Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe
Title
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1680
Publisher
(B.Á.C.: O.S., l931)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<N L093> <L 1> <B 1680ls 17D> <C Prós> <M 8> <T Leabhar Cloinne Aodha Buidhe> <U Anaithnid; Eag. Tadhg Ó Donnchadha> <F O.S.; B.Á.C.> AN LEABHAR EOGHANACH. Isiad iomorro ríoghdha agus roithighearnuidh bhádar san aimsir inar tionnsguineadh an leabhur so .i. Toirrdhealbhach Luineach, mac Néill, mic Airt, mic Cuinn, mic Énrí, mic Eoghain, iarna ríoghadh agus iarna oirneadh ar sén úaire agus aimsire lena chineadh go comhaontadhach i ndiaidh a chomhbráthar gaoíl agus geinealaigh budhéin .i. i ndiaidh Seaáin mhic Cuinn, mic Cuinn, mhic Énrí mic Eoghain srl. Agus do ba lann craoi cubhaidh coimhéda an chóigidh, agus stiuir chert chobhsaidh cosanta an chonáigh agus buachaill tenn thairis do threindíden na dtuath an Toirrdhealbhach sin. Agus Aodh Dubh, mac Aodha Ruaidh, mic Néill Ghairbh, mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona ina thríath for Cinél gConuill mic Néill. Agus Aodh, mac Feidhlim Bacaigh, mic Néill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe, mic Briain Ballaigh ina thigherna for Cloinn Aodha Buidhe. Agus Ruaidhrí mac Maghnusa, mic Donnchadha í Chatháin ina thriath for Ciannachta. Agus Cú Chonnocht, mac Con Connocht, mic Con Connacht oile, mic Briain, mic Philip, mic Tomáis mic Pilip mic Aodha Ruaidh mic Flaithbhertaigh ina thigherna thréntiodhlaicech for Feraibh Manach. Agus Art mac Briain mic Rémuinn mic Glaisne 'na Fhlaith Oirghiall. Agus Fer Dorcha, mac Domhnuill óig, mic Domhnaill, mic Aodha ina thriath for Muigh Cobha agus for Uí Eachach Uladh. Agus Seaán mac Eochadha í Anlúain ina thigherna ar Oirtheroibh. <L 2> Agus Seumus óg mac Rughraidhe 'na Mhac Domhnuill Gallóglach. Agus Seaán mac Feidhlim í Dhochartaigh for Tír Eoghain na hInnsi. Agus Aodh mac Maolmhórdha, mic Seaáin, mic Cathail, mic Eoghain í Raghallaigh ós maicne Maolmhórdha. Agus Brían mac Briain, mic Eoghain, mic Tighernáin mic Taidhg mic Tighernáin mhóir í Ruairc ina Thigherna Ua mBriain agus Conmhaicne. Agus Domhnall mac Taidhg, mic Cathail óig mic Domhnaill mic Eoghain í Chonchubhair ós Cairbre Dhroma Clíabh. Agus Cathal Dubh, mac Conchubhair í Dhubhda for Tír Fhiachrach Muaidhe. Agus Diarmaid mac Cairbre mic Eoghain chaoich 'na Ua Conchubhair nDonn. Agus Tadhg Óg, mac Toirrdhealbhaigh ruaidh mic Taidhg bhuidhe ina Ua Conchubhair Ruadh. Agus Seaán, mac Oilbhérus Búrc 'na Mhac Uilliam Íochtair. Agus Riocard a Búrc mac Uilleag mic Riocaird 'na Iarla Chlann Riocaird. Agus Geróid Óg mac Geróid mic Tomáis 'na Iarla Cill Dara. Agus Geróid mac Sémuis mic Seaáin mic Tomáis 'na Iarla Desmhumhan. Agus Tomás mac Sémuis mic Piaruis 'na Iarla Urmhumhan, agus uas Builtéraibh 'na uachtarán. Agus Conchubhar mac Conchubhair í Bhriain 'na Iarla Tuadhmhumhon, iar n-aithríoghadh Dhomhnuill mhic Conchubhair í Bhriain tre fhoirnert gall agus fhear Saxan. Agus Domhnall mac Domhnaill mhéig Carrthaigh 'na Mhac Carrthaigh Mhór. Agus Cormac mac Taidhg mic Cormaic Óig 'na thigherna ar Mhúsgraighe mhic Dhiarmada. Isiad sin iomorro flatha agus taoisigh agus troim-thighernadha bhádar i gcoimhré agus i gcomhaimsir an tan ro tionnsgoineadh an leabhursa do Thoirrdhealbhach <L 3> Luineach mac Neill mic Airt Óig mic Cuinn mic Énrí mic Eoghain mic Néill Óig mhic Néill Mhóir mic Aodha mhic Domhnaill, mic Bríain Chatha Dúin mic Néill Ruaidh mic Aodha fris a ráidhter an Macaomh Tóinlesg mic Muirchertuigh muighe Lughan mic Taidhg Ghlinne mic Conchubhair na Fiodhbhuidhi mic Flaithbhertaigh Locha Feadhaidh, mic Domhnaill re ráidhter (an tÓgdhamh) mic Aodha Athlamhuin, mic Flaithbhertaigh an trostáin .i. a lorg Rómha, mic Muirchertaigh Mhidhigh mic Domhnaill Ardmacha mic Muirchertaigh na gcochall gcraicenn mic Néill glúnduibh mic Aodha Finnléith, mic Néill Chaille mic Aodha Oirnidhe mic Néill Fhrasaigh mic Ferghail mic Maoladúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill Ilchealgaigh, mic Muirchertaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh mic Eochaidh Muighmheadhoin. 1. Agso an Leabhar Eoghanach, thráchtas ar réim ríogh sleachta Eoghain mhic Néill Naoighiallaigh: Cúigear mac bhádur ag Eochaidh Muidhmheadhoin .i. Brian agus Oilill, Fiachra agus Fearghus, ceithre mic Muingfhinne inghine Fiodhaigh. Cairenn Chasdubh, inghean ríogh Saxan, máthair Néill Naoighiallaigh; agus ba hé Niall dob óige ar aoi n-aoisi don chloinn sin, agus ro budh sine ar aoi ngníomha; agus gér mhór miosguis agus míodhuthracht Muingfhinne inghean Fhiodhaigh do Niall Naoighiallach is chuige ráinig inmhe agus ardfhlaitheas ar bhéulaibh a cloinne. Agus is amlaidh forcomhnogor sin .i. cúiger mac ríogh Éirionn do ghluasacht ó Themhraidh do sheilg agus d'fhiadhach, agus torc Rátha an Chraoi do mharbhadh dhóibh, agus fianbhoith foluchta do dhénamh an oidhche sin aca ag Fionnshruthán na Faghla i gCrích eidir dhá Abhainn. Ar gcaithemh an fhuluchta dhóibh do chúaidh clann Muingfhinne d'iarraidh uisge an tan do ghabh aolsgoth íotan iad .i. Brian agus Oilill agus Fiachra agus Ferghus; agus fuaradur tobur fíoráluinn isin bhfiodhbhaidh, agus <L 4> eugosg serbhghlórach senmhná ag coimhéd an tobair; agus do ráidh nach dtiubhradh an t-uisge acht don tí do bhéradh póg dhi, agus do luighfeadh ria. Do cheilsed iomorro clann Muingfhinne nach bhfuaradur an t-uisge ar eagla an arrachta. Is annsin ráinic Niall d'ionnsaighe an tobair, agus do chúaidh i ngnás an arrachta, agus do rad póg dhi. Táinic dealbh agus dersgnadh fuirre gur bho samhail re gríostaitneamh gréine nó re corcairliag ar lasadh gach ball gach alt agus gach áighe dhi; agus do ráidh re Niall: "Is misi flaithes na ríogh," ol si, "agus cuingidhsi ríghe laoi go n-oidhche for cloinn Muingfhinne a lógh an uisge, agus budh tú bhus rí dhe." Iar sin táinic Niall do chum na fianbhoithe i mbádar a bhráithre, agus a chúach lán d'uisge leis; agus do naisg ríghe laoi go n-oidhche agus tosach labhurtha i dTeamhraigh for cloinn Muingfhinne a lógh an uisge; agus do fhaomhadur sin uile do Niall. Rángadur go Temhraigh iar sin, agus do ráidh Niall Naoighiallach friu: "Is i n-oidhcheibh agus i laithibh caithter an domhan uile" ar sé. Gonadh amhlaidh sin do sgar Niall Naoighiallach ríghe agus oireachus Éirionn fria clainn Muingfhinne; agus do thairngir an bhean soin ríghe nÉirionn do chloinn Néill Naoighiallaigh airead bhes muir um Ealga. Do ghabh Niall iar sin ríghe go roinertmhur iar mbás Eochaidh Muidhmheadhóin; agus do rad tuarustul agus tionnlacadh do thuathaibh agus do throimríoghaibh na hÉirionn, agus isé do rad deich céad each agus chúig céad lúireach agus a each agus a earradh féin i dtuarustul do Chorc mac Luighdheach mhic Oilill Flainn Bhig corrigenda mhic Fhiachaidh Mhuillethain mic Eoghain Mhóir mic Oilill Óluim, amhail asbert Torna éiges an rannsa: <C Fil.> Deich céad each chúig céad lúireach tug Niall do Chorc mac Luighdheach, agus naoi bhfichid fail óir agus caoga cornn comhóil. <L 5> <C Prós> 2. Do ghabh Niall Naoighiallach iar sin chóig géill Éirionn, agus géill Alban agus Saxan agus na Fraince agus insi Breaton agus go muir nIocht, go ros-marbh Eochaidh mac Eunna Gheanntsalaigh go soighid foibrighte tar aill mara os bruach mara nIocht, iarna ionnarba do Niall féin roimhe sin a hÉirinn iar marbhadh an fhileadh .i. Laidhgeann mic Baircheadha leis, amhail asbert an file ag teacht tar bás Néill: <C Fil.> Niall mac Eachdhach isa leacht luid fo sheacht tar treathan triocht ro-réruigh comharbus Cuinn go ngaodh os muing mara nIocht. <C Prós> Do briseadh iomorro seacht gcatha re corp Néill Naoighiallaigh ó mhuir nIocht go hÉirinn, ut probat carmen: <C Fil.> Gan do shideadh catha no cruais tógbhuid suas sé athnaidh túis; ba fíor flatha iar ndáil bháis, maidhm sheacht gcatha ré a ghnúis. <C Prós> Do thugsad a mhuinntir corp Néill leo go hOchuinn Mhidhe dia adhnacal. Gonadh óna hochánuiph do-rónsad fir Éireann um Niall Naoighiallach ad-bherur an t-ainm sin fria. Ro chaith Niall Naoighiallach seacht mbliadhna fichead i ríghe nÉireann agus i n-airdcheannus iarthoir Eorpa amhail dherbhus an rann: <C Fil.> Fiche bliadhoin for a seacht do Niall mar aon re a roineart ní dalbh ós muir nIocht ealach ro marbh Eochaidh Cinnsealach. <C Prós> 3. Niall Naoighiallach céadamus, 14 mic las .i. <L 6> Eoghann agus Conoll Earrbreadh, agus Cairbre, agus Conall Gulban, agus Laoghaire, Fiacha, Maine, Eochaidh, Énna agus Aonghus Uilldherg, Ferghus Andoid agus Ferghus Madlorg, Triana Uaithghen, agus Caol Dubh. Do bhádor ocht mic oireaghdha don chloinn sin ór gheinsat clann, ut dixit poeta: <C Fil.> Ocht mic ag Niall, niamhdha an chlann, adéarsa ribh a n-anmann: Eoghan, dhá Chonoll na gcreach, Maine, Eanna fial faoíleach, Laoghaire ba rí go rath, Fiacha, Cairbre na gcruadhchath. <C Prós> Conull Gulban, ó bhfuilid Cinél gConuill. Conull Earrbreadh, ó bhfuilid Clann Colmáin agus Síol Aodha Sláine. Fiacha, a quo Meic Eochagáin agus Muinntir Luinín. Maine, a quo Fir Teabhtha. Laoghaire, a quo Cinél Laoghuire. Cairbre a quo Cinél Cairbre agus Ibh Fhlannagáin Tuaithe Rátha. Éanna, a quo Cinél Éanna. Eoghan a quo Cinél Eoghain. 4. Isé iomorro an tEoghan sin mac Néill ro baistedh la Pádraig mac Carploinn, athair baiste agus creidmhe agus crábhaidh d'fheraibh Éirionn; agus isé an Pádraig sin ro fhágaibh na fágbhálasa ar Eoghan mac Néill, agus ara chloinn ina dheghaidh .i. an tan no-éireóchadh neach dhíobh as a iomdhadh nó as a airdleabaidh go mbeithdís fir Éirionn ar crioth agus ar cumhsgughadh roimhe; agus spraic a chloinne ar gach cúigeadh i nÉirinn; agus gan spraic eunchúigidh orra, acht go nderndís réir Pádraig; agus do rad Pádraig bennacht ghaisgidh for Eoghan mac Néill, ut dixit Pádraig: <C Fil.> Mo bhennacht for na tuatha do-biur ó Bhealach Rátha, foraibh (a) Cheinéil nEoghuin, deoraidh go lá an bhrátha. <L 7> Cén bhes Macha for thoraibh buaidh gcatha for a bhferaibh, cenn slógh bhfer bhFáil die maighin, saighin dóibh for gach tealaigh. Síol Eoghain mhic Néill séan, a Bhrighid bhán, acht go ndernuidh maith flaith úaidhibh go bráth. Ar mbeannacht ar ndís, for Eoghan mac Néill, for cách ghighneas uadh acht robh uagh diar réir. <C Prós> 5. Agus isé an tEoghan soin ro bhris cath Átha Cró, ris a ráidhter Áth Seanaigh an tansa; áit inar thuit Cis agus Cana agus Seanach, trí ríogha Uladh, agus inar cuireadh dergár a muinntire; agus do hadhluiceadh Seanach i ndorus an átha, agus Cis i Sídh Cisi, agus Cana i gCarnn Chana i sosadh Mhullaigh an tSíodha recte .i. i síodh Aodha Easa Ruaidh. Táinic Conall agus a bhráithre le hEoghan i n-iarrmhoracht Uladh nó go rángadur Cruachan, agus go Leitter Mharga, agus go Tráigh Thuillsge, agus go Ros nGlanghlaise; agus tarlatar Ulaidh dhóibh ann; agus ferthur cath amhnus edrócair eattora; agus do thuit Dubhruire mhac Cana isin gcath sin. Gonadh úadh ainmnighther an ferann forsa dtá Dubhrur aniugh; agus do thuit céad curadh isin gcathsin immaille ris. 6. Iar sin luid Eoghan gona bhráithre i ndiaidh Uladh go Duibhghlenn Seicheadh risa ráidhter Glenn fíoráluinn Fhinne an tansa; agus do Bhealach nGola .i. do Bhernus Mhór, .i. Gola mac Deaghaidh do thuit ann, táinig le Caoimhghein gCongainchnesach do Chonnachtaibh do chongnamh leis, re ráidhter Bernus Mór aniu. Agus tugsad Ulaidh cath Bernuis do chloinn ríogh Éireann annsin, agus brister for Ulltaibh an cath sin, agus <L 8> marbhthur Muirchertach mórbhuilleach mac ríogh Uladh ann le láimh échtoigh iolbhuadhaigh Eoghain mic Néill, agus trí céad d'Fhíorulltaibh immaille fris. Do theichsiod Ulaidh iarsin i nGairbhthrian Chlann Fomhoir mhic Airgeadmhair, agus do lensad clann ríogh Éireann go Mucromha agus do Ghabholghlenn agus do Shliabh gCuaire nó go rángadur Cuanglaisi; agus do chonncodur na catha coimhinnillte ara gceann don leith oile don abhainn. Agus isiad bhaoí annsin Dubhruis agus Cana óg mac Cana; agus an tan adchonnairc Eoghan iad tug sidhe sanntach seabhcamhail dá soighin, agus do ghabh ag laoidheadh a laochraidhe agus ag moladh a mhíleadh, agus ag brostadh a bhráithreach um chalma do dhénamh. Is annsin do chromsad Ulaidh fán gcaithghleo le bráithribh urmhuisnecha Eoghain mhic Néill, agus rugsad bern céad isin gcath i n-urchomhair a n-aighthe. Agus brister an chaithiorghal sin for clanna roda Rughraidhe, agus cuirther a ndergár ann. Agus do thuit comhdhalta Conaill Gulban ann .i. Eoghan mac Muireadhaigh. Do ghabh Conall ag tuirrsi agus ag tromdhoghra ós cionn a chomhdhalta, agus do ráidh draoi Chonaill, aghón Laidhgenn mac Baircheadha: "Budh é ainm an chnuicsi go bráth Doghra." Do iodhlaiceadur clann Néill a n-easbadha annsin; agus do lensad Ulaidh tar Goll agus Iorgholl, agus tar crích chloinne Rosa, agus tar crích Ua nDuach, agus for Caimfhersaid agus d'Ard Murchaidh, agus do Rosuigh Mhóir, agus tar cenn Lochmhuighe agus do Loch Feabhuil; agus fuaradur annsin Guaire agus Fraoch .i. dhá mhac ríogh Uladh, agus deich céad laoch ina bhfochair. Tugsad cath Locha Feabhail annsin áit inar thuit Fraoch agus Guaire dhá mhac ríogh Uladh; agus do thuit Boghuine mac Néill Naoighiallaigh i bhfriothghuin an chatha sin ó chlannaibh Néill .i. an cúigeadh mac déag do Niall; agus Áibhionn, inghean Luighdheach mic Oilella Flainn Bhig corrigenda .i. rí Mumhan máthair an Bhoghuine sin. Iar sin do hairgeadh dún Eoghain Échtuigh mhic <L 9> Iolairchéadaigh leo, agus do thuit féin i gcert chomhluinn la hEoghan mac Néill. Beires Éanna mac Néill Uichtgheal inghean Mhuirchertaigh, ben Eoghain mic Iolarchédaigh leis, agus beireas triúr mac dhó .i. Dubhán, Brénoinn agus Lughaidh. 7. Iomthúsa Eoghain mhic Néill gona bhráithribh iar n-arguin dhúin Eoghain dóibh rángadur rompa go Sruibh Brain airm i mbaoi Dianghus mac Luighdheach do chloinn Eachach Ghunnfhada, agus Mál Mílidh, agus Eochaidh Éachtach do Dháil bhFiatach; agus do ráidhsiod nach dtiubhraidís géill nó umhla do chloinn ríogh Éirenn. Do ráidh Eoghan mac Néill gur bhferr leis cath iná gialla. Ferthar cath Sruibhe Brain annsin eattorra, agus ní meinic fuaradur clann Néill tennta mur an troimghliaidhsin; uair do créchtnuigheadh na curaidh isin chaithghleo sin .i. Eoghan, Cairbre agus Conall; agus do sraonadh an cath for Dáil bhFíatach, agus do marbhadh Dianghus agus Eochaidh Éachtach agus Mál Mílidh ann. Do leansad clann Néill Ulaidh annsin, agus tugsad a ndeas re tír agus a gclé re muir, agus do Dhruim Fachtghair agus d'Uisge Chaoín, agus do Shnámh Tairpthera, agus do Dhruim Lighean, agus do Chnoc mBoghuine re ráidhter Cruachan Droma Lighean. Is annsin do bhí Ceallach agus Duach Fionn agus Séadno do Mhonchoibh Uladh .i. clann Dáire Barraigh mhic Cathaoir Mhóir. Ferthar cath Cruachain eattorra annsin, agus torchuir Ceallach agus Duach Fionn agus Séadno isin gcathsin, agus trí céad dá muintir; agus ní raibhe Conall i bhfarraidh Eoghain insin gcathsin Chruachain, acht do bhí in' othar lighe d'aithle catha Sruibhe Broin; agus ní raibhe athmhaoín na Monach ón gcathsoin bheos. 8. Fógoirther cath la hEoghan gona bhráithribh for clannaibh na gColladh i mullach Sléibhe Toadh ris a ráidhter Sliabh Truim an tansa; agus bhádur na catha cechtardha ag tuarguin agus ag trénleadradh aroile ó mhaidin go meadhón laoi. Ciodh trácht an tan do mhothaigh Eoghan mac Néill cathughadh cruadhláidir <L 10> agus sesamh sírdhéinmhach chlann na gColla ina chertaghaidh do ghabh mire meanman agus airde aigionta é, agus ba gloim fherchon dá héill, agus ba slugadh libheagáin ar láiniasgach gach cromrúathur curadh do-bheireadh fón gcath. Sraoínter an cath annsin for cloinn na gColladh, agus for Dál nAraidhe, agus lentur iad go hArd na nDruadh re ráidhter Dún Genoinn, agus co hArd Soileach re ráidhter Ard Macha. Agus do rónsad creacha agus urtha agus airgne agus éadála móra for cloinn na gColladh i nÍbh Nialláin agus i nÍbh Breasuil agus fo Ghlenn Righe, agus um Loch nEachach, agus do ghabhsad longphort i nAonach Macha; agus do rónsad síth fria clannaibh na gColladh iarsin, agus suidheas Eoghan mac Néill i nOileach ina ríoghlongphort féin. Úair ba dúthaidh dhíles dó ó Ghlais tSencha go Sruibh Broin; agus do réir na n-ughdar níor bh'iongnadh ardphort Oiligh ag Eoghan ara uaisle seach cách, uair as dó ro-chead an sencha an seanrann so síos: <C Fil.> Eoghan mac Néill ardmhaor Monach, muireadhach ba muir ar cruas, meuraidh go bráth buan a ghleoghal; aitheach cách go hEoghan suas. <C Prós> 9. Isí iomorro oighidh Eoghain amhail innsid na heolaigh .i. bás d'fhagháil do chumhaidh Chonaill mhic Néill, úair ba hionann máthair dóibh araon .i. Inneach inghean Luighdheach mhic Aonghusa Fhinn mhic Fearghusa duibhdhédaigh .i. inghean ríogh Uladh a máthair dibhlínibh. Gonadh dhó sin ro ráidh an file an rann sa: <C Fil.> Adbath Eoghan mac Néill náir, la deoraidh ba maith a mhaoin, do chumhuidh Chonuill chneas chruaidh, dá bhfuil a uaigh i nUisce Chaoin. <C Prós> Agus dob í aois an Tigherna an tansin teasta Eoghan mac Néill .i. 65 bliadhan agus cheithre céad. An <L 11> tEoghan sin mac Néill ro ráidhiomur romhoinn fágbhus deich mic ina dhiaidh .i. Muireadhach, ó dtá Cinél Muireadhaigh; Ferghus, ó dtá Cinél bhFerghusa; Eochaidh ó dtá Cinél nEochadha; Binneach, ó dtá Cinél mBinnigh; Dallán, ó dtá Cinél Dalláin; Cormac, ó dtá Cinél Corbmaic; Feilimidh, ó dtá Cinél bhFeilimidh; Oilill, ó dtá Cinél Oiliolla; Iollann, a quo Cinél nIollainn; Aonghus, ó dtá Cinél nAonghusa. Eichín ó dtá Cinél Eichín. Robdar cathaidhe comhromhach i gcomharbus a n-athar agus a senathar an deichneabhur sin ut dixit an file: <C Fil.> Deich meic ag Eogan na n-all; cineadh ó gach mac mórmhall: Eoghan, fer nár bh'fhann a threoir, sen a chlann sen a chineoil. Cinél Muiredhaigh maith libh, Eichín beodha agus Bindigh, Ferghus an soidhealbhdha seng, agus Oilill is Iollann. Dallán agus Corbmac cóir, Féilim is Eochaidh altchóir, fer dhíobh do cheolbhroghaibh cain, sean gach Eoghanach amhlaidh. <C Prós> Agus is amhlaidh sin áirmhios Giolla na Naomh clann Eoghain ina dhuain; agus dearbhadh ar sin amhuil adbeart an file san rannsa: <C Fil.> Deich meic Eoghain an ghill, glan is clann Chonuill Ó ghulban ó mhuigh Eine go Dún Bó fersad cath gach baile dhó. <C Prós> 10. Mac uasal onórach don chloinn sin .i. Muireadhach ó dtáid ríoghradh Cinéil Eoghain uile, agus Ionnorb inghean ríogh Saxan a mháthair. Isé an <L 12> Muireadhach sin mac Eoghain do chuir deich mbáire fhichead i gcionn a thrí mbliadhan dég ar Chuingidh Chas mac Criomhthuinn .i. mac ríogh Laighean gona thrí fichid mac ríogh immaille ris ar dtocht d'iomarbháigh iomána ó dhúnadh ríogh Laighean go Tráigh Inbhir, baile i raibhe Eoghan mac Néill; agus umhluighios mac ríogh Laighean dó d'aithle na hiomána; agus do rad Muireadhach tuarustal dó .i. céad bó, céad brat agus céad each, agus a thimtheach budhéin. Agus do chuir Muireadhach triochad báire i gcionn an treas lá iarsin ar fhaithche dhúnaidh Eochaidh Abhradhruaidh i nAlbain, arna fhoghbháil i mbun Locha Feabhuil d'Eochaidh ag snámh na tuinne, agus arna bhreith i ngialla leis dá dhúnadh féin. Isé Muireadhach do bháith an cúiger ar fhichid do mhacaibh ríogh Alban do bhí aga mhúnadh i mbaili Eochaidh Abhradhruaidh ar cluiche tuinne iarna fholáireamh d'Eirc inghen Lodhuirnn air dul do chombáthadh friu. Isé fós do rad triochad cath san domhan thoir ag gabháil neirt do rígh Alban agus gan do chuidechta aige acht foireann chúig long do mhuinntir Eochaidh Abhradhruaidh; agus is don turus sin táinic Earc inghean Lodhuirnn go hÉirinn leis .i. inghean ríogh Alban; agus rug ceithre mic dó amhail asbheart an file: <C Fil.> Ceithre mic la Muiredhach fria hEirc ba sliocht saor: Feradhach is Tighernach, Muircheartach is Maon. <C Prós> 11. Do chaith Muireadhach trí bliadhna déag ina ríghe féin iar sin go bhfúair bás ina mhórlongphort féin i nOileach na ríogh, amhail dhearbhus an senrann: <C Fil.> A trí dég Muireadhach mín Ós iaith Uladh 'na airdrígh; oidhche luain an ghég ghroidheach do fuair ég i nArdoileach. <L 13> <C Prós> Agus dob í aois an Tigherna an tan sin .i. ocht mbliadhna déag agus trí fichid agus cheithre céad. Earc inghean Lodhuirn, iomorro, baoi aimsir imchían gan fhior aice íar n-ég Mhuireadhaigh go nus-tug Ferghus mac Conaill Ghulban i gcol adhbhalmhór go rug ceithre mic dhó .i. Feilim athair Coluim Cille agus Loghurnn agus Brénoinn agus Séadna, amhoil dhearbhus an rannsa romhoinn: <C Fil.> Ceithre mic la Ferghus fris an Eirc chubhaidh céadna Feilim agus Lodharn Brénuinn agus Séadhna. <C Prós> Táinic Earc fo aithrighe íar sin do chum Cairnigh, agus do shléachtadh gacha treas iomaire ó Thoraidh gu Tuilén Cairnigh; agus do righne aithreachus ina col agus ina peacadh, agus do bhennuigh an Cairneach uisge iodhan di. Ro fháguibh Cairneach, iomorro, fágbhála móra for clannaibh Eirc .i. gach dara rí no-ghéabhadh Éire go bráth gurab díobh no-bheith; agus ro fhaoi a spioroid ó Eirc inghin Loghairn íar sin in manibus angelorum. 12. Muireadhach mac Eoghain chúig mic leis .i. Muirchertach, a quo an ríoghradh; agus Feradhach, a quo Cinél Fheradhaigh; agus Tighernach, a quo Cinél Tighernaigh; agus Maon, a quo Cinél Maoin; agus Ruanach. Muirchertach mac Earca dhano, .i. Muirchertach mac Muiredhuigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh céidrí Éirionn do Chlannaibh Néill iar gcreidemh amhail dherbhus an file: <C Fil.> Céidrí ro-ghabh Éirinn uill do shíol Eoghain a hEachdhruim an nathair thuilcheapthach thoir Muirchertach mac Muireadhaigh. <C Prós> Isé an Muirchertachsin do-chuaidh i nAlbain i gceann a dhá bhliadhan déag, agus táinic Logharn .i. <L 14> rí Alban ina choinne, agus ferthur cath oghulbhorb amhnus ainiarmhurtach ettorra .i. Logharn a shenathair féin; agus ro-ghiallsad fir Alban do Mhuirchertach, agus tugsad a mbraighde go humhal 'na urláimh. Agus suidhios i n-ionadh ríogh Alban, agus bhaoi dhá bhliadhuin i ríghe nAlban. Agus do-chuaidh i gcríochaibh Bretan agus marbhus rí Bretan agus rí Saxan agus an t-imper; agus rug ben an impir dís mac dhó .i. Arsidinus agus Constantinus a n-anmonna; agus do ghabhsad an dias sin ríghe Saxan agus Breatan; agus adbherait árdughdair gurab ar a shliocht atáid ríoghradh Breatan agus Saxan. 13. Táinic Muirchertach mórchobhlach go hÉirinn iarsin d'fheroibh Alban agus Saxan, agus do ghabh neart ar gach neach d'fheroibh Éireann bhaoi ina aghaidh; agus suidhes féin i nOileach iar sin, agus gabhus ríghe Eoghain mhic Néill. Agus adubhairt nár mhiadh nó maise lais ríghe nÉireann do bheith ag Oilill Molt mac Daithí, agus gan ag sliocht Néill Naoighiallaigh acht Cúigeadh Uladh, agus cuid do Chúigeadh Connocht; agus isí comhuirle arar chinnsead clanna Néill cath d'fhógra ar Oilill Molt mhac Dhaithí mic Fiachrach. Gabhthar lá catha ettorra ar Mhoigh Ocha. Téid Muircheartach mac Muireadhaigh go maithibh a mhuinntire agus a mhórshochraide, .i. Lughaidh mac Laoghaire agus Ferghus Ceirrbeóhil mac Conuill Chriomhthoinn, agus Fiacha Lonn rí Dhál nAraidhe; agus ferthar cath neimhneach naimhdeamhail eattorra; agus tuiteas Oilill Molt mac Daithí le láimh Muircheartaigh mhic Earca isin gcathsin Ocha, agus cuirther ár a mhuinntire; agus tug Muircheartach ríghe nÉireann dá shinnser-bhráthair .i. do Lughaidh mhac Laoghaire, agus do ghabh féin ríghe nOiligh; agus is suaill nárbho leis ríghe nÉireann. Agus do bhí 25 bliadhain i ríghe Eoghain mhic Néill nó go dtorchair Lughaidh mac Laoghaire d'fharcha teineadh do thuit ina cheann i nAchadh Farcha i nÍbh <L 15> Criomhthuinn tré fheirg na naomh ris, amhail asbert an file: <C Fil.> Lughaidh chúig bliadhna fa chóig fuair ag Áth Fharcha urchóid; ro loisg farcha teineadh tenn flaith na neimheadh 'sna naoimhcheall. <C Prós> 14. Gabhus Muirchertach ríghe nÉireann iar sin, agus isé tug Temhair alle; agus isé do chuir an dochur mór for Laighnibh i gcumhoil Néill mic Eachach, .i. gan rí dhíobh do bheith ar Theamhraigh go bráth, agus gan fód tar a ndúthaidh féin d'Éirinn do gahbáil; agus tug ar Laighnibh Teach Cleitigh do dhénamh i nDruim Fraoich for brú Bóinne, agus a dheunamh do dharaibh; agus mná Laighen do bhuain a thuighedh i Seisgionn Uairbheóil, agus bheith ullamh don toigh sin fo chenn an treas lá; agus do chuir fíon agus miodh an tighe sin for Muimhneachaibh a choinnle agus a fheóil for Connachtuibh a iasg a uisge agus a chonnadh for Cúigedh Uladh; agus is aire itberthe cleiteach fris uair ba hé "cleith-theach" bhfer nÉireann hé. Do bhris iomorro, Muirchertach (do réir na n-ughdor) sé catha dég agus dá fhichid cath thoir agus abhfus amhoil asbert an rann: <C Fil.> Ceithracha cath 'sa sé dég do briseadh leis 'sní brég riamh, toir agus abhfus ar chách mur aithrister do ghnáth iad. <C Prós> 15. Agus do chaith Muircheartach ceithre bliadhna fichead i ríghe nÉirenn go dtorchoir lais an mnaoi shidhe .i. la hinghein Déin mic Triuin mhic Roithriuin i dtigh Chleitigh ós Bóinn. Conadh í a oidhidh .i. guin <L 16> báthadh agus losgadh, amhail fhoirgleas Giolla Moghuda: <C Fil.> Muirchertach ba calma a chead ceithre fionnbhliadhna fichead, i gCleitech cháidh a dhíol de, ro bháith fíon ro loisg teine. <C Prós> Agus dob í aois Muircheartaigh an tan térno don tsaoghal .i. deich mbliadhna for céd. Agus dob í aois an Tigherna an tansin dhá bhliadhain agus dá fhichid (agus) cúig céad. Cúig mic dano la Muirchertach mac Earca .i. Domhnall agus Néillín, Baodán, Scannol agus Fearghus mur adeir an rann: <C Fil.> Chúig mic Muirchertaigh go mbloidh mic Muireadhaigh mic Eoghain Domhnall, Néillín, garg a ngus, Baodán Scannol is Ferghus. <C Prós> 16. Domhnoll agus Fearghus dhá mhac Mhuircheartaigh dhá rígh Éireann iadsidhe; agus is don Domhnull sin do goirthí Domhnull Ilchealgach tré iomad na gcealg do chumudur fir Éirionn chuige ar ainchridhe a athar friu. Agus is leo tugadh na cathasa .i. cath Sligigh ina dtorchuir Eoghan Bél rí Connocht agus cath Chúile Conoire ina dtorchuir Oilill Ionbhanna mac Eoghain rí Connocht, agus Aodh Fortamhail a bhráthoir, agus cath Chúile Dreimhne for Dhiarmaid mac Cerbhuill; agus cath Gabhra Liffe for Laighnibh, agus mórán eile mur adeirid na roinnsi: <C Fil.> Is cath Sligigh ria Ferghus 'sria nDomhnull ndruimneach ní scél sgeinmneach i dtorchuir Eoghan Bél buidhneach. <L 17> Cath Chúile Conaíri (i Cera) riana bhfoirinn craobh chaomh crobhuing i dtorchuir Aodh agus Oilill. Cath cúile Dreimhne for Diarmaid deimhne scéaloibh i dtorchair triochad céad caoinidh dona tréanoibh. Is cath móna daire Lothair co líon cuirthe um Aodh mBreac go mbrígh do-cersat ann seacht rígh Cruithne. Cath Gabhra Liffe for Laighnibh iomad gcomhlann ollghus iomghann meabhaidh re bhFerghus 's ria nDomhnall. <C Prós> Trí bliadhna don dá mhac sin Muirchertaigh i gcomh-flaitheas go bhfuaradur bás ina dtighibh, ut dixit poeta: <C Fil.> Bliadhain do dhá bhliadhain do chlos do Dheghdhomhnoll is d'Fherghos, marbh rí na tíre gá thoigh, dhá mhac mhíne Muirchertaigh. <C Prós> 17. Duaibhseach inghean Duach Ghalaigh, mic Briain, mic Mhuirchertaigh mic Eachach Muighmheadhoin máthair na deisi mac soin; agus dob í aois an Tigherna an tan teasta Domhnall agus Ferghus .i. naoi mbliadhna seasgad ar chúig céad. Trí mic la Domhnall Ilchealgach mac Muircheartaigh .i. Eochaidh, Colga agus Aodh Uairiodhnach .i. rí Éirenn. Aodh Uairiodhnach mac Domhnuill Ilchealgaigh mic Muirchertaigh .i. rí Éirionn. Isé ro bhris cath Slaibhre for Brannumh mac Eachach, ut dixit an file: <C Fil.> Is cath Slaibher for Brannumh mac Eachach ollghuirm caomh an forrán ro-bhris Aodh ollán mac Domhnuill. <L 18> <C Prós> Agus is aire adbherthe Aodh Uairiodhnach fris .i. "uaro einigh" tigdís dó go dtiodhnuicfeadh an domhan dia mbeith fo a amus. Nó, "uara iodhna" .i. ar sluaghadh geimhridh no-ghnáthuigheadh bheith. Nó uara iomorro thigdís dó ina chodhladh, agus iseadh itbhereadh: crech, cuirm, ceól. Brí inghean Orca mic Eirc máthair Aodha Uairiodhnaigh. Ro chaith Aodh Uairiodhnach seacht mbliadhna i ríghe nÉireann conérbailt amhail asbert an file san rann so: <C Fil.> Aodh Uairiodhnach ina thoigh, mac Domhnaill mic Muirchertaigh, rí na rath reacht go riaghail adbath iar seacht saoirbhliadhnaibh. <C Prós> 18. Agus dob í aoís an Tigherna an tan sin trí bliadhna fichead agus cúig céad. Dá mhac Aodha Uairiodhnaigh .i. Dáire agus Maol Fithrigh. Maol Fithrigh iomorro dhá mhac leis .i. Maol Tuile agus Maol Dúin. Maol Dúin iomorro, aonmhac les .i. Ferghal mac Maol Dúin. Ferghal mac Maol Dúin iomorro airdrí eisidhein agus is leis ro ficheadh na cathasa síos .i. cath Sléibhe Fuaid áit i dtorchair Tnúthghal, ua Loingsigh rí Ua Méith, agus Cúraoi mac Dlúthaigh mic Conaill Creumhthuinn, agus cath Forcongradh Ua gCernaigh go dtorchoir leis; agus cath Fionnabhrach for Laighnibh, dú i dtorchair Aodh mac Cellaigh Cualonn; agus cath Ruis, dú i dtorchoir rí Connacht, ut dixit poeta: <C Fil.> Cath Sléibhe Fuaid ria bhFerghal dus-farnaigh faoi Dlúthach nglé a mbíoth Tnúthach is Cúraoi. <L 19> Cath Fionnabhrach for laochraidh Laighean na luamhlann aobh na hÉirionn i mbíoth Aodh mac Cellaigh Cualonn. Cath i dtorchuir Innrechtach arg Connacht cneadhmhar mac Dúnchaidh dúir la mac Maoile Dúin la Ferghal. <C Prós> Is i n-aimsir Fherghail iomorro ro feradh na frasa i n-oidhche gheine Néill ag Lios na bhFras re taobh Oiligh na ríogh .i. frass airgid for Othoin mhóir agus frass mheala agus chruithneachta for Othoin mbig. Cacht inghean Cheallaigh mhic Maolchobha rí Chinéil gConuill máthair Fherghail. Ferthar cath Almhaine eidir Fherghol mac Maoldúin agus Murchadh mac Briain go dtorchair ann rí Éirionn .i. Ferghal iar gcaithemh deich mbliadhna isin ríghe ut dixit poeta: <C Fil.> Deich mbliadhna gan bhloigh meabhla ro-chaith Ferghal flaitheamhdha; bás ríogh na robhladh roimhe i gcath adhbhal Almhoine. <C Prós> Ceithre mic la Ferghal mac Maoldúin .i. Niall Frosach ó dtá an ríoghradh, agus Aodh Ollán agus Conchubhar agus Colga; agus dob í aois an Tigherna an tan soin torchoir Ferghal i gcath Almhoine .i. sé bliadhna déag agus sé céad. 19. Niall Frassach mac Ferghail mic Maoldúin, airdrí Éirionn. Isé rug an bhreath n-ordhuirc don mhnaoi ima leanamh i n-aonach Taillten, an tan adubhairt nár fhidir athar a mic; agus do thuing nach raibhe fer aice; agus nár taidhbhreadh mur aisling di é. D'fhiafraigh Niall nár luigh ben eile léi. "Do luigh, ar sí. "Créd ima raibhe dhuit?" "A fer féin do luighe léi" olsi, "agus ní fhuair a toil uadha, gur roluigh lemsa do chosg a háilghiosa." <L 20> "Fíor," ar Niall, "an choimpert ro fhágaibh a fer féin léisi ro-fhágsidhe agadsa í. Conadhé an fersin athoir do mhic." Is amhlaidh ro bhádur an tan sin lucht an aonaigh agus duibhnéll do dheamhnuibh uasta isin aiér gur thuit deamhan díobh for lár Tailltean i bhfiadhnuise bhfer nÉireann .i. Sagart Insi Bó Finne; agus ro innis gur naomhadh Niall, agus gurab í deatach na deighbhreithesin do sgaoil na deamhain uime for gach leath; agus d'iarr an Sagart ar Niall guidhe tar a chenn dia thabhairt a péin; agus do rinne Niall an ghuidhe sin, agus do chuaidh i dtarbha don tsagart. I n-oidhche geine Néill dano ro feradh na frassa do nimh ut dixit poeta: <C Fil.> Trí frassa ard Ailline ar ghrádh Dé do nimh: frass airgid frass tuirinne agus frass do mhil. Mac Ferghail ba feramhail ar tosach re a ghairm, an fhlaith ghasta ghenamhail, Niall Frassach a ainm. <C Prós> Do thabhaigh Niall iomorro bruid bhuanaidhbhseach for Éirinn .i. céad giall gacha cóigidh, ut dixit an file: <C Fil.> Céd giall gacha héanchóigidh ro thabhaigh Niall ní; ro ba cródha an mhalairt a dtabhairt fo thrí. <C Prós> Do chaith Niall seacht mbliadhna i ríghe nÉireann amhail dhearbhus an rann: <C Fil.> Niall Frosach mac Fhinnfherghail seacht mbliadhna gan baoithearnail adbath gan locht a lí dhe, ag tocht d'Í dia oilithre. <L 21> <C Prós> Do rad Niall iomorro an ríghe dá mhac .i. d'Aodh Oirdnidhe, agus do chuaidh féin dia oilithre co Róimh go bhfuair bás i nÍ Choluim Cille, amhail adeir an rannsa um dhiaidh, agus do chuaidh a spiorad chum nimhe. Aitheacht, inghean Chéin í Chonchubhair .i. inghean ríogh Ciannacht máthoir Néill Cúig mic la Niall mac Ferghail .i. Aodh Oirdnidhe agus Colmán, Ferchar Cúán agus Muirchertach. 20. Aodh Oirdnidhe mac Néill Fhrasaigh isé ro ghabh ríghe nÉireann; .i. ón oirdneadh tugsat tuath agus egluis fair aderar Aodh Oirdnidhe fris; nó adhorn no-deineadh iarna bhúain do chích a mháthar. Isé Aodh Oirdnidhe iomorro tug catha Droma Ríogh inar thuit dhá mhac Domhnaill mhic Murchaidh .i. rí Temhrach, agus Fiannachta, agus Diarmuid. Sluaigheadh eile la hAodh Oirdnidhe i Midhe gor rann í eidir dhá mhac Dhonnchaidh mhic Domhnuill .i. Conchubhar agus Oilill. Ionnarbadh Laighean fo dhí leis. Sluaigheadh eile la hAodh mac Néill i Laighnibh gur rorann Laighin eidir dhá Mhuireadhach .i. Muireadhach mac Ruarach agus Muireadhach mac Broin. Is la hAodh Oirdnidhe torchoir Raghollach mac Forflain Ionnradh Laighean leis ó Chrích Cualann go Gleann dá Lacha. Chúig bliadhna fichead d'Aodh Oirdnidhe i ríghe Éireann con-érbailt ag Áth dhá Fherta i Sliabh Fuaid, la Maol Cano, ut dixit etc.: <C Fil.> Aodh Oirnidhe don réim raith cúig blaidhna fiched fíormhaith fríoth fáth a leachta re a luadh ag Áth dhá Fherta fhionnfhuar. <C Prós> Sé mic la hAodh Oirdnidhe mac Néill Fhrassuigh .i. Niall Caille, rí Éireann, agus Maoldún, agus Diarmuid, agus Fógartach, agus Bláthmhac, agus Maolcallann. <L 22> Dúnlaith inghen Fhlaithbhertaigh .i. rí Thíre Conoill, máthair Aodha Oirdnidhe. 21. Niall Caille mac Aodha Oirdnidhe, rí Éireann isé tug ríghe Laighean do Bhran mhac Faoláin; agus ro loisgeadh Midhe leis go teach Maolconoc. Ríoghdhál mhór la Niall Caille i gCluain Conoire Tomain eidir é féin agus Feidhlim mac Criomhthuinn, rí Caisil. Argain bhFer gCeall agus Dealbhna Eathra la Niall. Ro báthadh Niall iarsin i gCalloinn Sléibhe Fúaid, ut dixit poeta an rann: <C Fil.> Borb a thalloinn isan tír, olc a dhíol i gCalloinn chruaidh; tánoic baroinn isin sléibh do bháthadh Néill rodhuinn ruaidh. <C Prós> Meadhbh inghen Inreachtuigh, .i. rí Connocht máthair Néill Chaille. Do chaith Niall 13 bliadhna i ríghe nÉireann amhail dherbhus Giolla Moghuda: <C Fil.> Deich mbliadhna bliadhain fa thrí Niall mac Aodha Oirdnidhí ón gCalloinn gcalmo ros-báidh fuair tallainn n-anma ardháigh. <C Prós> Niall Caille dano, sé mic leis .i. Aodh Finnliath agus Duibhinnreacht agus Aonghus agus Carrbhaothán agus Muirchertach agus Braon. 22. Aodh Finnliath mac Néill Caille, rí Éirionn. Isé ro airg Midhe go huilidhe, agus Lorcán mac Cathail, rí Midhe do dhalladh. Agus ionnradh Connocht leis bheos; agus cathshraonadh mór for Ainbhithe mac Seannalain mic Aodha, rí Conuille leis; agus ár mór for gallaibh Locha Feabhail, óir tug fiche ceann uathoibh go haonbhaile agus éadáil a longphuirt uile. Cathshraonadh eile for gallaibh agus for Laighnibh gur marbhadh leis Flann mac Conuing, rí Bregh, agus <L 23> Diarmaid mac Eidirsceoil rí Locha Gabhar, agus goill iomdha do marbhadh ann um Charolus mhac Amhlaimh. Fachtna mac Maoldúin ríogh-dhamhna an Fhochla do mharbhadh i bhfriothghuin an chatha soin ó Aodh Fhinnliath; agus Laighin ó Átha Clíath go Gabhrán d'argain leis. Ro chaith Aodh Finnliath sé bliadhna dég i ríghe nÉireann, con-érbuilt i nDruim Ineasgluinn ut dixit poeta: <C Fil.> Aodh Finnliath, féinnidh Oiligh a sé déag re díanoighidh ég ríogh na rodhuain gan roinn i nDruim adhfhuair Inesgloinn. <C Prós> Frass fola d'fherthoin for Dumha nDéisi i gCianachta go raibh ina spairtibh cró ag tairringire báis Aodha Finnléith. Gormlaith inghean Donnchadha mic Domhnuill rí Midhe máthair Aodha Finnléith. (Dhá mhac ag Aodh Finnliath) .i. Niall Glúndubh rí Éirionn, agus Domhnall rí Oiligh .i. sinsear Mhéglachloinn, ut dixit an file: <C Fil.> Dá mhac Aodha Finnliath Fáil Niall agus Domhnall dreachnáir; clann Lachloinn ó Dhomhnall ndron is clann Néill ó Niall Ghlúndubh. <C Prós> 23. Niall Glúndubh, mac Aodha Fhinnléith ro ghabh airdcheannus Éirionn iarsin; agus is uadha ainmnighther clann Néill. Isé an Niall Glúndubh sin do mharbh mórán do Ghallaibh is do Ghaoidhealaibh um rígh Cairge Brachuidhe agus um thaoiseach Ua gCearnaigh, agus um thaoiseach Ua nDonnagáin .i. Maol Finne, agus um Fherghal mhac Muireagáin, taoiseach Ua gCriomhthuinn. Niall Glúndubh go bhforgla bhfer nÉireann do dhol isin Mumhain, agus Donnagán mac Flannagáin do thuitim leis. Trí bliadhna do Niall i ríghe Éireann, agus a <L 24> mharbhadh i gcath Átha Cliath go maithibh bhfer nÉireann uime .i. Conchubhar ua Maoileachloinn, ríoghdhamhna Éirionn; agus Aodh Mhag Eochagáin, rí Uladh; agus Maolmithidh mac Flannagáin, rí Breagh; agus Maolcraoibhe mac Duibhsionna, rí Oirghiall; agus Ceallachán mac Fógartaigh rí deiscert Breagh; agus Eireamhán mac Cinnéidigh, rí Cineóil Maine, agus mórán eile amhuil dherbhus an file ag teacht tar bás Néill Ghlúnduibh isin rann: <C Fil.> Niall Glúndubh mac Aodha an óir, trí bliadhna d'ua Néill nertchóir; ag Áth Cliath luidh fo lannaibh liach a ghuin do ghlasghallaibh. <C Prós> Maol Muire inghean Chináith .i. rí Alban, máthair Néill Ghlúnduibh. Trí mic la Niall Glúndubh .i. Muircheartach agus Conuing agus Maolciaráin. 24. Muirchertach na gCochall gCraicenn, mac Néill Ghlúnduibh do ghabháil ríghe Oiligh. Sluaigheadh na gcocholl gcroicionn do dhénamh leis isin gheimhreadh, deich céad laoch a líon, agus cochall croicinn um gach laoch dhíobh. Orgain Insi Gall leo ar tús, agus dol iar sin go Caisiol go dtard Ceallachán mac Buadhacháin a láimh leis; gur loisg teach Cinn Coradh; go dtard Conchubhar mac Taidhg, rí Connacht a láimh leis; agus bhádur géill tuaiscirt Éireann leis d'ionnsuidhe an deiscirt, .i. Loingseach mac Aonghusa, rí Line agus airdrí Uladh; agus Sitreg mac Amhlaimh, rí Átha Cliath; agus Lorcán mac Breasuil, rí Laighean. Agus ar dtoighecht timchioll Éireann maguairt do Mhuirchertach don turus sin tug géill Éireann go hOileach. Agus do thiodhluic Muirchertach na géill sin uile dá bhráthoir gaoil do bhí i bhflaithemhnus Teamhra an tan sin .i. Donnchadh mac Floinn mhic Maoilsheachloinn. Sluaigheadh eile la Muirchertach i Laighnibh go dtard cath do rígh Laighean i ndioghuilt a athar, agus do mharbh rí Laighean <L 25> isin gcath sin .i. Cerbholl mac Muiregáin; agus do righneadh foirionn fíoráloinn ceangailte dá chnámhoibh, ut dixit Giolla Brighde Mac Conmidhe: <C Fil.> Forionn do luirgnibh Laighean inar gcerdchoibh cumhdaigher, fir chorra ar chlároibh ar sen do chnámhoibh loma Laighen. <C Prós> Do chaith Muirchertach na gCocholl gCroicionn 17 mbliadhna i nOileach íar sin, iar dtabhairt orlamhus Teamhrach do Dhonnchadh mhac Floinn amhuil dherbhus an rann: <C Fil.> Seacht mbliadhna dég nocharbh fhann do Mhuircheartach na gcochall le gallaibh Átha Cliath cain ar áth Fhir Diadh go dtorchair. <C Prós> Earcamh inghean Ainbheith mic Aodha, máthair Muirchertaigh na gCocholl gcraicionn. Ceithre mic la Muirchertach mac Néill Ghlúnduibh, .i. Domhnall, rí Éireann, agus Flaithbhertach rí Oiligh, agus Murchadh agus Flann. 25. Domhnall Ard Macha mac Muirchertaigh na gCocholl gcroiceann do ghabháil ríghe nÉireann; agus Laighin ó Bherbha go fairrge do lomargain leis; agus ionnradh móradhbhal san Midhe; agus tug géill agus eidire Dál Riada leis; agus do chuir luinges mór ar Loch nEachach gur milleadh an Trian Toir go hiomlán leis. Giolla Comhghuill Ó Canannáin, rí Chinéil gConuill do mharbhadh leis. Feacht oile do chuaidh Domhnall d'argain Laighean go nderna forbhuis dá mhíos forra. Domhnall iomorro do bheith ag éisteacht re healadhoin i nArd Macha, agus nár léig iomnáire dhó éirghe gur mharbh a fhual féin é, mur adeir an file: <C Fil.> Domhnall ua Néill go meadhoir ag éistecht re healadhain, sgél do chuir na slóigh fa seach go bhfuair bás i nArd Soileach. <L 26> <C Prós> Do chaith Domhnoll 24 bliadhna i ríghe nÉireann amhail dherbhus an rann: <C Fil.> Gabhus Domhnall ua Néill nert ré cheithre mbliadhan fichead; marbh arg fatha na freagra i nArd Macha an mhóireagna. <C Prós> Ceithre mic la Domhnoll Ard Macha .i. Muirchertach agus dá Aodh agus Muireadhach. 26. Muirchertach Midheach mac Domhnuill Ard Macha do ghabháil ríghe nUladh, agus damhna airdríogh Éirionn ?... agus do bhí naoi mbliadhna fichead isin ríghe go bhfuair oidhidh la hAmhláimh mac Sitrig, rí gall, ut dixit an file: <C Fil.> Muircheartach Midheach meardha naoi mbliadhna déag deighleabhra; beag d'fhairbríogh tarla ina theann do dhamhna airdríogh Éireann. <C Prós> 27. Aodh, mac Domhnuill Ard Macha mic Muirchertaigh na gCocholl gcroicenn do ghabháil ríghe nUladh, .i. Aodh Craoibhe Tolcha. Is leis torchoir Eochaidh mac Ardghoil, agus a mhac .i. Cú Duiligh agus Gairbhidh agus Dubh Tuinne, agus ár adhbhol maille riú; agus do bhí Eochaidh mac Ardghail deich céad; agus urdháil re hAodh Ua Néill go Craoibh Tulcha fa rian tréan. Baoi Eochaidh a urdháil soin agus deich céad dá n-iomurcaidh. Do chaith Aodh Craoibhe Tulcha 16 bliadhna i ríghe nUladh, ut dixit poeta: <C Fil.> Sé bliadhna derbhghlana déag d'Aodh Craoibhe Tulcha an tromghég, rí do mhughaidh mac Ardghail slat nár chubhaidh comhardaidh. <L 27> <C Prós> Dearbháil, inghean Taidhg an Eich ghil Í Chonchubhuir máthair Aodha Craoibhe Tulcha. 28. Flaithbhertach an Trostáin, mac Muirchertaigh Midhigh iomorro do ghabháil gialla Uladh go hiomlán; agus ro marbhadh Cú Uladh, rí Leithe Cathail, leis; agus do bhen gialla agus eidire do ghallaibh Midhe agus Mumhan. Ionnradh Leithe Cathail leis agus marbhadh Aodha mic Tomoltaigh; agus eidire leis ó Niall mac Duibh Tuinne; agus losgadh dhúin Eochaidh. Ionnradh Fánad agus na dTuath leis, agus Ua Maoldoraidh do chur ar ionnarba i gConnachtaibh, agus Flaithbhertach dá leanmhuin, agus maidhm Trágha nEothuile do thabhairt fair. Flaithbhertach do dhol don Róimh; agus ón trostán Rómha do ghabh ainmniughadh; agus bás creidmhe d'fhagháil dó iar gcaitheamh dá bhliadhan déag agus dá fhichead i ríghe nUladh amhail dherbhus an rann: <C Fil.> Dá bhliadhain caoga gan chlaon ba rí Flaithbhertach fíornaomh; fríoth go humhal 'na urláimh críoch Uladh gan iomarbháidh. <C Prós> 29. Aodh Athlamhain, mac Flaithbhertaigh an Trosdáin do ghabháil ríghe nUladh i ndiaidh a athar, agus do chaith fiche bliadhain isin ríghe amhail dherbhus an rann: <C Fil.> Fiche bliadhain ga ferr fios Aodh Athlamhain do áirmheas; tarla a dheghail re Fiadh Floinn tré mheabhail do MhagLachloinn. <C Prós> 30. Domhnall re n-abarthaoi an tÓgdhamh .i. ar threisi, mac Aodha Athlamhain do ghabháil ríghe nUladh, agus a mharbhadh le cloinn Lachloinn iar gcaithemh chúig mbliadhna isin ríghe ut dixit poeta: <C Fil.> Domhnall mur dhamh ós ealbha chúig bliadhna ós iath Airdeamhna; ó MhagLachloinn fuair oidhidh i n-uair altroim fhíoroinigh. <L 28> <C Prós> Aois an Tigherna an tan sin 1234. 31. Flaithbhertach Locha Feadha do ghabháil na ríghe fria ré trí mbliadhan, agus a mharbhadh le Mag Lachloinn ut dixit (poeta): <C Fil.> Flaithbhertach ba ferdha dáil trí bliadhna nar bheg n-iomráidh, tug fás ar chumhaidh ó gCuinn mur do mhughaidh MagLachluinn. <C Prós> 32. Conchubhar na Fiodhbhuidhe, mac Flaithbhertaigh Locha Feadha do ghabháil na ríghe go ceann deich mbliadhan, agus a mharbhadh le Cloinn Lachloinn, amhail fhoirgleas an file: <C Fil.> Conchubhar na Fiodhbhuidhe féin deich mbliadhna ós Eamhain fhóidréidh, do bhí an dornghalach dín sgol 'na rígh ollbhladhach Uladh. <C Prós> 33. Tadhg Glinne mac Conchubhair na Fiodhbhuidhe do ghabháil ríghe nUladh go ceann secht mbliadhan go dtorchoir la MagLachloinn, ut dixit poeta: <C Fil.> Tadhg Glinne, fa gég ós fiodh, seacht mbliadhna an t-ardfhlaith iodhan, triath Uladh 'ga mbí gach buaidh, rí na gcuradh ón gCraobhruaidh. <C Prós> 34. Muircheartach Muighe Lughan do ghabháil ríghe nUladh go cenn chúig mbliadhan agus é féin agus a chethrar mac do mharbhadh le Clainn Lachloinn mur adeir an file: <C Fil.> Cúig bliadhna ba rí go rath Muirchertach Muighe Lughan, slat do benadh as a bun 's a chethrar mac do mharbhadh. <L 29> <C Prós> 35. Aodh, re n-abarthaoi an Macaomh Tóinleasg, d'fhágbháil do Mhuirchertach Muighe Lughan i mbroinn inghine í Fhloinn; agus nír mhair don fhuil ríogh mun ansin acht é. Agus iar mbreith an mhic sin oiltior é i dtigh Í Fhloinn, .i. a sheanathar; agus an tan do chuala MagLachloinn sin do chuaidh go tigh Í Fhloinn d'iarraidh an mhacaoimh, agus fuair MagLachloinn Aodh 'na shuidhe i gcathaoir ar lár an tighe, agus nír éirigh roimhe. "Is tóinleasg an macaomh," ol MagLachloinn. Conadh dhe sin do len an forthórach anma é, .i. an Macaomh Tóinleasg. Cuires Ua Floinn an Macaomh Tóinleasg iar sin i n-iomfholach, áit nach ráinic cumhachta MegLachloinn é. An tan iomorro ba hionghníomha an Macaomh Tóinleasg fásaidh comhfhuachadh cogaidh eidir é féin agus MagLachloinn, ionnus gur airg a n-urmhór, gur thuitedar deghdhaoine Chloinne Lachloinn leis uile, agus MagLachloinn féin fa dheoidh, agus gabhus Aodh ríghe nUladh co cenn caoga mbliadhan; agus tuites le Cloinn Lachloinn ar thaobh aisse for Sliabh Fúaid, ut dixit an file: <C Fil.> Énmhac Mhuirchertaigh mian sgol caoga bliadhan gan bhernadh, rí Uladh dar chlaon gach call, an tAodh fa humhal d'anbhfann. <C Prós> Aodh Méith .i. sinnser Chloinne Aodha Buidhe, agus Niall Ruadh dhá mhac Aodha re ráidhter an Macaomh Tóinlesg. 36. Aodh Méith mac Aodha do ghabháil ríghe nUladh re ré 13 mbliadhan, ut dixit an file: <C Fil.> Aodh Méith a múr na hEamhna feadh a ré gan fhreasabhra, rí riaghla ad-féd na fádha, trí bliadhna dég diongmhála. <L 30> <C Prós> 37. Niall Ruadh do ghabháil ríghe nUladh iarsin, agus a ég fa chenn míosa i dTulaigh Óg ut dixit (poeta): <C Fil.> Niall Ruadh 'ga réir mur gach rí reimheas aithgherr re héinmhí; géill Gaoidheal ag techt dá thoigh, nert gun aoinfher ós Ulltaibh. <C Prós> 38. Brian Chatha Dúin mac Néill Rúaidh d'ionnarbadh do Chloinn loinnghníomhaigh Lachloinn i gConnachtuibh, agus do ghabhsad féin an ríghe, gur éirigh nert Briain tarrsa, agus do hairgeadh leis ó Thulaigh Óg go Sliabh Truim; agus tugadh cath Caimeirghe leis, áit inar cuireadh deargár Cloinne Lachloinn, agus inar thuit Mag Lachloinn féin, agus a mhac; agus tug Brian tuarustul mór each agus airm agus éideadh do Mhaoilsheachloinn Átha Senaigh a haithle chatha Chaimeirghe, inar thuit Domhnall MhagLachloinn agus a bhráithre. Brian Chatha Dúin mac Néill Ruaidh do ghabháil ríghe nUladh, agus tug tuarusdul do Ghaoidhealaibh Éireann i gCaoluisge, agus do Chathal Chroibhdherg Ua Chonchubhair, agus d'Fhinghín ... Carrthaigh, agus d'Ua Bhriain, agus do Mhac Murchadha, agus do Ghaoidhealaibh Laighean archeana; agus níor iarr ar son a dtuarustuil orra acht goill d'ionnarba as dúthaigh gach duine aca féin. Do ionnarb Síol mBriain agus Clann Charrthaigh goill Mumhan go mbádar i Rinn Róin; agus do radsad cath dona galloibh annsin; agus marbhthur Finghín Mac Carrthaigh ann, ionnus gur ghabh ainmniughadh uadha d'éis a bháis .i. Finghin Reanna Róin. Isé Brían tug cath Ciannachta for gallaibh Uladh; agus cath Muighe Cobha dar ionnarb goill agus gall-ghaoidhil a hOirtheroibh agus a Muigh Cobha; agus do chuir goill an chóigidh uile a Leith Cathoil. Do chaith Brian Chatha Dúin ocht mbliadhna dég i n-airdcheannus an chúigidh, agus torchuir iarsin i gcath <L 31> Dúin la Danaroibh, agus urmhór Gaoidheal Éirionn maille fris, ut dixit an file .i. Giolla Brighde Mac Conmidhe: <C Fil.> Ocht mbliadhna déag do Bhrian Breagh ríoghdhamhna tulcha Tailltean, go dtugadh cath i nDún dó a rath ar gcúl níor chlaochló. <C Prós> Ciodh trácht, ní raibhe an neart céadna i gCloinn Lachloinn ó do rad Brian dílgheann i gcath Caimeirghe orra; agus níor bho machtnadh soin uair do dhícheann Brian aoinfher dég dá láimh féin isin gcathsin díobh, amhail as-bert an file: <C Fil.> MagLachloinn uadh gan eighre tosg Bríain i gcath Caimeirghe; fiú a écht a laoidheadh leam, an t-aoinfhear dég do dhíchenn. <C Prós> 39. Domhnall, mac Briain Chatha Dúin do ghabháil ríghe nUladh. Cath Craoibhe i dTulaigh Óg do thabhairt do Dhomhnall Ua Néill, agus Brian mac Aodha Buidhe do mharbhadh ann, agus forgla gall Uladh uile do thuitim isin gcathsin. Isé an Domhnall sin tug tomhus ar tús do ghallóglachaibh, .i. do Mhag Buirrche ó bhfuilid Clann tSuibhne; agus is do chothughadh cogaidh fria Clainn Aodha Buidhe tug Domhnall an bhuannacht sin amach. Do sgrios Domhnall an taoibh sin goill a hOirthearoibh agus a hÍbh Eachach, agus a Cianachta, agus as an tuaiscert uile, agus do rónsad clann Bhriain feronn Néill; conadh iad féin agus a gclann dlighes cíosa agus béusa na bhferonn sin. Do ghabh Domhnall nert mór for Cloinn Aodha Buidhe, agus do marbhadh Somhoirle Ua Gairmfhleaghaigh leis, agus do marbhadh fós Domhnoll Óg agus a mhac .i. Niall Cualanach. Do chuaidh Domhnall dá oilithre don Róimh iarsin; agus ar dtoighecht ón Róimh <L 32> dhó fúair bás creidmhe ag Loch Laoghaire; iar mbeith dá bhliadhain agus trí fichid i ríghe nUladh amhail fhoirgleas an rannsa romhoinn: <C Fil.> Domhnall mac Bríain fa borb sluaigh dá bhliadhain seasgad síorbhuain; iath Gall fa chion do chomhchuir an crann ós fiodh d'Eoghanchaibh. <C Prós> 40. Aodh mac Domhnoill mhic Bríain Chatha Dúin do ghabháil ríghe nUladh; agus isé tug maidhm Baile Dálaigh agus maidhm Reanna Sibhne for Cloinn Aodha Buidhe, agus do hionnarbadh Énrí mac Briain i nAlbain leis. Agus isé tug maidhm Rátha Conghoil for Oirghialla. Do chuaidh clú agus alla agus ardnós Aodha fa iarthar Eorpa uile ar thruime a thuillmhe agus a thuarustail agus a thiodhluigthe, agus ar dhíol dámh agus deoradh, agus ar dháil tséad agus maoineadh d'éigsibh agus d'ollamhnoibh. Is ann, iomorro, do bhí a dhúnárus agus a bhaile bunaidh isin Fhraochmhoigh; agus do bhádur trí fichid teach comhladhach comhdhaingen isin mbaile sin i n-égmuis príomháruis an ardfhlatha, .i. fiche teach ina ndíoltaoi éigsi agus ollamhoin agus ánroith Eireann; agus da fhichead teach ina ndíoltaoi dámha agus deoraidh agus lucht mionduas olcheana. Do chuir Ua Conchubhair .i. rí Connocht duine dá mhuinntir féin .i. Diarmuid na Cloiche Ua Conchubhair do bhreith tuarusgbhála Aodha Uí Néill chuige. Ciodh trácht, iar n-iompódh do Dhiarmuid tara ais go Cruachain, áit i roibh Ó Conchubhair, adubhairt go raibhe féin i ndúnadh Aodha Í Néill, agus nach bhfaca a ionshamhail d'árus ag rígh ná ag roithigherna i nÉirinn. "Uair is ann as lia féinnidh fíorchalma, agus amhus airmneimhneach, agus banntracht buananála, éigsi agus ollamhain agus aosa gacha dáno olcheana. Agus do chonnarc féin," ol Diarmuid "teagh uaigneach óla i mbaile Aodha Í Néill, agus do áirmhios chúig <L 33> cloidhimh dég agus naoi bhfichit ara raibhe dornnchla óir i n-airde ós ceannaibh na gcuradh ann, i n-égmais cloidheamh go mbeirtibh airgid nó iaruinn." Conadh í tuarusgbháil na hoinne forbla tnútha annsin. Do chaith Aodh an Fhraochmhoighe ocht mbliadhna dég is dá fhichet i ríghe nUladh, agus ní clos gur ér éinnech do thruagh ná do thrén an feadh sin amhuil dhearbhus an rann ag techt tar a reimhios: <C Fil.> Fuair Aodh an Fhraochmhaigh réim áigh ocht mbliadhna ar chaogaid chomhláin; mór n-iath do fhuaidh a hEamhain ag buain giall do Ghaoidhealaibh. <C Prós> 41. Niall Mór do ghabháil na ríghe iarsin tar éis Aodha, agus do bhí ag táthughadh na dtuath agus ag ceannsughadh na gcríoch, agus ag díorghadh na ndroch-dhaoine re reimhios 32 bhliadhan go bhfúair bás i gCinél Fhaghartaigh amhail dhearbhus an rann: <C Fil.> Dhá bhliadhain triocha, dearbh dhamh, Niall Mór airdrí Uladh, nós gach ríogh dhá fhréimh roimhe re a ríomh san réim ríoghraidhe. <C Prós> 42. Niall Óg, mac Néill Mhóir do ghabháil ríghe nUladh. Isé tug maidhm an Iubhair ar ghallaibh, áit inar cuireadh ár adhbhalmhór orra; agus tug braighde fher mBreagh agus Teathbha agus Bréifne Í Raghallaigh leis. Niall Óg iomorro do dhol i gConnachtoibh go dtáinic Domhnall mac Muirchertaigh agus Tomaltach mac Donnchaidh agus Ruaidhrí Ó Dubhda ina chenn agus forgla bhfer Connocht uile go dtorsat a mbraighde 'na urláimh; agus do dháil Niall ar madh naoi a thuarustul da gach aon d'uaislibh Connacht. Ionnradh na Midhe la Niall Óg, agus Tighernán Ua <L 34> Ruairc, prionnsa na Midhe, agus an Dúdálach agus Seiffin Dufait do mharbhadh leis. Gabháil timchioll Tíre Conuill agus umhla do bhúain asta, agus an tír do roinn ar dhó eidir Toirrdhealbhach Ua Domhnaill agus Conchubhar, mac Seaáin Uí Dhomhnaill. Tug Niall Óg, iomorro, trí madhmanna for gallaibh Leithe Cathail, agus maidhm Machoire an Chroinidh for gallaibh Moighe Oirghiall; agus ionnradh Leithe Cathail, agus mac Seain Biséad do mharbhadh leis i n-éruic Mhic Giolla Muire. Teach do dhénamh la Niall Óg i nEmhain Macha; agus adeirid na heolaigh gurab é do rinne fleadh na hEamhno fa dheoidh i nÉirinn. Agus do chaith deich mbliadhna i ríghe nUladh, go bhfuair bás i Seanmhuigh, ut dixit an file: <C Fil.> Fuair Niall Óg nár eitigh fer deich mbliadhna fa hard áiremh, go nderna adeir an senchaidh fleidh na hEamhna d'Éirennchaibh. <C Prós> An Niall Óg sin dano agus Cú Uladh, agus Aodh Óg agus Seaán Súilidh, agus Maoileachloinn agus Énrí Aimhréidh, clann Néill mhóir annsin. Brian agus Eoghan agus Toirdhealbhach Mart trí mic Néill Óig annsin. 43. Énrí Aimhréidh, mac Néill Mhóir, mic Aodha mic Domhnuill, mic Briain Chatha Dúin do ghabháil ríghe go roinertmhur; agus do chaith sé bliadhna isin ríghe re díol dámh agus deoradh, éiges agus ollamhan, amhail fhoirgles an rann: <C Fil.> Sé bliadhna don tríath nár thréith geall Éirionn d'Énrí Aimhréidh, do bhí an t-óigfher re díol dámh 'na ríogh ar an gcóigeadh gcomhlán. <C Prós> 44. Brian, mac Néill Óig do ghabháil na ríghe go rathmhur, agus a ég i gcionn leathbhliadhna, ut dixit poeta: <C Fil.> Brian mac Néill Óig, áiriomh gar, leithbhliadhain d'éis a athar, do bhí sé 'na chenn cosgair cenn a ré go rángustair. <L 35> <C Prós> Domhnall agus Brian agus Aodh Ruadh agus Niall agus Ruaidhrí, agus Seaán, agus Énrí Óg clann Énrí Aimhréidh mhic Néill Mhóir annsin. 45. Domhnall mac Énrí Aimhréidh do ghabháil ríghe nUladh; agus do chaith agus do chosoin an tír, agus tug riaghail chert chomhthrom san gcúigeadh; agus do chaith seacht mbliadhna i mórchonách chóigidh chaomhthorthaigh Conchubhuir, amhail dherbhus an file isin rann: <C Fil.> Rí Uladh ba doirbh a dhréim Domhnall mac Enrí Aimhréidh; cert riaghla do roighne an rí, seacht mbliadhna d'oighre Énrí. <C Prós> 46. Eoghan mac Néill Óig do ghabháil ríghe nUladh, agus adeirid na hughdoir agus na heólaigh nach bhfuil acht ríomh reullann nó gad um ghaineamh agat dol i gcenn conntuis nó comhairmhe a nderna Eoghan mac Néill Óig fa Éirinn ag dílghenn a námhad agus a nemh-charad, ag sgrios agus ag díothláithreadh aosa uilc agus ainrechta agus égóra, agus ag congmháil na riaghla ríogh go roidhíreach. Do bhí Eoghan mac Néill Óig chúig bliadhna fiched i gcomhfhorbus an chóigidh amhail do chan an file: <C Fil.> Chúig bliadhna fichead, fíor dhamh, fuair Eoghan ardfhlaith Uladh; tearc rí badh cóir 'na chomhar rí do-chóidh tar Conchubhar. <C Prós> Énrí agus Feidhlim agus Art, agus Aodh agus Domhnall agus Brian agus Muirchertach agus Seaán Buidhe (agus) Eoghan Óg, clann Eoghain mhic Néill Óig sin. 47. Énrí mac Eoghain do ghabháil na ríghe iar sin, agus do bhí seasgad bliadhain go buantiodhlaigtheach i ríghe nUladh gan imreasan ag táthughadh na dtuath agus na dtreabh agus na dteallach ro bhaoi fóna thighernus féin; agus ag tennadh a chíosa agus a chána for <L 36> coigríochaibh, agus ag tabhairt fuinn agus feroinn do cheallaibh agus do chaoimhreiglesaibh; agus ag óradh scríneadh agus mainistreacha agus chuladh n-aiffrinn agus mionn agus mórbhachall; agus ag foghail tséad agus maoineadh d'éigsibh agus d'ollamhnaibh agus d'aos gacha dána, agus ag tabhairt tuarustuil agus tiodhluigthe do thrénríoghaibh go bhfuair bás cubhaidh coimhriaghalta i gcionn seasgad bliadhan buanaidhbhseach amhail dhearbhus an file: <C Fil.> Seasgad bliadhain buan an stair reimhes Énrí mhic Eoghain, 'sé 'na rígh ar chlár na gcuradh do bhí a ágh gan urdhubhadh. <C Prós> 48. Conn mac Énrí do ghabháil ríghe nUladh d'éis a athar, agus do bhí ag míniughadh gacha móraicme agus ag certughadh na gcríoch, agus ag táthughadh na dtuath agus na dtreabh agus na dteallach, agus ag dáil tséad agus maoineadh d'éigsibh agus d'ollamhnaibh agus d'aos gacha dána olchena go cenn naoi mbliadhan go dtorchair la a dheirbhfhine féin i meabhail ut dixit (poeta): <C Fil.> Conn mac Énrí d'aidhbhle a chreach rí iomlán d'uaisle is d'eineach; naoi mbliadhna mur chách do chaith re táth riaghla don ríoghfhlaith. <C Prós> Clann Chuinn mhic Énrí, .i. Art Óg agus Seaán agus Toirrdhealbhach, agus Conn agus Brian agus Aodh Balbh. 49. Énrí Óg do ghabháil na ríghe iar marbhadh Chuinn mhic Énrí, agus do chaith chúig bliadhna isin ríghe amhoil dhearbhus an rann: <C Fil.> Cúig bliadhna do bhrígh meabhla Énrí Óg flaith Finnleamhna; beart doiligh ó shin dá shíol, níor dhligh oighidh an airdríogh. <L 37> <C Prós> 50. Domhnall mac Énrí do ghabháil na ríghe iar sin go cenn énbhliadhna dhég ut dixit (poeta): <C Fil.> Éinbhliadhain dég deimhin linn Domhnall mac Énrí áirmhim, rí gan fhalach gan fhoghuil do thabhach críoch Conchubhair. <C Prós> 51. Art mac Aodha do ghabháil na ríghe tar éis Domhnuill mhic Énrí, agus do chaith ceithre bliadhna go leith isin ríghe go rathmhur rianamhoil amhoil fhoirgles an seancha suadhfhoclach an seanrann: <C Fil.> Art mac Aodha ar uair áigh ba leis críoch Uladh d'urláimh; mairidh gnaoi cheirtriaghla í Chuinn naoi leithbhliadhna mur labhruim. <C Prós> 52. Art Óg mac Cuinn mic Énrí mic Eoghain do ghabháil ríghe nUladh go socair sénamhail iar gcertughadh coigríoch, agus iar ndílgheann a námhad, agus iar sgrios méirleach agus bithbheanach. Iar n-ionnarba danar agus dibhfeargach, iar gcosc foghla agus ainchridhe na n-iath agus na n-oirer, agus iar ndáil tséad agus maoineadh d'éigsibh agus d'ardollamhnaibh Éireann, fuair comhshonadh socair síodhamhail do réir áirilleadh, iar gcaithiomh ceithre mbliadhan go leith i láinríghe Uladh, amhoil fhoirgleas an file: <C Fil.> Art mac Cuinn nár choguil crodh naoi leithbhliadhna gan leonadh; fúair ceart a fhréimhe roimhe tré neart fhéile is iorghoile. <C Prós> 53. Conn Bacach mac Cuinn mic Énrí mic Eoghain bliadhain agus da fhiched: <C Fil.> Bliadhain is cethrochad gan chol geall gach ríogh d'ua na n-iarladh lorg a shen ar fhonn Éirionn do lean Conn na gcaithréimionn. <L 38> <C Prós> 54. Seaán mac Cuinn mic Cuinn mic Énrí mic Eoghain do ghabháil ríghe nUladh go cenn ocht mbliadhan, agus a mharbhadh i mBun Abhonn Duine, 1567. 55. Toirrdhealbhach Luineach do ghabháil tighernuis Thíre hEoghain go ceann ocht mbliadhan fichead, go bhfuair bás. Anno Domini 1595. 56. Aodh, mac an Fhir Dhorcha do ghabháil ríghe gan fhreasabhra 'na dhiaidh sin, bliadhain is fiche ina Thigherna, ina Ó Néill, agus secht mbliadhna 'na iarla tar éis Ó Néill do ghairm de. Maidhm móradhbhul la hAodh, mac an Fhir Dhorcha, an tan ro ba barún é, ar Ua Néill .i. Toirrdhealbhach Luineach mac Néill Chonallaigh i mBél Áth na dTrí dTobar. Maidhm eile lasan Aodh céadna ar Mhág Mathghamhna .i. Rosa Buidhe mac Airt mic Briain i Samhadh Tighernaigh. corrigenda Maidhm áithesach eile la hAodh ar Ua Néill .i. Toirrdhealbhach eidir Loch na n-Aireadh agus machaire Locha Cubha, ar mbeith do Thoirrdhealbhach ocht gcéd dég Albanach agus dá chéd dég gallóglach ann. Maidhm eile la hAodh ar Thoirrdhealbhach i Mullach Fighid. Maidhm eile leis ar Chloinn tSeaáin Í Néill i gCois Úna. Maidhm eile leis ar Thoirrdhealbhach san Chairrgín, agus fa chenn aimsire bige iarsin do goireadh Iarla Thíre hEoghain de. Maidhm mór eile leis ar Mharusgál na hÉirionn i gCluain Tiobrad agus deargár Saxanach do chur ann. Maidhm eile leis i mBél Áth na mBriosgadh ar Phléisionach dhá chúigedh Mumhan. Maidhm eile leis i n-eagluis Chille Clúana ar Ghiuisdís na hÉirionn go mórshluagh gall uime, agus an Giuisdís féin do thromlot isin treassoin. Iarla Chill Dara do mharbhadh leis isin bPort Mhór an oidhche riasin maidhm sin. Maidhm eile leis ar Ghiuistís na hÉirionn i nDruim Fliuch, agus do cuireadh an Giuistís féin dá chois go <L 39> haimhdheónach annsin, gurab ar thoradh eisiomuil rugadur a mhuinntir leo gan mharbhadh é. Gidheadh, ní tháinic gan dioghbháil ón iomairg sin, óir do marbhadh mac Iarla Odoirbin úadha maille re dergár a mhuinntire do chur. Maidhm eile leis ar an nGiuistís i bhFochard Muirtheimhne. Maidhm eile leis ar shluagh gall i gCill Imhnin ina ndearna ár mór. Maidhm na Dubhstáide leis ar Mharusgál na hÉirionn, agus iomad caiptín agus daoine uasal do mharbhadh ann gan áiriomh ar shaighdiuiribh. Cath ordhruic iomráiteach do chur ar Mharusgál na hÉirionn i mBél an Áth Buidhe, agus an Marusgál féin do thuitim ann, agus Maolmórdha mac Seaáin Ruaidh .i. mac Í Raghallaigh. Sluaigheadh eile leis go Cionn tSáile, agus tángadar forgla fer Mumhan ina chenn, agus tugadur a mbraighde dhó .i. Maolrunaidh mac Cormaic, Tigherna Musgraidhe, agus an dá Mhag Carrthaigh, agus Ó Súillemháin, agus an Ridire Fionn, agus an Ridire Donn, agus Mac Muiris Chiarraighe, agus Ó Caoimh, agus Ó Madaidh, agus Ó Ceallacháin, agus an Róisteach, agus an Barrach Mór, agus fillis roimhe go hUlltaibh iaramh. <C Fil.> Seacht gcéd dég, ca doilghe troid, do lucht cosanta 's comhroic, ár gall is díth a ndaoine, do fríth ann dá n-eugaoine. Dob é an lá so lá a mbasgoidh, lá Parthalóin príomhapstoil, a n-airm re' gcois ga docra maidhm aca ar allmhorcha. <L 40> Míle 's cúig céd go cuibhghe 's ocht mbliadhna dég derbhuimne, do réir áirmhe agus fhiadhan 's ceithre fichid finnbhliadhan. <C Prós> Do bhí sé trí seachtmhaine i bhfoslongphort ag Loch Remhar na Bréifne, agus iurtha agus airgne agus édála na Midhe go hÁth Luain agus Fine Gall ag teacht chuige annsin. <L 41> CEART UÍ NÉILL. 1. Ceart gnáthuighthe agus Tighearnus Uí Néill ar Chóigeadh Uladh annso: A cheart ar Ó nDomhnaill: teacht líon a thionóil ó Tharbh Chinn Casla go hEas Rúaidh, agus gan fheuchain do shochar na do dhoirbheartus dá mbiadh orra. Agus isiad so na taoisigh tig le hUa nDomhnaill .i. Ó Buighill ó Thír Bhoghuine agus a Tír nAimhir; agus Ó Maolgaoithe as Túaith Í Mhaoilgaoithe; agus Mac Giolla Shamhais as Ros Guill; agus Ó Breisléin as Fánuid; agus Ó Maoilegáin as Magh gCaoroind; agus Ó Muireadhaigh agus Ó Conaill as Tuaith Bladhaigh; agus Ó Toircheart as Clúain Eidhéile; agus Mac Dhubháin as Tír Eunna; agus Mag Fhíonnachtaigh a hArd Mhég Fhíonnachtaigh; agus (Ó) Dochartaigh a hArd Miodhair; agus MágFherghail a Tír Bhreasail; agus MagLoinnseacháin as Gleann Fhinne. Agus dá ndeachadh díobhdhadh ar na haicmedhuibh sin an sluaghadh ar na tuathaibh féin, acht trí saorthuatha Mhuinntire Canannán ag Conallchaibh féin. Agus gach ionadh i mbrisdís Conallaigh dá n-umhla ar Ó Néill breith a bhreitheamhan féin d'Ó Néill ann. Agus dá ndeacha ba i mbiseach ar Chonallchoibh, dhá bha ionnlaogha san mboin san mbliadhain. Cuid dá chéad buannacht buna Í Néill ar Chonallchoibh ó Tharbh Chinn Chasla go hEas Ruaidh. Dá dtí Ó Domhnaill go baile Í Néill ar cúairt isé Ó Maolchraoíbhe thairbhireas a bhíadh agus a dheoch dó, agus is le Ó Maolchraoibhe na cinn agus na seicheadha. Dá raibh Ó Domhnuill ag fuireach ré lón nó ar congmháil isé Ó Donnghoile as marusgál dó; agus madh é chosgrus na mairt is lena mhuinntir na mionuighe. Dlighidh Ó Néill cuairt ríogh do Chonallchoibh, agus isiad a airdfheadhmanntaigh féin muinntir Chuinne agus <L 42> muinntir Ágáin as feadhmonntoigh dhó anngach tír i dtéid. 2. Ag so ceart gnáithe agus cíos Uí Néill ar an mBréifne: Ar Ó Raghallaigh teacht líon a thionóil gan fheuchoin do shochar ná do dhoirbheartus a mhuinntire; fiche marg ar Íochtar Thíre; ar shliocht Aodha Uí Raghallaigh fiche marg; fiche marg agus chúig uinge ar chloinn Aodha Caoich an Fheadha; agus deich mairg an Bhiataigh; agus deich mairg ar chloinn tSeon mhic Toirrdhealbhaigh; agus chúig mharg ar dhúthaigh Chathail mhic Maolmhórdha; agus chúig mairg ar chloinn Ghiolla Íosa Óig; agus cúig mharg agus sé uinge ar chloinn Fheidhlimidh mhic Fearghail; agus dá mharg go leith Thoirrdhealbhaigh Óig mic Glaisne; agus marg Eoghain Í Raghallaigh. Cuid céad go leith buannacht buna Í Néill ar an mBréifne. Agus fiche sgilling ar Dhomhnall Ó Raghallaigh; agus fiche sgilling ar an mBaile Thrasna; agus marg Sheón Í Raghallaigh. Agus airgead croise caoile nó salfás do bhí d'fhiachaibh ar chách an úair cuireadh an cíos amach ar tús. 3. Ceart Í Néill ar Íbh Eachach Uladh .i. a dteacht léirthionóilte, agus muna dtigeadh breith a bhreitheamhan féin d'Ó Néill uatha. Trí chéd mart uatha, nó sé uinge, agus dá chéd marg ara son. Cuid dá chéud do bhuannacht bhuna uatha; cuid leithchéad díobh ar Íbh Eachach féin .i. ar MhagAonghusa, agus cuid leithchéad ar MhacArtáin, agus cuid céad ar na trí taoiseachaibh .i. Mac Shuileachain, Mac Duibheana agus Ó hAidheid. 4. Ceart gnáithe agus duibhchíos Í Néill ar Oirghiallaibh .i. teacht léir a dtionóil iar bhfagháil rabhaidh dhóibh, agus muna dtigeadh breith a bhreithimh féin d'Ó Néill. Dhá chéad mart uatha. Cuid dá chéad do bhuannacht bhuna uatha; cuid fhichiod de sin ar mhuinntir Cheallaigh. 5. Agso duibhchíos Í Néill ar Mhac Cionnáith san mbliadhain .i. teacht léir a thionóil gach úair goirfidhe air; agus céad cóta bán; agus dá bhonn agus dá <L 43> fhichead anngach baile biatoigh; nó bonn chroise caoíle nó salfás ar son an chóta bháin; agus cuid deichneabhair agus da fhichead do bhuannacht bhuna. 6. Saorthar lucht tighe Í Néill .i. Innis Eoghain; agus do fágbhadh trí taoisigh orra .i. Ó hÉanna, agus tugadh mur dhúthaigh dhó ó Tharbh Chinn Casla go Tumóig Eich Í Eunna (mur a ndeachaidh a hanam eisde), rioth eich; dúthaigh Í Mhaol Fhabhail .i. ó Thumóig Eich Í Éunna go hAlltoibh Gorma ag dul sa mBréaduigh; dúthaigh Í Dhuibhdhíorma, .i. rioth eich ó Alltoibh Gorma go hArd an Chró. Agso tighearnus Í Néill ar Innis Eoghain .i. cuid céad do bhuannacht isin leithbhliadhain; agus céad marg isin mbliadhain do chíos, le cois a chonnmhála agus cuarta a shlúaigh; agus dá mbriseadh air breith a bhreithemhan féin d'Ó Néill; agus gach geall dá leigter tar uisge Doire anall i ngioll rena chíos gan a fhagháil réna fhuaslugadh. 7. Tighearnus Í Néill ar Ó gCatháin .i. cuid cheithre bhfear ndég ar Fhearann na Craoibhe san ráithe; agus cuid ochtair ar Chlainn nDiarmada; agus cuid ceathrair ar Thír Caorthoid; agus a ceathair go leith ar Chiannachta; agus cuid cúigir ar mhuintir Í Mhaoilmheana; cuid deichneabhair ar Mhuinntir Bhranán. Dlighidh do chionn a shochair Ó Néill do chonnmháil an fad as áil leis; agus dlighidh teacht le líon a thionóil ó Sparr Átha Deiridh. Mart ar fhichid a seincheart, nó dhá uinge, agus cúig mharg san mbliadhain, agus sluaigheadh do Dhomhnall mhac Briain Chatha Dúin ar Árd MhéGiollagáin. Da fhichead marg san ráithe ar Ó bhFloinn; agus sluaighedh, agus mart ar fhichid, nó uinge agus chúig mairg fhichead ar Mhac Giolla Mhuire san ráithe; agus slúaigheadh agus foslongphort agus dá uinge agus cúig mharg ar son an mhairt ar fhichid. 8. Cuid dá chéd do bhuannacht bhuna ar Fheroibh <L 44> Manach, agus an oiread céadna do mhartoibh nó d'airgiod ríogh; agus dá chéad ar slúaigheadh; agus muna dtigeadh an dá chéd sin, bó san duine bhías d'easbaidh orra; agus dá bha ionnlaogha san mboin díobh nach bhfuighther; agus dá dtigeadh MagUidhir féin ar sluaigheadh agus gan a mhuinntir leis leath na cána dhó. Dlighidh gach tigherna agus gach taoiseach dá ndéntar i gCúigeadh Uladh, mur atá Ó Domhnuill, Ó Cathán, MagUidhir, MágMhathghamhna, Ó hAnlúain, MagAonghusa, MacCanna, Ó Gairmfhleaghaigh, etc., céd bó ar gach neach dá ndingéntar tighernaidh dhíobh leith amuigh do lúach impidhe na n-airdfheadhmanntach. Dlighidh MagUidhir a mbí do cheart agus do chánaigh Í Néill don taobh thíar do loch d'iodhlacadh aníar go hiomlán. 9. Tighernus Uí Néill ar MhacCanna: sluaigheadh agus foslongphort, agus cuid dá fhichead do bhuannacht bhuna, agus airgiod ríogh; trian thall i gCloinn Bhresoil, agus dá dtrian abhus, agus cuid seisir. 10. Ar Oirthearoibh, cuid céd do bhuannacht bhunaidh, agus céad marg, agus a dteacht léirthionóilte, agus muna dtigid breith a bhreitheamhan féin d'Ó Néill uatha. 11. Tighearnus Uí Néill ar Chinél Maine: .i. Mac Conallaigh más taosga é féin ná fedhmonntaigh Uí Ghairmfhleghaigh dochum an cheithearnduis uiread le Ó Gairmfhleghaigh aige don uaisle. Oidhcheacht Uí Néill orra .i. oidhche ar Mhac Aodha, agus oidhche ar Ó gCeallaigh, agus oidhche ar Mhac Conallaigh, agus gan congnamh ag Ó nDuibhín nó ag Ó Fhlaithbheartaigh madh fada comhnuidhe Í Néill aca. Dá raibh Ó Néill ag Ó Gairmfhleghaigh, a bhiathadh ar na ceithre bhaile lucht a thighe dhlighes; a ghallóglaigh ar Chollaibh Íochtaracha dia hAoine agus dia Sathairnn an úair nach bíonn féin aca. An oidhche bhíos i nArd Sratha a bhord ar Mhac Conmidhe as Loch Í Mhaoldubháin .i. fearann an Reacaire. Ceart Uí Néill ar Chinél Maine annso: .i. dá chéad mart agus céad go leith marg d'airgiod ríogh; agus <L 45> éirghe amach an úair goirther orra; agus cuid céad go leith do bhuannacht bhuna; agus is do Mhac Con Allaidh corrigenda as cóir an cíos do thoirbhirt; agus a iodhnacal dona feadhmonnaibh; agus ceithre pinginne leis an mart; agus dá ndeacha amugha a n-íoc ar Mhac Con Allaidh. corrigenda 12. Ó Gairmfhleghaigh maór sguir Í Néill agus a choinnleóir, pinginn as an uinge; dianas an eich dhá dhéighe, acht pinginn ag giolla chinn an eich, agus dá phinginn as an láraigh; leithdhéighe ar dhuine ealadhan dá ngealltar eich agus ba dhó; dol innte le maoraibh an deigheich gach máirt; agus a leathára agus íth muice agus bromaol tóna dona coinnlibh d'Ó Ghairmfhleghaigh; agus ní fhuil acht íth aonmhuice dhó insan oidhche. Cuid trí fichid ar Thír Fhiachra; agus cuid trí fichid ar Mhac Cathmhaoil, nó ara fhearann. Cuid trí fichid ar Mhuinntir Bhirnn; sluaigheadh agus foslongphort agus fós lón orra uile. 13. Aodh Méith do ghabh fearann ar tús do Chlannaibh Néill. Gormfhlaith, inghion Í Dhomhnuill, do fhuráil, do mhuin neamhaircisi airgiod ríogh do dhénamh dona martoibh, agus a rogha d'Ó Néill na mairt nó an t-airged. 14. Mac Cathmhaoil agus Mac Murchaidh agus Ó Doibhlín fírcheithearna Uí Néill. Agus dlighidh síad bráighde do ghabháil, agus do choimhéd; agus dlighidh síad do cheann a bhfedhma na trí chédoidhche d'fhaire ar foslongphort agus ar sluaigheadh; agus gach ionadh ina dtig ní dochum Uí Néill i gcánaigh, i ngaduigheacht, nó i ndortadh fola, nó i mbriseadh custuim, dhá chaoirigh leis an mboin do shochar. Rogha an chraoí ag mnaoí an tighe, agus an athrogha acasan, .i. caora fhirionn agus caora bhuinionn, agus a húan féin léi go Féil Cros; agus gach biseach i dtéid na ba téid an sochar (san bhiseach) cédna. 15. Dá ngabhthur gaduighe nó fuagarthach nó neach eile ar fhuráilemh an tigherna, a rogha ball deisi ag lucht na gabhála; agus dá ngabhthur bráighe ar sluaigheadh agus a tabhairt i láimh na fírcheitheirne fána deisi is <L 46> leó an deisi; agus dá ndeacha bráighe dhá deóin ní dhlighid ní dhi nó faghbhála; ceart sluaighidh le fuasgladh na brághad ag fear a gabhála; agus dá ndeachaidh is gnáth don tigherna an t-éudach agus an deisi ara mbí ór nó urmháille a mbeith gan chomhairemh aca; agus ní dhlighid na fírcheithearna faghbháil ar mhuintir an tighe acht ar an gcomhuightheach, acht muna n-abra an tigherna a lomarguin. Dá ndéntur ceitherntus ar mhuintir mhic ríogh nó comharson ní dlighthear faghbhál orra; dá ligid an ghaoth re dorus an tighe do thoil an tigherna dlighidh biadh do chaithemh; dá dtí ba ón gciontach is cead dóibh mart d'ithe, agus muna dtí is cead dóibh caora. 16. Ceart Uí Néill ar Mhuintir Dhoibhlín .i. fiche bairghen mhine san errach san leithcheathramhain, agus medar ime leis an mbairghin; agus ceithre ciséin bhracha san earrach, nó bairille, san leithcheathramhain, agus meadar ime san tseachtmhuin; ceithre pinginne d'airgiod Cásg insan leithbhliadhain ar Mhuinntir Dhoibhlín. Dhíoladh gach rí agus gach taoiseach agus gach coimhightheach ar lucht tighe Uí Néill uile do réir seanghnáithe Cloinne Néill ó aimsir Dhomhnaill mhic Bhriain Chatha Dúin nó gur rígheadh Énrí mac Eoghain mic Néill Óig, mic Néill Mhóir, etc.. Rí rofhoirfe roifhírénta an rí sin, rí do bháitheadh brég agus aindligheadh, agus do chongbhadh ceart do thréunoibh agus do thruaghoibh; agus le linn an Énrí sin do ríoghadh do saoradh na heagluisi agus na cealla leis ó gach dochar dá raibh orra ríamh roimhe sin. 17. Saoirsi ar bhuannacht bhuna ag Lucht tighe Uí Néill; agus ní fhuil saoirsi boinn bhí ag éanaicme 'na bhferann muna raibh líon an bhuinn bhí do dhaoinibh, agus d'iolmhaoinibh aca ó bhfuighthear éirghe amach. Agus dá mberar mairbhe nó fuadach i dtír do thíorthoibh Í Néill, chúig pinginne sa túaith do gheimhlibh i bhféugmais na túaithe asa ngluaister í. Dá lentar do dhruim comharc nó éirghe amach nó togharma an airbhe ní fhuil lúach fastóidh uirre. <L 47> 18. Muinntir Chuinne agus Muinntir Ágáin ardmhaoir agus ardfheadhmonntoigh Í Néill i gCúigedh Uladh. Dhá dtrian an tsochair ag Muinntir Chuinne do bhrígh go raibhe dís díobh ag marbhadh MhegLachloinn san chath; agus trian ag Muintir Ágáin, óir ní raibh san láthair sin acht aon duine amháin díobh. Dhá bha as an fhichid, madh thabhach madh thiodhlacadh, agus cúig pinginne as an mboin do dhéighe. Tug Muircheartach (.i. rí Éirionn) mac Muireadhaigh, mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh i bhfleidh Dúin Tuirléim do Ó Chuinne mhearrdha mhac Oilealla mhic Eoghain mhic Néill Naoighiallaigh, agus dá shliocht 'na dhíaidh tosach guidhe agus fós a gcur 'na n-iodhlaicibh anngach ionadh iodhlaice bhíos ag ríghthibh Éirionn tar gach geiniolach eile dar geinedh ó Eoghan, do bhrígh gurab é an Cuinne sin do chúaidh i gcogadh na Mumhan ar son an ríogh réamhráidhte. 19. Muintir Dhonnghaile marasgal Uí Néill; cuid as an dá fhichead dóibh. Pinginn as cuid an fhir do chionn airbhe nó mothóg foslongphuirt; duine i dtaisbénadh uatha; cinn agus seicheadha aca an chédoidhche re haithearrach tuaithe; agus madh chongbháil dóibh maguairt is do Ó Mhaolchraoibhe as cóir na cinn agus na seicheadha. <L 48> GEINEALACH NA GCOLLADH. 1. Agso craobhsgaoileadh agus geiniolach na gColladh: Do geiniodh Art ó Chonn Chédchathach; do geiniodh Cormac ó Art; do geiniodh Cairbre ó Chormac; do geiniodh días mac ó Chairbre .i. Fiachaidh agus Eochaidh. Do ghabh Fiachaidh ríoghacht Éirionn, agus is uadha do geiniodh clanna Néill agus síol nDálaigh, agus mórán eile nach áirimhthear annso. Eochaidh derbhráthair an ríogh rugadh triúr mac dhó sul rugadh éanmhac d'Fhiachaidh .i. na Trí Colla: Colla Uais .i. Colla ós a gcionn, Colla dhá Chríoch, agus Colla Meann. Isiad so a n-anmann baiste: Cairioll, Colla Uais; Muireadhach, Colla dhá Chríoch; Aodh, Colla Meann. Tug rí Éirionn .i. Fiachaidh áit a chloinne féin do chloinn a dhearbhráthar faoina láimh féin .i. macacht ríogh Éirionn, gabháil giall Éirionn, agus tabhach cíoschána daoine Éirionn do bheith maille riú an tráth do thoigeobhdaois amach. Oileach, inghean ríogh Alban máthair na gColladh. 2. Aimsir oile 'na dhiaidh sin rugadh mac don rígh .i. d'Fhiachaidh, darbh ainm Muireadhach Tíreach. Ar ndol don mhac soin i n-oirbheart agus i n-arrachtus do bhen an rí a gcóir féin dona Collaibh .i. macacht ríogh na hÉirionn, agus do chuir sé forgla Fher nÉirionn maille lena mhac .i. Muireadhach, agus tug sé ionadh na gColladh dhó. Do ghabh éd agus aingidheacht na Collaidh fa gach ní dá dtug an rí dhóibh do bhúain díobh. Isí comhairle do rinneadur cath d'fhógra ar an rígh. Do chuir an rí a dhraoi ar a chliathaibh fis (.i. Dubh Cumair) d'fhionnachtain cionnus a d'éireochadh dhó san gcath. Do foillsigheadh fios óna deeibh dá n-adhairthí san aimsirsin. Táinic i gceann an ríogh, agus d'innis mur do taisbénadh dhó, agus isedh ro-ráidh: "Do-chíthear dhamh, a airdrí, óm dheeibh dá <L 49> ndeachtása san gcath go dtuitfe tú leis na Collaibh agus go mbiaidh an ríghe gud shíol id dhíaidh; nó dá n-oba tú an cath go ngeubha siadsan an ríghe, agus go mbiaidh a sliocht san ríghe ó sin amach." "Máisedh," ar an rí, "ó tá an bás im chionnsa, agus i gcionn cháich uile, rachad dom mharbhadh san gcath, agus biaidh an ríghe 'gum shliocht im dhiaidh." 3. Is annsin do chuaidh an rí san gcath, agus do marbhadh leis na Collaibh é. Do ghabh Colla Uais ríoghacht Éirionn go cenn cheithre mbliadhan. Dá éis sin do thionóil Muireadhach Tíreach .i. mac ríogh Éirionn a chairde féin agus a lucht gaoil seachnóin Éirenn, agus do chuir Colla Uais la foirneart a Teamhraigh. Do cuiredh é féin agus a bhráithre go hAlbuin, óir dob í inghen ríogh Alban a máthair amhuil adubhramar romhainn. Do bhensad baile agus leth Alban amach, agus oilén Fionnlochlann le n-aburthur Insí Gall do réir mur atá ag croiniceacht i seinleabhruibh Éirionn agus Alban. 4. Do ghabh Muireadhach mac Fiachaidh ríoghacht Éirionn. Iarsin do chúaidh rí Éirionn agus a chóigeadhaigh i gcomhairle, Colla Uais do thabhairt chuca gona bhráithre agus a gcuid d'Éirinn do thabhairt dóibh ar na hadhbhraibh so .i. ar egla a gcogaidh a hAlbain i ndiaidh a ndúithche, agus Alba ar a gcomhairle féin do bhrígh a ngaoil agus a ngabháltuis innte; agus do chosnamh Éirionn dó i n-aghaidh fher nÉirionn agus coigríoch, óir do bhí an rí an tan sin gan chinedh gan aicme gan bhráithre acht iadsan amháin. Tángadar na trí Colla go Temhraigh an tan sin le teachtaibh an ríogh; agus bhádur caoicís ar mhís i dTeamhraigh maraon ris. 5. Is annsin do iarradar na Collaidh a gcuid d'Éirinn ar an rígh. Isé fregra fuaradur ón rígh: gur mharbhadur Clanna Rudhraighe a seinnser .i. Conn Céadchathach, óir isé an Tiobroide sin do mharbh Conn Céadchathach, .i. rí Uladh; agus go raibh a euruic uadha; agus do iarr ar na Colluibh an éaruic <L 50> d'fhagháil, nó cath do thabhairt ar a shon. Dob ionann leosan agus an cúigedh d'fhagháil ced cogaidh do thabhairt dáibh. Is annsin do thionóladar na Collaidh a lucht rúin agus gaoíl agus tuarustail ar feadh Éirionn, agus tugadar aghaidh ar Ulltachaibh lena sochraidibh féin gan chongnamh fher nAlban. Isé fa cóigedhach i nUlltoibh an tan sin Ferghus Fogha do Chlannaibh Rudhraighe. Adeir an chroinic go dtugadur na trí Colla seacht gcatha re seacht laethibh i ndiaidh a chéile d'Ultachaibh, agus gur marbhadh Ferghus, rí Uladh, san chath dhéighenach leo, .i. cath Achaidh Leithdheirg don taobh abhus do Ghleann Righe. Do rinnedur tórainn Glenna Righe ón Iubhar anuas ettorra agus Clanna Rudhraighe, agus nír fhilledur Clanna Rudhraighe anunn ó sin ale. 6. Do chuir Rí Éirionn .i. Muireadhach Tíreach gairm ar chloinn Eachach Duibhléin, .i. na Collaidh, agus tugadh go Temhraigh iad. Tug saoirsi agus sochar dháibh féin agus dá n-oighreadhaibh go síorraidhe, agus do mhaith marbhadh a athar dóibh ar a gcongnamh leis ó sin amach. Tug an oiread so do dhúthaigh dhóibh os cionn a ngabháltuis féin i nUltaibh, .i. triocha céd anngach cóigedh oile d'Éirinn, agus baile anngach triocha céd, agus garrgha anngach baile. Agso cuid eile dona sochraibh fuaradur: coimhéirghe rempa ar fheroibh Éirionn i n-aonach agus i n-oireachtus acht rí Éirionn féin, agus gan iad d'éirghe ria gcách; trian édála i gcuantoibh long dhóibh; tús dighe, tús leabtha agus ionnalta ar mhaithibh Éirionn i dTigh Miodhchuarta aca; coinnmheadh dhá ndaoinibh ar fheroibh Éirionn an fad do bheidís gan bhuannacht d'fhagháil; gan euruic fola dhol uatha; coimhéd giall Éirionn aca; gibé do rachadh ar a n-ionchaibh comairce go ceann bliadhna aige; gach arm nochtar i n-aonach nó i n-oireachtus do bheith aca. Ní raibh ag rígh Éirionn acht bráighde ar bhráighde uatha; leathghuala ríogh Éirionn do rígh shleachta na gColladh, agus fad a láimhe agus a lainne d'fholmhughadh eidir é agus cách; coinnmheadh <L 51> eachraidh ó shamhain go bealtuine. Dá mbeantaoi creach 'na ndiaidh dhíobh agus iad ar sluaghadh ríogh Éirionn sé ba san mboin dóibh uadha. Bó ar fhichid tuarusdul gach aoin dá maithibh ó rígh Éirionn ar sluaigheadh; triocha colg, triocha slegh, triocha brat ó rígh Éirionn do rígh shleachta na gColladh iar bhfilleadh do shluaigheadh; agus dá mbeidís géill uatha ag rígh Éirionn ní bhiadh do chuibhreach orra acht slabhraidh óir, nó a mbeith fa réir i gcuidechta ríogh Éirionn, óir as uime aderar Óirghialla riu do bhrígh gur ór ba glasaibh dá ngiallaibh. Agsin a sochair maille re sochroibh oile nach áirimhthear sonn. Isiad na ceithre haibhne as uaisle i nUltoibh tórainn fhearainn Chlanna na gColladh .i. Bóinn, Banna, an Éirne, an Fhionn. 7. Iomthúsa Colla Uais nírbh fhiú leis fuireach i nÉirinn ar a chuid dona sochroibh ná don dúthaigh adubhramar, ó do bhí ríoghacht Éirionn aige féin roimhe sin; fágbhas a fherann agus na sochair sin aga bhráithribh. Dála Cholla Uais anuis i mbun a ghabháltuis féin i nAlbuin, agus i bhFionnlochlonnaibh ó sin ale, agus a ngabhluigheann uadha, acht ar fhill go hÉirinn díobh i mbun a ndúthchasa. 8. Isé seo craobhsgaoileadh sleachta ríogh Éirionn .i. Colla Uais: .i. Clann Domhnaill i nÉirinn agus i nAlbuin, agus a ngabhluigheann uatha, mur atáid Clann Eoin Ard na Murchadh, agus Clann Raghnaill san Oirear Thuaidh, agus Mac Dubhghaill Lathairn, agus Clann Alasdruinn i nÉirinn agus i nAlbuin, agus mórán do mhaithibh nach áirimhthear sonn. Agus is do shliocht Colla Uais mur an gcéadna Clann tSíthe na Mumhan. 9. Isiad so sliocht Colla dá Chríoch .i. dearbhráthair Colla Uais: .i. Mag Mathghamhna agus MagUidhir, Ó Ceallaigh Uí Maine, Ó hAnnluain agus mórán oile nach áirimhther annso. Agus ní fhaghann croiniceil sliocht ar Cholla Meann. Ionnarba Chloinne Rudhraighe, agus marbhadh Ferghusa Fogha, Anno Domini 338. <L 52> 10. Geiniolach Mic Domhnuill ó Cholla Uais anuas annso: Do geiniodh Eochaidh ó Cholla Uais. Do geiniodh Carrthunn ó Eochaidh. Do geiniodh Earc ó Charrthonn. Do geiniodh Muine ó Earc. Do geiniodh Niallghus ó Mhuine. Do geiniodh Gofraidh ó Niallghus. Do geiniodh Merga ó Ghofraidh. Do geiniodh Suibhne ó Mhearga. Do geiniodh Solumh ó Shuibhne. Do geiniodh Giolla Adhamhnáin ó Sholumh. Do geiniodh Giolla Brighde ó Ghiolla Adhamhnáin. Do geiniodh Samhairle ó Ghiolla Brighde. Do geiniodh Raghnall ó Shomhairle. Do geiniodh Domhnall ó Raghnall. Ón Domhnall sin sloinnter Clann Domhnaill. Do geiniodh Aonghus Mór ó Dhomhnall. Do geiniodh Aonghus Óg ó Aonghus Mhór. Do geiniodh Eoin ó Aonghus Óg. Áine, inghean Uí Chatháin, máthair Eoin. Do geiniodh triúr mac ó Eóin .i. Domhnall a hÍle, Eóin agus Alasdronn. Mairgrég inghen ríogh Alban .i. Roiberd, an chédrí do Stiobhardchaibh, máthair an trír sin; agus inghen King Roiberd Brius máthair an Roiberd sin. Isí fa ben don Domhnall sin .i. Mac Domhnuill, seinnsior na cloinne .i. Máiri Leisly, inghen Iarla Rois, agus is léi táinic iarlacht Rois go Cloinn Domhnuill. Agus isí fa ben d'Eoin, an mac tánuiste .i. Máire Biséd .i. fuil ghréagach táinic isteach le gabháltus Uilliam Cúncur; agus is leis an mnaoi sin tángadur secht dtuatha na nGlinneadh darab ainm Dál Riada go Cloinn nDomhnuill. Is dona secht dtuathaibh sin an t-oilén dana hainm Rachluinn. Fuair Mac Domhnaill .i. Domhnall a hÍle, agus Eoin a dherbhráthair, .i. dá mhac Eoin mheic Aonghusa Óig agus inghine ríogh Alban, bás i n-aoinbhliadhain, agus is leis an dís bansa, .i. Máire Leisly inghean Iarla Rois agus Máire Biséd <L 53> inghion mic Eoin Biséd táinic iarlacht Rois i nAlbain agus Dál Riada i nÉirinn, .i. na Glinne, dochum Cloinne Domhnaill. Sé bliadhna dég agus naoi bhfichid ó bhás Domhnaill agus Eóin gusan aimsir seo, 1618. Agus atáid na Glinne ag Cloinn nDomhnaill ó sin ale. Do geiniodh an tEóin adubhrumur ó Eóin mac Aonghusa agus ó inghin ríogh Alban. Do geiniodh Domhnall Ballach ó Eoin, agus Máire Biséd a mháthair. Oighre na nGlinneadh an Domhnall sin, maille rena chuid d'Albuin agus d'Insibh Gall. Do geiniodh Eóin ó Dhomhnall Bhallach. Siubhán inghean Í Dhomhnaill a mháthair. Do geineadh Alasdronn ó Eóin Chathánach .i. Mac Domhnuill Inse Gall, agus tíortha iomadamhla oile do mhóirthír Alban. Síle, inghean Mhic an tSabhuisigh a mháthair. Do geiniodh Samhairle ó Alasdronn, .i. Tigherna an Rúta agus na nGlinneadh, agus dúitche eile i nAlbuin. Caiterfhíona, inghean Tigherna Ard na Murchadh máthair Shamhairle. Do geineadh cethrar mac ón tSamhairle sin: Alasdrom, Sir Seumus, Sir Raghnall dar goireadh Vícont Dúin Libhse agus Iarla Aontruma do láthair King Seumus do thoil Chomhairle Saxan, do láthair an seiseadh Seumus rí Saxan, Alban agus na hÉirionn. Aonghus (an) mac dob óige don cheathrar mac sin. Máire, inghean Chuinn Uí Néill dar goireadh Ó Néill i nÉirinn, agus Iarla Thíre hEoghain i Londoin do láthair an ochtmhadh King Hainrí, rí Saxan, máthair an cheathrar mac sin adubhrumur. Eilís, inghion Aodha Uí Néill, dar goireadh Iarla Thíre hEoghain do láthair bainríoghna Saxan, .i. Isibél, inghean Ching Henrí, agus dar goireadh Ó Néill i nÉirinn ben an iarla sin Aontruma .i. Raghnall Mac corrigenda Domhnuill. Raghnall Óg mac Ragnaill .i. Marques Aontruma; agus Eilís inghion Aodha Uí Néill a mháthair; agus Róisi inghion Sir Hainri Uí Néill .i. Tighearna Clanaodhbhuidhe bean an mharques sin. Finis. <L 54> <C Fil.> ANNÁLA. 1. Tríochad ceathrachad seasgad sé céd, triocha bliadhain is ní brég, ó bhreith Chríost san Bheithil bhinn go cath Mhuighe Rath i nÉirinn. Cath Craoibhe Tulcha. 2. Ceithre bliadhna gan mhearbhall ar mhile, fa mór tuirsi, ó ghein Chríost gan éra go cath Chraoibhe Tulcha. 1004. Cath Chlúana Tarbh, 1014. 3. Ceithre bliadhna dhúinn ar dheich ar gcur míle bliadhan ar leith ó ghein Dé, ní fáth bréige, go bás Bhriain mhic Ceinnéide. Bél Átha Buidhe, 1598. 4. Nóchad dá cheathair nach tim, míle is cúig céd grinn beacht go bás mheic Seaáin mhic Aodha, Maolmórdha nár chlaon a cheart. 5. Seaán an Díomais do mharbhadh, Anno 1567. Seacht mbliadhna seascad 's cúig céd agus míle, mór an béd, ó bhás Seaáin, saoirmheic Cuinn, go toidheacht Chríost i gcoluinn. <L 55> 6. Aodh Buidhe, mac Briain Ballaigh, 1180: Ceithre fichid, fécha soin, míle agus céd do bhlíadhnoibh ó ghein Dé go hAodh mBuidhe, dá mbé aon dá fhiafraighe. 7. Aodh, mac Féilim, 1582: Ceithre fichid, cúig céd dég is dá bhlíadhain mac Mairgrég, ceithre míosa, 's a mbeith beacht, ó bhreith Íosa go a imtheacht. <C Prós> 8. Brian mac Féilim, 1573. .i. Tigherna Chlanna Aodha Buidhe. 9. Aodh Óg, mac Aodha, mheic Féilim, trí bliadhna d'éis a athar; 1585. 10. Niall mac Bríain mhic Féilim, 159( ). 11. Niall mac Aodha mhic Féilim, 1600. 12. Aodh Óg, mac Cuinn, um Fhéil Pádruic, 1614. 13. Seaán, mac Bríain, mic Féilim, 1617. <C Fil.> Seacht mbliadhna dég, fáth fíre is sé chéd le cois mhíle ó theacht Dé le deighbhreith dílis go bás (mic) Bhríain triath na tíre. <C Prós> 14. Conn, mhac Néill, mhic Bhriain Fhoghartaigh d'fhagháil bháis, 1619. 15. Seaán Óg Ó Néill, mac Seaáin, mhic Bhriain, lá Rónáin, 1618. 16. Niall mhac Aodha mhic Muirchertaigh, 1618. <L 56> 17. Conn na mórghlac Ó Néill, 1637. 18. Niall Óg, mac Néill, mheic Aodha, ultimo Martii, 1628. 19. Sir Henrí, mac Seaáin, 8 Septembris, 1638. 20. Aodh Meirgeach mac Néill, mic Aodha, = Sir Henrí mac Néill Óig, 29 Nov., 1671. 21. Art Óg mhac Seaáin mic Briain, 25 March, 1677. 22. Feilim Dubh mac Seaáin, in June 1676. Brian mhac Féilim Dhuibh a mhac. 23. Seaán, mac Airt Óig, mic Seaáin, 3 July, 1687. 24. Conn Óg mac Cuinn do mharbhadh i gCluain Eis, 13 June, 1643: <B 1643 17L> <C Fil.> Aois Mhic Dé dá ríomh rachad: trí cheirtbhliadhna is ceathrachad, míle is sé chéd druim ar druim, go hég Cuinn isé a bhfaghuim. 25. Domhnall Ó Néill mac Cuinn in Octobris 23, 1664. <B 1664 17L> Mile ó thoigheacht Chríost tré ar gcoir seascad sé chéad 's an ceathoir, och ar ndoghruing cás ó gCuinn, go bás Domhnaill mar dhearbhuim. 26. Féilim Ó Néill mhac Tuathail do mharbhadh san Sgairbh Sholuis, 22 June, 1650. <B 1650 17L> Sé chéd dég is caogad corr aois Mhic Dé, cuntas cothrom, lór d'Éirinn dá cur tar céill, go dul d'Fhéilim Ó Úirnéill. <L 111> <B 1600 17T> TRUAGH M'AISTER GO HARD SRATHA. 1. Truagh m'aister go hArd Sratha, mo thoisg is dáil deaghratha; ar son nach eusguidh uaidh inn, a fheuchuin uaim ní fhuilngim. 5. I nArd Sratha na sruth nglan atá uaimse 'na aonar drong bhíos i gcoimhne ar gcumhadh, dream rér doilghe dealughadh. 9. Dol ar cuairt 'na gcenn soin go leabaidh Easbuig Eoghoin ca slighe dhúnn as deacra? rún mo chridhe an chuidechta. 13. Uch, ní fhaicim m'aos cumhtha 'sní clos linn a labhartha; doiligh ar gcuairtne 'na gceann, dá uaithne oinigh Éireann. 17. Toirrdhealbhach nár ob iomghuin is Art óg, mac Toirrdhealbhuigh, móide ar léinne leth ar leath, a mbeith le chéile i gcuibhreach. 21. Ba meinic mé go meanmnach ag Art óg 'sag Toirrdhealbhach, mo bharr moirne ag duine dhíobh ag luighe oirne d'imshníomh. <L 112> 25. Do bhí am nár saoileadh sin a mbeith mur táid uair éigin, laoich do chuartoigh an tír thall, i n-uamhoibh criadh go cumhang. 29. Adhbhar maoithe le meanmain díoth Airt, easbhuidh Toirrdhealbhaigh, mur (a) táid ag snoighe ar súl (is) báidh mo chroidhe ar gclaochlúdh. 33. Bás Toirrdhealbhaigh is ég Airt tug Éire gan fhear tochmhairc; bheith dhí gan oighre gan fhear, ca ní as doilghe fá dheireadh? 37. Briseadh croidhe, clódh menman, fáth bróin, dosgadh doimheanman, ég an oighre 'san athar tréud rér doilghe dealachadh. 41. Tuar maoithe, mana doghra, caomhthoigh an aois ealadhna, beith dháibh 'na loighe ar gach leath láimh reroile go huaigneach. 45. Cupla seabhac Síthe Truim do chleacht mé, móide ar ndoghruing; mairg do chealg caidreamh na bhfer do shearg m'aigneadh ós íseal. 49. Truagh liomsa i leabthoibh cumhga ríoghradh nach úair easumhla: dhá mhúr dhaingne chlann gCobhthaigh, dhá chrann fhailme d'Eoghanchoibh. <L 113> 53. Dhá churaidh do chongbhadh síoth, dhá chuartuightheóir na gcoigcríoch tairic sgarthoin na ríogh rinn dha bhríogh do arthoigh m'inntinn. 57. Dá líg lóghmhura Leithe Cuinn, leannáin dhísle Dhúin Genuinn, 'siad araon as chrádh croidhe, lán gach aon dá n-eolchoire. 61. Mana truaighe mur táid sin, dhá inneoin an uird ghaisgidh, re taobh aroile san úir; a loighe araon ní hiontnúidh. 65. Días rér sgaoileadh tech Temhrach Art 'sa athair Toirrdhealbhach, Toirrdhealbhach 'sa oighre Art - foirne ón hoirbhearnach m'amharc. 69. Bás Toirrdhealbhaigh is Airt óig mór dtír dá dtéid i n-urchóid, díth na bhfersoin ar fád Fhloinn mur tád 'na n-easbhaidh oroinn. 73. Ní hé araon a n-oidhidh féin táinig dhóibh, díochra an oilbhéim, doiligh ar ndáil ceann i gceann, acht oidhidh cháigh go coitchenn. 77. Cia bhus rí i nEamhain iobhraigh tar éis Airt mhic Thoirrdhealbhaigh? cia dán cnesta táth Temhrach, ó'n tráth teasta Toirrdhealbhach? <L 114> 81. Art mac Uí Néill is O Néill dá gcuimhnighinn cuid dá gcaithréim ní fhuighinn áit gan fhoghal cáit i n-uighinn m'anaghal? 85. Ní fhuil iath nár airgsead soin ó shruibh Bruin go Beinn Éadoir, ná ó Bhóinn go hAird Uladh; mairg dán cóir a gcuimhniughadh. 89. Go logha Dia a ndernsad dóibh, a mbeith mur táid is tuar dubróin; do shlógh Eamhna budh hegoil, mór mberna do bhriseadair. 93. Ríoghradh an uaignis annoimh beannacht uaim re (a) n-anmannaibh, re taobh aroile san uaigh 'na loighe araon is rothruagh. <L 115> <B 1680ls 17D> <U 0055> MÓR ÓS GACH BÉD BÁS AN RÍOGH. 1. Mór ós gach béd bás an ríogh Muirchertach do líon gach learg, mac Earca fa hadhbhal nós, meinic do bhronnadh ór dearg. 5. A leithéid don ríoghraidh riamh nochar ghein ó Niall anall, giolla gasta na ngruadh nglan, fa buidheach dhe brain is baidhbh. 9. Deirge 'ná fuil laoigh a ghruaidh is a leith fa snuadh don ghéis; guirme 'ná an t-oighreadh a rosg, gile a chorp 'ná sneachta ar sléibh. 13. Deich dtroighthe fichead go fíor iseadh do bhíodh ina fhod; geall ón ghile ag dath a dhéd, binne a bhél 'ná fosgadh crot. 17. Bile tórann chloinne Néill, eo Rosa gan druim re dáimh, d'fhine orghuill chloinne Néill Muirchertach ar nár léir tlás. <L 116> 21. Isiad ceathrar dob fhearr clú do bhí i nÉirinn na múr sean; sloinntear ó a mháthair gach aon, an ceathrar sin nár chlaon breath. 25. Lugh mac Eithne, Fearghus fial, Conchubhar fa triath gan tlás, mac Earca an ceathramhadh rí Muirchertach do shín ós cách. 29. Ceathrar is calma ro chin ó Eiriomhón, adeir cách: Iughuine mac Eachach aird, Conn Céudchathach nár airg dáimh, 33. Niall naoighiallach an airm ghéir fear le dtugthaoi géill tar sál, ua Loghairn nár thill ó throid, Muircheartach ar nár luigh tár; isiad sin an ceathrar ríogh is fearr do bhíodh anngach ágh. 39. I gceann a shé mbliadhan déag, ar ndul a hÉirinn, seun raith, go ndeachaidh i nAlbain ghuirm mac Earca tar gach tuinn ghlain, go dtorchair Loghairn re a láimh, fear do bhiadhadh báidhbh is brain. 45. Do thuit rí Breatan re a arm is an t-impeir fa garbh gníomh; Saxain, Breatain, Albuin ghuirm do bhídís fa chuing an ríogh. <L 117> 49. Dias mac do rugadh dó thoir: Airsidionus na nglac gcorr, Constantinus feardha fial, an dias ler cosnadh gach fonn. 53. Saxain is Breatain na mbeann ag an dís sin, is dearbh dhamh, do fhansad aca re a ré, na ríogha sin fa trén smacht. 57. Tig mac Earca na mbárc gcorr go hÉirinn tuile long lúath, oirer Banbha na mbeann mbán uile do bu lán da shluagh. 61. Teagaid cách i nOcha fhúar ar chloinn Néill, fa tuar nóis, agus marbhthar Oilioll Molt le mac Earca na mbrot sróil. 65. Bile buadha cloinne Néill, dreagan Droma Léith nár leasg, taighleoir euchtach Oiligh áin, Ioldhánach muighe Báin Breagh. 69. Airsidh Muaidhe fa mór gnaoi, marcach moighe hAoi na n-each; ní thiucfa 's ní tháinic riamh a mhac samhla thiar ná theas. 73. Cairneach naomh do bheannaigh é, mac Earca nár chlé le rádh; fágbhus fágbhála go fíor, coimheoltar da shíol go bráth. <L 118> 77. Comhorbus Oiligh na n-each agus Uladh na bhfleadh bhfúar agus Teamhra na dtreabh réidh aige féin is aga ua. 81. Gach dara rí d'Éirinn aird ar shliocht mhic Earca an airm ghéir; an fear nach bíodh 'na fhlaith dhíobh éiric ann mur rígh é. 85. Glas ar ghiallaibh ní dúal dóibh do ríoghraidh Oiligh mhóir mhín; ní dhligh siad carcair ar ghíall; ní dhlighid tríall as a dtír. 89. Tuarustal ní dhlighid siad do ghabháil ó thríath tar lear; meath agus ég orra fós dá ngabhadh síad ór nó each. 93. Acht a n-eich ag deunamh chreach ní dhligheann síad ba nó búar; is geis dóibhsion cur an tsíl, 's is geis dóibh arís a bhuain. 97. Ag sin sochar cloinne Néill, fágbhamsa tar m'éis gun tslógh; fuigheall seinbhennacht cháigh iad; dob áilghen a gciall fa ól. <L 119> 101. Iarsma Chuinn na gcloidheamh sean, agus Chairbre nár thearc nós, agus Chormuic na sagh seang, agus Iríail fa hard nós, is Néill naoighiallaigh an áigh fear do chosain gach báidh mhór. 107. Lionn bainnsi ar an Mumhain mhín do cuireadh ón rígh fa dheóidh; iasg is uisge connadh cas ar Ulltachaibh, fa glas mór; dob ullamh feis tighe an ríogh, bruighen ina mbíodh gach nós. 113. I Seasgann Uairbheoil na bhfledh mur nach dearnadh teagh ó shoin, 's a bheith ullamh le trí lá, ní dearnadh riamh crádh mur soin. 117. Teach do dheunamh i nDruim Fraoich le clethaibh mur nár shaoil neach, is a bheith 'na dharaigh dlúith, gan ab gan úib gan úib gan ab. <L 120> <B 1680ls 17D> CINN DÚINN COMHAIRLE A CHORMAIC. Cían Ó hEachaidhéin cc. 1. Cinn dúinn comhairle, a Chormuic, san chássa, a fhéil ardordhruic; lán d'egna is d'fhoghluim ó ataoi, freagra ar bhforluinn dá bhfédthaoi. 5. Agso fuighleach áir t'ollamh - díor éisdeacht re ar n-agallamh a eó Modhuirne, a mhúr cruidh - ag súr comhairle a chonsuil. 9. Do fhuathaidh cách ceird ar sean ar ndol síos do ghlóir Ghaoidheal; táinic críoch ar dtéarma isteach, mo dhíoth sa beurla ar biseach. 13. Lán gach aon d'fhúath na bhfileadh; beith mur táid do tairrngireadh a dhearc sháimh, a shúil shochair, 's dúil i ngláimh 's i ngeocachaibh. 17. Iar sgur d'fhéile agus d'oineach tugsad cách go crúadhchroidheach, sgél neamhfholaigh dhúnn nach dleacht, cúl re ar n-ealadhoin d'éisdeacht. <L 121> 21. Imtheacht Gaoidheal fhuinn Fhódla tug an éigse d'fhurfhógra; faríor a neimhneart aniodh, gníomh san seinreacht nár saoileadh. 25. Ar mbeith beo ní breath Ghaoidhil, mó as aidhbhsioch le handaoinibh, mo sgél truagh an méidsi amháin, 's gan luagh ar éigse d'admháil. 29. Do rinneadh bhós bailbh bhodhra dá mair dar n-aos ealadhna; cia an uairsi éisdeas re ar gcor? léirsgrios na huaisle an t-adhbhor. 33. Díbirt sleachta Néill náraidh, lén bhus aosda d'annálaibh, tug mé tar chách gan chuimse, isé as fháth don argoinsi. 37. Gaoidhil nuaidhe niamhghuirt Néill, córa goill do ghairm dhíbhséin, ní thig síad le saoidhibh scol, má's Gaoidhil íad ní eador. 41. Don druing nuadhsa ó nach díobh dhuit cinn dúinn comhairle a Chormuic, a mhaighre lúidh learg Line, ga ceard dúin do dlighfidhe? 45. Ó's sibh féin, a chnú chroidhe, as aipche 's as eagnuidhe, malairt ceirde deunaidh dhamh d'fheughain an feirde ar bhfabhar. 49. Sir na margaidh, a mheic Airt; bíoth ad bhél: búta ar mhalairt; ná hér iomlaoíd ar a holc; dod shén fionnmaoíd ar bhfurtocht. <L 122> 53. Tuirrseach sinn re a sén bhfadóil; meall a cheird on chíoradóir, i ngar mur fhionnmaoid uile fagh iomlaoíd ón úcoire. 57. Malairt 'na thráth dénaidh dhúin; deibhidh ort! féch d'ar bhfortúin, as m'ucht, a ríghreulta rod, re lucht sírdhénta snáthod! 61. Fearr dhúinn muna dherna sibh malairt ceirde, a chruth suaithnidh, drud ó radharc céille cáigh, Éire 's a hamharc d'fhágbháil. 65. Nó is caithte an ceathramhadh húair dhúine dol, ionnsa an anbhúain, a shénchrann go sliocht snoighe, ar iocht réudhchlann Rudhroighe. 69. Muna dhéucha Dia is tusa d'iarsma t'ollamh dúthchusa, meisde a dtánuig dar nós náir, atámaid fós ar faghbháil. 73. A ua Seaáin, saormhac Briain, mheic Feidhlim, troigh ré dteinnghliaidh, fóir, a fhlaith, loimcheas na scol; oircheas gach maith do mhóradh. 77. Damadh beo d'fhuil Bhriain Bhallaigh 'sna crothaibh do chualamair, mó 'ná m'anairc cládh o gCuinn, malairt fám dhán ní dhiongnuinn. <L 123> 81. A ua ríogh rátha Teamhra, a liaigh díochuir doimheanma, sgaoilsi cuisle a damhnuidh dhi, cuirsi anmuin san éigsi. 85. Síol Ríghnéill na n-euchd n-amhra - ní luaidhfinn lén mh'ealadhna - rug tar céill ar dtuisle tinn, 'na gcuimsi féin dá bhfaicinn. <L 124> <B 1680ls 17D> <U 0056> A FHIR THÉID GO TULAIGH MÓIR. Ruaidhrí Ó hEachaidhéin cc. 1. A fhir théid go Tulaigh Móir, beir mo bheannacht agceudóir go ceann toighe na Tulcha, ó chroidhe mur chomhurtha. 5. Cuimhnigh bhós is beiridh libh go mac Airt aigneadh suilbhir, rún neambocht nach crúaidh croidhe, beannocht uaim tre ionmhuine. 9. A theachtoire théid da thigh beannacht deich gcéd, is cuimhnigh, tabhair uaim d'aonoire amháin do sduaigh caommoighe Calláin. 13. Beannacht da theaghlach 's da thigh, bennacht da mhnaoi 's da mhuinntir beir uainn gan fhabhairsi, a fhir; tabhairsi uaim is imdhigh. 17. Iomchoir bhur lánoire libh do bheannochtoibh is beiridh uile go a theaghlach tighe, cuire meanmnach muinntire. 21. Innis uaim ar ndol 'na dháil d'oighre Airt is d'ua Sheaáin nach buan m'anamhain ón fhior; uam a chanamhain creidthior. <L 125> 25. Fiú a fheabhus uarus san toigh, fiú mo mhuirnn thrá san Tulaigh múr na sduagh gcruinnshlim gcubhaidh, nach bhfuilngim úadh anamhain. 29. Innis arís go bhfuair mé ní nach uarasa úaidhe, beir uaim 's adaimh a dhuine, úain caduil is comhnuidhe. 33. d'easbhuidh chuideachta agus ceoil innis go n-uarus d'aimhdheóin cead tathaimh ó ól oidhche 's gan fhachain mhór mhearoighthe. 37. San Tulaighsi, ga dtám dhe, fa goirid liom lá is oidhche, ag ól corma seal mur sin san teagh nach dordha duilbhir. 41. Seal do Chormac Ó Néill nár ag tuigsin dúan is deaghdhán, seal ag sgaoileadh ceasd 's da gcur i measg aoidheadh is ughdur. 45. Seal ag léigheadh leabhar bhfis, seal dúin ag deunamh áinis, seal san dún go ndealradh nglan ag reabhradh dhún is dósan. 49. Suim senchusa Gaoidhiol Grég tá san Tulaighsi i gcoimhéd, fios gach druinge dar gheabh greim 's a seal uirre mur Éirinn. <L 126> 53. Atá san Tulaighsi aniodh dála is imtheacht mac Míliodh, 's fios gabhála guirt na bhFionn, daghágha agus uilc Éirionn. 57. Gibé talamh i dtéid mé, madh cian misi ó mhac Gráinne, mian mo thoile amháin an mac, atáim ó chroidhe ag Cormac. 61. Míle beannacht is cúig céd d'inghin Chuinn, Críost da coimhéd, tugthar libh don ghéig gloinsi, a fhir théid don Tulaighsi. <L 127> <B 1680ls 17D> <U 0057> RACHA MÉ SHÚR MO SHEALBHA. Séamus Ó hUid cc. 1. Racha mé shúr mo shealbha soir go toigh mo thighearna, fa cheart córa mo bhaile i reacht Rómha ón ríoghraidhe. 5. Fam dhúthchus déunaidhse báidh, a oighre Airt óig mheic Seaáin; bhí re nert na ríogh reamhaibh a gceart shíor gum shinnsearaibh. 9. Agsin ollamhnacht Í Uid as deich mbaile san mBraghuid: ó Pheiridh go bun Banna fa chur eighir eattarra. 13. Ó Bhanna na mbrúach lethan go sreibh Lóime Laithreachan, suas go Cill Fhinnshreibh ga fhuil 's go himlibh cinn an Chláruigh. 17. Do bhámur athaidh oile i reimhios na ríoghroidhe go suthain i bhfeidhm ollamh, seilbh san duthaidh dubhromar. <L 128> 21. Ocht gcéd do bhliadhnaibh bunaidh bámur ann ar n-ollamhnaibh, gan chlódh do dhuine ar domhan, fa shódh uile ar athughadh. 25. A rún m'anma, a oighre Airt ná tréigse misi ar mhalairt; sinn go fíor bhur bhfilidh fhéin, ríomh do chinidh 's a gcinéil. 29. Atá ag adhnadh id ghruaidh ghloin ó dheighshliocht Tuathail Teachtmhair ríoghaidh an fhuinn re hathaidh is fíorfhuil Chuinn chéadchathaigh. 33. Niall naoighiallach fa mór teann; táid ar gach taoibh id thimcheall ríghe Uladh 's Íle thoir, ríghe na Mumhan meadhroigh. 37. A bhféile (is) a bhfos flatha, dá bhfaghtha ainm ardflatha, réir na garma budh dú dhuit san mBanbha red chlú, a Chormuic. 41. Iarsma fola Néill anois labhair le mnaoí an Mharquis, da grásaibh léigidh 'nar láimh sásuidh éigin le hanáir. 45. Dúal gach maith do dhéunamh dhi is uaisle Éirionn uimpe, ríoghuibh fan tír do thionóil d'fhíorfhuil Ír is Eiriomhóin. <L 129> 49. Re céill re míne re modh i bhfochair ríogh is ríoghan le cabhair ariamh ní raibh a samhail i bhfiadh Fionntain. 53. Ret ollamh mur dleaghar dhuit bíodh do chungnamh, a Chormuic; ar ghéig Macha ó mhúr Teamhra racha shúr mo sheinshealbha. 57. Biaidh rem aithne inghion Chuinn, síol na ríogh mur ór áluinn, gég do phlúr Éirionn uile, an chéibhfionn úr eagnuidhe. <L 130> <B 1691fl 17D> <U 0058> IMIR DO CHLUICHE A CHORMAIC. Diarmuid mac an Bhaird cc. 1. Imir do chluiche, a Chormaic, imir é go ro-ordhruic do dhá dhísle caith go ceart; is maith dísle na ndeighbheart. 5. Ághmhur h'imirt imbliadhna; cóir dhaoibh do réir roiriaghla an fhailimbeirt do dhíol duit ód dhaighimbeirt fhíor ordhruic. 9. Dlighidh a dhíol do dhruim cheirt gibé bhérus an imbeirt; bheith da díol is daoibh dleghair, a ghríobh gaoíl do Ghaoidhealaibh. 13. D'fhoirinn chalaidh chláir Bhanbha gonuid fhoirinn allmhurdha, fada i ndán, acht go dtí asteagh, clár Dha Thí do thileadh. 17. T'fhoireann Gaoidhil glanchláir Breagh is Fionnghoill ghlana Gaoidheal, fir le caoir chagaidh do chosg, agaibh red thaoibh gud theagosg. <L 131> 21. An cluiche le cert bprionnsa aseadh imreas t'fhoirionnsa, gan ghrádh aimhlis gan fholta, gan ghrádh saidhbhris saoghalta. 25. Gidh maith imrid gasraidh gall, bhur gcluiche araon ní hionann; ní cluiche gan deacra dhuibh, bhur gcluiche is berta baoghuil. 29. Imeora da nguin i ngleic luas is moille go meinic; imridh cách gan cheilt linne beirt ar fáth is fírinne. 33. Cluiche teaca a lom ma le sdailc i ndiaidh dhá bheann beire ar ghuin fhir ar tí tachair do ní sibh da sárachadh. 37. Gidh mór imrid an úaisle ribh ní fhuilid ionchuainsi; duit bhus fíorghoire clú i gcath, budh tú as líonmhuire lámhach. 41. Buaidh lámhaigh gach lá oraibh, a chearrbhaigh shaoír shénamhail; na sruithe leibh dhá labhairt: beir an cluiche i gcontabhairt. 45. Ar cearrbhach: i dtráth troide ná hob i n-ágh aonmhoide; sé do gheabh eighreacht orthuibh fear deighbhert is deaghorchuir. <L 132> 49. Dúblaigh an cluiche ar do chlár; deuna brígh bheg do mhórán; bíodh do chroidhe súas mur soin le cluiche lúais is lámhaigh. 53. Ná caillsi do chluiche a mheic, ná himbeir é go haimhghlic; bhur gcluiche ní cluiche ar moill acht cluiche dhuine dhioghuinn. 57. Ná bíthisi tim nó teann; ná bísi ard nó íseall; och bhur dtírsi as tír ghallda, bísi go mín macánta. 61. Cearrbhach cúl coimeuda an fhir inghion Chuinn óig daríribh, sí Máire thaoibhgheal mur thuinn, aoinbhean dob áilne aguinn. <L 133> <B 1638c 17L> <U 0059> DAR LEAT IS ART AOINFHEAR INN. Art Óg Ó Néill cc. 1. Dar leat is Art Aoinfhear inn; i ndíaidh Énrí is Fheidhlim Sheaáin Óig is Aoidh nach linn na róid ream thaoibh ní thaighlim. 5. Beannacht leo a los a ngráidh, beannacht le saorchloinn Seaáin, gasraidh dar dhúal díon na dtreabh, mo núar a ndíol fa dheireadh. 9. Meisi an tOisín d'éis an tslóigh, mur iolar aosda um sheanóir, m'fhuigheall áir amoigh 's amach, atáim mur soin go suarrach. 13. An ceathrar dar dhúal an dán, na fir gan uaill gan ardán, grádh a n-anma do mheall mé; fearr a dtarbha iná a dtaidhbhse. 17. Tre bharr ghrádha go leamh leamh ní bhíu tar chách dhá gcaoineadh; truagh a Dhé dhíleas mo choir, mé fa mhímheas 'na ndeaghaidh. <L 134> 21. Ó táimsi críon bocht gan bhrígh tiomnuim m'anum don Airdrígh; caidhe an chlann fa dílsi dhamh? fann mo bhríghsi bha an bhunadh. 25. Briste mo chroidhe bha an gcloinn, beag nach mé Oilill Oloim, me um aonarán i gceann cháigh, ní leam aobhfhurán d'fhagháil. 29. Dá mbiadh Énrí os cionn cháigh do gheubhoinn aoibh is anáir; tre Énrí, do chuaidh i gcill, éinní uaim nocha nfhaicim. 33. A Marta gidh mór mo shuim, beannacht léithi a los cumuinn; gearr uaimsi ar saoghal mur soin; baoghal an uairsi ar n-anmoin. <C Fil.> An tAmhrán. 37. A Dhé láidir atáimsi gan treisi gan treóir, do shlánaigh síol Ádhaimh is meisi dod dheóin, atáim cráidhte, 's ní nár dhamh feasta go deóidh, trém bhráithribh, gan sláinte i ngaisdibh an bhróin. <L 135> <B 1687c 17D> <U 0056> <C Fil.> FAGUS UMHLA D'AINM GAISGIDH. Ruaidhrí Óg Ó hEachuidhéin (cc.) 1. Fagus umhla d'ainm gaisgidh, coitchionn cách 'ga shíorchlaisdin; gidh tuar anshóigh ceann i gceann, gearr ó anóir gan fhuigheall. 5. Tuar umhla riamh do rochtuin, gaisgeadh óigfhir d'fhionnochtuin, d'éis troda ga mó maitheas, foda dhó bhus deghmhaitheas. 9. Túar umhla d'adhbhor flatha buaidh ngaisgidh, dúil deghratha do bhreith leis ar cháir gcuradh gan gheis áigh gan urdhubhadh. 13. Umhal éigsi, cian 'ga chlos, umhal thrá tuath is eaglos don aos gaisgidh 'gar ghnáth geall 's cách ar gclaisdin a gcéimeann. 17. Ríoghraidh Éirionn sonn fa seach da bhídís umhal áiseach do laochroidh cosnaimh chláir Bhregh, fa cosmhoil dáibh a déineamh. <L 136> 21. Slógh Uladh gér chalma a gcath do bheirdís an fhían Ultach umhla do Choin an chlesraidh, toil dob ullmha i n-imreasnoibh. 25. Uaisle Connacht, lámh do láimh, tugsad d'Fhior Diadh mhac Damháin tús comhóil cláir is cuilte, onóir cáin is cumuirce. 29. Do Choin Raoi reudhmhac Dáire tugsad triatha Tiormmáighe, tuir ghaisgidh gan fhoilcheas n-áigh, aisgidh oircheas is éadáil. 33. Conn mac Úna na gcéd gcath amhlaidh fuair flaitheas Temhrach; mur ghioll ar a ghaisgeadh sin baister os cionn gach cúigidh. 37. An tí as fearr i ngaisgeadh glan do shíol gCuinn na n-écht n-adhbhal, clann reudhoinigh isíad soin, do níad eunoighir orthoibh. 41. Mur an gcéudna d'uaisle is d'ágh; ní fuláir 's is fiú Seaán, do nós an chuire chuimsigh, fós go n-uighe an urruimsin. 45. Cú Chulainn i gcleasaibh áigh Cú Raoi is Fear Diadh mhac Damháin, gér dhoiligh ina ré a rádh, a n-oighir isé Seaán. 49. Ní dhearna aoinneach aca gaisgeadh ná gníomh curata nach leantuir le laochmhac Airt fraochshlat mur Earcoil ordhairc. <L 137> 53. Ionnua Bhríain go nua anosa lenfuidh lorg na feadhnosa ar ghníomh gach gaisgidh 's ar ghoil, ar fhaisgin ríogh 's ar riaghoil. 57. Ní fhúair neach da fhréimh roimhe gan bhúaidh écht is iorghoile, gan fhíoch, gan anbhuain n-eachtra, críoch an ghlanshluaigh Ghaoidhiolta. 61. Beanfaidh Seaán, isé a shuim, fear mur chách, aoibh is urruim amach le céimionnoibh cion, sgath gach Éirionnaigh eision. 65. Seaán Ó Néill, luaidhter linn, ionnua Bríain mhóir mheic Feidhlim, do lúaidh Bearchán 'na bhuile ós senchlár cúain Chonuire. 69. 'Sé do luaidh Colum Cille i bhfuighlibh na fírinne, aigneadh fial le ngeabhair geall, grían i ndeaghaidh na díleann. 73. 'Sé do thairrngir Flann file, fíreurlamh na fáisdine, laoch sáimh gan éra acht d'olcaibh, 's do ráidh Séadna i senfhocloibh. 77. Léighthear i leabhroibh feasa gurb é, 's ní hiúl ainbhfeasa, an tairrngertach tréunghaoth teann Sénlaoch airmbertach Éirenn. <L 138> 81. Hector ar chródha i gcathoibh; Samson dorrdha i ndeacrachoibh; réulla nach aomhaithidh olc; Saoraichil ceudhna ar chródhocht. 85. Caor mhianaigh fhola hEoghain; croidhe reachtmhur ríghleomhain; cosg airce d'fhialfhuil a shen; fiadhuin chairte na gcóigeadh. 89. Éigne Banna bhus buan sruth; eo lúthmhur Locha hEachuch; maighre Line; laoch go ngoimh; cridhe nach dtaoth re tromghoin. 93. Ursa theann, troigh ré ndocra da thír i dtráth furtochta; mur theasda gach lén da los, an sén feasda budh fagus. <L 139> <B 1687 17D> I SAGSOIBH LOITIOR LEATH CUINN. An Fear Céadna (cc.) 1. I Sagsoibh loitior Leath Cuinn; meinic thall, día do dhoghruing, isí an chreach gan chuimsi soin, an leath Chuinnsi 'ga creuchdghoin. 5. Gan iorghoil gan fheidhm dtachair, an leatsa Cuinn Chéadchathaigh mór da gasraidh ghliadh do thoit i Saghsoibh riamh, mo róloit. 9. Fada i Sagsaibh, isé a shuim, 'ga loit an leathsa Saorchuinn, neimh a cneidhe do chreach sinn, tar an leath eile d'Éirinn. 13. Cian an leathsa Cuinn na gcath i Sagsoibh isé mh'eugnach, cuid dá docroibh as liach liom, 'ga lotghoin tar iath Éirionn. 17. Faríor do thuit trom an uilc ar Thrian Conghail, cúis ordhuirc, tar Leith Cuinn, críoch na gcuradh; duinn as díoth a dheónoghadh. <L 140> 21. Sliocht Briain Bhallaigh tar gach dreim díobh as lia, ionnsa an t-inghreim, do ég i Saghsoibh re seal, mo bhéd, do ghasraidh Gaoidheal. 25. Ceathrar codhnach do chloinn Néill ar shliocht an Bhriainse, ar mbreóibhéim, faríor ros teastadoir thall; leasgobair ríomh na ríoghchlann. 29. An céidfhear don cheathrar sháimh Sir Henrí, oighir Seaáin, flaith go roimheas 'gar ghnáth geall oirios do chách go coitchenn. 33. An dara ár isé soin bás Domhnaill mheic Cuinn chreachaigh, airsidh fhuair urruim tre a ghoil, i Lunduinn uainn do abhoil. 37. Sir Henrí eile an treas tríath, a bhás ní linn nach láinlíach, sgíath chumhduigh don toigh ó ar thuil, i Lundoin thoir ros teasdaidh. 41. Seaán mhac Airt, ua na ríogh teasda i Londoin, lór d'imshníomh, an crádh ler sreathghonadh sinn, an ceathromhadh ár d'Éirinn. 45. A Londoin na líog solas do choisgis do chíocoras, ga díoghuil as déine dhuinn? d'fhíonfhuil na fréimhe a Frémhuinn. 49. Blagh do neamhchuid fhear nUladh a mbás, 's isé a n-aonphudhar; crádh do thréd caomhthoighe Cuinn ég na laochroidhe i Lonnduinn. <L 141> 53. D'éis an trír eile gan oil Seaán dá mbíadh 'na bheathaidh, mo lá leóin leachta an fhine, 'na ndeóidh teachta tairgfidhe. 57. Ní beag do loit Leithe Cuinn bás Seaáin ar sén leatruim; isí an chreachsoin críoch ar n-áir, m'easbhaidh mo dhíoth 's mo dhíobháil. 61. Tugsad éruic, anba an choir, sliocht Aodha mheic Briain Bhallaigh, ina ndearnadh d'olc uile um ghort eangghlan Iughoine. 65. Dar leat is lór don deaghcloinn, a los érca is eineacloinn - a ghníomh i ngleoágh nír lag - Seoán mur dhíol 'na ndearnsad. 69. Táinic d'oighidh ionnua Briain Gaoidhil uile fa aoinchiaigh, nach léir dhóibh soilsi re seal acht toirsi bróin da mbuaidhreadh. 73. Bás mheic Airt is ua Cathoil ua Chairbre is Cuinn Cheudchathaigh, an sgél nuasa as doibhinn duinn, 's an t-uasa Oilill Óluim. 77. Tromloit Leithe Cuinn na gcath Oidhidh laoích Locha hEachach, ar sgíothmhaithne tocht re a theann, ar n-olc críochnaighthe coitchenn. 81. Cuid do mhíorath mhaicne Néill bás mheic Airt, ionnsa an t-oilbhéim; tuar diombuaidhe dhóibh a dhul, slóigh as diombuaine ar domhun. <L 142> 85. Teasda Hector innsi Breagh; do ég Hercuilis Gaoidheal; tug flaithinis Fáil gan teann; do cháidh Aichilis Éireann. 89. Teasda ar nAthgholl ag cur cath; teasda ar nAthosgar échtach; adbath cur teasda ar dtroda ó theasda ar Lugh Lámhfhoda. 93. Samhail Conuill is Con Raoi, samhail Fhir Díagh go ndeaghghnaoi, sgél doiligh a dhol uainne, oighir Con na Craobhrúaidhe. 97. Atá i n-uaigh san talamh thall ar mbúaidh catha 's ar gcomhlann - truagh a Mhuire ar lén da los - 's ar n-uile shén is shonos. 101. Agso an feart 'na bhfuil aniodh ursa gaisgidh na nGaoidhiol, a gcosg tóra, a dteann ghábhaidh, a ngeall córa i gcomhdháluibh. 105. Agso an tumba i dtád astoigh creach Leithe Cuinn 's a cabhoir; ar gcreach tar tonnmhuir do thuill asteach i gcomhraidh chumhuing. 109. Agso na subháilce ar fad fa chloich, cumhang an t-ionad, re taobh na córa san cheart, an chródha araon 's an roineart. 113. Is truagh nach dtarla anosa i gcill Chairge Fearghosa no anocht i Sgire na sgoth 'na lighe a chorp i gcumhdach. <L 143> 117. Iomdha an úairsi i n-inis Fáil éimhghe ban is maoíth mhacáimh, tre a ég is neamhágh aniodh, gearán béd agus búaidhriodh. 121. Ní tearc neach ó thuinn Túaighe, 's is fiú a n-adhbhar anbhuaine, go Carn Í Néid síar mur soin do thréig a gcíall da chumhaidh. 125. Ó Bhóinn go Banna 's go Buais annamh croidhe nár chomhghlúais do chaoiniodh í Chuinn aniodh, Gaoidhiol i suim do saoiliodh. 129. Ó Thráigh Lí go Loch Feabhail 's gach aird don taobh Thuaidheamhain, iomdha gáir inghine is och láimh re Finnline as feasach. 133. Mór a gcumha, ní nach nár, ríoghchúirt Shagsan tré Sheaán, an flaith ó Tholaigh an Trír, maith do fhoghain da airdrígh. 137. San bhFrainc thoir do thabhaigh sin uirrim agas airm gaisgidh; ní gan adhbhar uair gach geall; mh'amhgar, a uain dob aithghearr. 141. Atá ar laochraidh Leithe Cuinn, ní hiongnadh 's is fiú a bhfochuinn, dall cíach deala agus dubha bha thríath Meana is mórchumha. 145. Mars cogaidh chríche Banbha, budh cuimhneach tráth togharma; Apo-ló Gaoídhiol 'gar ghabh, ga mó aoinfhear mar easgar? <L 144> 149. Mar gach turbhaidh tig da éis ceiltior subháilce Séiréis, teidhm leathanloit thiar is toir bha Thrían gcreachordhruic gConghoil. 153. Foghar gola i ngothaibh én, grís fuacht ag fiochaidh soighnén, ag táithcheangal folt na bhfeadh; táirtheamar olc re a áireamh. 157. Atá an tóirneach 'sna tonna grían is ré agus réllonna srotha gainmhidhe guirt Floinn ag tairngire an uilc obuinn. 161. Linnte caola ar chuma cúain tríd táinic mur gach diombúaidh; an tonn ní diongaibhthe dhe bha fhonn lionnfhoirbhthe Line. 165. Guais tré thuile na dtrí loch Loch Cúan Loch Laoigh Loch Eachoch, síon na saobhshroth da rochtoin, aonloch dhíobh go ndiongontoir. 169. Trí ríoghthonna Banbha Breagh ag túargoin chnoc is céideadh; tig do luas anfaidh da n-éis suas gur arthaigh an aibhéis. 173. Do bhí ar súil go soiche so le fortacht 's le fear cabhro go ndeachaidh, a Dhé ar neamh, an té as creachoil don chúigeadh. <L 145> 177. Do gheilníamh, mana mairge, a Éduin aird Dubhchairge, fill i ndubh tréd chaomhthach cuirp, a bhrugh na n-aolchlach n-ordhuirc. 181. Do chloinn Aodha Buidhe abháin mur is easbhaidh ég Seaáin, tig olc do gach éineing as bha ghort bhFéileim, is follas. 185. Ó Chríosd do thecht acht trí dég mile is secht gcéd re a choimhéd, lór feasda an fadsoin dar gcrádh, gur theasda i Sagsoibh Seaán. <L 146> <B 1687c 17D> DEALBHFAD DO CHORMAC MO CHÉIDGHRÉS DROIGHNIGHE. An Fear cédna cc. 1. Dealbhfad do Chormac mo chéidghrés droighnighe, Connmhac ar gcoimhdhine méidghlés ar muirnine, ua na bhféinniodh do chách as ceinnbhile, sgáth a dheirbhfhine an séimhfhear as suilbhire. 5. Do mhac Airt as dénta an droighneachsa, an rélta choinnleachsa, an chairt chuimhneachsa; urra re a tuigsi an tríath ainmneachsa, mo sgíath mo dhaingneachsa 's mo chuidsi don chuinnbheachsa. 9. Cormac Ó Néill ar n-aenurra d'áiridhe, dá sháimhfhine féin is saerrulla an séimhidhe; caidhe i dtréidhibh aoinfhear as eolaighe? treoraidhe Gaoidhiol i gcéimibh ar gcéiline. 13. Meinic ro shúr do shíor 'sgach ealadhain leanamhain gníomh a ghlún geinealaigh; eolaidh a séd don fhéin fhuineadhaigh 's do fhréimh Muireadhaigh an ghég gheiliodhain. 17. M'annsa 's mo chen cara ar n-ealadhna, fear as feramhla, ar dtagha tighearna, ar mbrat caomhna, ar gcraobh chomhardha, ar maor togharma an t-aobhdha infheadhma. <L 147> 21. Croinic na sean, stiúir gach staraidhe, glanoighe iuil na dtreabh dtoghaidhe, treisi na bhfann, sgaith ar sgoiline, ar roibhile raith, ar gcrann conaire. 25. Sás dar móradh, ar mana soimheanma, ragha ar n-oileamhna, óradh ar n-ealadhna, ar gcenn feadhna re hucht n-anfhoghla, radhamhna meadhra da lucht leanamhna. 29. Urra lér bhfeithiomh as truime toirbhearta, breithiomh as oirdhearca go n-uille n-umhlochta, braon don ríoghfhuil, cosnamh ar gcaillbhearta, ar bhfosghlan airmghreanta, ar líoluibh lubhghorta. 33. Fear le mbeirear búaidh gach aonbháire, úaim gach gaolbháidhe i ngeimhiol órnaoídhe, oighir Daghairt, cabhair as cíanbhúaine, samhail d'Fhíalghúaire ag malairt mórmhaoine. 37. Fudhomhain oinigh nach dtraoth an tríathruire do laoch Liathmhuine as oighir ar úrchroidhe; sgís na n-aoidheadh, coinnmheadh an cheolchuire, sgaoileadh eolchuire, loinnmher as lúthmhuire. 41. Cormac Ó Néill ar mbúaidh 's ar mbaránda, uaim gach gabhála an réidh roimhíolla, ar mbun ar ndóigh 's ar gcuirm chomhóla, as muirn onóra da dháimh dhoidhíola. 45. Meabhair is cuimhne ar nach bris i mbuandáloibh, a fhuighle i bhfúaránaibh fis is móirfíadhuin; caidhe do fhréimh aithnidh Fhíneóghuin a aithghin d'fhíreolaidh 'sgach réim róidhíamhuir? 49. Caomhthach caduil is cuirp do Shídheamhain, fíneamhain abaidh an ghuirt ghaoidhealaigh a mhaca samhla theas ná tuaidheamhain ní feas do shluaighfheadhuin Banbha braoínealaidh. <L 148> 53. Turnamh a dtréanuilc, a gcóir 's a gcaomhfhaire, aodhaire slóigh ghléaghuirt Gháirighe; flaith ar bhfeithmhe, mo chean ar gcéiline, sgaith a fhréimhfhine, fer beirthe ar mbáirine. 57. Fear ler fonnmhar clíar do chothughadh, grían ar rothuradh an donnghlan daithiodhan, urra theann le a chóir do chruthughadh, glóir nach guthumhal as fearr flaithionadh. 61. Codhnach Túama an té ros-caruimsi; úadha ní anuimsi, as é 'ga bhfoilimsi; mithidh tríall da dhún gan doghuilsi, an fíal thoghuimsi mo rún roighillsi. 65. Triallfad go toigh na Tealcha Móiresi mur a bhfoil mo dhóighsheisi dherbhtha fhíresi; do ghébh i dteagh na tolcha úainesi, mo chean, an Guairesi toghtha an tíresi. 69. Ionmhuin teagh go dtaitniomh da dtríalluimsi, geal a niamhshoilsi an aitreabh aoílshlimsi; fado ó do bhádhas san bhaile lúaidhimsi; caidhe a thúairimsi an t-áras aoíbhinnsi? 73. Do ghébha sinn ar slios na tealchasa fios gach senchusa is grinn gach glainchesa; budh hiomdha ag lúadhoil, um thegh na tolchosa, sgorchosa greagh uabhair is ainchesa. 77. Do ghébhsa róm san ráth bhailbheasoigh cách íar ngairmfheasaibh bha ól ag imreasain; is iomdha slóigh fa mhuirn na meadhrasoin is dealbhlasair cuirn óir san fhinnliossoin. <L 149> 81. Budh hiomdha ar cuireadh san tealaigh taobhúaine buidhion aonuaire d'fheroibh is eólaoidhe; iomdha, ga dtám, san tulaigh as fhíoráille dámh is fíorfháidhe curaidh is ceóllaoidhe. 85. Budh hiomdha san lios i dtaoí ar dtríallaine diadhaire is saoi go bhfios is fírfhile; is meinic thrá ag ar suairc séimhidhe cuairt is céilidhe mná is mílidhe. 89. Éigne Banna, maighre Meirbhline, ar ndeirbhshlighe as aidhbhle, alla da shoirbhfhine, ar gcosg doilghe, ar n-annsa, ar n-ionmhaine, ar gcoimdhe, ar n-ionghoire an t-amsa ar oirbhire. 93. Gan bheith dar ndeilbh fa bhreith bhúanoide meirbh ar bhfuaroige, feith a róloige; gidh maith an urra an tí dha dtámoide, dhí gan lánfhaide gan chuma as córaide. 97. Fríoth le Máire, mana deaghanma an ghealamhra as áille, tagha tighearna; caidhe ar aobhdha bean a baramhla ar feadh Rabhanbha, an aobhdha as ineamhla? 101. Gaol na druinge dar dú Sídheamhuin, buinne da bhfíneamhuin, cnú da gclaoinfheadhoibh; ua na n-iarladh ón tír tuaidheamhuin; do shín ón tslúaighfheadhain an chiabhghlan chaoil-leabhair. 105. Fairsing a clú bha an chaomhchlár Críomthainnsi claochládh sníomhthoirsi anú don Niallchloinnsi, gaol na foirne nár bh'fhann mun fhéthloinnsi, crann don réadhchoillsi ler dhoilghe diallchoimsi. <L 150> TÓGUIBH DO CHROIDHE A CHORMAIC. An Fear cédna cc. 1. Tóguibh do chroidhe, a Chormaic; dearmaid, a fhlaith lánordhraic, a dtáthraisi d'olc is d'oil bha an ngort gclárthaissi gCobhthaigh. 5. Ná cuimhnigh, a chruth fhaoilidh, ná héagcaoín 's ná hathchaoinidh bhur ró éadtualaing re headh bha chró ghéagfhuarfhuinn Gaoídheal. 9. A bhfríoth libh a los coguidh d'easbaidh súain nó sámhchoduil ná hathchuimhnigh - ga dáim dhuibh - a chathchuingidh chláir Conghuil. 13. Rúaig leathbhruach, luighe it armoibh, díoth tathuimh is tionnabhraidh, fáth imshníomha an chúis rod char, a ghnúis inríogha iodhan. 17. Foighide mhaith, a mheic Airt; fogas furtocht dod mhórairc; go sóigh cabhair dhuinn is duit anuidh fan gcuing, a Chormuic. <L 151> 21. Cuiridh bhur ndóchas i nDía; aigill go maith mac María; tug t'aghaidh ar Dhía na ndúl, an Día ó bhfaghair fortún. 25. Ná cuir cunntabhart i gcás, ná caoin dochar ná dólás, is Ri an teaghlaigh thuas dod thaoibh; suas led mheanmuin, a mhacaoimh. 29. A Chormaic Í Néill aniodh tréig do mhaoith, arduigh t'aigniodh; suas leat, a cheinnbhile cháigh, a bhreac Seinline sruthbháin. 33. Aitchimsi an tAthair go trén do chum neamh, úir is aiér, do bhur gcaomhna ar chúis docra, a ghnúis aobhdha ionmholta. 37. Sirimsi is sirmíd uile ar an dTríonóid toghuidhe, tre fhíor páirte mheic Muire, sláinte dheit tré dheaghghuidhe. 41. Ón Athair go n-agha sibh 's ó Mhac na hÓighe ar íribh 's ón Spiorad ar neamh aniodh ionad bhur sen 's bhur seinsior. 45. Go ndoirte Críost dod chabhair braon da ghrásaibh grásamhail bhad mhóircheas, a chnú chroidhe, fhóirfeas tú tré a thrócoire. <L 152> 49. Bídh faoílidh, tréig do thuirsi, léigidh dhíbh bhur ndoghuilsi go n-aghair an úair dod thoil; anaidh ret úain go n-aghair. 53. Tiocfaidh i dtráth a dtoraidh, daoibhsi budh sén sócomhail, slóighshirthe go Banbha Bhreagh; damhna fóirithne a bhfeithemh. 57. Gabh brosdadh, a bhrath Temhra, glac meisneach is móirmhenma; a chraobh lile as sgáth dar sgoil, do chridhe 'na thráth tóguibh. <L 153> <B 1617c 17T> <U 0060> FUIGHIOLL TUISLEADH TRIAN CONGHOIL. Lughaidh Ó hEachuidhéin cc. 1. Fuighioll tuisleadh Trian Conghoil; agso cuid da chomhardhoibh: déine a diombuadh, a deacra, diombuan céile a coigealta. 5. Ar an bhfonnsa fad ó shoin ón ló tugadh Trian Conghoil, críoch fhoinnréidh na n-eatal ngeal, deacar a hoilbhéim d'áireamh. 9. Atá sonn seanchus deimhin ó ré Chonghoil chláireinigh: fuair an eang tar bhogclár Breagh tocrádh fa cheann a chéiledh. 13. Fuair an tírsi, fa tús cráidh, tré Chonghol Chlaon mac Sgannláin tuisleadh ó nár theachta dhi, a deacra ag tuismheadh tríthi. <L 154> 17. Lá Craoibhe Tolcha san treas naisgis ar orchra a háineas; ar anshocair do só soin i ló a hanocoil d'Eochoidh. 21. Tar éis cumhadh cloinne hÍr tarrasdair tuilleadh imshnímh, gach ruire, do réir na sean, d'íbh Néill Buidhe 'ga buaidhreadh. 25. Fuair an tírsi, ga dtám ris, dúsgadh bróin, báthadh áinis, ró doghoillsi 'na dhíaidh soin fán gcrobhoingsi Bhríain Bhalloigh. 29. Ní creidfidhe ó fhior an iúil, Trian Conghoil na gcúan dtaighiúir, fios na sgél do imdhigh air, sgél a imnidh a amhgair. 33. Ní fheudfadh ollumh uird fis nó léightheoir leabhur n-oiris ríomh creach an gheugfhuarfhuinn ghil, leath a héadtualuing d'áirimh. 37. I n-am a cumhadh do chlódh re hucht a héigne d'iompódh fúair easgor as uille goimh, teasgadh as truime tarroidh. 41. Clódh a deacra díon a cean go héug Seaáin do saoileadh, claochládh na letrom do loigh ar shaorchlár gcreatlom gConghuil. <L 155> 45. Tarraidh tuirrsi tar gach sníomh, fuair urchra tar gach imshníomh tré mhac Bríain, damhna a deacra, liaigh a cabhra a coigealta. 49. Ní hadhbhur iongantais dí, créd fá mbiadh iongnadh uimpe? críoch bhratshaoirshean da mbí grádh, dá n-acaoineadh sí Seaán. 53. Iomdha sníomh siobhoil oidhche, iomdha gúais airm fhaobhairthe, iomdha gleoágh gnáthfhrais gon, tárrthais Seoán da saoradh. 57. I rinn troda i dteanntaibh cath meinic fúair sé go saothrach cosg foghla a bruighean a beann, comhdha a muighedh a maoileann. 61. Iomdha teannta i dtugadh lais coinghleic fa chenn a dhúthchais ar bhróin ndeis gealchaolgha glan neamhchaomhna a chneis do chlechtadh. 65. Meinic tarraidh tomhoilt mall, dusgadh ciúin, codladh eudtrom, cuairt thriallmhoch ag teachta ó thoigh, leabtha fianbhoth i bhfearthoin. 69. Meinic fúair, feasach linne, anró oidhche doininne ar fhoghluibh ga hionnradh soin ar cholbhaibh fionnmhagh bhfásoigh. <L 156> 73. Meinic dob' í a adhbha ciúil, ar son seanma téd dtaighiúir, seinm a each, síonghlór na sriobh ag díobhdhódh creach is caibhdhion. 77. Ag díon cháigh ar chonfadh sluaigh do bhíodh lá i lúirigh fhionnfhuair, lá i mbeirt do chaolshról cíor nglan 'ga dhíon ar shaorshlógh Shaxan. 81. Lá i ndroibhél da dhreich mur ghloin, lá ag Seaán ar slios aonoigh, lá ar sgáth sgéith an dlighidh, tráth i gcléith re coillidhibh. 85. Ní heol dúinn go ndernadh air ó ré Chuinn mic Briain Bhallaigh, nír bh'é an édáil cháir a chrodh, táir nó éagcáir nár híocodh. 89. Ar chách oile a hucht a theinn dob ionchuir le hua bhFeidhlim cáin as an gcánoigh do chuir; táin san tánoigh do thabhuigh. 93. Do beirthe, tre bhrúach ceilge, creach i n-íoc na haidheirbe nó i n-aonbhoin do cheanoibh cháigh re feadhoin shaorghloin Sheaáin. 97. Do bhí an tírsin, ní taom náir, gan easbhuidh ag ég Sheaáin, gan choinbhliocht, gan chlaon gcára, saor 'na hoighriocht éadála. <L 157> 101. Gan uamhan catha do chor, gan guais creiche no comhodh, gan chogadh, gan céim goimhe, réidh 'na tobar téachtoighe. 105. Do thréigsiod ar ghrádh a ngoimh, an t-ord brughaidh nó biatoigh; dá námhoid 'gar bhúaine bágh, uaidhe 'na gcároid chompán. 109. Do bhíodh ord easaonta cháigh gan bhaoghal ré mbás Seaáin, 's lucht caoilreachta tré choing ndil ag roinn aoinleptha ar uairibh. 113. Tug ar chách comholl síodha, tréigid aontoil ainbhfíora - cuing claonbháidhe nír chlecht dáibh - tré nert saorláimhe Seaáin, 117. Ar ghrádh nó ar ghuais na bhfersa ní thug, ar aoi n-imresna, comairce i ngliaidh gan a ghoin do bhronnaicme Bríain Bhallaigh. 121. Gluaister leis a los a theinn, earr meirge, mac mic Feidhleim ar sén gliadh ar corcradh cnedh, da nochtadh i n-iadh Oirther. 125. Lá oile, ag iomáin a chruidh, nochtus mac Briain a bhratuigh, tearc fios nach faghuir linne, ar slios calaidh Cairlinne. 129. An baile ar bhárduibh Í Néill gabhthur leis, lór do chaithréim, 's losgadh a luinge ó laoch Breagh re fraoch buinne nár báitheadh. <L 158> 133. Ó imlibh Banna báine léigthior sirthe ar Seaáinne tar Túaim, gion gur triall corrach, uaidh síar um an Seanmhullach. 137. Do dhruim ruaga, raon deacraigh, tug leis Aodh mac Muirchertuigh, lucht feithmhe gach airde air, is ceithre hairgne ón Fhiodhbhaidh. 141. Beantur leis, lór do chuing, sé creacha do chloinn Domhnuill; fuair sé fan nGormbanna ngloin sé comhlanna um na creachaibh. 145. Loch Innse Fiachna fúair soin d'aimhdheoin bhárda Bhriain Carraigh, re a chur i gcéill ar ó gCuinn, céim as lugha ar a labhruim. 149. Tar sraith Banna an bhruaigh ghil tug dhá chreich uatha ar éigin, magh nó claonchoill níor dhíon dáibh da mbíodh ag caomhchloinn Catháin. 153. Tosach laoí lá na Móna fuair creich, fa céim onóra; d'uamhan fan gcradh do choimhdhe nír an sluaghadh Samhoirle. 157. Uaimh Beirne danuir, dún ard, gabhthur leisen lór Danmharg; cúis lettruim comhroinn a gcruidh ó dheaghcloinn Domhnoill dúasuigh. 161. Tug mac Briain, cóir a chuimhne, creich mhóir ó mhac Samhuirle; nír bhean tóir do thuir Line fa mhuigh áin na hOirbhire. <L 159> 165. Dh'éis airgthe fhuairghlinn Uine tairrnge Seaán sochuidhe, tar an sál lachmhall lodur, go clár Rachlann rángadur. 169. Édáil Rachlann, lámh do láimh, tugadh re sluaghaibh Seaáin, slóigh toirbheartach ón Trian thoir, go hiath coinghlecach Conghoil. 173. Gibé úair aigeórthur air mac duasach Domhnuill Bhallaigh, lá do nimh luit a láimhe do thuit sin rer Seaáine. 177. An líon gliadh tarla re a thaoibh gluaisid creich ó chloinn Amhlaoimh, nír ghar dhóibh donnadh a n-arm ón tóir gur lomadh Latharnn. 181. Easbhaidh ar easbhaidh orthaibh tug iarraidh ar Albanchoibh, ar fhaghail do thúr troda adhaigh fa Dhún Diarmoda. 185. Tugadh mur nach dtug a lán bhan tír soirin re Seaán, cuairt diomdhagh, fan deacra béim echtra d'ionnradh an Oiléin. 189. Iarmhua neimhneach Néill mhic Cuinn gluaisios secht gcreacha chuguinn ó bhruach Cairrge na ngort ngeal, nó ocht n-airgne re a n-áiremh. <L 160> 193. Do hathroigheadh, anba an cládh, don turussa tug Seaán snuadh a gort 's a glasloch geal lasroch ós Port na Peiredh. 197. Fan gCaislén Nua maoidhfe mé tug cuairt bhán gCaislén mBuidhe go harguin cháigh uma gcion, táir ar ardaibh gha fheithiomh. 201. Tarraidh Seaán ar sén gliadh aisder dar airg an Duibhthrian; mór ndroibhél do bhaoi gan bhoin Oilén mo Chaoi gur chuartoigh. 205. Sliocht Énrí Caoich na gcolg sen tug Seaán creich ó a gcríchsen, 's dá chreich fhréimhe hArtáin fhinn re céile fhadchláir Fheidhlim. 209. Go ndearna, is deimhin linne, dhá chreich Choille Bairrlinne; ré gclódh do chleith moighe Mis dhá chreich san Doire dúisgis. 213. D'aindeoin na tóra tug soin trí creacha ón chloinnsi Breasoil, nír iarr doirrsi ar fhiodh an fhuinn, 's dá chion ón chloinnsi Chonuill. 217. Tug mac Briain tré bhernuibh gleoidh ceithre hairgne da haindeoin, tearc do choill comairche a cruidh, ón Choill fhonnfhoirfe Ultuigh. 221. Fiach ormsa a n-innisin sin: ó mhac Néill Óig ar éigin tug sé tar fonnfhairrge bhfinn sé tromairgne nó a dtuairim. <L 161> 225. Creach an Lagáin leth ar leath le mac Briain cian bhus cuimhneach; eolaigh fa a gcoill tre chiontoibh ar chloinn Eoghain aithiontoir. 229. Sliocht merdhanta mhic Í Néill teaguid gan arguin uaidhséin; maithter falta cháigh i gcion, a ndalta dháibh budh dídean. 233. Beag nár áirmheas a n-úair mé re a gcur i gceann a chéile do ríomh a chomhloinn a chen, díobh muna bhfoghbhoinn fuigheall. 237. Seacht mbliadhna dég, derbhtha an dáil, ó thecht Dé go dol Seaáin, sé chéd is míle re a meas; ní brég líne dar luaidheas. <L 162> <B 1617-38c 17L> <U 0030> NÁ MAITH DHÚINN T'FHIACH A ÉNRÍ. Fear Flatha Ó Gnímh cc. 1. Ná maith dhúinn t'fhiach a Énrí a ghnúis shaor mur shoighnéinlí, muna chuinghe an chóir dlighe dóigh nach uighbhe th'áiridhe. 5. Gibé as cóir dod chnios gheilshiong cuimhnigh gion go gcuimhnighiom, adaimh gion go n-admha sinn; agra agaibh um' oirchill. 9. Ní hiomdha neach ar mo nós; maithim daoibh, isé m'iomthós, a eo cuain Cairrge Fearghois, cairde i n-uair an fheicheamhnuis. 13. Adamar is fiacha i láimh na féich ar a bhfuil admháil; ó nach geubha mé a maitheamh seula é ar a marfaithear. 17. Agso t'fhiacha ar éigsibh Breagh, rob í sin breath do shinser, glóirbhriathra mur budh gnáth dháibh dar mbláth óirniamhtha d'fhagháil. <L 163> 21. Nárab ionann dóibh is duit lucht coigealta ar gceart n-ordhruic, ní dod cheart ná léigsi linn, m'éigsi ná clecht do choigill. 25. Nír ghnáth leo a leigen seaca a gcuid dar gceird fhileata; ní tú amháin nach maithfedh í cáir bhar n-aithreadh, a Énrí. 29. Isé as óirchiste d'fhuil Néill teacht tar a gcraobhaibh cinéil; a mbrath lóin a laoidhe sin cóir budh maoine gan mhaithimh. 33. Diombuan i ndiaidh gach flatha seóid oile acht an ealatha; a mionnmhasail nó a gcradh chreach ní mhar d'ionnmhusaibh h'aithreach. 37. 'Na ndiaidh ar dhumhaidh sealga caidhid coin sluaigh Seinealga? na cluana caidhid a sguir? 's mairid duana 'na ndeaghuidh. 41. Ó 'sí bhur n-ionnmhus suthoin bíoth agaibh far n-ealathoin, nós maoir gan maithimh dtobhaigh, caithidh bhán maoín marthonaigh. 45. Leithsgéul sonn re sesamh t'fhiach, a ghaoil curadh chlann Iliach, na neith le n-oghthoir h'annsa gan breith orthoibh agamsa. 49. Atáid chuguinn, a chara, lucht ar nach luidh m'ealadha, dan béus fabhairt a bhfeirge tre labhairt gréus Gaoidheilge. <L 164> 53. Do bhí ar dteannghuth go dtrásda againn san uair shólásda; síona dubhgharbha ag drud riom tug ar n-urlabhra ós ísioll. 57. An eol daoibh, a dhreach sholus, an t-én darb ainm cuculus? ní labhairsen ó ló a sguir go só daghaimser dealruidh. 61. Don ghréin do ghloine a tráchta canaidh a ceol orgánta; cuir 'na hanáir seinnidh soin, ar ngabháil eirridh d'fhiodhbhoidh. 65. Ní thógaibh ceann 's ní chan ceól ó dhubhas dreach an aieór glais iarnoidhthe an eóin do nimh, neóil na grianbhruithne i ngeimhlibh. 69. Ceas naoidhean an eóin annaimh san aimsir fhuair iodhlannaigh, ag soin samhoil ar sochta danoir i ndoigh dhubhlochta. 73. Áinios Gaoidhiol, a ghnúis shaor, fuighle a mban, briathra a macaomh, a bhfíon a gcuirnn a gcupa, a muirnn mo shíon shamhrata. 77. Cead uraghaill i gcenn cháigh dá bhfagha mé a mheic Seaáin eidir chuirmthighibh clann gCuinn do cluinfidhir ann m'fhoghluim. 81. Dámadh ionann aimser dhaoibh do bheuruinn dod bhais bharrchaoil duanoboir a dabhaigh the, amhail uarodoir h'aithre. <L 165> 85. Do thuigfidhthea, ga dtám ris, ní d'fhagháil ar a n-aithris; tánaig féil t'fhiachsa d'iarruidh, a iarsma ó Néill Naoighiallaigh. 89. A chaor fhíneamhna d'fhuil Chuinn, a ua Iriail mic Conuill, a rún cagaidh, a chor sídh, a chadaigh Con an chleitín. 93. A bhráthair Mheic Róigh reannuigh do theasg da dtrí maoilennuibh teora cenn na Maol Midhe, a gheall re hAodh Oirnidhe. 97. A mheic Róisi an ruisg mhonmhaill, a ua Aodh mac Ógdhomhnaill, a bhreac d'iochroibh bruaigh Banna, a ghruaidh mhiochoir mhónanna. 101. Dáilfidh misi do Mharta deoch a dabhaigh m'ealadhna, ó nach maithte dhí a ndleaghuir da mbí aice ar fhiledhoibh. 105. Ní dheirméd a déd socar nó an bél chanus ciúnfhocal, nó an deirc muill, nó an mhalaigh gcaoil, nó an aghaidh nar thuill tathaoir. 109. Leithéid na bhfiach dhlighid dhín mná gaoidhealta guirt Seinír, don cheird ghréasoigh ga mbí barr, dhí dar ngrésuibh do gheunam. <L 166> NÍ HAINEAMH ÓIGE I BHFLAITHIBH. An Fer céadna (cc.) 1. Ní haineamh óige i bhflaithibh; aois le neach do neamhchaithimh ní móide do mheall a chert; ferr an óige iná an fhoirfeacht. 4. Ní ar shinnsearacht shaoilid cách a mbeith aca 'na n-ursgáth gach slat ghlantoraidh da ngein do phlantodhaibh mac Míleidh. 9. Eiriomhón an uair do thil clár Banbha ar bhél a shinnsir, ris an inissi Fiadh Fáil riamh dob infheisi ógáin. 13. Conn mac Úna, nar ob treas, san aois óig ó fuair flaitheas, do fhágaibh mur cheart 'ga chloinn gur dhleacht da n-ágaibh urruim. 17. Gérbh óige Niall na naoi nglas, sgríobhtha a chert ar a cheannas i gcóig sélaibh slat thime ar béalaibh mac Moingfhinne. <L 167> 21. Ní dleghar oirneadh gan fháth; togha an óig as fhearr iomráth lenaidh da fhréimh do riaghoil, i ndeaghoidh Néill Naoighiallaigh. 25. Óige ríogh nGaoidhiol nír gheis etorra is ionnradh flaithis; ní da thaobh as gnáth geasa ar bhláth a gcraobh gcoibhneasa. 29. An óige lé n-uair umhla, do nós síl Néill nathardha, agso an ainimh nír fhégh dhí, ní sgél i n-aighidh Énrí. 33. Ní hainimh óige is gidh eadh, suidhe i bhfód shealbha a shinnsear san aois óig ní héider d'aon mun dtréigeadh a mhóid mhacaomh. 37. Ós cionn tíre an tráth do bhiadh cionnus budh héidir d'óigthriath súil ar léimibh lúidh leanbhdha, súil ar thréidhibh tigherna? 41. I gcomhrogha adchídhthior leis cluiche agus coimhéd flaithis, dar thréig maighre Locha Laoidh a airdhe mocha macaoimh. 45. Tug an fhortún aghaidh air lá a chealgtha ó chluiche an reabhraidh; ón ló táirios an toice an t-áinios dó as dermoite. <L 168> 49. Masé as sgél ar sgoith Line gan bheith abaidh aimsire, atá aighidh an raith ris; maith an ainimh an aithis. 53. Ní hainimh d'Énrí Ó Néill glacadh a dhúthchois dhoiséin, clár slim na gcéideadh gcorcra, re linn méideadh macochta. 57. Mur sin nár ghuth da ghnúis shaoir, lá éigin i n-aois mhacaoimh, techt ós iath Ír dha faire, do rígh Cliach do Chonaire. 61. Feis Temhra an tráth dob ollamh, goirid techta a tréanurradh aonuighe Fódla mun bhfleidh d'fhógra aonduine uaisdeibh. 65. Gealloid sluaigh Fáil ar an bhfeis Temhoir do dhiongna a bhflaithis togha an neich thíseadh asteach do bhreith na bhfíseadh bhfáidheach. 69. Cuirid 'na shuan sheicheadh ndoimh um dhraoi d'fhios cia budh cubhaidh don fhréimh ghaoidhealta ós gurt Bregh, a hucht draoidhechta a ndéeadh. 73. Ar an draoi: "Gibé ambárach tig sonn ar chionn comhárach sealbh ar chró an Daghdha go ndligh, ar n-amhra dhó do dheimhnigh." <L 169> 77. Do chíd chugtha ar chionn maidne ógán aoisi anaibghe, breac do éirigh d'iochroibh gaoil go ndéinimh miochair macaoimh. 81. Do bé rision rádh gach fir: "Do mhnaoi aosda mac Mílidh atá so amhulchach d'fhior; ní fagharthach dho i ndlighiodh." 85. Ar Conaire an chrotha naoi: "Iongnadh liom nach iad fheuchtaoi airdhe flatha ar an bhfeisi, tacha ainmhe mh'óigeisi. 89. Um cheird muna meallta me, séimh an ainimh an óige," ar rí Fáil, "madh óige inn, mo cháir ní móide mhaithim." 93. Aitheasg flatha ó fríth 'na bheól, briathar nárbh fhéidir d'aithcheódh, do bé críochbhun ar canadh ríoghthur é ré n-apchughadh. 97. Lá togharma i dtigh cúirte ar ua mBriain, bos neamhdhúinte, tarla dar lat an leithsgél mur mhac amhra Eidirsgél. 101. Cumus an ógáin eile 'ga bhfríth freagra puiblidhe, táinic lá do thoigh Dha Thí, atá 's ní fhoil ag Énrí. <L 170> 105. Ceannus Banbha má do bhí d'iomorcaidh aige ar Énrí, gér shia go a ciomhsoibh a chuing, nír lia gun fhiorsoin d'fhoghluim. 109. Nírbh usa dhó a hucht eagna foirm dhlighidh do dheighfhreagra 'ná do bhláth ó Néill anois do réir fháth agus eolois. 113. Gidh eadh do badh annsa leo, aicme Cuinn na gcéad chathghleo, fir da sgríobhtha comhtha cháigh, dornchla líomhtha ináid leabhráin. 117. Nírbh annsa leo ar lár muighe doimh ag deunamh treabhuire 'ná bró seng sguaibleabhur sguir dob fherr d'uaigniughadh fhásuigh. 121. Dual d'Énrí as a óige cluiche lúibe is liathróide ar chuartoibh foda cláir Cuilt, 's ar gháir dtroda do thabhuirt. 125. 'S ar dhúsacht ré n-éirghe én, 's ar ól uisge i n-ucht roighlén, 's ar chodladh i gcéidibh all, 's ar chognamh éidigh d'fhulang. 129. Ní rún cean ní hintinn áigh a tá i meanmain mhic Seaáin; malairt tar an uairsin ann ag uaislibh raghuirt Fhreumhann. 133. Cead luighe ar leabthaibh socra, súan ar son a ndúsochta, sgís na siobhal ag slógh Breagh, sról i n-ionadh a n-éideadh. <L 171> 137. Ar mhac Róis acht nach rug sin aimsir chean ó chrúas dlighidh foghla i rosa um ráith Da Thí nír dháich anosa ar neimhthní. 141. Bean nach do bhantracht Banbha sonn go n-uaisle n-athardha, gnúis náir as maothbhanda modh do mhnáibh saorchlannda Saxon. 145. Fuair an té ó dtáinic sí ón phrionnsa, inghen Énrí, 's do thuill gairm ós uaislibh d'fhuil, ainm do uaisligh a hathair. 149. Gion go bhfeasmaois cia ór chin a cruth saor go snuadh bhfaoilidh 's méd raith a rechta solais, bearta braith a bunadhais. 153. Marta ó chuireas a cearda re béusoibh ban gaoidhiolda, meastur í re haindribh Breagh; ní dha hairrdhibh ní haineamh. <L 172> <U 0008> NÍ CHONGMHANN INBHE ACHT OIRBHERT. Goffraidh mac Briain meic an Bhaird cc. Ní chongmhann inbhe acht oirbhert da marcach as mórchroibhnert, anamhain suil tí ara thoil 'sí ara haradhain d'iarroidh. 5. Meinic chorus a cairptheach an inmhe is each fíorchaillteach; ní haoinréim dha heurma soin taoibhléim deunmha 'na deaghaidh. 9. Caitte don tí da dtiocfa a sníomh le srían n-oirbhiorta, nó go dtabhair í i n-umhla, 'sí i n-aghaidh a haradhna. 13. A glacadh le greim slemhuin ní cheinnseocha an chinneamhain; láimh gé do lamhadh 'na muing ní sáimh anadh 'na hughuim. 17. Breith úaine an t-am as docra ar an dtoice dtalmhonta; dul 'na hurláimh as usa 'ná cungmháil a cádhusa. <L 173> 21. Neifní 'na dáil, gidh docair, ciall do chur 'na hiomlataibh, is sighne do sheich ós niort bheith re hinmhe gan oirbhiort. 25. Éigin, madh sósar sleachta, urruim d'fior an oirbhearta; ní díles gan oirbhiort d'fhior, oighrecht díles dá ndlighiodh. 29. Puimp Leatha, dá labhraid sgol gérbh aosta ná Iul Sésor, thairis san Róimh ghrésuigh ghil Sésair do-chóidh i gcéimibh. 33. Dob óige 'ná Éibhior Fionn Éiriomhón airdrí Éirionn, mó meas Éiriomhóin 'sgidh edh, seas gléimheadhóin na nGaoidhel. 37. Niall fa hóige don fheadhoin clann Eachach meic Muiredhoigh, gé do ríoghadh rompo so ríodhamh ochta na hEórpa. 41. Mairidh an uairsi dh'éis Néill gein shochair d'iarsma an fhíréin, tug anam i n-ainm a shean, da marann gairm na nGaoidheal. 45. Chuige téid tús a labhra, mac mic Briain brúaich Ollarbha, én dreagain da réimhlen rath, déirgheamh eagair na nUlltach. <L 174> 49. Meisneach ré ndáloibh deacra, macaomh go méin bhfoirfeachta, líaigh foirnirt na fine ór fhás, cridhe an oirbhirt ré n-uathbhás. 53. Ógán dá sleuchtuid sinsir, plannda a hEamhoin óirbheinnsigh, marcach cinnemhna chlann gCuinn, barr na finnealbha a Freumhuinn. 57. Tar óige Énrí Í Néill, sinnsir shíl Néill da nuairéir, cúis ionganta ann ní fhuil do bharr Fhionnacla Euduir. 61. Lia toimhdeadh atá don fhior: uille a mhaoín, 's is mó a chaithiomh, daingne an chomhoirle do chí, rodhaingne an t-aighne Énrí. 65. Uaidhe as ferr riaghuil reachta; cosg meirle, mó as aithenta do ghríbh léidmhigh Lacha Cuan, da n-éignigh Macha i míoshnuadh. 69. Uaidhe fós as faide a fhearg, 'sé arís as oghla dibhferg; splangc díoghalta é, 's gidh eadh, isé as fhíoracla aigneadh. 73. Do fheadur is uaidh is ferr, riaghlaidh a inbhe ar aba a coingheall, bertughadh ar bhreith ar fhir i gcertughadh eich uaibhrigh. <L 175> 77. Ní hionmhaidhte d'iath Dha Thí tuile raith dá riacht Énrí, 'sé doifhresduil acht dó féin, cló dar oiresdair eiséin. 81. Mór ngiolla ghabhus do láimh riagh flaithis, friotal conáigh, dar shoinmhighe cúl don chuing, súr doinmhighe na dhoghruing. 85. Luamhoireacht loisi an tsaoghail cluiche nach cúis neambaoghail; tuar goimhe rochtain i rath, gontoir croidhe 'ga chumhdach. 89. Ughdar ó bhfríth fios a dál Tuil Sigir, saoi na Rómhán, do thrácht sé an riaghoilsi róin; sé da ciallaibhsi ar gcuspóir. 93. Feallsamh sin, fa saor gcearda, fuair treoir na dtonn laideanda d'éis séimhthechta a srothann bhfis; fochann éifechta ar innis. 97. I gcionn gach neith da nocht sin, ábhacht tagra Tuil Sigir, don fhailmhe ránuig 's don rath, cáruid darbh aighne an t-eólach. 101. Suaill a friochnamh dha faire, dob í a bhreith don bhochtaine; freasabhra ní éir re a hucht; measardha béin da bárducht. <L 176> 105. Sighen bháis ara mbí neimh nach oir gan altrum crithir, sdiúir chumhacht don té da dtoir: dob é udhacht an fheallsoimh. 109. Usaide d'fhior Locha Laoidh sdiúradh inmhe i n-aois mhacaoimh, an t-aiceachtsa do fhégh soin, do légh aitteachtsa an ughdoir. 113. Radharc ar aicce an fheallsaimh fhuair an t-am fa céidleanbhsain; dé an radhairc 'na shúil ó shoin, gan mhalairt rúin do rochtoin. 117. Sgotha séaghanda a sreath bhfis díden dó ar dhordadh bhflaithis dhíobh do righne roibheach dúin soigheach inbhe dha fhortúin. 121. Do bruithneadh do bhriathraibh fáidh inntlecht Énrí mheic Seaáin, mur snas amáille ar ór nglan, lór a fhalláine dh'ionnladh. 125. Saor chuireas cairptheach Line a chosnamh a chaithmhighe, a aoibh a aithne 's a iocht; caoin a aighthe le a aiciocht. 129. Tug Énrí Ó Néill aniogh osgladh d'áineas mhac Míliodh, beo crithre cathshluaigh ó gCuinn, drithle an athghuail do fhursuing. <L 177> 133. Air achraidh ógbhadh Eamhna cairptheoracht a gcinneamhna, cuing a gcádhusa ar a chur, an bhrághusa fhuinn Uladh. 137. Mac Seaáin, mac mic Féilim, ó tharraidh tús muirléighinn, rug gach rionnghábhadh d'íbh Néill, tug iomrádhadh dha n-oilbhéim. 141. O ráinig sí soighin air, foraois Aodh mac Briain Bhallaigh, a threabhloid a thuile cheas do dhearmoid uile ar áines. 145. Gabhuid macradh Moighe Rath an sgiamh cheudna dha gcodhnach, sliocht athluimhmher Aodha Í Néill, caora ar n-athbhruithneadh iaidséin. 149. Do mheuduigh meisneach a shen, do mhusgoil meanma a shóiser, tug teas 'na n-aoibhil oinigh, sgaoilidh ceas da gcédfaidhibh. 153. Nír dhermuid ón ló fa leanb, mac Róisi nach réidh ainserg, réim sodhamhna seal da dtáir; ceadh acht comhordha conáigh? 157. Ní handóich d'airigh Boirche, dá leanta lorg breathnoighthe, céim nach bhfuair go bhfoighe soin, a uain roimhe do rochtoin. <L 178> 161. Suirghe ris, ga rath as mó? mur tá fós, ní fáth iarghnó do dhamhna chroithgheal clann Néill; ní snoighther crann don chéidbhéim. 165. Sibhinnreadh aige uaidh soir, grianán Geanoinn mic Cathbhoidh ar bhrath rúin Teamhra Da Thí, súil na hEamhna le hÉnrí. 169. Dearc dhiombras as díol seirce bun céille ar chan Feircheirtne; mionn seangbhan féarmhoighe Floinn dearbhadh céalmhoine Coloim. 173. Geallomhoin Phádraic phuirt Dúin, tinghioll Brighde, an barr chladhúir, ciabh glennacla is géibhionn gráidh, éinerr bennachta Bercháin. 177. Dioghruis rúin Breunoinn Birre, dalta cniocht chuain Duibhlinne, maith sgiamh a n-oidechta air grian na boigealta ó Bhreghmhoigh. 181. Bradán taighleach na dtrí loch: Loch Cúain Loch Laoidh Loch nEachoch; eo Finnmheana an téigle the, éigne binnshreabha Buaise. 185. Ceann na luingsi ó Thuinn Tuaidhe, lot cádhois, cló anbhuaine, sgoth Báineassa ciúin Craoibhi, sdiúir áinesa is fhorraoini. <L 179> 189. Fada as cuimhneach Éire ard ar mhnaoi mur Mharta Stathbhard; mór roishliocht ar chunn do chuir a toigheacht sunn a Saxuibh. 193. Inghion ríogh Saxan sleaghaigh le hEochaidh mac Muireadhoigh, clódh tedhma ina tochmharc soin, go sgothghort Temhra teagoir. 197. Da rug Niall na naoi dtionól ainnséin d'Eochaidh Maoimhedhón; fine an Néillsi gus aniogh os béinnsi tighe Tailltion. 201. Saorchlann eile dha héis soin ga fios nach biadh ós Breaghoibh, bainchenn Stathbhord na stéd mbras? créd athlorg le a amas? <L 180> <U 0030> NÉLL LONGPHUIRT ÓS LOCH EACHACH. Ó Gnímh, .i. Fer Flatha cc. 1. Néll longphuirt ós Loch Eachach; do chíd adhbha aoilcheathach, na fáidhe dá nochtair neóill, ar ochtaibh áilne an aieóir. 5. Éirghis i n-ionadh chinnte stuagh neoill niamhdha firminnte 'na ghríos loinneardha ós an loch mur bhíos coinnealbhra cathrach. 9. Ní tairis atá ag dénaimh - do chíu ag tabhairt taispéunaidh ós cionn sheanroighléin shíl Néill - an dealroidhnéil sídh soilléir. 13. Ag súd go slios an longphuirt, láimh re ciumhois gcaladhphuirt, néll an tslóigh ó iath Oiligh go mbróin sgiath dha sgiathroidhibh. 17. Atáid san taisbénadh tug gaoi chorra ar guaillibh galghud; atá ar lorg na gceischleath gcorr breisleach cholg agus chathbhorr. <L 181> 21. Iosdadh flatha 'na bhfoilit - néll dorcha nach dealroighit - ealtain óir a buabholl mbláith, nuabharr sróil agus sennáith. 25. Neóill éigneadh ós an iostadh, éinbhreac, fa dtá an toichesdal, ag breith chéime ar gach lionn lán os cionn an bhéine bradán. 29. Do haithneadh éifeacht an neóil; ar lár as léir da chailleóir néll an tighe d'fheugoin úaidh tar Line sédoigh siardtúaidh. 33. Toichim shleachta Briain Bhallaigh, ag soighin 'na saorchlannaibh don ráith innillte d'ol fhleadh, an imirce mhór maighreadh. 37. Éigne d'fhuil Aodha Buidhe; diormadha Dál Araidhe is Dáil Bhuinne ag tochta 'steagh uime san bhfochla bhféindedh. 41. Mac Seaáin, subh da sgathaibh, breac d'iochroibh Cuinn chédchathaigh tug an céidghleo um chró a sinnsir, éigneo as mó ar na maighribhsin. 45. d'fhuil Aodha Buidhe as breath cháir éirghe um Énrí mac Seaáin; fíortha dhóibh foirmlitre fádh, slóigh as oirdheirce iomrádh. <L 182> 49. Taispéanta a dtuaruma sin: táinic lá dona laithibh neull re taobh an lacha ale ós Aodh catha na Craoibhe. 53. Sluaigheadh mór ar mhac Ardghoil tegoid ar tí a ionnarbuidh le ríodhamhna fhréimhe Cuinn, méine ríoghamhla ó Fhreumhoinn. 57. Ar Eochaidh do fhógair cath dar ghabh láimh re Loch Eachach, ar síneadh a hOileach d'Aodh broineach míleadh is macaomh. 61. Fásoighther ann Oileach Néid; triallois Aodh, urra a choiméid múr stéudghroidheach na stuagh nglan, uadh sa chédbhruineach curadh. 65. Clanna Néill is Aodh Oiligh tógaibhthior 'ga dteaghloighibh puible suaithionta sróil ghloin ar chóir nuaithiochta analloin. 69. Tionnsgnuis go dtóigébhadh teach abhus d'Aodh nárbh fherr Oileach; do chinn sé déirgheadh an dúin, acht sé d'éimhgheadh ón fhortúin. 73. Ós Craoibh Tulcha i dtug an cath, ós muigh Line ós Loch Eachach atá a néll is néll Oiligh sgél atá sna tarrngoiribh. <L 183> 77. Tógbháil longphuirt an lacha, gér bhé rún an ríoghfhlatha, gur dhúisg gég Mheana a mheadhoir, nír fhéd chena ón chinnemhoin. 81. Oileach i suidheadh síol Néill baile i mbaramhail doiséin, 's an trían thuaidh 'na cosair chró, abhosoin fhuair a n-iarmhó. 85. Dó atá i ndán a chur i gcrích ar tionnsgnadh tráth i n-eisídh; ar nAoidhne an tÉnríse Ó Néill; aoible éinghrísi iaidséin. 89. Abhus fríth leighes a luit senráith gille an ghlúin ordhruic: mac mic Bríain aithreighis hí; liaigh a haithleighis Énrí. 93. An rabhadur san ráith tall sreath ghabhlach go ngrés uamann, gloin ón doirche dath bugha, froighthe clach 'na gcréadhumha? 97. Sreath dhoinnlíog, nach deirge an smual, ar ghné ghrísi is iad ionnuar, goirmleaca ag téaghadh an tuir, dénamh oighreata orthuibh. 101. Sreath chlár ós clochaibh díona ar nach goillid gairbhshíona; cosg fleachaidh an falach cruinn do shreathaibh darach ndioghuinn. <L 184> 105. Sreath leabthadh ar lár an lis; tuighe re dtéighid fúairchnis in gach colcoigh réidh roithe 'ga béin d'ochtoibh eunloithe. 109. Peall sróil ar slios an tighe; tairrngid meura maighdine grés gacha pill chaoin chuige le rinn saoir a snáthuide. 113. Ní chuir breaghacht da mbí a seód i ndimbrígh dath a huinneóg; séd búaidh ní bheanfa a maisi do stuaigh dhealbhtha a doruissi. 117. Do cumhduigheadh cupla tor go déidhionach mun dúnadh, sliocht láimhe Argo níorbh fhearr táille arda a dá uilleann. 121. Ní hiongantach ortha so meas an áilleagáin fhallso, stuagha déudamhla an tuir thigh, ní fhuil éadtarbha inntibh. 125. Ní tarcuisne ar teach sinnsior do bheir d'Énrí a aithdeilbhsion; ní maoín gan fheidhm ní tnúidh tug deilbh an dúin mur nár dhearbhsud. 129. Do níthior foirgniomh fiodhroidh go dtrásta da dtighernoibh, gnáth d'fhine nóisdírigh Néill lighe i lóisdínibh leóiséin. <L 185> 133. Tuir chorra le ceart prionnsa athchumaid an fhoirionnsa; puirt na ríoghthána ó Bhóinn bhuig le cóir síodhchána seasuid. 137. Ní mur do bhí bhias an brugh; anois bhus daingne a dheunamh, dá mbeath rún cliachdha um chaislibh, 's budh sciamhcha an dún dealbhaighsin. 141. Bíaidh sgim aolta don adhbha, biaidh dhi dealradh corcardha, biaidh gormthaitneamh ar a gloin, longphairttreabh í Bhríain Bhalloigh. 145. Gairm Euduin Dubhchairrge dhe as ainm i n-aghaidh toile; do chuir rífhrémh fhíonmhur Airt mun síodhbhrugh lí-néll longphuirt. 149. Bantracht go mbrataibh datha ar slios rátha an ríoghlacha, ar ndéirgheadh an chloidhe chuirr ó bhfoighe éinbhean urruim. 153. Inghen Sir Framsaoi fúairsi tús suidhe an mhúir mhiodhnuaidhsi; taibhghidh a méin tar na mnáibh céim eidir aindribh d'fhagháil. <L 186> 157. Ná cuirid uirthe i n-iongnadh, ná haidhbhsighid inghenradh maith da ndingne a déd mur chlá, inmhe da mhéd ag Marta. 161. Barr uaisle is doibheanta dhi ní bearar a barr céille ní fuighthe ar néimh gruadh a geall dual mur a céir gach coinneall. <L 187> <B 1617c 17T> <U 0061> DURSAN NACH MAIRIONN MAC BRIAIN. Mac Conmidhe .i. Cormac mac Briain Óig cc. 1. Dursan nach mairionn mac Briain meic Feidhlim nar ob éinghlíaidh; dursan dún oidhidh an fhir; doiligh cúl ris na cairdibh. 5. Mac Bríain as dursan damhsa; 's do chuir monuar oramsa easbaidh séd is easbaidh each, an fearsoin d'ég tar aoinneach. 9. Gach úair da dtéighinn 'na theach mac Bríain na mbriathar bhfaoilteach, nír leig as fa eura ionn, sgeula do clas go coitchionn. 13. Ní bhfuair misi, acht me dom chois, ón ló teasta flaith Fionnrois, éineach i bhfódmhuigh na bhFionn ó éinneach d'ógbhaidh Éirionn. 17. Isé Seaán saormhac Briain, pór na bhflaitheadh a Finnchliaigh, tug an ghreagh fa dheireadh dhamh, deighfher gan seadh san saoghal. <L 188> 21. Do fhuasgoil mé uair oile ó ghallaibh fhóid Iughuine, ég mo sheisi gráidh dom ghuin, is meisi i láimh 'gun laochruidh. 25. Airdrí nimhe na naoí ngrádh go n-íoca sé re Seaán a bhfuair mé d'ionmhuine an fhir, ó ré fionnmhuighe Fuinidh. 29. A Énrí déna 'na dhíaidh, ó nach mairionn mac Saoirbhriain, gég ó achadh chaithlis Cuinn, aithris bhur n-athar oruinn. 33. Dáil dhúinn, ar aithris th'athar, i n-onóir na healathan, meadh na séd do dháiledh dhamh gég nár cáineadh i gcogar. 37. Seaán mac Bríain, bruinne ghlan, ó nach bhfuil sé san saoghal, rí an chladhfhuinnsi um theach Dha Thí, tabhairsi each a Énrí. 41. Ionann daoibh oirbhert is ágh, ionann sibhsi agus Seaán mur sin díot, a thriath Tuama, íoc a fhiach is ionbhúana. 45. Ní cóir h'agra gan fhachain, ionann daoibh 's dod deaghathair, a fhlaith an bhruaighsi Banbha, maith uaisle agus athardha. <L 189> 49. Clechtsa mur as cleachtach linn i n-aimsir mhic mhic Féidhlim: gach arbh áil d'fhagháil uaidhe, a bhranáin chláir Chraobhruaidhe. 53. O táid i gcríaidh a chruth nár Aodh mac Aonghusa is Seaán a chéile iodhan brúigh Breagh déuna dhúinn ionadh h'aithreadh. 57. A mhic mic Bríain, a bhas sheng, ollamhain oile Éireann - ní dual daoibh m'aithghin d'obadh - maoin ót aithribh fhuaradur. 61. Atá 'na haigneadh aobhdha 's 'na maillbhriathraibh macaomhdha, cúram anma i modhaibh mná, damhna molaidh ar Mhartha. 65. Bean chuirthe a teasta ar gach taobh, inghen Framsaidh, folt fionnchlaon, gnúis bhanda nach caomhuin crodh, planda do shaorfhuil Shaxon. <L 190> <B 1617-38c 17T> <U 0060> CIA MEISI NÓ AN MACSA SEAÁIN. Lughaidh Ó hEachuidhéin cc. 1. Cia meisi nó an macsa Seaáin, seabhoc Line na learg dtláith - nó cia sionn araon ó fholaibh - an chraobh fhionn le bhfoghair fáith? 5. Cia hagoinn thrá tharla ar seachrán far seilbh dhúthchois, dáil nach soirbh, bláth na n-eó fa calma i gcaoimhiocht, nó an dtarla ceó i n-aoinecht oirn? 9. Gibé lé cuirthior ceist dhorcha dhó féin tig a cur ó chruas; lán súl, re budh deacra deaghoil, leanta dhún tar seanoibh suas. 13. Níor chubhaidh do chloinn ar n-aithreach, d'ainm ollamhan d'adhbhur ríogh, go dol dáibh do chlár na cruinne, nár lán gráidh gach duine dhíobh. 17. Ní chreidim nach gcualaidh Énrí d'éigsibh Éirionn thoir nó thíar, cnú as aibche ós gach cnaoi da chrobhaing, draoi 'ga aicme romhainn riamh. 21. Ní chúala meisi ós me as sine sealbh ollamhan róinn ga fhréimh; líonmhur ar dtogha ga thánoigh ríoghradh fhola nároigh Néill. <L 191> 25. Gidh eadh thrá, dá dtairgeadh Énrí inbhe ar mbeathadh do bhúain dínn, bídh i bhfírneimh cneidhe an chridhe bleidhe d'fhínfhleidh fhine Ír. 29. Ní eadur ca háit i rachuinn eidir ríoghraidh rátha Cuinn, tearc fáth um nach bhfuighinn dímhes, 's cuirim rem ghnáth díles druim. 33. Énmhac ríogh gan ollamh d'urláimh ní fhuighinn d'uaislibh bhfer bhFáil; tar gach éinní a chnú mo chnissi, acht tú a Énrí is misi amháin. 37. Easbhuidh dhamhsa dioghbháil duitsi, a dhreach líoghlan da len dé; a thaibhgheóir comhadh chraoi Logha, saoi ag rodhol amogha mé. 41. Ní fhuil ormsa acht easbaidh cumhduigh, caith iomainn a ua na ríogh; a chneas naoi gan tlás 'na thréidhibh, ní cás saoi do dhéinimh dhíom. 45. Each nach faghann fer a gleusta, groigh uasal más dúthchus dí, tuillidh béim don ghroigh da ngabhthair; réidh ó thoil ní aghthair í. 49. An cú bhíos ar bheagán muirne méin gealtachta as gnáth sa gcoin, ní thóguibh súil re guth gadhoir; uch, as dúin fa samhoil soin. <L 192> 53. Ceo ar m'ealadhain fa hé a samhail sriobh fíoruisge ar bhfás a feóir, gé bheith righte re bruach bealoigh, ní slighte cuach d'fheraibh eóil. 57. Léigmid dínn a ndeachaidh thoruinn; tairgther síoth ar son bhar locht, suil tí thrá teasghoil id thonnfhuil, má tá easbhaidh ollaimh ort. 61. Gach a ndligheann ollamh airdríogh iomchair liomsa, a mheic mic Briain; sgath mo thagra ó nár thréig t'fhine, léig gach agra dhlighe im dhiaidh. 65. Amhairc ar uaislibh mac Míleadh 's a mhéd iomchraid da n-aos gráidh, mar measa file fir Oiligh righe ribh is doiligh dháibh. 69. Féch ar ollamh aicme Rosa, an fhrémh fhíre ó bhfuile féin, 's cách ga chora, acht gé céim dermuid, ós cléir fhola nemhlaig Néill. 73. Feuchtar libhse don leith oile ar Fher Flatha, file an tslúaigh, a mhuirn soin ag sliocht na gColladh sa riocht 'na bhfoil th'ollamh úaibh. 77. Osna th'ollaimh d'easbaidh dúthchois, doilghe liom dod leacain thais; ó taoi anosa i mbun do bháidhe usa cur do láimhe lais. <L 193> 81. An bhreath bertar ormsa, a Énrí, eidir éigsibh fhóid Dha Thí, a bhláth na gcleath a criaidh Chormuic, id dhiaidh budh breath ordhruic í. 85. Dá mbeire sí eolus orom inghen Sir Framsaoi, flaith gall, luaitter eala as a hucht d'fheughuin, ón lucht ceana bheuraidh barr. 89. Eidir ógmhnáibh gall is Gaoidheal, gruaidh leathchorcra ar lí na subh, breath ga breith ón tráth as treisi, cách i leith a deisi ag dul. 93. Do thréidhibh mná ag Martha Stathbhard: stiúradh córa ag cosnamh críoch, derc dán frémh an bugha barrghlas, bél as lugha adhnus d'fhíoch. <L 194> <U 0062> RACHA MÉ DOM AITHNE D'ÉNRÍ. Seaán Ó Groidhin cc. 1. Racha mé dom aithne d'Énrí d'fheuchoin orum dha dhreich nduinn, d'fhios an mbeura onóir d'fhilidh reulla roshlóigh cinidh Chuinn. 5. Ar tí m'aithne d'oighre Seaáin seoladh laoidhi do mheas mé, gidh mór sgáth na ndligheadh ndorcha ar bhláth fileadh Tolcha Té. 9. Sgaith ar gceirde dioghrais dána a ndligheadh ormsa ag ua Briain, do bhéra díol san chiort chubhaidh, ar iocht ga shíol bhunaidh biaidh. 13. Dioghruis ar molta, a mheic Róisi, rinn ar gceirde ó's cóir uainn, a rún drechnáir as fherr d'fagháil, ní neamhcháir lem anáir uaibh. 17. Fa hiomdha ní d'fhiachoibh ollaimh agaibh ormsa, a rosg mur ré; do geubhthur tráth, a thriath Feirste, ar sgáth m'fhiach nach meiste mé. <L 195> 21. Dlighidh sinn ar son ar molta mórán neithe 's gan ní uainn; ar ndlechtadh mur as díor d'anáir is clechtadh síor d'fhagháil uaibh. 25. Mo bheith agaibh um chenn gcumoinn ó's chuige atá ar labhradh linn, a bharr fionnchuir gan bhéim mbronnaidh, iomchuir do réir ollaimh inn. 29. Bíoth nach beinn im ollamh agaibh, a éigne lúidh Locha Laoidh, fa fhéin Oiligh fa dhóigh ndréchta soighin róinn as dénta dhaoibh. 33. Gidh eadh fós, ní foráil damhsa i ndíol san drécht do dhealbh mé gan m'annso do shódh ód shéimhlí; ní mór dhamhsa, a Énrí, hé. 37. Racha meisi, a mheicsi Seaáin seal cuarta gan chuma lá san chúirt tláith as tighe eachtra; go ráith Line as techta trá. 41. Aithin meisi a Mharta Stathbhard stiúradh flaithis as dú dhaoibh m'éura nár fhogham ar th'ionchaibh, déna oram, iomchair m'aoibh. 45. A bhrath ríoghan rátha Line, lean dar gcumann, cuiridh linn; do réir m'amhairc, go n-iúl damhsa, stiúr ar mhalairt annsa inn. <L 196> <U 0063> CEANNUS NA FÉILE AG FUIL FHEIDHLIM. Niall Óg Mac Muireadhaigh cc. 1. Ceannus na féile ag fuil Fheidhlim; urruim an chlú cosnaidh síad; coimhmeas cáigh rú ma do roighneadh, san chlú as cáir do hoirneadh íad. 5. Go mac Seaáin na slegh gcorcra i gcrúas teannta ní thiad slóigh, dá bhfaghthur leo é 'na aonur, 'sé san ghleo ná taobhadh tóir. 9. Leaptha sróill da seachna ar oircheann; uisge a chuirm go gcuirenn glíaidh; tug ar fhírshreibh, re feadh bhfaghla, seal do ríghfhleidh Banbha Briain. 13. Eura faoi ní faghthar d'aoidhidh, dha fhéile i gcách cuiridh sé; ní bhí nert gan díol do dheoraidh, do reacht (ríogh) ó nEoghain hé. 17. Ní dhiúltfá triath truime a chomhadh, i gcert Gaoidhiol do gheibh díol, cáin í Éanna fa fhonn nEarca; trom an seula reachta ríogh. <L 197> 21. Rioth teangadh mur thabhach n-osaidh ar ua mBriain ní beg do chrích; an feadh do gheall anmhoin d'adhnadh nírbh fherr d'fhaghlaidh snadhmadh síth. 25. A rogha fleidhe feadh sluaghaidh gach sreabh fhuar i n-aimsir the; ní iarrfa ar foghail fíon d'aoinfher dá bhfoghair díol draoidheadh dhe. 29. Da lucht iomtha dob fherr locadh i laibh gleo ná gabháil sgiath; techt dó 'na aghaidh gan arma cabhair as mó tarla ag triath. 33. I dtáighe ní théid a mhaoine mac Róisi go riarann dáimh; ní ferr drud ris an tráigh thoraidh, rug 'na láimh ar chomhaidh cháigh. 37. Meinic teguid i dtír námhad naoi mílidh as mó do leth, ní fhuil tír in nach bí a mbiodhbha, na trí trír ní thiobhra astech. 41. An stéd sidhe ag soighin Énrí go háth na glíadh greasfaidh sé; dámadh é mian eich go héigin srían ar gach leith léigidh lé. 45. Síol gCuinn riamh ós ríoghraidh Gaoidheal; gnáth a bhláth mur bhíos an fiodh; ní racha i gcló fréimhe Féilim dá ró an fhéile ó Éirinn d'fhior. <L 198> 49. An Lia Fáil, ó fríoth ag labhairt, ní léigfe dhaoibh dol i ngliaidh; bíodh ar leic Lughaidh a labhra; an cubhaidh dheit Banbha Bríain? 53. Ní thig neach ó neimh a ngona na gaoí throma theilgfe i gcéin; táth i ndiaidh áluidh bhur n-omnadh do sháruigh liaigh foghladh féin. 57. Neach ghud lenmhuin i lár troda techt ar gcúl as cóir do iarr; fada le fer gan ibh d'fhilleadh do len sibh i ngrinneal gliadh. 61. Ní bhia duine gan díol éiges; amhlaidh bhíd mur bhíos do chuing; éigin an dúais iarfa d'fhilidh do ghúais chliachdha chinidh Cuinn. 65. Tarraidh súil le silleadh aindre ortha ghráidh dá ngabha socht; bean ar do thaobh don tigh tarla do bheir claon na habhra ort. 69. Beag dot onóir d'éigsibh Banbha, a mbia it thigh ar a dtoil bhíos; uachtar tighe fan chléir chuire, fine Néill ag suidhe síos. 73. Roinn teasca ní thabhra d'aoinfhear, t'fhéile ríamh ní raibhe ar dáil; ní fhuighfe tú, an tan fá roinne, acht bladh don chlú i gcoinne cáigh. <L 199> 77. Céile deabhtha i ndiaidh do ghona gerr go sníthe snáithe a ré; búain ret fhalaidh i mbeirnn bhaoghail feidhm i n-aghaidh aonaigh é. 81. Do shíol Néill do níd a bhfiacha, feadh gach tíre tarla an chuing; beirid cách na comha id choinne i dtráth togha chloinne Cuinn. 85. Tig ar h'uillinn re hól fíona fer ré ngliaidh do gheubhadh sgáth; do ghúais a mbí d'éigin uirre léigidh rí dot uille ar áth. 89. Th'eachra ag dáimh i nduasoibh laoidheadh, léige ara mbreith bruta sróil; acht ní nár fhoghain don fhilidh ní bhí oroibh d'idhibh óir. 93. Faghthur dhuit ó dhúthaigh biodhbhadh do bhreith féin, nó faghthar troid; íocthar le triath ar bhrúach bearna luach na bhfíach nach dtarla dhoid. 97. Dá n-aindís gan adhaint Banbha, ní bhí iath nach amhlaidh dháibh, an gcoisgfe sin t'fhéin don fhoghoil a dtoil féin do chomhaibh cháigh? 101. Dámadh í an bhreth bheire ar úairibh, umhal cách at chánaigh dtruim, ga rogha d'íbh Néill do níthe, géill nó comha críche Cuinn. <L 200> 105. Gan snaidhm giall i ngeubhtha an chumha, gan chur n-iorghaile a ua Bríain; suil cuirther sréin óir ret eachra do chóir féin do gheabhtha i nglíaidh. 109. Ní tú as cuibhdhe i gcomhlann aoinfhir, t'fhoghlaidhe i gcléith chuire thort; nírbh fhiú libh aghaidh ar éinfher ag sin cabhair fhéineadh ort. 113. Do leanmhoin ní lamhoid gasraidh, gráin a dtreas re talmhoin rú; usa le cách cur réd chomha dul ar áth dá dtogha tú. 117. Ní bhia cách i gcoimes th'oinigh, a ua Bríain le mbronntur cion; fáth do chur bloidhe nó béime dul i ngoire t'fhéile d'fhior. 121. Foghluim do chleas do chúaidh d'aoinfher, uathadh i ngleo gheubhus rú; cuirthe mur iongnadh é ar fhéinnidh, dá ndiongmhadh sé i dtréighibh thú. 125. Ó chnúas trágha tíre Banbha, ar bhúain arbha ní fhuil neart, tairthe fuinn do folchadh uaidhe, torchar ó Thuinn Tuaidhe ag techt. 129. Coinnmheadh aoidheadh an úair dhíoltar dáile ar th'ógbhaidh t'fhuighioll cís; mur fuair féin ó chách nó comha gnáth le cléir a rogha arís. <L 201> 133. I n-áit chubhaidh gur chuir ollamh gan ól fíona fuilngidh sein; ar pheall sróil go suidhe an file ní fhuighe fóir Line fhleidh. 137. Ua na Niall ma do ní cionta críoch Fheidhlim ní fhuil 'na ndiaidh; ní loc suirghe ar a fer faghla, cuimhne a shen ag Banbha Briain. 141. D'omhan Énrí ar fher gcliachdha chuige i ngliaidh ní gheubha sé; gúais le cách a ndíth do dhénamh, fríth ar áth 'na énar hé. 145. An sgol nua suil do ní suidhe seóid bhuadha do bherar dhóibh; síol gCuinn, mur do fhégh ar fhilidh, ag buing mhér a hidhibh óir. 149. Fáth aoibhnis amharc a cumhdaigh cúirt Dhubhchairrge nach dubh gné; d'fhéile í Éanna san dún daoineach múr gan eura ar aoinneach hé. 153. Móide maoine Marta Stathbhard, sduaigh uichtgheal gan eura um ní; san áit i mbiadh ní fhúair aoinfher úain ar ríar na ndraoidheadh dhí. 157. Teist oinigh inghine Framsaoí fada ó chéile do chuaidh soin; téid tar bhéine bhan na Banbha; do char féile tarla a toil. <L 202> 161. Failghe órtha ar a hocht méraibh, mór maoíne budh measta dhóibh; aghaidh nár gan éimhdheadh d'fhilidh; lámh mhéirgheal go n-idhibh n-óir. 165. Do fhoghluim Martha ós mnáibh Gaoidhiol; tar gnaoí ríoghan rachaidh sí; ar mhéd raith is togha tréidheadh maith an rogha d'éinfher hí. <L 203> <U 0030> MNÁ TAR MUIR MAITH RE GAOIDHIL. Ó Gnímh .i. Fer Flatha cc. 1. Mná tar muir maith re Gaoidhil iomdha cairt do chraobhsgaoilidh; tearc le mnáibh míonmhoighe Floinn dáil na ríoghraidhe ó Fhreumhainn. 5. Mas fíor, ní hiad badh mhionca, cleamhna san chrích Ghaoidhiolta; mná a dtíreadh féin is a bhfir le fréimh Míleadh nír mhaoidhimh. 9. Báin inghen Sgáil go sgéimh ngloin, Nar inghen Lóigh, 'nar leabhraibh, techt na mban gcéibhfhionn gcnistiogh go magh nÉirionn innistior. 13. Ón chúplasa ad chuala mé fás dá ríogh do bhen braighde d'Éirinn fa healadhach sroth, Féilim, Feradhach Fachtnach. 17. Ní do mhnáibh Insi Ealga trí mná na gcnes gcoinnealda, adhbhur tnúdha a dtecht ale, Úna Earc agus Eithne. <L 204> 21. Ón triúr sin do thuismhigh Conn 's Tuathal Techtmhur, flaith Freumhonn, más fhíor d'fháthaibh a dhechtoigh, as díobh máthair Muirchertoigh. 25. Máthoir Néill na naoi ngéibhionn, ní d'aindribh fóid Finnéirionn, inghion ríogh Lundon tar linn; fíor don ughdor ro fhuighill. 29. Gach gobhlán dar ghabh ríghe d'uaislibh Fódla féirmhíne, d'fhuil na gcéadbhansoin ro chin an tréadghasraidh fhuil uaisdibh. 33. Meinic, tar aicmibh oile, tug síol ordhuirc Iughoine, tar chuain críche Fáil, fríthe do mhnáibh críche coigríche. 37. Anois badh dlighthighe dháibh mná a tíribh eile d'fagháil, ní glic neach dá neamhmol feis, dá mbeath 'na cheangol cairdeis. 41. Bean dona mnáibhsin Martha; leanmhoin luirg an bhanntrachta tar ghrian gaothmhoire i ndán di i ndál laochroidhe Line. 45. Folta sleachta Briain Bhallaigh dá mbeith sí re saorghallaibh breth a deghfholta a dáil sin senfholta cáigh go gceiltir. 49. Lucht díoghla ar a dtí ma tá, sítheochaidh, d'aithiosg eunmhná d'fhuil Stathbhardach na stéd seang, le tréd rachogthach Raoilenn <L 205> 53. Braithtior cloch bhuadha as a brígh, gémadh síth ann nó eissídh; a folt tonnórtha is tláidh gcneis budh dáigh comórtha cairdis. 57. Caidhe an chloch uasal ómra nó an gheamh criostail chaorórdha, nach anoir tar tuinn tugadh, i moigh Cuinn, ná an carrmhugal? 61. Móide as measta a dtig tar tuinn, muna dtí tar tuinn chuguinn ní gnáth pór bona i mBreghoibh d'ola, d'ór nó d'fhíneamhoin. 65. Mur thig gach miotal tar muir, ben tar tuinn go triath Conghuil mur shéd mbuaidhe do soich sonn, nó mur chloich nuaidhe neumhonn. 69. Ar mhaith uaisle gach fhola, uathadh aicme is ionchora i gcló an tsílsi Gaoidhil Ghlais, 'nar laoidhibh dísle adearmais. 73. Gaoidhil Fhódla gidh íad sin cuirmíd ós cionn gach cinidh tar mhallbhóchna adroigh an dream do mhoigh armórtha Éirionn. 77. Ó's tar tuinn teagaid araon Briotanaigh nach bláth eunchraobh 's na roshluaighsi ón Bhóinn abhus comhuaisle dhóibh an dúthchus. <L 206> 81. Lucht coimhmeasa chlann nGaoidhil ó táid man bhfinn bhforbhaoilidh, fa chlár naoidhe bhféirgheal bhFloinn, ga saoire éinbhean agoinn? 85. Mur gach aoidhidh mná tar muir, dar gceasdoibh cionnus derbhthuir 'na haoidhidh go mbiadh an bhean i n-iadh Gaoidhil do geineadh? 89. Meinic do bruinneadh abhus ór nach i nÉirinn fhásus; caor as an mianach Marta, an fialach saor Sacsanta. 93. 'Na haghaidh ní beirter breath dá bhfiontar uaisle a haithreach; leasg breath do bhreith 'na haghaidh, dá ndeach le dreich ndealradhaigh. 97. Ar eagna ar aoibh ar aithne breath lé ag lucht a breathnoighthe; fáth a hionmhuine as iomdha bláth fiodhbhuidhe fíniomhna. 101. Do fheudfamaois forgla a bhfríoth le a fhréimh do ríoghnoibh coigcríoch, d'ua Briain, 's do bhandáloibh Breagh, gan chiaigh n-annálaigh d'áireamh. <L 207> 105. Ní lughoide luach an fhir nach bean tar tuinn ór thuismhigh d'fhuil Ír 's ní hionbháthaidh í as díbh d'fhionnmháthair Énrí. 109. Ua meic Fheidhlim, meic mic Cuinn, ua an Fhir Dhorcha meic Domhnuill, an dá fhionnchrann d'fhéin Bhanbha, 'na tiomchall céim creidemhna. <L 208> A LÁMH DAR BHEAN AN BÉIM SÚL. An Fear ceudna cc. 1. A lámh dar bhean an béim súl, ní tú abháin bhuaidhreas iomthnúdh; as fúibh do fóbradh a dol tnúidh na n-ógbhan i n-édradh. 5. Atáid mná moighe hEamhna ag aibhsioghadh h'óigdhealbha, a ghég ramhánla an rúin taoi, 's ag tnúidh faghála a bhfaghthaoi. 9. Do dhíoghuil rinn gacha ruisg an fortún feadh do theguisg, gur fhoillsigh daighbherta dhuid; tairbherta an Choimsigh cogruid. 13. Go bhfuarois eadráin h'aighthe don toice ar tí a dhealraighthe do réir dualois fhola hAirt, 's go bhfuarois togha tochmhairc. 17. Lucht cronuighthe a crotha séimh, da dtnúth, suil tísiodh oilbhéim, dainimh nach derna a bennach th'aighidh dhealbhdha dhrithlennach. <L 209> 21. Nírbh oirchios fós a bhfaicsin gan tracht an taoibh sholuistigh, is barr cuachthrom na gcéd sgath, 's an déd bruachdhonn do bhennach. 25. Nír ghonta do gháibh an tnúith na bossa, buinn an mhallúith, an chammala, an reulta ruisg, dénta annamha an euguisg. 29. Ní lot ionnmhuis fhir nó mná táinig ribh d'fheuchoin iarghná, a bhas réidh gan rún gcoire, acht béim súl na sochoidhe. 33. Ní headh orduighid filidh ní hé as mian le mílidhibh an ní as bádh re béinibh ban, a lámh dar éirigh easgar. 37. Teidhm seachad, rob slán thusa! badh libh, a lámh chéadnusa, ar dháil ort an Rí do rath, madh olc leis an tí as tnúthach. 41. Mur gach toirbhert da dtabhar do neoch do ní d'ardughadh, saorthur, do ghrás an té tug, gibé re bhfás an formud. 45. Gibé tuisleadh tarraidh sibh, go dtí d'fheartaibh Dé dúiligh a chlaochládh ar chrois gach mná anois, a mhaothlámh Martha. <L 210> 49. Léigid di a firchéile féin mná chóigidh Eamhna d'éinmhéin, ná labhraid a bhaile i mbí, ná tabhraid aire d'Énrí. 53. Faicsin bile a bheoil chorcra, nó gné a aighthe eudrochta, nó fionnchúl flatha Line, fatha iomthnúdh inghine. <L 211> <U 0064> MÓR LOITIOS LOT NA LÁIMHE. Domhnull Ó hEachuighéin cc. 1. Mór loitios lot na láimhe; dom aos chumhtha is combáidhe ní fhuil fher, 'sní haithnidh dhamh, nár bhen dar n-aithghin esgar. 5. Mór n-orchra as damhna dubhaigh mór d'fháthoibh 'gar n-osnadhoibh, 'gum raithreaghdadh druim ar druim, nach tuill aithbhedhgadh ionnuinn. 9. d'ar ndóigh is aoinfher d'fhine, do lucht cumtha ar gceirdine, gin go mbé an saoghal da sníomh, dar nár bhaoghal é d'imshníomh. 13. Meinic ráinig riamh sinne leagadh seóil, sníomh intinne fan lucht do badh doiligh dhúin da n-oidhidh i n-ucht fhortúin. 17. Tig arís go nuaidh aniogh, d'éis chumhadh maicne Míliodh, gaoi ghreanta thríom ó thuirsi, más fíor techta an teasgaidhsi. <L 212> 21. Fios a chroidhe ag gach fer féin ní mé an fear nach bhfuair oilbhéim, ar n-easgur re haonlá amháin tre theasgadh aonmhná d'fhagháil. 25. Fuair meisi, 's gan mé ar a muin, easgur d'eoch is í i nUlltuibh; fada as sgíth ón easgur mh'ulc mo theasgadh i gcrích Connacht. 29. An tuisleadh soin tarla thoir i dtús maidne die Domhnaigh, uch uch! do chrá mo chridhe ria lá ('s me) ag sruth Sligighe. 33. Acht gidh eadh, ní fhidir sinn créd é an fáth uma bhfuighinn cúis chliste, nó céim rom chná, nó béim badh miste ó Mharta. 37. Ní da taobhsa tángus rinn; nír bhris cuibhreach a coinghill; nír thúair a lámh do leonadh do ghrádh ar bhuaibh baindeoradh. 41. Nír thuill a saorlámh a sníomh tre fhíoch tre fhuath tre fhairbríogh, ní do chiorrbhadh buinn nó boill, nír thuill diongnadh ná damhoill. 45. Ní dherna ní badh náir dhi, ní fhuair imdhergadh aighthe, nír dherg sí tre náire neach, ní sgáile í re heineach. <L 213> 49. Madh cara madh námha neach ní bherthaoi léisi leithbhreath; bean gan ghó gan chlaon gcóra, do thaobh só nó seanóra. 53. Nír ér fós, as feasach dhamh, coinnmheadh ollamh nó ánradh; 's bíodh sé ara cumhacht do chrodh, isé ar n-udhacht nach n-érfadh. 57. Oroinn féin as cóir a chion, trér neamhrath tarla an tuisliodh, 'sé d'armus linne gach lá: is sinne mharbhus Marta. 61. Gach aoinneach dob annsa linn gach neach lerbh annsa ar n-aichill, cúis mo thruaighe ar séd, fa sech ag ég uainne gan fhuireach. 65. Madh áil léisi breith go búan bíodh umum feasta finnfhúar, 's do gheubha sí saoghal sen; mo thaobhadh dhí ní dlighther. 69. Gidh eadh, dámadh imthecht di, slán cháigh go coitchionn uimpe, d'fhaicsin da préimh nó da pór nó a chlaistin céim a commór. 73. Mór do mhnáibh ler mhaith a hég, mór mac ríogh le badh roibhéd, ben do ní deighbhearta ar dháimh ar tí a heighreachta d'fhagháil. <L 214> 77. Iomdha ainder is ógh ghlan dar tuismheadh d'fhuil na n-iarladh, roighne sgath caomhfhoirne an chláir, ag brath saoroighre Seaáin. 81. Ní har olcaibh linn ná lais, go triath cuain Cairrge Ferghais, tré fhoirnert astegh ná tí ben na hoighreacht go hÉnrí. <L 215> A MHARTA CEANGLUM CONNRADH. An Fear ceudna cc. 1. A Mharta ceanglum connradh: dearbham daghfháth bhur n-airrdhean, budh mór da chionn as t'fhoghnamh, 's congnadh liom do bhas bairrgheal. 5. Biaidh leibh is bím rem bheathaidh do shíor dod reic ó rathoil, 's bí linn ag seilg ar sochair do sgim chrothaigh dheirg dhathaigh. 9. A bhláth lubhghort ó Lonnoinn 'gar gnáth umhlocht is urruim, budh díol liom san mhaoin mheallaim, gealloim laoidh do chionn chumoinn. 13. Mas conchlann duid is dúinne, ní cothrom mo chuid báire; ní mhair maoin acht eadh uaire; buaine a sheal daoibh ar ndáinne. 17. Caith féin do chuid a chara; tuig nach téid maith amugha; gidh ard thú ó threibh fhola, dola i gclú leibh ní lugha. <L 216> 21. Ní tú a Mharta do mealladh, do chlú d'fhadadh it fharradh; dod ghrúaidh ní gar a dhonnadh; cradh d'ollamh uaibh ní hannamh. 25. Mór rothnúdh ribh ag ríoghnaibh mur thig t'fhortún ret airrghibh; rath aighthe Dé rod dhealraidh, dearbhaidh sé th'aithne ós aindribh. 29. A throigh mhaoth ar snuadh snechta, 's na ngruadh mur aoibh gcaor gcorcra, fásfaidh, a ghég fhionn Acla, riom falta as méd do mholta. 33. Sgél dearbh adér red thuairim: bél derg is déd mur neumhoinn; báidh d'eas nó d'aol nó d'fhaoilinn red chnes chaoilshlim shaor shéaghoinn. 37. Dearc shuilbhir sgothmhur sgiamhach, 's fuighle na bhfocal bhfáidheach, ó mhac leasg ort as ualach folt dualach na bhfleasg bhfáinneach. 41. Sás gada céile Colla do ghlaca séimhe sunna; gadaidh maighre saor Sionna mailghe fionna as caol cuma. 45. Leth go ghruadh mur uan d'fhírshreabh, 's a leth mur ghúal do gheubhadh; do ronn an Rí rér fuaidheadh lí gruaidheadh ndonn dot dénamh. <L 217> 49. Gidh lór bhur n-áilne ar fheuchoin 's do phór gan táire ó thriathaibh, tarla dhuibh do dhíol nuachoir do shíol Tuathoil, d'fhuil Fhiachaidh. 53. Ua Bríain ó bhraonshruth Feirsde gan chiaigh as caomhthach dhuitsi; mó gach lá a chlú ná a chiste, ní miste thú thrá a thuigsi. 57. Dréim re clú maicne Míleadh ga haicme 'gar dhú a dhéineamh? re hucht sluaigh i gcrú caoilshlegh, clú as aoírer ní fhuair éinfher. 61. A theisd ní huighe aonlaoi croidhe gan cheist um chruaidhní ní rug sé a aithne ó Énrí gné shéimhlí a aighthe i n-uairmhí. <L 218> <B 1640flc 17L> <U 0001> ROINNFIOD M'ÉIGSI RE HART ÓG. 1. Roinnfiod m'éigsi re hArt Óg, ní nach fholáir don fhioród, toradh slatchoille ó Néill náir, réir ar n-acfuinne d'fhagháil. 5. Spás aimsire iarruim air go tilleadh dhamh óm dhúthaigh, 's go dtí dhínn déinimh duaine do ghríbh chéimmir Chraobhruaidhe. 9. Leithsgél agum re a aghaidh aithne Airt ar ealadhain, an saoirfher go bhfeidhm bhfromhtha, 's ar dheilbh laoidheadh locartha. 13. Madh im beo 's mo bheith re dán díolfad re hArt a fhuarán do laoidh fhúair re gaibhnecht ghloin 's a huaim re haidhmbert n-ughdoir. 17. Gealluim fós da ghruaidh ghairthe, dá n-aghum uain saothraighthe go bhfuighe ar nAirtne duain di an uair as aibche m'éigsi. 21. Buain do chroinic Chloinne Néill as ualach d'ollamh eiséin; breith einge a ríogh go roile gníomh dar leinne as líonmhuire. <L 219> 25. Féile egna uaisle Airt, saoilim, gidh líomhtha ar labhairt, nach bia im nert uile a n-áireamh, tearc go bhfuighe a bhfriotháileamh. 29. Cruithneacht fhíorghlan fhola Néill, ua na mBrían nar thuill toibhéim, eo Line, maighre Mena, cridhe as aidhbhle aisgeadha. 33. Do fhás Art Óg mur a fhuil, glan pór ón ithir uasuil, mac Áine agus a athar, slat as áilne aipcheachadh. 37. Tar chrois éiges gcríche Cuinn mac Seaáin isé thoghuim; ní ghébh do chrú Chréidhe cead, mo chéile ní rú roinnfead. <L 220> <U 0065> CEARD AITHREAMHAIL EINEACH GAOIDHEAL. Lughaidh Óg Ó hEachaidhén cc. 1. Ceard aithreamhail eineach Gaoidheal gúais da n-oighribh, isé a suim, bláth na fréimhe ar chor na coille, cor le féile chloinne Cuinn. 5. Dol ón oighreacht dh'éis a chéile cia dhíobh ar nach biadh 'na bhéim? deacoir righe do réir chlechtaidh re fine réidh nertmhuir Néill. 9. Álgus aoidheadh anuair choisgid, budh cobhair dhóibh dáil a mbúair, tiocfa dhíobh gan daoíre an deoraidh na maoine ó shíol Eoghain fhúair. 13. Sliocht Briain Bhallaigh do bheir athnamh d'éigsibh Banbha ag bronnadh creach, dá ndeach file i gcóir ar cheanaibh le fóir Line berair breath. 17. Ionnmhus nach uair Art mac Seaáin saoilid filidh go bhfúair sé; cia do bheuradh díol do dheoraidh dá n-euradh síol Eoghain hé. <L 221> 21. Ní thiocfa ris um réir ndeoradh déunamh aithris ar fhuil Néill; ní beag do dhíon ar bhuing béime do shíol Cuinn a bhféile féin. 25. Cunntus dáileamhon díol éigios ní iarrfa ar chách comha as mó; ní théid i síodh d'oighre Áine nach doilghe díol dáimhe dhó. 29. An Lia Fáil is futhaibh labhrus laoich ó gCuinn mad cian ón líg; atáid, do chóir tighe Teamhra, fóir Line sa bherna i mbíd. 33. Do gheubha sé ar son a chóra cead cogaidh re ceannaibh sluaigh; ag sin díol í Chuinn san chomhaidh; síodh da druim ní oghoir uaidh. 37. Cosnaid tóronna Trian Conghoil cur le hArt másé do níad, do shíol Néill ar ndol i ndaoínibh budh réidh ar thol aoinfhir iad. 41. Le síol Néill dá nadhmadh Banbha breath dhíreach a dul fa a gcuing, dob fhiú tarbha Airt don fhilidh dá labhra ar chairt chinidh Cuinn. 45. Mac mic Briain, gibé nár dherloig, dáilfidh bú agus berta sróil ní théid aoidhe tar fhiadh Line nár iarr maoine acht idhe óir. 49. Troid um cheannus críche Macha meinic nach bhfúair fine Néill; comhthaigh gliadh oile ní oghar, fian Doire aga fromhadh féin. <L 222> 53. Do dháilfeadh sí a séda buadha barr teineadh suil téid ós ráith; a bheith gan díol rug do roghoin; ní thug síodh ar chomhaidh cháich. 57. Fogus daoibh an dream dán córa clár Banbha do bheith 'na gcairt; dob adhbhur rúin é dot fhaghlaidh dá mbé a shúil le hadhbhaidh Airt. 61. Led líon feadhma ag foghail biodhbhadh béarair cluiche fa chlár Té; a dtéid toraibh go Trian Conghoil omhoin d'fhiadh an fhoghlaigh é. 65. Fighe réidh ar reighlén bhfoghal nírbh fherr libh i gcúirtibh chailc; do bheith i n-earradh fhir fhaghla ceangal libh ar adhbha Airt. 69. Taibhghidh tú ar an té nach díolfadh duasa d'éigsibh Innsi Fáil; Ní chuirfe (ní) ar fhéin don fholaidh nach bí ag cléir do chomhaibh cháigh. 73. Do sireadh da sédaibh búadha bruighion talmhan gur thegh nocht; bentur a síodh le fuil bhFiachaidh díol ina bhfuil d'fhiachaibh ort. 77. Uain deabhtha ní dó do bheire gibé adeir nach díolfa an chóir; bheith dhaoibh fan gcána do cheangal nír chaoil brágha i n-earradh óir. <L 223> 81. Do bhronnadh gibé nach sirfeadh i séd nár bhraith do bhí a chuid; do bhreath féin do iarr an t-aoidhe nach biadh réir badh daoire dhuid. 85. Do lucht diomdha as dóigh da locadh lenmhoin t'fholadh masé a rún, do bheir tríath do láimh mur Lugha i ndáigh fhiach do chura ar gcúl. 89. Lá do fheuchois d'fhoirm na leabhar, lá oile do adhnuis crích, puirt ríogh it fhalaidh da n-adhnadh, díol 'na aghaidh snadhmadh síth. 93. Ionnmhus a ghaoíl, do ghuais t'fhoghla, do adaimh neach, ní nár dhligh; braitior le tóir comha a chéile i ndóigh dhola i réidhe ribh. 97. Comhtha séd isíad do láthair locaidh tú go techt ar áth; ní háil libh an rogha as réidhe, sibh ag dola ó chéile is cách. 101. Fer red diomdha ré ndíol gcána caithfidh dol ó thír go tír; aga shuain i n-adhbhaidh oile ní fhuair faghlaidh Toighe an Trír. 105. Síol Eoghain ní hosadh ghealloid, ní ghébhdís duit díol i láimh; má fríth let fhéin í gan fholaidh ní bhí réidh ar chomhaidh cáigh. <L 224> 109. Laoigh fad reighléin go rún dtríalla ní astigh bhíd ag barradh crú; foghnaidh sé ar feadh na faghla gibé teagh 'na dtarla tú. 113. Ní iomchroid cách cnuas an fheadha, obair mhór gach magh do bhúain nach dtig díth cháigh as a gcomhthaibh fríth do thráigh le tolchaibh tuair. 117. Neach do chreachadh chríche Line laithe a tréigthe tiucfa ris; deacoir cor sealga 'na suidhe do thol lerga muighe Mis. 121. Sidhe ar ais ag éignibh Túama le teas gréine ón ghuais i mbíd; gonaidh an ghoil maighre Meana nach daingne goin treadha thríd. 125. Dob fhiú ar fhill don fhiodhbhaidh lúbtha léim buinne nach bíodh 'na gheis, tug fiodh ar leith do lighe sriobh do chleith fan Line leis. 129. Tíortha i gcuirionn cuarta mionca ar mhaoin Airt ní hiad as tóir, breith ar chléir do dhíol as deimhin, le síol Néill ní dheighil dóibh. 133. Acht a beith ag an té as treisi ar thír fhoghladh ní iarr cairt; ní fhuil neach do chóidh dha chabhair dá mbeath cóir i n-aghaidh Airt. 137. Gasradh Tuama go techt maidne ní mhúinfe dhóibh dénamh súain; créd bhus díol do chách 'na gcomhthoibh síodh an tráth nach oghthoir uaidh? <L 225> 141. D'Art mac Seaáin fa seilbh dúthchois dá ndeachadh seal do threibh Té, má tá i ndán do chineadh Cormaic, rádh na bhfileadh n-ordhruic é. 145. Dá ndeach an t-eineach i n-oighreacht d'inghin Chathoil nár char ní, do bheir díol do dháimh fa a ndoilghe; ar mhnáibh ríogh as oighre í. 149. Do ní Gráinne ar bhriathroibh beaga brosdadh oinigh úa na mBrían, tús sgoile 'na dhiaidh ag díorghadh, biaidh fa oire ríoghbhan riamh. 153. Méin a haicme i n-intinn Ghráinne gnáth do chraoibh fás mur a fréimh ní bhí ag meathroinn clú na coille cnú do ghealchoill cloinne Céin. 157. Ní beg liom d'inghin a hathar aithris air má éidir lé, fuair umhlacht ar mhéd a mheanma, gég do lubhghort Eadhra é. <L 226> <B 1638c 17L> <U 0030> CIA AS MÓ COMAOIN AR CHLOINN NÉILL. Fear Flatha Ó Gnímh cc. 1. Cia as mó comaoin ar chloinn Néill? fagham a fhreagra ón ríghfhréimh; madh áil a fhiafroighidh soin do thriathruiribh cláir Cobhthoigh. 5. Síol Néill aicme ós gach fhoirinn, an tríd so asé fhiafroighim tarla gach aisgidh orthaibh, tarbha an ghaisgidh ghníomharthuigh? 9. Nó ané gníomh a n-each fhoghnus náid cuilg leonta a leabharbhas do thréd chraoi bhernfhoghloigh Bregh nó a ngaoi i bhferdhornuibh féinnedh? 13. Nó an comaoin mhaith re maoidhimh briathra a bhfionnbhan bhforbhfaoilidh? nó an tríd gháires geoin na bhfer áines a gceoil nó a gcluicheadh? 17. Saoilimídne gur sinn féin chuires ann d'aicme Shaoirnéill, ursoin toighe na dtrí nArt, 's nach ní oile da n-eubart. <L 227> 21. Ar nduana, dha dhearbhadh sin, uaislighes aicme Gaoidhil, léiges ris fhreumha a n-aithreadh, sgeula a bhfis go bhfiafraighther. 25. Gnáth d'fhileadhaibh fhóid Éireann cuimhniughadh a gcaithréimenn, croinn chnuaisbhlechta bhruighne Bregh, 's cuimhne uaisleachta a n-aithreadh. 29. Eolus sleachta Gaoidhil Glais ní bhí i mBérla nó i mBrethnais; 's ní fhuil i leabhraibh Laidne a leanmhoin mur leanmaidne. 33. Uaislighther trá inar dteangoidh plannda gach póir Eirennoigh; ga gcur síos, ní sámh an cheard, bhíos gach glár acht an Ghaoidhealg. 37. Gibé dan buidheach file foillsighther Aodh Oirnidhe Niall Glúndubh ime, agus Art, gille dar múnadh mórdhacht. 41. Innister fós Conn cadhail; áirmhidh Fiachaidh Fionnoluigh uime, agus Iúghoine leis, stiúroidhe luinge an fhlaithis. 45. Ó athair Iúghoine mhóir áirimhther uime d'onóir gach slat do bhéineashlógh Bregh go hÉiriomhón mac Míleadh. <L 228> 49. Labhrum do shliocht Briain Ballaigh, clann sin dona saorchlannaibh, gasradh Droma cuirmthinn Caoin; orra do chuirfinn cumaoin. 53. Ionmhaoidhimh ar Art Ó Néill go mbiamna buidheach dheiséin; dom aisdibh más éidir linn aisgidh éigin 'na oirchill. 57. Gach taom dhlighes do dheunamh um tualaingsi a thaisbénadh; gach glún da aithribh go hArt aithnidh dhúnn, mur adubhart. 61. Amhluidh moltar mic flatha: ar bheith abaidh ionchatha; ar rogha gcrotha is cédfadh fotha a dtogha taisbeuntar. 65. Ar bheith d'fhuil dhearsgaighthe dháibh, ar sgaoileadh duille an domhnáin - iomdha neith nochtair orra - ar bheith fortuil bhfoghloma. 69. Léigiomna seachoinn mur soin cuid meic Seaáin da sochraibh, 'síad air dob fhionnta d'eolchaibh; da raibh ionnta aithneochthair. 73. Croidhe tiodhlaigtheach treabhar ní bhiam air dha fhoillsioghadh, nó an chiall do shealbh orruim d'fhior, nó an dealbh chonnuil ód chíthior. <L 229> 77. I gcoimhmes, le ceardoibh laoich, ris gach fer feadhma neamhmaoith d'ógbhuidh lannghairthe lis Bregh, samhlaighthe ris go roifeadh. 81. Uaislioghadh éigne Tuama madh áil d'fhuighlibh fionnfhuara eol damh mur logruim laoidhe dá dtogruinn car comaoine. 85. Dá ndealbhuinn dréchta millsi, atá ar comus creidimsi d'eo Tonndaoile ar a son soin cor comaoine ar mo chosmhoil. 89. Deilbh ar n-oige d'eó Meana, aisgidh so ar son aisgeadha, mac Áine, do fhidir mé nach sgáile idir d'éigse. 93. Sochar na laoidhe do fhlaith dealbhthar i n-oige an ánraith, 's a bhfoighe uirthe dha éis re roile as cuirthe i gcoibhéis. 97. Dlighidsin an díoghruis dúnn, an anóir isí ar bhfortún; d'uaislibh shenoigh Gaoidhil Glais 'nar laoidhibh dleghair díoghrais. 101. Gan dol as a dhíoghrais damh le hArt Óg isé ar gconnradh, abhra doirche eidir dhath aoil, 's ní rach choidhche ar mo chomaoin. <L 230> 105. Iomdha adeuradh gur dhual di ó gach fréimh dha bhfuil impi gach deghsdair da ndingneadh so, 's meastair inghen Í Eadhro. 109. Dersgnughadh do mhnáibh ar mhodh saoire is inghenacht athor, ar a dtáille do thoill soin, roinn do Ghráinne d'ar ngréusoibh. 113. Biaidh agus tairfidh tuilleadh dhíomsa, gé cuin comhuillior? an méidsi ar an mhongshaoir mhoill do chomaoin éigsi agoinn. <L 231> <U 0066> DA ROIGHNIBH CHREIDES CLANN NÉILL. Domhnall Ó Dáloigh cc. 1. Da roighnibh chreides clann Néill, foirne le mbeirthior barr cáigh; laoich ullmha ar nach berar búaidh, fuair an umhla dleghar dáibh. 5. Iomdha rogha ar ar fhás uadh, a dtogha ní nár do Níall; aicme nach léir díoghuin díobh síol Néill ós na ríoghaibh riamh. 9. Beag an t-iongnadh reic a rúin don leic, 's a tiomna ar gach tír; ní hé as labhra don Lia Fáil cia dana cáir adhbha Ír. 13. Laoich armtha bha ua na mBrían, ní fuar leis an mBanbha a mbádh; geata umhal don reacht ríogh, do chleacht díon Uladh a n-ágh. 17. Re feadh taistil Tolcha an Trír na comhtha i n-aisgidh ní fhúair; sí aige 's gan í 'na láimh cáin an tí dob fhaide uaidh. <L 232> 21. Malairt datha uaidhe ar úr an t-achadh gur nuaidhe a níamh; téid Art re a ágaibh i n-ágh, ní bán do fhágaibh gart gliadh. 25. Re a dhlús tiaghair ar fhud n-áigh, an riaghail da cur ó chiaigh, do bhean ceas naoidhion d'íbh Néill nárbh fhes d'fhéin Gaoidhiol i ngliaidh. 29. Cuingidh Eamhna is éadrom suan go nderna in gach énfhonn eól; dob fhiú a obair fa ghart glíadh, nár iarr Art ré gcodoil ceól. 33. Mac Seaáin nírbh iarrtha a iocht ré ngleoágh go ngiallfa an smacht, 'san rian nár hoireadh re a ucht i ngurt gliadh dob oiremh Art. 37. Da gheis gan chongmháil a chruidh; do bheir don tromdháimh a dtail; gan bronnadh ní bhí 'na thigh acht ní nach sir ollamh air. 41. Na cethra na bleidhe bhúaidh do gheibhthior 's a n-eachra ót fhéin; gibi heile dháile dhóibh fáinne óir ní cheile ar chléir. 45. Macruidh Line ad chenn i gcúan dream leis nach sirthear an síodh; ar dtabhairt cána a gort gliadh t'fhían go dána ort um fhíon. <L 233> 49. Géill uaisle beroir go Bóinn, a ndechaidh do chuairte i gcéin; go dtáinic sibh go fiadh bhFáil giall i láimh gach fhir dot fhéin. 53. Léige leision sín i seól in gach tír go dtéighi i dtrágh - géill an fhuinn Ulltoigh ná hiarr - giall id luing luchtmhuir sa lán. 57. Fiú luadhail bhur bhfaghla féin th'uamhan go dtarla ar gach tír; go brath adhbhadh oile róibh nír chóir adhnadh Toighe an Trír. 61. A thochta at aghaidh ar áth comha do thabhaigh ar thriath; 'na leith féin do cuireadh críoch go bhfríoth let fhéin fuighiol fíach. 65. Ní le cách na leaptha i luigh, a gclechtadh do ghnáth do gheibh; tar éis lighe ní lór libh ar ibh slógh Line do fhleidh. 69. A mheic Áine ód techta i dtír da dtáille dob eaglach úaibh; dot omhan nír dhúinte dháibh cúirte cáigh ar chomhar gcúain. 73. Gá beag dod ghairm san réim ríogh? do chéim tar a n-ainm ná hiarr; bheith it Ort Aoinfher dob ál ar lár Gaoidheal fa ghort gliadh. <L 234> 77. Ní fhuil do dhiomdha 'na dhiaidh nach dtiobhra fa thoil do mhaoir; fillidh bráighe 'na brugh féin ar ndul fa réir dháimhe dhaoibh. 81. Seachnaidh fer dot omhan iad tairthe na bhfeadh leat do lúb; ceann sluaigh ót omhain nír fhég an séd ar chonair fuair fúd. 85. Ioth i dtalmhuin, tes i sín, an mhallmhuir gan techt i dtráigh; do ghoid na sgoth ón Trian túaidh moch do chúaidh grian ina gáibh. 89. Réd shilleadh gnáth sleuchtuid síad, na géga fa bhláth go mbíod; má tharla crann folamh fúd, do lúb call do thoradh thríod. 93. Ní mó torrchairthe sreabh seng tromthairthe feadh cenn i gcionn; congmhoidh grian an mhuir go mall gur chuir barr le Fiadh na bhFionn. 97. An chnú chumhdaigh, an idh óir, do bhir as na tulchoibh thúaidh; ar bhfaicsin lerg Locha Laoigh nír mhaoín le cerd clocha cuaigh. 101. Ní badh amhra leis gach laoi a bheith mur tharla ar a tí; más é as fer do thealaigh Té ní bhen sé acht i ndeabhaidh dhí. 105. Sgaoilid fáidhe fios a rúin mur shlios gacha tráighe thúaidh: gibé ionadh i mbí Bóinn sí dha chóir ar siobhal slúaigh. <L 235> 109. Gur dhearbhsan iad in gach eing tíad i ndeabhthadh druim ar druim, tug rogha don té do thoill, sé ag roinn na comha ar íbh gCuinn. 113. Dob uamhon dénamh 'na ndiaidh mur fheuchoid i n-uathadh slóigh; ag cur anma ar fhine Néill a fhile féin tarla ar thóir. 117. Tig loinnreadh 'na leacain ghil, d'eatal do foighreadh na fail, beg díol a ghruaidhe do ghoil, ní loigh síon da fhuaire air. 121. Trían Conghoil mur thiltior túaidh congmhaidh gan tileadh gach tír; a bheith roimhe san ráith mhóir nír dhóigh le fáith Toighe an Trír. 125. Sirthe cródha cloinne Néill i gcoinne tóra ar gach taoibh, líon catha ón chonair do chuaidh re homhoin sluaigh Lacha Laoigh. 129. Lámh le sgaoiltior seoid na sen, gach aoinfher 'na ndeoidh ag dul; muna ní le cléir a chrodh ar a dtol féin do bhí a bhrugh. 133. Gan ghuais gcréachta ortha uaidh comhtha ní gheubha ré nglíaidh; mór an tslighe dleaghair dhóibh fóir Line i ndeabhaidh na dhíaidh. <L 236> 137. A ndáilfe as deigheolus dí, do cheimneochadh Gráinne gnaoi riar tola ar a breith dá mbé, sé re Leith Mogha don mhnaoi. 141. Ní cheil iolmhaoine da n-úair, ní hionmhaoíte a mbeith gan bhéim, da dreich dhuinn, do bhrígh a báigh le mnáibh síl gCuinn agus gCéin. 145. Maicne Colla fa a cruth sliom, aicme in gach rolla rug barr; rún feadhmfhosaidh fa bhfuil conn, tonn don fhuil Eadhrasoin ann. 149. Do riaghladh modha na mná ní hiarrtha moladh as mó, gar eithne dha chéile is cnú clú a fréimhe reimpe dá ró. <L 237> <B 1649fl 17L> <U 0067> NÍ D'AINBHFIOS MEALLTAR MAC SEAÁIN. Somhairle Mac an Bhaird cc. 1. Ní d'ainbhfios mealltar mac Seaáin; na seoid dháilios as dó tíad; maoine an eóin a healtoin Tuama dá dheóin mealltoir uadha íad. 5. Tabhach urruma i n-aois tsóisir do shíol Néill ní nuaidhe an stair; ráth na ríogh dha thoil go dtiobhradh ná bíodh soin 'na iongnadh air. 9. Leabhair Chaisil is chláir Macha nír mheiste dhóibh dol 'na leith; má fríoth cairt nach léir do léghadh le fréimh Airt do bhéradh breith. 13. Gluaisid leis i laithibh teannta táin mhíleadh don mhacraidh shídh; do an ó hEunna 'na armaibh go car seula ar adhbhaidh nÍr. 17. Ferann cloidhimh cairt a shinnser, do shíol Néill do ba nós gnáth; caidhe an tríath lerb áil a éra sgíath ar láimh í Éunna ar áth? <L 238> 21. Ní hé amháin an mhedh le dtoimhseann Trian Conghoil do chuir fa a smacht, go breith 'na láimh ar fiadh bhFuinidh an ghrian áigh do fhuirigh Art. 25. Do ghabh an Céidniall cúig braighde do bhreith an chluiche ar chlár Té, dá dtogradh naoi ngéill do ghabháil le mnaoi Néill dob anáir é. 29. Buidhne amach ó mhacraidh Line, an líon tíad i dtighibh óil, ní thoillid fuil Earca i n-éntoigh leabtha amuigh go ndéntoir dhóibh. 33. Críoch a thuruis i dtoigh bannáil bronnadh séd, 's ní seoid do ghabh; nírbh fhiú a thol da seuduibh suirghe a dhol d'fhéagain bruighne ban. 37. Cána troma an tráth nach n-uigheadh d'uillibh sgiath do sgaoilfeadh cailc; taosga do chuaidh sé 'ná séna gibé do smuain éra Airt. 41. Eagna a bhfuil re foghluim gnáthaidh glioca a bhriathar gibé adeir; do ghabh an chlíar leisge labhra fian Feirste má tharla asteigh. 45. Do thoirbhir do thionól éiges d'eudáil biodhbhadh bruta sróil; do bheir mac Áine don fhilidh ar ghlac bráighe d'idhibh óir. <L 239> 49. Ualach catha ar chinél Eoghain aighthe féinneadh feirrde a dtlacht; téid do thes ón ágh 'na éideadh, snámh ar ess gurbh éigen d'Art. 53. D'fhuil Bhriain Bhallaigh biaidh san choigill crithir aoibhle ó n-adhnann grís; má thug Temhair léim tar líne lenaidh don fhréimh fhíre arís. 57. Fogus trághadh da dtuinn mhenmun na meic ríogh dá rugois búaidh; créd as nár len triath dod thréidhibh do gheabh le hiath Éibhir d'uaim? 61. Síad id longphort mur lucht frestoil, forgla an teghlaigh go dtáir fíon, fian Line cáit ina gcuire file i n-áit an duine dhíobh? 65. Do líon glíadh ní gheubhaidh seachad go sníomh dornchar, go dáil crann; meinic t'fhían ag tocht da threabhadh do ghort ghliadh gur beanadh barr. 69. Tabhach cána críche heachtrann an fheilm órdha aseadh do sgailt; cró fogha ar do thaobh don tachar, maor do chomha ar achadh Airt. 73. Lá don chraoisigh 'na crann lúbtha ag léim brogha bíoth nár fheac, caol an dá chrann fúibh nár filleadh do bharr dhúin gur lingedh let. 77. Rugais amach, a mhéin Seaáin, seula dúithche mur dhíol fiach; do gheibh síoth ót fhéin da oighribh críoch Néill ó do thoirbhir tríath. <L 240> 81. Tógbháil airm nár iomchuir féinnidh, as feidhm laoich nár léigis thort; ní léig le fer í as a hiomdhuigh slegh do bhí go hiorghoil ort. 85. Do bhreatha maordha, a mheic Áine, éigcert d'fhógra asedh do níad; súil re lenmhuin na mbreath bheire do mheabhruigh neach eile íad. 89. Dol i gcoimes do cherd bhféinnedh an bhfidir cách cia do lamh? gan bheith libh ní béim dod bhuidhin, sibh ag léim i mbruighin bhan. 93. Droiched curadh do cherd gaisgidh 's do ghaoi dhonna dhoirtes crú; foghnuidh slegh re haghaidh h'iomchuir; sreabh chalaidh ní thiomchuil tú. 97. Do locadh leanmhuin an adhbhuir, ní fhuil biodhbha bhrises cuing, ben gan omhan ag techt tríthe, nír bloghadh reacht críche Cuinn. 101. Barr a comhthaibh críche Temhra, tairthe dhaoibh ag dol i méid; gibé call do bhaoi gan bhlaghadh a bharr faoi go talamh téid. 105. Fuaim gach srotha re slios gcalaidh, ceol nach binne ó bharraibh mér; nimh a chnedh i gcuan nír chuimhnigh fer 'na shúan ó fhuighlibh én. 109. Oiremh céachta ar chiomhsuibh bóchna beg nár thuit 'na thoirrchim súain; gairid le fer an lá leabhar an fedh atá ag treabhadh túair. <L 241> 113. Téighid síona srotha balbha; ar bhruach linne ní luigh sioc; do chúaidh fúibh san mhuir do mhíne go bhfuil súil na ríghe riot. 117. Síad ag tnúth mur theguid d'fhoraois agha torrcha ó dtuismhid laoigh; dá rann énuigh ag cur chatha fa dhul d'fhéghuin Lacha Laoigh. 121. Éigse Fódla feadh a ndíola dáilimh ionnmhuis fhine Néill; do bhac soin an dol tar dligheadh crodh ar thoil na bhfileadh féin. 125. Re gráin sleighe is sí gan teilgen triath ar ais ag éirghe ó chách; téid tré fher 's gan í ina fhaicsin ód chí slegh Airtsin ar áth. 129. Roinn do chennus críche hÉibhir d'ua na mBrían do bhéra chairt; saoir da gcur ar obair Emhna ar sgur chogaidh fhedhma Airt. 133. Mó sa chách a gclechtadh foghla, fian Túama ní thréigfe a nós, mur fúair sgéula ó íath nár adhain, truaill í Éanna ar faghail fós. 137. Síol Eoghain ós aicme Ghaoidheal, an gnás riamh ní racha thart; acht cáin do bhí 'ga fhréimh reimhe ní réidh ar ní eile Art. <L 242> 141. Gaisgeadh tóra tráth an fhedhma d'Art Ó Néill ní nochtfa sí; an chaor shlóigh, do fhég gach énfhonn, tóir da méd ní fhéghann í. 145. A seoid oirdherca an uair bhronnus do bheir d'éigsibh earradh sróil, Gráinne ní iarr ar a haindribh ríar na dáimhe d'fhailghibh óir. 149. Inghen í Eadhra isí dhúisges drithle féile abhfad ó ghrís; cinnidh Gráinne ar an ngairm reimhe nach táire an t-ainm eile arís. 153. Ní gnáth lé lenmhoin an bhandáil, i mbruighin ríogh rug a mbúaidh; aithreach do mhnáibh béin re bronnadh, an réir dob áil d'ollamh fhúair. 157. Maith na tréidhe da dtug annsacht; re haithne Dé diallaidh sí; rún nach claon i gcoinne cionadh; do choille chaor n-iodhan í. <L 243> <B 1638c 17L> <U 0068> BUIME NA HÉIGSI ART ÓG. Lughaidh, mac Ruaidhrí Dhuibh Í Eachaidhéin cc. 1. Buime na héigsi Art Óg; baoghlach liom é don Artód, leaca ghlantrom is gruaidh the, a bhfuair d'altrom na héigse. 5. Mac meic Briain nach brisedh mionn buime éigios fhóid Éirionn; gidh maith an forainm fuair Art, roshnaidhm do chuaidh ós cumhacht. 9. An ceudlá do canadh ris gurbhé buime an uird éigis, fúigfe an lása é 'na Art acht grása Dé 's a dhaonnacht. 13. Ní cluiche sugartha sin, buime éiges guirt Ghaoidhil; mó as cruaidh thrá ina thaidhbhsi an lá fúair an forainmsi. 17. Dámadh leis ó mhuir go muir da gach taobh do Thrian Conghoil, mó congháir na héigsi dh'Art 'ná an mhéidsi d'fhoghbháil d'umhlacht. <L 244> 21. Tuitfidh leo nó léigfidh dhe; cúis bháis altrom na héigse; cur re a ndocroibh, dáil doghra, táin go bhfocluibh foghlomdha. 25. Maith chreidim nach gcualaidh Art tromdháimh Guaire i gcrích Connacht, fán aithchléir nárbh egal lais nó caithréim dreagan Durlais. 29. Tromdháimh Éirionn leath ar leath gluaister leo a los a n-ainbhreth go teach Ghuaire, acht gér ghníomh tenn, da ndíol uaidhe gan fhoirchenn. 33. Faoilidh rompa gnúis Guaire feadh a ré mur fher éanúaire; re dreich ndualoigh fá serg sriobh gérbh uamhain ferg na bhfiledh. 37. Dob í freagra gach fir dhíobh re faicsin aighthe an áirdríogh, bíodh nár dhaighriaghail don dáimh, a ndíol d'ainmhianaibh d'fhagháil. 41. Nír shirsiod dáil da dhocra nach fríoth go fiú a chomhochta, acht gér dhoiligh í d'fhagháil, ar tí a oinigh d'iongabháil. 45. Each cnesghorm fa cúilfhionn barr 's cosa fionna aga fulang do mhíanaibh mná Seancháin sin, acht gér nemhcháir thrá an toilsin. <L 245> 49. Mian eile fhuair mun amsin, sméra dubha i ndoaimsir, dob fhearr blas agus boladh; a teann as ag ardughadh. 53. A ndíol do mhuic fhirinn fhinn nach bérthar bhós go dílinn do thorc nach rugadh roimhe, da pubal olc iudoighe. 57. I ndóigh nach biadh thiar ná thoir semróga an mhaide mhullaigh, nír iarr acht neach gan náire, mian le teach na tromdháimhe. 61. D'fhios a ghiolla i nGlionn an Sgáil gluaisios Guaire mac Colmáin, gairm nárbh adhnár da fhine, darbh ainm Marbhán muicidhe. 65. Eugaoines ris lámh do láimh a mhíana troma ón tromdháimh, crú a aighthe 's a ghnaoi 'na ghioll, 's do bhaoi ga n-aithne ós ísioll. 69. "Ná trághadh do thonn mheanma," ar Marbhán, "thrá, a thigherna; tes t'fhuile do bhérsa a broid; do ghéubhsa uile a n-iarroid." 73. Tógbhus Gúaire an ghnúis chorcra, go Dia um dhíon a hadhanta rug a bhuidhe, breath na ndruadh, a dhreach uile gur fhionnfhúar. 77. Dá mbeith gleann mur Ghleann an Sgáil láimh re hArt Óg mac Seaáin, i measg fhian lannbhán Line, 'na mbiadh Marbhán muicidhe! <L 246> 81. Ó nach fhuil, eaguil liomsa bheith d'Art Óg san éigionsa; trom sgoile a fódmhuigh na bhFionn dob oire ar ógbhaidh Éirionn. 85. D'Art mac Seaáin do mhes mé gan ched gcreach gan chíos tíre - créd acht ró na bhfert bhféile - techt dó tar ar ndoimhéinne. Níor chás liom dá léigthí lais páirt do chreich Cairrge Ferghais do chur thart um brúach Banna, go madh luath Art ettorra. 93. Dá léigthí d'Art uair eile creach Dhúin, tar a dhaoineighe, do roinn 's gach taobh don Tulaigh ar dhroing do fhaomh ealadhain. 97. Dá léigthí d'Art siar ná soir, do nós slechta Bríain Bhallaigh, ó bhun Banna go hIobhar, gan dul alla ó éignioghadh. 101. Ó Iubhar na n-inbher nglan go doirrsibh Glinn Con Cadhan dá mbé cead imdhechta ag Art, inghealta ónár bheg beodhacht. 105. Ó Shliabh gCallann don taobh thúaidh go hEas Craoibhe an fhóid fhionnfhuair, ó'r smacht mun budh suaimhneach sin, nírbh uaimhneach d'Art ó éigsibh. <L 247> 109. Dá dteagmhadh bhós ga bhais bháin cead cuartoighthe chlann gCatháin, 's gabháil thart re taobh gcalaidh, badh saor Art ó ánradhaibh. 113. Ag Art Óg, mar a aithre, dá mbeith cead a gcuartaighthe Dún an Aonuigh, Uaimh an Deirg, saoraidh a ghruaidh mur ghlainleirg. 117. Ó Uaimh an Deirg, mheic Dremhain, dá mbé ag Art go haithreamhail sirthe ar gach leith taobh le tráigh nír shaor do chreich an Chorráin. 121. Ó nach bhfuil cíos ga chruth glan ón Oilén ó Ard Uladh, um Loch Cuain, um lionnloch Laoigh, a ghruaidh d'ionnlach dob anaoibh. 125. Ó Loch Laoigh go Dún Droma na coillte do chíu ettorra dá mbé tol a n-airgthe ag Art nír thairgthe cor re a chomhacht. 129. Caithfidh sé aigneadh aireach; an cháruid 'san comhaidheach legaid siar a uille ar Art; fial gach buime tar bhochtacht. 133. Méd ainbhreath na héigsi ar Art, tréna ríomh dóibh fa dhánacht; tiocfaidh am bhus aithreach dhi clann nach maithfeach da mbuime. <L 248> 137. Cosmhuil d'inghin Í Eadhra géag nua d'fhiodh a hoileamhna cia don ghéigsi do bhen barr fa sheal don éigsi d'altrom? 141. Gidh eadh, is guais do Ghráinne altrom trín na tromdháimhe mur chuid mná d'fhagháil ó Art, d'anáir gé tá 'na tochmharc. 145. Iomchóraidh d'fhocluibh bega ruisg chiuine mur choirrleaga cnes saoírfhinngheal ón tearc toil ar chlecht caoimhinghean Cathoil. <L 249> <U 0064> ÉUDMHUR MEISI FA MHAC SEAÁIN. Domhnall Ó hEachuidhéin cc. 1. Eudmhur meisi fa mhac Seaáin, seabhac sealga Sléibhe Mis; adhbhur diomdha cor mo chéile; iomdha ag dol i réidhe ris. 5. Atáid romhuinn ar tí a thochmhairc; nach terc duine ag fadógh fúm, munab áil bheith i mbun ghrádha, dul 'na leith gur dána dhún. 9. Iomdha file go bhfraoch n-egna, iomdha drécht ar dhioghluim ghloin da shníomh le mac súadh dar seisi, do ghlac uam ar dtreisi astoigh. 13. Fer ó Mhumhain na múr bhfíonmhur, fer ó Laighnibh don leith tuaidh, agso an drem nár fhég dar n-aircne, tréd do mheall ar nAirtne uainn. 17. Gach laoidh dhiamhair fhúair ó éigsibh tré Art Óg nírbh fheirrde mé; mo ghrés duaine dhó nach cumuim do só i bhfuaire umainn é. <L 250> 21. Ar mhac mheic Bríain ní bhí a n-ainbhfios; aithnid dó gach ní do níd; fa heolach é i n-áth na héigsi, isé an fáth rom-thréigsi thríd. 25. Ní fhuilsion thrá um thuillemh buidhe, beithir Thuama thráchtus sdair; croidhe inar luigh a lán d'egna rem dhán ní fhuil egla air. 29. Gidh éudmhur mé fa mhac Áine, is éd fa áth re hucht slúaigh, nó is glas ar chách um thrágh torchuir, dámh do ghnáth ní oghthuir uaidh. 33. Clanna fileadh gan fiú an ghiolla, gníomh as mó do mhearuigh mé; náir lem a lighe ag gach éinfhior benn mhire arna dhéineamh dhé. 37. Ní bhíu ag cogadh fa chenn maoineadh; maithimsi dhó a dhermod orm; bím do shíor 'na ainm 's 'na urláimh, 's bíodh dar ngairm i gcumhdháil cornn. 41. Ní bhacum riar aoidheadh annamh d'ua na ríoghraidhe ó Ráith Truim, 's bíodh réidh, mur as dlecht ón dligheadh, fár gcert féin ar chineadh Cuinn. 45. Ó gach fhuil dar fhás 'na thimchioll, má tá cion nó cuimhne ar chairt, ní cás dúinn go tenn a thagra: lem ó gach glúin agra Airt. <L 251> 49. Mac Seaáin is saormhac Áine ionann d'fhiachoibh orthaibh sinn; do lorg cinidh do bhun bháidhe dlighidh cur a láimhe linn. 53. Léigmid dínn a ndeachaidh thoruinn tré thnúth an fhir stiúrus stéd; mór an nert aoinfhir a uille; ní tearc aoidhidh uime ag éd. 57. Ionann bés d'inghin Í Eadhra is d'ua na mBrian bristi gleó; searc na cléire íad re aroile, 'siad re chéile ag loighe leó. 61. Dá mbeith i ndán diúltadh mh'annsa d'eó Line na linnteadh mbinn, cúis mo dhoilghe dearbhaidh Gráinne, cenglaidh d'oighre Áine inn. 65. Bean do mhaicne Mhogha Nuadhad nós a fir ní locthar lé; ní bhacfa sí an ní do nísion; do chí sí nach ísiol é. <L 252> <B 1677 17D> <U 0001> AMHGAR BISIGH BÁS FLATHA. 1. Amhgar bisigh bás flatha; leis cinntir crúas míoratha; mur as leis laghdaighther bail, leis ardaighthear gach easbhaidh. 5. Mur dhearbhuid teadhma is tacha, olc bisigh bás ríoghfhlatha; mairg ler fromhadh frémh da nimh; lén 'na chomhar ní cluintir. 9. Le bás flatha, foirfe an fios, tig gach lén bhus lór d'aimhlios, 'na ghrinnfhios as gnáth sinne, mhillios cách i gcoitchinne. 13. Da bhás tarthor tús gach leóin is gheines orchra is éidreóir; leis tar cert cinntior gach coir, 's mhilltior reacht agus riaghoil. 17. D'imtheacht flatha do réim ríogh fásaidh gaoth gorta is gairbhshíon, fásaidh 's gidh féile i laige, 's fásaidh déine is dochraide. <L 253> 21. Tig do bhás flatha fíre meath cnúais dusgadh doirbhshíne; 's neart i bhfoghlaibh, gá dás de, tre bhás chodhnaigh gach críche. 25. Fásoid fós adhbhoir osnadh, neamhghrádh cáigh 's a gcomhorsan, ní sgél núidhe um Bhanbha Bregh, 's dúile balbha do bhuaidhreadh. 29. Airde i sreibh, ísle i n-eathoibh, annsa cháigh do chlaoínbhrethoibh; ró míoratha, i gcás ná cuir, ar bhás ríofhlatha ríomhthair. 33. Rug oirne olc nárbh annamh, do dhearbhadh a ndubhramar, tásg flatha go nuaidhe anos, tacha bhus buaine bheuros. 37. I sé an t-ardfhlaith Art Ó Néill, Mac Seaáin, maith gan mhímhéinn, ler dubladh tlás ar dtreisi, ughdur na gcás gcráitesi. 41. Da bhás tairnic síos re seal torchur tonn tairthe coillteadh; ní fáth rúin nuaidhneimh na nél, nó ar bhuaidhreigh d'úir is d'aiér. 45. Dhe táinic, truaighe an pudhar, grían is eusga i n-eundubhadh; an tuirrsi ca taobh nár ghabh, raon na soillsi gur siabhradh? <L 254> 49. Dhe thiocfus tásg nach usa; truagh foirchionn na foghlasa, gach aonrath ar gcúl do chur; saoghlach an tnúdh gar dturnamh. 53. Dha dhíth tig, toisg dob annamh, gníomh, 'na chló nach gcualamur, le roinert trén gan taisi, lén oireacht is eaglaisi. 57. Dha dhíoth fós tig is tiocfa múchadh aoibhe is aigionta, san fhoirmsi um chaoimhlios ó gCuinn an toirsi ar aoibhnios aguinn. 61. Dhe thiocfas, mur tá ar dteacht, sgrios naomhord, díochur dillecht, d'ulc na sgél tubhadh treabhthach, lén brughadh is baintreabhthach. 65. D'ég Airt ba ríoghdha riaghail, síol tuirrseach Néill naoighiallaigh, crú ríogh dob iontnúidh 'sgach echt, do iompúidh síon a soibhert. 69. Cumha Airt Í Néill aniodh fada théid truaighe a haisdior, a mairgnimh dá seachna sinn, fa cheathra hairdibh Éirionn. 73. Éire an amhgair gidh í ann, teasta a ciall, cóir nach marann; túar dubhaidh an airc rér an do chumhaidh Airt, 's ní hiongnadh. <L 255> 77. Dá chaogad rí do ríghibh is seisior i seinlínibh, ionann méin dóibh is disi, d'íbh Néill do fhóir uirrisi. 81. Mur sin nach iongnadh d'Éirinn mur tá um ionnua Úirfheilim; maith 'na ndeoidh do dheughfadh dhi na treoin nach seunfadh sisi. 85. Saorua Bríain charroigh chródha, aodhoire na honóra, 'sé uainn i Sgire na sgath, budh húaill 'na croidhe a caomhthach. 89. Tumba clach codhnaigh Line, do líonadh m'fháth oirbhire; lán d'fhéile d'uaisle agus d'iocht 's do réidhe an uaighsi is d'oirbhiort. 93. An mhórdha an rath an riaghoil 's onóir shíl Néill Naoighialloigh, 'síad fóm i n-aonuaigh is Art; glór nach daoruaill adubhart. 97. An mhíonla an mhaisi an mheanma, an tromdha, an tlacht tighearna, an gart gan úaill gan obadh le hArt uainn do hionnlogadh. 101. An diadha an egna an umhla an fhoghluim ard ughdardha, féch san uaighsi Airt Í Néill, 's cairt na huaisle 's a hairdréim. <L 256> 105. Do só an fhéile 's an rath ríogh, do só an mhaith mhór gan mhaoithghníomh síos le craoibh fhonnghloin Uisnigh san chomhroidh chaoil chumhoingsin. 109. An cert an chaoimhe an chonnla, an mhórdháil an mhesardha, eite lúidh 's tlacht ar dtreisi le hArt fa úir mh'ainnisi. 113. Fíonchrú airdríogh Innsi Breagh 's mórfhuil ríogh na gcóig gcóigedh, bláth saorshlat gan chiaigh sgach cáil i gcriaidh le saormhac Seaáin. 117. Rún sáimh gan chroidhe gcorrach, dalta tuath is termonnach, sén rathbhuaidhe, riar (na gcean), Athghuaire cliar is coinnmheadh. 121. Reulta fhileadh fhóid na bhFionn, mac meic Briain aithchreach Éirionn, sgáthán cléire chraoi Logha do chnaoi an fhéile i n-aontogha. 125. Díoghruis einigh aicme Néill, an rug leis cuid da chaithréim? gidh fáth dér do dhortadh dhi, fochtar a sgél do Sgire. 129. Focht arís a dheimhin di an bhfuair sí 's a fhios aici samhail an chuirpsi 'na cill? tuigsi amhuil a hintinn. 133. Fionnua Briain mhóir meic Féidhlim, creach shuaithnidh do Sheinéirinn, cian bhus béd duine ós daoinibh, ég an ruire rathfhaoilidh. <L 257> 137. Creach ar chreich an t-égsin Airt lén ar lén, miste an mhalairt, díoth coitchionn go ndáil ndecra, foirchionn áir na huaislechta. 141. Cúis mh'orchra, m'adhbhar tathoimh fuil ríoghdha Chuinn Cheudchathaigh, brat do thalmhuin más díon dí, gníomh do fhalmhaigh an éigsi. 145. D'ég shaoirmheic Sheáain mheic Bríain, craobh chnuais do fhás a húirchriaidh, terc maoithbhreth le bronnadh bheas, aoinchreach ollamh is éigeas. 149. Fiú ar thairsiod da chéibh gcaistigh prímhchlíar an fhuinn Ulaidhsin, techt 'na iodhnais nach dóigh dhí, a Róimh ionnmhais is inmhe. 153. D'ionnmhus Airt airc na n-ollamh baoghlach fós go bhfuaramar, mó as dodhuing i gcill a chur, nar fhill oruinn 'na amhgar. 157. Seacht mbliadhna is sechtmhoghad slán, 's míle is sé céd go comhlán, aois mhic Dé ré n-oidhidh d'Art, soighein bha ré san ríoghacht. 161. Íosa Críost da chaomhna i rath, Aodh mac Briain, bráighe Ruarcach, aigniodh fial nár aontoigh olc, mo ríar m'aontoil is m'annsacht. <L 258> BEAG NÁR SÁRUIGHEADH SÍOL NÉILL. 1. Beag nár sáruigheadh síol Néill; beag díobhsan nach úair oilbhéim; táinig an uairsi ar chlár Cuinn a n-uaisle fa lán lethtruim. 5. Gan gháir fhleadh, gan choirche ciúil, gan gháir shealg ná téd dtaighiúir, gan laoidh fhúar rithlearg dha reic, gan luagh na n-ilcheard n-oirdhreic. 9. Ní clos caismearta catha ga seinm ag sluagh Fionnmhacha; d'iomad ceas um chaoimhlios Bregh ní feas aoibhnios a n-aithreadh. 13. Beg dhíobh nach deachaidh uile i mbeirt bhróin 's i n-eolchuire; cuid da gcneasghuin da luadh linn; budh buan a n-easbhaidh d'Éirinn. 17. Fiú an tromlot tarraidh Éire; is tearc feasta a firchéile; re gach seal mur soin uile, ca bhfoil fear a furtaighe? <L 259> 21. Ní maith fós an fáth fa bhfuil lethtrom láimhe ar fhuil Eoghuin, gan file nó triath go teann da bhfine fa íath Éireann. 25. D'éis gach uilc dar éirigh dhi Éire bhocht i gcás chráiti, 'sí da crádh gun uile fher nár gan duine da dídean. 29. Gan mheisnigh i macoibh ríogh acht iad uile fa imshníomh; do dhíth aoinfhir do chrú Chuinn Gaoidhil anú fa nemhshuim. 33. Dona sas dona tharla, gan mheisnigh 'na lucht leanamhna; d'ua Bhriain ba búan na bearta, truagh 'na dhiaidh na dilleachta. 37. Giorra saoghail cinidh Cuinn tug Éire fa lán lethtroim; an bhfuil cabhair i ndáil di is aghaidh gach áir uirre? 41. An deireadh uilc d'aicme Néill? an tús nó an deireadh dhóibhséin? fán mBanbha más búan a mbroid, is truagh mur tharla a dtreabhloid. 45. Síol Eoghain fa thuirrsi thruim dh'éis an leomhain ó Liathdruim; do len síad don cheo chumhadh, ní beo íad ón urdhubhadh. <L 260> 49. Do dubladh dioghbháil Gaoidheal, tré Art Óg da chomhaoidheadh, cridhe badh cathdhaingne um chion, bile flathraighne féinniodh. 53. Is ciorrbhadh ball bás an fhir, breo cédfadh chloinne Mílidh, teasgadh cumpuir a gcridhe, easgur d'Ulltuibh dh'áiridhe. 57. Mac Seaáin, an fial fosuidh, nár thuill diomdha a dhúthchusaigh, searc na suadh an mín meardha, truagh ar dtír fán dtigherna. 61. Ní hé féin do hagradh air do thaoibh éigeirt nó uabhair; tug (a) ré ceinnbhile cáigh; sé da dheirbhfhine as dioghbháil. 65. Do benadh dhínn druim ar druim na huaisle dob fherr aguinn; budh tenn fesda na fala, testa cenn ar gcosnamha. 69. Iomad buidhne um cheann cuinnmhe do chlecht Art Óg rochuimhne, is caidreamh saoirfher fa seach, 's ag sgaoileadh aigneadh úaignech. 73. Eó Beannchuir na mbárc dtana, eó Feirsde is fhuinn Aontruma, éo Line sreabhuaine sean, 's bile gealchúaine Gaoidheal. <L 261> 77. A mholadh ní docair dhamh má moltar duine ar domhan; cá mac ríogh dob airde d'fhuil do shíol Chairbre is Chobhthuigh? 81. Ag sin i gcomhraidh go cruinn an t-aoínfhear dob fhearr foghluim d'fhuil Néill Naoighiallaigh mur soin, d'aoínriaghail 's cléir an chrábhoidh. 85. Ní fhúair bás acht beatha bhuan, an tArt Ó Néill ní nemhthruagh, a chaoineadh le céill ní fhuil do fhréimh Gaoidheal 's do ghalluibh. 89. Ní clú bréige do cuireadh air; ní raibh aguinn i nUlltaibh, samhuil ar nAirt tíar ná thoir, an chairt as cian ar cumhoin. 93. Nír ghein ó Chormac ná ó Chonn fer dob fherr cert is comhthrom; lór a fhéile i n-úair fhedhma ó fúair tréidhe tigherna. 97. Barr tuigsi 'na cheann do chuir; léightheóir gan locht a leabhruibh; barr dlighidh i gcenn í Chuinn; ca filidh ba ferr foghluim? 101. Iomdha i n-íath Uladh le seal námha is cara dha chaoineadh; mná an uairsi ag caoineadh í Chuinn, Gaoidheal dob uaisle aguinn. <L 262> 105. Och ní raibhe riamh 'na bhrugh (an) tuirrsi ar dhuine (ar) domhan, bró chliar (is) rithlearg dha reic do mhían na n-ilcheard n-oirdhreic. 109. Is terc aguinn codhnach cáigh ó nach mair saorchlann Seaáin; an dáimh feasda ní mór mes ó thesda a n-ól 's a n-aoibhneas. 113. Mór an easbhaidh Art Ó Néill; fada bhus oireas eiséin; tre fhíorúa Briain sgaoileadh sgol, 's gach aoinfher fa chiaigh cumhadh. 117. Deigh-ghníomh Aichil mhóir mic Péil ní raibh 'na ainbhfes airséin, an laoch ba cabhair catha i n-aghaidh gach anfhlatha. 121. Measdar le cách, thrá, gur thuig ar chan Uirgil is Ovid, dlaoi rodhoilghe as díona dhó, 's comhoirle chríonna Cható. 125. 'Na chroidhe i dtaisgidh astigh do bhí teagusg Tuil Sicir, rúin díamhra agus ceart calma, reacht riaghla agus ro-anma. 129. Do bhí ag tabhairt a thoradh briathra fádh is feallsamhan, a sgéith 'na thuinn tuigsi asteagh mur thuinn uisge tre íseal. <L 263> 133. Gan cheisd 'na chuimhe do chuir inntlecht Iuil 's Aris-totuil teagusg ríogh 'na thuile ag teacht, nó gur líon uile a inntlecht. 137. Mur gach gníomh dar háirmheadh air nírbh fhearr inntleacht Bhriain Bhallaigh; mac Áine is neamhnár anois, nír sgáile i seandhán seanchois. 141. Tré oidhidh Airt (Óig) Í Néill do dhorchaidh dreach an aiéir; tig d'fhearthain tiar agus toir gan mian treabhaidh i dtulchoibh. 145. Barr cnúais ní fhuil ar fheadhoibh; fírtherc iasg ar inbheroibh; ní faicer mes na gcrann gcuir, nó teas i n-am an earruigh. 149. Ní léir meas a crannaibh cuir tre bhás Airt Óig i nUlltuibh; barr dubhaidh san ghréin gan ghoil tre chumhaidh í Néill nároigh. 153. Na trí tonna san taoibh thúaidh guilid fa Art i n-eunúair, ní maoidheamh maoith budh troma, ag caoineadh laoich Liathdroma. 157. Bás iarsma Bríain Bhallaigh meathaidh mes ar úrchrannuibh; bheith folamh ní ceilte ar chrodh, 's teirce i dtoradh na talmhan. <L 264> 161. Ocht dég trí fichid go fíor míle sé chéd a choimhlíon, (sin) aois Meic Muire ar n-ég Airt; ní brég don duine adubhairt. <L 265> <B 1675c 17D> SGÉUL NUA NACH CABHAIR D'AR GCRÁDH. 1. Sgeul nua nach cabhair d'ar gcrádh do ghlúais tre ghlanfhuil na Niall, sgél annamh as domblas dúnn, dalladh súl gcorrghlas na gcliar. 5. Dearbhthar, le sgaoileadh an sgeóil, deghmhac do saoileadh go sáimh dubh tar an mbán lais nach léir, fa crádh d'íbh Néill re hais n-áigh. 9. Lámh ar nár cheisd an cheisd chrúaidh, beg ler bhádh a bheith gan tsúil; brat ar amharc Airt Í Néill, céim d'ar n-airc radharc ar rúin. 13. Súil an rígheóin ó threibh Té tig da sírcheó súd ar gcnaoí; ní do bhlogh an croidhe im chlí a gloine is í ar ndol fa dhlaoí. 17. Nír ghnáth d'ulc 'na silleadh súd an rusg do mhilleadh re a méd; nír thuill a radharc d'Art Óg, gart as ród d'amharc nír fhéd. <L 266> 21. Tig tré olc ar amharc air an rosg glasghlan arna ghoin, an bhas úr dob fhéile um fhleidh, do neimh an bhéime súl soin. 25. Súil mhillte, ar ar dhleightheach dlaoi, más ar dheighfher lingther lé, cruth sliomghlan gan chlaon 'na chlí, dá dtí saor dob iongnadh é. 29. Fear a thuigsi i slighthibh súadh misde na sruithe nach slán, fa breitheamh toghtha i gcúis, gnúis fhial ar nar dhorcha dán. 33. Mur do folchadh slighe a suilt cridhe na sgolmhac do sgailt, cneasghoin na ndaoine a dhá dheirc, laoidhe ar ceilt tré easbhaidh Airt. 37. Iongnadh soineann acht síon fhúar do thoighecht i dtíor tré a chrádh, 's dá mbeith gomadh cnuaisterc craobh ón caol go tuaisgert i dtám. 41. Ní hiongnadh gan toirthe i dtrácht, 's gan tiormmagh 'na conair chécht, tar bharr sguir nár sgaoil an drúcht, gur bhrúcht muir sgach taoibh 's nár thécht. 45. Nírbh iongnadh cairrge ag caoi a shúl, is an ghaoth go ngairge i nglór; cúis iongnaidh, tre ua na mBrían, niamh nua ar a bhiodhbhaidh da bhrón. <L 267> 49. Cia an biodhbha darbh aithnidh é, dar thaistil tiormmagh Da Thí nó an chara darab searc saoi, nach caoi a dherc abhal ambí? 53. Mur tá an tArtsa i n-easbhaidh súl an tansa is teasgadh d'ar sén, iarsma ar saoirfhear, dóigh ar ndruadh, fa tuar bróin sgaoileadh na sgél. <L 268> <B 1680c 17D> AN BEÓ DH'ÉINNEOCH DON FHUIL RÍOGH. 1. An beó dh'éinneoch don fhuil ríogh dh'éis ar bhean d'ulc is d'fhairbríogh don chreachthóir go gcuing n-irsi seachnóin an fhuinn Fheidhlimsi? 5. Don fhuil ríogh bhós 'na beathoidh an bhfuil, dh'éis gach inneachoidh, suas, don ghasraidh i bhfód Fáil, óg ná arsaidh ar admháil? 9. Nó, an bhfuighthí fós le a ríomh glóir dhaonna d'fhuil na n-airdríogh tar éis áir na bhfial bhfosoidh amháin fán fhiadh Eamhnasoin? 13. Don fhuil ríogh ar ré soillsi dh'éis tuitim ga tabhaighsi an smúaintir duine don druing do shuidhe ós cnuaistreibh Chriomhthuinn? 17. An bhfríoth ag fáidh nó ag fisidh mur iongnadh ga innisin neach dhíobh do thoidheacht i dteann, roishliocht na ríogh do ráidhseam? <L 269> 21. "An drong chéadna ar gcnú chroidhe an gcuala, a fhir m'ionmhuine, neach d'íbh Néill, eachd dob usa, do theachd i gcéim chádhusa? 25. Neach don druingsi adeirim ribh an bhfuair tú i laoi nó i litir, 's cách i gcróilidhibh 'na gheall, ré mbráth d'fhóiridhin Éireann? 29. Nochtoidh dhamhsa ar Dhia a dhuine, id mhéin má tá trócuire, fuighleach áir um lios Lughaidh íar sgrios cháigh an gcualabhuir? 33. Nó an saoíle a theacht nó a thoidheacht laoch mhúchfus ar moghsoineacht? a fhir chumtha reacoidh rinn, deacoir ar n-urchra d'aichill. 37. Dealroidh grian i ndiaidh dubhaidh; tig saoírsi i ndiaidh docamhuil; sgaoil uaibh ar aba th'einigh, úainn ga fada fóireidhin? 41. Laoch d'íbh Néill do theacht i dteann, gnáth turadh i ndeoidh díleann, nocht fa rún aimsir t'fhissi, faillsigh dhúnn a dhuinesi." 45. Silltear orm lem fhear comhráidh; labhraidh go féigh foculnáir dar liom go fíorfhraochdha a bhfrioch riom gur mhíolaochdha ar meisnioch. <L 270> 49. "An saoíltí, d'aibhle an uabhair, nár fhéch Críost don chathshlúaghfhuil, dream shlúaghabaidh chaithmhe cruidh, d'aithle a n-uaradair d'urbhuidh? 53. Do bhen tusa, truagh do dhíol, do shúil d'fhiortuibh an airdríogh; tré fhad d'íbh Cuinn gan chabhair lag an chuing do chlechtabhoir. 57. Do ní Dia gach dáil 'na ham, do ní beó marbh nach marann do fhéch ar threibh Néill náraidh, beir ar céill, a chompánaigh. 61. Do chuir chuca go nua anoss eunluibh íce as fherr fhoghnos, le ar chuir sé leighes a lot, gibé cheiles 'na Chormac. 65. Nach bhfaicthí - slán gach samhail - Cormac mac Airt ánradhaigh, gnúis chathurlamh go gclú ngill, anú ag athfhoghnamh d'Éirinn? 69. Gein bhisigh go mbúaidh gcomhruic leanfus lorg an Chédchormuic, cneas gnéishlim gheubhos re a guth, bheurus Éirinn a héagruth. 73. Béuruidh anum san fhuil ríogh, ní ba cás a n-uair d'fhairbríogh; ar mórthuir re maidhm deacra órfuidh ainm na húaisleachta. 77. Béuraidh arís 'na riocht féin beusa sena síol Saoirnéill, dóigh asluigh cléire 's cille, 's lasfuidh féile is fírinne. <L 271> 81. Meudóbhaidh sén is sonus fuaigeóraidh an faltanus biaidh gnaoi tré bheithir Bhanna ar caoi fheithimh eatorra. 85. Tuatha is eagluis is oirecht deileóbhuidh re a ndeóroidhecht; cosg daoirsi do dháimh deóradh; a saoirsi cáigh cúiteóbhar. 89. Beurthur bhós le ar mbrághuid ghill, ua breathghlan Briain mic Feidhlim, maith 'na tráth cabhoir 'na gcion, cách a samhoil nach saoiltior. 93. Maighre léidmheach Locha Laoigh, troigh re teann, ucht re hanaoibh, éigne ó bhuinshreibh Bóinne Breagh, tuillmhidh glóire na nGaoídheal. 97. Cormac Ó Néill, nert gan fhíoch, cladh tórann re teann gcoigcríoch, fer deighbheart sgach gníomh le a ngeabh, díol ar eighreacht a aithreadh. 101. Ar shén 'sgach dáil mur dherbhus, maith tuilles a thighernus, ar chosg duaidh is doirbhniort cen, ar bhuaidh oirbhiort is airrdhean." <L 272> <B 1680fl 17D> <U 0069> DÍOL TOILE CAOINMHEAS CORMAIC. Peadair Ó Maolchonaire, mac Fir Feasa, cc. 1. Díol toile caoinmheas Cormaic, laoch oirbhertach ághordhruic, croidhe fial is flaith ro clos, maith a dhiall ris an dúthchas. 5. A dhúthchas maith as molta, seasaidh sé go leóghonta, san úairsi an cúlchas gan choir dúthchas na húaisle leanaidh. 9. Planda compair Néill neartmhair, inneóin an iuil inntleachtaigh, a ghuaisbhearta i ngleó as lonn, breó na húaisleachta d'altrom. 13. Connmhaidh seision súas mar so, mac Airt Óig, ar gcrann cumhro, an sgaith as béilbhinn 'sgach ball, a mhaith d'Éirinn 'sgach anam. 17. Ionann bhíd gach tan 'na thigh laoich Connacht áirsigh Oiligh, sgach formshlat gan saobh mur so, 's is gaoth Cormac da gcaomhno. <L 273> 21. Sásaighthior gach aon aca da mhaith, mór na míadhmholta, gan tlás ros-tilidh an ghég, sás a chinidh do choimhéd. 25. Deaghmhac Airt, uasal an drag, crann dídin daoineadh fannlag, grádh clíar as caomhfuile Cuinn, (an) caomhchroidhe fíal fulaing. 29. Bradán Banna do bhunadh, eó Éirionn do chothughadh, sínidh a theasda 's a thoil mílidh measda 'sna modhoibh. 33. Maith a cheart ar cheart a shean, mur as ceart ceart na sinnsear; gach am gan chríne gan chol, sann a thíre do tháthadh. 37. Cuirfiod cumaoín chaomh gan tral ar iarmhúa Bríain, beach bríoghmhar, cur neamhchas toirbheirt 'sgach teagh don tsenchas oirdheirc airsean. 41. Cuimeobh i ndán nach dorcha seanchas fisigh foghlomtha do sgaithfhios na slúagh fa seach mhairfios go búan ar biseach. 45. Ó Chormac as caomh míanach go Niall nósmhur Naoighíallach, a ráidhiobh as réil an rún, do ghén áiriomh a fhíorghlún. <L 274> 49. Mairfidh 'na dhíaidh gan dolaidh seanchas a ghlún geiniolaigh; re a fhéghoin budh búan a bhladh i mbéloibh súadh is seanchadh. 53. Do bhér tosach díoghrais dó Cormac dil dragun Fearsta; in gach raon suason mur sin craobh as uasal an t-áisidh. 57. Cormac mhac Airt Óig gan oil mhic Seaáin mhic Bríain bhronntoigh, a luadh do leathadh 'sgach leath, ceathrar dar dhúal an t-eineach. 61. Mhic Féilim Bacaigh go mbladh mheic Néill mheic Cuinn an caomhchur; dá bhleidhioch do sgaith na sgol, dá fhlaith d'eineach is d'eangnomh. 65. Mic Aodha Buidhe ordhuirc fhéil, meic Briain Bhallaigh go mbúaidhmhéin, ba triúin nár chrannda fa chrodh, dá phlanda iúil na n-uasol. 69. Mic Muirchertaigh nár chlaon cíall, mheic Énrí nár ob airmghliadh, dhá lígghil ba suim go seadh, dhá chuim dídin na ndaoineadh. 73. Mic Bríain mheic Aodha na n-each, mheic Domhnaill óig, laoch léidmheach, mheic Aodha Méith do bhiathadh brain, cliathchur nár thréith ar thóraibh. <L 275> 77. Mic Aodha áirmhim 'na measg an Macámh tréidheach tóinleasg, crann taraidh, cridhe gan chailg, cabhair a fhine ar iommairg. 81. Mic Muirchertaigh Moighe Line, mic Taidhg na n-each n-oirdnidhe, mheic Conchabhair caomh an ghein, tromchabhair gach aoin 'na aimsir. 85. Mic Flaithbheartaigh fa caomh cruth, mheic Domhnaill na ndamh ndíomsuch, an chlann nár dhúaithnidh do dhul, dá chrann súaithnidh na seanchadh. 89. Mic Aodha Athlamhan an t-óg, mheic Flaithbheartaigh na bhfíorród, 'sgach gleóghal suasan go séigh, dá leómhan uasal iaidséin. 93. Mic Muirchertaigh mhóir donó, mheic Domhnaill dar dhual Macha, a chalggoin as léir do leath, séigh do ardoigh an t-eineach. 97. Mic Muircheartaigh, nár chlaon ceall, na gcochall gcrúadhchaol gcroiceann, 'na am nír dhoimheallta a dhréim an crann soineanta soiléir. 101. Mic Néill Ghlúnduibh rí mar rail, mheic Aodha Finnléith feasoigh, an triún fa tréine 'sgach glonn do stiúr Éire gan adom. <L 276> 105. Mic Néill Chaille gan choir, mheic Aodha Oirdnidhe iodhoin, meic Néill Fhrasaigh, rí na reabh do leasoigh lí na ndaoineadh. 109. Mic Fearghail, mheic Maoile Dúin, mheic Maoíle Fithrigh foltúir, na meic fa tréine gan tlus, meic i bhféile ba follus. 113. Meic Aodha Uairiodhnaigh fhearbaigh, mheic Domhnaill fhéil Ilchealgaigh, mheic Moircheartaigh ba séigh seang ag féin oirbheartoigh Éireann. 117. Meic Muireadhaigh na sleagh sean, mheic Eoghuin ceann na gcineadh, an clothfhoithne fa maith méin, sgaith chothaighthe gach ceinéil. 121. Meic Néill Naoighiallaigh fheasaigh, rí Éirionn gan uireasbhaidh; a shamhuil ní léir gur luigh, séigh ba cabhair do chlíaroibh. 125. Niall Naoighiallach nár char croidh ceann bhur gcinidh, a chodhnaigh, órcholl 'sgach ardbhladh fa teann, lóchrann Alban is Éireann. 129. Ó Níall suasoin, seól gan chol, uras leanmhain na leóghan in gach ród raghlan gan rinn go hAdhamh an t-óg foirtill. <L 277> 133. Ag sin bhur seanchas gan saobh, a mheic Airt, a iúl macaomh, a rathuir go nglíadh gan ghomh, ó'r nathair go Níall neartmhar. 137. Séd suirghe dar seanchas ghlic do dhealbh mé, molta an chroinic, do mhuin ghráidh dod ghrúaidh 'sgach alt, 's a bhuaidh gan cháigh do Chormac. 141. Gabhaim oram mur iúl ghlan senchus bhur sean do dhearbhadh, dar searcbhrath séd mo sheisi san séd shearcach shuirgheisi. 145. Cormac Ó Néill, rádh rolla, míleadh leasa Líathdroma, frémh neamhchas an chrú ór chin a sheanchas, 'ga dú, is deimhin. 149. Cú fíadhuigh as foirbhthe bladh, leomhan oirbheartach iodhan, do gach tréd as seasda so, gég as measda 's as mórdho. 153. Síol gCárthaigh, síol gCéin, síol gCuirc, síol gCearbhaill san óg orrdhuirc, 's go mór gcrú n-uasal n-oile dan dú dúasa dréachtsgoile. 157. Díol a ghrádhuighthe a mhéin mhaith, Cormac daoineach an deaghraith, gég fhíal is flaithfhear an áigh ler mían caithiomh a chonáigh. <L 278> 161. Comhrair coimhéda clú a shean, croidhe nach cumhang aigneadh, drithle re losgadh leicne, mosgladh crithre coigeilte. 165. Go mba saoghlach síor go bráth Cormac i gcéill 's i gconách, an t-earr as buaine go mbríogh, ceann a chúaine do roidhíol. <L 279> <U 0070> TUGAS TUILE TROMGHRÁIDH DHUIT. 1. Tugas tuile tromghráidh dhuit a mheic Airt Óig a Chormuic, mór mo mhíchúis óm chridhe, dod ríghnúis ógh ainglidhe. 5. Mo ghrádh dhuitsi aomhaim uaim go crích an bheatha bhiothbhúain, ní doiligh an chairt do chluine, a oighir Airt is Úgaine. 9. Atá agad re hathaidh, a Chormuic uí Chuinn Cheudchathaigh, mo ghrádh mo mhian mo mheanma, a bhláth fial na fíneamhna. 13. Mar do líonus lán d'annsa, do bhí amhras agamsa an bile súairc do shoich ann gur d'fhine Thúaith Dé Danand. 17. Tárfas damh, a chraobh chara, gur tú Lúghaidh Lámhfhada táinig re brégaibh binne ó bháintigh thrédaigh Thairngire. <L 280> 21. Tárfas damhsa uair oile gur tú Sanbh an síodhoidhe, nó Fionnbharr na dtreabh dtais, nó Síodhmall na sleagh solais. 25. Ar an treas fecht do smuaín sinn, a dheaghfhlaith uasail inghill, ar Aonghus dhéudhla dhána go gcaomhlus breugtha bandála. 29. Do thornn fós mh'aigneadh athaidh ar Adhbhartach mhac Ioldhathain, gurbé do bhrég uaim mh'annsa sé tré chlúain do chonchlannsa. 33. Más deimhin nach díobh thusa - na Tuatha Dé adubhrusa - do dháil síad a ndíchealtair dhuit, a Fhíreachtair chláir Chormuic. 37. Sgoith dána, diamhair cleasa, briocht seirce, iúl áineasa, do mhúin siadsoin dot dhreich dhil, a mheic fhialbhuig úir Airt Aoinfhir. 41. A oighre dilios Néill náraigh, a ghein oirdheirc ioldhánaigh, géill Banbha ó dhligheadh dhuit, (a) uí Néill chalma, a Chormuic. 45. A ua Seain, a shéig sealga, a leomhuin rátha Ríghchearmna, a thairbh tána, a threathan tuile, a chailg námha neartmhuire. <L 281> 49. A onchoin Chlanna Aodha Buidhe, duitse is dual a n-ionghuire; tréd Banbha fód dhíon ag dol, a ghríobh chalma gan chogal. 53. A iarúa Briain ó bhrúagh Banna, leat is suirghioch saorchlanna; mionn na naoimhchlíar dha rádh ribh aoinmhían na bhfádh 's na bhfilidh. 57. Cuirim, a leannáin leasa Luirc, mo bheannacht chugaibh, a Chormuic, is gabh a lé i n-uair airce; uaim mé ar char comairce. - Tadhg Ó Rodaighe. <L 285> <B 1680c-1827ls 17D> <U 0001> CÉIDRÍ ROGHABH ÉIRINN UILL. 1. Céidrí roghabh Éirinn uill do shíol Eoghain a hEachdhruim an nathair thuilcheapach thoir, Muircheartach mac Muireadhaigh. 5. Domhnall ina dhiaidh nír dhoim; Fergus i ndeaghaidh Domhnoill; Baedán iar bhFerghus na bhfál, agus Eochaidh iar mBaedán. 9. Colmán iar nEochaidh na n-ágh; Aodh Uairiodhnach iar gColmán; Suibhne iar nAedh, dedhla dhe, agus Fearghal iar Suibhne. 13. Aodh Allan d'aithle Fhearghoil asé roghabh for Teamhraigh; Niall Frosach iar nAodh na ngiall; Aodh Oirdnidhe iar nAirdniall. 17. Niall Caille iar nAodh alle; Aodh Finnliath iar Niall Caille; Niall Glúndubh iar nAodh bhfionn bhfial, agus Domhnall iar nDeighniall. <L 286> 21. Itiad so sloinnim do neach flaithe Éirionn a hOileach: dhá fher dhég is ceathrar cain, ro budh clethchur go gcédaibh. 25. Oidhidh Muirchertaigh na modh guin is báthadh is losgadh; ég adbathadur abhus a mheic Domhnall is Fergus. 29. Baedán mac Muirchertaigh mhoill agus Eochaidh mac Domhnoill atrochradar a Temhraigh la Crónán mac Tighernaigh. 33. Adrochair Colmán Rímhidh le Lochán díolmhain dínimh; ég adbath 'na thoigh threalmhach mo chara Aodh Uairiodhnach. 37. Suibhne mac Fiachna fuair goil do mharbh Conghal mac Scannail; do thuit Fearghal, flaith Doire, i gcath adhbhal Almhoine. 41. Marbhthur Aodh Allan na bhfleadh i gcath mall mhuighe Seireadh; marbh Niall Frosach na fleidhe for lár Í 'gha oilithre. 45. Fuair a oidhidh i Sliabh Fuaid Aodh Oirdnidhe nár anshuairc; roba bainne go gcéill gcaim báthadh Néill Caille i gCallainn. <L 287> 49. Ag Druim Einesclainn na n-each Adbath Aodh Finnliath fichteach; i gcath Átha Cliath for cludh adrochair Niall glan Glúndubh. 53. Adbath thra Domhnall O Néill ar lár Ard Macha moighréidh ba fearr inás, ag Bóinn bhí, an bás do chóidh an céidrí. <L 288> <B 1765ls 18L> <U 0201> A BHEAN DO-NÍ AN TRUAIGHPHECADH. 1. A bhean do-ní an truaighphecadh, dob fhearr duit déunamh lánchraois; adeuradh fear tuaithliosa nach mór gur bhrisis cátaoir. 5. Ar choir nach bíadh éifeachtach níor chromtha dod chúl bhachlach ceannach ifrinn d'éinphecadh níor mhór liom d'inghin t'athar. 9. Dámadh méith do phecadhsa faríor ní bhfuightheá sgannail; truagh liom gan do theannfhocal re a rádh i n-ifrionn agaibh. 13. Sealg ísiol con minéchta ortsa dob adhbhar masáin; mairg do bhíadh ag beigéracht ar urball bheinnse Satáin. 17. Níorbh fhiú do mhnaoi shimplidhe an ní fá a bhfuarais aithis; níor chéim do mhnaoi th'inneise ifrionn d'iarraidh i n-aisgidh. 21. Más é díoth a aithearraigh tug ortsa luighe ar mhíbheirt gabhaidh Día gun anacair, ní bhía tusa gan dínid. <C Fil.> 25. Ní hé dhuit budh céile dá gceaduigheadh Día an té sin as taesga ler pecuigheadh riamh na faelchoin, a dhéidgheal na ndearc righin liath ar chaennach le héigion do beathuighior íad. <L 289> <C Fil.> AOIBHINN DUIT A DHUINE BHOICHT. 1. Aoibhinn duit, a dhuine bhoicht, is ré dhoirche dhoit an lá; ní thug tusa a luach do Dhia, roimhéd do phían ón ghrádh. 5. Do nemhghlóir ar ghlóir fán ghréin ní thiobhradh sibh, níor bhéim ort; dod dhíomas, a dhuine leimh, nach iongnadh libh a bheith bocht. 9. Do thaobh re sealad go sámh lomnán do ghlóir, lán do phéin; is duine dona gan treóir nach bíadh id dheóidh ar an déirc. 13. Ní heagal leatsa acht béim súl; faide mhairios tú iná an ceó; aidhbhseach (le) cách méd do neirt; ní hionann sin 'sa bheith beó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services