Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill
Title
Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill
Author(s)
Mac Domhnaill, Aodh,
Compiler/Editor
Beckett, Colm
Composition Date
1853
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1967 )
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FEALSÚNACHT AODHA MHIC DHOMHNAILL AN CHÉAD CHAIBIDIL DEN FHILÍOCHT Is é mar bhreathnaíos filí is saoithe Is daoine críonna, sean is óg, Gur cruthaíodh neamh is talamh faoi Le Spiorad síoraí ina gcló. Gur bhain na huile as neamhní, An uile scaoth, beag is mór - Éanlaith, eallach agus iasc, Earca fiata - is ní gó. Do rinne gealach agus grian, Is iomad rialg in aon ló, Le bheith ag tabhairt solais i ngach cian Is ina riail ghlan, gan cheo. Chun an duine ansin den chré I ndeilbh Dé Bhí ina Thriúr; Fear is bean, aon duine amháin, Is anam saor nach raibh den úir. Fuair an duine tíolacthaí ón Rí A bheith ina mhaor ar an slua; Tuiscint, cuimhne is toil shaor - Trí ní nár theastaigh uaidh.
AN CHÉAD CHAIBIDIL DEN FHEALSÚNACHT AR AN gCRUTHÚ. 1. An té ar mhian leis fios údar agus cáilíocht corp talmhaí agus corp neamhaí a chuardach nó a scrúdú amach, is éigean dó an dá chineál duar a chur i gcompar, ionas gurbh fhearrde ba léir dá chéadfaí na nithe dorcha seo a bhreathnú; agus go mór mór gach claontacht dá leanann dóibh i ré a mbeatha nó a marthana. Deir údair gurb é Dia a rinne na huile nithe agus go raibh sé sé lá ag críochnú na hoibre - amhail agus bheadh neach ar bith eile ag críochnú gnóthaí saolta - agus mar an gcéanna nach raibh ní ar bith aige, lena ndéanamh de ach a mhórchumhacht féin amháin. Ionas gurb é seo a chreideas formhór an domhain, agus nach mór nach uabhar leo amharc taobh isteach de chraiceann ní ar bith, ach a bheith sásta le gach ní a gcluineann siad ó gach fáithbhire, agus gan oiread le úsáid a dhéanamh dá gcéadfaí féin. Mar sin is cóir domsa agus do mo leithéid eile amharc isteach go grinn griongalach i ngach clúid de na rúndiamhra seo. 2. I ndúil nár chúrsaí tréasa ná uabhair do dhuine úsáid a dhéanamh de na tíolacthaí a fuair sé, mar sin tionscnaím sa tús ar an Diagacht. Is dochuimseach rúndiamhra Dé agus barúla daoine ar na nithe seo. Is é a chreideas formhór an tsaoil gur spiorad dochuimseach Dia agus go bhfuil a ghlóir gan tús gan deireadh ó shíoraíocht go síoraíocht; agus drong díobh go bhfuil trí phearsa sa spiorad céana - an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh, agus go bhfuil siad seo ina n-aon Dia amháin. Is é barúil drong eile nach mar sin atá, ach gur aon phearsa agus aon spiorad agus aon Dia é, agus nárbh fhéidir an Diagacht a bheith roinnte i dtrí phearsa, agus tá mórán den intinn seo ar feadh an domhain. Ach is é a bhreathnaítear domsa sa chás diamhair seo nach bhfuil ach díth dóighe agus dallamullóg do dhaoine a bheith ag dréim le nithe dochuimseacha, agus gurbh fhéidir nach dtuigeann siad na nithe atá soiléir, so-thuigthe dá gcéadfaí nádúrtha. 3. Tá an uile ni arna chumadh de thrí chorp, mar atá, tine, uisce agus gaoth; agus gach ar chruthaigh Dia, is de na trí dhuar
seo a rinne sé iad, i gcruth go bhfreagraíonn agus go bhfulaingíonn na coirp nádúrtha in éineacht le chéile. Nuair a rinneadh neamh agus talamh, mar deir na húdair, go ndeachaigh na haingil i dtréas, mar nár thuig siad mórgacht an Tiarna ba údar dá n-iomlán, ach ag tabhairt antola dá n-aingeal solais mar nár thuig siad slite Dé. Chuaigh siad ar seoid ón tslí ionas gur chaill na grásta a cruthaíodh leo agus an sciamh neamhaí ina raibh siad - agus sin uilig trí ainbhios. Agus má bhí na hangil gan fios rúndiamhra Dé, conas ab fhéidir do chlann na talún a bheith ag cuardach nithe do-fhaighte dochuimseacha Dé? Ach dá ndearcaimis go grinn ar an nádúr b'fhéidir léi eolas éigin a thabhairt dúinn ar na nithe doiléire seo; mar tagann na rúndiamhra seo le chéile, i gcruth go bhfreagraíonn siad a chéile i mórán de mhodhanna. 4. amhail agus mar atá gach ní cumtha d'aon adhmad amháin, mar atá, tine, uisce agus gaoth. Agus tá na trí cháilíocht seo i ngach substaint díobh seo, ionas nach bhfuil corp, beo nó marbh, nach bhfuil de na trí phearsa chéanna. Tá tine agus uisce sa ghaoth, agus tá gaoth agus uisce sa tine, agus tá gaoth agus tine san uisce; agus mar chruthú air sin taispeánann siad iad féin go laethúil ar aghaidh a chéile. An tráth a éiríos an tine sa ghaoth, triomaíonn agus loisceann sí éadan na talún; an tráth a bhuas an t-uisce, is é a thagas taisleach uaithi - i gcóir go ndeirimid gaoth loiscneach agus gaoth fhionntais. Sin anois triar in aon. Mar an gcéanna don uisce, tá tine agus gaoth ann, ionas go ngluaiseann agus go loisceann uaidh féin. Ionas go dtaispeánann agus go n-oibríonn gach cáilíocht díobh seo i ngach aon chorp díobh féin amhail mar a dhéanas i ngach corp eile, i gcruth go bhfuil sé soiléir, sothuigthe 5. go leor don intinn is anbhainne ar bith gur den triúr seo atá gach ní eile réidh. Má thráchtann daoine ar mhórgacht Dé agus ar a chumhacht in éineacht, tá sé chomh doiléir, dorcha dá dtuiscint lena phearsana, agus mar sin níl ach díth dóighe do dhuine ceist a chur ar aon díobh seo. Ach má fhiafraítear den nádúr cad é is ciall do gach slí agus gach beart agus gach ní diamhrach a bhaineas léi, freagróidh sí, ag taispeáint a héadain, amhail a déarfadh úsáid a dhéanamh de do chéadfaí féin. Tá ocht gcéadfa ag an duine, mar atá, blas, boladh, mothú,
amharc agus éisteacht, tuiscint, cuimhne agus toil, i gcruth gur féidir leis gach ní tábhachtach nó substaintiúil a bhreathnú lena chéadfaí corpartha; agus mar an gcéanna, nithe folaithe agus doiléire dochuimseacha a thuiscint agus a chuimhneamh agus a chur i mbriotal agus in úsáid de réir na tola. Ionas má théimid ar seoid nó ar seachrán, go bhfuilimid ciontach ó cháiliocht éigin díobh seo. Nuair a thráchtas daoine ar an Diagacht is údar do gach ní neamhnaí agus talmhaí, 6. is é a fheictear dóibh gur ó údarás síoraí spioradálta atá gach ní arna chur in ordú agus i gcomhriail mar atá sé; agus dá dhroim sin go bhfuil an spiorad diaga, uile-chumhachtach, do-chuimseach, rúndiamhrach seo ar a dtráchtann na Scrioptúir, folaithe uainn i ngach slí, ach amháin in obair ordaithe an nádúir, mar a thaispeánfar anseo thíos. Tá trí ní sa Diagacht nach bhfuil i gcumhacht aingeal nó daoine a dtuiscint, mar atá, mórgacht, eagna agus cumhacht Dé, agus is in ordú an nádúir amháin is féidir a thuiscint go bhfuil gach ní díobh seo follas; ar dtus, mar atá an talamh as ar baineadh na huile nithe, arna chruthú le cumhacht agus ar suíomh le tuiscint agus ar a n-ordú le heagna, ionas go bhfreagraíonn gach ní neamhnaí agus talmhaí a chéile; ionas go ndéanann siad fianaise le chéile gur aon údarás amháin atá acu uile, agus dá bhrí sin nach féidir le haon díobh marthain 7. gan chúnamh an dara amhail agus nach bhféadann an talamh a thoradh a thabhairt uaidh agus chúnamh na neamha atá os a chionn. Agus mar a gcéanna gurb é an talamh is bunáit do na dúile neamhaí, ar chóir go ndéanann siad malairt triomlaigh agus taisligh le chéile; i gcruth go dtoirchítear an talamh ó na neamha amhail coirp chóimheascacha eile, agus mar an gcéanna go ramhraítear agus go n-oiltear na dúile le sult agus le taisleach na talún. Tuig, a léitheoir, gur fearga agus banda a rinne Dia gach ní ar dtús, agus gur ó na fearga a toirchítear na banda uile, agus gurb é sult na gcorp banda a oileas agus a thugas neart do chorp gach ní nádúrtha nó go bhfása agus go n-abaí siad. An tráth a chuireas síoladóir barr sa talamh, cibé ar bith sórt síol a chuireas sé, toirchítear an úir uaidh, agus is é an sórt céanna a thugas an rí-mháthair seo uaithi; ach cuirim i
gcás nach saothraíonn agus nach gcuireann duine ar bith an talamh, is ní follas go dtugann sí barr uaithi féin, ach ní hé an sórt a chuireas an síoladóir talmhaí a thagas ó nádúr, ach síol fiáin gan dea-bhlas, de nós nádúr an tsíoladóra ónar cuireadh é, mar atá, an spéir. 8. Óir níl síon dá dtagann ón spéir nach mbíonn síolta éagsúla cóimheasctha ina measc, ach go mór mór an fhearthainn agus an drúcht, ar ghléas má thiteann siad fá thalamh lom dearg, bíodh gur bóthar clochach nó lár crua, faoi cheann ocht n-uaire agus daichead go bhfeictear é ina scraith ghlas mar ghort; agus an t-uisce a thagas anuas in aimsir doininne agus a chónaíos i gclais nó i ndíog, má theilgtear fá uachtar chré dheirg é, go dtoirchíonn an úir mar an gcéanna. Ar chóir go dtuigimid as seo gurb í an úir an bhanda is máthair nádúrtha do gach uile ní, agus dá réir sin gurb é an t-aer is leannán agus is caomhchéile di de réir eagna agus orduithe Dé. Ní ghintear ní ar bith gan chóimheasc fearga agus banda, ionas gur ón bhfireannach a ghabhtar an síol ar dtús, ach gurb éigean do aimsir iomchuí a chaitheamh i mbroinn a mháthar mar a n-athraítear a cháilíocht, ionas go dtig a bheith i ndeilbh agus i gcló a athar, lán de cháilíocht a mháthar; agus níl duine ná ainmhí, amhas, earc ná cearnamán, ó ollphéist na mara go míoltóg an aeir 9. crann, arbhar nó luibheanna nach gcaithfear a nginiúint ar an nós seo, ach amháin nach ionann slí a ngintear iad. Óir is í an talamh is máthair mhór do gach ní talmhaí, agus is máthair bheag do gach ní dá ngintear ina broinn féin, mar atá, adhmad agus arbhar, luibheanna agus féara dá bhfásann uaithi, dá gcuirtear inti le beart duine nó cóimheasc na néalta neamhaí. Is é fáth dá ngairfimis máthair de ní ar bith, ní a ngintear nó a n-oiltear toradh uaithi - amhail agus gurb í an talamh is máthair do gach ní dá gcuirtear ina broinn nó dá bhfásann ó nádúr uaithi; agus dá dhroim sin go bhfuil d'fhiacha ar gach ní díobh seo, ó airde a thógfas siad a gcinn nó a ngéaga, a gcromadh go híseal agus filleadh ar ais go hucht na máthar a thug beatha dóibh ar dtús, agus is dá dhroim seo a thagas na séasúir iomchuí a thugas síolrú agus fás agus bás lena ndroim - ach amháin go bhfuil cuid de gach clann níos buaine ná a chéile, agus fós dá chineál.
10. Ach ag seo na rúndiamhra nach dtuigeann céadfaí agus nach eol do intleacht duine ó ghlice a bhreathnú - cad é mar a tharla don chréafóg athrú go fuil agus feoil, agus ní hé amháin go fuil agus feoil daoine, ach fós go fuil agus feoil eallaigh agus éisc, éanlaith agus péisteanna éagsúla, ionas nach féidir do neach dá maireann a gcuntas ná a n-áireamh. Agus tá sé follas nach ionann cáilíocht do dhís díobh seo, cé go bhfuil an céadfa amháin acu uile. Tá blas, boladh, mothú, amharc agus éisteacht acu uile, ach ní hionann blas nó boladh agus ní ar bith de na céadfaí eile, de bhrí nach ionann a bhlasas nó a bholaíos duine agus beithíoch. An ní a bhíos searbh do bhlas an duine, is é is milse do bhlas an bheithígh agus an ní a bhíos bréan do bholadh an duine, is é is cumhra i ngaosán an chú agus mórán de bheithígh eile. Ach is chun sochair don duine atá seo mar seo, de bhrí dá aithle seo a dtagann siad i dtír an nithe neamhthairbheacha, agus go ndéanann seirbhís 11. don duine nach ndeánfadh dá mbeadh a mboladh gairleogach ina srón amhail an duine. Ach cad é mar tharla seo a bheith, ní féidir do intleacht fealsúna ná filí a thuiscint. Ach is é a thuigimse uaidh seo, go bhfuil cáilíocht amhstranta san eallach - is é sin le rá, a mbia a ithe amh nó gan bhruith, go mór mór feoil nó fuil; agus is dá bhrí sin a ghairimid amhas de gach beithíoch dá n-itheann feoil agus fuil amh amhail leon nó faolchú agus nach dtagann suas ar shórt ar bith eile bia. Is iad seo an namhaid atá ag eallach na foraoise dá ngairtear amhais agus beithígh chíocracha. Agus tá a namhaid féin ag gach cineál dá bhfuil ar muir agus ar tír, agus in ainneoin dó seo uile, feicimid gur líonmhaire an slua éidreorach ná na scriosadóirí. Má dhearcaimid isteach go grinn sa chás seo, feicimid rúndiamhair iontach agus eagna do-chuimseach. Féicimid sa mhuir mhór ollphéisteanna, míolta móra, muca mara agus rónta agus na mílte eile de naimhde na mion-iasc. 12. Ach in ainneoin dóibh seo uile, níl iasc san fharraige chomh líonmhar leis an mion-iasc cé go slogann na hamhais suas iad gan chuntas. Mar an gcéanna don aer agus do shlua na n-éan; tá a n-amhais ina measc de ghnáth á scriosadh, agus tá neart agus cumhacht acu ó nádúr chun a dhéanta. Ar dtús, iolair, fiacha agus seabhaic gan áireamh; agus go cinnte feicimid gur líonmhaire na mion-éanlaithe míle uair ná lucht a scriosta.
Ar an talamh is ea fheicimid na hamhais faoi eagla agus uamhan, ionas nach dtagann siad amach as a gcuasáin i solas lae, amhail agus dá tuigidís iad féin a bheith coireach, agus gan a bheith dóibh go brách níos líonmhaire ná bhí siad. Tá fáth mór leis seo, de bhrí nach bhfuil aon ní naimhdeach ar an domhan nach bhfuil an duine ina namhaid aige, agus go scriostar an iomad díobh le gliceas daonna. Fáth eile - nach bhfuair ó nádúr a bheith chomh síolmhar leis na sluaite éidreoireacha. Ionas nach bhfuil, ó mhíofaire, cineál ar bith nach mbíonn níos síolmhaire ná na coirp anascaire. 13. Tá sluaite eile lasmuigh díobh seo dá ngairtear cearnamáin. Is díobh seo beacha, cuileoga, teileáin, cleabhair, feileacáin, míoltóga, agus mórán eile a eitlíos sa spéir; agus tá siad ró-shíolmhar agus tá nádúir éagsúla iontu. Is é an bheach is beartúla den slua seo, agus tá a arm cosanta agus a shlí bheatha aige ó nádúr, mar atá, a gha lena gcruinníonn stóras meala, ina ngineann sé a shíol. Óir ní chóimheascann na beacha ar nós dronga eile de chearnamáin, ach scineann a síol i measc na meala, mar is in áit a shíl a chruinníonn sé í; agus leis sin, le tais-ghor na mbeach agus sult na meala fásann na beacha óga sna cíora taobh istigh de mhí d'aimsir. Agus tá níos marthanaí ná cearnamán ar bith eile den drong sciathánach. Óir maireann sé ó sheásúr go séasúr agus ní mhaireann na cearnamáin sciathánacha eile ach aon bhlian amháin. Ach déanann siad cóimheasc le chéile, i gcruth go dtoirchítear ó chéile iad, agus éagann an sean-bhunadh ag teacht an fhuachta, agus cumhdaíonn an talamh an síol beo go neartaíonn agus go mbeonn teas na gréine é. 14. Níl earc ná cearnamán gan a namhaid i measc an tslua, ach an bheach amháin. Is é an duine amháin a namhaid. Ach níl cearnamáin féin gan a n-amhais. Tá an dubhán alla ina namhaid ag an gcuileog, agus bíonn ag déanamh cochall chun a ngabháil. Ach bíonn a arm a fuair sé ó nádúr ar iompar ag an mbeach, ionas go mbíonn faitíos ar dhaoine óga féin dul dá chóir. Is iad seo cearnamáin na talún: - ciaróga, cruimheanna, caiteoga, péisteoga, daoil, dalláin, cruimheanna capaill, agus seilidí, fíneoga, leamhain, dearnaidí agus míolta, agus mórán
eile de chearnamáin éagsúla; agus tagann siad i dtír ar a chéile. Ach tá a slí bheatha chomh diamhair, doiléir d'intleacht an duine le nithe folaitheacha ar bith eile. Más mór bród agus sotal na ndaoine as a bhfoghlaim, is é a mheasaimse gur fíorbheag a thuigeann siad na nithe atá chomh follas seo dá gcéadfaí, nó má chreideann siad gur le húsáid don duine a cruthaíodh gach ní, cad é an tairbhe a dtéann na nithe fuafara seo dó, nó má fheictear dóibh gur chun oilc don duine a tháinig siad seo ar dtús. 15. Dá dtuigeadh daoine ní ar bith, ba ró-fhurasta seo a thuiscint, óir tá sé follas go leor go bhfuil gach ní, ó laghad, úsáideach i slí éigin. Tá cearnamáin na talún ar nós na luibheanna agus fásann siad ó nádúr ar an nós ceanna agus fóireann chun beatha agus íce do slua na n-éan, de bhrí nach mairfeadh na héanlaithe gan an mbeatha seo atá ó nádúr acu; agus tá cuid díobh seo a dhéanas iomad dochair do na héin. Mar atá nimh sna luibheanna, is mar sin do na cearnamáin, tá cuid díobh nimhiúil, ar chóir go n-oibríonn amhail purgóidí, agus go dtugann sláinte d'othair a bhíos i measc na n-éan. Óir tá na héanlaithe tugtha do thaogail agus do ghalair chomh maith leis na daoine, agus dá mbeadh gan na créatúir bheaga seo le fáil níorbh fhéidir dóibh maireachtáil beo; agus lasmuigh de sin, is bia nádúrtha dóibh iad. Má dhearcaimid go grinn ar nós fealsúnaí, feicimid nithe iontacha sa chás seo, is é, cad é mar a fhónann siad seo don duine. Nach n-itheann cearca agus lachain agus eánlaith eile tí de gach ní dá dtagann ina slí de na cearnamáin seo, agus nach dtuigimid go n-athraítear fuil agus feoil cearnamán go feoil 16. éanlaith? Agus tá seo chomh so-thuigthe sin nach bhfuil moill ar thuatach ar bith a thabhairt faoi deara. Agus dá dhroim sin, is eisfheoil is sláintiúla agus is mó a théas i sochair do dhaoine meatacha. Is íce a lán acu do dhaoine agus d'eallach, de bhrí go bhfuil cuid díobh de cháilíocht oinniún nó luibheanna loiscneacha eile, agus tógann bloingí. Is iad na cuileoga gorma seo a thugas fosadh tapaidh do mhórán i gcásanna aicídeacha stubranta tapaigean nach mbeadh faill nó b'fhéidir páirt móiminte ag othar ar a anam. Agus fós tá créatúir loscánta agus is bia agus is íce iadsan mar an gcéanna. Ach féach air seo go grinn agus feicfidh tú nach bhfuil ní ar bith dar tháinig riamh ón nádúr nach bhfuil i gcáil éigin chun
sochair nó tairbhe don duine. Ach ní i ngach uile áit atá seo mar seo de bhrí nach ionann nádúr gach críche agus nach ionann cineál nó cáilíocht do dhaoine nó d'eallach, d'éanlaith nó d'earca, d'éisc, do loscáin nó do chearnamáin gach críche nó gach cian den fharraige. 17. Dá mbeadh gach aon tír amhail a chéile i ngach ní, ní bheadh gnó ar bith le ceannaíocht mara. Ach an uair atá daoine, mianach, eallach, earca, éanlaith, cearnamáin, loscáin agus éisc éagsúla i ngach réigiún agus i ngach cian den mhuir mhór, tugann sé ar gach tír sa domhan eolas a chur ar a chéile, agus comharsanacht agus ceannaíocht a dhéanamh le chéile, i gcruth go roinneann gach tír a toradh le gach réigiúin eile dá mbíonn in airc; agus ní hiad seo amháin a dtráchtaim thuas, ach fós arbhar, adhmad, measanna, luibheanna agus biotáillí. Cad é a shíleas an duine tuatúil de seo? An é nach dtuigeann sé ina chéadfaí nach ó ní ar bith talmhaí a thagas an daonnacht ainmheasartha seo; nó cad é a rialaíos nó a thugas intleacht do dhaoine barbartha chun na nithe seo a chur i gcrích léi; gurb é an sclábhaí is táirí i measc na ndaoine a theagasc ar dtús éigse na hEorpa chun a bheith ina leá? Ach cad é mar fuair an sclábhaí gruama an t-eolas nádúrtha seo gan oide ná teagascóir? Fuair ó theagascóir is fearr, mar atá - fealsúnacht. 18. Is ó fhealsúnacht a fuarthas eolas síoladóireacht agus séasúir iomchuí do gach ní dá dtugann an talamh uaidh; agus fós, is uaithi a tuigeadh go bhfuil na nithe is táirí agus is afhuafaire agus is neamhghlaine dá bhfuil ar dhroim na talún úsáideach ar mhodh éigin don duine. Itheann na héanlaithe atá glan agus inite dúinne, péisteanna, cruimheanna, daoil, ciaróga agus seilidí mar bhia. Tagann siad seo a bheith in eisfheoil taobh istigh de lá go n-oíche agus itheann na daoine an eisfheoil gan scrupall gan déistean. Ar an ábhar sin ní thuigeann duine úsáid na gcréatúr beag neamhthairbheach seo gan gearbhreathnú a dhéanamh ar an rá, gur cruthaíodh gach ní ó thus chun úsáid an duine a rinneadh in íomhá agus i ndeilbh Dé, agus go mór mór gach slí agus gach meán diamhrach a ordaíodh chun a gcur i gcrích, gan teacht ar gach meán agus dóigh atá ó nádúr dá dteagascann aghaidh na cruinne cumhachtaí, mórgacht agus eagna Dé.
AN DARA CAIBIDIL. 19. Deir diagairí nuair a rinneadh an saol ar dtús, go raibh gach ní go maith agus ró-thaithneamhach, i gcruth nach féidir olc ar bith a chur i leith Dé; ach ar dtús gur chruthaigh aingil agus go déanach an duine ina aonar, agus mar an gcéanna gur áitigh na haingil i bParthas neamhaí, agus an duine a chum sé den luaithreach ann, i ngarraí; agus gur tháinig an duine a bheith ina dhís, fear agus bean. Agus is é seo is creideamh do gach duine dá bhfuil den saol Críostúil. Ach cad é mar tharla do gach ní glacadh do na drochcháilíochtaí, is é is rúndiamhair don cheist seo; nó cad é mar tharla do neamhchiontach a bheith páirteach leis an gciontach - agus is mór an seachrán a chuireann seo ar dhaoine foghlamtha féin. Creidimid seo, gur spioraid do-chuimseacha na haingil seo, agus go ndeachaigh i dtréas ar an Ard-Rí, de bhrí go raibh toil shaor acu amhail an duine. Óir dá mbeadh Dia i gcónaí ina bhfianaise níorbh fhéidir go brách go rachaidís ar seachrán ón tslí cheart, óir is duine gan chiall a dhéanfadh coir agus Díoltóir na gcoireanna os a chomhair, agus má dhéanann, níl i ndán párdún dó, ach díoltas ar son a ainchirt. 20. Ach sa chás seo glacaimid na Scriptúir mar bharánta, agus féachaimis cad é mar chiontaigh siad i slí an pheaca. Is ní follas nach bhfuil cáilíocht dá mbíonn sa mháthair nach mbíonn cáil de sa ghin a ghintear uaithi, agus is dá bhrí sin atá cáilíocht na chéad mháthar i ngach máthair dá tháinig uaithi; amhail agus gurb í an talamh an chéad mháthair do gach ní dá bhfuil ar a droim, agus gur thug sí an-ghrá ó thús dá clann, cibé duine nó beithíoch, éan nó earc, cearnamán nó loscán, go dtugann a sú agus a sult go mbia agus íce dóibh - agus ní hé sin amháin, ach mar an gcéanna gach ní eile dá mbíonn de riachtanas orthu. Ach cuimhnigh, a léitheoir, go bhfuil beart agus gliceas riachtanach ag an gclann chun rúndiamhra na máthar seo féin a thuiscint. Is uaithi a fhaightear gach uile shó agus saibhreas, ach is le gliceas agus intleacht a fhaightear iad seo uile as a hucht - ór, airgead, copar, prás, iarann, miotal luaidhe agus iomad mianach eile, lasmuigh de thorthaí so-bhlasta milse a thugann sí dá clann.
Ach, mar le coireanna na clainne a tháinig cionta agus an uile shórt dochair, ionas gur fhulaing an talamh féin in éineacht leo. 21. is mar sin nach dtugann sí gach ní uathi ó nádúr gan allas a clainne easumhaile a chóimheascadh léi ina ionad. Agus dá dhroim seo tugann sí gach ní de thorthaí uaithi níos milse agus níos so-bhlasta de bhrí, ón am ar mhallaigh Dia an talamh ar son easumhlaíochta an duine ba mhac di, nár thug sí ní ar bith uaithi ó nádúr nach mbíonn searbh, domlasta do chéadfaí an duine, cé go mbíonn milis, so-bhlasta do chéadfaí na clainne nár chiontaigh. Agus mar atá céadfaí spioradálta ag an duine, thug sé seo faoi deara, i gcruth gur thuig sé gurbh éigean dó an talamh a shaothrú agus a giollaíocht faoi chomhair an tsíl nádúrtha; agus dá dhroim seo thug an úir lánsásamh don saothraitheoir, ní i mblas ná i mboladh amháin, ach fós i líonmhaireacht barraí agus méadú torthaí. Is ní ró-fhollas seo - ní ar bith a thagas ó nádúr, más luibh, adhmad nó arbhar é, nach bhfuil ó fheabhas agus déantar an talamh a ghiollaíocht, nach móide an barr agus nach fearrde an blas. An meas a thagas ó nádúr, cé go mbíonn gach cáilíocht riachtanach ann ó nádúr, is féidir a mbisiú i ngach cás le hintleacht daoine. 22. Taispeánann seo go follas nach díomhaoin a fuair an duine na céadfaí neamhaí, ionas gurbh fhéidir leis na nithe seo a chur i gcrích agus a bhfeabhas a mhéadú. Óir is ó thuiscint an duine a thagas eolas gach ní díobh seo, agus neartaíonn an chuimhne an tuiscint agus críochnaíonn an toil na nithe mar threoraíos na tíolachtaí neamhaí seo. Ach is iad na céadfaí talmhaí is breitheamh ar obair an nádúir. Cluineann an chluas, blaiseann an béal, feiceann an tsúil agus mothaíonn an fhuil. Ach is í an tuiscint údar na hintleachta agus neartaíonn sí an chuimhne i gcruth go n-oibríonn an toil in éineacht leo; agus tiontaíonn siad seo cáilíocht na talún agus na nithe a thugas sí uaithi - ní hé amháin luibheanna nó adhmaid, arbhar nó measanna, ach fós eallach agus éanlaith. Ar chóir gur féidir leis an duine a gcáilíochtaí, go fiú a modhanna, a leasú; ionas go ndéanann fónamh agus fóirithint dó féin sna nithe atá riachtanach aige. Ag sin na trí thíolacadh a thug Dia don duine a thugas cumhachtaí dó os cionn gach ní eile ar muir agus ar tír.
23. Is iontach an ní nach ndearcann daoine isteach níos géire sa nádúr, ionas gur léir dóibh nithe atá chomh follas seo dá gcéadfaí corpartha agus atá torthaí na talún ar a dtagann siad féin agus gach créatúr eile i dtír; agus gan amhras nach bhfuil ní díobh seo nach bhfuil ina riachtanas orthu féin i slí éigin chun a mbeatha nó a sláinte. An tráth a chiontaigh na haingil ar dtús, mar deir na húdair, teilgeadh faoi thalamh agus mhuir iad, mar deir Eoin Suibhiscéal, agus gur tháinig ar a lorg aicídí, plánna agus taogail, peaca agus bás, agus gur fhulaing gach ní in éineacht le chéile ag teacht dá chóngar díobh seo. Ach mar is dual do gach máthair a bheith cúramach, uireaglach ar a gin chlainne, is mar sin don talamh. Ní luaithe a tháinig na haicídí marfacha seo, ná d'oscail sí a broinn, agus scinn uaithi gach íocshláinte agus gach stóras do-chuimseach dá raibh go folaitheach faoina com; ionas gur fhás uaithi ó nádúr gach aon ní a bhí de riachtanas orthu chun bia, íce nó éadaigh, agus is mar sin a thug sí fosadh braighdeanais dá clann ar dtús, cé nach dtuigeann siad leath na nithe seo fós. 24. d'fhás gach ní díobh seo chomh líonmhar ionas gur fholaigh siad aghaidh na talún i ngearr-aimsir i ngach oileán agus i ngach réigiún da bhfuil faoi na spéartha. Ionas nach raibh créatúir, ó mhíofaire nó ó éidreoraí, ar dhroim na talún nár thug a gcuidiú. agus a gcúnamh, chun an duine a shábháil ón namhaid marfach seo a thug sé féin agus orthusan. Is mór an t-ionadh le daoine má fheiceann siad nithe neamhghnácha, agus is mó sin an t-ionadh nach dtuigeann siad na nithe a bhaineas leo féin. Dá dtuigeadh an garraíodóir cad é is brí do na luibheanna atá ina gharraí, dhéanfadh sé ionad dochtúra, agus ní bheadh riachtanas aige lena shláinte a chur i gcontúirt le nithe a thiocfadh as tíortha coimhthíocha; de bhrí nach bhfuil aicíd ná galar dá leanann do lucht tíre ar bith nach bhfuil a leigheas le fáil san áit chéanna, dá mbeadh a fhios ag na daoine air, ar an ábhar nach bhfuil ní dá laghad dá maireann ar an talamh nach bhfuil cairde agus naimhde aige, agus mar sin atá luibheanna agus plandaí an mhachaire ina gcairde ag daoine agus eallach in aghaidh naimhdeas na dtaogal seo. 25. Tá mórán droch-ghalar ag brath ar dhuine ar ar bheithíoch, agus is mar sin a thug an talamh mórán plandaí agus luibheanna leighis chun a chlann a shábháil ar bhearta an
droch-spioraid - mar is é is údar do gach olc dá leanann do dhaoine agus d'eallach agus gach ní eile dá ngintear le cóimheascadh fearga agus banda. Óir gach ní dá bhfuil a shíol ann féin, níl feidhm cóimheasctha air, ach fásann ó nádúr as a rúta féin, de bhrí go bhfuil a fhréamhacha féin ag gach rúta dá dtagann faoin talamh, agus nuair a thagas nádúr i líon fáis, go dtarraingíonn na fréamhacha sult chun an rúta, i gcruth go neartaíonn é, ionas amhail agus a neartaítear na coirp chóimheascacha ar muir agus ar tír faoin am céanna, amhail is go mbeadh meidhir i ngach rúta chun a shíol féin a sceitheadh. Agus is é mar a sceitheas gach planda a shíol, neartaítear an rúta ó na fréamhacha agus toirchíonn an rúta a stoc a oileas é ina bhroinn nó go scinne é trína ghéaga agus go n-aibíonn le teas na gréine; ar chóir go dtagann a bheith ina shíol ullmhaithe chun torthaí a thabhairt uaidh an bhliain ina chionn; agus tagann fréamhacha, rúta agus stoc uaidh a thugas toradh; ach éagann an pór agus maireann siadsan. 26. Níl ní ar bith dá ngintear nach ó rúta éigin a ghintear é, cuirim i gcás gur fás talmhaí nó créatúir análacha iad, amhail agus go bhfuil a rúta féin ó nádúr i ngach ní, agus a bhfréamhacha féin ag gach rúta, agus is uatha seo a thagas meidhir, mian agus fonn. Ach ní thuigeann daoine seo, cé go bhfuil sé follas go leor dá gcéadfaí, gur ghnáthfhocal ag na sinsir le gach ní dá leanadh béasa a shinsear - "Thug sé ó rúta leis é mar thug an mhuc an rútáil." Is iontach le mórán daoine a rá gur ó rúta éigin a ghintear iad féin, ar son nach ionann áit a mbíonn an rúta i ndaoine nó in eallach agus a mbíonn sé i bplandaí nó i luibheanna; óir is faoi gach planda a bhíos a rúta, ach is i meán chorp an duine a bhíonn sé. Agus amhail agus chuireas rúta an phlanda fréamhacha uaidh sa talamh, is mar sin a chuireas na rútaí a bhíos i ndaoine agus in eallach agus in éanlaith a bhfréamhacha uatha ar feadh baill phríobháideacha an choirp; ionas dá mbainfeadh bascadh ar bith do na nithe príobháideacha seo, go mbeadh an corp aimrid, neamhthorthach amhail ní ar bith eile dá mbainfeadh meathán dá rúta.
AG SEO AN TRÍÚ CAIBIDIL AR NÁDÚR LUIBHEANNA AGUS PLANDAÍ 27. Mar a dúirt mé i dtús an leabhair seo, gur thug an talamh fosadh dá clann, ag oscailt a broinne agus ag tabhairt luibheanna leighis agus gach íce eile a bhí riachtanach chun bua a thabhairt ar gach toirmeasc dá raibh le teacht ina slí, agus amhail agus atá mórán aicíd marfach ag brath ar dhaoine agus ar eallach, is mar sin is líonta an talamh de gach íocshláinte agus biseach. Ach ar bheith domsa aineolach ar na nithe seo, ach beagán d'fhás mo thíre féin, ní thig liom ach tuairisc bheag a thabhairt ar na nithe a bhfuilim cleachtach leo i mo chomharsanacht féin, agus fós ar chuid de na galair is fios dom a leigheas leis na luibheanna seo atá fás go ró-líonmhar i ngach áit den oileán seo dá ngairtear Éire. Ach cé nach bhfuil ní ar bith dar fhás nó dá bhfásann ón talamh nach bhfuil saghsanna éagsúla ann, tá, cinnte, mórán díobh nárbh fhiú a bheith ag teacht orthu; ach na nithe is tairbhí agus is lia a bhíos riachtanach, is orthu a thráchtar anseo. 28. Tá trí ghalar stubranta atá coitianta, mar atá, galair buí, goropais agus pianta tadhaill, agus tá mórán luibheanna leighis dóibh seo sa mhachaire. Is díobh seo grúm; má bhruitear ar bheoir é agus é a thabhairt don othar go líonmhar, leigheasfaidh sé goropais. Agus tá mórán eile a dhéanas an ní céanna, mar atá - abhac-thromán agus rútaí gais searbháin; agus purgóid sian do dhaoine a bhíos láidir ina lionnta. Ach níl leigheas ar ghalar buí is fearr na grán tonnóg; ach pianta tadhaill, is maith sian agus pónaire chapaill. Agus is ní gnách, cibé ní atá go maith d'aon de na haicídí seo, go mbíonn ina íce dóibh uile. Ach anois, is é seo ainmneacha agus brí na luibheanna ar a bhfuil mise cleachtach. Ar dtús: athair-lus - ground ivy athair thalún - yarrow airgead luachar - meadow-sweet buachalán - ragweed bleachtán - sowthistle
boglas - bugloss buíán - wild marigold buarachballach - devil's bit brioscán bachall binnmhear - hemlock biolar Muire - well ink ? 29. biolar ite - watercress carrán ceis-chrann - spleenwort ceathrú chaorach - wild spinach créachtach - cranesbill copóg rua - dock copóg bháite comán mille - camomile creamh coille cluas luchóige - mouse ear creamh na muc fia cutharlán - pea-nut pig-nut caisearbhán §28 thuas - dandelion cruach Phádraig - plantain cartloinn - wild mint dathabha dubh dathabha bán duán donn - heartsease duileasc - dulse dúchosach - maidenhair dréimire Muire - St. John's wort draighean chual - buckthorn eabhrán - wild parsnip eileacaimpeán - elecampane eidhneán - ivy adhainn - coltsfoot ae abhna 30. fliodh - chick weed fearbán - crowsfoot féar gaoil - nut grass
fothlacht - water parsley fearadh - rose noble glúineach dhearg geagar grán tonnóg - duck weed grúnlas - groundsel gleorán - wild tongue grass gairleog - garlic hocas - marshmallow gallán liach róda lus cré - ground leek lus buí lus na lao - calf-grass liathlus lus - leek mille-riúgail - burdock magairle meidhreach - blister grass meacan buí - spurge mulfhard neamhnaid - tormentil nóinín - daisy neantóg - nettle raithneach - fern ros - flaxseed - mionán Muire 31. samhadh - sorrel seamsóg - wood sorrel sop sealán - robin-run-the-hedge sú salún - strawberry seagaire sian - foxglove síobhas - chives slánlus - healing grass tím - thyme tím shléibhe - mother of thyme iúr sléibhe - mountain spurge teanga ghé - goose-tongue lus na bhFranc - tansy
mormónta - wormwood ruibh - rue mionbhruth - ribgrass. Sin agat, a léitheoir, solas beag ar thoradh do thíre féin; agus mura dtuigeann tú nithe follasa dá leithéid seo, conas is féidir duit nithe folaitheacha Dé a bhreathnú, nó a thuiscint cad é mar ordaíodh na nithe seo ó thús? De bhrí go bhfuil suáilcí éagsúla i ngach planda, agus go n-oibríonn go ró-mhiorúilteach i mórán d'aicídí, i gcruth go leigheasann othair a bhíos i riocht bháis. 32. agus go ndéanann slánchréachtach daoine agus eallach ó na galair is marfaí ar bith, bíodh gur gonta ré nó arm iad. Ach is mian liom trácht anseo síos ar cad é mar théas na luibheanna seo chun sochair don duine. Is íce an t-athair-lus lena bhruith ar uisce, a leigheasas casachtach agus meathán sna haenna agus sna duáin, agus mar an gcéanna mún fola, de bhrí go n-oibríonn sé go hiomarcach sna fuail. An athair thalún. Is íce í ar na huile dhoirteadh fola. Leigheasann sí, lena bhruith ar uisce gearrthaíocha agus na piles, agus furaíonn sí na fuail san am céanna; agus mar cheirín is maith uaithi fuil a chosc. Is íce an t-airgead luachar i bhfiabhras a bhíos tugtha do scaoileadh nó do chóch-theilgean, lena bhruith ar uisce, agus leathphionta a thabhairt don othar gach tríú uair. Oibríonn sí na hallais agus stadann sí an tiobradh eile. Tá cáilíocht cheangail inti, ach is beag é, agus níl contúirt inti, agus tá sí so-bhlasta. Bleachtán. Is luibh ro-choitian í, agus tá suáilce mhór inti. Lena fáisceadh ar uisce, nó scalladh búidh a thabhairt di agus a sú a ól, osclaíonn sí cosc i gcúrsa na n-aenna, agus is maith an luibh bhaineannach í. 33. Is maith an ceirín an boglus le bruth ar fud min eorna nó rois, le ait nó neascóidí a threá nó a dtabhairt chun briste, agus lena bhruith agus a shú a ól, leigheasfaidh sé gortú, nó nithe a bhíos brúite i saotha nó áiteanna eile, agus oibríonn sé sna fuail. Níl luibh sa mhachaire is fearr ná an buachalán buí le leigheas pianta na n-alt. Óir má chuirtear a dhuilleoga buailte suas mar cheirín ar na hailt a mbíonn an pianta iontu, leigheasfaidh iad,
agus is minic a leigheas siosan gúta na scorróg mar an gcéanna. Is íce an bhuarachballach má bhaintear a duille go moch sa bhliain agus a mbruth ar uisce agus a n-ól ar chasachtach agus ar ghalar na n-aenna; agus má thriomaítear a rúta agus a bhruith ar uisce is maith é i bhfiabhras agus oibríonn an t-allas. Binnmhear. Is maith an ceirín a rútaí le hait chrua a threá, agus fosadh a thabhairt do na pianta a leanann dóibh. An biolar Muire. Oibríonn sé ar na fuail, agus is maith an phurgóid do pháistí í féin agus sop sealán lena mbruth ar uisce liath leamhnachta. Ach an biolar ite, is íce lena ithe amh, nó an sú a phreasáil as agus a ól. Leigheasann sé scurbhaí, oibríonn in a fhual agus osclaíonn stopanna. 34. Is íce an ceis-chrann lena bhruith ar uisce liath leamhnachta, ar mheath na gcrua-aenna, agus ar an ngalar dá dtugann siad "an splín"; agus stopann scaoileadh dá ngairtear "na floscanna bána". Is maith íciúil an bia an ceathrú chaorach lena húsáid mar bhia bruite. Coinníonn sí an corp oscailte agus tugann sí fosadh do na clocha fuail; agus tá a lán dá suáilce sa spinach a bhíos sa gharraí, ach is gainne é. Is íce an créachtach a stopas fuil agus a leigheasas an ghoin, agus a stopas gearrthaíocha, agus is leigheas é ar na huile dhoirteadh fola taobh amuigh nó istigh lena shú a ól, nó ceirín a dhéanamh de. Is luibh ro-choitian an chopóg rua, agus is mór na suáilcí ata. inti, ach is é an rúta is fearr. Lena bhruth ar uisce leamhnachta, glanann sí an fhuil agus leigheasann briseadh amach ar an gcraiceann; agus stadann an pór scaoileadh lena bhruth go maith ar leamhnacht, agus araile. Tá na suáilcí seo i ngach copóg rua. Is íce ró-mhaith an comán mille ar ghalar goile nó cinn. Lena tharraing nó a bhruith ar uisce, leigheasfaidh sé pianta goile agus tinneas cinn, agus amhail searbháin eile, is minic a stop se an crioth. 35. Is luibh gan mórán suime cluas luchóige, cé go bhfuil suáilcí móra inti. Óir lena bruith ar bhainne leamhnachta agus a thabhairt don othar go líonmhar lean ól, leigeasfaidh sé na piles agus doirteadh fola, agus go mór mór an droch-ghalar dá
ngairtear na bána, agus leis an duilliúr a bhrú agus a chur in áit a shuí, maraíonn sé na piles. Is luibh an gas searbháin ar a bhfuil aithne ag formhór na ndaoine, agus atá faoi mheas mór acu, agus is fíor go bhfuil suáilce mhór ann. Má itear na duilleoga nuair a bhíonn siad óg, teannann siad an fhuil, agus leigheasann an scurbhaí agus mórán eile de ghalair a bhíos san fhuil. Agus má thógtar an rúta friseáilte agus a bhruith ar uisce agus a ól go líonmhar, oibríonn sé go hiomarcach sna fuail, agus tugann leis clocha beaga, agus leigheasann clocha fuail, agus fós goropais agus a lán aicídí eile den sórt sin. Cruach Phádraig. Is luibh ró-choitian í seo, de bhrí nach bhfuil taobh dá ngabhann na daoine nach bhfeicfear ag fás go líonmhar í; agus is mór an bhrí atá inti, óir lena bruith ar uisce, leigheasann sí doirteadh fola de mhná, gearrthaíocha nó teilgean fola, fuil na bpiles, nó galair eile den sórt sin; agus má bhrúitear an pór go maith, agus a ól leigheasfaidh na bána atá chomh do-leigheasta agus chomh contúirteach do shláinte na mban. 36. Tráchtaim anseo ar an gcartloinn dhearg, luibh ró-choitian a bhfuil gnás ag formhór na ndaoine uirthi. Is air seo a thugaimid miontas fiáin, agus níl luibh mórán níos úsáidí sa mhachaire. Is cóir a choinneáil tirim istigh agus a tharraingt amhail tae, nó a bhruth agus a ól, agus leigeasfaidh sé pianta goile nó boilg, agus tugann sé anuas tinneas míosa ar mhná; agus is minic a stad aon deoch amháin de mí-áilíos boilg, agus fós stadann sé cóch-theilgean de pháistí le brainse de a cheangail ar a n-imlinn nó ar chroí a más. Dúchosach. Is maith í seo fós. Lena bruith ar uisce is íce í ar chasachtach, agus ar na clocha fuail, agus lena bruith ar leamhnacht leigheasann sí crioth croí. Dréimire Muire. Is é bláth na luibhe seo is íce. An bláth seo a bhruith, agus a ól go súgach, is maith an leigheas é ar na clocha fuail agus na brúnna a bhíos sna duáin nó i slí an uisce. Is balsam í in aon slí agus íocshláinte an tslí eile. Draighean chual. Is iad na hairní is íce de seo, agus is cliste an phurgóid iad, ach b'éigean nithe éigin te a chóimheascadh leo, ar eagla gaotha a thógáil, agus pianta boilg a theacht de, ach níl siad contúirteach. 37. Eabhrán. Is é an rúta is íce de seo. Is cóir a bhruith agus
an sú a ól. Osclaíonn sé gach uile aimhréiteach, agus leigheasfaidh sé clocha fuail, galar buí, agus tabharfaidh sé anuas an tinneas míosa, agus íce ar an tinneas beannaithe. Eidhneán. Má bheirtear air seo agus a bhruith i mblonag mhuice nó go mbeidh ina ola ghlas, leigheasfaidh sé ceann carrach, agus maróidh sé an míolta san am céanna. Adhainn. Luibh ro-choitian, agus is maith an siosan é ar chasachtach. Fliodh. Déanann seo ola mhaith lena bhruith i mblonag, le ait a threá, agus má óltar a shú, leigheasann sé an scurbhaí. Fearbán. Seo luibh nach ndéanann daoine ná eallach a húsaid, mar is nimh loiscneach í. Ach an measann duine nach bhfuil sí ó nádúr chun feidhme éigin chomh maith leis na plandaí eile? Is é mo mheas-sa nár fhás ní ar bith riamh as an talamh nach bhfuil riachtanach ar mhodh éigin, agus go bhfuil a suáilce féin sa luibh seo chomh maith leis an gcuid eile. Níl sí ar a glacadh an taobh istigh, mar is nimh loiscneach í, agus is é a suáilce ina ceirín gur gasta a thógfadh sí bloingí na ní ar bith eile dá bhfuil ag na dochtúirí, ach go bpianann sí níos mó, agus dá bhrí sin go dtugann fosadh níos gasta uaithi; ionas dá mbeadh a fhios seo ag leá, go mbeadh a meas ní ba mhó de. 38. Fothlacht. Is maith an luibh í so. Lena bruth ar uisce agus a sú a ól, fuaraíonn sí an fuail is tugann fosadh do lucht an ghalair sin. Fearadh. Is maith an luibh í seo, agus tá suáilce mhór inti. Lena bruith agus a sú a ól, is leigheas í ar an drochghalar dá ngairtear na cait bhrád, agus ar iomad d'aicidí den sórt sin. Cuidíonn sí go maith le leigheas an nimhneacht phéiste agus glanann sí an fhuil. Grán tonnóg. Is íce seo ar an ngalar buí, ach is éigean a shú a ól ar an ceann is lú seacht lá. Grúnlas. Oibríonn a sú seo suas agus is maith, sábháilte an phurgóid ghoile í, agus is dea-chabhrach an ceirín í taobh amuigh. Gairleog. Is i rúta na gairleoige atá a híce. Lena bruith ar uisce agus an siosan a dhéanamh láidir le mil, níl íce is fearr ag sean-slaghdán nó seile fola. Hocas. Is maith an planda é seo. Lena shú a ól, leigheasfaidh sé na clocha fual; agus lena úsáid mar cheirín ar ait, scaipfidh sé iad i ngearr-aimsir.
Lus na lao. Is maith an luibh siosain ar chasachtach í seo, agus tugann fortacht mhór do lucht giorra anála. Lus. Déanann an lus ionad na gairleoige ina shiosan, agus is fusa go mór a úsáid, de bhrí go bhfuil an ghairleog ró-láidir ag goile mórán daoine, agus gur fearr a thig leo an lus a chaitheamh. 39. Mille-riúgail. Ag seo planda chomh feidhmiúil agus atá sa mhachaire, cé nach bhfuil leath-eolas ag na daoine ar a shuáilce. Agus tá a bhrí uile ina rúta agus ina phór. Is cóir a bhruith in uisce agus a ól go líonmhar. Oibríonn sé go súgach in a mhún, agus leigheasfaidh sé goropuis uaidh féin, agus mar an gcéanna na clocha fuail; agus an té a bheadh ina mhairtíneach le caitheamh piollairí nimhe ar dhroch-ghalair, ghlanfadh sé as a chuid fola iad; ach gur úr is fearr an rúta, ach seasfaidh an pór ó bhliain go bliain, agus déanann áit an rúta nuair nach mbíonn sé le fáil. Neamhnaid. Is í seo an luibh cheangail is fearr sa mhachaire, ach is é an rúta is fearr, agus is cóir seo a thriomú ar dtús agus púdar a dhéanamh de, agus a chur ar dheoch don othar; sin nó a bhruith go maith in uisce liath leamhnachta, agus a thabhairt le n-ól don othar. Oibríonn go héadrom na hallais, agus ceanglóidh sé agus triomóidh sé san am céanna, agus leigheasfaidh sé doirteadh fola nó gearrthaíocha, agus is ró-mhaith é i bhfiabhras a bhíos tugtha do scaoileadh nó do theilgean, agus don bhruitíneach. Nuair a ghlacas an t-othar scaoileadh, ceanglaíonn agus tugann chun allais ar aon bhall, agus cuireann an aicíd amach ón gcroí. 40. Neantóg. Ró-mhaith an íocshláinte an luibh seo, agus is mór na suáilcí atá inti. Óir, lena bruith agus a hithe mar bhia, glanfaidh agus sciúrfaidh sí an goile agus an chuid eile de na hinní, i gcruth, an té a ghlacfadh trí phroinn di san earrach, go mbeadh a shláinte ní b'fhearr ar feadh na bliana. Agus tá buanna móra sa rúta mar an gcéanna, óir lena bhruith ar uisce agus a ól, oibríonn sé go hiomarcach ina fhual agus leigheasfaidh an galar buí nó doirteadh fola, etc. Raithneach chrua fhireann. Deir daoine má bhrúitear a rúta agus a bhruith ar bhainne, go leigheasfaidh sé tinneas na n-aenna a bhíos ar pháistí. Ach an raithneach bhaineann, is dearfa, dá bhfáisctí a rúta, agus a shú a ól ar ghoile folamh, nach bhfuil ní ar bith eile chomh maith chun scriosta na cóimheasc-phéiste dá ngairtear sa Bhéarla "tape-worm".
Is íce shuáilceach ros lín, agus is mór na leighis atá ann, óir lena bhruith agus a shú a ól mar dheoch, leigheasfaidh sé casachtach agus glanfaidh an fhuil agus beathóidh í san am céanna, agus níl ní ar bith eile níos fearr chun an t-angadh a bhaint as loscadh nó scalladh ná ros bruite, ach a choinneáil leis go líonmhar. 41. Samhadh. Is luibh ró-choitian í seo, agus tá sí íciúil ina lán de chásanna. Lena sú a ól ina dheochanna ar feadh tamaill, deánann sí an fhuil milis agus leigheasann an scurbhaí, ach gurb éigean a cleachtadh an taobh amuigh fós, agus le linn seo a dhéanamh gan biotáillí ar bith a ól; agus maróidh ceithre cheirín an galar sa chraiceann. Agus tá na suáilcí céanna sa tseamsóg, agus is í is fearr mar cheirín, ach is fearr an samhadh lena ól. Sailchuach. Níl ní ar bith le fáil le fuil a chosc, nó goin a leigheas inchurtha leis an luibh seo. Óir dá mbeadh créacht nó goin dá mhéid - cuirim i gcás go mbeadh cuisle gearrtha - stopfadh ceirín den tsailchuach an fhuil, agus leigheasfadh an reang i mbeagán aimsire. Ach is úr is fearr í, mar cailleann sí mórán dá brí sa triomú. Sop sealán. Is luibh mhaith í seo, agus is maith an phurgóid í féin agus biolar Muire - a mbruith le chéile ar uisce liath leamhnachta, agus a thabhairt do pháistí ar cheangal cléibh. Scaoileann agus osclaíonn siad an cliabhlach agus na hinní, agus tugann fosadh don othar san am a bhíos i láthair. Slánlus. Is maith an luibh í seo ar leigheas créachtaí, agus ní lú a suáilce mar phurgóid. Scaoileann sí na hinní, agus fuaraíonn an corp agus is annamh searbhán chomh maith léi, agus tá mórán eile de shuáilcí inti nach bhfuil anseo. 42. Sian. Luibh choitian eile atá ró-bhríomhar, agus a leigheasas iomad galar. Má bhaintear sa séasúr é agus a bhruith ar an mbeoir is fearr, agus a thabhairt mar phurgóid do dhaoine a bhíos acmhainneach nó láidir ina lionnta, oibríonn sé síos agus suas go han-mheasartha agus leigheasfaidh pianta tadhlacha, goropais, galar buí, nó mórán eile de na haicídí stubranta sin, ach ní fhóirfeadh sé ar dhaoine éidreoireacha. Tím. Luibh choitian eile atá íciúil ina lán de chásanna. Lena scalladh amhail tae, agus a hól, leigheasfaidh sé cúngach cléibh agus seile fola, agus creathanna baill etc. Agus is di a dhéantaí an ola dá ngairtear an t-oragán.
Tím Shléibhe. Is í seo an leigheas is fearr ar na creathanna baill dá bhfuil sa domhan lena húsáid mar thae; agus leigheasfaidh sí an tromthámh cé go dtugann sé dúshlán na ndochtúirí, agus a lán aicídí den sórt sin. Teanga ghé. Is maith í seo ar na clocha fuail agus is maith an luibh chúnta í ina lán de nithe eile. Lus na bhFranc. Tá aithne ag formhór gach bean tí air seo, agus is maith an luibh oscailte í; agus má dhéantar purgóid phéisteanna de na bláthanna arna gcóimheascadh le triacla agus a thabhairt do pháistí ar céadlongadh, scriosfaidh sé na péisteanna go follas. 43. AN DUAN Nach mór na tíolachtaí a fuair sí, an úir - Le luibhe cumhra, measa is bláth; Torthaí milse ar chranna, dlúth, Plandaí is rútaí, an beathú cách! Thig sin uaithi gach uile shórt, Dá mbíonn an bhord ag toicí is rí - Deocha milse, fíonta is beoir, Arán, feoil is gach maitheas bia. Dá clann do-bheir as sin, gan gó, Is don uile bheo faoi neamh na ndúl, Sult a chléibh de oíche is de ló, Ag coinneáil cró uabh ar shiúl. Ar son an duine thug gach íce Dá raibh ina chroí le 'dhéanamh slán, Ó ghonta nimhneach' an tsean-bhíobha, Is ó gach díth dar lean síol Ádhaimh. Ach mar chuaigh orthu leis an aois - Ós leis a chríonas meas gach bláth' - Thug sí fortacht dóibh ar fad a saoil, Is talamh saor, tráth thig an bás.
AN CEATHRÚ CAIBIDIL. 44. Tá an uile ní dá bhfeicimid, dorcha do na céadfaí ar chóir éigin. Má dhearcann duine ar chrann sa gheimhreadh nuair a bhíos a ghéaga scoite agus a chraiceann tirim, agus a theacht ina dhiaidh sin i Mí Mheáin an tSamhraidh, agus féachaint ar an gcrann céanna nuair a scinneas sult a fhréamhacha, cad é an chiall a thig leis a bhaint as, nó as ní ar bith eile dá bhfásann ó nádúr as an talamh, ach go bhfeiceann tú go soiléir ó shéasúr go séasúr nithe nua ag cur aghaidh úr ar an talamh, agus gan a fhios agat cá as a dtagann siad, nó cén áit a dtéann siad. Agus mar an gcéanna, go bhfuil suáilcí éagsúla go folaitheach i ngach aon ní díobh seo, ionas nach féidir le céadfaí duine, oiread le tuathléirse a fháil ó nádúr ar na nithe seo, ach, mar dhamh i gceo, ag breathnú agus ag smaoineamh, agus go minic ag tionscailt ina intinn, céard é is údar do nithe chomh hiontach rúndiamhrach leis an coitiain atá de ghnáth ina thimpeall ar gach taobh. Agus b'fhéidir tar éis duine a bheith beo ceithre scór bliain, go bhfaighidh sé bás nach mbeadh pioc ní ba chríonna ar na nithe seo. 45. Mar an gcéanna, má dhearcann tú ar nádúr an eallaigh, is ní doiléir duit a nginiúint agus a bhfás, agus cad é is ciall do na séasúir iomchuí atá ag gach ní díobh. Tá a shéasúr féin ag gach sórt eallaigh agus éisc, éanlaithe, earca agus cearnamáin, de réir na cáilíochta a bhfuil siad de; agus ó nádúr atá gach aon cháilíocht, agus is é an talamh is údar don nádúr. Is é tús an tsamhraidh is mó giniúint agus fás, agus is ní gnách gur i mí Aibreáin nó Bealtaine is mó a ghintear óga na talún, agus is é is aimsir iomchuí do na capaill a bheith faoi eachmairt, agus bíonn bliain le hóg; agus i ráithe an tsamhraidh is mo a bhíos na ba faoi dháir, agus fós an uile shórt éanlaithe agus earca agus gach ní eile dá dtugann an talamh uaithi, is é an samhradh is aimsir fáis agus bisigh dóibh. Ach amhail agus atá cáilíochtaí éagsúla sa talamh is máthair dóibh seo uile, is mar sin do gach ní dár tháinig uaithi. Níl go fiú an eallaigh nach bhfaighidh tú cuid díobh níos sómasaí agus cuid níos rachmasaí; cuid níos mó, agus cuid níos lú; cuid níos sciamhaí, agus cuid níos mí-sciamhaí; ar ghléas go mb'fhéidir nach bhfaighfeá dias ón máthair amháin ar aonmhéid, ar aondéanamh, ná ar aoncháilíocht; agus ní thuigimid cad é is ciall dó seo.
46. ach amháin go dtuigimid a n-úsáid, agus cad é mar théann siad chun sochair dúinn féin, agus fós go dtionsclaíonn daoine bearta chun bisiú agus méadú orthu le saothar agus le griongal. Óir na nithe a thagas ó nádúr, ní bhíonn chomh blasta ná chomh líonmhar leis na nithe a dhéantar a ghiollaíocht. Óir na measanna a thagas ó nádúr - más measanna crann nó torthaí talmhaí a bhíos iontu - athraítear a mblas agus meadaítear a dtoradh le beart an tsíoladóra, i gcruth go dtugann luach a shaothair dó, amhail agus go mbeadh sé de dhual orthu. Is fios do gach duine go bhfuil seo mar seo, ach níl a fhios acu cad é is ciall dó, ach go gcreideann siad gurb é Dia a dhéanas an t-iomlán, agus is maith an bharúil dóibh é, óir gan amhras is de rúndiamhra Dé é. Agus tá mórán díobh sa nádúr, de bhrí nach bhfuil ní dá ndearcaimid air, bíodh gur cloch nó crann, féar nó luibh, nó ní ar bith eile dar fhás, nó dá dtugann an talamh uaidh, nach bhfuil an iomad de cháilíochtaí folaithe iontu nach fios don duine, agus nach mbíonn a bhfios aige go brách. Ach mar sin féin, is cóir dó a dhícheall a dhéanamh de réir na dtíolacthaí a fuair sé, agus is móide a bheas eolas aige ar nithe dorcha dochuimseacha. 47. Agus is mór an t-ionadh leis na daoine má fheiceann siad nithe neamhghnácha, bíodh gur éanlaith nó eallach nó ní ar bith eile de thoradh tailte coimhthíocha i gcruth go dtaispeánann go soiléir nach bhfuil tuiscint an duine ach anbhann, agus gur duine as an gcéad, nó as na míle a thugas faoi deara go bhfuil na buanna agus na cumhachtaí seo sa chré "mharbh" - mar a shíleann siadsan. Ach má dhearcann siad don taobh eile ar na cumhachtaí is údar don nádúr uile, feicfidh siad nár chruthaigh Dia ní ar bith nar roinn leo ní éigin dá chumhachtaí féin. Ar ghléas gur fíor an focal gurb é Dia a dhéanas gach ní dá raibh, dá bhfuil agus dá mbeidh - cé gurbh é barúil fealsúna falsa an tsean-reachta gurbh í an nádúr féin Dia, agus amhail agus mar bhí na cáilíochtaí éagsúla inti, go raibh déithe éagsúla mar an gcéanna. Ach is é ba réasún dó sin, mar ba iad na chéad torthaí iad, agus go raibh a gcéadfaí de réir agus mar tháinig siad ó nádúr. Tuig, a léitheoir, go raibh an saol ceithre lá i ndorchadas tar éis a chruthaithe, agus go rúndiamhrach gurb ionann sin agus ceithre mhíle bliain den aimsir shaolta.
48. Ach mar a bhí i dtús an chruthaithe, is mar a bhíonn i dtosach gach ré, bíonn gach ní ina óige bog, maoth, anbhann, bíodh gur ó na hamhais is mó go dtí na hearca is lú, daoine agus eallach, éisc agus cearnamáin, éanlaith agus loscáin, agus mar an gcéanna gach uile ní dá dtugann an talamh nó an fharraige uathu, i gcruth gur lena n-aois a thagas a bhfás agus a misneach, bíodh gur buan nó neamhbhuan dóibh. Agus tá a n-aimsir chinnte cóimheasctha agus síolraithe ag gach dúil mhara agus aimsir an toirchis, ó thrí bliana go lá go n-oíche - ar ghléas gur síolmhaire na coirp éidreoracha míle uair ná na coirp is tréine, agus nach bhfuil ó laghad na cineálacha nach móide a síolrú; agus nach móide an síolrú nach lúide an fás, ar son gur ón máthair amháin iad uile ó thús, agus go bhfuil sí níos mó na a clann uile, mar atá, an talamh. Seo rúndiamhair eile nach dtig le gliceas daonna a chuardach ná a dhéanamh amach. Ach tá gach ní díobh seo arna n-ordú ó eagna fholaithe Dé, i gcruth gur leis féin amháin a bhfoilsiú do dhaoine trína theachtairí spioradálta. 49. Amhail agus atá cáilíochtaí éagsúla sa talamh agus sna huiscí, is mar sin atá nádúr ar leith i ngach ní dá dtugann siad uathu, ionas go bhfuil naimhdeas idir na ginte a thugas an dá mháthair-chlann líonmhara seo uathu. Agus tá cáilíocht amhstranta i móran de na ginte seo. Is é fáth go ngairtear amhais d'ollbheithígh agus d'olléisc agus d'olléanlaith agus d'ollphéisteanna, mar tagann siad suas ar fheoil amh. Óir is ionann "amh" agus "gan bhruith" agus "-ais" agus "itheas", agus tá cáil den nádúr seo i ngach ní brúidiúil dá maireann, go fiú an chearnamáin is táirí sa saol. Is iad rí-amhais na talún an leon agus an mactíre agus mórán eile, agus rí-amhais na mara an míol mór, agus an ollphéist dá ngairtear athair nimhe na bóchna, agus rí-amhais na n-éan an t-iolar is an bhadhbh, agus rí-amhais na gcearnamán an daol agus an dubhán alla; agus cé go bhfuil na mílte amhas lasmuigh díobh seo, is iad is mó a dhéanas foghail ar a gcomharsana ar muir agus ar tír, agus dá bhrí sin bíonn a n-uamhan ar an slua, amhail agus go dteagascfadh an nádúr féin dá ginealach gach aon cháilíocht chíocrach atá sna gallamhais chraosacha seo atá chun a scriosta. 50. Tá nithe folaitheacha, do-chuimseacha sa tuiscint seo a
thagas ó nádúr lena mbreathnaíonn éanlaith agus eallach, iasc, earc agus cearnamán, idir a gcairde agus a naimhde; agus nach bhfuil ní díobh seo gan scith éigin chun a shábhála. Tá siad i gcáil níos luaithe nó níos glice ná an namhaid, ionas go sílfeadh duine go bhfuil siad arna stiúradh ó nádúr chun bua a bhreith ar gach ócáid dá mbeadh ina gcionn. Agus ní thuigeann an duine, ó mhéid a intleacht, cad é is ciall do na tíolacthaí seo a thugas an nádúr dá clann éigiallda, cé go bhfuil ó bhliain go bliain follas dá shúile féin - ach amháin go gcreidimid go bhfuil na nithe seo arna gcló-athrú ar bhrollach an nádúir le méar chumhachtach, do-chríochnaithe, do-chuimseach Dé, agus nach bhfuil ní ar bith nach n-éadaíonn a mhór chumhacht agus a eagna do-chríochnaithe i bhfianaise an duine easumhail. Ach an méid de na hearca seo a bhíos i seilbh an duine, ní bhíonn siad chomh heolaí leis an gcuid a chónaíos i measc namhad; nó tugann an nádúr sciath shábhálta dóibh mar a thugas sí do na créatúir eile, de bhrí go bhfuil an duine ina sciath dhídine dóibh, agus go ndéanann faire agus reagaireacht os a gcionn á gcoimeád agus á gcumhdach. 51. Agus tá a shéasúr iomchuí ag gach ní díobh seo lena ngintear a n-aos óg, ach ní hionann an séasúr a bhíos ag na nithe talmhaí agus ag na nithe a ghintear san uisce. Óir amhail mar a thugas an úir a toradh uaithi sa samhradh, is mar sin do gach ní dá dtugann sí uaithi, agus dá dhroim sin, is le linn an tsamhraidh a thugas formhór gach ní talmhaí a nginiúintí i dtír; ionas gur le linn an earraigh agus an tsamhraidh a thagas gach rathúnas ar an talamh agus ar a clann. Feictear faoin am seo den bhliain na héanlaithe ag dul le chéile agus ag neadú, agus mar an gcéanna an t-eallach brúidiúil ag tabhairt a dtoraidh agus ag cóimheascadh, na capaill faoi eachmairt agus na ba faoi dháir, caoirigh agus gabhair ag teacht faoi reith tar éis a gclann óg a bheathú sa séasúr céanna. Agus ar son nach bhfuil riail ar bith iomlán, agus ar son gurb é seo cás gach créatúir fhiata thalmhaí, idir eallach, éanlaith, earca agus cearnamáin, ina dhiaidh seo is uile, briseann earca agus éanlaith tí ar an riail seo, de bhrí go dtógann siad dhá ál sa bhliain, agus cuid dóibh trí ál, mar coinnítear níos téagartha agus níos compordaí iad ná an bunadh fiáin; ionas go neartaíonn beart an duine cúrsa an nádúir féin.
52. Ach in ainneoin gach birt agus glicis dá bhfuil sa duine, buann an nádúr, i gcruth gur beag nach san earrach a bhíos gach ní ina staid shíolmhar dá dtugann an talamh uaithi, is a bhíos na héanlaithe baile - cearca agus lachain, ag breith go líonmhar, francacha agus géanna ag cur goir, conairt ag adhaltranas, cait faoi shaothrú ?, agus péisteanna snámha na talún ag snadhmadh agus ag scinneadh a síl, amhail agus go mbeadh céadfaí nádúrtha á dteagasc ar nós gach síoladóra eile a bhíos ag fáil réidh faoi chomhair aimsir an fháis. Ar ghléas gurb é an t-earrach agus an samhradh am síolchuir agus fáis na talún, amhail agus is é an fómhar agus an geimhreadh is am síolraithe agus fáis na mara. San fhómhar is ea a ghlacas iasc na mara mian cóimheasctha, agus téann siad le fearga agus banda, agus ó Fhéile Mhíchíl go Nollaig is é a n-am iomchuí le sceitheadh. Agus dá bhrí sin fágann siad an duibheagán agus tagann siad isteach don uisce éadomhain san áit nach mbíonn contúirt na n-iasc amhstranta orthu, agus cóimheascann ansin a láib agus a bpis le chéile, agus fágann folaithe faoin ngaineamh nó go dtagann am don síol beochan - is é sin, sa Mhárta nó i dtús an Aibreáin, agus tagann na sean-éisc ansin agus tugann na samhracháin leo go hionad leataobhach, 53. an áit nach mbíonn taithí na mion-iasc, mar is iad is mó a scriosas na samhracháin. Is mar sin a dhéanas mórán de na héisc choitiana. Ach tá éisc eile nach bhfuil den cháilíocht seo. Tá siad amhstranta nó loscánta; déanann cóimheascadh ar nós corp talmhaí. Is díobh seo míolta móra, rónta agus muca mara, agus mórán eile den sórt sin. Ach is iad na mion-éisc is mó a dhéanas daoine a úsáid, mar measann siad iad a bheith glan. Ach ag seo an rúndiamhair. Cad é is ciall do ghiniúint mara agus tíre a bheith bun os cionn le chéile mar seo - gurb é an geimhreadh is am síolraithe don mhuir, agus an samhradh don tír? Is é a fheictear domsa anseo, gur corp banda an mhuir, agus go bhfuil faoi stiúradh na ré; agus mar a thagas an ghrian ina neart sa lá fada, go dtagann an ghealach ina neart san oíche fhada, agus dá bhrí sin go neartaíonn miangas gach a bhfuil faoina stiúradh, amhail agus mar a thógas an ghrian meanma gach a bhfuil faoina cumhacht féin ar an talamh. Óir is ní deimhin gur miangas is údar don ghiniúint, mar is uaidh a thagas an cóimheascadh, agus nach ngintear fuil is feoil gan é.
Ach tá nithe eile ar ar mian liom trácht, cad iad na buanna atá ó nádúr ag coirp seachas a chéile ... 54. Thug údar síoraí cumhacht don nádúr roinnt lena clann de réir a tola féin, agus is mar seo a roinneann sí leo. Tugann sí neart agus brí do chuid díobh, méid agus maise do chuid, lúth agus tapa do chuid, beart agus glice do chuid, agus ciall agus griongal do chuid, ceol agus binneas do chuid, etc.; ach níl máthair ná athair sa domhan is dlisteanaí a roinn a saibhreas ar a gclann ná mar roinn an nádúr lena clann féin, de bhrí gur thug sí bua do gach ní dar gineadh uaithi air a thuillfeadh meas dó óna chomharsana. Don each thug sí neart agus lúth, ionas go dtuillfeadh meas agus ómós ón duine; don bhó thug sí lacht agus feoil bhlasta chun muirn a ghnóthú di; fuair an chaora olann etc.; gach, bua éigin os cionn nithe eile. Feicimid i slua na n-éan mar nar thug sí ach ...... do gach cineál de na héanlaithe atá urrúnta. Tá bua mór ag na mion-éanlaith os a gcionn, mar atá, bua an cheoil agus loinneacht - i gcruth, nuair a thagas sóúlacht aimsire agus a imíos an dúlacht, go n-éiríonn meanma na gcreatúr dearóil seo, agus go gcuireann sólás lena gceol ar dhaoine, ionas go dtarraingíonn spéis agus taitneamh uathu. 55. Níl ní ar bith dá dtagann ón nádúr gan cáilíocht ar leith, bíodh gur duine nó beithíoch, luibh, adhmad nó eisfheoil é; ach cad é a chiall seo, níl a fhios ag na daoine, cé go bhfeiceann go laethúil os comhúir a súl é. Ní feasach mise an bhfaca mé féin riamh dias den chineál amháin ar aon cháilíocht, agus is dá dhroim sin nach ionann blas, boladh ná intinn a bhíos ag dias de chlann lánúine. Cuirim i gcás go mbeadh dáréag clainne ag duine, agus go gcuirfeá ceist ar gach aon díobh céard é an cheird ba mhian leis a fhoghlaim, ní bhfaighfeá beirt acu d'aon intinn amháin. Agus is mar sin a roinn an nádúr a tíolachtaí lena clann, ionas nach ionann mianach do dhias díobh. Mar an gcéanna, más bean a bhíos dias deartháir ag pósadh, ní hionann an sciamh a shásaíos iad, mar nach ionann súile a fuair siad ó nádúr; agus is mar sin do gach ní eile dá bhfasann ón talamh, ní hionann na tíolachtaí a thugtar dó ón máthair fhial seo a roinneas chomh folcmhar sin lena clann. Teagascann an ní seo do dhuine gur chóir dó a spré a roinnt go cothrom, agus gan mórán a thabhairt d'aon de bharr ar chách eile, óir is
le neart a hionracais a roinneas an nádúr a tíolacthaí ar an modh seo le gach ní dá dtagann uaithi. 56. Ach mar sin féin leanann lorg a chéile ina slite eile. Cuirim i gcás go mbeadh caora dhubh ag duine, agus go reithfí í le reithín bán, agus go mbeadh uan bán aici, agus go mbeadh mar sin ar feadh seacht ndíne, na ginealaigh bán, ina dhiaidh seo uile, tiocfaidh uan dubh ar a shliocht, ionas go mbreacfaidh sé an tréad agus go n-athróidh an cineál. Agus is mar sin do dhaoine agus d'eallach, athraíonn na ginealaigh ionas go n-imíonn an sean-stoc faoi seach, agus tar éis aimsire áirithe, agus tar éis atha agus aimsire go dtiontaíonn chun a bheith amhail is mar bhí siad ó thús. Sin cáil de chúrsa an nádúir. Tá slí eile ina dtugann beart an duine athrach sna ginealaigh i measc an eallaigh, mar atá, ag síolrú idir asail agus capaill. Fuarthas an beart seo amach ar dtús le hógánach darbh ainm Ana i bhfásach thír Iúdaí, agus lean na daoine dó, mar bhí sé sochrach; óir níl eallach ar bith is cruálaí agus is buaine i dtreis ná na miúileanna. Is cosúil go bhfuil sé go mór in aghaidh nádúir, ar an ábhar nach dtugann sí síol dóibh iontu féin, cé go mbíonn clann ag ginealaigh chrosanta eile, idir éanlaith agus eallach. AN CÚIGIÚ CAIBIDIL AR ADHMAD ÉIREANN, etc. 57. Is é an daróg rí-adhmad an oileáin seo, agus fásann agus maireann i staid níos faide ná adhmad ar bith eile dá dtagann anseo. Deir na sinsir go mbíonn "míle bliain ag fás, míle bliain i staid, míle bliain ar lár, agus míle bliain de bharr go mbainfí clár donn daraí as a lár," etc. Cibé atá seo ceart nó nach bhfuil, is fíor gan amhras go bhfuil sé ró-úsáideach don duine ar muir agus ar tír, agus go bhfuil níos seasmhaí agus níos marthanaí ná aon adhmad dá bhfásann inár meascna; agus lasmuigh de seo, go bhfuil suáilcí móra ina choirt. Ar dtús, is é an gléas is fearr chun leasaithe leathair dá bhfuil againne; agus níl sórt ar bith íce chomh ceangailteach leis, agus lena bhruith ar uisce agus an tócht a leagan suas sa chorp, leigheasfaidh sé na parain agus go leor nach dtráchtaim.
Is í an fhuinseog is mó atá i gcéim ag na scológa, de bhrí gurb í is fearr chun an uile uirlise dá bhfónann ar a ngnóthaí féin. Níl adhmad ar talamh is réidhe ina ghráinne ná í, agus dá bhrí sin is di a dhéantar na criathair agus na scaigneoirí, agus fós fonsaí; agus is uaidh sin a ghair sinsir "fuinseog" di ar dtús; agus tá suáilce íciúil mar an gcéanna inti a leigheasas iomaí aicíd agus taogal. 58. Is maith an leigheas ar ghoropais, ar ghalar buí nó aicíd na gcrua-aenna nó galair a thagas ó na hábhair sin, an choirt a bhíos ar na beagáin óga fhuinseoige - a mbruith agus an sú a thabhairt don othar. Lena ól, oibríonn sé ina fhual agus leigheasann an galair san am céanna. Fearnóg: adhmad eile atá líonmhar agus dá ndéanann na mná úsáid ag déanamh dath dubh, ach níl mise tréitheach ar a úsáid ná ar a shuáilce, ach amháin go bhfásann sé ina chrainn mhóra, agus gur de cháilíocht an logvóid é a thagas ó thíortha eile. Iúr. Tá an t-adhmad seo ina sheanleanbhán tí in Éirinn, agus is mór an chéim a bhfuil sé ann, ar son a mhaitheasa. Rinne sé ionad mahagaine sa tír seo go tráth gabháltais gall. Tá sé buanseasmhach agus glacann sníomh go ró-thaitneamhach, ionas go bhfuil sé faoi mheas mór; ach ó tháinig adhmad ó thíortha coimhthíocha, is beag anois a dhéantar a úsáid. Giúis. Is iomaí cineál den adhmad seo a fhásas, ach go mór mor, tá an ghiuis Ghaelach a thráchtar anseo, le fáil i mórán d'áiteanna, agus fásann sé ina chrainn arda eascartha, gan mórán géag ach an méid a bhíos ina bharr, agus is ina bharr is gnáth leis an corra éisc a neadacha a dhéanamh agus a n-ál a leagan. 59. Sleamhán. Is adhmad úsáideach é seo agus díolann go maith. Tá sé crua, agus a ghráinne ionas go bhfónann sé go maith le stoic nó nábhaí le spócaí a chur ann. Agus tá suáilce chun neartaithe ina chraiceann. Is maith an ceirín craiceann sleamháin, lena chur ar chnámh leonta. Lena bhruith ar mhún stálaithe agus a cheangal air, neartaíonn sé na féitheacha go mór. Tá iomad d'adhmaid eile nach bhfuil fios ar a suáilcí, mar atá: - coll, cuileann, creathach, caorthann, beith, abhaill, daimsín, piorraí, plumaí, silíní, etc.; ach tá a lán eile de mhionadhmaid a fhásas ina gcriocháin, agus is iontu seo is mó atá suáilce - dála gach ní dar thug an nádúr uaithi, gur leis na nithe
is míofaire a roinn sí na suáilcí is mó, agus dá bhrí sin gur sna criocháin seo atá an íce le fáil. An sceach. Má chruinnítear na caora agus an bláth, is maith an leigheas iad ar na clocha fual agus ar ghoile etc. An draighneán dubh. Má chruinnítear na hairní sula mbeidh siad iomlán aibí, agus a mbruith nó go réabfaidh siad, agus a gcur suas i gcrocán cré, seasfaidh siad bliain iomlán, agus níl leigheas ar na gearrtha-íocha chomh maith leo, le lán spúnóige a thabhairt don othar gach ceathrú uaire nó go gcoiscfeadh an aicíd. 60. Draighean cual. Fásann seo i measc na gcriochán, agus bíonn airní air amhail an draighean eile. Má bhruitear sú na n-airní seo ar uisce siúcra, is maith an phurgóid í do dhaoine a bhíos ceangailte ina gcorp. Mar sin, ba chóir ginger a chur air, mar is gnáth leis oibriú go péistearáilte agus an t-othar a leagan. Creathach. Is adhmad gan mórán úsáide é seo, ach amháin go ndéanann sé scáth, agus bíonn sé cinnte ar crith, agus is uaidh sin a ghairtear creathach de. Saileog. Is iomaí den chineál adhmaid seo in Éirinn, agus is adhmad ró-úsáideach é, óir déantar cliabháin agus bascaeid de, agus cliabhóga. Is é is réidhe a shníomhas de gach sórt adhmaid; ach ní fios domsa suáilce íciúil a bheith in aon den na cineálacha seo, ach sa tsaileog bhán, agus sin sa choirt a bhíos ar na géaga. Le púdar a dhéanamh de, leigheasfaidh sé cóch-theilgean nó scaoileadh, agus triomóidh sé doirteadh fola i mná; agus is leathdhram de is cóir a thabhairt don othar ar aon bhall, ar mheadhg nó ar uisce. Is í an tsaileog bhán a fhásas ina chrainn in áiteanna taise nó i mboglaigh. 61. Caorthann. Is adhmad ró-líonmhar é seo, agus fásann go hairde mhór, agus tugann toradh de chaora dearga agus is righin buanseasmhach an t-adhmad é, agus tá faoi mheas mór ag daoine faoin mbua a shíleas siad a bheith air - agus leanann seo dó ó aimsir Thuatha Dé Danann - is é sin go bhfuil bua air in aghaidh draíochta. Tá seo á lua ó dhíne go díne ó aimsire na bpágánach, ionas go síleann lucht na tuaithe gur sciath é in aghaidh gach sórt asarlaíochta. Dreasóg. Níl sna criocháin adhmad chomh coitianta léi seo, ach níl sí gan a húsáid féin, óir ní thig le lucht ciseán nó scuab teacht gan í; fónann sí mar fhál mar an gcéanna. Agus níl sí
gan a suáilce chun íce, de bhrí nár fhás luibh sa mhachaire is mó a thriomaíos fliuchnach san fhuil ná í, ionas le púdar a dhéanamh de na duillí, agus a chur ar bhriseadh amach agus ar scalladh a leanas do pháistí; agus is feasach mise go leigheasfaidh sé scaoileadh lena bhruith ar leamhnacht. Fáirdhris. Is air seo a thagas na muc-chaora, ach is adhmad gan mórán tairbhe í, ach in áiteanna go ndéantar fonsaí do sháithí beaga di. Gruam. Tagann an t-adhmad seo ar na claíocha cois na dtithe, agus is beag úsáid a dhéantar de, ach go ndéanann cuid de na daoine scuaba de. 62. Ach mar sin féin, níl sí gan a suáilce, de bhrí má bhruitear, agus a sult a chóimheascadh le beoir, go n-oibríonn sé ina fhual agus go leigheasann goropais agus galar buí, agus osclaíonn sé na haenna san am céanna. Nó má loisctear é, agus a luaithreach a chur ar fhíon bán, oibróidh sé dúbalta ar na fuail. Ach is fearr a leigheasas an chéad dóigh an t-othar. Tromán. Is adhmad ró-choitianta seo, agus fásann go sultmhar, agus is beag an úsáid a dhéantar de féin, óir tá sé cnapach, brománta, briosc, agus lán dé laíon taobh istigh, tromcheannach agus folamh, le pór dubh. Ach níl seo gan a shuáilce, óir is ró-neartmhar an phurgóid an forchraiceann a bhíos taobh istigh in aice an adhmaid. Le húnsa de a bhruith ar chárt uisce, leigheasfaidh galar buí, nó goropais nó mórán eile de thinnis stubranta, ach nach mór spíosra éigin a chur leis ar eagla é oibriú ró-mhór. Má bhruitear ceiriocháin dubha nó go leáfaidh siad ar an uisce, is maith an leigheas ar scornach fhrithir iad, agus mairfidh i bhfad sa staid sin. Is mór na suáilcí atá san eidhneán. Glanfaidh agus leigheasfaidh sú na nduilleog cinn pháistí ó mhíolta agus briseadh amach; agus purgóid shábháilte na caora a leigheasas gach sórt pianta lena nglacadh ar uisce. 63. Sin agat anois, a léitheoir, agus amharc isteach go grinn griongalach, agus breathnaigh i do chéadfaí féin céard is ciall do na nithe seo atá chomh do-thuigthe, dorcha, agus chomh diamhair d'intleacht an duine, agus ar ndóigh, tabharfaidh tú isteach nach ní ar bith eile ach eagna agus cumhacht, agus mórgacht diamhair do-chríochnaithe éigin lenarbh fhéidir a leithéidí seo a shamhlú.
An uair a fheiceas tú go soiléir gurb iad na nithe is lú agus is trua na nithe is mó biseach agus bua, tabhair faoi deara cad é mar théas sé chun sochair don duine na nithe seo a bheith mar atá siad, agus is é is léir duit, dá mbeadh na tíolacthaí céanna atá ag na mionchoirp ag na mórchoirp, nach rachadh sé chun sochair ach do dhaoine móra, ar an ábhar, na crainn mhóra, agus an t-eallach mór, agus gach ní mór eile, is ag na daoine móra atá siad, agus dá mba iontu seo de na suáilcí, ní bhfaigheadh daoine trua a lámh go dtí iad. Ach bhí a fhios seo ag an té a d'ordaigh gach ní díobh, agus theagasc sé don talamh - ó ba í ba mháthair mhór don iomlán - cad é mar chóir di roinnt lena clann, ar ghléas gurbh fhéidir leo a theacht i dtír gan conspóid, gan tnúth le chéile. Óir má dhéanann nithe pearsanta uaill as a méid nó as a maise, ní bhíonn tnúth ag nithe beaga leo, nuair a fheiceas siad gach bua dá bhfuair siad féin ó nádúr. 64. Agus dá bhrí sin, roinn an nádúr mar seo leo ionas go mbeadh an bocht agus an saibhir sásta. Is mo muirn gach máthar ar an té is lú ná ar an té is mó dá clann. Óir ar son go mbíonn stráic orthu as a méid agus a maise, beidh trua agus taise acu don earcán, agus bíonn níos cineálta leis, níos mó ná bheidh siad leis an gcuid urrúnta den chlann. Mar an gcéanna don ní, roinneann sí go clamprach, ach de réir mar d'oirfeadh do gach aon acu; agus gan amhras is intuigthe gur thug an nádúr iomaí bua do nithe beaga de bharr ar nithe móra. Is iad na mion-éanlaithe is ceolmhaire agus is síolmhaire, agus ar an ábhar sin is iad is líonmhaire - agus is mór na buanna na trí bhua sin os cionn na n-éan urrúnta. Agus tá na buanna céanna ag na fir bheaga ar na fir mhóra. Agus ní mise amháin a thug seo faoi deara, de bhrí gur seanfhocal atá i bhfad ar bun. Ach mar an gcéanna, tá buntáiste éigin ag gach cineál ar a chéile, ionas nach dtig le haon díobh teacht suas air féin gan a bheith in acra a chomharsana. Ach tá seo uile mar chruthú ar eagna mhór Dé. 65. Má dhearcaimid isteach go grinn i ré saoil duine, feicimid nithe iontacha, mar atá, gach daorsmacht agus gach aicíd agus taogal dá mbíonn ag brath air, agus mar an gcéanna, ó bhás go beatha, go bhfuil gach ní díobh seo ag leanúint shíl Éabha, i gcruth nach féidir d'aon neach den chine daonna teacht saor uatha seo uile.
Féach ar dtús cad é atá le dul thríd ag na páistí ina n-aois leanbaí sul a mbíonn urra nó acmhainn air bith iontu. Bíonn galair agus aicídí éagsúla ina gcionn, ionas gur le méid cúraim agus griongail a gcairde a bheirtear go haois iomlán iad. Ar dtús, tagann siad lag, meatach trí chontúirt agus guais bháis, isteach go ríocht na beatha, agus gan treoir ná misneach ina mbaill, gan chiall, gan cheadfaí, ach in acra agus in easpa, bíodh gur gin rí nó prionsa a bhíos ann; agus tugann na hócáidí céanna cuairt air, a bhíos ag brath ar an mbochtán, mar atá, ar dtús, taomanna, tapaigin agus meatachais eile a bhíos ag brath air. Agus ní luaithe a chuathas misneach ar bith ina bhaill ná thagas aicídí a bhíos níos stubranta, mar atá, a chuid díobh, tinneas na n-aenna, bruitíneach, triuch, galar breac, fothacha, bolgach na muc, agus scincí, agus mórán eile nach n-áirítear anseo - b'fhéidir sul a mbeadh d'acmhainn iontu a n-iompar. 66. Tar éis a fháil tharstu, agus teacht dóibh go haois iomlán, bíonn na mílte de ghuaiseacha agus de chontúirteacha marfacha ina gcoinne leis an uile shórt bíobhaí, maraon le gach galar agus daorsmacht dá dteagmhaíonn ina slí, ar ghléas ionas gur ábhar iontais chomh maith le gairdeachas, an duine ag breith bua orthu seo uile. Ach mar a dúirt mé thuas, thug an talamh fortacht dá clann, agus d'fhoscail sí a bráid fhada fhairsing chun slánú a hiarsma agus scinn óna broinn ó chrann go dí na luibheanna is táirí sa mhachaire, gach aon díobh ina dhochtúir ar aicíd éigin díobh seo. Agus mar an gcéanna, is leabhar cláir don duine aghaidh an mhachaire, a theagascas mórgacht agus maitheas Dé, agus díbhrí agus easpa an duine. Óir an uair a dhearcas an duine ar aghaidh an mhachaire, agus a fheiceas ar dtús an mháthair as ar gineadh é féin agus ar uirthi cinnte a bhfuil a bheatha, agus i ngearraimsir a mbeidh a lóistín síoraí uirthi, mura mbeidh a chéadfaí dall, gan mhothú, tuigfidh sé, ó gach ní dá mbíonn os a chomhair, nach athrú mór-chumhachta éigin lenarbh fhéidir na nithe iontacha seo a bheith mar atá siad - an uair a fheictear gach ní dá dtagann ó nádúr ag dul in airíocht agus ag dul ar neamhní ó bhliain go bliain, agus an talamh, as ar baineadh an t-iomlán, gan ídeach, gan athrach.
AN SÉÚ CAIBIDIL, LENA DTRÁCHTAR AR NA SLUAITE MARA, PHARTHAIS AGUS THALAIMH, etC. 67. Ar dtús, is iad sluaite na mara is líonmhaire den iomlán, ach níl uaimse a áireamh ach beagán díobh a bhíos fá chuanta seo na hÉireann, agus a théas in úsáid do na daoine san oileán seo - ach na hamhais amháin is allúraigh anseo agus nach dtugann cuairt ach fíor-annamh. Is díobh seo míolta móra, rónta agus muca mara, pilleoga, agus mórán eile de na sóirt loscanta a imíos faoi agus os cionn uisce, agus a scriosas agus a dhíbríos na mion-éisc as an duibheagán isteach don muir éadomhain. Agus is é seo an t-am a thagas siad seo fá na cuanta agus a fheictear iad go soiléir ag ruaigeadh na n-iasc beag agus á scriosadh gan áireamh; agus téann seo chun sochair don duine, óir an tráth nach mbíonn smaoineamh ag an duine air, agus a fheiceas an t-iascaire aon de na hamhais seo, tuigfidh sé go mbíonn na mion-éisc ag teitheadh fán trá; agus is cinnte gur le linn na ngallbheithígh seo a fheiceáil a thagas rabharta gabhála ar an iasc. Óir murab é iad seo, is beag éisc a gheofaí, mar nárbh fhéidir a ngabháil i ndoimhne na farraige ach go ruaigeann na hamhais seo fá thír chun an iascaire iad, agus is ní ró-úsáideach seo don duine. 68. Agus is mar sin a ordaíodh na nithe seo a bheith ó thús, trí eagna do-chríochnaithe agus mhór-chumhacht Dé. Agus murab é seo, ní rachadh iasc na mara i dtairbhe don duine, mar nach dtagann fán trá ach le huamhan nó tinneas éigin, agus nárbh fhéidir don duine a ngabháil sa duibheagán. Agus mar nach dual go bhfaigheadh an duine a bheatha gan saothar, is mar sin is éigin dó oibriú go crua ar son na héadála seo fós; agus gach ní eile dá ngóthaíonn sé ar muir nó ar tír, gur le hallus a ghrua nó saothar a lámh is dual dó a fháil, de réir na haithne nó na breithe a tugadh air ó thús. Agus ag seo síos ainmneacha na n-iasc a ghabhtar fá na cuanta seo tá thart fá bhruacha na hÉireann - na cineálacha éisg seo uile:
meill-liobair cod láimhínigh lavins hadóga haddock leadóga fluke gobóga dog-fish cnúdáin gurnard plásaí plaice turbaid turbot sóil sole 69. brasaraí brazers maclaraí mackerel faoitíní fitens whiting raidhí ray glasáin glashen luóga lythe móiríní morone bradáin salmon scadáin herring eascanna eels bric bhána white trout luingsí ling crúbáin crabs gliomaigh lobsters oistíní oysters ruacain cockles cocais an brealláin cock oysters bairnigh limpets caochóga muclais mussels rasair rashers faochóga winkles Is iad seo na héisc is líonmhaire san fharraige timpeall an oileáin seo a théas in úsáid dá muintir, agus is díobh a ghairtear éisc ghlana. Ach tá cuid díobh faoi mhórmheas seachas an chuid eile, mar atá: an bradán, an breac agus an turbad, agus formhór an éisc leathain - ionas go dtugann luach a saothair go fíormhaith do na hiascairí. Agus is iad seo a sceitheas agus a ghineas a samhracháin san uisce éadomhain, agus cailltear mórán de ar an modh seo, de bhrí go scriosann muintir na tuaithe é ar dtús in aimsir an sceite, agus ina dhiaidh sin, le bá an lín go n-éagann na samhracháin leis an droch-uisce; ionas go bhfuil níos mó daorsmacht ag brath orthu seo ná ar iasc ar bith eile dá ngluaiseann sa mhuir, ach an scadán amháin. Tá na héisc shliogánacha so-bhlasta, agus so-fhaighte, mar nach bhfuil lúth ná aistear iontu, ach gafa ó nádúr ar nós an pháiste. Is lú a théann fán trá nach gcnuasaíonn iad amhail is toil leo féin, agus ní fios do na daoine conas a thugas iad chomh líonmhar.
70. Is de réir an nóis amháin a sceitheas agus a shíolraíos formhór na n-iasc glan seo uile, ach amháin go dtagann an bradán agus an breac isteach do na haibhneacha fíoruisce ag teacht na dúlachta, ag seachaint droch-chuideachta ab fhéidir go ruaigfeadh iad féin óna nead in aimsir a dtinnis nó a n-éagcruais; agus dá chionn seo is mór an lán den síol a théas ar neamhní. Tá an dá chineál éisc seo uasal ina gcáilíocht, agus tá iontu féin níos so-bhlasta agus níos milse ná na héisc eile ina bhfuil cáilíocht amhstranta. Óir ní itheann daoine amhais thalmhaí, agus ní mó ná sin is mian leo amhais mhara a ithe - ach amháin go bhfuil beagán den cháilíocht seo i ngach cineál éisc san fharraige, ach fíorbheagán. Is díobh seo an breac, an bradán, an scadán agus an gliomach; agus ní fios domsa a n-athrach seo, ach amháin an t-iasc sliogánach, nach bhfuil lúth ná tapadh iontu, ach a scinneas a síol faoi na clocha ar nós an tseilide - agus gurb í an cháilíocht amháin atá ag gach seilide, agus gur ar an nós amháin a ghintear agus bheathaítear iad, bíodh gurb í an mhuir nó an tír is áit chónaithe dóibh, ach na seilidí mara, go mbíonn a gcáil loscánta, agus go maireann i bhfad gan uisce. 71. An scadán, ar son nach bhfuil iasc san fharraige is mó namhaid ná é, ní glacann sé athrú na mara mar dhídean in aimsir a shíolraithe, ach imíonn siad ar dtús agus déanann siad sliabh mór díobh féin. Agus cé go mbíonn do-áirithe ina n-uimhir, bíonn a chompánach féin le gach aon díobh, ionas go sceitheann siad a síol go cúramach griongalach, ag cóimheascadh le chéile; agus ar son nach bhfuil foscadh ná dídean acu ach an sliabh nó an balla a dhéanas siad dá gcoirp féin, agus go mbíonn a namhaid á slogadh gan chuntas, fulaingíonn siad seo go foighneach mar gheall ar a gclann óg a bhíonn siad a fháil ar an modh seo. Agus ar son go séidtear an sceith le hanfa agus garbhthonna ar fud na farraige, beonn i ngearraimsir, agus tagann a bheith ina shamhracháin. Agus filleann an seanstoc don duibheagán, agus ní fhilleann go dtí athbhliain. Is na samhracháin óga, fanann siad fá na cuanta, ag fulaingt óna mbíobhaí nó go dtagann a gcairde; agus tar éis a síol a sceitheadh dóibh, tugann an drong óg leo don duibheagán, mar a mbíonn nó go dtagann am cinnte dóibh féin. Agus is é seo is nós don iasc is líonmhaire, agus is mó úsáid don duine dá dtugann an mhuir uaithi. Óir níl tír ar bith nach ndéanann uasal agus íseal úsáid mhór don iasc seo,
friseáilte agus saillte, ionas, mór an saibhreas le daoine gabháil mhór scadán. 72. Sin agat anois, a léitheoir; agus an measfá féin gur chun sochair don duine a chruthaigh Dia na nithe neamhghlana seo atá chomh mínádúrtha, athfhuafar seo, agus a scriosas na nithe ar a dtagann an duine féin i dtír? Ach mar nach dtuigeann gach duine de nós a chéile, is mar sin nach ionann a fheiceas siad; agus de bhrí nach ionann céadfaí do gach duine, is mar sin nach dtagann a mbarúla le chéile i gcásanna dorcha diamhra, agus dá dtuigteá seo, tá sé ró-riachtanach ag stiúradh agus ag rialú na sluaite. Óir dá mbeadh na daoine den aon intinn in acais ar bith, is olc a thiocfadh uaidh, de bhrí go mb'fhéidir gurb é a gcara a shílfidís a bheith ina namhaid acu. Ag seo an cás amháin. Nuair a fheictear na pilleoga, nó rónta, nó muca mara, bíonn cuid de na daoine nach dtuigeann a n-úsáid ar an ócáid seo, ach a bhíos lán dá bhfuath, agus dá mbeadh ina gcumhacht, a scriosfadh uile iad. Ach ní hé seo a thuigeas an t-iascaire. Beidh lúcháir air faoina dteacht fán gcuan, mar tá a fhios aige gurb iad a chairde iad, atá ag ruaigeadh tréad na mara faoina chomhair. Ach an scológ, agus tuata, nach dtuigeann úsáid na nithe seo, síleann siad gur chun oilc agus díobhála don duine a chruthaigh Dia iad ó thús, mar nach léir dóibh nárbh fhéidir don duine toradh na mara a fháil gan iad. 73. Tráchtar anseo síos ar shluaite Pharthais - na héanlaithe, agus ag seo a n-ainmneacha san Iar-Eoraip. iolar - eagle babhbh - cormorant fiach dubh - raven corr ghlas - crane corr mhara - gannet faoileannán - gull crotach mara - curlew uiseog mara - sea-lark feadóga - grey plover adharclóga - plover cromán - crow cág - jackdaw cromán cearc - kite
seabhac seilge - goshawk seabhac gealbhain - sparrow-hawk cailleach oíche - owl feannóg charrach - scald-crow féarán - woodquest colm - pigeon bonnán - bittern cuach - cuckoo tulchabhán - magpie puthan - puffin cearc fhraoigh - grouse patraisc - partridge gargorc - corncrake traona - quail cearc uisce - water-hen coirneog - blad-coot naosc - snipe cadhan - redshank meannán aeir - jack-snipe truideog - starling uiseog - lark smólach - thrush lon dubh - blackbird uiseog choille - woodlark liathruisc - fieldfare cleimhrian - stonechat barrán aitinne glasóg ghuail - willy-wagtail gealbhan - sparrow gealbhan rois - grey linnet gealbhan glas - green linnet 74. spideog - robin buíóg - yorling coinnleoir Muire - goldfinch coilleog - cuckoo's mate eiteog leathair - bat riabhóg - bunting dreolán - wren
meantán - tom-tit filbín míog - mooney gormán searcaidh Is iad seo na héanlaithe a thaithíos agus a shíolraíos sa tír seo, agus is iad atá ann ó shinsearacht; agus mar sin féin, is níos gainne atá siad ag éirí gach lá dá bhfuil ag teacht, ionas gur ní deacair do dhaoine nead aoin díobh a fháil - eadhon in aimsir a síolraithe - ach mar sin féin feicimid na hálta gach bliain. Ach is é a thaibhsítear domsa, gur le linn shaothar an talaimh agus ghlanadh na n-adhmad ar shiúl, óir níl coillte ná rosáin ar an uair seo mar bhí sa seanreacht. Ach na héanlaithe móra a dhéanas a neadacha i gcuasáin na gcarraigeacha agus na sléibhte, mar atá: - iolair, agus fiacha dubha, agus mórán eile de na seabhaic - agus go cinnte, is iad is gainne de chineálacha na n-éan, ar son go sciúrann agus go scuabann siad an fhoraois ó chionn a chéile. Ach ní thig liom-sa ciall a bhaint as seo, ach go sílim gur mar seo a ordaíodh na nithe seo a bheith ó thús; óir dá mbeadh an t-iolar nó an chuid eile de na dronga cíocracha chomh líonmhar leis na mion-éanlaithe, ní bheadh éan eile beo gan scrios. 75. Ach amhail agus mar a ruaigeas an t-iasc cíocrach ...... fán áit a dtig leis an iascaire a ngabháil, is mar sin a théas na héin allúrga seo chun sochair don scológ. Óir an té a mbíonn a chuid talaimh a chois coille nó rosáin, is ní gnách go scriosann na míon-éanlaithe mórán dá chuid arbhair sa séasúr; ach má tharlaíonn go mbeadh na héin chíocracha ag taithiú na háite, teithfidh an bunadh a bhíos ag creach na scolóig fán tír, agus mar sin bíonn an namhaid seo úsáideach don duine. Ar an modh chéanna bíonn a n-uamhan agus a n-eagla seo ar chearca agus ar lachain agus ar an uile éanlaith baile, ionas go mbíonn eagla orthu dul ar seoid as aice na dtithe, agus is mór an úsáid seo do mhuintir na tuaithe; agus sin dhá shlí a dtéann na droch-éin i dtairbhe don duine. Tá an iomad de na héanlaithe seo nach ndéantar a n-úsáid ar bord. Ní itear sort ar bith féich nó seabhaic nó gearg-fhéich - is é sin le rá, a itheas feoil agus nach mian leo bia eile; ach an chuid a itheas arbhar nó pórtha, is iad seo a mheastar glan. Agus tá gach eisfheoil eile den cháilíocht chéanna.
Ach níor thrácht mé éin allúrga nach bhfuil den tír, a thagas ó chianta agus nach fios dúinn cárbh as dóibh. Is dóibh seo an cleabar caoch - "woodcock". 76. Is iad an drong cheolmhar a thagas suas ar phór agus ar arbhar agus ar chearnamáin a phiocann siad fán talamh; ach an bunadh cíocrach, níl ceol acu, ach glór allúrga, iargúlta a chuireas criothnú i gcroí an tslua. Nuair a chluintear glór aoin díobh fá choill nó thulach go dteitheann gach éan faoina dhícheall, agus má bhíonn ag dul air, téann go minic fá dhídean na dtithe - ionas go mb'fhearr leo, más mór a n-eagla roimh an duine, dul faoina choimirce, ná titim i láimh namhad chomh mí-ghrástúil le haon de na héin chíocracha seo. Is minic a tharla, nuair a bhíos éan mullaigh á ruaigeadh le seabhac, agus bhíos ag dul air, go dtéann isteach do na tithe i measc an teaghlaigh sula ligfeadh é féin a ghabháil le namhaid tíoránta gan trócaire. Agus is mar sin atá eagla agus uamhan ar muir agus ar tír ar gach créatúr dícheallach, díbhirceach nach ndéanann díth ná dolaidh dá gcomharsana, agus nach féidir leo iad féin a shábháil ná a choimeád ar na scriosadóirí nach ndéanann a athrú, ach ag brath agus ag slad a gcomharsana. Ach coisceann an duine seo go mór fán tír; ach fán bhfarraige níl slí ar bith dídine ach an gliceas a theagascas an nádúr don iasc féin. 77. Ag seo na cearnamáin atá in Éirinn - agus tá a lán díobh sciathánach - mar atá: beacha - bees cleabhair - clegs píobairi, dorsáin - pipers feileacáin - butterflies teileáin - wasps cuileoga gorma - blue flies cuileoga rua - red flies cuileoga liatha - grey flies míoltóga - midges ciaróga beaga - small clocks ciaróga móra - large clocks daoil - jets garganach dalláin lín - earwigs
dubháin alla - spiders seagáin - pismires cruimheanna capaill - hairy worms seilidí blaoscacha - box snails seilidí dubha - black snails seilidí bána - white snails seilidí rua - red snails ciaróg dhearg - red clock ciaróg ghorm - blue clock conach caonaigh - conet earc sléibhe - mankeeper doirb - water clock daol uisce - water jet gearaide ghamhain - leech sor caorach - a sheep louse sor muice - a pig louse sor gé - a goose louse sor mairt - a cow louse míolta - lice dearnaid - a flea leáman - moth fíneog - of the same kind taráin - bats péisteanna - worms péisteog - a maggot caiteog - the large maggot cruimheog - a caterpillar míolta gríobhga - crab lice míolta gorma - vegetable lice 78. Is é an bheach is rí den slua seo uile, agus is ámhaí, géarchúiseach, griongalach an créatúr é féin; ach is ó nádúr atá seo uile, de bhrí go bhfuair an bheach ó nádúr gach ní dá raibh de riachtanas air chun a intleacht agus a bheart a chur i ngníomh. Is iontach leis an duine an créatúr beag, éidreoireach seo a bheith breith bua air féin tar éis gach tíolactha dá bhfuair sé ó Dhia agus ó nádúr. Ach más léir don duine é, teagascann an bheach lena bheatha, suáilce do-chuimseach. Ar dtús, sceitheann an bheach a shíol, agus cuireann gor air
amhail mar dhéanas na héanlaithe, agus sa Mhí Mheáin tagann urchar óg beach uatha. Fásann siad ar dtús ar nós cruimheanna bána, agus bíonn cráinbheach i ngach urchar, agus is é an chráinbheach seo ceannurra ar an urchar sin, agus tuigeann siad a ordú, agus ní fhágann sé an ciseán, agus bíonn go cinnte ag ordú na hoibre. Nuair a éiríos na beacha óga suas cuireann na cráinbheacha a gcomhairle le chéile, ionas go dtugann an seanchránaí a n-áit agus tugann a bhunadh féin leis, ag fágáil an chiseáin ag an mbunadh óg; agus mura mbeadh ciseán cóngarach dóibh, tugann sé leis iad ar feadh na tíre go dteagmhaí áit dídine éigin orthu. Ach an t-am a imíos an gor díobh, ansin téann siad a chruinniú lóin geimhridh. Ag seo an chuid den mhil a théas in úsáid don duine, mar nach gcuireann na beacha 79 gor uirthi, ach bíonn gach aon díobh, le méid a ghriongail agus a dhíchill, ag cruinniú an stórais seo a gcuirtear iad féin chun báis ar a shon i ndeireadh an tséasúir. Ach dá gcaillfeadh aon díobh an ga - mar is leis a chruinníonn siad an mhil - níorbh fhéidir leis uaidh sin amach a bheith úsáideach dó féin ná dá chompánaigh. Cuirtear cuaisne suí air agus tugtar breith bháis air, agus ansin feictear, le hordú na cráinbheiche, slua díobh á roiseadh amach agus á mharú ar an leac ar a mbíonn an ciseán ina shuí. Sin cuid de cháilíocht na mbeach, agus is iad seo amháin a théas i dtairbhe don duine, agus is iad is lú agus is dearóile de na huile bheacha, ach go mbíonn i seilbh na ndaoine. Na beacha talmhóige, is iad is mó de na huile bheacha, agus is iad na beacha cuinneoige is féasógaí díobh. Aithnítear iad mar seo - an bheach mhór riabhach, as í a dhéanas an talmhóg, agus an bheach mhór rua, is é sin a dhéanas an chuinneog. Ach éagann a bhformhór seo sa dúlacht mar nach mbíonn an duine ina chara acu. Sin cuid de cháilíocht na gcréatúr beag seo, agus ar ndóigh, is mór an sampla a thaispeánann sé don duine a bhíos leisciúil, anámhailleach san aimsir lérbh fhéidir leis lón a dhéanamh i gcoinne drochaimsire, agus arís mar tugann sé an tseilbh suas dá clann óg chun misneach agus sampla gur chóir d'aithreacha roinnt le daoine óga. 80. Ní mó ná fiú a bheith ag scríobh ar úsáid na gcearnamán eile, óir is beag an tairbhe a dtéann siad don duine, ach go bhfuil chuid díobh an-seachanta.
Ar dtús, an conach. Is é an áit a gcónaíonn sé, fá shléibhte caonaigh agus fraoigh, agus fós i mbogaigh nó i sraitheanna mar mbíonn caonach. Is é a fhad tuairim ceithre orlach, agus lán síogóg dú-riabhach. Bíonn ceann mór air agus súile móra cnapacha, agus ar a eireaball bíonn ladhróg amhail dallán lín, agus dá dtarlaíodh do dhuine nó do bheithíoch go séidfeadh, agus dá dtarraingíodh a n-anáil os cionn na háite a mbeadh sé, d'atfadh a gceann, agus is ní ró-dho-leigheasta é. Tá an doirb fós contúirteach, óir bíonn sí sa láib a bhíos ar íochtar na linnte fíoruisce, agus éiríonn go minic, ach má ólann bó nó each doirb, is cúrsa báis dóibh é, óir tá an doirb do-mharfa agus fanann beo i bhfad iontu. Maille le bheith nimhiúil go n-itheann sí na scamháin. Ach faoi chás an dubháin alla, ar son nach bhfuil iascaire a chois mara a bhíos chomh práinneach leis ó bhliain go bliain ag déanamh agus ag cóiriú líonta, is fíorbheag an tairbhe dó féin nó d'aon eile. In aimsir an tsamhraidh, gabhann sé a lán cuileog, ach is é a shílimse an uair a imíos séasúr na gabhála seo, go n-éagann a bhformhór. AN SÉÚ CAIBIDIL ANSEO SÍOS 81. Tá éisc eile a théas i dtairbhe don duine lasmuigh d'éisc na mara, mar atá, iasc na locha agus na linnte fíoruisce; agus mar an céanna tá cuid díobh amhstranta, agus níl siad gan a naimhde ina measc. Tá: lúsaí pike giosáin jack tinnsí tench bréanta bream róistí roach bric trout péirsí perch polláin pollan eascanna eels dobharchúnna otters Is amhas an lúsa ar son é bheith glan, glé, agus is maith, sobhlasta an t-iasc é. Sceitheann ar nós gach éisc eile dá bhfuil san fhíoruisce, ach slogann gan áireamh gach ní is lú ná é féin. Tá soc fada air, ar dhéanamh goib lachan, agus dá rodh fiacal ina ghiall, ionas gurb é an dobharchú amháin a fhaigheas bua air, agus is minic a scriosann sé éanlaith a bhíos ar na locha. Is
feasach dom féin géanna á scriosadh leis na héisc seo; agus fásann siad go hiomarcach lena n-aois, i gcruth go mbead a n-uamhan ar an dobharchú féin. Fásann siad deich mbliana agus slogann siad éisc fiche punt ar cothrom, agus is iad féin is namhaid dá chéile, óir slogann an lúsa an giosán, óir is giosán é féin a théas in anmhéid, agus uaidh sin suas 82 tugann sé dúshlán an dobharchú, de bhrí go dtiontaíonn sé ina rí-amhas. Is loscán an dobharchú, óir is ar an uisce a ghintear na coileáin agus dá bhrí sin baineann a mbeatha amach faoi agus os cionn uisce. Tá siad seo gann mar scriosann siad éanlaith baile chomh maith leis an sionnach; agus ní hé sin amháin, ach sa seanreacht is minic a dhícheann siad mná agus páistí. Ach níl siad chomh h-urrúnta agus bhí siad san am sin, de bhrí ar n-éirí líonmhar do na daoine san oileán seo, gur scrios siad an namhaid athfhuafar seo as na locha, ach amháin an cineál beag, agus níl siad féin ach gann ar an uair seo. Ach bhí sa seanreacht san oileán seo madraí uisce chomh mór agus go scuabadh leo duine nó beithíoch a theagmhaíodh dóibh ar ghar an locha ina mbeidís. Agus tá go dtí an lá seo cruthú ar seo i reilig Chongbháil i gContae Liatroma, mar a bhfuil Grás Ní Chonghaile, bean Thoirdealbhaigh Mhic Lochlainn, a bhfuil íomhá an dobharchú a mharaigh í gearrtha ar a tuama, agus an dáta anois céad agus seacht mbliana fichead. Ach ní bhfuarthas a scriosadh nó gur tháinig úsáid arm tine, agus ó shin cuireadh dícheannadh as an ríocht seo, ach amháin na crannpheasáin seo ar a dtráchtaim maraon leis an lúsa. 83. Óir níl sórt ar bith eile iasc rachmasach sna linnte ach an dá chineál éisc seo lena gcuirtear coinscleo sa slua. Agus tá an dias ina naimhde dá chéile. Ach níor gheall an nádúr dóibh seo a bheith chomh líonmhar leis na héisc eile. Bíonn dhá choileán gach bliain ag an gcú mara, agus seolann dóibh seilg a dhéanamh ar na linnte ar na samhracháin nó go dtagann a neart agus go mbíonn siad ábalta an t-iasc mór a choscairt. Ansin téann siad, ní hé amháin fá na linnte, ach mar an gcéanna fá na cuasáin mar a mbíonn nead ag éanlaith, agus is mór an slad a dhéanas siad gach séasúr ar na h-éanlaithe a chleachtas a bheith ag neadú fá bhruacha mara nó linnte fíoruisce; agus is dá dhroim sin atá an duine chomh naimhdeach ina
n-aghaidh agus atá sé; agus is é a deir daoine go maraíonn siad uain óga má theipeann seilg orthu. Ach, an giosán - de réir a chineáil, níl chomh síolmhar leis na héisc eile, óir, ar dtús, tá a phis mór urrúnta, agus lasmuigh de sin, slogfaidh sé a shamhracháin féin, agus ní hé sin amháin, ach fós slogann an bunadh mór an bunadh is lú ná iad féin go laethúil. Agus is é an baoite a ngabhtar leis iad go minic, frog; óir tá cáilíocht loscánta iontu, agus dá bhrí sin - 84. ar nós gach créatúir eile a bhfuil roinnt den cháilíocht seo ann. Ach an breac. Is iasc uasal, ró-ghlan é, agus is mór a fhulaingíonn sé ó na naimhde seo, maraon le gach daorsmacht eile dá mbíonn ag brath air, de bhrí, nuair a bhíonn ag sceitheadh, go dtéann siad fán uisce édomhain chun leataoibh dóibh féin, agus go ngabhtar mórán díobh ar an modh seo. Óir is aon cháilíocht sa bhradán agus sa bhreac, agus dá bhrí sin is ar an nós amháin a shíolraíonn siad, agus mar sin téann an breac isteach ó na locha do na sruthanna, an áit b'fhéidir nach mbeadh folach a dhroma d'uisce aige; agus bíonn a fhios ag na daoine an t-am den bhliain a dtagann siad, is é sin ó Fhéile Mhichíl go Nollaig, ag teacht na dúlachta, agus tráth a bhraitear fá na sruthanna iad, téann na daoine amach le tóirsí agus le líonta agus geafaí, agus scriosann iad gan áireamh, agus níl aon díobh dá maraítear an uair seo, nach gcailltear míle b'fhéidir breac óg ina dhiaidh. Ag seo aon slí amháin lena scriostar an t-iasc is fearr sna linnte, agus ina dhiaidh sin scriostar na samhracháin in aimsir bhá an lín, b'fhéidir míle san uair. Sceitheann siad ar nós an bhradáin - is é sin, cóimheascann siad a sceith ina nead a dhéanas siad sa ghaineamh ar thóin na habhann nó go n-éiríonn sé ina scaoth samhrachán leis an teas; agus sa séasúr 85. dá chionn téann siad leis na sean-bhric do na linnte ina gcónaíonn siad, agus ansin fein bíonn siad i nguais trí naimhde - an t-iascaire cluantach, an giosán, agus an dobharchú. Agus ag sin mar chaitheann an breac uasal a shaol, gan suaimhneas. Is iasc gan mairg an bréanta, óir is mar sin a rinne nádúr ó thús. Tá sé leathan ina dhéanamh, agus ar a bholg atá a sciathán, tá sé lán lanna, agus mar an gcéanna tá an t-iasc lán de mhion-chnámha, i gcruth gur le aire mhór a thig a ithe gan
na cnámha seo greamú sa choguas nó sa slogaideach. Níl ar an mbréanta ach béal ró-bheag, i gcruth dá mbeadh sé go maith ar a son nár fhág an nádúr ina chumhacht é, óir ní thig leis ach greim ró-bheag a ligean isteach, ar ghléas nach féidir díth nó dolaidh a dhéanamh do ní ar bith eile ach cruimheanna nó cearnamáin bheaga den sórt sin; agus is péisteog an baoite is gnáth leis a ghlacadh agus is mian leis teannadh do na h-aibhneacha an t-am a bhíonn sé ag sceitheadh, agus is é sin in aimsir dhéanach an earraigh, nó i gcomhrac Márta is Aibreáin. Is iasc an tinnse atá ró-ghann, agus ní thagann sé fá thír le linn é a bheith ag sceitheadh, agus ní mór nach é is togha de gach iasc dá bhfuil sa loch. Tá sé beagán ar dhéanamh an bhréanta, ach go bhfuil sé níos tábhachtaí, ach nach bhfásann sé chomh mór. Ach cónaíonn sé formhór sa duibheagán 86. ionas nach féidir do dhuine cuntas ceart a thabhairt air, ach amháin go bhfuil sé dea-bhlasta, agus síleann cuid de mhuintir na tuaithe go bhfuil bua éigin air. Ach is é is fiáine d'iasc na linnte, agus glacann sé baoite de phéisteog ar a mbíonn ceann dubh; ach is annamh a fheictear é ar bith. Róiste iasc eile ar dhéanamh an bhréanta, agus ní mó ná go n-aithníonn duine eatarthu, tá siad chomh cosúil sin le chéile, ach amháin gur dorcha an róiste ina dhath agus gur mó fhásas an bréanta. Agus is i nós amháin a shíolraíonn siad. Téann na róistí leo in am sceite agus tagann siad isteach don trá, agus fágann a síol cóimheasctha ansin, agus ní dhearcann ina dhiaidh nó go bhfeictear an t-uisce fá bhruacha an locha tiubh le róistí óga; agus glacann an bunadh óg seo sórt ar bith baoite, ionas go mbíonn páistí an bhaile á ngabháil le greamanna aráin nó de phrátaí, nó ní ar bith eile á gcuirfidís ar na duáin, go mbeadh sean-eire a ndroma leo de na héisc bheaga seo. Ach an seanróiste, níl iasc san loch is deacra a mhealladh le baoite ná é, agus is ró-annamh a ghabhtar iad; agus fásann go mór lena n-aois. Ach cruimheog bhán an baoite is fearr chun a ngabhála - ach níl iasc ar bith chomh tíriúil leis an róistí óga nó go dtagann siad go haois iomlán, 87. ach dála an bhréanta, go mbídís lán de chnámha agus nach mbíonn chomh so-bhlasta leis an mbréanta ná leis an ngiosán. Is é an péirse is lú agus is líonmhaire i bhformhór na lochanna,
ach níl mórán tairbhe ann, ach mar sin fein is mór an caitheamh aimsire d'iascairí óga iad. Agus tá siad lán cnámh, agus sceitheann siad mar a mbíonn siad. Agus más beag a gcolann, is iad an namhaid is mó ag an scriosadóir iad, de bhrí go bhfuil ó nádúr arm marfach ar iompar leis an bpéirse. Óir tá coilg ag fás ar dhroim an phéirse, agus má fhaigheann sé bás, seasann na coilg seo, agus ní féidir a lúbadh ná a leagan; agus os cionn orlaigh ar fhad, ar ghléas má shlogann lúsa, giosán nó dobharchú aon díobh seo, go mbeidh ina cheann-fháth báis dó trí bheagán aimsire. Pollán. Ag seo sórt éisc nach fios domsa a bheith in aon loch eile ach Loch nEachach i gContae Aontrama, agus i Loch Sailean a roinneas trí chontae ó chéile amhail agus a dhéanas Loch nEachach. I Loch Saileán ní ghabhtar iad ach coicís den bhliain, agus is beag a ghabhtar acu mar sin féin. Ach i Loch nEachach gabhtar an oiread sin acu ann, ní hé amháin gur leis na bailte ar a ghar, ach fós go mbíonn gach margadh fá fhiche míle ar gach aon taobh, lán díobh, agus sin an chuid is mó den bhliain; agus is dea-bhlasta agus is glan an t-iasc iad. 88. Ní thagann siad seo faoi thír nuair a bhíonn siad ag síolrú, ach ar nós an scadáin, téann siad le chéile - óir ní thiocfadh na scadáin sa trá in am sceithe murab é uamhan na naimhde a bhíos á slad; ach is comhchosúil nach bhfuil mórán de na scriosadóirí seo i Loch nEachach, óir is iad na polláin agus na bric is líonmhaire ann; ach is é a shíleas daoine gur sórt scadáin iad, agus gan amhras is í cáilíocht an scadáin a thuigeas daoine a bheith iontu. Agus mar an gcéanna tá éisc bheaga eile nár ordaíodh lena n-ithe, ach fónann siad don iascaire le haghaidh baoite chun gabhála na n-iasc eile a bhíos tairbheach dó. Agus is é an úsáid a dhéanas siad de phincíní agus de chailleacha buí, agus d'éisc bheaga eile a thugas na huiscí uathu; agus is leo seo a ghabhtar a lán de na héisc eile. Agus is mar sin do na nithe sliogánacha, cé go ndéanann daoine a n-úsáid mar bhia, is le haghaidh baoití is mó is úsáid iad. Is iad na bairnigh agus na caochóga agus na faochóga na baoití is fearr ar bith le gabháil éisc faoin trá, ach an eascann ghainimh amháin. Bíonn an t-iasc beag seo i mbarr an láin agus ní mó ná ceithre orlach ar fad inti; agus adhlacann sa ghaineamh, agus is le crúca a ghabhtar í.
89. Agus is mór an saibhreas leis an iascaire nuair a éiríos leis cnuasach maith díobh seo a fháil, óir beidh sé deimhin de ghabháil mhaith éisc, agus is mór an lúcháir a bhíos air le linn a dteacht faoin trá mar is sa bhaoite atá a mhuinín. Tuig anseo, a léitheoir, gurb é seo mórchumhacht Dé a d'ordaigh agus a rinne gach ní díobh seo, ionas nach mbeadh ní ar bith de riachtanas ná d'uireasa ar an duine a chruthaigh sé. Feiceann tú anseo iontais eagsúla. Má dhearcann tú ar an talamh lom, conas a thuigfeas tú uaithi, nó céard atá agat lena fháil, ionas go an talamh lom - agus go cinnte gurb orthu atá do bheatha. Ach dearbhóidh sí duit gur uaithi agus inti atá gach saibhreas agus gach só dar thug Dia riamh don duine, ach go gcaithfidh tú an tslí cheart a ghlacadh chun a bhfáil uathi; gur thug sí ó nádúr adhmad agus iarann, pórtha agus luibheanna; agus lasmuigh de sin, gur bheathaigh sí mórán éanlaithe agus eallaigh gan saothar gan dochar, agus gur thug Dia i do láimhse iad uile. Ach déarfaidh tusa nach mar sin atá óir nach féidir leat a ngabháil. Déarfaidh sí leat gur tú, an duine atá i do thiarna uirthi féin agus ar gach ní dá dtugann sí uathi, ach dá bhrí sin gurb éigean duit úsáid a dhéanamh de na tíolacthaí a thug Dia duit uirthi féin agus ar an gcuid eile dá clann - agus le linn sin a dhéanamh, nach gcoinneoidh féin aon ní uait. 90. Is fíor go bhfuair a lán daoine agus eallach tíolacthaí de bharr ar a chéile; óir tá cineálacha móra agus beaga de gach sórt, agus ar a shon seo féin a bheith amhlaidh, is cinnte go mbíonn bua éigin ag na nithe trua ar an tréan. Is ní gnách le nithe beaga a bheith níos fadshaolaí ná an bunadh urrúnta. Is faide saol an asail ná saol an eich, agus mar an gcéanna is iad an cineál beag daoine is fadshaolaí, óir bíonn siad níos crua imeartha ina mbaill ná bhíos an fás mór. Agus lasmuigh de sin, bíonn a lán ócáidí ag brath ar nithe móra nach mbaineann agus nach gcuireann aird ar nithe beaga. Agus is cruthú air seo mar a scriosadh agus mar a dícheannadh a lán de ghallbheathaigh agus de na cineálacha móra seo as an ríocht seo, agus go maireann na cineálacha beaga go fóill. Feicimid cinn agus cnámha na gcearbh-fhia, ach ní mhaireann aon díobh; agus fós níl sé i bhfad ó scriosadh as na huiscí eallach péistearáilte eile, agus tá cineálacha beaga de gach sórt díobh seo a mhaireas i gcónaí inár measc. Ar ghléas go mbíonn níos mó contúirte ag
brath ar an tréan go laethúil ná bhíos ar an trua, ionas nach ligeann an tréan a leas, uaill a dhéanamh as a neart seachas an trua. 91. AN SEACHTÚ CAIBIDIL, mar a dtráchtar ar na hearca a bhíos de ghnáth anseo; mar atá: broic, sionnaigh, giorraíocha, coiníní, luchóga, easóga agus iaróga agus pioróidí. An broc ar dtús. Is é is gainne de na hearca seo, agus is annamh a fheictear é faoin mínleach, ach is ar feadh na sléibhte is gnáth leis síolrú. Bhí an t-oileán seo lán den sórt seo mion-eallaigh sa sean-reacht, agus ba mhór an toighis leis an sinsir a bheith á seilg. Ach is é a gcraiceann ba mhórluachaí den earc seo, mar nach ndéanann daoine úsáid dá fheoil. Ach is glaine é go cinnte ná an sionnach, óir sa tsean-aimsir ba ghnáth leis na sealgairí bagún a dhéanamh den bhroc, ach anois síltear é a bheith neamhghlan. Agus ní hionann beatha a dtiocfaidís suas air sa sean-reacht agus a dtagann siad anois, óir b'ionúin leis an mbroc measa, agus is orthu is mó a thiocfaidís i dtír nó gur gearradh na sean-choillte, agus gur imigh na rosáin ar neamhní mar a bhfásadh an bheatha laethúil a d'ithidís. Is beithígh gan díobháil iad, agus níl siad síolmhar. Ní mó ná dhá choileán a bhíos acu ar aon bhall, agus sin b'fhéidir gach dara bliain. Agus itheann féar agus luibheanna agus fós loscáin agus seilidí. Agus is eagal leis an sionnach an broc, de bhrí 92. nár chaomhnaigh an nádúr ní ar bith dá raibh inti ar a clann, agus má choinnigh ní uathu, gur thug ní eile dóibh ina áit. Ní bhfuair an broc ón nádúr a bheith lúfar ná luaineach mar an gcuid eile díobh seo, ach fuair sé bua eile, ionas go sílfeá nár ní go ndéanfadh an nádúr cuid ar leith ar aon dá clann. Tá craiceann tiubh ar an mbroc, agus tá amhail agus da mbeadh faoi réir ina lúb, i gcruth nach féidir dá namhaid a lot le greim in athrach áit ach sa bholg. Tá fiacla fada ann, ar nós na luchóige, ar ghléas go mbíonn eagla ar na hearca eile teagmháil ina shlí; agus dá bhrí sin ní baol dó coinscleo ar bith uathu. Agus níl an duine féin ina namhaid aige, mar nach mbaineann sé dá mhaoin i gcás ar bith. Brocach a thugtar ar gach poll madra rua, de bhrí má bhíonn broc ar ghar na háite, go mbaineann an tseilbh den sionnach
agus mar sin go gcónaíonn féin ann. Agus deir cuid de na daoine, nuair a théas an sionnach amach do sheilg dó féin san oíche, go dtéann an broc isteach, agus go gcacann ann, agus leis sin, nuair a thagann an sionnach agus mothaíonn an boladh, nach dtéann sé isteach níos mó ann. 93. Agus is aire seo a thugtar brocach ar pholl an mhadra rua. Ach is dóigh liomsa nach amhlaidh a bhíos, ach go bhfuil an sionnach géar gaoisiúil go leor le boladh an bhroic a thógáil gan sin. An sionnach é féin. Is é is cneamharga agus is bíobhanta agus is lúbaí den uile earc, agus is mór an chreach a dhéanas sé, ní hé amháin ar choiníní nó ar fhiáin ar bith eile, ach fós tagann sé faoi na tithe agus fuadaíonn leis gach a dtagann ina shlí: - cearca, francacha, géanna nó lachain; ionas go mbíonn an duine ag reagaireacht agus ag faire go cinnte ar an namhaid seo atá chomh millteanach seo, do-choiscthe, glic; agus ina cheann sin, tá sé armáilte ó nádúr le haghaidh é féin a chosaint agus a bheatha a bhaint amach. Tá siad seo níos síolmhaire ná broic, de bhrí gur ar nós an mhadra dhéanas siad é, agus go dtagann na saith-shionnaigh faoi adhaltranas uair amháin gach bliain, amhail agus a thagas gach cú eile; agus go mbíonn naoi seachtain torrach amhail gach madra eile, agus bíonn ceithre choileán i ngach cuain; ach go bhfuil siad tugtha do dhaorsmacht, mar is namhaid do na coileáin an easóg, agus go minic go maraíonn iad le linn na seansionnaigh a bheith amuigh ag seilg dóibh féin, nó b'fhéidir á seilg le conairt gadhar. 94. An giorria. Is é is cliste agus is luainí dá bhfuil sa mhachaire, agus is mar sin a bheireann sé bua ar a naimhde, cé gur mór iad. Ar dtús, is dá naimhde gach seabhac, gach sionnach, agus an easóg - ó is í is measa den iomlán, mar bíonn sí go cinnte faoi na haillte, agus ní mó ná go bhfuil imeacht ag éanlaith an mhullaigh uaithi, mar tá sí ó nádúr réidh chuige seo, ionas go mbíonn a heagla ar gach éan, bíodh gur iolar, fiach nó seabhac é; agus scriosann an namhaid beag millteach seo níos mó de na giorriacha ná an t-iomlán dá naimhde eile, nuair a scriosann na pisíní maraon leis an sean-bhunadh - agus níl dul suas uaidh. Níl an giorria geanmnaí, óir, ar nós an chait nó an mhadra, bíonn iomaí boc ag feitheamh ar gach baineannach san am a
mbíonn sí ina séasúr, ionas go mb'fhéidir nach mbeadh dhá phisín le haon bhoc amháin díobh, agus is dhá chúpla is ál dóibh; cé go bhfuil a fheoil glan agus dea-bhlasta, agus go ndéanann spórt agus pléisiúr mór do dhaoine uaisle, agus mar sin go gcoinníonn siad comhad air chomh maith agus is féidir leo ó gach namhaid, amhail agus dá mbeadh dá maoin féin. Agus is é sin, agus a chlisteacht féin a fuair ó bhroinn ó nádúr an cara atá aige. 95. An coinín. Is cosúil leis an ngiorria é, ionas gurb as a méid amháin a aithnítear iad mura mbeadh ar a ngar dóibh. Is é an giorria is mó ach is é an coinín is méithe agus is plumanta den dís. Agus mar an gcéanna ní hionann fionnadh nó clúmhach dóibh araon; óir tá clúmhach an choinín fíneáilte mórluachach, ionas nach bhfuil ní ar bith is fearr le haghaidh hataí nó boinéad ban uasal ná clúmhach coinín. Ar an ábhar sin is minic gur mó luach an chraicinn ná an chonablaigh. Agus is é is nádúr dó go ndéanann sé poll dó fein sa talamh mar áit chónaithe, agus go dtéann sé as sin gach oíche don mhachaire agus itheann féar amhail bó nó caora. Agus ní itheann ní ar bith eile, ionas nach bhfuil ní ar bith i measc na n-earc-bheathach is glaine ná é. Ach tá sé gearrshaolach, agus tugtha do thaogail agus lasmuigh de sin tá iomad naimhde ag brath air, mar atá, na héanlaithe cíocracha ar dtús, agus ina dhiaidh sin, sionnaigh, easóga, luchóga, pioróidí etc, agus i ndiaidh an iomláin - an duine, de bhrí gur de mhaoin an duine a mbíonn ina chuid talún de. Óir tá siad seo ró-líonmhar, ionas gur líonta na machairí díobh i mórán áiteanna, agus go ngabhtar iad le pioróidí agus le líonta, agus díoltar iad amhail agus ní ar bith eile dá dtógtar faoi thithe scológa nó daoine uaisle. 96. Tá an coinín saonta agus gan olc, agus ní dhéanann se dolaidh ná díth d'éan ná d'earc, cé go ndéanann iomad díobhsan dolaidh dósan go minic; agus dála gach ní eile den cháilíocht seo, is é is síolmhaire díobh go hiomlán, cé nach dtugann an nádúr dó mar sciath in aghaidh a mhórnaimhde ach a thuiscint agus a chrúba. Ionas go mbeadh sé as cumhacht gach scriosadóra, téann siad seo agus déanann siad coinicéar - is é sin le rá, téann mórán díobh in aon áit, agus déanann gach péire díobh poll dóibh féin, ionas go mbíonn an talamh ina criathar poll; agus ansin tosaíonn siad
ar shíolrú, agus tugann siad amach aon ál déag sa bhliain. Óir nuair a bheirtear an t-ál óg, ní bheireann an mháthair an dara díobh nó go nglacann an boc, agus bíonn ál eile aici i ceann míosa. Agus nuair a bhíos sí ag dul amach stopann sí an poll ina diaidh d'eagla ní ar bith feille i gcomhair na bpisín. Ionas nach bhfuil sórt ar bith eile de na beithígh bheaga seo is lú olc agus is mó naimhde, agus is mó a théann chun sochair don duine, ná an coinín. Agus tá sé chomh saonta simplí sin go dtallann leis na daoine, agus go mbíonn ina pheata ag cuid díobh, agus go ndéanann caidreamh mór le páistí agus le mná tí, agus síleann daoine iad a bheith sona. 97. Is í an easóg an namhaid is mó amuigh, de bhrí nach bhfuil sórt ar bith eile éin no eirc dá ngluaiseann fá thalamh nach bhfuil sí ina namhaid aige. Óir is eisfheoil is bia dóibh, agus ní mian leo a hathrach a ithe, ach amháin nuair a bhíos na héanlaithe ag síolrú, go scriosann siad na neadacha agus go n-ólann siad na huibhe; agus mar sin gur mór an chreach a dhéanas siad ar an slua neamhurchóideach seo, agus fágann na mílte díobh gan álta gach bliain. Agus tugann seo ar sheabhaic agus ar fhiacha dubha a bheith níos gainne na bheidís ach amháin an namhaid bheartúil seo. Mar is fá na clocha agus fá na carraigeacha agus fá na hionaid uaigneacha a chónaíos agus a shíolraíos na héin chíocracha, is ann mar an gcéanna a bhíos iomarca na n-easóg, agus scriosann go minic a neadacha, agus a n-éin óga mar an gcéanna. Agus ar an nós céanna itheann na héin seo na heasóga óga - ar ghléas gurb í an nádúr d'aontoisc a rinne na droch-chomharsana seo dá chéile. Tá an easóg fada garbh-eireaballach, agus soc fada caol uirthi, agus is í is dána de na hearca athfhuafara dá bhfuil sa ríocht seo, agus níl ní ar bith nach bhfuil a huamhan air dá ngluaiseann san fhoraois. Agus ní heagal léi féin ní ar bith ach an duine amháin, agus cait agus madraí; ach is é an cat an namhaid is mó, mar is féidir leis dul sna crainn ina diaidh. 98. Ach níl slí imeachta ag éan ná ag earc ón easóg, de bhrí go dtéann sí ó chrann go crann amhail iaróg, agus tá sí beartúil, ionas go maraíonn a lán de na héin chraosacha lena gliceas. Is minic, nuair a fheiceas sí iad os a cionn, go ligeann uirthi a bheith marbh, nó go dtógann leo í; agus ansin gearrann na
scornacha acu, ionas go dtiteann siad faoi thalamh; agus ansin ólann sí a bhfuil. Ionas go dtugann sí dúshlán na foraoise. Agus go cinnte tá sí sochrach don duine, de bhrí go scriosann sí na lucha francacha as gach áit dá mbíonn a taithí, agus ní bhaineann le nithe a bhíos ar a ghar. Gráinneog - an ní is saonta agus is lú olc de shlua seo na n-earc. Tá sí ceithre-chosach, agus ceann uirthi ar nós broic nó luchóige agus níl tapa ná bíogadh inti amhail earca eile, ionas nach bhfuil moill ar mhairtíneach ar bith a gábháil, agus mar sin fein tá sí cumhdaithe ó nádúr. Óir cé go bhfuil sí de chineál na n-earc, tá cáilíocht éin inti, óir ní fionnadh atá uirthi mar atá ar an gcuid eile, ach sórt cleití, agus ní mar chleití ar bith eile atá siad, ach coilg amhail dealga géara. Agus tá éisteacht aici níos géire na formhór na n-earc eile, ionas go n-ullmhaíonn í féin faoi chomhair gach ócáide dá dtagann ina slí - tá ann faoi réir. Agus tig léi í 99. féin a chruinniú suas ar nós balla chos, agus an craiceann ina timpeall, ar ghléas nach féidir do bheithíoch ar bith díth nó dolaidh a dhéanamh di ar aon chor; agus fanfaidh sa staid sin go dtí go n-imíonn a namhaid uirthi. Ach is é an tslí bheatha is mó atá aici, lón a dhéanas sí in aimsir na measanna, agus is lena aghaidh seo a fuair ó nádúr na dealga seo atá ar a craiceann; óir nuair a bhíos na húlla faoin talamh, tagann an ghráinneog agus déanann í féin a iomlasc iontu, agus greamaíonn siad iontu, agus bíonn ualach a droma léi, agus téann sí dá nead, agus déanann lón mar sin amhail mar a theagasc an nádúr di; agus is mar sin a thagas an ghráinneog suas ar mheasanna agus ar fhéar, agus ní itheann nithe neamhghlana - cé go measann daoine í fein a bheith neamhghlan. Ach sa sean-reacht d'itheadh daoine san oilean seo iad. Luchóga. Is nithe millteacha athfhuafara iad, agus is mór an díobháil a dhéanas siad. Óir níl ní ar bith faoi thithe chomh millteach leo. Agus tá siad ró-líonmhar, óir tugann siad mórán álta amach sa bhliain, agus bíonn deich nó dó dhéag de phisíní i ngach ál; agus tá iomad slí acu chun a sábháil ar a naimhde, óir tig leo polladh faoi bhallaí na dtithe agus cónaí i bhfad d'ainneoin gach slí nó meáin 100 dá dtionscnaíonn intleacht an duine chun a scriosta, agus cé go bhfuil iomad naimhde ag an sórt seo earca, tá siad chomh líonmhar agus go dtugann dúshlán gach bíobha dá bhfuil acu.
Tá ceithre shórt luchóg sa tír seo, mar atá: - lucha móra, dá ngairtear lucha francacha; agus lucha dubha, dá ngairtear na sean-luchóga Gaelacha; lucha beaga, agus luchóga féir. Agus scriosann siad féin a chéile, ionas nach bhfeictear ach fíorbheagán de dhá chineál díobh seo, is é sin le rá, lucha dubha agus lucha féir, ar an ábhar gur dhícheann na lucha francacha an dá chineál luchóg Gaelach seo ar nós mar a dhíbir eachtrannaigh seanstoc na ndaoine agus síleann cuid de mhuintir na ríochta seo gur thuar air seo scrios na luch Gaelach leis an hearca allúracha seo; de bhrí gurb ionadh le cuid de na daoine, Éire, a bhí lán de luchóga roimh ghabháltas gall, brascán ró-bheag a tháinig isteach le longa, an seanstoc luch a ionnarbabh as a dtír fein. Agus mar an gcéanna, de réir mar a bhí na Gaeil á gcloí, go raibh seanstoc an eallaigh ag imeacht ar an nós céanna. Agus tá daoine géarchúiseacha go leor den intinn seo. 101. Agus gan sórt ar bith amhrais, tagann comharthaí le hathruithe, agus is fíor gur imigh an seanstoc de gach sórt éanlaithe agus eallaigh, agus fós de na daoine mar an gcéanna. Bhí in Éirinn aon uair amháin, daoine agus eallach níor urrúnta agus níos fearúla ná atá ar an uair seo, de bhrí go bhfuil cnámha daoine agus eallaigh a fhaightear sna reiligí agus sna móinte a chruthaíos go soiléir go bhfuil claonadh mór sa nádúr san oileán seo taobh istigh de dhá chéad bliain. Ach ní hé sin amháin, ach cá bhfuil an cearbhfhia ar a dtráchtann na sean-staraithe, agus a bhfaightear a gcloigne in íochtar poill mhíonlaigh agus mhóna go dtí an lá seo? Ar ndóigh, an té a fheiceas seo, creidfidh sé gur mhair an fia-chearbh seo lá éigin san oileán seo; agus gan amhras go gcreidim gurbh iad na beithígh allta ba mhó den uile eallach san sean-aimsir. Óir bhí an t-eallach mór seo in Éirinn ó nádúr sula raibh daoine ann. Ach, gan amhras tá athrú mór i ngach ní dá bhfeicimid le gearraimsir, rud a chuireas in iúl go bhfuil gach díne ag claonadh agus ag éirí níos meataí agus níos dearóile gach lá dá bhfuil ag teacht. 102. Is í an luchóg fhéir is lú de chineál na n-earc seo uile, agus síleann daoine go bhfuil bua éigin uirthi; agus dá aithle sin is iomaí cleas a dhéanas siad léi. Bruitheann cuid díobh ar uisce í, agus tugann do pháistí a bhíos ag mún sa leaba, mar dheoch in aghaidh an ghalair sin í.
Agus cuid eile a shánn pionnaí tríthi agus a chuireas faoina gceann sa leaba í, i ndúil go bhfeicfidh siad ábhar a gcéile. Ach is mór atá seo ag dul as dáta, de bhrí gurb annamh a fheictear luch fhéir anois, mar nach mór nach bhfuil siad scriosta as an oileán seo, dála gach cleachta eile a bhí sa sean-reacht. Plumbarlán. I measc na gcearnamán ba chóir trácht air seo, óir is cearnamán sciathánach é, amhail ciaróg a rachadh in anmhéid; agus tagann faoi chuairt sa samhradh. Is é is nós dó seo, go n-éiríonn agus go bhfásann as bualtrach nó as otrach, agus in aimsir thais nó ar theacht do fhliuchnadh, go mbíonn sé ar fuaidreamh ó áit go háit, ag dorsán nó go dteagmhaí leis bualtrach nó otrach, agus teilgfidh é féin ann, ionas nuair a fheictear nó a chluintear an plumbarlán, go dtuigeann na daoine an taisleach a bheith i bhfogas dóibh. 103. Tá a lán de nithe san oileán seo nár thrácht mise fós orthu, agus mórán díobh atá do-chuimseach do mo chéadfaí. Ar dtús tá sluaite beaga atá doiléir; agus mar an céanna, nithe soiléire nach dtuigim cad é is cáilíocht dóibh; agus nithe eile atá chomh coiteann agus nach bhfuil scológ, bean tí ná cailleach chearc ar bith nach bhfuil ina bhfealsúnaí orthu, de bhrí gurb orthu a thagas siad i dtír, agus go bhfuil siad róthréitheach i ngach beart dá mbaineann leo; ar chóir go dtuigeann an scológ an t-am cinnte is cóir dó gach ní dá mbaineann lena ghnó féin a chur in ordú agus a ghiollaíocht. Is éigean dó a thabhairt dá aire, bíodh gur barr talmhaí nó eallaigh iad, óir is air seo atá a bheatha, agus dá bhrí sin tugann sé aire do gach ní ina shéasúr féin. Is branradh an ghiollaíocht is fearr a thagas leis an gcruithneacht, agus is é an samhradh an t-am is cóir a ghiollaíocht. Ar dtús, a threabhadh agus a ligean le grian seal; ansin a bhalcadh, agus ansin a ghoráil, agus ligean dó mar sin go deireadh an tsamhraidh go mbeadh sé rósta go maith leis an ngrian; ansin a fhuirseadh go mín, agus tar éis an síol a fháil réidh mar is gnáth a dhéanamh etc. 104. mar atá: Ar dtús an síol a chur faoi aol, agus ina dhiaidh sin a chur le céachta in aimsir na Féile Michíl - is é sin le rá, i ndeireadh Mhárta an fhómhair - ionas go mbeadh sí fréamhaithe sula dtiocfadh an dubhlacht. Agus is í seo togha gach uile arbhair, de bhrí gurb í a dhéanas an plúr is fearr agus is folláine
den uile arbhar, agus lena úsáid lena cáithleach, go bhfuil íocúil ró-fholláin. Is é an seagal is foisce don chruithneacht ina cháilíocht, óir is maith a thagas siad le chéile in arán; óir is minic a chuirtear iad in aon áit, agus fásann i gcumasc le chéile. Agus is cóir an síol a chur go moch sa séasúr, de bhrí go bhfuil sin ó nádúr acu araon, óir tagann an seagal isteach go mall. Ach tagann an talamh éadrom leis an seagal, agus is é an talamh láidir is fearr a thagas leis an gcruithneacht - ar chóir go mb'fhearr a gcur ar leith, agus ansin a gcóimheascadh le haghaidh meislin. Agus is maith láidir an t-arán a dhéanas siad mar sin, ach b'fholláine dóibh roinnt den cháithleach a athrú, óir is sa chraiceann atá íce an dá arbhar seo. Agus is slim is folláine iad, de bhrí go n-athraíonn laibhín nó giosta an cháilíocht, agus go n-athraítear an tsubstaint íocúil go substaint éigin eile. 105. Tá dhá shórt eorna in Éirinn, mar atá, eorna mhór agus eorna bheag. Is í an eorna mhór a bhí ann ó thús, agus bíonn aibí níos moiche sa séasúr ná arbhar ar bith eile - ionas sular tháinig na prátaí ar dtús, gurb í an eorna mhór ba bheatha laethúil do mhuintir an oileáin seo, agus go bhfuil in a lán áiteanna fós faoi mhór-mheas. Óir ní ghlacann sí an oiread saothair ná giollaióchta leis an eorna bheag, agus tugann fortacht do dhaoine go moch sa séasúr, agus deir na seandaoine nach bhfuil neart sna fir ó stad siad d'ithe arán na heorna móire. Óir sular tháinig na harbhair éagsúla eile bhíodh garraí eorna móire ag gach muirín, amhail agus mar a bhíos garraí prátaí acu anois; agus níl grán ar bith dar tháinig riamh don áit seo is mó a dtráchtann na sinsir air an oiread leis an seanleanbhán tí seo. Fásann an eorna mhór go garbh, agus bíonn ceithre ródha grán i ngach dias, agus bíonn féasóg gharbh uirthi, ionas go dtuigfeadh duine í a bheith níos stubranta ina cáilíocht ná arbhair eile. Is i dtalamh láidir is fearr a fhásann sí, agus má chuirtear san earrach í, beidh sí aibí faoi Lúnasa. Agus níl chomh híocúil leis an eorna bheag, ná chomh maith chun biotáillí a dhéanamh di, ach is í is fearr ina harán. 106. Ach ní théann sí chun sochair don scológ mar théas an eorna bheag. Óir is í seo is mó íce de na huile arbhair, agus is í is fearr le haghaidh dí, ionas gur di is mó a dhéantar úsáid sa chás seo, óir is di a dhéantar an bhraich agus an bhiotáille. Tá
sise féin moch ina haibiú, agus níos maille ina síolchur, de bhrí gur i dtús an tsamhraidh is séasúr cuir di, agus bíonn ina dhiaidh sin ar an mbarr is moiche a aibíos. Tá dhá ródha grán sa dias, agus í féasógach, ach níl sin chomh láidir leis an eorna mhór. Tá sí níos cineálta ina cáilíocht, cé nach bhfuil sí ar son aráin. Is di a dhéantar gach beoir agus uisce beatha a dhéantar a úsáid le huasal agus íseal sa chríoch seo agus in iomad d'áiteanna eile, i gcruth go dtugann luach saothair maith don saothróir ar son a oibre. Agus is é an dóigh a dhéantar a húsáid mar seo: - Ar dtús déantar braich di, agus ansin braichlis, agus ina dhiaidh sin beoir nó uisce beatha. Agus is mar sin a dhéanas sí saibhreas mór, ní hé amháin don scológ, ach fós don bhraicheadóir, agus do mhóran eile, agus mar an gcéanna don chonachair, agus don dochtúir féin; óir tá mórán cáilíochtaí íocúla inti. Óir lena bruith ar uisce is maith í ar na fuail agus ar a lán de ghalair eile a bhíos loiscneach ina gcáilíocht, agus go mór mór i bhfiabhras a leanann casachtach. 107. Tá sóirt éagsúla coirce in Éirinn, ach tháinig siad uile i gcéin; agus is é an sean-choirce dubh a tháinig ar dtús, agus ina dhiaidh sin an sean-choirce bán as an Tír Fó Thoinn etc. - gur tháinig iomaí cineál, is maith an sórt arbhair é. Óir déanann sé min dea-bhlasta, agus is air is mó a thagas boicht na hÉireann i dtír, óir fásann sa talamh nach dtabharfadh cruithneacht ná eorna - ionas go sílfí gur d'aontoisc le húsáid don bhocht a chruthaigh Dia é ó thús. Agus na capaill mar an gcéanna, is coirce a itheas siad. Agus déanann sé fós uisce beatha, arán so-bhlasta, "stirabout", agus cáfraith, agus déantar a úsáid i mórán dóigh eile nach bhfuil anseo, ach go mór mór gurb é is mó a bheathaíos daoine agus eallach ar muir agus ar tír de gach a bhfásann san áit seo. Ach tar éis é a bhualadh agus a cháitheadh, is éigean a chruachadh agus a sciolladh, agus ansin a mheilt agus a chriathrú sul a mbeidh sé ar son úsáide an duine, agus dá bhrí sin, tugann sé slí bheatha dá lán lucht ealaíne, ionas gur mór an saibhreas agus an tairbhe a thagas ón mbarr seo. Agus go bhfuil gach arbhar eile úsáideach in acais éigin. Is ar a chéile mar sin a d'ordaigh an eagna do-chríochnaithe gach ní ó thús, ionas go mbeadh meas agus muirn ag an duine ar
gach ní dar chruthaigh sé; agus is beag a thuigeas na nithe seo, ach amháin go bhfuil de nádúr ag gach ní a bheith neamhbhuan, 108. agus gur ó bhliain go bliain a thugas an talamh toradh uaithi, agus go mór mór go dtéann ar neamhní. Ach de réir eagna Dé atá gach ní mar atá siad. Níor tháinig sórt ar bith don oileán seo riamh ba mhó úsáid ná na prátaí agus ab fhusa a ghiollaíocht. Óir ní raibh níos mó le déanamh leo ach a dtógáil agus a mbruith, ach gurbh éigean saothar a ghlacadh leo á gcur. Níl gráinne ar bith eile nach éigean a chur iomlán, ach é seo amháin, agus is é is nádúr don síol seo, a chorp a roinnt i mórán de scailpeanna, agus is éachtach an cháilíocht atá sa ghráinne seo de bharr ar gach sórt eile dá gcuirimid sa chréafóg. Ach dá gcuirtí iomlán é ní bheadh ach toradh beag míofar air, de bhrí nach cóir a bheith ach aon alt amháin ar gach scailpeog; agus is éigean a gcur sé orlach faoin gcré, agus ina dhiaidh sin a gcoinneáil glan, gortghlanta nó go dtaga a mbláth; agus ar an nós sin déanann siad cíoradh sa talamh, agus fásann suas faoi thóin na ngas nó go mbíonn ar son úsáide. Agus ansin is maith an bheatha daoine agus eallaigh iad. Tá an pónaire fós sochrach don scológ, agus déanann beatha mhaith do chapaill agus do mhuca, agus fós itheann 109. daoine féin é - ach sin le linn a bhruite iomlán, óir ar son go meiltear agus go ndéantar min de, is ró-annamh a dhéanas daoine a úsáid mar bhia. Ach nuair a bhíonn sé leathghlas, sula mbíonn sé iomlán aibí, is é is mó a dhéanas daoine a úsáid mar bhia dóibh féin. Agus is ar nós an phráta is éigean a chur agus a ghiollaíocht, ach nach ionann airde úire a chuirtear orthu; óir is ceithre orlach de chré is éigean a chur ar an bpónaire, agus is í sin a bheith mín, agus is éigean a ghortghlanadh amhail gach arbhar eile. Agus is maith, folláin an bheatha daoine agus eallaigh é. Bíonn ina bharr sochrach don scológ. Is barr torthúil an phis, agus is mór an úsáid a dhéantar di i ngach áit, óir is bia so-bhlasta í do dhaoine agus d'eallach agus lena meilt déanann sí min mhilis bhlasta. Agus tá cineálacha éagsúla di, ach ní ar an nós amháin a dhéantar a giollaíocht ná a húsáid. Is í an phis riabhach is coitianta agus is mó a théas chun sochair don scológ, mar tagann sí le talamh bocht nach mbeadh ar
son barr ar bith eile a thabhairt; agus in áit a bhochtú, is é a ramhraíonn agus a thugann isteach é chun barraí eile. Ach an phis bhán, is i ngarraithe saibhre is ceart a chur, agus bíonn an barr seo moch sa séasúr, agus is í is milse blas den uile shórt pise. 110. Is é an piseánach is lú féileog agus gráinne de gach pis díobh seo, agus tugann talamh ó bhoichte barr maith di, agus níl bia capall is fearr sa séasúr ná an piseánach. Ach ar nós farae is mó is cóir a úsáid. Agus ar nós gach arbhair eile is ea a chuirtear gach pis. Tá barr eile atá ró-choitianta anseo, agus cé nach chun bia atá sé, is é an barr is tairbhí agus is mó a thugas sásamh agus luach saothair don scológ é, mar atá, an ros, ar a dtagann líon, dá ndéantar línéadach. Agus is beag den phór seo a thógtar in Éirinn, ach tagann sé anseo ó chianta eile in aimsir an tsíl; agus cuitear i ndeireadh an earraigh, nó an chéad seachtain den samhradh, agus bíonn sé aibí faoi Lúnasa. Tagann bláth gorm air ar dtús, agus ina dhiaidh sin boilg, mar a mbíonn an pór dá ngairtear ros. Ansin tarraingítear as a fhréamhacha, agus ceanglaítear ina phunanna, agus maothaítear in uisce nó go dtite na boilg, agus ansin is éigean a shrathú agus a thuaradh nó go mboga na stalcóga, agus go dtagann as an gcraiceann ina gcoilg, agus go bhfágann an craiceann ina dhlaoithe fada; agus ansin déantar a shiostalú agus a shníomh, agus tar éis sin, a fhí, go mbeidh sé ina línéadach, agus ina dhiaidh sin is éigean a thuaradh lena ghealadh. Ionas gurb é is mó 111. a thugas obair agus slí bheatha do dhaoine, de gach uile bharr dá dtagann san oileán seo. Óir níl earra ar bith eile is mó a bhaineas le ceirdeanna agus le healaíona ná ceird an línéadaigh. Agus sa tuaisceart is fearr a thagas sé, óir ní thagann talamh láidir nó stubranta leis an ros, ach talamh greallaí, is é sin le rá, talamh fionn-tais ag a mbíonn bonn cré báine. Agus is éigean a fhuirseadh go mín; agus ba mhór ab fhearrde cloch-chaite, leis an talamh a dhúnadh ar an ros, ionas go mba ghasta a ghlacfadh sé leis an talamh agus a d'fhréamhfadh sé. Bochtaíonn barr ros an talamh go mór, ach an t-uisce ina mbáfaí an líon, dá gcuirfí ar an talamh mar leasú é, tar éis an líon a thógáil as, d'fhágfadh sé an úir chomh méith agus a bhí sí ó thús; ach ní thuigeann gach duine seo.
Ach ní hé seo amháin suáilce an rois, óir níl sórt ar bith eile gráinne is mó úsáid ná é. Agus tá sé ró-íocúil, óir tá sé lán d'ola, agus is ró-mhór an sochar agus an tairbhe a dtéann sin don duine. Agus tar éis sin, déanann sé min a bheathaíos agus a ramhraíos eallach; agus le ros a bhruith ar uisce, leigheasann slaghdán droch-chasachtaigh, agus is ró-mhaith an ola ag leigheas dónna nó loscadh. Ionas nár fhás as talamh riamh ní ar bith is úsáidí don duine ná an ros. 112. Tá sórt eile a shníomhas amhail an líon, dá ngairtear cnáib, agus is mór an tairbhe a dteánn seo féin don duine. Fásann sí go tlachtmhar, beagnach ar nós fofanáin no bleachtáin, agus bíonn craiceann righin uirthi amhail an líon. Agus is í seo a dhéanas cáblaí agus rópaí is seasmhaí ar bith, ionas gurb iad a dhéantar a úsáid formhór ar muir agus tír, agus gurb í is láidre agus is buaine de na cineálacha sin go hiomlán. Agus tig le daoine a fí agus a gealadh mar an líon. Ach ní he gach talamh a thugas í, agus mar sin is i talamh daoine uaisle is gnáth í a bheith curtha, agus déanann maith acu ar muir nó ar tír. Ach níl sí ach gann san oileán seo. Tá barr eile, dá ngairtear ráib, agus is i dtailte éadroma is fearr a fhásann sí, agus bíonn dhá bhliain sula bhfaightear a toradh, ach an chéad bhliain fónann sí le beathú eallaigh. Fásann sí ar nós tornapaí, agus is é an pór is tairbhí di, óir buailtear í ar nós arbhair. Díolann an pór go maith le haghaidh ola, agus an chéad bhliain is maith an glasra í, agus itheann muintir na tuaithe í mar ghabáiste; ach an dara bliain is ea a aibíonn agus a thugann an pór lena ndéantar an ola dá ngairtear an ola ráibe; agus déanann sochar mór don scológ. AG SEO AN tOCHTÚ CAIBIDIL ANSEO SÍOS 113. Is mór na tíolacthaí a thug Dia don dhuine de bharr ar gach ní dár chruthaigh sé, le go dtuigeann sé cad is ciall do gach ní dá mbaineann lena bheatha féin, agus fós gach ní eile dá mbaineann le beatha daoine agus eallaigh - ionas gur i ngliceas an duine atá muinín gach créatúir. Ionas gur follas gurbh é an duine a fuair dá réir, gach céadfa dá bhfuair sé de bharr ar gach créatúr eile a d'ordaigh Dia, chun gach ní diamhair folaitheach
a chuardach amach; agus le haghaidh na hoibre seo, thug dó tuiscint, toil agus cuimhne - is é sin le rá, meabhair - trí ní nach féidir leis an nádúr a thabhairt dá clann, ar an ábhar nach ón nádúr a thagas siad, ach go bhfuil siad spioradálta, agus gurb iad a bhaineas leis an anam atá sa duine, agus atá déanta de cháilíocht dhiaga, agus a chónaíos maraon le corp an duine an fhad a bhíos ina bheatha; agus ina dhiaidh sin a théas a thabhairt cuntais uaidh cad é an úsáid a rinne sé de na trí thíolacadh neamhaí seo, nó fós de na cúig chéadfa nádúrtha a fuair sé óna mháthair, mar atá: - blas, boladh, mothú, amharc agus éisteacht. Óir is iad seo na cúig phéarla is uaisle i stór-chiste an nádúir. Agus amhail mar a roinn 114. Dia leis an duine a rinne sé ina dheilbh féin, na trí thíolacadh neamhaí seo, is mar an gcéanna a d'ordaigh sé don nádúr a bhí le bheith ina máthair ag gach slua, na cúig thíolacadh uaisle seo a thabhairt dá ginte féin. Agus is mar sin a thugas an talamh do gach ní beo dá ngintear óna broinn féin, na péarlaí seo, de réir mar a d'fhág Dia an chumhacht. Ar an ábhar sin, níl ní ar bith dá ngintear ón talamh, gan na cúig chéadfa nádúrtha seo aige, más ní a mbeadh anam nádúrtha ann. Agus is air sin a bhíos a bheatha, óir treoraíonn siad é chun gach ní dá dtugann talamh mar bhía fóinteach do gach ní dóibh. Ach ní hionann a thugas dóibh iad, óir amhail agus tá cáilíochtaí éagsúla sa talamh, is mar sin atá cáilíochtaí éagsúla ina clann, nach ionann dóibh blas, boladh, mothú, amharc ná éisteacht. Agus is chun maitheasa agus sochair do gach ní beo atá seo mar seo; de bhrí dá mba é an blas amháin a bheadh acu, go mb'ionann bia agus deoch ba mhian leo, agus nárbh fhéidir don talamh an t-iomlán a shásamh, nó friotháil a dhéanamh dóibh. De bhrí go bhfuil mórán de cháilíochtaí sa talamh féin agus nach ionann barr a thagas uathu seo, is mar sin atá blas daoine agus eallaigh, éanlaithe, éisc agus earc, contráilte dá chéile, ionas go n-itheann agus go 115. n-ólann daoine bianna agus deochanna éagsúla, agus go mbíonn a ndóthain acu; agus éanlaith agus eallach mar an gcéanna. Ar an nós céanna, ní hionann is léir dóibh, óir dá mba ar an nós amháin a d'fheicfeadh gach duine, bheadh spéis gach aoin de réir a chéile, agus bheadh sin ina chúrsa imris. Ach dála an
bhlais, agus mar ba thoil le hÚdar an nádúir é, agus mar nach ionann fíoraíocht dreacha nó deilbhe dóibh, ní amháin do gach duine, ach fós gach éan, earc, eallach agus iasc, agus mar an gcéanna nach ar an modh amháin a thagas siad i dtír, is mar sin a fuair gach aon díobh radharc ar leith, ionas nach mbeadh a dtaitneamh ar aon nós - agus mar sin nach ionann a thugas fir grá do mhná, ná mná d'fhir. Agus freagraíonn seo i mórán de chásanna eile. Agus mar an gcéanna an t-eallach, fuair siad amharc de réir gach nóis a bhí d'uireasa orthu féin agus chun sochair don duine, ionas go mbeidís umhal don tiarna a chuir Dia ós a gcionn, agus nach mbeadh an duine tíoránta os a gcionn. Agus do na héanlaithe tugtar amharc de réir a nádúir, amhail agus a bhíos a slí bheatha dóibh féin nó in úsáid don duine. Agus feictear ansin nach ionann a fheiceas gach éan den slua, ach an chuid a thagas i dtír ar sheilg, gur thug an nádúr súile seilge dóibh. 116. agus goib chrua agus muiníl ghearra, ionas nach mbeadh leatrom ar bith ag cur as dóibh i slí a mbeatha - agus sin de réir an tsóirt seilge dá raibh siad tugtha. Do gach sórt seabhac thug an nádúr slí chun a n-éadáil a ghabháil, de réir an bhlais a thug sé dóibh. Fuair an chailleach oíche, mar bhí spéis aici i bhfeoil luchóg, ceann agus súile ar nós an chait, agus amharc géar san oíche, ionas go rachadh seo chun sochair di féin, agus fós don duine. Agus is ar an nós céanna atá an eiteog leathair. Is san oíche is géire a hamharc, mar bhíos an drúcht ar na cuileoga agus go dtig a slogadh níos réidhe; agus fós gur san oíche is mó a ghluaiseas na cearnamáin atá de réir a mblais agus a nádúir. Agus mar an gcéanna na héin iascmhara - is é sin le rá, na corra. Tugann an nádúr goib chrua agus muiníl fhada agus súile éisc, ionas go mb'fhéidir leo a mbeatha a fháil de réir bhlas a gcoguais. Agus is mar sin a thugas an nádúr buanna seachas a chéile dá clann, de réir na cáilíochta a thug sí do gach cineál ó thús, ionas go bhfuil gach ní díobh seo soiléir so-thuigthe, agus gur céadfaí dalla ó nádúr, nó ainbhfios, nach dtuigfeadh nach ó athrach eagna do-chuimseach, agus ó chumhacht aimhchríochta éigin ab fhéidir seo a bheith, agus 117. gurb é Dia amháin a rialaíos agus a threoraíos an nádúr
go hiomlán; agus go bhfuil na buanna céanna ag gach ní dá ngintear san uisce, chomh maith leis na nithe talmhaí. Óir níl iasc sa mhuir nach bhfuil a gcéadfaí corpartha acu ar nós éigin, agus mar an gcéanna, beartúlacht agus arm ó nádúr acu, chun iad féin a chosaint, agus a n-éadáil a ghnóthú. Agus mar an gcéanna, ní hionann a bholaíos gach aon de na cineálacha éagsúla, ach bolaíonn gach cineál daoine ar an nós amháin, agus is mar sin atá boladh ar leith ag gach sórt faoin ngrian dá bhfuil gaosán aige. Ach éisteacht agus mothú, roinn an nádúr an dá chéadfa seo lena clann uile ar an nós amháin, ach gur thug do chuid díobh níos mó ná a chéile, de réir na cáilíochta a raibh siad de. Agus tá d'ualach ag gach duine, ó Dhia agus ó nádúr, aire a thabhairt do na tíolacthaí mórluaigh seo a fuair siad mar cheart breithe óna máthair nádúrtha, agus gan a gcur ar neamhní lena ndroch-bheatha, amhail mar chuir Dia d'ualach ar an nádúr, gan aon de na tíolacthaí a d'fhág sé ina cumhacht a choinneáil óna ginte, bíodh go mbeadh easumhal agus tugtha d'olc, agus gan leathcheal a dhéanamh ar an trua ach oiread leis an tréan. Agus is mar sin a roinneann an nádúr go minic níos féile leis an trua ná leis an tréan. 118. Is iontach mar a thagas an talamh agus an fharraige le chéile sa chás seo, agus ní hionadh sin, de bhrí gur dís deirfiúr iad, agus gur san uisce a cruthaíodh an talamh ó thús; de bhrí go raibh an t-uisce roimh an talamh, cé gur gairid é ó chóimheasc Dia gaoth loiscneach leis an uisce - is é sin le rá, tine agus gaoth le chéile - nó gur gineadh an talamh i mbroinn an uisce. Óir is feasach do dhuine go bhfuil cáilíocht triomlaigh sa dá shórt seo ó shin anuas, agus gur ina dhiaidh sin a scar Dia ó chéile iad. Ionas go bhfuil na céadfaí céanna ag clann na mara agus atá ag clann na talún, ach an duine amháin a rinne Dia ina dheilbh féin, agus thug dó trí chéadfa os cionn gach ní eile dá ndearna sé, agus is é sin le rá, tuiscint, cuimhne agus toil. Agus is iad seo a dhéanas an coinsias, is é sin an fhianaise a dhéanas breithiúnas idir an t-anam agus an corp, mar a deir Naomh Pól ina Litir chun na Rómhánach. Agus tá an triar seo spioradálta, agus tagann siad le chéile maraon, óir nuair a thagas smaointe san intinn, le mianta na colainne, tagann siad i láthair na tola, agus feiceann an tuiscint cé acu maith nó olc iad, agus cuireann
an chuimhne in iúl an teagasc, agus gach rabhadh eile a chuala, agus cuireann uamhan agus náire 119. ar lucht na ndroch-ghníomh - agus ón spiorad seo a thagas an náire. Óir is de na trí ní a choisceas ainmhian an náire. Óir tá trí ní a choisceas droch-chlaontacht, mar atá: - eagla cheart Dé, eagla cheart an reachta ríoga, agus eagla náire; agus is í seo an eagla is mó a choisceas ainmhian an duine. Agus tá na trí ní seo i láthair an choinsiasa de ghnáth - an chuimhne, an tuiscint agus an toil, ag díospóireacht agus ag saoradh agus ag daoradh an duine. Agus is é seo an chuid den duine atá i ndeilbh na Diagachta, óir is trí shuáilce spioradálta iad atá i seilbh an anama, le solas agus eolas a thabhairt don cholann, agus an t-anam a shabháil ar pheaca. Agus is é is brí don fhocal "coinsias", compánach mar a gcónaíonn na trí chéadfa seo in aon. Ag seo stair an duine dhiamhair úd, "Melchisedec, rí Shalem, sagart an Dé is ró-airde, gan athair, gan mháthair, gan tús laethanta ná deireadh beatha, ach i gcosúlacht Mhic Dé, ina shagart go síorraí." Tuig anseo, a léitheoir, an chosúlacht. Ar dtús, feiceann tú dá réir sin gurbh fhéidir leis an duine seo athair agus máthair a bheith aige, ar an ábhar go raibh athair agus máthair ag Mac Dé féin. Ar dtús, tráchtann sé féin ar a Athair go minic sa Soiscéal, agus ba í Muire, iníon Anna agus Ioaichim, a Mháthair de réir na feola. 120. Ach tá mé dorcha anseo - "gan tús laethanta ná deireadh beatha." Léitear i leabhar Geinisis, ar Naoi agus ar a chlann, mar tháinig siad isteach don saol seo ón saol a chuaigh thart, agus mar rinne siad íobairt do Dhia, agus go raibh a n-íobairt taitneamhach i bhfianaise Dé, agus go ndearna Dia conradh leo chun slánú na feola; agus tar éis gur bheannaigh Naoi a thriúr mac le beannú ar leith, agus gur bheannaigh Sem de bharr ar an dís eile, le bheith ina athair, ní hé amháin ag an bpobal Eabhrach, ach fós ag na fáithe, agus ag Críost é féin; agus roinn an domhan idir a thriúr mac. Thit ag Sem an chuid dá ngairtear Tír Iúdaí, agus gurbh é ainm an rí-bhaile an uair sin Salem - anois Iarúsailéim - agus dá réir sin gurbh é an chéad neach ó cruthaíodh an saol a fuair
seilbh Shalem, agus go mba leis an ríocht fós. Ach níl níos mó trácht orthu, ach gur mhair Naoi cúig chéad bliain tar éis na díleann. Tuig anseo arís nach bhfuil trácht níos mó ar bheannú, ar son go raibh sé riachtanach beannacht na n-aithreacha a thabhairt don ghin a raibh Críost le teacht ar a shliocht; agus níorbh fhéidir le neach an mac a bheannú ach a athair féin; agus an té nach bhfuair beannacht óna athair, ní thiocfadh leis a mhac féin a bheannú, agus mar sin níor beannaíodh aon duine ó chlann Naoi, 121. gur rugadh Abraham in Úr na gCaildéach trí chéad agus fiche bliain d'éis na díleann. Agus bhí Naoi ina bheatha tar éis bhás Mhic Taire, cé gur mhair sé aois mhór, agus bhí an domhan uilig ina gciníocha an uair seo, agus ní raibh fáidh ná athair a raibh beannacht aige ar an saol ach an t-aon mhac seo Naoi a rinne an íobairt, a bhí ina rí ar Shalem, agus bhí ina athair ag Abraham, agus nach raibh, é féin, de ghinealaigh an tsaoil seo, agus nár tarraingíodh a ghinealach san saol ón díle anuas, agus mar nach raibh sé i gcumhacht neach ar bith eile, aon de na treibheanna a tháinig ó Sem a bheannú ach é féin, etc. Críochnaíodh an leabhar seo i mBéal Feirste, an t-ochtú lá den bhliain úr, bliain d'aois an Tiarna, míle ocht gcéad caoga agus trí bliana, le hAodh Mhac Domhnaill, eadhon, file Ultach, mac Shéamais mhic Aodha Chríostaigh, mhic Phádraig mhic Alasdrainn, mhic Raghnaill na gcapall, mhic Shéamais Mhóir Lughbhaidh, mhic Sheáin Bháin Lughbhaidh, lá an tséin, á ríomh de réir na tuisceana a fuair sé ó Dhia agus ó nádúr etc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services