Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabhuir na Seintiomna
Title
Leabhuir na Seintiomna
Author(s)
Bedel, Uilliam,
Composition Date
1685
Publisher
(Londain: R. Everingham, 1685)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An chead leabhar do Mhaoisi da ngoirthear Genesis.
Ar ttús do chruthaidh Día neamh agus talamh.
Agus dobhí an talamh gan fhoirm, agus folamh, agus dobhí dorchadus ar aghaidh an aigéin, agus do chorruigh spiorad Dé ar aghaidh na nuisgeadh.
Agus adubhairt Dia, bíodh solus ann, agus dobhí an solus ann.
Agus dochonnairc Dia an solus gur mhaith é, agus do roinn Dia idir an solus agus an dorchadus.
Agus do ghoir Día don tsolus lá, agus don dorchadus do ghoir sé oidhche; agus do budh í an nóin agus an mhaidean an chéud lá.
Agus adubhairt Día, bíodh fiormament a meadhón na nuisgeadh, agus roinneadh na huisgeadha ó na huisgeadhuibh.
Agus dorinne Día an fhiormament, agus do roinn na huisgeadha faoi an bhfiormament ó na huisgeadhuibh ós cionn na fiormamente; agus dobhí mar sin.
Agus do ghoir Día don fhiormament neamh, agus do budh é an nóin agus an mhaidean an dara lá.
Agus adubhairt Día, cruinnighthear na huisgeadha atá faoi neamh aneunait agus léigthear an talamh tirm leis: Agus dobhí marsin.
Agus do ghoir Día don úir thirm talamh, agus do chruinnigthibh na n uisgeadha do ghoir sé fairge; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.
Agus adubhairt Día, tugadh an talamh féur, agus an luibh as a ttig síol, agus crann toraidh dobheir toradh do réir a chinéil, a mbí a shíol ann féin ar an ttalamh agus dobhí marsin.
Agus tug an talamh mínfhéur agus luibh dobheir síol do réir a chinéil, agus crann dobheir toradh, noch ann a raibh a shíol do réir a chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.
Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an treas lá.
Agus adubhairt Día, bíodh lóchrainn a bhfiormament neimhe do roinn eidir an lá agus anoidhche, agus bídis ar son chomharthaibh agus ar son aimsearuibh, agus ar son laithibh agus bliaghnuibh.
Agus bídis mar shoillsibh a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh; agus dobhí marsin.
Agus dorinne Día dhá lóchrann mhóra, an lóchrann as mó do riaghladh an laoi, agus an lóchrann as lugha do riaghladh na hoidhche; agus na réulta mar an cceadna.
Agus do shuighe Día iad a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh,
Agus do riaghladh ar an ló, agus ar an oidhche, agus do roinn eidir an solus agus an dorchadus; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.
Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an ceathramhadh lá.
Agus adubhairt Día, tugaidís na huisgeadha amach go líonmhur an crétúir corruigheach ann a bhfuil anam, agus éunlaith fhédfas eiteadh ós cionn na talmhan a bhfiormament shoilléir neimhe.
Agus do chruthaigh Día míola móra, agus gach uile chréutúir beo chorruigheas, noch tugadar na huisgeadha uatha go líonmhur do réir a ccinéil, agus gach uile éun sgiathánach do réir a chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.
Agus do bheannaigh Día iad, ag rádh; bíodh sibh tórrthach agus fírlíonaidh, agus líonaidh na huisgeadha ann sna fairgibh, agus an éunlaith ar an ttalamh.
Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an cúigeadh lá.
Agus adubhairt Día, tugadh an talamh uadha créutúir beó do réir a chinéil, áirnéis, agus gach ní shnámhus an talamh, agus ainmhidhe na talmhan do réir a chinéil; agus dobhí marsin.
Agus dorinne Día ainmhidhe na talmhan do réir a chinéil, agus airnéis do réir a ccineil, agus gach ní shnámhus air an ttalamh, do réir a chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.
Agus adubhairt Día, déunam an duine ann ar ndeilbh féin, do réir ar ccosamhlachda féin, bíodh tighearnus aige ós cionn éisg na fairge agus ós cionn éunlaith an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós cionn na talmham uile, agus ós cionn an uile neithe shnámhus ar an ttalamh.
Marsin do chruthaigh Día an duine an íomháigh féin, aNíomhaigh Dé do chruthaigh sé é; fearda agus bannda do chruthaidh sé iad.
Agus do bheannaigh sé iad, agus adubhairt Día riú; bíodh sibh tórrthach agus méuduighibh agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é; agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairrghe, agus ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh.
Agus adubhairt Día; féuch, tug mé dhíbh gach uile luibh dobheir síol (uadha) da bhfuil ar druim na talmhan, agus uile chrann ann a bhfuil toradh croinn dobheir síol; biáidh sé na bíadh dhíbh.
Agus dá gach uile beitheach ar an ttalamh, agus dá gach uile éun sanaiéir, agus dá gach aoinní shnámhus air an ttalamh ann a bhfuil anam, (tug mé) gach uile luibh ghlas mar bhíadh: agus dobhí marsin.
Agus dochonnairc Día gach aoinní dá ndérna sé, agus féuch dobhí go romhaith: agus do budh é an nóin agus an mhaidean an seiseadh lá.
Marsin do críochnuigheadh na neamhdha, agus an talamh, agus a slúagh uile.
Agus annsa seachdmhadh lá do chríochnuigh Día a obair, noch dorinne sé; agus do chomhnuigh sé ar an seachdmhadh lá óna obair uile, noch dorinne sé.
Agus do bheannaidh Día an seachmhadh lá, agus do naomhuigh sé é, do bhrígh gurab ann do sguir sé dá uile obair, noch do chruthaigh Día agus dorinne sé.
Asiadso geinealaigh na neamhdha agus na talmhan, anuáir do cruthaigheadh iad; annsa ló ann ar chruthaigh an tighearna Día an talamh agus na neamhdha.
Agus gach plannda don mhachaire (suil dobhí sé annsa talamh) agus gach uile luibh don mhachaire suil do fhás sé; óir ní thug an tighearna Día fearthuinn ar an ttalamh, agus ní raibh duine do shaoithreóchadh an talamh,
Ach dochuáidh ceó suas ón dtalamh agus do fhliuch aghaidh na talmhan uile.
Agus dochum an tighearna Día an duine do luáithreadh na talmhan, agus do shéid ann a pholláruibh anál na beatha, agus táinig an duine chum bheith na anam beó.
Agus do phlannduigh an tighearna Día gairdín taobh shoir ann Eden agus do chuir sé an duine dochum sé annsin.
Agus ar an ttalamh dothug an tighearna Día ar gach uile chrann fás, noch is taitneamhach don tsúil, agus is maith chum bídh; crann na beatha mar an ccéudna a lár an ghairdín, agus crann feasa maitheasa agus uilc.
Agus dochuaidh abhann amach as Eden do fhliuchadh an gháirdín agus do roineadh assin í, agus tainig na ceithre ceannuibh.
Ainm na ceud aibhne Pison, asísin tig timchioll thíre Habhilah uile, áit a bhfuil ór.
Agus is maith ór na tíresin; (atá) ann, bdellium, agus an chloch ónix.
Agus an dara habhann Gihon, is ísin thimchiollus tír na Hétiópia uile
Agus ainm an treas abhann Hidecel, asísin théid a taoibh shoir don Asíria; agus an ceathramhadh abhann Euphrátes.
Agus do ghlac an tighearna Día an duine, agus do chuir a ngáirdín Eden é, dá dheasúghadh agus dá chumhdach.
Agus do aithin an tighearna don duine, dá rádh; do thoradh gach uile chrainn annsa gháirdín féduigh tú dithche go saor.
Ach do chrann feasa maitheasa agus uilc ní íosaidh tú dhesin; óir annsa ló aníosa tú dhe, éugfa tú go deimhin.
Agus do ráidh an tighearna Día; ní maith an duine bheith na aonar: dodhéuna mé cunghnamh dhó, bhías iomchúbhaidh dhó.
Agus as a ttalamh dochum an tighearna Día anuile bheitheach an mhachaire, agus gach uile éun an aéir, agus tug leis chum Adhaimh iad, dá fhéuchuin cred do ghoirfeadh sé dhíobh, agus gidhbé do ghoir Adhamh don uile crétúir beó, asésin dobainm dhó.
Agus do ghoir Adhamh anmanna don uile áirnéis, agus déunuibh an aiéir, agus do uile bheitheach an mhachaire, ach do Adhamh ní fríth cunghnamh iomcubhuidh dhó.
Agus tug an tighearna Día codhladh trom do thuitim ar Adhamh, agus do choduil sé: agus do ghlac sé aon dá asnaibh, agus do dhruid sé an fheóil na áit sin.
Agus an tasna do bhean an tighearna Día as an duine dochum sé bean de, agus tug sé chum an duine í.
Agus adubhairt Adhamh, anois is cnáimhso dom chnámhuibhse, agus feóil dom fheóil, goirfigheas bean di, do chionn gurab as an bhfear do beanadh í.
Uimesin fúigfidh an fear a athair agus a mhathair, agus ceangóluidh dhá mhnaoi; agus beidh na naón fheóil.
Agus dobhádar araón lomnochd an fear agus an bhean, agus ní raibh náire orra.
Anois dobhí an athair nimhe ní budh cealguidhe ná aóin bheitheach san mhachaire dá ndéarna an tighearna Día, agus adubhairt sí ris an mnaói: an eadh, a ndubhairt Día, ní íostaói dá gach aon chrann sa ngáirdín?
Agus adubhairt an bhean ris an athair nimhe, fédmaoid ithche do thoradh chrann an gháirdín:
Achd do thoradh an chroinn atá a lár an gháirdín, adubhairt Día, ní íosa sibh dhé súd, agus ní bheanfídh ris, deagla go bhfuigheadh sibh bás.
Agus adubhairt an athair nimhe ris an mnaoi; ní bhfuighthí bás go deimhin.
Óir atá a fhios ag Día ann sa ló a níostaoi dhe sin, go bhfoisceóltar bhur súile, agus go mbeithí mar Dhée, fios maitheasa agus uilc aguibh.
Agus anúáir dochonnairc an bhean go raibh (toradh) an chroinn maith chum bídh, agus go raibh taitneamhach leis na súilibh, agus na chrann iondúileamhla chum aóin do dhéunamh eagnuidhe, do ghlac sí dhá thoradh, agus do ith sí, agus tug mar an cceúdna dá fear maille ría agus do ith sé.
Agus do hosgladh a súile araón, agus do aithniodar go rabhadar lomnochd, agus do fhuáidheadar duilleadha fíge dhá chéile, agus dorinneadar aprúin dóibh féin.
Agus dochualadar guth an tighearna Dé ag spaisdeóireachd ann sa ngáirdín a bhfuardhachd an laoi, agus dfoluigh Adhamh agus a bhean íad féin ó fhiadhnuisi an tighearna Dé a measg chrann an gháirdín.
Agus do ghoir an tighearna Día ar Adhamh, agus adubhairt ris: Cáit a bhfuil tú?
Agus adubhairt seison: dochuala mé do ghuth annsa ngáirdín, agus do bhí eagla orm do chionn go raibh mé nochduighe, agus do foluigh mé méfein.
Agus do ráidh seision; cía dinnis duit go raibh tú nochduighe? ar ith tú don chrann do aithin misi dhíot nach íosfá dhe?
Agus adubhairt an fear: an bhean tug tusa dhamh (chum beith) am fhochair, tug sí dhamh do thoradh an chroinn, agus dith mé é.
Agus adubhairt an tighearna Día ris an mnaoi; créud éso dorinne tú? agus adubhairt an bhean, do mheall anathair nimhe mé, agus do ith mé.
Agus adubhairt an tighearna Día ris anathair nimhe: do bhrígh go ndéarna tú so, atá tú malluithe ós an uile áirnéis, agus ós gach uile ainmhidhe an mhachaire: ar do bholg siubhólus tú, agus luaithreadh íosas tú ar feadh uile laéthe do bheatha.
Agus cuirfi misi námhadus eadrad agus an bhean, agus eidir do shíol agus a síolsan; brúighfidh sé do cheannsa, agus brúighfidh tusa a shálsan.
Adubhairt sé ris an mnaoi, méideócha mé go mór do dhoilgheas agus do thoirrchiughadh; a ndoilgeas bhéuras tú clann, agus dot fhior (bhias) thfon, agus dodhéuna sé uachtarántachd ort.
Agus adubhairt sé ré hAdhamh, do bhrígh go ttug tú éisdeachd do ghuth do mhná, agus gur ith tú don chrann ar aithin misi dhíot, dá rádh, ní íosa tú dhe; atá an talamh mallaighe ar do shon, a ndoilghios íosas tú dhe ar feadh uile laéthe do bheatha.
Droighneach fós agus foghbhannáin dobhéura sé dhuit, agus íosa tú luibh na talmhan.
A nallus haighe íosas tú arán no go bhfilligh tú chum na talmhan; óir is aisde do beanadh thú; óir as luaithreadh thú agus chum luáithridh fhillfios tú.
Agus do ghoir Adhamh Eubha dhá mhnaoi, do bhrígh gurab í mathair an uile bheo í.
Do Adhamh mar an ccéudna agus dá mhnaoi dorinne an tighearna Día cótuidhe croicinn, agus do éuduigh sé iad.
Agus adubhairt an tighearna Día; féuch, atá an duine arna dhéunamh mar aón aguinn féin dfios maitheasa agus uilc: agus anois deagla go ccuirfeadh a lámh amach, agus go nglacfadh fós do chrann na beatha, agus go níosfadh agus go mairfeadh go bráth.
Ar anadhbhursin do chuir an tighearna amach as gáirdín Eden é do shaóthrughadh an talamh as ar tugadh é.
Marsin do thiomáin sé an duine amach, agus do chuir sé ag an ccuid shoir do gháirdín Eden Cherubínigh agus cloidheamh lasardha noch do iompoigheadh ann gach uile thaóbh do choimhéud slighe chroinn na beatha.
Agus do luigh Adhamh re na mhnaói Eúbha; agus do toirrcheadh í, agus rug sí Cáin, agus adubhairt sí; do ghnoghuidh mé duine ón dtighearna.
Agus rug sí arís a dhearbhrathair Abel, agus dobhí Abel na aodhaire caorach, agus do budh críadhuire Cáin.
Agus a ccion aithe tárla ann go ttug Cáin leis do thoradh na talmhan ofráil don tighearna.
Agus go ttug Abel mar an ccéudna do chéidghinibh a thréuda agus dá shult; agus dobhí meas ag an ttighearna ar Abel agus ar ofráil.
Ach ní raibh suim aige a Ccáin ná ann ofráil: agus dobhí Cáin lán dfeirg, agus datharruigh a dhealbh.
Agus adubhairt an tighearna ré Cáin; ciodh fá bhfuil tú feargach agus créudh far chlaóchluich tú do chruth.
Má ní tú go maith, nach glacfuighthear tú? agus muna ndéarna tú go maith, atá an pecadh na luighe ag an ndorus, agus (biáidh) a fhonn chugadsa, agus riaghlochuidh tú ós a chionn.
Agus do chomhráigh Cáin rena dhearbhrathair Abel, agus tárla ann anuair dobhádar ar an machaire gur éirigh Cáin suas anaghuidh Abel a dhearbhrathair, agus gur mharbh é.
Agus adubhairt an tighearna ré Cáin, cáit a bhfuil do dhearbhrathair Abel? agus adubhairt seision, ni fheidir misi sin: an misi coimhéuduigh mo dhearbhrathar.
Agus adubhairt seision, creud dorinne tú? atá guth fola do dhearbhrathar ag éighmhe ormsa as an ttalamh.
Agus anois atá tusa malluighe ón ttalamh, noch do osguil a bhéul do ghlacadh fola do dhearbhrathar as do láimh.
Anuáir shaóthrochus tú an talamh, ní thiubhra feasda a neart ort, ad theithmhech agus ad dheóruighe bhías tú annsa talamh.
Agus adubhairt Cáin ris an ttighearna, as mó mo phionús ná mar fhéuduim iomchar.
Féuch, do dhíbir tú mé ó aghuidh na talmhan san ló aniugh, agus foileochar ód ghnúis mé, agus béad am theithmheach agus am dheóruighe annsa talamh, agus tiucfa assin gidhbé air bith theigeomhas riom, go muirfidh sé mé.
Agus adubhairt an tighearna ris, uimesin gidhbé ar bith mhuirfeas Cáin, dodhéuntar a sheachd noirid dioghaltuis air. Agus do chuir an tighearna comhartha ar Cháin deagla aonduine arna fhagháil go muirfeadh é.
Agus dochuáidh Cáin amach as fiaghnuisi an tighearna, agus do áitribh sé a ttír Nod, taobh shoir do Eden.
Agus do luigh Cáin re na mhnaói, agus do toirrcheadh í, agus rug sí Enoch, agus dorinne cathair agus tug ainm uirre do réir anma a mhic, Enoch.
Agus do Enoch rugadh Irad agus do ghein Irad Mehujael, agus do ghein Mehujael Metusael, agus do ghein Metusael Lamech.
Agus tug Lamech días ban, aon díobh darbhainm Sillah.
Agus rug Adah Jábal, dobé sin athair na druinge do chomhnuigheadh a bpuiblibh agus na druinge gá mbí áirnéis.
Agus dobé ainm a dhearbhrathar Lúbal; dobésin athair na nuile do ghlacadh an chláirseach agus na horgáin.
Agus Sillah mar an cceudna rug Túbal-Cáin, fear múinte anuile fhir ceirde doniodh cérdachd phráis agus iaruinn: agus dobí dhearbhshíur Thúbal-Cáin Náamah.
Agus adubhairt Lamech re na mhnáibh Adah agus Sillah; éisdigh ré ghlór a mhná Lamech, éisdigh rem chaint, óir do mharbhus duine chum mo lot, agus duine óg chum mo dhochair féin.
Má dioghaltar ar Cháin seachd noirid, go deimhin (dioghaltar) ar Lamech seacht agus seachdmhodhad oirid.
Agus do luigh Adhamh re na mhnaói arís, agus rug sí mac, agus tug Seth dainm air: óir ar sisi, do órduigh Día dhamh síol eile anáit do marbhadh lé Cáin.
Agus do Shéth rugadh mac dhósan mar an ccéudna, agus Enos do ghoir dainm dhe: annsin do thosuigh daoine gairm ar ainm an tighearna.
Aséso leabhar geinealuigh Adhuimh, annsa ló ionar chruthaidh Día an duine, a ccosamhlachd Dé dorinne sé é.
Feardha agus bannda do chruthaidh sé iad, agus do bheannuigh íad, agus do ghoir Adhamh dainm dhíobh annsa ló ionar cruthaigheadh íad.
Agus do mhair Adhamh céud agus triochad blíaghan agus do ghein (mac) ann a chosamhlachd féin, do réir a dhealbha, agus tug Séth dainm air.
Agus do budh íad láethe Adhaimh tar éis Séth do gheineamhuin dó, ochd ccéud bliaghan, agus do ghein sé mic agus ingheana.
Agus na láethe ar mhair Adhamh uile, ba naói ccéud agus triochad bliaghan íad, agus fuáir sé bás.
Agus do mhair Séth céud chuig bhliaghna, agus do ghein Enos.
Agus do mhair Séth tar éis Enos do gheineamhuin ochd ccéud agus seachd mbliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.
Agus ba hiad láethe Shéth uile naoi ccéud agus dá bhlíaghain déug agus fúair sé bás.
Agus do mhair Enos nóchad bliaghan, agus do ghein Cáinan.
Agus do mhair Enos tar éis Cáinan do gheineamhuin ochd ccéud agus cúig bhlíaghna déug, agus do ghein mic agus ingheana.
Agus bá híad láethe Enos uile naoi ccéud agus cúig bliaghna agus fuair sé bás.
Agus do mhair Cáinan seachdmhoghad blíaghan, agus do ghein Mahalaleel.
Agus do mhair Cáinan tar éis Mahalaleel do gheineamhuin, ochd cceud agus ceathrachad bliaghan, agus do ghein mic agus ingheana.
Agus dobíad láethe Cháinan uile naói cceud agus deich mbliaghna, agus fuair sé bás.
Agus do mhair Mahalaleel trí fichid agus cúig bhliaghna, agus do ghein Jared.
Agus do mhair Mahalaleel tar éis Járed do gheineamhuin, ochd cceud agus tríochad blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.
Agus dobíad láethe Mhahalaleel uile ochd cceud agus nóchad agus cúig bhliaghna, agus fuair sé bás.
Agus dobhí Jared beó ceud agus caogad agus dá bhliaghain, agus do ghein Enoch.
Agus do mhair Jared tar éis Enoch do gheineamhuin ochd cceud blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.
Agus dobíad láethe Jared uile, naói cceud, agus seasgad agus dá bhlíaghain, agus fuair sé bás.
Agus do mhair Enoch seasgad agus cúig bhlíaghna, agus do ghein Matuselah.
Agus do shiubhail Enoch le Día tar éis gheineamhna Mhatuselah trí chéud blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.
Agus dobíad láethe Enoch uile trí cchéud agus seasgad agus cúig bhlíaghna.
Agus do shiubhail Enoch ré Día, agus ní raibh sé ann, óir rug Día leis é.
Agus do mhair Matuselah céud agus ochdmhodhad agus seachd mblíaghna, agus do ghin Lamech.
Agus do mhair Matuselah tar éis Lamech do gheineamhuin, seachd cceud ochdmhodhad agus dá bhliaghain, agus do ghein mic agus ingheana.
Agus dobíad láethe Mhatuselah uile naói ccéud seasgad agus naói mblíaghna, agus fuair sé bás.
Agus do mhair Lamech céud ochdmhodhad agus dá bhlíaghain agus do ghein mac.
Agus do ghoir Naói dainm dhe, da rádh; dobhéura an tísi meisneach dhúinn a ttaoibh ar noibre agus shaothair ar lámh, do bhrígh an talamh do mhalluigh an tighearna.
Agus do mhair Lamech tar éis Naói do gheineamhuin, cúig céud nóchad agus cúig blíaghna, agus do ghein mic agus ingheana.
Agus dobíad láethe Lamech uile seachd cceud seachdmhoghad, agus seachd mblíaghna, agus fuair sé bás.
Agus dobhí Naói chúig chéud blíaghan daóis, agus do ghein Naói Sem, Ham agus Japhet.
Agus tárla anuáir do thosuigheadar na daoine ar líonadh ar dhruim na talmhan agus rugadh ingheana dhóibh.
Go bhfacadar mic Dé ingheana na ndaoine go rabhadar sgíamhach, agus tugadar mná chuca donuile dhroing do thógradar.
Agus adubhairt an tighearna; ní bhía mo spiorad a ccomhnuidhe ag críochán ris an nduine, do bhrígh gur féoil eision mar an ccéudna, gidheadh béidh a láethe na ccéud agus fichthe blíaghan.
Dobhádar aithighe ar an ttalamh annsna laéthibhsin; agus mar an ccéudna na dhiáighsin, anuair thangadar mic Dé asteach chum ingheana na ndaoine, agus rugadar (clann) dóibh, do fhásadarsin na ndaoinibh árrthachda, noch dobhí san tseanaimsir na ndaoinibh iomráiteach.
Agus dochonnairc Día gur mhór chionta an duine ar an ttalamh agus gach aon bhreathnughadh dá smuaineadh a chroidhe, gurab olc é a ccomhnuighe.
Agus do budh aithreach leis an ttighearna an duine do dhéunamh ar an ttalamh, agus do ghoill sé air ann a chroidhe.
Agus adubhairt an tighearna; sgriosfuidh mé an duine do chruthaigh mé ó aghaidh na talmhan; ar aon an duine agus an beitheach, agus an ní snámhus agus éunlaith an aiéir, óir as aithreach liom a ndéunamh.
Ach fuair Naoi grása a bhfiaghnuise an tighearna.
Asíadso geinealuigh Naoi, dobhí Naoi na dhuine fhiréunta, agus iomlán ann a gheinealachaibh, agus do shiubhail Naoi lé Día.
Agus do ghein Naoi tríur mac Sem, Ham, agus Japhet.
Dobhí an talamh mar an cceudna truáillighe a bhfiadnuisi Dé, agus do líonadh an talamh dfoiréigean.
Agus do fhéuch Día ar an ttalamh, agus féuch dobhí sé trúaillighe, óir do thruáill gach uile fheóil a shlighe ar an ttalamh.
Agus adubhairt Día ré Naói táinic críoch anuile fhéola am fhiaghnuisi, óir is lán an talamh durchóid tríothasan; agus féuch, sgriosfuigh mé íad maille ris an ttalamh.
Déuna duit féin áirc do choill Ghopher, dodhéuna tú ionaid sa N áirc, agus cuirfe tú pic uirre astigh agus amuich.
Agus aséso (an timdhéunamh) ar a ndéuna tú í.: a bhfad na háirce béid trí chéud chubhad, a leithead caógad cubhad, agus a háirde tríochad cubhad.
Dodhéuna tú fuinneóg doNáirc, agus críochnochaidh tú í a ccubhad shuas, agus cuirfidh tú dorus na háirce ar a taóbh; maille ré h ísliughadh, an dara agus an treas lota dodhéuna tú í.
Agus féuch misi, misi féin dobheirim tuile uisgeadh ar an ttalamh do sgrios gach uile fhéola ann a bhfuil anál na beatha faói neamh; agus gach a bhfuil sa talamh, dogheabha sé bás.
Ach riotsa daingneóchaidh mé mo chunnradh, agus tiucfa tú asteach saNáirc thú féin agus do mhic agus do bhean, agus mná do mhac maille riot.
Agus do gach uile ní beó, da gach uile fheóil béuruidh tú cúpla leachd da gach uile shórt saNáirc dá gcumhdach beó agad, béid síad feardha agus bannda.
Donéunlaith do réir a gcinéil, agus donáirnéis do réir a ccineil, da gach uile ní shiubhlas an talamh do réir a chineil; cúpla do gach aón tsórt thiucfas chugad dá ccumhdach beó.
Agus glac chugad da gach uile bhiadh ithear, agus cruinneochadh tú chugad é, agus biáidh na bhiadh dhuitsi agus dóibhsion.
Marso dorinne Naói; do réir anuile ní do aithin Día dhe is amhlaidhsin dorinne sé.
Agus adubhairt an Tighearna ré Naói, tárr féin agus do theagh uile annsaNáirc, óir dochonnairc mé firéunta thú am fhiaghnuisi ansa ngeinealachso.
Da gach uile bheathach ghlan béuruidh tú leachd na seachduibh, feardha agus bannda: agus do na beathaidhibh nach bhfuil glan na ccúpluibh, feardha agus bannda.
Déunlaith mar an cceudna an aiéir, na seachduibh feardha agus bannda, do chongmháil síl beó ar aghaidh na talmhan uile.
Óir seachd lá fós agus dobhéura misi fá deara air, fearthuinn do dhéunadh ar an ttalamh ceathrachad oidhche, agus gach uile shubstaint beó da ndearna mé, sgriosfuidh mé daghaidh na talmhan íad.
Agus dorinne Naói do réir mar do aithin an Tighearna dhe uile.
Agus dobhí Naói sé chéud blíaghan daóis anuáir dobhí an díle uisgeadh ar an ttalamh.
Agus dochuáidh Naói asteach a bhean, a mhic agus mná a mhach, maille ris don Náirc do bhrígh uisgeadh na dílionna.
Do na beathuighibh glana agus do na beathuighibh neamhghlana, agus do éunlaith agus da gach aóinní dá siubhlann ar an ttalamh;
Dochuaidh asteach a dó agus a dochum Naói annsaNáirc, feardha agus bannda mar do aithin Día do Naói.
Agus tárrla a ndiaigh sheachd lá, go rabhadar uisgeadha na dílionna ar an ttalamh.
Annsa seiseadh ceud blíaghan daóis Naói annsa dara mí, an seachdmhadh lá déug don mhí, an lásin féin do brisiodh aníos toibreacha anaighéin mhóir uile, agus do hosgladh comhluighe uisge nimhe.
Agus dobhí an fearthuinn ar an ttalamh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche.
Annsa lósin féin, dochuáidh Naói asteach, agus Sem, Ham, agus Japhet, mic Naói, agus bean Naói, agus tríur ban a mhac leó don Náirc.
Iad féin agus gach uile ainmhidhe do réir a chinéil, agus an uile áirnéis do réir a cciníl, agus gach ní shnámhus ar an ttalamh do réir a ccinéil agus gach uile éunlaith da gach aon tsórt.
Agus dochuadar asteach chum Naói annsanáirc, cúpla agus cúpla da gach uile fheóil anna bhfuil ánal na beatha.
Agus a ndeachaidh asteach dochuadar asteach feardha agus bannda dá gach uile fhéoil mar do aithin Día dhe, agus do dhruid an Tighearna air astigh .
Agus dobhí an díle ar an ttalamh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhce, agus do mheaduigheahar na huisgidhe, agus do iomchradar suas a náire agus do tógbhadh súas í os cionn na talmhan.
Agus dorugadar na huisgidhe buáidh agus do mheaduigheadar go han mhór ar an ttalamh; agus do imthigh anáirc ar uachdar na nuisgeadh.
Agus dorugadar na huisgidhe buáidh go hiomarcach ar an ttalamh, agus dobhádar na cnuic árda uile dobhí fo neamh arna bhfolach.
Cúig cubhaid déug do éirigh an tuisge súas agus do folchadh na sléibhte.
Agus do éug gach uile fheóil dár chorruigh ar an ttalamh, idir éunuibh agus áirnéis agus ainmhintidh agus gach aónní shnámhus ar an ttalamh agus gach uile dhuine.
Gach ní ann a raibh anál na beatha ana pholláiribh, don uile ní da raibh ar talamh tirim, fuaradar bás.
Agus do sgriosadh gach uile shubstaint beó noch dobhí ar druim na talmhan, idir dhuine agus bheathach agus an ní shnamhus agus éunlaith neimhe, agus do sgriosadh ón talamhh iad, agus do fhan Naói amháin na beathaidh agus an luchd dobhí na fhochair sanáirc.
Agus do bhúadhuigh an tuisge ós cionn na talmhan céud agus caógad lá.
Agus do chuimhnigh Dí air Naói agus gach aóinní beó agus a uile áirnéis dobhí na fhochair saNáirc, agus dorinne Día gaóth do dhul thar a talamh agus do thraóthadar na huisgidhe.
Do stopadh mar an cceadna toibreacha anaigéin agus fuinnéoga neimhe, agus do cosgeadh an fearthuinn ó neamh.
Agus do fhilleadar na huisgidhe ó bheith ar an ttalamh a ccomhnuighe tar éis na ccéad agus na ccaógad lá do laghduigheadh na huisghdhe.
Agus do chomhnuigh aNáirc ar an seachdmhad mí, ar an seachdmhad lá déug don mhí ar shléibhtibh Ararat.
Agus do thraóthadar na huisgidhe a gcomhnuidhe gus an deachmhad mí: annsa deachmhad mí, ar an ccead lá don mhí doconnarcas mulluighe na slíabh.
Agus tarla a ccionn cheathrachad lá gur osguil Naói fuinneóg na háirce dorinne sé féin.
Agus do chuir sé amach fíach, noch dochuaigh amach ag teachd agus ag imtheachd nó gur tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh.
Mar an gceadna do chuir sé colum uadha amach dfhéchuin nar thraóthadar na huisgidhe ó aghaidh na talmhan.
Ach ní bhfuair an colum áit chomhnuighe do bhonn a coisi, agus do fhill sí chuige asteach doNáirc: óir da bhádar na huisgidhe ar uachdar na talmhan uile. Annsin do chuir a lámh amach, agus do tharraing chuige asteach í doNáirc.
Agus do fhan sé fós seachd lá oile, agus arís do chuir sé an colum amach as aNáirc.
Agus táinig an colum chuige tráthnóna asteach, agus féch dobhí ann a ghob duilléog chroinn ola noch do tharruing sí, as ar aithin Naói gur thraóthadar na huisgidhe ó dhruim na talmhan.
Agus do fhan sé fós seachd lá oile, agus do chuir an colum amach noch nar fhill chuige arís níis mó.
Agus tárla sa naónmhadh agus sé chead blíaghan, san chéud mhí, san chéud ló don mhí, do tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh, agus do athruigh Naói folach na háirce, agus d amhairc sé, agus féuch dobhí aghaidh na talmhan tirim.
Agus annsa dara mí ar a seachdmhadh lá fichead don mhí dobhí an talamh tirim.
Agus do labhair Día ré Naói, dá rádh:
Éirigh amach as an Áirc, tú féin agus do bhean, agus do mhic, agus mná do mhac leachd.
Beir leachd amach gach éinní béo dá bhfuil agad don uile fhéoil idir éunlaith, agus áirnéis, agus anuile ní sníghtheach noch shnígios ar an ttalamh, ionnus go síolfuid go líonmhar ar an ttalamh, agus go rabhaidh tórrthach, agus go ndéunaid iomadughadh ar an ttalamh.
Agus dochuáidh Naói amach, agus a mhic, agus a bhean agus mná a mhac maille ris:
Anuile bheathach, anuile ní shnígheas, agus anuile éun, agus gach ní shnígheas ar an ttalamh do réir a gcinéil, dochuadar amach ar an áirc.
Agus dorinne Naói altóir don tighearna, agus do ghlac da gach éin bheathach glan, agus dá gach uile éun glan, agus díodhbuir ofráil loisge ar analtóir.
Agus do bholtnuigh an tighearna deaghbhaladh, agus adubhairt an tighearna ann a chroidhe ní mhillfidh mé arís an talamh ar son an duine óso amach; óir as olc smuáineadh chroidhe an duine ón óige, ní mó bhuáilfeas mé arís níis mó anuile ní béo mar dorinne mé.
An feadh mhairfeas an talamh ní sguirfidh aimsir an tsíolchuir agus an foghmar, agus an fuacht agus an teas, agus an samhradh agus an gheimhreadh, agus an lá agus anoidhche.
Agus do bheannuigh Día Naói agus a mhic, agus adubhairt riú; Bígi torrthach, agus iomaduighidh, agus líonaidh an talamh.
Agus biaidh bhur neagla agus bhur núamhan ar gach uile ainmhidhe ar an ttalamh, agus ar gach uile éun anaiéir, ar gach uile ní da gcorruidheann ar an ttalamh, agus ar iasg na fairge uile; an bhur láimh tugadh iád.
Gach uile ní béo da ccoruigheann bía na bhíadh dhíbhsi, amhuil mar an luibh nglais tug mé dhíbh anuile ní.
Ach feóil maille rena hanam, eadhon a fuil, ní iosa sibh.
Agus go deimhin bhur bhfuil bhur nanama, loirgfe misi; as láimh anuile bheathuigh loirgfe mé í; agus as láimh an duine; as láimh dhearbhrathar gach duine íarfas mé anam an duine.
Gidhbé dhóirtfeas fuil duine, is lé duine dhóirtfígheas a fhuilsion; óir is a ndeilbh Dé dorinne sé an duine.
Agus sibhsi bíghi tórrthach agus iomaduighidh, geinidh go hiomarcach ar an ttalamh, agus iomaduighidh ann.
Agus do labhair Día ré Naói, agus rena mhacaibh maille ris, ag rádh:
Agus misi, féuch, misi dhaingnígheas mo chunnradh ribhsi, agus re bhur síol bhur ndíaigh;
Agus ré gach uile chréutuir béo dá bhfuil maille ribh donéunlaith, donáirnéis, donuile bheathach ar talamh atá aguibh, ón uile dá ndeachuidh amach as an áirc donuile bheathach ar talamh.
Agus daingneochaidh mé mo chunnradh ribh, agus ní sgriosfuighear amach gach uile fhéoil níis mó lé huisgidhibh na díleann, agus ní mó bhías díle ann níis mó do sgrios na talmhan.
Agus adubhairt Día, agso comhartha an chunnartha doním eadrum féin agus sibhsi agus gach uile chrétúir béo dá bhfuil maille ribh, a ngeinealachuibh síorruidhe.
Suighim mo bhogha annsa néull, agus biadh sé mar chomhartha cunnartha eadrum féin agus an talamh.
Agus as amhluidh bhías, anuáir dobhéara mé néull ós cionn na talmhan go bhfaicfighear an bogha annsa néull.
Agus cuimhneochaidh mé mo chunnradh atá eadrum féin agus sibhsi, agus gach uile chréatúir béo donuile fhéoil, agus ní thiocfaidh uisgidhe na dílionn do sgrios gach uile fhéola.
Agus bíaidh an bogha annsa néull agus féuchfa misi air, ionnus go ccuimhneocha mé an cunnradh biothbhuan eidir Día agus gach uile chrétuír béo donuile fhéoil dá bhfuil ar an ttalamh.
Agus adubhairt Día lé Naói, agso comhartha an chunnartha dhaingnighim eadrum féin agus gach uile fhéoil dá bhfuil ar an ttalamh.
Agus mic Naói dochuáidh amach as anáirc, dobíad Sem, Ham, agus Japhet, agus s é Ham athair Chanáain.
Asíadso tríur mac Naói, agus as uatha do líonadh an domhan uile.
Agus do thosuigh Naói ar bheith na chríadhaire, agus do phlannduigh gárdha fíneamha.
Agus do ibh sé donfíon, agus dobhí sé ar meisge, agus dobhí sé lomnochda astigh.
Agus dochonnairc Ham, athair Chanaáin, a athair lomnochd, agus do innis dá dhís dherbhathar amuigh.
Agus do ghlac Sem agus Japhet brat, agus do chuireadar ar a nguáillibh araón é, agus dochúadar a ndiaigh a ccúil, agus do fholuigheadar lomnochd a nathar, agus dobhádar a naighthe ar anais agus ní fhacadar lomnochd a nathar.
Agus do mhúsgail Naói ó na fhíon, agus do thuig ciodh dorinne a mhac dobóige ris.
Agus adubhairt, go madh mallaighe bhías Cánáan; na sheirbhíseach sheirbhísigh bhías sé agá dhearbhráithribh.
Agus adubhairt, go madh beannuighe tighearna Día Shem, agus biái Canáan na sheirbhíseach aige.
Dodhéuna Día Japhet go fairseang, agus áiteochaidh sé a bpuiblibh Shem, agus biaidh Canáan na sheirbhíseach aige.
Agus do mhair Naói déis na díleanna trí chéud blíaghan agus caógad.
Agus dob íad laethe Naói uile naói ccéud agus caógad blíaghan, agus fuair sé bás.
Anois asíadso geinealuigh mhac Naói, Sem, Ham agus Japhet: agus rugadh mic dóibhsin déis na dílionna.
Mic Japhet: Gomer, agus Magog, agus Madai, agus Jabhan, agus Tubal, agus Meiseich, agus Tiras.
Agus mic Ghomer: Ascenas, agus Riphat, agus Togarmah.
Agus mic Jabhám: Elisah, agus Tarsis, Citim, agus Dodainim.
Is léoso do roineadh oiléin na ngentlidheach ann a bhfearannuibh; gach aón do réir a tteangtha, do réir a muinntire ann a ccinidheachuibh.
Agus mic Ham: Cus, agus Misraim, agus Put, agus Canáan.
Agus mic Chus: Seba, agus Habhilah, agus Sabtah, agus Ráamah, agus Sabtecha: agus mic Ráamah, Séba agus Dédan.