Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta Grádha
Title
Dánta Grádha
Compiler/Editor
Ó Rathile, Tomás
Composition Date
1600
Publisher
(Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí, 1926)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
6. Do-bhéaram seal re saobhnós, ní bhiam re baothghlór banda; na mná dhíobh ba díol tola ní hiad a-nosa is annsa. Acht gidh iad na mná sgiamhdha is mó iarrthar le fearaibh, isí an bhean díobh badh Gráinne badh sáimhe liom im leabaidh. Agam dá mbeadh an bhantracht, mná Alban is mná Sagsan, do b'fhearr liom beagán páirte ón mnaoi is Gráinne dá bhfaca. Bheith gan choirce gan chruithneacht beag do thuigeas gur bh'easbhaidh; ní ionnta do bhí ar gcáisne, acht bheith gan Ghráinne is eagail. Níor cheist oram dá ndéineadh goid nó éigean ó dtiocfainn; mo mhallacht ar m'fhear páirte nár fhágaibh Gráinne im iothlainn.
Bean is Gráinne don bhantracht, bheith 'na hannsa ní shéanfam; tug sí mo chiall ar claochlódh, - seal re saobhnós do-bhéaram! Laoiseach Mac an Bhaird.
11. Tuirseach sin, a mhacaoimh mná! do bheith dubhach níor ghnáth leat; a los h'innmhe i measg do ghaoil, 's iongnadh liom do mhaoith, a bhean. Gibé heile is damhna dhuit, ní mheasaim go bhfuil ar h'óidh éinneach romhad dá bhfuair bás; nocha dtuigim fáth do bhróin. H'osna luath, do labhairt mhall, - is cosmhail ribhse, a bharr síodh, gur imthigh ní éigin ort, - ag sin do chruth ar ndol díot.
Do-chím gur chlaochló a niamh, - an ghruaidh thibhreach, an chiabh thiogh, an troigh réidh, an bhrágha bhán; cosmhail go dtugais grádh d'fhior. Fear ar talmhain dár char tú ná ceil orm, a chúl na sreabh; ná fulaing níos foide i bpéin, dá madh mise féin an fear. Cead suirghe do-gheabhthá uam, a bhéal tana ar snuadh na subh: do thuigfinn do bheith i bpéin, - do bhí mise féin id chruth. An grádh baoth-sin tugais damh dá bhfeasainn ort, a bhas shlim, san mbruid sin ní léigfinn tú; truagh nár léigis do rún rinn. Má tá go dtugais grádh dhamh, fá a chur chugam ná gabh sgáth; beag dhligheas an náire dhíot; aithne dhamh mar bhíos an grádh. Caith oram, a urla fiar, badh leat gach ní i mbia do chuid; mo bhréagadh red bhruinne bhán ca fios nách bhfuil i ndán duit? Tar ghuidhe mná is docair dul; bí dom aslach, a chruth fial, gan fios nách dtiucfadh an uair ina bhfuightheá uaim do mhian.
Ní beag dhuit ar léigis thort, tréig h'aithmhéala, nocht do rún, druid anall, ná bí mar soin, féach an cruth-soin i bhfoil tú! Laoiseach Mac an Bhaird.
29. Is aoibhinn duit, a dhuine dhuill, nách faiceann puinn de na mnáibh; och! dá bhfaicfeá a bhfaiceann sinn, do bheifeá tinn mar táim. Is trua, a Dhia, nách dall do bhíos sul do chínn a cúl casta, a corp sneachta slisgheal saor; och! is saoth liom mo bheatha. Daoine dalla ba trua lium gur fhás mo ghuais tar phúir cháich; tugas mo thrua, cé trua, ar thnúth; i lúib na lúb ag lúib a-táim. Is mairg riamh do chonnairc í, 's is mairg nách faiceann í gach lá; is mairg ar a bhfuil snaidhm dá searc, 's is mairg sgaoilte as a-tá.
Is mairg do théid dá fios, is mairg nách fuil dá fios do ghnáth; is mairg duine bhíodh 'na haice, 's is mairg nách 'na haice tá. Uilliam Ruadh.
31. Atá grádh nách admhaim oirn, grádh mná nách abraim a hainm, don troigh ghealúir, don mhín mheirbh don deilbh shídh, don mhearshúil mhairbh. Eala mhálla go néimh naoi do bhláth bhréige an bheatha cé, corp seang is soineanta lí, doimheallta í, is do mheall mé. Ní truaighe, ní truime páis mar smuainim uirre tre fhís; uch! mon-uar sinn bocht dá héis, corp mar ghéis is gruadh mar ghrís. Gnúis déadbhán is dile liom, mo chéadghrádh cridhe im chom, rosg glas gan cháidhe 'na chionn, is fionn bráighe, bas is bonn. Ionmhain tagra milis mall cantar san inis is fhearr; ionmhain leaba chíoghbhán chorr, míonchlár trom is seada seang. Ríoghan ghrianda iomshlán óg, biad-sa dá hiomrádh go héag, cúl fionnbhuidhe, folt na lúb, a locht súd siobhlaighe a séad.
Ciall mo mhillte is lia 's is lia i mbriathraibh milse na mná; a gruaidh shíodh tré choir crú dom ghoin a-nú tríom a-tá. Tadhg mac Diarmada Ó Dálaigh.
47. Ní mé bhar n-aithne, a aos gráidh, ná sginnidh le sgáth seachráin; fuar dár seise im ionad ionn, spiorad mheise nách maireann.
An dóigh libh, a lucht m'fhéaghtha, nách taidhbhse i dtruaill aieurtha, nó spiorad anma fhallsa tarla im ionad agamsa? A aithne is éidir damhsa sibh gan fhiacha oramsa; dá mbeth cás fám éag oraibh, mo bhás créad nách gcualabhair? Truagh sin, a dhaoine dona, do chlaochló bhar gcéadfadha; iseadh tharla im ainm-se ann taidhbhse anma gan anam. Ní mise an duine is dóich libh, adhradh dhamh is díth creidimh; taidhbhse buile gan aird inn; a Mhuire! is mairg do mhillfinn. Dá bhféachthaoi fir na cruinne, annamh fuair dúil daonnaidhe dá ré ar an saoghal acht sinn; do naomhadh mé, má mhairim. Gibé a-déaradh nách deachadh, ní fhuil ann acht aimseachadh; ní tráth damhsa a rádha riom, cára almsa lem anam! Creidim féin go bhfuaras bás, - cumhain liom an lá theastás - ar son a mhéada mharas ag cor mh'éaga i n-amharas.
Ní hanbhuain, ní hiomlat mbáis rom-mharbh-sa, acht meisge shóláis, ní sgís meanma gá mó broid?, ní ró teadhma ná treabhlaid. Más dúil do dhúilibh nimhe tug, le taibhreadh n-ainglidhe, goid m'anma gan iodhna báis, iongna damhna mo dhóláis. A radharc ó ráinig sinn, och, a Chríost, créad fá mairfinn? dúil do mharbh an uile fhear, is duine marbh nách muirbhfeadh. Ní tonn líonmhar leanna duibh, ní neamhghrádh neith ar talmhain, ní hannsa duine gá dtás? - rom-dall-sa uile acht uathbhás. Ar n-éirghe as an riocht reimhe creididh sinn go simplidhe, do mharbh sé don uamhain inn, do chualaidh mé go mairim. A héagosg ní fhidir mé, ní fhéad súil silleadh uirthe; a hamharc gion gur fhéad sinn, a radharc do fhéag mh'intinn. Ós siabhradh meallta meise gan súil éirghe ón aincis-se, nár fhaice súil éinfhir í, an dúil chéillidh ad-chluintí.
Ar dtaithbheóadh suil tí dhi Dia dár n-anacal uirthi; ní tharla cás roimhe rinn, an bás oile 'nar n-oirchill. Ciall mh'anma an uair do mhaireas, tearc eólach 'na amhaireas; sadh 'gá mbí ciall agus cruth iar, agus í gan fholach. Eochaidh Ó Heódhasa
88. Do chuaidh mo shúil tar mo chuid, oram féin ní bhfuil mo neart; ní chreidim, is cuma leam má tá an sgéal is fearr gan teacht. Dá ngealltá mil ar gach mír dhamhsa, a bhean ó a mbím i bpéin, as t'fhocal ní fhuilim teann, - each do buaileadh 'na ceann mé. Asam féin do beanadh leam, nochan as glór dár gheall sibh; sástar an santach le bréig, truagh nár mealladh mé mar sin! An gealladh-soin agad féin beag an tarbha 'na dtéid damh; ní bhéaradh ar chrioth im chrúibh, dá mbeith cabhair dúinn i ngar. Do chuaidh dhíomsa gan bheith bocht, ní hadhbhar do chosg mo phian; t'fhocal-sa 'na ghealladh mná, 's mé féin dona mar tám riamh. An t-anam-sa an uair do mhar, truagh nár dhruideas i ngar duit; duine dona adubhairt riamh go madh fearr ciall ná cuid.
Nó go gcreide mé na mná, ní chreideabh féin go bráth duit; más í an mhaith is goire dhúinn, do chuaidh mo shúil tar mo chuid! Eochaidh Ó Heódhasa.
96. A bhean chridhe chompánta, mar taoi, is amhlaidh do shaoileas; bídh ann, a shuairc shoghrádhach, faol oile i gcroiceann caoireach. Má tá nách beinn láindíleas, beag mo shuim ar thoil ndéinmhe; do bhí mise im chláiríneach, tuigim bacaighe bhréige! Bíodh a dheimhin agaibhse arís oram nách brisfe; ná fliuch dá thaobh t'fhallainge, ná caill cách oile is mise. Misde a fhad gur aithneamar h'éadach agad 'gá iompádh; ní misde! ní loisgeabh-sa an mhéad mhaireas dom thiompán. Do bhí mise i gConnachtaibh seal fada ag foghlaim chluana; ná bean dúinn san obair-se, ní fhuil ionnad acht tuata! Do b'fhada mé neamhthuigseach, luach mo mhúinte díom dlighe; mé feasta ní meallfaidhear; beannacht duit, a bhean chridhe.
A fhir chroidhe charaim-se, do-bheir do thoil 'na tuile, saoiltear le gach gadaighe nách díleas neach sa chruinne. Atá tusa malairteach, ní dhéanaim bacaighe bhréige; atáim umad amhairseach ó do bhraitheas do mhéin-se. Neach mar thú ní fhacasa; cách ort ní chaillfe mise; ní fhuil fliuch dom mhatal-sa acht an mhéad do bhean ribhse. Mise choidhche ód chaidreamh-sa do chaillis, más luach tiompáin; ná bíodh ort 'na aithreachas a bhfuil liomsa dod dhioghbháil. Dá mbeinn le cluain d'ealadhain, más cléireach mé nó tuata, ar neach do fhóirfeadh mh'anacair do rachainn do chur cluana. Eochaidh Ó Heódhasa.
97. A bhean na lurgan luime gé taoi ainteann orainne!, gé tám tinn ré mbás, a bhean, ní budh cás linn do léigean.
Iomdha cúis fá madh cóir damh, a luirgneach lom, do léagadh; tú trá is cumhga croidhe, is burba 's is baoghlaighe. Tú is caoile 's is cuimhge, tú is teó 'nar dtiomchailne, tú is fuaire uair eile, tú is cruaidhe 's is caintighe. Gé tá bulla leat id láimh fá bheith liom pósta ón bpríomhfháidh móide a ghrás cia do crochadh, ní cás le Dia ar ndealachadh. Do bhulla, a bhréagóg fhallsa, ní fiadhain é oramsa; bulla soin ar nách cóir cion, ní thoir sa Róimh do rinneadh. A mheirdreach labharthach lonn, nách cruaidhe hoiread d'iarann, créad rom-beir re mnaoi dod mheas? gan geir a-taoi, gan toirrcheas. Siobhlach ort a-nunn 's a-nall, seirbhe do ghuth ná an gafann; cruth nách casmhail do dhuine do chruth arsaidh iarnaidhe. Do bholg tana ar n-a tholladh mairg do-chí ar céadlongadh, tuar gorta go bráth, a bhean; do lochta ar chách ní cheileabh.
Gé nách beinn libhse ag lighe, fóirfidh Mac na Maighdine; go mbeire mé a-nunn ar neamh an Té do chum an chéidbhean. Mac-con Ó Cléirigh.
100. A bhean lán do stuaim, cuinnibh uaim do lámh; ní fear gníomha sinn, cé taoi tinn dár ngrádh. Féach ar liath dom fholt, féach mo chorp gan lúth, féach ar thraoch dom fhuil, - créad re bhfuil do thnúth? Ná saoil mé go saobh, arís ná claon do cheann; bíodh ar ngrádh gan ghníomh go bráth, a shíodh sheang. Druid do bhéal óm bhéal, - doiligh an sgéal do chor; ná bíom cneas re cneas, tig ón dteas an tol.
Do chúl craobhach cas, do rosg glas mar dhrúcht, do chíoch chruinngheal bhláith, thairngeas mian gach súl. Gach gníomh acht gníomh cuirp, is luighe id chuilt shuain, do-dhéanainn tred ghrádh, a bhean lán do stuaim.
A fhinnebhean tséimh shéaghanta shárchaoin tsuairc Na muirearfholt réig raonfholtach fá a ndíol gcuach, Is iongna an ghné thaomanach fhásaíos uait; Cé duilig an sgéal, tréig me agus tág dhíom suas. Do-bhirim-se fém bhréithir, dá mbáití an slua San tuile do léig Vénus 'na táclaí anuas, A bhurraiceach bhé mhéarlag na mbánchíoch gcruaig, Is tusa mar aon chéidbhean do fágfaí im chuan. Seathrún Céitinn.
102. Bréagach sin, a bhean! ní beag seal don bhaois; smachtaigh h'aigneadh óg a bhfuil ród dot aois. Ainic thú ar an éag; cuimhnigh, a ghéag ghlan, bláth an domhain daoir nách sealbh daoibh ná dhamh. As bais, as méir mhaoith, ná déan baois, a bhean; gibé is buaine ré ní mhairfe sé acht seal. Ná déan eisdibh uaill, - gearr san uaigh go mbiad - na lúba ar lí an óir, ná tug dot óidh iad. Bíoth h'aire ar an uaigh, ná sill an ghruaidh gheal, san tsúil mharbhghlais mhuill ná cuir suim ná seadh.
San troigh rochruinn réidh ná fagh-sa féin fonn; taobh nách taise clúmh tuig nách tú do chom. Beid mar bhláth an fhiaigh i gcriaidh ní cóir teann snuadh h'ochta mar aol, do bhruinne shaor sheang. I dtalmhain tuar leóin smuain fa dheóidh do dhul; biaidh a ghné mar ghual, an béal go snuadh subh. Ar ndol duit i gcré, mise gidh mé ann, ní thiobhrainn riot taobh, a chúl na gcraobh gcam. Ret fhaicsin, a fholt fiar, do chuaidh mo chiall uaim; duit, a bhruinngheal bhán, badh aithreach lá an Luain. Tuirseach dhamh 'na ndeóidh, briathra do bheóil bhinn; do ghlór síthe sáimh, ní mé a-mháin do mhill. Ná bí baoth do ghnáth, cuimhnigh cách ag éag; an folt fleasgach fann, ní fhuil ann acht bréag. Anluan Mac Aodhagáin.
105. Sguir dod shuirghe, lean dod leas, ná bí éasgaidh ar h'aimhleas; smuain, a bhean, an bráth id chionn gach tráth, neamh, uaigh is ifreann. Ní buan antoil na hóige, ná hoir don chorp chréafóige; tuig go dtéid gach ní fó neimh gan bhréig sa chlí ór chéidghein. Ná car na daoine deasa charas tú d'fhonn t'aimhleasa; ceil do chaidreabh caoin orra, ná sgaoil t'aigneadh eatarra. Dá n-éistir a reacfaid ribh, ataoi i mbaoghal uair éigin go mbréagfa an séad suirghe sibh, an bhréag, nó fuighle féinnidh.
Léigid orra, d'fhonn t'fheise, éag d'aonghrádh do dheilbhe-se; a ghrádh, ná creid go gcaraid, bleid a lán dá luathchanaid. Má tá leat do leas i ndán, seachain suirghe na n-ógán, a bhean na gciabh bhfraistiogh bhfionn, nách biadh h'aistear go hifreann. Fearr mar lón lá na Cuinne Dia ná aoinfhear againne; ag so an Fear is dile dhuibh, a bhean mo chridhe, is caraidh. Ní bhia póg mar luach leasa uait ann, ná uain aighneasa dhuit ón Fhior nách cam cridhe; a-niogh am na haithrighe! Ní beag dhamh a ndubhart ribh; cuirim thú ar dhíon an Dúilimh; guidhe Ríogh an Luain do leas, dod dhíon gach uair ar h'aimhleas. Muiris mac Dháiví Dhuibh Mac Gearailt. 106. A ógáin, do-ní suirghe re hógmhnáibh, mall do-ní réir an Choimdhe, is duit bhus doilghe, a ógáin.
A ghille, do-ní uaill as do ghile, saoile féin nách fuil claochlódh id bhaothghlór bhaoth gan bhrighe. Ní cheileabh do cháil féin ort fá dheireadh; ciodh mór th'uaill agus t'anlán, is tú an marbhán meirtneach. Mór h'uabhar as do chorp nách glan cnuasach; a ndéin d'antoil do chalann biaidh ar h'anam 'na ualach. A thruaighe, ní thuige cá ní is cruaidhe! an té iné do bhí id chomann iniu i gcomhthrom na huaighe. Lá éigin, iar n-éag ag íoc bhar bpéine, tusa is bean an déid daithghil sínfidh bhar n-aire ó chéile. Searbh libhse mo theagasg ar mhaith ribhse; ní misde leam don chur-sa; gearr mhairfeas tusa is ise. Cúis chaointe dhamhsa nách mé féin chaoinim, is gur mó mh'uilc ar séana ná uilc chéata do dhaoinibh.
A Rí chalma, ní fiú mé trém olc th'agra; gidh eadh, is fiú dod ghrásaibh mo dhíon ar námhaid mh'anma.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services