Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán na Raithíneach

Title
Seán na Raithíneach
Author(s)
Ó Murchadha, Seán na Ráithíneach,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1719
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SEÁN NA RÁITHÍNEACH
I
Mo bhrón mo chumha




Marbhnadh iar mbás m'aon dearbhráthar noch d'éag san
mbliadhain 1719, an 11 lá do June.




Mo bhrón mo chumha mo phudhar go n-éagfad!
'S mo léan go dubhach do chúl i gcré indiu!
A fhir charthannaigh shúgaigh mhúinte bhéasaigh,
Thug mé fá smúit tu dhom thubhairt am aonar.



Mh'ainnise chruaidh go buan gan faesiomh,
A chailmfhir shuairc do bhuaidh gach béasa,
Nár fhanais ón suan tug fuadach géar ort,
Is tu marbh i n-uaigh is buan an chréacht dam.



Mo chroidhe níl soilbhir soithimh ná scléipeach
Ó chonnac mo chogar dá choigilt i gcaol-tigh,
Gan slighe gan solus ná foithin ón mbraon fhliuch,
Thug ainnis ag obair me doilbh it éaghmais.



Isé t'éag thug dúinn bheith ciuin i ndaorbhruid,
Is do thréithe scrúdadh i n-úim ní léir dham,
Do léigheadh go humhal stair bhúdhach i mBéarla,
'S dob éadtrom cumtha a shiubhal gan staonadh.



Labhairt gan phoimp, ná smaointe éithigh
Fearg níor chlaoin dá naímhid ná d'aon neach;
Spairnn 'na chroidhe ná in'intinn ghléigil.


L. 2


Ba leabhair a ghnó cé gurbh óg a ghéaga,
'S ba neartmhar córach seolta séanmhar;
Ba shéimh a ghlór gan spreoin acht réidhteach;
Is Dia na gcomhacht i nglóire at fhéachain.



Mo shearc mo ghean mo cheart don tsaoghal,
Mo theach mo leath mo neart i n-aenne,
Mo chairt ar mh'anam seal gan séanadh,
'S mo chreach do thaise i gclais gan aonphreab.



Is im chroidhe atá osnadh thoirseach léanmhar,
Agus biaidh go follus gan sosadh lem shaogal;
'S a Dhia níor dhoilbh bheith follamh i dtaobh leat,
A fhir ghrádhmhair shoilbhir shocair nár chlaon beart.



Mo scalladh nimhe ad dhíth ní fhéadaim
Codladh san oidhche, ó chríochnuigh an t-éag tu;
Ist ló nuair chím go mbíonn tú am éaghmais
Is dóighte bhíonn mo chroidhe 's is céasta.



An té seo mhaoidhimh, tug síor me i gcréachtaibh
A ainm díbh a scríobhadh do dhéanfad;
Domhnall líomhtha líonta dh'éifeacht,
Ó Murchadha, síol ná claoidheadh do réxaibh.



Dar an leabhar so dhíbh i mbrígh na héide,
Níor chanas acht fíor go críoch mo scéalta,


L. 3


'S dá mb' acfuinneach sinn i laoithibh éigse
Do shladfadh gan fuigheallach mí dá léigheamh dham.



A Dhia do cheannuigh peacaigh go céasta,
Do chonnaic ar talamh gan cealg gan bréaga
An té seo chanaim le cabhair na naomh ngeal
Gairm it aice go flaitheas led sméide.



Na trí pearsana i dtaitheac an aonne,
An tAthair, an Mac 's an Spiorad Naomhtha,
Aingil is aspoil na bhflaitheas le chéile
Dod ghlacadh 'na bhfarraid go tapa faoi shaorchion.



Mo dheacair mo léan mo chréacht mo channtlamh seal,
Is mo mhairg lem ré i gcré do chealltair lag
A chailmfhir chaomhghlain tséimh, nár chrannda neart,
'S mo ghreadadh do thaobh go faon sa Teampoll Gheal.


L. 4


A Óigfhir Chlúmhail



A óigfhir chlúmhail mhúinte bhinn-bhriathraigh,
is cróghanta i bpuncaibh ughdar gcaoinriaghlach,
's ód bheol ar dtúis do thionnsgain sgríobh riamh liom,
sonóchar chughat de chionn do shíbhialtacht.



Go deo fád bhunn bead umhal, a rí-ghliadhaire,
's ná hóbair diúltadh thabhairt i dtaoibh iasacht;
An leobhar do stiúradh chugham, ó's ní dh'fhiadfair,
is 'na dheóidh a chúiteamh liomsa is gníomh priaclach.



Is fóghanta an cunntas fiúntach prímhchiallmhar,
san chló cheart cumtha, thiubhar i gcríoch chian ort;
i ngleó id chúis go bhfúigfinn cinn stiallta;
is dar ndóigh ní diúltach tú san ní dh'iarras.



Ar mo chomhgar atá leógan do chloinn Chairteáin,
is fear treoir agus eólais i ndíodhacht 's i ndán;
tar ógfhuirinn Fódla ba chuibhdhe dhó an bárr,
i sóghchas gan mhórtas i ngnaoi 's i gcáil.
S. ua M.



U Anaithnid
Iasacht leabhair do-gheabhair, a óigfhir ghrinn,
Is cuideachta dhearbhtha it aicese ag síoról dighe;
bhur spairnnse go mb'aite liom 'ná caoincheól binn,
An laoidh ghreannmhar do cheapais dam go deo ó chroidhe.
C. Mac Cairteáin


L. 5


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Dalta mo Chléibh



Dalta mo chléibh an ainnir ghlan tséimh
do chealg mo thaobh lé saigheada,
do tharraing me i bpéin faoi scamallaibh daora
ar aiste nách féadaim innsint;
Atá taitneamh mar ghréin 'na leabharfholt chlaon;
's a dearca breagh péarlach rinnghlas;
is ná tagair le haon gur trascaradh mé
dod dheascaibh, a bhé na gcíoch ngeal.



Is maiseach a scéimh 's a mala cheart chaol
gan mhairg 'na héadan mín glan,
agus lasadh mar chaor 'na leacain gan bhéim,
's a pearsa bhreágh phéacach ríoghdha;
A samhail i méinn i ngastacht 's i gcéill
ní fhaicim i nÉirinn timcheall,
's ó bhaitheas go féar do gealadh mar aol
an eala so tré n-ar claoidheadh me.



Is dearg a béal is blasta 'ná téid
faoi labharthaibh léire líomhtha,
gan tarcaisne ar aon, gan tagartha bréag,
acht cneastacht is daonnacht croidhe ghil;
Is leanbach caomh mear meanmnach ngné,
's is deacair a tréithe scríobhadh;
's mo dhalladh gan bhréag, dá ngairmeadh mé
go leanfainn í tré-san dtaoide.


L. 6


A bhé mheasardha, nach ceachardha gnaoi agus cáil,
's do dhaor-cheangail me i n-anabhroid i gcrích chun báis,
féach an taitneamh atá agam duit gur mhill me tráth,
E. leanbach do G. aníos ón Ch.


L. 7


Ó Ceapadh mé a Scéaltaibh



Ó ceapadh mé a scéaltaibh éithigh anchumtha,
's a aithne thréigean d'aon le cnead diúlta,
fád chleathaibh bíodh Gaedhilg is léighean na barúntacht
seachnaim féin dul fé go teacht cunntais.


L. 8


Mo Rogha Dhon tSráid




Mo rogha dhon tsráid an sáirfhear caoin cúmtha,
is cabharthach cáil 's is grádhmhar críostamhlach,
an lobhar gan cháirde spás beag scaoil chughamsa,
agus lom ná ár go bráth nár thí id chúilse.




Ar dtiodhlacan an leabhair, agus d'athchuinghe leabhair
eile air:




Sin agat, a fhir mhaisigh, do leabhar agus iomad buidheachais.
is feasta lem beatha chun do mhaithis go bhfuilim
géilleach,
de dheascaibh an teagaisc do thabhairt inar mhilis bréithre,
's athchuinghim t'acmhuing le ar theastaigh de a chur am
fhéachain.
S. ua M.


L. 9


A Fhéil-fhir Ghasta




Do Ghiolla Ó Leochaidh na ranna so síos:




A fhéil-fhir ghasta lé gcantar go caoin labhrtha,
i mbéasaibh dleaghthar dhuit barra, 's ní gníomh amhcheart;
i léigheann is rathmhar, 's i rabuinn ní cruinn tamhasc ort;
do thréithe radadh ní hacmhuing do thrí theangthaibh.



De phréimh na bhflatha nár dhealbh i dtigheas am tu,
rug géille i gcathaibh, 's do ghearradh a bhfíor-namhaide;
don chléir ba taca 'na n-easbaidh, agus d'aois fann-bhocht;
séan is rachmus go bhfachairse ar díth amhgair.



Beannacht i ndíoghrais síos, gan easbaidh dúthraicht,
chun an fharaire líomhtha bhíodh im aice ag súgradh;
bata deaghdhroighneach, bhus díol mar thaca i gcumhgrach,
athchuinghim scaoil i gcoimhdeacht Barraigh chughamsa.


L. 10


Seo an Graiméar Gaedhilge




Iar dtabhairt Graiméir Ghaedhilge don Athair Cormac
Mac Cairteáin:




Seo an Graiméar Gaedhilge i n-éifeacht cheart riaghlach
don fhear shéim léigheanta bhéasach ghlan diadha,
de ghealphréimh réx, ba tréan i gcath sciatha;
deagh-shaoghal séin id dhéidh is rath bliadhntach.


L. 11


Tionnscnaim Athchuinghe




Dom shagart paróiste .i. an tAthair Conchubhar Mac
Cairteáin na ranna so síos, dochum leabhair dfhagháil uaidh:




Tionnscnaim athchuinghe d'aitheasc i ngrádh do Chríost,
do shúil go leanfainn a theagasc a rádh 's a dhlighe;
tubhair dham tamall dod leabhar, is cáirde a scríobh,
's i gcunnradh geallaim dhuit 'aisiog ort slán gan moill.



Fear fiúntach fairsing deagh-aigeanta grádhmhar grinn,
is ughdar feasach gan teangan i ráidhtibh caoin;
umhlacht seasaimh i ndleaghthaibh an Phápa bíonn
ag fionnfhlaith rabainneach sagairt de shárfhuil ríogh.



Liomsa i dtaitheach damb' acmhuingeach dán do scríobh,
cunntas leabhair gan bhladar níor chás a mhaoidheamh
ar chrú na ndragan do scaipeadh go deághthach fíon;
's ó chúirt na n-aingeal go bhfearaidh ort grása shíor. Amen.




Is as na véarsadhaibh réamhráidhte sin do thug an Ceann-
fhile .i. Uilliam Mac Cairteáin bharághantus orm mar leanas
thall.


L. 12


U Liam Mac Cairteáin an Dúna

A Sheáin Uí Mhurchadha, bí fineamhail faobhrach;
bí go gasta, nó is eagal go n-éighfir;
tar go tapa chun paitint do réidhteach,
nó cluinfid cúigí an pungc dlighe dhéanfad.



Táimse lán de náire a dhéanamh,
de bhrígh mo choidribh oraibh le tréimhse,
's gomadh dhocar liom goradh do scéimhe,
a bhuachaill ghreannamhair bharramhail bhéasaigh.



Tar a rúinín, is fiú dhíbh éisteacht;
glac mo chomhairle, is cóir a déanamh;
ná seasaimh sa tsolus, tá an coiste dá thaoscadh
díotáil báis ó láimh gach n-aein ort.



Táid dá rádh, 's ba nár an saothar,
go dtug an sagart duit leabhar beag tréimhse;
ba chóir a ghlacadh, dá mbeadh agatsa an séala
le hórdughadh Cúirte Búird is Éigse.



'S gur ghluaisis go huallach éadtrom,
fá thuairim nár bheag uaisle do véarsadh,
ag luighe ar a ngreann le ceann gan éifeacht,
i ngníomh nárbh iongnadh tusa bheith traochta ann.


L. 13


Níorbh fhuláir don fhile bheith snoighte glan faobhrach,
is bheith go líomhtha i n-intleacht 's i dtréithibh,
a bheith eólach i gcódaibh na gcléireach,
is bheith 'na staruidhe, nó eagnaidhe, léigheanta.



Má tá gur ghlacais an leabhar ón gcléireach,
ní déantar file de dhuine lé sméide;
is iomdha lá nárbh fhuláir a shaothar
teacht don chúirt ag múscailt na féithe.



Dá bhrígh sin, a dhíoghrais mo chléibhse,
scuir de leamhas, ná meabhruigh aonrud
de sheanndáinín i ngleanntáinín sléibhe;
bí oilte sa chúirt i bpungcaibh géara.



Ceap do leas ag teacht go saothrach;
ná fág an Máighistir Seán na n-ae istigh,
bráthair Uí Mhacháin na féile,
fear maith flaitheamhail dathamhail déanta.



Táid na báillí 'na ngárdaíbh tréana -
Seán Ó Broin is Domhnall Ó Laochdha -
chun do ghobhtha go hobann sa phlé so,
is chun do gheárrtha le fáscadh téide.



Atáid sanntach gan amhrus, féachtar,
nó fós ar buile chun gloine do thaoscadh;
ná tubhair ionntaoibh le sciuirsíbh saoghalta,
iarrfaid breaba, nó sracaid thu is céasaid.


L. 14


Tá duine aca ar liost go cliste at éaghmuis,
Conchubhar Mac Tadhg i dtaidhbhse an tsléibhe amuigh,
tá ag gleacaidheacht le healadhain gan traochadh;
Bíodh an caistín fá haistíbh nó daorfaid.



Táid dá rádh nách ráfal bréige,
Seán Ó Broin gur thuit sa chéird seo;
má's áiteamh fíor an gníomh gan éitheach,
bíodh sé thíos leis, brígh na scéalta.



Cuirfimíd Dinis Ó Hicky an caolfhear
i n-ionad Sheáin mar bháille phéacach,
Bhéarfas chughainn an triúr so in-éinfheacht
le congnamh Domhnaill chródha Uí Laochdha.



Fear nach mó léis, badh dhóigh liom féin sin,
dreoilín beag cróiligheach do thraochadh
'ná a dtabhairt ceangailte maidean go gléasta
do láthair Choiste na nOllamh i ndaorbhroid.



Ní fuláir don dís seo mhaoidhim go héascaidh
Sumons a thubhairt go humhal don méid seo:
don Athair Conchubhar, ar chruinniughadh an tréada,
teacht go fuinneamhail ag breithniughadh an scéil seo.



Tagadh Riamonn nach briagach méinn mhaith,
is Uilliam Mór fial fóghanta béasach,
Seán do Barra, nár dhearmaid féile,
is tar scór fógairt ar Dhomhnall Ó Laochdha.


L. 15


Baintear admháil a Ceallachán ghléigeal
ó Charraig na Muc ager mhinic ann éigse;
ní fuláir bacaigh do tharraint sa phlé so
daill is lucht binn-phort do phléascadh.



Tomás Óg ní cóir gan glaodhach air,
ná fós Donnchadh an crobhaire gléigeal,
ná ar Sheán an Dúna mar shúil go n-éisteadh
le gach díotáil nó fíneáil do réidhteach.



Conchubhar Gabha ar lom gach saothair
bíodh 'na gheocach 'na gcomhair sa phéin seo;
i dteannta an bharaille tagam le chéile,
is beidh síothcháin ag gach ríoghbhárd is éisteacht.



Suidheadh sa choiste go cothrom an méid sin
ag déanamh ceart-dlighe gan faillighe go
héascaidh,
mar thaitnigheas le gach staruidhe den éigse,
ag ól a stionncán le lúthgháir 's ag pléireacht.



Ón lá sin suas bí fuadrach faobhrach,
ag déanamh striúngcán i dtnúthán aerach;
labhair go teann, ní bheidh ceann fé eite ort;
tarraing do phas bí gasta tréitheach.



Bíodh a gcórughadh i n-órdughadh taobh leat,
's ní baoghal duit báillí ná ráfluíocht éithigh:
an t-airgead baistidhe caithfidhear é leat;
is ná cuir suim ná beinn ar aonneach.


L. 16


Glacaidh eagla bathlaigh an tsléibhe amuigh,
ní bheid suas is anuas led ré leat;
is mór an spórt dod shórdsa an méid sin,
urraim dfhagháil ó'n sráid gan buidheachas.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha



Ar bhFreagra an Bharántais réamhráidhte:




Géillim glacaim is gabhaim mar thriath tu i láimh,
is téighim fád' bhrataigh dfhagháil mhaithimh 's ag iarraidh
scáith;
véarsa neamhghlic má cheapas gan riagail dámh
réidhfead leatsa go tapaidh i bhfiadhnais cláir.



Má's éad do ghabhais trém ealadhain fhiannocht
dfhagháil,
a tréigion caithfead is atharrach riaghail do ghrádh;
'na taobh ní mheasaim gur thairbheas fiacha cáirt,
ag aoghaireacht rachad nó ag grafadh go dian ar
págh.



Is réidh dob fhanta dod shamhail, a fhir chiallmhair
ghrádhaigh,
's gach laoch i n-aiscidh go bhfachtar tá riamh mar
ghnás,
gan daorbhreith aibidh a thabhairt i bhfiadhnais táin,
agus éigs ar talamh go mairfidh i ndiaidh do bháis.


L. 17



Ó'n bhfear gcéadna an fháilte so:



U Liam Mac Cairteáin an Dúna



Tá fáilte romhat, a Sheóin mhic Diarmada;
tá fáilte romhat, a stóir 's a chiallach dhil;
tá fáscadh póg id chomhair i mbliadhna agam,
is beir lá ar mo bhórd ag ól le sians gach suilt.



Ní bheidh fáidh i bhFódla i ngleó leat thiar ná thoir;
's ní bheidh máighistir ceoil id chomhair le ciarsa ag
rith;
ní bheidh árdfhlaith foghanta beó gan fiadhach id
bhun;
's ní fearr liom coróin im dhóid 'ná an iarracht sin.



Ná dáil do speóis i mbólacht riabhaigh ar cnoc,
's ná grádhuigh mar spórt bheith pósta i n-iallait
bhric;
tá ráta is mó id chomhair ag triathaibh nirt:
lán mála dh'ór id dhóid gan iarratas.



Tabhair umhlaidheacht, a rúinín 's a chara mo chléibh,
don ghiuistís gan phúicín gan chealg id mhéinn,
is beidh pungc dlighe agat i bpriont scríbhte, i
ngradam 's i réim,
is clú gaoise i gcúirt draoithe mhairfeas tar th'éis.




Mise do dhuine díleas dil,
.i. Uilliam Mac Cartáin.


L. 18


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Ó radais id dhán, a fhir ghrádhmhair dhíograisigh,
me ghlacadh le páirt an táille íocfad liot;
feasta níl bárd ná báille ar tí mo scrios
is tu im fharraidh mar sháth do mháighistir mhuinnteardha.



Fear calma cáileach cáirdeach fíochmhar glic,
fear seasmhaitheach sásta sáthach grinn is suilt,
fear laidionta láidir láimhcheart líomhtha ar phin
ó's dearbh im láimh níl tábhacht i bhfíos agam.



Beidh gasra shámh imbáireach cruinn agam;
do ghealladar tráth ar clár i gcoimhdeacht liom;
bíodh agatsa fáilte i ndáil na muinntire,
's ag taisteal gan trághadh beidh lán do chíocorais.




Iar dtiodhlacan leabhair an tsagairt adubhart:




A fhir cheannasaigh, cháiligh, chráibhthigh, chliste i
dtréithibh,
charthannaigh, cháirdigh, ghrádhmhair, mhilis, bhéasaigh,
do leabhar ba subháilceach d'árduigh mise i n-éif-
eacht,
tug feasach gan scáth i n-áiteamh dlighthe Dé me.


L. 19


Ad theagasc mar phágh dámadh sásamh nithe adéarfad
beannacht is grádh agus páirt is iomad buidheachais
ceangal i gcáirdeas do-áirimh cumainn réidhtigh
dar an leabhar so im láimh táid lánmhar agam féin duit.



Cé mheasadar báird gan cháirde mise dh'aoradh
i dtosach mo dháin, cé táid anois dom thaobhsa
do phearsa-sa im láimh ó tá agus file séimh glan
feasta mo shlán fá námhaid na cruinne i n-éinfheacht.



go hionnamhail, a fhir chruthamhail, mo ghuidhe gach tráth
tu d'oileamhain gan chiorrbhadh lem thaoibhse slán
ag breithniughadh 's ag fagháil cuidiughadh dho ríoghacht na
ngrás
A Chonchubhair ghil fhineamhail de chloinn Chairteáin.




Is mé do sheirbhíseach dil an feadh bhus me
Seán Ua Murchadha.


L. 20


A Mháighistir dhil




Agso im dhiaidh an modh ar ar iarras rásúr ar mo
Mháighistir Scoile .i. Seán Ua Macháin:




A Mháighistir dhil dá dtugas grádh ionmhuin,
is óm ghárlachas noch d'oil me i scoláirtheamhlacht,
i bpáirt 's i gcion gan buille bárr sciuirse,
do sclábha anois is me go lá an chunntais.



Sáirfhear cliste is file fáidheamhlach,
dar dháileas iomad cumainn cáirdeamhlacht,
id pháirt is duine mise atá úmhal
chun beárrtha snoighte, is d'oirfeadh rásúr dham.



Tráth dhá dtugair cluinfidh clár Múmhan
do cháil i n-uige file dáin dúthchais;
Seán chun scriosta is libhse atá úmhal,
's badh ghábha dhó chuige fuirm rásúra.




Gidheadh ní bh fuaras fós.


L. 21


Buidheachas cneasta




Ar dtiodhlacadh leabhair chun Uilliam Mic Cairteáin
.i. an Leabhar Muimhneach.




Buidheachas cneasta do leabhair níor dhoic liomsa
óm aedhibh do thabhairt, cé am acmhuing is do-iomchair;
is aerach mh'aigne, ó dhearcas do chos shiubhlach;
tar éis gach anfaidh mh'aiteas tu id cholbha againn.


L. 22


Ag Guidhe 's ag Dáil




Ar saoradh mo Mháighistir agus mo thighearna díoghraiseach
dúthaighe .i. Cormac Spáinneach ó choir bhréige, agso síos
an modh ar a rugas a bhuidhe re Dia go deaghchroidheach:




Ag guidhe 's ag dáil na ngártha beannachta
chun Rí na ngrás gach tráth lem beatha bhead,
an tsaoi-fhlaith cháidh de shárfhuil gCarrathach
ó'n ndlighe mar tháinig slán fá mhaise indiu.



Ríghfhear breágh gan cháim le haithris,
nach tím a lámh i mbeárnain caismiortha,
's ná stríocann tláth ó námhaid mar Alasdram;
ceann dín dá cháirdibh grádhach 'na n-easbathaibh.



Príomhscoth d'fhás go hárd an seabhac so;
síoguidhe sámh nach táir do gairmthear;
d'fhuil aoird chlann gCárrtha Spáinneach ngarbhthrup
ceann tíre stáit is máighistir marthannach.



'Na choimhdeacht táid na cáile is fearra ar bith,
flaith ghrinn ar clár do láthair tabhairne;
don íseal táir ní dháileann tarcaisne:
lucht tinn bheir tláth is fágann easbathach.


L. 23


Caoimhneas ráidhte is árd in' aigne;
líomhtha i gceárdaibh rábach rathmhar glic;
taoiseach láidir dána draganta,
líonmhar cáileach cáirdeach cabharthach.



Im laoidh níorbh fhágtha i bhfán ná ar mearathal
an ríogan bhreagh-chneis mhánla mhascalach
mhín tais bhláthmhar chráibhtheach charthannach,
do thuill an bárr tar mhnáibh a bhfeacasa.



I dtígheas badh fáilteach fleádhach scaipitheach
fíontach plátach páirteach deagh-oinigh,
do shíor ag sásamh táinte pearsana
ag dís gan ghnás d'fhuil árdfhlath Banbha.



Brígh mo rádh gach tráth bead atallach,
ag maoidheamh go hárd le háthas aigne,
ó fríth do cháil i gcásaibh neamhchionntach
chífead lá agá bhfágairse gradaimchion.



Go tigheacht an bhráth ní bheidh scáth ná scamalla
ar slighe ná ar sráid id dheáidh le bagarthaibh;
dícheall námhad ní stánfadh feacadh me,
dom dhíon ó thárla sáith de chathurra.



Líonta d'áthas táim, is admhaim,
's 'na chrích ní thárla id stát go bhfeaca thu,
iar gclaoidhe do námhad 's ar sáradh t'eascarad
tá míle fáilte ag Seán le fearadh dhuit.


L. 24


Ar Chríost d'ár ngrádh fuair páis is peannaid bhocht
guidhim tu slán, do ghnáth bead athchuingheach,
i maoin, i sláinte, i sámhacht, 's i n-acra,
ar dhíon Mhic Mháire is Phádraig Easbog dhuit.



Chún scríbhte dán dámb' ádhmharach feasach me
i n-intleacht shásta, i ráidhtibh taithiceach,
do dhlighfinn bárr le háiteamh seanchaidh
don mhílidh bhárrghlan ghrádhach so chanaimse.



Fear soilbhir le a choidreabh an tsaoi áluinn,
flaith fhorusta ghlic chosantach líomh-ráidhteach
oirdhearc so-mholtaitheach síothchánta,
Cormac de bhorbfhuil na bhfíorSpáinneach.



Níorbh obair dham bheith togarthach i síordhántaibh
's an lonna-bhile Cormac de dhíth thráchtadh,
ceann poibleach is solusta i gcrích Chlár Luirc
noch molfadsa go hoirdhearc má bhím fáithghlic.


L. 25



Is do thoisc an déantúis réamhráidhte sin do chuir an
file .i. Uilliam Mac Cairteáin na ranna so síos chugham:



U Liam Mac Cairteáin an Dúna

A dhíograis mh'anma, a dhalta dhil, a uain 's a stóir,
aor ná aithis ní heagal duit uaim go deó;
is cuibhdhe dhuit satailt ar thairsigh na suadh go fóill,
is do chroidhe bheith aibidh chun freagartha i gcuan gach ceóil.



Ní chun masla dhuit, admhaim suas rem ló,
do scríobhassa aiste don Charrathach uasal óg,
acht scríobh pein chneasta do thabhairt ar cuaird im ród
don tír go reacainnse teastas an tuairgnigh mhóir.



Ba mhíle gasta dhuit aistear beag uair nó dhó,
is tidheacht am aice go gcanainn duit duain an óir,
líne bhreacadh bheadh smachtuighthe a tuaisceart mhór
ná an laoidh do radais don Charrathach uait gan chóir.



Bíodh gur gheallais bheith sealad id bhuachaill bheó,
is intleacht agat mar mheasaim nach duairc a seól,
níl dod bharra acht bheith ceangailte thuaidh go deó
ar thaoibh na leacan mar a seachnaid uaisle an ceól.



Scaoilse feasta do ghreamanna uait le scóp,
is cuimhrigh h'aigne im aicese suas ar bórd;
bíodh do phrataing i leabharaibh suairce id dhóid,
is ní bheidh smalairic fhada ar do thuairim leó.


L. 26


Dá dtí an Carrathach fairsing fliuch fuadrach romhat
ó thír na ngarbhmhuc leathan, ba tuairim slógh,
is suidhe go bachallach lairinn ar stuaic don bhórd,
ní chaoinfead searbh a bheith eadraibh uair ag ól.



Cuimhnigh agat gur gheallais dam tuartha póg
dá scaoilinn acharann t'ainfbfis uait red ló;
is fíor dá dtagair go gcaithfir bheith fuadrach fós,
gan dísce teangan gan easbaidh bheadh cruaidh i ngleó.



A theachtaire, atá go beárrtha piocamhail riamh,
ná dearmad sáth na bhfáidhe bhfineamhail bhfial
do bheartaibh nách scáinte lán do chruinniughadh cliar
is tabhair 'na láimh do Sheán Ó Mhurchadha iad.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Ar bhfreagra na ranna réamhráidhte sin:




Id laoithe chanaisse labhartha suairce i gcló
a fhir ghrinn gach aitis do bhreacadh i n-uaim 's i
n-eól
ná smaoin, a chara, do ranna gurbh fhuath liom fós
's i ndíograis ceana go nglacainn do dhuain mar ór.



Ba chruinn a fhios agam nár chleachtais beith uallach fós
ná coímhtheach cheachartha faltanach cruaidh um shórd,
acht scaoilteach scaipitheach ceannasach, stuamdha ar bórd
gan fuidheall i mbeartaibh, gan meatacht i dtuargain ghleó.


L. 27


Dlighim gur d'easba a bheith gasta nár ghluaiseas romham
's mo laoidh do thabhairt le hamharc dhuit suas id dhóid,
de bhrígh gur ghlacais me i gcaradas buan dod dheóin,
is fíor go rachadsa feasta lem dhuain do thomhas.



Ní mhaoidhimse gradam is fearra 's is uaisle im chomhair
'ná ríoghfhlaith chneasta dhom tharraing tar cruas i dtreóir
do shíor ag tairgsin leabhar go buan tar meadhón,
's le laoithibh gasta dhom theagasc gan ghruaim i gceól.



Ní gnaoi liom seachtmhain gan amharc ort uair nó dhó;
ní chlaoidhim do phearsain, 's is leatsa gan ghuais
do gheóbhad
ní scaoilfe an taitneamh dhuit radfad go luan an
tslóigh;
is bead míos it aicese ag cnagadh 's ag bualadh an
bhóird.



A ughdair ghlic an tsuilt do shnoighe go séimh,
a chúinge nirt is cirt nár claoidheadh le claon,
a rúire ghil noch d'oil mé i gcoimhdeacht éigs,
duit umhlaimse gan scur go críoch mo shaoghail.


L. 28


Is Oirdheirc an coiste




Ar dtogha coiste do chúirt na ndámh:




Is oirdheirc an coiste suilt do shuidhfeas lá,
it fhochairse le soilbhreacht i n-aoibhneas breágh,
oscailteacht a doircheacht don bhuidhin ní fuláir,
's le forustacht bheith togarthach i laoidhthibh dán.



Ceallachán is fearra cáil dfhuil ríogh ba tréan,
's nach meata tráth i gcaismirt námhad 's i mbruidhin dá
mhéid,
d'aicme dhámh is leabhair lámh ag síneadh shéad,
's mar thaca i ngábha do radas grádh don tsaoi ghlan tséimh.



Tiocfaidh an Máighistir cráibhtheach oinigh fial fliuch,
nách cunnail i dtábhairne a áireamh linne i mbliadhna.



Cetera desunt


L. 29


Blogha



Do chongcas ní ghéilleadh na húrchoin ó'r phréimhis,
le hughdair mar léightear i seanchas dámh;
's a bhúidh mhilis bhéasach le rún searc dod chaomhchruth
adubhartsa gan baothacht na ranna so id dháil.



Craobh ríoghdha ghlan tsoillseach an t-órbhláth luadhaim,
scéimh aolta chuir mílte dhá mórghrádh i nguais,
géag líomtha na gcaoinbheart is stór gnáth druadh,
Aléan mhíonla de phríomhfhuil Uí Ógáin tsuairc.


L. 30


Tá Réiltean Chuain



Tá réiltean chuain agus stuaire gealchneis
stuamdha cneasta láimh liom,
do léig me i nguais, monuar, 's i bpeannaid
Chruaidh le geanas grádh dhi
is taitneamhach fionn a leabharfhuilt dlúth
's is bachallach búclach fáinneach,
ó bhathas go bonn ag taisteal gan smúit
's ag casadh go lúbach láingheal.



A snódh tar Hélen ghréagach ghreanta
féachtar aici ar áilleacht;
's is córach scéimh na béithe i bpearsain
mhaordha mhaiseach mhánla;
is rathmhar a clú fuair gradam san Mhumhain,
lachabhean mhúinte an bháinchneis;
's is meanmnach subhach a labhartha búidh
is blasta 'ná púngc ar chláirsigh.



Maighdean líomhtha ghrinn an oinigh,
ríghbhean mhilis chráibhtheach,
maighre soillseach, saoighlan chliste
mhíonla mhiochair bhláthmhar;
i dtuigsin i gcéill i ngloineacht i scéimh
i n-oscurthacht fhéil 's i gcáilibh;
a bhruingeal ní bréag, gan iomaidh mar scéal,
go rugais sa bhféile an bárr leat.


L. 31


A gnúis ghlan réidh gan bhéim 'na leacain,
gné ina lasmhar scáil cheart;
a súil ghlas phéarlach chaomh, a mala
caol 's a leabharbhrághaid gheal;
is measardha mín go feasach a cíocha
a seangachorp caoin gan smálcais;
's ó bhathas do chinn go talamh gan teimheal
gur gealadh mar lítis bháin tu.



Níl taoiseach foghanta i gclódh 's i bpearsain
chródha i bhfearann Chlár Luirc
do-chífeadh Róis, gan ghó nach radfadh
mór a dtaitneamh grádh dhi;
finnebhean mhodhmhail ghlan tsnoighte mo rogha,
tar bhruingealaibh toghaim an bhánfhlaith;
gile agus conn an oinigh go bronntach
d'fhuirinn na lobhar is d'fháidhibh.



d'fhuil ríogh dob uaibhreach uasal gradam,
buadh agus ceannas gnáthach,
an chaoinfhlaith shuairc im dhuain do chanaim,
stuaire seascair sáimhdhreach
gasra chlúmhail dreaganta lúthmhar
charthannach chongantach cháirdeach
ó'r thaistil an chúilfhionn mheanmnach mhúinte,
is geallaim gan chongnamh a áiteamh.



Clódh maiseach mín is ceart do suidheadh i léir-
cháilibh
an óg gheanmnaidhe le dath a gnaoi do chéas táinte
is mór eaganaidheacht go mbeartaibh caoin na béithe:
áille,
Róis leanbaidhe de shleachtaibh aoird na gCaomhánach.


L. 32


Do Laguigh mo Sprid




Iarghnó Sheáin Uí Mhurchadha ar mbeith don cheinnfhile
.i. Uilliam Mac Cairteáin, breoidhte:




Do laguigh mo sprid le sile sírdheóradh
's le hanfaidh ad toiscse, a fhile fhíreólaigh;
id leabaidh nuair chluinim tusa id luighe breóidhte
scaipeann mo chruth i riochtaibh ghnaoi Iób luig.



T'easbaidh do chuirfeadh sinn ar díth sóghchais,
i bpairithis luig gan sith le linn gleó chur,
ar mearathal fis gan tuigse i bpuingc eóluis,
's gur thearmain cirt is nirt thu bhí am dhóthchas.



A athair na n-uile chimh, mar loing leóinte,
ár bhfearanna anois go bhfuirinn mhíthreórach,
ná dealbhuigh linn ár mbile binnghlórach,
badh taca, nár shingil file is groidhe-leógan.



Le haigne ghnáth atáim go dícheallach
ag athchuinghe slán tu thrácht ód dhaoirthinneas;
do sheasamh dob fheárr liom, spá's, go fírinneach,
'ná bailte mar stát, badh scáinte an díol i bhflaith.



Uilliam an Dúna an t-ughdar chanaim díbhse
do liath me i gcumhaidh, 's i bpudhar do mharbh m'intinn;
iarraidh liom a thabhairt fá mhaise ó'n tsaighid so
chun riartha i gcúirt 'nar súgach leabhair-laoidhthe.


L. 33


A Mháire Woods



A Mháire Woods a bhruingeal cheannsa cháidh
a bhláth na finne, a choinneal mhallruisc bhreágh,
táim anois go tuirseach fann ded ghrádh,
's is beárrtha snoighte chuirfead rann id dháil.


L. 34


Luaidhfead Véarsa



Luaidhfead véarsa suairc gan bhréag
ar thuairisc fhéilfhir leóghanta
do bhuaidh gach béasa uaisle is daonnacht
suas i gcéin go treórach;
buanfhlaith thréan mhear bhuacach scéimhghlan,
nach tuathail géaga i gcomhrac,
's i gcruas na bhfaobhar is dual gur tréine
a ruaig 'ná Héctor cródha.



Risteárd Ríebhes an buinneán groidhe
de cheartrás taoiseach bhfóghanta,
ó'n mBriotáin aoird an ghealráib mhaoidhim,
ba ceannárd gníomhartha i bhFódla;
ní lag tláth bhíonn i bhfurrán claidhimh
ler chuir táin claoidhte i bhfódaibh
flaith bhreágh bhríoghmhar fhulláin fhíochmhar
d'fhuláir fíon go leór dham.



Fear scaipitheach fiúntach feardha lúthmhar
draganta diomsach óg mear,
i dtabhairne is umhal do chaithfeadh dar liom
ar taisceadh san gcúig' so d'ór ghlan;
preabaire lúthmhar ceannasach clúmhail
rabainneach súgach soghmhail,
atá agam mar chúl chun seasaimh im chúis
i gcaismirt nó i gcumhgrach gleódhtha.


L. 35


Príomh-ghaiscidheach i ngnímhghleacaidheacht do bhuaidh clúmh-
lacht,
saoi mhearchroidheach finn-leacuidhe gan chruas connlaigh,
groidhe-fhlaith ghrinn, maoin searc linn an suairc-bhúidh-
fhear,
gríobh glanghnaoidheach gan fuidheall ndeaghghníomh i n-uain
piúnsa.


L. 36


A Ch- Ó Thréigis



A Chs- ó thréigis le claonchleas an coinne
ní thig S- dot éileamh, go héagaibh beam briste,
dob fheárr gan me ghlaodhach ann ó shéanais an t-ionad;
slán leat, a spéirbhean, 's is baoghal go silfir.


L. 37


Dá Léighfinnse Véarsa



Dá léighfinnse véarsa go cliste gan bhriag
d'Éirinn ní shéanfainn gur liomsa badh mian
ar thréithibh an fhéilfhir de chineadh na dtriath
Baothghalach Mac Aodhgáin an bile geal sciamhach.



Tá léigheantacht is daonnacht go bhfuirm 'na dhiaidh,
's i mbéasaibh is séimh ceart a fhriotal 's a chiall,
phoenix gan éalang is curadh san ngliaidh,
saorfhlaith na gcaomh-mbeart noch liomsa nach riabhach.



Craobh dfhuil Mhilésius gan chuise ód-riacht,
's don chléir chirt gan bhréagnach ba ciste go fial,
an laoch mear so Baothghalach ní mistide iad
go léithe le haostacht is sirimse ar Dhia.



I Laidin i nGaedhilg i mBéarla is eólgusach
an scafaire béasach tréitheach treórathach,
is calma a ghéaga i mbaoghal nuair fógarthar,
's is geanamhail gléigeal Baothghala beólmhilis.


L. 38


A Chumainn 's a Ghiúistís

Do Uilliam Mhac Cairteáin so:




A chumainn 's a ghiúistís úrchroidhigh bhéasaigh ghlic
gá dtugas go hiomchuibhdhe umhlaidheacht shéimh is cion
ná fuiling me i bpúicín tabhair slighe réidhtigh dham
ar bhronnadh na gcúinsí d'úrscríobh Céitinneach.


L. 39


U Seán Ó Macháin
Mo Dhóchus Tug Óbairt



Mo dhóchas tug óbairt go deimhin ar scur,
agus sóghchas ní heól dam cá bhfaghad ná sult;
mo ghnó anois ní móide san teaghlach sin
Róis ghlan ó tóigeadh as feadhmannas.



Óigbhean gan teóra léi i ndeighbheartaibh,
's im thómus níor dhearóil cuid den roinnt aici;
fógraim gur mhóide mo mheidhirse dul
san gcóir so dá gcomhnadh i bhfeadhmannas.



A sómpla níorbh eól dam ar reimhirse i dtigh;
d'fhóireadh don róbhocht, níor dheadhail go bhfios;
tóigeadh sí an sceól so 'na aighneas ceart
gur brón liomsa Róis ghlan a feadhmannas.



Mo chorn ó briseadh ar dtuitim go cinneamhnach
im fhochair do thigeadh chun oinigh gan tuirsiúchant,
's an tsoithimhbhean tsnoighte gan chumus ar chuidiughadh
liom,
is follamh an ursa dham sioga gan mhothughadh ar bith.
Seán Ua Mucháin cct


L. 40


Tá Cuthaigh is Racht



Tá cuthaigh is racht im scairt go do-iomchair,
ag turus na n-acht so leath i n-ollmhudhacht sinn:
urraim do fhlaith is tearc le cothughadh anois,
mar chluinim im aice, is adhbhar cosc subhchais.



Rithfidh mo stair gan stad i gclos ughdar,
is cuirfead i nath nach scraith mo dhochtúir dil,
is dá mhinice meata i mbeartaibh cosamhla,
nách gunna gan ghlas do chleacht mar cholbha i ngoil.



Ba chunnail a theastas fad is clos dúinne,
do bhíodh urraim tar lear 's ag baile ag lonnughadh dho,
do thugadh tar n-ais na dreama ó lot púdair,
is fá chomairc a mham níor fhan i gcor súsa.



Ní muinice lag gan mhaith, acht drochmhúineadh,
badh tugtha mar mhatch le flaith ghlan dochtúra,
fear snoighte in gach teangain bhlasta scothmhúinte,
's do bhíodh gunna agus each len' ais go foirtiúnach.



Do stuithfinn go stracfainn leathar crot-úscach
an chuilisc ó'n gcaladh rama ro-chrústa,
muna n-oirinn do smacht na sagart so dlúth liom
do chluinfeadh gach cealla bail an bhloc-thútaigh.


L. 41


Liaigh gan cháim do shlánuigh iomad buidhne,
gliadhaire cráibhtheach cáileach, bile bríoghmhar,
's ní ciarscraith ghránna bhálthach chonnail chraosach,
riamh nár thláth san ár mar mhiulpa an aoiligh.
Seán Ua Mucháin cct.


L. 42


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Is Díombádhach Me



Is diombádhach me ag glinniughadh sa ghuirtdhrúcht go doilbh
uaigneach,
gan fhriotháilt mo ghloin-rúin ná cuidiughadh dhá lorg suaircis,
gan ghúthárd me im shuinniughadh, 's ná tigh chugham im chorra-
chuardaibh
Acht S- M- an ghein bhúidh 'na codladh shuaimhnis.


L. 43


Píp ma Ghlacas do Láimh




Iar nglacadh pípe dham, agus ar mo tharcaisniughadh
dá dhruim ag aineolchaibh doirbhe dólásacha, agso im
dhiaidh an modh ar ar ghabhas mo leathscéal ann:




Píp ma ghlacas do láimh
ní leanfad go bráth mar chéird;
cuibhdhe liom satailt ar ráinn;
bead gabhthach le grásaibh Dé.



Tréithe gasta má's eól damh
neamhchion im ghnó ní bhéar;
lem ré ní scarfad le ceóltaibh,
ní mhairfinn gan spórt ná scléip.



Ní truimide m'amhailt bheith treórach
i mbeartaibh lucht ceóil is éigs;
ní scruifidh mo chumann le romhar,
ní measta gurab óinmhid mé.



Ní táir acht deaghchlú d'óigfhear
bheith fearamhail fóghanta i méinn;
a lámh do cheartughadh i gceóltaibh
ní ciorrbhadh stóir ná saoghail.



Measaim gur fearra dham suairceas
do leanmhain go buan gach lae,
'ná meatacht is mairg is duairceas
is ainbhfios cruaidh gan bhéas.



Ná maoidheadh muinice tuathail
gur duine gan fuadar mé,
do chionn an iomad de shluaightibh,
mar fhuilingim duadh go daor.


L. 44


An lá thig spairnn go fíochmhar,
nó bhraithim gur saoire ag naomh,
tráchtaim sealad ar laoidhthibh
's ar sheanchus saoithe séimh.



An chuideachta sásta nuair shílim
ag iomarca laoidhthe is léighinn,
tugaim go hinnealta píp liom
is cuirim go binn i ngléas.



Cois teinteáin teine na luaithe
ní minic me anuas do théighionn,
's an bhuidhean do thigeann fám' thuairim
ní turus dob uaigneach d'aon.



Léigheann is binneas ó's namhaid
d'uirceannaibh leamhais an tsaoghail,
's le héad nach fuilingid greann,
'na gcoinnibh is fonn liom téacht.



A gcogadh ní misde liom síor,
'S 'na bhfochair ní gnaoi liom taobh,
a lorg ní chuirfead san slighe
mádh follamh nó líonmhar mé.



Ní mholaim ní lochtaim mo cháile,
acht innisim tráth dhon tsaoghal
nach loicfead beith soilbhir deághthach,
ó's toradh é do dháil Mac Dé.



Gach nduine le haiteas nach gabhaid sin
ná radaireacht leabhar do léigheadh,
cá misde dhíobh mise dhá bhfoghluim,
ó mhaithfead do chabhair 'na ndréim?


L. 45


Fá dhoicheall nó ag codladh gan aoibhneas
bhíos torcaire teimhleach craeis,
gan solus gan sonus cois ghrísce
an tan bhobairse caoimhneas béas.



Éighim ar Mhuire 's ar Chríost
go dtuitidh gan chrích an té
do thréigfeadh siosma ceart grinn
ar nithibh nach bíonn dá réir.



Na slighte so chuireas i gclódh
ní mhillid mo ghnó mar aon
oiread le duine ar bith fós
is fiosach gur seólta néim.



Mallacht Airt Aoinfhir mic Cuinn
ler trascradh síos an Fhéinn,
a samhail so is eagal don bhuidhin
bhíos cealgach cinnteach claon.



Le grádh agus umhlughadh uaim
tabhair siúd uait mar scéal,
gur Seán Ua Murchadha luaidh
na búrdúin tuas do léigheadh.



Críochnuighim an laoidh ghrinn so cheapas le láimh,
is fíoruighim don chríostuidheacht is d'fhearannaibh Fáil
nach díomhaoin do chuimhrighim mar scraiste mo chnámha,
ar bís bhíd go síorruidhe agus allus dá dtrághadh.


L. 46


Má chím daoiste craos-choimhtheach feasta dhá thrácht
gur díomhaoineas síorruidhe do leanaim mar ghnás,
fíoruighim gur díolaidheacht is eagal dó d'fhagháil
aor mhillteach rinn-nimhneach bhascaitheach bháis.



Is gníomh suídhte chíd mílte is admhaim tráth,
go ngríosluighim ar phíp ringce is seanaphuirt shámha,
go bhfoíllsighim an laoidh ním go seascair i ndán
's gur teintidhe dho luighim síos go daingean ar ráinn.



Do-chímíd go glinn soillseach, bearta lucht pláis,
le simplidheacht go mbíd síleach, malairt is fearr
do phríomhluighe ar shíothnuidhe gan gheanas gan cháil
's gur díth níd do rí-thaoiseach chalma cháidh.



A Rí nimhe san bhfíorchraoibh fuair peannaid is páis,
is tug buinnsí d'fhuil Ríogh aoird d'ár dtabhairt-na
slán,
tigheamaoid go síorruidhe fá bhrataigh do ghrás,
is díon sinn ó ar bhfraoch-naimhid go taisteal an
bhráth. Amen.



Chun láithrigh atá agamsa finné ceart
do rádhfas nach gnáthach me tím tréith lag,
mo dhearnthacha is árd cluig ó dhiméad feac,
ciodh tábhachtach do thráchtaim an laoidh réir sean.


L. 47


Le Carbhall Riartha




Carbhall Cheallacháin Mhic Cárrthaigh annso:




Le carbhall riartha thriallas féin indiu,
's i gcanmhain bhriathar, iarsma is éilitheach
ar fhlaith úr fhial d'fhuil Bhriain ba tréan i ngoil,
's ní deacamhal a iarraidh ar thriath dom ghaol go dil.



A Cháit, a shiúr, beir chughat, nó rith gan righneas,
muna ndáilir lionn go húr is iomad maoine
ó ráinig chughat tar dúthaigh curadh líomhtha
is bráthair clúmhail noch d'ionnsaigh tu le díograis.


L. 48


B 1724c 18T
Dhon dreoilín bhastalach




Carbhall dom thighearna dúthaighe .i. Cormac
Spáinneach lá S. Stephen, 1723-4:




Dhon dreóilín bhastalach measaimse féin nách bás
acht sógh-ghníomh seascair, mar theangmhaig go séanmhar sámh
fé chómhairc chaoin chaingin an Charrathaigh éachtaigh áird,
tug leór fhíon lairis is gasradh ghléasta ghrádhach.



Scéal chím fairis go bhfuil gearrfhiaidhthe is éin ar lár,
go féig faoi an ngasraidh is rathmhaire léim is lámhach;
ar chaomh-dhíon tearmain araid-Mhic Dé do ghnáth
don laoch mhín mhaiseach ler ceapadh an scléip seo dháibh.



Tar Fhéinn ghroidhe Banbha an tsealg-si lé rug bárr
's an laoch-rí rathmhar gan mhairg is féile tásc,
craobh chaoin ghasta dhen Charrath-fhuil tréin is feárr,
chun saorfhíon fhairsing gur ghairm 'na dhéidh an táin.


L. 49


B 1724c 18T
U Seán Ó Macháin
Is Crádh Cléibh Liom



Is crádh cléibh liom gan bhréagnach 's is goradh cumhadh
thríom,
is d'fhág tréith mise i n-éigin go doilbh dubhach síor,
bás chaomhghein an tsaorfhir is borra clú i dtigheas
Máire ghléigeal inghean Éamuinn Uí Dhonnchadha an
ghrinn.



Fá chaol-lic i gcré indiu mo dhorchughadh slighe
an bhán bhéal-mhilis chaomhna den bhorbchrú aoird,
d'fhás aerach de phréimh ghloin Uí Dhonnchadha an Ghlinn,
dob fhagháil éadaigh don éigse 's do bhronnadh úir-fhíon.



Dámadh aos di bheith tréitheach ná socair clúmhail caoin
do Chlár Éibhir do léighfinnse moladh i dtús laoidhe;
is fearr géilleadh dhon aon-Mhac do thoirbhir dhúinn í,
mar tá naomhtha tar saoghalaibh go sona i ndún Ríogh.



Tá cóta bréide i ngéibhinn agam le seal,
's i dtómus Éamuinn bhéasaigh, cara mo scart,
seólfad é, agus réidhfidh m'easbaidh gan cheas,
mo stór ciodh caol maraon 's an t-airgead tearc.
Seán Ua Macháin, cct.


L. 50


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Is Dleaghthach Dar Liom




Chun an Athar Conchubhar Mac Cairteáin iar dtiodhlacadh
a leabhair .i. Foclóir na Gaoidheilge:




Is dleaghthach dar liom an connradh grádh agus searc
do thabhairt do chionn gach iúil dár dáileadh dhamh;
ó's easba inár gcúis bheith cúl le fagháltas feacht,
i gCathair na ndúl a chúiteamh tá gan cheas.



Mo chara go dlúth is tú agus grádh mo scart,
mo bhratach chun cumhdaigh dlúth gach rádh nach ceart,
mo thearman lonnrach bhúidh, nách táir an gas,
sagart is prionnsa, rúire, mál is flaith.



Pearsa nár dhiúltuigh umhlacht páirt is ceart,
dragan glan diomsach dioghainn dáilteach ait,
scafaire múirneach múinte deághthach deas,
do scagadh den chrú do thúrnadh námhaid i gcath.



Dá dtagrainn sonn i n-úim a cháil go bhfeas,
badh dhearbh tar chúigibh Mumhan an áilleacht beart;
canfad mo rún go humhal gan ráfal cleas,
den eaglais bhúidh is tú mo dhearna dheas.



Diadhaire úr forusta soithimh is suairc clúmhail cáil,
grian fhionn tsolusta oscardha uais bhúidh bhláth,
fialchrú oirdheirc fhosaidh, nach duairc dúr d'fhás,
ag riarughadh an phobail seo im fhochairse, a bhuanughadh
slán.


L. 51


Molaim Do Theagasc




Adhmoladh ar Phárliament na mBan, agus buidheachas a
iasaicht leis an Athair Conchubhar céadna




Molaim do theagasc, a leabhair seo, atá im fhiadhnais
go follus i bprataing do cheapadar mná diadha;
is oscailte chanaid an mhalairt is fearr riaghlach
ar olcaibh do sheachain is freagairt don Áirdtiagharna.



Atá eochair na bhflaitheas go dleaghthach i mbáinbhriathraibh,
's ní costas is deacair do leanmhain an rádh chiallaid;
cothrom is ceartas gan chealg is cáil dhiadha
forustacht cneastacht is feasach gur breagh an tiagharnas.



Ó thosach mo bheatha níor ghlacas im láimh riaghlach
is forusta teagasc, gibé ghlacfadh, 'ná tá id chliabhsa;
is cosmhail nárbh aindeis an aicme do sháimhriar thu,
's is obair gan ainimh mar mheasaim tu i gcás niata.



Mo bheannacht go héag don chléireach chneasta gan cháim,
's don tsagart nár éar um léigheann ná teagasc me tráth,
do bheannuigh Mac Dé le féile an faraire cáidh;
go mairidh i réim 's i saoghal im fharraidh do ghnáth.



A theastas go léir ní léighfeadh teanga na bhfáidh;
a mhaitheas a mhéinn níl aon do radfadh go slán;
i gcneastacht gan scléip ní bréag gur dhealbhuigh bárr;
ar thearman tséin Mhic Dé go bhfanaidh an mál.


L. 52


Is Céim Áthais go Bráth




Ar dteacht don Athair Ióseph ag riarughadh san
bparáiste so, agso an fhorbhfháilte fuair:




Is céim áthais go bráth liom 's is adhbhar sóghchuis,
's is réim gháirdis dom shláinte go seascair sóghmhail
géag crábhaidh, is ádhbharach i bprataing eólais,
ag téacht láimh linn chun gnáthaimh go cneasta ar
cómhgar.



Craobh áluinn d'fhuil árdfhlaith de mhaithibh Fódla,
séimh grádhmhar i ráidhtibh gan mhairg mhórtais,
méinn pháirteach dheaghcháileach go gcantain órtha,
céad fáilte dhuit dáilim ar dteacht am chomhgar.



Is séan sáthach d'ár n-áitribh 's is barra fóghnaimh
an té tháinig ós crábhadh i n-argóinteacht,
léigheann fáithghlic is lánoilte i dtaitheac chló chirt
i ngné bhreágh shnoighte cháidh ghloin an Athar Ióseph.



Fáilte is fiche dhon bhile ghlan léigheanta cháidh;
fáilte mhilis le cumann nach claon le rádh;
fáilte mhiochair le hiomarca géille id dháil;
is fáilte luchtmhar ó chuisle mo chléibh le páirt.



Is córach clúmhail congantach ceannárd caomh,
sóghmhail, súgach, súlghlas, sultghnáth séimh,
leóghanta lúthmhar, lúbach, lonnfháid léighinn,
Ióseph búdhach de chrú Mheic Cairteáin é.


L. 53


Is Doilbh Liom Fá Ghormlic




Ar bhás Nóra Ní Mhacháin.




Is doilbh liom fá ghormlic do chéile, a Eóghain,
idir bhodachaibh i gCorca indiu go tréith fá fhód,
an tsocairbhruingheal fhorusta dob fhéile clódh,
's a coidreabh níor loiscneach le cléir na n-órd.



Tá doircheacht ar ollamhnaibh is créim gan ghó;
tá golathart i n-ár bpoiblibh le héachtaibh deór;
tá lomascrios ar bhorbfhuil na hÉireann fós,
tug osnadh ghuirt i n-oiseannaibh mo chléibh le brón.



A moladh ceart níor dhocar dham do léigheamh dar ndóigh
ba toirbhirteach soilbhir a méinn 's a cló;
ba chorcardha neamhghoraigeach a héadan cóir,
's ba toghtha an bile brollaigh ghil 's an bhéil mar rós.



Ba soithimh suilt, dob oscailte le féile a scóp;
ní thogaradh bheith doilbhir roim chéadaibh slógh,
i bhforustacht shomholtaithe, 's i gcéill gan cheó;
'na costas-chuid a cosmhalacht níor léir dham beó.



Ba charaid don bhéith dhil shéimh go n-eólach dhúinn
Carrathaigh thréana tréad ba chórach clú,
Barraigh is Paoraigh, léigim Róistigh riú,
's ní bladar mo scéal ba ghaol do Nóra a gcrú.



Clú tighis rug tar mhíltibh i gcineál suairc
fionn-fhaoilionn gan díomas dob fhulláin snuadh,
búidh mhíonla na ndlaoi-fholt mo dhiombádh i n-uaigh,
siúr taoiseach dhe phríomhfhuil Uí Mhacháin mhuair.


L. 54


B 1724 18T
Beannacht go hÉag




Do Sheón Casey agus dá mhnaoi an laoidh seo ar
dtabhairt samhraidh linn, an chéad lá de mhí na Bealltaine,
1724:




Beannacht go héag is buidheachas foirtil fabhrach
don lanamhain bhéasaigh chaomhna shoithimh cheannsa
ler radadh go héascaidh i bhféile coirn bhrannda
don ghasraidh thréith go gléasta i dtosach samhraidh.
Seán Mac Murchaidh cct.


L. 55


B 1724c 18T
Táim Anois go Tuirseach



Táim anois go tuirseach tráighte,
gan sult ná gáire do thabhairt i suim,
i dtáimh go scuithte, i gcruith luig scáinte,
le hiomad grádh dho chúilfhionn ghrinn;
tá scáil 'na fuilt 's is tiugh glan dfhásann
go cluthar fáinneach búclach buidhe,
's is breaghtha a friotal miochair mnámhail
'ná puirt ar chláirsigh le dúthracht bhinn.



Cáidhbhean tsuilt is Cupid mhánla,
is cumann grádh gach prionnsa ghroidhe;
fá mar chluinim a fhios ag fáidhibh,
is di thug Páris an t-ubhall tar dhís;
sámh a ruisc, 's is suidhte a brágha ghlan,
a hucht 's a tláthghob múinte caoin,
's is áluinn oinigh briosc an bhánfhlaith,
cé scrios Mineálus dá cionn an Traoi.



Níor ráinig mustar do chur i ngnáthamh,
's is oilte a lámh gan diúltadh ar bís,
ciodh fáithghlic chuireann coin is árdphuic
go cliste ceárdach ar fhionnbhrat shlim;
i gcáil, i gcion 's i dtuigsin ádhbhraigh,
i sult gan phlás go bhfiúntas ngníomh,
an bárr gan iomaidh agat fágbhaim,
a bhruingheal cháidh tar chúigibh Chuinn.


L. 56


Is bláth a cruth mar lili áluinn
is luisne bhreágh 'na gnúis ghloin tríd;
scáil an chriostail i bhfuirm táithte
aici gan cháim go bonn a troighe;
bánfhlaith mhilis buinne deághthach
do rug an bárr i gclú 's i ngníomh;
ar Mháire King dfhuil righthe thráchtaim,
is sirim Pádraig dá cumhdach síor.



Is acmhuingeach tréitheach léigheanta leanbaidhe tais
mascalach aerach béasach geanmnaidhe a dreach;
ar eaglais Dé ní léigeann easbaidh dighe ar dteacht,
eala gheal, bé agus Phoenix bachallbhuidhe an fhlaith.


L. 57


U Tomás Boghailéir
A Shoirbhfhir Cháidh



A shoirbhfhir cháidh is bláthmhar sáimhscríbhinn,
is ollamh i gcáile an dána dámhlaoidhtheach,
nochad de mhnáibh gan snáithe a ngnáith-thimcheall
toirbhir 'na láimh do Sheán na Ráithíneach.
An tAthair Tomás Boghléir cct.


L. 58


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
A Thaidhg, a Fhir Cheannasaigh




Chun Taidhg Mic Cairteáin na laoidhthe seo, ar
bhfreagra na leitreach Béarla do scríobh chugham,
April 28th, 1724:




A Thaidhg, a fhir cheannasaigh chalma shuairc léigheanta,
do faghradh feasach i mbeartaibh na cruadh-Ghaedhilge,
ní foighdneach mhairfead gan agailt dho chuaird lae liot
ag tadhall ar radaireacht sheanchuis shuadh-thréithe.



Gan adhastar, arm ná capall do luadh am chaomhachtsa,
raghad dot amharc, 's dem charaid gan ghuais glaodhaim thu,
is deimhin gur fearra liom t'fhabhar i n-uain laochais,
nó i dtaidhbhse catha, ná Aichil is luath-Héctor.



Is greadhnach gasta glic carthannach buan-bhéasach
do-gheibhim do theastas, is glacaim i bhfuaim éifeacht,
foillseach feasach, 's i gceapadh gach duain tréitheach,
's is cladhaire m'ainm nó leanfainn tu ar fuaid Éireann.




Agso a fhreagra chugham:
U Tadhg Mac Cairteáin

A fhir thréithigh bhreágh léigheanta 'na bhfuil mo dhóchus,
do réidhfeas mo ghéibheann go sír-sheólta,
am' fhéachain má's méinn leat, a shaoi leóghanta,
lem ré cheart bead féin duit i n-íoc chóra.


L. 59


Aon neach ní léir dham i gcrích Eóghain
dot tréithibhse, a shéimhfhir na laoidhthe órdha;
an chraobh dhuit ón dtaobh so go Tígh Mhóire
i léigheantacht 's i mbéasaibh gan fuidhioll eólais.



Is léigheanta léimneach lán-líomhtha,
stéadach séimh glan, sáth suidhte,
an caomh-fhile béal-mhilis bárr-bhríoghmhar,
Seán gléigeal breágh tréitheach na Ráithíneach.
Tádhg Mac Cairteáin cct.


L. 60


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Barántas an Ghirrfhiaidh




Conntae Chorcaighe Cormac Mac Cárrthaigh, Giúistís of
Peace na Conntae céadna.




Whereas dom láthair táinig gníomh uilc
go ndeárnas gadaidheacht, mailís mhillteach,
lá geal Bealltaine samhraidh saoire,
gearrfhiadh cuthaigh gur sciobadh gan fuidhiollach.



Ó tá gur imthigh, gan bith a dhíola,
ó Sheán Ó Bhroin i bhfios mar inseann,
bharántas cuardtha uaim go díoghaltach
chun a luirg le hiomarca díchill.



Seán Ó Broin flaith ghlic noch mhaoidhfead,
mar bháille chumais nach uras a chlaoidhchan,
is Oilbhéarus Ó hÉalathaigh téigheadh 'na choimhdeacht,
dís nách uallach fuaim a n-intleacht.



Loirgidh árd, ná fágbhaidh íseal,
tuath ná cealla, bailte ná tíortha;
brisidh gach bosca 's gach dorus go fíochmhar;
tá bhur n-órdughadh láidir dána díreach.



Measaim nach anacheart i mbaramhail smaoineamh
ar Thomás Óg i ndeóidh an ghnímh sin;


L. 61


ceanglaidh docht a chorp doscaoilte;
ní suspicion lag ár meas 'na thaoibh air.



An gearrfhiadh 'na thigh má chimh an dís sin,
tógbhaidh a chuid 's a strus don rígh dhleacht;
is urradh le treit mhéith ghearrfhéidh an tí so,
tugaidh go hullamh fá choiste an chirt-bhínse.



Ní fuláir dho aighneas deimhneach díreach
do fhriotal go luath gan ghruaim ar bís linn,
táid bannaí is díotáil faoi láimh scríbhte,
's do réir bharamhlach dearbhughadh trír air.



Ba fiadh geárr taithiceach tairbheach clí-thiugh,
reamhar glan feólmhar córach dingthe,
pearsanta aibidh, ba dheacair a chlaoidheachan;
'na dhíol níor glacaithe leathan-mhart smaois-te.



Tá giúistís calma againne taoibh linn,
leógan oirdheirc forusta ríoghdha,
Cormac Mhac Cárrthaigh, cáidh-fhlaith líomhtha,
chun sentence ceart-dlighe ar shladuidhe d'aoir-bhreith.



Cuirfimíd fearchoin tapa ar gach taoibh dhe,
d'eagla a cheilte ná a theithmhe ón mbuidhin sin;
beidh Domhnall Spáinneach san áird thíos de,
is Ceallachán tuaidh má luadhann an tslighe sin.


L. 62


Beidh Réamonn de Barra 'na sheasamh go síleach,
is Donnchadh Ó hÍcidhe is teintighe gníomhartha;
Donnchadh Ó hÓgáin is ró-ghábha a ríomh linn,
is Seón Casey roimhe má ritheann fá'n gcoill soir.



I gcás má ghabhann ceachtar dhon tslighe sin
go mbeidh gobhtha go hobann gan righneas;
badh dhoilbh an guirt-scéal gearrfhiadh bríoghmhar
do leigean gan cheart le neach dá aoirde.



So an t-órdughadh chughaibh le dúthracht díograis,
an dara lá mar thuigim den mhí seo;
má chuireann chun reatha gairmidh Síoman,
isé rithfeas go cruaidh mar luas na gaoithe.



Críoch mo labhartha i n-aithghiorracht díbhse:
'na bhrágha dhon bhara go ceangailte tigheadh libh
i n-éiric a shlighte go n-imirthear dlighe air;
is togha an choiste, fá Chormac bíodh sin.




Agus do shighneáil chuige, agus do suidheadh cúirt go
sultmhar sítheóilte linn i dtigh Sheáin Uí Bhroin, Máirt
Chingcíse, agus do caitheadh ós cionn fiche scilling ar
thórramh an ghearrfhiaidh chéadna; agus fuaras-sa féin mo
phíosa airgid ón ngiúistís ar son an bharántais réamhráidhte.


L. 63


A Fhir Charthannaigh Dhiadha




Agso im dhiaidh an modh ar ar iarras iasacht an
Dochtúir Céiting ar Dhomhnall Mhac Cairteáin, agus an
banna foirfit thugas do mar an gcéadna.




A fhir charthannaigh dhiadha ghrianda ghrádhmhair ghlic,
do shealbhuigh riamh bheith fial glan deághthach dil,
taithiceach ciallmhar triathach deárscnaidhte,
admhaim fiar mo riaghail ar fán dod chion.



Is anbhfann riamh me i ndiaidh na bhfáidh ag rith,
gan charadas cliar ar sliabh am fhábharsa,
's nár shealbhas riartha trian ar bhfhearrde sinn,
's gurab agatsa thiar tá liaigh mo shlánuighthe.



Dá ngeallair go bhfiadfair iasacht lámh-oinigh
an leabhair do riar ar iacht do bhrátharsa,
caraim óm chliabh go tiacht an bháis dom fhios
bheith agat ar srian ag giall mar sclábha liot.



I ngábha an leighis sin ó's deimhneach me i ngalar tar fóir,
is rádhaim foillseach gur shaidhbhreas liom a amharc ar ló,
d'fhagháil radhairc air bead foidhneach á bhreacadh fám
dhóid
dá mhoyder go bhfaghairse nó an leabhar i gcló.




Agus do fuaras iasacht an leabhair an tan sin, agus do
bhí agam ó'n 8th lá do July, 1725, go huair a chríochnuighthe.


L. 64


Is díth-chreach Bhróin




Iarghnó ar bhás Chonchubhair mic Dhonnchaidh Uí
Cheallacháin annso:




Is díth-chreach bhróin ar feódhchan sínte
an tsaoi-fhlaith chalma is pearsa d'fhuil Mhíleadh;
a thásc iar dtaisteal do laguigh ár saoithe;
idir fhearaibh is mhnáibh diombádhach tug mílte.



A thréithe, mo léirchreach, ní mhaoidhfeadh
éigse Banbha d'fheabhus a ndíchill;
's mo chiach níl acmhuing ná gastacht im laoidhthibh
lé gcaoinfinn Conchubhar glic clúmhail bríoghmhar.



Ba leógan búdhach de chrú na ríghthe,
ba dhragan dian i ngliaidh 's i mbruighintibh,
ba churadh chosnaimh do bhochtaibh an taoiseach,
's ba Phoenix dathamhail fearamhail fíochmhar.



I gclú 's i gcéill 's i n-éifeacht líomhtha,
i dtréithibh rathmhara i rabainn 's i n-intleacht,
i n-uaisleacht oinigh, 's i snoighteacht gan chinnteacht
do dhlighfinn dó an bárr le háiteamh díreach.



I bhfoghluim léighinn 's i mbéasaibh líonmhar,
i Laidin, i nGaedhilg, i dtréithibh gaoise,
i dteangain an Bhéarla, i n-éifeacht scríbhinn,
níor sheasaimh ar talamh a shamhail lem linnse.


L. 65


Triath clúmhail oscardha soithimh, is príomhscoth,
rúire forusta foirtill i ngníomharthaibh,
réilteann lonnrach, cúl na bhfíorlag,
faraire buadhach suairc glan saighdeach.



Ba saoi cháidh an cíonádh so mhaoidhimse,
mál cúmhra sárchúmtha is gríobh glan;
'na mhéinn do snoidhmeadh i bhfuirm go soillseach
carthannacht féile is bréithre caoimhneis.



d'aoinneach dá thréine ní stríocadh,
's don tréith lag do ghéilleadh go síordha;
is saoth liom mar chéile dhuit líog ghlas,
go faon gan anam i Mainistir Chuinnche.



Laoch mar Oscar i n-iomaidh 's i n-íorghail,
is éifeacht chothrom mar Sholamh do bhí aige,
prionnsa toghtha agus tobar glan díodhachta,
comhla cléire éigse is draoithe.



Sin críoch le gaisce 's le prataing na ríoghacht so,
's níl brígh ná ceannas i sleachtaibh cirt Gaoidhil ghlais;
i gcoimheascar cogaidh níl cosnamh in-ar ndaoinibh;
do toghadh do piocadh do scriosadh ár saoithe.



Mo ghéibheann chruaidh, mo ruaig, mo sceimhleadh,
mo shile déar, lem ré gan aoibhneas,
ár mbuinneán subhach fá úir 'na luighe indiu
i dtúis a shaoghail tug Éire i ngeimhleach.


L. 66


Táid uaisle Gaedheal go tréith gan brígh nirt;
do mheath an greann, níl crann gan chríonadh;
níl fás gan chrapadh le seascas i gcoilltibh;
níl iasc i nglaise, do shearg an taoide.



Níl solus san ngréin, tá an fhéile ar díbirt;
tá an spéir fá scamall, ár bhflatha do díogadh;
ar an Eóraip tá ceóbhrat gan scaoileadh,
's níl gairm tar ais ar chreach Chluain Míne.



Crádh don bhás is gráin mo chroidhese air,
d'fhuaduigh i dtuamba le díoghaltas
mac rathmhar cáidh Uí Cheallacháin dírigh,
's a liacht pearsa d'fhág nach maiseach cáil cheart d'fhuidh-
leach.



Seabhac suairc soilbhir soithimh is groidh-fhlaith
stuamdha seascair glan scaipitheach scaoilteach,
bronntóir seóide óir is maoine,
is bheith daonnachtach fairsing i dtabhairne fíona.



I bParnasus solusta foilceadh go haoibhinn,
's do hoileadh go feasach i mbeartaibh na naoi mban;
tug síodhmhná Banba ag screadaigh 's ag caoineadh
i ndeóidh an bhile ba soineanda ar Ghaoidhealaibh.



Níl diúic ná iarla, triath ná taoiseach,
ná prionnsa ceannais i mBanbain fhíorghlain,
nár ghaol go fogus do ar lorg a shinnsir;
is fiosach don uile, ní huireasbhaidh a ríomh linn.


L. 67


Ní cáim ar sheabhac ghlan araidmhear fhíochmhar
nách tualaing damhsa i dtreóir a chaoineadh;
's dámadh léigheanta me i dtréithibh dleacht gaoise
do mholfainn an triath go fial le suidheamh ceart.



Ó'n mbás, mo ghoin, ciodh guirt len' innsin
nách acmhuing d'ar luadhadh dul uaidh gan claoidhe dho,
's go gcaithfeam go léir dul d'éag gan righneas,
guidhim chun flaithis let anam i ndíograis.



Is goradh-chumha dhoilbhis d'ollamhnaibh leathan-chláir
Thuadhmhan
eochar-chlú chosnaimh an domhain fá leacaibh lá an chruais,
lonna-chú fhorusta is cosnaimh i gcathaibh árd-ruag,
Conchubhar foirtil mac Donnchaidh Uí Cheallacháin
luadhaim.



Níl cothromughadh sonais ar bhochtaibh acht seachrán cruaidh;
ní follus dúinn fortacht 'nár bhfogus go dtagaidh lá an
Luain,
ba pholla siúd mholfainn chun cosanta ár bhfearg-námhad
uainn,
sin loma-chúis gholfhairt gan sosadh agat 'Fhearann Fáil
buan.




Timcheall an 26 lá do June d'éag an deaghlaoch so san
mbliadhain, 1724.
Seán Ó Murchaidh cct.


L. 68


Fád Lár a Ghairbhleac




Epitaph ar bhás Sheáin de Barra 1724




Fád lár, a ghairbhleac, marbh is díth liomsa
an sáirfhear gasta ler ceapadh an tsaoitheamhlacht,
's ba fáilteach feardha tabharthach tighis-fhiúntach,
cáileach caradach calma caoin clúmhail.



Is de rás na bhfearachon ngarbh na ngníomh gcongcais
do thrácht tar caise le harmaibh glinn-urlann,
do ráinig rachmus i mBanbain fhíor-úrghloin,
an árdfhlaith mhaiseach tug scata gan díth cumhadh againn.



A bhás is danaid go fairsing i gcrích Mumhan,
's a cháil, mo mhairgse, marbh i gcill súighte,
ráib mear ceannasach carthannach fíor-ionnraic,
scáth na ndealbh is bratach a síor-chumhdaigh.



Bárr gach maithis, ní rafal a mhaoidheamh liomsa,
tar tháintibh pearsan gur shealbh an tsaoi mhúinte,
cáidh-fhear acmhuingeach d'fheabhus a phríomh-dhúithche,
Seán de Barra bheith marbh is gníomh cumhadh linn.



Is méala linn is díth 's is cumha dhoiligh
an séimhfhear grinn fá líg i nDún Bolg,
phoénix líomhtha, ríoghfhlaith chlúmhail shoithimh,
d'fhuil éachtaigh aoird na Traoi gan rún-choigilt.



Seán Ó Murchaidh cct


L. 69


U Domhnall Mac Cairteáin
Le Cáirdeas Cumainn



Le cáirdeas cumainn don árdfhlaith shultmhar
d'fhuil cháidh na righthe ba tréine,
tráchtfa mise gan spás 'na choinne
le fáilte is fiche go ngéilleadh;
ráib mhear churata ádhbharach urramach
ó thárla agam i nÉirinn,
mo shlán fá chumus mo námhad go huile,
'na stát ó chonnarc an phoénix.



Chun dáin do shioscadh ciodh táir mo thuigsin
i gcásaibh snoighte ná léigheanta
níor chás gan mhustar do cháile i bhfuirm
do thrácht go hurus le héigsibh
mál glan cumusach dáilteach soineanta
láidir fuinneamhach béasach,
nach tláth i n-iomaidh ná i n-ár na gcloidhte,
's do rug bárr gach lonnais ó Héctor.



Fear áluinn sultmhar gan cháim an curadh
tug sámhacht mar chonnarc ar chéadaibh,
is d'árduigh iomad d'ár gcáirdibh chugainn
fá shástacht coirthim ó ghéibheann;
is crábhaidh tuigsionach fálach cliste
glan sásta suidhte in gach tréithibh
an cháidh-fhlaith mhiochair gan phlás i bhfriotal,
acht páirt is cumann is daonnacht.


L. 70


Atá gan iomaidh an bárr tar fhuirinn chirt
Chlár Luirc agat, a shéimhfhir,
i gcáil i gcumus, i bpáirt i gcumann,
i gcásaibh oinigh is féile;
bráthair fugais na gCárrthach gcurata
's gach árdfhlaith mhiochair d'fhuil Éibhir;
áilim, sirim ar árd-Mhac Muire
tu slán gan mhilleadh gan éalang.



An séimhfhear grinn seo mhaoidhim le deaghchroidhe i
gchéill
is féile gníomhartha ríoghdha i gceart-bhrígh shéimh,
léigheanta líomhtha i n-intleacht bhreath-bhinn chaomh,
Séamus caoin d'fhuil aoird labhailí an laoch.




Ag sin fáilte Dhomhnaill Mhic Cairteáin roimh Shéamus
Lavalin iar dteacht don Mhumhain ó Fhlóndras do.


L. 71


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Atáim faoi Scamall



Atáim faoi scamall i gcreathaibh i gcumhaidh 's i gciach,
cé nár linn aithris ar ainnir dar liom do thriall
le hágha araoir lairiom im leabaidh, go n-úmhlacht fhial,
's do rug bárr gnaoi is maise gan chasadh tar chúigibh
Briain.



Ba bhreagh a píp chailce 's a mama nár hiniúchadh riamh;
ba bhláth caoil mala, agus dearca mar dhrúcht ar sliabh;
ba cháidh caoin dealbh is pearsa ghlan úr gan chia;
's dob fheárr sinn marbh 'ná marthain dá cionn i bpian.



A dhá dlaoi-fholt fhada ba chasta 's ba bhúclach fiar;
a dhá caoin-chroibh laga rug barra gach fionntais riar;
a dhá mín-troigh mhaiseach ba gheanamhail siubhal ar dtiacht
's ba binn blas balsaim a labhairt mar phungcaibh tiad.



Cá tír ó'r thaistil di d'aisceas, ba chiuin mo shians,
is cá slighe i rachadh, níor fhreagair an chúilfhionn m'iacht;
d'fhág scríobhtha a hainm im aice go dlúth i riaghail
dhá thrí gheala cheart banbh is umha 'na ndiaidh.



d'fhág sí i ngalar me feasta go dubhach fá liach,
gan fagháil grinn d'amharc ná aiteas i bhfonn 'ná i bhfiach,
báibín gheanamhail chailce na bhfionn gcas gciabh,
's dá grádh ní mhairfead, ní fheadar cá dúthaigh ar thriall.




Seán Ó Murchadh cct., ar n-a thaisbeánadh do 'na
aisling óigbhean d'fhaicsin 'na ghar san oidhche.


L. 72


Dís Ghréasuidhthe is Léir Dam



Dís ghréasuidhthe is léir dham i bhfogus damhsa,
dís thréitheach ghlic éifeachtach shoithimh chórach,
dís ghaolmhar dam féinidh, ní holc an comhgas,
d'fhíor-thréanfhuil na hÉireann nár choigil seóide.



Is mín-scéimheach glan éadtrom 's is socair seólta,
caoin caol tiugh gan éisling go toghtha treórach,
do-níd éide dho ghlé-throigh go cothrom córach;
is guidhim féin sibh um dhéanamh dom chosaibh bróga.



Dúthracht an chúpla so b'fheárrde sínn,
is cúram gan chunntas im dhán ní bhí
acht dúbailt ar chlú chirt bhur gcáil má's cuibhdhe
is tar chúigibh go dtiubhradh 'nbhur láimh an mhír.



A n-ainmna is aibidh adéarfadsa:
is díobh Donnchadh oirdhearc ó hÉalathaigh,
is fear ceannsa caomh gan cháim
Partholán seang Ó Deargáin.
29th., 9ber, 1724.


L. 73


Duairceas go hÉagaibh



Duairceas go héagaibh, 's i nduantaibh níl réidhteach
ár gcruadhtain gach lae anois, mo mhilleadh,
Ó's buan-churtha i gcré indiu an tsuairc-churadh thréanmhar
ag uallfhairt tug céadtha go tuirseach;
Mh'uamhan níorbh éalang gach ruathar 'nar léigeadh
cuallacht na hÉireann cé briseadh,
Nua-scrios an aoinne ba fuaiment don daonnacht
i dtuamba fá bhéilic gur cuireadh.



As fuathmhar na scéalta so, a bhfuascailt ní féidir,
uaisle na nGaedheal mbocht ar dtuitim;
Lluachrann nár chlaochluigh le cuaine an chais-Bhéarla
's do bhuanuigh leis an gcléir cheart ba shine;
Ó luadhadh sinn at éaghmais níl suaimhneas le héileamh
ag truaghbhochtaibh Dé anois go huile;
Cia bhuaidhfeas, cia réidhfeas i gcuardaibh ár ndaor-cheast,
cia ruaigfeas ár n-éislinn go hurus?



Eir buaireamh gan faesiomh 's i nguasacht go déarach
beid uaisle agus faonlucht gach cine,
Ag luadhchan na féile do buadhadh leat tar Éirinn,
agus suairceas do thréithe nár shingil;
Lluach uigh dhon éigse mar dhualgus ní léir dham
go suathain cia bhéarfas ó thuitis,
A bhuaidh-bhile an bhéil mhil gan ghruamdhacht i méinn ghloin
monuar i gCill Chréidhe thu gan friotal.


L. 74


Cá bhfuil nuallghol na héigse nach cualasa ag éigheamh
liom?
's gan suas den tsliocht laoch mear acht leinbh;
An sluagh tiugh nách staonadh 's do bhuadhadh glic gach
géilleadh
bheith uaigneach 'na n-éagmais is tuirse;
Is uaithchle nách féidir le druadhaibh dá ghéire
tuairim a thréithe chur i laoithibh;
Ní chuala is níor théarnaigh fuil uaibhreach ba thréine
ná tuaradh id chaomhchruth ó righthibh.



Tuairisc do thréithe gan chluanaireacht bréige
i n-uaim chirt do léighfinn dá dtuiginn;
ba stuamdha, ba bhéasach, 's i ruagaibh ba laochais,
's ó Ghuaire gach féile gur sciobais;
Ba bhuadhach i bpléannaibh, ba suadhoilte i léigheantacht,
ba bhuan-chliste i n-éifeacht 's i dtuigsin;
a Uain ghil na Béithe, rad suaimhneas id naomh-thigh
don uasal dheighmhéinneach ort sirim.



Is tuirseach brónach deórach d'aithle a bháis d'fhúig
fuireann Fódla scólta lag i dtámh dubhach;
Ruire córach cródha, a leac, is fáth cumhadh,
's is dursan fós Domhnall Ó Ceallacháin fút.



Ba churadh i ngleó agus leógan maiseach sámh
subhach;
duine ag comhall coimhghlic is dragan cáidh clúmh-
ail;
ba bhile chóig gcóigeadh ba ghasta i gclár Mumhan,
's is turraing fhóghmhair do sheóil i bhfeart ar
lár thú.


L. 75


Ó's follus d'ár n-uaislibh uainn acht ró-bheagán
stopfad go luath gan duain go deó do thrácht;
A Mhic fortachta ár gcruais, d'ár nduadh fuair gleó
agus páis,
leig Cormac buan dá chuallacht beó go bráth.




An 29th lá de August d'éag an duine oirdheirc fíor-
uasal so faríor. 1724.


L. 76


B 1725c 18T
Iarsma Beag Iarrfad




Chun Domhnaill, mac Uilliam mhic Cairteáin, an beagán
so ar impidhe cáirde a leabhair .i. an Dochtúir:




Iarsma beag iarrfad, ciodh dánacht uaim,
ar thriath ghlan do riaghluigh me i ndántaibh druadh,
is fiadfair i mbriathar a dháil gan chruas:
led liaigh cliste riar mise spás gan fuath.



Fuath ó dhuine níor thuill
an tsuairc-fhlaith shnoighte gan cháim,
i bhféile, i bhfuirm 's i mbéasaibh oilte,
gan bhéim i gcumann 's i bpáirt.



Páirt-díograis an tsaoi ghloin is cothrom gheibhimse;
i dtráth ríochtanais scaoileann me ó dhochtaibh daidhbhre;
's nach scríobhainnse laoidh ar bith don tsona-leigheas sin,
acht rádh díreach gur shaoileas tu fosaidh foidhneach.



Foidhne fhada gan ghruaim
do shíor gan chealg id mheabhair;
is deimhin nách tarcaisne gheibheann do leabhar,
acht soillseacht sleachta agus greann.



I ngreann-tsult gan channtlamh 's i labharthaibh séimh
do mheabhruigh an leabhar-churadh ceannas is céim,
ceannsacht gan channtlamh i mbeartaibh 's i méinn,
seabhac glan do phlannduigh d'fhuil acmhuingeach éigs.


L. 77


Idir éigs na gcanamhain ngrinn
ní léir dham samhail mo threóin,
craobh ghlan tseascair nár éimigh pearsa
fá a réidhteach d'acmhaing a sheóid.



Seóide is séan go héag ar fhuráil Dia,
nóchar bhéith ghloin aeraigh d'fhuil árd-thriath,
sóghchas saoghail i réim, go seansháth bliadhan,
chun Domhnaill éachtaigh fhéil Mhic Cairteáin iad.



Le spleádhchas ní thráchtfainnse bladaireacht léimhis
ar cháilibh an cháidh-fhir is geanamhail gnaoi,
is táinte len' áiteamh ar chanas gur fíor;
feadh Chlár Luirc na ndámh suilt duit geallaim a
shuidheamh.



Seán ua Murchaidh cct.


L. 78


U Giolla Ó Laochdha
Mo Dheacair Fá Líg



Mo dheacair fá líg an tsaoi ghlan áluinn ait
do tharraing ód choimhdeacht sinn, ciodh fáth gan neart,
's im aigne chím nách líonmhar páirt tar lear,
fá ndeara nár scríobhadh leat líne am dháil le seal.



Dá measainn dom buidhin gur díobh tu ar áis go ceart -
's mo theastas gur scríobhadh liom síos gan cháirde id
ghlaic -
do fhreagra caoin do-chífinn sámh ag teacht,
is measaim gur crích dhon díograis lá bheith leamh.



Níorbh annamh i dtigheas is fíon ar clár 'nár ngar
do phearsa agus sinn, nó i n-aoibhneas táinte fear;
má chaillis mo chuimhne, is í gan fagháil tar ais,
t'shamhailse choidhche arís ní ghrádham acht bean.



A Dhonnchaidh shéimh ghloin léigheanta Uí Bhruithileacháin,
ba foirtille méinn is béasa soineanta sámha,
mo thogartha baotha clé cé chuireas i ndán,
is osna agus éad do ghéaruigh sinne chun ádhbhacht.




- Giolla Ó Laochdha cc. chun a chóimhsheirbhísigh.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Do theastas mar chluinim ó Ghiolla go ciallmhar cáidh,
's do bhearta nách singil, ler thuiteas go dian id ghrádh,
rabainneacht oinigh gan iomaidh tar thriathaibh stáit,
níorbh anfhochain liomsa do chuideachta bliadhain ar clár.




- Seán Ua Murchaidh cc. chun an fhir chéadna.


L. 79


B 1725 18T
Is Tartmhar 's is Tirm



Agallamh Sheáin Uí Mhurchadha le Maypole Sheáin Uí Bhroin, Lá
Bealltaine, 1725:



Seán:

Is tartmhar 's is tirm tá an fhuireann tug iomchur mór
ar bhathas a gcuisleann don bhile tar thriúchaibh leó,
is ded bharra nách tuigim gur ibheadar piúnt ar sógh,
tar chrannaibh na coille níor thuillisse clú ná ceól.



Crann:
Ná habair sin, a fhile, níl tuigsin id chúrsa fós;
aithis níor thuilleas, cé chuiris me i gcumhgrach mhór;
do gearradh mo luise, do fuirseadh me ag siubhal an
róid,
do chailleas mo dhuille, 's ní sultmhaireacht liom bhur
gceól.



Seán:
Táid cranna ba ghile 's ba thinne 'ná rúta dhod shórd
gan tapa go singil, gan cuideachta chúcha ar treóir;
is mairg liom d'fhuiling gach tuirse dá ndubhairt go fóill,
de dheascaibh do thruime, 's gur tirm do chumhtha dhóibh.



Crann:
Mo theagasc dá gcluinir ní huireasbach tú go deó:
ná ceangail i ngustal do rithfeadh mar smúdar ceó;
cnagaidh, is tiocfaidh go fonnamhar lionn ar bórd,
is caithidh bhur scilling dhon duine le clú i dtigh an óil.


L. 80


Seán:
Dá scaipeadh an fhuirionn an phinginn i gcunntas óil,
airgead tirm dá muirear níl bonn go deó;
is fearra linn tiomargadh strusa 'ná a dhiúgadh ar bórd,
is bainne nó uisce go bhfliuchtar an dúthaigh leó.



Crann:
Do mealladh tu, a dhuine, mar imthigh ar thriúchad romhat,
is t'acmhuing ní luigide scilling má's fiú thu coróin;
caradas tuigidh gur gliocas i gcúirt nó i gcomhar,
is fá thalamh nách cuirthear libh pinginn fá chiumhais an fhóid.



Bearta ba misde 'ná ar chuireas i n-úil duit fós:
do leanbh, ciodh milis a chluiche 's a shúgradh id chomhair,
don tsagart id chionntaibh ní hurus go dtiubhradh coróin
ar th'anam go miochair, cé thiomargais púint don stór.



Seán:
Do bhreatha ní bhriseann; acht tuigsin is iomdha id ghlór
ó leanais go bhfuirm na dlighthe nár dhiúltuigh Pól;
tú samharadh is gile dár fionnadh san Mhumhain gan ghó;
Dia bheath-sa chugainn is fliucham do chúl le beóir.



Seán Ó Broin:
Tá fáilte sheascair don ghasraidh an-áirithe
chun ádhbhachta is aitis ar halla mo thábhairnese,
clár chun beathuisce is leanna tá stáluighthe,
's gan báille ghairm má's easbathach cáirde libh.


L. 81


B 1801lsc 19T
U Anaithnid

Nuair do cuireadh an crann 'na sheasamh, d'amhairc 'na mhór-
thimcheall, agus chonnaic Tigh Charraig na bhFear; agus do
fhiafraigh cia an ríoghlaoch do comhnaidh ann. Do hinnseadh dó gur
fíor-uasal de Chlannaibh Míleadh, .i. Cormac Spáinneach. Leis
sin do scéith an crann duilleabhar glas tré n-a bhathus, agus
dubhairt an rann:



B 1725 18T
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

An Crann le Cormac:
Go bráth nár chailleam, is aitchim ar Rígh na gcomhacht,
an árdfhlaith mhaiseach d'fhuil Charrathach aoird na slógh,
mál glan feardha is fearra dár chinn den phór;
's ó thárla im sheasamh fád bhrataigh bead bríoghmhar beó.



Seán le Cormac:
Cormac Spáinneach, Cárthach cumhra caoin ... an triath
oirdhearc áluinn ádhbharach úr, gan phuimp ... 'na shians;
forusta fáithghlic fáilteach fiúntach fíor ... -cheart fial
den bhorbfhuil áird, nár stán i gcumhgrach cloidhimh ... i ngliaidh.


L. 82


B 1801lsc 19T
U Anaithnid

Do bhí an seana-chrann ó anuraidh ag éisteacht an ghrinn seo, agus do
bhreithnigh: Gach nua mar thig gurab é is mó gheibheann cion. Agus dubhairt
an rann so go hiarghnóthach:



B 1725 18T
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

An Seana-Chrann Ó Anuraidh:
Níl machtnamh, mar thuigim, i nduine dá dtuite i bhfanntais;
níl aiteas 'na chluiche, níl cuideachta chuirfidh beann air;
níl taise dhon luige 's 'na friotal níl siolla greannmhar;
's go gcaithfeadsa tuitim ó's fiosach me im chupard
seannda.




Agus an buille scuir ón ughdar:




I gCarraig na bhFear do ceapadh greann amhlaidh
go calma cneasta i n-aice leabhar-bhrannda,
's an Carrathach greanta aca i gceann samhraidh,
is raidfeam gur leas 'nár measc an crann labhras.



- Seán Ua Murchadha cct.


L. 83


Tá Faraire Tréitheach




Agso im dhiaidh an modh ar ar iarras liathróid ar
Phádraig Ó Ógáin, iar n-a phósadh, April, 1725




Tá faraire tréitheach léigheanta suairc-ghlórach
im aice le tréimhse réidh is nua-phósta
ag ainnir fuair céim tar bhéithibh buan Fódla,
aitchim gan bhéim a léigean suas beó againn.



Seabhac i gcéill, nach tréith i ndruadh-eólas,
nár dhearmaid tréine géag i gcruadh-chomhrac,
do shealbhuigh daonnacht béasa is buan-chródhacht
thug taitneamh na n-éigs i méinn an luaithleógain.



Is maiseach a scéimh nach claon le suathbhreósaibh,
's is carthannach géilleann sé dhon truaigh chró-luig,
scafaire tréan de réxfhuil sluagh Bóroimhe
chuir danair go créachtach tréith tar buaic bóchna.



Mo pháirt do radas go hanaba i gcósárd ghéar
don árdfhlaith mhaiseach nách ceachartha cló is cáil chaomh;
is crábhaidh cantain an tseabhaic gan mhórdháil bhaoth,
Pádraig ceannasach calma Ó hÓgáin é.



Táid taoisigh toghtha an phobail d'aonfhóbairt
dá mhaoidheamh gurab ort téid cothrom léarthóide
d'íoc led thoil gan doic dá n-aosógaibh,
chun grinn do nochtadh ar cnuic 's ar réidh-mhóintibh.


L. 84


Fáilte nách Ceachartha




Fáilte Thomáis do Barra, an 25th lá den Mhárta,
1725:




Fáilte nách ceachartha óm aeibh,
ar dtaisteal don taobh so dho chrích,
don tsárfhlaith rabuinneach réidh
fuair fabhar ó réxaibh go glinn;
is fearr liom lairiom é im ghaobhar
'ná ag ainnir fá ghéibheannaibh dlighe,
an ráib mhear charthannach shéimh
dá namhaid i spéirling nár stríoc.



Beidh ádhbhacht is aiteas is aer
ar faithche gach aolbhruigh den ríoghacht,
ó thráigheadar scamaill gach scéil
ba dhaingean ag téacht ar do dhruim;
má tá gur scarais le pléidhe
's do phaitint go gléasta led thaoibh,
ní cáim ar arm bheith géar,
ná ar leanbh bheith béalfhliuch ó chíghibh.



Táid cáile calma i méinn
an fharaire ghlé-shnoighte ghrinn,
is crábhadh carthannach caomh,
's is taca le tréine nach tím;
fear láidir laideanta i léigheann
do scaipfeas an fhéile le fuinn,
's is fáithghlic bearta gan bhéim
ag taitneamh le héifeacht a chinn.


L. 85


De rás na bhfearchon dtréan
ba taithiceach géarghoil i mbruidhin,
d'áitigh sealad san Trae,
's do neartuigh i nÉirinn go ngnaoi,
an cáidhfhear seascair nach tréith,
im aice ní saoth liom i dtigheas;
Tomás do Barra iseadh an laoch,
is aitchim an naomhsprid dá dhíon.



Fáilte chaoin le díograis mórchumainn,
fáilte ó chroidhe dhon taoiseach lóchrannach;
fáilte bhríoghmhar líonmhar leór-mhilis
don tsáirfhear líomhtha ar dtigheacht am chomhursanacht.


L. 86


B 1726-27 18T
Im Udhacht Níl Pinginn




Udhacht an dreóilín choimhighthigh cheannruaidh chiall-
éadtruim do gabhadh ar Laghair Dhúna Bolg, i mBarrachaibh,
an 26 lá de December, 1726-7; agus nár chan bladhmann,
bréag ná baothfhocal go bás:




Im udhacht níl pinginn is tuigidh nách maoidhfinn bréag,
cérbh uachtrach tiodal na righthe lér snaidhmeadh mé,
's na sluaighte fiolar fám chumus gurbh íochtrach géill,
ciodh cruaidh do cuireadh libh mise fá ghéimhleach dhaor.



Isé uabhar na fuirinne ó'r goineadh me, smaoinim é,
ba luaimneach iomarcach oscardha fíochmhar tréan,
ler luadhadh mo thuitim fá chumus mo naímhead mar scéal
's mo thruagh lé churadh ní thiocfainn acht mílte im dhéidh.



Ní'l suaimhneas agam, níl cluthar, níl coill ná craobh,
's do-chuaidh as m'fhuinneamh, níl duine dhem buidhin im
ghaobhar
do bhuail gach nduine me dho bhuille nár shlím feadh an
ghéill;
mo chuaird do chiorrbhaidh, do cuireadh me as ríoghacht go
héag.



Ó scaradh me, tug atuirseach mo rosc deórach,
eadraibh gan aithfhriotal dom dhiospóireacht,
mo mhallachtsa go heasmailteach, ciodh nimh dhóibhsean,
noch caithfeadh liom, ó's marbh me, go honórach.


L. 87


B 1724c 18T
U Giolla Ó Laochdha
Is Claoidhte Atáim



Is claoidhte atáim dom shnoighe 's dom chrádh
le díograis grádh dhon réiltinn
do mhill me i bpáis, gan suim i n-ádhbhacht,
ag cuimhne cáis mo chréachta
le mnaoi rug barr i ngnaoi 's i gcáil
tar mhíltibh d'áireamh ghréagach,
's do stríoc ar lár an Traoi go tláth,
nó Naois fá sháithtibh géarshleagh.



Is cíortha cáblach soillseach sásta
a dlaoithe ag fás go caoltroigh,
is mín a brágha, 's a píp gan cháim,
's a righin-ruisc bhreághtha péarlach;
a cíocha blátha míonla mánla,
a caoinchorp áluinn gléigeal,
's a gríosghob cáidh gan phuimp gan phlás
is milse ráidhte caomhna.



Tar Inse Fáil badh chuibhdhe dhi an bárr
i ngnaoi 's i gcáil 's i mbéasaibh,
an ríbhean cháidh is líomhtha lámh
i ngníomharthaibh páirte is féile;
dá maoidhinn go hárd dob fhíor lé trácht;
a gcoimheascar dfhág na déithe;
's mo mhíle slán don fhaoilinn bhláith
i gcríochaibh fáin má théighimse.


L. 88


I bhFódla i nduantaibh druadh, ná i gceart-chlár Chuinn,
ní heol dam stuaghaire stuamdha i ndeaghcháilidheacht
is mó rug buadh gach uaisle is gean-ghrádh ríogh
'ná Nóra shuairc dfhuil uaibhrigh Chairteáin aoird.



- Giolla Ó Laochdha cct.


L. 89


U Tadhg Mac Cairteáin
Céad Slán do Chuirimse



Céad slán do chuirimse ó thuaidh
don té úd do luighfeadh ar rámhainn,
do sheinnfeadh go cliste ar a phíp,
do dhéanfadh véarsa go caoin is dán.



A thréithe ní hurus do mhaoidheamh,
's ní d'easbaidh nách líonmhar atá;
acht méid a chumais is 'intleacht
do tharraing na mílte dhá ghrádh.



Gach sméirle smeartha gan ghnaoi,
gan aiteas, acht líonta dhe phlás,
do chuirfeadh fá ndeara ort bheith binn
a thrascairt le haoir dob fheárr.



Má deir bodach na praisce agus gruaim air
lena theanga chas tuathail chlé,
ná grádhfadh duine le suairceas,
an tubaist go mbuailidh air pléasc.



Dá mbeinnse i gcumus 's i mórdhacht
le hiomarca dhem buaibh ar féar,
dar lámh mo charad gan chluain duit,
badh thusa mo thogha gan bhréag.



Aon det shamhail ní chuala,
's ní mheasaim den Mhumhain gur léir,
a thréithfhir, chanas mar ughdar
seanchas saoithe séimh.


L. 90


Tréithe binneas is suairceas
do cheapais ar dtús do shaoghail,
léigheann is fuinneamh is fuadar,
is bheith urramach uasal séimh.



I gcuideachtain Domhnaill chródha thárluigheassa
i gCorcaigh mhóir na seólta sáir-mhíne;
sláinte órdha d'ólas, le grádh díograis,
do Sheán leóghanta bhinn cheólmhar na Ráithíneach.



Tadhg Mac Cairteáin.


L. 91


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

An dara roinn don leabhar im dhiaidh annso.


L. 92


Is Dubhach Sínn le Tréimhse




Is dubhach sínn le tréimhse,
go cumhach cnaoite créachtach,
gan súgraidheacht i bpléireacht
le sealad gan sámhacht,
ag fionn-bhrighdeach mhaordha
rug clú chaoin tar bhéithibh
san Mhumhain timcheall, féachaidh,
a samhail níor fhás;
búidh mhíonla bhéasach
de chrú ríogh agus tréanfhlath
nár túrnuigheadh i spéirling
dá chalmacht námhaid;
is umhal chím, mar léightear,
go húrscaoilte ag éigsibh,
an t-ubhall choidhche ó Vénus
gur dearbh 'na láimh.



Is dlúth soillseach dréimreach
a cúl buidhe cas craobhach,
's is lúb-dhlaoitheach réidh tiugh
ag casadh go tláth;
a súil chruinn cheart phéarlach
mar dhrúcht laoi ghlain ghréine;
a gnúis chaoin tug Hélen
gan tagairt ag táin;
a com caol 's a saorchorp;
a húirchíocha caomhna;
's is búdhach binn a béal tais
gan labhartha pláis;
's do hiompuigheadh led scéimhse
lunnraidheacht gheal Phoébus.


L. 93


fá phúicín, gan téarnamh
go taisteal an bhráith.



A lúb lítis léigheanta
nach cumhang cinnteach tréithe,
tabhair sinn le héascacht
ó chealgaibh báis;
's gur tú, saoilim, Déirdre
ler shiubhail Naois a hÉirinn,
dár brúghadh cinn na gcéadtha
dá deascaibh san ár;
a chnú dhíograis bhéasach
dá n-umhluighidh na déithe.
ní fiú sínn tu dh'éileamh,
acht leasuigh mo chneádha;
agus múirnín na Béithe,
dár gcionn d'íoc a chéasadh,
mar chúl dín dod shaoradh
fá bhrataigh a ghrás.



Is cáil fhiadhnaise d'iathaibh is d'fhuirinn Mumhan éigs
an bháb fhial so dá ngiallaid na luidhthe scrúd mé;
gur fhás diadhacht 'na briathraibh, 's gur tuilleadh clú léi,
Máire chiallmhar ní Chiarmhaic an bhruingheal chiúin chaomh.


L. 94


A Uilliam Mhic Coitir, a chogair 's a leóghain
láimhghlic
den triathfhuil bhoirb badh foirtil i ngleó gháibhtheach,
iarraim ortsa, mar chosaint ar ghóiseárdaibh,
iaidh go cothrom ar a brollach an óráid seo.




.i. Leabhar Eóin an Athar Ióseph do Mháire Ní Chiarmhaic.


L. 95


B 1725 18T
Is Breitheamh Ceart Grádhmhar



Ar gcanntáil deachmhadh Bhaile Mhuirisín do Phádraig Bhán,
September, 1725.




Is breitheamh ceart grádhmhar an Cárthach dfhuil righthe
nár smaoin cam ar tháintibh do lánchur fá uisce,
ar impidhe an té tháinig gan suláirt ar bith chugad
's le mailís ná gáilfeadh a pháirtidhthe id ghoire.



Is fearr linn bheith lá geal id láthair go sultmhar
le caoimhneas do ráidhte tá páirteach glan cliste,
an deachmhadh go hádhbharach ar chlárachaibh d'fhliuchadh,
'ná smíste baoth bánbhodaigh láimh linn d'ár gclipeadh.



Go spórtamhail ní fuláir linn an lá so fá scige
d'fhéachain ar cháil mhaith i sclábha chaol shingil,
cuid chách do chárnadh is as a lámhaibh a sciobadh,
is deisciobal árdhacht do Pháraoh thu i bhfuirm.



Gean croidhe na bhfáidhe agus fál ceart nach singil
an triath bríoghmhar áluinn do bhuadhuigh báire ar an gcoime,
bead choidhche dhá árdmholadh is gráidhfead go miochair
d'fhág bustóg ag Pádraig mar ádhbhar 'na chluiche.


L. 96


B 1726c 18T
Is Mairg ar Cuaird




Bharántas ruathaireacht ceárdchan annso:




Is mairg ar cuaird tug cuallacht thábhachtach shéimh;
Is mairg bhíos tuathail buadhartha báithteach baoth;
is mairg do bhuailfeadh tuargan thráighte fhir chéad;
's a mhairg go buan do ruathaire ceárdchan clé.



Is clé mo mheas go fíor
ar neach nach díleas méinn,
's nách réidhfeadh ceas le fuinn
don phearsain bhíos dá ngaol.



Gaol is fine na fuirinne Diarmaid grádhach,
's gur tréigeadh libhse go hurus, cérbh fhial glan ceárd;
le sméide tiocfaidh gach nduine aca riamh tu d'fhág,
nó téada cruinne ar gach cuingir ag triall 'na mbrághaibh.



Is brágha darab dual bheith dubhach
nach buailfeadh chughad a thrácht,
le hórdughadh an ghiúistís ghrinn
Cormac úrchroidheach árd.



Árd ba mhinic ár bhfine le hannbheartaibh,
dá gcrádh le dlighthibh badh fiosach nár cham breatha;
fábhar tugadh an duine tar ceann a fhine
nó is fáth 'na gcoinne chun ciorrbhaithe a gceall 's a gcuid.


L. 97


Tá a chuid 's a chion den ghníomh
i n-aghaidh Dhiarmada ó'n Ráithín,
is Sheáin mhic Domhnaill Uí Mhurchadha,
an bharántas treórach dá gcluichiughadh.



Diarmaid, mac Conchubhair Uí Mhurchadha, an fear seólta,
'na cheardchain dob fhineamhail, 's ba ghlic cúrsa i n-eólas
gabhann fáltach glan fuinneamhail, nach tug diúltadh
comhursain,
's támaoid d'ár soinniughadh le crithniughadh fád
chomhachtaibh.




.i. an dias Rebels do rin Revel.


L. 98


Acra Leabhair



Do dhuine iomarbhádhach dáirithe d'iarr iasacht leabhair
orm:




Acra leabhair ná aithne ar chá seoch cú
geallaim faid mhairfead nach faicfir óm láimh le fonn;
a haithle do leamhais gan taitheac id ráidhtibh rúin
i n-ainbhfios t'athar is dearbh go bhfágfad tú.


L. 99


A Fhir Charthannaigh Chaoin



Iar bpósadh Dhomhnaill, mac Uilliam Mic Cairteáin:



A fhir charthannaigh chaoin, do chinn tar Mhacaoimh méinn,
's dár radassa díograis tríd le deaghchroidhe is géill,
chun maitheasa dhíbh má chím an aithshlighe ag téacht
ní haithireach linn do thíocht 'nár n-aibíd féin.



Ó'n acharann slighe 'nur claoidheadh go danaoid tréad,
's 'na gcaillid a gcroidhe 'na gclí le a laguighid faon,
'na scaraid le haoibhneas ringce is cleasuidheacht réil,
go dtagair gan díoga brígh tar eanaighibh baoghail.



Ní leamhas an puínte, saoilim, d'achtuighis d'aon
is ceangal don bhuidhin is aoirde measfaidhe i gcéim,
le rachmus gan dísceadh, líonta a neart dlighe is spré,
's an aindeise ar mhíltibh saoi de threabh chuibhdhe Gaedheal.



Dá dtagadh tar tuinn, mar mhaoidhid lucht ealadhan scéil,
an phearsa do scaoilfeadh sinn a reacht cuibhdhis féin,
dob atalach linn i n-ísle ag teacht faoi an gcléith
na dreama do mhill ár sinsir lag-bhríoghach faon.



Má mheathann an tslighe seo arís le casaíbh clé,
is anmhain i n-íochtar faoi an lucht mhalluighid cléir,
mo theagasc gabh snaidhm den bhuidhin is maisighe saoghal
ó's eatortha chím gan fíoch 'na bhfrasaíbh séan.


L. 100


Fáilte is daichead don ainnir ó's céile dhíbh
ar dtrácht go baile puirt cleachtuighthe éigse an ghrinn
'nar ghnáthach freastal gan spairnn is féile d'aoighe
táiplis cheana agus labhartha léigheanta i laoidh.


L. 101


U Ióseph Mac Cairteáin
Is aerach 's is Aoibhinn



Is aerach 's is aoibhinn gach maidion
ár scéalta le haithris don ríoghacht;
tá an spéir is gach binn chnuic ag glanadh,
agus Phoébus ar a eachaibh gan teimheal;
tá réidhteach i linntibh na mara,
's a héisceach ag atall ar linn;
an Phoénix de phríomhfhuil na mBarrach
i nÉirinn ó gabhadh leis tír.



Ní héadmhar lem chroidhese na startha,
's tá an chléir uile ag cantain le fuinn;
an éigse gan suim aca i gceathraibh,
is éanlaith ar crannaibh go binn;
ag géimnigh tá an Bhrighid is gach glaise,
's a ngnéithe gur athruigh mar fhíon;
's na déithe go maoidhteach tréd thaisteal
gan éisling tar fairrge id luing.



Laoch mear i n-íorghuil an dreagan
nách staonfadh i gcaismirt na gclaidheamh;
géag d'fhuil na Traoi thoir do leagadh
Gréagaigh go calma i mbruighin;
éacht mar a ngníomhartha, ná a samhail,
ní léightear i leabharaibh linn;
's dá ngaoltaibh le fírinne an seabhac
's i nÉirinn tá a ghaisce le suidheamh.


L. 102


Éireannach taoiseach is taca,
fuair céim agus gradam na ríogh;
féinnidh glan fíochmhar, is marcach
do shaothruigh tar Bhanba an mhír;
tar éis gach aon sceimhlidh dá dtagann
ar chléir is ar mhaithibh na gcríoch,
seo an tréinfhear nach stríocfadh i nglasaibh,
's is déarcach don easbathach bhíonn.



Is éifeachtach intleachtach gasta
's is tréitheach i mbeartaibh gan phuimp;
is daonnachtach fírinneach fleadhach,
's don fhéile thug taitneamh a chroidhe;
péarla na Muimhneach, 's a mbratach,
a gCaesar, 's a gcaraid chun dín;
léighfead im laoithibh gur Staindis
séimh glan de Barra an fhlaith mhaoidhim.



Réidhfidh an ríoghchuradh rathmhar
géibheanna a thailimh gan moill,
cidh léanmhar mo chroidhese go hatmhar
na scéalta ba mhairg le ríomh;
an sméirle do shíothluigh ón deannach
ag éileamh do bheatha le dlighe;
'na héagmuis beidh an smíste, 's ní danaid,
mo laoch dil ó fhreagair mo ghuidhe.


L. 103


Fáilte órdha i gcló 's i gcéim ghrádhmhar;
fáilte cheólmhar chrónta chaomhráidhteach;
fáilte mhór le speóis go méid gáirdis,
is fáilte, a stóir dhil, romhat go Léim Lára.



Ióseph Mac Cairteáin cct.


L. 104


B 1726 18T
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
A Bhuidhe Re Comhachtaibh




Iar dteacht Cormaic mic Domhnaill Spáinnigh ó choir
bhréige Chorcaighe, September ye 8th, 1726:




A bhuidhe re comhachtaibh Ríogh na glóire
thug Maois 's a shlóighte thar tonnaibh slán,
's ó'n díle d'fhógair do Naoi 's dá chomhgus
slighe dhá bhfóirthin go sona ó bháthadh;
an tríomhadh sómpla maoidhfead leó anois,
's is míle mó do chuir osna óm lár,
an taoiseach cródha de phríomhfhuil Eógain
do thíocht a mórbhruid d'ár bhfortacht, tráth.



Prionnsa fíochmhar den chrú dob' aoirde
dár shiubhail ó Mhílidh na n-arm ngéar,
's ba fiúntach fíontach, lonnrach líonmhar,
trúpach taoideach ag trascairt laoch;
úirfhir ghroidhe chun búr do chíoradh,
's do thabhairt i n-íochtar chun tailimh tréith,
le congcas claidheamh i gcúigibh Chuinn
gan bonn dá gcíos do neach fá'n ngréin.



An triath dá ngéillid mo bhriathra i n-éinfheacht,
sciath na Féinne 's a mbratach dín,
gliadhaire glé geal, biadhtach béasach
ciallmhar céimneach, is seabhac sítheach;
triall a ghaolta a hiathaibh Éireann
i ndiaidh ar éag dá maithibh gníomh,
bheir riaghail is réim do phiastaibh méithe
mo thighearna dh'éileamh i n-achtaibh dlighe.


L. 105


Tá fáistin draoithe 'na ráidhtibh maoidhteach
go ndáilfidh Críost dá charaid chóir
cáirdeas caoimhnis, 's a lánbhroid díoghaltach
gan cháirde scaoileadh go haibidh dhóibh;
ag mádhnaibh líomhtha beidh an lámh bhus aoirde,
's gach cárta bhí i gcion go seasc gan sógh;
is rádh atá suídhte go dtrághann gach taoide,
agus táir ar dhaoithibh go dtaga i gcló.



Gráin is gruaim ar an fháidh ó'r ghluais
na ráidhte bhuair mo churadh chúil,
's tug spás go huaigneach dá ghárda an t-uasal
faoi lámhaibh chruaidhe gan choir gan chúis;
tá sámhacht is suaimhneas ar fagháil dod chuallacht,
i n-áit a nduaircis dod toisc i gcumhaidh;
agus fáilte i dtuairim an Chárrthaigh uaibhrigh,
is a ÁrdMhic buanuigh mar ursa dhúinn.



Go follus ó tháinig an mál glan fial fiúntach
ler stopadh mo chneádha bhí ag tál a niamh-chrú i rith,
roimh Chormac Spáinneach scáth mo sciathlúireach
bronnaimse fáilte ghrádhach le mian subhchais.



Seán Ua Murchaidh cct.


L. 106


B 1726c 18T
Buidheachas Cneasta




Iar dtéarnamh an Athar Ióseph Mac Cairteáin
as an dtinneas dtinn dtreabhloideach inar luigh, do
chanas an beagán so:




Bhuidheachas cneasta le feartaibh an choimdhe cháidh,
i bpéin-bhruid daingin do cheannuigh na mílte i bpáis,
tug aonta is d'fhreagair go hathchumair guidhe ba ghábhadh,
ler théarnuigh sagart is teachtaire Críost 'nár ndáil.



Ní léir dham tairbhe is tabharthas díbh dob fhearr,
's níl séad fá Fhlaitheas badh samhail dá chaoimh-theacht slán;
níl créacht ar pheacach ná scamall dá aoirde cáim,
nách réidhfidh seachad le teagascaibh dlighe na ngrás.



Níl scléip 'na labhairt, níl bladar, níl puimp ná plás,
's ní réabadh aitheanta an AraidMhic Íosa i gcás;
níor thaobhuigh caismiort ná acharann bruighne a láin,
's ní saoghalta cheanglas a aigne i maoinibh ráis.



Tá Phoébus glanruisc ag taitneamh go glinn ar áis,
's tá an ré gan fearg ag freastal go haoibhinn árd;
táid éisc ar abhainnibh aga gan líonruith d'fhagháil,
's táid éanlaith breaganta ar crannaibh go binn ag gáir.



Táid faolchoin freagarthach d'fheabhus an ghnímh le sámhacht;
tá féar is faisce, ní taise, 'na linntibh fáis;
i nÉamhain Macha tá an ghasradh chinn ded phár
go féastach freastalach faisionta fíontach fleadhach.


L. 107


Tá Déirdre gheala-chnis mhascalach, Naois is cách,
laoch-Con calma is Cathbhadh ba draoi le dán,
glé-mhac Aimhirgin dreagan nár thim i n-áigh,
's an tréinfhear cleasach le gaisce do thuill an bárr.



Táid déithe Banba ag faire le teinte cnámh;
táid saorlucht seanma ag spreagadh na mbinn-chruit
práis;
táid éigs na heagna ag reacaireacht laoithe dán,
's tá an chléir go seascair, ó's feasach led dhíth nár
crádhadh.



An scéal nach mairg dom aigne ríomhfad tráth:
an phoénix seascair d'ár gcabhair, ó d'fhill ar áis,
dá thréad ní heagalach cailleamhain caoira ar fán,
is créad nárbh fhearra 'ná marbhnadh ag caoineadh a
bháis?



Ní léir dham pearsa nách taitneann mo mhaoidhte dháibh;
is glaodhaim tar eaglais caradas Chloinn Chairteáin,
bheir séada tairbheach ceathra agus maoin do dháimh,
's tar thaomaibh galair go dtagaid an dís de ghnáth.



Gnáith-dhís bheir fáiltí gan easmailte shluagh,
ráis-ríoghdha láin-líomhtha i mbeartaibh na suadh,
fál díonmhar bán-fhíontach freastalach buan,
sáir-dhíodhachtach grádhach díoghainn salmach suairc.



Seán Mc Murchaidh cct.


L. 108


Mairg don Staga



Mairg don staga do thagair mo chóimhmeas riamh
le spreallaire lachtna badh samhail do ghósta riabhach;
le cleathaire an mhagaidh ní rachaidh mo chóirse i gcian,
acht sracfad an draga agus leagfad fá bheólaibh fiach.



Ní pearsa dob fheasach i mbeartaibh ná i n-eólus triath,
ná scafaire gasta fuair ceannas i gcló na gcliar,
do shamhaluigh m'ainm le samhairle cóirneach ciar,
acht sracaire an Chalaidh, nár mhairidh an lóma bliadhain.



Glagaire gangaideach amuilteach lórtha liath,
scanaileach scairbheach sailitheach fóltha fiar,
fairbreach faltanach amaideach scóinneach fiadhain,
alpaire an mhasmais gan phaidear gan cheól gan chiall.



Draga ba dhalta do chailligh gan sógh gan rian,
's do ceapadh 'na staga gan teagasc gan lón gan bhiadh,
acht srathar fá phaiste agus aisce badh mó 'ná a trian,
's i n-eagar a thachtaithe ag snapadh gach sórd dár fhiad.



Is fairsiog an sadal, 's is leathan a scórnach siar,
's is airciosach d'alpann gach cnaistire fóghanta an
phiast;
is reamhar a mhala, 's do stathadh le fórsa a chiabh;
is geallaim gan mhagadh go bhfaca 'na phóca liadh.



Níor baisteadh dfhuil Barrach an scrama ná a shórd le
cian;
's nár glacadh leis trealamh acht arm gan seól gan
sians;
níl aiteas 'na labhairt, is fanadh 'na óinsigh liath
go lasfadsa an t-aithinne dearg 'na thóin aniar.


L. 109


An dúnsa caillighe spadaidhe spáráltach
adubhairt gur leacaoi d'fhear grinn sámhráidhteach
búdhar laithighe is raimín cárdálta,
ó thionnscain mailís malluighim Seán báithte.



Mo chlú níor chailleas, cé mheasais mo cháil d'éigion;
is bonn ní mhaithfead d'fhear fala ná grádh caomhna;
cé thiubhrainn anfaidh b'ainimh go lá an tsléibhe dhuit
dámb fhiú do shamhail a mbreacainn de pháipéar leis.



Comharthaí an mhuinice gheóbhthaoi agamsa:
folaire féithleach;
atá sé liath lom, fánach fiarchrom,
aindeis gan éifeacht.



Bíonn ciarsúir garbhmná aniar ar a dheargbhrághaid;
sursaing ar a chaolchorp;
bíonn scuimh ar an ndraga ag ithe gach flatha,
's é amhail cú réibe.




.i. Seán an Chalaidh do tharcuisnigh fear ealadhan
dáirithe maille re n-a chóimhmeas le giústa gruamdha
garbhchomhardach, gan iúl gan eólas gan aithne. Bíodh a
mhilleán air féin ó 'sé thuill é.


L. 110


Dom Intinn Geallaim



Seanchas agus adhmoladh Uí Mhuláin annso:




Dom intinn geallaim gur taitneamh gan casrádh im
dhréacht
líne bhreacadh le hamus don fhlaith cháidh chaomh,
saoi gan mhairg i dtabhairne i measc dámh léighinn,
tug díograis m'anma i gceangal don bhuinneán ghlé.



Is líomhtha a labhartha gasta 's is dreachshámh gné;
is líonmhar bearta gan seachmall i nglan-árd-réim;
is bríoghmhar blasta 'na chanamhain cheart-ghrádhach ghéar,
's is croidhe-mhear calma i dtreasaibh na sleagh ar mágh an
laoch.



Taoiseach dreaganta an faraire ceannárd tréan,
is fíor-cheap feardha neartmhar do chineál Gaedheal;
saoi nach crapaithe dhealbhuigh deaghlámh Dé,
's nách coímhightheach a ainm le gairm i gceart-chlár Néill.



Dá maoidhfinn, measaim nách bladar a iomrádh d'éigs,
gur suidheadh a ghairm i saltair na sean-dán réidh;
's ba chuibhdhe gan dearmad a theastas go bhfios d'fhagháil,
féach,
's go scríobhthar fairsing ar aicme nárbh iontrácht sgéil.



Gríobh gheal ghalach is pearsa nách seasc táir méinn,
's nách coímseach acmhuing san mbaile nó, a shearcghrádh,
i gcéin,
ríomh a rachmais ar fairrge is neamhnár céim;
príomhscoth, radaim, dfhuil mhaisigh Uí Mhuláin é.


L. 111


É le grádh dil thráchtaim díbh im dhuain,
féinnidh fáilteach fábharach fíochmhar suairc
de phréimh chirt Ádhaimh gan bháidh ó'r chinn gach sluagh,
phoénix fáithghlic áluinn grinn gan chruas.


L. 112


Dias Óigfhear




Carball ó Bharrachaibh go Múscraighe:




Dias óigfhear ó theórannaibh Barrach bhfial dtréan
le fiadhach cródha gach comhgair, ar aithris fian Gaedheal,
tug fiadh tóghastalach treórach is leabhair-thriath éan
i rian eólais dá thórramh dod cheallaibh trian lae.



Dod dhún grinn, a chrú ghaoil, fuair céim is cáil,
le rún díograis siúd rí na n-éan gan scáth,
do múscluigheadh ó dhúithchíbh na laoch ded phár,
go Múscraighe le humhlaidheacht ag téacht id dháil.



A leóghain líomhtha fhlaitheamhail de cheartchrú na dtriathadh
gcáidh,
's a Ghearóid ríoghdha chleas-lúthmhair bhlas-chumhra i
mbriathraibh sámha,
tá dreóilín is carbhall ag teacht chughat go riartha i
ndán,
's níor chóir sinn do dhearmhad, dom baramhail, gan
iarsma ar áis.



Le sámhacht ó casadh sinn eadraibh sóghmhail sídheach
i gclár chirt Parrthais i bhfarraid na n-ógbhan gcaoin
is mnámhail maiseach glan geanamhail beóltais binn,
agso sláinte ár gcarad le taitneamh is ólaimís.




Do Réamonn, mac Uilliam de Barra, an tan do
pósadh é le hinghin Ghearóid de Barra i nÁrd na Croise,
Jany. 1726-7.


L. 113


Greann Dá gCeapainn



Agso an cosnamh agus an argóinteacht do rineas
an tan do mhaoidhimh file dháirithe go gcuirfeadh mé ó
cheachtar de dhá ní, .i. a comhluadar na n-éigs nó a treabh-
aireacht:




Greann dá gceapainn a seanchus dámh go gnaoi,
is labhairt go bprataing i dteangain mo mháthar buidhe,
treabhadh go haltaibh an tailimh, ó ndáilim cíos,
ní deallramh ceartais mo bharra d'fhear cárt do dhíol.



Is tabharthach tairbheach taithiceach tábhachtach tín
cromthach cabharthach carthannach cáileach caoin
togha gach flatha, agus treabhaid go lámh-ghlic linn,
's ní labhraid fanaidh is glanaidh an clár le buidhin.



Ní hamhras mheasaim, acht meallann mo cheárd bhur slighe,
's gach ceann go gcasaidh go haibidh don áit ó'r chinn,
nách meabhair le haithint i dtalamh an táir seach rígh
bheir fabhar dom shamhail gan lascain do bhárdaibh d'íoc.



Nách tabharthas beannuighthe ó fhlaitheas, lé dtáidhtear
laoidh,
do bhronn an t-aradhMhac d'fheartaibh a ghrás don chroidhe,
má thoghaidh ní feasach cia againn is máighistir grinn,
is t'fhogharsa measaim gur dhealbh don áit seo a bhrígh.


L. 114


Tá teannta neartmhar im fharraidh má's gábhadh le ríomh,
's im reamhar-ghlaic chnapaigh tá paitint ó lámhaibh draoi;
a leabhraibh canaim gach eachtra ó Ádhaimh síos;
's ní bhroghaim dá thairbhe, acht taitneann liom ádhbhacht is
gaois.



M'ogham ní machtnamh gurab aiteas i gcásaibh, smaoin,
's im chom gur theangmhaig fuil Chearbhaill na ndánta
gcaoin; '
's mar chabhair nár radadh dam aithne ar a seach b?
ciodh am chobhthach ceasal bead gabhthach, is rádhaidh, do
bhrígh.


L. 115


A Fhile Seo im Aice




Agso an gearán do chuir an tAthair Ióseph chugham an
tan do gadadh a chapall a Conntae Luimnigh:



U Ióseph Mac Cairteáin




A fhile seo im aice, 's a scafaire ghil mhúinte,
an dtuigir mo ghalar do theangmhaig go cinneamhnach?
d'imthigh mo thapa, 's ní mhairfidh dham sitheamhlacht,
ó goideadh mo chapall ag scramaire bitheamhnaigh.


L. 116


Is Danaid le Luadhchan



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

An tan do gadadh capall an Athar Ióseph Mac
Cairteáin do chanas an t-iarghnó so:




Is danaid le luadhchan ag druadhaibh na ríoghacht so
an sagart glan stuamdha, badh suairce le saoithibh,
a chapall mear uaibhreach, badh suaicheantach suidheachan,
gur gadadh le fuargaire fuadaigh a crích Luirc.



Do mhaithibh na tuaithe 's dá n-uaislibh ní haoibhinn,
's do lagaibh 'na nguasacht, nó ar suaimhneas dá maoidh-
finn,
is andeis an tuairisc 's is buaireamh dá n-intinn,
's go dtagadh dá bhfuascailt ar fuadach a daoirse.



An tseanabhean chruaidhchnis ar buaireamh nuair bhíodh san,
an scafaire buachalla, an chuailfhionn nó an naoidhean lag,
dob athchumair tuairim an stuaghaire ghloin chroidhe-mhir
's a mharcach gan luascadh aige ag fuascailt a ngeimhleach.



Is tapa do ghluaiseadh ar uainibh sa timcheall,
's a marcach níor fhuathuigh, a chuarda gér líonmhar
do thagadh ón Luaitigh go bruach ghleanna Líog bhFear
le haifreann luachmhar 's ní suaiteacht ba ghnaoi dho.



A mhaitheas do luadhchan ba chruaidhcheas ar dhraoithibh,
's a thearcadas uaigneas gan suaimhneas 'nár dtíorthaibh;
ní fhaca 's ní chuala beart thuathail 'na ghníomharthaibh;
's dá dheascaíbh tá uamhan is buadhairt ar mo chroidhe
indiu.


L. 117


Do leanadar sluaighte dhá chuardach le dícheall,
go sleasaibh na huaimhe 'na luaidhtear lucht príomh-uilc;
ba leamhas, ní bhfuaradh a thuairisc ná a dhíol do;
go hAlbain uachtraigh do cuadhthas leis, sílim.



Ba cheannárd mear groidhe an t-each mín luaimneach réidh
ag friotháil d'anaoibh ceartchuibhdhe an tsluaigh go léir,
ag furáil maithghníomh, admhuighim suas mar scéal
gur spreasán gaduidhe an dailtín d'fhuaduigh é.



Cruadhtan ceartchumhang, cearrbhadh bliadhan is saoghail,
ar an ngruagach sracshúl, mallughadh cliar gan chlaon;
fá n-a chruadhscruig chnapamhail gad úr iarraim féin,
d'fhuaduigh each clúmhail dathamhail riabhach i gcéin.



Ar iasacht capaill ní gradam liom triath chléireach
do thriall dfhuil araid na ndreagan dob fhial d'éigsibh,
ba shiansach eachradh ar machaire ag dian-scréachaigh,
's go tiacht an bheatha mo mhallacht do Shliabh Éibhlinn.



Atá téacht chun baile mar mheasaim na leógain ghroidhe
do bhéarfas d'Eaglais ceathracha cóir is maoin,
do réidhfeas easbaidh gach seabhaic d'fhuil Eóghain is Chuinn,
is beidh éigs go seascair, cíodh machtnamh i bFódla an
gníomh.



Seán Ua Murchaidh cct.


L. 118


Is Fada i bPáis me



Is fada i bpáis me am shnoighe
le searc is grádh dhon mhnaoi
do laguigh tráth me i gcealg báis
le dartaibh lámhaigh a saighead;
's ní taise tháintibh linn,
i gcreathaibh táid, mar chím,
dá leagadh i n-ár go teacht an bhráith,
gan casadh ag leághaibh na gcríoch.



Is blasta a ráidhte ar bís
gan bladar pláis ná puimp,
mar spreagas cláirseach beart ar dhán
lé gcastar sámh na puingc;
a balsam cáidh mar ghríos
go tana tláithcheart caoin,
do shlad me i dtámh gach feacht san sámhacht,
lér chailleas páirt dem chroidhe.



Is casta cáblach cruinn
's is crathach fás a dlaoi
'na ndlathaibh árda ar beannaibh breaghtha
a pearsan áille i suim;
is geal a brágha 's a píp,
mar eala bháin ar linn;
's is lasmhar scáil tré shneachta ar fagháil
'na leacain, áirmhim díbh.


L. 119


Is maiseach mnámhail mín
a mama i lár a clí,
's tá taitneamh scáil ghluis ealtach áin
'na dearcaibh deárscnach righin;
a mala is áille suidheadh
'ná dais le bárr pin chaoil,
's is dearbh rádhaim gur gealadh bán
mar chailc an bháb gan téimheal.



Measaid fáidhe an fhuinn
gan mhagadh i ráidhtibh gaois
gurbí an ainnir cháidh seo leag mac Dáire
i gcathair áird Chon Raoi;
nó, an bhean do tháini' 'on Traoi,
tug d'Aichil bás i mbruidhin,
is le neart a háille i gcathaibh lámhaigh
gur gearradh cnámha agus cinn.



Ainnir chrábhaidh chaoin
do shleachtaibh árd na ríogh,
ba mhaiseach cáil, 'na gceannaibh táin,
i nEamhain dáilteach thíos,
lér cheap don dáimh a dtigheas
go fleadhach fáilteach fíor;
's is feas gur chás a samhail d'fhagháil
i ngaisce i bpáirt 's i maoin.



Níl fear i gClár Luirc aoird,
dá ghreantacht cáil is gnaoi,
do chaithfeadh spás i bhfarraid mná
na mbachall mbreágh so mhaoidhim,


L. 120


ná radfadh páirt ó chroidhe
don ainnir cháidh gan mhoill,
is fá bhrataigh ghrás an Athar neamhdha
go maire an bhánfhlaith fhíor.



Is gasta a lámh i ngníomh,
's a bearta ar shnáthaid chaoil,
's is deas do tháthann samhail báid
nó bairc ar bhánbhrat shlim,
an breac mar shnámhas an linn,
's gach ealta ar bántaibh chí,
's ní bladar a rádh gur dleaghthach bárr dhi
i gceart tar tháintibh buidhean.



Níl ceól ná tréithe ar fagháil
nach eól don bhéith gan ghnás;
is seólta léighfeadh sórd gach téx
go treórach tréan gan tábhacht;
Onóra bhéasach mhnámhail
de phórfhuil Mhéic Cairteáin,
ógh ghlan mhaordha mhódhmhar shéimh,
is stór na réx gan táir.



I dtigheas ní fhacasa samhail an chíonmháidh ghloin
d'ár dligheadh an ainnir seo bhaisteadh le suim
ghrádha dil;
ríomh a maitheasa im aice badh snaidhm d'áiream,
i gCoill a' Bhealaigh mar a scaipithear fíon
Spáinneach.



Seán Ua Murchaidh cct.


L. 121


A Sheáin, a Charaid




Éamonn de Bhál an tan táinig don dúthaigh seo,
agus mise agá choimhfhreagra:



Éamonn:
U Éamonn de Bhál

A Sheáin, a charaid gan ghangaid gan cháim gan chruas,
is ádhbhal teastas ag flaithibh 's ag fáidhibh duan,
damb'áil leat taisteal gan fearg is trácht adtuaidh
do ghráidhfinn sealad do chaitheamh id pháirt ar cuaird.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Seán:
Le dúthracht grinn d'intleacht an tsáirfhir shéimh,
le dúbailt chuibhdhe chaoindreich an Bhálaigh fhéil,
le humhlacht líomh chaoimhnis 'na láthair téighim
chun scrúdtha gaois-laoithe 'na pháirt le caomhacht.



U Éamonn de Bhál
Éamonn:
A fhir chlúmhail chaoin d'fhírshliocht na bhfáidhe saor,
is múinte gnaoi i n-intleacht 's i ráidhtibh béil,
ó's dúthchas díbh laoithe agus dánta is dréacht,
go dtiubhrad scíth díograis dod cháil go héag.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Seán:
Is liomsa is binn, dlighimse do láthair éigs,
's is ionmhuin linn saoirse do ráidhte i gcéill;
is clú dham suidheamh línte do láimhe nach tréith,
's dod chúirt ní díth ríomhadh mo cháis mar léighis.


L. 122


U Éamonn de Bhál
Éamonn:
A ughdair ghrinn, puínte dhem cháil ciodh baoth:
do thiubhrainn díbh díograis mo ghrádh 's mo chléibh;
os cionn na dighe bímse gan áird gan chéill,
acht an lonnradh caoin foillseach atá san bhféith.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Seán:
Níor chumhang liom suidhe ar bínse 'na gnáth an laoch,
prionnsa príomh líomhtha na bhfáidh nách claon,
lúthmhar groidhe intinneach áluinn séimh,
is cúinge i mbruidhin fhíochmhair i mbeárnain baoghail.



Dob fhonn liom scríob caoilphin ar Sheán mac Aodha
do thabhairt i gcrích aoird ghloin gan táireacht céim;
rún searc linn saoi-fhlaith nách scáinte scéimh,
nár dhiúltuigh puinn fíorlag ar ádhbhacht na n-éigs.



U Éamonn de Bhál
Éamonn:
Níor dhiúlt an tí caoin-ghlan nách táir i méinn
crúsca dighe ar shaoithibh ná ar bhárdaibh dréacht;
dob fhonn lem chroidhe cuimhneamh ar Mháire shéimh,
an chiúin-bhean mhín aoilchnis is áille scéimh.


L. 123


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Is Eaglach Liom




Agso na laoithe aithbhir chuireas chun Éamuinn de Bhál
tré gan teacht chugham do réir a ghealladh:




Is eaglach liom, a ughdair na laoithe séimh,
nách faca do ghnúis ionnraic aníos feadh lae,
's gur gheallais do rún súgartha timcheall téacht
chun machtnaimh ar mh'iúl úireacht do suidheadh ár bhféith.



Is danaid 's is dubhach liomsa lé ríomh tar m'éis
gurab aite le súil ughdair dá aoirde léigheann
taisteal i ndún fiúntais 'na líontar éil
'ná aiteas go bhfonn i gcúil teirc 'na suidhid an éigs.



Ó dhearcaim gur trúig smúintear ag saoithibh séin
nach dealbh is lugha fionntar i dtigheas na héigs,
's gur sheachnais siubhal chughainne, má bhíos den chéird,
mo dheacair nách brughaidh clúmhnach me gan laoidh gan
léigheann.


L. 124


B 1726-27 18T
Leógan Oilte gan Leimheas




Don Athair Ióseph iar scríobhadh "Trí Biorghaoithe an
Bháis" do, 17th March, 1726-7:




Leógan oilte gan leimheas an fhlaith ghrádhach mhaoidhim
de phór na fuirinne, choinghibh i gceartchlár Chuinn
na slóighte fileadh aca ar choinmhead 's ar coimeád tighis,
ar sógh gur fionnadh a gcoimirc na n-earráid sídheach.



Seo an chomhla chliste do bhrithnigh go fulláin fíor
scóp na soineantacht suidhte le deaghcháil chuibhdhe,
ag comhall na ndlighthe go fineamhail fleadhshámh bhíonn
stór gan timheal is ciste gach fear dáin dínn.



Fear cródha fuinte glan snoighte agus flaith cháidh chaoin,
fá róba cumainn Mhic Muire gur lean rádh Críost;
im chomhgar itchim go bhficead i seansháth saoighil
Ióseph miochair de chine Mheic Cairteáin aoird.




San leabhar chéadna do cheapas agus do scríobhas na
laoithe so, do shúil bheith ag guidhe orm go laetheamhail:




Guidhe gach cléirigh léigheas an leabhar so scríobhas,
is guidhe an té le caomhacht dár bhreacas le fuinn;
ar ghuidhe na dtréad éighim agus aitchim do shíor
ar dtígheacht don éag éigneach dom scaradh lem chlí.


L. 125


Ní dhlighim gurb éacht tréith-chuma an mhairbh i gcill,
cruimhe agus daeil i gcré dá shracadh mar bhíd,
acht daoirse is péin Aon-Mhic na bhfearta 'nár dtaoibh
tug fíorfhuil créacht a chléibh 'na caise gan fuigheall.



Is fíor nách tré éiric an AraidMhic aoird
do thuill an ghéarshleagh chaol ler greadadh a chroidhe,
's gach daoirse daor-ghéibhinn go peannaid an chrainn,
acht trí gach céim claon-bheart na bpeacadh so ním.



Guidhim thu, a Dhé ghléigil, do cheannaigh ár síoth,
's mar dhíol id chéasadh féach tug maitheamh dod naímhid,
díon me i gcae saortha fád bhrataigh, a Chríost,
's i gcuimhne lae an tsléibhe go dtagam id ríoghacht.


L. 126


B 1727c 18T



A Sheáin Ghil de Phréimhshliocht




Leathscéal Donnchaidh Uí Luinneacháin, an tan do mheasg
a ghob san bhfilidheacht, agus mise ag maoidheamh bharántais air:



U Anaithnid

A Sheáin ghil de phréimhshliocht na saorfhlaith nár chúthail,
bharántas ón gcléireach chugham féinig ná smúin air;
i dtigh an tábhairne réidhfeam is glaodhfamaoid lionn
ann;
do láthair má théighimse, bí am shaoradh in gach cumhgrach.



I n-árus dá mbéinnse 'narbh fhéidir liom ionnfairt,
's go ndáilfeadh Mac Dé dham fíon craorac is siúicir,
beóir mhárta 'na dhéidh sin is daor-uisce cumhra,
badh náireach an scéal dam muna ndéininn díot cúram.



A fháidh chliste bhéasach, i dtréithibh na n-ughdar
d'fhás go leabhair séimh glic a préimh Bhile an úr-Chnuic,
ó thárla ar díth céille, 's nár bhaos dam dul ionnta,
do láimh glac mar aon me, nó tréigfead an dúthaigh.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Agso an freagra fuair:




A Dhonnchadh shugartha shultmhair Uí Luinneacháin tséimh,
is foirtil glan snoighte chun sioscaithe luidhthe sámha i gcéill,
ó's follus tu ar imeirc im fhoigse gan duine grádhach
gaeil,
chun costais ní thiocfair dom chiontaibh, a chuisle cháidh chléibh.



- Seán Ua Murchaidh cct.


L. 127


A Shéimhfhir Cheannais




Dom cháirdeas, Seán Ó Broin, do cheapas an beagán
so, tré mar mhaoidhimh báille chur dom ghabháil, d'eagla me
dhéanamh dearmuid um ní gheallas dó:




A shéimhfhir cheannais dár charas gan chluain duit cion,
's lem shaoghal nách scarfaidh, ní bladaire cuarda me,
gléir mo ghealladh de mhearbhthal uaim níor thuit,
acht aomhachtain ceangail is taitnimh bheas buan go fuin.



Ciodh léigheanta h'ainm i mbeartaibh na suadh anois,
's tu géilleach, measaim, do sheanmaibh stuamdha an Mhic,
féile prataing is eagna is suairceas suilt,
do réir do bhagartha ár gcaradas ruaigfir, tuig.



Ní léir dham adhbhar mo scamail an uair seo anois,
acht d'éiric ainimh na hainme ó'r ghluaiseassa;
scéal mo cheangail ag leathscoilte an chuaille bhric
aréir le hanfaidh im leabaidh do bhuair me ar crith.


L. 128


B 1728-29 18T
A Fhir Chumusaigh Ghlic




Lá 'le Pádraig, 1728-9 i dtigh an fhir chéadna:




A fhir chumusaigh ghlic, is cliste cáile am fhios,
's is sultmhaire cluiche cumainn cáirdeachais,
ó thugaisse wig go fris gan tábhacht don fhior,
is fiú scilling dhon digh i dtigh an tábhairne indiu.


L. 129


B 1728 18T
Is Greannmhúir Scéal Éireann




Do Thomás do Barra cheapas an saothar so dochum a
thabharta do Mathew Dane an tan do bhí ar Election Ridire
Cathaoireach:




Is greannmhúir scéal Éireann len' aithris timcheall,
's is dathamhail é i mbéalaibh na haicme is aoirde;
is gaisceamhail tréan léightear go seascair suídhte
gurbé Mathew Dane Caesar is ceap na Muimhneach.



Flaith úr shéimh, thaoscas go fairsing fíonta,
's is geanamhail caomh céimeanna i bpearsain ríoghdha,
gan mearughadh i dtaobh céille ná calm-ghníomhartha
is d'fhadchumha an scéil déarfad gur greadadh Heede.



Ní hiongnadh, measaim, do ghairmse theacht i n-aoirde,
a churadh gan mhairg de mhaithibh na ngalla-bhuidhne;
taoi id ridire cheana, 's go mairir an dara puínte,
a ridire chalma cheannais na cathabhaoireach.



Ridire seasmhaitheach thagraim d'fheartaibh Íosa,
ridire dreaganta leanfas mo cheart go díoghaltach,
ridire is fearra dá bhfaca le sealad, innsim,
is ridire gaisce mar ainm ní hainimh dhíbhse.



- Seán Ua Murchaidh cct.


L. 130


Do Dearbhadh Linn



Pádraig Ó Súilleabháin cct, chun Seáin Uí Mhurchadha



B 1728 18T
U Pádraig Ó Súilleabháin

Do dearbhadh linn, i gCorcaigh cois Laoi
go bhfuil file san tír seo léigheanta,
do scagadh ón rígh thug Danair thar tuinn
's a n-arm go fíor-ghléasta;
d'fhág fann lag sínn gan mheabhair gan chrích
ná beann ar chrích Éibhir;
's is dearbh an sceól, mo thuirse gach ló,
an briseadh go deó ar Shéamus.



Ar ionnarba atá ó tugadh an mádh
's an cuireata i ndeáidh an aéin leis,
do rian an cluiche go dian gan filleadh,
mo chiach, lér milleadh na céadtha;
ó'n mBóinn aníos go seól Chorcaighe
's go Móir-thigh cruinn tug léirscrios;
's is dearbh an sceól, mo thuirse gach ló,
an briseadh go deó ar Shéamus.


L. 131


Is iongnadh línn tu id chodladh mar taoi,
's gur bronnadh ó'n gcrích an chraobh dhuit,
let fheabhus chun grinn i bhfáistin na ndraoi
ag labhairt ar chloinn Milésius,
a seanchus cruinn ó'n gcéad-ghein, scaoil
ó Scotia chaoin an dé-bhean;
's is dearbh an sceól, mo thuirse gach ló,
an briseadh go deó ar Shéamus.



Is eaglach línn go ndeachais tar tuinn,
mar tuigthear badh cuibhdhe é dhuit,
chun sluaighte an fhill do thabhairt d'ár gclaoidhe,
monuar, is sínn traochta,
san chás nár scríobhais árd-stair ghrinn
ag trácht ar mhnaoi gan chéile;
'sis dearbh an sceól, mo thuirse gach ló,
an briseadh go deó ar Shéamus.



A Sheáin Uí Mhurchadha is fileamhail léigheanta,
do réir mar innis dúinn fear fionn gléigeal -
Domhnall fuinneamhail d'fhuil úir Laochdha -
beannacht 'na bhun chughat is cuir chughainn scéal deas.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Freagra Sheáin:




A fharaire chlúmhail, is acmhuingeach iúl
i mbeartaibh na n-ughdar léigheanta,
's do dhealbhuigh chughainn ceasta chuir pungc
snaidhmeanna is pudhar ar m'éifeacht;
agam níl rún taistil na dtrúp,
's do neartuigh mo chumha an scéal guirt,
ciodh fada gan fonn do chlannaibh chirt Niúil
ag fanamhaint le congnamh Shéamuis.


L. 132


Is eaglach liom nach neartmhar an drong
chun caismeartha i gcúigíbh Éireann,
nó, is dearbh a ndúil gaisce bunscionn
le heagla a gcrú do thaoscadh;
nó, is feargach riú Feartach na ndúl
's ar bpeacadh gan chúiteamh tréimhse,
fé ndeara nárbh umhal a dtaisteal tar srúill
go hathchumair chughainn d'ár n-éileamh.



Tá Banba i bpudhair cheachartha chumhaing
ag Sacsaibh gan súil a réidhtigh;
ár n-eaglais ciúin, gan chealla gan chúil
's ár bhflatha thar triúchaibh tréigthe;
's gach eagarthach ciúil, nó seanchadh siubhail,
go hairgthe, cúis mo dhéara;
's gan agamsa súil atharrach úird
d'fhaicsint go scumhaidh mo shaoghal.



Dá ndeachainnse anonn tar caladh na dtonn,
's bheith calma i gcúngcas féinneadh,
do scaipfinn go humhal an scamall ar dtúis
do fearadh le crú mo phréimhe;
do chasfainn 'na ndúthchas maithe na Mumhan
i gceannas a ndúnta ar éigin;
's níor pheacadh liom spiúnadh eachtrann dúr,
's an tsealbh do thabhairt do Shéamus.



Is fada le feitheamh air leigion na bhfíor-leógan
gan fearann, gan feirm, gan feiste, gan puinn
tóice,
fá scaitheamh gach speiche go bhfeirg an Ríogh ghlór-
mhair,
i rachtaibh na ngeilte, nó eilithreach luím lórtha.


L. 133


M'atuirse an t-eibear so d'fheicsin ar chrích Fódla,
go seargtha seirgthe ar leirg gach míchóthruim,
's an aindeise ar deireadh dá gcreimeadh, mo dhíol
deóire,
i n-anbhroid leigthe gach eite d'ár mbuidhin chródha.



Gach Sagsanach preicill i seilbh go sítheóilte
i mbeatha gach cleite badh treise in gach rí-chóigeadh,
's na seabhaic, nách ceileadh ar fheile gach suim seóide,
go dealbh ar teicheadh, nó i n-eibior gach líobóide.



Is danaid nach feicimse seiscine an tsaoghil fhoghanta,
go dtagrainn d'eitill ó reicis do phríomhghlórtha;
's ní fheadarsa a dheireadh, acht go ndeirim gur Rí
Seóirse,
's gurb airgtheach ceisnimh an beile do shíol Éóghain.



Na bearta so ar leirg tug meirbh gach draoi eólach
go tarcaisneach teilgthe i seibeal gach daoir-ghnótha,
ag seanga gan seinnim le seilg gach laoi cheólmhair
's mar phearsain dá gcreideamh ní cheilfead me ar
mídhóchas.




Chun Pádraig Uí Shúilleabháin an rann so im dhiaidh:




Mo pháirt go hoscailte i gcothrom 's i ndúthracht
grádh
don tsáirfhear shoilbhir d'oibrig chughamsa an dán,
fáidh glan oirdhearc forusta clúmhail gan cháim,
Pádraig d'fhoirtil-shliocht Eochaidh Uí Shúilleabháin.



Tabhair do Dhomhnall chródha Ó Laochdha an ghrinn


L. 134


mo bheannacht gan smól gan cheó gan chlaon gan teimh-
eall,
pearsa ba comhursa dhamhsa i n-aontacht gníomh,
is Allusdram córach comhachtach céimneach caoin.



Aprill the 19th, 1728


L. 135


A Charaid Dil do Shealbhuigh




Chun Maghnais Uí Chaoimh an rann so:




A charaid dil do shealbhuigh gach beartaidheacht éigs,
's lé gceapathar gan ainbhfios na n-ealadhan dréacht,
ar dtaisteal duit go hathchumair fá shleasaíbh sléibhe
aitchim thu ná dearmaid an Madaoi Maol.



- Seán Ua Murchughadh cct.


L. 136


A Thríonóid Aoird




Mo pheitision chun na Banaomh Gobnatan, et
cetera, an tan do ghabh bolgach mo bhean, November
7th, 1728:




A Thríonóid aoird, is rí 's is liaigh don domhan,
's a dhíonóir croidhe na buidhne d'iarras rogha,
a scaoilteóir snaidhm gan díol 'na dhiaidh go lom
tighim fód' dhíon, 's na naoimh i mbliadhna am chabhair.



A Ghobnait mhíorbhuileach na ngrás,
ag cuimhniughadh atáim ar theacht fád dhíon,
a bhratach bhuadhach bheannach bhán,
sirim scáth anois ort síor.



Féach me i mbroid indiu gan scóp
le cuisne ceó mhilleas céad,
cérbh urus duitse, a gheal Ríogh,
a scaipeadh dhíom let fheartaibh féin.



Aitchim ort, a lóchrainn aoird,
mo ghlór go dtí fris id dháil;
mo choimirc gabh, ó's beart is geall,
go dtagadh thall i dtigh na ngrás.



A bhan-ógh uasal Inis Fáil,
a chiste cháidh na bpeacach ndúr,
a choinneall-chruith an chumais tréin,
cluin mo ghlaodh go fuin le fonn.


L. 137


Áilim anois, ná tréig sínn,
ó's am go n-iomad n-imshnímh;
th'impidhe cuir chun Triath na bhfeart;
ag iarraidh síth mé cluin, a Ghobnait.



Is tréan-chosnamh dham, i ndoilbheas nó i mbaoghal mar
bhím,
séimh-choidreabh do thogradh de ghréas le naoimh,
cléir shoilbhir do thoirbhireas ó thaomaibh buidhin;
a Naomh-Ghobnait ón mbolgaigh go saorair sínn.



Sínn fád scáth go bráth, a ríogan tall,
is caoimhneas grás ód láimh go dtídh dhon bhall;
ag scaoileadh an cháis 'na dtárla guidhim tu am
cheann;
a shoillse ghrádhach, dom cháirdibh bí gach am.



Mo pheitision féin, a réilteann iúil na gcríoch, le cian,
go mbeirir chun AonMhic Dé na n-umhal gan moill mo
shians;
mo dheifir go réidhidh le sméide súl go glinn gan
chiach,
ó's Eisean go réil mo réim, mo rún, mo rí, mo
thriath.



A Mhuire ghlórmhar na hóigheachta sna truaighmhéile,
's a chiste chomhachtaigh na ndrólann, gan chruas céime,
a choinneall lóchranda, thógbhas gach buadhairt baogail,
go linge trócaire dhom fhóirthin ód chuan naomhtha.
Amen.


L. 138


Má's Cosnamh le Cathaíbh




Don Huguenot an-mhaoidhteach do bhí ag braigéireacht
i dtigh mo cháirdeas Críost .i. S. Ó Broin:




Má's cosnamh le cathaíbh mear-ghníomh teann na nGaedheal
stollaire draigín cas-ghnaoidheach manntach maol,
tá an donas le lag-bhrígh ar fhlaithíbh thall go héag,
's níl soichint ar channaíbh glan-dighe i n-am don éigs.


L. 139


B 1728-29 18T
Is Cúis Diombádh agus Uchlán




Iarghnó ar bhás Uilliam, mhic Dáibhí Uí Bhruadair
noch d'éag an chéad lá de Jany., 1728-9:




Is cúis diombádh agus uchlán d'éigsibh,
cúis duaircis is uamhan is éighmhe,
cúis guláin is gutháirde is glaodhtha,
cúis golathairt is doilbhis is déara;



Cúis anfaidh agus atuirse go héagaibh,
cúis uathbháis is fuarcháis is créime
an chúis fa ndeara an gníomh radfamaoid é anois
Uilliam, mac Dáibhí, ar lár fí bhéilic.



Aonmhac ríoghfháidh chruinn chláir Éibhir;
aonmhac ollaimh na bhfocal badh séimhe;
aonmhac file na luidhthe badh léigheanta;
is aonmhac bile do shnuidhmigh gach véarsa.



Mac snoigheadóir ar bhinncheól dréachta;
mac ceartuightheóir suadh i gcruas na Gaedhilge;
mac aitheantóir duan i n-uaim an Bhéarla;
mac seanchuidhe is eólach órtha Éireann.



Mac an fhoirtil-fhir d'oscail gach daor-cheist;
mac do Sholamh i gcosmhaileacht tréithe;
mac an churadh fuair urraim ó réxaibh
is mac an ruire badh soineanta i gcéimibh.


L. 140


Mac an scéaluidhe bhéal-bhinn Féinne,
mac an chaomhdhraoi chéillidhe chéadna,
mac an ughdair ionnraich éachtaigh,
is mac an Mhacaoimh ghlan-ghrinn bhéasaigh.



Mac léightheóir díodhachta agus scríbhinn daonna,
mac léightheóir feasach i Laidin 's i dtéxaibh,
mac léightheóir líomhtha is laoithe léire,
is mac léightheóir eagnuidhe bhalsam-chaoin ghléasta.



Mac leacaoi ríghthe saoithe is cléire,
mac leacaoi prionnsaí is diúicí tréana,
mac leacaoi flatha agus dreagan is Caesar,
is mac leacaí treón is leómhan léidmheach.



Uilliam fa deara dham labhairt ar aonchor,
Uilliam tug tobar im rosgaibh le déaraibh:
ar Uilliam do chasfad, ó chailleamair é anois,
's 'na dhiaidh ba mhairg gan marbhnadh dhéanamh.



I dtús an earraigh, mar mheasaimse, is méala,
i n-úir chille cumhduighthe an séimhfhear,
i nUíbh Liatháin fá liagán aolmhaigh,
's a caraid go huaigneach duairc in' éagmais.



Bile nár sheasc i mbeartaibh léigheanta,
is duine chun staire i gcairt do léir-chur,
buinne gan searc i sealbh shaoghalta,
is cuisle na teangan gasta Gaedhilge.


L. 141


Plannda bhorbfhuil Lochlann laochdha,
do bhuadhuigh le congcas fonn na hÉireann,
's do mharbh i ngliadhchath Brian, ciodh scéal guirt,
ag cosnamh na Fódla i ngleó lé chéile.



Measaim san eólus fós mar léightear,
gur de phrímhshliocht taoiseach Norvegia
Bródar, mac ríogh, ó'r chinn an phoénix,
's i gcomhrac claidheamh fuair suim is géilleadh.



Níl párdún uair ná uain ná tréimhse
ag árd ná ag uasal truagh ná tréith-lag,
acht bás dá dtuargadh ar fuaid a chéile,
's ná haitheantar sínte an rí seoch réice.



A Árdrí ghlórmhair chomhachtaigh chéimnigh,
do cheannuigh le duadh go cruaidh sliocht Ébha,
gairmse Uilliam gan chiach id chaomhthacht,
is tabhair dhó suaimhneas thuas let aontoil.



Is diantruagh liomsa an suaircfhear badh maiseach
gníomhartha
i gcriaidh ar fuaradh, mar fuaras a dhearbh-innsint,
fiadh-bhuaidh-bhile stuamdha do laguigh m'intinn,
Uilliam uasal Ó Bruadair faoi leacaibh sínte.


L. 142


Beagán Buidhne Chím




Agso rann do cheapas i gCúirt na Blárnan:




Beagán buidhne chím san mBlárnain mbúidh,
is friotháil bídh is fíona ar clár gan chúirt,
priosáil díola dhíom mar bháille siubhail,
's is diombádh línn na daoine ar lár ba clúmhail.




Freagra Dhomhnaill na Buile:



U Domhnall Mac Cárthaigh na Buile

Fear ceannárd groidhe d'fhuil ríoghfhlaith árd na dtrúp
tug ceartlár díodhachta is dlighe tar bhárr na dtonn;
gach ragáil bídh is fíona bhá san gcúirt,
'sé an Seanascál croinn tug díol gan tábhacht annsúd.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Freagra Sheáin ar Dhomhnaill:




A Dhomhnaill shultmhair na Buile, 's a Chárthaigh chaoin,
do ghlórtha cluinim si tuigim gur bláirnis í;
is mór mo thuirse nách ficim san áitribh aoil
na leógain oilte ded chine dhen ár nár dhísc.


L. 143


Ó Chím gur Aistrigh




Lá aistrighthe Thomáis de Barra go Corcaigh do
chanas na rainn seo:




Ó chím gur aistrigh seabhac na soi-ghníomh sámh,
's an thigheasach fairsing ag tarraing chun Corcaighe ar
sráid,
is dísc dam taisteal don bhaile 'na lonnuigheadh tráth;
's mo mhíle beannacht le faraire an tsochroidhe ghnáth.



Ríghfhear ceannasach calma, chosnuigheadh dáimh
saoithe is eaglais, caraid is boicht Chríost cháidh;
's an bhuidhean badh dealbh do dhearcainn go bhfortuigheadh
dáibh;
's do mhílte is danaid i gcathair gheal Chorcaighe an ráib.



Ráib oirdhearc de bhorbfhuil na mBarrach dtréan dteann,
sámh soilbhir le coidreabh go seascair séimh seang;
atá doircheas san bpobul so 's na bhaile féin tall;
is d'fhág trochailte go doilbh me nach tagann fé an mball.



Don bhall go dtagaidh fé mhaise gan bhéim gan mhoill,
tall im aicese ar faithche na féile dhon Laghair,
go clannmhar ceannasach, acrach séadach saidhbhir,
's an mhallbhean bhanamhail aige fá réim im radharc.


L. 144


B 1729 18T
Moladh le Feartaibh




An tan d'éirgheas a bolgaigh December 20th, 1729,
do chanas an beagán so:




Moladh le feartaibh an Athar 's an Árd-Mhic úir;
moladh le haingealaibh fhlaithis go bráth le fonn;
moladh do Bhanaltrain Bheannuighthe an bháinchnis bhúid;
ón mbolgaigh ngearbaigh ngairbh mar thánag chugham.



Mo cholann ó bhaitheas go talamh ar lár do bhrúigh;
mo chosa do laguigh, mo theanga, mo chnámha, mo chom;
an forus ba chleachta dhom eagna, thráigh mar chubhar,
's gach focal ar mearbhthall measaim nárbh fhánach liom.



An solus ní fhaca, tig gearb ar áit mo shúl,
is othruis dhearga am chealgadh ó bhárr go bonn;
gan codladh gan calm fé bhagarthaibh báis am chionn,
gur oscail an tAradMhac geata na sláinte chugham.



An cogadh ní fheaca gur teascadh mo chnámha gan lúth,
's nárbh fhollus dam amharc ar charaid seoch námhaid ciodh
cumha,
is d'oibrigh breacuighthe i bhfaision me a n-áireamh tiúgh
's i gcosmhaileacht meatha gan tapa gur fhág me im thrú.



Tá cothrom beag agam, ní heagal go bráth liom siubhal
idir otharaibh breaca na Banbha, cás nách cumhang;
's is follus an paitint i n-aiscidh nách tárla chugham,
gur thoirbhireas peannaid go daingean in' áit is pudhair.


L. 145


Beidh socaracht aigne feasta age fáidhibh Mumhan
nuair chloisid gur chasas ón mbreacarnaigh slán cé
scúmhas;
's tá an Nodlaig seo am cheangal i gcarcair gan cháil
gan chlú;
's dom lorg, mo dheacair, nách tagann mac máthar
chugham.



Dem dhréachtaibh stadfad ó scaipeadh mo phianta anois,
acht déanfad anmhain fé ghearbaibh cliathach tiugh;
scéal do radaim mar bharra ar mo bhriathraibh cluin:
an té lé ngabhaim nach easnamh dhó d'iarsma acht me.




Éamonn de Bhál cct., an tan táinig chugham:




A shoilbhfhir is foirtile do léigheas gach duain,
do foilceadh thu gan locharthacht i dtréithibh suadh;
is cosmhalach gur cosnamhadh do shaoghal go buan,
ó'n mbolgaigh, a chrobhaire, do théarnamh suas.



Superscription chun Seáin Uí Bhroin:



Dom Cháirdeas Críost síntear an duilleóg so,
le grádh agus díograis grinn gan piseóga,
is fearr dar línn bheith síobhrach seanórtha,
'ná sáithte i gcill fá chruimhibh is cuideóga.
Te Deum laudamus.


L. 146


B 1729c 18T
A Shuaircfhir Charthannaigh




Agso mar iarras Wig ar an Athair Ióseph iar
gcailleamhain mo ghruaige dhamh, agus fuaras í:




A shuaircfhir charthannaigh, a Athair, 's a ghrádh mo chléibh;
do chuadhas ó'n scathamh so sealad le grásaibh Dé;
mo ghruag do scaipeadh, is chailleas, gur fhág mé maol;
's níor mhuar dham seana-wig sealad mar scath dom plaosc.



A Bharraigh gan Cháim




Chun Tomáis de Barra:




A Bharraigh gan cháim 's a bhráthair Ribird na ruag,
a chara na dáimhe, a ráib gheal shoineanta shuairc,
do gheallais dam bán-wig áluinn d'oirfeadh dom chluais,
ó scaipeadh chun fáin gan fagháil gach ribe dhem ghruaig.


L. 147


Mo Scéalta ar Maidin




Iar dteacht don fhear chéadna Tomás de Barra
agus dá mhnaoi do bhaile:




Mo scéalta ar maidin is atal do chóigibh Luirc,
gan bhréag gan ghangaid gan bhladaireacht mhórtaiseach,
Caesar seasaimh na mBarrach go cóisireach
's a chéile ag freagairt a-bhaile chun comhnuidhthe.



Tá an spéir ag glanadh, níl ainimh ná smól uirthi;
tá an fhéile ag casadh go seascair im chomhgar thoir;
tá an t-aolbhrogh fairsing go deataightheach deóraitheach;
's tá réim is rabainn i mbailtibh an óigfhir ghloin.



Féinnidh fairsing is faraire fógartha,
agus laoch mar Aichil i dtreasaibh 's i gcomhlannaibh,
saorfhear ceannasach calma cóir-dhlightheach
nár aomh bheith ceachartha i dtabhairne ar ól gloine.




Ceangal, comaoine, agus críochnughadh leis sin:




Ní diombádh triall aniar an tseabhaic mhaoidhimse,
is fulláin ciall is riaghail is calm-ghníomhartha,
ag friotháil riamh mar thriath do mhaithibh tíre,
Tomás fial mac Uilliam de Barra an taoiseach.



Beidh eólas feasta age maithibh na Mumhan id dheáidh,
's beidh comhartha ag flathaibh nách bathlaigh id dhúnsa tá;
beidh geócaigh bacaigh ag srathaireacht chughat is báird,
's do gheóbhairse d'fheartaibh an Araid-Mhic cumhtha
in' áit.


L. 148


Buadh srothanna agus sonais leat do réir mo ghuidhe;
is tuar toirbhirt a fhir oirdheirc is féile gnaoi,
cruas cothuightheach is foirtileacht i gcéill 's i ndlighe;
is fuacht goinideach nár tholgaidh thu ar thaobh do chinn.
bíodh mar sin.


L. 149


Is fada mo thart




Agso rann do cheap Éamonn de Bhál d'Eibhlín
Buitléar, fáth fá ndeara dhamhsa cur leis mar atá 'na
dhiaidh.



U Éamonn de Bhál

Is fada mo thart go dtaga an Buitléarach,
an mhascalach ghasta chneasta phríbhléideach;
measaim gur maith an ainnir chaoin bhéasach
do mhasluigh le searc, do shlad mo chroidhe i n-éinfheacht.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
I gCarraig na bhFear do dhearcas trím néaltaibh
an ainnir do leag mo leath le saighid chréachtach;
do mheasas, dar leat, gur shamhail í Vénus,
nó an ainnir tar lear do chreach an Traoi i n-éinfheacht.



IS leanbach lag a dreach 's a gnaoi mhaordha,
's is caithiseach cailce a mama cruinn gléigeal;
is breaganta a balsam dearg binn béasach,
's is lasmhar a leaca gheal gan fuidheall béime.



Taisce níor chleacht, ní tearc 'na croidhe an daonnacht,
is d'aibidh le gastacht cheart go fíor-thréitheach;
leanann don reacht do cheap na naoimh naomhtha,
's do sheachain beith crasach cas ná críon-ghéagach.



Lacha-bhean deas gan chleas gan chlaoin baogail,
is eala dár charas meas de bhrígh a méinne;
dá dtagrainn leath a beart ba shnaidhm ghéar dham,
's níl casadh le ceart, tá an stair gan laoidh bréige.


L. 150


Bladaireacht leamh ní radfad puinn d'aenne,
acht labhairt i gceart don fhlaith so mhill m'éifeacht;
is dearbh gurbh fhearra d'fhear is í taobhnocht
'ná falcaire seasc gan mhaith is trí spré aici.



A Athair na bhfeart, do cheap an rí-réilteann,
's do tharraing 'nár measc an bhean is líomh-léire,
go bhfanaidh led chead abhfad gan díth saoghail,
's nár tagaid tar ais fé rath na luímpréithe.



Foidhnigheadh cúilfhinn Mumhan gan uiréada
tadhall trí rún an chlú na gil-bhéithe,
's gur deimhnigheadh chúichi an t-ubhall go dtug Bhénus,
Eibhlín siúr an Diúic ghluin Buitléarach.


L. 151


A Thriath gan Ghangaid




Chun Tomáis de Barra um leathscéal mo mhíphuínteála:




A Thriath gan ghangaid, 's a Bharraigh nách scáinte greann,
is priacail dhearbh fá deara nách tárla thall;
's i gcian go rachainn it aice le páirt, gach am;
is biad má mhairim im beathaidh i mbáireach ann.


L. 152


A Mhuiris, a Charaid




Cunntas mo bhreóiteachta chun Muiris Uí
Eachthigheirnn:




A Mhuiris, a charaid, ní deacair dham cunntas cruinn
go hurus do thabhairt ó chasas le dúthracht Chríost;
do chuireassa seachad na gearba is pudhair na claimhe;
's is lonnus liom feasta ná bagraidh chugham arís.



Táid cumair bheag dhaingiona im aighthe 's im ghnúis dá
druim;
's tá fuirm mo dhatha go dearg le dúbailt grís;
mo dhuille do chailleas san bhfaision tug súd mo ghnaoi,
's ní chuirfead fa deara 's nár mharbh le congcus sinn.


L. 153


A Mhuircheartaigh Ghrádhaigh




Chun Muircheartaigh Uí Dhonnchadha, chun culaidh do
chumadh dhamh:




A Muircheartaigh ghrádhaigh gháiritigh ghrinn gan ghruaim,
do bhrithnigh bheith árd-ábalta i laoithibh suadh,
dá dtigir im dháil, áirmhim gur díograis mhuar,
ó's duine me atá scáthmhar roimh ghaoith adtuaidh.



Adtuaidh dá dtagairse tamall de lá dhom dhún,
ag fuaghadh na balcaise gheallais le háireamh rúin,
bead suas, a charaid, gan easba go bráth, dar liom,
an uair do dhearcfad mo chreatalach bláth fé chlúid.


L. 154


B 1730 18T
Cros Phádraig, 1730




Cheithre rainn ar a cheithre beannaibh, agus rann ar
a druim:




Cros an easbuig i n-ainm an Naoimh Pádraig;
cros ler bheannuigh go ceannasach críoch Fáilbhe;
cros na beathadh, dár cheangail an Rí Neámhdha;
cros dá samhail go leanaidh dhom mhaoil bheárrtha.



Cros fir teagaisc na salma is fíor-chrábhaidh;
cros do leagadh na deamhain go puínteáltha;
cros na cabhartha cheannuigh mo shíothcháinse;
cros do thairg gan argain síol Ádaimh.



Cros nach crasach, is taisce na naomh n-ársaidh;
cros nár ghreannuigh lucht damanta an mhí-chátair;
cros do mhairfeas le hanfaidh laoi an bhrátha;
cros do thairgfeas tearmain d'aois chrábhaidh.



Cros chun caithmhe le gradam, gan craos d'áireamh;
cros nách annamh a taisteal fá chíos tábhairne;
cros do cheanglann macnais chaoin-cháirdis;
cros na heaglaise is fearra fá chuing phápa.



Dob iomdha i nduine na croise seo míorbhúilt chaomh;
ba bhúidh a dhlighthe agus a fhuirm ag míniughadh tréad;
ba lonnrach fuinneamh is friotal ag ríomh chlú Dé;
agus d'fhúig an inis glan-tuilthe de dhíodhacht-chrú ag
naeimh.


L. 155


B 1731c 18T
A Éigse Grinn an Dainid Libh



A éigse grinn an dainid libh
an eachtra mar léighmíd
ar chréice chinnte chaimearthach
tug ceangal-bhroid ar chléir Chríost?
go héag an gníomh ní mhaithfeam-na
ó léir-chuir snaidhm ar eaglais,
géag de shíolrach leatharach
is ana-Mhac an Ghréasuidhe.



IS méala an gníomh i mBanbain
's is aithreach gan bhréag díbh
a théacht i n-aoirde gairme
le Carrathach d'fhuil tréan-ríogh,
's le phoénix fíochmhar calma
de phréimhshliocht aoird na mBarrach suilt
sméirle shíolrach meanaithe
dhul eadraibh ní scéal grinn.



Níl éifeacht laoidhe na aithne
ag Falaire Mac Bréigín;
's is léir dho coimseach leatharach
is acharann i gcréithrín,
gréisc is dríodar smeartha duibh,
is guaire coimhitheach seana-thuirc,
céir is puill is paiste fliuch,
ag Flaithbheartach an gréasuidhe.


L. 156


Nár théighidh an gníomh chun maitheasa
do theallaire na ngéirí,
's nár léigidh Críost i ndearmad
a bhearta ris gan daor-dhíol;
an t-éag go dtídh go hathchumair
dá ghlaodhach ar linn a mharbhtha,
's gan aenne puinn den eaglais
in' aice-sean ar aon-tslighe.



IS slighe bharbartha, measaimse, mar fuaras deimhin,
d'fhíor-spreallaire d'fhuil Flaithbheartaigh na gcruadh-
chas-leadhb
príomhshagart suilt go scanalach chur uainn don tseighil,
is míle anam ris gur marbhadh le tuathal leighis.



Leigheas níl aige ná fuirm i gcóir gan locht,
's is deimhin nách iongnadh linne na sceólta chlos,
mac chum an chluba nár shoineanta snódh ná cruth,
cladhaire an phiosla, do tuilleadh leis córda is croch.
T.do B. cct.


L. 158


Triallfad le Dánacht



B 1731c 18T

Do Dhomhnall, mac Eóghain, mic Cormaic Mheic
Carrthaigh na Rátha Duibhe:



Fonn: "Sláinte na Muimhneach"




Triallfad le dánacht go háitreabh an ghrinn,
's gruig triath ghloin d'fhuil áluinn na gCárrthach nach tim,
fear fial cliste deághthach i dtábhairne 's i dtigheas,
tá i ngrianbhrog na fáilte ar an Ráith Duibh 'na shuidhe.



Mian searc na dáimhe agus árdfhlaith gan phoimp,
's na gcliar, i n-am ghábhtair ní fánach do thighid,
's gach iarsma eile thráchtann gan fagháltas an tslighe,
go riarthar go sáitheach na táinte aca i bhfíon.



Is fiadhnais ag fáidhibh, 's ní ráfuil a mhaoidheamh,
gur thriallais den árdfhuil dab fheárr insan ríoghacht,
ó thriathaibh Chlann gCárrthaigh, nách stánadh dá naímhid,
is de chliath nirt na mBárr do bhí láidir san Traoi.



Tá ciall agus cáile nách táir aige shíor,
is dian-ghradam tábhachtach i gcásaibh an dlighe,
diadhacht is crábhadh agus grádh miochair mín,
is briathra gan scáinteacht go deárscnuighthe i mbrígh.


L. 159


Níl iarrachtaí árda ná báidhteach le buidhin,
's ní riachtann, ciodh hábalta, i gcásaibh tar slighe,
fear grianmhar badh fáithghlic, nách nár liom a mhaoidheamh
ó iathaibh na Spáinne 's de sháirshliocht na nGaoidheal.



Níor mhian liom go bhfágfainn gan trácht ar a gníomh
an chiabhfholtach fháinneach, 'sí Cáit mhilis mhaoidheam;
fial-bhruinngheal mhnámhail an bháinchnis gan teimheal,
is biadhtach na páirte nár cáineadh lem linn.



IS fear foirtil i n-eólus Domhnall deághthach caoin,
is flaith oscailte i gcóisir leómhan láidir ngroidhe;
is feas follus don chóigeadh comhachta an Chárrthaigh
aoird,
mac oirdheirc Eóghain de phór na Rátha Duibhe.



Do bhagarais orm um Nodlaig, mar bhrithnighim súd,
a sheabhaic gan tolg, do foirgneadh d'fhuil ríogh
Mumhan,
muna dtagainn go hollamh it fhochair, nó fios cídh
an chúis,
go gcaithfeadh me stolladh go docharach filí an chúig'.


L. 160


Is Brón Linn ar Deóruidheacht




Commendasion go Dúthaigh Róisteach ar Stiabhna
Ó Choileáin:




IS brón línn ar deóruidheacht an séimhfhear subhach
do chomhnuidheadh ar nói-thigheas lem thaobh go dlúth,
óglaoch den chóip dhílis ghléigil úir,
do chóirigheadh gach gnó bhíodh i ngéibheann liom.



Níor thóg díol i gcóimhlíon a ndéineadh dúinn,
's ba mhór suim dá gcomhairínn le chéile súd:
an cóistín don óg-naoidhin, 's an céacht gur chum,
is bórd mín glan cóir-ghnaoidheach gan chréim gan chlúmh.



Táid cófhraí 'na gcomhnuidhe agam féin de ghiúis,
agus seómraí den tsórd bhíonn ag éigsibh Mumhan;
tá comharthaí agus seóid sinsir tar 'éis im dhún;
's dá n-órduighinn, ba dhíogh línn go ndéanfadh long.




L. 162


Is Aiteas i mBriathraíbh



B 1731c 18T

An tan do pósadh Toirdhealbhach Ó Briain, Scairt
a' Bharraigh, le Mairgréag, inghean Ghearóid de Barra
an Doire Léith do chanas an beagán so extempore 'na
bhfochair thiar.




Is aiteas i mbriathraíbh dhianscríobhaid ughdair:
Barraigh is Ciarraighe i niamhshnaidhm dhúnta,
i gcumann 's i ngreann
's i bhfuirm nách fann
mar chitear i ndeallramh cúpla,
co chonnarc go ceannsa túinte,
's go miochair, gan cham gan chionnta,
tug slighe don dáimh chun dáin do cheapadh,
tráth má's acmhuing dúinne;
Toirdhealbhach fial Ó Briain mo thaitneamh,
triath d'fhuil cheart na Múmhan;
de phréamhfhuil aoird na ríogh lér glanadh
daoirse a bhfearann dúthchais;
seabhac nach crannda tamhasc ag baile
i Scairt a'Bharraigh mhúirnigh,
mar a roinntear fíon gan suim le flaithibh,
go fíor gan dearbh-dhiúltadh.



Peigí an bháinchnis ghrádhmhar chumhra
gheil-ghnaoidheach áluinn mhánla mhúinte,
mar Helen ó'n nGréig,
lér teicheadh don Trae,
go bhfeicthear a gné go lunnrach;


L. 163


seilbh gan bhréig an ubhaill
go saidhbhir tug Bhénus chúiche,
's dá grádh gur claoidheadh na mílte dreagan,
chím nach easbaidh cúise;
inghean óg Ghearóid de Barra,
leógan d'aicme an chongcais,
ó Dhoire Liath na gcliar 'na stadaid
triatha is maithe an chúigidh;
ní mearbhthall scéil an bhé gur theangmhaig
le réx-fhuil Chaisil chumhra,
cé cuireadh chun fáin le spás na seabhaic
's a stát ag fearaibh Lúndain.



Saoghal fada fé aiteas le bárrchlú guidhim
is léir-chuid sleachta gan easbaidh dhon lánamhain
mhaoidhim;
tréithe gasta go leana go bráth súd díobh,
is daonnacht caithmhe agus taiscidh go tráthamhail tríbh.



Gach lá bím ar fagháil thíos ó bheóir mhilis
feadh támaoid san árd-chrích seo ag ól go tiugh,
i gcás díbh nach lánchaoin liom ceól ná sulth;
's beid failtí 'na sámhluighe agam romhaibhse thoir.


L. 164


Trí Phoenix Trí Phoebus




Do thriúr cleamhnaí Ghearóid chéadna do bhí i láthair an
tán sin, agus dá mnáibh, an beagán so:




Trí phoenix trí phoebus trí seabhaic gan cháim,
trí chaor chumais tréana, trí dreagain d'fhuil áird,
trí caesair do léighfead go tapaidh im dhán,
's a dtrí gcéile a dtrí bpéarla a dtrí n-eala a dtrí
mná.



IS díobh Fínghin an ghríobh ghrinn den Charrath-fhuil áird,
is rí cruinn na gcríoch mín cois Mainge tá a stát,
saoi groidhe mear caoin mhaoidhim, de shliocht Chaisil
nách táir,
's an síoguidhe tá ag íoc tighe aige, a hainm Siobhán.



Tomás nár leath-stán dá thréan-naímhid riamh
de shliocht Ribeárd do chuir báirc 'na gcaorthaíbh dian
's do fhriotháil go ceannárd i measc rex gcríoch gcian
's tá a leannán gan bithcháim 'sí Eiléan chaoin fhial.



Toirdhealbhach cruith-ghléigeal Ó Briain, saoi suairc,
is laoch mear d'fhuil réx ceart is tighearnaí sluagh
do léir-chuir Turgésius 's a chliar trí ruaig
é féin is Peig bhéasach, a Dhia, díon buan.



Mo chnú ghléigealsa Séamus mac Gearóid trí chách
crú néata agus péarla gach deóruidhe ar dtrácht
rún léighte do thréithe badh sógh línn d'fhagháil
is tú 'od réidhteach le spéirbhean ar chomhairlíbh cháich.


L. 165


Badh Samhail le Cumhall Groidhe




Do Dhochtúir Séamus Ó Beaglaoich, i gCorcaigh:




Badh samhail le Cumhall groidhe i dtúis gnímh cródhachta
an phearsa dár ionnsaigheas súil chruinn chóir 'na bhun,
dreagan mar Chúraoi i gcúrsaíbh gleó do chur,
nó Alasdram shiubhluigheadh dúithchí ag tóirneamh fior.



Seabhac badh súgaighe os cionn dighe ar bórdannaibh,
is tearmain chongantaighe i ndubhluighibh breóidh-
teachta,
fear scaipithe pudhar nimhe thúrnuigheas treóin go tiugh,
's nár mhalartuigh cúinsí ar chúis tigheacht fós chun nirt.



Tá a theanga 'na lúthluighe ar siúntaidheacht eóluis dil,
cathurra is giúistís chúirt ghaois Fódla i gcion,
dalta na Muse ngrinn chongnuigheas leó fo fris,
's do neartuigh go dlúth trí ar úirscríobh Hómer glic.



Cara agus múirnín liom, fíor-chomhla an chirt,
do ghlacadh go húrchroidheach m'umhlaidheacht fóthla ag
rith;
m'anam ar 'ionntaoibh, iompuighim dóchas ris,
's ní heagal go ndiúltuigheann crú ríogh sórd fir suilt.



IS foirtiún feasta dhom shamhail ar reic laoidhe dáin
an colbha cneasta so am aithint gan cheilt faoi an sráid;
ní cosmhail, mar sin, gurab eagal dam treithí an bháis,
's an Dochtúir ceannasach calma Ó Beaglaoich im láimh.


L. 166


Ní beaglaoi a lámh, ná a chnámha, ná a chom, ná a chiall,
's ní creidfaidhear dáimh le trácht gur lugha 'ná triath;
ní bleid-mhaoidheamh tráth a rádh, mar shúil le Dia
dá bhfeicfidhe an lá gomb' árd a chlú san iaith.


L. 167


B 1732 18T
Mo Chreach Mo Chás




Iarghnó ar bhás Donnchaidh Mheic Cárrthaigh Charraig na
Muc, noch d'éag July 14th 1732, i n-aois 42 bhliadhan:




Mo chreach mo chás, mo sheachrán anois lem ré,
an dearg-ár so ag breatha an bháis ar chineadh Gaedheal;
mac Cheallacháin na n-arm n-áigh, ón Dripsigh ngéir,
gur marbh thárla i bhfarraid bráthar Chille Créidhe.



I gcré, mo dhocharbhroid, coigilte fé'n bhfásach,
an féinnidh forusta foirtil ón aol-Bhlárnain,
go faon fá chlochaibh, i bhfochair na réx rábach,
an phoenix oirdheirc Donnchadh Méic Cárrthaigh.



Cárrthach d'úrchraoibh Mhúscraighe is Chaisil Múmhan,
is árdfhlaith chlúmhail chaoin, crú-ríogh, mhaiseach mhúinte;
is cráidhte an chúis mhaoidhimh cúrsaí a thaisce i
gcumhangrach,
pár na bprionnsaí thúrnuigheadh danair fútha.



Fútha, i n-ionad bheith cumasach riamh go léir,
níl dúthaigh i bhfuirm, níl trupa, níl triath ná tréan;
tar triúchaibh d'imthigh gach ursa budh dian dá bpréimh,
's gach cú mear cuthaig go ritheann dá n-iarraidh
an t-éag.



Éag dearbhtha an fhir seo anois do leaghuigh mo shnódh;
'sé bhalbhuigh me, 's do chuir mo radharc as treóir;
gach braon dearg dem fhuil go silfinn foidhneach fós
laoch Charraig na Muc 'na chruth, dá bhfaghainnse beó.


L. 168


Beó cé táim, dob fhearr mo mharbh fá thrí;
mo ghlór mo gháir mo dhán is searbh mar dhíol,
i ndeóidh an tsáirfhir chrábhaidh charthannaigh chaoin,
budh cródha lámh, cérbh fhánach spairnn 'na chroidhe.



Ba chroidheamhail, ba shaoitheamhail i dtabhairne a ghlaodh;
ba chríochnamhail, dob fhíorchumtha pearsa agus scéimh,
ba ríghtheamhail ar linn cúise ag seasamh le pléidhe;
's mo shíorchumha fá líg dúnta i mainstir é.



É dhá mhnaoi 's dá chloinn is uireasba abhfad;
é dhá thír cois Laoi budh tuirseach an chnead;
é dá ghaol 's don tí atá im ghoire ler scar;
's is éag don ríoghacht so, dlighim gur cuiripe an chreach.



Ó 's feasach gur cinneadh dúinn uile le chéile an bás;
is cathain nó cionnus, ní fiosach don tsaoghal an cás,
go flaitheas, ó thuigim gurab ionad é is naomhtha ar fagháil,
a anam go ngoiridh Mac Muire 'na chaomhthacht tráth.
Amen.


L. 169


B 1731-32 18T
Ó Thriall an File




Do Réamonn de Barra, Árd na Gaoithe, dá mhnaoi
is dá chloinn, um Nodlaig, 1731-2:




Ó thriall an file, le hiomarca géille is grinn,
aniar le fuinneamh tré rige 's na sléibhte roimhe,
níor mhian leis tuitim don ionad 'na léightear laoidh
gan sians beag suidhte nó siosma mar bhéarsa scríobhadh.



Triar dá dtugassa cumann, 's is céim badh cuibhdhe,
an triath d'fhuil Ribird dá ngoirmthear Réamonn caoin;
an fhial-bhean mhiochair 's an bhruinngheal dá nglaodhtar
Brighid;
's 'na ndiaidh sin nuimhir a gcloinne tá béasach binn.



Lucht riar gach druinge go hoinigh glan séimh gan maoidheamh,
's ná hiarrann oiread na hiongan ar aon dá thaoibh;
tá ciallmhar tuigsionach soineanta déarcach caoin,
gan briathra mustair, cé fuineadh gan bhréag d'fhuil aoird.



Iarrfad itche ar Mhac Muire le haontoil Chríost
san bhliadhain 'na bhfuilim, don fhuirinn seo im dhréacht do
scríobhaim:
bliadhain cheart chumasach, chruinnightheach chaomhna chaoin,
is bliadhain mhaith bhisigh gan uireasbha séin ná saoighil.


L. 170


An Nodlaig ó thárla i gcás bheith críochnuighthe,
's am Nodlag bhíd báird ag táirdeal chríche Luirc,
'sí an Nodlaig is fearr atá lem linnse anois,
's ní ag Nodlaig gach mná, go hÁrd na Gaoithe dul.



Do bhí focal mhic deaghathar tráth lem thigheacht don
tigh,
is doicheall roimh dháimh níor ghnáth ag Brighid mhiochair;
beidh oscailtheacht ghnáth im dháil ón gcloinn uile,
's 'na bhfochair bead sámh le spás na hoidhche anocht.


L. 171


B 1732c 18T

Chun Maoghnuis Uí Chaoimh, an tan do bhí seal fada gan
teacht dom fhiafraighe ná am fhios:




A chumainn mo chléibh, 's a Mhaoghnuis ghrinn an tsuilth,
d'fhuil bhuirb na laoch dá nglaodhtar Caoimh na dtrup,
is iongnadh an scéal, 's is éadmhar linn an tuisc,
fár chuiris go saobh go léir liom druim do chruibh.



An bhfuilir i nÉirinn éachtaigh aoird agam?
nó, innis má thréigis caomhthacht laoidhthe an tsuilth?
nó, ar thiomairgis saoghaltacht fé n-ar chríon do ghuth?
nó, ar lingis le gaedhibh tar Thétis tríd an sruth?



Ní thuigim do réim, níor thaobhuigh líne liot
mise le tréimhse, a chaomhthaigh dhíograisigh,
's gur ghile liom t'fhéachain, tréd' bheith críonna glic,
'ná tuitim ar féasta an mhéara an ríogh 's a mhic.



Dá bhfionnadh Mac Dé nách tréson cíocrach cuirp
ná tuilg, nár léir dham féin, do shíneas liot,
ní chuirfeadh me i ngéibheann baoghail fád choímhitheas
liom,
ciodh file me ar thaobh an tsléibhe gan draoi gan trud.



Feithfead led scéal, ó's éigean díreach dam,
is tiocfair le glaodhach na n-éan don tír seo anoir,
le tiomargadh dréacht gach saothair ghrinn, dá bhfuil
ó luingeas an Ché go Béarra i gcríochaibh Luirc.


L. 172


A bhile nách tréith, do léigheas gach líne rith,
's do chonnairc, i n-éagmais Éireann, fíoch is fuil,
cuirim le Séamus, bhéarfas díbhse thoir,
fiche dho bhéithibh taobhnocht síos go troigh.



Is cosmhail cheana, mar mheasaim im intinn féin,
gur cothughadh cneasta bheir maicne an taoibh sin d'éigs,
's an lonnughadh fada lér fhanais gan tigheacht im ghaobhar;
's is foirtiún seascair lér cheanglais díobh go héag.




L. 174


Ar Bhás Sheáin de Barra



Blogh



B 1732c 18T

Mo chumha mo dhanaid ag gallaibh an Bhéarla
a dhúnta, a bhailte 's a bheatha gan réidhteach.



I mBaile Sheoin Gall tá plannda gaeil do
do chothuigh le spás a stát 's a shéata,
is cois Chalaidh na long gach crú dhá thréine,
Gúlaigh, Bheardúnaigh is Paoraigh.



Códaigh na sróll is na séada
ba chomhgas nár dhearóil do na laochradh,
is Róistigh na slóighte 's na féile
ba chomhachtach i ngleóthaibh 's i spéirling.



Níor chuibhdhe dham dearmad maithe Coipnéarach,
is tuilleadh nách canaim de chlannaibh Milésius,
fuireann na Breatan, badh deacair a thraochadh,
do snuidhmeadh i ngnúis ghil úir an tséimhfhir.



Dá cháirde ní náireach bheith déarach
nó cásmhar san gCáisc seo dá éagmais,
's go mbíodh gach am gan cham dá réir chirt,
's do chomhaill gan choimheascar dlighe na cléire.


L. 175


Diombádh liom gan súil re a réidhteach,
ach é pósta i dtúis a óige le béillic,
i dTeampoll Loisce gan solus faoi chré indiu,
i dtuama a shinnsear thíos gan aon-phreab.



Guidhimse le hintinn, dá réir sin,
chun an Rí-Mhic fuair íodhbairt d'ár saoradh,
anam geal Sheáin le páirt do léigean
go dún an lóchrainn ghlórmhair ghléigil.



A ghairbh-leac árd, ó tá faoid thearmain chumhaing
an leanbh gan cháim den phár do thrascaradh púirt,
bíodh agatsa fáilte is fábhar fairsing dó id chúil,
cíodh danaid mar d'fágbhais cách i n-easbaidh dá chionn.



IS adhbhar guil tráth a bhás dá charaid 's is cumhach,
's do lagaibh gan fagháltas lá na hanacra ag siubhal,
d'eaglais chrábhaidh, is d'fháidhibh deachtuighthe pungc;
's is eachtra chásmhar Seán de Barra san úir.



Dá maireadh 'na shláinte spás nó tamall gan púdhair,
do mheasfainn go mb' fhearr 'ná a thásc do theangmhain
chughainn;
dob anaba a cháil, 's is árd do leathfadh a chlú;
's mo bheannacht 'na dháil go hárus fhlaithis na ndúl.
- Seaghán Ua Murchúghaidh cct.


L. 176


Tabhair do Sheán




Beannacht Éamuinn de Bhál chugham:



U Éamonn de Bhál

Tabhair do Sheán mo ghrádh mo chara 's mo rún
dalta na ndámh an fáidh is dearbhtha i n-iúl
seasgad de mhnáibh gan snátha ó bhaitheas go bonn
acht reamharfholt fáinneach scáthmhar bachallach riú.


L. 177


U Anaithnid
A Shéamuis Dil Tréithigh




Seán Ó Comáin, ó Chorcaigh cct. chun Séamuis
Uí Chomáin:




A Shéamuis dil tréithigh na labhartha i gcomhad,
de phréimhshliocht gan éalang Uí Sheachnusa an tslóigh,
is saoth liom má traochadh do chapall san bhfóghmhar,
nó is baoghal liom, a shaothair, gur gadadh an mhóin.



Gibé i nÉirinn ó Léim Chon go Gaillimh na seól,
's ó Ghaorthadh na Péice go Baile Mhic Eóin,
séithleach cais-fhéitheach lér gadadh an mhóin,
daor-mhallacht cléir-chumainn Phéadair 'na dheóidh.



Ó théigheann Sol 'na chaomhphuipil chadalta um neóin
spréidh theine ar aon-chor níl agam le dóghadh;
a Shéamuis, a shéimhfhir, do gheallaisse an mhóin
fá'n Naomh-throscadh ndéidheannach do thaisteal gan ghó.



Aliter:



Sínte ar lár má tá go tréith san úir
do ghroidhe-ghearrán maith bán gan léim gan lúth,
teinte Fáil, 's a bhfagháil gach rae lem ghlúin,
dar Mídhe, dob' fhearr liom trácht an tréin-eich chughat.


L. 178


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Mise aga fhreagra i n-ainm Shéamuis:




A chléirigh na ndréacht nglan do cheapadh gan smól,
's is tréitheach i n-éifeacht na seanchadh seóil,
ní bréagach do bhréithre gur gheallassa an mhóin,
ciodh déidheannach do ghlaodhais, is me i n-easnamh gan
fód.



Níl aon-bheart is éascaidhe ná anmhuin go fóill,
is réidhfead do ghéibheann má mhairimse beó,
acht go ndéinir, mar a né an bheach, go gasta do ghnó:
bí ag tréinrith le phoébus sula dtagaidh an reódh.



Dob fhéidir, i n-éagmuis ar chanamair fós,
gur aomhais teacht go faobhrach le capall 'na cóir,
sular léirigh mo chéile go hanaba an fhóir,
's gach spéice dhá slaomghoid ar maidin 's um nóin.



Léightear ag éigsibh, is tagaimse leó,
gach aon mhuc go ndéineann go dearbhtha a ghnó;
féachtar, dá réir sin, an calcuighthe an sceól
bheith ag éileamh na sméar ndubh am earraigh nach dóigh?



Ní dhlighim gur bás dom láirsi, an t-éag cé scúmhaigh,
ó chaoinis tráth a Sheáin, a céim 's a clú;
déin righneas spás ó's gábhtar é go June
's beidh teinte id dháil bhus sámh a théidhfeas tú.


L. 179


B 1733-34 18L
Fáilte is Dathad




Fáilte Chonnsoléir Mac Con Mara .i. Domhnall
mac Fínghin go Carraig na bhFear, Jany., 1733-4:




Fáilte is dathad in n-éinfheacht
do mharcach na féile aníos,
ráib de mhaithibh na hÉireann,
de shleachtaibh chirt Éibhir Fhinn,
atá le caradas gléigeal
ag scaipeadh gach géibheann dínn,
's an stát so an Charrathaigh éachtaigh
go nglanfaidh ó bhaoghal gach puingc.



Mo ghrádh 's mo charasa an phoénix
is calma béim i mbruidhin;
scáth do lagaibh nuair ghlaodhaid air,
is bratach na cléire cuibhdhe;
sás gach cleathaire thraochadh,
muna bhfanaid go léir go mín;
's tá láidir laidionta léigheanta,
feasach i gcéill 's i ndlighe.



Is árd a phearsa le féachain,
gan aireachtain claon ná cuím;
's is tábhachtach taithiceach tréanmhar
do fhreastalann sé dhá naímhid;
tá 'fhios ag Saxanaigh mhéithe
gur faraire é dhéanfadh gníomh;


L. 180


le dásacht eagla an tsaesair
seachnaid téacht 'na shlighe.



Táid bráithre is eaglais naomhtha
ag freagairt 's ag sléachtain síos;
is áthas aigeanta ar éigsibh
ag ceapadh 's ag léigheadh gach laoidhe;
tá gáir ar chrannaibh ag éanaibh,
le hatal an scéil seo mhaoidhim;
is báird is bacaigh ag léimnigh
faoi mheanmain éascaidh thríd.



IS árd a leantar in nGaedhilg
seanchas séimh an tsaoi,
go dtáini' an dreagan gan éalang
dáradfhuil tréin na ríogh,
de shárscoith chaithisigh néamhaigh,
lé gcantar Síol Aodha na saighead,
na máil ó Shionainn na méithbhreac,
nách facathas tréith ná tím.



Tá a thásc go hanaba ag céadaibh,
mar chaitheann an laoch le tigheas;
gur grádhmhar ghlacann gach éinne
do réir gairme céime is croidhe,
go fáilteach freastalach féastach,
gan easnamh i dtaobh gach ní,
i mbánbhrogh fhairsing na féile
mar a gcleachtadh a ghaolta roimhe.


L. 181


Ní nár dhon dreagan mar chéile
an ainnir nár thaobhuigh puimp,
Máire gheala-chnis bhéasach
mhascalach mhaordha mhín;
pár na seabhac fuair géilleadh
is gradam i nÉirinn aoird;
's dob fheárrde Banba chréimeach
dá maireadh an laochradh ghroidhe.



Ó tá sé ag tarraint go héascaidh
go Carraig na dtréan-fhear ngrinn,
le lántoil Charoluis ghléigil,
chun leasa go léir dhon chrích,
le háireamh maitheasa dhéanamh
don tseabhac ó thaobh na Laoi,
's le háthas aigne an scéil sin
dia bheathasa féin don tír!



IS leómhan gaisce, flaith, is crobhaire séimh
an treón so ag teacht mar thaca chabharthach chaomh;
is cródha a mheas, an gas de thogha na nGaedheal,
Domhnall Mac ConMara, an Connsoiléir.




L. 183


B 1734-39c 18L
Marbhnadh ar Bhás
Mhaoghnuis Uí Chaoimh



Blogh




'Sé leanadh go léir gach réim don fhile badh chuibhdhe:
do thagadh, do théigheadh, ní dhéineadh oiriseamh puinn;
do leathadh i gcéin gach saothar snoighte gan moill;
's ó chailleamair é, mo léan, fear ionaid cá bhfuigheam?



Níl eachtra scéil, níl téx, níl tuireamh ná laoidh,
níl gaisce dár léigheadh nách léir do chruinnigh i gcrích;
beatha na Féinne is éacht a gcuilg 's a gclaidheamh
do tharraing le saothar caol-phein cliste chun cinn.



Ba teagaisceach é nách éaradh duine uime ní;
ba seabhac do phréamh-fhuil réx nár shingil sa tír;
ba neartmhar an laoch chun Éireann innealta dhíon;
am caismeartha Ghaedhlaibh, féach, cia cliseadh na Goill?



Fairbre is créacht tug éag an bhile seo im chlí;
do bhí gasta le héifeacht céille is cliste chun grinn;
is cé sheasaimh le réimheas caogad go leith gan chlaoidhe
do theastuigh don éigs nach saoghal fiolair dó dligheadh.



Tairbhe is tréithe, béasa is binneas an tsaoi
ní hacmhuing dom chéadfaidh féin go frithir a mhaoidh-
eamh;
's nach mairg gach n-aon den chéird nách fuilid ag caoi
um chailleamhain Mhaoghnuis mhéinn-mhaith mhilis Uí
Chaoimh.


L. 184


Ó ceapadh an t-éag don tsaoghal uile mar chrích,
's nach maireann an té chun cré nách tuitfidh arís,
mo bheannachtain féin chun aon Mhic Muire mar ghuidhe
le hanmain Mhaoghnuis, caomhthach cumainn mo chroidhe.



Croidhe grádhmhar fíorchrábhaidh an bhile ghrianmhair
is díoghbháil liom faoi láinlic i nInis Iarthair;
an tsaoi áluinn fhíneálta den fhuirinn fhialmhair
d'fhúig síos tláth an aois dán a dhul fá liagaibh.


L. 185


Is Diombádhach an Gearán



IS diombádhach an gearán do labhradh liom
ar Thomás, mac Risteárd de Lang, le cúis,
fuair milleán i gcrostáil nách deallramh clú,
ler thiomáin ar anáird a leabhair-bhean chiúin.



Ciúnuigh feasta gach pearsa bheir baramhail díbh,
is tabhair fá ndeara lucht teagaisc i gcanamhain
díodhacht;
siubhail a-bhaile, agus seachain an mallughadh bhíos
i gcionn na haicme nách leanann do staidiúir Chríost.



Críost ní mheasaim go n-abair ná fós go ndubhairt
gur shlighe mhaith bheatha chun flaithis do threóradh chughainn,
a dhlighe do ghearradh, 's ar mbanaltra phósta thabhairt
ar luighe le caile, níl masla badh mó 'ná siúd.



Siúd an ainnir do ceangladh díbh, ní nár,
tá múinte banamhail blasta deagh-ghnaoidheach le rádh,
de chrú chirt flatha agus eagailse, saoithe is dámh,
mo phudhair fá neamhchion ag graifin bhig bhuidhe na
gceárd.



Ceárd is mistide duine, idir shéan is tsliocht,
an crábhadh bhriseadh le coinne gach lae chun uilc;
is gnáth an tiobaist ar fhuirinn an mhéirdreachais,
is mná go gcuireann chun ifrinn céadtha againn.


L. 186


IS againne atá, gan fán i mbriathraibh suilt,
seanchas Mháire cháidh ní Dhiarmada;
lacha-bhean bhláith de rás na mBrianach nglic,
's de chlanna Cairteáin fuair bárr na fialmhaireacht.



Tá féile is fairsinge ag flathaibh na féinne ó'r fhás
bé na mbachall nách ceachartha céim is cáil;
is tréitheach tairbheach maitheas a haol-chrobh mbán;
's is baoghal gur feargach leatsa Mac Dé 'na cás.



Cás gan tairbhe seachain, nó beithí ar lár;
is ádhbhar aindeise ceangal le hEilís bháin;
fág tigh an Bhreathnaigh; ná freagairse Beití Háll;
tá an bás ag bagairt; a pheacaigh, déin aithrighe i dtráth.



I dtráth muna bhfachtar le teagasc bhur slighe nách maith,
beidh gártha mallacht ón eaglais aoird 'nbhur measc;
beidh an dáimh d'bhur ngearradh, is cúirt easbuig le dlighe
dh'bhur slad;
's beidh gráin na bhflaitheas go talamh d'bhur ndíogadh
ar fad.



Ní fada gur cóir dham fógairt allánta
do thabhairt ar Nóra, an tósta neamhnáireach;
caile na tóna cróine cnapánta
do mhasluigh ár n-óigbhean, damhsa is diombádhthach.


L. 187


Níor Chuibhdhe dhon Ghasraidh


L. 188



Níor chuibhdhe dhon ghasraidh, tharraing ón áird
adtuaidh,
maoidheamh a ngaisce, mar cantar le dáimh go buan;
's cér chruinn bhur scaitheamh ag freagairt do láthair
sluaigh,
do scríob na Barraigh an barra 's an báire uaibh.



Uaibh do sciobadh, le cumus gan chlaon ar bith,
buadh gach cluiche d'ár imir ár laochradh libh;
's cé buaireadh sibhse fá thuitim an scéil mar sin,
san uachtar tuigidh gur mhionaca i n-éachtaibh sinn.



Sinne nár choigil gach cothrom do leigean timcheall;
sinne do bhrostuigh go foirtil i bhfeicsin daoine;
sinne do chothuigh gan osna go deireadh an coimheascar;
is sinne go follus tug solus bhur gcreidimh dhíbhse.



Díbh ní mheasaim gur masla ná náire fós,
i dtír ná i dtalamh, go ndeachaidh an áit seo romhaibh,
i gcroidhe 's i gceannas, i n-acmhaing, i gcáil 's i gcló;
's dá bhrígh sin feasta ná tagaidh chun láithrigh leó.



Leó ba mheallta an mheabhair, don fhuirinn táinig,
fógairt geall go leabhair i n-imirt báire,
i gcomhgar Ghleann na nGall, 'na gcrithid námhaid,
's a ngeóbhadh 'na dteannta ann badh linne an
láithreach.


L. 189


Do láthair Mhic Ádaim, ceann uirid na gcríoch,
's gach árdfhlaith do ráinig i n-ionad an ghnímh,
d'fháisceamair báire go cliste chun cinn,
is d'fhág sin bhur ndánta 'na mustar gan bhrígh.



Brígh an chúrsa má's fonn libh a thagairt go cóir;
do bhí an súgradh go clúmhail, is fanadh go fóill;
an rí Fionn is a chongnamh dhá dtagadh 'na gcomhar
ba thrí thúisce bheadh túirseach 'ná Barraigh na slógh.



Slóighte sonaidhe molfaidhear choidhche ag dáimh,
le cródhacht, chloistí, chosnaíd tír gan táir;
leóghain gan lochtaí, is sochroidhe chím ar fagháil;
lucht fórsa i gcogaidhibh ghoirtigheas naímhid go tláth.



Tláth níorbh iongnadh an fhuireann do reidheag 'na
gceann,
i ndeáidh gach cruinnighthe rineadh i bhfeidhil teacht ann;
's nár fágadh oiread an duine bhí i seidhil go seang
gan cárnadh chugainn, 's is sinne tug faghairt don
dream.



Dream cheannais gan locht nách loiceadh d'aon sa tír;
dream dhearbha i dtroid ná coirfeadh céadtha dhíbh;
dream fearamhail foirtil d'oscail réidh an tsnaidhm;
dream Bhaile na gCloch, cur ortha, féach, níor chuibhdhe.


L. 190


Is Geár Bhíd Fearta




An tan d'éirigh Micheál de Barra ó thinneas
chruadhálach:




IS geárr bhíd fearta Mhic Máire ag taisteal
an tráth is easbathach dúinne,
's ag táthadh an ghalair, do leághaibh nách acmhuing,
gan biorán do ghlacadh mar chúinse;
Micheál de Barra, is do táim ag tagairt,
cúis gháire ag flathaibh na dúithche;
Hurrá le hatal, mar tá 'na bheathaidh,
's an bás in' aistear gur iompuigh!



San gcéim 'na ndeachaidh, do réir mar meastar,
tá a shaoghal fada gan fiúntar;
ó réidhtigh a anam ó'n éag do scathamh,
gurab Dé 'na bheatha mar chongnamh;
ní daor an earradh fear gléigeal gasta
's ní baoghal nách calma an connradh;
saesar gaisce tá déanta i bpearsain,
i méinn, i maise 's i múineadh.



Buidheachas minic le haon-Mhac Muire,
do réidheas go hurus gach dubh-cheist;
's nach éigean broide ar an éigs do chuiris
ag déanamh tuirimh san gcúis seo;


L. 191


acht scéal is binne, agus réim is gluine;
don mhéid do chonnairc a ghnúis gheal:
Mícheál an bile gan bhéim gan mhilleadh,
siné ag teacht gruig sibh ag súgradh.



Do ghluais gach doilbheas suas den phobul so,
ar tuaith ná i gCorcaigh níl cumha ar bith,
ó luadhadh a bhosca 's a thuama cloiche
go huaigneach follamh gan chúram;
's i gcuan a mholta, 's i dtuairim sonais,
do-chuaidh an goradh so cúl leis;
an fear stuamdha soilbhir uasal oirdheirc,
a Uain an tsoluis leig dúinne.



Éirigh feasta go haibidh, 'fhir chródha chaoin,
i radharc do charad, ná bacaidhse an chómhra bhuidhe;
faghaidhse ainnir ghlan mhaiseach is pós mar mhnaoi;
's bíodh roinn mhaith airgid, eallaigh is óir 'na slighe.


L. 192


Mo Chogar mo Charaid




An tan tug Eoghan Mac Suibhne leabhar urnaighthe ó Bhaile
Átha Cliath chugham saor:




Mo chogar mo charaid mo thaitneamh mo ghrádh im chliabh
tú,
'fhir fhorusta i mbeartaibh, do chleachtas bheith gnáithfhial
liom;
an sonas gach seachtmhain go leanaidh tu ar áirdrian
siubhail,
ó bhronnais dam leabhar, 's a thabhairt ó Bhaile Áth Cliath
chugham.



Níl ortha ná paidear dár canadh le dhá chiad glún,
níl solus ná teagasc, níl sailm gan fán' iadh súd;
níl focal san aifreann bheannuighthe ag árd-chliar
Mumhan
nách follus im leabhar ag freagairt gach lá i riaghail úird.



Is cosmhail gur leanbh gan pheacadh ná a lán fiach tú,
's gur chorruigh it aigne rabainn le grádh Dhia is clú;
cothrom is ceannas ó fhlaitheas gach lá 'on bhliadhain
chughat,
'fhir shoirbh den aicme mar cantar nár ghnáth riamh
cumhang.



Ceangal:
Eoghan mac Maoil Mac Suibhne 'e chrú-shliocht Néill
an t-óigfhear grinn nách íseal clú agus méinn;
tá treórach trí gach laoidh do scrúdadh i gcéill;
's i n-eólus draoithe dlighim gurb ughdar é.


L. 193


Seóid ní suim leis cuibhdheas ná úrchuid spréidhe
's níl comhaireamh cuim 'na shlighe ná cúrsa clé
ní mó leis míol 'ná daoi nó sprionnlach baoth
's i gcomhar na ndaoine is aoirde shiubhlann sé.



An tseóid so shín ó chroidhe 's a tabhairt dam saor
níl cóir gan cuimhneamh choidhche air siúd mar scéal
is fós dá dtigheadh im líontaibh chugham go héag
mo dhóigh go luighfinn faoi 'na chúiteamh é.


L. 194


Ní Comhartha Sultmhar




Freagra tugadh ar fhile dáirithe d'iomcháineadh daoine
nách tug cuireadh dho chun féasta:




Ní comhartha sultmhar ar fhile do dhéanfadh rann,
a chomhursa scriosadh ná d'ithe i riocht béile ar ball;
's gur nós go minic don fhuirinn is tréine teann:
pósadh tirim go ndinid gan féasta leabhair.



Ba chóir go dtuigfeadh fear singil gan réadhchuid
reamhar,
's nach móide chuirfeadh chun suidhte gach éinne i n-am;
gur mhó badh thiubaist do dhuine dhá ndéineadh leamhas,
is cóisreach cuireadh ná hoireann don tsaoghal so ann.



Dob eól dam file, bhí snoighte ar a dtaobh sin, am,
ba chomhachtach dlighthe 's dob iongantach léigheann is
greann,
ná tórfadh guilmne dhuine gan féasta thabhairt,
's ná leómhfadh trudaire plubaireacht bhaoth do labhairt.



Seo comhairle d'oirfeadh don fhile lér mhéinn an
greann:
gan fhóbairt scriosta, ná sioscadh, ná claon le cam
go deó, ná cuimilt le duine bheadh tréan ná fann;
'sé gheóbhadh le dlighthibh Mhic Muire sa tsaoghal dar
leam.



Ní thaithnigheann liom beadaidheacht, ní fhóghnann sé;
ní healadha mhaith spairtínteacht mhórtais ghéir;
'sé is taithighe le seal chím i bhFódla, féach:
seasuíodh gach staruidhe ar a thómhaltas féin.


L. 195


Aithnighim gur neamhní do chomhursain, féach,
seanlaoidh bheag neamhchruinn gan chlódh gan chéill;
's nár cheartthuill aon fhear díobh le cóir an phlae
budh maisighe gan ealadha dá sórd do léigheadh.


L. 196


A Fhir Shéimhidhe




Chun gréasuidhe dháirithe gheall iasacht leabhair
dham, agus nár choimhlíon é:




A fhir shéimhidhe, gur aontuigheas tu id dhuine thar chách,
's gurb é mhaoidhis go réidhfidhe leat mise gan spás,
san gcéad-ní noch d'éiligheas go miochair le báidh
ní bréagaighe dhuit gréasuidhe 'ná sibhse ar a bhás.



Dá léighmís gach aon líne scribhte 'na lár
níorbh éagcaointeach é dhíbh, níor mhistide a cháil;
má dh'éimighis me, a chaomhdhraoi ghluin, chliste gan cháim,
is taobh-righin an gréasuidhe thu, is cuirim leat slán.



Ciodh saothruidhe breagh céillidhe thu i ndlighthe na ndámh,
isé chím gur baoghluighe leat mise 'ná an bás;
níor thaobhuighis me, is aorfaidhear bé againn dán nár,
an gréasuidhe nó an té scríobhann go minic 'na dháil.
.i. Seán Ua Murchughaidh


L. 197


B 1739-40 18L
A dhreóilín Bhig Bharramhail




Carbhall Mhíchíl de Barra go Sliabh Luachra, 1739-40




A dhreóilín bhig bharramhail, is deas liom tu am choimhid-
eacht;
is teóluidhe bheam seal subhach i ndeaghdhún ghlan díonmhar,
ag ól dighe go fearamhail a flagúnaibh líonta,
i measc ógbhuidhne dathamhla is ban múinte míonla.



Beidh bórd bídh da leathnughadh go flaitheamhail 'nár
dtimcheall,
is ceól binn dá spreagughadh le neart fonn chun ringce,
ól fíonta is glan-lionn 'na ngeal-shrúil dá ndíogadh,
's a dhreoilín ná glac cumha beir mar siúd seacht n-oidhche.



I dtigh an lonna-bhile shocair shnoighte dheaghmhúinte,
Donnchadh breagh soilbhir Ó Mathghamhna,
in' fhochair-sion ní docair dul ar leathnúghchan;
sé mholaim duit san Nodlaig seo, agus tar liom ann.



Ar ór na dtreabh ní fhanfamaois ó Sheán,
fear córach ceart de mhaithibh tíre is táin;
do-gheóbhthar fairis fleadh agus fíon is dán;
's bíonn cóisir fhairsing aige choidhche ar clár.



An Dreoilín cct:
Is feárrde go bráth sinn a n-ólfamaoid;
's a Mháighistir na n-árann 'na gcóisir suidheam;
má's bás dam, ní fuláir duit me thórramh, smaoin;
beir mo thásc leat, is fág me fa fhód Moling.


L. 198


B 1739c 18L
Mo Laogh 's mo Charasa




Do Thomás de Barra tug béim céachta agus
carra dham:




Mo laogh 's mo charasa an faraire clúmhail Tomás,
do réidheann go haibidh gach easnamh go humhal don dáimh;
tug béim chun treabhtha dham, carra gan chrúb gan cháim,
's nár dhéinidh margadh is measa 'ná súd go bráth.



Phoenix rabainneach rathmhar is úire cáil,
gan spéis do chaithfeadh ar glacadh le Fionn an áigh;
i bpléidh ná i gcathaibh dob ainireach siubhal 'na dháil,
an laoch de mhaithibh na mBarach ó mhúr Bhriotáin.



Scéal nách aithreach d'aithris liom ní fuláir:
a chéile cailce aige im aice 's a chúram grádhach
gura dé 'na mbeatha, ní deacair dham tabhairt an mhádha,
's go bhfuil caomh le caraid ' im fhabhar nó túr le námhaid.'



Tá saesar seasaimh in' aice, 's is clú dho an ráib:
fear éachtmhar acmhuingeach gaisceamhail siúd dearbhráthair
agá ngéillid flatha dhá phearsain, 's is cúis an cás,
le caomhacht má ghlacaid, nó a aithearrach chughaibh, Mícheál.



Fear saor i dtabhairne, is calma lúth is lámhach,
céim is gradam is taitheac na dúithche i ngábhadh,
isé do thairg dam easna maith conganta i dtráth
an céacht go gceapadh gan easbaidh dho cúm is clár.


L. 199


Níl fuinn ná fearann, i mBarraigh ná i Múscraighe féin,
croinn ná carraig iontseasaimh le hionnsaighe an chéacht;
linn ní machtnamh a mhaitheas, ó túismigheadh é
ón dís is neartmhaire pearsan i n-úirchrích Gaedheal.


L. 200


B 1739-40 18L
Is Mór an Mhairg




Ar bhás Chonchubhair óig Mhic Cairteáin, noch d'éag
i meadhón lae, Dia Céadaoin, December 26th,
1739-40:




Is mór an mhairg 's is danaid go bráth mar scéal
an chomhursa chneasta so chailleas i mbláth a shaoghail,
do-gheóbhadh am amharc ar maidin 's i meadhán an lae,
's mo bhrón ní fheadar a shamhail cár fhág tar' éis.



Óigfhear ceannasach carthannach cráibhtheach caomh,
gan spreóin gan spairnn gan mhairg gan phlás gan phléidh,
ba rómhaith teastas, is aigne ghrádhach dá réir,
gan dóchas a fhaicsiona is fada liom lá mo léan.



A chló ba leanbhach leabhair glan láidir léir,
is scóp a phearsan ba seasmhathach sásta séimh;
ar snódh na heala, agus lasadh ceart breágh 'na scéimh;
so an scór 'nar ceapadh an seabhac gan cháim gan chlaon.



Do treóradh taitheac 'na bhallaibh le grásaibh Dé,
eólas gasta agus eagna cháidh nár chlé,
comhgar teangan na Breatan i gcásaibh léighinn,
is seól chun labhartha i mbeartaibh lucht dáin is dréacht.



Ní hór ná airgead, earradh ná áireamh spréidhe
tug damhsa mearbhthall aigne spás 'na thaobh,
acht comhursa chailleas nách faca gan cháim acht é;
's do chomhartha a gcanaim fir mhaithe 'seadh is gnáth gan
saoghal.


L. 201


Tá sómpla ar talamh, dob annamh le fagháil, ó dh'éag;
tá róith is sneachta gan lagadh, tá gráin is gaoth;
tá cóta cathuighthe ar ghealaigh, ní táir' dhon ghréin,
's níl deóir i nglaise, níl eaglais sámh ná cléir.



Níl bólacht bleachtmhar, níl eachradh ag fás ar féar,
níl treóir i bhfearaibh, níl aigne ag mnáibh nár thraoch,
níl glór ag gasraidh ar faithche, níl bláth ar ghéig,
i gcomhrainn marbh ó leagadh ar lár mo laoch.



Comhursa chneasta gan chealg gan táir gan taod,
comhursa an cheana, do shealbhuigh crábhadh is caomhacht;
comhursa thairgeadh acra áis is déirc,
an chomhursa chailleas, mo dheacair mo scoláire cléibh.



Cia thógfaidh feasta orm tagairt an cháis 'na thaobh?
Cia is dóigh do sheasamh na mbearta so in' áit tar'
éis?
cia gheobhaidh in' aithearrach malairt dob fheárr 'ná é?
's cia thomhaisfidh easnamh na n-easbaithe d'fhás 'na
dhéidh?



Ní leór ar chanas gan seanchas geárr do léigheadh,
is fós ní tarcaisne d'ainm an tsáirfhir é:
i gcomhgar Eamhna do neartuigh go hárd a phréamh,
's de chródh-fhuil Barrach ón mBreatain dá mháthair
chaomh.


L. 202


Comhachta an Athar 's an Araid-Mhic fháiltigh fhéil,
is comhairc na banaltrann Beannuighthe, Máthair Dé,
i gcóisir aingeal is aspol 's i bpáirt na naomh
go glóire an fhlaithis ghlion 'anam geal tráth go
dtéighidh.



Sin fút choidhche arís, a leac, fád chúm
fear fineamhail díreach líomhtha fulláin fionn,
ag lunnughadh thíos led taoibh, tug diombádh dhúinn,
Conchubhar caoin dfhuil aoird Mhic Cairteáin chlúmhail.


L. 203


B 1739c 18L



Mo Dhiombádh mo Ghearán




Diarmaid Ó Muláin cct, ar bhás a dhearbhráthar,
Donnchadh.



U Anaithnid

Mo dhiombádh, mo ghearán, mo ghéarghoin,
mo leathlámh mo dhearbhráthair am éagmuis,
m'ísliughadh cinn go críoch mo shaogail,
ó'n lá i nGarbhchluain d'fhan uaim mo léirchreach.



Do fuaras cheana cúis mhairg nárbh éadtrom
an uair do chailleas mo dhalta agus m'aonmhac;
is cér thinn an scathamh, níor mharbh go léir me
go teacht bháis Donnchaidh i dtosach a réime.



Mo bhráthair cumainn dá dtugas do m'aontoil,
's lé leiginn go dlúth mo rún go héascaidh;
mo dhuine thar dhaoinibh, díograis m'aedh istigh;
mo chogar mo chomhar mo chomhairle i n-aeinne.



Fear gan chealg, nár cheachartha tréithe;
fear ba mhaise 's ba chabhair dá ghaoltaibh;
fear nár chrannda, ceann an réidhtigh,
is fear tar fhearaibh am chatha dámb' éigean.



Duine badh cúmtha com is géaga;
duine gan cham gan mheabhail gan éalang;
duine do mheall go sleamhain an saogal;
do rug grádh agus geanas lucht 'aitheanta i gcré leis.


L. 204


Níorbh iongnadh an fheidhm dá leaghainn le déaraibh,
's níor mhachtnamh 'na chúis le cumha dá n-éagainn,
nuair chím an t-ionad 'na bhficinn mo thréinfhear
gan buidhean um Nodlaig fuar follamh gan céile.



Dob áluinn seasamh a phearsan le féachain
ar móin nó ar machaire, ar faithche nó ar aonach;
ag tiomáin a chapall chun treabhtha nó ar céachta,
dob aite 'ná ceól sidhe a ghlór binn béilbhriosc.



Is cásmhar m'osna, 's is doilbh mo ghné indiu,
's ní nár dham golfhairt gan sosadh ná traochadh;
gach gnó bhíodh docair, nách soicheadh liom féineach,
mo chiach, ar Dhonnchadh 'om fhortacht do ghlaodhainnse.



Isé badh fuaimint, fuadar céille,
is tionnscain taithic san mbaile le chéile;
do dhéineadh calma grafadh nó réidhteach,
stáca cruach is buaint go réabach.



Do dhéineadh margadh is maitheas le méinn, ghlan;
do réidheadh gach deacair gan spairnn ná spéir-
ling;
badh saor i mbaile nó i dtabhairne glaoidhte;
ba chaomh le lagaibh am freagartha féile.



'Na dhiaidh má mhairim ní mhairfead acht ré bheag;
spórt ná aiteas ní bhraithim go réidhid liom,
ag smaoineamh sealad, is tamall go déarach;
's mo mhíle beannacht go flaitheas na naomh leis.


L. 205


Críochnughadh
Mo dhoilbheas géar guirt éag mo bhuinneáin mhín,
's do bhrostuigh mo chréim a thaobh fá leachtán líog;
fear soilbhir séimh dob'é mo dhearbhráthair croidhe,
Donnchadh tréitheach tréan Ó Muláin mhaoidhim.


L. 206


Tá Gearán le Teacht Síos


L. 207


B 1739c 18L
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Tá gearán le teacht síos ag fear grinn den éigs:
coileán breágh maithghníomhach, do bheathuigheas go méith,
de chineál na dTarbhaidhe gan mearaidhe 'na mhéinn,
i sruthán gur mhachtnuigheas mo mhaistín ar maoth.
Ní thaitneann mar ghnó liom
a chailleamhain dómhsa,
d'éis beathuighthe is tóigthe
mo mhadra i gcéim;
's gur gramaruisc chóbach,
do bhí malluighthe is dóigh liom,
do thrascair gan chóir
insan chaise sin é.



Mo mhallacht go dtuitidh i gciontaibh an scéil
i mbaitheas, i mbruicill 's i gcroidhthibh gach n-aon,
dá mbascadh, dá milleadh 's dá mbriseadh gach lae,
do thrascair i n-imeall na linne sin é.
Gan sagart ná bráthair,
ná caraid ná cairde
bheith i bhfarraid an ghráscair
do chiorrbhaidh a shaoghal;
acht aiseag is álgas
is anacra ghnáthach
do thrascairt a sláinte,
go ndeachaid fá'n gcré.


L. 208


Is feasach, is admhuighim, gur ceasnaidhe dham a éag;
do thairgeadh teacht linn 'sgach anaoibh 'na dtéighinn;
ní raibh capall ná damh groidhe ná gaduidhe fá'n spéir
nach tapaidh do leagfaidhe lem mhaistín go faon.
Sionnaigh is falchoin,
is bruic as gach gaothradh,
muca agus céise
agus cullaigh dhá mhéid,
coiligh na sléibhte
agus luin agus éanlaith,
is fonnamhar éascaidh
do thugadh fám dhéin.



An tseisreach geallaim go leanadh feadh an lae;
is deirim gur gasta do ghlanadh an céacht;
ní bheireadh go geanach ar bheatha ná ar bhraon,
's ní theicheadh roimh shneachta roimh ghailbh ná gaoth.
Fury do ghlaodhainn air,
is d'umhluigheadh dá réir dham;
dob úirshíolrach éascaidh
ó chois fhairrge a phréamh,
do túismigheadh ó Suéidland
chun prionnsaí na hÉireann,
's den bhúidh-bhraoid ba thréine
bhí farais an bhFéinn.


L. 209


Seán séimh Ó Eidirsceóil de shliocht Bhreógain tréin,
sárlaoch den fhuil chóir, i dtigh an óil badh saor,
láinréidh i dtionól ag siosón nó ag scléip,
fá hé gan aimhdheóin do thug dómhsa an gaedhar.
Fé cheann an bheagáin seo
gheall sé damh coileán deas
geangcach glan allánta,
grathálach géar;
ón samhradh nár thig slán
gan clamhaire do chuir lámh
san bhfeall so do thug tráth
mé ag gearán mo scéil.


L. 210


Taitneamh na n-Éigs an Laoch




Petisiun Sh. Uí Shíothcháin chun Col. Barra
ag iarraidh a dha bha, do tógbhadh i ngeall le cíos ar
a thalamh, is iad ar féarach ann:




Taitneamh na n-éigs an laoch nách ceachartha gnaoi,
ó Bhreatain na réx fuair céim i mBanbain aoird;
do leagadh a phréamh na Gréagaigh marbh san Traoi,
ciodh tearmoin d'Éirinn é, is crann bagair sa tír.



I dtír an Bharraigh níl dreagan dá cháilibh beó,
sinsear seasaimh an tsleachta dhá dtáini' an leómhan;
rí na mbailte, is fear trascartha námhad i ngleó,
cé scaoil chun baile go tapaidh mo dhá bha romham.



Romham follus bheas go soilbhir an t-áilleán grinn,
pór forusta ná hobadh sin an dáimh fá chíos;
treón cosantach, do shocaruigh go sámh tráth sinn,
leóghan oirdheirc Ráth Chormaic Mac Ádám mhaoidhim.



Maoidhfead féin go héag faid mhairfead go bráth
gníomhartha féile an tréinfhir cheannasaigh cháidh;
fear scaoilte séad mar é níl againn lé fagháil;
'sé an ríoghfhlaith Réamonn séimh de Barra mo ghrádh.



Grádh na hEaglaise, seabhac na soi-ghné shíor,
scáth is cara na ndealbh gan toibhéim thríd,
i gcáil i ngradam 's i ngaisce go soiléir díbh,
bláth is maise na mBarrach an Coirnél groidhe.


L. 211


Groidhe-mharcach intinneach comhachtach clúmhail
de ríoghfhuil na dtaoiseach ba mhó san Mhumhain,
nár chuibhdhe leis bheith díoghaltach lem shórd i gcúis,
gur scaoil sin gan righneas mo chóraid liom.



Liom ní cuirthear i n-iongnadh a dhaonnacht puinn
prionnsa a chinidh agus breitheamh do réidheas gach
snaidhm,
cúl na gcuradh, agus cuisle na féile an tsaoi,
do bhrúighfeadh Oscar i n-iomaidh le faobhar a chlaidhimh.



Claidheamh an tseabhaic ní tarrngthear é ar bhochtán,
ciodh mín do cheapann lucht teasmhaigh nuair
théighidh 'na dháil;
níl puínte ar mhaitheas nách aige atá a léir-theisbeáin,
's ní mhaoidhim air a ainm bheith carthannach béasach
breágh.



Is breágh 's is séimh a mhéinn 's a mhaise gan teimheal,
's is árd an réaltan é tar fhlaithibh an bhuill;
is gnáth faoi réim i gcéim 's i ngradam na ríogh;
is grádh mo chléibh an laoch nách ceachartha gnaoi.


L. 212


B 1739 18L
Ní Cás Liom a Aithint




Fáilte Sheáin Uí Shíodhcháin, sagart, August, 1739.




Ní cás liom a aithint ar fhearannaibh cláir Mhidhe is
Eoghain,
ar ál gach aicme is ar tharthaibh nár ghnáth roimhe i bhfoghmhar
ar shámhacht na heaguilse, ar ealtaibh ag áthbhaois leó,
go dtáini' a-bhaile fé mheanmain ár bpríomh-stór.



Do ráinig fairsinge d'eagna is d'árdghaois mhóir,
de ráidhtibh deachtuighthe i Laidin 's i láindíodhacht chóir
bhus fearrde a maireann d'ár bhfearaibh 's ar thrácht
faoi an bhfód,
le Seán tar fairrge a-bhaile, 's is breágh an binn-sceól.



Sáirfhear ceannasach cneasta, fuair bárr croidhe is
comhad,
's go hádhbharach athlamh ár n-easnamh go lánchaoin d'fhóir;
mar a ráinig cheana, le feartaibh an cháidh-Naoimh chóir,
Pádraig beannuighthe ar dtaisteal do ó Phápaíbh
Rómha.



Áirmhim feasta agam caradas sámh-ghroidhe an
leomhain
nách fuláir leis ceannas gan chealg is cáilidheacht chóir,
ná cárnas airgead taisgeadh, 's ná grádhas puinn óir,
acht fagháil is caitheamh mar d'aithin an tÁrdrí dhon Órd.



Is árd a bhearta, 's is fada dhó i gcolláistíbh eóil
ag trácht an teagaisc do tharraing na fáidhí is mó;
níor fhág an t-adamh d'ár theastuigh ó chlár Chuinn
romhaibh,
gan fagháil do mheabhair, 's Dia bheathasa, a scoláire
aoird óig.


L. 213


Tá stát an Bharraigh gan lagadh le sláintí ag ól
ó Nánts fé mhaise led thaisteal don áit faoi scóp
tá cáirdeas sagairt ghluin againne ó thángaís beó
is fáilte is daichead le haigne ghrádhach ghrinn romhat.



Grádh díreach na tíre an fear sochlúmhail séimh
árdtaoiseach d'fhuil Mhíleadh na mbrog bhfionn saor
atá líonmhar den díodhacht is 'na dhochtúir chaomh
Seán caoin glan Ó Síodhcháin i bhfoirtiún saoghail.


L. 214


Tá Cúis Ghrinn ag Éigsibh




Do Chormac Spáinneach agus dá chéile .i. Lucy
Chaomhánach ar mbeith a sé déag de bhliadhnaibh ag
gabháil cúl re chéile dhóibh; September 3rd, 1739:




Tá cúis ghrinn ag éigsibh
is dúil innsin scéalta,
táid cúigidhe na hÉireann
fé mheanmain ghnáith;
tá súgaidheacht gan séanadh
feadh Mhúscraighe le chéile,
tá púicín dubh éigin
ag scaipeadh 's ag trághadh;
tá rún croidhe na féile
agus múirnín na cléire,
tá cúl dín na féinne
ag teacht feasta dhá stát:
Lúicí bhreagh mhaordha,
'sí siúd brígh mo bhéarsa,
d'ár n-ionnsaighe tá an réiltean,
's Dia beatha na mná.



Ríogan an aeilchnis
atá líonta de dhaonnacht,
d'fhírinne is d'fhéile,
's de charthannacht ghrádhaigh,
de shaoirse de shéimhe,
de chaoineas is d'éifeacht,
's do bhí dílis dá céile
's dá hanam gach tráth;


L. 215


níor chuimhnigh ar bhaothnuisc,
níor laighdigh a béasa,
níor ísligh a tréithe
ciodh fada dhi ón áit;
maoidhfead, dá réir sin,
gurb í is fearr ar bhéithibh,
's gurb aoibhneas don taobh so
a teacht eatortha slán.



Saoigheal fada séanmhar
is críoch mhaith 'na dhéidh sin,
ar an ríghbhile gléigeal
do mhalartuigh fáth;
síol ceart na saesar
ó shinsearaibh Éireann,
d'fhuil Mhíleadh do théarnuigh
go Banba ón Spáinn;
do bhíthin an scéil
'ná bhfuil dís mhaith dhá dtréithibh
i muinntearthas gléigeal
do réir aitheanta an chláir,
céad míle buidheachas
le Rígh geal na gréine,
ringcfead is glaodhfadsa
dafhichead hurrá.



Innsint na cúise
ba dhlighe dham le cúram,
's gur binn leis an ndúthaigh
a thagairt 's a thrácht;


L. 216


ó's cuibhdhe leis an gcúpla so,
is fíorghloine lúnnramh,
claoidheachan go humhal
don mhalairt is feárr;
guidhim ar an úr-Mhac
go dtíghidh sin le dúthracht,
ríoghmhac dá ndúthchas
chun seasaimh sa stát,
do scaoilfeas gach dúircheist
d'ár muintir gan diúltadh;
bíodh sin mar adubhartsa,
's go bhfaiceam an lá.



Ní'l árdfhlaith ná taoiseach
níl páiste ná puinn ban,
níl áitreabh ná muinntear
ar faithche ná ar sráid,
ná tráchtann go maoidhteach
gur feárrde na tíortha uile
cáirdeas na díse seo
tharraint chun láimhe;
beidh dánta agus fíonta,
beidh áineas is aoibhneas
i mbánbhrog an tsinsir
gan lagadh ná trághadh;
's is breághtha mar ní sin
le háireamh ag daoinibh,
'ná cás agus coímhitheas
idir charaid mar dhán.


L. 217


Níl tábhacht ins gach ní anois
um chásaibh an ghníomha so,
is áitighthe chítear
gur athruigh an mádh;
adeir fáidhe na scríbhinn
gur fearr teacht fá líne
i dtráth mhaith, 'ná luighe
leis an spairnn go bráth;
níl cáile dá aoirde,
níl áilleacht dá aoibhne,
níl cáirdeas dá ríoghdha,
nách eatortha atá;
dhá chuisle bhuidheanmhar
an dá lile líomhtha,
céad fáilte 'na gcoimhdeacht
ó spara go sráid.



Tobar na féile
agus cogar na héigse
Cormac gléigeal
den Charrath-fhuil áird;
fear soilbhir séimh glan
gan chogal 'na bhéasaibh,
flaith oirdheirc éachtach
is caithiseach cáil;
beidh tortha ar na géagaibh,
beidh lorg ar laochraidh,
beidh an pobal so séanmhar,
gan easbaidh gan fhán.


L. 218


ó's follus a chéile aige
i gcothrom fá réim-chion,
go raibh sonas is séan
ar an seabhac go bráth.



Budh leigheas glan d'ár súilibh
an radharc so ag teacht chughainne,
cé d'fhoighdigh bheith cúl linn
gan amharc le spás,
's go raghaidh ins gan fiúntas,
i dtaidhbhse 's i gclúmhlacht,
go doimhinn tar an ndúthaigh,
ní machtnamh a rádh;
ó righ Laighean do thúirling
an deighbhean gan chonntar,
is foillseach gur dúthchas di
caitheamh is conách;
'sí maighre na n-úirbheart
do dheimhnigh ár subhchas,
ó thadhall os ár gcionn
gomadh fada dhi slán.



Tá cúrsaí sugartha ag iomad d'ár saorcháirdibh,
ó hiompuigheadh cluiche tug sinne fá shéan áthais,
an bhúidh mhín mhilis fá mhuirnn ag téacht dá tigh,
Lucy mhiochair, inghean Mhurchaidh Chaomhánaigh.


L. 219


B 1740c 18L
Mo Leóghan Cóir Cabharthach



Mo leóghan cóir cabharthach, codhnach cáidh glan fial,
comhachtóir bronntach tromdha is tábhachtach ciall,
's is mó gheóbhas d'fhabhar d'ár toghadh le háireamh
bliadhan,
Seón óg Couiltis, rogha na nÁrdshirriam.



Árdshirriam is sciath na Mumhan go léir,
mál glan fial, is dianmhaith clú agus méinn,
ó tháini' i dtiagharnas mian is rún na réx
go bráth, a Dhia, leig bliadhnach dhúinn fá réim.



A réim tug meanma i maithibh na gcúigidhe ar fad,
laoch de mhaithibh chirt Breatan na bprionnsaí an fear;
phoénix ceannasach calma ár múirnín geal;
is tá céim is gradam i bhfarraid an ghiúistís leat.



Is leat le riaghail i mbliadhna an tslat 's an t-áthas,
a shearc na gcliar, 's a thiagharna ar cheannaibh táine,
seabhac fial aniar ó Bhaile Uí Áinle
de cheap na bhfiann ó thriathaibh Sagsan táinig.



Ó thángais féin go séimh le teann-fheidhm mhóir
i n-áilleacht gléis mar ghréin i gceann radhairc slóigh,
go gárdach aerach éachtach seang saidhbhir sróill,
tá fáilte is céad ag cléireach Ghleann Maghair
romhat.


L. 220


Romhat beidh an chúig go súgach ró-fháilteach,
a leógain chlúmhail, 's a phlúr na n-ógánach;
do chomhachta is úr i gcúirt lé a gcómh-áireamh,
a fhir threóraigh thrúpaigh thrúmpaig órnáidigh.



Is órnáid 's is mórdháil dá chineadh 's dá phréimh,
's do mhórán den chomhdháil 'na choinne tá i ngléas,
gur cómhárd a chomhrádh le breitheamh i bplé,
's gur sin sóinseáil nách dólás le duine insan
tsaoghal.



Saogal fada fé mhaise go dtídh le Seón,
gan bhaoghal, gan bhascadh, gan easbaidh, gan díth,
gan bhrón;
saesar seasaimh na Banba i gcoimheascar gleó
mo laoch, mo leanbh, is cara mo chroidhe mo leómhan.



Sin céile sochma age Corcaigh na long, mar chím,
phoénix forusta is cosnaimh na dúithche arís,
saesar soilbhir soirbh ó chiumhais na Laoi,
is fear gléigeal oirdheirc oscardha is úr fá fhíon.


L. 221


A Fhir Bhreagh Dheaghchroidhigh



Chun Seáin Uí Eidirsceóil:



A fhir bhreagh dheaghchroidhigh gheal ghrinn ghléigil úir,
d'fhuil cheannáird cheart-ríogh d'aithnigheadh éigs is úird,
an coileán maistín gheallaís féin go humhal
cuir fám thaithighe, is ceasnaidheach mé dhá chionn.



Tá beagán pataí i ngarrdha chréamhar liom,
's is bioth-ghnáth banbhaí ag teacht faoi is céise ciúin,
dá rabáil gach laoi, ag taithighe fé le fonn,
gan coileán maithghníomhach sladfuidhear é mar siúd.


L. 222


Mo Shlánsa Feasta





Séamus, mac Uilliam de Barra, ag cur slán
ris an óige:




Mo shlánsa feasta le hádhbhacht is aiteas,
ní fuláir dhom casadh le críonnacht,
ó thárla i gceangal 's i bpáirt nách scarfaidh
go bráth le hainnir an aoilchnis;
an tábhairne sheachaint, is rás na gcapall,
is báire is ragairne is ringce,
na trátha dh'fhreagairt is rádh na bpaidear,
'sé is feárr d'fhear chaithte mar taoimse.



Éifeacht glacfad, is tréigfead leamhas,
ní dhéanfad spairnn ná bruigheanta;
scléip ná magadh ní baoghal go leanfad,
beidh an t-aos dom tharrang chun caoinis;
Bréithre cneasta agus féachain fhada
chun céille ghlacadh dhá-ríribh,
glaodhach go hannamh ar éil nó ar chnagaire
isé bheir acmhuingeach mílte.



Déanamh coinne lé béithibh buile,
ná a nglaodhach cois cumair ná díge;
réidheadh a mbruide ná téacht 'na ngoire
go héag ní bhuineann lem shlighese;
léim ná mire ná laochas mustair
ná taobh le himirt, dá luighead sin,
ní léir dhom oiread do réir mo thidil,
táim féin fá urchall cuimhrigh.


L. 223


Mo mhíle beannacht arís faid mhairfead
do bhaois na beathadh 's dá muinntir,
slighe gan mhairg is aoibhneas aigeanta
líonadh d'atall mo chroidhese;
ní bhíonn sí acht tamall ag rígh dá rathmhaire,
puinn dá maitheas ní mhaoidhimse;
isé a críoch a casadh mar scaoileann sneachta,
cé shíleas leanmhain di choidhche.




Seán Cundún cct., agá fhreagra:
U Seán Cundún

Mo chrádh gur charas, an tráth ba leanbh me,
ádhbhacht is aiteas is aoibhneas,
ráfla is carrbhas, tnáthadh is ragairne,
is mná do tharrang chun aimhlis;
bheith tráth cois ghleanna dá gcárnadh ganfhios,
seo cáil do chleachtas dá ríribh,
's gach stáidbhean cheannais im dháilse thagadh
a prádhainn 's a deacair do scaoileadh.



Crábhadh is feasach ná grádhfad feasta,
sin cáil do bhaineas le críonnacht,
ná rádh na bpaidear i bpáirt an Bharraigh,
go bráth ní scarfad le haoibhneas;
don tábhairne rachad, gach lá mar chleachtas;
ní stánfad seachad ó choimheascar;
's im páirt beidh gasradh ghrádhmhar ghasta,
's is feárr 'ná ceangal le mnaoi ar bith.


L. 224


Dánta is damhas is báire ar faithche
agus námhaid do leagadh le righin-dair,
cáirt is dramanna ar chách do scaipeadh,
agus ádhbhar aitis ná maoidhfead;
ag trácht a-bhaile dham tráth ag casadh
beidh bláthnaid chailce dhom choimhideacht,
don ráig sin leanfad, 's is feárr mar mheasaim,
'ná crádhnas ceachartha is críonnacht.


L. 225


Spás le hAer
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Scléip Shéamuis chéadna, cct., ar fonn "an
Ghearráin Bhuidhe":




Spás le haer do thrachtas féin,
dob árd mo scléip ag dul na slighe,
ó'n mBlárnain réidh gach táirdeal, féach,
go Garrán saor an Ridire fhinn;
ag diúgadh dram 's ag súgradh ban
's gach clúid is clais 'na dtigeadh linn,
dá stiúradh isteach, dá dtabhairt amach,
dá n-iomchur seal ar eachaibh groidhe.



Do bhí sáirfhear séimh im páirtse féin
ba ghrádhmhar méinn is maise is gnaoi:
Pádraig é, nár ghnáthach tréith,
gurbh fheárrde Éire a bhearta grinn;
i dtighthibh óil ag rith le ceól,
ba fhliuch ár spórt ag caitheamh dighe;
fiche ló, agus tuilleadh fós,
gan codladh ar cóir do sheasaimh sinn.



Gártha ciabh ag táinte ag fiadhach,
is dásacht cliar ar faithche luim;
ba lághach an iarracht mná go fial
ag trácht 'nár ndiaidh cois caise chaoil;
ba dheas an spórt ag teacht fé Ióseph,
mangaire óg ná hainmnighim;
is a athair fós 'nár measc san ród,
's le feartaibh Ió nár thithin í.


L. 226


Ringce is ceól istoidhche is ló,
agus aoibhneas fós gan easbaidh fuinn;
fíon is beóir, is suidhe ar gach bórd
i mbíodh a sórd ar feadh na slighe;
spuir is fuip ó tigh go tigh,
ag dul 's ag rith go malairt dighe;
coin is groigh is cothrom suilth
's i dtosach truip do chleachtaimís.



An té bhíodh lá 'nár slighe-na ag rás
badh chuimhin leis cás ár n-aingilíocht;
do bhíodh a láir go sníghte tláth,
's a chroidhe 'na lár gan angabhaidheacht;
a mhallacht tug do phearsa ar bith,
do leanfadh sinne faid na troighe;
do scar sé linn, ní raibh againn
i ndeireadh an tsuilth acht seasamh dís.



Pádraig clúmhail d'fhuil áird Ghiobúin
is áluinn ionnraic eagnaidhe,
fear láidir lúthmhar grádhmhar fiúntach,
sáith na cúige an seabhac grinn;
is Séamus seascair séimh de Barra,
laoch nách meathta gaisce is gníomh,
phoénix fleadhach gléigeal gasta;
an t-aon bheirt aca ar fad nár claoidheadh.


L. 227


Is Truagh mo Chás gach Lá




U Seán Ó Briain
Seán Ó Briain cct., ag caoineadh a mhná:




Is truagh mo chás gach lá, mo léirchreach,
go buartha cráidhte im fhánach aonair,
gan suan gan sámhacht, gan tábhacht sa tsaogal
fé ghruaim mar táim le spás gan faosamh.



Ní suarach fáth mo cháis gan bhréagnach,
do fuaras crádh do chráidh go haeibh me,
mo stuaghaire mná mo ghrádh mo chéile,
mo bhuaireamh, Máire, ar lár, mo scéal bocht.



Don bhás níorbh urus mo chlipese i n-éinfheacht,
i gcúis dá dhonacht gur goineadh an t-aenne,
máthair cúigir úir nách aosmhar,
is grianán cailce mo shleachta 's mo ghaolta.



Cuideachta mhiochair nárbh urus a thréigean,
cuideachta shuairc gan ghruaim i nÉirinn,
cuideachta an bhuill 's an tighe le chéile,
is cuideachta charthannach charad is chléire.



Tá an Nodlaig seo im dhún go cumhthach déarach
gan solus gan mheadhair, gan ghreadhan gan ghréithe,
gan cogar ná comhairleach, comhar ná caomhthach,
acht doilbheas deór, is brón is béiceach.


L. 228


Mo dhiombádh mo leannán, mo laog geal,
mo ghearán is m'uchlán go n-éagad,
mo bhean mhnámhail cheannárd am éagmais,
i gcoimeád i gclogás gan téarnamh.



Nuair bhímse istigh is duine tréith me;
is nuair bhím amuigh is fliuch mo dhéara;
suas ná síos ní gnaoi liom aonbhull,
ag uaigneas síor am shnoighe 's am thraochadh.



Níl comhursa fá'n sceól so gan méala;
's níl brón mar mo bhrón bochtsa ar aeinne;
d'iomdhaidh ar chloinn ar bhuidhin ná ar bhéithibh,
is mise atá ar lár fé dhrádh na scéalta.



Is liomsa nách nár na gártha dhéanamh;
is me thuigeann an cás ba chás a réidhteach;
'siad m'fhuireann atá 'na gábhadh is me féinidh;
's mo mhilleadh thu, a Mháire, an gháire ghléigil.



Ní chuirimse a gníomhartha i bhfighe ná a tréithe,
is fiosach don tír go cruinn an méid sin,
go raibh sí soineanta miochair glan maordha,
diadha deághathach dáilteach déarcach.



Beannacht an Tighearna Dia go dtéighidh leat,
beannacht gach diadhaire i gcliath na cléire;
beannacht na gcliar id dhiaidhse d'aon-ghuth
's mo bheannachtsa óm chliabh, cé phianais féin me.


L. 229


Fáth mo thuirse agus turus mo dhiombhádh dhíbh
mo ghrádh mo ghile mo chiste 's mo leannán grinn
fágtha i dturadh na cille fá leachtán líog
Máire an bhruinngheal de chineadh Mhic Cairteáin mhaoidhim.


L. 230


Ní Fhacasa Gadhar




An tAthair Tomás Boghailóir cct., do Sheán
Ó Ghadhra i gCorcaigh, an tan d'iarr air amhrán do
dhéanamh dho:



U Tomás Boghailéir

Ní fhacasa gadhar gan treadhmad neamh-dhúileach,
ciodh garg a madhm ar teimheal gan leasughadh luis;
bíodh acasan bladhmann tinn nách feas dúinne,
freagair don roinn, nó is cladhaire ar beartughadh thu.




Seán Ó Murchadha cct., ag gabháil a leathscéil:



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Do mheasas go deimhin, a fhir ghreadhnaigh gheal-chúmtha,
gur pearsa nach gadhar san roinn, mar bharamhlfainn,
's nách falcaire feadhlach foighdeach fanamhnach
acht scafaire roinnfios cadhain den ghlain-lionn linn.



Tomás arís:
U Tomás Boghailéir
Do canadh leis feidhm nách soillseach glanrúnach
lér mealladh mo ghreadhan 's lér leaghadh mo dheagh-
chlúmhlacht
den aicme badh teadhmach saidhbhir ciodh dealbhúsach
freagair don roinn, a chladhaire chailleamhnaigh.


L. 231


Ní Féasta mar Fhéasta Bhan



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Seán Ó Murchadha cct., lá fuar i dTigh Charraig
na bhFear, ar chontráil an tseanrann so:




Bhí féasta ag mnáibh éigin i mBaile Mhic Cuirc,
do théidhfeadh Ó Laoghaire 's a maireann dá shliocht.



Ní féasta mar fhéasta bhan Bhaile Mhic Cuirc
do bhí ag éigsibh lá aerach i gCarraig na bhFior,
acht daonnacht is féile, agus caitheamh is cion,
is féasta gan éalang ba neartmhaire ar bith.



Do bhí éil chumais éascaidh ba bhlasta dho dhigh;
do bhí saor-dhram an éinfheacht mar chaise 'na rith;
do bhí taobh tuirc is caorach is lachan againn,
is éadan breagh taeisghil den chruithneacht nár mhion.



Do bhí léistine chraorac ba lasmhaire linn
i n-aolbhrog na saesar gan sneachta ná sioc;
do bhí Shéarlas na séimhe go fairsing glan fliuch,
's a chéile bhreagh bhéasach ag tabhairt gach neith.


L. 232


B 1741 18L
A Shagairt an Deaghchroidhe




Chun an Athar Ióseph, September 1st, 1741:




A shagairt an deaghchroidhe, is glan gnaoi is méinn gan mheang,
ná tabhairse faillighe ag teacht faoim' dhéin i n-am,
ag baisteadh mo chailín, 'seadh í an séismheadh ceann;
sin scata maith bainsidhe ar feadh tighe i n-éinfheacht ann.


L. 233


B 1741c 18L
Ó's Follus an tSlighe




Domhnall, mac Uilliam an Dúna cct., do
Dhonnchadh Ó Chaoimh agus dá mhnaoi, do shúil le tideal
.i. coimeád Turnpike d'fhagháil uatha, agus fuair.
Fonn: "Inghean Uí Mhórdha".



U Domhnall Mac Cairteáin

Ó's follus an tslighe gur scaoileas féin
le sonas an tsaoighil gan suim i séadaibh,
níor scarassa fós le caradas cóir,
ó mhaireann an leómhan léigheanta,
dreagan de phór na Féinne
is faraire cródha céimneach,
Donnchadh caoin Ó Caoimh an seabhac,
ríoghfhlaith fairsing gaedhlach;
isé go suairc do luaidh liom tideal,
suas go gcuirfeadh sé me,
do thógfadh sinn ón slighe 'na bhfuilim
i gcrích 's i bhfuirm shéanmhair;
treón is taoiseach líonmhar luchtmhar,
buidheanmhar bruthmhar béasach,
seabhac d'fhuil uaibhrigh uasail chumais,
cuan is ciste d'éigsibh.



Tigheasach dáilteach grádhmar gléigeal,
díreach deaghathach, ráib na féile;
fear riartha slógh is cliar gan bhrón,
is iad 'na dheóidh gan traochadh,
le biadh agus beóir is éadach
dá riar i gcóir a chéile;


L. 234


crann bagair san tír nó ar binse an bile
is líonmhar dlighthe is daonnacht;
a chéile chaoin 's a ríogan mhilis,
maoidhim gurb ise an phoénix;
cómhmaith a táid i gcáil 's i gcumann,
páirteach uile i dtréithibh;
ní fheadar cia chífeadh dís dá gcumadh,
a ngníomh 's a nguth le chéile;
's go rugadar bárr is lár an chluiche,
ó táid go miochair d'aontoil.



Is fiosach don dáimh gurb árd do léightear
a sloinneadh go hárd i ráidhtibh Gaedhilge;
lánamha chaoin is feárr clú tighis,
's is cáirdeamhail díonmhar déarcach;
dá cholúr d'fhíorfhuil Éibhir;
dá rún croidhe na cléire;
dá bhile dhon Mhumhain i ndún an oinigh,
de chrú ghloin righthe nÉireann;
níl rí ná rófhlaith fós ná curadh
i n-eólus Inis Éilge,
budh léire leam im fhabhar, dar liom,
'ná an seabhac 's an bhruinngheal bhéasach;
tá caradas gall go leabhair aca,
tá greann is cion na nGaedheal;
is guidhimse bliadhantach iad 's a sliocht,
gan chiach go sona séanmhar.


L. 235


Is follus do mhaoidhid lucht innste scéal dar liom
gurb oscailte an tigheasach ríoghdha an féinnidh úd
oirdheirc aoibhinn saighdeach séadach subhach
Donnchadh caoin Ó Caoimh de réxfhuil Mumhan.



Péarla breagh béasach is eala cháidh chiúin
a chéile an fhlaith aerach is maise i gclár Mumhan
phoénix na féile 's na mbachall mbán bhfionn
Peig bhéasach an aeilchnis Ní Cheallacháin chlúmhail.


L. 236


B 1741 18L
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Tá Faraire Cliste




Do Mharcus Carún, an tan nár fhéadas mo
dheachmhadh cheannach uaidh. Ámh, do fuaras iar n-a tais-
beánadh so í; 1741:




Tá faraire cliste gan uireasbaidh deaghmhúinidh
ag seasamh im choinnibh nách tugann mo dheachmhadh dham,
's gur thairgeas tuilleadh agus oiread ar cheart dúinne
d'airgead tirm, dar linne, 'na ceannúchan.



Marcus an bile dfhuil bhuirb na gCarúnach
ó bhailtibh Mac Coille, bhí i gcumus 'na Barúntacht;
is anobaidh an iongnadh duine dhá nglansmúsach
do sheasamh i gcoinnibh an fhile uma dheachmhain bhig.



Ceannas is cumus is fuinneamh is fearamhlacht
ba cheartas don duine dhá ritheadh le seandúthchas,
is a thaisteal gan chogal ón gcineadh so an cheart-
chungcais,
neamhchion ar fhile aige is iongnadh an chanamhain liom.



Do bheadh fabhar ag file agus urraim ó shleacht Niúil
ghloin,
's ó Bharraigh na gcuradh tá im fhoigse na ndeaghdhúntaibh;
do mheasas nár chirte 'ná dhon bhile seo am dhearmhadsa,
's gan margadh briste bheith agam ag scaramhain ris.


L. 237


B 1741-42 18L
Is Áthasach Chímse na Tíortha




Do Chormac, mac Domhnaill Mhic Cárthaigh na
Rátha Duibhe .i. an Connsoiléir, Jany., 1741-2.



Fonn: Fair Nancy.




Is áthasach chímse na tíortha gan chiach,
ó tháinig go críochaibh a shinsir an triath,
árdfhlaith ó inse na Laoi gile aniar,
is fáilte agus míle dho aníos ó Bhaile Átha Cliath;
faraire leóghanta de mhaithibh na Fódla,
tá ceannasach comhachtach i ngradam 's i ngníomh,
den Charrathfhuil chródha, ba chalma i gcomhrac,
an seabhac nách fóltha liom 'ainm le maoidheamh.



Cormac grádhmhar Mac Cárrthaigh mo laoch
ó phortaibh na Blárnan 's ón Ráith nDuibh arís,
fear oirdheirc áluinn is láinchliste i ndlighe
is flaith oscailte dheaghathach i dtábhairne 's i dtigheas;
ciodh líonmhar a chomhachta, 's gur cuibhdhe dhó bheith
foghanta,
ar bínse 'sar cóisir, ar faithche nó ar sráid,
níl maoidheamh air is mó linn 'ná a thigheachtain ó Dhomhnall,
an taoiseach, 's an chór-bhruinngheal charthannach Cáit.



Cúpla is uaisle do bhuail liom le spás,
i bhfiúntas i bhfuaimint, i suairceas 's i sámhacht;
chúcha cé ghluaisid na sluaighte gach lá,
níor iompuigh neach uatha gan fuascailt a ghabhaidh;


L. 238


ní náireach don ríoghfhlaith, do tháinig ón dís sin,
bheith deághathach dá ríribh 's a mhaitheas do rádh,
's gur fáisceadh an míle ó'n árdfhuil nárbh íseal,
's na cáile seo dh'innseas gur cheangail don ráib.



Cúil dín na cléire na n-éigs is lucht gábhaidh,
múirnín na mbéithe fuair céim insgach n-áird,
Cúraoi na féile is na céille gan cháim,
ó Mhúscraighe na féinne 's ó Wales san mBriotáin;
is trí-fheárrde an dúthaigh a thigheacht slán don Mhúmhain,
an cíonádh glan múinte, is dé bheathasa arís,
ó chroidhe Pháris chughainne tug dlighe láidir lonnrach,
's ó chaoin-tsráidibh Lúndain do bhailigh gach gaois.



Connsoiléir dearbha deachtuighthe i ndlighe,
rogha gach tréan-taca chun seasaimh na slighe,
ó thoghais gan aon ainimh an ainnir mar mhnaoi,
a fhir mhodhmhail ghluin go mairir fé mheanmain í;
dá dtuigeadh an óigbhean, mar thuigid lucht eólais,
do gheinealach órtha agus a aithint go sámh,
ar mhaitheas na Rómha thoir ní scarfadh leat nóiment,
's dámb' acmhaing di an Fódla go raidfeadh í id
láimh.



Cormac óg, mac Domhnaill dheághathaigh ghrinn,
mac oirdheirc Eoghain ba comhachtach tásc chun tighis,
mac Cormaic Mhóir ba chomhla láidir ghroidhe,
den bhorbfhuil fhóghanta ó bhórd na Rátha Duidhe recte Duibhe.


L. 239


Ó's duine dhen dáimh sínn



B 1742c 18L



Ó's duine dhen dáimh sínn tá síos d'easbaidh na dtriath,
gan tideal i n-árd-dhlighe d'fhagháil puinn eatortha riamh,
rithfead dom gháirdín, ránn mhín glacfad mar riaghail,
is cuirfead an bháillidheacht fá thrí i n-ainm an diabhail.





Pádraig Bharain cct ag freagra don rann do cheap Seán Ó Murchadha
don bháillidheacht ar a surrender:



U Pádraig Bharain

A fhir shultmhair, is breagh an tslighe ráinghís, measaim, do
thriall,
's gach curadh dob árd puimp bláth saoigheal gradam is
riaghail
d'ar geineadh a rás Íbh, páirtidhe Adaim 's a mhian,
's a dtiocfaidh 'na dtáintíbh, má thighid, rachaid don chriaidh.



Mionnaim gur feárr ríoghacht gháirdín meacan is ciall
chun cnuta de photátaíbh fá chír chneasta do riar,
'ná cumas an dá ríghe, is tábhachtaighe raith san Innia,
's nách cluthaire shámha bhíd 'ná síol fleascaigh ar sliabh.


L. 240


U Pádraig Ó Súilleabháin
A Sheáin Ghlic



Pádraig Ó Súilleabháin cct. chun Seáin Uí Mhurchadha:



A Sheáin ghlic, bráthair grádhach Uí Mhurchadha Laighean,
is cráidhte an cás mar táid cinn uirid Mumhan tinn,
na sáirfhir áille, Cárrthaigh, fuireann bhúidh ghreadhain,
'gus táin gan áireamh báithte is curtha i gclúid doimhinn.



Is nár len áithris fáth a dtubaistiughadh, is deimhin,
's is smáilc a rádh gur fhágsad sinne is tú ar deaghailt,
gan árus bláith ná áit 'na dtiocfainn chughat treimhs,
acht Pádraig fánach, fán i n-ionad chumhang-leighis.


L. 241


B 1740-41 18L
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Iongnadh Déintear




An tan d'éaluigh Réamonn Óg de Barra, Árd
na Gaoithe, le hinghin Éamoinn Bhéardún, ó Chorcaigh,
Feb. 1st, 1740-41 do canadh so, ar fonn "Fair
Nancy":



Iongnadh déintear de scéalaibh ná maoidhim:
an bile glan aerach gur éaluigh le mnaoi;
fear cliste de phréimh chirt na saesar ó'n Traoi,
d'fhuil Ribird le laochas tug Éire fá chíos;
seabhac do ráinig go gairid i mbráithreas
le Barrach Lios gCárr thoir ceann fine na gcríoch,
's do baisteadh a mháthair de mhaithibh na Sársfhuil
do sheasaimh an báire fá bhrataigh an ríogh.



Réamonn, mac Réamoinn, an phoénix gan phuimp,
mic Éamoinn fuair céim Tighe na gCaorach gan cíos,
ná déineadh dá thréine fear paor dhíobh san tír,
ciodh daonnachtach déarcach do réidhidís lucht slighe;
níorbh annamh 'na gcóisir lucht aitis is ceólta,
eaglais, óigfhir is gasradh ghroidhe,
ag caitheamh ar bórdaibh, ó mhaidin go nóineach,
braindí agus beóir mhaith, beathuisce is fíon.



Tigheasaigh ba chlúmhail i gcúigeadh 's i gcrích;
ríghfhir de smúsach an chungcais ó'n mBrighid;
buidhean chliste chumtha, nár chúthail i mbruidhin,
ba líonmhaire congnamh dá bprionnsa 's dá rígh;


L. 242


ní machtnamh dhá réir sin, dá leanadh bean aerach
fear gasta dhen phréimh sin, 's a ghlacadh le fuinn;
's gan neamhchion i nÉirinn do thabhairt do Réamonn,
dá mbeadh aici na céadtha acht a dtairgsin cruinn.



Sáith maith mná óige mo leómhan de leacuidhe,
tá láinchliste i n-eólas gan mhórtas gan mhaoidheamh,
tábhachtach a dhóithin i mbólacht 's i maoin;
's is fearr sin ba dhóigh liom 'ná mórtas is maoidheamh;
Dia bheathasa, a shaesair, a-bhaile led chéile,
's go mairir an bhé sin do ceangladh dhíbh,
an eala dheas ghléigeal gan mhairg 'na héadan,
leanbh na féile thug taitneamh dod ghnaoi.



Ríogan an aeilchnis nár thaobhuigh an phuimp,
caoin-bhruinngheal aerach ghlan bhéasach gan teimheal;
tá a gnaoi-se mar Bhénus, nó Hélen na Traoi,
's a gníomhartha lán d'fhéile 's de dhaonnacht gan
maoidheamh;
seasaimhse tréimhse gan eagla i nÉirinn,
easbaidh ní baoghal duitse, neamhchion ná
bruidhean;
níl fearg ná traochann, beidh t'athair at éileamh,
is leathanchuid spréidhe aige dhá tairgsin díbh.



Cogadh na gcarad ní mhaireann de shíor;
de chlochaibh ná charraig nír ceapadh an croidhe;
má toghadh leat faraire meanmnach grinn
ní locht ort a ghlacadh, 's beidh t'athair dod bhuidhin;


L. 243


bí soilbhir sásta, ní donas do ráinis;
beidh an sonas id dheáidhse faid mhairfir arís;
do shoichis mac deaghathar, nách follamh a thárla;
's a chogair, céad fáilte dhon bhaile seo dhíbh!



Eilíonóir Bhéardún an bhé úd do-chím,
geilchíoch an chaol-chúim is béasamhla gnaoi;
is deise í gan bhréagnughadh 'ná aon-chúilfhionn
puinn
dá bhfeicfidhe le réasún i n-aon-chúigeadh linn.


L. 244


B 1742c 18L
U Seán Ó Briain
Dia Bheathasa Féin



Seán Ó Briain cct



Dia bheathasa féin, a shaesair chródha, chughainn
ó ghlacais an céim dá ngéilleann Cóigeadh Mumhan,
gradam na réx chun téacht 'na gcomhairle i gcúirt,
's dá dheascaibh mar scéal tá Méanart breóidhte ó'n
gcúis.



Cúis tug aiteas do mhaithibh na tíre romhat,
's is clú dhod charaid i mBanbain choidhche, a Sheóin,
ó's chughat do theangmhaig an ghairm do suidheadh le
vote,
sin triúr do leagais, go mairir le gníomh is mó.



Is mó liom féin mar scéal, le magadh dhá mbeinn,
mar gheóbhaidh le chéile Méanart, Bhailis is Hyde,
's a ngnó go léir gur léigeadh leatsa gan roinn,
a leómhain ghléigil, d'éis gach anfaidh gheibhinn.



Ó gheibhim gur ghoinis an cluiche go háthasach
i n-aghaidh gach nduine bhí i n-iomaidh an láithrigh liot,
's go ndeaghaidh do thideal go Member of Parlia-
ment,
ní moill go gcluinfead id ridire rábach tu.



Is tusa mo leómhan córach cabharthach caoin,
nach leigfeadh a chóir le treón ar domhan i ngníomh;
cluineadh an Chóig mo ghlór le fonn mo chinn,
is innisim dóibh gurbé Seón geal Couiltis mhaoidhim.


L. 245


Maoidhfeadsa choidhche, 's ní rádh gan riaghail,
gur taoiseach tu is ríghbhile i láthair triath;
go ndíonfair do mhuinntear, dob áil le Dia,
ó dligheadh dhuitse an mhíorbhurra i nÁtha Cliath.



Ba chliatha calma ó Bhreatain de chrú na ríogh
na triatha glana ó'r thaistilis chughainn tar tuinn
ba dhian-mhaith teastas, ba rabainneach clú san tír
's is fial a leanaid a gclanna gach dúthchas díobh.



Is díobh an seabhac grinn d'ainmnigheas féin cheana
do thuill go heagnaidhe geanas croidhe an tsaoghail
fhairsing,
do stríoc gach pearsa bhí ag teacht libh síos d'aeinleagadh
's ó taoi san mbaile arís eadarghuidhim Dé bheatha.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Seán Ó Briain cct., an tan fuair Seón Couiltis gairm
Ridire Párlaimint.


L. 246


B 1742 18L
Is Dóigh le Daoinibh



Do Chormac Spáinneach, an tan do thréig a bhean
's a bhaile, September 21, 1742; agus do chanadar
lucht dibhfeirge nár dhlighe dho cíos ná cáin a fhearainn
dúthchais:




Is dóigh le daoinibh, go deó nách fillfidh
an leómhan caoin dá thigh tar ais,
is fós nách cuibhdhe do feóirling cíosa
ar fód a shinsir do chur 'na ghlaic;
ní cóir a chuimhneamh d'aindeóin a ndíchill,
na comhachta is aoirde atá aige le ceart;
geóbha sé bríste, agus clóca is claidheamh air,
's beidh fógairt nimhe aige ar lucht uilc amach.



Nár fhágbha sé go bráth an saoghal
go slánaidh céad agus tuilleadh maith
bláth na saesar ón mBlárnain aolta,
noch d'fhás de phréimh na righthe sean;
ní gábhadh dhó géilleadh go bráth do bhéithibh,
nó, cá bhfuil aeinfhear do rin an bheart;
stát na laoch mear, nách mná do shaothruigh,
mo náire shaoghail muna ris do cheart.



Níor fhág sé Éire, níor ghábhadh dho a dhéanamh,
is geárr go nglaodhfaidh anois gan stad;
's beidh ráib na féile 'na pháirt mar an gcéadna,
fear láidir séimh ón Sionainn ghlan;


L. 247


má tá éileamh nó áireamh céad air,
do tháinig sé ó choir chomh cas;
ní cás a réidhteach, beidh an stát dá shaoradh,
's a lán tar 'éis ag an Munsterman.



Beidh lá dob fhéidir nárbh árd an tsaeson
bheith láimh le phoénix na gile seal;
cé tá gléire a cháirde féin
le spás dá thréigean, beid uile i gceas;
mo dhála isé sin, go bráth ní chlaonfad,
madh láidir faon mo Mhunsterman;
ní fuláir nách séanfad gur feárr liom séan air,
'ná ar a dtáini' ó thaobh na Life ar fad.



U Seán Ó Briain



An tAthair Seán Ó Briain cct:



A Ióbuis dhaoitheach, is mó mar aoir
gan ghó do laoidh don Mhunsterman,
d'órduigh cíos do, clóca is claidheamh,
is fós an bríste bhuin amach;
ba chóra dhíbhse, a lómaigh, guidhe
a sheóladh ar slighe chun fillidh ar leas;
óir ní shaoilim gur fhóbair aoinneach
le fórsa daoine chur 'na cheart.



Má tá gur thréig a stát le tréimhse,
is len ádhbhar féin do rith tar lear,
is d'fhág a chéile chráibhtheach bhéasach,
mhálla mhaordha mhiochair mhaith.


L. 248


chun gabháil le méirdrigh ghránna éithigh,
a tárr nár éar ar iomad greas,
cé áirmhim é mar Chárrthach éachtach
ó'n mBlárnain aolta ó's cuibhdhe leat.



Beidh gráin na cléire dáimhe is éigse air,
go bráth go téacht do go huis tar ais,
's na gártha léigean chun grása Dé dho
d'fhagháil go héascaidh 'sna coirthe chleacht;
beidh lá dob fhéidir mná agus méirligh
's a ráidhte claona ris gur leamh;
is ráib na féile a chás ná réidhfeadh,
ciodh árd a chéim ón Sionainn gheal.



Is fág go taodach a lán do ag géilleadh,
is táithte taobh ins san uile chean,
is spás dá éis sin gan cháin gan éiric,
ná trácht ar éileamh chuige ag teacht;
ciodh bádhach béilmhil a ndála is é sin
is geárr go séanfaidh an Munsterman
an bárd 's a dhréacht is táin den tréad
do ghrádhas a saesar anois le cleas.



Ní cháinim géaga arsa an fhéinnigh
fheárdha éachtach ag cur na gcath
acht cáile is tréithe, badh nár dá phréimh,
is cách dá shaobhadh le buile ban;
mar mhéadhaim, ní léir dho cáirde acht daoscar
dána ag déanamh uilc, is feas,


L. 249


ag crádh 's ag céasadh bhláith na mbéithe,
de phár na réx ba chliste i ngail.



Is fábhall-scéal gan áird gan chéill
an bháinchnis tséimh ón Life mheas,
's gur fánach aon tigh le fagháil i nÉirinn
gan dáil a gaolta 's a fuil don cheap;
ria mbás dá n-aomhadh grása an AeinMhic
a sáith den tsaoghal gan toirmeasc,
don stáidbhean déarcach, tásc a daonnacht
dob ádhbhal é san gcruinne ar fad.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Seán Ó Murchadha arís:




Tá comhairle Íosa ó bheól na díodhachta
im chófra scríbhte go cliste ceart,
's is córa stríocadh dhá shórd 'ná dhíbhse,
bheir fógairt aoireach ag tuilleamh breab;
is eól dam innsint, ciodh am lóma chnaoidhte,
an gnó do mhaoidhisse nách buineann leat;
do chóta Críost dil ní mór dhom staoill,
's ní sceón roimh laoidhthe dhá ghlioca fear.



Ní nár liom féin gach rádh dh'ár léighis,
níor mheadhais an béim istigh id dhearc,
ciodh cáithne caol ar chách gur léir;
ní cáil i gcléireach an friotal mear;
atáimse bréagach, nó b'fhearr dhuit éisteacht
'ná cáineadh an fhéinnigh, nách fuil id ghar,


L. 250


's gur in' árus aolta atáirse ar féasta
ag fagháil do bhéile chun scriosta a bhladh.



Sáirfhear séimh gan phlás gan phléidh,
nár chráidh an faon, 's nár bhris an lag;
nár fháisc ar ghlaodhach a lár na féile
'na cháin, ná spréidh chnuic do chur dá meas;
ná deárnaidh aon spailp dá stát le chéile,
acht dáil don éileamh ba ghoire ag teacht;
is cách ná daoradh i láthair méara,
ciodh a lán dá shaoghaltacht go bhfios dá shlad.



Ní fáth temtéisin tug spás 'nár n-éagmuis
an mál glan léigheanta so anois le seal,
acht feadha nár léir dham a n-áit i nÉirinn,
ná fághadh an géilleadh 'na thigh ba dhleacht;
go bráth ní shléachtadh dod ráidhtibh féin,
is faoim' láimh do bhéarfainn nách tiocfadh leat;
ní máighistir aeinne air, do bhárd ná Bhréanach,
is fearr, mar déarfainn, do guth ná meath.



Mo lá bocht léinse, na Cárthaigh éachtach'
ag trághadh 's ag traochadh go huile ar fad,
do bheir dánacht d'aon, dámadh pápa an té sin,
táir ná taod do chur 'na measc;
dá máiltear fhéachain nách gnáth neach daonna
gan dá locht éigin, 's gur bith é i bhflaith;
níor chás gan Saesar, ná an bárd, do dhaoradh
acht sás na béillice bhriseadh an bhreab.


L. 251


Ní báidh le séadaibh ár ngrádh don tsaorfhlaith,
is gábhadh dho féachain 'na bhille breac;
tá a lán dá éileamh, ní fuláir dho a réidhteach,
tar bárr sula dtéighe-sean go singil as;
ní mná ná méirdrigh atá 'na chaomhthacht,
acht fál dá ghaoltaibh anois len ais;
Grása an AeinMhic gach lá dhá shaoradh
ar bhás, ar bhaoghal is ar uilc na dtreabh.


L. 252


B 1743 18L
Áireamh Eachtra an Ghalair




Seán Ó Murchadha cct., iar mbeith ráithe 'na luighe
le láimh thinn, ó Jany. go Bealltaine, 1743:




Áireamh eachtra an ghalair 'nar luigheas go tréith
is cás a bhreacadh, 's is deacair damh scríobh ná léigheadh,
d'éis ráithe an earraigh do chaitheamh im luighe go léir
's mo lámh dheas agam am chealgadh thríom le péin.



Lámh na bhfeacanna ghlacadh, 's do bhíodh ar céacht;
lámh do tharraing ceart seanchais Inse Gaedheal;
lámh gach eachtra is aiste do scríobhadh ar an bhFéinn;
an lámh nár chailleadh go ndeachad don chill, a Dhé.



Tá a lán dá chanadh gur cealg ó mhnaoi rin é,
is táimse cheana dhá mhaitheamh dhi ó rinn mo chléibh;
má's mná do mharbh nó mhartaruigh daoine an tsaoghail,
ní nár dham eatortha seasamh nó suidhe lem chréim.



Níor fhág sí acmhuing im ballaibh im chroidhe ná im aéibh;
is d'fhág sí m'eagna balbh, is m'intleacht faon;
d'fhág sí laguithe leaghtha me, cuibhdheasach clé;
acht tá an Rí neartmhar do chasas arís mo ghéag.



Dá thrí leanbh do screadfadh fám' shíneadh i gcré;
's do mháithrín dearbhtha an ealta sin dlighim gurbh éacht;
ní áirmhím eatortha an bhanaltra ór shíolruigh mé;
's do bheadh mná sidhe is flatha agus caraid am chaoineadh
is éigs.


L. 253


Mo chráidhteacht tairis sin, m'anacra choidhche an scéal:
an bás ag bagairt gan aga ná righneas lae,
ná cáirde ceapaithe ó mhaidin go hoidhche am léis,
ná an áit 'na rachainn nách feadar cá slighe insa
tsaoghal.



Mo chnámha 's mo chalann don talamh ba dhlighe a gcur
fé,
go scáinte, scartha le tairbhe an tsaoighil go léir,
act áireamh saitheadh dhá n-argain, cruimhe agus daeil;
ámh, an t-anam ní fheadar arís cá dtéigheann.



Cáirde tamaill ó cheaduigh dham Rí na naomh,
's is cáirde gearra gan amharus, innsim é,
cáirde mheasaim a chaitheamh le híntinn Dé,
go cráibhtheach cneasta 'réir aitheanta Críost 's a chléir.



A pháis do thabhairt fá ndeara, 's a ghníomhartha léigheadh,
cás a cheangail, a mhasla 's a mhílte créacht,
gur fágbhadh marbh gan anam Mac díleas Dé
ar árdchrois ghairbh gan faice um a thaoibh, mo léan.



A ghrásaigh neartmhair, ná hagair san díol sin mé,
ná fá gach tarcaisne thairgis d'íoc am thaobh;
's cé tá go ndeachaidh mo pheacadh tar innsin scéal,
béad slán acht gairm ar chabhair an Trír go tréan.



A Árdfhlaith Athair, a DheaghMhic, 's a Chaoin-Spirid
Naeimh,
ó'r thál gach maitheas i bhflaitheas is tríd an saoghal,
ar lár im leabaidh, im sheasaimh, nó suidhe má néim,
bhur ngrádh go bhfanaidh im anam im chroidhe 's im béal.


L. 254


B 1743c 18L
Beannacht le Searc




Beannacht Sheáin Uí Mhurchadha chun Seáin Chláraigh,
agus Cormac Spáinneach an teachtaire:




Beannacht le searc, ciodh lag a scríobhann mo lámh,
chun seabhaic na ranna radadh i nGaoidhilg sháimh;
i seanchus sean 's i reacht na ndraoithe ndáin
do shealbhuigh barra a bhfeaca i gcríochaibh Fáil.



Braithim gur maise is meas, is maoidheamh nách nár,
le Carraig na bhFear it aice thíos mar tá,
ad chaidreabh gasta is gearra oidhche is lá,
le dalta na dtreabh ó shleasaibh Laoi na mbárc.



An tamall 'nbhur measc do chaithfe an rí-bhuinneán
glacaidh i ngradam ceana cinnte an mál;
tá eachtra bhlasta agam díbh, a Sheáin,
is gearra go bhfanfa i mbaile chinn a stáit.



Má tá anois go dtárla ár leóghan tréan,
ráib grádhmhar na Blárnan óm chomhgar féin,
tá gárda air is fearr liom 'ná comhaireamh céad,
Seán Clárach breágh deághathach Mac Domhnaill é.


L. 255


B 1744 18L
Tá an Bhliadhain seo ag Teacht



Amhrán sonn ar fonn: "Jack the Drummer",
1744:



Tá an bhliadhain seo ag teacht go díreach
mar innseadar fáidhe fionna,
ag triall go deas le síodhmannaibh
oidhche agus lá;
is iarracht treas nó trí anois
lem chuimhne-se ag lá 'le Muire
ag teacht le barra díograis
go cinnte ar an gCáisc;
is féidir a rádh go réidhfidh grása
Dé, gan chás mar thuigimse,
an chréim seo thárla ar chéile cháirdigh
Éibhir bháin 's a gheinealaigh;
cíodh fada i ngalar dubhach sínn
tá an congnamh i mbórd na hursan,
is gearra an seal a tiubharfaidhear
go n-iompuighidh an mádh.



Táid draoithe feasa is fáidhe
lucht crábhaidh agus eóluis chliste
dá ríomh le fada i bhfáisdin
go seárrfaid sliocht Eóghain;
tá scríbhinn sean dá rádh linn
gur tráth mhaith don chóip sin tilleadh
go críochaibh fearainn Fáilbhe
's a háiteamh le cóir;


L. 256


's ag innsin scéil don tír go léir
do bhíonn an réilteann luisnitheach,
le fíoch is fraoch a suidhe ar an spéir,
dá mhaoidheamh go réidhfear bruideanna;
is leathan lasmhar lonnraidhe
's is úrscaoilteach craobhach cuthaigh
a dath ag tagairt cúrsaí
na gcúinsí atá romhainn.



Tá Dia 's a Mhac 's an NaoimhSprid
chun suidhe anois i naomh-ucht Mhuire,
is iarrfaidh d'fhearta an Trír sin
go mín miochair mnámhail,
pian is peannaid dhíoghaltach
na muinntire ghéileann dise
i mbliadhna ghlanadh dhíobhsan
le díograis a ngrás;
ó's léir nach daoine dhéineann gníomh,
's gur éimthigh díobh le fada anois,
réidhfidh Críost go héascaidh an tsnaidhm
de Ghaedhealaibh críche Banban;
níl beart is fearra dhúinne
'ná a chongnamh do ghlaodhach go minic,
radfaidh neart 'nár dtrúpaibh,
is brúighfidh ár námhaid.



Tá an Eóraip uile d'aontaoibh,
an méid díobh ón Róimh a goirthear,
i gcóir gach rutha réab sinn
do léir-scaoileadh ar lár;


L. 257


leóghain chliste is tréan-flít,
is féinnidhigh ar fhód nó ar uisce,
is tógfaid cuisne cléibh dhínn,
is glaodhmaois Hurrá;
fóirfid cás na Fódla i dtráth
de dheóin an Ghrásaigh chumusaigh;
níl pórt ná páil, ná teóra ar fagháil,
dár ndóigh, nách fágfaid bristithe;
beidh an ceart 'na cheart go deó arís
nuair seólfaidhear tar láimh an cluiche,
beid cealla seascair sóghmhail síodhach,
is mór-Ghaoidhil 'na stát.



Muna dtagaidh i mBanbain aithearrach riaghail is dlighe
go hathlamh go haibidh go tapaidh i mbliadhna mhaoidhim,
níl tairbhe casadh le Sagsaibh, ní fhiadfamaois,
maithimse an tsealbh, is gabhaim le Dia mar dhíol.


L. 258


B 1744-45c 18L
Don tSéimhfhlaith Mhaiseach



Don tséimh-fhlaith mhaiseach nár cheachartha cáil riamh
puinn,
is caomhnach labhartha blasta 's is feárr ciall chinn,
féach, a theachtaire, tabhair le grádh dian croidhe
mo chéadta beannachta i n-eagar do Dháth Ciairbídhe.



Ó aos mo leanbacht as sin gur fhás liath sinn,
idir Bhéarra is Muigh Eala agus tarsna go hÁth Cliath
síos,
gé ghlaodhas i dtabhairne ar earradh ager ghnáth riamh
díol,
níor éimthigh airgead eatortha acht Dáth Ciairbídhe.



Laoch na fairsinge an faraire atá i ndiaidh an ghrinn,
ná déineann cnagaire thaisceadh ná cárt dian dighe;
é féin 's a mhaitheas go dtabhair le páirt ria n-aoighe;
sin céim tar fhearaibh an leanna age Dáth Ciairbídhe.



A laochradh thagann don chathair ó chlár Chiarraighe,
ná déinidh mearbhthall fanaidh d'bhur sáimhriar guidhim,
's an réidhteach rabainneach rathmhar is lán-lia
aoigheacht
i mBéal na Beathach do-gheabhaidh sibh Dáth Ciairbídhe.



Ní tré n-ar ghlacas de thairbhe an cháidh-fhiail fír
acht méid a aigne is feabhas a mhná i ndiaidh ar shín,
's don éigse an bairille thairg gan fagháil fiach thríd;
tar laochradh an tabhairne stadfad ar Dháth Ciairbídhe.


L. 259


A Thaidhg, nach clé chéimnigh de chlannaibh Cárthaigh,
do raghadh ag léigheadh Ghaedhilge le macaibh Dáire,
deimhnigh féin bréithre na ranna ráis seo,
's 'nbhur bhfeidhil go séimh léigim mo bheatha sláinte.


L. 260


U Mícheál Firéast
Ceathrachad Ainnir Bhláth



Mícheál Firéast cct.:



Ceathrachad ainnir bhláth mhilis mnámhail mhíonla i méinn,
is camarsach cluthar-lán fuilt go sáil síos 'na slaod,
a theachtaire shultmhair ghrádhaigh, do thuit i ndáil ghrinn im
ghaobhar,
tabhair don tSeanascál ghartha cháidh chaoin gan chlaon.



Caithbhile is aibidh lámha, i spairnn nár fríth go faon,
chun seasaimh i measc a námhad dá charaid má bhíd i mbaoghal
do sreabhadh de cheap gan cháim Chaisil cháidh, bruighean na
réx,
do chasnaimh a bhfearann stáit go neartmhar fá staoill i
réim.



Badh caoidheamhail mo ghuidhese tre bhráthair Niúil,
gur scaoileadh im shlighese a theacht slán ó phúdhair;
innsim dá gcríochnadh an bás an Fionn
le díograis go gcaoinfinnse Seán san úir.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Seán Ó Murchadha dhon chéadna cct:




Ní machtnamh liom teastas árd seascair sámh suídhte séimh
do tharrang go blasta ar Sheán, dalta dámh draoithe is
éigs;
mar leanas don lachain snámh, mar sin tá an ríoghradh ó
phréimh,
Carrathaigh fearainn Fáil gan lagadh láimhe ag síneadh
séad.


L. 261


Gasradh mhaiseach bhreágh barra is bláth sinsear Gaedheal
do tharraing ar fad ón Spáinn, flaitheas dáil ríogh-
acht is réim
níl againn dá bhflatha acht scáil seach mar táid scríobhtha
a scéil
ámh, maireann a mbladh 's a mbláth, 's is feas
innsim é.



Ar mhaithibh a maithe atá an Seanascál croidhmhear caomh
fuil Ghearailt ó MhuighEala is árd teangmhail tríd go
tréan
ar aiste gur ghabh an dá aicme b'fheárr goill is Gaedhil
's tá gastacht is gaisce is grádh is rabainn láin-líonta
im laoch.



Seabhac gan seachmall rádh, fear is feárr gnaoi agus
méinn,
Cairbreach caithmheach cáidh, breathamh breágh binn gan
bréag,
ba ghearra 's ba gheal liom lá in' aice dhá dtigheadh lem
chae
ó's eatortha ar fad atáim ag glachachán aoigheachta is
aeir.



Cuimhnigh mo dhíograis mo ghrádh 's mo rún
don mhílidh don Mhuimhneach don Chárrthach chlúmhail
don taoiseach mhear intleachtach áluinn úd
nách stríocfadh i ndlighe cheart d'Ua Dhála i gcúirt.


L. 262


Dá Maireadh mo Chaptaoin




Éamonn de Bhal cct., an tan do chaill a chapall:



U Éamonn de Bhál

Dá maireadh mo chaptaoin, m'aicíd é gan phreab,
's an ghasradh dheagh-ghnaoidheach neart-bhrígheach Aodh agus
Wat,
Staindis na nglain-ghníomh i bhfeart thíos faon gan phreab,
níor bhacach gan mharcaigheacht ag teacht síos mé 'na measc.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Iar sin do rineadh cruinniughadh dho chun capaill, acht
d'éimthigh Séamus Ó Fearghala é fá scilling.



An fear céadna cct.:



U Éamonn de Bhál

Muna mbeadh éaga na bPaorach is Staindis chroidheamhail,
is Gréagaigh na féile nár mheathta i gcoimheascar,
ní ghlaodhfainn, cé d'éimthigh an spairt a dhíol liom,
ar aeinscilling Shéamuis Uí Fhearghala.



Braobaire craosach na praisce dhíogadh,
do léighfeadh na réiltinn le gangaid chinnte;
dob fhéidir go bhféicinn tu, a sheana-rícigh,
ag spréachadh na déarca 'na rabhais roimhe seo.



A Dhé dhil, tabhair réidhteach ar a gceas don mhuinntir,
is chun déarca nár théighid sin ná i n-easbaidh choidhche,
nár éimthigh mo ghéibheann i nglas do scaoileadh,
agus léirscrios ar Shéamus Ó Fhearghala.


L. 263


Do bhéarfainn mo bhréithir gan bhladar díbhse
nár éimthigh me éinne dhem charaid timcheall,
ar aonrud den méid sin do gheallaidís dam,
acht an stéigire Séamus Ó Fearghala.



A Éinmhic, do shéimhigh ár nAthair, 'Íosa,
do céasadh d'ár saoradh-na ar pheacadh an tsinsir,
éigean is daorbhroid is easbaidh bídh is cruidh
i n-éinfheacht ar Shéamus Ó Fhearghala.



Níl éigse dhá léigheantacht i bhfearann Chrích Luirc,
do léighfeas mo dhréachta, nó ranna grinn suilt,
nách scéithfidh le géirnimh ag greadadh croidhe is cuirp
i n-éinfheacht ar Shéamus Ó Fhearghala.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

File éigin i n-aghaidh Éamuinn:



U Anaithnid

A Éamuinn, a spéice, 's a bhacaigh bhuidhe dhuibh,
gan bhéasa gan Bhéarla gan Laidion líomhtha,
ó thréigis an Péarla le spalpadh an Bhíobla,
ní paor dhuitse Séamus Ó Fearghala.



Éamonn arís:



U Éamonn de Bhál
Is bréagach don mhéirleach, do chaith an laoidh sin,
gan bhéasa gan Bhéarla gan aiste dhíreach;
fé'n gcoire ag séideadh go raibh 'anam sínte,
gan cae aige ná gaobhar dhul go flaitheas choidhche.


L. 264


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

File dháirithe i gcabhair le hÉamonn:



U Anaithnid

Mo scéal guirtse an éigse go ceasnaídhtheach,
gan éinmheas i nÉirinn ar ealadhnaibh,
le héaga na laochradh 's na ndeaghdhaoine,
tug d'éigean ort éileamh ar spailpíneach.



Léinchreach ar léibis an leath-bhríste,
d'éimthigh fá'n éinscilling thanaidhe sibh;
a shaoghaltacht nár théighidh sin chun deaghchríche;
go séidithear Séamus Ó Fearghala.



Braobaire béaldubh nach maith gníomhartha,
a Éamuinn, ná réidh ris gan breab cuibhdheasach,
nó a aoradh 's a chéasadh 's a cheart-scríobadh,
go dtraochtar leat Séamus Ó Fearghala.



Níl cléireach ná éigeas ná deagh-thigheasach
dárb léir fios a thréithe 's a bheartuidheachta,
nách déarfadh gurbh é an ceart a ghlaindíbirt
déin aonach do Shéamus Ó Fhearghala.


L. 265


B 1744-45c 18L
U Seán Ó Briain



Pobal lem Pobal



An tAthair Seán Ó Briain cct.:
B 1740 18L

Pobal lem pobal ní cosmhail ag aontsagart;
pobal maith soilbhir socharach séan-rathmhar;
pobal gan doicheall, gan dochma, dil, daonnachtach,
go hollamh fám cholainn, badh cortha, chuir stéad go
deas.



Is follus gur fonnmhar forusta féastathach
cobharthach cosantach cothuightheach céad ar bun,
pobal na n-oirbheart, oirdheirc éifeachtach,
's is obair gan obadh go molfainn an tréada-san.



An tréadsan le haoghaire is uaisle dhíobh
do réabas gach daorbhroid is cruaidh 'na mbí
beidh éigse na hÉireann dhá luadh dhe shíor
buidheachas na cléire nó an chraobh ghlas i bhféile gur
bhuaidh an bhuidhean.



Le buidhin na mbeannacht, is dearbh mo ghuidhe go
deóidh,
maoin is acmhaing is rachmus ó Rígh na gcomhacht,
mar thuill, go bhfearthar ó fhlaitheas, is ní bhus mó:
go dtighid mar aitchim go cathair ghil Íosa i nglóir.


L. 266


Glóir is measta go bhfaghthar ó Chríost mar dhuais,
d'órduigh pearsana eaglaise dhíon go buan;
a chomhairle, an aicme dho leanas, 's an dlighe tug uaidh,
is dóigh na haingil go nglacfaid go haoibhinn thuas.



Suas go tapaidh ó's feasach gur síneadh leó
luach an chapaill gan mhairg, gan mhaoidheamh, gan ghó,
ó shuathadh lathach go tairseach, 's mo bhoinn ar ród
gluaisfead eatortha im mharcach arís go fóill.



Níor éimthigh caomhthach dem dheaghmhuinntir
réidhteach géibheann gan fhaillighe dham
san nglé-phinginn déidheannach do deachtuigheadh air,
gan éin-scilling Shéamuis Uí Fhearghala.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Seán Ó Murchadha cct.:



A dhaoine maithe, fuair beannachta is dán is dréacht,
is díodhacht d'bhur dteagasc le caithis gan táir ná
taod,
i ndíol an chapaill ó'n sagart nglan gcráibhtheach
gcaomh
guidhidh a thairbhe thabhairt dó is conách a shéin.



Gan ríceach ragairne, shnapfadh ná thiomáinfeadh é,
do thuidheacht in' aice, ná bradaire ráis ná réic;
gan tuinn dá bhascadh, ná a thrascairt i mbeárnain
bhaoghail,
ná choidhche a mharcach do scaradh leis lá fá léan.


L. 267


Maoidhidh an mhaise 's an tairbhe atá 'na thaobh:
an naoidhean do bhaisteadh, 's lucht galair do thárthadh i
gcéin;
istoidhche, am eadartha, ar maidin 's i meadhán an lae,
is ríochtnas marcach is capall dá gcáil araon.



Bíodh fhios agaibh nach tarcuisneach táini' an stéad,
's nách díon ná daingean air balla ná fál ná féith;
de bhraoid Bhun Raite dhó, an eachradh b'fheárr fá'n spéir,
's tá mín mear meanmnach, taithiceach tábhachtach tréan.



Tréan nó tais mín 'seadh mhaoidhim ráib na ród,
gan bhéim gan bhacaighe i n-eanaighibh táisc nó tóir,
éascaidh, mearchroidheach maithghníomhach, ceáfrach cóir,
's d'ár bhféachain taithigheann teacht faoi lán an tseóil.


L. 268


U Éamonn de Bhál
Is Créacht-ghonta d'Éigsibh



Éamonn de Bhál cct.:



Is créacht-ghonta d'éigsibh i gcrích ghluis Airt
Éamonn, an Paorach, 'na luighe go lag;
do traochadh do caochadh le caoidh mo dhearc,
is phoénix na féile, mo scíos gan phreab.



Preabaire mear meanmnach nár staon i dtreas;
faraire glan carthannach dob fhéile dreach;
seabhac neartmhar d'ara dfhuil na bPaorach mear;
is danaid liom fá ghairbhlic i gcré thu, a fhlaith.



Níl flaith ná triath i n-iathaibh críoch Fódla,
dá fheabhus iad, nár hiadhadh do ghaoil leósan;
mo chreach, mo chiach, mo phian, mo mhíochóthrom,
nár fhanais le liaithe acht iagadh i n-aois t'óige.



Óigfhear láidir grádhmhar ciallmhar clúmhail,
treón gan tlás le námhaid mar fhiannaibh Cumhail,
cródha cráibhtheach, áluinn fial gan smúit,
mo bhrón, mo chás, mo chrádh, mo phian tu i n-úir.



San úir is díth an tsaoi seo léigheas im dhán;
ughdar binn de phrímh na bPaorach árd;
badh chlú dhon tír dá dtigheadh i n-aos mar d'fhás;
is dubhach do chríochaibh Cuinn go léir a bhás.


L. 269


Bás corpardha mo lonna-bhile thraoch mo dhearc,
is d'fhág osnadh istigh i dtobaraibh mo chléibh gan smacht,
mná corcardha go docharach ag pléascadh a mbas,
is d'fhás doircheacht gan lonnardhacht ar phoébus
feacht.



Le feacht atáim go tráighte déarach duairc,
ó leag an bás mo ghrádh geal faon san uaigh,
fear dob fheárr i gcáil 's i dtréithibh suadh
ní raibh le spás i n-áitreabh Éibhir mhuair.



Is muar an scíos, an díth, an léan 's an chreach
d'uaislibh Gaoidheal an ríoghfhlaith faon san bhfeart;
do chuala Clíodhna ag caoidh 's ag pléascadh a bas
nuair fuair fís gur chlaoidh an t-éag mo ghas.



Gas nár chas an fhlaith badh daonnachtamhail;
fear mar Dhailc i dtreas nár thréine an tonn;
fear i meas nách maithfeadh éata i gclú
don fhear do cheap, do chleacht an fhéile ar dtúis.



Ar dtúis is díth liom caoidh do mháthar maith,
's is pudhair lem chroidhe do ghaolta ag tál a
ndearc;
atá an tSiúir 's an Bhrighid, an Laoi 's an Mháigh gan
bhreac,
's do bhrúcht an Daoil tar líne ód bhás, a fhlaith.



Flaith gan dochma gan doicheall gan chlaon gan cháim;
flaith do bhochtaibh dob oscailte, is réidheadh a ngábhadh;
flaith rin fortacht dom ghonaibh i n-éigean bháis;
is creach go follus don ollamh 's don chléir thu ar lár.


L. 270


Ar lár is díth don tír go léir thu i gcriaidh,
's na sáirfhir ghroidhe, do ghaolta, tréith id dhiaidh
Cárthaigh Laoi 's gach ríoghfhlaith tréinmhear thiar;
do bhás is fíor gur chlaoidh go léir mo chiall.



Mo chiall do chailleas ó trascradh faon tu i n-úir,
a thriath gan ghangaid, i dtreasaibh nár staon ar gcúl,
iarraim, aitchim ar fheartaibh Mhic Dé na ndúl,
gan phian gan pheacadh go flaitheas na naomh do thabhairt.




Sirim ort, a charaid ionmhuin, fíreólach i dtréithibh aerdha
na suadh rud beag ded chomaoine do chur ris an scríbhinn seo,
óir is duine uasal fíormhaith an t-ógánach. Inneósaidh an
taibhileóir a thréithe dhuit; dearbhráthair do Phiaras mac
Bháitéir. Má'sé do thoil an conachlann so do dhúnadh,
béarfadsa, agus cách uile, a bhuidheachas leat; agus má
chuireann tú aenní leis, chuir chugham é leis an dteachtaire
gcéadna; óir is mé do sheirbhíseach díleas biothbhuan go
bruinne an bhrátha .i. Éamonn de Bhál.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Freagra Sheáin:




Um thabhairt an tseabhaic chun tailimh do sáruigheadh
mé,
le liúighreacht anabaidh ag banna de mhnáibh sidhe im
ghaobhar;
an chúis níor dheacair dham 'aithne, fáríor géar,
i n-úir gur theangmhaig an t-adhbhar fá'r crádhadh
croidhe Gaedheal.


L. 271


Táid Gaedhil, ní taise dho ghallaibh, i ndiaidh a bháis,
ag éigheamh gan lagadh 's ag screadaigh, ní riabhach an
fáth,
an Paorach pearsanta ceannusach cliarach cáidh,
cá scéal is measa 'ná claistin imbliadhna a thásc.



Tásc do thraoch an méid do chluineas an sceól;
tásc do chéas an chléir le sileadh na ndeór;
tásc tug éigs gan éifeacht cruinnis 'na gcomhad;
an tásc tug déarcaigh Dé gan ionad 'na ngeóbhaid.



Cá ngeóbhadh anois an sulth ná an eagnaidheacht shéimh,
an chródhacht ghlic ná an chlisteacht ghasta ghrinn ghlé,
an t-eolas dil ná an friotal geanmnaidhe géar,
fé bhórd na lice ó luigh an fear ba ghroidhe méinn.



Méinn mhaith an fhéinnigh ba cheannsa gnaoi
dá saoghladh feadh tréimhse budh teann don tír;
do léirchuir an taobh so gan mheabhair gan bhrígh
Éamon faoi chré dhul gan am gan aois.



Gan aosmhuire, is méala le mílte fear
a thréithe 's a bhréithre 's a bhrígh nirt mhaith,
éifeacht a chéille ba ríoghdha reacht,
is créachtghonta a éagmais i gcrích ghluis Airt.
ut supra




A charaid ionmhuin,
ba fuighleach forbháilteach liom do theachtaireacht


L. 272


theachtaireacht, maille re n-a teacht uaitse; acht is doiligh
díoghbhálach bás an uasal-Phaoraigh oirdheirc fhíormhaith sin do
chailleamair. Agus dámadh mhaith mise chun éagcaoineadh ná
iarghnó do chur i n-éifeacht ná i n-oireamhain dó, go deimhin badh
ró-mheasa liom ar a dhíth agus ar a dhíoghbháil-sean é, 'ná ar
chúram mo chodasa dhe. Acht cuimhnighim ar an sean-árasc
.i. is lór ó dhuine a dhícheall; agus má tá bacaighe ná stad-
aighe ar na ceathramhnaibh beaga so, aitchim ort do theanga
líomhtha láinghéar do chuimil díobh, agus go mbeid gan bhéim
dá éis. Bíodh a fhiadhnaise agus a fhinné sin ar Shéamus Ua
Fhearghala do hoileadh go déidheannach san deaghdhán. Cuirim
seascad seanbheannacht chughat, agus creid, gur mé do
shearbhfóntuidhe, agus do dhuine dil diongbhála féin .i. Seán
Ó Murchadha.


L. 273


A Thaidhg, a Chumainn




Seán Ó Murchadha cct., chun Taidhg Uí Shíodhcháin
.i. Gabhann:




A Thaidhg, a chumainn, a churadh 's a bhráthair gaoil,
do raghad i n-iomaidh le Vulcan i gceárd na gclaidheamh,
faghairt is fulang, le cumas is dásacht faoibhir,
faghaim go gcuirfir le fuinneamh san rámhainn seo reidhg.



Níl coill ná cluthar ná tulaigh ná tráigh ná tuinn,
níl faill ná cumar ná curradh nách rásfaidh sí;
acht Tadhg dá cumadh go fonnmhar fáthach fíor,
do raghainn le hOscar i n-iomaidh na rámhainne rín.


L. 274


A Chumainn mo Chléibh




An fear céadna cct., chun an Athar Dáibhí Uí Bhruadair:




A chumainn mo chléibh, 's a chléirigh cheannasaigh chaoin,
dá dtugas go héascaidh géilleadh is geanas mo chroidhe
dod chuma, dhod chéill, dod mhéinn, dod mhaise dhod
ghnaoi
dod thiomargadh a saothar éigse is acmhuinge i
ndíodhacht.



Díodhacht is dán binn, deárscnaigheacht, eagna
réil,
is gaois gan fagháil tsíos, fáidhíocht fabhar is féith
ríogh na scoláirí, Dáibhí, is gasta scríobhadh dréacht
's is díleas tárlaís dá shíol greanta is dá ghaol.



Gaol ná caraid ní fhaca badh mó le rádh,
i nÉirinn fhairsing beidh a ainm go deó go hárd;
dá éis 'na bheathaidh tá aithghein an leóghain san dán,
is i dtréithibh sagairt is dearbhtha, is dóigh liom Dáth.



Do Dháth, a theachtaire, tabhairse thiar 'na dhóid
grádh ceart mh'anma, i n-eagar nách fiadfaidh feódh;
mná gan faice ní thairgfead iad dom leóghan,
ó tá sé i gceangal le Banaltrain Dia na gcomhacht.


L. 275


Táid Dís de Mhnáibh



U Anaithnid

Duine éigin cct:




Táid dís de mhnáibh san áit seo cheileann a ngnúis;
mar chíd 'na ndáil ag trácht me teichid 'na gcúil;
ní maoidhteach d'fháidh a gcáineadh, acht beirid ar siubhal
i gcríochaibh Fáil na báird mar deirim a gclú.



Ar chlú ó chléir is éigse meas ní bhí
ag cúpla bé, dá ndéinim feacht an laoidh;
'na gcionnta is baoghal nach saoraim fear gach tighe,
tug cúis a n-aortha is séanta am bhain dem shlighe.



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Aguisín:



Ní slighe chun oinigh do dhuine ler mhéinn bheith fial
aoidh ná iongnadh ghuirm ná ghlaodhach 'na dhiaidh,
i bhfighe go gcuireadh ar mhisde le a chéile thriall,
ó's daoine muice le a gcuirid a mbéithe srian.


L. 276


Srian le fearaibh ní mheasaim gur chóir dho mhnáibh;
ní hiad a glacthar mar thacha le comhar ná cáin;
badh riaghail a gcartadh as an gcarcair, nó a bhfógra ag
báird,
's 'na dhiaidh i bhfalach ní rachaid go deó 'na dheaidh.



I ndeáidh an ghnímh a chítear go follus don chléir,
cás na díse rinn-bhean so chloisid an éigs;
ag gabháil na slighe má bhím, ní shoichfead 'na ngaobhar,
ó tá 'na gcroidhe gur líon an doicheall go léir.



Is léir bheas teastas a samhail dom dhóchassa
ag éigs na Banba, ag bacaigh 's ag geóchachaibh,
má théid chun falaigh a ganfhios 'na seomra istigh
le héigean airce roimh shagart na bparóistithe.


L. 277


Nach Danaid libh, a Ghasradh



Nach danaid libh, a ghasradh na mbriathar ngreinn
an easmailte seo tagradh le Cian mac Taidhg
ag caile cuthaigh barbartha gan bhiadh gan mheadhair?
do mhalluigh ise an eaglais, gan Dia dhá leigheas.



Níl leigheas ar bhearta an tsaoighil, is fada sinn ar
anáird riú;
tá deighshliocht Chlanna Míleadh ar feadh na dtíortha ar
seachrán siubhail;
is cladhaireacht spadairí ag teacht ag suidhe 'na gceart-
stát súd,
tug teimheal ar easmailtíbh ag Caitilín Gogán chughat.



Chughat dá dtagadh a samhail lem chuimhne féin,
a chrú na bhflathadh nár cheachartha croidhe fá'n saoghal,
is trú ná tarcaisne dhod mhadra smaoineamh léi,
bheadh sconnsa caile aget athair dá cíoradh ar cae.



Níl cae gan ise do scriosadh le canamhain rann,
an chléir ó bhuineadar cluig uirthi is mallughadh ceall;
an méid do chruinnigh den uisce dhá bhailiughadh i
mbangc,
is léir go rithfidh mar thuile gan fhadughadh ann.



An scéal do cheapais, a mhadra mhíonáirigh,
duit féin a meastar a mhasla, arú, a mhíolánaigh,
is éitheach dearg a ceapadh go míoghrásach;
an éigs 's an eaglais bainfid 'na dhíol sásamh.


L. 278


Sásaimh Dia agus Cian Ó Mathghamhna
a rásta riabhaigh tá riamh go cailleamhnach
níl náire id chliabh ná ciall na banamhlacht
is gráin na gcliar id dhiaidh, a straip thútach.



DEIREADH AN LEABHAIR SONN


L. 279


B 1738 18L
Is Ciach 's is Orchra




Ar bhás Liam Ruaidh Mac Coitir, d'éag Iúl, 1738




Is ciach 's is orchra cloistin an scéil 'na labhairt
'S is cian an donus gan fortacht go héag don ghreann,
Triall an tsoilbhfhir fhoirtill i gcré go fann,
Liam Mac Coitir, d'fhúig goirtighthe an Éigs gan cheann.



Ba ghrianmhar toradh, do b'oscailte féith ar feabhus,
'S gach riaghail dá dhoirche b'fhollus go léigheadh gan leabhar,
An fiannach fosaidh nár choigil a léigheann ar dhall,
'S i ndiaidh ar thoirbhir ba shrotha tiugha tréithe an tseabhaic.



Ciall is foirtille forus is féile ar geall,
Is diadhacht sholusmhar shoirbh-ghlan ghle nár ghann,
Briathra sochma gan dochte 'na mhéinn ná meang,
Riamh do chothuigh ó foilceadh le cléir a cheann.



Bíodh a fhiadhnuise orm gur bh'oirdhearc réim a rann,
Go rianadh noda 's go mbogadh gach dréacht gan bheann,
Go riaradh doladh gan doice le féile acht fabhar,
I mBriach 'na chodladh mo dhochar mar scéal a shamhail.



Tá an bhliadhain seo doithimh le golfhairt, ní héigheamh gan
adhbhar;
Táid triatha toghtha, táid ollaimh is cléir, gan mheabhair;
Ní'l trian na dtortha go cothrom ar caodh ná ar crann
Um Liam Mac Coitir do choigilt fá chré na gceall.


L. 280


Tá an ghrian gan solus, do dhoirchigh rae agus rann,
Táid fiaidh gan foscadh, ní chodlaid na héin le treall,
Ní'l iath gan osnadh, ní shosaidh na héisc ar abhainn,
I gcriaidh fé chlochaibh ó's foluighthe faon a ngreann.



Tá iarsma orainn ná coiscfidh go héag dár rangc:
Ní'l triath dá fhoirbhtheacht, ollamh ná éigs dá fheabhus,
Nach iad do toghthar ar dtosach gan féachaint d'am;
Is í an iarracht dhona so lomair go léir an ball.



Niadh de bhorbfhuil Lochlann laochta anall
Ba dhian i gcogadh 's ba thogarthach tréan is teann;
'S 'na dhiaidh do foilceadh a folaibh na Saesar seang:
Niall is Conaire, Conall is Éibhear Feann.



Grian na nOllamh is polladh gan chlaon gan cham,
Ár sciath ba cholgach cosnamh i saothar peann;
A Dhia, do crochadh 'nár n-olcaibh le chéile ar chrann,
Beir Liam it fhochair is cosain duit féin ón namhaid.



Dá mbádh dhúthchus don dúir-lic seo tuigsint an scéil
Is cáil ionnraic an ughdair do chluineadh 's do léigheadh,
Ar lán dúithche uile d'ionnmhus ní choingheabhadh é,
Is dáimh Mumhan i gcumhangrach gan breitheamh dá éis.


L. 281


Searbh an Dáil, a Bháis



B 1754 18L



Searbh an dáil, a bháis a chréice chrín,
earagain áir na lámh do léirigh sinn;
gé cailleadh a lán dár bhfaidhibh géara grinn
as aindeise Seaghán geal Clárach d'éis bhaint dínn.



Nach mairg, a cháirde grádhacha, an scéal le ríomh;
caithis ag bás ar ghráisc is éigs dá gclaoidhe;
leagadh thar cách an tsáirfhir ghléigil ghroidhe
as dearbh gur thráigh an dáimh le saoghal na saoighal.



Rannaire rábach cráibhtheach caomhnach caoin
as leathbhriste d'fhágaibh árdfhuil Éibhir Fhinn;
chleachtamair sádhaile sámhacht is scléip le a linn;
m'anacra an lá fuair bás, cad déanfaimíd?



An' fharraidh ba lánmhar ceárda is dréachta draoi,
canamhain bhádhach is ráidhte réidhe nár righin,
deachtadh glan sámh ar dhán go gcéill is gaois;
ó leagadh a máighistir táid go léir gan bhrígh.



M'eachtradh cásmhar, áirmheadh éacht arís!
Ná maireann den dáimh acht fánaigh léighte laoidhe;
a bheatha ná a bhás ná a cháil nach léir dár laighead;
is measa mar atá, 's gur gearr bheas éinneach dhíobh.


L. 282


Leagaithe ar lár, trém lár-sa théid an gníomh,
leanamhain ársadh grádhmhar Gaedhealach grinn,
seabhac na sáimhe, sás na scéal do scríobhadh
i Laidin go breagh, i mBéarla nó i nGréigis ghlinn.



Pearsa ghlan ghrádhmhar, fáthach faobhrach fíor,
do thaistil d'fhuil deágh-aithreach deághthach déanta
Gaoidheal,
Do sheasaimh dhon dáimh, 's ar scáith a scéithe bhí,
mar a rachadh i n-áirde cág ar ghéagaibh crainn.



Do screadadar mná cois Máighe, cois Féile, is Laoi;
is tá ainnir le spás ag gárthaigh ar léathchraig aoird;
i nEamhain, i Nás 's in' árus séiseach sídhe,
Ní stadaid ar áis ó's fágtha a gcéile i gcill.



Cia bheartfas i gcás ár gcás go héag arís,
nó bhreacfas do chách cá cáil nó gné dhon rígh?
le Danair cia is fál, gan fán dá n-aoradh ó chroidhe,
Ar dteastamhain tSeagháin ghil Chláraigh chéadna ón dtír?



Cia cheapfas an dán go dána ar Éirinn aoird
d'atharrach mádha nó chárta an tséin má thigheann,
nó rachas in' árach fáilte an scéil do scríobhadh,
ó chailleamair Seaghán i meadhán a shaoghail, fóríor?



Stadfad, cé d'fhágas bláth an scéil gan ríomh,
Ó's taca gan tábhacht me i mbeárnain bhaoghail chun gnímh;
Acht aitchim an tÁrdmhac, tháinigh ó phéinn an chrainn,
dá thearmonn fá n-a ghrásaibh féin 'na Ríoghacht.


L. 283


An Ceangal



Go bráth is truagh, i bhfuarchuilt gan cheól gan chlár
Grádh na suadh suaimhneasach seólta sámh;
Mo chás, fé chluais chruaidhlice ar feódh gan fagháil,
Seághan suairc, d'uaislibh Mhac Dhomhnaill d'fhás.



D'fhás an seabhac groidhe, an tan do bhí i nÉirinn beó,
i ngrádh 's i n-eagnadhacht ghasta ghrinn ghéir gan ghó,
I ráidhtibh blasta binn seanchuidheacht, céille, is cómhaid;
mo lanchreach fhada, fí leacaibh thíos faon a shórd!



A shórd is deacair d'fhagháil feasta i gclár Chríche Néill,
i n-eólus sanusán seascair sámh, suim mo scéil;
Tórna is Clanna an Bháird is fear na ndán ndíodhacht
do ghléas
dóibh ní mhaithfadh ás, d'aithle an cháis aoird, gur éag.



Éag an eóluidhe mhórchroidhigh bhéasaigh bhúidh
do thraoch go deó arís, fóríor, gléire ár gclú,
an laoch ba chóraighe clódh gnaoi is méinn san Mhumhain;
is béas i gcomhnuidhe, a shórd bíd traochta ar dtúis.



Ní túis ná foirceann do dhonusaibh Inse Fáil:
ní'l súgradh sochma ná oirfideach innti ar áird;
ní'l ughdar foirtill ná cothuightheach cinn ar clár,
nach siúd fé chlochaibh chun codlata síos g-o b-r-á-th.



An Feart-laoidh



Tá sonn tíos fá'n trom-lig gan anam ar lár
cabharthuidhe ba bhronntaighe an feadh sheasaimh i dtábhacht,
togha draoi agus rogha saoi fuair gradam is grádh;
's is lom sinn gan fonn grinn ó chailleamair Seaghán!


L. 284


B 1724 18T
Is Cumha 's is ceas



Ar bhás Liam Mac Cairteáin an Dúna, d'éag Samhain, 1724,
ar an gCloich Fhada, i bparóiste an Teampuill Ghil, le has
Chorcaighe.




Is cumha 's is ceas don Mhumhain go feas,
gan subhchas gean ná gáire,
an sceól do fríth go nódh lem thaoibh,
do bhreóidh mo chroidhese trácht air:
file agus flaith do thuitim 'nár measc,
do chiorrbhuigh ar fad mo shláinte;
thug osnadh agus liach go hobann fém chliabh
a choigilt gan sians i bhfásach.



Ár ngreann do mheath, ár meabhair do mheasc;
ní'l teann ag neach dár gcáirdibh;
ní'l soilse i ngréin, ní'l taidhbhse i spéir,
ní'l aibhne féin 'na lánruith;
ní'l sugradh i bhflaith, ní'l curadh gan cnead;
ní'l tulach ná teach ar áitreabh;
i dturradh fá líg, ó cuireadh i gcill
a n-ursa i ngach gníomh ba thábhachtach.



Tá éiclips dubha ar an ngréin le cumha;
táid faolchoin tsiubhail gan sláinte;
táid mná sidhe Fódla fá scíos breóidhte
le hárdchaoidh deór is gártha;
do mheathadar crainn gan eascar i gcoill;
tá an fhairrge síor ag trághchant;
is níorbh' iongnadh mhór dá gcritheadh an Eóraip
uile le geóin ár gcáis-na.


L. 285


Tá cuisne agus ceó ag tuitim gach ló
le fuinneamh tré bhrón go hádhbhal,
is Múscraighe fann gan súgraidheacht ann,
's is dúrchroidheach dall ár bhfáidhe;
tá uaigneas síor, gan luadhchant grinn,
i dtuaith 's i gcill mo lánchreach;
tá an donus go léir 'nár bhfogus go héag,
ní'l cothrom ná réim 'nár bhfádhbhar.



Tásc an mhílidh ghrádhmhair ghrinn
do chráidh mo chroidhese i bpáis bhocht,
's a chosmhalacht féin nách follus tar a éis
le moladh i gcéim 's i gcáilibh;
posta na hÉigse nár thogair bheith claon,
is Solamh i gcéill gur sháruigh;
ughdar tréitheach clúmhail caomhnach,
's prionnsa séimh na bhfáidhe.



Le gaisce is le lúth an Bhanba shiubhail,
's i dtreasaibh gach clú do ráinig;
marcach na ruag i nEachdhruim thuaidh,
mar Aicil, do bhuaidh an bárr leis;
's is follus san mBóinn 's i Luimneach fós
go ngoineadh gan teóra a námhaid;
gaiscidheach tréitheach mear-chroidheach éachtach
is daithníd d'Éirinn lánlag.



Do Charraig na bFear is leathan an chreach,
gan seascaireacht beart 'na ngnáthamh,
gan greann gan sians, gan meabhair gan chiall,
gan labhairt i riaghail dáimhe;
gan spórt le maoidheamh, gan ceól dá shníomh,
gan eólus puinn le háireamh,
is na nidhthe seo i gclódh, agus iomad maill' leó,
go cunnail i gcomhrainn chláraigh!


L. 286


San dTeampoll Geal go fann i bhfeart,
mo channtlamh lag, an sáir-fhear;
árdchraobh ríoghdha bhreágh shéimh líomhtha
d'fhág fé scíos na táinte;
Fialfhlaith cheannárd, gliadhaire dreachshámh,
ar Liam Mac Cairteáin tráchtaim,
fear soineanta séimh urramach tréan,
is curata réidheadh gach beárna.



Dragan búch binn de Chlannaibh Rudhraighe
Ba mhaiseach clú i dtigheas 's i dtábhairne;
is léir ag ollamhnaibh éigs' gan doircheacht
a ghaol le Conall glic Ceárnach,
do choscaradh cinn i ngoradh na gclaidheamh,
is do tholgadh naímhid le láimhneart;
níor dhúnta riamh do dhún a Liam:
sin clú na gcliar ar lár leis.



Réiltean tsolusta an Phoénics oirdheirc
i gcré do bhochtaibh is lánchreach;
thar ollamhain Fáil do chosnaimh an bárr;
costus is conách do ghnáthuigh,
is bheith deaghthach súgach fáilteach fiúntach
grádhach ler ionnsaigh a árus;
M'uchlán dubhach, mo dhiombádh cumhadh,
ní'l coinghbháil clú ná sámhacht linn!


L. 287


Is nár fágbhadh fuigheall dáimh ná draoi
ná d'fháidhibh grinn, cé cráidhte,
dhon phearsain bhí léigheanta i Laidin 's i nGaedhilg
's i dteangain an Bhéarla thábhachtaigh,
's do b'eagnaighe i bhfeallsamh gasta caoin ceannsa,
mo scalladh nimhe a cheann fé láinlic,
dob fhearrade ghníomhartha, ní'l againn len' innsint,
cé dainid, acht guidhe go hárd leat.



Is, mo bheannacht-sa shíor go ndeacha chun saoirse
d'fharaire an chroidhe dhil dhána,
chun Parrathuis Chríost le hanam an taoisigh,
mheanmnaigh bhríoghmhair bhreágh ghluin;
athair Mhic Dé is na haspuil go léir,
aingil is naéimh le gáirdeas,
dá ghlacadh 'na gcaomhacht go haibidh gan éaradh;
is canaidh go léir leis: Ámen.



An Ceangal
Fé liagán lice, mo mhilleadh thu, ar beagán slighe,
An triath bhreágh shnuidhte d'fhuil righte ba cheannárd
gníomh,
fial-fháidh mhilis do b'fhile 's ba leannán grinn,
Liam cáidh cliste de chineadh Mhic Cairteáin mhaoidhim.



Is ciach d'ár bhfuirinn a thuitim ar beagán slighe!
is liach 'nár gcroidhthibh go huile a dhul fá líg!
is biadán silthe do lucht binnis, 's is diombádh a dhíth!
is 'na dhiaidh cá bhfuilid acht leinbh is lucht phláis aoird?



Trian ár gcumuis is fuinneamh ár lag-láimhe an tsaoi,
's is cian tráth rithfeadh dá dtuiginn a cheartcháil cruinn,
grianráib tuigsionach soineanta cruthcháidh caoin,
is Dia dhár bhfurtacht ó's finis dár lucht dáimh grinn.


L. 288


Adamhaim díbh, a dhaoine, is tuigidh chughaibhse,
Nach gasta me ag caoineadh thaoisigh mhiochair mhúinte;
is ní d'easbhaidh nár chroidhe liom dícheall snuidhte
a chúrsa,
Acht a mhaitheas go glinn ná scríobhfadh iomad ughdar.


L. 289


B 1739 18L
Is Tinn an Tásc



Ar bhás an Athar Conchubhar Mac Cairteáin, Sagart
Paróiste Ghleanna Maghair, do fuair bás i Mí na Samhna san
mbliadhain 1737



Is tinn an tásc an t-áireamh déidheannach
dá luadh go follus ón bpobal go chéile,
bás an tsagairt dob'fhada 'nár gcaomhthacht;
cúis nárbh'iongantach iomad fé mhéala.



An té ba chomhursa dhóibh le tréimhse,
fé chóta Chríost ag guidhe ar a ngaoltaibh,
ghá dtreórughadh trí gach slighe chun Dé ghil
's ag leasughadh lochta na ndronga bhíodh taomach.



An té do theagaisc, gan mearathal téacsa,
go miochair sínn gan duibheacht gan daorsmacht,
go ceannsa ciallmhar diadha i mbréithribh,
mo shileadh deór fén bhfód an Phoénics!



Lonnradh soluis an phobail le chéile,
a gclú 's a gcothrom 's a sonus i n-éinfheacht
a gcomhairleach cruinn i ndlighe 's i naomhthacht,
a riarthóir soilbhir socair glan séanmhar.



Do bhí sé eagnaidhe geanmnaidhe géilleach;
do bhí sé grádhmhar cráibhtheach caomhnach;
do bhí sé fileata fuinneamhach faobhrach;
is do bhí sé measardha ar mhaithibh na hÉireann.


L. 290


Ba dheacair seasamh i mbeartaibh an léighinn leis;
do bhí sé feasach i Laidin 's i nGréigis;
do bhí sé cliste chun tuigsiona an Bhéarla,
Frainncis, feallsamh, Eabhradh is Gaedhilg.



Do bhí sé in'fhile chomh milis le héinne
ins na teangthaibh do mheabhruigh le chéile,
'na dhiadhaire 'na liaigh is 'na chléireach
's 'na dhíospóir creidimh le heiricigh thréana.



Seabhac gan dochma agus tobar na dtréithe
is eóluidhe breágh fóirlíonta léigheanta
do chuaidh san iúl tar Niúl mac Fénius,
is do shealbhuigh clú na múses maordha.



Níor stíobhart gann fén dTeannrígh é againn,
's A dhlighe níor scrúd le cumhangrach céime;
Ní adhradh ruire seoch duine gan éanrud:
riaghail do ghráidh Mac Mháire, b'fhéidir.



Do bhí a aigne coin gan bhruighin gan bhréagnadh;
do bhí a bhearta 's a ghnaoi gan phuimp gan éalaing;
do bhíodh a aire 's a ghuidhe chun Críost feadh a shaoghail;
's do bhí a mhéinn 's a chroidhe 's a ghníomh dá réir sin.



Ní thug tarcuisne d'anabhfann éidriocht;
ní thug guilmne dho dhuine dhá thréadtha;
ní thug scannail ná scathamh fé éinne,
is ní iarradh tuilleadh acht an tuilleamh do dhéanadh.


L. 291


Mo lomadh 's mo lom-sa, an crobhaire béasach
do bheireadh dham leabhair is cabhair chun dréachta,
do radadh dham airgead leathanchuid ghléigeal,
is do cheannuigheadh dán chomh hárd le héinne!



Bha mhinic 'na dhún me súgach saor leis;
is ní hurus liom siubhal go Cúil in' éaghmuis;
ochón! le dobrón an scéil sin:
i dTeampoll Uisce fé chlochaibh an réiltean.



Cér ghnáth mo ghnó dhen leógan léidmheach,
pinginn go deó níor thóg in' éiric;
má mholann gach fáidh an t-áth mar ghéabhaidh,
ní milleán ormsa an moladh so dhéanamh.



Créad ná caoinfinn saoi dhá thréithibh,
is a chaoineadh go dhícheallach déarach,
's a chaoineadh go scíosmhar le héigheamh guil,
is a chaoineadh le cuimhne go n-éagfad?



Sagart uasal stuamdha séimh glan
ó Ghleann Maghair 'nar binn guth éanlaith,
ó Charraig na bhFear na bhflaith is na bhféinneach,
is ó gach baile 'na n-aice seo adéarfainn.



Is uaigneach snódh na gcomhgar taobh linn
i ndiaidh Chonchubhair, mac Chonchubhair an chaomhfhlaith,
Mac Cairteáin na n-each láidir léimeach;
fear fulláin ón Easpáinn do phréamhuigh.



Do rugadh an bile d'fhuil righte na hÉamhna
is do thriall chun baile de Chlanna Mhilésius,
san gCúige Ollta ba chabhair ghlan d'éigse
clanna Rudhraighe ór túismhigheadh é agaibh.


L. 292


Mar a mbíodh filidhe ar coinmhidhe is éigse;
mar a mbíodh curaidhe is truipí tréana;
san gCraobh ruaidh ar fuaid a chéile
ag imirt 's ag ól, ag ceól 's ag pléireacht.



Mo ghuidhe mo shailm mo bheannacht go dtéidh leis
go Ríoghacht na n-aingeal, go Flaithis an Éinmhic;
i n-aoibhneas fhada do mhairfidh thar saoghlaibh
go dtighidh 's go dtagaidh ár sagart 'na gcaomhthacht.



Buanughadh fada fé mheanmnacht saogail
'Na dhiaidh 's in' ionad mar oide 's mar chléireach,
ar Ióseph líomhtha, croidhe na féile
is bile glan eagluiseamhail ainmneamhail éascaidh.



An Feartlaoidh



Tá fút, a liag, imbliadhna thíos gan phreab,
ughdar ciallmhar diadha díreach deas,
fear ionnraic fial ba riaghalta gníomh is reacht,
go dlúth fét iadh, mo chiach mo mhíle chreach!


L. 293


B 1752 18L
Ionad gan Dearbhthacht




Ar bhás an Athar Ióseph Mac Cairteáin, Sagart Paróiste
Charraig na bhFear, d'éag san mbliadhain 1752.



Ionad gan dearbhthacht sealbh an tsaoghail seo,
ionad gan chinnteacht saoighil ná séin chirt,
ionad nach seasaimh ann sagart ná saorfhlaith,
ag bás dá leagadh, gan tearmonn d'éinne.



Bás ár sagairt ghluin gheanamnaigh ghléigil,
bás ár ndiadhaire dhiadha dhéarcaigh,
bás thug deacrach deargruisc déarach
flatha agus taoisigh buidhean is béithe.



Is díoghbháil fhollus dot phobal go léir thu,
is díoghbháil chruaidh ar fuaid na cléire,
is díoghbháil daingean ó Dhúithealla go Cé soir,
do luigheachán marbh i dtalamh gan téarnamh.



Fear leóirmhilis lóchranta léigheanta,
fear fíneálta fíorchráibhtheach faobhrach,
fear ceannsa gan chranndacht 'na chéimibh,
fear foistineach gan dochte ar bith 'na théacsaibh.



Is clú chosnaimh do Dhún Bolg gan baogal,
san reilig ó leagamhadh taise an fhir naomhtha
bhí i n-oifig an Tighearna Dia ó dh'aosuigh,
samhail le Peadair tá i bhFlaitheas maraon leis.


L. 294


Dúinn-na is measa bheith scartha go héag leat,
let theagascaibh, led bheannuightheacht, led bhréithribh,
led charthannacht, led chneastacht, is led chéill ghluin;
's mo dheacarbhruid, mo dhaithnid, cad do dhéanfam?



Is mise thar cách tá ar lár go léir leat;
is cér mhilis ár gcáirdeas bráithris gaolmhar,
is nár ghlacais mo phingin cér mhinic mo ghlaédhach ort,
mo leagadh gur measa liom scaradh let mhéinn mhaith.



Plúr na heagluise, seabhac na féile,
riamh ná tairgeadh easmailte d'éinne,
nár thóg airgead d'airgtheach chéasta,
ná dhe thigheasach mhaith mhuinnteardha bhféastach.



Is breagh do mhachtnamhuigh aitheanta Dé ghil,
do ló agus d'oidhche i ngníomh dá léirchur:
ag tárrthadh lucht báis agus baogail,
ag baiste na naoidhean, 's an fhaoistin fhéilteach.



Níor thug a charaid ar cheathra ná ar ghréithribh;
níor chuir speóis i stór ná i saoghaltacht;
do chuir a ionnmhus roimhe chun réidhtigh,
's in' uadhacht ní feacathas earradh ná spré chnuic.



Do b'é seo cleachtadh na nAithreach naomhtha;
do b'é seo aiste na nAspol le chéile;
is é seo an teagasc ó Fhlaitheas a déintar,
cé hiomdha airgead eagluise i nÉirinn.


L. 295


Seo an fear do mheall go leabhair an saoghal;
seo an fear do bhreithnigh na dlighthe 'na-éirim;
seo an fear fé n-a chostus ná troidfid a ghaolta;
seo an fear do thuill a chaoineadh ó éigsibh.



Im thaoibhse dáríribh, badh mhéinn liom
duain chathuighthe dhá shamhail sin do dhéanamh,
mo chuid feasta aca do chailleas uile i n-éinfheacht:
Ióseph croidhe do síneadh fén bhfeart.



D'fhuil mhíleadh Uladh nárbh' fhurus a thraochadh,
's ó churaidhibh calma Eamhain na féinne,
de chineál Mhic Cairteáin, an cléireach,
Chonaill, Chú Chulainn, Chlann Uisnigh, is Éibhir.



Do chúl, a chumainn, ó thugais let thréadtha,
's gur fhágais iad id dhiaidh gan aodhaireacht,
go ndéinir síth dhod chloinn le chéile
do láthair Ríogh na ríghthe, is réidhteach.



Bliadhanta Chríost le ríomh ar n-éag dhó;
Seacht gcéad diag dhá bhliadhain is caogad.
beidh cuimhne go cruinn ar an éacht soin
le linn uile an líne seo, is léir dam.



An Feart-laoidh



Fá'n bhfód so sínte, is díth 's is diombádh an scéal,
leógan díoghluim díodhachta is deagh-dhán dréacht,
comhairleach cruinn na tíre, an fear breágh séimh,
Ióseph, saoi d'fhuil aoird Mhic Cairteáin é.


L. 296


Lóchrann soillseach, caoinfhlaith cheannárd chaomh,
do threóruigh sínn ó shlighe na gcasán gclé,
le comhachtaibh Chríost dár ndíon ar neart námhad ndaor,
i gcomhrainn chaoil, mo mhíle greadán géar!



Is mór a dhíth, 's is míle leathlámh léin
d'óg is d'aois le linn a bhfriotháilte é,
damhsa is díbhse, a dhaoine chleacht lá a mhéinn;
mo scóladh a ghníomhartha sínte i gcreagán cré!


L. 297


B 1761 18L
An Bláth is Buacaighe



Ar Bhás Mháire Ní Chruadhlaoich, Sápphó na Mumhan, d'éag
san mbliadhain 1761.




An bláth is buacaighe ghluais puinn eadrainn beó i nÉirinn,
bás cé fuair sí, a huaislidheacht mairfidh go deó
Déidheannach;
Sápphó suadh-ghníomhach nduain-mbinn startha agus cómad
Ghaedhilge.
Máire shuairc Ní Chruadhlaoich, eala agus ógh, is Phoénics.


L. 298


B 1754 18L
Mo Chumha mo Leanbh



Ar bhás Dhiarmada Uí Mhurchadha, d'éag i bParóiste Chnoc an
Bhile san mbliadhain 1754.



Mo chumha mo leanbh, mo chara, mo bhráthair,
mo rún, mo thaca, mo leathanfhear láidir,
mo chongnamh seasaimh, mo ghean is mo gháire
mo phúdair, fé leacaibh i bhfarraidh a cháirde!



Mo bhuaireamh, mo chruadhtan, mo chráidhteacht,
mo bhuinneán groidhe, mo thigheasach táine,
mo chogar gan chruadhus, mo chuan chun fáilte,
do bhrostuigh mo ghuais mo bhuachaill áluinn!



Diarmaid Ó Murchadha fuinneamhail fáilteach,
mac fialmhar Dhiarmada dheághthaigh,
mac Thaidhg mhilis, mac soineanta Sheágain
ó Chnoc an Bhile bhí i dtruipibh na gCárrthach.



Ní hiongnadh an cineadh 'na bhfuilimse scáinte;
is minic dá bpiocadh dá gclipeadh 's dá gcárnadh iadh,
ag triall chun cille nuair thigid i n-árdacht,
's 'na ndiaidh a bhfuireann go sinnil gan sláinte.



Mo dhóthchus asat níor sheasaimh a ghrádh ghil;
nuair shíleassa rinnce agus ráfla,
ceól is aiteas s caraid it láthair,
'ot cheangal le mnaoi badh chuibhe dhot cháilse;


L. 299


'Na n-áit sin uile ní'l againn acht gárthaigh,
coinle ar lasadh agus carcra clárach,
caoidh agus creachadh agus atuirse ar árdaibh;
is choidhche 'ot dheascaibh ní stadfaidh an gháir sin.



Dob' fhearra dhon dúthaigh rumpa ghnáith thu,
don bhocht, don tsaidhbhir, don daidhbhir, don dáimh ghlic;
níor chromais do cheann i mball ná i mbeárnain,
ar aonach fairsing, ar faithche ná i dtábhairne.



Locht ná ainnimh ní fhaca le fagháil ort
acht méid do chroidhe agus laighead do sholáthair;
tá muinighin agam go bhfeacaidh an tÁrdMhac
th'anam gan peacadh 's gur ghlac chuige in' árus.



Cá'r mhiste dham seanduine, leanbh, nó gárlach,
aimid gan taitheac, nó creagaire cráidhte?
acht crobhaire mear foghlumtha fáilteach
taithiceach tréitheach taobhgheal tábhachtach,



Cumtha cabharthach cromthach cráibhtheach,
Sonaidhe séanmhar séadach sáitheach,
dearbhtha díonmhar díreach dáilteach,
príomhghlan, pearsantach pratuinneach páirteach.



Foidhne ghlacadh 'sé chantar sa chás so;
foidhne is deacair dá athair 's dá mháthair,
foidhne ghearra gan aga gan cháirde;
blaidhreacht fhada bheidh aca go dtrásta.



Geinealach sleachta ní chanfad dom bráthair
ar eagla a mheasta gur bladar do ráidhfinn;
tá an scéal ag seanchuidhthe leabhar annálach,
ag Céitinn cneasta 's ag Fearghal Ó Dálaigh.


L. 300


B 1754 18L
Do Ghoilfinn go Leór



Ar bhás Chormaic Spáinnigh Mhic Cárrthaigh, Charraig na bhFear,
d'éag 10 Márta, 1758.



Do ghoilfinn go leór, is fós níorbh iongnadh an gníomh,
um Chormac, pór na leóghan ó chiumhsaibh na Laoi,
acht a olcus do sheóil gach comhairle chuiripe an tsaoi,
's dom fhortacht go ngeóbhad le Domhnall milis 'na dhíol.



Badh dhíol ionmhuine i ndúthaigh a shinsir é,
'na bhfíordhúthchus dá siubhladh go suidhte saor;
Ríphrionnsa do túismheadh d'fhuil Gaill is Gaedheal,
's do bhí a iomchur a mhúineadh 's a ghnaoi dá réir.



Ar réir lucht leasa 's 'na n-aice an fhaid bhí mo laoch
níor aomhuigh gangaid ná cealg ná cuimhneamh claon,
's gan éanrud aige de bharra ná 'bhrígh gach scéil
acht é chur marbh gan charaid ist-oidhche i gcré.



I gcré, monuar, dá fhuadach feadh na hoidhche
an t-éinne ghluais dá uasal dhearbhlíne,
ná aon dá chuallacht uaim ar faicsin sínte,
's é an t-éacht 'na thuaith ná fuair a mharbhchaoineadh.



Do chaoinfeadh céadta laoch is leanbh is ban
a ghnaoi 's a ghné 's a chéim is ceannus a shean;
sinsear Gaedheal go léir, an Carrathach geal,
mo mhíle léan nár éag i gCarraig na bhFear.


L. 301


Fear ná glacfaidhe i neamhnídh a mharbh ná a bheó,
'na measc dá dteangmhaidheadh teacht síos aige bhéadh cóir
flatha agus deaghbhuidhean, fleadh 's fíon, brataigh is beóir,
's is dearbh go leagfaidhe a thaisí i dtalamh ar ló.



Mo ló léin go deó, an laoch de shleachtaibh na ríogh
ba mhó réim i bhfód Éireann d'fheabhus a ngníomh;
gan móiréis do gheóbhadh sé go carthannach trínn;
's níor leóin aon dá chóip féin gur meardhadh faoi.



Faoi chumhaidh chím na dúithchí seo bhuineadh leis féin
i gcúis aoird an Chúraoi 's a ghoidithe i gcéin;
crú chroidhe na bprionnsaí ón gCruinne is eadh é,
fuair clú choidhche i Múscraighe mar innistear scéal.



Scéal do mhearuigh me, a bhearta 's a ghnaoi 's a ghreann,
i gcéin agan-fhios ná feadar cá luigheann mo ghamhain;
gan éileamh gada ná creachta ler thuill a shamhail,
gan cré ná paidear do leagadh ar an mbuidhin ler
mheabhair.



Do mheabhruigh an seangbhile cneasta caomhnach
Franncais is peannsa agus Laidean léigheanta;
do labhradh gan ghalldacht an teanga Ghaedhilge,
's ní'l amhras gur ceannsa bhí aige an Béarla.



Béarlaí agus léigheann binn, is lúth is lámhach,
éarmuigheasa, béas claidhimh, is iomchur árd,
gan bhéim puinn mun' céim síos a dhúil i n-ádhbhacht;
is bheith séimh sítheach saormhuinnteardha súgach sámh.


L. 302


Sámhmhac triaith dhen iarlfhuil úir Spáinnigh
le cáidhbhaintighearnain chiallmhair chlúmhail chráibhthigh,
ní'l mál ná niadh nár hiadhadh 'na chrú ársaidh
ó Ádam riamh go tiaghacht go Cúirt Bhlárnann.



Tá an Bhlárna ag sileadh, Cloc Philib, Cloich Reódh, is Cill
Chréidhe,
Cloch Dáith, Mobhide, Cill Muire, is Cill Chóirne chraobhach,
Dinnseán, Cnoc Bhile, agus Muisire mór an tsléibhe.
An Solán ar mire, is gan file anois beó dá éis.



D'éis mo dhíchill chím ná cuirfinn i n-uaim
tréithe is gníomhartha an ríghfhir chliste seo luadhaim;
níor thraoch, níor scaoil, níor sceimhligh tulach na dtruagh,
's níor éirligh cill, níor thuill-sean oirbhire chruaidh.



Mo chruadhtan, mo bhuaidhreamh, mo dhoilbheas bróin,
i n-uaigneas gan tuairisc mo Chormac mór
dá fhuadach, gan uasal in' fhochair dá phór
tug duairc dubh me im thruaghnairt ler ghoileas g-o l-e-ó-r.



An Feartlaoidh



Feartlaoidh mo dheaghthigheasaigh shoineanda shéimh
nach danaíd nach feas linn cá gcuirfinn le léigheamh;
acht beartuighim pé glaislíog fé dtuileann mo laoch,
gur leacaoi do ghlanimpire iongantach é.


L. 303


Osnadh agus Éacht



B 1739 18L
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Osnadh agus éacht na hÉireann tríd an dtreóir,
orchra daor is créim d'fhuil Mhíleadh móir,
torchartha tréith i gcré, 'na luighe fén bhfód,
Donnchadh tréan Bhaile Aodha, mo mhíle bhrón!



Is brón 's is cumha trí Mhúscraighe trasna go préimh
stór na ndúithchí i gclúid fí leacaibh go faon:
pór na bprionnsaí d'úrchraoibh Chaisil na Récs,
i ngleó nárbh ionntaoibh ionnsaighe a phearsan le faobhar.



Faobhar is fuiling is fuinneamh is fíoch nár thláth,
tréinneart cuisleann is mire nár claoidheadh go bás,
féile, cumann, is tuigsint le linn a ghábhaidh:
sin tréithe an bhile, 's mo mhilleadhsa a ghníomhartha ar lár!



I lár a mhaitheasa is mairg do chaill an triath,
ráib na gaisce, an faraire feidhmghlic fial
nár fhág a charaid ar thearamonn cladhaire riamh
i sráid, i gcathair, ná i gcarcair fé ghreim gan riar.


L. 304


Riaruidhe na n-iarlaí na bhflaith is lucht léighinn,
fiadhuidhe gan fiafraighe ba rabairneach méinn;
tá diadhaidheacht ghlan, ciall chinn is ceannus is caomhacht
'na ndianluighe fá'n liaithlíg 'nar taisceadh an laoch.



Laoch groidhe de phréimh aoird na gCarrathach úd
do réidhtigheadh gach daorshnaidhm dá dtagadh 'nár gcionn,
ár bhféinnidheach, ár gcaomhdhíon, ár gcabhair i gcúirt,
's is céim síos ar thaobh Gaoidheal a dhul marbh san úir.



San úir 'nar coigleadh Donnchadh i gCill Chréidhe thiar
is iomdha boirbfhear oirdhearc fírthréan fial;
ba chongnamh cosanta is costuis dá dtír féin iad;
sin a ndúthaigh follamh gan polladh dá síol fén' iadh.



Iadhta daingean i dtalamh 's i gcumhangrach buill,
is cian an mhairg do chlannaibh chirt Niúil, fóríor,
an biadhtach rabairneach fairsing ó chiumhuis na Laoi
den triathfhuil chalma cheannuis do bhrúghadh lucht tinn.



Ba theann le tréan 's ba shéimh an dragan le lag;
's cér leabhair a réim níor dhaor fear dealbh 'n-a reacht;
cam ná claon 'na mhéinn níorbh aithnid, dom mheas;
's is geall le héag dár gcléir ó cailleadh an fear.



Fear aoibhinn seangachuirp gealachnis gléigeal úr
ba shuidhte pearsa is ba bharramhail géag is cum,
ba dhíreach seasamh 's ba thapaidh glan éadtrom siubhal,
is líth an tsneachtaidh tre lasadh na gcaor 'na ghnúis.


L. 305


Gnúis áluinn is breághtha dár fhionnassa fós,
púir chráidhte ar an mbás nár thug urraim dá shnódh;
trú ghránda na spáige nár fhillidh go deó,
d'fhúig gárghol i gClár Luirc is iomarca bróin.



Brón deacrach a gcailleamhaint gonuig fírbheagán;
na leóghain chalma de shleachtaibh chirt na ríghthe ón Spáinn
ba mhór taithiceach ar machaire nó i gcoimheascar námhad,
's do gheóbhadh tearmonn na hEagluise, lucht grinn is
dán.



Dán dona dubh is goinideach le cómhaireamh ann;
cás coigilte na lonnamhac i gcómhgar ceall,
mar bhárr bochtaineacht is doilbhis, is mór é an feall
bás Dhonnchadh mac Chormaic Chloich Reódh na gceann.



Ceann comhairle na Cóige agus polladh na nGaedheal;
ceann comhachtach a chomhfhogus, nár ghoirgeach méinn;
ceann eóluis na Fódla ba chosnamhach caomhach,
a cheann cóirighthe i gcómhrainn, cúis osnadh agus é-a-ch-t.



Ceangal



Is mór an osnadh so chorruigh an ghaoth andeas,
do dheónadh costus dam i gCorcaigh nuair théidhinn isteach;
ceann cosantach na bpoibleach 's na cléire ar fad;
sin crochta sibh is Donnchadh Bhaile Aodha go lag.


L. 306


B 1740c 18L
U Pádraig Bharain
Is doilbh liom an tÁr so



Pádraig Bharain cct. ar bhás Chormaic, mac Dhonnchaidh
Bhaile Aodha.




Is doilbh liom an t-ár so
ar scothaibh Chloinne Cárrthaigh,
's gur follamh lag a n-áruis gan curadh,
Cormac mear áluinn
mac Dhonnchaidh ghluin dána,
mic Chormaic, fé mhárbail tar uisce;
na poibleacha tráighte,
mo loma-scrios, go fánach;
is bodaigh bhochta an bhráca go cluthar;
ba phosta nirt dá cháirdibh,
ba dhochar guirt dá námhaid,
go borbbuilleach láidir mar Oscar.



Tá Cloich Reódh go deórach,
gan coingheóin gan ceólta
gan puins beóir ná deóruidhthe innti;
an Caisleán Mór d'fhógair
gur thuit láncheó bróin air,
's a buinneán óg clóidhte gan fuinneamh;
an Bilechnoch módhmhar,
ní'l mil ann ná tórramh
ná cruithneacht go leór, mar ba mhinic;
deir Baile Aodha ó leónadh,
an fhlaith aobhdha chródha,
gur mheath méad is mórdhacht na cine.


L. 307


Dá maireadh an laoch soin
Chun teacht 'na chuid féin chirt
i bhfarraidh bheith aosta dhá chiste,
do gheabhadh fear tréithlag
is bean bhocht gan chéile
beatha agus éadach 'na chistin;
níorbh fhearra leis méithphuic
'na chuideachtain taobh leis
'ná síol ceart na nGaedheal sean chun friotail;
lucht teasbhaigh is saoghaltacht
fé ghlaid fhada is bhéabhair
do ghreadfadh go tréan le bun fuipe.



Is creach lán don dúthaigh
an fear breágh geal cumhra
agus leannán na dtriúch so fé lic gluis;
ba cheap sásta i gcúirtibh
chun ceart d'fhagháil don drúing luig,
mar Mhac láidir Lughaidh 'gus Chú Chulainn.
mo ghreadán a mhúdar
go fliuchánach púidhreach,
an bhean mhánla chlúmhail den fhuirinn
nár leig bárr a cúise
le flaith árd ná prionnsa,
go ceannárd mear múirneach le hurraim.



An Ceangal



Is cráidhte goinideach docharach bás na laoch
de rás Chormaic fhoirtill ó árd Bhaile Aodha;
's an Chárrth-fhuil, foilceadh go follus ar bhreághthacht
Gaedheal,
ar lár, dár bhorb i bpobal 's i mbeárnain chéad.


L. 308


Ba dhána an soilbhfhear forusta i n-áitibh baoghail;
a lámh dob oscardha i gcogadh, gan tlás le haon;
a námhaid do ghoineadh mar Chonall is d'fhágadh tréith;
's a ngábhadh choisceadh do bhochtaibh an árdfhlaith shaor.



Ní áirimhim Donnchadh brollaighgeal rábach séimh:
an Márs ar cholgaibh loma 's i gcás na bhfaobhar,
ag seasamh chun bodach do choscairt, cér láidir tréan;
's is dearbh an donus ar a phobal ó fágadh faon.



I dtábhairne, is follus mar Eochaidh gur dhearscnach réidh,
an ráib mear brostuightheach Donnchadh, is bárr an léighinn
do táitheadh coigilte i mbrollach an mháil d'fhuil Récs;
's i lár an chogaidh ba chosmhail le Iáson é.



Táid fáidhe is ollaimh gan focal le fagháil 'na mbéál,
nó tláth fé chlochaibh go torchartha támhach lag tréith;
gan gártha chloistin i gCorcaigh 's gach áird i gcéin
fé thásc na mborbchon gcosantach n-ársaidh i gcéill.



Go bhfásaid oscardha, soilbhir, lán de chéill,
an dá mhac moltar, tá i bhfochair 's i ndeáidh na laoch;
a stát 's a gcothrom go soichid tar cách i réim
go deághthach torthach, i gcostus i gcáil 's i gcéim.



Ó threascair an bás gan spás an mharcradh ghroidhe,
's gur theastuigh i gClár Luirc scáil is maitheas na laoch,
go bhfaiceam-na, lá, mar ghárda seasaimh sa tír
i ngradam 's i n-áitreabh, dána daingean, an dís.


L. 309


U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
A Fhir Fhíneálta Thréithigh



Seán Ó Murchadha na Ráithíneach, cct. ag freagradh ar Phadraig
Ó Bharain fé bhás Chormaic, mac Dhonnchaidh Bhaile Aodha.



A fhir fhíneálta thréithigh,
dá mbím lán de bhuidheachus
Um laoidh bháis an fhéinnigh do sheinnim,
do mhill ár na laoch mé,
dhéin rí-rá dhem chéadfaidh;
de bhaois b'áil liom léigean don chluithche;
gur mhaoidhis tráth it dhréachtaibh
i dtír námhad gur éagaimh
an príomhráib de phréimhshliocht na righte;
mo dhíoghbháil, mo ghéarghoin!
'na luighe ar lár mo Shaesar,
gan líon láimhe dá ghaoltaibh in' fhoigse.



Is luingcreálta léanmhar
do-chím báird is éigse,
gan laoidh dáin dá ndéanamh ná tuirimh;
is fíorscáinte dh'fhéachaid
na suidheacháin, ba thréan tiugh
ón Aoil mBlárnain aosta go Sionainn;
táid síodhmhná na hÉireann
ar mí-áird le tréimhse;
ní thighid fá n-ár ndéin mar ba mhnic;
mar is fuigheall áir is éirligh
sliocht fíorárdhacht Éibhir,
gach aoin lá dá slaodchur chun cille.


L. 310


Mo chíonádh, mo phéarla,
mo laoch láidir léadmhach,
mo ghroidhe-bheárna aonaigh, mo bhile,
do bhí ag fás ar dhaondacht
is líneálta d'fhéile,
is croidhe grádhmhar gléigeal chun oinigh;
i bpríomhstát a phréimhe
dá dtigheadh tráth mo réiltean
badh thrí feárrde Éire é agus mise;
seoch luigheachán a chaomh-chuirp
ar píocáil i Mhales toir
's is mí-ádh do Ghaedhealaibh a chluineadh.



Dá dtigheadh gábhadh ná géibhinn
ar chrích áluinn Éibhir,
's ár ríogh Cárrthach Séarlus dár bhfuirinn,
níor phríomháideach éachta
idir fhíornámhaid, dá n-éirleach,
mar ghníodh tráth a ghaolta 's a chineadh; ..
bheadh síothcháin ag cléir chirt
is cíoscháin ag éigsibh,
is fíon Spáinneach aosta dá ibhe
go fírdheághthach aerach
ar chaoinclár an phéarla,
agus buidhean ghrádhmhar Ghaedhealach ag siosmadh.



Gaol fialríghthe Éireann,
gaol iarlaí agus laoch mear,
gaol tighearnaí agus tréanfhear nár shingil;
iarla na Laoi theas
is Iarla Bhéil Inse,
's an tIarla cois Brighde 's a chineadh;


L. 311


Tuadhmhumhain go híochtar
is Deasmhumhain nár chuimseach;
Anntruim is Cill Dara uile;
barúin is bíocuin,
is deaghchrú na Stíobhart,
's an glandiúic ó Íochtar Chill Choinnigh.



An Ceangal
Is ceasnaidhe bróin i bhFódla, is mairg do-chí
macaomh cóir Chloich Reódh fé leacaibh 'na luighe;
gaiscidheach óg d'fhuil mhórdha Theamhair na ríogh,
do thanuigheadh slóighte i ngleó, is ná cleachtadh a mhaoidheamh.



Maoidheamh na mborbchon n-oirdhearc síoch séimh suairc,
sínte socair fé chlochaibh is fírchréim chruaidh;
an míle Donnchadh coigilte i gCill Chréidhe ar cuaird,
's a phríomhmac Cormac, follus 'na luighe i Wales uainn.



Uainn-na d'imthigh an fhuireann ba ríghtheamhail réim,
thug fuar gan fuinneamh gach file ba chríochnamhail dréacht;
nach truagh mo thurus ag feitheamh le suidhiúghadh an scéil
ár n-uaisle ag tuitim is turcaigh 'na dtír siúd saor.



Ba shaor dar liúm i ndún 's i dtabhairníbh óil
an laochradh úd, i gcúirt ba thaithicighe clódh,
craobhcha cumhra Mumhan is Chaisil Chrích Eóghain,
's do shéid an cumha san gCúig 'n fhaid mhairfimíd beó.



Ba bheó 'na bheathaidh an dragan so an deaghchroidhe mhóir,
's ba mhór a ghairm 'na bheathaidh dá seasaimheadh fós;
tar bóchna marbh i mBreatain nó i mBath fí fhód,
mo sceón, mo scalladh, mo mhairg, mo cheasnaidhe
bh-r-ó-i-n!


L. 312


B 1750c 18L
Cé Mór de Chúisibh Cumhadh




Ar bhás Chaptaén Séamus Labhailin, d'éag i mBaile na
mBuailteóirí, timcheall na bliadhna 1750.




Cé mór de chúisibh cumhadh agus caointe
do fuair Fódla i-sló 's ist-oidhche,
le haimsir fhada fé aragain daoine,
is é bás tSéamuis do léirbhris a croidhe istigh.



Cé hiomdha leóghan cródha cíocrach,
cuinge catha is fear neartmhar i gcoimheascar,
is fialfhlaith fairsing do cailleadh lem linnse,
se an té b'fheárr clú san Mhumhain dar cuimhin liom.



Phoénics grádhmhar dáilteach díreach,
do chabhradh bochta is nochta is ríochtnuis,
nár cheil é féin ó aos a naoidheantacht
i dtigh, i n-áit, ná i dtábhairne an fhíona.



Ná feacathas fearg in' aighthe ná in' intinn;
ná feacathas mairg 'na dhealbh ná míghreann;
ná feacathas gruaim ná cruadhus 'na chuimhdeacht;
is ná feacathas doicheall ná dochte 'na chroidhe geal.



Níor thóg creach na lag 'na dhíoltaibh;
níor thóg geall na bhfann le cíosaibh;
níor thóg strus ná cuid na ndílleacht
is ní dhearnaidh aimhleas baintreabhach bhfíorbhocht.


L. 313


Ní raibh lag, ar tearca maoine,
i gcantlamh, i n-amhgar ná i ndaoirse,
do thiocfadh 'na dháil 's a dhála d'innsint,
ná fuigheadh ón úirfhear congnamh tigheasa.



Tighearna tailimh dob fhearra ins na tíortha;
tighearna ceannuis do scaipeadh na fíonta;
tighearna fearamhail fleadhamhail fíormhaith,
is triath is taca le maitheas nár chuimseach.



Dob fhírbhreágh a riaghail a chiall 's a chuimhne;
do b'árd a réim i léigheann 's i scríbhinn;
ba mhilis a labhairt, ba leabhair a líomhthacht,
's i bhfoghluim geallaim gurbh' acmhuinneach 'intleacht.



Cara agus rún na Muses míonla,
do dheóil sugh a n-ochta a mbrollaigh 's a gcíocha;
captaén na n-each dtréan nárbh íseal,
ón Oileán Mór 's ó Róisteachaibh taoibh linn.



Captaén sluagh dob uaisle gníomhartha;
captaén cogaidh, nó cosnamhach síthe;
captaén gléigeal déarcach díonmhar;
is captaén clúmhail mar Fhionn Ó Bhaoiscne.



Fear dá thairbhe i ngradam an tsaoighil seo,
ná fear dá fheicsin ní fheicfam-na choidhche,
fear tionólach flaith onórach aoibhinn,
flaith chiallmhar, flaith fhialmhar, flaith bhuidheanmhar.



Mo dhiachair, cé riarfas na fíorbhoicht,
ná dhéanfas cosnamh d'fhear follamh gan nídh aige,
san dTeampoll Geal ó's lag fé líogaibh
Séamus seascair Labhailin an rífhlaith?


L. 314


Táid mná agus fir ag gol gan tíoradh
ar fuaid a bheathadh 's i mbailtibh a shinsear,
ó Inse an Chomáin ghluis bhreágh an mhínligh
go Cnocán an Bhuidéil 's san mhoinfhéar timcheall.



Tá Baile na mBuailteóirí i mbuaidhirt mhóir fí bhroid,
is Goirtín na Stuaice ag uaill go cíocrach,
an Lios Dubh ag gol go nimhneach,
is Cúil Eóghain i gcumhaidh mhóir dá thaoibhsin.



An Bhuaile Bheag ar dheis na slighe theas,
is diombádhach a gearán dá innsint,
d'fhear Mhagh Ealla, d'fhear Chaisil 's d'fhear
Chuinnche,
gur chaill a caraid, a dalta 's a díoghruis.



Tá Béal Átha Salainn go dealbh gan daoine
gan aer gan aiteas le sealad, gan aoibhneas;
's gach nduine dá ngabhann an bealach nó an tslighe sin
ag gol i ndiaidh an ghliadhaire chroidheghil.



Táid mná sídhe féin go déarach caointeach,
ar fuid Éireann ag éigheamh cois síodhbhrogh;
ní'l stuaic leasa gleanna ná maoilinn
gan fuaim a ngártha i ndeáidh an rífhlaith.



Is árd an liughadh so ar siubhal ag Clíodna;
's is árd an gol so is clos ó Aoife;
Déirdre, Scáthach, Áine, is Aoibhill,
Sadhbh, is Meadhbh ag leaghadh le líonruith.



Tá gruaim ar chnocaibh, ní'l toradh ar na críochaibh,
tá an Sliabh Glas fé scamall cíordhubh,
suidhe Finn go díomhaoin gan puinn stuic,
is Drom an Áir gan sáimheacht gan soilse.


L. 315


Tá Muisire thiar gan fiadh gan fuinnsion,
's an dá Chích ar leathadh dá bhfeannadh ag an ngaoith seo;
Cnoc Clárach go tárnocht mar chítear;
is Eillire Caol, ní'l craobh gan críonadh air.



Do chuaidh na haibhne doimhne i ndísceadh;
do dhuibh, do riabhuigh an ghrian dáríribh;
do scuir an rae dhen réim do bhí aici;
's ní'l réiltean tuas nár ghluais tar líne.



Is furus a thuigsint gur dhuine thar daoinibh
an leóghan cáidh do shóinseáil na puínc seo;
túrnamh tuinne agus tuile agus taoide
tré n-a bhás gach lá i n-ár dtimcheall.



Bárr uaisleachta chuaidh leis don chill thoir,
bárr friotháil go ceannárd i dtigheas mhaith,
bárr cineáil do bhochtánaibh claoidhte,
bárr eagna, bárr carthannacht, bárr saoirse.



Mo dhainidse agus dainid bhocht do mhíltibh,
a aigne a thabhartus 's a mhilseacht
marbh curtha i n-acharann gan scaoileadh,
i dteampoll maol gan aol gan aoirde.



Dob fheárr an faraire fearamhail fíor-mhaith
ar hallaíbh fairsionga fara n-a mhuinntir,
triatha is slóighte ar bórd 'na thimcheall,
mar do bhíodh cheana 's é ar bainis 'na gcuibhreann.



Níorbh fhuath leis a chuallacht ag suidhe isteach;
níorbh fhuath leis an truaghnairt bheag chaoin cheart;
níorbh fhuath leis fairsinge leanna agus fíona
chun riartha gach iarsma le croidhe maith.


L. 316


Riamh níor iarr i ndiaidh ar thíodhlaic
pinginn ná púnt ná fiú na frighde;
dob aite leis bronntus toghail do shíneadh
'ná nídh do ghlacadh, ní fhaca gur chuibhe leis.



A Theampuill Ghil tá an iomad maoidhimh ort,
i ndiaidh an churaidh so cuireadh do luighe ionnat;
cé minic it cheallaibh fir mhaithe dá síorchur,
's é Séamus togha agus rogha na buidhne.



Is dainid dá chéile bhéasach mhíonla
ag sileadh deór i ndeóidh a díoghruis,
's a chlann mhac fé channtlamh gan aoibhneas,
's a chúirt gan áitreabh, fáth nár síleadh.



Is é thug smúit is cumha gan scaoileadh
ar lag 's ar láidir, árd is íseal;
bailte cuain is tuatha ag caoi ghuirt;
leinbh is mná agus dáimh is draoithe.



'S ó thriathaibh Banba is Breatan ná ríghthe
do thriall an seabhac chun baile go díreach;
mac fíorchródha Mhilseóra mhilse
nár ghéill dá namhaid ar arm ná ar dhlighthibh.



Gaol Síol Eógain Mhóir na gcaoinbheart;
's gach iarla ó Mhúscraighe dúbluigheadh dhíobhsan;
an tIarla leanas de ghairm Bhéil Inse,
's gach iarla cáidh san mBlárnain bhí againn.



An tIarla Ó Briain is ciach gan caoimhshliocht;
's an tIarla ó Bhéarra, thréig an tír sin;
Iarla Barrach ó abhainn na Brighde,
's an tIarla ar Ghearaltaibh d'eascair dhen líne.


L. 317


Tighearna greanta Chinn Mara 's a mhuinntir,
is tighearna Chaisil Mumhan bhí i ngradam triúir ríghthe,
gach tighearna calma ó shleasaibh na Laoi theas,
's an tighearna sheasaimh Cois Mainge, 's fear Cinn
Tuirc.



Brúnaigh ba mhór céim san Óispidéal innstear,
's gach tighearna tréan dá ngaol ná maoidhimse;
Buitléaraigh chródha, is Rístigh na mbíocun,
ó Caoimh Dhrom Tairbh, agus seabhac Cluain Míne.



Dá mb'eól dam seanchus cneasta nó críonna,
is bheith tuigsionach i ngeinealaigh do scríobhadh i gceart,
ní'l Gaedheal ná Gall fé cheann trí Ríoghachta
dá fheabhus atáid, gan bráithreas gaoil leat.



Dia leat, is fiadaimse a ghuidhe dhuit,
is Dia let anam is Peadair is Íosa;
Dia is na haingil i bhflaitheas na soilse
dhot riar 'na bhfarraidh i ngradam chun Fínis.



An Feart-Laoidh



A chaemhleac sin Saesar fét shleasaibh gan treóir,
do rug céim leis i nÉirinn, ní tarcuisne dhóibh;
Phoénics na féile nár cheachartha clódh,
Séamus breágh gléigeal Labhailin, an leóghan.



Ba chéile dhon daondacht, ba mhaise dhon Chóig,
ba réidhteach dhon té bheadh gan fairsinge stóir;
ba shéimh dreach ar aonach nó i dtabhairne an óil;
's mo léan bochtsa a thréithe fé'n gcarraig seo ar fheódh!


L. 318


Is é bhéarfadh dhon chléireach an chabhair is mó;
is é dhéanfadh gach éanmhaith le haigne cóir;
is é féin leis an saoghal so nár mealladh dar ndóigh;
's a Dhia ghléigil, don té seo tabhair Flaithis it chomhair.



Péarla Chláir Éibhir ba leanbach snódh,
an tÉireannach éachtach ó shleasaibh an Chóif;
in' éagmuis is méala bheith feasta go deó;
's is léan liomsa Séamus Labhailin gan treóir.


L. 319


B 1746 18L
Is Ciach d'Éigsibh




Iarghnó ar bhás Liam mac Réamuinn de Barra Bhaile na gCloch,
d'éag an 30 lá de mhí na Nodlag, 1746.




Is ciach d'éigsibh do chléir is do thaistealaibh slighe,
's is liach éigneach i mbéithibh 's a bhfearaibh na gcríoch,
an fialfhéinneach ba shéimh is ba charthannach croidhe
Liam gléigeal, mac Réamuinn de Barra fé líg.



A líog glas mharmair, ó taisceadh Uilliam fét thaobh
bíodh a fhios agat gur maise dhuit triath mar é;
tigheasach fairsing fuair gairm is ciall is réim
gan snaidhm gan cheangal fér theangmhaidh leis riamh dhen
tsaoghal.



Fén saoghal níor chrannda meabhair ná aigne an leoghan,
níor léir a shamhail san gceanntair fairsing seo ar m'eól;
is é go ceannsa a chlann do leasuigh go cóir,
is do réin go deallrach teannta is tearmonn dóibh.



Dóibh go deireadh thug feirm go feisteamhail fial,
gan óbairt ceisnimh, gan teibe, cér dheichneabhar iad;
a shórd san leirg ní deirim go raibh súd riamh,
i gclódh 's i gcreideamh, i ndeise 's i mbreis clú is cliar.



Ba chliarach cráibhtheach cáil is ceannus, gan chruadhus,
briathra breághtha, páirt is taise dhon truagh;
an triath 's an t-árd, an táir do thagadh 's an sluagh
chun Liam 's a mhná, 's níor cáineadh pearsa aca ar cuaird.


L. 320


Cuaird ó tharraing ar Chathair na Tríonóide,
suas beir a anam go Flaithis, a Rí ghlórmhair,
gan fuath gan pheannaid gan pheacadh gan moill nóimit,
cé cruaidh an t-easnamh bheith scartha le rí-shompla.



Sómpla a shaoghail is moighnéar leanadh, dar liúm;
ba leógan léadmhach tréan i dtreasaibh mar Fhionn;
ba chomhursa chaomhnach shéimh gan chealg 'na riún;
's ba chomhairleach céille i n-éifeacht cantan is clú.



Clú an fhir mhairbh seo ar m'aire, is do chaoinim féin,
tar dúthchus mairfidh i starthaibh lucht innsint scéil;
púint ní thaisceadh, do scaipeadh mar thigheadh an saoghal,
ná bonn níor theastuigh ón seabhac gur chríochnuigh an t-éag.



Éag an tigheasaigh ghrinn, ba shoilbhir snuadh,
thug éigheamh is caoi 'nár dtír san Nodlaig seo is buaidhirt
ar dtraochadh an tí, le'r linn do chothuigh go buan
scleíp ag saoithe is fíon dá bhronnadh gan ghuais.



Guaiseacht mná na mbán-ghlac soineanta séimh,
is truagh liom fáth a cáis ag sileadh na ndéar;
cé buan do bhádar fá n-a gcuingeal mar aon,
ní chualadh acht páirt is grádh idir ise agus é.



É i nDún Bolg, mo dhochar-sa, i dtuamba thíos:
laoch fionn foirtill de bhorbfhuil mhuair na Traoi;
aonchú cholgach chosnaimh na tuaithe i mbíodh:
's cérbh é siúd Conall, ní obadh ní thuaradh bruighean.


L. 321


Bruidhean is minic do chuireadh ar gcúl 'na ham,
is síoth ná briseadh 'na hionad dá tabhairt is greann;
tá an Bhrighid dá uireasbhaidh an Life 's an tSiúir gan
mheabhair,
is saoithe a chinidh, sliocht Ribirt, go cumhach mar ghabhaid.



Gabhaidhse chughaibh i gcúrsa a ghéaga gaoil,
gur theangmhaidh go clúmhail le crúshliocht Éibhir Fhinn,
Barraigh is Búrcaigh, Gúlaigh, Craochaigh ghroidhe,
Gearaltaigh, Cúirsigh Mumhan, is Paoraigh tríd.



Trí n-a thuitim ní hiongnadh éighmhe árda
cois Puill an Choire 's go himeallaibh Léim Lára,
Cois Brighde uile, Cois Coinge 's gach béal trágha aca,
Cois Coill na Curra is Dún Dularaic d'éanáireamh.



Áirimh a anam i bhFlaithis, a Dhia ghléigil,
grása ó gheallais d'fhear fhairsing fhliuch fhial déarcach;
go dtárlaidh marbh, níor bhraitheamair trian a éachta;
's ó's fágtha daingean i dtalamh is ciach d'é-i-g-s-i-bh.



An Feartlaoidh
Fiafróghthar cia an rófhlaith do taisceadh annso;
is ciallóghairse, a liag lóghmhar, nuair amharcfar ort
gur triath córach fial fóghanta, gan ainimh gan locht:
Liam mór na gcliar gcródha ó Bhaile na gCloch.




L. 322


B 1762ob 18L
Tá Fánaighe gan Faeseamh




Ar bhás Thomáis de Barra Tighe na gCaorach.




Tá fánaighe gan faeseamh
ar árdchríochaibh Éireann,
is fagháil síos ar éigsibh go minic;
táid mná sidhe go déarach
gach lá, fuidheach, ag géarghol
ag áthbhaois ag éigheamh is ar mire;
táid páistí agus béithe
fé lánscíos le chéile;
do sáruigheadh a réim is a bhfuinneamh
le tásc cíordhubh créachtach
Thomáis Tighe na gCaerach,
d'fhág íseal Gaedhil bhocht gan urraim.



Flaith chosnaimh a gcúise;
fear foirtill gan chumhangrach;
ceann coiste ná cúirte gan chuime;
ríphosta, nár chúthail
i gCorcaigh 's i ndúthaigh,
ar dhlighe oscailte Lunndain do thuigsint;
ba chosantach clúmhail,
dob oirdhearc ionnraic,
's i gcosmhalacht prionnsa chun oinigh;
Oscar na Cúige
agus solus na Mumhan,
mo dhocharsa, i n-úir chille curtha!


L. 323


Rílaoch gan amhrus
do bhí caomhghlan ceannsa,
is doníodh déirc is teannta dhon luige,
do scaoil réidh ó chlampar
líon céad den amhail sin
do bhíodh daor nó i ndeallramh a mbriste;
do luigheadh sé ar na hamhsaibh,
do-chínn é dhá scannramh
le dlighe déanta gall agus gliocus;
níor phaér d'fhear mhangga
puinn taobh 'na labhairt leis,
doníodh sé dhe clamhaire gan phinginn.



Cia gheobhaidh páirt na bhfíorlag?
cia dhóibh lá bheidh díreach?
cia i gcósárd bheidh díonmhar dá bhfortacht?
cia is cómhnámha coimheascair
a dtógbháil ó dhaoirse,
ó's fó lár dhon ríbhile mhiochair?
a bhfear cómhráidh ar binnse;
a bhfear comhlán de líomhthacht;
A bhfear órnáideach intinneach uile;
an leóghan áluinn aoibhinn
ó bhórd láir na Brighde,
dhen phór bhreágh dob aoirde ar shliocht Ribirt.



Leacaoi dho thriathaibh
do sheasaimheadh a thighearnus,
's do ghlaindíoladh a fhiacha gan tuirse;
nár bhain cíos de dhianbhocht;
ná laguigheadh a n-iarmhar;
's do chneasuigheadh lucht iarratuis muirir;


L. 324


captaín breagh ciallmhar
i ngleacuidheacht is a ngliadhaibh;
fear deaghgníomhach i ndiallaid lá an mhustair;
ní airighim-se iarghol
lucht ealadhan 'na dhiaidh-sin,
's gur dainíd go bliadhantach é a thuitim.



Ardfhlaith, dhe phréimh chirt
Mhic Ádaim na dtréaneach,
do b'árd cion i nÉirinn ag righthibh;
's ba thábhachtach 'na Shaesar
i n-árchath na Trae thoir,
sula dtáinig Mac Dé chun A Bhuime;
is ba tháithte bhí i ngaol leis
an Sáirséal, do shaothruigh
cáirdeas na nGaedheal ag an Sionainn,
le fuil deághthach ghlan Éibhir,
's a ráinig de laochaibh
go Clár Luirc ó Wales de lucht chumuis.
cá bhfuil moladh air, is léire
le cloistin ar éanchor,
i bhfochair a thréithe 's a thidil,
'ná fuil oirdhearc éachtach
Ríogh Chormaic chaomhnaigh
go follus ag déanamh a shloinnidh!
is Dhoimnic ghléigil,
ceann soluis Sáirséalach,
ó'r foilceadh an taobh eile 'en bhile:
mac ochta na béithe
do chosnaimh a ghaolta
fé chothrom i gcéim is i gcumus.


L. 325


An Ceangal
Is diombáidh choidhche i gcríochaibh fairsing Fódla:
i gcoimeád tíos fé líg go lag i gcómhrainn
an buinneán líonmhar líomhtha leabhair leóghanta,
Tomás caoin d'fhuil aoird na mBarrach bhfóghanta.



Fear nár chinnte i dtigheas ná i dtabhairne óla;
fear nárbh iseal croidhe ná bearta cródha;
fear nár thím i mbruighin ná i sparainn chómhraic;
do b'fear 'na shuidhe 'na luighe nó ar each an leómhan.



Ó's leanán sídhe atá ar tí gach pearsa beó ar bith
an lagbhás críon, ler claoidheadh an seabhac seólta,
deaslámh Chríost, san gcraoibh do cheannuigh slóighte,
dár gcoimeád síor i Ríoghacht an Athar ghlórmhair.


L. 326


B 1753 18L
Scéal tar Scéalaibh




Ar bhás Eiléan, inghean Ghearóid fhurránta an Doire Léith,
agus céile Thomáis mac Liam de Barra na Laighreach, d'éag
i gCorcaigh le bolgaigh, an cúigmhadh lá déag d'Fheabhra, 1753.




Scéal tar scéalaibh éacht i gClár Luirc;
créim nach léir dam d'aon gur feárrde;
greim chomh tinn nách leighisfadh leágha ar bith,
thug creidhil is cluig dom thuigse ag gárthaidh.



An chúis do theangmhaig mar thaitneamh linn láithreach,
cúis thruaighmhéileach cruaidhchéimeach chráidhte,
cúis, fóríor, go croidhe is go hárainn:
Eiléan de Barra a dhul marbh fé láinlic.



Ionann an lag ag teacht fén dtásc so;
ionann an saidhbhir 's an daidhbhir 's an gárlach;
ionann an t-ollamh 's an t-oifigeach tábhachtach;
ag liúghraidh le dúthracht 'na deáidh-sin.



Ionann an t-easpog 's an sagart 's an bráthair;
ionann an bhanaltra an leanbh 's an láinfhear;
ionann an triath 's an tighearna táinteach,
an diadhaire an aimid 's an t-eagnach cásmhar.



Ní hiongnadh liúm a gcumha 's a gcráidhteacht,
's gach aicme aca thúirlint chúichi ghnáthamh;
ise dá bhfreastal go leanbach láimhgheal,
's i gceann a dtugadh ba shoineanta a gáire.


L. 327


cad do dhéanfaidh a céile 's a cáirde,
's na daoine ná tigheadh acht go fánach,
go mbíd na deóra leó um an gcás so -
de brígh ná maireann fear fala aici fá neimh?



Is truagh a fear fá reacht na dtráth so;
is truagh a clann gan mheabhair gan mháthair;
is truagh a deirbhshiúr leis an gcúis fágtha;
's is truagh 'na heasbhaidh a lucht leanta 's a bráithre.



Is truagh teaghlach na Laighreach, 'nar ghnáthuigh
an deighbhean mhaiseach so i gceannus le spás maith;
dá héis go singil gan ionmhus, gan áitreabh,
'na baintrigh dhorcha dhoilbh gan gháirdeas.



Inghean dil chóir Ghearóid fhurránta,
ón nDoire Liath aniar, nár cáineadh;
thug foghluim di, modhmhleacht is mnáimhleacht,
is taithighe cliar do riar go deághthach.



Níor chás a aithint gur thaithigh dhi cáil mhaith;
do bhí sí carthannach caithiseach cráibhtheach;
do bhí sí béasach déarcach dáilteach;
do bhí sí cneasta gan chealg gan chámus.



Bárr diadhachta is riaghaltachta ráinig;
bárr ceannsachta is feabhsa agus fádhbhar;
bárr bronntuis de rogha rug 'nar lámhuigh;
is bárr oinigh ar mhná an chruinne ar a dtáinig.



Ba ghléigeal dathamhail geanamhail grádhmhar
bé na mallshúl mbanamhail mánla;
ba réidh a dreach riú, a gealchúm faiscthe;
's mo léan is m'fhadchumha, i bhfeart tú an tráth seo.


L. 328


Nach truagh go fann, i dteampoll fhásaigh,
gníomhartha glana agus pearsa na mná so;
gan aon rud farra n-a dafhichiod dá háireamh,
an uair thug bolgach ghoirgeach bás di.



Do thuill an eala gheal bhanamhail bhárrghlan
bheith beó gan éag an céad go slánadh;
d'fheabhus a clú, 's a crú, 's a cáile,
'na scáthán pobuil 's ag fortacht lucht gábhtair.



Cá bhfuil na filidhe ar coinmhidhe thráchtadh
aniar 's anoir go tigh an bhán-fhlaith',
ná cluintear a saothar saoghain sásta,
ag caoineadh bughach an chlúir seo d'fhág sinn?



Tá fearg gan foidhne ar aibhnibh áilne:
tá an Abha Mór go glórach gáibhtheach;
do scéith an Bhríghid, an Laoi, 's an Láinne,
le mbáthaid nó mbascaid gach ealta 'na n-árach.



Tá an ghrian go doithimh gan solus gan sáimhe;
tá an spéir fá stoirm le i bhfogus do ráithe;
táid éin gan mheabhair, is seabhaic, is cága;
is síodhmhná Bhanba ag screadaigh ar bárr chnuic.



Ní hiongnadh línn gach síon ar sárchrith,
ón uair do mhalartuigh ainnir na mbánghlac
a céile, a clann, a ball, 's a beárna,
's a culaidh shróill ar chomhrainn chláraigh.



Níor lochtuigh comhursa gnó dá ndeárnaidh,
ó tháinig riamh aniar don áit seo,
acht dul uatha i dtuamba an smáil soir
go Dún Bolg i ndoircheacht áruis.


L. 329


Ba mhinic it hallaíbh taithighe ar tháiplis,
is iomarca saoithe - suim gan áireamh -
oirfideach ceóil is ól is dánta;
's ní bhacadh do chéile an réim seo ghnáith leat.



Ag so an bhuidhean ór chínn gan ráfla:
fuil acmhuinneach flatha agus deághaithreach;
lucht óir is airgid, eallaigh is pláta;
iarlaí is tighearnaí Inis Fáilbhe.



Ní'l Barrach ann, dá fheabhus atáid-san,
óg ná aosta i nÉirinn ársaidh,
gan a ngaol le chéile táithte
tríd an mbruinnil, ní huireasbha a n-áireamh.



Tá fuil Mhíleadh i dtaoibh a máthar:
uaisle Carrathach chalma ón Ráth nDuibh;
's gach gabhal sleachta aca ó Chaiseal go tráigh ghil
i mballaibh na ríoghna, tríthi is táirsi.



Gearaltaigh chlúmhla, Cúirsigh, Grásaigh;
Ó Caoimh Ealla, is Ó Ceallaigh, 's Ó Ceárnaigh;
Báróidigh Chlár Fódla, agus Dáil gCais;
Breathnaigh is Búrcaigh, Gúlaigh, Fálaigh.



Ó Ceallacháin cóir, 's an Róisteach rábach;
Ó Mathghamhna, Ó Cearrbhaill 's Ó Fáilbhe;
Ó Donnchadha foirtill, sliocht Eochaidh nár cáineadh,
is tuilleadh dá maithibh dá leanfainn ar áireamh.



Mo ghuidhe leat, cé sílim nach gábhtar,
de bhrígh gur bheannuighthe an bheatha do ghnáthais;
acht Íosa, a cheannuigh le peannaid sliocht Ádaim,
'na ríoghacht dot ghairm, is abram: Ámen.


L. 330


An Ceangal
Tá gné chomhgair chóir it mhian-sa, a bhean;
is Máiréad romhat i gcófhra ciar san bhfeart;
is gearr saoghal Nóra fós it dhiaidh gan stad;
dá scéal mhór gur dhóighis-se an chliar ar fad.



Dhá bhéith mhórdha i dtóirrcheas iad, ba leat;
is tá an séan leó go deóidh, 's tu riar 'na measc;
d'fhág créim bhróin i bhFodla ó imbliadhna amach,
fá aonfhód 'na seómra an triar deaghbhan.



Ba láinéacht mór le comhaireamh trian de im stair;
's is lá léin Nóra breóidhte i bpian gan teacht;
ámh, d'éis dó aca i dóigh ná hiadhfaidh teagh;
acht bás Eiléan tórsa, is mó do chiap gach neach.



An Feartlaoidh
Tá curtha san bhfeart so bean do mheall an saoghal;
do bhreithnigh na bearta b'fhearra geall chun Dé;
do bheireadh a cheart don lag, don dall a dhéirc;
is deireadh fá sheacht an tsaltair thall gach lae.


L. 331


B 1762ob 18L
Oidhidh an Chúigir




Seán Ó Murchadha na Ráithíneach cct. ar bhfágháil chúig mart
ó mhnaoi uasail de Ghearaltachaibh, de chionn chúig ranna a
dhéanamh do chúigear mac léi do mharbhadh san gcogadh a bhí ar
bun an tráth soin. Ba mhíle mór-éachtach gach mac díobh.
Duine uasal Ultach de Chloinn tSuibhne, nár mhair an tráth
soin, do b'athair dhóibh.




Oidhidh an chúigir, nár chúthail ainigidhe fann,
thug iath Mumhan fé dhubhsmacht gasraidhe Gall;
cúigear ó Chúige Uladh Chathbhadh Draoi an dream;
úirshliocht mná cúilfhinne Gearaltaighe an chlann.



Ar dtúis, do b'é ceannúird na n-arm nimhe leabhair
Maolmhuire úr súlghorm calmchaoin seang;
brughaidh dúnach úrlannach talmhaidhe threabhadh;
laoch lúthmhar mar Lughaidh mac Aimhirgí an tsamhail.



Murchadha fionn ionnraic, mar Hector gníomh teann,
do mhúscladh na múirchreacha ar maidin trí ghleann;
Colla ciúin crúghlan, nár scairbhidhe sleamhain,
do shiubhladh gan chumhangrach go fairbríbh ceall.



Gofradh ciúin glúingheal na dtreallamh righin reamhar,
cnú mhullaigh úirbheartach d'fhairsingíodh ball;
rúidhrí an dúin nár smúin bheith falachaidhe fann,
cúinne mar Mhac Cumhaill dob acmhuingighe bann,



Seo an cúigear ná cúbadh ó spairnníbh lann,
is roimh nár dhúnadh múr ná geata claidhe cam,
a Rí na ndúl, fuair sciúirse is greadadh croidhe i gcrann,
beir iad súd id chúirt go hainglidhe id cheann!


L. 332


A Rí Ghlórmhair na hÓigheachta




Ar na hAointe Órdha.




A Rí ghlórmhair na hóigheachta do chruthuigh trágha 's muir,
a chrainn lóchrann ár n-eóluis, 's a thobair ghrásaigh,
i ndíol dóibheart cé fóltha me fortuigh tráth sinn,
is na hAointe órdha so i gcomhall chirt do throscadh, a
ghrádh ghil.



A Thríonóid bheannuighthe i bhFlaitheas is glinn comhachta,
díbh ó fhreagrann paidear fé thrí i gcló indiu,
guidhim fós neartuigh me, aitchim thu, a Rí ghlórmhair,
is don smísteóir pheacaigh seo, a Athair ghil, bí trócaireach.



A Íosa, a Araid-mhic neartmhair, fuair sciúirse is créim
is díbirt easmailte ó aicme na nIúdach dtréan,
le díoghaltus dearbh fuair ainmneacha iomdha is péin,
's a Chríost, det fheartaibh ná hagair me im chionntaibh clé.



A Shlánuightheóir mhilis, gur shilis do chrú san gcrann,
is páis ba mhó fionnadh 'nár gciontaibh-na thabhairt go fann.
crádh gach sórd seirbhe ag deilgnibh súighte it cheann,
is sáthadh na mórshleighe ler glinneadh a shúile dhon dall.



A charaid ghrádhach chalma, sheasaimh go gléshoillseach
dafhichid lá ar talamh go bhfeartaibh d'éis éiseirghe,
is tar chealg bháis feasta do neartuigh le naomh-fhoidhne,
tabhair lámh leasuighthe dhom anam, ná tréig m'aighneas.


L. 333


A Choimdhe chúmhra, i gconnradh gheallais gan bhréag
Saoirse thabhairt go humhal i bpeacadh na dtréad,
is tug naoimhsprid úr do thúirling ar aspolaibh Dé,
le díogruis rúin cumhduigh fét thearmonn mé.



A Chríost na bhfearta, nár sheachain gach pian dár ngrádh,
's i ndíol gach peactha dár ceapadh linn riamh ó Ádhamh,
thug slighe agus teagasc dot aspolaibh niamhdha 'ár ndáil
chun saoirse is glanta gach galair let riagail cháidh.



Fiú do dhíolta ar thríochaid phinginn d'aomhais
le Iúdas díoghaltach, caora a rith le straéreacht,
Prionnsa is Rí na Ríghthe an ruire gléigeal,
an connradh is saoire fríth dhon chineadh dhaonda.



A Mhic bheannuighthe, 'gár dteagasc-na thug triúchad
bliadhan,
le carthannacht ar talamh chun ár stiúrtha id dhiaidh,
aitchim thusa, ó chailleamair gach cúl san iaith,
fét bhrataighse go dtagamna gan diúltadh ón sliabh.



A Áirdmhic Dé, le caomhacht dob umhal cáile
is mar ghrádh do thréidshliocht Ébha is chrú Ádhaimh,
do thál ód chréachtaibh saorfhuil chúig chneádh ag rith,
fét ghárda téighim dom shaoradh ar phúir námhad.



A Íosa ghrásaigh, fuair páis bhocht chun sinn-na shaoradh,
's i n-íoc lánmhaire ár n-árduilc noch d'fhuiling céasadh
na dtrí dtáirnge id lámhaibh 's it throighthibh caomha,
a Rí ghrádhmhair, me slánuigh let fhiortaibh naomhtha.


L. 334


A Mhuire na bhFlaitheas, a Bhanaltra Ríogh na ndúl,
a chiste na bpeacach 's a dtearmonn choidhche i gcúirt,
i n-ionad gach anfhaithe ghlacais le suim dot riún
sirim do chabhair um labhairt le Críost 'nár gcúis.



A Chríost, 's a Dhé ghléigil na bhfearta nach cumhang,
's a Rí na gréine, a réiltean fhlaitheas na ndúl,
i gcríoch mo thréadhnuis éighim d'fhagháil mhaithimh ót ghnúis,
's det fhírbhreith dhéidheannaigh glaéidh me it fharraidh id
dhún.


L. 335


B 1743 18L
Liaigh na nGrás nGrádhmhar




Ar bhfagháil usáide a láimhe arís dó; agus is amhlaidh a
thárla soin .i. a thuitim de chlaidhe nóin Domhnaigh, gur leighis an
Cheárd Chomhachtach mar sin í. Ó Eanáir go bealltaine, 1743,
a bhí sí tinn aige. Féach Uimh. 134. Ag breith a bhuidhe sin le
Dia is eadh do chan na ranna so.




Liaigh na ngrás ngrádhmhar, mo chara chroidhe ionnúm,
liaigh atá lán de gach aicillidheacht dúinn;
liaigh gan gábhadh cáirdis le Neamh na naoi nÚrd;
an liaigh do dháil lámh dham dob fháda ar díth lúith.



Dia do rádhaim, Árdfhlaith na bhFlaitheas, Rí ndúl;
triath ná trághann tábhacht a charthanníocht dúinn;
is lia gach lá dháileas 'nár n-athchuingí air siúd,
is gan d'iarraidh in' áit d'ádhbhar acht A acht 's A dhlighe
shiubhal.



Tighearna is feárr fádhbhar, cé hannamh sínn umhal;
biadhtach breágh neámhdha is Araidrí an rúin;
mian na mál n-ársadh is amharcaighe umúm,
is Fialmhac lán láidir i bpearsain Trír tiugha.



Mo Dhia 's mo ghrádh i n-áirde, mo shearc, mo bhrígh is
m'fhonn,
mo riarthach rán rábach, le ceart dam síorshúil,
ná hiarrann fagháil fagháltuis, cé deas doní an punnc
ler fhiad mo lámh láithreach a casadh arís chugham.


L. 336


'S na diagaibh tá támhach gan teacht aníos liúm,
's me cian 'na gábhadh gnáthach gan fearuistighe ar fonn,
thug Dia na ngrás lámh liom, do leag me dhen chlaidhe anonn,
ler fhiad mo chneádha táthadh 's is gearra bhí riú.



Dá bhfiadfainn dán dearscnach do cheapadh trí rún
don Liaigh fuair bás 's tháinig 'na bheathaidh arís chughainn,
do bhiainn ghá rádh ghnáthach, 's is maith do thuill súd,
acht sians gan áird gártha gach peacaigh mhíchlúmhail.



Riamh atáim társna gan leanamhain dlighe fúibh;
go fiar ar fán ránga gach camashlighe shiubhal;
iarraim fát pháis ghuirtse, maith, a Chríost, dúinn;
a Thriaith na leágha, tárthaidh me, 's leasuigh fíd chlúid.



Fir an tsaoghail déarfadh nár dheighbheart dáibh
tuitim tré thaothnuisc le faill ná fán;
tugaim céad buidheachus don Taidhbhseach árd,
le turraing tséin d'éantoisc do leighis mo lámh.


L. 337


B 1748 18L
Táid Uaisle Bhanba ag Atal




Don Athair Seán Ó Briain, an tan do hóirneadh é i n-a
Easpog Cluana is Ruis 1748.




Táid uaisle Bhanba ag atal 's ag ádhbhacht le mian,
's is buadha bearta na heagluise is feárr san iaith;
tá suairceas labhartha is aiteas ag dáimh gan chiach,
i gCluain ó gairmeadh Easpog de Sheán Ó Bhriain.



Brianach Bóroimheach eólach eagnaidhe, an té
nach diantoil óir ná tóicheastal talmhaidhe an tsaoghail,
nár iarr ón Róimh na comhachta is marthanaighe méid
acht mian chum seóladh comhairle reachta is dlighe Dé.



Dé 'na bheatha, 's go mairidh in' uachtarán
ar chaomh RosgCairbre ghartha agus Chluain cois trágha;
a chéim ní machtnamh le feaschaibh fuaimint Fáil,
's dob fhéidir fairche Pheadair is Luain dó dfhagháil.



Fagháil céime is láinghéilleadh na bpobal mbreagh mhaoidhimh
don cháidhchléireach ghrádhach ghléigeal is sochma sámh gnaoi,
is feárrde Éire i gcás séin agus sonuis ghnáith ghlinn
lá a théacht don árdshéata bhí ag Colmán naomh.



Don naomh is cómharba cóir, 's is tuigithe dhíbh,
an míleadh mórdha ó bhórd na Soininne aníos:
síol na leómhan leóghanta lonnardha an tsaoi,
is ríoghra coróineach Fódla finne gan phuimp.


L. 338


Puimp is gangaid is ainimh is cam is claon,
bruighean is breabanna is peacadh na gceall go léir,
a críochaibh Banba rachaid go ceannsa caomh
le díodhacht is teagasc an Easpuig seo 'on bhall ag téacht.



Téacht an tsáirfhir ghrádhaigh i gcathaoir chlúmhail
le séala an Phápa fá n-a bhairín dlúth;
Táid Gaedhil dá rádh go dtárla rath thríd siúd,
mar Éire an tráth thug Pádraig reacht Chríost chughainn.



Chughainn-na theangmhaig an faraire is fíoruaisle,
de chrú na bhflatha ó Bhunraite agus críoch Tuamhan,
do spiún na Danair a Banba is í ar buaireamh,
's tug clú agus gradam don ainm do chinn uatha.



Is uatha an macaomh dreachréidh cneasta cuanda,
fuair mar chaithréim glanchéim easpuig uachtraigh;
go dtuaraidh Mac Dé faid saoghail, rath is buan acht
don tsuaircfhear ghealghnéach, flaith é dhe cheap na huaisle.




"Is fearr sean-fhiacha 'ná sean-fhala"; i gcionn seacht
mbliadhan ar ndéanamh na duaine reamhráidhte do chuir an
Tighearna Easpog fios ar an ughdar go dtug píosa óir dhó go
honórach. Seo im dhiaidh duaineóg do rugas chuige ar dtriall
dam air, ionnus go n-aithneóghadh me.



Le cumann don easpog de mhaithibh na míleadh ngrádhach
de chineadh na gaisce, na nEarcail, na ríoghra b'fheárr,
do ritheas ón mbaile le taithneamh dá ghnaoi 's dá cháil,
mar tuigim ná faicfinn a shamhail i nInse Fáil.



Sirim an tAthair, an Leanbh 's an Naoimhsprid árd
is fuireann na bhFlaitheas gan easbha dhá dhíon ar námhaid,
go dtigidh, go dtagaidh, 's go bhfaiceam le linn an ghábhaidh
gan siosma na sagairt 'na seasamh 'nár dtír gan táir.


L. 339


Le feitheamh nach fada 's le feartaibh chirt Ríogh na nGrás
tillfid na ceathanna scamall so arís gan tábhacht;
beidh i gcumus dár nEaspogaibh tagradh an dlighe gan scáth,
gan urraim, gan acharann Sasannach, cuim ná ceárd.



Mo chroidhe grádhach mo chíonádhsa an tEaspog Brianach,
príomhráib an díodhacht áird 's an teagaisc dhiadha;
dá dtigheadh lá geal síothchána ar feadh a thíghearnuis,
do bheadh síos cách 's an dlighe ag Seán de cheap an chliair
chirt.


L. 340


B 1762ob 18L
Bíodh nár Ghaedheal Éadbhard



D'Éadbhard Lhwyd



Bíodh nár Ghaedheal Éadbhard glan eagnaidhe Lhwyd,
do scríbh go séimh saothar do neartuigh gaois dúinn,
ler mhínigh sé i mBéarla go blasta binn búidh
fuighlach glé Gaedhilge go n-aibghitríbh úird.



Ní'l snaidhm ná géag chléachuis ná staic do bhí dúr,
ná laoi bheadh daordhéanta ná daingean dítheamhail,
nár scaoil go saor saoghanta ó scamallaíbh dubha;
mo chroidhe 's mo laogh i n-éinfheacht an Sasaníoch úd.



Má's críoch do shaoghal ghléigeal an arraidlaoich lonn
do thuill-sean dréacht éigse do cheapadh trí rún,
is thuill is spéis Éireann 's a n-eadarghuidhe dhlúth,
i ndíol a chaomhshaothair do sheanamhnaoi Lughaidh.



Bá líonmhar fé thréithibh ar mhaithibh naoi gcúig,
's tré ríoghachtaibh réidhe Shéarluis is fada bhí ar siubhal;
i gcaoi gurab é léirigh, mar dhearcathaoi sonn,
an díoghluim shéin tsaoghain seo is taithneamhaighe liúm.



Do chríochnuigh sé i nÉirinn an teanga bhí amudha,
nídh nár aoimh éinne dhar thairbhighe súd;
a Rí na Naomh léigse, muna peacadh a ghuidhe dhúinn,
dot ríoghacht ghluin féin naomhtha a anam chroidhe anonn.



Anonn 's anall le greann dár seanaghlórthaibh
do shiubhail an seabhac gallda so i measc na gcóigeach.
gur iompuigh d'fheabhus meabhrach i gcanamhain chóraigh,
Mar Niúl na bpeann, teangthacha fearainn Fódla.


L. 341


Do Seóladh me ar Bainis



Ar Nóra Ní Ghearailt, óigbhean do chonnaic sé ar bhainis phósta.



Do seóladh me ar bainis 'nar amharcas bé,
ar m'eólus i mBanbain fhairsing go léir
a sómpla ná feacasa ar mhaise ná ar mhéinn,
ar chaomhthacht, ar chumthacht ná ar áilneacht.
ba chóir leasc a dearca gan chamadh gan chlaon,
ba chomhchruinn a mama 's ba chaithiseach déad,
a beól is a leaca ar dhath na sugh-chraobh,
's ba ghléigeal a gnúis is a gáire.



Sa chómhgar 'nar sheasaimh an eala gheal tséimh
badh dhócha gur pharrathus aingeal is naomh;
a pósadh pé ghealladh badh margadh saor
gan spré ar bith i gcunntus a faghála.
is cóir dam a hainm a thabhairt im dhréacht
i ndóthchus nárbh ainimh dhi i mBanbain é;
Nóra Ní Ghearailt de mhaithibh na nGréag,
an spéirbhean do thionnscain bheith deághthach.


L. 342


Fáilte roimh Ghrádh geal




Fáilte roimh Dhomhnall Spáinneach Mac Cárrthaigh go Carraig
na bhFear.




Fáilte roimh ghrádh geal na tíre
go háitreabh a shinsear gan bhéim,
rábaire is áilne 's is aoirde
's is ábalta gníomhartha agus méinn;
tá an báire go bráth le n-ár muinntir;
tá an mádh maith arís ar ár dtaobh;
beidh árdfhlatha is cáirde 'nár dtimcheall
ag ól sláinte 's ag rinnce 's ag scléip.



Is lánfhada an láithreach go dítheach,
fé tháirmheas gan díon air ón aer,
gan áthus gan táiplis gan fíonta
gan fagháil ar a chíos cheart gan phlé,
gan máighistir den Chárrth-fhuil dá chuimhdeacht,
ná sástacht i n-intinn na ngéis,
go dtáinig an Spáinneach glan díreach
i stát ceart a shinsear gan chlaon.



Tá bláth geal ar bhántaibh 's ar choilltibh,
tá árus na míleadh gan chréim,
go bláthmhar, go beárrtha, go buidheanmhar,
go sásta, go soillseach le haol,
go deághthach, go dántach, go dínteach,
go gáiritheach grinn suilt, go saor;
mo ráib ghlan ó tá anois gan saighead ann
do ráinig dhon tír uile an séan.


L. 343


Tá an Bhlárna go háthusach tríd sin,
Cloch Dáith is an Laoi agus Cill Chréidhe,
an Solán is Driseán is Cill Míde,
's an lán soin cois Brighde go léir;
ó tháinig a ngrádh geal 's a ndíoghrus
ag áitreabh an tighe 'na cheart féin,
beidh gártha 's hurá le gach nídh againn,
'na státaibh ó chím a macaomh.



Domhnall mac Dhomhnaill do mhaoidhimse,
Mac Dhomhnaill de ríghshliocht na nGaedheal;
leógan do thógfas ár n-intinn,
is d'fhóirfeas a dhaoine ar gach baoghal;
beóchuradh beóilmhilis binn suilt
is cródha glan caoinbheartach caomh,
den mhórfhuil i bhFódla dob aoirde,
is den chóip ghluin do shíolruigh ón nGréig.



Do gheóbhaidh an fear córach so ríghbhean,
's is dóigh liom gur cuibhe sin dá chéim;
beidh ór aici a dóthain is maoine,
módhmhaileacht is míne agus méinn;
aithbheóchaidh an fód so dáríribh,
is tógfaidh ó gheimhleachaibh é;
is eólach go ró-mhaith dhó an gníomh soin,
táid comhachta aige intleacht is béas.


L. 344


Ní Mhachtnaím i Leath Chuinn



B 1830lsc 19L
U Anaithnid

S. Ó M. na R. cct do Eibhlín, ingean Chormaic Spáinnigh
Carraige na bhFear noch do ba máthair bhaistidhe dá mhac Pádraig,
iar dteacht di lá dfhéachuin a mic bhaistidhe, agus caipín ró-
órnáideach aici chuige, go ndubhairt Seaghán an beagshaothar so síos
a leith gurab é an mac adubhairt iad.



D'Eibhlín Neansaí Níc Cárrthaigh, ó Charraig na bhFear.
Is í ba mháthair bhaistidhe dá mhac, Pádraig; agus cuaird dá
dtáinig sí le caipín d'fhéachaint a mic bhaistidhe dubhairt Seán
na ranna so ar son an leinbh.



B 1762ob 18L
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Ní mhachtnaím i Leath Chuinn ná i gclár na Mumhan,
ag leathrígh ná ag fear dlighe ná ag máighistir trúp,
níos ealadhnta deasuigheadh ó lár go ciumhuis
'ná an caipín tug Neansaí Níc Cárrthaigh chugham.



Faid saoghail gan cheasnaidhe dhi is bárr gach clú
don bhean mhíonla gheal ghrinn is áilne gnúis,
de cheap dhíreach seanríghthe ón Spáinn do shiubhail;
mo shearc croidhese a bas mhín chomh bán le plúr.



Maimín chun baistidhe níos fearr 'ná súd
is tearc bhíonn ag mac ríogh ná ag ádhbhar diúic;
admhuighim nár cheannuigheas ó bháib na rún
teacht choidhche is caipín 'na láimh ghil chugham.



Is bláthmhar saordha mánla maordha
clár a héadain 's a mala dheas mhín,
a dá rosc réilteach' mar bhárr an fhéir ghluis
's is áluinn scéimh a leacan mar ghríos;
a brághaid 's a béal tais gan ráidhte bréige,
's a cáidhchneas aolda mar eala ar an linn,
's a lámh do ghléasfadh báid is tréanbharc
ar bhánbhruit, faolchoin is marcradh ar muighe.


L. 345


Cuirfeadsa im Dhán Síos



Do Sheaghán an Dúna.



Cuirfeadsa im dhán síos cáilidheacht chlúmhail
ar dhuine bheir fáiltí i dtábhairní dhúinn-na;
cara mo chléibh
An scathmhaire tréan
is acmhuingeach méinn is múineadh,
is draganta laochta lúthmhar;
taca nár thréith i gcumhangrach;
fear saoitheamhail sámh is áilne pearsa,
Is bláth dá bhfeaca 'á chrú ghluin.



Seaghán Mac Cairteáin an beangán cumhra
ráib gheal cheannárd d'fhuil bhreágh an Dúna;
sliocht Ír na slógh
Mac Míleadh móir;
ba ríoghdha an chíop 'na ndúthaigh;
is Rísigh Chóige Mumhan
Do líon tar bóchna chughainn-na.
's fé chíos dar ndóigh chuir Fódla neartmhar
fós le calmchúnncus.



Molaim do ghnaoi, is do ghníomhartha fiúntuis,
is oscailteacht aoird do chroidhe mar phrionnsa;
dá dtagadh an greann
tar fairrge anall
badh chalma an ceann tu ar thrúpaibh;


L. 346


nó, i dtabhairne an bhrannda spiúnadh
go fairsing gan channtlamh chumhangraigh;
nó, mar Fionn na bhFiann, ag fiadhach le gaisce
i ndiallacht chapaill shúgaigh.



Tá ciall gan spreóin ag leóghan na n-úirbheart,
's bheith fial go leór i gcóisir ughdar;
bearta gan phuimp,
is labhartha grinn
'na theangain gan tím gan túrnamh;
aigne líonmhar lonnrach,
is gradam i dtír gan diúltadh;
gura fada a bheidh suas go buan gan bascadh
i n-uaisleacht cheannuis chlúmhail.



An Ceangal
Na focail do shioscas le cumann do Sheághan Óg
ní'l buirbreacht gliogair 'na ngoire, ní rádhaim a shórd;
tá cothrom is tuilleamh na laoithe, mar táid i gcló,
san tsoilbhfhear oilte, 's beidh mise mar áiteamh leó.



Gach polladh atá i n-iomaidh le bile na ráidhte gcóir
níor fhollamhuigh duine aca i dteideal ná i gcáil, dar
ndóigh;
is, má mholas go miochair gan iomarca pláis mo leoghan,
níor chothrom an imirt dá mbriseadh an dáimh mo shrón.


L. 347


B 1750 18L
Cúil atá gach Lá




Do Réamonn mac Thomáis de Barra i gCúil, ag iarraidh
adhmaid tighe air, 1750




Cúil atá gach lá dá leagadh ag saoraibh
's ag ughdarás go sámh i sealbh Réamuinn;
mo riúm ó thárla ar lár 's gan maide 'om réirse,
tá connradh 's cáirde ar láimh mo dhragain ghléigil.



Is fonn liom fáilte dheághthach dhon Bharrach ghléigeal
's don chúpla mhánla mhnámhail mhaiseach mhaordha,
d'iompuigh ádh agus ás ar feadh na hÉireann,
go Cúil gur ghnáth ar fás ann cantain éanlaith.



Is iomdha dán deárscnach is startha Gaedhilge
ar chlú 's ar cháil rábach na bhflaith ór phréamhais;
rún is grádh na dáimhe ar mhair det phréimhse,
siúd 's ná fághainn-se biorán ná barra géige.


L. 348


B 1762ob 18L
Éadáil Ghreanta do Ghlacas




Don Athair Domhnall Mac Claochluighe, i gCarraig na bhFear,
do bhronn spéacláir air.




Éadáil ghreanta do ghlacas óm charaid chomhfhoguis,
bréagán blasta dhom dhearcaibh thug amharc fóghanta,
spéacláir snasta ghníos leathan gach ganna-chló mion;
Éanghrádh is taithneamh mh'anma an tAthair Domhnall.



Is é is feárr d'aithin an t-easnamh do theangmhaigh dhamhsa;
is é a lámh leabhair do chneasuigh mo ana-bhróide;
is é a mheáduigh leagaithe leacha mo sheana-shórd ruisc;
's is é fá ndeara go bhfaicim go beannach beó fruigh.



Laoch lán d'anam is d'eagna is d'eagailseóireacht;
craobh cháidh chailce d'fhuil flatha do raideadh seóide;
saoghal breagh fada go bhfaghthaidh i bhfearann Fódla,
is tar éis bháis, aitchim, go ndeachaidh dhon bhFlaitheas
ghlórmhar.



An gloine deas nuair ghabhaim orm le meidhir
is cliste ceart ag teacht dom roscaibhse a radharc;
ní'l cuil ná cat ná dath bhíonn ortha ná faghaim;
's an dubh 'na gheal ní'l maith a chosnamh im aghaidh.


L. 349


Sin Críochnamh ar Scríbhinn



Don Athair Domhnall Ó Cearrbhaill do bhí i gcúram
Paróiste Charraig na bhFear timcheall na bliadhna, 1761, ar
gcríochnughadh an mhórleabhair do scríobh dhó, i n-a raibh Eochair-
sciath an Aifrinn, Beatha Phádraig, Párlimint na mBan, etc.
Ag so síos na ranna do scríbh Seán i ndeireadh an leabhair sin
ar n-a thoirbhriughadh dhó.



B 1761c 18L



Sin críochnamh ar scríbhinn an Athar Domhnall,
de dhíoghluim ghluin díodhachta agus teagasc eólach,
id den Ghaoidhilg ba mhilse dar theangmhaigh dhamhsa,
ar fhíorbheathaidh Chríost is lucht leanta a bhóthair.



Sílim is innsim gur maith an sómpla
dhon taoiseach do chínn ó na flathaibh fóghanta,
nach maoine na caoirigh ná ba ná bólacht
ba ghnaoi leis, acht gaois agus eagna óirdhearc.



Is díreach gur chuibhe dhó bheith gartha gleóidhte,
sliocht intinneach aoibhinn Uí Chearbhaill chródha -
Muimhnigh ba bhuidheanmar ag teacht chun comhlainn
le coimhighthigh gach ríoghachta aca ar feadh na hEórpa.



Is fírinneach scaoileas an sagart seólta
díoghluim gach díodhachta feadh fearainn Fódla,
ar intinn na gCríostuidhthe theacht i nglóire
i gcoimhdeacht an Choimdhe ar ná tagann fóircheann.



Guidhim-se chun Íosa is chun A Athar chomhachtaigh,
go dtighidh soin chun críche le neart a chomhairle
dá chaoiribh, dá chloinn, is dá dhearbhchomhursain,
ár dtaoiseach is sínn uile i bhFlaitheas d'fhóghnamh.


L. 350


B 1762ob 18L
A Shagairt Ghluin





Don tsagart léirtheangthach .i. an tAthair Nioclás Breatnach.




A shagairt ghluin ó Bhreatain toir de shíol na leóghan,
ba cheannusach san talamh soin 's i gcríochaibh Eóghain,
is annamh liom do dhearcaim thu go n-innsim sceól
gur fada dham ag eagluis im shaoirseach romhaibh.



Ní thairgfinn an eachtra so choidhche, a stóir,
's an tseachtmhain seo gur baisteadh againn naoidhean
bheag óg
le sagart suilt d'fhuil Chathail chumuis bhuidheanmhair mhóir
do chuir seasamh ar an airgead go scríbhinn ar dtóis.



Tá eagna agat meanmna agus intinn mhór,
Tá carthannacht is ceannus agus díodhacht go leór;
tá gradaimchion ag easpogaibh na tíre it chomhair;
's go mairirse san mhaise sin ar Chríost go fóill.



Do mheasfainnse nárbh aite le fear míle bó
eachtra agus racaireacht is laoithe is comhad,
'ná leatsa thoir, 's a nglacadh libh mar dhíol óm shórd;
seo an margadh bheas eadrainn arís go deó.



Sin file sámh ag Nioclás go héag arís -
an bile deághthach thuigeas dánta is dréachta draoi;
ní bithte a rádh gur chuir an dáimh ná an éigs' fá chíos,
ós bith i gClár Luirc sliocht na ndeágh'threach i gcaomhacht
lucht grinn.


L. 351


B 1744c 18L
Is é Seón an Bhruinneal



Ar Anna Príor



Is é Seón an bhruinneal nach mire dhíbh fiadh 'ná í,
óigbhean chliste nó fireannach fial gan phuimp,
do thógfadh cuisne de chnocaibh is liach a croidhe
le ceóltaibh milisghuib do rithfeadh chun fiadhaigh nó fuinn.



Tá fonn is fán ag Seán is rinnce is léim,
's tá togha na dtáinte ráidhte binn 'na béal;
tá modhmhaile 's mánlacht, áilne is aoibhneas léi;
ní'l cabhair ná cáil le fagháil nách maoidhim 'na méinn.



Méinn ná feaca le sealad ná fós lem linn;
tá sé 'na preabaire pearsanta córach cruinn;
bé 'na bhanaltrain, freagrann Seón 'na mhnaoi,
is laoch mar bharra air sin Anna gheal Preór, má's fíor.



Is fíor gur caithiseach casann sé laoithe dáin,
is cruinn 's is calma ar talamh do shínfeadh ránn;
ní'l críoch ná baile, mar mheasaim, i nInse Fáil
nách tríd a ghabhann 's gan aici dhá thaoibh den rás.



Dá rás ní choiscfidh, níor coireadh 'na saothrach seóil,
tá dásacht sodair 'na chosaibh do thraochfadh tóir
go fánach follus, gan foithin ná faeseamh fós;
badh gábhadh dhi fortacht ó loisceadh a héadach nódh.


L. 352


Is Tréith 's is Lag



B 1747c 18L
U Seán Ó Briain

An tAthair Seán Ó Briain cct. don Chrith




Is tréith 's is lag le tamall mé dhom chlaoidhe
le taomaibh creatha 'om threascairt faon gan bhrígh;
ní'l géag im chalainn, feacht, ná féith im chroidhe,
nár réab ar fad, 's do speal mo ghné 's mo ghnaoi.



Is séice seaca an galar géar so 'om shnuidhe,
's is méirleach meathta marbh méirthneach buidhe;
is méala a mheas nach feas do Ghaedhilshliocht slighe
chun éirligh ar Ghallaibh amhail éachta an daoi.



Le saeghdaibh, sealad, leagann laochra groidhe -
cé aosta an fear, an bhean cé féigh, an naoidhin -
céasann easpuig, sagairt, éigse is draoi,
gan taobh ná taise, an scraiste séithligh nimhe.



Tréig me feasta is tabhair ré nó scíth,
nó déanfad aiste 'ot ghearradh, dréacht is aoir
dot léirscrios feasta amach lem shaoghal arís,
a phéist is measa bail, 's is baethe lígh.



Do ghréas dot thathfan caithfead caol mo phinn,
a sméirle smeartha, a dheamhain daordha an fhill;
ní léir dam ainm cheart dó bhéarfainn díbh,
acht, caor ar lasadh is sneachta séidthe thríd!


L. 353


Mo léan, mo chreach, nár chas air fhéin arís
a ghaoth 's a dhart dá chrapadh traochta tím,
ar ghléas an ghaith do chaith go faobhrach linn,
nar mhaol a neart ar fhearann Éireann aoil.



Aon ghaoil ní fheaca ag teacht 'om fhéachaint puinn,
'Om bréagadh seal i dteas na péine im luighe;
's dá n-aomhadh neamh dham ceasc is céad den fhíon
d'fhéadfainn lear do dhearcadh 'om éileamh dhíobh.




U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Seán na Ráithíneach cct. ag freagradh ar an
Athair Seán Ó Briain.




A Chléirigh chneasta, is a Athair fhéil ghluin aoird,
do réir do dhreacha is dath do scéimhe, chím
gur shéid an galar creatha créim it chlí,
do mhaoluigh t'acmhuing seal cér thréitheach í.



Is é mo mheas nach peacadh an méid do scríbhis
do shéice an ghaid do speal do ghné 's do ghnaoi,
nár fhéach dot mhaith seoch saith, cé céim nár chuibhe,
acht déanamh bearta i reacht an chléirigh chaoin.



Do ghéabhadh seacha scata it éaghmuis slighe,
fé dhéin na marcradh magaidh méirthne mín,
a phlé 's a phlaic 's a bheatha dhéanamh dhíobh,
's gan céasadh ár sagairt chneasta i bhfaobhar ná i bhfíoch.



Taod is treascairt treathan tréan, a laoigh,
'na thaobh, 'na thara, i measc a chléibh 's a chinn;
'na thaobh, teascadh is tachtadh, ó's é do thuill,
air féin go pras, an arracht shéithleach fhill.


L. 354


Ní céile ceart an straip d'fhear léighinn ná laoidhe,
ná chléireach charas cantain dréachta 's díodhacht;
i réim a reatha glacadh sé na buinn
is ná déineadh leatsa baint i bpéin an dlighe.



I dtaobh na gcarad d'fhan gan t'éileamh puinn,
ná déinse a bhac acht fan go réidh mar taoi;
táid Gaedhil ag teacht 'na bhflaitheas féin arís,
's beidh cléir 'na measc fé mheas i gcéimibh groidhe.



Ní fuláir liom gur nár leis an racalach bhfuar
a ndearna de cháibleadh ar an sagart maith suairc;
tráchtadh an táthaire in-aithghiorracht uainn,
nó ag bárdaibh beidh rás air dá ghlanadh as an dtuaith.


L. 355



Sin feasta dhon dáimh



B 1807lsc 19T
U Anaithnid

Ar bhás Dháith Uí Ghlasáin, bumbáille, do marbhadh i gCorcaigh,
Abrán, 1737.



B 1737 18L
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

Sin feasta dhon dáimh cúis gháire is aitis le mian,
ó cailleadh an báille bálthach malluighthe dian;
maithim dhon bhás a ndearnaidh d'argain riamh,
ó threascair an stráille Dáth an seanabhum diabhail.



Geallaim go bráth gur feárrde Banba Bhriain
an scramaire thrácht don áit 'nar ceapadh a thriall,
go hAcheron lán ag snámh i lasair na bpian;
sin farra n-a mháighistir Dáth i n-ainm an diabhail.



Ba mhalluighthe a cheárd ar sráid le fada 's le cian,
an spreallaire d'fhág adhnáire trasna 'na dhiaidh;
ag ceangal 's ag crádh na dtáinte pearsan gach bliadhain
thug acharann brághad ar Dháth i nglasaibh an diabhail.



Do theangmhaigh do Dháth bheith dána fialathach fiar;
níor thaithnigh a cháil ná a cheárd le cealla na gcliar;
nár chaillidh an lámh do sháith an t-arm 'na chliabh;
's mo mhallacht 'na dheáidh go háitreabh dearbhtha an diabhail.



Is sultmhar le cloistin, i gCorcaigh 's i gceartlár críoch,
an struilleadh 's an stolladh so ar cholainn an Ghlasáin
bhuidhe;
a himeall na croiche dhá chrochadh go hiomárd bhíonn,
is tá teine ná corthar dá loscadh age Bhulcán tíos.


L. 356


B 1755ob 18L



Fé Fhód an Rathain




Sailm an Gheadhnánaigh.



U Anaithnid
Liam Ó hEifearnáin, cct.




Fé fhód an Rathain do leagadh an tíoránach,
an geócach malluighthe, 's an madradh milltheánaigh,
thug pór na heascaine ag fealladh ar na deaghcháirdibh,
an stródhaire galair gur bh'ainm dó an Geadhnánach.




Seán Ó Murchadha, cct
ar an bhfear gcéadna



U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha

A Mhóirmhic Fhlaitheas, do dhealbhuigh íoc láinteas,
don bheól do spalpadh na leabhair gan fíoráiteamh
dóghadh agus greadadh, lasadh agus croidhe cráidhte,
go deó san ghaise sin Acheron guidhim sáithte.



Scóladh is scalladh ort fé leacaibh an ghroidhe-ghráta;
tóirneach gharbh is ceathanna caor cáithte,
slóighte deamhan, is dragain, is daoil fhásaigh,
dod ghleó, dhod lascadh, 's dod ghreadadhsa, a Gheadhnánaigh.



Gach stróinse buailte buartha braighdeáltha
an ród so ghluaiseas cuaird go meadhránach,
dreóghaid go duairc, mar dhuais na meadhráiste,
an cóta nua so fuair an Geadhnánach.


L. 357


Ní dam Náire an Ghearáin seo




Oirbhire, aithis, achmhusán agus sluagh mallacht Sheáin na
Ráithíneach ar bhitheamhnach do ghoid molt uaidh.



Ní dam náire an ghearáin seo ar m'intinnse -
mo mholt bán dá sceanáil istoidhche ar chnoc;
siolán is croch árd lá gaoithe amuigh
is uchlán ar spreasán an ghníomha soin.



Is gníomh soin ná smaoinfadh acht stollaire mheaith
mo chaora le cíocrus do chogaint gan cheart;
a Íosa do-chí soin, 's ná molfadh an bheart,
go síntar an phíp age crochaire an ghaid.



Gad is gleó agus fógairt easmailthe air siúd;
tachtadh beó agus breóiteacht fhada fé chumhaidh;
leagadh, leónadh, tóirneadh, treascairt is brúdh
gan charaid, comhfhogus, comhursa in' aice ná cúil.



Gan chúil ná clár, staca cadhan ná cat,
clúid ná cáil, ná fagháil ar ghreim 'na dhraid,
ná súil le grása acht trághchant, treighead is tart
i ndlúthchaisleán, gan leágha ná leigheas 'na ghar.


L. 358


Is gairid go bhféicfar é go cruadhchraidhte
i n-anobaidh, i bpéinn, 's i n-éagcruth uathbhásach;
gan mac aige bhéarfadh déirc ná luach bioráin do,
cara ná céile, acht éigheamh i uaillghártha.



Gáir namhad air, gráin mhairbh, agus díoghaltus Dé;
ár argain fán fada chuige, is líonruith léin;
gan lá lascaine ó chneádhaibh dearga 's ó mhíolaibh méith'
go bhfágha an tachtadh soin ar lár faithche theas ag rinnce
ar théid.



Téad righin chrochtaitheach bhrostuightheach oireamhnach
fé chaolscrogal an chrochaire bhitheamhnaigh;
gan éinchill choisreagtha dho-san dá mhionspiúnadh,
acht cré bhuinn croiche is é nochtaithe ag dul fúithi.



Fúithi trasna nuair leagfar annsúd ar sráid,
gan cognamh glacaithe ar Aifreann úird ná áird,
is dubhach an mhalairt don speallaire smúsach cnámh,
i gconnradh a anma, is masla aige i gcúis a bháis.



Ní'l bás dar ceapadh ar thalamh, ná a bhfaghadh slighe 'om
dhéin
De bháth', ná bhascadh, ná leagadh, ná gadhair slighe sléibhe,
ná fághadh mo scata beag as-san go raghaidís d'éag,
i gcás gur mheasa 'ná Eachtra Raidhrí an scéal.



An scéal soin geallaim gur ghlacas le foidhne mhóir,
go téacht don stracaire bhradach dá roinnt 'na dheóidh,
chuir sé fé tharra tuir a craiceann gan taidhbhse im chóir,
's is léir gur bhailigh chun baile gach greim den bhfeóil.


L. 359


Feóil phúdhrach do shiubhal air san mbliadhain seo ar fad,
is mórdhúil aige chúichi, is nár fhiadaidh stad;
mo róchonntrachtsa tabharfaidh an liairne isteach
fó chunntus gach cúinne ar bith fiar dar ghaibh.



Geabhadsa sailm na mallacht anuas 'na cheann
dá leagadh, dhá threascairt, dá chreachadh 's dá ruagadh
i n-am,
gan taitheac, gan teallach gan tapa gan chuan, gan chlann,
gan Aifreann sagairt, gan paidir acht duartan deamhan.



Deamhain is diabhail dá chiapadh arís go deó;
gach am den bhliadhain, a Dhia, ceil choidhche air glóir;
nár dheallra an ghrian air, cliar is naoimh dhá bhreódh
'na dhall gan chiall, gan fiacail, buill, ná beóil.



Gach beól do shloig mo mholt, má bhí fhios aca,
an fhógairt seo bíodh ortha ó chroidhe go tiugh;
gan chóir ná cothrom, cosnamh bídh ná bruit,
go ló a gcrochta i gCorcaigh thíos istigh.



Istigh go rabhaid sul fada fé chuing thruim righe,
um briseadh na n-aitheanta ar ar barradh go síoraidhe
sínn;
go mbuintithear asta le tachtadh, nó fírdhlighe dhaoir,
ithe agus alpadh agus stracadh na gcaoiríní.



Caoirigh is uain dá bhfuadach aca is méathmhairt;
gach oidhche suas gan suan go maidin lae ghil;
seo an tslighe atá thuaidh ar fuaid na mbradach sléibhte,
agus luighe le buaibh, monuar, chun leaba a dhéanamh.


L. 360


Déanamh leasa dhá n-anam - sin gníomh ná luadhaid,
éisteacht teagaisc ná Aifrinn choidhche thuaidh;
ní'l cré ná paidear ná sailm ag puinn san dtuaith;
a Dhé dhil, malluigh is treascair an bhuidhean go luath.



Luathuigh chúcha súd an donus buidhe ar fad -
cuaine, complacht conntracht, crochairí gaid;
uaill bhitheamhnach gciontach, bhochtnuighis dreas,
dar dual bheith dubhach dá dtabhairt fé choiste chruinn
cheart.



Is ceart don chúige a gconntracht tiughthábhachtach,
's an amen liúm i gcúis mo mhilleáinse;
dafhichid cúpla ó thúis do ghoid dáibhsin;
is faire chucha - a ndubhart ní dam náire.



An Ceangal
Gach éigeas soilbhir chloiseas mo fhriotal beóilse,
déineadh cosnamh im fhochair le fuinneamh fórsa,
's ní baoghal ná stolfam gach ropaire ghoideas fóisce,
go dtéidhid dá gcrochadh, nó ar a gcorpaibh go ndeineam
feólmhach.



Éigean ocruis ortha, agus scrios is scóladh,
créim is cogadh agus coscairt is cuiripeóireacht,
gan saoghal, gan sonus, gan cosnamh, gan fuinneamh
fóghnaimh
acht éag is oirbhire, bochtaineacht, briseadh is breóghadh.



Séideadh, storma, stolladh, agus stiucadh sómplach,
éacht is othrus, ghoinfeas go huile an chóip sin;
éirleach obann dá lomadh 's dá mbriseadh beó bocht,
céasadh is crochadh, agus crothadh agus crith le córda!


L. 361


Marcus Lee cct



U Anaithnid

Ag freagradh ar aiste Sheáin




An molt ó ghoidis, a scriosaire an éithigh,
thíos i n-ifreann guibheam tu 'ot chéasadh -
i n-íochtar an choire, agus Oscar dá shéideadh,
is deamhan is fiche aca 'ot ghiobadh as a chéile.



Má's bás obann, do chrochadh go ndéintar;
uireasbha súl, is lúith do ghéag ort;
uireasbha carad, sleachta agus séin ort;
uireasbha sláinte, mná agus saoghaltacht.



Nár gheibhir bás go bráth le haostacht,
go dtigir go Corcaigh fé choiste dhot dhaoradh,
go mbeidh Seán go sámh ag féachaint
ar do scrogal dá stolladh as a chéile.



Eascaine Chríost do ghuidhim is galar cléibh dhuit;
carra agus míola 'ot shnuighe dot leagadh i n-éinfheacht;
do lasadh idir theinte nimhe ar faithche an aonaigh,
's do bhathus go críona thíos i mbarra spéice.



Sceimhle agus cnaoidhteacht go bhfios don tsaoghal ort;
do chlí dhubh go fíorlag gan folach léine;
saigheada na sídhbhan le treascairt cléibh ort,
nár thíodhlaic an chaora chun baile ag méilidh.



Ó chríochnais an chaora, ní mholfair féin soin;
ár daoine ort, pláig mhíolach, gorta is géibheann;
bás bíodhgtha i lár oidhche, gan fortacht faésimh,
ná díol i n-éinchrích ar an ola dhéidheannaigh.


L. 362


Marbh i ndaibhigh fá chruimhibh go raibh an séithleach;
a chosa is a chroidhe 's a chlí dhá stracadh i n-éinfheacht;
a chonablach buidhe gan nídh aige chasfadh sé air,
acht paiste dhen chlaidhe, nó píosa chroiceann chaorach.



Seán Builléad cct




Ag freagradh ar aiste Sheáin




Is olc an aithne ar Sheán -
saoi na bhflaith bhíos fial le cách;
saoi le suairceas, croidhe gan locht;
mo mhallacht don té ghoid a mholt.



Muna peacadh dham é, dhen aér nár fhaice sé spíc;
muna peacadh dham é, lom léin dá threascairt gan bhrígh;
muna peacadh dham é, mar chaor go lasaidh a chroidhe;
nár sheachain do thréad, a shéimh-fhir charthannaigh chaoin.



Gan molt, gan fóisc, gan bó, gan capall, gan biadh,
gan ithe, gan ól, acht fóirneart deamhan 'na dhiaidh,
dá loscadh, dhá dhóghadh, dhá róstadh ar ghreadail na bpian;
's mo mhallacht fé chóig 'na dheóidh i nglasaibh an diabhail.



Mallacht na mallacht dá threascairt gach oidhche is ló;
mallacht gan aiseag dá chreachadh, dhá shnuighe, 's dá bhreódh;
mallacht na bhflatha, do bhreacas gach nídh go cóir;
's mo mhallacht mar thaca ó bhailigh gach greim den fheóil.



Pádraig Ó hÉigeartaigh cct




ag freagradh




Milleadh is mairg is leagadh agus sír-leónadh,
doigh 'na bhathas 's a thachtadh le righinchórda,
a chion de Fhlaitheas, is sealbh an Ríogh ghlórmhair
i gcruth gan aiseag air, is eascaine druing eólach.


L. 363


Eólus fáidh dá chrádh 's dá chlaoidhe go grod,
dá sheóladh ar fán, dá thiomáint i gcrích ar chroich,
dá leónadh, ar láimh an fháidh 'nar claoidheadh an molt;
go deóidh gan fagháil air, pláigh is saighead 'na chorp.



A chorp i gcarcair, is cealga trí bhreóidhteacht
dá lomadh, is anacra ainmhe is díth dhrólann
a chosc ar charaid, is damaint na dtrí slóighte,
dá shlogadh i dtalamh i nAcheron tíos dóighte.



Dóighteacht áir air, pláigh is líonruith lot,
is geóin na dáimhe i gcás le haoir dá ghoin;
a chlódh go táir, is námhaid na gcríoch 'na chlos
dá scóladh i dtráth le táine, is guidhim soin do.



Nimh nimhe eascaineach, greadaghoin fí dheóidh air,
guith thrí anfhaithe, easmailt is míchóthrom,
muth fíor-dhamaint tar bearannaibh fíorscólta
'na chruth claimheach gearbach ainnigeach cruinnleóinte.



Éamonn de Bhál cct



U Éamonn de Bhál

ag freagradh




Cuirimse ciorrbhughadh is muthughadh is plágh i ndiaidh
pé duine ghoid molt úr cruthamhail Sheáin i gciain
is sinnil bheidh 'n scuilliún, gan tuistiún do láthair Dhia
's nár thigidh i n-oireamhaint san gcruinniughadh bheidh lá ar
an Sliabh.



Ar shliabh ná ar mhínleach a chaora nár reicthear go bráth;
's an ghrian nár thighidh 'na shlighe, is nár fheicidh an lá;
fiacha is maoir ar a dhruim i n-eibior a bháis,
do chuir ciach ná scím ná sighneas feirge ar Sheán.


L. 364


A Éigse Feasach Fír-eólach




A Éigse feasach fír-eólach, éistidh le haoir an árdbhúiste
bhundúnaigh .i. bolg féir fleascaigh agus gioballaigh, bodaichín,
ruathaire reatha póirsí, sleagaire treasca deaghdhaoine,
taistealach gach tabhairne, dríodar na bhfíorlómach, scraiste
bléanlom gacha cóisreach, agus foghadóir gach botha .i. an
srimile sramach sraothartach garbh gréiscithe gortach, súmaire
dríbe d'eascair as críonláibh Éireann, le' ráidhtear Seáinín
Ruadh Ó hAichiarainn, geaidéa a fuairamair-na amach ó lucht
innste na scéal agus ó lucht na leabhar, meidh na tarcuisne,
agus an Seán réamhráidhte sin d'fholaibh bochta fír-ísle na
hIomna. Agus mar an gcéadna go mbíonn sé ag daoir-
siughadh agus ag árdach a bhfeirmeach beag ar chlannaibh scológ
agus lábánach. Ag seo ughdarás fé láimh Sheáin na Ráithíneach
chun gach báille dá bhfuil san Mhumhain chun breith air, agus a
thabhairt dom láthairse mar a bhfuilim im chátúir is im
chathaoir bhreitheamhnuis i gCarraig na bhFear.




Gaige gruamdha spreallach stuacach;
Seáinín Ruadh na léige;
míolach ceartach, ríceach reatha;
straoile bradach éithigh;
síol na bhfleascach, síolrach bodach,
daoiste creachach créachtach;
lóiste dunnsa lóma tútach;
óinmhid ghionncach mhéiscreach.


L. 365


lacuna
Priocaire an chreacháin, druingire an bhotháin;
srimile spriosán fuathmhar;
donán cruaidh cas, bochtán truaghmhail,
stoc árd guagach cuardach.



lacuna eile
A scórnach scaoileann tóirsí gaoithe
bhreódhas na mílte i ndaor-bhroid;
conablach goirgeach ó dtig boltanus,
tré n-a chogansach craosach,
Seáinín ró-leamh, fuath na gcomhursan;
fuaid gan treóir gan éifeacht
caimiteán coimhitheach, d'eascair táir-íseal
d'aicme ghráin chíordhubh chréimtheach.



Is réic mar chluinim Seán sméirle gliogair
táir-éifid buile i n-éide;
duairc-ghein direóil, cuaille fonómhaid,
truaille bith-bhróin bréantuis;
madradh drannach, scramaire salach,
callaire cleasach gréiscthe;
an gaige gruamdha spreallach suaithte,
Seáinín Ruadh na léige.


L. 366


B 1762ob 18L
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
A Mhuiris an Anma



A Mhuiris an anma, a dhalta na prímhéigse,
do thuilleasa an leabhar a chanas na ríghbhréithre
ar bhinneas na n-eachtra cheapadar draoi nÉireann;
oireann an mhalairt mar theangmhaidh gan díth d'éinne.



Mise atá im sheanduine pheacthach, faríor géar guirt,
is mithid dam leabhar an anma shírléaghadh;
Oscar is Cairbre is arm an ríghfhéinnidh
bíodh agatsa sealad go dtagair san aois aosmhar.




Agus go n-éirghe sé linn araon.


L. 367


Tásc an tSáirfhir



Ar bhás Sheáin na Ráithíneach



Ribeárd Breatnach cct.



B 1762 18L
U Ribeárd Breatnach

Tásc an tsáirfhir ghrádhaigh do chéas me
is d'fhúig me lem ló fá bhrón go n-éagfad
a dhul i n-úil fé chlúid i gcré-chuilt -
Seán na Rátha ráib na féile.



D'éisteas sealad, ag machtnamh go créachtach,
ag súil go n-amharcainn aiste bheag éigin;
ní fhaca-sa ag teacht acht stair 'na haonar
do chan an fáidh ná táinigh i n-aostacht.


L. 368


Cá bhfuilid fáidhe Chlár Luirc Éibhir?
an balbh atáid, nó tláth i gcré lag,
ná fuilid ag gárthadh ar árdaibh maolchnoc
i ndeáidh an fhile seo goineadh go déannach?



Ná cluinim a nguth ar mullach sléibhe
is ná faicim a bhfriotal le fuinneamh i ndréachtaibh?
is cúis fé ndeara don ghasra an scéal sin:
mar táid fé líogaibh claoidhte tréith-lag.



Dá maireadh Seán Clárach fáithghlic faobhrach
's an dá Uilliam dob fhialmhar tréitheach
do caoinfidhe an cnú le cumha go déarach
is do bheadh a cháile ar fagháil i ndréachtaibh.



Níl gnó dá ríomh, gach saoi den éigse
do chaoinfeadh Seán go cásmhar déarach,
ní bheadh file aca i nInis Luirc Éilge
gan bheith go túirseach dubhach i n-éigceas.



Mo chruadhtan deacrach deargruisc déarach
is truagh me ar marthain i gcreathaibh dá n-éagmuis
gan duine aca beó am chomhar do chlaonfadh
acht leinbh óga fós nár aosuigh.


L. 369


Mo theastas ar Seágan, bláth na héigse,
d'fhuil Mhurchaidh Laighnigh thaidhbhsigh thréithigh:
go raibh sé soineanta sultmhar glic caomhnach,
carthannach páirteach grádhmhar béasach.



Níor fhág sé pungc san iúl nár shaothruigh
's gan fuigheall do breacadh leis gaisce na Féinne.
is ro-bhreágh an tabhrthas do bhronn Mac Dé dho
meabhair is intleacht, caoine is éifeacht.



Ar n-éag do Sheán do gháir na tréinfhir
do scread a mná cois Mháighe, cois Fhéile
do shuidh bean chaointe ag caoidh go déarach
i gCnoc an Bhile le deifir na péine.



Tigidh a cháirde, tráchtaidh taobh liom
is goilfeam naoi lá gan trághadh go héigneach
is dúinn nach nár na gártha dhéanamh
is bheith go duairc gan suaimhneas lae ar bith.



Cailmfhear cáidh roimh táin nár chlaochluigh;
dá dtagadh 'na dhún naoi dtriúir is caogad
do-bhéarfadh fáilte i ndáil gach éinne
's ba sultmhar a gháire ag ádhbhacht gan traochadh.


L. 370


Cia cheapfas an dán go dána ar Éirinn
don leanbh so ar fán le spás in' éagmuis
ná bhreacfas do fáilte ar dtrácht go hÉirinn
ó chailleamair Seán na Rátha an féilfhear.



Tá tuath na Cairrge fearamhail féastach
go dubhach i gcreathaibh le sealad i n-éigean
tá Gleann Maghair gan meadhair i ndaorcheas
is tá an Ráithín ag árdchaoidh go héigneach.



Tá an Laoi fé bhrón gach ló le méala;
níl breac 'na linn ó hinnseadh scéal di,
gur éag an treón mear leóghanta leigheanta
do b'fhearra cáil ar ál Shíol Éabha.



Níl luibh ag teacht tre fhaithchíbh féir ghlais,
's níl éisc ag freagairt ar caise le tréimhse;
tá an ré fé scamall 's níl amharc san ngréin toir;
níl cnuas ar chrannaibh ná cantain ag éanlaith.



Níl gáir ghrinn, mar bhíodh, i n-aonbhall
acht doilgheas deór is brón is béiceach;
ó's follus i gcill fá líog an réiltean,
do mheathadar croinn i gcoill le méala.


L. 371


B 1740c 18L
Cuimhnigh don Fhíorscoth




Chum Seaáin Stac .i. file fuinte foghlama aitreabhas i
gCathair Chorcaighe an beagán so le báidh mhuinnteardhais ro
mhóir:




Cuimhnigh don fhíorscoth nach slim ráidhte
mo dhíograis tré shaoirse na ndlighe dáimhe,
's gur fuinn linn gan puinn maille síth-cháirdeas
do ríomh ris im líontaibh dá dtighe i bhfábhar.



Taoiseach i n-intleacht do thuill cáile,
agus gríobh shnuighte líomhtha shuilt fhíneálta,
príomhchuisle chinn d'fhuil na bhfíorársa
i gcrích Luirc a ngníomhartha badh snaidhm d'aireamh.


L. 372


Ní mhaoidhfead gur líonmhar badh cuibhdhe báidh ribh
's ár sinsior gur snaidhmeadh lé suim grádh dil,
ag fíorchaismirt fhíochmhair na gcloidheamh dtáidhleach,
tug sinn uile i ndaoirse na bhfíochnámhad.



Le taoide na gaoithe seo an mhí Márta
muna dtí an lucht do scaoilfeas ár ngeimhil bhrághad-na
ó chíocras na saighead-chon do shíorchráidh sinn,
atá mímheas is ísleacht i gcrích ndán dam.



Dod mháighistir ceannais, a leabhair na riaghlach réidh,
dáil go haibidh mo bheannacht iar dtriall 'na ghaobhar,
fáidh ghlan fheasach dár radassa dianshearc géar;
Seaán Stac ainm an tseabhaic is triath dhon éigs.



Seán Ua Murchúghadh cct.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services