tucc
uachtarántacht dó ar nuimir airidhe do chédaibh saighdiuiridhe agus
ro chedaigh dó gach aén bhall dEirinn aga mbeith buain no báidh
le Saxancoibh dargain agus dadhbalscrios. Iar ffaccbháil uí Néill
do Remann a Burc agus dia braithribh do chuattar i ccommbaidh Gaoídhel
Laighen co mbattar ina ffarradh re hedh an tSamhraidh sin.



Sé céd saighdiuir do thocht o Shaxoibh don taoibh budh des
dEirinn do chuidiucchadh i nacchaidh easccarat an Prionnsa. Iar
ttocht doibh go Dún nGarbháin asseadh ro chinnsiot dol hi ccenn
an Generala .i. Iarla Urmumhan, agus ag gabháil doibh tre leithimel
Laighen do rala drong do Ghaoidhelaibh an chenntair sin doibh.
Fechair iomairecc etorra co ro marbhadh deichnebar agus ceithre chett
diobh isin maighin sin.



Sluaiccheadh la hIarla Urmumhan do dhol ilLaoighis a mí Iún.
Rob é líon a sloigh ceithre banna fhicet dia ccois, agus da chéd marcach.
Do roine an tIarla comhnaidhe im tráth nóna ar cnoc ard baí i nimel
an tire. Ro haisneidheadh don Iarla in adhaigh sin na baoí acht
uathadh dia haes iomcoimhetta isin tír. Ro fhorchongair ar a bharac
ar mhac a derbrathar .i. Sémus mac Eduaird mic Semuis Buitilér
dol go sé, nó a seacht do bhandadhaibh amaille fris tar beilghibh
isteach isin cenn ba nesa dó don tír dus an ffuigbeadh echt, nó aithes
re a dhénamh, agus ger bhó doiligh la Sémus dol an turus sin a
mucha na maidne dia Domhnaigh do chóidh ann ar forcongra an Iarla.
An céd bhealach i ndeachaidh as amhlaidh fuair é ar na thesccadh,
agus ar na threingherradh, agus Brian riabhach ó Mórdha, go
ccéd go leith saighdiúir iar ttocht dia iomchosnamh isin ló cédna.
Ba haightide adhuathmar an taisbenadh tucc Brian co na shochraite
do Shemus agus dia shaighdiúiribh, agus nó bhíodh rempo agus ina
ndeadhaidh ga ttacmaing, agus ga ttimchealladh, ga ttregdadh,
gá ttaobh ammus, go ro fáccbadh cuirp crechtnaighte cnes-tollta
re hedh nathgairitt sechnóin an bhealaigh laiss. Ro marbadh echt
mór ann sin .i. Sémus mac Eduaird mic Semais, mic Piarais, fer a
aesa as ar


L. 2058


mó dóigh daoine da raibhe beó do Buitilerchoibh an tan sin, agus
an mhéd ná ro mudhaigheadh dia muinntir isin maighin sin
do dheochatar tar a nais ina scceolangaibh sciathbriste do shaighidh
an Iarla agus an champa. Ro gonadh Brian riabhach ua Mordha
feisin agus nir bo cian iar sin go ffuair bás do ghaíbh cró na ngon
do radadh fair don chur sin. Ba isin lo sin fein i ndiaidh na
troda remráite tainicch Uaitne mac Rudhraighe óicc uí Mordha,
agus Remann mac Seain na semar, agus Captin Tirial, agus
ro ghabhsat forslongport i nurcomhair champa an Iarla. Ria medhon
laoí dia Luain ar na mharach an tan do saoíleadh an tIarla do dhol
istech isin tír ba hedh do roine sóadh tar a ais co Cill Cainnigh
agus a shaighdiuiri do chor ina ngarasunaibh.



An port nua sin isa sccela ro sccriobhamar remhainn, baísidhe
aga iomcoimhéd le linn tsiodha agus coccaidh acc muintir na
bainrioghna. An tan tra na ro shiodhaighsiott Goill, agus Gaoidhil
fri roile i nurthosach Samhraidh, Ro chuir Ua Néill iomcoimhéd
for an mbaile go mbattar an bárda i tteirce bídh isin mí deidhenach
don tSamhradh. Iar ndol do na sccelaibh sin co hAth Cliath, ba hí


L. 2060


airle ro cinnsiot an comhairle an ro ba disle, agus as mo ro derbhadh
isin ccoccadh do shaighdiuiribh na bainrioghna i nErinn hi
ccomhfhocraibh Atha Cliath, agus bhaile Atha Luain do thionol go
haoin ionadh, agus iar na rochtain co haon bhaile ro tecclamadh
eistibh ceithre míle saighdiúir dia ccois agus se chéd marcach, agus
ro cuireadh iad-sidhe le lón gus an bport nua. Ro cuireadh leó
sidhe an ro ba lor leó do biúdh, do dhigh do mhartaighecht, do
luaidhe, do phúdar, agus da gach naidhilcc ar chena. Lottar iaramh
co Droichett Átha, assidhe go Traigh Baile, agus don Iubhar,
agus go hArdmacha, airissit in Ardmacha in adhaigh sin. Sir
Hanry Beging Maruscál an Iubhair as é ba general dóibh.



Iar ffios dUa Neill an tsochraitte adhbal mor sin do beith acc
tionol dia shaighidh Ro chuir a thechta do thochuireadh Uí Domhnaill,
agus dia cuingidh fair techt dia foiridhin ar an anfforlann ectrann
báttar ag tocht dia thír. Do coidh din O Domhnaill fo chédóir co
leir thionol a laochraidhe etir troightheach, agus marcach, agus
drong mór do chóicceadh Chonnacht amaille friss do chobhair a
choiccele for an ffoirlion ro dhalsat chuicce. Tangatar bheos
Gaoidhil coiccidh Uladh uile is in tsochraitte cedna go mbáttar
inellma for cionn na nGall riasiú rangatar go hArdmacha. Ro tochladh
leo dna domhaindíocca talmhan for cionn na nGall fors an cconair
ccoitchinn in ro badh doigh leo a rochtain dia saighidh.



Imthusa na nGall iar mbeith adhaigh in Ardmacha ro eirgettar a mocha
do lo ar na bharach, agus asseadh ro chinnsiott a mbiadh, a ndeoch,
a mná, agus a miondaoine, a ccapaill, a ccaraisde a ngiollanraidh,
a ndaosccarsluagh dfaccbháil isin mbaile sin Ardamacha.
Ro fhoccairsiot dá gach aén baí infhedhma aca etir marcach agus
troightheach dol in gach airm nó fhurailfeadh an marusccal agus
cuingedha an tsloigh ar chena forra asccnamh i naghaidh a namat.
Do chottar iaramh i ninnell agus i norducchadh amhail as dech
ro fhédsat. Ro cheimnighsiot iaramh tre reidh dhirge gacha róid bai
rempa ina ttuinntibh tiugha toirtemhla, agus ina ndoiredhaibh dluithe
dosccaoilte go rangatar gus an ccnoc os cionn Bheóil an Átha Buidhe.
Iar rochtain dóibh hisuidhe att conncattar Ua Neill, agus Ua Domhnaill


L. 2062


Uí Eachdhach Uladh agus Airghialla, toísigh agus treitill,
láithgaile agus gaisccidh an tuaisceirt amaille friu ina naén broin
aightighe for a ccionn iar na


L. 2064


suidhiucchadh, agus iar na sámhucchadh for na henaighibh erdhalta
an ro badh dóigh leó iadsomh do rochtain dia saighidh.


L. 2066


An tan do bertsat airigh an tuaisceirt dia nuídh an guasacht
ro mhor ro baí for cind doibh, Ro gabhsat for gresachtlaoídheadh a
muinntire im calma


L. 2068


do dhénamh agus atbertsat friú munbhudh leó cosccar an la sin na
biadh a nathmaoín da éis, acht a marbhadh, agus a mudhucchadh gan
choiccill agus no bértha araill


L. 2070


dibh hi ccarcraibh, agus hi ccuimrightibh feibh do radtha Gaoidhil
go minic fecht riamh, agus an do ernaífedh as in ccaithghleo sin, no
hathcuirfidhe agus no hionnarpfaidhe hi ccriochaibh ciana comhaightibh.
Atbertsat friu beos gur bó husa doibh cosnamh a nathardha friss in
ainffine neachtaircheneoil sin oldas duthaigh neich ele do ghabhail
ar eiccin iar na nionnarbadh somh as a ttír ndílis budhein. Ro gabh
greim tra an greassacht laoídheadh sin do bertsat na maithe for a
muinntir, agus ro gheallsat na hócca gomdís eallma dfulang a noidhedha
riasiú nó fhodhemhdais an rop omhan leo somh do theccmail doibh.


L. 2072


Dala an Mharusccail co na Ghallaibh iar ffaiccsin na nGaoidheal
for a ccionn ni ro taisbeinsiot nach nairrdhe nuireccla idir,
acht ro ceimnighsiot co comhnart for a ccertacchaidh co ro lingsiot
tars an ccedna lethan clais lán ndomhain do rala for a ccionn, agus
torchrattar araill diobh innte sidhe acc tochta tairsi dóibh.
Ro doirtsiot iaramh an slogh Gaoidhelach go dioghair dasachtach, agus
go hainmin aggarbh ina ccend, agus ro ghairsiot rempa agus ina
ndeadhaidh, agus dá gach leith diobh. Rob eiccen dia ttosach anmhain
re hiomghuin agus airisiumh re hiombualadh, agus cothucchadh re
caithemh co ro tanaighedh a ttiugh, co ro huirbhernaigh a nuasail,
agus co ro traothadh a ttreóin. Acht chena asseadh a chumair
ro marbadh an General .i. Marusccal an Iubhair, agus amhail nach
gnath cathlathair do chosnamh las an lucht fris a nedarsccarthar a
ccuingidh catha, agus a ccend costadha agus comhairle ro sraoineadh
for muintir an Generála fo deóidh tre nert iomghona, agus iombualta
dars na fothollaibh talmhan agus tars an lethanclais lán ndomhain
tars a ttudhcatar. Ro bás acca nairlech agus acca nathchuma,
aga ccumach, agus aga ccnaimhgherradh go leidhmheach lámhtapaidh
las an lucht battar ina lenmain.



Ba hann sin do dheonaidh Dia, agus do cedaigh an Coimdhe daén do
shaighdiuiribh na bainríoghna go ro chaith i mbaoí do pudar ina
uirthimchell la lionmhuire a lámhaigh, agus do chóidh gus an
mbairille púdair ba coimhnesa dó do mherlíonadh a mhiosúr agus a
pócóide co ro sceinn drithle ó a mhaisde isin bpúdar baí isin
mbairille go ro bhlosccustair sidhe in áirde isin aér edarbuas agus
gach bairille ro ba coimhnesa dó diaidh a ndiaidh, agus beós an gonna
mór do rala aca. Ro tóccbhadh dna on mudh ccédna anairde
drong mór do na daoínibh bátar in uirthimcell an pudair hishin. Ro baí
dna an tulaigh ina nuirthimceall ina haén meall dobhardha dorcha
duibh ciach co cenn athaidh do ló iar sin. An do érnatar do mhuintir
na bainríoghna gan marbhadh gan mudhucchadh, gan dogh, gan dianoidheadh
ro thriallsat tar a nais co hArdmacha. Nir bo hiomcomhaircech
ro bás ina lenmain ga ttraothadh, ga ttimchealladh, gá naidheadh,
ga nairlech, na ndeisibh na ttriaraibh, na ffichtibh, na
ttriochtaibh, go rangatar tar na múraibh isteach in Ardmacha.


L. 2074


Ro ghabhsat Gaoídhil acc iomshuidhe an bhaile in gach aird ina
iomthacmong, agus battar ag caithemh agus ag coimhdiubhraccadh a
chele co cenn trí lá, agus teora noidhce co ro sccithighit Goill
fo dheóidh. Ro chuirsiot techta hi ccenn na ree hishin do shaighidh
na nGaoidhel dia radh friú co ffúicfitís an purt dia leiccthí don
bharda báttar ann tocht gan guin gan gabhaidh dia saighidh gus
in mbaile sin Arda-macha, agus iar rochtain doibh hisuidhe
(dia ttardtha eineach agus maithemh nanacail dóibh, agus a
ttiodhlacadh slán as an tír go rochtain dóibh hi ccrich innill) go
ffúicfidís Ardmacha budein. O ro haisneidheadh na haithescca sin
do na Gaoidhelaibh do chóttar na maithe do chrudh a ccomhairle dus
ciodh do ghendaís imon ccaingin sin. Ro bátar drong díobh aga rádha
nar bo cóir na Goill do léccadh as an iomchumang i mbatar co
ro marbhtha iad idir, no go neiblidis a naenar do ghorta. Ar a aí
ba fair deisidh leó fo dheóidh a léccadh uadhaibh as na maignibh
i mbatar, acht namá na berdais leo biadh no deoch, éideadh, arm, na
ordanas, púdar na luaidhe as in bport gionmothá a thronc agus a arm
do léccadh las in ccaptín baí ann. Ro aéntaighsiot dá gach leith
anmhain ar na coinghellaibh sin, agus ro chuirsiot drong dia ndaoinibh
uaisle ar gach taebh daccallaimh an bharda gus an bpurt, agus iar
naisneis sccel doibhsidhe ro fháccaibhsiot an baile acc Ua Néill
amhail ro forcongradh forra. Tánaicc an captín, agus an barda go
hArdmacha hi ccen an ro mhair dia mhuinntir, agus ro cuireadh
iodhlacadh leó uile ó Ardmacha gus an Iubhar, agus on Iubhar
go rangattar hi fFine Gall. Iar ffáccbháil Tíre hEócchain
doibhsidhe, Ro fhorcongair Ua Néill for dhaoinibh sainredhacha,
uaisle, agus anuaisle an ármhaigh dáiremh agus dadhnacal agus ba
sedh a líon iar na náiremh go leir, dá míle go leith imon nGenerál,
go nocht ccaiptínibh décc, agus drong mór do dhaoinibh uaisle nach
ttabhairther a nanmanna for aird.



Roptar meirtnigh, mímhenmnaigh muinntir na bainríoghna agus roptar
súbhaigh sofhorbhfaoiligh Gaoidhil don chaithghleó sin. An dechmhadh
lá do mí August do feradh an iomargail sin Átha Buidhe.
Do chódar maithe Uladh dia ttighibh iar niolach cosccair, agus
comhmaidhme ge ro fáccbadh daoine iomdha uadhaibh.



Baile an Mótaigh baí ag muinntir na bainrioghna fri re trí mbliadhan
ndecc gus an tan sa do ghabháil la a dhuthchasachaibh fein (hi
samhradh na bliadhna


L. 2076


so) .i. la Cloinn nDonnchaidh an Chorainn (.i. Tomaltach agus
Cathal dubh). Bai an Gobernoir Sir Coners Clifort, agus O
Domhnaill Aodh ruadh acc daoradh an bhaile for aroile, agus acc
tairccsin cennaigh da chionn do Chloinn nDonnchaidh. Rob é
criochnucchadh an dála Clann nDonnchaidh do tabairt an bhaile dUa
Domhnaill do dhruim cennaigh, agus chonnarta i mí Medhóin Fhoghmair
na bliadhna so. Ceithre ced punt, agus tri ced bó do rad Ua Domhnaill
do Chloinn nDonnchaidh ar an mbaile.



Slóiccheadh adbal la hIarla Urmumhan do chur lóin hi bPort Laoighisi,
agus iar nasccnamh isin slighidh doibh do rala for a ccionn isin
cconair do dheachatar Uaitne mac Rudhraighe óicc, mic Rudhraighe
caoích uí Mórdha, agus Remann mac Seain na Semar mic Riocaird
Shaxanaigh, agus Captin Tirial .i. Risderd mac Tomáis óicc Tirial.
Ro badh moo ina luach an lóin do caill Iarla Urmumhan don turus sin
do dhaoínibh dechaibh, agus darm, agus as ar eiccin terna an tIarla
fein iar na ghuin.



Ro chuir Ua Neill sccribhen ilLaighnibh isin ccéid mí dFoghmar
na bliadhna so dia furailemh ar Remann a Burc, ar Uaitne ua Mordha,
agus ar Captín Tirial, coimhett Laighneach dfaccbail for an
ccuid ele dia ccomhrann coccaidh agus iad fein do dhol do denamh
gabhaltais, agus do thabhairt araill do na tiribh báttar ina nacchaidh
isteach dáis nó deiccen. Agus ro forcongair forra do shonradh dol
don Mumhain fo thoghairm chloinne Tómáis ruaidh, mic Semuis,
mic Seain mic an Iarla. Iar léghadh na sccribhenn do na huaislibh a
dubhramar do chottar sidhe gus an lion, agus gus an ccongaibh as
lia ro fhedsat i nOssraighibh. Tangattar an tir sin dia saighidh
ar a ttoil fein gionmotha Mac Giollapatraicc Fínghin, mac Briain
mic Fínghin. Lottar as a haithle gus an ccionn tuaidh do Shliabh
Bladhma ar dáigh Gaoidhel Oirthir Mumhan, agus Iarthair Midhe
do chur daén rann friú .i. ó Maolmuaidh, agus Conall mac Cathaoír,
agus Mág Cochláin .i. Sean ócc, mac Seain, mic Airt, mic Corbmaic,
agus O Cerbhaill an Calbhach, mac Uilliam Uidhir, mic Firganainm,
mic Maolruanaidh. Ge ro bátar na maithe sin le hathaidh ag sesamh
a hucht a bprionnsa ro badh buidhe leó an óccbaidh anaithnidh sin


L. 2078


ro baí acc taistel gacha tire daontucchadh siothchána uadhaibh agus
o ro siodhaighsiot iadsein tuccsat a nacchaidh ar an dá Urmumhain
agus nír bo sídh no carattradh ro iarrsat forra, acht a ccreachadh
fo cédóir tré na nesccairdes fri hIarla Urmumhan, agus ro gabhadh
cúicc caisléin do bhailtibh Urmumhan leó, Ro badh dibhsidhe Druini
Aidhneach ar brú na Sionna. Ro chongaibh Rémann a Burc aicce
fein fo comhair coccaidh Cloinne Riocaird do fhrestal agus
do fhriothailemh ass. Batar dan a dó nó a trí do sheachtmuinibh co
campamhail ina ccomhnaighe isin tír sin, agus crecha airir Siúiri,
agus Cloinne hUilliam acca ttabairt dia saighidh do chum a
ffoslongport, agus a ccomharsain Gaoidhel acc tocht dia naccallaimh,
agus acc dol i naénrann friú. Ro badh dibhsidhe ó Duibhidhir
Choille na Manach .i. Diarmait, mac Uaitne, mic Pilip, agus clann
Mheic Briain ó cCuanach .i. clann Muircertaigh, mic Toirrdhealbhaigh,
mic Muircertaigh, agus Rianaigh im Chonchobhar na Mainge mac Uilliam
chaoích, mic Diarmata uí Mhaoílriain, agus siol mBriain ócc
Dhuithche Ara.



Iar ndol do na Gaoidhelaibh sin i ccommbáidh agus hi ccharattradh
Muinntire Uí Neill, agus ar ccor gach tíre gus a rangatar daén
rann friú, Ro triallsat (go neirghe amach na noirer sin) i
nGeraltachaibh ar tarraing cloinne Tomais ruaidh mic an Iarla.
Asseadh lottar cédamus hi cconntaé Luimnigh. Ba hann boí an
Presidens .i. Sir Tomás Noruis an tan sin hi cCill Mochellocc.
Iar na tuiccsin dó na baoí introda fris an ngasraidh nGaoidhelaigh
do chuaidh ar a niomghabhail go Corcaigh. Do chódarsomh dna tar
Máigh siar i cConallchaibh i ccomhfochraibh Slebhe Luachra,
agus Glinne Corbraighe. Táinicc Sémus mac Tomáis ruaidh ina
ccend hi cConallcoibh don chur sin, agus bai an dara mac (.i. Sean)
do cloinn Tomáis ruaidh ina ffochair fein ar na himteachtaibh sin
aga ttarraing don tír. Do beirthi an ghamhnach no in bhó inlaogha
ar shé pinginnibh agus an láir groighedh ar thrí pinginnibh, agus
gach muc dá febhus ar phinginn agus na connartha sin aga ffoccra,
agus acca ffuráil in gach campa i mbídis.



Ot cualaigh Iarla Urmumhan caithreim na ccathbhuidhen sin
tainicc co na


L. 2080


mharcshluagh co na coisightibh fo na ttuairim go conntae Luimnigh,
agus ro chuir sccela go Corcaigh da fhurail ar in bpresidens techt
ina coinne go Cill Mocellócc. O ro fhidirsiot an sluagh Gaoidhelach
batar i niarthar Conallach an ní sin, ro ceimnighsiot aniar i
niomfocraibh Chille Mocellócc agus tuccsat a ttaisbenadh fein don
dá tighearna sin tarla aga ttóraidhecht. Do dhecatar na tighearnaighe
sin (ar iomghabhail teccmála friusomh do ched a chele) go Maigh
Eala. Tiaghaitt siumh ina ndeadhaidh go dorus Maighe hEala, agus
ro gabsat aga ngrennucchadh, agus aga ngriosadh, agus aga radh
friú na fuighbittís díol fiach ina ffoltanas bad ferr, ina iadsomh
dionnsaighidh an tan battar i naén mhaighin. Ar a aoí sin asseadh
ro chinnsiot na daoíne mora hishin an President do dhol go Corcaigh,
agus an tIarla dfilleadh tar a ais i mBuitilerachaibh.



O ro fháccbadh an tír don chur sin ar cumas an tsloigh Gaoidhelaigh
do gairsiot Iarla Desmumhan a hughdarras Uí Neill do Shémus,
mac Tomáis ruaidh, mic Sémuis, mic Seain mic an Iarla, agus an
tír sin (.i. Geraltaigh ó Dhun-cCaoín go Siuir) baí tilte
techtaighthe acc Saxanchoibh, lán dáitiucchadh, agus diolmhaoínibh,
ní ro faccbattar somh (fo cenn shecht lá ndécc) én mhac Saxanaigh


L. 2082


ar a fad, nó ar a fírleithett gan marbhadh, nó gan ionnarbadh eiste.
Agus ní mo ro fháccaibhsiot ar fedh na ree cédna cennáit, na caislén,
ná én fhód do dhuthaigh Geraltach gan cur i seilbh Iarla Desmumhan,
acht namá Caislén na Mainge hi cconntae Chiarraighe, agus Eass
Geibhtine i nUibh Conuill Gabhra, agus Magh Eala i cconntae
Corcaighe. Iar ccriochnucchadh an mhórshaothair sin le becc
naimsire do na seirbhíseachaibh sin Uí Neill ro gabhattar ced, agus
ceilebradh ag an Iarla Desmumhan sin do óirdnedar fein. Do choidh
Uaitne ó Mordha (agus an meid baí acc freccra dó do na fedhnachaibh
sin) ilLaoighiss. Do dheachaidh Remann a Burc (gus an lucht baoí
for a fhosttadh, agus fors mbaoí a chumhachta don chongháir cedna)
go hUrmumhain. Do thaéd eirghe amach na nUlltach báttar ar aon
las na huaislibh sin dia ttiribh, agus dia ttighibh gan easbaidh
ionmhais no édala do tharbha turais na huaire sin. Ro an Captin
Tirial i ffarradh Iarla Desmumhan, agus baí an tIarla ag caithemh,
agus acc cuartucchadh na Mumhan, agus acc dol i ndaoínibh diaidh i
ndiaidh re hedh an dá míos baí reimhe do deireadh na bliadhna so.



Ticcerna Mhóta Gairett .i. Emann, mac Risdeird, mic Piarais Builter
do dol i muintearus ui Neill i ffoghmar na bliadhna so.



Ticcherna Threna Cluana Meala, agus Cathrach Dhúini Iasccaigh .i.
Tomás mac Tepóid mic Piarais, mic Emainn, agus Barún Luachmaighi,
agus drong mhór do ghillibh ócca Buitilerach do eirghe i ccomhmbáidh
coccaidh na nGaoidhel.


L. 2084


O Domhnaill (.i. Aodh ruadh) do chor shlóigh, agus shochraitte a
Tír Chonaill la Mac Uilliam (.i. Tepóitt, mac Uatéir chiotaigh,
mic Seain, mic Oiluerais) hi rann Mheic Uilliam i fFoghmar na
bliadhna so. Ro chuir din Ua Dochartaigh lais (go sochaidhe móir
amaille fris) .i. Sean ócc, mac Seain, mic Feilim, mic Concobhair
charraigh. Ba suaill má ro hairigheadh iad in aén tír dar ghabhsat,
nó triasa ttudcatar go rangatar na hUmhaill gan ráthucchadh, agus
ba hinntibhsidhe battar urmhór cruidh, agus cethra, innile, agus
airneisi rainn Mheic Uilliam uile. Ro leir thionóileadh leó ina
mbaoí do crodh for tír ó oilenaibh becca amach, agus ger mhór an
tecclamadh, agus an cruinniucchadh creach do rónsat ní fhuarattar
somh duadh no dochar ina ttimcheall, acht ualach a naisttrighthe
agus a niomána amháin go rangatar slán tar a nais dia ttiribh .i.
Mac Uilliam go Tír Amhalgaidh, agus Ua Docartaigh go hInis
Eoghain.



AN tan tra do chóidh ó Domhnaill i seilbh Bhaile an Mhótaigh i
mí Medhóin Faghmair na bliadhna so amhail remhebertmar, ro chuirsiot
Conallaigh a ccaoraigheachta hi cconntaé Shlighigh, agus baí
Ua Domhnaill fein ina comhnaighe i mBaile an Mótaigh ó aimsir
a fhaghbala go diuidh Nodlacc mór. Ro chuir Ua Domhnaill tionol
for a shloghaibh in gach airm i mbatar. Tangatar ina dhochom cétus
Cenel cConaill go lion a ttionoil. Tánaicc dna Mac Uilliam Burc
Tepoid mac Uatéir ciotaigh co na mbaoí fo a mhámus, agus iar
rochtain doibh-sidhe go haon maighin do shaighidh uí Dhomhnaill go
Baile an Motaigh i ndeireadh mís December do shonradh as fair
deisidh lais dol hi cCloinn Riocaird ge ro bhattar lucht an tire i
ffaitches agus i ffuirechrus agus ge ro baí a uamhan, agus a uireaccla
forra. Luidh siumh co na shloghaibh gan rabhadh, gan ráthucchadh go
rainicc go taí táithenach go dorus Cille Colgan hi ccrepusccail na
maidne muiche. Ro leicc iaramh sccaoileadh da scceimheltoibh in gach
aird don tír ina uirthimceall, agus fo urlár Cloinne Riocaird do
shonnradh. Do riacht drong díobh i niomfocraibh dOirecht Rémainn,
agus rainicc drong ele go Dún Guaire hi cCoill ua fFiachrach.


L. 2086


Do rónadh echta mora lás an lucht sin do choidh go Coill ua fFiachrach
.i. da mhac Rossa mic Uaitne mic Maoilechlainn uí Lochlainn,
Toirrdhelbhach buidhe, agus Brian do mharbhadh. Ro marbhadh dna
duine uasal do chloinn nDomhnaill gallócclach baí i ffarradh Mheic
Uilliam ar an sluaighedh sin .i. Aodh buidhe ócc, mac Aodha buidhe,
mic Maolmuire mec Domhnaill la Toirrdhelbhach buidhe, mac Rossa
don chur sin ria na marbhadh budhein. Ro marbhodh beos la druing ele
do muinntir Uí Domhnaill, dá mhac Uilliam mic Seain ó Rinn Mhíl,
agus mac Tepoitt mic Dabóg ó Dhoire uí Domhnaill, agus mac a
mheic. Ro gabhadh dna la Maghnus, mac Aodha mic Maghnusa la
dearbhratair uí Domhnaill Mac Hoberd ó Disert Cellaigh .i. Uilliam,
mac Uillicc ruaidh mic Uillicc óicc. Gerbtar iomdha iolardha
buannadha on iarla ar ósda hi cCloinn Riocaird Rainicc la hUa
nDomhnaill a ruccadh cuicce do crechaibh comhaidhble, do tháintibh
troma, daircctibh agus dédalaibh do breith lais as an tír gan troid,
gan tachar go rainicc iomlán tar a aiss go Baile an Mhotaigh.



Ro baí imresain agus essaonta etir druing do daoinibh uaisle
Tuadhmumhan im comhroinn, agus im comhaightes a ccriche, agus a
fferainn, a mbailteadh, agus a mbuan caislen ro badh eimhilt
do sccriobhadh no daisneis.



O ro haisneidheadh do bhainríoghain Shaxan agus don comhairle
go ro eirgettar Eirennaigh na haghaidh amhail ro haisneidheadh cena,
agus an lion dermáir dia daoinibh torcrattar an bliadhainsi, Asseadh
ro chinn an prionnsa agus an comhairle Sir Risderd Biongam do leiccen
anoir go nocht míle do saighdiuiribh amaille friss do cruadhucchadh
agus do cothughadh an choccaidh abhus go ttíosadh Iarla of Esex dia
ro hordaigheadh an tan sin tocht in Erinn ó fhélBrigde amach i
cculadh, i ccosttus, agus in armail na ro tionnsccnadh a hionnshamhail
do cor go hErinn riamh ó ro ghabhsat Saxoin do laimh a gabhail
gus an tan sin. An Sir Risderd remraite Ridire onorach eisidhe
do muintir na bainrioghna, rob


L. 2088


eolach i nErinn eisidhe, agus baí na Gobernóir i ccóicceadh Connacht
seal do bliadhnoibh roimhe sin. An tIarla of Essex sin a dubhramar
beós, neach é baí hi ccion, agus hi ccreidemhain, agus i nonóir ag
an mbainrioghain, neach é do niodh foghail agus forghabháil for
prouinnsibh Iarthair Eorpa a hucht na bainríoghna cédna, agus ba
leissidhe ro gabhadh cathair dhaingen diotoghlaighi hi rioghacht na
Spainne gar becc rias an tan sin. Calis ainm na cathrach ishin.



Iarla Tuadhmumhan do beith hi Saxoibh on callainn go chéle an
bliadhain si.



Iarla Cille Dara .i. Uilliam, mac Gearoitt, mic Gearoitt do dhol hi
Saxoibh isin Earrach.



O Concóbhair Sliccigh Donnchadh mac Cathail óicc do thocht a Saxoibh
isin nGeimhreadh.



As do na daoinibh uaisle do Thuadhmumhain batar i nimresain
fria roile amhail a dubhramar Tadhcc mac Concobhair mic Donnchaidh
uí Briain ler gabadh droichet Phuirt Croissi, agus gion gur bo
hesidhe céttus ro thionnsgain a gabhail for Mairgreig Ciosócc as
chuicce do thuit fo deóidh. Ro gabadh lais caislen Cluaine i
nUibh Caisin, agus caislen na Sccairbhe i noirther ó mBloid
ar thurnaé mheic epscoip na Midhe. Ro badh diobh bheós Concobhar
mac Domhnaill mic Mathgamhna, mic Briain uí Briain do ghabhail Bhaile
an Chaisléin i cCloinn Chuiléin uachtaraigh ar Mhac Conmara fhionn,
Sean, mac Taidg, mic Conmedha. Ba diobh dna Toirrdhealbhach mac
Mathgamhna, mic Toirrdealbhaigh, mic Mathgamhna ó Choill ó
fFlannchadha


L. 2090


lér gabhadh Doire Eoghain ar Sheóirsi Ciosócc, diar bhó
duthchasaigh cedus Clann Amhlaoibh, mic Cein Uí Shechnasaigh, agus
do chengail Mathgamhain, mac Toirrdhealbhaigh buicc uí Briain le
Coill o fFlannchadha. Ba do na daoinibh uaisle cédna Toirrdhealbhach
mac Murchaidh mic Concobhair uí Briain ó Chathair Mhionain, co na
brathair Diarmait ruadh do dhol i ccombáidh choccaidh na nGaoídheal.
Ro badh díobh trá Tadhg caoch, mac Toirrdhealbhaigh, mic Briain,
mic Donnchaidh, mec Mathgamhna do ghabhail luinge Saxanaighe fa Nodlaicc
mór iar mbeith di for sechrán athaidh fhada rias an tan sin. Aseadh
do rala di go ro gabh port i cCorca Baiscinn iartharaighe i
ccomhfochraibh Chairrge an Cobhlaigh, Ro ben Tadg an long co na
somhaoín dia foirinn. Nir bo cian iar sin gur bhettrom a tarbha do
Tadhcc, agus gur bhó trom a tóraighecht fair. An Tadhg cedna
do ghabhail an Dúin Bhicc baile dia bhailtibh fein baí ag cennaighe
ó Luimneach a ngioll le fiachaibh.


L. 2092


AOIS CRIOST, 1599.
Aois Criost, mile, cuicc ced, nochath, anaoi.



An tIarla Chille Dara sin a dubhramar do dhol hi Saxoibh isin
mbliadhain remhainn .i. Uilliam, mac Geroitt, mic Geróitt,
Ro triall tocht in Erinn i nErrach na bliadhna so. Iar ndol do
hilluing co nocht fferaibh décc do mhaithibh na Midhe, agus
Fhine Gall maille fris, o ro sheolsat edh fairccsiona isin
ffairrgi ní confacus beó aéin neich diobh osin alle agus ro badh
a tiribh oile fo cenn da mhíos iar sin tainicc deimhin a mbáis go
Saxoibh agus go hErinn. Ni ro fhaccaibh-siumh mac, na derbrathair
ina dheóidh do gébadh a chomhorbus, acht ro hoirdneadh comhmbrathair
dó (.i. Gearóitt, mac Eduaird mic Geróitt, mic Tómais, mic Seain
chaim) las an mbainrioghain agus la comhairle Shaxan. Nech
eisidhe baí na chaptin for shaighdiuiribh ag dénamh seirbhísi don
bhainríoghain go ro leicc Dia an inmhe sin dia shaighidh gan cath,
gan coccadh, gan gábhaidh, gan guassacht.



O Maolmuaidh .i. Conall mac Cathaoir decc i nEarrach na bliadhna
so, agus a mac .i. an Calbach do ghabhail a ionaid a hucht na
bainrioghna. Araill do dhaoinibh uaisle a chinidh acc fóccra agus
acc fuaidreadh fair (do reir gnathaighte Gaoidheal) a ndiaidh an
anma sin.



Fergus, mac Briain, mic Briain, mic Rudhraighe, mic Cathail uí
Fhergail décc i mí Márta, agus ro badh adbar eccaoine ina thir
fein eisidhe.



Domhnall, mac Neill mheirgigh, mic Maolmuire, mic Aodha, mic Neill
do mharbhadh la Maolmuire mac Briain óicc, agus la hAodh mbuidhe,
mic Firfhedha mhec Suibhne agus iadsidhe (do crochadh) do losccadh
la hUa nDomhnaill Aodh ruadh ar Mullach Sithe Aodha hi ccionaidh
a migniomh, agus tre choll a reachta.



Semus, mac Toirrdhealbhaigh, mic Tuathail uí Gallcubhair do crochadh
la hUa nDomhnaill ar Mullach na Sithe ós Ess Ruaidh an
cethramhadh lá do Mhárta iar na dherbhadh fair co mbaoí ag brath agus
ag taisceladh Uí Dhomhnaill, agus acc tarraing Gall dia thír.


L. 2094


Seoirsi Ciosocc, mac Tomáis do marbhadh i mí Iuíl la Toirrdhelbhach,
mac Mathgamhna mic Toirrdhealbhaigh mic Mathgamhna, mic an
Espuicc uí Briain im dhúthaigh a athar, uair do rad Sir Risderd
Biongam dúthaigh Mhathgamhna uí Briain (iar na chur cum báis lais)
don tSeoirsi remraite, agus baisiumh a ndiaidh a athardha co
ro marbhadh Seoirsi lais don chur sin, agus ro hadhnaicedh eisidhe
i mainistir Innsi.



Mac uí Concobhair Chiarraighe .i. Donnchadh maol, mac Concobhair,
mic Concobhair, mic Seain do marbhadh i mí August la druing
damhsaibh Iarla Desmumhan .i. la cloinn Maghnusa óicc, mic
Maghnusa, mic Emainn mec Sithigh, agus ro badh dith mór las an
Iarla an marbhadh sin, ar ba dia comhrann coccaidh ó Concobair
badhein .i. Sean, agus a dherbrathair an Donnchadh sin co
na mbaoí ina ttír uile.



Sean mac an Ghiolla duibh, mic Semuis uí Chinnéittigh ó
Bhaile an Gharrdha Chnuic Síthe Úna i nUrmumhain do marbhadh
la hAodh, mac Murchaidh uí Cinneittigh ó Bhaile uí Chuirc.



Prioir Lothra i nUrmhumhain .i. Sean, mac Seain, mic
Giollapattraicc uí Óccáin do mharbhadh la druing do Shiol
cCinneittigh i mí Iul do shonnradh.



Mór inghen Domhnaill mic Concobhair, mic Toirrdhealbhaigh uí
Briain décc i mí Ianuary ben sin rob ionmolta i modhaibh mna.



Iarla Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Concobhair ui Briain
do toidhecht a Saxoibh hi mí Ianuary, agus anmain do hi ffarradh
Iarla Urmhumhain i mBuitileracaibh co cend athaidh iaramh.



Mac do Cloinn uí Neill .i. Conn, mac Aodha, mic Firdorcha, mic
Cuinn bhacaigh do thocht i mí Ianuary do dhénamh cuarta ag
cáirdibh agus ag comhrann coccaidh a athar ilLaighnibh, agus isin
Mumhain, dia fhios cia díobh ro baí i mbun a ccarattradh agus a
ttingheallta dua Neill, agus do Ghaoidhelaibh. Ro an urmhór
an earraigh is na tíribh sin, ag faghbáil bídh dia amhsaibh, agus
aga nertadh isin ccoccadh i mbáttar.


L. 2096


Baí iomathaighi coinne, agus carattradh etir an mac sin uí Néill agus
Mac Iarla Tuadhmumhan .i. Tadg mac Concobair uí Briain ar gach
taebh do Shionainn.



Toirrdhealbhach, mac Domhnaill, mic Concobhair uí Bhriain
dfosttadh óccbhaidh agus aésa tuarastail i ffiorthosach na bliadhna
so do chongnamh lás an mbainrioghain i naghaidh a hesccarat.
Derbrathair ócc Iarla Tuadhmumhan .i. Domhnall, mac Concobhair,
mic Donnchaidh do beith i ccendus, agus hi ccodhnachus muintire
Iarla Thuadhmumhan ag congnamh bheós lás an mbainrioghain.



Iar ngabhail na luinge Saxanaighe sin tar a ttangamar thuas do
Tadhg caoch, mac Toirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna ro fhás
mothucchadh míomhuinnterais, agus airrdhe essaonta etir é agus an
mac sin an Iarla .i. Domhnall. Do chuaidh an Tadhg sin i ccenn
Iarla Desmumhan, agus do róine a mhuinnterus mar gach rann ele
dar chengail a ccor friss. Iar ttocht do Thadg iarttain tar
Sionainn tucc ionnsaighidh oidche ar an ócc macaémh ar Dhomhnall
ua Briain an seachtmhadh la décc do mí Febru go Cill Muire ó
mBracáin. Do gabhadh agus do gonadh Domhnall lais, agus ro marbadh
drong da dhaoínibh diolmuine. Ruccadh é fein don Dún Bhecc dia
iomchoimhett co na baoí acht seachtmain illaimh an tan do leicceadh
amach é gan urradha, gan árach.



Ua Domnaill .i. Aodh ruadh, mac Aodha, mic Maghnusa, baí sidhe
na comhnaidhe i mBaile an Mhótaigh i cconntaé Sligigh ó
ro sraoínte cath in Atha Buidhe i nurtosach August go féil
Brighde na bliadhna so. Bá fada laissiumh gan dol isin ccoiccrich
ris an ré sin agus ni fhidir caidhe an tionad erdhalta irraghadh
uair ní ro fháccaibh áird, nó aircionn, diamhair na droibhél i
ccoicceadh Connacht na ro innrestair, nó na tard geill, agus
eidire uadhaibh, genmothá Tuadhmumha an tsainrid. Ro fóccradh
imorro sloighedh lais do thocht i tTuadhmumhain in ecmaing na ree
remraite. Tangatar tra Cenel cConaill céttus ina tionól. Ro badh
dibhsidhe Aodh ócc, mac Aoda duibh mic Aodha ruaidh, mic
Néill gairbh uí Domhnaill, Niall garbh, mac Cuinn, mic an
Chalbaigh, mic Maghnusa, mic Aodha duib, O Dochartaigh Sean
ócc, mac Seain, mic Felim mic Concobhair charraigh, O Baoighill
Tadhg ócc, mac Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Neill, Mac Suibhne


L. 2098


Fánatt Domhnall, mac Toirrdhealbhaigh, mic Maolmuire, Mac Suibhne
Bághaineach Donnchadh, mac Maolmuire mheirgigh, mic Maolmuire, mic
Neill, iadsidhe uile co na sochraittibh. Tánaicc isin toischestal
cédna Máguidhir Aodh mac Conchonnacht mic Conconnacht, mic Conconnacht,
mic Briain, mic Pilip, mic Tómais, agus Mac uí Ruairc .i. Tadhcc
mac Briain, mic Briain bhallaigh, mic Eoghain, agus an Mac
Uilliam do hoirdneadh la hUa nDomhnaill fein rias an tan sin .i.
Tepóitt mac Uateir chiotaigh mic Seain, mic Oiluerais.



Iar ttocht do na maithibh sin uile co na sochraitte do shaighidh
Uí Domhnaill go Baile an Mhótaigh. Ro baí daidble, agus diomat
an tsluaigh go ro leicc sluagh irrann Mheic Uilliam diobh an
ccein no bhiadh somh i tTuadhmumhain agus ba siad na hairigh
roptar codhnaigh forrasidhe .i. Mac Uilliam agus Niall garbh
mac Cuinn uí Domhnaill. Ro siredh agus ro sairimthighedh
las an lucht sin on ccenn thoir do Ghoisdealbachaibh go
hUmhall Cloinne Giobúin. Ro gabhadh leo don chur sin oilen
Lethardáin, agus ro marbhadh ocht ffir décc do mhaithibh Cloinne
Giobúin, gionmotá sochaidhe ele do dhaoinibh a maille friú.
Ruccsat crecha, airccthe, agus édala iomdha leo ag soadh doibh ón rann.



Dala Uí Domhnaill co na shloghaibh ro asccnáttar do dhol i
Ttuadhmumhain agus ní ro hairiseadh leo go rangatar gan ráthucchadh
go mbátar don taebh istigh dabainn hi cCloinn Riocaird. Ro gabhadh
longport lethan laocharmach leo im tráth nóna do ló ar an
Ruaidhbeithigh etir Chill Colgan agus Ard Raithin. Bátar hi
suidhe ag cinnedh a ccomhairle dus cionnus nó fhoiberdais an ccrích
nainiúil gus a ttudhcatar, agus go ro chaithset ní dia lóintibh,
agus go ro thuilsiot a suan toirrchim ria ndol hi ccenn mhórastair,
agus mhórshaothair doibh cen mo tát an lucht friothaire báttar leó.
Bádar samhlaidh go medhon oidhce. Ro forchongradh forra iaramh la
hUa nDomhnaill eirghe gan fhuirech dasccnámh isin ccoiccrích ria
siú ro badh solus lá doibh. Atraighsiot iaramh fo cédóir. Lottar
rempa iaramh í reidh dhíorgha gacha róid gach ndírech go rangattar a
moichdedoil na maidne isin


L. 2100


ccenn thoir do Choill ó fFlannchadha, do triocha céd Ceneoil
fFermaic i tTuadhmumhain. Ro rannsat a sceimhelta an dú sin.
Ro leiccitt drong diobh don taobh budh tuaidh istech i mBoirinn
im Tadhg ua Ruairc, agus im Mac Suibhne mBaghainech, agus drong
ele thes isteach go Baile uí Occáin na Coilleadh Moire, go Tulaigh
uí Dheadhaidh, go dorus Bhaile uí Ghriobhta. Do dheachaidh
Maguidhir go ndruing moir do slogh amaille fris (co h-Inis Ui
Chuinn). Do taéd tra Ua Domhnaill go ttothacht agus go ttiugh
a shloigh amaille fris durlar Choille ó fFlannchadha, do
Bhealach an Fhiodhfail go Cill Inghine Baoith i nuachtar
Dalccais ria midhmedhon laoí. Sóait an lucht do choidh budhes,
tar a nais budh tuaidh, do Dhruim Fionnglaisi, do Choradh Fhinn,
agus go Cill Inghine Baoith i ccomhdháil í Dhomhnaill. Tuccadh
dia saicchidh an dú sin creacha Cheneoil fFermaic uile on Dísert,
go Glend Coluim Chille, agus go Tolaigh Chumann, agus ó Cluain
Sailchernaigh go Leim an Eich.



Ní riacht la Mac uí Ruairc na la Mac Suibhne techt na chend
la creachaibh Bóirne in adhaigh sin. Ni rainicc beós la Máguidhir
techt don leith aile, ar ro gabsatar sidhe longport in gach airm
irrucc adhaigh forra.



Iar mbeith hi ffosslongport dUa Domhnaill in adhaigh sin hi
cCill Inghine Baoith ro fhaccaibh an baile ar a bharach ria medón
laí, agus asseadh do dheachaidh i ttriochait


L. 2102


chéd Corcumruadh go Cill Fhionnabhrach. Ro sgaoilit scceimhealta
eiste sidhe budh dhess go hEidhnigh, gus an mBreintír fFermacaigh,
agus cCorcamaigh cCormacaigh go dorus Innsi Díomain, go Cill
Espuicc Lonain, go Baile Paidín, agus tar a nais soir go Cill
Fhionnabhrach co na ccrechaibh, agus co na nédalaibh i ccoinne
Uí Domhnaill. Anais hisuidhe go horbharach co ruccsat a sloigh
fair as gach aird i mbáttar. Tánaicc din Mac uí Ruairc, agus Mac
Suibhne Bághaineach go ccrechaibh Boirne dia saighidh. Tánaicc
dna Máguidhir go ccrechaibh agus go nairccnibh iomdha dia
ionnsaighidh don leith aile. An tan at connairc Ua Domhnaill na
cnuic aga líonadh, agus aga ndubhadh ina uirthimchell do thaintibh
do thromalmhaibh gacha tíre tresa ttudhcatar a shlóigh. Ro triall
sóadh tar a ais do dhromchladh na Bóirne bennghairbhe a moich néll
na maidne dar Boirinn go Ros gabh roimhe don Nuachongbhail don
Turlach, go mainistir Chorcumruadh, do Charcair na cCleireach
agus do roine airisemh na hoidhce sin isin Rubha i niarthar ua
fFiachrach Aidhne. Do thaéd ar a bharach tre uachtar Cloinne
Riocaird, lá dorus Baile Átha an Riogh. Ní haithrister a imthechta
iaramh o tá sin go Baile an Mhotaigh, Acht ro baí Mac Uilliam
agus Niall garbh ua Domhnaill for a chionn illeithimel Ua Maine
go nairccnibh, agus go nedalaib iomdha leó a rann Mheic Uilliam.



Ro ionntsamhlaigh an tsaoí shenchaidh agus fhir dhána Mac Bruaidedha
Maoilín óg gur bho i ndioghail diosccaoilte Grianáin Oiligh la
Muircertach mór mac


L. 2104


Toirrdhealbhaigh mic Taidhg mic Briain Bhoroimhe fecht riamh
Ro chedaigh Dia (tria esccaine Cholaim Cille for Síol mBriain)
léircreachadh agus láinindreadh Tuadhmumhan la hua nDomhnaill
don chur sin, agus tainicc an Maoílin ócc cédna i ccenn Uí
Domhnaill do chuinghidh aisicc a chruidh tárathatar drong do na
sloghaibh hi-shin. Agus do radadh dó in óighe conadh ann do roine
Maoilin an rann




Do baí i ndán i ndioghail Oiligh,
A Aodh ruaidh do rec an faidh
Tocht bhar sluaigh go hiath Mhagh nAdhair,
A tuaidh iarthar cabhair caigh.




IS an cceid sheachtmain do Márta tánaicc Gobernoir cóiccidh Connacht
.i. Sir Coners Clifort go Gaillimh go slogh mór do daghdaoínibh
uaisle agus go saighdiuiribh iomdha amaille friú. Iar mbeith dó i
ngar do shechtmain i nGaillimh ro chuir a seacht, nó a hocht do
bandadhaibh Gallda agus Gaoidhelcha go conntaé an Cláir dia fhios
cia dob umhal, no dob essumhal don bhainrioghain innte do órdaigh
Tepoitt Díolmain agus Captin Lestair, agus Sirriam chonntaé an
Clair fein .i. Risderd Sgorlócc hi ccennus forra go rochtain
doibh co hairm i mbaoí Toirrdhealbhach


L. 2106


ó Briain dia ttuccadh mar an ccédna ughdarrás uaistibh. Bádair
an chéd adhaigh hi cCill Caeídi i noirther o fFermaic iar
rochtain doibh don tír.



Ot cualatar i mbaoí do dhaoínibh diolmuine for muinterus Taidhcc
mic Concobair uí Briain rochtain doibhsidhe don tír bádar ina
noirchill, agus acc dol tre Bhealach an Fhiodhfháil o Chill
Caoídi siar do muinntir na bainrioghna ar na bharach ro ionnsaighsiot
muintir Taidg iad go ro marbhadh daoíne iomdha etorra da gach leth.
Ger bo mó ro marbhadh do mhuintir na bainrioghna, ni hinnister echt
oirdearc diobh do thuitim. Ro marbhadh do leith na nGaoidhel duine
uasal do Shiol mBriain .i. Diarmaitt ruadh, mac Murchaidh, mic
Concobair. Tar a ndernadh ann do leicceadh an tslighe do muintir
na bainrioghna go ro ghabhsat airisemh agus comhnaighe hi cCill
Inghine Baoíth i ndeireadh laoí.



Asseadh ro chinn Tadhg mac Concobair uí Briain iar sin
reidhiucchadh ris an mbainrioghain, agus diultadh dia amhsaibh,
agus go sonnradhach do lucht tabairthe an tachair remraite. Ro chuir
a thechta do shaighidh Tepóitt Diolmhuin go Cill Inghine Baoíth,
agus gus an nGobernóir don Ghaillimh.



Ro fháccaibh Tepóitt Diolmuin agus muinntir na bainrioghna Cill
Inghine Baoith ar a bharach, agus do chóidhsiot go hairm i mbaoí
Toirrdhelbhach mac Domhnaill uí Briain baí ina cleith fhosccaidh,
agus ina thulaigh toirlenga ag gach aén le budh áil do mhuinntir
na bainríoghna. O rangattar somh agus Toirrdhealbach hi ccenn a
chele ro ghabhsat iomsuidhe im Chathair Mionain i mbaruntacht
Chorcmod-ruadh baile eisidhe baí ina uaimh lattronn, agus ina
mhuine meirle gus a tticcedh slad, agus sárucchadh an tíre ina
thimcell a los Toirrdelbhaigh, mic Murchaidh, mic Concobhair ui
Briain duine uasal eisidhe baí hi rann Gaoidhel an tan sin. Rob
éiccen an baile sin do thabhairt ar láimh muinntire na bainrioghna.



Ro fhaccaibh Toirrdhealbhach agus Tepóitt co na mhuinntir
Cathair Mionain, agus do coidhsiott hi cCorcbhaiscind iartharaigh
do dhénamh síodha le Tadhg caoch mac Mathgamhna agus ó na
ro fhedsat a síodhucchadh ruccsat crecha agus édala iomdha as an tír.
Lotar soir as a haithle do Chorcobhaiscind airtheraigh, agus iaramh go


L. 2108


hInis, go mbaoí Seission cúicc lá décc aca i nInis, agus daoine
uaisle an tíre agus na Conntaé uile acca ffreccra. A ccionn na ree
sin do deachaidh Tepoitt Diolmuin agus Captin Lestair as an tír
iar ffaccbáil ceithre mbanna saighdiuiridhe, Shirriam, agus
Shuibshirriam (amaille le hadmhail ar chíos na bainrioghna do dhiol)
innte.



Tánaicc dna Iarla Tuadhmumhan hi ccionn tsechtmaine iar sin don
tír ar mbeith dó a ngar do raithe i mBuitilerachaibh. O do riacht
go Tuadhmumhain, asseadh ro triall gan codladh da oidhce i nen
bhaile go ndechaidh do dioghail essonora agus ionnsaighthe a
dherbratar ar Tadhg caoch, mac Mathgamhna. Ro thionoil urmhor
an tire ina dhochom do dhol hi cCorcbaiscind iartharaigh, agus
ro shuidh re haghaidh Chairrge an Cobhlaigh an Luan ria cCaiscc
hi mí April do shonnradh. Tuccadh crodh agus cethra an tire uile
o Chnoc Doire, go Leim Conculainn dia saighidh gus an
ffoslongport sin. Fuair an tIarla an baile fo chend ceithre lá as a
haithle, agus ar deireadh saoire na Cascc ro tharraing an tIarla
ordanas o Luimneach do dhol re hacchaidh an Dúin Bhicc, agus iar
suidhiucchadh an ordanáis for ionchaibh an bhaile ní ro ansat an
bharda fri haon urchor do chaithemh friú an tan ro foccradh uatha
an baile don Iarla, agus ní fhuairsiot do mhaithemh nanacail acht
an seal badar agá mbreith go garmain na croiche in ro crochadh ina
ccúpladhaibh iatt aghaidh i naghaidh. Fuair an tIarla Dún mor
mheic an Fermhacaigh on modh ccédna. Iar ngabhail na mbailteadh
mBaiscneach sin don Iarla ro léicc an tordanás mór uadha go
Luimneach, agus do chuaidh fein tar sliabh soir go hurlár
Tuadhmumhan. Tucc sé da duthchasachaibh fein gach baile dár
gabhadh


L. 2110


maille le hesonoir don bhainríoghain. Ro badh dibhsein Doire
Eoghain, dá bhaile caisléin Cluaine agus Lios Aodha Finn.



Iarla of Essex (.i. Roberd) do thecht i nErinn fo Bheltaine
na bliadhna so amhail do tinghealladh go niomat nionnmais, agus
narmála, agus muinission, Pudair, luaidhe, bídh, agus dighe, agus
atbeirdís lucht a ffairccsiona na tangatar a hionnshamhail sin
darmáil go hErinn riamh gus an tan sin ó do ruacht Iarla
Strang-boe agus Robert mac Stiamhna le Diarmait mac Murchadha
la righ Laighen fecht riamh. Iar ttocht dIarla of Essex go
Baile Atha Cliath ro herfuaccradh neithe iomdha lais, agus ro ba
dibhsidhe cétus gach aon do Ghaoidhelaibh la badh aithrech dol
in acchaidh na bainrioghna go ffuiccheadh maithemhnas agus pardún
in gach coir da nderna gó sin. Ba dona foccartaibh cédna gach aén
dEirennchoibh a déradh, go ro benadh a bhaile, no a dhuthaigh dhe
la Saxanachaibh a los anbforlainn, nó fhoiréiccne go ffuiccheadh
aisecc ina indligedh foghar agus eistecht don chur sin. Ar a aí
nír bó mór do clannaibh Gáoidhel do choidh fan toghairm sin.
Ro cuireadh lás an Iarla sin garasuin saighdiúiridhe maille le
gach ní rangatar ales go Carraicc Fhergusa, go hIubhar Chinn
Trágha go Tráigh Bhaile Duine Dealgan, go Droichet Átha, go
Cill Manntáin go Nás Laighen, agus go araile bailte gen mo thát.
Ro tecclamadh dan laissidhe seacht mile saighdiuir don armáil as
ferr fuair, agus do chuaidh a hÁth Cliath siar gach ndíreach,
uair ro haisneidhedh dó na baí i nErinn do lucht foghla na
bainrioghna drem ro badh usa dó dionnsaicchidh inád Geraltaigh
feibh ro bhadar don chur sin. Ni ro hanadh las an Iarla co na
shloghaibh go rangatar i cceirtmedhón choiccidh Laighen, agus nír
bó saighidh carat i ccein dó Gaoidhil Laighen dionnsaighidh don
chur sin. Roptar iadsidhe dan Domhnall Spainneach mac Donnchaidh,
mic Cathaoir charraigh Chaomhánaigh, agus Uaitne, mac Rudhraighe
óicc, mic Rudhraighe uí Mordha, Siol cConcobair


L. 2112


Failgigh, Gabhal Raghnaill, agus sochaidhe do daoinibh uaisle ele
nách airimhther. Tuccatar din an lucht sin amais aigmheile,
easscairdemhla, agus debtha doilghe doifhrestail dó in enaighibh
aimhreidhibh, agus i mbeilgibh bélchumhgaibh i ttocraittís re a roile
fo ro diothaigedh morán do mhuinntir an Iarla leó. Ar a aoí tar gach
nettualang da ffuair ráinicc fadeoídh i mBuitilerachaibh. Ticc
Iarla Urmumhan maille le honoir, agus le hairmittin ina chenn.
Tánaicc din ticcherna


L. 2114


Mhóta Gairett .i. Emann, mac Risderd, mic Piarais Buitiler baí
hi muinntearus uí Néill athaidh rias an tan sin. O do ruachtatar
Buitileraigh hi ccenn an Iarla lottar go líon a sochraitte hi
tTrian Cluana Meala, agus ro ghabsat acc iomsuidhe im Chathair
Dúine hIasccaigh. Tomás, mac Tepoitt, mic Piarais Buitileir ro badh
ticcherna for an mbaile hishin, agus baí sidhe hi ccombáidh uí Néill
agus Iarla Desmumhan athaidh rias an tan sin. Nír bó torba don
Iarla co na sloghaibh an iomshuidhe i mbatar go ro tairrngedh órdanas
mór leó ó Port Láircce dia saighidh, agus go ro leccadh an leth fa
nesa doibh don bhaile, conadh iar sin rob eiccen doibh an baile
do tabhairt dIarla of Essex agus don bainríoghain.



Is na laithibh in ro shuidh Iarla of Esex re haghaidh Chathraig
Dhúine hIasccaigh tanaicc presidens dá chóiccidh Mumhan .i.
Sir Tomás Noruis ó Chorcaigh go Cill Mocellócc do thocht
do lathair an Iarla ria siú diccsed go Luimneach. Baisidhe i
ngar do choicthides ina chomhnaidhe isin mbaile sin ag iomfhuireach
fris an Iarla do thecht tar Siuir, agus no ghnathaigheadh gach
re lá cuairt do chur im chnocaibh chonntae Luimnigh dus an
ffuighbheadh baoghal gona no gabhála ar druing éiccin do
bhiodhbhadhaibh na bainrioghna. In aroile ló dia ndeachaidh is
in ccenn thoir don chonntae do rala dó (agus gan neach aca acc
iarraidh aroile) Tomás a Burc, mac Teboitt, mic Uilliam, mic
Emainn ó Chaislén uí Conaing. Ni baí aéin neach for eoch i
ffochair Thomáis gionmothasomh budhdein. Batar dna a ngar do
chéd saighdiúir Ghaoidhelach ina fharradh. Iar na ffaiccsin don
presidens tucc sidhe sanntach solamhaigh dia shaighidh go
ro díolaithriccheadh a ffoccus dfichit do muinntir Tomáis don chur
sin, agus do dingentaí ní badh mó munbadh a thúscc ro gonadh an
presidens uair do rala forccomh feigh fíoramhnus do phíce do hi ccomrac
chorráin a gheill agus uachtair a bhraghat. Ot conncatar a mhuintir
eissiumh ar na crechtnucchadh amhlaidh sin ro iadhsot ina uirthimcell
go ruccsat


L. 2116


leó e tar a ais go Cill Mochellocc, agus baí sé seachtmuine ina
othairlighe fo lamhaibh legh go ffuair bás iaramh i mí Iul sainridh.



O ro gabhadh Cathair Dhúine hIasccaigh la hIarla of Esex, tanaicc
fein agus Iarla Urmumhan, agus maithe an tsloigh go Luimneach,
agus ro fhaccaibh a champa don taoibh amuigh do Luimneach. Tánaicc
ina chenn don bhaile cedna Gobernóir coiccidh Connacht .i. Sir
Coners Clifort agus Iarla Cloinne Riocaird .i. Uillecc mac
Riocaird Shaxanaigh, agus Iarla Tuadhmumhan Donnchadh mac Concobhair
uí Briain. O ro chriochnaighsiot na huaisle sin a ccomhairle hi
ffochair aroile ro fhill an Gobernóir agus Iarla Cloinne Riocaird
tar a nais hi cCondachtoibh. Ro triall Iarla of Essex, Iarla
Urmumhan, agus Iarla Tuadmumhan dol i Muimhneachaibh dus ann
ffuighbittís ell ngabhala for Gheraltachaibh.



An chéd oidhce ro fháccaibhsiot Luimneach i mí Iun ro ghabhsat
campa for ur abhann Átha Dara. Ag gabhail doibh ar a bharach dia
Sathairn siar seach móin Robhair ro thaisbeinsiot amhsaigh agus
óccbhaidh Iarla Desmumhan, agus an gasraidh Gearaltach a ngnúisi
dóibh. Ba fraochda forgranna an fiadhucchadh, agus an failtiughadh
tuccatar dfior ionaid a bprionnsa ar a chéd chuairt dia saighidh,
óir ro leiccsiot dé, agus detach a ndubh púdair, agus saithe peiler a
gonnadhaibh gér radharcachaibh fo a súilibh. Ro clos lais beós
glaéidhbeicedhach, gáir agus gredhan a ngalgat, agus a ngiollanraidhe
i nionad na humhla, agus na honóra, agus na mbriathar seimh somblasta
ro badh cubhaidh do chantain friss. Acht chena rob e iomsccaradh
na hiorghaile sin, iliomat daoine do dhíolaithriucchadh o Iarla of
Essex, agus gan asstar badh ionáirmhe do leiccen dó an lá sin go
ro gabh longport edh becc ó Eass Geibhtine soir. Dia Domhnaigh
ar a bharach asseadh ro chinn Iarla of Essex, Iarla Urmumhan,
agus Iarla Tuadhmumhan marcsluagh do chor le muinission


L. 2118


go hEss Geibhtine, agus gan iad fein do dol ní badh sia siar is
in Mumhain don chur sin. Acc filleadh doibh soir ar a bhárach
dia Luain la taebh Baile an Eleteraigh fuaratar troid thenn,
thalcair, agus gleo gonach gáibhtheach o Gheraltachaibh, agus
ro marbhadh drong dírimh do muinntir Iarla of Essex an lá sin im
Ridire oirdheirc ro badh mór ainm agus onoir .i. Sir Hanry Noruis.
Do chuaidh Iarla of Essex iar sin go Cill Mochellócc, agus iar
mbeith tri hoidhce dó isin mbaile sin tucc a acchaidh budhdhes ar
Chenn Feabhrat Slebhe Caoín mic Deirccdualaigh do dhol i ccriochaibh
Roistech, agus an tan do saoíleadh gabháil dó go Corcaigh ba sí
conair i ndeachaidh dar áth mainistrech Fhermaighe, hi cConachail,
hi Maigh Íle, agus do Lios mór Mochuda. Battar din Geraltaigh
ag caithemh, ag coimhlenmain, ag toccraim, acc tóraighecht, acc
fuiliucchadh, acc foirdherccadh forra an airett sin. O rainicc Iarla
of Essex do na Deisibh ro fhillsiot Geraltaigh go merrdacht,
agus go móir mhenmain dá ttíribh, agus dá ttighibh. O ráinicc an
tIarla cedna go Dún nGarbháin so ais Iarla Tuadhmumhan uadh laimh
le fairrge go hEochoill, go Corcaigh, agus iaramh go Luimneach.
Do thaéd Iarla of Essex o Dhún Garbháin go Port Láirge,
assidhe i mBuitilerachaibh, agus ilLaighnibh. Nír bó sóinmhech
ro asccnátar tre gach conair triasa ttudhcattar ó tá Port Lairge
go hAth Cliath, uair ro báttar Gaoidhil Laighen aga ttograim,
agus acca niarmóirecht, aga ttacmang agus acc ttimcelladh go
ro marbhait, agus go ro mudhaighit drechta dermara diobh in gach séd,
agus in gach slighe in ro ghabhsat. Ba sedh atbeirdís Gaoidhil Ereann
gur bó ferr dó na tiasadh an turus sin ó Athcliath go hUibh Conaill
Gabhra, agus tilleadh dó tar a ais lás an céd choinnsgleo ro
cothaiccheadh na aghaidh gan umhla gan


L. 2120


aidide ó Geraltachaibh, agus gan aéin ceim badh ionmaoidhim re a
fhaghbail ina imthectoibh, acht amhain gabhail Cathrach Duine hIasccaigh.



Baí ó Concobair Sligigh Donnchadh mac Cathail óig ar aon la hIarla
of Essex ar in sluaigheadh sin go soadh dóibh on Mumhain amhail
ro aisneidhemar, agus acc tilleadh doibh soir ó Chonallcoibh go
conntae Luimnigh ba hannsaidhe ro sccar Ua Concobhair friú, agus
do chuaidh hi cConnachtoibh hi ccenn an Ghobernora Sir Coners Clifort.
Ni baí eimh aén bhaile dia bhailtibh ar cumas uí Concobhair hi
cconntae Shliccigh an tan sin cenmotá aén chaistiall namá do
bhailtibh Cloinne Donnchaidh Tire hOilella, agus ba hann baísidhe
for eochairimlibh Abhann Móire, Cul Maoile a ainmsidhe. O ro baí
ua Concobair athaidh mbicc hi ffarradh an Ghobernora ro asccná do
ló agus dadhaigh go rainicc gus an mbaile hi mí Iul do shonnradh.
O do ruacht ua Concobhair go Cúl Maoile tuccadh araill do cethraibh
muinntire Ui Domhnaill (batar an tan sin sechnóin an tíre, gan
airiucchadh da muinntir fein) go hUa cConcobhair gus an mbaile.



Ot cuas dua Domhnaill an ní sin ro ba lainn lais Ua Concobhair
do thocht don tír, agus ba fó lais an do roine dus an ttairsedh lais
a ndeirgeine rias an tan sin do aithe fair. Ro fhorcongair Ua
Domhnaill for a marcsloigh gan anadh fri a mhiledaibh troigtheacha
co roistís an caislen co ná roichedh la hUa cConcobhair fáccbháil
an bhaile ria siú ríostais an slogh. Do rónadh fairsiumh innsin, ar
ní lamhtha urthuasacht a bhreithre idir. Lotar iaromh an marcsloigh
feibh as deine ro nuccsat co rangatar an baile, agus tangattar iaramh
an sluagh ina lenmain co ndernsat ciorcaill bhodba diobh i niomthacmang
an dúnaidh. Ba dangen diothoghlaighi an caistiall hi sin, agus nír
bó sodhaing forchoimhétt fors an tí las budh lainn a fhaccbhail, ar
ba gar foccus do droibhelaibh doimthechta an tionadh i ttarrustair é.
Gabhais Ua Domhnaill longport ar belaibh an fhedha baí don taobh
araill don abhainn baí la hur an bhaile. Ro hordaighedh lucht feithme
agus foraire lais in oidhcibh agus hi láibh fors an dúnaidh da gach
leth, agus no bídis drong dhiormanna mora dia mharcsloigh for a
neachaibh isin ffriothaire ó fhuinedh nell nóna co hadmadain, ná
ro elaidhedh Ua Concobhair uadhaibh. Ro leth tra na sccela sin fo
Erinn .i. Ua Concobhair Sliccigh do beith isin iomcuimge sin ag
Ua nDomhnaill hi cCúil Maoile, agus o ro clos la hIarla of Essex
in ní sin ro fhaídh


L. 2122


techta do shaighidh Gobernóra coiccidh Connacht, agus ro athain de
tocht ina choinne lá dáiridhe go Feraibh Ceall. Fuair an Gobernóir
mór fforlainn agus ffoireiccne ag gabhail tre Feraibh Cell ag dol
i ndáil in Iarla ar ro marbhadh sochaidhe mór do daesccarshluaigh
agus do dhaghdaoinibh uadha. Ro badh dibhsidhe Risderd, mac Uilliam,
mic Risderd, mic Oiluerais a Burc, duine uasal do Burcachaibh Tíre
hAmhalgaidh, agus do cuireadh guais a fhágbhala ar an nGobernoir fein.
Ar a aoí rainicc hi ccenn an Iarla, agus báttar frí ré dá lá co na
noidhchibh i ffarradh aroile acc sgrudadh a ccomhairle. In eacmaing
na ree sin ro leicc an tIarla fuilleadh sloigh, agus saighdiuiridhe
lás an nGobernoir, agus ro fhorcongair fair iar rochtain bhaile Átha
Luain dó a fhurail ar Tepóitt na long, mac Risdeird an iarainn,
mic Emainn, mic Uillicc, ar Murchadh na maor, mac Domhnaill
an choccaidh, mic an Ghiolla duibh uí Fhlaithbhertaigh, agus ar
éirghe amach na Gaillme an sdorus bídh agus dighe, agus a naidhme
dénma caisteóil tánaicc ó Shaxoibh go Gaillimh, do breith timcell
bhudh tuaidh tar cennaibh cuan, agus caladhport go cuan Sliccigh,
agus an Gobernoir feissin co na uile shochraitte do tocht do tír tré
reidh dírge gacha roíd go roicheadh go Cuil Maoile, agus Ua
Concobhair Sliccigh dfurtacht, agus dfoirithin as an airc, agus as
an eiccendail i mbaoí ag Ua domhnaill. Ro forcongair an tIarla
beós ar an nGobernóir gan sódh tar a ais for cculaibh co ro cumhdaighte
caislen daingen díothoghlaighi hi Slicceach lais nó ghebhadh frí
hUlltoibh do ghrés.



O ro ghabh an Gobernóir do laimh innsin uile ceilebhrais don Iarla
agus do taéd go baile Atha Luain agus ro smacht for Thepóitt na
long, for Murchadh na maor, agus for muinntir na Gaillme go
ttíostais hi loinges fri hor nÉrenn gach ndírech aniar go Slicceach.
Ni ro leiccsiot somh i neislis innsin uair do ruachtatar gan anadh,
gan oirisiumh go ro sheolsat a ccobhlach laimh des fri tír go
ro gabhsat isin ccuan fri Slicceach aniar. Anaitt annsaidhe feibh
ro herbadh friú go ffestaoís sgéla an tsloigh. Do taéd din an Gobernóir
budhein go Ross Comain, agus ro tecclamadh lais ina mbaoí ina cumang
do Ghallaibh agus Ghaoidhealaibh báttar fomhámaighte don bhainrioghain
ina comhfochraibh. Ro badh


L. 2124


dibhséin clann Iarla Cloinne Riocaird .i. Barún Duine Coillin
Riocard agus Tomás, ó Concobair Donn .i. Aodh, mac Diarmata, mic
Cairpre, Tepóid Díolmuin agus Mac Suibhne na ttuath Maolmuire mac
Murchaidh moill, mic Eóghain óig baoí for foghail, agus esraon ó
Ua nDomhnaill i ffarradh an Gobernóra an tan sin. Do dheachatar
iaramh ó Rosschomáin co Tuillsce, Bátar dna ocht mbratacha
fichett saighdiúiridhe acc faccbháil an bhaile sin doibh isin Domhnach
ria Lughnasadh do shonradh. Rainicc an Gobernoir co na shlogh ria
medhon laoí an lá sin go mainistir na Buille agus ro bhuí hisuidhe
acc faichill an uirtrialla do róine fo dheóidh.



Dála Uí Domhnaill ó thairnic lais an iomshuidhe do dhrud agus do
dhluthucchadh fris in dúnaidh i mbaoí ó Concobhair amhail ro ba
data lais co ná leiccthe neach inonn, no ille isin mbaile, Ro fhaccaibh
Niall garbh ó Domhnaill i ttoísighecht aésa an iomchoimhétta,
agus ro thioncoiscc dó gach ní bá dír do ghniomh. Luidh feisin co
na sluagh co Coirrshliabh na Seghsa, agus gabhais longport hisuidhe
ar na tíosadh an sluagh eachtrann tairis gan rathucchadh, uair ón
ccéidfhecht ro clos lais uirthriall an Gobernóra dia shaicchidh for
forcongra Iarla of Essex baoí ina foimhdin agus ina fhoichill fri
ré dá mhíos go cóicc decc August i naircionn an Bhealaigh Buidhe
fri Coirrsliabh a tuaidh. Acht chena ro bhattar a slogha for
sccaoileadh agus for eisredheadh uadha i nionadaibh eccsamhla .i.
drong diobh i niomsuidhe fors an ccaistiall i mbaoí O Concobhair
agus araill fri hucht bruinne Tepoitt na long, agus an cobhlaigh
remráitte. Araile diobh ag coimhett fors na conairibh ó tá Loch
Cé fri Seghais anoir, go Loch Teichet fri Seghais aniar.
Atbertsat a thoísigh, agus a comhairligh lá hUa nDomhnaill nat boí
congaibh catha occa amhail ro badh techta i naghaidh Gall uair na
battar a slóigh in aen maighin leo. Do radsom for dail mbicc agus for
neimhni fuighle na nuasal


L. 2126


agus atbert nar bó la líon ócc bristear cath, acht cecib nech
tairisnighes i niort an coimdheadh agus bhíos for fír, as é as
cosccrach, agus beires buaidh for a biodhbhadhaibh.



Baí Ua Domhnaill samhlaidh gus an ccuicc décc dAugust amhaíl
a dubhramar agus ba hesidhe comhainm an laoí in ro fhaoídh Muire a
spiorat, agus ro aoín siumh tredhan i nonóir na hí naemh Muire
amhail ro badh bés dó, agus ro ceileabhraidh oiffrionn dósomh,
agus don tslógh arcena, agus ro thochaith corp Críost iar
ttabhairt a choibhsion agus iar naitricche diochra ina phecthoibh,
agus ro fhorail for a shloghaibh ernaighte diochra go Dia im shláinte
a nanmann cétus, agus imá snádhadh on éiccendáil móir ro baí for
cind dóibh ó Ghalloibh.



An Gobernóir trá in airett baísidhe hi ffoss i mainistir na Búille,
no bíodh ag báigh agus ag baccar, ag tathaoír, agus acc tarcusal for
an tuaiscert gach laoí agus agá ghealladh go rachadh da naimhdheóin
tars an sleibh budh tuaidh, agus ro triall an lá hisin, in ní sin
ro thingheall do chomhallnadh.



O ro fhidir O Domhnaill an ní sin ro fhorcongair for a sloghaibh
tocht go haonmaighin dia ttaisealbhadh agus dia norducchadh, agus
iar na ttaiselbhadh cipinnus ro rannadh lais a mhuinntir a ndé as a
haithle. Ro lá a ghille dhiana dheinmnedhacha, agus a occbhaidh utmall
anbsaidh, agus a aés diubhraicthe for leith co na ngonnadhaibh
guthárda gérradharcacha, co na ffiodhbhacaibh tailce toinnmíne, agus
co na ffoghadhaibh fuiltecha foibrighte, co na nuile aidhmibh
imtheilccthe arcena. Ro ordaigh taoíseach troda agus tuir congmala
catha mar aén rú go fforsmacht uatha fors na hócca dia ndrud, agus
dinge, agus dluthucchadh i ccenn an catha durscclaighi agus diomghuin
dar a neise tan bádh ullamh a naidhme diubhraicte aca. Do rad a
uaisle, a airigh, agus a fhorus occlaoigh isin dara leith go
cclaidhmibh daingnibh défhaobhracha, agus go mbiailibh blathsnaoighte
bél tana, go manaoísibh moir-leabhra muirnecha fri tairisiumh troda
agus tachair. Do róine éimh troightigh dia mharcshluagh hi mescc a
mhíleadh ar dhodhainge na conaire ro baí for a ccionn. Iar roinn a
muinntire amhlaidh sin dUa Domhnaill ro fhorail for an aos
diubhraicte co reimhtiastais an lucht naile gus an slogh nechtrann
ria siú tiostais


L. 2128


tar iomdhoraidh an tslébhe do thochar friú, agus dia ndiubhraccadh
idir, agus go mbeith-siumh gus an druing aile i nercomhair catha
doibh bhail in ro badh derbh lais a ngabhail uair ba husaide
sraoineadh forra fo deoidh diamdaoís crechtnaighte uadhaibhsium a
ttosach.



No biodh eiccin forchoimédaighe ó Ua nDomhnaill gach laoí imaseach
for ind an tslébhe ar ná tíosadh an slógh eachtrann thairiss gan
ráthucchadh. Do rala drong diobh an lá sin ann, agus báttar acc
fairccsi na mainistrech uadhaibh, agus na foirne ro baí innte. An
tan bátar acc an ffairccsi, at ciad an slogh ag gabháil a narm,
acc turccbail a meirgedh, ag seinm a ttrompadh agus a ccaismert catha
ar chena. Ro lásat sccéla go deinmnedhach do shaighidh Uí Domhnaill.
Iar na cloistecht sin dósomh atbert frissin bfoirinn ro ordaigh i
remthús na conaire co ndianasccnaidís reimhibh do dheabhaidh fris na
Gallaibh riasiú tíostais tar moithribh an maigh sleibhe. Lottar iaramh
amhail ro herbadh friú co nairde aiccnidh, agus co menmain mílidh
lá gach naoinfher aca go rangatar inn an tslébhe go tinnesnach rias
na Gallaibh. Léiccis O Domhnaill ina ndeadhaidh go cobhsaidh
céimrighin gus an ffianlach ffossaidh agus gus na treinfheraibh
tairisme ro thogustair ina thimcell go mbatar isin ionad erdhalta in
ro badh deimhin leó na Goill do ghabhail. Airisit annsein for a ccionn.


L. 2130


Dala an tsloigh remthechtaidh ro hordaigheadh isin tosach, gabhaitt
acc asccnamh na conaire hi ccomhdhail na ccath neachtrann go mbattar
ucht fri hucht. O ro chomhfhoiccsighsiot dia roile, do reillccitt
na Gaoidhil frossa fuileacha fothaibh dfoghadhaibh altchaémha
uinnsionn agus saithe saighett sruibhger a fiodhbhacaibh foda
feidhmnertmara, agus cassairchetha caor ccróidhercc, agus ubaillmeall
laindercc luaidhe a gonnadhaibh ceirt dírge caolradhairc. Ro freccradh
na froissdiubraicthe sin la hóccbhaidh Saxan go cclos a ffumanna,
agus a ffreaccartha, agus a ffogharthorann i ffoithribh, i
ffiodhbhadhaibh, i ccaistiallaibh, agus i ccumhdaightibh cloch na ccríoch
ccomhfoccus. Ba machtnadh mor na diccsidís aés uirmheta agus aradha
for dreimne agus dássacht la coistecht friss na caismertaibh catha,
fri mac alla, agus fri tormán an trendiubhraiccte. Ro crechtnaighedh
curaidh, agus ro loitedh laochraidh adiú agus anall etorra. At bertsat
a ttoisigh troda agus a nairigh iomghona fri muinntir uí Dhomhnaill
gan airisiumh for ioncaibh na nallmurach, acht a ttacmang, agus a
ttimcelladh ima ccuairt. Lasodhain ro iadhsat iompa da gach leith
feibh at rubhradh friú, agus gabhait aga ndiubhraccadh go dian,
deinmnedach, díchoinnircill go ro láisiot a neitedha catha inntibh
ar medhón la dlús agus deine na deabhtha. Cidh fil ann trá, acht
ro dhílsighsiot na Goill fo dheóidh a ndromanna do threinfheraibh an
tuaiscirt, agus ro sraoínedh lás an uathadh fors na hilchédaibh.
Ba hainiarmartach ro toifneadh Goill tar a nais do shaighidh an
ionaid innill o ttudhcattar. Ro bhaí do thinnenus teichidh forra co
na ro shill neach uadhaibh tar a ais for caémh nó for charaitt, agus
co na fedattar an beó fa an marbh ro baí aén dia ro faccaibhsiot
ina ndiúidh iar ttabairt cúil doibh dia mbiodhbadhaibh. Ní
thernáifedh dna cidh sgeolanga diobh munbhadh uaite a naésa airligh
batar ina lenmain, ar ní ro chumhaingsiot airleach an neich no
fhédfaittís la lerdacht agus la líonmaire na sochaidhe batar


L. 2132


i raén rempa. Ar a aoí ní ro ansat dia ttograim co rangatar inonn
tar muraibh na mainistrech asa ttudhcattar ria sin.



Do rala O Ruairc an tan sin alla noir don Choirrsliabh
illongport for leith. Tinghealladh sidhe dUa Domhnaill beith i
noirchill na nGall dia ffuabairt a ccuma cháich cecib tan badh
adhailcc. Ot chualaigh sidhe buiredh beicedh na ttrompadh, agus na
ttápur, tromthorann, agus talamhcumhsccughadh an treindiubhraicthe
atracht as a longport co na laochraidh lais, agus tuargaibhsiot a
niodhna catha forra, agus ní ro ansat dia reimim go rangatar gus
an maighin i mbátar muinntir Uí Domhnaill ag gniomh an iomairicc.
Gabhaittsiumh ag cloidhmedh, agus acc diubhraccadh na ccuradh a
ccuma cáich, go ro fáccbhadh iolar cend agus fodhb las na feindedhaibh.
Ro marbadh an Gobernoir Sir Coners Clifort go líon dírímhe uime do
Shaxanchaibh, agus dEireannchaibh agus ro badh i nurtosach na
hiorghaile ro farccbhadh faén ina lighe fors an sleibh, agus é
beó ghaoíte, agus ba hainffios do na hóccaibh cia ro ghon céttus, acht
namá ba peiler do choidh treimhit, agus ni tardsat an óicc aithne
fair go ttorracht ó Ruairc fo deóidh gus in airm i mbaoi agus
do bhert aithne fair gur bó hé an Gobernóir baí ann, agus ro forcongair
a dhíchendadh. Do rónadh iaramh gur bó tamhan tescc gherrtha iar
mbein a chinn de.



Ba mór an techt an tí torchair annsin, Ba doiligh mídiach dimirt
fair. Nír bó sáimh la Gaoidhelaibh choiccidh Medba a eccsomh,
uair ba fer tiodhnaicthe séd, agus maoine doibh é, agus ní eibredh
gaoí friú. Ní daoín leith do gabhadh las an nGobernoir as in
ngleótroid sin, uair ruccadh a chorp da adhnacal go hOilén na
Trinóitte for Loch Cé i mbarúntacht Maige Luircc hi cconntae
Rossa Comain, agus ruccadh a chend iaramh go Cul Maoíle i mbaruntacht
Tíre hOilella hi cconntae Shliccigh.



Iar tternamh daés an madhma gus in mainistir iompaíd muinntir Uí
Dhomhnaill ina ffrithing go ccendaibh, agus go ffodhbaibh a
mbíodhbadh leó agus tiacchaitt dia sccoraibh go ffaoilte moir, agus
go subhaighe, agus tuccsat altucchadh buidhe a ccosccair don Choimde,
agus don ní naémh Muire. Ba sedh aon ghlor na sochaidhe, nach a niort
iomghona ro sraoineadh for na Gallaibh, acht tria mhiorbhuilibh an


L. 2134


Coimdheadh, agus tre edarguidhe uí Domhnaill co na slogh, iar
ttóchaithemh glanruine Cuirp Críost agus a fhola do i nurtosach an
laoí hishin indeadhaidh an troisccthe ro aoín do naemh Muire an la
riamh.



Imthusa na nGall iar ffilleadh uadhaibh do mhuinntir Uí Domhnaill
ro leiccset hi ccend tséda go tinnesnach an mheid ro mair díobh go
rangattar dia ttighibh fo mhela agus mébhail.


L. 2136


Fossaighitt muinntir Uí Dhomhnaill ina bpuiplibh in aghaidh sin,
agus ro adhnaicsiot an meid ro marbadh uadhaibh, agus ot cualattar
sóadh do na Gallaibh for cculaibh tiaghait go caislén Cúla Maoile
airm i ffarccaibhsiot an iomshuidhe for Ua cConcobhair. Ot cualaigh
ó Concobhair an cathraéinedh sin Coirrsleibhe for Sir Coners
Clifort agus a thuitim ann, fa dícreidmeach lais innsin go
ro taiselbhadh cenn an Gobernóra dó. Ot connairc siumh an cend
ro bhen ceill dia chomhfhurtacht as an carcair i mbaoí, agus assedh
do rinne techt for eineach Uí Domhnaill agus a óighriar do thabairt
dó. Ba daghairle dósomh ón, óir do rad ó Domhnaill eisiumh i
fforlamhus agus hi ccendus a chriche, agus do riodhnacht asccadha
iomhdha deochaibh, dinnilibh, agus da gach nadhailcce archena dó
go ros aittreabh a thír iar sin.



Tepoitt na long dna ot cuas dósidhe sraoíneadh for na Gallaibh,
agus tuitim an Ghobernora, agus o Concobhair do tabhairt as in
caistiall amhail ro aisneidh-siom, ba sedh ro chinnsiumh occa gan
frithbert fri hUa nDomhnaill ni ba síri, agus ro naidm a carattradh
ris iartain, agus ro chedaigh Ua Domhnaill don loinges remraite
iompúdh for a cculaibh gus an nGaillimh doridhise.



Daoine uaisle do Mhathgamhnachaibh a hOirghialloibh go ccéd do
saighdiuiribh amaille friú do beith ar fosttadh ag Ua cCerbhaill
.i. ag an cCalbhach, mac Uilliam uidhir mic Fhirganainm, i
nearrach na bliadhna so, agus a nionam a ttuarustail do éirnedh
doibh do dheachaidh ó Cerbaill co na muinntir isin oidhche dia


L. 2138


saighidh go ro marbhadh lais iad ar a ndérghadhaibh codalta, agus
ina ttighibh ósda. Ro crochadh ciodh araill diobhh is na crannoibh
ba coimhnesa dó, ach nama terna lucht baile diobh ass daimhdheoin
ui Cherbhaill.



Iar marbhadh President da choicceadh Mumhan, agus Gobernora coiccidh
Connacht amhail ro aisneidhsiom ina nionadhaibh comhadhais, do deachaidh
Iarla of Essex, agus O Neill .i. Aodh mac Firdorcha, mic Cuinn
bhacaigh hi ccoinne agus hi ccomhdháil re roile is na cedlaithibh
do mís September, agus ba he crioch a ccoinne síth do naidhm etorra
go cenn da mhíos, agus a rann fein do Ghallaibh, agus do Ghaoidhelaibh
do beith ag gach aon aca in airett sin. O Ro shiodhaigh Iarla off
Essex fri hUa Neill an tucht sin do chuaidh go baile Atha Cliath,
agus nir bo cian ro airis ann an tan do dheachaidh go Saxoibh iar
Statá rioghda ro thaisbein amhail as onóraighi ro thaispein Saxanach
riamh in Erinn. Ro fháccaibh Ere gan síth gan suaimhnes, gan
Iustis, gan Gobernóir, gan Presidens, acht amháin iomchoimhett


L. 2140


cloidhimh an righ ag an Chancellour, agus ag Sir Roberd Gardiner.
Ní fes tra daon dEirennchoibh an do thecht tar a ais do ridhisi,
no an danamhain thoir do chóidh an tIarla a hErinn an tan sin.



Mac mhec Suibhne Bhaghainigh .i. Domhnall mac Neill meirgigh
do mharbhadh le Maolmuire, mac Briain óicc, agus le hAodh
mbuidhe mac Firfedha mhec Suibhne agus iadsidhe ina ndís
do losccadh a ccionaidh a mígniomha la hUa nDomhnaill for Mullach
Sithe Aodha hi ffiadhnaisi cáich i ccoitchinne tre choll a reachta.



O Cinnéidigh fionn Uaitne mac Donnchaidh óicc mic Aodha mic
Amhlaoibh o Bhaile uí Eachdhach i nUrmhumhain iochtair i
cconntae Thioprat Árann do ecc i mí Nouember agus Ó Cinneittigh
do ghairm don Ghiolla dubh ua Chinneidigh.



Maighistir O Nialláin Semus, mac Domhnaill, mic Amhlaoibh, mic
Donnchaidh uí Nialláin, fer tighe naoídheadh coitchinn, agus saoí
i nealadhnaibh do écc i mí October i mBaile uí Aille i mbarúntacht
Chuinnche hi cconntae an Cláir.



Caislen na Mainge do ghabhail la hIarla Desmumhan fa Shamhain
na bliadhna so ar mhuinntir na Bainrioghna, tria aidilge airberta
bith do beith for an mbárda.



Loch Gair bheos do gabhail las an Iarla cédna for mhuinntir na
Bainrioghna.



Ua Concobhair Sliccigh Donnchadh mac Cathail óicc do beith i
muintearus, agus hi ccaratradh Ui Dhomhnaill on aimsir in
ro marbhadh an Gobernoir go diuidh na so. Ba haitherradh
ar glan, agus ba coimm ria ccioth dósomh tocht isin ccarattradh sin
ó na fuairthinghealltoibh imrighne ettarbhacha, no geallta dó ó
bhliadhain co bliadhain go sin. O ro ba riarach Ua Concobair
dUa Domhnaill, do radsidhe dua Chonchobair dírimhe do bhuaibh,
do chaiplibh, agus dá gach nernail cethra agus innile, darbhar beos,
agus da gach naidhilge oile rainicc a les do aitrebh agus


L. 2142


do áitiucchadh a thíre, iar na beith ina fasach gan ionatacht gan
aitiúcchadh fri hathaidh imchein go sin.



Ua Domhnaill do dhul do shiodhucchadh eitir Cloinn Uilliam ina
nesaonta .i. eitir Mac Uilliam, Tebóitt mac Uatéir ciotaigh, agus
Tebóitt na long mac Risdeird an iarainn i mís December. Iar
ndenamh a siodha dó, Ro triall do dol hi cCloinn Riocaird, Ar a aoí
ní deachaidh tar Uarán mór istech don chur sin. Baí teóra haidhce
hi ccampa i niomfhoccus an Mhachaire Riabhaigh, agus na Gaillmhe.
Do radadh crech cuicce o Spairre an bhaile mhóir agus ge do bhaí a
omhan, agus a imeccla hi ccoitcinne aissidhe co Leim Concculainn
ní deirghene nach ní acht soadh tar a ais don cur soin i nUltaibh.



Coicceadh Uladh ina linn lain, ina thopar thecht agus ina thuinn
teccle isin mbliadhain si gan guais catha na creiche, gona, na gabhála
forra a hentaoibh dErinn agus a neccla somh for gach ein tír idir.



AOIS CRIOST, 1600.
Aois Criost, mile, Se céd.



An tIarla of Essex (.i. Roberd) a dubhramar do thocht i nErinn
i mBeltaine na bliadhna so do cuaidh torainn, agus do dhol hi Saxaibh
fo Shamhain na bliadhna cedna. Ba hathchosanach, imdherccthach,
fiomach, forgruamdha an fiadhucchadh fuair ó chomhairle Shaxan iar
ttocht dó dia saighidh. Ro tubhadh fris céttus tláithe, agus time
a fhoghnamha don bhainrioghain an ccein baí i nErinn, agus na baí
aidhilcce neith fair ro bhadh lainn lais do cum choccaidh agus
cathaighte. Araill ele dna ro tubadh friss, a dhol gan ced gan
ceilebhradh don comhairle thoir no abhus go Saxoibh don chur sin.
Iar na radh sin friss, agus iar ccor dál niomdha na leith dóibh,
ro forcongadh fair deiliughadh re gach dignite, re gach gairm, agus
re gach onóir baoí occa on mbainríoghain, agus ro furailedh for a
aos iomcoimhetta giall, agus eidire na cúirte, a congbháil aca budhein
go ro shíothlaídhed fercc an prionnsa


L. 2144


fris. Iar sin tra ro cinnedh leo aitherrach oifficeach, agus armála
do leiccen i nErinn .i. Sir Serlus Blunt Lord Mountioy ina Iustis,
uair ni baí Iustis i nErinn fri ré da bliadhain gus an tan sin,
agus Sir Seoirsi Cary ina Presidens os cend da chóicceadh Mumhan.
Ro hullmaigheadh cobhlach i mbátar lion badh lia oldát se míle fer
narmach co na ccongaibh techta do thocht ar aon lás na hoifficceachaibh
sin go hErinn agus iadsidhe uile do thocht do mhuir, agus do tír
go coicceadh Uladh an tsainrith. Ba im fhéil Pattraicc dna
do ronadh na cinnte sin la comhairle Shaxan.



Duine uasal do thigh uí Concobhair duinn .i. Diarmait, mac an
Dubháltaigh, mic Tuathail, baí sidhe hi ccendus ar dhruing moir do
shaighdiuiribh Gaoidhealacha batar i namhsaine acc Iarla Desmumhan,
isin Mumhain fri ré na bliadhna so anall. Do thaéd Diarmait
i ndeireadh na bliadhna cédna a ttosach mis December for cuairt i
ccenn Uí Neill, agus fuair failte occa. Iar ccriochnucchadh a
cheilidhe dó amhail ro badh lainn lais, ro chedaigh dUa Neill
sóadh ina frithing a ttosach mis Ianuary na bliadhna so, agus dol
isin Mumhain. Ro fhoráil Ua Neill fair a aisneis is na tíribh
i raghadh go mbaoí fein co na shloghaibh ina dhiúidh dfios Midhe,
Laighen, Mumhan, agus an taoibhe ba dhes dEirinn, dus cia diobh
baí hi ccairdine no hi ffrithbert friss. Iar rochtain do Dhiarmait
co na drongbhuidhin go haentaidh Ghaidhelaigh airther Mumhan,
Ro triall i naithgiorra gaca conaire do dhol go hIarla Desmumhan,
agus do bhert a aghaidh ar Uaithnibh, agus ar Cloinn Uilliam
bhruaich na Sionna.



Ot cualaidh Barún Chaislein uí Chonaing Risderd, mac Tepoitt, mic
Uilliam, mic Emainn a Burc, Diarmait do thocht an dú sin, Ro chruinnigh
sidhe agus a


L. 2146


dherbrathair Tomás an lion as lia ro fhedsat do mharcachaibh agus
troightheachaibh dia muinntir fein, agus do mhuinntir na Bainrioghna,
agus ro gabsat acc diubhraccadh Diarmata co na mhuinntir ó tha
mainistir Uaitne go droichet Buinbhriste hi cconntae Luimnigh
go ro díothaigheadh moran dá dhaghdhaoinibh, agus da dhaosccarshluaigh
in airett sin. Ag dol do Diarmait co na mhuintir tar an droichet
remraite ba hann ro bedhgsat an dá mac sin Tepoitt a Burc .i. an
Barún, agus Tomás la huabhar, agus andasacht a hucht a muintire fein,
i ccrioslach dhron g buidhne Diarmada. Ni rainicc leosomh sóadh
slan tar a naiss an tan ro hiadhadh impa, agus ro trasccrait, agus
ro claidhmit gan choigill la a mbiodhbadhaibh. Ba damhna eccaoíne a
ndearnadh la Diarmait co na muinntir don chur sin .i. marbhadh an
Bharúin agus Tomáis, ger bo hócc ar aoí naoise iadsidhe roptar
ferrdha ar aoí nanma, agus noirbhertaiss.



Sloiccheadh la hua Neill .i. Aodh mac Firdorcha, mic Cuinn bhacaigh,
a mí Ianuary na bliadhna so do dhol ar in taoibh bu dhes dEirinn
do chengal a charattradh le a comhrann coccaidh, agus daithe a
anffoladh ar a eassccairdibh. Iar ffaccbháil choiccidh Uladh
dUa Neill assedh do luidh hi ccoiccrich Midhe, agus Breifne
agus do Dhealbhna Móir go nderna dioghbala mora ar fud an tíre, go
ttaratt Barún Delbhna .i. Criostoir, mac Risdeird, mic Criostora
a riar fein dUa Neill. Ro lainmhilleadh lais Machaire Cuircne,
agus gach ní dar bhen le Tepoitt Diolmuin mar an ccédna. Do thaéd
iaramh o Néill go dorus bhaile Atha Luain don taoibh thes do
Cloinn Cholmáin, do Chenel Fhiachach hi fFeraibh Ceall. Baí
sidhe naoí noidhce hi longport isin tir híshin, agus do báttar Fir
Cheall, uachtair Laighen, agus iarthair Midhe dia oighreir, agus
acc naidhm a ccarattradh friss.



Acc fáccbhail na tíre sin dUa Néill assedh luidh tar muinchinn
Shlebhe Bladhma siar, agus ro leicc tri scceimhelta i naén ló fo
dhuthaigh Ele ar dháigh a bhiodhbanais re hUa cCerbhaill tighearna
Éle .i. an Calbhach mac Uilliam uidhir, mic Fir gan ainm a
ndioghail an duinemarbhtha daorchlanda, agus na derccmartra díofhulaing


L. 2148


ro imir sé ar na daoinibh uaisle dOirghiallaibh még Mathgamhna bátar
ar a ionchaibh, agus ar a fhosdadh amhail ro aisneidhmar isin mbliadhain
remhainn. Ro bhen drochdhiach an mhigniomha íshin do dhuthaigh Ele
don chur sin, uair ruccadh eiste a huile shealbha sogluaiste a maoine,
agus a mór mhaithes co nár fáccbhadh innte acht luaithreadh i nionad
a harba agus aoibhle i nionadh a háitighte. Do radadh i nothairlighe
écca, agus oidhedha dronga dermára da fferaibh, da mnaibh, da macaibh,
agus da ninghenaibh. Ro fáccbhadh beos daoine uaisle da fhine fein,
agus da fhialus i ffresabra friss ó cCerbhaill isin tír.



Do thaéd iaramh Ua Neill remhe go bruaichimlibh Bhealaigh Móir
Mhaighe Dala, do Ross Cré, do Uibh Cairín, do Chorco Theinedh
on ffoslongport go a chéle dó amhlaidh sin go rainicc go dorus
mainistre na Croiche Naoimh. Nir bo cian doibh hisuidhe an tan tuccadh
an Croch Naomh chuca dia ccomdha agus dia ccomairce, agus do bertsat
na Gaoidhil toirbearta troma, almsana, agus offrála iomdha da maoraibh,
agus da manchoibh i nonóir in Coimde na ndúla. Tuccsat tra termonn,
agus tairisecht don mainistir co na muraibh, agus co na fearonnaibh
foghnamha, agus dna dia huile aittreabhtachaibh ar cena.



Airisidh din Ua Néill athaidh do mí Fhebru haimsire so in imlibh Ele
deisceartaighe, iarthair Buitilérach, choiss Siuire, agus Coille
na Manach.



Baí Iarla Urmumhan .i. Tomás mac Semus, mic Piarais Buitiler, Iarla
Chille Dara .i. Gearoitt, mac Eduaird, mic Gearóitt, agus Barún
Delbhna .i. Criostóir, mac Risdeird mic Criostora co na mbaoí
a ffoghnamh agus i numhla ag an mBainrioghain ó tá sin go Baile Átha
Cliath ag baccar ammass agus ionnsaighidh do thabhairt ar Ua Neill
gach noidhche, agus ge ro choccairsiot in ní sin, ní ro criochnaigheadh
leo hé.



Do dheachaidh O Neill iar sin go dorus Caisil. Tainic dia
shaighidh gus an maighin sin, an tIarla Desmumhan ro hoirdneadh
for a fhorcongrasomh agus as a ughdarrás budhein in aghaidh statuite
an prionnsa roimhe sin .i. Sémus mac Tomais ruaidh, mic Semais, mic
Seain, agus batar faoilidh cach diobh fri a roile. Ro asccnátar
rempa iaramh tar Siúir siar, do Chnámhcoill do Shleibh Muice,


L. 2150


doirther Shlébhe Cláire, don Bhernaigh Dheircc, do Chloinn
Ghiobúin, do crich Róistech, agus do dhuthaigh an Bharraigh Móir.
Ni ro loitedh agus ní ro lainmilleadh la hUa Néill ní is na tíribh
i ttaidhledh gen mo thá an lucht no friot tairiseadh fris i mbiodhbhanus
bunaidh do ghrés. Do dheachaidh iaramh go dúthaigh an Bharraigh
uair bá daoin leth las an mBainrioghain no biodh do bhunadh. Asé
fa Barrach ann an tan sin, Dauid, mac Semuis, mic Risdeird, mic
Tomais mic Emainn. Airisidh Ua Neill isin tír co ro crechloiscceadh,
agus go ro cuartaighedh lais hí ó chúil go cuil etir magh, agus mothar,
etir mín, agus ainmin co ná baoí súil na saoilechtain aon duine fri a
haitiucchadh, no fri a haittreabhadh go haimsir imchein.



Do choidh tra ó Néill tar Corcaigh, agus tar Laoí (.i. abhann)
ba dhes go ro suidhighedh longport lais etir Laoi, agus Banndain
(.i. abhann) i ttórann Musccraighe


L. 2152


agus Cairbreach. Tangatar Siol cCárthaigh uile thes agus tuaidh
do thigh í Néill ar in ffoslongport sin. Tánaicc ann din dias baí
i nesaonta, agus i ffrithbert


L. 2154


re roile im tighearnus Desmumhan .i. mac még Cárthaigh riabhaigh
Fínghin, mac Donnchaidh, mic Domhnaill, mic Fingin, agus mac még
Cárthaigh móir .i. Domhnaill,


L. 2156


mac Domhnaill, mic Domhnaill mic Corbmaic ladhraigh. Tangatar ann
meic riogh Ealla. Tangattar ann uí Donnchudha, uí Donnabhaín, agus
uí Mathgamhna.


L. 2158


Tangatar ann urmhor Gall, agus Gaoidhel da chóiccidh Mumhan (ina
mbaoí o bhaile mór amach) go numhla agus gonurraim dUa Neill,
agus an tí lás ná riacht rochtain


L. 2160


ina dhochom díobh, rainic comardha umhla, agus seóid uadha dia
shaighidh cenmothá an Barrach mór rémraite, agus ticcherna
Musccraighe .i. Corbmac mac Diarmata, agus ó Suillebháin Beirre
.i. Domhnall, mac Domhnall, mic Diarmata. Tarraidh O Néill ocht
mbraighde décc do mhaithibh Mumhan ar in ffoslongport sin, agus baí
fri ré fhichet lá ag crúdh cest, agus caingen fer Mumhan, agus accá
siodhucchadh sein fri aroile ina nesaonta.



Maguidhir .i. Aodh mac Conconnacht baisidhe i ffarradh í Neill
an tan sin. Laithe naén (a mís Marta na bliadhna so, gar becc ria
ffeil Patraicc) dia ndeachaidh sidhe díorma marcslóigh, agus araill
do throighthechoibh do chor cuarta na noirer i nimechtair an longpuirt,
agus ni ro hairiseadh lais go ráinicc go dorus Chinn tSáile, agus
assidhe go Rinn Chorráin .i. baile an Bharraigh óicc hi cCenel
Aodha. Soaid iaramh co nairccnibh agus co nédalaibh, co lion ffadb
agus ffeolmaigh. O ropdar sccithigh diúdlaoí iar ccian astar la
haidhble a nairccne agus a nédala, ba sedh do ronsat muinnter
Mhéguidhir airisemh isin maighin ba coimhnesa doibh do chomhda a
ccreach agus a nedala, agus Ro triall Máguidhir gan anadh gan
airisiomh do dhenamh go rochtain dó go longport uí Néill. An tan
ro fháccaibh Máguidhir an foslongport tosach an laoí sin fein
do dheachaidh sgéla go Corcaigh do shaighidh Sir Uáram Salender
(fer ionaid Presidens dá choiccidh Mumhan) dia aisneis dó Maguidhir
do dhol as an longport i nuathadh sloigh amhail do choidh, agus an
leth i ndeachaidh. Ni thard Sir Uaram i ffaill in ní sin, acht
ro tecclamadh lais gasraidh do mharcsloigh merdha fo chedóir, atiad
armdha eidighte, agus ro gluais a Corcaigh amach do shaighidh enaigh
iomchumhaing in rob erdhálta lais Máguidhir do rochtain dia shaighidh
acc sóadh dó tar a ais. Cian,


L. 2162


gairit, baoisiumh isin edarnaidhe hishin at chí Máguidhir cucca co
na uathadh marcsloigh, agus iar ffairccsin a roile doibh nír bó ceim
ar ccúlaibh, agus nír bo rún iomgabhala, na menma teichme ro ba grésach
lás an tí do riacht hisuidhe, acht a aiccneadh darducchadh agus
asccnamh for a aghaidh do bhásucchadh a bhiodhbhadh amhail do roine
don chur sin, uair ro ionnsaigh siumh agus Sir Uaram a chéle go
hamhnas aindiarraidh, agus go dána durcroidheach go ro ghon cechtarnae
diobh aroile. Acht cena torchair Uáram fo cédoir lá Maguidhir.
Do rochratar beós coiccer don mharcsloigh baí hi ffarradh Sir Uáram
lá Máguidhir mar an ccédna. Ar a aoí tra ro gonadh agus ro gertreaghdadh
eisiumh budhein isin iorghail sin co nár bó hinfhedhma fri frestal
anfforlainn don chur sin. Conidh edh do roine dol trempa gan airisiumh
fri hiomghuin ní bádh siri, agus nir bo cian do choidh a hionad an
iomaircc an tan dus fainic anbfainne écca chucca gur bo heiccen dó
dedhail fri a eoch co nerbail gan fhuirech as a haithle. Do chóidh an


L. 2164


bás sin Mhéguidhir i nutmaille menman agus i ninirte aiccnidh
dUa Neill, agus do mhaithibh Gaoidhel archena. Nír bó machtnadh son
ar bá heisidhe rinn ágha, agus iomghona, sciath imdheghla, agus anacail
tuir fothaighte, agus fulaing, uaitne einigh, agus engnamha na
nOirghiall ina reimhes, agus urmhoir Ghaoidhel archena.



Atberat araile na soífedh O Neill as an Mumhain go Beltaine ar ccind
munbadh oidheadh Mhéguidhir amhlaidh sin. Conidh edh do roine gabhail
don taoibh budhes soir do Chorcaigh, do dhúthaigh an Bharraigh
móir, do crích Roisdech, agus do Chloinn Ghiobúin. Ceileabhrais
do Mhuimhneachaibh iar sin, agus ro gheall dia ccaomhsadh ón ccoccadh
baí fair acc Saxanchoibh tocht do ridhisi deidirghleódh a nimresain
agus do crúdh a ccaingen, agus dia síodhucchadh fri a roile. Rucc
dna drong dia saérclannaibh i ngeillsine, agus i ngeimhlibh lais go
riacht go Tír Eoghain. Ro fháccaibh araill ele diobh i norláimh
Iarla Desmumhan, agus Rémainn mic Seain a Burc. Do rad a ughdarrás
fein, agus barántas ar bhuannacht da míle fer do Diarmait ó Choncobhair,
agus do cloinn tSeain a Burc i nGeraltacaibh ar daigh a cconganta,
agus a ffollamnaighthe do beith acc Iarla Desmumhan. Luidh Ua Neill
iarttain a reidh dírghe gacha róid do Cliaidh Máil mic Ughaine, do
Shiúir, laimh-dhes le Caiseal, gé ro baoí an Iustis, agus an
Presidens go narmáil iomdha do mhuir, agus do thír iar ttecht go hAth
Cliath is na céd laithibh do Márta agus gé ro baí Iarla Tuadhmumhan
agus Iarla Urmumhan hi Luimneach i noirchill ar a ghabhailsium
a ndes do choidh siumh tarsa hi ffriothroscc, agus a ffrithing gacha
conaire in ro ghabh ag dol don Mumhain go rochtain dó tar a ais i
tTír Eoghain gan turbaidh gan teccmháil, gan amus bealaigh, ná
bernadh, gan echt, badh ionmaoidhimh dfagbháil uadha, acht Máguidhir
a aénar amhail remhebertmar.



Iarla Urmumhan, agus Iarla Tuadhmumhan do dhol o Luimneach i
ccois Siuire i niarmóirecht í Néill, agus ar ndol dó tairsibh gan
tacar, gan teccmail, ro loiscceadh arbhar agus foirgnemh hi cCloinn
Ghiobúin i nduthaigh in Ridire find lá hIarla Tuadhmumhan.
Do choidsiot an da Iarla sin i mBuitilerachaibh, agus go Cill
Chainnigh conidh inntesidhe do ronsat an Chaiscc, agus lottar iar
saoire na Cáscc co hÁth Cliath dfiadhucchadh, agus donorucchadh
na noifficceach nua sin tangatar i nErinn .i. Lord Mountioy an
Iustis, agus Sir Seoirsi Cary Presidens


L. 2166


da chóiccidh Mumhan. Iar ndenamh a ccuarta do na hIarladhaibh sin
i nÁth Cliath, sóait tar a nais gan fuirech, agus an Presidens
maraén rú go rangatar go Cill Cainnigh.



Nir bó cian iar sin go ro gabhadh lá coinne etir Iarla Urmumhan agus
Uaitne mac Rudhraighe óicc uí Mhordha go ccoimhlíon daoíne, airm,
agus éidedh la ceachtarnae isin iomaccallaimh ishin. Rucc Iarla
Urmumhan an President agus Iarla Tuadhmumhan dia leith fein
isin ccoinne sin. An tan rangatar do díbh leithibh gus an tulaigh
iomaccalmha ro toghadh etorra a ccomhfochraibh Bheóil Átha Raghat.
Báttar ag ceassnucchadh a ccaingen, agus ag aighnes ima naccarthaibh
for a roile


L. 2168


go ro cuir duine uasal do mhuinntir Uaitne a láimh i nésibh,
agus i naradhnachaibh eich Iarla Urmumhan, go ro fhodhaimh an
tIarla a ghabháil fo dheóidh. Ot connairc an President agus
Iarla Tuadhmumhan in ní sin sóait a neich for cculaibh, agus ní
ro ansat go rangatar go Cill Chainnigh. Acht chena ro gonadh Iarla
Tuadhmumhan isin teccmail sin. Rucc Uaitne mac Rudhraighe Iarla
Urmumhan leis ar daingnightibh a dhuithce. Ro badh sccel iongnadh
seachnón Ereann Iarla Urmumhan do beith illáimh an ionnas sin.
Do dheachaidh tra an President, agus Iarla Tuadhmumhan isin
tsechtmain iar ngabhail Iarla Urmumhan o Chill Chainigh go
Portlairge, aissidhe go hEochoill, agus o Eochoill go Corcaigh.
Ot chualaigh Iarla Desmumhan agus Fínghin mac Donnchaidh még
Cárthaigh a ttocht an dú sin, tangatar go lion a ttionoil go
ro ghabhsat longport fairsing fianbhothaigh go mbáttar ina cciorcaill
bodba ar gach taoibh do Chorcaigh thes agus tuaidh. Bátar fri ré
coictidesi comhlaine amhlaidh sin go ro gabhadh ossadh miosa etir
Fhínghin mág Cárthaigh, agus an Presidens, agus iar naidm an ossaidh
etorra do deachaidh Iarla Desmumhan ar fud an tíre do chuinghidh
bídh dia bhuandadhaibh. O ro fhidir an President, agus Iarla
Tuadhmumhan go ro sccaoilsiot an lucht battar ina naghaidh o aroile,
agus go mbaoí an chonair ó Chorcaigh go Luimneach soimthechta aca,
Ro asccnátar a dó nó atrí do chédaibh marcach go mile nó dó saighdiúir
ó Chorcaigh go Maigh Eala, ó Mhaigh Eala go Cill Mochellócc,
agus o Chill


L. 2170


Mochellócc go Luimnech. Tainicc dna Iarla Desmumhan hi
cConallchoibh go sochraite dhermháir dfeithemh agus dfoircoimhett
ar an bPresidens agus ar Iarla Tuadhmumhan.



Ba isin tan sa do rala accallaimh incleithe etir an President, agus
Iarla Tuadhmumhan do thaoibh, agus Diarmait mac an Dubhaltaigh uí
Concobhair don taoibh araill. Neach eisidhe baí ag creic a amhsaine
la hIarla Desmumhan tar cenn tuillmhe, agus tuarustail, séd, agus
somhaoine fri ré mbliadhna rias an tan sa agus batar amhsa iomdha
iolardha fó a smacht, agus fó a chumhachta an tan sin. Asseadh
airecc ro thionchoiscc a ainshén do Dhiarmait, Iarla Desmumhan
do thairbert don Presidens, agus dIarla Tuadhmumhan dar cenn
ionnmais, agus edala, agus ar shaoirsi, agus ar shochar dúthaighe do
fein, agus dá gach aon no gebhadh lais, agus ro fhaoídh


L. 2172


techta go hincleithe fris na tosccaibh sin do shaighidh an phresident,
agus an Iarla, agus ro naidhmsiot a ccura dibhlínibh amhlaidh sin.
Ní ro leicc thrá Diarmait hi ffaill an ní fo ttarat laimh uair
ro gabhadh lais (in a roile laithe a ttosach mis Iunii na bliadhna
so) Iarla Desmumhan ina oirechtas fein i cceirtmedhon a tíre, agus
a thalman ar rob adhbal cumhachta Diarmata, agus roptar iolardha a
dhaoíne isin tír íshin. Agus iar ngabhail an Iarla lais as e ionad
in ro lá dia iomchoimhett é i mbaile do bhailtibh an Iarla fein .i.
Caislén an Lissín i nglé-medhón Geraltach. Ro chuir líon a
imdhidin, agus bardachta an bhaile do cheithirn Chonnachtaigh i
ccaoimhthecht an Iarla dia iomchoimhett isin mbaile íshin. Do chóidh
fein hi ccenn aile don tír go ro fhaoídh a thechta i ccenn an
Presidens agus Iarla Tuadhmhumhan daisneis sgel doibh, agus do
chuingidh gach neith ro gealladh dó dar cenn an Iarla.



Ot cualatar Gearaltaigh gabhail an Iarla agus a beith isin eiccendáil
irraibhe ro thionoilsiot sliocht Muiris mic Gearailt as gach airm
i mbátar i na roile laithe i ccomhfochraibh Chaislein an Lissin.
Tánaicc ann din Mac Muiris Ciarraighe .i. Pattraicin, mac Tomais,
mic Emainn agus an Ridire Ciarraighech .i. Uilliam, mac Seain, mic
Uilliam, Ridire an Ghlenna Emann, mac Tomáis, mic Emainn, mic Tomáis,
An Ridire Fionn .i. Emann, mac Seain agus derbrathair don Iarla
budein .i. Sean, mac Tomáis ruaidh, agus duine uasal do Bhúrcachaibh
diar bho hainm Uilliam, mac Seain na semar mic Riocaird Shaxanaigh
baoí ar fosdadh i ffochair an Iarla ó ro hoirdneadh é ina Iarla go
nuicce sin. Iar ttocht doibhsidhe uile hi ccenn a roile nír bó cian
ro bátar i niomaccallaimh an tan ro chinnsiot iad fein do roinn ar
chethramhnaibh an bhaile, agus dol da fhobairt fo chédóir, agus
gan deghain do ghrádh a ccorp, nó a ccaomhanmann go mbendaís an tIarla
as dáis no deiccen. Ro cheimnighset as a haithle for a ccertaghaidh
go rangatar go múraibh an bhaile, agus ní ró ráthaighsiot éiccen, no
anfforlann da ffuairsiot, agus do ronsatt brigh mbicc dia ro marbhadh,
agus dia ro mudhaighedh dia muinntir go ro gabhadh an baile for an
mbárda leo fo dheóidh, agus go ttardsat an tIarla ass daimhdheóin
gan fuasccladh uadhaibh dia


L. 2174


chionn, gan fuiliucchadh, gan foirrdearccadh fair fein. Do radsat
maithemh nanacail don bhárda.



Do chóidh thra an ghabhail sin Iarla Desmumhan a mímhes, agus a
míonóir do Dhiarmait o Choncobhair seachnón Ereann, agus iar ndol
don Iarla i mescc a muinntire tucc foccra do Diarmait, agus dá
gach Connachtach baí ina fhochair, agus da cceithearnaibh an tír
dfáccbháil. Do ronsat iaramh fo chédóir innsin, agus lotar a
Geraltachaibh go niomat nionnmasa agus nédala, nimirgedh, agus
nairneisi co nár bhurusa ariomh a ruccsat Connachtaigh dilchenel
gacha hédala riamh agus iaramh a Geraltachaibh fri hedh a nesaonta
fein fri roile gó sin.



A ttosach mís Iul as a haithle do ghluais an Presidens, agus Iarla
Tuadhmumhan go ttionol ttaidbseach do shaighdiuiribh ó Luimneach
don taobh ba tuaidh do Shionainn siar tré chonntae an Chláir
go rangatar Baile még Colmáin i ttriocha céd Chorcobhaiscind
airtheraighi. Do chóidhsiot annsin i nimloctadh tar Sionainn go
Cloich Ghlenna baile eisidhe fil for bruach na Sionna don taoibh
thes, ro badh do bhailtibh Ridire an Ghlenna é, agus bá on nGlenn
sin ina bfuil an baile .i. Glenn Corbraighe ro hainmnighead an
Ridire, agus an chlochsoin gus ar chruinnigh an congháir mór dia
saighidh. Tánaicc ordanás mór ó Luimneach i narthraighibh i
ccoinne an Presidens, agus Iarla Tuadhmumhan don bhaile cedna. Ar
suidhe doibh re na aghaidh do chuaidh aca ar in mbaile fo chenn dá
lá, agus do bhrisettar bladh de las an ordanás mór. Ro lingsiot é da
gach taoibh as a haithle, agus ro marbhsat fiche, nó dó do
shaorchlannoibh, agus daorchlannoibh do mhuinntir an Ridire bátar ag
bardacht an bhaile go sochaidhe do mhnaibh agus do mhiondaoinibh.
Ro marbhadh beos drem do mhuinntir an Presidens, agus an Iarla lás an
mbárda, agus nír bo sodhaing an baile sin do ghabháil munbhadh
sccaoileadh a mhuintire rias an tan sin ó Iarla Desmumhan.



Ot chualaigh O Conchobhair Ciarraighe .i. Sean mac Concobair uí
Chonchobair armáil an tíre ar ttanucchadh, agus Cloch Glenna ar na
gabhail gan guin, gan guasacht do choidh i ccenn an Presidens agus an
Iarla, agus do gheall a bheith daoin leith


L. 2176


lá a Phrionnsa ó sin amach. Do rad a bhaile .i. Carracc an Phuill
do dhruim choinghill, agus connartha don Presidens, agus don Iarla.
O ro clos a ccoitcinne hi cCiarraighe agus hi cCloinn Muiris
muinnter na Bainrioghna dfaghbáil an áithesa sin ar a nesccairdibh
do ghabhsat acc brisedh a mbailteadh, agus acc faccbháil a náitighte,
agus a ndúnárus óbhéla oslaicthe, Ruccsat a mna agus a muinnteara ar
cúlaibh a ccnoc cend gharbh, agus a ccoillteadh cluthairdiamhra a
ccois Mainge, agus i ccomhfochraibh Desmumhan.



An tan din ro fhidir an President, agus an tIarla (.i. Tuadhmumhan)
go ro theichsiot an tír uile durmhor ar gach taebh dFéil, agus do
Chasán do chuirsiot saighdiuiri go Leic Snamha i ngarusún.
Longport Mheic Muiris eisidhe, ionnas go mbaoí garasún uátha i
Licc Shnámha, i cCarraicc an Phuill hi cCloich Glenda, i nEass
Geibhtine, i fFianaind, i tTráigh Lí, i nArdferta, ilLios
Cathain, agus i mbailtibh Cloinne Muiris ar chena cenmotá Lios
Tuathail. Ro fhill an Presidens, agus Iarla Tuadhmumhan go
Luimneach iar mbreith buadha for an turus sin, agus tainicc dia
saighidh urmhor Chonallach conntae Luimnigh agus Caonraighe ar
neirghe doibh i naghaidh Iarla Desmumhan go mbátar daoinleith
la a bPrionnsa.



Mac Muiris Ciarraighe .i. Patraiccin, mac Tomáis, mic Émainn, mic
Tomáis do écc hi medhón a aoísi, agus a aimsire iar mbeith dó i
naentaidh Iarla Desmumhan isin ccoccadh remhraite. Rob adbar
eccaoine fer a chrotha, a fhola, agus a fhialchaire décc inellmha
amhlaidh sin. A mhac Tomás do gabhail a ionaid.



An Róisdeach .i. Muiris, mac Dauid, mic Muiris, mic Dauid do écc
a mí Iún na bliadhna so, macaémh soithim, soidhealbda, foghlamtha
illaidin, i ngaoidhilcc agus i mbérla eisidhe. A mhac .i. Dauid
do ghabhail a ionaid.


L. 2178


O Cerbhaill .i. an Calbach mac Uilliam uidhir, mic Firganainm,
mic Maolruanaidh do marbhadh a mí Iúl le fodhaoínibh uaisle do
Shiol cCerbhaill, agus do Shiol Mechair. Fer colgdha, cosantach
an Calbhach sin, uille chruaidh la a chomharsanaibh Gall, agus Gaoidhel,
Ridire dainm agus donóir a hughdarrás an Phrionnsa.



Iomat canghlec, agus conghal, derccmartra, agus dortadh fola in
ro diothaighitt drongbhuidhne dírímhe do thabhairt etir Saxanchaibh
agus Gaoidhil Laighen isin samradh so.



Uaitne o Mordha do leiccen Iarla Urmumhan amach a mí Iún agus se
braighde décc do ghabhail dó ass do chédmacaibh, agus doidhredhaibh
na saérclann rob onóraighe batar fomhamaighthe don Iarla a ngioll
le comhall gach coingell, agus gach airteccal dar hiomnaiscceadh air
ina fhuasccladh.



An tUaitne cedna mac Rudhraighe óicc mic Rudhraighe caoích uí
Mordha, ro ba duine uasal oirdeirc, adbclosach, iomraiteach re hathaidh,
do mharbhadh la muinntir na Bainrioghna i nanfforlann iomairicc
ettualaing ro feradh etorra dibhlinibh a ccomhfochraibh Laoighisi
a mí August na bliadhna so. Ba mór tra ro chuir an marbhadh sin do
ghail do ghaiscceadh, agus do ghérraitteacht Gaoidhel Laighen agus
Ereann uile for cculaibh. Duine eisidhe baí ina aén oidhre o chert
ar a duthaigh, agus do bhen urlamhas a atharda a los a lamha, agus
a cruas a croidhe a dornaibh danar, agus deóradh ag a mbaoí a remhdísle
ag dol i rudhrachus re hathaidh roimhe sin go ttardsomh í fó a smacht,
agus fo a chumachtoibh budein, fo breith a maor, agus a bhuannadh do
reir gnathaithghe Gaoidheal co na baoí aon baile dia athardha ina
fhéccmais ó or go hor gen mo thá Port Laoighisi na má.


L. 2180


Iar sgaoileadh dá dibherccachaibh eachtarcheneóil ó Iarla Desmumhan
do chóidh gus an uathadh slógh do rala ina fhochair go Caislen na
Mainge. Ní baí eimh do dhaghdhaoinibh Geraltach daon aonta friss,
no ag congnamh lais acht mac an Mheic Muiris sin sa hécc
ro aisneidhsiom .i. Tomás, mac Patraicin agus Ridire an Ghlenda,
agus Piarus ócc doLes.



Sgribhenn do theacht a Saxoibh don Mumhain i mí Iúil no bliadhna
so, agus ba he a tothacht, Mac ócc Iarla Desmumhan .i. Semus mac
Geroid, mic Seain, baí i ngiallnus ag an mBainrioghain (a ccionaidh a
athar, agus derbrathrach a athar do dhol hi ccoccadh fuirre) do leigen
as a chimidhecht las an mBainrioghain iar ndol fá na grasaibh dó,
iar mbeith bliadhain ar fhichit i ccuimrech lé. Baoí bheós isin
sgribhenn sin a erfhuaccra hi ccomhdhálaibh agus i mbailtibh mora
Mumhan go raibhe an tócc mac sin .i. Sémus mac Gearoitt ag teacht
anoir ina Iarla onórach a hughdarrás an Prionnsa, agus go ffuiccheadh
gach aon dia dhuthaigh baí


L. 2182


hi ccoccadh gó sin aisecc a fhola agus a onóra, agus nemhchuimhne ar
a choiribh, agus filledh tar a ais do shaighidh an Phrionnsa, agus an
Iarla óicc si. Ba he trath fa ttainicc an tIarla ócc rémraite go
hErinn go narmáil moir amaille fris ón mBainrioghain a mí October
do shonradh. Ar ttecht dó go Corcaigh do choidh an Presidens, agus
Iarla Tuadhmumhan ina chenn dia fhiadhucchadh. Tangatar iaramh
dibhlinibh go Maigh Eala go Cill Mocheallocc agus go Luimneach,
Tánaicc gus an Iarla ócc gach duine daittrebhtachaibh Geraltach
ar ffaicsin na fírfhreimhe bunaidh doibh, agus an dream aga raibhe
iomcoimhett Chaislein na Mainge o Shemus, mac Tomáis tuccsat sidhe
an baile don Iarla ócc .i. do Shemus mac Gearóitt, agus do rad an
tIarla a shealbh don Presidens. Ni baí din aén bhaile i norláimh
Mheic Muiris .i. Tómas acht Lios Tuathail amhain amhail a
dubhramar, agus gidh eiside ro gabadh é lá Gobernóir Ciarraighe .i.
Sir Serlus Uolment a mí Nouember na bliadhna so.



Inghen Iarla Tuadhmumhan Onóra inghen Choncobhair mic Donnchaidh uí
Briain, ben an mheic Muiris sin a dubhramar do thocht ar teichemh
foghla, agus dibeirge a fir dia duthaigh ar protexion an Presidens
agus Iarla Tuadhmumhan agus a hécc iar sin i ndaingen mheic Mathghamhna,
agus a hadhnacal i mainistir Innsi.



Ard chonsapal Geraltach .i. Ruaidhri, mac Maghnusa, mic Emainn, mec
Sithigh décc.


L. 2184


Ar ffaccbáil Geraltach do Dhiarmait mac an Dubhaltaigh, mic Tuathail
uí Choncobair iar ngabhail Iarla Desmumhan Shemais, mic Tomais
amhail a dubhramar, agus a bhein de go haimhdeonach doridhisi, tánaicc
an Diarmait sin go duthaigh uí Concobair ruaidh do na Cluaintibh.
Fuair protexion ón Iustís (baoi acc denamh seirbhísi, agus acc fognamh
don Bhainrioghain ilLaighnibh agus i nUlltoibh i ffoghmar na
bliadhna so) no go ttainicc an tIarla ócc Desmumhan so tar a
ttangamar go hErinn .i. Sémus mac Gearóitt. Ar ttecht dósuidhe
do chuir toghairm ar Dhiarmait, uair ro pós Diarmait deirbhsiúr
don Iarla sin ar a chuairt choccaidh i nGeraltachaibh an bliadhain
roimhe sin agus atbearatt aroile gur ab di tainicc gabhail Sémais,
mic Tomáis ar dhaigh gomadh usaide a derbhrathair fein dfaghbail
ón eisiumh do thairbhirt dia chionn. O do ruacht sgribhenn an Iarla
go Diarmait ro triall tocht fo na thogairm maille le ced agus
le protexion an Iustis agus Presidens da chóicceadh Mumhan. Ag
gabhail dó siar tuaidh tre choicceadh Connacht do dhol tar Sionainn
go Luimneach Ro len Tepoitt na long mac Risdeird an iarainn, agus
Dauidh mac Uillicc an timchill é tre bhiodhbanus, agus ruccsat fair
i nuathadh buidhne i ccomhfochraibh Guirt Innsi Guaire, agus
ro díchendadh Diarmait leó, iar na faghbáil ar bhecc mbuidhne agus ge
ro frith é amhlaidh sin ba gar uair rias an tan soin nár bó doigh don
lucht sin a ionnsaighidh, ar ba codhnach somh for chóicc céd decc fer,
agus ba hanghlonn é budhein, acht namá na cumhaing neach iomghabhail
écca cecib tan dus ficc tiughlaithe neich.



Ticcherna Slébhe Árdachaidh décc i ngeimhreadh na bliadhna so .i.
Sémus, mac Piaruis mic Semuis Buitiler.


L. 2186


Remann a Burc mac Seain na semar, mic Riocaird Shaxanaigh, do beith
ina dhuine uasal, oirdeirc, iomráiteach doreir gnathaighte Gaoídhel
an tan so. Baoí sidhe co na dherbraithribh (Sean ócc, Uilliam,
agus Tomás) isin dá Urmumhain agus i nÉle i samhradh, i ffoghmar,
agus i ngeimhreadh na bliadhna so. Baoí do lerdhacht agus do
lionmhairecht sloigh, agus sochaidhe ag an ccloinn sintSeain a Búrc
gur fásaiccheadh, agus gur folmhaigheadh na tíre, agus na cenntair fa
coimhnesa doibh leó. Ro gabhadh dna bailte caisléin iomdha i nÉle,
agus in Urmhumhain leó don chur sin. Ba dibhsidhe Suidhe an Róin,
Bel Atha Dúin Gair, agus Ccúil o nDubháin i nEilibh, agus Port
a Tolchain i nUrmhumhain.



Iar ttuitim Uaitne mic Rudhraighe óicc uí Mordha (amhail ro aisneidhsiom)
do lingedh Laoighis la Saxanchoibh go ro ghabsat acc athnuadhucchadh
a naitreabh aolcloch, agus acc suidhe hi sen áitibh slechta Conuill
Chernaigh diar bó domhgnas duthaighe Laoighis, doigh ni raibhe a
diol doidhre badh hionnsamhail dUaitne agá himdhíden orra.



Siol cConcobhair Fhailghe .i. Sliocht Briain mic Cathaoir mic Cuinn
mic an Chalbhaigh do beith hi ccommbáidh Gaoidhel fri ré a trí no a
cethair do bliadhnoibh gus an tansa. Ro brissedh, agus ro gabadh
leó an airett sin urmhor chaislén Ua fFailge, acht namá an Daingen,
agus beccán ele a maille friss. Tánaicc dna Ardiustís na hÉreann
dia saighidh fá Lughnasadh na bliadhna so go niomat cliath agus
prácadh, go niomat speal, agus corrán, go ttucc sgrios agus sgothbuain
ar bharraibh aipche, agus anaipche an tíre, agus táinicc desidhe a
haittreabhaigh do dhol ar tofonn, ar teicheadh, agus ar ionnarbadh
i nUlltoibh agus i ttíribh oile go diuidh na bliadhna so.


L. 2188


Domhnall Spaineach, mac Donnchaidh, mic Cathaoir carraigh
Chaonmhánaigh do siodhughadh ris an Iustis isin foghmar do shonradh.
Clann Fhiachach, mic Aodha, mic Seain do shiodhucchadh ris mar an ccédna.



An cobhlach Saxanach ro hordaiccheadh lás an mBainríoghain, agus la
comhairle Shaxan do chor go hErinn do shaighidh choiccidh Uladh.
An tan ro hordaiccheadh Lord Mountioy ina Iustis ós Erinn im fheil
Patraicc do shonnradh amhail a dubhramar, ro bás gan fuireach, gan
eassnadhadh ag fúr, agus acc ullmughadh an chobhlaigh íshin in gach
congaibh rainicc a les amhail as déine agus as deinmneadhaighe
forcaémhnacair hi Saxoibh don chur sin, uair ba tocrádh mor menman
la Bainrioghain Saxan, agus lás an ccomhairle thoir, agus abhus
an cosnamh agus an cothucchadh doronsat Cenél cConaill, agus Eoghain
go nUlltoibh archena agus i mbaoí daon rann friú ina naghaidh do ghrés,
agus dna ba cuimhneach leo bheos agus ro bai na ghalar incleithe ina
ccridhe in ro marbadh, agus in ro mudhaighedh dia muintir, agus in
ro thochaithsiot dia narccat, agus dia nionnmhus la coccadh na
hÉrenn go sin. Conadh é airecc ar rangatar an cobhlach remraite
do chor go hErinn go ro ghabhsat cuan i nÁth Cliath a mí April
na bliadhna so. Ro faoidhitt assidhe i nurthosach samhraidh


L. 2190


(tria comhairle Iarla Chloinne Riocaird agus Iarla Tuadhmumhan) agus
ro forcongradh forra tocht go Loch Febhail mic Lodain. Seolaitt iaramh
laimh clí fri hErinn


L. 2192


co ro ghaibhsiot port isin maighin sin ro herbadh friú. Iar rochtain
doibh i ttir ro toccbhadh leo ar gach taebh don chuan tri puirt
do trinsidhibh talmhan amhail ro hordaigheadh doibh i Saxoibh,
port dibhsidhe ar chuitt Uí Neill don tir i niomfhocraibh
Oireachta uí Catháin .i. Dun na Long, agus dá port i nduthaigh
uí Domhnaill, port diobh isin Chúil Móir i ndúthaigh uí
Dhochartaigh hi ttriocha chéd Innsi hEoghain, agus port oile don
taobh thiarthes de sin i nDoire Choluim Chille. Ro gabhsat na
Goill fo cedoir acc doimhniucchadh díocc ina ttimcell, agus acc
denamh daingen mhúr criadh, agus dúncladh ndíomor co mbatar
ionchosnaimh fri biodhbadhaibh. Roptar daingne agus roptar innille
olttáit na cúirte cloch aolta agus na cathracha fris i ccaitti ré fhoda
agus saothar dermháir occa ndenamh. As a haithle sin ro blodhsat an
mhainistir, agus an damhliacc, agus ro haidhmilleadh leo ina mbaoí
dobair ecclastacdha isin mbaile co neadrnsat tighe agus
cubhachla diobh. Henry Docura ainm an Generala baoí leó. Ridire
erdearc esidhe co ngaois agus co ngliocas, agus ro badh rinn ágha,
agus erghaile din. Sé mile ba sé lion tangatar an dú sin. Iar ttocht
co Doire doibhsidhe do ronsat brigh mbicc don Chuil Móir agus do
Dhún na Long. Batar na Goill ré foda na ro leicc in omhan, nó
an imeccla doibh tocht tar na muraibh sechtair, acht edh mbecc, agus
no bhidís drong mór diobh hi ccathais gach noidhche, ar na tardtha
ammus forra, go ro líonaitt do shaoth agus do ghalar la hiomcuimgi an
ionaid i mbátar, agus la tes na síne samrata. At bathsat iolbhuidhne
diobh don teidhm ishin.



Iomthusa Uí Domhnaill o ro airighsidhe a nemhtathaighe as a sccoraibh
sechtair la faitches agus omhan, ba sedh do roine nemhni do dhenam diobh,
agus ro tecclamaitt a sloigh lais do dhol i ndeiscert chóiccidh Connacht
dionnradh na ttuath bádar ar gach taebh do Sleibh Echtge, agus
Tuadhmumhain do shonradh. Deithbhir ón ar báttar iad na hiarladha .i.
Iarla Cloinne Riocaird agus Iarla Tuadhmumhan ro fhurail for an
Iustis, agus for an ccomhairle an tasccar tromsloigh sin do chur
cuicce siumh


L. 2194


dia fhosdadh ina thir ina neccmais ar a meince leo nó teighedh somh
dia ttír feissin. O ro chinn for an ccomhairle sin ro fhaccaib ó
Dochartaigh taoíseach Innsi hEoghain .i. Sean ócc, mac Seain,
mic Felim uí Dochartaigh hi ffoichill fors na hallmurchoibh ar na
tiostais dionnradh a chriche. Ro fháccaibh dna Niall garbh ó
Domhnaill, agus araill dia shluagh i niomshuidhe forra alla niar,
etorra, agus triocha chéd Énda mic Néill. Ro tionoileadh a shloigh
lais iar sin co ndiccsed tar Eirne siar. Do bert lais céttus gach
aén baoí fo a mhamus i nUlltoibh ar in slóigheadh sin. Bátar tra
Connachtaigh ó Suca go Drobhaoís, agus o iarthar Tire hAmhalgaidh
go Breifne uí Raicchilligh acc feithemh, agus acc furnaidhe ar a
dholsomh dia saighidh go Baile an Mótaigh iar na ttocht fo a
thoghairm siumh. Ba do na Connachtoibh baí hisuidhe acca ernaidhe
siumh O Ruairc Brian ócc mac Briain, mic Briain bhallaigh mic
Eoghain, O concobhair Sligigh Donnchadh, mac Cathail óicc, mic
Taidhg, mic Cathail óicc gus na tuathaibh filet fri Coirrsliabh
a tuaidh co muir, O Concobhair ruadh Aodh mac Toirrdhealbhaigh
ruaidh mic Taidhcc buidhe, mic Cathail ruaidh go lion a thionoil,
Mac Diarmata Maighe Luircc .i. Concobhar, mac Taidhg, mic Eogain,
mic Taidhg co na muinntir, agus Mac Uilliam Búrc .i. Tepóitt
mac Uatéir ciotaigh, mic Seain, mic Oiluerais co na thoichestal.



Ar ndol dUa Domhnaill co na sochraitte a hUlltoibh i ndáil na
cConnachtach sin go Baile an Mótaigh ro asccna don Chorann,
tre lár Maighe hAí an Fhindbhendaigh, do Cloinn Connmaigh, do
chrích Maine mic Eachdhach, agus durlár Cloinne Riocaird gan
cath gan coinnsgle gan guin duine uadh, ná lais co ro ghabh sosadh
agus longport i niarthar Cloinne Riocaird i nOireacht Rémainn im
tráthnona dia Sathairn agus an fheil Eoin ar an Mairt ar ccind.
Rangattar raibhte roimhe i tTuadhmumhain an tan sin, agus ro badh
doigh leó na gluaisfeadh as an ionad i ttárrustair oidche Domhnaigh
go sorcha maidne dia Luain. Nír bho hedh sin


L. 2196


do róine siumh, acht eirghe a moichdedhoil na maidne dia Domhnaigh co
ro thairmcheimnigh ar a aghaidh dOirecht Rémainn, do Chenél Aodha,
do Chenél Dúnghaile, agus do Cloinn Cuiléin uachtair go rainicc
tar Forghus siar iar narccain urmhoir na noirer sin ria midhmedhon
an laoí ísin. Gabhais Ua Domhnaill longport in adhaigh sin for brú
an Fhorgais fri Cluain Rámhata aniar ar losccadh Innsi uile
cenmothá an mainistir. Ro leicc sccaoileadh da scceimhealtaibh
do arccain na noirer ina thimchell. Ba fairsing foirlethan an
teisreidheadh o a roile do ronsat na scceimhelta sin, uair
ro cuartaigheadh, agus ro creachloiscceadh, ro hindradh, agus
ro hoircceadh leó (on ionam cédna do ló go hoidhce) ó Chraicc uí
Chiordubhain i niochtar na coiccriche hi ttriochait céd na nOilén,
co Cathair Murchadha hi cCorcabhaiscind iartharaigh go dorus Cille
Muire, agus Cathrach Ruiss, agus in Mhagha i nUibh Bracáin go
dorus Bhaile Eoin Gobhann i cCorcamodruadh, agus Boithe Neill hi
cCenel Fermaic. Rob iomdha dna daothain deghduine uasail no tighearna
tire ag cuidechta cethrair nó cúiccir do mhuintir ui Domhnaill ar
sccáth muine, agus i lúib tuimm hi tTuadhmumhain in oidche sin.



Ro éirigh Ua Domhnaill ar a bharach isin madain dia Luain go fosaidh
ionmall, gan tograim, gan tinnesnas co na shloghaibh as a
bpupallbhothaibh belscáláncha agus gabhait occ asccnamh na conaire
fiartarsna Tuadhmumhan sairtuaidh gach ndíreach doirther ó
cCorbmaic, dorlár Cheneoil fFermaic, agus do Bhoirinn go
rangatar ria nadhaigh go mainistir Chorcomodruadh, agus go carcair
na ccléireach co na ccreachaibh, agus co na ngabhalaibh leó.
Bátar na slóigh ag túr agus acc


L. 2198


taistel na tíre ina ttimcell car an caemh laithe co nár fháccaibhset
aittreabh, no árus badh ionáirimh gan losccadh gan leir sccrios.
Ro badh smúittcheó diadh agus dethaighe in tír uile dia neis edh
a bfairccsiona da gach leith iompa imaccuairt, agus ro badh lór dia
ccor for fordal conaire aidble na dobhairchiach dethaighe baoí
uaistibh ettarbuas in gach ionadh a ttabhratais i naghaidh isin ló
cettna.



Atraghatt na sloigh im Ua nDomhnaill ar a bhárach dia Mairt, agus
lotar tar beilgibh bennchairrgidhe na Bán Bhóirne, agus tar an
cCarcair ccumhaing ccaolródaigh gan troid, gan tachar, gan
tóraighecht, gan tograim go rangatar go mendata maighreidhe Medhraidhe.
Airisitt an adhaigh sin ar Cnoc an Gerráin báin eittir Chill
Cholgan agus Gaillimh. Ro eidirdheilighsiot a ccreacha agus a
ngabhála fri aroile, ar a bharach an dú sm, agus ro baí gach drong
diobh iarttain ag dírgheadh agus acc dlúithiomáin a shelbha
saindísle budeisin hi séd shlightibh caomhcoigidh Connacht. Nir
bo foda an uidhe ruccsat an ló sin eiccin, ar robtar scíthigh tuirsigh,
agus ní ro thuilsiot a samhchodladh an adhaigh riamh ar uamhan a
fobarta ó a mbiodhbhadhaibh iar nindreadh a ttíre társa. Do ghniatt
longport i ccomhfochraib dóibh an adhaigh sin o ro laiset in imeccla
dhíobh. Ro gabhsat a ngille, agus a naradha acc urgnamh a bproinne go
ro thóchaithsiot iaramh a mbiúdh gomtar sáithigh, contuilsiot hi sáimhe
gó ar a bharach. Atrachtatar an slogh as a suan agus tiaghait hi ccenn
tséda. Ro chedaigh Ua Domhnaill do Mhac Uilliam, agus don lucht
dus fangatar a hiarthar Connacht soadh dia ttighibh. Luidh feisin
soir gach ndíreach is na conairibh coitchenna go ráinicc deoidh laoí
go Conmaicne Cúile Tola i neidirmedhón an choiccidh. Airisit ann
an adhaigh sin.



Ro forchongair Ua Domhnaill ar a bharach for a muinntir a ninnile
creiche archena, agus a nedala do leiccen uadhaibh dia ttighibh, a
ngiollanraidh, a naés diairm, agus gonta do leiccen leó. Ro badh don
druing roptar athgaoite dia maithibh an tan sin, Tadhcc ócc, mac
Neill, mic Neill ruuidh, mic Néill, mic Toirrdhealbhaigh óicc, mic
Toirrdhealbhaigh bhernaigh uí Bhaoighill, agus Duibhgionn, mac
Mheccon, mic Concoiccriche


L. 2200


uí Cleirigh, agus ba hann ro gonadh iadsidhe, araon la druing ele
do mhuinntir Uí Domhnaill ro báttar ag ionnsaighidh an Cláir mhóir
for Iarla Tuadhmumhan. As ón cClár sin ainmnightear conntae an
Cláir. Atbathsat an dias remraite for an cconair ag sóadh
doibh, agus ro iomchuiritt araon dia ttíribh co ro hadhnaicitt i
nDún na nGall.



Ro leicc tra Ua Domhnaill drong mór dia mhiledhaibh agus dia
amhsoibh las na crechaibh, agus las an lucht remraite do shéducchadh
conaire doibh. Ro comhairleicc dUa Ruairc, agus dia muinntir
toidhecht dia ttighibh, agus do Chonnachtoibh archena. Fostais trá
Ua Domhnaill cóicc céd laoch do roighnibh a mhileadh ina fhochair
co sesccat marcach dia shainmhuintir badein a maille friú. Airisit
isin longport i mbátar in adhaigh riamh go hiar medhón laí. Lottar
iaramh tres an ccoicceadh soirdhes go mbáttar acc Loch Riach
i ccrepuscul na maidne ar a bharach. Ba hesidhe port aireachais
Iarla Cloinne Riocaird. Ro leiccsiot a scceimhelta ar gach leith
diobh dindreadh na criche, co ro thionoilsiot ina mbaoí do crodh,
agus dinnili in gach aird ina niomfochraibh, agus do ratsat leo
go haon maighin. Tiaghait co na ccrechaibh leo tres an ccoicceadh
soir gur gabhsat longport i nimel an tire fri Suca i ndes, adhaigh
an Domhnaigh do shonradh, airisit hisuidhe co madain an Luain.
Lottar ar a bhárach tar Ath Liacc fFionn for an Suca, agus tre
Magh nAoí mic Allgubha go rangatar gus an Seghais im tráth nóna,
gabhait longport fris an abhainn a tuaidh in adhaigh sin. Tiaghait
ar a bharach tar Coirrshliabh na Seghsa, agus tre criochaibh an
Chorainn agus co Baile an Mhótaigh. Scaoilit na sloigh dia
ttighibh iaramh, co nédálaibh agus co nionnmasaibh.



Mac uí Neill .i. Sir Art, mac Toirrdhealbhaigh Luinigh, mic Neill
Conallaigh, mic Airt mic Cuinn, do dhol hi ccenn na nGall (ro gabh
port i nDún na Long) do choccadh ar Ua Neill, agus an tArt
cédna sa dfághail báis i ffarradh na nGall rémraite.



Imthusa Uí Dhomhnaill, baí co na shloghaibh gan fogluasacht o
do ruacht a Ttuadhmumhain iars an turus remraite go September ar
ccinn. Iar léccadh a


L. 2202


sccísi dia amhsaibh, agus dia aos tuarustail an airett sin, Ro thochuir
siumh iadsidhe chucca dus an ffuicchbhedh baoghal for na Gallaibh.
Ro haisneidhedh dó


L. 2204


gur bho gnath deachraidh na nGall tocht for ingheltradh do shaighidh
fherghuirt fhásaigh baoí for ioncaibh an bhaile .i. Doire, agus
drong do mharcshluagh na nGall aga


L. 2206


fforcoimhett gach laoí. Ot cualaigh siumh innsin ro ghabh aga
sccrúdadh cionnus no bheradh amus for an eachraidh ísin, conadh é ní
do róine drong mór dia mhiledhaibh, agus dírim marcach (nar bo lugha
oldát sé chéd a líon etir troightheach, agus marcach) do breith lais
go díchelta i ndorcata na hoidhce go hucht allbhruaich iomdhomhain
ro baí isin maighsliabh tárla for aghaidh Doire a tuaidh, bhail in
ro ba réil doibh muintir an bhaile, agus nar bó sofhaiccsiona doibhsidhe
iadsomh. Ro chuir uathadh becc da mharshlogh i nionadhaibh
ionfhoilghidhe a ffoccus don baile hi cceilg fors na heocha, agus
for a naés coimhetta co na hiompaídis a nechradha for a ccúlaibh
doridhisi cecib tan ro badh lainn leo. Báttar din an tucht sin
ar na ninnell go hurthosach an laoí. At ciat an echra chuca dars
an urdhrochat (co na lucht forcoimetta) amhail ro ghnathaighsiot.
Ro eirgettar marcshluagh uí Domhnaill dóibh dar a neisi, agus
do radsatt ammus for lucht an fhorchoimhétta, marbhaitt drong diobh,
agus terna a roile la luas a neachradh agus a nérma. Gabhaitt
muinntir Uí Domhnaill acc iomáin eachraidhe na nGall fo a ccumhang.
Ticc a slogh budhdein dia ccomhfhurtacht for na Galloibh, agus
ro chuirsiot na heich rempa. Ro fhoráil Ua Domhnaill for druing
dia mharcslogh dol lás na heocha, agus gan anmhain frissiumh idir
co riostaís co hionad innill. Do ronadh amhlaidh. Anais o Domhnaill
fo deóidh agus an líon ro thogh dia mharcslogh ina fharradh co na
mhíledhaibh troighthech.



Ot ciad na Goill deiliucchadh a neoch friú éirgitt fo chédoir, agus
gabhaitt a narma, agus do leiccet i ndeadhaidh uí Dhomhnaill.
Do deachaidh an General Sir Henry Docura co na mharcslogh for a
neochaibh (doneoch ro fostt a neocha i nionadhaibh innilli diobh,
agus na ro sccar friú don chur sin), agus tiaghait isin tograim amhail
as déine ro fhedsat. Ot connairc ó Domnaill marcsluagh na nGall
for dianimrim ina dheadhaidh anais i ndeóidh a mhileadh troightheach
co na diorma marcslogh ina fochair co ruccsat marcslogh na nGall fair.
Do beratt


L. 2208


sidhe amus calma for Ua nDomhnaill dar cenn a ccreiche, agus a neinigh.
Fossaighis o Domhnaill frissin deabhaidh go dédla dúrchroidhech,
agus ferthar iomairecc amhnus etorra cechtar na dá leithe. Teilccis
aroile commbratair dua Domhnaill .i. Aodh mac Aodha duibh mic
Aodha ruaidh uí Domhnaill, fogha foghabhlaighi ar amus an Gheneral
Sir Henry Docura co ttarla i ttul a édain gan iomroll go ros gon go
haicher amhnus. Soais an General for cculaibh iar na threaghdadh
samhlaidh, agus sóaitt na Goill archena iar nguin a ccodhnaigh, a
ccenn comhairle, agus a ttreinfhir fo mhéla, agus athais, agus ní
ro lensat a nechra ní ba sirí. Tiaccait muintir Uí Dhomhnaill
dia sccoraibh, agus ro rímheadh leo a neachra dus fuccsat, fuilledh
for díbh cédaibh each bá sedh a líon. Rannais Ua Domhnaill na
heocha as a haithle fors na huaislibh iar na ccomhramhaibh.



Baí imorro Ua Domhnaill i fforbhaissi fors na Gallaibh gan
fogluascht as a thír go deiredh October. Ro thionnsccain
annsidhe dol go Tuadhmhumhain do ridhisi dia hindreadh. Ro tecclamadh
a slogh lais iar ccinnedh for an ccomhairle sin, agus ní ro airis
co rainicc tar Slicceach siar, agus co Baile an Mhótaigh.
Ro fháccaibh Niall garbh, mac Cuinn, mic an Chalbhaigh, mic
Maghnasa Uí Domhnaill dar a éisi isin ccrích dia hiomcoimhett
fors na Gallaibh ar na tiostaís dia hindreadh.



Gabhaitt na Goill ag áil agus acc atach Neill gairbh uí Domhnáill
go hinchleithe, agus acc eráil ríghi an tire fair diamadh iad badh
cosccrach. Ro thingheallsat asccadha iomdha, agus maoine mára dó
frissin dia ttíosadh ina ccommbáigh. Baí siumh ag coistecht fris na
comhtaibh athaidh fhoda co ro dheónaigh a ainshén dó fo dheóidh dul
dia saighidh la míairle an aésa feigh for uallaigh bátar imaraen
friss, agus rop aithreach dó ciodh iar ttrioll. Do dheachatar a thriar
derbhraithreach lais isin coimheirghe sin .i. Aodh buidhe, Domhnall,
agus Conn. Ro ba feirde ón do Ghalloibh a ndolsomh dia nionnsaighidh,
uair roptar scíthigh, meirtnigh gan codhladh


L. 2210


gan cumhsanadh gach noidhce la homhan Uí Dhomhnaill, agus roptar
saéthaigh, gallraigh la hiomcuimhge an ionaid i mbátar, las na
biadhaibh sennda, agus las an ffeoil saillte serbhgoirt, agus la
hesbhaidh úirfheola, agus gach tuara ba toich doibh. Ros airchis
Niall ó Domhnaill im gach ní ba tesbaidh forra, agus ro fhuasccail
doib as in ccarcair ccumhaing i mbátar. Beiris deich ccéd laoch go
Leithbear lais, baile eisidhe for ur an locha cedna, agus ba dúnárus
oirdeirc dUa domhnaill eisidhe, agus ba hédaingen an ionbhaidh sin,
uair ni raibhe dúnaidh dioghainn, na caistiall clach aolta ann fri re
fhoda, iar na blodadh fecht riamh, acht madh dúncladh dínnimh ar na
imdhénamh do chriaidh agus dfódaibh an talmhan, agus caol chlais
édomhain uisccidhe ina timcell ag iomfhuirech la haithghin an dúin
bai ann roimhe do thurccbháil doridhise.



Ro fhaccaibhsiot an taés coimhetta an port sin fás la huamhan agus
imeccla ó ro ráthaighsiot na Goill chuca, agus gan ó Domhnaill
do beith ina ffoccus. La sodhain tangattar na Goill don port, agus
ro thoccaibhsiot múir moraidhble agus dumhadha criadh, agus cloch
for a sccath gur bo daingen fri cathucchadh eistibh i nacchaidh a namhat.



Luidh araile fer do shainmhuinntir Uí Dhomhnaill ina dheadhaidh go
ffios sccél an tíre, agus atféd dó ina ndernadh innte dia éisi. Ba
hiongnadh mór, agus ba machtnadh menman la hUa nDomhnaill a bhrathair,
agus a chliamhain diompúdh fair, uair ba sí deirbhsiur Uí Dhomhnaill
Nuala, ro ba bainséitigh don tí Niall. Impaís Ua Domhnaill a
coicceadh Connacht, ar ní rainicc tar Baile an Mótaigh siar an
tan ruccsat sgela fair, agus iompaíd a slógh amhail as deine ro fhédsat.
Acht cena ni ruacht la a mhíledhaibh O Domhnaill do fhrestal, acht
madh uathadh dia mharcslogh go rainicc hi ccomhfochraibh don Leithbher
rémhráite. Ní thairnic las na Gallaibh crecha, na airccne do dhénamh
resiú rainicc O Domhnaill for ccúlaibh, acht a beith ag daingniucchadh
a longport, agus ag claidhe múr, agus ot chualattar ó Domhnaill
do thoidhecht, ní ro leicc a eccla doibh an port i mbáttar dfáccbháil
for cenn aoin neith dia mbaoí desbhaidh forra.



Airisidh Ua Domhnaill i nionadh nar bhó heidirchian o na Gallaibh
co ruccsat


L. 2212


uathadh dia mhiledhaibh troightheach fair. Ba foda la hUa nDomhnaill
batar na Goill gan fuabairt, agus ní ro airis fris an slógh ní ba sia
co ros taisbein an tuathadh ro baí do na Gallaibh for taebh Cruacháin
Lighen alla ndes friss an abhainn atuaidh. Ot chiatt na Goill
eisidhe do riachtattar a dhochom, agus Niall garbh ó Domhnaill co
na bhráithribh rempa a ttoisigheacht na troda. Do bherat saighin
nughra for aroile gan nach ndánatus deabhtha an la sin cetus, acht
a bheith i nurfhaichill for a chele, uair ní ro shaoilsiot na Goill
ó Domhnaill do bheith i tteirce slóigh amhail ro baí agus báttar
imecclaigh im cheilcc do thabhairt impa, co nar bo háil dóibh dol i
nimcheine on mbaile ar a aoídhi. Bá fon ccuma ccédna do muinntir
Uí Domhnaill ba hecconnda doibhsein dol i mescc a namat i niomfoiccsi
an puirt las an uathadh slóigh ro battar. Ro eidirdheilighsiot fri
aroile ce nib fó chóra, agus caoncomraic ro sccarsat. Ro gonadh araill
uadhaibh do siú, agus anall lá diubhraictibh slegh, agus saighett,
agus ubhaillmhell luaidhe. Acht namá ba mó ro crechtnaighit do
mhuinntir Uí Dhomhnaill ar a nuaiti isin iomairecc. Tiaghaitt na
Goill dia ttighibh iarttain, agus do thaétt Ua Domhnaill co na
mhuintir dia sccoraibh, agus ba go ffuasnadh, agus go fferg luinne
luidh Ua Domhnaill ainnsidhe ar ba mela lais gan a shlogh do thocht
chuicce an lá sin, uair ba deimhin lais dia mbeittís occa an ionbaidh
sin na digsitis Goill uadha feibh do dheachatar. Ro dlúthaighestair
Ua Domhnaill as a haithle a niomshuidhe fors na Gallaibh iar
mbreith dia mhiledhaibh fair co leicc, agus gabais longport fo dí
mile ceimenn don Leithbher atrubhramar for scáth a oesa trebhtha
go ro erlamhaightís na harbhanna batar i niomfhoiccsi do na Galloibh.
Nó laadhsomh aés braith, agus taisccélta fors an mbaile gach noidhce
ar na ro leiccedh nech anonn nach alle muna roistis dars an abhainn
budheass agus dna ní ro fhaccaibh conair na eassrus éludha fo míle
ceimenn don bhaile ar na ro lá forairedha, agus edarnaidhe forra do
coimhett, agus do fhriothaire fors na Gallaibh na tíostais tairsibh
gan ráthucchadh, agus for chloinn Chuinn Uí Dhomhnaill sainridh, agus
for a mhuintir, ar


L. 2214


as forra ba duilghe laissiumh a choimhett, agus as iad fo deara dósomh
iliomat na nedarnaighe, agus in aésa friothaire.



Baoi siumh fri ré triochat laithe an dú sin co ttairnic la lucht na
criche a narbhanna dullmhughadh go ro cuirsiot é a minchliabhaibh
agus a menbholccaib dia ttarrúdh, agus imhfedhain for eachaibh, agus
caiplibh dia bhreith nionadaibh daingnibh bhail na rístaís a namhaitt
chucca.



In araile aimsir dUa Domhnaill ria siú ro fháccaibh an longport
hisin co ndeachaidh for ammus na nGall dus an ccaomhsadh a ccealgadh
as na múraibh amach fors an maighreidh. O do dheachatar muintir uí
Domhnaill for ionchaibh an bhaile, ro batar na Goill acca ffairccsi,
agus ní ro shaighsett forra uair at gensat gur bó do chuingidh ughra,
agus deabhtha do dechattar. Iompaidhitt muintir Uí Domhnaill tar a
nais doridhise ó na fuairsiot an ní for a ttardsat iarraidh. Do ghniatt
airisemh for ur na habhann alla tuaidh dianidh ainm an Daol edh
goiritt on mbaile. Tiaghait dronga móra díobh dia sccoraibh, agus
fri aroile tosccadh, ar ní ro shaoilsett na Goill dia lenmhain an la
híshin. Ot chonairc Niall garbh ó Domhnaill, muintir uí Domhnaill
co hesraoíte anfúirithe atbert friss na Gallaibh gur bhó cóir dóibh
ammus do thabhairt forra. Gabaitt na Goill occá neidedh for a
eráilsiumh co taoi taoithenach in eitirmedhón a múr ar na badh
fodherc dia naimhdibh comtais armtha éidighthe. O robtar erlamha
iaramh dus ficcett dars na múraibh seachtair i nurd catha. Lasodhain
do leiccet for amus muintire Uí Domhnaill fon reim sin agus an tí
Niall i remthús co na braithribh, agus co na muintir i maille friss.



At chí o Domhnaill chucca iatt, agus ba fó lais a ffaiccsin dia
shaighidh, agus ro shuidhighestair a mhiledha ina nionadhaibh erdhalta
fo a nerchomair co na niodhna áigh agus nís relcc a ndiubraccadh
co mbátar fors an mbruach alltarach don abhainn. Ima comrainicc
dóibh iarttáin co mbátar mescc ar mhescc, agus ferthar gleo ainmín
éccrattach etorra díbhlinibh. Scuchait a marscloigh do chum aroile
co mbátar acc tuinnseamhadh a chele do mhanaoísibh móirleabhra, agus
do chraoiseachaibh cennghlassa. Do ratt Niall ó Domhnaill tuinnseamh
don tsleigh seimnigh siothfoda fo ioctar a slinnéin for dherbhrathair
uí Dhomhnaill for Maghnus go ro clannastair an ccraoisigh inn
go ro threghdastair a inmedhoncha trias an éideadh do rala uime.
Ot connairc Rudhraighe ó Domhnaill


L. 2216


(rioghdamhna Cheneoil cConaill) a dherbhrathair do ghuin do bert
ammus calma fors an tí Niall, go ttard forgomh amhnas aicher do
ghae mhór fo erchomhair a ochta fair. Tuarccaibh Niall tossach an
eich airdérmaigh allmardha do rala foa etorra, go ro bhenastair an
forgamh hi ttul a édain don eoch go rainicc an inchinn. Ro bladhastair
cró ionnsma na craoisighe icca srengadh tharraing for a hais don tí
Rudhraighe co bfarcaibh a hiarn isin eoch co ná baoí laissiomh
acht madh an díchealtair ina dhurn. Ro thathamair an teach deisidhe
fo dheóidh. Mo nuar amh nách daéin leith ro fhersat an laochraidh
sin Cheneóil cConaill a mbarainn fri a mbiodhbhadhaibh agus nách
hi ccóra bátar uair ní ro cumhsccaighte an ccein báttar samhlaidh,
agus ni ro hionnarbtha, agus ní ro toifnithi as a ffoirb ndilis
amail do rónta cidh iarttain.



Dala na nGall ind airett bátar an marcshlogh occ iomrubhadh aroile
do radsatt a naighthe i naoínfeacht for traighteachaibh uí Domhnaill
go ro sóaitt rempa biucc, acht namá ní ro gonta uadhaibh, achtmadh
uaite, uair ní ro lensat na Goill tars an ccathlathair seachtair,
agus ba sedh fo dera doibh gan a lenmain, uair ro gonadh a ttaoíseach
isin tachar agus rob eiccen doibh iompodh leis go Leithbher go ffuair
bás iarttain. Ro lensat drong mór do mhuinntir Uí Domnaill iad
edh cian, agus gabhaitt aga ndiubhraccadh, agus acca ccloidhmedh go
ro marbadh, agus go ro gonadh sochaidhe díobh. Ro badh doigh la haos
na tograma go sraoinfidhe forra dia lenadh an slogh iad ni ba sia.
Acht namá ni ro leicc an aithmeile don lucht fors ro sraoíneadh
cedamus a lenmain doridhisi.



Iompaidhis O Domhnaill do na sccoraibh iar nimthecht do na Gallaibh.
Ba triamain toirseach ro bás isin longport ind adhaigh sin fo daigh
mheic a fflatha, agus a ríoghdhamhna (dia maradh deis a bhraithreach)
do beith fri hiomgno


L. 2218


mbais. O rainicc O Domhnaill don longphort ro fhorail árach
fionnchaolaigh do dhenamh do Mhaghnus ó Domhnaill dia iomchar tar
an mBernus. Do gníthe ón amhail ro herbadh. Tiaghait dronga mora
lais dia aés ionmhaine, agus shain mhuinntir co riachtattar co
Dún na nGall. Ro dérgadh iomdaigh othrais dosomh annsaidhe.
Do radadh legha Uí Domhnaill chuicce dia leighes, agus ní ro fhedsat
leighes dó. Atbertsat gur bho marbh. Ro baí mainistir hi ccomhfochraibh
don dúnadh i mbáttar meic bhethadh dord .S. Fronséis, agus
no thiccedh an lucht ba heccnaidhe diobh dia shaighidhsiumh do
eistecht a coibhsion do procept dó, agus dernaidhm a chairdesa
frissin cCoimdheadh. Do ghnísiomh a faoíside gan nach ndichioll.
Ro chaiestair a pheacta fri Dia, agus ba haithreach lais a mhiadhmenman
agus a ionnoccbháil an ccein ro mhair. Ro mhaith beós a ghuin don tí
ros gon agus atbert gur bo hé feissin fodera, uair as é ro shaigh
fair céttus. Baisiumh amhlaidh sin fri ré sechtmhaine ag foichill
écc gach aon laithe, agus athair tocchaidhe don ord remhráite ina
fharradh do ghres dia iomcoimhet for inntledhaibh diabhail. Ro thochaith
corp an Coimdeadh iarttain, agus fuair bás as a haithle (22 October)
iar mbuaidhucchadh for demhon, agus domhan. Ro hadhnacht iaramh i
nothairlighe a shinnsear isin mainistir remráite.



Ro baí a athairsiumh .i. Aodh mac Maghnusa, mic Aodha duibh ina shean-
dataidh aga ghoire a ffoccus don mainistir. At cuas doséin a mhac
do epilt ro lá fair go mór go mbaí hi siurcc athaidh iarsin. Battar
trá a anmcairde aga thioncosccsomh im les a anma do ghrés.



An tAodh so mac Maghnasa, mic Aodha óicc, mic Aodha ruaidh,
mic Neill gairbh do écc an 7 do December. Tighearna Chenél
cConaill Innsi hEoghain, agus iochtair Chonnacht fri ré sé
mbliadhan ffichet go ro heinirtnighedh lá Gallaibh go ttárd a
thighearnas co na bhennachtain dia mhac do Aodh ruadh iar na
éludh ó Ghallaibh, fer fuair tighearnas gan fheill, ghan fionghail,
gan coccadh, gan comfuachadh an tAodh mac Maghnusa hishin iar
necc a dherbhrathar an Calbhach. Fer aghmar ionnsaightheach go
mbuaidh ttroda, agus tachair i ttighernas, agus ria ttigernass,
Indrightheoir, agus aircctheóir na ccoiccrioch agus na ccomharsan diar


L. 2220


dú a riarucchadh occ saighidh ceirt a cheneoil forra go mbattar
fomhamaigthe dó, fer ro lá sníomh, agus deithitte an tsaoghail de iar
ttairbirt a thighearnais dia mhac, agus ro badh deghairiltnidh a
leith fria Dia acc ttuillemh focraicce dia anmain fri re ocht
mbliadhan go ro écc don chur so, agus ro hadhnacht co nonóir, agus
co nairmidin (amhail ro badh dior) i mainistir S. Fronséis i nDún
na nGall i nothairlighe na ttighearnadh tangatar roimhe diaidh i
ndiaidh.



Imthusa Uí Dhomhnaill iar fforbadh dó an triochait laithe sin hi
fforbhaissi for na Gallaibh, Ro triall an longport i mboí
friss an ré sin dfáccbhail agus dol go hionad ele nar bó heissinnille
ro badh sia biucc o na Gallaibh for ur na Finne alla thiar, etorra,
agus Bernas, uair rop uamhan lais uacht na gairbhsine geimhriota
dia fheindedhaibh ag friothaire agus ag forcoimhett for na Ghallaibh
gach noidhche dóigh ba i nionam na Samhna an tan sin, agus ba
mithid lais a slogh do breith i nionadh cumhsanta iar na mór shaothar,
uair ní ro thuilsiot a saimhe fri hathaidh fhoda. Lottar na
sloigh gus an maighin remraite. Gabhait longport hisuidhe i ffosccadh
na fiodhbhaidhe i niomfochraibh na habhann. Do níad fianbotha agus
foirccnemha as a haithle, agus gabhaitt acc tesccadh an fhedha ina
nuirtimceall co ndernsat daingen airbhe etorra agus a namhaitt co nar
bó sodhaing a saighidh treimhit. Ro thóchaith samhlaidh co rangattar
sccéla dia shaighidh dí luing do theacht on Spáinn dionnsaighidh
na nGaoidhel báttar isin ccoccadh i mbaoí argatt agus arm, púdar agus
luaidhe. Ba hann ro gabhsiot sidhe port hi ccuan i nInbhir mhóir
hi cConnachtaibh. Ro faoídhsiomh na sccéla cédna co hua Néill,
agus do chóidh badhéin go Connachtaibh i mí December do shonnradh
agus fáccbhaidh a dearbhrathair Rudhraighe ua Domhnaill go nurmhór
a shlóigh isin longphort atrubhramar dia éis acc iomchosnamh na criche.
Iar rochtain dósomh go Tír Fhiachrach Muaidhe ro lá a thechta gus
an luinges réimhebertmar dia oráil forra teacht go cuan na cCeall
mBecc, agus ro airis feisin i nDún Néill ar bá féil geine an
Choimdheadh ann an tan sin, agus do róine na céd laithe don tsollamain
dairmitniucchadh amhail ro badh dír. Rangattar sccéla chuiccesiomh
co ttainicc ó Neill ina dhiaidh don tír, agus ní ro airisiomh ní
badh síre acht triall a ccomdháil í Neill conus ralattar dia roile
tul hi ttul for an cconair. Tiaghaitt gan


L. 2222


airisiomh go rangattar go Dún na nGall. Tangadar dna maithe Leithe
Cuinn ina ndocum gus an maighin sin.



Tanaig trá an loinges a dubhramar go cuan Teilionn lá taobh na
cCeall mBeg. Do radadh i mbaoí inntibh dargatt, agus dá gach
nadhailcce (ro faoídheadh gus na haireachaibh) dia saighidh go
Dún na nGall, agus ro rannadh a ndó .i. leth dua Néill, agus
dia comhrann coccaidh, agus an leth naill dua nDomhnaill, agus
dia mbaoí for a raint.



Siubhan inghen Mhéguidhir Cúchonnacht (dia ngoirthi an Comharba)
mac Conchonnacht, mic Briain, mic Pilip, mic Tomais ben an Bharuin
uí Néill .i. Ferdorcha, mac Cuinn, mic Cuinn, mic Enrí, mic Eoghain,
agus bá hisidhe mathair í Neill .i. Aodh, agus Chormaic a
dhearbrathar, agus iar marbhadh an Bharúin ro pósadh isidhe le hÉnrí
mac Feilim ruaidh mic Airt mic Aodha mic Eoghain, mic Neill óicc,
agus rucc mac soinemhail dó .i. Toirrdhealbhach. Bean ro badh port
cothaighthe agus congbhala truagh agus trén, dámh agus deóradh, fedhb
agus dilleacht, eccailsi agus ealadhan, bocht agus aidhilccneach, bean
ro ba cenn áthcomhairc, agus comhairle duaislibh, agus doireachaibh
chóiccidh Conchobhair mic Neasa, ben bíthe bannda dhiadha, dhéarcach
chennsa, choinnircleach go ccaondúthracht, agus co seirc nDé agus
coibhnessamh do écc i Machaire na Croisi 22 Iunii, agus a hadhnacal
i mainistir Duin na nGall iar ccaithemh cuirp Criost agus a fhola,
iar nongadh, agus iar naithrighe iar ttiodhnacal almsan niomdha
durdaibh eccailsi Dé, agus go sonradhach dord .S. Fronseis ar
dáigh a héccnairce do ghabhail etir mharbhaibh.



Slóiccheadh lá hArd Iustis na hEreann Lord Mountioy a mí September
do dhol i tTír Eocchain. Do cuas lais cetus co Droichet Atha,
assaidhe go Dún Dealgan, agus go Bealach an Maighre. Tainicc
ó Neill isin ccenn oile don bhealach. O Ro fhidir an Iustís ó
Neill do theacht an dú sin bá sedh do róine campa do shuidhiucchadh
don thaobh a ttarla é badéin don bhealach go mbaoí an chonair sin
gan athaighe, gan iomadhall etorra athaidh fhada. O ro ba cian las
an Iustis


L. 2224


baoí an bealach agá ghabháil fris do rionnscain aon do ló tocht
treimhit daimhdheóin uí Néill. An tan ro airigh ó Néill an ní
sin ro léicc saithedha seoilneimhnecha saighdiúiridhe dá saighidh
(fó cossmhailes foichedh fírbheach a bruinnibh bechlann) a bothaibh
agus a bélscáthaibh an foslongpuirt. Gabhaitt agá nguin, agus agá
ngértreghdadh, gá ccailcc, agus gá ccomhtolladh gur bhó héiccen
dóibh filleadh a ffrithing na conaire cedna gus an ccampa iar marbhadh
lín dírímhe dá nuaislibh, dá naireachaibh, da nglasláith, da
ngiollanraidh. Ro fháccaibhsiot bheós ile dá gach ernail édala do
chaiplibh, agus dechaibh dfaidhbh airm, agus éitteadh isin iomairecc
sin.



Fuair an Iustis a ccenn trill iar sin ell agus elang a fforcoimett uí
Neill ar an mbealach go ndeachaidh treimhit gan troit, gan tachar,
a mí October do shonradh. An tan ro ráthaigh ó Neill an ní sin
do thaot for an sligedh rias an Iustis co mbáttar in dá campa eineach
i nionchaibh fri aroile go diúidh na míosa cedna. Ní ro léicceadh
tra an Iustis seacha sin i tTír Eoghain don chur sin, gur bhó
héiccen dó filleadh don taobh thoir do Bhealach an Maighre do
leithimel na nOirthear. Do thaod iaramh i nartraighibh a cuan
Cairlinne co Fine Gall, agus assaidhe co hÁth Cliath. Ní
ro triall dna an Iustis dol tar Bealach an Maighre asteach go
cenn athaidh iar sin.



Sir Seón Chemberlin corinel do Ghallaibh Doire do dhol slogh mor
for ua nDocartaigh dia indreadh agus dia orccain, do rala ua
Dochartaigh (go nuathadh slóigh ina fharradh) fris na Gallaibh.
Ro fighedh erghal amhnas etorra go ro sraoíneadh for na Gallaibh go
ro marbhadh an Corinel lá hua nDocartaigh go ndruing ele a maille fris.



Niall garbh ó Domhnaill trá, baí sidhe co na bhraithribh, agus
co na Ghallaibh a maille fris hi Leithbhear amhail ro aisneidhemar,
agus do rónadh slóiccheadh leó go hOirecht uí Chatháin do chuingidh
creach oircne, agus ní ro hanadh leó go rangadar go Dianait.
Do ralattar drechta déarmhara do muinntir i Nell dóibh. Fechar
iomairecc etorra go ro gonadh sochaidhe uadhaibh adiú agus anall go
ro mheabhadh


L. 2226


for mhuintir í Neill. Imsaoi Niall co na Ghallaibh go nédálaibh
iomdhaibh, agus go ccosccar dia ttighibh go Leithber do ridhisi.



Fecht naile iar sin do choidh Niall co na braithribh, agus co na
Ghallaibh i tTir Eoghain go ro crechadh Glend Aichle go leir leo.



Bresmaidhm ele leo ar chloinn an Fhirdoirche mic Eoin mec Domhnaill
ag Cnoc Buidb la taobh an tSratha Báin, agus daoine do mharbhadh
leo. Tóirrdhealbhach ócc ó Coinne go ndruing ele do ghabhail, agus
tri fichit marcc do bhein dfuasccladh ass.



An Baile Nua hi tTír Eoghain, agus Caislen na Deircce do ghabháil
lá Niall, agus la Gallaibh, agus a mbein diobh doridhisi gar becc
iar sin.



Rudhraighe mac Eiccnecháin, mic Eiccnechain, mic Nechtain, mic
Toirrdhealbhaigh an Fhiona í Domhnaill décc.



AOIS CRIOST, 1601.
Aois Criost, mile, se céd, a haon.



Clann tSeáin na Semar, mic Riocaird Shaxanaigh tar a ttangamar
a ttrasta tarla doibhsidhe beith i ccampa i nduthaigh í Mhechair
i nUíbh Cairín is na cédlaithibh do mí Ianuari. Tánaicc brath,
agus taisceladh ó Buitilerchaibh orra isin maighin sin iar na chur
amach do dhruing da ndaoínibh uaisle co ffuighthi uain, agus edarbhaoghal
ar an ionnsaighidh isin ionadh sin i mbáttar. Conadh aire sin
tainicc Sir Uáter, mac Seáin, mic Sémais Buitiler, agus Mág Piarais
.i. Sémus, mac Emainn, mic Semais, agus drong do dhaoinibh uaisle
an dá chonntae .i. Conntae Thioprat Árann agus Conntae Cille
Cainnigh hi ccoinne, agus hi ccomhdáil, oidhce dáirighe, go háit
naontadhaidh naonbhaile. Ba he crioch ar chansatt ina
niomaccallaimh, agus ba hair ro ansat ionnsaighidh do thabhairt ar
in ccampa Chonnachtach san moichdhedhail ar na mharach.



Tarla ní nemhghnathach, agus célmhuine chinnemhnach don fhoslongport
Bhúrcach sin .i. faill dfaghbhail ina niomhchoimett go rangatar
a nesccaraitt ina ninmedhon. Ro fágbhaitt iad ina ffaoinlighe
fhodhbtha fheoilgherrta, agus ina ccollaibh corcarda crosbhuailte
sechnón a mboth, agus a mbelsgálan. Ro marbhadh don chur sin


L. 2228


O Sechnasaigh .i. Sean mac an Ghiolla duibh, mic Diarmata, mic
Uilliam boí for ionnarbadh o na athardha amhail gach foghlaidh ele
hi ffarradh chloinne Seain a Búrc. Do gabadh ann Sean ócc mac
Seain a Búrc, agus ruccadh é da iomcoimhett go Cill Chainnigh.
Terna Rémann a Burc, agus Uilliam as in iomairecc sin go ndruing
dá ndaoinibh a maille friu. Lottar assidhe i nEilibh, agus nir bó
cian a ccomhnaidhe isin ccrich sin an tan do asccnatar i nUlltoibh
iar ffágbhail na mbailtedh bai leo dairther Mumhan conuicce sin
ar bhecc niomchoimhetta. Ar ndol dóibh i ccend Ghaoidhel an
tuaisceirt .i. O Neill, agus ó Domhnaill ro ghabh Rémann a Búrc
acc fostadh amhsa do dhol i cCloinn Riocairtt agus o ro fosttadh
lais iadsidhe tainicc is na cedlaithibh dErrach tar Eirne.
Ro gabh tre leithimel Breifne Uí Ruairc, do chonntae Shliccigh,
do chonntae Rossa comáin, agus tar Shuca isteach i cCloinn
Connmaigh. Gabhtar lais tighearna na tire sin .i. Mac Dauid,
Fiacha, mac Hobeird buidhe, mic Uilliam mic Tomais. Tánaicc
Remann iar sin go Tuaith an Chalaidh i nuachtar ua Maine hi
cconntaé na Gaillmhe. An tan at chualaigh Iarla Chloinne Riocaird
.i. Uillecc a Burc an ní sin, Do chuaidh sidhe isin ccenn thoir da
thír dfeithemh, agus dforchoimhett ar Rémann. Tar gach coimhett
da nderna, do coidh Remann an tres oidhce décc do mhís Marta gan
airiucchadh, gan fhorchloisttecht don Iarla, nó da fhorairibh tharsa
hi cCloinn Riocaird go rainicc go tuaith Chenel Fheichín don
taoibh thes do bharúntacht Liathdroma hi cconntae na Gaillme.
Do leicc Remann ar adhmadain na hoidhce sin a cuid sgeimhelta fo
comhair gach en bhaile don tuaith ó Maigh Glas go Crannoig még
Cnaimhin, agus on Choill Bhric go sliabh. Baoí urmhor somhaoine
na tuaithe co na


L. 2230


huile maithes sogluaiste ar cumas Remainn ria medhón laoí an
laithe sin. Do thaéd iaramh do denamh comnaidhe go coilltibh bhairr
na tuaithe, agus baoisidhe a cethair, no a cúicc do laithibh ar
an luaghaill sin, ag tarraing chuicce o na comharsanaibh agus acc
daingniucchadh ina thimcell co ttainicc Iarla Cloinne Riocaird gus
an armáil as mó da ffuair daés na tuaithe a maille ris gur shuidhigh
campa ag mainistir Chenél Fheichin. Battar a cethair, no a cúicc
do laithibh fon ionnas sin, agus marbhta nemhoirderca dá ndénamh etorra
go ttainicc Tadhg, mac Briain na murtha, mic Briain bhallaigh, mic
Eoghain uí Ruairc dronga dásachtacha dóccbhaidh airmneimhnigh
do chongnamh la Remann. O do ruccsat an dá fedhain i naoínfecht
ar an Iarla ro éirigh on ffoslongport irraibhe, agus do cuaidh
tar beilghibh isteach i cCloinn Riocaird, Lenaitt siumh é co baile
Locha Riach, agus ó do dheachaidh an tIarla co na muinntir uadhaibh
don chur sin, ro cuartaigheadh, agus ro crechloiscceadh leosomh ó
Liathdruim go hArd Maolldubháin, agus co dorus an Fhedáin i
niarthar Ceneoil Aodha. Ba isin tan sin do marbhadh uatha
tighearna tire do Mhuimhneachaibh .i. Mág Donnchaidh, Donnchadh mac
Corbmaic óicc, mic Corbmaic. Ba sedh fodera dó teccmháil ar an
turas sin ó Néill dia bhreith i mbraighdenas as in Mumhain i
nErrach na bliadhna so do chuaidh thorainn, agus a beith i nUlltoibh
osin alle go ro gluais lás an ccloinn sin tSeain a Búrc, agus gur
tuit i ccoccadh Cloinne hUilliam amhlaidh sin.



Iar rochtain do Remann agus da scceimheltoibh i ttórann Tuadhmhumhan
ro suidhigedh campa leó don taobh thiar do Loch Cútra. Tainicc ina
chenn annsin duine ócc uasal do Dál cCais .i. Tadhg, mac
Toirrdhealbhaigh, mic Domhnaill, mic Concobair uí Bhriain, tria
comhairle agus asslach anndaoíne ecciallaigh gan athcomharc, gan
fhiafraighidh dá athair, nó dIarla Chloinne Riocaird fris a mbaoí


L. 2232


a comhghaol, agus a charattradh. O ro naidhm clann tSeain a Burc,
agus Tadhg ó Briain a ccomhaonta choccaidh re a roile, ro iarr
Tadg a ccenn trí lá iar sin cuideachta lais, do chor chuarta hi
ccúil eiccin do Thuadhmumhain. Ní ro héradh eisiumh imon aisccidh
sin, uair tangatar drong do daoinibh uaisle an fhosslongpuirt co na
cceithernaibh lais. Ro badh dibhséin Uilliam mac Seain a Burc,
agus mac mheic Uilliam Burc .i. Uatér mac Uilliam mic Dauidh, mic
Emainn, mic Uillicc. Ar ffáccbháil an fhoslongpuirt doibh do ghabhsat
do choiccrích Cheneóil Aodha, agus na hEchtge, agus do Chenel
Dúnghaile. Sgaoilit a sgeimhealta ar gach taoíbh dForghas, fa
iochtar o fFermaic, agus fa uachtar Chloinne Cuiléin. Do cuaidh
cuid díobh go Baile uí Aille, agus a ffoccus do Chluain Ramhfhoda.
Sóaid tar a nais co na nedálaib go Cill Reachtais hi cCloinn
Chuiléin uachtair in adhaigh sin. Ag faccbáil an bhaile sin dóibh
ar na mhárach rucc orra eirge amach an dá Cloinn Cuiléin co na
ndaoínibh uaisle. Ruccsatt orra bheós bannadha Iarla Tuadhmumhan.
Gabhaitt an tóir Thuadhmuimhneach sin acc diubhraccadh na ndiberccach
go ro marbhsat drong da ndaoínibh ó tá sin go Míliuc uí Ghrádaigh i
noirther Chenél Dúngaile. Impaídhid an tóir, agus ruccsat an lucht
naile an ccreich gus an ccampa iar ffaccbail druinge dá ndaoinibh
uaisli, agus daosccarsluagh. Ro badh dibhsidhe an mac sin mheic
Uilliam a dubhramar i. Uater mac Uilliam Burc. Ro gonadh dna
isin ló cédna Tadg mac Toirrdhealbhaigh uí Briain durchor peileir
gur bhó heiccen dó ar ndol don campa daimhdheóin a aiccnidh
aimhriaraigh, agus a mhenmanradh mherdhána anmhain i nothraisleabaidh,
agus dol fa lámhaibh legh.



Tangatar daoine dermhara a hionadaibh eccsamhla do mhuintir na
bainríoghna hi ffurtacht Iarla Cloinne Riocaird. Ro badh dibhsidhe
a hocht, nó a naoí do bhratachaibh saighdiúiridhe ó Phresidens dá
cóiccidh Mumhan. Tánaicc ann mac an Iarla fein baí re hathaidh
rias an tan sin hi ffochair an Iustís drong bhuidhen dóccbhaidh
anaithnidh. Tánaic din fer ionaid Gobernóra choiccidh Connacht,
agus tangatar beós congnamh sloigh on nGaillimh. Iar ccloisteacht
an chruinnighte


L. 2234


sin do cloinn tSeain a Búrc, ro athraighsiot tar a nais soir leith
le sliabh ar dhaingnightibh tuaithe Chenél Fheichin, agus airisit
is na reidh bhothaibh irrabhattar roimhe sin. Nír bó cian doibh
isuidhe an tan tangattar clann an Iarla .i. Barún Dúine Cuillin,
agus Sir Tomás a Burc, agus gach neach baoí infhedhma dá cloinn i
remhthús na sochaidhe go sloghaibh líonmara a maille friú don tuaith
ina ttóraigheacht, agus Ro gabadh longport taidbseach tendalach leo
ar urlár na tuaithe. Ní raibhe Iarla Chloinne Riocaird fein
isin ffoslongport sin, uair do rala teidhm tinnesa, agus gabhadh
ger eassláinte dó isin tseachtmain roimhe sin, co nár bo hiontsluaighidh
an tan sin hé.



Iar ffios sgél dfior ionaid Gobernora chóiccidh Connacht agus do
Bharún Dúine Cuillin Tadhg o Briain do beith beóghonta isin
ffoslongport sin Remainn a Burc, ro chuirsiot prótexion a hucht na
bainríoghna cuicce, agus tainicc siumh dia saighidh. Ro chuir an
Barún iodhlacadh lais go baile do bhailtibh an Iarla .i. Liath Druim
agus nír bó cian a shaoghalsomh isuidhe uair atbath gan fhuirech,
agus ro hadhnaiceadh é i mbaile Locha Riach, agus i mbaile Átha an
Riogh diaidh i ndiaidh in aoin tsechtmain. Ba maircc tír o ttesda
an tócc plannda ro écc ann sin, uair ba coimdes ar gach trealamh
troda, agus ar gach aidmibh ergaile ba gnath etir Eirennchoibh
diomluadh i ngurt gaisccidh. Ba lán do mhire, do mhenmain, do lúth,
do lámhach, do mhíne do mhacaomhdacht, diomradh, agus deinech eisidhe.



Dála an champa sin tuaithe Cheneil Feichin battar ucht re hucht gach
aon lá ag coimhétt ar a chéile o fheil Patraicc co deireadh mís
April co ndeachaidh teirce agus traothadh illóintibh agus hi
ffeólmach chloinne Seain a Burc, conadh aire sin ro thriallsat an
tír dfágbhail agus iar ffaccbáil an tíre doibh tarla crech uí
Mhadagain chuca .i. Domhnall mac Seáin, mic Bresail. Do chódar
asaidhe tar Suca. Báttar clann an Iarla ina lenmain in airett sin,
agus ro marbhadh daoine iomdha etorra dibhlinibh don chur sin.
Clann tSeáin a Búrc do dhol i tTír Conaill iar sin i ccenn uí
Dhomhnaill, agus clann an Iarla dfilledh dia ttír, agus dia ttighibh.
Iar ffilleadh doibh dia ndúthaigh as amhlaidh fuaratar a nathair is
na déidhenchoibh iar ndenamh a thiomna, iar cceilebradh da chairdibh
collnaidhe, agus iar ccríochnucchadh a dhál ndomhanda don Iarla .i.
Uillecc mac Riocaird, mic Uillecc na


L. 2236


ccend ro écc a mí May i mbaile Locha Riach, agus ro hadhnacht
i mbaile Átha an Riogh co nairmidin moir. Ro badh do mhoirscélaibh
a aimsire etir Erennchoibh an tí tesda ann sin, Tighearna fossaidh
fírbhrethach, go ngnuis aghaidh chaoín ionfhlatha, no bhíodh uis re
a agallaimh, tais re a thiorthachaibh, colgdha re a chomharsain,
agus comhtrom a ccoiccertaibh, fer nar fionnadh a mhaoithe na a
mheirtnighe i ngurt gábhaidh o ro gabh gaiscceadh gus an lo at bath.
A mhac .i. Riocard do oirdneadh ina ionadh. Conadh do bhliadhnaibh
báis an Iarla at rubradh.




Se céd décc is bliadhain bhairr,
o tháinicc Criost i ccolainn,
lia ar ccás gach terma da tticc,
go bás an Iarla Uillicc.




O Dochartaigh Seon ócc, mac Seain, mic Feilim, mic Concobair
carraigh decc, 27. Ianuary ticcherna triochait chéd Innsi hEóghain
eisidhe, ní baí eimh tighearna thríochait céd do Ghaoidhelaibh ba
ferr lámh agus einech, agus ro ba crodha comhairle inás. O Domhnaill
do ghairm í Docartaigh dFeilim ócc .i. dearbrathair Sheain.
Clann Ailin, agus Clann nDaibeitt do breith Chathaoir mic
Seain oicc hi ccenn Gall go Doire, agus an General Sir Henry
Docura do ghairm í Dochartaigh dhe ar ulca la hua nDomhnaill.


L. 2238


Remann o Gallcobhair epscop Doire do mharbhadh la Gallaibh i
nOirecht uí Catháin 15 Marta.



Semus mac Somhairle buidhe mic Alastrainn mic Eóin Chathanaigh,
aon


L. 2240


bharr áigh Cloinne Domhnaill ina ré cidh fri sídh, cíodh fri
coccadh do écc Luan Cásg.



Mac uí Briain Ara décc a mí Febru .i. Toirrdhealbhach mac
Muircertaigh mic Domhnaill mic Taidhcc. Ní baí a chomhaosta do
thiccherna tíre i nErinn in oidhce atbath. Duine esccaidh,
ionnsaightheach, do bheireadh a lorcc iomlán lais as gach tír i
tteighedh, agus rob annamh aonbhuidhen ag dol uadh san iomlaine i
ttiaghdais dia thír, nech do chosain an eng iathgharbh, echreidh,
baí occa co ro écc, agus a adhnacul ina longport fein i mBaile
an Chaislein.



O Raghailligh décc a mí April .i. Emann, mac Maoilmhordha, mic
Seain, mic


L. 2242


Cathail fer arsaidh, arachliath, cuimhnech cianaosta, baoí esccaidh
iomluaghaillech daigneadh, agus dinntinn ina aoídidh, agus a
adhnacul is an cCabhan i mainistir


L. 2244


S. Fronseis agus mac a dherbrathar .i. Eoghan mac Aodha Conallaigh
doirdneadh ina ionad.


L. 2246


Ar ndol don cloinn sin tSeain a Búrc i ccenn uí Domhnaill (amhail
ro aisneidhsiomm) ro ghabhsat acc inghreim, agus ag foghail for
mhuinntir na bainrioghna in gach airm a ttiaghdaís i naoinfecht la
hUa nDomhnaill. Conadh aire


L. 2248


sin ro fhoráil Ard Iustis na hEreann for Iarla Urmumhan,
derbrathair na cloinne sin .i. Sean óg a Búrc (a dubhramar
do ghabhail la druing do daoinibh uaisle Buitilerach i nduthaigh
uí Mheachair i nUibh Cairin isin ccéd sheachtmain don bliadhain
si) do básucchadh. Do rónadh ind sin a mí Iún do shonnradh.



Concobhar mac Muircertaigh gairbh, mic Briain, mic Taidhg uí
Bhriain do ecc fa Beltaine hi cCraicc Chorcráin, agus a
adhnacal i mainistir Innsi.



Maire inghen Chuinn í Domhnaill ben í Baoighill Tadhcc ócc,
mac Taidhcc mic Toirrdealbhaigh decc 6 Nouember agus a hadhnacal
i nDun na nGall.



O Concobhair Sliccigh Donnchadh mac Cathail oicc do ghabháil lá
hUa nDomhnaill Aodh ruadh mac Aodha mic Maghnusa. Bá hé fochann
na gabhala ishin .i. Ua Domhnaill ar ffaghbhail a fhesa co mbaoí
ua Conchobhair dia bhrath, agus dia taisccéladh don Iustis agus
do Gallaibh Duibhlinne ar ro thingheall an Iustis athaidh rias an
tan sin co ffuiccbheadh a thír budhéin dua Conchobhair on
mbainrioghain, agus co léiccfidhe Iarla ócc Desmumhan .i. Semus
mac Geróitt (baoí i laimh hi Londain) do shaicchidh a athardha
ar bá hí mathair an Iarla óicc híshin bá bainshéitigh dua Chonchobair.
O ro ba forréil, agus o ro bá dearbh lá hua nDomhnaill innsin,
Ro herghabhadh ua Conchobhair lais, agus rob éiccen Baile an
Mhótaigh do rad somh dua Chonchobhair rias an tan sin, agus
Cúl Mhaoíle do thabhairt dua Domhnaill doridhise agus ro cuireadh
ua Conchobhair dia iomchoimhétt go hoilén Locha hIasccaigh hi
tTír Chonaill.



An tIarla ócc so Chloinne Riocaird ro aisneidhsmar dóirdneadh i
nionatt a athar .i. Riocard a Búrc. Ro fhorcongair Iustis na
hEreann .i. Lord Mountioy fairsidhe tocht go líon slóicch agus
sochaidhe co Mainistir na Buille, agus assidhe co Sliccech madh
dia ttíosadh díobh. Tangattar ar forailemh an Iustis do shaicchidh
an Iarla dronga dírímhe do na Gallaibh báttar hi fforbaisi ón
mbainrioghain hi mbailtibh móra na Mumhan .i. Luimneach, Cill mo
Ceallócc, Eas Geibhtine, et cetera. Tangattar dna isin toicheastal
cedna sochaidhe do saighdiuiribh na Gaillmhe agus bhaile Atha Luain.
Ar ttocht dóibhsidhe uile go haon bhaile do shaicchidh an Iarla bá hedh
a ninnithiomh uile dol co mainistir na


L. 2250


Buille agus co Sliccech, agus ar ndol dóibh tar Suca, assedh
ro chinnsett asccnámh soir gach ndíreach a ródaibh raoíndírghe
Machaire Chonnacht go rangattar co hAilfinn a ccoiccrich Maighe
Luircc, agus ua mBriúin na Sinna Cloinne Cathail, agus Moighe
hAoí an Fhinnbhendaigh.



O Ro clos la hua nDomhnaill an tóichestal slóigh lánmhóir sin
do thocht gus an maighin remhebertmar ro tarcclamadh a shlóigh dia
shaighidh, agus ní ro airissidhe co rainicc tar Coirrsliabh agus
tar Buill i Maigh Luircc co ro shuidhigh a longport eineach a
nionchaibh friú. Báttar athaidh amhlaidh sin tul a ttul acc feithemh
agus acc forchoimhéd aroile. Robtar iomdha a ndeabhtha agus a
ndunoirccne, a niomarubadh, agus a nimesorccain in airett báttar a
ffoichill for a roile co ro sgithighit an sluagh Gall, agus go
ro shaisett fo aithmhéla dia ttighibh.



Rangattar iarttain sccéla go hua nDomhnaill Niall garbh mac Cuinn,
mic an Chalbhaigh co na Ghallaibh, agus co na Ghaoidhelaibh
do thocht anoir tar Bernas go ro gabh longport i nDun na nGall i
noirther Thíre hAodha. Iar ffios sccél dUa Domhnaill Goill
do thocht an dú sin bá doiligh mór lais mídhiach na mainstre, agus
Goill do beith accá hionattacht, agus agá haitreabhadh inon na
mac mbethadh agus na ccéiledh nDé diar bhó ruidhles í có sin, agus
ní ro damar dó gan dol dia ffurtacht madh dia ttíosad dhe. Ba hedh
do róine siumh brughadha, agus biattaigh Chenél cConaill co na
ccethraibh agus co na ninnilibh dfágbhail sechnóin iochtair
Connacht, agus araill dia amhsaibh accá niomchoimhétt ar chuanaibh,
agus ceithearnaibh, agus eachtarchenélaibh. Luidh feisin go nurmhór
a shlóigh lais dar Slicceach dar Duibh, tar Drobhaoís agus
tars an Eirne ba tuaidh go ro gabh longport i nionad innill acc
an cCarraicc do shonnradh bá moa oldatt dí mhile ceimeann ó Dhún
na nGall bail a mbaoí Niall garbh ua Domnaill co na Ghallaibh.
Imthusa uí Dhomhnaill ro fhorchongraidh sidhe for drechtaibh
dearmhara dia shloghaibh imásech beith occ iomsuidhe na mainistre do
ló agus dadhaigh ar ná tíostais Goill sechtair a múraibh daidhmilleadh
nach neith isin tír. Nír bhó sóinmhech airerdha ro chaithsiot an dí
shochraitte a naimsir ar ro bhaí marbhadh, agus mudhucchadh deabhaidh,
agus diubhraccadh acc cechtar-nae díobh for aroile. Battar na Goill
a ccuimhge, agus a ttennta mhóir las an


L. 2252


caithis chianfoda in ro chungaibhset muintior í Domhnaill iatt, agus
nó elaidis araill díbh ina ndeisibh, agus ina ttriaraibh go longport
i Domhnaill las in adhailcce agus las an ccuimhge a rabhattar
desbhaidh airberta bith. Ro thochaithsiot samhlaidh go diúidh
September go ro dheónaigh Dia a dhíoghail agus a aithbhe for na
Gallaibh an mídhiach agus an míimirt do bertsat for reicclésaibh agus
chubhachlaibh na sruithedh psailmcettlaigh .i. Mainistir Dúin na nGall,
agus mainistir na Machaire Bicce i mbattar na Goill attrubhramar a
fforbhais agus a ffoslongport inntibh, agus araill ele hi ccaislén
Dúin na nGall. Basseadh díoghal do bert Dia foraibh cecib cruth
at rala.i. tene do dhol isin púdar baoí leó (fri foimhdin an choccaidh)
i mainistir Dúin na nGall co ro loiscceadh cubhachla clárfhuaighte,
agus cumhdaighthe cloch agus claradh na mainistre archena. O
ro airighsiott an lucht foraire agus forchoimhétta baoí ó ua nDomhnaill
ar na Gallaibh an doighear dhonnruadh dearglasrach, agus an Smúit cheó
diadh, agus dethaighe ro meabaidh uas an mainistir ro ghabhsatt
ag diúbhraccadh a nubhaillmhioll luaidhe, agus a ccaor tteinntighe ar
dháigh go ttíosadh ua Domhnaill dia saicchidh a ttraitte do fhuabairt
na nGall, ar bá cian leó airisiomh fri teachtaibh do chor ina dhochom.
Nír bhó héisledach ro freccradh an


L. 2254


urfhóccra sin la hua nDomhnaill co na shlógh ar ro chingsiott go
dian deinmnettach amhail as déine ro fhédsat ina ndrongaibh, agus
ina ndíormaibh go hairm abáttar a muinntir gus an mainistir. Ba
fuilidh foirniata an fhuabairt do bertsat for na Gallaibh agus for
a ccairdibh, agus for a ccomhfhuilidhibh ro bhaoí tan. Bá duiligh
díchumhaing do mhuinntir í Dhomhnaill frestal diubhraicthe na nócc
báttar isin mainistir hi ccaistiall Dúin na nGall, agus isin luing
baí for an ccuan for a nionchaibh. Acht chena robtar iatt muintir
í Dhomhnaill báttar foirtille gé ro díothaighitt sochaidhe dhíobh.
Bá do na huaislibh do rochair ó ua nDomhnaill hisuidhe Tadhcc mac
Cathail óicc mec Diarmatta, caiptin oirdearc do shíol Mhaoilruanaidh
eisidhe. Do rochair don leith ele Conn ócc, mac Cuinn dearbrathair
Neill uí Domhnaill co ttribh cédaibh araon ris isin orccain sin. O
ro airigh Niall garbh o Domhnaill an eiccendáil a mbáttar a mhuintir
agus na Goill do dheachaidh gan airiucchadh siar lá hor an chuain gus
an Machaire mBecc go hairm hi mbáttar drong mhór do na Gallaibh,
agus do bert lais iatt is in cconair ccétna dfurtacht na nGall ele
báttar i ttennta ag ua nDomhnaill co na muinntir, agus ro ghabhsat
foirenn na luinge ag deabhaidh, agus ag diubhraccadh tar a ccenn go
rochtain dóibh tar na múraibh medhónchaibh isteach isin mainistir.



An tan do rat ua Domhnaill dia uídh daingen innille an ionaitt ina
mbáttar, agus an forlíon slóigh do riachtattar i ttóirithin na nGall
ro forchongair for a mhiledhaibh déirghe na deabhtha, agus sóadh for
ccúlaibh ar nír bhó miadh lais a mudhucchadh i neccomhlann. Do rónadh
fó chédóir fairsiomh innsin, agus do bert a longport ní bá goire
biucc don mhainistir agus ro chuir araill dia muinntir isin Machaire
mBecc airm i mbáttar na Goill rucc Niall garbh lais dfurtacht a
mhuintire. Lá feile Michil do shonradh ro loiscceadh an mhainistir,
agus do rónadh innsin.



Baoí ó Domhnaill samhlaidh isin iomshuidhe sin for Ghallaibh, agus
accá ttabhairt a ttennta, agus a niomcuimhge ó dheireadh September
go diúidh October gan nách ngniomh noirdearc do dhénamh etorra in
airett sin go riacht fios scél chuca an cobhlach Spainneach
do nangattar don taoíbh badheas dÉirinn dfurtacht na
nGaoidheal báttar isin ccoccadh.


L. 2256


Sluaiccheadh la hard Iustis na hEreann Lord Mountioy hi mí Iun
do dhul i nUlltoibh. Ní haithrister a imthechta co rainic co
Bealach an Mhaighre. No bhiodh cosnamh agus coimhett do ghnath o
Ua Neill an dú sin. Ro machtaitt agus ro mudhaighit daoine iomdha,
agus ro fáccbhadh sochaidhe déchtoibh Gall agus Gaoidhel i ttimchell
an bhealaigh sin etir Ua Néill, agus Goill go minic go ffuair an
Iustís faill agus elang na huaire sin fair (an ní rob annamh lais) go
mbaoí ciumhsa agus certlár an bhealaigh for a chumas don chur sin.
Ro gabh campa isin ionad ba hadhailcc lais don chonair ishin.
Do ronadh caislen cnesaolta i nenach erdhalta baí for an cconair sin
lais. Iar ccriochnucchadh an caisléin dó a ccionn mís ro fháccaibh
dá ced saighdiúir ina bhardacht. Do dechaidh fein roimhe iar sin go
Sliabh Fuaid, go hArdmacha, agus tar Abhainn Móir isteach
do dhol gus an bport mór do tóccbhadh la hard Iustis na hEreann
Lord Burough ceithre bliadhna rias an tan sin, agus ro badh ag cur
lóin isin bpurt sin hi ccenn trill iar na toccbail tánaicc timdíbhe
saoghail an Iustis sin budhein la hua Neill. Ro bhen beós Ua Néill
an port cédna (fo cenn mbliadhna iar mbás an Iustís) do muintir na
bainrioghna iar ttabhairt áir fer agus feindeadh forra aga bein díobh,
agus bai an baile acc Ua Neill ó sin anall gus an tan so a ttáinicc
an Iustís nua so dia shaighidh. Iar ndol dó i ccomhfoccus don port sin
ro fháccaibhsiot muintir Uí Neill an baile óbél oslaicthe for cionn
a námat agus a nemhcarat amhail rob ainminic leó gó sin.



Is na cédlaithibh iar ngabháil champa don Iustis isin bport sin
do dheachaidh do mhidemhain, agus do mhoirdhechain, agus do breith
radhairc ar an tír ina timchell. Ar ndol dó ar brú na Beinne Buirbe
do rala dó for brú bhealaigh do bheilgibh an tíre, araill do ceithirn
uí Néill go niata naimhdidhe, go gruamdha, gnúisdorrdha, agus
ro feradh iomairecc uathmhar aingidh etorra adiú agus anall go
ro marbhaitt sochaidhe ile an dú sin. Acht namá ro badh mó do marbhadh
do mhuintir an Iustis oldas dóccbhaidh uí Néill.



Ro shuí an Iustis daimhdeóin gach anfforlainn da ffuair gus in ccampa


L. 2258


ina frithing, agus an tuairim míosa go leith baí isin bport sin ní
dheachaidh aon dia shloghaibh eadh aoín mhile thairis sin isteach i
tTír Eoghain, co ro fill tar a aiss hi fFini Ghall, agus go Baile
Atha Cliath a mí August, iar ffáccbail gharasún san port mór, i
nArdmacha, i Machaire na Cranncha, i mBealach an Mhaighre, i
cCarraicc Fherghusa, isin Iubhar hi cCáirlinn, isin tSrádbhaile,
i nDroichet Atha et cetera. Ro badh méducchadh anma agus onóra
don Iustis a fhod, agus a imcheine do dheachaidh i tTír Eóghain don
chur sin, amhail na ro chumaing fer a ionaid dol le ré a trí, nó a
cethair do bhliadhnoibh gus an tan sin.



Iarla of Essex fer foirtill, feidhmláidir, aghmar, aitheasach a
hucht prionnsa Saxan, fer nó gnáthaiccheadh beith ina remhtoiseach
foghla agus gabhaltais acc feraibh Saxan i naile criochaibh,
Baíssidhe dna leith bliadhain inainm, agus in ionad an Prionnsa i
nErinn amhail remhebertmar. Ro triallsidhe isin cceidmí don
bliadhainsi tár agus tarcaisne do thabhairt don Prionnsa agus
aitherrach cuir do chor don choróin. O Ro hairighedh an mheabal
sin la feraibh Lonndan, Ro eirghettar go hathlamh urlamh i
naghaidh in Iarla go ro toifneadh, agus go ro tograimedh é ó gach
ionad dia roile tré sráidibh an bhaile, agus dna tar an mbaile amach
gur bo heiccen dó dol go tegh Essex dia imdhíden. Nír bó cian dó
an dú sin an tan ro forcongradh fair ar éiccen é fein dfóccra agus
dfuráilemh ina dhaoírchimidh díairm do mhuinntir na bainrioghna.
Ro cuireadh esidhe iaramh dia chomhdha go trétúrdha don tor, agus
gach aon aga mbaoí cuid no comhairle, buain, no báidh ris an
ffeilghniomh sin ro malartnaigheadh iad ina ccethramhnaibh comroinnte
ar getadhaibh, agus ar doirsibh an bhaile. Ro díchennadh an tIarla
isin ochtmadh lá


L. 2260


deg do mí Febru. Ro básaigheadh mar an ccédna isin ccoir remráite
Captin Lee duine uasal eisidhe baí ag forcongra for an Iarla, ag
cuidiucchadh agus acc comhairliucchadh an gniomh hishin do dhenamh.



Semus, mac Tómais ruaidh, mic Semuis, mic Seain, mic an Iala
(dia ro gairedh Iarla Desmumhan a hucht Gaoidhel amhail remebertmar)
do chor a dherbrathar Sean, mac Tomáis ruaidh, agus Meic Muiris
Ciarraighe, Tomás mac Patraiccín, mic Tomáis, mic Emainn, mic Tómais,
agus Piarusa do Lés go hUlltoibh iar ndol i neinirte, agus i
nionnlaicce dó isin ccleith coccaidh i mboí fri Galloibh, diarraidh
cabhra agus conganta for Gaoidhelaibh an tuaisceirt agus ro ansomh
budhein co nuathadh buidhne a maille fris aga dícleith, agus aga
duaithniucchadh etir a fhiorchairdibh i nuarbhothaibh uaiccneacha,
agus i nuamhthollaibh talman. Baísiumh athaidh amhlaidh sin go
ffuair an Ridire fionn feacht ann (.i. Emann mac Seain) brath ar
Shémus do beith i nuamhaidh shainredhaigh hi ccomhfochraibh a tíre,
conadh é ní do róine a brathair gaoil agus genelaigh agus a thiccherna
i ttrétuireacht seal do bliadhnaibh reimhe sin do sharucchadh imon
mbloidh mbicc tíre i mboí, uair


L. 2262


ni raibhe ina sheilbh don Mhumhain acht an uaimh sin ina ttarla
don chur soin.



Ro lámhaigheadh Sémus las an Ridire impisidhe go ro gabhadh lais
é agus do bhert iaramh go Corcaigh hi ccend an Phresidens gan pardún,
gan protexion diarraidh dó. O do ruacht Sémus for laimh an Phresidens,
fuair a iomcoimhet gan eislis go mí Iúl do shonradh. Ba isin mí cedna
tainicc Fínghin mac Donnchaidh még Cárthaigh (ar a ttucctaoí Mág
Carthaigh mór an tan sin) hi ccenn an Phresidens go Corcaigh, agus
amhail as deine ráinicc don bhaile ro gabhadh é ina bhraghaitt don
bhainrioghain agus ro ghabh Fínghin acca fhoccra os aird gan
dícleith, gur bó ar breithir agus ar protexion na bainrioghna ro bás
aga ghabhail. Nír bhó torba dósomh innsin, ar ro cuireadh somh, agus
Sémus mac Tomáis go Saxoibh a mí August do shonradh. O
do ruachtatar i ffiadhnaisi comhairle Saxan ro forcongradh an tor
do thaisenadh mar theghdais caithme, agus codulta doibh o sin amach
go crích a mbáis, nó a mbethaidh do reir toile Dé, agus a bprionnsa.



Ionadh Gobernora do beith acc Iarla Tuadhmumhan (Donnchadh mac
Concobhair uí Bhriain) hi cconntaé an Cláir ó ló marbtha Gobernora
coiccidh Connacht (Sir Coners Clifort) la hUa nDomhnaill ar in
cCoirrshliabh. Ro congmhadh Session cóicc lá ndécc lais i mainistir
Innsi im fheil Brighde na bliadhna so go ro crochadh se fir décc ar
in session sin lais. An tIarla cédna do dhol hi Saxoibh hi mís
Márta co na dherbrathair Domhnall a maille friss, agus Domhnall
do theacht anoir im Lughnasadh, agus an tIarla danmhain dia éisi go
leicc.



An tIarla ócc Desmumhan so a dubhramar do thocht a Saxoibh ina
Iarla hi fFoghmar na bliadhna so do chuaidh torainn .i. Sémus mac
Gearóitt mic Semuis mic Seain, do chuaidh sidhe hi Saxoibh i
nEarrach na bliadhna so, agus ro baí thoir gus


L. 2264


an ccéid mí do Gheimhreadh go ro écc an ionbhaidh sin, agus munbadh
tuitim a athar i naghaidh na bainrioghna, agus amhail ro díothaighit
a daoíne, agus a deghlucht lenamhna la Galloibh, nó bhiadh dá
chúicceadh Mumhan ina hen tuinn bróin, agus basgaire, dogra, agus
doghailsi i ndeadhaidh in óicc meic hisin, aoín aoibel beo na freimhe
fíor dúthchasa, géscca diarsma glainchinidh an Ghréicc cheineóil
Gheraltaigh, agus as móide rob adbar imsniomha a oidheadh, gan oidhre
meic, no brathar uadh fein, nó dia fhialus re a oirdneadh ina ionad, acht
madh uathadh agus an tuathadh sin fein codarsna do recht an prionnsa.



Captin Tirial Risderd mac Tomais mic Risdeird do beith i ffarradh
uí Néill re hedh na bliadhna so anall. An Captín sin do thocht fa
Lughnasadh na bliadhna so co cceithernaibh congmála ó Ua Neill
lais hi ccoicceadh Laighen. Ní roich ríomh, aisneis, nó áiremh
ina nderna an captin sin do crechaibh do mharbhtaibh, do ghabhail
bhailtedh, agus daoíne, dairccnibh, agus dedalaibh hi cconntaé
Ceitherlach, hi cconntae Chille Dara, hi cconntae Ua fFailghe
agus hi cconntaé Tioprat Árann ó Lughnasadh gus an cceid mí do
Geimhreadh ar ccionn.



Burcaigh iochtaracha .i. Mac Uilliam Burc Tepóitt mac Uatéir
chiotaigh baoí hi ccleith uí Dhomhnaill, agus dia ro ghoir
ticcerna fechtriamh, agus Tepoitt na


L. 2266


long mac Risdeird an iarainn, baí ag imirt do ghrés a hucht na
bainrioghna, bádar síodhach socharthanach fri aroile (cidh ón tan
ro naidm o Domhnaill codach agus carattradh etorra) gus an cceid
mí dErrach na bliadhna so. Ro éirigh comhfuachadh coccaidh, agus
athcuimhniucchadh aincridhe etorra, agus ba he Tepóitt na long
ro ba fotha re dúsccadh na diomdhaidh, agus re fadódh na fírfheirge
agus re foraithmet na fala ro haccradh etorra, go ndernsat sliocht
Uillicc a Búrc aénbáidh i naghaidh Mheic Uilliam Tepóitt mac
Uatéir go ro athcuirsiot agus go ro ionnarbsat as a athardha é,
gur bo heiccen dó dol do shaighidh uí Domhnaill. Ro hoirdneadh
Mac Uilliam ele hi ccennnas an tíre dia éisi la sliocht Uillicc,
agus la Tepoitt na long .i. Risderd mac Riocaird (.i. demhan
an corráin) agus as frissiumh atbeirthi mac Demhain an Chorráin.



O do dheachaidh tra Mac Uilliam Tepóitt mac Uatéir hi ccenn
uí Domhnaill ro acaeín a imnedh agus a éttualang friss, agus amail
ro toifneadh as a thír. Ba saéth la hUa nDomhnaill an ní sin, ar
a aoí ní ro fhéd a fhóiridhin i ttratte, uair baí sidhe co na
shloghaibh, agus co na sochraitte hi ffoimhdin agus hi ffoichill
na nGall do nangatar dia thír, co ná caémhnacair dul i
nechtaircrích dfurtacht chaeímh, na coiccele lás an anfforlann
baí fair ina tír budhein. Baí Mac Uilliam ina fharradh ón ccéid
mí dErrach go féil Michil ar ccind. Ro fhaoidh ó Domhnaill an
tan sin an líon as lia ro fhéd do shochraitte lais do dhol dfios a
athardha hi rann Mheic Uilliam. Iar ndol dó co na thóichestal i
neidirmedhón an tíre do rala an Mac Uilliam sin ro hoirdneadh la
sliocht Uillicc a Burc, agus lá Tepóitt mac Risdeird an iarainn
do righe agus do fresabhra frissiumh for a chionn an chonair
do dheachaidh. Ro fighedh iomairecc ainttrennta etorra cechtarnae,
agus ro ghabh cách diobh ag foraithmet a senghomh agus a nuafhaladh
dia roile, go ro sraoíneadh fo dheóidh for Risderd mac Riocaird a
Burc go ro marbhadh é budhein isin mbreisim sin. Conadh amhlaidh
sin do chóidh crioch a fhlaithesa.



Cobhlach Spáinneach do thecht don taebh badhes dEirinn. Don Iohn
de


L. 2268


Agola ainm an toisigh ro badh General doibh. Ba he ionad in
ro ghabsat port hi ccuan Chinn tSáile ag bun Glaislinne Banndan
hi ccoiccrich chríche Cúrsach do thaobh, agus Chineoil Aodha .i.
dúthaigh an Bharraigh óicc don taoibh ar aill. Ar ttecht doibhsiumh
go Cenn tSáile ro thóccaibhsiot daingen, agus díden, cosnamh, agus
cothucchadh an bhaile chuca fein o na haittreabhtachaibh báttar acca
ionatacht


L. 2270


gó sin. Ro rannsat a ndaoine uaisle, agus a ccaiptini, agus a naés
conganta ar gach obair croinn agus cloiche baoí isin mbaile.
Ro tairrngeadh leó don bhaile as a loinges a bpróuision bídh agus
dighe, ordanáis, pudair, luaidhe, agus gach nadhailcce archena baí
leó. Ro chuirsiot a loinges uatha tar a nais dia ttíribh.
Ro shuidhighsiot a ngonnadha móra, agus a naidhme caithme agus
cosanta in gach ionad in ro badh doigh leó a nesccairde dia
nionnsaighidh. Ro órdaighsiot bheos lucht faire, agus forcoimhetta
uadhaibh imaseach ina nuairibh techta amhail ro ba gnaithbés doibh
re ttocht an dú sin, uair ba derbh deimhin leo go ttiucfadh an Iustís
go narmáil na bainríoghna dia ffuabairt an tan ro soisedh a sccela
dia saighidh.



Baí imorra baile ele don taoibh thoir do chuan Chinn tSáile diar
bho hainm Rinn Corrain i nduthaigh an Bharraigh óicc hi cCenel
Aodha do shonnradh. Ro chuirsiot na Spainnigh drong da ndaghdaoinibh
isin mbaile sin dia bhárdacht mar an ccédna.



Iar cclos na sccel sin do Iustis na hEreann, ní ro airis go riacht
go Cenn tSaile gus an lion as lia ro fhéd doneoch baí umhal don
bhainrioghain i nErinn. Do riacht ann Presidens dá coiccidh Mumhan
go sochraitte na Mumhan a maille friss. Do riacht Iarla Cloinne
Riocaird, agus gach cenn sloigh, agus sochaidhe baí umhal daithne
an Iustís hi gConnachtoibh co na ttoichestal amaille friú gus
in maighin ccédna. Tángatar beós Laighnigh, agus Midhigh feibh
ro forchongradh forra ón Iustis on modh remraite.



Iar rochtain doibh go haoín ionadh ro suidhighedh agus ro sámhaighedh
campa leó le haghaidh Chinn tSáile. Do radsat aghaidh ar Rinn
Corráin assidhe, agus ní ro leiccsiot ciúnas, na comhnaidhe,
tathamh, no tionnabhradh dóibh le hathaidh fhoda, acht deabhta diana,
agus ammais fherrdha aga ttabhairt doibh dia roile gur bhó heiccen
do na bárdaibh iar gach neiccendáil da ffuairsiot tocht diairm for


L. 2272


faesamh an Iustís iar ffaccbháil a munissioin, agus a nordanáis.
Ro rann an Iustis iadsidhe ar bhailtibh móra na Mumhan go ffesadh
cionnas no bhiadh a eidirghleódh fris an lucht naile diobh battar
hi cCenn tSáile. Bá don chur sin ro marbhadh Cairpre ócc, mac
Cairpre mic Aedhaccáin baí na fher brataighe ag mac Iarla Urmumhan.



An Iustis tra baísidhe co na shloghaibh, agus Spainnigh Chinn
tSaile ag caithemh agus acc coimhdhiubhraccadh aroile isin ced mí
do Gheimhreadh go ro comhairléicc an bhainrioghain agus an chomhairle
dIarla Tuadhmumhan tocht go niomat long agus laoidheng, go
ndaoinibh, agus go ndegharmáil, agus go lón lais do cabhair agus
do comhfhurtact muintire an Prionnsa i nErinn. Iar ttocht don
Iarla agus don cobhlach go cuan Chinn tSaile tangattar i ttír do
thaobh muintire an Iustis don chaladhport. Ceithre mile fer ba sé
an líon boí fo mhámus Iarla Tuadhmumhan don armail sin. Atberat
a roile munbudh med na menmanraighe agus na meisnighe ro ghabh an
Iustís ria nIarla Tuadhmumhan, agus rias an sochraitte sin go
ffúicfeadh an foslongport fás folamh, agus go sccaoílfedh Goill ar
a mbailtibh mora as a haithle. Ro ghabh Iarla Tuadhmumhan campa
ar leith leis fein isin uillinn ba goire do Chionn tSáile do champa
an Iustís.



Do bhertsat Spainnigh an tan sin ionnsaighidh oidhche ar chethramhain
do champa an Iustís go ro marbhadh sochaidhe leó, agus do bertsat
clocha agus geinnte


L. 2274


i ngonna mór dordanás na bainrioghna ar daigh go ro thoirmisccdís
imo mbiodhbadhaibh a ndiubhraccadh ass, agus no muirfittís ní ba mó
munbad Iarla Cloinne Riocaird uair ba hesidhe gus an lucht tarla
ina thimchell ro fhill na Spáinnigh thar anais go Cenn tSáile.
Ní baí eimh ossadh aén uaire do ló, no doidhche etir an dá champa
sin gan fuil aga dortadh etorra on céd ló ro shuidhigh an Iustís
a champa re haghaidh Chinn tSáile go sccarsat re roile amhail
atfiadhar síosana.



O ro clos sccela an chobhlaigh Spainnigh sin la hUa Neill la hUa
nDomhnaill agus lá Gaoidhealaibh Leithe Cuinn archena, ba sedh
ro chinnsiot (gion go ndeachsat a nairigh agus a nuaisle i naoin
ionad dforbhadh a niomaccallma agus do chriochnucchadh a ccomhairle)
daon aiccnedh, agus daén mhenmain, gach tighearna tíre aca dfaccbháil
iomchoimhetta, agus imdeghla for a chrich, agus for a caoímhfheronn,
agus dol doibh co na rann, agus co na sochraitte gan anadh, gan
airisiumh do cabhair agus do chomhfurtact na Spáinneach tangatar for
a ttogairm agus for a ttarraing, uair bá crádh cridhe, agus ba
mesccbhuaidreadh menman leo a mbeith isin airc agus isin eiccendáil i
mbáttar aga mbiodbadhaibh, gan a ccomhfurtacht dia ccaomhsaitís.



Ua Domhnaill dna ba hesidhe cétus do rionnsccain tocht an
turus sin. O ro fháccaibh sidhe lucht coimhetta for a chaoraighecht,
agus for a muintir uile hi cconntaé Shliccigh ro asccná i nurthosach
Geimhridh a Baile an Mótaigh. Báttar iad dronga do na maithibh
báttar ina fharradh O Ruairc Brian ócc, mac Briain, Clann tSeain a
Búrc, Mac Diarmata Maighe Luircc, Siol cConcubhair ruaidh, O
Ceallaigh, agus na maithe battar for ionnarbadh ina fhochairsiumh
a Mumhain fris an mbliadhain sin anall .i. Mac Muiris Ciarraighe
Tomas mac Patraiccin,


L. 2276


Ridire an Ghlenda Emann mac Tómais, Tadhg caoch mac Toirrdhealbhaigh
mic Mathgamhna, agus Diarmait mael mac Donnchaidh még Cártaigh.
Lottar na sloigh sin tria conntae Rossa Comáin, doirther chonntaé
na Gaillmhe, tria Shíol nAnmchadha, agus go Sionainn.
Ro tairmiomchuiredh i nÁth Cróch iadsidhe tar Sionainn, assidhe
doibh do Delbhna még Cochláin, go Feraibh Ceall, go muinchinn
Shlebhe Bladhma, agus go hUíbh Cairín.



Ro an O Domhnaill a ngar dfichit lá ar cnoc Dróma Saileach in
Uíbh Cairín acc iomfhuirech la hUa Neill baí acc tocomhladh co
hionmall ina dheadhaidh. No bhíodh muintir Uí Domhnaill ag
creachlosccadh, agus acc indreadh an tire ina ttimcheall in airett
battar hi ffoss in dú sin, co na baoí tesbhaidh neith rob adhailcc
do shlogh ina longportsomh cian gairitt battar hisuidhe.



Ot cualaigh Ard Iustis na hEreann O Domhnaill do beith ag asccnámh
dia nionnsaigidh ro chuir President da choiccidh Mumhan .i. Sir
Seoirsi Cary go cceithre milibh saighdiúir a maille fris, i naires
dá la for a chionn ar dháigh thoirmescctha in uirtrialla baoí for
menmain dó, agus do ghabhail na conaire coitchinne fair. O ro fhidir
o Domhnaill an Presidens co na morshlógh do theacht hi
ccomhfhochraibh Chaisil ro asccná sidhe co na sochraitte ó Uibh
Cairín siar


L. 2278


duachtar Urmumhan do mainistir Uaithne, do Cloinn Uilliam
bruaich na Sionna go dorus Luimnigh, agus siar badhes co rainicc
gan anadh gan airisiomh a ló nó in adhaigh tar Máigh isteach i
nUibh Conaill Gabhra. O ro rathaigh an Presidens ó Domhnaill
do dhol tairis i ndaingnighthibh an tíre, agus an ro badh menmarc
lais do dhol for nemhní, sóais co na shlógh tar a ais hi ccentt an
Iustis. Ro léicceadh Mac Muiris don chur sin lá hua nDomhnaill
go ndruing don tslócch amaille fris dfiosrucchadh, agus dfhéccadh
Cloinne Muiris. Acc siredh na tíre dóibhsidhe fuarattar cuid do
bhailtibh na críche in edarbaoghal go ro gabhaitt leó. Robtar iat
a nanmanna Lec Shnámha, caislén gerr Arda Ferta, agus Baile í
Chaola. Ro chuirsiot bardadha uathaibh is na bailtibh íshin. Bá
don chur chédna do gabhadh lá hua cConchobair Ciarraighe (Sean mac
Conchobhair uí Conchobhair) a bhaile fein .i. Carracc an Phuill
baoí ag Gallaibh tuilledh ar bliadhain rias an tan sin agus do chóidh
féin co na bhaile i ccommaidh uí Domhnaill.



Baoí tra ó Domhnaill a ngar do shechtmhain is na hoireraibh sin
ó cConaill Gabhra ag creachadh agus ac comhlomadh, ag indradh, agus
acc orccain tíre gach aoin baoí ina comhfochraibh agá mbaoí buain
no báidh lé Gallaibh. Do chuaidh dna ua Domhnaill iar sin tar
muinchinn Sleibhe Luachra do Cloinn Amhlaoíbh do Músccraighe,
agus co Banndain hi cCairbreachaibh. Tangattar imorro Gaoidhil
Mumhan uile dia shaighidh an dú sin cen móthá Mag Carthaigh
riabhach .i. Domhnall mac Corbmaic na hAoíne, agus Corbmac mac
Diarmada, mic Taidhcc tighearna Múscraighe. Ro gheallsat na
Gaoidhil sin uile beith daon rann agus daon aonta lais ó shin amach.



Imthusa í Neill .i. Aodh mac Firdhorcha mic Cuinn bhacaigh
ro fhágaibh sidhe (sechtmhuin iar Samhain) Tír Eoghain do dhol do
chabhair na Spáinneach remhráite. Iar ndol dó tar Bóinn ro gabh
ag crechlosccadh criche Breagh agus Midhe. Luidh iar sin diarthar
Midhe, agus doirthear Mumhan tar Siúir siar agus nocha
naithristear a imtheachta go rochtain dó go Banndain airm i mbaoí
ó Domhnaill. Baoí bheós Sean mac Tomais ruaidh mic an Iarla i
ffochair uí Neill ar an turus sin.


L. 2280


O do ruachtattar maithe Gaoidhel co na sochraide go haon bhaile
ro gabhsatt longport don taobh ba thuaidh biucc do longport an Iustis
i mBél Guala hi cCenel Aodha. Ro badh iomdha din cenn slóigh agus
sochaidhe, tighearna tíre, agus taoiseach tuaithe hi ffarradh uí Néill,
agus uí Domhnaill isin maighin sin. Ro badh mór tra menma agus
meisneach, gérraitteacht agus gaiscceadh an lochta báttar an dú sin
co ná baoí ard no aircenn hi ccóicc coiccedhaibh Ereann for nár
lásatt sidhe nó drong eigin díobh a nadhuath agus a nurgrain, a
nuamhan, agus a nimeccla do Ghallaibh, agus do Ghaoidhelaibh
báttar hi ffrithbhert friu gus an tan sin. Robtar mince iomda a
ccatha, a ccomhramha, a ccreacha, a ccomhruathair, a nechta, a
naidhbena for a mbiodhbhadhaibh i naile criochaibh go halt na huaire
íshin. Ní tharla friú dna tren tar na tiostais, ná forlíon ar nárbhad
fortail an ccein baoí an Coimdhe, agus an conach ag congnamh friú,
agus in airett do rónsatt tol a ttighearna Dia agus ro chomhaillsiot
a aithenta, agus a thiomna. Ro badh daighlíon tabharta tachair agus
cloite catha dia neccraittibh cidh araill do na fóirnibh báttar isin
ffoslongport sin cen co mbittís féin uile ag congnamh fri aroile, dia
ndeonaiccheadh Dia dóibh cathucchadh co séitreach síor chalma daoín
mhenmain, agus daon aonta tar cend a nirsi, agus a nathardha isin
deidhendáil thennta i tecomnaccair a mbiodhbhadha aca don chur sin.



Do rattsat tra Gaoidhil iomcumhga mhór for Ghallaibh óir nír léiccsiot
fér, arbhar, nó uiscce, tuighe, no teine do shaighidh champa an Iustis.
Báttar athaidh amhlaidh sin ag iomchoimhett for aroile go ro fhaoídh
Don Iohn General na Spáinneach scribeann co hincleithe do shaighidh
Gaoidheal dia aslach forra araill do champa an Iustis dionnsaicchidh
aon doidhchibh, agus go soichfeadh féin an cuid ele dhe isin oidhche
cédna uair báttar séin i niomcumhga mhóir ag Gallaibh feibh
ro bhattar na Goill a ndicumhang ag Gaoidhealaibh.



Ro ghabhsat airigh Chenél cConaill, agus Eocchain acc sgrúdadh
a ccomhairle imon ccaingin sin agus báttar esaontadhaigh fri ré im
chinnedh ar aon comhairle uair bá sí airle uí Neill gan a
nionnsaicchidh ittir fó cedóir acht gabháil forra


L. 2282


isin tennta i mbáttar go neiblidís lá gorta, agus deasbaidh gach
aidhilcce ro badh tesbhaidh doibh amhail atbath araill dia ndaoinibh,
agus dia neochaibh archena gó sin. Ua Domhnaill dna bá cradh
cridhe, agus bá hadhnár laissidhe coisteacht fri cosaoíd agus fri
heiccendáil na Spáinneach gan a ffurtacht as a nettualang i mbáttar
diamadh a écc, nó a oidheadh, nó díth a dhaoíne tíosadh dhe, conadh
fair deisidh leó fó dheóidh campa an Iustis do fhuabairt amhail
ro herbadh friu.



An tan ro chomhfoiccsigh an oidhche erdhalta in ro chinnsiot
an indsaighidh sin gabhaitt Gaoidhil a nerradha áigh agus imaircc
go ferrdha forffaoíligh go mbáttar erlamh inimtheachta. Báttar
imresnaigh a nairigh fri aroile ag iomchosnamh thossaigh ionnsaighthe
na hoidhche sin do beith ag gach droing díobh. Conadh amhlaidh
ro chéimnighsiot ina ttríbh cóirightibh comhnarta catha, agus ina
ttríbh lorccbhuidhnibh lerdha, líonmhara gualainn fri gualainn, agus
uillinn fri huillinn dar imealbhord a longport amach, Ua neill go
cCenél Eocchain gus an líon tarrustair ina fharradh do
Airghiallaibh, agus do Uibh Eachdhach Uladh ina ccipe comhnart
for leith. Ua Domhnaill co cCenél cConaill, agus co na urradhaibh,
agus co cConnachtaibh archena isin ccipe araill. Ina mbaoí duaislibh
Mumhan, Laighen, agus fear Midhe co na sochraide (doneoch ro éirigh
i ccommbáidh choccaidh Gaoidhel diobh, agus ro bhaoí for ionnarbadh i
Ulltoibh fris an mbliadhainsi anall) báttar sidhe isin tres cipe
go cobhsaigh céimrighin gan cumasc fór slogh naile.



Iar nasccnámh dóibh dar an longport seachtair amhlaidh sin, do rala
fordal conaire agus Sechrán slicchidh do na slocchaibh lá dobhar
dhorcha na hoidhche co nár urmaisettar a neolaigh saighidh gus an
ionadh chinnte baoí for ionchaibh campa an Iustis go soillsi laoí
ar abharach. Atbearat araile go ro chuir neach sainrith do
Ghaoidhelaibh rabhadh agus rémhaisneis gus an Iustis go mbáttar
Gaoidhil agus


L. 2284


Spáinnigh ag tabairt amais fair an adhaigh íshin conadh aire sin baoí
an Iustis agus armail na bainrioghna ar a mbernadhaibh baoghail, agus
ar a nenaighibh erdalta do cosnamh an champa fri a mbiodhbhadhaibh.
O do dheachaidh dorchata na hoidhche for cculaibh, agus ó ro badh
foreil soillsi an laoí do chách i ccoitcinne bá hann teccomhnaccair
do mhuintir uí Neill tocht i ccomhfocraibh muinntire an Iustis gan
ráthucchadh do na Gaoidhealaibh ittir, agus o robtar anffuirithe
do beartsat taobh friú acc airisiumh frí a norducchadh, agus fri a
ninnell, agus danmain fria ua nDomhnaill agus fris an lucht
naile do rala for fordal amhail remhebertmar.



Od cconnairc an Iustis an ní sin ro léicc diormadha diana deinmnedacha
dia nionnsaicchidh go ro mesccsatt for muinntir uí Néill go mbádar
agá marbhadh, agus agá mudhucchadh acá ttraothadh, agus acca
ttanucchadh go ro benadh a cúicc nó a sé do bhratachaibh diobh agus
go ro marbhadh daoíne iomdha uadhaibh.


L. 2286


Ua Domhnaill dna do riacht sidhe do lettaoibh muinntire uí Neill
iar sraoineadh forra, agus ro ghabhsidhe for aslach iomfuirigh for
lucht an teichidh ag nertadh


L. 2288


na hiorgaile for a mhuinntir badhéin go ro mheabhaidh for a ghlór,
agus for a ghuth lá haidhble na haccallma agus na hardgharma baoi
occa for chách a ccoitchinne ag cuinghidh for a saorchlannaibh airisiumh
ina fhochair acc iombualadh fri a mbiodhbhadhaibh. Atbeireadh friú
dna gur bhó nár, agus meabhal dóibh an ní nemhghnáth ro triallsat
.i. a ndromanna do tabhairt fri a naimhdibh amhail nár bó bés dia
mbunadh fhreimh riamh gó sin. Acht chena níor bhó torbha dósomh i
ndeirgeine uair ó ro mheabhaidh don chécna buidhin ro mheabhaidh
dá gach druing ele diaidh a ndiaidh. Acht namá gé ro sraoíneadh forra
nír bhó hadhbhal an líon ro marbhadh diobh ar uaite lochta a ttograma
in aithfhéccadh ina mbaoi reampa.



Bá follus diomdha Dé agus a nainshen for Gaoidhelaibh glan Fhódla
don chur sa, óir ro badh meince raon madhma ria nuathadh díbhsidhe
for ilchédaibh do Ghallaibh inás a ndruim do thabhairt fri a naimhdibh
i ngort gliadh, agus i mbeirn bhaoghail (in gach airm a ccomraicdís)
gus an laithe híshin. Bá hádhbhal, agus bá dírimh in ro fáccbhadh
isin maigin sin gér bhó dedhbal an líon do rochrattar ann, uair
ro fáccbhadh gérraideacht agus gaiscceadh, agus rath agus roconach,
uaisle agus ionnsaicchidh, aireachas agus airbeart, eineach, agus
eangnamh, cródhacht agus cosnamh, crábhadh agus caoín iris insi
Gaoidheal isin iomairecc sin.



Tangattar an Gaoidhealslógh im ua Néill, agus im ua nDomhnaill
tar a nais siar co hInis Eocchanáin an adhaigh sin. Monuar tra
ní hamhail ro shaoilsiot tocht on turus sin bháttar in adhaigh sin
ar rob iomdha aithber iom aithbher, Mairgnech agus meirten, dubha,
agus dogailsi ro bhaoí seachnón a longport in gach aird, agus ní
ro thuilsiot a saimhe, agus ní mór má ro proinnighsiot. Bá huttmall
anbsaidh ainiarmartach a ccomhairle ar rochtain i ccenn aroile dóibh
conadh edh ro chinnsiot fó dheoidh O Neill agus Rudhraighe
derbrathair uí Domhnaill co na nurradhaibh, agus maithe Leithe
Cuinn archena do shoadh tar a nais dia ttíribh dimdeghail a
ccriche, agus a fferaintt ar eachtair chenelaibh, O Domhnaill
Aodh ruadh, Remann


L. 2290


mac Seain a Burc, Captin Aodh Mus mac Roibeird do dhol don
Spaintt daccaoíne a nimnigh, agus a nettulaing lá rígh na
Spáinne.



Ro fháccaibhsiott na maithe sin drong dia ranntaibh coiccriche isin
Mumhain agá haidhmilleadh dia néis .i. Captin Tirial, agus an
chuid ele do Cloinn tSeain a Búrc, agus araill do dhaoínibh uaisle
cen mo thát. Ro ordaighsiott na hard Gaoidhil sin .i. Ua Néill,
agus ua Domhnaill a ccennas, agus a nuachtaranacht sin dua
Suillebhán Beirre .i. do Dhomhnall mac Domhnaill mic Diarmatta ar
bá heisidhe cennphort cennais bá ferr dia rannsomh isin Mumhain,
ar cheill agus ar crodhacht an tan sin.



An tres lá do mhí Ianuarii ro mebhaidh an maidhm sin for Ghaoidhealaibh.



AOIS CRIOST, 1602.
Aois Criost, Mile, Se céd, a dó.



Iar sraoinedh madhma Cinn tSáile lá Gallaibh for Gaoidhealaibh (amhail
ro scriobhadh chena) an tres lá do mhí Ianuarii, agus for an
uathadh Spáinnech do muintir Rígh na Spainne do rala a maille friú
an tan sin, Ro ghabh deinmne, agus dásacht, agus utmoille mór menman
Ua Domhnaill (Aodh ruadh) co ná ro thuil agus ná ro loing hi saimhe
fri ré tri lá agus teóra noidhche iaramh go ro ben ceill dia chabhair
i nErinn conadh í airle ro chinn i necmhaing na ree sin (tre
comhairle uí Néill gion gur bhó lainn laissidhe a comhairlécchadh
dó) Ere dfaccbháil, agus dol don Spainn dionnsaighidh an Righ
an 3. Pilip do chuinghidh fuilleadh sochraitte, agus comhfhurtachta
uadhaibh, uair ro badh dóigh laissiomh gur bhó hé Rí na Spainne
aon ro badh mó conicfeadh a fhóirithin, agus lás ar lainne congnamh
lás an ccách nó chathaighfeadh dar cenn an chreidimh catolice
Rómhanaigh do gres agus araill ele tria na bháidh fri Gaoidhealaibh
ar a ttocht cétus do ghabháil Ereann as in Spainn amhail as follas
isin leabhar dianidh ainm in Leabhar Gabhala.



O ro sgrúd somh an chomhairle íshin báttar iatt do raegha somh ina
chaoímhtheacht do dhol for an echtra sin, Remann a Búrc mac Seain,
Captin Aodh Muss mac Robeird, agus Flaithrí mac Fithil uí
Mhaoilchonaire athair togaidhe


L. 2292


durd .S. Fronses rob anmchara dósomh, agus araill dia shainmhuintir
budhein cen mo thát. Iar ccloisteacht na comhairle sin lá cách a
ccoitchinne ro badh lór do truaighe agus do neimhéle an lamhchomairt
anffoill, agus an gholmhairccneach dermhair, agus an nuallghubha
ardaccaointeach do rónadh seachnóin longphuirt uí Domhnaill an tan
sin. Ro badh deithbhir dóibhsiomh innsin (dia ffesdaoís é an tan sin)
uair ní fhacattar a ccodhnach nách a ccoimsigh talmanda an tan sin i
ninis Ereann acc follamhnucchadh flaithesa uaistibh ó sin alle.



Do dheachaidh imorra ua Domhnaill co na fiallach i luing hi cCuan
an Chaisléin an 6. lá do mhí Ianuarii, agus ros iomluaidh tinfedh
na céd ghaoithe dus fainicc trias an ffairrcce ffraoch aigmhéil go
ro ghabhsat cuan an 14 la don mis cedna i ccomhfhochraibh don
Chruinne, baile oirdearc eisidhe hi ríoghacht na Galise isin
Spainn agus bá hannsidhe baoí tor Breogain fris a raiti Brigantia
ro cumhdacht feacht riamh lá Breoghan mac Brátha, agus bá hassaidhe
tangattar Clann Milidh Espáinne mic Bile mic Breoghain do céd gabhail
Ereann for Thuathaibh de Dhanann. O do ruacht ua Domhnaill i
ttír isin cCruinne ro gabh for taistel an bhaile, agus do chóidh
do dhéghain Tuir Breogain. Bá faoiligh siomh dia rochtain i ttír
an dú sin ar ro badh dóigh lais gur bhó célmhaine mhór maithes dó
a thochar gus an maighin as ar ghabhsat a shinsir nert agus cumhachta
for Erinn feacht riamh.


L. 2294


Iar mbeith athaidh mbicc acc leccadh a sccísi isin cCruinne do chóidh
go hairm i mbaoi an Rí isin Castilla uair ba hann do rala dhó beith
an tan sin (Iar niomthoichell a fhlaithesa) isin ccathraigh dianidh
ainm Samora, agus ó do deachaidh ó Domhnaill hi ffiadhnaise in
rígh ro léicc for a ghluinibh é ina fhrecnairc, agus do roine umhla,
agus aidide dhó amhail ro bá dú dia mhiadhumhlacht agus ní ro fhaomh
eirghe co ro thingheall an righ a theóra hitche ndó. Bá sedh an cédna
dibhsidhe, Armail do chor lais dionnsaighidh Ereann co na
ccongaibh comhadhais, agus co na naidhmibh teachta cecip tan
robdar erlamha. An dara, gan nech do shaorclandaibh duaisle a
fhola do chor in niort nách hi ccumhachta uassa ná uas fior a ionait
do ghrés dia ngabhadh mordhacht an Rígh nert agus cumhachta for Erinn.
An tres itche gan cert a shinnser do laghdughadh, ná duirbhernadh
fair fein nó for fhior a ionaid tre bithe in gach maighin i mbaoí nert,
agus cumhachta aga shinnseraibh i nErinn rias an tan sin.



Ro geallaitt innsin uile lás an Rígh dósomh, agus fuair airmhidin
mhór uadha nach dóigh go ffuair Gaoidheal riamh i ndeireadh aimsire
a comhmór donóir ó nách rígh naile.



Iar ndénamh a thoscca amhlaidh sin dua Domhnaill fris in Rígh,
Ro chuinnigh an Rí fair soadh tar a ais don Chruinne agus airisiomh
annsidhe com bó fúirithe dó tocht ina frithing. Do róine siomh inn sin,
agus baoí hi ffoss go léicc go mí August ar ccionn. Bá crádh cridhe,
agus bá saoth menman lá hua nDomhnaill a fhod ro bháttar Gaoidhil
gan furtacht gan fóiridhin uadha agus rob imchian lais baoí an armáil
ro gealladh dhó gan rochtain go haon mhaighin, Ro triall doridhisi
do dhol do lathair an Righ dia fhios créd an tessnádhadh nó an
tiomfhuireach baoí for an sochraide ro gealladh lais, agus ó
do ruacht somh don bhaile dianidh ainm Simancas (dá léicce o
Ualladolíd do chuirt an Rígh) bá sedh do dheónuigh Dia, agus
do chedaigh a hainshén agus a hécconach, a misccaith, agus a mallacht
dInis Éiremhóin, agus do Ghaoidhelaibh glanBhanbha archena go
ro gabh galar a écca, agus easláinte a


L. 2296


oidhedha Ua Domhnaill, agus baoí fri ré secht la ndécc ina lighe
co nérbhail fó dheóidh ineacmaing na ree sin an 10 lá do September
do shonnradh isin tigh baoí ag Rígh na Spáinne badhéin isin mbaile
sin (Simancas) iar ccaoí a chionadh, agus a thargabhál, iar
naitrighe diochra ina peacthoibh agus dhoailcibh, iar ndenamh a
choibhsion gan díolocht fri a anmchairdibh spioratltaibh iar
ccaithemh cuirp Chriost, agus a fhola, agus iar ná ongadh amhail
ro badh techta a lamhaibh a anmcaratt, agus a shruithedh ecclastacdha
budhéin an tAthair Flaithri ua Maolchonaire (confessóir, agus
comhairleach spiratalta ui Dhomhnaill, agus rob airdespuc Tuama
iarttain cidh as a los) agus an tAthair Muiris Ulltach mac
Donnchaidh brathair bocht durd S. Fronseis a conueint mhainistre
Duin na nGall, bá do longportaibh í Dhomhnaill eisidhe.



Ruccadh dna a chorp go Ualladolíd (go cúirt an Rígh) hi cceithirriadh
cumhdachta go ndrongaibh dírimhe do Stata, do chomhairle agus do
gharda an Righ ina uirthimcheall go lochrannaibh lasamhnaibh, go
sudrallaibh solustaibh do chéir caomhalainn ar comhlasadh dá gach
leith dhe. Ro hadhnacht iaramh i mainistir S. Fronseis isin
ccapittil do shonnradh co miadhach mór onorach ionnas as airmhidnighe
ro hadhnacht aoin neach do Ghaoidhelaibh riamh. Ro ceilebradh
oiffrinn agus hymna iomdha, claiscetail, agus cantaice ceoilbhinne
do ráith a anma, agus ro gabhadh a éccnairc amhail ro badh dir.



Monuar tra ro badh liach do sochaidhibh muicherchra an tí testa
annsin ar bá hesidhe cenne coinne agus comairle áthcomhairc, agus
iomagallmha ermhóir Gaoidhel Ereann cidh fri sídh cidh fri coccadh.
Tighearna tothachtach toirbhertach go fforsmalta flatha, agus co
ndluthucchadh reachta, leó ar nert, agus cumhachta go ttomhaithemh
agus co fforspraic i ngníomh, hi mbreithir, co ná lamhtha a urtuasacht
itir, ar bá heiccen cecib ní nó fhorchongradh do dhenamh fair fó
chédóir amhail adbeireadh a bheoil. Colum ar chennsa, agus ar
ailghine fri neimhedh, eccalsa, agus ealadhan, agus fri gach naon
ná frith tairisedh friss agus ro badh riarach dhó. Fer ro dhing a
ómhan agus a imeccla ar chách a ccéin agus a ffoccus, agus for nár lá
nách aon imeccla ittir. Tigherna diochuirthe díbherccach, mudhaighthe
meirleach, mhórtha mhac mbethadh agus


L. 2298


riaghtha mhac mbáis, neach ná ro léicc a fhairbrígh, ná a iomarcraidh
a dhiúbairt na a dhimiadh gan a aithe agus gan a dhioghail gan fhuireach.
Imeachtraidh aindiuid amhnas, andána na noirer, Aircctheoir cogthach
creachach, coinghlecach na ccoiccrioch, diosgaoílteach, dian,
deinmnettach dúr dochoiscc Gall, agus Gaoidhel báttar ina acchaidh,
aon ná ro léicc dhe gan dénamh gach ní ro badh toisccidhe do fhlaith
an ccein ro mhair. Buabhall bionnglorach go mbuaidh ninnscne agus
nurlabhra, ceille, agus comhairle, go ttaidbhredh seirce ina dhreich
attar lá gach aen at as cíodh, tairrngeartach tinghealltach
ro fíorthiorchanadh lá fáidhibh ré chian ria na ghein, agus co
sainredhach las an naoimh érlamh Colaim Cille mac Feilim dia
nébairt




Ticfa fer an éngha aird,
do bhéra golmaircc in gach tír,
budh é sin an donn diadha,
is biadh .x. mbliadhna na rígh.




Bá trógh thra ro bás ag Gaoidhealaibh Ereann iar nécc uí Domhnaill,
doigh ro chlaochlaisiot a nairrdhe agus a naigenta, oir do rattsat
a milettacht ar miodhlachas, móirmhenma ar mheirtnighe, agus uallcha
ar inísle. Ro sgaith a ngráin, a ngaiscceadh, a ngal, a ngérraiteacht,
a ccosgar, agus a ccathbhuaidh iar ná oidheadh, Tallsatt céill dia
ccabhair gur bhó heigen dia nurmhór dol for iocht eccrat, agus
ainffine, agus araill ele for eisreidheadh agus for sgaoíleadh, ní
nama ar fud Ereann, acht seachnóin na ccennadhach go coitchend ina
naittreabthachaibh bochta dinnime dearoile, agus dronga ele ag
creic a namhsaine lá hechtar chenelaibh go ro marbhaitt, agus go
ro mudhaighitt drechta dearmhara do shaorchlandaibh soichenelchoibh
fer nÉreann i naile criochaibh cianibh comhaighthibh, agus ro badh
ádhbha aineoil agus eccalsa andúthchasa robtar Rómha adhnaicthe dóibh,
ar aba écca an aoín fhir sin do érna uadhaibh. Acht chena ro badh
eimhilt, agus ro badh diochumhaing ríomh nó aisnéis do na mór olcaibh
ro shíolaidh, agus ro shíorchlandaigh i nInis Ereann a los écca
Aodha ruaidh uí Dhomhnaill an tan sin.



Iar Sccaoíleadh do Ghaoidhelaibh iar maidhm Chinn tSaile amhail
remhebertmar ro chuir an Iustis an Presidens, Iarla Tuadhmumhan,
agus Iarla Cloinne Riocaird


L. 2300


go maithibh an tsloigh Gall archena rempa, Cenn tSaile
dionnsaighidh agus dol trias na doirsibh doghabhala agus trias
na beilgibh bernbriste do rónadh las an ordanas nallmurdha
nadhbhal mhór baoí leó acc caithemh, agus ag comhdiubhraccadh an
bhaile ón céd ló ro shuidhighsiot campa for a ionchaibh gus an
laithe sin. Od chualaigh Donn Iohn an ní sin, agus ó ro fhidir
na Gaoidhil gus a riacht, agus ro badh dóigh lais dia chabhair
do comhsgaoíleadh uadh agus a fhagbháil isin ionadh iomchumhang,
agus isin ccarcair comhdluta i mbaoí, agus ná baoí for cumas dó
sóadh for cculaibh go a chairdibh, na dhola ar a aghaidh for a
esccairttibh ar a naidhbhle, agus ar a niolardhacht, agus ar
feabhus a nimdeghla, agus a niomchoimhéda do ló agus dadhaigh,
así comhairle ro chinn teachta do chor uadha hi ccenn an Iustis, an
Presidens, Iarla Cloinne Riocaird, agus Iarla Tuadhmhumhan go
maithibh an tslóigh dia rádha riú go ttiocfadh for ionchaibh an
Iustis agus na ttighearnadh sin, acht namá an baile do léccadh da
mhuinntir go féil Patraicc ar ccionn, ced dola agus teachta isteach
agus


L. 2302


amach aga muintir féin, agus ag muintir na bainrioghna i ccumascc
araile, agus dna cett malarta a nairgitt agus a nerradh, agus gach
neith rangattar ales. Dia tticceadh furtacht no cabhair o Rígh na
Spainne dia saighidh in airet sin, dfiachaibh ar an Iustis Donn
Iohn do leiccen iomlán i mescc a mhuinntire, agus muna tticceadh,
an Iustis agus na tighearnadha sin dia iodhlacadh tar a ais don
Spainn, agus Donn Iohn do iodhlacadh an loingis do rachadh lais
ina niomláine go hErinn do ridhise.



Ro héistedh aithescc na tteachtadh las an Iustis agus las na
maithibh archeana agus ro haontaighedh dóibh amhail ro cuinnighsiot.
Iar naidhm agus iar nasccadh a ccoingeall dóibh dibhlinibh tánaicc
Donn Ion hi ccenn an Iustis, agus ro fiadhaigheadh go honorach é
lás an Iustis, agus las na maithibh báttar ina fharradh. Do thaod
an Iustis an Presidens, agus Donn Iohn go Corcaigh, agus
do sgaoílsiot cach dia ttighibh as a haithle.



Imthusa Iarla Tuadhmumhan tanaic sidhe dia tir iar mbeith athaidh
fhoda ina héccmhais hi Saxoibh, agus hi ccampa ChinntSaile,
agus níor bó cian ro bhaoí hi ffos iar rochtain dó dia duthaigh an
tan ro ionnsaigh na daoíne uaisle ro baoi ag aidhmilledh, agus ac
lot a tíre, o ro clos leó Donn Ion do tocht i nEirinn gus an
uair sin. Ro badh diobsidhe Toirrdhealbhach, mac Mathghamhna,
mic Toirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna uí Briain, agus Conchophar
mac Domhnaill mic Mathgamhna mic Briain uí Bhriain. Bá heigin
dhoibhsidhe na bailte baoi ina norlaimh gus a ttairrngedis
cuid aitthreabthach, agus aesa anffainn an tire dia saighidh (.i.
Doire Eoghain agus Baile an Chaislein) da chor in orlaimh
dhaoíne ccomhthrom lás nár lainn lot tíre inntibh no eistibh.
Do rattadh focal, agus cairde caicthidhisi on Iarla doibsiomh
le ceileabhradh da ccairttibh, agus leis an tir dfagbháil, agus
gan soadh tar a nais doridhisi gan ced an Iustis agus na comhairle.



Dála na ndaoine uasal riasiu ro chaithsiot deiredh a ffocail
ro triallsat


L. 2304


an tír dfagbhail, agus lottar tré Cloinn Chuiléin go rangadar
Cill da Lua, assaidhe tar Sionainn go hAra, agus ro triallsat
airisiomh na hoidhche sin do denamh i ndúthaigh Ara. Ot chualattar
clann Toirrdhealbaigh carraigh mic Toirrdhealbhaigh, mic Muircertaigh
mic Domhnaill, mic Taidhcc uí Bhriain .i. Donnchadh agus
Domhnall báttar acc imirt a hucht na bainrioghna) iadsomh do thocht
don tír amhail tangattar, iar ndeiliucchadh ré focal an Iarla, agus
gan focal an Phrionnsa, nó aoín neich eile aca, Ro ionnsaighsiott
iatt in gach maighin i mbáttar go ro herghabhaitt leó, cen mo tá
Toirrdhealbhach mac Mathghamhna uí Bhriain do chóidh iar ttochaithemh
a proinne fó choilltibh cluthair diamhra, agus fó chnocaibh
cenngharbha dia imdhiden for a easccairdibh. Atiad na maithe
ro gabhadh annsidhe, Concobhar mac Domhnaill, mic Mathgamhna uí
Bhriain, Brian ballach mac Mathgamhna agus Tadhcc Ulltach
mac Mathgamhna uí Bhriain gus an líon do rala ina ffochair, agus
iar na ngabháil tuccadh hi ccuimreach iad tar a nais hi ccenn an
Iarla go Cill dá Lua, agus ro crochadh iatt ina ccúpladhaibh is
na crannaibh bá coimhnesa dóibh aghaidh i naghaidh.



Iar sccaoileadh agus iar mbásucchadh na ndaoíne uasal, agus na
ffoghladh sin lás an Iarla do chóidh go Luimneach, agus assidhe
go Corcaigh hi ccenn an Iustis. Ro fhorchongair an Iustis for an
Iarla dol go Bérre go ttribh mílibh saighdiúir a maille fris, dus
an ccaomhsadh ammus do thabhairt ar ua Suillebhán mBerre, agus ar
na daoinibh uaisle báttar ina fharradh .i. drong do Shíol cCarthaigh,
Captin Tirial, Mac Muiris Ciarraighe O Concobhair, agus Ridire
an Ghlenna. Ni thard an tIarla i neislis an fhorcongra sin,
acht luidh reimhe gan anadh gan airisiomh go rainicc mainistir
Bendtraighe i nduthaigh Cloinne Eoghain uí Shuillebháin. Báttar
Clann Eocchain ag congnamh las an Iarla i naghaidh uí Suillebháin
dóigh do bhen ó Suillebháin Dún Baoí agus Berre dia nathairsiomh
do bhreith na comhairle toir agus a bhus, agus baoí aga rádha gur
bho dó ro badh dleacht cíos dfaghbháil i mBenntraighe.



Bá sé ionad a raibhe o Suillebhán co na shlógh an tan sin ag
Ceim an Ghabhair


L. 2306


etir an armáil don taoibh sin, agus dol isteach go Bérre. Ionadh
eisidhe baoí ina chonair choitchinn do dhol isin tír, agus baoí
aimhréidh iomchumhang lé gabháil trithe darmail mhóir na bainrioghna,
gion go mbeith gerrtha coilleadh, agus talmhan, daoíne, ordanás, agus
armáil suidhighthe for a ccionn amhail ro bhaoí an tan sin do gabháil
na conaire forra. Baoí an tIarla i ngar do shechtmhain i mainistir
Bhendtraighe, agus coinne etir é féin agus o Suillebháin, agus
ó nách rangattar i ngar dia roile, agus nár burusa don Iarla ná
don armáil in tslige iomchumhang sin damas nó dionnsaighidh,
do fhágaibh an tIarla garasún saighdiúiridh i nOilén Faoít ré
haghaidh uí Suillebháin, agus do chóidh fein tar a ais go Corcaigh
hi ccenn an Iustis.



Tadhcc caoch mac Toirrdhealbhaigh mic Briain, mic Donnchaidh
mec Mhathghamhna do mharbhadh go teccmhaiseach durchor peileir
lá a mhac fein i mBérre a mí Maii na bliadhna so. Bá hamhlaidh
do rónadh an marbhadh sin. An President, agus Iarla Tuadhmumhan,
agus an Gobernóir Ciarraigheach .i. Sir Serlus Uelment agus
tighearnaidhe na Mumhan doneoch bhaoí dhíobh ag congnamh lás
an bPrionnsa do thabhairt a naighthe uile ar Bhérre, agus ar
ua Suillebháin. Tarla do Thadhcc caoch gur bhen sé long cendaighe
amach ar an ffairrge rias an tan sin. Ro iarr ó Suillebháin
iasacht na luinge sin ar Thadhg dia cur don Spainn do chuingidh
cabhra ar Rígh na


L. 2308


Spainne riasiú nó chingfeadh armáil na bainríoghna fair. Ro ráidh
Tadhg ná tiubhradh an long dhó, ar ní bhaoí do dhaingen agus
do chosnamh aicce air fein, acht an long, agus iar na rádh sin dó
ro chuir a mhac féin go mbardaibh ele amaille fris do chosnamh na
luinge. Do chóidh o Suillebháin i mbád do bhuain na luinge amach
go haimhdheónach agus do rala Tadhcc amaille fris isin mbád an
tan sin. Ro fhuagair Tadhcc dia mhac Toirrdhealbhach, agus
don bharda ó Suillebhain co na mhuinntir do dhiúbhraccadh.
Do rónadh leósomh innsin, agus tar gach ndiubhraccadh do tarlaicedh
etorra ro amais Toirrdhealbhach Tadhcc durchor do peilér i
nuachtar a chléibh go ffuair bás isin ochtmadh la iar sin. Ba hé
an Tadhcc sin tighearna Corca Baiscinn iartharaighi co
ro hathchuireadh agus go ro hionnarbadh as a athardha lá hIarla
Ttuadhmumhan tri bliadhna rias an tan so go ttorchair amhail
a dubhramar. Ní bhaoí aon triocha chéd dÉrinn na baoí a
dhiongmhála do thighearna is an Tadhcc sin, ar láimh, ar
thíodhlacadh ar chennach fíona, each, agus ealadhan, agus dá mbeith
duthaigh, nó oidhrecht aicce as é an tí sin lás a ttorchair rob
oidhre diongmhala dia eisi.



Imthusa Iarla Tuadhmumhan iar ndol dósidhe go Corcaigh hi
ccenn an Iustis as í comhairle ro chinn an Iustis, an tIarla
do thionntúdh do ridhisi go slóghaibh lais gus an oilén in
ro fháccaibh siumh garasún ria sin .i. Oilén Faoít, agus coblach
co nordanás do chor timcheall ar muir go rangattar hi ccomhfhochraibh
Dúin Baoí go ro ghabsat caladhport, agus gabhaitt oilén dianidh
ainm Baoí Bherre, agus ro marbadh leó a bharda (im a ccaiptín
Risderd mac Rosa mic Connla meg Eochaccain).


L. 2310


Tucsat an cobhlach, a narm, agus a nordanás hi ttír ag Dún Baoí
go ro gabhsat, agus ro tochladh leó díocc dhaingen díthoghlaighi do
threinnsi trén láidir ar daigh an


L. 2312


bhaile do chaithemh lá hordanas. Báttar agá chaithemh athaidh
samhlaidh go ro leccadh, agus co ro láinbhrisedh an baile leó go
talmhuin agus go ro marbadh an bharda, agus an drong ná ro marbhadh
dhíobh ro crochadh iatt ina ccupladhaibh lá hIarla Tuadhmumhan.



O Suillebháin imorro iar mbein an bhaile sin de, do chuaidh co
na buar, agus co na bhótháintibh, co na mhuinntearaibh, agus co
na imirgibh ar cúlaibh a chnoc cenngharbh i ndiamhraibh, agus i
ndroibhélaibh a thíre. Baoí an tIarla co na shlócchaibh, agus
o Suillebhain co na socraide ag caithemh, agus ag comhfhuabairt
aroile go haimsir na Nodlacc. Do rónsatt an dá shluagh sin forbhais
agus fosslongport aghaidh ar aghaidh isin nGlenn Garbh agus bá
do dicenn daingin uí Suillebháin an glend sin. Báttar a dhaoíne
ag edarsccaradh go hincleithe gan athcomharc lá hua Suillebháin.
Ro imthigh uadh cettus Captin Tirial, agus rob eiccen dósomh
badhéin imthecht gan fhios, gan airiucchadh don Iarla ar saoire na
Nodlacc. Bá sedh a ccedna huidhe as an nGlenn Garbh go Baile
Muirne, an dara hoidhche i ccoiccrich duithche uí Chaoímh agus
mhég Amhlaoibh. An tres oidhche i nArd Pattraicc. An
cethramhadh oidhche ag Sulchóid, an cúicceadh oidhche, agus an
seisedh oidhche i mBel na Coilleadh, an


L. 2314


sechtmhadh oidhche hi Letharach, an tochtmadh oidhche i mBaile
Achaidh Chaoín. Ní bhaoí siomh lá, ná adhaigh in airett sin gan
deabhaidh, agus diantograim dioghaltach fair, agus ro fuilngedh,
agus ro fregradh go ferrdha fír bheódha lais siomh innsin. Iar ndol
dó in naomhadh oidhche gus an ccoill dianidh ainm Coill Fhinne,
do rónsat airisiomh fri ré dá oidhche an dú sin. Baoi Donnchadh
mac Cairpri mhec Aedhagáin ina ccomhfhochraibh, agus baoí sidhe
acc dénamh dánachta deabhtha, agus diubhraicthe ar ua Suillebháin
co na mhuinntir gur bhó héiccen a mharbhadh fo dheóidh ar ní
fhaomh coscc for comhairle uí Suillebáin. O ná fuarattar coitedha,
ináitt arthraighe ele ineallmha ro marbhaid leó a neachraidh ar
dáigh a ffeola dithe, agus diomchar, agus a ccadhal croicenn
do chor im shiothslataibh slimrighne do dhénamh curach diobh dia
niomchor tar an Sionaind sriobhuaine (.i. ag Ath Coilleadh
Ruaidh)


L. 2316


go rangattar gan gabhaidh gan guasacht tairsi go mbattar don taoibh
araill i Síol nAnmchadha. Lottar aissidhe go mbáttar an taonmhadh
oidhche décc acc Echdhruim ó Maine. Iar ttorachtain dóibh isuidhe
ro cruinnighsiot na hiatha agus na haicmedha roptar coimhnes dóibh
rempa agus na ndedhaidh go ro gairsiot dá gach thaoibh ina timcheall.
Bá do na huaislibh rucc forra don chur sin mac Iarla Cloinne Riocaird
Tomas mac Uillicc, mic Riocaird Saxanaigh, agus Mág Cochlain Sean
ócc, mac Seain mic Airt, agus ó Madaccain .i. Domhnall mac Seain,
mic Bresail, agus a mac Anmchaidh, agus dronga deglamhdha do
Shíol cCeallaigh, agus sochaidhe ele nach airimhtear co na
sochraitte uile amaille friu.



Rob éiccen dua Suillebháin, dua Choncobhair Ciarraighe, agus
dUilliam Búrc mac Seain na semar co na mbecc bhuidhin (uair
ní rabhattar sidhe uile, acht easbhaidh ar tri céd) anmhain acc
Echdhruim ó Maine le hiomghuin, agus ré hiombualadh, cothughadh
lé cathlathair, agus fromhadh a ffíorgaiscceadh fris na
hilchédaibh báttar


L. 2318


agá fforach, agus acca ffírlenmhain. Ro ionnsaigh ó Suillebháin
go ferccach foirniata, go fraochda ferchonta gus an maigin i
mbattar na Gulla, ar as riú bá huille a aincridhe agus a aininne,
agus ní ro airis gus an ionadh ina ffacaidh a ttoísech go
ro díchendaigh go dian deghthapaidh an saor Ghall sin lais .i.
Mac Captin Malbei. Ro sraoíneadh iaramh ar an tecclamadh slóigh
sin go ro marbadh líon dírímhe díobh. As ing ma do rónsat an urdail
do bhuidhin chuirthe ciainsiublaigh, agus a ttegmhail i
neittirmhedhón a namhatt, samhail an deirgheinset dáithes ag
cosnamh a nanma agus a noirdearcais an lá sin. Tiagait assidhe
iar mór ghaibhthibh iar ttriall a mbrath, agus a mairnte fors na
conairibh go rangattar go hUlltoibh.



Mac Conmara fionn, Sean mac Taidhcc, mic Conmeadha décc, 24.
do mhí Fhebru agus Domhnall a mhac do gabh a ionad.


L. 2320


Toirrdhealbhach mac Mathghamhna, mic an espuic uí Bhriain
do mharbhadh hi Maineachaibh le Sean a Búrc mac Riocaird, mic
Seain ó Dhoire mec Lachtna.



Mac Bruaidedha, Maoilin ócc, mac Maoilin, mic Conchobhair décc
an lá déidhenach do mhí Dhecember. Ní bhaoí i nErinn i nén
pearsain Senchaidh, file, agus fer dána do bferr inás. Asé
do chum na duanta senchasa so i ndán díreach.




Cuirfett cumaoín ar cloinn Táil.
Tucc damh taire a Insi an laoígh.
Aithin meisi a mhég Cochláin.
Tabhram an chuairt si ar cloinn Chais.
Deóraidh sunna sliocht Cathaoir agus
O cethrar gluaisid Gaoidhil. etc.




Sluaiccheadh lá Niall ngarbh ua nDomhnaill go nGallaibh agus go
nGaoidhealaibh amaille fris as an Fhraochmagh i tTir Eoghain ar
foráilemh an Iustis baoi hi


L. 2322


fforbhaisi for oilén an Fhraochmaighe an tan sin go ro crechadh
lais Corbmac mac an Bharúin derbhrathair í Néill, agus an
Busdúnach, agus siar gus an machaire Stefanach go ttartt airccthe,
agus creacha iomdha lais gus an fFraochmhaigh dionnsaighidh an
Iustis.



Sloiccheadh ele lá Niall ua Domhnaill do Ghallaibh, agus do
Ghaoidhelaibh ina fharradh go Breifne í Ruairc go ttucc buar
dírimhe lais.



King Semus do ríoghadh i nionad na bainríoghna Elizabeth an
cethramhadh lá fichet do Mharta, 1602, do réir airmhe na Saccsan,
agus do reir rímhe na Romhan as 1603 agus as eisidhe an seiseadh
Sémus do rioghaibh Alban.


L. 2324


Imthusa í Neill agus na nGaoidheal ro ansat i nErinn iar maidhm
Cinn tSáile, bá sedh ro thioncoiscc, agus ro aithin ua Domhnaill
Aodh ruadh díobh ria nimtheacht dó don Spainn calma do dhénamh
acc cosnamh a nathardha fri Gallaibh go ttíosadh somh sochraitte
lais dia ffóirithin, agus airisiomh isin iomshuidhe i mbáttar ar
ro badh becc a ttesbaidh gé ro meabhadh forra. Adbert friu dna nár
bhó hurasa dóibh iompudh ineallmha dia ttír dia madheadh
ro badh lainn leó, ar nó beittís a naimhde agus a mbíodhbhadha
agá ttóraigheacht, agus acca ttoccraim, agus an drong robtar
grádhach carthanach impa acc tocht dóibh don Mumhain, gomdís
misccnech miorúnach iadsidhe dóibh ag tionntúdh dia ttíribh, agus
go mbeittis aga ffuabairt, agus acc dénamh a nédala, agus acc
cluiche agus acc fanamhatt impaibh.



Ní ro ghabhsatt tra maithe Gaoidheal an chomhairle sin, agus ní
dhearnsat fair an ro chuinnigh chuca ó na baoí fein etorra. Acht
asedh ro chinnsiot tionntúdh dia ttíribh. Lottar iaramh ina mbrédibh
slóigh gan cennas uadhaibh daoin tighearna acht gach tighearna, agus
gach toíseach fó leith co na thairisibh, agus co na mhuintir dhílis
ina lenmhain. Monuar amh níor bhó hionann menma, agus meisneach,
brígh agus borrfadh, báigh, agus barann do na Gaoidhealaibh ag
filledh ina ffrithing an tan sin, agus amhail ro bháttar ó thús acc
dol for an eachtra sin. Ro fíoradh forchanta na flatha uí Dhomhnaill,
agus gach ní ro thairrngir dóibh, ar ní namá ro choimhéirghettar
a mbíodhbhadha bunaidh ina naghaidh rempa, agus ina ndiaidh
do chathucchadh friú, acht ro éirghettar an taos carattraidh, agus
coimhchengail, agus a ccomhrannta coccaidh go mbáttar ag deabhaidh
agus acc diubhraccadh forra in gach conair iomchumhaing trés ar
chingsiot. Nír bhó hurusa dia naireachaibh agus dia nuaislibh
dia nóccaibh


L. 2326


agus dia miledhaibh anacal agus imdeghail a muintire ar fhod na
slicchedh baoí rempa agus lá hiomat a nesccarat, lá doininn agus
lá deartan na gairbhsine geimhreatta ar bá deireadh Geimhridh do
shonradh baoí ann an tan sin. Ar a aoí chena rangattar iar
mór ghaibhtibh dia ttíribh gan écht oirdheirc dfágbháil, agus
ro ghabh gach tighearna tíre aca ag imdhíden a athardha amhail as
ferr ro fhéd.



Rudhraighe dna ó Domhnaill mac Aodha mic Maghnasa bá haiccesidhe
ro fháccaibh ó Domhnaill (an adhaigh ré nimtheacht dó) cennas a
mhuintire, a thíre, agus a thalmhan, agus gach neithe ro badh toich
dhó go ttíosadh somh ina frithing do ridhisi, agus ro aithin dua
Neill, agus do Rúdhraighe gomdís carattrach fri a roile amhail
ro bháttar somh fein ina ndís. Ro thingheallsat dósomh innsin.



Ro iadhsatt Cenel cConaill iarttain im dhamhna a fflatha gér
bhó sccaradh cuirp fri hanmain lá a nurmhór edarsccaradh fris an
tí ro badh cuingidh agus ro badh forlamhaidh forra gó sin. Ro ghabh
tra mac i Domhnaill Rudhraighe acc réimshéducchadh a muintire
co seitreach síorchalma in gach conair dodhaing doimtheachta, in
gach gábhaidh, agus in gach guasacht do rala dóibh ó do fhágaibhsiot
CenntSáile go rangattar i nurthosach Earraigh go hiochtar Connacht
airm i rabhattar buar, agus brugadha, crodh, agus cethra Cheneoil
cConaill seachnóin na tíre isin cCorann hi Luighnibh, agus hi
tTír Fhiachrach Muaidhe. Bá maith an buachail agus an taoghaire
do riacht cucasomh annsin, ar gér bhó hiomda crodh coiccriche
ro fhaccaibh ó Domhnaill agá mhuintir acc sccaradh friú, ní
ro léicc Rudhraighe a nathchumaoín uadha dia aimhdeoin do
shaighidh nach tíre as a ttuccadh iatt, dóigh ro shern, agus
ro shrethnaigh a amhsa, agus a óccbhaidh for bernadhaibh baoghail,
agus for enaighibh eisinnile na criche co ná lamhtha tocht thairsibh
dfoghail no dinghreim neich dia mhuintirsiomh.



Baoí dna ó Gallchubhair Eoghan mac Seain acc iomchoimhétt Baile
an Mhótaigh ó ua nDomhnaill o ro triall isin Mumhain gus an
tan sin, agus ó do riacht Rudhraighe chuca do bhert an baile ndó
co mbaoí for a chumas.


L. 2328


Caistiall Bheóil Atha Senaigh i mbáttar iomchoimhéda ó ua
nDomhnaill do ghabháil lá Niall ngarbh ua nDomhnaill, agus lá
Gallaibh iar ná bhriseadh, agus iar ná bhlaidhrébadh lá gonna
mór do beartsat chuicce, agus an barda do tearnúdh as ar eludh
ó na baoí cobhair ná comhfhurtacht i ccomhfhoccus dóibh agus bá
isin Earrach do shonnradh do gabhadh an caistiall híshin.



Inis Saimhér agus Inis meic Conaill do gabháil lá hAodh
mbuidhe mac Cuinn uí Dhomhnaill, agus Corbmac mac Donnchaidh
óicc Mhéguidhir do ghabháil lais bheós.



Niall garbh co na dearbhraithribh, agus go nGallaibh do dhol i
nartraigibh for Loch Eirne go ro gabhadh, agus go ro briseadh
leó Inis Ceithlenn. Ro gabhadh leó din Daimhinis, agus Lios
Gabhail, agus ro fháccaibhsiot bharda indibh.



Mac Suibhne Baghaineach, Donnchadh mac Maoilmuire do thocht
dionnsaighidh Neill í Domhnaill agus na nGall. Niall, agus
mac Suibhne do thochar ré druing do Shiol Uidhir, agus do
Chloinn Chaba dia ro marbhadh sochaidhe agus Brian mac Dubhghaill
még Caba do gabhail leó.



Oilén Cille Tighearnaigh hi fFearaibh Manach do gabhail lá
Domhnall mac Cuinn i Dhomhnaill, agus édala iomdha do thabhairt as.



Creach lá hAodh mbuidhe mac Cuinn i Dhomhnaill for Tuathal
mac Feilim duibh í Neill i nduthaigh sleachta Airt i Neill.



Sir Oliuer Lambert do theacht sluagh mór do Ghallaibh agus do
Gaoidhealaibh isin tSamradh do shonradh go Slicceach, agus báttar
hisuidhe hi fforbhaisi for


L. 2330


Rudhraighe ua nDomhnaill baoí alla tuas díobh, agus for iochtar
Chonnacht ar chena dus an ttáirsidís ní dá nédalaibh. Do dheachaidh
umorro Cathbharr mac Aodha duibh i Domhnaill go ro chengail a
chura agus a mhuinnterus lá Sir Oliuer. Bá hann bhaoí airisiomh
agus dúnarus Cathbhairr an tan sin i nDun Aille don leith a niar
do Shlicceach. Assedh ro triall Sir Olibher, agus Cathbharr
co na shlógh dol diarraidh creach agus edala go Fearaibh Manach.
O ro clos lá Rudhraighe ua nDomhnaill an tertriall sin bá doiligh
lais a aos codaigh agus caradradh do ionradh gan tocht dia ffurtacht
dia ttiosadh de agus do choidh do shaighidh uí Ruairc (Brian ócc)
da iarraidh fair tocht ina shochraitte ar co ttochradh fris na Gallaibh
isin cconair in ro badh dóigh lais a ffagbháil i nedarbhaoghal,
agus ro chuinnigh fair beós congnamh lais isin ccoccadh go ttíosadh
o Domhnaill do chobhair Gaoidheal, agus dúnadh daingen díthoglaighi
dia bhailtibh nó bhiadh na ionad cumsanta agá aos gonta agus
athgaoithe, einirti, agus easláinte, agus dna fris sin go ro léicceadh
a mhuintir co na ccrodh, agus cethraibh chucca ina tir. Ro ob
ó Ruairc mac uí Dhomhnaill im gach ní ro shir fair. Bá méla, agus
bá hathais laissiumh a éimghedh idir, conadh eadh do róine ó na
baoí coimhlíon slóigh ris na Gallaibh airisiomh ag imdheghail a
mhuintire badhéin.



Dala Sir Oliuer do chóidh sidhe agus Cathbharr co na ttionól
go ro creachadh leó ina mbaoí ina ccomhfhoccus do Fearaibh Manach,
agus do beartsat éttala iomdha leó, agus imsuidhsiot dia ttighibh.



Ro haisneidheadh do Sir Oliuer an tertriall do róine Rudhraighe
ó Domhnaill, agus amhail ro chuinnigh for ua Ruairc tocht lais
dia toirmescc somh don turus rémhebertmar. Ro mhédaigh a aincridhe
ní bádh uille fris as a los gonadh aire sin ro thóchuir fuilleadh
slóigh a hAthLuain ina dochum do dhioghail a mhisccne for Rudhraighe.
Od chualaigh Rudhraighe go mbattar Goill Atha Luain ag tocht
don leith anuas dia ionnsaicchidh, agus Goill Shliccigh don leith
ele, Ro tiomaircedh a chrodh agus a cethra, a innile, agus a airnéis
lais thar Coirrshliabh na Seghsa hi Maigh Luircc, assidhe tar
Sionainn hi Muintir Eolais, agus co Sliabh an Iarainn hi
cConmaicne Réin co na tarthaiter Goill ní díobh, agus go
ro iompaídhsiot Goill Atha Luain dia ttighibh gan nach cosccar
don cur sin. Do thaodsat muintir meic


L. 2332


Ui Dhomhnaill co na ccrodh for ccúlaibh do ridhisi gus na háitibh
as ro fhógluaissiot .i. gus an cCorann go Luighne, agus co
Tír Fhiachrach.



Do chóidh umorro Rudhraighe budhéin go líon a thionoil go ráinicc
go hoilén Locha hIasccaigh alla toir do Dhún na nGall airm a
mbattar bardadha i Dhomhnaill, agus in ro fáccbhadh ua Concobair
Sliccigh hi laimh o ro gabadh eisidhe lá hua nDomhnaill go
deireadh an tSamhraidh hísin. O do riacht somh don bhaile báttar
faoíligh a mhuintir riamh. Ro thingeall ó Conchobhair a óighriar
do mac uí Dhomhnaill, agus iar naidhm a ccor agus a cconnartha
fri a roile ro léicc ua Conchobhair a geimheal, agus do dheachattar
iaramh tar anais hi cConnachtaibh.



I neacmhaing na ree sin .i. Isin fFoghmhar do shonradh ro thionoilsiot
Goill Rossa Comáin, agus uachtair Chonnacht sluagh mór do thocht
for Rudhraighe ua nDomhnaill doridhisi, agus ní ro hanadh leo
go rangattar go mainistir na Búille. Ro tecclamadh slógh naile
lá Rudhraighe, agus lá hua cConchobhair ina ccomhdháil go
riachtattar tar Coirrshliabh go ro ghabhsatt longport fo erchomhair
an bhaile don taoibh araill. Do bertsat a muinteara co na crodh,
agus co na ccethraibh iar na ccul ó Mhagh i Ghadhra hi cCúil
ó fFinn, gus an ccend thoir do Coirrshliabh, ar bá homhan leo
na Goill báttar hi Sliccech dia ccreachadh dia néis dia mbeittis
i neittirchéin uadhaibh. Báttar athaidh amhlaidh sin aghaidh i
naghaidh hi ffoichill aroile. Ro gonadh agus ro loiteadh daoíne
iomdha etorra in airett báttar isin mainistir. Bá cian lás na
Gallaibh báttar an tucht sin gonadh edh ro chinnset ionnsaighidh
an Bhealaigh Bhuidhe for Rudhraighe, agus for ua cConchubhair,
agus dol tharsa dia naimhdheóin. Ro freslaid agus ro friotháilitt
lás na Gaoidhealaibh uair ro ficcheadh sccainnear chródha etorra
go ro marbhadh ile do na Gallaibh, agus gur bhó heiccen dóibh fó
dheóidh filleadh ina ffrithing iar na mélachtnucchadh go mór.
Fáccbhaitt an mainistir iaramh, agus do dheachattar tar anais
go Ros Comáin.



Dus ficc Rudhraighe agus ua Conchobhair tar Coirrsliabh, agus
ro ghabhsatt foslongport ag Esdara hi fforbhaisi for na Gallaibh
báttar hi Slicceach. Feacht ann dus narthaiter foirend do na
Gallaibh rémhráite ag béin arbha, agus glasgort


L. 2334


an tíre ar níor bho saidhbhir lóin iadsidhe, agus ro mudhaighit
leó fó cédóir. Do rónsat osadh míosa fri aroile iarttain.



Ro thocaithsiot samhlaidh go hurthosach Geimhridh go ro chuir Lord
Leutenant General coccaidh na hEreann (.i. Charles Blunt .i.
Lord Mountioy), teachta agus sccribhenn do shaicchidh Rudhraighe
í Domhnaill dia aslach fair teacht fó shíth, agus caonchomhrac.
Bá hedh a ttothacht dia rádh ris gur bhó hiomairccidhe dhó gé
nó dhiccsedh fó sídh agus cháirdine, agus ro badh aithreach lais
muna thíosadh ittir, uair do ruacht sccéla chuiccesiomh go ro écc
ua Domhnaill derbrathair Rúdhraighe isin Spáinn, agus go
ndeachaidh an coccadh do leithleith dia oidheadh, agus ro badh
toghaoís, agus ro badh mealladh mór dó muna dearnadh sídh friusumh
a ttraitte.



O ro hairléugaitt na litre ro gairmit a chomhairligh go Rudhraighe
dus ciodh do dhénadh agus ro ghabh ag crúdh a chomhairle friú. Báttar
foirenn díobh agá rádha nár bhó fír écc í Domhnaill, agus gur ab
dia bhréccadh agus dia thogaothadh somh, agus dia accomhal fri
dligheadh ro dolbhadh an sccél sin chuicce. Do bháttar drong ele
agá rádh gur bhó fíor, agus gur bhó deghcomhairle an tsíth
do gabhail an tan ro bás aga haslach forra conadh fair ro hanadh
leó fó dheóidh eissiumh agus ua Conchobhair Sliccigh do dhol go
hÁth Luain do naidm a siodha fris an nGeneral. Tiagaitt iarttain,
agus ro fiadhaighitt lasm nGeneral, agus do ratt onóir agus
airmhittin mór do mac í Dhomhnaill, agus do róine sídh fris a
hucht an righ, agus ro naidhm a chairdes frissiumh sainrith.
Comhairléiccis dó iaramh dol dia athardha diamadh lainn lais.



AOIS CRIOST, 1603.
Aois Criost, mile, se cétt, a trí.



O Neill Aodh mac an Fhirdhorchae, agus urmór Gaoidheal Leithe
Cuintt do thocht fó shídh cenmotá ua Ruairc ar ro herfhuaccradh
sith coitcenn, agus aisecc a fhola,


L. 2336


agus a dhuithche dá gach aon la badh áil o mhórdhacht an rígh King
Sémas iar na oirdneadh i nionadh na bainríoghna ós Saxaibh Frainc,
agus uas Eirinn.


L. 2338


Mac Suibhne Fánatt Domhnall do thocht fó dhliccheadh dionnsaicchidh
Neill í Dhomhnaill.


L. 2340


Mac Suibhne na ttuath Maolmuire mac Murchaidh, agus Cathbharr
ócc mac Cathbhairr, mic Maghnasa i Domhnaill do dhol hi tTír
Chonaill co na muintearaibh, agus co na ccrodh do choccadh fri
Niall garbh agus fri Gallaibh, agus ní ro hanadh leó go rangattar
do na Rosaibh, agus dona hailénaibh. Nír bhó cian doibh samhlaidh
an tan ro creachadh iatt lá Niall co na bhraithribh, agus
ro herghabhadh Cathbharr ócc go mbaoí hi láimh leó.



Muintir Rudhraighe í Domhnaill co na uile chrodh agus cethraibh,
agus iolmhaoínibh do dhol hi tTír Chonaill isin cceid mhí dEarrach,
agus Rudhraighe badhéin co na thionól, agus co na thóicestal
Gaoidheal agus Gall im Captin Guest do dol (ria tteacht aniar dia
mhuintir) do dhioghail, agus daithe a dhímiadha agus a easanora ar
ua Ruairc, Brian ócc amhail ro bhaoí ina mhenmain athaidh rias
an tan sin, go ro airccsiot, agus co ro innirsiot an Breifne etir
ith agus arbhar, agus gach a ttaithaiter dia ccrodh ar ro teichsiot
a nurmhór fo diamhraibh agus droibhelaibh na críche. Ro marbhaitt
uathadh daoíne eatorra im Eoghan mac an Fhirdhoirche í Gallchubhair,
agus im Thoirrdhealbhach mac Mec Lochlainn torchrattar comhthuitim
ré roile don chur sin. Ro faccbhadh drong do Ghallaibh i ngarasun
i nDruim dá Eithiar ar dáigh aidhmillte


L. 2342


na criche ina nuirthimcheall. Rob éiccen dua Ruairc beith i
nuathadh sochaidhe hi ffedhaibh agus hi ffáinghlenntoibh, agus for
oilénaibh uisccidhe a thíre o sin amach.



Dala Neill ghairbh i Dhomhnaill do riacht sgribhenn o Ath Cliath
dia shaighidh dia chuinghidh fair teacht do lathair an Iustis agus
na comhairle do ghlacadh paiteint ar Tir Conaill a lógh a sheirbhise,
agus a fhoghanta don choróin. Ro léicc siomh hi


L. 2344


ffoill an ní sin conadh edh do róine dol co Cill Meic Nenain, agus
do ratt ó Firghil comharba Cholaim Chille dia saighidh, go
ro goireadh ó Domhnaill de gan comhairleccadh dfior ionaitt an rígh
nó don chomhairle. Iar ná cloistin sin don Iustis agus don Comhairle
fá mioscais leó an tí Niall, agus dna nir bó sainshercach las
an nGeneral Sir Henri Docura é bheos gér bhó tairisi, agus ger bo mor
a foghnamh dhó rias an tan sin.



Do rala tra Rudhraighe ua Domhnaill i nAth Cliath i nionbhaidh
sin, agus ro gairmedh é do lathair an Iustis, agus na Comhairle.
Ro faoidhedh litre agus sccribhenna lais go Sir Henry Docura dia
fhurail fair Niall garbh do erghabhail, agus ro cuireadh araill
do captinibh ina chaoimhtheacht, dus ficc imorro Rudhraighe go
Doire, agus ro chuir an Gobernoir drong do toíseachaibh, agus do
chaiptinibh Doire lacuna. Gabhthar dna Tuathal mac an deccanaigh
i Ghallchubhar, Aodh buidhe mac Seaain óicc, agus Feilim mac
Seain óicc go ndruing ele gen mo thát don chur sin. Ro ela Niall
gar becc iar sin, agus do chóidh féin co na bhraithribh, agus co
na muintearaibh fó choilltibh Chinn Maghair.


L. 2346


Do marbhadh Maghnus ócc o Sruithéin an tan sin lá Domhnall
mac Cuinn í Domhnaill a ndioghail a dearbhrathar ro marbhadh
laissiumh feacht riamh .i. an Calbhach mac Cuinn. Bá ferr do
ná dingenadh an gniomh sin ar dus fangattar uilc iomdha dóibhsiomh
fó a bhithin. Dóigh ro forchongradh for Rudhraighe ua nDomhnaill
co na mbaoí lais do Ghaoidhelaibh, agus for na caiptinibh tangattar
lais don tír, agus for Chaiptín nGuest baí ina chaoimhtheacht
hi cConnachtaibh lenmhain Neill, a dearbhraithreach, agus a
muintire dia ccreachadh, agus dia nionnradh. Do rónadh laissiomh
amhail ro herfhuaccradh ndó co ná ro fáccbhadh míl ninnile ag
muintir Néill, agus go ttartsat ilmhíle do crodh leó go
ndeachattar dréchta dearmhara dár creachadh ann décc dfhuacht agus
do ghorta. Ro rann Rudhraighe na creacha, agus do rad a ttéchta
do na huaislibh do riachtatar ina shochraide. Do crechtnaicceadh
Aodh buidhe mac Cuinn ina mughdorn agus ro cuireadh dia leighes
hi cCrannóicc na nDuini is na tuathaibh irRos Guill do shonradh
é. Ra gabhadh an tAodh cédna la Gallaibh, agus ruccadh é illáimh
go Doire. Ro gheall an Gobernoir ná leicfeadh amach é go tticceadh
an tí do roine an marbhadh (Domhnall mac Cuinn) a ffuasccladh as.
Do chuaidh Niall agus Domhnall ar focal do lathair an Gobernora.
Do léicceadh Aodh buidhe agus do gabhadh Domnall.



Téid iarttain Niall ó Domhnaill go Saxaibh diarraidh maithmhe
ina choiribh agus dfaghail lóghaidheachta a sheirbhíse, agus a
fhoghanta do choroin tSaxan ón Righ Semus. Do dheachaidh
Rudhraighe ó Domhnaill go Saxaibh on modh ccédna gion gur bhó
hionann a ffoghnamh a ndís don choróin, agus baoí gach aon aca acc
foillsiucchadh a cheirt ar Thír Chonaill, conadh ann ro ordaigh
an Rí agus an Comhairle Rudhraighe ó Domhnaill ina Iarla ós Tír
Chonaill, agus a dhúthaigh féin do Niall .i. o Leachta Siubhaine
siar, gus an Sesccann Lúbánach thall, agus abhus ar gach taoibh
don Fhind


L. 2348


Fhind agus tiaghaitt araon i nErinn fó shidh agus chóra iar
reidhiucchadh etorra amhlaidh sin.



Niall garbh mac Rudhraighe, mic Eiccnecháin, mic Eiccnecháin,
mic Neachtain mic Toirrdhealbhaigh an fhíona i Dhomhnaill décc.



Conchobhar mac Donnchaidh, mic Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh í
Bhriain décc a mí December.



Gorta diofhulaing seachnóin Ereann.



AOIS CRIOST, 1604.
Aois Criost, Mile, Se chétt, a cethair.



Ua Ruairc Brian ócc mac Briain na murtha, mic Briain bhallaigh
mic Eocchain do écc i nGaillimh an 28. Ianuarii, agus a adhnacal
i mainistir Ruis Iriala ag braithribh S. Fronseis. Ro ba dainimh
écc an tí tesda annsin, ar bá heisidhe Post congmhála, agus gabhal
fulaing catha Aodha find, tuir catha ar chalmatas, Rinn agha agus
iomghona ua mBriuin, fer crodha, cosantach ná ro léicc an Bhreifne


L. 2350


do baoghlucchadh ina ré, fer fosaidh forniata, cennais fri cairdibh,
mata fri naimhdibh, fer ro badh dearscaightech iocht agus eineach,
uaisle agus oirbert, anadh agus oirisiomh ré hathaidh don chenél dia
mbaoí.



AOIS CRIOST, 1605.
Aois Criost, Mile, Se ced, a cúicc.



Sir Artur Chicester Iustis na hErenn, agus Iarla Tire hEoccain
Aodh mac an Fhirdhoirche do thocht ar an Srath mBán, agus
ro bhaoí ua Neill ag agra blaidhe don dúthaigh fuair Niall ó
Domhnaill on Rígh .i. an Moentacht. Tucc Niall do lathair an
Iustis na dearbhtha baoí aicce ar lorcc a shinnsear ar an Moentacht,
agus dna frissin na cartacha do bhen Maghnus ó Domhnaill dua
Neill do Chonn bhacach a ffuasccladh Enri mic Seain buí i
laimh ag ua nDomhnaill (Maghnus) go ffuair na cartacha sinn ass,
agus iar ttuicsin a sccéil ar gach taoibh don Iustis Sir Artur
Rucc do bhreith an Moentacht do Niall, agus atbert ná ro cumhaing
Ua Neill an fearann dagra ó chert, ar do chóidh i rúdhrachus fhoda
ó do chóidh tar shesgat mbliadhan. Rob éiccen dóibh díbhlínibh
airisiomh for an mbreith sin.



O Ruairc Tadhg mac Briain mic Briain mic Eoghain tigherna na
Breifne, fer fuair mór nimnidh, agus néttualaing acc iomchosnamh
a athardha fri a dherbrathair ua Ruairc Brian ócc, fer na
ro saoileadh a ecc fri hadhart, acht a oidheadh do rinn no dfaobhar,
fer fuair deabhta duilghe, agus gáibhthe guais iomdha acc saicchidh
oidhreachta a athardha, agus ionaid a athar gur ro léicc dia
ticcernas chuicce fo dheoidh, agus gur ro ecc, agus a adhnacal i
Mainestir .S. Fronseis i cCarraicc Phattraicc go nonóir amhail
ro badh díor.


L. 2352


AOIS CRIOST, 1606.
Aois Criost, Mile, Se ced, a Sé.



AOIS CRIOST, 1607.
Aois Criost, mile, Se ced, a Seacht.



O Baoighill Tadhcc ócc, mac Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh décc
i nDruim Arc lá taobh Baile í Bhaoighill an 3. Maii, agus a
adhnacal i nDún na nGall.



Máguidhir Cuchonnacht, agus Donnchadh mac Mathgamhna, mic an
espuicc uí Bhriain do thabhairt luinge leó go hÉrinn gur
ro gabhsat i ccuan na Súilighe. An tIarla o Neill Aodh mac an
Fhirdoirche, agus an tIarla o Domhnaill Rudhraighe mac


L. 2354


Aodha, mic Maghnusa co ndruing móir do maithibh choiccidh Uladh
do bhreith leó a hÉrinn. Itiatt do dheachattar la hua Neill
an chontaoís Cateríona inghean


L. 2356


Meg Aonghusa, a triur mac Aodh (.i. an Barun). Sean, agus
Brian, Art óg mac Corbmaic, mic an Bharúin, Fer dorcha mac
Cuinn, mic í Néill, Aodh ócc mac


L. 2358


Briain mic Airt i Neill go ndruing móir dia thairisibh cenmothat.
Itiat do chotar lasin Iarla ua Dhomhnaill Cathbharr a
dearbhrathair co na dheirbhshiair Nuala, agus mac an Iarla Aodh
tesda tri sechtmhuine gan a bheith i naoís a bhliadhna. Rois
inghen ui Dhochartaigh ben Cathbhairr co na mac Aodh i naois
da bhliadhain agus ráithe. Mac a dhearbhrathar Domhnall ócc,
mac Domhnaill. Neachtain mac an Chalbhaigh, mic Donnchaidh Chairbrigh
uí Dhomhnaill go ndreim móir dia tairisibh bheós a maille friú. I
ffeil na Croiche isin fFoghmhar do chóidhsiot isin luing. Bá maith
an lucht aon luinge battar ainnsidhe ar as dearbh deimhin ná
ro thaoscc muir, agus na ro fogluais gaoth a hÉirinn is na
deidhenchoibh lucht aon luinge báttar ferr, agus báttar airegdha
agus bá huaisle ar aoí ngeinelaigh, bá ferr gníomh agus gart,
engnamh agus oirbhert ináitt dia ndeónaigheadh Dia airisiomh ina
nathardha go soisedh lá a naos aoidedhach rochtain go haois
fherrdhata. Maircc croidhe ro sccrúd, maircc menma ro miodhair,
maircc aithescc ro fhuighill an chomhairle trias a ttainicc dul
na druinge do dheachattar for an echtra sin agus gan dáil a rochtain
for ccúlaibh ina niomláine dia ndomhnas duthaighe, nó dia
nathardha bhunaidh co foircenn an bhetha.



AOIS CRIOST, 1608.
Aois Criost mile Sé cett, a hocht.



Eassaonta agus imresain anffoil do eirghe etir an nGobernóir baoí
i nDoire Coluim Chille .i. Sir Seoirsi Palet, agus Ua
Dochartaigh Cathair mac Seain óicc.


L. 2360


Nír bhó hedh namá ro imbir an Gobernóir tar agus tarcusal fair
ó bhreithir, acht do bhert fris sin pennaintt dia chorp gur bhó
ferr lais a bhás inas a bhetha ria siú nó fhoidhemhadh an dímiadh,
agus an easonoir fuair, agus nó léiccfedh for dáil nó for cairde
gan a dioghail, go ro líon dfeircc agus dinnire gur bhó suaill
ná deachaidh for fualang agus dásacht conadh edh do róine a
comhairliucchadh fri a thairisibh ionnas no digheladh an sár
do rattadh fair. Bá sedh cétus ro chinnsiot


L. 2362


a haon chomhairle an 3. Maii Caiptin Hart baoi isin cCúil
Móir (baile sin fil for ur Locha Feabhail alla thíos don Doire
a dubhramar) do thochuireadh ina dhochum, agus a ghabháil go ffuair
an baile as. Do thaod fo chedóir isin dedhoil go Doire, agus
do bert uardhúsccadh namhatt for fianlach an bhaile. Ro marbhadh
an Gobernoir lá hEócchan mac Neill mic Gerailt uí Dhochartaigh,
agus Leutenant Corboii lá Sean mac Aodha, mic Aodha duibh uí
Domhnaill. Ro marbhadh dna sochaidhe oile cen mo thát somh.
Do gabhadh Caiptin Henri Ueghan, agus ben epscoip an bhaile.
Ro crechoircceadh, agus ro loiscceadh an baile leó iarttain agus
tucsat ettala aidhbhle ass.



Monuar amh gídh nar bhó mactnadh an tuasal aireach daithe a
easanora, Ro badh dírimh doaisneisi na huilc ro shiolaigh, agus
ro chlandaigh i ccoicceadh Uladh uile tres an ccomhthogbháil
choccaidh sin ro triall i nacchaidh rechta an Rígh, uair bá desidhe
tainic a bhás somh badhéin (18. Iulii ar ccionn) lá hard Marascal
na hEireann, Robert Uincuel, agus lá Sir Oliuer Lambert, agus
a roinn ina chethramhnaibh comhroinnte etir Doire agus an Chuil
Mhór, agus a cenn do bhreith a ttaisealbhadh go hAth Cliath, agus
bás sochaidhe duaislibh, agus dairechaibh an chóiccidh ro badh
eimhilt dfaisneis. Bá de eiccin, agus do imtheacht na nIarladh
attrubhramar, tainicc a ndomhnus agus a ndúthaigh, a fforba, agus
a ffearann, a ndúine, agus a ndiongnadha, a ccuanta caomhthurcarthacha,
agus a ninbeara iaiscc iomdha do bhein do Gaoidhelaibh chóiccidh
Uladh, agus a ttabhairt ina ffiadhnaisi do eachtair chenélaibh
agus a ccorsomh for athchur, agus for ionnarbadh in aile criochaibh
comhaigthibh go ro éccsat a nermhór.


L. 2364


Niall garbh o Domhnaill co na dearbraithribh, agus co na mhac
Neachtain do ghabháil im feil Eóin na bliadhna so iar na tubha
friú go mbaoi comhaonta etorra, agus ua Dochartaigh, a ccur iarsin
co hAth Cliath Niall, agus Neachtain do chor assaidhe co tor
Londan iar saoradh Néill o bhás do breith dlicchidh, agus a
mbeith illaimh isin tor co diuidh a mbethadh. Aodh agus
Domhnall do légadh as a mbraighdenas iarttain .i. isin mbliadhain
ar ccind.



Iarla Tire Conaill Rudhraighe mac Aodha mic Maghnasa, mic Aodha
duibh mic Aodha ruaidh í Domhnaill do écc isin Róimh 28 Iul,
agus a adhnacal i mainistir .S. Froinseis isin ccnoc in ro crochadh
naoimh Peattar apstal, iar ccaoí a chionadh, agus a thargabhal,
iar ffaoísidin, agus iar naitricche thocchaidhe ina pheacthoibh,
agus tairimtheachtaibh, iar nairitin cuirp Chríost agus a fhola
a lamhaibh sruithibh psailmchetlaibh eccailsi na Romha. Ro badh
liach gar secle, agus muich erchra do beith occ an tí tesda ann sin.
Ar bá fer cródha cosantach aghmar, ionnsaightheach, iorghalach
eisidhe, ro badh meinic i mbeirn bhaoghail ag imdhíden a irsi,
agus a athardha acc congnamh lá a dearbhrathair Aodh ruadh
riasiú ro ghabh somh feisin tighearnas Thire Conaill, Tighearna
tabhartach tiodhlaictheach duas mhór deigheinigh dá nar
bhó ní oidhrecht a shinnser andarlais ar a chaithmighe, agus ar a
chonghairighe, fear ná tard a mhenma, na a inneithemh, i maoínibh
nach a seódaibh saoghalta


L. 2366


acht a ffodhail, agus a sccaoíledh for gach naon da rigedh a leas
do thrén, nó do truagh.



Maguidhir Cuchonnacht ócc, mac Conchonnacht óicc, mic
Conchonnacht mic Conchonnacht, mic Briain, mic Pilip, mic Tomais
tighearna Fearmanach nech fuair tighearnas gan mheing, gan mheabhail,
gan fheill, gan fhionghail acht a thogha i ffiadhnaisi fear nUladh
i nionadh a dearbhrathar Aodh. Saoí erccna ildhealbhach menmnach
móraiccentach, aisdreach essadhal co mbuaidh ccéille, agus ccrotha,
agus gacha maithesa ar chena do écc i nGenua isin Etail an .12.
August.


L. 2368


Semus mac Eimhir mic Conuladh még Mathgamhna do écc isin lo
cedna agus a adhnacal isin maighin remhraite.



Cathbharr mac Aodha mic Maghnusa, an taon mac tighearna ro badh
mó ainm agus oirdearcus, alladh, agus ardnós, ar aoidhechaire,
ar fhéile ro bhaoí i nInis Eiremhóin. Aithghin Chuana meic
Cailchini, agus Ghuaire mic Colmáin ar dearlaccadh agus ar oineach,
fear ná tard neach a dhruim fris riamh iar ná éra do écc isin Roimh
an 17. September, agus a adhnacal ar aon lá a dearbhrathair
lasin Iarla.



Aodh O Neill mac Aodha, mic Firdorcha Barún DúinGhenainn oidhre
an Iarla ui Neill do écc, aon tsaoileachtain Chenél nEoghain
do gabhail ionaid a athar diamadh beó ina dhedhaidh do écc, agus
a adhnacal i naoin ionad la dearbhraithribh a mathar .i. las an
Iarla ua nDomhnaill agus la Cathbharr.



AOIS CRIOST, 1609.
Aois Criost, mile, Se chéd, anaoí.



Cathbarr ócc mac Cathbairr, mic Magnusa, mic Aodha duibh uí
Domhnaill do chor do cum báis i nÁth Cliath lá Gallaibh an 18
Iul. Nír bhó dímiadh do Cenel cConaill meic Néill an daigh fer
sin do oirdneadh i ccennas forra dia léiccthi dia saighidh a
ccennas ittir, ar uaisle a fhola ar airde a aignidh ar bhrígh, ar
bhorrfadh, ar thuaichle, ar trebaire ar comhnart, ar chothucchadh
fris an ccách do cuirethar ina chentt.



Brian na Samhthach mac Airt, mic Briain na muicheirge do mharbhadh
lá Gallaibh.



Mac an Bhaird Eoghan mac Gofradha, mic Eoghain, mic Gofradha ollamh
uí Dhomhnaill i ndán saoí erghna inntleachtach, agus fear tighe
naoidheadh coitchinn do écc iar ccian aoís, iar mbuaidh naithrighe.


L. 2370


AOIS CRIOST, 1610.
Aois Criost, Mile, Se chétt, a deich.



AOIS CRIOST, 1611.
Aois Criost, míle, Se chéd, a dech, a haon.



Conchobhar o Duibheanaigh epscop Dúin, agus Coindeire ro badh
brathair dord .S. Froinseis do choinuent Dhúin na nGall céttus,
agus ro tocchadh iaramh do cum na hepscopóitte cédna ar a
decchairilleadh, Ro herghabhadh eisiomh lá Gallaibh, agus baoí fri
ré fhoda aca fó dhaoíre, agus fó pennaind, agus do rairngertsatt
Maoíne agus asccadha iomdha dó dia sóad for a neris. Ro obsamh
dna indsin ar ro dínsidhsiomh an maith nerchradhach ar an fflaith
suthain. Ro fhuaslaicc Dia dhó ó Ghallaibh don chur sin, agus
ro gabhadh eisidhe do ridhisi agus as é ro ba Iustis i nErinn in
ionbaidh sin Sir Artuir Chicester, agus ro cuireadh eisidh do chum
báis, Ro dícendadh céttus, agus ro tesccaitt a bhoill ina
cethramhnaibh fodhalta, feóil-gherrtha i nÁth Cliath an ced la
do Febru.



Ni bhaoí éimh Criostuidhe i ttír nEreann ná ro criothnaigh a
chroidhe lá huathbhas na martra ro fhulaing, agus ro fhodhaimh
an terlamh ógh egnaidhe, agus an firén foircthe fírchendais ar
daigh fhocraicce dia anmain. Nír bhó cuma lá haon do na
Criostuidhibh báttar i ccathraigh Atha Cliath an ionbaidh
sin cia haca las a mbeith ball dia bhallaibh, agus nír bhó hiad
a bhoill namá acht bháttar líonanarta soinemhla i nerlaimhe aca
ag gabháil a fhola intibhsidhe co ná léiccdís go lár hí ar bá
dearbh leó gur bhó haon do mhairtiribh naomhdha an Coimhdeadh
esidhe.


L. 2372


Giollapattraicc ó Luchairén saccard dearscaigthe baoi i ffarradh
in epscoip an tan sin, o ro chinnsett Goill iattsomh ina ndís
do bhásucchadh, bá huamhan las an epscop go ngébadh uathbhás agus
imegla eisidhe lá faicsin na mi imberta do bretha for a chorpsomh
ina fhiadhnaise conadh airesin ro cuindigh gus na básairighibh
an saccart do bhásucchadh riamh. Atbert an saccart nách ráinicc
siomh ales uaman do bheith fair ar aoisiomh, agus go lenfadh é
gan nach nuireccla, agus attbert nár bhó comhadhais epscop onórach
do beith gan saccart ina caoimhtheacht. Ro comhaillsiomh indsin
ar ro fhodhaimh agus ro fhulaing an diach cédna do thabhairt fair
ar flaith nimhe dia anmain.



Niall ó Buidhill epscop Rathaboth do écc i nGlionn Eidhnighe
an seiseadh Februari, agus a adhnacal i nInis Caoil.



AOIS CRIOST, 1616.
Aois Criost, mile, Se chéd, a dech, a Sé.



O Néll Aodh mac Firdhorchae (mic Cuinn bhacaigh, mic Cuinn, mic
Enrí, mic Eocchain) ro badh Barún ó mharbhadh a athar gus an
mbliadhain a mbaoí an Parlement oirrdearc i nÁth Cliath, 1584,
agus dia ro goireadh Iarla Tíre hEoghain ar an Parlement sin,
agus dia ro goireadh o Neill iar ttrioll do écc iar ccian aoís
iar ccaithemh a ree, agus a reimhis go sona sénamhail, go nágh,
go nairbert go nonoir, go nuaisle. Bá hann dna ro éccsomh
isin Roimh an 20. Iul, iar naithrighe thoghaidhe ina phecthoibh,
agus iar mbreith bhuadha o dhomhan, agus o dhemhan. Ger bo cian o
Ard Mhacha (o othairlighe a shinnsear) atbath somh ro badh
comhardha gur bhó buidheach Dia dia bhethaidh nár bhó mesa an
Rómh adhnaicthe in ro dheónaigh an Coimdhe a adhnacal .i. an Rómh
cenn na cCriostuidhe. Tigherna tend tothactach


L. 2374


go ngaoís, go ngliocas, agus go namhainsi indtleachta, agus aigneadh
an tí testa annsin. Tighearna coccthach conghalach airccthech
ionnsaightheach, ag díden a irsi, agus a athardha fri a bhiodhbhadhaibh.
Tighearna diadha, dércach cendais coindircil fri cairdibh, ainmín
éccennais fri naimhdibh co ttabhradh fó umhla, agus fó aididin dia
réir. Tighearna ná ro shanntaigh forbann ná fairbrígh neich oile
do beith occa, acht in ro badh toich dia shinnseraibh ó chein mhair,
Tighearna go bforsmacht, agus go ttesttmoltaibh flatha, agus ná
ro léicc goitt ná meirle, aitheadh na éigen, fíoch ná fala do éirge
ina reimhes acht no congbhadh cách fó reacht amhail ro ba téchta do
fhlaith.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services