FEALSÚNACHT AODHA MHIC DHOMHNAILL
AN CHÉAD CHAIBIDIL DEN FHILÍOCHT
Is é mar bhreathnaíos filí is saoithe
Is daoine críonna, sean is óg,
Gur cruthaíodh neamh is talamh faoi
Le Spiorad síoraí ina gcló.
Gur bhain na huile as neamhní,
An uile scaoth, beag is mór -
Éanlaith, eallach agus iasc,
Earca fiata - is ní gó.
Do rinne gealach agus grian,
Is iomad rialg in aon ló,
Le bheith ag tabhairt solais i ngach cian
Is ina riail ghlan, gan cheo.
Chun an duine ansin den chré
I ndeilbh Dé Bhí ina Thriúr;
Fear is bean, aon duine amháin,
Is anam saor nach raibh den úir.
Fuair an duine tíolacthaí ón Rí
A bheith ina mhaor ar an slua;
Tuiscint, cuimhne is toil shaor -
Trí ní nár theastaigh uaidh.
AN CHÉAD CHAIBIDIL DEN FHEALSÚNACHT AR AN gCRUTHÚ.
1. An té ar mhian leis fios údar agus cáilíocht corp talmhaí
agus corp neamhaí a chuardach nó a scrúdú amach, is éigean dó
an dá chineál duar a chur i gcompar, ionas gurbh fhearrde ba
léir dá chéadfaí na nithe dorcha seo a bhreathnú; agus go mór
mór gach claontacht dá leanann dóibh i ré a mbeatha nó a
marthana.
Deir údair gurb é Dia a rinne na huile nithe agus go raibh sé
sé lá ag críochnú na hoibre - amhail agus bheadh neach ar bith
eile ag críochnú gnóthaí saolta - agus mar an gcéanna nach
raibh ní ar bith aige, lena ndéanamh de ach a mhórchumhacht
féin amháin. Ionas gurb é seo a chreideas formhór an domhain,
agus nach mór nach uabhar leo amharc taobh isteach de chraiceann
ní ar bith, ach a bheith sásta le gach ní a gcluineann siad ó
gach fáithbhire, agus gan oiread le úsáid a dhéanamh dá gcéadfaí
féin. Mar sin is cóir domsa agus do mo leithéid eile amharc
isteach go grinn griongalach i ngach clúid de na rúndiamhra seo.
2. I ndúil nár chúrsaí tréasa ná uabhair do dhuine úsáid a
dhéanamh de na tíolacthaí a fuair sé, mar sin tionscnaím sa
tús ar an Diagacht.
Is dochuimseach rúndiamhra Dé agus barúla daoine ar na
nithe seo. Is é a chreideas formhór an tsaoil gur spiorad dochuimseach
Dia agus go bhfuil a ghlóir gan tús gan deireadh ó
shíoraíocht go síoraíocht; agus drong díobh go bhfuil trí phearsa
sa spiorad céana - an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh,
agus go bhfuil siad seo ina n-aon Dia amháin.
Is é barúil drong eile nach mar sin atá, ach gur aon phearsa
agus aon spiorad agus aon Dia é, agus nárbh fhéidir an Diagacht a
bheith roinnte i dtrí phearsa, agus tá mórán den intinn seo ar
feadh an domhain. Ach is é a bhreathnaítear domsa sa chás
diamhair seo nach bhfuil ach díth dóighe agus dallamullóg do
dhaoine a bheith ag dréim le nithe dochuimseacha, agus gurbh
fhéidir nach dtuigeann siad na nithe atá soiléir, so-thuigthe dá
gcéadfaí nádúrtha.
3. Tá an uile ni arna chumadh de thrí chorp, mar atá, tine,
uisce agus gaoth; agus gach ar chruthaigh Dia, is de na trí dhuar
seo a rinne sé iad, i gcruth go bhfreagraíonn agus go bhfulaingíonn
na coirp nádúrtha in éineacht le chéile.
Nuair a rinneadh neamh agus talamh, mar deir na húdair, go
ndeachaigh na haingil i dtréas, mar nár thuig siad mórgacht an
Tiarna ba údar dá n-iomlán, ach ag tabhairt antola dá n-aingeal
solais mar nár thuig siad slite Dé. Chuaigh siad ar seoid ón
tslí ionas gur chaill na grásta a cruthaíodh leo agus an sciamh
neamhaí ina raibh siad - agus sin uilig trí ainbhios. Agus má
bhí na hangil gan fios rúndiamhra Dé, conas ab fhéidir do
chlann na talún a bheith ag cuardach nithe do-fhaighte dochuimseacha
Dé? Ach dá ndearcaimis go grinn ar an nádúr
b'fhéidir léi eolas éigin a thabhairt dúinn ar na nithe doiléire
seo; mar tagann na rúndiamhra seo le chéile, i gcruth go bhfreagraíonn
siad a chéile i mórán de mhodhanna.
4. amhail agus mar atá gach ní cumtha d'aon adhmad amháin,
mar atá, tine, uisce agus gaoth. Agus tá na trí cháilíocht seo i
ngach substaint díobh seo, ionas nach bhfuil corp, beo nó marbh,
nach bhfuil de na trí phearsa chéanna.
Tá tine agus uisce sa ghaoth, agus tá gaoth agus uisce sa
tine, agus tá gaoth agus tine san uisce; agus mar chruthú air sin
taispeánann siad iad féin go laethúil ar aghaidh a chéile. An
tráth a éiríos an tine sa ghaoth, triomaíonn agus loisceann sí
éadan na talún; an tráth a bhuas an t-uisce, is é a thagas taisleach
uaithi - i gcóir go ndeirimid gaoth loiscneach agus gaoth fhionntais.
Sin anois triar in aon. Mar an gcéanna don uisce, tá
tine agus gaoth ann, ionas go ngluaiseann agus go loisceann uaidh
féin. Ionas go dtaispeánann agus go n-oibríonn gach cáilíocht
díobh seo i ngach aon chorp díobh féin amhail mar a dhéanas i
ngach corp eile, i gcruth go bhfuil sé soiléir, sothuigthe
5. go leor don intinn is anbhainne ar bith gur den triúr seo
atá gach ní eile réidh.
Má thráchtann daoine ar mhórgacht Dé agus ar a chumhacht
in éineacht, tá sé chomh doiléir, dorcha dá dtuiscint lena phearsana,
agus mar sin níl ach díth dóighe do dhuine ceist a chur ar
aon díobh seo. Ach má fhiafraítear den nádúr cad é is ciall do
gach slí agus gach beart agus gach ní diamhrach a bhaineas léi,
freagróidh sí, ag taispeáint a héadain, amhail a déarfadh úsáid
a dhéanamh de do chéadfaí féin.
Tá ocht gcéadfa ag an duine, mar atá, blas, boladh, mothú,
amharc agus éisteacht, tuiscint, cuimhne agus toil, i gcruth gur
féidir leis gach ní tábhachtach nó substaintiúil a bhreathnú lena
chéadfaí corpartha; agus mar an gcéanna, nithe folaithe agus
doiléire dochuimseacha a thuiscint agus a chuimhneamh agus
a chur i mbriotal agus in úsáid de réir na tola. Ionas má théimid
ar seoid nó ar seachrán, go bhfuilimid ciontach ó cháiliocht éigin
díobh seo.
Nuair a thráchtas daoine ar an Diagacht is údar do gach ní
neamhnaí agus talmhaí,
6. is é a fheictear dóibh gur ó údarás síoraí spioradálta atá gach
ní arna chur in ordú agus i gcomhriail mar atá sé; agus dá dhroim
sin go bhfuil an spiorad diaga, uile-chumhachtach, do-chuimseach,
rúndiamhrach seo ar a dtráchtann na Scrioptúir, folaithe uainn i
ngach slí, ach amháin in obair ordaithe an nádúir, mar a thaispeánfar
anseo thíos.
Tá trí ní sa Diagacht nach bhfuil i gcumhacht aingeal nó
daoine a dtuiscint, mar atá, mórgacht, eagna agus cumhacht
Dé, agus is in ordú an nádúir amháin is féidir a thuiscint go
bhfuil gach ní díobh seo follas; ar dtus, mar atá an talamh as ar
baineadh na huile nithe, arna chruthú le cumhacht agus ar
suíomh le tuiscint agus ar a n-ordú le heagna, ionas go bhfreagraíonn
gach ní neamhnaí agus talmhaí a chéile; ionas go ndéanann
siad fianaise le chéile gur aon údarás amháin atá acu uile, agus
dá bhrí sin nach féidir le haon díobh marthain
7. gan chúnamh an dara amhail agus nach bhféadann an
talamh a thoradh a thabhairt uaidh agus chúnamh na neamha
atá os a chionn. Agus mar a gcéanna gurb é an talamh is
bunáit do na dúile neamhaí, ar chóir go ndéanann siad malairt
triomlaigh agus taisligh le chéile; i gcruth go dtoirchítear an
talamh ó na neamha amhail coirp chóimheascacha eile, agus mar
an gcéanna go ramhraítear agus go n-oiltear na dúile le sult agus
le taisleach na talún.
Tuig, a léitheoir, gur fearga agus banda a rinne Dia gach ní
ar dtús, agus gur ó na fearga a toirchítear na banda uile, agus
gurb é sult na gcorp banda a oileas agus a thugas neart do
chorp gach ní nádúrtha nó go bhfása agus go n-abaí siad.
An tráth a chuireas síoladóir barr sa talamh, cibé ar bith
sórt síol a chuireas sé, toirchítear an úir uaidh, agus is é an
sórt céanna a thugas an rí-mháthair seo uaithi; ach cuirim i
gcás nach saothraíonn agus nach gcuireann duine ar bith an
talamh, is ní follas go dtugann sí barr uaithi féin, ach ní hé an
sórt a chuireas an síoladóir talmhaí a thagas ó nádúr, ach síol
fiáin gan dea-bhlas, de nós nádúr an tsíoladóra ónar cuireadh é,
mar atá, an spéir.
8. Óir níl síon dá dtagann ón spéir nach mbíonn síolta éagsúla
cóimheasctha ina measc, ach go mór mór an fhearthainn agus
an drúcht, ar ghléas má thiteann siad fá thalamh lom dearg,
bíodh gur bóthar clochach nó lár crua, faoi cheann ocht n-uaire
agus daichead go bhfeictear é ina scraith ghlas mar ghort; agus
an t-uisce a thagas anuas in aimsir doininne agus a chónaíos i
gclais nó i ndíog, má theilgtear fá uachtar chré dheirg é, go
dtoirchíonn an úir mar an gcéanna.
Ar chóir go dtuigimid as seo gurb í an úir an bhanda is máthair
nádúrtha do gach uile ní, agus dá réir sin gurb é an t-aer is leannán
agus is caomhchéile di de réir eagna agus orduithe Dé.
Ní ghintear ní ar bith gan chóimheasc fearga agus banda,
ionas gur ón bhfireannach a ghabhtar an síol ar dtús, ach gurb
éigean do aimsir iomchuí a chaitheamh i mbroinn a mháthar
mar a n-athraítear a cháilíocht, ionas go dtig a bheith i ndeilbh
agus i gcló a athar, lán de cháilíocht a mháthar; agus níl duine
ná ainmhí, amhas, earc ná cearnamán, ó ollphéist na mara go
míoltóg an aeir
9. crann, arbhar nó luibheanna nach gcaithfear a nginiúint
ar an nós seo, ach amháin nach ionann slí a ngintear iad. Óir
is í an talamh is máthair mhór do gach ní talmhaí, agus is máthair
bheag do gach ní dá ngintear ina broinn féin, mar atá, adhmad
agus arbhar, luibheanna agus féara dá bhfásann uaithi, dá
gcuirtear inti le beart duine nó cóimheasc na néalta neamhaí.
Is é fáth dá ngairfimis máthair de ní ar bith, ní a ngintear
nó a n-oiltear toradh uaithi - amhail agus gurb í an talamh is
máthair do gach ní dá gcuirtear ina broinn nó dá bhfásann ó
nádúr uaithi; agus dá dhroim sin go bhfuil d'fhiacha ar gach ní
díobh seo, ó airde a thógfas siad a gcinn nó a ngéaga, a gcromadh
go híseal agus filleadh ar ais go hucht na máthar a thug beatha
dóibh ar dtús, agus is dá dhroim seo a thagas na séasúir iomchuí
a thugas síolrú agus fás agus bás lena ndroim - ach amháin go
bhfuil cuid de gach clann níos buaine ná a chéile, agus fós dá
chineál.
10. Ach ag seo na rúndiamhra nach dtuigeann céadfaí agus
nach eol do intleacht duine ó ghlice a bhreathnú - cad é mar a
tharla don chréafóg athrú go fuil agus feoil, agus ní hé amháin
go fuil agus feoil daoine, ach fós go fuil agus feoil eallaigh agus
éisc, éanlaith agus péisteanna éagsúla, ionas nach féidir do
neach dá maireann a gcuntas ná a n-áireamh.
Agus tá sé follas nach ionann cáilíocht do dhís díobh seo, cé
go bhfuil an céadfa amháin acu uile. Tá blas, boladh, mothú,
amharc agus éisteacht acu uile, ach ní hionann blas nó boladh
agus ní ar bith de na céadfaí eile, de bhrí nach ionann a bhlasas
nó a bholaíos duine agus beithíoch. An ní a bhíos searbh do
bhlas an duine, is é is milse do bhlas an bheithígh agus an ní
a bhíos bréan do bholadh an duine, is é is cumhra i ngaosán an
chú agus mórán de bheithígh eile. Ach is chun sochair don
duine atá seo mar seo, de bhrí dá aithle seo a dtagann siad i
dtír an nithe neamhthairbheacha, agus go ndéanann seirbhís
11. don duine nach ndeánfadh dá mbeadh a mboladh gairleogach
ina srón amhail an duine. Ach cad é mar tharla seo a bheith,
ní féidir do intleacht fealsúna ná filí a thuiscint.
Ach is é a thuigimse uaidh seo, go bhfuil cáilíocht amhstranta
san eallach - is é sin le rá, a mbia a ithe amh nó gan bhruith, go
mór mór feoil nó fuil; agus is dá bhrí sin a ghairimid amhas de gach
beithíoch dá n-itheann feoil agus fuil amh amhail leon nó faolchú
agus nach dtagann suas ar shórt ar bith eile bia.
Is iad seo an namhaid atá ag eallach na foraoise dá ngairtear
amhais agus beithígh chíocracha. Agus tá a namhaid féin ag
gach cineál dá bhfuil ar muir agus ar tír, agus in ainneoin dó
seo uile, feicimid gur líonmhaire an slua éidreorach ná na scriosadóirí.
Má dhearcaimid isteach go grinn sa chás seo, feicimid
rúndiamhair iontach agus eagna do-chuimseach. Féicimid sa
mhuir mhór ollphéisteanna, míolta móra, muca mara agus rónta
agus na mílte eile de naimhde na mion-iasc.
12. Ach in ainneoin dóibh seo uile, níl iasc san fharraige
chomh líonmhar leis an mion-iasc cé go slogann na hamhais
suas iad gan chuntas. Mar an gcéanna don aer agus do shlua
na n-éan; tá a n-amhais ina measc de ghnáth á scriosadh, agus
tá neart agus cumhacht acu ó nádúr chun a dhéanta. Ar dtús,
iolair, fiacha agus seabhaic gan áireamh; agus go cinnte feicimid
gur líonmhaire na mion-éanlaithe míle uair ná lucht a scriosta.
Ar an talamh is ea fheicimid na hamhais faoi eagla agus uamhan,
ionas nach dtagann siad amach as a gcuasáin i solas lae, amhail
agus dá tuigidís iad féin a bheith coireach, agus gan a bheith
dóibh go brách níos líonmhaire ná bhí siad.
Tá fáth mór leis seo, de bhrí nach bhfuil aon ní naimhdeach
ar an domhan nach bhfuil an duine ina namhaid aige, agus go
scriostar an iomad díobh le gliceas daonna. Fáth eile - nach
bhfuair ó nádúr a bheith chomh síolmhar leis na sluaite éidreoireacha.
Ionas nach bhfuil, ó mhíofaire, cineál ar bith nach mbíonn
níos síolmhaire ná na coirp anascaire.
13. Tá sluaite eile lasmuigh díobh seo dá ngairtear cearnamáin.
Is díobh seo beacha, cuileoga, teileáin, cleabhair, feileacáin,
míoltóga, agus mórán eile a eitlíos sa spéir; agus tá siad
ró-shíolmhar agus tá nádúir éagsúla iontu.
Is é an bheach is beartúla den slua seo, agus tá a arm cosanta
agus a shlí bheatha aige ó nádúr, mar atá, a gha lena gcruinníonn
stóras meala, ina ngineann sé a shíol. Óir ní chóimheascann na
beacha ar nós dronga eile de chearnamáin, ach scineann a
síol i measc na meala, mar is in áit a shíl a chruinníonn sé í;
agus leis sin, le tais-ghor na mbeach agus sult na meala fásann
na beacha óga sna cíora taobh istigh de mhí d'aimsir.
Agus tá níos marthanaí ná cearnamán ar bith eile den drong
sciathánach. Óir maireann sé ó sheásúr go séasúr agus ní mhaireann
na cearnamáin sciathánacha eile ach aon bhlian amháin.
Ach déanann siad cóimheasc le chéile, i gcruth go dtoirchítear
ó chéile iad, agus éagann an sean-bhunadh ag teacht an
fhuachta, agus cumhdaíonn an talamh an síol beo go neartaíonn
agus go mbeonn teas na gréine é.
14. Níl earc ná cearnamán gan a namhaid i measc an tslua,
ach an bheach amháin. Is é an duine amháin a namhaid. Ach
níl cearnamáin féin gan a n-amhais. Tá an dubhán alla ina
namhaid ag an gcuileog, agus bíonn ag déanamh cochall chun a
ngabháil. Ach bíonn a arm a fuair sé ó nádúr ar iompar ag an
mbeach, ionas go mbíonn faitíos ar dhaoine óga féin dul dá
chóir.
Is iad seo cearnamáin na talún: - ciaróga, cruimheanna,
caiteoga, péisteoga, daoil, dalláin, cruimheanna capaill, agus
seilidí, fíneoga, leamhain, dearnaidí agus míolta, agus mórán
eile de chearnamáin éagsúla; agus tagann siad i dtír ar a chéile.
Ach tá a slí bheatha chomh diamhair, doiléir d'intleacht an
duine le nithe folaitheacha ar bith eile. Más mór bród agus
sotal na ndaoine as a bhfoghlaim, is é a mheasaimse gur fíorbheag
a thuigeann siad na nithe atá chomh follas seo dá gcéadfaí,
nó má chreideann siad gur le húsáid don duine a cruthaíodh gach
ní, cad é an tairbhe a dtéann na nithe fuafara seo dó, nó má
fheictear dóibh gur chun oilc don duine a tháinig siad seo ar dtús.
15. Dá dtuigeadh daoine ní ar bith, ba ró-fhurasta seo a
thuiscint, óir tá sé follas go leor go bhfuil gach ní, ó laghad,
úsáideach i slí éigin. Tá cearnamáin na talún ar nós na luibheanna
agus fásann siad ó nádúr ar an nós ceanna agus fóireann
chun beatha agus íce do slua na n-éan, de bhrí nach mairfeadh na
héanlaithe gan an mbeatha seo atá ó nádúr acu; agus tá cuid
díobh seo a dhéanas iomad dochair do na héin. Mar atá nimh
sna luibheanna, is mar sin do na cearnamáin, tá cuid díobh
nimhiúil, ar chóir go n-oibríonn amhail purgóidí, agus go dtugann
sláinte d'othair a bhíos i measc na n-éan.
Óir tá na héanlaithe tugtha do thaogail agus do ghalair chomh
maith leis na daoine, agus dá mbeadh gan na créatúir bheaga
seo le fáil níorbh fhéidir dóibh maireachtáil beo; agus lasmuigh
de sin, is bia nádúrtha dóibh iad.
Má dhearcaimid go grinn ar nós fealsúnaí, feicimid nithe
iontacha sa chás seo, is é, cad é mar a fhónann siad seo don
duine. Nach n-itheann cearca agus lachain agus eánlaith eile
tí de gach ní dá dtagann ina slí de na cearnamáin seo, agus
nach dtuigimid go n-athraítear fuil agus feoil cearnamán go feoil
16. éanlaith? Agus tá seo chomh so-thuigthe sin nach bhfuil
moill ar thuatach ar bith a thabhairt faoi deara. Agus dá
dhroim sin, is eisfheoil is sláintiúla agus is mó a théas i sochair do
dhaoine meatacha. Is íce a lán acu do dhaoine agus d'eallach,
de bhrí go bhfuil cuid díobh de cháilíocht oinniún nó luibheanna
loiscneacha eile, agus tógann bloingí. Is iad na cuileoga gorma
seo a thugas fosadh tapaidh do mhórán i gcásanna aicídeacha
stubranta tapaigean nach mbeadh faill nó b'fhéidir páirt móiminte
ag othar ar a anam. Agus fós tá créatúir loscánta agus is bia
agus is íce iadsan mar an gcéanna.
Ach féach air seo go grinn agus feicfidh tú nach bhfuil ní ar
bith dar tháinig riamh ón nádúr nach bhfuil i gcáil éigin chun
sochair nó tairbhe don duine. Ach ní i ngach uile áit atá seo
mar seo de bhrí nach ionann nádúr gach críche agus nach ionann
cineál nó cáilíocht do dhaoine nó d'eallach, d'éanlaith nó d'earca,
d'éisc, do loscáin nó do chearnamáin gach críche nó gach cian
den fharraige.
17. Dá mbeadh gach aon tír amhail a chéile i ngach ní, ní
bheadh gnó ar bith le ceannaíocht mara. Ach an uair atá daoine,
mianach, eallach, earca, éanlaith, cearnamáin, loscáin agus éisc
éagsúla i ngach réigiún agus i ngach cian den mhuir mhór,
tugann sé ar gach tír sa domhan eolas a chur ar a chéile, agus
comharsanacht agus ceannaíocht a dhéanamh le chéile, i gcruth
go roinneann gach tír a toradh le gach réigiúin eile dá mbíonn
in airc; agus ní hiad seo amháin a dtráchtaim thuas, ach fós
arbhar, adhmad, measanna, luibheanna agus biotáillí.
Cad é a shíleas an duine tuatúil de seo? An é nach dtuigeann
sé ina chéadfaí nach ó ní ar bith talmhaí a thagas an daonnacht
ainmheasartha seo; nó cad é a rialaíos nó a thugas intleacht do
dhaoine barbartha chun na nithe seo a chur i gcrích léi; gurb é
an sclábhaí is táirí i measc na ndaoine a theagasc ar dtús éigse
na hEorpa chun a bheith ina leá? Ach cad é mar fuair an sclábhaí
gruama an t-eolas nádúrtha seo gan oide ná teagascóir? Fuair
ó theagascóir is fearr, mar atá - fealsúnacht.
18. Is ó fhealsúnacht a fuarthas eolas síoladóireacht agus
séasúir iomchuí do gach ní dá dtugann an talamh uaidh; agus
fós, is uaithi a tuigeadh go bhfuil na nithe is táirí agus is afhuafaire
agus is neamhghlaine dá bhfuil ar dhroim na talún úsáideach
ar mhodh éigin don duine.
Itheann na héanlaithe atá glan agus inite dúinne, péisteanna,
cruimheanna, daoil, ciaróga agus seilidí mar bhia. Tagann siad
seo a bheith in eisfheoil taobh istigh de lá go n-oíche agus itheann
na daoine an eisfheoil gan scrupall gan déistean. Ar an ábhar
sin ní thuigeann duine úsáid na gcréatúr beag neamhthairbheach
seo gan gearbhreathnú a dhéanamh ar an rá, gur cruthaíodh
gach ní ó thus chun úsáid an duine a rinneadh in íomhá agus i
ndeilbh Dé, agus go mór mór gach slí agus gach meán diamhrach
a ordaíodh chun a gcur i gcrích, gan teacht ar gach meán agus
dóigh atá ó nádúr dá dteagascann aghaidh na cruinne cumhachtaí,
mórgacht agus eagna Dé.
AN DARA CAIBIDIL.
19. Deir diagairí nuair a rinneadh an saol ar dtús, go raibh
gach ní go maith agus ró-thaithneamhach, i gcruth nach féidir
olc ar bith a chur i leith Dé; ach ar dtús gur chruthaigh aingil
agus go déanach an duine ina aonar, agus mar an gcéanna gur
áitigh na haingil i bParthas neamhaí, agus an duine a chum
sé den luaithreach ann, i ngarraí; agus gur tháinig an duine a
bheith ina dhís, fear agus bean. Agus is é seo is creideamh do
gach duine dá bhfuil den saol Críostúil.
Ach cad é mar tharla do gach ní glacadh do na drochcháilíochtaí,
is é is rúndiamhair don cheist seo; nó cad é mar tharla do
neamhchiontach a bheith páirteach leis an gciontach - agus is
mór an seachrán a chuireann seo ar dhaoine foghlamtha féin.
Creidimid seo, gur spioraid do-chuimseacha na haingil seo,
agus go ndeachaigh i dtréas ar an Ard-Rí, de bhrí go raibh toil
shaor acu amhail an duine. Óir dá mbeadh Dia i gcónaí ina
bhfianaise níorbh fhéidir go brách go rachaidís ar seachrán ón
tslí cheart, óir is duine gan chiall a dhéanfadh coir agus Díoltóir
na gcoireanna os a chomhair, agus má dhéanann, níl i ndán
párdún dó, ach díoltas ar son a ainchirt.
20. Ach sa chás seo glacaimid na Scriptúir mar bharánta,
agus féachaimis cad é mar chiontaigh siad i slí an pheaca. Is
ní follas nach bhfuil cáilíocht dá mbíonn sa mháthair nach
mbíonn cáil de sa ghin a ghintear uaithi, agus is dá bhrí sin atá
cáilíocht na chéad mháthar i ngach máthair dá tháinig uaithi;
amhail agus gurb í an talamh an chéad mháthair do gach ní
dá bhfuil ar a droim, agus gur thug sí an-ghrá ó thús dá clann,
cibé duine nó beithíoch, éan nó earc, cearnamán nó loscán, go dtugann
a sú agus a sult go mbia agus íce dóibh - agus ní hé sin amháin,
ach mar an gcéanna gach ní eile dá mbíonn de riachtanas orthu.
Ach cuimhnigh, a léitheoir, go bhfuil beart agus gliceas
riachtanach ag an gclann chun rúndiamhra na máthar seo féin
a thuiscint. Is uaithi a fhaightear gach uile shó agus saibhreas,
ach is le gliceas agus intleacht a fhaightear iad seo uile as a
hucht - ór, airgead, copar, prás, iarann, miotal luaidhe agus
iomad mianach eile, lasmuigh de thorthaí so-bhlasta milse a
thugann sí dá clann.
Ach, mar le coireanna na clainne a tháinig cionta agus an uile
shórt dochair, ionas gur fhulaing an talamh féin in éineacht leo.
21. is mar sin nach dtugann sí gach ní uathi ó nádúr gan
allas a clainne easumhaile a chóimheascadh léi ina ionad. Agus
dá dhroim seo tugann sí gach ní de thorthaí uaithi níos milse
agus níos so-bhlasta de bhrí, ón am ar mhallaigh Dia an talamh
ar son easumhlaíochta an duine ba mhac di, nár thug sí ní ar
bith uaithi ó nádúr nach mbíonn searbh, domlasta do chéadfaí
an duine, cé go mbíonn milis, so-bhlasta do chéadfaí na clainne
nár chiontaigh.
Agus mar atá céadfaí spioradálta ag an duine, thug sé seo
faoi deara, i gcruth gur thuig sé gurbh éigean dó an talamh a
shaothrú agus a giollaíocht faoi chomhair an tsíl nádúrtha;
agus dá dhroim seo thug an úir lánsásamh don saothraitheoir,
ní i mblas ná i mboladh amháin, ach fós i líonmhaireacht barraí
agus méadú torthaí.
Is ní ró-fhollas seo - ní ar bith a thagas ó nádúr, más luibh,
adhmad nó arbhar é, nach bhfuil ó fheabhas agus déantar an
talamh a ghiollaíocht, nach móide an barr agus nach fearrde an
blas. An meas a thagas ó nádúr, cé go mbíonn gach cáilíocht
riachtanach ann ó nádúr, is féidir a mbisiú i ngach cás le hintleacht
daoine.
22. Taispeánann seo go follas nach díomhaoin a fuair an duine
na céadfaí neamhaí, ionas gurbh fhéidir leis na nithe seo a chur i
gcrích agus a bhfeabhas a mhéadú. Óir is ó thuiscint an duine a
thagas eolas gach ní díobh seo, agus neartaíonn an chuimhne
an tuiscint agus críochnaíonn an toil na nithe mar threoraíos
na tíolachtaí neamhaí seo.
Ach is iad na céadfaí talmhaí is breitheamh ar obair an nádúir.
Cluineann an chluas, blaiseann an béal, feiceann an tsúil agus
mothaíonn an fhuil. Ach is í an tuiscint údar na hintleachta
agus neartaíonn sí an chuimhne i gcruth go n-oibríonn an toil
in éineacht leo; agus tiontaíonn siad seo cáilíocht na talún agus
na nithe a thugas sí uaithi - ní hé amháin luibheanna nó adhmaid,
arbhar nó measanna, ach fós eallach agus éanlaith. Ar chóir gur
féidir leis an duine a gcáilíochtaí, go fiú a modhanna, a leasú;
ionas go ndéanann fónamh agus fóirithint dó féin sna nithe atá
riachtanach aige. Ag sin na trí thíolacadh a thug Dia don duine
a thugas cumhachtaí dó os cionn gach ní eile ar muir agus ar tír.
23. Is iontach an ní nach ndearcann daoine isteach níos géire
sa nádúr, ionas gur léir dóibh nithe atá chomh follas seo dá
gcéadfaí corpartha agus atá torthaí na talún ar a dtagann siad
féin agus gach créatúr eile i dtír; agus gan amhras nach bhfuil ní
díobh seo nach bhfuil ina riachtanas orthu féin i slí éigin chun a
mbeatha nó a sláinte.
An tráth a chiontaigh na haingil ar dtús, mar deir na húdair,
teilgeadh faoi thalamh agus mhuir iad, mar deir Eoin Suibhiscéal,
agus gur tháinig ar a lorg aicídí, plánna agus taogail, peaca
agus bás, agus gur fhulaing gach ní in éineacht le chéile ag
teacht dá chóngar díobh seo. Ach mar is dual do gach máthair
a bheith cúramach, uireaglach ar a gin chlainne, is mar sin don
talamh. Ní luaithe a tháinig na haicídí marfacha seo, ná d'oscail
sí a broinn, agus scinn uaithi gach íocshláinte agus gach stóras
do-chuimseach dá raibh go folaitheach faoina com; ionas gur
fhás uaithi ó nádúr gach aon ní a bhí de riachtanas orthu chun
bia, íce nó éadaigh, agus is mar sin a thug sí fosadh braighdeanais
dá clann ar dtús, cé nach dtuigeann siad leath na nithe seo fós.
24. d'fhás gach ní díobh seo chomh líonmhar ionas gur fholaigh
siad aghaidh na talún i ngearr-aimsir i ngach oileán agus i ngach
réigiún da bhfuil faoi na spéartha. Ionas nach raibh créatúir,
ó mhíofaire nó ó éidreoraí, ar dhroim na talún nár thug a gcuidiú.
agus a gcúnamh, chun an duine a shábháil ón namhaid marfach
seo a thug sé féin agus orthusan.
Is mór an t-ionadh le daoine má fheiceann siad nithe neamhghnácha,
agus is mó sin an t-ionadh nach dtuigeann siad na
nithe a bhaineas leo féin. Dá dtuigeadh an garraíodóir cad é is
brí do na luibheanna atá ina gharraí, dhéanfadh sé ionad dochtúra,
agus ní bheadh riachtanas aige lena shláinte a chur i gcontúirt
le nithe a thiocfadh as tíortha coimhthíocha; de bhrí nach bhfuil
aicíd ná galar dá leanann do lucht tíre ar bith nach bhfuil a
leigheas le fáil san áit chéanna, dá mbeadh a fhios ag na daoine
air, ar an ábhar nach bhfuil ní dá laghad dá maireann ar an
talamh nach bhfuil cairde agus naimhde aige, agus mar sin atá
luibheanna agus plandaí an mhachaire ina gcairde ag daoine
agus eallach in aghaidh naimhdeas na dtaogal seo.
25. Tá mórán droch-ghalar ag brath ar dhuine ar ar bheithíoch,
agus is mar sin a thug an talamh mórán plandaí agus
luibheanna leighis chun a chlann a shábháil ar bhearta an
droch-spioraid - mar is é is údar do gach olc dá leanann do dhaoine
agus d'eallach agus gach ní eile dá ngintear le cóimheascadh
fearga agus banda. Óir gach ní dá bhfuil a shíol ann féin, níl
feidhm cóimheasctha air, ach fásann ó nádúr as a rúta féin, de
bhrí go bhfuil a fhréamhacha féin ag gach rúta dá dtagann faoin
talamh, agus nuair a thagas nádúr i líon fáis, go dtarraingíonn
na fréamhacha sult chun an rúta, i gcruth go neartaíonn é,
ionas amhail agus a neartaítear na coirp chóimheascacha ar
muir agus ar tír faoin am céanna, amhail is go mbeadh meidhir i
ngach rúta chun a shíol féin a sceitheadh.
Agus is é mar a sceitheas gach planda a shíol, neartaítear an
rúta ó na fréamhacha agus toirchíonn an rúta a stoc a oileas é
ina bhroinn nó go scinne é trína ghéaga agus go n-aibíonn le
teas na gréine; ar chóir go dtagann a bheith ina shíol ullmhaithe
chun torthaí a thabhairt uaidh an bhliain ina chionn; agus
tagann fréamhacha, rúta agus stoc uaidh a thugas toradh; ach
éagann an pór agus maireann siadsan.
26. Níl ní ar bith dá ngintear nach ó rúta éigin a ghintear é,
cuirim i gcás gur fás talmhaí nó créatúir análacha iad, amhail
agus go bhfuil a rúta féin ó nádúr i ngach ní, agus a bhfréamhacha
féin ag gach rúta, agus is uatha seo a thagas meidhir, mian agus
fonn. Ach ní thuigeann daoine seo, cé go bhfuil sé follas go leor
dá gcéadfaí, gur ghnáthfhocal ag na sinsir le gach ní dá leanadh
béasa a shinsear - "Thug sé ó rúta leis é mar thug an mhuc an
rútáil."
Is iontach le mórán daoine a rá gur ó rúta éigin a ghintear iad
féin, ar son nach ionann áit a mbíonn an rúta i ndaoine nó in
eallach agus a mbíonn sé i bplandaí nó i luibheanna; óir is faoi
gach planda a bhíos a rúta, ach is i meán chorp an duine a
bhíonn sé. Agus amhail agus chuireas rúta an phlanda fréamhacha
uaidh sa talamh, is mar sin a chuireas na rútaí a bhíos i ndaoine
agus in eallach agus in éanlaith a bhfréamhacha uatha ar feadh
baill phríobháideacha an choirp; ionas dá mbainfeadh bascadh
ar bith do na nithe príobháideacha seo, go mbeadh an corp
aimrid, neamhthorthach amhail ní ar bith eile dá mbainfeadh
meathán dá rúta.
AG SEO AN TRÍÚ CAIBIDIL
AR NÁDÚR LUIBHEANNA AGUS PLANDAÍ
27. Mar a dúirt mé i dtús an leabhair seo, gur thug an talamh
fosadh dá clann, ag oscailt a broinne agus ag tabhairt luibheanna
leighis agus gach íce eile a bhí riachtanach chun bua a thabhairt
ar gach toirmeasc dá raibh le teacht ina slí, agus amhail agus
atá mórán aicíd marfach ag brath ar dhaoine agus ar eallach,
is mar sin is líonta an talamh de gach íocshláinte agus biseach.
Ach ar bheith domsa aineolach ar na nithe seo, ach beagán
d'fhás mo thíre féin, ní thig liom ach tuairisc bheag a thabhairt
ar na nithe a bhfuilim cleachtach leo i mo chomharsanacht féin,
agus fós ar chuid de na galair is fios dom a leigheas leis na luibheanna
seo atá fás go ró-líonmhar i ngach áit den oileán seo
dá ngairtear Éire.
Ach cé nach bhfuil ní ar bith dar fhás nó dá bhfásann ón
talamh nach bhfuil saghsanna éagsúla ann, tá, cinnte, mórán
díobh nárbh fhiú a bheith ag teacht orthu; ach na nithe is tairbhí
agus is lia a bhíos riachtanach, is orthu a thráchtar anseo.
28. Tá trí ghalar stubranta atá coitianta, mar atá, galair buí,
goropais agus pianta tadhaill, agus tá mórán luibheanna leighis
dóibh seo sa mhachaire. Is díobh seo grúm; má bhruitear ar
bheoir é agus é a thabhairt don othar go líonmhar, leigheasfaidh
sé goropais. Agus tá mórán eile a dhéanas an ní céanna, mar
atá - abhac-thromán agus rútaí gais searbháin; agus purgóid sian
do dhaoine a bhíos láidir ina lionnta. Ach níl leigheas ar ghalar
buí is fearr na grán tonnóg; ach pianta tadhaill, is maith sian
agus pónaire chapaill. Agus is ní gnách, cibé ní atá go maith d'aon
de na haicídí seo, go mbíonn ina íce dóibh uile. Ach anois, is é
seo ainmneacha agus brí na luibheanna ar a bhfuil mise cleachtach.
Ar dtús:
athair-lus - ground ivy
athair thalún - yarrow
airgead luachar - meadow-sweet
buachalán - ragweed
bleachtán - sowthistle
boglas - bugloss
buíán - wild marigold
buarachballach - devil's bit
brioscán
bachall
binnmhear - hemlock
biolar Muire - well ink ?
29. biolar ite - watercress
carrán
ceis-chrann - spleenwort
ceathrú chaorach - wild spinach
créachtach - cranesbill
copóg rua - dock
copóg bháite
comán mille - camomile
creamh coille
cluas luchóige - mouse ear
creamh na muc fia
cutharlán - pea-nut pig-nut
caisearbhán §28 thuas - dandelion
cruach Phádraig - plantain
cartloinn - wild mint
dathabha dubh
dathabha bán
duán donn - heartsease
duileasc - dulse
dúchosach - maidenhair
dréimire Muire - St. John's wort
draighean chual - buckthorn
eabhrán - wild parsnip
eileacaimpeán - elecampane
eidhneán - ivy
adhainn - coltsfoot
ae abhna
30. fliodh - chick weed
fearbán - crowsfoot
féar gaoil - nut grass
fothlacht - water parsley
fearadh - rose noble
glúineach dhearg
geagar
grán tonnóg - duck weed
grúnlas - groundsel
gleorán - wild tongue grass
gairleog - garlic
hocas - marshmallow
gallán
liach róda
lus cré - ground leek
lus buí
lus na lao - calf-grass
liathlus
lus - leek
mille-riúgail - burdock
magairle meidhreach - blister grass
meacan buí - spurge
mulfhard
neamhnaid - tormentil
nóinín - daisy
neantóg - nettle
raithneach - fern
ros - flaxseed - mionán Muire
31. samhadh - sorrel
seamsóg - wood sorrel
sop sealán - robin-run-the-hedge
sú salún - strawberry
seagaire
sian - foxglove
síobhas - chives
slánlus - healing grass
tím - thyme
tím shléibhe - mother of thyme
iúr sléibhe - mountain spurge
teanga ghé - goose-tongue
lus na bhFranc - tansy
mormónta - wormwood
ruibh - rue
mionbhruth - ribgrass.
Sin agat, a léitheoir, solas beag ar thoradh do thíre féin; agus
mura dtuigeann tú nithe follasa dá leithéid seo, conas is féidir
duit nithe folaitheacha Dé a bhreathnú, nó a thuiscint cad é
mar ordaíodh na nithe seo ó thús? De bhrí go bhfuil suáilcí
éagsúla i ngach planda, agus go n-oibríonn go ró-mhiorúilteach i
mórán d'aicídí, i gcruth go leigheasann othair a bhíos i riocht
bháis.
32. agus go ndéanann slánchréachtach daoine agus eallach ó
na galair is marfaí ar bith, bíodh gur gonta ré nó arm iad. Ach
is mian liom trácht anseo síos ar cad é mar théas na luibheanna
seo chun sochair don duine.
Is íce an t-athair-lus lena bhruith ar uisce, a leigheasas casachtach
agus meathán sna haenna agus sna duáin, agus mar an
gcéanna mún fola, de bhrí go n-oibríonn sé go hiomarcach sna
fuail.
An athair thalún. Is íce í ar na huile dhoirteadh fola. Leigheasann
sí, lena bhruith ar uisce gearrthaíocha agus na piles,
agus furaíonn sí na fuail san am céanna; agus mar cheirín is
maith uaithi fuil a chosc.
Is íce an t-airgead luachar i bhfiabhras a bhíos tugtha do
scaoileadh nó do chóch-theilgean, lena bhruith ar uisce, agus
leathphionta a thabhairt don othar gach tríú uair. Oibríonn sí
na hallais agus stadann sí an tiobradh eile. Tá cáilíocht cheangail
inti, ach is beag é, agus níl contúirt inti, agus tá sí so-bhlasta.
Bleachtán. Is luibh ro-choitian í, agus tá suáilce mhór inti.
Lena fáisceadh ar uisce, nó scalladh búidh a thabhairt di agus a
sú a ól, osclaíonn sí cosc i gcúrsa na n-aenna, agus is maith an
luibh bhaineannach í.
33. Is maith an ceirín an boglus le bruth ar fud min eorna nó
rois, le ait nó neascóidí a threá nó a dtabhairt chun briste, agus
lena bhruith agus a shú a ól, leigheasfaidh sé gortú, nó nithe a
bhíos brúite i saotha nó áiteanna eile, agus oibríonn sé sna fuail.
Níl luibh sa mhachaire is fearr ná an buachalán buí le leigheas
pianta na n-alt. Óir má chuirtear a dhuilleoga buailte suas mar
cheirín ar na hailt a mbíonn an pianta iontu, leigheasfaidh iad,
agus is minic a leigheas siosan gúta na scorróg mar an gcéanna.
Is íce an bhuarachballach má bhaintear a duille go moch sa
bhliain agus a mbruth ar uisce agus a n-ól ar chasachtach agus
ar ghalar na n-aenna; agus má thriomaítear a rúta agus a bhruith
ar uisce is maith é i bhfiabhras agus oibríonn an t-allas.
Binnmhear. Is maith an ceirín a rútaí le hait chrua a threá,
agus fosadh a thabhairt do na pianta a leanann dóibh.
An biolar Muire. Oibríonn sé ar na fuail, agus is maith an
phurgóid do pháistí í féin agus sop sealán lena mbruth ar uisce
liath leamhnachta.
Ach an biolar ite, is íce lena ithe amh, nó an sú a phreasáil as
agus a ól. Leigheasann sé scurbhaí, oibríonn in a fhual agus
osclaíonn stopanna.
34. Is íce an ceis-chrann lena bhruith ar uisce liath leamhnachta,
ar mheath na gcrua-aenna, agus ar an ngalar dá dtugann
siad "an splín"; agus stopann scaoileadh dá ngairtear "na
floscanna bána".
Is maith íciúil an bia an ceathrú chaorach lena húsáid mar bhia
bruite. Coinníonn sí an corp oscailte agus tugann sí fosadh do na
clocha fuail; agus tá a lán dá suáilce sa spinach a bhíos sa gharraí,
ach is gainne é.
Is íce an créachtach a stopas fuil agus a leigheasas an ghoin,
agus a stopas gearrthaíocha, agus is leigheas é ar na huile dhoirteadh
fola taobh amuigh nó istigh lena shú a ól, nó ceirín a
dhéanamh de.
Is luibh ro-choitian an chopóg rua, agus is mór na suáilcí ata.
inti, ach is é an rúta is fearr. Lena bhruth ar uisce leamhnachta,
glanann sí an fhuil agus leigheasann briseadh amach ar an
gcraiceann; agus stadann an pór scaoileadh lena bhruth go
maith ar leamhnacht, agus araile. Tá na suáilcí seo i ngach
copóg rua.
Is íce ró-mhaith an comán mille ar ghalar goile nó cinn. Lena
tharraing nó a bhruith ar uisce, leigheasfaidh sé pianta goile
agus tinneas cinn, agus amhail searbháin eile, is minic a stop se
an crioth.
35. Is luibh gan mórán suime cluas luchóige, cé go bhfuil
suáilcí móra inti. Óir lena bruith ar bhainne leamhnachta agus a
thabhairt don othar go líonmhar lean ól, leigeasfaidh sé na
piles agus doirteadh fola, agus go mór mór an droch-ghalar dá
ngairtear na bána, agus leis an duilliúr a bhrú agus a chur in
áit a shuí, maraíonn sé na piles.
Is luibh an gas searbháin ar a bhfuil aithne ag formhór na
ndaoine, agus atá faoi mheas mór acu, agus is fíor go bhfuil
suáilce mhór ann. Má itear na duilleoga nuair a bhíonn siad
óg, teannann siad an fhuil, agus leigheasann an scurbhaí agus
mórán eile de ghalair a bhíos san fhuil. Agus má thógtar an
rúta friseáilte agus a bhruith ar uisce agus a ól go líonmhar,
oibríonn sé go hiomarcach sna fuail, agus tugann leis clocha
beaga, agus leigheasann clocha fuail, agus fós goropais agus a
lán aicídí eile den sórt sin.
Cruach Phádraig. Is luibh ró-choitian í seo, de bhrí nach
bhfuil taobh dá ngabhann na daoine nach bhfeicfear ag fás go
líonmhar í; agus is mór an bhrí atá inti, óir lena bruith ar uisce,
leigheasann sí doirteadh fola de mhná, gearrthaíocha nó teilgean
fola, fuil na bpiles, nó galair eile den sórt sin; agus má bhrúitear
an pór go maith, agus a ól leigheasfaidh na bána atá chomh
do-leigheasta agus chomh contúirteach do shláinte na mban.
36. Tráchtaim anseo ar an gcartloinn dhearg, luibh ró-choitian
a bhfuil gnás ag formhór na ndaoine uirthi. Is air seo a thugaimid
miontas fiáin, agus níl luibh mórán níos úsáidí sa mhachaire. Is
cóir a choinneáil tirim istigh agus a tharraingt amhail tae, nó
a bhruth agus a ól, agus leigeasfaidh sé pianta goile nó boilg,
agus tugann sé anuas tinneas míosa ar mhná; agus is minic a stad
aon deoch amháin de mí-áilíos boilg, agus fós stadann sé cóch-theilgean
de pháistí le brainse de a cheangail ar a n-imlinn nó ar
chroí a más.
Dúchosach. Is maith í seo fós. Lena bruith ar uisce is íce í ar
chasachtach, agus ar na clocha fuail, agus lena bruith ar leamhnacht
leigheasann sí crioth croí.
Dréimire Muire. Is é bláth na luibhe seo is íce. An bláth
seo a bhruith, agus a ól go súgach, is maith an leigheas é ar na
clocha fuail agus na brúnna a bhíos sna duáin nó i slí an uisce.
Is balsam í in aon slí agus íocshláinte an tslí eile.
Draighean chual. Is iad na hairní is íce de seo, agus is cliste an
phurgóid iad, ach b'éigean nithe éigin te a chóimheascadh leo, ar
eagla gaotha a thógáil, agus pianta boilg a theacht de, ach níl siad
contúirteach.
37. Eabhrán. Is é an rúta is íce de seo. Is cóir a bhruith agus
an sú a ól. Osclaíonn sé gach uile aimhréiteach, agus leigheasfaidh
sé clocha fuail, galar buí, agus tabharfaidh sé anuas an tinneas
míosa, agus íce ar an tinneas beannaithe.
Eidhneán. Má bheirtear air seo agus a bhruith i mblonag
mhuice nó go mbeidh ina ola ghlas, leigheasfaidh sé ceann
carrach, agus maróidh sé an míolta san am céanna.
Adhainn. Luibh ro-choitian, agus is maith an siosan é ar
chasachtach.
Fliodh. Déanann seo ola mhaith lena bhruith i mblonag, le
ait a threá, agus má óltar a shú, leigheasann sé an scurbhaí.
Fearbán. Seo luibh nach ndéanann daoine ná eallach a
húsaid, mar is nimh loiscneach í. Ach an measann duine nach
bhfuil sí ó nádúr chun feidhme éigin chomh maith leis na plandaí
eile? Is é mo mheas-sa nár fhás ní ar bith riamh as an talamh
nach bhfuil riachtanach ar mhodh éigin, agus go bhfuil a suáilce
féin sa luibh seo chomh maith leis an gcuid eile. Níl sí ar a
glacadh an taobh istigh, mar is nimh loiscneach í, agus is é a
suáilce ina ceirín gur gasta a thógfadh sí bloingí na ní ar bith
eile dá bhfuil ag na dochtúirí, ach go bpianann sí níos mó, agus
dá bhrí sin go dtugann fosadh níos gasta uaithi; ionas dá mbeadh
a fhios seo ag leá, go mbeadh a meas ní ba mhó de.
38. Fothlacht. Is maith an luibh í so. Lena bruth ar uisce
agus a sú a ól, fuaraíonn sí an fuail is tugann fosadh do lucht an
ghalair sin.
Fearadh. Is maith an luibh í seo, agus tá suáilce mhór inti.
Lena bruith agus a sú a ól, is leigheas í ar an drochghalar dá
ngairtear na cait bhrád, agus ar iomad d'aicidí den sórt sin.
Cuidíonn sí go maith le leigheas an nimhneacht phéiste agus
glanann sí an fhuil.
Grán tonnóg. Is íce seo ar an ngalar buí, ach is éigean a shú
a ól ar an ceann is lú seacht lá.
Grúnlas. Oibríonn a sú seo suas agus is maith, sábháilte an
phurgóid ghoile í, agus is dea-chabhrach an ceirín í taobh amuigh.
Gairleog. Is i rúta na gairleoige atá a híce. Lena bruith ar
uisce agus an siosan a dhéanamh láidir le mil, níl íce is fearr ag
sean-slaghdán nó seile fola.
Hocas. Is maith an planda é seo. Lena shú a ól, leigheasfaidh
sé na clocha fual; agus lena úsáid mar cheirín ar ait, scaipfidh
sé iad i ngearr-aimsir.
Lus na lao. Is maith an luibh siosain ar chasachtach í seo,
agus tugann fortacht mhór do lucht giorra anála.
Lus. Déanann an lus ionad na gairleoige ina shiosan, agus is
fusa go mór a úsáid, de bhrí go bhfuil an ghairleog ró-láidir ag
goile mórán daoine, agus gur fearr a thig leo an lus a chaitheamh.
39. Mille-riúgail. Ag seo planda chomh feidhmiúil agus atá
sa mhachaire, cé nach bhfuil leath-eolas ag na daoine ar a
shuáilce. Agus tá a bhrí uile ina rúta agus ina phór. Is cóir a
bhruith in uisce agus a ól go líonmhar. Oibríonn sé go súgach
in a mhún, agus leigheasfaidh sé goropuis uaidh féin, agus mar an
gcéanna na clocha fuail; agus an té a bheadh ina mhairtíneach le
caitheamh piollairí nimhe ar dhroch-ghalair, ghlanfadh sé as a
chuid fola iad; ach gur úr is fearr an rúta, ach seasfaidh an pór ó
bhliain go bliain, agus déanann áit an rúta nuair nach mbíonn
sé le fáil.
Neamhnaid. Is í seo an luibh cheangail is fearr sa mhachaire,
ach is é an rúta is fearr, agus is cóir seo a thriomú ar dtús agus
púdar a dhéanamh de, agus a chur ar dheoch don othar; sin nó a
bhruith go maith in uisce liath leamhnachta, agus a thabhairt le
n-ól don othar. Oibríonn go héadrom na hallais, agus ceanglóidh
sé agus triomóidh sé san am céanna, agus leigheasfaidh sé doirteadh
fola nó gearrthaíocha, agus is ró-mhaith é i bhfiabhras a
bhíos tugtha do scaoileadh nó do theilgean, agus don bhruitíneach.
Nuair a ghlacas an t-othar scaoileadh, ceanglaíonn agus tugann
chun allais ar aon bhall, agus cuireann an aicíd amach ón gcroí.
40. Neantóg. Ró-mhaith an íocshláinte an luibh seo, agus is
mór na suáilcí atá inti. Óir, lena bruith agus a hithe mar bhia,
glanfaidh agus sciúrfaidh sí an goile agus an chuid eile de na
hinní, i gcruth, an té a ghlacfadh trí phroinn di san earrach, go
mbeadh a shláinte ní b'fhearr ar feadh na bliana. Agus tá
buanna móra sa rúta mar an gcéanna, óir lena bhruith ar uisce
agus a ól, oibríonn sé go hiomarcach ina fhual agus leigheasfaidh
an galar buí nó doirteadh fola, etc.
Raithneach chrua fhireann. Deir daoine má bhrúitear a rúta
agus a bhruith ar bhainne, go leigheasfaidh sé tinneas na n-aenna
a bhíos ar pháistí.
Ach an raithneach bhaineann, is dearfa, dá bhfáisctí a rúta,
agus a shú a ól ar ghoile folamh, nach bhfuil ní ar bith eile chomh
maith chun scriosta na cóimheasc-phéiste dá ngairtear sa Bhéarla
"tape-worm".
Is íce shuáilceach ros lín, agus is mór na leighis atá ann, óir
lena bhruith agus a shú a ól mar dheoch, leigheasfaidh sé casachtach
agus glanfaidh an fhuil agus beathóidh í san am céanna,
agus níl ní ar bith eile níos fearr chun an t-angadh a bhaint as
loscadh nó scalladh ná ros bruite, ach a choinneáil leis go líonmhar.
41. Samhadh. Is luibh ró-choitian í seo, agus tá sí íciúil ina
lán de chásanna. Lena sú a ól ina dheochanna ar feadh tamaill,
deánann sí an fhuil milis agus leigheasann an scurbhaí, ach
gurb éigean a cleachtadh an taobh amuigh fós, agus le linn
seo a dhéanamh gan biotáillí ar bith a ól; agus maróidh ceithre
cheirín an galar sa chraiceann. Agus tá na suáilcí céanna sa
tseamsóg, agus is í is fearr mar cheirín, ach is fearr an samhadh
lena ól.
Sailchuach. Níl ní ar bith le fáil le fuil a chosc, nó goin a
leigheas inchurtha leis an luibh seo. Óir dá mbeadh créacht
nó goin dá mhéid - cuirim i gcás go mbeadh cuisle gearrtha -
stopfadh ceirín den tsailchuach an fhuil, agus leigheasfadh an
reang i mbeagán aimsire. Ach is úr is fearr í, mar cailleann sí
mórán dá brí sa triomú.
Sop sealán. Is luibh mhaith í seo, agus is maith an phurgóid
í féin agus biolar Muire - a mbruith le chéile ar uisce liath leamhnachta,
agus a thabhairt do pháistí ar cheangal cléibh. Scaoileann
agus osclaíonn siad an cliabhlach agus na hinní, agus tugann
fosadh don othar san am a bhíos i láthair.
Slánlus. Is maith an luibh í seo ar leigheas créachtaí, agus
ní lú a suáilce mar phurgóid. Scaoileann sí na hinní, agus
fuaraíonn an corp agus is annamh searbhán chomh maith léi,
agus tá mórán eile de shuáilcí inti nach bhfuil anseo.
42. Sian. Luibh choitian eile atá ró-bhríomhar, agus a leigheasas
iomad galar. Má bhaintear sa séasúr é agus a bhruith ar
an mbeoir is fearr, agus a thabhairt mar phurgóid do dhaoine a
bhíos acmhainneach nó láidir ina lionnta, oibríonn sé síos agus
suas go han-mheasartha agus leigheasfaidh pianta tadhlacha,
goropais, galar buí, nó mórán eile de na haicídí stubranta sin,
ach ní fhóirfeadh sé ar dhaoine éidreoireacha.
Tím. Luibh choitian eile atá íciúil ina lán de chásanna. Lena
scalladh amhail tae, agus a hól, leigheasfaidh sé cúngach cléibh
agus seile fola, agus creathanna baill etc. Agus is di a dhéantaí
an ola dá ngairtear an t-oragán.
Tím Shléibhe. Is í seo an leigheas is fearr ar na creathanna
baill dá bhfuil sa domhan lena húsáid mar thae; agus leigheasfaidh
sí an tromthámh cé go dtugann sé dúshlán na ndochtúirí,
agus a lán aicídí den sórt sin.
Teanga ghé. Is maith í seo ar na clocha fuail agus is maith
an luibh chúnta í ina lán de nithe eile.
Lus na bhFranc. Tá aithne ag formhór gach bean tí air seo,
agus is maith an luibh oscailte í; agus má dhéantar purgóid
phéisteanna de na bláthanna arna gcóimheascadh le triacla agus
a thabhairt do pháistí ar céadlongadh, scriosfaidh sé na péisteanna
go follas.
43. AN DUAN
Nach mór na tíolachtaí a fuair sí, an úir -
Le luibhe cumhra, measa is bláth;
Torthaí milse ar chranna, dlúth,
Plandaí is rútaí, an beathú cách!
Thig sin uaithi gach uile shórt,
Dá mbíonn an bhord ag toicí is rí -
Deocha milse, fíonta is beoir,
Arán, feoil is gach maitheas bia.
Dá clann do-bheir as sin, gan gó,
Is don uile bheo faoi neamh na ndúl,
Sult a chléibh de oíche is de ló,
Ag coinneáil cró uabh ar shiúl.
Ar son an duine thug gach íce
Dá raibh ina chroí le 'dhéanamh slán,
Ó ghonta nimhneach' an tsean-bhíobha,
Is ó gach díth dar lean síol Ádhaimh.
Ach mar chuaigh orthu leis an aois -
Ós leis a chríonas meas gach bláth' -
Thug sí fortacht dóibh ar fad a saoil,
Is talamh saor, tráth thig an bás.
AN CEATHRÚ CAIBIDIL.
44. Tá an uile ní dá bhfeicimid, dorcha do na céadfaí ar chóir
éigin. Má dhearcann duine ar chrann sa gheimhreadh nuair a
bhíos a ghéaga scoite agus a chraiceann tirim, agus a theacht
ina dhiaidh sin i Mí Mheáin an tSamhraidh, agus féachaint ar an
gcrann céanna nuair a scinneas sult a fhréamhacha, cad é an
chiall a thig leis a bhaint as, nó as ní ar bith eile dá bhfásann ó
nádúr as an talamh, ach go bhfeiceann tú go soiléir ó shéasúr go
séasúr nithe nua ag cur aghaidh úr ar an talamh, agus gan a
fhios agat cá as a dtagann siad, nó cén áit a dtéann siad. Agus
mar an gcéanna, go bhfuil suáilcí éagsúla go folaitheach i ngach
aon ní díobh seo, ionas nach féidir le céadfaí duine, oiread le
tuathléirse a fháil ó nádúr ar na nithe seo, ach, mar dhamh i
gceo, ag breathnú agus ag smaoineamh, agus go minic ag tionscailt
ina intinn, céard é is údar do nithe chomh hiontach rúndiamhrach
leis an coitiain atá de ghnáth ina thimpeall ar gach taobh. Agus
b'fhéidir tar éis duine a bheith beo ceithre scór bliain, go bhfaighidh
sé bás nach mbeadh pioc ní ba chríonna ar na nithe seo.
45. Mar an gcéanna, má dhearcann tú ar nádúr an eallaigh, is
ní doiléir duit a nginiúint agus a bhfás, agus cad é is ciall do na
séasúir iomchuí atá ag gach ní díobh. Tá a shéasúr féin ag gach
sórt eallaigh agus éisc, éanlaithe, earca agus cearnamáin, de
réir na cáilíochta a bhfuil siad de; agus ó nádúr atá gach aon
cháilíocht, agus is é an talamh is údar don nádúr.
Is é tús an tsamhraidh is mó giniúint agus fás, agus is ní
gnách gur i mí Aibreáin nó Bealtaine is mó a ghintear óga na
talún, agus is é is aimsir iomchuí do na capaill a bheith faoi
eachmairt, agus bíonn bliain le hóg; agus i ráithe an tsamhraidh
is mo a bhíos na ba faoi dháir, agus fós an uile shórt éanlaithe agus
earca agus gach ní eile dá dtugann an talamh uaithi, is é an
samhradh is aimsir fáis agus bisigh dóibh. Ach amhail agus atá
cáilíochtaí éagsúla sa talamh is máthair dóibh seo uile, is mar sin
do gach ní dár tháinig uaithi. Níl go fiú an eallaigh nach bhfaighidh
tú cuid díobh níos sómasaí agus cuid níos rachmasaí; cuid
níos mó, agus cuid níos lú; cuid níos sciamhaí, agus cuid níos
mí-sciamhaí; ar ghléas go mb'fhéidir nach bhfaighfeá dias ón
máthair amháin ar aonmhéid, ar aondéanamh, ná ar aoncháilíocht;
agus ní thuigimid cad é is ciall dó seo.
46. ach amháin go dtuigimid a n-úsáid, agus cad é mar théann
siad chun sochair dúinn féin, agus fós go dtionsclaíonn daoine
bearta chun bisiú agus méadú orthu le saothar agus le griongal.
Óir na nithe a thagas ó nádúr, ní bhíonn chomh blasta ná chomh
líonmhar leis na nithe a dhéantar a ghiollaíocht. Óir na measanna
a thagas ó nádúr - más measanna crann nó torthaí talmhaí a
bhíos iontu - athraítear a mblas agus meadaítear a dtoradh le
beart an tsíoladóra, i gcruth go dtugann luach a shaothair dó,
amhail agus go mbeadh sé de dhual orthu.
Is fios do gach duine go bhfuil seo mar seo, ach níl a fhios acu
cad é is ciall dó, ach go gcreideann siad gurb é Dia a dhéanas an
t-iomlán, agus is maith an bharúil dóibh é, óir gan amhras is de
rúndiamhra Dé é. Agus tá mórán díobh sa nádúr, de bhrí nach
bhfuil ní dá ndearcaimid air, bíodh gur cloch nó crann, féar nó
luibh, nó ní ar bith eile dar fhás, nó dá dtugann an talamh uaidh,
nach bhfuil an iomad de cháilíochtaí folaithe iontu nach fios don
duine, agus nach mbíonn a bhfios aige go brách. Ach mar sin
féin, is cóir dó a dhícheall a dhéanamh de réir na dtíolacthaí a
fuair sé, agus is móide a bheas eolas aige ar nithe dorcha dochuimseacha.
47. Agus is mór an t-ionadh leis na daoine má fheiceann siad
nithe neamhghnácha, bíodh gur éanlaith nó eallach nó ní ar bith
eile de thoradh tailte coimhthíocha i gcruth go dtaispeánann
go soiléir nach bhfuil tuiscint an duine ach anbhann, agus gur
duine as an gcéad, nó as na míle a thugas faoi deara go bhfuil na
buanna agus na cumhachtaí seo sa chré "mharbh" - mar a
shíleann siadsan. Ach má dhearcann siad don taobh eile ar na
cumhachtaí is údar don nádúr uile, feicfidh siad nár chruthaigh
Dia ní ar bith nar roinn leo ní éigin dá chumhachtaí féin. Ar
ghléas gur fíor an focal gurb é Dia a dhéanas gach ní dá raibh, dá
bhfuil agus dá mbeidh - cé gurbh é barúil fealsúna falsa an
tsean-reachta gurbh í an nádúr féin Dia, agus amhail agus mar
bhí na cáilíochtaí éagsúla inti, go raibh déithe éagsúla mar an
gcéanna. Ach is é ba réasún dó sin, mar ba iad na chéad torthaí
iad, agus go raibh a gcéadfaí de réir agus mar tháinig siad ó
nádúr.
Tuig, a léitheoir, go raibh an saol ceithre lá i ndorchadas tar
éis a chruthaithe, agus go rúndiamhrach gurb ionann sin agus
ceithre mhíle bliain den aimsir shaolta.
48. Ach mar a bhí i dtús an chruthaithe, is mar a bhíonn i
dtosach gach ré, bíonn gach ní ina óige bog, maoth, anbhann,
bíodh gur ó na hamhais is mó go dtí na hearca is lú, daoine
agus eallach, éisc agus cearnamáin, éanlaith agus loscáin, agus
mar an gcéanna gach uile ní dá dtugann an talamh nó an fharraige
uathu, i gcruth gur lena n-aois a thagas a bhfás agus a misneach,
bíodh gur buan nó neamhbhuan dóibh. Agus tá a n-aimsir
chinnte cóimheasctha agus síolraithe ag gach dúil mhara agus
aimsir an toirchis, ó thrí bliana go lá go n-oíche - ar ghléas gur
síolmhaire na coirp éidreoracha míle uair ná na coirp is tréine,
agus nach bhfuil ó laghad na cineálacha nach móide a síolrú;
agus nach móide an síolrú nach lúide an fás, ar son gur ón máthair
amháin iad uile ó thús, agus go bhfuil sí níos mó na a clann uile,
mar atá, an talamh. Seo rúndiamhair eile nach dtig le gliceas
daonna a chuardach ná a dhéanamh amach. Ach tá gach ní
díobh seo arna n-ordú ó eagna fholaithe Dé, i gcruth gur leis
féin amháin a bhfoilsiú do dhaoine trína theachtairí spioradálta.
49. Amhail agus atá cáilíochtaí éagsúla sa talamh agus sna
huiscí, is mar sin atá nádúr ar leith i ngach ní dá dtugann siad
uathu, ionas go bhfuil naimhdeas idir na ginte a thugas an dá
mháthair-chlann líonmhara seo uathu. Agus tá cáilíocht amhstranta
i móran de na ginte seo.
Is é fáth go ngairtear amhais d'ollbheithígh agus d'olléisc
agus d'olléanlaith agus d'ollphéisteanna, mar tagann siad suas
ar fheoil amh. Óir is ionann "amh" agus "gan bhruith" agus
"-ais" agus "itheas", agus tá cáil den nádúr seo i ngach ní
brúidiúil dá maireann, go fiú an chearnamáin is táirí sa saol.
Is iad rí-amhais na talún an leon agus an mactíre agus mórán
eile, agus rí-amhais na mara an míol mór, agus an ollphéist dá
ngairtear athair nimhe na bóchna, agus rí-amhais na n-éan an
t-iolar is an bhadhbh, agus rí-amhais na gcearnamán an daol
agus an dubhán alla; agus cé go bhfuil na mílte amhas lasmuigh
díobh seo, is iad is mó a dhéanas foghail ar a gcomharsana ar
muir agus ar tír, agus dá bhrí sin bíonn a n-uamhan ar an slua,
amhail agus go dteagascfadh an nádúr féin dá ginealach gach
aon cháilíocht chíocrach atá sna gallamhais chraosacha seo atá
chun a scriosta.
50. Tá nithe folaitheacha, do-chuimseacha sa tuiscint seo a
thagas ó nádúr lena mbreathnaíonn éanlaith agus eallach, iasc,
earc agus cearnamán, idir a gcairde agus a naimhde; agus nach
bhfuil ní díobh seo gan scith éigin chun a shábhála. Tá siad i
gcáil níos luaithe nó níos glice ná an namhaid, ionas go sílfeadh
duine go bhfuil siad arna stiúradh ó nádúr chun bua a bhreith ar
gach ócáid dá mbeadh ina gcionn. Agus ní thuigeann an duine,
ó mhéid a intleacht, cad é is ciall do na tíolacthaí seo a thugas an
nádúr dá clann éigiallda, cé go bhfuil ó bhliain go bliain follas
dá shúile féin - ach amháin go gcreidimid go bhfuil na nithe seo
arna gcló-athrú ar bhrollach an nádúir le méar chumhachtach,
do-chríochnaithe, do-chuimseach Dé, agus nach bhfuil ní ar bith
nach n-éadaíonn a mhór chumhacht agus a eagna do-chríochnaithe
i bhfianaise an duine easumhail.
Ach an méid de na hearca seo a bhíos i seilbh an duine, ní
bhíonn siad chomh heolaí leis an gcuid a chónaíos i measc namhad;
nó tugann an nádúr sciath shábhálta dóibh mar a thugas sí do
na créatúir eile, de bhrí go bhfuil an duine ina sciath dhídine
dóibh, agus go ndéanann faire agus reagaireacht os a gcionn á
gcoimeád agus á gcumhdach.
51. Agus tá a shéasúr iomchuí ag gach ní díobh seo lena
ngintear a n-aos óg, ach ní hionann an séasúr a bhíos ag na nithe
talmhaí agus ag na nithe a ghintear san uisce. Óir amhail mar a
thugas an úir a toradh uaithi sa samhradh, is mar sin do gach
ní dá dtugann sí uaithi, agus dá dhroim sin, is le linn an tsamhraidh
a thugas formhór gach ní talmhaí a nginiúintí i dtír; ionas
gur le linn an earraigh agus an tsamhraidh a thagas gach rathúnas
ar an talamh agus ar a clann.
Feictear faoin am seo den bhliain na héanlaithe ag dul le
chéile agus ag neadú, agus mar an gcéanna an t-eallach brúidiúil
ag tabhairt a dtoraidh agus ag cóimheascadh, na capaill faoi
eachmairt agus na ba faoi dháir, caoirigh agus gabhair ag teacht
faoi reith tar éis a gclann óg a bheathú sa séasúr céanna. Agus
ar son nach bhfuil riail ar bith iomlán, agus ar son gurb é seo
cás gach créatúir fhiata thalmhaí, idir eallach, éanlaith, earca
agus cearnamáin, ina dhiaidh seo is uile, briseann earca agus
éanlaith tí ar an riail seo, de bhrí go dtógann siad dhá ál sa
bhliain, agus cuid dóibh trí ál, mar coinnítear níos téagartha
agus níos compordaí iad ná an bunadh fiáin; ionas go neartaíonn
beart an duine cúrsa an nádúir féin.
52. Ach in ainneoin gach birt agus glicis dá bhfuil sa duine,
buann an nádúr, i gcruth gur beag nach san earrach a bhíos gach
ní ina staid shíolmhar dá dtugann an talamh uaithi, is a bhíos
na héanlaithe baile - cearca agus lachain, ag breith go líonmhar,
francacha agus géanna ag cur goir, conairt ag adhaltranas, cait
faoi shaothrú ?, agus péisteanna snámha na talún ag snadhmadh
agus ag scinneadh a síl, amhail agus go mbeadh céadfaí nádúrtha
á dteagasc ar nós gach síoladóra eile a bhíos ag fáil réidh faoi
chomhair aimsir an fháis. Ar ghléas gurb é an t-earrach agus an
samhradh am síolchuir agus fáis na talún, amhail agus is é an
fómhar agus an geimhreadh is am síolraithe agus fáis na mara.
San fhómhar is ea a ghlacas iasc na mara mian cóimheasctha,
agus téann siad le fearga agus banda, agus ó Fhéile Mhíchíl go
Nollaig is é a n-am iomchuí le sceitheadh. Agus dá bhrí sin
fágann siad an duibheagán agus tagann siad isteach don uisce
éadomhain san áit nach mbíonn contúirt na n-iasc amhstranta
orthu, agus cóimheascann ansin a láib agus a bpis le chéile,
agus fágann folaithe faoin ngaineamh nó go dtagann am don
síol beochan - is é sin, sa Mhárta nó i dtús an Aibreáin, agus
tagann na sean-éisc ansin agus tugann na samhracháin leo go
hionad leataobhach,
53. an áit nach mbíonn taithí na mion-iasc, mar is iad is mó
a scriosas na samhracháin. Is mar sin a dhéanas mórán de na
héisc choitiana. Ach tá éisc eile nach bhfuil den cháilíocht seo.
Tá siad amhstranta nó loscánta; déanann cóimheascadh ar nós
corp talmhaí. Is díobh seo míolta móra, rónta agus muca mara,
agus mórán eile den sórt sin. Ach is iad na mion-éisc is mó a
dhéanas daoine a úsáid, mar measann siad iad a bheith glan.
Ach ag seo an rúndiamhair. Cad é is ciall do ghiniúint mara
agus tíre a bheith bun os cionn le chéile mar seo - gurb é an
geimhreadh is am síolraithe don mhuir, agus an samhradh don
tír? Is é a fheictear domsa anseo, gur corp banda an mhuir,
agus go bhfuil faoi stiúradh na ré; agus mar a thagas an ghrian
ina neart sa lá fada, go dtagann an ghealach ina neart san oíche
fhada, agus dá bhrí sin go neartaíonn miangas gach a bhfuil
faoina stiúradh, amhail agus mar a thógas an ghrian meanma
gach a bhfuil faoina cumhacht féin ar an talamh. Óir is ní
deimhin gur miangas is údar don ghiniúint, mar is uaidh a thagas
an cóimheascadh, agus nach ngintear fuil is feoil gan é.
Ach tá nithe eile ar ar mian liom trácht, cad iad na buanna
atá ó nádúr ag coirp seachas a chéile ...
54. Thug údar síoraí cumhacht don nádúr roinnt lena clann
de réir a tola féin, agus is mar seo a roinneann sí leo. Tugann
sí neart agus brí do chuid díobh, méid agus maise do chuid,
lúth agus tapa do chuid, beart agus glice do chuid, agus ciall agus
griongal do chuid, ceol agus binneas do chuid, etc.; ach níl
máthair ná athair sa domhan is dlisteanaí a roinn a saibhreas ar a
gclann ná mar roinn an nádúr lena clann féin, de bhrí gur thug sí
bua do gach ní dar gineadh uaithi air a thuillfeadh meas dó
óna chomharsana.
Don each thug sí neart agus lúth, ionas go dtuillfeadh meas
agus ómós ón duine; don bhó thug sí lacht agus feoil bhlasta
chun muirn a ghnóthú di; fuair an chaora olann etc.; gach, bua
éigin os cionn nithe eile. Feicimid i slua na n-éan mar nar thug
sí ach ...... do gach cineál de na héanlaithe atá urrúnta.
Tá bua mór ag na mion-éanlaith os a gcionn, mar atá, bua an
cheoil agus loinneacht - i gcruth, nuair a thagas sóúlacht aimsire
agus a imíos an dúlacht, go n-éiríonn meanma na gcreatúr
dearóil seo, agus go gcuireann sólás lena gceol ar dhaoine, ionas
go dtarraingíonn spéis agus taitneamh uathu.
55. Níl ní ar bith dá dtagann ón nádúr gan cáilíocht ar leith,
bíodh gur duine nó beithíoch, luibh, adhmad nó eisfheoil é; ach
cad é a chiall seo, níl a fhios ag na daoine, cé go bhfeiceann go
laethúil os comhúir a súl é. Ní feasach mise an bhfaca mé féin
riamh dias den chineál amháin ar aon cháilíocht, agus is dá
dhroim sin nach ionann blas, boladh ná intinn a bhíos ag dias de
chlann lánúine. Cuirim i gcás go mbeadh dáréag clainne ag
duine, agus go gcuirfeá ceist ar gach aon díobh céard é an cheird
ba mhian leis a fhoghlaim, ní bhfaighfeá beirt acu d'aon intinn
amháin. Agus is mar sin a roinn an nádúr a tíolachtaí lena
clann, ionas nach ionann mianach do dhias díobh.
Mar an gcéanna, más bean a bhíos dias deartháir ag pósadh,
ní hionann an sciamh a shásaíos iad, mar nach ionann súile a
fuair siad ó nádúr; agus is mar sin do gach ní eile dá bhfasann
ón talamh, ní hionann na tíolachtaí a thugtar dó ón máthair
fhial seo a roinneas chomh folcmhar sin lena clann. Teagascann
an ní seo do dhuine gur chóir dó a spré a roinnt go cothrom,
agus gan mórán a thabhairt d'aon de bharr ar chách eile, óir is
le neart a hionracais a roinneas an nádúr a tíolacthaí ar an modh
seo le gach ní dá dtagann uaithi.
56. Ach mar sin féin leanann lorg a chéile ina slite eile. Cuirim
i gcás go mbeadh caora dhubh ag duine, agus go reithfí í le
reithín bán, agus go mbeadh uan bán aici, agus go mbeadh
mar sin ar feadh seacht ndíne, na ginealaigh bán, ina dhiaidh
seo uile, tiocfaidh uan dubh ar a shliocht, ionas go mbreacfaidh
sé an tréad agus go n-athróidh an cineál.
Agus is mar sin do dhaoine agus d'eallach, athraíonn na
ginealaigh ionas go n-imíonn an sean-stoc faoi seach, agus tar
éis aimsire áirithe, agus tar éis atha agus aimsire go dtiontaíonn
chun a bheith amhail is mar bhí siad ó thús. Sin cáil de chúrsa
an nádúir.
Tá slí eile ina dtugann beart an duine athrach sna ginealaigh i
measc an eallaigh, mar atá, ag síolrú idir asail agus capaill.
Fuarthas an beart seo amach ar dtús le hógánach darbh ainm
Ana i bhfásach thír Iúdaí, agus lean na daoine dó, mar bhí sé
sochrach; óir níl eallach ar bith is cruálaí agus is buaine i dtreis
ná na miúileanna. Is cosúil go bhfuil sé go mór in aghaidh
nádúir, ar an ábhar nach dtugann sí síol dóibh iontu féin, cé
go mbíonn clann ag ginealaigh chrosanta eile, idir éanlaith agus
eallach.
AN CÚIGIÚ CAIBIDIL
AR ADHMAD ÉIREANN, etc.
57. Is é an daróg rí-adhmad an oileáin seo, agus fásann agus
maireann i staid níos faide ná adhmad ar bith eile dá dtagann
anseo. Deir na sinsir go mbíonn "míle bliain ag fás, míle bliain
i staid, míle bliain ar lár, agus míle bliain de bharr go mbainfí
clár donn daraí as a lár," etc. Cibé atá seo ceart nó nach bhfuil,
is fíor gan amhras go bhfuil sé ró-úsáideach don duine ar muir
agus ar tír, agus go bhfuil níos seasmhaí agus níos marthanaí
ná aon adhmad dá bhfásann inár meascna; agus lasmuigh de
seo, go bhfuil suáilcí móra ina choirt. Ar dtús, is é an gléas is
fearr chun leasaithe leathair dá bhfuil againne; agus níl sórt ar
bith íce chomh ceangailteach leis, agus lena bhruith ar uisce
agus an tócht a leagan suas sa chorp, leigheasfaidh sé na parain
agus go leor nach dtráchtaim.
Is í an fhuinseog is mó atá i gcéim ag na scológa, de bhrí gurb
í is fearr chun an uile uirlise dá bhfónann ar a ngnóthaí féin.
Níl adhmad ar talamh is réidhe ina ghráinne ná í, agus dá bhrí
sin is di a dhéantar na criathair agus na scaigneoirí, agus fós
fonsaí; agus is uaidh sin a ghair sinsir "fuinseog" di ar dtús; agus
tá suáilce íciúil mar an gcéanna inti a leigheasas iomaí aicíd
agus taogal.
58. Is maith an leigheas ar ghoropais, ar ghalar buí nó aicíd
na gcrua-aenna nó galair a thagas ó na hábhair sin, an choirt a
bhíos ar na beagáin óga fhuinseoige - a mbruith agus an sú a
thabhairt don othar. Lena ól, oibríonn sé ina fhual agus leigheasann
an galair san am céanna.
Fearnóg: adhmad eile atá líonmhar agus dá ndéanann na mná
úsáid ag déanamh dath dubh, ach níl mise tréitheach ar a úsáid
ná ar a shuáilce, ach amháin go bhfásann sé ina chrainn mhóra,
agus gur de cháilíocht an logvóid é a thagas ó thíortha eile.
Iúr. Tá an t-adhmad seo ina sheanleanbhán tí in Éirinn,
agus is mór an chéim a bhfuil sé ann, ar son a mhaitheasa.
Rinne sé ionad mahagaine sa tír seo go tráth gabháltais gall. Tá
sé buanseasmhach agus glacann sníomh go ró-thaitneamhach,
ionas go bhfuil sé faoi mheas mór; ach ó tháinig adhmad ó
thíortha coimhthíocha, is beag anois a dhéantar a úsáid.
Giúis. Is iomaí cineál den adhmad seo a fhásas, ach go mór
mor, tá an ghiuis Ghaelach a thráchtar anseo, le fáil i mórán
d'áiteanna, agus fásann sé ina chrainn arda eascartha, gan
mórán géag ach an méid a bhíos ina bharr, agus is ina bharr is
gnáth leis an corra éisc a neadacha a dhéanamh agus a n-ál a
leagan.
59. Sleamhán. Is adhmad úsáideach é seo agus díolann go
maith. Tá sé crua, agus a ghráinne ionas go bhfónann sé go
maith le stoic nó nábhaí le spócaí a chur ann. Agus tá suáilce
chun neartaithe ina chraiceann. Is maith an ceirín craiceann
sleamháin, lena chur ar chnámh leonta. Lena bhruith ar mhún
stálaithe agus a cheangal air, neartaíonn sé na féitheacha go mór.
Tá iomad d'adhmaid eile nach bhfuil fios ar a suáilcí, mar
atá: - coll, cuileann, creathach, caorthann, beith, abhaill,
daimsín, piorraí, plumaí, silíní, etc.; ach tá a lán eile de
mhionadhmaid a fhásas ina gcriocháin, agus is iontu seo is mó atá
suáilce - dála gach ní dar thug an nádúr uaithi, gur leis na nithe
is míofaire a roinn sí na suáilcí is mó, agus dá bhrí sin gur sna
criocháin seo atá an íce le fáil.
An sceach. Má chruinnítear na caora agus an bláth, is maith
an leigheas iad ar na clocha fual agus ar ghoile etc.
An draighneán dubh. Má chruinnítear na hairní sula mbeidh
siad iomlán aibí, agus a mbruith nó go réabfaidh siad, agus a
gcur suas i gcrocán cré, seasfaidh siad bliain iomlán, agus níl
leigheas ar na gearrtha-íocha chomh maith leo, le lán spúnóige
a thabhairt don othar gach ceathrú uaire nó go gcoiscfeadh an
aicíd.
60. Draighean cual. Fásann seo i measc na gcriochán, agus
bíonn airní air amhail an draighean eile. Má bhruitear sú na
n-airní seo ar uisce siúcra, is maith an phurgóid í do dhaoine a
bhíos ceangailte ina gcorp. Mar sin, ba chóir ginger a chur air,
mar is gnáth leis oibriú go péistearáilte agus an t-othar a leagan.
Creathach. Is adhmad gan mórán úsáide é seo, ach amháin go
ndéanann sé scáth, agus bíonn sé cinnte ar crith, agus is uaidh
sin a ghairtear creathach de.
Saileog. Is iomaí den chineál adhmaid seo in Éirinn, agus is
adhmad ró-úsáideach é, óir déantar cliabháin agus bascaeid de,
agus cliabhóga. Is é is réidhe a shníomhas de gach sórt adhmaid;
ach ní fios domsa suáilce íciúil a bheith in aon den na cineálacha
seo, ach sa tsaileog bhán, agus sin sa choirt a bhíos ar na géaga.
Le púdar a dhéanamh de, leigheasfaidh sé cóch-theilgean nó
scaoileadh, agus triomóidh sé doirteadh fola i mná; agus is
leathdhram de is cóir a thabhairt don othar ar aon bhall, ar
mheadhg nó ar uisce. Is í an tsaileog bhán a fhásas ina chrainn
in áiteanna taise nó i mboglaigh.
61. Caorthann. Is adhmad ró-líonmhar é seo, agus fásann go
hairde mhór, agus tugann toradh de chaora dearga agus is
righin buanseasmhach an t-adhmad é, agus tá faoi mheas mór
ag daoine faoin mbua a shíleas siad a bheith air - agus leanann
seo dó ó aimsir Thuatha Dé Danann - is é sin go bhfuil bua air
in aghaidh draíochta. Tá seo á lua ó dhíne go díne ó aimsire na
bpágánach, ionas go síleann lucht na tuaithe gur sciath é in
aghaidh gach sórt asarlaíochta.
Dreasóg. Níl sna criocháin adhmad chomh coitianta léi seo,
ach níl sí gan a húsáid féin, óir ní thig le lucht ciseán nó scuab
teacht gan í; fónann sí mar fhál mar an gcéanna. Agus níl sí
gan a suáilce chun íce, de bhrí nár fhás luibh sa mhachaire is mó
a thriomaíos fliuchnach san fhuil ná í, ionas le púdar a dhéanamh
de na duillí, agus a chur ar bhriseadh amach agus ar scalladh a
leanas do pháistí; agus is feasach mise go leigheasfaidh sé
scaoileadh lena bhruith ar leamhnacht.
Fáirdhris. Is air seo a thagas na muc-chaora, ach is adhmad
gan mórán tairbhe í, ach in áiteanna go ndéantar fonsaí do
sháithí beaga di.
Gruam. Tagann an t-adhmad seo ar na claíocha cois na
dtithe, agus is beag úsáid a dhéantar de, ach go ndéanann cuid
de na daoine scuaba de.
62. Ach mar sin féin, níl sí gan a suáilce, de bhrí má bhruitear,
agus a sult a chóimheascadh le beoir, go n-oibríonn sé ina fhual
agus go leigheasann goropais agus galar buí, agus osclaíonn sé
na haenna san am céanna. Nó má loisctear é, agus a luaithreach
a chur ar fhíon bán, oibróidh sé dúbalta ar na fuail. Ach is
fearr a leigheasas an chéad dóigh an t-othar.
Tromán. Is adhmad ró-choitianta seo, agus fásann go sultmhar,
agus is beag an úsáid a dhéantar de féin, óir tá sé cnapach,
brománta, briosc, agus lán dé laíon taobh istigh, tromcheannach
agus folamh, le pór dubh. Ach níl seo gan a shuáilce, óir is
ró-neartmhar an phurgóid an forchraiceann a bhíos taobh istigh
in aice an adhmaid. Le húnsa de a bhruith ar chárt uisce,
leigheasfaidh galar buí, nó goropais nó mórán eile de thinnis
stubranta, ach nach mór spíosra éigin a chur leis ar eagla é
oibriú ró-mhór.
Má bhruitear ceiriocháin dubha nó go leáfaidh siad ar an
uisce, is maith an leigheas ar scornach fhrithir iad, agus mairfidh
i bhfad sa staid sin.
Is mór na suáilcí atá san eidhneán. Glanfaidh agus leigheasfaidh
sú na nduilleog cinn pháistí ó mhíolta agus briseadh amach;
agus purgóid shábháilte na caora a leigheasas gach sórt pianta
lena nglacadh ar uisce.
63. Sin agat anois, a léitheoir, agus amharc isteach go grinn
griongalach, agus breathnaigh i do chéadfaí féin céard is ciall
do na nithe seo atá chomh do-thuigthe, dorcha, agus chomh
diamhair d'intleacht an duine, agus ar ndóigh, tabharfaidh tú
isteach nach ní ar bith eile ach eagna agus cumhacht, agus
mórgacht diamhair do-chríochnaithe éigin lenarbh fhéidir a
leithéidí seo a shamhlú.
An uair a fheiceas tú go soiléir gurb iad na nithe is lú agus is
trua na nithe is mó biseach agus bua, tabhair faoi deara cad é
mar théas sé chun sochair don duine na nithe seo a bheith mar
atá siad, agus is é is léir duit, dá mbeadh na tíolacthaí céanna
atá ag na mionchoirp ag na mórchoirp, nach rachadh sé chun
sochair ach do dhaoine móra, ar an ábhar, na crainn mhóra, agus
an t-eallach mór, agus gach ní mór eile, is ag na daoine móra
atá siad, agus dá mba iontu seo de na suáilcí, ní bhfaigheadh
daoine trua a lámh go dtí iad. Ach bhí a fhios seo ag an té a
d'ordaigh gach ní díobh, agus theagasc sé don talamh - ó ba í
ba mháthair mhór don iomlán - cad é mar chóir di roinnt lena
clann, ar ghléas gurbh fhéidir leo a theacht i dtír gan conspóid,
gan tnúth le chéile. Óir má dhéanann nithe pearsanta uaill
as a méid nó as a maise, ní bhíonn tnúth ag nithe beaga leo,
nuair a fheiceas siad gach bua dá bhfuair siad féin ó nádúr.
64. Agus dá bhrí sin, roinn an nádúr mar seo leo ionas go
mbeadh an bocht agus an saibhir sásta.
Is mo muirn gach máthar ar an té is lú ná ar an té is mó dá
clann. Óir ar son go mbíonn stráic orthu as a méid agus a
maise, beidh trua agus taise acu don earcán, agus bíonn níos
cineálta leis, níos mó ná bheidh siad leis an gcuid urrúnta den
chlann. Mar an gcéanna don ní, roinneann sí go clamprach, ach
de réir mar d'oirfeadh do gach aon acu; agus gan amhras is
intuigthe gur thug an nádúr iomaí bua do nithe beaga de bharr
ar nithe móra. Is iad na mion-éanlaithe is ceolmhaire agus is
síolmhaire, agus ar an ábhar sin is iad is líonmhaire - agus is
mór na buanna na trí bhua sin os cionn na n-éan urrúnta. Agus
tá na buanna céanna ag na fir bheaga ar na fir mhóra. Agus ní
mise amháin a thug seo faoi deara, de bhrí gur seanfhocal atá i
bhfad ar bun. Ach mar an gcéanna, tá buntáiste éigin ag
gach cineál ar a chéile, ionas nach dtig le haon díobh teacht
suas air féin gan a bheith in acra a chomharsana. Ach tá seo
uile mar chruthú ar eagna mhór Dé.
65. Má dhearcaimid isteach go grinn i ré saoil duine, feicimid
nithe iontacha, mar atá, gach daorsmacht agus gach aicíd agus
taogal dá mbíonn ag brath air, agus mar an gcéanna, ó bhás go
beatha, go bhfuil gach ní díobh seo ag leanúint shíl Éabha, i
gcruth nach féidir d'aon neach den chine daonna teacht saor
uatha seo uile.
Féach ar dtús cad é atá le dul thríd ag na páistí ina n-aois
leanbaí sul a mbíonn urra nó acmhainn air bith iontu. Bíonn
galair agus aicídí éagsúla ina gcionn, ionas gur le méid cúraim
agus griongail a gcairde a bheirtear go haois iomlán iad. Ar
dtús, tagann siad lag, meatach trí chontúirt agus guais bháis,
isteach go ríocht na beatha, agus gan treoir ná misneach ina
mbaill, gan chiall, gan cheadfaí, ach in acra agus in easpa,
bíodh gur gin rí nó prionsa a bhíos ann; agus tugann na hócáidí
céanna cuairt air, a bhíos ag brath ar an mbochtán, mar atá,
ar dtús, taomanna, tapaigin agus meatachais eile a bhíos ag
brath air. Agus ní luaithe a chuathas misneach ar bith ina
bhaill ná thagas aicídí a bhíos níos stubranta, mar atá, a chuid
díobh, tinneas na n-aenna, bruitíneach, triuch, galar breac,
fothacha, bolgach na muc, agus scincí, agus mórán eile nach
n-áirítear anseo - b'fhéidir sul a mbeadh d'acmhainn iontu a
n-iompar.
66. Tar éis a fháil tharstu, agus teacht dóibh go haois
iomlán, bíonn na mílte de ghuaiseacha agus de chontúirteacha
marfacha ina gcoinne leis an uile shórt bíobhaí, maraon le gach
galar agus daorsmacht dá dteagmhaíonn ina slí, ar ghléas
ionas gur ábhar iontais chomh maith le gairdeachas, an duine
ag breith bua orthu seo uile. Ach mar a dúirt mé thuas, thug an
talamh fortacht dá clann, agus d'fhoscail sí a bráid fhada fhairsing
chun slánú a hiarsma agus scinn óna broinn ó chrann go dí na
luibheanna is táirí sa mhachaire, gach aon díobh ina dhochtúir
ar aicíd éigin díobh seo.
Agus mar an gcéanna, is leabhar cláir don duine aghaidh an
mhachaire, a theagascas mórgacht agus maitheas Dé, agus
díbhrí agus easpa an duine. Óir an uair a dhearcas an duine ar
aghaidh an mhachaire, agus a fheiceas ar dtús an mháthair as ar
gineadh é féin agus ar uirthi cinnte a bhfuil a bheatha, agus i
ngearraimsir a mbeidh a lóistín síoraí uirthi, mura mbeidh a
chéadfaí dall, gan mhothú, tuigfidh sé, ó gach ní dá mbíonn os a
chomhair, nach athrú mór-chumhachta éigin lenarbh fhéidir
na nithe iontacha seo a bheith mar atá siad - an uair a fheictear
gach ní dá dtagann ó nádúr ag dul in airíocht agus ag dul ar
neamhní ó bhliain go bliain, agus an talamh, as ar baineadh an
t-iomlán, gan ídeach, gan athrach.
AN SÉÚ CAIBIDIL, LENA DTRÁCHTAR AR NA SLUAITE
MARA, PHARTHAIS AGUS THALAIMH, etC.
67. Ar dtús, is iad sluaite na mara is líonmhaire den iomlán,
ach níl uaimse a áireamh ach beagán díobh a bhíos fá chuanta
seo na hÉireann, agus a théas in úsáid do na daoine san oileán
seo - ach na hamhais amháin is allúraigh anseo agus nach
dtugann cuairt ach fíor-annamh. Is díobh seo míolta móra,
rónta agus muca mara, pilleoga, agus mórán eile de na sóirt
loscanta a imíos faoi agus os cionn uisce, agus a scriosas agus a
dhíbríos na mion-éisc as an duibheagán isteach don muir éadomhain.
Agus is é seo an t-am a thagas siad seo fá na cuanta agus a
fheictear iad go soiléir ag ruaigeadh na n-iasc beag agus á scriosadh
gan áireamh; agus téann seo chun sochair don duine, óir an
tráth nach mbíonn smaoineamh ag an duine air, agus a fheiceas
an t-iascaire aon de na hamhais seo, tuigfidh sé go mbíonn na
mion-éisc ag teitheadh fán trá; agus is cinnte gur le linn na
ngallbheithígh seo a fheiceáil a thagas rabharta gabhála ar an
iasc. Óir murab é iad seo, is beag éisc a gheofaí, mar nárbh
fhéidir a ngabháil i ndoimhne na farraige ach go ruaigeann na
hamhais seo fá thír chun an iascaire iad, agus is ní ró-úsáideach
seo don duine.
68. Agus is mar sin a ordaíodh na nithe seo a bheith ó thús,
trí eagna do-chríochnaithe agus mhór-chumhacht Dé. Agus
murab é seo, ní rachadh iasc na mara i dtairbhe don duine, mar
nach dtagann fán trá ach le huamhan nó tinneas éigin, agus
nárbh fhéidir don duine a ngabháil sa duibheagán. Agus mar
nach dual go bhfaigheadh an duine a bheatha gan saothar, is
mar sin is éigin dó oibriú go crua ar son na héadála seo fós;
agus gach ní eile dá ngóthaíonn sé ar muir nó ar tír, gur le
hallus a ghrua nó saothar a lámh is dual dó a fháil, de réir na
haithne nó na breithe a tugadh air ó thús.
Agus ag seo síos ainmneacha na n-iasc a ghabhtar fá na cuanta
seo tá thart fá bhruacha na hÉireann - na cineálacha éisg seo
uile:
meill-liobair cod
láimhínigh lavins
hadóga haddock
leadóga fluke
gobóga dog-fish
cnúdáin gurnard
plásaí plaice
turbaid turbot
sóil sole
69.
brasaraí brazers
maclaraí mackerel
faoitíní fitens whiting
raidhí ray
glasáin glashen
luóga lythe
móiríní morone
bradáin salmon
scadáin herring
eascanna eels
bric bhána white trout
luingsí ling
crúbáin crabs
gliomaigh lobsters
oistíní oysters
ruacain cockles
cocais an brealláin cock oysters
bairnigh limpets
caochóga
muclais mussels
rasair rashers
faochóga winkles
Is iad seo na héisc is líonmhaire san
fharraige timpeall an oileáin seo a
théas in úsáid dá muintir, agus is
díobh a ghairtear éisc ghlana. Ach
tá cuid díobh faoi mhórmheas seachas
an chuid eile, mar atá: an bradán, an
breac agus an turbad, agus formhór
an éisc leathain - ionas go
dtugann luach a saothair go
fíormhaith do na hiascairí.
Agus is iad seo a sceitheas agus
a ghineas a samhracháin san
uisce éadomhain, agus cailltear
mórán de ar an modh seo, de
bhrí go scriosann muintir na
tuaithe é ar dtús in aimsir an
sceite, agus ina dhiaidh sin, le
bá an lín go n-éagann na
samhracháin leis an droch-uisce;
ionas go bhfuil níos mó
daorsmacht ag brath orthu seo
ná ar iasc ar bith eile dá
ngluaiseann sa mhuir, ach an
scadán amháin.
Tá na héisc shliogánacha so-bhlasta,
agus so-fhaighte, mar
nach bhfuil lúth ná aistear
iontu, ach gafa ó nádúr ar nós
an pháiste. Is lú a théann fán
trá nach gcnuasaíonn iad
amhail is toil leo féin, agus ní
fios do na daoine conas a
thugas iad chomh líonmhar.
70. Is de réir an nóis amháin a sceitheas agus a shíolraíos
formhór na n-iasc glan seo uile, ach amháin go dtagann an
bradán agus an breac isteach do na haibhneacha fíoruisce ag
teacht na dúlachta, ag seachaint droch-chuideachta ab fhéidir go
ruaigfeadh iad féin óna nead in aimsir a dtinnis nó a n-éagcruais;
agus dá chionn seo is mór an lán den síol a théas ar neamhní.
Tá an dá chineál éisc seo uasal ina gcáilíocht, agus tá iontu
féin níos so-bhlasta agus níos milse ná na héisc eile ina bhfuil
cáilíocht amhstranta. Óir ní itheann daoine amhais thalmhaí,
agus ní mó ná sin is mian leo amhais mhara a ithe - ach amháin
go bhfuil beagán den cháilíocht seo i ngach cineál éisc san fharraige,
ach fíorbheagán. Is díobh seo an breac, an bradán, an
scadán agus an gliomach; agus ní fios domsa a n-athrach seo,
ach amháin an t-iasc sliogánach, nach bhfuil lúth ná tapadh
iontu, ach a scinneas a síol faoi na clocha ar nós an tseilide -
agus gurb í an cháilíocht amháin atá ag gach seilide, agus gur
ar an nós amháin a ghintear agus bheathaítear iad, bíodh gurb
í an mhuir nó an tír is áit chónaithe dóibh, ach na seilidí mara, go
mbíonn a gcáil loscánta, agus go maireann i bhfad gan uisce.
71. An scadán, ar son nach bhfuil iasc san fharraige is mó
namhaid ná é, ní glacann sé athrú na mara mar dhídean in
aimsir a shíolraithe, ach imíonn siad ar dtús agus déanann siad
sliabh mór díobh féin. Agus cé go mbíonn do-áirithe ina n-uimhir,
bíonn a chompánach féin le gach aon díobh, ionas go sceitheann
siad a síol go cúramach griongalach, ag cóimheascadh le chéile;
agus ar son nach bhfuil foscadh ná dídean acu ach an sliabh nó
an balla a dhéanas siad dá gcoirp féin, agus go mbíonn a namhaid
á slogadh gan chuntas, fulaingíonn siad seo go foighneach mar
gheall ar a gclann óg a bhíonn siad a fháil ar an modh seo. Agus
ar son go séidtear an sceith le hanfa agus garbhthonna ar fud
na farraige, beonn i ngearraimsir, agus tagann a bheith ina
shamhracháin. Agus filleann an seanstoc don duibheagán, agus
ní fhilleann go dtí athbhliain. Is na samhracháin óga, fanann
siad fá na cuanta, ag fulaingt óna mbíobhaí nó go dtagann a
gcairde; agus tar éis a síol a sceitheadh dóibh, tugann an drong
óg leo don duibheagán, mar a mbíonn nó go dtagann am cinnte
dóibh féin. Agus is é seo is nós don iasc is líonmhaire, agus is
mó úsáid don duine dá dtugann an mhuir uaithi. Óir níl tír ar
bith nach ndéanann uasal agus íseal úsáid mhór don iasc seo,
friseáilte agus saillte, ionas, mór an saibhreas le daoine gabháil
mhór scadán.
72. Sin agat anois, a léitheoir; agus an measfá féin gur chun
sochair don duine a chruthaigh Dia na nithe neamhghlana seo
atá chomh mínádúrtha, athfhuafar seo, agus a scriosas na nithe
ar a dtagann an duine féin i dtír? Ach mar nach dtuigeann gach
duine de nós a chéile, is mar sin nach ionann a fheiceas siad;
agus de bhrí nach ionann céadfaí do gach duine, is mar sin nach
dtagann a mbarúla le chéile i gcásanna dorcha diamhra, agus dá
dtuigteá seo, tá sé ró-riachtanach ag stiúradh agus ag rialú na
sluaite. Óir dá mbeadh na daoine den aon intinn in acais ar
bith, is olc a thiocfadh uaidh, de bhrí go mb'fhéidir gurb é a
gcara a shílfidís a bheith ina namhaid acu.
Ag seo an cás amháin. Nuair a fheictear na pilleoga, nó rónta,
nó muca mara, bíonn cuid de na daoine nach dtuigeann a n-úsáid
ar an ócáid seo, ach a bhíos lán dá bhfuath, agus dá mbeadh ina
gcumhacht, a scriosfadh uile iad. Ach ní hé seo a thuigeas an
t-iascaire. Beidh lúcháir air faoina dteacht fán gcuan, mar tá a
fhios aige gurb iad a chairde iad, atá ag ruaigeadh tréad na
mara faoina chomhair. Ach an scológ, agus tuata, nach dtuigeann
úsáid na nithe seo, síleann siad gur chun oilc agus díobhála don
duine a chruthaigh Dia iad ó thús, mar nach léir dóibh nárbh
fhéidir don duine toradh na mara a fháil gan iad.
73. Tráchtar anseo síos ar shluaite Pharthais - na héanlaithe,
agus ag seo a n-ainmneacha san Iar-Eoraip.
iolar - eagle
babhbh - cormorant
fiach dubh - raven
corr ghlas - crane
corr mhara - gannet
faoileannán - gull
crotach mara - curlew
uiseog mara - sea-lark
feadóga - grey plover
adharclóga - plover
cromán - crow
cág - jackdaw
cromán cearc - kite
seabhac seilge - goshawk
seabhac gealbhain - sparrow-hawk
cailleach oíche - owl
feannóg charrach - scald-crow
féarán - woodquest
colm - pigeon
bonnán - bittern
cuach - cuckoo
tulchabhán - magpie
puthan - puffin
cearc fhraoigh - grouse
patraisc - partridge
gargorc - corncrake
traona - quail
cearc uisce - water-hen
coirneog - blad-coot
naosc - snipe
cadhan - redshank
meannán aeir - jack-snipe
truideog - starling
uiseog - lark
smólach - thrush
lon dubh - blackbird
uiseog choille - woodlark
liathruisc - fieldfare
cleimhrian - stonechat
barrán aitinne
glasóg ghuail - willy-wagtail
gealbhan - sparrow
gealbhan rois - grey linnet
gealbhan glas - green linnet
74.
spideog - robin
buíóg - yorling
coinnleoir Muire - goldfinch
coilleog - cuckoo's mate
eiteog leathair - bat
riabhóg - bunting
dreolán - wren
meantán - tom-tit
filbín míog - mooney
gormán searcaidh
Is iad seo na héanlaithe a thaithíos agus a shíolraíos sa tír seo,
agus is iad atá ann ó shinsearacht; agus mar sin féin, is níos
gainne atá siad ag éirí gach lá dá bhfuil ag teacht, ionas gur ní
deacair do dhaoine nead aoin díobh a fháil - eadhon in aimsir a
síolraithe - ach mar sin féin feicimid na hálta gach bliain. Ach
is é a thaibhsítear domsa, gur le linn shaothar an talaimh agus
ghlanadh na n-adhmad ar shiúl, óir níl coillte ná rosáin ar an
uair seo mar bhí sa seanreacht.
Ach na héanlaithe móra a dhéanas a neadacha i gcuasáin na
gcarraigeacha agus na sléibhte, mar atá: - iolair, agus fiacha
dubha, agus mórán eile de na seabhaic - agus go cinnte, is iad is
gainne de chineálacha na n-éan, ar son go sciúrann agus go
scuabann siad an fhoraois ó chionn a chéile. Ach ní thig liom-sa
ciall a bhaint as seo, ach go sílim gur mar seo a ordaíodh na
nithe seo a bheith ó thús; óir dá mbeadh an t-iolar nó an chuid
eile de na dronga cíocracha chomh líonmhar leis na mion-éanlaithe,
ní bheadh éan eile beo gan scrios.
75. Ach amhail agus mar a ruaigeas an t-iasc cíocrach ......
fán áit a dtig leis an iascaire a ngabháil, is mar sin a théas na
héin allúrga seo chun sochair don scológ. Óir an té a mbíonn a
chuid talaimh a chois coille nó rosáin, is ní gnách go scriosann na
míon-éanlaithe mórán dá chuid arbhair sa séasúr; ach má tharlaíonn
go mbeadh na héin chíocracha ag taithiú na háite, teithfidh
an bunadh a bhíos ag creach na scolóig fán tír, agus mar sin
bíonn an namhaid seo úsáideach don duine. Ar an modh chéanna
bíonn a n-uamhan agus a n-eagla seo ar chearca agus ar lachain
agus ar an uile éanlaith baile, ionas go mbíonn eagla orthu dul
ar seoid as aice na dtithe, agus is mór an úsáid seo do mhuintir
na tuaithe; agus sin dhá shlí a dtéann na droch-éin i dtairbhe
don duine.
Tá an iomad de na héanlaithe seo nach ndéantar a n-úsáid
ar bord. Ní itear sort ar bith féich nó seabhaic nó gearg-fhéich
- is é sin le rá, a itheas feoil agus nach mian leo bia eile; ach
an chuid a itheas arbhar nó pórtha, is iad seo a mheastar
glan. Agus tá gach eisfheoil eile den cháilíocht chéanna.
Ach níor thrácht mé éin allúrga nach bhfuil den tír, a thagas
ó chianta agus nach fios dúinn cárbh as dóibh. Is dóibh seo an
cleabar caoch - "woodcock".
76. Is iad an drong cheolmhar a thagas suas ar phór agus ar
arbhar agus ar chearnamáin a phiocann siad fán talamh; ach
an bunadh cíocrach, níl ceol acu, ach glór allúrga, iargúlta a
chuireas criothnú i gcroí an tslua. Nuair a chluintear glór aoin
díobh fá choill nó thulach go dteitheann gach éan faoina dhícheall,
agus má bhíonn ag dul air, téann go minic fá dhídean na dtithe -
ionas go mb'fhearr leo, más mór a n-eagla roimh an duine, dul
faoina choimirce, ná titim i láimh namhad chomh mí-ghrástúil
le haon de na héin chíocracha seo. Is minic a tharla, nuair a
bhíos éan mullaigh á ruaigeadh le seabhac, agus bhíos ag dul
air, go dtéann isteach do na tithe i measc an teaghlaigh sula
ligfeadh é féin a ghabháil le namhaid tíoránta gan trócaire.
Agus is mar sin atá eagla agus uamhan ar muir agus ar tír ar
gach créatúr dícheallach, díbhirceach nach ndéanann díth ná
dolaidh dá gcomharsana, agus nach féidir leo iad féin a shábháil
ná a choimeád ar na scriosadóirí nach ndéanann a athrú, ach ag
brath agus ag slad a gcomharsana. Ach coisceann an duine seo
go mór fán tír; ach fán bhfarraige níl slí ar bith dídine ach an
gliceas a theagascas an nádúr don iasc féin.
77. Ag seo na cearnamáin atá in Éirinn - agus tá a lán díobh
sciathánach - mar atá:
beacha - bees
cleabhair - clegs
píobairi, dorsáin - pipers
feileacáin - butterflies
teileáin - wasps
cuileoga gorma - blue flies
cuileoga rua - red flies
cuileoga liatha - grey flies
míoltóga - midges
ciaróga beaga - small clocks
ciaróga móra - large clocks
daoil - jets
garganach
dalláin lín - earwigs
dubháin alla - spiders
seagáin - pismires
cruimheanna capaill - hairy worms
seilidí blaoscacha - box snails
seilidí dubha - black snails
seilidí bána - white snails
seilidí rua - red snails
ciaróg dhearg - red clock
ciaróg ghorm - blue clock
conach caonaigh - conet
earc sléibhe - mankeeper
doirb - water clock
daol uisce - water jet
gearaide ghamhain - leech
sor caorach - a sheep louse
sor muice - a pig louse
sor gé - a goose louse
sor mairt - a cow louse
míolta - lice
dearnaid - a flea
leáman - moth
fíneog - of the same kind
taráin - bats
péisteanna - worms
péisteog - a maggot
caiteog - the large maggot
cruimheog - a caterpillar
míolta gríobhga - crab lice
míolta gorma - vegetable lice
78. Is é an bheach is rí den slua seo uile, agus is ámhaí, géarchúiseach,
griongalach an créatúr é féin; ach is ó nádúr atá seo
uile, de bhrí go bhfuair an bheach ó nádúr gach ní dá raibh de
riachtanas air chun a intleacht agus a bheart a chur i ngníomh.
Is iontach leis an duine an créatúr beag, éidreoireach seo a bheith
breith bua air féin tar éis gach tíolactha dá bhfuair sé ó Dhia
agus ó nádúr. Ach más léir don duine é, teagascann an bheach
lena bheatha, suáilce do-chuimseach.
Ar dtús, sceitheann an bheach a shíol, agus cuireann gor air
amhail mar dhéanas na héanlaithe, agus sa Mhí Mheáin tagann
urchar óg beach uatha. Fásann siad ar dtús ar nós cruimheanna
bána, agus bíonn cráinbheach i ngach urchar, agus is é an
chráinbheach seo ceannurra ar an urchar sin, agus tuigeann siad
a ordú, agus ní fhágann sé an ciseán, agus bíonn go cinnte ag
ordú na hoibre. Nuair a éiríos na beacha óga suas cuireann na
cráinbheacha a gcomhairle le chéile, ionas go dtugann an seanchránaí
a n-áit agus tugann a bhunadh féin leis, ag fágáil an
chiseáin ag an mbunadh óg; agus mura mbeadh ciseán cóngarach
dóibh, tugann sé leis iad ar feadh na tíre go dteagmhaí áit dídine
éigin orthu. Ach an t-am a imíos an gor díobh, ansin téann
siad a chruinniú lóin geimhridh.
Ag seo an chuid den mhil a théas in úsáid don duine, mar nach
gcuireann na beacha
79 gor uirthi, ach bíonn gach aon díobh, le méid a ghriongail
agus a dhíchill, ag cruinniú an stórais seo a gcuirtear iad féin
chun báis ar a shon i ndeireadh an tséasúir. Ach dá gcaillfeadh
aon díobh an ga - mar is leis a chruinníonn siad an mhil - níorbh
fhéidir leis uaidh sin amach a bheith úsáideach dó féin ná dá
chompánaigh. Cuirtear cuaisne suí air agus tugtar breith bháis
air, agus ansin feictear, le hordú na cráinbheiche, slua díobh
á roiseadh amach agus á mharú ar an leac ar a mbíonn an ciseán
ina shuí. Sin cuid de cháilíocht na mbeach, agus is iad seo
amháin a théas i dtairbhe don duine, agus is iad is lú agus is
dearóile de na huile bheacha, ach go mbíonn i seilbh na ndaoine.
Na beacha talmhóige, is iad is mó de na huile bheacha, agus
is iad na beacha cuinneoige is féasógaí díobh. Aithnítear iad
mar seo - an bheach mhór riabhach, as í a dhéanas an talmhóg,
agus an bheach mhór rua, is é sin a dhéanas an chuinneog. Ach
éagann a bhformhór seo sa dúlacht mar nach mbíonn an duine
ina chara acu.
Sin cuid de cháilíocht na gcréatúr beag seo, agus ar ndóigh,
is mór an sampla a thaispeánann sé don duine a bhíos leisciúil,
anámhailleach san aimsir lérbh fhéidir leis lón a dhéanamh i
gcoinne drochaimsire, agus arís mar tugann sé an tseilbh suas
dá clann óg chun misneach agus sampla gur chóir d'aithreacha
roinnt le daoine óga.
80. Ní mó ná fiú a bheith ag scríobh ar úsáid na gcearnamán
eile, óir is beag an tairbhe a dtéann siad don duine, ach go
bhfuil chuid díobh an-seachanta.
Ar dtús, an conach. Is é an áit a gcónaíonn sé, fá shléibhte
caonaigh agus fraoigh, agus fós i mbogaigh nó i sraitheanna mar
mbíonn caonach. Is é a fhad tuairim ceithre orlach, agus lán
síogóg dú-riabhach. Bíonn ceann mór air agus súile móra
cnapacha, agus ar a eireaball bíonn ladhróg amhail dallán lín,
agus dá dtarlaíodh do dhuine nó do bheithíoch go séidfeadh,
agus dá dtarraingíodh a n-anáil os cionn na háite a mbeadh sé,
d'atfadh a gceann, agus is ní ró-dho-leigheasta é.
Tá an doirb fós contúirteach, óir bíonn sí sa láib a bhíos ar
íochtar na linnte fíoruisce, agus éiríonn go minic, ach má ólann
bó nó each doirb, is cúrsa báis dóibh é, óir tá an doirb do-mharfa
agus fanann beo i bhfad iontu. Maille le bheith nimhiúil go
n-itheann sí na scamháin.
Ach faoi chás an dubháin alla, ar son nach bhfuil iascaire a
chois mara a bhíos chomh práinneach leis ó bhliain go bliain ag
déanamh agus ag cóiriú líonta, is fíorbheag an tairbhe dó féin
nó d'aon eile. In aimsir an tsamhraidh, gabhann sé a lán cuileog,
ach is é a shílimse an uair a imíos séasúr na gabhála seo, go
n-éagann a bhformhór.
AN SÉÚ CAIBIDIL ANSEO SÍOS
81. Tá éisc eile a théas i dtairbhe don duine lasmuigh d'éisc
na mara, mar atá, iasc na locha agus na linnte fíoruisce; agus mar
an céanna tá cuid díobh amhstranta, agus níl siad gan a naimhde
ina measc. Tá:
lúsaí pike
giosáin jack
tinnsí tench
bréanta bream
róistí roach
bric trout
péirsí perch
polláin pollan
eascanna eels
dobharchúnna otters
Is amhas an lúsa ar son é bheith
glan, glé, agus is maith, sobhlasta an
t-iasc é. Sceitheann ar nós gach éisc
eile dá bhfuil san fhíoruisce, ach slogann
gan áireamh gach ní is lú ná é féin. Tá
soc fada air, ar dhéanamh goib lachan,
agus dá rodh fiacal ina ghiall, ionas
gurb é an dobharchú amháin a fhaigheas
bua air, agus is minic a scriosann
sé éanlaith a bhíos ar na locha. Is
feasach dom féin géanna á scriosadh leis na héisc seo; agus fásann
siad go hiomarcach lena n-aois, i gcruth go mbead a n-uamhan
ar an dobharchú féin. Fásann siad deich mbliana agus slogann
siad éisc fiche punt ar cothrom, agus is iad féin is namhaid dá
chéile, óir slogann an lúsa an giosán, óir is giosán é féin a théas
in anmhéid, agus uaidh sin suas
82 tugann sé dúshlán an dobharchú, de bhrí go dtiontaíonn
sé ina rí-amhas.
Is loscán an dobharchú, óir is ar an uisce a ghintear na
coileáin agus dá bhrí sin baineann a mbeatha amach faoi
agus os cionn uisce. Tá siad seo gann mar scriosann siad éanlaith
baile chomh maith leis an sionnach; agus ní hé sin amháin, ach
sa seanreacht is minic a dhícheann siad mná agus páistí. Ach
níl siad chomh h-urrúnta agus bhí siad san am sin, de bhrí ar
n-éirí líonmhar do na daoine san oileán seo, gur scrios siad an
namhaid athfhuafar seo as na locha, ach amháin an cineál beag,
agus níl siad féin ach gann ar an uair seo.
Ach bhí sa seanreacht san oileán seo madraí uisce chomh mór
agus go scuabadh leo duine nó beithíoch a theagmhaíodh dóibh
ar ghar an locha ina mbeidís. Agus tá go dtí an lá seo cruthú ar
seo i reilig Chongbháil i gContae Liatroma, mar a bhfuil
Grás Ní Chonghaile, bean Thoirdealbhaigh Mhic Lochlainn, a
bhfuil íomhá an dobharchú a mharaigh í gearrtha ar a tuama, agus an
dáta anois céad agus seacht mbliana fichead. Ach ní bhfuarthas a
scriosadh nó gur tháinig úsáid arm tine, agus ó shin cuireadh
dícheannadh as an ríocht seo, ach amháin na crannpheasáin
seo ar a dtráchtaim maraon leis an lúsa.
83. Óir níl sórt ar bith eile iasc rachmasach sna linnte ach an
dá chineál éisc seo lena gcuirtear coinscleo sa slua. Agus tá an
dias ina naimhde dá chéile.
Ach níor gheall an nádúr dóibh seo a bheith chomh líonmhar
leis na héisc eile. Bíonn dhá choileán gach bliain ag an gcú mara,
agus seolann dóibh seilg a dhéanamh ar na linnte ar na samhracháin
nó go dtagann a neart agus go mbíonn siad ábalta an t-iasc
mór a choscairt. Ansin téann siad, ní hé amháin fá na linnte, ach
mar an gcéanna fá na cuasáin mar a mbíonn nead ag éanlaith,
agus is mór an slad a dhéanas siad gach séasúr ar na h-éanlaithe a
chleachtas a bheith ag neadú fá bhruacha mara nó linnte fíoruisce;
agus is dá dhroim sin atá an duine chomh naimhdeach ina
n-aghaidh agus atá sé; agus is é a deir daoine go maraíonn siad
uain óga má theipeann seilg orthu.
Ach, an giosán - de réir a chineáil, níl chomh síolmhar leis
na héisc eile, óir, ar dtús, tá a phis mór urrúnta, agus lasmuigh
de sin, slogfaidh sé a shamhracháin féin, agus ní hé sin amháin,
ach fós slogann an bunadh mór an bunadh is lú ná iad féin go
laethúil. Agus is é an baoite a ngabhtar leis iad go minic, frog;
óir tá cáilíocht loscánta iontu, agus dá bhrí sin -
84. ar nós gach créatúir eile a bhfuil roinnt den cháilíocht
seo ann.
Ach an breac. Is iasc uasal, ró-ghlan é, agus is mór a fhulaingíonn
sé ó na naimhde seo, maraon le gach daorsmacht eile
dá mbíonn ag brath air, de bhrí, nuair a bhíonn ag sceitheadh, go
dtéann siad fán uisce édomhain chun leataoibh dóibh féin, agus
go ngabhtar mórán díobh ar an modh seo. Óir is aon cháilíocht
sa bhradán agus sa bhreac, agus dá bhrí sin is ar an nós amháin a
shíolraíonn siad, agus mar sin téann an breac isteach ó na locha
do na sruthanna, an áit b'fhéidir nach mbeadh folach a dhroma
d'uisce aige; agus bíonn a fhios ag na daoine an t-am den bhliain
a dtagann siad, is é sin ó Fhéile Mhichíl go Nollaig, ag teacht na
dúlachta, agus tráth a bhraitear fá na sruthanna iad, téann na
daoine amach le tóirsí agus le líonta agus geafaí, agus scriosann
iad gan áireamh, agus níl aon díobh dá maraítear an uair seo,
nach gcailltear míle b'fhéidir breac óg ina dhiaidh.
Ag seo aon slí amháin lena scriostar an t-iasc is fearr sna
linnte, agus ina dhiaidh sin scriostar na samhracháin in aimsir
bhá an lín, b'fhéidir míle san uair.
Sceitheann siad ar nós an bhradáin - is é sin, cóimheascann
siad a sceith ina nead a dhéanas siad sa ghaineamh ar thóin na
habhann nó go n-éiríonn sé ina scaoth samhrachán leis an teas;
agus sa séasúr
85. dá chionn téann siad leis na sean-bhric do na linnte ina
gcónaíonn siad, agus ansin fein bíonn siad i nguais trí naimhde -
an t-iascaire cluantach, an giosán, agus an dobharchú. Agus
ag sin mar chaitheann an breac uasal a shaol, gan suaimhneas.
Is iasc gan mairg an bréanta, óir is mar sin a rinne nádúr
ó thús. Tá sé leathan ina dhéanamh, agus ar a bholg atá a
sciathán, tá sé lán lanna, agus mar an gcéanna tá an t-iasc lán
de mhion-chnámha, i gcruth gur le aire mhór a thig a ithe gan
na cnámha seo greamú sa choguas nó sa slogaideach. Níl ar an
mbréanta ach béal ró-bheag, i gcruth dá mbeadh sé go maith ar
a son nár fhág an nádúr ina chumhacht é, óir ní thig leis ach
greim ró-bheag a ligean isteach, ar ghléas nach féidir díth nó
dolaidh a dhéanamh do ní ar bith eile ach cruimheanna nó
cearnamáin bheaga den sórt sin; agus is péisteog an baoite is
gnáth leis a ghlacadh agus is mian leis teannadh do na
h-aibhneacha an t-am a bhíonn sé ag sceitheadh, agus is é sin in
aimsir dhéanach an earraigh, nó i gcomhrac Márta is Aibreáin.
Is iasc an tinnse atá ró-ghann, agus ní thagann sé fá thír le
linn é a bheith ag sceitheadh, agus ní mór nach é is togha de
gach iasc dá bhfuil sa loch. Tá sé beagán ar dhéanamh an
bhréanta, ach go bhfuil sé níos tábhachtaí, ach nach bhfásann
sé chomh mór. Ach cónaíonn sé formhór sa duibheagán
86. ionas nach féidir do dhuine cuntas ceart a thabhairt air,
ach amháin go bhfuil sé dea-bhlasta, agus síleann cuid de mhuintir
na tuaithe go bhfuil bua éigin air. Ach is é is fiáine d'iasc na
linnte, agus glacann sé baoite de phéisteog ar a mbíonn ceann
dubh; ach is annamh a fheictear é ar bith.
Róiste iasc eile ar dhéanamh an bhréanta, agus ní mó ná go
n-aithníonn duine eatarthu, tá siad chomh cosúil sin le chéile,
ach amháin gur dorcha an róiste ina dhath agus gur mó fhásas
an bréanta. Agus is i nós amháin a shíolraíonn siad.
Téann na róistí leo in am sceite agus tagann siad isteach don
trá, agus fágann a síol cóimheasctha ansin, agus ní dhearcann
ina dhiaidh nó go bhfeictear an t-uisce fá bhruacha an locha
tiubh le róistí óga; agus glacann an bunadh óg seo sórt ar bith
baoite, ionas go mbíonn páistí an bhaile á ngabháil le greamanna
aráin nó de phrátaí, nó ní ar bith eile á gcuirfidís ar na duáin,
go mbeadh sean-eire a ndroma leo de na héisc bheaga seo. Ach
an seanróiste, níl iasc san loch is deacra a mhealladh le baoite
ná é, agus is ró-annamh a ghabhtar iad; agus fásann go mór
lena n-aois. Ach cruimheog bhán an baoite is fearr chun a
ngabhála - ach níl iasc ar bith chomh tíriúil leis an róistí óga
nó go dtagann siad go haois iomlán,
87. ach dála an bhréanta, go mbídís lán de chnámha agus
nach mbíonn chomh so-bhlasta leis an mbréanta ná leis an
ngiosán.
Is é an péirse is lú agus is líonmhaire i bhformhór na lochanna,
ach níl mórán tairbhe ann, ach mar sin fein is mór an caitheamh
aimsire d'iascairí óga iad. Agus tá siad lán cnámh, agus sceitheann
siad mar a mbíonn siad. Agus más beag a gcolann, is iad
an namhaid is mó ag an scriosadóir iad, de bhrí go bhfuil ó
nádúr arm marfach ar iompar leis an bpéirse. Óir tá coilg ag
fás ar dhroim an phéirse, agus má fhaigheann sé bás, seasann
na coilg seo, agus ní féidir a lúbadh ná a leagan; agus os cionn
orlaigh ar fhad, ar ghléas má shlogann lúsa, giosán nó dobharchú
aon díobh seo, go mbeidh ina cheann-fháth báis dó trí bheagán
aimsire.
Pollán. Ag seo sórt éisc nach fios domsa a bheith in aon loch
eile ach Loch nEachach i gContae Aontrama, agus i Loch Sailean
a roinneas trí chontae ó chéile amhail agus a dhéanas Loch
nEachach. I Loch Saileán ní ghabhtar iad ach coicís den bhliain,
agus is beag a ghabhtar acu mar sin féin. Ach i Loch nEachach
gabhtar an oiread sin acu ann, ní hé amháin gur leis na bailte
ar a ghar, ach fós go mbíonn gach margadh fá fhiche míle ar
gach aon taobh, lán díobh, agus sin an chuid is mó den bhliain;
agus is dea-bhlasta agus is glan an t-iasc iad.
88. Ní thagann siad seo faoi thír nuair a bhíonn siad ag síolrú,
ach ar nós an scadáin, téann siad le chéile - óir ní thiocfadh na
scadáin sa trá in am sceithe murab é uamhan na naimhde a
bhíos á slad; ach is comhchosúil nach bhfuil mórán de na scriosadóirí
seo i Loch nEachach, óir is iad na polláin agus na bric is
líonmhaire ann; ach is é a shíleas daoine gur sórt scadáin iad,
agus gan amhras is í cáilíocht an scadáin a thuigeas daoine a
bheith iontu.
Agus mar an gcéanna tá éisc bheaga eile nár ordaíodh lena
n-ithe, ach fónann siad don iascaire le haghaidh baoite chun
gabhála na n-iasc eile a bhíos tairbheach dó. Agus is é an
úsáid a dhéanas siad de phincíní agus de chailleacha buí, agus
d'éisc bheaga eile a thugas na huiscí uathu; agus is leo seo a
ghabhtar a lán de na héisc eile.
Agus is mar sin do na nithe sliogánacha, cé go ndéanann
daoine a n-úsáid mar bhia, is le haghaidh baoití is mó is úsáid
iad. Is iad na bairnigh agus na caochóga agus na faochóga na
baoití is fearr ar bith le gabháil éisc faoin trá, ach an eascann
ghainimh amháin. Bíonn an t-iasc beag seo i mbarr an láin agus
ní mó ná ceithre orlach ar fad inti; agus adhlacann sa ghaineamh,
agus is le crúca a ghabhtar í.
89. Agus is mór an saibhreas leis an iascaire nuair a éiríos
leis cnuasach maith díobh seo a fháil, óir beidh sé deimhin de
ghabháil mhaith éisc, agus is mór an lúcháir a bhíos air le linn
a dteacht faoin trá mar is sa bhaoite atá a mhuinín.
Tuig anseo, a léitheoir, gurb é seo mórchumhacht Dé a d'ordaigh
agus a rinne gach ní díobh seo, ionas nach mbeadh ní ar bith de
riachtanas ná d'uireasa ar an duine a chruthaigh sé. Feiceann
tú anseo iontais eagsúla. Má dhearcann tú ar an talamh lom,
conas a thuigfeas tú uaithi, nó céard atá agat lena fháil, ionas go
an talamh lom - agus go cinnte gurb orthu atá do bheatha. Ach
dearbhóidh sí duit gur uaithi agus inti atá gach saibhreas agus
gach só dar thug Dia riamh don duine, ach go gcaithfidh tú an
tslí cheart a ghlacadh chun a bhfáil uathi; gur thug sí ó nádúr
adhmad agus iarann, pórtha agus luibheanna; agus lasmuigh de
sin, gur bheathaigh sí mórán éanlaithe agus eallaigh gan saothar
gan dochar, agus gur thug Dia i do láimhse iad uile.
Ach déarfaidh tusa nach mar sin atá óir nach féidir leat a
ngabháil. Déarfaidh sí leat gur tú, an duine atá i do thiarna
uirthi féin agus ar gach ní dá dtugann sí uathi, ach dá bhrí sin
gurb éigean duit úsáid a dhéanamh de na tíolacthaí a thug Dia
duit uirthi féin agus ar an gcuid eile dá clann - agus le linn sin a
dhéanamh, nach gcoinneoidh féin aon ní uait.
90. Is fíor go bhfuair a lán daoine agus eallach tíolacthaí de
bharr ar a chéile; óir tá cineálacha móra agus beaga de gach
sórt, agus ar a shon seo féin a bheith amhlaidh, is cinnte go
mbíonn bua éigin ag na nithe trua ar an tréan. Is ní gnách le
nithe beaga a bheith níos fadshaolaí ná an bunadh urrúnta. Is
faide saol an asail ná saol an eich, agus mar an gcéanna is iad an
cineál beag daoine is fadshaolaí, óir bíonn siad níos crua imeartha
ina mbaill ná bhíos an fás mór. Agus lasmuigh de sin, bíonn a
lán ócáidí ag brath ar nithe móra nach mbaineann agus nach
gcuireann aird ar nithe beaga.
Agus is cruthú air seo mar a scriosadh agus mar a dícheannadh
a lán de ghallbheathaigh agus de na cineálacha móra seo as an
ríocht seo, agus go maireann na cineálacha beaga go fóill. Feicimid
cinn agus cnámha na gcearbh-fhia, ach ní mhaireann aon díobh;
agus fós níl sé i bhfad ó scriosadh as na huiscí eallach péistearáilte
eile, agus tá cineálacha beaga de gach sórt díobh seo a mhaireas
i gcónaí inár measc. Ar ghléas go mbíonn níos mó contúirte ag
brath ar an tréan go laethúil ná bhíos ar an trua, ionas nach
ligeann an tréan a leas, uaill a dhéanamh as a neart seachas an
trua.
91. AN SEACHTÚ CAIBIDIL,
mar a dtráchtar ar na hearca a bhíos de ghnáth anseo; mar
atá: broic, sionnaigh, giorraíocha, coiníní, luchóga, easóga agus
iaróga agus pioróidí.
An broc ar dtús. Is é is gainne de na hearca seo, agus is
annamh a fheictear é faoin mínleach, ach is ar feadh na sléibhte
is gnáth leis síolrú. Bhí an t-oileán seo lán den sórt seo
mion-eallaigh sa sean-reacht, agus ba mhór an toighis leis an sinsir a
bheith á seilg. Ach is é a gcraiceann ba mhórluachaí den earc
seo, mar nach ndéanann daoine úsáid dá fheoil. Ach is glaine
é go cinnte ná an sionnach, óir sa tsean-aimsir ba ghnáth leis na
sealgairí bagún a dhéanamh den bhroc, ach anois síltear é a
bheith neamhghlan.
Agus ní hionann beatha a dtiocfaidís suas air sa sean-reacht
agus a dtagann siad anois, óir b'ionúin leis an mbroc measa, agus
is orthu is mó a thiocfaidís i dtír nó gur gearradh na sean-choillte,
agus gur imigh na rosáin ar neamhní mar a bhfásadh an bheatha
laethúil a d'ithidís.
Is beithígh gan díobháil iad, agus níl siad síolmhar. Ní mó
ná dhá choileán a bhíos acu ar aon bhall, agus sin b'fhéidir gach
dara bliain. Agus itheann féar agus luibheanna agus fós loscáin
agus seilidí. Agus is eagal leis an sionnach an broc, de bhrí
92. nár chaomhnaigh an nádúr ní ar bith dá raibh inti ar a
clann, agus má choinnigh ní uathu, gur thug ní eile dóibh ina áit.
Ní bhfuair an broc ón nádúr a bheith lúfar ná luaineach mar an gcuid
eile díobh seo, ach fuair sé bua eile, ionas go sílfeá nár ní
go ndéanfadh an nádúr cuid ar leith ar aon dá clann. Tá craiceann
tiubh ar an mbroc, agus tá amhail agus da mbeadh faoi réir ina
lúb, i gcruth nach féidir dá namhaid a lot le greim in athrach
áit ach sa bholg. Tá fiacla fada ann, ar nós na luchóige, ar
ghléas go mbíonn eagla ar na hearca eile teagmháil ina shlí; agus
dá bhrí sin ní baol dó coinscleo ar bith uathu. Agus níl an duine
féin ina namhaid aige, mar nach mbaineann sé dá mhaoin i
gcás ar bith.
Brocach a thugtar ar gach poll madra rua, de bhrí má bhíonn
broc ar ghar na háite, go mbaineann an tseilbh den sionnach
agus mar sin go gcónaíonn féin ann. Agus deir cuid de na
daoine, nuair a théas an sionnach amach do sheilg dó féin san
oíche, go dtéann an broc isteach, agus go gcacann ann, agus
leis sin, nuair a thagann an sionnach agus mothaíonn an boladh,
nach dtéann sé isteach níos mó ann.
93. Agus is aire seo a thugtar brocach ar pholl an mhadra rua.
Ach is dóigh liomsa nach amhlaidh a bhíos, ach go bhfuil an
sionnach géar gaoisiúil go leor le boladh an bhroic a thógáil
gan sin.
An sionnach é féin. Is é is cneamharga agus is bíobhanta agus
is lúbaí den uile earc, agus is mór an chreach a dhéanas sé, ní
hé amháin ar choiníní nó ar fhiáin ar bith eile, ach fós tagann sé
faoi na tithe agus fuadaíonn leis gach a dtagann ina shlí: -
cearca, francacha, géanna nó lachain; ionas go mbíonn an duine
ag reagaireacht agus ag faire go cinnte ar an namhaid seo atá
chomh millteanach seo, do-choiscthe, glic; agus ina cheann sin,
tá sé armáilte ó nádúr le haghaidh é féin a chosaint agus a
bheatha a bhaint amach.
Tá siad seo níos síolmhaire ná broic, de bhrí gur ar nós an
mhadra dhéanas siad é, agus go dtagann na saith-shionnaigh
faoi adhaltranas uair amháin gach bliain, amhail agus a thagas
gach cú eile; agus go mbíonn naoi seachtain torrach amhail gach
madra eile, agus bíonn ceithre choileán i ngach cuain; ach go
bhfuil siad tugtha do dhaorsmacht, mar is namhaid do na
coileáin an easóg, agus go minic go maraíonn iad le linn na seansionnaigh
a bheith amuigh ag seilg dóibh féin, nó b'fhéidir á
seilg le conairt gadhar.
94. An giorria. Is é is cliste agus is luainí dá bhfuil sa mhachaire,
agus is mar sin a bheireann sé bua ar a naimhde, cé gur
mór iad. Ar dtús, is dá naimhde gach seabhac, gach sionnach,
agus an easóg - ó is í is measa den iomlán, mar bíonn sí go cinnte
faoi na haillte, agus ní mó ná go bhfuil imeacht ag éanlaith an
mhullaigh uaithi, mar tá sí ó nádúr réidh chuige seo, ionas go
mbíonn a heagla ar gach éan, bíodh gur iolar, fiach nó seabhac é;
agus scriosann an namhaid beag millteach seo níos mó de na
giorriacha ná an t-iomlán dá naimhde eile, nuair a scriosann na
pisíní maraon leis an sean-bhunadh - agus níl dul suas uaidh.
Níl an giorria geanmnaí, óir, ar nós an chait nó an mhadra,
bíonn iomaí boc ag feitheamh ar gach baineannach san am a
mbíonn sí ina séasúr, ionas go mb'fhéidir nach mbeadh dhá
phisín le haon bhoc amháin díobh, agus is dhá chúpla is ál
dóibh; cé go bhfuil a fheoil glan agus dea-bhlasta, agus go
ndéanann spórt agus pléisiúr mór do dhaoine uaisle, agus mar sin
go gcoinníonn siad comhad air chomh maith agus is féidir leo ó
gach namhaid, amhail agus dá mbeadh dá maoin féin. Agus is
é sin, agus a chlisteacht féin a fuair ó bhroinn ó nádúr an
cara atá aige.
95. An coinín. Is cosúil leis an ngiorria é, ionas gurb as a
méid amháin a aithnítear iad mura mbeadh ar a ngar dóibh.
Is é an giorria is mó ach is é an coinín is méithe agus is plumanta
den dís. Agus mar an gcéanna ní hionann fionnadh nó clúmhach
dóibh araon; óir tá clúmhach an choinín fíneáilte mórluachach,
ionas nach bhfuil ní ar bith is fearr le haghaidh hataí nó boinéad
ban uasal ná clúmhach coinín. Ar an ábhar sin is minic gur mó
luach an chraicinn ná an chonablaigh.
Agus is é is nádúr dó go ndéanann sé poll dó fein sa talamh mar
áit chónaithe, agus go dtéann sé as sin gach oíche don mhachaire
agus itheann féar amhail bó nó caora. Agus ní itheann ní ar bith
eile, ionas nach bhfuil ní ar bith i measc na n-earc-bheathach is
glaine ná é. Ach tá sé gearrshaolach, agus tugtha do thaogail
agus lasmuigh de sin tá iomad naimhde ag brath air, mar atá, na
héanlaithe cíocracha ar dtús, agus ina dhiaidh sin, sionnaigh,
easóga, luchóga, pioróidí etc, agus i ndiaidh an iomláin - an
duine, de bhrí gur de mhaoin an duine a mbíonn ina chuid
talún de. Óir tá siad seo ró-líonmhar, ionas gur líonta na machairí
díobh i mórán áiteanna, agus go ngabhtar iad le pioróidí agus le
líonta, agus díoltar iad amhail agus ní ar bith eile dá dtógtar
faoi thithe scológa nó daoine uaisle.
96. Tá an coinín saonta agus gan olc, agus ní dhéanann se
dolaidh ná díth d'éan ná d'earc, cé go ndéanann iomad díobhsan
dolaidh dósan go minic; agus dála gach ní eile den cháilíocht seo,
is é is síolmhaire díobh go hiomlán, cé nach dtugann an nádúr dó
mar sciath in aghaidh a mhórnaimhde ach a thuiscint agus a
chrúba.
Ionas go mbeadh sé as cumhacht gach scriosadóra, téann siad
seo agus déanann siad coinicéar - is é sin le rá, téann mórán díobh
in aon áit, agus déanann gach péire díobh poll dóibh féin, ionas go
mbíonn an talamh ina criathar poll; agus ansin tosaíonn siad
ar shíolrú, agus tugann siad amach aon ál déag sa bhliain. Óir
nuair a bheirtear an t-ál óg, ní bheireann an mháthair an dara
díobh nó go nglacann an boc, agus bíonn ál eile aici i ceann
míosa.
Agus nuair a bhíos sí ag dul amach stopann sí an poll ina
diaidh d'eagla ní ar bith feille i gcomhair na bpisín.
Ionas nach bhfuil sórt ar bith eile de na beithígh bheaga seo
is lú olc agus is mó naimhde, agus is mó a théann chun sochair
don duine, ná an coinín. Agus tá sé chomh saonta simplí sin
go dtallann leis na daoine, agus go mbíonn ina pheata ag cuid
díobh, agus go ndéanann caidreamh mór le páistí agus le mná
tí, agus síleann daoine iad a bheith sona.
97. Is í an easóg an namhaid is mó amuigh, de bhrí nach bhfuil
sórt ar bith eile éin no eirc dá ngluaiseann fá thalamh nach
bhfuil sí ina namhaid aige. Óir is eisfheoil is bia dóibh, agus ní
mian leo a hathrach a ithe, ach amháin nuair a bhíos na héanlaithe
ag síolrú, go scriosann siad na neadacha agus go n-ólann siad na
huibhe; agus mar sin gur mór an chreach a dhéanas siad ar an
slua neamhurchóideach seo, agus fágann na mílte díobh gan
álta gach bliain. Agus tugann seo ar sheabhaic agus ar fhiacha
dubha a bheith níos gainne na bheidís ach amháin an namhaid
bheartúil seo. Mar is fá na clocha agus fá na carraigeacha
agus fá na hionaid uaigneacha a chónaíos agus a shíolraíos na
héin chíocracha, is ann mar an gcéanna a bhíos iomarca na
n-easóg, agus scriosann go minic a neadacha, agus a n-éin óga
mar an gcéanna. Agus ar an nós céanna itheann na héin seo na
heasóga óga - ar ghléas gurb í an nádúr d'aontoisc a rinne na
droch-chomharsana seo dá chéile.
Tá an easóg fada garbh-eireaballach, agus soc fada caol
uirthi, agus is í is dána de na hearca athfhuafara dá bhfuil sa
ríocht seo, agus níl ní ar bith nach bhfuil a huamhan air dá
ngluaiseann san fhoraois. Agus ní heagal léi féin ní ar bith ach
an duine amháin, agus cait agus madraí; ach is é an cat an
namhaid is mó, mar is féidir leis dul sna crainn ina diaidh.
98. Ach níl slí imeachta ag éan ná ag earc ón easóg, de bhrí go
dtéann sí ó chrann go crann amhail iaróg, agus tá sí beartúil,
ionas go maraíonn a lán de na héin chraosacha lena gliceas.
Is minic, nuair a fheiceas sí iad os a cionn, go ligeann uirthi a
bheith marbh, nó go dtógann leo í; agus ansin gearrann na
scornacha acu, ionas go dtiteann siad faoi thalamh; agus ansin
ólann sí a bhfuil. Ionas go dtugann sí dúshlán na foraoise.
Agus go cinnte tá sí sochrach don duine, de bhrí go scriosann
sí na lucha francacha as gach áit dá mbíonn a taithí, agus ní
bhaineann le nithe a bhíos ar a ghar.
Gráinneog - an ní is saonta agus is lú olc de shlua seo na
n-earc. Tá sí ceithre-chosach, agus ceann uirthi ar nós broic
nó luchóige agus níl tapa ná bíogadh inti amhail earca eile,
ionas nach bhfuil moill ar mhairtíneach ar bith a gábháil, agus
mar sin fein tá sí cumhdaithe ó nádúr. Óir cé go bhfuil sí de
chineál na n-earc, tá cáilíocht éin inti, óir ní fionnadh atá uirthi
mar atá ar an gcuid eile, ach sórt cleití, agus ní mar chleití ar
bith eile atá siad, ach coilg amhail dealga géara. Agus tá éisteacht
aici níos géire na formhór na n-earc eile, ionas go n-ullmhaíonn í
féin faoi chomhair gach ócáide dá dtagann ina slí - tá ann faoi
réir. Agus tig léi í
99. féin a chruinniú suas ar nós balla chos, agus an craiceann
ina timpeall, ar ghléas nach féidir do bheithíoch ar bith díth nó
dolaidh a dhéanamh di ar aon chor; agus fanfaidh sa staid sin
go dtí go n-imíonn a namhaid uirthi.
Ach is é an tslí bheatha is mó atá aici, lón a dhéanas sí in
aimsir na measanna, agus is lena aghaidh seo a fuair ó nádúr
na dealga seo atá ar a craiceann; óir nuair a bhíos na húlla faoin
talamh, tagann an ghráinneog agus déanann í féin a iomlasc
iontu, agus greamaíonn siad iontu, agus bíonn ualach a droma
léi, agus téann sí dá nead, agus déanann lón mar sin amhail mar a
theagasc an nádúr di; agus is mar sin a thagas an ghráinneog
suas ar mheasanna agus ar fhéar, agus ní itheann nithe neamhghlana
- cé go measann daoine í fein a bheith neamhghlan. Ach
sa sean-reacht d'itheadh daoine san oilean seo iad.
Luchóga. Is nithe millteacha athfhuafara iad, agus is mór an
díobháil a dhéanas siad. Óir níl ní ar bith faoi thithe chomh
millteach leo. Agus tá siad ró-líonmhar, óir tugann siad mórán
álta amach sa bhliain, agus bíonn deich nó dó dhéag de phisíní
i ngach ál; agus tá iomad slí acu chun a sábháil ar a naimhde,
óir tig leo polladh faoi bhallaí na dtithe agus cónaí i bhfad
d'ainneoin gach slí nó meáin
100 dá dtionscnaíonn intleacht an duine chun a scriosta, agus
cé go bhfuil iomad naimhde ag an sórt seo earca, tá siad chomh
líonmhar agus go dtugann dúshlán gach bíobha dá bhfuil acu.
Tá ceithre shórt luchóg sa tír seo, mar atá: - lucha móra, dá
ngairtear lucha francacha; agus lucha dubha, dá ngairtear na
sean-luchóga Gaelacha; lucha beaga, agus luchóga féir. Agus
scriosann siad féin a chéile, ionas nach bhfeictear ach fíorbheagán
de dhá chineál díobh seo, is é sin le rá, lucha dubha agus lucha
féir, ar an ábhar gur dhícheann na lucha francacha an dá chineál
luchóg Gaelach seo ar nós mar a dhíbir eachtrannaigh seanstoc
na ndaoine agus síleann cuid de mhuintir na ríochta seo gur
thuar air seo scrios na luch Gaelach leis an hearca allúracha seo;
de bhrí gurb ionadh le cuid de na daoine, Éire, a bhí lán de
luchóga roimh ghabháltas gall, brascán ró-bheag a tháinig
isteach le longa, an seanstoc luch a ionnarbabh as a dtír fein.
Agus mar an gcéanna, de réir mar a bhí na Gaeil á gcloí, go
raibh seanstoc an eallaigh ag imeacht ar an nós céanna. Agus
tá daoine géarchúiseacha go leor den intinn seo.
101. Agus gan sórt ar bith amhrais, tagann comharthaí le
hathruithe, agus is fíor gur imigh an seanstoc de gach sórt
éanlaithe agus eallaigh, agus fós de na daoine mar an gcéanna.
Bhí in Éirinn aon uair amháin, daoine agus eallach níor urrúnta
agus níos fearúla ná atá ar an uair seo, de bhrí go bhfuil cnámha
daoine agus eallaigh a fhaightear sna reiligí agus sna móinte a
chruthaíos go soiléir go bhfuil claonadh mór sa nádúr san oileán
seo taobh istigh de dhá chéad bliain.
Ach ní hé sin amháin, ach cá bhfuil an cearbhfhia ar a dtráchtann
na sean-staraithe, agus a bhfaightear a gcloigne in íochtar
poill mhíonlaigh agus mhóna go dtí an lá seo? Ar ndóigh, an
té a fheiceas seo, creidfidh sé gur mhair an fia-chearbh seo lá
éigin san oileán seo; agus gan amhras go gcreidim gurbh iad na
beithígh allta ba mhó den uile eallach san sean-aimsir. Óir bhí
an t-eallach mór seo in Éirinn ó nádúr sula raibh daoine ann.
Ach, gan amhras tá athrú mór i ngach ní dá bhfeicimid le gearraimsir,
rud a chuireas in iúl go bhfuil gach díne ag claonadh
agus ag éirí níos meataí agus níos dearóile gach lá dá bhfuil ag
teacht.
102. Is í an luchóg fhéir is lú de chineál na n-earc seo uile,
agus síleann daoine go bhfuil bua éigin uirthi; agus dá aithle
sin is iomaí cleas a dhéanas siad léi.
Bruitheann cuid díobh ar uisce í, agus tugann do pháistí a
bhíos ag mún sa leaba, mar dheoch in aghaidh an ghalair sin í.
Agus cuid eile a shánn pionnaí tríthi agus a chuireas faoina
gceann sa leaba í, i ndúil go bhfeicfidh siad ábhar a gcéile. Ach
is mór atá seo ag dul as dáta, de bhrí gurb annamh a fheictear
luch fhéir anois, mar nach mór nach bhfuil siad scriosta as an
oileán seo, dála gach cleachta eile a bhí sa sean-reacht.
Plumbarlán. I measc na gcearnamán ba chóir trácht air seo,
óir is cearnamán sciathánach é, amhail ciaróg a rachadh in
anmhéid; agus tagann faoi chuairt sa samhradh. Is é is nós
dó seo, go n-éiríonn agus go bhfásann as bualtrach nó as otrach,
agus in aimsir thais nó ar theacht do fhliuchnadh, go mbíonn
sé ar fuaidreamh ó áit go háit, ag dorsán nó go dteagmhaí leis
bualtrach nó otrach, agus teilgfidh é féin ann, ionas nuair a
fheictear nó a chluintear an plumbarlán, go dtuigeann na daoine
an taisleach a bheith i bhfogas dóibh.
103. Tá a lán de nithe san oileán seo nár thrácht mise fós
orthu, agus mórán díobh atá do-chuimseach do mo chéadfaí.
Ar dtús tá sluaite beaga atá doiléir; agus mar an céanna, nithe
soiléire nach dtuigim cad é is cáilíocht dóibh; agus nithe eile
atá chomh coiteann agus nach bhfuil scológ, bean tí ná cailleach
chearc ar bith nach bhfuil ina bhfealsúnaí orthu, de bhrí gurb
orthu a thagas siad i dtír, agus go bhfuil siad róthréitheach i
ngach beart dá mbaineann leo; ar chóir go dtuigeann an scológ
an t-am cinnte is cóir dó gach ní dá mbaineann lena ghnó féin a
chur in ordú agus a ghiollaíocht. Is éigean dó a thabhairt dá
aire, bíodh gur barr talmhaí nó eallaigh iad, óir is air seo atá a
bheatha, agus dá bhrí sin tugann sé aire do gach ní ina shéasúr
féin.
Is branradh an ghiollaíocht is fearr a thagas leis an gcruithneacht,
agus is é an samhradh an t-am is cóir a ghiollaíocht.
Ar dtús, a threabhadh agus a ligean le grian seal; ansin a bhalcadh,
agus ansin a ghoráil, agus ligean dó mar sin go deireadh an
tsamhraidh go mbeadh sé rósta go maith leis an ngrian; ansin a
fhuirseadh go mín, agus tar éis an síol a fháil réidh mar is
gnáth a dhéanamh etc.
104. mar atá: Ar dtús an síol a chur faoi aol, agus ina dhiaidh
sin a chur le céachta in aimsir na Féile Michíl - is é sin le rá, i
ndeireadh Mhárta an fhómhair - ionas go mbeadh sí fréamhaithe
sula dtiocfadh an dubhlacht. Agus is í seo togha gach uile
arbhair, de bhrí gurb í a dhéanas an plúr is fearr agus is folláine
den uile arbhar, agus lena úsáid lena cáithleach, go bhfuil íocúil
ró-fholláin.
Is é an seagal is foisce don chruithneacht ina cháilíocht, óir is
maith a thagas siad le chéile in arán; óir is minic a chuirtear iad
in aon áit, agus fásann i gcumasc le chéile. Agus is cóir an síol
a chur go moch sa séasúr, de bhrí go bhfuil sin ó nádúr acu
araon, óir tagann an seagal isteach go mall. Ach tagann an
talamh éadrom leis an seagal, agus is é an talamh láidir is fearr
a thagas leis an gcruithneacht - ar chóir go mb'fhearr a gcur ar
leith, agus ansin a gcóimheascadh le haghaidh meislin. Agus
is maith láidir an t-arán a dhéanas siad mar sin, ach b'fholláine
dóibh roinnt den cháithleach a athrú, óir is sa chraiceann atá íce
an dá arbhar seo. Agus is slim is folláine iad, de bhrí go
n-athraíonn laibhín nó giosta an cháilíocht, agus go n-athraítear
an tsubstaint íocúil go substaint éigin eile.
105. Tá dhá shórt eorna in Éirinn, mar atá, eorna mhór agus
eorna bheag. Is í an eorna mhór a bhí ann ó thús, agus bíonn
aibí níos moiche sa séasúr ná arbhar ar bith eile - ionas sular
tháinig na prátaí ar dtús, gurb í an eorna mhór ba bheatha laethúil
do mhuintir an oileáin seo, agus go bhfuil in a lán áiteanna
fós faoi mhór-mheas. Óir ní ghlacann sí an oiread saothair ná
giollaióchta leis an eorna bheag, agus tugann fortacht do dhaoine
go moch sa séasúr, agus deir na seandaoine nach bhfuil neart sna
fir ó stad siad d'ithe arán na heorna móire. Óir sular tháinig
na harbhair éagsúla eile bhíodh garraí eorna móire ag gach
muirín, amhail agus mar a bhíos garraí prátaí acu anois; agus
níl grán ar bith dar tháinig riamh don áit seo is mó a dtráchtann
na sinsir air an oiread leis an seanleanbhán tí seo.
Fásann an eorna mhór go garbh, agus bíonn ceithre ródha
grán i ngach dias, agus bíonn féasóg gharbh uirthi, ionas go
dtuigfeadh duine í a bheith níos stubranta ina cáilíocht ná
arbhair eile. Is i dtalamh láidir is fearr a fhásann sí, agus má
chuirtear san earrach í, beidh sí aibí faoi Lúnasa. Agus níl
chomh híocúil leis an eorna bheag, ná chomh maith chun biotáillí
a dhéanamh di, ach is í is fearr ina harán.
106. Ach ní théann sí chun sochair don scológ mar théas an
eorna bheag. Óir is í seo is mó íce de na huile arbhair, agus is
í is fearr le haghaidh dí, ionas gur di is mó a dhéantar úsáid sa
chás seo, óir is di a dhéantar an bhraich agus an bhiotáille. Tá
sise féin moch ina haibiú, agus níos maille ina síolchur, de bhrí
gur i dtús an tsamhraidh is séasúr cuir di, agus bíonn ina dhiaidh
sin ar an mbarr is moiche a aibíos. Tá dhá ródha grán sa dias,
agus í féasógach, ach níl sin chomh láidir leis an eorna mhór.
Tá sí níos cineálta ina cáilíocht, cé nach bhfuil sí ar son aráin.
Is di a dhéantar gach beoir agus uisce beatha a dhéantar a
úsáid le huasal agus íseal sa chríoch seo agus in iomad d'áiteanna
eile, i gcruth go dtugann luach saothair maith don saothróir ar
son a oibre.
Agus is é an dóigh a dhéantar a húsáid mar seo: - Ar dtús
déantar braich di, agus ansin braichlis, agus ina dhiaidh sin
beoir nó uisce beatha. Agus is mar sin a dhéanas sí saibhreas
mór, ní hé amháin don scológ, ach fós don bhraicheadóir, agus
do mhóran eile, agus mar an gcéanna don chonachair, agus
don dochtúir féin; óir tá mórán cáilíochtaí íocúla inti. Óir
lena bruith ar uisce is maith í ar na fuail agus ar a lán de ghalair
eile a bhíos loiscneach ina gcáilíocht, agus go mór mór i bhfiabhras
a leanann casachtach.
107. Tá sóirt éagsúla coirce in Éirinn, ach tháinig siad uile i
gcéin; agus is é an sean-choirce dubh a tháinig ar dtús, agus ina
dhiaidh sin an sean-choirce bán as an Tír Fó Thoinn etc. - gur
tháinig iomaí cineál, is maith an sórt arbhair é.
Óir déanann sé min dea-bhlasta, agus is air is mó a thagas
boicht na hÉireann i dtír, óir fásann sa talamh nach dtabharfadh
cruithneacht ná eorna - ionas go sílfí gur d'aontoisc le húsáid
don bhocht a chruthaigh Dia é ó thús. Agus na capaill mar an
gcéanna, is coirce a itheas siad. Agus déanann sé fós uisce
beatha, arán so-bhlasta, "stirabout", agus cáfraith, agus déantar
a úsáid i mórán dóigh eile nach bhfuil anseo, ach go mór mór
gurb é is mó a bheathaíos daoine agus eallach ar muir agus ar
tír de gach a bhfásann san áit seo.
Ach tar éis é a bhualadh agus a cháitheadh, is éigean a chruachadh
agus a sciolladh, agus ansin a mheilt agus a chriathrú sul a
mbeidh sé ar son úsáide an duine, agus dá bhrí sin, tugann sé
slí bheatha dá lán lucht ealaíne, ionas gur mór an saibhreas
agus an tairbhe a thagas ón mbarr seo. Agus go bhfuil gach
arbhar eile úsáideach in acais éigin.
Is ar a chéile mar sin a d'ordaigh an eagna do-chríochnaithe
gach ní ó thús, ionas go mbeadh meas agus muirn ag an duine ar
gach ní dar chruthaigh sé; agus is beag a thuigeas na nithe seo,
ach amháin go bhfuil de nádúr ag gach ní a bheith neamhbhuan,
108. agus gur ó bhliain go bliain a thugas an talamh toradh
uaithi, agus go mór mór go dtéann ar neamhní. Ach de réir
eagna Dé atá gach ní mar atá siad.
Níor tháinig sórt ar bith don oileán seo riamh ba mhó úsáid
ná na prátaí agus ab fhusa a ghiollaíocht. Óir ní raibh níos
mó le déanamh leo ach a dtógáil agus a mbruith, ach gurbh
éigean saothar a ghlacadh leo á gcur.
Níl gráinne ar bith eile nach éigean a chur iomlán, ach é seo
amháin, agus is é is nádúr don síol seo, a chorp a roinnt i mórán
de scailpeanna, agus is éachtach an cháilíocht atá sa ghráinne
seo de bharr ar gach sórt eile dá gcuirimid sa chréafóg. Ach dá
gcuirtí iomlán é ní bheadh ach toradh beag míofar air, de bhrí
nach cóir a bheith ach aon alt amháin ar gach scailpeog; agus
is éigean a gcur sé orlach faoin gcré, agus ina dhiaidh sin a
gcoinneáil glan, gortghlanta nó go dtaga a mbláth; agus ar an
nós sin déanann siad cíoradh sa talamh, agus fásann suas faoi
thóin na ngas nó go mbíonn ar son úsáide. Agus ansin is maith
an bheatha daoine agus eallaigh iad.
Tá an pónaire fós sochrach don scológ, agus déanann beatha
mhaith do chapaill agus do mhuca, agus fós itheann
109. daoine féin é - ach sin le linn a bhruite iomlán, óir ar
son go meiltear agus go ndéantar min de, is ró-annamh a dhéanas
daoine a úsáid mar bhia. Ach nuair a bhíonn sé leathghlas,
sula mbíonn sé iomlán aibí, is é is mó a dhéanas daoine a úsáid
mar bhia dóibh féin. Agus is ar nós an phráta is éigean a chur
agus a ghiollaíocht, ach nach ionann airde úire a chuirtear
orthu; óir is ceithre orlach de chré is éigean a chur ar an bpónaire,
agus is í sin a bheith mín, agus is éigean a ghortghlanadh amhail
gach arbhar eile. Agus is maith, folláin an bheatha daoine
agus eallaigh é. Bíonn ina bharr sochrach don scológ.
Is barr torthúil an phis, agus is mór an úsáid a dhéantar di i
ngach áit, óir is bia so-bhlasta í do dhaoine agus d'eallach agus
lena meilt déanann sí min mhilis bhlasta. Agus tá cineálacha
éagsúla di, ach ní ar an nós amháin a dhéantar a giollaíocht ná
a húsáid.
Is í an phis riabhach is coitianta agus is mó a théas chun
sochair don scológ, mar tagann sí le talamh bocht nach mbeadh ar
son barr ar bith eile a thabhairt; agus in áit a bhochtú, is é a
ramhraíonn agus a thugann isteach é chun barraí eile. Ach an
phis bhán, is i ngarraithe saibhre is ceart a chur, agus bíonn an
barr seo moch sa séasúr, agus is í is milse blas den uile shórt pise.
110. Is é an piseánach is lú féileog agus gráinne de gach pis
díobh seo, agus tugann talamh ó bhoichte barr maith di, agus
níl bia capall is fearr sa séasúr ná an piseánach. Ach ar nós
farae is mó is cóir a úsáid. Agus ar nós gach arbhair eile is ea a
chuirtear gach pis.
Tá barr eile atá ró-choitianta anseo, agus cé nach chun bia atá
sé, is é an barr is tairbhí agus is mó a thugas sásamh agus luach
saothair don scológ é, mar atá, an ros, ar a dtagann líon, dá
ndéantar línéadach. Agus is beag den phór seo a thógtar in
Éirinn, ach tagann sé anseo ó chianta eile in aimsir an tsíl; agus
cuitear i ndeireadh an earraigh, nó an chéad seachtain den
samhradh, agus bíonn sé aibí faoi Lúnasa. Tagann bláth gorm
air ar dtús, agus ina dhiaidh sin boilg, mar a mbíonn an pór dá
ngairtear ros. Ansin tarraingítear as a fhréamhacha, agus
ceanglaítear ina phunanna, agus maothaítear in uisce nó go
dtite na boilg, agus ansin is éigean a shrathú agus a thuaradh nó
go mboga na stalcóga, agus go dtagann as an gcraiceann ina
gcoilg, agus go bhfágann an craiceann ina dhlaoithe fada; agus
ansin déantar a shiostalú agus a shníomh, agus tar éis sin, a fhí,
go mbeidh sé ina línéadach, agus ina dhiaidh sin is éigean a
thuaradh lena ghealadh. Ionas gurb é is mó
111. a thugas obair agus slí bheatha do dhaoine, de gach uile
bharr dá dtagann san oileán seo. Óir níl earra ar bith eile is
mó a bhaineas le ceirdeanna agus le healaíona ná ceird an
línéadaigh.
Agus sa tuaisceart is fearr a thagas sé, óir ní thagann talamh
láidir nó stubranta leis an ros, ach talamh greallaí, is é sin le
rá, talamh fionn-tais ag a mbíonn bonn cré báine. Agus is
éigean a fhuirseadh go mín; agus ba mhór ab fhearrde cloch-chaite,
leis an talamh a dhúnadh ar an ros, ionas go mba ghasta a
ghlacfadh sé leis an talamh agus a d'fhréamhfadh sé.
Bochtaíonn barr ros an talamh go mór, ach an t-uisce ina
mbáfaí an líon, dá gcuirfí ar an talamh mar leasú é, tar éis an
líon a thógáil as, d'fhágfadh sé an úir chomh méith agus a bhí
sí ó thús; ach ní thuigeann gach duine seo.
Ach ní hé seo amháin suáilce an rois, óir níl sórt ar bith eile
gráinne is mó úsáid ná é. Agus tá sé ró-íocúil, óir tá sé lán
d'ola, agus is ró-mhór an sochar agus an tairbhe a dtéann sin don
duine. Agus tar éis sin, déanann sé min a bheathaíos agus a
ramhraíos eallach; agus le ros a bhruith ar uisce, leigheasann
slaghdán droch-chasachtaigh, agus is ró-mhaith an ola ag leigheas
dónna nó loscadh. Ionas nár fhás as talamh riamh ní ar bith is
úsáidí don duine ná an ros.
112. Tá sórt eile a shníomhas amhail an líon, dá ngairtear
cnáib, agus is mór an tairbhe a dteánn seo féin don duine. Fásann
sí go tlachtmhar, beagnach ar nós fofanáin no bleachtáin, agus
bíonn craiceann righin uirthi amhail an líon. Agus is í seo a
dhéanas cáblaí agus rópaí is seasmhaí ar bith, ionas gurb iad a
dhéantar a úsáid formhór ar muir agus tír, agus gurb í is láidre
agus is buaine de na cineálacha sin go hiomlán. Agus tig le
daoine a fí agus a gealadh mar an líon. Ach ní he gach talamh
a thugas í, agus mar sin is i talamh daoine uaisle is gnáth í a
bheith curtha, agus déanann maith acu ar muir nó ar tír. Ach
níl sí ach gann san oileán seo.
Tá barr eile, dá ngairtear ráib, agus is i dtailte éadroma is
fearr a fhásann sí, agus bíonn dhá bhliain sula bhfaightear a
toradh, ach an chéad bhliain fónann sí le beathú eallaigh. Fásann
sí ar nós tornapaí, agus is é an pór is tairbhí di, óir buailtear í
ar nós arbhair. Díolann an pór go maith le haghaidh ola, agus
an chéad bhliain is maith an glasra í, agus itheann muintir na
tuaithe í mar ghabáiste; ach an dara bliain is ea a aibíonn agus a
thugann an pór lena ndéantar an ola dá ngairtear an ola ráibe;
agus déanann sochar mór don scológ.
AG SEO AN tOCHTÚ CAIBIDIL ANSEO SÍOS
113. Is mór na tíolacthaí a thug Dia don dhuine de bharr ar
gach ní dár chruthaigh sé, le go dtuigeann sé cad is ciall do gach
ní dá mbaineann lena bheatha féin, agus fós gach ní eile dá
mbaineann le beatha daoine agus eallaigh - ionas gur i ngliceas
an duine atá muinín gach créatúir. Ionas gur follas gurbh é an
duine a fuair dá réir, gach céadfa dá bhfuair sé de bharr ar
gach créatúr eile a d'ordaigh Dia, chun gach ní diamhair folaitheach
a chuardach amach; agus le haghaidh na hoibre seo, thug
dó tuiscint, toil agus cuimhne - is é sin le rá, meabhair - trí ní
nach féidir leis an nádúr a thabhairt dá clann, ar an ábhar nach
ón nádúr a thagas siad, ach go bhfuil siad spioradálta, agus gurb
iad a bhaineas leis an anam atá sa duine, agus atá déanta de
cháilíocht dhiaga, agus a chónaíos maraon le corp an duine an
fhad a bhíos ina bheatha; agus ina dhiaidh sin a théas a thabhairt
cuntais uaidh cad é an úsáid a rinne sé de na trí thíolacadh
neamhaí seo, nó fós de na cúig chéadfa nádúrtha a fuair sé óna
mháthair, mar atá: - blas, boladh, mothú, amharc agus éisteacht.
Óir is iad seo na cúig phéarla is uaisle i stór-chiste an nádúir.
Agus amhail mar a roinn
114. Dia leis an duine a rinne sé ina dheilbh féin, na trí thíolacadh
neamhaí seo, is mar an gcéanna a d'ordaigh sé don nádúr a
bhí le bheith ina máthair ag gach slua, na cúig thíolacadh uaisle
seo a thabhairt dá ginte féin. Agus is mar sin a thugas an talamh
do gach ní beo dá ngintear óna broinn féin, na péarlaí seo, de
réir mar a d'fhág Dia an chumhacht. Ar an ábhar sin, níl ní
ar bith dá ngintear ón talamh, gan na cúig chéadfa nádúrtha
seo aige, más ní a mbeadh anam nádúrtha ann. Agus is air sin
a bhíos a bheatha, óir treoraíonn siad é chun gach ní dá dtugann
talamh mar bhía fóinteach do gach ní dóibh.
Ach ní hionann a thugas dóibh iad, óir amhail agus tá cáilíochtaí
éagsúla sa talamh, is mar sin atá cáilíochtaí éagsúla ina clann,
nach ionann dóibh blas, boladh, mothú, amharc ná éisteacht.
Agus is chun maitheasa agus sochair do gach ní beo atá seo
mar seo; de bhrí dá mba é an blas amháin a bheadh acu, go
mb'ionann bia agus deoch ba mhian leo, agus nárbh fhéidir don
talamh an t-iomlán a shásamh, nó friotháil a dhéanamh dóibh.
De bhrí go bhfuil mórán de cháilíochtaí sa talamh féin agus
nach ionann barr a thagas uathu seo, is mar sin atá blas daoine
agus eallaigh, éanlaithe, éisc agus earc, contráilte dá chéile,
ionas go n-itheann agus go
115. n-ólann daoine bianna agus deochanna éagsúla, agus go
mbíonn a ndóthain acu; agus éanlaith agus eallach mar an
gcéanna.
Ar an nós céanna, ní hionann is léir dóibh, óir dá mba ar an
nós amháin a d'fheicfeadh gach duine, bheadh spéis gach aoin
de réir a chéile, agus bheadh sin ina chúrsa imris. Ach dála an
bhlais, agus mar ba thoil le hÚdar an nádúir é, agus mar nach
ionann fíoraíocht dreacha nó deilbhe dóibh, ní amháin do gach
duine, ach fós gach éan, earc, eallach agus iasc, agus mar an
gcéanna nach ar an modh amháin a thagas siad i dtír, is mar sin
a fuair gach aon díobh radharc ar leith, ionas nach mbeadh a
dtaitneamh ar aon nós - agus mar sin nach ionann a thugas fir
grá do mhná, ná mná d'fhir. Agus freagraíonn seo i mórán de
chásanna eile.
Agus mar an gcéanna an t-eallach, fuair siad amharc de réir
gach nóis a bhí d'uireasa orthu féin agus chun sochair don duine,
ionas go mbeidís umhal don tiarna a chuir Dia ós a gcionn, agus
nach mbeadh an duine tíoránta os a gcionn.
Agus do na héanlaithe tugtar amharc de réir a nádúir, amhail
agus a bhíos a slí bheatha dóibh féin nó in úsáid don duine.
Agus feictear ansin nach ionann a fheiceas gach éan den slua,
ach an chuid a thagas i dtír ar sheilg, gur thug an nádúr súile
seilge dóibh.
116. agus goib chrua agus muiníl ghearra, ionas nach mbeadh
leatrom ar bith ag cur as dóibh i slí a mbeatha - agus sin de
réir an tsóirt seilge dá raibh siad tugtha.
Do gach sórt seabhac thug an nádúr slí chun a n-éadáil a
ghabháil, de réir an bhlais a thug sé dóibh. Fuair an chailleach
oíche, mar bhí spéis aici i bhfeoil luchóg, ceann agus súile ar nós
an chait, agus amharc géar san oíche, ionas go rachadh seo chun
sochair di féin, agus fós don duine. Agus is ar an nós céanna
atá an eiteog leathair. Is san oíche is géire a hamharc, mar
bhíos an drúcht ar na cuileoga agus go dtig a slogadh níos réidhe;
agus fós gur san oíche is mó a ghluaiseas na cearnamáin atá de
réir a mblais agus a nádúir. Agus mar an gcéanna na héin
iascmhara - is é sin le rá, na corra. Tugann an nádúr goib
chrua agus muiníl fhada agus súile éisc, ionas go mb'fhéidir
leo a mbeatha a fháil de réir bhlas a gcoguais.
Agus is mar sin a thugas an nádúr buanna seachas a chéile dá
clann, de réir na cáilíochta a thug sí do gach cineál ó thús, ionas
go bhfuil gach ní díobh seo soiléir so-thuigthe, agus gur céadfaí
dalla ó nádúr, nó ainbhfios, nach dtuigfeadh nach ó athrach
eagna do-chuimseach, agus ó chumhacht aimhchríochta éigin
ab fhéidir seo a bheith, agus
117. gurb é Dia amháin a rialaíos agus a threoraíos an nádúr
go hiomlán; agus go bhfuil na buanna céanna ag gach ní dá
ngintear san uisce, chomh maith leis na nithe talmhaí. Óir
níl iasc sa mhuir nach bhfuil a gcéadfaí corpartha acu ar nós
éigin, agus mar an gcéanna, beartúlacht agus arm ó nádúr acu,
chun iad féin a chosaint, agus a n-éadáil a ghnóthú.
Agus mar an gcéanna, ní hionann a bholaíos gach aon de na
cineálacha éagsúla, ach bolaíonn gach cineál daoine ar an nós
amháin, agus is mar sin atá boladh ar leith ag gach sórt faoin
ngrian dá bhfuil gaosán aige.
Ach éisteacht agus mothú, roinn an nádúr an dá chéadfa seo
lena clann uile ar an nós amháin, ach gur thug do chuid díobh
níos mó ná a chéile, de réir na cáilíochta a raibh siad de.
Agus tá d'ualach ag gach duine, ó Dhia agus ó nádúr, aire a
thabhairt do na tíolacthaí mórluaigh seo a fuair siad mar cheart
breithe óna máthair nádúrtha, agus gan a gcur ar neamhní lena
ndroch-bheatha, amhail mar chuir Dia d'ualach ar an nádúr,
gan aon de na tíolacthaí a d'fhág sé ina cumhacht a choinneáil
óna ginte, bíodh go mbeadh easumhal agus tugtha d'olc, agus
gan leathcheal a dhéanamh ar an trua ach oiread leis an tréan.
Agus is mar sin a roinneann an nádúr go minic níos féile leis an
trua ná leis an tréan.
118. Is iontach mar a thagas an talamh agus an fharraige le
chéile sa chás seo, agus ní hionadh sin, de bhrí gur dís deirfiúr
iad, agus gur san uisce a cruthaíodh an talamh ó thús; de bhrí go
raibh an t-uisce roimh an talamh, cé gur gairid é ó chóimheasc
Dia gaoth loiscneach leis an uisce - is é sin le rá, tine agus gaoth
le chéile - nó gur gineadh an talamh i mbroinn an uisce. Óir is
feasach do dhuine go bhfuil cáilíocht triomlaigh sa dá shórt seo ó
shin anuas, agus gur ina dhiaidh sin a scar Dia ó chéile iad.
Ionas go bhfuil na céadfaí céanna ag clann na mara agus atá
ag clann na talún, ach an duine amháin a rinne Dia ina dheilbh
féin, agus thug dó trí chéadfa os cionn gach ní eile dá ndearna
sé, agus is é sin le rá, tuiscint, cuimhne agus toil. Agus is iad
seo a dhéanas an coinsias, is é sin an fhianaise a dhéanas breithiúnas
idir an t-anam agus an corp, mar a deir Naomh Pól ina
Litir chun na Rómhánach. Agus tá an triar seo spioradálta,
agus tagann siad le chéile maraon, óir nuair a thagas smaointe
san intinn, le mianta na colainne, tagann siad i láthair na tola,
agus feiceann an tuiscint cé acu maith nó olc iad, agus cuireann
an chuimhne in iúl an teagasc, agus gach rabhadh eile a chuala,
agus cuireann uamhan agus náire
119. ar lucht na ndroch-ghníomh - agus ón spiorad seo a
thagas an náire.
Óir is de na trí ní a choisceas ainmhian an náire. Óir tá trí
ní a choisceas droch-chlaontacht, mar atá: - eagla cheart Dé,
eagla cheart an reachta ríoga, agus eagla náire; agus is í seo an
eagla is mó a choisceas ainmhian an duine.
Agus tá na trí ní seo i láthair an choinsiasa de ghnáth - an
chuimhne, an tuiscint agus an toil, ag díospóireacht agus ag
saoradh agus ag daoradh an duine. Agus is é seo an chuid den
duine atá i ndeilbh na Diagachta, óir is trí shuáilce spioradálta
iad atá i seilbh an anama, le solas agus eolas a thabhairt don
cholann, agus an t-anam a shabháil ar pheaca. Agus is é is brí
don fhocal "coinsias", compánach mar a gcónaíonn na trí chéadfa
seo in aon.
Ag seo stair an duine dhiamhair úd, "Melchisedec, rí Shalem,
sagart an Dé is ró-airde, gan athair, gan mháthair, gan tús
laethanta ná deireadh beatha, ach i gcosúlacht Mhic Dé, ina
shagart go síorraí."
Tuig anseo, a léitheoir, an chosúlacht. Ar dtús, feiceann tú
dá réir sin gurbh fhéidir leis an duine seo athair agus máthair a
bheith aige, ar an ábhar go raibh athair agus máthair ag Mac Dé
féin. Ar dtús, tráchtann sé féin ar a Athair go minic sa Soiscéal,
agus ba í Muire, iníon Anna agus Ioaichim, a Mháthair de réir
na feola.
120. Ach tá mé dorcha anseo - "gan tús laethanta ná deireadh
beatha." Léitear i leabhar Geinisis, ar Naoi agus ar a chlann,
mar tháinig siad isteach don saol seo ón saol a chuaigh thart,
agus mar rinne siad íobairt do Dhia, agus go raibh a n-íobairt
taitneamhach i bhfianaise Dé, agus go ndearna Dia conradh leo
chun slánú na feola; agus tar éis gur bheannaigh Naoi a thriúr
mac le beannú ar leith, agus gur bheannaigh Sem de bharr ar an
dís eile, le bheith ina athair, ní hé amháin ag an bpobal Eabhrach,
ach fós ag na fáithe, agus ag Críost é féin; agus roinn an domhan
idir a thriúr mac.
Thit ag Sem an chuid dá ngairtear Tír Iúdaí, agus gurbh é
ainm an rí-bhaile an uair sin Salem - anois Iarúsailéim - agus dá
réir sin gurbh é an chéad neach ó cruthaíodh an saol a fuair
seilbh Shalem, agus go mba leis an ríocht fós. Ach níl níos mó
trácht orthu, ach gur mhair Naoi cúig chéad bliain tar éis na
díleann.
Tuig anseo arís nach bhfuil trácht níos mó ar bheannú, ar son
go raibh sé riachtanach beannacht na n-aithreacha a thabhairt
don ghin a raibh Críost le teacht ar a shliocht; agus níorbh
fhéidir le neach an mac a bheannú ach a athair féin; agus an té
nach bhfuair beannacht óna athair, ní thiocfadh leis a mhac
féin a bheannú, agus mar sin níor beannaíodh aon duine ó chlann
Naoi,
121. gur rugadh Abraham in Úr na gCaildéach trí chéad
agus fiche bliain d'éis na díleann. Agus bhí Naoi ina bheatha
tar éis bhás Mhic Taire, cé gur mhair sé aois mhór, agus bhí an
domhan uilig ina gciníocha an uair seo, agus ní raibh fáidh ná
athair a raibh beannacht aige ar an saol ach an t-aon mhac seo
Naoi a rinne an íobairt, a bhí ina rí ar Shalem, agus bhí ina
athair ag Abraham, agus nach raibh, é féin, de ghinealaigh an
tsaoil seo, agus nár tarraingíodh a ghinealach san saol ón díle
anuas, agus mar nach raibh sé i gcumhacht neach ar bith eile,
aon de na treibheanna a tháinig ó Sem a bheannú ach é féin, etc.
Críochnaíodh an leabhar seo i mBéal Feirste, an t-ochtú lá
den bhliain úr, bliain d'aois an Tiarna, míle ocht gcéad caoga
agus trí bliana, le hAodh Mhac Domhnaill, eadhon, file Ultach,
mac Shéamais mhic Aodha Chríostaigh, mhic Phádraig mhic
Alasdrainn, mhic Raghnaill na gcapall, mhic Shéamais Mhóir
Lughbhaidh, mhic Sheáin Bháin Lughbhaidh, lá an tséin, á
ríomh de réir na tuisceana a fuair sé ó Dhia agus ó nádúr etc.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11