Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán na Raithíneach
Title
Seán na Raithíneach
Author(s)
Ó Murchadha, Seán na Ráithíneach,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1719
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÁN NA RÁITHÍNEACH I Mo bhrón mo chumha
Marbhnadh iar mbás m'aon dearbhráthar noch d'éag san mbliadhain 1719, an 11 lá do June.
Mo bhrón mo chumha mo phudhar go n-éagfad! 'S mo léan go dubhach do chúl i gcré indiu! A fhir charthannaigh shúgaigh mhúinte bhéasaigh, Thug mé fá smúit tu dhom thubhairt am aonar. Mh'ainnise chruaidh go buan gan faesiomh, A chailmfhir shuairc do bhuaidh gach béasa, Nár fhanais ón suan tug fuadach géar ort, Is tu marbh i n-uaigh is buan an chréacht dam. Mo chroidhe níl soilbhir soithimh ná scléipeach Ó chonnac mo chogar dá choigilt i gcaol-tigh, Gan slighe gan solus ná foithin ón mbraon fhliuch, Thug ainnis ag obair me doilbh it éaghmais. Isé t'éag thug dúinn bheith ciuin i ndaorbhruid, Is do thréithe scrúdadh i n-úim ní léir dham, Do léigheadh go humhal stair bhúdhach i mBéarla, 'S dob éadtrom cumtha a shiubhal gan staonadh. Labhairt gan phoimp, ná smaointe éithigh Fearg níor chlaoin dá naímhid ná d'aon neach; Spairnn 'na chroidhe ná in'intinn ghléigil.
Ba leabhair a ghnó cé gurbh óg a ghéaga, 'S ba neartmhar córach seolta séanmhar; Ba shéimh a ghlór gan spreoin acht réidhteach; Is Dia na gcomhacht i nglóire at fhéachain. Mo shearc mo ghean mo cheart don tsaoghal, Mo theach mo leath mo neart i n-aenne, Mo chairt ar mh'anam seal gan séanadh, 'S mo chreach do thaise i gclais gan aonphreab. Is im chroidhe atá osnadh thoirseach léanmhar, Agus biaidh go follus gan sosadh lem shaogal; 'S a Dhia níor dhoilbh bheith follamh i dtaobh leat, A fhir ghrádhmhair shoilbhir shocair nár chlaon beart. Mo scalladh nimhe ad dhíth ní fhéadaim Codladh san oidhche, ó chríochnuigh an t-éag tu; Ist ló nuair chím go mbíonn tú am éaghmais Is dóighte bhíonn mo chroidhe 's is céasta. An té seo mhaoidhimh, tug síor me i gcréachtaibh A ainm díbh a scríobhadh do dhéanfad; Domhnall líomhtha líonta dh'éifeacht, Ó Murchadha, síol ná claoidheadh do réxaibh. Dar an leabhar so dhíbh i mbrígh na héide, Níor chanas acht fíor go críoch mo scéalta,
'S dá mb' acfuinneach sinn i laoithibh éigse Do shladfadh gan fuigheallach mí dá léigheamh dham. A Dhia do cheannuigh peacaigh go céasta, Do chonnaic ar talamh gan cealg gan bréaga An té seo chanaim le cabhair na naomh ngeal Gairm it aice go flaitheas led sméide. Na trí pearsana i dtaitheac an aonne, An tAthair, an Mac 's an Spiorad Naomhtha, Aingil is aspoil na bhflaitheas le chéile Dod ghlacadh 'na bhfarraid go tapa faoi shaorchion. Mo dheacair mo léan mo chréacht mo channtlamh seal, Is mo mhairg lem ré i gcré do chealltair lag A chailmfhir chaomhghlain tséimh, nár chrannda neart, 'S mo ghreadadh do thaobh go faon sa Teampoll Gheal.
A Óigfhir Chlúmhail A óigfhir chlúmhail mhúinte bhinn-bhriathraigh, is cróghanta i bpuncaibh ughdar gcaoinriaghlach, 's ód bheol ar dtúis do thionnsgain sgríobh riamh liom, sonóchar chughat de chionn do shíbhialtacht. Go deo fád bhunn bead umhal, a rí-ghliadhaire, 's ná hóbair diúltadh thabhairt i dtaoibh iasacht; An leobhar do stiúradh chugham, ó's ní dh'fhiadfair, is 'na dheóidh a chúiteamh liomsa is gníomh priaclach. Is fóghanta an cunntas fiúntach prímhchiallmhar, san chló cheart cumtha, thiubhar i gcríoch chian ort; i ngleó id chúis go bhfúigfinn cinn stiallta; is dar ndóigh ní diúltach tú san ní dh'iarras. Ar mo chomhgar atá leógan do chloinn Chairteáin, is fear treoir agus eólais i ndíodhacht 's i ndán; tar ógfhuirinn Fódla ba chuibhdhe dhó an bárr, i sóghchas gan mhórtas i ngnaoi 's i gcáil. S. ua M.
Iasacht leabhair do-gheabhair, a óigfhir ghrinn, Is cuideachta dhearbhtha it aicese ag síoról dighe; bhur spairnnse go mb'aite liom 'ná caoincheól binn, An laoidh ghreannmhar do cheapais dam go deo ó chroidhe. C. Mac Cairteáin
Dalta mo Chléibh Dalta mo chléibh an ainnir ghlan tséimh do chealg mo thaobh lé saigheada, do tharraing me i bpéin faoi scamallaibh daora ar aiste nách féadaim innsint; Atá taitneamh mar ghréin 'na leabharfholt chlaon; 's a dearca breagh péarlach rinnghlas; is ná tagair le haon gur trascaradh mé dod dheascaibh, a bhé na gcíoch ngeal. Is maiseach a scéimh 's a mala cheart chaol gan mhairg 'na héadan mín glan, agus lasadh mar chaor 'na leacain gan bhéim, 's a pearsa bhreágh phéacach ríoghdha; A samhail i méinn i ngastacht 's i gcéill ní fhaicim i nÉirinn timcheall, 's ó bhaitheas go féar do gealadh mar aol an eala so tré n-ar claoidheadh me. Is dearg a béal is blasta 'ná téid faoi labharthaibh léire líomhtha, gan tarcaisne ar aon, gan tagartha bréag, acht cneastacht is daonnacht croidhe ghil; Is leanbach caomh mear meanmnach ngné, 's is deacair a tréithe scríobhadh; 's mo dhalladh gan bhréag, dá ngairmeadh mé go leanfainn í tré-san dtaoide.
A bhé mheasardha, nach ceachardha gnaoi agus cáil, 's do dhaor-cheangail me i n-anabhroid i gcrích chun báis, féach an taitneamh atá agam duit gur mhill me tráth, E. leanbach do G. aníos ón Ch.
Ó Ceapadh mé a Scéaltaibh Ó ceapadh mé a scéaltaibh éithigh anchumtha, 's a aithne thréigean d'aon le cnead diúlta, fád chleathaibh bíodh Gaedhilg is léighean na barúntacht seachnaim féin dul fé go teacht cunntais.
Mo Rogha Dhon tSráid
Mo rogha dhon tsráid an sáirfhear caoin cúmtha, is cabharthach cáil 's is grádhmhar críostamhlach, an lobhar gan cháirde spás beag scaoil chughamsa, agus lom ná ár go bráth nár thí id chúilse.
Ar dtiodhlacan an leabhair, agus d'athchuinghe leabhair eile air:
Sin agat, a fhir mhaisigh, do leabhar agus iomad buidheachais. is feasta lem beatha chun do mhaithis go bhfuilim géilleach, de dheascaibh an teagaisc do thabhairt inar mhilis bréithre, 's athchuinghim t'acmhuing le ar theastaigh de a chur am fhéachain. S. ua M.
A Fhéil-fhir Ghasta
Do Ghiolla Ó Leochaidh na ranna so síos:
A fhéil-fhir ghasta lé gcantar go caoin labhrtha, i mbéasaibh dleaghthar dhuit barra, 's ní gníomh amhcheart; i léigheann is rathmhar, 's i rabuinn ní cruinn tamhasc ort; do thréithe radadh ní hacmhuing do thrí theangthaibh. De phréimh na bhflatha nár dhealbh i dtigheas am tu, rug géille i gcathaibh, 's do ghearradh a bhfíor-namhaide; don chléir ba taca 'na n-easbaidh, agus d'aois fann-bhocht; séan is rachmus go bhfachairse ar díth amhgair. Beannacht i ndíoghrais síos, gan easbaidh dúthraicht, chun an fharaire líomhtha bhíodh im aice ag súgradh; bata deaghdhroighneach, bhus díol mar thaca i gcumhgrach, athchuinghim scaoil i gcoimhdeacht Barraigh chughamsa.
Seo an Graiméar Gaedhilge
Iar dtabhairt Graiméir Ghaedhilge don Athair Cormac Mac Cairteáin:
Seo an Graiméar Gaedhilge i n-éifeacht cheart riaghlach don fhear shéim léigheanta bhéasach ghlan diadha, de ghealphréimh réx, ba tréan i gcath sciatha; deagh-shaoghal séin id dhéidh is rath bliadhntach.
Tionnscnaim Athchuinghe
Dom shagart paróiste .i. an tAthair Conchubhar Mac Cairteáin na ranna so síos, dochum leabhair dfhagháil uaidh:
Tionnscnaim athchuinghe d'aitheasc i ngrádh do Chríost, do shúil go leanfainn a theagasc a rádh 's a dhlighe; tubhair dham tamall dod leabhar, is cáirde a scríobh, 's i gcunnradh geallaim dhuit 'aisiog ort slán gan moill. Fear fiúntach fairsing deagh-aigeanta grádhmhar grinn, is ughdar feasach gan teangan i ráidhtibh caoin; umhlacht seasaimh i ndleaghthaibh an Phápa bíonn ag fionnfhlaith rabainneach sagairt de shárfhuil ríogh. Liomsa i dtaitheach damb' acmhuingeach dán do scríobh, cunntas leabhair gan bhladar níor chás a mhaoidheamh ar chrú na ndragan do scaipeadh go deághthach fíon; 's ó chúirt na n-aingeal go bhfearaidh ort grása shíor. Amen.
Is as na véarsadhaibh réamhráidhte sin do thug an Ceann- fhile .i. Uilliam Mac Cairteáin bharághantus orm mar leanas thall.
A Sheáin Uí Mhurchadha, bí fineamhail faobhrach; bí go gasta, nó is eagal go n-éighfir; tar go tapa chun paitint do réidhteach, nó cluinfid cúigí an pungc dlighe dhéanfad. Táimse lán de náire a dhéanamh, de bhrígh mo choidribh oraibh le tréimhse, 's gomadh dhocar liom goradh do scéimhe, a bhuachaill ghreannamhair bharramhail bhéasaigh. Tar a rúinín, is fiú dhíbh éisteacht; glac mo chomhairle, is cóir a déanamh; ná seasaimh sa tsolus, tá an coiste dá thaoscadh díotáil báis ó láimh gach n-aein ort. Táid dá rádh, 's ba nár an saothar, go dtug an sagart duit leabhar beag tréimhse; ba chóir a ghlacadh, dá mbeadh agatsa an séala le hórdughadh Cúirte Búird is Éigse. 'S gur ghluaisis go huallach éadtrom, fá thuairim nár bheag uaisle do véarsadh, ag luighe ar a ngreann le ceann gan éifeacht, i ngníomh nárbh iongnadh tusa bheith traochta ann.
Níorbh fhuláir don fhile bheith snoighte glan faobhrach, is bheith go líomhtha i n-intleacht 's i dtréithibh, a bheith eólach i gcódaibh na gcléireach, is bheith 'na staruidhe, nó eagnaidhe, léigheanta. Má tá gur ghlacais an leabhar ón gcléireach, ní déantar file de dhuine lé sméide; is iomdha lá nárbh fhuláir a shaothar teacht don chúirt ag múscailt na féithe. Dá bhrígh sin, a dhíoghrais mo chléibhse, scuir de leamhas, ná meabhruigh aonrud de sheanndáinín i ngleanntáinín sléibhe; bí oilte sa chúirt i bpungcaibh géara. Ceap do leas ag teacht go saothrach; ná fág an Máighistir Seán na n-ae istigh, bráthair Uí Mhacháin na féile, fear maith flaitheamhail dathamhail déanta. Táid na báillí 'na ngárdaíbh tréana - Seán Ó Broin is Domhnall Ó Laochdha - chun do ghobhtha go hobann sa phlé so, is chun do gheárrtha le fáscadh téide. Atáid sanntach gan amhrus, féachtar, nó fós ar buile chun gloine do thaoscadh; ná tubhair ionntaoibh le sciuirsíbh saoghalta, iarrfaid breaba, nó sracaid thu is céasaid.
Tá duine aca ar liost go cliste at éaghmuis, Conchubhar Mac Tadhg i dtaidhbhse an tsléibhe amuigh, tá ag gleacaidheacht le healadhain gan traochadh; Bíodh an caistín fá haistíbh nó daorfaid. Táid dá rádh nách ráfal bréige, Seán Ó Broin gur thuit sa chéird seo; má's áiteamh fíor an gníomh gan éitheach, bíodh sé thíos leis, brígh na scéalta. Cuirfimíd Dinis Ó Hicky an caolfhear i n-ionad Sheáin mar bháille phéacach, Bhéarfas chughainn an triúr so in-éinfheacht le congnamh Domhnaill chródha Uí Laochdha. Fear nach mó léis, badh dhóigh liom féin sin, dreoilín beag cróiligheach do thraochadh 'ná a dtabhairt ceangailte maidean go gléasta do láthair Choiste na nOllamh i ndaorbhroid. Ní fuláir don dís seo mhaoidhim go héascaidh Sumons a thubhairt go humhal don méid seo: don Athair Conchubhar, ar chruinniughadh an tréada, teacht go fuinneamhail ag breithniughadh an scéil seo. Tagadh Riamonn nach briagach méinn mhaith, is Uilliam Mór fial fóghanta béasach, Seán do Barra, nár dhearmaid féile, is tar scór fógairt ar Dhomhnall Ó Laochdha.
Baintear admháil a Ceallachán ghléigeal ó Charraig na Muc ager mhinic ann éigse; ní fuláir bacaigh do tharraint sa phlé so daill is lucht binn-phort do phléascadh. Tomás Óg ní cóir gan glaodhach air, ná fós Donnchadh an crobhaire gléigeal, ná ar Sheán an Dúna mar shúil go n-éisteadh le gach díotáil nó fíneáil do réidhteach. Conchubhar Gabha ar lom gach saothair bíodh 'na gheocach 'na gcomhair sa phéin seo; i dteannta an bharaille tagam le chéile, is beidh síothcháin ag gach ríoghbhárd is éisteacht. Suidheadh sa choiste go cothrom an méid sin ag déanamh ceart-dlighe gan faillighe go héascaidh, mar thaitnigheas le gach staruidhe den éigse, ag ól a stionncán le lúthgháir 's ag pléireacht. Ón lá sin suas bí fuadrach faobhrach, ag déanamh striúngcán i dtnúthán aerach; labhair go teann, ní bheidh ceann fé eite ort; tarraing do phas bí gasta tréitheach. Bíodh a gcórughadh i n-órdughadh taobh leat, 's ní baoghal duit báillí ná ráfluíocht éithigh: an t-airgead baistidhe caithfidhear é leat; is ná cuir suim ná beinn ar aonneach.
Glacaidh eagla bathlaigh an tsléibhe amuigh, ní bheid suas is anuas led ré leat; is mór an spórt dod shórdsa an méid sin, urraim dfhagháil ó'n sráid gan buidheachas.
Ar bhFreagra an Bharántais réamhráidhte:
Géillim glacaim is gabhaim mar thriath tu i láimh, is téighim fád' bhrataigh dfhagháil mhaithimh 's ag iarraidh scáith; véarsa neamhghlic má cheapas gan riagail dámh réidhfead leatsa go tapaidh i bhfiadhnais cláir. Má's éad do ghabhais trém ealadhain fhiannocht dfhagháil, a tréigion caithfead is atharrach riaghail do ghrádh; 'na taobh ní mheasaim gur thairbheas fiacha cáirt, ag aoghaireacht rachad nó ag grafadh go dian ar págh. Is réidh dob fhanta dod shamhail, a fhir chiallmhair ghrádhaigh, 's gach laoch i n-aiscidh go bhfachtar tá riamh mar ghnás, gan daorbhreith aibidh a thabhairt i bhfiadhnais táin, agus éigs ar talamh go mairfidh i ndiaidh do bháis.
Ó'n bhfear gcéadna an fháilte so:
Tá fáilte romhat, a Sheóin mhic Diarmada; tá fáilte romhat, a stóir 's a chiallach dhil; tá fáscadh póg id chomhair i mbliadhna agam, is beir lá ar mo bhórd ag ól le sians gach suilt. Ní bheidh fáidh i bhFódla i ngleó leat thiar ná thoir; 's ní bheidh máighistir ceoil id chomhair le ciarsa ag rith; ní bheidh árdfhlaith foghanta beó gan fiadhach id bhun; 's ní fearr liom coróin im dhóid 'ná an iarracht sin. Ná dáil do speóis i mbólacht riabhaigh ar cnoc, 's ná grádhuigh mar spórt bheith pósta i n-iallait bhric; tá ráta is mó id chomhair ag triathaibh nirt: lán mála dh'ór id dhóid gan iarratas. Tabhair umhlaidheacht, a rúinín 's a chara mo chléibh, don ghiuistís gan phúicín gan chealg id mhéinn, is beidh pungc dlighe agat i bpriont scríbhte, i ngradam 's i réim, is clú gaoise i gcúirt draoithe mhairfeas tar th'éis.
Mise do dhuine díleas dil, .i. Uilliam Mac Cartáin.
Ó radais id dhán, a fhir ghrádhmhair dhíograisigh, me ghlacadh le páirt an táille íocfad liot; feasta níl bárd ná báille ar tí mo scrios is tu im fharraidh mar sháth do mháighistir mhuinnteardha. Fear calma cáileach cáirdeach fíochmhar glic, fear seasmhaitheach sásta sáthach grinn is suilt, fear laidionta láidir láimhcheart líomhtha ar phin ó's dearbh im láimh níl tábhacht i bhfíos agam. Beidh gasra shámh imbáireach cruinn agam; do ghealladar tráth ar clár i gcoimhdeacht liom; bíodh agatsa fáilte i ndáil na muinntire, 's ag taisteal gan trághadh beidh lán do chíocorais.
Iar dtiodhlacan leabhair an tsagairt adubhart:
A fhir cheannasaigh, cháiligh, chráibhthigh, chliste i dtréithibh, charthannaigh, cháirdigh, ghrádhmhair, mhilis, bhéasaigh, do leabhar ba subháilceach d'árduigh mise i n-éif- eacht, tug feasach gan scáth i n-áiteamh dlighthe Dé me.
Ad theagasc mar phágh dámadh sásamh nithe adéarfad beannacht is grádh agus páirt is iomad buidheachais ceangal i gcáirdeas do-áirimh cumainn réidhtigh dar an leabhar so im láimh táid lánmhar agam féin duit. Cé mheasadar báird gan cháirde mise dh'aoradh i dtosach mo dháin, cé táid anois dom thaobhsa do phearsa-sa im láimh ó tá agus file séimh glan feasta mo shlán fá námhaid na cruinne i n-éinfheacht. go hionnamhail, a fhir chruthamhail, mo ghuidhe gach tráth tu d'oileamhain gan chiorrbhadh lem thaoibhse slán ag breithniughadh 's ag fagháil cuidiughadh dho ríoghacht na ngrás A Chonchubhair ghil fhineamhail de chloinn Chairteáin.
Is mé do sheirbhíseach dil an feadh bhus me Seán Ua Murchadha.
A Mháighistir dhil
Agso im dhiaidh an modh ar ar iarras rásúr ar mo Mháighistir Scoile .i. Seán Ua Macháin:
A Mháighistir dhil dá dtugas grádh ionmhuin, is óm ghárlachas noch d'oil me i scoláirtheamhlacht, i bpáirt 's i gcion gan buille bárr sciuirse, do sclábha anois is me go lá an chunntais. Sáirfhear cliste is file fáidheamhlach, dar dháileas iomad cumainn cáirdeamhlacht, id pháirt is duine mise atá úmhal chun beárrtha snoighte, is d'oirfeadh rásúr dham. Tráth dhá dtugair cluinfidh clár Múmhan do cháil i n-uige file dáin dúthchais; Seán chun scriosta is libhse atá úmhal, 's badh ghábha dhó chuige fuirm rásúra.
Gidheadh ní bh fuaras fós.
Buidheachas cneasta
Ar dtiodhlacadh leabhair chun Uilliam Mic Cairteáin .i. an Leabhar Muimhneach.
Buidheachas cneasta do leabhair níor dhoic liomsa óm aedhibh do thabhairt, cé am acmhuing is do-iomchair; is aerach mh'aigne, ó dhearcas do chos shiubhlach; tar éis gach anfaidh mh'aiteas tu id cholbha againn.
Ag Guidhe 's ag Dáil
Ar saoradh mo Mháighistir agus mo thighearna díoghraiseach dúthaighe .i. Cormac Spáinneach ó choir bhréige, agso síos an modh ar a rugas a bhuidhe re Dia go deaghchroidheach:
Ag guidhe 's ag dáil na ngártha beannachta chun Rí na ngrás gach tráth lem beatha bhead, an tsaoi-fhlaith cháidh de shárfhuil gCarrathach ó'n ndlighe mar tháinig slán fá mhaise indiu. Ríghfhear breágh gan cháim le haithris, nach tím a lámh i mbeárnain caismiortha, 's ná stríocann tláth ó námhaid mar Alasdram; ceann dín dá cháirdibh grádhach 'na n-easbathaibh. Príomhscoth d'fhás go hárd an seabhac so; síoguidhe sámh nach táir do gairmthear; d'fhuil aoird chlann gCárrtha Spáinneach ngarbhthrup ceann tíre stáit is máighistir marthannach. 'Na choimhdeacht táid na cáile is fearra ar bith, flaith ghrinn ar clár do láthair tabhairne; don íseal táir ní dháileann tarcaisne: lucht tinn bheir tláth is fágann easbathach.
Caoimhneas ráidhte is árd in' aigne; líomhtha i gceárdaibh rábach rathmhar glic; taoiseach láidir dána draganta, líonmhar cáileach cáirdeach cabharthach. Im laoidh níorbh fhágtha i bhfán ná ar mearathal an ríogan bhreagh-chneis mhánla mhascalach mhín tais bhláthmhar chráibhtheach charthannach, do thuill an bárr tar mhnáibh a bhfeacasa. I dtígheas badh fáilteach fleádhach scaipitheach fíontach plátach páirteach deagh-oinigh, do shíor ag sásamh táinte pearsana ag dís gan ghnás d'fhuil árdfhlath Banbha. Brígh mo rádh gach tráth bead atallach, ag maoidheamh go hárd le háthas aigne, ó fríth do cháil i gcásaibh neamhchionntach chífead lá agá bhfágairse gradaimchion. Go tigheacht an bhráth ní bheidh scáth ná scamalla ar slighe ná ar sráid id dheáidh le bagarthaibh; dícheall námhad ní stánfadh feacadh me, dom dhíon ó thárla sáith de chathurra. Líonta d'áthas táim, is admhaim, 's 'na chrích ní thárla id stát go bhfeaca thu, iar gclaoidhe do námhad 's ar sáradh t'eascarad tá míle fáilte ag Seán le fearadh dhuit.
Ar Chríost d'ár ngrádh fuair páis is peannaid bhocht guidhim tu slán, do ghnáth bead athchuingheach, i maoin, i sláinte, i sámhacht, 's i n-acra, ar dhíon Mhic Mháire is Phádraig Easbog dhuit. Chún scríbhte dán dámb' ádhmharach feasach me i n-intleacht shásta, i ráidhtibh taithiceach, do dhlighfinn bárr le háiteamh seanchaidh don mhílidh bhárrghlan ghrádhach so chanaimse. Fear soilbhir le a choidreabh an tsaoi áluinn, flaith fhorusta ghlic chosantach líomh-ráidhteach oirdhearc so-mholtaitheach síothchánta, Cormac de bhorbfhuil na bhfíorSpáinneach. Níorbh obair dham bheith togarthach i síordhántaibh 's an lonna-bhile Cormac de dhíth thráchtadh, ceann poibleach is solusta i gcrích Chlár Luirc noch molfadsa go hoirdhearc má bhím fáithghlic.
Is do thoisc an déantúis réamhráidhte sin do chuir an file .i. Uilliam Mac Cairteáin na ranna so síos chugham:
A dhíograis mh'anma, a dhalta dhil, a uain 's a stóir, aor ná aithis ní heagal duit uaim go deó; is cuibhdhe dhuit satailt ar thairsigh na suadh go fóill, is do chroidhe bheith aibidh chun freagartha i gcuan gach ceóil. Ní chun masla dhuit, admhaim suas rem ló, do scríobhassa aiste don Charrathach uasal óg, acht scríobh pein chneasta do thabhairt ar cuaird im ród don tír go reacainnse teastas an tuairgnigh mhóir. Ba mhíle gasta dhuit aistear beag uair nó dhó, is tidheacht am aice go gcanainn duit duain an óir, líne bhreacadh bheadh smachtuighthe a tuaisceart mhór ná an laoidh do radais don Charrathach uait gan chóir. Bíodh gur gheallais bheith sealad id bhuachaill bheó, is intleacht agat mar mheasaim nach duairc a seól, níl dod bharra acht bheith ceangailte thuaidh go deó ar thaoibh na leacan mar a seachnaid uaisle an ceól. Scaoilse feasta do ghreamanna uait le scóp, is cuimhrigh h'aigne im aicese suas ar bórd; bíodh do phrataing i leabharaibh suairce id dhóid, is ní bheidh smalairic fhada ar do thuairim leó.
Dá dtí an Carrathach fairsing fliuch fuadrach romhat ó thír na ngarbhmhuc leathan, ba tuairim slógh, is suidhe go bachallach lairinn ar stuaic don bhórd, ní chaoinfead searbh a bheith eadraibh uair ag ól. Cuimhnigh agat gur gheallais dam tuartha póg dá scaoilinn acharann t'ainfbfis uait red ló; is fíor dá dtagair go gcaithfir bheith fuadrach fós, gan dísce teangan gan easbaidh bheadh cruaidh i ngleó. A theachtaire, atá go beárrtha piocamhail riamh, ná dearmad sáth na bhfáidhe bhfineamhail bhfial do bheartaibh nách scáinte lán do chruinniughadh cliar is tabhair 'na láimh do Sheán Ó Mhurchadha iad.
Ar bhfreagra na ranna réamhráidhte sin:
Id laoithe chanaisse labhartha suairce i gcló a fhir ghrinn gach aitis do bhreacadh i n-uaim 's i n-eól ná smaoin, a chara, do ranna gurbh fhuath liom fós 's i ndíograis ceana go nglacainn do dhuain mar ór. Ba chruinn a fhios agam nár chleachtais beith uallach fós ná coímhtheach cheachartha faltanach cruaidh um shórd, acht scaoilteach scaipitheach ceannasach, stuamdha ar bórd gan fuidheall i mbeartaibh, gan meatacht i dtuargain ghleó.
Dlighim gur d'easba a bheith gasta nár ghluaiseas romham 's mo laoidh do thabhairt le hamharc dhuit suas id dhóid, de bhrígh gur ghlacais me i gcaradas buan dod dheóin, is fíor go rachadsa feasta lem dhuain do thomhas. Ní mhaoidhimse gradam is fearra 's is uaisle im chomhair 'ná ríoghfhlaith chneasta dhom tharraing tar cruas i dtreóir do shíor ag tairgsin leabhar go buan tar meadhón, 's le laoithibh gasta dhom theagasc gan ghruaim i gceól. Ní gnaoi liom seachtmhain gan amharc ort uair nó dhó; ní chlaoidhim do phearsain, 's is leatsa gan ghuais do gheóbhad ní scaoilfe an taitneamh dhuit radfad go luan an tslóigh; is bead míos it aicese ag cnagadh 's ag bualadh an bhóird. A ughdair ghlic an tsuilt do shnoighe go séimh, a chúinge nirt is cirt nár claoidheadh le claon, a rúire ghil noch d'oil mé i gcoimhdeacht éigs, duit umhlaimse gan scur go críoch mo shaoghail.
Is Oirdheirc an coiste
Ar dtogha coiste do chúirt na ndámh:
Is oirdheirc an coiste suilt do shuidhfeas lá, it fhochairse le soilbhreacht i n-aoibhneas breágh, oscailteacht a doircheacht don bhuidhin ní fuláir, 's le forustacht bheith togarthach i laoidhthibh dán. Ceallachán is fearra cáil dfhuil ríogh ba tréan, 's nach meata tráth i gcaismirt námhad 's i mbruidhin dá mhéid, d'aicme dhámh is leabhair lámh ag síneadh shéad, 's mar thaca i ngábha do radas grádh don tsaoi ghlan tséimh. Tiocfaidh an Máighistir cráibhtheach oinigh fial fliuch, nách cunnail i dtábhairne a áireamh linne i mbliadhna. Cetera desunt
Blogha Do chongcas ní ghéilleadh na húrchoin ó'r phréimhis, le hughdair mar léightear i seanchas dámh; 's a bhúidh mhilis bhéasach le rún searc dod chaomhchruth adubhartsa gan baothacht na ranna so id dháil. Craobh ríoghdha ghlan tsoillseach an t-órbhláth luadhaim, scéimh aolta chuir mílte dhá mórghrádh i nguais, géag líomtha na gcaoinbheart is stór gnáth druadh, Aléan mhíonla de phríomhfhuil Uí Ógáin tsuairc.
Tá Réiltean Chuain Tá réiltean chuain agus stuaire gealchneis stuamdha cneasta láimh liom, do léig me i nguais, monuar, 's i bpeannaid Chruaidh le geanas grádh dhi is taitneamhach fionn a leabharfhuilt dlúth 's is bachallach búclach fáinneach, ó bhathas go bonn ag taisteal gan smúit 's ag casadh go lúbach láingheal. A snódh tar Hélen ghréagach ghreanta féachtar aici ar áilleacht; 's is córach scéimh na béithe i bpearsain mhaordha mhaiseach mhánla; is rathmhar a clú fuair gradam san Mhumhain, lachabhean mhúinte an bháinchneis; 's is meanmnach subhach a labhartha búidh is blasta 'ná púngc ar chláirsigh. Maighdean líomhtha ghrinn an oinigh, ríghbhean mhilis chráibhtheach, maighre soillseach, saoighlan chliste mhíonla mhiochair bhláthmhar; i dtuigsin i gcéill i ngloineacht i scéimh i n-oscurthacht fhéil 's i gcáilibh; a bhruingeal ní bréag, gan iomaidh mar scéal, go rugais sa bhféile an bárr leat.
A gnúis ghlan réidh gan bhéim 'na leacain, gné ina lasmhar scáil cheart; a súil ghlas phéarlach chaomh, a mala caol 's a leabharbhrághaid gheal; is measardha mín go feasach a cíocha a seangachorp caoin gan smálcais; 's ó bhathas do chinn go talamh gan teimheal gur gealadh mar lítis bháin tu. Níl taoiseach foghanta i gclódh 's i bpearsain chródha i bhfearann Chlár Luirc do-chífeadh Róis, gan ghó nach radfadh mór a dtaitneamh grádh dhi; finnebhean mhodhmhail ghlan tsnoighte mo rogha, tar bhruingealaibh toghaim an bhánfhlaith; gile agus conn an oinigh go bronntach d'fhuirinn na lobhar is d'fháidhibh. d'fhuil ríogh dob uaibhreach uasal gradam, buadh agus ceannas gnáthach, an chaoinfhlaith shuairc im dhuain do chanaim, stuaire seascair sáimhdhreach gasra chlúmhail dreaganta lúthmhar charthannach chongantach cháirdeach ó'r thaistil an chúilfhionn mheanmnach mhúinte, is geallaim gan chongnamh a áiteamh. Clódh maiseach mín is ceart do suidheadh i léir- cháilibh an óg gheanmnaidhe le dath a gnaoi do chéas táinte is mór eaganaidheacht go mbeartaibh caoin na béithe: áille, Róis leanbaidhe de shleachtaibh aoird na gCaomhánach.
Do Laguigh mo Sprid
Iarghnó Sheáin Uí Mhurchadha ar mbeith don cheinnfhile .i. Uilliam Mac Cairteáin, breoidhte:
Do laguigh mo sprid le sile sírdheóradh 's le hanfaidh ad toiscse, a fhile fhíreólaigh; id leabaidh nuair chluinim tusa id luighe breóidhte scaipeann mo chruth i riochtaibh ghnaoi Iób luig. T'easbaidh do chuirfeadh sinn ar díth sóghchais, i bpairithis luig gan sith le linn gleó chur, ar mearathal fis gan tuigse i bpuingc eóluis, 's gur thearmain cirt is nirt thu bhí am dhóthchas. A athair na n-uile chimh, mar loing leóinte, ár bhfearanna anois go bhfuirinn mhíthreórach, ná dealbhuigh linn ár mbile binnghlórach, badh taca, nár shingil file is groidhe-leógan. Le haigne ghnáth atáim go dícheallach ag athchuinghe slán tu thrácht ód dhaoirthinneas; do sheasamh dob fheárr liom, spá's, go fírinneach, 'ná bailte mar stát, badh scáinte an díol i bhflaith. Uilliam an Dúna an t-ughdar chanaim díbhse do liath me i gcumhaidh, 's i bpudhar do mharbh m'intinn; iarraidh liom a thabhairt fá mhaise ó'n tsaighid so chun riartha i gcúirt 'nar súgach leabhair-laoidhthe.
A Mháire Woods A Mháire Woods a bhruingeal cheannsa cháidh a bhláth na finne, a choinneal mhallruisc bhreágh, táim anois go tuirseach fann ded ghrádh, 's is beárrtha snoighte chuirfead rann id dháil.
Luaidhfead Véarsa Luaidhfead véarsa suairc gan bhréag ar thuairisc fhéilfhir leóghanta do bhuaidh gach béasa uaisle is daonnacht suas i gcéin go treórach; buanfhlaith thréan mhear bhuacach scéimhghlan, nach tuathail géaga i gcomhrac, 's i gcruas na bhfaobhar is dual gur tréine a ruaig 'ná Héctor cródha. Risteárd Ríebhes an buinneán groidhe de cheartrás taoiseach bhfóghanta, ó'n mBriotáin aoird an ghealráib mhaoidhim, ba ceannárd gníomhartha i bhFódla; ní lag tláth bhíonn i bhfurrán claidhimh ler chuir táin claoidhte i bhfódaibh flaith bhreágh bhríoghmhar fhulláin fhíochmhar d'fhuláir fíon go leór dham. Fear scaipitheach fiúntach feardha lúthmhar draganta diomsach óg mear, i dtabhairne is umhal do chaithfeadh dar liom ar taisceadh san gcúig' so d'ór ghlan; preabaire lúthmhar ceannasach clúmhail rabainneach súgach soghmhail, atá agam mar chúl chun seasaimh im chúis i gcaismirt nó i gcumhgrach gleódhtha.
Príomh-ghaiscidheach i ngnímhghleacaidheacht do bhuaidh clúmh- lacht, saoi mhearchroidheach finn-leacuidhe gan chruas connlaigh, groidhe-fhlaith ghrinn, maoin searc linn an suairc-bhúidh- fhear, gríobh glanghnaoidheach gan fuidheall ndeaghghníomh i n-uain piúnsa.
A Ch- Ó Thréigis A Chs- ó thréigis le claonchleas an coinne ní thig S- dot éileamh, go héagaibh beam briste, dob fheárr gan me ghlaodhach ann ó shéanais an t-ionad; slán leat, a spéirbhean, 's is baoghal go silfir.
Dá Léighfinnse Véarsa Dá léighfinnse véarsa go cliste gan bhriag d'Éirinn ní shéanfainn gur liomsa badh mian ar thréithibh an fhéilfhir de chineadh na dtriath Baothghalach Mac Aodhgáin an bile geal sciamhach. Tá léigheantacht is daonnacht go bhfuirm 'na dhiaidh, 's i mbéasaibh is séimh ceart a fhriotal 's a chiall, phoenix gan éalang is curadh san ngliaidh, saorfhlaith na gcaomh-mbeart noch liomsa nach riabhach. Craobh dfhuil Mhilésius gan chuise ód-riacht, 's don chléir chirt gan bhréagnach ba ciste go fial, an laoch mear so Baothghalach ní mistide iad go léithe le haostacht is sirimse ar Dhia. I Laidin i nGaedhilg i mBéarla is eólgusach an scafaire béasach tréitheach treórathach, is calma a ghéaga i mbaoghal nuair fógarthar, 's is geanamhail gléigeal Baothghala beólmhilis.
A Chumainn 's a Ghiúistís
Do Uilliam Mhac Cairteáin so:
A chumainn 's a ghiúistís úrchroidhigh bhéasaigh ghlic gá dtugas go hiomchuibhdhe umhlaidheacht shéimh is cion ná fuiling me i bpúicín tabhair slighe réidhtigh dham ar bhronnadh na gcúinsí d'úrscríobh Céitinneach.
Mo Dhóchus Tug Óbairt Mo dhóchas tug óbairt go deimhin ar scur, agus sóghchas ní heól dam cá bhfaghad ná sult; mo ghnó anois ní móide san teaghlach sin Róis ghlan ó tóigeadh as feadhmannas. Óigbhean gan teóra léi i ndeighbheartaibh, 's im thómus níor dhearóil cuid den roinnt aici; fógraim gur mhóide mo mheidhirse dul san gcóir so dá gcomhnadh i bhfeadhmannas. A sómpla níorbh eól dam ar reimhirse i dtigh; d'fhóireadh don róbhocht, níor dheadhail go bhfios; tóigeadh sí an sceól so 'na aighneas ceart gur brón liomsa Róis ghlan a feadhmannas. Mo chorn ó briseadh ar dtuitim go cinneamhnach im fhochair do thigeadh chun oinigh gan tuirsiúchant, 's an tsoithimhbhean tsnoighte gan chumus ar chuidiughadh liom, is follamh an ursa dham sioga gan mhothughadh ar bith. Seán Ua Mucháin cct
Tá Cuthaigh is Racht Tá cuthaigh is racht im scairt go do-iomchair, ag turus na n-acht so leath i n-ollmhudhacht sinn: urraim do fhlaith is tearc le cothughadh anois, mar chluinim im aice, is adhbhar cosc subhchais. Rithfidh mo stair gan stad i gclos ughdar, is cuirfead i nath nach scraith mo dhochtúir dil, is dá mhinice meata i mbeartaibh cosamhla, nách gunna gan ghlas do chleacht mar cholbha i ngoil. Ba chunnail a theastas fad is clos dúinne, do bhíodh urraim tar lear 's ag baile ag lonnughadh dho, do thugadh tar n-ais na dreama ó lot púdair, is fá chomairc a mham níor fhan i gcor súsa. Ní muinice lag gan mhaith, acht drochmhúineadh, badh tugtha mar mhatch le flaith ghlan dochtúra, fear snoighte in gach teangain bhlasta scothmhúinte, 's do bhíodh gunna agus each len' ais go foirtiúnach. Do stuithfinn go stracfainn leathar crot-úscach an chuilisc ó'n gcaladh rama ro-chrústa, muna n-oirinn do smacht na sagart so dlúth liom do chluinfeadh gach cealla bail an bhloc-thútaigh.
Liaigh gan cháim do shlánuigh iomad buidhne, gliadhaire cráibhtheach cáileach, bile bríoghmhar, 's ní ciarscraith ghránna bhálthach chonnail chraosach, riamh nár thláth san ár mar mhiulpa an aoiligh. Seán Ua Mucháin cct.
Is Díombádhach Me Is diombádhach me ag glinniughadh sa ghuirtdhrúcht go doilbh uaigneach, gan fhriotháilt mo ghloin-rúin ná cuidiughadh dhá lorg suaircis, gan ghúthárd me im shuinniughadh, 's ná tigh chugham im chorra- chuardaibh Acht S- M- an ghein bhúidh 'na codladh shuaimhnis.
Píp ma Ghlacas do Láimh
Iar nglacadh pípe dham, agus ar mo tharcaisniughadh dá dhruim ag aineolchaibh doirbhe dólásacha, agso im dhiaidh an modh ar ar ghabhas mo leathscéal ann:
Píp ma ghlacas do láimh ní leanfad go bráth mar chéird; cuibhdhe liom satailt ar ráinn; bead gabhthach le grásaibh Dé. Tréithe gasta má's eól damh neamhchion im ghnó ní bhéar; lem ré ní scarfad le ceóltaibh, ní mhairfinn gan spórt ná scléip. Ní truimide m'amhailt bheith treórach i mbeartaibh lucht ceóil is éigs; ní scruifidh mo chumann le romhar, ní measta gurab óinmhid mé. Ní táir acht deaghchlú d'óigfhear bheith fearamhail fóghanta i méinn; a lámh do cheartughadh i gceóltaibh ní ciorrbhadh stóir ná saoghail. Measaim gur fearra dham suairceas do leanmhain go buan gach lae, 'ná meatacht is mairg is duairceas is ainbhfios cruaidh gan bhéas. Ná maoidheadh muinice tuathail gur duine gan fuadar mé, do chionn an iomad de shluaightibh, mar fhuilingim duadh go daor.
An lá thig spairnn go fíochmhar, nó bhraithim gur saoire ag naomh, tráchtaim sealad ar laoidhthibh 's ar sheanchus saoithe séimh. An chuideachta sásta nuair shílim ag iomarca laoidhthe is léighinn, tugaim go hinnealta píp liom is cuirim go binn i ngléas. Cois teinteáin teine na luaithe ní minic me anuas do théighionn, 's an bhuidhean do thigeann fám' thuairim ní turus dob uaigneach d'aon. Léigheann is binneas ó's namhaid d'uirceannaibh leamhais an tsaoghail, 's le héad nach fuilingid greann, 'na gcoinnibh is fonn liom téacht. A gcogadh ní misde liom síor, 'S 'na bhfochair ní gnaoi liom taobh, a lorg ní chuirfead san slighe mádh follamh nó líonmhar mé. Ní mholaim ní lochtaim mo cháile, acht innisim tráth dhon tsaoghal nach loicfead beith soilbhir deághthach, ó's toradh é do dháil Mac Dé. Gach nduine le haiteas nach gabhaid sin ná radaireacht leabhar do léigheadh, cá misde dhíobh mise dhá bhfoghluim, ó mhaithfead do chabhair 'na ndréim?
Fá dhoicheall nó ag codladh gan aoibhneas bhíos torcaire teimhleach craeis, gan solus gan sonus cois ghrísce an tan bhobairse caoimhneas béas. Éighim ar Mhuire 's ar Chríost go dtuitidh gan chrích an té do thréigfeadh siosma ceart grinn ar nithibh nach bíonn dá réir. Na slighte so chuireas i gclódh ní mhillid mo ghnó mar aon oiread le duine ar bith fós is fiosach gur seólta néim. Mallacht Airt Aoinfhir mic Cuinn ler trascradh síos an Fhéinn, a samhail so is eagal don bhuidhin bhíos cealgach cinnteach claon. Le grádh agus umhlughadh uaim tabhair siúd uait mar scéal, gur Seán Ua Murchadha luaidh na búrdúin tuas do léigheadh. Críochnuighim an laoidh ghrinn so cheapas le láimh, is fíoruighim don chríostuidheacht is d'fhearannaibh Fáil nach díomhaoin do chuimhrighim mar scraiste mo chnámha, ar bís bhíd go síorruidhe agus allus dá dtrághadh.
Má chím daoiste craos-choimhtheach feasta dhá thrácht gur díomhaoineas síorruidhe do leanaim mar ghnás, fíoruighim gur díolaidheacht is eagal dó d'fhagháil aor mhillteach rinn-nimhneach bhascaitheach bháis. Is gníomh suídhte chíd mílte is admhaim tráth, go ngríosluighim ar phíp ringce is seanaphuirt shámha, go bhfoíllsighim an laoidh ním go seascair i ndán 's gur teintidhe dho luighim síos go daingean ar ráinn. Do-chímíd go glinn soillseach, bearta lucht pláis, le simplidheacht go mbíd síleach, malairt is fearr do phríomhluighe ar shíothnuidhe gan gheanas gan cháil 's gur díth níd do rí-thaoiseach chalma cháidh. A Rí nimhe san bhfíorchraoibh fuair peannaid is páis, is tug buinnsí d'fhuil Ríogh aoird d'ár dtabhairt-na slán, tigheamaoid go síorruidhe fá bhrataigh do ghrás, is díon sinn ó ar bhfraoch-naimhid go taisteal an bhráth. Amen. Chun láithrigh atá agamsa finné ceart do rádhfas nach gnáthach me tím tréith lag, mo dhearnthacha is árd cluig ó dhiméad feac, ciodh tábhachtach do thráchtaim an laoidh réir sean.
Le Carbhall Riartha
Carbhall Cheallacháin Mhic Cárrthaigh annso:
Le carbhall riartha thriallas féin indiu, 's i gcanmhain bhriathar, iarsma is éilitheach ar fhlaith úr fhial d'fhuil Bhriain ba tréan i ngoil, 's ní deacamhal a iarraidh ar thriath dom ghaol go dil. A Cháit, a shiúr, beir chughat, nó rith gan righneas, muna ndáilir lionn go húr is iomad maoine ó ráinig chughat tar dúthaigh curadh líomhtha is bráthair clúmhail noch d'ionnsaigh tu le díograis.
Dhon dreoilín bhastalach
Carbhall dom thighearna dúthaighe .i. Cormac Spáinneach lá S. Stephen, 1723-4:
Dhon dreóilín bhastalach measaimse féin nách bás acht sógh-ghníomh seascair, mar theangmhaig go séanmhar sámh fé chómhairc chaoin chaingin an Charrathaigh éachtaigh áird, tug leór fhíon lairis is gasradh ghléasta ghrádhach. Scéal chím fairis go bhfuil gearrfhiaidhthe is éin ar lár, go féig faoi an ngasraidh is rathmhaire léim is lámhach; ar chaomh-dhíon tearmain araid-Mhic Dé do ghnáth don laoch mhín mhaiseach ler ceapadh an scléip seo dháibh. Tar Fhéinn ghroidhe Banbha an tsealg-si lé rug bárr 's an laoch-rí rathmhar gan mhairg is féile tásc, craobh chaoin ghasta dhen Charrath-fhuil tréin is feárr, chun saorfhíon fhairsing gur ghairm 'na dhéidh an táin.
Is Crádh Cléibh Liom Is crádh cléibh liom gan bhréagnach 's is goradh cumhadh thríom, is d'fhág tréith mise i n-éigin go doilbh dubhach síor, bás chaomhghein an tsaorfhir is borra clú i dtigheas Máire ghléigeal inghean Éamuinn Uí Dhonnchadha an ghrinn. Fá chaol-lic i gcré indiu mo dhorchughadh slighe an bhán bhéal-mhilis chaomhna den bhorbchrú aoird, d'fhás aerach de phréimh ghloin Uí Dhonnchadha an Ghlinn, dob fhagháil éadaigh don éigse 's do bhronnadh úir-fhíon. Dámadh aos di bheith tréitheach ná socair clúmhail caoin do Chlár Éibhir do léighfinnse moladh i dtús laoidhe; is fearr géilleadh dhon aon-Mhac do thoirbhir dhúinn í, mar tá naomhtha tar saoghalaibh go sona i ndún Ríogh. Tá cóta bréide i ngéibhinn agam le seal, 's i dtómus Éamuinn bhéasaigh, cara mo scart, seólfad é, agus réidhfidh m'easbaidh gan cheas, mo stór ciodh caol maraon 's an t-airgead tearc. Seán Ua Macháin, cct.
Is Dleaghthach Dar Liom
Chun an Athar Conchubhar Mac Cairteáin iar dtiodhlacadh a leabhair .i. Foclóir na Gaoidheilge:
Is dleaghthach dar liom an connradh grádh agus searc do thabhairt do chionn gach iúil dár dáileadh dhamh; ó's easba inár gcúis bheith cúl le fagháltas feacht, i gCathair na ndúl a chúiteamh tá gan cheas. Mo chara go dlúth is tú agus grádh mo scart, mo bhratach chun cumhdaigh dlúth gach rádh nach ceart, mo thearman lonnrach bhúidh, nách táir an gas, sagart is prionnsa, rúire, mál is flaith. Pearsa nár dhiúltuigh umhlacht páirt is ceart, dragan glan diomsach dioghainn dáilteach ait, scafaire múirneach múinte deághthach deas, do scagadh den chrú do thúrnadh námhaid i gcath. Dá dtagrainn sonn i n-úim a cháil go bhfeas, badh dhearbh tar chúigibh Mumhan an áilleacht beart; canfad mo rún go humhal gan ráfal cleas, den eaglais bhúidh is tú mo dhearna dheas. Diadhaire úr forusta soithimh is suairc clúmhail cáil, grian fhionn tsolusta oscardha uais bhúidh bhláth, fialchrú oirdheirc fhosaidh, nach duairc dúr d'fhás, ag riarughadh an phobail seo im fhochairse, a bhuanughadh slán.
Molaim Do Theagasc
Adhmoladh ar Phárliament na mBan, agus buidheachas a iasaicht leis an Athair Conchubhar céadna
Molaim do theagasc, a leabhair seo, atá im fhiadhnais go follus i bprataing do cheapadar mná diadha; is oscailte chanaid an mhalairt is fearr riaghlach ar olcaibh do sheachain is freagairt don Áirdtiagharna. Atá eochair na bhflaitheas go dleaghthach i mbáinbhriathraibh, 's ní costas is deacair do leanmhain an rádh chiallaid; cothrom is ceartas gan chealg is cáil dhiadha forustacht cneastacht is feasach gur breagh an tiagharnas. Ó thosach mo bheatha níor ghlacas im láimh riaghlach is forusta teagasc, gibé ghlacfadh, 'ná tá id chliabhsa; is cosmhail nárbh aindeis an aicme do sháimhriar thu, 's is obair gan ainimh mar mheasaim tu i gcás niata. Mo bheannacht go héag don chléireach chneasta gan cháim, 's don tsagart nár éar um léigheann ná teagasc me tráth, do bheannuigh Mac Dé le féile an faraire cáidh; go mairidh i réim 's i saoghal im fharraidh do ghnáth. A theastas go léir ní léighfeadh teanga na bhfáidh; a mhaitheas a mhéinn níl aon do radfadh go slán; i gcneastacht gan scléip ní bréag gur dhealbhuigh bárr; ar thearman tséin Mhic Dé go bhfanaidh an mál.
Is Céim Áthais go Bráth
Ar dteacht don Athair Ióseph ag riarughadh san bparáiste so, agso an fhorbhfháilte fuair:
Is céim áthais go bráth liom 's is adhbhar sóghchuis, 's is réim gháirdis dom shláinte go seascair sóghmhail géag crábhaidh, is ádhbharach i bprataing eólais, ag téacht láimh linn chun gnáthaimh go cneasta ar cómhgar. Craobh áluinn d'fhuil árdfhlaith de mhaithibh Fódla, séimh grádhmhar i ráidhtibh gan mhairg mhórtais, méinn pháirteach dheaghcháileach go gcantain órtha, céad fáilte dhuit dáilim ar dteacht am chomhgar. Is séan sáthach d'ár n-áitribh 's is barra fóghnaimh an té tháinig ós crábhadh i n-argóinteacht, léigheann fáithghlic is lánoilte i dtaitheac chló chirt i ngné bhreágh shnoighte cháidh ghloin an Athar Ióseph. Fáilte is fiche dhon bhile ghlan léigheanta cháidh; fáilte mhilis le cumann nach claon le rádh; fáilte mhiochair le hiomarca géille id dháil; is fáilte luchtmhar ó chuisle mo chléibh le páirt. Is córach clúmhail congantach ceannárd caomh, sóghmhail, súgach, súlghlas, sultghnáth séimh, leóghanta lúthmhar, lúbach, lonnfháid léighinn, Ióseph búdhach de chrú Mheic Cairteáin é.
Is Doilbh Liom Fá Ghormlic
Ar bhás Nóra Ní Mhacháin.
Is doilbh liom fá ghormlic do chéile, a Eóghain, idir bhodachaibh i gCorca indiu go tréith fá fhód, an tsocairbhruingheal fhorusta dob fhéile clódh, 's a coidreabh níor loiscneach le cléir na n-órd. Tá doircheacht ar ollamhnaibh is créim gan ghó; tá golathart i n-ár bpoiblibh le héachtaibh deór; tá lomascrios ar bhorbfhuil na hÉireann fós, tug osnadh ghuirt i n-oiseannaibh mo chléibh le brón. A moladh ceart níor dhocar dham do léigheamh dar ndóigh ba toirbhirteach soilbhir a méinn 's a cló; ba chorcardha neamhghoraigeach a héadan cóir, 's ba toghtha an bile brollaigh ghil 's an bhéil mar rós. Ba soithimh suilt, dob oscailte le féile a scóp; ní thogaradh bheith doilbhir roim chéadaibh slógh, i bhforustacht shomholtaithe, 's i gcéill gan cheó; 'na costas-chuid a cosmhalacht níor léir dham beó. Ba charaid don bhéith dhil shéimh go n-eólach dhúinn Carrathaigh thréana tréad ba chórach clú, Barraigh is Paoraigh, léigim Róistigh riú, 's ní bladar mo scéal ba ghaol do Nóra a gcrú. Clú tighis rug tar mhíltibh i gcineál suairc fionn-fhaoilionn gan díomas dob fhulláin snuadh, búidh mhíonla na ndlaoi-fholt mo dhiombádh i n-uaigh, siúr taoiseach dhe phríomhfhuil Uí Mhacháin mhuair.
Beannacht go hÉag
Do Sheón Casey agus dá mhnaoi an laoidh seo ar dtabhairt samhraidh linn, an chéad lá de mhí na Bealltaine, 1724:
Beannacht go héag is buidheachas foirtil fabhrach don lanamhain bhéasaigh chaomhna shoithimh cheannsa ler radadh go héascaidh i bhféile coirn bhrannda don ghasraidh thréith go gléasta i dtosach samhraidh. Seán Mac Murchaidh cct.
Táim Anois go Tuirseach Táim anois go tuirseach tráighte, gan sult ná gáire do thabhairt i suim, i dtáimh go scuithte, i gcruith luig scáinte, le hiomad grádh dho chúilfhionn ghrinn; tá scáil 'na fuilt 's is tiugh glan dfhásann go cluthar fáinneach búclach buidhe, 's is breaghtha a friotal miochair mnámhail 'ná puirt ar chláirsigh le dúthracht bhinn. Cáidhbhean tsuilt is Cupid mhánla, is cumann grádh gach prionnsa ghroidhe; fá mar chluinim a fhios ag fáidhibh, is di thug Páris an t-ubhall tar dhís; sámh a ruisc, 's is suidhte a brágha ghlan, a hucht 's a tláthghob múinte caoin, 's is áluinn oinigh briosc an bhánfhlaith, cé scrios Mineálus dá cionn an Traoi. Níor ráinig mustar do chur i ngnáthamh, 's is oilte a lámh gan diúltadh ar bís, ciodh fáithghlic chuireann coin is árdphuic go cliste ceárdach ar fhionnbhrat shlim; i gcáil, i gcion 's i dtuigsin ádhbhraigh, i sult gan phlás go bhfiúntas ngníomh, an bárr gan iomaidh agat fágbhaim, a bhruingheal cháidh tar chúigibh Chuinn.
Is bláth a cruth mar lili áluinn is luisne bhreágh 'na gnúis ghloin tríd; scáil an chriostail i bhfuirm táithte aici gan cháim go bonn a troighe; bánfhlaith mhilis buinne deághthach do rug an bárr i gclú 's i ngníomh; ar Mháire King dfhuil righthe thráchtaim, is sirim Pádraig dá cumhdach síor. Is acmhuingeach tréitheach léigheanta leanbaidhe tais mascalach aerach béasach geanmnaidhe a dreach; ar eaglais Dé ní léigeann easbaidh dighe ar dteacht, eala gheal, bé agus Phoenix bachallbhuidhe an fhlaith.
A Shoirbhfhir Cháidh A shoirbhfhir cháidh is bláthmhar sáimhscríbhinn, is ollamh i gcáile an dána dámhlaoidhtheach, nochad de mhnáibh gan snáithe a ngnáith-thimcheall toirbhir 'na láimh do Sheán na Ráithíneach. An tAthair Tomás Boghléir cct.
A Thaidhg, a Fhir Cheannasaigh
Chun Taidhg Mic Cairteáin na laoidhthe seo, ar bhfreagra na leitreach Béarla do scríobh chugham, April 28th, 1724:
A Thaidhg, a fhir cheannasaigh chalma shuairc léigheanta, do faghradh feasach i mbeartaibh na cruadh-Ghaedhilge, ní foighdneach mhairfead gan agailt dho chuaird lae liot ag tadhall ar radaireacht sheanchuis shuadh-thréithe. Gan adhastar, arm ná capall do luadh am chaomhachtsa, raghad dot amharc, 's dem charaid gan ghuais glaodhaim thu, is deimhin gur fearra liom t'fhabhar i n-uain laochais, nó i dtaidhbhse catha, ná Aichil is luath-Héctor. Is greadhnach gasta glic carthannach buan-bhéasach do-gheibhim do theastas, is glacaim i bhfuaim éifeacht, foillseach feasach, 's i gceapadh gach duain tréitheach, 's is cladhaire m'ainm nó leanfainn tu ar fuaid Éireann.
Agso a fhreagra chugham:
A fhir thréithigh bhreágh léigheanta 'na bhfuil mo dhóchus, do réidhfeas mo ghéibheann go sír-sheólta, am' fhéachain má's méinn leat, a shaoi leóghanta, lem ré cheart bead féin duit i n-íoc chóra.
Aon neach ní léir dham i gcrích Eóghain dot tréithibhse, a shéimhfhir na laoidhthe órdha; an chraobh dhuit ón dtaobh so go Tígh Mhóire i léigheantacht 's i mbéasaibh gan fuidhioll eólais. Is léigheanta léimneach lán-líomhtha, stéadach séimh glan, sáth suidhte, an caomh-fhile béal-mhilis bárr-bhríoghmhar, Seán gléigeal breágh tréitheach na Ráithíneach. Tádhg Mac Cairteáin cct.
Barántas an Ghirrfhiaidh
Conntae Chorcaighe Cormac Mac Cárrthaigh, Giúistís of Peace na Conntae céadna.
Whereas dom láthair táinig gníomh uilc go ndeárnas gadaidheacht, mailís mhillteach, lá geal Bealltaine samhraidh saoire, gearrfhiadh cuthaigh gur sciobadh gan fuidhiollach. Ó tá gur imthigh, gan bith a dhíola, ó Sheán Ó Bhroin i bhfios mar inseann, bharántas cuardtha uaim go díoghaltach chun a luirg le hiomarca díchill. Seán Ó Broin flaith ghlic noch mhaoidhfead, mar bháille chumais nach uras a chlaoidhchan, is Oilbhéarus Ó hÉalathaigh téigheadh 'na choimhdeacht, dís nách uallach fuaim a n-intleacht. Loirgidh árd, ná fágbhaidh íseal, tuath ná cealla, bailte ná tíortha; brisidh gach bosca 's gach dorus go fíochmhar; tá bhur n-órdughadh láidir dána díreach. Measaim nach anacheart i mbaramhail smaoineamh ar Thomás Óg i ndeóidh an ghnímh sin;
ceanglaidh docht a chorp doscaoilte; ní suspicion lag ár meas 'na thaoibh air. An gearrfhiadh 'na thigh má chimh an dís sin, tógbhaidh a chuid 's a strus don rígh dhleacht; is urradh le treit mhéith ghearrfhéidh an tí so, tugaidh go hullamh fá choiste an chirt-bhínse. Ní fuláir dho aighneas deimhneach díreach do fhriotal go luath gan ghruaim ar bís linn, táid bannaí is díotáil faoi láimh scríbhte, 's do réir bharamhlach dearbhughadh trír air. Ba fiadh geárr taithiceach tairbheach clí-thiugh, reamhar glan feólmhar córach dingthe, pearsanta aibidh, ba dheacair a chlaoidheachan; 'na dhíol níor glacaithe leathan-mhart smaois-te. Tá giúistís calma againne taoibh linn, leógan oirdheirc forusta ríoghdha, Cormac Mhac Cárrthaigh, cáidh-fhlaith líomhtha, chun sentence ceart-dlighe ar shladuidhe d'aoir-bhreith. Cuirfimíd fearchoin tapa ar gach taoibh dhe, d'eagla a cheilte ná a theithmhe ón mbuidhin sin; beidh Domhnall Spáinneach san áird thíos de, is Ceallachán tuaidh má luadhann an tslighe sin.
Beidh Réamonn de Barra 'na sheasamh go síleach, is Donnchadh Ó hÍcidhe is teintighe gníomhartha; Donnchadh Ó hÓgáin is ró-ghábha a ríomh linn, is Seón Casey roimhe má ritheann fá'n gcoill soir. I gcás má ghabhann ceachtar dhon tslighe sin go mbeidh gobhtha go hobann gan righneas; badh dhoilbh an guirt-scéal gearrfhiadh bríoghmhar do leigean gan cheart le neach dá aoirde. So an t-órdughadh chughaibh le dúthracht díograis, an dara lá mar thuigim den mhí seo; má chuireann chun reatha gairmidh Síoman, isé rithfeas go cruaidh mar luas na gaoithe. Críoch mo labhartha i n-aithghiorracht díbhse: 'na bhrágha dhon bhara go ceangailte tigheadh libh i n-éiric a shlighte go n-imirthear dlighe air; is togha an choiste, fá Chormac bíodh sin.
Agus do shighneáil chuige, agus do suidheadh cúirt go sultmhar sítheóilte linn i dtigh Sheáin Uí Bhroin, Máirt Chingcíse, agus do caitheadh ós cionn fiche scilling ar thórramh an ghearrfhiaidh chéadna; agus fuaras-sa féin mo phíosa airgid ón ngiúistís ar son an bharántais réamhráidhte.
A Fhir Charthannaigh Dhiadha
Agso im dhiaidh an modh ar ar iarras iasacht an Dochtúir Céiting ar Dhomhnall Mhac Cairteáin, agus an banna foirfit thugas do mar an gcéadna.
A fhir charthannaigh dhiadha ghrianda ghrádhmhair ghlic, do shealbhuigh riamh bheith fial glan deághthach dil, taithiceach ciallmhar triathach deárscnaidhte, admhaim fiar mo riaghail ar fán dod chion. Is anbhfann riamh me i ndiaidh na bhfáidh ag rith, gan charadas cliar ar sliabh am fhábharsa, 's nár shealbhas riartha trian ar bhfhearrde sinn, 's gurab agatsa thiar tá liaigh mo shlánuighthe. Dá ngeallair go bhfiadfair iasacht lámh-oinigh an leabhair do riar ar iacht do bhrátharsa, caraim óm chliabh go tiacht an bháis dom fhios bheith agat ar srian ag giall mar sclábha liot. I ngábha an leighis sin ó's deimhneach me i ngalar tar fóir, is rádhaim foillseach gur shaidhbhreas liom a amharc ar ló, d'fhagháil radhairc air bead foidhneach á bhreacadh fám dhóid dá mhoyder go bhfaghairse nó an leabhar i gcló.
Agus do fuaras iasacht an leabhair an tan sin, agus do bhí agam ó'n 8th lá do July, 1725, go huair a chríochnuighthe.
Is díth-chreach Bhróin
Iarghnó ar bhás Chonchubhair mic Dhonnchaidh Uí Cheallacháin annso:
Is díth-chreach bhróin ar feódhchan sínte an tsaoi-fhlaith chalma is pearsa d'fhuil Mhíleadh; a thásc iar dtaisteal do laguigh ár saoithe; idir fhearaibh is mhnáibh diombádhach tug mílte. A thréithe, mo léirchreach, ní mhaoidhfeadh éigse Banbha d'fheabhus a ndíchill; 's mo chiach níl acmhuing ná gastacht im laoidhthibh lé gcaoinfinn Conchubhar glic clúmhail bríoghmhar. Ba leógan búdhach de chrú na ríghthe, ba dhragan dian i ngliaidh 's i mbruighintibh, ba churadh chosnaimh do bhochtaibh an taoiseach, 's ba Phoenix dathamhail fearamhail fíochmhar. I gclú 's i gcéill 's i n-éifeacht líomhtha, i dtréithibh rathmhara i rabainn 's i n-intleacht, i n-uaisleacht oinigh, 's i snoighteacht gan chinnteacht do dhlighfinn dó an bárr le háiteamh díreach. I bhfoghluim léighinn 's i mbéasaibh líonmhar, i Laidin, i nGaedhilg, i dtréithibh gaoise, i dteangain an Bhéarla, i n-éifeacht scríbhinn, níor sheasaimh ar talamh a shamhail lem linnse.
Triath clúmhail oscardha soithimh, is príomhscoth, rúire forusta foirtill i ngníomharthaibh, réilteann lonnrach, cúl na bhfíorlag, faraire buadhach suairc glan saighdeach. Ba saoi cháidh an cíonádh so mhaoidhimse, mál cúmhra sárchúmtha is gríobh glan; 'na mhéinn do snoidhmeadh i bhfuirm go soillseach carthannacht féile is bréithre caoimhneis. d'aoinneach dá thréine ní stríocadh, 's don tréith lag do ghéilleadh go síordha; is saoth liom mar chéile dhuit líog ghlas, go faon gan anam i Mainistir Chuinnche. Laoch mar Oscar i n-iomaidh 's i n-íorghail, is éifeacht chothrom mar Sholamh do bhí aige, prionnsa toghtha agus tobar glan díodhachta, comhla cléire éigse is draoithe. Sin críoch le gaisce 's le prataing na ríoghacht so, 's níl brígh ná ceannas i sleachtaibh cirt Gaoidhil ghlais; i gcoimheascar cogaidh níl cosnamh in-ar ndaoinibh; do toghadh do piocadh do scriosadh ár saoithe. Mo ghéibheann chruaidh, mo ruaig, mo sceimhleadh, mo shile déar, lem ré gan aoibhneas, ár mbuinneán subhach fá úir 'na luighe indiu i dtúis a shaoghail tug Éire i ngeimhleach.
Táid uaisle Gaedheal go tréith gan brígh nirt; do mheath an greann, níl crann gan chríonadh; níl fás gan chrapadh le seascas i gcoilltibh; níl iasc i nglaise, do shearg an taoide. Níl solus san ngréin, tá an fhéile ar díbirt; tá an spéir fá scamall, ár bhflatha do díogadh; ar an Eóraip tá ceóbhrat gan scaoileadh, 's níl gairm tar ais ar chreach Chluain Míne. Crádh don bhás is gráin mo chroidhese air, d'fhuaduigh i dtuamba le díoghaltas mac rathmhar cáidh Uí Cheallacháin dírigh, 's a liacht pearsa d'fhág nach maiseach cáil cheart d'fhuidh- leach. Seabhac suairc soilbhir soithimh is groidh-fhlaith stuamdha seascair glan scaipitheach scaoilteach, bronntóir seóide óir is maoine, is bheith daonnachtach fairsing i dtabhairne fíona. I bParnasus solusta foilceadh go haoibhinn, 's do hoileadh go feasach i mbeartaibh na naoi mban; tug síodhmhná Banba ag screadaigh 's ag caoineadh i ndeóidh an bhile ba soineanda ar Ghaoidhealaibh. Níl diúic ná iarla, triath ná taoiseach, ná prionnsa ceannais i mBanbain fhíorghlain, nár ghaol go fogus do ar lorg a shinnsir; is fiosach don uile, ní huireasbhaidh a ríomh linn.
Ní cáim ar sheabhac ghlan araidmhear fhíochmhar nách tualaing damhsa i dtreóir a chaoineadh; 's dámadh léigheanta me i dtréithibh dleacht gaoise do mholfainn an triath go fial le suidheamh ceart. Ó'n mbás, mo ghoin, ciodh guirt len' innsin nách acmhuing d'ar luadhadh dul uaidh gan claoidhe dho, 's go gcaithfeam go léir dul d'éag gan righneas, guidhim chun flaithis let anam i ndíograis. Is goradh-chumha dhoilbhis d'ollamhnaibh leathan-chláir Thuadhmhan eochar-chlú chosnaimh an domhain fá leacaibh lá an chruais, lonna-chú fhorusta is cosnaimh i gcathaibh árd-ruag, Conchubhar foirtil mac Donnchaidh Uí Cheallacháin luadhaim. Níl cothromughadh sonais ar bhochtaibh acht seachrán cruaidh; ní follus dúinn fortacht 'nár bhfogus go dtagaidh lá an Luain, ba pholla siúd mholfainn chun cosanta ár bhfearg-námhad uainn, sin loma-chúis gholfhairt gan sosadh agat 'Fhearann Fáil buan.
Timcheall an 26 lá do June d'éag an deaghlaoch so san mbliadhain, 1724. Seán Ó Murchaidh cct.
Fád Lár a Ghairbhleac
Epitaph ar bhás Sheáin de Barra 1724
Fád lár, a ghairbhleac, marbh is díth liomsa an sáirfhear gasta ler ceapadh an tsaoitheamhlacht, 's ba fáilteach feardha tabharthach tighis-fhiúntach, cáileach caradach calma caoin clúmhail. Is de rás na bhfearachon ngarbh na ngníomh gcongcais do thrácht tar caise le harmaibh glinn-urlann, do ráinig rachmus i mBanbain fhíor-úrghloin, an árdfhlaith mhaiseach tug scata gan díth cumhadh againn. A bhás is danaid go fairsing i gcrích Mumhan, 's a cháil, mo mhairgse, marbh i gcill súighte, ráib mear ceannasach carthannach fíor-ionnraic, scáth na ndealbh is bratach a síor-chumhdaigh. Bárr gach maithis, ní rafal a mhaoidheamh liomsa, tar tháintibh pearsan gur shealbh an tsaoi mhúinte, cáidh-fhear acmhuingeach d'fheabhus a phríomh-dhúithche, Seán de Barra bheith marbh is gníomh cumhadh linn. Is méala linn is díth 's is cumha dhoiligh an séimhfhear grinn fá líg i nDún Bolg, phoénix líomhtha, ríoghfhlaith chlúmhail shoithimh, d'fhuil éachtaigh aoird na Traoi gan rún-choigilt. Seán Ó Murchaidh cct
Le Cáirdeas Cumainn Le cáirdeas cumainn don árdfhlaith shultmhar d'fhuil cháidh na righthe ba tréine, tráchtfa mise gan spás 'na choinne le fáilte is fiche go ngéilleadh; ráib mhear churata ádhbharach urramach ó thárla agam i nÉirinn, mo shlán fá chumus mo námhad go huile, 'na stát ó chonnarc an phoénix. Chun dáin do shioscadh ciodh táir mo thuigsin i gcásaibh snoighte ná léigheanta níor chás gan mhustar do cháile i bhfuirm do thrácht go hurus le héigsibh mál glan cumusach dáilteach soineanta láidir fuinneamhach béasach, nach tláth i n-iomaidh ná i n-ár na gcloidhte, 's do rug bárr gach lonnais ó Héctor. Fear áluinn sultmhar gan cháim an curadh tug sámhacht mar chonnarc ar chéadaibh, is d'árduigh iomad d'ár gcáirdibh chugainn fá shástacht coirthim ó ghéibheann; is crábhaidh tuigsionach fálach cliste glan sásta suidhte in gach tréithibh an cháidh-fhlaith mhiochair gan phlás i bhfriotal, acht páirt is cumann is daonnacht.
Atá gan iomaidh an bárr tar fhuirinn chirt Chlár Luirc agat, a shéimhfhir, i gcáil i gcumus, i bpáirt i gcumann, i gcásaibh oinigh is féile; bráthair fugais na gCárrthach gcurata 's gach árdfhlaith mhiochair d'fhuil Éibhir; áilim, sirim ar árd-Mhac Muire tu slán gan mhilleadh gan éalang. An séimhfhear grinn seo mhaoidhim le deaghchroidhe i gchéill is féile gníomhartha ríoghdha i gceart-bhrígh shéimh, léigheanta líomhtha i n-intleacht bhreath-bhinn chaomh, Séamus caoin d'fhuil aoird labhailí an laoch.
Ag sin fáilte Dhomhnaill Mhic Cairteáin roimh Shéamus Lavalin iar dteacht don Mhumhain ó Fhlóndras do.
Atáim faoi Scamall Atáim faoi scamall i gcreathaibh i gcumhaidh 's i gciach, cé nár linn aithris ar ainnir dar liom do thriall le hágha araoir lairiom im leabaidh, go n-úmhlacht fhial, 's do rug bárr gnaoi is maise gan chasadh tar chúigibh Briain. Ba bhreagh a píp chailce 's a mama nár hiniúchadh riamh; ba bhláth caoil mala, agus dearca mar dhrúcht ar sliabh; ba cháidh caoin dealbh is pearsa ghlan úr gan chia; 's dob fheárr sinn marbh 'ná marthain dá cionn i bpian. A dhá dlaoi-fholt fhada ba chasta 's ba bhúclach fiar; a dhá caoin-chroibh laga rug barra gach fionntais riar; a dhá mín-troigh mhaiseach ba gheanamhail siubhal ar dtiacht 's ba binn blas balsaim a labhairt mar phungcaibh tiad. Cá tír ó'r thaistil di d'aisceas, ba chiuin mo shians, is cá slighe i rachadh, níor fhreagair an chúilfhionn m'iacht; d'fhág scríobhtha a hainm im aice go dlúth i riaghail dhá thrí gheala cheart banbh is umha 'na ndiaidh. d'fhág sí i ngalar me feasta go dubhach fá liach, gan fagháil grinn d'amharc ná aiteas i bhfonn 'ná i bhfiach, báibín gheanamhail chailce na bhfionn gcas gciabh, 's dá grádh ní mhairfead, ní fheadar cá dúthaigh ar thriall.
Seán Ó Murchadh cct., ar n-a thaisbeánadh do 'na aisling óigbhean d'fhaicsin 'na ghar san oidhche.
Dís Ghréasuidhthe is Léir Dam Dís ghréasuidhthe is léir dham i bhfogus damhsa, dís thréitheach ghlic éifeachtach shoithimh chórach, dís ghaolmhar dam féinidh, ní holc an comhgas, d'fhíor-thréanfhuil na hÉireann nár choigil seóide. Is mín-scéimheach glan éadtrom 's is socair seólta, caoin caol tiugh gan éisling go toghtha treórach, do-níd éide dho ghlé-throigh go cothrom córach; is guidhim féin sibh um dhéanamh dom chosaibh bróga. Dúthracht an chúpla so b'fheárrde sínn, is cúram gan chunntas im dhán ní bhí acht dúbailt ar chlú chirt bhur gcáil má's cuibhdhe is tar chúigibh go dtiubhradh 'nbhur láimh an mhír. A n-ainmna is aibidh adéarfadsa: is díobh Donnchadh oirdhearc ó hÉalathaigh, is fear ceannsa caomh gan cháim Partholán seang Ó Deargáin. 29th., 9ber, 1724.
Duairceas go hÉagaibh Duairceas go héagaibh, 's i nduantaibh níl réidhteach ár gcruadhtain gach lae anois, mo mhilleadh, Ó's buan-churtha i gcré indiu an tsuairc-churadh thréanmhar ag uallfhairt tug céadtha go tuirseach; Mh'uamhan níorbh éalang gach ruathar 'nar léigeadh cuallacht na hÉireann cé briseadh, Nua-scrios an aoinne ba fuaiment don daonnacht i dtuamba fá bhéilic gur cuireadh. As fuathmhar na scéalta so, a bhfuascailt ní féidir, uaisle na nGaedheal mbocht ar dtuitim; Lluachrann nár chlaochluigh le cuaine an chais-Bhéarla 's do bhuanuigh leis an gcléir cheart ba shine; Ó luadhadh sinn at éaghmais níl suaimhneas le héileamh ag truaghbhochtaibh Dé anois go huile; Cia bhuaidhfeas, cia réidhfeas i gcuardaibh ár ndaor-cheast, cia ruaigfeas ár n-éislinn go hurus? Eir buaireamh gan faesiomh 's i nguasacht go déarach beid uaisle agus faonlucht gach cine, Ag luadhchan na féile do buadhadh leat tar Éirinn, agus suairceas do thréithe nár shingil; Lluach uigh dhon éigse mar dhualgus ní léir dham go suathain cia bhéarfas ó thuitis, A bhuaidh-bhile an bhéil mhil gan ghruamdhacht i méinn ghloin monuar i gCill Chréidhe thu gan friotal.
Cá bhfuil nuallghol na héigse nach cualasa ag éigheamh liom? 's gan suas den tsliocht laoch mear acht leinbh; An sluagh tiugh nách staonadh 's do bhuadhadh glic gach géilleadh bheith uaigneach 'na n-éagmais is tuirse; Is uaithchle nách féidir le druadhaibh dá ghéire tuairim a thréithe chur i laoithibh; Ní chuala is níor théarnaigh fuil uaibhreach ba thréine ná tuaradh id chaomhchruth ó righthibh. Tuairisc do thréithe gan chluanaireacht bréige i n-uaim chirt do léighfinn dá dtuiginn; ba stuamdha, ba bhéasach, 's i ruagaibh ba laochais, 's ó Ghuaire gach féile gur sciobais; Ba bhuadhach i bpléannaibh, ba suadhoilte i léigheantacht, ba bhuan-chliste i n-éifeacht 's i dtuigsin; a Uain ghil na Béithe, rad suaimhneas id naomh-thigh don uasal dheighmhéinneach ort sirim. Is tuirseach brónach deórach d'aithle a bháis d'fhúig fuireann Fódla scólta lag i dtámh dubhach; Ruire córach cródha, a leac, is fáth cumhadh, 's is dursan fós Domhnall Ó Ceallacháin fút. Ba churadh i ngleó agus leógan maiseach sámh subhach; duine ag comhall coimhghlic is dragan cáidh clúmh- ail; ba bhile chóig gcóigeadh ba ghasta i gclár Mumhan, 's is turraing fhóghmhair do sheóil i bhfeart ar lár thú.
Ó's follus d'ár n-uaislibh uainn acht ró-bheagán stopfad go luath gan duain go deó do thrácht; A Mhic fortachta ár gcruais, d'ár nduadh fuair gleó agus páis, leig Cormac buan dá chuallacht beó go bráth.
An 29th lá de August d'éag an duine oirdheirc fíor- uasal so faríor. 1724.
Iarsma Beag Iarrfad
Chun Domhnaill, mac Uilliam mhic Cairteáin, an beagán so ar impidhe cáirde a leabhair .i. an Dochtúir:
Iarsma beag iarrfad, ciodh dánacht uaim, ar thriath ghlan do riaghluigh me i ndántaibh druadh, is fiadfair i mbriathar a dháil gan chruas: led liaigh cliste riar mise spás gan fuath. Fuath ó dhuine níor thuill an tsuairc-fhlaith shnoighte gan cháim, i bhféile, i bhfuirm 's i mbéasaibh oilte, gan bhéim i gcumann 's i bpáirt. Páirt-díograis an tsaoi ghloin is cothrom gheibhimse; i dtráth ríochtanais scaoileann me ó dhochtaibh daidhbhre; 's nach scríobhainnse laoidh ar bith don tsona-leigheas sin, acht rádh díreach gur shaoileas tu fosaidh foidhneach. Foidhne fhada gan ghruaim do shíor gan chealg id mheabhair; is deimhin nách tarcaisne gheibheann do leabhar, acht soillseacht sleachta agus greann. I ngreann-tsult gan channtlamh 's i labharthaibh séimh do mheabhruigh an leabhar-churadh ceannas is céim, ceannsacht gan channtlamh i mbeartaibh 's i méinn, seabhac glan do phlannduigh d'fhuil acmhuingeach éigs.
Idir éigs na gcanamhain ngrinn ní léir dham samhail mo threóin, craobh ghlan tseascair nár éimigh pearsa fá a réidhteach d'acmhaing a sheóid. Seóide is séan go héag ar fhuráil Dia, nóchar bhéith ghloin aeraigh d'fhuil árd-thriath, sóghchas saoghail i réim, go seansháth bliadhan, chun Domhnaill éachtaigh fhéil Mhic Cairteáin iad. Le spleádhchas ní thráchtfainnse bladaireacht léimhis ar cháilibh an cháidh-fhir is geanamhail gnaoi, is táinte len' áiteamh ar chanas gur fíor; feadh Chlár Luirc na ndámh suilt duit geallaim a shuidheamh. Seán ua Murchaidh cct.
Mo Dheacair Fá Líg Mo dheacair fá líg an tsaoi ghlan áluinn ait do tharraing ód choimhdeacht sinn, ciodh fáth gan neart, 's im aigne chím nách líonmhar páirt tar lear, fá ndeara nár scríobhadh leat líne am dháil le seal. Dá measainn dom buidhin gur díobh tu ar áis go ceart - 's mo theastas gur scríobhadh liom síos gan cháirde id ghlaic - do fhreagra caoin do-chífinn sámh ag teacht, is measaim gur crích dhon díograis lá bheith leamh. Níorbh annamh i dtigheas is fíon ar clár 'nár ngar do phearsa agus sinn, nó i n-aoibhneas táinte fear; má chaillis mo chuimhne, is í gan fagháil tar ais, t'shamhailse choidhche arís ní ghrádham acht bean. A Dhonnchaidh shéimh ghloin léigheanta Uí Bhruithileacháin, ba foirtille méinn is béasa soineanta sámha, mo thogartha baotha clé cé chuireas i ndán, is osna agus éad do ghéaruigh sinne chun ádhbhacht.
- Giolla Ó Laochdha cc. chun a chóimhsheirbhísigh.
Do theastas mar chluinim ó Ghiolla go ciallmhar cáidh, 's do bhearta nách singil, ler thuiteas go dian id ghrádh, rabainneacht oinigh gan iomaidh tar thriathaibh stáit, níorbh anfhochain liomsa do chuideachta bliadhain ar clár.
- Seán Ua Murchaidh cc. chun an fhir chéadna.
Is Tartmhar 's is Tirm Agallamh Sheáin Uí Mhurchadha le Maypole Sheáin Uí Bhroin, Lá Bealltaine, 1725: Seán:
Is tartmhar 's is tirm tá an fhuireann tug iomchur mór ar bhathas a gcuisleann don bhile tar thriúchaibh leó, is ded bharra nách tuigim gur ibheadar piúnt ar sógh, tar chrannaibh na coille níor thuillisse clú ná ceól. Crann: Ná habair sin, a fhile, níl tuigsin id chúrsa fós; aithis níor thuilleas, cé chuiris me i gcumhgrach mhór; do gearradh mo luise, do fuirseadh me ag siubhal an róid, do chailleas mo dhuille, 's ní sultmhaireacht liom bhur gceól. Seán: Táid cranna ba ghile 's ba thinne 'ná rúta dhod shórd gan tapa go singil, gan cuideachta chúcha ar treóir; is mairg liom d'fhuiling gach tuirse dá ndubhairt go fóill, de dheascaibh do thruime, 's gur tirm do chumhtha dhóibh. Crann: Mo theagasc dá gcluinir ní huireasbach tú go deó: ná ceangail i ngustal do rithfeadh mar smúdar ceó; cnagaidh, is tiocfaidh go fonnamhar lionn ar bórd, is caithidh bhur scilling dhon duine le clú i dtigh an óil.
Seán: Dá scaipeadh an fhuirionn an phinginn i gcunntas óil, airgead tirm dá muirear níl bonn go deó; is fearra linn tiomargadh strusa 'ná a dhiúgadh ar bórd, is bainne nó uisce go bhfliuchtar an dúthaigh leó. Crann: Do mealladh tu, a dhuine, mar imthigh ar thriúchad romhat, is t'acmhuing ní luigide scilling má's fiú thu coróin; caradas tuigidh gur gliocas i gcúirt nó i gcomhar, is fá thalamh nách cuirthear libh pinginn fá chiumhais an fhóid. Bearta ba misde 'ná ar chuireas i n-úil duit fós: do leanbh, ciodh milis a chluiche 's a shúgradh id chomhair, don tsagart id chionntaibh ní hurus go dtiubhradh coróin ar th'anam go miochair, cé thiomargais púint don stór. Seán: Do bhreatha ní bhriseann; acht tuigsin is iomdha id ghlór ó leanais go bhfuirm na dlighthe nár dhiúltuigh Pól; tú samharadh is gile dár fionnadh san Mhumhain gan ghó; Dia bheath-sa chugainn is fliucham do chúl le beóir. Seán Ó Broin: Tá fáilte sheascair don ghasraidh an-áirithe chun ádhbhachta is aitis ar halla mo thábhairnese, clár chun beathuisce is leanna tá stáluighthe, 's gan báille ghairm má's easbathach cáirde libh.
Nuair do cuireadh an crann 'na sheasamh, d'amhairc 'na mhór- thimcheall, agus chonnaic Tigh Charraig na bhFear; agus do fhiafraigh cia an ríoghlaoch do comhnaidh ann. Do hinnseadh dó gur fíor-uasal de Chlannaibh Míleadh, .i. Cormac Spáinneach. Leis sin do scéith an crann duilleabhar glas tré n-a bhathus, agus dubhairt an rann:
An Crann le Cormac: Go bráth nár chailleam, is aitchim ar Rígh na gcomhacht, an árdfhlaith mhaiseach d'fhuil Charrathach aoird na slógh, mál glan feardha is fearra dár chinn den phór; 's ó thárla im sheasamh fád bhrataigh bead bríoghmhar beó. Seán le Cormac: Cormac Spáinneach, Cárthach cumhra caoin ... an triath oirdhearc áluinn ádhbharach úr, gan phuimp ... 'na shians; forusta fáithghlic fáilteach fiúntach fíor ... -cheart fial den bhorbfhuil áird, nár stán i gcumhgrach cloidhimh ... i ngliaidh.
Do bhí an seana-chrann ó anuraidh ag éisteacht an ghrinn seo, agus do bhreithnigh: Gach nua mar thig gurab é is mó gheibheann cion. Agus dubhairt an rann so go hiarghnóthach:
An Seana-Chrann Ó Anuraidh: Níl machtnamh, mar thuigim, i nduine dá dtuite i bhfanntais; níl aiteas 'na chluiche, níl cuideachta chuirfidh beann air; níl taise dhon luige 's 'na friotal níl siolla greannmhar; 's go gcaithfeadsa tuitim ó's fiosach me im chupard seannda.
Agus an buille scuir ón ughdar:
I gCarraig na bhFear do ceapadh greann amhlaidh go calma cneasta i n-aice leabhar-bhrannda, 's an Carrathach greanta aca i gceann samhraidh, is raidfeam gur leas 'nár measc an crann labhras. - Seán Ua Murchadha cct.
Tá Faraire Tréitheach
Agso im dhiaidh an modh ar ar iarras liathróid ar Phádraig Ó Ógáin, iar n-a phósadh, April, 1725
Tá faraire tréitheach léigheanta suairc-ghlórach im aice le tréimhse réidh is nua-phósta ag ainnir fuair céim tar bhéithibh buan Fódla, aitchim gan bhéim a léigean suas beó againn. Seabhac i gcéill, nach tréith i ndruadh-eólas, nár dhearmaid tréine géag i gcruadh-chomhrac, do shealbhuigh daonnacht béasa is buan-chródhacht thug taitneamh na n-éigs i méinn an luaithleógain. Is maiseach a scéimh nach claon le suathbhreósaibh, 's is carthannach géilleann sé dhon truaigh chró-luig, scafaire tréan de réxfhuil sluagh Bóroimhe chuir danair go créachtach tréith tar buaic bóchna. Mo pháirt do radas go hanaba i gcósárd ghéar don árdfhlaith mhaiseach nách ceachartha cló is cáil chaomh; is crábhaidh cantain an tseabhaic gan mhórdháil bhaoth, Pádraig ceannasach calma Ó hÓgáin é. Táid taoisigh toghtha an phobail d'aonfhóbairt dá mhaoidheamh gurab ort téid cothrom léarthóide d'íoc led thoil gan doic dá n-aosógaibh, chun grinn do nochtadh ar cnuic 's ar réidh-mhóintibh.
Fáilte nách Ceachartha
Fáilte Thomáis do Barra, an 25th lá den Mhárta, 1725:
Fáilte nách ceachartha óm aeibh, ar dtaisteal don taobh so dho chrích, don tsárfhlaith rabuinneach réidh fuair fabhar ó réxaibh go glinn; is fearr liom lairiom é im ghaobhar 'ná ag ainnir fá ghéibheannaibh dlighe, an ráib mhear charthannach shéimh dá namhaid i spéirling nár stríoc. Beidh ádhbhacht is aiteas is aer ar faithche gach aolbhruigh den ríoghacht, ó thráigheadar scamaill gach scéil ba dhaingean ag téacht ar do dhruim; má tá gur scarais le pléidhe 's do phaitint go gléasta led thaoibh, ní cáim ar arm bheith géar, ná ar leanbh bheith béalfhliuch ó chíghibh. Táid cáile calma i méinn an fharaire ghlé-shnoighte ghrinn, is crábhadh carthannach caomh, 's is taca le tréine nach tím; fear láidir laideanta i léigheann do scaipfeas an fhéile le fuinn, 's is fáithghlic bearta gan bhéim ag taitneamh le héifeacht a chinn.
De rás na bhfearchon dtréan ba taithiceach géarghoil i mbruidhin, d'áitigh sealad san Trae, 's do neartuigh i nÉirinn go ngnaoi, an cáidhfhear seascair nach tréith, im aice ní saoth liom i dtigheas; Tomás do Barra iseadh an laoch, is aitchim an naomhsprid dá dhíon. Fáilte chaoin le díograis mórchumainn, fáilte ó chroidhe dhon taoiseach lóchrannach; fáilte bhríoghmhar líonmhar leór-mhilis don tsáirfhear líomhtha ar dtigheacht am chomhursanacht.
Im Udhacht Níl Pinginn
Udhacht an dreóilín choimhighthigh cheannruaidh chiall- éadtruim do gabhadh ar Laghair Dhúna Bolg, i mBarrachaibh, an 26 lá de December, 1726-7; agus nár chan bladhmann, bréag ná baothfhocal go bás:
Im udhacht níl pinginn is tuigidh nách maoidhfinn bréag, cérbh uachtrach tiodal na righthe lér snaidhmeadh mé, 's na sluaighte fiolar fám chumus gurbh íochtrach géill, ciodh cruaidh do cuireadh libh mise fá ghéimhleach dhaor. Isé uabhar na fuirinne ó'r goineadh me, smaoinim é, ba luaimneach iomarcach oscardha fíochmhar tréan, ler luadhadh mo thuitim fá chumus mo naímhead mar scéal 's mo thruagh lé churadh ní thiocfainn acht mílte im dhéidh. Ní'l suaimhneas agam, níl cluthar, níl coill ná craobh, 's do-chuaidh as m'fhuinneamh, níl duine dhem buidhin im ghaobhar do bhuail gach nduine me dho bhuille nár shlím feadh an ghéill; mo chuaird do chiorrbhaidh, do cuireadh me as ríoghacht go héag. Ó scaradh me, tug atuirseach mo rosc deórach, eadraibh gan aithfhriotal dom dhiospóireacht, mo mhallachtsa go heasmailteach, ciodh nimh dhóibhsean, noch caithfeadh liom, ó's marbh me, go honórach.
Is Claoidhte Atáim Is claoidhte atáim dom shnoighe 's dom chrádh le díograis grádh dhon réiltinn do mhill me i bpáis, gan suim i n-ádhbhacht, ag cuimhne cáis mo chréachta le mnaoi rug barr i ngnaoi 's i gcáil tar mhíltibh d'áireamh ghréagach, 's do stríoc ar lár an Traoi go tláth, nó Naois fá sháithtibh géarshleagh. Is cíortha cáblach soillseach sásta a dlaoithe ag fás go caoltroigh, is mín a brágha, 's a píp gan cháim, 's a righin-ruisc bhreághtha péarlach; a cíocha blátha míonla mánla, a caoinchorp áluinn gléigeal, 's a gríosghob cáidh gan phuimp gan phlás is milse ráidhte caomhna. Tar Inse Fáil badh chuibhdhe dhi an bárr i ngnaoi 's i gcáil 's i mbéasaibh, an ríbhean cháidh is líomhtha lámh i ngníomharthaibh páirte is féile; dá maoidhinn go hárd dob fhíor lé trácht; a gcoimheascar dfhág na déithe; 's mo mhíle slán don fhaoilinn bhláith i gcríochaibh fáin má théighimse.
I bhFódla i nduantaibh druadh, ná i gceart-chlár Chuinn, ní heol dam stuaghaire stuamdha i ndeaghcháilidheacht is mó rug buadh gach uaisle is gean-ghrádh ríogh 'ná Nóra shuairc dfhuil uaibhrigh Chairteáin aoird. - Giolla Ó Laochdha cct.
Céad Slán do Chuirimse Céad slán do chuirimse ó thuaidh don té úd do luighfeadh ar rámhainn, do sheinnfeadh go cliste ar a phíp, do dhéanfadh véarsa go caoin is dán. A thréithe ní hurus do mhaoidheamh, 's ní d'easbaidh nách líonmhar atá; acht méid a chumais is 'intleacht do tharraing na mílte dhá ghrádh. Gach sméirle smeartha gan ghnaoi, gan aiteas, acht líonta dhe phlás, do chuirfeadh fá ndeara ort bheith binn a thrascairt le haoir dob fheárr. Má deir bodach na praisce agus gruaim air lena theanga chas tuathail chlé, ná grádhfadh duine le suairceas, an tubaist go mbuailidh air pléasc. Dá mbeinnse i gcumus 's i mórdhacht le hiomarca dhem buaibh ar féar, dar lámh mo charad gan chluain duit, badh thusa mo thogha gan bhréag. Aon det shamhail ní chuala, 's ní mheasaim den Mhumhain gur léir, a thréithfhir, chanas mar ughdar seanchas saoithe séimh.
Tréithe binneas is suairceas do cheapais ar dtús do shaoghail, léigheann is fuinneamh is fuadar, is bheith urramach uasal séimh. I gcuideachtain Domhnaill chródha thárluigheassa i gCorcaigh mhóir na seólta sáir-mhíne; sláinte órdha d'ólas, le grádh díograis, do Sheán leóghanta bhinn cheólmhar na Ráithíneach. Tadhg Mac Cairteáin.
An dara roinn don leabhar im dhiaidh annso.
Is Dubhach Sínn le Tréimhse
Is dubhach sínn le tréimhse, go cumhach cnaoite créachtach, gan súgraidheacht i bpléireacht le sealad gan sámhacht, ag fionn-bhrighdeach mhaordha rug clú chaoin tar bhéithibh san Mhumhain timcheall, féachaidh, a samhail níor fhás; búidh mhíonla bhéasach de chrú ríogh agus tréanfhlath nár túrnuigheadh i spéirling dá chalmacht námhaid; is umhal chím, mar léightear, go húrscaoilte ag éigsibh, an t-ubhall choidhche ó Vénus gur dearbh 'na láimh. Is dlúth soillseach dréimreach a cúl buidhe cas craobhach, 's is lúb-dhlaoitheach réidh tiugh ag casadh go tláth; a súil chruinn cheart phéarlach mar dhrúcht laoi ghlain ghréine; a gnúis chaoin tug Hélen gan tagairt ag táin; a com caol 's a saorchorp; a húirchíocha caomhna; 's is búdhach binn a béal tais gan labhartha pláis; 's do hiompuigheadh led scéimhse lunnraidheacht gheal Phoébus.
fá phúicín, gan téarnamh go taisteal an bhráith. A lúb lítis léigheanta nach cumhang cinnteach tréithe, tabhair sinn le héascacht ó chealgaibh báis; 's gur tú, saoilim, Déirdre ler shiubhail Naois a hÉirinn, dár brúghadh cinn na gcéadtha dá deascaibh san ár; a chnú dhíograis bhéasach dá n-umhluighidh na déithe. ní fiú sínn tu dh'éileamh, acht leasuigh mo chneádha; agus múirnín na Béithe, dár gcionn d'íoc a chéasadh, mar chúl dín dod shaoradh fá bhrataigh a ghrás. Is cáil fhiadhnaise d'iathaibh is d'fhuirinn Mumhan éigs an bháb fhial so dá ngiallaid na luidhthe scrúd mé; gur fhás diadhacht 'na briathraibh, 's gur tuilleadh clú léi, Máire chiallmhar ní Chiarmhaic an bhruingheal chiúin chaomh.
A Uilliam Mhic Coitir, a chogair 's a leóghain láimhghlic den triathfhuil bhoirb badh foirtil i ngleó gháibhtheach, iarraim ortsa, mar chosaint ar ghóiseárdaibh, iaidh go cothrom ar a brollach an óráid seo.
.i. Leabhar Eóin an Athar Ióseph do Mháire Ní Chiarmhaic.
Is Breitheamh Ceart Grádhmhar Ar gcanntáil deachmhadh Bhaile Mhuirisín do Phádraig Bhán, September, 1725.
Is breitheamh ceart grádhmhar an Cárthach dfhuil righthe nár smaoin cam ar tháintibh do lánchur fá uisce, ar impidhe an té tháinig gan suláirt ar bith chugad 's le mailís ná gáilfeadh a pháirtidhthe id ghoire. Is fearr linn bheith lá geal id láthair go sultmhar le caoimhneas do ráidhte tá páirteach glan cliste, an deachmhadh go hádhbharach ar chlárachaibh d'fhliuchadh, 'ná smíste baoth bánbhodaigh láimh linn d'ár gclipeadh. Go spórtamhail ní fuláir linn an lá so fá scige d'fhéachain ar cháil mhaith i sclábha chaol shingil, cuid chách do chárnadh is as a lámhaibh a sciobadh, is deisciobal árdhacht do Pháraoh thu i bhfuirm. Gean croidhe na bhfáidhe agus fál ceart nach singil an triath bríoghmhar áluinn do bhuadhuigh báire ar an gcoime, bead choidhche dhá árdmholadh is gráidhfead go miochair d'fhág bustóg ag Pádraig mar ádhbhar 'na chluiche.
Is Mairg ar Cuaird
Bharántas ruathaireacht ceárdchan annso:
Is mairg ar cuaird tug cuallacht thábhachtach shéimh; Is mairg bhíos tuathail buadhartha báithteach baoth; is mairg do bhuailfeadh tuargan thráighte fhir chéad; 's a mhairg go buan do ruathaire ceárdchan clé. Is clé mo mheas go fíor ar neach nach díleas méinn, 's nách réidhfeadh ceas le fuinn don phearsain bhíos dá ngaol. Gaol is fine na fuirinne Diarmaid grádhach, 's gur tréigeadh libhse go hurus, cérbh fhial glan ceárd; le sméide tiocfaidh gach nduine aca riamh tu d'fhág, nó téada cruinne ar gach cuingir ag triall 'na mbrághaibh. Is brágha darab dual bheith dubhach nach buailfeadh chughad a thrácht, le hórdughadh an ghiúistís ghrinn Cormac úrchroidheach árd. Árd ba mhinic ár bhfine le hannbheartaibh, dá gcrádh le dlighthibh badh fiosach nár cham breatha; fábhar tugadh an duine tar ceann a fhine nó is fáth 'na gcoinne chun ciorrbhaithe a gceall 's a gcuid.
Tá a chuid 's a chion den ghníomh i n-aghaidh Dhiarmada ó'n Ráithín, is Sheáin mhic Domhnaill Uí Mhurchadha, an bharántas treórach dá gcluichiughadh. Diarmaid, mac Conchubhair Uí Mhurchadha, an fear seólta, 'na cheardchain dob fhineamhail, 's ba ghlic cúrsa i n-eólas gabhann fáltach glan fuinneamhail, nach tug diúltadh comhursain, 's támaoid d'ár soinniughadh le crithniughadh fád chomhachtaibh.
.i. an dias Rebels do rin Revel.
Acra Leabhair Do dhuine iomarbhádhach dáirithe d'iarr iasacht leabhair orm:
Acra leabhair ná aithne ar chá seoch cú geallaim faid mhairfead nach faicfir óm láimh le fonn; a haithle do leamhais gan taitheac id ráidhtibh rúin i n-ainbhfios t'athar is dearbh go bhfágfad tú.
A Fhir Charthannaigh Chaoin Iar bpósadh Dhomhnaill, mac Uilliam Mic Cairteáin: A fhir charthannaigh chaoin, do chinn tar Mhacaoimh méinn, 's dár radassa díograis tríd le deaghchroidhe is géill, chun maitheasa dhíbh má chím an aithshlighe ag téacht ní haithireach linn do thíocht 'nár n-aibíd féin. Ó'n acharann slighe 'nur claoidheadh go danaoid tréad, 's 'na gcaillid a gcroidhe 'na gclí le a laguighid faon, 'na scaraid le haoibhneas ringce is cleasuidheacht réil, go dtagair gan díoga brígh tar eanaighibh baoghail. Ní leamhas an puínte, saoilim, d'achtuighis d'aon is ceangal don bhuidhin is aoirde measfaidhe i gcéim, le rachmus gan dísceadh, líonta a neart dlighe is spré, 's an aindeise ar mhíltibh saoi de threabh chuibhdhe Gaedheal. Dá dtagadh tar tuinn, mar mhaoidhid lucht ealadhan scéil, an phearsa do scaoilfeadh sinn a reacht cuibhdhis féin, dob atalach linn i n-ísle ag teacht faoi an gcléith na dreama do mhill ár sinsir lag-bhríoghach faon. Má mheathann an tslighe seo arís le casaíbh clé, is anmhain i n-íochtar faoi an lucht mhalluighid cléir, mo theagasc gabh snaidhm den bhuidhin is maisighe saoghal ó's eatortha chím gan fíoch 'na bhfrasaíbh séan.
Fáilte is daichead don ainnir ó's céile dhíbh ar dtrácht go baile puirt cleachtuighthe éigse an ghrinn 'nar ghnáthach freastal gan spairnn is féile d'aoighe táiplis cheana agus labhartha léigheanta i laoidh.
Is aerach 's is Aoibhinn Is aerach 's is aoibhinn gach maidion ár scéalta le haithris don ríoghacht; tá an spéir is gach binn chnuic ag glanadh, agus Phoébus ar a eachaibh gan teimheal; tá réidhteach i linntibh na mara, 's a héisceach ag atall ar linn; an Phoénix de phríomhfhuil na mBarrach i nÉirinn ó gabhadh leis tír. Ní héadmhar lem chroidhese na startha, 's tá an chléir uile ag cantain le fuinn; an éigse gan suim aca i gceathraibh, is éanlaith ar crannaibh go binn; ag géimnigh tá an Bhrighid is gach glaise, 's a ngnéithe gur athruigh mar fhíon; 's na déithe go maoidhteach tréd thaisteal gan éisling tar fairrge id luing. Laoch mear i n-íorghuil an dreagan nách staonfadh i gcaismirt na gclaidheamh; géag d'fhuil na Traoi thoir do leagadh Gréagaigh go calma i mbruighin; éacht mar a ngníomhartha, ná a samhail, ní léightear i leabharaibh linn; 's dá ngaoltaibh le fírinne an seabhac 's i nÉirinn tá a ghaisce le suidheamh.
Éireannach taoiseach is taca, fuair céim agus gradam na ríogh; féinnidh glan fíochmhar, is marcach do shaothruigh tar Bhanba an mhír; tar éis gach aon sceimhlidh dá dtagann ar chléir is ar mhaithibh na gcríoch, seo an tréinfhear nach stríocfadh i nglasaibh, 's is déarcach don easbathach bhíonn. Is éifeachtach intleachtach gasta 's is tréitheach i mbeartaibh gan phuimp; is daonnachtach fírinneach fleadhach, 's don fhéile thug taitneamh a chroidhe; péarla na Muimhneach, 's a mbratach, a gCaesar, 's a gcaraid chun dín; léighfead im laoithibh gur Staindis séimh glan de Barra an fhlaith mhaoidhim. Réidhfidh an ríoghchuradh rathmhar géibheanna a thailimh gan moill, cidh léanmhar mo chroidhese go hatmhar na scéalta ba mhairg le ríomh; an sméirle do shíothluigh ón deannach ag éileamh do bheatha le dlighe; 'na héagmuis beidh an smíste, 's ní danaid, mo laoch dil ó fhreagair mo ghuidhe.
Fáilte órdha i gcló 's i gcéim ghrádhmhar; fáilte cheólmhar chrónta chaomhráidhteach; fáilte mhór le speóis go méid gáirdis, is fáilte, a stóir dhil, romhat go Léim Lára. Ióseph Mac Cairteáin cct.