Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabhuir na Seintiomna

Title
Leabhuir na Seintiomna
Author(s)
Bedel, Uilliam,
Composition Date
1685
Publisher
(Londain: R. Everingham, 1685)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



L. Gn



An chead leabhar do Mhaoisi da ngoirthear Genesis.


L. Gn1:1


Ar ttús do chruthaidh Día neamh agus talamh.


L. Gn1:2


Agus dobhí an talamh gan fhoirm, agus folamh, agus dobhí dorchadus ar
aghaidh an aigéin, agus do chorruigh spiorad Dé ar aghaidh na nuisgeadh.


L. Gn1:3


Agus adubhairt Dia, bíodh solus ann, agus dobhí an solus ann.


L. Gn1:4


Agus dochonnairc Dia an solus gur mhaith é, agus do roinn Dia idir an
solus agus an dorchadus.


L. Gn1:5


Agus do ghoir Día don tsolus lá, agus don dorchadus do ghoir sé
oidhche; agus do budh í an nóin agus an mhaidean an chéud lá.


L. Gn1:6


Agus adubhairt Día, bíodh fiormament a meadhón na nuisgeadh, agus
roinneadh na huisgeadha ó na huisgeadhuibh.


L. Gn1:7


Agus dorinne Día an fhiormament, agus do roinn na huisgeadha faoi an
bhfiormament ó na huisgeadhuibh ós cionn na fiormamente; agus dobhí mar
sin.


L. Gn1:8


Agus do ghoir Día don fhiormament neamh, agus do budh é an nóin agus an
mhaidean an dara lá.


L. Gn1:9


Agus adubhairt Día, cruinnighthear na huisgeadha atá faoi neamh
aneunait agus léigthear an talamh tirm leis: Agus dobhí marsin.


L. Gn1:10


Agus do ghoir Día don úir thirm talamh, agus do chruinnigthibh na n
uisgeadha do ghoir sé fairge; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:11


Agus adubhairt Día, tugadh an talamh féur, agus an luibh as a ttig
síol, agus crann toraidh dobheir toradh do réir a chinéil, a mbí a shíol ann
féin ar an ttalamh agus dobhí marsin.


L. Gn1:12


Agus tug an talamh mínfhéur agus luibh dobheir síol do réir a
chinéil, agus crann dobheir toradh, noch ann a raibh a shíol do réir a
chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:13


Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an treas lá.


L. Gn1:14


Agus adubhairt Día, bíodh lóchrainn a bhfiormament neimhe do roinn eidir an lá
agus anoidhche, agus bídis ar son chomharthaibh agus ar son
aimsearuibh, agus ar son laithibh agus bliaghnuibh.


L. Gn1:15


Agus bídis mar shoillsibh a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar
an ttalamh; agus dobhí marsin.


L. Gn1:16


Agus dorinne Día dhá lóchrann mhóra, an lóchrann as mó do riaghladh
an laoi, agus an lóchrann as lugha do riaghladh na hoidhche; agus na
réulta mar an cceadna.


L. Gn1:17


Agus do shuighe Día iad a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar
an ttalamh,


L. Gn1:18


Agus do riaghladh ar an ló, agus ar an oidhche, agus do roinn eidir
an solus agus an dorchadus; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:19


Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an ceathramhadh lá.


L. Gn1:20


Agus adubhairt Día, tugaidís na huisgeadha amach go líonmhur an
crétúir corruigheach ann a bhfuil anam, agus éunlaith fhédfas eiteadh ós
cionn na talmhan a bhfiormament shoilléir neimhe.


L. Gn1:21


Agus do chruthaigh Día míola móra, agus gach uile chréutúir beo chorruigheas,
noch tugadar na huisgeadha uatha go líonmhur do réir a ccinéil, agus gach uile
éun sgiathánach do réir a chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:22


Agus do bheannaigh Día iad, ag rádh; bíodh sibh tórrthach agus
fírlíonaidh, agus líonaidh na huisgeadha ann sna fairgibh, agus an
éunlaith ar an ttalamh.


L. Gn1:23


Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an cúigeadh lá.


L. Gn1:24


Agus adubhairt Día, tugadh an talamh uadha créutúir beó do réir a
chinéil, áirnéis, agus gach ní shnámhus an talamh, agus ainmhidhe na
talmhan do réir a chinéil; agus dobhí marsin.


L. Gn1:25


Agus dorinne Día ainmhidhe na talmhan do réir a chinéil, agus airnéis
do réir a ccineil, agus gach ní shnámhus air an ttalamh, do réir a chinéil;
agus dochonnairc Día gur mhaith sin.


L. Gn1:26


Agus adubhairt Día, déunam an duine ann ar ndeilbh féin, do réir ar
ccosamhlachda féin, bíodh tighearnus aige ós cionn éisg na fairge agus
ós cionn éunlaith an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós cionn na
talmham uile, agus ós cionn an uile neithe shnámhus ar an ttalamh.


L. Gn1:27


Marsin do chruthaigh Día an duine an íomháigh féin, aNíomhaigh Dé
do chruthaigh sé é; fearda agus bannda do chruthaidh sé iad.


L. Gn1:28


Agus do bheannaigh sé iad, agus adubhairt Día riú; bíodh sibh
tórrthach agus méuduighibh agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é;
agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairrghe, agus ós cionn an uile
neithe chorruigheas ar an ttalamh.


L. Gn1:29


Agus adubhairt Día; féuch, tug mé dhíbh gach uile luibh dobheir
síol (uadha) da bhfuil ar druim na talmhan, agus uile chrann ann a bhfuil
toradh croinn dobheir síol; biáidh sé na bíadh dhíbh.


L. Gn1:30


Agus dá gach uile beitheach ar an ttalamh, agus dá gach uile éun
sanaiéir, agus dá gach aoinní shnámhus air an ttalamh ann a bhfuil anam, (tug
mé) gach uile luibh ghlas mar bhíadh: agus dobhí marsin.


L. Gn1:31


Agus dochonnairc Día gach aoinní dá ndérna sé, agus féuch dobhí go
romhaith: agus do budh é an nóin agus an mhaidean an seiseadh lá.


L. Gn2:1


Marsin do críochnuigheadh na neamhdha, agus an talamh, agus a slúagh
uile.


L. Gn2:2


Agus annsa seachdmhadh lá do chríochnuigh Día a obair, noch dorinne sé; agus
do chomhnuigh sé ar an seachdmhadh lá óna obair uile, noch dorinne sé.


L. Gn2:3


Agus do bheannaidh Día an seachmhadh lá, agus do naomhuigh sé é, do
bhrígh gurab ann do sguir sé dá uile obair, noch do chruthaigh Día agus
dorinne sé.


L. Gn2:4


Asiadso geinealaigh na neamhdha agus na talmhan, anuáir do
cruthaigheadh iad; annsa ló ann ar chruthaigh an tighearna Día an talamh
agus na neamhdha.


L. Gn2:5


Agus gach plannda don mhachaire (suil dobhí sé annsa talamh) agus
gach uile luibh don mhachaire suil do fhás sé; óir ní thug an tighearna
Día fearthuinn ar an ttalamh, agus ní raibh duine do shaoithreóchadh an
talamh,


L. Gn2:6


Ach dochuáidh ceó suas ón dtalamh agus do fhliuch aghaidh na talmhan
uile.


L. Gn2:7


Agus dochum an tighearna Día an duine do luáithreadh na talmhan,
agus do shéid ann a pholláruibh anál na beatha, agus táinig an duine chum
bheith na anam beó.


L. Gn2:8


Agus do phlannduigh an tighearna Día gairdín taobh shoir ann Eden
agus do chuir sé an duine dochum sé annsin.


L. Gn2:9


Agus ar an ttalamh dothug an tighearna Día ar gach uile chrann fás,
noch is taitneamhach don tsúil, agus is maith chum bídh; crann na beatha
mar an ccéudna a lár an ghairdín, agus crann feasa maitheasa agus uilc.


L. Gn2:10


Agus dochuaidh abhann amach as Eden do fhliuchadh an gháirdín agus
do roineadh assin í, agus tainig na ceithre ceannuibh.


L. Gn2:11


Ainm na ceud aibhne Pison, asísin tig timchioll thíre Habhilah
uile, áit a bhfuil ór.


L. Gn2:12


Agus is maith ór na tíresin; (atá) ann, bdellium, agus an chloch
ónix.


L. Gn2:13


Agus an dara habhann Gihon, is ísin thimchiollus tír na
Hétiópia uile


L. Gn2:14


Agus ainm an treas abhann Hidecel, asísin théid a taoibh shoir
don Asíria; agus an ceathramhadh abhann Euphrátes.


L. Gn2:15


Agus do ghlac an tighearna Día an duine, agus do chuir a ngáirdín
Eden é, dá dheasúghadh agus dá chumhdach.


L. Gn2:16


Agus do aithin an tighearna don duine, dá rádh; do thoradh gach uile
chrainn annsa gháirdín féduigh tú dithche go saor.


L. Gn2:17


Ach do chrann feasa maitheasa agus uilc ní íosaidh tú dhesin; óir
annsa ló aníosa tú dhe, éugfa tú go deimhin.


L. Gn2:18


Agus do ráidh an tighearna Día; ní maith an duine bheith na aonar: dodhéuna mé
cunghnamh dhó, bhías iomchúbhaidh dhó.


L. Gn2:19


Agus as a ttalamh dochum an tighearna Día anuile bheitheach an
mhachaire, agus gach uile éun an aéir, agus tug leis chum Adhaimh iad, dá
fhéuchuin cred do ghoirfeadh sé dhíobh, agus gidhbé do ghoir Adhamh
don uile crétúir beó, asésin dobainm dhó.


L. Gn2:20


Agus do ghoir Adhamh anmanna don uile áirnéis, agus déunuibh an
aiéir, agus do uile bheitheach an mhachaire, ach do Adhamh ní fríth
cunghnamh iomcubhuidh dhó.


L. Gn2:21


Agus tug an tighearna Día codhladh trom do thuitim ar Adhamh, agus
do choduil sé: agus do ghlac sé aon dá asnaibh, agus do dhruid sé an
fheóil na áit sin.


L. Gn2:22


Agus an tasna do bhean an tighearna Día as an duine dochum sé bean
de, agus tug sé chum an duine í.


L. Gn2:23


Agus adubhairt Adhamh, anois is cnáimhso dom chnámhuibhse, agus
feóil dom fheóil, goirfigheas bean di, do chionn gurab as an bhfear do
beanadh í.


L. Gn2:24


Uimesin fúigfidh an fear a athair agus a mhathair, agus
ceangóluidh dhá mhnaoi; agus beidh na naón fheóil.


L. Gn2:25


Agus dobhádar araón lomnochd an fear agus an bhean, agus ní raibh
náire orra.


L. Gn3:1


Anois dobhí an athair nimhe ní budh cealguidhe ná aóin bheitheach san
mhachaire dá ndéarna an tighearna Día, agus adubhairt sí ris an mnaói: an
eadh, a ndubhairt Día, ní íostaói dá gach aon chrann sa ngáirdín?


L. Gn3:2


Agus adubhairt an bhean ris an athair nimhe, fédmaoid ithche do
thoradh chrann an gháirdín:


L. Gn3:3


Achd do thoradh an chroinn atá a lár an gháirdín, adubhairt Día, ní
íosa sibh dhé súd, agus ní bheanfídh ris, deagla go bhfuigheadh sibh bás.


L. Gn3:4


Agus adubhairt an athair nimhe ris an mnaoi; ní bhfuighthí bás go
deimhin.


L. Gn3:5


Óir atá a fhios ag Día ann sa ló a níostaoi dhe sin, go
bhfoisceóltar bhur súile, agus go mbeithí mar Dhée, fios maitheasa agus
uilc aguibh.


L. Gn3:6


Agus anúáir dochonnairc an bhean go raibh (toradh) an chroinn maith
chum bídh, agus go raibh taitneamhach leis na súilibh, agus na chrann
iondúileamhla chum aóin do dhéunamh eagnuidhe, do ghlac sí dhá thoradh,
agus do ith sí, agus tug mar an cceúdna dá fear maille ría agus do ith
sé.


L. Gn3:7


Agus do hosgladh a súile araón, agus do aithniodar go rabhadar lomnochd, agus
do fhuáidheadar duilleadha fíge dhá chéile, agus dorinneadar aprúin dóibh féin.


L. Gn3:8


Agus dochualadar guth an tighearna Dé ag spaisdeóireachd ann sa
ngáirdín a bhfuardhachd an laoi, agus dfoluigh Adhamh agus a bhean íad
féin ó fhiadhnuisi an tighearna Dé a measg chrann an gháirdín.


L. Gn3:9


Agus do ghoir an tighearna Día ar Adhamh, agus adubhairt ris: Cáit
a bhfuil tú?


L. Gn3:10


Agus adubhairt seison: dochuala mé do ghuth annsa ngáirdín, agus do
bhí eagla orm do chionn go raibh mé nochduighe, agus do foluigh mé
méfein.


L. Gn3:11


Agus do ráidh seision; cía dinnis duit go raibh tú nochduighe? ar
ith tú don chrann do aithin misi dhíot nach íosfá dhe?


L. Gn3:12


Agus adubhairt an fear: an bhean tug tusa dhamh (chum beith) am
fhochair, tug sí dhamh do thoradh an chroinn, agus dith mé é.


L. Gn3:13


Agus adubhairt an tighearna Día ris an mnaoi; créud éso dorinne
tú? agus adubhairt an bhean, do mheall anathair nimhe mé, agus do ith
mé.


L. Gn3:14


Agus adubhairt an tighearna Día ris anathair nimhe: do bhrígh go
ndéarna tú so, atá tú malluithe ós an uile áirnéis, agus ós gach uile
ainmhidhe an mhachaire: ar do bholg siubhólus tú, agus luaithreadh íosas
tú ar feadh uile laéthe do bheatha.


L. Gn3:15


Agus cuirfi misi námhadus eadrad agus an bhean, agus eidir do shíol
agus a síolsan; brúighfidh sé do cheannsa, agus brúighfidh tusa a
shálsan.


L. Gn3:16


Adubhairt sé ris an mnaoi, méideócha mé go mór do dhoilgheas agus do
thoirrchiughadh; a ndoilgeas bhéuras tú clann, agus dot fhior (bhias)
thfon, agus dodhéuna sé uachtarántachd ort.


L. Gn3:17


Agus adubhairt sé ré hAdhamh, do bhrígh go ttug tú éisdeachd do
ghuth do mhná, agus gur ith tú don chrann ar aithin misi dhíot, dá rádh,
ní íosa tú dhe; atá an talamh mallaighe ar do shon, a ndoilghios íosas tú
dhe ar feadh uile laéthe do bheatha.


L. Gn3:18


Droighneach fós agus foghbhannáin dobhéura sé dhuit, agus íosa tú
luibh na talmhan.


L. Gn3:19


A nallus haighe íosas tú arán no go bhfilligh tú chum na talmhan;
óir is aisde do beanadh thú; óir as luaithreadh thú agus chum luáithridh
fhillfios tú.


L. Gn3:20


Agus do ghoir Adhamh Eubha dhá mhnaoi, do bhrígh gurab í mathair
an uile bheo í.


L. Gn3:21


Do Adhamh mar an ccéudna agus dá mhnaoi dorinne an tighearna Día
cótuidhe croicinn, agus do éuduigh sé iad.


L. Gn3:22


Agus adubhairt an tighearna Día; féuch, atá an duine arna dhéunamh
mar aón aguinn féin dfios maitheasa agus uilc: agus anois deagla go
ccuirfeadh a lámh amach, agus go nglacfadh fós do chrann na beatha, agus
go níosfadh agus go mairfeadh go bráth.


L. Gn3:23


Ar anadhbhursin do chuir an tighearna amach as gáirdín Eden é do
shaóthrughadh an talamh as ar tugadh é.


L. Gn3:24


Marsin do thiomáin sé an duine amach, agus do chuir sé ag an ccuid
shoir do gháirdín Eden Cherubínigh agus cloidheamh lasardha noch do
iompoigheadh ann gach uile thaóbh do choimhéud slighe chroinn na beatha.


L. Gn4:1


Agus do luigh Adhamh re na mhnaói Eúbha; agus do toirrcheadh í, agus
rug sí Cáin, agus adubhairt sí; do ghnoghuidh mé duine ón dtighearna.


L. Gn4:2


Agus rug sí arís a dhearbhrathair Abel, agus dobhí Abel na aodhaire
caorach, agus do budh críadhuire Cáin.


L. Gn4:3


Agus a ccion aithe tárla ann go ttug Cáin leis do thoradh na talmhan
ofráil don tighearna.


L. Gn4:4


Agus go ttug Abel mar an ccéudna do chéidghinibh a thréuda agus dá
shult; agus dobhí meas ag an ttighearna ar Abel agus ar ofráil.


L. Gn4:5


Ach ní raibh suim aige a Ccáin ná ann ofráil: agus dobhí Cáin lán
dfeirg, agus datharruigh a dhealbh.


L. Gn4:6


Agus adubhairt an tighearna ré Cáin; ciodh fá bhfuil tú feargach
agus créudh far chlaóchluich tú do chruth.


L. Gn4:7


Má ní tú go maith, nach glacfuighthear tú? agus muna ndéarna tú go
maith, atá an pecadh na luighe ag an ndorus, agus (biáidh) a fhonn
chugadsa, agus riaghlochuidh tú ós a chionn.


L. Gn4:8


Agus do chomhráigh Cáin rena dhearbhrathair Abel, agus tárla ann
anuair dobhádar ar an machaire gur éirigh Cáin suas anaghuidh
Abel a dhearbhrathair, agus gur mharbh é.


L. Gn4:9


Agus adubhairt an tighearna ré Cáin, cáit a bhfuil do
dhearbhrathair Abel? agus adubhairt seision, ni fheidir misi sin:
an misi coimhéuduigh mo dhearbhrathar.


L. Gn4:10


Agus adubhairt seision, creud dorinne tú? atá guth fola do
dhearbhrathar ag éighmhe ormsa as an ttalamh.


L. Gn4:11


Agus anois atá tusa malluighe ón ttalamh, noch do osguil a bhéul do
ghlacadh fola do dhearbhrathar as do láimh.


L. Gn4:12


Anuáir shaóthrochus tú an talamh, ní thiubhra feasda a neart ort,
ad theithmhech agus ad dheóruighe bhías tú annsa talamh.


L. Gn4:13


Agus adubhairt Cáin ris an ttighearna, as mó mo phionús ná mar
fhéuduim iomchar.


L. Gn4:14


Féuch, do dhíbir tú mé ó aghuidh na talmhan san ló aniugh, agus
foileochar ód ghnúis mé, agus béad am theithmheach agus am dheóruighe
annsa talamh, agus tiucfa assin gidhbé air bith theigeomhas riom, go
muirfidh sé mé.


L. Gn4:15


Agus adubhairt an tighearna ris, uimesin gidhbé ar bith
mhuirfeas Cáin, dodhéuntar a sheachd noirid dioghaltuis air. Agus
do chuir an tighearna comhartha ar Cháin deagla aonduine arna
fhagháil go muirfeadh é.


L. Gn4:16


Agus dochuáidh Cáin amach as fiaghnuisi an tighearna, agus do
áitribh sé a ttír Nod, taobh shoir do Eden.


L. Gn4:17


Agus do luigh Cáin re na mhnaói, agus do toirrcheadh í, agus rug sí
Enoch, agus dorinne cathair agus tug ainm uirre do réir anma a mhic,
Enoch.


L. Gn4:18


Agus do Enoch rugadh Irad agus do ghein Irad Mehujael, agus do
ghein Mehujael Metusael, agus do ghein Metusael Lamech.


L. Gn4:19


Agus tug Lamech días ban, aon díobh darbhainm Sillah.


L. Gn4:20


Agus rug Adah Jábal, dobé sin athair na druinge do chomhnuigheadh
a bpuiblibh agus na druinge gá mbí áirnéis.


L. Gn4:21


Agus dobé ainm a dhearbhrathar Lúbal; dobésin athair na nuile
do ghlacadh an chláirseach agus na horgáin.


L. Gn4:22


Agus Sillah mar an cceudna rug Túbal-Cáin, fear múinte anuile
fhir ceirde doniodh cérdachd phráis agus iaruinn: agus dobí
dhearbhshíur Thúbal-Cáin Náamah.


L. Gn4:23


Agus adubhairt Lamech re na mhnáibh Adah agus Sillah; éisdigh
ré ghlór a mhná Lamech, éisdigh rem chaint, óir do mharbhus duine
chum mo lot, agus duine óg chum mo dhochair féin.


L. Gn4:24


Má dioghaltar ar Cháin seachd noirid, go deimhin (dioghaltar) ar
Lamech seacht agus seachdmhodhad oirid.


L. Gn4:25


Agus do luigh Adhamh re na mhnaói arís, agus rug sí mac, agus tug
Seth dainm air: óir ar sisi, do órduigh Día dhamh síol eile anáit
do marbhadh lé Cáin.


L. Gn4:26


Agus do Shéth rugadh mac dhósan mar an ccéudna, agus Enos do
ghoir dainm dhe: annsin do thosuigh daoine gairm ar ainm an
tighearna.


L. Gn5:1


Aséso leabhar geinealuigh Adhuimh, annsa ló ionar chruthaidh Día
an duine, a ccosamhlachd Dé dorinne sé é.


L. Gn5:2


Feardha agus bannda do chruthaidh sé iad, agus do bheannuigh íad,
agus do ghoir Adhamh dainm dhíobh annsa ló ionar cruthaigheadh íad.


L. Gn5:3


Agus do mhair Adhamh céud agus triochad blíaghan agus do ghein (mac)
ann a chosamhlachd féin, do réir a dhealbha, agus tug Séth dainm
air.


L. Gn5:4


Agus do budh íad láethe Adhaimh tar éis Séth do gheineamhuin dó,
ochd ccéud bliaghan, agus do ghein sé mic agus ingheana.


L. Gn5:5


Agus na láethe ar mhair Adhamh uile, ba naói ccéud agus triochad
bliaghan íad, agus fuáir sé bás.


L. Gn5:6


Agus do mhair Séth céud chuig bhliaghna, agus do ghein Enos.


L. Gn5:7


Agus do mhair Séth tar éis Enos do gheineamhuin ochd ccéud agus
seachd mbliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:8


Agus ba hiad láethe Shéth uile naoi ccéud agus dá bhlíaghain déug
agus fúair sé bás.


L. Gn5:9


Agus do mhair Enos nóchad bliaghan, agus do ghein Cáinan.


L. Gn5:10


Agus do mhair Enos tar éis Cáinan do gheineamhuin ochd ccéud agus
cúig bhlíaghna déug, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:11


Agus bá híad láethe Enos uile naoi ccéud agus cúig bliaghna agus
fuair sé bás.


L. Gn5:12


Agus do mhair Cáinan seachdmhoghad blíaghan, agus do ghein
Mahalaleel.


L. Gn5:13


Agus do mhair Cáinan tar éis Mahalaleel do gheineamhuin, ochd
cceud agus ceathrachad bliaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:14


Agus dobíad láethe Cháinan uile naói cceud agus deich mbliaghna,
agus fuair sé bás.


L. Gn5:15


Agus do mhair Mahalaleel trí fichid agus cúig bhliaghna, agus do
ghein Jared.


L. Gn5:16


Agus do mhair Mahalaleel tar éis Járed do gheineamhuin, ochd cceud
agus tríochad blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:17


Agus dobíad láethe Mhahalaleel uile ochd cceud agus nóchad agus
cúig bhliaghna, agus fuair sé bás.


L. Gn5:18


Agus dobhí Jared beó ceud agus caogad agus dá bhliaghain, agus do
ghein Enoch.


L. Gn5:19


Agus do mhair Jared tar éis Enoch do gheineamhuin ochd cceud
blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:20


Agus dobíad láethe Jared uile, naói cceud, agus seasgad agus dá
bhlíaghain, agus fuair sé bás.


L. Gn5:21


Agus do mhair Enoch seasgad agus cúig bhlíaghna, agus do ghein
Matuselah.


L. Gn5:22


Agus do shiubhail Enoch le Día tar éis gheineamhna Mhatuselah trí
chéud blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:23


Agus dobíad láethe Enoch uile trí cchéud agus seasgad agus cúig
bhlíaghna.


L. Gn5:24


Agus do shiubhail Enoch ré Día, agus ní raibh sé ann, óir rug Día
leis é.


L. Gn5:25


Agus do mhair Matuselah céud agus ochdmhodhad agus seachd
mblíaghna, agus do ghin Lamech.


L. Gn5:26


Agus do mhair Matuselah tar éis Lamech do gheineamhuin, seachd
cceud ochdmhodhad agus dá bhliaghain, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:27


Agus dobíad láethe Mhatuselah uile naói ccéud seasgad agus naói
mblíaghna, agus fuair sé bás.


L. Gn5:28


Agus do mhair Lamech céud ochdmhodhad agus dá bhlíaghain agus do
ghein mac.


L. Gn5:29


Agus do ghoir Naói dainm dhe, da rádh; dobhéura an tísi meisneach
dhúinn a ttaoibh ar noibre agus shaothair ar lámh, do bhrígh an talamh do
mhalluigh an tighearna.


L. Gn5:30


Agus do mhair Lamech tar éis Naói do gheineamhuin, cúig céud
nóchad agus cúig blíaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn5:31


Agus dobíad láethe Lamech uile seachd cceud seachdmhoghad, agus
seachd mblíaghna, agus fuair sé bás.


L. Gn5:32


Agus dobhí Naói chúig chéud blíaghan daóis, agus do ghein Naói
Sem, Ham agus Japhet.


L. Gn6:1


Agus tárla anuáir do thosuigheadar na daoine ar líonadh ar dhruim na
talmhan agus rugadh ingheana dhóibh.


L. Gn6:2


Go bhfacadar mic Dé ingheana na ndaoine go rabhadar sgíamhach, agus
tugadar mná chuca donuile dhroing do thógradar.


L. Gn6:3


Agus adubhairt an tighearna; ní bhía mo spiorad a ccomhnuidhe ag
críochán ris an nduine, do bhrígh gur féoil eision mar an ccéudna, gidheadh
béidh a láethe na ccéud agus fichthe blíaghan.


L. Gn6:4


Dobhádar aithighe ar an ttalamh annsna laéthibhsin; agus mar an
ccéudna na dhiáighsin, anuair thangadar mic Dé asteach chum ingheana
na ndaoine, agus rugadar (clann) dóibh, do fhásadarsin na ndaoinibh
árrthachda, noch dobhí san tseanaimsir na ndaoinibh iomráiteach.


L. Gn6:5


Agus dochonnairc Día gur mhór chionta an duine ar an ttalamh agus
gach aon bhreathnughadh dá smuaineadh a chroidhe, gurab olc é a
ccomhnuighe.


L. Gn6:6


Agus do budh aithreach leis an ttighearna an duine do dhéunamh ar
an ttalamh, agus do ghoill sé air ann a chroidhe.


L. Gn6:7


Agus adubhairt an tighearna; sgriosfuidh mé an duine do chruthaigh
mé ó aghaidh na talmhan; ar aon an duine agus an beitheach, agus an ní
snámhus agus éunlaith an aiéir, óir as aithreach liom a ndéunamh.


L. Gn6:8


Ach fuair Naoi grása a bhfiaghnuise an tighearna.


L. Gn6:9


Asíadso geinealuigh Naoi, dobhí Naoi na dhuine fhiréunta, agus
iomlán ann a gheinealachaibh, agus do shiubhail Naoi lé Día.


L. Gn6:10


Agus do ghein Naoi tríur mac Sem, Ham, agus Japhet.


L. Gn6:11


Dobhí an talamh mar an cceudna truáillighe a bhfiadnuisi Dé, agus
do líonadh an talamh dfoiréigean.


L. Gn6:12


Agus do fhéuch Día ar an ttalamh, agus féuch dobhí sé trúaillighe,
óir do thruáill gach uile fheóil a shlighe ar an ttalamh.


L. Gn6:13


Agus adubhairt Día ré Naói táinic críoch anuile fhéola am
fhiaghnuisi, óir is lán an talamh durchóid tríothasan; agus féuch,
sgriosfuigh mé íad maille ris an ttalamh.


L. Gn6:14


Déuna duit féin áirc do choill Ghopher, dodhéuna tú ionaid sa N
áirc, agus cuirfe tú pic uirre astigh agus amuich.


L. Gn6:15


Agus aséso (an timdhéunamh) ar a ndéuna tú í.: a bhfad na háirce
béid trí chéud chubhad, a leithead caógad cubhad, agus a háirde tríochad
cubhad.


L. Gn6:16


Dodhéuna tú fuinneóg doNáirc, agus críochnochaidh tú í a ccubhad
shuas, agus cuirfidh tú dorus na háirce ar a taóbh; maille ré h
ísliughadh, an dara agus an treas lota dodhéuna tú í.


L. Gn6:17


Agus féuch misi, misi féin dobheirim tuile uisgeadh ar an ttalamh
do sgrios gach uile fhéola ann a bhfuil anál na beatha faói neamh; agus
gach a bhfuil sa talamh, dogheabha sé bás.


L. Gn6:18


Ach riotsa daingneóchaidh mé mo chunnradh, agus tiucfa tú asteach
saNáirc thú féin agus do mhic agus do bhean, agus mná do mhac maille
riot.


L. Gn6:19


Agus do gach uile ní beó, da gach uile fheóil béuruidh tú cúpla
leachd da gach uile shórt saNáirc dá gcumhdach beó agad, béid síad
feardha agus bannda.


L. Gn6:20


Donéunlaith do réir a gcinéil, agus donáirnéis do réir a
ccineil, da gach uile ní shiubhlas an talamh do réir a chineil; cúpla do
gach aón tsórt thiucfas chugad dá ccumhdach beó.


L. Gn6:21


Agus glac chugad da gach uile bhiadh ithear, agus cruinneochadh tú
chugad é, agus biáidh na bhiadh dhuitsi agus dóibhsion.


L. Gn6:22


Marso dorinne Naói; do réir anuile ní do aithin Día dhe is
amhlaidhsin dorinne sé.


L. Gn7:1


Agus adubhairt an Tighearna ré Naói, tárr féin agus do theagh uile
annsaNáirc, óir dochonnairc mé firéunta thú am fhiaghnuisi ansa
ngeinealachso.


L. Gn7:2


Da gach uile bheathach ghlan béuruidh tú leachd na seachduibh,
feardha agus bannda: agus do na beathaidhibh nach bhfuil glan na
ccúpluibh, feardha agus bannda.


L. Gn7:3


Déunlaith mar an cceudna an aiéir, na seachduibh feardha agus bannda,
do chongmháil síl beó ar aghaidh na talmhan uile.


L. Gn7:4


Óir seachd lá fós agus dobhéura misi fá deara air, fearthuinn do
dhéunadh ar an ttalamh ceathrachad oidhche, agus gach uile shubstaint beó
da ndearna mé, sgriosfuidh mé daghaidh na talmhan íad.


L. Gn7:5


Agus dorinne Naói do réir mar do aithin an Tighearna dhe uile.


L. Gn7:6


Agus dobhí Naói sé chéud blíaghan daóis anuáir dobhí an díle
uisgeadh ar an ttalamh.


L. Gn7:7


Agus dochuáidh Naói asteach a bhean, a mhic agus mná a mhach,
maille ris don Náirc do bhrígh uisgeadh na dílionna.


L. Gn7:8


Do na beathuighibh glana agus do na beathuighibh neamhghlana, agus
do éunlaith agus da gach aóinní dá siubhlann ar an ttalamh;


L. Gn7:9


Dochuaidh asteach a dó agus a dochum Naói annsaNáirc, feardha
agus bannda mar do aithin Día do Naói.


L. Gn7:10


Agus tárrla a ndiaigh sheachd lá, go rabhadar uisgeadha na dílionna
ar an ttalamh.


L. Gn7:11


Annsa seiseadh ceud blíaghan daóis Naói annsa dara mí, an
seachdmhadh lá déug don mhí, an lásin féin do brisiodh aníos toibreacha
anaighéin mhóir uile, agus do hosgladh comhluighe uisge nimhe.


L. Gn7:12


Agus dobhí an fearthuinn ar an ttalamh ceathrachad lá agus
ceathrachad oidhche.


L. Gn7:13


Annsa lósin féin, dochuáidh Naói asteach, agus Sem, Ham, agus
Japhet, mic Naói, agus bean Naói, agus tríur ban a mhac leó don
Náirc.


L. Gn7:14


Iad féin agus gach uile ainmhidhe do réir a chinéil, agus an uile
áirnéis do réir a cciníl, agus gach ní shnámhus ar an ttalamh do réir a
ccinéil agus gach uile éunlaith da gach aon tsórt.


L. Gn7:15


Agus dochuadar asteach chum Naói annsanáirc, cúpla agus cúpla da
gach uile fheóil anna bhfuil ánal na beatha.


L. Gn7:16


Agus a ndeachaidh asteach dochuadar asteach feardha agus bannda dá
gach uile fhéoil mar do aithin Día dhe, agus do dhruid an Tighearna air
astigh .


L. Gn7:17


Agus dobhí an díle ar an ttalamh ceathrachad lá agus ceathrachad
oidhce, agus do mheaduigheahar na huisgidhe, agus do iomchradar suas a
náire agus do tógbhadh súas í os cionn na talmhan.


L. Gn7:18


Agus dorugadar na huisgidhe buáidh agus do mheaduigheadar go han
mhór ar an ttalamh; agus do imthigh anáirc ar uachdar na nuisgeadh.


L. Gn7:19


Agus dorugadar na huisgidhe buáidh go hiomarcach ar an ttalamh,
agus dobhádar na cnuic árda uile dobhí fo neamh arna bhfolach.


L. Gn7:20


Cúig cubhaid déug do éirigh an tuisge súas agus do folchadh na
sléibhte.


L. Gn7:21


Agus do éug gach uile fheóil dár chorruigh ar an ttalamh, idir
éunuibh agus áirnéis agus ainmhintidh agus gach aónní shnámhus ar an ttalamh
agus gach uile dhuine.


L. Gn7:22


Gach ní ann a raibh anál na beatha ana pholláiribh, don uile ní da
raibh ar talamh tirim, fuaradar bás.


L. Gn7:23


Agus do sgriosadh gach uile shubstaint beó noch dobhí ar druim na
talmhan, idir dhuine agus bheathach agus an ní shnamhus agus éunlaith neimhe,
agus do sgriosadh ón talamhh iad, agus do fhan Naói amháin na beathaidh
agus an luchd dobhí na fhochair sanáirc.


L. Gn7:24


Agus do bhúadhuigh an tuisge ós cionn na talmhan céud agus caógad
lá.


L. Gn8:1


Agus do chuimhnigh Dí air Naói agus gach aóinní beó agus a uile áirnéis
dobhí na fhochair saNáirc, agus dorinne Día gaóth do dhul thar a
talamh agus do thraóthadar na huisgidhe.


L. Gn8:2


Do stopadh mar an cceadna toibreacha anaigéin agus fuinnéoga
neimhe, agus do cosgeadh an fearthuinn ó neamh.


L. Gn8:3


Agus do fhilleadar na huisgidhe ó bheith ar an ttalamh a ccomhnuighe
tar éis na ccéad agus na ccaógad lá do laghduigheadh na huisghdhe.


L. Gn8:4


Agus do chomhnuigh aNáirc ar an seachdmhad mí, ar an seachdmhad lá
déug don mhí ar shléibhtibh Ararat.


L. Gn8:5


Agus do thraóthadar na huisgidhe a gcomhnuidhe gus an deachmhad mí:
annsa deachmhad mí, ar an ccead lá don mhí doconnarcas mulluighe na
slíabh.


L. Gn8:6


Agus tarla a ccionn cheathrachad lá gur osguil Naói fuinneóg na
háirce dorinne sé féin.


L. Gn8:7


Agus do chuir sé amach fíach, noch dochuaigh amach ag teachd agus ag
imtheachd nó gur tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh.


L. Gn8:8


Mar an gceadna do chuir sé colum uadha amach dfhéchuin nar
thraóthadar na huisgidhe ó aghaidh na talmhan.


L. Gn8:9


Ach ní bhfuair an colum áit chomhnuighe do bhonn a coisi, agus do
fhill sí chuige asteach doNáirc: óir da bhádar na huisgidhe ar uachdar
na talmhan uile. Annsin do chuir a lámh amach, agus do tharraing chuige
asteach í doNáirc.


L. Gn8:10


Agus do fhan sé fós seachd lá oile, agus arís do chuir sé an colum
amach as aNáirc.


L. Gn8:11


Agus táinig an colum chuige tráthnóna asteach, agus féch dobhí
ann a ghob duilléog chroinn ola noch do tharruing sí, as ar aithin
Naói gur thraóthadar na huisgidhe ó dhruim na talmhan.


L. Gn8:12


Agus do fhan sé fós seachd lá oile, agus do chuir an colum amach
noch nar fhill chuige arís níis mó.


L. Gn8:13


Agus tárla sa naónmhadh agus sé chead blíaghan, san chéud mhí, san
chéud ló don mhí, do tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh, agus
do athruigh Naói folach na háirce, agus d amhairc sé, agus féuch
dobhí aghaidh na talmhan tirim.


L. Gn8:14


Agus annsa dara mí ar a seachdmhadh lá fichead don mhí dobhí an
talamh tirim.


L. Gn8:15


Agus do labhair Día ré Naói, dá rádh:


L. Gn8:16


Éirigh amach as an Áirc, tú féin agus do bhean, agus do mhic, agus
mná do mhac leachd.


L. Gn8:17


Beir leachd amach gach éinní béo dá bhfuil agad don uile fhéoil
idir éunlaith, agus áirnéis, agus anuile ní sníghtheach noch shnígios
ar an ttalamh, ionnus go síolfuid go líonmhar ar an ttalamh, agus go
rabhaidh tórrthach, agus go ndéunaid iomadughadh ar an ttalamh.


L. Gn8:18


Agus dochuáidh Naói amach, agus a mhic, agus a bhean agus mná a
mhac maille ris:


L. Gn8:19


Anuile bheathach, anuile ní shnígheas, agus anuile éun, agus
gach ní shnígheas ar an ttalamh do réir a gcinéil, dochuadar amach ar an
áirc.


L. Gn8:20


Agus dorinne Naói altóir don tighearna, agus do ghlac da gach éin
bheathach glan, agus dá gach uile éun glan, agus díodhbuir ofráil loisge
ar analtóir.


L. Gn8:21


Agus do bholtnuigh an tighearna deaghbhaladh, agus adubhairt an
tighearna ann a chroidhe ní mhillfidh mé arís an talamh ar son an duine
óso amach; óir as olc smuáineadh chroidhe an duine ón óige, ní mó
bhuáilfeas mé arís níis mó anuile ní béo mar dorinne mé.


L. Gn8:22


An feadh mhairfeas an talamh ní sguirfidh aimsir an tsíolchuir agus
an foghmar, agus an fuacht agus an teas, agus an samhradh agus an
gheimhreadh, agus an lá agus anoidhche.


L. Gn9:1


Agus do bheannuigh Día Naói agus a mhic, agus adubhairt riú; Bígi
torrthach, agus iomaduighidh, agus líonaidh an talamh.


L. Gn9:2


Agus biaidh bhur neagla agus bhur núamhan ar gach uile ainmhidhe ar
an ttalamh, agus ar gach uile éun anaiéir, ar gach uile ní da
gcorruidheann ar an ttalamh, agus ar iasg na fairge uile; an bhur láimh
tugadh iád.


L. Gn9:3


Gach uile ní béo da ccoruigheann bía na bhíadh dhíbhsi, amhuil mar an luibh
nglais tug mé dhíbh anuile ní.


L. Gn9:4


Ach feóil maille rena hanam, eadhon a fuil, ní iosa sibh.


L. Gn9:5


Agus go deimhin bhur bhfuil bhur nanama, loirgfe misi; as láimh anuile
bheathuigh loirgfe mé í; agus as láimh an duine; as láimh dhearbhrathar gach
duine íarfas mé anam an duine.


L. Gn9:6


Gidhbé dhóirtfeas fuil duine, is lé duine dhóirtfígheas a
fhuilsion; óir is a ndeilbh Dé dorinne sé an duine.


L. Gn9:7


Agus sibhsi bíghi tórrthach agus iomaduighidh, geinidh go hiomarcach
ar an ttalamh, agus iomaduighidh ann.


L. Gn9:8


Agus do labhair Día ré Naói, agus rena mhacaibh maille ris, ag rádh:


L. Gn9:9


Agus misi, féuch, misi dhaingnígheas mo chunnradh ribhsi, agus re
bhur síol bhur ndíaigh;


L. Gn9:10


Agus ré gach uile chréutuir béo dá bhfuil maille ribh donéunlaith,
donáirnéis, donuile bheathach ar talamh atá aguibh, ón uile dá ndeachuidh
amach as an áirc donuile bheathach ar talamh.


L. Gn9:11


Agus daingneochaidh mé mo chunnradh ribh, agus ní sgriosfuighear
amach gach uile fhéoil níis mó lé huisgidhibh na díleann, agus ní
mó bhías díle ann níis mó do sgrios na talmhan.


L. Gn9:12


Agus adubhairt Día, agso comhartha an chunnartha doním eadrum
féin agus sibhsi agus gach uile chrétúir béo dá bhfuil maille ribh, a
ngeinealachuibh síorruidhe.


L. Gn9:13


Suighim mo bhogha annsa néull, agus biadh sé mar chomhartha cunnartha
eadrum féin agus an talamh.


L. Gn9:14


Agus as amhluidh bhías, anuáir dobhéara mé néull ós cionn na
talmhan go bhfaicfighear an bogha annsa néull.


L. Gn9:15


Agus cuimhneochaidh mé mo chunnradh atá eadrum féin agus sibhsi,
agus gach uile chréatúir béo donuile fhéoil, agus ní thiocfaidh uisgidhe
na dílionn do sgrios gach uile fhéola.


L. Gn9:16


Agus bíaidh an bogha annsa néull agus féuchfa misi air, ionnus go
ccuimhneocha mé an cunnradh biothbhuan eidir Día agus gach uile chrétuír
béo donuile fhéoil dá bhfuil ar an ttalamh.


L. Gn9:17


Agus adubhairt Día lé Naói, agso comhartha an chunnartha
dhaingnighim eadrum féin agus gach uile fhéoil dá bhfuil ar an ttalamh.


L. Gn9:18


Agus mic Naói dochuáidh amach as anáirc, dobíad Sem, Ham,
agus Japhet, agus s é Ham athair Chanáain.


L. Gn9:19


Asíadso tríur mac Naói, agus as uatha do líonadh an domhan uile.


L. Gn9:20


Agus do thosuigh Naói ar bheith na chríadhaire, agus do phlannduigh
gárdha fíneamha.


L. Gn9:21


Agus do ibh sé donfíon, agus dobhí sé ar meisge, agus dobhí sé
lomnochda astigh.


L. Gn9:22


Agus dochonnairc Ham, athair Chanaáin, a athair lomnochd, agus do
innis dá dhís dherbhathar amuigh.


L. Gn9:23


Agus do ghlac Sem agus Japhet brat, agus do chuireadar ar a
nguáillibh araón é, agus dochúadar a ndiaigh a ccúil, agus do
fholuigheadar lomnochd a nathar, agus dobhádar a naighthe ar anais agus
ní fhacadar lomnochd a nathar.


L. Gn9:24


Agus do mhúsgail Naói ó na fhíon, agus do thuig ciodh dorinne a mhac
dobóige ris.


L. Gn9:25


Agus adubhairt, go madh mallaighe bhías Cánáan; na sheirbhíseach
sheirbhísigh bhías sé agá dhearbhráithribh.


L. Gn9:26


Agus adubhairt, go madh beannuighe tighearna Día Shem, agus biái
Canáan na sheirbhíseach aige.


L. Gn9:27


Dodhéuna Día Japhet go fairseang, agus áiteochaidh sé a bpuiblibh
Shem, agus biaidh Canáan na sheirbhíseach aige.


L. Gn9:28


Agus do mhair Naói déis na díleanna trí chéud blíaghan agus
caógad.


L. Gn9:29


Agus dob íad laethe Naói uile naói ccéud agus caógad blíaghan,
agus fuair sé bás.


L. Gn10:1


Anois asíadso geinealuigh mhac Naói, Sem, Ham agus Japhet:
agus rugadh mic dóibhsin déis na dílionna.


L. Gn10:2


Mic Japhet: Gomer, agus Magog, agus Madai, agus Jabhan, agus
Tubal, agus Meiseich, agus Tiras.


L. Gn10:3


Agus mic Ghomer: Ascenas, agus Riphat, agus Togarmah.


L. Gn10:4


Agus mic Jabhám: Elisah, agus Tarsis, Citim, agus Dodainim.


L. Gn10:5


Is léoso do roineadh oiléin na ngentlidheach ann a bhfearannuibh;
gach aón do réir a tteangtha, do réir a muinntire ann a ccinidheachuibh.


L. Gn10:6


Agus mic Ham: Cus, agus Misraim, agus
Put, agus Canáan.


L. Gn10:7


Agus mic Chus: Seba, agus Habhilah, agus Sabtah, agus
Ráamah, agus Sabtecha: agus mic Ráamah, Séba agus Dédan.


L. Gn10:8


Agus do ghein Cus Nemrod; do thosaidh seision bheith na dhuine
chumhachdach ar an talamh.


L. Gn10:9


Ba mór an fear fíadhuighe é a lathair an tighearna; uimesin a
dubhradh amhuil Nemrod an sealgaire mór.


L. Gn10:10


Agus bá hé tosach a rioghachda Bábel, agus Erech, agus Accad,
agus Calneh a gcrích Shínair.


L. Gn10:11


As an ttírsin dochuaidh Assur, agus dfóirgnigh Nínibheh, agus
an chathair Rehobot, agus Calach.


L. Gn10:12


Agus Resen idir Nínibheh agus Calach: as cathair mór sin.


L. Gn10:13


Agus do ghein Misraim Ludim, agus Anamim, agus Lehabim, agus
Naphtuhim.


L. Gn10:14


Agus Patrusim, agus Casluhim, (ó ttáinig Philistim) agus
Caphtoirim.


L. Gn10:15


Agus do ghein Canáan Sídon a chéad mhac, agus Het,


L. Gn10:16


Agus an Jebusiteach, agus an Temoriteach, agus an Girgasitech,


L. Gn10:17


Agus an Hibhiteach, agus an Taircíteach, agus an Siniteach,


L. Gn10:18


Agus an Tarbhaditeach, agus an Semaríteach, agus an Hamatiteach:
agus na dhiaigh sin do leathnuigheadar treabha na Ccanaanitech amach.


L. Gn10:19


Agus dobhí téorann na Ccanaanitech o Shídon, mar thigh tú go
Gerar, go Gára mar théid tú go Sodom, agus go Gomorrah, agus
Admah, agus Seboim agus marsin go Lasa.


L. Gn10:20


As íadso mic Ham, do réir a ttreabha, do réir a tteangtha, ann a
dtíorrthuibh, agus ann a gcinidheachuibh.


L. Gn10:21


Do Shem mar an cceadna athair chloinne Eber uile, dearbrathair
Japhet an sinnsior, rugadh fós dhósan clann.


L. Gn10:22


Clann Shem: Elam, agus Assur, agus Arphaxad, agus Lud, agus
Aram.


L. Gn10:23


Agus clann Araim; Us, agus Hul, agus Geter, agus Mas.


L. Gn10:24


Agus do ghein Arphaxad Salah, agus do ghein Salah Eber.


L. Gn10:25


Agus rugadh días mhac dÉber: ainm aóin díobh Peleg, óir as ann
a laéthibh do roinneadh an talamh: agus Joctan ainm a dhearbhrathar.


L. Gn10:26


Agus do ghein Joctan Almodad, agus Seleph, agus Hasarmabhet,
agus Jerah,


L. Gn10:27


Agus Hadoram, agus Ural agus Diclah,


L. Gn10:28


Agus Obal, agus Abimael, agus Seba,


L. Gn10:29


Agus Ophir, agus Habhilah, agus Jobab: dobíadso uile clann
Joctan.


L. Gn10:30


Agus dobhí a náitreabh ó Mheasa, mar théid tú go Sephar, sliabh
don taóibh shoir.


L. Gn10:31


Asíadso mic Shem do réir a ttreabha, do réir a tteangtha ann a
bhfearannuibh, agus do réir a gcinidheach.


L. Gn10:32


Agus asíadso treabha mhac Naói do réir a ngeinealach ann a
ccinidheachuibh: agus leóso do roinneadh na cinidheacha annsa domhan a
ndiaigh na díleann.


L. Gn11:1


Agus dobhí an domhan uile ar éinteanguidh ar énghlór.


L. Gn11:2


Agus tárla ar naistríughadh dhóibh ónáird shoir go bhfúaradar
réiteach a ttír Shínáir, agus gur chomhnuigheadar annsin.


L. Gn11:3


Agus adubhradar aón ré chéile, gluáisidh, déunam brícidh, agus
loisciom go hiomlán íad: agus is bríce dobhí aca mar chloich, agus pic
thalmhuighe mar mhoirtér.


L. Gn11:4


Agus adubhradar, gluáisidh, déunamh cathair dhúinn féin, agus tor a
roitheachuidh a bhárr go neamh, agus déunum ainm dhúinn féin, deagla
go spréighfigh sinn ar feadh na talmhan go huilidhe.


L. Gn11:5


Agus táinic an tighearna ansúas dféchuin na caithreach, agus an
tuir dorinneadar clann na ndaóine.


L. Gn11:6


Agus adubhairt an tighearna; féuch is aón an pobal uile, agus is
éinteanga atá aca uile, agus do thosuigheadar so do dhéunamh, agus anois
ní choinneóchar éinní úatha dar shaóileadar a dhéunamh.


L. Gn11:7


Ag súd chuguinn, déunuimne síos agus buaidhrim a nglór, ionnus nach
dtuigfidh siad glór a chéile.


L. Gn11:8


Marsin do sgaóil an tighearna ó chéile íad assin ar feadh na talmhan
uile, agus do sguireadar an chathair do thogbháil.


L. Gn11:9


Is uimesin goirthear Bábel dainm dhi, do chionn gur bhuaidir an
tighearna annsin teanga an domhuin uile, agus do spréigh an tighearna as
sin íad ar feadh na talmhan uile.


L. Gn11:10


Agso geinealach Shem: Dobhí Sem céud bliadhain daóis, agus do
ghein Arphaxad dhá bhliaghain a ndiaigh na díleann.


L. Gn11:11


Agus do mhair Sem tar éis Arphaxad do gheineamhuin chúig céud
bliaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:12


Agus do mhair Arphaxad chúig bhliaghna déug ar fhichid, agus do
ghein Salah.


L. Gn11:13


Agus do mhair Arphaxad tar éis Salah do gheineamhuin, ceithre céud
agus trí bliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:14


Agus do mhair Salah tríochad blíaghan agus do ghein Eber.


L. Gn11:15


Agus do mhair Salah tar éis Eber do gheineamhuin, ceithre céud agus
trí bliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:16


Agus do mhair Eber ceithre bliaghna agus triochad, agus do ghein
Péleg.


L. Gn11:17


Agus do mhair Eber tar éis Péleg do gheineamhuin ceithre céud
bliaghan agus tríochad, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:18


Agus do mhair Péleg tríochad blíaghan, agus do ghein Réu.


L. Gn11:19


Agus do mhair Péleg tar éis Réu do gheineamhuin, dhá chéud agus
naói mbliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:20


Agus do mhair Réu tríochad agus dha bhlíaghain, agus do ghein
Sérug.


L. Gn11:21


Agus do mhair Réu tar éis Sérug do gheineamhuin, dhá chéud agus
seachd mblíaghna, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:22


Agus do mhair Serug tríochad blíaghan, agus do ghein Nahor.


L. Gn11:23


Agus do mhair Sérug tair éis Nahor do gheineamhuin, dhá chéud
blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:24


Agus do mhair Nahor naói mblíaghna fichiod, agus do ghein Terah.


L. Gn11:25


Agus do mhair Nahor tar éis Térah do gheineamhuin, céud agus naói
mblíaghna déug, agus do ghein mic agus ingheana.


L. Gn11:26


Agus do mhair Térah seachdmhodhad blíaghan, agus do ghein Abram,
Nahor, agus Náran.


L. Gn11:27


Anois asíadso geinealuigh Thérah: do ghein Térah Abram,
Nahor agus Háran; agus do ghein Háran Lot.


L. Gn11:28


Agus do éug Haáran roimhe a athair, ann a thír dhúthaigh féin ann
Ur na Gcaldéanach.


L. Gn11:29


Agus tug Nahor mná chugtha, ainm mhná Abram Sarai, agus ainm mhná
Nahor Milcah, inghin Haran, athair Mhilcah, agus athair Iscah.


L. Gn11:30


Ach dobhí Sárai aimridh; ní raibh clann air bith aice.


L. Gn11:31


Agus do ghlac Térah Abram a mhac, agus Lot mac Hárain mac a
mhic, agus a bhainchlíamhuin Sárai bean a mhic Abram, agus
dochuadar amach leó ó Ur na Gcaldéanach do dhul go tír Chanaáin;
agus tangadar go Háran, agus dáitreabhuigheadar annsin.


L. Gn11:32


Agus do mhair Térah dhá chéud agus cúig bhlíaghna, agus do éug
Térah ann Haran.


L. Gn12:1


Anois adubhairt an tighearna ré Abram, éirigh romhad as do thír,
agus ghaól, agus ó thigh hathar go fearann thaisbeanfus misi dhuit.


L. Gn12:2


Agus dodhéuna mé cineadh mór dhíot, agus beannóchuidh mé thú, agus
dodhéuna mé hainm mór; agus biadh tú ad bheannughadh.


L. Gn12:3


Agus beanóchuidh mé an mhéid bheannóchus tú, agus mailleochuidh mé an
té mhailleochas tú: is ionnadsa bheannóchar treabha an domhuin uile.


L. Gn12:4


Marsin do imthigh Abram mar adubhairt an tighearna ris, agus dochuáidh
Lot leis: agus dobhí Abram seachdmhoghad agus cúig bhlíaghna daóis,
anuáir do imthigh sé as Háran.


L. Gn12:5


Agus rug Abram Sárai a bhean leis agus Lot mar a dhearbhrathar
agus a substaint uile noch do chruinnigheadar, agus na hanmanna
fúaradar ann Háran: agus dochúadar amach do dhul go tír Canaáin,
agus tangadar go tír Chanaáin.


L. Gn12:6


Agus do ghluáis Abram thríd an bhfearann go háit Shichem go
réiteach Moreh: agus dobhí an Canaaníteach ann tansin san
bhfearann.


L. Gn12:7


Agus do fhoillsigh an tighearna é féin do Abram agus adubhairt;
is dod shíolsa dobheara mé an dhuthaidhsi: agus annsin dorinne sé
áltóir don tighearna noch do thaisbéin é féin dó.


L. Gn12:8


Agus do athruigh sé assin go slíabh taóbh shoir do Bhétel, agus do
shúidhigh a phailliún, ar mbeith do Bhetel don taóbh shiar dhe,
agus Hái don taóibh shoir agus dorinne altóir annsin don tighearna,
agus do ghoir ar ainm an tighearna.


L. Gn12:9


Agus do aistrigh Abram ag dul ar aghaidh a gcomhnuidhe don taóbh
ó dheas.


L. Gn12:10


Agus dobhí gorta annsa tír, agus dochuáidh Abram síos don Egipt
do chomhnuighe annsin, óir dobhí an ghorta doilgheasach sa talamh.


L. Gn12:11


Agus tárla anuáir dobhí sé ar teachd a bhfoghus do dhul asteach
don Egipt, go ndubhairt sé ré Sárai a bhean, féuch annois as
aithne dhamsa go bhfuil tusa ad mhnaói sgiamhaidh ré féachuin ort.


L. Gn12:12


Uimesin teigeómhaidh anuáir dochífid na Hégiptigh thú, go n
aibeoruid síad; asíso a bhean, agus muirfid misi agus caóimhneochuid
thusa beó.


L. Gn12:13


Guidhim thú, abair gur tu mo dheirbhshíur; chor go mbeithear go
maith ar do shonsa leam, agus go mairfidh manam ar do shonsa.


L. Gn12:14


Agus tárla anúair tháinic Abram do Egipt, dochoncadar na
Hégiptigh an bhean go raibh sí rosgiamhach.


L. Gn12:15


Dochoncadar mar an ccédna prionnsuidhe Phárao í, agus do mholadar
í a lathair Phárao, agus rugadh an bhean asteach go tigh Phárao.


L. Gn12:16


Agus dobhí Phárao go maith ré Abram air a son, agus dobhádar
caóirigh aige, agus daimh agus asail, agus seirbhísigh fear agus
seirbhísigh ban, agus banassail, agus cámhuill.


L. Gn12:17


Agus do phláigh an tighearna Phárao lé plághuibh móra ar son
Shárai bean Abram.


L. Gn12:18


Agus do ghoir Phárao Abram agus adubhairt; créad éso dorinne tu
oram, créd nár innis tú dham gurbh í do bhean í?


L. Gn12:19


Créd fá ndubhairt tú, así mo dhearbhshíur í; marsin do
fhédfuinnse a tabhairt mar mhnaói; uimesin anois féuch do bhean, gabh
chugad í agus imthigh romhad.


L. Gn12:20


Agus tug Phárao aithne dhá mhuinntir dhá taóibh, agus do chuireadar
ar siubhal é féin agus a bhean agus anuile ní dobhí aige.


L. Gn13:1


Agus dochuaidh Abram súas as an Egipt; é féin agus a bhean agus
anuile ní dobhí aige.


L. Gn13:2


Agus dobhí Abram roshaidhbhir anáirnéis, anairgead agus anór.


L. Gn13:3


Agus do imthigh ar aghaidh, ann a aistribh ón taóbh ó dheas eadhon go
Bétel, gus an áit a raibh a pháilliún ar tús eidir Bétel agus Hái.


L. Gn13:4


Go háit na haltóra dorinne sé annsin ar ttús: agus do ghoir
Abram annsin ar ainm an tighearna.


L. Gn13:5


Agus Lot mar an ccéadna, dochuáidh le Abram, dobhádur tréuda agus
airighe, agus páilliúin aige.


L. Gn13:6


Agus ní tháinic don fearann a niomchur, ionnus go náitreobaidís a
bhfochair a chéile: óir dobhí a substaint comhmórsin, nár bhféidir leó
comhnuighe anaónáit.


L. Gn13:7


Agus dobhí imreasan eidir aódhairibh áirnéisi Abram, agus aódhairibh
áirnéisi Lot: agus do áitreabhadar na Canáanitigh, agus na Perisitigh
an tansin ann sa dúthaigh.


L. Gn13:8


Agus adubhairt Abram ré Lot, guidhim thú ná bíodh ceannairge ar
bith eadhrumsa agus tusa, nó idir maódhairibh agus thaódhairibh: óir is
dearbhráithresinn.


L. Gn13:9


Nach bhfuil an duthaigh uile romhad? guidhim thú dealuigh thú féin
riomsa: madh áil leachd gabh don láimh chlé; annsin geabha misi don láimh
dheis: nó (ma théid) tú don láimh dheis, annsin racha misi don láimh
chlé.


L. Gn13:10


Agus do thóg Lot a shuile súas, agus dochonnairc réiteach Jordán
uile, go raibh uisge go maith ar gach éun taóbh suil do sgrios an
tighearna Sodom agus Gomorrah, eadhon amhuil gháirdín an tighearna,
cosmhuil re talamh na Heigipte mar thigh tú go Soar:


L. Gn13:11


Annsin do thogh Lot dó féin réiteach Jordáin uile, agus do aistrigh
Lot soir, agus do dhealuigheadar iad féin gach aón o chéile.


L. Gn13:12


Do chomhnuigh Abram a ttír Chanáain, agus do chomhnuigh Lot a
ccaitreachaibh an réitigh, agus do shuidhigh a pháillíum leath re
Sodom.


L. Gn13:13


Ach dobhádar daóine Shodom go holc, agus na bpecachuibh a
bhfiaghnuisi an tighearna go hiomurcach.


L. Gn13:14


Agus do ráidh an tighearna ré Abram tar éis Lot dimtheachd uadh:
Tóg súas anois do shúile, agus féuch ón áit a bhfuil tú do thuaigh,
agus do dheas, soir agus síar.


L. Gn13:15


Óir an fearann uile dochí tú dobhéura misi dhuit é, agus dot shíol
go bráth.


L. Gn13:16


Agus dodheana mé do shíol amhuil luaithreadh na talmhan, iondus madh
fhéudan neach luaithreadh na talmhan dáireamh, annsin aireomhthar do
shíolsa mar an gceadna.


L. Gn13:17


Éirigh, siubhail ar feadh an fearuinn, ann a fhad agus an a leithead,
óir dobhéura misi duit é.


L. Gn13:18


Annsin do athruigh Abram a pháilliún, agus táinic, agus do
chomhnuigh a réiteach Mhamre, noch atá ann Ebron, agus do chuir
súas annsin altóir don tighearna.


L. Gn14:1


Agus tarla a laethibh Amraphel Rí Sínair, Arioch Rí Ellasar,
Chedarlaomer Rí Elamh, agus Tidal Rí na gcineadhach.


L. Gn14:2


Go ndearnadarso cogadh ré Bera Rí Sodom, agus re Birsah Rí
Gomorrah, Sínab Rí Admah, agus Semeber Rí Seboiim, agus ré Rí
Béla edhon Soar.


L. Gn14:3


Do iadhadurso uile re chéile a ngleann Siddin; nocharbé an
fhairge shaillte.


L. Gn14:4


Da bhliadhain déug dobhádur ag seirbis do Chedorlaomer, agus ar an
treas bliadhan déug do chogadur na aghuidh.


L. Gn14:5


Agus annsa ceathramhadh bliadhain déug tainic Chedorlaomer, agus na
Righthe dobhí na fhochair, agus do bhuáileadar na Rephamigh an
Asterot Carnaim, agus na Susimigh ann Ham, agus na hemimigh an
Sabheh ciriataimh.


L. Gn14:6


Agus na hoirthigh ann a sliabh Seir go nuige Elparan noch ata
láimh ris an bhfásach.


L. Gn14:7


Agus do fhilleadar, agus tangadar go Henmispat eadhon Cádes, agus
do bhuaileadur crioch na nAmalecitech uile, agus marsin na
hamoritigh do áitreabhuigh Haseson-tamar.


L. Gn14:8


Agus dochuaidh amach annsin righ Sodom agus rígh Béla (edhon
Soar) agus dfhearadar cath ríu a ngleann Siddim.


L. Gn14:9


Re Chedorlaomer rígh Elam, agus re Tidal rígh na gcineadhach agus
Amraphel Rí Sináir, agus Harioch rígh Ellasar, ceithre ríghthe
ré cúig ríghthibh.


L. Gn14:10


Agus dobhí gleann Siddim lán do lóguibh pice talmhuidhe, agus do
theich righ Sodom agus Gomorrah, agus do thuiteadur iontasin; agus an
mhéid do mhair do theitheadar fán tslíabh.


L. Gn14:11


Agus rugadar léo maitheas Sodom agus Ghomorrah uile, agus a mbíadh
uile, agus do imthigheadar rompa.


L. Gn14:12


Agus do ghabhadur Lot mac dearbhrathar Abram, noch do áitreabh a
Sodom, agus a mhaóin, agus do imthigeadur.


L. Gn14:13


Agus ttáinig aón docuáidh as, agus dinnis do Abram an
teabhruidheach; óir do áitribh sé a réiteach Mhamre, an tamoriteach,
dearbhrathair Escoil, agus dearbhrathar Aner, agus dobhádurso a
ccomhcheangal re Abram.


L. Gn14:14


Agus anuair dochualuidh Abram go raibh a dhearbhrathair gabtha na
phriosúnach, do armhuigh sé (a sherbhísigh) soighdiurtha rugadh ann a
thigh féin, trí chéud agus ochd bhfir dhéug, agus do thóruigh
iadsan go Dan.


L. Gn14:15


Agus do roinn é féin na naghaidh, é féin agus a sherbhísigh san
oidhche, agus do bhuail iád, agus do lean orra go Hoba atá ar an
láimh chlé do Dhamascus.


L. Gn14:16


Agus tug na creacha uile ar a nais, agus fós tug ar ais a
dearbhrathair Lot agus a mhaitheas, agus na mná fós, agus na daóine.


L. Gn14:17


Agus dochuaidh rígh Sodom amach na choinne tar éis filledh ó
mharbhadh Chedorlaómer agus na righthe dobhí na fhochair a
ngleann Sabheh, edhon gleann an rígh.


L. Gn14:18


Agus tug Melchisedec Rígh Sálem amach arán agus fíon; agus dobé
sagart an Dé roáird é.


L. Gn14:19


Agus do bheannuigh é, agus adubhairt: bíodh Abram beannuighe on Día
as roáirde, sellbhuighe neimhe agus talmhan.


L. Gn14:20


Agus go madh beannuighe an Día as roáirde, noch do thoirbhir do
naimhde ann do láimh: agus tug sé deachmhad anuile neithe dhó.


L. Gn14:21


Agus adubhairt Rígh Sodom ré hAbram: tabhair dhamhsa na pearsanna
agus glac an mhaóin dhuit féin.


L. Gn14:22


Agus adubhairt Abram ré Rígh Shodom: do thóg mé súas mo lámh chum
an tighearna an Día as roáirde, sealbhuighe neimhe agus talmhan.


L. Gn14:23


Nach glacfaidh misi ó shnáite go héill bróige, agus nach glacfa mé
einní is leachdsa, deagla go naibéortha, dorinne mé Abram
saidhbhir.


L. Gn14:24


Achd amháin a nduadur na hogánuigh, agus cuid ronna na muinntire
dochuáidh liom, Aner, Escol, agus Mamre, glacaidíssin a ccuid
ronna.


L. Gn15:1


A ndíaigh na neitheannso, táinig briathar an tighearna chum Abram a
dtaisbeanadh ag rádh; ná himeaghluidh a Abram, is misi do scíath
agus do luáidheachd romhór.


L. Gn15:2


Agus adubhairt Abram: a thighearna Día, cread dobhéura tú dhamh, ó
táim ag imtheachd gan chloinn, agus gurobé ann Teliezerso ó
Dhamascus stíobhard mo thighe.


L. Gn15:3


Agus adubhairt Abram, féuch, ní thug tú síol ar bith dham; agus
féuch, aón rugadh ann mo thigh, as é is oighre oram.


L. Gn15:4


Agus féuch, táinig bríathar an tighearna chuige, dá rádh; ní héso
bhus oighre ort, achd an té thiocfus amach as tinnibh féin bhus oighre
ort.


L. Gn15:5


Agus tug leis amach é, agus adubhairt; féuch annois air neamh, áirimh
na réulta más éidir leachd a náireamh: agus adubhairt sé ris, as marso
bhías do shíol.


L. Gn15:6


Agus do chreid seision ann sa tighearna; agus do mheas sé sin dó na
fhiréuntachd.


L. Gn15:7


Agus adubhairt sé ris, as misi an tighearna tug amach thú as Ur na
gCaldéanach do thabhairt na tírese dhuit, chumh a beith na
hoighreachd agad.


L. Gn15:8


Agus adubhairt seision; a thighearna Día, cionnud bhías a fhios agum
go madh oighreachd dham í.


L. Gn15:9


Agus adubhairt ris; glac dhamhsa colpach thrí mblíadhan daóis, agus
gabhar baineann thrí mblíadhan daóis, agus reithe thrí mblíadhan daóis,
agus turtair agus colum óg.


L. Gn15:10


Agus do ghlac sé iadso uile chuige, agus do rann se ann a lár iád,
agus do chuir gach aón phíosa as coinne a chéile: ach níor roinn sé na h
éin.


L. Gn15:11


Agus anuáir a tangadar anénlaithe ansúas ar na conablachuibh do
dhíbir Abram íad.


L. Gn15:12


Agus anuáir dobhí an ghrian ag dul faói, do thuit codladh trom ar
Abram, agus féuch do thuit úathbhás dorchaduis mhóir air.


L. Gn15:13


Agus adubhairt Día ré Abram: bíodh a fhios agad go dearbhtha go
mbiáidh do shíol na coimhighthecha a ndúthaigh nach léo féin, agus
dodhénuid serbhís dóibh, agus go mbéidh a ndaóirse aca ceithre chéud
blíaghan.


L. Gn15:14


Agus mar an gceadna an cineadhsin dá ndénuid serbhís béuradsa breath
orra, agus na dhiáighsin tiocfaidh amach maille re maóin mhóir.


L. Gn15:15


Agus rachuidh tusa chum haithreach a síothchain, agus
adhlocthar thú anaóis fhoirfe mhaith.


L. Gn15:16


Ach san cheathramhadh geinealach tiocfaidh siad annso arís; óir ní
bhfuil éigceart na Namoritech iomlán fós.


L. Gn15:17


Agus tárla nuair dochuaidh an ghrían faói, go raibh dorcha, féuch
fuirnis dheatcha agus tóirsi le teinibh, noch do imthigh thríd na
codchuibhsin.


L. Gn15:18


Annsa ló cheudnasin dorinne an tighearna chunnradh ré Abram, dhá
rádh; dot shíolsa thug mé an tírsi ó abhuinn na Héigipte go
nuige an sruth mór, sruth Euphrátes.


L. Gn15:19


Na Cinetigh, agus na Cineisitigh, agus na Cadmonithigh,


L. Gn15:20


Agus na hItitigh, agus na Perisitigh, agus na Rephamitigh,


L. Gn15:21


Agus na hAmoritigh, agus na Canaanitigh, agus na Girgasitigh, agus
na Jebusitigh.


L. Gn16:1


Anois, ní rug Sárai bean Abram clann ar bith dhó, agus dobhí
innilt Egipteach aice, darbhainm Hagar.


L. Gn16:2


Agus adubhairt Sárai ré Abram: féuch anois do thoirmisg an
tighearna misi ó bhreith; íarruim ort téigh asteach chum minnilte;
dob éidir go bhfuighin clann da taóibh; agus tug Abram air do
ghlór Shárai.


L. Gn16:3


Agus do ghlac Sárai bean Abram Hagar a hinnilt an Tégipteach,
a ndiáigh Abram dáitreabh deich mbliadhna a ttír Chanáain, agus
tug sí dá fear Abram í do bheith na mnaói aige.


L. Gn16:4


Agus dobhí sé ag Hágar agus do toirrceadh í, agus anuair dochonnairc sí
go raibh sí torrach, dobhí a maighistreás tarcuisneach.


L. Gn16:5


Agus adubhairt Sárai ré Abram: bíodh méugcóir ortsa, agus tug mé
mo chailín ad uchd, agus anuáir dochonnairc sí go raibh torrach,
dobhí misi tarcuisneach na radharc: go ndéuna Día breitheamhnus
eadrumsa agus tusa.


L. Gn16:6


Achd adubhairt Abram ré Sárai: féuch atá do chailín ad láimh féin,
déuna ría mar dochithear dhuit: agus anuáir do mhasluigh Sárai í,
do theith sí as a fiaghnuisi.


L. Gn16:7


Agus fuáir Aingeal an tighearna í láimh ré tobar uisge, san bhfásach:
láimh ris an tobar ar a tslighe go Súr.


L. Gn16:8


Agus adubhairt sé; a Hagar, a chailín Shárai, cía as a ttáinig
tú? agus c áit a ttéid tú? Agus adubhairt sisi; atáim ag teichtheamh
ó radharc mo mhaighistreás Sárai.


L. Gn16:9


Agus do ráidh aingeal an tighearna ría: fill ar do mhaigistreás, agus
umhluigh thú féin fana lámhuibh.


L. Gn16:10


Agus adubhairt aingeal an tighearna: méideochuidh mé do shíol, nach
budh féidir a áireamh ar iomadamhlachd.


L. Gn16:11


Agus adubhairt Aingeal an tighearna ría; féuch atá tú torrach, agus
agus béura tú mac, agus dobhéura tú Ismael dainm air: do chionn go
ccúala an tighearna do bhuaidhreadh


L. Gn16:12


Agus bía sé na dhuine fhiadhta; biáidh a lámh anaghuidh gach aón
duine, agus láimh gach aónduine na aguidh: agus coimhneochuidh sé a
lathair a dhearbhrathar uile.


L. Gn16:13


Agus do ghoir sí ainm an tighearna do labhair ría: thusa a Dhé dochí
mé: óir adubhairt sí, nar fhéuch misi mar an ccéudna annso a ndiáigh
an té dochí mé.


L. Gn16:14


Uimesin do goireadh don tobar Beerlahai-roi: féuch atá sé idir
Chades agus Béred.


L. Gn16:15


Agus rug Hágar mac do Abram, agus do ghoir Abram Ismael dá
mhac rug Hágar.


L. Gn16:16


Agus dobhí Abram ceithre fichid agus sé bliadhna daóis, anuáir rug
Hágar Ismael dó.


L. Gn17:1


Agus anuáir dobhí Abram nochad agus naói mbliadhna daóis; do
thaisbéin an tighearna é féin do Abram, agus adubhairt ris; Is misi an
Día uilechumhachdach, siubhuil am fhiadhnuisi agus bí diongmhalta.


L. Gn17:2


Agus dodhéuna mé mo chunnradh eadrum agus tú, agus méideochuidh mé tú
go hanmhór.


L. Gn17:3


Agus do thuit Abram ar aghuidh agus do chomhráidh Día ris, dá rádh;


L. Gn17:4


Ar mo shonsa, féuch, atá mo chunnradh riot, agus biáidh tú a tathair
mhóráin cinidheach.


L. Gn17:5


Agus ní Hábram bhus ainm ort óso amach; ach budh é hainm Abraham,
oir ad tathair mhóráin do chinidheachuibh dorinne me thú.


L. Gn17:6


Agus dodhéuna mé ro thórrthach thú, agus dodhéuna mé cinidheacha dhíot,
agus tiocfaid ríghthe asad amach.


L. Gn17:7


Agus daingneochuidh mé mo chunnradh eadrum féin agus tú, agus eadrum
féin agus do shíol ad dhiaigh ann a ngeinealachuibhsin mar chunnradh
síorruidhe, do bheith am Dhia dhuitse agus dot shíol ad dhiáigh.


L. Gn17:8


Agus dobhéura mé dhuitsi agus dot shíol ad dhiáigh an fearann ann a
bhfuil tú ar cuairt, tír Chanaáin uile, mar sheilbh shíorruidhe;
agus bía mé mar Dhia aca.


L. Gn17:9


Adubhairt Día ré Habraham; coiméudfuidh tú mo chunnradh ar an
adhbharsin, thú féin agus do shíol ad dhiáigh ann a ngeinealachuibh.


L. Gn17:10


Aséso mo chunnradh noch chomhallfuidhigh eadrumsa agus sibhse,
agus do shíol ad dhiáigh; gach uile gein mhic bhur measg biaidh sé
timchillghérrtha.


L. Gn17:11


Agus timchillgearrfaid feóil bhur réumchroicinn, agus biaidhsin mar
chomhartha an chunnartha eadrumsa agus sibhse.


L. Gn17:12


Agus an mac bhías ochd lá daóis eadruibh, timchiollghearrfar é,
gach uile ghein mhic ann bhur ngeinealachuibh, an té bhérthar annsa
tigh, no cheannochar ar airgead ó choimhithigheach ar bith, nach bhfuil
dot shíolsa.


L. Gn17:13


An té rugadh ann do thigh, agus an té ceannchadh ar hairgead, is
éigin a mbeith timchillghearrtha, agus biáidh mo chunnradh ann bhur
bhfeóil mar chunnradh síorruidhe.


L. Gn17:14


Agus an leanamh mic gan timchillghearradh, gá mbía feóil a
réumhchroicinn gan timchillghearradh, gearrfuidhear an tanamsin amach ón a
phobal: do bhris sé mo chunnradh.


L. Gn17:15


Agus adubhairt Día ré Hábraham; ar son Shárai do mhná, ní ghoirfe
tú Sárai dhi; ach Sárah bhías dainm uirre.


L. Gn17:16


Agus beinneóchuidh misi í, agus dobhéura mé mac dhuitsi uaithe: fós
beinneochuidh mé í, agus biáidh sí na mathair chineadhach; tiucfuidh
Ríghthe cineadhach uaithe.


L. Gn17:17


Annsin do thuit Abraham ar aghuidh, agus dorinne gáire agus a
dubhairt ann a chroidhe, an mbéurthar mac don tí atá a ccion a chéud
blíadhan daóis, agus Sárah atá nóchad blíaghan daóis an mbéura sí mac.


L. Gn17:18


Agus adubhairt Abraham ré Día: dobhfearr liom go maireadh
Ismael ad fhiadhnuisi.


L. Gn17:19


Agus adubhairt Día, béuruidh do bhean Sárah mach dháríribh dhuit
agus ghoirfe tú Isaac dainm dhe, agus daingneóchaidh misi mo chunnradh
ris na chunnradh shíorruidhe, agus rena shíol na dhiáigh.


L. Gn17:20


Agus ar son Ismael, dochúala mé thú: féuch, do bheannuigh mé é, agus
dodhéuna mé síolmhar é, agus oirlíonfad go hiomarcach é: Dhá phrionnsa
dhéug gheinfeas sé, agus dodhéuna mé cineadh mór dhe.


L. Gn17:21


Ach mo chunnradh daingneochuidh mé ré Hisaac noch bhéuras Sárah
dhuitsi ann sanuáir chinntesi, annsa bhliadhuinsi chuguinn.


L. Gn17:22


Agus do scuir do bheith ag caint ris, agus dochuáidh Día suas ó
Abraham.


L. Gn17:23


Agus do ghlac Abraham Ismael, agus gach a rugadh ann a thigh agus
gach ar ceannchadh ar a chuid airgid, gach uile fhirionnach a measg
daóine thighe Abraham, agus do thimchillghearr feóil a
réumhchroicinn annsa lósin féin mar adubhairt Día ris.


L. Gn17:24


Agus dobhí Abraham nóchad agus naói mbliadhna anuáir do
timchillghearradh é a bhfeóil a réumhchroicinn.


L. Gn17:25


Agus dobhí Ismael a mhac trí bliadhna déug daóis anuáir do
thimchillghearradh é a bhfeóil a réumhchroicinn.


L. Gn17:26


Ann sa ló chéudna do thimchillghearradh Abraham, agus a mhac
Ismael.


L. Gn17:27


Agus anuile fhear ann a thigh, rugadh sa tigh, agus do cheannchadh
ar airgead ón choimhightheach, do timchillghearradh íad maille ris.


L. Gn18:1


Agus do fhoillsigh an tighearna é féin dó a réiteach Mhamre, agus do
shuigh sé a ndorus na puible a tteas an laói.


L. Gn18:2


Agus do thóg a shúile súas, agus damharc sé, agus féuch dochonnairc
sé tríur fear na seasamh láimh ris, agus anuáir dochonnairc sé íad do
rith na gcoinne ó dhorus na puible, agus do chlaón é féin go talamh.


L. Gn18:3


Agus adubhairt, a tighearna, má fuáir mé anois fabhar an do radharc:
guidhim sibh ná himthigh ód sheirbhíseach.


L. Gn18:4


Guidhim sibh, tugthar beagán uisge (chugaibh) agus ionnlaigh bhur
ccossa agus déunuid comhnuidhe faói an chrann.


L. Gn18:5


Agus dobhéura misi greim aráin, agus solásuighidh bhur ccroidhthe: tar
éissin imtheachuigh sibh romhuimh: óir is uimesin tangabhair chum bhur
searbfhoghantuigh; agus adubhradarsan; déuna mar adubhairt tú.


L. Gn18:6


Agus do dheifrigh Abraham don phubuil mar a raibh Sárah, agus a
dubhairt, deifrigh tráth trí meadha do mhin phlúir, suaith é agus déuna
bairgena ar an tteallach dhe.


L. Gn18:7


Agus do rith Abraham gus anairighe, agus tug leis laógh brisc maith,
agus tug dóganach é, agus do dheifrigh sé dá dheasughadh.


L. Gn18:8


Agus do ghlac sé im agus bainne agus an laógh, noch do dheasuig sé; agus
do chuir na bhfiadhnuisi é, agus do shuidh láimh ríu faói an chrann, agus
adúadarsan.


L. Gn18:9


Agus adubhradar ris: cáit a bhfuil Sárah do bhean? agus do
ráidh seision, féuch atá sí san phubuil.


L. Gn18:10


Agus do ráidh seision; go deimhin fillfidh mé chugad do réir aimsire
na beatha: agus féuch Sárah do bhean biáidh mac aice. Agus dochúaluidh
Sárah sin a ndorus an phubail dobhí air a chúl.


L. Gn18:11


Anois dobhí Abraham agus Sárah aósta, agus do chuireadar morán
dá naimsir thárrsa agus do scuir do bheith ag Sárah do réir chúrsa na
mban.


L. Gn18:12


Uimesin dorinne Sárah gáire innte féin, dá rádh; tar éis mo
bheith aósda foirfe, an bhfuighe mé solás, ar mbeith foirfe do mo
tighearna mar an gcéudna.


L. Gn18:13


Agus adubhairt an tighearna ré Hábraham: créud fa ndeárna Sárah
gáire, ag rádh; an dearbhtha go mbéura misi leanamh noch atáim foirfe.


L. Gn18:14


An bhfuil éinní rochruáidh ag an ttighearna? annsanuáir chinnte
fillfidh mé chugad do réir aimsire na beatha, agus biáidh mac ag Sárah.


L. Gn18:15


Annsin do shéun Sárah dhá rádh; ní dhearna misi gáire, óir dobhí
eagla uirre: agus adubhairt seision, ní headh ach dorinne tú gáire.


L. Gn18:16


Agus déirgheadar na fir súas assin, agus dféuchadar leath ré
Sodom agus dochuáidh Abraham leó dá mbreith ar a tslighe.


L. Gn18:17


Agus do ráidh an tighearna: an gceilfidh mé ar Abraham an nísi
atáim do dhéunamh.


L. Gn18:18


O chítear go ttiucfa Abraham go dearbhtha chum bheith na chineadh
mhór cumhachdach, agus go mbéidh cinidheacha an domhuin uile beannuighe
annsan.


L. Gn18:19


Óir is aithnidh dhamhsa é go ttiubhra aithne dhá chloinn, agus dá
theaghlach na dhiaigh, agus coimhédfuid slighe an tighearna do dhéunamh
ceirt, agus breitheamhnuis; ionnus go ttiubhra an tighearna air
Abraham an nísin do labhair dá thaóbh.


L. Gn18:20


Agus adubhairt an tighearna: do chionn gur mór comhairc Shodom,
agus Ghomorrah, agus do chionn go bhfuilid a bpeacuidh rothrom.


L. Gn18:21


Rachuidh mé síos anois, agus féucfa mé a ndearnadur thríd amach do
réir a gcomarc tháinic go nuige mé, agus muna ndearnsad biáidh a fios
agum.


L. Gn18:22


Agus do fhilleadur na daóine anaighthe assin, agus dochúadar leath
re Sodom: ach do sheas Abraham go fóill a lathair an tighearna.


L. Gn18:23


Agus do thriall Abraham a bhfogus, agus adubhairt: an sgriosfuidh tú
fós an firéun mar aón ris an cionntach?


L. Gn18:24


Dobféidir go bhfuil caógadh firéun astigh ann sa chathruigh; an
scriosfa tú marsin, agus nach coigeola tú an áit ar son an chaógaidh
firéun atá innte.


L. Gn18:25


Go madh fada sin uaitsi a dhéunamh marso; an fíréun do mharbhadh
maille ris an cciontach: agus go mbiáidh an firéun mar an cciontach, go
madh fadasin uaitsi: nach déuna breitheamh na talmhan uile ceart?


L. Gn18:26


Agus adubhairt an tighearna: ma gheibhim a Sodom caógad firéun
astigh san chathruigh, annsin coigeoluidh mé anáit uile ar a son.


L. Gn18:27


Agus adubhairt Abraham ar bhfreagra dho; féuch do ghabh misi orm
labhairt ris an tighearna, nach bhfuil ionnam ach cré, agus luáithreadh.


L. Gn18:28


Dobféidir go tteisteabhuidh cúigear don chaógad firéun; an sgriosfa
tú an chathair uile ar son (easbuidh) cúigir? agus adubhairt seision, má
gheibhim cúigear, agus dá fhichid ann, ní sgriosfa mé í.


L. Gn18:29


Agus do labhair sé ris fós arís, agus adubhairt: dobféidir go
bhfuighthigh dhá fhichid ann: agus adubhairt seision: ní dhéuna mé é ar
son dá fhichthiod.


L. Gn18:30


Agus adubhairt sé ris, oh ná bíodh an tighearna feargach, agus
laibhéora misi: dobféidir go bhfuighthí triochad ann; agus adubhairt
seision ní dhéna mé é, má gheibhim tríochad ann.


L. Gn18:31


Agus adubhairt seision; dobféidir go bhfuighthi fithche ann: agus
adubhairt sesion: ní sgriosfa me í air son fhithchid.


L. Gn18:32


Agus adubhairt seision: oh ná bíodh fearg ar an ttighearna,
agus laibheóra mé ach so amháin: dobféidir go bfhuighthi deithneamhar ann:
agus adubhairt seision; ní sgriosfa me í ar son an deichneamhair.


L. Gn18:33


Agus do imthigh an tighearna roimhe ar ball mar do scuir sé dha
chomhrádh ré Habraham; agus do fhill Abraham da áit féin.


L. Gn19:1


Agus tangadar dá aingeal go Sodom trathnóna, agus dobhí Lot na
shuighe a ngeata Shodom: agus anuair dochonnairc Lot íad, do
éirigh súas do theagmhail ríu: agus do chlaón sé é féin maille ré na
ghnuichd síos go talamh.


L. Gn19:2


Agus adubhairt sé: féuchuidh anois a thighearnadha, íarruim oruibh
fillidh asteach go tigh bhur seirbhísigh, agus fhanuidh ar feadh na h
oidhche, agus ionnluigh bhur ccosa, agus éireochuidh sibh súas go moch,
agus rachaidh sibh romhuibh ann bhur tturus: agus adubhradarsan; ni h
eadh ach anfam ar a tsráid feadh na hoidhche.


L. Gn19:3


Agus do sháruigh sé orra go mór, agus do fhilleadar asteach
chuige, agus dochuadur don tigh; agus dorinne sé féusda dóibh, agus do
bhruith sé arán gan laibín, agus a duadarsan.


L. Gn19:4


Ach suil do luigheadar síos tangadur daóine na caithreach (eadhon)
daóine Shodom archeana, anúir timchioll an tighe, eidir shean agus óg,
an pobal uile ar gach uile thaóbh.


L. Gn19:5


Agus do ghoireadar ar Lot, agus adubhradur ris: cáit a bhfuilid
na daóine tháinig chugad anochd? tabhair amach chuguinne íad go mbeith a
bhfios aguinn.


L. Gn19:6


Agus dochuaidh Lot amach san dorus chuca, agus do dhruid sé an dorus
na dhíaigh.


L. Gn19:7


Agus adubhairt, guidhim sibh a dhearbhráithre, ná déunaid a chomholc
sin do ghníomh.


L. Gn19:8


Féuchuidh anois, atáid agum días inghean nar fhionn fear, iarruim oruibh
leigidh dhamh a ttabhairt chuguibh amach, agus déunaidh ríu mar dochítear
dhaóibh: amháin ná déunaid éinní air na fearuibhse; óir is chuige sin tangadur
fá dhíon mo tighse.


L. Gn19:9


Agus adubhradursan, seas síar: agus adubhradur arís, na aónar
tháinic an fearso ar chuáirt asteach, agus ní fuláir leis bheith na
bhreitheamh; anois dodhénam ní is measa riotsa ná ríusan, agus do
sháruigheadar go mór an tóglach (eadhon) Lot, agus tangadur a bhfogus
don dorus dá bhriseadh.


L. Gn19:10


Ach do chuireadar na daóine a lámh amach, agus do thairrngeadar Lot
chuca asteach agus do druideadur an dorus.


L. Gn19:11


Agus do bhuaileadar na daóine ag dorus an tighe le doille ó bheag go
mór, ionnus gur thuirsigheadar iad féin ag iarruidh an doruis.


L. Gn19:12


Agus adubhradar na fir ré Lot; an bhfuil agad annso éinneach eile,
do chlíamhuin, do mhaca agus hingheana, gidhbé ar bith atá agad annsa
chathruigh tabhair iad amach as anáitsi.


L. Gn19:13


Oir sgriosfuimne anáitse do chionn gur fhás anéighmhe mhór a
lathair an tighearna, agus do chuir an tighearna sinne dhá sgrios.


L. Gn19:14


Agus dochuáidh Lot amach, agus do labhair réna chleamhnuibh noch do
phós a ingheana, agus adubhairt: gluaisigh, fágbhuidh anáitsi amach;
óir sgriosfuidh an tighearna an chathairso; ach dar lena cleamhnuighibh bá
fear moguidh é.


L. Gn19:15


Agus anuáir do éirigh an mhaidion, annsin do bhrosduighedar na h
aingil Lot ag rádh: éirigh glac do bhean agus do dhías inghean atá ann
so, deagla go ttuitfeá a ccionta na caithreach.


L. Gn19:16


Agus mar dobhí ag déunamh moille, rugadur na daóine ar láimh air,
agus ar láimh a mhná, agus air láimh a dheisi inghean, ar mbeith don
tighearna grásamhuil dó, agus tugadur leó amach é, agus do suigheadar
taóbh amuigh don chathruigh é.


L. Gn19:17


Agus tárla anuáir thugadur léo amach íad, go ndubhairt sé, teith lé
tanam, ná féuch ad dhiaigh, agus ná fan annsa réiteach uile; teith fán
tsliabh, deagla do aidhmhillthe.


L. Gn19:18


Agus adubhairt Lot ríu; oh, ní marsin, a thighearna.


L. Gn19:19


Féuch annois, fuáir do shearbhfoghantuigh grása ad radharc, agus do
méuduigh tú do thrócaire noch do thaisbéin tú dhamhsa ag cumhdach mh
anma: agus ní fhéuduim teitheamh fan tslíabh deagla uilc éigin do bhuain
damh, agus go bhfuighinn bás.


L. Gn19:20


Féuch anois, is fogus an chathairsi re teitheamh chuice, agus is beag
í; oh, léigthear dhamh teitheamh annsúd (ané nach beag í?) agus
mairfidh manam.


L. Gn19:21


Agus adubhairt seision ris; féuch do ghabh mé hathchuighidh chugam
a ttaóibh an neithesi mar an cceudna, nach millfe mé an chathairsi
air son ar labhair tú.


L. Gn19:22


Deifrigh ort, teith annsúd; óir ní fheuduimsi einní do dhéunamh no
go ndeachaidh tú annsúd: uimesin do goireadh Soar dainm don
chathruigh.


L. Gn19:23


Déirigh an ghrían air an dtalamh anuáir dochuáidh Lot asteach
go Soar.


L. Gn19:24


Annsin do fhear Día ar Shodom agus ar Ghomorrah ruibh agus teine
ón tighearna amach as flaitheamhnus.


L. Gn19:25


Agus do theilg seachad na caithreachasin agus an fearann uile, agus
áitreabhuigh na ccaithreach uile, agus an ní do fhás ar an ttalamh.


L. Gn19:26


Ach do fhéuch a bhean na dhiáigh taóbh shíar dhe, agus dorinneadh
piléir saluinn di.


L. Gn19:27


Agus do éirigh Abraham go moch ar maidhin go nuige anáit ar sheas
sé as choinne an tighearna.


L. Gn19:28


Agus do fhéuch sé ar Shodom agus ar Ghomorrah, agus ar fhearann
an réitigh uile, agus do amhairc, agus féuch dochuáidh deatach na tíre
suas amhuil dheatuigh fhuirnise.


L. Gn19:29


Agus tárla anuáir do sgrios Día caithreacha an réitigh gur chuimhnigh
Día air Abraham, agus gur chuir sé Lot amach as lár anáir anuáir do
sgrios sé na caithreacha ann a raibh Lot na chomhnuidhe.


L. Gn19:30


Agus dochuáidh Lot suas amach as Soar agus do chomhnuidhe ar a
tslíabh agus a dhías inghean na fhochair, óir dobeagal leis
comhnuidhe do dhéunamh a Soar; agus do áitribh sé anuaimh é féin agus
a dhías inghean.


L. Gn19:31


Agus dubhairt an tí budh sine ris an tí dobóige: atá ar nathair
foirfe, agus ní bhfuil duine ar domhan dobhiáidh aguinn do réir modha an
tsaóghuil uile.


L. Gn19:32


Gluais, tugam air ar nathair fíon dól, agus luighfiom na fhochair go
ccoimheudum síol ó ar nathair.


L. Gn19:33


Agus tugadar ar a nathair fíon d ól anoidhchesin, agus dochuaidh
an bhean budh sine asteach agus do luigh lena hathair, agus níor
mhothuigh sé anuáir do luigh nó do éirigh sí.


L. Gn19:34


Agus tárla arna mhárach go ndubhairt an inghean budh sine ris an
inghein dobóige, féuch do luidh misi aréir leam athair, tugam air fíon d
ól anochd mar an ccéudna, agus éirighsi asteach, agus luidh leis, go
ccongmham síol ó ar nathair.


L. Gn19:35


Agus tugadar ar a nathair fíon dól an oidhchesin mar an gcéudna,
agus do éirigh an bhean dobóige, agus do luidh aige, agus níor
mhothuidh seision anuáir do luidh si síos, nó anuáir do éirigh sí.


L. Gn19:36


Marso dobhádar días inghean Lot torrach agá nathair.


L. Gn19:37


Agus rug an bhean bá sine mac, agus tug Móab dainm air: asé an fear
céudnasin as athair do na Moabitibh gus aniugh.


L. Gn19:38


Agus an bhean dobóige rug si mac mar an gcéudna, agus do goir
Ben-ammi dainm dhe: asésin as athair do chloinn Ammon gus
aniugh.


L. Gn20:1


Agus do ghluáis Abraham assin don tír bu dheas, agus do áitreabh
eidir Cades agus Súr, agus dorinne comhnuide an Ghérar.


L. Gn20:2


Agus adubhairt Abraham a ttaóibh Shárah a mhná; así mo
dheirbhsíur í: agus do chuir Abimelech rígh Gérar fios, agus do
ghlac sé Sárah.


L. Gn20:3


Ach táinic Día go Habimelech anaisling sanoidhche, agus
adubhairt ris: féuch, ní bhfuil ionnad ach duine marbh treas an
mnaói do ghlac tú: óir is bean fhir í.


L. Gn20:4


Ach ní táinig Abimelech na gar; achd adubhairt sé, a tighearna an
muirfidh tú marsin cineadh ionnruic?


L. Gn20:5


Nach dubhairt seision riomsa, sí mo dheirbhsíur í? agus sisi mar an
gcéudna, isi féin adubhairt, sé mo dhearbhrathair é: a simplidheachd
mo chroidhe, agus a neimhchionta mo lámh dorinne misi so.


L. Gn20:6


Agus adubhairt Día anaisling ris: is fíor, is aithnid damhsa gur ó
chroidhe ghlan dorinne tú so; óir do chonnuimh mé ó phecadh do dhéunamh
am aghaidh thú: Uimesin nar léig mé duit buáin ría.


L. Gn20:7


Uimesin annois aisig don fhior a bhean; óir is fáidh é, agus guidhfidh
ar do shon, agus bíaidh tú beó; agus muna aisiogtha tú í, bíodh a fhios
agad go bhfuighe tú bás go deimhin, thú féin agus an mhéid ghabhus leachd.


L. Gn20:8


Uimesin do éirigh Abimelech go móch ar maidin, agus do ghoir a
sherbísigh uile chuige, agus do innis na neithesi uile ann a gclúasuibh,
agus do líonadar na daóine deagla mhóir.


L. Gn20:9


Annsin do ghoir Abimelech Abraham, agus adubhairt ris: créd
dorinne tusa linne, agus créud anurchóid dorinne mé féin duit, as a ttug
tú pecadh mór oram féin agus ar mo riogachd? dorinne tú gníoma orumsa
nár chóir a dhéunamh.


L. Gn20:10


Agus adubhairt Abimelech ré Abraham; créd dochonnairc tú as a
ndearna tú an nísi?


L. Gn20:11


Agus adubhairt Abraham, do chionn gur saóil mé go deimhin nach
bhfuil eagla Dé sanáitsi, agus go muirfidh misi ar son mo mhná.


L. Gn20:12


Agus go dheimhin thairissin as í mo dhearbhsiúr í; is inghean dom
athair í, ach ní hinghean dom mhathair í: agus tugadh na mnaói dhamh í.


L. Gn20:13


Agus tárla anuáir thug Día ormsa imtheachd romham ó thigh mathar
do ráidh mé ría; is éso do chineáltussa dodhéunas tú orumsa; ann gach
uile bhall iona ttiucfam, abair dom thaóbhsa, asé mo dhearbhrathair é.


L. Gn20:14


Agus do ghlac Abimelech caóirigh agus daimh, agus óglaóich, agus
inniltigh, agus tug do Abraham íad, agus do aisig Sárah a bhean dó.


L. Gn20:15


Agus adubhairt Abimelech, féuch atá mo dhúthaigh as do choinne,
comhnuigh sanáit is fearr chítear dhuit.


L. Gn20:16


Agus ré Sárah adubhairt sé, féuch, tug mé dot dhearbhrathair míle
(píosa) airgid, féuch atá sé dhuitsi na fholach súl; donuile da bhfuil
ad fhochair agus a bhfochair anuile (eile): marsin fuáir sí achmhusán.


L. Gn20:17


Annsin do ghuidh Abraham Día, agus do leighis Día Abimelech agus a
bhean agus inniltigh, agus rugadar clann.


L. Gn20:18


Oír do dhruid an tighearna go daingean anuile bhrú a ttigh
Abimelech ar son Shárah bean Abraham.


L. Gn21:1


Agus táinig an tighearna dféuchuin Shárah mar adubhairt sé, agus
dorinne Día do Shárah mar adubhairt sé.


L. Gn21:2


Oír do toirrcheadh Sárah, agus rug mac do Abraham na aóis fhoirfe,
annsanam chinnte dar labhair Día ris.


L. Gn21:3


Agus tug Abraham Isaac dainm air an mac rugadh dho, noch rug
Sárah dhó.


L. Gn21:4


Agus do thimchillghearr Abraham a mhac Isaac, ar mbeith ochd lá
daóis, fá mar daithin Día dhe.


L. Gn21:5


Agus dobhí Abraham céud blíaghan daóis anuáir dorugadh a mhac
Isaac dhó.


L. Gn21:6


Agus adubhairt Sárah, tug Día orum gáire dhéunamh, ionnus gach a
ccluin go ndéunuid gáire liom.


L. Gn21:7


Agus adubhairt sí, cía adéuradh ré Habraham go ttiubhradh Sárah
cíoch do chloinn? óir rug mé mac dhó na aóis fhoirfe.


L. Gn21:8


Agus do fhás an leanamh agus do hoileadh é, agus dorinne Abraham
féusda mór an lá céudna ar coisgeadh Isaac ó chích.


L. Gn21:9


Agus dochonnairc Sárah mac Hágar an tÉigpteach, noch dorug sí
dAbraham, ag magadh.


L. Gn21:10


Uimesin adubhairt sí ré Hábraham, teilg amach an bhean dhaórsa
agus a mac, óir ní bhía mac na mná daóire na oighre maille ré mo
mhacsa, eadhon Isaac.


L. Gn21:11


Agus dobhí an ní rodhoiligh a súilibh Abraham ar son a mhic.


L. Gn21:12


Agus adubhairt Día ré Hábraham; ná bíodh sé na dhoilgeas agad ar
son anogánuigh agus ar son do mhná daóire: sanuile ní dá ndubhairt
Sárah, éisd ré na glór, óir is an Isaac goirfidhear do shliochd.


L. Gn21:13


Agus mar an gcéudna do mhac na mná daóire dodhéuna misi cineadh, do
bhrígh gurab é do shíolsa é.


L. Gn21:14


Agus do éirigh Abraham súas go moch ar maidhin, agus do ghlac arán
agus buidél uisge, agus tugsin do Hágar, agus do chuir ar a gualuinn
é, agus an leanamh, agus do chuir ar siubhal í, agus do imthigh sí,
agus dobhí ar fud fhásuigh Bheerséba.


L. Gn21:15


Agus do caitheadh an tuisge dobhí san mbuidél, agus do theilg si an
leanamh fá aón do na toruibh.


L. Gn21:16


Agus do imthigh agus do shuigh síos as a choinne, tamall maith uadh fa
thuairim urchuir soighde: óir adubhairt sí, ná faicim bás an leinimh.
Agus do shuigh sí as a choinne anunn, agus ar ttóghbhail a gotha go hárd,
do ghuil sí.


L. Gn21:17


Agus dochúaluidh Día guth an leinimh, agus do ghoir aingeal Dé ar
Hágar ó neamh, agus adubhairt ría: créd ghoilleas ort a Hágar; ná
bíodh eagla ort, óir dochúaluidh Día guth an leinimh mar a bhfuil sé.


L. Gn21:18


Eirigh, tóg súas an leanamh, agus connaimh ann do láimh é, óir dodhéuna misi
cineadh mór dhe.


L. Gn21:19


Agus do oscuil Día a súile; agus dochonnairc sí tobar uisge, agus do
imthigh, agus do líon an buidél donuisge, agus tug deoch don leanamh.


L. Gn21:20


Agus dobhí Día leis an leanamh, agus do fhás sé, agus do chomhnuigh
san bhfásach, agus dobhí na shoighdiur.


L. Gn21:21


Agus do chomhnuigh a bhfásach Pháran, agus tug a mhathair bean
chuige ó chrích na Hégipte.


L. Gn21:22


Agus tárla fánamsin gur labhradar Abimelech agus Phichol
príomhchaiptín a shlúagh ré Hábraham: atá Día leachtsa sanuile
ní dá ndéun tú.


L. Gn21:23


Anois ar anadhbharsin tabhair dhamhsa Día do mhionnuibh, nach
déuna tú bréag riom, ná ré mo mhac, no ré mac mo mhic: ach do réir an
chinéil dorinne misi ort, go ndéuna tusa dhamhsa agus don duthaidh ann ar
fan tú.


L. Gn21:24


Agus adubhairt Abraham dobhéura mo mhionna.


L. Gn21:25


Agus tug Abraham achmhusán dAbimilech fá thobar uisge do bhean
muinntir Abimilech amach ar éigin.


L. Gn21:26


Agus adubhairt Abimelech, ní fheidir misi cía rinne an nísi: níor
innis tusa dhamh agus ní mó dochúala mé é, achd aniugh.


L. Gn21:27


Agus do ghlac Abraham caóirigh, agus daimh, agus tug dAbimelech
íad, agus dorinneadar araón ceanngal.


L. Gn21:28


Agus do chuir Abraham seachd nuain bhainnionna don tréd ar leith
leó féin.


L. Gn21:29


Agus adubhairt Abimelech ré Hábraham: créud as cíall do na
seachd nuanuibh bainionnaso do chuir tú ar leith?


L. Gn21:30


Agus adubhairt seision: óir na seachd nuain bhainionnso géubhuidh
tusa as mo láimse, ionnus go mbeidh na bhfiadhnuisi agum, gur thochuil mé
an tobarso.


L. Gn21:31


Uimesin do ghoir sé donáit Beerséba, do chionn gurab ann tugadar
araón mionna.


L. Gn21:32


Marso dorinneadar cunnradh, a mBeerséba; annsin do éirigh
Abimilech súas agus Phichol príomhchaiptín a shlúagh, agus do
fhilleadar go crích na bhPhílistineach.


L. Gn21:33


Agus do chuir Abraham fás crann a mBeerséba, agus do ghoir ann
sin ar ainm an tighearna an Día biothbhuan.


L. Gn21:34


Agus do fhan Abraham a ccrích na bhPhílistíneach morán do
laethibh.


L. Gn22:1


Agus tárla a ndíaigh na neitheannso, gur theasduigh Día Abraham,
agus go ndubhairt ris: a Abraham; agus adubhairt seision; féuch mé
annso.


L. Gn22:2


Agus adubhairt: glac annois do mhac, haónmhac amháin, ar a bhfuil
grádh agad, agus éirigh go crích Mhóriah, agus iodhbuir annsin é mar
offráil loisge, air aón do na sléibhtibh inneósus misi dhuit.


L. Gn22:3


Agus do éirigh Abraham go moch ar maidin, agus do ughmuidh a asal,
agus rug días dá ógánchuibh leis, agus a mhac Isaac; agus do scoilt
an connadh don offráil loisge, agus do éirigh súas, agus dochuáidh gus
an áit adubhairt Día ris.


L. Gn22:4


Ansin ar an treas lá do thóg Abraham a shúile súas, agus
dochonnairc an áit a bhfad uadh.


L. Gn22:5


Agus adubhairt Abraham réna ógánachuibh: fanuidhsi annso, a
bhfochair an asail, agus rachaidh misi agus an leanamh annsúd, agus
dodhénam adhradh, agus tiucfam chuguibhse arís.


L. Gn22:6


Agus do ghlac Abraham connadh na hoffrála loisge, agus do chuir é ar
muin a mhic Isaac, agus do ghlac an teine na láimh, agus sgían, agus
dochúadur araón le chéile.


L. Gn22:7


Agus do labhair Isaac renathair Abraham, agus adubhairt, a athair;
agus adubhairt seision: agso mé a mhic: agus adubhairt seision: féuch
agso an teine agus an connadh, ach cáit a bhfuil an túan chum na h
offrála loisge?


L. Gn22:8


Agus adubhairt Abraham; a mhic dogheabha Día úan dó féin chum
offrála loisge: dochúadur marsin araón lé chéile.


L. Gn22:9


Agus tangadar araón gus an áit do innis Día dhósan, agus dorinne
Abraham altóir annsin, agus do chuir an connadh go deas, agus do
cheangail a mhac Isaac, agus do leag ar an altóir é ar uachdar an
chonnuigh.


L. Gn22:10


Agus do shín Abraham a lámh amach, agus do ghlac an sgían do
mharbhadh a mhic.


L. Gn22:11


Agus do ghoir aingeal an tighearna air ó neamh, agus adubhairt;
Abrahaim, Abrahaim: agus adubhairt seision; agso mé.


L. Gn22:12


Agus adubhairt sé, ná beanadh do lámh ris an leanamh, agus ná déun
éinní ris: óir aithnighim anois go bhfuil eagla Dé ort, ó nár chonnuimh tú
do mhac, haónmhac amháin uáim.


L. Gn22:13


Agus do thóg Abraham a shúile súas, agus damhairc sé, agus féuch,
dobhí taóbh shíar dhe reithe ceanguilte le na adharcuibh ann a ttor,
agus dochuáidh Abraham, agus do ghlac an reithe, agus do íodhbuir é
mar offráil loisge anáit a mhic.


L. Gn22:14


Agus do ghoir Abraham dainm don áitsin Jehobhah-Ireh, mar a
dearthar gur aniugh; a slíabh an tighearna dochífidhear é.


L. Gn22:15


Agus do ghoir aingeal an tighearna ar Abraham an dara huair ó neamh,


L. Gn22:16


Agus adubhairt; do mhionnuigh mé oram féin, arsa an tighearna, do
chionn go ndearna tú an nísi, agus nar choigil tú do mhac, haón mhac
amháin:


L. Gn22:17


Am beannughadh go mbeannochad thú, agus go méideochuidh mé do shíol
amhuil réulta nimhe, agus mar an ngaineamh ar thráigh na fairge, agus
sealbhochuid do shíol geataidhe a námhad.


L. Gn22:18


Agus ann do shíolsa bhéid an uile chineadh ar talamh beannuighe, do
chionn gur umhluigh tú dom ghlór.


L. Gn22:19


Marsin do fhill Abraham a ccionn a ógánach, agus do éirgheadur súas,
agus dochúadur an éinfhear go Beerséba, agus do chomhnuidh Abraham
a mbeerséba.


L. Gn22:20


Agus tárla tar éis na neitheannso, gur hinniseadh Dabraham ag rádh;
féuch, Mileah mur rug sí mar an gcéudna clann dod dhearbhrathair
Nahor


L. Gn22:21


Hus a chéidghin, agus Bus a dhearbhrathair, agus Cemuel athair
Aram,


L. Gn22:22


Agus Chesed, agus Haso, agus Pildas, agus Jidlaph, agus
Betuel.


L. Gn22:23


Agus do ghein Betuel Rebecah: an tochdarso rug Milcah do
Nahor dearbhrathair Abraham.


L. Gn22:24


Agus a leannán, dá ngoirthí Reumah, rug sí mar an ccéudna Tébah,
agus Gaham, agus Tahas, agus Maacah.


L. Gn23:1


Agus dobhí Sárah céud agus seachd mbliadhna fichiod daóis:
asíadso bliadhna beatha Shárah.


L. Gn23:2


Agus fuáir Sárah bás a cCíriat-arba; asésin Hebron a ttír
Chanaáin: agus táinig Abraham do dhéunam doilghis fa Shárah,
agus do ghul tríthe.


L. Gn23:3


Agus do sheas Abraham súas ó láthair a mhairbh, agus do labhair ré
machuibh Hét, dhá rádh.


L. Gn23:4


Atáimsi am choimhightheach, agus am fhior cuarta aguibhse, tugaidh
dhamh áit adhluice aguibh, go nadhlacuinn mo mhairbh as mo radharc.


L. Gn23:5


Agus do fhreagradar clann Hét Abraham, ag rádh ris.


L. Gn23:6


Eísd rinne a thighearna, ataóisi ad phrionnsa chumhachdach ó Dhía
eadruinne, cuir do mhairbh an do rogha róimh adhlaice dá bhfuil
aguinn; ní choinneochuidh aón duine aguinn a thúma uáit.


L. Gn23:7


Agus do sheas Abraham súas, agus do umhluidh sé é féin do mhuinntir
na tíre, eadhon do chloinn Het.


L. Gn23:8


Agus do labhair sé ríu, ag rádh: más í bhur ninntinn go nadhlacuinn
mo mhairbh as mo radharc, éistigh rium, agus labhruidh ar mo shon re
Héphron mhac Sohar.


L. Gn23:9


Go ttugadh sé dhamh uáimh Mhacpelah, noch atá aige, atá a
ndeireadh a mhachaire; ar iomlán anairgid as fíu é dobhéura sé
dhamh é, mar sheilbh áite adhlaice eadruibhsi.


L. Gn23:10


Agus dobhí Ephron na chomhnuidhe a meisg chloinne Hét. Agus do
fhreaguir Ephron an tititech, Abraham anéisdeachd chloinne
Hét, eadhon gach aóin dá ndeachuidh asteach a ngeatadhuibh a
chaithreach, dá rádh:


L. Gn23:11


Ní headh a thighearna, éisd riumsa: an magh dobheirim dhuit, agus
an uáimh atá ann dobheirim dhuit é, a lathair chloinne mo dhaóine
bheirim dhuit é; adhluic do mhairbh.


L. Gn23:12


Agus do umhluigh Abraham é féin síos a lathair luchd na tíre.


L. Gn23:13


Agus do labhair ré Héphron anéisteachd phobuil na tíre, ag rádh;
ach má bheir tusa uait é, iarruim ort éisd riumsa: dobhéura misi
airgead duit ar an magh; glac uaim é, agus adhlaicfidh mé mo mhairbh
ann.


L. Gn23:14


Agus do fhreagair Ephron Abraham ag rádh ris,


L. Gn23:15


A thighearna, eist riumsa, as fíu an fearann ceithre chéud secel
airgid; créad ésin eadrumsa agus tusa; uimesin adhluic do mhairbh.


L. Gn23:16


Agus tug Abraham aire Déphron, agus do mhéaduigh Abraham an
tairgead dÉphron fá mar dainmnidh sé anéisteachd mhac Hét,
ceithre chéud secel airgid chorónta ag an cceannuighe.


L. Gn23:17


Agus magh Ephroin, noch dobhí a Machpelah, as comhair Mhamre, an
magh agus an uaimh dobhí annsin, agus an uile chrann dobhí san
mhachaire noch dobhí ann sna teórannuibh fáccuairt, dorinneadh
daingean íad.


L. Gn23:18


Dabraham mar sheilbh, a lathair chloinne Hét, as coinne a
ndeachuidh asteach a ngeatadhuibh a chaithreach.


L. Gn23:19


Agus na dhiáighso do adhluic Abraham Sárah anuáimh mhuighe
Mhachpelah láimh re Mamre: asésin Hébron a ttír Chánaain.


L. Gn23:20


Agus an magh, agus an uaimh atá ann dorinneadh daingean íad D
abraham mar sheilbh áite adhluicthe ó mhacuibh Hét.


L. Gn24:1


Agus dobhí Abraham aósta, agus ar ndul a láethibh, agus do
bheannuigh an tighearna Abraham san uile ní.


L. Gn24:2


Agus adubhairt Abraham ris an tsearbhfhoghantuigh fá sine na thigh,
do righluidh an uile ní dá raibh aige, guidhim thú cuir do lámh faói mo
shlíasuid.


L. Gn24:3


Agus dobhéur ort a mhionnughadh treas an ttighearna Día mór nimhe,
agus Día na talmhan, nach dtiubhra tú bean dom mhac dingheanuibh na
cCanaaniteach, a measc a náitreabhuim.


L. Gn24:4


Ach rachaidh tú dom thír dhúthaigh, agus go nuige mo ghaól, agus
dobhéura tú bean dom mhac Isaac.


L. Gn24:5


Agus adubhairt an searbhfogantuigh ris; dobféidir nach bíadh fonn ar
an mnaói misi leanmhuin don tírsi: an ccaithfidh mé do mhac do bhreith
arís don tír as a ttáinic tusa.


L. Gn24:6


Agus adubhairt Abraham ris: tabhairsi dod aire nach béura tú mo
mhac annsin arís.


L. Gn24:7


An tighearna Día nimhe, noch tug misi ó thigh mathar agus ó dhúthuige
mo chinidh, agus noch do labhair rium, agus tug a mhionna dhamh ag rádh;
dod shíol dobhéura mé an dúthaighsi, cuirfidh sé a aingeal romhad, agus
dobhéura tú bean dom mhac assin.


L. Gn24:8


Agus muna áill ris an mnaói do leanmhuin, annsin bías tusa saór óm
mhionnuibsi; amháin ná beir mo mhac annsin arís.


L. Gn24:9


Agus do chuir an searbhfhoghantuigh a lámh faói shlíasuid Abraham
a mhaighistir, agus tug a mhionna dhó a ttaóibh na cúisisin.


L. Gn24:10


Agus do ghlac an searbhfhoghantuigh deich ccámhuill do chamhuilluibh
a mhaighistir, agus do imthigh (óir dobhí maóin a mhaighisdir uile fá na
lámhuibh) agus do éirigh sé, agus dochuáidh go Mesopotámia go cathair
Nahor.


L. Gn24:11


Agus tug ar a chámhulluibh a légion ar a nglúinibh taóbh amuigh don
chathruigh láimh ré tobar uisge anaimsir an tráthnóna, eadhon san am a
ttéid mná amach do tharruing uisge.


L. Gn24:12


Agus adubhairt sé: a thighearna a Dhé mo mhaighistir Abraham,
iarruim ort rathaidh dhamh san lóso, agus taisbéin cinealtus dom
mhaighistir Abraham.


L. Gn24:13


Féuch atáim am sheasamh annso láimh ris an tobar uisge, agus tigid
ingheana mhuinntire na caithreach amach do tharruing uisge.


L. Gn24:14


Agus tigeadh a ccrích, an mhaighdean ré naibeóra misi, guidhim thú,
léig ar lár do shoitheach, go nibhe mé deoch; agus adéura sisi ibh,
agus dobhéura mé deoch dot chámhulluibh mar an ccéudna, go madh ísin
an bhean do órduigh tusa dot sheirbhíseach Isaac; agus rissin
aitheónus misi gur thaisbéin tú cinealtus dom mhaighistir.


L. Gn24:15


Agus tárla, suil do sguir sé do chaint, féuch go ttáinic Rebecah
amach, noch rugadh do Bhetuel mhac Milcah, bean Nahor,
dearbhrathair Abraham, agus a soitheach ar a gúaluinn.


L. Gn24:16


Agus dobhí anóigbhean rosgíamhach ré féchuin uirre, na maighdin,
agus níor chionntuigh éinfhear ría: agus dochuáidh síos gus an ttobar, agus
do líon a soitheach, agus táinig ansíos.


L. Gn24:17


Agus do rith an seirbhíseach do theagmháil ría, agus adubhairt:
guidhim thú, léig dhamhsa beagan uisge ól as do shoitheach.


L. Gn24:18


Agus adubhairt sisi, ibh a thighearna: agus dorinne si deifir, agus
do léig síos a soitheach air a láimh, agus tug deoch dhó.


L. Gn24:19


Agus tair éis deoch a thabhairt dhósan adubhairt si, tarreonguidh mé
uisge fós dod chámhulluibh go nibhid a ndíol.


L. Gn24:20


Agus do dheifrigh, agus do fholmhuigh a soitheach annsanumar, agus
do rith arís gus an ttobar, do tharrang uisge, agus do tharruing dá
chámhulluibh uile.


L. Gn24:21


Agus ag déunadh iongantuis donóglach, dobhí na thochd, dá fhéuchuin
a ndearna an tighearna a thurus sona, nó nach ndearna.


L. Gn24:22


Agus tárla a ndiaigh na ccamhull ól a sáith, go rug an tóglach ar
chlúasfháinne óir, leith-shecel do chomhthrum, agus dhá bhráisléd dá
lámhuibh do chomhthrum dheich secel óir.


L. Gn24:23


Agus adubhairt, cía darabinghean tú? guidhim thú, innis damh; an
bhfuil áit a ttigh hathar ann ar féidir linn lóistín dfagháil.


L. Gn24:24


Agus adubhairt sisi ris: as misi inghean Bhéthuel mhac Milcah,
noch rug sí do Nahor.


L. Gn24:25


Adubhairt sí fós, atá aguinne tuighe agus beatha go lór agus áit
lóistín.


L. Gn24:26


Agus do chrom an tóglach a cheann síos, agus do onóruigh sé an
tighearna.


L. Gn24:27


Go madh beannuighe an tighearna Día mo mhaighistir Abraham nach ar
dhearmuid mo mhaighistir ann a thrócaire, agus ann a fhírinne: ar mbeith
dhamhsa ar slighe do theóruigh an tighearna mé go tigh dhearbhráithreach
mo mhaighistir.


L. Gn24:28


Agus do rith an óigbhean, agus do innis do mhuinntir tighe a mathar
na neithesi.


L. Gn24:29


Agus dobhí dearbhráthair ag Rebecah, agus asé dobainm dhó
Lában, agus do rith Lában amach gus anóglach go nuige an tobar.


L. Gn24:30


Agus tárla anuáir dochonnairc sé an fáinne cluáise agus na bráisléid
ar lámhuibh a dheirbhsheathrach, agus anuáir dochuála bríathra
Rebecah a dheirbhsheathrach ag rádh, marso do labhair an tóglach
rium; go ttáinic chum anóglaóich, agus féuch dobhí sé na sheasamh
láimh ris na cámhulluibh ag an ttobar.


L. Gn24:31


Agus adubhairt sé, tárr asteach thusa atá beannuighe ón dtighearna,
créud fá seasann tú amuigh? óir do ghléus misi an tigh agus áit do na
cámhulluibh.


L. Gn24:32


Agus táinig an tóglach don tigh; agus do sgaóil seision a chámhuill.
agus tug tuighe agus bíadh do na cámhulluibh agus uisge dionnladh a chos,
agus cos na muinntire dobhí leis.


L. Gn24:33


Agus do cuireadh bíadh na bhfiaghnuisi réna ithe: achd adubhairt
seision, ní íosuidh mé biadh nó go ninnisi mé mo theachdaireachd. Agus a
dubhairt seision, abair uáit.


L. Gn24:34


As misi óglach Abraham.


L. Gn24:35


Agus do bheannuigh an tighearna mo mhaighistir go mór, agus do fhás
sé mór, agus tug sé dhó tréuda agus airgheadha, agus ór agus airgead,
agus seirbhísigh fear agus seirbhísigh ban, agus cámhuill agus asail.


L. Gn24:36


Agus Sárah bean mo mhaighistir rug sí mac dom mhaighistir anuáir
dobhí sí aósda, agus as dósin tug sé a raibh aige.


L. Gn24:37


Agus tug mo mhaighistir mionna ormsa, ag rádh; ní tiubhra tú bean dom
mhac dingheanuibh na Ccanaaníteach, a ndúthaidh a bhfuilim am
chomhnuidhe.


L. Gn24:38


Ach rachaidh tú go tigh máthair, agus go nuige mo ghaól, agus dobhéura tú
bean dom mhac.


L. Gn24:39


Agus adubhairt misi rém mhaighistir, gurbhféidir nach leanfadh an
bhean mé.


L. Gn24:40


Agus adubhairt seision rium; an tighearna as comhuir a siubhluimsi cuirfidh
sé a aingeal leachd, agus soirbheóchuid do shlighe, agus dobhéura tú bean dom
mhacsa dom ghaól, agus do thigh máthar.


L. Gn24:41


Annsin bhías tú saór óm mhionnuibhsi, anuáir thiucfas tú go nuige
mo ghaól; agus muna ttugaid síad bean duit, bíaidh tú glan óm
mhionnuibhsi.


L. Gn24:42


Agus táinig mé aniugh go nuige an tobar uisge, agus adubhrus;
thighearna Día mo mhaighistir Abraham, annois má shoirbhigheann tú
mo shlighe ann a bhfuilim ag dul.


L. Gn24:43


Féuch, atáim am sheasamh ag an ttobar uisge, agus teigeomhuidh an
uáir thiucfas an cailín amach do tharruing uisge, agus adéura misi ría,
guidhim thú, tabhair dhamh beagán uisge as do shoitheach réna ól.


L. Gn24:44


Agus adéura sisi rium, ibh féin deoch, agus tarreonguidh misi mar an
ccédna dod chámhulluibh, go madh ísin an bhean do chinn Día do mhac mo
mhaighistir.


L. Gn24:45


Agus suil do sguir mé do labhairt am chroidhe, féuch táinic Rebecah
amach, agus a soitheach ar a gúaluinn, agus dochuaidh síos gus an tobur
agus do tharruing uisge: agus adubhairt misi ría, guidhim tú léig dhamh
deoch ól.


L. Gn24:46


Agus do dheifrigh sisi, agus do léig a soitheach dá gúaluinn, agus a
dubhairt; ibh, agus dobhéura mé deoch dod chámhulluibh mar an ccédna:
annsin do ibhios, agus tug sí deoch dom chámhulluibh mar an ccédna.


L. Gn24:47


Agus do fhiafruigh misi dhi; cía darabinghean thú? agus adubhairt
sisi, inghean Bhétuel mhac Nahor, noch rug Milcah dhó, agus do
chuir misi fáinne cluaise air a haghuidh, agus bráisléd ar a lámhuibh.


L. Gn24:48


Agus do chrom mé síos mo cheann, agus do adhrus an tighearna, agus do
bheannuigh mé an tighearna, Día mo mhaighistir Abraham, noch do
thréoruigh mé sa tslighe chóir, do thabhairt inghine dearbhrathar mo
mhaighistir dá mhac.


L. Gn24:49


Agus annois má ní tusa go cinealta, agus go fírinnioch rem
mhaighistir, innis damh; agus muna ndearnair innis damh, ionnus go n
iompoighe mé ar a láimh dheis nó chlé.


L. Gn24:50


Annsin do fhreagair Lában agus Bétuel, ón tighearna thig an chúis:
ni fhéudmuidne maith ná olc do rádh riot.


L. Gn24:51


Féuch, atá Rebecah as do choinne, gabh chugad í, agus imthigh, agus
bíodh na mnaói ag mac do mhaighistir mar do labhair an tighearna.


L. Gn24:52


Agus tárla anuáir dochúaluigh óglach Abraham a mbríathra, do
onóruigh sé an tighearna go nuige an talamh.


L. Gn24:53


Agus thug an tóglach amach séoid airgid, agus séoid óir, agus
éuduighe, agus tug iad do Rebecah, agus tug mar an ccédna dá
dearbhrathair, agus dá mathair neithe morluáidh.


L. Gn24:54


Agus aduadhur agus do ibhidur, eision agus an mhuinntir dobhí na
fhochair, agus do fhanadur feadh na hoidhche, agus do éirgheadur ar
maidin, agus adubhairt seision; cuiridh ar siubhal mé go nuige mo
mhaighistir.


L. Gn24:55


Agus adubhairt a dearbhrathair agus a mathair, fanadh an cailín
aguinn beagán laéthe, deich lá an chuid as lugha, agus na dhiáighsin
imeochuid sí.


L. Gn24:56


Agus adubhairt seision ríu, ná toirmisgidh mé, ó shoirbhidh an
tighearna mo thurus, cuiridh an siubhal mé, go rachuinn chum mo maigistir.


L. Gn24:57


Agus adubhradursan, goirfeam an cailín, agus fiafrocham sin dá béul.


L. Gn24:58


Agus do ghoireadh Rebecah, agus dfíafruigheadur dhi, an rachuidh tú
leis an bhfearso: agus adubhairt sisi, rachad.


L. Gn24:59


Agus do chuireadur ar siubhal Rebecah, agus a buime, agus óglach
Abraham, agus a mhuinntir.


L. Gn24:60


Agus do bheannuigheadur Rebeca, agus adubhradur ría, as tú ar
ndeirbhshiúr, bí ad mhathair mhílte do mhillíunuibh, agus sealbhuigidís do
shíolgeatuidhe an luchda lér fúath íad.


L. Gn24:61


Agus do éirigh Rebecah, agus a mná coimhideachda, agus dochúadur ar
na cámhuilluibh, agus do leanadur an tóglach; agus do ghabh an tóglach
Rebecah chuige, agus do imthigh roimhe.


L. Gn24:62


Agus táinic Isaac ó shlighe an tobair Lahai-roi, óir do áitigh sé
ann sa tír ó dheas.


L. Gn24:63


Agus dochuáidh Isaac amach durnaighe ar an machaire tráthnóna, agus
do thóg suas a shúile, agus dochonnairc, agus féuch dobhádur na
cámhuill ag teachd.


L. Gn24:64


Agus do thóg Rebecah a súile suas, agus anuair dochonnairc sí
Isaac, do thuirling don chámull.


L. Gn24:65


Oír adubhairt sí ris an óglach, cía h é an duinesi thríallus annsa
mhachaire do theagmháil sinn? agus adubhairt an tóglach, as é súd mo
mhaighistir: uimesin do ghlac sisi brat, agus do fholuidh a haghaidh.


L. Gn24:66


Agus do innis an tóglach dísaac an uile ní dá ndearna.


L. Gn24:67


Agus tug Isaac leis í go pubuil a mhathar Sárah, agus do ghabh
chuige Rebecah, agus dobhí na mnaói aige, agus do ghráduigh í; agus do
comhfhurtachduigheadh Isaac déis bháis a mhathar.


L. Gn25:1


Annsin tug Abraham bean agus dobé a hainm Ceturah.


L. Gn25:2


Agus rug sí dhó Simran, agus Jocsan, agus Médan, agus Mídian,
agus Isbac, agus Suah.


L. Gn25:3


Agus do ghein Jocsan Séba, agus Dédan: agus dobíad mic
Dhédain Asurim, Letusim, agus Leumim.


L. Gn25:4


Agus mic Mhídian Ephah, agus Epher, agus Hanoch, agus
Abidah, agus Eldaah; dobíadsa uile clann Chetúrah.


L. Gn25:5


Agus tug Abraham a raibh aige dIsaac


L. Gn25:6


Agus do chloinn na leannán dobhí ag Abraham, tug Abraham
tiodhlaicthe, agus do chuir sé air siubhal íad ó na mhac Isaac (an
fad dobhí fós béo) soirin don tír shoir.


L. Gn25:7


Agus as íadso láethe bhliadhna Abraham, noch do mhair, céud agus
trí fichid, agus a cúig déug do bhliadhnuibh.


L. Gn25:8


Annsin fuáir Abraham bás, agus déug a naóis mhaith, na seanduine
lán do bhliadhnuibh, agus do cruinnigeadh dhá mhuinntir é.


L. Gn25:9


Agus do adhlaiceadur a mhic, Isaac agus Ismael é anuaimh
Mhacpelah a magh Ephron mhac Sohar an Hititeach noch atá as
choinne Mhamre.


L. Gn25:10


An magh do cheannuigh Abraham ó mhacuibh Hét: Ansin do
hadhlaceadh Abraham, agus a bhean Sárah.


L. Gn25:11


Agus tárla déis bháis Abraham gur bheannuigh Día a mhac Isaac,
agus dobhí Isaac na chomhnuighe láimh ré tobar Lahai-roi.


L. Gn25:12


Annois as íadso geinealuigh Ismael mhac Abrahaim, noch rug
Hágar an Tégiptach cumhul Shárah, Dabraham.


L. Gn25:13


Agus as íadso anmanna mhac Ismael ann a nanmannuibh do réir a
ngeinealach; cédghin Ismael Nebaiot; agus Cedar, agus Adbeel,
agus Mibram.


L. Gn25:14


Agus Misma, agus Dumah, agus Massa.


L. Gn25:15


Hadar, agus Tema, Jetur Naphis, agus Cedemah.


L. Gn25:16


As íadso mic Ismael, agus as íadso a namanna ó na mbailtibh, agus
ó na ccaisleanuibh; dhá phriunnsa dhéug do réir a ccinideach.


L. Gn25:17


Agus as íadso blíadna shaóghail Ismael, céd agus tríocad, agus
seachd mbliadhna, agus do thréig a spiorad, agus fuair bás, agus do
cruinnigheadh dhá mhuinntir é.


L. Gn25:18


Agus do áitreabhadur ó Habilah go Sur, atá as coinne na
Hégipte mar dorachthá a ccion na Hasíria: agus do thuit sé a
láthair a dhearbhrathar uile.


L. Gn25:19


Agus as íad so geinealuidh Isaac mhac Abraham; do ghein Abraham
Isaac.


L. Gn25:20


Agus dobhí Isaac ceathrachad blíadhain daóis anúair thug sé
Rebecah do mhnaói, inghean Bhétuel an Sírianach ó Phadan-aram,
deirbhshiúr do Lában an Sírianach.


L. Gn25:21


Agus do ghuidh Isaac an tighearna air son a mhná do chionn go raibh sí
amrid, agus do éisd an tighearna a guidhe, agus do toirrcheadh a bhean
Rebecah.


L. Gn25:22


Agus dorinneadar an chlann ceannaruic astigh na bruinn: agus adubhairt sisi:
más marsin atá, créd as a bhfuilimsi marso? agus dochuáidh dhá fhiafruighe
don tighearna.


L. Gn25:23


Agus adubhairt an tighearna ría; dhá chineadh atá ad bhroinn, agus
dhá chinéil daóine dhealóchthar ód chorp, agus bíaidh cineadh dhíobh as
láidre ná an cineadh eile, foigheónuidh an sinnsear don tsósar.


L. Gn25:24


Agus anuair do coimhlíonadh láethe a tuismidhe, féuch dobhí cúpla na
broinn.


L. Gn25:25


Agus táinig an chéud ghin amach dearg go huilidhe, amhuil éudach
clumhthach, agus tugadar Esau dainm air.


L. Gn25:26


Agus na dhiáighsin tháinig a dhearbhrathair amach, dobhí greim agá
láimh ar sháil Esau; agus tugadh Iacob dainm air; agus dobhí
Isaac trí fichid bliadhan daóis anuáir dorugadh íadsan.


L. Gn25:27


Agus do fhásadur na buachuillidhe, agus dobhí Esau na fhiadhguidhe
glic, duine den mhachaire, agus dobhí Iacob na dhuine shoilléir
ag áitreabh a bpuiblibh.


L. Gn25:28


Agus dobionmhuin lé Hísaac Esau, do chionn go nitheadh dá
fhíadhach ach dobionmhuin le Rebecah Iácob


L. Gn25:29


Agus do bhruith Iácob brochán, agus táinic Esau ón mhachaire agus
dobhí lag.


L. Gn25:30


Agus adubhairt Esau ré Iácob, guidhim thú beathuigh mé leis an
mbrochán ndeirgsin, óir atáim lag; uimesin do goireadh Edom
dainm dhe.


L. Gn25:31


Agus adubhairt Iácob, reac leam san ló aniugh do ceart-beirthe.


L. Gn25:32


Agus adubhairt Esau, féuch atáim a dul a dhéugh: agus créad an
tarbha dhéunas an ceart-beirthesi dhamh.


L. Gn25:33


Agus adubhairt Iácob, mionnuigh dhamhsa san ló aniugh, agus tug sé
a mhionna dhó, agus do reac a cheart-beirthe ré Iácob.


L. Gn25:34


Annsin tug Iácob arán agus brochán luibhionn dósan, agus aduáigh,
agus do ibh sé, agus do éirigh suas, agus do imthigh roimhe: mar so do
tharcuisnigh Esau a cheart-beirthe.


L. Gn26:1


Agus dobhí gorta san tír, taóbh amuigh don chéud ghorta dobhí innte
a láethibh Abraham; agus dochuáidh Isaac mar a raibh Abimelech
rígh na bhPhílistíneach go Gérar.


L. Gn26:2


Agus do thaisbéin an tighearna é féin dó, agus adubhairt ris: ná
héirigh síos don Egipt, áitigh san dúthaigh mhúinfeas misi dhuit.


L. Gn26:3


Comhnuidh sa tírsi, agus beinneochaidh mé thú, óir duitsi agus dot
shíol dobhéura mé mo mhionna, noch tug mé Dabraham dot athair.


L. Gn26:4


Agus dobhéura mé ar do shíol foirlíonadh mar réulta anaiéir, agus
dobhéura mé dot shíol na tíorthaso uile, agus ann do shíol beidh uile
chinidheacha na talmhan beannuighe.


L. Gn26:5


Do chionn gur aóntuigh Abraham dom ghlór, agus gur choimhéd mo
chúram, maitheanta, mo statúidigh agus mo dhligheadh.


L. Gn26:6


Agus do chomhnuidh Isaac an Gerar.


L. Gn26:7


Agus do fhíarfuigheadar daóine na háite dhe a ttaóbh a mhná; agus a
dubhairt seision, as í mo dheirbsíur í; óir dobeagla leis a rádh, as í mo
bhean í: ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá
Rebecah, do chionn go raibh breádha re féchuin uirre.


L. Gn26:8


Agus tárla, anuáir dobhí annsin tamall fada, gur fhéuch Abimelech
rígh na bhPhílistineach amach as fuinneóig, agus go bhfacuidh, agus
féuch dobhí Isaac ag súgradh ré na mhnaói Rebecah.


L. Gn26:9


Agus do ghoir Abimelech Isaac, agus adubhairt; féuch go deimhin as í
do bhean í: agus cionnus adeir tusa, as í mo dhearbhsíur í? agus a
dubhairt Isaac ris, do chionn go ndubhairt mé, deagla go néugfuinn dá
cionn.


L. Gn26:10


Agus adubhairt Abimelech, créad éso dorinne tú linne? dobféidir
go luidhfeadh duine don mhuinntir léd mhnaói, agus go ttiubharthá cionnta
oruinne.


L. Gn26:11


Agus do aithin Abimelech dá dhaóinibh uile, ag rádh; gidhbé
bheanfas ris an bhfearso nó réna mhnaói, cuirfighear go deimhin chum
báis é.


L. Gn26:12


Annsin do shíolchuir Isaac annsa dúthaidh, agus fuáir san bhlíadhain
chéadna céad oireadh: agus do bheannuigh an tighearna é.


L. Gn26:13


Agus do fhás an tóglach go mór, agus dochuáidh ar aghuidh, agus do
fhás nó go raibh romhór.


L. Gn26:14


Óir dobhí aige sealbh tréd agus sealbh aódhaireadh, agus stór mór
seirbhíseach, agus do fhuathuigheadar na Philistínigh é.


L. Gn26:15


Óir an uile thobar dar thochladar muinntir a athar a laéthibh
Abraham a athar, do líonadur na Philistínigh íad do chriaidh.


L. Gn26:16


Agus adubhairt Abimelech ré hIsaac, imthigh uáinne: óir is
cumhachduighe thú go mór ná sinn.


L. Gn26:17


Agus do imthigh Isaac assin, agus do shuighigh a phubuil a ngleann
Gérar, agus do áitribh ann.


L. Gn26:18


Agus do thochuil Isaac arís na toibreacha uisge noch do thochladur
anaimsir Abraham a athar: óir do stopadur na Philistínigh íad déis
bháis Abraham, agus do ghoir a nanmann do ghoir a athair dhíobh.


L. Gn26:19


Agus do thochladur muinntir Isaac annsa ghleann, agus fuaradar annsin
tobar fíoruisge.


L. Gn26:20


Agus do imreasadur aódhairidhe Gérar ré haódhairibh Isaac, ag rádh;
as linne an tuisge: agus do ghoir sé dainm don tobar Esec, do chionn
go ndearnsad imreasan ris.


L. Gn26:21


Agus do thochladar tobar eile, agus teagmhaid ré chéile uimesin mar
an ccéadna, agus do ghoir Sitnah dainm dhesin.


L. Gn26:22


Agus do athruigh ansin, agus do thochuil tobar eile, agus do chionn
nar chuireadar na aghuidh tug Rehobot dainm air; agus adubhairt sé,
óir anois dorinne an tighearna ionad dhúinn agus bíamuid líonmhar annsa
dúthaigh.


L. Gn26:23


Agus dochuáidh sé suas assin go Beerséba.


L. Gn26:24


Agus táinig an tighearna chuige sanoidhche, agus adubhairt, as misi
Día Abraham hathair; ná bíodh eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus
beinneochuidh mé thú agus foirlíonfad do shíol ar son mo sheirbhísigh
Abraham.


L. Gn26:25


Agus do chuir altóir suas annsin, agus do ghoir ar ainm an tighearna,
agus do shuighidh a phubuil annsin: agus do thochladar seirbhísigh
Isaac tobar ann.


L. Gn26:26


Is annsin dochuáidh Abimelech chuige ó Ghérar agus Ahussat aón
dá cháirdibh, agus Phicol príomhchaiptín a shlógh.


L. Gn26:27


Agus adubhairt Isaac ríu: créud as a ttigthí chugamsa, ó thárla
fúath aguibh orum, agus gur chuireabhair ar siubhail uáibh mé.


L. Gn26:28


Agus adubhradarsan, dochoncamair go raibh an tighearna go díreach
leachtsa, agus adubhramar; bíodh anois mionna eadruinn, eadra sinne agus
tusa, agus déunam ceangal riot;


L. Gn26:29


Nach déuna tú dochur dhúinne, mar nar bheanamairne riotsa, agus mar
nach dearnamar enní ort ach maith, agus gur chuireamar uáinn tú go
síothchanta: anois as tusa neach beannaighe an tighearna.


L. Gn26:30


Agus dorinne féusda dhóibh, agus do itheadar, agus dóladar.


L. Gn26:31


Agus do éirgheadar go moch ar maidin, agus tugadar a mionna dhá
chéile, agus do chuir Isaac uadh íad, agus dimthigheadar rompa a
síothcháin.


L. Gn26:32


Agus tárla san ló chéudna go ttangadar seirbhísigh Isaac, agus gur
innsíodar dhó a ttaóbh an tobair, noch do thochladur, agus adubhradur
ris, fúaramar uisge.


L. Gn26:33


Agus do ghoir seision Sébah dhé; uimesin as Beerséba as ainm dan
chathruigh ó shin a leith.


L. Gn26:34


Agus dobhí Esau dhá fhichid bliádhan daóis anúair thug do
mhnaói Júdit inghean Bheer; an Hititeach:


L. Gn26:35


Noch bá doilghios inntinne Dísaac, agus do Rebecah.


L. Gn27:1


Agus tárla anúair dobhí Isaac foirfe, agus go rabhadur a shúile
dall, ionnus nach bhfaiceadh sé, do ghoir sé Esau a mhac budh
sine, agus adubhairt ris; a mhic: agus adubhairt seiusion ris,
féuch, atáim annso.


L. Gn27:2


Agus adubhairt sé; féuch, anois atáimsi aósta: ní bhfuil fios laói
mo bháis agam.


L. Gn27:3


Guidhim thú ar anadhbursin glac hairm, do bholgán, agus do bhogha,
agus éirigh fán magh amach, agus fagh fíadhach dhamhsa.


L. Gn27:4


Agus deúna bíadh sóbhlasda dhamh don tsórt as ionmhuin leam, agus
tabhair chugam é go nithinn é, ionnus go mbeinneochadh manam thú suil
dogheabhuinn bás.


L. Gn27:5


Agus dochúalaidh Rebecah anúair do labair Isaac ré na mhac
Esau, agus dochúaidh Esau fan magh dfíadhach, agus dá thabhairt
leis.


L. Gn27:6


Agus do labhair Rebecah ré Iácob a mac, ag rádh; féuch dochúaluidh
mé hathair ag labairt ré Hésau do dhearbhrathair, ag rádh:


L. Gn27:7


Tabhair fíadach chugam, agus déana bíadh sóbhlasda dhamh, go
nithinn, agus go mbeannuighinn thú a lathair an tighearna, roimh mo bhás.


L. Gn27:8


Anois uimesin, a mhic, éist rem ghlórsa, do réir an neithe aitéonus
mé dhíot.


L. Gn27:9


Eirigh anois gus an tréad, agus tabhair chughamsa assin dhá mhionnán
mhaithe óna gabhruibh, agus dodhéana misi íad na mbíadh shóbhlasta
dod athair amhuil as ionmhuin leis.


L. Gn27:10


Agus béuraidh tusa é chum hathar, chor go níosuidh sé, agus go
mbeinnéochuidh thú suil dogheabhus sé bás.


L. Gn27:11


Agus adubhairt Iácob ré Rebecah a mhathair: féuch, atá Esau mo
dhearbhrathair na dhuine chlumhach, agus atáimsi am dhuine mhín
gan fhionnadh.


L. Gn27:12


Dobféidir go moithéochadh máthair mé, agus go measfudh mé mar
mhealltóir, agus go ttiubhrainn mallachd oram féin an áit na beannachda.


L. Gn27:13


Agus adubhairt a mhathair ris: bíodh do mhallughadh orumsa a mhic,
amháin umhluigh dom ghlór, agus éirigh, agus tabhair leachd chugham iad.


L. Gn27:14


Agus do imthigh seision ar a cceann, agus tug leis chum a mhathar
iad, agus dorinne a mhathair bíadh sóbhlasta dhíobh, amhuil dobionmhuin
le na athair.


L. Gn27:15


Agus do ghlac Rebecah culaidh thaitneamhach déaduighibh Esau a
mic budh sinne, noch dobhí aice sa tigh, agus do chuir é ar Iácob a
mac dobóige.


L. Gn27:16


Agus do chuir sí croicne mheannan na ngabhar ar a lámhuibh, agus ar
mhín a mhuinéil.


L. Gn27:17


Agus tug an bíadh milis, agus an tarán do ghléus sí a láimh a mic
Iácob.


L. Gn27:18


Agus táinig sé chum athar, agus adubhairt; a athair; agus adubhairt
seision, atáim annso, cía thusa a mhic?


L. Gn27:19


Agus adubhairt Iácob réna athair; misi Esau do chédmhac, dorine
mé mar adubhairt tú, suigh, agus ith dom sheilg, go mbeannuige hanam mé.


L. Gn27:20


Agus adubhairt Isaac ré an mhac; cionnus fúair tú comhluath agus
sin é, a mhic? agus adubhairt seision; do chionn go ttug do thighearna
Díase dhamh é.


L. Gn27:21


Agus adubhairt Isaac réna mhac: guidhim thú tarr láimh riom, go
nglacuinn thú a mhic, an tú dháríribh mo mhac Esau, nó nach tú.


L. Gn27:22


Agus do dhruid Iácob láimh réna athair Isaac, agus do spín seision
é, agus adubhairt: as é do ghuth guth Iácob, ach na lámha as íad lámha
Esau íad.


L. Gn27:23


Agus níor aithin é mar dobhádur a lámha clúmhach mar lámhuibh
Esau: agus marsin do bheannuigh é.


L. Gn27:24


Agus adubhairt, an tú mo mhac Esau dháríribh? agus adubhairt
seision, as mé.


L. Gn27:25


Agus adubhairt sé, tabhair láimh rium é, agus íosuidh mé dfíadhach mo
mhic go mbeannuighe manam thú: agus tug na chomhghar é, agus adúaigh:
agus tug fíon chuige, agus do ibh sé.


L. Gn27:26


Agus adubhairt a athair Isaac ris: tárr chugam a mhic, agus póg mé
anois.


L. Gn27:27


Agus táinic chuige, agus do phóg é, agus do bholtnugh baladh éduigh,
agus do bheannuigh é, agus adubhairt: féuch atá baladh mo mhic mar bhaladh
mhuighe do bheannuigh an tighearna.


L. Gn27:28


Uimesin go ttugaidh Día dhuit do dhrúchd nimhe, agus do shult na
talmhan, agus iomad arbha agus fíona.


L. Gn27:29


Go ndéna puibleacha seirbhís duit, agus go numhluighe cinidheacha
síos duit: bí ad thighearna ós cionn do dheardhráithreach, agus umhluidís
mic do mhathar dhuit: go má malluighe gach aón mhailleóchus tú, agus go má
beannuighe an té bheinneóchus tú.


L. Gn27:30


Agus tárla mar as lúaithe do chuir Isaac críoch ar bheannughadh
Iácob, agus nach mór go ráinig Iácob fós as fiadhnuisi Isaac a
athar, an tan tháinig Esau a dhearbhrathair ón fhíadhach.


L. Gn27:31


Agus dorinne bíadh blasda mar an ccéadna, agus tug chum a athar é,
agus adubhairt rena athair: éirgiodh máthair, agus itheadh do sheilg a
mhic, chor go mbeinneóchuidh hanam mé.


L. Gn27:32


Agus adubhairt Isaac a athair ris, cía thusa? agus adubhairt seision,
as misi do mhac, do chéidghin Esau.


L. Gn27:33


Agus do chriothnuigh Isaac do chrith úathbhásach, agus adubhairt; cía
hé, cáit a bhfuil an té dorinne fíadhach, agus tug chugamsa é, agus a
dúaigh mé dá gach éinní, suil ttáinic tusa, agus do bheannuigh mé é?
agus fós bíaidh beannuighe.


L. Gn27:34


Agus anúair dochualaidh Esau bríathra a athar, do éig maille re
gárrthuibh móra searbha, agus adubhairt rén athair; beannuigh misi,
eadhon misi mar an ccédna, ó a athair.


L. Gn27:35


Agus adubhairt seision, tháinic do dhearbhrathair lé ceilg, agus rug
leis do bheannachd.


L. Gn27:36


Agus adubhairt seision, nach cóir tugadh Iácob dainm air? óir
tháinic sé fúimse an dá uáirsi; rug sé uáim mo cheart-beirthe, agus
anois féuch rug sé mo bheannughadh uáim: agus adubhairt sé, an eadh nár
choimheadh tú beannughadh dhamhsa.


L. Gn27:37


Agus do fhreagair Isaac agus adubhairt re Hésau, féuch, dorinne mé
eision na thighearna ort, agus tug mé a dhearbhraithre uile na
serbhíseachuibh dhó; agus lé harbhar, agus le fíon do chonnuimh mé suas
é: agus créad dodhéun riotsa anois, a mhic?


L. Gn27:38


Agus adubhairt Esau réna athair, an bhfuil agad achd
éinbheannachd amháin, a athair? beannuigh misi, eadhon misi mar an
ccéadhna, ó a athair. Agus do thóg Esau a ghuth súas, agus do ghuil sé.


L. Gn27:39


Agus do fhreagair Isaac, agus adubhairt ris; féuch, budh é h
áitreabh sult na talmhan, agus ó dhrúchd fhlaitheamhnus ansúas.


L. Gn27:40


Agus led chloidheamh bhías tú ad bheathaidh, agus biáidh tú ag seirbhís
dot dhearbhrathair: agus tiucfuidh a ccrích anuair dogheabha tú
úachdaranachd, go mbrisfidh tú a chuingsion dot mhuinéul.


L. Gn27:41


Agus do fuathuigh Esau Iácob ar son na beannachda lear bheannuigh a
athair é: agus adubhairt Esau na chroidhe, atáid láethe cumha ar son m
áthar a bhfogus, annsin mhuirfeas misi mo dhearbhrathair Iácob.


L. Gn27:42


Agus do hinniseadh do Rebeca bríathrasa Esau a mic budh sine:
agus do chuir sí fios agus do ghoir sí Iácob a mac dob óige, agus
adubhairt ris; féuch, do dhearbhrathair Esau ar do shonsa dobheir sé
solás do féin ré cur roimhe thusa mharbhadh.


L. Gn27:43


Anois ar anadhbarsin a mhic, umhluigh dom ghlórsa, agus éirigh go
Lában mo dhearbhrathair go Háran.


L. Gn27:44


Agus fan na fhochair beagán do láethibh no go ttraóthuigh fearg do
dhearbhráthar.


L. Gn27:45


No go bhfillidh fearg do dhérbrathar úaidh, agus go ndearmaduigh sé an
ní dorinne tú ris: annsin cuirfidh misi fios, agus dobhéura mé assin
tú. Cread fá ccaillfinnsi sibh araón an eunló?


L. Gn27:46


Agus adubhairt Rebecah ré Hísaac atáim currtha dom shaóghal do
chionn ingheana Hét: má phósann Iácob bean as ingheanuibh Hét,
mar íadso, atá as ingheanuibh na tíre, créad an mhaith dhéunas mo
bheatha dhamhsa.


L. Gn28:1


Agus do ghoir Isaac, Iácob, agus do bheannuigh é, agus do aithin
de, agus adubhairt ris: ní tiubhra tú bean dingheanuibh Chánaain.


L. Gn28:2


Eirigh, imthigh súas go Pádan-Aram, go tigh Bhétuel athair do
mhathar, agus gabh chugad bean assin dingheanuibh Lábain
dearbhrathair do mhathar.


L. Gn28:3


Agus go mbeannuighe Día uilechumhachdach thú, agus go ndearna siól-
mhur thú, agus go bhfoirlíonuigh thú, go mbé tú ad iomad daóine.


L. Gn28:4


Agus go ttuga sé dhuit beannachd Abraham, duit féin, agus dot shiól
maille riot, go ngabha tú oighreachd na dúthaigh ann a bhfuil tú
coimhigtheadh, noch tug Día do Abraham.


L. Gn28:5


Agus do chuir Isaac, Iácob ar siubhal go Pádan-Aram, go Lában
mhac Bétuel an Sírianach, dearbhrathair Rebecah, mathair Iácob,
agus Esau.


L. Gn28:6


Anúair dochonnairc Esau gur bheannuigh Isaac, Iácob, agus gur
chuir ar siubhal é go Pádan-Aram, do thabhairt mná assin, agus
amhuil do bheannuigh é, go ttug aithne dhó ag rádh; ní thiubhra tú
bean dingheanuibh Chánaain.


L. Gn28:7


Agus gur umhluigh Iácob dá athair, agus dá mhathair, agus go
ndeacuidh go Pádan-Aram.


L. Gn28:8


Agus mar dochonnairc Esau nár thaitin ingheana Chánaain ré na
athair Isaac.


L. Gn28:9


Annsin dochúaidh Esau chum Ismáel, agus tug a ccionn na mban
dobhí aige, Mahalah inghean Ismáel, mhic Abraham, derbhsíur
Nebaiot, dá beith na mnaói aige.


L. Gn28:10


Agus dochuáidh Iácob amach as Beerséba, agus do ghluáis go
Háran.


L. Gn28:11


Agus do thuirling ar ionad áirighe, agus do fhan ann feadh na
h-oidhche, mar dochuáidh an ghrían faói: agus do ghlac cuid do
chlochuibh na háite, agus do chuir íad mar a cheannadhairt, agus do
luigh síos san áitsin do chodladh.


L. Gn28:12


Agus dochonnairc aisling, agus féuch dréimre arna chur súas ar an
talamh, agus ráinic a bhárr go flaitheamhnus: agus féuch, aingil Dé ag
dul ag teachd ansúas ann.


L. Gn28:13


Agus féuch, do sheas an tighearna ós a chionn, agus adubhairt; as
misi an tighearna Día Abraham hathair, agus Día Isaac, an fearann
ar a bhfuil tú ad luighe dobhéura mé dhuitsi é, agus dot shliochd.


L. Gn28:14


Agus biáidh do shíol mar ghaineamh na talmhan; agus leithneachuidh
tú amach síar agus soir, budh thuáidh agus budh dheas; agus budh ionnadsa
agus ann do shíol béid mhuinntir na talmhan uile beannuighe.


L. Gn28:15


Agus féuch atáimsi maille riot, agus cuimhdeóchuidh mé thú ann gach
uile bhall a ngéubha tú, agus dobhéura mé arís don tírsi thú: oir ní
fhágfaidh mé thú, nó go ndéarna mé an ní do labhair mé riot.


L. Gn28:16


Agus do mhúsguil Iácob as a chodladh, agus adubhairt: go deimhin
atá an tighearna sanáitsi agus ní raibh a fhios agamsa.


L. Gn28:17


Agus dobhí eagla air, agus adubhairt: cread é úamhnuige na háitesi,
ní háit ar bith so ach tigh Dé, agus as éso geata fhlaitheamhnuis.


L. Gn28:18


Agus do éirigh Iácob go moch ar maidin, agus do thóg an chloch
dobhí fá cheann mar adhairt, agus do chuir súas í mar philéir, agus
do dhoirt ola ar a mullach.


L. Gn28:19


Agus do ghoir Bétel dainm don áitsin; ach Lus bá hainm don
chathair sin ar ttús.


L. Gn28:20


Agus tug Iácob móid, ag rádh, má bhíonn Día liom, agus go
ccuimhdeacha mé san turus a bhfuilim ag dul, agus go ttiubhra dhamh
arán ré a ithe, agus édach re chur umum.


L. Gn28:21


Ionnus go ttiucfaidh mé arís go tigh máthar a síothcháin, annsin
biaidh an tighearna na Dhía agam.


L. Gn28:22


Agus an chlochsa do chuir mé mar piléir biaidh na thigh Dé: agus do
nuile ní dá ttiubhra tú dhamh dobhéura misi go dearbhtha a deachmhadh
dhuitsi.


L. Gn29:1


Annsin do ghluáis Iácob ann a thurus, agus táinic go tír na ndaóine
don taóibh shoir.


L. Gn29:2


Agus damhairc sé, agus féuch tobar san mhachaire, agus archeanna trí
tréoid chaórach na luighe aige: óir is as an ttobarsin dobheirdís uisge
dá ttréuduibh; agus dobhí cloch mhór air bhéul an tobair.


L. Gn29:3


Agus is annsin do chruinnidís na tréda uile, agus do chorruighedís an
chloch do bhéul an tobair, agus dobeiridís uisge do na caórcuibh, agus do
chuirdís an chloch na háit féin ar bhéul an tobair arís.


L. Gn29:4


Agus adubhairt Iácob ríusan: a dhearbhráithre gá has díbhsi? agus
adubhradarsan, ó Háran dúinne.


L. Gn29:5


Agus adubhairt Iácob ríu, an aithne dhíbh Lában mhac Nahor?
agus adubhradursan, as aithne dúinn é.


L. Gn29:6


Agus adubhairt seision, an bhfuiltear go maith aige? agus
adubhradursan, atathar go maith, agus féuch atá Ráchel a inghean
ag teachd leis na leis na caórchuibh.


L. Gn29:7


Agus adubhairt seision, achd cheana as mór atá romhuinn don ló: ní mó
is am na ttréd do chruinniughadh a bhfochair a chéile: tuguidhsi uisge
do na caórchuibh, agus éirgidh, agus ingheiltigh íad.


L. Gn29:8


Agus adubhradarsan: ní fhédmaóid nó go rabhaidh na sealbha uile a
bhfochair a chéile, agus go ccurthar an chloch do bhéul an tobuir; annsin
dobhermíd uisge do na caórchaibh.


L. Gn29:9


Agus an feadh fós dobhí sé ag caint ríu, táinic Rachel le caórchuibh
a hathar; óir as í dobhí na mbun.


L. Gn29:10


Agus tárla, anúair dochonnairc Iácob Ráchel inghean Lában,
dearbhrathair a mhathar, agus caóirigh Lábain dearbhrathair a
mhathar, gur dhruid Iácob léith, agus gur chuir an chloch do
bhéul an tobair, agus tug uisge do thréd Lában dearbhrathair a
mhathar.


L. Gn29:11


Agus do phóg Iácob Ráchel, agus do thóg súas a ghuth, agus do
ghuil.


L. Gn29:12


Agus do innis Iácob do Ráchel gurob é féin dearbhrathair a hathar,
agus gurob é mac Rebecah é, agus do rith sisi, agus do innissin dá
h-athair.


L. Gn29:13


Agus tárla, anúair dochúaluidh Lában sgéula mhic a
dherbhsheathrach, gur rith sé na choinne, agus gur theann ris é,
agus tug póg dhó, agus tug leis é dá thigh: agus do innis Iácob
na neithesi uile do Lában.


L. Gn29:14


Agus adubhairt Lában ris; is deimhin gur tú mo chnáimh agus mfeóil;
agus do fhan aige ar feadh míosa.


L. Gn29:15


Agus adubhairt Lában ré Iácob; an do chionn gur tú mo
dhearbhrathair dodhéuntá seirbhís damhsa a naiscidh? innis dam
créud an túarasdal bhías duit?


L. Gn29:16


Agus dobhádar días inghean ag Lában: ainm an tsinnsir Léah, agus
ainm an tsósair Ráchel.


L. Gn29:17


Agus dobhádur súile boga ag Léah; agus dobhí Ráchel sgíamhach
deaghnúiseach.


L. Gn29:18


Agus dobhí grádh ag Iácob ar Ráchel, agus adubhairt foigheónuidh
mé dhuit seachd mblíadhna ar son Ráchel hinghean as óige.


L. Gn29:19


Agus adubhairt Lában, as fearr dhamhsa a tabhairt duitsi ná a
tabhairt dfior oile: fan am fhochair.


L. Gn29:20


Agus dorinne Iácob seirbhís sheachd mblíadhan do cheannach ar
Ráchel, agus níor taibhsiughadh dhó íad ach na mbeagán láethe, do
mhéid an ghrádh dobhí aige uirre.


L. Gn29:21


Agus adubhairt Iácob ré Lában, tabhair mo bhean damh, (óir do
chomhlíon mé maimsir) go ndearnar bean di.


L. Gn29:22


Agus do chruinnigh Lában daóine na háite uile, a bhfochair a
chéile, agus dorinne féusda dhóibh.


L. Gn29:23


Agus tárla tráthnóna, gur ghlac sé Léah a inghean agus go ttug
chuigesion í, agus dobhí na fhior aice.


L. Gn29:24


Agus tug Lában dá inghin Léah Silpah a chailín, na hinilt.


L. Gn29:25


Agus tárla ar maidin, féuch gurab í Léah dobhí ann: agus adubhairt
seision ré Lában, créud an nísi dorinne tú rium? nach ar son
Ráchel dorinne misi seirbhís duit? uimesin créud fár mheall tú mé?


L. Gn29:26


Agus adubhairt Lában ní marsin as gnáth do dhéunamh nar náitne,
an sósar do thabhairt amach roimh an tsinnsior.


L. Gn29:27


Comhlíon a seachdmhuin di, agus dobhéaruimne íso dhuit mar an
gcédna, ar son na seirbhísi dodhéuna tú dhamh seachd mblíadhna eile
fós.


L. Gn29:28


Agus dorinne Iácob sin, agus do comhlíon a seachdmhuin di; agus tug
Ráchel a inghean dó mar mhnaói mar an gcéudna.


L. Gn29:29


Agus tug Lában do Ráchel dá inghin Bilhah a chailín, do bheith
na hinnilt aice.


L. Gn29:30


Agus dorinne bean do Ráchel mar an ccéudna, agus dobannsa leis fós
Ráchel ná Léah, agus dorinne seirbhís aige seachd mblíadhna eile
fós.


L. Gn29:31


Agus anuáir dochonnairc an tighearna go raibh fúath ar Léah, do
oscuil sé a brú, ach dobhí Ráchel amrid.


L. Gn29:32


Agus do toirrcheadh Léah, agus rug sí mac, agus tug sí Reuben
dainm air: óir adubhairt sí, go deimhin do fhéuch an tighearna ar mo
bhuáidhreadh; anois adamar gráidheóchuidh mfear mé.


L. Gn29:33


Agus do toirrceadh arís í agus rug sí mac, agus adubhairt: do chionn
go ccúaluidh an tighearna go raibh fuath oram, tug sé an macso dhamh
mar an gcédna: agus tug sí Símeon dainm air.


L. Gn29:34


Agus do toirrcheadh arís í, agus rug sí mac, agus do ráidh; anois
bhías mfear anuáirsi teannta riom, do chionn go rug mé tríur mac
dhó: uimesin do goireadh Lébhi dhe.


L. Gn29:35


Agus do toirrcheadh arís í agus rug sí mac; agus do ráidh si, anois
mholfas mé an tighearna; uimesin do ghoir sí Júdah dainm dhe;
agus do scuir do bhreith.


L. Gn30:1


Agus anuáir dochonnairc Ráchel nach rug sí clann do Iácob, dobhí
tnúth ag Ráchel le na deirbhsiáir, agus adubhairt sí ré Iácob,
tabhair dhamhsa clann, nó dogheabha mé bás.


L. Gn30:2


Agus do las fearg Iácob anaghuidh Ráchel, agus adubhairt: an misi
atá anáit Dé, noch do chonnuimh uáit toradh do bhronn.


L. Gn30:3


Agus adubhairt sisi, féuch mo chailín Bilhah bí ad tfior aice, agus
béuruidh sí ar mo ghlúinibhsi, chor go mbía clann agumsa mar an
gcéudna dá taóibhse.


L. Gn30:4


Agus tug sí dhó Bilhah a hinnilt mar mhnaói, agus dochuáidh
Iácob na gnás.


L. Gn30:5


Agus do toirrcheadh Bilhah agus rug sí mac do Iácob.


L. Gn30:6


Agus adubhairt Ráchel, do bhreathnuigh Día misi, agus dochuáluidh
mar an gcéudna mo ghuth, agus tug mac dhamh: uimesin tug sí Dan
dainm air.


L. Gn30:7


Agus Bilhah cumhal Ráchel, do toirrcheadh arís í, agus rug sí an
dara mac do Iácob.


L. Gn30:8


Agus adubhairt Ráchel, do spáirn mé maille ré spáirnuidheachd mhóir
ream dearbhsiúir, agus rug mé buáidh, agus do ghoir sí Naphtali
dainm dhe.


L. Gn30:9


Anuáir dochonnairc Léah gur scuir sí do breith chloinne, rug ar
Siplah a cailín, agus tug do Iácob í na mnaói.


L. Gn30:10


Agus rug Siplah cailín Léah mac do Iácob.


L. Gn30:11


Agus adubhairt Léah, atá cuideachda ag teachd: agus tug Gad
dainm air.


L. Gn30:12


Agus rug Siplah cailín Léah an dara mac do Iácob.


L. Gn30:13


Agus adubhairt Léah, is sona misi, óir goirfid na hingheana
beannuighe dhíom: agus do ghoir sí Aser dainm dhe.


L. Gn30:14


Agus dochuáidh Reúben amach a láethibh foighmhair na cruithneachda,
agus fuáir mandrácuigh sa mhachaire, agus tug leis íad chum a mhathar
Léah; annsin adubhairt Ráchel ré Léah, guidhim thú, tabhair
dhamsa cuid do mhandráchuibh do mhic.


L. Gn30:15


Agus adubhairt sisi, ría, is beag an chúis mar rug tú mfear uáim?
agus nar mhian leachd mandráic mo mhic do bhreith uáim mar an
ccédna? Agus adubhairt Ráchel, uimesin luidhfidh sé leachdsa
anochd ar son mhandrác do mhic.


L. Gn30:16


Agus táinig Iácob asteach ón mhachaire tráthnóna, agus dochuáidh
Léah amach na choinne agus adubhairt; cathfidh tú teachd liomsa
asteach, óir go deimhin do cheannuigh mé thú air mhandrácuibh mo
mhic; agus do luigh lé anoidhchesin.


L. Gn30:17


Agus tug Día aire do Léah, agus do toirrcheadh í, agus rug sí do
Iácob an cuigeadh mac.


L. Gn30:18


Agus adubhairt Léah, tug Día mo thúarasdal damh do chionn go ttug
mé mo chailín dom fhear, agus do ghoir Isachar dainm dhe.


L. Gn30:19


Agus do toirrcheadh Léah arís agus rug an seiseadh mac do Iácob.


L. Gn30:20


Agus adubhairt Léah: do leasuidh Día mé lé crodh maith; anois
coimhneóchuigh mfear agum, do chionn go rug mé seisior mac dhó: agus
tug sí Sebulun dainm air.


L. Gn30:21


Agus na dhiaighsin rug sí inghean, agus tug Dínah dainm uirre.


L. Gn30:22


Agus do chuimhnigh Día air Ráchel, agus do éisd Día ría, agus do
oscuil a brú.


L. Gn30:23


Agus do toirrcheadh í, agus rug sí mac, agus adubhairt; do chuir Día
mo mhiochlú ar ccúl.


L. Gn30:24


Agus tug sí Ióseph dainm air; agus adubhairt sí, cuirfidh an
tighearna mac eile na cheann chugam.


L. Gn30:25


Agus tárla anuáir rug Ráchel Ióseph, go ndubhairt Iácob ré
Lában; cuir ar siubhal mé go ndeachuidh mé dom ionad féin agus dom
thír.


L. Gn30:26


Tabhair dhamh mo mhná agus mo chlann ar son a ndérna mé do sheirbhís
duit, agus léig dhamh imtheachd; óir is fios duit mo sheirbhís dorinne mé
duit.


L. Gn30:27


Agus adubhairt Lában ris, guidhim thú más ionmhuin leachd mé,
fuirigh óir dfoghluim mé go dearbhtha gur bheannuigh an tighearna mé
air do shonsa.


L. Gn30:28


Agus adubhairt sé, ainmnigh do thúarasdal, agus dobhéura mé dhuit é.


L. Gn30:29


Agus adubhairt seision ris, atá a fhios agad cionnus dobhí mo
sheirbhís duit, agus cionnus dobhí háirnéis agum.


L. Gn30:30


Oir as beag dobhí agad suil tháinig misi chugad, agus anois tangadur
chum bheith iomadamhail; agus do bheannuigh an tighearna thú ó tháinig misi
chugad, agus anois cá huáir dhéunas mé solathar do mo thigh féin mar an
gcédna:


L. Gn30:31


Agus adubhairt seision, cread dobhéura mé dhuit? agus adubhairt
Iácob, ní thiubhra tú einní dhamhsa: má ní tú einní amháin ar mo
shon, beathóchad agus coimhéudfad do thréd arís.


L. Gn30:32


Rachfuidh misi tré a bhfuil do thréduibh agad aniugh, agus cuirfidh
mé ar leith a bhfuil ballach breac, agus a bhfuil don áirnéis donn a measg
na ccaórach, agus a bhfuil ballach breac a measg na ngabhar, agus is
díobhsin bhías mo thúarusdalsa.


L. Gn30:33


Mairsin fhreigeórus mfíreuntachd ar mo shon san aimsir atá chugainn,
an tan thiocfas am mo thúarusdail do lathair haighthe féin: gach aón nach
bía ballach nó breac a measc na ngabhar, agus donn a measg na ccaórach,
bíaidh meas gada air agumsa.


L. Gn30:34


Agus adubhairt Lában, féuch dobfearr liom go mbeith sin do réir do
bhríatharsa.


L. Gn30:35


Agus do dhealuigh sé an lósin na puic noch dobhí crosach, agus
ballach agus an uile ghabhar bainionn dobhí breac ballach, agus gach aón
a raibh bán ann, agus a raibh donn, agus tug íad a lámhuibh a mhac.


L. Gn30:36


Agus do chuir sé aistior thrí lá idir é féin agus Iácob, agus do
bheathaidh Iácob an chuid eile do thréduibh Lábain.


L. Gn30:37


Agus do ghabh Iácob chuige slata glasa do chrann critheach, agus do
choll, agus do chrann cnobhfrancach, agus dorinne síoga bána ionta, agus
tug ar an mbán taisbeanadh do thabhairt úadh, noch dobhí annsna
slatuibh.


L. Gn30:38


Agus do shuighidh na slata do nochd sé, roimhe na tréda annsna
guithéaruibh, annsna homuruibh a nibhdís uisge anuair dothigdís na
tréda dól an uisge ar chor go ttoirrchidh íad an uair dothigdís dól
uisge.


L. Gn30:39


Agus do toirrcheadh na tréda as comhair na slat, agus dobherdís
áirnéis shíogach bhreac agus ballach.


L. Gn30:40


Agus do dhealuidh Iácob na huáin, agus do chuir aighthe na ttréd
ar na stríocuibh: agus gach a raibh donn a ttréd Lában, agus do
chuir a thréda féin ar leith, agus níor chuir a ttréuduibh Lábain
íad.


L. Gn30:41


Agus tárla, gidhbé ar bith uáir do chinneadh an áirnéis budh láidre,
go ccuireadh Iácob na slata as coinne súl na háirnéisi annsna
guitéaruibh, ar chor go ccinfidís a measg na slat.


L. Gn30:42


Ach anuáir dobhíodh an áirnéis lag, ní chuireadh sé ann íad;
mairsin go mbíodh an chuid budh laige ag Lában, agus an chuid budh
láidre ag Iácob,


L. Gn30:43


Agus do fhás an tóglach roshaidbhir, agus dobhí iomad áirnéisi
aige, agus seirbhíseach fear, agus seirbhíseach ban, agus cámhuill, agus
asail.


L. Gn31:1


Agus dochúaluidh sé bríathra mhac Lában ag rádh; rug Iácob leis an
mhéid bá lé ar nathair, agus is don ní bá lé ar nathair fuáir sé ann
ghlóirsi uile.


L. Gn31:2


Agus dochonnuirc Iácob gnúis Lábain, agus féuch ní raibh leis mar do
bhí roimhe.


L. Gn31:3


Agus adubhairt an tighearna re Iácob; fill go dúthuigh haithreadh,
agus go nuige do chineadh, agus biáidh misi maille riot.


L. Gn31:4


Agus do chuir Iácob fios uadha, agus do ghoir Ráchel agus Léah
fán machaire go nuige a thréud.


L. Gn31:5


Agus adubhairt ríu, chím gnúis bhur nathar nach bhfuil sí leam mar do
bhí roimhe; ach dobhí Día mathar leam.


L. Gn31:6


Agus atá fhios aguibhsi go ndérna mé serbhís do bur nathair rém
uile chumachda.


L. Gn31:7


Agus do mheall bhur nathair mé, agus do mhalairt mo thúarasdal deich
nuáire: ach níor leig Día dhó dochar do dhéanamh dhamh.


L. Gn31:8


Má dubhairt sé marso, bíaidh an áirnéis bhallach na thúarusdal agad;
annsin dobhí an áirnéis uile ballach: agus má dubhairt sé marso; budh h
íad an áirnéis shíogach do thúarusdal; annsin dobhí a rugadar an áirnéis
uile síogach.


L. Gn31:9


Marso rug Día áirnéis bhur nathar uadh, agus tug dhamhsa iad.


L. Gn31:10


Agus tárla anuáir do reitheadh an áirnéis gur thóg misi mo shúile
súas ar an áirnéis go rabhadur síoghach bhallach, measctha.


L. Gn31:11


Agus do labhair aingeal Dé rium anaisling dá rádh, a Iácob; agus do
ráidh misi, atáim annso.


L. Gn31:12


Agus adubhairt seision, tóg anois súas do shúile, na reithe lingios
súas ar an áirnéis atáid uile síogach ballach, measctha: óir dochonnairc
misi gach a ndéarna Lában ort.


L. Gn31:13


As misi Día Bhétel, áit ar ungaidh tusa an piléir, agus mar ar
mhóidigh tú móid dhamsa: anois éirigh, fág an dúthaidhse amach, agus fill
go tír do ghaóil.


L. Gn31:14


Agus do fhreagair Ráchel agus Léah, agus adubhradur ris; an bhfuil
fós roinn ar bith nó oighreachd ar ccomhairne a ttigh ar nathar?


L. Gn31:15


An é nach meas coigcrích atá aige oruinn? óir do reach sé sinn, agus
do anchaith sé mar an gcéadna ar nairgead uile.


L. Gn31:16


Oír an uile shaidhbhrios rug Día ó ar nathair, asésin ar ccuidne,
agus cuid ar ccloinne: anoisuime sin giodhbé adubhairt Día riotsa,
déana é.


L. Gn31:17


Annsin do éirigh Iácob súas, agus do chuir a mic, agus a mhná ar
chámhulluibh.


L. Gn31:18


Agus rug leis a áirnéis, agus a mhaóin uile, noch fuáir sé, áirnéis a
ghnodhuidh, noch fuair sé a bPádan-Aram; chum imtheachd go hIsaac
a athair a ttír Cánaain.


L. Gn31:19


Agus dochuáidh Lában a lomadh a chaórach, agus do ghoid Ráchel
na híomháighe bá léna hathair.


L. Gn31:20


Agus do éulóigh Iácob roimhe gan fhios do Lában an Sírianach,
ónar innis dó gur theith sé.


L. Gn31:21


Marsin do theith sé leis an uile ní dobhí aige, agus do éirigh, agus
dochuáidh tar an abhuinn, agus tug a aghuidh fa thuairim shliabh
Gíleadh.


L. Gn31:22


Agus do hinnseadh do Lában an treas lá gur theith Iácob.


L. Gn31:23


Agus do thóg a dearbhráithre leis, agus do lean é aistior sheachd lá,
agus rugadur air ar shlíabh Gíleadh.


L. Gn31:24


Agus táinic Día go Lában an Sírianach anaisling sanoidhche, agus
adubhairt ris: tabhair dod aire nach laibhéora tú re Iácob go maith
no go saith.


L. Gn31:25


Annsin rug Lában ar Iácob: anois do shuighidh Iácob a phubuil
ar a tslíabh: agus do shuighidh Lában gun a dhearbhráitribh air
slíabh Gíleadh.


L. Gn31:26


Agus adubhairt Lában ré Iacob, créad dorinne tú, far éulóig tú
gan fhios damhsa, agus fa rug tú mingheana leachd mar bhraighdibh
dogéubhthaói le cloidheamh.


L. Gn31:27


Créad fár theith tú uáim go foluigheach, agus fár éulóig tú uáim, agus
nar innis tú dhamh go ccruinn ar siubhal uáim thú maille re sólás, agus lé
chaintaireachd, le thabuirín, agus le cláirsigh?


L. Gn31:28


Agus nár fhuiling tú dhamh mingheana, agus mo mhic do phógadh? anois
as leam dorinne tú súd.


L. Gn31:29


Atá a gcumhachd mo láimhesi dochar do dhéanamh dhuit, ach do labhair
Día hathar riom aréir, ag rádh: tabhair dod aire nach laibhéora tú re
Iácob go maith ná go saith.


L. Gn31:30


Agus anois má tá nach géubhthá gan imtheachd do chionn go raibh fonn
mór ort a ndiáigh tighe hathar, thairissin, créad far ghoid tú mo
Dhee.


L. Gn31:31


Agus do fhreagair Iácob, agus adubhairt sé ré Lában: do chionn go
raibh eagla orum, agus go ndubhairt mé; go mféidir go mbeanfá
hingheana air éigin díom.


L. Gn31:32


Gidhbé ar bith gá bhfuighe tú do Dhee, narab béo é: féuch a
lathair air ndearbhráithreach má tá éinní agumsa dod chuid agus beir
chugad féin é: óir níor eidir Iácob gur ghoid Rachel
íad.


L. Gn31:33


Agus docuáidh Lában go pubuil Léah, agus go puiblib an dá chumhal; ach ní
bhfuáir sé íad aca. Annsin dochuáidh sé as pubuil Léah, agus
dochuáidh asteach a bpubuil Ráchel.


L. Gn31:34


Anois do ghabh Rachel na híomháighe, agus do chuir anughaim na
ccámhull íad, agus do shuigh orra: agus do spíon Laban an pubuil
uile, ach ní bhfuáir sé íad.


L. Gn31:35


Agus adubhairt sisi réna hathar, ná cuireadh fearg ar mo thighearna
nach bhféaduimsi éirghe súas romhad; óir, atá gnáth na mban orum: agus do
spíon Lában an pubuil, agus ní bhfuáir na híomháighe.


L. Gn31:36


Agus dobhí fearg ar Iácob, agus do cháin Lában: agus do fhreagair
Iácob, agus adubhairt sé ré Lában créad é mindligheadh? cread í mo
choir, as ar lean tú choimhghérso mé?


L. Gn31:37


Anáit ar spíon tú mo thruscán uile, créud fuáir tú dod áirnéis tighe
agam? cuir annso as coinne mo dhearbhráithreach agus do
dhearbhráithreachsa é, go mbeirid breath eadruinn araón.


L. Gn31:38


An fichid blíadhanso atáim ag foghnamh dhuit, níor theilgeadar do
chaóirigh an uáin, ná do ghabhair bhainionna a mionnáin, agus ní dhuáigh
mé reithe do thréuda.


L. Gn31:39


An mhéid do mharbhadar na beathuigh, ní thug mé chugadsa é, is orum
féin dobhí a dhul amugha: as mo láimhsi do íarr tusa é, má gadadh sa
ló, nó má do gadadh san oidhche é.


L. Gn31:40


Marso dobhí mé, san ló do sheargadh an tiormach mé, agus an sioc
sanoidhche, agus do dhealuigh codladh rém shúilibh.


L. Gn31:41


Marso dobhí mé fithche blíadhan ann do thigh do fhoghuin mé dhuit
ceithre bliadhna dég ar son do dhías inghean, agus sé blíadhna ar son
tháirnéisi, agus do áthruigh tú mo thúarasdal deich nuáire


L. Gn31:42


Muna bheith Día máthar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam; go
deimhin do chuirfeá ar siubhal anois mé folamh: dochonnairc Día mo
leathtrom agus saóthar mo lámh, agus tug aithfear dhuitsi aréir.


L. Gn31:43


Agus do fhreagair Lában agus adubhairt ré Iácob; as íad na h
ingheanaso mingheanasa, agus an chlannso mo chlannsa, agus an
áirnéisse as íad máirnéisi íad, agus a bhfaicionn tú uile as liomsa
íad; agus créad fhéduim do dhéunamh san ló aniugh ríuso mingheana féin,
nó réna ccloinn dorugadar.


L. Gn31:44


Ar anadhbharsin, tárrsa anois déunam cunnradh, misi agus tusa, agus
bíodh sé mar fhíaghuin eadrum agus tú.


L. Gn31:45


Agus do thóg Iácob cloch, agus do chuir na seasamh í mar philéir.


L. Gn31:46


Agus adubhairt Iácob réna dhearbhráithribh, cruinnighidh clocha;
agus do chruinnigheadar clocha, agus dorinneadar leachda, agus adúadar
bíadh annsin ar an leachda.


L. Gn31:47


Agus do ghoir Lában dainm dhe Iegar-Sahaóuta, ach do ghoir
Iácob Gáleed de.


L. Gn31:48


Agus adubhairt Lában, is fiadhnuisi an leachdaso eadrum agus tú
aniugh: agus uimesin do goireadh Gáleed dainm dhe;


L. Gn31:49


Agus Mispah, óir adubhairt sé, déunadh an tighearna faire eadrum
agus tú anuáir bhean gan bheith a lathair a chéile.


L. Gn31:50


Má ní tú leathrom ar mingheanuibh, nó má bheir tú mná eile
leith amuigh domingheanuibh, ní bhfuil aónduine ar bhfochair:
féuch, atá Día dfíaghuin eadruinn.


L. Gn31:51


Agus adubhairt Lában ré Iácob, féuch an leachdasa, agus féuch an
piléir noch do thóg mé eadrum agus tú.


L. Gn31:52


Bíodh an leachdasa dfíaghuin nach racha misi tar an leachdasa
chugamsa agus tar an bhpiléirse do dhéunamh dochair.


L. Gn31:53


Déunadh Día Abraham agus Día Nahor, Día anaithreach breitheamhnus
eadruinn: agus do mhionnuigh Iácob fá eagla a athar Isaac.


L. Gn31:54


Annsin dorinne Iácob íodhbuirt ar a tslíabh, agus do ghoir a
dhearbhráithre dithe aráin: agus a duadar arán, agus do fhanadar
feadh na hoidhche sa tsliabh.


L. Gn31:55


Agus go moch ar maidin do éirigh Lában súas agus do phóg sé a mhic
agus a ingheana, agus do bheannuigh sé íad: agus do dhealuigh Lában
ríu, agus do fhill chum a áite féin.


L. Gn32:1


Agus do imthigh Iácob roimhe na shlighe, agus tárla aingle Dé ris.


L. Gn32:2


Agus anuáir dochonnairc Iácob íad, adubhairt sé: aséso slúagh Dé,
agus do ghoir sé dainm don áit sin Mahanaim.


L. Gn32:3


Agus do chuir Iácob teachda roimhe go hEsau a dhearbhrathair go
fearann Seir, eadhon talamh Edom.


L. Gn32:4


Agus do aithin sé dhíobh ag rádh; marso adéarthaói rem thighearna
Esau: adeir do sheirbhíseach Iácob marso: dochomhnuighe mé a
bhfochair Lábain, agus do fhan mé aige annsin go ttí anois.


L. Gn32:5


Agus atáid daimh agus asail agam, tréda agus seirbhísigh fear agus
seirbhísigh ban: agus do chuir mé teachda uáim dá innisin dom thighearna,
ionnus go bhfagha mé grása ad radharc.


L. Gn32:6


Agus do fhilleadar na teachda go Iácob, ag rádh; tangamairne go nuige
do dhearbhráthair Esau, agus atá seision ag teachd mar an gcéudna
do theagmháil ort, agus ceithre chéud fear leis.


L. Gn32:7


Annsin dobhí Iácob lán deagla agus danbhuáin: agus do roinn sé na
daóine dobhí aige, agus na tréda, agus na sealbha, agus na cámhuill a
ndá chuideachduin.


L. Gn32:8


Agus adubhairt, má thigh Esau cum cuideachda dhíobh, agus go
mbuailfidh íad, annsin rachuid an chuideachda fhuigfidhear as uadh.


L. Gn32:9


Agus adubhairt Iácob, a Dhé máthar Abraham, agus a Dhé máthar
Isaac, an tighearna noch adubhairt rium; fill chum do thíre féin agus
chum do ghaóil, agus dogheabhthar misi go maith ort.


L. Gn32:10


Ní fiú mé an chuid as lugha dot thrócaire, agus don fírinne noch do
thaisbéin tú dod óglach: óir lem bhata tháinig mé tar an iordáin
se, agus anois atáim dhá bhanna.


L. Gn32:11


Saór mé, íarruim ort, ó láimh mo dhearbhráthar, ó láimh Esau: óir
atá eagla agum roimhe, dfaitchios go ttiocfadh, agus go mbuáilfeadh
mé, agus an mhathair maille ris an ccloinn.


L. Gn32:12


Agus adubhairt tusa, go deimhin dodhéuna mé maith dhuit, agus
dodhéuna mé do shíol mar ghaineamh na fairge nach féidir áireamh ar
a iomadamhlachd.


L. Gn32:13


Agus do fhosuidh sé annsin anoidhchesi féin, agus do bhean sé as an
ní ráinic chum a láimhe, bronntanus ré thabhairt dá dhearbhrathair
Esau.


L. Gn32:14


Dhá chead ghabhar baineann, agus fithche poc, dhá chéad caóra
bhaineann, agus fithche reithe.


L. Gn32:15


Tríochad chámhall bainne gona mbromchuibh, ceathrachadh bó, agus deich
ttairbh, fithche asail baineann, agus deich searruigh.


L. Gn32:16


Agus do sheachuid sé íad a lámhuibh a sherbíseach, gach én tsealbh ar
leith, agus adubhairt réna sherbhíseachuibh; gluáisigh thairis anonn
romhamsa, agus cuiridh spás eidir gach dá sheilbh.


L. Gn32:17


Agus do aithin don chéd luchd, dá rádh: anuáir théigeómhas mo
dhearbráthair Esau riot, agus fhíafrochus díot, ag rádh, cía lér
leis tú? agus cáit a racha tú? agus cía lear leis íadso romhad?


L. Gn32:18


Annsin adéura tusa, is lé do shearbíseach Iácob íadso; is
tiodhlaiceadh é do cuireadh chum mo thighearna Esau; agus féuch atá
sé féin mar an gcéadna ar ndiáigh.


L. Gn32:19


Agus is mairsin do aithin sé don dara, agus don treas luchd, agus don
mhéid do lean na sealbha, ag rádh; ar an modhso laibhéorthaói ré
h-Esau anuáir do geabhthaói é.


L. Gn32:20


Agus abruidhsi ós cionnsinn; feuch, atá do sherbhíseach Iácob ar
ndiáigh, óir adubhairt; ceinnseocuidh mé é leis an mbronntanas rachas
romham, agus na dhiaighsin dochífe mé a ghnúis; dobféidir go
ngéubhadh sé mo ghnúis chuige.


L. Gn32:21


Marsin dochuáidh an preasánta anonn roimhe, agus do chomhnuidh sé
féin anoidhchesin annsa chuideachduin.


L. Gn32:22


Agus do éirigh sé súas an oidhchesin, agus do ghlac sé a dhías ban,
agus a dhá chumhal, agus a énmhac dég, agus dochuáidh sé tar áth
Iácob anunn.


L. Gn32:23


Agus dorug sé orra, agus do chuir tar an abhuinn anunn íad, agus do
chuir thairis anunn a raibh aige.


L. Gn32:24


Agus do fágbhadh Iácob na aónar, agus dobhí duine ag gleic ris nó
go ttáinig éirghe na maidne.


L. Gn32:25


Agus anuáir dochonnairc sé nach deacuidh aige air, do bhean sé re
log a laghairce, agus dobhí log laghairce Iácob as alt, mar dobhí ag
spáirn ris.


L. Gn32:26


Agus adubhairt sé, léig dhamh imtheachd, óir atá an lá ag éirge:
agus adubhairt seision, ní léigfe mé dhuit imtheachd nó go
mbeannuighe tú mé.


L. Gn32:27


Agus adubhairt seision, cá hainm thú? agus adubhairt seision,
Iácob.


L. Gn32:28


Agus do ráidh seision, ní goirfear Iácob dhíot feasda mar ainm, ach
Israel: óir atá cumhachda agad mar phrionnsa ré Día, agus ré
daóinibh, agus dorug tú buáidh.


L. Gn32:29


Agus do fhíafruigh Iácob dhe, agus adubhairt ris: guidhim thú,
innis damh hainm: agus do ráidh seiaion; créad an fáth fa
bhfíafruighionn tú mainm? agus do bheannuigh sé annsin é.


L. Gn32:30


Agus do ghoir Iácob Peniel dainm don áitsin; óir dochonnairc mé
Día aghuidh ar aghuidh, agus do sabhaladh mo bheatha.


L. Gn32:31


Agus mar dochuáidh anunn tar Pheniel, do éirigh grían air, agus do
bhí sé bacach ann a ladhairg.


L. Gn32:32


Uimesin nach ithid clanna Israel gus aniugh don fheich do chrap,
noch bhíos a log na ladhairge: do chionn gur bhean sé ré log na
ladhairge ag Iácob annsa bhféich do chrap.


L. Gn33:1


Agus do thóg Iácob a shúile súas, agus damhairc sé, agus féuch do
tháinic Esau agus ceithre chéad fear leis. Agus do roinn sé an
chlann do Léah, agus do Rachel, agus don dá chumhal.


L. Gn33:2


Agus do chuir sé na cumail agus a cclann a ttosach, agus Léah agus
a clann na ndiáigh, agus Ióseph fá dheireadh.


L. Gn33:3


Agus do ghluáis anonn rompa, agus do chlaón é féin go talamh seachd n
uáire, nó go ttáinig a bhfogus dá dhearbhrathair.


L. Gn33:4


Agus do rith Esau na choinne, agus do theann ris é idir a dhá láimh,
agus do luidh ar a mhuinéul, agus do phóg é: agus do ghuileadur.


L. Gn33:5


Agus do thóg súas a shúile, agus dochonnairc na mná agus an chlann,
agus adubhairt, cía híad súd agad? agus adubhairt seision, an chlann tug
Día go grásamhuil dod sheirbhíseach.


L. Gn33:6


Annsin tangadur na cumhail, agus a cclann a bhfogus, agus do
chlaónadur íad féin.


L. Gn33:7


Agus tháinic Léah mar an gcéadna gon a cloinn a bhfogus, agus do
chlaónadur íad féin: agus fá dheireadh tháinic Ióseph agus Rachel a
bhfogus, agus do chlaónadar íad féin.


L. Gn33:8


Agus adubhairt sé, créad as chíall duit ris anealbhasa uile, thárla
rium? agus adubhairt seision, dfagháil grás a radharc mo thighearna.


L. Gn33:9


Agus adubhairt Esau, atá go lór agamsa a dhearbhrathair, bíodh an ní
as leachd agad féin.


L. Gn33:10


Agus adubhairt Iácob; ní headh, guidhim thú, má fuáir mé anois
grása ad radharc, annsin glac mo bhronntanas as mo láimh: óir is uimesin
dochonnairc mé do ghnúis amhuil mar dochífinn gnúis Dé; agus do thaitin
mé riot.


L. Gn33:11


Guidhim thú glac mo bheannughadh tugadh chugad; do chionn go raibh Día
go grásamhuil riom, agus do chionn go bhfuil go lór agam: agus do
sháruidh air, agus do ghabh sé an tiodhlaiceadh.


L. Gn33:12


Agus adubhairt seision, glúaisiom ann ar slighe, agus imthighiom,
agus rachuidh misi romhad.


L. Gn33:13


Agus adubhairt seision ris: atá a fhios ag mo thighearna go bhfuilid
na leinimh maóth, agus na tréda agus na healbhadha ré hóga agamsa:
agus má thiomáinid daóine go hiomarcach íad anénló, gheabhuidh an
tréd uile bás


L. Gn33:14


Eirghiodh mo thighearna, íarruim ort, thairis anonn roimhe a
sherbhíseach, agus leanfa misi thú go socair, réir mar fhéadfuidh an
áirnéis bhías romham agus an chlann fhulang, nó go ttí mé go nuige mo
thighearna go Seir.


L. Gn33:15


Agus adubhairt Esau, léig dhamhsa anois cuid don mhuinntir atá
am fhochair dfágbháil agad: agus adubhairt seision, cionnus riochthar
a leas? faghaim anois grása a radharc mo thighearna.


L. Gn33:16


Marsin do fhill Esau ann lásin féin ann a shlighe go Seir.


L. Gn33:17


Agus do ghluáis Iácob go Sucot, agus dorinne tigh dhó féin, agus
dorinne máinreacha dhá áirnéis: uimesin goirthear Succot dainm
don áit.


L. Gn33:18


Agus táinic Iácob go Sálem, cathair Shechem noch atá a ttír
Cánaain, anuáir tháinic sé ó Phádan -Aram, agus do shuidhidh a
phubuil as choinne na caithreach.


L. Gn33:19


Agus do cheannuigh sé cuid do mhachaire, áit ar leathnuigh sé a
phubail, as láimh chloinne Hámor athair Shechem ar chéad píosa
airgid.


L. Gn33:20


Agus do chuir altóir súas annsin, agus do ghoir sé dhi
El-elohe-Israel.


L. Gn34:1


Agus dochuáidh Dínah inghean Léah, noch rug sí do Iácob, amach
dféchuin ingheana na tíre.


L. Gn34:2


Agus anuáir dochonnairc Sechem mhac Hámor an Hititeach prionnsa
na críche í, dorug sé uirre, agus do luigh sé lé, agus do truáilligh sé
í.


L. Gn34:3


Agus dobhí a anam ceangailte do Dhínah inghean Iácob, agus do
grádhuigh sé í, agus do labhair go cinealta ris an gcailín.


L. Gn34:4


Agus do labhair Sechem ré na athair Hámor, ag rádh, fagh dhamhsa
an cailínsi na mnaói.


L. Gn34:5


Agus dochualuidh Iácob gur thruailigh sé a inghean Dínah; anois
dobhádur a chlann san mhachaire ag a náirnéis, agus do thochd
Iácob nó go ttáinic síad.


L. Gn34:6


Agus dochuáidh Hámor athair Shechem amach do chomhrádh ré Iácob.


L. Gn34:7


Agus tangadar mic Iácob ón math amuigh anuáir dochualadursin, agus
do ghlac doilghios íad, agus dobhádur rofeargach fa go ndéarna sé
leimhe anaghaidh Israel tré luighe lé hinghin Iácob, ní nar
dhlightheach do dhéanamh.


L. Gn34:8


Agus dorinne Hámor comhrádh ríu, agus adubhairt; atá anam mo mhic
Sechem lán dfonn hinghine, athchuinghim ort a tabhairt dó na mnaói.


L. Gn34:9


Agus déanuidhsi cleamhnuis rinne, agus tugaidh bhur ningheana dhúinn,
agus glacuidh ar ningheana chuguibh.


L. Gn34:10


Agus áiteochthaói nar bhfochair: agus biáidh an talamh as bhar
gcuinne; comhnuighidh agus malairtighidh ann, agus faghaidh sealbha dhíbh
féin ann.


L. Gn34:11


Agus adubhairt Sechem ré na hathair agus ré na dearbhráithribh,
faghuim grása an bhur radharc, agus gidhbé ní dérthaói riom dobhéar
uáim é.


L. Gn34:12


Ní bhfuil dá mhéid crodh nó tiodhlaiceadh íarrfuidhe oram, nach
ttiubhra mé uáim do réir mar adéarthaói riom; ach go ttugthaói an cailín
damh na mnaói.


L. Gn34:13


Agus do fhreagradur mic Iácob Sechem agus a athair Hámor go
cealgach, do chionn gur thrúailligh sé an dheirbhsíur Dínah.


L. Gn34:14


Agus adubhradur ríu, ní fhédmaóidne an nísi a dhéanamh, ar
nderbhsíur do thabhairt do neach nach bhfuil timchillghérrtha; óir
do budh masla dhúinn sin.


L. Gn34:15


Ach aóntocham dhíbh marso, má bhithísi mar atámaóidne, gach
énfhirionach aguibh do bheith timchillghérrtha.


L. Gn34:16


Annsin dobhéuram ar ningheana dhaóibh, agus géubham bhur ningheana
chuguinn, agus coimhneocham maille ribh, agus bíam ar néunphobal.


L. Gn34:17


Ach muna éistí rinn fá bheith timchillgheártha; annsin béuram ar
ninghean linn, agus imeocham romhuinn.


L. Gn34:18


Agus do thaitin a mbríathra le Hámor agus le Sechem, mac Hámor.


L. Gn34:19


Agus níor chuir an tóganach maill san ní do dhéunamh, do chionn go
raibh dúil aige aninghin Iácob, agus do budh ro onóruighe é na tigh
athar uile:


L. Gn34:20


Agus táinic Hámor, agus Sechem a mhac go geata a ccaithreach, agus
do labhradar ré muinntir na caithreach, ag rádh.


L. Gn34:21


Atáid na daóinesi síothchánta rinn, uimesin áitrighidís an talamh,
agus déindís malairt ann; óir féachuidh, atá an fearann fairsiong go lór
dhóibh; glacam a ningheana na mnáibh chuguinn, agus tugam ar ningheana
na mnáibh dhóibhsion.


L. Gn34:22


Achd amháin gurob marso aóntochuid na daóine linn, comhnuighe do
dhéanamh ar bhfochair go mbemís ar nénphobal; gach aón fhirionnach
aguinn do bheith timchillghéarrtha, mar atáidsion timchillghéarrtha.


L. Gn34:23


Nach budh linne a náirnéis, a maóin, agus gach ainmhidhe dá mbí aca?
achd amháin tigiom léo, agus áitreochuid aguinn.


L. Gn34:24


Agus do aóntuigh a ndeachuigh amach as geata a gcaithreach lé
Hámor agus lé Sechem: agus do timchillghearradh gach éinfhear, an
mhéid dochuáidh amach as geata a gcaithreach.


L. Gn34:25


Agus tárla an treas ló anuáir dobhádur neimheach, gur ghlacadar días
mhac Iácob, Símeon agus Lébhi dearbhráithre Dhínah, gach aón
aca a chloidheamh, agus tangadur ar an gcathruigh go dána, agus do
mharbhadur na fir uile.


L. Gn34:26


Agus do mharbhadur Hámor, agus Sechem a mhac le faóbhar an
chloidhimh, agus tugadar Dínah as tigh Shechem, agus dochúadur
amach.


L. Gn34:27


Tangadur clann Iácob ar anár, agus do chreachadar an chathair, do
chionn gur thruáilligheadur a ndeirbhsiur.


L. Gn34:28


Do thógbhadur a gcaóirigh agus a ndaimh, agus a nasail, agus an
mhéid dobhí sa ccathruigh, agus an mhéid dobhí ar an machaire léo.


L. Gn34:29


Agus a saidhbrios uile agus a nóga uile, agus a mná rugadar léo a
láimh, agus do airgeadur go léir a raibh ann sa tigh.


L. Gn34:30


Agus adubhairt Iácob ré Símeon, agus ré Lébhi; do chuireabhair
buáidheadh orum, mo dhénamh bréun a measg áitreabhadh na tíre, a measg
na cCanaanitech: agus gan mé ach beagán anuimhir, cruinneochuid íad
féin uile am aghuidh, agus muirfid mé, agus sgriosfuighear mé féin agus
mo thigh.


L. Gn34:31


Agus adubhradursan, nar chóir dhósan a dhénamh ré ar
ndeirbhsiairne mar dodhéanadh sé ré meirdrigh?


L. Gn35:1


Agus adubhairt Día ré Iácob; éirigh, imthigh súas go Bétel agus
comhnuigh annsin: agus déun altóir ann do Dhía noch do fhoillsigh é
féin duit anuáir do théith tú ó lathair do dhearbhrathar Esau.


L. Gn35:2


Annsin adubhairt Iácob ré na mhuinntir, agus ré a raibh na
bhfochair uile; cuiridh uáibh na Deé coimhigtheacha atá eadruibh,
agus bígí glan, agus athruighidh bhur néuduighe.


L. Gn35:3


Agus éirgheam agus teanum súas go Betel, agus dodhéna misi altóir
ann do Dhía, noch do fhreagair mé anam mo chrúadhóige, agus dobhí
liom ann gach slighe ar ghabhus.


L. Gn35:4


Agus tugadar do Iácob a raibh do Dhéeibh coimhightheacha ann a
lámhuibh, agus a raibh dfáinnibh na cclúasuibh, agus do fholuigh
Iácob íad faói an daruigh noch dobhí láimh ré Sechem.


L. Gn35:5


Agus do ghluáiseadur, agus dobhí eagla Dé ar na caithreachuibh dobhí
gacha taóbh dhíobh, agus níor leanadar síad clann Iácob.


L. Gn35:6


Marsin tháinic Iácob go Lus, noch atá a ttír Chánaan, eadhon
Bétel, é féin agus a raibh aige uile.


L. Gn35:7


Agus dorinne altóir ann, agus do ghoir El-Bétel don áit, do chionn
gurob ann do thaisbéin Día é féin dó, anuair do theith sé ó lathair
a dhearbhrathar.


L. Gn35:8


Ach fuair Deborah banaltra Rebecah bás, agus do hadhlaiceadh í
taóbh síos do Bhétel faói dharuigh: agus do goireadh Allonbachut
dainm donáitsin.


L. Gn35:9


Agus do thaisbéin Día arís é féin do Iácob anuáir tháinic sé amach
as Pádan-Aram, agus do bheannuigh sé é.


L. Gn35:10


Agus adubhairt Día ris; Iácob as ainm dhuitsi ni goirfighear
feasda Iácob dhíot, ach Israel bhus ainm dhuit: agus do ghoir sé
Israel dainm dhe.


L. Gn35:11


Agus adubhairt Día ris: is misi Día uilechumhachdach, bí síolmhar
agus foirlíon: tiocfuidh cineadh agus morán do chinidheachuibh uáid,
agus tiocfaidh ríghthe amach ód fhordhronnuibh.


L. Gn35:12


Agus an dúthaidh tug misi do Abraham, agus do Isaac, dobhéura mé
dhuitsi í, agus dot shíol ad dhiáigh dobhéura me an dúthaighsin.


L. Gn35:13


Agus dochuáidh Día úadh súas sanáit a raibh ag caint ris.


L. Gn35:14


Agus do thóg Iácob piléir sanáit a raibh ag caint ris, eadhon piléir
cloiche, agus do dhóirt ofrail dighe air, agus do dhóirt ola air.


L. Gn35:15


Agus tug Iácob Bétel dainm aranáit a raibh Día ag caint ris.


L. Gn35:16


Agus do aistrigheadur ó Bhétel: agus ní raibh ach slighe ghearr ag
teachd go Héphrat, agus do ghabh teinnios cloinne Rachel, agus
fuáir sí saóthar docamhlach.


L. Gn35:17


Agus tárla anuair dobhí sí ann a saóthar éigeantach, go ndubhairt an
bhean chuganta ría, ná bíodh eagla ort, biáidh an macsa agad mar an
gcéadna.


L. Gn35:18


Agus tárla anuair dobhí a hanam ag dul aiste (óir fuáir sí bás) gur
goir sí Benoni dainm dhe: ach tug a athair Beniamin dainm air.


L. Gn35:19


Agus fuáir Rachel bás, agus do hadhluiceadh í ar a tslighe a
ngabhthaói go Héphrat, noch re ráidhtios Bétlehem.


L. Gn35:20


Agus do chuir Iácob piléir ar a huáighe: sé sin piléir uaighe
Rachel gus aniugh.


L. Gn35:21


Agus do aistrigh Israel, agus do leathnaigh a phubuil taóbh thall do
thor Edar.


L. Gn35:22


Agus tárla, anuáir dobhí Isaac na chomhnuighe sa duthaighsin, go
ndeachuidh Reuben, agus gur luigh re Bilah leannán athar, agus
dochúaluidh Israel sin. Anois clann Iácob bá dhá fhear dhég iad.


L. Gn35:23


Mic Léah, Reuben céidghin Iácob, Símeon, agus Iúdah agus
Issachar, agus Sebulun.


L. Gn35:24


Mic Rachel, Ióseph, agus Beniamin.


L. Gn35:25


Mic Bhilhah, cumhal Rachel, Dan agus Naphtali.


L. Gn35:26


Agus mic Silpah, cumhal Léah, Gadd agus Assur. As íadso mic
Iácob, noch dorugadh dhó a bPádan-Aram.


L. Gn35:27


Agus táinic Iácob go nuige a athair Isaac go Mamre go cathruigh
Arbah, (eadhon Hébron) áit ar chomhnuidh Abraham agus Isaac.


L. Gn35:28


Agus dobíad láethe Isaac céud agus ceithre fichid blíadhan.


L. Gn35:29


Agus do thiomun Isaac a spiorad suas, agus fúair bás, agus do
cruinnigheadh chum a dhaóine é, ar mbeith foirfe lán daóis dó: agus do
adhlaiceadur a chlann, Esau agus Iácob, é.


L. Gn36:1


Anois as íadso geinealuigh Esau, ré ráidhter Edom.


L. Gn36:2


Tug Esau a mhná dingheanuibh Chánaain, Adah inghean Elon an
Hititech, agus Aholibamah inghean Anah, inghean Sibeon an Hibhiteach.


L. Gn36:3


Agus Basémat, inghean Ismael, deirbhshíur Nebaiot.


L. Gn36:4


Agus rug Adah do Esau Eliphas; agus rug Basémat Rebhel.


L. Gn36:5


Agus rug Aholibamah Iéus, agus Iaalam, agus Córah: s íadso mic
Esau noch rugadh dhó a ttír Chánaain.


L. Gn36:6


Agus do thóg Esau leis a mhná, agus a mhic, agus a ingheana, agus
an uile phearsa dá theaghlach, agus a áirnéis, agus a uile
ainmhintighe, agus a shubstaint uile, noch fúair sé a ttír Chánaain;
agus dochuáidh fan tír, ó aghuidh a dhearbhrathair Iácob.


L. Gn36:7


Oír budh mó a saidhbrios ná mar do fédadur diomchar láimh ré chéile
agus an tír ann a rabhadur na gcoimhighthibh, níor fhéad sí a niomchar le
hiomad a maóine.


L. Gn36:8


Marso do áitrebh Esau a gcnoc Seir: as é Esau Edom.


L. Gn36:9


Agus as íadso geinealuigh Esau athair na Nédomiteach a gcnoc
Seir.


L. Gn36:10


As íadso anmanna mhac Esau: Eliphas mac Adah, bean Esau
Rebhel mac Bhasémat, bean Esau.


L. Gn36:11


Agus dobíad mic Eliphas, Témon, Omar, Sépho agus Gátam, agus
Cénas.


L. Gn36:12


Agus dobhí Timnah na leannán ag Eliphas, mac Esau, agus rug sí
dEliphas Amalech: Dobíadso mic Adah bean Esau.


L. Gn36:13


Agus dobíadso mic Rebhel, Nahat, agus Sérah, Sámach, agus
Misah: dobíadso mic Bhasémat bean Esau


L. Gn36:14


Agus dobíadso mic Aholibamah, inghean Anah, inghean Sibeóin,
bean Esau: agus rug sí do Esau Iéus, agus Iaalam, agus Córah.


L. Gn36:15


Dobíadso duibhcidhe mhac Esau: mic Eliphas cédghin Esau
duibhce Téman, duibhce Omar, duibhce Sepho, duibhce Cénas.


L. Gn36:16


Duibhce Córah, duibhce Gátam, duibhce Amalech; as íadso na
duibhcidhe tháinig ó Eliphas a ttír Edom; dobíadso mic Adah.


L. Gn36:17


Agus as íadso mic Rebhel mhac Esau: Duibhce Nahat, duibhce
Sérah duibhce Sámah, duibhce Missah: asíadso na duibhcidhe
tháinic ó Rábhel a ttír Edom. asíadso mic Bhasémat bean
Esau.


L. Gn36:18


Agus is íadso mic Aholibamah bean Esau; duibhce Ieus, duibhce
Iaalam, duibhce Córah: asíadso na duibhcidhe tháinic ó
Aholibamah inghean Anah bean Esau.


L. Gn36:19


Asíadso mic Esau (noch is Edom) agus asíadso a nduibhcidhe.


L. Gn36:20


Asíadso mic Sheir an Horiteach, noch do áitribh an dúthaidh;
Lótan, agus Sóbal, agus Sibéon, agus Anah.


L. Gn36:21


Agus Díson, agus Eser, agus Dísan: is íadso duibhcidhe na
Horiteach clann Sheir a ttír Edom.


L. Gn36:22


Agus is íadso clann Lótain; Hóri agus Héman: agus deirbhshíur
Lótain Timnah.


L. Gn36:23


Agus dobíadso clann Shobail: Albhan, agus Manahat, agus
Ebal, agus Sépho, agus Onam.


L. Gn36:24


Agus is íadso clann Shibeóin; araón Aiah, agus Anah: s éso
Anah, noch fuáir na muillidhe san bhfásach mar dobhí ag beathughadh asal
Shibeóin a athar


L. Gn36:25


Agus dobíadso clann Anah, Díson, agus Aholibamah inghean
Anah.


L. Gn36:26


Agus dobíadso clann Dhísoin; Hemdan, agus Esban, agus
Itran, agus Chéran.


L. Gn36:27


Agus asíadso clann Eser: Bilhan, agus Saabhan, agus Acan.


L. Gn36:28


Agus asíadso clann Dhísain: Us, agus Aran.


L. Gn36:29


Asíadso na Duibhcidhe (tháinic) do na Horiteachuibh: Duibhce
Lótan, duibhce Sóbal, Duibhce Sibeón, Duibhce Anah,


L. Gn36:30


Duibhce Díson, Duibhce Eser, Duibhce Dísan: is íadso na Duibhcidhe
tháinig ó Hóri a measg a Nduibhcidhe a ttír Sheir.


L. Gn36:31


Agus as íad na Ríghtheso fuáir ríoghachd a ttír Edom: suil dobhí
éinrígh a rioghachd ós cionn chloinne Israel.


L. Gn36:32


Agus Béla mhac Beor dobhí a rioghachd a nÉdom: agus ainm a
chaithreach Dinhabah.


L. Gn36:33


Agus fuáir Béla bás: agus Ióbab mhac Sérah ó Bhosrah fá rígh na
áit.


L. Gn36:34


Agus do éug Ióbab, agus Huram ó thír fa rígh na áit.


L. Gn36:35


Agus do éug Huram, agus Hádad mhac Bédad, noch do bhuáil Mídian
air mhagh Móab, fá rígh na áit: agus dobé ainm a chaithreach
Abhit.


L. Gn36:36


Agus do éug Hádad, agus Samlah ó Mhasrecah fá rígh na áit.


L. Gn36:37


Agus do éug Samlah, agus Saul ó Rehoboth ón abhuinn, fá rígh na
áit.


L. Gn36:38


Agus do éug Saul, agus Baalhanan mhac Achbor fa rígh na áit.


L. Gn36:39


Agus do éug Baalhanan mhac Achbor, agus Hádar fa rígh na áit;
agus dobé ainm a chaithreach Pau; agus dobé ainm a mhná
Mehetabel inghean Mhatred, inghean Mhesahab.


L. Gn36:40


Agus as íadso anmanna na Nduibhcidhe tháinic ó Esau, do réir a
muinntire ar lorg a naithreach ann a nanmannuibh: Duibhce Timnah,
Duibhce Albhah, Duibhce Ietet.


L. Gn36:41


Duibhce Aholibamah, Duibhce Elah, Duibhce Pínon,


L. Gn36:42


Duibhce Cenas, Duibhce Téman, Duibhce Mibsar,


L. Gn36:43


Duibhce Magdiel, duibhce Iram: is íadso Duibhcidhe Edom do réir
a náitreabha, a ndúthaigh a seilbhe; s ésin Esau athair na
Nédomiteach.


L. Gn37:1


Agus dobhí Iácob na chomhnuighe sa tír a raibh a athair na
choimhightheach, a ttír Chanaáin.


L. Gn37:2


Ad íadso geinealuigh Iácob, ar mbeith do Ióseph seachd mblíadhna
déag daóis, dobhí ag inghilt an tréada a bhfochair a
dhearbhráithreach, agus dobhí an tógánach a bhfochair chloinne
Bilhah agus chloinne Silpah, mná a athar: agus tug Ióseph a
ndrochthúarusgbháil chum a athar.


L. Gn37:3


Anois dobannsa le hIsrael Ióseph ná a chlann uile dó chionn
gurab é mac a sheanaóisi é: agus dorinne cóta dhó diomad dathann.


L. Gn37:4


Agus anuáir dochonnacadar a dhearbhráithre gurbhannsa lena n-
athair é ná a dhearbhráithre uile, do fhuáithigheadar é, agus ní
fhédaidís labhairt go síothchánta ris.


L. Gn37:5


Agus dochonnairc Ióseph aisling, agus do innis dá dhearbhráithribh í,
agus bá móide fós a bhfúath air.


L. Gn37:6


Agus adubhairt sé ríu: guidhim sibh éisdigh ris anaislingsi do
taibhseadh dhamh:


L. Gn37:7


Oír féchuidh dobhámar ag ceangal punnann ar an machaire; agus féchuidh do
éirigh mo phunnannsa agus do sheas súas go díreach, agus féuchuidh dobhádur
bhur bpunnannsa na seasamh na timchioll. agus dorinneadar umhla dom
phunnainnsi.


L. Gn37:8


Agus adubhradar a dhearbhráithre ris; an mbía tusa go deimhin a ríghe
ós ar ccionne? nó an mbía go deimhin uachdaranachd agad oruinn? Agus bá
móide fós a bhfuath air, tré na aislingibh agus tré na bhríathruibh.


L. Gn37:9


Agus dochonnairc seision fós aisling eile, agus do innis sé dá
dhearbhraithribh í, agus adubhairt; féchuid dochonnairc mé fós aisling eile,
agus féchuidh dorinne an ghrían agus an ghealach agus an taónréulta déug umhla dhamhsa.


L. Gn37:10


Agus do innis seision dá athair agus dá dhearbhráithribh, agus do imdhearguidh
a athair é, agus adubhairt ris: créd é anaislingse dochonnairc tusa? an
deimhin go ttiucfa misi, agus do mhathair agus do dhearbhráithre dar cclaónadh féin síos duitsi go talamh.


L. Gn37:11


Agus do fhuathuigheadar a dhearbhráithre é, ach do chomharthuigh a
athair an glór.


L. Gn37:12


Agus dochúadar a dhearbhráithre dingheilt tréda a nathar go Sechem.


L. Gn37:13


Agus adubhairt Israel ré Ióseph, nach bhfuilid do dhearbhráithre ag
beathughadh an tréda a Sechem? tárr agus cuirfe mé chugtha thú: Agus
adubhairt seision ris, atáim annso.


L. Gn37:14


Agus adubhairt sé ris, guidhim thú, éirigh féuch an maith atathar ag
ad dhearbhráithribh, agus an maith atathar ag na tréuduibh, agus
tabhair scéula chugam arís; marsin do chuir sé amach é as gleann
Hébron, agus táinig sé go Sechem.


L. Gn37:15


Agus fuáir duine áirighe é, agus féuch dobhí ar seachrán ar an mag;
agus do fhíafruigh an tóglach dhe, ag rádh; cía atá tú iarruidh?


L. Gn37:16


Agus adubhairt seision, atáim ag íarruidh mo dhearbhráithreach,
guidhim thú innis damh cáit a bhfuilid síad ag ingheilt?


L. Gn37:17


Agus adubhairt an tóglach, do imthigheadur asso; óir dochúala mé
íad dhá rádh; dénam do Dóthan. Agus do lean Ióseph a
dhearbhráithre, agus fuáir a nDóthan íad.


L. Gn37:18


Agus anuáir dochonncadar é a bhfad úatha, suil tháinic sé na ngar,
do comhairligheadur a mharbhadh.


L. Gn37:19


Agus adubhradar gach fear ré chéile, féuchuidh atá an
taislingtheachso ag teachd.


L. Gn37:20


Dénam anois ar anadhbharsin agus marbham é, agus teilgeam a bpoll
éigin é; agus adéram gur mharbh drochbheitheach éigin é: agus dochífeam
créud thiucfas dá aislingibh.


L. Gn37:21


Agus dochúaluidh Reuben sin, agus do shaór ó na lámhuibh é, agus
do ráidh, ná marbham é.


L. Gn37:22


Agus do ráidh Reuben ríu, ná dóirtigh fuil; ach teilgidh é annsa
bpoll so atá ar an bhfásach, agus ná cuiridh lámh ann; ionnus go
mbeanfadh sé as a lámhuibh é, dhá thabhairt dá athair arís.


L. Gn37:23


Agus tárla anuáir tháinig Ióseph chum a dhearbhráithreach: gur
bheanadar a chóta dhe, a chóta ioldhathach dobhí uime.


L. Gn37:24


Agus do thógbhadar leó é, agus do theilgeadar a bpoll é: agus dobhí
an poll folamh, agus ní raibh uisge ann.


L. Gn37:25


Agus do shuigheadar síos dithe aráin, agus do thógbhadar súas a súile
agus do amhairceadar, agus féuch dotháinic cuideachda Ismaelitech ó
Ghileadh gun a ccámhulluibh, ag iomchar spíosra, agus balma, agus
mirra ag imtheachd dá bhreith síos doNéigipt.


L. Gn37:26


Agus adubhairt Iúda réna dearbhráithribh, ciodh an tarba má
mharbhamaóid ar ndearbhrathair, agus a fhuil a cheilt?


L. Gn37:27


Dénam, agus racam ris na hIsmaeliteachuibh é, agus ná beanadh ar
lámha leis; óir is é ar ndearbhrathair agus ar bhféoil é: agus do
aóntuighedar a dhearbhráithre sin.


L. Gn37:28


Annsin do ghabhadar Midianuigh ré na ttaóbh, ceannuighe; agus do
thairngeadar agus do thógbhadar súas Ióseph as an bpoll, agus do
reacadur Ióseph ris na hIsmaeliteachuibh ar fhichid píosa airgid,
agus rugadarsin Ióseph don Négipt.


L. Gn37:29


Agus dfill Reuben chum an phuill, agus féuch ní raibh Ióseph san
pholl: agus do stíall sé a éudach.


L. Gn37:30


Agus do fhill sé ar a dhearbhráithribh, agus adubhairt; ní bhfuil an
leanamh ann: agus misi cáit a ngéubha mé?


L. Gn37:31


Agus do ghlacadar cóta Ióseph, agus do mharbhadar meannan do na
gabhruibh, agus do thumadar an cóta annsa bhfuil.


L. Gn37:32


Agus do chuireadar an cóta ioldathach, agus rugadar chum a nathar é,
agus adubhradar, agso mar fuaramairne é; aithin anois an é cóta do mhic
é nó nach é.


L. Gn37:33


Agus do aithin seision é, agus adubhairt, as é cóta mo mhic é, do
mharbh droichbeitheach é, atá Ióseph arna ghearradh na
phíosuibh gan chunntabhairt.


L. Gn37:34


Agus do stíall Iácob a éudach, agus do chuir éudach róinnigh uime,
agus dorinne doilghios fá na mhac mórán do laéthibh.


L. Gn37:35


Agus do éirgeadar a chlann mhac uile, agus a ingheana suas dá
mheisniughadh, ach do dhíult seision meisneach do ghlacadh, agus do ráidh
sé, óir rachuidh mé síos annsanuáigh chum mo mhic ag dénamh
doilghiosa: marso do chaóin a athair é.


L. Gn37:36


Agus do reacadar na Midianuigh é doNéigipt ré Potiphar oifigeach
do mhuinntir Pháraó, agus cáiptín a ghárda.


L. Gn38:1


Agus tárla sanamsin, go ndeachuidh Iúdah síos ó na
dhearbhráithribh, agus gur fhill asteach go Hadullamhteach áirighe
darbhainm Híra.


L. Gn38:2


Agus dochonnairc Iúdah annsin inghean Chanaanitigh áirighe darbh
ainm Suah, agus do gabh sé chuige í, agus do chomhríachduin sé ría.


L. Gn38:3


Agus do toirrceadh í, agus rug sí mac, agus tug sé Er dainm air.


L. Gn38:4


Agus do toirrceadh arís í, agus rug sí mac, agus tug Onan dainm
air.


L. Gn38:5


Agus do toirrceadh fós arís í, agus rug sí mac, agus tug Sélah dainm
air: agus dobhí sé ann Chesib anuáir rug sí é.


L. Gn38:6


Agus tug Iúdah bean do Er a chédghin, darbhainm Támar.


L. Gn38:7


Agus dobhí Er cédghin Iúdah go holc a bhfiaghnuisi an tighearna,
agus do mharbh an tighearna é.


L. Gn38:8


Agus adubhairt Iúdah ré Hónan, bí ag mnaói do dhearbhráthar, agus
pós í, agus déuna sliochd dot dhearbhráthair.


L. Gn38:9


Agus dobhí a fhios ag Onan nach budh leis féin an sliochd: agus
tárla anuáir dochuáidh sé do chomhriachduin ré mnaói a
dhearbhrathar gur dhóirt sé ar an ttalamh, ionnus nach dtiubhradh
sé sliochd dá dhearbhráthair.


L. Gn38:10


Agus do chuir an ní dorinne sé fearg ar a tighearna: uimesin do
mharbh sé Onan mar an ccédna


L. Gn38:11


Annsin adubhairt Iúdah ré Támar, a bhainchlíamhuin; fan ad
bhaintreabhuigh a ttigh hathar nó go bhfásuigh mo mhac Sélah;
(óir adubhairt sé deagla, go tteigeamhadh go bhfuigheadh seision
bás fós mar fuáir a dhearbhráithre) agus do imthigh Támar agus
dorinne chomhnuighe a ttigh a hathar.


L. Gn38:12


Agus a ccion aimsire do éug inghean Suah bean Iúdah, agus do ghlac
Iúda meisneach chuige, agus dochuáidh súas go Timnah mar a raibh
luchd béarrtha a chaórach, é féin agus a chara Hírah an
Tadullamiteach.


L. Gn38:13


Agus do hinnseadh do Thámar, dá rádh; féuch, téid hathair
cleamhna súas go Timnah do bhearradh a chaórach.


L. Gn38:14


Agus do chuir sisi a culuidh baintreabhuigh dhi, agus do fholuigh sí í
féin le folach, agus do fhill í féin anéudach, agus do shuigh anáit
shofhiachsana, láimh ris a tslighe ag dul go Timnah; óir dochonnairc
gur fhás Sélah, agus nár tugadh í féin na mnaói dhó.


L. Gn38:15


Anuáir dochonnairc Iúdah í, do shaóil gur méirdreach dobhí ann,
do chionn gur fholuigh sí a haghaidh.


L. Gn38:16


Agus do fhill sé uirre ar a tslighe, agus adubhairt, guidhim thú
luáithigh ort, léig dhamh a bheith agad; (óir ní raibh a fhios aige gurb í
bean a mhic í) agus adubhairt sisi, créud dobhéura tú dhamh do chionn a
bheith agam?


L. Gn38:17


Agus adubhairt seision, cuirfe mé meannán chugad ó na gabhruibh: agus
adubhairt sisi, an bhfuigfe tú geall agum nó go ccuirigh tú chugam é?


L. Gn38:18


Agus adubhairt seision, créud an geall dobhéura mé dhuit? agus a
dubhairt sisi, do shéula, do bhráisléid, agus do bhata, noch atá ad láimh:
agus tug sé íadsin di, agus dobhí aice, agus do toirrceadh leis í.


L. Gn38:19


Agus do éirigh sisi, agus do imthigh roimpe, agus do chuir a folach
dhi, agus do chuir a héudach baintreabhuigh uimpe.


L. Gn38:20


Agus do chuir Iúdah an meannán chuice lé láimh a charad an
Tadullamiteach, dfagháil a ghill as láimh na mná: ach ní bhfuáir
sé í.


L. Gn38:21


Annsin do fhíafruigh sé do mhuinntir na háitesin, cáit a bhfuil
an mheirdreach dobhí go hoscuilte ré taóbh na sligheadh? agus a
dubhradarsan, ní raibh éinmhéirdreach sanáitsi.


L. Gn38:22


Agus do fhill seision go Iúdah, agus adubhairt, ní fhaghuim í: agus
mar an gcédna adubhradar muinntir na háite, ní raibh éinmhéirdreach
sanáitsi.


L. Gn38:23


Agus adubhairt Iúdah, bíodh aice deagla go bhfuighmís náire: féuch
do chuir mé an meannánso uáim agus ní bhfuáir tú í.


L. Gn38:24


Agus tháinic asteach a ccion thrí míosa na dhiáighsin, gur h
inniseadh do Iúdah ga rádh, dorinne hinghean Támar meirdreachus:
agus féuch fós atá sí torrach ó stríopachus: agus adubhairt Iúdah,
tugthar amach í, agus loiscthear í.


L. Gn38:25


Anuáir tugadh amach í, do chuir sí fios chum a hathar cleamhna dá
rádh, ón té lér leis íadso atáimsi torrach: agus adubhairt sisi,
guidhim thú, meas cía lear leis íadso, an séula, agus na bráisléid agus
an bata.


L. Gn38:26


Agus do admhuigh Iúdah íad, agus adubhairt, dobfhíréunta isi ná
misi, do chionn nach dtug mé dom mhac Sélah í: agus níor bhean
ría arís, níis mó.


L. Gn38:27


Agus tárla anaimsir a tuismidh, féuch go rabhadar días iona broinn.


L. Gn38:28


Agus tárla anaimsir a tuismidh gur chuir aón aca a lámh amach, agus
gur ghlac an bhean chuidighe an lámh, agus gur cheanguil snáithe
sgárlaóide fan láimh, dá rádh; séso tháinic amach ar ttús.


L. Gn38:29


Agus tárla an uáir rug sé a lámh ar a hais: féuch tháinig a
dhearbhrathair amach: agus adubhairt sisi, cionnus do bhris tusa amach?
bíodh an briseadhso ort féin: uimesin tugadh Pháres dainm air.


L. Gn38:30


Agus na dhiáighsin tháinic amach a dhearbhrathair ar a raibh an
snáithe scarlaóide ar a láimh, agus tugadh Zárah dainm air.


L. Gn39:1


Agus rugadh Ióseph síos doNÉgipt, agus Potipher oifigeach do
mhuinntir Pháraó, caiptín a ghárda, Egipteach, do cheannuigh sé é as
lámhuibh na Nismaeliteach, noch tug leó síos annsin é.


L. Gn39:2


Agus dobhí an tighearna maille re Ióseph, agus dobhí na dhuine
shona: agus dobhí sé a ttigh a mhaighistir an Tégipteach.


L. Gn39:3


Agus dochonnairc a mhaighistir go raibh an tighearna maille ris, agus
go ttug an tighearna ar gach ní dá ndearna sé rath do bheith air na
lámhuibh.


L. Gn39:4


Agus fuáir Ióseph grása iona radharc, agus dorinne seirbhís dó: agus
dorinne feithmheóir os cionn a thighe dhe, agus do chuir fá na láimh a
raibh aige.


L. Gn39:5


Agus tárla ónuáir fá ndéarna sé feithmheóir dhe na thigh, agus ós
cionn a raibh aige, gur bheannuigh Día tigh aNégiptigh air son
Ióseph; agus dobhí beannughadh an tighearna air a raibh aige astigh,
agus amuigh.


L. Gn39:6


Agus do fhág sé a raibh aige a láimh Ióseph, agus níor bhfios dó
éinní dá raibh aige féin, achd amháin an tarán do itheadh sé, agus do
bhí Ióseph deaghmhaiseach sgíamhach.


L. Gn39:7


Agus tárla a ndiáigh na neitheannso, gur leag bean a mhaighistir a
súil air Ióseph, agus go ndubhairt sí leis; luigh liomsa.


L. Gn39:8


Ach do dhiúlt seision sin, agus adubhairt re mnaói a mhaighistir;
féuch, ní fearr dom mhaighistir créad atá agamsa sa tigh, agus do chuir
sé a raibh aige fám lámhuibh.


L. Gn39:9


Ní bhfuil duine is mó ná mé iona thigh; agud níor chonnuimh sé einní
uaim, ach thusa, do chionn guir tú a bhean: cionnus fhéduimse marsin an
tolc mórsa, agus an peacadh do dhénamh anaguidh Dé.


L. Gn39:10


Agus tárla ar dobhí sisi lá air lá ag labhairt ré Ióseph, nach ar
éist sé ría do luidhe lé no do bheith aice.


L. Gn39:11


Agus tárla timchioll na huáire sin go ndeachuidh Ióseph don tigh do
dhénamh a sheirbhíse, agus ní raibh aón duine do mhuinntir an tighe
astigh annsin.


L. Gn39:12


Agus dorug sisi ar éudach air, dá rádh; luigh liom: agus do fhág
seision an brat na láimh, agus do theith, agus dochuáidh sé amach.


L. Gn39:13


Agus tárla anuáir dochonnairc sisi gur fhág sé an téadach na láimh,
agus gur theith amach;


L. Gn39:14


Gur ghoir sí ar mhuinntir an tighe, agus do labhair sí ríu, agus do
ráidh; féuchuidh, tug sé Eabhruigheach asteach do mhagadh oruinn: táinic
sé asteach chugamsa do luighe liom, agus do ghoir misi na chomhairc go h-
árd.


L. Gn39:15


Agus táinic dhesin anuáir dochúaluidh sé gur thóg misi mo ghuth ós
áird, agus gur chomhairc mé, gur fhág a bhrath agum agus gur theith, agus
gur imthigh sé amach.


L. Gn39:16


Agus do chuir sí an téadach a ccumhdach láimh ría nó go ttáinig a
tighearna asteach.


L. Gn39:17


Agus do labhair sisi ris do réir na mbríatharso, dá rádh: an
serbhíseach Eabhruigheach noch thuguis chuguinn, tháinig sé asteach
chugamsa do dhénamh maguidh orum.


L. Gn39:18


Agus tárla anuáir do thóg misi mo ghuth go hárd, agus do éigh mé, gur
fhág sé a bhrath agam, agus gur theith sé amach.


L. Gn39:19


Agus táinic assin anuáir dhochúaluidh a mhaighistir bríathra a mhná
noch do labhair sí ris, dá rádh, marso dorinne do sheirbhíseach rium, go
raibh a fhearg ar lasadh.


L. Gn39:20


Agus do ghlac maighistir Ióseph é, agus do chuir a bpríusún é, an
áit a rabhadur príusúnuigh an Rígh ceanguilte; agus dobhí sé annsin a
bpríosún.


L. Gn39:21


Ach dobhí an tighearna re Ióseph, agus do thaisbéin grása dhó, agus
tug fabhar dhó a lathair fhircoimhéud an phríusúin.


L. Gn39:22


Agus tug fearcoimhéd an phriosuin fá láimh Ióseph na príosúnuigh
uile, noch dobhí san phríosún; agus gidhbé ar bith donidís annsin,
dobeision doníodh é.


L. Gn39:23


Ní fhéuchadh fearcoimhéd an phríusúin do ní ar bith dá raibh fá na
láimh: do chionn go raibh an tighearna maille rision; agus gach ní dá
ndéanadh sé go gcuireadh an tighearna rath air.


L. Gn40:1


Agus tárla a ndiáigh na neitheso gur chuir buitléir agus báicéir Rígh
na Hégipte fearg ar a ttighearna Rígh na Héigipte.


L. Gn40:2


Agus do fearguidheadh Pháraó andaghuidh deisi dá oificeachuibh,
anaghuidh an phriomhbhuitléir agus an phríomhbháicéir.


L. Gn40:3


Agus do chuir sé a láimh íad a ttigh Chaiptín an ghárda, don phríosúin,
anáit a raibh Ióseph a láimh.


L. Gn40:4


Agus do chuir Caiptín an ghárda a gcúram ar Ióseph, agus dobhí ag
foghnamh dhóibh, agus dobhádur seal a bpríusún.


L. Gn40:5


Agus dochoncadur araón aisling, gach aón aca aisling féin an
énoidhche, gach neach aca do réir fhriotail a aislinge; buitléir agus
báicéir Rígh na Hégipte, noch dobhí ceanguilte san phríusún.


L. Gn40:6


Agus táinig Ióseph asteach chugtha ar maidin, agus do fhéuch orra,
agus féuch dobhádar go dubhach.


L. Gn40:7


Agus do fhiafruigh sé doificeachuibh Pháraó dobhí na fhochair a
gcoimhéud tighe a thighearna, ag rádh: créad fa bhfuiltísi comhdubhach
sin aniugh.


L. Gn40:8


Agus adubhradursan ris, dochoncamar aislinge, agus ni bhfuil fear a
ccíalluighe aguinn. Agus adubhairt Ióseph riú, nach ré Día bheanas
ciallughadh? guidhim sibh, innisidh dhamhsa íad.


L. Gn40:9


Agus do innis an táirdbhuitléir a aisling do Ióseph, agus adubhairt
ris: ann maislinge, féuch, dobhí fíneamhuin ar maghuidh.


L. Gn40:10


Agus annsa bhfíneamhuin dobhádur trí beangáin, agus (dobhí) amhuil
dobiadh ag scinneadh amach, agus go raibh a bhláth ag teachd amach, agus
go ttugadur a ttríopuill caóra apuighe uatha.


L. Gn40:11


Agus dobhí cupán Pháraó am láimhsi, agus do ghlac mé na grápuighe,
agus dfáisg me a ccupán Pháraó íad, agus tug mé an cupán a láimh
Pháraó.


L. Gn40:12


Agus adubhairt Ióseph ris, aséso a chíallsin: na trí beangáin is
trí lá íadsin.


L. Gn40:13


Gidheadh faói chionn trí lá fós toigeóbhuidh Pháraó do cheann súas,
agus cuirfidh ad áit féin tú, agus dobhéura tú cupán Pháraó na láimh,
do nós an chéd mhodha anuáir dobhí tú ad bhuitléir aige.


L. Gn40:14


Ach cuimhnigh ormsa anuáir beathar go maith agad, agus guidhim thú
taisbéin cineal damh, agus cuimhnigh do Pháraó mé agus beir amach as a
tighsi mé.


L. Gn40:15


Oir as dearbh gurab é mo ghoid as crích na Neabhruidheach dorinneadh, ni
dhearna mé éinní annso mar an gcéadna as a ccuirfidís annsa charcairsi mé.


L. Gn40:16


Anuáir dochonnuirc an tárdbháicéir gur mhaith brí na haislinge,
adubhairt sé ré Ióseph, dobhí misi mar an gceadna am aisling, agus
féach dobhí agam tri cléibhínigh bána ar mo chionn.


L. Gn40:17


Agus annsa chléibhín uachdarach dobhí an uile sórt bídh bhácalta
do Pháraó, agus adúadar anéunlaith íad dom chionn as na cléibhínibh.


L. Gn40:18


Agus do fhreagair Ióseph agus adubhairt: séso a chíallsin: na
trí cléibinigh trí lá íadsin.


L. Gn40:19


Gidheadh faói chionn thrí lá fós toigeóbhuidh Pháraó do cheann
uáitsi, agus crochfuidh sé as crann thú., agus iósuidh anéunlaith
thfeóil díot.


L. Gn40:20


Agus tárla an treas lá, noch ba lá beartha Pháraó, go ndearna sé
féusta dá sheirbhíseachuibh uile, agus gur thóg súas ceann an
árdbhuitleir agus an árdbháicéir a measc a sherbhíseach.


L. Gn40:21


Agus do aisigh sé an tárdbhuitléir chum a bhuitléireachda arís: agus
tug sé an cupán a láimh Pháraó


L. Gn40:22


Ach do chroch sé an tárdbháicéir, mar do innis Ioseph dhóibh.


L. Gn40:23


Gidheadh níor chuimhnigh an tárdbhuitléir air Ióseph, ach do
dhearmuid se é.


L. Gn41:1


Agus tárla a gcionn dá bhliadhan iomlán go bhfaca Pháraó aisling,
agus féuch dobhí sé na sheasamh láimh ris an abhainn.


L. Gn41:2


Agus féuch, tháinig ansíos as an abhuinn seachd mbath sgíamhacha, agus
íad ramhar a bhfeóil, agus dobhádur ag ingheilt ar mhóinfhéar.


L. Gn41:3


Agus féuch, tháinic na ndiáigh as an abhuinn seachd mbath eile, gránda,
agus trúagh a bhfeóil, agus do sheasadur a bhfochair na mbó eile ar brúach
na habhanna.


L. Gn41:4


Agus dúadar na bath gránda feóiltruagha na seachd mbath bréaghdha
reamhra; agus annsin do mhúsguil Pháraó.


L. Gn41:5


Agus do choduil sé, agus dochonnairc sé aisling an dara huáir; agus
féuch, tangadur seachd ndíasa arbha ar énchoinnlín mhéth agus mhaith.


L. Gn41:6


Agus féuch tangadur seachd ndíasa tana caóla, arna ccaóchadh ón
ngaóith ansoir, aníos na ndíaigh.


L. Gn41:7


Agus do shluigeadar na seachd ndíasa tana caóla na seachd ndíasa
ramhra lána, agus do mhúsguil Pháraó, agus féuch dob aisling é.


L. Gn41:8


Agus tárla air maidin go raibh a spiorad buaidheartha; agus do chuir
fios, agus do ghoir ar dhraóithib na Hégipte, uile, agus ar a
daóinibh críonna, agus do innis Pháraó a aisling dhóibh, ach níor
fríth aónduine do inneosadh a ccíall do Pháraó.


L. Gn41:9


Annsin do labhair an tárdbhuitléir ré Pháraó ag rádh, cuimhighim
mo lochda aniugh.


L. Gn41:10


Dobhí Pháraó feargach réna sherbhíseachuibh, agus do chuir sé misi
a bpríosún a ttigh chaiptín an ghárda, mé féin agus an tárdbháicéir.


L. Gn41:11


Agus dochoncamair aisling anéunoidhche amháin, misi agus eision do
taidhbhreadh da gach neach aguinn do réir idirmhinighe a aislinge féin.


L. Gn41:12


Agus dobhí ionar bhfochair annsin óganach Eabhruidheach,
serbhíseach chaiptín an ghárda, agus do innisiomar dhó ar naislingidh,
agus do fhoillsigh cíall ar naislingidh dhúinn, do gach aón aguinn do
réir a aislinge.


L. Gn41:13


Agus tárla, do réir mar do fhoillsigh sé dhúinn gur marsin dobhí:
do fhill Pháraó misi arís chum moifige, agus do chroch sé eision.


L. Gn41:14


Annsin do chuir Pháraó fios, agus do ghoir ar Ioseph, agus
tugadar léo é go deifreach amach as an bpríosún, agus do bhéarr seision
agus táinic asteach go nuige Pháraó.


L. Gn41:15


Agus adubhairt Pháraó re Ioseph, dochonnairc mé aisling, agus ní
bhfuil neach fhédus a heidirmhíniughadh, agus dochúala mé teachd ortsa
go ttuigeann tú aisling chum a heidirmínighe.


L. Gn41:16


Agus do fhreagair Ióseph Pháraó dá rádh, ní hionnamsa atá sin:
dobéura Día do Pháraó freagra shíothchánta.


L. Gn41:17


Agus adubhairt Pháraó re Ióseph: ann maisling féuch, do sheas mé
ar bhruach na habhanna.


L. Gn41:18


Agus féuch, tháinig ansíos as an abhuinn seachd mbath ramhra feólmhara
sgíamhacha, agus dobhádur ag inghilt ar léana.


L. Gn41:19


Agus féuch, tangadur seachd mbath eile amach na ndíaigh, trúagha
ghránda, teircfheólach, a leithéid nach bhfaca mé ríamh ar feadh
chríche na Hégipte ar olcas.


L. Gn41:20


Agus a dúadar na bath trúagha gránna súas na seachd mbath ramhrasin.


L. Gn41:21


Agus anuáir a dúadar súas íad, ní raibh a fhios a nduadar íad, ach do
bhádur gránna do ghnáth mar dobhádar ó thús: annsin do mhúsguil mé.


L. Gn41:22


Agus dochonnairc mé ann maisling, agus féuch tháinic as aónchoinnlín
amháin seachd ndíasa iomlán, agus maithe.


L. Gn41:23


Agus féuch, tháinic súas na ndíaighso seachd ndíasa críona tana, agus
ar na ccaóchadh ón ngaóith ansoir.


L. Gn41:24


Agus do shluigheadur na díasa tana na seachd ndíasa maithe; agus do
innis mé so do na draóithibh, ach ní frith éunduine dfoillseochadh a
mbrígh dhamh.


L. Gn41:25


Agus adubhairt Ióseph re Pháraó; is ionann aisling Pháraó: do
fhoillsigh Día do Pháraó an ní as mían leis do dhéunamh.


L. Gn41:26


Na seachd mbath maithe is seachd mblíadhna iad, agus na seachd ndíasa
maithe, is seachd mbliadhna íad; is ionann a naisling.


L. Gn41:27


Agus na seachd mbath tana gránna tháinic ansíos na ndiáigh, is seachd
mblíadhna íad; agus na seachd ndíasa folmha, buáilte on ngaóith ansoir,
budh seachd mbliadhna gorta íad.


L. Gn41:28


Aséso an ní dubhairt mé re Pháraó: an ní is áil le Día do dhénamh
atá sé agá fhoillsiughadh do Pháraó.


L. Gn41:29


Bíodh a fhios agad go bhfuilid seachd mblíadhna mórthórrthacha ag
teachd ar feadh chríche na Hégipte uile.


L. Gn41:30


Agus éiréochuid na ndiáighsin seachd mbliadhna gorta, agus
dearmadfuighear an fhairsinge uile a gcrích na Hégipte, agus
millfidh an ghorta an talamh.


L. Gn41:31


Agus ní bá fios an líonmhuire sa tír, do bhrígh na gortasin thigh na
dhiáigh; óir biáidh séso rothrom.


L. Gn41:32


Agus do chionn gur dúbluigheadh an aisling do Pháraó fá dhó; is
uimesin gur cinneadh an chúis lé Día, agus dobhéra a ccrích é go goirid.


L. Gn41:33


Anois uimesin, faghadh Pháraó duine discréideach críonna, agus
cuireadh é ós cionn chríche na Hégipte.


L. Gn41:34


Dénadh Pháraó marso, agus orduigheadh sé oifigidh ós cionn na
críche, agus tógbhadh an cúigeadh cuid do chrích na Hégipte, annsna
seachd mblíadhnuibh tóirrteacha.


L. Gn41:35


Agus cruinníghedís uile beatha na mbliadhan maithsin dothiocfas,
agus cuiredís arbhar a dtaisge faói láimh Pháraó, agus cumhduighedís
beatha annsna caithreachaibh.


L. Gn41:36


Agus biáidh an lónnsin na stór ag an talamh anoirchill sheachd
mbliadhan na gorta, noch bhías a ttalamh na Hégipte; ionnus nach
aidhmhillfidh an talamh tríd an ngortasin.


L. Gn41:37


Agus do thaitin an nísin ré Pháraó: agus réna sherbhíseachuibh
uile.


L. Gn41:38


Agus adubhairt Pháraó rena mhuinntir, an féidir dhúinn duine ann a
bhfuil spiorad Dé mar é dfagháil?


L. Gn41:39


Agus adubhairt Pháraó ré Ióseph do chionn gur thaisbéin Día so uile
dhuitsi, ní bhfuil duine is discréidighe agus is críonna ná thú féin.


L. Gn41:40


Biáidh tú os cionn mo thighe, agus is réir do bhréithre bhías
riaglúghadh mo dhaóine uile: ann mo chathaóir ríogha amháin bhías mé níis
mó ná thú.


L. Gn41:41


Agus adubhairt Pháraó ré Ióseph; féuch do chuir mé ós cionn críche
na Hégipte uile thú.


L. Gn41:42


Agus do bhean Pháraó a fháinne dá láimh, agus do chuir sé ar láimh
Ioseph é, agus do chuir sé culaidh shíoda uime, agus do chuir slabhra óir
fa na brághuid.


L. Gn41:43


Agus tug air dul air marcuigheachd san dara carbad dobhí aige: agus do
fhúagradar roimhe, fillidh bhar nglún: agus dorinne sé úasarán dhe ós
cionn críche na Hégipte uile.


L. Gn41:44


Agus adubhairt Pháraó ré Ióseph: is misi Pháraó, agus gan tusa ní
thoigeobhuidh énduine a lámh ná a chos súas a ttalamh na Hégipte
uile.


L. Gn41:45


Agus do ghoir Pháraó mar ainm do Ióseph Saphnat-Phaaneah, agus
tug sé mar mhnaói dhó Asénat inghean Photipherah sagart On: agus
dochuáidh Ióseph amach ar feadh chríche na Hégipte uile.


L. Gn41:46


Agus dobhí Ióseph tríochad blíadhan daóis anuáir do sheas sé a
lathair Pháraó Rígh na Hégipte: agus dochuáidh Ioseph amach as
fiaghnuisi Pháraó, agus dochuáidh ar feadh críche na Hégipte.


L. Gn41:47


Agus annsna seachd mbliadhnuibh tóirrtheacha tug an talamh toradh
úadh na dhornánuibh.


L. Gn41:48


Agus do chruinnigh seision súas beatha na seachd mbliadhan noch do
bhí a ttalamh na Hégipte, agus do chuir an bheatha a ttaisgidh
annsna caithreachuibh, toradh na bhfearann dobhí gach éntaóibh
fágcuairt gach énchaithreach do chuir sé a ttaisgidh innte féin é.


L. Gn41:49


Agus do chruinnigh Ióseph arbhar mar ghainimh na fairge, rómhórán,
nó go ndeacuidh sé ó chomháireamh, óir níorbhféidir a áireamh.


L. Gn41:50


Agus rugadh días mac do Ióseph suil thangadar blíadhna na gorta,
noch rug Asénat inghean Photiphera, sagart On, dó.


L. Gn41:51


Agus tug Ioseph Manasseh dainm ar an ccéidhghin; óir dothug Día
orum, air sé, mo uile shaóthar, agus tigh máthar uile do dhearmad.


L. Gn41:52


Agus tug sé Ephraim dainm ar an dara fear: óir dorinne Día
síolmhar mé a ttalamh mo bhuaidhridh.


L. Gn41:53


Agus do críochnuigheadh na seachd mblíadhna tóirrtheacha dobhí a
ttalamh na Hégipte.


L. Gn41:54


Agus do thosuigheadar seachd mblíaghna na gorta teachd mar adubhairt
Ióseph; agus dobhí an ghorta ann gach uile thír; ach dobhí arán a
ttalamh na Hégipte uile.


L. Gn41:55


Agus anuáir dobhí gorta a gcrích na Hégipte do éighmheadar na
daóine ar Pháraó díarruigh aráin air: agus adubhairt Pháraó ris na H-
égiptibh uile: imthighidh dionnsuighe Ióseph, dénuidh an ní adéra
sé ribh.


L. Gn41:56


Agus dobhí an gorta ar aghuidh na talmhan uile, agus do oscuil
Ióseph tighthe an stórúis uile, agus do reac ris na Hégiptibh: agus do
fhás an ghorta go trom a gcrích na Hégipte.


L. Gn41:57


Agus táinig an uile thír go Ióseph don Egipt do cheannach arbha,
do chionn go raibh an ghorta chomhthromsin ann gach entír.


L. Gn42:1


An uáir dochonnairc Iácob go raibh arbhar sa Négipt, adubhairt
Iácob ré na chloinn: créud fa bhfuiltí ag féchuin ar a chéile.


L. Gn42:2


Agus adubhairt seision, féuch dochúala mé go bhfuil arbhar sa
Négipt: éirgidh síos annsin, agus ceannchaidh dhúinn assin ionnus
go mairfeam, agus nach bhfuigheam bás.


L. Gn42:3


Agus dochuadar deithneamhar dearbhráthar Ióseph síos doNégipt do
cheannach arbha.


L. Gn42:4


Ach níor chuir Iácob Beniamin, dearbhrathair Ióseph, le na
dearbhráithribh; óir adubhairt sé, ar eagla go nimeochadh tubuiste air.


L. Gn42:5


Agus tangadar mic Israel do cheannach arbha a measc na ndaóine
tháinic: óir dobhí an ghorta a ttír Chánaain.


L. Gn42:6


Agus dobé Ióseph dob uachdarán ós cionn na tire uile, agus is eision
do reacadh ré daóinibh na tíre uile: agus tangadar dearbhráithre Ióseph,
agus do umhluigheadur íad féin dá lathair le na naighthibh go talamh.


L. Gn42:7


Agus dochonnairc Ióseph a dhearbhráithre, agus do aithin íad, ach do
chonnaimh é féin úatha, agus do labhair go garbh ríu: agus adubhairt
ríu, cáit as a ttangabhairsi? Agus adubhradarsan as tír Chánaain,
do cheannach bídh.


L. Gn42:8


Agus do aithin Ióseph a dhearbhráithre, agus níor aithnigheadursan
eision.


L. Gn42:9


Agus do chuimhnigh Ióseph air an aisling dochonnairc sé na
ttimchiollsan, agus do ráidh ríu, is luchd bratha sibh, tangabhair d
féchuin édaingneach na tíre.


L. Gn42:10


Agus adubhradursan ris, ní headh a thighearna, ach do cheannach
bídh tangadar do sherbhísigh.


L. Gn42:11


Is clann énathar sinn uile: is daóine fírinneacha sinn, ní luchd
bratha do sherbhísigh.


L. Gn42:12


Agus adubhairt seision ríu, ní headh ach is dféachuin édaingneach
na tíre thángabhair.


L. Gn42:13


Agus adubhradarsan, atáid do sherbhísigh dá fhear dhéag do
dhearbhráithribh, mic énduine amháin a ttír Chánaain; agus féuch, atá
an mac as óige a bhfochair ar nathar, agus aón mhac nach bhfuil.


L. Gn42:14


Agus adubhairt Ióseph ríu, sésin an ní do labhair mé ribh, dá
rádh, is luchd bratha sibh.


L. Gn42:15


Is marso dearbhochar sibh: dar anum Pháraó, ni reachthaói amach
asso, muna ttí bhur ndearbhrathair as óige annso.


L. Gn42:16


Cuiridh duine aguibh ar siubhal, agus tugadh sé bhur ndearbhrathair
leis, agus coinneochthar sibhsi a bpríosún nó go ndearbhthar bhur
mbríathar, an bhfuil fírinne ionnuibh: nó dar anum Pháraó, go
dearbhtha is luchd bratha sibh.


L. Gn42:17


Agus do chuir sé íad uile a bpríosún go ceann thrí lá.


L. Gn42:18


Agus adubhairt Ióseph ríu an treas lá, dénuigh marso, agus
mairidh: óir atá eagla Dé orum.


L. Gn42:19


Mas daóine fírinneacha sibh, fágbhuidh aón da bhur ndearbhráithribh a
ttigh bhur bpríosún: imthighidhse, beiridh arbhar libh ar son gorta bhur
ttighthe.


L. Gn42:20


Ach tuguidh bhur ndearbhrathair as óige chugamsa, marsin
fhíorfuighear bhur mbríathra, agus ní bhfuighthí bás: agus dorinneadar
amhluidhsin.


L. Gn42:21


Agus adubhradur eatorra féin, atámaóid go deimhin cionntach a ttaóbh
ar ndearbhrathar, do bhrígh go bhfacamar doilghios a anma anuáir do
ghuidh sé sinn, agus nar éisdeamar ris; is uimesin tháinig an mhairgse
oruinn.


L. Gn42:22


Agus do fhreagair Reuben íad, dá rádh, nach ar labhair misi ribh,
dá rádh, ná peacuighidh anaghaidh an leinimh, agus níor éisdeabhair
ríum? ar an adhbharsin féuchuidh mar an ccéadna, atá a fhuil dá leanmhuin
oruibh.


L. Gn42:23


Agus ní raibh a fhios aca gur thuigh Ióseph íad; óir is lé fear
edirmhínighthe do labhair sé ríu.


L. Gn42:24


Agus do iompoigh a chúl ríu, agus do ghuil sé; agus do fhill ora
arís, agus dobhí ag comhrádh ríu, agus rug sé Símeon úatha, agus do
cheanguil as coinne a súl.


L. Gn42:25


Annsin do aithin Ióseph a saic do líonadh, agus cuid airgid gach
nduine aca do chur na shac féin, agus lónn do thabhairt dóibh chum na
sligheadh; agus is marso dorinne sé ríu.


L. Gn42:26


Agus do ualuigheadar a asail leis an arbhar, agus do imthigheadur as
sin.


L. Gn42:27


Agus anuáir do oscuil fear aca a shac do thabhairt próantair dá asal
sa tigh ósda, dochonnairc sé a chuid airgid: óir féuch dobhí sé a mbéul
a tsaic.


L. Gn42:28


Agus adubhairt sé rena dhearbhraithribh, do haisigeadh mo chuid
airgid; agus féuch atá sé ann mo shach: agus do laguidh sin a ccroidthe,
agus dobhí eagla orra, dá rádh eaturra féin, créad an nísi dorinne Día
rinn.


L. Gn42:29


Agus tangadur go Iácob a nathair go tír Chánaain, agus do
inniseadur dó gach ní dá ttárla dhóibh, dá rádh.


L. Gn42:30


An té is tighearna ar an tír, do labhair sé go garbh rinn, agus do
ghlac sinn mar luchd bratha ar an dtír.


L. Gn42:31


Agus adubhramairne ris: is daóine fírinneacha sinn, ní luchd bratha
sinn.


L. Gn42:32


Ataóimid dá fhear dhéag do dhearbhráithribh mic ar nathar, atá aón
mhac nach bhfuil, agus atá an mac is óige san ló aniugh a
bhfochair ar nathar a ttír Chánaain.


L. Gn42:33


Agus an tóglach, tighearna na tíre, adubhairt sé rinn, as marso
aitheónus mé gur daóine fírinneacha sibh: fágbhuidh aón dá bhur
ndearbhráithribh agamsa annso, agus beiridh beatha libh ar son gorta
bhur tteaghlach, agus bithí ag imtheachd.


L. Gn42:34


Agus tugaidh bhur ndearbhráthair is óige chugamsa: annsin aitheónus mé nach
luchd bratha sibh, ach gur daóine fírinneacha sibh: marsin dobhéura mé bhur
ndearbhráthair dhíbh, agus dogheabhthaói ceannuigheachd sa tír.


L. Gn42:35


Agus tárla anuáir do fholmhuigheadur a saic, go raibh ceanglachán
airgid gach énduine ann a shac féin: agus anuáir dochonacadar féin,
agus a nathair na ceanglacháin airgid, dobhí eagla orra.


L. Gn42:36


Agus adubhairt Iácob a nathair ríu, do bheanabhair mo chlann díom,
ní bhfuil Símeon, agus béurthaói Beniamin uáim: atáid na neithe
si uile amaghuidh.


L. Gn42:37


Agus adubhairt Reuben réna athair da rádh, marbh mo dhías macsa,
muna ttuga mé chugad é: tabhair am láimhsi é, agus dobhéura mé chugad
arís é.


L. Gn42:38


Agus adubhairt seision, ní racha mo mhacsa libh síos: óir déug a
dhearbhráthair, agus do fágbhadh eision na aónar; má bheanann tubuisde
dhó sa tslighe ann a rachthaóisi, annsin béurthaói mo ghrúag líathsa
maille le dóbrón chum na huáighe.


L. Gn43:1


Agus dobhí an gorta go romhór sa tír.


L. Gn43:2


Agus tárla anuáir adúadar an tarbhar, noch tugadar as an Hégipt,
go ndubhairt a n athair ríu, éirghidh ceannchuid dhúinn beagán bídh.


L. Gn43:3


Agus do labhair Iúdah ris, ag rádh, do dhearbh an tóglach dhúinn,
ag rádh, ní fhaicfidhe mo ghnúis muna ttucthaói bhur
ndearbhrathair libh.


L. Gn43:4


Má chuirionn tusa ar ndearbhrathair linn racham síos agus ceinneacham
beatha dhuit.


L. Gn43:5


Achd muna ccuire tú linn é, ní racham síos: óir adubhairt an tóglach
rinn, ní fhaicfidhe mo ghnúis, muna raibh bhur ndearbhrathair libh.


L. Gn43:6


Agus adubhairt Israel, créd as a ndearnabhar an tolcso oram, gur
inniseabhair donóglach go raibh dearbhráthair eile aguibh?


L. Gn43:7


Agus adubhradarsan, do fhíafruigh an tóglach go crúádhógach dhínn,
ar staid, agus ar gcinéul, ag rádh an bhfuil bhur nathair beó fós?
an bhfuil dearbhrathair eile aguibh? agus do innisimairne dhó réir
bríghe na mbríatharsa: narbhféidir dhúinn a dheairbhfios do
bheith aguinn, go naibéoradh sé, tughaidh bhur ndearbhrathair libh.


L. Gn43:8


Agus adubhairt Iúdah re hIsrael, a athair, cuir an leanamh
liomsa, agus éireócham, ionnus go mbíam beó, agus nach égfam, sinn
féin, agus tusa, agus ar naós óg.


L. Gn43:9


Biaidh misi anurrudhas duit air; as mo láimhsi íarrfas tú é; muna
ttuga mé chugad, agus a chur as do choinne, annsin bíodh aithbhear go
bráth orum.


L. Gn43:10


Óir muna ndearnamaóis faddáil, is dearbh go mbemís anois air ar nais an
dara huáir.


L. Gn43:11


Agus adubhairt Israel a nathair ríu, más éigion a bheith marsin
anois; dénuigh so; beirigh libh na tórrtha is férr sa tír ann bhur
soithighibh, agus beiridh síos chum anóglaóich tiodhlachadh, beagán
balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó agus almoinne.


L. Gn43:12


Agus beiridh airgead dúbalta an bhur láimh, agus an tairgead tugabhair libh
arís ambéuluibh bhur sac beiridh libh arís ann bhur láimh é; dobéidir gur
mainneachdna é.


L. Gn43:13


Beiridh libh mar an gcédna bhur ndearbhráthair: éirgidh, agus
imthighidh arís gus anóglach.


L. Gn43:14


Agus Día uilechumhachdach do thabhairt grás díbh a lathair an
óglaóich, ionnus go ccuirfidh sé libh bhur ndearbhráthair eile, agus
Beniamin: má chaillimsi mo chlann, do chaill mé mé féin.


L. Gn43:15


Agus do ghlacadur na fir na tiodhlaicthe, agus do ghlacadar airgead
dúbhalta na láimh, agus Beniamin; agus do éirgeadur súas, agus
dochúadar síos don Hégipt, agus tangadur a lathair Ióseph.


L. Gn43:16


Agus anuáir dochonnairc Ióseph Beniamin aca, adubhairt sé re
feadhmannach a thighe, tabhair íadso dom thigh, agus marbh agus
ullmuigh feóil; óir is agamsa íosaid so san meadhon laói aniugh.


L. Gn43:17


Agus dorinne an tóglach mar adubhairt Ióseph ris: agus tug an
tóglach na daóine asteach go tigh Ióseph.


L. Gn43:18


Agus dobhí eagla ar na daóine do chionn mar tugadh asteach go tigh
Ióseph íad: agus adubhradur, is ar son an airgid do filleadh ann ar
sacuibh an chéad uáir, tugadh asteach sinn, go madh féidir ris cúis d
íarruigh ar naghuidh, agus luidhe oruinn, agus ar nglacadh mar
dhaóinibh daóra agus ar nassail.


L. Gn43:19


Agus tangadur a bhfogus do fheadhannach tighe Ióseph, agus do
labhradur ris ag dorus an tighe.


L. Gn43:20


Agus dubhradur ris, ó a chara thangamar ansúas go deimhin an chéd
uáir, do cheannach bídh.


L. Gn43:21


Agus tárla dhúinn anuáir thangamar don tigh ósta, gur osglamar ar
saic, agus féuch go raibh airgead gach aónduine aguinn a mbéul a shaic,
ar nairgead a ccomhthrom iomlán: agus tugamar linn arís é n ar láimh.


L. Gn43:22


Agus tugamar airgead eile linn n ar láimh do cheannach bídh: ní fearr
dúinn cía chuir ar nairgead ann ar sacuibh.


L. Gn43:23


Agus adubhairt seision, siothcháin maille ribh: ná bíodh eagla
oruibh; bhur nDía, agus Día bhur nathar thug ionnmhus díbh ann bhur
sacuibh; dobhí bhur nionnmhus agamsa: Agus tug sé Símeoin amach
chugtha


L. Gn43:24


Agus tug an tóglach na daóine asteach go tigh Ióseph, agus tug
uisge dhóibh, agus do nígheadur a ccossa, agus tug bíadh da nassaluibh


L. Gn43:25


Agus dorinneadur na tiodhlaicthe réidh a ccoinne Ióseph do theachd
san mheadhon laói: óir dochúaladur go níosaidís arán annsin.


L. Gn43:26


Agus anuair tháinig Ióseph dhá thigh tugadur chuige na
tiodhlaicthe dobhí ann a láimh don tigh, agus do chlaónadur íad féin go
talamh dhó.


L. Gn43:27


Agus do fhíafruigh sé dhíobh an rabhas go maith aca, agus adubhairt
sé, an bhfuil bhur nathair go maith? an seanduine air ar labhrabhair,
an bhfuil sé beó fós.


L. Gn43:28


Agus do fhreagradarsan, atá do sherbhíseach ar n athairne a sláinte
mhaith, atá sé beó fós: agus do chromadar síos a ccinn, agus dorinneadur
umhla.


L. Gn43:29


Agus do thóg seision a shúile agus dochonnairc a dhearbhrathair
Beniamin mac a mhathar, agus adubhairt, an éso bhur ndearbhrathair as
óige air ar labhrabhair rium? agus adubhairt sé, go raibh Día grásamhuil
duit a mhic.


L. Gn43:30


Agus dorinne Ióseph deithneas, óir dobhí a chroidhe ag lúth re na
dhearbhrathair; agus do íarr áit a ngiulfiodh, agus dochuáidh asteach dá
sheomra, agus do ghuil annsin


L. Gn43:31


Agus do ionnuil a aghuidh, agus dochúaidh amach, agus do chonnuimh
air féin, agus adubhairt, cuir arán annso.


L. Gn43:32


Agus do chuireadar ní rompa, dhósan leis féin, agus dóibhsion leó
féin, agus do na Hégiptibh aduáigh na fhochair, leó féin, do chionn nar
bhféidir do na Hégiptibh arán dithe leis na Heabhruighibh; óir is
morghráin sin ag na Hégiptibh.


L. Gn43:33


Agus do shuigheadur as a choinne an tí fá sine do réir a
cheirt-beirte, agus an té dobóige do réir a ógántachd, agus dobhí
iongnadh ag na daóinibh ann a chéile.


L. Gn43:34


Agus do ghlac seision, agus do chuir míasa bídh chuca óna bhord féin:
gidheadh fá mó oircheasachd Bheniamin chúig uáire ná cuid aónduine
acasan: agus do ibheadar, agus dobhádur subhach aige.


L. Gn44:1


Agus do aithin sé a thighe, ag rádh, líon saic na muinntiresin d
arbhar, oireadh is fhéadfuidh do bhreith leó, agus cuir airgead gach
énduine aca a mbéul a shaic féin.


L. Gn44:2


Agus cuir mo chupánsa, an cupán airgid a mbéul shaic an tí as óige,
agus airgead a arbha: agus dorinne sé do réir an focail adubhairt
Ióseph ris.


L. Gn44:3


Agus comhlúath as déirghe an lá, do cuireadh na daóine ar siubhal,
íad féin agus a n assail.


L. Gn44:4


Agus anuáir dochuadar amach as an gcathruigh, agus nach deachadur a
bhfad fós, adubhairt Ióseph rena fheadhmantach, éirigh súas, lean a
ndíaigh na muinntire úd, agus anuáir bhéurus tú orra, abair ríu, cread fá
ndearnabhair olc anaghuidh maitheasa.


L. Gn44:5


Nach éso an cupán as a nibhionn mo thighearna deoch, agus go deimhin
lé ndénann sé tairrgire: is olc dorinneabhair sin a dhénamh.


L. Gn44:6


Agus dorug sé orra, agus do labhair sé ríu na bríathra céadna.


L. Gn44:7


Agus adubhradur san ris, cread fá nabair mo thighearna na
briathrasa? nar léigidh Día go ndéindís do sherbhísigh do réir an
neithesi.


L. Gn44:8


Féuch an tairgead fúaramar a mbéuluibh ar sac, tugamar chugadsa
ansuas arís as tír Chánaain é: cionnus marsin do ghoidfemís as tigh do
thighearnasa ór nó airgead?


L. Gn44:9


Gidhbé ar bith dod sherbhíseachuibh agá bhfuighthear é, cuirthear
eision chum báis, agus bímidne mar an gcéadna ar sclábhuidhibh ag mo
thighearna.


L. Gn44:10


Agus adubhairt seision, anois uimesin bíodh sé réir do
bhríatharsa: gidhbé gá bhfuighthear é, biaidh na sherbhíseach agamsa,
agus beithíse neimhchiontach.


L. Gn44:11


Annsin do leagadur ansúas gach énfhear aca a shac féin. go luath go
talamh, agus do oscuil gach énduine a shac.


L. Gn44:12


Agus do spíon seision, agus do thosuigh ris an tí fá sine, agus do
chríochnuigh ag an tí dobóige, agus dofríth an cupán a sac
Bheniamin.


L. Gn44:13


Annsin do reabadur a nédach, agus do chuir gach énduine a shac
súas ar a asal, agus do fhilleadur don chathruigh.


L. Gn44:14


Agus táinig Iúdah, agus a dhearbhráithre chum Ióseph (óir dobhí sé
annsin fós) agus do léigeadur iad féin ar a talamh na fhiadhnuisi.


L. Gn44:15


Agus adubhairt Ióseph ríu, cread an gníomhso dorinneabhair? nach
bhfuil a fhios aguibh go bhfédann duine mar misi fáidheadoireachd do
dhénamh.


L. Gn44:16


Agus adubhairt Iúdah, créad adéram ream thighearna? créad
láibheóram? nó cionnus ghlanfam sinn féin? do fhoillsigh Día écceart do
sherbhíseach: féuch, is serbhíseach dhar thighearna sinne araón, agus an
té ag ar frích an cupán.


L. Gn44:17


Agus adubhairt sesion, nár léige Día go ndénuinnsi sin; achd an té
ar fríth an cupán na láimh biáidh sé na sheirbhíseach agam; agus ar bhur
sonsa éirgidh romhuibh súas go síothchánta a cceann bhur nathar.


L. Gn44:18


Annsin táinic Iúdah a bhfogus dósan, agus adubhairt sé, oh a
thighearna, guidhim thú léig dot sherbhíseachuibh focal do labhairt an
éisdeachd mo thighearna, agus ná lasadh thfearg an aghuidh do
sherbhísigh: óir is ionann tú agus Pháraó.


L. Gn44:19


Do fhíafruigh mo thighearna dá serbhíseachuibh, ag rádh, an bhfuil
athair nó dearbhrathair aguibh?


L. Gn44:20


Agus adubhramairne rem thighearna, atá athair aguinn, seanduine
agus leanamh rugadh dhó na aóis fhoirfe, leanamh beag: agus fuair a
dhearbhrathair bás, agus do fágbadh é féin na aónar óna mhathair, agus
atá grádh agá athair air.


L. Gn44:21


Agus adubhairt tusa réd sherbhíseachaibh, tugaidh chugamsa ansúas é,
ar chor go bhfaicfidh mé é dom shúilibh.


L. Gn44:22


Agus adubhramairne rem thighearna ní fhédann an leanamh a athair d
fágbháil, óir dá bhfágadh sé a athair dogheabha athair bás.


L. Gn44:23


Agus adubhairt tusa réd sherbhíseachaibh, muna ttí bhur
ndearbhrathair bhus óige libh ansuas, ní fhaicfidhe mo ghnúis níos mó.


L. Gn44:24


Agus tárla anuáir dochúamairne súas a gcionn ar nathar, do
sherbhíseach, gur inniseamar bríathra mo thighearna dhó.


L. Gn44:25


Agus adubhairt ar nathair, éirgidh arís, agus ceannchuigh dhúinn
beagán lóinn.


L. Gn44:26


Agus adubhramairne, ní fhédmaóidne dul síos: má thigh ar
ndearbhrathair is óige linn. annsin rachum síos: óir ní fheadmaóid
aghuidh anóglaóich dfaicsin, muna raibh ar ndearbhrathair is óige linn.


L. Gn44:27


Agus adubhairt do sherbhíseach, máthair, rinn; atá a fhios aguibh go
rug mo bhean días mhac dhamh.


L. Gn44:28


Agus dochuáidh duine aca amach uáim, agus adubhairt mé, is deimhin go
ndérnadh greamanna dhe; agus ní fhaca mé ó shin é.


L. Gn44:29


Agus má bhearthaói so uáim, agus go nimeochuidh tubaisde air, dobearthaói mo
ghrúag líath maille ré doilghios síos chum na huaighe.


L. Gn44:30


Anois uimesin anuáir thiocgas misi mar a bhfuil do sherbhíseach m
áthair, agus nach bía an leanamh linn, ó atá a anamsan ceangailte an
anam an leinimh:


L. Gn44:31


Tiocfaidh assin anuáir dochífe sé nach biáidh an leanamh linn go
bhfuighe sé bás: agus dobhéuruidh do sherbhísigh grúag líath ar nathar
maille ré doilghios síos chum na huáighe.


L. Gn44:32


Óir dochuaidh do sherbhíseach anurrudhas air an leanamh dom
athair, ag rádh, muna ttugadh mé chugad é, biáidh aithbhear go bráth ag
máthair orumsa.


L. Gn44:33


Annois ar an adhbharsin, guidhim thú, chonnuimh do serbhíseach an
áit an leinimh na sclábuidhe ag mo thighearna, agus léigthear don leanamh
dul súas lena dhearbhráithribh.


L. Gn44:34


Óir cionnus rachus misi súas go nuige máthair, agus gan an leanamh
liom? deagla go tteigeómhadh go bhfaicfinn an dochar dothiocfadh ar m
áthair.


L. Gn45:1


Annsin níor fhéad Ióseph é féin do chongmháil a lathair ar sheas na
fhochair: agus do éigh sé ag rádh, cuiridh gach énduine amach uáim, agus
níor fhan énduine na fhochair, an feadh dobhí Ióseph ag léigean a
aithne chum a dhearbhraithreach.


L. Gn45:2


Agus do ghuil sé ós áird, agus dochúaladar na Hégiptigh, agus tigh
Pháraó é.


L. Gn45:3


Agus adubhairt Ióseph ré na dhearbhráithribh; as misi Ióseph,
an bhfuil máthair beó fós? agus níor fhédadur a dhearbhráithre
freagra do thabhairt air, óir dobhí buaidhreadh orra tré bheith na
lathair.


L. Gn45:4


Agus adubhairt Ióseph rena dhearbhráithribh, druidigh riom, iarruim
mar athuinghidh oruibh; agus do dhruideadar leis, agus adubhairt
seision, is misi Ióseph bhur ndearbrathair, noch do reacabhair doN
égipt.


L. Gn45:5


Annois uimesin ná bíodh doilghios oruibh nó fearg aguibh ribh féin
fa misi do reic annso: óir is é Día do chuir misi romhuibh do
chumhdach bhur mbeatha.


L. Gn45:6


Oír as dá bhlíadhuin atá an ghorta sa tír, agus atáid fós chúig
bhlíadhna gan teachd, ann nach bía treabhadh ná fóghmhar.


L. Gn45:7


Agus do chuir Día misi romhuibhsi do choimhéud shleachda dhíbh san
talamh, agus do choimhéud bhur mbeatha re tárrtháil mhóir.


L. Gn45:8


Marsin anois nach sibhsi do chuir uaibh mé, ach Día, agus dorinne sé
athair dhíomsa do Pháraó, agus tighearna ós cionn a thighe uile, agus
uachdarán ar feadh chríche na Hégipte uile.


L. Gn45:9


Déanuidhsi deithneas, agus éirgidh suas chum máthar, agus abruidh
ris; is marso adeir do mhac Ióseph; dorinne Día tighearna dhíom
sa ós cionn na Hégipte uile, tárr anúas chugamsa, na déna maill.


L. Gn45:10


Agus áitreochuidh tú a bhfearann Gosen, agus biáidh tú láimh riomsa,
tú féin agus do chlann, agus clann do chloinne, agus do thréda agus
healbhadha, agus gach uile ní bhus leachd.


L. Gn45:11


Agus oilfe mé thú annsin (óir atá fós chúig bhlíadhna gorta ann) d
eagla go ttincfá féin agus do mhuinntir agus an uile ní bheanas riot chum
bochduine.


L. Gn45:12


Agus féchuidh dochíd bhur súile, agus súile mo dhearbhrathar
Beniamín, gurob é mo bhéul atá ag labhairt ribh.


L. Gn45:13


Agus inneostaói dom athair méid mo ghlóire saNégipt, agus gach
einní dá bhfacabhair: agus dénuidh deithbhir, agus tugaidh máthair
anúas annso.


L. Gn45:14


Agus do luidh sé ar mhuinéul a dhearbhrathar Beniamin, agus do
ghuil sé, agus do ghuil Beniamin ar a mhuinéulsan.


L. Gn45:15


Os a cionnsin fós do phóg sé a dhearbhráithre uile, agus do ghuil
arra: agus na dhiáighsin do chomhráidheadar a dhearbhráithre ris.


L. Gn45:16


Agus do chlos a thuaruscbhail sin a ttigh Pháraó, ag rádh, tangadar
dearbhráithre Ióseph: agus do thaithin sin go mór ré Pháraó, agus
ré na sherbhíseachuibh.


L. Gn45:17


Agus adubhairt Pháraó re Ióseph, abuir réd dhearbhráithribh
dénuidh so: úaluighe bhur nainmhintighe, agus imthighidh suas go tír
Chánaain.


L. Gn45:18


Agus tuguidh libh bhur nathair, agus bhur muinntir, agus tigidh
chugamsa: agus dobhéura mé dhíbh maitheas chríche na Hégipte, agus do
gheabhthaói ré ithe do mhéthas na tíre.


L. Gn45:19


Annois fuáir tú fúagra, dénuidh marso: beiridh libh carbuid as
crích na Hégipte ar ceann bhur naós óg, agus ar ceann bhur mban, agus
tugaidh bhur nathair libh, agus tigidh;


L. Gn45:20


Mar an gceadna ná cuiridh suim an bhur náirnéis tighe, óir maitheas
chríche na Hégipte uile is libhsi é.


L. Gn45:21


Agus dorinneadur clann Israel marsin, agus tug Ióseph carbuid
dhóibh do réir aithne Pháraó, agus tug lónn dóibh chum na sligheadh.


L. Gn45:22


Dá gach aón aca fa leith tug sé aithearrach culadh: ach do
Bheniamin tug sé trí chéad píosa airgid, agus cúig culuidheacha
éaduigh.


L. Gn45:23


Agus do chuir sé chum a athar ar an modhso; deich nassail ag iomchur
neitheann maith na Hégipte, agus deich nassail bhainniona ag
iomchur arba, agus aráin agus bídh dá athair chum na sligheadh.


L. Gn45:24


Marsin do chuir sé a dhearbhráithre ar siubhal, agus do imthigheadur
agus adubhairt sé ríu, coimhéduigh nach brisfe sibh amach ré chéile ar a
tslighe.


L. Gn45:25


Agus dochúadur súas as a NÉgipt, agus tangadur go tír Chánain go
Iácob a nathair.


L. Gn45:26


Agus do inniseadur dhó ag rádh, atá Ióseph beó fós, agus is é is
uachdarán ós cionn chríche na Hégipte uile. Agus do lagadh croidhe
Iácob: óir níor chreid sé íad.


L. Gn45:27


Agus do inniseadur dó bríathra Ióseph uile noch do labhair sé ríu:
agus anuáir dochonnairc sé na carbuid do chuir Ióseph dá iomchar,
do aithbeoghuidh spiorad Iácob a nathar.


L. Gn45:28


Agus adubhairt Israel; is lór sin, atá mo mhac Ióseph beó fós,
rachuidh mé, agus dochífe mé é suil éugfad.


L. Gn46:1


Agus do ghluáis Israel maille ris an uile ní dá raibh aige, agus
táinic go Beerséba, agus dorinne iodhbuirt do Dhia a athar Isaac.


L. Gn46:2


Agus do labhair Día re Hisrael a ttaibhse na hoidhche, agus do
ráidh, a Iácob, a Iácob: agus adubhairt seision, atáim annso.


L. Gn46:3


Agus adubhairt sé, as misi Día, Día hathar: ná bíodh eagla ort dul
síos doNégipt: óir dodhéana misi annsin díot cineadh mór.


L. Gn46:4


Racha mé leachd síos doNégipt, agus dobhéura mé go deimhin mar an
gcéadna ansíos arís thú: agus cuirfidh Ióseph a lámh ar do
shúilibh.


L. Gn46:5


Agus do éirigh Iácob súas ó Bheerséba, agus do iomchradar mic
Israel a nathair Iácob, agus an aós óg, agus a mná, annsna
carbuduibh chuir Pháraó dhá iomchur.


L. Gn46:6


Agus rugadur leó a náirnéis, agus a maitheas, noch fuaradur a ttír
Chánaain, agus tangadur doNégipt Iácob agus a shliochd uile
leis.


L. Gn46:7


A mhic, agus mic a mhac maille ris, agus a ingheana, agus ingheana a
mhac, agus a shliochd uile tug sé leis doNégipt íad.


L. Gn46:8


Agus as íadso anmanna chloinne Israel, noch dotháinic do Négipt,
Iácob agus a mhic: Reuben cédghin Iácob.


L. Gn46:9


Agus mic Reuben, Hanoch, agus Phallu, agus Hesron, agus Carmi.


L. Gn46:10


Agus mic Shímeoin, Iemuel, agus Iamin, agus Ohad, agus
Iachim, agus Sohar, agus Saul mac mná Cananítigh.


L. Gn46:11


Agus mic Lébhi, Gerson, agus Cohat, agus Merári.


L. Gn46:12


Agus mic Iúdah, Er, agus Onan, agus Selah, agus Pháres, agus
Zárah: ach fuáir Er, agus Onan bás a ttír Chánain, agus mic
Pháres dobíad Hesron, agus Hámul.


L. Gn46:13


Agus mic Isachar, Tóla, agus Phúbhah, agus Iób, agus
Simron.


L. Gn46:14


Agus mic Sebulun, Sered, agus Elon, agus Iahleel.


L. Gn46:15


Agus dobíadso mic Léah, noch rug sí do Iácob a bPadan-Aram
maille re na hinghin Dínah: anmann a mhac, agus a inghean uile bá
tríur ar tríochad íad.


L. Gn46:16


Agus mic Ghad, Siphion, agus Hadgai, agus Esbon, agus Eri,
agus Arodi, agus Áreli.


L. Gn46:17


Agus mic Aser, Iimnah, agus Isuah, agus Isui, agus Bóriah,
agus mic Bhériah, Héber, agus Malchiel.


L. Gn46:18


Asíadso mic Silpah noch tug Lában da inghin Léah, agus rug sí
íadso do Iácob, eadhon sé hanmanna déug.


L. Gn46:19


Mic Rachel, bean Iácob, Ióseph, agus Beniamin.


L. Gn46:20


Agus dorugadh a gcrích na Hégipte do
Ióseph, Manasseh, agus Ephraim, noch rug Asenat inghean
Photipherah sagart On dó.


L. Gn46:21


Agus do mhic Bheniamin, Bélah, agus Bécher, agus Asbel,
Géra, agus Náaman, Ehí, agus Ros, Muppim, agus Huppim, agus
Ard.


L. Gn46:22


As íadso mic Rachel, noch rugadh do Iácob, na hanmanna uile bá a
ceathair déug íad.


L. Gn46:23


Agus mic Dan, Hussim.


L. Gn46:24


Agus mic Naphtali, Iasehel, agus Gúni, agus Iéser, agus
Sillem.


L. Gn46:25


As íadso mic Bhilhah, noch tug Lában dá inghin Rachel, agus rug
sí íadso do Iácob, na hanmanna uile bá móirsheisior íad.


L. Gn46:26


Na hanmanna uile noch tháinic lé Iácob doNégipt, noch tháinic
amach as a fhordhronnuibh, taóbh amuigh do mhnáibh mhac Iácob, bá
trí fichid íad agus a sé.


L. Gn46:27


Agus mic Ióseph rugadh dhó saNégipt, bá dhá anum íad: an uile
anum do thigh Iácob, noch tháinic doNégipt, ba trí fichid, agus
a deich íad.


L. Gn46:28


Agus do chuir sé Iúdah roimhe go Ióseph, do sheóludh a aighthe go
díreach go Gosen, agus tanagadar go tír Ghosen.


L. Gn46:29


Agus dorinne Ióseph charbad réigh, agus dochuáidh suas do
theagmháil ar Israel a athair go Gosen, agus do thaisbéin é féin
dó, agus do luigh ar a mhuinéul, agus do ghuil ar a mhuinéul tamall
maith.


L. Gn46:30


Agus adubhairt Israel ré Ióseph, annois faghaim bás ó chonnuirc mé
do ghnúis, do chionn go bhfuil tú beó fós.


L. Gn46:31


Agus adubhairt Ióseph ré na dhearbhráithribh, agus ré tigh a athar,
racha misi súas, agus foillseochad do Pháraó, agus adéara mé ris;
tangadur mo dhearbhráithre agus tigh mathar noch dobhí a ttír
Chánaain, chugamsa:


L. Gn46:32


Agus is aódhaireadha caórach íad, óir ís é bá ceird dóibh áirnéis do
bheathughadh, agus tugadur a ttréda agus a shealbha leó, agus an uile ní
dá bhfuil aca.


L. Gn46:33


Agus teigeómhuigh anuáir ghoirfeas Pháraó sibhsi, agus adéra sé
cred as ceird dhaóibh.


L. Gn46:34


Abruidhsi dobí ceird do sherbhíseach bheith timchioll áirnéis ó ar
nóige go ttí anois, sinn féin araón agus ar naithre, ionnus go n
áitreochtaói a bhfearann Gosen: óir is gráineamhlachd an uile
thréaduighe caórach ag na Hégiptibh.


L. Gn47:1


Ansin táinic Ióseph, agus do innis do Pháraó, agus adubhairt,
tangadur máthair agus mo dhearbhráithre, agus a ttréda, agus a n
ealbhadha, agus a bhfuil aca as tír Chánaain, agus féuch atáid
síad a bhfearann Gosen.


L. Gn47:2


Agus rug leis cuid dá dhearbhráithribh eadhon cúigior dhíobh, agus do
thaisbéin do Pháraó íad.


L. Gn47:3


Agus adubhairt Pháraó réna dhearbhráithribh, créad as ceird dhaóibh?
agus adubhradursan ré Pháraó, aódhairighe caórach do sherbhísigh, sinn
féin araón agus ar naithre mar an gcéadna.


L. Gn47:4


Adubhradursan fós re Pháraó, is do chomhnuidhe san bhfearann do
thangamar: óir ní bhfuil féur ag ad sherbhíseachuibh dhá náirnéis,
óir atá an ghorta go trom a ttír Chánaain; anois dá bhrígh sin
iarrmaóid dathchuinge ort, tabhair áitreabh dot sherbhiseachuibh a
bhfearann Gosen.


L. Gn47:5


Agus do labhair Pháraó ré Ióseph ag rádh, thangadur hathair agus
do dhearbhráithre chugad.


L. Gn47:6


Atá críoch na Hégipte as do choinne: annsa chuid is férr don tír
cuir hathair agus do dhearbhráithre na gcomhnuighe, áitreabhaidís a
bhfearann Gosen: agus más aithne dhuit aónduine cumusach na measg, ann
sin déna uachdarán díobh ós cionn máirnéisi.


L. Gn47:7


Agus tug Ióseph Iácob a athair asteach, agus do shuighidh é as
choinne Pháraó, agus do bheannuigh Iácob Pháraó.


L. Gn47:8


Agus adubhairt Pháraó ré Iácob, cá haóis tú?


L. Gn47:9


Agus adubhairt Iácob ré Pháraó, bliadhna laéthe moilithre is céad
agus tríochad bliadhan íad: fá tearc agus fá holc láethe bliadhna mo
bheatha, agus ní ráinic mé láethe bliadhna bheatha maithreach, a
laethibh a noilithresion.


L. Gn47:10


Agus do bheannuigh Iácob Pháraó, agus dochuaidh sé amach as
fiaghnuise Pháraó.


L. Gn47:11


Agus do áitigh Ióseph a athair agus a dhearbhráithre, agus tug sealbh
dhóibh a ccrích na Hégipte, san chuid dobféarr don dúthaigh, a
bhfearann Rameses, mar do aithin Pháraó dhe.


L. Gn47:12


Agus do oil Ióseph a athair agus a dhearbhráithre, agus muinntir
thighe a athar uile lé harán do réir a muinntire.


L. Gn47:13


Agus ní raibh arán ar bith san tír uile, óir dobhí an ghorta ro
throm, ionnus gur hanbhfainneadh críoch na Hégipte, agus tír
Chánaain uile do bhrígh na gorta.


L. Gn47:14


Agus do chruinnigh Ióseph súas an uile airgead fríth a ccrích na
Hégipte agus a ttír Chánaain ar son anarbha do cheannchadur,
agus tug Ióseph an tairgead asteach go tigh Pháraó.


L. Gn47:15


Agus an tan do thraóth an tairgead a ccrích na Hégipte, agus a
ttír Chánaain, tangadur na Hégiptigh uile chum Ióseph, agus
adubhradur, tabhair dhúinn arán; óir cread fa bhfuighemis bás ad
fhiaghnuisi? óir do imthigh an tairgead uáinn.


L. Gn47:16


Agus adubhairt Ióseph ríu, tugaidh bhur náirnéis uaibh, agus
dobhéura misi beatha dhíbh ar son bhur náirnéisi, má dfaillidh an
tairgead oruibh.


L. Gn47:17


Agus tugadur an áirnéis go Ióseph, agus tug Ióseph arán dóibh ar a
neachuibh, agus ar a ttréduibh, agus ar áirnéis a nealbhann, agus ar a
nassaluibh, agus do bheathaidh sé íad le harán ar son a náirnéisi uile
ar feadh na blíadhnasin.


L. Gn47:18


Anuair do críochnuigheadh an bhlíadhuinsin, tangadur chuige an dara
blíadhuin, agus adubhradur ris, ní cheilfiom ar mo thighearna gur
caitheadh ar gcuid airgid, fuáir ar ttighearna mar an gceadna ar ttréda
áirnéise; níor fágbhadh éinní aguinn a lathair ar ttighearna achd ar
gcuirp agus ar bhfearann.


L. Gn47:19


Uimesin cread fá bhfuighemis bás a bhfiaghnuisi do shúl, sinn féin
araón agus ar bhfearann ar arán, agus bíam féin agus ar bhfearann ar
serbhíseachuibh ag Pháraó: agus tabhair síol dúinn ar chor go maiream,
agus nach bhfuigheam bás, agus nach bía an fearann na fhásach.


L. Gn47:20


Agus do cheannuigh Ióseph fearann na Hégipte uile do Pháraó, óir
do reacadar na Hégiptigh gach énduine dhíobh a fhearann do chionn go
rug an ghorta buáidh orra: marsin tháinic an fearann chum Pháraó.


L. Gn47:21


Agus ar son na ndaóine, do athruigh sé íad do na caithreachuibh ó
chean(n) bhruáich na Hégipte, go nuige an ceann eile dhi.


L. Gn47:22


Amháin fearann na sagart níor cheannuigh sé é, óir dofuaradar na
sagart comhroinn ó Pháraó, agus adúadur a ccomhroinn noch tug
Pháraó dhóibh; uimesin níor reacadur a bhfearann.


L. Gn47:23


Annsin adubhairt Ióseph ris an bpobal, féuchuigh do cheannuigh mé
aniugh sibh féin agus bhur bhfearann do Pháraó; féuchuidh agsin
síol aguibh, agus cuirfidhe an fearann.


L. Gn47:24


Agus tiucfaidh a ccrích annsa mbiseach, go ttiubharthaói an cúigeadh
cuid do Pháraó, agus biaidh cheithre chuid aguibh féin, chum síl an
fearainn, agus chum bhur mbeatha, agus do mhuinntir bhur ttighe, agus mar
bheatha dá bhur leanbuibh?


L. Gn47:25


Agus adubhradarsan, do shábháil tú ar mbeatha: fágmaóid grása a
radharc mo thighearna, agus biamaóid ar serbhíseachaibh ag Pháraó.


L. Gn47:26


Agus dorinne Ióseph sin na dhligheadh ar feadh chríche na
Hégipte gus aniugh, go bhfuighe Pháraó an cúigeadh cuid, achd
amháin fearann na sagart, noch nach ráinic chum Pháraó.


L. Gn47:27


Agus dobhí Israel na coimhnuighe a gcrích na Hégipte a
bhfearann Gosen, agus dobhádur sealbha dúthaigh aca annsin, agus do
fhásadur, agus do líonadur go hiomadamhuil.


L. Gn47:28


Agus do mhair Iócob a gcrích na Hégipte seachd mblíadhna déug:
marsin gurbh í aóis iomlán Iócob, céd agus dá fhichead agus seachd
mblíadhna.


L. Gn47:29


Agus do dhruid aimsir bháis Israel a ngar, agus do ghoir sé a
mhac Ióseph, agus adubhairt sé ris: má fuair mé anois grása ad
radharc, iárruim mar athchuinghe ort, cuir do lámh faóim ladhairg, agus
déna go cinealta fírinneach riom; iárruim dathchuinge ort, ná
hadhlaic mé sa Hégipt.


L. Gn47:30


Ach luidhfidh mé a bhfochair mo aithreach, agus béura tusa leachd mé
as a Négipt, agus adhluic mé a náit a nadhlaicthesion; agus
adubhairt seision, dodhéna mé mar adubhairt tú.


L. Gn47:31


Agus adubhairt seision, tabhair do mhionna dhamh; agus tug sé a
mhionna dhó: agus do chlaón Israel é féin ar cheannadhairt na
leaptha.


L. Gn48:1


Agus tárla a ndíaigh na neitheannso, gur innis duine do Ióseph,
féuch atá hathair tinn; agus rug sé leis a dhías mac, Manasseh agus
Ephraim.


L. Gn48:2


Agus do innis duine do Iácob, agus adubhairt, féuch, atá do
mhac Ióseph ag teachd chugad: agus do neartuigh Israel é féin, agus do
shuigh ar a leabuidh.


L. Gn48:3


Agus adubhairt Iácob ré Ióseph, do fhoillsigh Día uile cumhachdach é
féin damh a Lus a ttír Chánaain, agus do bheannuigh sé mé.


L. Gn48:4


Agus adubhairt sé rium, féuch dodhéna mé tóirrtheach tú, agus
méideóchuidh mé thú, agus dodhéna mé dhíot iomad daóine, agus
dobhéura mé an dúthaidhsi dod shíol ad dhiáigh mar sheilbh
shíorruidhe.


L. Gn48:5


Agus anois do dhías mac, Ephráim agus Manasseh dorugadh dhuit a
gcrích na Hégipte suil tháinig misi chugad doNégipt, is liomsa
iad, mar Reuben agus Simeon is fá liomsa íad,


L. Gn48:6


Agus do chlann noch béurthar dhuit na ndiaigh budh leachd féin iadsin;
agus goirfighear íad do réir anma a ndearbhráithreach ann a noighreachd.


L. Gn48:7


Agus ar mo shonsa anuair tháinic mé ó Pháraó, fúair Rachel bás
agum a ttír Chánaain annsa tslighe, anuair nach raibh ach beagán
sligheadh re teachd go Héphrat: agus do adhluic mé annsin í, ar
slighe Ephrath, agus s ésin féin Betelem.


L. Gn48:8


Agus dochonnairc Israel mic Ióseph, agus adubhairt, cía híadso?


L. Gn48:9


Agus adubhairt Ióseph ré na athair, mo mhicse iadso, noch tug Día
dhamh annsanáitsi: agus adubhairt seision, tabhair chugam iad,
iarruim ort, agus beinneochuidh mé íad.


L. Gn48:10


(Anois do bádur súile Israel trom ó aóis, ionnus nach raibh radharc
aige) agus tug sé a ngar dhó íad, agus do phóg sé íad, agus do
theann ris íad.


L. Gn48:11


Agus adubhairt Israel re Ióseph: níor shaóil misi go bhfaicfinn
do ghnúis go bráth, agus féuch tug Día dhamh radharc fós air do
shíol.


L. Gn48:12


Agus tug Ióseph amach ó idir a dhá ghlún íad, agus do chlaón é féin
gon a aghuidh chum na talmhan.


L. Gn48:13


Agus do ghlac Ióseph íad araón Ephráim ann a láimh dheis leath ré
láimh chlí Israel, agus Manasseh ann a láimh chlé leath re láimh
dheis Israel, agus tug sé a bhfogus dó íad.


L. Gn48:14


Agus do shín Israel a lámh dheas amach, agus do chuir ar cheann
Ephraim í, eadhon an mac budh óige, agus a lámh chlé ar ceann
Manasseh, ag tréorughadh a lámh go gérchúiseach; óir dobé Manasseh
dorugadh ar ttús,


L. Gn48:15


Agus do bheannuigh sé Ióseph, agus adubhairt; Día ós cuinne ar
shiobhail mo aithreacha Abraham agus Isaac, an Día do bheathuigh
mé ar feadh mo shaóghal gus aniugh,


L. Gn48:16


An taingiol do fhúasguil mé ón uile olc, go mbeannuighe sé na
leinimh; agus goirthear mainmsi orra, agus ainm maithreach Abraham
agus Isaac: agus fásaidís na niomadamhlachd a meadhon na talmhan.


L. Gn48:17


Agus anuáir dochonnairc Ióseph gur chuir a athair a lámh dheas ar
cheann Ephraim, do ghoill sé air: agus do chonnuimh súas lámh a
athar da hathrughadh ó chionn Ephraim ar chionn Mhanasseh.


L. Gn48:18


Agus adubhairt Ióseph ré na athair, ní marsin a athair, óir is é
so an mac as sine, cuir do lámh dheas ar a cheann.


L. Gn48:19


Agus do dhíult a athair, agus adubhairt, atá a fhios agam a mhic, atá
a fhios agam, biáidh seision mar an gcéadna na phobal, agus biáidh sé fós
mór, ach go deimhin budh mó a dhearbhráthair is óige ná é, agus fásfuidh a
shíol na niomad cineadhach.


L. Gn48:20


Agus do bheannuigh sé íad an lásin, ag rádh, go ndeárna Día thusa
mar Ephraim, agus mar Mhanasseh.


L. Gn48:21


Agus adubhairt Israel ré Ióseph, féuch atáimsi ag fágháil bháis,
ach biáidh Día maille ribhsi, agus dobhéura sé arís sibh go dúthuigh
bhur naithreach.


L. Gn48:22


Tuilleadh eile tug mé dhuitsi cuid ronna ós cionn do
dhearbhráithreach, noch do bhean mé amach as láimh aNámoritigh lem
chloidheamh, agus léam bhogha.


L. Gn49:1


Agus do ghoir Iácob ar a mhacaibh, agus adubhairt sé, cruinnighidh
sibh féin a bhfochair a chéile, nó go ninneosa mé, dhaóibh cread
theigeamhus daóibh sna láethibh deighionacha.


L. Gn49:2


Cruinnighidh sibh féin a bhfochair a chéile, agus éisdigh a mhaca
Iácob, agus tugaidh aire do Israel bhur nathair.


L. Gn49:3


A Reuben is tú mo chéidghin, mo chumas agus tosach mo neirt,
oirdhearcus dingnite, agus oirdhearcus chumhachda.


L. Gn49:4


Neamhfhosuigh mar uisge, ní rachuidh tú a ccumhachda do bhrígh go ndeacha tú
súas a leabuidh hathar: annsin do shaluigh tú í, dochuaidh sé
suas am chúil.


L. Gn49:5


Símeon agus Lébhi dearbhráithre íad, ionstruimentigh fuilteachda ann a
náitreabhuigh.


L. Gn49:6


O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir ná bí anaóntuigh ré na
gcruinniughadh; óir do mharbhadur duine anna bhfeirg, agus anna nantoil
féin do thochladur síos balla.


L. Gn49:7


Go madh malluighe a bhfeirg, óir dobhí sí nimhneach; agus a
ndíbhfeirg, óir dobhí sí fuilteach: roinnfidh me íad a nIácob, agus
scaóilfead ó chéile iad a nIsrael.


L. Gn49:8


A Iúdah, as tusa an té noch mholfuid do dhearbhraithre; biaidh do
lámh a muinéul do námhad; claónfuidh clann hathar síos ad lathair.


L. Gn49:9


Is coilén leomhain Iúdah; ón chreich dochuáidh tú súas, a mhic: do
chrom sé síos, do luigh sé mar leomhan, agus mar sheanleomhan; agus
cía dhúiseochus súas é?


L. Gn49:10


Ní dheileochuidh an tslat Ríoga ré Iúdah, nó fear tabhartha an
dlighe ó bheith eidir a chosuibh, nó go ttiucsa Síloh, agus is
chuigesion bhías cruinniughadh na ndaóine.


L. Gn49:11


Ag ceangal a shearruigh don fíneamhuin, agus bromuigh a assail don
rogha fíneamhna; do nigh sé a éudach a bhfíon, agus a culuidheaca a bhfuil
grápuighe.


L. Gn49:12


Beidh a shúile dearg ó fhíon, agus a fhíacla geal ó bhainne.


L. Gn49:13


Áitreochuidh Sebulun a gcúan na fairge; agus biaidh sé na chúan
long, agus biaidh a imiol go nuige Sídon.


L. Gn49:14


Isachar ís assal láidir é, ag crumadh síos idir dhá úalach.


L. Gn49:15


Agus dochonnairc sé gur mhaith an ní suáimhneas, agus an dúthaigh gur
taitneamhach é; agus do chlaón a ghúala diomchur úaluigh, agus táinig na
sherbhíseach do áirdchíos.


L. Gn49:16


Dodhéana Dan breitheamhnus ar a dhaóinibh, mar aón do threabhuibh
Israel.


L. Gn49:17


Biaidh Dan na athair nimhe ar a tslighe, na ader ar an mbealach,
noch ghearras sála na neach, ionnus go ttuitfidh an marcach a ndiaigh a
chúil.


L. Gn49:18


Dobhí mé ag fuireach réad shlanúghadh a thighearna.


L. Gn49:19


Gad, claóifidh slúagh é, ach béuruidh sesion buáidh fá dheireadh.


L. Gn49:20


Amach as Aser biaidh a arán ramhar, agus dobhéara uadh sógh Ríoga.


L. Gn49:21


Naphtalí, is eilid arna scaóileadh amach é, dobheir bríathra
maithe uadh.


L. Gn49:22


Ióseph, is craóbh thoruidh é, craóbh thoruidh dháríribh láimh ré
tobar; noch a leathnuighionn a ghéuga amach tar an mballa.


L. Gn49:23


Do ghoilleadur na saighideóirigh air go géur, agus do chaitheadur é,
agus do fhuathuigheadar é.


L. Gn49:24


Ach do mhair a bhogha láidir, agus dorinneadh rightheach a lámh
láidir lé lámhuibh Dé chumhachduigh Iácob; is assin an taódhaire,
cloch Israel.


L. Gn49:25


Lé Día hathar dáríribh, noch chuidéochas leachd, agus leis an uile
chumhachdach, noch bheinneóchus tú le beannughadh nimhe shuas, beannughadh
an aigéin atá aníochdar síos, beannughadh na gcíoch, agus na mbronn.


L. Gn49:26


Rugadar bennachda a hathar buaidh ós cionn bheanachd mo shinnsiorsa
go nuige an teórann as faide amach do na cnocuibh síorruidhe; béid síad
ar cheann Ióseph, agus ar chóróin chinn an tí do dealuigheadh re
na dhearbhráithribh.


L. Gn49:27


Biáidh Beniamin fuaduigheach mar mhadra alla; ar maidin sluicfidh sé
a fhiadhach, agus annsan oidhche rannfuidh sé an chreach.


L. Gn49:28


As íadso uile dhá threabh dhéag Israel: agus aséso an ní do
labhair a nathair ríu, agus do bheannuigh íad; gach aón fá leith do réir
a bheannachda do bheannuigh íad.


L. Gn49:29


Agus do chuir cúram orra, agus adubhairt ríu, atáimsi anam mo
chruinnighthe chum mo dhaóine féin, adhlaicidh mé a bhfochair
maithreach, annsan uamhuigh atá a magh Ephron an hititeach.


L. Gn49:30


Annsan uamhuigh atá a magh Mhachpelah, noch atá as coinne
Mhamre, a ttír Chánaain, noch do cheannuigh Abraham maille re
magh Ephron an hititeach mar sheilbh áite adhluicthe.


L. Gn49:31


Annsin do adhluiceadar Abraham agus Sárah a bhean, is annsin do
adhluiceadar Isaac, agus Rebecah a bhean, agus is ann do adhluic
misi Léah.


L. Gn49:32


Ceannuigheachd an mhachaire agus na huámha atá ann, is ó chloinn
Hét dofríth í.


L. Gn49:33


Agus anuáir do chríochnuigh Iácob aitheanta do thabhairt dá
chloinn, do chruinnigh súas a chosa san leabuigh agus do fáeidh a
spiorad súas, agus do chruinniughadh chum a dhaóine féin é.


L. Gn50:1


Agus do luigh Ióseph ar aghuidh a athar, agus do ghuil air, agus do
phóg é.


L. Gn50:2


Agus do aithin Ióseph dá shearbhfoghantuibh na leagha, a athar do
bhalmnuighadh: agus do bhalmnuigheadur na leagha Israel.


L. Gn50:3


Agus do coimhlíonadh ceathrachadh lá dhó: óir is mairsin coimhlíontar
laéthe na druinge doníthear a bhalmnughadh, agus dorinneadur na
Hégiptigh doilghios ar a shoin, trí fichid agus deich lá.


L. Gn50:4


Agus anuáir dochúadar láethe a ndóbhróin tharrsa, do labhair
Ióseph ré tigh Pháraó, ag rádh, anois má fuair mé grása ann bhur
radharc, guidhim sibh, labhruidh a gclúasuibh Pháraó ag rádh.


L. Gn50:5


Do bhean mathair mionna dhíom ag rádh, féuch atáim ag fágháil
bháis: ann muaighe do thochuil mé dhamh féin a ttír Chánaain,
annsin adhlocus tú mé: Anois íarruim dathchuinge ort, léig dhamh dul
súas, agus mathair dadhlacadh, agus tiocfa mé arís.


L. Gn50:6


Agus adubhairt Pháraó, imthigh súas, agus adhluic hathair mar do
thug mionna ort.


L. Gn50:7


Agus dochuaidh Ióseph súas d adhlacadh a athar, agus dochuadar
serbhísigh Pháraó uile suas leis, seanóirigh a thighe, agus seanóirigh
chríche na Hégipte uile.


L. Gn50:8


Agus tigh Ióseph uile, agus a dhearbhráithre, agus tigh a athar: achd
amháin a miondaóine, agus do fhágbhadur a bhfearann Gosen


L. Gn50:9


Agus dochuaidh suas leis, carbuid fós agus marcshluagh, agus bá
rómhór an chuideachda íad.


L. Gn50:10


Agus tangadur go hurlár bhuailte Atad, noch atá taóbh thall do
Iórdan, agus annsin dorinneadur cumha maille ré caóineadh adhbhalmhór:
agus dorinne dóbhrón annsin ar son a athar seachd lá.


L. Gn50:11


Agus anuair dochoncadur áitreabhuigh na háite, na Cananítigh, an
chumha anurlár Atad, dubhradur, is doilghiosach an chumhaso ar na
Hégiptibh; uimesin do ghoireadh Abel Misraim dainm dhe, noch
atá taóbh thall do Iordan.


L. Gn50:12


Agus dorinneadur a chlann mhac ris mar do aithin sé dhíobh,


L. Gn50:13


Óir dorugadar a chlann leó é go tír Chánaain, agus do adhlaiceadar
é anuamhaigh mhaighe Mhacpelah, noch do cheannuigh Abraham
maille ris an machaire mar sheilbh chum áite adhluicthe, ó Ephron an
Hitíteach as coinne Mhamre.


L. Gn50:14


Agus do fhill Ióseph doNégipt, é féin agus a dhearbhráithre,
agus a neachuidh leis suas uile dadhlacadh a athar.


L. Gn50:15


Agus anuair dochoncadur dearbhráithre Ióseph go bhfuair a
nathair bás, adubhradur, dobféidir go mbiadh fúath ag Ióseph
dhúinne, agus go gcúiteochadh rinn go deimhin a ndearnamar dolc air.


L. Gn50:16


Agus do chuireadur teachda a gcion Ióseph, dá rádh, do aithin
hathair roimh a bhás, dá rádh.


L. Gn50:17


Marso adérthaói ré Ióseph: guidhim thú anois, maith cionta do
dhearbhráithreach agus a bpeacadh: óir dorinneadur olc ort: agus anois
íarmuid dachthuinge ort, maith cionta serbhíseach Dé hathar: Agus do
ghuil Ióseph anuáir do labhradur ris.


L. Gn50:18


Agus dochuadur a dhearbhraithre mar an gcéadna, agus do luigheadur
síos a bhfiaghnuisi a aighthe, agus adubhradur, féuch is sinne do
sherbhísigh.


L. Gn50:19


Agus adubhairt Ióseph ríu, ná bíodh eagla oruibh: óir an
bhfuilimsi anáit Dé?


L. Gn50:20


Achd ar bhur sonsa do smuaineabhair olc am aghaidhsi, do
mheadhuigh Día chum maitheasa é, dá tabhairt a ccrích mar atá aniugh, do
chongmháil móráin daóine beo.


L. Gn50:21


Anois uimesin ná bíodh eagla oruibh, oilfidh misi sibh, agus bhur n
aós óg; agus do chomhfhurtaigh íad, agus do labhair go cinealta ríu.


L. Gn50:22


Agus do áitreibh Ióseph saNégipt, é féin agus tigh a athar, agus
do mhair Ióseph céad agus deich mblíadhna.


L. Gn50:23


Agus dochonnairc Ióseph clann Ephraim don treas geinealach; clann
Machir mar an ccéadna mac Mhanasseh, do tógbhadh súas iad ar
ghlúinibh Ióseph.


L. Gn50:24


Agus do ráidh Ióseph ré na dhearbhráithribh, atáimsi ag éug: agus
fóirfe Día oruibhsi go deimhin, agus béura sé as an ttírsi sibh, gus
an ttír do mhionnuigh sé do Abraham, do Isaac, agus do Iácob.


L. Gn50:25


Agus tug Ióseph mionna ar chloinn Israel, ag rádh, féchfuidh Día
oruibh go deimhin, agus béurthaói mo chnámhasa suas asso.


L. Gn50:26


Marsin do éug Ióseph ar mbeith dhó céad agus deich mblíadhna
daóis, agus do bhalmuigheadur é agus do cuireadh a ccomhra saN
égipt é.


L. Ex



An dara leabhar do Mhaoise, da ngoirthear Exodus.


L. Ex1:1


Anois is íadso anmana chloinne Israel, noch tháinic doNégipt;
dotháinic gach duine gona mhuintir lé Iácob.


L. Ex1:2


Reuben, Simeon, Lébhi, agus Iúdah.


L. Ex1:3


Ishachar, Sebulun, agus Beniamin.


L. Ex1:4


Dan agus Naphthali, Gad, agus Aser.


L. Ex1:5


Agus an uile anam dá ttáinic ó fhordhronnuibh Iácob bá
seachdmhodhad anam íad: óir dobhí Ióseph saNégipt cheana.


L. Ex1:6


Agus fuáir Ióseph bás, agus a dhearbhráithre uile, agus an
dínesin go hiomlán.


L. Ex1:7


Agus dobhádur clann Israel tóirrtheach, agus do fhásadur go
hiomarcach, agus do fhásadur roneartmhur, agus do líonadh an talamh
leó.


L. Ex1:8


Anois do éirigh suas Rígh nua os cionn na Hégipte, ag nach raibh
eólus ar Ióseph aige.


L. Ex1:9


Agus adubhairt sé rena dhaóinibh, féuchuidh is mó agus is
cumhachduighe clann Israel ná sinne.


L. Ex1:10


TIgidh uáibh, dénum ríu go críonna, deagla go líonfaidís, agus go
ttiucfadh chum chríche, an tan theigeomhadh cogadh ann, go
tteannfaidís mar an gcédna lear naimhdibh, agus go ttroidfidís ar
naghuidh, agus go rachfaidís marsin amach as a tír.


L. Ex1:11


Uimesin do chuireadur luchd daoirmheasda ós a ccionn, dá bpíanadh le
na núaluighibh: agus do thógbhadar caithreacha do Phárao chum
ionnmhuis, Pitom, agus Ramses.


L. Ex1:12


Ach da mhéid do phíanadur iad, as móide do líonadur agus do fhásadur
é: agus dobhí doilghios orra tré chloinn Israel.


L. Ex1:13


Agus tugadur na Hégiptigh ar chloinn Israel serbhís do dhéanamh le
díbhfeirg.


L. Ex1:14


Agus dorinneadur a mbeatha searbh lé daoirsi chruaidh a moirtéur,
agus a mbríce, agus ann an uile shórt serbhíse annsa mhachaire; an uile
sherbhís ann a ttugadar orra foghnamh, dobhí sí maille ré díbhfeirg.


L. Ex1:15


Agus do labhair Rígh na Hégipte ré mnáibh tuismighe na
Neabhrudheach (bean aca darbh ainm Siphrah, agus ainm an dara mná
Puah.)


L. Ex1:16


Agus adubhairt sé, anuáir do bheithí ag deanamh oifige mná tuismighe
do na mnáibh Eabhruidheach, agus dochifí íar tuismeadh íad, más mac bhías
ann marbhuidh é, ach más inghean bhías ann biáidh sí beó.


L. Ex1:17


Ach dobhí eagla Dé ar na mnáibh tuismighe, agus ní dhearnadur mar
adubhairt Rígh na Hégipte ríu, agus do chumhduigheadur an clann
mhac beó.


L. Ex1:18


Agus do ghoir Rígh na Hégipte ar na mnáibh tuismighe, agus a
dubhairt ríu, cred fá ndérnabhair an nísi, agus ar chumhduigheabhair
an chlann mhac beó?


L. Ex1:19


Agus adubhradur na mná tuismighe le Phárao, do chionn nach
bhfuilid na mná Eabhruidheacha mar na mnáibh Égipteacha; óir
atáidsion beódha, agus beirid suil thigid na mná tuismighe asteach
chuca.


L. Ex1:20


Uimesin dorinne Día go maith ris na mnáibh tuismighe, agus do
líonadur na daóine agus do fhásadur roláidir.


L. Ex1:21


Agus tárla do chionn go raibh eagla Dé ar na mnáibh tuismighe, go
ndearna sé tighthe dhóibh.


L. Ex1:22


Agus do fhúagair Phárao dá mhuinntir uile ag rádh, gach uile mhac
dá mbéurthar teilgidh é san abhuinn, agus gach uile ingean
cuimhdeochthaoi beó í.


L. Ex2:1


Agus dochuáidh duine as tigh Lébhi agus do phós sé inghean do
Lébhi.


L. Ex2:2


Agus do toirrcheadh an bhean agus rug sí mac, agus anuáir
dochonnairc sí go raibh sé na naóidhean bhréaghdha, do cheil sí é ar
feadh thrí míosa.


L. Ex2:3


Agus anuáir nár fhéad sí a cheilt ní budh faide, dorinne sí chomhra
buigbhinne, agus do chuir dóbáil lathuighe agus pic uirre, agus do chuir
an leanamh innte; agus do chuir annsa tsoiliostar ar bhruach na h abhann
é.


L. Ex2:4


Agus do sheas a dheirbhshiúr a bhfad úadh, dfios cread dodhéntaói
ris.


L. Ex2:5


Agus táinig inghean Phárao anúas dá nighe féin ag anabhuinn, agus
dobhádur a cailínigh ag siubhal ar bhrúach na habhann: agus anuáir
dochonnairc sisi an chomhra a measg an tsoiliostair, do chuir sí a
cailín dá thabhairt chuice.


L. Ex2:6


Agus anuáir do osguil sí í, dochonnairc sí an leanamh; agus féuch do
ghoil an naóidhean; agus dobhí truáighe aice dhó, agus adubhairt sí, is
aon do chloinn na Neabhruidheach so.


L. Ex2:7


Annsin adubhairt a dheirbhshiúr re hinghin Phárao: an racha misi do
ghairm banaltrann do na mnáibh Eabhruidheacha chugad, go noilfid an
leanamh dhuit.


L. Ex2:8


Agus adubhairt inghean Phárao ria, éirigh: Agus doimthigh an cailín,
agus do ghoir sí mathair an leinimh.


L. Ex2:9


Agus adubhairt inghean Phárao ría; beir an leanamhso leachd, agus
oil damhsa é, agus dobhéura mé do thúarusdal duit: agus do ghlac an
bhean an leanamh, agus do oil sí é.


L. Ex2:10


Agus do fhás an leanamh, agus tug sí do inghin Phárao é, agus dobhí
na mhac aice; agus tug sí Maóise dainm air: agus adubhairt sí, do
chionn gur tharruing mé as an uisge é.


L. Ex2:11


Agus tárrla fanamsin anuáir do fhás Maóisi go ndeachuidh sé
amach mar a rabhadur a dhearbhráithre, agus gur fhéuch sé ar a
núaluighibh: agus dochonnuirc Égipteach ag bualadh Eabhruidhigh, aón
dá dhearbhráithribh.


L. Ex2:12


Agus do fhéuch sé annso agus annsúd, agus anuáir dochonnairc nach
raibh aónduine ann, do mharbh sé an Tégipteach, agus do fholuigh sé
annsa ghaineamh é.


L. Ex2:13


Agus anuáir dochuáidh sé amach an dara lá, féuch dobhádur días do na
Heabhruidhibh ag troid: agus adubhairt seision ris an té dorinne an
éccóir, Créad fá mbuaileann tú do companach?


L. Ex2:14


Agus adubhairt seision, cía rinne prionnsa, agus breitheamh dhíotsa
ós ar ccionnne? an é shaóilios tú misi mharbhadh, mar do mharbh tú an
Tégipteach? agus do ghlac eagla Maoisi, agus adubhairt sé, is deimhin
gur fríth fios an ghníomhasa.


L. Ex2:15


Anois anuáir dochúaluidh Phárao an nísi, do íarr sé Maóisi do
mharbhadh, ach do theith Maóisi as radharc Phárao, agus do chomhnuigh sé
a gcrích Mhídian: agus do shuigh sé síos láimh re tobar.


L. Ex2:16


Anois dobhí ag sagart Mhídian móirsheisior inghean: agus tangadur,
agus do thairngeadur uisge, agus do líonadur na humair do thabhairt uisge
do thréad a nathar.


L. Ex2:17


Agus tangadar na haódhairíghe, agus do chuireadur ar siubhal íad; ach
do sheas Maóisi agus do chuididh leó, agus tug uisge dá ttréud.


L. Ex2:18


Agus anuáir thangadur mar a raibh Rebhel a nathair adubhairt sé,
cionnus tangabhair comhluath so aniugh.


L. Ex2:19


Agus adubhradarsan, do shaór Égipteach sinn ó lámhuibh na n
aódhaireadh, agus fós do tharruing uisge go lór dhúinn, agus tug uisge don
tréud.


L. Ex2:20


Agus adubhairt seision réna ingheanuibh, cáit a bhfuil an tésin?
créad fár fhágabhair an tóglach? goiridh é asteach go nithidh sé arán.


L. Ex2:21


Agus bá toil le Maóisi comhnuighe a bhfochair an óglaóichsin: agus
tug sé do Mhaóisi Sipporah a inghean mar mhnaói.


L. Ex2:22


Agus rug sí mac dhó, agus tug Gersom dainm air; óir ar seision, do
bhí mé am choigcríoch a ttír choigrích.


L. Ex2:23


agus tárla a gcionn aimsire go bhfuáir Rígh na Hégipte bás, agus
dobhádur clann Israel ag osnadhuigh tré mhéid a ndaóirse: agus do
éigmheadar; agus táinic a néighmhe súas chum Déé tré na ndaóirse.


L. Ex2:24


Agus dochúaluidh Día a nuchbhadhach, agus do chuimhnigh Día a
chunnradh re Hábraham, re Hísaac agus re Iácob.


L. Ex2:25


Agus do fhéch Día ar chloinn Israel, agus dobhí truáighe ag Día
dhóibh.


L. Ex3:1


Anois dobhí Maóisi ag cumhdach chaórach Iéthroh a chlíamhuin,
Sagart Mhídia, agus táinic go slíabh Dé, eadhon go Hóreb.


L. Ex3:2


Agus táinic aingeal an tighearna chuige a lasair theineadh amach as
lár craóibhe, agus damhairc seision, agus féch dobhí an chraóbh tré
lasadh ó theineadh, agus níor loisgeadh an chraóbh.


L. Ex3:3


Agus adubhairt Maóisi, fillfidh mé anois a leathtaóibh, agus féuchfa
mé ar an radharc mórsa, cred fá nach loisgear an chraóbh.


L. Ex3:4


Agus anuáir dochonnairc an tighearna gur fhill sé a leathtaóibh dá
fhaicsin sin, do ghoir Día air amach as lár na craóibhe, agus adubhairt
sé, a Mhaóisi, a Mhaóisi: agus adubhairt seision, atáim annso.


L. Ex3:5


Agus adubhairt seision, ná tárr a bhfogus annso: cuir dhíot do
bhróga dod chosuibh: óir an áit ar a bhfuil tú ad sheasamh, is talamh
naómhtha é.


L. Ex3:6


Adubhairt sé ós a chionnsin fós, is misi Día hathar, Día Abraham,
Día Isaac, Día Iácob: Agus do fholuigh Maóisi a aghuidh, óir dobeagal
leis féchuin ar Dhía.


L. Ex3:7


Agus adubhairt an tighearna, is deimhin go bhfaca misi scíursa mo
phobuil, noch atá saNégipt, agus dochúala mé a néighmhe, do bhrígh a
mhaighistreach tascuidh: óir atá fios a ndoilghis agam.


L. Ex3:8


Agus tháinic mé anuas dá saóradh as lámhuibh na Négiptach, agus
dá mbreith súas as an tírsin, go fearann maith fairsing, go fearann do
bheir tuile bhainne agus mheala; go háit na cCananíteach, agus na
Hititech, agus na Iebusiteach, agus na Namoríteach, agus na



Bperisíteach, ag na Hibhiteach.


L. Ex3:9


Anois uimesin, féuch, tangadur comhairc chloinne Israel chugamsa,
agus dochonnairc mar an gcéadna an fóirneart léar bhruigheadar na
Hégiptigh íad.


L. Ex3:10


Tárr anois uimesin agus cuirfe misi dionnsuighe Phárao thú, ionnus
go ttiubhra tú mo phobal, clann Israel, amach as a Négipt.


L. Ex3:11


Agus adubhairt Maóisi ré Día, cía misi as a rachuinn go Phárao,
agus as a ttiubhruinn clann Israel amach as aNégipt.


L. Ex3:12


Agus adubhairt seision, go deimhin biáidh misi leachd, agus biáidh so
mar chomhartha agad, gur chuir misi ann tú; an uair dobhéura tú an pobal
amach as aNégipt dodhéntaói serbhís do Dhía ar a tsliabhsa.


L. Ex3:13


Agus adubhairt Maóisi ré Día, féuch anuair thiocfas misi a ccion
chloinne Israel, agus adéura mé ríu, do chuir Día bhur naithreadh
chuguibh mé, agus adéruidhsion riomsa, cá hainm atá air? créad
adéura misi annsin ríu.


L. Ex3:14


Agus adubhairt Día ré Maóisi: AS ME AN TI AS ME: agus adubhairt sé,
marso adéura tú ré clannuibh Israel, ATA MISI, do chuir chuguibh mé.


L. Ex3:15


Agus adubhairt Día ós a chionnso ré Maóisi, déura tú re clannuibh
Israel: an tighearna Día Isaac, agus Día Iácob, do chuir misi chuguibh:
séso mainm go bráth, agus séso mo chuimhne donuile gheinealach.


L. Ex3:16


Eirigh, agus cruinnigh sinnsir Israel a bhfochair a chéile, agus
abair ríu do foillsigh an tighearna, Día bhur naithreadh, Día Abraham,
Día Isaac, agus Día Iácob, é féin damhsa ag rádh, tháinic mé go deimhin
dá bhur bhfiosrúghadh agus, dochonnairc mé an ní dorinneadh ribh
saNégipt.


L. Ex3:17


Agus adubhairt mé, béura mé súas sibh as buaidhreadh na Hégipte go
fearann na gCananíteach, agus na Hitítech, agus na Namorítech, agus na
Bperisiteach, agus na Nibhíteach, agus na Iebusítech; go tír dobheir
tuile bhainne, agus mheala.


L. Ex3:18


Agus umhlochuidh síadsan dod ghlór, agus tiucfa tusa agus sinnsir
Israel a cceann Rígh na Hégipte, agus déura tú ris; tárla an tighearna
Día na Neabhrudheachsin, agus anois iarrmaóid dathchuinge ort léig
dhúinn dul aistior thrí lá san bhfásach, go ndeárnamaóis iodhbairt don
tighearna ar nDía féin.


L. Ex3:19


Agus atá a fhios agumsa nach léigfidh Rí na Hégipte dhaóibh
imtheachd, agus ní léigfe achd lé láimh láidir:


L. Ex3:20


Agus sínfe misi mo lámh amach, agus buailfe mé a Négipt leam uile
iongantuibh, noch dodhéana mé ann a lár, agus na dhiaigh sin léigfidh
sé dhaóibh imtheachd.


L. Ex3:21


Agus dobhéura misi do na daóinibhsi fabhar a bhfiaghnuisi na N-
égipteach, agus tiucfa dhe anuair imeochthaói, nach folumh imeochthaói.


L. Ex3:22


Ach béuruidh gach éinbhean áirleagadh ó na comharsain, agus ón
mhnaói bhías ar cuairt na tigh, seóid airgid, agus seóid óir, agus
éduighe; agus cuirfídhe íad ar bhur macuibh agus ar bhur ningheanuibh,
agus creachfuighe na Hégiptigh.


L. Ex4:1


Agus do fhreagair Maóisi, agus adubhairt, ach féuch, ní chreidfidh
síad mé, agus ní éisdfidh rem ghuth; óir adéruid síad, níor thaisbéin an
tighearna é féin duit.


L. Ex4:2


Agus adubhairt an tighearna ris, créad é an nísin ad láimh? agus
adubhairt seision, atá slat.


L. Ex4:3


Agus adubhairt sé, teilg ar talamh í, agus do theilg seision ar talamh
í, agus dorinneadh nathair nimhe dhi, agus do theith Maóisi roimpe.


L. Ex4:4


Agus adubhairt an tighearna ré Maóisi, cuir do lámh amach, agus glac
í ar earball, agus do chuir amach a lámh, agus do ghlac í, agus do
rinneadh slat di iona láimh.


L. Ex4:5


Ar chor ar sé go gcreidfidís gur fhoillsigh an tighearna Día a nathar,
Día Abrahaam, Día Isaac, agus Día Iácob é féin duit.


L. Ex4:6


Agus adubhairt an tighearna ris ós a chionnsin, cuir anois do lámh ad
bhrollach; agus do chuir sé a lámh iona bhrollach; agus anuair tug sé
amach í, féuch, dobhí a lámh lubhrach mar shneachda.


L. Ex4:7


Agus adubhairt sé, cuir do lámh ad bhrollach arís: agus do chuir a
lámh na bhrollach arís, agus tug amach as a bhrollach í, agus féuch do h
iompóigeadh í arís mar an gcuid eile dá fhéoil.


L. Ex4:8


Agus tiucfa a gcrích muna ccreididh síad thú, agus nach tiubhruidh
eisdeachd do ghuth an chédchomhartha, go gcreidfidh síad guth an chomhartha
dheighionuigh.


L. Ex4:9


Agus tiucfa a gcrích mar an gcéadna, muna ccreidid síad ceachtar don dá
chomharthasa, agus nach éisdfid red ghuthsa, go nglacfa tú duisge na
habhann, agus go ndóirtfe tú é ar an talamh tirim, agus an tuisge
bhéuras tú as an abhuinn go mbía na fhuil ar an dtalamh tirim.


L. Ex4:10


Agus adubhairt Maóisi ris an ttighearna, ó mo thighearna ní
bhfuilimsi deaghlabhartha, ná roimheso, ná ó labhair tusa réd
sherbhíseach: Achd atáim mall a ccómhrádh, agus mall a dteanguidh.


L. Ex4:11


Agus adubhairt an tighearna ris, cía rinne béul an duine, nó cía ní
an balbh nó an bodhar, nó an té dochí nó an dall? nach misi an tighearna
dorinne íad.


L. Ex4:12


Anois ar anadbharsin imthigh, agus biáidh misi maille red bhéul,
agus múinfe mé dhuit cread adéura tú.


L. Ex4:13


Agus adubhairt seision, ó mo thighearna, guidhim thú, cuir uait ris
an té noch chuirfeas tú uait.


L. Ex4:14


Agus do las fearg Dé re Maóisi agus adubhairt, nach é Aaron an
Lébhitech do dhearbhrathair? atá a fhios agam go labhrann sé go maith.
Agus mar an gcéadna, féuch atá sé ag teachd amach do theagmháil riot, agus
anuair dochífe thú, biáidh lúthgháireach iona chroidhe.


L. Ex4:15


Agus laibhéora tusa ris, agus cuirfe tú bríathra iona bhéul, agus
biáidh misi maille red bhéulsa, agus lena bhéulsan, agus múinfe mé
dhaóibh cread do dhéanthaói:


L. Ex4:16


Agus biáidh seision na fhior eidirmhínighe agad ris an bpobal, agus
biáidh sesion, biáidh sesion féin a náit béil duitsi, agus biáidh
tusa a náit Dé dhósan:


L. Ex4:17


Agus glacfa tú an tslatso ad láimh, le ndéana tú comharthuighe.


L. Ex4:18


Agus do imthigh Maóisi, agus do fhill ar Iéthro a chlíamhuin,
agus adubhairt ris, guidhim thú léig dhamsa imtheachd, agus filleadh ar mo
dhearbhráithribh atá saNégipt, dá fhéachuin an bhfuilid béo fós: agus a
dubhairt Iéthro ré Maóisi, éirigh a síothcháin.


L. Ex4:19


Agus adubhairt an tighearna ré Maóisi a Mídian, éirigh, fill
doNégipt, óir do éugadur uile an mhéid dobhí ag íarruidh do bháis.


L. Ex4:20


Agus rug Maóisi a bhean agus a mhic leis, agus do chuir ar asal íad,
agus do fhill go crích na Hégipte. Agus do ghlac Maóisi slat Dé
na láimh.


L. Ex4:21


Agus adubhairt an tighearna re Maóisi, anuair imeochus tú chum
fileadh don Égipt: féuch go ndéna tú na míorbhuirlesi uile as coinne
Phárao, noch do chuir misi ad láimh: ach cruádhéocha misi a chroidhe,
ionnus nach léigfidh don phobal imtheachd:


L. Ex4:22


Agus déura tusa re Phárao: marso adeir an tighearna: sé Israel mo
mhac, mo chéidghin fós.


L. Ex4:23


Agus adeirim riotsa, léig mo mhac ar siubhal, ionnus go ndéna sé
serbhís damhsa, agus má dhiúltann tú léigen dó imtheachd, féuch muirfidh
misi do mhacsa, do chéidghin fós.


L. Ex4:24


Agus tárla ar an tslighe san tigh ósta, gur chas an tighearna air,
agus gur íarr a mharbadh.


L. Ex4:25


Annsin do ghlac Sipporah cloch ghéur, agus do ghearr réumhchroiceann
a mhic, agus do theilg fa ná chosuibh é, agus adubhairt: go deimhin is fear
fuilteach dhamhsa thú.


L. Ex4:26


Do léig sé uadha marsin é: annsin adubhairt sisi, as fear
fuilteach thú, do bhrígh an timchillghéarrtha.


L. Ex4:27


Agus adubhairt an tighearna re Aáron: imthigh fán bhfásach do
theagmháil re Maóisi: agus do imthigh sé, agus tárla leis é a slíabh
Dé, agus do phóg é.


L. Ex4:28


Agus do innis Maóisi do Aáron bríathra an tighearna uile, noch do
chuir uadh é, anuile comhartha dar aithin de.


L. Ex4:29


Agus do imthigh Maóisi agus Aáron, agus do chruinnigheadur a
bhfochair a chéile sinnseara chloinne Israel uile.


L. Ex4:30


Agus do labhair Aáron anuile fhocal dár labhair an tighearna re
Maóisi, agus dorinne na comharthadha a lathair an phobail.


L. Ex4:31


Agus do chreideadar an pobal, agus anuáir dochualadar go ttáinic
an tighearna dfiosrughadh chloinne Israel, agus go bhfacaidh sé a
mbuaireadh, annsin do chromadar a gcinn agus dorinneadar umhla.


L. Ex5:1


Agus na dhiáighsin dochuáidh Maóisi agus Aáron asteach, agus do
innseadur do Phárao: marso adeir an tighearna Día Israel, léig dom
phobal imtheachd go ndearnaid féusda dhamhsa san bhfásach.


L. Ex5:2


Agus adubhairt Phárao, cía hé an tighearna da numhlochuinnsi dhá
ghlór, as a léigfinn Israel dimtheachd uaim? ní haithnid damhsa an
tighearnasin, agus ní mó léigfeas mé Israel dimtheachd uáim.


L. Ex5:3


Agus adubhradarsan tárla Día na Neabhruidheach rinn: léig dúinn
imtheachd, iarmaóid ort, uidhe thrí lá ann sa bhfásach, agus iodhbuirt do
dhénamh don tighearna ar nDía, deagla go luidhfiodh sé oruinn le pláigh
nó le cloidheamh.


L. Ex5:4


Agus do ráidh Rígh na Hégipte ríu, cread fa mbacthaoisi, a
Mhaóisi agus a Aáron, do na daóinibh a nobair do dhéanamh?
éirghidhsi chum bhur núaluigh féin.


L. Ex5:5


Agus adubhairt Phárao, féuchuidh, atáid pobal na tíre anois
líonmhar, agus dobhéurthaóise orra fuireach ón a nualuighibh.


L. Ex5:6


Agus tug Phárao aithne an lásin féin do mhaighistríbh tasca an
phobuil, agus dá noifigeachuibh, ag rádh.


L. Ex5:7


Ní thiubharthaói feasda tuighe don phobul do dhéanamh bríce, mar
thugabhair go ttí so: éirgidís agus cruinnighedís tuighe dhóibh féin.


L. Ex5:8


Agus an uibir bhríceadh dorinneadur go nuige so, cuirfídhe sin orra,
ní láighdeochthaói a bheag dhe: óir atáid dímhaóin, agus is uimesin
gháirid síad ag rádh, léig dhúinn imtheachd do dhénamh iodhbrtha dár
nDía.


L. Ex5:9


Cuirthear tuilleadh oibre ar na daóinibh go ndearnaid saóthar ann agus
nach dtugaid aire do bhríathruibh díomhaóin.


L. Ex5:10


Agus dochuadar maighistríghe daóirsi an phobail amach, agus a n-
oifigidh, agus do labhradur ris an bpobal, ag rádh: is marso adeir
Phárao, ní thiubhra misi tuighe dhaóibh.


L. Ex5:11


Eirgidh faghaidh tuighe mar ar féidir libh a fagháil: ní rachuidh a
bheag dá bhur nobair síos.


L. Ex5:12


Marsin do spréig an pobal amach ar feadh chríche na Hégipte do
chruinniughadh connluigh a náit tuighe.


L. Ex5:13


Agus do bhrosduigheadur na maighistríghe tasca íad, ag rádh,
iomlánuigh bhur nobair, bhur ttasca laetheamhuil comhmaith agus anuair
dobhí tuighe aguibh.


L. Ex5:14


Agus do buaileadh oifigidh chloinne Israel, noch do chuireadur
maighistrighe tasca Phárao ós a gcionn; agus do fhiafruigheadh
dhíobh, cred fá nár comhlíonabhair bhur ttasca a ndénamh bríce ané
agus aniugh, mar dorinneabhair roimhesin.


L. Ex5:15


Annsin tangadur oifigidh chloinne Israel, agus do éigheadur ar
Phárao, ag rádh, créad fá ndén tú so réd sherbhíseachuibh.


L. Ex5:16


Ní tucthur tuighe dot sherbhíseachuibh, agus adeirid síad rinn,
dénuidh bríce: agus féuch, gabhthar ar do sherbhíseachaibh; achd as ar do
dhaóinibh féin atá an lochd.


L. Ex5:17


Achd adubhairt sesion, atáthaói díomhaóin, atáthaói díomhaóin:
uimesin adearthaói, léig dhúinn imtheachd go ndearnamaóis iodhbuirt don
tighearna.


L. Ex5:18


Imthighidh anois uimesin, agus déanuidh saóthar: óir ní tiubharthar
tuighe ar bith dhaóibh, agus gidheadh dobhéurthaói uaibh uibhir na
mbríceadh.


L. Ex5:19


Agus dochoncadur oifigidh chloinne Israel, gurbholc an náit ann
a rabhadur tar éis a rádh; ní laighdeochuidh a bheag dá bhur mbrícidh
ann bhur ttasca laétheamhuil.


L. Ex5:20


Agus tárla re Maóisi agus re Aáron íad, noch do sheas annsa
tslighe rompa mar thangadur amach ó Phárao.


L. Ex5:21


Agus adubhradur ríu, go bhféuchuidh an tighearna oruibh, agus
beireadh breath; do chionn go ndearnabhair ar mboladh domblasda a
lathair Phárao agus a radharc a sherbhíseach, do chur cloidhimh ann
a láimh dár marbhadh.


L. Ex5:22


Agus do fhill Maóise chum an tighearna, agus do ráidh, a thighearna,
créad fá ndeárna tú comholcso ris an bpobalsa? créad as ar chuir tú misi
uait?


L. Ex5:23


Óir ó tháinic mé go Phárao do labhairt ad ainmse, dorinne sé olc
ó shin don phobalsa, agus ní mó do shaór tusa do phobal ar énchor.


L. Ex6:1


Annsin adubhairt an tighearna ré Maóisi: anois dochífe tú cread
dodhéansa ré Phárao: óir is lé láimh láidir léigfe sé dhóibh imtheachd,
agus lé láimh láidir dhíbheorus sé as a dhúthaigh íad.


L. Ex6:2


Agus do labhair Día ré Maóisi, agus adubhairt sé ris, is misi an
tighearna:


L. Ex6:3


Agus do thaisbéin mé mé féin do Abraham, agus do Isaac, agus do
Iácob a nainm Dé uilechumhachduigh, achd ann mainm Iehóbhah
níorbh aithne dhóibh mé.


L. Ex6:4


Agus do dhaingnidh mé mo chuinnradh ríu, tír
Chánainn do thabhairt dóibh, fearann a noithlithre, ann a rabhadar
na gcoimghthibh.


L. Ex6:5


Agus dochuala mé mar an gcéadna osnadh chloinne Israel, noch
chongmhuid na Hégiptigh a ndaoirsi, agus do chuimhnidh mé mo chunnradh.


L. Ex6:6


Uime sin abair ré chloinn Israel, is misi an tighearna, agus dobhéura
mé amach sibh ón ualach fár chuireadur na Hégiptigh sibh, agus saorfa mé
sibh ón a ndaoirse, agus fuasgeólad sibh lé láimh shínte amach, agus
maille re breitheamhnusuibh móra.


L. Ex6:7


Agus glacfa mé chugam sibhsi mar phobal, agus biáidh misi mar Dhía
aguibhsi: agus aitheóntaoi gur mé an tighearna bhur nDía, noch bhéurus
amach sibh ó bheith fá ualuighibh na Négipteach.


L. Ex6:8


Agus béura mé asteach sibh san tír le ttug mé mionna go ttiubhruinn í
do Abraham, do Isaac, agus do Iácob: agus dobhéur dhaoibhsi í
mar oighreachd: is misi an tighearna.


L. Ex6:9


Agus do labhair Maoisi marsin lé cloinn Israel, agus níor éisdeadur
ré Maoisi, tré chrádh spioraide, agus tre dhaoirsi roighéir.


L. Ex6:10


Agus do labhair an tighearna re Maoisi ag rádh.


L. Ex6:11


Eirgidh asteach, labhair ré Phárao Rígh na Hégipte, go léigeadh sé
clann Israel dimtheachd as a thír.


L. Ex6:12


Agus do labhair Maoisi as coinne an tighearna ag rádh, níor éisdeadur
clann Israel rium, marsin cionnus éisdfios Phárao rium, noch atáim ann
mo ghlór neimhthimchill gheárrtha?


L. Ex6:13


Agus do abhair an tighearna re Maoisi agus re Háaron, agus do
chuir cúram leó go clann Israel, agus go Phárao Rígh na Hégipte,
do thabhairt chloinne Israel amach as crích na Hégipte.


L. Ex6:14


Is íadso cinn tighe a naithreadh: Clann Réuben, céidghin
Israel, Hanoch agus Pallu, Hesrin agus Carmí: as íadso
sliochd Reuben.


L. Ex6:15


Agus mic Shimeón, Ismeul, agus Iámin, agus Ohad, agus
Iachin, agus Sochar agus Saul mac mhná Cananítigh; is íad so
sliochd Shimeóin.


L. Ex6:16


Agus is íadso anmanna mhac Lébhi do réir a nginealuigh,
Gerson, agus Cohat, agus Merári: agus dobíad blíadhna bheatha
Lébhi céad agus triochad agus seachd mblíadhna.


L. Ex6:17


Mic Gherson, Libni, agus Simi, do réir a shleachda.


L. Ex6:18


Agus mic Chohat, Amram, agus Isar, agus Hebron, agus
Ussiel; agus dobíad bliadhna bheatha Chohat, céad agus tríochad,
agus trí blíadhna.


L. Ex6:19


Agus mic Mherári; Maháli, agus Mussi; is íadso sliochd Lébhi
do réir a ngeinealach.


L. Ex6:20


Agus tug Amram Iochebed deirbhshiúr a athar na mnaoi chuige, agus
dorug sí Aáron dó agus Maoisi: agus bá híad bliadhna bheatha
Amraim céd agus tríochad agus seachd mblíadhna.


L. Ex6:21


Agus mic Isar, Córah, agus Nepheg, agus Sichri.


L. Ex6:22


Agus mic Ussiel, Misael, agus Elsaphan, agus Sithri.


L. Ex6:23


Agus tug Aarón Eliseba inghean Aminadab, deirbhshiúr do
Naason, na mnaoi, agus rug sí dó Nádab, agus Abihu, Eleasar
agus Itamar.


L. Ex6:24


Agus mic Chórah, Assir, agus Elcanah, agus Abiasaph; is
íadso treabha na cCoiritech.


L. Ex6:25


Agus tug Eleasar mhac Aároin inghean Phutiel na mnaoi; agus rug
sí Phinehas dó: is íadso cinn aithreach na Lébhiteach do réir a
dtreabha.


L. Ex6:26


As íadso an Taaronsin agus an Maóisi, re a ndubhairt Día,
beiridh amach clann Israel as crích na Hégipte do réir a sluagh.


L. Ex6:27


Agus as íadso do labhair ré Phárao Rígh na Hégipte, do thabhairt
cloinne Israel amach as aNégipt: is íadso an Maóise agus an
Taáron sin.


L. Ex6:28


Agus tárla san ló ar labhair an tighearna ré Maóisi a ccrích na
Hégipte,


L. Ex6:29


Gur labhair an tighearna ré Maóise, ag rádh, is misi an tighearna:
labhair thusa ré Phárao Rígh na Hégipte gach ní dá nabruimse riot.


L. Ex6:30


Agus adubhairt Maóisi a lathair an tighearna féch atáimsi am bhéul
neimhthimchillgheárrtha, agus cionnus éisdfios Phárao rium?


L. Ex7:1


Agus adubhairt an tighearna ré Maóisi, féuch dorinne mé Día dhíot
do Phárao, agus biáidh do dhearbhrathair Aáron na fháidh agad.


L. Ex7:2


Laibheóra tú gach uile ní aitheónus misi dhíot, agus labheóruidh
Aáron do dhearbhrathair re Phárao, clann Israel do chur ar a
dhúthaigh.


L. Ex7:3


Agus cruaidheóchuidh misi croidhe Phárao, agus meideóchuidh mé mo
comharthuighe, agus mo mhíorbhuileadh a gcrích na Hégipte.


L. Ex7:4


Ach ní éisdfidh Phárao ribhsi, ar chor go leagfa misi mo lámh ar
aNégipt, agus go ttiubhra mé mo shluagh agus mo phobal clann
Israel amach as crích na Hégipte, le breitheamhnusuibh móra.


L. Ex7:5


Agus aitheónuid na Hégiptigh gur mé an tighearna, anuair shínfeas
mé amach mo lámh ar aNégipt, agus bhéurus mé clann Israel ó
bheith na measg.


L. Ex7:6


Agus dorinne Maoisi, agus Aáron mar do aithin an tighearna dhíobh,
is marsin dorinneadar.


L. Ex7:7


Agus dobhí Maóisi ceithre fichid blíadhan daóis, agus Aáron trí
blíadhna agus ceithre fichid anuair do labhradur ré Phárao.


L. Ex7:8


Agus do labhair an tighearna ré Maoisi, agus ré Haáron ag rádh;


L. Ex7:9


Anuair laibheórus Phárao ribh, ag rádh, taisbeanuidh míorbhuile ar
bhur son féin: annsin déra tusa ré Háaron, glac do shlat agus teilg
a bhfiaghnuisi Phárao í, agus dodhéntar nathair nimhe dhi.


L. Ex7:10


Agus dochuaidh Maóisi agus Aáron asteach go Phárao, agus do
rinneadar mar do aithin an tighearna dhíobh, agus do theilg Aáron a
shlat shíos a lathair Phárao, agus a mhuinntire, agus dorinneadh
nathair nimhe dhi.


L. Ex7:11


Annsin do ghoir Phárao mar an gcédna na daoine glioca, agus an luchd
piseóg anois draoithe na Hégipte, dorinneadursan fós ar an modh
gcédna lena ndroigheachduibh.


L. Ex7:12


Óir do theilgeadar síos gach aónduine aca a shlat, agus dorinneadh
naithreacha nimhe dhíobh; ach do shuigh slat Aáron súas a slatasan.


L. Ex7:13


Agus do chruaidhigh sé croidhe Phárao, go nár éisd sé ríu, fá mar
adubhairt an tighearna.


L. Ex7:14


Agus adubhairt an tighearna ré Maoisi, do cruaidheadh croidhe
Phárao, do dhíult sé léigion don phobal imtheachd.


L. Ex7:15


Eirigh a ccionn Phárao ar maidin, féuch rachuidh sé amach chum an
uisge, agus seasfa tusa ar bhruach na habhanna ag fuireach réna theachd,
agus an tslat dá ndérnadh a naithir nimhe glacfa tú ad láimh í.


L. Ex7:16


Agus déra tú ris, do chuir an tighearna Día na Neabhruidheach misi
chugad dá rádh, léig dom phobal imtheachd, do dhénamh serbhíse dhamhsa
san bhfásach; agus féuch go nuigeso níor áil leachd méisdeachd.


L. Ex7:17


Marso adeir an tighearna: annso aitheónus tú gur misi an tighearna,
féuch buailfe mé leis an tslait atá am láimh, ar na huisgidhibh atá san
abhuinn, agus iompóchthar íad a bhfuil.


L. Ex7:18


Agus dogheabhuidh an tíasg atá san abhuinn bás, agus bréanfuidh an
abhann, agus budh glonn leis na Hégiptibh uisge na habhanna dól.


L. Ex7:19


Agus do ráidh an tighearna re Maoisi, abair ré Háaron, glac do
shlat agus sín amach do lámh ar uisgidhibh na Hégipte, ar a
srothuibh, ar a naibhnibh, ar a lóchánuibh, agus ar anuile
chomhchruinniughadh uisge go ndérntar fuil díobh; agus go mbía fuil
ar feadh chríche na Hégipte, araon a soithighibh croinn, agus a
soithighibh cloiche.


L. Ex7:20


Agus dorinne Maoisi agus Aáron marsin, mar do aithin an tighearna
dhíobh, agus do thóg sé súas an tslat, agus do bhuail na huisgidhe, do
bhí san abhuinn a radharc Phárao, agus a radharc a sherbhíseach: agus do
hiompóigheadh a raibh duisge san abhuinn a bhfuil.


L. Ex7:21


Agus dofuair an tiasg dobhí san abhuinn bás, agus do bhréun an
abhann, agus níor fédadar na Hégiptigh uisge na habhanna dól: agus do
bhí fuil ar feadh chríche na Hégipte uile.


L. Ex7:22


Agus dorinneadar draoithe na Hégipte sin léna ndroigheachduibh,
agus do cruáidheadh croidhe Phárao, agus níor umhluigh sé dhóibh, fá mar
adubhairt an tighearna.


L. Ex7:23


Agus do fhill Phárao, agus dochuaidh dhá thigh, ní mó do chuir sé a
chroidhe leissin mar an ccédna.


L. Ex7:24


Agus do thochladar na Hégiptigh uile fágcuairt na habhanna, d
fagháil uisge rén ól, óir níor fédadar uisge na habhanna dól.


L. Ex7:25


Agus do coimhlíonadh seachd lá tar éis an tighearna do bhualadh na
habhanna.


L. Ex8:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóisi; éirigh a ccionn Phárao, agus
abhair ris, marso adeir an tighearna, léig dom phobal imtheachd, ionnus
go ndénuid serbhís damh.


L. Ex8:2


Agus má dhíultann tú léigean dóibh imtheachd: féuch buailfe misi do
theoranna uile le froguibh.


L. Ex8:3


Agus geinfidh an abhann froguidhe go líonmhur, noch rachus suas, agus
thiucfas asteach dot thighse, agus dot sheomra leaptha, agus ar do
leabuidh, agus go tigh do sherbhíseach, agus ar do mhuinntir, agus ann do
úamhain, agus ann do loistibh fuinidh.


L. Ex8:4


Agus tiucfaidh na froguidhe suas ar aón ort féin, agus ar do
mhuinntir, agus ar do sherbhíseachuibh uile.


L. Ex8:5


Agus do labhair an tighearna re Maóisi, abair ré Háaron, sín amach
do lámh lé do shlat os cionn na srothann, os cionn na nabhann, agus os
cionn na lochán, agus tabhair fa deara froguidhe do theachd suas ar
thalamh na Hégipte.


L. Ex8:6


Agus do shín Aáron a lámh ós cionn uisge na Hégipte, agus tangadar
na froguidhe amach, agus do fholuigheadar talamh na Hégipte uile.


L. Ex8:7


Agus dorinneadar na draóithe sin lena ndroigheachd, agus tugadar
froguidhe suas ar talamh na Hégipte.


L. Ex8:8


Annsin do ghoir Phárao ar Mhaóise, agus ar Aáron, agus
adubhairt sé, guidhidh an tighearna go mbeireadh sé na froguidhe
uaimse agus óm mhuinntir, agus léigfe mé don phobal imtheachd go madh
héidir leó iodhbuirt do dhéanamh don tighearna.


L. Ex8:9


Agus adubhairt Maóise ré Phárao, bíodh ónóir agadsa ós mo
chionnsa; gá huair ghuidhfheas mé ar do shon agus ar son do
sherbhíseach, agus ar son do phobuil do scrios na bhfroguidh uáit, agus od
thighthibh ionnus go bhfanuidh síad san abhuinn amháin.


L. Ex8:10


Agus adubhairt seision, amárach: agus adubhairt seision, bíodh do
réir thfocailsi: ionnus go mbía a fhios agad nach bhfuil éinneach
cosmhuil ris an ttighearna ar nDíanne.


L. Ex8:11


Agus imeochuid na froguidh uait féin agus ód thighthibh, agus ód
sherbhíseachuibh, agus ód phobal, agus fanfuid siad san abhuinn amháin.


L. Ex8:12


Agus dochuaidh Maóise agus Aáron amach ó Phárao, agus do éigh
Maóise ar an tighearna, fá na froguibh tug sé anaghuidh Phárao.


L. Ex8:13


Agus dorinne an tighearna do réir bhreithe Mhaóise, agus fuaradar
na froguidhe bás ar an tighthibh agus ar na bailtibh, agus ar na
machairibh.


L. Ex8:14


Agus do cruinnigheadh a cceann a chéile íad na gcrúachuibh, agus do
bhrén an talamh.


L. Ex8:15


Achd anuair dochonnairc Phárao go bhfuair cáirde, do chruáidh sé a
chroidhe, agus níor éisd ríusan mar adubhairt an tighearna.


L. Ex8:16


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, abair ré Háaron, sín amach
do shlat agus buail luaithreamh anfearuinn go ndearntar míola dhi ar
feadh críche na Hégipte uile.


L. Ex8:17


Agus dorinneadar marsin; óir do shín Aáron a lámh amach le na
shlait, agus do bhuail luaithreadh na talmhan, agus dorinneadh míola dhi
a nduine agus a mbeathach: dorinneadh míola do luaithreadh na talmhan
uile ar feadh chríche na Hégipte.


L. Ex8:18


Agus do thairgeadar na draóithe mar an ccédna lena ndroigheachd
míola do chruthughadh, ach níor fhéadadar: mairsin dobhádar míola ar
dhuine agus ar bheathach.


L. Ex8:19


Annsin adubhradar na draóithe ré Phárao, séso méur Dé; agus do
crúáidheadh croidhe Phárao, agus níor éisd ríu, mar adubhairt an
tighearna.


L. Ex8:20


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, éirigh suas go moch ar
maidin, agus seas as coinne Phárao, féuch tiucfa sé amach chum an uisge,
agus abair ris: marso adeir an tighearna, léig dom phobal imtheachd go
ndénuid serbhís damhsa.


L. Ex8:21


Nó muna léigidh tú dom phobal imtheachd, féuch cuirfe mé saithe
mhíoltóg ort féin, agus ar do sherbhíseachuibh, agus ar do mhuinntir, agus
asteach ann do thighthibh, agus béid tighthe na Négipteach lán do
shaithibh míoltóg, agus mar an gcéadna an talamh ar a bhfuilid.


L. Ex8:22


Agus dhealocha mé an lásin fearann Gosen a gcomhnuighidh mo
phobal, nach bía aon tsaithe mhíoltóg annsin, ar chor go mbía a fhios
agadsa gur misi an tighearna a meadhon an domhuin.


L. Ex8:23


Agus cuirfe mé roinn idir mo dhaóinibh féin agus do dhaóinesi:
amárach bhías an comharthaso.


L. Ex8:24


Agus dorinne an tighearna marsin, agus táinic saithe dhoilghe
mhíoltóg asteach go tigh Phárao, agus go tighthibh a sherbhíseach,
agus ar feadh chríche na Hégipte uile: do truailleadh an talamh uile
treas an tsaithe mhíoltóg.


L. Ex8:25


Agus do ghoir Phárao ar Mhaóise agus ar Aáron, agus adubhairt;
éirgidh, dénuidh iodhbuirt do bhur nDía ann sa talamh.


L. Ex8:26


Agus adubhairt Maóise, ní hiomchubhuidh an nísin ré a dhéanamh:
óir is é an ní is athuamhar do na Hégiptibh dhéuna sinne iodhbuirt don
tighearna ar nDía: féuch dá ndéunadh sinne an ní is athuamar do na
Hégiptibh iodhbuirt as coinne a súl, nach géubhaidis do chlochuibh oruinn?


L. Ex8:27


Racham aistior thrí lá do shiubhal san bhfásach, agus dodhéanam
iodhbuirt don tighearna ar Ndía fá mar aitheónus sé dhínn.


L. Ex8:28


Agus adubhairt Phárao, léigfe mé dhaóibh imtheachd go ndearnthaói
iodhbuirt don tighearna bhur Ndía san bhfásach amháin ní rachthaói a
bhfad; guidhidh ar mo shon.


L. Ex8:29


Agus adubhairt Maóise, féuch, racha mé amach uaid, agus guidhfe mé
an tighearna go nimthighidh na saitheadha mioltóg ó Phárao, ó na
sherbhiseachuibh agus ó phobal amárach: ach ná himreadh Phárao
cealg níis mó, gan léigean don phobal imtheachd do dhéanamh
íodhbartha do tighearna.


L. Ex8:30


Agus dochuaidh Maóise amach ó Phárao, agus do ghuidh sé an
tighearna.


L. Ex8:31


Agus dorinne an tighearna do réir fhocail Mhaóise, agus do
atharruigh na saitheadha míoltóg ó Phárao, ó na shearbhfhoghantuibh,
agus ó na mhuinntir: níor fhan aón díobh.


L. Ex8:32


Agus do chrúadhuigh Phárao a chroidhe an uairse mar an gcéadna, agus
níor léig don phobal imtheachd.


L. Ex9:1


Annsin adubhairt an tighearna re Maóise, éirigh asteach go
Phárao, agus innis dó, is marso adeir an tighearna Día na Neabhruigheach
léig dom phobal imtheachd go ndéanuid serbhís damhsa.


L. Ex9:2


Óir má dhíultann tú léigean dóibh imtheachd, agus go ccuinneochuid tú
fós íad.


L. Ex9:3


Féuch atá lámh an tighearna ar hairnéis atá ar an machaire
amuigh; araneachraidh, ar na hassaluibh, ar na cámhalluibh, ar na damhuibh,
agus ar na caórchuibh: biaidh conach ródhoiligh orra.


L. Ex9:4


Agus dealóchuidh Día áirnéis Israel ó áirnéis na Hégipte; agus ní
racha éinní is lé cloinn Israel déug.


L. Ex9:5


Agus do órduigh an tighearna lá cinnte, dá rádh, amárach dodhéana an
tighearna an nísi an sa dúthaigh.


L. Ex9:6


Agus dorinne an tighearna an nísin arna mhárach, agus fuaradar
áirnéis na tíre uile bás: achd ní bhfuair éinbheathach dáirnéis na
Nisraelach bás.


L. Ex9:7


Agus do chuir Phárao fios amach, agus féuch ní dheacuidh aon amháin
déug dáirnéis Israel. Agus do cruadhuigheadh croidhe Phárao, agus
níor léig don phobal imtheachd.


L. Ex9:8


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise agus re Haáron, glacuidh
chuguibh lán glaice do luaith na fuirnéise, agus croitheadh Maóisi sin
chum nimhe a radharc Phárao.


L. Ex9:9


Agus dodhéuntar luaithreadh mion de ar feadh chríche na Hégipte,
agus biáidh na bhriseadh amach a mbolguidh ar dhuine agus ar
bheathach ar feadh chríche na Hégipte.


L. Ex9:10


Agus do ghlacadar luaith na fuirnéise, agus do sheasadar a lathair
Phárao, agus do chroith Maóise súas é chum nimhe, agus dorinneadh
bolgach dhé ag briseadh amach a lésach ar dhuine agus ar ainmhidhe.


L. Ex9:11


Agus níor fhédadur na draoithe seasamh a lathair Phárao do bhrígh na
bolguidhe; óir dobhí an bholgach ar na draóithibh, agus ar na
Hégiptibh uile.


L. Ex9:12


Agus do crúadhuigh an tighearna croidhe Phárao agus níor éisd ríu,
mar adubhairt an tighearna re Maóise.


L. Ex9:13


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, éirigh suas go moch ar
maidin, agus seas as coinne Phárao, agus abuir ris, is marso adeir an
tighearna Día na Neabhruigheach, léig dom phobal imtheachd go ndénaid
serbhís damh.


L. Ex9:14


óir cuirfe mé anois mo phlága uile ar do chroidhe, agus ar do
sherbhíseachuibh, agus ar do mhuinntir, chor go mbía a fhios agad nach
bhfuil mo leitheid eile san domhan.


L. Ex9:15


óir anois sínfe amach mo lámh go mbuáilidh mé thusa agus do dhaoine
lé pláigh, agus gearrfuighear ón talamh thú.


L. Ex9:16


Agus go deimhin is uimeso do thóg mé tusa suas, ionnus go
ttaisbeanfuinn ionnadsa mo chumhachda, agus go bhfoillseochuidh mainm
ar feadh an domhuin uile.


L. Ex9:17


Agus anárduigheann tusa fós thú féin anaghaidh mo phobuil, nach áil
leachd léigean dóibh imtheachd?


L. Ex9:18


Féuch fán amsa amárach cuirfe misi, cloichshneachda roighér, a
leitheid nach raibh saNégipt ó cruthuigheadh í, gus aniugh.


L. Ex9:19


Ar anadhbharsin, fuagair anois agus cruinnigh háirnéis, agus a
bhfuil agad annsa machaire; óir an uile dhuine, agus an uile bheathach ar
a mbearthar ar an machaire, agus nach bearthar abhaile, tiucfa an
chloichshneachda anúas orra, agus dogheabhuid bás.


L. Ex9:20


An té ar a raibh eagla bhréithre an tighearna Día a measg sherbhíseach
Phárao, tug fá deara dhá sherbhíseachuibh, agus dá áirnéis teitheamh
asteach do na tighthibh.


L. Ex9:21


Agus an té ag nach raibh suim a mbreithir an tighearna, do fhág a
sherbhísigh, agus a áirnéis ar an machaire.


L. Ex9:22


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, sín amach do lámh chum nimhe,
ionnus go mbía cloichshneachda ar feadh chríche na Hégipte ar
dhuine, agus ar ainmhidhe, agus ar gach uile luibh san mhachaire, ar
feadh críche na Hégipte uile.


L. Ex9:23


Agus do shín Maóise a shlat amach chum nimhe, agus do chuir an
tighearna tóirneach agus cloichshneachda, agus táinic an teine ar feadh na
talmhan, agus do fhear an tighearna cloichshneachda ar chrích na
Hégipte.


L. Ex9:24


Marsin dobhí cloichshneachda agus teine comaisce leis an
gcloichshneachda go rodhoiligh, air chor nach dtáinic a leitheid a
gcrích na Hégipte ó rinneadh tír dhi.


L. Ex9:25


Agus do bhuail an sneachda ar feadh chríche na Hégipte, gach a raibh
amuigh san machaire idir dhuine agus bheathach, agus do bhuail an sneachda
gach aon luibh ar an machaire, agus do bhris gach énchrann ar an
machaire.


L. Ex9:26


Amháin a bhfearann Gosen mar a rabhadar clann Israel ní raibh
cloichshneachda ar bith.


L. Ex9:27


Agus do chuir Phárao fios ar Mhaóisi agus air Aáron, agus do
ráidh ríu; do phecuidh mé anuairsi; atá an tighearna fíréunta, agus
atáimsi agus mo mhuinnntir go holc.


L. Ex9:28


Guidhidh an tighearna nach bía níis mó do thóirnigh mhóir, nó do
chlochshneachda; óir is lór a ndéarnadh, agus léigfe misi dhíbh, agus ní
fhanfuidh sibhsi níos sia.


L. Ex9:29


Agus adubhairt Maóisi ris, comhluath is rachas misi amach as an
gcathruigh, leithneocha mé mo lámha amach chum an tighearna, agus
scuirfidh an tóirneach, agus ní bhía níis mó do chloichshneachda; ar chor
go naitheona tusa gur leis an ttighearna an domhan.


L. Ex9:30


Achd ar do shonsa, agus ar son do sherbhíseach atá a fhios agam nach
biaidh eagla an tighearna Día fós oruibh.


L. Ex9:31


Agus do buaileadh an líon agus aneórna, óir dobhí aneórna a ndéis
agus an líon a mbolguibh.


L. Ex9:32


Ach níor buaileadh an chruithneachd nó an seagal: óir níor fásadar
suas.


L. Ex9:33


Agus dochuaidh Maoise amach as an gcathraidh ó Phárao, agus do
leathnuigh amach a lámha ar an ttighearna, agus do scuireadar na
tóirneacha, agus an chloichshneachda, agus níor dóirteadh an fearthuinn ar
an ttalamh.


L. Ex9:34


Agus anuair dochonnairc Phárao gur scuir an fearthuinn, an
chloichshneachda, agus an tóirneach, do phecuidh sé tuilleamh fós, agus
do cruadhuigh a chroidhe, é féin agus a sherbhísigh.


L. Ex9:35


Agus do cruadhuigheadh croidhe Phárao, agus níor léig do chlannuibh
Israel imtheachd, mar do labhair an tighearna re Maóise.


L. Ex10:1


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, éirigh asteach go Phárao;
óir do chrúadhuigh misi a chroidhe, agus croidhe a sherbhíseach,
ionnus go ttaisbéanfuinn íadso mo chomharthadha dá lathair.


L. Ex10:2


Agus ionnus go ninneostasa a gcluasuibh do mhic, agus mhic do
mhic, ciodh íad na neithe dorinne misi saNégipt, agus mo
chomharthadha dorinne mé na measg, ionnus go mbía a fhios aguibh
gur misi an tighearna.


L. Ex10:3


Agus táinig Maóise agus Aáron asteach go Phárao, agus adubhradar
ris, is marso adeir an tighearna, Día na Neabhruigheach, gá fad bhias
tú ag díultadh thú féin dumhlughadh dom lathairse? léig dom phobal
imtheachd go ndénaid serbhís damh.


L. Ex10:4


Nó má dhíultann tú léigion dom phobal imtheachd, féuch go ttiubhra misi
amárach, na locuistigh ann do thóranna.


L. Ex10:5


Agus faileochuid síad aghaidh na talmhun, nach budh féidir le duine an
talamh dfaicsin, agus íosuid síad an fuighioll dochuaidh as don ní noch
do mhair aguibhsi ón chloichshneachda, agus íosuid gach uile chrann dar
fhás díbh as an ttalamh.


L. Ex10:6


Agus líonfuid síad do thighthe, agus tighthe do mhuinntire, agus
tighthe na Négipteach uile; ní nach bhfacaidh hathair, nó athair
hathair ón ló fá rabhadar ar an ttalamh, gus aniugh: agus do iompóigh sé é
féin, agus dochuáidh amach ó Phárao.


L. Ex10:7


Agus adubhradar muinntir Phárao ris; cá fad bhías an fearsa na dhul
oruinn? léig do na daoinibh imtheachd, ionnus go ndénuid serbhís don
tighearna a nDía; nach bhfuil a fhios agad fós gur milleadh
aNégipt.


L. Ex10:8


Agus tugadh Maóise agus Aáron arís chum Phárao, agus adubhairt sé
ríu; imthighidh, déanuidh serbhís don tighearna bhur nDía: ach cía híad
féin imeochus.


L. Ex10:9


Agus adubhairt Maóise ris, imeochum maille re ar nóguibh, agus re ar
seanuibh, maille re ar macuibh agus re ar ningheanuibh, maille ré ar
ttréduibh agus re ar ndealbhadhuibh imeochum: óir caithfeam fésda
chongmhail don tighearna.


L. Ex10:10


Agus adubhairt seision riú: bíodh an tighearna marsin libhsi, fa
mar leigfeas misi dhíbhse imtheachd, agus dá bhur nóguibh: féuchuidh,
atá olc romhuimh.


L. Ex10:11


Ní marsin: imthighidh sibhse anois atá bhur bhfearuibh agus
dénuidh serbhís don tighearna: óir is ésin do iarrabhair: agus do
cuireadh amach íad as lathair Phárao.


L. Ex10:12


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, sín amach do lámh ós cionn
chríche na Hégipte, do thabhairt na lócuistigh ann, chor go ttiucfaidh
suas ar thalamh na Hégipte; agus go nithid gach uile luibh ar an
ttalumh an uile ní dár fhág an chloichshneachda.


L. Ex10:13


Agus do shín Maóise a shlat amach ós cionn chríche na Hégipte, agus
tug an tighearna gaóth anoir ar an ttalamh, feadh an laóisin, agus ar
feadh na hoidhchesin uile; agus íar dteachd na maidine, tug an ghaóth
anoir lócuistigh ann.


L. Ex10:14


Agus dochuadar na locuistigh súas ar feadh chríche na Hégipte uile,
agus do fhosadar a ttórannuibh na Hégipte uile do budh rodhoiligh íad:
ní raibh a leitheid do lócuistibh rompa aríamh, agus ní mo bhías a
leitheid na ndiáigh.


L. Ex10:15


Óir do fholcadar aghaidh na talmhan uile, ionnus gur dorchuigheadh an
talamh uile, agus adúadar gach uile luibh ar an ttalamh, agus uile
thoradh na gcrann, noch do fhág an chloichshneachda, agus níor fhan éinní
glas ar na crannuibh, nó a luibhibh na talmhan ar feadh chríche na
Hégipte uile.


L. Ex10:16


Annsin do ghoir Phárao ar Mhaóise agus ar Aáron go deithfreach,
agus do ráidh: do phecaidh mé anaghaidh an tighearna bhur Ndía, agus
bhur naghuidhsi.


L. Ex10:17


Anois ar anadhbharsin íarruim dathchuinghe ort, maith mo pheacadh
an énuairse amháin, agus guidhidh an tighearna bhur Ndía go mbeireadh
sé amháin an básso uaimh.


L. Ex10:18


Agus dochuaidh sé amach ó Phárao, agus do ghuidh an tighearna.


L. Ex10:19


Agus do iompóidh an tighearna gaóth roláidir aníar, noch rug lé na
locuistigh, agus do theilg san mhuir ruaidh íad: níor fhan énlócust
amháin a gcrích na Hégipte uile.


L. Ex10:20


Ach do chrúadhuigh Día croidhe Phárao, ionnus nárbháil leis léigion
do chloinn Israel imtheachd.


L. Ex10:21


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, sín amach do lámh chum
nimhe, ionnus go ttiucfadh dorchadas tar chrích na Hégipte,
dorchadas bhus éidir do ghlacadh.


L. Ex10:22


Agus do shín Maóisi a lámh chum nimhe, agus dobhí dorchadas tiugh ar
feadh chríche na Hégipte uile ar feadh thrí lá.


L. Ex10:23


Ní fhaca duine aca a chéile, ní má do éirigh aonduine aca as áit ar
feadh thrí lá, ach dobhí solus ag cloinn Israel ann a náitibh féin.


L. Ex10:24


Agus do ghoir Phárao ar Mhaóisi, agus adubhairt, imthighidh
dénuidh serbhís don tighearna: amháin coinnighthear bhur ttréda, agus
bhur nealbhadha; éirgedís bhur naos óg mar an gcéadna libh.


L. Ex10:25


Agus adubhairt Maóise, caithfe tú mar an gcéadna iodhbuirt agus
ofráil loisge do thabhairt dúinn, lé ndénamh iodhbuirt don tighearna ar
nDía.


L. Ex10:26


Rachaidh ar náirnéis linn mar an gcédna, ní fhuigfeam ionga ar
ndiáigh: óir is díobh sin chaithfeam do ghlacadh chum serbhíse do
dhéanamh don tighearna ar Ndía; agus ní feas dúinn cread leis a ndénamh
serbhís don tighearna, nó go ttigheam annsin.


L. Ex10:27


Ach do chrúadhuigh an tighearna croidhe Phárao agus níorbháil leis
léigion dóibh imtheachd.


L. Ex10:28


Agus adubhairt Phárao ris, imthigh uáim, bí ar do coimhéad duit
féin, ná faic mo ghnúis níos mó; óir an lásin dochífeas tú maghuidh
dogheabha tú bás.


L. Ex10:29


Agus adubhairt Maóise, is maith do labhair tú, ní fhaicfe mé
haghuidh arís níos mó.


L. Ex11:1


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise; dobhéara mé fós énphláigh
amháin eile ar Phárao agus ar aNégipt: na dhiaighsin léigfidh sé dhíbh
imtheachd asso: anuáir léigfidh sé dhíbh imtheachd, dingfidh sé go
deimhin asso amach go hiomlán sibh.


L. Ex11:2


Labhair anois anéisdeachd an phobail, agus faghadh gach énduine
áirleaghadh ó na comharsuin, agus gach aón bhean ó na comharsuin seóid
airgid, agus seóid óir.


L. Ex11:3


Agus tug an tighearna fabhar don phobal a radharc na Négipteach: ós a
chionnsin dobhí an tóglach, Maóise, romhór a ccrích na
Hégipte, a radharc mhuinntire Phárao, agus a súilibh an phobuil.


L. Ex11:4


Agus adubhairt Maóise, is marso adeir an tighearna, timchioll
meadhón oidche, racha mé amach a lár na Hégipte.


L. Ex11:5


Agus dogheabha céidghin gach aónduine ar feadh na Hégipte bás: ó
chéidghin Phárao noch shuidheas ann a chathaóir ríoga, go céidghin an
chailín tserbhíse atá ar chúl an mhuilinn: agus céidghin an uile
bheathach.


L. Ex11:6


Agus beid comhairc ar feadh chríche na Hégipte uile, is nach raibh
a leithid, agus nach bía a leithid níis mhó go bráth.


L. Ex11:7


Ach ní chorróchuidh madradh a theangadh anaghuidh énduine do chloinn
Israel, anaghuidh duine nó beathuigh, ar chor go mbía a fhios aguibh
cionnus chuirios Día idirdhealadh idir na Hégiptibh agus Israel.


L. Ex11:8


Agus íadso do sherbhísighse uile, tiucfaid síad síos chugamsa, agus
claonfuid íad féin síos damhsa, dhá rádh, éirigh amach agus an uile
phobal leanas tú; agus na dhiaighsin, racha misi amach: agus dochuaidh
sé amach ó Phárao air lasadh ré feirg.


L. Ex11:9


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise: ní eistfidh Phárao riotsa
iondus go méideochthaoi mo iongantasa a ccrích na Hégipte.


L. Ex11:10


Agus dorinne Maóisi, agus Aáron na hiongantaso uile a lathair
Phárao, agus do chrúadhuigh an tighearna croidhe Phárao, ionnus nár
léig do chloinn Israel imtheachd amach as a dhúthaidh.


L. Ex12:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, agus re hAáron a gcrích
na Hégipte, dí rádh;


L. Ex12:2


Is í an mhíse bhías aguibhsi na tosach míos, is í bhur céad mí don
bhlíadhuin díbh.


L. Ex12:3


Labhruidhsi re comhthional Israel uile ga rádh, an deachmhadh lá don
mhíse glacfuidh síad chuca gach aónduine aca úan do réir thighe a n-
aithreach, úan ar son gach éintighe.


L. Ex12:4


Agus má bhíonn an teaglach robheag donúan, glacadh seision é agus a
chomharsa is foigse dhá thigh do réir uibhre na nannman; dodhénuid
gach aónduine do réir mar íosas sé do cuntas ar son anuáin.


L. Ex12:5


Biáidh bhur nuáin gan toibhéim, firionnach don chéidbhliadhuin:
beanfuidhe ó na caórcuibh nó ó na gabhruibh é.


L. Ex12:6


Agus coinneochtaói aguibh é go nuige an ceathramadh lá déag don mhí
chédna: agus muirfidh comhchruinniughadh iomlán phobuil Israel é
tráthnóna.


L. Ex12:7


Agus glacfuid síad cuid donfuil, agus buailfid í ar dhá ursoinn agus
ar fhardorus na ttightheadh a níosuid síad é.


L. Ex12:8


Agus íosuid síad anfeoil an oidhchesin: rósta ré teinidh, agus arán gan
laibhín, re luibheannuibh searbha íosuid síad é.


L. Ex12:9


Ná hithid éinní dhe amh, nó bruithe le huisge ar énchor, achd rósta
lé tinidh, a cheann maille rena chosa, agus maille re a mbeanann ris.


L. Ex12:10


Agus ní fhuigfidhe éinní dhe go maidin, agus an mhéid bhías gan ithe
dhe go maidin loisgfidhe é le teinidh.


L. Ex12:11


Agus is marso íostaói é: maille re bhur bhfordhronnuibh
criosluighthe, bhur mbróga ar bhur ccosuibh, agus bhur mbata an bhur
láimh, agus íostaoi go deithneasach é; sé cáisg an tighearna é.


L. Ex12:12


Óir racha misi tré chrích na Hégipte anochd, agus buailfead an uile
chéidghin saNégipt idir dhuine agus bheathach, agus daimhdheóin uile
Dhée na Hégipte cuirfead breitheamhnus a gcrích: as misi an Tighearna.


L. Ex12:13


Agus biaidh anfuil aguibhse mar chomhartha ar na tighthibh a
mbeithí, agus anuáir dochífe misi anfuil, racha mé thoruibh, agus ní
bía an phláigh oruibh da bhur marbhadh, anuáir bhuáilfeas mé críoch na
Hégipte.


L. Ex12:14


Agus biáidh an lása aguibhsi mar chruinne; agus cuimhdeochthaói é
mar fhéusda don tighearna ar feadh bhur saoghuil; cuimhdeochthaói é mar
fhéusda maille ré hórdughadh síorruidhe.


L. Ex12:15


Seachd lá íostaói arán gan laibhín: eadhon an chead lá cuirfidhe amach
an laibhín as bhur ttighthibh: óir cíodh bé ar bith íosas arán laibhín ón
chead lá go nuige an seachdmhadh lá gearrfhuigear amach an tanamsin ó
Israel.


L. Ex12:16


Agus an chead lá bíodh aguibh comhghairm naómhtha, agus air a
seachdmhadh lá comhghairm naómhtha mar an ccédna: ní dhéntar éinghné
oibre ionnta: achd amháin an ní chaithfeas gach aón duine dithe, sin
amháin is éidir libh a dhéanamh.


L. Ex12:17


Agus cuimhdeochthaói féusda anaráin gan laibhín, óir is ann sa ló
chéadnasin tug misi bhur sluagh amach as crích na Hégipte; uimesin
coimhéudfaói an lása feadh bhur saoghuil maille re hórdughadh
síorruidhe.


L. Ex12:18


Annsa chéad mhí ar an cceathramhadh lá déug don mhí tráthnóna
íostaói arán gan laibhín, nó go ttí an taonmhadh lá fichiod do mhí
tráthnóna.


L. Ex12:19


Ar feadh seachd lá ní fhuighthear laibhín ar bith an bhur ttighthibh:
óir gidhbé ar bith íosas arán laibhín, gearrfuigear go háirighe an t
anamsin amach ó choimhthionól Israel, madh coimhigheach é nó duine
rugadh san tír.


L. Ex12:20


Ní íostaói éinní ar a mbía laibhín: an bhur nuile thigthibh íostaói
arán gan laibhín.


L. Ex12:21


Annsin do ghoir Maóise ar uile shinnsear Israel, agus adubhairt
ríu: tighidh amach, agus glacuidh chuguibh úan do réir bhur muinntire agus
marbhuidh an túan-cásg.


L. Ex12:22


Agus glacaidh ceanglachán iosóipe, agus tumaidh é san bhfuil, noch
bhías annsa bhaisín, agus buáilidh an fárdorus, agus an dá ursuin leis an
bhfuil bhías annsa bhaisín, ag ní rachuidh aónduine aguibh amach
as dorus a thighe go maidin.


L. Ex12:23


Óir rachaidh an tighearna ar fad do bhúaladh na Hégipte; agus
anuáir dochífe sé anfuil ar a bhfárdorus, agus ar a dá ursainn,
géubhuidh
an tighearna thar an dorus, agus ní léigfe don mhillteoir teachd asteach
ann bhur ttigthibh dá bhur mbúaladh.


L. Ex12:24


Agus coinneochtaói so mar órdughadh dhaóibh féin agus dá bhur ccloinn
go bráth.


L. Ex12:25


Agus teigeomhuidh anuáir thiucfuidhe ann sa dúthaigh bhéuras an
tighearna dhíbh do réir mar do gheall sé, go ccuimhdeochthaói an
tserbhíse.


L. Ex12:26


Agus teigeomhuidh anuáir adéaras bhur cclann ribh: ciodh as cíall
daoibh annso tserbhíse?


L. Ex12:27


Go naibeorthaóisi gurob ísin iodhbuirt chásg an tighearna, noch do
sheachuin tighthe chloinne Israel san Négipt, anuáir do bhuáil sé na
Hégiptigh, agus do shaór ar dtighthenne; agus do chromadar an pobal a
ccinn, agus do adhradar an tighearna.


L. Ex12:28


Agus do imthigheadar clann Israel, agus dorinneadar mar do aithin an
tighearna do Mhaóise, agus do Aáron: is marsin dorinneadar.


L. Ex12:29


Agus táinic a ccrích san meadhón oidhche gur bhuail an tighearna an
uile chéidghin san Négipt, ó chéidghin Phárao noch do shuidh na
chathaoir ríoga, go céidghin na braighde dobhí san phríosún, agus an
uile chéidghin na hairnéisi.


L. Ex12:30


Agus do éirigh Phárao san noidhche, é féin agus a mhuinntir uile,
agus na Hégiptigh uile, agus dobhí gáir ghuil mhóir san Négipt:
óir ní raibh tigh gan duine marbh ann.


L. Ex12:31


Agus do ghoir sé ar Mhaóise agus ar Aáron san noidhche, agus
adubhairt riú, éirgidh suas, agus imthigh amach ó bheith a measg mo
phobhail, sibh féin agus clann Israel: agus éirgidh, dénuidh serbhís don
tighearna mar adubhrabhair.


L. Ex12:32


Mar an gcéadna beiridh bhur ttréda agus bhur nealbhadha libh, mar
adubhrabhair agus imtighidh: agus beannuighidh misi mar an gcéadna.


L. Ex12:33


Agus dobhádur na Hégiptigh duthrachach ar an bpobal chum go
gcuiridís amach as a talamh íad, go deithneasach: óir adubhradar as
daoine marbha sinn uile.


L. Ex12:34


Agus rugadar na daoine a ttáos leó suil dobhí sé a laibhín, air
mbeith dá loistibh fuinte ceangailte suas a néaduighibh ar a ngúaillibh.


L. Ex12:35


Agus dorinneadar clann Israel do réir bhréithre Mhaóise, agus do
airliceadar ó na Hégiptibh seóid airgid agus seóid óir, agus éaduighe.


L. Ex12:36


Agus tug an tighearna fabhar don phobal a bhfiaghnuise na
Négipteach, ionnus go tugaidís dóibh na neithe do íarradar orra; agus do
shladadar na Hégiptigh.


L. Ex12:37


Agus do ghluaiseadur chlanna Israel ó Rameses go Succot timcioll
sé chead míle fear dá ccois, taobh amuigh do leanbuibh.


L. Ex12:38


Agus dochuadar mórán daoine cumaisce leó suás, agus tréda agus
ealbhadha, romhóran áirnéise.


L. Ex12:39


Agus do bhruitheadar bairgheana gan laibhín don táos noch thugadar leó
amach as aNégipt, óir ní raibh laibhín air: óir do dingeadh amach as
aNégipt íad, agus níor fhéadadar fuireach, ní mí do ullmhuigheadar bíadh ar
bith dhóibh féin.


L. Ex12:40


Agus cuáirt chloinne Israel, noch do chomhnuigh san Négipt, bá
ceithre chéad, agus tríochad blíadhan é.


L. Ex12:41


Agus tárla ar gríochnughadh na gceithre ccéad agus na ttríochad
blíadhan, an lásin féin, go ttáinic a gcrích gur imthigheadar sluagh an
tighearna uile amach as aNégipt.


L. Ex12:42


Is oidhchesin re coiméad go mór don tighearna, ar son a
ttabhairtsion amach as crích na Hégipte: síso an oidhchesin an
tighearna rena coimhéad ag clannuibh Israel uile ann a ngeinealachuibh.


L. Ex12:43


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, agus re Háaron: séso
ordughadh na cásg: ní íosaidh, coimhightheach ar bith dhe.


L. Ex12:44


Ach serbhíseach gach áonduine, ceinneachthar ar airgead, anuair
thimchillgheárfus tú é, annsin íosaidh sé dhe.


L. Ex12:45


Fear énuáire nó serbhíseach túarusduil ní íosuidh sé dhe.


L. Ex12:46


A néntigh amháin íostar é; ní bhéura tú éinní donfeóil amach as a
tigh, ní mó bhrisfidhe cnáimh dhe.


L. Ex12:47


Dodhénuid coimhthionól chloinne Israel uile é.


L. Ex12:48


Agus anuair dodhéana coimhightheach comhnuighe ad fhochair,
agus choimheadfas an cháisg don tighearna: timchillgheárthar a chlann mhac
uile, agus annsin tigeadh a bhfogus agus coimhédadh é, agus biaidh sé
mar aon bhearthar san tír: óir ní íosuidh éinneach gan timcillghearradh é.


L. Ex12:49


En dligheadh amháin bhías ag an té bhearthar san tír, agus ag an
ccoimhightheach choimhneochus bhur bhfochair.


L. Ex12:50


Marso dorinneadur clann Israel, fa mar do aithin an tighearna do
Mhaóise agus do Aáron; marsin dorinneadur.


L. Ex12:51


Agus tárla an lásin féin, go ttug an tighearna clann Israel amach as
anégipt réna sluaghuibh.


L. Ex13:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise ag rádh.


L. Ex13:2


Coisrigh dhamhsa gach én chédghin; gidhbé ar bith fhoisceolus an
bhrú a measc chloinne Israel, idir dhuine agus beathach, is liomsa é.


L. Ex13:3


Agus adubhairt Maóisi ris an bpobal, cuimhnighidh an láso a
ttangabhair amach as aNégipt as tigh na daóirse: óir is maille re
neart láimhe thug an tighearna amach sibh as anáitse: ní híostar arán
laibhín.


L. Ex13:4


San ló aniugh thangabhair amach, a mí abib.


L. Ex13:5


Agus teigéomhuidh anuair bhéurus an tighearna sibh go crích na
Gcananíteach, agus na Hititeach, agus na Namoríteach, agus na
Hibhíteach, agus na Iebusíteach, noch do mhionnuigh sé dod aithribhsi
go ttiubhradh dhuit fearann fa thuile bhainne agus mheala, go
gcoimhédfuidh tú an tserbhísi annsa míse.


L. Ex13:6


Seachd lá íosas tú arán gan laibhín, agus annsa seachdmhadh lá, biaidh
lá saóire don tighearna.


L. Ex13:7


Arán gan laibhín ióstar seachd lá, agus ní faicfidhear arán laibhín
agad, agus ní mó chífidhear laibhín agad an do cheathramhnuibh uile.


L. Ex13:8


Agus inneósa tú dod mhac ann sa lósin ag rádh, do
chionn an neithe dorinne Día riumsa, anuáir tháinic mé amach as
aNégipt.


L. Ex13:9


Agus biáidh mar comhartha dhuitsi ar do láimh, agus mar chuimhne
eidir do shúilibh, ionnus go mbía dligheadh an tighearna ad bhéul: óir is
lé láimh láidir thug an tighearna amach as aNégipt thú.


L. Ex13:10


Cuimhdeocha tú ar anadhbhursin an tórdughadhsa na am féin ó
bhlíadhuin go blíadhuin;


L. Ex13:11


Agus teigeoimidh anuáir bhéurus an tighearna thú go crích na
Gcananíteach, fa mar mhionnaidh sé dhuit féin agus dod aithribh, agus
dobhéura sé dhuit é;


L. Ex13:12


Go ccuirfe tú ar leith don tighearna, an uile ghein osclus an bhrú,
agus an uile chédthuismeadh thigh ó bheathach, noch is leachtsa, na
firionnuigh is leis an ttighearna.


L. Ex13:13


Agus gach en chéd shearrach assail fuáisgéola tú é le húan, agus muna
fhúasglair é, annsin brisfe tú a mhuinéul: agus an uile chédghein
bheartha do dhuine a measg do chloinne, fuáisgéola tú é.


L. Ex13:14


Agus biáidh sin anuair fhíafrochas do mhac dhíot sanaimsir atá ag
teachd, ag rádh, cread éso? Go naibéora tú leis, le neart láimhe thug
an tighearna sinne amach as aNégipt ó thigh na daóirse.


L. Ex13:15


Óir tárla anuáir fár dheacair le Phárao léigean dúinn imtheachd gur
mharbh an tighearna an uile chéidghin a ccrích na Hégipte,
araon cédghin an duine agus cédghin an ainmhidhe: uimesin doním
iodhbuirt don tighearna, an uile fhirionnach fhosclas an bhrú, ach
cédghin mo chloinne fúasgluim.


L. Ex13:16


Agus biaidh na chomhartha ar do láimh, agus mar édanán idir do
shúilibh: óir lé neart láimhe thug an tighearna amach sinn as aN
égipt.


L. Ex13:17


Agus tárla anuair do léig Phárao don phobal imtheachd, nach ar
thréoruidh Día iad tré shlíghe na BhPhilistíneach, gidh go raibh sin
aithghearr: óir adubhairt Día deagla go tteigéomhadh go mbía aithreachus
ar an bpobal anuair dochífidís cogadh, agus go bhfillfeidís
doNégipt.


L. Ex13:18


Ach do thréoruidh Día an pobal fáccuairt tré shlighe fhásuigh na mara
ruaidhe, agus dochuadar clann Israel suas éidighthe amach as crích na
Hégipte.


L. Ex13:19


Agus rug Maóisi cnámha Ióseph leis: óir tug sé mionna ar chloinn
Israel ag rádh, tiucfa Día go deimhin dá bhur bhfiosrughadh, agus
béurthaói mo chnámhasa asso libh.


L. Ex13:20


Agus do ghluaiseadar ó Sucot, agus dorinneadar foslungphuirt a
Netam, animeal an fásuigh.


L. Ex13:21


Agus dochuaidh an tige rompa san ló a bpíleir néill, do mhúnadh na
sligheadh dhóibh, agus sanoidhche a bpíleir thineadh, do thabhairt soluis
dóibh, do imtheachd do ló agus doidhche.


L. Ex13:22


Níor chorruigh sé úatha an piléir néill san ló, nó an piléir tineadh
san oidhche, as fiadhnuise an phobuil.


L. Ex14:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, ag rádh.


L. Ex14:2


Labhair lé cloinn Israel go bhfillidh, agus go ndérnaidh campa as
coinne Phihahirot, eidir Migdol, agus anfairge, thall ar aghuidh
Baal-sephron; as a choinne dodhéntaói campa láimh ris anfairge.


L. Ex14:3


Óir adéra Phárao a ttaobh chloinne Israel, atáid síad air
sechrann san tír: do íadh an fásach na ttimchioll:


L. Ex14:4


Agus cruáidheocha misi croidhe Phárao, ionnus go leanfuidh sé íad,
agus dogheabhadsa glóir a dtimchioll Phárao, agus a shlóigh uile; chor
go mbía an tighearna: agus dorinneadar sin.


L. Ex14:5


Agus do hinnseadh do Rígh na Hégipte gur theitheadur an pobal:
agus do claochlóidheadh croidhe Phárao agus a mhuinntire anaghuidh
an phobuil, agus adubhradar, créd fá ndearnamar so? as ar léigeamar
Israel dimtheachd as ar serbhís.


L. Ex14:6


Agus do réighidh sesion a charbad, agus rug a mhuintir leis.


L. Ex14:7


Agus rug leis sé chéd carbad toghtha, agus carbuid na Hégipte uile,
agus ceann feadhna os cionn gach éanchoda dhíobh.


L. Ex14:8


Agus do chruáidhigh an tighearna croidhe Phárao Rígh na Hégipte,
agus do ghluais sé a ndiáigh chloinne Israel: agus dochuadar
clanna Israel amach lé láimh áird.


L. Ex14:9


Achd do leanadar na Hégiptigh na ndiáigh, (eich agus carbaid
Phárao agus a mharcshlúagh agus a shlúagh uile) agus rugadar orra a
campa chois na fairge, ré taobh Pihahirot as coinne Baal-sephon.


L. Ex14:10


Agus anuair tháinic Phárao láimh ríu, do thógbhadar clann
Israel a súile súas, agus féuch dorinneadur na Hégiptigh na ndiáigh,
agus dobhádursan lán deagla agus do éimhgheadur clann Israel ar an
ttighearna.


L. Ex14:11


Agus adubhradar re Maóise, do chionn nach rabhadar uaighe
saNégipt thug tú leachd sinn dfagháil bháis san bhfásach?
cread fá ndérna tú marso rinn, ar ttabhairt amach as aNégipt?


L. Ex14:12


Nach éso an focal do innseamar dhuit saNégipt, ag rádh léig
dhúinn serbhís a dhénamh do na Hégiptibh óir dobfearr dhúinne
serbhís do dhéanamh do na Hégiptibh, ná bás dfagháil san bhfásach.


L. Ex14:13


Agus adubhairt Maóise ris an bpobal, bíodh eagla oruibh, fanuidh
bhur seasamh, agus féucuidh tártháil an tighearna noch thaisbéanfas sé
dhíbh aniugh: óir na Hégiptigh dochoncabhair aniugh, ní fhaicfidhe íad
arís go bráth.


L. Ex14:14


Troidfidh an tighearna ar bhur son, agus beithí se bhur ccomhnuighe.


L. Ex14:15


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, cread fa néimhgeann tú
orumsa? abuir ré cloinn Israel dul ar a naghuidh.


L. Ex14:16


Achd tógsa súas do shlat agus sín amach do lámh ós cionn na fairge,
agus roinn í: agus imeochuid clann Israel ar talumh tirim tré lár na
fairge.


L. Ex14:17


Agus féuch crúaidheochaidh misi croidhe na Négiptach, agus leanfuidh
iad, agus dogheabhadsa glóir a ttimchioll Phárao, agus a shlóigh
uile, agus ar a charbaduibh agus ar a mharcshluagh.


L. Ex14:18


Agus aitheonuidh na Hégiptigh gur mé an tighearna, an uáir do
gheabha mé onóir ar Phárao, ar a charbaduibh agus ar a mharcshluagh.


L. Ex14:19


Agus aingeal Dé noch dobhí roimhe Champa Israel, do atharruigh sé,
agus dochuaidh na ndiáigh.


L. Ex14:20


Agus táinic idir champa na Négipteach agus campa Israel, agus do
bhí na néull, agus na dhorchadas dóibh súd, agus na sholus dóibh so san-
oidhche, ionnus nach dtáinic ceachdar dhíobh a ngar a chéile ar feadh na
hoidhche:


L. Ex14:21


Agus do shín Maóise a lámh amach ós cionn na fairge, agus tug an
tighearna ar an bhfairge dul (ar a h ais) lé gaoith láidir anoir ar feadh
na hoidhchesin, agus dorinne anfairge na talamh thirim, agus do
roinneadh na huisgidhe.


L. Ex14:22


Agus dochuadar clann Israel a lár na fairge ar an talamh thirim,
agus dobhádur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis agus ar
a cclé.


L. Ex14:23


Agus do leanadur na Hégiptigh íad, agus dochuadar na ndiáigh go lár
na fairge, eadhon eich Phárao uile, a charbuid, agus a mharcshluagh.


L. Ex14:24


Agus táinic timchioll fhaire na maidine gur fhéuch an tighearna ar
shlúaghuibh na Négipteach thríd an bpiléir tineadh, agus an néull, agus
gur bhuaidhir slúagh na Négipteach.


L. Ex14:25


Agus do bhean amach roithléin na gcarbad, gur thairngeadar íad go
trom, ionnus go ndubhradar na Hégiptigh, teitheamaoid as lathair
Israel: óir atá an tighearna ag troid ar a son anaghuidh na
Négipteach:


L. Ex14:26


Agus adubhairt an tighearna re Maóisi, sín amach do lámh ós cionn
na fairge, ionnus go ttigid na huisgidhe arís ar na Hégiptibh, ar a
ccarbaduibh, agus ar a marcshluagh.


L. Ex14:27


Agus do shín Maóise a lámh amach ós cionn na fairge, agus do fhill
anfairge iona neart féin anuáir do fhoillsigh an mhaidin, agus do
theitheadar na Hégiptigh na haguidh: agus do bháith an tighearna na
Hégiptigh a lár na fairge.


L. Ex14:28


Agus do fhilleadur na huisgidhe, agus do fholchadar na carbuid, agus
an marcshlúagh, agus slúagh Phárao uile, noch tháinic san bhfairge na
ndiáigh: níor fagbhadh éinneach dhíobh na bheathaidh.


L. Ex14:29


Agus do imtheadar clann Israel ar talamh tirim a lár na fairge, agus
dobhádur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a lámh dheis, agus ar a cclé.


L. Ex14:30


Marso do sháor an tighearna Israel an lásin as lámhuibh na
Négipteach, agus dochonnuirc Israel na Hégiptigh marbh ar thráigh
na fairge.


L. Ex14:31


Agus dochonnairc Israel an obair mhórsin dorinne an tighearna ar
na Hégiptibh, agus dobhí eagla an tighearna ar an bpobal, agus do
chreideadar an tighearna, agus a sherbhíseach Mhaóise.


L. Ex15:1


Annsin do ghabh Maóise, agus clann Israel an dánsa don tighearna,
agus do labhradar, ag rádh, géubha mé dán don tighearna; óir rug sé
búaidh go glórmhar, an teach agus an marcach do theilg sé san
bhfairge.


L. Ex15:2


As é an tighearna mo neart agus mo dhán, agus dobhí sé na thártháil
damh: is eision mo Dhía, agus dodhéna mé áit comhnuighe ullmhughadh dhó;
Día máthar, agus áirdeocha mé é.


L. Ex15:3


Is fear coguidh an tighearna; sé an tighearna is ainm dhó.


L. Ex15:4


Do teilg sé carbuid Phárao, agus a shluagh san bhfairge: atáid fós a
chaiptínigh toghtha báite san mhuir ruaidh.


L. Ex15:5


Do fholchadar na haigéin íad, do sluigeadh aníochdar íad mar chloich.


L. Ex15:6


Dorinneadh do lámh dheas, ó a thighearna, glórmhar a ccumhachd: do bhris
do lámh dheas, ó a thighearna, an námhuid na mbloghuibh.


L. Ex15:7


Ré méud hoirdhearcuis do chláoidh tú íad, noch do éirigh súas ad
aghuidh: do chuir tú thfearg amach noch do chnáoi íad mar chonlach.


L. Ex15:8


Agus le séideadh do shróna do cruinnigheadh na huisgidhe a ccion a
chéile: do sheasadar no tuilte súas mar chruaich, agus do ceangladh dhá
chéile na haigéin a ninnmheadhon na fairge.


L. Ex15:9


Adubhairt an námhuid, leanfad bérad orra, roinnfead a n édáil;
sásfuidhear manntoil orra, tairreonga mé mo chloidheamh, sgriosfuidh mo
lámh íad.


L. Ex15:10


Do sheid tú le do ghaoith, do fholuigh anfairge íad: dochuadar faoi
amhuil luaighe annsna huisgidhibh láidre.


L. Ex15:11


Cía as cosmhuil riot, a thighearna, a measc na ndeé: cía as cosmhuil
riot, glórmhar a naomhthachd, eaglach a moltuibh, ag déanamh iongantadh.


L. Ex15:12


Do shín tú amach do lámh dheas, do shluig an talamh íad.


L. Ex15:13


Do thréoruigh tusa ann do thrócaire an pobal noch do fhúascuil tú: rug
tú eolus dóibh ann do neart chum háitribh naomhtha.


L. Ex15:14


Cluinfidh an pobal agus biáidh eagla orra: géubha dobrón greim ar
áitreóiribh phalestína.


L. Ex15:15


Annsin béid duibhchidhe Edom lán diongantus: daoine cumhachdacha
Moab, géubhuidh crith greim orra: leighfid áitreoirigh Chánaain
uile.


L. Ex15:16


Tuitfidh uamhan agus eagla orra: lé méid do láimhe béid síad
tochdach
mar chloich, nó go ndeachuidh do phobalsa thairis, a thighearna, nó go
ndeachuid an pobal thairis, noch do cheannuigh tusa.


L. Ex15:17


Dobheara tú asteach íad; agus suidheocha tú íad a slíabh
hoighreachda: annsan áit a thighearna, dorinne tú dhuit féin chum
comhnuighe ann: annsa tsanctór a thighearna, noch do dhaingnigheadar do
lámha.


L. Ex15:18


Biaidh an tighearna a rioghachd go saóghal na saóghal.


L. Ex15:19


Óir dochuaidh each Phárao asteach gon a charbaduibh, agus gon a
mharcshluagh san bhfairge, agus tug an tighearna uisgidhe na fairge
arís orra: ach do imthigh clann Israel ar talamh tirim a meadhon na
fairge.


L. Ex15:20


Agus Míriam an bhanfháigh, dearbhsiúr Aáron, do ghlac sí tiompán
na láimh, agus dochuadar na mná uile amach na diáigh maille re céol
agus re damhsa.


L. Ex15:21


Agus do fhreagair Míriam íad; canuidh don tighearna, óir rug sé
búaidh go glórmhar; an teach agas an marcach do theilg sé san
bhfairge.


L. Ex15:22


Marsin tug Maóise Israel ón muir ruaidh, agus dochuadar go
fásach Súr, agus do shiubhluigheadar trí lá san bhfásach, agus ní
fhuaradur uisge.


L. Ex15:23


Agus anuáir thangadar go Márah, níor fhéadadar uisgidhe Mhárah
ól; óir dobhádar searbh: uimesin tugadh Márah dainm air.


L. Ex15:24


Agus dorinne an pobal munbhar anaghuidh Mhaóise, ag rádh créd
ibhiom.


L. Ex15:25


Agus do éigh seision ar an ttighearna agus do thaisbéin an tighearna
crann dó, noch anuair do chaith sé isna huisgidhibh, dorinneadh na
huisgidhe milis: annsin dorinne sé gnáth agas ordúghadh, agus is annsin do
dhearbh sé íad.


L. Ex15:26


Agus adubhairt, má éisteann tú go dúthrachdach re guth an tighearna
do Dhía, agus go ndéna tú an ní is ceart na radharc; agus go ttiubhra tú
aire do aitheantuibh, agus go gcuimhdeocha tú a reachda uile: ní chuirfe
mé éinní do na heasláintibhsi oruibh, noch thug mé ar na Hégiptibh:
óir is misi an tighearna leighisios tú.


L. Ex15:27


Agus tangadar go Hélim mar a rabhadar dhá thobar dhéug uisge agus
deich agus trí fichid cran(n) pailme, agus dorinneadur comhnuidhe ansin
láimh ris na huisgidhibh.


L. Ex16:1


Agus do ghluaiseadar ó Elim, agus táinic comhchruinneaghadh chloinne
Israel uile go fásach Sin, noch atá idir Elim agus Sínai, an
cúigeadh lá déug don dara mí, tar éis a tteachd as crích na Hégipte.


L. Ex16:2


Agus dorinneadur comhchruinniughadh chloinne Israel uile munbhar
anaghaidh Mhaóise agud Aároin san bhfásach.


L. Ex16:3


Agus adubhradur clann Israel ríu: dobfearr linn go bhfaghmaóis
bás re láimh an tighearna a gcrích na Hégipte anuáir do
shuigheamar láimh ré potuighibh na féola, agus anuáir do ithmís arán
ar sáith: óir tug sibhsi amach sinn san bhfásachso, do mharbhadh
na coimhthionalasa uile lé hocrus.


L. Ex16:4


Ansin adubhairt an tighearna re Maóise, féuch, fearfa misi arán ó
neamh dhaóibh, agus rachuid na daóine amach, agus cruinneochuid suim
áirighe gach lá, go ndearbha mé íad, an siubholuid ann mo dhligheadh, nó
nach déanuid.


L. Ex16:5


Agus tiucfaidh a ccrích an seiseadh lá, go n uillmheochuid an ní
dobhéuruid léo asteach; agus biáidh sé fá dhó níis mó ná an ní chruinnighid
go láetheamhuil.


L. Ex16:6


Agus adubhairt Maóise agus Aáron ré cloinn Israel uile; tráthnóna,
annsin aitheontaói gurbé an tighearna thug amach sibh as crích na
Hégipte.


L. Ex16:7


Agus ar maidin annsin dochifídhe glóir an tighearna; óir dochluin sé
bhur munbhar anaghaidh an tighearna: agus créd sinne, as a ndénadh
sibh munbhar ar naghuidh?


L. Ex16:8


Agus adubhairt Maóise, biáidh an ní marso, anuáir dobhéura an
tighearna dhíbh tráthnóna feóil ré ithe, agus ar maidin arán bhur sáith;
do chionn go gcluin an tighearna bhur munbhar, noch donithí do mhunbhar
an aghuidh: óir ciodh sinne? ní ar naghuidhne atáid bhur munbhar,
achd anaghuidh an tighearna.


L. Ex16:9


Agus do labhair Maóise ré Haáron, abair ré coimhthionól chloinne
Israel uile, tigidh a bhfogus a láthair an tighearna: óir dochualuidh sé
bhur munbhar.


L. Ex16:10


Agus tárla mar do labhair Aáron le coimhthionól chloinne Israel
uile, gur fhéuchadur a leith anfásaigh, agus féuch, do fhoillsigh
an tighearna annsa néull.


L. Ex16:11


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, ag rádh.


L. Ex16:12


Dochuala mé munbhar chloinne Israel: labhair ríu ag rádh, tráthnóna,
iostaói feóil, agus ar maidin líonfuighear le harán sibh, agus
aitheóntaói gur misi an tighearna bhur nDía.


L. Ex16:13


Agus tárla tráthnóna, go ttangadar na gearraguirt súas, agus gur
fholuigheadar an campa: agus ar maidin do luigh an drúchd fágcuáirt a
dtimchioll an tsluáigh.


L. Ex16:14


Agus anuáir do imthigh an drúchd suas, noch do luigh: féuch, do
luigh ar ghnúis an fhásuigh ní beag cruinn, coimh mion ris an tsioc líath
ar a talamh.


L. Ex16:15


Agus anuáir dochoncadar clann Israel é, do ráidheadar an duine re
chéile, is Manna é: óir ní raibh a fhios aca créad é: agus adubhairt
Maóise ríu, agso an tarán thug an tighearna dhaóibh re ithe.


L. Ex16:16


As éso an ní noch do aithin an tighearna: cruinnigheadh gach
aónduine dhe do réir mar íosas sé, omer dá gach aónduine, do réir
uibhire bhur nanmann; beiridh libh gach aónduine aguibh chucasin atá
ann bhur lóistinibh.


L. Ex16:17


Agus dorinneadar clann Israel sin, agus do chruinnigheadar cuid ní
bá lugha, agus cuid ní bá mó.


L. Ex16:18


Agus anuáir do thoimhseadar é le omer, an té do chruinnigh
iomarcuidh, ní raibh éinní dá bhárr aige, agus an té do chruinnigh beagán,
níor theasda éinní uadh: do chruinnigh gach aón aca do réir mar do íosadh
sé.


L. Ex16:19


Agus adubhairt Maóise riú, na fágbhadh aónduine ní dhe a ccoinne
na maidine.


L. Ex16:20


Gidheadh níor éisdeadar ré Maóise, ach do fhág cuid dhíobh ní dhe go
maidin, agus dorinneadh cnumha dhe, agus do bhréun sé; agus dobhí
Maóisi feargach ríu.


L. Ex16:21


Agus do chruinnigheadar é gach énmhaidin, gach aón do réir mar do
íosadh sé: agus anuáir do lasadh an ghrían do leaghadh sé.


L. Ex16:22


Agus tárla ar a seisiodh lá gur chruinnigheadar dhá uirid aráin, dhá
omer gach aónduine aca: agus tangadar uachdaráin an choimhthionól uile,
agus do innseadar sin do Mhaóise.


L. Ex16:23


Agus adubhairt sé ríu, séso an ní adubhairt an tighearna, amárach
atá suáimhneas na saóire naomhtha don tighearna: druithigh aniugh an mhéid
aráin bhruithfíghe, agus bruithighidh an mhéid feóla bhruithfíghe, agus
bruithighidh an mhéid feóla bhruithfidhe: agus an mhéid feóla
bhruithfidhe: agus an mhéid bhias ós a chionnsin, cuiridh suas díbh féin
dá chumhdach go maidin é.


L. Ex16:24


Agus do chuireadar suas é a dtaiscigh go maidin, mar do aithin
Maóisi dhíobh, agus níor bhréun sé agus ní raibh én phéist ann.


L. Ex16:25


Agus do ráidh Maóise; ithidh sin aniugh; óir is Sabóid don tighearna
an lá aniugh: ní bhfuighthí aniugh é, annsa mhachaire.


L. Ex16:26


Sé lá chruinneochthaói é, achd an seachdmhadh lá, noch atá na shaóire,
ní bhía sé ann.


L. Ex16:27


Agus tárla, go ndeachadar cuid don phobal amach an seachdmhadh lá,
do chruinniughadh, agus ní fhuaradar éinní.


L. Ex16:28


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, gá fad bheithí ag diúlthadh
maitheantadh, agus mo dhlighthe do choiméud.


L. Ex16:29


Féuch ar a shon dotug an tighearna an tsábóid daóibh, uimesin do
bheir sé dhaóibh air an seiseadh lá arán dhá lá: fanadh gach aón aguibh na
áit: ná héirgeadh éinneach aguibh amach air a sheachdmhadh lá.


L. Ex16:30


Marsin do fhosadar an pobal air an seachdmhadh lá.


L. Ex16:31


Agus do ghoir teagh Israel Manna dhesin mar ainm; agus dobhí sé
geal mair shíol coriander, agus a bhlas cosmhuil ré abhlainn dodhéntaói
ré mil.


L. Ex16:32


Agus adubhairt Maóise, séso an ní aithnighios an tighearna;
líonuidh ómer dhe dá choimhéud fá choinne bhur sleachda; ar chor go
bhfaicfidh síad an tarán lér bheathuidh mé sibh san bhfásach, anuáir thug
mé amach sibh as talamh na Hégipte.


L. Ex16:33


Agus adubhairt Maóise ré Haáron, glac pota agus cuir lán ómer do
mhanna ann, agus cuir a bhfiaghnuisi an tighearna é, dá choimhéud do bhur
sleachduibh.


L. Ex16:34


Fá mar do aithin an tighearna do Mhaóise, mairsin do chuir Aáron
súas é as coinnne na fiadhnuise dá chumhdach.


L. Ex16:35


Agus adúadar clann Israel manna ceathrachad blíadhan, nó go
ttangadar go tír áitreabha: dobhádar ag ithe manna, nó go ttangadar go
teóruinn thíre Chánaain.


L. Ex16:36


Omer annois ionnan í agus an deachmhadh cuid do ephah.


L. Ex17:1


Agus do ghluaiseadur comhchruiniughadh chloinne Israel uile ó fhásach
Sin tar éis a n aistior do réir aithne an tighearna, agus do chuireadar
fúthadh a Rephidim: agus ní raibh uisge ag an bpobal réna ól.


L. Ex17:2


Uimesin do labhradar an pobal ré Maóise go géur, agus adubhradar,
tabhair dhúinn uisge go n ibhimís é: agus adubhairt Maóise ríu, cred fá
ccáintí misi, créad as a ccurthaói cathughadh ar an dtighearna?


L. Ex17:3


Agus dobhí tart uisge ar a bpobal, agus dorinneadar an pobal
ithiomrádh anaghuidh Mhaóisi, agus adubhradar, cred fá ttug leachd
sinn suas as aNégipt dar marbhadh, agus do mharbhadh ar gcloinne, agus
ar náirnéisi le tart.


L. Ex17:4


Agus do éigh Maóise ar an ttighearna, ag rádh, créud dodhéuna mé ris
an bpobalsa, is beag nach bhfuilid a ninmhe gabhála do chlochuibh orum?


L. Ex17:5


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, imthigh romhad a lathair an
phobail, agus beir leachd do shinsearuibh Israel, agus an tslat lear
bhuáil tú an abhann beir leachd ad láimh í, agus imthigh.


L. Ex17:6


Féuch, seasfa misi romhad annsin ar an gcarruig ann Hóreb, agus
buailfe tusa an charrag, agus tiucfaidh uisge amach aiste, da nibhidh an
pobal deoch: agus dorinne Maóise sin a lathair shinnsear Israel.


L. Ex17:7


Agus do ghoir sé ainm na háite Massah, agus Meribah: do chionn
cháinte chloinne Israel, agus do chionn gur chuireadar cathughadh ar an
dtighearna, ag rádh, an bhfuil an tighearna ar measg nó nach bhfuil?


L. Ex17:8


Annsin tháinic Amalec agus do throid sé ré Israel ann
Rephidim.


L. Ex17:9


Agus adubhairt Maóise ré Iosua, tógh dhúinn amach daóine agus
troid re Hamalec: amárach seasfa misi ar mullach an chnuic maille ré
slat Dé am láimh.


L. Ex17:10


Marsin dorinne Iosua mar adubhairt Maóise ris, agus do throid sé
ré Hámalec, agus dochuaidh Maóise agus Aáron, agus Hur suas a
mullach an chnuic.


L. Ex17:11


Agus tárla anuáir do chonnuimh Maóise a lámh suas go rug Israel
buáidh, agus anuáir do léig a lámh síos dorug Amalec buaidh.


L. Ex17:12


Achd dobhádar lámha Mhaóise trom, agus do ghlacadar cloch agus do
chuireadur faoi Mhaóise, agus do shuigh sé uirre, agus do chonnuimh
Aáron agus Hur a lámha suas, aón díobh ar thaóbh dhe, agus aón ar thaóbh
eile, agus dobhádur a lámha seasmach go dul na gréine faói.


L. Ex17:13


Agus do chlaóidh Iosua Amalec, agus a dhaóine le faóbhar an
chloidhim.


L. Ex17:14


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, sgríobh so mar chuimhne ann
a leabhar, agus aithris é a gcluasuibh Iosua: óir cuirfe mé as go
hiomlán cuimhne Amalec ó faói neamh.


L. Ex17:15


Agus do thóg Maóise altóir, agus do ghoir Iehouah Nissi dainm
dhi.


L. Ex17:16


Óir adubhairt sé do chionn gur mhionnuigh an tighearna go mbíadh
cogadh aige ré Amalec ó gheinealach go geinealach.


L. Ex18:1


Anuair dochualuidh Iétro sagart Mhídian, clíamhuin Mhaóise,
an uile ní dorinne Día ar son Mhaóise, agus ar son Israel a
phobal féin; agus go rug an tighearna Israel amach as aNégipt.


L. Ex18:2


Annsin rug Iétro, clíamhuin Mhaóise, Sipporah bean Mhaóise
leis tar éis a cor ar a hais.


L. Ex18:3


Agus a días mac darbhainm daon díobh Gersom, óir adubhairt sé,
dobhí mé am choigcríoch a ttír choimhthigh.


L. Ex18:4


Agus dobé ainm an fhir eile Elieser: óir dobé Día máthar mo
chúngantach, agus do shaór mé ó chloidheamh Phárao.


L. Ex18:5


Agus táinic Iétro, clíamhuin Mhaóise, maille ré na mhacuibh agus
lé na mhnaói go Maóise don fhásach, mar a ndearna ré foslungphurt
a slíabh Dé.


L. Ex18:6


Agus adubhairt sé re Maóise; misi do chlíamhuin Iétro, tháinic mé
chugad, agus do bhean agus do dhías mac lé.


L. Ex18:7


Agus dochuaidh Maóise amach a ccoinne a chleamhna, agus dorinne
umhla agus tug póg dhó, agus do fhíafruigh gach neach dhíobh dá chéile
cionnus dobhádar: agus tangadar don lóistín.


L. Ex18:8


Agus do innis Maóise dá chlíamhuin an uile ní dorinne an tighearna ré
Phárao agus ris na Hégiptibh ar son Israel, agus an uile aisdior dá
ttáinic orra annsa tslighe, agus cionnus do shaor an tighearna íad.


L. Ex18:9


Agus do gháirdigh Iétro ar son na huile mhaitheasa dá ndérna an
tighearna do Israel, noch do shaór sé as lámhuibh na Négipteach.


L. Ex18:10


Agus adubhairt Iétro, go madh beannuighe an tighearna, noch do
shaór sibh ó lámhuibh na Négipteach.


L. Ex18:11


Anois aithnighim gur mó an tighearna ná an uile Dhée: óir annsa ní
ann ar bheanadarsan go huaibhreach dobhí sé ós a ccionn.


L. Ex18:12


Agus do ghlac Iétro clíamhuin Mhaóise ofráil loiscthe, agus
iodhbartha do Dhía, agus táinic Aáron agus sinnsir Israel uile
dithe aráin lé clíamhuin Mhaóise a bhfiaghnuisi Dé.


L. Ex18:13


Agus tárla arna mhárach gur shuigh Maóise do bhreithniughadh an
phobail, agus do sheasadar an pobal ag Maóise ó mhaidin go
tráthnóna.


L. Ex18:14


Agus anuáir dochonnairc clíamhuin Mhaóise an uile ní dorinne sé
ris an bpobal, adubhairt sé, cread an nísi doní tú ris an bpobal?
cread as a suigheann tú féin ad aonar agus an pobal uile na seasamh
agad ó mhaidin go tráthnóna?


L. Ex18:15


Agus adubhairt Maoise réna chlíamhuin do chionn go ttig an pobal
chugam do cheasnughadh um Dhía.


L. Ex18:16


Anuáir bhías cúis aca tigid chugamsa, agus beirim breath idir gach
dá rann, agus dobheirim orra fios reachda Dé agus a dhlighe do bheith
aca.


L. Ex18:17


Agus adubhairt clíamhuin Mhaóise ris, an read doní tú ní maith é.


L. Ex18:18


Cnaóife tú as go deimhin, araón thú féin agus an pobalsa ad fhochair:
óir is rothrom an nísi dhuit, ní héidir dhuit a chomlíonadh, thú féin
ad aonar.


L. Ex18:19


Éist annois ream ghuthsa: dobhéura mé comhairle dhuit: agus biáidh
Día maille riot: bídhsi ar son an phobail leath ré Día: chor go mbéura tú
a ccúis go Día.


L. Ex18:20


Agus múinfe tú órduighthe, agus dlighthe dhóibh, agus taisbéanfa tú
dhóibh an tslighe ann a ccaithfid síad siubhal, agus anobair chaithfid
síad do dhéunamh.


L. Ex18:21


Ós a chionn so; gléasfa tú as an bpobal daóine acfuinneacha, drong ar
a mbí eagla Dé: daóine fírinneacha, fhuathuigheas saint, agus cuir ós a
ccionn íad, uachdaráin míleadh, uachdaráin céad, uachdaráin caógadh, agus
uachdaráin deithneamhuir.


L. Ex18:22


Agus breathnuighidís an pobal ann gach uile am, agus is amhla bhías,
go dtiubhruid chugadsa an uile cúis mhór, ach gach uile chúis bheag
breithneochuid féin: marsin bhías socamhlach dhuitse, agus
iomchóruidsion (an tualach) maille leachd.


L. Ex18:23


Má ní tú an nísi, agus go naitheonuidh Día sin díot; annsin bus
éidir leachd an tualach iomchar, agus an pobalsa mar an gcéudna rachuid
dá náit féin a síothcháin.


L. Ex18:24


Marsin do éist Maóise ré guth a chleamhna, agus dorinne a
ndubhairt sé uile.


L. Ex18:25


Agus do thogh Maóise daóine iomchubhuidh as Israel uile, agus do
rinne sé uachdaráin díobh ós cionn an phobuil: uachdaráin míleadh,
uachdaráin chéd, uachdaráin chaoghad, agus uachdaráin dheithneamhuir.


L. Ex18:26


Agus donídís breitheamhnus ar an bpobal gach uile uáir: na cúise
crúaidhe dobherdís go Maóise, achd gach uile chúis bheag do réighedís
féin.


L. Ex18:27


Agus do léig Maóise dá chlíamhuin imtheachd, agus dochuaidh sé dá
dhúthaigh féin.


L. Ex19:1


Ann sa treas mí anuáir dochuadar clann Israel amach as crích na
Hégipte, an lá cédna thangadar go fásach Sínai.


L. Ex19:2


Óir dobhádar ar nimtheachd ó Rephidim, agus tangadar go díothramh
Sínai, agus chomhnuigheadar san bhfásach, agus annsin dorinneadur
clanna Israel comhnuighe as coinne an tsléibhe.


L. Ex19:3


Agus dochuaidh Maóisi súas go Dia: agus do ghoir Dia air, as a
tslíabh, ag rádh, is marso deura tú re tigh Iácob, agus innis do
chloinn Israel.


L. Ex19:4


Dochoncamhair cred dorinne mé ris na Hégiptibh, agus cionnus do
iomchair mé sibhsi ar eitibh iolair, agus cionnus tug mé chugam féin
sibh.


L. Ex19:5


Anois uimesin má umhluighigh dom ghuth dháríribh, agus mo chunnradh
do chomhall, annsin beithí mar nionnmhus spécialta agam os cionn gach
uile phobal, óir is liomsa an talamh uile.


L. Ex19:6


Agus beithí agum bhar rioghachd sagart, agus bhar gcineadh naomhtha:
as íadso na bríathra labheorus tú re cloinn Israel.


L. Ex19:7


Agus táinic Maóise, agus do ghoir sé ar shinsearuibh an phobuil,
agus do chuir as a ccoinne na bríathraso uile, noch do aithin an
tighearna dhe.


L. Ex19:8


Agus do fhreagradar an pobal a néinfheachd, agus adubhradar, an
uile ní do labhair an tighearna dodhénuim é: Agus do fhill Maóise
bríathra an pobuil chum an tighearna.


L. Ex19:9


Agus adubhairt an tighearna re Maóisi, féuch, tigimse chugad a
neull tiug, chor go gcluinfid an pobal anúair laibheorad riot, agus
go ccreidfid thú go bráth: agus do innis Maóise bríathra an phobuil
don tighearna.


L. Ex19:10


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, éirigh gus an bpobal agus
naomhuidh íad aniugh, agus amárach, agus nighedís a néduighe.


L. Ex19:11


Agus bithí réigh a gcoinne an treas lá: óir an treas lá thiucfas an
tighearna anúas a namharc an phobuil uile ar slíabh Sínai.


L. Ex19:12


Agus cuirfe tú teóranna ré huchd an phobail timcioll faccuairt, ag
rádh, tugaidh aire dháoibh féin, nach rachthaoi súas ar a tslíabh, nó nach
beanfuidhe rena imeal; gidhbé bheanfus ris a tslíabh, go deimhin
cuirfighear chum báis é.


L. Ex19:13


Ní bhainfe lámh ris, ach go deimhin clochfuighear, no goinfighear
thríd é, mas ainmhidhe é nó duine, ní mhairfe sé: anuair shéidfeas sé an
stoc go sínteach, tiucfaid suas chum a tsléibhe.


L. Ex19:14


Agus dochuaidh Maóise síos ón tslíabh chum an phobuil, agus do
naomhuigh an pobal, agus do nígheadar a néuduighe.


L. Ex19:15


Agus adubhairt sé ris an bpobal: bithi réidh a ccoinne an treas lá,
ná tigidh a ngar bhur mban.


L. Ex19:16


Agus tárla an treas lá air maidin, go rabhadar, tóirneacha agus
tinnteacha, agus neultiugh ar a tslíabh, agus guth an sduic roárd:
Ionnus gur criothnuigheadar a raibh do dhaóinibh annsa champa.


L. Ex19:17


Agus tug Maóise an pobal amach as an ccampa do theagmháil re Día,
agus do sheasadar ag an gcuid íochdaruigh don tslíabh.


L. Ex19:18


Agus dobhí slíabh Sínai uile fá dheatuigh, do chionn gur thuirling
an tighearna air a tteinidh, agus dochuaidh a dheatach suas amhuil
dheatach fuirnise, agus do chriothnuigh an slíabh uile go mór.


L. Ex19:19


Agus anúair do fhuaimnigh guth an sduic a bhfad, agus do fhás níos
airde, do labhair Maóise, agus do fhreagair Día é re guth.


L. Ex19:20


Agus táinic an tighearna anuas ar shlíabh Sínai, ar mhullach an
tsléibhe: agus do ghoir an tighearna Maóise suás go mullach an
tsléibhe, agus dochuaidh Maóise súas.


L. Ex19:21


Agus adubhairt an tighearna re Maóise; éirigh síos, aithin don
phobal, deagla go mbrisfidís thríd chum an tighearna dá fheitheamh, agus
go dtuitfeadh mórán díobh.


L. Ex19:22


Agus na sagart mar an gceádna, noch thig a bhfoghus don tighearna,
naomhaidís íad féin deagla go mbrisfeadh an tighearna amach orra.


L. Ex19:23


Agus adubhairt Maóise ris a ttighearna, ní fhédaid an pobal dul
súas ar shlíabh Sínai; óir do aithin tusa dhínn ag rádh, cuir
tóranna timchioll an tsléibhe agus naomhaidh é.


L. Ex19:24


Agus adubhairt an tighearna ris, imthigh romhad, éirigh síos, agus
tiucfa tú aníos, thú féin, agus Aáron leachd, agus ná léig do na
sagartuibh, agus don phobal briseadh thríd, do theachd suas chum an
tighearna, deagla go mbrisfédh sé amach orra.


L. Ex19:25


Marsin dochuaidh Maóise síos gus an bpobal, agus do labhair sé riú.


L. Ex20:1


Agus do labhuir Día na bríathraso uile ag rádh.


L. Ex20:2


Is misi an tighearna do Dhía, noch do threoruidh tusa amach as talamh
na Hégipte as tigh na daóirse.


L. Ex20:3


Ní bhíaidh Día ar bith eile agad am láthairse.


L. Ex20:4


Ní dhéna tú dhuit féin iomháigh ar bith ghrábhalta, nó
cosamhlachd ar bith éinneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar
talamh shíos, nó da bhfuil san uisge faoi an talamh.


L. Ex20:5


Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, ní dhéna tú serbhís dóibh; óir
misi an tighearna do Dhía, is Día édmhar mé, thig dféchuin pheacuidh na
naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don
druing fhuathuigheas mé;


L. Ex20:6


Agus taisbénas trócaire do mhíltibh don luchd ghráduigheas mé, agus
choimhédas maitheanta.


L. Ex20:7


Ná tabhair ainm an tighearna Día go díomhaoin; óir ní mheasfuidh an
tighearna neimhchiontach an té bheir a ainm go díomhaoin.


L. Ex20:8


Cuimhnigh lá na sábóide go naomhthócha tú é.


L. Ex20:9


Sé laéthe shaóthrochuis tú, agus dheánas tú hobair uile.


L. Ex20:10


Ach sé an seachdmhadh lá, sábóid an tighearna do Dhía, ní dhéna tú
obair ar bith ann, thú féin, nó do mhac, nó hinghean, hóglach, nó do
bhanoglach, nó do choimhigtheach atá táobh astigh dot dhoirsibh.


L. Ex20:11


Óir is a sé láethibh dorinne an tighearna neamh agus talamh, an
fhairge agus an uile ní atá ionta, agus do scuir sé an seachdmhadh lá:
uime sin do bheannuidh an tighearna lá na sábóide agus do náomhuigh é.


L. Ex20:12


Onoruigh hathair agus do mhathair, ionnus go ma fada do laethe ar
an ttalamh, noch dobheir an tighearna do Dhía dhuit.


L. Ex20:13


Ní dhéna tú dúnmharbhadh.


L. Ex20:14


Ní dhéna tú adhaltrannas.


L. Ex20:15


Ní dhéna tú goid.


L. Ex20:16


Ní bhéura tú fíaghnuisi bhréige anaghuidh do chomharsan.


L. Ex20:17


Ní shainteocha tú tigh do chomharsan, ní sainteocha tú bean do
chomharsan, nó a banóglach, nó a dhamh, nó a assal, nó énní is lé do
chomharsain.


L. Ex20:18


Agus dochoncadar an pobal uile na tóirseachda, agus na tinnteacha,
agus fuáim an sduic, agus an slíabh ag deatughadh, agus anuair dochoncadar
an pobal é, do athruigheadar, agus do sheasadar a bhfad uádh.


L. Ex20:19


Agus adubhradar re Maóise: labhairsi rinne, agus cluinfiom, ach
ná labhradh Día rinn, d eagla go bhfuighmís bás.


L. Ex20:20


Agus adubhairt Maóise ris an bpobal ná bíodh eagla oruibh: óir is do
bhur ndearbhadh tháinic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne bhur
naightheadh, ionnus nach bpeacuigheadh sibh.


L. Ex20:21


Agus do sheas an pobal amach, agus do dhruid Maóise a ngar don
dorchadas tiugh mar a raibh Día.


L. Ex20:22


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise: is marso déras tú ré cloinn
Israel, dochonchabhair gur labhair mé ribh ó neamh.


L. Ex20:23


Ní dhéntaói maille riomsa Dée airgid: ní mó dhéntaói dhaoibh Dée
óir.


L. Ex20:24


Altóir do chriáidh dodhéana tú dhamhsa, agus iodhbóruidh tú uirre
sin hofrála loisge, agus hofrála síothchána, do chaoirigh, agus do
dhaimh; san uile bhall a ttiubhra mé fa deara mainm do chuimhniughadh
tiucfa mé chugatsa, agus beannocha mé thú.


L. Ex20:25


Agus má ní tú altóir chloiche dhamh: ní thoigeobha tú í do
chlochuibh snoighte, óir má thógbann tú huirnéis súas uirre, do
thruáill tú í.


L. Ex20:26


Ní mó rachus tú súas lé coiscéimibh chum maltóra, ionnus nach biáidh
do lomnochduighe arna taisbeanadh uirre.


L. Ex21:1


Anois is íadso na dlighthe chuirfeas tú rompa.


L. Ex21:2


Má cheanchann tú seirbhíseach Eabhruigheach, sé blíaghna bhías sé
ag seirbhís, agus ann sa seachdmhadh blíadhuin, rachuidh sé amach saór
gan éinní:


L. Ex21:3


Má tháinic sé leis féin asteach, rachuidh sé amach leis féin, má bhí sé
pósda, annsin rachaidh a bhean leis amach.


L. Ex21:4


Má thug a mhaighistir bean dó, agus go rug sí mic, agus ingheana dhó,
biádh an bhean, agus an chlann ag an maighistir, agus rachuidh seision amach
leis féin.


L. Ex21:5


Agus má deir an seirbhíseach go follus, is ionmhuin liom mo
mhaighistir, mo bhean agus mo chlann, ní racha mé amach saór.


L. Ex21:6


Annsin dobhéra an maighistir chum na mbreitheamhan é, dobhéra sé
marsin chum a ndoruis é, nó chum posta an doruis, agus tollfa a
mhaighistir a chluas tríthe lé meanadh, agus foigheonuigh sé dhó go bráth.


L. Ex21:7


Agus má reacann duine a inghean do bheith na banóglaidh: ní rachaidh
sí amach mar donídh na hóglaóich fear.


L. Ex21:8


Muna ttaitnidh sí réna maighistir, noch do cheangal leis féin í; annsin
léigfe sé a fuasgladh: a reic re cineadh coimhightheach, ní bhía
cumhachda aige, ó rinne sé go cealgach ría,


L. Ex21:9


Agus má cheanguil sé rena mhach í: Dodhéana ría do réir mogha na n-
ingion.


L. Ex21:10


Má bheir sé bean eile, a beatha, a héadach, a dúalgas pósta ní
laighdeochthaói sé.


L. Ex21:11


Agus muna ndérna sé na trí níse ría, annsin rachaidh sí amach saór
gan airgead.


L. Ex21:12


An té bhuailfeas neach, ionnus go n éugfuidh sé, go deimhin
cuirfighear chum báis é.


L. Ex21:13


Agus muna luighe duine a bhforaire, ach go seachoduigh Día na láimh
é, annsin cinnfe mise áit dhuit a tteithfidh sé.


L. Ex21:14


Ach má thig duine go dásachdach, ar a chomharsain dá mharbhadh le
ceilg, béra tú óm altóir é go bhfuighe bás.


L. Ex21:15


Agus an té bhúaileas a athair, nó a mathair, cuirfighear go deimhin
chum báis é.


L. Ex21:16


Agus an té ghadus duine, agus reacas é, nó má gheibhthear na láimh é,
cuirfíthear go deimhin chum báis é.


L. Ex21:17


Agus an té mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirfíthear go deimhin
chum báis é.


L. Ex21:18


Agus má imreasnuid daóine ré chéile, agus go mbuáilfidh aón an fear
eile, do chloich, nó do dhorn, agus nach bhfuighe bás, ach go
gcuimhdeochuidh a leabuidh.


L. Ex21:19


Má éirghion sé arís, agus go siubholuidh amach léna bhata, annsin
saórfuighear an té do bhuáil é, amháin go n íocfuidh sé ar son dul amugha
a aimsire, agus go ttiubhra fá deara a leighios go hiomlán.


L. Ex21:20


Agus má bhuáileann duine a sherbhíseach nó a chailín, lé slait, agus
go bhfuighe sé bás faoi na láimh, diogholtar air go deimhin é.


L. Ex21:21


Ach má mhaireann sé lá nó dhó, ní dhéantar dioghaltas air; óir is sé a
airgead é.


L. Ex21:22


má imreasnuid daóine, agus go ngcoirteochuid bean torrach, ionnus go
nimeochuidh a toradh uaithe, agus ar a shonsin nach leanfuidh olc ar bith
dhe; coireochthar go deimhin air, do réir mar chuirfeas fear na mná air,
agus díolfa mar óirdeocaid na breitheamhuin.


L. Ex21:23


Agus má leanann urchóid ar bith dhe, annsin dobhéura tú anam ar son
anma.


L. Ex21:24


Súil ar shúil, fiacal ar fhiacuil, lámh ar láimh, cos ar chois.


L. Ex21:25


Loscadh ar son loiscthe, cneadh ar son chneidhe, buille ar son buille.


L. Ex21:26


Agus má bhuaileann duine súil a sherbhísigh, nó súil a chailín lé a
gcaillfidh í, léigfidh dhóibh imtheachd saór ar son a súl.


L. Ex21:27


Agus má bheanann sé fíacail as a sherbhíseach fir, nó fíacail as a
sherbhíseach mná, léigfe dhóibh imhtheachd sáor ar son a bhfíacal.


L. Ex21:28


Má loiteann damh fear nó bean, dá bhfuighidh bás, annsin go deimhin
clochfuighear an damh, agus ní hióstar a fheóil: ach saórfuighear
sealbhadóir an daimh.


L. Ex21:29


Ach má ghnáthuigh an damh sathadh lena adharcuibh san aimsir roimhe
sin, agus gur fiaghnuiseadh sin dá shealbhadhóir, agus nár choimhéd sé
astigh é, ach gur mharbh sé fear nó bean, clochfuithear an damh, agus
cuirfighear fós an sealbhadóir chum báis.


L. Ex21:30


Má leagthar suim airgid air, ansin dobhéara sé ar son fuasguilt a
anma gidhbhé ar bith leagfuighear air.


L. Ex21:31


Gidhbé do loit sé mach nó inghean, is do réir an bhreigeamhnuisso
dodhéntar.


L. Ex21:32


Má loiteann an damh serbhíseach fir nó serbhíseach mná, dobhéura sé
dá Maighistir tríochad sechel, agus clochfuighear an damh.


L. Ex21:33


Agus má osclann duine poll, nó má thochlann duine poll, agus nach
bhfoileochuidh é, agus go ttuitfidh damh nó assal ann:


L. Ex21:34


Dodhéna sealbhadóir an phoill go maith é, agus dobhéura airgead don
té ler leis íad, agus budh leis féin an beathach marbh.


L. Ex21:35


Agus má ghortuigheann damh aónduine, damh dhuine eile, go bfuighe sé
bás. annsin reacfuid an damh beó, agus roinnfiud a airgead, agus
roinnfid mar an ccédna an damh marbh.


L. Ex21:36


Nó má bhíonn a fhios go ngnáthuigheadh an damh sathadh san aimsir
roimhesin, agus nar choimhéd a shealbhadóir astigh é, íocfaidh go deimhin
damh ar dhamh, ach biáidh an marbh aige féin.


L. Ex22:1


Ma ghadann duine damh nó caora, agus a marbhadh, nó má reacann sé í,
aiseochuidh sé cúig daimh air son a daimh, agus cúig caoirigh ar son na
caorach.


L. Ex22:2


Má gheibhthear gaduighe ag briseadh súas, agus go mbuáilfighear é go
bhfuighe bás, ní dóirthfighear fuil ar a shon.


L. Ex22:3


Má éirgeann an ghrían air, dóirtfighear fuil thríd: óir dodhénadh sé
aisioc iomlán: muna raibh éinní aige, annsin reacfuighear é ar son a
ghaduigheachda.


L. Ex22:4


Má gheibhthear go dearbhtha an ghníomh ná láimh beó, madh damh, madh
assal, nó caora é, aiseochuidh dúbalta é.


L. Ex22:5


Má bheir duine fá deara machaire nó fíneamhuin dithe, agus go
gcuirfidhe a bheathach ann, agus go níosuidh machaire dhuine eile: don
chuid as feárr dá machaire féin, nó don chuid is feárr dá fhíneamhuin, do
dhéuna sé aisioc dó.


L. Ex22:6


Má bhriseann teine amach, agus go tteigeamhuidh a ndosanuibh, ionnus go
loisgfidhear na stácuidhe arbha, nó an tarbhar na sheasamh, nó an
machaire: an té do adhuin an teine, go deimhin dodhéna sé aisioc.


L. Ex22:7


Má bheir duine dá chomharsuin airgead nó éadail a ttaiscidh, agus go
ngadfuighear sin as tigh an duine, má geibhthear an gaduighe, díoladh sé
dúbalta é.


L. Ex22:8


Muna fhaghthar an gaduighe; annsin dobhéurthar maighistir an tighe
chum na mbreathamhan dá fhéchuinn nar chuir a lámh a maitheas a
chomharsan.


L. Ex22:9


Ar son an uile ghné sháruighthe, ar son doimh, nó ar son assail, ar son
caorach, ar son éaduigh, nó ar son aóin ghné théid amugha, noch agrus
neach eile, is leis féin: tiucfa cúis an dá rann a lathair na
mbritheamhan: gidhbé dhaórfuid na breitheamhuin, íocfa sé dúbalta ré na
chomharsain.


L. Ex22:10


Má bheir duine dá chomharsuin, assal, nó damh, nó caora, nó beathach
ar bith dá chumhdach, agus go bhfuighe bás, nó go loitfighear, nó go
rugadh ar siubhal é gan aónduine dá fhaicsin.


L. Ex22:11


Annsin biáidh mionna an tighearna eatorra araón, nach ar chuir
seision a lámh a maóin a chomharsan: agus géubhuidh an sealbhuighesin
uadh, agus ní dhéna seision go maith é.


L. Ex22:12


Agus má gadtar uadh é, dodhéana sé aisioc don tsealbhuighe lear
leis é.


L. Ex22:13


Má réubthar ó chéile é, annsin tugadh leis mar fhíadhuin é, agus ní
dhéna go maith an ní do réubadh.


L. Ex22:14


Agus má áirleagann duine éinní ó na chomharsuin, agus go loitfighear
é, nó go bhfuighe bás, agus gan an sealbhuighe a lathair, do dhéantar go
maith é go deimhin.


L. Ex22:15


Achd má bhíonn an sealbhuidhe a lathair, ní dhéna sé go maith é: mar
(ní) ar lúach saóthair é, tháinic sé ar son a lúach saóthair.


L. Ex22:16


Agus má cealgann duine maighdean, nach bhfuil dáltach, agus go
luighfe sé lé, dobhéura sé go deimhin crodh dhi, chum a beith na mnaói
aige.


L. Ex22:17


Má dhiúltann a hathair ar gach énchor a tabhairt dó, díolfuidh sé
airgead do réir chruidh na maighdine.


L. Ex22:18


Ní fuileonga tú bean phiseógach do mharthuinn.


L. Ex22:19


Gidhbé ar bith luighfeas lé beathach, cuirfighear go deimhin chum
báis é.


L. Ex22:20


Gidhbé iodhbórus do Dhía ar bith, achd don tighearna amháin,
scriosfuighear é go léir.


L. Ex22:21


Ní bhuaidheóra tú agus ní bhrúighfe tú coimhightheach: óir do
bhábhair féin bhur ccoimhightheachuibh a gcrích na Hégipte.


L. Ex22:22


Ní dhéna tú leathtrom air bhaintreabhuidh nó ar dhíleachda air bith.


L. Ex22:23


Má ghortuigheann tú íad ar énchor, agus a ccomhairc do theachd
chugamsa éisdfe mé go deimhin a ccomhairc.


L. Ex22:24


Agus lasfuidh mfhearg, agus muirfidh mé sibhsi leis an gcloidheamh,
agus béid bhur mná na mbantreabhachuibh, agus bhur gclann na
ndíleachduigh.


L. Ex22:25


Má áirleagann tú airgead dénduine dom phobal atá láimh riot, ní
bhía tú amhuil úsuire ris, ní mó chuirfeas tú úsuireachd air.


L. Ex22:26


Má ghlacann tú ar chor ar bith éadach do chomharsan a ngeall,
seachóduigh tú dhó é, fá am gréine do dhul faoi.


L. Ex22:27


Óir is é sin a fholach amháin, is é a chulaidh dhá chroiceann é: cread
ann a ccoideoluigh sé? agus tiocfa a ccrích anuáir éighfeas orumsa, go
ccluinfe mé é, óir atáim grásamhuil.


L. Ex22:28


Ní mhaisleochtha tú na DÉe, ní mhailleocha tú ríaghlóir do phobuil.


L. Ex22:29


Ní dhéna tú failligh primidil do thórtha abuidh, agus do dhighe dofráil
céidghin do mhac dobhéura tú dhamhsa.


L. Ex22:30


Mar an gcéadna dodhéana tú réd dhamhuibh, agus réd chaorchuibh:
seachd lá bhías sé agá mhathair, ar an ochdmhadh lá dobhéura tú dhamhsa
é.


L. Ex22:31


Agus beithí bhur ndaóinibh naómhtha dhamhsa: ní mó íostaoi feóil ar
bith sraóilfíghear lé beathuighibh san mhachaire, teilgfidhe chum na madra
é.


L. Ex23:1


Ní thóigfe tú iomrádh bréagach; ná cuir do lámh leis na drochdhaóinibh
chum bheith ad fhíaghuin neamhfhíréunta.


L. Ex23:2


Ní leanfa tú iomad do dheanamh uilc, ní mó laibheórus tú a gcúis do
chlaónadh lé mórán do thobhach (breitheamhnuis.)


L. Ex23:3


Ní mó choitheochus tú duine bochd ann a chúis.


L. Ex23:4


Má theagmhann riot damh nó assal do námhad ag dul ar seachrán, do
bhéura tú go deimhin chuige ar ais é.


L. Ex23:5


Má chí tú assal an té lér fúath thú, na luighe fán úalach, agus go
bhfailleochá a thártháil, cuideocha tú leis go deimhin.


L. Ex23:6


Ní choimhéigneocha tú breitheamhnus do bhoichd ann a chúis.


L. Ex23:7


Connuimh thú féin a bhfad ó chúis bhréugaidh; agus an
neimhchiontach agus an fírean ná marbh: óir ní gheabha misi leithscéal an
drochdhuine.


L. Ex23:8


Agus ní ghéubha tú tiodhlaiceadh ar bith: óir dalluidh an
tiodhlaiceadh an teagnuighe, agus iompóidh bun os cionn bríathra an
ionnruic.


L. Ex23:9


Mar an gcédna ní bhrúighfe tú coimhightheach; óir is aithnid dhíbh
croidhe an choimhighthigh ó bhábhair féin bhur gcoimhightheachuibh a
ccrích na Hégipte.


L. Ex23:10


Agus sé blíadhna chuirfeas tú thfearann, agus chruinneochus tú a
thórtha asteach.


L. Ex23:11


Achd an seachdmhad blíadhan léigfe tú dhó luighe, agus beith na
chomhnuighe, ionnus go níosuid boichd do phobuil de, agus go níosuid
beathuigh an mhachaire a bhfúigfid síad: ar an modh gcédna dodhéana tú
réd fhíneamhuin, agus réd gháirdín ola.


L. Ex23:12


Sé lá dodhéana tú hobair, agus dodhéana tú comhnuighe an
seachdmhadh lá, ionnus go gcomhneochuidh do dhamh agus hassal, agus go
neartuighe mac do chumhaile, agus an coimhightheach.


L. Ex23:13


Agus ann gach uile ní dá ndubhairt mé riot, bí go fuireachair, agus ná
tárr thair anmanuibh Dée ar bith eile: narob mó chluinfighear as do bhéul
é.


L. Ex23:14


Trí huáire choinneochus tú féusda dhamhsa san mblíadhuin.


L. Ex23:15


Coinneocha tú féusda anaráin gan laibhín: agus íosa tú arán gan
laibhín seachd lá, mar do aithin misi dhíot, annsan am chinnte don mhí
Abib: óir is innte tháinic tú amach as aNégipt, agus ní thiucfa
éinneach dom láthairsi folamh.


L. Ex23:16


Agus féusda an fhóghmhair, cédthórtha do shaóthair, noch do chuir tú
san mhachaire, agus féusda an chruinnighthe asteach, a ndeireadh na
blíadhna, anuáir chruinneochus tú asteach do shaóthar ón mhachaire.


L. Ex23:17


Trí huáire san mblíadhuin thiucfuid thfir uile a lathair an
tighearna Día.


L. Ex23:18


Ní ofráile tú fuil mo íodhbarthasa le harán laibhín, ní mó fhanfas
méthas mo iodhbartha go maidin.


L. Ex23:19


An chéad chuid do chéad thórthuibh thfearuinn dobhéura tú go tigh
an tighearna do Dhía: ní bhrúighfe tú meannán a mbainne a mhathar.


L. Ex23:20


Féuch, cuirim aingheal romhad dot choimhéud ann sa tslighe, agus dot
bhreith donáit do ullmhaigh mé.


L. Ex23:21


Bí ar do choimhéad air, agus umhluigh dá ghuth, ná brostuigh é, óir ní
thiubhra sé maithfeachus do bhur gciontuibh: óir atá mainmsi annsan.


L. Ex23:22


Achd má umhluigheann tú dháríribh dhó do ghuth, agus go ndérna tú a
nabruimsi uile, annsin biaidh mé am námhuid dot naimhdibh, agus am
eascaruid dodeascáirdibh.


L. Ex23:23


Óir rachuidh maingeal romhad; agus dobhéura asteach thú chum na
Namoríteach, agus chum na Hitíteach, agus na Bperisíteach, agus na
Gcananíteach, na Hibhíteach, agus na Iebusíteach: agus gearrfa mé
amach íad.


L. Ex23:24


Ní chromtha tú síos dá nDeéibh, ní dhéna tú seirbhís dóibh,
ní mó dhéanas tú do réir a n oibreach, ach scriosfa tú íad go léir, agus
brisfe tú go léir a n íomhighe.


L. Ex23:25


Agus foigheontaoi don tighearna bhur Ndía féin, agus beinneochuidh sé
harán agus huisge: agus béura misi heasláinte as do lár.


L. Ex23:26


Ní theilgfidh éinní a nóga, ní mó bhéid searc ann thfearann:
uibhir do láetheadh comhlíonfa mé.


L. Ex23:27


Cuirfe meagla as do choinne, agus scriosfa mé na huile dhaóine a
gcionn a ttiucfa tú, agus dobhéura mé ar huile naimhde a ndruim diompógh riot.


L. Ex23:28


Agus cuirfe mé chéarnabháin romhad, noch dhíbeorus amach an
Hibhíteach, an Cananíteach, agus an Hitíteach as do lathair.


L. Ex23:29


Ní dhíbeóra mé amach romhad íad a néinbhlíadhuin: deagla go
ttiucfadh an fearann chum fásuigh, agus go líonfadh beathach an mhachaire
ad aghuidh.


L. Ex23:30


Air bheagán agus ar bheagán dhíbeorus mé amach íad, ód lathair, nó go
bhfoirlíonuidh tusa agus go ngéubha tú oighreachd na talmhan.


L. Ex23:31


Agus chuirfe mé do thóranna ón muir ruaidh go nuige na
BhPhilistineach, agus ón díothramh gus an abhuinn: óir seachóduigh mé
áitreabhuigh na dúthaigh ann bhur láimh, agus díbeóra tú amach romhad íad.


L. Ex23:32


Ní dhéna tú cunnradh ar bith ríu, no réna nDeéibh.


L. Ex23:33


Ní choimhneochuidh ann do dhúthaidh, deagla go ttiubraidís ort
pecadh am aghuidhsi; óir má fhoghann tú dá nDeéibhsin, biáidh sin go
deimhin na líon romhad.


L. Ex24:1


Agus adubhairt sé ré Maóise, tárr suas chum an tighearna, tú féin,
agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus seachd modhad do shinnsearuibh
Israel: agus adhruidhsi a bhfad amach.


L. Ex24:2


Agus tiucfa Maóise amháin a ngar don tighearna, achd ní thiucfaid
síadsan a bhfogus: ní mó rachas an pobal súas leis.


L. Ex24:3


Agus táinic Maóise, agus do innis don phobal uile bhríathra an
tighearna, agus a uile bhreitheamhnus: agus do fhreagadar an pobal
uile lé hénghuth amháin, agus adubhradar; na huile bhríathra noch
do labhair an tighearna dodhénaimne íad.


L. Ex24:4


Agus do scríobh Maóise bríathra an tighearna uile, agus do éirghe go
moch air maidin, agus do thóg altóir san chnoc, agus dhá philéir dhéug do
réir dhá threibh dhég Israel.


L. Ex24:5


Agus do chuir sé daoine óga do chloinn Israel, noch do ofráil ofrála
loisge agus á íodhburtha do síothchna do dhamhuibh don tighearna.


L. Ex24:6


Agus do ghlac Maóise leath na fola, agus do chuir a mbáisínibh í, agus
do chroith sé leath na fola ar an altóir.


L. Ex24:7


Agus do ghlac sé leabhar an chunnartha, agus do léig a néisdeachd an
phobuil, agus adubhradarsan, an uile ní adubhairt an tighearna do
dhénam é, agus bíam umhal.


L. Ex24:8


Agus do ghlac Maóise anfuil, agus do chroith ar an bpobal í, agus
do ráidh, ag so fuil an chunnartha dorinne an tighearna ribh a ttaobh
na mbríatharsa uile.


L. Ex24:9


Annsin dochuaidh Maóise suas agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus
seachdmhoghad do shinnsearuibh Israel.


L. Ex24:10


Agus dochoncadar Día Israel, agus dobhí faoi na chosuibh mar
do bheith obair phábhalta do chloich shaphir, agus amhuil dobhíadh corp
neimhe ann a shoillse.


L. Ex24:11


Agus ar uaislibh chloinne Israel níor leag sé a lámh: marsin do
choncadar Día, agus a duadar bía, agus do ibheadar deoch.


L. Ex24:12


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, tárr chugamsa suás ar a
tslíabh, agus bí annsin, agus dobhéura misi cláir chloiche dhuit, agus
dligheadh, agus aitheanta do scriobh mé, ionnus go múinfe tusa dhóibh íad.


L. Ex24:13


Agus do éirigh Maóise súas, agus a mhinistir Iosua, agus dochuaidh
Maóise súas ar shliabh Dé.


L. Ex24:14


Agus adubhairt ris na sinnsearuibh, fanuidhsi annso nó go ttigeam
arís chugaibh, agus féchuidh atá Aáron agus Hur bhur bhfochair: má
bhíonn cúis ag duine ar bith re dhénamh, tigheadh se chuca.


L. Ex24:15


Agus dochuaidh Maóise suás annsa tslíabh, agus do fholuigh néull an
slíabh.


L. Ex24:16


Agus do chomhnuigh glóir an tighearna ar shlíabh Sínai, agus do
fholuigh an néull é sé lá, agus an seachdmhadh lá do ghoir sé ar
Mhaóise amach as lár an néill.


L. Ex24:17


Agus dobhí radharc ghlóire an tighearna cosmhuil re teinidh
loisgnigh, ar mhullach an tsléibhe a súilibh chloinne Israel.


L. Ex24:18


Agus dochuaidh Maóise a lár an néill, agus ráinic sé súas ar a
tslíabh, agus dobhí Maóise ar a tslíabh ceathrachad lá agus
ceathrachad oidhche.


L. Ex25:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Ex25:2


Labhair re cloinn Israel, go ttugaid ofráil chugam: ó gach uile
dhuine dhá ttiubhra uadha go toileamuil í, lé na chroidhe, glacfuidhsi m
ofráil.


L. Ex25:3


Agus síso an ofráil ghlacfuidh uatha; ór, agus airgead, agus prás.


L. Ex25:4


Agus gorm, agus scarlaoid, agus línédach fínealta agus fionnadh
gabhar.


L. Ex25:5


Agus croicne reitheadh arna ndathughadh dearg, agus croicne broc, agus
croinn Sitim.


L. Ex25:6


Ola chum an tsoluis: spíosra chum ola unghtha, agus chum túisi
deaghbholuigh.


L. Ex25:7


Clocha Onix, agus clocha re ccur annsa Néphod, agus annsan
úchdédach.


L. Ex25:8


Agus déindís sanctoír dhamhsa, chor go ccoimhneacha mé na measc.


L. Ex25:9


Do réir an uile ní thaisbheanuim dhuit, do réir eisiomplára an
tabernacuil, agus eisiomplára a ionnistruiminteadh uile; is marsin do
dhéntaoi é.


L. Ex25:10


Agus dodhénuid áirc do chrann Sitim, dhá chubhad go leith iona
fad, agus chubhad go leith iona leithead, agus cubhad go leith iona haírde.


L. Ex25:11


Agus foileochuidh tu é lé hór fíorglan, taobh astigh agus amuigh
fhoileochus tú é: agus dodhéna tú air coróin óir timchioll fagcuairt.


L. Ex25:12


Agus teilgfe tú ceithre fháinne óir dhó, agus cuirfe tú iona cheithre
corruibh íad, agus beidh dhá fháinne a ttaobh dhe, agus dhá fháinne san
taobh eile.


L. Ex25:13


Agus dodhéana tú maididhe do chrann Sitim, agus foileochuidh tú lé
hór íad.


L. Ex25:14


Agus cuirfe tú na maididhe ann sna fáinnibh, re táobhuibh na háirce,
cor go n iomcharthar an áirc léo.


L. Ex25:15


Béid na maididhe a bhfáinibh na háirce, ní bearthar as íad.


L. Ex25:16


Agus cuirfe tú annsan áirc, an fhiadhnuisi noch dobhéura misi dhuit.


L. Ex25:17


Agus dodhéna tú cathaóir thrócaire dór fhíorghlan: dhá chubhad go
leith a fad, agus cubhad go leith a leithead.


L. Ex25:18


Agus dodhéna tú dhá cherubin dór: dobair shloighthe dodhéna tú
íad, a ndá chion an tsuidhe thrócaire.


L. Ex25:19


Agus déna aon cherub ar cheann de, agus an cherub eile ar an gceann
eile, don tsuidhe thrócaire: dodhéna tú na cherubínigh ar a dhá cheann.


L. Ex25:20


Agus sínfid na cheruibínigh a sciathain amach go hárd ag folach an
tsuidhe thrócaire lena sciathanuibh, agus a naighthe ag feitheamh ar a
chéile: leath ris an tsuidhe thrócaire béid aighthe na cherubínigh.


L. Ex25:21


Agus cuirfe tú an suidhe trócaire shúas ar an áirc, agus annsan áirc
chuirfe tú an fhiadhnuisi dobhéura misi dhuit.


L. Ex25:22


Agus annsin theigeomhas misi riot, agus comhráidhfe mé riot, ós cionn
an tsuidhe thrócaire, ó edir an dá chérubin noch atá ar aírc na
fiadhnuisi, do na huile neithibh dobhéura mé dhuit a naithne do
chloinn Israel.


L. Ex25:23


Dodhéana tú mar an ccédna, clár do chrann Sitim, dhá chubhad budh é
a fhad, agus cubhad a leithead agus cubhad go leith áirde.


L. Ex25:24


Agus foileocha tú é dór fhíorghlan, agus dodhéna tú coróin óir dhó
timchioll fagcúairt.


L. Ex25:25


Agus dodhéna tú imeal dó, leithead baise timchioll fagcuairt, agus
dodhéana thú coróin óir timchioll fagcúairt don imeal.


L. Ex25:26


Agus dodhéna tú dhó ceithre fháinne óir iona cheithre coirnéuluibh,
atá as a cheithre cosuibhsin.


L. Ex25:27


Thall as coinne an imil béid na fáinnidhe, mar áite dona maididhibh
diomchar an chláir.


L. Ex25:28


Agus dodhéna tú na maididhe do chrann Sitim, agus foileocha tú íad
lé hór, choir go niomchórthaoi an bórd léo.


L. Ex25:29


Agus dodhéana tú a mhíasa sin, a líacha sin, agus a bhfoluidhe sin,
agus a scálui sin chum a bhfolach léo; dór fhíorghlan dodhéana tú íad.


L. Ex25:30


Agus cuirfe tú ar an mbórd arán taisbeannta a ccomhnuidhe romhamsa.


L. Ex25:31


Agus dodhéna tú coinnléoir dór fhíorghlan; dobair shloighthe, do
dhéntar an coinnleóir, a chos agus a bheangáin, a scáluidhe agus a
chnapáin agus a bhlátha béid don ccédna.


L. Ex25:32


Agus tiucfuidh sé beangáin amach as tháobh: trí bengáin don
choinnleóir as aontáobh, agus trí bheangáin don choinnleóir as an táobh
eile.


L. Ex25:33


Trí bhulla dénta amhuil almóinne, annsa bheangán eile maille re cnap
agus bláth anéinbheangán; agus trí bhulla dénta amhuil almóinne
annsa mbeangán oile maille re cnap, agus re bláth: mar sin ann sna sé
beangánuibh thig amach as an ccoinnleóir.


L. Ex25:34


Agus ann sa choinnleóir béid ceithre scála dénta cosmhuil re h
almóinne, maille re cnapuibh, agus re bláthuibh.


L. Ex25:35


Agus biáidh cnap faoi dhá bheangán de, agus cnap faoi dhá bheangán de,
agus cnap faoi dhá bheangán de, do réir na sé mbeangán thig amach as an
gcoinnleóir.


L. Ex25:36


A ccnaip, agus a mbeangánuibh, béid don ní cédna; biáidh sé uile na
énobair shloighthe dór fhíorghlan.


L. Ex25:37


Agus dodhéna tú a seacht soillsibhsin agus soillseochuidh tú a
sholus sin, lé ttiubhra solus anonn as a choinne.


L. Ex25:38


Agus béid a theanchuiridh sin, agus a ghlantóiridh d ór fhíorghlan.


L. Ex25:39


Do thalluinn dór fhíorghlan dodhéna sé é, maille ris na
soithighibhsin uile.


L. Ex25:40


Agus tabhair haire, go ndéna tú ad do réir a bpátrúin noch do
taisbénadh dhuit ann sa tslíabh.


L. Ex26:1


Os a chionn sin, dodhéana tú an tabernacuil maille re deich gcúirtín
do líon fhíneulta chasta, agus gorm, agus purpair, agus scairlaóid: maille
re Cherubínibh dobair ghérchúisigh dodhéna tú íad.


L. Ex26:2


Budh é fad gach én chuirtín ochd ccubhaid fhichead, agus leithead
gach énchuirtín ceithre cubhaid; agus gach aón do na cuirtínibh aón
mhiosúr bhías aca.


L. Ex26:3


Cúipleochthar cúig cúirtínigh dá chéile, agus cúig cúirtínigh cúpluighe
dá chéile.


L. Ex26:4


Agus dodhéna tú lúba go ghorm ar imlibh gach énchúirtín ón
chumhais ann sa gcoimhíadhagh: agus marsin dodhéna tú an san imiol is faide
amach do chúirtín eile, ó imíadhagh an dara coda.


L. Ex26:5


Caógad lúb dodhéana tú annsan én chúirtín, agus caógad lúb dodhéana
tú a nimiol an chúirtín atá ag coimhcheangal an dara, chor ga mbéaruid na
lúba greim ar a chéile.


L. Ex26:6


Agus dodhéana tú caógad táiste dór, agus cúipleocha tú na cúirtíne
dhá chéile, leis na táistibh, agus biáidh na éntábernacuil.


L. Ex26:7


Agus dodhéana tú cúirtíne dfionnadh gabhar, do bheith na
fholach ar an tabernacuil, dodhéna tú énchúirtín déag.


L. Ex26:8


Budh hé fad gach éan chúirtín triochad cubhad, agus leithead gach éan
chúirtín, ceithre cubhaid, agus béid an ténchúirtín déag uile daóinmhiosúr.


L. Ex26:9


Agus coimhceangeola tú cúig cúirtíne leó féin, agus sé cúirtíne leó
féin, agus duibleocha tú an seiseadh cúirtín a n éadan tosuigh an
tabernacuil.


L. Ex26:10


Agus dodhéana tú caógad lúb ar imiol an éanchúirtín atá taóbh amuigh
annsa coimhcheangal, agus caógad lúb a nimiol an chúirtín noch
cheangeolus an dara cúpla.


L. Ex26:11


Agus dodhéana tú caógad táiste do phrás, agus cuirfe tú na táistigh
annsna lúbuibh, agus cúipleocha an folach dhá chéile, chor go mbíadh sé
na aón.


L. Ex26:12


Agus an fuigheall mhairfeas do chúirtínibh an lóistín, an leath
chúirtín mhairfeas crochfuighear ós cionn chúil an tabernacuil é.


L. Ex26:13


Agus cubhad a ttaóbh, agus cubhad don taóbh eile, don fhuighioll a
bhfad chúirtíne an lóistín: crochfuighearsin ós cionn taóibh an
tabernacuil don taóibhsi agus don taóbh úd dá fholach.


L. Ex26:14


Agus dodhéana tú folach don lóistín, do chroicnuibh reitheadh daite
dearg, agus folach shúas do chroicnibh broc.


L. Ex26:15


Agus dodhéna tú buird don tabernacuil, do chrann Sitim na seasamh
súas.


L. Ex26:16


Deich gcubhuid bhías a bhfad an bhuird, agus cubhad go leith bhías a
leithead éanbhuird.


L. Ex26:17


Biáidh dhá láimh a néanbhuird arna suighiughadh as coinne a
chéile a nórd, is marso dodhéna tú ar bhórduibh an tabernacuil uile.


L. Ex26:18


Agus dodhéna tú na buird don tabernacuil, fithche bórd ar an taóbh
theas leath theas.


L. Ex26:19


Agus dodhéana tú ceathrachad soicéd dairgead faói an fhichid bórd
dhá shoicéad faói bhórd díobh da dhá láimh, agus dá shoicéd faói bhórd
eile da dhá láimh.


L. Ex26:20


Agus ar son an dara taóbh don tabernacuil, don taóbh thúaith (bíaidh)
fiche bórd annsin.


L. Ex26:21


Agus an dá fhichid soicéd dairgead, dá shoicead faói aon bhórd
agus dá shoicead faói bhórd eile.


L. Ex26:22


Agus do thaóbhuibh an tabernacuil leath shíar, dodhéana tú sé buird.


L. Ex26:23


Agus dodhéna tú dhá bhórd do chornéuluibh an tabernacuil iona dhá
thaóbh.


L. Ex26:24


Agus béid choimhcheanguilte dhá chéile fútha shíos, agus béid
coimhceangailte dhá chéile ós mullach a chinn déan fháinne amháin: marso
bhías dóibh a raón, béid síad don dá choirnéul.


L. Ex26:25


Agus béid na nochd mbórduibh, agus a soicéid airgid, sé soicéid
déug: dhá shoicéd faói énbhórd, agus dhá shoicéid faói bhórd eile.


L. Ex26:26


Agus dodhéna tú barruidhe do chrann Sitim: a cúig do bhórduibh
éntaóibhe don tabernacuil.


L. Ex26:27


Agus cúig bharra do bhórduibh na taóibhe eile, don tabernacuil, don dá
thaóbh leath shíar.


L. Ex26:28


Agus an barra meadhonach a lár na mbórd, roithcheocha sé ó chionn go
cionn.


L. Ex26:29


Agus foileocha tú na buird le hór, agus dodhéana tú a bhfáinnidhe
dór mar áit chum na mbarradh, agus foileocha tú na barruidhe le hór.


L. Ex26:30


Agus tóigeobhuidh tú súas an tabernacuil, do réir an chumtha, noch
do taisbeanadh dhuit an sa tslíabh.


L. Ex26:31


Agus dodhéana tú folach do ghorm, agus phurpair, agus do scairlaóid,
agus do líon fínealta chasta dobair ghérchúisigh: le Cherubinibh do
dhéantar é.


L. Ex26:32


Agus crochfa tú é ar cheithre piléuruibh do chrann Sitim, ar na
bhfolach dór: béid a gcrúcuidhe dór, ar na ceithre soiceaduibh airgid.


L. Ex26:33


Agus crochfa tú súas an folach faói thaisibh, chor go ttiubhra tú
asteach annsin, taóbh astigh don fholach, Áirc na fíadhnuisi, agus
rannfuidh an folach dhíobh idir an áit naómhtha, agus ronaómhtha.


L. Ex26:34


Agus cuirfe tú an suidhe trócaire ar Áirc na fíadhnuise ann san áit
ronaómhtha.


L. Ex26:35


Agus suidheocha tú an bórd taóibh amuigh don fholach, agus an
coinnleóir thall as coinne an bhuird ar thaóbh an tabernacuil don leath
theas, agus cuirfe tú an bórd don leath thuáigh.


L. Ex26:36


Agus dodhéana tú crochadh do dhorus an lóistín, do ghorm, agus do
phurpuir, agus do scairlaóid, agus do líon mhín chasda, oibríghthe le h-
obair shnaithide.


L. Ex26:37


Agus dodhéna tú don chrochadh, cúig piléir do chrann Sitim, agus
foileocha tú íad le hór; agus béid a gcrúcuidh dór, agus teilgfe tú
cúig soicéid phráis dóibh.


L. Ex27:1


Agus dodhéna tú altóir do chrann Sitim: cúig cubhaid ar fad, agus
cúig cubhaidh ar leithead: biáidh an altóir ceathairbheannach, agus bu
trí cubhaid a háirde.


L. Ex27:2


Agus dodhéna tú a beanna ar cheithre coirnéuluibh: béid a bheanna don
ccéadna, agus foileocha tú le prás í.


L. Ex27:3


Agus dodhéana tú a hoighne chum luátha do ghlacadh chuca, agus a
sluaiste, agus a baisínigh, agus a hadhuil, agus a hoighne tineadh, a h
uile shoithighe dodhéna tú do phrás.


L. Ex27:4


Agus dodhéana tú dhi gráta do líonobair phráis, agus ar an líon do
dhéna tú ceithre fháinne phráis ann a cheithre coirnéuluibh.


L. Ex27:5


Agus cuirfe tú fa chompás na haltóra síos é, chor go mbía an líon
ionann go lár na haltóra.


L. Ex27:6


Agus dodhéana tú maididhe don altóir, maididhe do chrann Sitim, agus
foileocha tú le prás íad.


L. Ex27:7


Agus cuirfíghear na maididhe ann sna fáinnibh, agus béid na maididhe ar
dhá thaóbh na haltóra dá hiomcar.


L. Ex27:8


Folamh (astigh) do chláruibh dodhéana tú í, mar do taisbeanadh annsa
tslíabh: marsin dodhénuid síad í


L. Ex27:9


Agus dodhéna tú cúirt an tabernacuil don taóibh theas, leath theas:
béid bruit don chúirt do líon mhín chasda; céad chubhad ar fad d
éntaóibh.


L. Ex27:10


Agus béid a fíthche piléursin agus fithche soicéid do phrás, biaidh
crúcuidhe na bpiléur, agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex27:11


Agus marsin don leath thuáith ar fad, béid bruit do chéad cubhad ar
fad, agus a bhfithche piléur, agus a bhfithche soicéad práis; béid
crúcuidhe na bpiléur, agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex27:12


Agus do thaóbh leithid na cúirte ar an ttaóbh shíar béid bruit do
chaógad cubhad; a bpiléur a deich, agus a soichead a deich.


L. Ex27:13


Agus leithead na cúirte ar a ttaóbh shoir leath shoir, béid caógad
cubhad.


L. Ex27:14


Bruit déntaóbh don gheata, biáidh cúig cubhaid déug: a bpiléur a
trí, agus a soicéid a trí.


L. Ex27:15


Agus ar an ttaóbh eile, béid bruit, cúig cubhaid déug: a bpiléur a
trí, agus a soicéid a trí.


L. Ex27:16


Agus chum geata na cúirte béid bruit dfithchid cubhad do ghorm,
agus do phurpuir, agus do scairlaóid, agus do línéadach mhín chasta,
oibríghthe le hobair shnáithide: agus a bpiléur a ceathair, agus a
soicéid a ceathair.


L. Ex27:17


Béid na huile piléur fágcuáirt timchioll na cúirte, arna bhfilleadh
le hairgead, biáidh a ccrúcuidhe dairgead, agus a socéid do phrás.


L. Ex27:18


Biáidh fad na cúirte na chéud cubhad; agus a leithead caógad ar gach
aón taóbh, agus cúig cubhaid dáirde, do linéadach fhinealta chasda, agus
a soicéid do phrás.


L. Ex27:19


Béid soithighe an tabernacuil uile a nuile sherbhís agus a nuile
thairnge, agus tairngidh na cúirte uile béid do phrás.


L. Ex27:20


Agus aitheonuidh tú do chloinn Israel, go ttugaid chughad an ola
fhíorghlan do chrann ola brúite, chum an tsoluis, do thabhairt ar an
lampa lasadh a gcomhnuighe.


L. Ex27:21


A ttabernacuil an chomhchruinighe taóbh amuigh don fholach, noch atá
as coinne na fíadhnuisi, oirdeochuid Aáron agus a mhic é ó thráthnóna go
maidin a bhfiaghnuisi an tighearna: biáidhso na statúid go bráth dá
ngeinealachuibh, do thaóibh chloinne Israel.


L. Ex28:1


Agus glacfa chugad Aáron do dhearbhraithiur, agus a mhic maille ris ó
mheasg chloinne Israel, chor go ndéna sé miniostralachd dhamhsa an
oifig an tsagairt eadhon Aáron, Nadab, agus Abihú, Eleasar agus
Itamar, mic Aáron.


L. Ex28:2


Agus dodhéna tú édach naómhtha do Aáron do dhearbhrathair, mar
ghlóir agus mar scéim.


L. Ex28:3


Agus laibheóra tú ris an uile dhuine, atá eagnuidhe a gcroidhe, noch do
líon misi le spiorad na heagna, chor go ndénaid culaidh Aáron do
choisreagadh, ionnus go bhfoghnuidh dhamhsa a n oifig an tsagairt.


L. Ex28:4


Agus as íad so na h éaduighe dodhéanuid; uchdéideadh, agus ephod, agus
róba, agus cóta bróidinealta, agus miochd agus crios: agus dodhéanuid
éaduighe naomhtha mar so do Aáron do dhearbhraithir, agus da mhachaibh,
iondus go bhféaduigh miniostralachd do dhéanamh dhamhsa, anoifig an
tsagairt.


L. Ex28:5


Agus glacfuid ór agus gorm, agus purpair, agus scairlaóid, agus
linédach finélta.


L. Ex28:6


Agus dodhénuid an tephod dór, do ghorm, do phurpair, agus do
scairlaóid, agus do línédach fhinealta chasda, maille re hobair ghlic.


L. Ex28:7


Biáidh aige dhesin dhá phíosa gúalann ceangailte agá dhá imeal, agus
mar sin ceangaltar dá chéile é.


L. Ex28:8


Agus biáidh an crios bróidínealta aNephoid, noch atá air, don
ccéadna do réir a oibresin: dór do ghorm, do phurpair, agus do
scairlaóid agus do linéadach fhinéalta chasda.


L. Ex28:9


Agus glaca tú dá chloich Onix, agus grabháil anmanna chloinne
Israel orra.


L. Ex28:10


Sé dá nanmannuibh ar éan chloich, agus na sé hanmanna eile, na coda
eile, ar an gcloich eile, do réir a sinnsireachd.


L. Ex28:11


Maille ré hobair ghrábhaluigh a gcloich, cosmhuil ré grábháil
shignéd ghrábhalfus tú an dá chloich, maille re hanmannuibh chloinne
Israel: cuirfe tú fá deara a gcur a gcumhduighibh óir.


L. Ex28:12


Agus cuirfe tú an dá chloich ar ghuaillibh aNephod, mar chlochuibh
cuimhnighe do chloinn Israel, agus iomchóra Aáron a nanmanna as coinne
an tighearna, ar a dhá ghualuinn mar chuimhne.


L. Ex28:13


Agus dodhéana tú failge dór.


L. Ex28:14


Agus dhá shlabhra dór ghlan ar a gceannuibh; dobair fhighthe do
dhéna tú íad, agus ceangail na slabhruidhe fithe do na failghibh.


L. Ex28:15


Agus dodhéna tú uchdéidheadh an bhreitheamhnuis le hobair
chérdamhuil, amhuil oibre aNephod dodhéna tú é; dór, do ghorm, do
phurpair, agus do scarlaóid, agu do linéadach fhinealta chasta dodhéna
tú é.


L. Ex28:16


Ceathairbheannach bhías sé ar na dhubladhadh réise bhías na fhad, agus
réise bhías na leithead.


L. Ex28:17


Agus cuirfe tú ann cuir do chlochuibh, eadhon ceithre chúrsa do
chlochaibh: biáidh an chéad chúrsa do Shardius, do Thópas agus do
Charbuncail: budh éso an chéad chúrsa.


L. Ex28:18


Agus biáidh an dara cúrsa, Emereud, Saphir, agus Diamond.


L. Ex28:19


Agus an treas cúrsa, Ligur, Agat, agus Ametist.


L. Ex28:20


An ceathramhadh cúrsa, Beril, agus Onix, agus Iasper: anór cuirfighear
íad ann a ndrud.


L. Ex28:21


Agus béid na clocha maille re hanmannuibh chloinne Israel, a dó
dhéug do réir a nanmann, grábhalta (amhail) ghrabháil shignéid: gach aón
díobh lé a ainm, béid do réir an dá threibh dhéag.


L. Ex28:22


Agus dodhéna tú ar an uchdphláta slabhruidhe ag na ceannuibh dobair
fhighthe dór fhíorghlan.


L. Ex28:23


Agus dodhéna tú ar an uchdphláta dhá fháinne óir, agus cuirfe tú an
dá fháinne ar dhá cheann an uchdphláta.


L. Ex28:24


Agus cuirfe tú an dá shlabhradh fhighthe dór ann sa dhá fháinne atá
ar ceannuibh an uchdphláta.


L. Ex28:25


Agus an dá cheann eile don dá shlabhradh fhighte, ceangola tú an sa dá
fhail, agus cuirfe tú íad ar phíosuighibh na gualann an Ephod ar aghaidh.


L. Ex28:26


Agus dodhéna tú dhá fháinne óir, agus cuirfe tú ar dhá cheann an
uchdphláta íad, animealsin, noch atá leath re taóbh an uchdphláta
astigh.


L. Ex28:27


Agus dá fháinne eile óir dodhéna tú, agus cuirfe tú íad ar dhá
thaóbh an Ephóid shíos, láimh ris an gcuid thosuigh dhe, thall as coinne
a chúpluidhthe ós cionn creasa ceardamhuil an Ephod.


L. Ex28:28


Agus ceangoluid síad an tuchdédach lena fháinnighibh, do
fháinnithibh an Ephoid le lása do ghorm, cor go mbía ós cionn creasa
cérdamhuil an Ephod, agus nach scaoilfíghear an tuchdphláta don Ephod.


L. Ex28:29


Agus iomchóra Aáron anmanna chloinne Israel, annsan
uchdphlátasin an bhreatheamhnuis, ar a chroidhe, anuair rachus asteach
donáit naómhtha, mar chuimhne do lathair an tighearna a gcomhnuighe.


L. Ex28:30


Agus cuirfe tú an uchdphláta an bhreitheamhnuis an Urim agus an
Tuimim: agus béid ar chroidhe Aáron anuair rachus sé asteach as
coinne an tighearna: agus iomchóruidh Aáron breitheamhnus chloinne
Israel ar a chroidhe, a bhfíadhnuisi an tighearna a gcomhnuighe.


L. Ex28:31


Agus dodhéna tú róba an Ephod do ghorm uile.


L. Ex28:32


Agus biáidh poll iona mhullach, iona lár biáidh cheangal dobair
fhighthe timchioll fagcuairt an phuill, mar do bheith poll haberghion, go
nach bristíghe é.


L. Ex28:33


Agus shíos ar a fhathfhuáim dodhéna tú pomgranáit do ghorm, agus do
phurpuir, agus do scairlaóid timchioll fagcuáirt na fathuáime; agus
cluigíne óir eatorra timchioll fagcuáirt.


L. Ex28:34


Cluigín óir, agus pomgránait, cluigín óir agus pomgranat, ar
fhathuáim an róba fagcuáirt.


L. Ex28:35


Agus biáidh sé ar Aáron ag miniostrálacht: agus cluinfighear a
uáim anuáir rachus sé asteach don áit naómhtha, a lathair an tighearna,
agus anuair thiocfas amach: go nach bhfaghadh bás.


L. Ex28:36


Agus dodhéna tú pláta dór fhíorghlann, agus grabháil air amhuil
ghrábhála signéid naomhthachd don tighearna.


L. Ex28:37


Agus cuirfe tú é ar lása ghorm, ionnus go mbiáidh ar an míter, ar
chuid thosuigh an mhíter biáidh sé.


L. Ex28:38


Agus biáidh sé ar éadan Aáron, chor go n iomchóruidh Aáron écceart
na nitheann naómhtha noch naómhthochuidh clann Israel, iona
mbrontuibh naómhtha uile, agus biáidh sé a gcomhnuighe ar édan, chor
go nglacfuighear íad a bhfíaghnuisi an tighearna.


L. Ex28:39


Agus cuirfe tú bródáil leis an gcóta do linédach fhínealta, agus do
dhéna tú an míter do linédach fhínealta, agus dodhéna tú an crios d
obair shnáithede.


L. Ex28:40


Agus dodhéna tú cótuidhe do mhacuibh Aáron, agus dodhéana tú
creasanna dhóibh, agus dodhéna tú buinéit dóibh, mar ghlóir agus mar
scéimh.


L. Ex28:41


Agus cuirfe tú ar Aáron do dhearbhrathair íad, agus a mhacuibh
maille leis, agus ungfuigh tú íad, agus coisreochuidh tú íad, agus
naómhtochaidh tú íad, cor go ndénuid miniostralachd dhamsa anoifig an
tsagairt.


L. Ex28:42


Agus dodhéna tú brístíghe línéduigh dhóibh, dfolach a ttárnochd:
óna háirnibh go nuige na slíasta roitheochuid síad.


L. Ex28:43


Agus béid síad ar Aáron, agus a mhacaibh, anuair thiucfaid síad
asteach go tabernacuil an chomhchruinnigh, nó anuair thiucfaid síad a
bhfoghus don altóir, do mhiniostralachd ansan áit naómhtha; go nach
iomchraid égceart agus go négfuid: biáidh sé na reachd go bráth dhó
féin, agus dá shliochd na dhiáigh.


L. Ex29:1


Agus is é so an ní dodhéna tú riú dá naómhadh, do mhiniostralachd
damhsa anoifig an tsagairt: glac éanbhulóg óg, agus dá reith gan
cháidhe.


L. Ex29:2


Agus arán gan laibín, agus bairgheana gan laibín, arna gcumasc le h-
ola, agus abhlanna gan laibhín, unghtha le hola: do phlúr chruithneachda
dodhéna tú íad.


L. Ex29:3


Agus cuirfe tú a n éinchléibhín íad, agus dobéara tú leachd íad
annsa chléibhín, maille ris an mbulóig, agus an dá reithe.


L. Ex29:4


Agus dobhéura tú Aáron agus a mhic go dorus an tabernacuil an
chomhchruinnigh, agus nighfe tú íad le huisge.


L. Ex29:5


Agus glacfa tú na culadha, agus cuirfe tú an cóta ar Aáron, agus róba
an Ephod, agus an Téphod maille ris an uchdphláta, agus criosluigh é lé
crios cérdamhuil an Ephod.


L. Ex29:6


Agus cuirfe tú an Míter ar a cheann, agus cuirfe tú an choróin naómhtha
ar an míter.


L. Ex29:7


Annsin glacfa tú an ola ungtha, agus dóirtfe tú ar a cheann í, agus
ungfa tú é.


L. Ex29:8


Agus dobhéura tú a mhic leachd, agus cuirfe tú cótuidhe orra.


L. Ex29:9


Agus crioslochuidh tú íad le creasannuibh (Aáron agus a mhic) agus
cuirfe tú na boinéit orra; agus biáidh oifig an tsagairt aca mar reachd
síorruidhe, agus coisreochuidh tú Aáron agus a mhic.


L. Ex29:10


Agus dobhéura tú fa deara bulóg do thabhairt as coinne an tabernacuil
an chomhchruinnigh, agus cuirfe Aáron agus a mhic lámha ar chionn na
bulóige:


L. Ex29:11


Agus muirfe tú an bhulóg as coinne an thighearna, ag dorus
tabernacuil an chomhchruinnighe.


L. Ex29:12


Agus glacfa tú dfuil na bulóige, agus cuirfe tú ar bheannuibh na h-
altóra led mhéur, agus dóirtfe tú anfuil uile re taóbh na haltóra.


L. Ex29:13


Agus glacfa tú an méthas uile fholcus an mionach, agus an scairt
bhíos ós cionn na náe, agus an dá dhubhán, agus an ghéir bhías orra, agus
loisg ar an altóir íad.


L. Ex29:14


Achd feóil na bulóige, agus a sheithe, agus othrach loisgfe tú le
teine taóbh amuich don champa íad: is ofráil phecaidh í.


L. Ex29:15


Glacfa tú mar an gcéadna énreith, agus cuirfe Aáron agus a mhic
lámha ar chionn an reithe.


L. Ex29:16


Agus muirfe tú an reith, agus glacfa tú a fhuil, agus croithfe tú
timchioll fagcuáirt ar an altóir í.


L. Ex29:17


Agus gearrfa tú an reith na chodchuibh, agus nighfe tú a innidhe, agus
a chosa, agus cuirfe tú (íad sin) a gceann a chodchan, agus a gcionn a
chinn.


L. Ex29:18


Agus loisgfe tú an reith iomlán ar an altóir: is ofráil loisge don
tighearna sin: is deaghbhaladh é ofráil dénta le tenidh don tighearna.


L. Ex29:19


Agus glacfa tú an reith eile, agus cuirfe Aáron agus a mhic a lámha
ar cheann an reithe.


L. Ex29:20


Annsin muirfe tú an reith, agus glacfa tú dhá fhuil, agus cuirfe tú ar
mhaóthán cluaisi deise Aáron, agus ar mhaóthán cluise deise a mhic agus ar
ordóig a láimhe deise, agus ar ordóig a ccoise deise í, agus croith an
fuil a analtóir timchioll fagcuáirt.


L. Ex29:21


Agus glacfa tú donfuil atá ar an altóir, agus don ola ungtha, agus
croith í ar Aáron agus ar a chulaidh agus ar a mhacaibh, agus ar
éduighibh a mhac leis, agus biáidh sé naómhtha, agus a éduighe agus a
mhic, agus éduighe a mhac leis.


L. Ex29:22


Agus mar an gcédna beanfa tú don reithe an gheir agus bun anear-
buil agus an gheir fholcus na hinnidhe, agus scairt na náe agus an
dá dhúbhán, agus an gheir atá orra, agus an slínnéun deas: óir is reithe
choisrighe é.


L. Ex29:23


Agus aón bhuilín aráin agus aón bhairghín darán oladha, agus
énabhlann as cléibhín anaráin gan laibhín, atá as coinne an tighearna.


L. Ex29:24


Agus cuirfe tú sin uile a lámhuibh Aáron, agus a lámhuibh a mhac,
agus croithfe tú anonn, agus anall na nofráil chroithe a bhfiaghnuisi an
tighearna.


L. Ex29:25


Agus glacfa tú as a lámhuibh íad, agus loisgfe tú íad, ar an altóir
mar ofráil loisge, mar dheaghbhaladh a lathair an tighearna, is ofráil
dénta le teinidh í don tighearna.


L. Ex29:26


Agus glacfa tú uchd reithe choisricthe Aáron, agus croithfe tú é mar
ofráil chroithe íad a lathair an tighearna: agus budh í sin do chuidsi.


L. Ex29:27


Agus naómhthocha tú uchd na hofrála tógtha, noch tonntar agus noch
tógthar súas do reithe an choisrighe, don ní is le h Aáron, agus don ní
atá dá mhacaibh.


L. Ex29:28


Agus budh le h Aáron agus lena mhacaibh sin maille ré reachd
síorruidhe ó chloinn Israel: óir is ofráil thógtha í, agus budh ofráil
thógtha ó chloinn Israel í, do iodhbuirt na hofrála síothchána í, an
ofráil thógtha chum an tighearna.


L. Ex29:29


Agus budh le macaibh Aáron a éaduighe naómhtha na dhiáigh féin, dá
nungadh iontasin, agus chum bheith coisreactha ionta.


L. Ex29:30


Agus an mac sin bhías na shagart na áit, cuirfidh sé air íad seachd lá
anuair thiocfas go tabernacuil an choimhchruinnigh, do mhiniostralachd
san áit naómhtha.


L. Ex29:31


Agus glacfa tú reithe an choisreactha, agus bruithfe tú a fheóil
sanáit naómhtha.


L. Ex29:32


Agus íosa Aáron agus a mhic feóil an reithe, agus an tarán bhías
an sa chléibhín, ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.


L. Ex29:33


Agus íosáid na neithesin lé ndearnadh an tsíodhcháin dá gcoisreagadh,
agus dá naómhadh: achd ní íosa coimhightheach dhíobhsin, do chionn go
bhfuilid naómhtha.


L. Ex29:34


Agus má fhanann éinní don fheóil choisrighthe, nó don arán go maidin;
annsin loiscfe tú an fuigheall le teinidh: ní híostar é, do chionn go
bhfuil sé naómhtha.


L. Ex29:35


Agus is marso dodhéana tú ré Haáron agus ré mhacaibh, do réir an
uile neithe do aithin mé dhíot: seachd lá choisreochus tú íad.


L. Ex29:36


Agus ofrálfaidh tú gach aon lá bulóg ar son ofrála phecaidh, ar son
síothchána: agus glanfa tú an altóir, anuair dodhéna tú síth ar a son,
agus ungfa tú í dá naómhadh.


L. Ex29:37


Seachd lá dodhéna tú síth ar son na haltóra, agus naómhthocha tú í:
agus biáidh na haltóir ro naómhtha: giodh bé ar bith bheanas ris an
altóir, biáidh sé naómhtha.


L. Ex29:38


Anois séso an ní sin ofráilfios tú ar analtóir; dhá úan don
chéidbhliadhuin ó lá go comhnuightheach.


L. Ex29:39


Aón lubhán díobh dodhéna tú ofráil ar maidin: agus an lubhán eile
ofráilfe tú um nóin.


L. Ex29:40


Agus le haón úan an deachmhadh rann plúir, comaisce leis an
gceathramhadh cuid do hin dola bhuailte, agus an ceathramhadh cuid do hin
fhíona, mar ofráil díghe.


L. Ex29:41


Agus an túan eile ofráilfidh tú um nóin, agus dodhéna tú ris do
réir na hofrála bídh na maidne, agus do réir na h ofrála dighe na
maidne, mar bholadh mhaith: is ofráil í dénta le teinidh don tighearna.


L. Ex29:42


Biáidhso na hofráil chomhnuightheach loiscthe ar feadh bhur
ngeinealach, ag dorus thabernacuil an chomhchruinigh a bhfíaghnuisi an
tighearna: áit a tteigeamha misi ribh, do labhairt annsin riot.


L. Ex29:43


Agus annsin theigeomhus mé re cloinn Israel, agus dodhéntar an
(tabernacuil) naómhtha lem ghlóir.


L. Ex29:44


Agus naómhthóca mé tabernacuil an chomhchruinnigh, agus an altóir:
naómhthóca mé mar an gcédna Aáron agus a mhic do mhiniostralachd dhamh a-
noifig an tsagairt.


L. Ex29:45


Agus dodhéna mé comhnuighe ameasg chloinne Israel, agus béud am
Dhía aca.


L. Ex29:46


Agus aitheonuid síad gur mé an tighearna a Ndía, noch thug amach íad
as crích na Hégipte, ionnus go gcoimhneochuinn na measg: is misi an
tighearna a Ndía.


L. Ex30:1


Agus dodhéna tú altóir do loscadh túise uirre, do chrann Sitim do
dhéana tú í.


L. Ex30:2


Cubhad budh é a fad, agus cubhad a leithead: ceathairbheannach bhías
sí, agus biáidh a háirde dhá chubhad: (biáidh) a beanna don ccédna.


L. Ex30:3


Agus fóileocha tú dór fhíorghlan í, a huachtar agus a taóbh
thimchioll fagcuairt, agus a bheanna: agus dodhéana tú dhi coróin óir
timchioll fagcuáirt.


L. Ex30:4


Agus dodhéna tú dhá fháinne óir dhi, faoi an choróin, agá dhá
coirnéul: agá dhá taobh dodhéna tú íad, agus béid síad mar áitibh do
bhatuidhibh dá hiomchar leó.


L. Ex30:5


Agus dodhéna tú na maididhe do chrann Sitim, agus foileochuidh tú le
hór íad.


L. Ex30:6


Agus cuirfe tú as coinne an fholuigh í, atá láimh re háirc na
fiadhnuisi; as coinne an tsuidhe thrócaire atá ós cionn an fhiadhnuisi,
mar a tteagamha misi riot.


L. Ex30:7


Agus loisgfe Aáron túis dheaghbholuidh gach aon mhaidin uirre anuair
dheiseocha sé na lampuidhe, loisgfe sé túis uirre.


L. Ex30:8


Agus anuair lasfas Aáron na lampuidhe um nóin, loisgfe sé túis uirre,
tús bhiobhúan a bhfiaghnuise an tighearna, ar feadh bhur ngeinealach.


L. Ex30:9


Ní loisgfídhe túis choimhidheach ar bioth uirre, nó íodhbuirt loisge, nó
ofráil bídh, ní mo dhoírtfíde ofrála dighe uirre.


L. Ex30:10


Agus dodhéna Aáron síth ar a beannuibh san mbliadhuin, lé fuil
(ofrála) pheacaidh na síthe: uair san mbliadhuin dodhéna sé sídh uirre
ar feadh bhur ngeinealach: atá sí ronaomhtha don tighearna .


L. Ex30:11


Agus do labhair an tighearna re Maóise, ga rádh.


L. Ex30:12


An uair ghlacfas tú suim chloinne Israel do reir a nuibhre; annsin
dobhéuruidh gach éinduine fuascladh ar son anma don tighearna, anúair
áireomhus tú íad go nach biáidh pláigh na measc, anúair aireomhas tú íad.


L. Ex30:13


Is é dobhéuruid úatha, gach énduine da rachaidh thort na measc atá
áirmhithe; leithshecel do reír na sanctóra, (secel is é féin fithche
gérah), agus leithshecel ofráil an tighearna.


L. Ex30:14


Gach uile dhuine dá ttéid thort na measg atá airmhithe, ó fhithchid
bliadhan daois agus ós cionn, dobhéura sé ofráil don tighearna.


L. Ex30:15


Ní thiubhra sáidhbhir nios mó uádha, agus an bochd ní thiubhra níos
lugha nó leithshecel, anuáir dobhéruid ofráil don tighearna, do
dhénamh síthe dá bhur nanmannuibh.


L. Ex30:16


Agus glacfa tusa an tairgead síthe ó chlionn Israel, agus cinnfe tú
é do sherbhís thabernacuil an chomhchruinnigh ionnus go mbía na chuibne
do chloinn Israel a lathair an tighearna, do dhénamh síthe dá bhur n-
amannuibh.


L. Ex30:17


Agus do labhair an tighearna re Maóise dha rádh,


L. Ex30:18


Dodhéna tú mar an gcédna lábhéir práis, agus a chos mar an gcédna
do prás, do ionnladh (as:) agus cuirfe tú é idir thabernacuil an
chomhruinnigh, agus an altóir, agus cuirfe tú uisge ann.


L. Ex30:19


Óir ionneoluid Aáron agus a mich a lámha agus a gcosa aige.


L. Ex30:20


Agus anúair rachuidh go tabernacuil an chomhchruinnigh, ionneoluidh
síad lé huisce, go nach bhfaghaid bás: nó anuair thiocfaid a bhfogus
donaltóir do mhiniostralachd, do losgadh ofrála dénta lé tenidh don
tighearna.


L. Ex30:21


Marsin nighfid a láma agus a gcosa, go nach bhfaghaid bás: biáidh so
na reachd dhóibh go bráth, dósan, agus da shíol ar feadh a ngeinealach.


L. Ex30:22


Tuilleamh fós, do labhair an tighearna re Maoise, ga rád.


L. Ex30:23


Glac thusa mar an gcédna chugad spiósa oirdhearca, do Mhirr ghloin
cúig chéd secel, agus do Shinamon deaghbholuidh a leath oiread sin, dhá
chéd agus caógad secel, agus do chalamus déghbholuidh dhá chéad agus
cáogad secel.


L. Ex30:24


Agus do chassía cúig chéd secel do réir shecel na sanctóra, agus hin
dola chroinn ola.


L. Ex30:25


Agus dodhéna tú ola dhe, dola náomhtha, agus ola cumaischthe do
réir ealadhan an photechari: biáidh sí na hola naómhtha chum ungtha.


L. Ex30:26


Agus ungfa tú tabernacuil an chomhchruinnigh lé, agus áirc na
fiadhnuise:


L. Ex30:27


Agus an bórd, agus a shoithidhe uile, agus an coinnleóir agus a
shoithidhe, agus altóir na túise.


L. Ex30:28


Agus altóir na h ofrála loisge, go na huile shoithidhibh, agus an
lábhéir, agus a cos.


L. Ex30:29


Agus naomhthocha tú íad, ionnus go mbéid ronaomhtha: giodhbé ar bith
ní bheannus riu biáidh sé naomhtha.


L. Ex30:30


Agus ungfa tú Aáron agus a mhic, agus coisreoca tú íad, chor go
miniostrálfuid dhamhsa anoifig an tsagairt.


L. Ex30:31


Agus laibheóra tú re chloinn Israel, dá rádh: biáidh so na hola
naomhtha ungtha dhamhsa ar feadh bhur ngeinealach.


L. Ex30:32


Ar fheóil duine ní doírtfighear í, ní mó dhéntaoi samhuil di, do reír
a compóideachd: is naomhtha í, agus biaidh sí naómhtha dhaóibhsi.


L. Ex30:33


Giodhbé ar bith dhénas cumusch cosmhuil ría, nó giodhbé ar bith
chuirfeas di ar choimhightheach gérrfuighear cheana amach óna dhaóinibh
é.


L. Ex30:34


Agus adubhairt an tighearna re Maoise, glac chugad spiósra
deaghbhaluidh, stáct agus onicha, agus galbanum; na spiósra
deaghbaluidhsi maille re túis ghloin, oiread re chile dá gach cuid
díobh.


L. Ex30:35


Agus dodhéna tú perfiúm dhe, cumasc do réir ealadhan an photeceári,
cumuscthe chéile, ré fíorghlan (agus) naómhtha.


L. Ex30:36


Agus brúidhfe tú cuid desin romhín, agus cuirfe tú cuid de as coinne
na fiadhnuise ann sa tabernacuil an chomhcruinnigh áit a tteigeamha misi
riot: biáidh sé ro náomhtha dhaóibh.


L. Ex30:37


Agus ar son na perfiúime dodhéna tú: ní dhéntaoi dhíbh féin do
réir a chumaiscsin: bíadh sé dhuitsi naómhtha don tighearna.


L. Ex30:38


Giodhbé ar bioth dhénas samhuil dósin do bholtnughadh, gérrfughear
é amach ó na dhaóinibh.


L. Ex31:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Ex31:2


Féuch do ghoir mé go ainmnighe air Bhésaleel, mhac Uri: mic
Hur, do threibh Iúdah:


L. Ex31:3


Agus do líon mé é do spioraid Dé, a neagna, agus a ttuigsin, agus
aneólus, agus annsan uile ghné oibre,


L. Ex31:4


Do thionnscnamh oibhreach ngérchúiseach, do oibriughadh anór, agus
anairgead, agus a bprás,


L. Ex31:5


Agus a ngearradh cloch dá gcur, agus ag ceirbhereadh adhmuid, doibriughadh ann gach uile shórt oibre.


L. Ex31:6


Agus misi, féch, thug me maille leis, Aholiab mhac Ahisamach, do
threibh Dan, agus a gcroidhthibh gach a bhfuil glicchroidheach do
chuir mé eagna; chor go ndérnadaois an uile ní do aithin mé dhíotsa:


L. Ex31:7


Tabernacuil an chomhchruinnnigh agus áirc na fíaghnuisi, agus an suidhe
trócaire atá uirre, agus uile shoithighe an tabernacuil,


L. Ex31:8


Agus an bórd, agus a mbeanann ris, agus an coinnleóir glan, gun a
ghléus uile, agus altóir na túise.


L. Ex31:9


Agus altóir na hofrála loisge, maille rena huile ionstrumuintibh,
agus a lábhéir agus a cos.


L. Ex31:10


Agus na héduidhe serbhíse, agus an culaidh do Aáron an sagart; agus
na culadha dá mhacaibh, do mhiniostralachd anoifig an tsagairt.


L. Ex31:11


Agus an ola ungtha, agus an túis dheaghbholaidh donáit naomhtha: do
réir an uile ní do aithin mé dhíot, dodhénaid síad.


L. Ex31:12


Agus do labhair an tighearna re Maóise, gá rádh.


L. Ex31:13


Labhairse fós ré cloinn Israel ga rádh, go deimhin coimhédfuidhe mo
shábóid: óir is comhartha eadrum féin agus sibhsa í: ar feadh bhur
ngeinealach, go mbía a fhios aguibh gur mé an tighearna naómhas sibh.


L. Ex31:14


Cuimhdeochthaoi an Sábóid ar anadhbharsin: óir atá naómhtha
dhaóibh. An uile dhuine bhrisios í, cuirfíghear go deimhin chum báis é:
óir gidhbé neach oibrighear éinní innte, gearrfuighear anamsin ó bheith
a measg a dhaóine.


L. Ex31:15


Sé lá is féidir obair do dhéanamh, achd an seachdmhadh lá sé Sabóid an
tsocamhuil é, naómhtha don tighearna gidhbé dhéanas obair ar bith a ló
na Sabóide, cuirfighear go deimhin chum bháis é.


L. Ex31:16


Ar anadhbharsin cuimhdeochuid clann Israel an tSabóid, do
choimhéud na Sabóide ar feadh a ngeinealach mar chunnradh síorruidhe.


L. Ex31:17


Is comhartha eadrumsa, agus clann Israel go bráth é: óir ann a sé lá
dorinne an tighearna neamh, agus talamh, agus ar an seachdmhadh lá do
scuir sé, agus do léig scíth.


L. Ex31:18


Agus tug sé do Mhaóise, anuair do chríochnuigh sé a chomhrádh
leis ar shlíabh Sínai, dhá chlár na fíadhnuise, cláir chloiche
sgríobhtha lé méur Dé.


L. Ex32:1


Agus anuáir dochonnairc an pobal gur fhaddáil Maoise teachd anuas ón
tslíabh, do chruinnigheadar an pobal íad féin go Haáron, agus a
dubhradar ris, éirigh súas, déana dhúinn Dée rachus romhuinn: Óir an
Maoiseso, an té thug as crích na Hégipte sinn, ní feas dúinn créad do
imthigh air.


L. Ex32:2


Agus adubhairt Aáron riú, brisigh na clúasfháinnidhe óir atá ar
chluasuibh bhur mban, agus bhur mac, agus bhur ninghean, agus tugaidh
chugamsa íad.


L. Ex32:3


Agus do bhriseadar an pobal na cluasfháinnidhe óir díobh, noch dobhí
iona ccluasuibh, agus tugadar go Haáron íad.


L. Ex32:4


Agus do ghlac sé as a lámhuibh íad, agus do chum é lé hoirnís
ghrabhála, tar éis laóigh leagtha do dhéanamh dhe: agus adubhrádar
san, as íad so do Dhéesi, ó a Israel, noch thug amach as crích na
Hégipte thú.


L. Ex32:5


Agus anuáir dochonnairc Aáron sin, do thóg sé altóir as a choinne
agus tug Aáron fúagra, agus adubhairt, is lá féasta amárach ag an
tighearna.


L. Ex32:6


Agus do éirgheadar súas go moch arna mhárach, agus do ofráladar
iodhbuirt loisge, agus tugadar ofrála síthe leó, agus do shuidh an pobal
síos dithe, agus dól, agus do éirgheadar suas do shúgradh.


L. Ex32:7


Agus adubhairt an tighearna re Maoise, éirigh, imthigh romhad síos;
óir do phobal, noch thug amnach as crích na Hégipte, do thruáiligheadar
íad féin.


L. Ex32:8


Do fhilleadar go hobann as an tslighe do aithin misi dhíobh: do
rinneadar laógh leaghtha dhóibh féin, agus do adhradar dhó, agus do
íodhbradar dhó, agus adubhradar, is íadso do Dhéesi, ó a Israel,
noch thug thú amach as crích na Hégipte.


L. Ex32:9


Agus adubhairt an tighearna re Maois, dochonnairc mé an pobalsa,
agus féuch is daóine cruadhmhuiníl íad.


L. Ex32:10


Anois uimesin léigsi dhamhsa, ionnus go lasaidh mo dhíbfhearg na
naghuidh, agus go scriosfa mé íad; agus dodhéna mé cineadh mór dhíotsa.


L. Ex32:11


Agus do ghuidh Maóisi an tighearna a Dhía, agus do ráidh, a
thighearna créad fa lassan thfearg anaghuidh do phobail, noch thug tú
amach as crích na Hégipte, le cumhachtuibh móra, agus le láimh láidir.


L. Ex32:12


Créad as a laibheoradís na Hégiptigh, agus a naibeoradís, mar olc
rug sé leis amach íad, dá marbhadh annsna sléibhtibh, agus dá scrios
daghuidh na talmhan: iompóigh ód fheirg bhuirbh, agus claocchló don ulcso
anaghaidh do phobail.


L. Ex32:13


Cuimhnigh Abraham, Isaac, agus Israel, do sherbhísigh, dá tug tú
thú féin mar mhionnuibh, agus adubhairt tú ríu, dodhéna mé bur síol
comhlíonmhur ré réultuibh nimhe, agus an dúthaidhsi uile air ar labhair
mé, dobhéura mé dá bhur síol, agus beidh iona hoighreachd go bráth.


L. Ex32:14


Agus do ghlac aithreachas an tighearna fan olc do smuáin sé do
dhéanamh dhá phobal.


L. Ex32:15


Agus do fhill Maoisi, agus dochuáidh sé síos ón tslíabh, agus dobhí
dhá chlár na fíadhnuisi na láimh: dobhádar an dá chlár scríobhtha ar gach
taóbh; ar an ttaóbhsi, agus ar an ttaóbh eile dobhádar scríobhtha.


L. Ex32:16


Agus dobé obair Dé na cláir; agus dobhí an scríbhinn, scríbhinn
Dé arna tarruing ar na cláruibh.


L. Ex32:17


Agus anuáir dochuala Iosua giorac an phobuil mar do gháireadar,
adubhairt sé re Maóisi, atá gáir chogaidh annsa champa.


L. Ex32:18


Agus adubhairt seision, ní hé guth na ndaóine noch gháireas fa
bhuáidh, ní hé guth na ndaóine éimhgheas ar son a gclaóite: (achd) fuáim
na ndaóine doní cantaireachd, dochluinimsi.


L. Ex32:19


Agus tárla ar ball a ttáinic sé láimh ris an gcampa, go bhfacaidh sé
an laógh, agus an damhsa: agus do ghríosuigh fearg Mhaóise, agus do
theilg sé na cláir as a lámhuibh, agus do bhris faói bhun an
tsléibhe íad.


L. Ex32:20


Agus rug sé ar an laógh noch dorinneadar, agus loisc sé san
teinidh é, agus do mheil sé na phúdar é, agus do leath sé ar an uisce é,
agus tug ar chloinn Israel cuid desin dól.


L. Ex32:21


Agus adubhairt Maóise re Haáron créad dorinneadar na daóine sort,
as a tug tú a chomhmórso do phecadh orra?


L. Ex32:22


Agus adubhairt Aáron, ná hadhnadh fearg mo thighearna: atá fios na
ndaóine agadsa, go bhfuilid síad ullamh chum urchóide.


L. Ex32:23


Óir adubhradar riomsa, déana Dée dhúinn, noch rachus romhuinn: óir
ar son an Mhaóisisi, an fear thug leis sinn amach as crích na
Hégipte ní feas dúinn cread do imthigh air.


L. Ex32:24


Agus adubhairt misi riú, gidhbé ag á bhfuil éinréud óir, briseadh
sé dhe é: marsin tugadar dhamhsa é: annsin do theilg mé san teinidh é,
agus táinic an laóghra amach as.


L. Ex32:25


Agus anuáir dochonnairc Maóise go rabhadar na daoine tárnochd (óir
dorinne Aáron lomnachda íad mar náire dhóibh a measc a námhad.)


L. Ex32:26


Annsin do sheas Maóise a ngeata an champa, agus adubhairt, cia atá
do thaóibh an tighearna, (tigeadh sé) chugamsa: agus do chruinnigheadar
mic Lébhi uile cuige a ccean a chéile.


L. Ex32:27


Agus adubhairt sé ríu, is marso adeir an tighearna Día Israel,
cuireadh gach énduine a chloidheamh ar a thaóbh, agus éirgeadh asteach agus
amach ó gheata go geata ar feadh an champa, agus marbhadh gach aónduine a
dhearbhrathair, agus gach aónduine a chompánach, agus gach aónduine a
chomharsa.


L. Ex32:28


Agus dorinneadur clann Lébhi, mar adubhairt Maóise; agus do thuit
don phobal an lásin timchioll trí mhíle fear.


L. Ex32:29


Óir adubhairt Maóise, coisreagidh sibh féin aniugh don tighearna
gach uile dhuine ar a mhac, agus ar a dhearbhrathair, chor go mbronnfa sé
beannachd dhaóibh san ló aniugh.


L. Ex32:30


Agus tárla arna mhárach, go ndubhairt Maóise ris an bpobal, do
rinneabhair pecadh mór: agus anois racha misi súas gus an ttighearna, dob
éidir go ndénuinn siothcháin ar son bhur bpecaidh.


L. Ex32:31


Agus do fhill Maóise gus an ttighearna, agus adubhairt; oh, do
phecaidheadar an mhuinntirse pecadh mór, agus dorinneadar Dée óir
dhóibh féin.


L. Ex32:32


Gidheadh anois, madh áill leachd, maith dhóibh a bpeacadh: nó muna
maithfe tú dhóibh, cuir misi as do leabhar (iarruim dathchuinge ort) noch
do sgríobh tú.


L. Ex32:33


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, ciodhbé ar bith do
phecaidh am aguidhsi, is é chuirfeas mé as mo leabhar.


L. Ex32:34


Uimesin éirigh annois, treóruigh an pobal donáit adubhairt mé riot:
féuch, rachaidh maingeal romhad: gidheadh an lá thiucfas mé dfhéchuin
orra, leanfuidh mé a bpecadh orra.


L. Ex32:35


Agus do chuir an tighearna pláigh ar a bpobal, do chionn an laóigh do
dhéanamh, noch dorinne Aáron.


L. Ex33:1


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, gluais asso, agus éirigh
súas asso thú féin, agus an pobal thug tú leachd amach as crích na
Hégipte, don tír do mhionnuigh misi do Abraham, do Isaac, agus
do Iácob, dhá rádh, dot shíol dobhéura mé é.


L. Ex33:2


Agus cuirfe mé aingeal romhad, agus díbeora mé amach an Cananíteach,
an Tamoríteach, an Hitíteach, an Perisíteach, an Hibhíteach, agus an
Iebusíteach:


L. Ex33:3


Go tír fá thuile bhainne agus mheala: óir ní racha misi súas bhur
measg, óir atáthaói bhar ndaóinibh cruadhmuiníl, deagla go
ndíobháighfinn sibh ar a tslighe.


L. Ex33:4


Agus anuáir dochuala an pobal na droichscéalasa, dodhubhadar, agus
níor chuir éanduine a bhreádhgachd air.


L. Ex33:5


Óir adubhairt an tighearna ré Maóise, abuir ré cloinn Israel, is
pobal cruadhmhuiníl sibh: tiucfa mé súas ion bhur lár a moment, agus
díoghbháighfe mé sibh: uimesin annois cuir dhíot do dheiseachd uáit,
ionnus go bhfeadarsa créad dodhéna mé riot.


L. Ex33:6


Agus do nochdadar clann Israel íad féin, as a mbréadachd láimh ré
slíabh Hóreb.


L. Ex33:7


Agus rug Maóise ar an tabernacuil, agus do shuighidh taóbh amuigh do n
champa é, a bhfad ón champa, agus do ghoir tabernacuil an chomhchruinnigh
dhe: agus tárla gach aón dá níarradh an tighearna, go ttigeadh amach go
tabernacuil an chomhchruinnigh, noch dobhí taóbh amuigh don champa.


L. Ex33:8


Agus tárla anuáir dochuaidh Maóise gus an tabernacuil, gur éirigh an
pobal uile, agus gur sheas gach éanduine dhíobh ag dorus a lóistín féin,
agus gur fhéucadar a ndiáigh Mhaóise, nó go neachuidh don tabernacuil.


L. Ex33:9


Agus tárla, mar dochuaidh Maóise asteach san tabernacuil, go ttáinic
an piléur néullach anúas, agus gur sheas ag dorus an tabernacuil, agus do
labhair an tighearna ré Maóise.


L. Ex33:10


Agus dochonnairc an pobal uile piléur néullach na sheasamh ag dorus
an tabernacuil: agus do éirgheadar an pobal uile na seasamh, agus do
adhair gach aónduine aca a ndorus a lóistín féin.


L. Ex33:11


Agus do labhair an tighearna re Maóise aghuidh ar aghuidh, mar do
laibheóradh duine rena chompánach. Agus do fhill arís don champa;
achd a sherbhíseach Iosua, mac Nun, an tógánach, ní dheachudh sé as
an tabernacuil amach.


L. Ex33:12


Agus adubhairt Maóise ris an tighearna, féuch adeir tú riumsa,
beir súas an pobalsa: agus ní thug tú a fhios damh cia chuirfeá liom.
Gidheadh adubhairt tú, atá a fhios agum cía thú as hainm agus fuáir tú
grása mar ann gcéadna an mo radharc.


L. Ex33:13


Anois uimesin iarruim dathchuinghe ort, ma fuáir mé grása an do
radharc, taisbéan damh anois do shlighe, le mbía haithne agum, lé a
bhfuighe mé grása an do radharc: agus meas gurob íad an cineadhso do
phobal.


L. Ex33:14


Agus adubhairt seision, rachuidh maghuidh (leachd) agus dobhéura mé
suaimhneas duit.


L. Ex33:15


Agus adubhairt sé ris, muna ndeachuidh haghaidh (liom) ná beir
súas asso sinn.


L. Ex33:16


Óir cionnus bhías a fhios annso, go bhfuair misi agus do phobal grása
ann do radharc? nach le tusa do dhul linn? marsin dealochthar sinn, misi
agus do phobal ón uile phobal, dá bhfuil ar dhruim na talmhan.


L. Ex33:17


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, dodhéna mé an níso mar an
gcédna adubhairt tusa: óir fuáir tú grása ann mo radharc, agus atá
aithne agum ort ad ainm féin.


L. Ex33:18


Agus adubhairt seision, iarruim dathchuinge ort taisbéan do ghlóir
dhamh.


L. Ex33:19


Agus adubhairt seision, dobhéura mé ar mo mhaitheas uile dul
romhad, agus fuaigeora mé ainm an tighearna romhad: agus biad grásamhuil
don tí dá mbía mé grásamhuil, agus taisbénfad trócaire don tí dá
ttaisbéna mé trócaire.


L. Ex33:20


Agus adubhairt seision, ní fhédann tú maghuidh dfaicsin: óir ní
fhaicfe éanduine mé, agus marthuinn na dhiáighsin.


L. Ex33:21


Agus adubhairt an tighearna, féuch atá áit láimh riom, agus seasfa
tusa ar charruic.


L. Ex33:22


Agus tiucfa dhe, an feadh bhías mo ghlóir ag gabháil thort go ccuirfe
mé thusa a scoilteadh don charruic, agus foileocha mé thú leam láimh, an
feadh bhías mé ag gabháil thort.


L. Ex33:23


Agus toigeobha mé mo lámh, agus dochífe tú an chuid shiar dhíom:
achd ní faicfighear mo ghnúis.


L. Ex34:1


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, snoigh dhuit féin dhá chlár
chloiche, mar na céad chláir: agus scriobhtha misi ar na cláruibhsin na
bríathra dobhí annsna céadchláruibh do bhris tusa.


L. Ex34:2


Agus bí réidh ar maidin, agus tárr súas ar maidin go slíabh Sínai,
agus taisbéan thú féin annsin damhsa a mullach an tsléibhe.


L. Ex34:3


Agus ní thiocfa éanduine leachd súas, agus ná léig éanduine d
faicsin ar feadh an tsléibhe uile, agus ná léig na tréda nó na healbhadha
dinghilt as coinne an tsléibhesin.


L. Ex34:4


Agus do shnoigh sé dhá chlár chloiche do nós na gcédchlár: agus do
éirigh Maóise go moch ar maidin, agus dochuáidh súas ar shlíabh
Sínai, mar do aithin an tighearna dhe, agus rug iona láimh leis an dá
clár chloichesin.


L. Ex34:5


Agus tháinic an tighearna anúas annsa néull, agus do sheas na fhochair
(annsin) agus do fhúagair ainm an tighearna.


L. Ex34:6


Agus do ghabh an tighearna thairis as a choinne, agus do fhógair an
tighearna an tighearna Día, thrócaireach, agus grásmhuil, fadfhuilnghtheach,
agus iomlán do mhaith agus dfírinne,


L. Ex34:7


Ag coimhéd trócaire do mhíltibh, ag maitheamh éigceart, sáruighthe,
agus phecaidh, agus nach saórfuidh ar éanchor na cionntuigh, ag
leanmhuin ciontadh na naithreach ar an gcloinn, agus ar chloinn na
cloinne, go nuige an treas agus an ceathramadh glún.


L. Ex34:8


Agus dorinne Maóise deithneas, agus do chrom a cheann chum na
talmhan, agus do adhair sé.


L. Ex34:9


Agus adubhairt, má fuáir mé annois grása ann do radharc, ó a
thighearna, tigeadh an tighearna na measg, guidhim thú, (óir is daóine
cruádhmhuiníl íad) agus maith ar ccoir agus ar bpecadh, agus glac sinn
mar hoighreachd féin.


L. Ex34:10


Agus adubhairt seision, féuch doním cunnradh: as coinne do phobail
uile dodhéna mé ionganta; a leitheid nach dérnadh san domhan uile, nó
anén chrích: agus dochífid an pobal uile a measc a bhfuil tú,
dochífid obair an tighearna; óir is ní uathbhásach dodhéana mé riot.


L. Ex34:11


Coímeadsa an ní aitheonus mé dhiot, annsa ló niugh; féuch tiomáinfe
mé amach romhad an Támoriteach, agus an Cananíteach, an Hititeach,
agus an Perisíteach, agus an Hibhiteach agus an Ieubusíteach.


L. Ex34:12


Tabhair aire dhuit féin deagla go ndéntá cunnradh ré dúthchasuibh
na tíre iona bhfuil tú ag dul: deagla go mbíadh sin na dhul ann do lár
astigh.


L. Ex34:13


Achd scriosfaidh sibh a naltóra, brisfig sibh aniómháige, agus
gearrfuidh sibh síos a ngarraín.


L. Ex34:14


Óir ní adhrochóra tú Día ar bith eile: oír an tighearna, a bhfuil ainm
eadruibh, as Día éádmhar é.


L. Ex34:15


Deagla go ndéantá cunnradh ré dúthchasuibh na tíre, agus go
rachadaóis do striapachus a ndiáigh a Ndéesin, agus iodhbuirt do dhénamh
dá Ndéeibh agus do go ngairfeadh duine thusa, agus go níosfá dhá
iodhbuirt.


L. Ex34:16


Agus go nglacfá a ninghiona dot mhacaibh, agus go rachadaóis a n
ingheana dó striapachus a ndiáigh na Ndéesin, agus go ttiubhraidís ar do
mhacaibhsi dul do striapachus a ndiáigh a Ndée.


L. Ex34:17


Ní dhéna tú Dée leaghtha dhuit féin.


L. Ex34:18


Cuimhdeocha tú fésta anaráin gan laibhín: séachd lá íosas tú arán
gan laibhín, mar do aithin misi dhíot, anaimsir na míosa Abib: óir
is annsa mhí Abib tháinic tú amach as an Egipt.


L. Ex34:19


Anuile ní osclus an bhrú, is liomsa é: agus an uile phrimidil a
measc hairnéisi, más damh é na caóra (bhiás firionn.)


L. Ex34:20


Achd cédghin assail fuáisceola tú le húan: agus muna bhfúascla tú
é, annsin brisfe tú a mhuinéul. Fuaisceóla tú céidbhreith do mhac uile:
agus ní thiucfa énduine dom lathairsi folamh.


L. Ex34:21


Sé lá dodhéana tú obair; achd annsa seachdmhadh lá dodhéna tú
comhnuigh; anaimsir treabhtha, agus annsa bhfóghmhar dodhéna tú
suaimhneas.


L. Ex34:22


Agus cuimhdeocha tú fésta na seachdmhuineadh, na gcédthoradh
foghmhuir na cruithneachta, agus fésta an tárrlóig a ndeireadh na
blíadhna.


L. Ex34:23


Trí h uaire san mblíadhuin tiocfaid do chlann mhac uile, a lathair
an tighearna Día, Día Israel.


L. Ex34:24


Óir teilgfe misi na cinidheacha amach romhad, agus léigfe mé fairsinge
chum do thórannadh: ní mó iarrfas énduine do dhúthaigh, an tan rachus tú
súas dot thaisbeanadh féin a lathair an tighearna do Dhía trí huaire san
mblíadhuin.


L. Ex34:25


Ní ofráilfe tú fuil mo íodhbartha maille re laibhín: ní mó
léigfighear fésta iodhburtha na cásca chum an maidine.


L. Ex34:26


An chéd chuid do chéd toradh thfearuinn dobhéura tú go tigh an
tighearna do Dhía: ní bhrúighfe tú meannán a mbainne a mhathar.


L. Ex34:27


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise; scríobhsa na focailsi: óir
is do reír chéille na bhfocalsa dorinne misi cunradh riot féin,
agus ré hisrael.


L. Ex34:28


Agus dobhí sé annsin a bhfochair an tighearna ceathrachad lá agus
ceathrachad oidhche: nior ith sé arán, agus níór ibh sé uisce: agus do
sgriobh (an tighearna) ar na cláruibh focal an cunnartha, na deich
naitheanta.


L. Ex34:29


Agus tárla anúair tháinic Maóise anúas ó shlíabh Sínai, maille
re dhá chlár na fiadhnuisi a láimh Maóise, anúair tháinic sé
anúas an tslíabh nach raibh a fhios ag Maóise, gur dheallruigh
croiceann aighthe an feadh dobhí ag comhrádh rision.


L. Ex34:30


Agus anúair dochonnairc Aáron agus clann Israel uile Maóise,
féuch, do lonnruigh croicionn aighthe, agus dobhí eagla orra teachd na
ghar.


L. Ex34:31


Agus do ghoir Maóisi chuige íad; agus do fhill Aáron, agus
úachdaráin an chomhchruinnigh uile chuige: agus do labhair Maóise
riú.


L. Ex34:32


Agus na dhiáighsin tangadar clann Israel uile a ngar dhó: agus tug
sé dhóibh aithne fánuile ní dar labhair an tighearna ris air slíabh
Sínái.


L. Ex34:33


Agus do chuir Maóise folach ar aghaidh, nó gur scuir sé do labhairt
riú.


L. Ex34:34


Achd anúair dochuáidh Maóisi asteach as coinne an tighearna do
labhairt ris, do chuir an folach dhe, nó go ttáinic amach: agus
táinic amach agus do labhair re cloinn Israel, an ní do
haithnigheadh dhe.


L. Ex34:35


Agus dochoncadar clann Israel aghuidh Mhaóisi, gur dheallraidh
croiceann aighthe Mhaóise: agus do chuir Maóisi an folach ar
aghaidh arís nó go ndeachuidh asteach do chaint ris.


L. Ex35:1


Agus do chruinnigh Maóise comhcruinniughadh chloinne Israel uile a
gcionn a chéile, agus do ráidh riú, as íadso na bríathra do aithin an
tighearna dhíbhsi go ndérnadh sibh íad.


L. Ex35:2


Sé lá dodheántar obair, achd an seachdmhadh lá bhiáidh sé na lá
saóire aguibh, sábóid shúaimhneasa don tighearna: giodhbé ar bith oibhrigheas
annsin, cuirfighear chum báis é.


L. Ex35:3


Ní dheargfuidhe teine ar feadh bhur náiteach a ló na sábóide.


L. Ex35:4


Agus do labhair Maóise re comhchruinniughadh chloinne Israel uile,
dá rádh; as éso an ní do aithin an tighearna, ga rádh.


L. Ex35:5


Tógbhuidh eadruibh ofráil don tighearna: giodhbé ar bith gá bhfuil
croidhe toileamhuil, tugadh sé leis í, ofrál don tighearna; ór agus
airgead, agus prás,


L. Ex35:6


Agus gorm, agus purpuir, agus scárlaoid, agus línédach fínealta agus
fionna gabhar.


L. Ex35:7


Agus croicne reitheadh daite dearg, agus croicne broc, agus adhmad
Sitim.


L. Ex35:8


Agus ola chum an tsoluis, agus spíosra chum ola ungtha, agus don túis
dheaghbhaluidh.


L. Ex35:9


Agus clocha Onix, agus clocha re gcur san ephod, agus annsan
uchdphláta.


L. Ex35:10


Agus tiocfa gach uile dhuine glicchroidheach eadruibh, agus dénuidh
gach éinní dar aithin an tighearna.


L. Ex35:11


An tabearnacuil, a lóistín, agus a fholach, a thuighe, agus a
bharruidhe, a philáir agus a shoicéid.


L. Ex35:12


An áirc agus a maididhe, maille ris an tsuidhe thrócaire, agus folach a
chinn.


L. Ex35:13


An bórd, agus a mhaididhe agus a shoitighe uile, agus an tarán
taisbeanta.


L. Ex35:14


An coinnleóir mar an ccéadna chum an tsoluis, agus a mbeanann ris, agus
a lampuidhe maille ris an ola chum an tsoluis.


L. Ex35:15


Agus altóir na túisi, agus a maidhidhe, agus an ola uingtha, agus an
túis deaghbholuidh, agus bruit an doruis ag dul asteach an tabernacuil.


L. Ex35:16


Altóir na hofrála loisge maille rena gráta gun a maididhibh, agus a
soithighibh uile, an lábhéir agus a chos.


L. Ex35:17


Bruit na cúirte, a piléir, agus a bhuinn, agus brat doruis na cúirte.


L. Ex35:18


Tairngidhe an tabernacuil, agus tairngidhe na cúirte, agus a
gcorduidhe.


L. Ex35:19


Culadha na serbhíse, do dhénamh serbhíse ann san (áit) naomhtha, an
tédach naomhtha do Aáron an sagairt, agus éduighe a mhac do
mhiniostralachd anoifig an tsagairt.


L. Ex35:20


Agus do imthigheadar comhchruinniughadh chloinne Israel uile as
lathair Mhaoise.


L. Ex35:21


Agus tangadur gach énduine aca, ar chorruigh a chroidhe suas é, agus
gach énduine dorinne a spíorad aontadhach, agus tugadar leó ofráil an
tighearna chum oibre thabernacuil an chomhchruinnigh, agus chum a serbhíse
uile, agus chum a éduige náomhtha.


L. Ex35:22


Agus tangadar ar aon fir agus mná, an mhéid dobhí do chroide
thoileamhuil; agus tugadar bráisléid agus cluasfháinnidhe leó, agus
fáinnidhe, agus tabléid, an uile shéud óir, agus gach áon dar ofráil sé
ofráil óir don tighearna.


L. Ex35:23


Agus gach áon agár fríth gorm, agus purpuir agus scárlaóid, agus
línédach fínealta, agus fionnadh gabhar, agus croicne dearga reitheadh
agus croicne broc, tugadar leó iad.


L. Ex35:24


An uile dhuine dar offráil ofráil airgid nó phráis, tug sé ofráil an
tighearna leis: agus gach áon ag ar frith do chrannuibh Sitim chum oibre
na serbhíse, thugadar leó íad.


L. Ex35:25


Agus na huile mhná dobhí glicchroidheacha do sníomhadar le na
lámhuibh, agus tugadar leó an ní do shníomhadar aráon do ghorm, agus do
phurpuir, agus do scárlaóid, agus go línédach.


L. Ex35:26


Agus na huile mhná ar chorruigh a ccroidhe súas íad a ngliocus, do
shníomhadar fionnadh gabhar.


L. Ex35:27


Agus tugadar na huachdaráin clocha Onix leó, agus clocha da gcur
annsaNephod, agus annsaNuchdach náomhtha.


L. Ex35:28


Agus spíorsa agus ola chum an tsoluis, agus chum na hola ungtha,
agus chum na túise deaghbholuidh.


L. Ex35:29


Tugudar clann Israel ofráil thoilteannach leó chum an tighearna: an
uile fhear agus bhean a ndearna a ccroidhe toilteanach íad, do thabhairt
neithe leó chum gach uile shórt oibre, noch do aithin an tighearna do
dhénamh lé láimh Mhaoise.


L. Ex35:30


Agus adubhairt Mhaóise re cloinn Israel: féuchaidh do ghoir an
tighearna go hainmeamhuil Besaleel mach Urí mhic Hur do threibh
Iúdah.


L. Ex35:31


Agus do líon sé do spioraid Dé é, a ngliocus, a tuicse, agus a n
eólus, agus annanuile ghné oibre.


L. Ex35:32


Agus do chuma oibreach gcúirialta, doibriughadh a nór, a nairgead,
agus a bprás,


L. Ex35:33


Agus a ngearradh cloch da gcur, agus a snoigheadh adhmuid do dhénamh
gach aon ghné oibre eóluigh.


L. Ex35:34


Agus do chuir anna chroidhe go múinfeadh é féin, agus Aholiab
mach Ahisamach do threibh Dan.


L. Ex35:35


Do líon sé íadsin do eagna chroidhe doibriughadh an uile gné oibre
an tsaóir, agus anoibríghe ghlic, agus an té oibrígheas lé snaithid
a ngorm, agus a bpurpuir, agus a scarlaóid agus a líon fhinélta; agus
anfigheadóra, noch doní obair ar bith, agus chumus obair
ghérchúiseach.


L. Ex36:1


Annsin do oibrigh Besaleel, Aholiab, agus gach énduine
glicchroidheach ann ar chuir an tighearna críonnachd, agus tuigse dfagháil
eóluis cionnus do oibreochadh gach uile shórt oibre do sherbhís na
sanctóra, do réir anuile ní dar aithin an tighearna.


L. Ex36:2


Agus do ghoir Mhaóise, Besaleel agus Aholiab, agus gach áonduine
glic a ccroidhe, ar chuir an tighearna eólus iona chroidhe, eadhon gach
énduine ar chorruigh a chroidhe é, do theachd chum na hoibre dá
dénamh.


L. Ex36:3


Agus do ghlacadar ó Mhaóise anuile ofráil noch thugadar clann
Israel leó chum oibre serbhíse na sanctóra do dhénamh leissin: agus tugadar
chuige fós ofrála dhá ttoil gach maidin.


L. Ex36:4


Agus tangadar na daóine glioca uile do oibrigh obair na sanctóra uile
gach aonduine óna obair noch dorinneadar.


L. Ex36:5


Agus do labhradar ré Maóise, ghá rádh, atáid an pobalsa ag tabhairt
leó ní is romhó ná rigthear a leas chum serbhíse na hoibre do aithin Día
do dhénam.


L. Ex36:6


Agus tug Maóise aithne, agus tugadar fá deara fógra ar feadh an champa
dhá rádh, ná dénadh fear nó bean aguibh níis mó dobair ar ofráil na
sanctora. Marso do toirmiosgadh an pobal ó (ní) do thabhairt leó.


L. Ex36:7


Óir budh lór a ttugadar leó do dhénamh na hoibre uile, agus ní budh
mó.


L. Ex36:8


Agus gach énduine glicchroidheach na measc dar oibrigh obair an
tabernacuil, dorinne sé deich gcúirtíne do líon fhínealta chasta, agus
gorm agus purpuir agus scárlaóid do cherubínibh, dobair chérdamhuil do
rinne sé íad.


L. Ex36:9


Budh é fad énchúirtín fithche agus ochd gcubhaid, agus do budh é
leithead gach énchúirtín ceithre cubhaidh: dobhádar na cúirtíne uile d
éinmhéid.


L. Ex36:10


Agus do coimhcheangail sé na cúig cúirtíne aon dar oile, agus na
chúirtínigh eile do choimhcheangail se aon dar oile.


L. Ex36:11


Agus dorinne lúba do ghorm ar imeal aon chúirtín ón cciumhuis ansa
ccoimhcheangal: mar an gcédna dorinne annsa táobh amuich do chúirtín
eile coimhcheangal an dara cúirtín.


L. Ex36:12


Caogadh lúb dorinne sé a néanchúirtín, agus cáogadh lúb dorinne
sé animiol an chúirtín dobhí a ccoimhcheangal an dara cúirtín: do
chongmhadar na lúba gach éanchúirtín re chéile:


L. Ex36:13


Agus dorinne cáogad taítse óir, agus do choimhcheangail na cúirtíne
gach aon dar oile les na taitsibh; ionnus ro bíadh sé na éantabernacuil.


L. Ex36:14


Agus dorinne cúirtíne dfionnadh gabhar don lóistín ós cionn an
tabernacuil: éan cúirtín dég dorinne dhíobh.


L. Ex36:15


Do budh é fad énchúirtín díobh, tríochad cubhad, agus ceithre
cubhaid do budh é leithead déanchúirtín: dobhádar an táonchúirtín
dég déinmhéid.


L. Ex36:16


Agus do choimhcheanguil cúig cúirtíne leó fein, agus sé cúirtíne leó
féin.


L. Ex36:17


Agus dorinne cáogad lúb ar an imeal amuigh don chúirtín ansa
coimhcheangal, caógad lúb dorinne sé ar imeal an chúirtín, noch
choimhcheanglas an dara cúirtín.


L. Ex36:18


Agus dorinne sé caógad táitse do phrás do choimhcheangal an lóistín
dá chéile, chor go mbía na éanlóistín.


L. Ex36:19


Agus dorinne folach don lóistín do chroicnibh reitheadh daite dearg,
agus follach do chroicnibh broc ós a cionn.


L. Ex36:20


Agus dorinne buird don tabernacuil do chrann Sitim na seasamh súas.


L. Ex36:21


Do budh é fad buird díobh deich ccubaid, agus budh é leithead buird
éanchubhad go leith.


L. Ex36:22


Dobhádar dhá mhoirtís a néanbhórd, ionann fad da gach díobh ó
chéile: marso dorinne sé duile bhórduibh an tabernacuil.


L. Ex36:23


Agus dorinne buird don tabernacuil: fithche bórd don taóibh ó dheas.


L. Ex36:24


Agus dorinne ceathracad soiceád dairgead fáoi an bhfichid bórd, dhá
shoicead fáoi éanbhord da dhá mhoirtís, agus dhá shoicéad fáoi bhórd eile da
dhá mhoirtís.


L. Ex36:25


Agus don taobh eile don tabernacuil, noch atá leith ris an gcoirnéal
thuaidh, dorinne sé fithche bórd.


L. Ex36:26


Agus a gceathracad soicéd airgid: dhá shoicéad fá énbhórd, agus
dhá shoicéd fá bhórd eile.


L. Ex36:27


Agus do tháobhuibh an tabernacuil leith shíar dorinne se sé buird.


L. Ex36:28


Agus dorinne sé dhá bhórd do choirnealuibh an tabernacuil iona dhá
thaobh.


L. Ex36:29


Agus dobhádar choimhcheangailte shiós, agus coimhcheangailte dá
chéile agá cheann déanfháinne: marso dorinne sé riu aráon annsa dá
coirnél.


L. Ex36:30


Agus dobhádar ochd mbuird, agus a soicéid sé soicéid dég airgid, dhá
shoicéad faói gach éanbhórd.


L. Ex36:31


Agus dorinne barruidhe do chrann Sitim: cúig bharra do bhórduibh
éntáoibhhe an tabernacuil.


L. Ex36:32


Agus cúig bharra do bhórduibh an taoibh eile don tabernacuil, agus
cúig bharra do bhorduibh an tabernacuil don táobh shíar.


L. Ex36:33


Agus tug sé ar an mbarra meadhonach dul thríd na bórduibh ó cheann go
ceann.


L. Ex36:34


Agus do fholuigh se na buird le hór, agus dorinne sé a bhfáinnidhe
dór, chum a mbeith na náitibh do na barruidhibh, agus do fholuigh na
barruidhe le hór.


L. Ex36:35


Agus dorinne sé folach do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárlaóid,
agus do línédach fhínealta chasda: maille ré cherubínibh dorinne sé é, lé
hobair chéardamhuil.


L. Ex36:36


Agus dorinne dhósin ceithre piléir do chrann Sitim, agus do fholuigh
sé le hór íad: dobhádar a ccrúcuidhe dór, agus do theilg sé dhóibh
ceithre soicéid airgid.


L. Ex36:37


Agus dorinne sé brat dhorus an tabernacuil do ghorm, agus do
phurpuir, agus do scárlaóid, agus do línédach fhínéalta chasda dobair
shnáithide,


L. Ex36:38


Agus a chúig piléir gun a ccrúcuidhibh, agus do fholuigh sé a
gcaipitre agus a bhfiléid lé hór, ach dobhí a ccúig soicéid do phrás.


L. Ex37:1


Agus dorinne Basaleel an áirc do chrann Sitim: dhá chubhad go leith
dobhí iona fad, agus cubhad go leith iona leithead, agus cubhad go leith
iona háirde.


L. Ex37:2


Agus do fholuigh í le hór fíorghlan amuith, agus astigh, agus do
rinne dhi coróin óir timchioll fágcuáirt.


L. Ex37:3


Agus do theilg dhi ceithre fháinne óir, dá ceithre coirnealuibh, eadhon
dhá fáinne ar aón taóbh dhi, agus dhá fháinne ar an ttaóbh eile.


L. Ex37:4


Agus dorinne sé maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór
íad.


L. Ex37:5


Agus do chuir na maididhe annsna fáinnidhibh ré taóbh na háirce, d
iomchur na háirce.


L. Ex37:6


Agus dorinne an suidhe trócaire dór fhíorghlan, dhá chubhad go
leith dobhí iona fhad, agus cubhad go leith iona leithead.,


L. Ex37:7


Agus dorinne dhá cherubin dór arna mbúaladh, amach as énphíosa do
rinne sé iad, ar dhá cheann an tsuidhe thrócaire.


L. Ex37:8


Aon chérub ar an gcionn don taóbhsa, agus cherub eile ar an gceann don
taóibh úd: amach as an tsuidhe thrócaire dorinne sé na cherubínigh ar a
dhá cheann.


L. Ex37:9


Agus do leathnuigheadar na cherubínigh amach a sciatháin go hárd, agus
do fholchadar léna sciathánuibh ós cionn an tsuidhe thrócaire, guna n-
aighthibh gach aón ar a chéile:; leath ris an tsuighe thrócaire dobhádar
aighthe na cherubínigh.


L. Ex37:10


Agus dorinne sé an bórd do chrann Sitim; dhá chubhad dobé a fhad,
agus cubhad a leithead, agus cubhad go leith a áirde.


L. Ex37:11


Agus do fholuigh sé é lé hór fíorghlan, agus dorinne dhó coróin d
ór ghlan timchioll fágcuáirt.


L. Ex37:12


Mar an gcéadna dorinne sé dhó imiol do leithead baise timcioll
fágcuáirt, agus dorinne coróin óir dá imiol sin timchioll fá ccuárt.


L. Ex37:13


Agus do theilg sé dó ceithre fháinne óir, agus do chuir na fáinnidhe
ar na ceithre coirnéuluibh ann a cheithre cosuibh.


L. Ex37:14


Thall ar aghaidh an imil dobhádur na fáinnidhe, áite na maideadha
chum an bhuird diomchur.


L. Ex37:15


Agus dorinne sé na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé
dór íad diomchur an bhuird.


L. Ex37:16


Agus dorinne sé na soithighe dobhí ar an mbórd, a mhíasa, a
líacha agus a chupáin, agus a bhrat chum a fholach, dór fhíorghlan.


L. Ex37:17


Agus dorinne sé an coinnleóir dór fhíorghlan: dobair bhuáilte,
dorinne sé an coinnleóir, a chos agus a bheangáin, a scáluidhe agus a
chnaip, agus a bhlátha, dobhádur don ccéudna.


L. Ex37:18


Agus sé beangáin ag dul amach as a thaóbhuibh trí beangáin don
choinnleóir as taóbh dhe, agus trí bheangáin don choinnleóir as an ttaóbh
eile.


L. Ex37:19


Trí scála arna ndéanamh do réir chumtha almóine a nénbheangán, cnap
agus bláth, agus trí scála déanta amhail almóine a mbeangán eile, cnap
agus bláth; marsin ar fad amach na sé mbeangán ag dul amach as an
gcoinnleóir.


L. Ex37:20


Agus dobhádur ceithre scála annsa choinleóir déanta amhail almóine, a
chnaip agus a bhlátha.


L. Ex37:21


Agus cnap faói dhá bheangán don ccéadna, agus cnap faoi dhá bheangán
don ccéadna, do réir na sé mbeangán ag dul amach as.


L. Ex37:22


Dobhádur a ccnaip agus a mbeangáin don ccéadna: dobhí sé uile a
néanobair bhuáilte dór fhíorghlan.


L. Ex37:23


Agus dorinne sé seachd lampa, agus a smólghlantóire, agus a mhiása
smóil dór fhíorghlan.


L. Ex37:24


Do thallann dór fhíorghlan dorinne sé é, agus a shoighthighe uile.


L. Ex37:25


Agus dorinne sé altóir na túise do chrann Sitim: bá cubhadh a fad,
agus cubhad a leithead: dobhí sí ceathairbheannach, agus dhá chubhad na
háirde; dobhádar a bheanna don ccéadna.


L. Ex37:26


Agus do fholuigh sé í le hór fíorghlan, araon a huachdar, agus a
taóibh fagcúairt agus a beanna: mar an gcédna dorinne sé dhi coróin óir
timchioll fágcuáirt.


L. Ex37:27


Agus dorinne dhá fháinne óir dhi faói na coróin, láimh réna dá coirnéul ar a
dhá thaóbh, do bheith na náitibh ag na maididhibh lé na n-iomchórthuigh í.


L. Ex37:28


Agus dorinne na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór
íad.


L. Ex37:29


Agus dorinne an ola ungtha agus an túis ghlan do spiósra
deaghbholuidh do réir oibre an photecarígh.


L. Ex38:1


Agus dorinne dá altóir na nofrálach loisge do chrann Sitim: Cúig
cubhaidh a fad, agus cúig cubhaid a leithead, dobhí sí
ceathairbheannach, agus trí cubhaid a háirde.


L. Ex38:2


Agus dorinne sé a beanna ar a ceithre coirnéuluibh: dobhádar a beanna
don ccédna, agus do fholuigh sé lé prás í.


L. Ex38:3


Agus dorinne soithighe na haltóra uile, na potuighe, agus na
sluaiste, agus na báisínigh, agus na hadhail, agus na hoighne teineadh:
a soithighe uile dorinne sé do phrás íad.


L. Ex38:4


Agus dorinne sé don altóir grásta práis dobair lín, faóina compás
shíos go nuige a lár.


L. Ex38:5


Agus do theilg ceithre fháinne do cheithre corruibh an ghrásta phráis,
dá mbeith na náitibh do na maididhibh.


L. Ex38:6


Agus dorinne na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuidh prás íad.


L. Ex38:7


Agus do chuir sé na maididhe ann sna fáinnidhibh ar thaóbhuibh na h-
altóra dá hiomchar: dorinne sé analtóir toll lé cláruibh:


L. Ex38:8


Agus dorinne an Lábhóir do phrás, agus a chos do phrás, do scathánuibh
na mban n oireachduis, noch do chruinnioghadh ag dorus thabernacuil an
chomchruinnigh.


L. Ex38:9


Agus dorinne sé an chruit: ar an ttaóbh ó dheas leath ó dheas bruit na
cúirte do líon fhínealta chasda, do chéd cubhad.


L. Ex38:10


Bá fithche a bpiléir, agus bá fithche a soicéid práis: crúcuidhe na
bpiléur agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex38:11


Agus chum an taóibh thuáigh bruit do chéad cubhad, bá fithche a
bpiléir, agus fithche a soicéid phráis, crúcuidhe na bpiléur, agus a
bhfiléid dairgead.


L. Ex38:12


Agus chum an taóibh shíar, bruit do chaógad cubhad, a bpiléir a deich,
agus a soicéid a deich; crúcuidhe na bpiléur agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex38:13


Agus leithead na cúirte don taóbh shoir, leath shoir, caógadh cubhad.


L. Ex38:14


Bruit éntaóibhe an gheata bá cúig cubhaidh déug: a bpiléir a trí,
agus a soicéid a trí.


L. Ex38:15


Agus don taobh eile do gheata na cúirte ar an láimhse, agus ar an
láimh úd dobhádar bruit do chúig cubhaid déug: a bpiléir a trí agus a
soicéid a trí.


L. Ex38:16


Bruit na cúirte uile timchioll fagcúairt, do budh línédach casda
íad.


L. Ex38:17


Agus na soicéid do na piléuruibh do phrás: crúcuidhe na bpiléar agus a
bhfiléid dairgead; agus folach a gcaipitreach dairgead, agus piléir na
cúirte uile arna bhfilléideadh lé hairgead.


L. Ex38:18


Agus crochadh chum geata na cúirte dobair shnáithide, do ghorm agus
do phurpuir agus do scárlaóid, agus do línédach fhínéalta chasda: agus
ba fithche cubhad a fhad, agus cúig cubhaid áirde a leithne,
coimhfhreagarthach do bhratuibh na cúirte.


L. Ex38:19


Agus ba ceathair a bpiléir, agus a soiceid pháis a ceathair, a
ccrúcuidhe dairgead, agus folach a gcaipitreach agus a bhfiléid dairgead.


L. Ex38:20


Ach tairngidhe an tabernacuil uile, agus na cúirte fa gcúairt do
budh prás íad.


L. Ex38:21


Is éso suim an tabernacuil, thabernacuil na fiadhnuise, mar do h
áireamhadh é, do réir aithne Maoise, chum serbhíse na Lebhíteach le
láimh Ithamar mach Aáron an sagart.


L. Ex38:22


Agus Besaleel mac Uri mhic Hur do threibh Iúdah dorinne an uile
ní do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex38:23


Agus dobhí maille ris Aholiab mac Ahisamach do threibh Dan:
grábháluigh agus oibrigh cérdamhuil, agus bróidinéir a ngorm agus a
bpurpuir, agus a scárlaóid agus a líneadach fhínealta.


L. Ex38:24


An mhéid óir do caitheadh uile leis an obair, le uile obair na háite
naomhtha (eadhon) ór na h ofrala, ba fithche agus naói ttalanna, agus
seacht céd agus tríochad secel do reir shecel na sanctóra.


L. Ex38:25


Agus an mhéid airgid do háirmheadh don comchruinniughadh, céd
tallann, míle agus seacht ccéd agus trí fithchid, agus cúig secel déug
do reir shecel na sanctóra.


L. Ex38:26


Beca ar son gach énduine (is é sin) leath secel do réir shecel na
sanctóra ar son gach aónduine da ndeachuidh dhá áireamh ó fhithchid
bliadhan daóis, agus ós a chionn, a sé chéd míle, agus trí mhíle agus
cúig chéud agus caogad fear.


L. Ex38:27


Agus don chéad tallann airgid do teilgeadh soicéid na santóra agus
soicéid an fholuigh: céad soicéd don chéud tallann, talann ar son an
tsoicéid.


L. Ex38:28


Agus don mhíle seachd ccéd seachdmhoghad agus a cúig secel, dorinne
se crúcuidhe dona piléuruibh, agus do fholuigh a ccaipitre, agus do
fhiléididh íad.


L. Ex38:29


Agus dobhí prás na hofrala na seachdmhoghad tallann agus na dhá
mhíle, agus na ceithre chéud secel.


L. Ex38:30


Agus is leissin dorinneadh soicéid do dhorus thabernacuil an
chomhchruinnigh, agus an altóir phráis, agus an gráta práis di, agus an
uile shoitheach no haltóra.


L. Ex38:31


Agus soicéid na cúirte timchioll fagcúairt, agus soicéid gheata na
cúirte, agus tairngidhe an tabernacuil uile, agus tairngidhe na cúirte
uile timchioll fágcuáirt.


L. Ex39:1


Agus don ghorm agus don phurpuir, agus don scárlaóid, dorinneadar
éaduighe serbhíse, do dhénamh serbhíse ansanáit naómhtha, agus do
rinneadar na culadha nnaomhtha do Aáron: mar do aithin an tighearna
do Mhaóise.


L. Ex39:2


Agus dorinneadh an Tephod dór, do ghorm, do phurpuir agus do
scárlaóid, agus do línéadach mhín chasta.


L. Ex39:3


Agus do bhuaileadar an tór na phlátadhuibh tana, agus do ghearradar na
théaduibh é, da oibríughadh annsa ghorm, agus annsa phurpuir, agus annsa
scárlaóid, agus annsa línéadach fhínéalta maille lé hobair
ghéarchúisigh.


L. Ex39:4


Dorinneadar píosuidhe gualann dó, dha choimhcheangal dá chéile: leis
an dá imiol do coimhcheangladh dhá chéile é.


L. Ex39:5


Agus crios cúiríalta a Ephoid dobhí air, dobhí don chédna do réir a
oibresin; dór, do ghorm, do phurpuir, do scárlaóid agus do línédach
fhinéalta chasta, mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:6


Agus do oibrigheadar clócha Onix arna gcur astigh a bhfailgibh óir,
ar na ngrábháil mar ghrábháltar signéid maille ré hanmannuibh chloinne
Israel.


L. Ex39:7


Agus do chuir sé ar ghuáillibh an Ephod íad, ar chor go mbéidis na
gclochuibh mar chuimhne do chloinn Israel, mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:8


Agus dorinne an tuchdphláta dobair ghlic, cosmhail ré hobair an
ephoid dór, do ghorm, do phurpuir, do scárlaóid, agus do línéadach
fhínealta chasda.


L. Ex39:9


Dobhí sé ceathairbheannach, dorinneadar an tuchdphláta dúbalta, réisi
dobhí na fhad, agus réisi na leithead dúbalta.


L. Ex39:10


Agus do chuireadar ann ceithre chúrsa do chlochuibh; cúrsa do Shardius,
do Thópas, agus do Charbuncail; is éso an cead chúrsa.


L. Ex39:11


Agus an dara cúrsa, Emeraud, Saphir, agus Diamond.


L. Ex39:12


An treas cúrsa, Lígur, Agat, agus Ametist,


L. Ex39:13


Agus an ceathramhadh cúrsa, Beril, agus Onix, agus Iasper: dobhádar
curtha astigh a bhfailgibh óir iona ndruduibh.


L. Ex39:14


Agus dobhádur na clocha do réir anmanna chloinne Israel, a dó dhég
do réir a nanmann, amhail ghrábháil shignéid, gach éanduine gun a ainm
do réir an dá threibh dhéug.


L. Ex39:15


Agus dorinneadar ar an uchdphláta, slabhruidhe ann a cheannuibh d
obair fithche dór fhíorghlan.


L. Ex39:16


Agus dorinneadar dhá fháil óir agus dhá fháinne óir: do chuireadar an
dá fháinne ar dhá cheann an uchdphláta.


L. Ex39:17


Agus do chuireadar an dá shlabhradh fhithche dór annsa dá fháinne ar
cheannuibh an uchdphláta


L. Ex39:18


Agus dhá cheann an dá shlabhradh fhithche, do dhaingníodar annsa dá
fhail, agus do chuireadar íad ar ghuaillibh an ephoid roimhe.


L. Ex39:19


Agus dorinneadar dhá fháinne dór, agus do chuireadar íad ar dhá
cheann an uchdphláta, ar a imeal, noch dobhí ar thaóbh an Ephoid taóbh
astigh.


L. Ex39:20


Agus dorinneadar dhá fháinne eile dór, agus do chuireadar íad ar dhá
thaóbh an Ephoid shíos leath ris an gcuid thosuigh dhe, thall ar aghaidh
a choimhcheangail ós cionn chreasa chuiríalta an Ephoid.


L. Ex39:21


Agus do cheangladar an tuchdphláta lena fháinnighibh, dfáinnighibh
an Ephoid, le lása do ghorm, cor go mbía ós cionn an chreasa chuirálta an
Ephoid agus nach scaóilti an tuchdphláta ón Ephod; mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:22


Agus dorinne sé róba an ephoid, dobair fhithche uile do ghorm.


L. Ex39:23


Agus dobhí poll a lár an róba, mar pholl lúirighe, maille ré fonnsa
fágcuáirt, timchioll an phuill go nach briseadh sé.


L. Ex39:24


Agus dorinneadar ar chiumhusuibh an róba pomgranait do ghorm agus do
phurpuir, agus do scárlaóid, agus do línéadach chasta.


L. Ex39:25


Agus dorinneadar cluigíne dór fhíorghlan agus do chuireadar na
cluigíne idir na pomgranatuibh ar chiumhuis an róba timchioll fágcuáirt
idir na pomgranatuibh.


L. Ex39:26


Cluigín agus pomgranat, cluigín agus pomgranat, timchioll fágcuáirt
fhathuaime an róba do dhénamh miniostrálachd ann; mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:27


Agus dorinneadar cótuidhe do línéadach fhínealta dobair fhithche do
Aáron agus dá mhacuibh.


L. Ex39:28


Agus Miter do línédach fhínealta, agus bóinéid mhaithe do línédach
fhínealta, agus brisdidhe línéaduigh do líon mhín chasda.


L. Ex39:29


Agus crios do línéadach chasda, agus do ghorm, agus do phurpuir, agus
do scárlaóid, dobair snáithide mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:30


Agus dorinneadar pláta na coróine naómhtha dór ghlan, agus do
scríobhadar scríbhinn air, mar ghrábháil shéignéid, NAOMHTHACHD DON
TIGHEARNA.


L. Ex39:31


Agus do cheangladar dhesin lása do ghorm, dá cheangal go hárd ar
an Míter; mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex39:32


Marso do críochnuigheadh uile obair an tabernacuil, lóistín an
chomhchruinnigh: agus dorinneadar clann Israel do réir an uile ní do
aithin an tighearna do Mhaóise, is marsin dorinneadar.


L. Ex39:33


Agus tugadar an tabernacuil chum Maóisi, an lóistín, agus gach ní
bheannas ris uile, a tháitsidhe, a bhuird, a bharruidhe, a philéir, agus a
shoicéid,


L. Ex39:34


Agus an folach do chroicnibh reitheadh daite dearg, agus an folach do
chroicnibh broc, agus cumhdach an fholuigh,


L. Ex39:35


Áirc na fiadhnuisi agus a maididhe, agus an suidhe trócaire,


L. Ex39:36


An bórd agus a uile shoithidhe agus an tarán taisbéanta,


L. Ex39:37


Ann Coinnleóir fíorghlan, go na lampadhuibh, na lampuidhe dá
suighiughadh a nórd, agus a uile shoithighesin, agus anola chum
soluis,


L. Ex39:38


Agus an altóir órdha, agus an ola ungtha, agus an túis
dheaghbholuigh, agus brat do dhorus an tabernacuil,


L. Ex39:39


An altóir phráis, agus a gráta práis, a maididhe, agus an uile
shoithighe, an lábhéir, agus a chos,


L. Ex39:40


Bruit na cúirte, a piléir, agus a soicéid, agus brat do gheata na
cúirte, a corduidhe, agus a thairngidhe, agus uile shoithighe serbhíse an
tabernacuil, do lóistín an chomhchruinnigh,


L. Ex39:41


Eaduighe na serbhíse do dhénamh serbhíse annsanáit naómhtha, agus
na culadha naómhtha do Aáron an sagart, agus culadha a mhac do
mhiniostralachd anoifig an tsagairt.


L. Ex39:42


Do réir an uile ní do aithin an tighearna do Mhaóise, is marsin
dorinneadar clann Israel an obair uile.


L. Ex39:43


Agus do fhéuch Maóise ar an obair uile, agus féuch dorinneadar í,
mar do aithin an tighearna; is marsin dorinneadar í, agus do bheannuigh
Maóise íad.


L. Ex40:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise gá rádh;


L. Ex40:2


Ar an gcéd lá don chéid mhí chuirfeas tú suas tabearnacuil lóistín an
chomhchruinnigh.


L. Ex40:3


Agus cuirfe tú annsin asteach Áirc na fiadhnuisi, agus foileocha tú an
áirc leis an gcumhdach.


L. Ex40:4


Agus dobhéura tú asteach an bórd, agus suidheocha tú a nordúghadh na
neithe atá ré suidhiughadh a nórd air: agus dobhéura tú an coinnleóir
asteach, agus lasfa tú a lampuidhe.


L. Ex40:5


Agus suidheocha tú analtóir dór chum na túise, as coinne Áirce na
fiadhnuise, agus cuirfe tú brat an doruis leis an tabernacuil.


L. Ex40:6


Agus suidheocha tú altóir na hofrála loiscthe as coinne dhoruis
thabernacuil lóistín an chomhchruinnigh.


L. Ex40:7


Agus suidheocha tú an lábéir idir lóistín an chomhchruinnigh, agus an
altóir, agus cuirfe tú uisce ann.


L. Ex40:8


Agus cuirfidh tú súas an chúirt timchioll fagcúairt, agus crochfa tú
súas na bruit ag geata na cúirte.


L. Ex40:9


Agus glacfa tú an ola ungtha, agus ungfa tú an tabernacuil, agus a
bhfuil astigh ann, agus naomhtha tú é, agus a shoithighe uile, agus biaidh
sé naomhtha.


L. Ex40:10


Agus ungfa tú altóir na hofrála loiscthe, agus a soithighe uile, agus
naomhtha tú n altóir, agus biaidh na haltóir ro naomhtha.


L. Ex40:11


Agus ungfa tú an lábéir agus a chos, agus naómhthocha tú é.


L. Ex40:12


Agus dobhéra tú Aáron agus a mhic go dorus thabernacuil an
chomhchruinnigh, agus níghfe tú íad le huisce.


L. Ex40:13


Agus cuirfe tú ar Aáron na héduighe naomhtha, agus ungfa tú é agus
naomhthocha tú é, cor go miniossrálfuidh sé dhamhsa a noifig an
tsagairt.


L. Ex40:14


Agus dobhéra tú a mhic chugad, agus éideocha tú íad le cótuidhibh.


L. Ex40:15


Agus ungfa tú íad, mar do ung tú a nathair, chor go bhfédfaid
miniostralachd do dhénamh dhamhsa anoifig an sagairt: óir biaidh a n
ungadh go deimhin na shagartachd shíorruidhe, ar feadh a ngeinelach.


L. Ex40:16


Is murso dorinne Maóise: do réir an uile ní do aithin an tighearna
dhe is marsin dorinne sé.


L. Ex40:17


Agus tárla ann sa chéd mhí don dara bliadhain, ar an gcéd ló don
mhí, gur tógbhadh súas an tabernacuil.


L. Ex40:18


Agus do thóg Maóise an tabearnacuil súas, agus do dhaingnidh a
shoicéid, agus do chuir súas a bhuird, agus do chuir a bharruidhe asteach
agus do thóg súas a philéir.


L. Ex40:19


Agus do leathnuigh amach an lóistín ós cionn an tabearnacuil, agus do
chuir folach an lóistín timchioll air, mar do aithin an tighearna do
Mhaóise.


L. Ex40:20


Agus do ghlac sé agus do chuir an fhiadhnuise annsan áirc, agus do
shuidhigh na maididhe ar an áirc, agus do chuir an suidhe trócaire shúas ar
an áirc.


L. Ex40:21


Agus tug sé an áirc chum an tabearnacuil, agus do chuir súas
cumhdach an fholuigh, agus do fholuigh áirc na fiadhnuisi, mar do
aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex40:22


Agus do chuir sé an bórd a lóistín an chomhchruinnigh, ar thaoibh an
tabearnacuil, leath thuaigh taobh amuich don chumhdach.


L. Ex40:23


Agus do chuir sé an tarán anordughadh air a bhfiadhnuise an
tighearna, mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex40:24


Agus do chuir sé an coinnleóir a lóistín an chomhchruinnigh thall as
coinne an bhuird ar thaobh an tabernacuil leath theas.


L. Ex40:25


Agus do las na lampuidhe a bhfiadhnuise an tighearna, mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ex40:26


Agus do chuir sé an altóir órdha a lóistín an chomhchruinnigh a
bhfiadhnuisi an chumhduigh.


L. Ex40:27


Agus do loisc sé túis dheaghbholuigh uirre, mar do aithin an tighearna
do Mhaóise.


L. Ex40:28


Agus do chuir sé súas an brat ag dorus an tabearnacuil.


L. Ex40:29


Agus do chuir altóir na hofrála loiscthe ag dorus thabearnacuil
lóistín an chomhchruinnigh, agus do ofráil sé uirre, ofráil loiscthe agus
ofráil bídh; mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ex40:30


Agus do chuir an lábéir idir lóistín an chomhchruinigh, agus an
altóir, agus do chuir uisce ann chum ionnlaidh.


L. Ex40:31


Agus Maóise, Aáron agus a mhic do nigheadar a lámha agus a ccosa
aige.


L. Ex40:32


Anuair dothéighdís go lóistín an chomhchruinnigh, agus anuair
thigdís a bhfogus don altóir, do ionnlaidís; mar do aithin an tighearna
do Mhaóisi.


L. Ex40:33


Agus do thóg sé súas an chúirt timchioll fágcuáirt an tabernacuil,
agus na haltóra, agus do chuir súas brat gheata na cúirte: marsin do
chríochnuigh Maóise an obair.


L. Ex40:34


Annsin do fholuigh néull lóistín an chomhchruinnigh, agus do líon
glóir an tighearna an tabernacuil.


L. Ex40:35


Agus níorbhféidir do Mhaóise dul asteach a lóistín an
chomhchruinnigh, do chionn gur chomhnuigh an néull air, agus gur líon
glóir an tighearna an tabernacuil.


L. Ex40:36


Agus anuair rugadh an néull súas ó mhullach an tabernacuil, do
chuáidh clann Israel ar a naghaidh ann a nuile thurusaibh.


L. Ex40:37


Achd muna mbéurthaói an néull súas, ní aistreochaidís go nuige an lá
iona mbéurthaoi súas é.


L. Ex40:38


Óir dobhí néull an tighearna ar an tabernacuil annsa ló, agus dobhí
teine air sanoidhche, a radharc thighe Israel uile, ar feadh an
aistir uile.


L. Lv



An treas leabhar do Mhaoise, da ngoirthear Lebhiticus.


L. Lv1:1


Agus do ghoir an tighearna ar Mhaóise, agus do labhair ris as
tabernacuil an chomhchruinnighthe, gá rádh.


L. Lv1:2


Labhair ré cloinn Israel agus abair riú, má beir énduine aguibh
ofráil chum an tighearna, dobhearthaói bhur nofráil donáirnéis,
eadhon don airighe agus don tréud.


L. Lv1:3


Má bhíonn ofráil nó íodhbuirt loiscthe don airighe, ofráladh
firionnach gan cháidhe: ofráladh sé é da thoil aóntaghaidh féin,
ag dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe a bhfiadhnuise an
tighearna.


L. Lv1:4


Agus cuirfidh sé a lámh ar chionn na hofrála loiscthe, agus
géubhthar ar a shon í do dhénamh síodha ar a shon.


L. Lv1:5


Agus muirfidh sé an bhulóg a bhfíadhnuise an tighearna, agus
béaruid na sagairt, clann Aáron, anfuil (leó) agus croithfid
anfuil timchioll fágcuáirt ar an altóir, noch atá láimh ré dorus
thabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Lv1:6


Agus muirfidh sé anofráil loiscthe, agus gearrfa na phíosuighibh é.


L. Lv1:7


Agus cuirfid mic Aáron an sagart, teine ar an altóir, agus leagfuid
an connadh a nórd ar an teinidh.


L. Lv1:8


Agus leagfuid na sagairt, mic Aáron, na codcha, an ceann agus an
gheir a nórd ar an gcunnadh bhías ann sa teinidh, noch bhías air an
altóir.


L. Lv1:9


Achd na hinnighe agus na cosa nighfidh sé a nuisce íad, agus
loiscfidh an sagart an tiomlán ar an altóir, do bheith na iodhbuirt
loiscthe, ofráil arna dhénamh le teinidh, do bholadh cumhra don
tighearna.


L. Lv1:10


Agus más do na tréaduibh bhias a iodhbuirt, do na caórcuibh nó do na
gabhruibh, mar ofráil loiscthe, dobhéara leis é na firionnach gan
toibhéim.


L. Lv1:11


Agus muirfidh sé é ar thaóibh na haltóra leath thuaigh a
bhfiaghnuise an tighearna, agus na sagairt clann Aáron croithfid
an fhuil timchioll fágcuáirt ar analtóir.


L. Lv1:12


Agus gearrfa sé na phíosuighibh é, go na cheann agus a gheir, agus
leagfuidh an sagart a nordughadh íad ar an gcónnadh bhias ar an
teinidh atá ar analtóir.


L. Lv1:13


Achd nifigh sé na hinnighe agus na cosa a n uisce, agus dobhéara an
sagart leis (sin) uile agus loiscfidh sé ar analtóir é: is ofráil
loiscthe é, ofráil déanta lé teinidh, do bholadh cumhra don
tighearna.


L. Lv1:14


Agus má bhíonn a iodhbuirt loiscthe ar son a ofrála don tighearna
déanuibh, annsin dobhéura sé a ofráil do fhéránuibh nó do
cholumuibh óga.


L. Lv1:15


Agus dobhéura an sagart é chum na haltóra, agus fáiscfidh a
cheann de, agus loiscfidh ar analtóir é agus fáiscfídhear a
fhuil amach le taóbh na haltóra.


L. Lv1:16


Agus tairreonguidh a ghaile as, guna chletibh, agus teilgfidh ré
taóbh na haltóra é, ar an gcuid shoir, ag áit na luatha.


L. Lv1:17


Agus scoiltfidh sé é go na sciathánuibh, achd ní roinnfidh ó chéile
é: agus loiscfidh an sagart ar analtóir é, ar an cconnadh atá ar
an teinidh: is ofráil loiscthe é, ofráil dénta le teinidh, do
bholuidh cumhra don tighearna.


L. Lv2:1


Agus anuair ofrálus éinneach ofráil bhídh don tighearna, biodh a
iodhbuirt do phlúr mhín, agus dóirtfidh ola air, agus cuirfidh túis
airsin.


L. Lv2:2


Agus dobhéra sé go macaibh Aáron é, i. na sagairt, agus
toígeobhuidh assin lán a dhuirn dá phlúr, agus dá ola, maille le a
thúis uile; agus loisgfidh an sagart a chuimhnesin ar analtóir,
(do bheith) na ofráil dénta le teinidh, do bholadh mhaith don
tighearna.


L. Lv2:3


Agus fuighioll na hofrála bídh budh lé Haáron agus le na
mhacaibh é: is ní ronáomhtha dofráluibh an tighearna dénta le
tenidh é.


L. Lv2:4


Agus má bheir tú leachd ofráil diodhbuirt bí ar na bhácáil a
mbácús budh cáca gan laibhín do phlúr mhín é, arna chumasc le
hola, nó abhlann a gan a laibhín arna nungadh lé hola.


L. Lv2:5


Agus má bhíonn hofráil na hofráil bídh bhruithe a noigheann,
bía do phlúr mhín gan laibhín cumascthe le hola.


L. Lv2:6


Roinnfidh tú na chodchuibh é, agus dóirtfe tú ola air, is ofráil
bhídh é.


L. Lv2:7


Agus má bhíonn hiodhbuirt na hofráil bhídh annsan oigheann
friala, dodéntar í do phlúr mhín le hola.


L. Lv2:8


Agus dobheára tú an iodhbuirt bhídh dodhéntar do na neithibhsi
chum an tighearna, agus anuair thaisbeantar don tsagart é,
dobhéura chum na haltóra é.


L. Lv2:9


Agus toigeobhuidh an sagart as a ofráil bhídh cuimhne uirre, agus
loiscfidh sé ar an altór é. (is) ofráil sin dénta lé teinidh do
bholadh mhaith don tighearna.


L. Lv2:10


Agus an ní fhúigfíghear don ofráil bhídh budh le Haáron agus le
na chloinn é: is ní ronaomhtha é, dofráluibh an tighearna dénta
le teinidh.


L. Lv2:11


Aon ofráil bhídh, noch dobhéurthaoi chum an tighearna, ní déntair
le laibhín: óir ní loiscfidhe laibhín ar bith nó mil a nénofráil
don tighearna, dénta lé teinidh.


L. Lv2:12


Ar son ofrála na gcédthórtha ofráilfídhe don tighearna iad, achd ní
loiscfighear ar an altóir íad mar bholadh chumhra.


L. Lv2:13


Agus anuile ofráil bhídh leiseocha tú lé salann: ní mó
fhuileongas tú salann cunartha do Dhé bheith deasbuidh ar
hofráil bhídh: ofrálfa tú salann lé do uile iodhbuirt.


L. Lv2:14


Agus má ofráilann tú ofrááil bhídh do na cédthórthuibh don
tighearna, ofráilfe tú mar ofráil bhídh dod chédthórthuibh do
dhéusuibh glasa arbha arna ttiormughadh leis an tteinidh, arbhar
buailte as déusuibh iomlána.


L. Lv2:15


Agus cuirfe tú ola air, agus leagfa tú túis air: is ofráil bhídh é.


L. Lv2:16


Agus loiscfidh an sagart a chuimhnesin, cuid da ghrán buailte,
agus cuid dá ola, gun a thúis uile; is ofráil dénta lé teinidh é don
tighérna.


L. Lv3:1


Agus má bhíonn a ofráil na iodhbuirt shíothchána, mas don airighe
ofrálas sé, má bhíonn firionn nó bainionn, ofrálfuidh sé é gan
toibhéim a lathair an tighearna.


L. Lv3:2


Agus leagfa sé a lámh ar chionn a ofrála, agus muirfidh sé é, ag
dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe, agus croithfid mic
Aáron, na sagairt an fhuil ar an altóir timchioll fagcuáirt.


L. Lv3:3


Agus ofráilfuidh sé iodhburt na hofrála síodha; ofráil dénta le
teinidh don tighearna, an gheir fholcas na hinnighe agus an uile
mhéthas bhías ar an mionach;


L. Lv3:4


Agus an dá dhúbhán, agus an gheir bhíos orra noch bhíos láimh ris
na haránnuibh, agus an scairt ós cionn na naé; maille ris na
dubhánuibh béaruidh sésin leis as.


L. Lv3:5


Agus loiscfid clann Aáron é ar an altóir, ar an iodhbuirt loiscthe
noch bhíos ar an gconnadh bhíos ar an tenidh: ofráil dénta le
tenidh do bholadh chumhra don tighearna.


L. Lv3:6


Agus má bhíonn a ofráil ar son iodhbarta ofrála síothchána don
tighearna, don tréud, fhirionn nó bhainionn; ofráilfidh sé é, gan
cháidhe,


L. Lv3:7


Má ofrálann sé uan ar son a ofrála, annsin ofráladh é a lathair an
tighearna.


L. Lv3:8


Agus leagfa a lámh air cionn a ofrála, agus muirfidh é as coinne an
Tabernacuil an chomhchruinnighthe, agus croithfidh clann Aáron a
fhuil timchioll fágcuairt ar an altóir.


L. Lv3:9


Agus ofrálfuidh sé do iodhbuirt na h ofrála siódha, ofráil dénta le
tenidh don tighearna; a gheir, agus a iorball uile, beanfuidh sé
sin amach láimh ris an ccnáimh droma: agus an gheir fholcus na
hionathuir, agus an uile mhéthus bhíos ar na hinnighibh.


L. Lv3:10


Agus an dá dhúbhán, agus an gheir bhíos orra, noch bhíos láimh
ris na hárannuibh, agus an scairt ós cionn na naé, maille ris na
dubhánuibh beanfuidh sé sin amach as;


L. Lv3:11


Agus loiscfidh an sagart ar an altóir é: (sé sin) bíadh na hofrála
dénta le tenidh don tighearna.


L. Lv3:12


Agus má bhíonn a ofráil na ghabhar, annsin ofrálfuidh sé é a
bhfiadhnuise an tighearna.


L. Lv3:13


Agus leagfa a lámh ar a chionn, agus muirfidh sé é, as coine
dhoruis thabernacuil an chomhchruinnighthe, agus croithfid mic
Aáron a fhuil ar an altóir timchioll fágcuáirt:


L. Lv3:14


Agus ofrálfuidh sé a ofráil desin, ofráil déanta le tenidh don
tighearna; an gheir fholchas na hinnighe, agus an uile mhéthus
bhíos ar an ionathar.


L. Lv3:15


Agus an dá dhubhán, agus an gheir bhíos orra noch bhíos láimh ris
na hárannuibh, agus an scairt bhíos ós cionn na naé, maille ris na
dubhánuibh, beanfa sé sin amach as,


L. Lv3:16


Agus loisgfidh an sagart iad ar an altóir; (sé sin) biaidh na
hofrála dénta le tenidh mar bholadh cumhra; an uile mhéthus is
leis an ttighearna é, (biaidh sé) na reachd síorruidhe da bhur
ngeinealachaibh ar feadh bhur náitreabh, nach ióstaói méthus nó
fuil.


L. Lv4:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dá rádh.


L. Lv4:2


Labhair re cloinn Israel ga rádh; má pheacuigheann anum tré
ainbhfios a naghuidh énaithne an tighearna, (a ttaóbh nitheadh nár
chóir do dhéanamh) agus go ndéna sé ní a naghaidh énaithne
dhíobh.


L. Lv4:3


Má pheacuighénn an sagart atá ungtha do réir pheacaidh an
phobail, annsin tugadh sé ar son an pheacuigh do pheacuigh sé,
bulóg óg gan toibhéim chum an tighearna mar ofráil pheacaidh.


L. Lv4:4


Agus dobhéara sé an bhulóg chum doruis thabernacuil an
chomhchruinnighthe a lathair an tighearna, agus leagfa a lámh ós
cionn na bulóige, agus muirfidh sé an bhulóg a bhfiadnuise an
tighearna.


L. Lv4:5


Agus glacfa an sagart bhías ungtha cuid dfuil na bulóige, agus
dobhéara leis go tabernacuil an chomhchruinnighthe í.


L. Lv4:6


Agus tuimeobhuidh an sagart a mhéur ann sa bhfuil, agus croithfidh
(cuid) donfhuil seachd nuaire as coinne an tighearna, as coinne
bhruit na sanctóra.


L. Lv4:7


Agus cuirfidh an sagart cuid donfhuil ar bheannuibh altóra na
túise deaghbholuigh a lathair an tighearna, noch atá a ttabernacuil
an chomhchruinnighthe, agus doirtfidh sé fuil na bulóige uile ag
bonn altóra na hofrála loiscthe noch atá ag dorus thabernacuil an
chomhchruinnighthe.


L. Lv4:8


Agus beanfa sé dhe a uile gheir na bulóige, mar ofráil phecaidh;
an gheir fholchus an tionathar agus an uile mhéthus bhías ar an
ionathar.


L. Lv4:9


Agus an dá dhúbhán, agus an gheir bhíos orra, noch bhíos láimh
ris na leasuibh, agus an scairt ós cionn na nae, maille ris na
dubhánuibh, béuruidh sé sin leis.


L. Lv4:10


Mar rugadh as bulóig iodhbartha na síothchána, agus loiscfidh an
sagart iad ar altóir na hofrála loiscthe,


L. Lv4:11


Agus croicionn na bulóige agus an uile fheoil, maille ré na
cionn, agus lena cosuib, agus lena mionnach, agus le na haoileach.


L. Lv4:12


Eadhon an bhulóg uile béaruidh leis amach taóbh amach don champa
go hionad ghlan mar a ndóirtear an luáith amach, is ann
loisgfighear é, le teine.


L. Lv4:13


Agus má phecuigheann uile chomhchruinniughadh Israel tré
ainbhfios, agus an ní do bheith fá cheilt a súilibh an oireachduis,
agus go ndearnthar ní éigin a naghuidh aithneadh an tighearna, a
ttaóbh neitheadh nár chóir do dhénamh, agus go bhfuilid
ciontach:


L. Lv4:14


Anuáir bhíos fios an phecaidh do phecuigheadar na aghuidh,
annsin ofrálfidh an chomhchruinniughadh bulóg óg ar son an
phecaidh, agus dobhéura é as coinne thabernacuil an
chomhchruinnghthe.


L. Lv4:15


Agus leagfuidh sinnsir an choimhchruinnighthe a lámha ar chionn na
bulóige as coinne an tighearna, agus muirfídhear an bhulóg as coinne
an tighearna.


L. Lv4:16


Agus an sagart bhías ungtha dobhéara cuid dfuil na bulóige go
tabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Lv4:17


Agus tuimeobhuidh an sagart a mhéur a gcuid dfhuil na bulóige,
agus croithfidh sé seachd nuáire í, as coinne an tighearna, as
coinne an bhruit.


L. Lv4:18


Agus cuirfidh sé cuid donfhuil ar bheannuibh na haltóra noch
atá as coinne an tighearna, atá a ttabernacuil an
chomhchruinnighthe, agus dóirtfidh amach anfhuil uile ag bonn
altóra na hofrála loiscthe, noch atá ag dorus thabernacuil an
chomhchruinnighthe.


L. Lv4:19


Agus bainfidh sé a gheir uile as, agus loiscfidh ar analtóir é.


L. Lv4:20


Agus dodhéna sé ris an mbulóig mar dorinne ré bulóig ar son na
h-ofrála pecaidh, marsin dodhéana sé ríaso; agus dodhéna an
sagart síoth ar a son, agus maithfighear dhóibh é.


L. Lv4:21


Agus béaruidh sé an bhulóg leis taóbh amach don champa agus
loiscfidh í, mar do loisc an chéad bhulóg; is ofráil pheachuidh í
ar son an chomhchruinnighthe.


L. Lv4:22


Anuáir phécaidheas uachdarán, agus go ndearna éinní a naghaidh
énaithne an tighearna a Dhía, a ttaóbh neitheadh nár chóir a
dhénamh, agus go mbía cionntach;


L. Lv4:23


Nó má thig a neolus an phecaidh ionar phecaidh sé; annsin
dobhéara sé ofráil leis, meannán do na gabhruibh fiorannach gan
cháidhe.


L. Lv4:24


Agus leagfa a lámh ar chionn an ghabhair agus muirfidh é ionsan
áit a marbhuidh anofráil loiscthe as coinne an tighearna: is ofráil
pheacaidh í.


L. Lv4:25


Agus glacfuidh an sagart dfuil na hofrála pecaidh lémna mhéur,
agus cuirfe sé í ar bheannuibh altóra na hofrála loiscthe, agus
dóirtfidh amach an fhuil ag bonn altóra na hofrála loiscthe.


L. Lv4:26


Agus loiscfidh sé a mhéthus uile ar an altóir amhuil mhéthus
iodhbharta na hofrála síothchána, agus dodhéna an sagart síoth ar
a son a ttaóibh a phecaidh, agus maithfíghear dhó é.


L. Lv4:27


Agus má pheachuigheann anum do phobul na tíre tré ainbhfios ar
ndénamh éinneithe anaghaidh énaithne an tighearna a ttaóbh
neitheadh nár chóir a dhénamh, agus go mbía ciontach.


L. Lv4:28


Nó má bhíonn fios an phecaidh ionar phecaidh sé aige, annsin
dobhéura ofráil leis, meannán do na gabhruibh bainionna gan toibhéim
ar son phecaidh do phecaidh sé.


L. Lv4:29


Agus leagfaidh a lámh ar cheann na hofrála pecaidh a náit na
h-ofrála loiscthe.


L. Lv4:30


Agus glacfuidh an sagart cuid donfhuil na mhéur, agus cuirfidh
ar bheannuibh altóra na hofrála loiscthe í, agus dóirtfidh amach an
fhuil ag bonn na haltóra.


L. Lv4:31


Agus bainfidh sé amach an méthus uile amhuil mar beanntar amach
méthus ó na hofrála síodha, agus loiscfidh an sagart ar an altóir
é, mar bholadh, chumhra don tighearna, agus dodhéna an sagart
síoth ar a shon, agus maithfighear dhó é.


L. Lv4:32


Agus má bheir uan leis mar ofráil phecaidh, dobhéura sé leis uan
bainnion gan toibhéim.


L. Lv4:33


Agus leagfaidh sé a lámh ar cheann na hofrála phecaidh, agus
muirfidh sé mar ofráil phecaidh é, an sanáit a marbhuid anofráil
loiscthe.


L. Lv4:34


Agus glacfuidh an sagart dfuil na hofrála pecaidh léna mhéur,
agus cuirfidh ar bheannuibh altóra na hofrála loiscthe í, agus
dóirtfidh amach a fhuil uile ag bonn na haltóra.


L. Lv4:35


Agus bainfidh sé amach a mhéthus uile, mar beanntar méthus anuain
amach ó iodhbuirt na hofrála síodha, agus loiscfidh an sagart ar an
altóir iad, do réir na nofrálach doníothar lé teinidh don
tighearna, agus dodhéna an sagart cádhachas ar son an phecaidh
dorinne, agus maithfíghear dhó é.


L. Lv5:1


Agus má phecuigheann anum, agus go néistfe guth mionn, agus go
mbía na fhiadhnuisi, an bhfacaidh nó nár fhionn sé an ní, muna
fhoillsíghe sé é, annsin iomchóruidh a choir.


L. Lv5:2


Nó má bheanann anum ré haóinní salach, más conablach éinní
neamhglan, nó conablach ainmhidhe neamhgloin, nó conablach neitheadh
neamhglan shnáidheas: má ceiltear leis é, biáidh sé neamhghlan agus
ciontach mar an gcédna.


L. Lv5:3


Nó má bheanann sé le salchar duine, gidhbé ar bith neamhghloine lé
saileochthar duine, agus go gceilfidh é, agus anuáir bhías a
fhios aige, annsin biaidh sé ciontach.


L. Lv5:4


Nó má bheir anum mionna gá rádh, ré na bhéul go ndéna sé olc, nó
go ndéna maith, gidhbé ar bith é fhuaigeorus duine le mionnuibh,
agus nach raibh a fhios aige, agus go gceilfidh é anuáir bhias
a fhios aige, annsin biáidh sé ciontach a ní éigin díobhso.


L. Lv5:5


Agus is amhluidh bhías anuair bhías sé ciontach anéinní
dhíobhso, go naideomhuidh sé go bhfuil sé ciontach annsa nísin.


L. Lv5:6


Agus dobhéura sé ofráil choire chum an tighearna ar son an
phecaidh dorinne sé, bainionnach ón tréud, i. uan nó meannán ó na
gabhruibh, mar ófráil phecaidh, agus dodhéana an sagart síth ar a
shon a ttaobh an phecaidh.


L. Lv5:7


Agus muna ttí dhé úan do thabhairt leis: annsin dobhéura sé dhá
cholum turtuire leis ar son an phecaidh dorinne sé, nó dhá
cholum óga chum an tighearna: aón mar ofráil phecaidh, agus an dara
(hén) mar ofráil loiscthe.


L. Lv5:8


Agus dobhéura chum an tsagairt iad, noch ofráilfeas sin bhías ar
son na hofrála peacaidh an chéaduair, agus fáisgfidh a cheann dá
bhrághaid, achd ní roinnfeadh ó chéile é.


L. Lv5:9


Agus dóirtfidh dfuil na hofrála pecaidh ar thaóbh na haltóra,
agus fáisgfíghear ar chuid eile donfuil amach ag bonn na haltóra:
is ofráil pecuidh sin.


L. Lv5:10


Agus ofráilfidh an dara (héun) mar ofráil loiscthe do réir an
ghnáth, agus dodhéna an sagart síothcháin ar a shon, ar son an
phecaidh dorinne sé, agus maithfighear dhó é.


L. Lv5:11


Achd muna ttí dhe dhá éun turtuire nó dhá cholum óga do
thabhairt leis, annsin dobhéura an té do phecaidh leis ar son a
ofrála an deachmhadh cuid do Ephah do phlúr mhín mar ofráil
pecuidh: ní chuirfidh ola air, ní mó chuirfeas sé túis air: óir is
ofráil pheacaidh í.


L. Lv5:12


Annsin dobhéura sé chum an tsagairt é, agus glacfuidh an sagart lán
a dhuirn de, eadhon na chuimhnesin, gus loiscfidh ar analtóir
é do réir na nofrálach doníthear le teinidh don tighearna: is
ofráil phecaidh sin.


L. Lv5:13


Agus dodhéna an sagart síothcháin dó ar son a phecaidh dorinne
an aón díobhso, agus maithfighear dhó é, agus biáidh an fuigheall
ag an tsagart mar ofráil bhídh.


L. Lv5:14


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dha rádh.


L. Lv5:15


Má ní anum coir, agus go bpecochuidh sé tré ainbhfios a neithibh
naómhtha an tighearna, annsin dobhéura sé chum an tighearna ar son
a sháruighthe, reithe gan cháidhe as na tréuduibh réir do mheas
sa lé seceluibh airgid do réir shecel na sanctóra mar ofráil
sháruighthe.


L. Lv5:16


Agus dodhéna sé leasughadh annsa dochar dorinne annsa ní
naómhtha, agus cuirfidh an cúigeadh cuid na cionn, agus dobhéura don
tsagart é, agus dodhéna an sagart síothcháin dó, le reithe na
hofrála sáruighthe, agus maithfighear dhó é.


L. Lv5:17


Agus má phecuigheann anum, agus go ndéna éinní do na neithibhsi
do toirmioscadh uime do dhénamh le haitheantuibh an tighearna; ma
tá nach raibh a fhios aige, thairissin atá ciontach, agus
iomchóruidh sé a choir.


L. Lv5:18


Agus dobhéura sé reithe gan cháidhe as a tréud réir do mheas
sa mar ofráil sháruighthe don tsagart, agus dodhéna an sagart
síth dhó ar son a ainbhfios iona ndérna sé seachrán, agus nach
raibh a fhios aige, agus maithfighear dhó é.


L. Lv5:19


Is ofráil sháruighthe é: do chiontuigh sé go deimhin a naghuidh an
tighearna.


L. Lv6:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv6:2


Má pheacuigheann anum, agus go ndéna sárughadh a naghaidh an
tighearna, agus go ndéna bréag ré na chomharsuin annsan ní tugadh
dhó a ttaisgidh, nó a gcumann, nó rugadh uadh ar éigin, nó do
mheall sé a chomharsa.


L. Lv6:3


Nó go bhfuair sé an ní dochuáidh amugha, agus go ndeárna bréag
dá thaóbh, agus a mhionna do thabhairt a néitheach; a néinní
dhíobhso doní duine iona bpeacuigheann sé:


L. Lv6:4


Annsin budh amhla bhías, do chionn gur phecuidh sé agus go
bhfuil ciontach, go naiseógtha sé an ní rug ar éigin leis, nó an
ní fuair sé go cealgach, nó an ní dochuáidh amugha noch fuair sé,


L. Lv6:5


Nó an uile ní timchioll a ttug a dhrochmhionna: aiseóguidh sé go
hiomlán iona phrinnsipail agus cuirfidh an cúigeadh cuid do bhárr
na chionn, agus dobhéura don tí dár chóir é a ló ofrála ar son a
chionnta.


L. Lv6:6


Agus dobhéura a ofráil sháruighthe chum an tighearna, reithe gan
cháidhe as a tréud, réir do mheasa, mar ofráil sháruighthe don
tsagart.


L. Lv6:7


Agus dodhéna an sagart síth a lathair an tighearna (dhó) agus
maithfighear dhó ar son éinneithe dá ndérna sé, ag sárughadh ann.


L. Lv6:8


Agus do labhair an tighearna ré Maóise ga rádh.


L. Lv6:9


Aithin do Aáron agus dá mhacaibh, dá rádh, is éso dligheadh na
h-ofrála loiscthe: (is ofráil loiscthe í, ar son a loiscthe ar
analtóir ar feadh na hoidhche go maidin, agus biáidh teine na
haltóra ag loscadh innte.)


L. Lv6:10


Agus cuirfidh an sagart a chulaidh lín uime, agus cuirfidh a
bhríste lín fán fheoil, agus tóigeobhuidh súas an luáith do loisc
an teine maille ris anofráil loiscthe ar analtóir, agus
cuirfighear láimh ris analtóir
íad.


L. Lv6:11


Agus cuirfidh a éadach dhe, agus cuirfidh éadach eile uime, agus
iomchóruidh amach an luáith taóbh amuich don champa go hionad
ghlan.


L. Lv6:12


Agus biáidh an teine ar analtóir ag loscadh innte, ní múchfuighear
í, agus loiscfidh an sagart connadh uirre gach aon mhaidin, agus
leagfa anofráil loiscthe a nórd uirre, agus loiscfidh uirre
méthas na nofrálach síothchána.


L. Lv6:13


Biáidh an teine ar lasadh choidhche ar analtóir; ní chuirfíghear
amach go bráth í.


L. Lv6:14


Agus as éso dligheadh na hofrála bídh: ofráilfid mic Aáron í a
lathair an tighearna, as coinne na haltóra.


L. Lv6:15


Agus glacfuidh lán a dhuirn do phlúr na hofrála bídh, agus dá
hola agus an túis uile bhías ar anofráil bhídh, agus loiscfidh
ar analtóir mar bholadh chumhra (eadhon) na chuimhnesin don
tighearna.


L. Lv6:16


Agus íosfuidh Aáron agus a mhic an fuigheall: le harán gan
laibhín íostar é, annsanáit naómhtha a gcúirt thabernacuil an
chomhchruinnigh íosaidh síad é.


L. Lv6:17


Ní bruithfíghear maille re laibhín é, thug mé dhóibhsion é ar son
a gcoda do mofráluibh déanta le teinidh: atá sé ronaómhtha mar
tá an ofráil phecaidh, agus an ofráil sháruighthe.


L. Lv6:18


A bhfuil dfirionnchaibh a measc chloinne Aáron íosaid de:
biáidh na reachd go bráth ionbhur ngeinealeachaibh a ttaóbh
ofrálach an tighearna doníthear le teinidh, gach aón dá mbeanfa
riú biáidh naómhtha.


L. Lv6:19


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv6:20


Is íso ofráil Aáron agus a mhac, noch ofrálfuidh síad don
tighearna annsa ló a nungfuighear é, an deachmhadh cuid do ephah
do phlúr mhín mar ofráil bhídh go síorruidhe, (i.) a leath ar
maidin, agus a leath ionsanoidhche.


L. Lv6:21


A noigheann dodhéntar é, maille re hola, agus anuáir bhías
bruithe dobhéura tú asteach é agus na píosuidhe bruithe
donofráil bhídh, ófráilfidh tú mar bholadh cumhra don tighearna.


L. Lv6:22


Agus an sagart dá mhacaibh atá ungtha na áit; ófráilfidh sé é:
búdh statúid choidhche don tighearna í, loiscfíghear go hiomlán í.


L. Lv6:23


Óir loiscfíghear gach uile ofráil bhídh ar son an tsagairt go
hiomlán: ní híostar é.


L. Lv6:24


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dá rádh.


L. Lv6:25


Labhair ré Haáron agus lena mhacaibh, gá rádh, is éso dligheadh
na hofrála pecaidh: annsanáit a marbhthar anofráil loiscthe,
is ann muirfíghear an ofráil pheacaidh a bhfíadhnuise an
tighearna: atá sé ronáomhtha.


L. Lv6:26


An sagart ofrálas é ar son peacaidh, íosaidh sé féin é, ansanáit
náomhtha ióstar é, a ccúirt thabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Lv6:27


Giodhbé ar bith ní bheanas ren fheóilsin, biaidh sé ronaómhtha,
agus anúair croithfighear dhá fhuil ar édach ar bith: nighfe tú
anáit dar bhean an crothadh annsanáit náomhtha.


L. Lv6:28


Achd an soitheach críadh ionar bruitheadh é brisfighear é, agus mas
a bpota phráis do bruitheadh é, sciúrfuighear é, agus meascfuighear
an pota a nuisce.


L. Lv6:29


Na huile fhirionnach a measc na sagart iósuidh dhe; atá sé ro
náomhtha.


L. Lv6:30


Ní híostar ofráil pheacaidh ar bith a mbérthar énchuid dá fhuil
go tabernacuil an chomhchruinnighthe do dhénamh siothchána (leis)
ann-sanáit náomhtha loiscfígear annsa teinidh í.


L. Lv7:1


Ar an gcédna is éso dlígheadh na hofrála sáruighthe, atá sé ro
náomhtha.


L. Lv7:2


Annsanáit a marbhuidh síad anofráil loiscthe, is ann mhuirfidh
anofráil sháruighthe, agus croithfidh sé a fhuil timchioll ar an
altóir.


L. Lv7:3


Agus ofráilfidh sé dhe méthas uile aniorbuil, agus an méthas
fholchus na hinnídhe.


L. Lv7:4


Agus an dá dhúbhán agus an méthas uile bhiós orra, noch atá an
árann agus an scairt atá os cionn na naé, maille ris na dubhánuibh
bainfidh sé sin amach as.


L. Lv7:5


Agus loiscfidh an sagart é ar analtóir mar ofráil dénta le teinidh
don tighearna: is ofráil sháruighthe sin.


L. Lv7:6


Iósuidh gach aon fhirionnach a measc na sagart desin, ansanáit
náomhtha íostar é, atá ronáomhtha.


L. Lv7:7


Mar atá anofráil pheacaidh, is amhluidh atá anofráil
sháruighthe: is éindligheadh atá orra: an sagart dodhénas síth
leis, is aige bhías sé.


L. Lv7:8


Agus an sagart iodhbras ofráil loiscthe dhuine air bith is ag an
tsagart féin bhíos croicionn na hofrála loisce doní íodhbuirt.


L. Lv7:9


Agus gach uile ofráil bhídh dá mbácáltar annsa bhácús, agus gach
uile dheasuighthear annsa bhfrithoigheann agus annsanoigheann,
biáidh ag an tsagart ofrálus é.


L. Lv7:10


Agus gach uile ofráil bhídh cumaiscthe le hola, agus tirim bíaidh
ag cloinn Aáron uile, oiread re chéile ag gach nduine dhíobh.


L. Lv7:11


Agus as ésin dligheadh iodbartha na hofrála siothchána, noch
ofráilfeas sé don tighearna.


L. Lv7:12


Má ofrálann sé é mar bhreith buidheachuis, annsin ofráilfidh sé
maille re íodhbuirt bheirthe buidheachuis, bairgheana gan laibhín
cumaiscthe le hola, agus abhlanna gan laibhín ungtha le fíon, agus
cácaidhe cumaiscthe le hola do phlúr mhín, fríalta.


L. Lv7:13


Táobh amuigh do na cácuibh, ofráilfid mar ofrail aran laibhín maille
ré iodhbuirt bheirthe buidheachuis dá ofráil shíodha.


L. Lv7:14


Agus desin ofráilfidh sé aón as anofráil iomlán mar ofráil
thóghtha don tighearna, agus budh leis an tsagart do chroith fuil
na hofrála siothchánasin.


L. Lv7:15


Agus féoil íodhbartha ofrála síodha ar son buidheachuis, ióstar, an
lósin féin iodhbarthar í, ní fhúigfidh sé éinní dhe chum na
maidne.


L. Lv7:16


Achd má bhíonn iódhbuirt a ofrála na moíd, nó na hofráil
toileamhuil ióstar an lásin féin í ofrálas a iódhbuirt, agus arna
mhárach mar an gcédna ióstar an fuigheall.


L. Lv7:17


Achd fuigheall fheóla na híodhbartha, an treas lá loiscfíghear le
teinidh é.


L. Lv7:18


Agus má hitior éinní dfheóil iodhbharhta a ofrála síodha ar
énchor, an treas lá, ní geabhthar í, ní mó meastar donofráil í:
biáidh sí na hadhúathmhuireachd, agus an tanam íosas di
iomchóruidh sé a choir.


L. Lv7:19


Agus anfheóil bheanas ré haóinní salach ní híostar í,
loiscfíghear le teinidh í: agus ar son na feóla, an mhéid bhías
glan íosuid di.


L. Lv7:20


Achd an tanam itheas dfeóil íodbartha na hofrála síothchána, noch
is leis an ttighearna, gá bhfuil a neamhghloine air:
gearrfuighear an tanamsin thríd amach as a mhuinntir.


L. Lv7:21


Os a chionnso gidhbé anam bheanas ré ní salach, mar atá salchar
duine no beathaidh neamhghloin, nó ré héinní adhuathmhar neamhghlan,
agus íosas cuid dfeóil íodhbartha na hofrála síodha noch bheanas
ris an tighearna, gearrfuighear an tanamsin thríd amach ó na
dhaóinibh.


L. Lv7:22


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Lv7:23


Labhair re cloinn Israel dá rádh ní íostaói éinghné mhéthais
doimh nó caórach, nó gabhair.


L. Lv7:24


Ach geir an bheathaidh dogheibh bás uadha féin, agus méthas an
ainmhídhe réubuidh beathaidh, is éidir sin do chur a nusáid ar bith
eile, gidh eadh ní íostaói éinní de ar énchor.


L. Lv7:25


Óir gidhbhé ar bith íosas do gheir an bheathaidh íodhbruid daóine
mar ofráil dénta le teinidh don tighearna, fós an tanam íosas desin
gearrfuighear amach ó na mhuinntir é.


L. Lv7:26


Tuilleamh eile, ní íostaói gné fhola ar bith mas déun d-
ainmhighe, a naón da bhur náitreabhadh.


L. Lv7:27


Gidhbé ar bith anum íosas éinghné fola: gearrfuighear cheana an
tanamsin ó na mhuinntir.


L. Lv7:28


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv7:29


Labhair ré cloinn Israel dá rádh: an té ofrálus íodhbuirt ofrála
síodha don tighearna, dobhéura sé ofráil chum an tighearna do
íodhbuirt ofrála shíodha.


L. Lv7:30


A lámha féin bhéurus leis ofráil an tighearna dénta le teinidh, an
gheir maille ris an gclíathán dobhéura sé leis, cor go
gcroithfídís an clíathán ar son ofrála luáimhnighthe as coinne an
tighearna.


L. Lv7:31


Agus loiscfidh an sagart as gheir ar analtóir, achd budh lé
Haáron agus le na mhacaibh an tuchd.


L. Lv7:32


Agus dobhearthaói an slinneún deas don tsagart mar ofráil thógtha
don íodhbuirt donofráil shíothchana.


L. Lv7:33


An té do mhacaibh Aáron ofrálus fuil na hofrála síothchána, agus
an mhéthas, is é dogheabha an slinneán deas ar son a choda.


L. Lv7:34


Óir do bhean misi an tuchd luáimneach agus an slinneán tógtha do
chloinn Israel do íodhbuirt a nofrála síothchána, agus thug mé
do Aáron an sagart íad, agus dá mhacaibh mar statúid go bráth, ó
mheasc chloinne Israel.


L. Lv7:35


Is é so comhroinn ungtha Aáron, agus ungtha a mhac as ofráluibh an
tighearna dénta lé teinidh, annsa ló ar chuir sé asteach íad, do
mhiniostralachd don tigherna anoifig an tsagairt.


L. Lv7:36


Noch do aithin an tighearna do thabhairt dóibh ó chloinn Israel
annsa ló ar ungadh íad lé statúid go bráth ar fad a ngeinealach.


L. Lv7:37


Is éso dligheadh na hofrála loiscthe, na hofrála bídh, na
hofrála pecaidh, agus na hofrála sáruighthe, agus na gcoisreagadh
agus íodhbartha na nofrálach síodha:


L. Lv7:38


Noch do aithin an tighearna do Mhaóise ar shlíabh Sínaí, annsa
ló ar aithin sé do chloinn Israel an íodhbuirt dofráil don
tighearna a bhfásach Sínai


L. Lv8:1


Agus adubhairt an tigherna ré Maóise, dhá rádh.


L. Lv8:2


Beir leachd Aáron agus a mhic maille ris, agus a néduighe agus
an ola ungtha, agus bulóg chum na hofrála pecaidh, agus dá reithe,
agus clíabh darán gan laibhín.


L. Lv8:3


Agus cruinnigh an coimhtionól uile go dorus thabernacuil an
chomhchruinnigh.


L. Lv8:4


Agus dorinne Maóise mar do aithin an tighearna dhe, agus do
chruinnigh an toireachdus a gcionn a chéile, chum doruis
thabernacuil an chomhchruinnigh.


L. Lv8:5


Agus adubhairt Maóise ris an gcoimhthionól, is éso an ní do
aithin an tighearna do dhénamh.


L. Lv8:6


Agus tug Maóise Aáron agus a mhic leis, agus do nigh le huisce
íad.


L. Lv8:7


Agus do chuir an cóta uime, agus do chuir crios thairis, agus do
chuir an róba uime, agus do chuir an Téphód air, agus do chuir
crios cúiríalta aNephod thairissin, agus do cheanguil de uime é.


L. Lv8:8


Agus do chuir sé an tuchdéadach air, agus do chuir annsan
uchdéadach an Urim agus an Tumim.


L. Lv8:9


Agus do chuir an Míter ar a cheann: ar an Míter mar an gcédna
eadhon ar éadan an Mhíter do chuir sé an pláta óir, an choróin
naómhtha, mar aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv8:10


Agus do ghlac Maóise an ola ungtha, agus do ungaidh an
tabernacuil, agus a raibh ann uile, agus do naómhadh íad.


L. Lv8:11


Agus do chroith sé dhi ar analtóir seachd nuáire, agus do
unguidh an altóir, agus a soighthe uile, araón an lábhér agus a
chos, dá naómhadh.


L. Lv8:12


Agus do dhóirt as an ola ungtha, ar cheann Aáron, agus do
ungaidh é dá naómhadh.


L. Lv8:13


Agus tug Maóise mic Aáron leis, agus do chuir cótuidh orra,
agus do chriosluidh íad lé creasannuibh, agus do cheangail buinéid
orra, mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv8:14


Agus tug leis an bhulóg ar son ofrála pecaidh, agus do leag Aáron
agus a mhic a lámha ar chionn na bulóige chum ofrála an phecaidh.


L. Lv8:15


Agus do mharbh sé é, agus do ghlac Maóise an fhuil, agus do
chuir ar bheannuibh na haltóra fágcuáirt léna mhéur í, agus do
ghlan analtóir, agus do dhoirt an fhuil ag bonn na haltóra agus
do naómhadh í, do dhénamh aithshíothchána uirre.


L. Lv8:16


Agus do ghlac a raibh do gheir ann a nionathar, agus an scairt ós
cionn na náe, agus an dá dhubhán agus a méthas, agus do loisc
Maóise ar an altóir íad.


L. Lv8:17


Achd do loisc an bhulóg, agus a seithigh agus a feóil, agus a
h-othrach taóbh amuich don champa mar do aithin an tighearna do
Mhaóise.


L. Lv8:18


Agus tug an reithe leis chum na hofrála loiscthe, agus do chuir
Aáron agus a mhic as lámha ar cheann an reithe.


L. Lv8:19


Agus do mharbh sé, agus do chroith Maóise anfuil ar analtóir
fágcuáirt.


L. Lv8:20


Agus do ghearr sé an reithe na phíosuighibh, agus do loisc Maóise
an ceann agus na píosuidh agus an gheir.


L. Lv8:21


Agus do nigh an mionach agus na cosa a nuisce; agus do loisc
Maóise an reithe uile ar analtóir: dobhí na íodhbuirt loiscthe
na bhaladh chúmhra agus na hofráil dénta le teinidh don tighearna,
mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv8:22


Agus tug an reithe eile leis, reithe an choisricthe: agus do leag
Aáron agus a mhic a lámha ar cheann an reithe.


L. Lv8:23


Agus do mharbh sé é, agus do ghlac Maóise da fhuil, agus do
chuir ar bhárr cluáise deise Aáron, agus ar ordóig a láimhe
deise, agus ar ordóig a choise deise.


L. Lv8:24


Tug fós mic Aáron leis agus do chuir Maóise cuid don fhuil ar
bhárr a ccluás deas, agus ar ordóguibh a lámh ndeas, agus ar
ordóguibh a ccos ndeas, agus do chroith Maóise an fhuil ar
analtóir fágcuáirt.


L. Lv8:25


Agus do ghlac an gheir, agus an tiorbull, agus an gheir dobhí
ar an mionnach uile, agus an sgairt ós cionn na náe, agus an dá
dhúbhán agus an gheir agus an slinnéun deas.


L. Lv8:26


Agus do bhean aon bháirghean darán gan laibhín as a gclíabh
dobhí as coinne an tighearna, agus cáca darán smeartha le hola,
agus éan abhlann amháin, agus do chuir ar uachdar na geire agus a
tslineáin deis íad.


L. Lv8:27


Agus do chuir sin uile ar lámhuibh Aáron, agus ar lámhuibh a
mhac, agus do luáimnigh íad mar ofráil luáimnighthe as coinne an
tighearna.


L. Lv8:28


Agus do ghlac Maóise as a lámhuibh íad, agus do loisc ar
analtóir íad, ar a nofráil loiscthe: dobhádar na gcoisricthibh
do bhaladh chumhra; is ofráil sin dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv8:29


Agus do ghlac Maóise an tuchd, agus do mháilligh é, mar ofráil
luáimnighthe a lathair an tighearna: óir dobísin cuid Mhaóise
do reithe an choisreactha, mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv8:30


Agus do ghlac Maóise cuid don ola ungtha, agus donfuil dobhí
ar analtóir, agus do chroith é ar Aáron agus ar édach, agus ar
a mhacaibh agus ar a éduighibh a mhac maille ris, agus do naómhuigh
sé Aáron agus a chuladh agus a mhic agus a cculadha mar aón ris.


L. Lv8:31


Agus adubhairt Maóise ré Haáron, agus ré na mhacaibh,
bruithighe anfeóil ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh: agus
ithíghe annsin í maille ris anarán atá a gclíabh na
gcoisrecthadh, mar do aithin misi, dá rádh, itheadh Aáron agus a
mhic é.


L. Lv8:32


Agus an fuigheall bhías ag anfeóil, ag anarán, loiscfídhe lé
teinidh é.


L. Lv8:33


Agus ní rachtaói amach tar dhorus thabernacuil an chomhchruinnigh
seachd lá, nó go rabhuid laéthe bhur gcoisricthe coimhlíonta: óir seachd
lá bhías sé dá bur gcoisreagadh.


L. Lv8:34


Mar dorinne sé aniugh, is marsin do aithin an tighearna a dhénamh,
do dhénamh síodha dhaóibh.


L. Lv8:35


Uimesin anfuidhe ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh do ló agus
doidhche, seachd lá, agus coimédfuidhe cúram an tighearna, nach
bhfaghthaói bás: óir is marsin do haithnigheadh dhíom.


L. Lv8:36


Marsin dorinne Aáron agus a mhic gach uile ní, dar aithin an
tighearna tré láimh Mhaóise.


L. Lv9:1


Agus táinic a gcrích ar an ochdmhadh lá, gur ghoir Maóise Aáron,
agus a mhic agus sinnsir Israel.


L. Lv9:2


Agus adubhairt ré Haáron, glac laógh óg mar ofráil phecaidh, agus
reithe mar ofráil loiscthe, gan cháidhe agus ofráil íad a
bhfíadhnuisi an tighearna.


L. Lv9:3


Agus laibheoruidh tú ré cloinn Israel, gá rádh, glacaidhsi meannán do
na gabhruibh ar son ofrála phecaidh, agus laógh, agus úan, araón don
chédh-bhlíadhain, gan cháidhe, mar ofráil loiscthe.


L. Lv9:4


Bulóg agus reithe, mar an gcédna mar ofráil shíodha, díodhbuirt a
bhfíaghnuisi an tighearna; agus ofráil bhídh cumaiscthe le hola: óir
foillseochaidh an tighearna é féin aniugh dhaóibh.


L. Lv9:5


Agus tugadar leó an ní do aithin Maóise, a lathair thabernacuil an
chomhchruinnigh, agus tangadar an coimhthionól uile a gcomhghar, agus
do sheasadar as coinne an tighearna.


L. Lv9:6


Agus adubhairt Maóise, as éso an ní do aithin an tighearna dhíbh do
dhénamh: agus foillseochthar glóir an tighearna dhaóibh.


L. Lv9:7


Agus adubhairt Maóise ré Haáron, imthigh chum na haltóra, agus
íodhbuir hofráil phecaidh, agus hofráil loiscthe, agus déna síoth
dhóibh; mar do aithin an tighearna.


L. Lv9:8


Ar anadhbharsin dochuáidh Aáron chum na haltóra, agus do marbh
laogh na h ofrála peacaidh noch dobhí ar a shon féin.


L. Lv9:9


Agus tugadar mic Aáron anfuil chuige, agus do thum a mhéur
annsanfuil, agus do chuir ar bheannuibh na haltóra í, agus do
dhóirt an fuil amach ag bonn na haltóra.


L. Lv9:10


Achd do loisc sé an gheir, agus na dubháin, agus an scairt ós cionn na
náe, donofráil phecaidh, ar analtóir mar do aithin an tighearna do
Mhaóise.


L. Lv9:11


Agus do loisc anfeóil agus an tseithe le teinidh, taóbh amuigh don
champa.


L. Lv9:12


Agus do mharbh sé anofráil loiscthe; agus tugadar mic Aáron
anfuil chuige, noch do chroith sé timchioll fágcuáirt ar analtóir.


L. Lv9:13


Agus tugadar anofráil loiscthe chuige, maille re na spólluidhibh,
agus an ceann: agus do loisc ar analtóir (íad).


L. Lv9:14


Agus do nigh an mionach, agus na cosa, agus do loisc íad ar anofráil
loiscthe ar analtóir.


L. Lv9:15


Agus tug ofráil an phobuil leis, agus do ghlac an gabhar dobhí mar
ofráil phecaidh ar son an phobail, agus do mharbh é, agus do íodhbuir
ar son pecaidh mar an gcédna é,


L. Lv9:16


Agus tug leis an ofráil loiscthe, agus do ofráil í do réir ghnátha.


L. Lv9:17


Agus tug anofráil bhídh, agus do glac lán duirn di, agus do loisc í
ar analtóir, taóbh amuigh díodhbuirt loiscthe na maidne.


L. Lv9:18


Do mharbh mar an gcédna an bhulóg, agus an reithe, mar íodhbuirt
ofrála síodha, noch dobhí ar son an phobail: agus tugadar mic Aáron
an fhuil chuige, (noch do chroith sé ar analtóir fágcuáirt).


L. Lv9:19


Agus méthas na bulóige agus an reithe, an tiorbull, agus an ní
fholcus an mionach, agus na dubháin, agus an scairt ós cionn na náe.


L. Lv9:20


Agus do chuireadar an méthas ar na clíathánuibh, agus do loisc an
méthas ar analtóir.


L. Lv9:21


Agus do mháilligh Aáron na cliatháin, agus an slinnéun deas, mar
ofráil chroithte a bhfíadhnuisi an tighearna; mar do aithin Maóise.


L. Lv9:22


Agus do thóg Aáron súas a lámh leath ris an bpobal, agus do
bheannuidh sé íad: agus táinic anuas ó íodhbuirt na hofrála pecaidh,
agus na hofrála loiscthe, agus na hofrála síodha.


L. Lv9:23


Agus dochuáidh Maóisi agus Aáron go tabernacuil an
chomhchruinnighthe, agus tangadar amach agus do bheannuigheadur an
pobal: agus do foillsíughadh glóir an tighearna don phobal uile.


L. Lv9:24


Agus táinic theine amach ó fhíadhnuisi an tighearna, agus do
dhíobháidh ar analtóir anofráil loiscthe, agus an gheir: noch
anuáir dochonnairc an pobal, do gháireadar, do thuiteadar ar a
naghaidh


L. Lv10:1


Agus do ghlac Nadab agus Abihú, mic Aáron, sionnsa gach nduine
aca, agus do chuir teine ann, agus do chuir túis uirre, agus do
ofráladar teine choimhightheach a lathair an tighearna, nach ar aithin
sé dhíobh.


L. Lv10:2


Agus dochuaidh teine amach ón tighearna, agus do dhíobháidh sí íad,
agus fúaradair bás a bhfíaghnuise an tighearna.


L. Lv10:3


Annsin adubhairt Maoise re Haáron, is éso an ní do labhair an
tighearna, gá rádh, biáidh mé náomhtha annsa droing thig a ngar
dhamh, agus as coinne an phobail uile biáidh glóir dhamh agus do
thochd Aáron.


L. Lv10:4


Agus do ghoir Maóise Misael, agus Elsaphan, mic Uisiel,
dearbhrathair athar Aáron, agus dubhairt riú, tigidh a leith, beiridh
libh bhur ndearbhraithre ó fhíadhnuisi na sanctóra, amach as an
gcampa.


L. Lv10:5


Marsin tangadar a ngar dóibh agus rugadar leo íad ann a ccótadhuibh
amach as an gcampa; mar adubhairt Maóise.


L. Lv10:6


Agus adubhairt Maóise ré Haáron agus re HEleásar agus re
Hitamar a mhaca, ná nochtuigh bhur gcinn, narab mó bhrisfídhe
bhur nédach; deagla go muirfídhe sibh, agus deagla feirge do theachd
ar an pobal uile: achd caoindís bhur ndearbhraithre, tigh Israel
uile, an loscadh noch do las an tighearna.


L. Lv10:7


Agus ní reachtaoi amach ó dhorus thabernacuil an chomhchruinnighthe,
deagla go bhfuigheadh sibh bás: óir atá ola ungtha an tighearna
oruibh, agus dorinneadar do réir focail Mhaóise.


L. Lv10:8


Agus do labhair an tighearna re Haáron, dhá rádh.


L. Lv10:9


Ná hibhidh fíon, nó deoch láidir nó do mic maille leachd, anuáir
rachtaói go tabernacuil an chomhchruinnighthe; deagla go bhfuigheadh
sibh bás: biáidh sin na reachd go bráth ar feadh bhur ngeinealach.


L. Lv10:10


Agus chor go ccuirfidhe difir eidir náomhtha agus neamhnáomhtha, agus
eidir ghlan agus nemhghlan:


L. Lv10:11


Agus cor go múinfidhe clann Israel ansan uile statúid do labhair an
tighearna riú le láimh Mhaóise.


L. Lv10:12


Agus do labhair Maóise re Haáron, agus re Heleásar, agus re
Hitamar a mhic do mhair, gá rádh, glacuidh anofráil bhídh as
fuigheall dofráluibh an tighearna dénta le teinidh, agus ithidh gan
lábín í, láimh ris analtóir: óir atá ró náomhtha.


L. Lv10:13


Agus íostaoi é annsanáit náomhtha, cionn gurob é do cheartsa é,
agus ceart do mhac as íodhbarthaibh an tighearna doníthear lé teinidh
óir is marsin do haithnígheadh dhíomsa.


L. Lv10:14


Agus íostaoi an tuchd croitthe, agus an slinnéun tógtha a náit
ghloin; tú féin, agus do mhic, agus hingheana maille leachd: óir is
ceart duitse íad, agus ceart do mhac noch dobhérthar ar íodhbuirt na
h-ofráila síodha, ó chloinn Israel.


L. Lv10:15


Dobéaruid léo an slinnéan tógtha, agus an tuchd croithte, maille
ris na hofráluibh donithear le teinidh don gheir, dá chrathadh mar
ofráil chroite a bhfíadhnuise an tighearna, agus budh leatsa é, agus
léad mhacaibh maille leachd, a statúid go bráth; mar do aithin an
tighearna.


L. Lv10:16


Agus do lorgair Mhaóise go dithchiollach a ndiáigh ghabhar na
hofrála peacaidh, agus féuch, do loisceadh é: agus dobhí sé feargach
le Héléasar, agus re Hitamar mic Aáron do fágbhadh beó, gá rádh.


L. Lv10:17


Cread fá nár itheamhair anofráil pheacuidh ansanáit náomhtha: ó tá
sé rónáomhtha agus dothug Día dhíbhsi é, diomchar chionta an
chomhchruinnighthe, do dhénamh síodha ar a son a lathair an tighearna.


L. Lv10:18


Féuch nír tugadh a fhuil asteach taobh asteach donáit náomhtha: do
budh cóir dhaóibh go deimhin ithe annsan áit naomhtha, mar do aithin
mise.


L. Lv10:19


Agus adubhairt Aáron re Maóise, féuch aniugh do ofraladar an
ofráil peacaidh, agus an ofráil loiscthe as coinne an tighearna, agus do
tharládar a leitheadsin do néithibh dhamhsa; agus dá nithinn an
ofráil pheacaidh aniugh, an ngébhthaoi a bhfiádhnuise an tighearna
é.


L. Lv10:20


Agus anuair docualaidh Maóise dobhí sé ríartha


L. Lv11:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise agus re Haáron, gá rádh
riú.


L. Lv11:2


Labhruidh re cloinn Israel, gá rádh is iádso na beathaidh ióstaoi a
measc na nainmhinteadh atá ar an talamh.


L. Lv11:3


Giodhbé ar bith roinneas a nionga, agus a bhfuil a chos scoilte,
agus chognas a chíor a measc na nainmhinteadh ar an talamh,
ióstaoisin.


L. Lv11:4


Giodh eadh, ní ióstaoi iádso, don mhéid chognas an chíor, no
roinneas anionga: mar atá an chámhall, do chionn go gcognann an
chíor, achd ní roinneann anionga: atá sé neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:5


Agus an coinín, do chionn go gcognann an chíor, achd ní rannann
an-ionga: atá sé neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:6


Agus an gearrfhiadh, do chionn go gcognann an chíor, achd ní ranann
anionga: atá sé neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:7


Agus na muca, má tá go bhfuilid a ccosa scoilte, ní chognuid an
chíor, atáid neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:8


Ní íostaoi dhá bhfeóil, agus ní bheanfuidhe re na gconabluidh,
atáid neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:9


Is iádso íostaoi, don uile ní atá isna huisgidhibh, an uile ní ar a
bhfuilid eiteach, agus slisneach, annsna huisgidhibh, annsna
fairgibh, agus annsna srothaibh, iostaoi iádsin.


L. Lv11:10


Agus an mhéid ar nach bhfuil eiteach nó lanna annsna fairgibh, agus
annsna srothaibh don mhéid chorruigheas annsa nuisce, agus déinní
beo dá bhfuil sna huisgidhibh; béid adhfhuatmhar aguibh.


L. Lv11:11


Béid síad na nadhfhúathmhaireachd aguibh: ní iostaoi dá bhféoil,
achd biáidh a gcuirp na nadhfhúathmhaireachd aguibh.


L. Lv11:12


Giodhbé ar bith air nach bía eiteach nó lanna annsna huiscidhibh,
biáidhsin na adfhúathmhaireachd dhaóibh.


L. Lv11:13


Agus is iad so bhías an adhúathmhaireachd aguibh a measc na néun, ní
hióstar íad, is adhfhuathmhaireachd íad: an tiolar, an préachán
ceanann, an tiasgaire cáirneach.


L. Lv11:14


An badhbh, préachán na gcearc, do réir a chinéil.


L. Lv11:15


Gach uile fhíach do réir a chinéil.


L. Lv11:16


Agus an tulchabhcan, agus an seabhac oidhce, agus an chúach, agus gach
uile chinéul seabhaic.


L. Lv11:17


Agus an tulchabhcan beag, agus an fiách mór, agus an tulchabhcann mór.


L. Lv11:18


Agus an eala, agus an peliocán agus an tiolar grégach.
filbín, agus an íaltóg leathair.


L. Lv11:19


Agus an chorrghlas; agus an chorrghrían, do réir a gcinéil, agus an
filbín, agus an ialtóg leathair.


L. Lv11:20


Gach uile éun ghluáiseas ag imtheachd ceathair chosach, béid
adhfhúathmhar dhaóibh.


L. Lv11:21


Gidheadh fédfaói íadso dithe, gach uile ní eitiollach shnáidheas,
gá bhfuilid ceithre cosa, ga bhfuilid cosa os cionn a ttroigheach,
lé lingid ar an talamh.


L. Lv11:22


Íad só cheana is éidir libh a nithe: an lócuiste do réir a chinéil,
agus an lócuiste ceanann, mar bhíos a chinéil, agus an bunnán gona
chinéil, agus grásoper guna chinéil.


L. Lv11:23


Achd an uile ní éitiollach, gluaisteach, noch gá bhfuilid ceithre
cosa, béid adhfhuathmhar dhaóibh.


L. Lv11:24


Agus ar a sonso béithí neamhghlan: giodhbé ar bith bheanas ré na
cconabluidhe biáidh neamhghlan go tráthnóna.


L. Lv11:25


Agus giodhbé ar bith iomchoras éinní dá gconabluidh, nigheadh a
édach, agus biáidh neamhghlan go tráthnóna.


L. Lv11:26


Conablach gach uile ainmhídhe noch roinneas a nionga, agus nach biáidh
a nionga scoilte, nó nach ccognann a chíor, atáid neamhghlan
dhaóibh: gach uile dhuine dá mbeanfa riú, biáidh sé neamhghlan.


L. Lv11:27


Agus giodhbé ar bith imthigheas ar a chrobhuibh a measc an uile
shórt beathach imthigeas a néinfheachd ceathair chosach, atáid
neamhghlan díbh: gach aon bheanfas re na cconabhluidh bhiáidh se
neamhghlan go tráthnóna.


L. Lv11:28


Agus an té iomchorus an conablach, nigfidh a édach, agus biáidh
neamhghlan go tráthnóna: atáid neamhghlan dhaóibh.


L. Lv11:29


Biadsó mar an ccédna neamhghlan díbh, measc na neitheadh
ngluaisteach ghluaiseas ar an talamh: aneasóg, agus an luch, (an) an
tortóis, gun a chinéil.


L. Lv11:30


Agus an firéud, agus an camélion, agus anearcluachra, agus an
selíde, agus an talpa.


L. Lv11:31


Atáidso neamhghlan dhaóibh a measc an uile shnáidheas: giodhbé ar
bith bheanas riú, anuáir bídh marbh, biáidh neamhghlan go tráthnóna.


L. Lv11:32


Agus giodhbé ar bith ní ar a dtuitfídh énní dhíobh, anuáir bhías
marbh, biáidh sé neamhghlan; más soitheach croinn é, nó édach; nó
croiceann, nó sac, nó giodhbé ar bith soitheach é, lé ndéntar obair
ar bith, caithfíghear a chur a nuisce, bhiáidh neamhghlan go nóin;
glanfuighear marsin é.


L. Lv11:33


Agus gach uile shoitheach críadh ann a ttuitfídh éinní dhíobh,
giodhbé ar bith bhías ann, biáidh sé neamhghlan: agus brisfídhe é.


L. Lv11:34


An uile bhíadh is éidir dithe, ar a rachaidh an tuiscesin, biáidh
sé neamhghlan: agus gach uile dheoch is éidir dól ann gach
éntroitheach marsin, biáidh sé neamhghlan.


L. Lv11:35


Agus gach uile ní ar a ttuitfídh aoinní dá gconabluidhe, biáidh se
neamhghlan: agus béid neamhghlan dhaóibhse.


L. Lv11:36


Thairissin, tobar nó curr iona mbía go lór uisce, biáidh glan: achd
an chuid bheanas re na gconabluidhsin, biáidh neamhghlan.


L. Lv11:37


Agus má thuiteann énchuid dá cconablach ar shíol cortha, bhías chum
a chora: biáidhsin glan.


L. Lv11:38


Achd má cuirthear uisce ar bith ar a tsíol, agus go ttuitfidh áon
chuid don chonabluidh ann; biáidh sé neamhghlan go nóin.


L. Lv11:39


Agus má éugann áoinbheathach dar féidir libh ithe, an té bheanas re
na chonabluidh sin biáidh sé neamhghlan go nóin.


L. Lv11:40


Agus an té itheas dá chonabluidh nigheadh a édach, agus biáidh
neamhghlan go nóin: an té mar an gcédna iomchras a gconablach nighfidh
a édach agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv11:41


Agus gach uile ní snáidhtheach shnáidheas air an talamh, biáidh na
adhfuathmhaireachd; ní híostar é.


L. Lv11:42


Giodhbé ar bith imthigheas ar a mbolg, agus giodhbé ar bith
imthigheas ar cheithre cosaibh, nó giodhbé ar a bhfuil níis mó do
chosaibh a measc na nuile neithe ad shnáidhtheach snáidheas ar an
talamh, ní híostar íad, óir atáid na nadhfhuamhaireachd.


L. Lv11:43


Ní dhéntáoi sibh féin gráineamhuil lé héinní snáidhtheach
shnáidheas, ní mó dodhéntaói sibh féin neamhghlan léo lé
ttruáilleochthaoi sibh na dtáobh.


L. Lv11:44


Óir is mise an tighearna bhur nDía: ar anadhbharsin
naómhthochthaoisibh sibh féin, agus beithí naómhtha; óir atáimse
naómhtha, ní mó thruaillfidhe sibh féin le hénttort neitheadh
ngluaisteach, noch ghluaiseas ar an talamh.


L. Lv11:45


Óir is mise ann tighearna dobheir amach sibh as talamh na Hégipte
do bheith am Dhía aguibh: beithí ar anádhbharsin náomhtha, óir
atáimse náomhtha.


L. Lv11:46


As éso dligheadh na mbeathach agus na néun, agus gach uile chrétúr
béo da gcorruighean annsna huiscidhibh, agus gach uile chréutúir dá
ngluaisionn ar an talamh.


L. Lv11:47


Do dhénadh eidirdhealuighe idir an glan agus an neamhghlan, agus
edir an mbeathach as éidir dithe agus an beathach nach éidir dithe.


L. Lv12:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Lv12:2


Labhair re cloinn Israel, gá rádh, má ghabh bean síol agus go
mbéra mac: annsin biáidh sí neamhghlan seachd lá; do réir laétheadh
dealuighthe a laige ria, biáidh sí neamhghlan.


L. Lv12:3


Agus annsa nochdmhadh lá timchillghearrfuighear feóil a
rémhchroicinn.


L. Lv12:4


Agus fanfa sí annsin a bhfuil a hannaicthe, trí lá agus tríochad: ní
bheanfa sí re héinní náomhtha, agus ní thiucfa don tsanctóir, nó go
ccoimhlíontar laéthe a hannaicthe.


L. Lv12:5


Achd mas leanbh mná bhéurus sí, biáidh sí neamhghlan caoicidhis
amhuil iona dealughadh: agus fanfaidh a bhfuil a hannaicthe, sé lá
agus trí fithcid.


L. Lv12:6


Agus anuáir choimhlíontar laethe a glanta, ar son mic, nó inghine,
dobhéura sí úan don chéidbhlíadhuin lé, agus colum óg nó éun turtuir,
mar ofráil pheacaidh go dorus thabernacuil an chomhchruinnigh chum
an tsagairt:


L. Lv12:7


Noch ofráilfios é a lathair an tighearna, agus dodhéna síth ar a
sonsa agus biáidh sí glan ó rith a fola: s éso is dligheadh do mhnaói
bhéuras mac nó inghean.


L. Lv12:8


Agus muna fhédfa sí úan do thabhairt lé, annsin dobhéura dhá
thurtuir lé, nó dhá cholum óga; áon díobh mar ofráil loiscthe, agus
an dara mar ofráil pheacaidh, agus dodhéna an sagart síth ar a son,
agus biáidh sí glan.


L. Lv13:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, agus re Háaron, dhá rádh.


L. Lv13:2


Anuáir bhías ag énduine at, nó gearbh, nó léus a ccroiceann a
fhéola, agus go mbía a gcroiceann a feóla amhuil plágha lubhra:
bearthar annsin chum Aáron an sagart é, nó go mac dhá macaibh,
bhías na sagairt.


L. Lv13:3


Agus féachfuidh an sagart ar an loit a gcroicinn a fhéola, agus má
iompóigheann an bán annsa loit, agus go mbía an loit níos doimhne re a
faicsin ná croiceann a fheóla, is loit lubhra sin: agus féachfuidh an
sagart air, agus fúaigeóruidh a bheith neamhghlan.


L. Lv13:4


Má bhíonn an léus bán a ccroiceann a fhéola, agus ré faicsin nach bía
níis doimhne ná an croicionn, agus nach ionntochuidh a fhionnadh bán;
annsin íadhuidh an sagart ar an té ar a mbía an loit seachd lá.


L. Lv13:5


Agus féuchfuidh an sagart air an seachdmhadh lá: agus féuch, má bhí an
loit ag fuireach, agus nach leithneochuidh annsa chroicionn, annsin
druidfidh an sagart air seachd lá eile.


L. Lv13:6


Agus féuchfuidh an sagart air, arís an seachdmhadh lá: agus féuch, má
má bhíonn an loit réd éigin dorcha agus nach leithneochuidh an loit
annsa chroicionn; annsin fuaigeoruidh an sagart(h) a bheith glan: ní
bhfuil ann achd léus: nifidh sé a éadach, agus léus; nifidh sé a édach,
agus biáidh glan.


L. Lv13:7


Achd má leathnuigheann an léus amach go mór annsa chroichionn, tar
éis a fhaicsiona don tsagart ar son a ghlanta, féuchfuid an sagart
air arís.


L. Lv13:8


Agus má chí an sagart sin, féuch, go leithneochuidh an léus ansa
chroicionn; annsin fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é: is lúbhra í.


L. Lv13:9


Anuáir bhías loit na lúbhra a nduine, annsin bérthar chum an
tsagairt é.


L. Lv13:10


Agus féuchfuidh an sagart air: agus féuch, má bhíonn an tat bán ann-
sa chroicionn, agus go diontochuidh sé an fionnadh bán annsa
chroicionn, agus go mbía feóil bhéo dhearg annsan at;


L. Lv13:11


Is seanlúbhra sin a gcroicionn a fheóla, agus fuáigeoruidh an sagart
neamhghlan é, agus ní chuirfidh asteach é: óir atá neamhghlan.


L. Lv13:12


Agus má bhrisionn an lúbhra amach, ar fud an chroicinn, agus go
bhfoileochuidh an lúbhra an croicionn uile ( an té ar a mbía) an loit
óna chionn go nuige a chosa, ann gach áonbhall a bhféucfuidh an
sagart.


L. Lv13:13


Annsin measfuidh an sagart: agus féuch má dfoluigh an lúbhra a chorp
uile, fuáigeoruidh sé glan an té ar a mbía am lúbhra: do hionntóidh sé
uile bán, atá sé glan.


L. Lv13:14


Achd anuáir fhásfas feóil dhearg ann, biáidh sé salach.


L. Lv13:15


Agus féuchfuidh an sagart ar an bhfeóil dheirg, agus fuáigeoruidh é
do bheith neamhghlan: óir atá an fheóil neamhghlan, is lúbhra í.


L. Lv13:16


Nó má iontóigheann anfeóil dearg arís, agus go ttiucfa chum bheith
bhán, tiucfa sé chum an tsagairt.


L. Lv13:17


Agus féuchfuidh an sagart air; agus féuch, má ionntóigheann an loit ar
bheith bán; ansin fuáigeoruidh an sagart glan (an té ar a mbía) an
loit: atá sé glan.


L. Lv13:18


Anfeóil mair an gcédna, noch a raibh an neascóid iona croicionn,
agus do leighisiodh,


L. Lv13:19


Agus anáit na neascóide go mbía at bán, no ballscóid shiollseach
bhán agus gné dheirghe ann, agus go ttaisbéntar don tsagart é.


L. Lv13:20


Agus anuáir dochífe an sagart é, féuch, má bhíonn a fhaicsin níis
ísle nó an croiceann, agus go diontochuidh a fhionnadh bán,
foillseochuidh an sagart neamhghlan é; is loit lúbhra é; arna bhriseadh
amach ó neascóid. go mbía ní éigin dorcha air, annsin druidfidh


L. Lv13:21


Achd má fhéchann an sagart air, agus féuch, nach bía fionnadh ar bith
bán air, agus muna raibh níis ísle nó an croiceann, achd go mbía ní
éigin dorcha air annsin druidfidh an sagart air seachd lá.


L. Lv13:22


Agus má leathnuigheann go mór amach annsa chroicionn, annsin
fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é, is loit sin.


L. Lv13:23


Achd má fhanann an bhallscóid shoillseach na áit, agus gan
leathnughadh dhó, is neascóid loiscneach í, agus fuáigeora an sagart
glan é.


L. Lv13:24


Nó má bhíonn feóil ar bith san chroicionn, as a ttiucfa teas
loiscneach, agus anfeóil bheó bhías da loscadh, go mbía guirín bán
loinnreach innte ní éigin dearg nó bán.


L. Lv13:25


Annsin féuchfuidh an sagart air, agus féuch má athruigheann an
fionnadh ann sa ghuirín shoillseach bhán, agus go mbía sé a
fhéchuin níis doimhne nó an croicionn; is lúbhra í ar mbriseadh
amach as an lassadh: uime sin fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é;
asé sin loit na lúbhraidh.


L. Lv13:26


Achd má fhéuchann an sagart air, agus féuch nach bía fionnadh bán ar
bith ann sa nguirín shoillseach, agus nach bí níis ísle nó an
croicionn eile, achd go mbía ní éigin dorcha air; annsin druidffidh an
sagart air, go ceann seachd lá.


L. Lv13:27


Agus féuchfuidh an sagart air an seachdmhadh lá; agus má
leathnuigheann go mór annsa chroicionn, annsin fuáigeoruidh an sagart
neamhghlan é, as ésin loit na lúbhra.


L. Lv13:28


Agus má fhanann an bhallscóid shoillseach a náit féin, agus gan
leathnughadh sa chroicionn, achd go mbí ní éigin dorcha, is at lasta
é, agus fuáigeoruidh an sagart glan é; óir is ainteas lasta é.


L. Lv13:29


Má bhíonn an loit ar fhear nó ar mhnaói, iona gceann nó iona
bhfésóig.


L. Lv13:30


Annsin féuchfuidh an sagart an loit, agus féuch, má chí níis isle
nó an croicionn é, agus go mbí fionnadh tana buidhe innte, annsin
fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é: is carruidhe thirim í, eadhon
lúbhra ar an gcionn nó ar an bhféusóig.


L. Lv13:31


Agus má fhéuchann an sagart ar an loit carruigh, agus féuch, muna
raibh nís doimhne ann sa chroicionn, agus nach bía grúag dhubh ar bith
innte: annsin iadhadh an sagart ar an té ar a mbía am phláigh
charruidhe, seachd lá.


L. Lv13:32


Agus an seachdmhadh lá féuchfuidh an sagart ar an loit: agus féuch,
muna leathnuighidh an charruidhe, agus mach biáidh grúag bhuidhe ann,
agus nach bía carruidhe a radharc nís ísle nó an croicionn.


L. Lv13:33


Bearrfuighear é, achd ní bhéarrfa sé an charruidhe: agus druidfidh an
sagart ar an tí air a mbí an charruidhe, seachd lá eile.


L. Lv13:34


Agus an seachdmhadh lá féuchfuidh an sagart ar an gcarruidhe: agus
féuch, muna leathnuighidh an charruidhe annsa chroicionn, nó a
bhfaicsin nís doimhne nó an croicionn: annsin foillseochuidh an sagart
glan é: agus nighfidh a édach agus biáidh glan.


L. Lv13:35


Achd má leathnuigheann an charruidhe go mór ansa chroicionn tar éis a
ghlanta.


L. Lv13:36


Annsin féuchfuidh an sagart air, agus féuch má leathnuigheann an
charruidhe annsa chroicionn, ná híarradh an sagart gruág bhuidhe;
atá sé neamhghlan.


L. Lv13:37


Achd má bhíonn an charruidhe re fhéachuin comhnuidhtheach, agus go
bhfásfuidh grúag dhubh súas innte: atá an charruidhe slán, atá sé
glan, agus fuáigeoruidh an sagart glan é.


L. Lv13:38


Má bhíonn ar fhior nó ar mhnaói mar an gcédna, builglésach
shoillseach a gcroicionn a bhfeóla, eadhon builglésach bán
soillseach.


L. Lv13:39


Annsin féuchfuidh an sagart, agus féuch, má bhíonn an bhuilgléusach a
gcroicionn a bhfeóla nó iona bhfeóil dorcha; bánléusa teasbuidh íad
fhásas annsa chroicionn; atá sé glan.


L. Lv13:40


Agus an duine a ttuiteann a ghrúag dá cheann, bí sé maól, gidheadh
atá sé glan.


L. Lv13:41


Agus an té a ttuiteann a ghrúag dá cheann leath ré na aghaidh atá sé
maóiléadanach; gidheadh atá sé glan.


L. Lv13:42


Agus má bhíonn iona cheann maól, nó ina mhaóiléadan créchd bán dearg;
is lúbhra sin do fhás súas iona chionn maól, nó iona mhaóiléadan.


L. Lv13:43


Annsin féuchfuidh an sagart air; agus féuch má bhíonn at an chréachda
bán dearg iona mhaóilchionn, nó iona mhaóiléadan mar thaisbeanus an
lúbhra a gcroicionn na feóla.


L. Lv13:44


Is fear lubhair é, atá sé neamhghlan: foillseochuidh an sagart thríd
amach neamhghlan é: atá loit iona cheann.


L. Lv13:45


Agus an lubhar iona mbía an loit, bhrisfíghear a édach, agus biáidh a
cheann nochduidh, agus cuirfidh folach ar a phuisín úachdarach, agus
fuaigeoruidh, neamhghlan, neamhghlan.


L. Lv13:46


Na huile láethe a mbía an loit ann, biáidh sé salach, atá sé
neamhghlan, comnochuidh ná aónar, taóbh amuich don champa (bhías)
áitreabh.


L. Lv13:47


An tédach mar an gcédna iona mbía loit na lúbhra, más éadach olla
é, nó éadach lín,


L. Lv13:48


Mas a ndlúth nó a ninneach bhías do líon nó doluinn, más a
gcroicionn, nó a ní ar bith doníthear do chroicionn.


L. Lv13:49


Agus go mbía an loit uáine nó dearg ansanéadach, nó annsa
chroicionn, annsa dlúth nó annsaninneach, nó a néinní do
chroicionn, is loit lúbhra é, agus foillseochthar don tsagart é.


L. Lv13:50


Agus féuchfuidh an sagart ar a loit, agus druitfidh an sagart ar an
ní, a mbía an loit seachd lá.


L. Lv13:51


Agus féuchfuidh ar an loit an seachdmhadh lá; má leathnuigheann an
loit sanéadach, san dlúth nó saninneach, nó a ccroicionn, nó a
nobair ar bith doníthear do chroicionn, is lúbhra chrínteach an
loit; atá sé neamhghlan.


L. Lv13:52


Loiscfidh sé an tédachsin uimesin, mar dhlúth nó inneach é, a n
oluinn nó a línédach nó a néinní do chroicionn iona mbía an loit:
óir is lúbhra crínteach é; loiscfíghear a tteinidh é.


L. Lv13:53


Agus má fhéuchann an sagart air an loit, agus féuch, muna
leathnuighidh sé annsanédach, annsa dlúth, no annsaninneach, nó a
n-éinní don chroiceann:


L. Lv13:54


Annsin fuáigeoruidh an sagart an ní ar a bhfuil an loit do nighe,
agus cuirfidh fá íadhadh é seachd lá eile.


L. Lv13:55


Agus féuchfuidh an sagart ar an loit a ndiáigh a nighthe;: agus féuch,
munar áthruigh an loit a dath, agus nar leathnuigh an loit; atá sé
neamhghlan, loiscfidh tú annsa teinidh é, atá sé cnáidhtheach taóbh
astigh, más lom astigh nó amuigh é.


L. Lv13:56


Agus má fhéuchann an sagart, agus féuch, go mbía an loit ní éigin
dorcha tar éis a nighthe, annsin brisfidh sé amach as anéadach é, nó
amach as an gcroicionn, nó as andlúth nó as aninneach.


L. Lv13:57


Agus má thaisbeanann sé fós annsan éadach, nó annsa dlúth nó ann-
saninneach, nó a néinní don chroicionn, is loit leathnuighthe é,
loisgfídh tú an nísin iona mbía an loit le teinidh.


L. Lv13:58


Agus an téadach más dlúth nó inneach, nó gidhbé ar bith ní do
chroicionn da mbía, noch nighfear tú, má fhágbhann an loit íad,
annsin nighfíghear an dara huáir íad, agus (biáidh) glan.


L. Lv13:59


Is éso dlighidh loite na lúbhra a néadach olla, nó lín, annsa dlúth
nó annsaninneach, nó a néinní do chroicnibh, dá fhúagra glan, nó
dá fhúagra neamhghlan.


L. Lv14:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv14:2


Budh éso dligheadh an lobhair, a ló a ghlanta: dobhearthar chum an
tsagairt é.


L. Lv14:3


Agus rachaidh an sagart amach as an bhfoslongphort: agus féuchfuidh an
sagart é, agus féuch, má bhíonn loit na lúbhra léigheasta ann sa
lobhar.


L. Lv14:4


Annsin dobhéura an sagart fá deara dhá éun do ghabháil beó agus glan
don tí bhías ré a ghlanadh, agus connadh cédair agus scárlaóid agus
íosoip.


L. Lv14:5


Agus aitheonuidh an sagart éun díobh do mharbhadh a soitheach chríaidh
ós cionn uisce reatha.


L. Lv14:6


Ar son an eóin bheó glacfuidh é, agus an connadh cédair, agus an
scárlaóid, agus tumfuidh íad agus an téun beó a bhfuil aneóin do
mharbhadh ós cionn anuisce reatha.


L. Lv14:7


Agus croithfidh ar an tí bhías ré ghlanadh on lúbhra seachd nuáire é,
agus foillseochaidh é bheith glan, agus scaóilfidh amach an téun beó
fán machaire réidh.


L. Lv14:8


Agus nighfidh an té bhías ré ghlanadh éadach agus bérrfuidh a
fhionnadh uile dhe, agus nighfidh é féin a nuisce, cor go mbía glan,
agus na dhiáighsin tiucfa donfhoslungphurt, agus fanfuidh amuich
as a loistín seachd lá.


L. Lv14:9


Achd is ar an seachdmhadh lá bhérrfas a fhionnadh uile, dá cheann
agus dá fheasóig, agus do mhailghibh a shúl, eadhon bearrfuidh a
fhionnadh uile dhe, agus nighfidh a édach, nighfidh fós a fheóil a
nuisce, agus biáidh sé glan.


L. Lv14:10


Agus annsanochdmhadh lá glacfuidh sé dhá úan fhirionna gan cháidhe,
agus úan buinionn don chédbhliadhuin gan cháidhe, agus trí deachmhadh
cuid do phlúr mhín mar ofráil bhídh, cumaiscthe le hola, agus énlog
ola.


L. Lv14:11


Agus an sagart dodhénas glan é, béaruidh sé an duine bhías
ré ghlanadh agus na neithesin do láthair an tighearna, ag dorus
thabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Lv14:12


Agus glacfuidh an sagart én úan firionn, agus ofrálfuidh é mar ofráil
sháruighthe, agus an log ola, agus croithfidh íad mar ofráil luáimnigh
do láthair an tighearna.


L. Lv14:13


Agus muirfidh sé an túan, annsanáit a muirfidh an ofráil
phecaidh, agus anofráil loiscthe, annsan áit naómhtha: óir mar is
leis an tsagart anofráil phecaidh, is leis marsin anofráil
sháruighthe: atá sí ró naómhtha.


L. Lv14:14


Agus glacfuidh an sagart cuid dfhuil ofrála an tsáruighthe, agus
cuirfidh an sagart sin ar barr cluaise deise an té bhías ré ghlanadh, agus
ar ordóig a láimhe deise, agus ar ordóig a choise deise.


L. Lv14:15


Agus glacfuidh an sagart cuid don log ola, agus doirtfidh ar chlár a
dhérnoide clé féin í.


L. Lv14:16


Agus tumfuidh an sagart a mhér deas annsanola atá iona láimh chlé,
agus croithfidh an ola lé né mhéur seachd nuáire as coinne an tighearna.


L. Lv14:17


Agus cuid eile donola atá iona láimh cuirfidh an sagart ar bhárr
cluáise deise an té bhías ré ghlanadh agus ar ordóig a láimhe deise, agus
ar ordóig a choise deise, ar fhuil na hofrála sáruighthe.


L. Lv14:18


Agus fuigheall na hola bhías a lámh an tsagairt, dóirtfidh sé ar
cheann an tí bhías ré ghlanadh; agus dodhéna an sagart síoth ar a shon a
lathair an tighearna.


L. Lv14:19


Agus ofráilfidh an sagart anofráil phecaidh, agus dodhéna sith ar
son an tí bhías ré ghlanadh ó na neamhghloine, agus na dhiáighsin
muirfidh anofráil loiscthe.


L. Lv14:20


Agus ofráilfidh an sagart ofráil loiscthe, agus anofráil bhídh ar
analtóir; agus dodhéna an sagart síth ar a shon, agus biáidh glan.


L. Lv14:21


Agus má bhíonn bochd, agus nach bhfuighe an oireadsin, annsin
glacfuidh éan úan amháin mar ofráil sháruighthe, réna chrothadh, do
dhénamh síthe dhó, agus aóindeachmhadh cuid do phlúr mhín chumaiscthe
le hola mar ofráil bhídh, agus log na hola;


L. Lv14:22


Agus dhá thurtuire nó dhá cholum óga, an ní is éidir leis a fhagháil;
agus biáidh éun díobh na ofráil phecaidh, agus an dara héan na ofráil
loiscthe.


L. Lv14:23


Agus dobhéura leis an tochdmahdh lá íad, ar son a ghlanta, chum an
tsagairt, go dorus thabearnacuil an chomhchruinnighthe, a bhfíaghnuise an
tighearna.


L. Lv14:24


Agus glacfuidh an sagart úan na hofrála sáruighthe, agus an log ola,
agus croithfidh an sagart íad, mar ofráil chroitthe as coinne an
tighearna.


L. Lv14:25


Agus muirfidh sé úan na hofrála sáruighthe, agus glacfuidh an sagart
cuid dfuil na hofrála sáruighthe, agus cuirfidh é ar bhárr cluáise deise
an té bhías ré ghlanadh, agus ar ordóig a choise deise.


L. Lv14:26


Agus dóirtfidh an sagart don ola ar chlár a dhérnóide clé féin.


L. Lv14:27


Agus dóirtfidh an sagart léná mhéur deas cuid donola bhías iona
láimh chlé, seachd nuáire a bhfíadhnuise an tighearna.


L. Lv14:28


Agus cuirfidh an sagart donola bhías iona láimh uadha, ar chluáis
deis an tí bhías ré ghlanadh, agus ar ordóig a láimhe deise, agus ar
ordóig a choise deise, ar áit ola na hofrála sáruighthe.


L. Lv14:29


Agus an chuid eile donola bhías a láimh an tsagairt, cuirfidh sé ar
cheann an té bhías ré ghlanadh, do dhénamh síodha dhó a bhfíaghnuisi an
tighearna.


L. Lv14:30


Agus ofrálfuidh aón do na héanuibh turtuire, nó do na columuibh óga,
gidhbé aca gheabhas an tí bhías ré a ghlanadh.


L. Lv14:31


Eadhon an ní fhédfas dfhagháil, aón ar son ofráil pecaidh an dara
h-éun ar son ofrála loiscthe, maille ris anofráil bhídh, agus dodhéna an
sagart síth ar son an té bhías ré ghlanadh, as coinne an tighearna.


L. Lv14:32


As éso dligheadh an té iona mbía loit na lúbhra, ag nach bhfuil do
chumus na láimh, an ní bheanas ré ghlanadh dfhagháil.


L. Lv14:33


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, agus ré Háaron, dá rádh.


L. Lv14:34


Anuáir thiucfuidhe go tír Cháanain, noch dobheirimsi dhaóibh
mar seilbh, agus chuirfeas mé loit lúbhra a ttigh da bhur bhfearann
seilbhe.


L. Lv14:35


Agus go ttiucfa an té ler leis an tigh, agus inneosa sé don tsagart,
dá rádh, dochíthear dhamhsa mar dobhíadh pláigh (lubhra) annsa tigh.


L. Lv14:36


Annsin fuáigheoruidh an sagart dóibh an tigh fholmhughadh, suil rachus
an sagart asteach ann, dfhéchuin na loite: chor nach deantaói a
mbía ann-sa tigh uile neamhghlan: agus na dhiáighsin rachuidh an
sagart asdeach d-fhéuchuin an tighe.


L. Lv14:37


Agus féuchfuidh ar an loit, agus féuch, mas a mballuidhibh an tighe
bhías a loit lé stríochuibh tolla, glasamhla no gné dheirge, noch is
ísle ré a fhéuchuin nó an balla.


L. Lv14:38


Annsin rachuidh an sagart amach as an ttigh go dorus an tighe, agus
druidfidh súas an tigh seachd lá.


L. Lv14:39


Agus tiucfuidh an sagart arís an seachdmhadh lá, agus féuchfuidh: agus
féuch ma leathnuigheann an loit a mballuibh an tighe.


L. Lv14:40


Annsin aitheonuigh an sagart dhíobh na clocha do bhuáin as iona mbía
an loit, agus teilgfidh amach a náit shalaidh íad taóbh amuich don
chathruigh.


L. Lv14:41


Agus dobhéura fá deara an tigh do scriosadh fágcuáirt taóbh astigh,
agus dóirtfidh amach an luáithreadh scriosfuidh síad dhe taóbh amach
don chathruigh a náit neamhghloin.


L. Lv14:42


Agus glacfuidh clocha eile agus cuirfidh a náit na gclochsin íad,
agus glacfuidh moirtéul eile, agus pláistreochuidh an tigh.


L. Lv14:43


Agus ma thig an loit arís, agus go mbrisfidh amach ann sa tigh tar éis
na gcloch do bhuáin as dó, agus tar éis an tighe do scríobadh, agus
tar éis a dhóbalta.


L. Lv14:44


Annsin tiucfaidh an sagart agus féuchfuidh, agus féuch, má
leathnuigheann an loit annsa tigh is lúbhra crínteach é, annsa tigh:
atá neamhghlan.


L. Lv14:45


Agus brisfidh síos an tigh, a chlocha agus ádhmhad, agus moirtéul an
tighe uile: agus iomchóruidh amach as an gcathruigh íad chum ionaid
neamhghloin.


L. Lv14:46


Os a cionnso gidhbé ar bith rachus asteach san tigh, ar feadh na
haimsire atá druite súas, biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv14:47


Agus an té luighfeas annsa tigh, nighfigh a édach; agus an té íosas
annsa tigh, nighfidh a édach.


L. Lv14:48


Agus má thigh an sagart asteach agus féchuin air, agus féuch, muna ar
leathnuigh an loit annsa tigh tar éis an tighe do phlástráil: annsin
fuáigeoruidh an sagart an tigh glan, do chionn gur leighiseadh an loit.


L. Lv14:49


Agus glacfuidh sé do ghlanadh an tighe dhá éun, agus maide cédair,
agus scárlaóid agus íosoip.


L. Lv14:50


Agus muirfidh éun díobh a soitheach chríadh, ós cionn uisce reatha.


L. Lv14:51


Agus glacfuidh an maide cédair, agus íosoip, agus an scárlaóid, agus
an téun beó, agus tumfuidh íad a bhfuil aneóin mhairbh, agus
annsan uisce reatha, agus croithfidh san tigh seachd nuáire é.


L. Lv14:52


Agus glannfuidh an tigh lé fuil aneoin mhairbh, agus leis anuisce
reatha agus leis anéun beó, agus leis an maide cédair, agus leis
an-íosoip, agus leis a scárlaóid.


L. Lv14:53


Achd léigfidh donéun bheó imtheachd amach as an gcathruigh, chum an
mhachaire réidh, agus dodhéna sé síth don tigh, agus biáidh glan.


L. Lv14:54


As éso dligheadh gach uile shórt loite lúbhra, agus charra,


L. Lv14:55


Agus do lúbra éaduigh agus tighe,


L. Lv14:56


Agus ar at agus ar gheirbh agus ar bhallscóid shoillsigh:


L. Lv14:57


Da theagasg anuáir bhías neamhghlan, agus anuáir bhías glan:
as éso dligheadh na lúbhra.


L. Lv15:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise agus ré Haáron gá rádh.


L. Lv15:2


Labhair ré cloinn Israel, agus abair ríu, anuáir bhías chréachd ar
silt ar áonduine as a fheóil, do bhrígh créchd a shilte, atá se
neamhghlan.


L. Lv15:3


Agus budh éso a neamhghloine iona chreachd: má rithionn a fhéoil
leis an ccréacht, nó má fhanann a fheóil óna chreachd is é a
neamhghloine é.


L. Lv15:4


Agus gach uile leaba ar a luighfidh sesion ar a bhfuil an tsilt,
atá neamhghlan: agus gach ní ar a suidhfe sé biáidh neamhghlan.


L. Lv15:5


Agus giodhbé ar bith bheanfus réna leabhuidh, nighfidh sé a édach
agus fothruicfidh é féin a nuisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:6


Agus gíodhbé ar bith shuidhfeas ar an áit ar shiuigh an té ar
a bhfuil an chréchd, nighfidh a éadach agus fothruicfidh é féin a
n-uisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:7


Agus an té bheanas re feóil an té ar a bhfuil an chréacht, nighfidh
a éadach, agus fothruicfidh é féin a n uisce, agus biáidh neamhghlan
go nóin.


L. Lv15:8


Agus má chuirionn an té ar a bhfuil an chréacht, a shilt ar an tí
bhíos glan; annsin níghfidh an tésin éadach, agus fothruicfidh é féin
a nuisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:9


Agus giodhbé ar bith díallaóidh iona suidhfe sesion ar a mbía an
chrécht, biáidh neamhghlan.


L. Lv15:10


Agus giodhbé ar bith bheanas re háoinní dá mbía faói, biáidh
neamhghlan go nóin, agus giodhbé ar bith iomchras éinní díobh sin,
nighfidh a éadach, agus fothruicfidh é féin a nuisce, agus biáidh
neamhghlan go nóin.


L. Lv15:11


Agus giodhbé ar bith re mbeanfa an té ar a mbía an chréacht, agus n
ar mheasc a lámha a n uisce, nighfidh sé a éadach, agus fothruicfidh sé
é féin a n uisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:12


Agus an soitheach críadh ré mbeanfa an té ar a bhfuil an chrécht
brisfíghear é, agus meascfuighear gach uile shoitheach croinn a
nuisce.


L. Lv15:13


Agus anuáir ghlantar an té ar a mbía an tsilt óna chrécht; annsin
áireomhuigh sé dhó féin seacht lá chum a ghlanta, agus nighfidh a
éadach, agus fhothruicfidh a fheóil a nuisce reatha, agus biáidh
glan.


L. Lv15:14


Agus ar an ochdmhadh lá glacfuidh chuige dhá éun turtuire, nó dhá
cholum óga, agus tiucfa a lathair an tighearna, go dorus thabernacuil
an chomhchruinnighthe, agus dobhéura don tsagart íad.


L. Lv15:15


Agus ofráilfidh an sagart íad, áon aca ar son ofrála peacaidh agus an
dara héun ar son ofrála loiscthe; agus dodhéana an sagart síth ar son
a shilte a lathair an tighearna.


L. Lv15:16


Agus má imthigheann a shíol coimhriachtanuis ó énduine; annsin
nighfidh a fheóil uile a nuisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:17


Agus gach uile édach agus gach uile chroicionn ar a mbía síol an
chomhriachdanuis, nighifghear lé huisce é, agus biáidh neamhghlan go
nóin.


L. Lv15:18


An bhean mar an gcédna lé luidhfe fear maille re síol an
choimhríachdanuis, fothruicfidh íad a ráon a nuisce, agus béid
neamhghlan go nóin.


L. Lv15:19


Agus má bhíonn silt ar mhnáoi, agus go mbía a silt iona feóil na
fuil, cuirfighear ar leith seacht lá í: agus giodhbé ar bith bheanas
ría, biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:20


Agus gach uile ní iona luidhfidh sí iona leithreachus, biáidh
neamhghlan: gach einní mar an gcédna ar a suidhfidh sí, biáidh
neamhghlan.


L. Lv15:21


Agus giodhbé ar bith bheanas réna leabuidh, nighfidh sé a éadach
agus fothruicfidh (é féin) a nuisce, agus biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:22


Agus gidhbé ar bith bheanas ré h éinní air ar shuidh sí, nighfidh sé
a éadach, agus fothruicfidh sé (é féin) a nuisce, agus biáidh
neamhghlan go nóin.


L. Lv15:23


Agus mas ar a leabuidh nó ar éinní an ar shuidh sí, anuáir bheanfas
sí ris, biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:24


Agus má luighionn duine ar bith aice ar énchor, agus a fuil mhíos
bheith air, biáidh sé neamhghlan seachd lá: agus biáidh an leaba uile
ar a luidhfidh sé neamhghlan.


L. Lv15:25


Agus má bhíonn silt fhola ar mhnaói mórán do láethibh ós aimsir a
leithreachuis, nó má rithionn tar aimsir a leithreachuis; láethe silte
a neamhghlaine béid uile mar láethe a leithreachuis: biáidh sí
neamhghlan.


L. Lv15:26


Gach uile leaba ar a luidhfidh sí, feadh láetheadh a silte, biáidh sí
mar leabuigh a leithreachus: gidhbé ar bith ní ar a suidhfidh sí, fós
biáidh neamhghlan, mar neamhghloine a leithreachuis.


L. Lv15:27


Agus gidhbé ar bith bheanas ris na neithibhsin, biáidh neamhghlan,
agus nighfidh a éadach, agus fothruicfidh (é féin) a nuisce, agus
biáidh neamhghlan go nóin.


L. Lv15:28


Agus má ghlantar í óna silt, annsin aireomhuidh dhi féin
leachd lá, agus na dhiáighsin biáidh glan.


L. Lv15:29


Agus ar anochdmhadh lá gébhuidh sí chuicthe dhá thurtuire, nó dhá
cholum óga, agus béura chum an tsagairt íad, go dorus thabernacuil an
chomhchruinnighthe.


L. Lv15:30


Agus ofráilfidh an sagart aón aca mar ofráil phecaidh, agus an dara
mar ofráil loiscthe, agus dodhéna an sagart síth ar a son a lathair an
tighearna ar son silte a neamhghloine.


L. Lv15:31


Marso dheileóchuid clann Israel réna neamhghloine; ionnus nach
bhfaghaid bás iona neamhghloine, anuair thruáillid mo
thabearnacuilsi atá na measc.


L. Lv15:32


Is éso dligheadh an té ar a mbí silt, agus an té a rachuidh a shíol
uadha, agus a saileaochthar leissin é.


L. Lv15:33


Agus an bhean bhías tinn ó na bláth, agus an tí ar a mbía créchd
shilteach, an fhir, agus na mná, agus an té luidheas lé, noch atá
neamhghlan.


L. Lv16:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, déis bháis dheisi mac
Aáron, anuáir do ofráladur a bhfíadhnuisi an tighearna, agus do
éagadar.


L. Lv16:2


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, labhair ré haáron do
dhearbhráthair, gan teachd gach énuáir donáit naómhtha, taóbh
asteach don fholach, as coinne an tsuidhe thrócaire, noch atá ar
anáirc; go nach bhfuigheadh bás: óir taisbéanfa misi mé féin annsa
néull ar an tsuidhe thrócaire .


L. Lv16:3


Marso thiucfas Aáron sanáit naómhtha: maille re bulóig óig mar
ofráil phecaidh, agus reithe mar ofráil loiscthe.


L. Lv16:4


Cuirfidh sé uime an cóta naómhtha línéaduigh, agus béid na brístidhe
línéaduigh réna chroicionn, agus arna chrioslúghadh le crios
línéaduigh, agus leis an míter línéaduigh éideochthar é; is éaduighe
naómhtha iadso; uimesin nighfidh sé a fheóil a nuisce, agus annsin
cuirfidh uime íad.


L. Lv16:5


Agus tóigeobhuidh do chomhchruinniughadh chloinne Israel, dhá
meannán do na gabhruibh ar son ofrála pecaidh, agus aón reithe mar
ofráil loiscthe.


L. Lv16:6


Agus ofráilfidh Aáron a bhulóg na hofrála pecaidh noch bhías ar a
shon féin, do dhénamh síotha ar a shon féin agus ar son a thighe.


L. Lv16:7


Agus glacfuidh an dá ghabhar agus taisbéanfuidh íad as coinne an
tighearna ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.


L. Lv16:8


Agus cuirfidh Aáron crannchar ar an dá ghabhar: (eadhon crann ar son
an tighearna, agus crann ar son an ghabhair a rachus as.


L. Lv16:9


Agus dobhéura Aáron leis an gabhar air ar thuit crannchar an
tighearna, agus ofrálfuidh é mar ofráil phecaidh.


L. Lv16:10


Achd an gabhar air ar thuit crannchar a léigthe as, béarthar beó as
coinne an tighearna é, do dhénamh síotha leis, agus léigfe dhó
imtheachd mar ghabhar shaór fán bhfásach.


L. Lv16:11


Agus dobhéura Aáron bulóg na hofrála pecaidh leis, noch bhías ar a
shon féin, agus dodhéna síth dhó féin, agus dá thigh, agus muirfidh
bulóg na hofrála pecaidh atá ar a shon féin.


L. Lv16:12


Agus glacfuidh sionnsa lán do smeorthóidibh teineadh ó analtóir as
coinne an tighearna, agus lán a ghlaice do thúis dheaghbholuidh,
brúite go mion, agus dobhéura taóbh astigh don fholach é.


L. Lv16:13


Agus cuirfidh an túis ar an teinidh a bhfíadhnuise an tighearna,
chor go bhfoileochuidh néull na túise an suidhe trócaire, atá ar an
bhfíaghnuise, go nach bhfaghaidh bás.


L. Lv16:14


Agus glacfuidh dfuil na bulóige, agus croithfidh sé léna mhéur
ar an tsuidhe thrócaire í leath shoir: agus ar aghuidh an tsuidhe
thrócaire croithfidh donfuil seachd nuáire, léna mhéur.


L. Lv16:15


Annsin muirfidh gabhar na hofrála pecaidh bhías ar son an phobail,
agus dobhéura a fhuil taóbh asteach donfolach, agus dodhéna ris
an bhfuilsin mar dorinne sé ré fuil na bulóige, agus croithfidh í
ar an suidhe trócaire, agus ar aghuidh an tsuidhe thrócaire.


L. Lv16:16


Agus dodhénuidh síoth ar son an ionaid naómhtha, do bhrígh
neamhghloine chloinne Israel, agus do chionn a sáruighthe iona
nuile phecadhuibh: agus dodhéna marsin ar son thabernacuil an
chomhchruinnighthe, noch comhnuigheas na measc, a meadhón a
neamhghloine.


L. Lv16:17


Agus ní bía énduine a ttabhearnacuil an chomhchruinnighthe, an-
uáir rachus sé asteach do dhénamh na síodha annsanáit naómhtha, nó
go ttí amach agus go ndérna síth ar a shon féin, agus ar a thighe,
agus ar son chomhchruinnighthe Israel uile.


L. Lv16:18


Agus rachaidh amach chum na haltóra atá as coinne an tighearna, agus
dodhéna síth ar a son; agus glacfuidh dfuil na bulóige, agus dfuil
an ghabhair, agus cuirfidh ar bheannuibh na haltóra fágcuáirt í.


L. Lv16:19


Agus croithfidh donfuil uirre léná mhéur seachd nuáire, agus
glanfuidh í, agus naómhthochuidh í ó neamhghloine chloinne Israel.


L. Lv16:20


Agus anuáir chuirfeas críoch ar dhénamh síthe donáit naómhtha,
agus do thabernacuil an comhchruinnighthe, agus donaltóir dobhéura
an gabhar beó leis.


L. Lv16:21


Agus leagfuidh Aáron a dhá láimh ar chionn an ghabhair bheó, agus
aideómhuidh ós a chionn olc chloinne Israel uile, agus a sáruighthe
iona bpecadhuibh uile, dá gcur ar chionn an ghabhair, agus cuirfidh
ar siubhal é lé láimh dhuine iomchubhaidh fán bhfásach.


L. Lv16:22


Agus iomchóruidh a gabhar air féin a néigceart uile, go fearann gan
áitreabh: agus léigfidh an gabhar uadha san bhfásach.


L. Lv16:23


Agus tiucfaidh Aáron a ttabearnacuil an chomhchruinnighthe, agus
cuirfidh sé na héduighe lín de, noch do chuir air, anuáir dochuáidh
donáit naómhtha, agus fúigfidh annsin íad.


L. Lv16:24


Agus nighfidh a fheóil lé huisce ansanáit naómhtha, agus cuirfidh
édach air, agus rachfuidh amach agus ofrálfuidh iodhbuirt loiscthe an
phobail, agus dodhéna síoth dhó féin, agus don phobal.


L. Lv16:25


Agus loiscfidh sé méthas na hofrála pecaidh ar analtóir.


L. Lv16:26


Agus an té do léig an gabhar uadha, mar ghabhar shaór, nighfidh sé a
édach agus fothruicfidh sé a fheóil anuisce, agus na dhiáighsin
tiucfa sé don champa.


L. Lv16:27


Agus an bhulóg ar son na hofrála pecaidh agus an gabhar ar son na
hofrála pecaidh, a ttugadh a bhfuil asteach do dhénamh síodha
annsanáit naómhtha, béuruidh óglach amach as an ccampa (íad) agus
loiscfidh annsa teinidh a gcroicne, agus a bhfeóil, agus a notrach.


L. Lv16:28


Agus an té loiscfeas íad, nighfidh a édach, agus fothruicfidh a
fheóil anuisce, agus na dhiáighsin tiucfa don fhoslungphort.


L. Lv16:29


Agus biáidhso na statúid go brách aguibh: bhur nanmanna do chrádh ar
an seachdmhadh mí, ar an deachmhadh lá don mhí, agus ní dhéntaói obair
ar aónchor, más do bhur ttír féin é, nó coimhthidheach chomhnuigheas
bhur measg.


L. Lv16:30


Óir is ar an lásin dodhéna (an sagart) síth ar bhur son, dá bhur
nglanadh lé mbeithí glan a bhfíaghnuise an tighearna ór bpecuighibh
uile.


L. Lv16:31


(Biáidh sé) na shábhóid shuáimhneasa aguibh, agus cráifidhe bhur n-
anmanna, lé statúid go bráth.


L. Lv16:32


Agus an sagart ungfar, agus choisreógas sé chum miniostralachd a n-
oifig an tsagairt a náit athar, is é dodhénas an tsíth, agus
cuirfidh an tédach lín air, an chuluidh naómhtha.


L. Lv16:33


Agus dodhéna síth don tsanctóir naómhtha, agus dodhéna síth do
thabearnacuil an chomhchruinnighthe, agus donaltóir: agus dodhéna
síth ar son na sagart, agus ar son phobuil an chomhthionóil uile


L. Lv16:34


Agus biáidhso na statúid shíorruidhe aguibh, do dhénamh síodha do
chloinn Israel, ar son a bpecuighibh uile, uáir san mblíadhuin:
agus dorinne sé mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Lv17:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dá rádh.


L. Lv17:2


Labhair ré Haáron, agus réna chloinn, agus ré cloinn Israel uile,
agus abair riú, is ésó an ní do aithin an tighearna dá rádh.


L. Lv17:3


Gidhbé ar bith duine bhías do thigh Israel, mhuirfeas damh, nó
úan, nó gabhar, annsa champa, nó mhuirfeas taóbh amuich don chanmpa.


L. Lv17:4


Agus nach dtiubhra go dorus thabearnacuil an chomhchruinnighthe é, do
ofráil íodhbartha don tighearna; cuirfighear fuil a leith an fhirsin,
do dhóirt sé fuil: agus gearrfuighear an duinesin amach ó mheasg a
dhaóine.


L. Lv17:5


Ar chor go ttiubhraidís clann Israel a níodhbartha noch ofráilfidh
ar an machaire amuigh, don tighearna go dorus thabearnacuil an
chomhchruinnighthe chum an tsagairt, agus go nofráilfidh mar
ofráluibh síotha don tighearna íad.


L. Lv17:6


Agus croithfidh an sagart anfuil ar altóir an tighearna, ag dorus
thabearnacuil an chomhchruinnighthe; agus loisgfidh an méthas mar
bhaladh deaghbholaidh don tighearna.


L. Lv17:7


Agus ní ofráilfidh nís mó a niodhbartha do dhíabhluibh, a ndiáigh ar
imthigheadar lé stríapachus: biáidhso na statúid aca do bráth ar feadh
a ngeinealach.


L. Lv17:8


Agus déra tusa ríu, gidhbé ar bith duine do thigh Israel, nó do na
coimhighthibh bhíos ar cuáirt eadruibh, ofráilfeas ofráil loiscthe, nó
íodhbuirt,


L. Lv17:9


Agus nach dtiubhra go dorus thabearnacuil an chomhchruinnighthe é, dá
ofráil don tighearna, gearrfuighear cheana an tésin amach as lár a
mhuinntire.


L. Lv17:10


Agus gidhbé ar bith duine bhías do thigh Israel, nó do na
choimhighthibh bhíos ar cuáirt bhur measg, ithear éinghné fhola;
cuirfidh misi umarro maghaidh a naghaidh a nannmasin itheas fuil,
agus gearrfa mé amach ó na dhaóinibh é.


L. Lv17:11


Óir is annsa bhfuil atá anam na feóla, agus tug misi dhaóibhsi í
ar an altóir, do dhénamh síodha dá bhur nanmannuibh: óir as í anfuil
doní síth ar son ananma.


L. Lv17:12


Uimesin adubhairt mé le cloinn Israel, ní íosaidh aónduine aguibh
fuil, ní mó íosas aónchoimhightheach, dá bhur gcoimighthibh fuil do
chomhnuigheas bhur measc.


L. Lv17:13


Agus gidhbé ar bith duine bhías do chloinn Israel, nó do na
coimhightheachuibh chomhnuigheas bhur measc, doní fíadhach agus
bheireas ar bheathach nó ar éun is éidir ithe, dóirtfidh amach a
fhuilsin, agus foileochuid lé luáithreadh í.


L. Lv17:14


Óir is í beatha gach uile fheóla í, is ar son a bheatha bíos a fhuil:
is uimesin adubhairt mé ré cloinn Israel, ní íostaói fuil fheóla
ar bith: óir is í a fhuil anam gach uile fheóla: gidhbé ar bith
íosas í, gearrfuighear amach é.


L. Lv17:15


Agus gach uile anam íosas anfeóil fuáir bás (uaithe féin) nó do
marbhadh (lé beathadhachaibh) más duine dot thír féin é, nó
coimhidhtheach, nighfidh araón édach, agus fothruicfidh (é féin) a n-
uisce, agus biáidh neamhghlan go nóin: annsin biáidh sé glan.


L. Lv17:16


Achd muna nighfidh sé (íad), nó corp do fhothrugadh, annsin
iomchóruidh sé a choir.


L. Lv18:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dá rádh.


L. Lv18:2


Labhair re cloinn Israel, agus abair riú, is misi an tighearna bhur
Ndía.


L. Lv18:3


Ní dhéntaói do réir gníomhartha chríche na Hégipte, mar ar
áitigheabhair: agus do réir oibreach thíre Cánaain, iona bhfuilim
dhá bhur ttabhairt, ní dhéntaóisi: ní mó imeochtaói lé na
nórduighthibh.


L. Lv18:4


Dodhéntaoi mó bhreitheamhnuisi, agus coimhéadfuidhe mórduighthe, ag
siubhal ionta: is misi am tighearna bhur Ndía.


L. Lv18:5


Coimhéadfuidhe ar anadhbharsin mo statúidigh, agus mo
bhreitheamhnuis noch má ní duine, mairfidh sé ionnta: misi an
tighearna.


L. Lv18:6


Ní thiucfa énduine aguibh a ngar aóin dá mbía a ngaól fhogus
daóibh: chum a ttárnochd dfhoillsiughadh: misi an tighearna.


L. Lv18:7


Tárrnochd hathar, nó tárrnochd do mhathair í, ní léigfe tú a
tárrnochd leis.


L. Lv18:8


Ní léigfe tú tárrnochd mhná hathar leis: is ísin tárrnochd
hathar.


L. Lv18:9


Tárrnochd do dheibhsheathrach inghean hathar, nó inghean do mhathar,
más annsa tigh béarthar í, nó amuigh, ní léigfe tusa cheana a
ttárnochd ris.


L. Lv18:10


Tárrnochd inghine do mhic, nó inghine hinghine, a ttárrnochdsin
umurro ní léigfe tú ris, óir is í do thárrnochdsa a ttárrnochdsan.


L. Lv18:11


Tárrnochd inghine mhná hathar, do gineadh ód athair, ( is í do
deirbhshíur í) ní léigfe tú leis a tárrnochd.


L. Lv18:12


Ní léigfe tú tárrnochd dheirbhsheathrach hathar ris, is í bean fhogus
ghaóil hathar í.


L. Lv18:13


Ní léigfe tú náire dheirbhsheathrach do mhathar leis; óir is í bean
fhoghus gaóil do mhathar í.


L. Lv18:14


Ní léigfe tú tárrnochd dhearbhrathar hathar leis, ní racha tú
a ngar a mhná: óir is í bean dearbhráthar hathar í.


L. Lv18:15


Ní léigfe tú tárnochd do bhain chleamhna leis, is í bean do mhic í;
ní léigfe tú a tárrnochd leis.


L. Lv18:16


Ní léigfe tú tárrnochd mhná do dhearbhráthar leis, is ísin tárrnochd
do dhearbhrathar.


L. Lv18:17


Ní léigfe tú tárrnochd mná agus a hinghine leis, agus ní thiubhra tú
inghean a mic, nó inghean a hinghine, chum a ttárnochd
dfhoilsíughadh: óir is íad a mná foigse gaóilsin íad, is coir é.


L. Lv18:18


Ní mó bhéurus tú bhean a gcionn a deirbhsheathar, dá buáireadh, chum
a tárrnochd dfhoilsiughadh, taóbh amuigh don mhnaói eile, ar feadh
a beatha.


L. Lv18:19


Mar an gcédna ní racha tú a ngar mhná do choimhríachduin ría, an
feadh bhías arna cur ar leith ar son a neamhghloine.


L. Lv18:20


Tuilleamh eile, ní luighfe tú go colluidhe lé mnaói do chomharsann,
dot thruáilleadh féin lé.


L. Lv18:21


Agus ní léigfe tú dénduine dot shliochd dul thríd ( an teinidh)
go Mólech, ní mó dhísbeagfar tú ainm do Dhé: misi an tighearna.


L. Lv18:22


Ní luighfe tú le cinéul feardha mar an gcinéul mbanda: is
gráineamhlachd é.


L. Lv18:23


Ní mó luighfeas tú le beathadach ar bith, dot thruáilleadh féin leó:
ní mó fhanfas bean ag beathach ar bith do luidhe lé; is damnadh é.


L. Lv18:24


Ná truáillidh sibh féin anéinní do na neithibhsi, óir is iontaso
uile do truáilleadh na daóine do theilg mé amach romhuibh.


L. Lv18:25


Agus atá an talamh truáillidhthe: uimesin agruimsi a choir féin air,
agus atá an talamh féin a sceith a dhúthchusuidh dhe.


L. Lv18:26


Coimheóltaói ar anadhbharsin mo statúidigh, agus mó bhreitheamhnuis,
agus ní dhéntaói éinní do na neithibh gráineamhlasa ceachtar aca duine
dá bhur ttír féin, nó an coimhidhtheach chomhnuigheas bhur measc.


L. Lv18:27


(Oír dorinneadar muinntir na tíre an ghráineamhlachdsa uile, noch
dobhí romhuibhsi, agus atá an talamh truáillighthe.)


L. Lv18:28


Cor nach sceithfidh an talamh sibhsi amach mar an gcédna, anuair
thruaillfidh sibh é, mar do sceith na cineadhacha dobhí romhuibh ann.


L. Lv18:29


Oír gidhbé ar bith duine dhénas éinní don adhúathmuireachdso,
eadhon na hanmanna féin doní íad, gearrfuighear amach ó na muinntir
íad.


L. Lv18:30


Ar anadhbharsin coimhéadfuidhe morduighese, cor nach déntaói éinní
do na gnáthuighthibh gráineamhlasa, dorinneadh romhuibh, agus nach
dtruáillthí sibh féin ionta: misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dá rádh.


L. Lv19:2


Labhair ré comhchruinniughadh chloinne Israel uile, agus abair ríu,
beithí naómhtha: óir (atáimse) an tighearna bhur Ndía naómhtha.


L. Lv19:3


Biáidh eagla bhur maithreach agus bhur naithreach aguibh ( ar gach
aón fá leith) agus coimhéaduigh mó shábóid; mise an tighearna bhur
Ndía.


L. Lv19:4


Ná hionntoighidh lé hiodhaluibh, agus ná dénaidh Dée leagtha
dhaóibh: misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:5


Agus má thairgthí íodhbuirt dofráil shíodha don tighearna bhur
Ndía: ofráilfidh í ar bhur ttóil féin.


L. Lv19:6


Iostar í an lásin féin ofráilfighear í, agus arna mhárach; agus má
mhairionn fuighioll go ttí an treas lá, loiscfíghear annsa teinidh é.


L. Lv19:7


Agus má hithtear ar chor ar bith an treas lá é, is gráineamhuil é; ní
ghéubhthar é mar íodhbuirt.


L. Lv19:8


Ar anadhbharsin gach énduine dá níosuidh é, biáidh a phecadh dhó,
ar anádhbhar gur thruáillidh sé ní naómhtha an tighearna; agus
gearrfuighear an tanamsin amach as lár a mhuinntire.


L. Lv19:9


Agus anuáir bheanfuidhe fóghmhar bhur bhfearuinn, ní bheanfuidhe
coirnéil bhur machaire go hiomlán, ní mó chruinneochus tú díoghluim
thfhóghmhuir.


L. Lv19:10


Agus ní dhioghlumfuidh tú thfhíneamhuin, ní mó chruinneochus
tú gach énchor dot fhíneamhuin; fúigfe tú ag na bochdaibh íad agus ag
an gcoimhightheach: misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:11


Ní ghadfuidhe; agus ní mó dhéntaói bréag ré cheile.


L. Lv19:12


Agus ní thiubharthaói mainmse a mbréig: ní mó thruáilleochus tú
ainm do Dhé; misi an tighearna.


L. Lv19:13


Ní mheallfa tú do chomharsa, ní mó shladfas tú é: ní choinneocha
tú agad tuarasdal an té fhoisteochthair, ar feadh na hoidhche go
maidin.


L. Lv19:14


Ní mhailleochuidh tú an bodhar, agus ní chuirfe tú ceaptuislidh
roimhe an ndall, achd biáidh eagla do Dhé ort: misi an tighearna.


L. Lv19:15


Ní dhéntaói écceart a mbritheamhnas; ní mheasfuidh tú pearsa an
bhoichd, agus ní onórfuigh tú pearsa an chumhachduigh: a
bhfíreantachd dodhéna tú breitheamhnus ar do chomharsainn.


L. Lv19:16


Ní imeochuidh tú síos agus súas amhuil scéaluighe a measg do daóine;
ní mó sheasfas tú anaghaidh fhola do chomharsann; misi an
tighearna.


L. Lv19:17


Ní fhúathocha tú do dhearbhrathair ann do chroidhe: achd
iomaithbheora tú ar gach uile chor do chomharsa, agus ní
fhuileongtha tú pecadh do bheith air.


L. Lv19:18


Ní dhéna tú dioghaltas, ní bhía mioscuis ar bith agad re cloinn do
dhaóine féin, achd gráidheocha tú do chomharsa mar thú féin: misi
an tighearna.


L. Lv19:19


Coimhéadfuidhe mo statúidigh: ní léicfídhe dá bhur náirnéis
gineamhuin ré cinéul égsamhuil: ní chuirfe tú thfhearann lé síol
cumaisce: agus ní mó chuirfeas tú éadach cumaisce do líon agus doluinn
iomad.


L. Lv19:20


Agus gidhbé ar bith luidheas go colluidhe lé mnaói dhaóir,
cunnarthach ag fear, agus nár fúasgladh í agus nach bhfuáir saóirse;
sciúrsfuighear í: ní chuirfighear chum bás íad, do chionn nach raibh
sise saór.


L. Lv19:21


Agus dobhéura seision ofráil chum an tighearna, go dorus thabernacuil
an chomhchruinnighthe, reithe mar ofráil sháruighthe.


L. Lv19:22


Agus dodhéna an sagart síth ar a shon lé reithe na h ofrála
sáruighthe a lathair an tighearna, ar son an phecaidh dorinne sé.


L. Lv19:23


Agus anuáir thiucfuidhe don tír, agus cuirfidhe gach uile shórt
crann chum beatha; annsin measfuidhe a thoradh neimhthimchillgheárrtha:
trí blíadhna bhías neimhthimchillgheárrtha aguibh: ní íostaói dhe.


L. Lv19:24


Achd annsa cheathramahadh blíadhan biáidh a thoradh uile naómhtha, do
mholadh an tighearna (leó).


L. Lv19:25


Agus íostaói an toradh an cúigeadh blíadhan, chor go ttuga sé biseach
dhaóibh: misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:26


Ní íostaói (ní ar bith) maille ris an bhfuil, ní mó ghnáitheochthaói
geasadóireachd, ní chuirfídhe beann ar aimsearuibh (áirighe)


L. Lv19:27


Ní bhearrfuidhe mulluighe bhur gceann, agus ní mó mhillfeas tú
coirnéul thfhésóige.


L. Lv19:28


Ní dhéntaói gearradh ar bith ion bhur bhfeoil ar son na marbh, nó
comhartha ar bith do chlóghugadh ionnuibh: misi an tighearna.


L. Lv19:29


Ní ofráilfe tú hinghion, dá thabhairt uirre bheith na
stríapuidh, deagla go ttuitfeadh an dúthaidh a stríapachas, agus go
tiucfadh chum bheith lán dulc.


L. Lv19:30


Coimhéadfuidhe mó sábóidigh, agus onórfuidhe mo shanctóir: misi an
tighearna.


L. Lv19:31


Ná bíodh suim aguibh ann sa druing ga mbídh spioraid mhuinnteardha,
agus ná hiarruidh luchd fáistine da bhar ndhéanamh truáilligh leó:
misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:32


Éireochuidh tú súas roimhe an cceann líath, agus onórfuigh tú adhuigh
an tseanóra, agus biáidh eagla agad roimhe Dhía; misi an tighearna.


L. Lv19:33


Agus má chomhnuigheann duine énduáire aguibh ansa dúthaidh, ní
ghoirteochthaói é.


L. Lv19:34


Achd an coimhidhtheach chomhnuigheas ó bhur bhfachair, biáidh
amhuil duine bhéarthar bhur measc, agus gráidéocha sibh é mar sibh
féin; óir dobhábhair féin bhur ccoimhghthibh a gcrích na Hegipte;
misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv19:35


Ní dhéntaói écceart a mbreitheamhnus a ttomhas slaite, a gcomhthrom,
nó a miosúireachd.


L. Lv19:36


Scáluidhe comhthroma, comhthruim chomhthroma, ephah comhthrom, hean
chomhthrom, bhías aguibh: misi an tighearna bur Ndía thug amach as
crích na Hégipte sibh.


L. Lv19:37


Ar anádhbharsin coimhdeochthaói mo statúidigh uile, agus mo
bhreitheamhnuis uile, agus dodhéntaói íad: misi an tighearna.


L. Lv20:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Lv20:2


Déra tú arís re cloinn Israel, giodhbé ar bith do chloinn
Israel, nó do choimidhtheachuibh chomhnuigheas a Nísrael, bhéurus
éinní dá shíol do Mólech; go deimhin bhaiseochthair é; clochfuid
muinntuir na tíre lé clocuibh é.


L. Lv20:3


Agus suidhéochuidh misi maghaidh anaghaidh an duinesin, agus
gearrfad amach é as lár a dhaóine, do chionn go ttug cuid dá shíol
do Mhólech, do thruáilleadh mo shanctóra, agus do tharcuisníughadh
manma náomhtha.


L. Lv20:4


Agus má cheilid daóine na tíre ar mhodh ar bith a súile ón duinesin,
anuáir dobheir dá shíol do Mhólech, agus gan a mharbhadh.


L. Lv20:5


Annsin suidheacha misi maghaidh anaghaidh an duinesin, agus an
aghaidh a mhuinntire, agus gearrfa mé amach é as lár a dhaóine, agus
an mhéid leanfus a stríapachus é, do dhénamh tríapachas le
Mólech.


L. Lv20:6


Agus an tanam ionntochus leis an druing ga mbídh leannáin síghe, agus
a ndiáigh luchd fáistine, do dhul do stríapachus na ndiáigh, cuirfe
mé cheana maghaidh a naghaidh a nanma, agus gearrfa má as lár a
muinntire íad.


L. Lv20:7


Náomhuidh sibh féin ar anadhbhursin: agus bíthi náomhtha: óir misi
an tighearna bhur Ndía.


L. Lv20:8


Agus cuimhdéochthaoi mo statúidigh, agus do dhéantaoi íad: misi an
tighearna naomhas sibh.


L. Lv20:9


Óir gach uile dhuine mhalluighead a athair, nó fá mháthair
dbaiseochthar é go deimhin: do mhalluidh sé athair nó a mhathair
(biáidh) a fhuil air féin.


L. Lv20:10


Agus an té dhénas adhaltrannas ré mnaói dhuine eile, dodhénas a
dhaltrannus re mnaói a chomharsan, cuirfighear go deimhin an
tadhaltrannach fir agus mná cum báis.


L. Lv20:11


Agus an duine luidheas lé mnaói a athar do léig tárrnochd a athar
leis, báiseochthar íad aráon; biaidh a bhfuil orra féin.


L. Lv20:12


Agus má luighionn duine lé mnaói a mhic, cuirfíghear íad aráon go
deimhin chum báis; do oibrígheadar buáidhirt; biáidh a bhfuil orra
féin.


L. Lv20:13


Má luidheann fear mar an gcédna le fear eile, mar luighios lé mnaói,
dorinneadar aráon gráineamhlachd: báiseochthar go dearbhtha íad;
biáidh a bhfuil orra féin.


L. Lv20:14


Agus má bheir fear bean agus a mathair, is peacadh (gráineamhuil) sin,
loiscfíghear a tteinidh íad aráon, eision agus íadsan: ionnus nach
biáidh peacadh bhur measg.


L. Lv20:15


Agus má luighionn fear lé beathach báiseochthar go deimhin, agus
muirfigheas an beathach.


L. Lv20:16


Agus má thig bean a ngar beathuigh agus luidhe síos dó, muirfe tú an
bhean agus an beathach: cuirfighe go deimhin chum báis íad; biáidh a
bhfuil orra féin.


L. Lv20:17


Agus má bheir duine a dheirbhshíur, inghean a athar, nó inghean a
mathar, agus go bhfaice a tárnochd, agus go bhfaicfe sisi a
thárnochdsan, is droch ní sin, agus gearrfuighear amach íad a
radharc a muinntire: do léig sé tárnochd a dheirbhsheathrach leis,
iomchóruidh sé a choir.


L. Lv20:18


Agus má luighinn fear lé mnaói a mbía a tinneas uirre, agus go
leicfidh a tárrnochd leis, do thaisbean sé a tobar, agus do léig sisi
tobhar a fola leis: agus gearrfuighear íad aráon amach ó bheith a
measc a muinntire.


L. Lv20:19


Agus ní léigfe tú tárnochd dheirbhsheathar do mhathar leis, nó
dearbhsheathar hathar: óir leígidh a ghaol fogus leis; iomchóruidh
síad a ccoir féin.


L. Lv20:20


Agus má luighionn fear lé mnaói dhearbhrathar a athar, do léig sé
tárrnochd dhearbhrathar athar leis: biáidh a bpeacadh orra,
dogheabhaid bás gan chloinn.


L. Lv20:21


Agus má bheir duine bean a dhearbhráthar, is ní neamhghlan sin: do
léig sé ris tárrnochd a dhearbhráthar, béid gan chloinn.


L. Lv20:22


Uimesin cuimhdeochthaói mo statúidigh uile, agus mo bhreitheamhnuis
uile, agus dénaidh íad: Ionnus nach sceithfeadh an fearann iona
bhfuilim dá bhur ttabhairt do chomhnuighe sibh.


L. Lv20:23


Agus ní siubholtuighe a mbésuibh an chinidh, noch theilgimsi amach
romhuibh: óir dorinneadar na neithesi uile, agus ar anádhbharsin do
fhuaithigh misi íad.


L. Lv20:24


Achd adubhairt mé ribhsi, geabhthaói óighreachd a ndúthuighe, agus
dobhéra misi dhíbh é, dhá shealbhugadh, fearann líonas do mhil
agus do bhainne: misi an tighearna bur Ndía, noch do dhealuigh sibh
ré daóinibh oile,


L. Lv20:25


Ar anádhbharsin cuirfighe dithbhir idir ainmhidhibh ghlana agus
neamhghlana, agus eidir énlaith neamhghlan agus glan, agus ní dhéntaói
bhur nanmanna adhúathmhar lé beathach, nó lé hénuibh, nó lé ní ar
bith béo shnámhas ar an talumh, noch do scar misi ribh mar
neamhghloine.


L. Lv20:26


Agus beithí náomhtha dhamhsa: óir misi an tighearna (atáim)
náomhtha, agus do dhealuigh mé sibhsi ó dhaóinibh eile, ionnus go
mbéithí agum féin.


L. Lv20:27


Mar na gcédna fear nó bean ag a mbía spiorad tathuightheach nó bías
na fháistineach, cuirfighear go demhin chum báis íad; gébhuid do
chlochuibh orra, biáidh a bhfuil orra féin.


L. Lv21:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, labhair ris na sagartuibh
clann Aáron, agus abair ríu: ní bhía énduine arna thruáilleadh ar
son na marbh a measc an phobail.


L. Lv21:2


Achd ar son a ghaóil, bhías fogus dó, ar son a mhathar, agus ar son
a athar, agus ar son a mhic, agus ar son a inghine, agus ar son a
dheirbhrathar.


L. Lv21:3


Agus ar son a dheirbhsheathrach atá na maighdin a bhfogus dó, ag
nach raibh fear ar bith: ar a sonsin, as éidir leis bheith arna
thruáilleadh.


L. Lv21:4


Ach ní thruaillfidh é féin, ar mbeith na dhuine onórach a measc a
dhaóine, dá dhénamh féin míothaitneamhach.


L. Lv21:5


Ní dhénuid maoile na gceannuibh, ní bhearrfuid taóbh a bhfésog,
ní mó dhénuid gearradh ar bith na bfeóil.


L. Lv21:6


Béid síad náomhtha chum a Ndé, agus ní tharcuisneochuid síad ainm a
Ndée: óir ofrála an tighearna dénta le teinidh, agus arán a Ndé
ofráluid siad: uimesin béid náomhtha.


L. Lv21:7


Agus ní thiubhraid bean bhías na stríapuidh, nó truaillighthe; ní
mó bhéruid bean chuirfighear ó na fear: óir atá sé náomhtha dá Dhía.


L. Lv21:8


Naómhthochuidh tú é ar anádhbharsin, óir ofráluidh sé arán do Dhé,
biáidh sé náomhtha dhuit: óir misi an tighearna, noch náomhthas tusa,
(atáim) náomtha.


L. Lv21:9


Agus má thruaillighean inghean éntsagairt í féin lé stríapachus,
truaillfidh sí a hathair: loiscfíghear lé teinidh í.


L. Lv21:10


Agus an té bhías na árdshagart a measc a dhearbhráithreach, air ar
dóirteadh anola ungtha ar a cheann, agus do coisreagadh do chur na
n-édúighe air, ní nochdfuidhe a cheann, agus ní brisfídhe a édach.


L. Lv21:11


Ní mó rachus asteach go hénchorp marbh, nó shaileochus é féin ar
son athar nó a mhathar.


L. Lv21:12


Ní mó rachus amach as an tsanctóir, nó thruáillfeas sanctóir a Dhé;
óir atá coróin ola náomhtha a dhé air: misi an tighearna.


L. Lv21:13


Agus dobhéura sé bean iona maighdionas.


L. Lv21:14


Baintreabhach, nó bean dhealuighthe, nó bean thruáillighthe, nó
méirdreach, ní thiubhra sé íadsin: achd dobhéura sé maighdion da
dhaóinibh féin, na mnaói.


L. Lv21:15


Ní mó thruáillfeas a shíol a measc a dhaóine: óir misi an tighearna
náomhuim é.


L. Lv21:16


Agus do labhair an tighearna re Maóisi, dá rádh.


L. Lv21:17


Labhair re Haáron, ga rádh, giodh bair ar bith bhías dot shliochd
iona ngeinealeachuibh, ar a mbía aineamh ar bith, ná tigheadh a
gcomhfhogus dofrá aráin a Dhé:


L. Lv21:18


Óir giodhbé ar bith duine ar a mbía aineamh, ní thiucfa sé a ngar
dhi: dall, nó bacach, nó an té gá a mbía srón leachta asteach, nó
éinní iomarcach.


L. Lv21:19


Nó duine ag a mbí a chos briste, nó a lám briste.


L. Lv21:20


Nó cruitín nó abhac, nó air a bhfuil, aineamh ar a shúil, nó bhías
clamh nó gearbach, nó an té gá mbrisfíghear a chlocha.


L. Lv21:21


Ní thiucfa aónduine do shíol Aáron an sagart, ar a mbía aineamh, a
ngoire díodhbuirt ofrála an tighearna dénta le teinidh: atá sé
aineamhach, ní thiucfa sé a bhfogus dofráil aráin a Dhé.


L. Lv21:22


Íosuidh sé arán a Dhé, aráon don ronáomhtha, agus náomhtha.


L. Lv21:23


Amháin ní rachuidh táobh asteach don fholach, nó a bhfogus don
altóir do chionn go bhfuil aineamh air; Ionnus nach ttruáillfidh mó
shanctóir: óir misi an tighearna do náomhuidh mé íad.


L. Lv21:24


Agus do innis Maóisi sin do Aáron, agus dá mhacaibh, agus do
chloinn Israel uile.


L. Lv22:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dhá rádh.


L. Lv22:2


Labhair re Haáron, agus ré na mhacaibh, íad féin do sheachna ar
neithibh náomhtha chloinne Israel, agus gan mainm náomhtha do
thruáilleadh, annsna neithibh naómhthochuid dham; misi ann tighearna.


L. Lv22:3


Abair ríu, giodhbé ar bith dá bhur síol uile a measc bhur ngeinealach
rachus chum na neithe náomhtha, noch náomhuid clann Israel don
tighearna, ar mbeith a neamhghloine air geárrfuighear an tanumsin
amach as mo radharcsa: is misi an tighearna:


L. Lv22:4


Giodhbé ar bith duine do shliochd Aáron bhías na lobhar, nó ar a
mbía créchd shilteach; ní iósuidh sé do na neithibh náomhtha nó go
raibh sé glan: agus giodhbé ar bith bheanas re héinní neamhghlan ó
mharbh, nó ó dhuine a nimhthighionn a shíol uadh.


L. Lv22:5


Nó giodhbé ar bith bheanas re héinní snáidhtheach, lé ndéntar
neamhghlan é, nó ré duine ó bhfuigheadh salchar, giodhbé ar bith
salchar bhías air.


L. Lv22:6


An tanum (héinní) bheanas ré héinní don tsórtsin, biáidh salach go
nóin, agus ní iósuidh do na neithibh náomhtha, achd muna nighfidh a chorp
lé huisce.


L. Lv22:7


Agus anúair rachas an ghrían faói, biáidh sé glan, agus íosuidh na
dhiáighsin do na neithibh náomhtha, do chionn gurbísin a bheatha.


L. Lv22:8


An ní dogheibh bás uadh féin nó réubthar lé beathachuibh, ní íosuid,
da salcha féin leis; is misi an tighearna.


L. Lv22:9


Coiméudfuid uimesin mordúghadh deagla go mbíadh na pheacadh dhóibh,
agus go bhfaighdís bás thríd, dhá dtruáilldís é: misi an tighearna náomhas
íad.


L. Lv22:10


Ní íosuidh énchoimhidheach don ní náomhtha: fear énuáire don
tsagart, nó serbhíseach túarusdail ní íosuidh don ní náomhtha.


L. Lv22:11


Achd má cheannchann an sagart énduine léna chuid airgid, íosuidh sé
dhe, agus an té rugadh iona thigh iosuidh sé dhá bhíadh.


L. Lv22:12


Má phóstar inghion an tsagairt mar an gcédna le coimhidheach, ní
fhédann sí ithe dofráil na neitheann náomhtha.


L. Lv22:13


Achd má bhíonn inghion an tsagairt na baintreabhuigh nó dealuighe, nó
nach bía clann aice, agus go bhfillfidh sí go tigh a hathar, do nós a
haóise óige, íosuidh sí do bhíadh a hathar; achd ní íosfuidh
énchoimhidheach dhe.


L. Lv22:14


Agus má ithionn duine don ní náomhtha gan fhios dó féin, annsin
cuirfidh an cúigeadh cuid dena chionn, agus dobhéura don tsagart é,
maille ris an ní náomhtha.


L. Lv22:15


Agus ní thruáillfidh neithe náomhtha Israel, noch ofráluid don
tighearna.


L. Lv22:16


Ní mó fhuileonguidh úalach a bpeacaidh orra fá shárughadh, anuáir
íosuid na neithe náomhtha: óir is misi an tighearna náomhas íad.


L. Lv22:17


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Lv22:18


Labhair re Haáron, agus réna mhacuibh, agus ré cloinn Israel
uile, agus abair ríu, giodhbé ar bith é do chloinn Israel, nó do na
choimhidhthibh a Nisrael, ofráilfios íodhbuirt ar son a mhóideann
uile agus ar son ofrálach toileamhla uile, noch ofráilfid don tighearna
mar ofráil loiscthe.


L. Lv22:19


(Ofráilfidhe) dá bhur ttoil féin firionnach gan toibhéim, do na buaibh
nó do na caórchuibh, nó do na gabhruibh.


L. Lv22:20


Achd giodhbé ar bith ar a bhfuil toibhéim, ní ofrálfuidhe sin, óir
ní gébhthar ar bhur son é.


L. Lv22:21


Agus giodhbé ar bith ofrálas ofráil íodhbartha shíothchána don
tighearna, do chomhall a mhóide, nó ofráil áontadhach do bhuáibh, nó
do chaorcuibh, biáidh iomlán réna ghlacadh; ní bía toibhéim ar bith
air.


L. Lv22:22


Doille, nó briseadh, nó ciorrbhadh, no air a mbía sineach, nó claimh
nó gearba, ní offráilidh íadso don tighearna, agus ní dhéntaói ofráil
lé teinidh dhíobh don tighearna ar an altóir.


L. Lv22:23


Achd bulóg, nó úan air a mbía iomarcaidh, nó easbhuigh ar a
bhalluibh, féduigh tú sin díodhbuirt mar ofráil thoilteanuigh, achd
ní ghéubhthar é ar son móide.


L. Lv22:24


Ní ofráilfuidhe don tighearna an ni bhías brúite, nó combrúite, nó
briste, nó geárrtha: ní mó dhéna sibh ofráil ar bith dhe ion bhur
bhfearann.


L. Lv22:25


Ní mó ofrálfuidhe bíadh an tighearna as láimh choimhighthigh déinní
dhíobhso; do chionn go bhfuil a morgadh féin ionta, agus go
bhfuilid ainmhe orra; ní ghéubhthar ar bhur son íad.


L. Lv22:26


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, gá rádh.


L. Lv22:27


Anuáir dobhéurthar bulóg nó caora, nó gabhar annsin biáidh seachd
lá faói na mathair: agus ón ochdmhadh lá, agus uadh sin amach géubhthar
é mar ofráil dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv22:28


Agus mas do bhoin, nó do chaoirigh bhías sí, ní mhuirfe tú í féin,
agus a hóg a nénló.


L. Lv22:29


Agus anuáir ofráilfidh íodhbuirt buidheachuis don tighearna,
ofráilfidh dá bhur ttoil féin í.


L. Lv22:30


Iósfuighear súas an lásin féin í, ní fhúigfidhe éinní dhi go
maidin; misi an tighearna.


L. Lv22:31


Uimesin coimhédfuidhe maitheanta, agus dodhéntaoi dá réir: misi
an tighearna.


L. Lv22:32


Ní mó thruáillfidhe mainm náomhtha, achd biáidh mé ar mo náomhadh a
measc chloinne Israel: misi an tighearna náomhas sibh.


L. Lv22:33


Thug amach as crích na Hégipte sibh, dom bheith mar Dhía agaibh:
misi an tighearna.


L. Lv23:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Lv23:2


Labhair re cloinn Israel agus abair ríu (a ttáobh) fhéstaidh an
tighearna, noch fhuáigeorthaoi (bheith) na ccomhgairm náomhtha, is
íadso mfhéstaidhse


L. Lv23:3


Sé lá do dhéntar obair, achd is é an seachdmhadh lá sábóid an
tsuáimhneasa, comhghairm náomhtha é; ní dhéntaoi obair ar bith ann:
isí sábóid an tighearna í ann bhur náitibh.


L. Lv23:4


Is íadso féstaidh an tighearna comhchruinniugh náomhtha, noch
fhuáigeorthaoi.


L. Lv23:5


Annsa cheathramhadh lá dég, annsa chéidmhí tráthnóna, bhías
cáisg an tighearna.


L. Lv23:6


Agus ar an gcúigeadh lá déag don mhí chéadna, bhías féasta anaráin
gan laibhín don tighearna: seachd lá íosfuidhe arán gan laibhín.


L. Lv23:7


An chéd lá biáidh comhghairm náomhtha aguibh; ní dhéntaói obair
shaothrach ar bith ann.


L. Lv23:8


Achd ofráilfidhe iodhdhuirt dénta le teinidh don tighearna seachd
lá: annsa seachdmhadh lá bhías an chomhghairm náomhtha, ní dhéantaoi
obair sháothrach ar bith ann.


L. Lv23:9


Agus do labhair an tighearna re Maóise dá rádh.


L. Lv23:10


Labhair ré cloinn Israel, agus abair ríu, anuáir thiucfuidhe don
dúthaigh, atáimsi do thabhairt dhaóibh, agus bheanfuidhe a
fhoghmar, annsin dobhéurthaoi punnann do chédthoradh bhur
bhfoghmhair chum an tsagairt.


L. Lv23:11


Agus croithfidh an phunann a bhfíaghnuise an tighearna, dá glacadh
air bhur son: arna márach déis na sábóide chroithfios an sagart í.


L. Lv23:12


Agus ofráilfídhe an lásin anuáir chroithfidhe an phunann úan
firionn gan aineamh, don chéidbhlíadhuin mar ofráil loiscthe don
tighearna.


L. Lv23:13


Agus budh hé a ofráil bhídh sin, dhá dheich gcuid do phlúr mhín
chumaiscthe lé hola: mar ofráil dénta le teinidh don tighearna mar
bholadh chumhra; agus a hofráil dighesin, is dfhíon bhias,
eadhon an cheathramhadh cuid do hin.


L. Lv23:14


Agus ní íostaói arán, nó grán bórtha, nó diása glasa go ttí an lá
cédna a ttugabhair ofráil chum bhur Ndé: biáidh na statúid
shíorruidhe ar feadh bhur ngeinealach, ion bhur nuile áit
chomhnuighe.


L. Lv23:15


Agus comháirfidhe dhaóibh ón lá ar an mhárach déis na saóire, ón lá
fa dtiubharthaói libh punnann na hofrála croithte, seachd sábóidigh
choimhlíonfuighear.


L. Lv23:16


Eadhon go nuige arna mhárach a ndiáigh an seachdmhadh sábóid
áireomhthaói caogadh lá, agus ofráilfidhe ofráil núadh bhídh don
tighearna.


L. Lv23:17


Dobhéurthaói amach as bhur ttightibh dhá bhuilín craitthe do dhá
dheachmhadh cuid; do phlúr mhín bhéid síad, bácalfuighear maille re
laibhín íad, atáid siad na ccédthoradh don tighearna.


L. Lv23:18


Agus ofráilfidhe leis anarán seachd nuáin gan aineam, don
chéidbhlíadhuin, agus bulóg óg, agus dhá reithe, béidh mar ofráil
loiscthe don tighearna maille rena nofráil bhídh agus lena nofráil
dighe, eadhon ofráil dénta le teinidh, do bholadh chumhra don
tighearna.


L. Lv23:19


Annsin dodhéantaoi íodhbuirt do mheannán do na gabhruibh, ar son
ofrála peacaidh, agus dhá úan don chéidbhlíadhuin ar son íodhbartha
ofrála siothchána.


L. Lv23:20


Agus croithfidh an sagart íad maille re a harán an chédthoruidh
mar ofráil chroitthe a lathair an tighearna, maille leis an dá úan:
béid síad náomhtha don tighearna chum an tsagairt.


L. Lv23:21


Agus fuáigeorthaói an lásin féin, go mbía na chomhghairm náomhtha
dhaoibh: ní dhéntaoi obair sháothrach ar bith ann: biáidh na státúid
go brádh ann bhur nuile áit ar feadh bhur ngeinealach.


L. Lv23:22


Agus anuáir bheanfuidhe foghmhar bhur bhfearann, ní dhéntaói
cárnadh glan ar imlibh an mhachaire anuáir bheanfuidhe é; ní mó
chruinneochthaoi díoghluim bhur bhfóghmahir: fúigfidhe ag na
bochtuibh íad, agus ag an ccoimhidheach: is misi an tighearna bhur
Ndía.


L. Lv23:23


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Lv23:24


Labhair re cloinn Israel, dhá rádh, annsa sheachdmhadh mí, anns
chéad lá don mhí bhías sábóid aguibh, cuimhne shéideadh stoc,
comhghairm náomhtha.


L. Lv23:25


Ní dhéntaoi obair sháothrach ar bith ann: achd ofráilfidhe ofráil
dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv23:26


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Lv23:27


Mar an gcédna an deachmhadh lá don tseachdmhadh mí biáidh na lá
síotha, biáidh na chomhghairm náomhtha dhaóibh, agus cráidhfidhe bhur
nanmanna, agus ofráilfidhe ofráil dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv23:28


Agus ní dhéntaoi aóinghné oibre san lósin: óir is lá síodha é, do
dhéanamh síotha dhíbh a bhfíadhnuise an tighearna bhur Ndía.


L. Lv23:29


Óir giodhbé ar bith anum nach bía doilghiosach an lásin féin:
géarrfuighear an tanumsin amach as lár a mhuinntire.


L. Lv23:30


Agus giodhbé ar bith anum dodhéanas obair ar bith annsa lásin
féin, scriosfa misi an tanumsin as lár a mhuinntire.


L. Lv23:31


Ní dhéantaoi énghné oibre: biáidh sé na statúid go bráth ar feadh
bur ngeinealach, ionbhur náitibh uile.


L. Lv23:32


Biáidh na shábóid suáimhneasa dhaóibh, agus cráidhfidhe bhur nanmanna
annsa náomhadh lá don mí tráthnóna: ó thráthnóna go tráthnóna
chuinneochtaoi bhur sábóid


L. Lv23:33


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh.


L. Lv23:34


Labhair re cloinn Israel, dá rádh, an cúigeadh lá déag don
tseachdmhadh mí bhías féasta na ttabernacuil ar feadh sheachd lá
don tighearna.


L. Lv23:35


Ar an gcéud lá biáidh comhghairm náomhtha, ní dhéantaoi éanobair
dháor ann.


L. Lv23:36


Seachd lá ofrálfuidhe íodhbuirt déanta le teinidh don tighearna, ar an
ochdmhadh lá biáidh chomhghairm náomhtha aguibh, agus ofrálfuidhe
ofráil déanta le teinidh don tighearna: is cruinniughadh sollamanta é,
agus ní dhéntaoi obair ar bith shaóthrach ann.


L. Lv23:37


Is íadso féstuidh an tighearna noch fhuáigeorthaói do bheith na
ccomhghairm naómhtha, dofráil ofrála dénta le teinidh don tighearna,
ofráil loiscthe agus ofráil bhídh, íodhbuirt agus ofrála díghe, gach
éinní an a ló féin.


L. Lv23:38


Taóbh amuigh do Shábóidibh an tighearna, agus taóbh amuigh dá bhur
mbrontuibh, agus taóbh amuigh dá bhur móidibh uile, agus taobh amuigh
da bhur nofráluibh ó thoil aóntadhuigh, noch dobhéurthaoi don
tighearna.


L. Lv23:39


Mar an gcédna ann sa chúigeadh lá déug don tseachdmhadh mí, anuáir
chruinneochthaói asteach sochar na bhfearann cruinneochthaoi fésda
don tighearna seachd lá: ar an gcéd lá biáidh Sábóid agus ar an
ochdmahdh lá biáidh Sábóid.


L. Lv23:40


Agus géubhthaói chugaibh ar an ccéud lá, craóbha chrann mbreádha,
géaga do chrannuibh pailme, agus beangáin do chrannuibh tiugha, agus
soileóga an tsrotha; agus gáirdeochthaói a bhfíadhnuise an tighearna
bhur Ndía seachd lá.


L. Lv23:41


Agus coimhdeochthaói féasta don tighearna seachd lá san mblíaghuin:
(biáidh sé) na statúid go bráth ag bhur ngeinealach, coimhéudfuidhe é
annsa seachdmhadh mí.


L. Lv23:42


Fanfuidhe a mbothuibh seachd lá: am mhéid dorugadh na Nisraelitibh,
coimhneochuid a mbothuibh.


L. Lv23:43


Ionnus go mbía a fhios ag bhur sleachtuibh go ttug misi ar chloinn
Israel áitreabh a mbothuibh anuáir thug mé as crích na Hégipte
íad: is mise an tighearna bhur Ndía.


L. Lv23:44


Agus do fhoillsigh Maóise do chloinn Israel féastuidhe an
tighearna.


L. Lv24:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dhá rádh.


L. Lv24:2


Fúagair do chloinn Israel ola fhíorghlan do thabhairt chugad brúite
chum an tsoluis, do thabhairt ar na soillsibh lasadh a gcomhnuidhe.


L. Lv24:3


Taóbh amuigh dfholach fhíadhnuise thabernacuil an
chomhchruinnighthe óirdeochus Aáron é, ó thráthnóna go maidin, a
bhfíadhnuise a tighearna go síorruidhe: (biáidh) na statúid a
gcomhnuidhe ann bhur sleachduibh.


L. Lv24:4


Oírdeochuidh sé na lampuidhe ar an ccoinnleóir ghlan a bhfíaghnuise
an tighearna go gnáthach.


L. Lv24:5


Agus géubha tú plúr mín chugad, agus brúithfe tú dhá bhairgín déag
dhe: dhá dheachmhadh cuid bhías ann sa bhairghín díobh.


L. Lv24:6


Agus suidheocha tú a ndá chúrsa íad, as é ann sa chúrsa dhíobh, ar
an mbórd fhíorghlan a bhfíaghnuise an tighearna.


L. Lv24:7


Agus cuirfe tú túis fhíorghlan ar gach cúrsa, cor go mbía ar anarán
mar chuimhne, (eadhon) ofráil dénta le teinidh don tighearna.


L. Lv24:8


Cuirfidh sé a n órd é, gach aón tsábóid a bhfíaghnuise an tighearna
do shíor, (arna ghlacadh) ó chloinn Israel lé cunnradh suthuin.


L. Lv24:9


Agus budh lé Haáron, agus lena chloinn é, agus íosuid é
annsanáit naómhtha: óir atá sé rónaómhtha aige dofráluibh an
tighearna déanta lé teinidh lé statúid shiothbhuáin.


L. Lv24:10


Agus dochuáidh mac mná Israeldha, ag arbh Égipteach a athair, a
measc chloinne Israel: agus do throid an macsa na mná Israeldha,
agus duine do Israel ré chéile san champa.


L. Lv24:11


Agus do mhasluigh mac na mná Israeldha ainm an tighearna, agus do
mhalluigh é, agus tugadar chum Maóise é: agus dobé ainm a mhathar
Selomit, inghean Dibri, do threibh Dan.


L. Lv24:12


Agus do chuireadar a bpríosún é, go mbeith fios inntinne an
tighearna aca.


L. Lv24:13


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv24:14


Tabhair amach an té dorinne an mallughadh taóbh amach don
fosluingphurt, agus leagdaóis an mhéid dochualaidh é, a lámha ar a
chionn, agus clochadh an coimhchruinniughadh uile é.


L. Lv24:15


Agus labheóruidh tú ré cloinn Israel, dá rádh, gidhbé ar bith
mhalluigheas a Dhía, fuileonguidh a phecadh.


L. Lv24:16


Agus an té scannluigheas ainm an tighearna cuirfíghear go deimhin chum
báis é, agus clochfuidh an comhchruinniughadh go dearbhtha é: comhmaith
an coimidheach, agus an té béurthar annsa tír, anuáir mhaisleochus sé
ainm an tighearna cuirfíghear chum báis é.


L. Lv24:17


Agus an té mharbhus éanduine cuirfíghear go deimhin chum báis é.


L. Lv24:18


Agus an té mharbhus beathach dodhéna díol ar a shon, eadhon beathach
ar beathaigh.


L. Lv24:19


Agus mas ciontach duine ré haineamh do bheith ar a chomharsainn:
amhuil dorinne sé, is amhluidh do dhéntar ris.


L. Lv24:20


Briseadh ar son bhriste, súil ar son súile, fíacal ar son fíacaile,
mar thug sé aineamh do dhuine, marsin dhéntar ris arís.


L. Lv24:21


Agus an té mhuirfeas beathach aiseóguidh sé é, agus an té mharbhas
duine cuirfighear chum báis é.


L. Lv24:22


Biáidh énmhodh amháin dlighe aguibh, chomhmaith ar son an té
rugadh ann bhur ttír féin; óir is misi an tighearna bhur nDía.


L. Lv24:23


Agus do labhair Maóise ré cloinn Israel, an té dorinne an
mallughadh do thabhairt leó amach as an gcampa, agus gabháil do
chlochuibh air: agus dorinneadar clann Israel mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Lv25:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise a slíabh Sínai, gá rádh.


L. Lv25:2


Labhair re cloinn Israel agus abair riú:, anuáir thiucfuidhe don
dúthaidh dobheirimse dhaóibh, annsin cuinneochuid an dúthaidh Sábóid
don tighearna.


L. Lv25:3


Sé blíadhna chuirfeas tú do shíol, agus sé blíadhna leiseóchus tú
thfíneamhuin, agus chruinneochus tú asteach a toradh.


L. Lv25:4


Achd annsa seachdmhadh blíadhain biáidh saóire shuáimhneasa don
dúthaigh, Sábóid an tighearna: ní chuirfe tú thfearann, agus ní
dheiseocha tú thfíneamhuin.


L. Lv25:5


An ní fhásas úadh féin dod fhóghmhar, ní bheanfa tú é, agus ní mó
chruinneochus tú grápuighe thfíneamhna gan deasughadh: óir is
blíadhuin shuáimhneasa don dúthaidh í.


L. Lv25:6


Agus biáidh Sábóid na duthaidh na bhíadh aguibh, dhuit féin, agus dot
sherbhíseach, agus dod chailín, agus dod óglach túarasdail, agus don
choimhidhtheach chomhnuigheas ad fhochair;


L. Lv25:7


Agus donáirnéis agus don bheathach bhías ann do dúthaigh: biáidh a
mbiseachsin uile mar bhíadh dhuit.


L. Lv25:8


Agus áireómhuidh tú seachd Sábóidigh do bhlíadhnuibh dhuit, seachd
n-uáire seachd mblíadhna, agus spás na seachd Sábóid biáidh dhuitse
na gceathrachadh agus ná naói mblíadhnaibh.


L. Lv25:9


Annsin cuirfe tú fa deara stoc lubile do shéideadh ar an deachmhadh lá
don tseachdmhadh mí, a ló na síotha cuirfídhe an stoc dhá shéideadh
ar feadh bhur gcríche uile.


L. Lv25:10


Agus naómhochuidh tú an caogadmhadh blíadhan, agus fuáigeorthaói
saóirse ar feadh na críche uile, don uile áitreabhach innte: biáidh na
lubile agaibh, agus fillfe gach aón aguibh dá sheilbh féin, agus
fillfidh gach aón duine aguibh chum a mhuintire féin.


L. Lv25:11


Biáidh an caógadmhadh blíadhansin na lubile aguibh: ní chuirfídhe
agus ní bheanfuidhe an ní fhásas uaithe féin inte, agus ní
chruinneocha inte caóra thfineamhna gan deasughadh.


L. Lv25:12


Óir is ésin an lubile, biáidh naómhtha aguibh, íostaói a bhiseach
amach as an machaire.


L. Lv25:13


A mblíadhuin an lubileso fillfidhe gach aónduine aguibh dá sheilbh
féin.


L. Lv25:14


Agus má reacann tú éinní red chomharsuinn, nó má cheannchann tú éinní
as láimh do chomharsann, ní sháireóchtaoi a chéile.


L. Lv25:15


Do réir uibre na mblíadhan tar éis an lubile, ceinneochuidh tú ód
chomharsuinn, agus do réir uibhre bhlíadhan na ttórtha reacfas sé
riot.


L. Lv25:16


Do réir iomad na mblíadhan, méideochuidh tú a lúachsin, agus do réir
laighead na mblíadhan laighdeochuidh tú a lúach: óir is é uibhir na
ttórtha reacfus seision riotsa.


L. Lv25:17


Ar anadhbharsin ní chuirfídhe a chéile síos: achd biáidh eagla do
Dhé ort: óir is misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv25:18


Uimesin dodhéntaoi mo statúidigh, agus coimhéadfuidhe mo
bhreitheamhnus, agus dodhéntaói íad, agus áiteochthaói ann sa dúthaigh
gan fhaitchios.


L. Lv25:19


Agus dobhéura an talamh a thoradh, agus íostaóise bhur sáith, agus
áiteochthaói ann gan fhaitchios.


L. Lv25:20


Agus má dértaói, créud íosam annsa seachdmhadh blíadhan; féuch ní
dhénam síolchur, agus ní chruinneochan asteach ar mbiseach.


L. Lv25:21


Annsin áitheonuidh misi dom bheannughadh theachd oruibh ann sa
seiseadh blíadhan, agus dobhéura toradh thrí mblíadhan úadh.


L. Lv25:22


Agus cuirfídhe síol an tochdmhadh blíadhan, agus íostaói fós don
tseantoradh go nuige an naómhadh blíadhan, nó go ttí a tharbha
asteach íostaói don tseantoradh.


L. Lv25:23


Ní reacfuighear an fearann go síorruidhe: óir is liomsa an fearann;
óir dobhádhbhairse bhur ccoimhighthibh, agus bhur naós énuáire am
fhochairsi.


L. Lv25:24


Agus ar feadh fhearuinn bhur seilbhe, aóntochthaóisi fuasgladh ar a
dúthaidh.


L. Lv25:25


Ma bhochduighear do dhearbhrathair, agus go recfuidh dhá sheilbh
uadh, agus go tiucfadh énduine dá ghaól dá fhuasgladh, annsin
fuáisgeola sé an ní do reac a dhearbhráthair.


L. Lv25:26


Agus muna raibh énduine ag an óglach fhúasglas é, agus go mbía
féin cumhachdach ar a fhúasgladh.


L. Lv25:27


Annsin áirmheadh sé blíadhna an reachta, agus aisigeadh an bárr don
óglach, rer reac sé é, cor go ma héidir leis filleadh iona sheilbh
féin.


L. Lv25:28


Achd muna mbía cumhachdach ar aisiog dhó, annsin an ní do reac sé
fuireóchthaói a láimh an tí do cheannuigh é, nó go ttí blíadhuin an
lubile: agus rachuidh amach ionsa lubile, agus fillfidh seision iona
sheilbh.


L. Lv25:29


Agus má recann duine tigh comhnuidhe a gcathruigh bhalla, annsin
féduigh sé a fhuasgladh a ccionn bhlíadhna go hiomlán tar éis a
reaca: a gcionn bhlíadhna iomláine féduigh sé a fhúasgladh.


L. Lv25:30


Agus muna fhúascaltar é taóbh astigh do spás blíadhna iomláine, ann
sin an tigh bhías san cathruigh bhalla biáidh daingion go bráth ag an
té cheannochus é, ar feadh a shleachda: ní rachuidh amach annsa
lubile.


L. Lv25:31


Achd tighthe na mbailteadh nach bíadh balla na ttiomchioll,
measfuighear íad mar mhachaire ná tíre: is éidir a bhfúasgladh, agus
rachuidh amach annsa lubile.


L. Lv25:32


Gidheadh caithreacha na Lebhíteach, agus tighthe caithreach a
seilbhe, féadfuid na Lebhítigh a bhfúasgladh gach énuáir.


L. Lv25:33


Agus má cheannchann duine ó na Lebhítibh annsin an tigh do recadh,
agus cathair a sheilbhe rachuid amach a mblíadhuin an lubilé: óir is
íad tighthe chaithreach na Lebhíteach a sealbh a measg chloinne
Israel.


L. Lv25:34


Achd ní fhédthar machaire fothchaithreacha a gcaithreach do reic: óir
is ísin a sealbh shíorruidhe.


L. Lv25:35


Agus má bochduigheadh do dhearbhráthair agus go ttuitfidh a n-
ainnissi agad, annsin tárrthochuidh tú é, fós má bhíonn sé na
choimhidhtheach na na oighe; ionnus go bhféudfadh sé marthuin ad
fhochair.


L. Lv25:36


Ná glacsa úsúireachd nó biseach ar bith uadh: achd bíodh eagla do
Dhé ort, ionnus go bhféudfadh do dhearbhráthair marthuin ad fochair.


L. Lv25:37


Ní thiubhra tú thairgead dhó ar úsúireachd, agus ní áirlicfe tú
dobhiadh dhó ar bhiseach.


L. Lv25:38


Is misi an tighearna bhur Ndía, thug amach as crích an Hégipte
sibh do thabhairt tíre Chánaain dhaóibh, agus dom bheith am Dhía
aguibh.


L. Lv25:39


Agus má tháinic do dhearbhráthair bhías láimh riot chum bochduine,
agus go reacfuighear riot é, ní chuirfe tú dfhíachaibh air foghnamh
dhuit amhuil dhuine dhaór.


L. Lv25:40


Achd amhuil sherbhíseach tuarusdail, agus mar oighidh bhías agad,
agus foigheonuidh dhuit go blíadhuin an lubilé.


L. Lv25:41


Agus annsin imeochuidh uáit, araón é féin, agus a chlann maille ris,
agus fillfidh ar a mhuinntir féin, agus fillfidh seision go seilbh a
aithreadh.


L. Lv25:42


Óir is íad mo sherbhísighsi íad, noch thug mé amach as crích na
Hégipte: ní recfuighear mar dhaóinibh daóra íad.


L. Lv25:43


Ní ríaglocha tú ós a gcionn lé díbhfheirg, achd biáidh eagla do Dhé
ort.


L. Lv25:44


Araón do dhaóirsineach fear agus do dhaóirsineach ban, noch bhías
agad, béid do na geantibh atá ar gach taóbh dhíot: is díobhsin
cheinneochus tú fir dhaóra agus mná dáora.


L. Lv25:45


Os a chionnsin, do chloinn na gcoimhidhtheach bhías énuáire bhur
measc, uathasin cheinneochaói, agus ó na dteaglach bhías mar aón
ribh, noch rugadh ann bhur ttír: agus béid na seilbh aguibh


L. Lv25:46


Agus glacfuidhe chugaibh íad, mar oighreachd da bhur gcloinn bhur
ndiáigh dá sealbhughadh mar oighreachd, béid na ndaóirsineachuibh
aguibh go bráth: achd ós cionn bhur ndearbhraithreach, clann Israel,
ní dhéntaói uachdaránachd ar a chéile go díbhfheirgeach.


L. Lv25:47


Agus má fhásann oidhe nó coimhidheach sáidhbhir láimh riot, agus do
dhearbhráthair chomhnuigheas láimh ris dfhás bochd, agus go
reacfuidh é féin ré hoidhe, nó ré coimhidheach láimh riot, nó ré
bunadh muinntire an choimhidhthigh.


L. Lv25:48


Tar éis a reacha as éidir a fhúasghladh arís: féudfuidh duine dá
dhearbhráithribh a fhúasghladh.


L. Lv25:49


Féduigh dearbhráthair a athar, nó mac a dhearbhráthar a fhúasgladh,
nó gach aónduine dá bhfuil fogus a ngaól dó dá chineadh, is éidir
dhó a fhúasgladh, nó ma thig sé dhe féin, féuduigh é féin
dfhúasgladh.


L. Lv25:50


Agus dodhéna cuntas ris an té do cheannuigh é, ón bhlíadhuin ar
reacadh ris é, go blíadhuin an lubilé, agus biáidh lúach a reaca do
réir uibhre ná mblíadhan, do réir aimsire óglaóich tuarusdail bhías sé
aige.


L. Lv25:51


Má bhíonn morán blíadhan ar gcúl fós, dobhéura dhó dá réirsin,
lúach a fhúascuilte, as anairgead air ar ceannchadh é.


L. Lv25:52


Agus muna raibh achd beagán blíadhan go blíadhuin an lubilé, annsin
dodhéna cuntas ris, agus do réir a bhlíadhan dobhéura dhó arís
lúach a fhúascailte.


L. Lv25:53


Agus biáidh sé aige do nós ógluidh tuarasduil blíadhnamhuil, agus ní
bhía ríaghladh díbhfeirgeach ag ( an bhfear eile) ós a chionn ann do
radharc.


L. Lv25:54


Agus muna bhfúascaltar annsna blíadhnuibhsi é, annsin rachuidh
amach a mblíadhuin an lubilé, é féin agus a chlann leis.


L. Lv25:55


Óir is agamsa atáid clann Israel na serbhíseachuibh, is íad mo
sherbhísigh íad, noch thug mé amach as crích na Hégipte: misi an
tighearna bhur Ndía.


L. Lv26:1


Ní dhéntaói dhaóibh féin íodhuil ar bith, nó iomháigh ghrábhalta, ní
mó chuirfeas sibh súas íomháigh sheasmach, ní mó chuirfídhe
éiníomháighe chloiche súas ionbhur bhfearann, do chromadh síos di:
óir misi an tighearna bhur Ndía.


L. Lv26:2


Coinneochuidhe mo Shabóid agus onóruidhe mo shanctóra: misi an
tighearna.


L. Lv26:3


Má shíubhluighthí ann mo statúidibh agus maitheanta do choiméud
agus a ndénamh.


L. Lv26:4


Annsin dobhéura mé fearthuinn dhíbh na ham féin, agus dobhéura an
talamh a bhíseach, agus dobhéaruid croinn an mhachaire a ttoradh.


L. Lv26:5


Agus béaruidh bhur mbúaladh go ham fáisce no ngrápuigheadh agus
béuruidh fascadh na ngrápuigheadh gus an síolchur: agus íostaoi bhur
narán go madh lán, agus áiteochthaoi ionbhur ndúthaigh go daingean.


L. Lv26:6


Agus dobhéura misi síothcháin annsa tír, agus luidhfighe síos, agus
ní chuirfe énduine eagla oruibh, agus coiscfidh mé droicbheathaigh don
dúthaigh, ní mó rachas an cloidheamh tré bhur bhfearann.


L. Lv26:7


Agus leanfuidhe bhur naimhde, agus tuitfidh romhuibh ris an
ccloidheamh.


L. Lv26:8


Agus brisfidh cúigear aguibhsi ar chéad, agus cuirfe céd dhíbhsi
míle chum teithmhe, agus tuitfidh bhur námhuid romhaibh leis an
gcloidheamh.


L. Lv26:9


Óir biáidh meas agam oruibh, agus dodhéna mé síolmhar sibh, agus
méideocha mé sibh, agus daingneochaidh mé mo chunnradh ribh.


L. Lv26:10


Agus íostaói an sean lónn, agus dobhéurthaói an sean amach, do
bhrígh a lóinn nuadh.


L. Lv26:11


Agus suidheocha mé mo thabearnacuil bhur measc agus ní bhía gráin ag
manam oruibh.


L. Lv26:12


Agus síubholuidh me bhur measc, agus bía mé am Dhía aguibh agus
beithíse bhur bpobal agamsa.


L. Lv26:13


Is misi an tighearna bhur Ndía, noch thug amach sibh as crích na
Hégipte, chor nach biáidh sibh bhur ndaóirsineachuibh aca, agus do
bhris mé cuibhríghe bhur gcuinge, agus thug mé oruibh imtheachd go
díreach.


L. Lv26:14


Gidheadh muna éistí rium, agus nach déntaói na haitheantaso uile.


L. Lv26:15


Agus má tharcuisnighthí mo statúidigh, nó má bhíonn gráin ag bhur
n-anam roimh mo bhreitheamhnus, ionnus nach ccoimhlíonfaói
maitheanata uile, achd go mbrisfídhe mo chunnradh.


L. Lv26:16


Dodhéna misi mar an gcédna so ribhse, cuirfe mé critheagla oruibh,
cnaói agus fíabhrus tinntighe, noch chnaóidhfeas na súile, agus
dobhéura doilghios croidhe: agus cuirfidhe bhur síol go díomhaóin, óir
is íad bhur námhuid íosas é.


L. Lv26:17


Agus cuirfe misi maghuidh bhur naghuidh, agus muirfighear roimhe
bhur námhaid sibh: an drong air ar beag sibh, is íad ríghfios os bhur
gcionn, agus teithfidhe anuáir nach bía énduine dá bhur
ttóruigheachd.


L. Lv26:18


Agus muna néistighe riom fós ar a shonso uile annsin pianfa mé sibh
seachd nuaire eile ar son bhur bpecadh.


L. Lv26:19


Agus réubtha mé neart bhur nuabhair, agus dodhéna mé bhur neamh
amhail íarann agus bhur ttalamh amhail phrás.


L. Lv26:20


Agus caithfídhe bhur neart go díomhaóin, óir ní thiubhra bhur
bhfearann a shochar, ní mó dobhéaruid na croinn a ttoradh.


L. Lv26:21


Agus má shiubluighthí contrárdha dhamhsa, agus nach éisdfídhe rium,
dobhéura mé seachd nuáire eile tuilleamh pláighe oruibh, do réir bhur
bpecadh.


L. Lv26:22


Cuirfe mé mar an gcédna beathadhuigh állta bhur measc, noch shladfas
sibh fá bhur gcloinn, agus mhuirfeas bhur náirnéis, agus dodhénas
tearc a nuibhir sibh, agus béid bhur slighthe (móra) na bhfásach.


L. Lv26:23


Agus muna ttighthí ar bhur nais leis na neithibhsi, achd go
siubholfaói contrárdha dhamhsa.


L. Lv26:24


Annsin siubholuidh misi mar an gcédna contrárdha dhaóibhsi, agus
smaichdeocha mé fós seachd nuáire eile sibh, ar son bhur bpecadh.


L. Lv26:25


Agus dobhéura mé cloidhiomh oruibh dhigheólus cúis mo chunnartha,
agus anuáir chruinneochthaói a bhfochair a chéile astigh ionar
gcaithreachaibh cuirfe mé an phláigh bhur measc, agus seachódthar a
láimh na námhad sibh.


L. Lv26:26


Agus anuáir bhrisfeas mé bata bhur naráin bruithfidh deithneamhar
ban bur narán a n énbhacús amháin, agus dobhéaruid bhur narán
díbhsi arna thomhas, agus íostaói é, agus ní bheithí sáthach.


L. Lv26:27


Agus muna éistí riomsa ar a shonso uile, achd síubhal contrárdha
dhamh.


L. Lv26:28


Annsin siubhóluigh misi ionnbhur naghuidhsi a bhfeirg mhóir, agus
misi féin smaichdeochus sibh seachd nuáire ar son bhur bpecadh.


L. Lv26:29


Agus íostaói feóil bhur mac agus feóil bhur ninghion íostaói.


L. Lv26:30


Agus scriosfa misi bhur náite árda, agus gearrfa mé síos bhur n-
íomháighe, agus teilgfe mé bhur gconablach ar chonablachuibh bhur
n-iodhal, agus fuitheochuidh manam sibh.


L. Lv26:31


Agus dodhéna mé bhur gcaithreacha na bhfásach, agus dobhéura mé
bhur sanctóra chum uáignis, agus ní bhoiltneocha mé boladh bhur
mboltanuis ndeaghbholuidh.


L. Lv26:32


Agus dobhéura mé an tír chum uáignis, agus bhur náimhde áiteochus
innte, biáidh uamhan orra fán nísin.


L. Lv26:33


Agus scainnreocha mé sibh a measc na ngennteadh, agus taireonga mé
cloidheamh amach bhur ndiáigh, agus biáidh bhur ndúthaigh uáigneach,
agus bhur gcaithreacha na bhfásach.


L. Lv26:34


Annsin coinneochus an talamh a Sábóidigh, an fad bhías sé folamh,
agus beithíse a ttír bhur námhad, is annsin shuáimhneochus an talamh,
agus buáidheochthaói a Sábóidigh.


L. Lv26:35


An feadh bhías sé gan áitreabh biáidh suáimhneach, do chionn nar
shuáimhnigh sé ionbhur sábóidibhsi an feadh do chomhnuigheabhair
féin ann.


L. Lv26:36


Agus cuirfe mé loige a gcroidhthibh an mhéid fhúicfíghear beó aguibh
a ccríochuibh a námhad, agus cuirfe torann an duilleabhair a
tteitheamh íad, agus teithfid mar do theithfidís roimhe chloidheamh,
agus tuitfid anuáir nach bía énduine dhá leanmhuin.


L. Lv26:37


Agus tuitfid ar muin a chéile amhuil dodhéndaóis roimhe
chloidhiomh, anuáir nach biáidh énduine na ndiáigh; agus ní bía
cumas aguibh a lathair bhur námhad.


L. Lv26:38


Agus tuitfídhe a measc na ngennteadh agus íosuidh talamh bhur námhad
súas sibh.


L. Lv26:39


Agus an mhéid mhairfeas dhíbh seargfuid ann a nolc, a ttír a
námhad; agus mar an gcédna a ccoirthibh a naithreadh seargfuidh
maille ríu.


L. Lv26:40


Má admhuid síad a négceart, agus écceart a naithreadh maille ré
na sárughadh léur sháruigeadar a maghaidhsi, agus mar an gcédna gur
shiubhluigheadar contrárdha dhamh.


L. Lv26:41


Agus gur shíubbuil misi contrárdha dhóibhsion, agus go ttug mé a
ttír a námhad íad: annsin má bhíd a gcroidhthe
neamhthimchillghérrtha, umhal, agus go nglacfuid pionús a nuilc.


L. Lv26:42


Annsin cuimhneocha misi mo chunnradh ré Iácob, agus mar an gcéadna
mo chunnradh ré Hísaac, agus cuimhneocha mé mair an ccéadna mo
chunnradh ré Habraham, agus cuimhneocha mé an dúthaigh.


L. Lv26:43


Thairis sin fúicfid síad an tír, agus géubhuidh sí a sábóidigh an
feadh bhías uáigneach gan íadsan inte, agus géubhuidh síad pionús a
n-éigceirt do chionn gur tharcuisnígheadar mo bhreitheamhnuis,
agus do chionn gur fhúathaigh a nanam mo statúidigh.


L. Lv26:44


Gidheadh fós ar a shonsin, anuáir bhéid síad a ttír a námhad ní
theilgfe mé seachad íad, agus ní mó fhuathochus mé íad, dá scrios
thríd amach uile is misi an tighearna a Ndía.


L. Lv26:45


Achd cuimhneocha mé ar a sonsan cunradh a shinnsear, noch thug mé
amach as crích na Hégipte a radharc na ngenteadh, ionnus go mbéinn
am Dhía aca: is misi an tighearna.


L. Lv26:46


Is íadso na statúide agus na breitheamhnuis, agus na dlighthe, noch
dorinne an tighearna, ider é féin, agus clann Israel a slíabh Sínai
le láimh Mhaóise.


L. Lv27:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Lv27:2


Labhair ré cloinn Israel, agus abair ríu, anuáir dobhéura duine a
mhóid shingil, budh leis an tighearna an duine reir do
mheassasa.


L. Lv27:3


Agus budh é so do mheas: donfior ó fhichid blíadhan daois go nuige
seascadh, budh é do mheas caogadh secel airgid, do réir shecel na
sanctóra.


L. Lv27:4


Agus más aenben, annsin budh é do mheas tríochad secel.


L. Lv27:5


Agus más ó chúig bhlíadhnuibh daois bhías go nuige fithche blíadhan,
ansin budh é do mheas don fhior fithche secel, agus don mhnaói
deich secel.


L. Lv27:6


Agus más ó mhí daois bhías go nuige cúig bhlíadhna daois, annsin
budh é do mheas don fhior cúig secel dairgead, agus don mhnaói trí
secel.


L. Lv27:7


Agus más ó thrí fichid blíadhan daóis bhías, agus ós a chionn:
más fear é, annsin budh é do mheas cúig secel déug agus don mhnaói
deich secel.


L. Lv27:8


Achd más boichte é nó do mheas; annsin foillseochuidh é féin a
lathair an tsagairt, agus measfuidh an sagart é: do réir chumuis fhir
na móide, mheasfas an sagart é.


L. Lv27:9


Agus más beathach dá ttugaid na daóine ofráil a lathair an tighearna,
gach uile ní dobheir duine don tighearna don tsórtsin, biáidh
náomhtha.


L. Lv27:10


Ní áthróchuidh tú é, agus ní mhalairtfe tú é, agus ní maith air
dhrochní, nó drochní air ní maith: má mhailairteann tú ar áon chor
bheathach ar bheathach, annsin biáidh féin agus an mhalairt
náomhtha.


L. Lv27:11


Agus más beathach neamhghlan é, dá nach dénuid íodhbuirt ofrála don
tighearna, annsin taisbéanfuidh sé an beathach a lathair an tsagairt.


L. Lv27:12


Agus measfuidh an sagart é an maith nó an saith é, mar mheasas tusa
bhías ad shagart é, is mair sin bhías sé.


L. Lv27:13


Achd má fhúasclann ar éanchor é, annsin cuirfidh an cúigeadh cuid a
ccionn do mheastasa.


L. Lv27:14


Agus anuáir náomhthochus duine a thigh, da bheith náomhtha don
tighearna, annsin measfuidh an sagart é, an maith nó an saith é: mar
mheasfus an sagart is mar sin bías seasmhach.


L. Lv27:15


Agus má fhúasglann an té do naomhaidh a thigh é, annsin cuirfidh an
cúigeadh cuid dairgead an mheasda na chionn, agus biáidh aige.


L. Lv27:16


Agus má naómhann duine don tighearna cuid éigin do mhachaire a
sheilbhe, annsin biáidh do mheas do réir a shílsin, measfuidhear
caógadh secel airgid do hómer síl eórna.


L. Lv27:17


Má naómhann a mhachaire ó bhlíadhuinn an iubilé, seasfuidh do réir do
mheastasa.


L. Lv27:18


Achd más tar éis na iubilé naómhtocha sé a fhearann, annsin
comháirfidh an sagart an tairgead chuige, do réir bhlíadhan
anfhuighill go blíadhuin na iubilé, agus léigfíghear sin síos dod
mheas.


L. Lv27:19


Agus má fhúasglann an té do naómhuidh a fhearann ar énchor é, ann
sin cuirfidh ná chionn an cúigeadh cuid dot mheassa, agus
daingneochar dhó é.


L. Lv27:20


Agus muna bhfúascla sé an fearann, nó má reac sé an fearann ré duine
eile, ní fhuaisceoltar nís mó é.


L. Lv27:21


Achd an fearann anuáir rachus amach annsa iubilé, biáidh naómhtha
don tighearna, mar fhearann tabhartuis biáidh a shealbh ag an
tsagart.


L. Lv27:22


Agus má naómhann duine don tighearna fearann do cheannuigh sé, nach do
mhachairighibh a sheilbhe.


L. Lv27:23


Annsin comháirfidh an sagart lúach dhó, mar measfas tusa, go nuige
blíadhuin an iubilé; agus dobhéura do meassa úadh an lásin, mar ní
naómhtha don tighearna.


L. Lv27:24


A mblíadhuin an iubilé, fillfidh an fearann chum an té ór ceanchadh é,
eadhon chum an té lér leis sealbh an fhearuinn.


L. Lv27:25


Agus biáidh do mheassa uile do réir secel na sanctóra, fithche gerah
annsa tsecel.


L. Lv27:26


Amháin primidil na mbeathach, búdh cóir do bheith na phrimidil ag
an ttighearna, ní naómhthochuidh éanduine é, mas damh, nó caóra é, is
leis an dtighearna é.


L. Lv27:27


Agus más beathach neamhghlan é, annsin fuáisceoluidh sé é, do réir
do mheastasa, agus cuirfidh an cúigeadh cuid dena cheann, agus muna
bhfúascaltar é, annsin recfuighear é, do réir do mheastasa.


L. Lv27:28


Gidheadh bronnta bhronnfas duine don tighearna donuile ní dá mbía
aige, do dhuine nó do bheathach, agus dá fhearann seilbhe, ní
recfuighear agus ní fhuáisceóltar é: atá gach uile ní bronntar do
Dhía rónaómhtha ag an tighearna.


L. Lv27:29


Einní bhronntar, noch bhronntar ó dhaóinibh, ní fhuáisceoltar é,
achd cuirfighear sin chum báis go deimhin.


L. Lv27:30


Agus is leis an ttighearna uile dheachmhadh anfhearuinn, más do
shíol an fhearuinn, nó do thoradh an chroinn ceachtar dhíobh:
atá naómhtha don tighearna.


L. Lv27:31


Agus má fhuasglann neach ar énchor éinní dá deachmhuidh, cuirfidh an
cúigeadh cuid de na chionn.


L. Lv27:32


Agus a ttaóbh áirghe nó tréada fá na ndeachmhuidh, gidhbé ní
imthigheas fán tslait, biáidh a dheachmhadh naómhtha ag an tighearna.


L. Lv27:33


Ní spíonfa an maith nó an olc é, ní mó mhalairtfeas é, agus má
mhalairteann ar eanchor é, annsin biáidh féin agus an malartach
naómhtha; ní fhuáisceoltar é.


L. Lv27:34


Is íadso na haitheanta do aithin an tighearna do Mhaóise chum
cloinne Israel a slíabh Sínai.


L. Ui



AN CEATHRAMHADH LEABHAR DO MHAOISE, DA NGOIRTHEAR UIBHREACHA.


L. Ui1:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise a bhfásach Sínái, a
ttabearnacuil an chomhchruinnighthe an chéad lá don dara mí an dara
blíadhan tar éis a tteachd amach as crích na Hégipte, dá rádh.


L. Ui1:2


Glacuidh suim chomhchruinnighthe cloinne Israel uile, do réir a
muinnthearadh, do réir thigheadh a naithreadh maille ré uibhir a n
anmann, gach uile fheardha do réir a cceann.


L. Ui1:3


Ó chionn fhichid blíadhan daóis agus ós a cionn, an mhéid atá
iondula amach do dhénamh cogaidh a Nisrael, áireomhuidh tusa agus
Aáron íad do réir a slúaigh.


L. Ui1:4


Agus bíodh ad fhochairsi duine dá gach éintreibh: gach éncheann
tighe ar lorg a naithreadh.


L. Ui1:5


Agus as íad so anmanna na ndaóine sheasfas ad fhochairsi: do
threibh Réuben, Elisur mhac Sedeur.


L. Ui1:6


Do threibh Simeóin: Selumíel mac Surishaddai.


L. Ui1:7


Do threibh Iúdah: Nason mac Amínadab.


L. Ui1:8


Do threibh Isacahar: Netaneel mac Suar.


L. Ui1:9


Do threibh Sebulun: Eliab mac Helon.


L. Ui1:10


Do chloinn Ioseph: ó Ephraim, Elisama mac Amihud: ó
Mhanasseh, Gamaliel mac Pedasur.


L. Ui1:11


Do threibh Beniamin: Abidan mac Gedioni.


L. Ui1:12


Do threibh Dan: Ahieser mac Ammishaddai.


L. Ui1:13


Do threibh Aser: Pagiel mac Ocran.


L. Ui1:14


Do threibh Gad: Eliasaph mac Deuel.


L. Ui1:15


Do threibh Naphtali: Ahira mac Eanan.


L. Ui1:16


Ba híadso dob óirdhearca don chomhchruinniughadh, prionnsuidh do
threabha a naithreadh, cinn mhílte a Nísrael.


L. Ui1:17


Agus do ghabh Maóise agus Aáron na daóinesi chuca, noch atá ar
na bhfoillsíughadh réna nanmannuibh.


L. Ui1:18


Agus do chruinnigheadar an coimhthionól uile a bhfochair a chéile an
chéud lá don dara mí, agus do fhoillsigheadar a ngeinealach do réir a
muinntire, lé tighthibh a naithreadh, do réir uibre a nanmann, ó
fhichid blíadhan daóis agus ós a chionn, do réir a cceann.


L. Ui1:19


Fá mar do aithin an tighearna do Mhaóise, is marsin do áir sé íad a
bhfásach Sínái.


L. Ui1:20


Agus clann Reuben, an mac fá sine ag Israel, léna ngeinealach do
réir a muinntire, do réir thighe a naithreadh, do réir uibhre a n
anmann, do réir a cceann, gach firionnach ó fhichid blíadhan daóis,
agus ós a chionn, an mhéid dobhí iondula amach chum coguidh.


L. Ui1:21


An mhéid do háirmheadh dhíobh eadhon do threibh Reuben (dobhádar)
sé mhíle, agus dá fhichid míle, agus cúig chéud.


L. Ui1:22


Do chlannuibh Síméon maille réna ngeinealach, do réir a muinntire
as tigh a naithreadh, an mhuinntir do háirmheadh dhíobh, do réir uibhre
a nanmann, do réir a gceann, gach firionnach ó fhichid blíadhan daóis
agus ós a chionn, an mhéid dobhí iondul amach chum coguidh.


L. Ui1:23


An mhéid so do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Shímeon dobudh
caogadh agus naoi míle agus trí chéd íad.


L. Ui1:24


Do chlannuibh Gad do réir a ngeinealach do réir a muinnteara as tigh
a naithreadh, do réir uibhre a nanmann ó fhichid blíadhan daois agus
ós a chionn, an mhéid dobhí iondul amach a gcogadh.


L. Ui1:25


An mhéidso do háirmheadh dhíobh i. do threibh Gad dobhádar na
ccúig agus ceathrachad míle, sé chéud agus caogad.


L. Ui1:26


Do chlannuibh Iúdah do réir a nginealach do réir a muinnteara as
tigh a naithreadh do réir áireamh a nanmann, ó fhichid bliadhan daois
agus ós a chionn, an mhéid dobhí iondul chum cogaidh.


L. Ui1:27


An mhéid do hairmheadh dhíobh i. do threibh Iúdah, dobhádar ceithre
mhíle dhéug, agus trí fichid, agus sé chéud.


L. Ui1:28


Do chlannuibh Isachar do réir a nginealach do réir uibhre na n
anmann, é fhichid bliadhan daóis agus ós a cionn, an mhéid dobhí iondul
chum cogaidh.


L. Ui1:29


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Isachar dobhádar
caogad, agus ceithre mhíle agus ceithre chéud.


L. Ui1:30


Do chlannuibh Sebulun gun a nginealach do réir a muintear as tigh
naithreadh do réir uibhre a nanmann ó fhichid blíadhan daois agus ós a
chionn, an mhéid dobhí iondul amach san chath.


L. Ui1:31


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Sebulun dobhádar
caogad, agus seachd míle agus ceithre chéud.


L. Ui1:32


Do chloinn Ióseph (eadhon) do chloinn Ephraim guna nginealach do
réir a muinntear as tigh a naithreadh do réir uibhre a nanmann ó aois
fhichid bliadhan, agus ós a chionn, an mhéid dobhí iondul amach chum
cogaidh.


L. Ui1:33


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Ephraim, dobhádar
dhá fhichid míle agus cúig chéud.


L. Ui1:34


Do chloinn Mhánasseh do réir a nginealach, do réir a muinntear as tigh
a naithreadh do réir uibhre a nanmann ó aóis fichid blíadhan agus ós a
chionn, an mhéid dá ttáinig dul amach chum cogaidh.


L. Ui1:35


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Mhanasseh, do
bhádar dhá mhíle agus tríochad agus dá chéud.


L. Ui1:36


Do chloinn Bheniamin do réir a nginealach as tigh a naithreadh, do
réir uibhre a nanmann a fhichid bliadhan daois agus ós a chionn, an
mhéid dobhí iondul amach chum cogaidh.


L. Ui1:37


An mhéid do háirmheadh dhíobh eadhon do threibh Bheniamin, do
bhádar cúig mhíle, agus tríochad, agus ceithre chéud.


L. Ui1:38


Do chloinn Dan do réir a nginealach, do réir a muinntear as tigh a
naithreadh do réir uibhre a nanmann, ó aois fhichid bliadhan agus ós a
chionn, an mhéid dobhí iondul amach chum cogaidh.


L. Ui1:39


An mhéid do háirmheadh dhíobh i. do threibh Dan, dobhádar dhá
mhíle, trí fichid, agus seachd gcéd,


L. Ui1:40


Do chloinn Aser do réir a nginealach, do réir a muinntear as tigh a
naithreadh do réir uibhre a nanmann ó aois fhichid blíadhan, agus ós
a chionn, an mhéid da dtáinic dul amach san ccogadh.


L. Ui1:41


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Aser, dobádar
aon agus dá fhichid míle, agus cúig chéud.


L. Ui1:42


Do chloinn Naphtali ar feadh a nginealach do réir a muinntear, as
tigh a naithreadh do réir uibhre a nanmann ó aois fhichid blíadhan agus
ós a chionn, an mhéid dobhí iondul amach chum cogaidh.


L. Ui1:43


An mhéid do háirmheadh dhíobh, eadhon do threibh Naphtali dobhádar
trí mhíle agus caogad, agus ceithre chéud.


L. Ui1:44


Agso íad sin do háirmheadh, noch do áir Maóise, agus Aáron agus
prionnsuighe Israel, ar mbeith dhóibh na ndá fhear dhég: dobhí gach
éinneach dhíobh ar son tighe a aithreadh féin.


L. Ui1:45


Marsin dobhádar uile an mhéid do háirmheadh do chlannuibh Israel
do réir tige a naithreadh ó aois fhichid bliadhan agus ós a chionn, an
mhéid dobhí iondul amach dochum cogaidh an Israel.


L. Ui1:46


An mhéid umurro do háirmeadh uile, dobhádar sé chéud míle, agus
cúig chéud, agus caogad,


L. Ui1:47


Achd níor háirmheadh na Lebhítigh do réir treibhe a naithreadh,
iona measc.


L. Ui1:48


Oir do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui1:49


Amháin ní choimháirfe tú treabh Lébhi, agus ná glac a nuibhir a measc
chloinne Israel.


L. Ui1:50


Achd oirdéocha tú na Lebhítigh ós cionn thabearnachuil na fiaghnuisi,
agus ós cionn a shoitheach uile, agus ós cionn gach éinneithe da mbeanann
ris: iomchóruid siad an tabearnacuil agus a uile shoitheach, agus do
dhénuid friothólamh dhó, agus dodhéanuid foslungfort fa gcúairt
timchioll an tabearnacuil.


L. Ui1:51


Agus anuáir ghluaisfios an tabernacuil ar aghaidh, as íad na
Lebhítigh leacfas anuas é, agus anuair bhias an tabernacuil da chur
na sheasamh, is íad na Lebhítigh chuirfeas suas é: agus an coimhidhech
thiucfas na chomghar cuirfighear chum báis é.


L. Ui1:52


Agus suidheochuid clann Israel a lóistiníghe gach énduine aca a
bhfochair a bhfoslungphuirt féin, agus gach éanduine láimh réna
bhratuigh féin ar fad a slúagh.


L. Ui1:53


Achd suidheochuid na Lebhítigh a scáláin fagcuairt timchioll
thabearnacuil na fiadhnuise, chor nach bia dibhfhearg ar bith ar
chomhchruinniughadh chloinne Israel: agus is íad na Lebítigh bhías a
gcúram coimhéda thabearnacuil na fiadhnuise.


L. Ui1:54


Agus dorinneadar clann Israel do réir anuile neithe do ráidh an
tighearna ré Maóise, is marsin dorinneadarsan.


L. Ui2:1


Agus do labhair an tighearna ré Maoise, agus re h Haáron da rádh.


L. Ui2:2


Suigheocuidh gach uile dhuine do chloinn Israel láimh rená bhratuigh
féin maille ré bratuigh thigheadh a naithreadh: a bhfad amach timcioll
fagcuairt thabearnacuil an chomhchruinnighthe shuidheochuid siad.


L. Ui2:3


Agus don taobh shoir leath ré héirghe na gréine suidheochuid luchd
bratuidhe fhoslunguirt Iúdah ar feadh a shluáigh, agus Nason mac
Aminadab bhias na chaiptín ar cloinn Iúdah.


L. Ui2:4


Agus ba hé líon a shluaigh, agus an mhéidso do háirmheadh dhíobh do
bhádar ceithre mhíle dhéug, agus trí fichid agus sé chéud.


L. Ui2:5


Agus an luchd suidheochus níis foigse dhó, budh iad treabh Issacar,
agus Nataneel mac Suar sé bhur caiptín do chloinn Issachar.


L. Ui2:6


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobhádar caogadh
agus ceithre mhíle, agus ceithre chéd.


L. Ui2:7


Annsin treabh Sebulun, agus Eliab mac Helon sé bhur caiptín ar
chloinn Sebulun.


L. Ui2:8


Agus a shluagh, agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh caogad
agus seachd míle agus ceithre chéud.


L. Ui2:9


Anuile do háirmheadh a bhfoslungphort Iúdah, dobudh céad míle, agus
ceithre fichid míle, agus ceithre chéd líon a slúaigh: is íad so rachus
amach ar tús.


L. Ui2:10


Don taoibh theas bhías bratach champa Reuben do réir a sluagh agus
budh é Elisur mach Sédeur caiptín chloinne Reuben.


L. Ui2:11


Agus a shluagh, agus an mhéid do háirmheadh dhíobhsin, dobhádar dhá
fhichiod agus sé mhíle, agus cúig chéd.


L. Ui2:12


Agus an luchd shuidhfeas láimh ris budh íad treabh Shímeon, agus
caiptín chloinne Shímeon budh é Selumiel mac Surishaddai.


L. Ui2:13


Agus a shluagh, agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobhádar na
gcaogad agus na naoi míle, agus na ttrí ccéd.


L. Ui2:14


Annsin treabh Gad, agus budh é Eliasaph mach Rebhel caiptín
chloinne Gad.


L. Ui2:15


Agus dobudh é a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh,
ceathrachad agus cúig mhíle, agus sé chéd agus caogad.


L. Ui2:16


An mhéid do háireamh a bhfoslungphort Reuben dobhádar céd míle
agus caogad, agus a haón agus ceithre míle chéud agus caogad líon a shluaigh:
agus is íad rachas amach an sa dara hordúghadh.


L. Ui2:17


Annsin gluaisfidh tabearnacuil an chomhchruinnightha ar aghaidh lé
campa na Lébhíteach a meadhon an champa; mar as gnáth a ccampa shuigheadh,
mairsin rachuid siad ar a naghaidh gach énduine na áit féin a bhfochair a
mbratach.


L. Ui2:18


Don taoibh shíar bhías bratach champa Ephráim do réir a sluaigh:
agus budh é caiptín chloinne Ephraim Elisama mac Amihúd.


L. Ui2:19


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh ceathracad
míle, agus cúig chéd.


L. Ui2:20


Agus láimh ris bhías treabh Mhanasseh, agus budh é caiptín chloinne
Mhanasseh Gamaliel mac Pedahsur.


L. Ui2:21


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh tríochad
agus dá mhíle agus dá chéd.


L. Ui2:22


Annsin treabh Bheniamin, agus budh é Abidan mac Ghideoni caiptín
chloinne Bheniamin.


L. Ui2:23


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh tríochad
agus cúig mhíle agus ceithre chéd.


L. Ui2:24


An mhéid go háirmheadh do champa Ephraim dobhádar céd míle agus
ochd míle agus céud líon a sluaigh: agus rachuid air a naghaidh san treas
ranc.


L. Ui2:25


Bratach champa Dan biáidh sí don taobh thuáidh maille réna
sluaghaibh, agus budh é Ahieser mhac Amishaddai, caiptín chloinne
Dan.


L. Ui2:26


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh trí fichid
agus dá mhíle agus seachd gcéd.


L. Ui2:27


Agus an drong dhénas campa na ghar budh íad treabh Aser, agus
caiptín chloinne Áser, budh é Pagiel mac Ocran.


L. Ui2:28


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhiobh, dobudh dhá
fhichid agus aon míle agus cúig chéd.


L. Ui2:29


Annsin treabh Naphtali, agus budh é Ahirah mach Enan caiptín
chloinne Naphtali.


L. Ui2:30


Agus a shluagh agus an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobudh caogad
agus trí mhíle, agus ceithre chéd.


L. Ui2:31


An mhéid do háirmheadh a ccampa Dan, dobudh céd míle agus caogad
agus seachd, is íad sin rachus fa dheireadh lena mbratachaibh.


L. Ui2:32


Is íad so an mhéid do háirmheadh do cloinn Israel do réir thighe
a naithreadh an mhéid uile do háirmheadh do na foslungphortuibh ar
feadh a sluagh, dobudh sé chéud míle, agus trí mhíle agus cúig chéd
agus caogad.


L. Ui2:33


Ach níor háirmheadh na Lebhitigh a measc chloinne Israel mar do
aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ui2:34


Agus dorinneadh clann Israel do réir gach a ndubhairt an tighearna
re Maóise: marsin do shuidheadair a bhfochair a mbratacha agus
marsin dochuadair ar a naghaidh, gach énduine do réir a mhuinntire,
do réir thigheadh a naithreadh.


L. Ui3:1


As íad so mair an gcédna genealuigh shleachda Aáron agus Mhaóise,
ann sa ló ionair labhair an tighearna re Maóise air slíabh Sínai.


L. Ui3:2


Agus is íad so anmanna chloinne Aáron, Nadab an chéidghin agus
Abihu, Eleásar, agus Itámar.


L. Ui3:3


Is íad so anmanna mhac Aáron na sagairt do hungadh, noch do coisrig
sé chum serbhíse do dhénamh anoifig an tsagairt.


L. Ui3:4


Agus fuair Nadab agus Abihu bás a lathair an tighearna anuair
dorinneadar ofráil do thenidh coimhidhthigh a lathair an tighearna a
bhfásach Sínai, agus ní raibh clann aca: agus Eleásar, agus
Itamar dobhádar ag miniostrálachd anoifig an tsagairt a radharc
Aáron a nathar.


L. Ui3:5


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Ui3:6


Tabhair treabh Lébhi a lathair, agus taisbean íad a lathair an
tsagairt Aáron; iondus go ndearnaidís fritheolamh dhó.


L. Ui3:7


Agus cuinneochuid siad a chúramsan, agus cúram an chomhchruinnighe
uile as coinne thabearnacuil an chomhchruinnighthe do dhéanamh
fritheoilte an tabearnacuil.


L. Ui3:8


Agus taisgeochuid uile ionstrumaintigh thabearnacuil an
chomhchruinnighthe, agus cúram chloinne Israel do déanamh
fritheoilte an tabearnacuil.


L. Ui3:9


Agus dobhéara tú na Lebhítigh do Aáron agus dá mhacaibh: atáid
arna ttabhairt go hiomlán amach as cloinn Israel.


L. Ui3:10


Agus óirdeocha tú Aáron, agus a mhic, agus béid ag feitheamh ar oifig
an tsagart: agus an coimhidheach thiucfas na ghar cuirfíghear chum
báis é.


L. Ui3:11


Agus do labhair na tighearna ré Maoise da rádh.


L. Ui3:12


Agus misi, féuch misi, do thogh mé na Lebhítigh amach as cloinn
Israel anáit anuile chéidghin da bhfosclann an bhrú a measc
chloinne Israel: uimesin budh liomsa na Lebhítigh.


L. Ui3:13


Do chionn gur liom anuile chéidghin: óir an lá do bhuáil mé ann
uile chéidghin a gcrích na Hégipte, do naómhuidh mé dhamh féin
anuile chéidghin an Israel, edir dhuine agus ainmhidhe, budh
liomsa íad: is mise an tighearna.


L. Ui3:14


Agus do labhair an tighearna ré Maóise a bfhásach Sínái, gha
rádh.


L. Ui3:15


Comháir clann Lébhi do réir tighe a naithreadh, do réir a
muinntire: anuile fhirionnach ó mhí suas agus ós a chionn,
coimháirfe tú íad.


L. Ui3:16


Agus do chomháir Maóise íad do réir bhreithre an tighearna, mar do
haithnigheadh dhe.


L. Ui3:17


Agus dobíad so mic Lébhi do réir a nanmann, Gerson agus
Chohat, agus Merári.


L. Ui3:18


Agus is íad so anmanna Mhac Gerson do réir a muinntire; Lébhi
agus Síméi.


L. Ui3:19


Agus mic Chohat do réir a muinntire; Amram, agus Isahar,
Hébron agus Ussiel.


L. Ui3:20


Agus mic Mherári do réir a muintire; Mahlí agus Musí: is íad so
sleachda na Lebhíteach do réir thighthe a naithreadh.


L. Ui3:21


O Gherson atá cineadh na Libníteach agus cineadh na Simíteach: is
íad so sleachda na Ngersoníteach.


L. Ui3:22


An mhéid do háirmheadh dhíobh réir uibhre anuile fhirionnach ó
mhí suas agus ós a chionn, an mhéid do háirmheadh dhíobh, dobhádar
seachd míle agus cúig chéd.


L. Ui3:23


Suigheochuid muinntir na Ngersoníteach ar chúla an tabearnacuil
taoibh shíar.


L. Ui3:24


Agus buidh é Eliasaph mac Láel ceann tighe atar na Ngersoníteach.


L. Ui3:25


Agus budh é cúram mhac Gerson a ttabearnacuil an chomhchruinnighthe,
an tabearnacuil agus an lóistín, agus a bhfolachsin, agus crochadh chum
doruis thabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui3:26


Agus crochadh na cúirte, agus an cúirtín chum doruis na cúirte noch
atá láimh ris an ttabearnacuil, agus láimh ris analtóir fagcuairt,
agus a gcórduidhesin chum a serbhísesin.


L. Ui3:27


Agus ó Chohat bhádar muinntear na Namramíteach, agus muinntear na
Niseharíteach, agus muinntear na Nebróníteach, agus muinntear na
Nuisielíteach: is íad so muinnteara na Gcohatíteach.


L. Ui3:28


Anuile uibhir a bhfiriónach ó mhí daois agus ós a chionn do
bhádar ochd míle, agus sé chéd, ag coimhéd chúraim na sanctora.


L. Ui3:29


Muinnteara mac Chohat suidheochuid ré taobh na tabernacuil don taoibh
theas.


L. Ui3:30


Agus budh é Elisapahan mac Uissiel ceann tighe athar mhuinntear na
Gcohatíteach.


L. Ui3:31


Agus budh é a ccúram anáirc agus an bórd, agus an coinnleóir, agus
na haltóra, agus soithighe na sanctóra lé ndénuid fhriotholamh, agus an
crochadh agus anuile sherbhís bheanas ris.


L. Ui3:32


Agus budh é Eleásar mac Aáron an sagart, bhías na cheann ós cionn
nas druinge áirde do na Lebhítibh: agus is aige bhías feitheamh ós
cionn an luchd choimhédas cúram na sanctóra.


L. Ui3:33


Ó Mherári dobhí muinntear na Mahlíteach agus muintear na Musíteach:
is iad so muinnteara Mherári.


L. Ui3:34


Agus an mhéid do háirmheadh dhíobh do réir uibhre na bhfirionach
uile ó mhí daois, agus ós a chionn, bá sé mhíle agus dá chéd.


L. Ui3:35


Agus dobé Suriel mach Abihail ceann tighe athar mhuintire
Merári: cuirfidso futha ré taobh an tabearnacuil bhudh thuaigh.


L. Ui3:36


Agus béid buird an tabearnacuil fa chumhdach agus fá chúram mhac
Mérari, agus na barruidhe bheanas ris, agus na piléir, agus na
soicéid agus a uile shoithighesin, agus anuile ní foghnas dó.


L. Ui3:37


Agus piléir na cúirte timchioll fagcuáirt, agus a soicéid, agus a
ttairngidhe agus a gcórduidhe.


L. Ui3:38


Achd an luchdso doní foslungphurt as coinne thabearnacuil leath
shoir, eadhon as coinne thabearnacuil an chomhchruinnighthe leath
shoir, budh íad Maóise agus Aáron agus a mhic bhías ag coimhéd
chúraim na sanctóra, ar son chúruim chloinne Israel; agus an
coimhidhtheach thiucfas a ngar báiseochar é.


L. Ui3:39


An mhéid do háirmheadh do na Lebhitibh noch do chomháir Maóise agus
Aáron le haithne an tighearna ar feadh a muinntear anuile fhear ó
mhí daóis agus ós a chionn, dobhádar fithche, agus dá mhíle.


L. Ui3:40


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, comháir an uile chéidghin
fheardha do chloinn Israel maille re uibhir a nanmann ó mhí daóis
agus ós a chionn, agus glac uibhir a namann.


L. Ui3:41


Agus glacfa tú na Lebhitigh dhamhsa a (misi an tighearna) anáit
anuile chéidghin a measc chloinne Israel, agus áirnéis na
Lebhítheach ar son gach céidbhreith a measc áirnéise chloinne Israel.


L. Ui3:42


Agus do chómháir Maóise mar do aithin an tighearna dhe, anuile
chéidghin a measc chloinne Israel.


L. Ui3:43


Agus anuile chéidghin fheardha maille ré uibhir a nanmann ó mhí
daois, agus ós a chionn, an méid do háirmheadh dhíobh dobhádar
fithche agus dhá mhíle agus da chéud, agus trí fichid, agus a trí
déug.


L. Ui3:44


Agus do labhair an tighearna re Maoise dhá rádh.


L. Ui3:45


Glac chugad na Lebhítigh anáit anuile chéidghin a measc chloinne
Israel, agus áirnéis na Lebhiteach anionad an áirnéise, agus budh
liomsa na Lebhitigh: misi an tighearna.


L. Ui3:46


Agus ar son an mhéid atá rena bhfúascladh don dá chéd agus don trí
fichid, a trídég, do na céidghinibh chloinne Israel, noch is mó ná
na Lebhítigh.


L. Ui3:47


Glacfa tú eadhon cúig secel ón duine do réir a cceann: do réir shecel
na sanctóra ghlacfas tú íad, is fithche gérah an secel.


L. Ui3:48


Agus dobhéura tú an tairgiod uait lé bhfuascaltar a uibhir chorr
dhíobh, do Aáron agus dá mhacaibh.


L. Ui3:49


Agus do ghlac Maóise airgead na fuasculta ón luchd dobhí ós a
ccionnsin, noch do fuascladh leis na Lebhítibh.


L. Ui3:50


Ó chéidghinibh chloinne Israel do thóg sé an tairgiod, míle agus
trí chéad, agus trí fichid agus cúig secel do réir secel na sanctóra.


L. Ui3:51


Agus tug Maoise airgead an mhéid do fuascladh dhíobh do Aáron
agus dá mhacaibh, do réir bhreithre an tighearna, mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ui4:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, agus ré Haáron ghá rádh.


L. Ui4:2


Glacuidh uibhir mhac Chohat ó bheith a measc uibhre mhac Lébhi,
do réir a muinntear tre thigh a naithreadh.


L. Ui4:3


Ó thríochad blíadhain daois, agus ós a chion, go nuige umurro caogad
bliadhan daois, anuile dhuine rachas annsa tsluagh do dhénamh
saothair a ttabernacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui4:4


Sí so serbhís bhías ag macaibh Chohat a ttabernacuil an
chomhchruinnighthe timchioll na neitheann ronaómhtha.


L. Ui4:5


Agus anuair rachus an sluagh ar a naghuidh, tiucfa Aáron agus a
mhic, agus leagfuid síos an brat foluighe agus foileochuid áirc na
fiaghnuisi leis.


L. Ui4:6


Agus cuirfid ar an bhfolach do chroicnibh broc, agus leithneochuid
taóbh amuigh air édach do ghorm uile, agus cuirfid a mhaididhe asteach
ann.


L. Ui4:7


Agus ar bhord an aráin thaisbénta, leathneochuid siad éadach do ghorm,
agus cuirfid na míasa airsin, ar na líacha agus na scáluidhe agus na
foluigh fhoileochus; agus biáidh an tarán síorruidhe air.


L. Ui4:8


Agus leithneochuid siad édach scárlaóide orra, foileochuid siad sin lé
folach do chroicnibh broc, agus cuirfid a mhaididhe asteach ann.


L. Ui4:9


Agus géabhuid chuca éadach do ghoirm agus foileochuid coinnleóir an
tsoluis agus a lampuidhe, agus a theannchuiridhe, agus a mhíasa smóil agus a
uile shoithighe ola, lé ndénuid siad friotholumh dhó.


L. Ui4:10


Agus cuirfid siad é féin agus a shoithighe uile astigh a bhfolach do
chroicnibh broc, agus cuirfid siad air bharra é.


L. Ui4:11


Agus ar analtóir órdha leithneochuid siad éadach do ghorm agus
foileochuid é d fholach do chroicnibh broc, agus cuirfidh na maidhidhe
faoi.


L. Ui4:12


Agus géabhuid chuca uile ionstrumintigh an fhriothoilte lé ndéanuid
serbhís ann sa tsanctóir, agus cuirfid íad a n éadach do ghorm, agus
foileochuid íad dfolach do chroicnibh broc, agus cuirfidh ar bharra íad.


L. Ui4:13


Agus béaruid leó an luaith ón altóir agus leithneochuid édach
purpair air.


L. Ui4:14


Agus cuirfid air a shoithighe uile le ndénuid friotholamh gacha taóbh
dhe márta cionseur na túise, na hadhala, agus na sluaiste, agus na
báisínigh agus uile shoithighe na haltóra, agus leithneochuid siad air
folach do chroicnibh broc agus cuirfid a mhaididhe fáo.


L. Ui4:15


Agus anuair chríochnochus Aáron, agus a mhic folach na sanctóra
agus uile shoithighe na sanctóra, mar bhías an campa ag gluasachd ar
aghaidh; tar éis sin tiocfuid mic Chohat dá iomchar: achd ní
bheanfuid re héinní beannuighthe, deagla a mbásuighthe. Agso úalach
mhac Chohat a ttabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui4:16


Agus ré hoifig Eleásair mhic Aáron an sagart bheanus anola chum
an tsoluis, agus an túis dheaghbholuidh, agus anofráil laétheamhuil
bhídh, agus anola ungtha agus feitheamh ós cionn an tabearnacuil
uile, agus gach uile neithe da bhfuil ann i. annsa tsanctóir, agus
iona shoighthighibh.


L. Ui4:17


Agus do labhair an tighearna ré Maóise agus ré Haáron gá rádh.


L. Ui4:18


Ná gearruidh amach treabh mhuinnteara na Gcohatíteach ó bheith
a measc na Lebhíteach.


L. Ui4:19


Achd déanaidh marso ríu, chor go mairfid siad agus nach bhfuighid
bás, anuair thiocfaid a ngar na neitheann ronaomhtha; rachuidh
Aáron agus a mhic asteach, agus oirdeochuid gach éinneach dhíobh
iona sherbhís féin agus iona ualach.


L. Ui4:20


Achd ní rachuid siad asteach dfhéchuin anuair fhoileochtar na
neithe naomhtha, deagla go bhfuighedís bás.


L. Ui4:21


Agus do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui4:22


Glac chugad mar an gcédna uibhir mhac Gerson, líon tighe a n-
aithreadh do réir a muinntear.


L. Ui4:23


Ó thríocadh blíadhan daois, agus ós a cionn go nuige caogad bliaghan
daóis áireomhus tú an mhéid ata iondul chum coguidh do dhénamh na h
oibre a ttabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui4:24


Sí so sherbhís mhuintire na Ngersoníteach, serbhís do dhéanamh agus
ualach diomchair.


L. Ui4:25


Agus iomchoruid siad cúirtínigh an tabearnacuil, agus tabearnacuil
an chomhchruinnighthe, a fholach agus an folach do chroicnibh broc bhías
shuas air, agus brat doruis thabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui4:26


Agus crocadh na cúirte, agus crochadh do dhorus geata na cúirte, noch
bhías láimh ris an tabearnacuil agus ris analtóir timchioll facuairt,
agus a ccorduidhe agus anuile instrumeint a sherbhíse, agus gach uile ní
da ndearnadh dhóibh: is marsin dodhénuid a bhfriotholamh.


L. Ui4:27


Ar ordughadh Aáron agus a mhac bhías serbhís no Ngersoníteach uile
iona nualuighibh agus iona seirbhís uile: agus oirdeocuidh sibh dhóibh a
gcúram a nualuighe uile.


L. Ui4:28


Sí so serbhís mhuinntire mhac Gerson a ttabearnacuil an
chomhchruinnighthe, agus biáidh a gcúram faoi láimh Itamar mac Aáron an
sagart.


L. Ui4:29


Ar son mhac Mherári comháirfe tú íad do réir a muinntear tre thigh
a naithreadh.


L. Ui4:30


Ó thríochad bliadhan daois agus ós a chionn go nuige caogad bliadhan
daóis airéomhas tú íad, gach uile dhuine da rachaidh chum serbhíse do
dhénamh oibre thabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui4:31


Agus sé so cúram anualaigh do réir anuile sherbhíse a ttabearnacuil
an chomhchruinnighthe, cláir an tabearnacuil, agus a bharruidhe agus a
philéir agus a shoicéid.


L. Ui4:32


Agus piléir na cúirte timchioll fagcuairt, agus a soicéid agus a
tairrngidhe, agus a gcórduidhe maille rena nuile instrumentibh, agus maille
rena nuile sherbhís: agus áireamha sibh go hainmneamhuil ionstrúmentigh
chúruim a nualuidh.


L. Ui4:33


S í so serbhís mhuintire mhac Mherári do réir a serbhíse uile a
ttabearnacuil an chomhchruinnighthe fo láimh Itamar mhic Aáron an
sagart.


L. Ui4:34


Agus do áir Maóise agus Aáron agus deagh-dhaóine an
chomhchruinnighthe na Cohatitigh do réir a muinntear, agus do réir
thighe a naithreadh;


L. Ui4:35


O thriochad bliadhan daóis, agus ós a chionn go nuige caogad bliadhan
daóis, gach éinneach da dtéid san tserbhís chum na hoibre a
ttabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui4:36


Agus an mhéid do háirmheadh dhíobh do réir a muinntear dobhádar
míle, seachd ccéud agus caogad.


L. Ui4:37


Agus is íad so an mhéid do háirmheadh do mhuinntearuibh na
Ccohatíteach, an mhéid dárbhféidir serbhís do dhénamh a
ttabearnacuil an chomhchruinnigh, noch do áir Maóise agus Aáron,
do réir aithne an tighearna lé láimh Mhaóise.


L. Ui4:38


Agus an mhéid do háirmheadh do mhacaibh Gerson, líon a muinntear
agus tre thigh a naithreadh.


L. Ui4:39


O thríochad bliadhan daóis agus ós a chionn go nuige caogad bliadhan
daóis, anuile dhuine da rachaidh annsa tserbhís chum oibre
thabearnacuil an chomhchruinnighthe,


L. Ui4:40


An mhéid do háirmheadh dhíobh líon a mhuintire, ó tre thighthibh a
naithreadh, dobhádar dhá mhíle sé chéd agus tríochad.


L. Ui4:41


Is íad so an mhéid do háirmheadh do mhuinntearuibh mhac Gerson,
don uile dá táinic serbhís do dhénamh a ttabearnacuil an
chomhchruinnighthe, noch do áir Maóise agus Aáron do réir aithne
an tighearna.


L. Ui4:42


Agus an mhéid do háirmheadh do mhuintearuibh mhac Merári air feadh
a muinntear tre thigh a naithreadh;


L. Ui4:43


O thríochad bliadhan daóis, agus ós a chionn go nuige caogad bliadhan
daóis, anuile dhuine dá dtéid annsa tserbhís, chum oibre
thabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui4:44


An mhéid do háirmheadh dhíobh do réir a muinntire, dobhádar trí
mhíle agus dhá chéud.


L. Ui4:45


Is íad so an mhéid do háirmheadh do mhuinntir mhac Mherári, noch
do áir Maóise agus Aáron, do réir bhréithre an tighearna le láimh
Mhaóise.


L. Ui4:46


An mhéidsin uile dár háirmheadh do na Lebhítibh, noch do áir
Maóise agus Aáron, agus maithe chloinne Israel, do réir a
muinntire, agus do réir thighe a naithreadh.


L. Ui4:47


O thríochad bliadhan daóis agus ós a chionn go nuige caogad bliadhan
daóis, gach énduine da ttáinic dul do dhénamh serbhíse miniostralachda agus
serbhíse an ualuidh a ttabearnacuil an chomhchruinnighthe:


L. Ui4:48


An mhéid do háirmheadh dhíobh dobhádar ochd míle agus cúig chéud agus
ceithre fichid.


L. Ui4:49


Do réir aithne an tighearna do háirmheadh íad lé láimh Mhaóise, gach
énduine do réir a sherbhíse agus do réir a ualuigh: marso do
comháireadh íad leis, mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ui5:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui5:2


Aithin do chloinn Israel go ccuirid amach as an gcampa gach én
lobhar agus gach aon ar a bhfuil silt, agus giodhbé ar bith bhías
truaillighthe ó mharbh.


L. Ui5:3


An feardha agus an bannda ar aon cuirfídhe amach, taóibh amuigh don
champa chuirfídhe íad: chum nach ttruaillfid siad a bhfoslungphuirt, noch
a ccomhnuighimsi na meadhon.


L. Ui5:4


Agus dorinneadar clann Israel sin, agus do chuireadar amach taóibh
amuigh don fhoslungphort íad: is marsin dorinneadar clann Israel.


L. Ui5:5


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Ui5:6


Abair re cloinn Israel, anuair dodhéna fear no bean peacaidh ar
bith, noch doníd daóine, do dhénamh sáruighthe anaghaidh an tighearna,
agus go mbí an duinesin ciontach.


L. Ui5:7


Annsin aideomhuid siad a bpeacadh noch dorinneadar: agus aiseoguidh
sé a choir maille réna chionn an cúigeadh cuid de, agus dobhéra don
té a ndearna an choir na aghaidh é.


L. Ui5:8


Achd muna raibh brathair gaóil ag duine ré leiseochtha sé an
díoghbháil, déntar an choir do leasughadh ris an tighearna, eadhon don
tsagart; taobh amuigh do reithe an fhosuigh lé ndéntar siothcháin dó.


L. Ui5:9


Agus gach uile ofráil do na huile neithibh naomhtha bheanas re cloinn
Israel bhéaruid siad chum an tsagairt, budh leis féin é.


L. Ui5:10


Agus budh leision neithe naómhtha gach uile dhuine: giodhbé ar bith
ní bhronnfas duine don tsagart, budh leision é.


L. Ui5:11


Agus do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui5:12


Labhair re cloinn Israel agus abair ríu, má théid bean fhir ar bith
do leath taóibh, agus coir do dhénamh an aghaidh.


L. Ui5:13


Agus go luidhfeadh fear le go oluidhe, agus go bhfoileochtar sin as
radharc anfhir. agus go ccuimhdeochthair é go secréideach, agus isi do
thriailleadh, agus nach beith fiadhuin ar bith na haghaidh agus nach mo
bhérthar uirre san ngniomh:


L. Ui5:14


Agus go ttiucfa spiorad éda airsion, agus go mbía sé édmhar réna
mhnaoi, agus ise arna truailleadh: nó má thig spiorad an éada air, agus go
mbía éadmhar do thaóibh a mhná agus nach ttruaillighear isi.


L. Ui5:15


Annsin béruidh an fear a bhean chum an tsagairt, agus dobhéra sé
ofráil ar a son, an deachmhadh cuid do Ephah do mhin éorna; ní chuirfidh
sé ola ar bith air: óir is ofráil éada í, ofráil chuimhnighthe ag
tabhairt uile a ccuimhne.


L. Ui5:16


Agus dobhéara an sagart ise a ngar, agus suidheochuidh sé a lathair
an tighearna í.


L. Ui5:17


Agus glacfuidh an sagart uisce coisreachda a soitheach criadh, agus
cuid don chriaidh bhias ar urlár an tabearnacuil glacfuidh an sagart é,
agus cuirfe annsanuisce é.


L. Ui5:18


Agus suidheochuidh an sagart an bhean as coinne an tighearna, agus
nochdfuidh ceann na mná, agus cuirfidh ofráil an chuimhnighthe iona
lámhuibh, sé sin ofráil anéda: biaidh ag an tsagart na láimh an t-
uisce searbh dobheir fa deara mallughadh.


L. Ui5:19


Agus béuruidh an sagart mionna uirresi, agus déra ris an mnaói, mun
ar luidh énduine leachd, agus muna ndeachuidh tú do leath taóibh a
neamhghloine le fear oile anáit thfir féin, bídhsi saor ón uisce
searbhso, noch do chuireas an mallúghadh.


L. Ui5:20


Achd ma chuaidh tú do leath taóbh chum duine eile anáit thfir
phósta, agus má tá tú ar do thruailleadh, agus gur luidh fear éigin
leachd, taobh amuigh dot fhear pósta féin.


L. Ui5:21


Annsin cuirfidh an sagart do chúram air an mnaói maille re mionnuibh
an mhalluighe, agus déara an sagart ris an mnaói, go ndearna an tighearna
mallughadh agus an mionna dhiót a measc do mhuinntire, anuáir dobhéra
an tighearna ar do thairbhfheich lobhadh agus ar do bholg at.


L. Ui5:22


Agus an an tuiscesi chuireas an mallughadh rachaidh sé ann do
mhionnach do thabhairt ar do bholg at, air agus do cheathramhain lobhadh:
agus adéra an bhean Amen, Amen.


L. Ui5:23


Agus scríobhthuidh an sagart na malluighthesi a leabhar,
agus, teilgfidh amach íad leis anuisce searbh:


L. Ui5:24


Agus dobhéura fa deara don mnaói an tuisce searbh dól, agus an t-
uisce dobheir an mallughadh rachaidh sé innte, agus biaidh searbh.


L. Ui5:25


Annsin glacfuidh an sagart an ofráil éda as láimh na mná, agus
tonnfuidh an ofráil a lathair an tighearna, agus ofráilfidh í ar an
altóir.


L. Ui5:26


Agus glacfuidh an sagart lán glaice don ofráil i. a cuimhnesin, agus
loiscfidh ar an altóir é, agus na dhiáighsin dobhéra ar an mnaói an t-
uisce ól.


L. Ui5:27


Agus anuair bhéara sé uirre an tuisce ól, tiocfuidh a ccrích ann
sin má bhíonn sí arna truailleadh agus go ndearna coir anaghaidh a fir go
rachuidh an tuisce dobheir an mallughadh innte, agus go mbiaidh searbh
agus atfuidh a bolg, agus lobhthuigh a tairbhféich, agus bhiaidh an bhean
malluighthe a measc a daóine.


L. Ui5:28


Agus muna raibh an bhean arna truailleadh achd go mbia glan, annsin
biaidh sí saor agus tuismeochthar síol lé.


L. Ui5:29


Sé so dligheadh na néud anuair théid bean a leath taoibh go fear
eile anáit a fir féin, agus go mbía truaillighthe.


L. Ui5:30


Nó anuair thiocfas spiorad anéuda airsion, agus go mbía éud air
rena mhnaói, agus go ccuirfidh an bhean a lathair an tighearna agus go
gcríochnochuidh an sagart an dligheadhso uile uirre.


L. Ui5:31


Annsin biaidh an fear neimhchiontach ó éiccért, agus fuileonguidh
an bheanso ar son a héicceirt.


L. Ui6:1


Agus do labhair na tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui6:2


Labhair re cloinn Israel agus abair ríu, anuair dheileochus fear no
bean do thabhairt móide mar mhóid na Nasaríteach, agus íad féin d
edirdhealughadh don tighearna.


L. Ui6:3


Seachonuidh sé é féin ar fhíon, agus ar dhígh láidir, agus ní iobha
fineagra fíona nó fineagra dígh láidhre, agus ní mó ibhtios deoch do shúgh
caor ar bith, ní mó íosas caora fliucha nó tiorma.


L. Ui6:4


Ar feadh laétheadh a sheachanta ní íosa éinní doníthear do chrann na
fíneamhna ón sceallán go nuige an mogull.


L. Ui6:5


Ar feadh laétheadh mhóide a scartha ní racha scian bheártha ar a
chionn: go rabhaid na láethe coimhlíonta ar edirdhealuigh é féin don
tighearna biáidh sé naomhtha, agus léigfidh sé do chíabhuibh gruáige a
chinn fás.


L. Ui6:6


Ar feadh na laetheadh a rachaidh air leith don tighearna ní thiocfa a
ngar énchuirp mhairbh.


L. Ui6:7


Ní dhéna sé é féin neamhghlan ar son a athar, nó air son a mhathair,
nó ar son a dhearbhrathar, nó ar son a dheirbhsheathar anuáir rachuid
déug: óir atá beannughadha Dhé ar a chionn.


L. Ui6:8


Ar feadh aimsire a iomscartha atá sé naomhtha don tighearna.


L. Ui6:9


Agus má gheibh duine ar bith bás go róobann na fhochair, agus go
ttruaillfidh sé ceann a naomhthachda, agus annsin beárrfa sé a cheann a
ló a ghlanta, ar an seachdmhadh lá bheárrfas sé é.


L. Ui6:10


Agus ar an ochdmhadh lá dobhéra sé dhá thurtuire, nó dhá cholum óga
chum an tsagairt go dorus thabearnacuil an choimhchruinnighthe.


L. Ui6:11


Agus ofráilfidh am sagart aon aca ar son ofrála peacaidh, agus an t-
éun eile ar son ofrála loiscthe, agus dodhéna síth ar a shon; óir do
pheacaidh leis an marbh, agus naomhthochuidh sé a chean san ló chédna.


L. Ui6:12


Agus coisreochuidh sé don tighearna laéthe iomscartha, agus dobhéra
uan don chéd bhlíadhuin leis ar son ofrála eigcéirt: achd do chaill na
láithe dochuaidh thairis ar anadhbhar gur truailleadh a iomscaradh.


L. Ui6:13


Agus sé so dligheadh an Nasaritigh: anuair choimhlíontar laéthe
edirdhealuighthe, béarthar é go dorus thabernacuil an
chomhchruinnighthe.


L. Ui6:14


Agus ofralfuidh sé ofráil don tighearna, eadhon éan uan firionn don
chéad bhliadhuin gan toibhéim ar son ofrála loiscthe, agus én uan
bainionn don chéad bhliadhuin gan toibhéim éinreithe gan toibhéim air son
ofrála reacuidh.


L. Ui6:15


Agus cleibhin darán gan laibhín, cácuidhe do phlúr fhinealta
cumuiscthe lé hola, agus abhlanna darán gan láibhín ungtha lé hola
agus an ofráil bhídh, agus a nofrála dghe.


L. Ui6:16


Agus dobhéra an sagart íad a lathair an tighearna, agus dodhéna
ofráil pheacuidh agus ofráil loiscthe.


L. Ui6:17


Agus ofráilfidh sé an reithe mar iodhbuirt ofrála síodha don tighearna
maille ris an ccléibhín darán gan laibhín: ofrálfuidh an sagart mar an
gcédna ofráil bhídh agus ofrála dighe.


L. Ui6:18


Agus beárrfuidh an Nasaríteach ceann a iomscartha, ag dorus
thabearnacuil an chomhchruinnighthe: agus glacfuidh gruag chinn a
dhealuighthe, agus cuirfidh ann sa teinidh noch atá faói iodhbuirt ofrála
na síodha.


L. Ui6:19


Agus glacfuidh an sagart slinnéun briste an reithe, agus éncháca gan
laibhín as an ccléibhín, agus énabhlann gan láibhín, agus cuirfidh sé
íad ar lámhuibh an Nasarítigh tar éis gruaige a iomscartha do bhearradh.


L. Ui6:20


Agus tonnfuidh an sagart íad mar ofráil tonta a lathair an
tighearna: is naomhtha so don tighearna maille ris anuchd tonta agus an
slinnéun tógtha: agus na dhiaighsin is éidir leis an Nasaríteach fíon d
ól.


L. Ui6:21


Se so dligheadh na Nasariteach noch thug móid, agus a ofrála don
tighearna ar son a iomscartha, taobh amuigh don ní dogheabhas a lámh: do
réir na móide thug sé is marsin chaithfeas sé a dhénamh, do réir dhlighe
a iomscartha.


L. Ui6:22


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Ui6:23


Labhair lé Haáron agus lena mhacaibh ag rádh, ar an modhso
bheinneochuidh clanna Israel dhá rádh ríu.


L. Ui6:24


Go mbeannuighe an tighearna sibh, agus go ccoimhéda sé sibh.


L. Ui6:25


Go niompóighe an tighearna a ghnúis shuilbhir ribh, agus go raibh
grásamhuil daóibh.


L. Ui6:26


Go ttógadh an tighearna a ghnúis maille ribh, agus go ttugaidh
síothcháin daóibh.


L. Ui6:27


Agus cuirfidh siad mainm ar chloinn Israel agus beinneocha mé íad.


L. Ui7:1


Agus tárla an lá do chríochnuigh Maóise go hiomlán an tabearnacuil
do chur suas, agus gur ungaidh é, agus gur náomhuigh é, agus a raibh d
ionstrumentibh aige, araon analtóir agus a huile shoithighe, agus gur
ungaidh íad, agus gur naomhuidh íad.


L. Ui7:2


Sí so ofráil dorinneadar prionnsuidhe Israel, cinn tighe a n-
aithreadh (noch dobhí na bprionnsuidhibh ar na treabhuibh, agus dobhí ós
cionn an mhéid do háirmheadh).


L. Ui7:3


Agus tugadar anofráil a lathair an tighearna, sé carbuid fholuighthe,
agus dhá dhamh dhéug; carbad do dhís do na prionnsuidhibh, agus damh do
gach énduine: agus tugadar íad as coinne an tabearnacuil.


L. Ui7:4


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Ui7:5


Glac uatha é, cor go mbeidís chum serbhíse thabearnacuil an
chomhchruinnighthe, do dhénamh; agus dobhéra tú íad do na Lebhítibh da
gach éan duine do réir a sherbhíse:


L. Ui7:6


Agus do ghlac Maóise na carbuid agus na doimh, agus tug do na
Lebhítibh íad.


L. Ui7:7


Tug sé dhá charbad agus ceithre doimh do mhacaibh Gerson, do réir a
serbhíse.


L. Ui7:8


Agus tug sé ceithre carbuid agus ochd ndoimh do mhacuibh Mérari, do
réir a serbhíse fa láimh Itamar mhic Aáron an sagart.


L. Ui7:9


Achd ní tug sé éncheann do mhacaibh Chohat, do chionn gurob í
serbhís na sanctóra do bhean ríu, agus gurob air a nguaillibh do
chaithfídís sin iomchar.


L. Ui7:10


Agus dorinneadar na priosuidhe ofrála a ttógbhála na haltóra san ló
a raibh sí ar na hungadh, eadhon is ann do ofráladar na prionnsuidhe an
ofráil a láthair na haltóra.


L. Ui7:11


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise ofráilfidh siad an ofráil gach
prionnsa dhíobh an a lá féin ar son tógbhála na haltóra.


L. Ui7:12


Agus dobé Nason mhac Ammínadab an céad neach do ofráil do threibh
Iúdah an chéad lá.


L. Ui7:13


Agus sí dobofráil dó, énbháisín amháin airgid iona raibh comhthrom
chéud agus tríochad secel éan bhulla airgid iona raibh seachdmhodhad secel,
do réir secel na sanctóra: íad araon lán do phlúr mhín
cumuiscthe lé hola mar ofráil bhídh.


L. Ui7:14


Eán liach amháin comhthrom dheich secel óir lán do thúis.


L. Ui7:15


Eán bhulóg óg, éanreithe, én uan don chéid blíadhuin chum
iodhbartha loiscthe.


L. Ui7:16


Eán mheannán do na gabhruibh ar son íodhbartha an pheacaidh.


L. Ui7:17


Agus ar son ofrála íodhbartha na síodha, dhá dhamh, cúig reithe, cúig
gabhair fhirionna, cúig uain don chéad bliadhuin: is íad so bá hofráil do
Nason mhac Amminadab.


L. Ui7:18


An dara lá do ofráil Netaniel mhac Suar prionnsa Issachar.


L. Ui7:19


Do ofráil sé ar son ofrála én bháisín amháin airgid, a chomhthromsin
dobudh céudh agus tríochadh secel, én bhulla airgid do chomhthrom
seachtmhoghad secel, do réir secel na sanctóra, íad araon lán do phlúr
mhín cumuiscthe le hola, mar ofráil bhídh.


L. Ui7:20


Éan líach amháin dór do chomhthrom dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:21


Eán bhulóg óg, én reithe, én uan don chéd bliadhuin, mar íodhbuirt
loiscthe.


L. Ui7:22


Eán mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh.


L. Ui7:23


Agus mar iodhbuirt ofrála síodhchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig
gabhair fhirionna, cúig huáin don chéad bhlíadhuin: is so bá
hofráil do Netaniel mhac Suar.


L. Ui7:24


Ar an treas lá do iodhbuir Eliab mac Helon priunnsa mhac
Sebulun.


L. Ui7:25


Dobudh í a iodhbuirt éanbháisín dairgead, a chomhthromsin céud
agus tríochad secel, éan bhulla airgid do chomhthrom seachdmhodhad
secel, do réir shecel na sanctóra, íad araón lán do phlúr mhín cumuiscthe
lé hola, mar ofráil bhídh.


L. Ui7:26


Eán líach amháin órdha do chomhthromh dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:27


Eán bhulóg óg, Én reithe, én lubhán don chéad bhlíadhuin, mar ofráil
loiscthe.


L. Ui7:28


Eán mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh.


L. Ui7:29


Agus ar son íodhbuirt ofrála síothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig
gabhuir fhirionna, cúig huain don chéid bhiadhuin: s í so bá
hofráil do Eliab mhac Helon.


L. Ui7:30


An ceathramhadh lá do ofráil Elisur mhac Sedeur, prionnsa chloinne
Reuben.


L. Ui7:31


Agus dobudh í a ofráil én bháisín airgid comhthrom chéud agus
thríochad secel, énbhulla airgid do chomhthrom seachdmhoghad secel,
do réir secel na sanctóra, íad araon lán do phlúr fínéalta cumuiscthe
lé hola, mar ofráil bhídh.


L. Ui7:32


Eán liach amháin órdha do chomhthrom dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:33


Éan bhulóg óg, éan reithe, én uan don céd bhliadhuin, chum na hiodhbhartha
loiscthe.


L. Ui7:34


Eán mheannán do na gabhraibh ar son ofrála peacaidh.


L. Ui7:35


Agus ar son íodhbuirt ofrála síodha dhá dhamh, cúig reithe, cúig
bpuic, cúig huain don chéidbhlíadhuin: dobudh í so ofráil Elisur
mhac Sedeur.


L. Ui7:36


An cúigeadh lá Selumiel mac Surishaddai, prionnsa chloinne
Simeon, sé do ofráil.


L. Ui7:37


Sí budh ofráil dó, Énbhaisín amháin airgid, dobé a chomhthromsin
céud agus triochad secel, én bhulla airgid do sheachdmhoghad secel do
réir secel na sanctóra, íad araon lán do phlúr mhín cumaiscthe le hola
mar ofráil bhídh.


L. Ui7:38


Ean liach órdha do chomhthrom dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:39


Ean bhulóg óg, én reithe, ean uan don cheád bhliadhuin mar ofráil
loiscthe.


L. Ui7:40


Ean mheannán do na gabhraibh ar son ofrála peacaidh.


L. Ui7:41


Agus ar son iodhbartha ofrana síodha dhá dhamh, cúig réithe. cúig
puic, cúig húain don chéad bhliadhuin sí so budh hofráil do
Shelumeil mhic Surishaddai.


L. Ui7:42


An seiseadh lá dorinne Elisaph mhac Deuel prionnsa chloinne
Gad iodhbuirt.


L. Ui7:43


Agus dobudh í a ofráil énbhaisín airgid do chomhthrom céud agus
triochad secel, bulla airgid do sheachdmhoghad secel na sanctóra: íad
araon lán do phlúr mhín chumaiscthe lé hola mar ofráil bhídh.


L. Ui7:44


Eán líach amháin órdha do chomhthrom dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:45


Eán bhulóg óg, éan reithe, én uan don chéid bhliadhuin chum ofrála
loiscthe.


L. Ui7:46


Eán mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacuidh.


L. Ui7:47


Agus ar son íodhbartha ofrála síodha, dhá dhamh, cúig reithe, cúig
puic, cúig huáin don chéd bhliadhuin: sí so budh ofráil do Eliasaph
mhac Deuel:


L. Ui7:48


Agus do ofráil Elisama mhac Ammihud prionnsa a chloinne Ephraim
an seachdmadh lá.


L. Ui7:49


Dobudh í a ofráil énbháisín amháin airgid dar chomhthrom céd agus
tríochad secel, énbhulla airgid do chomhthrom seachdmhodhad secel do
réir secel na sanctóra: íad araon lán do phlúr mhín cumaiscthe lé hola
mar ofráil bhídh.


L. Ui7:50


Eán líach amháin órdha do chomhthrom dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:51


Eán bhulóg óg, én uan don chéad bliadhuin mar ofráil loiscthe.


L. Ui7:52


Éan mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh.


L. Ui7:53


Agus ar son iodhbartha ofrála siothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig
puic, cúig huain don chéid bhliadhuin: s í so budh ofráil do
Elisama mhac Ammihud.


L. Ui7:54


Ar an ochdmhadh lá do ofráil Gamaliel mhac Pedasur, prionnsa
chloinne Manasseh.


L. Ui7:55


Dobudh í a ofráil énbháisín amháin airgid do chomhthrom ceud agus
tríochad secel, ean bhulla airgid do chomhthrom seachdmhogad secel do
réir secel na sanctóra: íad araon lán do phlúr mhín chumuiscthe le hola
mar ofráil bhídh.


L. Ui7:56


Eán líach órdha do chomhthrom dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:57


Eán bhulóg óg, éan reithe, éan uan don chéid bhliadhuin mar ofráil loiscthe.


L. Ui7:58


Eán mheannán do na gabhraibh ar son ofrála peacaidh.


L. Ui7:59


Agus ar son ofrála iodhbartha siothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig
puic, cúig húain don chéad bhliadhuin: dobí so ofráil Ghamaliel
mhac Pedasur.


L. Ui7:60


Ar an naomhadh lá do ofráil Abidan mac Gideon priunnsa chloinne
beniamin.


L. Ui7:61


Dobudh í a ofráilsin énbháisín airgid dar chomhthrom céud agus
tríochad secel, bulla airgid do sheacdmhoghad secel do réir secel na
sanctóra


L. Ui7:62


Eán liach amháin órdha do chomhthrom dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:63


Eán bhulóg óg, én reithe, éan uan, don chéid bhliadhuin, mar ofráil
loiscthe.


L. Ui7:64


Aon meannán do na gabhraibh ar son ofrála peacaidh.


L. Ui7:65


Agus ar son iodhbartha ofrála shiothcána dhá dhamh, cúig reithe, cúig buic,
cúig huain don chéid bhliadhain.


L. Ui7:66


Ar an deachmhadh lá do ofráil Ahieser mhac Ammisaddai prionnsa
chloinne Dan


L. Ui7:67


Dobudh í a ofráil énbháisín amháin airgid do chomhthrom céd agus
tríochad secel, én bhulla airgid do sheachdmhoghad secel, do réir secel
na sanctóra: íad araon lán do phlúr mhín cumaisce lé hola mar ofráil
bhídh.


L. Ui7:68


Aon liach amháin órdha do chomhthrom dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:69


Eán bhulóg óg, énúan don chéidbhliadhuin mar ofráil loiscthe.


L. Ui7:70


Eán mheannán do na gabhruibh mar ofráil pheacaidh.


L. Ui7:71


Agus mar iodhbuirt ofrála síothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig
buic, cúig huain don chéid bhlíadhuin; dobhí so ofráil Ahieser
mhic Ammisaddai.


L. Ui7:72


Ar an énmhadh lá déug do ofráil Pagiel mhac Ocrain prionnsa
chloinne Aser.


L. Ui7:73


Dobudh í a ofráil én bhaisín amháin airgid dar chomhthrom céd agus
tríochad secel, én bhulla airgid do chomhthrom sechdmhoghad secel, do
réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr mhín chumaiscthe le hola
mar ofráil bhídh.


L. Ui7:74


Eán líach amháin órdha do chomhthrom dheich secel lán do thúis:


L. Ui7:75


Eán bhulóg óg, én reithe, én uan don chéid bhliadhuin mar ofráil
loiscthe.


L. Ui7:76


Eán mheannán do na gabhruibh mar ofráil pheacaidh.


L. Ui7:77


Agus mar iodhbuirt ofrála síothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig
buic, cúig huain don chéidbhliadhuin: dobudh í so ofráil Phagiel
mhic Ocrain.


L. Ui7:78


Ar an dara lá déug do ofráil Ahira mhac Enan prionnsa chloinne
Naphtali.


L. Ui7:79


Dobudh i a ofráil én bháisín amháin airgid dar chomhthrom céd agus
tríochad secel, én bhulla airgid do chomhthrom seachdmhoghad secel, do
réir secel na sanctóra; íad araon lán do phlúr mhín cumaiscthe le hola,
mar ofráil bhídh.


L. Ui7:80


Aon líach amháin órdha do dheich secel lán do thúis.


L. Ui7:81


Eán bhulóg óg, én reithe, én uan don chéd bhliadhuin mar ofráil bhídh.


L. Ui7:82


Eán mheannán do na gabhruibh ar son ofrála peacaidh.


L. Ui7:83


Agus ar son iodhbartha ofrála síothchána, dhá dhamh, cúig reithe, cúig
buic, cúig huain don chéidbhlíadhuin; dobudh í so ofráil Ahira
mhic Enan.


L. Ui7:84


Dob íad so tabhartuis na haltóra, annsa lá ar hungaidh í, ó
phrionnsadhuibh Israel: dhá bháisín déug airgid, dá chupán déug airgid,
dhá líach dhég óir.


L. Ui7:85


Gach én bhaisín airgid ag comhthromadh chéud secel agus tríochad,
gach én bhulla seachdmhoghad; do chomhthromaigh na huile shoithighe
airgid, dhá mhíle agus ceithre chéud secel, do réir secel na sanctóra.


L. Ui7:86


Na líacha airgid dobhádar a do dhéug lán do thúis ag comhthromadh
deich secel gach líach dhíobh, do réir secel na sanctóra: ór na líacha
uile bá céd agus fichthe secel é.


L. Ui7:87


Na daimh uile don ofráil loiscthe dobhádar dhá bhulóig dhéug, na
reitheadh a dó dhéug, na huain don chéidbhlíadhuin a dó dhéug, maille
rena nofráil bhídh: agus meannáin na ngabhar ar son ofrála peacaidh a dó
dhéug.


L. Ui7:88


Agus na huile damh chum iodhbartha na hofrála síothchána dobhádar
a ceathair fithchiod do bhuloguibh, na reitheadha sé fichid, na buic sé
fichid, na huain don chédbhlíadhuin sé fichid: dobíad so tabhartuis
na haltóra tar éis a beith ungtha.


L. Ui7:89


Agus anuair dobhí Maóise ar ndul asteach a ttabearnacuil an
chomhchruinnighthe do labhairt re Día, annsin dochuala sé guth duine ag
labhairt ris amach as cathaoir na trócaire, noch dobhí air Airc na
fiadhnuise, ó edir an dá Cherubin: agus adubhairt sé ris.


L. Ui8:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui8:2


Labhair ré Haáron agus abair ris, anuair lasfas tú na lampuidhe,
bhéruidh na seachd lampuidhe solus thall ar aghuidh an choinnleora.


L. Ui8:3


Agus dorinne Aáron sin, do las sé a lampuidhe ar aghaidh an
choinnleora thall mar do aithin an tighearna do Mhaóise.


L. Ui8:4


Agus dobhí anobairsi an choinnleora dór bhuailte go nuige a chos, go
nuige a bhlátha dobhí dór bhuailte: do réir na cosamhlachda do
thaisbén an tighearna do Mhaóise, marsin dorinne sé an coinnleóir.


L. Ui8:5


Agus do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui8:6


Beir na Lebhítigh ó bheith a measc chloinne Israel, agus glan íad.


L. Ui8:7


Agus marso dhénas tú ríu da nglanadh: croith uisce glanta orra, agus
bearraidís a bhfeóil uile, agus nighdís a néduighe, agus marsin déindís
íad féin glan.


L. Ui8:8


Annsin glacaidís bulóg óg maille rena hofráil bhídh, eadhon plúr
mín cumaiscthe le hola, agus glacfa tusa bulóg óg eile mar ofráil
pheacaidh.


L. Ui8:9


Agus dobhéara tú na Lebhitigh as coinne thabearnacuil an
chomhchruinnighthe, agus cruinneocha tú a bhfochair a chéile coimhthionól
chloinne Israel uile.


L. Ui8:10


Agus dobhéra tú na Lebhítigh a lathair an tighearna, agus cuirfidh
clann Israel a lámha ar na Lebhítibh.


L. Ui8:11


Agus dodhéana Aáron na Lebhítigh díodhbuirt a lathair an tighearna
mar ofráil ó chloinn israel, chor go ndéanuid serbhís an tighearna.


L. Ui8:12


Agus cuirfidh na Lebhítigh a lámha ar cheannuibh na mbulóg, agus do
dhéana tú íodhbuirt daon acha mar ofráil sheacaidh, agus don dara bulóig
mar ofráil loiscthe don tighearna, do dhénamh síodha do na Lebhitibh.


L. Ui8:13


Agus cuirfe tú na Lebhítigh a lathair Aáron agus a lathair a mhac,
agus ofráilfidh tú íad mar ofráil don tighearna.


L. Ui8:14


Marso scarfas tú na Lebhítigh ó bheith a measc chloinne Israel:
agus budh liomsa na Lebhítigh.


L. Ui8:15


Agus na dhiaighsin rachaidh na Lebhitigh asteach do dhéanamh
serbhíse thabearnacuil an chomhchruinnighthe, agus glanfa tú íad, agus do
dhéana tú anofráil mar íodhbuirt.


L. Ui8:16


Óir tugadh dhamhsa go hiomlán íad ó bheith a measc chloinne
Israel anáit gach aoin dá nosclann an bhrú, eadhon anáit na céidghine do
chloinn Israel uile do ghlac misi chugam íad.


L. Ui8:17


Óir is liomsa uile céidghin chloinne Israel idir dhuine agus
bheathach, annsa ló ar bhuail mé gach uile chéidghin a ccrích na
Hégipte do naomhaigh mé íadsan dhamh féin.


L. Ui8:18


Agus do ghlac mé na Lebhítigh ar son anuile chéidghin do chloinn
Israel.


L. Ui8:19


Agus thug mé na Lebhítigh mar thiodlacadh do Aáron agus dá mhacaibh
as measc chloinne Israel do dhénamh serbhíse chloinne Israel a
ttabernacuil an chomhchruinnighthe agus do dhénamh síodha chloinne
Israel, cor nach bía pláigh a measc chloinne Israel anuáir thiocfaid
clann Israel a bhfogus dontsanctóir.


L. Ui8:20


Agus dorinne Maóise agus Aáron agus comhchruinniughadh chloinne
Israel uile do na Lebhítibh do réir anuile ní dar aithin an tighearna
do Mhaóise a ttaobh na Lebhíteach, marsin dorinneadar clann
Israel ríu.


L. Ui8:21


Agus do glanadh na Lebhítigh agus do nígheadar a néduighe, agus do
ofráil Aáron íad a lathair an tighearna, agus dorinne Aáron síth dhóibh
dá nglanadh.


L. Ui8:22


Agus na dhiaighsin dochuadar na Lebhítigh asteach do dhénamh a
serbhíse a ttabernacuil an chomhchruinnighthe a lathair Aáron agus a
mhac, mar do aithin an tighearna do Mhaóise a ttaobh na Lebíteach, is
marsin dorinneadar riú.


L. Ui8:23


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Ui8:24


Sé so an ní bheanas ris na Lebhitibh; ó cúig blíadhna fhithchiod d
aóis, agus ós a cionn rachuidh siad asteach dfhuirfheithiom ar sherbhís
thabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui8:25


Agus ó aois chaogad blíadhan scuirfidh gach aon dfhuirfeithiomh ar a
sherbhíssin, agus ní dhéna sé níis mó do sherbhís.


L. Ui8:26


Achd dodhénuid fritheolamh a bhfochair a ndearbhráthar a
ttabernacuil an chomhchruinnighthe do choimhéud an chúruim, agus ní
dhégnaid sherbhís air bith: marso dodhéana tú ris na Lebhitibh a ttaoibh a
gcúruim.


L. Ui9:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise a bhfásach Sinai annsa
chéidmhí don dara bliadhuin tar éis a tteachta amach as crích na
Hégipte, dha rádh.


L. Ui9:2


Cumhdaighdís clanna Israel mar an gcédna an Cháisg iona am
iomchubhuidhe féin.


L. Ui9:3


Annsa cceathramhad lá dég don mhíse tráthnóna cuimhdeochthaói é
iona am cinnte féin: do réir a uile ghnátha agus do réir a uile chustuim
chuimhdeochthaói é.


L. Ui9:4


Agus do labhair Maóise re cloinn Israel da rádh ríu, an Cháisg do
choimhéd.


L. Ui9:5


Agus do choimhéid síadsan an Cháisg an ceathramhadh lá déug don
chéidmhí tráthnóna a bhfásach Sinái: do réir anuile neithe dar aithin
an tighearna do Mhaóise, is marsin dorinneadar clann Israel.


L. Ui9:6


Agus dobhádar daóine áirighe dobhí truaillighe le corp dhuine mhairbh,
go nar bhféidir leó an Cháisg do choimhéud an lásin; agus tangadar a
lathair Mhaóise agus a lathair Aaron an lásin.


L. Ui9:7


Agus adubhradar na daóinesin ris, atáimid neamhghlan ó chorp dhuine
mhairbh: uimesin atámaoid gar gcongmháil nach bhféadmaóid ofráil d
íodhbuirt don tighearna na am cinnte féin a measc chloinne Israel.


L. Ui9:8


Agus adubhairt Maóise riú, fanuidh bhur gcomhnuighe, agus cluinfe
misi créud aithéonus an tighearna bhur ttaobh.


L. Ui9:9


Agus do labhair an tighearna ré Maoise ga rádh.


L. Ui9:10


Labhair ré cloinn Israel gá rádh, má bhíonn énduine aguibh no dá
bhur sliochd, neamhghlan ó chorp mharbh, nó má bhíthí a tturus a bhfad
uaibh, thairis sin cuimhdeochthaoi an Cháisg don tighearna.


L. Ui9:11


An ceathramhadh lá dég don dara mí tráthnóna chuimhdeochthaói é,
iostaói é maille ré harán gan láibhín agus re luibhionaibh searbha.


L. Ui9:12


Ní fhúigfidh síad éinní dhe go maidin ní bhrisfid siad aonchnáimh
dhe, do réir uile órduighthe na Cásga cuimhdeochuid siad é.


L. Ui9:13


Achd an duine bhías glan agus nach bhía ar turas, agus léicfeas thairis
gan an Cháisg do choimhéd, gearrfuighear an tanam cédna amach ó na
mhuintir, do chionn nach ttug sé leis ofráil an tighearna na ham cinnte
féin, biaidh ualach a pheacuidh air an bhfearsin.


L. Ui9:14


Agus má thigh coimidhtheach ar cuairt bhar measc, agus go
cchuimhdeochuidh sé an Cháisg don tighearna, do réir órduighthe na Cásga
agus do réir a mhódhasin dodhéna sé: énordúghadh amháin bhías
aguibh araon don coimhidhtheach agus don té bearthar san tír.


L. Ui9:15


Agus an lá do tógbhadh suas an tabearnacuil, do fholuigh néull an
tabearnacuil, eadhon páilliún na fiadhnuisi: agus tráthnóna dobhí ar an
tabearnacuil mar dobhíadh táimhseanadh tineadh go maidin.


L. Ui9:16


Is marsin dobhí sé a gcomhnuidhe, do fholchadh an néull é san ló,
agus cosamhlachd shoillsi teineadh noidhche.


L. Ui9:17


Agus anuáir do tógfuidh an néull súas ón tabearnacuil, annsin do
ghluaiseadh clann Israel; agus annsanáit a ccomhnuigheadh an néull, ann
sin do shuidheadh clann Israel a lóistíne.


L. Ui9:18


Ar aithne an tighearna do ghluaiseadh clann Israel, agus ar aithne an
tighearna do suidhedís a bhfoslungphort: an feadh do fhanadh néull ar an
ttabearnacuil do chomhnuighedís annsna lóistínibh.


L. Ui9:19


Agus anuáir do fhanadh an néull a bhfad mórán do laéthibh ar an
ttabearnacuil, annsin do choimhédaidís clann Israel cúram an tighearna.
agus ní aistrighedís.


L. Ui9:20


Agus is marsin dobhí anuáir bhíodh an néull beagán do laéthibh air
a ttabearnacuil: do réir aithne an tighearna do fhanaidís iona lóistínibh,
agus do réir aithne an tighearna do ghluaisidís.


L. Ui9:21


Agus is marsin dobhí anuáir do fhanadh an néull ó thráthnóna go
maidin, agus go ttógthaói an néull suas ar maidin, annsin do ghluaisidís;
mas do ló nó doidhche tógfuidh an néull súas, do ghluaisidís.


L. Ui9:22


Nó da madh dhá lá é, nó mí, nó blíadhuin do fhanadh an néull ar an
ttabearnacuil, ag fuireach air, do chomhnuighedís clann Israel ann a
lóistínibh agus ní ghluaisidís: achd anuáir a tógthaói suas é, do
ghluaisedís.


L. Ui9:23


Do réir aithne an tighearna do chomhnuighedís iona lóistínibh, agus ar
aithne an tighearna do ghluaisidís: do choimhédaidís cúram an tighearna
ar aithne an tighearna lé láimh Mhaóise.


L. Ui10:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dá rádh:


L. Ui10:2


Déana dhuit féin dhá thrumpa airgid: do phíosa iomlán dhénas tú íad,
go ngnathuighidh tú iad ag gairm an oireachduis, agus do ghluaiseachd na
sluagh.


L. Ui10:3


Agus anuáir shéidfuighear íad, cruinneochuid cách uile chugad ag dorus
thabearnacuil an chomhchruinnighthe.


L. Ui10:4


Agus muna séidfid achd éntrumpa, annsin cruinneochuid na
prionnsuidhe noch as cinn ar mhíltibh chloinne Israel, íad féin chugad.


L. Ui10:5


An uair shéidfidhe lárum, annsin rachaidh na foslungphoirt noch bhias
don taóbh shoir ar a naghaidh.


L. Ui10:6


Anuáir bhuailfeas sibh lárum an dara huáir annsin gluaisfid na
sluaigh bhías don taóibh theas ar a naghaidh: séidfid lárum chum an
aistir.


L. Ui10:7


Achd anuáir bhías an chomhthionól ag cruinniughadh a gcionn a chéile.
buáilfe tusa, achd ní bhuailfe tú lárum.


L. Ui10:8


Agus is íad clann Aáron an sagart shéidfeas na trumpuidhe; agus biaidh
aguibhsi mar ordúghadh síorruidhe, ar feadh bhur ngeinealach.


L. Ui10:9


Agus má théid sibh a ccogadh ann bhur ndúthaigh anaghaidh na námhad
noch bhuaidhrios sibh, annsin buailfídhe lárum leis na trumpadhuibh, agus
cuimhneochthar sibh a lathair an tighearna bhur nDía, agus saórfuighear
sibh ó bhur námhuid.


L. Ui10:10


Mar an gcédna a ló bhur luthgháire, agus ann bhur laethibh féasta,
agus a ttosuighibh bhur míos bhuailfidhe bhur ttrumpuidhe ós cionn
íodhbartha bhur nofrála loiscthe, agus ós cionn íodhbartha bhur nofrála
síothchána; cor go mbéid aguibh mar chuimhníughadh a lathair bhur nDé:
misi an tighearna bhur nDía.


L. Ui10:11


Agus táinic a ccrích an fithchiodhmhadh lá don dara mí, annsa dara
blíadhan gur tógbhadh suas an néull ó thabearnacuil na fiadhnuise.


L. Ui10:12


Agus do ghluaiseadar clann Israel iona tturus as fásach Sínái, agus
do fhosuigh an néull a bhfásach Pháran.


L. Ui10:13


Agus do thionnscnadar a tturus ar tús do réir aithne an tighearna lé
láimh Mhaóise.


L. Ui10:14


Annsa chéd áit dochuaidh bratach champa chloinne Iúdah, do réir
a sluagh: agus dobhí Nason mhac Amminadab ós cionn a shluaigh.


L. Ui10:15


Agus ós cionn sluaigh threibhe chloinne Isacar dobhí Nataneel
mhac Suar.


L. Ui10:16


Agus os cionn sluaigh threibhe chloinne Sebulun, dobhí Eliab
mhac Helon.


L. Ui10:17


Agus rugadh an tabearnacuil síos, agus do ghluaisiodar mic Gherson,
agus mic Mherári ar a naghaidh ag iomchur an tabearnacuil.


L. Ui10:18


Agus do ghluais bratach champa Reuben ar a haghaidh do réir a
shlúagh, agus dobhí Elisur mhac Sedeur ós cionn a slóigh.


L. Ui10:19


Agus dobhí Selumiel mhac Surisaddai ós cionn slóigh threibhe
chloinne Simeon.


L. Ui10:20


Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Gad dobhí Elisaph mhac
Deuel.


L. Ui10:21


Agus do ghluaisiodar na Cohatítigh ag iomchar na sanctóra: agus do
chuireadarsan eile an tabearnacuil súas a gcoinne a tteachda.


L. Ui10:22


Agus do ghluais bratach champa chloinne Ephráim do réir a sluagh,
agus ós cionn a narmála dobhí Elisama mhac Ammihud.


L. Ui10:23


Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Manasseh dobhí Gamaliel
mhac Pedásur.


L. Ui10:24


Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Beniamin dobhí Abidan
mhac Gideoni.


L. Ui10:25


Agus do ghluais bratach champa chloinne Dan rompa noch dobhí ar
deireadh na gcampadh uile ar fad a sluagh: agus ós cionn a slóighsin
dobhí Ahieser mhac Amisaddai.


L. Ui10:26


Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Aser dobhí Págiel mhac
Ocran.


L. Ui10:27


Agus ós cionn slóigh threibhe chloinne Naphtali dobhí Ahiran
mhac Enan.


L. Ui10:28


Marso dobhí aistior chloinne Israel do réir a sluagh anuáir do
gluaiseadar ar a naghaidh.


L. Ui10:29


Agus adubhairt Maóise ré Hobab mhac Raguel an Midianíteach athair
mhná Mhaóise, atamaoidne ag tríall gus anáit ar labhair an
tighearna, gá rádh, dobhéura mé dhaóibhsi é; tárrsa linn agus
dodhénam maith dhuit; óir do labhair an tighearna maith do thaóibh
Israel.


L. Ui10:30


Agus adubhairt seision ris, ní rachad libh, achd rachad dom dhúthaigh
féin agus go nuige mo ghaól.


L. Ui10:31


Agus adubhairt seision, ná fág sinn íarruim mar athchuinghidh ort, ó
tharla a fhios agad go bhfuilimid ar tí campa dhénamh san bhfásach, agus
go mbía tusa anáit súl dúinn.


L. Ui10:32


Agus is amhla bhías, má thig tú linn, go deimhin biáidh, gach maith da
ndéna an tighearna dhúinne dodhénuimne a leithéid duitsi.


L. Ui10:33


Agus do imthigheadar ó shlíabh an tighearna aistear thrí lá, agus Airc
chunnartha an tighearna ag imtheachd rompa anaistior na ttrí lá
diarruidh áite comhnuidhe dhóibh.


L. Ui10:34


Agus dobhíodh néull an tighearna orra san ló anuáir dothéidis
amach as an bhfoslungphort.


L. Ui10:35


Agus tárla anuáir do ghluáiseadh aNáirc ar a haghuidh go nabradh
Maóise éirig suas a thigherna agus bíodh do naimhde ar na scabadh,
agus ar drung fhuathuigheas tú teithidís romhad.


L. Ui10:36


Agus anuáir do chomhnuigheadh aNáirc, déradh sé, ionntoigh a
thighearna chum na niomad mílteadh chloinne Israel.


L. Ui11:1


Agus anuáir do iomchasaóid an pobal, do chuir sin fearg ar an
ttighearna, agus dochualuidh an tighearna sin, agus do lasadh a fhearg,
agus do las teine an tighearna na measg, agus do loisg an luchd dobhí a
nimlibh an champa.


L. Ui11:2


Agus do éigheadar an pobal ar Mhaóise, agus anuáir dorinne
Maóise urnaighe chum an tighearna do múchadh na teinidh.


L. Ui11:3


Agus tug Taberah dainm ar an áit, do chionn gur loisc teine an
tighearna na measg.


L. Ui11:4


Agus iomad dá raibh na measc do ghlac ainmhian íad, agus clann
Israel mar an gcédna do ghuileadur arís, agus adubhradar, cía bhéarus
feóil dúinn réna hithe?


L. Ui11:5


Cuimhnígheamaóid ar an íasc do ithmís annsaNégipt anaisgidh, na
cúlarám, agus na mealbhucáin, agus an lus, agus na huinniúin, agus an
ghairleóg.


L. Ui11:6


Achd anois atá ar n anum ar ttiurmúghadh súas; ní bhfuil ní ar bith
aguinn annois achd an Mannasa amháin ion ar radharc.


L. Ui11:7


Agus dobhí an Manna amhuil síol Coriander, agus a dhath amhuil dath
Bdellium.


L. Ui11:8


Agus do imthigheadh an pobal fágcuairt, agus do chruinnighedís é, agus
do mheiledís a muiltibh é, nó do bhrúighedís é a móirteur agus do bhruithedís
anoighnibh é, agus donighdís cácuidhe dhe: agus dobhí a bhlas amhuil
blas nuadhola.


L. Ui11:9


Agus anúair do thuiteadh an drúcht air an ccampa sanoidhche, do
thuiteadh an manna air.


L. Ui11:10


Annsin dichualuidh Maóise an pobal ag gul ar feadh a muintire uile, gach
áon díobh a ndorus a lóistín féin: agus do hadhnadh fearg an tighearna go
mór: dobhí Maóise feargach mar an gcédna.


L. Ui11:11


Agus adubhairt Maóise ris an ttighearna, créad fár chrádh tú do
sherbhíseach, agus créad fá nach bhfuáir mé fábhar ad láthair, as ar chuir
tú ualach na ndáoinesi uile orum?


L. Ui11:12


An misi do ghein an pobalso uile? an damh rugadh iad as a naibearthá
riom, iomchair ann tfhochras iad, (mar iomchras an tathairaltrannus
leanbh na cíche) gus an bhfearann do mhionnaidh tú da naithribh?


L. Ui11:13


Cáit as a bhfaghuinnsi feóil ré tabhairt don phobalso uile, óir
guilid siad orum, gá rádh: tabhair dhúinn feóil go nithmís í.


L. Ui11:14


Ní fhéduimsi na daóinesi uile diomchar, do chionn go bhfuil so ro
throm agum.


L. Ui11:15


Agus más marso dhénas tú rium, guidhim thú marbh mé ar ball; agus má
fuáir mé muinteardhus ad láthair, ná feicim mo thruaighmhéile.


L. Ui11:16


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, cruinnigh chugamsa
seachdmhoghad fear do shinnsearuibh Israel, noch is aithne dhuit bheith
na sinsir an phobail, agus na noifigidh ós a ccionn; agus tabhuir íad go
tabearnacuil an chomhchruinnighthe go rabhaidh na seasamh ad fhochairsi
annsin.


L. Ui11:17


Agus tiucfa misi anuas agus laibheóra me riot annsin; agus beanfa mé
don spioraid atá ortsa, agus cuirfe mé orrasan é; agus iomchoruid siad
ualach na ndaóine leachtsa, ionnus nach iomchoruidh tusa leachd féin é.


L. Ui11:18


Agus abairsi ris an bpobal, beannuighidh sibh féin a ccoinne an
laói márach, agus íostaói feóil (óir do ghuileabhair a ccluasaibh an tighearna
da rádh, cia bhéuras feóil dúinn réna hithe óir is maith dobhádhas
aguinn saNégipt) uimesin dobhéura an tighearna feóil daóibh, agus
íostaói í.


L. Ui11:19


Ní hénlá amháin íostaói, nó dhá lá, nó cúig lá, nó deich lá, nó
fithche lá.


L. Ui11:20


Achd ar feadh míosa, iomláine nó go ttí sé amach ar bhur bpolláiribh
agus go raibh glonnmhar aguibh: do chionn gur tharcuisnigh sibh an
tighearna, noch atá bhar measc, agus gur guileabhair dá lathair gá rádh;
créad as a ttangamar amach as Négipt?


L. Ui11:21


Agus adubhairt Maóise, an pobal a bhfuilim na measc atáid siad sé
chéd míle coisíghe, agus adubhairt tusa dobhéura mé feóil daóibh ar
feadh míosa réna hithe.


L. Ui11:22


An muirfighear na tréda, agus na halbhadha dhóibh da sásadh, nó an
ccruinneochthar íasc na fairge uile a bhfochair a chéile dhóibh da sásadh:


L. Ui11:23


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise: an ndeárnadh lámh an
tighearna níos giorra? dochífe tú anois an ttiocfa mfhocalsa a gcrích
dhuitsi, nó nach ttiocfa.


L. Ui11:24


Agus dochuaidh Maóise amach, agus do innis don phobal briathra an
tighearna, agus do chruinnigheadar a bhfochair a chéile an seachdmhoghad
do shinnsearuibh an phobuil, agus do shuigheadar fáccuairt timchioll an
tabearnacuil.


L. Ui11:25


Agus táinic an tighearna anúas a néull agus do labhair ris, agus do
thóg cúid don spioraid dobhí air, agus tug don tseachdmhodhadh seanóir é:
agus tárla anuáir do chomhnuidh an spiorad orrasan go ndearnadar
fáigheadoireachd, agus nár stadadar.


L. Ui11:26


Achd do fhanadar días do na daóinibh annsa champa, is é dobainm do
dhuine aca Eldad, agus ainm an fhir eile Medad; agus do chomhnuidh an
spiorad orra, agus dobudh don luchd dobhí scríobhtha íad, achd ní
dheachadar amach chum an tabearnacuil, agus dorinneadar fáigheadóireachd
san champa.


L. Ui11:27


Agus do rith duine, agus do innis do Mhaóise, agus adubhairt, atá
Eldad agus Medad ag fáigheadóireachd san champa.


L. Ui11:28


Agus do fhreagair Iosua mhac Nun serbhíseach Mhaóise ón aóis óig,
agus adubhairt sé, a thighearna a Mhaóise toirmisc íad.


L. Ui11:29


Agus adubhairt Maóise ris, an bhfuil tnúth ortsa ar mo shonsa:
dobfearr liom go mbeidís pobal an tighearna uile na bhfáighibh, agus go
ccuirfeadh an tighearna a spiorad orra.


L. Ui11:30


Agus dochuaidh Maóise don champa é féin agus sinnsir Israel.


L. Ui11:31


Agus dochuaidh gaóth amach ón tighearna, agus tug gearraguirt ón
bhfairge, agus do léig síos láimh ris an ccampa íad, mar do bheith sé
uidhe laói don taóibhse, agus uidhe laói don taóibh eile fágcuáirt
timchioll an champa, agus timchioll dhá chubhad dáirde ar gnúis na
talmhun.


L. Ui11:32


Agus do sheasadar an pobal súas ar feadh an laóisin, agus ar feadh
na hoidhche, agus ar feadh an laói arna mhárach, agus do chruinnigheadar
na gearraguirt: an té is lugha do chruinnigh, do chruinnigh sé deich
homer, agus do leathnuigheadar íad fágcuáirt timchioll an champa uile
dhóibh féin.


L. Ui11:33


Agus an feadh dobhí anfheóil fós idir a bhfiaclaibh, agus fós
roimhe na cognadh, do hadhnadh fearg an tighearna anaghuidh an phobuil,
agus do bhuáil an tighearna an pobal lé pláigh romhóir.


L. Ui11:34


Agus do ghoir sé Cibrothataabhah dainm don áit, do chionn gurob
annsin do adhlaiceadar an luchd air a raibh an tainmhían.


L. Ui11:35


Agus do aistrigheadar an pobal ó Cibrot-hataabhah go Haserot, agus
do fhosadar ann Haserot.


L. Ui12:1


Agus do labhair Miriam agus Aáron anaghaidh Mhaóise ar son na
mná don Ethiophia noch do phós sé: óir do phós sé bean don
Etíopia.


L. Ui12:2


Agus adubhradar, an tré Mhaóise amháin do labhair an tighearna, an é
nach ar labhair sé thrídne mar an gcédna: agus dochualuidh an tighearna
sin.


L. Ui12:3


Anois dobhí an duine Maóise romhacánta ós cionn an uile dhuine da
raibh ar ghnúis na talmhan.


L. Ui12:4


Agus do labhair an tighearna go hobann ré Maóise agus ré Haáron
agus ré Miriam, tigidh amach bhur ttriúr go tabearnacuil an
chomhchruinnighthe: agus tangadar amach na ttriúr.


L. Ui12:5


Agus táinic an tighearna anúas a bpiléir néill, agus do sheas a ndorus
an tabearnacuil, agus do ghoir Aáron agus Miriam, agus tangadar araón
amach.


L. Ui12:6


Agus adubhairt seision, éistigh annois mo bhríathra, ma tá fádh bhar
measc misi an tighearna foillseochad mé féin dó a bhfis, agus laibheora mé
ris anaisling.


L. Ui12:7


Mo sherbhíseach Maóise ní bhfuil sé marsin, noch atá fírinneach
measc mo thighe uile.


L. Ui12:8


Is rission laibheorus mé béul ar bhéul, fos go soilléir, agus ní a
nglór dhorcha, agus dochífe sé cosamhlachd an tighearna: créud fa nach
rabhabhairsi ar anadhbharsin eaglach um labhairt anaghaidh mo
sherbhísigh Maóise.


L. Ui12:9


Agus do las fearg an tighearna na naghaidh, agus do imthigh sé uatha.


L. Ui12:10


Agus do imthigh an néull ón ttabearnacuil, agus féuch tháinic lúbhra
ar Mhiriam (coimhgheal) lé sneachda: agus do fhéuch Aáron ar
Mhiriam agus féuch do-bhí lubhra uirre.


L. Ui12:11


Agus adubhairt Aáron ré Maóise, uch a thighearna, iarruim d
athchuinge ort, ná léig an pecadh oruinne ann a ndearnamar go leamh,
agus ar phecuigheamar.


L. Ui12:12


Ná bíodh sí so mar aón marbh, dá ttraóthann leath a fheola anuáir
thig amach as broinn a mhathar.


L. Ui12:13


Agus do éigh Maóise air an ttighearna, ga rádh, slánuidh anois í, a
Dhé, iarruim dathchuinghe ort.


L. Ui12:14


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, muna ndearnadh a hathair
achd seile do theilgean na haghaidh, nach biadh náire uirre seachd lá?
curthar amach as an champa í seachd lá, agus na dhiaighsin glacthar
asteach í.


L. Ui12:15


Agus do cuireadh Miriam ón champa seachd lá, agus níor aistrígheadar
cách nó gur tugadh Miriam asteach arís.


L. Ui12:16


Agus na dhiaighsin do áthruigheadar an pobal ó Haserot, agus do
fhosadar a bhfásach Páran.


L. Ui13:1


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dá rádh;


L. Ui13:2


Cuir daóine amach go spíndís tír Chanaáin noch dobheirimsi do
chloinn Israel: do gach éintreibh dá naithribh chuirfeas tú duine
amach, gach énduine na riaghlóir na measc.


L. Ui13:3


agus do chuir Maóise le haithne an tighearna amach íad as fásach
Pháran: na daóinesin uile dobudh ceann ar chloinn Israel.


L. Ui13:4


Agus dobudh íadso a nanmanna, do threibh Réuben, Sammua mhac
Saccur.


L. Ui13:5


Do threibh Simeoin, Saphat mhac Hori.


L. Ui13:6


Do threibh Iudah, Caleb mhac Iephunneh.


L. Ui13:7


Do threibh Issachar, Igal mhac Ióseph.


L. Ui13:8


Do threibh Ephraim, Orea mhac Nun.


L. Ui13:9


Do threibh Beniamin, Palti mhac Raphu.


L. Ui13:10


Do threibh Sebulun, Gaddiel mhac Sodi.


L. Ui13:11


Do threibh Ióseph, eadhon, do threibh Manasseh gaddi mhac
Súsi.


L. Ui13:12


Do threibh Dan, Ammiel mhac Gemalli.


L. Ui13:13


Do threibh Aser, Setur mhac Michael.


L. Ui13:14


Do threibh Naphtali, Nahbi mhac Uophsi.


L. Ui13:15


Do threibh Gad, Gebhel mhac Machi.


L. Ui13:16


Is íadso anmanna na ndaóine noch do chuir Maóise amach do bhrath
na dúthaighe; agus do ghoir Maóise Iehosua do Osea mhac Nun.


L. Ui13:17


Agus do chuir Maóise íad do bhrath thíre Canaáin, agus adubhairt
ríu, gluaisigh romhuibh donáird ó dheas, agus éirgidh suas ar a
tsliabh.


L. Ui13:18


Agus féachuidh créd é an fearann, agus na daóine áitreabhas ann, an
bhfuilid láidir nó lag, na mbeagán na mórán daóine.


L. Ui13:19


Agus créd is fearann é ann a gcomhnuighid siad, an maith nó an olc é,
agus créad na caithreacha ann a naitighid siad, an ann lóistínibh nó an
áitibh daingne áitighid.


L. Ui13:20


Agus créd é an fearann féin, an truagh é nó an méith, an bhfuil coill
ann nó nach bhfuil: agus bíthísi beódha, agus tugaidh libh cuid do
thoradh na tíre: annois dobé sin aimsir na gcéadgrápuigheadh.


L. Ui13:21


Mairsin dochuadar suas, agus do spíonadar an tír ó fhásach Sin go
Rehob, mar a ttigid daóine go Hamat.


L. Ui13:22


Agus dochuadar suas budh dheas go ttangadar go Hebron mar a rabhadar
Ahiman, Sesai, agus Talmai, clann Anac: anois dorinneadh
Hebron seachd mbliadhna roimhe Soan saNégipt.


L. Ui13:23


Agus tangadar gus an abhuinn Escol, agus do ghearradar annsin
beangán fá éntriopall caór fíneamhna, agus do iomchradar é idir dhís air
mhaide, agus tugadar leó dona pomgránada, agus dona fígidhe.


L. Ui13:24


Do goireadh don áitsin gleann Escol, do bhríg an triopuill caór do
ghearradar clann Israel assin.


L. Ui13:25


Agus do fhilleadar ó spionadh an tíre déis dhá fhichid lá.


L. Ui13:26


Agus do ghluaiseadar agus tangadar go Maóise agus go Haáron, agus
go comhchruinniughadh chloinne Israel uile go fásach Pháran go
Cades, agus tugadar scéula chucasan, agus chum an chomhchruinnigh
uile, agus do thaisbeanadar toradh na tíre dhóibh.


L. Ui13:27


Agus do innsiodar dhóibh, agus adubhradar, tangamairne gus an ttír
ionar chuir tú sinn, agus go deimhin atá sí ar sileadh do bhainne agus do
mhil agus aséso a toradh.


L. Ui13:28


Gidheadh atáid na daóine áitreabhas annsa dúthaigh láidir, agus
atáid a gcathireacha do bhalladhuibh, agus táid romhór: agus fós do
chonncamar clann Anac annsin.


L. Ui13:29


Aítreabhuid na Hamalecitigh annsa bhfearann taóbh ó dheas: agus na
Hititigh agus na Iebusítigh, agus na Hamorítigh áitreabhas ar a
tslíabh agus na Canaanítigh áitreabhas láimh ris an bhfairge, agus
láimh ré leithimeal Iordáin.


L. Ui13:30


Agus giodh gur shocruigh Caleb an pobal a lathair Mhaóise, agus
adubhairt sé, dhénamh súas anéinfheachd, agus sealbhuigheam é, óir
atámaód cumusach air a bhuain amach.


L. Ui13:31


Gidheadh na daóine dochuaidh leis súas adubhradar, ní bhfuilimidne
iondula súas anaghaidh na ndaóine: óir is láidre íad ná sinn.


L. Ui13:32


Agus tugadar drochthuaruscbháil do chloinn Israel ar an ndúthaigh
noch do spíonadar ga rádh; an fearann thríd a ndeachamar dá spíonadh, is
talumh é íosas súas a áitreabhuigh; agus na huile dhaóine da bhfacamair
ann, atáid na daóine árrachda.


L. Ui13:33


Agus dochonncamar annsin aithigh mic Anac, is mó nó aithighe eile;
agus bhádhmairne ann ar radharc féin mar dhreóllánuibh teasbuidh, agus do
bhámhar ann a radharcsion fós mar an ccédna.


L. Ui14:1


Agus do thóg an pobal uile a nguth ós áird, agus do éigheadar agus do
ghuileadar an pobal anoidhchesin.


L. Ui14:2


Agus dorinneadar clann Israel uile ithiomrádh anaghaidh Mhaóise
agus anaghaidh Aáron, agus adubhradar an comhchruinniughadh uile
riú, dobfearr linn go bhfuigheamaóis bás a ccrích na Hégipte,
nó dobfearr linn bhfuighemaóis bás ann sa bhfásachso.


L. Ui14:3


Agus créd fá ttug an tighearna don tírsi sinn do thuitim leis an
gcloidheamh, chor go mbeidís ar mná agus ar cclann na gcreich? nach ar
bhfearr dhúinn filleadh doNégipt.


L. Ui14:4


Agus adubhradar ré ar oile, déanamh caiptín agus filleamh doNégipt.


L. Ui14:5


Annsin do thuit Maóise agus Aáron ar a naighthibh a lathair
oireachduis chomhchruinnighthe chloinne Israel uile.


L. Ui14:6


Achd Iosua mhac Nun agus Caleb mhac Iephunneh, noch dobhí don
luchd do fhéuch an fearann, do réubadar a néaduighe,


L. Ui14:7


Agus do labhradar ré hoireachdas chloinne Israel uile dhá rádh, an
fearann ar ghabhamair thríd dá fhéchuinn, is fearann sármhaith é.


L. Ui14:8


Ma tá dúil ag an ttighearna ionnuinne, annsin béaruidh sé don
dúthaighsi sinn, agus dobhéara dhúinn í; dúthaigh noch líonas do bhainne
agus do mhil.


L. Ui14:9


Amháin ná h éirghidhsi a ccogadh anaghaidh an tighearna, agus ná
bíodh eagla oruibh roimh dhaóinibh na tíre; óir is arán dúinne íad: do
dhealuigh a ccumhdach riú, agus atá an tighearna linne: ná bíodh aneagla
oruibh.


L. Ui14:10


Achd do aithnigheadar an comhchruinniughadh a gclochadh lé clocuibh:
agus do thaisbein glóir an tighearna í féin a ttabearnacuil an
chomhchruinnighthe a lathair chloinne Israel uile.


L. Ui14:11


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, gá fad bhías an pobalso ag
cur feirge oram? agus gá fad nach ccreidfid mé ar son na nuile
comharthadha do thaisbean mé eatorra.


L. Ui14:12


Buáilfe mé íad lé pláigh, agus beanfa mé a noighreachd díobh, agus
dodhéna mé dhíotsa cineadh is mó agus is neartmhuire ná íadsan.


L. Ui14:13


Agus adubhairt Maóise ris an ttighearna, achd cluinfid na H-
égiptigh sin ( óir thug tusa íadso amach ó bheith na measc léd
chumhachduibh.)


L. Ui14:14


Agus inneosuid siad do mhuinntir na tíresi é: óir dochualadar, a
thighearna, go bhfuil tusa a measc an phobailsi, go bhfaicthear thusa, a
thighearna, aghaidh ar aghaidh, agus go mbí do néull ós a ccionn, agus
go ttéid tú rompa san ló a bpiléur néill, agus a bpiléur teinidh san
oidhche.


L. Ui14:15


Annois má mharbhann tú an pobalso uile mar éanduine, annsin
laibheóruid na críocha dochualuidh do thásc, dá rádh.


L. Ui14:16


Do chionn nach éidir leis an ttighearna na daóinesi do thabhairt
don tír do gheall sé dhóibh, uimesin do marbh sé íad annsa bhfásach.


L. Ui14:17


Agus annois íarruim dathchuinge ort, bíodh cumhachda mo thighearna
mór amhuil do labhair tú, da rádh.


L. Ui14:18


Atá an tighearna fadfhuilingeach agus mórthrócaireach, ag
maitheamh éacceart agus pecaidh, agus gan an ciontach do shaóradh ar
énchor, ag aithbhear pecaidh na naithreadh ar an ccloinn go nuige an
treas agus an ceathramhadh glún.


L. Ui14:19


Maith, iarruim dathchuinge ort, éacceart na ndaóinesi do réir méud
do thrócaire; agus mar do mhaith tú don phobalsa óNégipt go ttí
anois.


L. Ui14:20


Agus adubhairt an tighearna, do mhaith mé do réir do bhréithresi.


L. Ui14:21


Achd coimhdhearbhtha agus atáimsi am bheathaidh líonfuighear an
domhan uile do ghlóir an tighearna.


L. Ui14:22


Do brígh na muinntiresi uile dochonnairc mo ghlóir, agus mo
ionganta dorinne mé saNégipt, agus annsa bhfásach, agus do chuir
cathughadh orm anois deich nuáire, agus nár éisd rem ghuth.


L. Ui14:23


Go deimhin ní fhaicfidh siad an dúthaigh do gheall mé dá naithribh:
ní fhaicfidh éinneach dhíobhso dar chuir fearg oram é.


L. Ui14:24


Achd mo sherbhíseach Caleb, do chionn go raibh aithreach spioraid
ann, agus gur lean sé misi go hiomlán; béura mé eision don dúthaigh iona
ndeachaidh sé, agus sealbhocuid a shliochd é.


L. Ui14:25


(Anois do áitreabhadar na Hamalectítigh, agus na Cananítigh ann sa
ghleann) fillidhsi amárach agus imthighidh don bhfásach a slighe
na mara ruáidhe.


L. Ui14:26


Agus do labhair an tighearna ré Maóise agus ré Haáron, gá rádh,


L. Ui14:27


Gá fad iomchórus mé leis a ndrochphobalsa, noch doní ithiomrádh am
aghaidh? dochuala mé ithiomrádh chloinne Israel, noch doníd do
mhunmhur am aghaidh.


L. Ui14:28


Abair ríu mar mhairim, adeir an tighearna, amhuil do labhrabhairsi
am chluasuibhsi, is marsin dodhéna misi ribh.


L. Ui14:29


Tuitfid bhur cconblacha annsa bhfásachsa, gach ar háirmheadh
dhíbh do réir bhur nuibre iomláine ó fhithchid bliadhan daóis agus ós
a chionn, dorinne ithiomrádh am aghuidhse.


L. Ui14:30


Gan cunntabhairt ní thiucfuidhe don tír asteach a ttaóbh ar mhionna
mé go náitreochadh sibh innte, achd amháin Cáleb mhac Iephunneh, agus
Iosua mhac Nun.


L. Ui14:31


Ach bhur naóidhin adubhrabhair do bheith na gcreich, béara mé
íadsin asteach, agus aitheonuid síad an fearann, noch do tharcuisnígheabhairsi.


L. Ui14:32


Achd ar bhur sonsa tuitfidh bhur cconablacha annsa bhfásachsa.


L. Ui14:33


Agus béid bhur gclann ar seachrán annsa bhfásachso ceathrachad
blíadhan, agus íocfuidh ar son bhur stríapachuis, nó go leaghaid bhur
ccuirp annsa bhfásach.


L. Ui14:34


Do réir uibre na laétheadh a rabhabhair ag féuchuin anfhearuinn,
ceathrachad lá, (gach éanlá ar son blíadhna) iomchorthaói bhur n-
éicceart, s é sin ceathrachad blíadhan, agus aitheontaói mo bhriseadh
geallamhnasa.


L. Ui14:35


Misi an tighearna adubhairt, dodhéna mé go deimhin é ris androch
chomhchruinniughadhso uile, noch atá arna gcruinniughadh a ccionn a
chéile am aghuidh: annsa bhfásachso tuitfidh síad, agus annsin
báiseochtar íad.


L. Ui14:36


Agus na daóine do chuir Maóise dfhéachuin anfhearuinn, noch do
fhill agus tug air an gcomhchruinniughadh ithiomrádh do dhénamh iona
aghaidh lé drochthúarusgbháil do thabhairt air an bhfearann;


L. Ui14:37


An mhuinntir chéadnasin thug leó an droch thúarusgbháil ar an ttír,
fuaradar bás don phláig a lathair an tighearna.


L. Ui14:38


Achd Iosua mhac Nun agus Cáleb mhac Iephunneh (noch ba) don luchd
dochuáidh dfhéchuin anfhearuinn, do mhaireadar a gcomhnuighe.


L. Ui14:39


Agus do innis Maóise na bríatharso do chloinn Israel uile, agus do
caóidheadar an pobal go mór.


L. Ui14:40


Agus do éirgheadar an pobal go moch ar maidin, agus dochúadar súas
go mullach an tsléibhe gá rádh, féuch atámaóid annso, agus racham súas
go nuige anáit do gheall an tighearna: óir do phecuighemar.


L. Ui14:41


Agus adubhairt Maóise, créd anois fá sáruighthigh aithne an
tighearna? ach ní bhía maith dhíbh ann.


L. Ui14:42


Ná héirgidhe súas, óir ní bhfuil an tighearna bhar measc, chor nach
buailtear sibh as coinne bhur námhad.


L. Ui14:43


Óir atáid na Hamalecítigh agus na Cananítigh annsin romhuibh, agus
tuitfidhe leis an gcloidhiomh: do chionn gur hionntóigheabhair ón
tighearna; uimesin ní bhía an tighearna libh.


L. Ui14:44


Ach do chuireadarsan rompa dul súas go mullach an chnoic: gidheadh
níor imthigh Áirc chunnartha an tighearna ná Maóise amach as an
ccampa.


L. Ui14:45


Annsin tangadar na Hamalecítigh anúas agus na Cananítigh, noch do
chomhnuigh san chnocsin, agus do bhuaileadar íad agus do bhrisiodar
orra air fad go Hormah.


L. Ui15:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh;


L. Ui15:2


Labhair re cloinn Israel, agus abair riú, anuáir thiucfuidhe da
bhur ttír chomhnuidhe, noch dobheirimse dhaóibh.


L. Ui15:3


Agus do dhéantaoi ofráil le teinidh don tighearna, ofráil loiscthe, nó
iodhbuirt a gcoimhlíonadh móide, nó anofráil thoileamhuil, nó ann
bhur bhféstuibh sollamanta, do dhénamh deaghbholaidh don tighearna,
donealbhdha nó don tréud.


L. Ui15:4


Annsin an té ofrálas ofráil don tighearna, béuruidh leis ofráil
bhídh do dheachmhadh cuid do phlúr cumaiscthe le ceathramhadh do hin ola.


L. Ui15:5


Agus gléusfa tú ceathramhadh do hin fhíona mar ofráil dighe, maille re
hofráil loiscthe nó le híodhbuirt ar son gach uain.


L. Ui15:6


Nó ar son reithe, gléasfa tú mar ofráil bhídh dhá dheachmhadh cuid do
phlúr cumaiscthe leis an treas cuid do hin ola.


L. Ui15:7


Agus ofrála tú mar ofráil dighe an treas cuid do hin fhíona mar bholadh
chumhra don tighearna.


L. Ui15:8


Agus anuáir ghléasfas tú bulóg mar ofráil loiscthe, nó mar íodhbuirt a
ccoimhlíonadh móide, ná ofrála síodha don tighearna:


L. Ui15:9


Annsin dobhéura sé maille lé bulóig ofráil bhídh leis do thrí
dheachmhadh cuid do phlúr cumaiscthe le leath hin dola.


L. Ui15:10


Agus dobhéura tú leachd mar ofráil dighe leath hin dfhíon mar ofráil
déanta lé teinidh do bholadh chumhra don tighearna.


L. Ui15:11


Marso dodhéantar ar son éanbhulóige, nó ar son éinreithe, nó ar san
uáin nó meannáin.


L. Ui15:12


Do réir na huibre do ghléasfuidhe, marsin dodhéantaói ris gach aón
do réir a uibhre.


L. Ui15:13


An mhéid rugadh don tír, dodhéanuid uile na neithesi marso, ag
ofráil ofrála déanta le teinidh do bholadh chumhra don tighearna.


L. Ui15:14


Agus má thigh coimhidhtheach do chomhnuighe eadruibh, nó gidhbé ar
bith bhías bhar measc ann bhur ngeinealachuibh agus ofrálfus ofráil dénta
lé teinidh do bholadh chumhra don tighearna, mar dhéantaóise, seadh do
dhéana seision.


L. Ui15:15


Éanórdughadh amháin bhías oruibhsi don chomhchruinniughadh, agus
mar an gcéadna don choimhidhtheach chomhnuigheas (bhur measc) órdughadh
síorruidhe ann bhur sliochd: mar táthaóise, is marsin bhías an
coimhidhtheach a lathair an tighearna.


L. Ui15:16


Éandligheadh agus énmhodh bhías aguibh agus ag an ccoimhidhtheach
chomhnuigheas maille ribh.


L. Ui15:17


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, dhá rádh.


L. Ui15:18


Labhair re cloinn Israel agus abair riú, anuáir thiocfuidhe
don dúthaigh a mbéara misi sibh.


L. Ui15:19


Annsin is amhluidh bhías, anuáir íostaói darán na tíre, ofráilfidhe
ofráil thógtha don tighearna.


L. Ui15:20


Ofráilfidhe súas cáca don chéud chuid dá bhur ttaós mar ofráil
thógtha: mar doníthí ofráil thógtha don lár (síolbhuáilte) marsin
thóigfighe é.


L. Ui15:21


Don chéad chuid dá bhur ttaós dobhéarthaói don tighearna ofráil
thógtha ion bhur sleachduibh.


L. Ui15:22


Agus má rinneabhair seachrán, agus nach ar choimhédabhair na huile
aithne noch do labhair an tighearna ré Maóise,


L. Ui15:23


An uile ní dar aithin an tighearna dhíbh re láimh Maóise; ón ló far
aithin an tighearna do Maóise, agus ó so amach a measc bhur
ngeinealach:


L. Ui15:24


Annsin is amhlaidh bhías, má níthear éinní tré ainbhfios gan fhios
don chomhchruinniughadh, go ttiubhraid an pobal uile énbhulóg óg uatha
mar ofráil loiscthe, mar bholadh chumhra don tighearna, maille léna
ofráil bhídh agus ofráil dighe do réir a norduighe, agus éanmheannán do
na gabhruibh mar ofráil phecaidh.


L. Ui15:25


Agus dodhéna an sagart síth ar son chloinne Israel uile agus
maithfighear dhóibh uile é, óir is ainbhfios é, agus dobhéaruid an
ofráil leó, íodhbuirt déanta lé teinidh don tighearna agus anofráil
phecaidh a lathair an tighearna ar son anainbhfios.


L. Ui15:26


Agus maithfighear do chomhchruinniughadh chloinne Israel uile é,
agus don choimhidhtheach choimhneachus na measc, ó tharla don phobal uile
bheith anainbhfios.


L. Ui15:27


Agus má phecuigheann anam ar bith tré ainbhfios, annsin dobhéara
sé leis gabhar bainion don chéidbhlíadhuin mar ofráil phecaidh.


L. Ui15:28


Agus dodhéna an sagart lóirghníom ar son ananma phecuigheas go
hainbhfiosrach, anuáir doní sé pecadh go hanbhfiosach a lathair an
tighearna, do dhénamh lóirghníoma ar a shon, agus maithfighear dhó é,


L. Ui15:29


Éandligheadh amháin bhías aguibh don té phecuigheas tré ainbhfios,
aráon don té béarthar a measc chloinne Israel agus don choimhidhtheach
chomhnuigheas na measc.


L. Ui15:30


Achd an tanam doní éinní go handóthchusach, más don tír é nó
coimhidheach, scannluigh sé an tighearna, agus gearrfuighear an tanamsin
as lár a dhaóine.


L. Ui15:31


Do chionn gur tharcuisnigh sé bríathar an tighearna agus gur bhris a
aithne, gearrfuighear an tainm sin thríd amach; biáidh a olc air féin.


L. Ui15:32


Agus an fad dobhádar clann Israel annsa bhfásach, fúaradar duine do
chruinnigh maideadha annsa tsábóid.


L. Ui15:33


Agus an luchd fuáir ag cruinniughadh máideadha é, thugadar é chum
Maóise agus chum Aáron agus chum an chomhchruinnigh uile.


L. Ui15:34


Agus do chuireadar a láimh é, do chionn nar foillsiughadh cread do
dhéntaói ris.


L. Ui15:35


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, cuirfíghear an tóglach go
deimhin chum báis, clochfuid an chomhchruinniughadh uile lé clochuibh é
taóbh amuich don champa.


L. Ui15:36


Agus tugadar an coimhthionól uile taóbh amach don champa é, agus do
chlochadar lé clochuibh é, agus do éug sé, mar do aithin an tighearna
do Mhaóise.


L. Ui15:37


Agus do labhair an tighearna ré Maóise dhá rádh.


L. Ui15:38


Labhair ré cloinn Israel agus fuagair dóibh go ndéandaóis fabhra a
nimlibh a ndéaduigheadh ar feadh a ngeinealach, agus cuirid ribín
gorm ar fhabhradhuibh animil.


L. Ui15:39


Agus biáidh sé aguibh na bhfabhradhuibh, chor go bhfeachtaói air,
agus go mbía sé aguibh mar chuimhne ar aitheantuibh an tighearna, agus
go ndéntaói dhá réir, agus nach leantaói lorg bhur gcroidhtheach féin
agus bhur súl féin, a ndiáigh a ngnáthuigheann sibh dul do
stríapachus.


L. Ui15:40


Ionnus go ccuimhneochthaói agus go ndéntaói maitheana uile agus go
mbía sibh naómhtha da bhur Ndía.


L. Ui15:41


Misi an tighearna bhur Ndía, noch thug amach sibh as crích na
H-égipte chum bheith mo Dhía aguibh: misi an tighearna bhur Ndía.


L. Ui16:1


Annois Córah mhac Isar mhic Cohat mhic Lébhi, agus Dátan agus
Abíram mic Eliab, agus On mhac Pélet mhic Réuben, do ghlacadar
chuca daóine.


L. Ui16:2


Agus déirgeadar súas a lathair Mhaóise maille re cuid áirigh do
chlannuibh Israel, dhá chéud agus cáogad prionsa don
choimhthionól, óirdheirc annsa chomhchruinniughadh, daóine
ainmneamhla.


L. Ui16:3


Agus do chruinnigheadar íad féin a ccionn a chéile anaghaidh
Mhaóise, agus anaghaidh Aáron, agus adubhradar riú; is mór
gabhthaóise oruibh féin ó thárla an chomhchruinniughadh uile náomhtha,
gach aon díobh, agus an tighearna na measc; ar anadhbharsin cred fá
ccurthaóisi sibh féin súas ós cionn phobail an tighearna?


L. Ui16:4


Agus anuair dochúalaidh Maóise sin do thuit sé ar aghaidh.


L. Ui16:5


Agus do labhair sé re Córah agus réna chuideachduin uile, dhá rádh:
amárach féin taisbeanfuidh an tighearna cía is leis, agus cia atá
naomhtha; agus dobhéra air teachd láimh ris: an tésin féin do thóg sé,
is air dobhéra teachd a ngar dhó.


L. Ui16:6


Dénuidhsi so, glacaidh sionsuidhe chugaibh Córah agus a chuideachda
uile.


L. Ui16:7


Agus cuiridh teinidh ionta, agus cuirfidh túis ionta a lathair an
tighearna amárach: agus is amhlaidh bhías, gidhbé duine thoghas an
tighearna, biaidh sé naomhtha: gabhann sibh aniomarcuigh oruibh féin, a
chlann Lébhi.


L. Ui16:8


Agus adubhairt Maóise re Córah, guidhim sibh, éistigh a chlann
Lébhi.


L. Ui16:9


An saoilti gur ní gan éifeachd mar do dhealuigh Día Israel sibhsi ó
chomhchruinniughadh Israel da bhur ttabhairt a ngar dhó féin, do dhénam
serbhíse thabearnacuil an tighearna, agus seasamh a lathair an
chomhchruinnigh do fhriotholamh dhóibh?


L. Ui16:10


Agus thug sé thusa a bhfogus dó, agus do dhearbhráithre uile mic
Lébhi maille riot; agus an bhfuiltí ag íarruigh na sagartachda mar an
gcédna?


L. Ui16:11


Ar son na cúisesin thusa agus do chuideachda uile do chruinnigheabhair sibh
féin a ccionn a chéile anaghuidh an tighearna: agus cred é Aáron as a
ndéntaoi ithiomrádh na aghaidh?


L. Ui16:12


Agus do chuir Maóise gairm ar Dhátan agus air Abíram, clann
Eliab, noch adubhairt ní rachuimne súas.


L. Ui16:13


An ní gan éifeachd go ttug tusa sinn as dúthaigh líonas do bhainne
agus do mhil, dar marbhadh annsa bhfásach, acht muna ndéna tú prionnsa
dhíot féin thríd amach ós ar ccionn?


L. Ui16:14


Tuilleamh fós, ní thug tú sinn go tír líonus do bhainne agus do mhil,
agus ní mó thug tú oighreachd fearuinn nó fíneamhna dhúinn: an gcuirfe tú
súile na ndaóine amach? ní rachuimne suas.


L. Ui16:15


Agus dobhí Maóise rofheargach agus adubhairt ris an tighearna, ná
tabhairsi meas ar anofráilso: níor bhean misi énassal amháin díobh,
agus ní mó do ghortuigh mé áon aca.


L. Ui16:16


Agus adubhairt sé Córah, bídhsi agus do chuideachda uile a lathair
an tighearna amárach, thusa agus íadsan agus Aáron.


L. Ui16:17


Agus glacadh gach aon aguibh sionnsa, agus cuiridh túis ionta, agus
tugadh gach áon aguibh a shionnsa féin a láthair an tighearna, dhá chéd
agus caogad sionsa; thusa mar an gcédna agus Aáron gach aón aguibh a
shionnsa.


L. Ui16:18


Agus do ghlac gach áon aca a shionnsa, agus do chuir teinidh ionta,
agus do chúireadar túis ar an tteinidh, agus do sheasadar a ndorus
thabearnacuil an chomhchruinnigh, maille re Maóise agus Aáron.


L. Ui16:19


Agus do chruinnigh Córah an comhchruinniughadh uile na naghaidh go
dorus thabearnacuil an chomhchruinnigh, agus do foillsiughadh glóir an
tighearna don chomhchruinniughadh uile.


L. Ui16:20


Agus do labhair an tighearna re Maóise agus ré Haáron, dá rádh.


L. Ui16:21


Dealuighidh sibh féin as lár an phobailsi, go sgriosa mé íad a
móiment.


L. Ui16:22


Agus do thuiteadar ar a naghaidh agus adubhradar, a Dhé, Día spiorad
gach uile fhéola, an bpeacóchuidh áonduine amháin, agus an mbía tú
feargach ris an bpobal uile?


L. Ui16:23


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh,


L. Ui16:24


Labhair ris an gcomhchruinniughadh, dhá rádh, éirgidh súas ó bheith a
ttimchioll thabearnacuil Chórah, Dhátam, agus Abíram.


L. Ui16:25


Agus déirigh Maóise súas, agus dochuaidh go Dhátan agus go
Habíram, agus do leanadar sinnsir Israel uile é.


L. Ui16:26


Agus do labhair sé ris an bpobal, gá rádh, guidhim sibh dealuighe sibh
féin ó lóistínibh na ndrochdhaóinese, agus ná buáinidh ré héinní is
leó, deagla go muirfidhe sibh uile iona bpeacuibhsion.


L. Ui16:27


Marsin déirgheadar súas ó thabearnacuil Chórah, Dhátan agus
Abíram ar gach éntaóibh, agus tháinic Dátan agus Abíram amach,
agus do seasadar a ndorus a lóistín agus a mná agus a mic, agus a
cclann bheag.


L. Ui16:28


Agus adubhairt Mhaóise, leisso aitheontaoi gur chuir an tighearna
misi do dhéanamh na noibreachaso uile: óir ní dhéarna mé íad as m
inntinn féin.


L. Ui16:29


Má gheibhidso bás coitcheann anuile dhuine, nó más mar thicthear ar
na huile dhaóinibh thiocfuighear orra, annsin ní hé an tighearna do
chuir misi úadh.


L. Ui16:30


Ach má ní an tighearna ní núadh, agus go bhfoisceoluidh an talamh a
bhéul, agus a slugadh súas gun anuile ní dhá mbeanann riú, agus go
rachaid síos beó annsa pholl, annsin tuigfidhe gur chuireadar an
mhuinntirse fearg air an ttighearna.


L. Ui16:31


Agus tárla mar do sguir sé do labhairt na mbríatharso uile, gur
scoilt an talamh dobhí futha ó chéile.


L. Ui16:32


Agus dfhoscuil an talamh a bhéul, agus do shluig súas íad féin, agus a
ttighthe, agus anuile dhuine dar bhain ré Córah, agus a maóin
uile.


L. Ui16:33


Íad féin agus an mhéid do bhean riú, dochuadar beó síos annsa
bpoll, agus do dhruid an talamh ar a muin, agus do éugadar as lár an
chomhchruinnigh.


L. Ui16:34


Agus do theitheadar na Híosraelitigh uile dobhí na ttiomcioll
fagcuáirt roimh a néigheamh: óir adubhradar, deagla go sluigfiodh an
talum sinne mar an ccéadna.


L. Ui16:35


Agus táinic teine amach ón ttighearna, agus do loisc an dá chéad agus
an cáogad do ofráil an túis.


L. Ui16:36


Agus do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui16:37


Labhair lé Heleásar mhac Aáron an sagart na sionnsuidhe do thógbháil
súas as an loscadh; agus spréighse an teine annsúd: óir atáid
náomhtha.


L. Ui16:38


S ionnsuidhe na bpeacachso anaghuidh a nanmann féin, déntar
plátuidhe leathna dhíobh mar fholach donaltóir: óir do ofráladar íad a
lathair an tighearna, uimesin atáid náomhtha, agus béid na ccomhartha do
chloinn Israel.


L. Ui16:39


Agus do thóg Eleásar an sagart na sionnsuidhe práis le ndeárnadar an
luchd do loisceadh ofráil, agus dorinneadh plátuidhe leathna dhíobh mar
fholach donaltóir.


L. Ui16:40


Chum a mbeith na ccuimhne do cloinn Israel, iondus nach dtiocfadh
éanchoimhidheach nach do shíol Aáron dofráil túise a lathair an
tighearna; chor nach biáidh sé mar Chórah, agus mar a chuideachuin,
marso do ráidh an tighearna ris le láimh Mhaóise.


L. Ui16:41


Achd arna márach dorineadar comhchruinniughadh chloinne Israel
uile ithiomrádh anaghaidh Mhaóise agus Aáron, ga rádh, do
mharbhabhair muinntir an tighearna.


L. Ui16:42


Agus tárla anuáir do chruinnigheadar an pobal uile anaghuidh
Mhaóise, agus anaghuidh Aáron, gur fhéuchadar leath ré
tabearnacuil an chomhchruinnigh, agus féuch do fholuigh an néull é,
agus do thaisbéin glóir an tighearna.


L. Ui16:43


Agus táinic Maóise agus Aáron as coinne thabearnacuil an
chomhchruinnigh.


L. Ui16:44


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Ui16:45


Éirigh amach as an gcuideachduin go mbásuighe misi íad a móiment: agus
do thuiteadarsan ar a naghaidh.


L. Ui16:46


Agus adubhairt Maóise re h Aáron, glac sionnsa agus cuir teinidh
ann ón naltóir, agus cuir túis uirre agus éirigh go lúath chum an
chomhchruinnigh, agus déna lóirghníomh ar a son: óir dochuáidh
dioghaltas amach ón dtighearna: do thionsguin an phláigh.


L. Ui16:47


Agus do ghlac Aáron mar adubhairt Maóise ris, agus do rith a lár
an phobail, agus dobhí an phláigh ar dtosughadh a measc an phobail, agus
do chuir túis chuige, agus dorinne síth ar son an phobail.


L. Ui16:48


Agus do sheas sé eidir na beódhaibh agus na marbhuibh, agus do
coisceadh an phláigh.


L. Ui16:49


Annois an mhéid déug don phláigh, dobudh ceithre mhíle dhéug agus
seachd gcéud, leath amuigh don mhuintir déug fá chúis Chórah.


L. Ui16:50


Agus do fhill Aáron chum Maóise go dorus thabearnacuil an
chomhchruinnigh, agus do coisceadh an phláigh.


L. Ui17:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh,


L. Ui17:2


Labhair re cloinn Israel, agus glac slat ó gach éanduine aca do réir
tighe a naithreadh, ó na bprionnsuidhibh uile, do réir tighe a n-
aithreadh, dhá slait déug: scríobhsa ainm gach éanduine ar a shlait
féin.


L. Ui17:3


Agus scríobhtha tú ainm Aáron ar shlait Lébhi: óir budh éntslat
amháin bhías ag ceann tighe a naithreadh.


L. Ui17:4


Agus cuirfe tú súas íad a ttabearnacuil an chomhchruinnigh, a láthair
na fiadhnuise mar a tteigeamha misi riot.


L. Ui17:5


Agus tiucfa a ccrích go ttiucfa bláth air shlait an té thoighfeas misi:
agus dobhéara misi fa deara go scuirfidh ithiomrádh bhur naghaidhsi.


L. Ui17:6


Agus do labhair Maóise ré cloinn Israel, agus tug gach aón da
bprionnsuidhibh slat dhó, aón ar son gach éinphrionnsa do réir tighe a n-
aithreadh dhá shlait déug, agus dobhí slat Aáron a measc a slat.


L. Ui17:7


Agus do chuir Maóise na slata súas a lathair an tighearna a
ttabearnacuil na fiadhnuise.


L. Ui17:8


Agus tárla arna mhárach go ndeachuidh Maóise go tabearnacuil na
fiadhnuise, agus féuch dobhí slat Aáron ar son tighe Lébhi ar ngégadh
amach, agus thug uaithe maótháin agus blátha, agus tug almóinne uaithe.


L. Ui17:9


Agus dothug Maoise na slata uile amach ó lathair an tighearna chum
cloinne Israel uile, agus do fhéchadar agus do ghlac gach neach dhíobh a
shlat féin.


L. Ui17:10


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, tabhair slat Aáron arís
a lathair na fiadhnuise dá taiscidh mar chomhartha anaghaidh na gcogthach;
agus tóigfe tú thríd amach a monabhar dhíom;sa go nach básuighthear íad.


L. Ui17:11


Agus dorinne Maóise sin; mar do aithin an tighearna dhe, is marsin
dorinne sé.


L. Ui17:12


Agus do labhradar clann Israel re Maóise, gá rádh; féuch
atámaóid ag éug, do imighiomair seachad, dochúadhmar uile seachad.


L. Ui17:13


Gidhbé ar bith thiucfas a ngoire do thabearnacuil an tighearna dogheabha sé
bás: an ccnaóidhfighear sinne lé básughadh?


L. Ui18:1


Agus adubhairt an tighearna re Haáron, iomchóra tusa agus do mhic
agus tigh hathar maille leachd éigeart na sanctóra: agus iomchóra tusa
agus do mhic maille leachd aindligheadh bhur sagartachda:


L. Ui18:2


Agus do dhearbhráithre mar an ccédna do threibh Lébhi, treabh
hathar, tabhairsi leachd íad go niaghthar leachd íad, agus go ndénuid
fritheolamh dhuit: achd dodhéna tusa agus do chlann maille riot
miniostrálachd as coinne thabearnacuil na fiadhnuise.


L. Ui18:3


Agus coimhédfuid síad do chúram, agus cúram an tabearnacuil uile: achd
amháin ní thiucfaid a ngar soitheach na sanctóra agus na haltóra, go nach
néugaid síadsan ná thusa mar an gcédna.


L. Ui18:4


Agus ceangoltar leachd íad, agus coimhéadfuid cúram thabearnacuil an
chomhchruinnigh do dhénamh serbhíse an tabearnacuil uile: agus ní thiucfa
coimhidhtheach bhar ngoire.


L. Ui18:5


Agus coimhéadfuidhe cúram na sanctóra agus cúram na haltóra, go nach
biáidh feasda fearg ar bith ós cionn chloinne Israel.


L. Ui18:6


Agus misi, féuch rug mé bhur ndearbhráithre na Lebhítigh ó bheith a
measc chloinne Israel: dhuitsi tugadh íad mar thabharthas don tighearna,
do dhénamh serbhíse thabearnacuil an chomhchruinnigh.


L. Ui18:7


Ar anadhbharsin coimhéudfa tusa agus do chlann maille riot oifig bhur
sagartachda do gach éinní donaltóir, agus taóbh astigh don bhrat, agus
dodhéntaói serbhís: thug mé bhur noifig shagartachda dhaóibh mar sherbhís
thiodhlaicthe: agus an coimhidhtheach thiucfas a ngar cuirfighear chum
báis é.


L. Ui18:8


Agus do labhair an tighearna re Haáron, féuch, thug mé dhuit mar an
ccédna cúram mofrála tógtha donuile ní naómhtha chloinne Israel;
dhuitsi thug mé íad do bhrígh a nungtha agus dod mhacaibh, re h-
ordughadh síorruidhe.


L. Ui18:9


Budh leachtsa so do na neithibh ronaómhtha (do congmhadh) ón teinidh:
gach uile ofráil is leósan, gach uile ofráil bhídh is leósan gach
ofráil phecaidh is leósan, agus gach ofráil aindlighidh is leósan,
noch dobhéuruid dhamhsa, biáidh si ronaómhtha dhuitsi agus dod mhacaibh.


L. Ui18:10


Annsanáit is ronaómhtha íosas tú sin, gach aón feardha íosas é:
biáidh sé naómhtha dhuit.


L. Ui18:11


Is leachtsa so mar an ccédna; ofráil thógtha a dtiodhluicthe, maille
re uile ofrála thonnta chloinne Israel: thug mé dhuitsi íad, agus dod
mhacaibh agus dod ingheanuibh maille riot, lé státúid shíorruidhe: gach
aón dá mbía glan ann do thigh íosuidh sé dhe.


L. Ui18:12


Anuile chuid is fearr donola, agus anuile chuid is fearr
donfhíon, agus don chruithneachd, a gcédthoradhsin noch ofráilfid don
tighearna, thug mé íadsin duitsi.


L. Ui18:13


Agus gidhbé is taósca bhías abuidh annsa dúthuigh, noch dobhéuruid
chum an tighearna, budh leachtsa sin, gach aón dá mbía glan ann do thigh
íosuidh sé dhe.


L. Ui18:14


Anuile thiodhlaicthe naómhtha an Israel budh leachtsa íad.


L. Ui18:15


An uile ní fhosclas an bhrú annsanuile fheóil noch bheirid siad
chum an tighearna, mas do dhaóinibh nó do beathachuibh, budh leachtsa
íad: gidheadh céidghin an duine fuáisceola tú go deimhin, agus
céidbreith na mbeathach neamhghlan fuáisceola tú.


L. Ui18:16


Agus an mhéid bhías ré a bhfúascladh ó mhí daóis, fúaisceola tú íad
do réir do mheasta féin, ar airgiod chúig secel, do réir secel na
sanctóra, noch is fithche Gerah.


L. Ui18:17


Achd céadlaógh bó, nó céadúan caórach, nó cédmheannán gabhair, ní
fhuáisceola tú, atáid sin naómhtha: croithfe tú a bhfuil ar an altóir,
agus loisgfe a méthas mar ofráil dénta le teinidh mar bholadh chumhra
don tighearna.


L. Ui18:18


Agus budh leachtsa a bhfeóilsin, amhuil is leachd an cliathán
tonnach agus an slinnéun deas.


L. Ui18:19


Anuile ofráil thógtha do neithibh naómhtha, noch ofráluid clann
Israel don tighearna, thug mé dhuitsi agus dod mhacaibh agus dod
ingheanuibh maille riot le statúid shíorruidhe: is cunnradh salainn é go
brath a lathair an tighearna dhuitsi agus dod shíol maille riot.


L. Ui18:20


Agus do labhair an tighearna ré Haáron, ní bhiáidh oighreachd ar
bith agad iona ndúthaighsion, ní mó bhías roinn ar bith agad na measg:
is misi do chuidsi agus hoighreachd a measg chloinne Israel.


L. Ui18:21


Agus féuch, thug mé do chloinn Lébhi anuile dheachmhadh a
Nisrael mar oighreachd ar son a serbhíse doníd, mar atá serbhís
thabearnacuil an chomhchruinnigh.


L. Ui18:22


Ní mó thiucfaid clann Israel feasda a ngar thabearnacuil an
chomhchruinnigh, deagla go ndénaidís pecadh, agus go bhfuighedís bás.


L. Ui18:23


Achd na Lebhítigh dhénas serbhís thabearnacuil an chomhchruinnigh,
agus iomchóruid síad a ccionta: budh statúid shíorruidhe sin a measg
bhar ngeinealach nach bhfuighid oighreachd air bith a measc chloinne
Israel.


L. Ui18:24


Achd deachmhacha chloinne Israel, noch ofrálaid síad mar ofráil
thógtha don tighearna, thug mé sin do na Lebhítibh mar oighreachd: ar an
adhbharsin adubhairt mé riú ní bhfuighid oighreachd ar bith a measg
chloinne Israel.


L. Ui18:25


Agus do labhair an tighearna re Maoise, gá rádh.


L. Ui18:26


Labhair marso ris na Lebhítibh, agus abair ríu, anuáir bheanfuidhe
na deachmhacha do chloinn Israel, noch thug misi dhíbh mar oighreachd
uathasan; annsin ofráilfidh sibh ofráil thógtha dhesin don tighearna, an
deachmhadh cuid don deachmhuidh.


L. Ui18:27


Agus an ofráil thógthaso aguibhsi, coimeorthar chugaibh í mar arbhar
urláir an bhuáilte, agus iomláine shoithigh brúite anfhíona.


L. Ui18:28


Marso ofráilfe sibhse fós ofráil thógtha don tighearna da bhur n-
uile dheachmuidh, noch ghlacfuidhe ó chloinn Israel, agus dobhértaói
dhesin ofráil thógtha an tighearna, do Aáron an sagart.


L. Ui18:29


Amach as bhur nuile thabhartus ofráilfe sibh anuile offráil thógtha
an tighearna, da uile mhéthassin ofráilfidh an chuid naómhtha dhe.


L. Ui18:30


Uimesin déra tú riú, anuáir thóigfeas tú an chuid is fearr dhesin
uadh: annsin coimheorthar do na Lebhítibh é mar bhiseach urláir an
bhuáilte, agus mar bhíseach shoithigh brúite an nfhíona.


L. Ui18:31


Agus íostaói é ann gach aónbhall, sibh féin agus bhur dteaghlach:
óir sé lúach bhur serbhíse a ttabearnacuil an chomhchruinnigh é.


L. Ui18:32


Agus ní bhía pecadh ar bith oruibh da bhríghsin anuáir thóigfid dhe
an chuid is fearr dhe; ní mó thrúailleochtaói neithe naómhtha chloinne
Israel, deagla go néugfadh sibh.


L. Ui19:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise agus re Haáron gá rádh.


L. Ui19:2


Sé so ordughadh an dlighe, noch do aithin an tighearna, gá rádh, labhair
re cloinn Israel go ttugdaóis chugad colpach bhainnean dheargbhuidhe gan
toibhéim, ann nach bía gron, agus ar nar cuireadh cuing aríamh.


L. Ui19:3


Agus dobhearthaói dEleásar an sagart í, chor go ttugadh sé amach as
an ccampa í, agus go marbhadh aón é ann a fhíadhnuise.


L. Ui19:4


Agus glacfuidh Eleásar an sagart dá fuil lena mhéur, agus
croithfidh a fuil go díreach as coinne thabearnacuil an chomhchruinnigh
seachd nuáire.


L. Ui19:5


Agus loiscfidh (aón) an cholpach ann a radharc; a croicionn, agus a
feóil, agus a fuil maille réna haoileach loiscfeas é.


L. Ui19:6


Agus glacfuidh an sagart crann cédair, agus isóip, agus scárlaóid,
agus caithfidh é a lár loiscthe na colpuidhe.


L. Ui19:7


Annsin nighfidh an sagart a éadach, agus fothruicfidh a chorp anuisge, agus
na dhiáighsin tiucfaidh sé don champa, agus biáidh an sagart neamhghlan go
tráthnóna.


L. Ui19:8


Agus an té loisgfeas í nighfidh sé a éadach anuisge, fothruicfidh a
chorp anuisge, agus biáidh neamhghlan go tráthnóna.


L. Ui19:9


Agus cruinneochuidh duine bhías luáith na colpuidhe agus cuirfidh a
ttaisgidh é taóbh amuich don champa aniniod ghlan, agus cuimhdeochthar é
do choimhthionól chloinne Israel mar uisge dealuighthe: is glanadh ar son
pecaidh é.


L. Ui19:10


Agus an té chruinnighios luáith na colpuidhe nighfidh sé a éadach,
agus biáidh sé neamhghlan go tráthnóna: agus biáidh sé ag cloinn Israel,
agus ag an ccoimhidhtheach chomhnuigheas na measc na seachd síorruidhe.


L. Ui19:11


Agus an té bheanas ré corp marbh dhuine ar bith, biáidh sé neamhghlan
go cionn seachd lá.


L. Ui19:12


Glanfuidh sé é féin leissin ar an treas lá, agus sa seachdmhadh lá
biáidh sé glan: achd muna nglana sé é féin an treas lá; annsin ní bhíáidh
sé glan an seachdmhadh lá.


L. Ui19:13


Gidhbé bheanus ré corp marbh dhuine ar bith éugfas, agus nach
glanfuidh é féin, salchaidh sé tabearnacuil an tighearna, agus
gearrfuighear an tanamsin ó Israel: do chionn nar croitheadh uisge an
dealuighthe air, biáidh sé neamhghlan; atá a neamhghloine fós air.


L. Ui19:14


Sé so an dligheadh, anuáir gheabhus duine bás a lóistín: an mhéid
thiucfas asteach ann sa lóistín, agus an mhéid bhías astigh annsa
lóistín, béid neamhghlan seachd lá.


L. Ui19:17


Agus glacfuid siad air son duine neamhghlain do luaith no colpuidhe
loiscthe an ghlanta air son pecaidh, agus cuirfighear uisge reatha na
chionn a soitheach.


L. Ui19:18


Agus glacfuidh duine glan isóip agus tumthuigh annsanuisge é, agus
croithfidh ar an lóistín é, agus ar na soithighibh uile, agus ar na
daóinibh dobhí annsin, agus ar an té do bhean re cnáimh nó ré duine do
mharbhadh, nó ré duine fuáir bás, nó ré huáigh.


L. Ui19:19


Agus croithfidh an duine glan air an neamhghlan an treas lá, agus an
seachdmhadh lá; agus ar an seachdmhadh lá glanfuidh é féin, agus nighfidh
a éadach, agus fothruicfidh é féin anuisge, agus biáidh sé glan
tráthnóna.


L. Ui19:20


Ach an té bhías neamhghlan, agus nach glanfuidh é féin, gearrfuighear
an tanamsin amach as an ccomhchruinniughadh, do chionn gur thruáill sé
sanctóra an tighearna: níor croitheadh uisge an dealuighthe air, atá sé
neamhghlan.


L. Ui19:21


Agus biáidh sé na seachd síorruidhe dhóibh: an té chroitheas uisge an
dealuighthe nighfidh sé a éadach, agus an té bheanas ré huisge an
dealuighthe biáidh sé neamhghlan go tráthnóna.


L. Ui19:22


Agus gidhbé ní ré mbeanfuidh an duine neamhghlan, biáidh sé
neamhghlan: agus an tanum bheanfas ris, biaidh sé neamhghlan go
tráthnóna.


L. Ui20:1


Annsin thangadar clann Israel, an comhchruinniughadh uile go
díothramh Sin annsa chéad mhí; agus dobhí an pobal na ccomhnuidhe ann
Cades, agus déug Míriam annsin, agus do hadhluiceadh annsin í.


L. Ui20:2


Agus ní raibh uisge ag an bpobal, agus do chruinnigheadar íad féin a
ccionn a chéile anaghuidh Mhaóise agus Aáron.


L. Ui20:3


Agus do spreagadar an pobal Maóise, agus do labhradar dhá rádh, trúagh
a Dhá nár éagamar an tan do éugadar ar ndearbhráithre a lathair an
tighearna.


L. Ui20:4


Agus créd fá ttugabhairse libh comhchruinniughadh an tighearna don
bhfásachso, ionnus go bhfaighmis féin agus ar náirnéis bás?


L. Ui20:5


Agus créd fá ttugabhair fá deara dhúinn teachd amach as aNégipt
dar ttabhairt asteach don droch áitso: ní fearann síl é, nó fígeadh,
nó fíneamhna, nó pomgránat, ní mó atá uisge ré ól ann.


L. Ui20:6


Agus dochuáidh Maóise agus Aáron as lathair an phobuil go dorus
thabearnacuil an chomhchruinnigh, agus do thuiteadar ar a naghaidh,
agus do fhoillsigh glóir an tighearna í féin dóibh.


L. Ui20:7


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh;


L. Ui20:8


Glac an tslat, agus cruinnigh an toireachdas a bhfochair a chéile, thú
féin agus Aáron do dhearbhráthair, agus labhruidh ris an gcarruic as
coinne a súl, agus dobhéura a huisge uaithe; agus dobhéara tusa amach
as an ccarruic uisge dhóibh: marsin dobhéara tú deoch don
chomhchruinniughadh agus dá náirnéis.


L. Ui20:9


Agus do ghlac Maóise an tslat as lathair an tighearna, mar do aithin
sé dhe.


L. Ui20:10


Agus do chruinnigh Maóise agus Aáron an pobal a bhfochair a chéile
as coinne na cairrge, agus adubhairt sé, éisdigh anois a mheirleacha, an
gcaithfimne uisge do thabhairt daóibh as an ccarruicsi?


L. Ui20:11


Agus do thóg Maóisi a lámh súas, agus léna shlait do bhuáil sé an
charruic fá dhó: agus táinic an tuisge amach go hiomarcach, agus do
ibheadar na daóine agus a náirnéis mar an gcédna.


L. Ui20:12


Agus do labhair an tighearna re Maóise agus re Haáron, do chionn
nar creideabhair dhamh dom naómhadh a lathair chloinne Israel; uimesin
ní thiubharthaói an chuideachdasa don dúthaigh thug mé dhaóibh.


L. Ui20:13


Sé so uisge Mheribah do chionn go ndearnadar clann Israel
ceannairg ris an dtighearna, agus gur naómhadh é ionta.


L. Ui20:14


Agus do chuir Maóise teachda ó Chades go rígh Edom: is marso
adeir do dhearbhráthair Israel, atá a fhios agad ar gach ní dar
éirigh dhúinne ann ar tturus:


L. Ui20:15


Mar dochúadar ar naithre síos doNégipt, agus mar
chomhnuigheamairne saNégipt aimsior fhada; agus gur chráidheadar na
Hégiptigh sinn féin agus ar naithre.


L. Ui20:16


Agus anuáir do éigheamar ar an ttighearna, dochúaluidh sé ar nguth,
agus do chuir sé aingeal uadh, agus thug leis amach sinn as aN
égipt: agus féuch, atámaóid a cCádes, an chathair is faide amach
ann do theóruinnsi.


L. Ui20:17


Tabhair cead sligheadh dhúinn, íarruim mar athchuinge ort, tríd na
machairighibh, nó thríd na fíneamhnuibh, ní mó ibhthiom duisge na
ttoibreach: imeocham ród an Rígh, ní fillfeam don láimh dheis nó don láimh
chlí, nó go tteighiom thar do theóruinnsi.


L. Ui20:18


Agus adubhairt Edom ris, ní gheabha tú thríomsa, deagla go
ttiucfuinn amach ad aghuidh leis an ccloidheamh.


L. Ui20:19


Agus adubhradar clann Israel ris, rachaimne ar feadh na sligheadh
móire: agus má ibhiom féin ná máirnéis deoch dod chuid uisge, annsin
díolfa mé ar a shon; rachad amháin (gan éinní oile) thríd a tír dom
chosuibh.


L. Ui20:20


Agus adubhairt seision, ní racha sibh thríd; agus tháinic Edom
amach na naghuidh lé móran sluáigh, agus lé láimh láidir.


L. Ui20:21


Marso do dhiúlt Edom cead sligheadh do thabhairt do chloinn
Israel tréná theóruinn: uimesin do fhilleadar clann Israel uadh.


L. Ui20:22


Agus do ghluaisiodar clann Israel, an comhchruinniughadh uile, ó
Chades agus tangadar go slíabh Hor.


L. Ui20:23


Agus do labhair an tighearna re Maóise agus re Haáron a slíabh
Hor láimh re brúach fearuinn Edom, gá rádh.


L. Ui20:24


Béarthar Aáron a gcionn a dhaóine, óir ní rachaidh sé don tír noch
thug misi do chloinn Israel, do chionn gur chathuigheabhair an
aghaidh mo bhréithre ag uisce Mheribah.


L. Ui20:25


glac chugad Aáron agus a mhac Eleásar, agus tabhair súas a slíabh
Hor íad.


L. Ui20:26


Agus bean a édach do Aáron agus cuir ar Eleásar a mhac é. agus
cruinneochthar Aáron chum a dhaóine, agus dogheabha bás annsin.


L. Ui20:27


Agus dorinne Maóise mar adubhairt an tighearna ris, agus dochúadar
súas ar slíabh Hor a radharc an phobuil uile.


L. Ui20:28


Agus do bhean Maóise a édach do Aáron, agus do chuir ar Eleásar
a mhac é, agus fuáir Aáron bás annsin ar mhullach an tsléibhe:
agus tháinic Maóise agus Eleásar anúas don tslíabh.


L. Ui20:29


Agus anuáir dochoncadar an pobal uile go bhfuair Aáron bás,
dorinne tigh Israel uile dobrón a ndiáigh Aáron tríochad lá.


L. Ui21:1


Agus anuáir dochualaidh Rígh Arad an Cananíteach, noch do
chomhnuigh budh dheas, go ttáinic Israel a slighe an luchd bratha;
annsin do throid sé anaghaidh Israel, agus do ghabh cuid aca na
bpríosúnachaibh.


L. Ui21:2


Agus tug Israel móid don tighearna, agus adubhairt, ma sheachadann
tú go dearbhtha na daóinese am láimhse, annsin scriosfa mé go
hiomlán a ccaithreacha.


L. Ui21:3


agus do éist an tighearna ré glór Israel, agus do sheachaid dóibh na
Cananítigh, agus do scriosadar go hiomlán íad féin agus a
ccaithreacha; agus do ghoir sé Hormah dainm donáit.


L. Ui21:4


Agus do ghluáisiodar ó shlíabh Hor láimh ré slighe na mara
ruaidhe chum teachd timchioll chríche Edom: agus dobhí anam na
ndaóine arna dhroichmheisniughadh go mór do bhrígh na sligheadh.


L. Ui21:5


Agus do labhair an pobal anaghaidh Dé agus anaghaidh Mhaóisi,
créd fá ttugabhair amach as aNégipt sinn dfhagháil bháis san
bhfásach? óir ní bhfuil arán nó uisge ar bith ann, agus do
fhuathaidh ar nanam an tarán éutromso.


L. Ui21:6


Agus do chuir an tighearna naithreacha nimhe tinntighe a measc an
phobail; agus do chognadar an pobal, agus fuáir mórán daóine do
Israel bás.


L. Ui21:7


Uimesin tangadar an pobal chum Maóise, agus adubhradar, do
phecuigheamar, óir do labhramar anaghaidh an tighearna agus ad
aghaidhsi; guidh an tighearna go mbeireadh na naithreacha nimhe uáinn:
agus do ghuidh Maóise ar son an phobail.


L. Ui21:8


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, déna dhuit nathair nimhe do
phrás, agus cuir ar chrann í; agus tiucfa dhesin gach duine
loitfighear, anuáir fhéachfus uirre, go mairfidh sé.


L. Ui21:9


Agus dorinne Maóise nathair nimhe do phrás, agus do chuir air
chrann í; agus tárla dá loitheadh nathair nimhe éanduine anuáir do
fhéachadh sé air a nathair nimhe phráis, go maireadh sé.


L. Ui21:10


Agus do ghluaisiodar clann Israel rompa agus do shuidheadar ann
Obot.


L. Ui21:11


Agus do ghluáisiodar ó Obot, agus do shuidheadar ag cárnuibh
Abaraim ann sa bhfásach, noch atá as coinne Mhoab leath ré
héirghe gréine.


L. Ui21:12


Do áthruigheadar assin, agus do shuigheadar a ngleann Sáred.


L. Ui21:13


Do áthruigheadar assin, agus do shuigheadar ar an ccuid thall do
Arnon, noch atá annsa bhfásach, noch thig amach as imlibh na
Namoríteach: óir sé Arnon teórann Mhoab idir Mhoab agus na
Hamorítigh.


L. Ui21:14


Is uimesin adeirtear a leabhruibh coguidh an tighearna, gidhbé
rinne sé san muir ruáidh, agus ag srothuibh Arnon.


L. Ui21:15


Agus ag sruth na naibhneadh noch théid síos go tír Ar, agus
luidhios ar theóruinn Mhoab.


L. Ui21:16


Agus dochúadar assin go Beer: sé sin an tobar air ar labhair an
tighearna ré Maóise, cruinnigh an pobal a bhfochair a chéile, agus
dobhéara misi uisge dhóibh.


L. Ui21:17


Annsin do chan Israel an chainticsi: Tibir ansíos a thobair:
freagruidhsi dhó.


L. Ui21:18


Do thochladar na prionnsuidhe an tobar, do thochladar uáisle an
phobail maille re feartabhartha an dlighe lena mbatuidhibh é: agus
(do imthigheadar) ón bhfásach go Mattanah.


L. Ui21:19


Agus ó Mhattánah go Nahaliel, agus ó Nahaliel go Bamot.


L. Ui21:20


Agus ó Bhamot annsa ghleann atá a ttír Mhoab go mullach
Pisgah, noch fhéchus leath re Iesimon.


L. Ui21:21


Agus do chuir Israel teachda go Sihon rí na Namoríteach gá rádh.


L. Ui21:22


Léig dhamh gabháil thríd do dhúthaigh, ní fhillfiom annsna
machairghibh, nó annsna fíneamhnuibh, ní iobhtham duisce an tobair,
achd imeochum ród an Rígh nó go reachfum thair do theórannuibhsi.


L. Ui21:23


Agus níorbháill le Sihon cead do thabhairt do Israel gabháil
tréna dhúthaigh, ach, do chruinnigh Sihon a dhaóine uile a
bhfochair a chéile, agus dochuáidh sé amach anaghaidh Israel
san bhfásach agus tháinic go Iahas, agus do throid anaghaidh
Israel.


L. Ui21:24


Agus do bhuáil Israel é lé faobhar an chloidhimh, agus do
shealbhuidh a dhúthaidh ó Arnon go Iabboc, eadhon go nuige cloinn
Ammon: óir dobhí teórann chloinne Ammon láidir.


L. Ui21:25


Agus do ghabh Israel na caithreachaso uile, agus do chomhnuigh
Israel a ccaithreachaibh na Namoríteach; ann Hesbon, agus ann a
uile bhailtibh.


L. Ui21:26


Óir dobé Hesbon cathair Sihon rí na Namoríteach, noch do
chathuigh anaghuidh chéidrígh Mhoab, agus do bhean a dhúthaidh
uile as a láimh go nuige Arnon.


L. Ui21:27


Uimesin an drong labhras a seanfhocluibh, adeirid, tigidh go
Hesbon, cuirthear súas agus ullmhuighthear cathair Sihon.


L. Ui21:28


Óir dochuaidh teinidh amach as Hesbon, lasair ó chathruigh
Sihon: do loisc Ar Mhoab, agus tighearnuidhe áitreach árd Arnon.


L. Ui21:29


A mhairg dhuitsi a Mhoab, atá tú millte a phobal Chemos; tug
sé a mhic dochuaidh as, agus a ingheana a mbraighdionas do Shihon
rígh na Namoríteach.


L. Ui21:30


Do thollamar re saighdibh íad, do milleadh Hesbon go nuige Dibon,
agus dorinneamar fásach dhíobh go nuige Nophah, noch roichtheas go
Medeba.


L. Ui21:31


Marsin do áitribh Israel a ndúthaigh na Namoríteach.


L. Ui21:32


Agus do chuir Maóise brath ar Iáaser, agus do ghabhadar a bhailte,
agus do theilgeadar amach na Hamorítigh dobhí ionta.


L. Ui21:33


Agus do fhilleadar agus dochúadar súas a slighe Bhasan, agus
dochúaidh Og rígh Basan amach na naghuidh, é féin agus a
mhuinntir uile chum catha ann Edrei.


L. Ui21:34


Agus adubhairt an tighearna ré Maóise, ná bíodh eagla ort roimhe:
óir do sheacaid misi ad láimh é, agus a dhaóine uile agus a dhúthuigh;
agus dodhéna tú ris mar dorinne tú re Sihon rígh na Namoríteach,
noch do chomhnuigh an Hesbon.


L. Ui21:35


Marsin do bhuaileadar é féin, agus a mhic agus a dhaóine uile, nó go
nar fágbhadh aónduine beó aige: agus do shealbhuigheadar a dhúthuigh.


L. Ui22:1


Agus do ghluaiseadar clann Israel ar a naghaidh, agus do chuireadar
fútha a réiteach Mhoab don taóibhsi do Iordan láimh ré Ierico.


L. Ui22:2


Agus dochonnairc Balac mhac Sippor a ndeárnadar clann Israel ris
na Hamorítibh.


L. Ui22:3


Agus dobhí Moab lán deagla na ndaóine, do chionn go rabhadar
líonmhur, agus dobhí Moab buáidheartha do bhrígh chloinne Israel.


L. Ui22:4


Agus adubhairt Moab re sinnsioruibh Midian, anois lighfid an
mhuinntirse súas a bhfuil ar ttimchioll uile, mar ligheas an damh
féur na faithche: agus dobé Balac mhac Sippor budh rígh ar na
Moabíteach an tansin.


L. Ui22:5


Do chuir sé teachda úadh uimesin chum Bálaam mhac Beor go
Petor, noch atá láimh ré habhuinn dúthaigh chloinne a mhuinntire,
dá ghairm, ag rádh, féuch, tháinic pobal amach as aNégipt do
fholchadar aghaidh na talmhan. agus atáid na ccomhnuighe as mo
choinnesi.


L. Ui22:6


Tárr anois ar anadhbharsin, íarruim mar athchuinge ort, malluigh
na daóinesi air mo shonsa, óir atáid roneartmhar agam: dobéidir go
mbéuruinn buáidh le cclaóidhfemís íad, agus le ndíbeóruinn as an ttír íad:
óir atá a fhios agum gidhbé bheinneochus tusa, go bhfuil beannuighe,
agus gidhbé mailleochus tú go bhfuil malluighe.


L. Ui22:7


Agus do imthigheadar sinnsir Mhoab agus sinnsir Mhídian maille re
tioghlaicthibh an droidheachda ann a láimh: agus tangadar go Bálaam,
agus do labhradar bríathra Bhálac ris.


L. Ui22:8


Agus adubhairt seision riú, fanuigh annso anochd, agus dobhéara misi
focal chugaibh mar adeir an tighearna rium; agus do fhanadar
prionnsuidhe Mhoab a bhfochair Bhálaam.


L. Ui22:9


Agus tháinic Día chum Bálaam, agus adubhairt, cred íad na daóinesi
ad fhochair.


L. Ui22:10


Agus adubhairt Bálaam ré Día, Bálac mhac Sippor Rígh Moab do
chuir fios chugam (dá rádh)


L. Ui22:11


Féuch tháinic pobal amach as aNégipt, noch fholcus aghaidh na
talmhan: tárr annois malluigh dhamh íad, dobéidir go mbéinn cumusach
chum a cclaóidhte, agus go ccuirfinn as an ttír íad.


L. Ui22:12


Agus adubhairt Día ré Bálaam, ní reacha tusa leó, ní mhailleocha tú
an pobal: óir atáid beannuighe.


L. Ui22:13


Agus do éirigh Bálaam súas ar maidin, agus adubhairt ré
prionnsuidhibh Bhálac, éirgidh da bhur ndúthaidh féin, óir do
dhiúlt an tighearna cead do thabhairt damhsa dul libh.


L. Ui22:14


Agus do éirgeadar prionnsuidhe Mhoab súas, agus dochúadar chum
Bálach, agus adubhradar, do dhiúlt Bálaam teachd linn.


L. Ui22:15


Agus do chuir Bálac arís níos mó do prionnsuidhibh agus níos
ónóruigh ná íadsan.


L. Ui22:16


Agus tangadar go Bálaam agus adubhradar ris, marso adeir Bálac
mhac Sippor: ná toirmisgeadh éinní thú, íarruim dathchuinge ort, fá
theachd chugam:


L. Ui22:17


Óir cuirfe mé súas thú anonóir romhóir, agus dodhéana mé gach
éinní déarus tú rium: tárr ar anadhbharsin, guidhim thú, malluigh
dhamh na daóinesi.


L. Ui22:18


Agus do fhreagair Bálaam, agus adubhairt re searbhóntuibh
Bhálac, da ttugadh Bálac dhamh lán a thighe dairgead agus dór,
ní fhéduimsi dul thar fhocal an tighearna, mo Dhía, do dhénamh níos
lugha nó níos mó.


L. Ui22:19


Anois uimesin, guidhim sibh, fanuidh anochd annso, chor go mbía a
fhios agam cred eile adéras an tighearna riom.


L. Ui22:20


Agus tháinic Día go Bálaam sanoidhche, agus adubhairt ris, má
thigid na daóine dod ghairm éirgidh súas agus imthigh leó: gidheadh
an focal adéra misi riot, go madh é sin dhéanas tú.


L. Ui22:21


Agus do éirigh Bálaam ar maidin, agus do chuir díallaóid air a assal,
agus dochuaidh lé prionnsuidhibh Mhoab.


L. Ui22:22


Agus do las fearg Dé do chionn gur imthigh sé, agus do sheas Aingeal
an tighearna annsa tslighe mar easgcaruid na aghuidh: annois dobhí
seision ag marcuidheachd ar a assal, agus dobhádar a dhá sherbhíseach mar
aón ris.


L. Ui22:23


Agus dochonnairc an tassal Aingeal an tighearna na sheasamh ar a
tslighe, agus a chloidheamh nochduighe iona láimh: agus do ionntóigh an t
assal as a tslighe amach, agus dochuáidh ar feadh an mhacaire, agus do
bhuáil Bálaam an tassal dá fhilleadh annsa tslighe.


L. Ui22:24


Ach do sheas aingeal an tighearna a slighe na bhfíneamhan, balla don
taóibhsi agus balla don oile.


L. Ui22:25


Agus anuáir dochonnairc an tassal aingeal an tighearna, do
thiomáin sí í féin anaghaidh an bhalla: agus do bruigheadh cos
Bhálaam ris an mballa, agus do bhuáil sé arís í.


L. Ui22:26


Agus dochuáidh aingeal an tighearna níis faide, agus do sheas anáit
chumhainn mar nach raibh aónbhall seachanta ar a láimh dheis nó ar a
láimh chlí.


L. Ui22:27


Agus anuáir dochonnairc an tassal aingeal an tighearna, do thuit
sí síos faói Bhálaam, agus do las fearg Bhálaam, agus do bhuáil
sé an tassal le bata.


L. Ui22:28


Agus dfhoscuil an tighearna béul an assail, agus adubhairt sí re
Bálaam, cred dorinne misi riot as ar bhuáil tú mé anois trí
huáire?


L. Ui22:29


Agus adubhairt Bálaam ris anassal, do chionn go ndéarna tú magadh
orum; dobfhearr liom go mbeith cloidheamh am láimh, óir do mhuirfinn
anois thú.


L. Ui22:30


Agus adubhairt an tassal re Bálaam, nach misi hassal ar a
ndeárna tú marcuidheachd ó fuáir tú ríamh mé gus aniugh? nar ghnáthuigh mé so
dhénamh riot? agus adubhairt seision, níor (ghnáthuighis.).


L. Ui22:31


Annsin dfhoscuil an tighearna súile Bhálaam, agus dochonnairc
Bálaam aingeal an tighearna na sheasamh san tslighe, agus a
chloidheamh tairngthe iona láimh: agus do chlaón sé síos a cheann,
agus do thuit sínte ar a aghuidh.


L. Ui22:32


Agus adubhairt Aingeal an tighérna ris, cred fár bhuáil tú hassal
na trí huáiresi? féuch dochuáidh misi amach dod thoirmiosc, do
chionn go bhfuil do shlighe go crosánta am lathair.


L. Ui22:33


Agus dochonnairc an tassal mé, agus do fhill uáim na trí h-
uáiresi: agus muna bhfilleadh sí uáim, go dearbhtha annois mar an ccéadna
do mhuirfinn thusa, agus do shaórfuinn isi beó.


L. Ui22:34


Agus adubhairt Bálaam re haingeal an tighearna, do phecaidh mé:
óir ní raibh a fhios agam gur sheas tusa ann sa tslighe am aghuidh: uime
sin annois muna budh toil leachd é, fillfe misi ar mais arís.


L. Ui22:35


Agus adubhairt Aingeal an tighearna ré Bálaam, imthigh leis na
daóinibh achd amháin an focal adérus misi riot, sé sin adéras tú: mar
sin do imthigh Bálaam le prionnsuidhibh Bhálac.


L. Ui22:36


Agus anuáir dochúaluidh Bálac go ttáinidh Bálaam, dochuáidh sé
amach na choinne go cathair Mhoab, noch atá a tteóruinn Arnon,
noch atá annsanimiol as faide amach.


L. Ui22:37


Agus adubhairt Bálac re Bálaam, nach ar chuir misi fios go dithiollach
chugadsa dod ghairm? cred fa nach ttáinic tú chugam? nach dearbhtha go ttig
dhíomsa do chur súas anonóir?


L. Ui22:38


Agus adubhairt Bálaam re Bálac, féuch, tháinic mé chugad: an bhfuil
cumhachda ar bith anois agam éinní rádh? an focal chuirfios Día am bhéul
sé sin laibheórus mé.


L. Ui22:39


Agus dochuáidh Bálaam re Bálac, agus tangadar go Círiat husot.


L. Ui22:40


Agus do ofráil Bálac daimh agus caóirigh, agus do chuir go Bálaam
agus chum na bprionnsadha dobhí na fhochair.


L. Ui22:41


Agus tárla arna mhárach gur ghlac Bálac Bálaam, agus go rug súas é
go háitibh árda Baal, ionnus go bhfaicfeadh sé assin leithimiol an
phobail.


L. Ui23:1


Agus adubhairt Bálaam re Bálac, tóg dhamh annso seachd naltóra,
agus gléus damh annso seachd ndaimh agus seachd reithe.


L. Ui23:2


Agus dorinne Bálac mar adubhairt Bálaam, agus do ofráil Bálac agus
Bálaam ar gach aón altóir bulóg agus reithe.


L. Ui23:3


Agus adubhairt Bálaam re Bálac, seas ag hofráil loiscthe, agus
imeocha misi: dobéidir go ttiucfadh an tighearna do theagmháil riom,
agus gidhbé ar bith thaisbeanfuis sé dhamh, inneósad dhuitsi; agus do
chuáidh sé chum áite áirde.


L. Ui23:4


Agus tárla Día re Bálaam, agus adubhairt ris, do ghléus mé seachd
naltóra, agus do ofráil mé bulóg agus reithe ar gach altóir.


L. Ui23:5


Agus do chuir an tighearna focal a mbéul Bhálaam, agus adubhairt,
fill air Bhálac, agus is marso laibheórus tú.


L. Ui23:6


Agus do fhill sé air, agus féuch dobhí sé na sheasamh ag anofráil
loiscthe, é féin agus prionnsuidhe Mhoab uile.


L. Ui23:7


Agus do thóg seision súas a chosamhlachd, agus adubhairt, thug
Bálac rígh Mhoab misi ó Aram as sléibhtibh anoirthir, dhá
rádh, tárr, malluigh dhamhsa Iácob, agus Tárr, tabhair mo shlán
fa Israel.


L. Ui23:8


Cionnus mhailleochus misi an té nar mhalluigh Día? agus cionnus do
bhéur mo shlán fán té nach ttug Día a shlán faói?


L. Ui23:9


Óir ó, mhulluighe na gcairrgeach dochím é, agus ó na cnocuibh amhaircim é:
féuch áiteochuid an pobal leó féin, agus ní háireomhthar íad a measc na
ccineadhach.


L. Ui23:10


Cía fhédas luáithreadh Iácob dáireamh, agus uibhir an cheathramhadh
cuid do Israel? faghaimsi bás na bhfíréun, agus bíodh mo chríoch
dheiridh cosmhuil ris.


L. Ui23:11


Agus adubhairt Bálac re Bálaam, ciodh so dorinne tú orm? do ghlac
mé thú do mhallughadh mo námhad, féuch do beannuigh tú íad go huilidhe.


L. Ui23:12


Agus do fhreagair seision, agus adubhairt, nach ccaithfe mé aire
thabhairt an nísin do rádh do chuir an tighearna am bhéul?


L. Ui23:13


Agus adubhairt Bálac ris, guidhim thú, tárr uáit liomsa anáit
eile as ar féidir dhuit a bhfaicsin: ní fhaicfe tú uile íad; agus malluigh
dhamh;sa íad assin.


L. Ui23:14


Agus rug sé leis é go machaire Zóphim go mullach Pisgah, agus do
thóg seachd naltóra, agus do ofráil bulóg agus reithe ar gach altóir
dhíobh.


L. Ui23:15


Agus adubhairt sé re Bálac, seas annso ag hofráil loiscthe, go
teigeomha misi ris an tighearna annsúd.


L. Ui23:16


Agus tárla an tighearna ré Bálaam, agus do chuir focal na bhéul,
agus adubhairt, éirigh arís go Bálac, agus abair ris marso.


L. Ui23:17


Agus anuáir tháinic sé chuige, féuch dobhí sé na sheasamh agá
ofráil loiscthe, agus prionnsuidhe Mhoab maille ris: agus adubhairt
Bálac ris, créd do labhair an tighearna?


L. Ui23:18


Agus do thóg seision súas a chosamhlachd agus adubhairt, éirigh súas
a Bhálach agus éist, tabhair h aire dhamhsa a mhic Zippor.


L. Ui23:19


Ní duine Día as a ndénadh bréag, ní mó is mac duine é as a ndénadh
sé aithreachus: a ndubhairt sé éinní, agus nach béra chum críche é?


L. Ui23:20


Féuch do ghlac misi aithne beannughadh; agus do bheannuigh seision,
agus ní fhéduimsi a fhilleadh.


L. Ui23:21


Ní fhacuidh sé éigceart an Iácob, agus ní fhacaidh olc a Nisrael:
atá an tighearna a Dhía maille ris, agus atá síansa Rígh eatorra.


L. Ui23:22


Thug Día amach as aNégipt íad; atá aige amhail neart Unicorn.


L. Ui23:23


Go deimhin ní bhfuil droigheachd ar bith anaghaidh Iácob, ní mó
atáid piseóga ar bith anaghaidh Israel; do réir na haimsiresi
adértar re Iácob agus re Hisrael gach ní dar oibrigh Día.


L. Ui23:24


Féuch, éireochuidh an pobal súas mar leomhan mhór, agus tóigfidh é
féin súas mar leomhan óg: ní luidhfidh sé síos nó go nithidh don chreich,
agus nó go nibhidh sé fuil na marbh.


L. Ui23:25


Agus adubhairt Bálac re Bálaam, ná malluigh íad ar énchor, agus
ná beannuigh íad ar énchor.


L. Ui23:26


Achd do fhreagair Bálaam, agus adubhairt re Bálaam, nach ar innis
misi dhuit, dá rádh: anuile ní adéra an tighearna rium, s é sin
chaithfios mé a dhénamh?


L. Ui23:27


Achd do fhreagair Bálaam agus adubhairt re Bálac re Bálaam, tárr
guidhim tú, béra mé liom thú go háit oile: dobfhéidir go madh toil le
Día go mailleochthá dhamh íad assin.


L. Ui23:28


Agus rug Bálac Bálaam go mullach Peor, noch fhéuchus leath re
Iesimon.


L. Ui23:29


Agus adubhairt Bálaam re Bálac, déna dhamh annso seachd naltóra,
agus gléus damh annso seachd mbulóga agus seachd reithe.


L. Ui23:30


Agus dorinne Bálac mar adubhairt Bálaam, agus do ofráil sé bulóg
agus reithe ar gach énaltóir.


L. Ui24:1


Agus anuáir dochonnairc Bálaam gur thoil leis an ttighearna
Israel do bheannughadh, níor imthigh sé mar na huairibh oile díarruidh
droigheachda, achd do chuir sé a aghuidh ar an bhfásach.


L. Ui24:2


Agus do thóg Bálaam a shúile súas, agus dochonnairc Israel na
ccomhnuighe iona lóistínibh do réir a ttreabha, agus tháinic spiorad
Dé air:


L. Ui24:3


Agus do thóg súas a chosamhlachd, agus adubhairt, Bálaam mhac
Beor adubhairt, agus an té agá bhfuilid a shúile foscuilte adubhairt.


L. Ui24:4


Adubhairt an té dochúaluidh bríathara Dé, noch dochonnairc fis an
uilechumhachtuigh ar ttuitim (a súan) achd a shúile foscuilte.


L. Ui24:5


Créd é a fheabhus atáid do lóistíne, a Iácob, agus do thabearnacuil a
Israel?


L. Ui24:6


Atáid sínte amach mar na gleanntaibh; mar gháirdínibh láimh ris an
abhuinn, mar chrannuibh do choill Aloes, noch do phlanduigh an tighearna,
agus mar chrannuibh Cédair láimh ris na huisgedhibh.


L. Ui24:7


Dóirtfidh sé an tuisge amach as a bhuicéaduibh, agus biáidh a shíol
a mórán uisceadh, agus budh háirde a Rígh ná Agag, agus áirdeochthar
a rioghachd.


L. Ui24:8


Thug Día amach as aNégipt é, atá aige amhail neart Unicorn; íosuidh
sé súas na cinidheacha a naimhde, agus brisfidh sé a ccnámha, agus
tollfuidh sé íad thríotha lena shaighdibh.


L. Ui24:9


Do chrap sé, do luidh sé síos mar leomhan mhór; cía chorróchus súas
é? is beannuighe an té bheannochus thusa, agus is malluighe an té
mhailleochus thú.


L. Ui24:10


Agus do las fearg Bhálac anaghuidh Bhálaam, agus do bhuáil a
bhasa ar a chéile, agus adubhairt Bálac re Bálaam, do ghoir mé
thú do mhallughadh mo naimhde, agus féuch do bheannuigh tú íad na
trí huairesi.


L. Ui24:11


Ar anadhbarsin anois teith dod ionad féin; do mheas mé do thógbháil
chum onóra móire, ach féuch do chonnuimh an tighearna ó onóir thú.


L. Ui24:12


Agus adubhairt Bálaam re Bálac, nach ar labhair misi red
theachduibh mar an ccédna, noch do chuir tú chugam, gá rádh.


L. Ui24:13


Da ttugadh Bálac dhamhsa a thigh lán dairgead agus dór, ní
fhéaduim duil thar aithne an tighearna, do dhénamh maitheasa nó uilc as m
inntinn féin: gidhbé ní déras an tighearna, sé sin laibheoras misi?


L. Ui24:14


Agus féuch anois atáim ag dul chum mo dhaóine féin: ar anadhbhursin
tárr agus foillseocha mé dhuit cred dodhénuid na daóinesi red
dhaóinibhsi annsna laéthibh deigheanacha.


L. Ui24:15


Agus do thóg sé súas a chosamhlachd, agus adubhairt, Bálaam mhac
Beor adubhairt, agus an té gá bhfuilid a shúile foscuilte
adubhairt.


L. Ui24:16


Adubhairt an té dochúaluidh bríathara Dé, agus do thuig eólus an té
is roáirde, dochonnairc fis an uilechumhachduigh, ag tuitim a néull
achd a shúile foscuilte.


L. Ui24:17


Dochífead é, achd ní annois; amaircfe mé é, achd ní a bhfogus:
tiucfuidh réult amach as Iácob, agus éireochuidh Slat Ríogha as
Israel, agus buailfidh tré Phrionnsuidhibh Moab, agus scriosfuidh
sé clann Shet.


L. Ui24:18


Agus sealbhóchthar Edom, agus biáidh Seir fós na sheilbh agá
naimhdibh, agus dodhéna Israel go cródha.


L. Ui24:19


Amach as Iácob thiucfas an té gá mbía tighearnus, agus chlaóidhfeas
an té mhaireas don chathruigh.


L. Ui24:20


Agus anuáir do fhéuch sé air Amalec, do thóg sé súas a chosamhlachd
agus adubhairt, dobé Amalec príomhthús na ccineadhach, ach budh í a
chríoch dheighionach go mbía scriosta go bráth.


L. Ui24:21


Agus do fhéuch sé ar na Cenítibh, agus do thóg súas a chosamhlachd
agus adubhairt, is láidir háit chomhnuighe, agus cuirigh tú do nead a
ccarruig.


L. Ui24:22


Gidheadh bánfuighear an Ceníteach, nó go mbeiridh Asur leis a láimh
thú.


L. Ui24:23


Agus do thóg a chosamhlachd agus adubhairt, uch, cía bhías beó an
uáir dodhéna Día so?


L. Ui24:24


Agus tiucfuid longa ó imiol Chittim, agus cráidhfid Asur agus
cráidhfid Eber, agus imeocha seision fós seachad go bráth.


L. Ui24:25


Agus do éirigh Bálaam súas, agus do imthigh, agus do fhill da áit
féin, agus do imthigh Bálac mar an gcéadna roimhe.


L. Ui25:1


Agus do chomhnuigh Israel a Sittim, agus do thosuigheadar an pobal
stríapachus do dhénamh lé hinghionuibh Mhoab.


L. Ui25:2


Agus do ghoireadar an pobal chum iodhbartha a Ndéeibh, agus do itheadar
an pobal, agus do claónadar síos dá Ndéeibh.


L. Ui25:3


Agus do íadh Israel é féin lé Baal-Peor, agus do las fearg an
tighearna anaghuidh Israel.


L. Ui25:4


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, glac uile uachdaráin na
ndaóine, agus croch súas íad a lathair an tighearna as coinne na gréine,
chor go bhfillfighear fearg fhíochmhar an tighearna ó Israel.


L. Ui25:5


Agus adubhairt Maóise re breitheamhnuibh Israel, marbhuidh gach
aón aguibh a mhuinntir, noch do íadh lé Baal-Peor.


L. Ui25:6


Agus féuch, thug aón do chloinn Israel chum a dearbhráithreach bean do
na Mídianchuibh a radharc Mhaóise, agus a radharc chomhchruinnigh
chloinne Israel, noch dobhí gul ag dorus thabearnacuil an
chomhchruinnigh.


L. Ui25:7


Agus an uáir dochonnairc Phíneas mhac Eleásar mhic Aáron an
sagartsin, do éirigh súas a measc an chomhchruinnigh, agus do ghabh
gath beag iona láimh.


L. Ui25:8


Agus dochuáidh a ndíaigh an fhir do Israel don lóistín, agus do
shaith thríotha araón an fear do Israel, agus an bhean tré na
broinn: marsin do coisgeadh an phláigh ó chloinn Israel.


L. Ui25:9


Agus an mhéid fuáir bás don phláigh dobudh ceithre mhíle fhithchiod
íad.


L. Ui25:10


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, gá rádh.


L. Ui25:11


Do fhill Phineas mhac Eleásar mhic Aáron an sagart mfearg ó
chloinn Israel, an tan dobhí sé teasghrádhach ar mo shonsa na
measc; go nar mharbh mé clann Israel tré mo éud.


L. Ui25:12


Uimesin abair, féuch, dobheirim dhó mo chunnradh síothchána.


L. Ui25:13


Agus dogheabha seision é, agus a shíol na dhiáigh, márta cunnradh
sagartachda síorruidhe; do chionn go raibh teasghrádhach do Dhía, agus go
ndeárna síoth ar son chloinne Israel.


L. Ui25:14


Annois ainm an Israelítigh do marbhadh, noch do marbhadh maille leis
an mnaói Mhídianuigh, dobudh é Simri mhac Salu, prionnsa
prímhthighe a measc na Simeónach.


L. Ui25:15


Agus bá hé ainm na mná Mídianuighe do marbhadh, Cosbi inghean
Sur, noch bá ceann ós cionn phobail agus tighe móire a Mídian.


L. Ui25:16


Agus do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh.


L. Ui25:17


Buáidhir na Mídianuigh, agus buáil íad.


L. Ui25:18


Óir atáidsion dod bhuaidhreadhsa lena ccealguibh ler mhealladar
sibh a gcúis Pheor agus a gcúis Chosbhi inghean phrionnsa do
Mhídian a ndeirbhshíur, noch do marbhadh a ló na pláighe, ar son
Pheor.


L. Ui26:1


Agus tárla a ndiáigh na pláighe, gur labhair an tighearna re Mhaóise
agus re Heleásar mac Aáron an sagart, gá rádh;


L. Ui26:2


Glac uibhir chomhchruinnigh chloinne Israel uile, ó fhichid
blíadhan daóis, agus ós a chionn, ar feadh thighe a naithreadh,
gach a bhfuil cumusach ar dhul san chogadh a Nisrael.


L. Ui26:3


Agus do labhair Maóise agus Eleásar an sagart riú a réiteach
Mhoab láimh re Iordan a bhfogus do Iericho, gá rádh.


L. Ui26:4


Aírmhidhe ó fhithchid blíadhan daóis, agus ós a chionn, mar do
aithin an tighearna do Mhaóise, agus do chloinn Israel, noch
dochuáidh amach as crích na Hégipte.


L. Ui26:5


Réuben an mac is sine ag Israel: clann Réuben, Hanoch (ó
ttáinic) treabh na Hanochíteach: ó Phallu, treabh na bPalluiteach:


L. Ui26:6


Ó Hesron treabh na Nesroníteach: ó Charmi treabh na cCarmíteach.


L. Ui26:7


Is íad so treabha na Reubeníteach: agus an luchd do háirmheadh
dhíobh dobudh ceathrachad, agus trí mhíle agus seachd gcéad agus
tríochad.


L. Ui26:8


Agus mic Phallu, Eliab.


L. Ui26:9


Agus mic Eliab, Nemuel, agus Dátan, agus Abíram: síad so an
Dátan agus an Tabíram, noch dobhí iomráidhteach ann sa
chomhchruinniughadh, noch do crioncháin anaghaidh Mhaóise, agus
anaghaidh Aáron a ccuideachda Chórah, anuáir do
chrionchánadar anaghaidh an tighearna.


L. Ui26:10


Agus dfhoscuil an talamh a bhéul, agus do shluig síos íad maille re
Córah, anuáir do éug an chuideachdasin, san nam ar loisc an teinidh
dhá chéud agus caógad fear: agus dorinneadh sompla dhíobh.


L. Ui26:11


Gidheadh níor éugadar clann Chórah.


L. Ui26:12


Mic Shimeon do réir a ttreabha; ó Nemuel, treabh na Nemuelíteach:
ó Iámin treabh na Iáminíteach: ó Iáchin treabh na Iáchiníteach.


L. Ui26:13


Ó Shérah, treabh na Sérahíteach: ó Shaul treabh na Saulíteach.


L. Ui26:14


S íad so treabha na Simeoníteach: fichthe agus dá mhíle agus dá
chéud.


L. Ui26:15


Clanna Ghad do réir a ttreabha; ó Shephon, treabh na
Sephoníteach: ó Haggi treabh na Haggíteach: ó Shúni treabh na
Suníteach.


L. Ui26:16


Ó Osni treabh na Nosníteach: ó Eri treabh na Nerítech:


L. Ui26:17


Ó Aród treabh an Nároideach: ó Areli treabh na Narelíteach.


L. Ui26:18


Síadso treabha chloinne Gad, do réir ar háirmeadh dhíobh,
ceathrchad míle, agus cúig chéud.


L. Ui26:19


Mic Iúdah, dobíad Er, agus Onan: agus fuáir Er, agus
Onan bás a ttír Chánaain.


L. Ui26:20


Agus dobudh íad mic Iúdah do réir a ttreabha: ó Shélah treabh na
Selaníteach: ó Pháres treabh na Pharesíteach: ó Shérah treabh na
Serahíteach.


L. Ui26:21


Agus mic Phares dobhádar: ó Hesron treabh na Nesroníteach
ó Hámul treabh na Namulíteach.


L. Ui26:22


Síadso treabha Iúdah do réir ar háirmheadh dhíobh, trí fichthid
agus sé mhíle dhéug agus chúig chéd.


L. Ui26:23


Do mhacuibh Issachar do réir a ttreabha; ó Thóla, treabh na
Ttoláiteach ó Phua treabh na Bpuaiteach:


L. Ui26:24


Ó Iásub, treabh na Iasubíteach: ó Shimron treabh na Simroníteach:


L. Ui26:25


S íadso treabha Issachar do réir ar háirmheadh dhíobh, trí fichthid
agus ceithre mhíle agus trí chéd.


L. Ui26:26


Do mhacaibh Sebulun, do réir a ttreabha: ó Shéred, treabh na
Sheríteach: ó Elon, treabh an Nelóníteach: ó Iaheel treabh na
Iahleeleach.


L. Ui26:27


Síadso treabha Shebulun do réir ar háirmheadh dhíobh, trí fitchid
míle agus cúig chéud.


L. Ui26:28


Mic Ióseph do réir a ttreabha dobíad, Manasseh agus Ephraim.


L. Ui26:29


Do mhacuibh Manasseh: ó Mháchir, treabh na Machiríteach; agus
rugadh Gilead do Mháchir: ó Ghilead tháinic treabh na
Ngileadíteach


L. Ui26:30


Síad so mic Ghílead: ó Ieeser, treabh na Ieeseríteach: ó
Hélec, treabh na Helecíteach.


L. Ui26:31


Agus ó Asriel, treabh an Nasrielíteach: agus ó Shechem, treabh na
Sechemíteach.


L. Ui26:32


Agus ó Shemida treabh na Semidíteach: agus ó Hépher, treabh na
Hepheríteach.


L. Ui26:33


Agus Selophehad mhac Hepher, ní raibh énmhac aige, achd ingheana:
agus dobíad so anmanna inghean Selophehad: Mahlah agus Noah,
Hoglah, Milcah, agus Tirsah.


L. Ui26:34


Síad so treabha Mhanasseh, agus an mhéid do háirmheadh dhíobh,
caógad agus dhá mhíle agus seachd gcéad.


L. Ui26:35


Síad so mic Ephraim do réir a ttreabha: ó Shutelah, treabh na
Sutalíteach: ó Bhecher, treabh na Becheríteach: ó Tháhan, treabh
na Ttahaníteach.


L. Ui26:36


Agus is íad so mic Shutelah: ó Éran treabh na Neraníteach.


L. Ui26:37


Síad so treabha mhac Ephraim do réir ar háirmheadh dhíobh,
tríochad agus dhá mhíle agus cúig chéd. Síad so mic Ióseph do
réir a ttreabha.


L. Ui26:38


Mic Beniamin do réir a ttreabha: ó Bhéla, treabh na Mbelateach:
ó Asbel, treabh an Nasbélach: ó Ahíram, treabh na Nahiramach.


L. Ui26:39


Ó Shúpham, treabh na Suphamíteach: ó Hupham treabh na
Huphamíteach.


L. Ui26:40


Agus dobíad so mic Bhéla, Ard, agus Náaman, ó Ard, treabh na
Nardíteach: agus ó Náaman treabh na Namaníteach.


L. Ui26:41


Síad so mic Bheniamin do réir a ttreabha: agus an mhéid do
háirmheadh dhíobh dobhádar ceathrachad agus cúig mhíle, agus sé
chéud.


L. Ui26:42


S íad so mic Dan do réir a ttreabha: ó Shuhan, treabh na
Suhaníteach: síad so treabha Dan do réir a ttreabha.


L. Ui26:43


Treabha na Suhaníteach uile do réir ar háirmheadh dhíobh dobhádar
trí fichthid, ceithre mhíle agus ceithre chéd.


L. Ui26:44


Do chloinn Aser do réir a ttreabha: ó Iimna treabh na Iimnach:
ó Iesui, treabh na Niesúiteach: ó Bhéria treabh na Mberíteach.


L. Ui26:45


Do mhacaibh Béria; ó Heber, treabh na Heberíteach: ó Mhalchiel,
treabh na Malchielíteach.


L. Ui26:46


Agus Sarah dob ainm dinghin Aser.


L. Ui26:47


Síad so treabha mhac Aser do réir ar háirmheadh dhíobh, noch bá
caógad agus trí mhíle agus ceithre chéad.


L. Ui26:48


Do mhacaibh Naphtali do réir a ttreabha: ó Iaseel, treabh na
Niáseelíteach: ó Ghúni, treabh na Nguníteach.


L. Ui26:49


Ó Ieser, treabh na Ieseríteach: ó Shillem, treabh an Sillemíteach.


L. Ui26:50


Síad so treabha Naphtali do réir a ttreabha, agus an mhéid do h-
áirmheadh dhíobh dobudh dhá fithchiod, agus cúig mhíle agus ceithre
chéad.


L. Ui26:51


S íad so an mhéid do háirmheadh do chloinn Israel, sé chéd míle
agus míle, seachd gcéd míle agus míle, seachd gcéd agus tríochad.


L. Ui26:52


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh;


L. Ui26:53


Dhóibhso roinnfighear an fearann mar oighreachd do réir anuibhir
anmann.


L. Ui26:54


Do mhorán dobhéara tú níis mó doighreachd, agus do bheagán níis
lugha doighreachd: do gach aón bheartar oighreachd do réir ar
h-áirmheadh dhíobh.


L. Ui26:55


Gidheadh roinnfighear an fearann le crannchar: do réir anmann
treabha a naithreadh dogheabhuid oighreachd.


L. Ui26:56


Do réir an chrannchar roinnfighear a shealbh idir mhórán agus bheagán.


L. Ui26:57


Agus s íad so do háirmheadh do na Lebhítibh do réir a ttreabha: ó
Ghershon, treabh na Ccohatíteach: ó Mhérári, treabh na
Meraríteach.


L. Ui26:58


Síad so treabha na Lébhíteach, treabh na Libníteach, treabh na
Nebroníteach, treabh na Mahlíteach, treabh na Musíteach, treabh na
Ccohatíteach: agus do ghein Cohat Amram.


L. Ui26:59


Agus dobé ainm mhná Amraim, Iochebed inghean Lébhi, noch rugadh
do Lébhi san Négipt: agus rug sí do Amram, Aáron agus Maóise,
agus Miriam a ndeirbhshiúr.


L. Ui26:60


Agus rugadh do Aáron Nadab agus Abihu, Eleásar agus Itamar.


L. Ui26:61


Agus do éug Nádab agus Abihu, anuair do ofráladar teinidh
choimidhtheach a lathair an tighearna.


L. Ui26:62


Agus an luchd do háirmheadh dhíobh, dobhádar fichthe agus trí mhíle,
an uile fhirionnach ó mhí daóis, agus ós a chionn: óir níor
háirmheadh íad a measg chloinne Israel, do bhrígh nár tugadh
oighreachd air bith a measg chloinne Israel dóibh.


L. Ui26:63


S íad so, do háirmheadh lé Maóise agus le Heleásar an sagart, noch
do chomháirimh clann Israel a réitibh Mhoab ag Iordan a
bhfogus do Ierico.


L. Ui26:64


Ach na measg so ní raibh duine dhíobh dar chomháirimh Maóise agus
Aáron an sagart a bhfásach Sinai anuáir do háirmheadh clann
Israel


L. Ui26:65


Óir do labhair an tighearna orra, dogheabhuid go deimhin bás annsa
bhfásach: níor fágbhadh duine dhíobh ach Cáleb mhac Iephunneh agus
Iosua mhac Nun.


L. Ui27:1


Annsin tangadar ingheana Selophehad mhic Hepher, mhic Gilead mhic
Machir, mhic Manasseh, do shliochd Mhanasseh mhic Ioseph, agus is
íad so anmanna a inghean; Mahlah, Noah, agus Hoglah, agus
Milcah, agus Tirrah.


L. Ui27:2


Agus do sheasadar a lathair Mhaóise, agus a lathair Eleásar an
sagart, agus a lathair na bprionnsadha agus an comhchruinnigh uile, ag
dorus thabearnacuil an chomhchruinnigh gá rádh.


L. Ui27:3


Déug ar nathair annsa bhfásach, agus ní raibh sé annsa
chuideachduin do chruinnigh íad féin a ccionn a chéile anaghuidh
an tighearna a ccuideachda Chórah: ach déug sé iona phecadh féin,
agus ní raibh mic ar bith aige.


L. Ui27:4


Cred fa múchfuidhe ainm ar nathar ó bheith a measc a mhuinntire ar son
nach bhfuil énmhac aige? Tabhair dhúinne ( ar anadhbharsin) sealbh a
measc dhearbhráithreach ar nathar.


L. Ui27:5


Agus thug Maóise a ccúis a lathair an tighearna.


L. Ui27:6


Agus do labhair an tighearna re Maóise, gá rádh;


L. Ui27:7


Do labhradar ingheana Shelophehad go ceart: dobhéura tú dhóibh go
deimhin sealbh oighreachda a measc dhearbhráithreach a nathar; agus
dobhéara tú fa deara oighreachd a nathar do theachd chuca.


L. Ui27:8


Agus laibheora tú re cloinn Israel, gá rádh, má gheibh duine bás,
agus nach bía aónmhac aige, annsin dobhéarthaói fá deara a oighreachd
do theachd chum a inghine.


L. Ui27:9


Agus muna raibh éininghean aige, annsin dobhéarthaói a oighreachd dá
dhearbhráithribh.


L. Ui27:10


Agus muna raibh dearbhráithre aige, annsin dobhéarthaói a oighreachd
do dhearbhráithribh a athar.


L. Ui27:11


Agus muna raibh dearbhráithre ag a athair, dobhéarthaói a oighreachd
dá chomhghaól as foigsi dhó dá threibh, agus sealbhochuid sé é: agus
biáidh sé na reachd breitheamhnuis ag cloinn Israel mar do aithin an
tighearna do Mhaóise.


L. Ui27:12


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, éirigh suas ar a tslíabhsa
Abarim, agus féuch an fearann thug misi do chloinn Israel.


L. Ui27:13


Agus anuáir dochífe tú é, cruinneochthar thú mar an gcédna chum do
mhuinntire féin, mar do cruinnigheadh Aáron do dhearbhráthair.


L. Ui27:14


Óir dorinneabhair cathughadh anaghuidh maithnesi (a ndíothramh
Sin, a nimreasan an chomhchruinnigh) dom naómhadh ag anuisge as
coinne a súl: s é sin uisge Mheribah a cCades a bhfásach Sin.


L. Ui27:15


Agus do labhair Maóise ris an ttighearna dhá rádh;


L. Ui27:16


Cuireadh an tighearna Día spiorad anuile fheóla, duine ós cionn an
chomhchruinnigh,


L. Ui27:17


Noch fhédfas dul amach rompa, agus fédfus dul asteach rompa, agus
noch threórochus amach íad, agus noch dobhéara asteach íad, go nach
biáidh comhchruinniughadh an tighearna mar chaórca ag nach bía aódhuire.


L. Ui27:18


Agus adubhairt an tighearna re Maóise, glac chugad Iosua mhac
Nun, duine iona bhfuil an spiorad, agus cuir do lámh air.


L. Ui27:19


Agus cuir a lathair Eleásar an sagart é, agus a lathair an
chomhchruinnigh uile, agus tabhair cúram dhó dá lathair.


L. Ui27:20


Agus cuirfe tú cuid dod onóir air, chor go mbía comhchruinniughadh
chloinne Israel uile umhal.


L. Ui27:21


Agus seasfa sé a lathair Eleásar an sagart, noch íarrfus comhairle
dhó do réir breitheamhnus Urim a lathair an tighearna; do réir a
fhocailsion rachfuid síad amach, agus do réir a fhocailsion tiocfuid
síad asteach eision fós agus clann Israel uile maille ris, eadhon an
comhchruinniughadh uile.


L. Ui27:22


Agus dorinne Maóise mar do aithin an tighearna dhe, agus do ghlac
sé Iosua, agus do chuir as coinne Eleásar an sagart é, a lathair
an chomhchruinnigh uile.


L. Ui27:23


Agus do chuir sé a lámh air, agus thug cúram dhó mar do aithin an
tighearna lé láimh Mhaóise.


L. Ui28:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh;


L. Ui28:2


Aithin do chloinn Israel agus abair riú, coimhfédfuid mofráil, agus
marán chum iodhbartha dénta lé teinidh, mar dheaghbholadh dhamhsa, dá
ofráil dhamh na am iomchubhaidh féin.


L. Ui28:3


Agus déra tusa riú, s í so an ofráil dénta le teinidh noch
íodhbarthaói don tighearna dhá úan don chéidbhlíadhuin gan cháidhe, gach
lá mar ofráil loiscthe go gnáthach.


L. Ui28:4


Uan díobh ofráilfeas tú ar maidin agus an túan oile tráthnóna.


L. Ui28:5


Agus an deachmhadh cuid do ephah do phlúr mar ofráil bhídh cumuiscthe
leis an gceathramhadh cuid do hin dola bhrúidhte.


L. Ui28:6


Is ofráil loiscthe shíorruidhe í, noch do hórduigheadh a slíabh
Sínai mar dheaghbholadh íodhbartha dénta le teinidh don tighearna.


L. Ui28:7


Agus budh h é ofráil dighe dhósin an ceathramhadh cuid do hin ar son
énuáin; annsanáit naómhtha dobhéara tú fa deara an fíon láidir do
dhórtadh don tighearna mar ofráil dighe.


L. Ui28:8


Agus an túan oile dodhéna tú íodhbuirt tráthnóna; amhail ofráil
bhídh na maidne, agus amhail a ofráil dighesin, ofráilfe tú é, íodhbuirt
dénta le teinidh do bholadh chumhra don tighearna.


L. Ui28:9


Agus a lá na Sabóide dhá úan don chéidbhliadhuin gan cháidhe, agus dhá
dheachmadh cuid do phlúr mar ofráil bhídh cumuiscthe le hola, agus a
ofráil dighesin.


L. Ui28:10


S í so ofráil loiscthe gach Sábóide, taóbh amuich donofráil loiscthe
ghnáthuigh, agus a hofráil dighe.


L. Ui28:11


Agus a ttosach bhur míos ofrálfuidhe ofráil loiscthe don tighearna,
dhá bhulóig óga agus éinreithe, seachd nuáin don chéidbhlíadhuin gan
cháidhe.


L. Ui28:12


Agus trí dheachmhadh cuid do phlúr mar ofráil bhídh cumuiscthe le h
ola, dénbhulóig amháin, agus dhá dheachmhadh cuid do phlúr mar ofráil
bhídh cumaiscthe le hola déinreithe amháin.


L. Ui28:13


Agus an deachmhadh cuid do phlúr cumaiscthe le hola mar ofráil bhídh
lé gach énúan mar ofráil loiscthe do dheaghbholadh iodhbartha dénta lé
teinidh don tighearna.


L. Ui28:14


Agus budh í an ofráil dighe leath hin fhíona lé gach bulóig, agus an
treas cuid do hin le reithe, agus an ceathramhadh cuid do hin le húan: sí
so an ofráil loiscthe ann gach éinmhí ar feadh míos na blíadhna.


L. Ui28:15


Agus énmheannán do na gabhraibh mar ofráil phecaidh do dhéntar
díodhbuirt don tighearna, taóbh amuigh donofráil ghnáthaigh loiscthe agus
a ofráil dighe.


L. Ui28:16


Agus an ceathramhadh la déag don chéidmhí atá Cáisg an tighearna.


L. Ui28:17


Agus an cúigeadh lá déag don mhísi atá an féasta; seachd lá bhías an
tarán gan laibhín dhá ithe.


L. Ui28:18


Annsa chéd ló (biáidh) comhghairm naómhtha, ní dhéntaói gné ar
bith oibre saóthruigh (ann)


L. Ui28:19


Achd ofrálfuigh íodhbuirt dénta lé teinidh mar ofráil loiscthe don
tighearna, dhá bhulóig óga, énreithe, agus seachd nuáin don
chéidbhlíadhuin: caithfidhe a mbeith aguibh gan cháidhe.


L. Ui28:20


Agus biáidh anofráil bhídh do phlúr chumaiscthe le hola, trí
dheachmhadh cuid ófráilfidh lé gach bulóig agus dhá dheachmhadh cuid le
reithe.


L. Ui28:21


Deachmhadh cuid ar leith ofráilfios tú lé gach énúan ar feadh na
seachd núan.


L. Ui28:22


Agus énghabhar amháin ar son ofrála pecaidh do dhénamh síothchána
dhaóibh.


L. Ui28:23


Ofráilfidh íadso taóbh amuigh donofráil loiscthe ar maidin,
noch atá ar son ofrála loiscthe gnáthuigh.


L. Ui28:24


Ar an modhso ofráilfidhe go láetheamhuil ar feadh na seachd lá, bíadh
na híodhburtha dénta lé teinidh do bholadh chumhra don tighearna:
iodbórthar é taóbh amuich donofráil loiscthe ghnáthaigh, agus a ofráil
dighe.


L. Ui28:25


Agus air an seachdmhadh lá biáidh comhghairm naómhtha aguibh, ní
dhéntaói obair shaóthrach ar bith.


L. Ui28:26


Mar an gcédna a ló na gcédthoradh anuáir dobhéarthaói ofráil
nuáidhbhídh chum an tighearna, déis bhur seachdmhuineadh do bheith
caimhthe, biáidh aguibh comhghairm naómhtha: ní dhéntaói obair
shaóthrach ar bith.


L. Ui28:27


Achd ofráilfidh anofráil loiscthe mar dheaghbholadh don tighearna,
dhá bhulóig óga, éinreithe, seachd lubháin don chéidbhlíaghain.


L. Ui28:28


Agus anofráil bhídh do phlúr cumaiscthe le hola, trí dheachmhadh
cuid lé énbhulóig, dhá dheachmhadh cuid dénreithe.


L. Ui28:29


Deachmhadh cuid ar leith lé gach énúan ar feadh na seachd núan.


L. Ui28:30


Agus éinmheannán do na gabhruibh do dhénamh síodha dhaóibh.


L. Ui28:31


Ofráilfidh íad taóbh amuigh donofráil loiscthe ghnáthuigh, agus a
ofráil bhídh: béid iomlán aguibh gun a nofrála dighe.


L. Ui29:1


Agus annsa seachdmhadh mí, ar an ccéad lá don mhí biáidh comhghairm
naómhtha aguibh; ní dhéntaói obair shaóthrach ar bith: is lá na stoc
do shéideadh dhíbh é.


L. Ui29:2


Agus ofráilfidh ofráil loiscthe mar dheaghbholadh don tighearna,
énbhulóg óg, énreithe agus seachd nuáin don chéidbhlíadhuin gan
cháidhe.


L. Ui29:3


Agus an ofráil bhídh biáidh do phlúr cumaiscthe le hola, trí
dheachmhadh cuid lé gach énbhulóig, agus dhá dheachmhadh cuid lé reithe.


L. Ui29:4


Agus éindeachmhadh cuid lé gach uan ar feadh na seachd núan.


L. Ui29:5


Agus éinmheannán do na gabhruibh ar son ofrála pecaidh do dhénamh
síodha dhíbh.


L. Ui29:6


Taóbh amuigh dofráil loiscthe na míos, agus a ofráil bhídh, agus an
íodhbuirt loiscthe laétheamhuil, agus a ofráil bhídh, agus a nofráil
dighe, do réir a ngnáthuighe, mar dheaghbholadh, íodbuirt dhénta lé
teinidh don tighearna.


L. Ui29:7


Agus biáidh aguibh ar an deachmhadh lá don seachdmhadh mí comhghairm
naómhtha, agus cráidhfe sibh bhur nanmanna: ní déntaói obair ar bith
ann.


L. Ui29:8


Achd ofráilfidhe ofráil loiscthe don tighearna mar dheaghboladh,
énbhulóig óg, éinreithe, agus seachd nuáin don chéidbhlíaghuin: agus
béid dhaóibh gan cháidhe.


L. Ui29:9


Agus biáidh an ofráil bhídh do phlúr cumaiscthe le hola, trí
dheachmhadh cuid lé gach bulóig, agus dhá dheachmhadh cuid le h-
éinreithe.


L. Ui29:10


Dhá dheachmhadh cuid ar leith lé gach úan ar feadh na seachd núan.


L. Ui29:11


Einmheannán do na gabhruibh ar son ofrála pecaidh, taóbh amuich dofráil
pecaidh na síodha, agus na hofrála loiscthe gnáthuigh, agus ofrála bídh agus
anofráil dighe.


L. Ui29:12


Agus ar an ccúigeadh lá déug don tseachdmhadh mí biáidh aguibh
comhghairm naómhtha: ní dhéntaói obair shaóthrach ar bith, agus
cuimhdeochthaói féasta don tighearna seachd lá.


L. Ui29:13


Agus ofráilfidh ofráil loiscthe, agus íodhbuirt dénta lé teinidh do
dheaghbholadh don tighearna trí bulóga déug óga, dhá reithe, agus ceithre
huáin déug don chéidbhlíaghain: béid síad gan toibhéim.


L. Ui29:14


Agus biáidh anofráil bhídh do phlúr cumaiscthe le hola, trí
dheachmhadh cuid le gach énbhulóig do na trí bulóguibh déug, dhá
dheachmhadh cuid lé gach reithe don dá reithe.


L. Ui29:15


Agus deachmhadh cuid ar leith lé gach úan do na ceithre húanuibh
déug.


L. Ui29:16


Agus éinmheannán do na gabhruibh mar ofráil pheacuidh, taóbh amuich
don nofráil ghnáthuigh loiscthe, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil
dighe.


L. Ui29:17


Agus ar an dara lá ofráilfidh dhá bhulóig dhég don chéidbhlíaghain
gan cháidhe.


L. Ui29:18


Agus anofráil bhídh agus anofráil dighe do na bulóguibh, do na
huanuibh, agus do na reithibh biáidh do réir a nuibhre, do réir an gnátha.


L. Ui29:19


Agus éinmheannán do na gabhruibh mar ofráil phecaidh, taóbh amuigh
don nofráil loiscthe ghnáthuigh, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil
dighe.


L. Ui29:20


Agus ar an treas lá énbhulóg dég, dhá reithe, ceithre huáin dég
don chéidbhliadhuin gan cháidhe.


L. Ui29:21


Agus anofráil bhídh agus anofráil dighe do na bulóguibh do na
reithibh agus do na húanuibh biáidh do réir a nuibre, do réir an gnátha.


L. Ui29:22


Agus énghabhar ar son ofrála pecaidh taóbh amuigh donofráil
loiscthe ghnáthuigh, agus dá hofráil bídh agus dá hofráil dighe.


L. Ui29:23


Agus ar an gceathramhadh lá, deich mbulóga, dhá reithe, agus ceithre
huáin déug don chéidbhlíadhuin gan cháidhe.


L. Ui29:24


Agus anofráil bhídh agus anofrála dighe, do na bulóguibh, do na
reithibh, agus do na húanuibh biáidh do réir a nuibhre, do réir an
gnátha.


L. Ui29:25


Agus éinmheannán do na gabhruibh mar ofráil phecaidh, taóbh amuich
donofráil loiscthe ghnáthuigh, agus dá hofráil bhídh agus dá hofráil
dighe.


L. Ui29:26


Agus ar an gcúigeadh lá, naói mbulóga, dhá reithe, ceithre huáin déag
don chéidbhlíadhuin gan cháidhe.


L. Ui29:27


Agus biáidh a nofráil bhídh, agus a nofrála dighe, do na bulóguibh
do na reithibh, agus do na húanuibh, do réir a nuibhre, do réir an
ghnátha.


L. Ui29:28


Agus éinmheannán mar ofráil phecuidh, taóbh amuigh don nofráil
loiscthe ghnáthuigh, agus dá hofráil bhídh agus dá hofráil dighe.


L. Ui29:29


Agus ar an seiseadh lá ochd mbulóga, dhá reithe, agus ceithre huáin
dég don chéidbhlíadhuin gan toibhéim.


L. Ui29:30


Agus a nofráil bhídh agus a nofrála dighe do na bulóguibh, do na
reithibh, agus do na húanuibh, biáidh do réir an ghnátha.


L. Ui29:31


Agus énghabhar mar ofráil phecaidh, taóbh amuigh donofráil
loiscthe ghnáthaigh, agus dá hofráil bhídh, agus dá hofráil dighe.


L. Ui29:32


Agus ar an seachdmhadh lá seachd mbulóga, dhá reithe, agus ceithre
huáin déug don chéidbhlíadhuin gan cháidhe.


L. Ui29:33


Agus a nofráil bhídh, agus a nofrála dighe do na bulóguibh, do na
reithibh, agus do na húanuibh biáidh do réir a nuibhre, do réir an
gnátha.


L. Ui29:34


Agus énghabhar mar ofráil phecaidh, taóbh amuigh donofráil
loiscthe ghnáthaigh, agus dá hofráil bhídh agus dá hofráil dighe.


L. Ui29:35


Ar an ochdmhadh lá biáidh comhchruinniughadh sollamanta aguibh: ní
dhéntaói obair shaóthrach ar bith ann.


L. Ui29:36


Achd ofráilfidh ofráil loiscthe, íodhbuirt dénta le teinidh do
bholadh chumhra don tighearna, én bhulóg, énreithe, agus seachd nuáin
don chéidbhlíadhuin gan cháidhe.


L. Ui29:37


A nofráil bhídh agus a nofráil dighe, don bhulóig, don reithe, agus
do na húanuibh, biáidh do réir a nuibhre, do réir an ghnátha.


L. Ui29:38


Agus énghabhar mar ofráil phecaidh, taóbh amuigh donofráil
loiscthe ghnáthuigh, agus dá hofráil bhídh agus dá hofráil dighe.


L. Ui29:39


dodhéntaói na neithesi don tighearna ann bhur bhféstuibh cinnte,
taóbh amuigh dá bhur móidibh agus dá bhur nofrála toileamhla, ar son
bhur nofrálach loiscthe, agus ar son bhur nofrálach dighe, agus ar son
bhur nofrálach síodha.


L. Ui29:40


Agus do innis Maóise do chloinn Israel do réir anuile ní dar aithin
an tighearna do Mhaóise.


L. Ui30:1


Agus do labhair Maóise re ceannuibh na ttreabh a ttaóbh chloinne
Israel, ghá rádh, s é so an ní do aithin an tighearna.


L. Ui30:2


Má bheir duine móid don tighearna, nó má bheir mionna do cheangal a
anma lé banna; ní bhrisfidh sé a fhocal, dodhéna sé réir anuile
bhríathra thiocfas amach as a bhéul.


L. Ui30:3


Má bheir bean mar an gcédna móid don tighearna, agus í féin do ceangal
a mbanna, a ttigh a hathar ann a hóige.


L. Ui30:4


Agus go ccluinfe a hathair a móid, agus a banna lear cheanguil sí a
hanam, agus go néistfidh a hathair ría: annsin seasfuid a móide uile,
agus seasfuid gach banna ler cheanguil sí a hanam.


L. Ui30:5


Ach má chrosann a hathair í, an lá chluinfeas sé sin, ní sheasfuidh
énmhóid nó énbhanna ler cheangail sí a hanam: agus maithfidh an
tighearna dhi, do chionn gur thoirmisg a hathair í.


L. Ui30:6


Agus má bhí fear ar énchor aice anuair thug sí a móid, nó má labhair
sí éinní amach as a bhéul lér cheanguil sí a hanam.


L. Ui30:7


Agus go gcualuidh a fear é, agus nár labhair an lá dochúaluidh é:
annsin seasfuidh a móide, agus seasfuidh a bhanna lér cheangail sí a hanam.


L. Ui30:8


Ach má neamhaóntuigh a fear lé, an lá dochúaluidh é; annsin dodhéna
sé a móid noch do mhóidigh sí, agus an ní do labhair sí léna béul, ler
cheanguil sí a hanam, gan éifeachd air bith; agus maithfidh an tighearna
dhi é.


L. Ui30:9


Ach gach uile mhóid baintreabhuigh, agus na mná sgartha, ler
cheangladar a nanmanna, seasfuidh sé na haghuidh.


L. Ui30:10


Agus má mhóidigh sí a ttigh a fir, nó gur cheanguil sí a hanam le
banna maille re mionnuibh;


L. Ui30:11


Agus go ccúaluidh a fear é, agus gur éist ría, agus nar thoirmisc í;
annsin seasfuidh a móide uile, agus seasfuidh gach énbhána ler cheanguil
sí a hanam.


L. Ui30:12


Ach má rinne a fear díomhaóin íad an lá dochúaluidh sé íad; annsin
gidhbé ní thigh as a béul amach a ttaóbh a móideadh, nó a ttaóbh bhanna a
hanma, ní sheasfuid síad; dorinne a fear díomhaóin íad, agus maithfidh
an tighearna díse.


L. Ui30:13


Gach uile mhóid agus gach uile mhionna ceangailteach do chrádh a n-
anma, féduigh a fear a dhaingniughadh, nó féduigh a fear a chur ar ccúl.


L. Ui30:14


Ach má bhíonn a fear thríd amach na thochd ó ló go ló; annsin
daingnidh sé a móide uile, nó na huile bhannadha dá bhfuil uirre:
comhdhaingnigh sé íad, do chionn gur éist sé ría, annsa ló a ccúaluidh
sé íad.


L. Ui30:15


Ach má ní sé díomhaóin íad ar mhodh ar bith tar éis íad do chloisdean,
annsin iomchoruidh sé a pecadhsan.


L. Ui30:16


S íadso na seachda do aithin an tighearna do Mhaóise, idir fhear
agus a bhean, idir anathair agus a inghean, ar mbeith dhi ann a
hóige a ttigh a hathar.


L. Ui31:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise ghá rádh;


L. Ui31:2


Dioghail clann Israel ar na Mídianchuibh: na dhiáighsin
cruinneochtar chum do dhaóine thú.


L. Ui31:3


Agus do labhair Maóise ris an bpobal, dhá rádh, gabhadh cuid aguibh
airm chum an chogaidh anaghuidh na Mídianach, agus díoghlaidís an
tighearna ar na Mídianchuibh.


L. Ui31:4


Míle as gach éintreibh, ar fad threabh Israel uile chuirfidhe chum an
chogaidh.


L. Ui31:5


Marsin dotugadh amach as míltibh Israel míle as gach éintreibh, dhá
mhíle dhéug anarm chum coguidh.


L. Ui31:6


Agus do chathuigheadar anaghaidh na Mídianach mar do aithin an
tighearna do Mhaóise, agus do mharbhadar a bhfir uile.


L. Ui31:7



L. Ui31:8


Agus do mharbhadar fós Ríghthe na Mídianach taóbh amuigh don chuid
eile dhíobh do mharbhadh, Ebhi, agus Recem, agus Sur, agus
Hur, agus Reba, cúig Ríghthe Mídian: Báalam mar an ccédna
mhac Beor do mharbhadar leis an ccloidheamh.


L. Ui31:9


Agus do ghabhadar clann Israel mná na Mídianach uile na mbráighde,
agus a leinibh, agus rugadar leó édáil a náirnéise uile, agus a ttréda
uile, agus a maóin uile.


L. Ui31:10


Agus do loisceadar a gcaithreacha uile, ionar áitreabhadar, agus a
gcaisléin sgíamhacha uile le teinidh.


L. Ui31:11


Agus rugadar leó na hédála uile, agus na creacha uile, idir dhuine
agus ainmhidhe.


L. Ui31:12


Agus tugadar na braighde agus na creacha agus na héadála leó go
Maóise, agus go Heleásar an sagart, agus go comhchruinniughadh chloinne
Israel go nuige an gcampa a maghuibh Mhoab, noch atá láimh ré
Iordan a bhfogus do Ierico.


L. Ui31:13


Agus dochuáidh Maóise agus Eleásar an sagart agus prionnsuidhe an
chomhchruinnigh uile amach do theagmháil riú taóbh amuigh don
fhoslungphort.


L. Ui31:14


Agus dobhí Maóise feargach re hoifigeachuibh an tsluáigh, ris
na caiptínibh ós cionn mílteadh, agus ris na caiptínibh ós cionn chéud, noch
tháinic ón chath.


L. Ui31:15


Agus adubhairt Maóise riú, nar chumhduigheabhair na mná uile na
mbeathaigh?


L. Ui31:16


Féuch tugadar so ar chloinn Israel tré chomhairle Bhálaam,
pecughadh anaghaidh an tighearna a gcúis Pheoir, agus dobhí
pláigh a measc chomhchruinnigh an tighearna.


L. Ui31:17


Uimesin anois marbhuidh gach énfhirionnach a measc na mbeag, agus
marbhuidh gach éinbhean agá raibh fios fir re luighe leis.


L. Ui31:18


Ach na leinibh ban uile ag nach raibh fios re luighe ris, coimhéaduigh
beó íad dhaóibh féin.


L. Ui31:19


Agus dénuidh comhnuighe taóbh amuigh don champa seachd lá, gidhbé
marbh éinneach agus gidhbé bhean re corp marbh glanuidh sibh féin agus
bhur mbraighde ar an treas lá, agus ar an seachdmhadh lá.


L. Ui31:20


Agus glanuidh bhur néaduighe agus gach éinní dá ndeárnadh do
chroicnibh, agus gach uile obair dfhionnadh gabhar, agus gach éinní do
rinneadh do chrann.


L. Ui31:21


Agus adubhairt Eléasar an sagart ris an luchd coguidh, noch do
chuáidh chum an chatha, s é so órdugadh an dlighe, noch do fhúagair an
tighearna do Mhaóise.


L. Ui31:22


Amháin an tór agus an tairgead, an prás agus an tíarann, an stán
agus an luáighe,


L. Ui31:23


Anuile ní dá bhfuileonguidh an teinidh, dobhértaói air dul thríd an
teinidh, agus biáidh sé glan; gidheadh glanfuighear é lé huisge an
dealuighe: agus anuile ní nach bhfuileagh an teinidh dobhérthaói fá
deara a dhul thríd anuisce.


L. Ui31:24


Agus nighfidhe bhur néduighe ar an seachdmhadh lá, agus beithí glan,
agus na dhíaighsin tiocfuidhe don champa.


L. Ui31:25


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dhá rádh.


L. Ui31:26


Glac suim na héadála do beanadh amach idir dhuine agus bheathach,
thusa agus Eleásar an sagart, agus príomhaithreacha an chomhchruinnigh:


L. Ui31:27


Agus roinn anéadail a ndá chuid idir an mhuintir do ghlac orra an
cogadh, noch dochuáidh amach san chath, agus eidir an comhchruinniughadh
uile.


L. Ui31:28


Agus tóg áirdchíos don tighearna ón luchd coguidh dochuáidh amach
chum an chatha; énanam as cúig chéd, do na daóinibh, agus do na buáibh,
agus do na hassalaibh agus do na caórchuibh.


L. Ui31:29


Buáin dá leathsan é, agus tabhair do Eleásar an sagart é, mar ofráil
thógtha don tighearna.


L. Ui31:30


Agus do leath chloinne Israel buáinfe tú énchuid ronna do chaógad
do na daóinibh, do na buáibh, do na hassaluibh, agus do na tréaduibh, do
na huile shórt áirnéisi, agus tabhair íad do na Lebhítibh, noch
choimhéadas cúram thabearnacuil an tighearna.


L. Ui31:31


Agus dorinne Maóise agus Eleásar an sagart mar do aithin an
tighearna dhíobh.


L. Ui31:32


Agus a néadáil, fuighioll na chreiche noch do ghlacadar an luchd
cogaidh, dobhádar sé chéad míle agus seachdmhoghad míle agus cúig mhíle
caóra.


L. Ui31:33


Agus trí fichthid agus dhá mhíle dhéug bó.


L. Ui31:34


Agus trí fichthid agus én mhíle assal.


L. Ui31:35


Agus tríochad agus dhá mhíle pearsa saniomlán do mhnáibh nar fhionn
fear ríamh re luighe ris.


L. Ui31:36


Agus an leath dobudh cuid ronna don mhuintir dochuáidh amach chum an
chogaidh, dobhí a nuibhir trí chéad míle, agus seachd míle dég ar
fhichthid, agus cúig chéd caóra.


L. Ui31:37


Agus dobé áirdchíos an tighearna do na caórchuibh sé chéad agus
trí fichthid agus a cúig déug.


L. Ui31:38


Agus dobhádar na ba tríochad agus sé mhíle, agus dobé áirdchíos an
tighearna dhíobhsin, trí fichthid agus a dó dhéug.


L. Ui31:39


Agus dobhádar na hassail deich míle fichthiod agus cúig chéd, agus
dobé áirdchíos an tighearna dhíobh, a haon agus trí fichthid.


L. Ui31:40


Agus dobhádar na daóine sé mhíle dhég, agus dobé áirdchíos an
tighearna dhíobh, tríochad agus dá phearsuinn.


L. Ui31:41


Agus thug Maóise an táirdchíos úadh, noch dobé ofráil thógtha an
tighearna, do Eleásar an sagart, mar do aithin an tighearna do
Mhaóise.


L. Ui31:42


Agus do leith chloinne Israel, noch do rann Maóise ón luchd cogaidh.


L. Ui31:43


(Annois an leath ráinic don chomhchruinniughadh, dobudh trí chéad
míle agus seachd míle agus cúig chéad caóra.


L. Ui31:44


Agus tríochad agus sé mhíle bó.


L. Ui31:45


Agus tríochad míle assal agus cúig chéd.


L. Ui31:46


Agus sé mhíle dhéag pearsa).


L. Ui31:47


Don leathso chloinne Israel do thóg Maóisi énchuid ronna do
chaógad, idir dhuine agus beathach agus tug íad do na Lebhítibh, noch do
choiméid cúram thabearnacuil an tighearna, mar do aithin an tighearna do
Mhaóise.


L. Ui31:48


Agus na hoifigidh dobhí ós cionn mílteadh don tslúagh, caiptínigh
mílteadh agus caiptínigh céud, thangadar a bhfogus do Mhaóise.


L. Ui31:49


Agus adubhradar ré Maóise, do gabhadar do sherbhísigh uibhir na
bhfear cogaidh, noch atá fa ar láimh, agus ní theastann duine dhíobh.


L. Ui31:50


Thugamar ar anadhbharsin ofráil chum an tighearna a bhfuáir gach
aón aguinn do shéduibh óir, do shlabhruidhibh agus do bhráisléduibh, d
fháinnidhibh, do chluaisshéduibh agus do thaiblibh, do dhénamh síodha
dar nanam a lathair an tighearna.


L. Ui31:51


Agus do ghlac Maóise, agus Eleásar an sagart an tór úatha, mar
atá anuile shéad oibrighthe.


L. Ui31:52


Agus an tór ofrála uile do ofráladar súas don tighearna ó chaiptínibh
mílteadh agus ó chaiptínibh céud, dobudh sé mhíle dhéug agus seachd ccéd
agus caógad secel é.


L. Ui31:53


Óir do ghlacadar luchd an chogaidh, éadáil ar leith gach éanduine
aca dhó féin.


L. Ui31:54


Agus do ghlac Maóise agus Eleásar an sagart an tór ó chaiptínibh na
mílteadh agus na gcéad, agus tugadar é go tabearnacuil an chomhchruinnigh,
mar chuimhne do chloinn Israel a lathair an tighearna.


L. Ui32:1


Anois dobhí romhórán áirnéise ag cloinn Reuben agus ag cloinn
Ghad; agus anuáir dochonncadar fearann Iaser agus fearann
Gilead, féuch, go raibh anáit na háit áirnéisi.


L. Ui32:2


Tangadar clann Ghad agus clann Réuben, agus do labhradar re
Maóise agus re Heleásar an sagart, agus re prionnsuidhibh an
chomhchruinnigh ghá rádh,


L. Ui32:3


Atarot, agus Dibon agus Iaser, agus Nimrah agus Hesbon agus
Elealeh, agus Sebam, agus Nebo, agus Beon.


L. Ui32:4


Eadhon an tír do bhuáil an tighearna a lathair chomhchruinnigh
Israel, is fearann áirnéise é, agus atá áirnéis ag do sherbhíseachaibh.


L. Ui32:5


Ar anadhbharsin, ar síad, má fúaramar grása ad radharc, tugthar an
dúthaighsi dod sheirbhíseachuibh mar sheilbh, agus ná beirthear anonn
tar Iordan sinn.


L. Ui32:6


Agus adubhairt Maóise re clannuibh Gad agus re clannuibh
Reuben, an rachuidh bhur ndearbhráithre chum an chogaidh, agus an suidhfe sibhsi
annso?


L. Ui32:7


Agus cread fá mhímheisnighthí clann Israel um dhul anonn don tír noch
thug an tighearna dhóibh?


L. Ui32:8


Marso dorinneadar bhur naithre anuáir do chuir misi ó
Chádes-barnea dfhéchuin na tíre íad.


L. Ui32:9


Óir anuáir dochúadar suas go gleann Escol, agus dochonncadar an
fearann, do mheirtnigheadar croidhe chloinne Israel, nach rachaidís don
dúthaigh noch thug an tighearna dhóibh.


L. Ui32:10


Agus do las fearg an tighearna anuairsin féin, agus thug a mhionna
dhá rádh.


L. Ui32:11


Go deimhin, ní fhaicfidh énduine da ttáinic amach as aNégipt ó
fhichthid blíadhan daóis agus ós a chionn, an dúthaigh do mhionna misi do
Abraham, do Isaac, agus do Iácob, do chionn nar leanadar misi go
hiomlán.


L. Ui32:12


Ach Caleb mhac Iephunneh an Cenisíteach, agus Iosua mhac Nun:
óir do leanadar go hiomlán an tighearna.


L. Ui32:13


Agus do las fearg an tighearna anaghuidh Israel, agus do chuir ar
seachrán san bhfásach íad, dhá fhichthid blíadhan, nó gur
dioghláithrigheadh anuile gheinealach dorinne olc a lathair an tighearna.


L. Ui32:14


Agus féachuidh atáthaóise ar néirge súas anáit bhar naithreadh,
biseach dhaóineadh pecach, do mhéadughadh fós díbhfheirge an tighearna
anaghaidh Israel.


L. Ui32:15


Óir má fhilltíse úadha, fúigfidh sé íad gan amharus arís annsa
bhfásach, agus scriosfuidh sé na daóinesi uile.


L. Ui32:16


Agus tangadar a ngar dhó, agus adubhradar, dodhénam mánracha annso
dár náirnéis, agus caithreacha dár ndaóinibh beaga.


L. Ui32:17


Achd rachfam féin réidh armtha roimhe chloinn Israel nó go mbeiream
dá náit íad: agus coimhneochuid ar naós óg ann sna caithreachuibh
daingne ar eagla áitreabhach na tíre.


L. Ui32:18


Ní fhillfeam dar ttighthibh nó go sealbhuighid clann Israel, gach
aón a oighreachd féin.


L. Ui32:19


Óir ní íarrfuimne oighreachd maille riú don taóbh úd do Iordan nó
thairis sin, do chionn gur thuit ar n oighreachd chuguinn don taóibhsi do
Iordan leith shoir.


L. Ui32:20


Agus adubhairt Maóise riú, má níthí an nísi, má thig sibh armtha
roimhe an ttighearna chum cogaidh,


L. Ui32:21


Agus go rachthaói uile armtha tar Iordan a lathair an tighearna, nó
go ndíbrigh sé roimhe amach a naimhde ón fhiaghnuisi.


L. Ui32:22


Agus go cclaóidhfighear an dúthaigh a lathair an tighearna: annsin
fillfighe fá dheóigh, agus beithí neimhchiontach a lathair an tighearna,
agus a lathair Israel: agus biáidh an fearannsa na sheilbh aguibhsi a
lathair an tighearna.


L. Ui32:23


Achd muna ndeárnthaói so, féchuidh do phecuigheabhair anaghaidh an
tighearna, agus bíodh a dhearbh aguibh go bhfuighidh bhur bpecuidh amach
sibh.


L. Ui32:24


Dénuidh caithreacha dá bhur ndaóinibh beaga, agus mánracha dá bhur
gcaórcuibh; ach dénuidh an ní tháinic amach as bhur mbéul.


L. Ui32:25


Agus do labhradar clann Ghad agus clann Réuben ré Maóise, dhá
rádh, dodhéanuid do sherbhísigh mar do aithin mo thighearna.


L. Ui32:26


Béid ar gclann bheag agus ar mná, agus ar ttréda, agus ar náirnéis
uile annsin a gcaithreachaibh Gilead.


L. Ui32:27


Ach rachaidh do sherbhísigh thairis, gach énduine armalta chum an
chogaidh do chathughadh roimhe an ttighearna, mar adeir mo thighearna.


L. Ui32:28


Marsin do aithin Maóise dhá ttaóibh do Eleásar an sagart, agus do
Iosua mhac Nun, agus daithribh onóracha threabh chloinne Israel.


L. Ui32:29


Agus adubhairt Maóise riú, má thíagaidh clann Ghad, agus clann
Réuben libh tar Iordan, gach énduine armtha chum catha a lathair an
tighearna, agus go ccloidhfighear an tír romhuibh, annsin dobhearthaói
tír Ghilead dhóibh mar sheilbh.


L. Ui32:30


Ach muna ndeachaidh síad libh anunn armtha dogheabhuid sealbh bhur
measc a ttír Chanáain.


L. Ui32:31


Agus do fhreagradar clann Ghad agus clann Réuben, gá rádh, mar a
dubhairt an tighearna red sherbhíseachuibh, is marsin dodhénaimne.


L. Ui32:32


Racham thairis anonn armtha roimhe an ttighearna go tír Chanaáin,
chor go madh linn ar sealbh don taóibhsi do Iordan.


L. Ui32:33


Agus thug Maóise dhóibh, (eadhon) do chloinn Ghad, agus do
chloinn Réuben, agus do leath treibhe Mhanasseh mhic Ioseph,
ríoghachd Sihon rígh na Namoríteach, agus ríoghachd Og Rígh
Daran, an fearann gun a chaithreachaibh annsna foirmlibh, mar atáid
caithreacha na tíre timchioll fágcuáirt.


L. Ui32:34


Agus dorinneadar clanna Gad Dibon, agus Atarot, agus Aroer,


L. Ui32:35


Agus Atrot, Sophan agus Iaaser, agus Iogbehah,


L. Ui32:36


Agus Beitnimrah, agus Betaran, caithreacha chumhdaighe, agus
mánracha do chaórcuibh.


L. Ui32:37


Agus do chuireadar clann Réuben súas Hesbon, agus Elialeh, agus
Círiataim,


L. Ui32:38


Agus Nebo, agus Baalmeon (ar nathrughadh a nanmann) agus
Sibmat: agus tugadar anmanna oile air na caithreachaibh dorinneadar.


L. Ui32:39


Agus do imigheadar clann Mhachir mhic Manasseh go Gilead,
agus do shealbhuigheadar é, agus do chuireadar as seilbh an
Tamoríteach dobhí ann.


L. Ui32:40


Agus thug Maóise Gilead do Mhachir mhac Manasseh agus do
chomhnuigh sé ann.


L. Ui32:41


Agus dochuáidh Iair mhac Manasseh, agus do ghlac a mbailte
beagasan, agus do ghoir Habhot-Iáir dhíobh.


L. Ui32:42


Agus dochuáidh Nobah, agus do ghlac Cenat agus a bhailte beaga,
agus do ghoir Nobah dhé do réir a anma féin.


L. Ui33:1


S iadso siubhail chloinne Israel noch dochuaidh amach as chrích na
Hégipte lena slúaghuibh faói láimh Mhaóise agus Aáron.


L. Ui33:2


Agus do scríobh Maóise a nimtheachda amach do réir a tturus tre
aithne an tighearna, agus as íadso a tturuis do réir a tteachda amach.


L. Ui33:3


Agus do fhágbhadar Rameses annsa chéid mhí ar an gcúigeadh lá
déug don chéid mhí: arna mhárach déis na Cásg dochúadar clann
Israel amach le láimh áird a radharc na Négipteach uile.


L. Ui33:4


(Óir do adhluiceadar na Hégiptigh anuile chéidghin noch do bhuail
an tighearna an measc: ar na Déeibh mar an gcéadna dorinne an tighearna
breitheamhnus)


L. Ui33:5


Agus do áthruigheadar clann Israel ó Rameses, agus do áitigheadar a
Sucot.


L. Ui33:6


Agus do imthigheadar as Sucot, agus do shuigheadar an Etam, noch
atá animiol an fhásuigh.


L. Ui33:7


Agus do áthruigheadar as Etam agus do fhilleadar arís go
Pihahirot, noch atá as coinne Bhaal-Sephon: agus do shuigheadar
as coinne Mhigdol.


L. Ui33:8


Agus do ghluáisiodar ó choinne Pihahirot, agus dochúadar tré lár na
fairge go nuige an fásach, agus dochúadar uidhe thrí lá a bhfásach
Etam, agus do shuigheadar a Márah.


L. Ui33:9


Agus do áthruigheadar ó Mhárah, agus tangadar go Hélim: agus do
bhádar dhá thobar dhéug uisge an Nélim: agus trí fichid agus
deich ccrainn phailme; agus do shuigheadar annsin.


L. Ui33:10


Agus do áthruigheadar as Elim, agus do fhosadar ag an muir
ruaidh.


L. Ui33:11


Agus do áthruigheadar ón muir ruaidh, agus do fhosadar a bhfásach
Sin.


L. Ui33:12


Agus do ghluaisiodar ó fhásach Sin agus do shuigheadar a
Ndophcah.


L. Ui33:13


Agus dimthigheadar ó Dophcah, agus do shuigheadar a Nalus.


L. Ui33:14


Agus do áthruigheadar ó Alus, agus do shuigheadar a Rephidim;
áit nach raibh uisge ag an daóinibh re ól.


L. Ui33:15


Agus dfhágbhadar Rephidim, agus do shuigheadar a bhfásach
Sínai.


L. Ui33:16


Agus do áthruigheadr ó fhásach Sínai, agus do shuigheadar a
Cibrot-hataabhah.


L. Ui33:17


Agus do imthigheadar as Cibrot-hataabhah, agus do shuigheadar ann
Haserot.


L. Ui33:18


Agus do fhágbhádar Haserot agus do shuigheadar a Ritmah.


L. Ui33:19


Agus do fhágbhadar Ritmah agus do shuigheadar a Rimmon-Páres.


L. Ui33:20


Agus do fhágbhadar Rimmon-Páres, agus do shuigheadar a Libnah.


L. Ui33:21


Agus do áthruigheadar ó Libnah, agus do shuigheadar a Rissah.


L. Ui33:22


Agus do ghluaisiodar ó Rissah, agus do fhosadar an Cehelatah,
agus do fhosadar a slíabh Sapher.


L. Ui33:23


Do imthigheadar as Cehelatah, agus do fhosadar a slíabh Sapher.


L. Ui33:24


Agus do áthruigheadar ó shlíabh Sapher agus do fhosadar ag
Haradah.


L. Ui33:25


Do áthruigheadar ó Haradah, agus do shuigheadar a Machelot.


L. Ui33:26


Agus do áthruigheadar as Machelot agus do fhosadar ag Tahat.


L. Ui33:27


Agus do fhágbhadar Tahat, agus go shuigheadar a Ttarah.


L. Ui33:28


Agus do áthruigheadar ó Thárah, agus do shuigheadar a Mitcah.


L. Ui33:29


Agus dochuadar ó Mhitcah, agus do shuigheadar ag Hasmonah.


L. Ui33:30


Agus do fhágbhadar Hasmonah, agus do fhanadar ag Moserot.


L. Ui33:31


Agus do fhágbhadar Moserot, agus do shuigheadar ann Bene-Iaacan.


L. Ui33:32


Agus do áthruigheadar ó Bhene-Iaacan, agus do chomhnuigheadar ag
Hor-hagidgad.


L. Ui33:33


Agus do imthigheadar ó Hor-hagidgad, agus do shuigheadar an
Iotbata.


L. Ui33:34


Do áthruigheadar ó Iotbátah, agus do chomhnuigheadar an Ebrónah.


L. Ui33:35


Agus do fhágbhadar Ebrónah, agus do shuigheadar ag Esion-gaber.


L. Ui33:36


Agus do áthruigheadar ó Esion-gaber, agus do shuigheadar a
bhfásach Sin, dá ngoirthear Cades.


L. Ui33:37


Agus do áthruigheadar ó Chádes, agus do shuigheadar ar slíabh
Hor a mbruach fearuinn Edom.


L. Ui33:38


Agus dochuáidh Aáron an sagart súas go slíabh Hor ar aithne an
tighearna agus fuáir bás annsin, an ceathrachad blíadhain tar éis
chloinne Israel do theachd amach as crích na Hégipte, ann sa
chéad lá don chúigeadh mí.


L. Ui33:39


Agus dobhí Aáron céad agus fichthe agus trí blíadhna daóis an
uáir dég sé a slíabh Hor.


L. Ui33:40


Agus dochúalaidh Rígh Arad an Cananíteach (noch do áitreabh budh
dheas a ttír Chánaain) teachd chloinne Israel.


L. Ui33:41


Agus do fhágbhadar slíabh Hor agus do shuigheadar a Salmónah.


L. Ui33:42


Agus do fhágbhadar Salmónah, agus do shuigheadar a Bpúnon.


L. Ui33:43


Agus do fhágbhadar Púnon agus do shuigheadar an Obot.


L. Ui33:44


Agus do fhágbhádar Obot, agus do shuigheadar ag Cárnuibh-Abarim a
tteóruinn Mhoab.


L. Ui33:45


Agus do fhágbhadar na Cárna, agus do fhosadar an Díbon-gad.


L. Ui33:46


Agus do áthruigheadar ó Dhíbon-gad, agus do chomhnuigheadar an
Almon-Diblataim.


L. Ui33:47


Agus do áthruigheadar ó Almon-Diblatam, agus do shuigheadar a
sléibhtibh Abarim: ós coinne Nébo.


L. Ui33:48


Agus do imthigheadar ó shléibhtibh Abarim, agus do shuigheadar a
réiteach Mhoab láimh re Iordan a bhfogus do Iericho.


L. Ui33:49


Agus do shuigheadar láimh ré Iordan ó Bhet-Iesimot go nuige
Abel-Sittim a réiteach Mhoab.


L. Ui33:50


Agus do labhair an tighearna re Maóise a réiteach Mhoab láimh re
Iordan a bhfogus do Iericho, ghá rádh.


L. Ui33:51


Labhair re cloinn Israel agus abair riú, anuáir rachfaói tar
Iordan go tír Chánaain.


L. Ui33:52


Annsin cuirfidhe amach na huile dúthchusaigh anfhearuin as bhur
radharc agus scriosfuidhe a níomháigheadh uile, agus millfidhe a n
íomháigheadh leaghtha uile, agus leagfuidhe síos go hiomlán a náite árda
uile.


L. Ui33:53


Agus cuirfidhe na dúthchusaigh as seilbh anfhearuinn agus
áiteochthaói ann; óir thug misi an fearann díbh dá shealbhughadh.


L. Ui33:54


Agus roinnfidhe an fearann lé crannchar mar oighreachd a measc bhur
ttreabha, agus don luchd is mó dobhéurthaói an chuid is mó don oighreachd,
agus don luchd is lugha dobhéarthaói an chuid is lugha don oighreachd:
biáidh oighreachd gach énduine mar a ttuitfidh a chrannchar: do réir
treabha bhur naithreadh dogheabhthaói oighreachd.


L. Ui33:55


Ach muna gcurthaói amach romhuibh dúthchusaigh annfhearuinn, annsin
tiocfa a gcrích, an chuid dá léigfidhe fuireach aguibh, go mbéid na
scolbuibh ann bhur súilibh agus na ndealguibh ann bhur ttaóbhuibh, agus go
mbuáidheoruid sibh annsa dúthaigh a gcoimhneochthaói.


L. Ui33:56


Tuilleamh oile tiucfuidh a gcrích go ndéna misi ribhsi mar do
smuáin mé do dhéanamh riúsan.


L. Ui34:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise, dá rádh,


L. Ui34:2


Aithin do chloinn Israel, agus abair riú, anuáir thiucfuidhe go tír
Chánaain, as é so an fearann thuitfios chugaibhsi mar oighreachd, eadhon
fearann Chánaain maille re na theorannuibh.


L. Ui34:3


Annsin biáidh bhur gceathramhna budh dheas ó fhásach Sin ar fad
láimh ré himlibh Edom, agus budh é bhur tteórann budh dheas fírimiol na
fairge sailte leath shoir.


L. Ui34:4


Agus fillfidh bhur teórann ón taóbh ó dheas go hárd Acrabbim, agus
roighfigh air fad go Sin: agus biáidh a dhul amach sin ón taóbh dheas go
Cádes-barnea, agus rachaidh go Hasar-addar agus rachaidh ar a aghuidh go
Hasmon.


L. Ui34:5


Agus béaruidh an teórann cumpás lé ó Asmon go sruth na Hégipte agus
budh í so do theórann shíar.


L. Ui34:6


Agus ar son na teórann taóbh shíar biáidh anfhairge mhór agad mar
theóruinn; budh í so do theórann shíar.


L. Ui34:7


Agus budh í so do theórann budh thuáidh, ón nfhairge mhóir cinnfe
tú dhuit féin go slíabh Hor.


L. Ui34:8


Ó shlíabh Hor cinnfe tú go dul asteach Hamat, agus biáidh dul
amach na teórann go Sédad.


L. Ui34:9


Agus rachuidh an teóra ar a haghaidh go Siphron: agus biáidh a dul
amach ag Haser-Enan, si so bhur tteóra budh thuáigh.


L. Ui34:10


Agus cuirfidhe amach bhur tteórann shoir, ó Hasar-Enan go
Sepham.


L. Ui34:11


Agus rachaidh an teóra síos ó Shepham go Riblah don taóibh shoir
do Ain: agus tiocfa an teóra anúas agus roighfigh go taóbh fairge
Chinneret taóbh shoir.


L. Ui34:12


Agus rachaidh an teóra síos go Iordan, agus biáidh a dul amach ag an
bhfairge shailte: budh í so bhur ndúthaigh maille réna teórannuibh
timchioll fágcuáirt.


L. Ui34:13


Agus do aithin Maóise do chloinn Israel ghá rádh, s í so an dúthuigh
dogheabhthaói a noighreachd le cranchar, noch do aithin an tighearna do
thabhairt do na naói ttreabhuibh agus don leith threibh.


L. Ui34:14


Óir do ghlacadar treabh chloinne Réuben do réir thighe a n-
aithreadh, agus treabh chloinne Gad do réir tighe a naithreadh, agus
leith threabh Mhanasseh do ghlacadar a noighreachd.


L. Ui34:15


Do glacadar an dá threibhsin agus an leith threibh a noighreachd don
taóibhsi do Iordan láimh re Iericho taóbh shoir leath ré héirge
ghréine.


L. Ui34:16


Agus do labhair an tighearna ré Maóise, ghá rádh,


L. Ui34:17


S íadso anmanna na ndaóine rannfas an fearann dóibh: Eleásar an
sagart agus Iosua mhac Nun.


L. Ui34:18


Agus geabhthaói chugaibh énphrionnsa amháin dá gach treibh do roinn
oighreachda anfhearuinn.


L. Ui34:19


Agus síadso anmanna na ndaóine: do threibh Iúdah, Cáleb mhac
Iephunneh.


L. Ui34:20


Agus do threibh chloine Símeoin, Semuel mhac Ammihud.


L. Ui34:21


Do threibh Beniamin, Elidad mhac Chislon.


L. Ui34:22


Agus prionnsa threibhe chloinne Dan, Buci mhac Iogh.


L. Ui34:23


Agus prionnsa chloinne Ióseph ar son treibhe chloinne Manasseh,
Hamuel mhac Ephod.


L. Ui34:24


Agus prionnsa threibhe chloinne Ephraim, Cemuel mhac Shiptan.


L. Ui34:25


Agus prionnsa threibhe chloinne Sebulun, Elisaphan mhac Assan.


L. Ui34:26


Agus prionnsa threibhe chloinne Issachair, Paltiel mhac Assan.


L. Ui34:27


Agus prionnsa threibhe chloinne Aser, Ahihud mhac Selomi.


L. Ui34:28


Agus prionnsa threibhe cloinne Naphtali, Pedahel mhac Ammihud.


L. Ui34:29


S íadso do aithin an tighearna do roinn na hoighreachda do chloinn
Israel a ttír Chánaain.


L. Ui35:1


Agus do labhair an tighearna re Maóise a réiteach Mhoab láimh re
Iordan a bhfogus do Iericho ghá rádh,


L. Ui35:2


Aithin do chloinn Israel go ttugdaóis do na Lebhítibh doighreachd
a sheilbhe caithreacha chum comhnuidhe ionta; agus dobhéarthaói mar an
gcédna do na Lebhítibh coimín dá gcaithreachaibh na ttimchioll
faccuairt.


L. Ui35:3


Agus dogheabhuid síad na caithreacha do chomhnuidhe ionta, agus biáidh
a gcoimín agá náirnéis, agus agá maóin, agus agá nainmhintidh.


L. Ui35:4


Agus (roithfid) coimín na ccaithreach noch dobhéurthaói do na
Lebhítibh, ó bhalla na caithreach agus ó sin amach, míle cubhad timchioll
fágcuáirt.


L. Ui35:5


Agus toimheósuigh sibh ón gcathruigh amuigh ar an ttaóbh shoir dhá
mhíle cubhad, agus ar an ttaóbh ó dheas dhá mhíle cubhad, agus ar an
ttaóbh shíar dá mhíle cubhad: agus ar an ttaóbh thuáigh dhá mhíle cubhat;
(biáidh) an cathair a lár: budh é so bhías dóibhsion mar choimín na
ccaithreach.


L. Ui35:6


Agus a measc na gcaithreach bhéarthaói do na Lebhítibh biáidh sé
caithreacha chum dídin, noch óirdeochthaói don dúnmharbhthach, ionnus go
tteithfidh sé chuige, agus cuirfidhe na cceannsin a dó air cheathrachad
cathair.


L. Ui35:7


Marsin béid iomlán na gcaithreach dobhéarthaói do na Lebhítibh a
hochd air ceathrachad cathair; íad sin dobhéartaói uáibh maille rena
ccoimínibh.


L. Ui35:8


Agus na caithreacha bhéarthaói uáibh béid do sheilbh chloinne
Israel: ón luchd gá bhfuil mórán dobhéurthaói mórán, ón luchd gá bhfuil
beagán, béarthaói beagán: dobhéara gach énduine dá chaithreachuibh do na
Lebhítibh, do réir a oighreachda noch shealbhuighios sé.


L. Ui35:9


Agus do labhair an tighearna re Maóise dhá rádh,


L. Ui35:10


Labhair ré cloinn Israel agus abair riú anuáir bheithí ar tteachd
anall tar Iordan go tír Chánaain.


L. Ui35:11


Annsin óirdeochthaói dhaóibh féin caithreacha do bheith na
ccaithreachaibh dídin díbh, chor go tteithfiodh an marbhthóir ionnta, noch
mhuirfeas énduine tré ainbhfios.


L. Ui35:12


Agus béid aguibh na gcaithreachaibh dídin ón díoghaltach, chor nach
éugfuigh an dúnmharbhtóir, nó go seasuidh sé a lathair an
chomhchruinnigh a mbreitheamhnus.


L. Ui35:13


Agus biáidh sé caithreacha dídin aguibh do an caithreachuibhsin do
bhéurthaói uáibh.


L. Ui35:14


Dobhéurthaói (uáibh) trí caithreacha don taóibhsi do Iordan, agus
dobhéurthaói trí chaithreacha a ttír Chánaain uaibh, noch bhías
na gcaithreacaibh dídin.


L. Ui35:15


Béid na sé caithreachasin na ndídean araón do chloinn Israel agus
don choimhidhtheach, agus don nfhior cúarta eatorra, chor go
tteithfeadh gach aón doni marbhadh annsin.


L. Ui35:16


Agus má bhuáileann sé le hinsrtuimeint íarruinn é, is go bhfuighe
sé bás, is dúnmharbhthóir é, cuirfighear an fealltóir go deimhin chum
báis.


L. Ui35:17


Agus má bhuáileann é le doirnóig cloiche, re néugfadh sé, agus go
bhfuighe bás, is dúnmharbhthóir é: cuirfighear an dúnmharbhthóir go
deimhin chum báis.


L. Ui35:18


Nó má bhuáileann é lé lámh-arm maide, lena bhfuigheadh bás, agus go
bhfághann sé bás, is dúnmharbhthóir é: agus cuirfighear an dúnmharbhthach
go deimhin chum báis.


L. Ui35:19


Díoghaltóir na fola, is é féin mhuirfeas an dúnmharbhthóir: anuáir
theigeamhas sé ris, muirfidh sé é.


L. Ui35:20


Ach má bheir sathadh air ó fhuath, nó má chaitheann éinní air d
éntoisg, chor go bhfuighe sé bás.


L. Ui35:21


Nó má bhuáileann tré aingidheachd é léna láimh chor go bhfuighe sé
bás, cuirfighear go deimhin an té bhuáil é chum báis: óir is dúnmharbhthóir é:
muirfidh fear dioghaltas na fola an dúnmharbhthóir anuáir theigeamhas sé
ris.


L. Ui35:22


Ach má sháitheann sé é go hobann gan námhadus, nó má chaith éinní
ris, gan a bheith a noirchill air.


L. Ui35:23


Nó le cloich ar bith lér bhféidir duine mharbhadh, gan a fhaicsin,
agus a chaitheamh ris, chor go néugfadh sé, agus nach ar námhuid dó é,
agus nach ag íarruidh a dhochuir dobhí sé.


L. Ui35:24


Annsin dodhénuid an comhchruinniughadh breitheamhnus idir an
marbhthach agus dioghaltach na fola, do réir na mbreitheamhnusso.


L. Ui35:25


Agus saórfuidh an chomhchruinniughadh an marbhthóir amach as láimh
dhioghaltóra na fola, agus aiseochuidh an comhchruinniughadh é go
cathruigh a dhídin ionar theith sé: agus fanfuidh ann go bás an
árdshagairt, noch do hungadh leis anola naómhtha.


L. Ui35:26


Achd má thigh an marbhthóir uáir ar bith taóbh amuigh do imlibh
chaithreach a dhídin, mar ar theith sé.


L. Ui35:27


Agus go bhfuighe dioghaltóir na fola é, taóbh amuigh do imlibh
chaithreach a dhídin, agus go muirfe dioghaltóir na fola an marbhthóir, ní
budh ciontach fola é.


L. Ui35:28


Ar anadhbhar gur chóir dhó fuireach iona chaithruigh dhídin go bás
anárdshagairt: achd tar éis bháis anárdshagairt fillfidh an marbhthóir
go dúthaigh a sheilbhe.


L. Ui35:29


Marsin béid na neithesi na reachda breitheamhnuis aguibh ar feadh
bhur sleachda an bhur nuile áitiughadh.


L. Ui35:30


Gidhbé mharbhus duine ar bith cuirfighear an dúnmarbhthóir chum báis lé béul
fíadhuin: achd ní dhéana éinfhíadhuin amháin fiadhnuise anaghuidh énduine,
chum go bhfuigheadh bás.


L. Ui35:31


Tuilleamh oile ní gheabhthaói fúasgladh ar bith ar son anma
dúnmhárbhthóra, noch atá ciontach chum báis, achd cuirfighear chum báis é
go deimhin.


L. Ui35:32


Agus ní ghéabhthaói díoghluigheachd ar bith ar son an té do theith dhá
chathruigh dhídin, chor go tteaghadh arís do chomhnuidhe don dúthaigh go
nuige bás an tsagairt.


L. Ui35:33


Marsin ní thruáillfidhe an dúthaigh ann a bhfuiltí; óir truaillidh
anfhuil an dúthaidh, agus ní héidir an fearann do ghlanadh ón nfhuil
dhóirthear ann achd lé fuil an té do dhóirt í.


L. Ui35:34


Ná salchuidh ar anadhbharsin an fearann a mbeití mar a
gcomhnuighmisi: óir misi an tighearna chomhnuighim a measc chloinne
Israel.


L. Ui36:1


Agus tangadar cinn aithreadh mhuintire chloinne Gilead mhic Máchir
mhic Manasseh, do shliochd chloinne Ióseph, a lathair, agus do
labhradar a bhfiadhnuise Mhaóise agus a bhfiadhnuise na
bprionnsadha, eadhon phríomhaithre chloinne Israel.


L. Ui36:2


Agus adubhradar, do atihin an tighearna dar ttighearnanne an
dúthaigh do thabhairt mar oighreachd le crannchair do chloinn Israel;
agus do haithnigheadh dom thighearna leis an ttighearna oighreachd
Shelophehad ar ndearbhrathair do thabhairt dá ingheanuibh.


L. Ui36:3


Agus má phóstar íad ré héanduine do mhacaibh na ttreabh (oile)
chloinne Israel, annsin béurthar a noighreachd ó oighreachd ar n-
aithreadhnne, agus cuirfighear í a noighreachd na ttreabh ghébhus chuca
íad: marsin béarthar í ó chrannchar ar noighreachdne.


L. Ui36:4


Agus anuáir bhías lúbile chloinne Israel, annsin cuirfighear a n-
oighreachdsan a noighreachd na treibhe chum a ngébhthar íad: marsin
tóigfighear a noighreachdsan ó oighreachd threibhe ar naithreadhne.


L. Ui36:5


Agus do aithin Maóise do chloinn Israel do réir bhreithre an
tighearna ghá rádh, is maith adubhairt treabh mhac Ióseph é.


L. Ui36:6


S é so an ní aithnigheas an tighearna a ttaóbh inghean Shelophehad,
ghá rádh, Pósaidís leis an té bhus áill leó féin, amháin lé muintir
threibhe a nathar pósuid síad.


L. Ui36:7


Marsin nach áthrochuidh oighreachd chloinne Israel ó threibh go
treibh: óir coinneochuidh gach énduine do chloinn Israel é féin do
oighreachd threibhe a aithreadh.


L. Ui36:8


Agus gach uile inghean dá sealbhuigheann oighreachd a néintreibh do
chloinn Israel, biáidh na mnaói ag aón do chineadh threibhe a hathar, ar
chor go ccuinneochuidh anuile dhuine do threabhuibh chloinne
Israel oighreachd a naithreadh.


L. Ui36:9


Ní mó áthróchus a noighreachd ó threibh go treibh, achd cuinneochuidh
gach uile dhuine do threabhuibh chloinne Israel é féin dá oighreachd
féin.


L. Ui36:10


Do réir mar do aithin an tighearna do Mhaóise, is marsin do
rinneadar inghiona Shelophehad.


L. Ui36:11


Óir do pósadh Mahlah, Tírsah, Hoglah, Milcah, agus Noah,
ingheana Shelophehad, lé macaibh dearbhrathar a nathar.


L. Ui36:12


Agus do pósadh íad le cineadh mhac Manasseh mhic Ióseph, agus do
fhan a noighreachd a ttreibh chinidh a nathar.


L. Ui36:13


S íadso na haitheanta agus na breitheamhnuis do aithin an tighearna
lé láimh Mhaóise do chloinn Israel a réitibh Mhoab ag Iordan
láimh re Iericho.


L. Dt



AN CUIGEADH LEABHAR DO MHAOISI
DA NGOIRTHEAR DEUTRONOMI.


L. Dt1:1


Siadso na briathra do labhair
Maóise re Hisrael uile
don táoibhsi do Jordan annsa
bhfásach, annsa réiteach, thall
as coinne na mara ruáidhe,
idir Pháran, agus Tophel, agus Lá-
ban, agus Haserot, agus Disahab;


L. Dt1:2


Uidhe énlá dég ó Horeb a slighe
shléibhe Seir go Cádes-barnea.


L. Dt1:3


Agus tárla annsa cheathrachadchadh
blíadhan san nénmhadh mí déug, ar an
ccéadlá don mhí, gur labhair Maóise re
cloinn Israel do réir anuile ní do
labhair an tighearna ris do aithne dhíob
san.


L. Dt1:4


Tar éis Sihon Rígh na Namo-
ríteach do mharbhadh dhó, noch do áitreib
ann Hesbon, agus Og Rígh Básan, noch
do áitreibh ann Astarot, ann Edréi.


L. Dt1:5


Ar an táoibhsi do Jordán a ttír
Mhoab, do thionnsguin Maóise an dli-
gheadhso dfoillsiughadh, ghá radh,


L. Dt1:6


Do labhair an tighearna ar Ndía
rinne ann Hóreb gá rádh, do fhanabhair go
lór fhad ar a tsliabhso.


L. Dt1:7


Fillidh, agus gluáisidh ionbhur
slighe, agus éirghidh go slíabh na Na-
moríteach, agus don nuile (áit) láimh
ris annsa réiteach, annsna cnocuibh, agus
annsa ghleann, agus budh dheas, agus láimh
ris an bhfairge, go dúthaigh na Gcananí-
teach, agus go Lebanon, go suighe
an nabhuinn mhóir, abhuinn Euphrátes.


L. Dt1:8


Féchuidh, do chuir mé an talumh as
bhar gcoinne: éirgidh asteach, aguis
sealbhuighidh an fearann do dhearbh an ti-
ghearna dá bhur naithribh, Abraham,
Isaac, agus Jácob, do tabhairt dóibh,
agus dá sliocht na ndiáigh.


L. Dt1:9


Agus do labhair misi ribhse a
nuáirsin, gá rádh, ní bhfuilimsi cumu-
sach ar bhur niomchar leam féin am áonar.


L. Dt1:10


Do mhéduigh an tighearna bhur
Ndía sibhsi, agus féuchuidh atátháoi á
niugh mar réulta nimhe ar iomadamh-
lácht.


L. Dt1:11


Go ndeárna an tighearna, Día
bhur naithreadh, sibhsi míle uáir comhiomá-
damhuil is tátháoi, agus go mbeannuighidh
sé sibh mar do gheall sé dháoibh.


L. Dt1:12


Cionnus is éidir liomsa amháin
bhúr gcúram diomchar, agus bhur núa-
lach, agus bhur nimreasuin?


L. Dt1:13


Glacuidsi chugaibh dáoine crí-
onna, agus tuigsionacha, agus aitheanta
a measc bhur ttreabha, agus dodhéna misi
uachtaráin díobh ós bhur gcionn.


L. Dt1:14


Agus do fhreagrabhairsi mé,
agus adubhrabhair, an ní do labhair tú is
maith dhúinne a dhéanamh.


L. Dt1:15


Annsin do ghlac mé togha bhur
ttreabh, dáoine críonná glioca agus
aitheanta, agus dorinneas cinn díobh ós
bhur gcionnsa, caiptínigh ós cionn mhíl-
teadh, agus caiptínigh ós cionn chéud,
agus caiptínigh ós cionn deithneamhair, agus
oifhigidh a measc bhur ttreabh.


L. Dt1:16


Agus do chuir mé an tansin
dúalach ar bhur mbreitheamhnuibh, gá rádh,
Éistigh na cúisionna idhir bhur ndearbh-
raithreibh, agus beiridh breath go ceart
idir gach énduine agus a dhearbhrathair,
agus an coimidhtheach bhías na fochair.


L. Dt1:17


Ní thiubhartháoi meas ar phear-
sannuibh a mbreitheamhnus, ar éistfidhe an
beag mar an mór; ní bhiáidh eagla oruibh
re gnúis duine, óir is le Día an breith-
eamnus: agus an chúis bhías rochruáidh
oruibh, tugaidh chugamsa, agus éistfe
me í.


L. Dt1:18


Agus do aithin mé dhíbh anu-
áirsin anuile ní budh cóir dháoibh a
dhénamh.


L. Dt1:19


Agus anuáir do ghluaisiomar
as Hóreb, dochúamar thríd an bhfá-
sach mór uathbhásach uile, noch do chonn-
cabhair ar slighe shléibhe na Namoríteach,
mar do aithin an tighearna ar Ndía
dhínn, agus tangamar go Cádes-bar-
nea.


L. Dt1:20


Agus adubhairt misi ribh, than-
gabhair go slíabh na Namoríteach noch
dobheir an tighearna ar Ndía dhúinn.


L. Dt1:21


Féuch, do chuir an tighearna ar
Ndía an dúthaigh romhuibh: éirghidh agus
sealbhuighidh í mar adubhairt an thighearna
Día bhur naithreadh; ná himeagluidhigh, a-
gus na bíodh mímheisneach oruibh.


L. Dt1:22


Agus tangabhair a ngar dhamh-
sa, gach áon aguibh, agus adubhrabhair,
cuirfeam dáoine romhuinn, agus spíonfuid
dhúinn an dúthaigh, agus dobhéaruid
scéula chuguinn cia an tslighe a gcaith-
feam dul súas, agus cía híad na
caithreacha a racham.


L. Dt1:23


Agus do thaitin an glór ri-
omsa go maith, agus do thogh mé dhá
fhear dhéug aguibh, áon as gach treibh.


L. Dt1:24


Agus do fhilleadar, agus dochúadar
súas annsa tslíabh, agus tan-
gadar go gleann Escol, agus do spí-
onadar amach é.


L. Dt1:25


Agus do ghlacadar cuid do
thoradh na tíre ann a lámhuibh, agus thuga-
dar leó anúas chuguinn é, agus thuga-
dar scéula chuguinn aris, agus a
dubhradar, is maith an talumh é noch
dobheir ar tighearna Día dhúinn.


L. Dt1:26


Gidheadh níorbháill libhsi dul
súas, ach dorinneabhair cathughadh a na-
ghuidh aithne an tighearna bhur Ndía.


L. Dt1:27


Agus dorinneabhair ithiomrádh ann-
bhur lóistinibh, agus adubhrabhair, dó
chionn go raibh fúath ag an ttighearna
oruinne thug sé amach sinn as crích na
Hégipte, dar ttabhairt a lámhuibh na
Namoríteach dar marbhadh.


L. Dt1:28


Cáit a rachum súas? do dhroich-
mheisnigheadar ar ndearbhráithre ar
gcroidhe, dhá rádh, is mó agus is ár-
rachtuigh na dáoine (úd) ná sinne, atáid na
caithreacha mór agus air na mballughadh
súas go neamh, agus fós dochoncamar
mic Anacim ann.


L. Dt1:29


Annsin adubhairt mise ribh, ná
chriothnuighidh, agus nar ab mó bhías
eagla oruibh rompa.


L. Dt1:30


Troidfidh an tighearna bhur Ndía
ar bhur son, noch théid romhuibh do réir
anuile neithe dorinne ar bhur son san
Négipt as coinne bhur súl.


L. Dt1:31


Agus annsa bhfásach mar a
bhfaca tú cionnus do iomchair an tighearna
do Dhía thú, mar diomchóradh duine a
mhac, annsa nuile shlighe dá ndeachabhair, nó
go ttangabhair asteach don náitsi.


L. Dt1:32


Gidheadh annsa nísi níor chreidea-
bhair an tigearna bhur Ndía.


L. Dt1:33


Noch dochuaidh romhuibh annsa
tslighe do thogha áite amach dhíbh ann a
suigheochadh sibh bhur lóistínigh, a ttei-
nidh san noidhche do thaisbéanadh dháoibh cía an
tslighe ann a ngéubhadh sibh, agus a néull
san ló.


L. Dt1:34


Agus dochúalaidh an tighearna
fuáim bhur mbríathar, agus dobhí féarg
air, agus do mhionnuigh sé, dhá rádh,


L. Dt1:35


Go deimhín ní fhaicfidh duine
dhiobhso, an droichghinealachsa, an dú-
thaigh mhaithsi, noch do mhionnuigh misi do
thabhairt dá bhur naithribh;


L. Dt1:36


Acht amháin Cáleb mhac Jephun-
neh dochífe seision í, agus is dósan
dobhéura mé an tír air ar shaltuir sé,
agus dá chloinn, do chionn gur lean sé
go hiomlán an tighearna.


L. Dt1:37


Mar an gcédna dobhí an ti-
ghearna feargach riumsa ar bhur sonsa
dhá radh, ní racha tú annsúd asteach.


L. Dt1:38


Acht Josua mhac Nun, noch
sheasfas ad lathair rachaidh sé ann
asteach. Cuir meisneach ann: óir dobhéura
sé ar Israel an noighreacht do
shealbhúghadh.


L. Dt1:39


Os a chionn sin bhur ndáoine
beaga, noch adubhrabhair a bheith
na ccreich, agus bhur cclann ag nach
raibh fios uilc nó maitheasa san ló
san, rachuid siadsion ann asteach,
agus is dóibhsion dobhéura mé é, agus
selbhochuid síad é.


L. Dt1:40


Acht ar bhur sonsa, fillidh
agus éirghidh annbhur slighe asteach
chum an nfásuigh a slighe na mara
ruáidhe.


L. Dt1:41


Annsin do fhreagrabhairsi,
agus adubhrabhair riumsa, do phéacuighea-
mar a naghaidh an tighearna, rachum
súas agus troidfiom do réir anuile
neithe do aithin an tighearna ar Ndía
dhínn: agus anuáir do ghabh gach
áon aguibh é féin na arm cogaidh, do
bhábhair ullumh chum dul súas annsa
chnoc.


L. Dt1:42


Agus adubhairt an tighearna
riumsa, abair riú, ná héirghidh súas,
agus ná troididh; óir ní bhfuilimsi
bhur measc, deagla go muirfídhe sibh a
lathair bhur námhad.


L. Dt1:43


Mar sin do labhair mé ribh, agus
níor éisteabhair rium, acht do chathuigheabhair
a naghuidh aithne an tighearna, agus
dochúabhair go handóthchusach súas san
chnoc.


L. Dt1:44


Agus tangadar na Hamori-
tigh, nach do áitreibh annsa thsliabhsin,
amach ann bhur naghaidh, agus do ru-
áigeadar sibh mar doníd bheich, agus
do scriosadar sibh a Seir, go nuige
Hormah.


L. Dt1:45


Agus do fhilleabhair, agus
do ghuileabhair a lathair an ti-
ghearna, acht níor éist an tighearna
ré bhur nglór, agus ní thug clúas
dáoibh.


L. Dt1:46


Mar sin do fhanabhair ann Cá-
des mórán do laéthibh, do réir na
laétheadh do fhanabhair annsin.


L. Dt2:1


Annsin do fhilleamar agus
do ghluaiseamar don nfá-
sach a slighe na mara ru-
áidhe, mar do labhair an ti-
ghearna riumsa, agus do thimchiollamar
slíabh Seir mórán do laéthibh.


L. Dt2:2


Agus do labhair an tighearna ri-
omsa, ghá rádh,


L. Dt2:3


Do thimchiollabhair an slíabhso lór
a fhad; fillig budh thuáigh.


L. Dt2:4


Agus aithinsi don phobal ghá
rádh, caithfidhe gabháil tré imiol thíre
bhur ndearbhráithreach, clann Esau, noch
áitreabhus a Seir, agus biáidh eagla
aca romhuibh: uime sin biodh aire mhaith
aguibhsi oruibh féin.


L. Dt2:5


Ná beanuidh riú, óir ní thiubhra
misi dháoibh dá bhfearann, ní thiubhrad
leithead éntroighe amháin, do chionn
go ttug mé sliabh Seir do Esau mar
sheilbh.


L. Dt2:6


Ceinneochtháoi bíadh úatha ar airged,
chor go níostáoi, agus cinneochtháoi fós
uisge úatha ar airgead, chor go niobh-
tháoi.


L. Dt2:7


Oír do bheannuigh an tighearna
do Dhía thusa ann uile oibreach do
láimhe: atá fios bhur naistior aige
thríd an bhfásach mórsa: dobhí an
tighearna do Dhia an dá fhichthid blí-
adhanso maille riot, ní raibh easbhaidh
ar bith ort.


L. Dt2:8


Agus anuáir dochuamar thar
ar ndearbhráithribh, clann Esau, noch do
áitribh ann Seir tré Shlighe an réitigh ó
Elat agus ó Hesion-gaber, do fhille-
mar agus dochúamhar a slighe fhásaigh
Mhoab.


L. Dt2:9


Agus adubhairt an tighearna
riomsa, ná buáidhrigh ná Moabhitigh
agus na déanuigh imreasuín riú a
gcath, óir ní thiubhra misi dháoibh
dá bhfearann mar sheilbh, do chionn
go ttug mé Ar do chloinn Loth mar
sheilbh.


L. Dt2:10


Do áitreabhadar na Hemimigh ann
sin anallúd, daoine mhóra líonmhara
árrachta mar na Hanacimigh;


L. Dt2:11


Noch ar a raibh mar an ccédna
meas aitheach, do nós na Nanacimeach, acht
Emimigh ghoirid na Moabitigh dhíobh.


L. Dt2:12


Do áitreabhadair na Horimigh
mar an gcédna a Seir san naimsir
roimhe, acht is íad chlann Esau tháinic
na ndíaigh anúair do dhíbreadar as
a radharc íad, agus do áitreabhadar
na náit, mar doní Israel re dúthaigh a
a sheilbhe, noch thug an tighearna dhóibh.


L. Dt2:13


Annois éirghidh súas, arsa mi-
si, agus téighidh thar abhuinn Sered: a-
gus dochuamar thar abhuinn Sered.


L. Dt2:14


Agus na laéthe iona ttanga-
mar ó Chades-barnea nó go ndeachamar
tar abhuinn Sered ba hocht mbliadhna
déug air fhithchid íad, nó gur leagha-
dar anuile gheinealach don lucht cogaidh
a measc an tslóigh, mar do mhionnuigh an
tighearna dhóibh.


L. Dt2:15


Oír go deimhin dobhí lámh an ti-
ghearna na naghaidh dá scrios as measc an
tslóigh nó gur díoghbháidheadh íad.


L. Dt2:16


Marsin tháinic a ccrích anuáir
do díoghbháidheadh an lucht cogaidh uile, agus
do éugadar ó bheith ameasc an phobail,


L. Dt2:17


Gur labhair an tighearna riomsa,
dhá rádh.


L. Dt2:18


Rachuidh tú anonn tré Ar, annsa
ló aniugh a tteóruinn Mhóab.


L. Dt2:19


Agus anuáir thiocfas tú a
bhfogus thall as coinne chloinne Ammon,
ná buaidhrigh íad, agus ná beanuidh riú;
óir ní thiubhra misi sealbh ar bith dháoibh do
dhúthuigh chloinne Ammon; óir thug mé do
chloinn Lot í mar sheilbh:


L. Dt2:20


Do measadh mar an gcédna gur
dúthaigh aitheach sin, aithigh do áitreabh
annsin san tseanaimsir, agus do
ghoirdís na Hammonítigh Samsumimigh
dhíobh.


L. Dt2:21


Daoine móra líonmhara árrachta
mar na Hanacimigh: acht do scrios an
tighearna íad rompa, agus tangadar-
san na ndiáigh, agus do áitreabhadar
na niniod.


L. Dt2:22


Mar dorinne sé ré cloinn Esau,
noch do áitreibh ann Seir, anuáir do
scríos sé na Horimigh rompa, agus
tangadarsan na ndiáigh, agus do
áitreabhadar na náit gus aniugh.


L. Dt2:23


Agus na Habhimigh, noch do
chomhnuigh ann Haserim go nuige Assah,
do dhíbreadar na Caphtorimigh íadsin,
noch tháinic amach as Caphtor agus do
áitreabhadar na nionad.


L. Dt2:24


Eírighsi súas, gluáisigh ann bhur
tturus, agus imthighidh anonn thar a na-
bhuinn Arnon: féuch, thug mé ad láimh Sihon
an Tamoríteach Rígh Hesbon agus a dhú-
thaigh: tionnscain a sealbhughadh, agus
troid ris a ccath.


L. Dt2:25


Aniugh thoiseochus misi ar uamh-
an agus eagla romhadsa do chur ar a
bhfuil fáoi neamh uile, noch chluinfeas
túaruscbáil ortsa, agus criothno-
chuid, agus béid a ndoilghios ar hea-
glasa.


L. Dt2:26


Agus do chuir mé teachta amach,
as fásach Cedemot, go Síhon Rígh
Hesbon lé bríathruibh síothcána, dhá
rádh.


L. Dt2:27


Léig dhamhsa gabháil thríd do
dhúthaigh: iméocha mé romham annsa tsli-
ghe mhóir, agus ní iontóca mé ar an
láimh dheis nó ar an láimh chlé.


L. Dt2:28


Racfaidh tú bíadh riom ar air-
giod, go nithe mé, agus dobhéura tú
dhamh uisge ar airgiod go nólfa mé: a-
mháin siubholuigh mé romhum dom chosuibh.


L. Dt2:29


Mar dorinneadar rium clann E-
sau noch áithreabhus a Seir, agus na
Moabítigh noch áitreabhus ann Ar, nó go
ndeachuidh mé anonn thar Jordan don dú-
thaigh dobheir an tighearna ar Ndía
dhúinn.


L. Dt2:30


Acht níor áill lé Sihon Rígh Hes-
bon léigean dúinn gabháil thairis: óir do
crúadhuigh an tighearna bhur Ndíasa a
spiorad, agus dorinne ré a chroidhe
easumhal, chor go seachódadh sé ad láimhse
é, mar as follus aniugh.


L. Dt2:31


Agus adubhairt an tighearna
riumsa: féuch do thosuigh mé ar Sihon
agus ar a dhúthaigh do chur romhad:
tosuighsi a sealbhughadh go madh leacht a dhú-
thaigh a noighreacht.


L. Dt2:32


Annsin thainic Sihon amach
ar naghuidh, é féin agus a dháoine uile
do throid ag Jasas.


L. Dt2:33


Agus do sheachuid an tighearna ar
Ndía romhuinn é, agus do bhuáileamar é
féin agus a chlann, agus a dháoine uile.


L. Dt2:34


Agus do ghabhamhar a chaithreacha
uile fan amsin, agus do bhuaileamar
thríd amach na dáoine agus a cclann bheag
ann gach aon chathair, níor fhágbhamair áon na
bheathaigh.


L. Dt2:35


Amháin do thógbhamar a náir-
néis chuguinn féin mar chreich, agus é-
dáil na ccaithreach noch do ghabhamar.


L. Dt2:36


O Aroer, noch atá ar bhrúach
na habhann Arnon, agus ón chathruigh atá
láimh ris an nabhuinn go nuige Gilead, ni
raibh aon chathair amháin róláidir dhuinn
do sheachuid an tighearna ar Ndía dhúinn,
uile íad.


L. Dt2:37


Amháin go dúthaigh chloinne Ammon
ní thangabhair, nó go hénáit don nabhuinn
Jabboc, nó do na caithreachaibh ann sna
sléibhtibh, nó go hénáit dar thoirmisg
an tighearna ar Ndía oruinn.


L. Dt3:1


Annsin do iontoigheamar, a-
gus tháinic Og Righ Bá-
san amach ar naghuidh, é féin
agus a dháoine uile chum ca-
tha, ag Edrei.


L. Dt3:2


Agus adubhairt an tighearna ri-
omsa, ná bíodh eagla ort roimhe; óir
dobhéra misi é féin agus a dháoine uile,
agus a dhúthaigh ad láimh, agus dodhéna
tú ris mar dorinne tú ré Sihon Righ
na Namoríteach, noch do áitribh an Hes-
bon.


L. Dt3:3


Mar sin tug an tighearna ar
Ndía ann ar lámhuibh mar an gcédna
Og Rígh Básan, agus a dháoine uile,
agus do bhuáileamar é go nár fágbhadh
áonnduine béo aige.


L. Dt3:4


Agus do ghabhamar a chaithreacha
uile an tansin; ní raibh cathair aca nach
ar bhaineamar dhíob: trí fichthid cathair,
tír Argob uile, rioghacht Og a Mbasan.


L. Dt3:5


Do cumhduigheadh na caithreacha uile
le balluighibh árda, lé geatuidhibh agus lé
barruidhibh, taobh amuigh do mhórán mór do
Bhailtibh gan bhalla.


L. Dt3:6


Agus do scriosamar thríd amach
uile íad, mar dorinneamar re Sihon Rígh
Hesbon, ag scrios go hiomlán na bhfear,,
na mban agus na leanamh an gach aoncha-
thair.


L. Dt3:7


Acht do ghlacamar mar chreich dhúinn
féin a náirnéis uile, agus éadáil na
gcaithreach.


L. Dt3:8


Agus do bhaineamar anuáirsin
amach as láimh dhá Rígh na Namoríteach
an dútaigh dobhí don táoibhsi do Jordan,
ó abhuinn Arnon go slíabh Hermon.


L. Dt3:9


An Hermonsin as de ghoirid na
Sidonianuigh Sirion: agus goirid na
hamorítigh Senir de.


L. Dt3:10


Caithreacha an réitigh uile agus
Gílead uile, agus Básan uile go Sal-
chah agus Edrei, caithreacha do rioghacht
Og a Mbasan.


L. Dt3:11


Oír dobé Og Righ Basan amháin
do mhair dfuighioll na naitheach; féuch
dobhí a leaba na híarann: nach bhfuil sí
a Rabbath chloinne Ammon? náoi ccubhaid
dobhí na fad, agus ceithre cubhaid na
leithead do réir chubad fir.


L. Dt3:12


Agus thug misi an dúthaighsi,
noch do shealbhuigheamar anuáir sin, ó Ar-
oer, noch atá láimh ris a nabhuinn Arnon,
agus leath sléibhe Gilead agus a ccai-
threachasin do na Reubenítibh, agus do
na Gadítib.


L. Dt3:13


Agus thug mé an chuid oile do
Ghilead, agus Basan uile eadhon riogh-
acht Og, do leith threibhe Manasseh;
rioghacht Argob uile maille re Basan
uile, noch dá ngortháoi dúthaigh na naith-
each.


L. Dt3:14


Do ghlach Jair mhac Manasseh
tír Argob uile go himlibh Gesúri
agus Maachati; agus do ghoir dhíobh
do réir a amna féin Basan-Habhot-
Jair gus aniugh.


L. Dt3:15


Agus thug mé Gílead do Mhá-
chir.


L. Dt3:16


Agus thug mé ó Ghílead go
sruth Arnon do na Reubenítibh agus
do na Gadítibh, leath an ghleanna, agus
an timiol air fad go sruth Jabboc, noch is
teóra do chloinn Ammon:


L. Dt3:17


An réiteach fhós, agus Jordan
agus an teóra ó Chinneret go nuige
fairge an réitigh, anfairge shaillte, fáoi
Asdot-Pisgah táobh shoir.


L. Dt3:18


Agus do aithin misi dháoibh
anuáirsin, dhá rádh, thug an tighearna
bhur Ndía an fearannsa dháoibh dá shealbhu-
ghadh: rachtháoi thairis armtha a lathair
bhur ndearbhráithreach, clann Israel, anuile
dhuine dá bhfuil iomchubhaidh chum an
chogaidh.


L. Dt3:19


Ach fanfuid bhur mná agus bhur
cclann bheag agus bhur náirnéis an bhur
gcaithreachaibh, noch thug misi dháoibh (óir
atá a fhios agum go bhfuil iomad áir-
néisi aguibh;)


L. Dt3:20


Nó go ttugaidh an tighearna
suáimhneas dá bhur ndearbhráithribh comh-
maith agus dáoibhsi, agus nó go seal-
bhuighid siad mar an gchédna an fearann
thug an tighearna bhur Ndía dhóibh táobh
tall do Jordan; agus annsin fill-
fidhe, gach énduine aguibh chum a sheilbhe,
noch thug misi dháoibh.


L. Dt3:21


Agus do aithin misi anuáir-
sin do Josua, ghá rádh, dochonnca-
dar do shúile gach ní dá ndeárna an
tighearna do Dhía ris an dá Ríghse:
mar sin dhéunas an tighearna ris gach
uile rioghacht a ngéabha tusa.


L. Dt3:22


Ní bhiáidh eagla oruibh rompa:
óir troidfidh an tighearna bhur Ndía ar
bhur son.


L. Dt3:23


Agus do ghuidh misi an tighear-
na fá namsin, ghá rádh,


L. Dt3:24


A thighearna Día, do thosuighis
ar do mhórdhacht, agus do láimh chumhacht-
uigh do thaisbeanadh dod shearbhfoghartuigh;
óir cía an Día ar neamh nó ar talamh
chéudas a dhénamh do réir hoibreachsa,
agus do réir do neirt?


L. Dt3:25


Guidhim thú, léig dhamh dul anonn
dféachuin a nfearuinn mhaith atá táobh
thall do Jordan, an slíabh maith sin,
agus i Lebanon.


L. Dt3:26


Ach dobhí an tighearna feargach
riomsa ar bhur sonsa, agus níorbháill
leis méisdeacht: agus adubhairt an ti-
ghearna riom, go madh lór dhuit sin,
ná labhair níis mó rium fánadhbhar
-sa.


L. Dt3:27


Eirigh súas go mullach an
chnoic, agus tóg súas do shúile leath
shíar, agus leath tuáigh, leath shoir
agus leath theas: agus féuch é léd shúi-
libh, óir ní racha tú tar an Jordanso
anonn.


L. Dt3:28


Ach aithin do Josua, agus cuir
meisneach ann, agus neartuigh é, óir ra-
chuidh seision anon roimhe na dáoinibhsi,
agus dobhéura sé orra an dúthaigh
do shealbughadh a noighreacht, noch dochife
tusa.


L. Dt3:29


Mar sin do chomhnuigheamar san
ngleann thall as coinne Bhet-Peor.



Caib.4


L. Dt4:1


Anois ar a nadhbharsin éistigh,
ó a Israel, ris na réachtuibh
agus ris breitheamhnusuibh
noch do mhúin mé dháoibh chum
a ndénta chor go mairfidhe, agus go rach-
tháoi asdeach, agus go sealbhuigtháoi an
dúthaigh dobheir an tighearna Día bhur
naithreadh dháoibh.


L. Dt4:2


Ní chuirfidhe a gcionn an nfocail
aitheanus misi dhibh, ní mó laighdeochtháoi
éinni dhe, cor go gcoimhédfuidhe aithean-
ta an tighearna bhur Ndía, noch aith-
níghimsi dhíbh.


L. Dt4:3


Dochonncadar bhur súile féin
chred dorinne an tighearna a ttáoibh
Bhaal-Peor: óir anuile dhuine dar
lean Baal-Peor do scrios an tighear-
na bhur Ndía as bhur measc íad.


L. Dt4:4


Ach sibhsi, noch do ghreamuigh don
tighearna bhur Ndía, atátháoi beó gach
énduine aguibh aniugh.


L. Dt4:5


Féuchaidh, do mhúin mé dháoibh reachta,
agus breitheamhnuis do réir mar do ai-
thin an tighearna mo Dhía dhíom, ionnus
ga ndéuntáoisi sin annsa tír a bhfuiltí
ag dul dá sealbhughadh.


L. Dt4:6


Coimhéuduigh uime sin, agus dé-
nuidh iad, óir is í so bhur ccríonnacht
agus bhur ttuigsin a radharc na gci-
neadhach, noch chluinfeas na statúidesi
uile, agus adéra, go deimhin is dáoi-
ne críonna agus tuigseacha an cineadh
mórsa.


L. Dt4:7


Oír cía he ann cineadh atá comh-
mór sin, a bhfuil Día comhfhogus
sin dóibh, martá an tighearna ar
Ndíane annsna huile neithibh a ngoir-
mid air?


L. Dt4:8


Agus cía an cineadh comhmór sin
agá bhfuilid reachta agus breitheamhnuis
coimhcheart ris an dhligheadhso uile, noch
órduighimsi dháoibh aniugh.


L. Dt4:9


Amháin tabhair aire dhuit féin,
agus coimhéud thanam go dúthrachtach,
deagla go ndearmadfá na neithe
dochonnairc do shúile, agus deagla go scar-
faidís ré do chroidhe uile laétheadh
do bheatha: acht múin dod mhacuibh íad,
agus do mhacuibh do mhac.


L. Dt4:10


(Go háirigh) an lá do sheas tú
a bhfiaghnuisi an tighearna do Dhía, ann
Hóreb, anuáir adubhairt an tighearna
riumsa, cruinnigh chugam na dáoine a
bhfochair a chéile, agus dobhéra mé orra
mo bhríathra do chloisdin, chor go bhfogh-
lamuid eagla do bheith aca romham
ar feadh laétheadh a sáoghail ar
an ttalamh, agus chor go múinfid a
cclann.


L. Dt4:11


Agus tangabhairsi a bhfogus,
agus do sheasabhair fáoi an tsliabh, agus
do las an slíabh, lé teinidh go nuige
leath nimhe le dorchadas, le néulluibh agus
lé ceó.


L. Dt4:12


Agus do labhair an tighear-
na ribh as lár na tineadh: dochúa-
labhair fuáim na mbríathar, acht ní
fhacabhair samhlughadh ar bith, acht amháin
go ccúalabhair guth.


L. Dt4:13


Agus do fhoillfigh sé dháoibh a
chunnradh, noch do aithin sé dhíbh do
chomhlíonadh, eadhon deith naithean-
ta, agus do scríobh sé íad a ndá chlár
chloiche.


L. Dt4:14


Agus do aithin an tighearna
dhíomsa anuáirsin reachta do mhúnadh
dháoibh agus breitheamhnuis, chor go ndén-
táoi íad annsa dúthaidh a rachtháoi anunn
dá sealbhughadh.


L. Dt4:15


Tugaidhsi ar anadhbharsin aire
mhaith dháoibh féin: óir ní fhacabhair gné
ar bith shamhluighthe an lá do labhair an
tighearna ribh an Hóreb amach as lár na
teineadh.


L. Dt4:16


Deagla go ttruaillfidhthigh sibh
féin, agus go ndénaidh sibh íomháigh
ghrabhálta, cosamhlacht fhidhreach ar bith,
cosamhlacht fir nó mná,


L. Dt4:17


Cosamhlacht éinbheathaigh dá bhfuil
ar an ttalamh, cosamhlacht eóin air
bith sciathanuigh, noch eitiollus san
naier.


L. Dt4:18


Cosamhlacht éinneithe dá ngluái-
sionn ar an dtalumh, cosamhlacht éisc
ar bith dá bhfuil ann sna huisgedhibh fáoi
an dtalamh.


L. Dt4:19


Agus deagla go ttóigfeá do
shúile súas chum nimhe anuáir dochífeá
an ghrían agus an ghealach, agus na
réulta, sluagh nimhe uile, go ttairreong-
tháoi thú chum a nadhartha agus do dhé-
namh serbhíse dhóibh, noch do roinn an ti-
ghearna do Dhía ris anuile chineadh fáoi
neamh uile.


L. Dt4:20


Ach do ghlac an tighearna sibhsi,
agus thug amach sibh as an bhfuirnéis
íaruinn, amach as an Négipt, go mbeith
sibh mar phobal oighreachta aige féin mar
atátháoi aniugh.


L. Dt4:21


Os a chionn sin dobhí an ti-
ghearna feargach riumsa ar bhur sonsa,
agus do mhionnaigh sé nach rachfuinn
anonn tar Jordan, agus nach rachfuinn
asteach don dúthaigh mhaithsin, noch dobheir
an tighearna do Dhía dhuitsi mar
oighreacht.


L. Dt4:22


Ach caithfidh misi bás dfagháil
annsa tírsi, caithfidh mé gan dul
anonn tar Jordan: ach rachtháoisi
anonn, agus sealbhochuidhe an fearann
maithsin.


L. Dt4:23


Tugaidh bhur naire dhíbh féin
deagla go ndeármadadh sibh cunnradh
an tighearna bhur Ndía, noch ho rinne
sé ribh, agus go ndénadh sibh dhíbh féin
íomháighe ghrabhálta, nó chosamhlacht én-
neithe dár thoirmisc an tighearna bhur
Ndía oruibh.


L. Dt4:24


Oír is teinidh dhíoghbhálach an
thighearna bhur Ndía, Día édmhar.


L. Dt4:25


Anuáir gheinfeas tú clann agus
clann chloinne, agus fanfuidhe a bhfad
annsa dúthaigh agus thruaillfighidh sibh
féin, agus dodhéntáoi íomháigh ghrabh
-álta dhíbh féin, nó cosamhlacht neithe ar
bhith, agus do dhéantáoi olc a bhfíadhnui-
si an tighearna bhur Ndía dá bhrostu-
ghadh chum feirge:


L. Dt4:26


Goirimsi neamh agus talumh
dfiaghnuisi bhur naghuidh aniugh go
sgriosfuighear sibh go haithghearr thríd
amach as an ndúthaigh ann a bhfuiltí ag
dul anonn tar Jordan dá sealbhughadh:
ní fhaideochtháoi bhur laéthe uirre, acht
sgriosfuighear sibh go huilidhe.


L. Dt4:27


Agus spréighfidh an tighearna
sibh a measc na gcineadhach, agus fúig-
fighear sibh beag anuibhir a measc na
ngeinteadh mar a mbéuruidh an ti-
ghearna sibh.


L. Dt4:28


Agus annsin do dhéantáoi ser-
bhis do Dhéeibh oibreacha lámh dáoine, do
chrann agus chloich, nach bhfaiceann fós,
agus nach ccluineann, nach itheann agus
nach bholtanuigheann.


L. Dt4:29


Ach má ghuidheann tú an tighearna
do Dhía as sin, dogheabha tú é, má
íarrann tú od uile chroidhe, agus od uile
anam é.


L. Dt4:30


Anuáir bhias tú a mbuaidh-
readh, agus thiocfas na neithesi uile
ort, eadhon annsna laéthibh deigheanacha,
má fhilleann tú chum an tighearna do
Dhía, agus go mbía tú umhal dá
fhócal:


L. Dt4:31


(Oír an tighearna do Dhía as
Día grásamhuil é) ní thréigfe sé thú,
agus ní scriosfa sé thú, agus ní
mó dhearmadfaibh sé cunnradh haith-
readh, noch do mhionnuigh sé dhóibh.


L. Dt4:32


Oír fíafruighe anois ó na
laéthibh dochuáidh thort, noch do
bhí romhad, ón ló fár chruthaigh Día
an duine ar an ttalumh, agus fí-
afruigh ón ttáobh go chéile do
fhlaitheamhnus, an raibh leithéid an
neithe mhóirsi, nó ar chlos a lei-
théidh?


L. Dt4:33


An ccúaladar dáoine ríamh
guth Dé ag labhairt amach as lár
na teineadh, mar dochúala tusa, agus
é mharthuinn?


L. Dt4:34


Nó ar ghabh Día a láimh
imtheacht agus cineadh do ghlacadh
chuige as lár cinidh eile, lé cathui-
ghibh, lé comharthuibh, agus lé
hiongantuibh, agus lé cogadh, agus
lé láimh láidir, lé láimh shínte amach,
agus lé húathbhásuibh móra, do réir
anuile neithe dá ndeárna an tighear-
na bhur Ndía ribhsi fan Négipt as
coinne do shúl.


L. Dt4:35


Dháoibhsi do taisbeanadh é,
chor go mbía a fhios aguibh gurbé an
tighearna is Día ann, agus nach bhfuil
Día ann ach é.


L. Dt4:36


As flaitheamhnus thug sé ort
a ghuth do chluinsin, chor go tteigeos-
cadh sé thú: agus ar an ttalumh do
thaisbéin sé a theinidh mhór dhuit, agus
dochúalaidh tú a bhríathra amach as lár
na teineadh.


L. Dt4:37


Agus do bhrígh gur ghrádhuigh
sé haithre, uime sin do thogh sé a síol
na ndiáigh, agus thug se thusa amhach a
lathair léna chumhachtuibh neartmhara as an
Négipt:


L. Dt4:38


Do dhíbirt cineadhach romhad a-
mach fá mó agus fá láidre ná thú
féin, dod thabhairtsi asteach chum
a bhfearannsan, dá thabhairt dhuit
mar oighreacht, mar atá sé niugh.


L. Dt4:39


Bíodh a fhios agad aniugh
ar anadhbharsin, agus meas é ann
do chroidhe, guir bé an tighearna as
Día a bhflaitheamhnus shuas, agus
ar an ttalumh shíos: ní bhfuil éndía
oile ann.


L. Dt4:40


Coimhédfa tú ar anadhbhar-
sin a státuide agus a aitheanta,
noch aithnighimsi dhíot aniugh,
chor go rachaidh sé go maith dhuit
agus dod chloinn ad dhiáigh: agus go
bhfaduighe tú do laéthe ar an ttalamh
noch dobheir an tighearna do Dhía dhuit
go bráth.


L. Dt4:41


Annsin do órduigh Maóise trí
caithreacha ar an dtáobhsi do Jordan
leath ré héirghe gréine:


L. Dt4:42


Lé bhféadfadh an marbhthach
teitheamh ionta, noch do mhuirfeadh
a chomharsa gan fhios dó féin, agus
nach raibh fúath aige air annsanaimsir
dochuáidh thort; agus ar tteith-
eamh go cathruigh dhíobh go bhféadadh
marthuinn.


L. Dt4:43


Eadhon Béser annsa bhfásach
a ttír réigh na Reubeníteach; agus
Rámot an Gílead na Ngadíteac, a-
gus Golan an Basan na Manassí-
teach.


L. Dt4:44


Agus sé so an dligheadh do
chuir Maóise síos do chloinn Israel.


L. Dt4:45


Síadso na fiadhnuiseadh, agus
na reachta, agus na breitheamhnuis, noch
do labhair Maóise ré chloinn Israel tar
éis teacht amach as an Négipt;


L. Dt4:46


Don táoibhsi do Jordan annsa
ghleann as coinne Bhet-Peor a ttír Shi-
hon Rígh na Namoríteach, noch do
áitribh an Hesbon, noch do bhuáil
Maóise agus clann Israel tar éis teacht
amach as an Négipt:


L. Dt4:47


Agus do shealbhuigheadar a dhú-
thaigh, agus dúthaigh Og Rígh Basan,
dhá Rígh na Namoríteach, noch dobhí ar
an ttáoibhsi do Jordan leath re héirghe
na gréine;


L. Dt4:48


O Aroer, noch atá láimh re
brúach na habhann Arnon, go nuighe slíabh
Síon ré ráidhtear Hermon,


L. Dt4:49


Agus an réiteach uile don
táoibhsi do Jordan, leath shoir, eadhon go
nuige an bhfairge, don réiteach fáoi thoib-
reachuibh Pisgah.


L. Dt5:1


Agus do ghoir Maóise Isra-
el uile, agus adubhairt riú,
éist Israel ris na sta-
túide agus na breitheamh-
nuis, noch labhruimsi ann bhur
ccluasuibh aniugh, go bhfoghlumtháoi a-
gus go ccoimhédfáoi íad.


L. Dt5:2


Dorinne an tighearna ar Ndía
cunnradh rinn an Horeb.


L. Dt5:3


Ní dheárna an tighearna an cunn-
radhso ler naithribh amháin, acht rinne, eadhon
rinne uile, noch atá beó annso aniugh.


L. Dt5:4


Do labhair an tighearna ribh aguidh
ar aghuidh annsa tslíabh, amach as lár
na teineadh.


L. Dt5:5


(Do sheas misi idir an tighearna
agus sibhsi an tansin, do thaisbéanadh
bhreithre an tighearna dhíbh: óir dobhí
eagla oruibh do bhrígh na teineadh, agus ní
dheachabhair súas annsa tslíabh) dhá
rádh,


L. Dt5:6


Is misi an tighearna do Dhía
noch thug amach thú as crích na Hégipte,
as tigh na dáoirsi.


L. Dt5:7


Ní bhía Día ar bith oile agad am
láthairsi.


L. Dt5:8


Ní dhéna tú dhuit féin íomháigh
ar bith ghrabhálta, nó cosamhlacht neithe
ar bith dá bhfuil a bhflaitheamhuis súas,
nó dhá bhfuil san talumh shíos, nó dhá
bhfuil ansna huisgedhibh faói an ta-
lumh.


L. Dt5:9


Ní chláonfa tú thú féin síos
dóibh, ní dhéna tú serbhís dóibh: óir
misi an tighearna do Dhía is Día éud-
mhar mé, agrus cionnta na naithreadh
ar an gcloinn go nuige an treas, agus
an ceathramhadh glún, don mhéid fhuáthui-
ghios mé.


L. Dt5:10


Agus thaisbeanas trócaire do
mhíltibh don lucht ghrádhuighios mé, agus
choimhédas maitheanta.


L. Dt5:11


Ní thiubhra tú ainm an tighearna
do Dhé go díomháoin: óir ní mheas-
fuidh an tighearna neimhchiontach an
té bheir a ainm go díomhaóin.


L. Dt5:12


Coimhéid lá na Sábóide dhá náo-
mhadh, mar do aithin an tighearna do Dhía
dhíot.


L. Dt5:13


Sé lá oibreochus tú, agus dhé-
nas tú hobair uile:


L. Dt5:14


Acht an seachtmhadh lá sé Sábóid
an tighearna do Dhé é: ní déna tú obair
ar bith ann, thú féin nó do mhac, nó hin-
ghean nó hóglach, nó do bhanóglach, do
dhamh nó hassal, nó áon dodáirnéis, nó
an coimhidheach atá táobh astigh dod dhoir-
sibh: go madh féidir léd óglach agus
led bhanógláoich suaimhneas do ghlacadh
mar thú féin.


L. Dt5:15


Agus cuimhnigh go raibh tú féin
ad sheirbhíseach a ccrích na Hégipte, a-
gus go ttug an tighearna do Dhía
amach as sin thú lé láimh láidir agus lé
láimh shínte amach; uime sin do aithin an
tighearna do Dhía dhíot an Tsábóid do
choimhéud.


L. Dt5:16


Tabhair onóir dod athair agus dod
mhathair mar do aithin an tighearna do
Dhía díot; chor go bhfaideochtháoi do
laéthe agus go rachadh go maith dhuit
annsa dúthaigh noch dobheir an tighearna
do Dhía dhuit.


L. Dt5:17


Ní dhéna tú dúnmharbhadh.


L. Dt5:18


Ní dhéna tú adhaltrannus.


L. Dt5:19


Ní dhéna tú goid.


L. Dt5:20


Ní dhéna tú fiadhnuise bhréige
a naghaidh do chomharsann.


L. Dt5:21


Ní shainteocha tú bean do chomh-
arsann, ní mó shainteochus tú tigh do
chomharsann, a fhérann, nó a óglach, nó a
bhanóglach, a dhamh nó a assal, nó éinní
is lé do chomharsuinn.


L. Dt5:22


Do labhair an tighearna na briath-
rasa re bhur ccoimhthionól uile annsa
tslíabh amach as lár na teineadh, an néill,
agus an dorchaduis thiugh, ré guth mór,
agus níor chuir níis mó leis, agus do
scríobh íad an ndá chlár chloiche agus
thug dhamhsa íad.


L. Dt5:23


Agus tárla anuáir dochúa-
labhairsi an guth amach as lár an dor-
chaduis (óir do las an slíabh lé teinidh)
go ttangabhair láimh riumsa, cinn bhur
ttreabh agus bhur sinnsir.


L. Dt5:24


Agus adubhrabhair, féuch do
thaisbéin an tighearna ar Ndía a ghlóir
dhúinn agus a mhórdhacht, agus dochúa-
lamar a ghuth amach as lár na teinéadh:
dochonncamar aniugh go labhrann Día
ré duine, agus go mhairionn sé.


L. Dt5:25


Annois ar anadhbharsin cread fá
bhfuighimisne bás? óir loiscfidh an teine
mhórsa sinn, má chluinmíd guth an ti-
ghearna ar Ndía, níis mó, annsin
dogheabham bhás.


L. Dt5:26


Oír cía atá ann, donuile fe-
óil noch dochúaluidh ghuth Dé bhí, ag
labhairt amach as lár na teineadh, mar
dochualamairne, agus mhair?


L. Dt5:27


Eírighsi a bhfogus, agus éist
re gach ní dá naibeóra an tighearna
ar Ndía, agus labhairsi rinne anuile ní
déaras an tighearna ar Ndía riot,
agus éistfiumne, agus dodhénum
é.


L. Dt5:28


Agus dochúaluidh an tighear-
na foghar bhur mbríathar anuáir do
labhrabhair riomsa, agus adubhairt an
tighearna riomh; dochualaidh mé fu-
aim bhríathar na muinntiresi, noch do labh-
radar riotsa, is maith adubhradar a
nuile ní dár labhradar.


L. Dt5:29


O, gan a leithéid sin do chroidhe
ionnta go mbía meaglasa orra, agus
go gcoimhéadaidís maitheanta a ccomh-
nuidhe, chor go mbiaidh sé go maith aca,
agus agá ccloinn go bráth.


L. Dt5:30


Eírigh, abair riú, éirghidhe dá
bhur lóistínibh arís.


L. Dt5:31


Acht ar do shonsa, seas am
fhochairsi annso, agus laibheóra mé riot
na haitheanta uile agus na statúi-
de agus na breitheamhnuis, noch do
theagóscus tú dhóibh, chor go ndénuid íad
annsa dúthaigh dobhéra misi dhóibh re
sealbhughadh.


L. Dt5:32


Dobhéartháoi dá bhur naire ar anadhbharsin
go ndeárntáoi mar do
aithin an tighearna bhur Ndía dhíbh:
ní chasfuidhe a leathtáoibh ar bhur láim dheis
nó chlé.


L. Dt5:33


Siubhólfáoi annsna huile shligh-
thibh dar aithin an tighearna bhur Ndía
dhíbh, chor go mairfidhe agus go mbeithear
go maith aguibh, agus go bhfáideochtháoi
bhur laéthe annsa dúthaigh noch shealbhoch-
tháoi.


L. Dt6:1


Annois is íadso na haithean-
ta, na reachta, agus na
breitheamhnuis, do aithin an
tighearna bhur Ndía do thea-
gasg dhíbh, chor go ndéantáoi íad ann-
sa bhfearann, a bhfuiltí ag dul dá shealbhu-
ghadh.


L. Dt6:2


Ionnus go mbía eagla an tighearna
do Dhía ort, agus go ccoimhéudfá
a reachta uile agus a aitheanta, noch fhú-
agruimsi dhuit, thú féin agus do chlann,
agus clann do chloinne ar feadh do sháo-
guil; ionnus go bhfaideochtháoi do laéthe.


L. Dt6:3


Eíst ar anadhbharsin, a Israel,
agus tabhair haire sin do dhéanamh, chor
go mbeithear go maith agad, agus go
líonfa tú go hiomarcach, mar do gheall
an tighearna Día haithreadh dhuit, annsa
tír ann a bhfuil tuile bhainne agus mheala.


L. Dt6:4


Eíst, ó a Israel, an tighearna ar
Ndíane is éntighearna amháin é.


L. Dt6:5


Agus grádhochuidh tú an ti-
ghearna do Dhía réd chroidhe uile, agus
rédanam uile, agus réd chumhasuibh
uile.


L. Dt6:6


Agus béid na bríathraso aith-
nighimsi dhíot aniugh ann do chroidhe.


L. Dt6:7


Agus múinfidh tú go dúthrachtach
dod chloinn íad, agus laibheóruidh tú
orra anuáir shuidhfeas tú ann do thígh,
agus anuáir shiubhólas tú an tslighe,
agus anuáir luidhfheas tú síos, agus
anuáir éireochus tú súas.


L. Dt6:8


Agus ceangola tú íad mar chomh-
artha ar do láimh, agus béid amhuil
édanána idir do shúilibh.


L. Dt6:9


Agus scríobhta tú íad ar phos-
tuighibh do thighe, agus ar do dhoírsibh.


L. Dt6:10


Agus is amhla bhías anuáir
bhéurus an Tighearna do Dhía thú don
dúthaigh noch do mhionnuigh dod aithribh, do
Abraham, do Isaac, agus do Iácob,
go ttiubhradh dhuit caithreacha móra
maithe, nach tú féin do chuir súas;


L. Dt6:11


Agus tighthe lán do na huile
neithibh maithe, nach tú féin do líon,
agus toibreacha tochalta nach tú féin
do thochuilt, fíneamhna agus croinn ola
nach tú féin do phlannduigh, anuáir
íosas tú bíadh agus bhías tú lán;


L. Dt6:12


Annsin tabhair haire deagla go
ndearmadfá an tighearna, noch thug
amach thú as crích na Hégipte ó thigh
na dáoirsi.


L. Dt6:13


Biaidh eagla an tighearna
do Dhía ort, agus dodhéana tú
serbhís dó, agus mionnochaidh tú ann
ainmsion.


L. Dt6:14


Ní leanfa tú Dée ar bith oile
do Dhéeibh na ndáoine atá fáccuáirt
bhur dtimchioll.


L. Dt6:15


(Oír an tighearna do Dhía, is
Día éadmhar bhur measg é) deagla go
lasfadh fearg an tighearna do Dhía ad
aghuidh, agus go scriosfadh thú ó dhruim
na talmhan.


L. Dt6:16


Ní chuirfe tú cathughadh ar an
ttighearna do Dhía, mar do chuir tú
air a Massah.


L. Dt6:17


Coimhéad go dithchiollach ai-
theanta an tighearna do Dhía, agus a
fhiaghnuisigh agus a reachta, noch do aithin
sé dhíot.


L. Dt6:18


Agus dodhéna tú an ní is
díreach agus is maith a radharc an
tighearna, chor go mbeithear go
maith agad, agus go bhféadfa tú
dul asteach, agus an fearann maith do
shealbhughadh, noch do mhionnaidh an tighearna
dodaithribh.


L. Dt6:19


Agus teilgfe sé amach do
naimhde uile romhad, mar do labhair an
tighearna.


L. Dt6:20


Agus anuáir fhíafrochus
do mhac dhíot ansa naimsin atá ag
teacht ghá rádh, créd is cíal do
na fiadhnuisibh agus do na reach-
tuibh agus do na breaitheamhnusuibh,
noch do aithin an tighearna ar Ndía
dhíbh.


L. Dt6:21


Annsin déra tú re do mhac;
dobhámairne ar sclábhuighibh ag Phárao
san Négipt, agus thug an tighearna
amach as an Négipt sinn lé láimh lái-
dir.


L. Dt6:22


Agus do thaisbéin an tighearna
comharthuidhe agus iongantasa móra
agus doilghe ar an Négipt, ar Phá-
rao agus ar mhuintir a thighe uile as
comhair ar súl.


L. Dt6:23


Agus thug sé rinne amach as
sin, chor go ttiubhradh sé asteach
sinn do thabhairt dhúinn na dúthaighe
do mhionnuigh sé dar naithrib.


L. Dt6:24


Agus do aithin an tighearna
dhínn na reachtaso uile do chomhall, agus
eagla an tighearna do bheith oruinn ar
mhaith rinn féin a gcomhnuidhe, chor go
ccoimhéadfadh sé sinn beó mar atá san
ló aniugh.


L. Dt6:25


Agus budh é ar bhfíreunnacht,
má bheirmid aire na haitheantaso uile
dhéanamh, a bhfiagnuisi an tighearna ar
Ndía, mar do aithin sé dhínn.


L. Dt7:1


Anuair dobhéura an tighear-
na do Dhía thú don tír a
bhfuil tú ag dul dá sealbhu-
ghadh, agus ar tteilgean
amach mhóráin cineadhach romhad, na Hiti-
tigh agus na Girgasitigh, agus na
Hamorítigh, agus na Cananítigh, agus
na Perisítigh, agus na Hibhtigh, agus
na Iebusitigh, seacht gcíneadhacha ba
mó ná sibhse, agus ba cumhachtuigh.


L. Dt7:2


Agus anuáir dobhéara an ti-
ghearna do Dhía dhuit íad, buáilfe tú
íad, agus scriossuidh tú íad thríd a-
mach; ní dhéna tú cunradh air bith riú,
nó trócaire do thaisbeanadh dhóibh.


L. Dt7:3


Ní mó dhénas tú pósadh ar bith
riú, ní thiubhra tú hinghean dá mhac agus
ní ghlacfa tú á inghion dod mhac.


L. Dt7:4


Oír fillfid síad do mhac ó misi
leanmhuin, chum serbhísi do dhéanamh do Dheéibh
oile: mar sin bías fearg an tighearna air
na lasadh ad aghaidh, agus léirscriosfa
sé thú go hobann.


L. Dt7:5


Ach marso dodhéntaoi riú, teilg-
fidh seachad a naltóra, agus bris-
fidhe síos a níomháighe, agus gearrfuidhe
síos a ngarrían, agus loiscfidhe a
níomháighe grábhálta le teinidh.


L. Dt7:6


Oír is pobal naomhtha don ti-
ghearna do Dhía thusa, do thogh an ti-
ghearna do Dhía thú chum bheith na phobal
áirigh aige féin ós cionn gach uile phobail
dá bhfuil ar aghuidh na talmhan.


L. Dt7:7


Ní thug Dhía a ghrádh dháoibh, a-
gus níor thogh sibh, do chionn gur mhó
a nuibhir sibh ná phobal air bith: óir
ba sibh pobal ba lugha do nuile pho-
bal.


L. Dt7:8


Acht do chionn gur ghrádhuig an ti-
ghearna sibh, agus do chionn go ccomhall-
fadh na mionna thug sé dá bhur naithribh,
thug an tighearna amach sibh lé láimh lái-
dir, agus do fhúascuil sé amach as tigh
na dáoirse sibh as láimh Phárao Rígh na
Hégipte.


L. Dt7:9


Bíodh a fhios agad air anadhbharsin
gurbé an tighearna do Dhía is Día
ann, Día fírinnioch noch choimhédas a chunn-
radh agus a thrócaire don droing
grádhuigheas é agus choimhlíonus a aithean-
ta, go míle geinéalach;


L. Dt7:10


Agus chúitighios ris a ndroing
fhúathuigheas é as coinne a naighthe dá
scrios: ní bhía sé mainneachtnach ris an
té fhuáithigheas é, cúiteochuidh sé ris é as
coinne a aighthe.


L. Dt7:11


Coimhédfa tusa ag anadhbhar-
sin na haitheanta agus na statúide, a-
gus na breitheamhnuis noch mhúinimsi dháoibh aniugh
do dhénamh.


L. Dt7:12


Uimhe sin tiucfa a ccrích, má
éisthionn sibh leis na breitheamhnusuibh, a-
gus a ccoimhéd, agus a ndénamh: go
gcoimhédfuidh an tighearna do Dhía dhuitse
an cunnradh agus an trócaire do mhionnuigh
sé dod aithribh.


L. Dt7:13


Agus grádhochuigh sé thú, agus
beinneochuidh sé thú, agus méideochuidh sé
tú: agus beinneochuidh sé mar an gcédna
toradh do bhronn, agus toradh thfear uinn,
harbhar, agus thfíon, agus h ola, a-
gus ionnláoghas do bhó, agus tréda
do cháorach ann sa dúthaigh noch do
mhionnuigh sé dod aithribh do thabhairt
dhuitsi.


L. Dt7:14


Bíadh tú bheannuigh ós cionn gach
uile phobal: ní bhiaidh firionnach ná
bainionnach aimrid bhur measc, nó a
measc bhur náirnéise.


L. Dt7:15


Agus béruidh an Tighearna gach
uile easláinte uáibh, agus ní chuirfidh
éinní do dhroichthinneasuibh na Hégipte
oruibh, (noch as eól díbh) acht cuirfe sé
íad ar a ndroing fhúaithighios túi.


L. Dt7:16


Agus scriosfaidh tusa anuile
phobal thoirbheorus an tighearna do
Dhía dhuit: ní bhía trúaighe ag do shúil
dóibh, ní mó dhénas tú serbhis da Ndéeibh,
óir bíaidh sin mar dhul ort féin.


L. Dt7:17


Má deir tú an do chroidhe, is
mó na fineadhachasa ná misi, cionnus
chúirfios mé as a seilbh íad?


L. Dt7:18


Ná bíodh eagla ort rompa, acht
cúimhneocha tú go maith cread dorinne
an Tighearna do Dhía ré Phárao, a-
gus ris an Négipt uile.


L. Dt7:19


Na cathuighthe móra dochonnairc
do shúile, agus na comharthuidh, agus
na hiongantasa, agus an lámh chumha-
chtach, agus an rith sínte amach, lé
ttug an Tighearna bhar Ndía amach thú:
mar sin dodhéna an Tighearna do Dhía
ris anuile phobhal ré a mbía eagla ort.


L. Dt7:20


Os a chionn sin cuirfidh an
Tighearna do Dhía an hornet eatorra
no go mbásuighthior an mhéid fhúigfidhior
agus fhoileochus íad féin ortsa.


L. Dt7:21


Ní bía úathbhás ort ar a
sonsan, oír atá an Tighearna do Dhía
eadruibh, Día chumhachtach, agus uathbhá-
sach.


L. Dt7:22


Agus cuirfidh an Tighearna do
Dhía na fineadhachaso amach romhad, air bhea-
gán agus air bheagán; ní scriosfa tú a
néinfheacht íad, deagla go bhfásfadh beathuigh
an mhachaire ort.


L. Dt7:23


Acht dobhéra an Tighearna do
Dhía dhuit íad, agus sgriosfuidh sé
íad le dioghbhudh móir no go rabhuid mill-
te.


L. Dt7:24


Agus dobhéuruidh sé a Ríghthe
ann do láimh, agus sgriosfa tú anainm
ó bheith faói neamh:ní thiucfa do ar bith
seasamh romhad no go sgriosfa tú íad.


L. Dt7:25


Iómháighe grábhalta a Ndée
loiscfidh tú lé tenidh; ní shainteo-
chuidh tú an tairgiod ná an tór atá
orra, agus ní ghlacfa tú chugad é,
deagla go ngébhthaoi a ngaiste leis
thú, oír is adhfhúathmhaireacht don Tighearna
do Dhía é.


L. Dt7:26


Ní mó bhéuras tú adhfhuathmhaireacht
chum do thighe, deagla go mbeitheá ad
ní mhalluigh cosmhuil ris: ach fuathochaidh
tú é thríd amach, agus biádh gráin ort
roimhe go hiomlán; oír is ní mal-
luigh é.


L. Dt8:1


Na huile aitheanta aithnighimsi
díbh aniugh coimhédfuidhe a
ndénamh, chor go mbeithí
béo, agus go líonfuidhe,
agus go reachtáoi asteach, agus go
sealbhochthaoi an fearann noch do mhionnuigh
an Tighearna do thabhairt da bhur naith-
ribh.


L. Dt8:2


Agus cuimhneocha tú na slighthe
uile ionar thréoruigh an Tighearna do
Dhía thú anois re dá fhichthid blíadhan san
bhfásach, dot dhénam umhul, agus dot
dhearbhadh, dfagháil feasa cread dobhí ann
do chroidhe, an gcoimhéoltá a aitheanta,
nó nach déntá.


L. Dt8:3


Agus do umhluigh sé thú, agus
do léig ocrus ort, agus do shásuigh
sé thú lé Manna, noch nár bhfeas duitse
nó dod aithribh, chor go ttiubhradh ort
a fhios do bheith agad nach lé ha-
rán amháin bheathuighear an duine, ach lé
gach ní dá ttig as béul an Tighearna
bhíos an duine béo.


L. Dt8:4


Níor chríon héadach iomath, ní
mó do at do chos an dá fhichíodh blía-
danso.


L. Dt8:5


Cuimhneacha tú mar an gcédna
ann do chroidhe amhuil smachtuigheas duine
a mhac, gur mair sin smachtuighios an
Tighearna do Dhía thusa.


L. Dt8:6


Ar anadhbairsin coimhédfa tú
aitheanta an Tighearna do Dhía do shiubhal
iona shlighthibh, agus a eagla bheith ort.


L. Dt8:7


Oír dobheir an Tighearna do Dhía
thusa go tír mhaith, tír go naibhnibh
uisge, go ttoibribh, agus gho ndroi-
gheanuibh gheineas as áltuibh, agus as
cnocuibh,


L. Dt8:8


Dúithche chruithneachta, agus eórna
agus fhíneamhna, agus chrann fíge agus
phomgranat, agus dúithche ola, chrann
oilibh, agus mheala,


L. Dt8:9


Dúithche iona níosa tú arán gan
gainne, ní bhíaidh easbuidh éinneithe ort
ann: dúithche gurob íarann a clocha, a-
gus go madh héidir leacht prás do thochuilt
as a cnocuibh.


L. Dt8:10


Anuair íosas tú bíadh, agus
bhías tú lán; insin bheinnéochas tú an
tighearna do Dhía ar son a nfearuinn
mhaith thug sé dhuit.


L. Dt8:11


Tabhair haire nach dearmadfá an
Tighearna do Dhía a neamhcoimhéd a aith-
neadh, agus a bhreitheamhnusadh, agus a
reachta, noch aithnighimhsi dhíot aniugh.


L. Dt8:12


Eagla anuáir íosfas tú bíadh,
agus bhías tú sáthach, agus dhénas tú
tighthe maithe, agus choimhneochucht tú
ionnta;


L. Dt8:13


Agus anuair mhéidéochuid heal-
bhadha, agus do thréada, agus mhéaideo-
chus do cuid óir agus airgid, agus
mhéideochus anuile ní bhus leacht:


L. Dt8:14


Annsin go néireochuidh do
chroidhe súas, agus go ndearmudfá an
Tighearna do Dhía, noch thug amach thú
as crích na Hégipte as tigh na daóir-
se:


L. Dt8:15


Noch do thréoruigh thú thríd an
bhfásach mhór úathbhásach sin mar a ra-
bhadar naithreacha tinntighe, agus Scór-
piona, agus tiormach, agus áit nach
raibh uisge; noch thug uisce chugad a-
mach as an ccarruig chruáidh.


L. Dt8:16


Noch do beathuigh thú san bhfásach
lé Manna, nach ar bhfeas dot aithribh,
chor go nuimhleochadh sé thú, agus go
ndearbhochadh sé thú do dhénamh maitheasa
dhuit annsanaimsir dheighionuigh.


L. Dt8:17


Agus go naibeorthá ann do
chroidhe, mo chumhachta agus neart mo
láimhe féin fúair an saidhbhrios so dhamh.


L. Dt8:18


Ach cuimhneochuidh tú an Tighear-
na do Dhía: óir isé dobheir neart dhuit
dfagháil saidhbhris; go ndearna a chunn-
radh seasmhach, noch do mhionnuigh sé da
bhur naithribh, mar atá sé aniugh.


L. Dt8:19


Agus is amhluidh bhías, ma
dhearmadann tú ar éncor an tighearna do
Dhía, agus go leanfa tú deé oile, a-
gus seirbhís do dhénamh dhóibh, agus a
nadhradh: donímsi fíadhnuisi bhur na-
ghuidh aniugh, go reachthaoi seachad go dei-
mhin.


L. Dt8:20


Amhail na ccineadhach do scrios
an tighearna as coinne bur naighthe, mar
sin do scriosfuighthear sibhsi: do bhrígh
nar bháil libh bheith umhal do ghuth an
Tighearna bhur Ndía.


L. Dt9:1


Eist ó a Israel, atá tú
ag dul tar Jordan san ló
aniugh do shealbhugadh cineadhach
is mó agus is láidre ná
thú féin, caithreacha móra agus cumh-
daighthe súas go neamh.


L. Dt9:2


Daoine móra, agus árrachta,
clann na Nanacimeach, noch is aithne dhuit,
agus gha gcúala tú teacht thársa, cía
le na ttiucfadh seasamh a naghuidh
chloinne Anac?


L. Dt9:3


Tuig ar a nádhbharsin aniugh
gurbé an Tighearna do Dhía théid ro-
mhad mar theinidh loisgnigh: claoidh-
fidh sé íad, agus cuirfe sé síos íad
as coinne haighthe: mar sin dhíbéorus
tú amach íad, agus scriosfas tú
go lúath íad mar adubhairt an Tighearna
riot.


L. Dt9:4


Ná habhairsi ann do chroidhe tar
eís an Tighearna do Dhía dá tteil-
gion amach romhad, ghá rádh, ar son
mfíréntachta thug an Tighearna asteach
mé do shealbhughadh an nfearuinnsi; acht
ar son pheacuidh na gcineadhachsa chuirios
an Tighearna amach romhad íad.


L. Dt9:5


Ní ar son thfíréntachta no diogh-
ruis do chroidhe théid tú do shealbhugadh
a bhfearuinn: acht ar son chionta na gcinea-
dhachsa chuirios an Tighearna do Dhía
amach romhad íad, agus chor go gcoimh-
líonfadh an focal noch do mhionnuigh an
Tighearna dot aithribh Abraham, Isaac,
agus Jácob.


L. Dt9:6


Tuig ar anadhbharsin nach dta-
bhair an Tighearna do Dhía an fearann
maithsi dhuit dá shealbhughadh ar son
thfíréntachta féin: óir is pobal crúa-
dhmhuinéil thú.


L. Dt9:7


Agus cuimhnigh, agus ná dearmuid
mar do bhrostuigh tú an Tighearna do
Dhía chum feirge san bhfásach, ón ló
fár fhág tú amach críoch na Hégipte
nó go ttáinic tú don náitsi, dobhábhair
cogthach a naghuidh an Tighearna.


L. Dt9:8


Mar an gcéadna an Horeb do
bhrostuigh tú an Tighearna chum feirge,
ionnus go raibh an Tighearna feargach ribh
cum bhur millte.


L. Dt9:9


Anuáir dochúaidh misi súas
annsa tslíabh do ghlacadh na cclár
ccloichthe, cláir an chunnartha noch do
rinne an tighearna ribhsi; annsin dorinne me
comhnuighe ann sa tsliabh ceathrachad
lá, agus ceathrachad oidhche, níor ith mé
arán, agus ní mó do ibh mé uisge.


L. Dt9:10


Agus dothug an Tighearna
dhá chlár chloiche dhamh scríobhtha lé méur
Dé, agus dobhí scríobhtha orra sin
do réir na nuile bhriathar do labhair an
Tighearna ribhsi annsa tsliabh amach as
lár na teineadh a ló an chomhchruinnigh.


L. Dt9:11


Agus tárla a ccionn cheathra-
chad lá agus cheathrachad oidhche, go ttug
an Tighearna dhamh an dá chlár chloiche
eadhon cláir an chunnartha.


L. Dt9:12


Agus adubhairt an Tighearna
riom, éirigh, imthigh síos go lúath
as so; óir do thruaill do phobal noch
thug tú amach as an Négipt: do fhil-
liodar go hobann as an tslighe do aithin
misi dhíobh; dorinneadar iómháigh leaghtha
dhóibh féin.


L. Dt9:13


Os a chionnsin, do labhair an
Tighearna riomsa, dha rádh, dochonnairc
mé an pobal so, agus féuch is daóine
crúadhmhuiníl íad.


L. Dt9:14


Léig dhamh ionnus go scriosfa
mé íad, agus go mbaithidh mé amach
a nainm ó bheith faói neamh, agus
dodhéana mé dhíotsa cineadh is mó, agus
is cumhachtuigh ná iad.


L. Dt9:15


Mar sin do fhilleas, agus tá-
nag anuas ón tslíabh, agus an slíabh
tré lasadh ó theinidh, agus dobhádar
dhá chlár an chunnarta ann mo dhá láimh.


L. Dt9:16


Agus damhairc mé, agus féuch
do pheacuigheabhairsi a naghuidh an Tighearna
bhur Ndía, agus dorinneabhair dhaóibh féin
láog leaghtha, diompóigheabhair go lúath
sibh féin ón tslighe do aithin an Tigh-
earna dhíbh.


L. Dt9:17


Agus do ghlach misi an dá
chlár, agus do theilg mé as mo dhá
láimh íad, agus do bhris mé ós coinne
bhur súl íad.


L. Dt9:18


Agus do thuit mé síos ós
coinne an tighearna mar an gcéud úair
ceathrachad lá, agus ceathrachad oidhche;
níor ith mé arán, agus ní mó dibh mé
uisge, ar son na nuile pheacadh do
pheacuigheabhairsi ag dénamh cionnta a ra-
dharc an Tighearna do chur feirge air.


L. Dt9:19


Oír dobhí eagla na feirge
orum, agus an míothaitnidh mhóir lé a
raibh an Tighearna feargach bhur naghuidhsi,
dá bhur milleadh, acht do éist an Tigh-
earna riom anuáirsin mar an gcéad-
na.


L. Dt9:20


Agus dobhí an Tighearna ro
fheargach re Háaron chum a mhillte, a-
gus do ghuidh misi ar son Aáron fós
anúair chéadnasin.


L. Dt9:21


Agus do ghlach mé bhur ccoir,
an láogh dorinneabhair, agus do loisg
mé lé teinidh é, agus do bhrúigh mé é,
agus do mheil mé go roimhín é, eadhon
go raibh coimbín re luáithreadh, agus
do chaith mé a luáithreadh ionsa nabhuinn
thig anúas as an tslíabh.


L. Dt9:22


Agus do bhrostuigheabhair an
Tighearna chuin feirge a ttaberah
agus in Masa agus in Cibrot-
hatáabhah.


L. Dt9:23


Ar an modh gcéadna anúair do
chuir an Tighearna sibh as Cades-bar-
nea, gha rádh, éirighe súas, agus Seal-
bhuighe an fearann thug misi dhíbh; annsin
do chathuigheabhair a naghaidh aithne an
Tighearna bhur Ndía, agus níor chreid-
eabhair é, agus níor éisteabhair re na
ghuth.


L. Dt9:24


Dobhábhair ceannairceach a naguidh an
Tighearna ón ló fár aithnid damsa sibh.


L. Dt9:25


Marso do thuit mé síos a
bhfiadhnuisi an tighearna ceathrachad lá a-
gus ceathrachad oidhche, mar do thuit
mé síos an chéad úair, do chionn go ndu-
bairt an Tighearna go millfeadh sé
sibh.


L. Dt9:26


Do ghuidh misi ar anadhbharsin
an Tighearna, agus adubhairt mé; a
Thighearna a Dhé, ná mill do phobal a-
gus hoighreacht, noch do fhúascuil tú
led mórdhacht, noch thug tú amach as
a Négipt lé láimh láidir:


L. Dt9:27


Cuimhnigh do sheirbhísigh Abra-
ham, Isaac, agus Jácob; ná féuch
ar easurramacht na ndaóinesi nó ar a
nolc, nó ar a bpeacadh.


L. Dt9:28


Ar eagla go naibéoradh an
dhúithche as a ttug tú amach sinn; do
bhrígh nar fhéud an Tighearna a mbreith
don tír do gheall sé dhóibh, agus do
bhrígh gur fhúathuig sé íad, thug sé
amách íad dá marbhadh fan bhfá-
sach.


L. Dt9:29


Gidheadh síad do phobalsa íad, a-
gus hoighreacht, noch thug tú amach led
neart chumachtach, agus led righ sínte amach.


L. Dt10:1


Ann sa namsin adubhairt an
Tighearna riomsa, snoigh dhuit
féin dhá chlár chloiche amhail na
gcéad chlár, agus tárr súas
chugamsa annsa tslíabh, agus dén
Aírc mhaide dhuit féin.


L. Dt10:2


Agus scríobhtha misi ar na
cláruibh na bríathra dobhí ion sna chéud
chláruibh noch do bhris tú, agus cuirfe
tú san Náirc íad.


L. Dt10:3


Agus dorinne misi Aírc do
chrann Sittim, agus do shnoigh mé dhá
chlár chloiche cosmhuil ris na céad chlá-
ruibh, agus dochuáidh mé súas ionsa
tslíabh, agus an dá chlár am láimh.


L. Dt10:4


Agus do scríobh seision ar na
cláruib do réir an chéidscríbhinn, na
deich naitheanta noch do labhair an tigh-
earna ribhsi air a tslíabh amach as
lár na teineadh a ló an chomh-
chruinnigh, agus thug an Tighearna dhamhsa
íad.


L. Dt10:5


Agus do fhill misi, agus thái-
nig mé anúas as a tslíabh, agus do
chuir mé na cláir ann sa Náirc dorinne
mé, agus atáid siád annsin mar do
aithin an Tighearna dhíom.


L. Dt10:6


Agus do ghluáisiodar clann Is-
rael ó Bheerot chloinne Iaacan go
Mosera: annsin déug Aáron, agus
annsin do hadhlaiceadh é; agus do
miniostráil Eleásar a mhac an oifig an
tsagairt iona áit.


L. Dt10:7


Annsin do ghluáisiodar go
Gudgodah, agus ó Ghudgodah go
Iotbat, dúithche aibhneadh uisge.


L. Dt10:8


Ann sa namsin do dhealuigh an
Tighearna treabh Lébhi diomchar Aírce chunn-
artha an Tighearna, do seasamh as coinne
an Tighearna do mhiníostralacht dó, a-
gus do bheannughadh iona ainm gus an
lá aniugh.


L. Dt10:9


Is uime sin nach bhfuil roinn nó
oighreacht a bhfochair a dhearbhráithreach ag
Lébhi: sé an tighearna as oighreacht dó,
do réir mar do gheall an Tighearna do
Dhía dhó.


L. Dt10:10


Agus do fhan misi annsa
tslíabh do réir na céud úaire dhá fhich-
iod lá, agus dhá fhithchiod oidhche: a-
gus do éist an Tighearna rium mar
an gcéadna anuairsin, agus níorbháill
leis an TTighearna sibhse do
mhilleadh.


L. Dt10:11


Agus adubhairt an Tighearna
riumsa, éirigh, glúais ann do shlighe
roimhe an bpobal, chor go rachuid asteach,
agus go sealbhochuid an fear-
ann do mhionnuigh mé dá naithribh do
thabhairt dóibh.


L. Dt10:12


Agus anois a Israel cread
atá do Tighearna Día díarruidh ort,
acht eagla do Thighearna Día do bheith
ort, siubhal iona slighthibh uile, agus
a ghrádhughadh, agus serbhís do dhénamh
dot Tighearna Día maille red uile chro-
idhe, agus led uile anum,


L. Dt10:13


Aitheanta an Tighearna do
choimhéd, agus na reachta noch aithníghimsi
dhíot aniugh ar son do leasa.


L. Dt10:14


Féuch an flaitheamhnus, agus
flaitheamhnus na bhflaitheamhnus, is leis
an TTighearna do Dhía é, an talumh
mar an gcéadna gon a bhfuil
ann.


L. Dt10:15


Amháin dobhí dúil ag an TTigh-
earna ion bhur naithribhsi dá ngrádhughadh,
agus do thóg sé a sliocht na ndíaigh
eadhon sibhsi, os cionn gach uile phobail,
fá mar atá aniugh.


L. Dt10:16


Uime sin timchillghearruidh croi-
cinn tosuigh bhur ccroidhe, agus ná bithí
níbhus mó cruádhmhuineulach.


L. Dt10:17


Oír an tighearna bhur Ndía sé
Día na ndée é, agus Tighearna na
TTighearnadh, Día mórchumhachtach, a-
gus úathbhásach, nach bionn meas aige
ar phearsannuibh, agus nach gabhann comhaidh.


L. Dt10:18


Críochnuighidh sé breitheamhnus na
ndílleacht, agus na mbaintreabhach, agus
grádhuigh an coigcríoch, ag tabhairt bídh
agus éuduigh dhó.


L. Dt10:19


Grádhuighsi ar a nadhbharsin
an coimhightheach, oír dobhádhbhair féin bhair
gcoimhidhtheachuibh a gcrích na Hégipte.


L. Dt10:20


Bíodh eagla an Tighearna do
Dhía ort, is dó dhénas tú seirbhís,
agus is dó adharfas tú, agus isé
a ainm mhionnochus tú.


L. Dt10:21


Is é do mholadh é, agus sé do
Dhía é, noch dorinne na neithe móra
uathbhásacha dochonncadar do shúile.


L. Dt10:22


Dochuadar haithre síos don
Néigipt maille re deich, agus trí
fichid pearsa, agus anois dorinne an
Tighearna do Dhía dhíot mar réulta
nimhe ar iomadamhlacht.


L. Dt11:1


Ar anadhbharsin gráidheocha tú
an Tighearna do Dhía, agus
coimhéadfa tú a chúram, a-
gus a reachta, agus a bhrea-
itheamhnuis, agus a aitheanta a gcomhnuidhe.


L. Dt11:2


Agus bíodh a fhios agad aniugh
oír ní Labhraim re bhur cclain ag
nach raibh a fhios, agus nach bhfacuidh
smacht an Tighearna bhur Ndía, a mhór-
dacht, agus a lámh láidir, agus a
righ sínte amach,


L. Dt11:3


Agus a ionganta, agus a ghní-
omhradh noch dorinne sé a meadhón na
Hégipte ré Pháraoh Rígh na Hégipte,
agus rena dhúithche uile;


L. Dt11:4


Agus mar dorinne sé ar shlúagh
na Hégipte, rena neachuibh, agus re
na gcarbaduibh, mar do chur sé dfía-
chuibh ar uisge na mara ruáidhe éirge
ós a ccionn, anuair do leanadar sibhsi,
agus mar do mhill an Tighearna íad gus
an ló aniugh;


L. Dt11:5


Agus cread dorinne sé dhíbhse
san bhfásach nó go ttargabhair don
náitsi;


L. Dt11:6


Agus cread dorinne sé re Da-
tan, agus re Abiram mic Eliab mhic
Reuben, cionnus do oscul an talumh a
bhéul, agus do shluig síos íad, agus a
muintir, agus a lóistíne, agus a
nuile shubstaint dobhí iona seilbh a
measc Israel uile.


L. Dt11:7


Ach dochonncadar bhur súilesi
uile ghníomhradh móra an Tighearna noch
dorinne sé.


L. Dt11:8


Uime sin coimhédfuidhe na huile
aitheanta noch aithnighimsi dhibh aniugh,
chor go mbeithí láidir, agus go reachtaói
asteach, agus go sealbhóchuidhe an fearann
a bhfuiltí ag dul dá shealbhu-
ghadh.


L. Dt11:9


Agus go madh heídir libh bhur
laéthe dfadúghadh ann sa tír do mhion-
nuigh an Tighearna da bhur naithribh do
thabhairt dóibh, agus dá síol, dúithche noch
thuiltighios lé bainne, agus le mil.


L. Dt11:10


Oír an fearann a bhfuil tú ag
dul asteach da shealbhughadh, ní mar chrích
na Hégipte atá sé, ó ttangabhairsi
amach, mar ar chuir tú do shíol, agus
ar fhliuch tú é leud chois mar gháirdín
Luibhionn.


L. Dt11:11


Acht an fearann a bhfuiltighe ag
dul dá shealbhughadh, is fearann cnoc a-
gus gleann é, agus ibheas uisge dfear-
thuinn nimhe.


L. Dt11:12


Dúithche agá bhfuil suim ag an
TTighearna do Día innte, oír atáid súile
do Thighearna Día uirre a gcomhnuighe, ó
thosach fós go deireadh na blíadhna.


L. Dt11:13


Agus tiucfa a gcrích ma éi-
stionn sibh go dúthrachtach rém aithean-
tuibsi, noch aithnighim dhaóibh aniugh, an
Tighearna bhur Ndía do ghrádhughadh, a-
gus seirbhís do dhénamh dhó lé bhur nuile
chroidhe, agus lé bhur nuile anum,


L. Dt11:14


Go ttiubhra misi dháoibh fearthuinn
bhur ttalmhan na ham féin, an chéud fear-
thuinn, agus an fhearthuinn dheighionach, chor
go ccruinneocha tú asteach harbhar, a-
gus thfíon agus hola.


L. Dt11:15


Agus cuirfe mé féur ad mha-
chairibh dot áirnéis, chor go madh héidir
leacht ní dithe agus bheith sáitheach.


L. Dt11:16


Tugaidh bhur naire dháoibh féin nach
biáidh bhur gcroidhe meallta, agus go
bhfillfeadh sibh a leathtáobh, agus serbhis
do dhénamh do dhéeibh oile agus adhradh
dhóibh:


L. Dt11:17


Agus annsin go lasfadh fearg
bhar TTighearna Día bhur naghuidh, agus
go ndúinfeadh súas neamh, ionnus nach bíadh
fearthuinn ar bith ann, agus nach ttiubh-
radh an talumh a thoradh, agus deagla
go nimeochadh sibh seachad go hobann ón
ttalumh mhaith, noch dobheir an Tighearna
dháoibh.


L. Dt11:18


Ar a nádhbharsin cuirfidhe iad
so mo bhriathrasa, a ttaisge ion bhur
ccroidhthibh, agus ion bhur nanum agus
ceaingéoltáoi íad mar chomhartha ar
bhur láimh, chor go mbeithdís mar édanán
eidir bhur súilibh.


L. Dt11:19


Agus múinfidhe íad dá bhur
gcloinn ag labhairt orra anuair shúidhfios
tú ion do thigh, agus anuair shiubolus
tú annsa tslighe, anuair luidhfios tú
síos, agus anuair éireóchus tú súas.


L. Dt11:20


Agus scríobhtha tú íad ar
phostuighib dhoruis do thighe, agus ar
do gheatuighibh.


L. Dt11:21


Chor go bhfaduighthe bhur láethe,
agus láethe bhur ccloinne ann sa dúithche
noch do mhionnuigh an Tighearna dá bhur nai-
thribh do thabhairt dóibh mar laéthe nimhe
ar an ttalumh.


L. Dt11:22


Oír má choimhéudtháoise go dú-
thrachtach na huile aitheantasa noch aith-
nighimhsi dháoibh do dhénamh, an Tighearna
bhur Ndía do ghrádhughadh, siubhal iona
shlighthibh uile, agus ceangal leis;


L. Dt11:23


Annsin cuirfidh an Tighearna a-
mach na fineadhachasa uile romhad, agus
sealbhóchtháoisi cineadh is mó, agus is
cumhachtuigh ná sibh féin.


L. Dt11:24


Gach uile bhall a sailteoruidh
boinn bhur ccos budh libh féin é: ón fhá-
sach agus ó Lebanon, ó nabhuinn abann
Euphrátes go nuige an bhfairge is
faide amach, is eadh bhías bhur ttéora.


L. Dt11:25


Ní feadfaidh duine ar bith sea-
samh ribh: óir cuirfe an Tighearna bhur
Ndía bhur neagla agus bhur gcriothnu-
ghadh ar anuile fhearann ar a sailte-
ortháoi, fá mar adubhairt sé ribh.


L. Dt11:26


Feuchuidh do chuir mé romhuibh a
niugh beannughadh agus mallughadh:


L. Dt11:27


Beannughadh, má umhluighionn sibh
daitheantuibh an Tighearna bur Ndía, noch
aithnighimsi dháoibh aniugh.


L. Dt11:28


Agus mallughadh muna numh-
luighthí daitheantuibh an Tighearna bur
Ndía, acht iómpodh a leathtáoibh as an
tslighe noch aithnighimsi dháoibh aniugh
do dhul do leanmhuin Deé oile nar bhaith-
nid dáoibh.


L. Dt11:29


Agus tiucfa a ccrích anúair
bhéuras an Tighearna do Dhía thú a
steach ionsa bhfearann chum a ttéid
tú dhá shealbhughadh, go ccuirfe tú
an beannughadh ar shlíabh Gerisim
agus an mallughadh ar shlíabh E-
bal.


L. Dt11:30


Nach bhfuilid síad ar an
ttaóibh oile do Jordan ar a tslighe
mar a ttéid an ghrían faói, a ttír na
Gcanaaníteach, noch áitreabhus air a réiteach
thall as coinne Gilgal láimh ré machairi-
ghibh Móreh.


L. Dt11:31


Oir reachthaói tar Jordan do
dhul asteac do shealbhughadh a nfearuinn
dobheir an Tighearna bhur Ndía dhíobh,
agus sealbheochthaói é, agus aiteochthaói
ann.


L. Dt11:32


Agus dobhéarthaoi aire do
choimhlíonadh na huile reachta, agus bhreai-
theamhnuis chuirimsi síos daóibh aniugh.


L. Dt12:1


Siadso na statúide, agus
na breitheamhnuis choimhédfúidhe
ré a ndénamh annsa tír dobheir
an Tighearna Día hai-
threadh dhuit dá sealbhughadh, ar
feadh na láetheadh mhairfidhe ar talumh.


L. Dt12:2


Léirscriosfuidh sibh anuile áit
a ndearnadar na cineadhacha, noch shealbhoch-
thaoi, serbhís dá Ndéeibh ar na sléibh-
tibh árda, agus ar na cnocuibh, agus
faói gach énchrann ghlas.


L. Dt12:3


Agus scriosfuidhe síos a
naltóra, agus brisfidhe a bpilairi, a-
gus loiscfídhe a ngarráin lé teinidh,
agus snoidhfidhe síos íomháighe grábhal-
ta a Ndée, agus scriosfuidhe a nan-
manna amach as a náitsin.


L. Dt12:4


Ní dhéntaoi mar sin ris an
TTighearna bhur Ndía.


L. Dt12:5


Ach chum na háite thoighfeas
an Tighearna bhur Ndía amach as bhur
ttreabhuibh uile do chur a anma ann,
eadhon dá ionad chomhnuighe iarrfuidhesi
dul, agus is ann thiocfuidhe.


L. Dt12:6


Agus is annsin dobhéurthaói
bhur nofrála loiscthe, agus bhur niódhb-
airt, agus bhur ndeachmhadh, agus ofráil
thógtha bhur lámh, agus bhur móide, a-
gus bhur nofrála toileamhla, agus pri-
midil bhur nealbhann, agus bhur ttréud.


L. Dt12:7


Agus is annsin iostaói a bhfi-
adhnuisi an Tighearna bhur Ndía, agus dodhéntaoi
gáirdeachus ion gach uile ní dá
ccuirfighe bhur lámh ann, sibh féin, agus
bhur muinntir mar ar bheannuigh an tighearna
bhur Ndía sibh.


L. Dt12:8


Ní déntaói do réir gach éinneithe
dá ndénmaoidne ionso aníugh, gach
duine do réir a thola féin.


L. Dt12:9


Oír ní thangabhairse focht = fós chum an
tsuáimhnis, agus chum na hoighreachta
dobheir an Tighearna bhur Ndía dhá-
oibh.


L. Dt12:10


Acht anúair reachtaói anonn tar
Jordan, agus áitreochthaói annsa bhfea-
rann dobheir an Tighearna bhur Ndía
dhaóibh mar oighreacht, agus anúair do
bhéara suaimhneas daóibh ó bhur naimhdibh
uile ar gach én taobh fá gcúairt,
chor go náitreochthaói go suáimhneach.


L. Dt12:11


Annsin biáidh ionad noch thoigh-
feas an Tighearna bhuir Ndía do thabhairt
fa deara a ainm do aitreabh ann, chum
a nionaid sin dobheurthaoi gac uile ní
dá naithnighimsi dhaóibh bhur nófrala lo-
iscthe, agus bhur níodhbartha, agus
bhur ndeachmadha, agus ofrála tógtha
bhur lámh, agus bhur móide uile noch do
mhóideabhair don tighearna.


L. Dt12:12


Agus biáidh gáirdeachus oruibh a
lathair an Tighearna bhur nDía, sibh féin, a-
gus bhur mic, agus bhur ningheana, a-
gus bhur nóglaoich, agus bhur mbanóg-
laoich, agus an Lebhíteach bhías táobh a
stigh da bhur ndoirsibh, do bhrígh nach
bhfuil roinn nó oighreacht aige maille
ribh.


L. Dt12:13


Tabhair haire dhuit féin nach nof-
rála tú hofráil loisge ann gach áit
dá bhfaiceann tú.


L. Dt12:14


Acht ansa náit thoighfeas an
Tighearna a ttreibh dá bhur ttreabhuibh,
annsin ofrailfios tú hofráil loisge,
agus annsin dodhéna tú gach a naith-
nighimsi dhíot.


L. Dt12:15


Gidheadh is éidir leacht feóil
do mharbhadh, agus dithe an do uile
gheatadhuibh, gidhbé ar a mbía dúile ag
hinntinn ann, do réir bheannuigh an Tighear-
na do Dhía noch thug sé duit; féaduigh
an glan, agus an neamhglan sin dithe,
eadhon don nfíadh fhionn, agus don chairr-
fhíadh.


L. Dt12:16


Amháin ní iostaói a nfuil,
dóirtfidhe ar an ttalumh í amhuil
uisge.


L. Dt12:17


Ní héidir leacht deachmhadh harbhair
dithche táobh astigh dot dhoirsibh, nó
thfíona, nó hola, nó primidil healbhann,
nó do thréud, nó énmhóid dá ttug tú,
no hofráil thoileamuil, nó ofráil thógtha
do láimhe.


L. Dt12:18


Acht íosa tú íad a bhfiadhnuisi
an Tighearna do Dhía ann sanáit thoigh-
feas an Tighearna do Dhía, thú féin,
agus do mhac, agus hinghion, hóg-
lach, agus do bhanóglach, agus an Le-
bhíteach bías táobh astigh dot dhoirsibh,
agus biáidh lúthgháir ort a bhfiadhnuisi
an Tighearna do Dhía ann gach uile ní a
ccuirfe tú do lámha.


L. Dt12:19


Tabhair haire dhuit féin, nach
ttréigfe tú an lebhíteach an feadh mhairfeas
tú ar an ttalamh.


L. Dt12:20


Anuair fhairseongas an tighear-
na do Dhía do théora, mar do
gheall sé dhuit, agus déra tusa, íosa
mé feóil, (do chionn go bhfuil fonn féola
ar hanum) is féidir leacht féoil dithe,
gidhbé ar bith a mbiáidh dúil ag ha-
nam ann.


L. Dt12:21


Má bíonn a naít do thogh an
Tighearna do chur a anma féin ann a bhfad
úait, annsin muirfidh tú dot ealbha, a-
gus dot thréud noch thug an Tighearna
dhuit mar do aithin misi dhíot, agus
íosa tú ann do dhoirsibh féin, gidhbé ní
iona mbía dúil ag hanum.


L. Dt12:22


Amhuil ithtear an fíadh fionn, a-
gus an fíadh rúadh, mar sin íosas tu-
sa iad; ionann íosas an neamhghlan,
agus an glan díobh.


L. Dt12:23


Acht amháin bí deimhin nach iósa
tú anfuil: óir isí anfuil an tanum,
agus ní cóir dhuitsi an tanum dithe
maille ris an bhfeóil.


L. Dt12:24


Ní iósa tú í, dóirtfidh tú
í ar an ttalumh amhuil uisge.


L. Dt12:25


Ní iosa tú í, chor go rachuidh
go maith dhuit, agus dot chloinn ad
dhiáigh, anúair dodhéna tú an ní is
cóir a radharc an Tighearna.


L. Dt12:26


Amháin na neithe náomhtha bhías
agad, agus do, mhóide, dobhéura tú
leacht íad, agus racha tú san náit
thoighfeas an tighearna.


L. Dt12:27


Agus íodhboruidh tú hofráil
loisge, an nfeóil, agus an nfuil, ar
altóir an Tighearna do Dhía, agus
dóirtfighear fuil hiodhbhartha amach ar
altóir an Tighearna do Dhía, agus
íosa tú an nfeóil.


L. Dt12:28


Coimhéud, agus cluin na bria-
thraso uile, noch aithnighimsi dhíot,
chor go rachuidh go maith dhuit, agus
dot chloinn ad dhiáigh go bráth anúair
dhénas tú an ní is maith, agus is
ceart a radharc an Tighearna do Dhía.


L. Dt12:29


Anuair ghearrfas an tighearna
do Dhía na cineadhachasin amach ro-
mhad mar a racha tú dá sealbughadh,
agus go ngébha tusa a náith, agus
go náitreabhaigh tú iona ndúithche.


L. Dt12:30


Tabhair haire dhuit féin nach gab-
thar a ndul thú ó na leanmhuin tar
éis a scriosta romhad, agus nach
déna tú loirgaireacht air a ndeéibh, ga rádh,
cionnus dorinneadar na fineadhachasa
serbhis dá ndeéibh is mar sin dodhéna
misi mar an gcédna.


L. Dt12:31


Ní dhéna tusa sin red Thi-
ghearna do Dhía, óir gach éinni is athfhúa-
mhar lé Día sé donídís sin re na
ndeéibh féin, eadhon a mic, agus a nin-
ghiona do loisgedis ansa teinidh dá
ndeéibh.


L. Dt12:32


Gidhbé ar bith ní aithéonus
misi dhaóibh, coimhéduigh a dhénamh, ní
chuirfe tú éinní na chionn, agus ní mó
bheanfas tú dhe.


L. Dt13:1


Ma éirghionn bhar measc fáidh no
fear aislingeadh dfaicsin, a-
gus go ttiubhra sé dhuit
comhartha nó iongnadh:


L. Dt13:2


Agus go ttiocfa an co-
mhartha nó an tiongnadh a gcrích dár
labhair sé riot, ag rádh, dénum do lean-
mhuin dée oile (nach ar bhfeas duit,) a-
gus dénum serbhís dóibh.


L. Dt13:3


Ní éistfe tú ré bríathruibh an
nfáigh sin, nó fhir fhaicsiona na nais-
lingeadh.
Oír dearbhuidh an Tighearna bhur Ndía
sibh, dá fhéchain an ngrádhuigheann sibh bhur
TThighearna Día ré bhur nuile chroidhe,
agus lé bhur nuile anum.


L. Dt13:4


Siubholtaoi a ndiáigh an Tighear-
na bur Ndía, agus biáidh a eagla oruibh,
coimhédfuidhe a aitheanta, agus uimhleo-
taói dá ghuth, agus dodhéntaói ser-
bhís dó, agus greamochuighe dhe.


L. Dt13:5


Agus cuirfighear an fáidhsin
nó an brionglóideach na naislingeadh
chum báis, (do chionn gur labhair sé dá
bhur niompógh ón TTighearna bhur Ndía,
noch thug amach sibh as críc na Hé-
gipte, agus dfúascuil sibh amach as
tigh na daóirsi, dot thiomáin amach
as a tslighe do aithin an tighearna do
Dhía dhíot do siubhal) mar sin chuirfe
tú an tolc ar siubhal as do lár féin.


L. Dt13:6


Má bhrostuighionn do dherbhra-
thair thú mac do mhathar, nó do mhac
féin, nó hinghion, nó bean hochta, nó do
charuid bhias dhuit mar hanum féin, go
secréideach dhá rádh, gluaisiom, agus
dénum seirbhís do Dhéeibh oile nach ar
bhfeas duit féin nó doth aithrbh;


L. Dt13:7


Do na deéibh bías ag na daóinibh
gacha taoibh dhíot a bhfogus duit, nó a
bhfad uáit, eadhon ó cheann go chéile don
domhan.


L. Dt13:8


Ní aóinteochtha tú dhó, agus ní
éistfe tú ris; ní mó bhías truáighe
ag do shúil do, nó choigeolus tú é,
nó cheilfios tú é.


L. Dt13:9


Ach go deimhin muirfe tú é,
sí do lámh féin bheanfus ris ar tús
dá chur chum báis, agus na dhiáighsin
lámh an phobuil uile,


L. Dt13:10


Agus clochfa tú lé clochuibh
é, ionnus go néugfa sé: do chionn gur
thairg sé do thiomáin ón TTighearna do
Dhía, noch thug amach thú as crích na
Hegipte, as tigh na daóirsi.


L. Dt13:11


Agus cluinfid Israel uile
sin, agus biáidh eagla orra, agus
ní dénuid níbhus mó énchoir mar a
nolcsa bhur measc.


L. Dt13:12


Má chluin tú a ccathruigh dá
bhur gcaithreachubh noch thug an Tighearna
do Dhía dhuit dáitreabh innte, ghá rádh,


L. Dt13:13


Dochuadar daóine aírigh clann
bhélial amach as bhur measg, agus do
thairngeadar léo lucht áitribh a ccaithreach,
ghá rádh, gluaisiom, agus dhénum seir-
bhís do dheéibh eile nach ar bhaithnid
daóibh.


L. Dt13:14


Annsin loirgfe tú, agus
spíonfa tú, agus fiafróchá tú go
friochnamhach; agus féuch más fírinne é,
agus go bhfuil an ní dearbhtha go
ndearnadh a leithéidsin dadhfhuathmhaireacht
bhur measc.


L. Dt13:15


Buáilfe tú go deimhin muintir na
caithreachsin lé fhaobhar an chloidhimh, léir-
scrios í agus gach a mbía innte, agus
a háirnéis le faobhair an chloidhimh.


L. Dt13:16


Agus cruinneocha tú a hédáil
uile go lár a sráide, agus loiscfe
tú le teinidh an chathair, agus a hédáil
uile ó bheag go mór ar son an tighear-
na do Dhía, agus biáidh na cárn go
bráth ní cuirfighear súas choidhche í.


L. Dt13:17


Agus ní bheanfa éinní don ní
mhalluigh dot láimh, chor go bhfillidh an
Tighearna óna dhásacht feirge, agus go
ttaisbeanuidh grása dhuitsi, agus go raibh
truáighe aige dhuit, agus go méideo-
chuidh sé thú mar do mhionnuigh sé dot aithrib;


L. Dt13:18


Anuair bhéuras tú aire ré guth
an Tighearna do Dhía do choimhéud a
aithneadh uile, noch aithnighmsi dhíot aniugh,
do dhénamh an neithe is ceart a radharc
an Tighearna do Dhía.


L. Dt14:1


Is sibh clann an Tighearna bur
Ndía: ní ghearrfuidhe sibh
féin, agus ní dhéntaoi lo-
madh ar bith eidir bhur súi-
libh ar son an mhairbh.


L. Dt14:2


Oír is pobal náomhtha thú don
Tighearna do Dhía, agus do thogh an
Tighearna thú chum bheith ad phobul áirigh
aige féin, tar gach uile chineadh dábhfuil
ar an ttalumh.


L. Dt14:3


Ní íosa tú éinní adhúathmhar.


L. Dt14:4


Is íad so na hainmhintigh íos-
taói, eadhon, an damh, an cháora, a-
gus an gabhar,


L. Dt14:5


An cáirrfhíadh, agus an poc-
rúadh, agus an fíadh fionn, agus an
gabhar fíadháin, agus an pigarg, a-
gus an damh alluigh, agus an cha-
mhois:


L. Dt14:6


Agus gach uile bheathach noch
roinneas an nionga, agus scoiltios an
scoilteadh a ndá ladhuir, agus chognas
an chír measg na nainmhinteadh, íostaói
éadsin.


L. Dt14:7


Gidheadh, ní íostaói íadso don
mhéid chognas a ccír nó roinneas a nion-
ga scoilte, mar atá an cámhall, an
geirrffhíadh, agus an coinín, óir cog-
naid an chír acht ní roinid an nionga,
uime sin atáid neamhglan dhíbhsi.


L. Dt14:8


Agus na muca, do chionn go
rionnid an nionga, agus nach ccognuid
an chír, atáid neamhglan daóibh, ní ios-
taoi dá bhfeóil, ní mó bhainfuidhe ré na
gconablach marbh.


L. Dt14:9


Is iad so iostaói do nuile
íasc dá bhfuil ionsna huisgedhibh, an uile
íasc ar a mbía eiteach, agus bláos-
ca íostaói íad:


L. Dt14:10


Agus gidh bith air nach
bhfuil eiteach nó bláosca, ní íostaói
íad: atáid neamhghlan daóibh.


L. Dt14:11


Do nuile éun ghlan íostaói.


L. Dt14:12


Acht is iadso dá nach ios-
taoi: an tiolar, an tén fionn, agus
an tíascaire cáirneach,


L. Dt14:13


Agus an préchán gearr, agus
an préchán ceirteach, agus an préchan
ingneach do réir a chiníl.


L. Dt14:14


Agus gach uile fhíach dubh do
réir a chiníl.


L. Dt14:15


Agus an tulchabhcan, a
náinléog, agus an chúach, agus an
seabhac do réir a chiníl,


L. Dt14:16


An tulcabhchan beag, agus an
tulcabhchan mór, agus a neala.


L. Dt14:17


Agus an peliocan, agus an
tiolar timchiollach, agus an fiach
fairge.


L. Dt14:18


Agus an chorr ghlas, agus
an chorr ghrían do réir a chiníl, a-
gus an filbín, agus a níaltóg lea-
thair.


L. Dt14:19


Agus gach uile ní snáigheach
eitillios, atá neamhghlan duitsi, ní híos-
tar iad.


L. Dt14:20


Ach féadthaói gach uile én
glan dithe.


L. Dt14:21


Ní íostaói éinní reachus dég
uadh féin: dobhéura tú é don choimh-
idheach bhías ann do dhoirsibh go nithe sé
é, nó fédfa tú a dhíol ris an ndeó-
raidh: óir is pobal náomhtha thusa
don Tighearna do Dhía. Ní bhruithfe tú
meannán a mbainne a mhathar.


L. Dt14:22


Dobhéura tú uait go ceart
an deachmhadh dot uile shíol noch dobheir
an talumh uadh gach a blíadhain.


L. Dt14:23


Agus íosa tú a bhfiadhnuisi do
Thighearna Dé san náit noch thoigh-
feas sé a ainm do shuidhiughadh ann,
deachmhadh harbha, thfíona, agus hola, a-
gus primidil healbhann, agus do thréud,
chor go bhfoghlamaidh tú eagla do Thi-
ghearna Dé do bheith ort a gcomh-
nuidhe.


L. Dt14:24


Agus má bhíon an tslighe ro
fhada agad as nach bhféudann tú a iom-
chur, nó má bíonn anáit rofhada uait,
noch thoighfeas do Thighearna Día do
chur a anma ann, anuáir bheinneochas
do Thighearna Día thú.


L. Dt14:25


Annsin dodhéna tú airgiod Dé,
agus ceaingeola tú an tairgiod súas
ann do láimh, agus rachaidh tú don náit
noch thoighfeas do Thighearna Día.


L. Dt14:26


Agus dobhéura tú an tair-
giodsin ar gidhbé ní a mbía dúil
ag hinntinn ann, ar dhamhuibh, nó ar chaor-
chuibh, nó ar fhion, nó ar dhigh láidir,
gidhbé ní bhus toil led inntinn, agus
íosa tú annsin a bhfiadhnuisi do Thigh-
earna Dé, agus dodhéna tú gáir-
deachus, thú féin, agus do mhuintir.


L. Dt14:27


Agus an Lebhíteach bhías tá-
obh astigh dot dhoirsibh ní thréigfe
tú é, óir ni bhfuil roinn ná oighreacht
aige maille riot.


L. Dt14:28


A ndeireadh thrí mblíadhan dobhéura
tú amach deachmhuidh do bhisigh uile
an bhlíadhuin sin féin, agus cuirfe tú
a ttaisge í thaobh astigh dot dhoir-
sib.




L. Dt14:29

.
Agus tiucfaidh an Lebhíteach
do bhrígh nach bhfuil roinn nó oighreacht aige
maille leachtsa, agus an coimhightheach, a-
gus an dílleachta agus an bhaintreabhach
atá táobh astigh dot dhoirsibh, íosuid
agus béid sáitheach, chor go mhbeinneochuidh
do Thighearna Día thú an gach uile
obair do láimhe noch doní tú.


L. Dt15:1


A ccionn gach seachtmhadh blía-
dhan dodhéna tú fúas-
cladh.


L. Dt15:2


Agus séso modh an
fhúáscuilte, gach duine
bhéras éinní ar áirleagadh dá chomhar-
suinn, sáorfa sé é, ní dhéna sé éigion
ar a chomharsuinn, nó ar a dhearbhrathair
do chionn gurbé fúascladh an Tigh-
earna ghoirthear dhe.


L. Dt15:3


O achtrannach íarrfa tú é arís,
acht an ní dot chuid atá ag do
dhearbhrathair fuaisgeoluidh do lámh é.


L. Dt15:4


Acht amháin anúair nach bhéid boicht
bhur measc: óir beannochuidh an Tighearna
go mór thú annsa dúithche thug do
Tighearna Día dhuit dá sealbhughadh mar
oighreacht.


L. Dt15:5


Acht amháin má éisdir go dúth-
rachtach re ghuth do Thighearna Dé, do
thabhairt aire go gcomheoltá na haithean-
tasa uile, noch aithnighimsi dhíot aniugh.


L. Dt15:6


Oír do bheannuigh do Thighearna
Día thú mar do gheall sé dhuit, a-
gus dobhéra tú áirleagadh do mhórán
cineadhach, acht ní íarrfa tú áirleagadh;
agus riaghlocha tú ós cionn mhóráin
cineadhach, acht ní riaghlochaidsion ós do
chionnsa.


L. Dt15:7


Má bhíonn láimh riot duine bocht,
áon dot dhearbhráithribh táobh astigh dáon
dot dhoirsibh ann do dhúithche, noch
dobheir do Thighearna Día dhuit, ní chrúai-
dheocha tú do chroidhe, agus ní dhruidfe
tú do lámh ód dhearbhrathair bocht.


L. Dt15:8


Acht oisceola tú do lámh go
fairrsiong dhó, agus dobhéra tú dhó
ar áirleagadh go deimhin go lór chum a
ríachtanuis ansa ní is easbuidh air.


L. Dt15:9


Tabhair haire nach biadh smuain-
tiughadh ad dhrochchroidhe gha rádh, atá an
seachtmhadh blíadhan, bliadhan an mhaith-
mheachuis, ag druidion rinn: agus nach
biáidh do shúil go holc a naghuidh do
dhearbrathar bhoicht, agus nach ttiu-
bhra tú éinní dhó, agus go néighfidh sé
ar an TTighearna a taghaidh, agus
go mbía na pheacadh ort.


L. Dt15:10


Dobéura tú ní dhó go deimhin,
agus ní bhiáidh doirbheas ar do chroidhe
an tráth bhéuras tú dhó é: do bhrígh
go mbeinneochuidh do Thighearna Día thú
air son an neithesi ad uile oibrighibh,
agus ann gach uile ní iona gcuirfe
tú do lámh.


L. Dt15:11


Oír ní scarfuid na boicht choidhche
ris a ndúithche: uimesin cuirimsi dfía-
chuibh ortsa dhá rádh, oisceola tú do
lámh go fairsing dot dhearbhrathair dot
bhocht féin, agus dot ríachtanach féin
ann do dhúithche.


L. Dt15:12


Agus má racthar do dhear-
bhrathair Eabhruidhe fir nó Eabhruidhe mná
riot, agus go mbiáidh ag serbís duit
go ceann shé mbliaghan, annsin ar an
séasmhadh blíadhain, léigfe tú dhó im-
theacht sáor uáit.


L. Dt15:13


Agus anuáir chuirfios tú
amach sáor uáit é, ní léigfe tú dhó
imtheacht uáit folamh.


L. Dt15:14


Cuirfe tú leis go fairsing as
do thréud, agus as hurlár, agus
as do chuid fíona, dá gach ní ler
bheannuigh do Thighearna Día thú dobéra
tú dhósan.


L. Dt15:15


Agus cuimhneocha tú go raibh
tú féin a ndaóirsi san Négipt, a-
gus gur fhúascuil do Thighearna Día
thú; uime sin aithnighimsi an nísi dhíot
aniugh.


L. Dt15:16


Agus is amhluidh bhías, má deir
sé rioth, ni imeocha mé uáit; do chionn
gur grádhuigh sé thú agus do thigh,
do bhrigh go bhfuil sé go maith ad fho-
chair.


L. Dt15:17


Annsin glacfa tú meanadh,
agus cuirfe tú tré na chluáis annsa
dorus é, agus biadh sé na sheir-
bhíseach aghad go bráth: agus mar an
gcédna dhénas tú red bhanógluich.


L. Dt15:18


Ná bíodh na chrúas ort anuair
chuirfeas tú sáor uáit é, óir dobhí
fá dhó comhmaith ré serbhíseach túaras-
dail, ag dénamh seirbhíse dhuit sé bhlía-
dhna; agus beinneochaidh do Thighearna
Día thusa ann gach uile ní da ndéna
tú.


L. Dt15:19


Gach uile chéad thoradh firionn
dá ttiucfa ódealbha, agus ód thréud,
naomhthochaidh tú dot Thighearna Día íad:
ní dhéna tú obair ar bith le cédghein
do bhó, agus ní lomfa tú cédúan do
cháorach.


L. Dt15:20


Iósa tú é a bhfíaghnuisi do
Thighearna Dé gacha bhlíadhna, san náit
noch thoighfeas an Tighearna, thú féina-
gus muintir do thighe.


L. Dt15:21


Agus má bhíonn cáidhe ar bith
ann, má bhíonn bacach no cáoch, no droch-
aineamh ar bith air, ní dhéna tú íodhbuirt
dhe dot Thighearna Día.


L. Dt15:22


Iósa tú é táobh astigh dot
dhoirsibh, ionann iosas an duine neamh-
ghlan agus glan é, mar an phoc fhionn
agus mar an gcáirrfhíadh.


L. Dt15:23


Amháin ní íosa tú a fhuil,
dóirtfe tú ar an ttalamh í amhuil uisge.


L. Dt16:1


Coimhéd mí Abib, agus
cumhduigh an Cháisg dot
Thighearna Día; óir is
a mí Abib thug do Thigh-
earna Día amach as an Négipt thú
an sa noidhche.


L. Dt16:2


Dodhéna tú ar anadhbharsan
íodhbairt na Cásg dot Thighearna Día
don tréud, agus don airghe, san
náit ann a ttoighfigh an Tighearna a
ainm do chur.


L. Dt16:3


Ní íosa tú arán Loibhín leis:
seacht lá íosas tú Arán gan Loibhín leis,
eadhon arán na triublóide, (óir tháinic
tú amach as crích na Hégipte go
deifreach,) chor go gcuimhneocha tú an
lá tháinic tú amach as crích na Hé-
gipte feadh laétheadh do shaoghail.


L. Dt16:4


Agus ní faicfidhior arán loi-
bhín a nénáit bheanus riot ar feadh sheacht
lá, ní mó mhairfios éinghreim don nfeóil
dá ndéna tú íodhbairt an chédlá tráthnóna,
go maidin arna mhárach.


L. Dt16:5


Ní fhédann tú íodhbairt na Cásg
do dhénamh táobh astigh dáondorus
dá ttug do Thighearna Dia dhuit.


L. Dt16:6


Ach san náit thoighfeas do Thigh-
earna Día do chur a anma ann, annsin
dodhéna tú íodhbuirt na Cásg tráthnóna
ag dul síos don ghréin fá nam
a ttáinic tú amach as an Négipt.


L. Dt16:7


Agus róstfa agus íosfa tú é
san náit thoighfeas do Thighearna Día,
agus fillfe tú ar maidin, agus
rachaidh tú dot lóistínibh.


L. Dt16:8


Sé lá íosas tú arán gan loi-
bhín, agus an seachtmhadh lá biáidh comh-
chruinniugadh sollamanta agad dot
Thighearna Día, agus ní dhéna tú éinghné
oibre ann.


L. Dt16:9


Seacht seachtmhuine chomháirfios tú
dhuit féin, tosuigh comhairéamh na seacht
seachtmhuine ó nam ar thosuigh tú an cor-
rán do chur sa ngort.


L. Dt16:10


Agus coimhédfa tú féusta na
seachtmhuineadh dot Thighearna Día maille
re tabhartus ofrála toileamhla do láimhe,
noch bhéras tú dot Thighearna Día do
réir mar do bheannuigh do Thighearna Día
thú.


L. Dt16:11


Agus dodhéna thú gáirdeachus a
lathair do Thighearna Dé, thú féin, agus
do mhach, agus hinghion, hóglac, agus
do bhanóglach, agus an Lebhíteach noch
atá táobh astigh dot dhoirsibh, agus
an coimhightheach, agus an dílleachta a-
gus an bhaintreabhach bhías bhur measc
san náit noch thoighfeas do Thighearna
Día do chur a anma ann.


L. Dt16:12


Agus cuimhneocha tú go raibh
tú ad dhuine dháor san Négipt, agus
coimhédfa tú, agus dodhéna tú na
reachtaso.


L. Dt16:13


Coimhédfa tú féusta na tta-
bernaclach seacht lá tar éis thú do chrui-
nniughadh do choda arbha, agus fíona
asteach.


L. Dt16:14


Agus dodhéna tú gáirdeachus
an thféasta thú féin, agus do mhac, a-
gus hinghion, agus hóglach, agus do
bhanóglach, agus an Lebhíteach agus
an coimhightheach, agus an dílleasa, a-
gus an bhaintreabhach atá taobh astigh
dot dhoirsibh.


L. Dt16:15


Seacht lá choimhédfas tú fésta
sollamanta dot Thighearna Día san
náit noch toighfeas an Tighearna, do
chion go mbeinneochuidh do Thighearna Día
thú ion huile bhiseach, agus ion huile
oibreacha do lámh, uimesin go demhin
dodhéna tú gáirdeachus.


L. Dt16:16


Trí huáire san mbliadhuin
thaisbéantar huile fheardha a bhfiadhnuisi
do Thighearna Dé ann sa náit noch
thoighfeas sé: a bhfésta anaráin
gan loibhín, agus a bhfésta na
seachtmhuineadh, agus a bhfésta na ttab-
ernaclach, agus ní thiocfaid folamh
a lathair an Tighearna.


L. Dt16:17


Dobhéra gach énduine úadh mar
bhías a chumus, do réir bheannuighthe do
Thighearna Dé noch thug sé dhuit.


L. Dt16:18


Dodhéna tú breitheamhuin, agus
oifigidh ion huile dhoirsibh dobheir do
Thighearna Día dhuit ar feadh do threabh
uile, agus dodhénuid breitheamhnus air
dho phobail maille re breitheamhnus
ceart.


L. Dt16:19


Ní déna tú coimhéigneadh brei-
theamhnuis, ní thiubhra tú meas ar
pearsuinnuibh seach a chéile, agus ní
ghéubha tú cumha; óir dalluigh an chumha
súile na ndaóine eagnuighe, agus
aidhmhillidh bríathra na bhfírén.


L. Dt16:20


An ní bhías roceart is sé
leanfas tú, chor go mairfe tú, agus
go ngéubha tú oighreacht anfearuinn dobhéra
do Thighearna Día dhuit.


L. Dt16:21


Ní chuirfe tú dhuit féin gar-
rán ar bith crann láimh ré haltóir do
Thighearna Dé noch dodhéna tú dhuit
féin.


L. Dt16:22


Agus ní mó chuirfios tú ío-
mháigh ar bith súas duit féin, noch
fhuathuighios do thighearna Día.


L. Dt17:1


Ni dhéna tú bulóg ar bith
díodhbairt dot Tighearna
Día, nó cáora a mbía
aineamh no gráin ar bith:
óir is adhfhuathmhaireacht sin ag do
Thighearna Día.


L. Dt17:2


Má geibhthior bhur measg táobh
astigh dot dhoirsibh, noch thug do Thigh-
earna Día dhuit, fear nó bean dorinne
coir ghráineamhuil a radharc do Thigh-
earna Dé a mbriseadh a chunnartha,


L. Dt17:3


Agus go neacaidh agus gur
fhreastaluigh dée eile, agus gur adhraidh
íad, an ghrían no an ghealach no éinní
do shluagh nimhe nach ar aithin misi.


L. Dt17:4


Agus go ninneostar dhuitsi é,
agus go gcuala tú, agus gur cheastuigh
tú go duthrachtach é, agus féuch mas
fíor é, agus an ní dearbhtha gur hoib-
rígheadh a leithéid sin dathfhúathmhairecht a
Nisrael:


L. Dt17:5


Annsin dobhéra tú an fearsin
amach nó an bheansin, noch dorinne
an droichnísin go nuige do doirsi,
an fear nó an bean chéd nasin, a-
gus clochfa tú lé clochuibh íad no
go néguid.


L. Dt17:6


Do reír bhéil dha fhíadhuin no
thrí bhfíadhan cuirfighear chum báis an
té thuillfeas bás; acht ar son ghlóir
énduine amháin ní cuirfighear chum
báis é.


L. Dt17:7


Biaid lámha na bhfíadhan air ar
tús dá chur chum báis, agus na dhiáigh
sin lámha an phobail uile: marsin
chuirfios tú an tolc ar siubhal uáit
gan a bheith bhur measg.


L. Dt17:8


Má éirghionn cúis bháis rochruaidh
ort a mbreitheamhnus idir fhuil agus
fhuil, idir eidhliodh agus eidhliodh, agus
idir bhuille agus bhuille, do chúisibh
imreasuin taobh astigh dot dhoirsibh:
annsin éireocha tú, agus racha tú
súas san náit thoighfeas do Thighearna
Día:


L. Dt17:9


Agus tiucfa tú gus na sa-
gartuibh Lebhítech, agus gus an mbrei-
theamh bhías ann is na láethibhsin, agus
ceistheochuidh tú, agus taisbénfuid
dhuit breath an bhreitheamhnuis.


L. Dt17:10


Agus dodhéna tusa do réir
a norduighe thaisbénuid dhuit an drong
bhías don náit sin, noch thoighfeas do
Thighearna, agus dobhéra tú dot aire
a dhénamh do réir gach a tteagoscuid
dhuit.


L. Dt17:11


Do réir órduighthe an dlighe
mhúinfid siad dhuit, agus do réir an
bhreitheamhnuis inneosuid duit, dodhéna tú:
ní chláonfa tú ó nórdughadh thaisbénuid
duit air a láimh dheis nó ar a láimh
chlé.


L. Dt17:12


Agus an duine dodhénas go
heasurramach, agus nach éistfidh ris
a tsagart noch sheasas annsin do mhin-
iostrálacht a lathair do Thighearna Dé,
nó ris an mbreitheamh, fuileonguidh an
duine cédna sin bás: agus cuirfe tú
an tolc ar siubhal ó Israel.


L. Dt17:13


Agus cluinfid an pobal uile,
agus biáidh eagla orra, agus ní dénuid
easurradhas níis mó.


L. Dt17:14


Anuáir thiocfas tú don dúithche
dobheir do Thighearna Día dhuit, a-
gus shealbhochus tú í, agus áithreabhus
tú innte, agus déra tú, cuirfe mé
Rígh ós mo chionn do nós na gcineadhach,
uile atá um thimchioll.


L. Dt17:15


Cuirfe tú ar gach uile chor an
té sin na Rígh ós do chionn, noch thoighfeas
do Thighearna Día, aon a measc de
dhearbhráithreach chuirfios tú na Rígh ós
do chionn: ni fhédan tú coimhightheach do
chur ós do chionn nach bhfuil na dhearbrá-
thair agad.


L. Dt17:16


Ach ní chruinneochuidh sé iomad
each dhó féin, ní mó bhérus sé fa deara
ar an bpobal filleadh don Négipt,
chor go méideochadh sé eich dhó féin:
do bhrígh go ndubhairt an Tighearna
ribh, ní fhillfidhe ó so amach san tslighe
chédna.


L. Dt17:17


Ní mó chruinneochus sé iomad
ban do féin, chor nach bhfillfidh a chroidhe
ar ais, agus ní mó chruinneocus sé
dhó féin ainiomad óir nó airgid.


L. Dt17:18


Agus is amhluidh bías, anuair
shuighfios sé a ccathaóir a rioghachta
go scríobhtha sé dhó féin cóib an dlighe-
si ann a leabar, amach as leabhar da
mbía a bhfiadhnuisi na sagart Lebí-
teach.


L. Dt17:19


Agus biáidh sin aige, agus
léighfidh sé ann ar feadh laétheadh a sháo-
ghail; chor go bhfoghluimfidh sé eagla a
Thighearna Dé do bheith air, bríathra an
dlighesi uile do choimhlíonadh agus na
reachtasa dá ndénamh.


L. Dt17:20


Ionnus nach ttóigfidh a chroidhe
súas ós cionn a dhearbhráithreach, agus
nach bhfillfeae sé a leathtaoibh ón naithne
ar a láimh dheis nó ar a láimh chlé, ar
chor go bfaideocha sé a láethe iona
rioghacht é féin, agus a chlann a lár
Israel.


L. Dt18:1


Ní bhfuighid na sagairt Lebhítigh,
agus treabh Lébhi uile roinn
nó oghreacht a Nisrael:
íosuid síad ofrála an
Tighearna dénta lé teinidh, agus a
oighreacht.


L. Dt18:2


Uime sin ní bhfuighid oighreacht
ar bith a measg a ndearbhráithreach, sé
an Tighearna a noighreachtsan mar adubhairt
sé ríu.


L. Dt18:3


Agus budh é so ceart na sa-
gart ón phobal, ón droing ofralus
iodhbairt, ma damh nó ma caora; go
ttiubhraid don tsagart an slennén,
agus an dá ghíall, agus an mhéu-
dal.


L. Dt18:4


Cédthoradh harbhair mar an ccédna,
agus thfíona, agus hola, agus pri-
midil lomraidh do cháorach dobhéura
tú dhó.


L. Dt18:5


Oír do thogh do Thighearna Día
eision amach as do threabhuibh uile do
seasamh do dhénamh serbhíse a nainm an
Tighearna, é féin, agus a mhich go
bráth.


L. Dt18:6


Agus má thig Lebhíteach as áon
dot dhoirsibh amach as Israel uile,
mar a ndérna sé comhnuighe, agus
má thig sé maille re toil a inntinne
don náit thoighfeas an Tighearna:


L. Dt18:7


Annsin dodhéna sé miniostra-
lacht a nainm a Thighearna Dé mar doníd
a dhearbhráithre uile na Lebhitigh
sheasas annsin a bhfiaghnuisi an Tigh-
earna.


L. Dt18:8


Dogheabhuid uirid ré chéile re
ithe táobh amuich don ní thigh ó mhalairt
a athardhacht.


L. Dt18:9


Anuáir thiucfas tú don dúithche
dobheir do Thighearna Día dhuit, ní
fhoghluimfe tú dhénumh do réir adhfhua-
thmhaireacht na gcineadhachsin.


L. Dt18:10


Ní bhfuighthior bhur measc énduine
bhéuras air a mhac no air a inghin dul
thríd an tteinidh, nó ghnáthuighios fáis-
tine, nó cóimheaduighe aimsior, nó geas-
adóir, nó lucht piséog,


L. Dt18:11


Nó draói, nó fear dhénta
comhairle re leannán síth, nó fáistineach
no duibhelneac.


L. Dt18:12


Oír a nuile dhuine doní na
neithesi is adhfhuathmhaireacht don Tigh-
earna íad, agus do chionn na ngrai-
eamhlachtasa do dhíbir do Thighearna
Día amach romhad iad.


L. Dt18:13


Biáidh tú iomlán ag do Thigh-
earna Día.


L. Dt18:14


Oír do umhluigheadar na crío-
chasa noch shealbhochus tú do lucht fáis-
tine; acht ar do shonsa nior fhuiling
do Thighearna Día dhuitsi sin do
dhénamh.


L. Dt18:15


Tóigfe do Thighearna Día
fáigh dhuit as do lár féin amach,
dot dhearbhráithribh, mar misi; dhó sin
umhlochtaoi.


L. Dt18:16


Do réir anuile neithe dar
íarr tú ar do Thighearna Día ann
Horeb a ló an chomhchruinnighe gha rádh,
ná cluinim a rís guth mo Thighear-
na Dé, agus ná faicim an teinidh
rómhorso ní ís mó, chor nach bhfuighe
mé bás.


L. Dt18:17


Agus adubhairt an Thighearna
riomsa, is maith adubhradar ar labh-
radar.


L. Dt18:18


Tóigfe misi dhóib fáigh a-
mach as a ndearbhráithribh féin budh cos-
mhuil riotsa, agus cuirfe mé mo bhría-
thra ann a bhéul, agus laibheoruidh sé
ríu anuile ní dá naitheonadsa dhe.


L. Dt18:19


Agus is amhla bhías, gidhbhé
ar bith nach éistfidh ream bhriathruibhsi
noch laibheorus seision am ainmsi,
beanfad cuntus de ann.


L. Dt18:20


Acht an fáigh gheabhus do la-
bhairt, nó laibheorus a nainm Dee oile,
cuirfighear an fáighsin go deimhin chum
báis.


L. Dt18:21


Agus má deir tú ad chroidhe;
cionnus bhías fios an fhocail nár la-
bhair an Tighearna aguinn?


L. Dt18:22


Anuáir laibheorus fáigh a
nainm an Tighearna; muna ttí an ní
sin a gchrích nó nach biáidh marsin,
sé sin an ní nár labhair an Tighearna,
ach do labhair an fáigh go handóthchu-
sach: ní bhiaidh eagla ort roimhe.


L. Dt19:1


Anuáir ghearrfas do Thigh-
earna Día amach na puib-
leacha, noch a ttugann do
Thighearna Día a ndúithche
dhuitsi, agus thiucfas tusa ann a
náit, agus áitreabhas tu ann a gcai-
threachuibh, agus ann a ttighthibh:


L. Dt19:2


Cuirfe tú ar leith trí cai-
threacha dhuit féin a meadhon thfearann, noch
dobheir do Thighearna Día dhuit da
shealbhúghadh.


L. Dt19:3


Dodhéna tú slighe ullmughadh
dhuit féin, agus raoinnfe tú imle thfear-
uinn, noch dobheir do Thighearna Día
dhuit doighreacht, a ttrí chuid chor go
bfédfuidh gach dúnmharbhtóir teitheamh
annsin.


L. Dt19:4


Agus sé so cás an dúnmharbh-
thóra theithfios ionnas go ma féidir
leis marthuinn; gidhbé marbhus a chomh-
arsa go nemhchiontach nach ar fhúathaigh
sé san naimsin dochuáidh thairis é.


L. Dt19:5


Mar atá anuáir théid duine
fa choill lena chomharsuinn do ghear-
radh coilleadh, agus go ttiubhra a
lámh buille don tuáigh do ghearradh an
túagh don tsamhthuigh, agus go mbean-
faidh dá chomharsuinn, agus go bhfuigheadh
bás, teithfigh seision go cathruigh
dhíobh sin, agus biáidh béo.


L. Dt19:6


Deagla go leanfadh dioghaltach
na fola an dúnmharbhthóir an feadh dobhíadh
a chroidhe te, agus go mbéradh
air do chionn na sligheadh do bheith fada,
agus go muirfeadh é, ar son nár chóir
a bhás do thabhairt, do chionn nach raibh
fúath aige air san naimsin roimhe
sin.


L. Dt19:7


Ar anadhbharsin aithnighimsi
dhíotsa gha rádh, cuirfe tú trí cai-
treacha ar leith dhuit féin.


L. Dt19:8


Agus má mhéduighionn do Tighear-
na Día do théoranna (mar do
mhionnuigh sé dot aithribh) agus go
ttiubhra dhuit an dúithche oile noch do
gheall sé dot aithribh.


L. Dt19:9


Má choimhédann tú na haithean-
taso uile dá ndénamh, noch aithnighimsi
dhiot aniugh, grádh do bheith agad air
do Thighearna Día, siubhal choidhche iona
shlighthibh; annsin cuirfe tú trí cai-
threacha oile a cceann na ttrí gcaithreach
sa dhuit féin.


L. Dt19:10


Ionnus nach dóirtfigh fuil
nemhchiontach ann do dhúithche, noch dobheir
do Thighearna Día dhuit mar oigh-
reacht; marsin nach bíadh fuil ortsa.


L. Dt19:11


Ach má fhuathuighionn duine ar
bith a chomharsa, agus go mbhiáidh a
bhforaire air, agus go néireochuidh air,
agus go mbuáilfidh go marbhthach é,
chor go bhfuighe bás, agus teithigh sé
go cathruigh dhíobhso.


L. Dt19:12


Annsin cuirfidh seanóruigh a
chaithreach féin fios air, agus dobhéruid
léo as sin é, agus dobhéruid ó láimh
dhioghaltuigh na fola é da chur chum
báis.


L. Dt19:13


Ní bhíáidh truaighe ag do shúil
dó, ach cuirfe tú uáit coir na fola
nemhchionntuighe ó Israel, chor go racaidh
go maith dhuit.


L. Dt19:14


Ní áthrochudh tú téorann fhearuinn
do chomharsann, noch do chuireadar fada
ó shin ann hoighreachtsa noch shealbhuigheas tú
ann sa dúithche dobheir do Thighearna
Día dhuit dá sealbhughadh.


L. Dt19:15


Ní lór éinfhíadhnuisi amhaín
déirghe a naghuidh dhuine ar bith ar son
éicceirt nó ar son peacuidh ar bith iona
bpeacuighionn sé: as béul dá fhíadhain,
nó as béul thrí bhfíadhan dhearbhochthar an
chúis.


L. Dt19:16


Má éirghionn fiadhuin bhréige
súas a naghuidh énduine chum fíadhnuise
do dhénamh na aghuidh san ní nach ceart.


L. Dt19:17


Annsin seasfuid an días edir
a mbía an timreasan a lathair an Tighear-
na, a lathair na sagart, agus a lathair na
mbreitheamh bhías is na laéthibhsin
ann.


L. Dt19:18


Agus dodhénuid na brei-
theamhuin fíafruighe dhithchiollach, agus
féch mas fíadhuin bhréige an nfíadhuin
sin, agus go ndénuidh fíadhnuisi bhreige
a naghuidh a dhearbhrathar.


L. Dt19:19


Annsin dodhéntaoi ris mar
do shaóil seision do dhénamh re na
dhearbhrathair: marsin dhíbeorus tú an
tolc ó bheith bhur measc.


L. Dt19:20


Agus an drong bías béo
cluinfid sin, agus biáidh eaghla orra,
agus ní dhénaid ó sin amach a leithéid
sin dulc bhur measc.


L. Dt19:21


Agus ní bhiáidh truáighe ann do
súil, ach rachuidh anum ar son anma,
súil ar son súile, fíacuil ar son
fíachaile, lámh ar son láimhe, agus cos
ar son coise.


L. Dt20:1


Anuáir rachus tú amach do
throid a naghuidh do námhad,
agus dochífe tú eich a-
gus carbuid, agus daóine
is lía na thú féin, ná bíodh eagla ort
rompa: óir atá do Thighearna Día
maille riot, noch thug amach as crích
na Hégipte thú.


L. Dt20:2


Agus is amhla bhías anúair
thiucfuidhe láimh ris an ccath, go
ttiucfuidh an sagart chuguibh, agus
go laibheoruidh ris an bpobal.


L. Dt20:3


Agus déra sé riú, éistigh ó
a Israel, atáthaoi ag dul aniug a
ndáil chatha a naghuidh bhur námhad; ná
laguigheadh bhur ccroidhthe, agus ná
criothnuighidh, agus nar mó bhías úath-
bhás oruibh ar a son sin.


L. Dt20:4


Oír sé bur TTighearna Día an
té théid libh do throid re bhur námhuid,
da bhúr ttártháil.


L. Dt20:5


Agus láibheoruid na hoifigidh
ris an bpobal gha rádh, cía hé an
duine sin dorinne tigh núadh, agus
nach ar thoirbhir é: imthigheadh sé, agus
filleadh dhá thig, deagla go muirfidh é
san chath, agus go ttoirbheoradh duine
oile é.


L. Dt20:6


Agus cía hé an duine do chuir
fíneamhuin, agus nach duáigh dá tor-
adh? imthigheadh seision mar an gcédna,
agus filleadh dha thigh, deagla go muir-
fidh é san chath, agus go níosadh
duine eile dhi.


L. Dt20:7


Agus cia hé an duine thug
gealladh d'há mnaoi, agus nach ttug
chuige í? imthigheadh sé, agus filleadh dhá
thigh, deagla go ttuitfeadh san chath,
agus go mbéradh fear oile leis í.


L. Dt20:8


Agus laibheoruid na hoifigidh
tuilleamh ris an bpobal, agus déruid
síad, cia hé an duine atá eaglach nó
lagchroidheach? imthigheadh sé, agus fil-
leadh sé dhá thigh, deaghla go laigeochadh
croidhe a dhearbhraithreach mar a croidhesion.


L. Dt20:9


Agus is amhla bhías anuáir
dodhénuid na hoifigidh críochnughadh ar
a ccomhrádh ris an bpobal, go ndénuid
síad caiptínigh air a tslúagh, do
thréorughadh na ndáoine.


L. Dt20:10


Mar thiocfa tú a bhfogus do
chathruigh do throid na haghuidh, annsin
fúagair síothcáin di.


L. Dt20:11


Agus is amluidh bhías, má
bheir sí freagra síothchánta ort, a-
gus oscladh romhad, annsin is amhluidh
bhias, a mbiáidh do dhaóinibh innte béid
fa áirdchíos agadsa, agus ag seir-
bhís duit.


L. Dt20:12


Agus muna ndearna síth riot,
acht go ndéna sí cogadh ad aghaidh,
ansin cuirfhe tú foslungphurt re na
haghaidh.


L. Dt20:13


Agus anuáir sheachodas do
Thighearna Día ad láimhsi i, muirfe tú
gach éinfhirionnach innte le fáobhar an
chloidhim.


L. Dt20:14


Ach na mná, agus na daoine
beaga, agus a náirnéis, agus anuile
ní da mbía san chathruigh, a héadáil
uile, dobhéara tú chugad féin íad,
agus íosa tú éadáil do námhad, noch
thug do Thighearna Día dhuit.


L. Dt20:15


Mar so dhénas tú ris na
caithreachuibh uile atá rofhada uáit,
nach bhfuil do caithreachuibh na gcineadhachsa.


L. Dt20:16


Ach do chaithreachuibh na muin-
tiresi, noch dobheir do Thighearna Día
dhuit mar oighreacht, ní shaorfa tú béo
éinní ann a mbía anál.


L. Dt20:17


Ach scriosfa tú thríd amach
íad, mar atá na Hititigh, agus na
Hamoritigh, na Cananítigh, agus na
Peirisítigh, agus na Hibhítigh, agus
na Iebusitigh, mar do aithin do Thigh-
earna Día dhíot.


L. Dt20:18


Chor nach múinfidh dhíbh a dhénamh
do réir anuile ghráineamhlacht dorinn-
eadarsan dá ndeéibh: marsin dodhén-
taoisi peacadh a naghaidh bhur TTighearna
Dé.


L. Dt20:19


Anuáir bhías tú re haghuidh
caithreach a bhfad ag dénamh cogaidh
na hagaidh chum a gabhála, ní ghearrfa
tú a gcrainn ag búaladh tuáighe ionta:
óir fédfa tú ithe dhíobh, agus ní ghearr-
fa tú síos íad, (óir sé crann an
mhachaire beatha an duine) dá ccur a
bfeidhm annsa ccampa.


L. Dt20:20


Amháin na crainn a naitheonuidh
tú nach crainn thoruidh íad, leacfa tú,
agus gearrfa tú síos, agus dodhéna
tú tuir dhíobh re haghuidh na caithreach
bhías a ccogadh riot, nó go ngabh-
thar í.


L. Dt21:1


Ma gheibhthior duine mairbh san
tír noch dobheir do Thigh-
earna Día dhuit dá sealbhu-
ghadh, na luidhe san mhachaire,
agus gan fios cía mha-
rbh é.


L. Dt21:2


Annsin tiocfaid do sheanóirighe,
agus do bhreitheamhuin, agus toimheosuid
chum na ccaithreach atá timchioll an tí
muirfighear.


L. Dt21:3


Agus is amhluidh bhías, an chathair
bhus foigse don duine mharbh, glac-
fuid seanóirighe na caithreachsin
colpach, le nar hoibhrigheadh, agus nar
tharruing annsa chuing.


L. Dt21:4


Agus béuruid seanóirighe na
caitreachsin an cholpach síos go gleann-
garbh nach ar treabhadh, agus nach ar
cuireadh, agus gearrfuid ansin a muineal
don cholpuidh ansa ngleann.


L. Dt21:5


Agus tiucfuid na sagairt mic
Lébhi a lathair (óir is íad do thogh do
Thighearna Día do mhiniostralacht dó, agus
do bheannughadh a nainm an Tighearna a-
gus is léna mbreithir críochnuighthear
gach uile imsearain, agus gach uile
bhuille.)


L. Dt21:6


Agus nighfid seanóirighe na cai-
threachsin uile is foicsi don duine mhairbh
a lámha ós cionn na colpuigh dar baineadh
a ceann ansa ngleann.


L. Dt21:7


Agus freagoruid, agus a
déruid, ní híad ar lámhaine do dhóirt
an nfuilsi, ní mó dochonncadar ar
súile é.


L. Dt21:8


Bí trócaireach a Thighearna dot
phobal Israel, noch do fhúascuil tú, a-
gus ná cuir fuil nemhchiontach a leith do
phobail Israel: agus maithfighear an fhuil
dóibh.


L. Dt21:9


Mar sin chuirfeas tú uáit coir
na fola nemhciontuigh ó bheith eadruibh,
anuáir dodhéna tú an ní is ceart a
radharc an Tighearna.


L. Dt21:10


Anuáir rachus tú amach do
chathughadh a naghuidh do námhad, agus má
thug do Thighearna Día ad lámhuibh íad,
agus gur ghabh tú íad na mbraighdibh,


L. Dt21:11


Agus go bhfaicionn tú a measc
na mbraighde bean dheaghmhaiseach, agus
a mbía dúil agad innte, go madh mían
leacht a beith agad na mnaói:


L. Dt21:12


Annsin dobhéra tú don bhaile
í dot thigh, agus beárrfa sí a ceann, a-
gus beanfa sí a hingne dhi.


L. Dt21:13


Agus cuirfe sí a culaidh
bhráighdionuis di, agus fanfuidh ann do
thighsi, agus biáidh cumhaidh a hathar,
agus a mathar uirre mí iomlán, agus
na dhiáigh sin dodhéna tú bean di, a-
gus budh tú a fear, agus budh isi do
bheansa.


L. Dt21:14


Agus is amhla bhías, muna
raibh dúil agad innte, annsin dobhéra
tú cead di dul mar ar toil lé féin,
acht ní reacfa tú í ar énchor ar airgiod,
ní dhéna tú arradh dhi, do chionn gur
umhluigh tú í.


L. Dt21:15


Ma bhionn días ban ag duine,
bean ionmhuin, agus bean neimhionmhuin, a-
gus go mbéruid clann dó, an bhean
ghrádhach, agus an bhean fhuathmhar, a-
gus do madh leis an mnaoi fhúathmhair
an chéidghin mhic.


L. Dt21:16


Iseadh bhías de sin, anuáir dobhéra
sé sealbh dá mhacuibh don ní bhias
aige, nach bhfédfa céidghin do dhénamh
do mhac na mná ionmhuine, roimhe mhac
na mná neimhionmhuine, (noch) as é
go deimhin an chéidghin.


L. Dt21:17


Acht aidmheochuidh sé mac na
mná nach ionmhuin leis mar a chéidghin,
maille re roinn dhúbalta do thabhairt
dó dá gach uile ní bhias aige, óir is
eision cédthús a neirt, is leis ceart na
céidghine.


L. Dt21:18


Má bhíonn mac ceannláidir easur-
ramach ag duine nach uimhleochuid do
ghlór a athar, no do ghlór a mhathar,
nach uimhleochuidh dhóibh anuáir smaichteo-
chuid é.


L. Dt21:19


Annsin glachfuidh a athair,
agus a mhathair é, agus béruid amach é
chum sinsear a chaithreach féin, agus
go nuige dorus a áite:


L. Dt21:20


Agus déruid re sinnsearuibh a
chaithreach: an macsa aguinne atá sé
borb easurrumach, ní umhluighionn sé dar
nguth, atá sé cráosach misgeamhuil.


L. Dt21:21


Agus clochfuid lús a chaithreach
uile é lé clochuibh, nó go raibh marbh:
mar sin chuirfeas tú an tolc ar gcúl
uáit, agus cluinfidh Israel uile sin,
agus biáidh eagla orra.


L. Dt21:22


Agus má ní énduine coir
thuillios bás, agus go mbía dha chur
chum báis, agus go ccrochfa tú ré
crann é:


L. Dt21:23


Ní bhiáidh chorp ar feadh na
hoidhche san chrann, acht adhlocuidh tú ar
gach éanchor an lásin féin é: óir
an té crochtar, atá sé malluigh ó
Dhía; chor nach ttruáilleochthar thfe-
rann noch dobheir do Thighearna Día
dhuit mar oighreacht.


L. Dt22:1


Ni fhaicfe tú damh nó cáora
do dhearbhrathar ar seachrán,
agus tú féin dfolach air:
dobhéara tú ar gach
éanchor ar a nais chum do dhearbhrathar
íad.


L. Dt22:2


Agus muna raibh do dhearbhra-
thair láimh riot, nó muna fheadair tú cía
hé, ansin dobhéara tú chum do thighe
féin é, agus biáidh agad nó go lor-
garuidh do dhearbhrathair na dhiáigh, agus
aiseoguidh tú dhó arís é.


L. Dt22:3


Mar an gcéadhna dodhéana tú
re na assal, agus is mar sin do
dhéna tú réna éadach, agus ré
gach éiní théid amugha ód dhearbhrathair
noch do léig sé amugha, agus fuáir
tusa; dodhéana tú mar an gcéadna:
ní fhéadann tú thú féin dfolach.


L. Dt22:4


Ní fhaicfe tú assal nó damh do
dhearbhrathar ag tuitim ar a tslighe,
agus tú dot folach féin orra; cuid-
eocha tú leis go deimhin a ttogbháil
súas arís.


L. Dt22:5


Ní chuirfidh an bhean uimpe éiní is
cóir don fhior, ní mó chuirfios an fear
culaidh mhná uime: óir an mhéid doní
sin is gráineamhlacht ag do Thighearna
Día íad.


L. Dt22:6


Má theagmhann nead éin romhad ar
atslighe a ccrann nó ar talamh, más
éunluigh nó uighe bhías ann, agus an mha-
thair na luighe ar na héunuibh no ar na
huighibh, ní ghéabha tú an mhathair maille
ris na hóguibh.


L. Dt22:7


Ach léigfe tú ar gach éanchor
an Mhathair dimtheacht, agus glacfuidh tú
na héin chugad, chor go rachuidh go
maith dhuit, agus go bhféadfa tú do
láethe dfadughadh.


L. Dt22:8


A nuáir dodhéana tú tigh núadh,
annsin dodhéana tú caissiollochta
ar a úachtar, chor nach ttairreonga
tú fuil ar do thigh, má thuitionn éanduine
dhe.


L. Dt22:9


Ní chuirfe tú thfíneamhuin le síol-
ta eagsamhla, deagla go ttruaillfidh
toradh an tsíl dho chuir tú, agus to-
radh na fíneamhna.


L. Dt22:10


Ní dhéana tú treabhadh lé damh,
agus le hassal a néinfeacht.


L. Dt22:11


Ní chuirfe tú umad culaidh
do shórtuibh éagsamhla, mar atá doluinn,
agus do líon a néinfheacht.


L. Dt22:12


Dodhéana tú dhuit fabhra ar
cheithre cheathramhnuibh do chulaidh le bhfoil-
eocha tú (thú féin.)


L. Dt22:13


Má bheir éanduine bean, agus
go mbía aice, agus go bhfúatheo-
chuidh í.


L. Dt22:14


Agus go ttiubra cúis chainte
uirre, agus go ttoigeobhuidh droch
thúarusgbháil uirre, agus go naibeora;
thug mé an bheansa, agus anuair dobhi
mé aice ní bhfuáir mé na maighdin í.


L. Dt22:15


Annsin béaruid athair agus ma-
thair an cailín comhartha ógachta an
chailín léo go sinnsearuibh na caithreach
ansa ngeata.


L. Dt22:16


Agus déara athair an chailín
ris na seanóiribh, thug mé minghion don
fhiorsa na mnaói, agus thug sé fúath
dhi.


L. Dt22:17


Agus feuch, thug sé cúis chainte
na haguidh ghá rádh, ní bhfuair mé hin-
ghion na maighdin: gidheadh is íadso
comharthuidhe óghachta minghine, agus
leaithneochuid síad an téadach a bhfi-
adhnuisi shinnsior na caithreach.


L. Dt22:18


Agus glacfuid seanóirighe na
caithreach an fearso, agus smaichteo-
chuid é.


L. Dt22:19


Agus cuirfid síad cáin chéud
bpíosa airgid air agus dobhéaruid sin
dathair an chailín, do chionn gur thóig sé
droch ainm ar mhaighdin Disrael: a-
gus biáidh sisi na mnaói aige, ní féad-
fuidh sé a cur úadh ar feadh a sháoghail.


L. Dt22:20


Ach ma bhíonn an níso fíri-
nnioch, agus nach bhfaicthear comharthuidhe
óghachta don chailín.


L. Dt22:21


Annsin dobhéuruid shíad an
cailín amach go dorus tighe a hathar,
agus clochfuid muintir a caithreach lé
clochuibh í, nó go néuga sí; do chionn go
ndéarna sí leimhe an Israel, stríapa-
chus do dhéanamh a ttigh a hathar; mar
sin chuirfidhe an tolc ar ccúl uaibh.


L. Dt22:22


Má gheibhthear fear ag luidhe le
mnaói gá mbía fear pósta, annsin
bháiseochthar íad aráon, an fear do luigh
leis an mnaói, agus an bhean: marsin
chuirfeas tú olc ar gcul ó Israel.


L. Dt22:23


Má bhíonn cailín bhías na maigh-
din a ngealladh ag fior, agus go
bhfuighe duine ansa cathruigh í, agus go
luighfidh lé.


L. Dt22:24


Annsin dobhéarthaoi íad araon
amach go geata na caithreach, agus
clochfuidhe lé clochuibh íad nó go bhfuighid
bás; an cailín do chionn nar éigh sí air
mbeith dhi ansa ccathruigh; agus an
fear do chionn gur thruaill sé bean a chomh-
arsann: mar sin chuirfídhe an tolc ar
gcúl uáibh.


L. Dt22:25


Ach má gheibh duine cáilín ar
a mbía gealladh pósta ar na machairibh,
agus go néigneochuidh an fear í, agus
go luighfe lé; ansin cuirfighear an fear
amháin chum báis do luigh lé.


L. Dt22:26


Ach ní dhéana tú éinní ris an
ccailín, ní bhfuil coir ar bhith ansa
chailín thuilleas bás: óir mar éirgios
duine a naghuidh a chomharsann, agus
mharbhas é, is marsin atá an chúissi


L. Dt22:27


Óír fuáir sé san mhachaire i,
agus do éigh an cailín ar a raibh dain-
gean posta, agus ní raibh éinneach do
cuimhdeochadh í.


L. Dt22:28


Ma gheibh duine cailín bhías
na maighdin, agus gan í pósta, agus
a héigniughadh, agus luidhe lé, agus
go mbearthar orra:




L. Dt22:29

.
Annsin an té do luidh lé, do
bhéara dá hathair cáogad sécel airgid,
agus biáidh sí na mnaói aige, do chionn
gur umhluigh sé í, ní fhédann a cur úadh
ar feadh a sháoghail.


L. Dt22:30


Ní ghébha duine bean a athar
chuige, agus ní nochtfuidh sé náire a
athar.


L. Dt23:1


An té loitthear iona chlochuibh,
nó a ngearthar a bhoill sheic-
réideacha dhe, ní reachuidh a
ccomhchruinniughadh an Tigh-
earna.


L. Dt23:2


Ní racaidh bastard a ccomh-
thionól an Tighearna: go nuige an deach-
mhadh glún ní racuidh sé astech a
a gcoimhthionól an Tighearna.


L. Dt23:3


An Tammoníteach, agus an
Moabíteach ní rachuid síad a gcomhthió-
nól an Tighearna: eadhon go nuige an
deachmhadh glún, ní rachuid a gcomhthíonol
an Tighearna go bráth.


L. Dt23:4


Do bhrígh nach ttangadar chughaibh
lé harán, agus lé huisge an sa tsli-
ghe anuair thangabhair amach as a Né-
gipt, agus do bhrígh gur cheannchadar
Balaam mhac Peor as Pétor na
Mesopotámia a taghuidh chum thusa do
mhallughadh.


L. Dt23:5


Gidheadh níor eíst do Thighearna
Día ré Bálaam, ach do iompóigh do
Thighearna Día an mallughadh na bheannu-
ghadh dhuitsi, do bhrígh gur bhionmhuin lé
do Thighearna Día thú.


L. Dt23:6


Ní íarrfa tú a shíothcháin nó a
gconach ar feadh do sháogháil.


L. Dt23:7


Ní fúathocha tú Edomíteach, óir
is deairbhráthair dhuit é: ní fhúathocha tú
Egipteach do chionn go rabhuis ad choimhi-
theach iona dhúithche.


L. Dt23:8


An chlann bhértar dhóibh rachaid a
ccomhthionól an Tighearna iona ttreas
nginealach.


L. Dt23:9


Anuáir rachus an slúagh amach
a naguidh do námhad, ansin choimhéd thú
féin ar gach uile dhroich ní.


L. Dt23:10


Má bhíonn bhur mheasc énduine nach
bía glan tre shalchar bheanus dó san
noidhche, ansin rachaidh sé amach as an
ccampa, ní thiucfa sé tháobh asteach
don champa.


L. Dt23:11


Acht as amhluidh bhías anuáir
thiucfas an tráthnóna, nighfidh sé é
féin lé huisge, agus anuáir rachas
an ghrían faói tiocfa sé don fhos-
lungphort arís.


L. Dt23:12


Biáidh agad mar an gcéadna
áit táobh amuigh don fhoslunsphort mar
a racha tú amach.


L. Dt23:13


Agus bhiáidh slúasad agad ar
harm, agus is amhluidh bhías, anúair fhóil-
mheochus tú thú féin, toicheóluidh tú leis
sin, agus iompochuidh tú air hais, agus
foileochuidh tú an ní thig uáit.


L. Dt23:14


Oír siubhluigh do Thighearna Día
a lár do champa dot cumhdachsa agus do
thabhairt do námhad súas ad fhíaghnuisi:
ar anadhbharsin biáidh do champa náomh-
tha, go nach bhfaicidh sesion éinní salach
ionnad, agus go bhfillfeadh sé uáit.


L. Dt23:15


Ní thiubhra tú dha mhaighistir an
seirbhiseach noch tháinic ó na mhaighistir
chugad.


L. Dt23:16


Coimhneochuidh sé at fhochair, eadhon
eadruibh san náith thoighfeas sé, ann aon
dot dhoirsibh mar a ttaithneann ris: ní
sháireocha tú é.


L. Dt23:17


Ná bíodh stríapach ar bith din-
ghionuibh Israel, ná Sodomíteach do mhacuibh
Israel.


L. Dt23:18


Ní thiubhra tú túarusdal strí-
apuighe, nó lúach madruidh go tigh do
Thighearna Dé ar son móide ar bith:
óir is athfhúathmhaireacht íadso araon dot
Thighearna Dia.


L. Dt23:19


Ní thiubhra tú áirleagadh ar
úsuireacht dot dhearbhrathair, úsuireacht airgid,
úsuireacht bhídh, úsuireacht neithe ar bith áir-
leachthair ar úsuireacht.


L. Dt23:20


Do choimhidhtheach féduidh tú áir-
leagad do thabhairt ar úsuireacht, acht doth
dhearbhrathair ní fhédann tú áirleagadh do
thabhairt ar úsuireacht, chor go mbheinneo-
chaidh do Thighearna Día thú ann gach
uile ní iona ccuirfe tú do lámh annsa
tír a ttéidh tú dá selbhughadh.


L. Dt23:21


Anuáir dobhéra tú móid dot
Thighearna Día, ná cuir ar cáirde
a choimhlíonadh: óir íarrfuidh do Thigh-
earna Día cunntus ort ann go deimhin,
agus dobhíadh na pheacadh ort.


L. Dt23:22


Acht muna ttuga tú móid,
ní bhía na pheacadh ort.


L. Dt23:23


Gidhbé ní dochuáidh amach as
do bhéul, coimhédfa tú, agus coimlíon-
fa tú é; eadhon an nofráil thoilemhuil
do réir mar do mhóidigh tú dot Thi-
ghearna Día, noch do gheall tú léd bhéul.


L. Dt23:24


Anuáir thiocfas tú go gár-
ruidh fíneamhna do chomharsann; ansin is
éidir leacht cáora fíneamhna do sáith
dithe ar do thoil féin, acht ní chuirfe
tú éinní ann do shoitheach.


L. Dt23:25


Anuáir thiucfas tú a ngort
do chomharsann, ansin féaduigh tú na
déusa do tharruing lé do láimh, acht ní
chorrocha tú corrán a narbhar do
chomharsann.


L. Dt24:1


Anuáir dobhéara fear bean,
agus phósas sé í, agus
go tteigeomhuidh nach bhfuighe
sí grádh ar bith úadh, do
chionn go bhfuáir sé neamhgloine éigin
inte: annsin scríobhadh sé dhi scríbhinn
dealuighe, agus tugadh dhi ann a láimh
é, agus cuireadh amach as a thigh í.


L. Dt24:2


Agus anuáir fhúigfios sí a
thigh, is éidir lé imtheacht, agus bheith na
mnaói ag fear oile.


L. Dt24:3


Agus má fhúathuighionn an dara
fear í, agus scríbhinn dealuighe do scrío-
bhadh dhi, agus go ttiubhra dhi ann a
láimh í, agus a cur amach as a thigh;
nó má gheibh an fear deirionnach bás do
ghabh chuige na mnaoi í:


L. Dt24:4


Ní fédhann an céidfhear do chuir
uadh í, a glacadh chuige a rís na mnaoi,
tar éis a truáillighe: óir is adhfhúa-
thmhaireacht sin a bhfiaghnuisi an Tighearna,
agus ní thiubhra tú fa deara don
dúithche peacugadh, noch dobheir do Thi-
ghearna Día dhuit mar oighreacht.


L. Dt24:5


Anuáir dobheir duine bean
núadh, ní rachuidh sé amach chum an co-
gaidh, ní mó chuirfighear cúram éinneithe
air: ach biáidh sé sáor san mbaile
ar feadh blíadhna, agus dodhéana
sé sólás dá mhnáoi noch thug sé.


L. Dt24:6


Ní ghlacfa éanduine cloch íachtair
nó uachtair muilinn a ngeall: óir glacuidh
sé anum duine a ngeall.


L. Dt24:7


Má gheibhthior duine ag goid
éanduine dá dhearbhráithribh do chloinn Is-
rael, agus go ndéan sé malairt de,
nó go ndíolfaidh é, annsin báiseochthar
an gaduighe, agus cuirfe tú an tolc
ar gcúl uaibh.


L. Dt24:8


Tabhair haire a bpláigh na lu-
bhra go gcoimhéadfa tú go dúthra-
chtach, agus go ndéana tú do réir
a nuile neithe mhúinfid na sagairt Le-
bhiteach dhuit: mar do aithin misi dhíobhsan,
marsin choimhéadfáoisi dhéanamh.


L. Dt24:9


Cuimhnigh cread dorinne do Thigh-
earna Día re Míriam ionsa tslighe,
tar éis teacht amach dhaóibh as an Né-
gipt.


L. Dt24:10


Anuáir dobhéara tú éinní ar
áirleagadh dot dhearbhráthair, ní rachuidh
tú asteach dhá thigh do bhreith gill
úadh.


L. Dt24:11


Seasfa tú amuigh, agus an té
dá ttiubhra tú áirleagadh, dobhéara
seision amach chugad an geall.


L. Dt24:12


Agus má bhíonn an duine bocht,
ní choideola tú, agus a gheall agad.


L. Dt24:13


Ar gach uile chor go bhéara tú
a gheall dó anuáir théid an ghrían
faoi, chor go bféadfa codladh iona
éadach féin, agus beannochuidh sé thusa,
agus biáidh so na fhíréantacht duit
a lathair do Thighearna Dé.


L. Dt24:14


Ní sháireocha tú éintserbhíseach
túarusdail dá mbía bocht nó daidhbir,
dot dhearbhráithribh no dot coimhitheachuibh
noch atá ann do dhúithche táobh astigh
dot dhoirsibh.


L. Dt24:15


Iona ló cinnte dobhéara tú
a thúarusdal dó, agus ní rachuidh an
ghráin síos air; óir atá sé bocht, agus
cuirídh sé a chroidhe air: deagla go néigh-
feadh sé ad aghuidh ar an TTighearna, a-
gus go mbíath na pheacadh ort.


L. Dt24:16


Ní cuirfighear na haithre cum
báis ar son na cloinne, nó an chlann
chum báis ar son na naithreadh; báis-
eochthar gach duine ar son a choire
féin.


L. Dt24:17


Ní chláonfa tú breitheamhnus an
choimhithigh, nó an dílleachta, agus ní
ghlacfa tú édach baintreabhuigh a ngeall.


L. Dt24:18


Ach cuimhneoicha tú go rabhuis
féin do sclábhuigh san Négipt, agus
gur fhúascuil do Thighearna Día as
sin tú; air anadhbharsin aithnighimsi
dhíot an níso dhénamh.


L. Dt24:19


Anuáir bheanfas tú thfóghmhar
ar an machaire, agus dheirmeodus tú
punnann annsa machaire, ní racha tú arís
ar a ceann: biáid sin ag an ccoimhitheach,
ag an ndílleachta, agus ag an mbain-
treabhuigh chor go mbeinneochuidh do Thi-
ghearna Día thú ann uile oibrighibh do
lámh.


L. Dt24:20


Anuáir bhuáilfios tú do chrann
ola, ní racha tú do spíonadh na ngég
arís; bíáidh sin ag an ccoimhitheach, ag
an ndílleachta, agus ag an mbaintrea-
bhuigh.


L. Dt24:21


Anuáir chruinneochas tú grápaidh
thfíneamhna, ná dioghluim na dhiáighsin:
biaidh sin ag an ccoimhitheach, ag an ndíl-
leachta, agus ag an mbaintreabhuigh.


L. Dt24:22


Agus cuimhneocha tú go raibh
tú ad daóirseanach a ccrích na Hé-
gipte: uimesin aithnighimsi dhíot an ní
so dhénamh.


L. Dt25:1


Ma bhíonn imreasain idir dháoi-
nibh, agus go ttiucfuid
chum breitheamhnuis, chum go
ndéindís na breitheamhuin
breitheamhnus eatorra: an
sin sáorfuid an firéun, agus daim-
neochuid an ciontach.


L. Dt25:2


Agus is amhluidh bhías, ma thuil-
leann an ciontach a bhúaladh, go ccuir-
fidh an breitheamh dfíachuibh a leagadh síos,
agus gabháil air dá lathair féin do réir
a choire a nuibir áirigh.


L. Dt25:4


Ná cuir féastrach leis a ndamh
anuáir shaltras amach an tarbhar.


L. Dt25:5


Má chomhnuighid dearbhráithre a
bhfochair a chéile, agus go néuga áon
díobh agus gan clann aige, ní phósfa
bean an té chuáidh déug, amuigh re coimhi-
theach: bhiáidh deairbhrathair a fir aice, a-
gus béruidh chuige na mnaói í, agus
coimlíonfa oifig dhearbhrathar a fir
dhi.


L. Dt25:6


Agus is amhla bhías an chéidghin
noch bhérus sí go mbiáidh a náit anma
a dhearbhrathar fuáir bás, chor nach
ccuirfighear a ainm amach as Israel.


L. Dt25:7


Agus muna ttaitnidh leis a
nóglach bean a dhearbhrathar do glacadh
chuige, annsin éirgeadh bean an dearbhrá-
thar súas gus an ngeata, mar a
mbéid na seanóirigh, agus déra sí ríu,
do dhíult dearbhrathair mfir sliocht do
thógbháil súas dainm a dhearbhrathra a
Nisrael: ní háill leis oifig dearbhrathar
mfir do choimhlíonadh.


L. Dt25:8


Annsin goirfid sinnsir a chaithreach
air, agus laibheoruid ris, agus má
sheasann seision na naghuidh, agus go
naibeora, ní thaithnionn riom a tabhairt:


L. Dt25:9


Annsin tiucfaidh bean a dhearbhra-
thar chuige a lathair na sinnsear, agus
scaóilfidh sí a bhróg dhá chois, agus
buáilfe sí seile na édan, agus frea-
goruidh sí dhá rádh, marsin dodhéntar
ris an té nach ccuirfe tigh a dear-
bhrathar súas.


L. Dt25:10


Agus goirfighear dainm dhe a
Nisrael, tigh an té ar a bhfuil a
bhróg scaóilte.


L. Dt25:11


Anuáir theigeomhas imreasain
idir dhuine agus duine eile, agus
go ttiucfa bean fhir aca a lathair
do thártháil a fir ó láimh an té bhuái-
lios é, agus go ccuirfe sí a lámh a-
mach agus go mbéuruidh ar bhalluibh sec-
réideacha air.


L. Dt25:12


Ansin gearrfa tú a lámh dhi,
ní bhiáidh truáighe ag do shúil di.


L. Dt25:13


Ní bhiáidh agad ann do mhála comh-
thrum égsamhla, comhthrom mór, agus
comhthrom beag.


L. Dt25:14


Ní bhiáidh agad ann do thigh-
miosur tomhuis égsamhla, mór agus
beag.


L. Dt25:15


Ach biáidh agad comhthrom iom-
lán ceart, agus miosur iomlán ceart
bhías agad, chor go bhfaideochthar do
láethe ansa talamh, noch dobheir do
Thighearna Día dhuit.


L. Dt25:16


Oír an mhéid doní a leithéidsin,
agus an mhéid doní go héigceart, atáid
na nadhfhúathmhaireacht ag do Thighear-
na Día.


L. Dt25:17


Cuimhnigh cread dorinne Ama-
lec riot ansa tslighe anuáir thanga-
bhair amach as an Négipt.


L. Dt25:18


Cionnus thárla sé riot ansa
tslighe, agus do bhuáil an chuid dheighio-
nach dhaóibh, eadhon an mhéid dobhí anbhfann
ad dhiáigh anuáir dobhí tú lag, agus
corrtha, agus nach raibh eagla Dé air.


L. Dt25:19


Uimesin is amhluidh bhías anuáir
bhérus do Thighearna Día suáimhnios
duit ód naimhdibh uile fagcuáirt ad
thimhchioll ansa dúithche dobheir do Thi-
ghearna Día dhuit mar oighreacht da seal-
bhúghadh, go ccuirfe tú amach cuimhne
Amalec ó bheith faói neamh, agus ní
dhearmoda tú é.


L. Dt26:1


Agus is amhluidh bhías anuáir
thiocfas tú asteach ansa
tír, noch dobheir do Thi-
ghearna Día dhuit mar oigh-
geacht, agus sealbhocus tú í, agus coimh-
neochus tú inte:


L. Dt26:2


Go nglacfa tú don chédchuid do
nuile thoradh na talmhun, noch bhainfeas
tú dot fhearann dobheir do Thighearna
Día dhuit, agus cuirfe tú a mbas-
caéid é, agus racha tú don náit thoigh-
feas do Thighearna Día do chur a anma
ann.


L. Dt26:3


Agus racha tú chum an tsa-
gairt bhías ann ansna laéthibhsin, a-
gus déra tú ris, admhuighim aniug
dom Thighearna Día go ttáinic mé
don dhúithche do mhionnuigh an Tighearna
dar naithribh do thabhairt dúinn.


L. Dt26:4


Agus glacfa an sagart an
bhascaéid as do láimh, agus leacfuidh
ar lár é a bhfiadhnuise altóra do
Thighearna Dé.


L. Dt26:5


Agus laibhéora tusa, agus
déra tú a bhfiadhnuisi do Thighearna
Dé, dobhí mathair na Shírianach réidh
chum dula seachad, agus dochuáidh sé
síos don Négipt, agus dorinne cuáirt
annsin le beagán muintire, agus
tháinic annsin chum bheith na chineadh mhór
chumhachtach dhaóineach.


L. Dt26:6


Agus dobhádar na Hégiptigh
go holc dar ccionn, agus do ghort-
tuigheadar sinn, agus do chuireadar
daóirse chruáidh oruinn.


L. Dt26:7


Agus anuáir do éigheamar air
ar TTighearna Día ar naithreadh, do
chualuidh an Tighearna ar nguth, agus
do fhéuch air ar ccrádh, agus air ar
sáothar, agus air ar sárughadh.


L. Dt26:8


Agus thug an Tighearna amach
sinn as an Négipt lé láimh láidir, a-
gus lé righ sínte amach, agus lé
húathbhás mór, agus lé comharthuibh, a-
gus lé hiongantuibh.


L. Dt26:9


Agus thug sé asteach don
náitsi sinn, agus thug an dúithchesi
dhúinn, eadhon dúithche thuilltighios do
bhainn agus do mhil.


L. Dt26:10


Agus anois féuch thug mé
liom céadthoradh a nfearuinn, noch thug
tusa dhamh, ó a Thighearna, agus
cuirfe tú a bhfiaghnuisi do Thighear-
na Dé é, agus adharfa tú a bhfiagh-
nuisi do Thighearna Dé.


L. Dt26:11


Agus dodhéana tú gáirdeachus
ré gach éainní maith, noch thug do Thigh-
earna Día dhuit féin agus dot thigh,
thusa agus an Lebhíteach, agus an
coimhitheach atá bhur measc.


L. Dt26:12


Anuáir chuirfios tú crích ar
ghabháil deachmhuidh do bhisigh uile an
treas blíadhain, blíadhuin ghábhala na
deachmhuidh, agus go ttug tú í don Le-
bíteach, agus don coimhitheach, agus
don dilleachta, agus don bhaintreabhuigh,
ionnus go nithid taobh astigh dot dhoir-
sibh, agus go mbéid sáitheach:


L. Dt26:13


Annsin déra tú a lathair do Thi-
ghearna Dé, thug mé liom na neithe náomh-
tha amach as mo thigh, agus fós thug mé
íad don Lebhíteach, agus don choimhitheach,
agus don dílleachta, agus don bhain-
treabhaigh do réir huile aitheantasa,
noch do aithin tú dhíom; níor sháruigh
mé haitheantasa, agus níor dhearmuid
mé íad.


L. Dt26:14


Ní dhuaigh mé dhíobh ann mo dhob-
rón, ní mó ruig mé éinní aca liom chum
úsáide neamhghloine ar bith, ní mó thug
mé éinní ar son an mhairbh: acht do éisd
mé re glór mo Thighearna Dé, agus
dorinne mé do réir gach éinnéithe dar
aithin sé dhíom.


L. Dt26:15


Féuch anúas ódáitreabh
náomhtha, ó neamh, agus bheannuigh do pho-
bal Israel, agus an dúithche thug tú
dhúinn mar do mhionnuighis dar naithribh,
dúithche thuiltighios do bhainne agus do
mhil.


L. Dt26:16


Annsa ló aniugh do aithin do
Thighearna Día dhíot na statúidesi do
dhénamh, agus na breitheamhnuis: ar anadhbharsin
coimhédfa tú íad, agus dodhéna
tú íad ód uile chroidhe, agus
léd hanum uile.


L. Dt26:17


Dadmhuigh tú aniugh an Thigh-
earna a bheith na Dhía agad, agus
imtheacht iona shlightibh, agus iona reachtuibh,
agus a aitheanta do coimhéd, agus a
bhreitheamhnuis, agus aire do thabhairt dá
ghlór.


L. Dt26:18


Agus dadmhuigh an Tighearna
dhuitsi aniugh gur tú a phobal áirigh,
mar do gheall sé dhuit, agus go ccoimh-
édfá a aitheanta uile.


L. Dt26:19


Agus go ndéna sé árd thú ós
cionn a nuile chineadh noch dorinne sé, a
moladh, agus a nainm, agus a nonóir
agus go madh héidir leacht bheith mar pho-
bal naomhtha ag do Thighearna Día, mar
adubhairt sé.


L. Dt27:1


Agus do aithin Maóisi maille
re seanóirighibh Israel don
phobal, ga rádh, coimhéduigh na
huile aitheanta, noch aithní-
ghimsi dhaóibh aniugh.


L. Dt27:2


Agus is amhluigh bhías ar an lá a
rachtaói tar Jordán anonn don dúithche
dobheir do Thighearna Día dhuit, go
ccuirfe tú súas duit féin clocha
móra, agus a ndóbáil lé dóib.


L. Dt27:3


Agus scriobhtha tú orra bríathra
an dlighesi uile anuair rachus tú thairis
anonn, chor go bhfédfa tú dul asteach
don tír sin dobheir do Thighearna Día
dhuit, fearann thuiltighios do bhainne agus
do mhil: mar do gheall an Tighearna Día
haithreadh dhuit.


L. Dt27:4


Uimesin is amhluigh bhías anuáir
rachtaói tar Jordán anonn, go gcuir-
fidhe na clocha so súas, noch aithni-
ghimsi dhaoibh aniugh a sliabh Ebal, a-
gus dodhéntaoi a ndóbáil lé dóib.


L. Dt27:5


Agus ansa náitsin dodhéna
thú altóir dot Thighearna Día, altóir
do chlochuibh: ní thóigfe tú súas urnéis
iaruinn ar bith orra.


L. Dt27:6


Cuirfe tú súas altóir dot Thigh-
earna Día do chlochuibh iomlána, agus
ofráilfe tú íodhbuirt loisge uirre
dot Thighearna Dé.


L. Dt27:7


Agus ofráilfe tú íodhbuirt
shiothchána, agus íosa tú annsin, agus
dodhéna tú gáirdeachus a bhfiadhnuisi
do Thighearna Dé.


L. Dt27:8


Agus scríobhtha tú ar na clo-
chuibh uile bhríathra an dlighesi go ro
shoilléir.


L. Dt27:9


Agus do labhair Maóisi, agus
na sagart Lebítech ré Israel uile ghá
rádh, tugaidh bhur naire, agus éistigh
ó a Israel, annso lóso tháinic tú
chum bheith ad phobal ag do Thighearna
Día.


L. Dt27:10


Uimhleocha tú ar a nádhbharsin
do ghlór do Thighearna Dé, agus
coimhlíonfa tú a aitheanta, agus a
reachta noch fhúagruimsi dhuit aniugh.


L. Dt27:11


Agus do chuir Maóise do chú-
ram air an bpobal annsa lá sin féin
dhá rádh.


L. Dt27:12


Béid so na seasamh ar shlíabh
Gerisim do bheannughadh an phobail a
nuáir rachtaoi tar Jordan anonn; Si-
meon, agus Lébhi, agus Júdah, agus
Issachar, agus Jóseph, agus Ben-
jamin.


L. Dt27:13


Agus seasfhuidso ar shlíabh
Ebal do mhallughad; Réuben, Gad, a-
gus Aser, agus Sebulon, Dan, a-
gus Naphtali.


L. Dt27:14


Agus laibheoruid na Lebhítigh,
agus déruid re cloinn Israel uile
maille re guth árd.


L. Dt27:15


Go ma malluigh an duine dhénas
íomháigh ghrábhálta nó leaghtha, athfhúath-
mhaireacht don Tighearna, obair lámh an fhir
ceirde, agus chuireas a nionad uáigh-
neach í: agus freagoruidh an pobal uile,
agus déruidh, Amén.


L. Dt27:16


Go ma malluigh an té tharcuis-
nighios a atair nó a mhathair: agus déra
an pobal uile, Amén.


L. Dt27:17


Go ma malluigh an duine áthro-
chus téoranna fhearainn a chomharsann: a-
gus déra an pobal uile, Amén.


L. Dt27:18


Go ma malluigh an té chuirios
sheachrán air an ndall as a tslighe: agus
déra an pobal uile, Amén.


L. Dt27:19


Go ma malluigh an té chlaonus
bhreitheamhnus an choimidhthidh, an dílleachta,
agus na baintreabhuigh: agus déra an
pobal uile, Amén.


L. Dt27:20


Go ma malluigh an té luighios
lé mnaói a athar, do chion go nochtann sé
náire a athar: agus déra an pobal uile, amén.


L. Dt27:21


Go ma malluigh an té luighios
le na dheirbhshíair, inghion a athar nó
inghion a mhathar: agus dérna an po-
bal uile, Amén.


L. Dt27:23


Go ma malluigh an té luighios
lé na bhainchlíamhuin; agus déra an po-
bal uile, Amén.


L. Dt27:24


Go ma malluigh an té bhuáilios
a chomharsa a bhfeill: agus déra an
pobal uile, Amén.


L. Dt27:25


Go ma malluigh an té ghabhus
cumha do chionn duine nemhchiontach do
mharbhadh: agus déra an pobal uile, A-
mén.


L. Dt27:26


Go ma malluigh an té nach
daingneocha bríathra an dlighesi uile
da ccoimhlíonadh: agus déra an pobal
uile, Amén.


L. Dt28:1


Agus tiucfa a ccrích, má
éisteann tú go dúthrachtach
re glór do Thighearna Dé,
do choimhlíonadh, agus do
dhénamh a aithneadh uile, noch
aithníghimsi dhíot aniugh, go gcuirfe
do Thighearna Día súas tú ós cionn
gach uile chineadh ar talumh.


L. Dt28:2


Agus tiucfhaid na beanachtasa
uile ort, má éisteann tú ré glór do
Thighearna Dé.


L. Dt28:3


Biaidh tú beannuigh sa chathruigh, a-
gus bhiáidh tú beannuigh ansa mhachaire.


L. Dt28:4


Budh beannuigh bías toradh do chuirp,
agus toradh thfearuin, agus toradh
háirnéisi, biseach do bhó, agus biseach
do thréud cáorach.


L. Dt28:5


Budh beannuigh do bhascáeid, agus
do stór.


L. Dt28:6


Budh beannuigh thú anuáir thiucfas
tú asteach, agus budh beannuigh thú a
nuáir rachus tú amach.


L. Dt28:7


Dobhéra an Tighearna fa deara do
naimhde noch éirgheas súas ad aghaidh,
do bhúaladh ad lathair: tiucfaid amach a
néintslighe amháin ad aghaidh, a-
gus teithfid romad a seacht sligh-
thibh.


L. Dt28:8


Fuaigeoruidh an Tighearna a
bheannughadh ort ann do thigh stórúis, a-
gus ann gach uile ní iona ccuirfe tú
do lámh: agus beinneochuidh sé thú ansa
dúithche dobheir do Thighearna Día
dhuit.


L. Dt28:9


Daingneochuidh an Thighearna thú
mar phobal náomhtha dhó féin mar do
mhionnuigh sé dhuit, má choimhédann tú
aitheanta do Thighearna Dé, agus siu-
bhal iona shlighthibh.


L. Dt28:10


Agus dochífe na huile dhaóine
ar talumh go ngoirfighear thú a nainm
an Tighearna, agus biáidh eagla aca
romhad.


L. Dt28:11


Agus dodhéna an Tighearna
saidhbhir a maóin thú, a ttoradh do
chuirp, agus a ttoradh háirnéisi, a-
gus a ttoradh do thalaim ansa
dúithche noch do mhionnuigh an Tighearna
dot aithribh do thabhairt dhuit.


L. Dt28:12


Oísceoluidh an Tighearna a ion-
mhus maith dhuit, neamh do thabhairt fear-
thanna dot fhearann na ham féin, agus
do bheannughadh uile oibreach do lámh: a-
gus dobhéra tú áirleagadh do mhó-
rán do chineadhachaibh, agus ní iarrfa
tú áirleagadh.


L. Dt28:13


Agus dodhéna an Tighearna
ceann díot, agus ní hearball, agus
biáidh tú amháin anúachtar, agus ní
bhiáidh tú aníochtar: má éistionn tú re
haitheantuibh do Thighearna Dé, noch
aithnighimsi dhíot aniugh, dá ccoimhéd
agus dá gcoimhlíonadh.


L. Dt28:14


Agus ní racha tú a laethtaoibh
ó énfhocal dá labhruimsi riot aniugh
ar a láimh dheis nó ar a láimh chlé do
leanmhuin Dée oile do dhénamh seirbhise
dhóibh.


L. Dt28:15


Ach tiucfa a ccrích, muna
numhluighe tú do ghlór do Thighearna
Dé, do choimhéd a aithneadh uile do coimh-
líonadh agus a reachta uile noch aithnighimsi
dhíot aniugh go ttiucfuid na mallachtasa
uile ort, agus go mbéruid ort.


L. Dt28:16


Biáidh tú malluigh ansa chath-
ruigh, agus biáidh tú malluigh ansa
machaire.


L. Dt28:17


Biáidh do bhascáeid, agus do
stór malluigh.


L. Dt28:18


Biáidh toradh do chuirp mal-
luigh, agus toradh thfearuinn, biseach do
bhó agus do thréad cáorach.


L. Dt28:19


Biáidh tú malluigh anuáir thiuc-
fas tú asteach, agus biáidh tú mal-
luigh anuáir rachus tú amach.


L. Dt28:20


Cuirfe an Tighearna mallughadh
ort, agus buáidhreadh, agus míochlú
an sa nuile ní iona ccuirfe tú do
lámh dá dhénamh, nó go ttuitfe tú, a-
gus go nimthidh tú seachad go hobhann,
do chion urchóide do ghníomh ler thréig
tú mise.


L. Dt28:21


Dobhéruidh an Tighearna fa deara
don phláigh leanmhuid díot nó go scrios-
fa sé thú as an ttír a bhfuil tú ag
dul dá sealbhughadh.


L. Dt28:22


Buailfidh an Tighearna thú le
cnaói, agus lé fiabhrus, agus le
hainteas, agus lé loscadh iomarcach,
agus leis an gcloidhiomh, agus le
teinidh, agus lé gáothruaidh: agus lean-
fuid síad thú nó go nimthigh tú seachad.


L. Dt28:23


Agus budh prás an spéir bhías
ós do chionn, agus íarann an talumh
bhías fúd.


L. Dt28:24


Dodhéna an Tighearna luáith-
readh, agus créafóg dfearthuinn do dhúithche:
anúas ó neamh thiucfa sé ort nó go
marbhthar thú.


L. Dt28:25


Dobhéra an Tighearna fa deara
do bualadh a lathair do námhad, rachaidh
tú amach a néintslighe amháin na naghuidh,
agus teithfe tú a seacht slighthibh rompa,
agus áthrochthar thú da gach éinrío-
ghacht ar an ndomhan.


L. Dt28:26


Agus biáidh do chorp na fheóil
ag énlaith a naíeir uile, agus ag
bheathachuibh na talmhan, agus ní ruaic-
fidh énduine dhíot íad.


L. Dt28:27


Buailfidh an Tighearna thú lé
neascóidibh na Hégipte, agus leis na
heamoroídibh, agus leis na gearbuibh, a-
gus le tochus da nach fédfuighear do
leighios.


L. Dt28:28


Buáilfe an Tighearna thú le
buile, agus le daille, agus le crith
chroidhe.


L. Dt28:29


Agus dodhéna tú lámhaghán a
meadhon an laoi mar ghreamuighios an dall
san dorchadas, agus ni bhéra tú biseach
ann do shlighthibh; agus biaidh tú brúite
amháin, agus millte go bráth, agus
ní dhídeonuidh énduine thú.


L. Dt28:30


Pósfa tú bhean, agus luighfe
duine eile lé: dodhéna tú tigh, agus
ní áitreabha tú féin ann: cuirfe tú fíneamh-
uin, agus ní chruinneocha tú a cáora.


L. Dt28:31


Muirfighear do dham as coinne
do shúl, agus ní íosa tú greim dhe:
bérthar hassal ar éigin uáit as coinne
haighthe, agus ní haiseochthar dhuit é;
bérthar do chaóirigh dot námhuid, a-
gus ní biáidh duine agad bhainfeas a-
mach íad.


L. Dt28:32


Bérthar do mhic agus hin-
ghiona do dháoinibh eile, agus dochífe
do shúile é, agus caillfid ort
lán dfonn a tteachta chugad ar feadh
an laé: agus ní biáidh cumhachta ar
bith ann do láimh.


L. Dt28:33


Iósuid fineadhacha nach aithnid
duit tórtha do dhúitche, agus do shao-
thair uile; agus biáidh tusa amháin fa
dháoirsi gud bhrughadh a gcomhnuidhe:


L. Dt28:34


Ionnus go mbía tú ar mire
tre radharc do shúl, noch dochífeas
tú.


L. Dt28:35


Buáilfidh an Tighearna thú ann
do ghlúinibh, agus ann do chosuibh le
droch bolguidh nach éidir do shlánughadh
ó bhonn do choise go mullach do chinn.


L. Dt28:36


Béruidh an Tighearna thú féin,
agus an Rígh chuirfeas tú ós do chionn, go
tír nár baithnid dhuit féin nó dot aithribh;
agus ansin dodhéna tú serbhís do
dhéeibh oile, do chrannuibh agus do chlochuibh.


L. Dt28:37


Agus biáidh tú ad úatbhás,
agus ad sheanrádh, agus ad fhorfhocul
a measc na nuile chineadh gus a mbéra
an Tighearna thú.


L. Dt28:38


Béra tú mórán síl amach
fán machaire, agus ní chruinneocha tú acht
beagán asteach: óir íosuid na ló-
cuistigh é.


L. Dt28:39


Cuirfe tú fíneamhna, agus
deiseocha tú íad, gidheadh ní ibhthe tú dhon
nfíon, agus ní chruinneocha tú na cáora,
óir íosuid na péiste íad.


L. Dt28:40


béid crainn ola agad, ar feadh
do théorann uile, acht ní ungfa tú thú
féinn leis a nola: óir sgeithfidh do
chrann ola.


L. Dt28:41


Ginfe tú mic agus inghiona,
agus ní budh leacht féin íad: óir ra-
chuid a mbraighdionus.


L. Dt28:42


Millfid na lócuistigh do chrainn
uile, agus sochar thfearuinn.


L. Dt28:43


An coimhidhtheach bhías bhur measc
éireochuidh sé súas ós do chionn go roárd,
agus ísleochair thusa go roísiol.


L. Dt28:44


Dobhéra sé áirleagadh dhuit, a-
gus ní thiubhra tusa íasacht dósan;
biáidh sé na cheann agad, agus budh tusa
an tearball.


L. Dt28:45


Os a chionn sin tiucfuid na
mallachtasa uile ort, agus leanfuid thú
agus béruid ort nó go milltior thú,
do chionn nár umluidh tú do ghlór do
Thighearna Dé, do choimhéd a aitheanta,
agus a reacht noch do aithin sé dhíoth.


L. Dt28:46


Agus béid síad ort mar cho-
mhartha, agus mar iongnadh ar do
shliocht go bráth.


L. Dt28:47


Do chionn nach dérna tú serbhís
dot Thighearna Día lé gáirdeachus, a-
gus le luthgáir chroidhe ar son io-
madamhlas an nuile neithe.


L. Dt28:48


Uimesin dodhéna tú serbhís
dot námhuid noch chuirfios an Tighear-
na ad aghuidh, a nocrus, a ttart, a
dtárrnochtacht, agus a riachtanus gach
uile neithe; agus cuirfe sé cuing íar-
uinn ar do mhuinéul nó go scriosfa sé
thú.


L. Dt28:49


Dobhéra an Tighearna cineadh ó
áit imchiáin ad aghuidh, ó imiol an
domhuin comhlúath agus eitiollus an
tiolar, cineadh nach ttuicfe tú a ttean-
ga.


L. Dt28:50


Cineadh gá mbía gnúis bhorb,
nach bféchfuidh do phearsuinn ársuigh, a-
gus nach ttaisbeanuidh fabhar don
nóg.


L. Dt28:51


Agus íosuidh sé sochar háir-
néisi, agus toradh thfearuinn nó go madh
marbh thú: noch mar an ccédna nach
bhfúigfidh arbhar nó fíon, nó ola, na
biseach do bhó, nó do thréud caorach,
nó go scriosfa sé thú.


L. Dt28:52


Agus suighfidh sé ad bhun ann
do uile dhoirsibh nó go mbristior síos
do bhalluidhe árda daingne ann ar chuir
tú do dhóigh ar feadh do chríche; agus
suighfidh sé ad bhun ann huile dhoirsibh
ar fad do thíre uile, noch dothug do
Tighearna Día dhuit.


L. Dt28:53


Agus íosuidh tú toradh do
chuirp féin, feóil do mhac, agus hinghean
(noch dothug do Thighearna Día dhuit)
ansa champa, agus ansa chumhgach lé-
millfid do naimhde thú.


L. Dt28:54


Ionnus an té bhias máoth bhur
measg, agus rodheaghmhaiseach go mbía
a shúil go holc a ttaobh a dhearbhrá-
thar, agus a ttaobh mhná a bhrolluigh,
agus a ttaobh na bfuighioll dá chloinn
fhúigfios sé.


L. Dt28:55


Ionnus nach ttiubhra sé déin-
neach aca roinn dfeóil a chloinne íosas
sé, do chionn nár fágbhadh éinní ansa
champa aige, agus annsa chumhgach lé
mbuáidheoruidh do naimhde thú an do
dhoirsibh uile.


L. Dt28:56


An bhean mháoth mhaiseach bhías
bhur measc, nach luaighfeadh bonn a coisi
do bhuain ré talumh lé fínialtas, a-
gus lé rímheighe, biáidh a súil go holc
a tthaobh fhir a brolluigh, agus a
ttaobh a mic, agus a ttaobh a hin-
ghine,


L. Dt28:57


Agus a ttaobh a hóig thig
amach as idir a dhá cois, agus a
ttaobh a cloinne noch bhérus sí: óir
íosuidh sí íad, duireasbuidh éinneithe eile,
an go secréideach, sa ccampa agus
ansa gcumgach lé mbuaidheoruidh do
námhuid thú ann do dhoirsibh.


L. Dt28:58


Muna ccoimhéda tú uile bhría-
thra an dlighesi dá ndénamh mar atáid
scríobtha ansa leabharsa, chor go mbia
eagla a nanma ghlórmhuir bhaoghluidhsi
ort, DO THIGHEARNA DIA.


L. Dt28:59


Annsin dodhéna an Tighearna
do phlágha iongantach, agus plágha
do shleachta, plágha móra, agus mhairfios
a bhfad, agus tinnios doilghe fadá-
lach.


L. Dt28:60


Mar an gcédna dobhéra sé
ort uile easláinteadh na Hégipte, roimhe
a raibh eagla ort, agus ceaingeoluid
dhíot.


L. Dt28:61


Mar an gcédna gach éineasláinte,
agus gach uile phláigh nach bhfuil scrío-
bhtha a leabhar an dlighesi dobhéra an
Tighearna íad sin ort nó go scrios-
tar thú.


L. Dt28:62


Agus is beag a nuibhir fhúig-
fighear dhíbh, a nionad go rabhabhair mar
réulta nimhe ar iomadamhlacht: do chionn
nar umhluigh tú do ghuth do Thigh-
earna Dé.


L. Dt28:63


Agus tiucfuidh a ccrích, mar
do gháirdigh an Tighearna ós bhur ccion-
sa do dhénamh bhur maitheasa, agus da
bhar médughadh: marsin gháirdeochus
an Tighearna ós bhur gcionn dá bhur
scrios, agus do dhénamh neimhní dhaóibh;
agus tairreongthar sibh as an ttal-
umh a bhfuiltí ag dul dá shealbhughadh.


L. Dt28:64


Agus scapfuigh an Tighearna
ar fud gach uile phobuil thú, ón gcionn
go chéile don talumh, eadhon gus an
gcuirr eile; agus ansin foigheonuidh
tú do dheeibh oile, nach arbhíul duit
féin nó dot aithribh, eadhon do chrannuibh
agus do chlochuibh.


L. Dt28:65


Agus ní bhfuighe tú suáimhneas
ar bith a measc na gcineadhachsa, ní mó
gheabhas bonn do choise socamhal; ach
dobhéra an Tighearna dhuit annsin croidhe
criothánach, agus claochlogha radhairc,
agus doilghios inntinne.


L. Dt28:66


Agus biáidh hanum croichte a
gcuntabhairt as do choinne, agus biáidh
eagla ort do ló agus doidhche, agus
ní bhiáidh daingion ar bith agad ar
hanumh.


L. Dt28:67


Agus déra tú ar maidin, a
Dhé nach é an tráthnóna tá ann, agus
déura tu tráthnóna, a Dhé nach í an
mhaidin atá ann, tré eagla do chroidhe
lé mbía eagla ort, agus tre radharc
do shúl noch dochífeas tú.


L. Dt28:68


Agus dobhéra an Tighearna
don Négipt arís tú a longuibh air ar
labhair mé riot ansa tslighe, ní fhaicfe
tú níbhus mó arís í: agus annsin
reacfuighear sibh re bhur naimhdibh mar fhearuibh
agus mar mhnáibh dáora, agus ní
cheainneochuigh énduine sibh.


L. Dt29:1


Is iadso bríathra an chunnar-
tha noch do aithin an Tighearna
do Mhaóisi do dhénamh ré
cloinn Israel a ttír
Mhoab, táobh amuigh don
chunnradh dorinne sé ríu ann Hóreb.


L. Dt29:2


Agus do ghoir Maóise ar Is-
rael uile, agus adubhairt riú, dochonca-
bhair a nuile ní dorinne an Tighearna as
coinne bhur súl a ccrích na Hégipte
ré Phárao, agus réna sherbhíseachuib
uile, agus réna dhúthaigh uile;


L. Dt29:3


Na cathuighthe móra dochonnca-
dar do shúile, na comharthuidhe, agus na
híonganta mórasin.


L. Dt29:4


Gidheadh ní thug an Tighearna croidhe
dhíbhse le tuigsin, agus súile lé faic-
sin, agus clúasa lé héisdeacht gus an
lá aniugh.


L. Dt29:5


Agus do thréoruidh misi ceathra-
chad blíadhan sibh ansa bhfásach; níor
chríon bhur néadach umuibh, agus níor
dhreóigh do bhróg ar do chois.


L. Dt29:6


Níor itheabhair arán, agus níor
ibheabhair fíon no deoch láidir, chor go
mbía a fhios aguibh gur misi bhur TTigh-
earna Día.


L. Dt29:7


Agus anuáir thangabhair don
náithsi, tháinic Sihon Rígh Hesbon, a-
gus Og Rígh Básan amach ar naghuidh
chum catha, agus do bhuáileamar íad.


L. Dt29:8


Agus do ghabhamar a ttír, a-
gus thugamar í mar oighreacht do na
Réubinitibh, agus do na Gadítibh, a-
gus do leath threibhe Mhanasseh.


L. Dt29:9


Coimhéduigh ar anadhbharsin
bríathra an chunnarthaso, agus dénuidh
íad, chor go rachtaoi ar bhur naghuidh
ansanuile ní dodhéntaói.


L. Dt29:10


Seasuidh sibh uile aniugh a la-
thair bhur TTighearna Dé; bhur ccap-
tínigh bhur ttreabh, bhur sinnsir, agus
bhur noifigidh, maille re fearuibh Israel
uile,


L. Dt29:11


Bhur ndaóine beaga, bhur mná,
agus do coimhithech atá ann do champa;
ó ghérrthóir do chonnuidh go tairngtheoir
huisge:


L. Dt29:12


Chor go rachá a ccunradh ré
do Thighearna Día, agus iona mhionna,
noch atá do Thighearna Día do dhénamh
riot aniugh.


L. Dt29:13


Chor go ndaingneochadh sé thú
aniugh mar phobal dó féin, agus go
mbía na Dhia agad mar adubhairt sé
riot, agus mar do mhionnuigh sé dot
aithribh do Abraham, do Isaac, agus
do Jácob.


L. Dt29:14


Agus ní libh féin amháin donímse
an cunradhso, agus na mionnaso:


L. Dt29:15


Ach ris an té atá na shesamh
aguinn aniugh a bhfiaghnuisi ar TTigh-
earna Dé, agus mar an gcédna ris
an té nach bhfuil na sheasamh aguinn
aniugh.


L. Dt29:16


(Oír atá a fhios aguibh cionnus do
chomhnuigheamar a gcrích na Hégipte, a-
gus mar thangamar thríd na críochuib
tré ar ghabhabhair.


L. Dt29:17


Agus dochonncabhair a ngráineamh-
lacht, agus a niodhail chrann, agus chloiche,
airgid agus oír, noch dobí na measc.)


L. Dt29:18


Deagla go mbíath bhur measc
fear, nó bean, nó muintir, nó treabh, a
niompóighionn a chroidhe aniugh or
TTighearna Día dimtheacht agus do fhrio-
tholamh do Dhéeibh na ccineadhachso; deagla
go mbíath bhur measc fréamh dobhéradh
uadh domlus agus mormónta.


L. Dt29:19


Agus go ttiucfadh a ccrích
anuáir chluinfios bríathra na mallachtasa,
go mbenneochuidh é féin iona chroidhe,
ghá rádh, biaidh síth agum gidh go
siubholuigh mé a neasarrumacht mo chroidhe
féin ag cur meisge a gcionn an tar-
ta.


L. Dt29:20


Ní choigeola an Tighearna eisi-
on; acht annsin lasfuidh fearg an Tigh-
earna, agus a éud a naghaidh an duine-
sin, agus luighfid na mallachta atá
scríobhtha san leabharso uile air, a-
gus scriosfuidh an Tighearna a ainm ó
bheith faói neamh.


L. Dt29:21


Agus deileochuidh an Tighearna
é chum uilc amach as treabhuibh Israel
uile, do réir mhallacht an chunartha uile
atá scríobhtha annsa leabharso an dlighe.


L. Dt29:22


Iondus go naibeoruidh na ginealach
thiucfas dá bhur ccloinn, noch éireochus
súas bhur ndiáigh, agus an coimhitheach
thucfas ó chrích imchéin, anuáir
dochífid plágha na tíresin, agus an
tinnios do leag an Tighearna uirre;


L. Dt29:23


Agus gur ruibh, agus salann,
agus loscadh a fhearann uile, go nach
ccuirfighear í, agus nach ttiubhra to-
radh, no nach bhfásann luibh ar bith uirre,
do réir mhillte Shodom, agus Gho-
morrah, Admah agus Sheboim nach
do mhill an Tighearna iona fheirg, agus
iona dhioghultas.


L. Dt29:24


Fa dheóigh go naibeoruidh na
huile chineadhacha, cred as a ndeár-
na an Tighearna marso ris an ttír
se? cred is cíall do theas na feirge
móiresi?


L. Dt29:25


Annsin déruid daóine, do
chionn gur thréigeadar cunradh an tigh-
earna Dé a naithreadh dorinne sé ríu
anuáir thug sé amach as crích na
Hégipte íad.


L. Dt29:26


Oír dochúadar, agus do
fhreasdaladar Dée eile, agus do adh-
radar íad, Dée nar bhfeas dóibh, a-
gus nach ttug sesion dóibh.


L. Dt29:27


Agus do las fearg an Tigh-
earna a naghuidh na tíresi do thabhairt
a bhfuil do mhallachtuibh scríobhtha annsa
leabhrso uirre.


L. Dt29:28


Agus do thochuil an Tighearna
amach as an ccríchsi íad a bhfeirg,
agus a ndioghaltas, agus a ndíbhfeirg
mhóir, agus do theilg a ttír oile íad,
mar atá aniugh.


L. Dt29:29


Beanuid na neithe secréideacha
re ar TTighearna Día: acht na neithe
atá arna bhfoillsiughadh is rinne
(bheanuid) síad, agus ré ar gcloinn go
síorruidhe, chor go ndénamaóis bríathra
an dlighesi uile.


L. Dt30:1


Agus tiucfa a gcrích a
nuair thiucfaid na nei-
thesi uile ort, an beannugadh,
agus an mallugadh noch do
chuir misi as do choinne, agus chuimhneo-
chus tú orra measg na nuile chríoch
chum ar dhíbir do Thighearna Día thú,


L. Dt30:2


Agus fhillfeas tú chum do
Thighearna Dé, agus uimhleochus tú dá
ghlór do réir a nuile neithe aithnighimsi
dhíot aniugh, thú féin agus do chlann,
red chroidhe uile, agus red anum
uile.


L. Dt30:3


Annsin go niompochuidh do Thigh-
earna Día do dhaóirse, agus go mbía
truáighe aige dhuit, agus go bhfillfidh,
agus go ccruinneochuigh sé thusa as gach
uile chineadh a gcionn ar dhíosgaóil do
Thighearna Día thú.


L. Dt30:4


Má díbearthar énchuid aguibh
don chuid is faide uáibh don domhan,
cruinneochuidh do Thighearna Día as sin
thú, agus dobhéra sé as sin tú.


L. Dt30:5


Agus dobhéruidh do Thighearna
Día thú don tír do shealbhuigheadar hai-
thre, agus sealbhochuidh tusa í: agus dodhéna
sé maith dhuit, agus foirlíonfuidh
sé thú ós cionn haithreadh.


L. Dt30:6


Agus timchillghearrfuidh do Thi-
ghearna Día do chroidhe, agus croidhe
do shleachta do ghrádhughadh do Thighearna
Dé red chroidhe uile, agus led anum
uile chor go mairfe tú.


L. Dt30:7


Agus cuirfe do Thighearna Día
na mallachtasa uile ar do naimhdibh, a-
gus ar an méid lér fúath thú, noch
dorinne inghreim ort:


L. Dt30:8


Agus fillfe tú, agus uimhleocha
tú do ghuth an Tighearna agus dodhéna
tú anuile ní noch aithnighimsi dhíot aniugh.


L. Dt30:9


Agus dodhéna do Thighearna
Día saidhbhir thú a nuile obhair do
láimhe, a ttoradh do chuirp, agus a
sochar do mhaóine, agus a mbiseach
thfearuinn ar mhaith: óir dodhéna an tigh-
earna gáirdeachus ionnad ar mhaith, mar
do gháirdhigh sé ós cionn haithreadh:


L. Dt30:10


Má éisteann tú ré guth do
Thighearna Dé do dhénamh a aithneadh, a-
gus a reachta atá scríobhtha ansa lea-
bharso ann dlighe, agus má fhilleann tú
chum do Thighearna Dé ledh chroidhe uile
agus led anum uile.


L. Dt30:11


Oír a naithnesi noch aithnighimse
dhíot aniugh, ní bhfuil a bhfolach
ort, nó a bhfad uáit.


L. Dt30:12


Ní ar neamh atá sí, chor go
naibeorthá, cía rachus dúin súas ar
neamh dá tabhairt chuguinn, chor go gcluin-
fiom í, agus go ndénam í?


L. Dt30:13


Ní mó is taobh thall dfairge
atá sí, go naibeorthá, cía rachus tar
fairge anonn uáinn dá tabhairt chuguinn,
chor go gcluinfemis, agus go ndéin-
mís í?


L. Dt30:14


Acht atá an bhríathar róghar
dhuit, ann do bhéul, agus ann do chroidhe,
chor go ndéntá í.


L. Dt30:15


Féuch do chuir mé síos aniugh
dhuit beatha agus maith, bás a-
gus olc.


L. Dt30:16


An tan do aithin mé dhíot aniugh
do Tighearna Día do ghrádhughadh,
agus siubhal iona shlighthibh, agus a
aitheanta do coimhlíonadh, agus a reachta,
agus a bhreitheamhnuis, chum go mbeitheá
béo, agus go bhfoirlíonfá: agus
beannochuidh do Thighearna Día thú an sa
dúithche a bhfuil tú ag dul dá sealbhu-
ghadh.


L. Dt30:17


Ach má iompóigion do chroidhe
uadh, ionnus nach éistfe tú, ach go
ttairngthear uadh thú, agus go nadh-
oruidh tú Dée oile, agus do bhfoigh-
eonuidh tú dhóibh:


L. Dt30:18


Fúagruimsi dháoibh aniugh, go
scriosfuighear sibh go deimhin; agus
nach bhfaideochthaói bhur láethe as an
ndúithche a tteighthí anonn tar Jordán
do dhul dá sealbhughadh.


L. Dt30:19


Gairim neamh agus talumh
aniugh dfiaghnuisi bhur naghuidh, gur
fhoillsigh mé as bhur gcoinne, beatha a-
gus bás, beannughadh agus mallughadh:
uimesin beir beatha do roghuin, ionnas
go mairfe tú féin agus do shliocht.


L. Dt30:20


Ionnus go ngráidheochuidh tú do
Tighearna Día, agus go nuimhleocha tú
dá ghuth, agus go ndruidfe tú ris:
óir is é sin do bheatha agus fadughadh
do Láetheadh; chor go ccoimhneocha tú
ansa dúithche noch do mhionnuigh an Tigh-
earna dot aithribh do Abraham, Dísaac
agus do Jácob do thabhairt dóibh.


L. Dt31:1


Agus dochuáidh Maóise, a-
gus do labhair sé na bría-
thrasa re Hisrael uile.


L. Dt31:2


Agus adubhairt sé
riú, atáimsi aniugh céad a-
gus fichthe bliaghain daóis, ní fhéduim
nísa mhó dul asteach, nó teacht a-
mach: mar an gcédna adubhairt an
Tighearna riom, ní racha tú anonn
tar an Jordánsa.


L. Dt31:3


Rachuidh do Thighearna Día anonn
romhad, agus scriosfa sé na cineadha-
chaso romhad, agus sealbhochuidh tusa
íad, agus rachaidh Iosua anonn romhad,
mar adubhairt an Tighearna.


L. Dt31:4


Agus dodhéna an Tighearna
ríu mar dorinne sé ré Sihon agus
ré Og Ríghthe na Namoríteach, agus
re na ndúithche noch do scrios sé.


L. Dt31:5


Agus seachoduigh an Tighear-
na súas íad díbhse, chor go ndéntaói
ríu do réir anuile aithne noch do
aithin misi dhíbh.


L. Dt31:6


Bíthí láidir agus bíodh meisneach
mhór aguibh, ná himeagluidh, agus ná
bíodh úamhan aguibh rompa: óir sé do
Thighearna Día théid libh, ní fheallfa
sé ort, agus ní thréigfe sé thú.


L. Dt31:7


Agus do ghoir Maóise ar Jo-
sua, agus adubhairt ris a radharc Is-
rael uile, bí neartmhar, agus bíodh
meisneach mhaith agad; óir caithfe tú
dul leis an bpobalso don dúithche,
noch do mhionnuigh an Tighearna dá naith-
ribh do thabhairt dóibh, agus dobhéara
tú orra a glacadh a noighreacht.


L. Dt31:8


Agus an Tighearna is eision an
té rachus romhad, biáidh sé maille riot,
ní fheallfa sé ort, ní mó thréigfios
sé thú: ná hime agluidh, agus ná bíodh
úamhan ort.


L. Dt31:9


Agus do scríobh Maóise an
dligheadhsa, agus thug do na sagar-
tuibh é do chloinn Lebhi, noch do iomchair
Airc chunnartha an Tighearna, agus do
sheanuibh Israel uile.


L. Dt31:10


Agus do aithin Maóise dhíobh,
ghá rádh, a ccionn gacha seachtmhadh blia-
dhan, a sollamantacht bhlíadhna an
fhúascuilte, a bhfésta na ttaberna-
clach.


L. Dt31:11


Anuáir thiocfas Israel uile
dá ttaisbénadh féin a lathair do Thigh-
earna Dé, an sa náit thoighfeas sé,
léighfidh tú an dligheadhsa a lathair Is-
rael uile iona néisteacht.


L. Dt31:12


Cruinnigh na daóine a bhfochair
a chéile, fir, agus mna, agus leinibh,
agus do choimhitheach atá táobh astigh
dod dhoirsibh, ionnus go ccluinfid síad,
agus go bhfoghlumuid, agus go mbía
eagla bur TTighearna Dé orra, agus
go gcomhédaid uile bhríathra an dlighesi
do dhénamh:


L. Dt31:13


Agus go ccluinfid a cclann
ag nach raibh fios éinneithe, agus go
bhfoghlumuid eagla bur Ttighearna Dé
do bheith orra an fad mhairfidhe ansa
dúithche mar a ttéighthí tar Jordan
dá sealbhughadh.


L. Dt31:14


Agus adubhairt an Tighearna
re Maóise, féch, atáid do láethe a
ngar dhuit a ccaithfidh tú bás dfagháil:
goir Josua, agus taisbhénuidh sibh
féin a TTabernacuil an chomhchruinnigh,
chor go ttiubhra misi cúram dhó; a-
gus do imthigh Maóise agus Josua,
agus do thaisbénadar íad féin a TTa-
brnacuil an chomhchruinnigh.


L. Dt31:15


Agus do fhoillsigh an tighear-
na é féin annsa Tabernacuil a bpileur
néill: agus do seas piléur an néill ós
cionn doruis an Tabernacuil.


L. Dt31:16


Agus adubhairt an Tighearna re
Maóise, féuch coideoluidh tú a bhfo-
chair haithreadh, agus éireochuidh an po-
balsa, agus rachuid do stríapachus
a ndiáigh Dée gcoimhidheach na tíre
a bhfuilid síad ag dul na measc, a-
gus tréigfid misi, agus brisfid mo
chunradh noch dorinne mé ríu.


L. Dt31:17


Annsin lasfuidh mfeargsa na
naghuidh annsa ló sin, agus tréigfe
mé íad, agus ceilfedh mé maghuidh or-
ra, agus sluigfighear íad, agus tiuc-
faidh morán uilc agus trioblóide or-
ra, ionnus go naibeoruid síad san
ló sin, nach uime thangadar na huilcsi
oruinn mar nach bhfuil ar Ndía ar
measc?


L. Dt31:18


Agus go deimhin foileocha mi-
si mo ghnúis an lá sin, ar son a nuile
olc oibreochuid síad, do chionn gur iom-
póigheadar chum Dée oile.


L. Dt31:19


Annois ar anadhbharsin scrío-
bhuidhsi an dánso dhíbh féin, agus múi-
nidh do chloinn Israel é: cuiridh ann bhur
mbhéuluibh é, chor go mbiáidh an dánsa
na fhiadhnuisí agumsa a naghuidh chloinne
Israel.


L. Dt31:20


Oír anuáir dobhéra misi don
tír íad, noch do mhionnuigh mé dá nai-
thribh, atá lán do bhainne agus do mhil,
agus íosuid síad, agus líonfuid íad
féin, agus fhásfuid méith; annsin iom-
póchuid chum Dée oile agus foigheo-
nuid dóibh, agus cuirfid fearg ormsa,
agus brisfid mo chunnradh.


L. Dt31:21


Agus tiucfa a gcrich anuair
thuitfios iomadh uilc agus bhuáidhridh
orra, go mbéuruidh an dánsa fiadhnuisi
na naghaidh: óir ní dhearmotar é as béu-
luibh a sleachta: óir is aithnid damhsa a
smuaintighe thionnsgnuid síad anois
féin, suil dobhéra mé asteach íad don
tír do mhionnuigh mé dhóibh.


L. Dt31:22


Do scríobh Maóise ar a nadh-
bharsin an chainticsi an lásin féin,
agus do mhúin do chloinn Israel í.


L. Dt31:23


Agus do chuir dualach ar
Josua mhac Nun, agus adubhairt, bi
láidir béodha: óir bhéra tú clann Is-
rael don tír do mhionnuigh misi dhóibh, agus biáidh
misi maille riot.


L. Dt31:24


Agus táinic a ccrích anúair
do chuir Maóise deireadh le bríathruibh
an dlighesi do scríobhadh a leabhar, no
gur críochnuighuidh íad;


L. Dt31:25


Gur aithin Maóise do na Lebhítibh
do iomchuir Aírc chunartha an Tighearna,
gha rádh.


L. Dt31:26


Glac an leabharsó an dlighe, a-
gus cuir a ttaobh Aírce chunairtha do
Thighearna Dé é, chor go mbiáidh sé ansin
mar fiadhnuisi ad aghuidh.


L. Dt31:27


Oír atá fios do cheannairrge
agumsa, agus do cruadhmhuiníl: féch-
uidh, an fad ataímsi fós am bheathuidh
aguibh aniugh, dobhábhair cogthach a
naghuidh an Tighearna; agus gá mhéid ní
is mó ná sin déis mo bháis?


L. Dt31:28


Cruinnighidh chugam sinnsir bhur
ttreabh uile, agus bhur noifigidh, go
labhra mé na bríathrasa iona gcluásuibh,
agus go ngoiridh mé neamh agus talumh
dfiaghnuisi na naghaidh.


L. Dt31:29


Oír atá fhios agum tar éis
mo bháis, go ttrúaillfidhigh sibh feín
thríd amach, agus go niompochuidhigh do
leathtaoibh as a tslighe do mhúin mé
dhíb, agus tuitfidh olc oruibh an sna
laéthibh deighionacha, do brígh go
ndéntáoi olc a bhfiadhnuise an Tighear-
na, dá bhrostughadh chum feirge tré
oibreachuibh bhur lámh.


L. Dt31:30


Agus do labhair Máoise a
ccluasuibh chomhchruinnigh Israel uile
bhriathra na canticesi, no gur
críochnuigheadh íad.


L. Dt32:1


Tugaidh éisdeacht, ó a fhlai-
theasa, agus laibheóra misi;
agus éist a thaluimh bría-
thra mo bhéil.


L. Dt32:2


Fearfuidh mo theagasc mar fhear-
thuinn; silfidh mo ghlór mar dhrúcht,
mar an mínfhearthuinn ar an luibh mháoith,
agus mar na ceatha ar a bhféur.


L. Dt32:3


Do chionn go bhfoillseochuidh mé
ainm an Tighearna: cuiridhsi mórdhacht a
leith ar Ndé.


L. Dt32:4


(Seision) an charruic, ataídh
a oibreacha iomhlán: óir is breitheamhnus
a slighthe uile; Día na fírinne, agus
gan égceart, ceart agus díreach
atá sé.


L. Dt32:5


Do thrúailleadar íad féin a
ttoibhéim, ní hé toibhéim a chloinnesion:
atáid na gcineadh mhíochoinghíollach
agus cham.


L. Dt32:6


O a dhaóine leamha agus éigcrío-
nna, an marso chúitighidh rís an TTighear-
na: nach é hathair é, do cheannuigh thú?
nach deárna sé, agus nach ar dhaingnidh
sé thú?


L. Dt32:7


Cuimhnigh na seanlaéthe, cuimhnigh
bliaghna ghach ginealuigh: fíafruigh dot
athair, agus táisbeonuidh sé dhuit;
dot shinsearuibh, agus inneosuid duit.


L. Dt32:8


Anúair do rann an té is ro
árde a noighreacht do na cineadha-
caibh, anúair do dhealuigh sé mic Adhaimh,
do shuighidh sé teóronna na ndaoine do
réir uibhre chloinne Israel.


L. Dt32:9


Oír is íad a phobal cuid ronna
an Tighearna: Jacob crannchar a oi-
ghreachtasan.


L. Dt32:10


Fuáir sé a bhfearan díathraimh
é, agus a bhfasach uáigneach uaíll-
feartach: agus do threóruigh sé tim-
chioll é, do theagaisg sé é, do coimhéd
sé é mar ubhall a shúl.


L. Dt32:11


Mar chorruighíos an tiolar
súas a neadh, shotaloigheas ós cionn a
hóg, shíneas amach a sciatháin, glacuidh
íad, iomchruidh íad ar a scia-
thánuibh.


L. Dt32:12


Marsin an Tighearna amháin do
thréoruidh eision, agus ní raibh éindía
coimhitheach maille ris.


L. Dt32:13


Thug sé air marcuigheacht do
dhénamh ar áitibh árda an domhain, chor
go bhfédfadh toradh na machaireadh dithe:
agus thug sé air mil shúghadh as an
gcarruic, agus ola as an gcarruig
chrúaidh.


L. Dt32:14


Im bó agus bainne cáorach,
maille ré méathas úan, agus reitheadh
do shíolradh Básan, agus gabhar, maille
ré méathas dubhán na cruithneachta, agus
do ibh tú fuil ghlan na ccáor.


L. Dt32:15


Ach do reamhruigh Jesurun agus
do phreab sé: do reamhruidh tusa, do mhéatuigh
tú, atá tu foluighthe ré saill; ansin
do thréig sé Día dorinne é,
agus do dhímeas carruic a shlánui-
ghthe.


L. Dt32:16


Do bhrostuigheadar é chum éda
le déeib coimhitheacha, le gráineamhlachtuibh
do bhrostuigheadar é chum feirge.


L. Dt32:17


Do íodhbradar do dhiabhluibh, ní
do Dhía; do dhéeibh nar bhfeas doíbh,
do dhéeibh nuadha tháinic súas go núadh,
nach raibh a neagla ar bhur naithribh.


L. Dt32:18


Ni bhfuil cuimhne agad air an
gcarruic do ghein thú, agus do dhearmuid
tú Día dochúm thú.


L. Dt32:19


Agus anúair dochonnairc an
Tighearna sin, do fhúathuigh sé íad, ar
son brostuighe a mhac agus a
inghean.


L. Dt32:20


Agus adubhairt sé, foileo-
chuidh mé maghuidh uatha, féchfuidh mé cread
an chríoch bhías orra: óir is ginealach
rócrosanta íad, clann nach bhfuil crei-
diomh ar bith ionta.


L. Dt32:21


Do chorruigheadar chum éda mé,
leis an ní nach Día, do bhrostuigheadar
mé chumh feirge le na ndíomháoineas:
agus cuirfe misi eúd orrasan ris
an ndroing nach bhfuil na bpobal;
broisteochuidh mé chum feirge íad ré
cineadh amadanta.


L. Dt32:22


Oír do hadhnadh teine am fheirg,
agus loiscfidh go hifrionn iochtrach, loiscfidh
an talumh gona thoradh, agus cuir-
fidh tré theinidh bunáitigh no slíabh.


L. Dt32:23


Crúachfa mé uilc orra, chaithfidh
mé saighde riú.


L. Dt32:24


Loisgfighear le hocras íad, agus
díobhaithfidhear íad le teas loisgneach agus
lé díbhfheirg sóishearbh: cuirfe mé mar
an gcédna fíacla beathach orra le
neimh naithreach neimhe talmhuide.


L. Dt32:25


An cloidhiomh amuigh, agus an
chritheagla astigh, muirfid araon
an duine óg agus an mhaighdion, an
naoídhe mar an gcédna agus fear
na gruáige léithe.


L. Dt32:26


Adubhairt mé go scarfuinn íad
a ccoirnéuluibh, go gcoisgfinn a
gcoimhne ó bheith a measg dhaoine.


L. Dt32:27


Muna bheith gurob eagal liom
dioghaltas na námhad, deagla
nach bíadh a fhios ag an námhuid
agus deagla go naibeoraidís, atá
ar lámh féin láidir, agus ní hé an
Tighearna dorinne so uile.


L. Dt32:28


Oír is cineadh gan chomhairle
íad, ní mó atá tuigse ar bith ion-
ta.


L. Dt32:29


O, nach bhfuilid siád críonna,
go ttuigfidís so, lé measfaidís a
gcríoch dheighionach.


L. Dt32:30


Ciondus do chlaoidhfeadh éndui-
ne amháin míle, agus do chuirfeadh días
deich míle chum teithmhe, muna reacadh
a ccarruic íad, agus an Tighearna da
níaghadh suás?


L. Dt32:31


Oír ní bhfhuil a ccarruicsion mar
ar ccarruicne, agus bíodhar naimhde
feín na mbreaitheamhnuibh.


L. Dt32:32


Oír atá a bhfíneamhuin mar fhínea-
mhuin Shodom, agus mhachaireadh Ghomorrah;
a ccáora is caora domlais íad, ataid
a ttríopuill searbh.


L. Dt32:33


Asé a bhfíon neimh na ndragún,
agus neimh mharbhthach na bhfoilésáin.


L. Dt32:34


Nach bhfuil so arna chur a cceist
agumsa, agus arna shéaladh suas a
measg mionnmhuis.


L. Dt32:35


Riomsa bheanas an dioghaltas
agus an luagháir, sleimhneochuidh a ccos na
ham féin: oír atá lá a mbuaidheartha a
lathair, agus atáid na neithe thiucfas orra
ag dénamh deithnis.


L. Dt32:36


Oír dodéna an Tighearna breitheamh-
nus air a phobal, agus gébuidh aithreachus é
fa na sheirbhíseachuibh é núair dochifidh gur
imthigh a neart, agus nach bhfuil énduine
fa íaghadh, no ar marthuinn díobh.


L. Dt32:37


Agus déra sé, cáith a bhfuilid a
ndée, a gcarruic ann ar chuiréadar a ndóigh.


L. Dt32:38


Noch a dúaigh méathas a níodhbarta,
agus dibh fíon a nofrála dighe; éirghi-
dís súas, agus tárthuighedis sibh, agus bidís
na ndídén aguibh.


L. Dt32:39


Féuchuidh anois gur misi, misi
féin é agus ní bhfuil Día am fharradh; is
mé mharbhus, agus is mé ní béo,
loitim, agus leighisin, agus ní mó
atá éinneach fhédas sáaradh as mo láimh.


L. Dt32:40


Oír tógbhuim súas mo láimh chum
neimhe agus a deirim, mairfe mé go
bráth.


L. Dt32:41


Ma ghéruighim mo chloidhiomh lonn-
rach, agus go nglacfa mo lámh greim
ar bhreitheamhnus, dodhéna mé dioghaltas
ar mo námhuid, agus dobhéur luáigheacht
don droing fhúathuighios mé.


L. Dt32:42


Cuirfe mé mo shaighde ar meisge
lé fuil, agus sluigfidh mo cloidheamh feóil,
agus sin lé fuil na marbh, agus na
bpríosúnach ó thosach an dioghaltais
ar an námhuid.


L. Dt32:43


Gáirdighidh ó a chríocha lé na
phobalsan: óir digheoluidh sé fuil a sher-
bhíseach, agus cúitorchuidh sé dioghal-
tas rena mámhuid, agus biáidh sé
grásamhuil da thír, agus dá phobal
féin.


L. Dt32:44


Agus táinic Maóise, agus
do labhair sé bríathra an dánasa uile a
gclúasuibh an phobuil é féin, agus
Josua mhac Nun.


L. Dt32:45


Agus do chuir Maóise deireadh
lé labhairt na mbríatharsa uile re His-
rael.


L. Dt32:46


Agus adubhairt sé ríu, suighidh
bhur, ccroidhthe ar na huile bhríathraibh
donímsi dfiadhnughadh bhur measc aniugh,
noch aitheontaói da bhur ccloinn do choi-
mhéd, do dhénamh bríathar an dlighesi uile.


L. Dt32:47


Oír ni ní díomhaoin duitsi é,
do chionn gurbé do beatha é, agus is
leis an nísi fhaideochtha tú do láethe
san dúithche a bhfuil tú ag dul anonn-
tar Jordán da sealbhughadh.


L. Dt32:48


Agus do labhair an Tighear-
na re Maóise an lásin féin, ghá
rádh.


L. Dt32:49


Eírigh súas ar a tslíabhso A-
barim go sliabh Nébo, noch atá a bhfea-
rann Moab atá thall as coinne Jericho,
agus féach tír Chanáain, noch dobheirim-
se do chloinn Israel mar sheilbh.


L. Dt32:50


Agus fagh bás ansa tslíabh
a ttéid tú súas, agus cruinnighthear
a cceann do dhaóine thú, mar déug
Aaron do dhearbhrathair a slíabh Hor, a-
gus mar do cruinnigheadh a cceann a
dhaóine é.


L. Dt32:51


Do chionn gur chorruigheabhairsi
am aghuidhsi a measc chloinne Israel ag
uisgedhibh Mheribah Cádes a bhfásach
Sin, do chionn nar beannuigheabhair misi a
meadhón chloinne Israel.


L. Dt32:52


Gidheadh dochífe tú an dúithche
as do choinne, ach ní racha tú inte, don
dúithche bheirimse do chloinn Israel.


L. Dt33:1


Agus síso an bheannacht ler
bheannuigh Maóise óglach Dé,
clann Israel roimhe a bhás.


L. Dt33:2


Agus adubairt sé,
thainic an Tighearna ó Shínai,
agus do éirigh dhóibh súas ó Sheir,
do dhealruidh sé amach ó shlíabh Páran, a-
gus thainic mhaille le deich míle dó
náomhuibh: ó na dheasláimh dochuáidh dli-
gheadh tinntighe orra.


L. Dt33:3


Is eadh do ghrádhuig tú an pobal,
atáid a naóimh uile ad láimh, agus do
shuigheadar síos ag do chosuibh: glacfuidh
gach énduine dod bhríathruibh.


L. Dt33:4


Do aithin Maóise dligheadh dhínn,
eadhon oighreacht chomhchruinnigh Jácob.


L. Dt33:5


Agus dobhí sé na Rígh ann Jesu-
run anuáir do chruinnigheadar cinn an
phobail, agus treabha Israel a ccionn a
chéile.


L. Dt33:6


Bíodh Reuben béo, agus ná hégadh,
agus ná bídh áireamh air a dhaóinibh.


L. Dt33:7


Agus do ghuidh an ccédna do
Júdah, agus adubhairt, éist a Thighear-
na guth Júdah, agus tabhair chum a
dhaoine é, go madh lór dhó a lámha, a-
gus bíse ad chongnamh dhó ó na námh-
uid.


L. Dt33:8


Agus adubhairt sé ar son Lébhi,
bíodh do thuimim agus húirim ag
háon náomhtha, noch do dhearbh tú ag
Massah, agus ris ar chriocháin tú
ag uisgedhib Mheribah.


L. Dt33:9


Noch adubhairt rena athair, a-
gus rena mháthair, ní fhaca mé é, ní
mó do admhuigh sé a dhearbhráithre, agus
níor aithin a chlann féin: óir do choimhea-
dadar do bhríathrasa, agus do chomhal-
ladar do chunnradh.


L. Dt33:10


Múinfid síad do bhreitheamhnuis do
Jácob, agus do dhligheadh Dísrael: cuir-
fid siad túis as do choinne, agus íodh-
buirt iomlán loisge ar haltóra.


L. Dt33:11


Beannuigh a Tighearna a mhaóin, agus
gabh chugad oibreacha a lámh; buáil tré
leasrach na druinge éirghios na aghuidh,
agus an luchta fhúathuighios é, ionnus
nach éireochuid aris.


L. Dt33:12


Agus adubhairt sé ar Bhenia-
min, dodhéna an té is ionmhuin leis an
TTighearna comhnuighe a ndaingion na
fhochair, agus clúideochuidh an Tighear-
na é ar feadh an laói uile, agus áiteo-
chuidh sé eidir a ghuáillibh.


L. Dt33:13


Agus adubairt sé ar Jóseph,
go madh beannuigh ón TTighearna bhías
a dhúithche do neithibh mórluáigh neimhe,
don drúcht, agus don naigéin luighios
shíos,


L. Dt33:14


Agus don toradh mórluáigh
bearthar amach leis an ngréin, agus
do na neithibh mórluáigh do dingeadh
amach leis an ngealuigh,


L. Dt33:15


Agus do neithibh úasal na
seanslíabh, agus do neithibh mórluáigh na
gcnoc mbúan,


L. Dt33:16


Agus do neithibh mórluáigh na
talmhan, agus dá iomláine, agus do
dheaghthoil an té do áitreabh ansa dos:
tigeadh an beannughadh ar chionn Jóseph,
agus ar mhullach cinn an té do deal-
uigheadh ó na dhearbhráithribh.


L. Dt33:17


Is cosmhuil a ghlóir ré primi-
dil a bhulóige, agus is cosmhuil a a-
dharca ré adharcuibh Unicorn: léo sin
bhuáilfios sé na daóine a néinfheacht
go críochuibh na talmhan: agus is íad
sin deich míle Ephraim, agus is íad
mílte Mhanasseh íad.


L. Dt33:18


Agus adubhairt sé ar Shebu-
lon, gáirdigh a Shebulon an do dhul
amach, agus Issachar ann do lóis-
tínibh.


L. Dt33:19


Goirfid síad na daóine chum
an tsléibhe, annsin ofráilfid ofrála
fíréanta: óir ibhid do líonmhaireacht na
fairge, agus do na hionnmhusuibh atá
a bhfolach san ngaineamh:


L. Dt33:20


Agus adubhairt sé ar son
Ghad, go madh beannuigh an té fhairsingi-
os Gad; áitighidh sé amhuil leomhan,
agus brisfe sé an lámh, agus mul-
lach an chinn.


L. Dt33:21


Agus do ghléus sé an chéad-
chuid dó féin, do bhrígh gur a roinn an
dlightheanuigh do suigheadh annsin é:
agus táinich sé maille ré ceannuibh
an phobuil, do chuir sé ceart an
Tighearna a néifeacht agus a bhrei-
theamhnuis ré Hisrael.


L. Dt33:22


Agus adubhairt sé ar Dhan,
is cuiléan leomhuin Dan, lingfidh sé
ó Bhasan.


L. Dt33:23


Agus adubhairt sé ar son
Naphtali, ó a Naphtali, líonta dfa-
bhar, agus lán do bheannughadh an Tigh-
earna: sealbhuigh sé shíar, agus theas.


L. Dt33:24


Agus adubhairt sé ar
Asser, bíodh Asser beannuigh a gcloinn:
bíodh sé sóghrádhach agá dhearbhráithribh,
agus tumadh sé a chos a nola.


L. Dt33:25


Béid do bhróga díarann agus
do phrás, agus mar bhías do láethe,
is marsin bhías do neart.


L. Dt33:26


Ní bhfuil áon a ccosamhlacht lé
Día Jesurun, noch ghluáisios ar neamh
ad chabhair, agus ann a oirdhearcas air
anaéir.


L. Dt33:27


Sé an Día síorruidhe do áit
dídin, agus faói shíos atá sluagh síor-
ruidhe: agus tiomáinfidh sé amach an
námhuid romhad, agus déara sé, marbh
íad.


L. Dt33:28


Aítreabhuigh Israel annsin a
ndaingion na áonar: biáidh tobar Já-
cob ar fhearann arbha, agus fíona; silfidh fós
a fhlaitheas drúcht anuas.




L. Dt33:29

.
Sona atá tusa a Israel: cía
is cosmhuil leacht, a phobal do tárthui-
gheadh leis an TTighearna, scíath do
chunganta, noch arbé clodhiomh hoirdhear-
cuis? agus dogheabhthar do naimhde na
mbréaguiribh dhuit, agus sailtéora tú
ar a náitibh árda.


L. Dt34:1


Agus dochuáidh Maóise súas
ó réiteach Mhoab go Slíabh
Nébo go mullach Pisgah
atá thall as coinne Jericho,
agus do tháisbéin an Tighearna tír
Ghilead uile dhó go nuige Dan.


L. Dt34:2


Agus Naphtali uile, agus tír
Ephraim, agus Mhanasseh, agus tír
Júdah uile gus an bhfairge is faide a-
mach.


L. Dt34:3


Agus an taobh ó dheas agus réi-
teach ghlinne Jericho, cathair na gcrann
pailme go nuige Soar.


L. Dt34:4


Agus adubhairt an Tighearna ris,
síso an dúitche do mhionnuigh misi do
Abraham, do Isaac, agus do Jácob,
ghá radh, dobhéra mé so dot shliocht: thug
mé ortsa a faicsin, ach ní racha tú
inte anonn.


L. Dt34:5


Marsin fuáir Maóise searbhfo-
ghantuigh an Tighearna bás annsin a
ttír Mhoab do réir bhréithre an Tigh-
earna.


L. Dt34:6


Agus do adhluic sé é a ngleann a
ttír Mhoab thall as coinne Bhetpeor,
ach ní bhfuil fios a thúma ag énduine
gus aniugh.


L. Dt34:7


Agus dobhí Maóisi céad agus
fithche blíaghan daóis an tan fuáir sé
bás: ní raibh a shúil dall nó a neart na-
dúrtha laghduighthe.


L. Dt34:8


Agus do ghuileadar clann Israel
ar son Mhaóisi a réiteach Mhoab
tríochad lá; marsin do críochnuigheadh
laéthe gola agus caóinte ar son
Mhaoise.


L. Dt34:9


Agus dobí Josua mac Nun líon-
ta do spioruid an gliocuis; óir do
leag Maóisi a lámha air: agus do
umhluigheadar clann Israel dó, agus do
rinneadar mar do aithin an Tighearna do
Mhaóise.


L. Dt34:10


Agus níor éirigh fáigh ó shoin a
Nisrael cosmhuile re Maóisi, noc dob
aithne don Tighearna aghuidh ar aghuidh:


L. Dt34:11


Annsna huile chomharthuibh, agus
iongantuibh dar chuir an Tighearna é
dá ndénamh a gcrích na Hégipte a naghuidh
Phárao, agus a naghuidh a sherbhíseach
uile, agus a dhúithche uile,


L. Dt34:12


Agus annsa láimh láidírsin, a-
gus annsa chriothnughadh mhór uile do
thaisbéin Maóisi a radharc Israel uile.


L. Is



LEABHAR IOSUA.


L. Is1:1


Annois tar éis bháis Mhaói-
se sherbhísigh an Tighearna,
tárla ann gur labhair an Tigh-
earna re Iosua mhach Nun
óglach Mhaóise, ghá rádh.


L. Is1:2


Déug Maóise mo sherbhíseach, anois
ar nadhbharsin éirigh, imthigh anonn
tar an Iordáinse, thú féin agus an
pobalsa uile don tír dobheirimse dhóibh,
eadhon do chloinn Israel.


L. Is1:3


Gach uile bhall air a sailteo-
ruidh bonn bhur ccoise, thug mé sin
dáoibh, mar adubhairt mé re Maóise.


L. Is1:4


On nfásach, agus ón lebanonsa
go nuige anabhuinn mhóir sruth Eu-
phrátes, iomlán fhearainn na Hititeach,
agus go nuige anfairge mhóir leath ré
dul faoi na gréine, budh é bhur ttéora.


L. Is1:5


Ní fhédfuidh énduine seasamh ad
aghuidh ar feadh láethe do bheatha: mar
dobhí mé lé Maóise, is marsin bhías
mé leachdsa: ní fhailleocha mé ort,
ní mó thréigfios mé thú.


L. Is1:6


Bí láidir, agus lánchródha, óir
roinnfe tú ar an bpobalsa mar oighreachd,
an fearann do gheall mé dá naithribh do
thabhairt dóibh.


L. Is1:7


Amháin bísi láidir, agus rochu-
rata, chor go gcoimhédfa tú do dhé-
namh do réir an dlighe uile noch do aithin
mo sherbhíseach Maóise dhíot, ná hiom-
póigh uadh ar an láimh dheis nó chlé, chor go
mbía tú sona gidhbé ar bith áit a racha tú.


L. Is1:8


Ní dhealochuidh an leabharsa an dlighe
red bhéul, achd biáidh tú ag stuidéur ann
do ló agus doidhche, chor go ttiubhra thú
haire donuile ní da bhfuil ann do dhéanamh; óir
annsin dodhéna tú do shlighe suthuin, a-
gus éireochuidh leachd go maith annsin.


L. Is1:9


Nach ar aithin misi dhíot? bí
láidir, agus láinbhéodha, ná bíodh eag-
la ort, agus ná bí meata: óir atá
do Thighearna Día maille leachd gidhbé
áit a racha tú.


L. Is1:10


Annsin do aithin Iosua do
oifigeachuibh an phobail, dhá radh.


L. Is1:11


Eírgidhe ar feadh an tslóigh, dhá
rádh: ullmhuighidh lónn daóibh féin: óir
fa chionn thrí lá rachthaói anonn tar
an Iordansa, do dhul do shealbhúghadh
na tíre dobheir bhur TTighearna Día
dhaóibh rena sealbhughadh mar oighreachd.


L. Is1:12


Agus do labhair Iosua ris na
Reubinítibh, agus ris na gadítibh, a-
re leiththreibh Mhanasseh, dhá rádh:


L. Is1:13


Cuimhnighidh na bríathra do
aithin Maóise óglach an Tighearna dhíbh,
ghá rádh, thug bhur TTighearna Día
suáimhnios daóibh, agus thug sé an
dúithcheso dhíbh.


L. Is1:14


Fanfuid bhur mná, bhur ndaóine
beaga, agus bhur náirnéis ansa dúithche
thug Maóise dhíbh don táobhso do Ior-
dan: ach rachthaoi féin thairis armtha
roimhe bhur ndearbhráithribh, gach a bhfuil
láidir aguibh, agus cuideochtháoi léo.


L. Is1:15


Nó go ttuga an Tighearna
suaimhneas da bhur ndearbhraithribh mar
thug sé dhíbhsi, agus go sealbhuighidsion
mar an gcédna an tír bheir bhur
TTighearna Día dhóibh; annsin fillfidhe da
bhur bhfearann sealbha, noch thug Máoise
óglach an Tighearna dhíbh don táoibhsi do
Iordan leath ré heírghe greíne, agus
biáidh aguibh mar oighreachd.


L. Is1:16


Agus do fhreagradarsan
Iosua, ghá rádh, anuile ní aitheonus tusa
dhínn, dodhénam é, agus gidhbhé áit a
gcuirfe tú sinn racham ann.


L. Is1:17


Do réir mar do éisteamar re
Máoise ann sna huile neithibh, marsin
uimhleocham dhuitsi; amháin go mbiá do
Thighearna Día leachdsa, mar dobhí sé lé
Máoise.


L. Is1:18


Gidhbé chuirfios anaghuidh hai-
thnesi, agus nach éistfe ré dod bhríathruibh
ann gach éinní aitheonus tú dhe, cuirfighear
chum báis é: amháin bhí laídir, agus
deghmheisnigh.


L. Is2:1


Agus do chuir Iosua mhac
Nun días fear amach as
Sitim do bhraith go secréi-
deach, gá rádh, éirgidhe, measuidh
an dúithche, eadhon Iericho: agus do im-
thigheadar, agus tangadar go tigh
meirdrigh darbhainm Rahab, agus do
fhosadar annsin.


L. Is2:2


Agus do hinnseadh do Rígh Iericho
dhá rádh, féach tangadar daoine annso ó
chlainn Israel do bhrath na tíre.


L. Is2:3


Agus do chuir Rígh Iericho fios
chum Rahab, ghá radh, tabhair amach
na dáoine tháinic chugad, noch dochúaidh
asteach ann do thigh, óir is do bhrath na
tíre uile thangadar.


L. Is2:4


Agus do ghlac an bhean an días
fear, agus dfoluigh sí íad, agus adubhairt
marso; tangadar dáoine
chugamhsa, ach ní eidir mé cá has
dóibh:


L. Is2:5


Agus fa am druite an gheata,
ansa dorchadas dimthigheadar na fir-
sin amach, agus ní fios damhsa cáit a
a ndeachadar na firsin: cuiridh tóruigheachd
orra go lúath, óir bértháoi orra.


L. Is2:6


Ach rug sisi suas a mullach an
tighe íad, agus do fholuigh íad lé loir-
gnibh lín, noch do leag sí a nordughadh
air mhullach an tighe.


L. Is2:7


Agus do leanadar na dáoine na
ndíaigh annsa tslighe, go Iordan go
nuige na háthanna, agus ar ball ar
imthigheadar an mhuintirsin dobhí dhá lorg
amach, do dhruideadar an geata.


L. Is2:8


Agus suil do luigheadar síos
annsa ccathruigh, tháinic sisi súas chuca
ar mhullach an tighe.


L. Is2:9


Agus adubhairt ris na dáoinibh,
atá a fhios agum go ttug an Tighearna
an tír dhíbh, agus gur thuit bhur nuaman
oruinn, agus gur lagadh dúthchusaigh
na tíre air bhur son.


L. Is2:10


Oír dochúalamar mar do thior-
maigh an Tighearna uisge na mara
ruaidhe romhuibh anuair thangabhair amach
as an Négipt, agus mar dorinneabhair
ré dhá Rígh na Namoríteach, dobhí don
táobh oile do Iordan, Sihon agus
Og, noch do scriosabhair go hiom-
lán.


L. Is2:11


Agus ar ball a gcúalamar
na neithesi, do leaghadh ar gcroidhthe,
agus níor fhan níis mó do bheódhachd anéan-
duine ar bhur sonsa: oír sé bhur
TTighearna Día is Día ar neamh shúas
agus ar talamh shíos.


L. Is2:12


Annois ar anadhbharsin guidhim
sibh, tugaidh bhur mionna dhamhsa a fan TTi-
ghearna, ó thaisbén mé cinéul dáoibh, go
ttaisbéantáoisi marsin cinéul do thigh
matharsa; agus comhartha fíre do tha-
bhairt damh;


L. Is2:13


Agus go ccuimhdeocthaoi má-
thair béo, agus mo mhathair, agus mo
dhearbhraithre, agus mo dheirbhsheathracha,
agus gach éinní dá bhfuil aca, agus go
saorfuidhe ar mbeatha ó bhás.


L. Is2:14


Agus do fhreagradar na dáoi-
ne í, ar nanum ar bhur sonsa muna
bhfoillsighidh tú na gnothuighesi aguinn:
agus is amhluidh bhías anúair bhéras an
Tighearna an dúithche dhúinn, go ndénum go
cinéulta fírinneach riotsa.


L. Is2:15


Annsin do léig sí anúas íad
lé téad thríd an bhfuinneóig: óir is ar
bhalla an bhaile dobhí a tigh, agus do
aítribh sí ar an mballa.


L. Is2:16


Agus adubhairt sí riú, eírgidhe
fán tslíabh deagla go tteigeomhadh na
lorgaireadh sibh, agus folchuidh síbh féin
trí lá annsin, nó go bhfillidh an toír,
agus na dhiáigh sin fédthaoi imtheachd
romhuibh.


L. Is2:17


Agus adubhradar an dáoine
ría, béimne nemhchionntach ansna mionnuibhsi
thug tusa oruinn.


L. Is2:18


Féach anúair thiocfam don
tír, ceingeola tusa ann rébog shnáithe
scárláoidesi ansa bhfuinneóig tre ar
léig tú sinne síos, agus dobhéra tú
hathair, agus do mhathair, agus do
dhearbhraíthre, agus muinthir tighe hathar
uile asteach chugad.


L. Is2:19


Agus iseadh bhías de, gidhbé
rachus amach as doirsibh do thighe fan
tsráid, biáidh a fhuil ar a chionn féin,
agus béimne neimhchiontach: agus gidh
bé bhías ad fhochairse an sa tigh, bíaidh a
fhuil air ar gceanne, má bheanann lámh
dhuine ris.


L. Is2:20


Agus má fhoillsighionn tú ar
ngnothuidhne annso; annsin bíam saór
ód mhionnuibh thug tú oruinn do tha-
bhairt.


L. Is2:21


Agus adubhairt sisi, do
réir bhur mbríathar bíodh sé marsin;
agus do chuir sí air siubhal íad, agus
do cheangail sí an corda scárláoide
san bhfuinneóig.


L. Is2:22


Agus do imthigheadarsan, agus
tangadar fan tslíabh, agus do fha-
nadar annsin trí lá no gur fhilleadar
na lorgairidh, agus do íarradar na
lorgairidh íad ar feadh na sligheadh, ach
ní fhuáradar íad.


L. Is2:23


Annsin do fhilleadar an días
fear, agus do thuirlingeadar don tslíabh,
agus dochúadar thairis, agus tan-
gadar go Iosua mach Nun, agus dinniosadar
dhó gach éinní dá ttárla dhóibh.


L. Is2:24


Agus adubhradar re Iosua,
go deimhin thug an Tighearna an tír uile
ionar lámhuibh; óir atáid na dúthchu-
suidh uile ag dul ananbhfainne re
eagla romhuinn.


L. Is3:1


Agus do eírigh Iosua go
moch ar maidin, agus do
áthruigheadar as Sitim,
agus tangadar go Ior-
dan, é féin agus clann
Israel uile, agus do fhosadar annsin
suil dochúadar thairis.


L. Is3:2


Agus tárla a gcionn thrí lá,
go ndeachadar na hoifigidh ar feadh an
tslúaigh.


L. Is3:3


Agus do fhuagradar don pho-
bal gha rádh, anúair chífidhe Aírc
chunartha bhur TTighearna Dé agus na
Sagairt Lebhiteach gá hiomchar, an-
sin áthrochuidhe as bhur náit, agus
rachdáoi na díaigh.


L. Is3:4


Gidheadh biáidh spás eadruibh féin
agus í, timchioll dhá mhíle cubhad do
thomhas: ná tigidh laímh riá, chor go
mbiaidh fios na sligheadh aguibh iona
ccaithfidhe gabháil: óir níor ghabhabhair
an tslighesi roimheso.


L. Is3:5


Agus adubhairt Iosua ris an
bpobal, náomuigh sibh féin, óir dodhéana
an Tighearna ionganta bhur measc
amárach.


L. Is3:6


Agus do labhair Iosua ris na
sagartuibh, ghá rádh, tógbhuidh súas
Aírc an chunnartha, agus éirghidhe thai-
ris roimhe an bpobal; agus do thógbha-
dar Aírc an chunnartha súas, agus dochúadar
roimhe an bpobal.


L. Is3:7


Agus adubhairt an Tighearna
ré Iosua, aniugh thoiseochus mé ar thusa
oirdherceadh a measg Israel uile, chor
go mbía a fhios aca mar dobhí mé le
Maóise go mbía mé marsin leachdsa.


L. Is3:8


Agus aitheona tú do na sa-
gartuibh iomchras Airc an chunartha,
ga rádh, anúair thiucfuidhe go brúach
uisge Iordan, seasfuidhe bhur ccomhnuighe
an Iordan.


L. Is3:9


Agus adubhairt Iosua re cloinn
Israel, tigidh uile agus éistigh bría-
thra bur TTighearna Dé.


L. Is3:10


Agus adubhairt Iosua, is
leis so aitheantáoi go bhfuil an Día beó
bhur measc, agus go tteilgfe sé amach
gan fhaillighe na Cananítigh, agus na
Hititigh, agus na Hibhitigh, agus na
Perisitigh, agus na Girgasitigh,
agus na Hamorítigh, agus na Le-
busítigh.


L. Is3:11


Féachuidh, teíd Airc chunartha
Thighearna an domhuin uile romhuibh anonn
tar Iordan.


L. Is3:12


Annois ar anadhbharsin tu-
gaidh dha fhear dhéug amach as treabhuibh
Israel, fear as gach éintreibh.


L. Is3:13


Agus tiocfaidh a ccrích ar
ball a ccuirfid na sagairt iomchras
Aírc an Tighearna, Tighearna na talmhan
uile, boinn a ccos anuisgidhibh Iordan,
go ngearrfuighear uisgidhe Iordan ó na
huisgidhibh thig anúas as a náit shúas,
agus seasfuid na gcarn ar a
chéile.


L. Is3:14


Agus tárla anuáir do áthrui-
gheadar an pobal ó na loistínibh do
dhul tar Iordan, agus na sagairt
ag iomchar Aírce an chunartha roimhe
an bpobal;


L. Is3:15


Agus ar tteachd don luchd do
iomchuir aNáirc go Iordan, agus ar
ttumadh cos na sagart do iomchuir
an Náirc a mbhrúach anuisge, (óir tui-
lighidh Iordán a bhruacha uile feadh
aimsire an fhoghmhair.)


L. Is3:16


Gur sheasadar na huisgidhe
tháinic anúas ónáit shúas, agus
gur éirigh súas na chárn go rofha-
da ón chathruigh Adam atá ré táobh
Sarétan: ach gur fhailligheadar íadsin
tháinic anúas leath ré fairge an réitigh,
anfairge shaillte, agus gur gearradh
amach íad: agus go ndeachadar an
pobal anonn go díreach as coinne Ieri-
cho.


L. Is3:17


Agus gur sheasadar na sa-
gairt do iomchuir Aírc chunartha an
Tighearna, daingean ar talamh tirim,
a lár Iordan, agus go ndeachadar chla-
nna Israel uile thairis air talumh tirim, nó
go ndeachadar an pobal uile go hiom-
lán tar Iordan.


L. Is4:1


Agus tárla anuáir dochuáidh
an pobhal uile go hiomlán
tar Iordan, gur labhair
an Tighearna re Iosua, dhá
rádh,


L. Is4:2


Glacsa tú dhá fhear dhég as an bpo-
bal, fear as gach éintreibh,


L. Is4:3


Agus aithin díobh, ghá rádh,
beiridhsi libh as so as lár Iordan, as
anáit ar sheasadar cosa na sagart
dhá chloich dhéag, agus bérthaói libh a
nonn íad, agus fágfuidh íad san
náit a mbéid na loistinídhe a
nochd.


L. Is4:4


Annsin do ghoir Iosua an dá
fheardhég, noch do órduigh sé do chloinn
Israel, fear as gach éntreibh:


L. Is4:5


Agus adubhairt Iosua ríu, éir-
gidhe thairis roimhe Aírc bur Ttighearna
Dé go meadhon Iordan, agus tógbhuidh
súas gach énduine aguibh cloch ar a
ghúaluinn, do réir uibhre threabh chloinne Is-
rael:


L. Is4:6


Ionnus go mbiáidhso na chomhartha
aguibh, ionnus anuair fhiafrochuid bhur
cclann dá naithribh ansanaimsir thioc-
fas, gha rádh, cread is cíall daóibh an
sna clochuibhsi?


L. Is4:7


Annsin freagorthaói dhóibh gurob
iad uisgidhe Iordan do gherradh amach
roimhe Aírc chunartha an Tighearna, a
nuáir dochuaidh tar Iordan gur gear-
radh uisgidhe Iordan: agus béid na
clochasa mar chuimhne do chloinn Israel
go bráth.


L. Is4:8


Agus dorinneadar clann Israel
mar do aithin Iosua dhíobh, agus do
thógbhadar súas dhá chloich dhég as lár
Iordan, mar adubhairt an Tighearna re
Iosua do réir uibhre threabha chloinne Is-
rael, agus rugadar léo anonn íad
gus anáit ar fhosadar, agus do
léigeadar ar lár annsin íad.


L. Is4:9


Agus do chuir Iosua dhá chloich
dhég na seasamh a lár Iordan san náit
ar sheasadar cosa na sagart do
iomchuir Airc an chunartha: agus a
táid ansin gus aniugh.


L. Is4:10


Oír do sheasadar na sagairt do
iomchuir aNáirc a lár Iordan nó
gur críochnuigheadh gach éinní dar aithin
an Tighearna do Iosua do labhairt
ris an bpobal, agus do réir a
nuile neithe dar aithin Maóise
do Iosua: agus dorinneadar
an pobal deithfir, agus dochúadar
thairis.


L. Is4:11


Agus tárla anúair dochúadar
cách uile go hiomlán anon, go ndeachuidh
Aírc an Tighearna thairis, agus na
sagairt a bhfiaghnuisi an phobuil.


L. Is4:12


Agus dochúadar Clann
Reúben agus Clann Ghad, agus leath
threibhe Mhanasseh armtha thairis roimhe
chloinn Israel, mar do labhair Máoise
riú.


L. Is4:13


Timchioll cheathrachad míl, ullamh
chum cogaidh dochuaídh thairis roimhe an
TTighearna chum catha go réiteach
Iericho.


L. Is4:14


Ansa lósin do méduigh an
Tighearna Iosua a radharc Israel uile:
agus dobhí eagla aca roimhe, mar do
bhí roimhe Mhaóise ar feadh laéthe a
bheatha.


L. Is4:15


Agus do labhair an Tighearna
re Iosua, dhá rádh.


L. Is4:16


Aithin do na sagartuibh iom-
chras Aírc na fiadhnuisi, go ttigdís
súas as Iordan.


L. Is4:17


Do aithin Iosua uimesin do na
sagartuibh, ghá rádh, tigidh aníos as
Iordan.


L. Is4:18


Agus tárla anúair thanga-
dar na saghairt súas noch diomchuir
Aírc chunnartha an Tighearna as lár Ior-
dan, agus ar éirgheadar buinn chos na
sagharth súas ar talamh tirim, gur
fhilleadar uisgidhe Iordan ann a náith
féin, agus gur thuiligheadar tar a
brúachuibh uile, mar dorinneadar roi-
mhe.


L. Is4:19


Agus tangadar an pobal
súas as Iordan an deachmhadh lá don
chédmhí, agus dorinneadar foslung-
phort ann Gilgal ansaniomeal shoir do
Iericho.


L. Is4:20


Agus do chuir Iosua na sea-
samh a Ngilgal an dá chloich dhéugso
rugadar léo as Iordan.


L. Is4:21


Agus do labhair sé ré cloinn
Israel, ghá rádh, anuair fhiafrochuid
bhur gclann dá naithribh san naimsir atá
teachd, ghá rádh, cred is cíall do na
clochuibhsi?


L. Is4:22


Annsin dobhérthaoi a fhios dá
bhur ccloin, ghá rádh, tháinic Israel a
nall tar an Iordannso ar thalamh
tirim.


L. Is4:23


Oír do thiormuigh bhur TTighearna
Día uisgidhe Iordan romhuibhsi, nó go
ndeachabhair thairis, amhuil dorinne bhur
TTighearna Día ris an muir rúaidh,
noch do thiormuidh sé romhuinn, nó go
ndeachamar thairis.


L. Is4:24


Iondus go mbía a fhios ag
dáoinibh an domhuin uile, go bhfuil lámh an
Tighearna láidir, chor go mbhíadh eagla
bhur TTighearna Dé go bráth oruibh.


L. Is5:1


Agus tárla anúair dochúa-
ladar uile Ríghthe na Namo-
riteach dobhí ré taobh Iordan
don táobh shíar, agus uile
Ríghthe na Gcananíteach dobhí
láimh ris an bhfairge, gur thiurmuigh
an Tighearna uisgidhe Iordan súas roimhe
chloinn Israel, nó go ndeachamar thairis,
gur Leaghaidh a ccroidhe, agus nach raibh
spiorad ionta níbhus mó, tre eagla
chloinne Israel.


L. Is5:2


Ansanamsin adubhairt an Ti-
ghearna re Iosua, déna sceana géra
dhuit féin, agus timchillgheárr clann
Israel arís an dara húair.


L. Is5:3


Agus dorinne Iosua sceana
géra dhó feín, agus do thimchillgheárr sé
clann Israel ar chnoc an rémhchroi-
cinn.


L. Is5:4


Agus sé so an tadhbhar as ar
thimchillgheárr Iosua: fúaradar an
pobal uile tháinic as an Négipt, noch do
bhí feardha, eadhon na fir chogaidh uile,
bás san bhfásach ar a tslighe mar
thangadar amach as an Négipt.


L. Is5:5


Annois an mhéid dáoine tháinic
amach do timchillghearradh íad, achd an
mhéid dáoine rugadh san bhfásach ar a
tslighe mar thangadar amach as an
Négipt, níor thimchillghearradar íadsin.


L. Is5:6


Oír do shiubhluigheadar clann Israel
san bhfásach ceathrachad blíadhan, nó gur
éugadar uile an luchd cogaidh tháinic
amach as an Négipt, do chionn nár
umhluigheadar do ghuth an Tighearna: da
ttug an Tighearna mionna nach ttais-
bénfadh sé dhóibh an fearann, noch do
mhionnuigh an Tighearna dá naithribh, go
ttiubhradh sé dhuinn dúithche, noc thuilti-
ghios lé bainne agus lé mil.


L. Is5:7


Agus a cclann, noch do thóg
sé súas na náit, do thimchillghéarr
Iosua íad: óir dobhádar gan timchill-
ghearradh, do chionn nar thimchillghearradair
íad ar a tslighe.


L. Is5:8


Agus tárla anúair do chrío-
chnuigheadar an timchillghearradh ar an
bpobal uile, gur fhanadar ar a náitibh
ansa ccampa nó go rabhadar slán.


L. Is5:9


Agus adubhairt an Tighearna re
Iosua, ansa lóso do thiomáin mé mío-
chlú na Hégipte úaibh: uimesin goirthear
ainm na háite sin Gilgal gus aniugh.


L. Is5:10


Agus do champuigheadar clann
Israel a Ngilgal, agus do coimhéda-
dar an Cháisg ar an cceathramhadh lá
dég don mhí um nóin a réiteach Iericho.


L. Is5:11


Agus adúadar do sheanarbhar
na tíre arna mhárach déis na Cásg arán
gan loibhín, agus arbhar cruaidhte
ansa ló chédnasin.


L. Is5:12


Agus do sguir an Manna arna
mhárach ar itheadar seanarbhar na tíre,
agus ní raibh Manna níis mó ag cloinn
Israel, ach ditheadar do thoradh thíre Cá-
naain an bhlíadhuin sin.


L. Is5:13


Agus tárla anúair dobhí
Iosua ag Iericho, gur thóg a shúile
súas, agus gur amhairc, agus féch
do sheas duine thall as a choine
gona chloidheamh nochduigh iona láimh, agus
dochúaidh Iosua mar a raibh sé, agus
adubhairt ris, ann air ar soinne atá
tusa, nó ar son ar námhad?


L. Is5:14


Agus adubhairt seision, ní
headh, achd mar chaiptín do shlúagh an Tighear-
na tháinic mé anois; agus do thuit
Iosua ar a aghaidh, agus dorinne adhra
dhó, agus adubhairt sé ris, cred a
deir mo Thighearna rena óglach?


L. Is5:15


Agus adubhairt caiptín shlóigh
an Tighearna re Iosua, scáoil do
bhróg dot chois, óir is naomhtha anáit
iona bhfuil tú ad sheasamh: agus do
rinne Iosua mar sin.


L. Is6:1


Anois do híaghadh Iericho súas
go daingion air eaghla chloinne
Israel: ní rachadh énduine
amach, agus ní thiagh
énduine asteach.


L. Is6:2


Agus adubhairt an Tighearna ré
Iosua, féuch, thug mé Iericho ad láimh,
agus a Rígh agus a dáoine curata a
ngaisgidh.


L. Is6:3


Agus timcheoltaoi an chathair,
sibhsi a luchd cogaidh uile, agus éirgidh
timchioll na caithreach énuair amháin:
Dodhéna tú marso sé Lá.


L. Is6:4


Agus iomchoruid móirsheasar sa-
gart seachd ttrumpuidhe dadharcuibh rei-
theadh roimhe a Náirc, agus ar an seachd
mhadh lá timcheoltaoi an chathair seachd
núaire, agus seídfid na sagairt na
trumpuidhe.


L. Is6:5


Agus tiucfuidh a ccrích anúair
dodhénuid fúaim fhada le hadhairc an
reithe, agus anúair chluinfid fuáim
an stuic, gáirfid an pobal uile lé gáir
mhóir, agus tuitfid balluidhe na cai-
threach síos go lár, agus rachuidh an po-
bal súas, gach énduine ar aghuidh go
díreach.


L. Is6:6


Agus do ghoir Iosua mhac Nun
na Sagairt, agus adubhairt riú,
tógbhuidh súas Airc an chunartha, agus
iomchraidís móirsheisear Sagart seachd
stuic dadharcuibh reitheadh roimhe Airc an
Tighearna.


L. Is6:7


Agus adubhairt sé ris an
bpobal, gluáisigh romhuibh, agus tim-
chiollthaoi an chathair, agus imthigheadh
an té atá armtha roimhe Aírc an Ti-
ghearna.


L. Is6:8


Agus tárla anúair do labhair
Iosua ris an bpobal, gur ghluaisiodar
an móirsheisear Sagart ag iomchar na
stoc dadharchuibh reitheadh roimhe an TTi-
ghearna, agus do séideadar, agus do
lean Airc chunnartha an Tighearna íad.


L. Is6:9


Agus dochúadar na daoíne
armtha roimhe na sagartuibh, noch do
shéid na stuic, agus táinig a ndeireadh
a ndiáigh na Háirce, na sagairt
ag dul ar a naghuidh, agus ag séideadh
na stoc.


L. Is6:10


Agus do aithin Iosua don pho-
bal, dá rádh, ná dénuidh gáir ná torann
ar bith lé bhur nguth, agus ná tigeadh
énfhocal as bhur mbéul nó go ttí an lá
a naibéora misi ribh gáireadh, ansin
gáirfidhe.


L. Is6:11


Marsin do thimchill Airc an Ti-
ghearna an chathair ag dul na timchioll
énúair amháin, agus tangadar don
champa, agus do fhosadar annsa ccampa.


L. Is6:12


Agus do éirigh Iosua go moch
ar maidin, agus do thógbhadar na
sagairt Airc an Tighearna súas.


L. Is6:13


Agus do imthigheadar móirsheisear
sagart ag iomchar sheachd stoc dadh-
arcuibh reitheadh roimhe Aírc an Tighearna
ar a naghuidh a ccomhnuidhe, agus do
sheídeadar na stuic, agus na dáoine
armtha ag imtheachd rompa, ach tangadar
a ndeireadh a ndiáigh Aírce an Tighearna,
(na sagairt) ag gabháil rompa, agus
ag réideadh na stoc.


L. Is6:14


Agus an dara lá do thimchiolla-
dar an chathair énúair amháin, agus do
fhilleadair chum ann champa: dorinneadar mar
sin sé lá.


L. Is6:15


Agus tárla ar an seachdmhadh
lá gur éirgheadar go moch timchioll
scartha an láoi, agus gur thimchilleadar
an chathair ar an modh cédna seachd
núaire.


L. Is6:16


Agus tárla ar an seachdmhadh
húair an tan do shéideadar na sagairt
na stuic, go ndubhairt Iosua ris an
bpobal, gáiridh, óir thug an Tighearna
an chathair dhíbh.


L. Is6:17


Agus biáidh an chathair móidighthe,
í féin agus a bhfuil inte, don Tighear-
na: amháin mairfidh Rahab an mheir-
dreach, í féin agus a bhfuil na fochair
sa tigh, do bhrígh gur fholuigh sí
na teachda do chuireamar uáinn.


L. Is6:18


Agus ar gach uile chor coimhé-
duighsi ribh féin ar éinní móidighthe, deagla
go ndénadh sibh sibh féin malluig a
núair ghlacfuidhe an ní mhalluigh, agus
go ndénadh sibh mallughadh do champa
Israel, agus go mbúaidheorthaoi é.


L. Is6:19


Achd anuile airgiod agus
ór, agus soighthighe práis, agus íaruinn,
ataíd coisrigthe don Tighearna: tiuc-
fuid a nionnmhus an Tighearna.


L. Is6:20


Marsin do gháireadar an po-
bal anúair do shéideadar na sagairt
na stuic: agus tárla anúair do
chúaladar an pobal fúaim an stuic, agus
do gháireadar an pobal lé gháir mhóir,
gur thuit an balla síos ar lár,
ionnus go ndeachuidh an pobal súas don
chathruigh gach énduine ar aghaidh, agus do
ghabhadar an chathair.


L. Is6:21


Agus do scriosadar go hui-
lidhe an mhéid dobhí san gcathruigh, idir
fhior agus mhnáoi, óg agus shean, dhamh
agus chaoirigh, agus assal, lé fáobhar
an chloidhimh.


L. Is6:22


Achd adubhairt Iosua ris an
ndís fear dochuáidh do bhrath na tíre,
éirgidhe go tigh na meirdrigh, agus tu-
gaidh amach as sin an bhean agus anuile
ní dá bhfuil aice, mar do mhionnuighea-
bhair dhi.


L. Is6:23


Agus dochúadar no hóganuigh
dobhí na luchd bratha asteach, agus tu-
gadar Rahab amach agus a hathair
agus a mathair, agus a dearbhráith-
re, agus a raibh aice uile, agus
tugadar a gáol uile amach, agus dfág-
bhadar taobh amuich do champa Israel
íad.


L. Is6:24


Agus do loisgeadar an cha-
thair le teinidh, agus anuile ní dá raibh
inte: amháin do chuireadar an tairgiod,
agus an tór agus na soithighe
práis agus íaruinn anionnmhus thighe an
Tighearna.


L. Is6:25


Agus do chumhdhaigh Iosua Ra-
hab an mheirdreach béo, agus muintir
tighe hathar, agus a raibh aice uile,
agus áitreabhuigh sí an Israel gus
aniugh, do chionn gur fholuigh sí na teachda
do chuir Iosua do bhrath Iericho.


L. Is6:26


Agus do chuir Iosua do mhóigh-
dibh orra san namsin, gá rádh, go
madh malluigh a bhfiaghnuisi an Tigh-
earna an duine éireochas, agus chuir-
fios an chathairse Iericho súas: ann a
chédghin leacfus sé a bunáit, agus
iona mhac is óige chuirfeas sé a geatadh
súas.


L. Is6:27


Mar sin dobí an Tighearna
re Iosua agus dochuáidh a chlú ar
feadh na críche uile.


L. Is7:1


Ach dorinneadar clann Israel
sárughadh ansa ní móidighthe:
óir do ghlac Achan mhac
Carmi, mhic Zabdi, mhic Se-
rah do threibh Iúdah don ní mhóidighthe, a-
gus do hadhnadh fearg an Tighearna
anaghaidh chloinne Israel.


L. Is7:2


Agus do chuir Iosua daóine ó
Iericho go Hai, noch atá ré táobh
Bhet-abhen táobh shoir do Bhetel, a-
gus do labhair riú dhá rádh, éirgidhe
súas agus braithidh an tír: agus do
chúadar na daóine súas agus do
bhrathadar Ai.


L. Is7:3


Agus do fhilleadar go Iosua,
agus adubhradar ris, ná héirgidís
na daóine uile súas, ach léig a ttim-
chioll dhá mhíle nó trí míle fear dul
súas, agus buáiledís Ai, agus ná
cuir sáothar ar na daoinibh uile dul
ann, óir ní bhfuilid achd beagán.


L. Is7:4


Marsin dochuáidh don phobal
súas ansin timchioll thrí míle, agus
do theitheadar roimhe mhuintir Ai.


L. Is7:5


Agus do bhuáileadar muintir Ai
dhíobh timchioll thríochad agus sheisear
fear, óir do ruagadair íad ón gheata
air fad go Sebarim, agus do bhuáilea-
dar íad ann na ndul le fánuigh: air anadh-
bharsin do leaghadh croidhthe an pho-
bail, agus tangadar chum a bheith
amhuil uisge.


L. Is7:6


Agus do stíall Iosua a édach,
agus do thuit chum talmhan ar a a-
ghaidh as coinne Airce an Tighearna go
tráthnóna, é féin agus sinnsir Is-
rael, agus do chuireadar luáithreadh ar
a gceannuibh.


L. Is7:7


Agus adubhairt Iosua, uch a
Thighearna Día, cred fá ttug tú an
pobalso ar énchor anall tar Iordan
dár seachadadh a láimh na Namoríteach
dar scrios? dobfearr linn go mbei-
mis deóntach fuireach ar an ttáobh
thall do Iordan.


L. Is7:8


O a Thighearna, cred adéra misi
anuáir iompoighios Israel a ndruim
roimhe a námhuid?


L. Is7:9


Oír cluinfid na Cánanítigh, a-
gus dúthchusuigh na tíre é, agus tioc-
fuid ar ttimchioll fagcuairt, agus
gearrfuid ar nainm amach don talamh:
agus cred dhénas tusa red ainm
mór?


L. Is7:10


Agus adubhairt an Tighearna
re Iosua, éirigh súas, cred as a
luighionn tú mar so ar haghaidh?


L. Is7:11


Do pheacuidh Israel, agus do
sháruigheadar mo chunnradhsa, noch do aithin
mé dhíobh: óir do ghlacadar don ní
móidighthe, do ghadadar mar an ccédna
fós, agus níor léigeadar sin orra,
agus do chuireadar a measg a ccoda
féin é.


L. Is7:12


Uimesin níor fhédadar clann
Israel seasamh as coinne a námhad, ach
do iompoigheadar a ccúl roimhe a naimhde,
do chionn go rabhadar malluigh: a-
gus ni bhía misi maille libh feasda,
muna scriostáoi an malluighthe ó bheith
bhur measc.


L. Is7:13


Eírigh, naómhuigh an pobal, a-
gus abair, náomhuighe sibh féin a gcoinne
an laói máruigh: óir is marso adeir
an Tighearna Día Israel, atá ní móidi-
ghthe ann bhur lár ó Israel, ní fhédthaoi
seasamh as coinne bhur námhad, nó go
gcurthaói uáibh an ní malluighthe ó
bheith bhur measc.


L. Is7:14


Ar anadhbharsin bérthar
sibh air maidin do réir bhur ttreabh, a-
gus is amhlaidh bhías, an treabh air a mbéra
an Tighearna go ttiucfuid do réir a
muintear, agus an mhuintir air a mbéra
an Tighearna tiucfuid na ttighthibh, a-
gus an tigh air a mbéra án Tighearna
tiucfuid na nduine agus na nduine.


L. Is7:15


Agus is eadh bhías de, an té
ar a mbérthar leis an ní móidighthe,
loisgfighear lé teinidh é féin agus a
mbía aige uile, do bhrigh gur sháruigh
sé cunradh an Tighearna, agus do
brígh gur oibrigh sé leimhe a Nios-
rael.


L. Is7:16


Mar sin do éirigh Iosua go
moch ar maidin, agus tug Israel leis
iona ttreabhuibh, agus do gabhadh treabh
Iúdah.


L. Is7:17


Agus thug sé leis treabh Iú-
dah, agus do ghlac sé muintir na
Saríteach: agus thug sé leis muin-
tir na Sarhíteach duine ar dhuine, agus
do gabhadh Sabdi.


L. Is7:18


Agus tug sé leis luchd a thighe
duine ar dhuine, agus do gabhadh A-
chan mhach Carmi, mhic Sabdi, mhic Sé-
rah, do threibh Iúdah.


L. Is7:19


Agus adubhairt Iosua re A-
chan, guidhim thú a mhic, tabhair glóir
don Tighearna Día Israel, agus déna
admháil ris, agus innis damhsa anois
cred dorinne tú, ná ceil orum é.


L. Is7:20


Agus do fhreagair Achan Io-
sua, agus adubhairt, go deimhin do
pheacaidh mé anaghuidh an Tighearna Día
Israel, agus marso agus marso
dorinne mé.


L. Is7:21


Anuáir dochonnairc mé a measc
na nédálach culaidh bhréaghdha bhabi-
lónta, agus dá chéad Secel airgid, agus
barra óir, do chomhthrom cháogad secel,
annsin do shantuigh mé íad, agus rug
mé liom íad, agus féch atáid a bhfo-
lach ansa talumh a lár mo lóistín,
agus an tairgiod faói.


L. Is7:22


Annsin do chuir Iosua teachda
úadh, agus do ritheadhar gus an lóis-
tín, agus féch dobhí sin a bhfolach
iona lóistín, agus an tairgiod faoi.


L. Is7:23


Agus do thógbadar amach íad
as lár an lóistín, agus tugadar
go Iosua íad, agus go cloinn Israel
uile, agus do leagadar amach íad as
coinne an Tighearna.


L. Is7:24


Agus do ghlac Iosua agus
Israel uile maille ris Achan mhach Sé-
rah, agus an tairgiod, agus an té-
dach, agus an barra óir, agus a
mhic, agus a inghiona, agus a dhaimh,
agus a assail, agus a cháoirigh, a-
gus a lóistín, agus a raibh aige uile,
agus tugadar go gleann Achor íad.


L. Is7:25


Agus adubhairt Iosua, cred
as ar bhuáidhir tusa rinne? buáidheo-
ruidh an Tighearna thusa aniugh. Agus
do chlochadar Israel uile lé chlochuibh
é, agus loisgeadar íad lé teine,
tar éis a cclochadh lé clochuibh.


L. Is7:26


Agus do thógbhadar leachda
mór cloch ós a chionn gus aniugh: mar
sin do fhill an Tighearna ó fhíoch a
fheirge: uimesin do goireadh gleann A-
chor dainm don náit gus aniugh.


L. Is8:1


Agus adubhairt an Tighearna
ré Iosua, na bíodh eagla
ort, agus ná húamhnuighear
thú: beir leachd na fir choguidh
uile, agus éirigh, im-
thigh súas go Hái: féch, thug misi ad
láimh Rí Aí, agus a dhaóine, agus a
chathair, agus a dhúithche.


L. Is8:2


Agus dodhéna tú ré Hái, a-
gus rena Rígh, mar dorinne tú ré
Iericho, agus rena Rígh: amháin
a hédáil agus a háirnéis glacfuidhe
mar chreich chugaibh féin; cuir luigheachan
duit ar an ccathruigh táobh shíar dhi.


L. Is8:3


Annsin déirigh Iosua, agus an
luchd cogaidh chum dul súas anaghaidh
Aí, agus do thogh Iosua amach tríochad
míle dfearuibh láidre a ngaisgidh, agus
do chuir ar siubhal íad san noidhche.


L. Is8:4


Agus do aithin sé dhíobh, ghá rádh,
féch, beithí a luigheachán re haghuidh na cai-
threach, táobh shíar don chathruigh: ná bíthí
rófhada ón ccathruig, ach bhíthi uile réigh.


L. Is8:5


Agus racha misi agus a bhfuil do
dháoinibh liom cumh na caithreach, agus tioc-
fa a ccrích anúair thiucfaid síadsan
amach ar naghaidh, mar an ccéduair go
tteithfimne rompa.


L. Is8:6


Oír tiucfaid siádsan ar ndíaigh
amach nó go ttairngiom ón ccathruigh
íad: óir a déruid, do theitheadar romhuinn
mar an gcédúair.


L. Is8:7


Ar anadhbharsin teithfimne rom-
pasan: agus annsin éireochthaóisi as
an luigheachán, agus sealbhuighidh an chathair;
óir dobhéra bhur TTighearna Día ann bhur
láimh í.


L. Is8:8


Agus is amhluidh bhías anuáir
ghébhthaói an chathair, go ccuirfidhe an
chathair tré theine, do réir aithne an
Tighearna dodhéntáoi: féchuidh do aithin
misi dháoibh é.


L. Is8:9


Uimesin do chuir Iosua amach íad,
agus dochuádar do luighe a bhforaire,
agus do fhosadair idir Bhetel agus Ai
an táobh shíar do Ai, ach do fhan Iosua
anoidhchesin a measg an phobhuil.


L. Is8:10


Agus do éirigh Iosua go moch
ar maidin, agus do áirimh sé an po-
bal, agus dochuáidh suás é féin agus
sinnsir Israel roimhe an bpobal go Hái.


L. Is8:11


Agus dochúadar na dáoine
uile, eadhon a raibh do luchd coguidh na
fhochair súas, agus do thairngeadair a
ccomhfhogus, agus tangadar as coinne
na caithreach, agus do champuigheadar ar
an ttáoibh thúaigh do Ai: anois dobhí
gleann eatorra agus Ai.


L. Is8:12


Agus rug sé leis timchioll
chúig míle fear, agus do chuir na luidhe
íad a bhforaire idir Bhetel agus Ai,
ar an ttáobh shíar don ccathruigh.


L. Is8:13


Agus anúair do shuigheadar na
dáoine, eadhon an slúagh dobhí don táoibh
thúaigh don chathruigh, agus a luigheachan
don táobh shíar; dochúaidh Iosua
anoidhchesin go lár an ghleanna.


L. Is8:14


Agus tárla anúair dochonnairc
Rígh Ai sin, go ndearnadar deithbhir,
agus gur éirgheadar súas go moch,
agus dochuádar fir na caithreach amach
anaghaidh Israel, é féin agus a mhuintir
uile chum catha a nam cinnte as coinne
an réitigh: achd níor mhothuigh go raibh
luigheachán na aghuidh air an táoibh shíar
don chathruigh.


L. Is8:15


Agus do léig Iosua agus
Israel orra féin mar dobheidís búail-
te, agus do theitheadar a slighe an
nfásaigh.


L. Is8:16


Agus do goíreadh a raibh do
dháoinibh ann Ai a ccionn a chéile na ttórui-
gheachd, agus do leanadar Iosua agus
do tairrngeadh on ccathruigh íad.


L. Is8:17


Agus níor fágbhadh duine ann
Ai, nó a Mbetel nach deachuidh amach do
leanmhuin Israel, agus do fhágbhadar an
chathair oscuilte, agus do leanadar
Israel.


L. Is8:18


Agus adubhairt an Tighearna
re Iosua, sín amach an gath atá ad
láimh anaghadh Ai: óir dobhéra misi
ad láimh í. Agus do shín Iosua an
gath dobhí iona laímh leath ris an
ccathruigh.


L. Is8:19


Agus do éirigh ar luigheachán
go mear asa náitibh, agus do ritheadar
ar ball ar shín seision a lámh, agus
dochúadar asteach don chathruigh, agus
do ghabhadar í, agus do dheifrigheadar,
agus do chuireadar an chathair tré
theinidh.


L. Is8:20


Agus anúair do fhéchadar
muintir Ai na ndíaigh, dochonncadar,
agus féch dochuáidh deatach na cai-
threach súas go neamh, agus ní raibh neart
aca teitheamh don táoibhsi, ná don táoibh
oile: agus na dáoine do theith fan
bhfásach do fhilleadar ar a nais ar an
ttóir.


L. Is8:21


Agus anúair dochonnairc Io-
sua agus Israel uile gur ghabh an
luidheachán an chathair, agus gur éirigh
deatach na caithreach súas, annsin do fhillea-
dar arís, agus do mharbhadar muintir
Ai.


L. Is8:22


Agus tangadar cách eile a-
mach as an gcathruigh na naghuidh, ionn-
us go rabhadar a lár Israel, cuid
(Disrael) don taóibsi, is cuid don
taóibh úd, agus do bhuáileadar íad,
ionnus nar léigeadar neach ar bith
as, nó imtheachd díobh.


L. Is8:23


Agus do ghabhadar Rígh Ai na
bheathaigh, agus tugadar chum Iosua é.


L. Is8:24


Agus tárla anuáir do chríoch-
nuigheadar Israel dúthchusaigh Ai uile
do mharbhadh ann sa machaire san bhfá-
sach, mar ar thiomáineadar íad, agus
anuáir do thuiteadar uile lé fáobhar
an chloidhimh nó gur sgriosadh uile íad,
gur fhilleadar na Hisraelitigh uile go
Hái, agus gur bhuáileadar í lé fáobhar
an chloidhimh.


L. Is8:25


Agus an mhéid do thuit an lá
sin idir fhearuibh agus mhnaibh, dobádar
dhá mhíle dhéug, eadhon muintir Aí uile.


L. Is8:26


Oir níor fhill Iosua a lámh air a
hais, noch do shín sé leis an ngath, nó
gur dhíothlairthigh sé áitreabhuigh Aí uile.


L. Is8:27


Amháin áirnéis agus éadáil
na caithreachasin rug Israel léo mar
chreich dhóibh féin do réir bhreithre an
Tighearna, noch do aithin sé do Iosua.


L. Is8:28


Agus do loisg Iosua Aí, a-
gus dorinne cárn di go bráth, áit
fhásuigh gus aniugh.


L. Is8:29


Agus do chroch sé Rígh Aí lé
crann go tráthnóna, agus ar ball a
ndeachuidh an ghrían faói, do fhúagair
Iosua a chorp do leagadh anuas don
chrann, agus a theilgion a ndul astech
gheata na caithreach, agus do thógbha-
dar cárn mór ós a chionn, noch mhair-
ios gus aniugh.


L. Is8:30


Annsin dorinne Iosua altóir
don Tighearna Día Israel, a slíabh E-
bal.


L. Is8:31


Mar do aithin Maóise óglach
an Tighearna do chloinn Israel, mar atá
scríobhtha a leabhar dlighe Mhaóise,
altóir do chlochuibh iomlána, air nar thóg
duine ar bith íarann: agus do ofrá-
ladar orrasin íodhbartha loisge don
Tighearna, agus do íodhbradar ofrá-
la síothchána.


L. Is8:32


Agus do scríobh sé ansin ar
na clochuibh cóib dhlighe Mhaóise, noch do
scríobh sé a bhfiaghnuisi chloinne Israel.


L. Is8:33


Agus do sheas Israel uile, a-
gus a sheanóirighe, agus a noifigigh, a-
gus a mbreitheamhuin don taóibhsi don
Aírc, agus ar an ttaóibh oile, roimhe
na Sagairt Lebhíteach, noch do iomchair
Aírc chunnartha an Tighearna, aráon
an coimidhtheach agus an té rugadh na
measc: Leath dhíobh thall as coinne shléibe
Gerisim, agus an leath oile dhíob thall
as coinne shléibhe Ebal: mar do aithin
Maóise óglach an Tighearna roimhe, go
mbeinneochaidís pobal Israel.


L. Is8:34


Agus na dhiáighsin do léigh
sé bríathra an dlighe uile, na bheannachda
agus na mallachda do réir anuile
neithe dá bhfuil scríobhtha a leabhar an
dlighe.


L. Is8:35


Ní raibh focal dar aithin
Maóise nar léigh Iosua a lathair
chomhchruinnigh chloinne Israel uile, mail-
le ris na mnáibh, agus leis na lean-
buibh, agus leis na coimhighthibh dobhí
gnáthach na measg.


L. Is9:1


Agus tárla anuáir dochúa-
ladar na Ríghthe uile dobhí
don taóibhsi do Iordan air
na sléibhtibh agus air na
gleantuibh, agus ar imlibh
na fairge móire uile thall as coinne
Lebanon, na Hititigh, agus na Hamo-
rítigh, agus na Cananítigh, agus na
Perissítigh agus na Hibhitigh agus na
Iebusitigh:


L. Is9:2


Gur chruinnigheadar íad féin uile
a gcionn a chéile do throid re Iosua, a-
gus ré Hisrael dén toil amháin.


L. Is9:3


Achd anuáir dochúaladar
muintir Ghibeon, mar dorinne Iosua
ré Iericho, agus ré Hái:


L. Is9:4


Dorinneadarsan go cealgach, a-
gus dochuadar, agus do léigeadar
orra gur teachda íad; agus tugadar
sean saic léo ar a nassaluibh, agus
sean bhuidéil fhíona briste ceangailte
súas.


L. Is9:5


Agus seanbhróga athchórighe air
a ccosuibh, agus seanéduighe orra, a-
gus dobhí aráin a lóinn uile tirim
agus líath.


L. Is9:6


Agus dochuadar go Iosua don
nfoslungphort a Ngilgal, agus a
dubhradar ris, agus re fearuibh Is-
rael, Tangamar as tír imchéin: a
nois uimesin dénuidhsi síth rinn.


L. Is9:7


Agus adubhradar fir Israel
ris na Hibhitibh, dobféidir gurob eadr-
uinn féin doníthí comhnuighe, agus cionnus
dodhénmaois ceangall ribh?


L. Is9:8


Agus adubhradarsan re Iosua,
as seirbhísigh dhuit sinn: agus adu-
bairt Iosua ríusan, cía sibh? agus
cáit as a ttangabhair?


L. Is9:9


Adubhradarsan ris, ó thír ró
fhada uáit thangadar do sheirbhísigh ar
son anma do Thighearna Dé; óir do
chúalamar a chlú, agus a ndéarna sé
uile san Negipt.


L. Is9:10


Agus anuile ní da ndéarna
sé ré dhá Rígh na Namoríteach, dobhí
táobh thall do Iordan, ré Sihon rígh
Hesbon, agus ré Og Rígh básan,
noch dobhí ann Astárot.


L. Is9:11


Ar anadhbharsin do labhradar
sinnsir, agus muintir ar ttíre uile
sinn, gha rádh, beiridh lónn libh chum a
nastair, agus éirgidhe do theagmháil
dóibh, agus abraidh ríu, is seirbhísigh
dhaóibh sinne, uimesin anois dénuidhsi
ceangal rinn.


L. Is9:12


Thugamar an taránso mar lón
linn teith ór ttighthibh an lá thangamar
amach do theachd go nuige sibhsi, achd a
nois féachuidh atá an tarán tirim, agus
ata sé líath.


L. Is9:13


Agus na bhuidéilsi do líona-
mar dfíon, dobhádar núa, achd féchuidh
atáid bhriste, agus íadso ar ndédui-
ghe agus ar mbróga atáid foirfe do
bhrígh ar nastair rofhada.


L. Is9:14


Agus do ghlacadar na fir íad
ar son a mbídh, agus níor iarradar
comhairle as béul an Tighearna.


L. Is9:15


Agus dorinne Iosua síth ríu,
agus dorinne ceangal ríu, léigion
dóibh marthuinn, agus tugadar prionnsuidhe
an chomhchruinnigh mionna dhóibh.


L. Is9:16


Agus tárla a ccionn thrí lá tairéis
osaigh do dhénadh ríu, go ccuáladar
gur bhíadsin a ccomhairsanna, agus
gur áitreabhadar eatorra.


L. Is9:17


Agus do ghluáisiodar clann Is-
rael ar anaghuidh, agus tangadair
dá gcaithreachaibh an treas lá; anois
dobíad a ccaithreacha Gibeon, agus
Cephirah, agus Beerot, agus Cir-
iat-Iarim.


L. Is9:18


Agus níor bhuáileadar clann
Israel íad, do chionn mar thugadar
prionnsuidhe an chomhchruinnigh a mionna dhóibh
fan TTighearna Día Israel, agus do
rinneadar an comhchruinniughadh munbhar
anaghaidh na bprionnsadha.


L. Is9:19


Acht adubradar na prions-
uidhe uile ris an gcomhchruinniughadh, thu-
gamar ar mionna dhóibh fan TTighearna
Día Israel; anois ar anadhbharsin ní
fhédmaóid buáin ríu,


L. Is9:20


Dodhénam marso ríu, eadhon
leigfeam dhóibh beith béo, deagla dioghal-
tais do theachd oruinn do bhrígh na mionn
thugamar dhóibh:


L. Is9:21


Agus adubhradar na prionns-
uidhe ríu, léigidh dhóibh marthuinn, ach
bidís na mbuainteoruibh connuigh, agus
na ttairrngeoribh uisge don chomhchruinniu-
ghadh uile, mar do ghealladar na pri-
onnsuidhe dhóibh.


L. Is9:22


Agus do ghoir Iosua orra, a-
gus do labhair sé ríu, gha rádh, cread
far mheallabhair sinn; gá rádh, atámaoid
rofhada uáibh, anuair gurob eadruinn
chomhnuighthí?


L. Is9:23


Annois ar anadhbharsin atáthaoi
malluigh, agus ní bhiáidh énduine aguibh
sáor ó bheith bhur ndaóirsineachuibh, a-
gus bhur luchd búana connuigh agus tairng-
the uisge chum tighe mo Dhé.


L. Is9:24


Agus do fhreagradarsan Iosua,
agus adubhradar, do bhrígh gur dear-
bhadh dot sheirbhíseachuibh mar do aithin
da Thighearna Día dhá óglach Maoise,
an dúithche uile do thabhairt daoibhse, agus
dúthchusaigh na tíre uile do scrios ro-
mhuibh; uime sin dobhámar lán deagla ar
nanmann romhuibhsi: agus dorinneamar
an nísi.


L. Is9:25


Agus anois féch, atámaoid
ad láimhsi mar as fearr dochítear dhuit
do dhénamh rinn, Dén é.


L. Is9:26


Agus dorinne sé marsiu riú,
agus do sháor as láimh chlainne Israel
íad, nar mharbhadar íad.


L. Is9:27


Agus dorinne Iosua an lásin
geárrthóiridh connuigh dhíobh, agus tairng-
theóiridh uisge don chomhchruinniughadh,
agus daltóir an Tighearna gus an
niugh, annsanáit do thoighfeadh sé.


L. Is10:1


Anois táinic a ccrích anúair
dochúaluidh Adonísedec Rígh
Ierusalem, mar do ghabh Io-
sua Aí, agus ghur dhíothlai-
thrigh sé thríd amach í mar
dorinne re Iericho, agus rena Rígh,
marsin dorinne re Hái, agus rena
Rígh, agus mar dorinneadar muintir
Ghibeon síth ré Israel, agus mar do
bhádar na measg;


L. Is10:2


Gur eagluigheadar go mór, do
bhrígh go raibh Gibheon na cathruigh mhóir,
mar aon do na caithreachaibh ríoghamhla,
agus do chionn gur mhó í ná Aí, agus
go rabhadar a daoine uile láidir.


L. Is10:3


Uimesin do chuir Adonisedec Rígh
Ierusalem fios go Hoham Rígh Hebron
agus go Píram Rígh Iarmut, agus go
Iophia Rígh Lachis, agus do Debir Rígh
Eglon gha rádh;


L. Is10:4


Tigidh suas chugamsa, agus
cuidighe liom lé mbúailfimís Gibeon:
óir dorinne sé síth re Iosua, agus
re cloinn Israel.


L. Is10:5


Ar anádhbharsin do chruinnigheadar
cúig Ríghthe na Namoriteach íad féin a
cceann a chéile, Rígh Ierusalem, Rígh Hebron,
Rígh Iarmut, Rígh Lachis, Rígh Eglon,
agus dochúadar súas, íad feín agus
a slóigh uile, agus do chomhnuigheadar
anaghuidh Gibeon, agus dorinneadar
cogadh na haghaidh.


L. Is10:6


Agus do chuireadar muintir Ghi-
beon fios chum Iosua don champa go
Gilgal, gá rádh, ná mainneachdnuigh do
lámh ód sherbhíseachuibh, tárr chuguinn
tráth, agus sáor sinn, agus tárthuigh
sinn: óir atáid na Ríghthe áitreabhus
air na sléibhtibh uile ar ccruinniughadh ar
naghuidh.


L. Is10:7


Annsin dochuáidh Iosua súas ó
Ghilgal, é féin, agus a luchd coguidh
uile na fhochair, agus na gaisgidh
neartmhara uile.


L. Is10:8


Agus adubhairt an Tighearna ré
Iosua, ná heagluighthear thú rompa; oír
dho sheachuid misi ad láimh íad; ní sheasfa
duine dhíobh romhad.


L. Is10:9


Tháinic Iosua ar anadhbharsin
chuca go hobann, agus dochuáidh sé
súas ó Ghilgal ansanoidhche.


L. Is10:10


Agus do chlaóidh an Tighearna
íad roimhe Israel, agus do mharbh íad
re hár mór a Ngibeon, agus do thiomáin
íad ar fud na sligheadh théid súas go
Betóron, agus do bhúaileadar íad go
Asecah, agus go Macedah.


L. Is10:11


Agus tárla mar dobhádar
ag teithiomh roimhe Israel, agus iad
ag dul ré fánuidh go Betóron, gur
theilg an Tighearna clocha móra anúas
ó neamh orra go nuige Asecah, agus
gur marbhadh íad: ba mó an mhéid do
marbhadh lé cloichshneachda dhíobh, ná ar mhar-
bhadar clann Israel leis an ccloidheamh.


L. Is10:12


Annsin do labhair Iosua ris
an TTighearna ansa lá thoirbhir an Ti-
ghearna na Hamorítigh súas roimhe chloinn
Israel, agus adubhairt sé a radharc
Israel, a ghrían fan ad chomhnuighe ar
Ghibeon, agus a ghealach fansa ad shea-
samh a ngleann Aialon.


L. Is10:13


Agus dfan an ghrían na seasamh, agus
do sdad an ghealach, no gur dhioghladar na
dáoine íad féin air a námhuidh. Nach bfuil
so scríobhtha a Leabhar Iaser? marsin
dfan an ghrían na sheasamh a lár neimhe,
agus nior dheifrigh ar dhul fáoi timchioll
Láoi iomláin.


L. Is10:14


Agus ní raibh énlá ríamh cos-
mhuil rissin roimhe nó na dhiáigh, gur
éist an Tighearna re guth duine; óir do
throid an Tighearna ar son Israel.


L. Is10:15


Agus dfill Iosua, agus Israel
uile maille ris don champa go Gil-
gal.


L. Is10:16


Ach do theithiodar na cúig Rí-
ghthesi, agus do dfoluigheadar íad
féin anúamhuigh ag Macedah.


L. Is10:17


Agus do hinniseadh sin do Iosua,
ghá rádh, dofríth an cúigear Ríghthe
anúamhuigh ag Macedah.


L. Is10:18


Agus adubhairt Iosua, Iom-
cóidh Clocha móra ar bhéul na húamha,
agus cuirigh dáoine láimh ría dhá ccoi-
mhéd.


L. Is10:19


Ach ná fanuighsi, leanuidh a
ndiaigh bhur námhad, agus búailidh a
ndeireadh, ná léigidh dhóibh dul asteach
da gcaithreachuibh: óir do thoirbhir bhur
TTighearna Día ann bhur Lámhuibh íad.


L. Is10:20


Agus tárla anúair do chrío-
chnuigh Iosua agus clann Israel a
mairbhadh lé hár romhór, nó gur sgriosadh
íad, go ndeachadar an mhéid do mhair díobh a
steach a gcaithreachaibh daingne.


L. Is10:21


Agus do fhilleadar an pobal
uile don champa go Iosua a Macedah a
síothcháin: níor chorruidh énduine
anaghaidh áoin do chloinn Israel.


L. Is10:22


Annsin adubhairt Iosua, óscluigh
béul na húamha, agus tabhair chugam
amach na cúig Ríghthesin as a núamhaigh.


L. Is10:23


Agus dorinneadar marsin,
agus tugadar na cúig Ríghthesin
chuige amach as a núamhuigh, Rígh Ieru-
salem, Rígh Hebron, Rígh Iarmut,
Rígh Lachis, agus Rígh Eglon.


L. Is10:24


Agus tárla anúair thugadar na
Ríghthesin amach go Iosua, gur ghoir Io-
sua ar fhearuibh Israel uile, agus adu-
bhairt sé re caiptínibh an Luchd cogaidh
dochúaidh leis, druididh a leith, cuiridh
bhur ccosa ar mhuinealuibh na Ríoghso:
agus tangadar láimh ris, agus do
chuireadar a ccosa ar a muinealuibh.


L. Is10:25


Agus adubhairt Iosua ríu,
ná húamhnuighthear sibh, agus ná bíthí
imshníomhach, bíthí Láidir agus láin-
bheódha, óir is marso dodhéna an Ti-
ghearna ré bhur naimhdibh uile re a
ttroidfigh.


L. Is10:26


Agus na dhiáighsin do bhúail
Iosua íad, agus do mharbh sé íad,
agus do chroch sé ar chúig crannuibh íad,
agus dobhádar crochta ar na crannuibh
go tráthnóna.


L. Is10:27


Agus tárla a nam dul faói na
gréine gur fhúagair Iosua, agus
tugadar anuas as na crannuibh íad,
agus do theilgeadar ansanúamhuigh
íad mar a rabhadar a bhfolach, agus
do chuireadar clocha móra a mbéul na
húamha, noch mhairios gus anuigh.


L. Is10:28


Agus an lá céadnasin do ghabh
Iosua Macedah, agus do bhúail í lé
faobhar an chloidhimh, agus a Rígh, do
mharbh sé thríd amach íad féin, agus a
raibh danmannuibh inte, níor léig sé aon
díobh as: agus dorinne sé ré Rígh
Mhachedah, mar dorinne re Rígh
Iericho.


L. Is10:29


Annsin do ghlúais Iosua ó Mha-
cedah, agus Israel uile maille ris
go Libnah, agus do throid sé anaghaidh
Libnah.


L. Is10:30


Agus do thoirbhir an Tighearna
í mair an gcéudna, agus a Rí a láimh
Israel, agus do bhúail sé í lé fáobhar
an chloidhimh, agus a raibh danmannuibh
inte: níor léig sé áon díobh as dá
raibh inte, agus dorinne sé réna
Rígh mair dorine re Rígh Iericho.


L. Is10:31


Agus do ghluáis Iosua ó
Libnah, agus Israel uile maille ris
go Lachis, agus do champuigheadar na
haghaidh, agus do throideadar na
haghaidh.


L. Is10:32


Agus do sheachuid an Tighearna
Lachis a láimh Israel, noch do ghabh í
an dara lá, agus do bhuail í le
fáobhar an chloidhimh, agus a raibh
danmannuibh inte, do réir anuile neithe,
dorinneadar re Libnah.


L. Is10:33


Annsin thainic Horam Rígh Ge-
ser súas do chongnamh le Lachis,
agus do bhuáil Iosua é féin, agus a
mhuintir, no gur fhág gan énduine
béo é.


L. Is10:34


Agus do ghluáis Iosua ó La-
chis go Heglon, agus Israel uile
maille ris, agus do shuigheadar a
ccampa rena huchd, agus do throid-
eadar na haghuidh.


L. Is10:35


Agus do ghabhadar í an lásin,
agus do bhuaileadar í lé fáobhar an
chloidhimh, agus a raibh danmannuibh inte,
do mairbhadh íad an lásin do réir
gach éinneithe dá ndéarnadh ré Lachis.


L. Is10:36


Agus dochuáidh Iosua súas ó
Eglon, agus Israel uile maille ris
go Hébron, agus do throideadar na
haghaidh.


L. Is10:37


Agus do ghabhadar í, agus
do bhuaileadar í lé faobhar an chloidhimh,
agus a Rígh, agus a caithreacha uile, a-
gus anuile anam dá raibh inte, níor
fhág énduine béo dhíobh, do réir anuile
ní dá ndearnadh re Heglon, ach do
scríos go hiomlán í, agus a raibh dan-
mannuibh inte.


L. Is10:38


Agus do fhill Iosua agus Is-
rael uile maille ris go Debir, agus
do throid na haghuidh.


L. Is10:39


Agus do ghabh í, agus a Rígh,
agus a caithreacha uile, agus do bhuail-
eadar íad lé faobhar na chloidhimh, agus
do mharbhadar a raibh danmannuibh inte,
níor fhág aon bhéo; mar dorinne sé re
Hébron is marsin dorinne re Debir,
agus rena Rígh, mar dorinne fós re
Libnah, agus re na Rígh.


L. Is10:40


Marsin do bhuáil Iosua tír na
slíabh, agus an taoibh ó dheas, agus na
ngleannta, agus na sruth, agus a
Ríghthe uile, níor fhág neach béo dhíobh:
ach do scrios sé uile an mhéid iona
raibh anáil, mar do aithin an Tighearna
Día Israel.


L. Is10:41


Agus do bhuáil Iosua íad ó
Chades-Barnéa go nuige Gása, agus
tír Ghossen uile go nuige Gíbeon.


L. Is10:42


Agus do ghabh Iosua na Rígh-
thesin uile, agus a ndúithche anéinfeachd:
do chionn gur throid an Tighearna Día
Israel ar son Israel.


L. Is10:43


Agus do fhill Iosua, agus
Israel uile maille ris don champa go
Gilgal.


L. Is11:1


Agus tárla anuair dochúaluidh
Iábin Rígh Hásor na neithesi,
gur chuir sé chum Ióbab Rígh Sim-
ron, agus go Rígh Achsaph,


L. Is11:2


Agus chum na Ríghthe dobhí budh
thuáidh ar na sléibhtibh agus budh dheas ar
réiteach Cinerot, agus ansa ghleann, a-
gus animlibh Dor Taobh shíar;


L. Is11:3


Agus chum an Chananítigh shoir
agus shíar, agus chum an Namorítigh,
agus chum an Hititigh, agus chum an
Pherisitigh, agus chum an Lebusítigh
annsna sléibhtibh, agus chum an Hibhitigh
faoi Hermon a ttír Mispeh.


L. Is11:4


Agus dochuadar amach, íad
féin, agus a slóigh uile maille ríu
morán daóine mar an ngaineamh atá
ar thráigh na fairge ar iomadamhlachd,
maille re marcshluagh agus romhó-
rán carbad.


L. Is11:5


Agus anuair do chruinnigheadar na
Ríghthesin uile a gcionn a chéile, tan-
gadar agus dorinneadair comhnuigh a bhfo-
chair a chéile ag uisgidhibh Merom do throid
anaghaidh Israel.


L. Is11:6


Agus adubhairt an Tighearna ré
Iosua, ná bhíodh eagla ort ar a son
súd; óir seachóduigh misi amárach
timchioll na huáiresi íad marbh uile
as coinne Israel: géarrfuidh tú a nios-
cada dá neachuibh, agus loiscfidh tú a
ccarbuid re teinidh.


L. Is11:7


Marsin tháinic Iosua, agus an
luchd cogaidh uile leis na naghaidh ag
uisgidhibh Merom go hobann, agus do
thiománadar orra.


L. Is11:8


Agus do thoirbhir an Tighearna a
láimh Israel íad, noch do bhuáil íad, a-
gus do mhadhmuigh orra go Sídon mhóir, a-
gus go Misrepotmaim, agus go
gleann Mspeh shoir, agus do bhuáilea-
dar íad no gur fhágbhadar gan áon
béo dhíobh.


L. Is11:9


Agus dorinne Iosua mar a
dubhairt an Tighearna ris, do ghéarr sé
ioscada a neach, agus do loisg sé a
gcarbhuid ré teinidh.


L. Is11:10


Agus do fhill Iosua an tan-
sin ar a ais, agus do ghabh Hásor,
agus do bhuáil a rígh leis an gcloi-
dheamh: óir dobhí Hásor roimhesin na
ceann ar na rioghachduibhsin uile.


L. Is11:11


Agus do bhuáileadar a raibh
danmannuibh inte lé fáobhar an chloidhim
ga scrios uile, níor fágbhadh áon
díobh do tharruing anála, agus do
loisg sé Hásor le teinidh.


L. Is11:12


Agus do ghabh Iosua caithreacha
na Ríghtheadhsin uile, agus a Ríghthe uile
do ghabh sé, agus do bhuáil íad lé fáo-
bhar an chloidhim, agus do scrios thríd
amach íad, mar do aithin Maóise
seirbhíseach an Tighearna.


L. Is11:13


Achd ar son na gcaithreach noch
do sheas a gcomhnuidhe iona neart, níor
loisg Israel énchathair díobh achd Hásor
amháin do loisg Iosua.


L. Is11:14


Agus tugadar clann Israel
léo mar chreich dhóibh féin uile édáil a-
gus áirnéis na gcaithreachsin: ach
do bhuáileadar gach uile dhuine le fáobhar
an chloidhim no gur dhíothlaithrigheadar
íad, níor fhágbhadar aon do tharruing
anála.


L. Is11:15


Mar do aithin an Tighearna
dhá sherbhíseach Máoise, is marsin
do aithin Maóise do Iosua, agus dorinne
Iosua marsin: nior fhág sé éinní
gan dénamh donuile ní do fhógair an
Tighearna do Mhaóise.


L. Is11:16


Marsin do ghabh Iosua an
chríochsin uile, na cnuic, agus an deis-
ciort uile, agus fearann Gosen uile, a-
gus an gleann, agus an réiteach, agus
slíabh Israel, agus a ghleannsin:


L. Is11:17


Eadhon ó shlíabh Hálac théid súas
go Seir go Baalgad a ngleann Leba-
non faói shlíabh Hermon: agus do ghabh
sé a Ríghthe uile, agus do bhuáil íad
agus do mharbh sé íad.


L. Is11:18


Dorinne Iosua cogadh a bhfad
daimsir ris na Ríghthibhsin uile.


L. Is11:19


Ní raibh Cathair dorinne síth
ré cloinn Israel, acht na Hibhitigh
amhaín, áitreabhuigh Ghibeon; do gabha-
dar an chuid oile uile a ccath.


L. Is11:20


Oír is ón TTighearna tháinic
crúadhugadh a ccroidheadh, chor go ttiuc-
faidís anaghaidh Israel a gcath, chor
go muirfeadh íad uile thríd amach, a-
gus ionnus nach bhfuighdís tairiseachd air bith,
ach go scríosfadh sé íad, mar do
aithin an Tighearna do Mhaoise.


L. Is11:21


Agus ansanamsin tháinic
Iosua, agus do scrios sé amach na
Hanacimigh ó na sléibhtibh, ó Hebron, ó
Dhebir, ó Anab, agus as sléibhtibh
Iudah uile, agus ó shléibhtibh Israel uile:
do léirscrios Iosua íad uile gona
gcaithreachaibh.


L. Is11:22


Níor fágbhadh énduine do na
Hanacimibh a bhfearann chloinne Israel:
amháin a Ngása, a Ngat, agus ann
Asdod, do fágbhad daóine iontasin.


L. Is11:23


Marsin do ghabh Iosua an tír
uile, do réir anuile ní dar labhair an
Tighearna re Maóise, agus thug Iosua
mar oighreachd do Israel é do réir a
ronna iona ttreabhuibh, agus do sguir an
dúithche do chogadh.


L. Is12:1


Annois is íadso Ríghthe na
gcríoch do bhuáil clann Is-
rael, agus dar shealbhuighe-
dar a bhfearann ar an ttaobh
oile do Iordán leath ré
héirge na gréine: ónabhuinn Arnon go
slíabh Hermon, agus an réiteach uile
ar an ttaóibh shoir.


L. Is12:2


Sihon Rígh na Namoríteach,
noch do áitreabh ann Hesbon, agus do
ríaghluidh ó Aroer noch atá ar bhrúach
na habhann Arnon, agus ó lár na ha-
bhann, agus ó leath Gílead gus anabhuinn
Iaboc, noch bá téora chloinne Ammon.


L. Is12:3


Agus ón réiteach go fairge Chine-
rot ar an ttaobh shoir, agus go
fairge an réitigh, eadhon anfairge shailte
taob shoir, an tslighe go Bet-iesimot:
agus ón taobh ó dheas faói Asdot-pis-
gah.


L. Is12:4


Agus cósta Og Rígh Básan,
noch dobhí dfuighioll na naitheach do áit-
reabh an Astárot, agus ann Edrei,


L. Is12:5


Agus do ríaghluidh a slíabh Her-
mon, agus a Salcah, agus a Mbás-
an uile go himiol na Ngesuríteach, a-
gus na Maachatíteach, agus leath Gíl-
ead, téora Shihon Rígh Hesbon.


L. Is12:6


Do bhuáil Maóise óglach an Tighear-
na agus clann Israel íadsin, agus
thug Maóise óglach an Tighearnasin
mar seilbh do na Reubinítibh, agus do
na Gadítibh, agus do leiththreabh Mha-
nasseh.


L. Is12:7


Agus is íadso Ríghthe na críche
do bhuáil Iosua agus Israel don
taóibhsi do Iordan taóibh shíar, ó Bha-
algad a ngleann Lebanon go Slíabh
Hálac théid súas go Seir, noch thug
Iosua do threabhuibh Israel mar sheilbh
do réir a ronna.


L. Is12:8


Annsna sléibhtibh, agus annsna
gleantuibh, agus annsna réitibh, agus
annsna srothuibh, agus an sa bhfásach,
agus ansa tír ó dheas; na Hititigh, a-
gus na Hamorítigh, agus na Canani-
tigh, na Perisítigh agus na Hibhitigh
agus na Iebúsítigh.


L. Is12:9


Rígh Iericho, áon: Rígh Aí,
noch atá láimh ré Betel, áon:


L. Is12:10


Rígh Ierusalem, áon: Rígh
Hebron, áon:


L. Is12:11


Rígh Iarmut, áon: Rígh Lachis,
áon:


L. Is12:12


Rígh Eglon, áon: Rígh Geser,
áon:


L. Is12:13


Rígh Debir, áon: Rígh Geder,
áon:


L. Is12:14


Rígh Hormah, áon: Rígh Arad,
áon:


L. Is12:15


Rígh Libnah, áon: Rígh Adul-
lam, áon:


L. Is12:16


Rígh Macedah, áon: Rígh
Betel, áon:


L. Is12:17


Rígh Thappuah, áon: Rígh Hep-
her, áon:


L. Is12:18


Rígh Aphec, áon: Rígh Lasaron
áon:


L. Is12:19


Rígh Mádon, áon: Rígh Há-
sor, áon:


L. Is12:20


Rígh Simron-meron, áon: Rígh
Achsaph, áon:


L. Is12:21


Rígh Taanach, áon: Rígh Me-
giddo, áon:


L. Is12:22


Rígh Cedes, áon: Rígh Iocneam
ó Charmel, áon:


L. Is12:23


Rígh Dor a gcósta Dor, áon:
Rígh chineadhacha Ghilgal, áon:


L. Is12:24


Rígh Thirsah, áon: na Ríghthe
uile tríochad, agus áon.


L. Is13:1


Annois dobhí Iosua sean, a-
gus arsuidh a mblíadhnuibh,
agus adubhairt an Tighear-
na ris, atá tusa foirfe,
agus arsuidh a mbliaghnuibh, agus atá
fós romhórán talmhan ré sealbhughadh.


L. Is13:2


Séso fearann atá fós ré a bhuain
amach, imle na Bhfilistíneach uile, a-
gus Gesúri go hiomlán,


L. Is13:3


O Shihor noch atá as coinne na
Hégipte air fad go himlibh Ecron budh
thuáidh, noch áirmhithior do na Cananí-
tibh: cúig Tighearnuigh na Bhfilistineach:
na Gasatitigh, agus na Hasdotítigh,
na Hescalonítigh, na Gititigh, agus
na Hecronítigh, mair an gcédna na Ha-
bhitigh.


L. Is13:4


On taóib ó dheas dúithche na Gcana-
níteach uile, agus Mérah atá re táobh
na Sidoníanach go Hapec, go himlibh
na Namoríteach:


L. Is13:5


Agus dúthaigh na Ngibliteach, agus-
Lebanon uile leath re héisge gré-
ine ó Bhaalgad faói shlíabh Hermon, go
dul asteach go Hamat.


L. Is13:6


Dúthchusuigh thíre na ccnoc uile ó
Lebanon go Misrepotmaim, agus na Si-
dónianuigh uile, cuirfe mé íadsin amach
roimhe chloinn Israel: amháin roinnsi le
crannchar é do Israel mar oighreachd, mar
do aithin misi dhíot.


L. Is13:7


Annois ar anadhbharsin rannsa
an fearannso mar oighreachd idir na náoi
ttreabhuibh, agus leiththreibh Mhanasseh.


L. Is13:8


Oír is mar áon ríu do ghabhadar
na Reubenítigh, agus na Gadítigh a
noighreachd, noch thug Máoise dhóibh
táobh thall do Iordan leath soir, eadhon
mar thug Máoise óglach an Tighearna
dhóibh.


L. Is13:9


O Aroer atá ar bhrúach na habhann
Arnon, agus an chathair atá a lár na
habhann, agus réitheach Mhedéba uile go
Díbon.


L. Is13:10


Agus uile chaithreacha Shihon
Rígh na Namoríteach, noch do ríaghluidh
ann Hesbon go teóruinn chloinne Ammon.


L. Is13:11


Agus Gílead, agus teóra na
Ngesuriteach, agus na Maachatíteach,
agus slíabh Hermon uile, agus Basan
uile go Salcah.


L. Is13:12


Agus rioghachd Og uile a mbá-
san, noch ba Rígh ann Astárot, agus
ann Edri, noch do mhair dfuighioll na nai-
theach: óir is íadso do bhúail Máoise,
agus do theilg sé amach.


L. Is13:13


Gideadh níor scriosadar clann
Israel na Gesurítigh, ná na Maacha-
titigh, atáid na Gesurítigh, agus na
Maachatitigh na gcomhnuighe a measc
Israel gus aniugh.


L. Is13:14


Amháin do threibh Lébhi ní thug sé
oighreachd; sé a noighreachdsan iodhbar-
tha an Tighearna Dé Israel dénta lé
teinidh, mar adubhairt sé ríu.


L. Is13:15


Agus thug Máoise do threibh
chloinne Réuben oighreachd do réir a
muintear.


L. Is13:16


Agus dobé a tteóra ó Aroer
atá ar brúach na habhann Arnon, agus
réiteach Mhedéba uile:


L. Is13:17


Hesbon, agus a caithreacha uile
atá annsa reíteach: Díbon, agus Ba-
motbaal, agus Betbaalmeon,


L. Is13:18


Agus Iahasah, agus Ce-
demot, agus Mapheat,


L. Is13:19


Agus Ciriataim, agus Sib-
mah, agus Saretsahar a Slíabh an
ghleanna,


L. Is13:20


Agus Betpeor, agus As
dotpisgah, agus Betiesimot,


L. Is13:21


Agus caitreacha an réitigh uile,
agus Rioghachd Sihon Rígh na Namoríteach
uile, noch do ríoghuidh ann Hesbon, noch do
bhúail Máoisi maílle re prionsadhuibh
Mídian, Ebhi agus Recem, agus Sur,
agus Hur, agus Reba, duibhcidhe
Sihon dáítrebuidh annsa tír.


L. Is13:22


Balaam fós mhac Beor, an fear
fáistine noch do mhairbadar clann Israel
leis an gcloidheamh a measg an mheíde do
mharbhadh leó.


L. Is13:23


Agus dobí teóra chloinne Reu-
ben Iordan, agus a bruach: dobíso
oighreachd chloine Reuben do reír a muin-
tear, a ccaithreacha, agus a mbailte.


L. Is13:24


Agus thug Máoise oighreachd do
threibh Gad, eadhon do chloinn Ghad do
réir a muintear.


L. Is13:25


Agus dobé a tteóra, Iaser,
agus caithreacha Ghílead uile, agus leath
dúithche chloinne Ammon go Haroer atá as
coinne Raabah.


L. Is13:26


Agus ó Hesbon go Ramatmis-
peh, agus go Betonim, agus ó Mha-
hanaim go bhrúach Debir.


L. Is13:27


Agus annsa ghleann go Betaram,
agus Betnimrah, agus Succot, agus
Saphon an chuid oile do rioghachd Sihon
Rígh Hesbon: Iordan, agus a bruach,
eadhon go húir fhairge Chinnerot ar
an ttáobh oile do Iordan leath
shior.


L. Is13:28


Siso oighreachd chloinne Gad do reír
a muinntear, agus a ccaithreacha, agus
a mbhailte.


L. Is13:29


Agus thug Máoise oighreachd do
leththreibh Mhanasseh, agus dobéso
sealbh leiththreibhe Mhanasseh do reír a
muintear.


L. Is13:30


Agus dobí a tteóra ó Mha-
hanaim, básan uile, rioghachd Og Rígh bá-
san uile, agus bailte Iair uile, noch atá
ann básan trí fichthid cathair.


L. Is13:31


Agus leath Gílead, agus As-
tárot, agus Edrei, caithreacha do
rioghachd Og a Mbásan, noch do bhain re
cloinn Mhachir Mhic Manasseh, eadhon do
leath chloinne Machir, do réir a
muintear.


L. Is13:32


Siadso na tíortha do rann
Máoise mar oighreachd a réiteach Moab
don táoibh oile do Iordan láimh ré Ieri-
cho leath shoir.


L. Is13:33


Acht do threibh Lébhi ni thug
Máoise oigreachd air bith: Dobe an Ti-
ghearna Día Israel a noighreachdsan, mar
adubhairt sé riú.


L. Is14:1


Agus is íadso na tíortha do
budh oighreachd do chloinn Israel
a ttír Chanaáin, noch do
roinn Eleasar an sagart,
agus Iosua mhac Nun, agus
cinn aithreadh threabh chloinne Israel mar oi-
ghreachd dóibh.


L. Is14:2


Le crannchar dobhí a noighreachd,
mar do aithin an Tighearna lé láimh
Mhaóise dona náoi ttreabhuibh, agus
don leiththreibh.


L. Is14:3


Oír thug Máoise oighreachd dhá threi-
bhe uadh ar an ttáoibh oile do Iordan:
achd do na Lebítibh ní thug sé oighreachd.


L. Is14:4


Oír dobhádar clann Ióseph na
dhá ttreibh, Manasseh, agus Ephraim:
ar anadhbharsin ní thugadar roinn ar
bith do na Lebhitibh ansa tír, achd caithrea-
cha do chomhnuidhe ionta, maille rena
bhfobhailtibh dá náirnéis, agus da máoin.


L. Is14:5


Mar do aithin an Tighearna do
Mháoise, is marsin dorinneadar clann
Israel, agus do roinneadar an dúi-
thche.


L. Is14:6


Annsin tangadar clan Iúdah go
Iosua a Ngilgal, agus adubhairt Caleb
mhac Iephunneh an Cenesíteach ris, atá a
fhios agad an ní adubhairt an tighearna
se Máoise óglach Dé dom tháobhsa, agus
dot thaobhsa ann Cades-barnea.


L. Is14:7


Ceathrachad blíaghan dáois do
bhí misi anuair do chuir Máoise óglach an
Tighearna ó Chadesbarnea mé do bhrath na
tíre, agus thug mé scéula liom arís
chuige, mair dobhí an mo chroidhe.


L. Is14:8


Acht cheana mo dhearbhráithre do
cuáidh súas, tugadar ar chroidhe na
ndáoine leaghadh, achd do lean misi go
hiomlán mo Tighearna Día.


L. Is14:9


Agus do mhionnuigh Máoise an lá
sin ghá rádh, go deimhin biáidh an fearann
air ar shaltuir do chosa na oighreachd agadsa,
agus ag do chloinn go bhráth, do
bhrígh gur lean tú go hiomlán mo Thi-
gearna Día.


L. Is14:10


Agus féch anois do chonnuimh an
Tighearna beó mé mar adubhairt sé, na
cúig bhlíadhna agus dá fithchiodso,
eadhon ó labhair an Tighearna an focalso
re Máoise an feadh dobhádar clann
Israel ar seachrán san bhfásach, agus a
nois cheana atáim ceithre fithchid, agus
cúig blíadhna daóis.


L. Is14:11


Atáim fós comhláidir a
niugh, agus dobí mé an lá do chuir
Máoise uadh mé: mar dobhí mo neart an
tansin, is amhluidh atá mo neart annois
do dhénamh cogaidh, agus do dhul amach,
agus asteach.


L. Is14:12


Annois ar anadhbharsin tabhair dhamh
an Slíabhso dar labhair an Tighearna an
lásin, óir dochúala tú an lásin mar
dobhádar na Hanacimigh annsin, agus
go rabhadar na caithreacha mór daingion:
má bhíonn an Tighearna liom, tiucfa
dhíom ar a ccur amach, mar adubhairt
an Tighearna.


L. Is14:13


Agus do bheannuigh Iosua é, agus
thug do Chaleb mhac Iephunneh Hébron
mar oighreachd.


L. Is14:14


Tháinic Hebron ar ana-
dhbharsin chum bheith na hoighreachd ag Ca-
leb mhac Iephunneh an Cenesiteach gus a
niugh: do bhrígh gur lean sé go hiom-
lán an Tighearna Día Israel.


L. Is14:15


Agus dobé ainm Hébhron roimhe
sin Círiat-arba, ba duine mór an fearsin
a measc na Nanacimeach: agus dobhí
suaimhneas ó cogadh ag an dúithche.


L. Is15:1


Ach dobhí crannchar threibhe
chloinne júdah do réir a muin-
tear air fad go himiol
Edom; fasach Sin air a ttáobh
ó dheas dobé an foirimiol é don
taobh ó dheas.


L. Is15:2


Agus do budh í a ttéora ó
thráigh na fairge sailte ón chúan
fhéchus a ttáobh ó dheas.


L. Is15:3


Agus dochuáidh amach don taóibh
ó dheas go Maaleh-acrabbim, agus ráinic
ar fad go Sin, agus dochuaidh súas
don taóibh ó dheas go Cadesbarneá, a-
gus ráinic ar fad go Hesron, agus
dochuaidh súas go Hádar, agus tug
Compás ría go Carcaa.


L. Is15:4


Assin dochuáidh leath re Hasmon,
agus dochuáidh amach go sruth na Hé-
gipte, agus dobhádar dula amach an
chósta sin ag anfairge: budh é so bhur
gcósta ó dheas.


L. Is15:5


Agus do budh í anfairge shailte
an téora shoir, eadhon go bárr Iordan:
agus do budh í a ttéora ansa cheathramh-
uin thuaigh, ó chuan na fairge ag an ccuid
is faide uáit do Iordan.


L. Is15:6


Agus dochuáidh an téora súas
go Bet-ogla, agus dochuáidh ar fad
tuáisgeirt Bhetarabah, agus do
chuáidh an teóra súas go cloich Bho-
han mhic Reuben.


L. Is15:7


Agus dochuáidh an téora súas
leath ré Debir ó ghleann Achor, agus
marsin budh thuáigh ag féchuin leath ré
Gilgal atá roimhe dhul súas go Had-
dummim, noch atá táobh ó dheas don tsruth:
agus dochuáidh an téora leath ré huis-
gidhibh Ensemes, agus dobhádar a
ndula amachsin ag Enrogel.


L. Is15:8


Agus dochuaidh an téora súas
ag gleann Hinnom don taóibh ó dheas don
Iebusíteach, ré sin féin Ierusalem, a-
gus dochuáidh an téora súas go
mullach an tsléibhe atá as coinne ghlinn
Hinnom táobh shíar, noch atá ag édan
ghlinne na naitheach budh thuáigh.


L. Is15:9


Agus do táirrngiodh an téora
ó mhullach an chnuic go nuige tobar
uisge Nephtoah, agus dochuáidh a-
mach go caithreachaibh shléibhe Ephron, a-
gus do táirrngeadh an téora go Báa-
lah noch arbé Círiat-Iarim.


L. Is15:10


Agus táinic an téora timchioll
ó Bhaalah táobh shíar go Slíabh Seir, a-
gus ráinic ar fad go táobh shléibhe
Ieárim (noch annois is Chesalon) don
taóibh ó thuáigh, agus chuáidh síos go
Betsemes, agus ráinic assin go
Timnah:


L. Is15:11


Agus dochuáidh an téora amach
retáobh Ecron, budh thuaigh; agus do táir-
rngeadh an téora go Sicron, agus
ráinic ar fad go slíabh Baalah, a-
gus dochuaidh amach go Iabneel, a-
gus dobhádar dula amach na téorann
ag an bhfairge.


L. Is15:12


Agus dobhí an téora shíar
gus an bhfairge mhóir, agus gus a cós-
tasin: is é so cósta chloinne Iúdah
timcioll fagcuáirt do réir a mhuin-
tear.


L. Is15:13


Agus thug sé do Cháleb mhac
Iephunneh a chuid a measc chloinne Iúdah
do réir aithne an Tighearna do Iosua,
eadhon cathair Arba, athair Anac, noch ar bhí
an cathair sin Hébron.


L. Is15:14


Agus do dhíbir Cáleb assin
triúr mac Anac, Sesai, agus Abi-
man, agus Talmai, clann Anac.


L. Is15:15


Agus dochuáidh sé súas as
sin go dúthchusaibh Debir, agus dobé
ainm Debir roimhesin Ciriat-sepher.


L. Is15:16


Agus adubhairt Cáleb, an té
bhuáilfios Ciriat-sepher, agus ghébhus
í, is dóbhéra mé Achsah mingion na
mnaói.


L. Is15:17


Agus do ghabh Otniel mhac
Cenas dearbhraithir Cháleb í, agus thug
sé Achsah a inghean na mnaói dhó.


L. Is15:18


Agus tárla anuáir tháinic sí
chuige, gur chuir sí faói machaire díarruidh
ar a hathair, agus do thuirling sí dá
hassal, agus adubhairt Cáleb ría, cred
dobáil leachd dfagháil?


L. Is15:19


Annsin adubairt sisi, tabhair
beannachd damh: óir thug tú fearann tirm
dhamh, tabhair dhamh mar an ccédhna toib-
reacha uisge: agus thug sé dhi na toib-
reacha úachdarach, agus na toibreacha
iochdarach.


L. Is15:20


Síso oighreachd threibhe chloinne Iú-
dah do réir a muintear.


L. Is15:21


Agus na caithreacha dobfaide
amach do threibh chloinne Iúdah do réir
a muintear leath ré cósta Edom táobh ó
dheas dobíad Cabseel, agus Eder, a-
gus Iagur,


L. Is15:22


Agus Cínah, agus Dimónah,
agus Adadah,


L. Is15:23


Agus Cedes, agus Hásor,
agus Ithnan,


L. Is15:24


Siph, agus Telem, agus Bea-
lot,


L. Is15:25


Agus Hasor, Hadattah, a-
gus Ceriot: agus Hesron, noch ar
bé Hásor,


L. Is15:26


Aman, agus Séma, agus Mo-
ladah,


L. Is15:27


Agus Hasargaddah, agus
Hesmon, agus Betpalet,


L. Is15:28


Agus Hasasual, agus Beer-
séba, agus Besiotiah,


L. Is15:29


Balah, agus Im, agus A-
sem,


L. Is15:30


Agus Eltolad agus Chesil,
agus Hormah,


L. Is15:31


Agus Siclag, agus Madma-
nnah, agus Sansannah,


L. Is15:32


Agus Lebaot, agus Silhim,
agus Ain, agus Rimmon: na caithreacha
uile fichthe, agus a naoi, gon a mbail-
tibh.


L. Is15:33


Agus annsa gleann, Estaol, a-
gus Soreah, agus Asnah,


L. Is15:34


Agus Sanoah, agus Enga-
nnim, Tapuah, agus Enam,


L. Is15:35


Iarmut, agus Adullam, So-
coh, agus Asecah,


L. Is15:36


Agus Saraim, agus Aditaim,
agus Géderah, agus Gederotaim:
ceithre caithreacha déug gun a mbail-
tibh.


L. Is15:37


Senan agus Hadasah, agus
Migdalgad,


L. Is15:38


Agus Dilean, agus Mispeh,
agus Iocteel,


L. Is15:39


Lachis, agus Boscat, agus
Eglon,


L. Is15:40


Agus Cabbon, Lahmas, agus
Citlis,


L. Is15:41


Agus Gederot, Betdagon,
agus Naamat, agus Macedah: sé
caithreacha dég gun a mbailtibh.


L. Is15:42


Lebnah, agus Eter, agus A-
san,


L. Is15:43


Agus Iiphta, agus Asnah,
agus Nesib,


L. Is15:44


Agus Ceilah, agus Achuib, a-
gus Maresah: naoi gcaithreacha
gun a mbailtibh.


L. Is15:45


Ecron gun a bhailtibh, agus a
ghráganuibh.


L. Is15:46


O Ecron air fad go nuige anfair-
ge an mhéid dobhí a bhfogus Asdad
gun a mbailtibh.


L. Is15:47


Asdod gun a bhailtibh, agus
guna ghráganuibh; Gása gun a bhail-
tibh, agus gun a gráganuibh go sruth
na Hégipte, agus anfairge mhór agus
a téora.


L. Is15:48


Agus annsna sléibhtibh; Samir,
agus Iatir, agus Socoh,


L. Is15:49


Agus Dannah, agus Ciriat-
Sannah, noch arbé Débir,


L. Is15:50


Agus Anab, agus Estemoh,
agus Anim,


L. Is15:51


Agus Anab, agus Estemoh,
agus Anim,


L. Is15:52


Arab, agus Dumah, agus
Eschean,


L. Is15:53


Agus Ianum, gus Bet-tap-
puah, agus Aphecah,


L. Is15:54


Agus Humtah, agus Círiat-
arba (noch arbé Hébron) agus Sior:
naói gcaithreacha gun a mbailtibh.


L. Is15:55


Maon, Carmel, agus Siph, a-
gus Iutah,


L. Is15:56


Agus Iesreel, agus Iocdeam,
agus Sanoah,


L. Is15:57


Cáin, Gibeah, agus Timnah:
Deich ccaithreacha, gun a mbailtibh.


L. Is15:58


Halhul, Bet-sur, agus Gédor,


L. Is15:59


Agus Maarat, agus Beta-
not, agus Eltecon: sé caithreacha
gun a mbailtibh.


L. Is15:60


Círiat-baal noch arbhésin Cír-
iat-jearim, agus Rabbah: dhá chathruigh
gun a mbailtibh.


L. Is15:61


Ann sa bhfásach, Betarabah,
Middin, agus Secacah,


L. Is15:62


Agus Nibsan, agus cathair
an tsaluinn, agus Engedi: sé cai-
thearcha gun a mbailtibh.


L. Is15:63


Agus ar son na Iebusíteach
dúthchusaigh Ierusalem, níor fhéd clann
Iúdah a ndíbirt amach, achd aítreabhuid na
Iebusitigh maille re: cloinn Iúdah ann
Ierusalem gus aniugh.


L. Is16:1


Agus do thuit cranncar chloinne
Ióseph ó Iordan láimh ré Ie-
richo go huisge Iericho
táobh shoir gus an bhfásach
théid súas ó Iericho ar
feadh shléibhe Bétel,


L. Is16:2


Agus theíd amach ó Bhetel go
Lus, agus theíd ar fad go teórannuibh
Archi go Hatarot.


L. Is16:3


Agus theíd síos a taobh shíar
go cósta na Iaphleteach, go nuige cós-
ta Bhetóron iochtarach, agus go
Géser, agus ataíd a ndula amach
sin ag an bhfairge,


L. Is16:4


Marsin do ghlacadar clann Ió-
seph a noighreachd, Manasseh, agus
Ephráim.


L. Is16:5


Agus is marso dobhí teóra
chloinne Ephraim do reír a muintear:
eadhon teóra a noighreachda ar an ttáoib
shoir dobé Atarotaddar go betóron
uachdarach.


L. Is16:6


Agus dochúaidh an teóra amach
leath ris an bhfairge go Michmetah
ar an ttaoibh thuáigh, agus dochuáidh
an teóra timchioll don táoibh shoir go
Taanatsíloh, agus dochúaidh Láimh
ris air anoirthear go Ianohah.


L. Is16:7


Agus dochuáidhsin ó Ianohah
go Hatarot, agus go Naarat,
agus táinic go Iericho, agus do
chuaidh amach ag Iordan.


L. Is16:8


Dochúaidh an teóra amach ó
Thappuah don táoibh shíar go sruth Ca-
nah: agus dobhí a ndula amach
ag an bhfairge: sé ro oighreachd threibhe
chloinne Epraim do a muintearréir.


L. Is16:9


Agus na caithreacha leithreachuis
do chloinn Ephraim dobhádar a measc
oighreachda chloinne Manasseh, na cai-
threacha uile gun a mbailtibh.


L. Is16:10


Agus níor dhíbir siad amach na
Cananítigh do chomhnuigh a Ngéser, achd
do áitreabhadar na Cananítigh a measc na
Nephraimíteach gus aniugh, agus fo-
ghnuid faoi áirdchíos dóibh.


L. Is17:1


Dobhí mar an ccéadna cuid
ronna ag treibh Mhanasseh,
oir dobé céadmhac Ió-
seph é; do Mhachir céd-
mhac Mhanasseh, athair Ghí-
lead, do chionn gur bhfear coguidh é, uime
sin fúair se Gílead agus Básan.


L. Is17:2


Dobhí mar an ccéadna cuid ronna
don chuid oile do chloinn Mhanasseh do
reír a muinntear; Do chloinn Abieser, do
chloinn Hélec, agus do chloinn Asriel,
agus do chloinn Shechem, agus do
cloinn Hepher, agus do chloinn Shemida;
Dobíadso clann fheardha Mhanasseh
mhic Ióseph do réir a muintear.


L. Is17:3


Acht ag Selophehad mhac
Hepher, mhic Gilead, mhic Machir,
mhic Manasseh, ní rabhadar mic, achd
ingheana amháin aige: agus is íadso
anmanna a inghean, Mahlah, Noah,
Hoglah, Milcah, agus Tirsah.


L. Is17:4


Agus tangadar annsin a lathair
Eleasair an sagart, agus a la-
thair Iosua Mhic Nun, agus a lathair
na bprionsadha, gha rádh, do aithin
an Tighearna do Mháoise oighreachd do tha-
bhairt dúinne a measc ar ndearbhraithreach;
uimesin do réir aitheanta an Tighearna
thug sé oighreachd dóibh a measc dhearbhra-
thar a nathar.


L. Is17:5


Agus do thuit deich ccoda chum
Manasseh táobh amuich dfearann Ghílead,
agus básan, noch dobhí ar an ttaóibh
oile do Iordan.


L. Is17:6


Do bhrígh go bhfúaradar ingheana
Mhanasseh oighreachd a measc a mhac, a-
gus go bhfúaradar an chuid oile do mha-
caibh Mhanasseh fearann Gilead.


L. Is17:7


Agus dobhí cósta Mhánasseh ó
Aser go Michmetah, atá as coinne
Shechem, agus dochuáidh an téora air
fad ar an láimh dheis go dúthchusaibh
Entappuah.


L. Is17:8


Annois fúair Manasseh fearann
Tappuah: achd Tappuah ar imeal Mha-
nasseh dobudh lé cloinn Ephraim é.


L. Is17:9


Agus dochuáidh an cósta síos
go sruth Cánah budh dheas ónabhuinn:
atáid na caithreachasa Ephraim a measc
chaithreach Mhanasseh: dobhí cósta
Mhanasseh mar an gcédna air an taóibh
ó thuáigh donabhuinn, agus dobhádar a
ndula amach ag an bhfairge.


L. Is17:10


Ba le Ephraim budh dheas, agus
ba le Manasseh budh thuáigh, agus sí
an nfairge a théora, agus tárla re
chéile íad ag Aser budh thuáigh, agus
a Nissachar shoir.


L. Is17:11


Agus fuair Manasseh a Nis-
sachar, agus a Naser Betsean, a-
gus a bhailte, agus Ibleam, agus a bhail-
te, agus dúthchusaigh Dor, agus a-
mbailte, agus dúthchusaigh Endor, a-
gus a mbailte, agus dútchusaigh Ta-
anach agus a mbailte agus dúthchu-
saigh Megiddo, agus a mbailte,
trí tíortha.


L. Is17:12


Gideadh níor fhédadar clann
Mhanasseh dúthchusaigh na gcai-
threachsin do dhíbirt amach, achd do
coimhneocaidís na Cananítigh annsa
bhfearannsin.


L. Is17:13


Gidheadh tárla anuáir do fhása-
dar clann Israel láidir, gur chuireadar
na Cananítigh fá chíos, achd níor dhíbrea-
dar amach go hiomlán íad.


L. Is17:14


Agus do labhradar clann Io-
seph re Iosua, dhá rádh, cred as nach
ttug tú dhamhsa achd énchuid ronna, agus
énchranncair amháin a noighreachd, ó táim
mórán daóine, do bhrígh gur bheannuigh an
Tighearna mé go ttiso?


L. Is17:15


Agus do fhreagair Iosua íad,
má tá tú mórán daóine, éirghidhe
súas don tír choillteamhuil, agus gearr
síos duit féin annsin a ndúithche na
bperisíteach, agus na naitheach, má tá
slíabh Ephraim rochumhang agad.


L. Is17:16


Agus adubhradar clann Ioseph,
ní lór an cnoc dhúinn: agus thairissin
atáid cairbuid íaruinn ag na Cananítigh
uile áitreabhas a bhfearann an ghleanna,
ag an luchd atá do bhetsean gun a
bhailtibh, agus an luchd atá do ghlean Ies-
reel.


L. Is17:17


Agus do labhair Iosua re tigh
Ióseph, re Hephraim, agus re Ma-
nasseh, gha rádh, is daóine móra sibhsi,
agus atáid cumhachda móra aguibh: ní
táobha ré énchuid amháin bhías tú.


L. Is17:18


Acht budh leachd an slíabh: óir
is coill é, agus gearrfa tú síos í,
agus budh leachd a dula amach: óir
cuirfidh tú na Cananítigh amach, bíodh
go bhfuilid carbaid íaruinn aca, agus
bíodh go bhfuilid láidir.


L. Is18:1


Agus do chruinnigh comhchruinniu-
ghadh iomlán chloinne Israel
a bhfochair a chéile a Sílo, a-
gus do claóidheadh an dúithche
rompa.


L. Is18:2


Agus dobhádar a measc chloinne
Israel seachd ttreabha nach bhfuair a noigh-
reachd.


L. Is18:3


Agus adubhairt Iosua re cloinn
Israel, cá fad atáthaoi tláith do dhul
do shealbhughadh na dúithche, noch thug an
Tighearna Día bhur naithreadh dhaóibh?


L. Is18:4


Tugaidh amach eadruibh tríur fear
as gach aoin treibh; agus cuirfe
misi uáim íad, agus éireochuid síad,
agus rachaid thríd an tír, agus tar-
uingheochuid í do réir a noighreachda, a-
gus tiocfaid a rís chugamsa.


L. Is18:5


Agus roinnfid síad a seachd ccuid
í: fanfuidh Iúdah ann a gcósta ó dheas, agus
fanfuidh Ióseph ann a gcósta ó thuáigh.


L. Is18:6


Roinnfidhe ar anadhbharsin an
dúithche iona seachd ccotchaibh, agus do
bhérthaoi an roinn chugamsa annso, chor
go tteilgfe mé crainn daóibh annso
a bhfíadhnuisi bhur TTighearna Dé.


L. Is18:7


Ach ní bhfuil roinn ag na Lebhítibh
eadruibh, óir sí sagartachd an Tighear-
na anoighreachdsan: agus fuáir Gad,
agus Réuben, agus leiththreabh Mha-
nasseh anoighreachd táobh thall do Ior-
dan don taóibh shoir, noch thug Maóise
óglach an Tighearna dhóibh.


L. Is18:8


Agus do éirghiodar na fir, a-
gus do imthigheadar rompa, agus do
fhúagair Iosua don mhuintir dochuáidh
do mheas an nfearuinn, gha rádh, Eírgidhe,
agus siubhlaidhe thríd an dúithche, agus
measuidh í, agus tigidh chugamsa a
rís lé tteilgfe mé crainn annso dhíbh
a bhfiaghnuisi an Tighearna a Síloh.


L. Is18:9


Agus do imthigheadar na fir, a-
gus chúadar thríd an ttír, agus do mhea-
sadar í ó chathair go cathair a seachd gcot-
chaibh ann a leabhar, agus tangadar a
rís go Iosua don tsluagh a Síloh.


L. Is18:10


Agus do theilg Iosua crainn
dóibh a Síloh a bhfiadhnuisi an Tighearna,
agus annsin do roinn Iosua an fearann
ar chloinn Israel do réir a ronna.


L. Is18:11


Agus thug sé amach crannchair
threibhe chloinne Beniamin a réir a muin-
tear: agus táinic cóstha a ccrannchar amach
idir chloinn Iúdah, agus chloinn Ióseph.


L. Is18:12


Agus dobhí a ttéora don
taoibh thuáigh ó Iordan, agus dochuáidh
an téora súas go taóibh Iericho,
don taoibh thuáigh, agus dochuáidh súas
thríd na sléibhtibh don táoibh shíar, agus dobhí
a dula amachsin ag fásach Bheatabhen.


L. Is18:13


Agus dochuáidh an téora ann
sin leath re Lus, go taóibh Lus (noch
arbé Betel) budh dheas, agus táinic
an téora anúas go Hatarot-adar
láimh ris an gcnoc atá don taóibh ó
dheas do Bhetóran íochdarach.


L. Is18:14


Agus do tairrngeadh an téo-
ra assin, agus do thimchill sí coirneal
na fairge budh dheas, ón chnoc atá as
coinne bhetóron budh dheas: agus do
bhádar a dula amachsin ag Ciriat-
baal (noch arbé Ciriat-iearim) cathair
lé cloinn Iúdah: do budh íso an cheth-
ramh shíar.


L. Is18:15


Agus dobhí an cheathramha budh
dheas ó chionn Chiriat-jearim, agus do
chuáidh a téora amach ar an ttaóibh shíar,
agus dochuáidh amach go tobar na
nuisgeadh ag Nephtoah.


L. Is18:16


Agus táinic an téora anúas
go cionn an tsléibhe atá as coinne ghlinn
mhic Hinnom, agus noch atá a ngleann na
naitheach budh thuáigh, agus docuáidh síos
go gleann hinnom go táobh Iebusi bhudh dheas,
agus dochuáidh síos go Henrogel.


L. Is18:17


Agus dobhí tairngthe ón
ttáoibh thuáigh, agus dochuaidh
amach go Hensemes, agus dochuáidh
amach leath ré Gelilot noch atá as coinne
dhula súas Adummim, agus dochuáidh
síos go chloich bhohan mhic Reuben.


L. Is18:18


Agus do shín ar fad thall as
coinne Arabah budh thuáigh, agus do
chuáidh síos go Harabah.


L. Is18:19


Agus do sín an téora ar fad
go táobh Bhetoglah bu thuaigh, agus
dobhí dul amach na téorann ar chúan
bhudh thuáigh na fairge sailte ag an
gceann budh dheas do Iordan: do budh é
so an cósta ó dheas.


L. Is18:20


Agus dobé Iordan a théora
sin don taóibh shoir; dobíso oighreachd
chloinne Beniamin le na gcóstuibh tim-
chioll fagcuáirt do réir a muintear.


L. Is18:21


Annois dobíadso caithreacha
threibhe chloinne Beniamin do réir a muin-
tear, Iericho, agus Bet-hoglah, a-
gus gleann Cesis,


L. Is18:22


Agus Bet-harabah, agus Se-
maraim, agus Betel,


L. Is18:23


Agus Abhim, agus Párah, a-
gus Ophrah,


L. Is18:24


Agus Chephar-haammonai, a-
gus Ophni, agus Gába: dhá chathruigh
dhéag gun a mbailtibh.


L. Is18:25


Gibeon, agus Rámah, agus Beerot.


L. Is18:26


Agus Mispeh, agus Che-
phírah, agus Morah,


L. Is18:27


Agus Recem, agus Irpeel,
agus Taralah,


L. Is18:28


Agus Selah, Eleph, agus
Iebusi, eadhon Ierusalem, Gi-
beat, agus Ciriat: ceithre caithreacha
deúg gun a mbailtibh. Síso oighreachd
chloinne Beniamin do reír a muintear.


L. Is19:1


Agus táinic an dara crannchar
amach chum Símeom ar son
threibhe chloinne Símeon do
reír a muintear: agus do
bí a noighreachd táobh astigh
doighreachd chloinne Iúdah.


L. Is19:2


Agus fúaradar iona noighreachd
Beerschéba, agus Scheba, agus Molada,


L. Is19:3


Agus Hasar-sual, agus Ba-
lah, agus Asem,


L. Is19:4


Agus Eltolad, agus Betul,
agus Hormah,


L. Is19:5


Agus Siclag, agus Bet-mar-
cabot, agus Hasar-susah,


L. Is19:6


Agus Betlebaot, agus Sa-
ruhen: trí caithreacha déug, agus
a mbailte.


L. Is19:7


Ain, Remmon, agus Eier, agus Asan:
ceithre caithreacha gun a mbhailtibh.


L. Is19:8


Agus a rabhadar do bhailtibh
timchioll fagcuairt na gcaithreachsa
go nuige bhaalat-beer, Rámat an
deisceirt: siso oighreachd threibe
chloinne Simeon do reir a muintear.


L. Is19:9


Amach as roinn chloinne Iúdah do
bhí oighreachd chloinne Símeon; óir dobhí
roinn chloinne Iúdah romhór dhóibh: uime
sin fúaradar clann Shímeon a noighreachd astigh
iona noighreachdsan.


L. Is19:10


Agus táinic an treas crannchar
amach ar chloinn Shebulun do réir a
muintear: agus dobhí teóra a
noighreachda go nuige Sarid.


L. Is19:11


Agus dochúaidh a tteóra súas
leath ris an bhfairge, agus re Mar-
ala, agus ráinic go Dabbaset,
agus do shín go nuige ann sruth atá as
coinne Iocneam;


L. Is19:12


Agus fillidh ó Shárid don táoibh
shoir leath re héirghe gréine go brúach
Chislot-tabor, agus annsin teíd amach
go Daberat, agus téid súas go Ia-
phia.


L. Is19:13


Agus teíd assin ar fad an
táobh shoir go Gitah-hepher go Hita-
caisin, agus teíd amach go Remon-
metoar go Neah.


L. Is19:14


Agus téid an teóra timchioll
don táoibh thúaigh go Hannaton: agus
ataíd a dula amachsin a ngleann Iiphta-
hel,


L. Is19:15


Agus Catah, agus Nahallal, agus
Simron, agus Idalah, agus Be-
t-lehem: dhá chathair dégh gun a mbail-
tibh.


L. Is19:16


Síso oighreachd chloinne Sebulun
do réir a muintear, na caithrecha gun a
mbailtibh.


L. Is19:17


Agus táinic an ceathramhadh
cranchar amach ar Issachar, ar son
chloinne Israchar, do réir a muinn-
tear.


L. Is19:18


Agus dobhí a tteóra leath ré
Iesreel, agus Chesullot, agus Su-
nem,


L. Is19:19


Agus Hapharaim, agus Si-
hon, agus Anaharat,


L. Is19:20


Agus Rabbit, agus Cision,
agus Abes,


L. Is19:21


Agus Remet, agus Engan-
nem, agus Enhadda, agus Bet-
passes.


L. Is19:22


Agus sínidh an cósta go Tá-
bor, agus go Sahasimah, agus go
Betsemes, agus dobhí dula amach a
tteórann ag Iordan: sé caithreacha
deúg gun a mbailtibh:


L. Is19:23


Síso oighreachd thréibhe Cloinne
Issachar do réir a muintear, a gcai-
threacha, agus a mbailte.


L. Is19:24


Agus táinic an cúigeadh cran-
char amach ar threibh chloinne Aser do
reír a muinntear.


L. Is19:25


Agus dobí a tteóra, Helcat,
agus Háli, agus Béten, agus
Achsaph,


L. Is19:26


Agus Alammelech, agus Amad,
agus Misael: agus roighidh go Carmel
shíar, agus go Sihor-libnat,


L. Is19:27


Agus fillidh sí leath ré héirge
greíne go Bet-dagon, agus sínidh go
Sebulun, agus go gleann Iiphtahel bu
thuáigh do Bet-emec, agus Neiel, agus
téid amach go Cábul ar an laímh
chlé.


L. Is19:28


Agus Hebron, agus Rehob,
agus Hammon, agus Cánah, eadhon go
nuige Sídon mór.


L. Is19:29


Agus annsin fillidh an cósta
go Ramah, agus gus an gcathruigh
láidir Tíre, agus fillidh an cósta go
Hósah: agus ataíd a dhula amachsin
ag an bhfairge ón ccósta go Hach-
sib.


L. Is19:30


Umma mar an ccédna, agus
Aphec, agus Rehob: dhá chathruig,
agus fithche gun a mbailtibh.


L. Is19:31


Síso oighreachd threibhe chloinne
Aser do reír a muinntear, na caithreacha
so gun a mbailtibh.


L. Is19:32


Tháinic an seiseadh crannchar amach do
chloinn Naphtai, ar son chloinne Na-
phtali a réir a muinntear.


L. Is19:33


Agus dobhí a ccósta ó Heleph,
ó Allon go Saanannim, agus go Ha-
dámi Neceb, agus Iabneel go Lacum:
agus dobhádar a ndula amachsin
ag Iordan.


L. Is19:34


Agus annsin iompoighidh an cós-
ta don táoib shíar go Hasnot-tábor,
agus teíd amach assin ga Hucoc,
agus roighidh go Sebulun don táoibh ó dheas,
agus roighidh go Haser don táoibh shíar,
agus go Iúdah ar Iordan leath ré
héirghe gréine.


L. Is19:35


Agus is íad na caithreacha dai-
gne, Siddim, Ser, agus Hammat, agus Ra-
cat, agus Cinneret,


L. Is19:36


Agus Adamah, agus Ramah,
agus Hásor,


L. Is19:37


Agus Cedes, agus Edrei,
agus Enhasar,


L. Is19:38


Agus Iron, agus Migdal-
el, Hórem, agus Betanat, agus
Betsemes: náoi gcaithreacha déug gon
a mbailtibh.


L. Is19:39


Síso oighreachd threibhe chloinne
Naphtali da réir a muintear, a ccai-
threacha, agus a mbailte.


L. Is19:40


Agus tháinic an seachdmhadh crann-
char amach do threibh chloinne Dan do
réir a muintear.


L. Is19:41


Agus do budh é cósta a noi-
ghreachda, Sórah, agus Estaol, agus
Ir-sémes,


L. Is19:42


Agus Saalabbin, agus Aia-
lon, agus Ietlah,


L. Is19:43


Agus Elon, agus Timnatah,
agus Ecron.


L. Is19:44


Agus Elteceh, agus Gibbe-
ton, agus Baalat.


L. Is19:45


Agus Iehud, agus Bene-berac,
agus Gat-rimmon.


L. Is19:46


Agus Me-iarcon, agus Racon
maille ris an teóruinn as coinne Iapho.


L. Is19:47


Agus dochuáidh cósta chloinne
Dan amach róghann dóibh; uimesin
dochuádur clann Dan súas do throid
anaghaidh Lesem, agus do ghabhadar
í, agus do bhúailiodar í lé fáobhar
an chloidhimh, agus do shealbhuigheadar í,
agus do áitreabhadar innte, agus do
ghoireadar do Lesem Dan, do reír
anma a nathar Dan.


L. Is19:48


Síso oighreachd threibhe chloinne Dan
do réir a muintear, na caithreachaso gun
a mbailtib.


L. Is19:49


Anúair do chuireadar críoch ar
roinn anfearuinn mar oighreachd léna tteó-
rannuibh, thugadar chlann Israel oighreachd
do Iosua mhac Nun na measc.


L. Is19:50


Do réir fhocail an Tighearna
thugadar an chathair do íarr se dhó, mar
atá Timnat-serah a Slíabh Ephraim:
agus do thóg sé an chathair, agus do
chomhnuigh innte.


L. Is19:51


Síadso na hoighreachda do rann
Eleásar an Sagart, agus Iosua mhac
Nun, agus cinn aithreadh threibhe chloinne
Israel mar oighreachd le cranncar a Síloh
a bhfiaghnuisi an Tighearna ag dorus
thabernacuil an chomhchruinnigh: marsin do
chríochnuigheadar roinn na tíre.


L. Is20:1


Do labhair an Tighearna mar an
gcédna ré Iosua, gha rádh.


L. Is20:2


Labhair ré cloinn Is-
rael, gha rádh, órduighidh a-
mach dhaóibh féin caithreacha dídin air ar
labhair misi ribh le láimh Mhaóise:


L. Is20:3


Iondus go bhfédfadh an marbh-
thóir noch mharbhus duine go neimhchion-
tach, agus gan fhios, teitheamh ionta:
agus béid nandídean agaibh air dhioghal-
tach na fola.


L. Is20:4


Agus anuaír theithfios an té
sin, go cathruigh dhíobhsin, seasfuidh
sé ag dul asteach gheata na caith-
reach, agus foillseochuidh sé a chúis
a gcluasuibh shinnsear na caithreachsin;
agus gébhuid síadsan chuca don chath-
ruigh é, agus dobhéruid áit dó a bhfan-
fuidh sé na measc.


L. Is20:5


Agus má ní dioghaltach na fola
tóruigheachd na dhiáigh, annsin ní thoirbheo-
ruid síad an marbhthóir anna a láimh:
do chionn gur bhuáil sé a chomharsa gan
fhios dó féin, agus nach raibh fúath
aige roimhe a naimsirsin air.


L. Is20:6


Agus fanfuidh sé annsa chathruigh
sin nó go seasuidh sé a bhfiadhnuise
chomhchruinnigh an bhreitheamhnuis, agus go
ló bháis anárdshagairt bhías annsna
láethibh: sin agus annsin fillfidh an
marbhthóir dá chathraigh féin, agus dá
thigh féin don chathruigh ó ar theith sé.


L. Is20:7


Agus do chinneadar Cédes an
sa Ghalile a slíabh Naphtali, agus
Sechem a slíabh Ephraim, agus Ci-
riat-arba (eadhon Hebron) a slíabh Iú-
dah.


L. Is20:8


Agus ar an ttaóibh oile do
Iordan láimh ré Iericho táobh shoir, do
órduigheadar Béser an sa bhfásach ar
an réiteach, amach as treibh Reuben, a-
gus Ramot ann Gílead as treibh Ghad,
agus Gólon ann Básan as treibh Mha-
nasseh.


L. Is20:9


Is íadso na caithreacha do hór-
duigheadh do chloinn Israel uile, agus
don coimhidheach bhíos ar chuáirt na measc,
chor gidhbé mhuirfeadh duine go neimh-
chiontach, go bhfédfadh teithiomh ionta
sin, agus nach muirfidh é le láimh dhio-
ghaltóra na fola, nó go seasadh sé a
lathair an chomhchruinnigh.


L. Is21:1


Annsin tangadar cinn aithreadh
na Lebhíteach a lathair go He-
léasar an Sagart, agus
go Iosua mhac Nun, agus
go ceannuibh aithreadh threibhe
chloinne Israel.


L. Is21:2


Agus do labhradar ríu a Sí-
loh a ttír Chánaain, gha rádh, do aithin
an Tighearna le láimh Mhaóise caith-
reacha do thabhairt dúinne do chomhnuighe
ionta maille rena mionbhailtibhsin
dár náirnéis.


L. Is21:3


Agus tugadar clann Israel do
na Lebhítibh as a noighreachd féin ar aithne
an Tighearna na caithreachaso, agus na
bailte do bhean ríu:


L. Is21:4


Agus táinic an chrannchar amach
ar mhuintearuibh na Gcohatíteach: agus
fuaradar clann Aaron an sagart,
noch dobhí do na Lebhítibh, le crannchar
ó threibh Iúdah, agus ó threibh Símeon,
agus ó threibh Beniamin trí caithreacha
dég.


L. Is21:5


Agus fúaradar an chuid oile
do chloinn Chohat le crannchar ó mhuintea-
ruibh threibhe chloinne Ephraim, agus ó
threibh Dan, agus ó leiththreibh Mha-
nasseh deich gcaithreacha.


L. Is21:6


Agus fúaradar clann Gherson
le crannchar ó muintearuibh threibhe Is-
sachar agus ó threibh Aser, agus
ó threibh Naphtali, agus ó leiththreibh
Mhanasseh ann Basan trí caithrea-
cha dhéug.


L. Is21:7


Fuaradar clann Mherári gun a
muintearuibh ó threibh Réuben, agus ó
threibh Gad, agus ó threibh Sebulun
dhá chathruigh dhéug.


L. Is21:8


Agus tugadar clann Israel
le crannchar do na Lebítibh na caithrea-
chaso gun a mionbhailtibh, mar do aithin
an Tighearna le láimh Mhaóise.


L. Is21:9


Agus tugadar ó threibh chloinne
Iúdah, agus ó threibh chloinne Símeon na
caithreachasa tar a ttigthear annso
ainmnighthe,


L. Is21:10


Noch fúaradar clann Aáron,
do mhuintir na Gcohatiteach, noch
dobhí do chloinn Lébhi, (óir fá léosan
an cédchrannchar.)


L. Is21:11


Agus tugadar dhóibh cathair
Arbah athair Anac (noch arbí an
chathair sin Hébron) a slíabh Iúdah gun
a bailtibh na timchioll fagcuáirt.


L. Is21:12


Agus tugadar machairidh na
caithreach, agus a bailte do Cháleb
mhac Iephunneh mar sheilbh dhósan.


L. Is21:13


Marsin tugadar do chloinn Aa-
ron an sagart Hébron gun a bailtibh
do bheith na cathair dhídin ag an marbh-
thóir, agus Libnah gun a bailtibh,


L. Is21:14


Agus latir gun a bailtibh, agus
Estemoa gun a bailtibh,


L. Is21:15


Agus Holon gon a cuimínibh,
Débir gun a cuimínibh,


L. Is21:16


Agus Ain gun a cuimínibh, agus
Iutah gun a cuimínibh, agus Betsemes
gun a cuimínibh: naoi gcaithreacha ón dá
threibhsin.


L. Is21:17


Agus as treibh Bheniamim,
Gíbeon gun a bailtibh, Géba gun a
bailtibh,


L. Is21:18


Anatot gun a cuimínibh, agus
Almon gun a cuimínibh; ceithre cai-
threacha.


L. Is21:19


Uile chaithreacha chloinne Aáron an
Sagart, dobudh trí caithreacha déag
gun a mionbhailtibh íad.


L. Is21:20


Agus muinteara chloinne Cohat
na Lebítigh, noch do mhair do chloinn Cho-
hat, fuaradarsan caithreaca a ccrann-
char as treibh Ephraim.


L. Is21:21


Oir thugadar Sechem dóibh
gun a cuimínibh a Slíab Ephraim do
bheith na cathruigh dhídin ag an marbhthóir,
agus Géser gun a cuimínibh.


L. Is21:22


Agus Cibsaim gun a bailtibh,
agus Betóron gun a cuimínibh: ceithre
caithreacha.


L. Is21:23


Agus ó threibh Dan, Elteceh
gun a cuimínibh, Gibeton gun a cui-
mínibh,


L. Is21:24


Aiialon gun a cuimínibh, Gat-
rimmon gun a cuimínibh; ceithre cai-
threacha.


L. Is21:25


Agus ó leiththreibh Mhanasseh,
Tánach gun a cuimínibh, agus Gat-rim-
mon gun a cuimimbh; dhá chathruigh.


L. Is21:26


Na caithreacha uile dobhádar a
deich gun a ccuimínibh do mhuintearuibh
chloinne Cohat, noch do mhair.


L. Is21:27


Agus do chloinn Gerson do
mhuintearuibh na Lebhíteach, on leiththreibh oile
do Mhanasseh tugadar Gólan ann Bá-
san maille rena cuimínibh, mar chathair
dhídin ag an marbhthóir, agus Beeste-
rah gun a cuimínibh: dhá chathruigh.


L. Is21:28


Agus ó threibh Issachar, Císon
gun na cuimínibh, Dabereh gun a
cuimínibh.


L. Is21:29


Iarmut gun a cuimínibh, Engan-
nin gun a cuimínibh: ceithre cai-
threacha.


L. Is21:30


Agus ó threibh Aser, Misal
gun a cuimínibh, Adon gun a cuimí-
nibh,


L. Is21:31


Helcah gun a cuimínibh, agus
Rehob gun a cuimínibh: ceithre cai-
threacha.


L. Is21:32


Agus ó threibh Naphtali, Ce-
des ansa Ghalilé gun a cuimínibh do
bheith na cathruigh dhídin don marbhthoír:
agus Hammot-dor gun a cuimínibh, agus
Cartán gun a chuimínibh; trí cai-
threacha.


L. Is21:33


Uile chaithreacha na Ngersoní-
teach do réir a muintear dobhádar trí
caithreacha dég gun a gcuimínibh.


L. Is21:34


Agus do mhuintearuibh chloinne
Mherári, an chuid oile do na Lebhítibh,
ó threibh Shebulun, Iocneam gun a cui-
mínibh, agus Carta gun a cuiminibh,


L. Is21:35


Dimnah gun a cuimínibh, Naha-
lal gun a cuimínibh; ceithre cai-
threacha.


L. Is21:36


Agus ó threibh Reuben, Béser
gun a cuimínibh, agus Iahasah gun a
cuimínibh.


L. Is21:37


Cedemot gun a cuimínibh, agus
Mephaat gun a cuimínibh: ceithre caith-
reacha.


L. Is21:38


Agus ó threibh Ghad, Ramot
ann Gílead gun a cuimínibh, do bheith na
cathruigh dhídin ag an marbhthóir, agus
Mahanaim gun a cuimínibh,


L. Is21:39


Hesbon gun a cuimínibh, Iaser
gun a cuimínibh; ceithre caithreacha san
niomlán.


L. Is21:40


Marsin dobhádar caithreacha
chloinne Mherári uile gun a muintear-
uibh, noch do fágbhadh do mhuinteruibh na
Lebhíteach, re na gcrannchair, dhá chathruigh
dhég.


L. Is21:41


Uile chaithreacha na Lébhíteach a
stigh a seilbh chloinne Israel, dob ochd
gcaithreacha, agus dá fhithchiod íad mail-
le re na gcuimínibh.


L. Is21:42


Dobhí gach énchathair dhíobhso
gun a gcuimínibh na timchioll faccuáirt:
marso dobhádar na caithreachaso
uile.


L. Is21:43


Agus thug an Tighearna do Is-
rael an dúithche uile, noch do mhionnuigh
sé do thabhairt dá naithribh, agus do
shealbhuigheadar í, agus do áitreabhadar
inte.


L. Is21:44


Agus thug an Tighearna suái-
mhneas dóibh timchioll fagcuáirt do réir
gach uile neithe dár mhionnuigh sé dá
naithribh, agus níor sheas duine dá námh-
uid rompa: do sheachuid an Tíghearna a
naimhde uile ann a láimh,


L. Is21:45


Níor theasduigh éinní maith ar bith,
dar labair an Tighearna re tigh Israel,
tháinig sé uile a gcrích.


L. Is22:1


Ansin do ghoir Iosua na
Reubenítigh, agus na Ga-
dítigh, agus leiththreabh Mha-
nasseh,


L. Is22:2


Agus adubairt ríu,
do choimhédabhair anuile ní dár aithin
Maóise serbhíseach an Tighearna dhíbh,
agus do umhluigheabhair dom ghlórsa san
nuile ní dár aithin mé dhaóibh.


L. Is22:3


Níor fhágabhair bhur ndearbhráithre
lé mórán do láethibh gus aniugh, achd
do choimhlíonabhair cúram aithne bhur TTigh-
erna Dé.


L. Is22:4


Agus anois thug bhur TTigh-
earna Día socamhal dá bhur ndearbhrái-
thribh, mar do gheall sé dhóibh: annois ar
anadhbharsin fillidhsi, agus éirgidhe
dá bhur ttighthibh, agus do fearann bhur
sealbha, noch thug Maóise óglach an
Tighearna dhaóibh don taóibh oile do
Iordan.


L. Is22:5


Ach tugaidh aire ghér do choimh-
líonad na naithneadh, agus an dlighe
noch do chuir Maóise óglach an Tighear-
na do chúram oruibh, grádh do thabhairt
dá bhur TTighearna Día, agus siubhal
iona shlighthibh uile, agus a aitheanta do
choimhlíonadh, agus táobhadh ris, agus
foghnamh dhó le bhur nuile chroidhe, a-
gus lé bur nuile anamh.


L. Is22:6


Marsin do bheannuigh Iosua íad,
agus do chuir ar siubhal íad, agus do
chúadar chum a loistínigh.


L. Is22:7


Annois thug Maóise sealbh do
leiththreibh Mhanasseh a Mbásan: achd
don leiththreibh oile dhíobh thug Iosua a
measc a ndearbhráithreach don taóibhsi do
Iordan leath síar: agus anuáir do
chuir Iosua ar siubhal íadsin fós dá
loistínibh, annsin do bheannuigh sé íad.


L. Is22:8


Agus do labhair sé ríu, ga
rádh, fillidh dá bhur loistínibh maille re
hiomad saidhbhris, agus romhóran áir-
néise, maille ré hairgiod, agus lé
hór, agus lé híarann, agus maille
re rómhórán éduigh: roinnidh édáil bhur
námhad ré bhur ndearbhraithribh.


L. Is22:9


Agus do fhilleadar clann Reu-
ben, agus clann Ghad, agus leiththreabh
Mhanasseh, agus do dhealuigheadar re
cloinn Israel as Síloh, noch atá a
ttír Chanaain, do dhul go tír Ghilead
go dúithche a seilbhe, noch do shealbhui-
eadar do réir bhréithre an Tighearna le
láimh Mhaóise.


L. Is22:10


Agus anuair thangadar go
brúach Iordan, noch atá a ttír Chá-
naain, clann Reuben, agus clann Ghad,
agus leiththreabh Mhanasseh, dorinne-
dar altóir ag Iordan, altóir mhór re
féchuin uirre:


L. Is22:11


Agus dochúaladar clann Israel,
dhá rádh, féuch, dorinneadair clann Reu-
ben, agus clan Ghad, agus leith-
threabh Mhanasseh altóir thall as coinne
fhearuinn Chánaain a mbrúachaibh Iordan
mar a ngébhaidís clann Israel thai-
ris.


L. Is22:12


Agus anúair dochúaladar
clann Israel sin, do chruinnigh comhchrui-
nniugadh chloinne Israel íad feín a gceann
a chéile a Síloh, do dhul súas do throid
na naghuidhsion.


L. Is22:13


Agus do chuireadar clann Israel
go cloinn Reuben, agus go cloinn Ghad,
agus go leiththreibh Mhanasseh go tír
Ghílead Phineas mhac Eleasair an
Sagart,


L. Is22:14


Agus maille ris deithneamhar
prionnsadha, prionnsa as gach tigh ar
feadh threibhe Israel uile, agus dobhí
gach áon díobh na cheann ar thigh a naithreadh
a measg mhílteadh Israel.


L. Is22:15


Agus tangadar do cloinn
Reuben, agus go cloinn Ghad, agus
go leiththreibh Mhanasseh go tír Ghílead,
agus do labhradar riú, dha rádh:


L. Is22:16


As marso adeirid iomlán
chomhchruinigh an Tighearna, cred an sa-
rúghadhsa dorinneabhairsi anaghaidh Dé
Israel, a bhfilleadh do leathtaoibh aniugh
ó leanmhuin an Tighearna, mar dorinnea-
bhair altóir dhíbh féin, chor go rachadh sibh
a ttrétuireachd aniugh anaghaidh an
Tighearna.


L. Is22:17


An róibheag dhúinn écceart Pheor,
ó nach bhfuilmíd glan gus aniugh (bíodh
go raibh pláigh a ccomhchruinniughadh an
Tighearna)


L. Is22:18


Acht go bhfillfidhsi fós aniugh
ó leanmhuin an Tighearna? agus iseadh
bhías de, ó rinneabhairsi trétuireachd
anaghaidh an Tíghearna, go mbía sé feargach
amárach re comhchruinniughadh Israel
uile.


L. Is22:19


Gidheadh, má tá bhur bhfearann
sealbha neamhghlan, annsin éirgidh thairis
go fearann seilbhe an Tighearna, mar a
ccomhnuigheann tabernacuil an Tighearna
agus glacuidh sealbh ar meascne: acht
na cathuighidh anaghuidh an Tigherna, agus
ná cathuigidh ar naghaidhne, ag dénadh
altóra dháoibh féin táobh amuigh daltóir
ar TTighearna Dé.


L. Is22:20


Nach deárna Achan mhac Sérah
sárugadh annsa ní mhalluigh, agus do
thuit dioghaltas ar chloinn Israel uile,
agus ní hé an fearsin amháin do thuit
ann a choir?


L. Is22:21


Annsin do fhreagradar clann
Reuben, agus clann Ghad, agus leith-
threabh Mhanasseh, agus dubhradar
ré ceannuibh mhílteadh Israel.


L. Is22:22


As fios do Thighearna Día
na ndee, do Thighearna Día na ndee,
agus biáidh a fhios ag Israel, más
cathughadh nó sárughadh anaghaidh an
Tighearna é, (ná dídinigh sinn a
niugh)


L. Is22:23


As a ndeárnamairne altoír
dhúinn féin diompógh ó leanmhuin an Tighear-
na, nó más dofráil ofrála loisge
uirre, nó ofrála bídh, nó mas do-
fráil íodhbartha síothchána uirre, leanadh
an Tighearna feín é.


L. Is22:24


Agus muna ndeárna sinne é ar
eagla an neithesi, ghá rádh, na dhiáighso
go naibeóraidís bhur gclannsa re ar
ccloinne, ghá rádh, cred atá dháoibhsi
ris an TTighearna Día Israel?


L. Is22:25


Oír dorinne an Tighearna teóra do
Iordan eadruinn agus sibh; a chlann
Reuben, agus a chlann Ghad, ní bhfuil
roinn aguibh don Tighearna: marsin dobhéruid
bhur gclannso air ar gcloinne scur
deagla an Tighearna do bheith orra.


L. Is22:26


Uimesin adubhramairne, tionns-
cnam anois altoír do chur súas dhúinn
féin, ní chum ofrála loisge nó chum
iodhburtha:


L. Is22:27


Acht ionus go mbíath na fhía-
dhnuisi eadrunn agus sibhsi, agus ar
sleachda ar ndiaigh, chor go ndénmaois
serbhís an Tighearna da lathair féin lér
nofráluibh loisge, agus ler níodhbar-
thaibh, agus ler nofraluibh síodha, chor
nach aibeoradh bhur cclannsa re ar gcloinn-
ne; ní bhfuil chuid aguibh san Tighearna.


L. Is22:28


Uimesin, ar sa sinne, gurob
amhluidh bhías anuáir a déruid síadso
rinn, nó rér sliochd annsanaimsir thioc-
fas, go mbiáidh aguinne re a rádh,
féachuidh samhlachus altóra an Tighearna
dorinneadar ar naithrenne ní chum ofrála
loisge nó chum iodhbartha, achd is fíadh-
nuise eadruinne agus sibhsi é.


L. Is22:29


Nár léigidh Día go rachamaois
a ttrétuireachd anaghaidh an Tighearna,
agus go bhfillfeamaois aniugh ó lean-
mhuin an Tighearna do dhénamh altóra
dofráluib loisge, dofráluib bídh, nó
diodhbarthaibh, táobh amuigh daltóir ar
Tighearna Dé, noch atá a bhfiaghnuise
a thabernacuil.


L. Is22:30


Agus anuáir dochualuidh Phí-
neas an sagart, agus prionnsuidhe
an chomhchruinnigh, agus cinn mhílteadh Is-
rael, noch dobhí na fhochair, na bríathra
do labhradar clann Reuben, agus
clann Ghad, agus clann Mhanasseh,
do thaitin sin ríu:


L. Is22:31


Agus adubhairt Phíneas mhac
Eleásair re cloinn Reuben, agus ré
cloinn Ghad, agus re cloinn Mha-
nasseh: aniugh aithnighímid go bhfuil an
Tighearna ar measc, do chionn nach dear-
nabhair an sárughadhsa anaghaidh an
Tighearna: anois do sháorabhair clann Is-
rael ó láimh an Tighearna.


L. Is22:32


Agus do fhill Phíneas mhac
Eleásair an sagart, agus na prionns-
uidhe ó chloinn Reuben, agus ó chloinn
Ghad, as tír Ghílead go tír Chá-
naain go cloinn Israel, agus tuga-
dar scéula chuca arís.


L. Is22:33


Agus do thaitin an ní re cloinn
Israel, agus do bheannuigheadar clann
Israel Día, agus níor chuireadar rom-
pa dul súas na naghaidhsin a gcath
do mhilleadh na tíre ionar áitreabhadar
clann Reuben agus Ghad.


L. Is22:34


Agus do ghoireadar clann Reu-
ben agus clann Ghad Ed, don
naltóir: óir biáidhsi mar fhiadhnuise
eadruinn gurbé an Tighearna as Día
ann.


L. Is23:1


Agus tárla aimsir fhada
tar éis an Tighearna do
thabhairt suáimhnis Disrael
ó na naimhdibh uile timchioll
fágcuairt, gur fhás Iosua áosta
foirfe.


L. Is23:2


Agus do ghoir Iosua ar Is-
rael uile, agus ar a seanóiribh, agus
ar a cceannuibh, agus ar a mbreitheamh-
nuibh, agus ar a noifigeachuibh, agus
do ráidh sé ríu; atáimsi foirfe, a-
gus aosta a mblíadhnuibh:


L. Is23:3


Agus dochonncabhairsi gacha a
ndérna bhur TTighearna Día ris na
cineadhachaibhsi uile ar bhur sonsa, óir
sé bhur TTighearna Día do throid ar
bhur son.


L. Is23:4


Féachuidh do roinn mé oruibh le crann-
char na cineadhachasa mhairios, dá mbeith
mar oighreachd ag bhur ttreabhuibh ó Ior-
dan maille ris na huile chineadhachaibh
dar gheárr mé amach, go nuige
an nfairge mhóir don táoibh síar.


L. Is23:5


Agus díbeoruidh bhur TTighear-
na Día romhuibh íad, agus thiomáinfidh
sé as bhur radharc íad, agus sealbho-
chthaoise an dúithche mar do gheall bhur
TTighearna Día dhaóibh.


L. Is23:6


Bíthise ar nadhbharsin rochura-
ta do choimhéd, agus do dhénamh anuile
ní atá scríobhtha a leabhar dlighe Mhaói-
se, go nach bhfillfidhe a leathtaoibh
uadhsin don láimh dheis nó don láimh
chlé.


L. Is23:7


Agus nach ttiocfuidhe a measc
na ccineadhso mhairios bhur measc, agus
nach déntaoi iomrádh ar a ndeeibh na
nainm, agus nach ttiubharthaoi fá deara
a ttabhairt mar mhionnuibh, agus nach déntuidh
serbhís dóibh, agus nach ccláonfuidh sibh
féin dóibh.


L. Is23:8


Acht adharfuidhe bhur Ttighear-
na Día, mar dorinneabhair gus aniugh.


L. Is23:9


Oír do chuir an Tighearna amach
romhuibh cineadhacha móra neartmhara:
acht ar bhur sonsa, ní tháinic déinfhear
seasamh bhur naghaidh gus aniugh.


L. Is23:10


Cuirfidh aon daóibhsi míle a
tteitheamh, óir sé bhur TTighearna Día
an té throidios ar bhur son, mar do
gheall sé dhaóibh.


L. Is23:11


Tugaidh aire mhaith dhaóibh féin
ar anadhbharsin go mbía grádh aguibh
da bhur TTighearna Día.


L. Is23:12


Nó má théighthi air énchor air
gcúl, agus má ghreamuighthí dfuighioll
na ccineadhachsan noch mhairios bhur measc
agus go ndéntaói cleamhnus ríu, agus
go rachthaoi asteach chuca, agus íad-
san chugaibhsi.


L. Is23:13


Biodh a fhios aguibh go dearbtha,
nach gcuirfidh bhur TTighearna Día ní
sa mó éinneach do na cineadhachaibhsi a-
mach romhuibh: ach béid na bpainté-
ruibh, agus na nduluibh dhaóibh, agus
na scíursaidhibh ann bhur ttáobhuibh, agus
na ndealguibh ann bhur súilibh, nó go
nimithighidh scheaad as an ndúithche mhaithsi
thug bhur TTighearna Día dhaóibh.


L. Is23:14


Agus féchuidh, atáimsi aniugh
ag dul san tslighe a ttéid an do-
mhan uile; agus atá a fhios aguibhsi
ann bhur gcroidhthibh uile, agus ann bhur
nanmuibh, nach ar fhailligh mé éinní
amháin do na huile neithibh maith noch do
labhair bhur TTighearna Día da bhur
ttaobh: tangadar a ccrích uile dhaóibh,
agus níor theastuigh éinní amháin díobh.


L. Is23:15


Uimesin tiocfaidh a ccrích,
mar tháinic gach uile ní maith oruibh
dar gheall bhur TTighearna Día dhaóibh,
go ttiubhra mar an ccédna an Tighear-
na gach uile dhroichní oruibh, nó go
scriosfuidh sé sibh as an bhfearann maith-
si, noch thug bhur TTighearna Día dhaóibh.


L. Is23:16


Anuáir sháireochthaoi cunradh
bhur TTighearna Dé, noch do aithin sé
dhíbh, agus imtheochuighe, agus adharfuighe
Dée eile, agus uimhleochuighe sibh féin
dóibh: annsin lasfuighear fearg an Tigh-
earna ribh, agus scriosfuighear sibh go
hobann as an bhfearann maith, noch thug
sé dhíbh.


L. Is24:1


Agus do chruinnigh Iosua trea-
bha Israel uile go Sechem,
agus do ghoir ar shinnsior-
uibh Israel, agus ar a
gceannuibh, agus ar a mbrei-
theamhnuibh, agus ar a noifigeachaibh: a-
gus do thaisbénadar íad féin a la-
thair Dé.


L. Is24:2


Agus adubhairt Iosua ris an
bpobal uile, as marso adeir an
Tighearna Día Israel; do áitreabha-
dar bhur naithreacha don taóibh oile don
tuile annsa tseanaimsir, eadhon Térah,
athair Abraham, agus athair Nachor:
agus do adhradar Dée oile.


L. Is24:3


Agus do thóg misi bhur nathair
Abraham don taóibh oile don tuile,
agus do thréoruigh mé tre thír Cha-
naain uile é, agus do mhéduigh mé a
shliochd, agus thug mé Isaac dhó.


L. Is24:4


Agus thug mé Disaac, Iácob,
agus Esau; agus thug mé do Esau slíabh
Seir re shealbhúghadh, achd dochuáidh Iácob, a-
gus a chlann síos don Négipt.


L. Is24:5


Do chuir mé Maóise fós, agus
Aáron, agus do chuir mé pláigh ar an
Négipt, do réir na neithe do chuir
misi na measc: agus na dhiáighsin thug
mé sibhse amach.


L. Is24:6


Agus thug mé bhur naithre as an
Négipt, agus tangabhairsi, agus do
leanadar na Hégiptigh a ndiáigh bhur
naithreadh, lé carbaduibh, agus lé marc-
shlúagh go nuige an mhuir ruáidh.


L. Is24:7


Agus anuair déighmheadar ar an
TTighearna, do chuir sé dorchadas eadr-
uibhsi agus na Hégiptigh, agus thug
sé anfairge ar a muinsion, agus do
mhúch se íad, agus do chomhnuigheabhairsi an
sa bhfásach aimsir fhada.


L. Is24:8


Agus thug mé go erích na
Namoríteach sibh, noch do áitribh an
táobh oile do Iordan, agus do throidea-
dar ribh, agus thug misi ann bhur láimh
íad, go bhfédadh sibh a ndúithche do
shealbhughadh, agus do scrios mé romhuibhsi
íad.


L. Is24:9


Annsin déirigh Bálac mhac Sip-
por, Rígh Moab agus do chathuidh sé
anaghaidh Israel, agus do chuir fios,
agus do ghoir Bálaam mhac beor dá bhur
mallughadh.


L. Is24:10


Ach níor éist misi re Bálaam,
uimesin do bheannuigh sé sibh a gcomhnuidhe:
mar sin do sháor mé sibhsi as a láimh.


L. Is24:11


Agus dochúadhbhair tar Iordan,
agus tangabhair go Iericho, agus do
throideadar fir Iericho bhur naghaidh;
na Hamorítigh, agus na Perisítigh, a-
gus na Cananítigh, agus na Hititigh,
agus na Girgasítigh, agus na Hibhitigh,
agus na Iebusitigh; agus thug misi ann
bhur lámhuibh íad.


L. Is24:12


Agus do chuir mé an ceárnabhan
romhuibh, noch do thiomáin amach romuibh
íad, dhá Rígh na Namoríteach: gidheadh
ní led chloidheamhsa nó led bhogha.


L. Is24:13


Agus thug mé dúithche dhaóibh
ar son nach dérnabhair sáothar, agus cai-
threacha nach sibh féin do chuir súas, agus
áitreabhthaoi ionta: do na lubhghortuibh
fíneamhna agus ola, nach sibh féin do
phlannduigh, a seadh ithí.


L. Is24:14


Annois ar anadhbharsin bíodh
eagla an Tighearna oruibh, agus foghnaidh
dhó a ngloine agus a bhfírinne, agus cui-
ridh uáibh na dée dar ghéilleadar bhur
naithre don taóibh oile don tuile, agus
annsa Négipt, agus dénuidh serbhís don
Tighearna.


L. Is24:15


Agus má chítior dhaóibh gurob
olc serbhís do dhénamh don Tighearna, to-
ghaidh féin aniugh, cía haca dá ndéntaoi
serbhís, an do na déeibh noch dadhair bhur
naithré táobh thall don tuile, nó do dhéeibh
na Namoríteach a ndúithche a bhfuiltí: achd
ar mo shonsa, agus ar son mo thighe,
foigheonam don Tighearna.


L. Is24:16


Agus do fhreagradar an po-
bal, agus adubhradar; nar léigidh
Día go ttréigfemisne an Tighearna
dfoghnamh do dhéeibh eile.


L. Is24:17


Oír sé ar Tighearna Día thug
súas sinn agus ar naithre, as crích na
Hégipte, ó thigh na daóirsi, agus noch
dorinne na comharthuidhe mórasin ann ar
radharc, agus do choimhéd sinn ann gach
uile shlighe a ndeachamar, agus a measc
gach uile phobal tré ar ghabhamar.


L. Is24:18


Agus do chuir an Tighearna a-
mach romhuinn na daóine uile, eadhon na
Hamorítigh do áitreabh annsa dúithche;
uimesin mar an gcédna foigheonuimne
don Tighearna, óir isé ar Ndía é.


L. Is24:19


Agus adubhairt Iosua ris an
bpobal, ní fhédthaoi foghnamh don Tighear-
na; óir is Día náomhtha é: is Día éud-
mhar é, ní mhaithfidh sé bhur ccionta no
bhur bpeacuidh dhaóibh.


L. Is24:20


Má thréigthi an Tighearna, a-
gus dée coimhidhtheacha dadhradh, annsin
imeochtha seision, agus dodhéna sé
dochar dhaóibh, agus díobháighfidh sé
sibh tar éis a ndeárna sé do mhaith dhíbh.


L. Is24:21


Agus adubhairt an pobal re
Iosua, ní headh, achd foigheonam don Tigh-
earna.


L. Is24:22


Agus adubhairt Iosua ris an
bpobal, is fiadhnuise sibh féin bhur na-
ghaidh féin, gur thoghbhair an Tighearna dhíbh
do dhénumh seirbhíse dhó: agus adubhra-
darsan, is fiadhnuisi sinn.


L. Is24:23


Anois uimesin (ar seision)
cuiridh uáibh na dée coimhidhtheacha atá
eadruibh, agus iompoíghidh bhur gcroidhe
chum an Tighearna Día Israel.


L. Is24:24


Agus adubhairt an pobal ré
Iosua; ar TTighearna Día isé adhorum,
agus dá ghuth uimhleocham.


L. Is24:25


Marsin dorinne Iosua cunnradh
ris an bpobal an lásin, agus do chuir
síos statúid, agus órdughadh dhóibh a
Sechem.


L. Is24:26


Agus do scríobh Iosua na
briathraso a leabhar dhlighe Dé, agus
do thóg cloch mhór, agus do chuir na
seasamh annsin í faói dharuigh dobhí láimh
ré sanctora an Tighearna.


L. Is24:27


Agus adubhairt Iosua ris an
bpobal uile, féchuidh, biáidh an chlochso
mar fhiadhnuisi aguinn; óir dochúala
sí bríathra an Tighearna uile, noch do
labhair sé rinne: biáidh sí annsin mar
fhiadhnuisi oruibhsi, deagla go sénfadh
sibh bhur Ndía.


L. Is24:28


Marsin do léig Iosua don
phobal imtheachd, gach énduine dhá oighreachd
féin.


L. Is24:29


Agus tárla a ndiaigh na
neitheannsa, gur éug Iosua mhac Nun
óglach an Tighearna, ar mbeith dhó céud
agus deich mbliadhna daois.


L. Is24:30


Agus do aidhlaiceadar é a ttéo-
ruinn a oighreachda féin a TTimnat-Se-
rah, noch atá a slíabh Ephraim, ar an
ttáobh thuáigh do chnoc Gaas.


L. Is24:31


Agus dorinne Israel serbhís
don Tighearna ar feadh láetheadh Iosua,
agus uile láethe na sinnsior do mhair a ndiaigh
Iosua, agus agá raibh fios uile oib-
reach an Tighearna, noch dorinne sé ar
son Israel.


L. Is24:32


Agus cnámha Ióseph, noch do
thugadar clann Israel súas as an
Négipt, do aidhlaicedar síad a Se-
chem, ansa bpíosa fearainn do cheann-
uigh Iácob ó mhacuibh Hámor, athair Shec-
hem ar chéd píosa airgid, agus tháinic
na oighreachd chum cloinne Ioseph.


L. Is24:33


Agus déug Eleásar mhac Aa-
ron, agus do adhlaiceadar é a ccnoc
do bhean ré Phíneas a mhac, noch tugadh
dhó a slíabh Ephraim.


L. Br



LEABHAIR NA MBREITHEAMHAN.


L. Br1:1


Anois tar eís bháis Iosua
tárla gus fhiafruigheadar
clann Israel don Tighear-
na, dhá radh, ciá racus
uainn anaghaidh na Gca-
naníteach ar tús do throid na naghaidh?


L. Br1:2


Agus adubhairt an Tighearna,
rachaidh Iúdah súas, féch thug mé an tír
ann a láimhsion.


L. Br1:3


Agus adubhairt Iúdah re Sí-
meon a dhearbhrathair, tárr súas liomsa
ann mo chuid crannchair, chor go ttroid-
fiom anaghaidh na Gcananíteach, agus
racha misi leachdsa mar an gcédna ann
do chuid crannchairse: marsin dochuaidh
Símeon leis.


L. Br1:4


Agus dochúaidh Iúdah súas,
agus thug an Tíghearna na Cananítigh,
agus na Perisitigh ann a lámhuibh, agus
do mharbhadar dhíobh a Mbésec deich míle
fear.


L. Br1:5


Agus fuáradar Adonibesec a
Mbésec: agus do throideadar na
aghaidh, agus do mharbhadar na Cana-
nítigh, agus na Perisítigh.


L. Br1:6


Ach do theith Adonibésec, agus
do leanadar é, agus rugadar air,
agus do ghearradar ordóga a lámh,
agus a chos de.


L. Br1:7


Agus adubhairt Adonibésec,
trí fichthid Rígh dar beanadh ordóga a
lámh agus a gcos díobh, do chruinni-
gheadar a mbíadh fáoi mo bhórdsa:
mar dorinne misi, is marsin thug
Día díoghaltas orm: agus thugadar
leó é go Hierusalem, agus fúair sé
bás annsin.


L. Br1:8


Annois do throideadar mic Iúdah
anaghaidh Ierusalem, agus do ghabha-
dar í, agus do bhúaileadar í le fáobhar
an chloidhimh, agus do chuireadar an cha-
thair tré theinidh.


L. Br1:9


Agus na dhiáighsin dochuádar
clann Iúdah síos do throid anaghaidh na
Gcananíteach, noch do áitreibh annsa
tslíabh, agus an táobh ó dheas, agus
annsa ghleann.


L. Br1:10


Agus dochuáidh Iúdah ana-
ghaidh na Gcananíteach do áitreibh ann
Hébron (annois dobé Círiat-arba
ainm Hebron roimeso,) agus do
mharbhardar Sesai, agus Ahíman, agus
Talmai.


L. Br1:11


Agus assin dochuáid sé a
naghaidh áitreabhach Debir, (agus Ci-
riat-sepher dobainm roimhesin do
Dhebir)


L. Br1:12


Agus adubhairt Cáleb, an té
chláoidhfios Ciriat-sepher, agus ghébhus
í, is dósin dobhéara mé Achsah min-
gion na mnáoi:


L. Br1:13


Agus do ghabh Otnéil mhac Ce-
nas, an dearbhrathair doboíge ag Ca-
leb an chathair: agus thug sé dhó
Achsah a inghean na mnáoi.


L. Br1:14


Agus tárla anuair tháinic sí
chuige, go ttug sí air fearann díarruidh
air a hathair: agus do thuirling sí dá
hassal: agus adubhairt Cáleb ría,
cred as áill leachd?


L. Br1:15


Agus adubhairt sisi ris, ta-
bhair bheannachd dhamh: óir thug tú fearann tirim
dhamh, tabhair dhamh mar an gcédna sru-
tháin uisge: agus thug Cáleb dhi na
toibreaca úachda rach, agus na toibreacha
íochdarach.


L. Br1:16


Agus dochuádar clann an
Chenitig, athair mhná Mháoise, as Ca-
thruigh na ccrann pailme súas maráon
re cloinn Iúdah go fásach Iúdah, noch
atá don táobh ó dheas do Arad, agus
dochuadar, agus do chomhnuigheadar
a measc na ndaoine.


L. Br1:17


Agus dochuáidh Iúdah lé Sí-
meon a dhearbhrathair, agus do mhairbha-
dar na Cananítigh, noch do áitreibh a
Séphat, agus do scrios í go hiom-
lán: (agus sé dobainm don cha-
thruigh Hormah).


L. Br1:18


Mar an ccédna do ghabh Iúdah
Gása maille rena cósduibh, agus As-
celon maille rena cóstuibh, agus
Ecron maille rena cóstuibh:


L. Br1:19


Agus dobhí an Tighearna re Iú-
dah, agus do dhíbir sé amach áitreabhuigh
an tsléibhe: achd níor fhéad sé áitreabhuig
an ghleanna do dhíbirt, do chionn go raibh
carbuid íaruinn aca.


L. Br1:20


Agus tugadar Hebron do
Chaleb, mar adubhairt Máoise, agus
do dhíbir sé assin trí mic Anac.


L. Br1:21


Agus níor dhíbriodar clann
Bheniamin na Iebusítigh do áitreibh ann
Ierusalem: achd dfanadar na Iebusitigh
a bhfochair chloinne Beniamin gus aniugh ann
Ierusalem.


L. Br1:22


Agus tigh Ióseph, dochúadarsan
súas mar an gcéadna anaghaidh
Bhetel, agus dobhí an Tighearna maille
riú.


L. Br1:23


Agus do chuir tigh Ióseph luchd
bratha ar Bhetel: (annois ba lus
ainm na caithreach roimhesin)


L. Br1:24


Agus dochonncadar an luchd
bratha duine ag teachd amach as an gca-
thruigh, agus adubhradar ris, guidhmid
thú, taisbéin dúinn slighe dhul asteach
na caithreachsa, agus dodhénam
trócaire ort.


L. Br1:25


Agus anúair do thaisbéin sé
dhóibh sloighe dhul asteach na caithreach, do
bhuaileadar an chathair lé fáobhar an chloidhimh:
achd do leígiodar an fearsin as, agus
muintir a thighe uile.


L. Br1:26


Agus dochúaidh an tóglach go
dúithche na Hititeach, agus do thóg ca-
thair, agus do ghoir Lus dainm dhi: sé
sin is ainm dhi gus aniugh.


L. Br1:27


Ní mó do dhíbir Manasseh
áitreabhuigh Bhetsean agus a bailteadh,
ná Táanach agus a bailteadh, ná
áitreabhuigh Dor agus a bailteadh, ná
áitreabhuigh Ibleam agus a bailteadh, ná
áitreabhuigh Mhegiddo agus a bailteadh;
achd ba mían leis na Canaanítibh comhnui-
ghe san tírsin.


L. Br1:28


Ach tárla anúair dobhí Israel
láidir, agus chuireadar na Canaanítigh
fa chíos, agus nar dhíbriodar thríd
amach íad.


L. Br1:29


Mar an ccédna nior chuir Ephra-
im amach na Canaanítigh, noch do áitreibh
ann Géser, achd do áitreabadair na Canaa-
nítigh an Geser na meascsan.


L. Br1:30


Agus níor dhibir Sebulun ái-
treabhuigh Chítron, nó áitreabhuigh Naha-
lol; achd do chomhnuigheadar na Canaanítigh
na meascsan, agus tangadar fa chíos
dóibh.


L. Br1:31


Ní mó do dhíbir Aser áitreabhuigh
Accho, nó áitreabhuigh Sídon, nó Ahlab, nó
Achsib, nó Helbah, no Aphic, nó
Réhob:


L. Br1:32


Ach do chomhnuigheadar na Hase-
rithigh a measc na Gcanaaníteach, áitrea-
bhuigh an nfearuinn: óir níor dhíbriodar
amach íad.


L. Br1:33


Ni mó do dhíbir Naphtali áitrea-
bhuigh Bhet-semes, nó áitreabhaigh Bhet-
anat, achd do áitribh sé a measch na
CCanaaníteach áitreabhuigh an nfearuinn: gi-
dheadh dobhádair aítreabhaigh Bhet-semes,
agus Bhet-anat fá chíos dóibh.


L. Br1:34


Agus do choimhéignígheadar na
Hamorítigh clann Dan do chomhnuighe fan
tslíabh, óir níor fhuilingiodar dhóibh teachd
anúas annsa ghleann.


L. Br1:35


Ach ba mían leis na Hamorí-
tibh áitreabh do dhénamh a slíabh Héres
ann Aialon, agus a Seaalbim: gi-
dheadh rugadar lámha thighe Ióseph búaidh
ionnus go dtangadar fá chíos dóibh.


L. Br1:36


Agus dobé teóra no Namo-
riteach ó árd Acrabbim, ón ccarruig
agus ósin súas.


L. Br2:1


Agus tháinic aingeal an Tighear-
na ansíos ó Ghilgal go
Bóchim, agus adubhairt, thug
misi oruibh dul súas as an Négipt,
agus thug mé sibh chum na tíre do mhionnuigh mé da
bhur naithribh; agus adubhairt mé, ní
bhrisfe mé mo chunnradh ribh choidhche.


L. Br2:2


Agus ní dhéntáoi síothchain ar
bith ré háitreabhaibh na tíresi, teilgfidhe
sios a naltóra: achd níor umhluighe-
bhairse dom ghlór: cred fá ndeárnabhair
so?


L. Br2:3


Uimesin adubhairt misi mar an
gcédna, ní dhíbeora amach romhuibh
íad: ach béid ann bhur ttáobhuibh,
agus béid a ndée na bpaintéur
dháoibh.


L. Br2:4


Agus tárla anúair do labhair
aingeal an Tighearna na briathraso ré
cloinn Israel uile, gur thógbhadar an
pobal a nguth suas, agus gur ghui-
leadar.


L. Br2:5


Agus do ghoireadar ainm na hái-
tesin Bóchim, agus dorinneadar íodh-
bairt annsin don Tighearna.


L. Br2:6


Agus anuair do léig Iosua don
phobal imtheachd, docúaidh gach áon do
chloinn Israel ann oighreachd féin do shealbhu-
ghadh an nfearuinn.


L. Br2:7


Agus dorinneadar an pobal ser-
bhís don Tighearna ar feadh shaoghail Io-
sua, agus ar feadh shaoghail na seanói-
readh dobhí beó a ndiaigh Iosua, noch do
chonnairc na huile oibreacha móra dorinne
an Tighearna ar son Israel.


L. Br2:8


Agus fúair Iosua mhac Nun ser-
bhíseach an Tighearna bás, ar mbeith dhó
céad agus deich mblíadhna dáois.


L. Br2:9


Agus do adhlaiceadar é animiol
a oighreachda féin a TTimnat-héres a
slíabh Ephráim, annsa táobh túaigh
don chnoc Gaas.


L. Br2:10


Agus dobhádar mar an gcéadna
an geinealachsin uile arna gcruinniugadh
chum a naithreach, agus déirigh sliochd
eile na ndíaighsin, ag nach raibh fios
an Tighearna, ná fós na ngníomharthadh
dorinne sé ar son Israel.


L. Br2:11


Agus dorinneadar clann Israel
olc a bhfiadhnuisi an Tighearna, agus
dorinneadar seirbhís do Bháalim.


L. Br2:12


Agus do thréigeadar an Ti-
ghearna Día a naithreadh, noch thug amach
íad as crích na Hégipte, agus do lea-
nadar dée eile do dhéeibh na ndáoine do
bhí gacha táoibh dhíobh, agus do chláonadar
íad féin dóibh, agus do bhrostuigheadar
an Tighearna chum feirge.


L. Br2:13


Agus do thréigiodar an Ti-
ghearna, agus do adhradar Báal, agus Astárot.


L. Br2:14


Agus do las fearg an Ti-
ghearna anaghaidh Israel, agus do sheachaid
sé íad a lámhuibh creachadóireadh, noch do
chreach íad, agus do reac sé íad a
bhámhuibh a námhad gacha táobh dhíobh, iondus
nar fhéidir leó seasadh ní budh faide a
lathair a námhad.


L. Br2:15


Gidhbé ball a ttéighdís amach, do
bhíodh lámh an Tighearna na naghaidh chum
uilc, mar adubhairt an Tighearna, agus
mar do mhionnuigh an Tighearna dhoibh:
agus do buaidhreadh go mór íad.


L. Br2:16


Gidhedh do thóg an Tighearna breithea-
mhuin súas, noch do sháor íad ó lámhuibh na
druinge do chreach íad.


L. Br2:17


Achd gidheadh níor umhluigheadar dá
mbreitheamhnuibh, ach dochuádar lé stría-
pachus a ndiáigh dée oile, agus do
chláonadar íad féin dóibh: do iompoi-
gheadar go luáth as a tslighe ann ar shiu-
bhluigheadar a naithre, ag umhlúghadh daithne
an Tighearna; ach ní dheárnadarsan sin.


L. Br2:18


Agus anuáir do thóg an Ti-
ghearna breitheamhúin súas dóibh; annsin
dobhí an Tighearna leis an mbreitheamh,
agus do shaór se íad as lámhuibh a ná-
mhad ar feadh bheata an bhreitheamhuin (óir
dobhí aithreachus ar an TTighearna ar son
a nuchbhaghadh, do bhrígh na muintiresin
do sháruidh, agus do bhuáidhir íad)


L. Br2:19


Agus tárla anúair fúair an
bhreitheamh bás, gur iompoigheadar, agus
gur thrúailligheadar íad feín nísa mhó
ná a naithreacha, ag, leanmhuin dée oile dá
nadhradh, agus dumhlughadh síos dóibh:
níor sguireadar dá ngníomhradh, nó dá
slighe easumhail.


L. Br2:20


Agus dobhí fearg an Tighear-
na teith anaghaidh Israel, agus adubhairt
sé, do chionn gur sháruigheadar
an mhuintirse mo chunnradh, noch do aithin
mé dá naithribh, agus nár éisdeadar
rem ghlór:


L. Br2:21


Ní dhíbeora misi mar an gcéd-
na ó so amach éinneach rompa do na
cineadhachaibh dfág Iosua na dhiáigh anuair
fuáir sé bás:


L. Br2:22


Iondus go ndearbhocha mé Israel
thríothasan, an gcoimhédfuid slighe an
Tighearna do shiubal innte, mar do choimh-
édadar a naithreacha, nó nach dénuid.


L. Br2:23


Uimesin dfulaing an tighear-
na na cineadhachasin gan a ndíbirt am-
ach go lúath, ní mó thug sé a láimh
Iosua íad.


L. Br3:1


Anois is íadso na cineadha-
cha dfág an Tighearna chum
Israel do dhearbhadh léo (eadhon
an mhéid do Israel da narbhaithne
cogthuidh Chánaain uile.


L. Br3:2


Amháin ionnus go mbíadh a fhios
ag slíos chloinne Israel cogadh do mhú-
nad dhóibh, go háirigh don mhéid da narbhaithnid
éinní dhe.)


L. Br3:3


(mar atá) cúig Thighearna na
Bhfilistíneach, agus na Canaanítigh uile,
agus na Sidónianuigh, agus na Hibhi-
tigh do áitribh a slíabh Lebanon ó shlíabh
Baal-hermon go nuige dul asteach go
Hámat.


L. Br3:4


Agus dobhádar ann do dhearbhadh
Israel ríu, dféchuin an néistfidís re
haitheantuibh an Tighearna, noch do aithin
sé da naithribh lé láimh Mhaóise.


L. Br3:5


Agus do chomhnuigheadar clann
Israel a measc na Gcanaaníteach, na
Hititeach, agus na Namoríteach, a-
gus na Bperisiteach, agus na Hibhi-
teach, agus na Iebusíteach.


L. Br3:6


Agus tugadar a ninghiona na
mnáibh chuca, agus tugadar a nin-
ghiona dá macaibh, agus dadhradar a
ndée.


L. Br3:7


Agus dorinneadar clann Israel
olc a radharc an Tighearna, agus do
dhearmuid síad an Tighearna a Ndía féin,
agus do adhradar Baalim, agus na
garráin.


L. Br3:8


Uimesin dobhí fearg an Tigh-
earna teasuighe anaghaidh Israel, agus
do reac sé íad a láimh Chusan-Risataim
Rígh na Mesopotámia, agus dorinneadar
clann Israel serbís do Chusan-Risa-
taim ochd mblíadhna.


L. Br3:9


Agus anuáir do éighmhiodar
clann Israel ar an TTighearna, do
thóg an Tighearna súas fear sáortha
do chloinn Israel, noch do thárthuigh íad,
eadhon Otniel mhac Cénas, an dearbhra-
thair dobóige ag Cáleb.


L. Br3:10


Agus thainic spiorad an Tigh-
earna air, agus do bhreathnuidh sé a Nis-
rael, agus dochuaidh amach do dhénamh
cogaidh, agus thug an Tighearna Chus-
an-Risataim Rígh Mhesopotámia ann
a láimh, agus do búadhuigh a lamh ana-
ghaidh Chusan-Risataim.


L. Br3:11


Agus dobhí súaimhneas ag an
ttír ar feadh dhá fhichthiod blíadhan, a-
gus fuáir Otniel mhac Cénas bás.


L. Br3:12


Agus do chionntuigheadhar clann
Israel a rís a radharc an Tighearna,
agus do neartuigh an Tighearna Eglon
Rígh Moab anaghaidh Israel, do bhrígh
go ndérnadar olc a radharc an Tigh-
earna.


L. Br3:13


Agus do chruinnigh sé chuige
féin clann Ammon, agus Amalec, a-
gus dimthigh sé, agus do bhuail sé
Israel, agus do shealbhuigh cathair na
ccrann bpailme.


L. Br3:14


Marsin dobhádar clann Is-
rael ag dénamh serbhisi do Eglon Rígh
Moab ochd mblíadhna déug.


L. Br3:15


Ach anuair do éighmheadar
clann Israel ar an TTighearna, do thóg
an Tighearna sáorthóir súas dóibh Ehud
mhac Géra, beniamiteach, duine clé-
lámhach, agus do chuireadar clann Israel
tiodhlacadh leis cum Eglon Rígh
Moab.


L. Br3:16


Ach dorinne Ehud daigér dhá
fháobhar dhó féin ann a raibh cubhad ar
fad, agus do cheangail sé é faoi na
éadach ar a cheathramhuin deis.


L. Br3:17


Agus thug sé an tiodhlacadh
chum Eglon Rígh Moab, agus ba duine
ro mhéith Eglon.


L. Br3:18


Agus anúair do críochnuigh sé
an tiodhlacadh do thabhairt úadh, do chuir sé
ar siubhal an luchd diomchuir an tiodh-
lacadh.


L. Br3:19


Ach do fill sé féin arís ó
na cuiléaruibh dobhi láimh ré Gilgal,
agus adubhairt sé, atá teachdaireachd
sheicréideach agam chugad a Rígh:
noch adubhairt, bí ad thochd, agus a raibh
na reasamh na fhochair uile dochúadar
amach uádh.


L. Br3:20


Agus tánic Ehud chuige, agus
dobhí sé na shuige a bpárlús samruigh,
noch dobhí aige dhó féin amháin: agus a
dubhairt Ehud, atá teachdaireachd agum ó
Dhía chugad: agus déirigh sé as a
chatháoir.


L. Br3:21


Agus do chuir Ehud amach a
lámh chlé, agus thúg an daigéar ó na
ladhairg dheis, agus do sháith ann a bholg-
san é.


L. Br3:22


Agus dochuáidh an dornchur a
steach a ndiaigh na lainne, agus do lean
an bhlunag don lainn, ionnus nár fheád sé
an daigér do tharraing as a bholg, agus
thaínic an salchar amach.


L. Br3:23


Annsin dochuáidh Ehud amach
thríd an bpóirsi, agus do dhruid sé
doirse an phárlúis air, agus do chuir glas
orra.


L. Br3:24


Anuair dochuaídh sé amach, tanga-
dar a mhuintir, agus anuair do
chonncadar, féuch go raibh doirsi an
phárlúis druite, dubhradar, go
deimhin do fholuigh sé a chosa ann a
sheomra samhruigh.


L. Br3:25


Agus do fhanadar nó go madh
naír leó, agus féuch, níor fhoscuil
sé doirse an phárlúis: uimesin do
ghlacadar eochair, agus do fhosgladar,
agus féuch, dobhí a TTighearna ar
ttuitim marbh air talum:


L. Br3:26


Agus an fad dobhádar ag
fuireach, dochuáidh Ehud as; agus dimthigh
sé thair na coiléaruibh, agus dochuáidh sé
as go Seriat.


L. Br3:27


Agus tárla anuaír tháinic sé,
gur sheíd sé stoc air shlíabh Ephraim:
agus dochúadar clann Israel síos leis
ón tslíabh, agus eision rompa.


L. Br3:28


Agus adubhairt sé riú, leanuidh
misi: oir thug an Tighearna na Moabí-
tigh bhur naimhde ann bhur láimh, agus do
chuadar síos na dhiáigh: agus do gha-
bhadar áthanna Iordan leath re Moab,
agus níor léigeadar duine thairis.


L. Br3:29


Agus do mharbhadar do Mhoab
anuairsin timchioll dheich míle fear, daoine
neartmhara agus gaisgeamhla uile;
agus ní dheachaidh énduine as.


L. Br3:30


Marsin do cláoidheadh Moab an lá
sin fáoi lamhuibh Israel, agus dobí an
tír suáimhneach ochdmodhad blíadhan.


L. Br3:31


Agus na dhíaighsin dobhí Sam-
gar mhac Anat, noch do mharbh do na
Philistíneachaibh sé cheúd fear le cleith-
prioca damh, agus do sháor seision
Israel mar an gcéadna.


L. Br4:1


Agus dorinneadar clann Israel
arís olc a radharc an Ti-
ghearna anuáir do éug
Ehud.


L. Br4:2


Agus do reac an Tighearna íad a
láimh Iábin Rígh Cánaan, noch ba Rígh an
Háron: ba hé a Chaiptín slóigh
Sisera noch dáitreibh ann Haroset na
ngeinteadh.


L. Br4:3


Agus déighmheadar clann Israel
chum an Tighearna, óir dobhí aige naói
gcéud carbad íaruinn: agus do sháruigh
sé go han mhór clann Israel fhithche blía-
dhan.


L. Br4:4


Agus Deborah banfháigh, bean
Lapidot, dobisi fá breitheamh ar Israel
fánamsin.


L. Br4:5


Agus dobhí sí na comhnuighe fáoi
chrann pailme Dheborah, eidir Rámah
agus Bétel a slíabh Ephraim: agus
tangadar clann Israel chuice súas dfa-
gháil bhreitheamhnuis:


L. Br4:6


Agus do chuir sí fios, agus
do ghoir sí Bárac mhac Abinoam a-
mach as Cedes-naphtali, agus adu-
bhairt sí ris; ané nar aithin an Tigh-
earna Día Israel, éirghidh agus tar-
ruig leath re slíabh Tábor, agus beir
leachd deich míle fear do chloinn Naphtali,
agus do chloinn Sebulun?


L. Br4:7


Agus tairreonga misi ad cheann
gus anabhuinn Císon, Sisera Caip-
tín slóigh Iábin maille re na charba-
duibh, agus lena toitheastal; agus
dobhéra mé ad láimhsi é.


L. Br4:8


Agus adubhairt Bárac ría; má
théid tusa liom, annsin racha mé ann:
ach muna ndeacuidh tusa liom, ní racha
mé ann.


L. Br4:9


Agus adubhairt sisi; racha misi
leachd go deimhin, gidheadh an turus ghá-
bhus tú ad láimh ní bhiáidh mar onóir
dhuitsi: óir reacfaidh an Tighearna
Sisera a láimh mná; agus déirigh De-
borah, agus dochuáidh le Bárac go
Cédes.


L. Br4:10


Agus do ghoir Bárac Sebulun,
agus Naphtali go Cédes, agus do
chuáidh sé súas maille re deich míle
fear lena chois; agus dochuáidh De-
borah súas leis.


L. Br4:11


Annois do dhealuigh Héber an
Ceníteach é féin ó na Ceníteachuibh, noch
dobhí do chloinn Hóbab clíamhuin
Mhaóise, agus do shuidhigh a fhoslung-
phort go nuige réiteach Saanaim,
noch atá láimh ré Cédes.


L. Br4:12


Agus do fhoillsigheadar do Shi-
sera; go ndeacaidh básac mhac Abi-
noam súas go slíab Tábor.


L. Br4:13


Agus do chruinnigh Sisera a
bhfochair a chéile a charbuid uile, eadhon
naói gcéad carbad íaruinn, agus anuile
dhuine da raibh na fhochair ó Haroset na
ngeinteadh gonuige anabhuinn Císon.


L. Br4:14


Agus adubhairt Deborah re
Bárac, éirigh súas: óir aséso an
lá ar thoirbhir an Tighearna Sisera ad
láimh: ané nach deachuidh an Tighearna a-
mach romhad? Marsin dochuáidh Bárac
síos ó shlíabh Tábor, agus deich míle
fear na dhiáigh.


L. Br4:15


Agus do chlaóidh an Tighearna
Sisera, agus a charbuid uile, agus a
shlúagh uile le faobhar an chloidhimh,
roimhe Bhárac: ionnus gur thuirling
Sisera as a charbad síos, agus gur
theith a luas a chos.


L. Br4:16


Ach do lean Bárac a ndiáigh
na gcarbad, agus a ndiaigh an tslóigh
go Haroset na ngeinteadh, agus do
thuit slúagh Shisera uile le fáobhar an
chloidhimh, agus níor fágbhadh duine
dhíobh.


L. Br4:17


Gidheadh do theith Sisera ar a
chosuibh go lóistín Iael bean Heber an
Ceniteach: óir dobhí siothcháin idir lá-
bin Rígh Hásor, agus tigh Héber an
Ceniteach.


L. Br4:18


Agus dochuáidh Iáel amach a
gcoinne Shisera, agus adubhairt ris,
fill asteach a Thighearna, fill asteach
chugamsa, ná bíodh eagla ort: agus
anuáir do fhill sé asteach chuice dá
lóistín dfoluigh sí é lé falluing.


L. Br4:19


Agus adubhairt sé ría, gui-
dhim thú, tabhair dhamh beagán uisge ré a
ól, óir atá tart orm: agus dfos-
cuil sisi buidéal bainne, agus thug
dhósan deoch, agus do dheasuigh édach
thairis.


L. Br4:20


Aris adubhairt sé ría, seas
a ndorus an tighe, agus is amhluigh
bhías, má thig duine ar bith, agus
fhiafrochus díot, agus dérus, an bhfuil
énduine annso? déra tusa, ní bhfuil.


L. Br4:21


Annsin do ghlac Iael bean Héber
táirrnge don pháillíun, agus do ghlac
geannaire na láimh, agus dochuáidh go mín
chuige, agus do bhuáil an táirnge iona
chamóig ara, agus do dhaingnidh annsa
talumh é: (óir dobhí sé na shúan cho-
dalta agus curtha:) marsin fuáir
sé bás.


L. Br4:22


Agus féuch, mar dobhí Bárac
ag leanmhuin Shisera, tháinic Iáel amach
na choinne, agus adubhairt sí ris,
tárr, agus taisbeanfuidh misi an duine
dhuit ataói díarruigh: agus anuáir
tháinic sé dá lóistín, féuch dobhí Sise-
ra na luidhe marbh, agus dobhí an
táirrnge iona chamóig ara.


L. Br4:23


Marsin do chlaoidh Día an lá
sin Iábin Rígh Cánaan roimhe chloinn Is-
rael, agus rugadar buáidh air Iábin Rígh
Cánaan nó gur scriosadar Iábin Rígh
Cánaan.


L. Br5:1


Ansin do chan Deborah, a-
gus Bárac mhac Abinoam
an lasin, dha rádh.


L. Br5:2


Moluighsi an Tighear-
na, do chionn dioghaltais Israel, a
nuair do thoirbhriodar na daoine íad
féin go toileamhuil.


L. Br5:3


Eistighe a Ríghthe, tugaidh aire
a phrionnsuidhe; canfuidh mé moladh
don Tighearna Día Israel.


L. Br5:4


A Thighearna, anuair dochuáidh
tú amach as Seir, anuáir dochuáidh
tú ar haghaidh as machaire Edom, do
chriothnuigh an talamh, agus do silea-
dar na neamha, agus na neóill mar
an gchédna do shileadar uisge.


L. Br5:5


Do leaghadar na sléibhte
roimhe ghnúis an Tighearna, Sínai
féin roimhe ghnúis an Tighearna Día
Israel.


L. Br5:6


A Láethib Shamgar mic Anat,
a láethibh Iáel dobhádar na slighthe
móra gan tathuige, agus do shiubhlui-
ghedís luchd imtheachda na sligheadh a róduibh
seachránacha.


L. Br5:7


Do sguireadar áitreabhuigh na
mbailteadh, do sguireadar a Nisrael,
nó gur éirigh misi Deborah, nó gur
éirigh mé am mhathair a Nísrael.


L. Br5:8


Do thoghadar Dée oile núadha,
annsin dobhí an cogadh ansna doirsibh
an bhfacus sgíath, nó gath a measc
cheathrachad mile a Nisrael?


L. Br5:9


Atá dúil mo chroidhe anuachda-
ránuibh Israel, noch do thoirbhir íad
féin go toileamhuil a measg an phobail
bheannuighsi an Tighearna.


L. Br5:10


Labhradh sibhsi doní marcuigheachd ar
assaluibh bána, a luchd shuidhios a mbrei-
theamhnus, agus shiubhluighios an tslighe.


L. Br5:11


An drong do sáoradh ar
fhuáim na saighdeoradh anáitibh tairngthe
anuisge; annsin foillseochuid síad
gníomhradh fírénta an Tighearna, eadhon
na gníomha fírénta a ttáobh áitreabhach
a bhailteadh a Nísrael: annsin rachaidh
pobal an Tighearna síos gus na gea-
tadhuibh.


L. Br5:12


Múscail, Múscail a Dhebo-
rah: múscuil, múscuil, can dán: éirigh
a Bhárac, agus tréoruidh do bhraigh-
dionus a mbruid, thusa a mhic Abí-
noam.


L. Br5:13


Annsin thug sé ar an té mhairi-
os, go mbiáidh uachdaránachd aige ós cionn
na nuasal a measg an phobail: thug
an Tighearna orumsa tighearnus do
bheith agam ós cionn na gcumhachdach.


L. Br5:14


Amach as Ephraim dobhí
frémh dhíobh anaghaidh Amalec; ad
dhiáighsi a Bheniamin a measg do pho-
bail; amach as Machir thangadar
uachdaráin anúas, agus amach as Se-
bulun tháinic an drong ghlacus peann-
an scribhnéora.


L. Br5:15


Agus dobhádar prionnsuidhe
Issachar a bhfochair Dheborah, eadhon
Issachar féin, agus Bárac mar an
ccédna, do cuireadh dha chois chum an
ghleanna é: air son ronna Reuben dobhá-
dar smuaintighe móra croidhe.


L. Br5:16


Cred fá ndérnuis comhnuighe a
measg bhánrach na gcáorach déisteachd
re méiligh na ttréud? ar son ronna
Reuben dobhí spíonadh mhór croidhe.


L. Br5:17


Dorinne Gílead comhnuighe táobh
thall do Iordan; agus cred fár fhan
Dan a loingios? dorinne Aser comh-
nuighe ar thráigh na fairge, agus do
fhan anna bhéarnuibh.


L. Br5:18


Agus bá dáoine Sebulun, agus
Naphtali do chuir a nanmanna a mbáoghal
go bás anáitibh árda an mhachaire.


L. Br5:19


Tangadar na Ríghthe, agus
do throideadar; annsin do throideadar
Ríghthe Cánaan a Dtánaat láimh re
huisgidhibh Mhegiddon; níor ghabhadar
éadáil ar bith airgid.


L. Br5:20


Do throideadar ó fhlaitheamhnus,
do chathuigheadar na réulta ann a slighthibh
anaghaidh Shisera.


L. Br5:21


Do Fhúaduigh a nabhann Císon le íad,
an tseanabhannsin, a nabhann Cison: ó mo
anum, do shaltuir tú sios neart.


L. Br5:22


Annsin do briseadh ingne na neach,
do bhrígh a niomrúaguidh, iomrúaghadh a
neach árrachda.


L. Br5:23


Malluighidhsi Méros (do ráidh
aingeal an Tighearna) malluighidhsi go
deanachdach a háitreabhuigh: do chionn nach
dtangadar a ccabhair an Tighearna ana-
gaidh na ccumhachdach.


L. Br5:24


Budh beannuigh bhías Iáel ós cionn
na mban, bean Heber an Ceniteach, budh
beannuigh í os cionn bhan ansa bpáilliún.


L. Br5:25


Díarr sé uisge, agus thug sí
bainne dhó, thug sí im amach a méis
thighearnamhuil.


L. Br5:26


Do chuir sí a lámh ansa táirnge,
agus a lámh dheas ar gheannaire na noibrigheadh:
agus do bhúail sí Sisera leis an ngea-
nnaire, do gheárr sí a cheann de, anuair
do tholl sí, agus do bhuail si é tre na
chamóig ara.


L. Br5:27


Dumhluigh sé agá cosuibh, do
thuit sé, do luigh se síos: agá cosuibh
do umhluigh sé, do thuit sé, mar ar
chláon sé, annsin do thuit sé síos marbh.


L. Br5:28


Dféac mathair Shisera amach
ar fhuinneóig, agus do eígh thríd an lai-
tís, cred fá bhfuil a charbad an fad so
ag teachd? Cred fa bhfanuid rithleain a
charbad?


L. Br5:29


Do fhreagradar a baintighearnadh
glioca í, fós do fhreagair sisi í
feín.


L. Br5:30


Nach rugadar búadih? nach ar
roinneadar a néadáil, da ghach éinfear
cailín no dhó; do Shisera éadáil
ioldhathach, édáil ioldhathach dobair
shnathaide, ioldhathach dobair
shnathai de air gach táoibh, fhá bhraighdibh
an luchd édala.


L. Br5:31


Marsin a Thighearna go gcláoidh-
tear do naimhde uile: ach bíodh an
mhéid lerbionmhuin é, mar an ngreín a
nuair éirghios súas iona neart. Agus do
bhí suaimhnios ansa talumh ceathrachad
blíadhan.


L. Br6:1


Agus dorinneadar clann Israel
olc a bhfiaghnuisi an Tighear-
na, agus thug an Tighearna
íad a laímh Mhídian ar feadh
sheachd mblíadhan.


L. Br6:2


Agus rug lámh Mhídian búaidh
anaghaidh Israel, agus air eagla na
Mídianach dorinneadar clann Israel dhóibh
feín na húamha atá an sna sléibhtibh,
agus na cúasa, agus na daingneacha
láidre.


L. Br6:3


Agus is amhluidh bhí, anúair do
chuir Israel síol, go ttangadar na
Mídianuigh súas, agus na Hamaleci-
tigh, agus clanna anoirthear, than-
gadar súas na naghaidh.


L. Br6:4


Agus do shuigheadar forlung-
phort na naghaidh, agus do mhilleadar
biseach na talmhan, nó go ttí tú go
Gása, agus níor fhágbhadar beatha ar
bith ag Israel, cáoirigh, nó daimh, nó
assail.


L. Br6:5


Oír thangadar súas mhaille re
na máoin, agus lena ttighthib, agus tan-
gadar amhuil Lócuistigh ar liónmhaireachd,
óir dobhádar feín araon, agus agus a
ccámhuill dóáirmhigh, agus dochuádar
asteach don tír dá hargain:


L. Br6:6


Agus do bochduigheadh Israel go
romhór, do bhrígh na Mídianach, agus do
eíghmheadar clann Israel ar an TTi-
ghearna.


L. Br6:7


Agus tárla anúair déighmheadar
clann Israel chum an Tighearna do bhrígh
na Mídianach;


L. Br6:8


Gur chuir an Tighearna fáidh chum
cloinne Israel, noch adubhairt riú, marso
adubhairt Tighearna Día Israel, thug misi
súas ó Négipt sibh, agus thug mé
amach sibh as tigh na dáoirsi.


L. Br6:9


Agus do sháor mé sibh as láimh na
Négiptach, agus as láimh gach a raibh
trom oruibh, agus do thiomáin mé amach
romhuibh íad, agus thug mé a ndúithche
dhibse;


L. Br6:10


Agus adubhairt mé ribh, is misi
bhur TTighearna Día, ná bíodh eagla deé
na Namoríteach oruibh, agá bhfuiltí bhur
ccomhnuighe iona ndúithche: ach níor
umhluigheabhair dom ghlór.


L. Br6:11


Agus táinic aingeal ón TTi-
ghearna, agus do suigh fáoi dharuigh noch
dobhí ann Ophrah noch ba lé Ióas an
Tabi-esaríteach, agus dobhí a mhac
Gidéon ag búaladh cruineachd a láimh ré hio-
nad brúite an nfíona, dhá fholach ar na
Mídianchaibh.


L. Br6:12


Agus do taibhreadh aingeal an
Tighearna dhó, agus adubhairt sé
ris, atá an Tighearna maille leachd a
dhuine neartmhair a ngaisgidh.


L. Br6:13


Agus adubhairt Gidéon ris, oh
mo Thighearna, má atá an Tighearna
maille rinn, cred fa tteagmhann so uile
dhúinn? agus cáit a bhfuilid a mhiorbhuile
uile, noch do innseadar ar naithreacha
dhúinn, dhá rádh, nach ttug an Tighearna
aníos ón Négipt sinn? achd annois do
thréig an Tighearna sinn, agus do shea-
chaid sé sinn a lámhuibh na Mídia-
nach.


L. Br6:14


Agus dféuch an Tighearna air,
agus adubairt, éirigh annso ann do
neart, agus sáorfuigh tú Israel ó
lámhuibh na Mídianach: nach ar chuir misi
uáim thú?


L. Br6:15


Agus adubhairt seision ris, ó
mo Thighearna, cred le ttárrthocha
mé Israel; féuch atá mo mhuintir bochd
a Manasseh, agus is mé féin is
lugha a ttigh mathar.


L. Br6:16


Agus adubhairt an Tighearna
ris, is deimhin go mbíaidh misi leachd,
agus buáilfidh tú na Mídianuigh amhuil
énduine amháin.


L. Br6:17


Agus adubhairt seision ris,
ma fúair mé grása annois ad radharc,
annsinn taisbeín comhairtha dhamh, go la-
bhrann tú riom.


L. Br6:18


Guidhim thú, ná himthigh as so nó
go ttí mé chugad, agus go ttuga
mé amach mo ofráil bhídh, agus go
ccuiridh mé í as do choinne: agus adubhairt
sesion, fanfuidh mé nó go ttí tú arís.


L. Br6:19


Agus dochúaidh Gidéon asteach,
agus do ghléas sé meannán do na ga-
bhruibh, agus cácuidhe gan loibhín do
Ephah phlúir: do chuir sé anfeóil a
mbascaéd, agus do chuir an tanbhruith
a bpota, agus thug sé chuige é faoi
an daruigh, agus do thairg é.


L. Br6:20


Agus adubhairt aingeal Dé
ris, glac anféoil, agus na haráin
gan loibhín, agus cuir air an Gcarruigse
íad, agus dóirt amach án tanbhruith
agus dorinne sé sin.


L. Br6:21


Agus annsin do chuir aingeal an
Tighearna ceann an bhata dobhí na láimh
amach, agus do bhean ris an bhféoil
agus na haránuibh gan loibhín: agus
do éirigh teinidh súas as an gcarruig,
agus do loisg anfeóil agus na bairghiona
gan loibhín; annsin dimthigh aingeal an
Tighearna as a amharc.


L. Br6:22


Agus anúair thuig Gideon gurbhé
aingeal Dé é, adubhairt Gideon, uch a Thi-
ghearna Día; do chionn go bhfaca mé aingeal
an Tighearna aghaidh ar aghaidh.


L. Br6:23


Agus adubhairt an Tighearna
ris, síothchaín maille leachd, ná bíodh
eagla ort, ní bhfuighe tú bás.


L. Br6:24


Annsin do thóg Gideon Altóir
don Tighearna air anáitsin, agus do
ghoir Iehobhah-Salom dhi: gus an lá
aniugh atási fós ann Ophrah na
Nabi-esríteach.


L. Br6:25


Agus tárla anoidhchesin feín
go ndubhairt an Tighearna ris, glac bu-
lóg óg hathar, eadhon an dara bulóg
do sheachd mblíadhnuibh dáois, agus teilg
síos Altóir Bhaal atá ag hathair,
agus geárr síos anfáschoill gharráin
atá láimh ris:


L. Br6:26


Agus déna altoír dot Thigh-
earna Día ar mhullach na cairgesi ann
sanáit dhaingin, agus glac an dara
colpach, agus ofráil íodhbuirt loisge
le cunnadh na coilleadh noch ghérrfas tú
síos.


L. Br6:27


Annsin rug Gideon deichneamhar
fear dá sherbhíseachaibh leis, agus do
rinne mar adubhairt an Tighearna ris:
agus is amhluidh bhí, do chionn gurbea-
gail leis muintir a athar, agus muin-
tir na caithreacha, nach ar fhéd sé do
dhénamh san ló, go ndérna san noidhche
é.


L. Br6:28


Agus anuair do éirgheadar
muintir na caithreach go moch ar
mhaidin, féch dobhí altóir Bháal ar na
teilgion síos, agus do gearradh síos
an choill dobhí láimh ría; agus do
híodhbradh an dara bulóg air analtóir
do tógbhadh.


L. Br6:29


Agus adubhairt gach aon aca
re chéile, cía rinne an nise? agus a
nuáir do spíonadar, agus dfíafrui-
gheadar, adubhradar, asé Gideon mhac
Ióas dorinne so.


L. Br6:30


Annsin adubhradar muintir na
caithreach re Ióas, tabhair amach do mhac
go bhfuighe sé bás, do chionn gur bhris
sé síos altóir Bháal, agus do chionn
gur ghérr sé síos an choill dobhí láimh
ris.


L. Br6:31


Agus adubhairt Ióas re ar
sheas na aghaidh uile; a ndénfaói tag-
ra ar son Bháal? an gcuimhdeocha
sibhse é? an té thaigeorus ar a shon
cuirthear chum báis é, an feadh atá fós
na mhaidin: más Día é, tagradh sé
ar a shon féin, do chionn gur theilg
duine a altóir síos.


L. Br6:32


Ar anadhbharsin do ghoir sé
Ierubaal de an lásin, gha rádh, dén-
adh Baal tagra na aghaidh, do chionn
gur theilg sé a altóir síos.


L. Br6:33


Annsin dobhádar na Mídianuigh
uile, agus na Hamalecitigh, agus
clanna anoirthear arna gcruinniughadh
a bhfochair a chéile, agus dochúadar
anonn agus do shuigheadar a ngleann Ies-
reel.


L. Br6:34


Ach táinic spiorad an Tigh-
earna ar Ghideon, agus do shéid sé
a stoc, agus do chruinnigh Abieser
na dhiáigh.


L. Br6:35


Agus do chuir sé teachda ar
fad Mhanasseh uile, noch dobhí mar
an gcédna arna gcruinniughadh na dhiáigh,
agus do chuir teachda go Haser, a-
gus go Sebulun, agus go Naphta-
li, agus tangadar ansíos na
choinne.


L. Br6:36


Agus adubhairt Gideon re
Día, ma thárthuighionn tú Israel lem
láimhsi, fa mair adubhairt tú,


L. Br6:37


Féch, cuirfe mé lomradh olla air
anurlár, agus ma bhíonn drúchd air a lomradh
amháin, agus go mbía an talumh uile tirim,
annsin bhías a fhios agam go ttár-
rthocha tú Issael lem láimhsi, mar a
dubhairt tú.


L. Br6:38


Agus dobhí marsin: óir do
éirigh sé go moch arna mhárach, a-
gus do dhlúthaigh sé re céile an lom-
radh, agus dfáisg do rúchd as adh lom-
radh, lán scála duisge.


L. Br6:39


Agus adubhairt Gideon re
Día, ná lasadh thfearg a maghaidh, a-
gus ní laibheora mé acht so amháin:
guidhim thú, ná dearbhuim acht anénuáir-
se eile leis a lomradh; bíodh an tior-
mach ar a lomradh amháin, agus bíodh
drúchd ar an ttalumh uile.


L. Br6:40


Agus dorinne Día sin anoidh-
chesin: óir dobhí an tiormach air a
lomradh amháin, agus drúchd air an
ttalumh uile.


L. Br7:1


Annsin do éirigh súas Ierub-
baal, sésin Gideon, agus
an pobal dobhí na fhochair,
go moch, agus do shuighea-
dar láimh re tobar Hárod: ionnus
go raibh slúagh na Mídianach don
táobh thuáigh dhíobh, láimh re cnoc Mó-
reh annsa ghleann.


L. Br7:2


Agus adubhairt an Tighearna ré
Gideon, atáid na daóinesi ad fhochairsi ro
iomadamhuil damhsa re thabairt na Mí
dianach ann a lámhuibh, deagla go
mbeith úabhar ar Israel am aghaidhsi,
gha rádh, sí mo lámh féin do thárrthuigh
mé.


L. Br7:3


Annois ar anádhbharsin tiomáin
ort, fúagair a gcluasuibh na ndaóin-
eadh, gha rádh, gidhbé air a bhfuil
uamhan nó eagla, filleadh sé, agus im-
thigheadh go moch ó shliabh Gílead: agus
do fhill annsin don phobal, dhá mhíle a-
gus fithche, agus dfanadar deich míle.


L. Br7:4


Agus adubhairt an Tighearna ré
Gideon, atáid an slúagh rolíonmhar
fós: tabhair leachd síos íad chum anuisge,
agus teisteochadsa annsin duit íad:
agus is amluigh bías gidhbé ar a
ndéra misi, imthigheadh an fearsa leachd,
rachuidh an fearsin leachd, agus gidhbé
ar a ndéra mé, ná himthigheadh an fearsa
leachd, ní rachuidh an fearsin leachd.


L. Br7:5


Marsin thug sé a nuas na
daóine chum anuisge, agus adubhairt
an Tighearna ré Gideon: gach áon dá
lighfidh súas an tuisge lena theangaidh
mar dodhénadh madradh, cuirfe tú an
tésin ar leith; mar an gcédna gach
aon dá ccromann síos ar a glúinibh
dól dighe.


L. Br7:6


Agus uibhir na ndáoine do thar-
ruing lena dteangaidh an tuisge ag
cur a láimhe chum a mbeóil, bá trí chéad fear:
achd an chuid eile uile don phobal, do
chromadar síos ar a nglúinibh dól
uisge.


L. Br7:7


Agus adubhairt an Tighearna ré
Gideon, is leis na trí chéud fear do
ligh súas (an tuisge) thárrthochus mé
ribh, agus thoirbheorus mé na Mídian-
uigh ann do láimh, agus imthigheadh cách
uile gach áon díobh dá áit féin.


L. Br7:8


Marsin dorug an pobal lón
léo iona lámhuibh, agus a stuic: a-
gus do chuir sé an chuid eile Disrael
gach áon díobh dá lóistín, agus do
chongbhuigh na trí chéd fearsin, agus
dobhí slúagh Mhídian táobh shíos díobh
annsa ghleann.


L. Br7:9


Agus tárla anoidhche sin féin,
go ndubhairt an Tighearna ris, éirigh
síos a gcionn an tslóigh: óir thug
misi ad láimh é.


L. Br7:10


Ach má bhíonn eagla ort dul
síos, éirigh le Phúrah do sheirbhíseach
síos chum an tslóigh.


L. Br7:11


Agus cluinfidh tú cred a dér-
uid síad, agus na dhiáighsin nearto-
char do lámha do dhul síos chum an tslóigh.
Ansin dochuáidh sé síos lé Phúrah a
shearbhfoghantuigh gus an gcuid amuigh
do na daoinibh armtha, dobhí san
tslúagh.


L. Br7:12


Agus dobhádar na Mídianuigh,
agus na Hamalecitigh, agus clann
anoirthir uile ar feadh an ghleanna
amhuil lócuistigh ar líonmhaireachd; agus
dobhádar a gcámhuill dóáirmhigh mar an
ngaineamh ar thráigh na fairge ar ioma-
damhlachd.


L. Br7:13


Agus anuair tháinic Gideon,
féch dobhí duine dinnis aisling dhá chum-
pánach; agus adubhairt, féch, dochonn-
airc mé aisling, agus féch, tháinic bair-
ghin darán eórna a measc shluáigh
Mhídian, agus tháinic go páillíun
áirigh, agus do bhuáil é nó gur thuit
sé, agus do theilg bun ós cionn é,
gur shín é ar an ttalamh.


L. Br7:14


Agus do fhreagair a chompánach
é, agus adubhairt, ni ní ar bith oile
so ach cloidhiomh Ghideon mhic Ióas,
duine do Israel, óir thug Día Mídian
iona láimh, agus an sluagh uile.


L. Br7:15


Agus is amhluigh dobhí anuáir
dochúala Gideon innisin na haislinge,
agus a heidirmhíniughadh, go ndérna
adhradh, agus gur iompóigh go slúagh
Israel, agus go ndubhairt, éirghidhe, óir
thug an Tighearna slúagh Mhídian ann
bhur láimh.


L. Br7:16


Agus do roinn sé na trí
chéd fear a ttrí ccuideachduibh, agus do
chuir stoc a láimh gach áonduine maille
re soithighibh folmha, agus tóirseadha
annsna soithighibh.


L. Br7:17


Agus adubhairt sé ríu, féchuidh
ormsa, agus dénuidh mar an gcédna:
agus féch, anuair thiocfas mé táobh
amuigh don champa, is amhluigh bhías, mar
dodhéna misi, is mar sin dodhén-
táoise.


L. Br7:18


Anuair shéidfios misi stoc, mé
féin agus a bhfuil am fhochair, annsin
seídighsi na stuic mar an gcéadna ar
gach uile tháobh don champa, agus abraidh
cloidhiomh an Tighearna agus Ghi-
deon.


L. Br7:19


Marsin tháinic Gídeon, agus
an céad dobhí na fhochair don táobh amuigh
don champa a ttosach na faire meadhonuigh;
agus ní mó ná gairid roimhe do chuireadar
anfaire amach, agus do shéidiodar na
stoic, agus do bhrisiodar na soithighe
dobhí na lámhuibh.


L. Br7:20


Agus do shéideadar na trí
chuideachda na stuc, agus do bhrisiodar
na soithighe, agus do chongmhadar na
tóirseadha iona lámhuibh clé, agus na
stuic iona lámhuibh deasa chum séidthe:
agus do gháireadar, cloidheamh an Tighearna
agus Ghídeon.


L. Br7:21


Agus do sheas gach énduine na
áit féin timchioll an champa, agus do
rithiodar an slúagh uile, agus do
éighmhiodar, agus do theithiodar.


L. Br7:22


Agus do shéidiodar na trí
chéad na stuic, agus diompóigh an
Tighearna cloidhiomh gach éan duine dhíobh
anaghaidh a chumpánuigh ar fad an champa
uile: agus do theith an slúagh go Bet-
sitah ann Sererat, agus go teóruinn
Abel-meholah go nuige Tabbat.


L. Br7:23


Agus do chruinnigheadar muintir
Israel íad féin a ccionn a chéile as Naph-
tali, agus Mhanasseh uile, agus do lea-
nadar a ndíaigh na Midianach.


L. Br7:24


Agus do chuir Gideon teachda
ar feadh shléibhe Ephraim, gha rádh, ti-
gidh anuas anaghaidh na Mídianach,
agus gabhuidh rompa na huisgidhe go
Bet-barah, agus go Iordan. Annsin
do chruinnigheadair muintir Ephraim íad
féin a cceann a chéile, agus do gha-
bhadar na huisgidhe go Bet-barah,
agus go Iordan.


L. Br7:25


Agus do ghabhadar días do
phrionnsadhuibh na Mídianach, Oreb agus
Seeb; agus do mharbhardar Oreb ar
charruic Oreb, agus do mharbhadar
Seeb a ccantáoir fhíona Sheeb: agus
do leanadar Mídian, agus tugadar
Cinn Oreb agus Sheeb leó go Gídeon
don taoibh oile do Iordan.


L. Br8:1


Agus adubhradar fir
Ephraim ris, créd é an
níso dorinne tú oruinn, nach
ar ghoir tú oruinn anuair do
throid tú ris na Mídianuibh? agus do
cháineadar é go gér.


L. Br8:2


Agus adubhairt seision riú,
cred dorinne mé anois a gcoimhmeas ribh-
si? ané nach feárr dioghluim cháor
Ephraim nó cruinniugadh iomlán cháor
Abieser?


L. Br8:3


Thug Día ann bhur lámhuibhsi
Phrionnsuidhe Mídian, Oreb agus
Seebh, agus cred do fhéad misi dhéanamh
a gcomóradh ribhse? annsin do laghduigheadh
a bhfearg ris, anuair adubhairt sé
sin.


L. Br8:4


Agus táinic Gideon go Iordan,
agus dochuáidh sé thairis, é feín agus
na trí chéad fear dobhí na fhochair,
(agus íad) curtha, gidheadh dá lean-
mhuinsion.


L. Br8:5


Agus adubhairt sé ré muinntir
Shuccot, guidhim sibh tugaidh bairghiona
aráin don mhuinntir leanus mé, óir
atáid síad curtha, agus atáim ag
tóruigheachd a ndiaigh Shébah agus
Shalmunna, Ríghthe Mídian.


L. Br8:6


Agus adubhradar prionnsuidhe
Shuccot, an bhfuilid lámha Shébah agus
Shalmunna, annois ad láimhsi as a ttiubhra-
máois arán dot shlúagh?


L. Br8:7


Agus adubhairt Gideon, uimesin
anuair bhéras an Tighearna Sébah
agus Salmunna am láimhsi, annsin
rébfa mé bhur bhféoilse le dealguibh,
agus lé dreasuibh an nfá-
suigh.


L. Br8:8


Agus dochuáidh sé súas as
sin go Penuel, agus do labhair ríu mar
an ccédna agus do fhreagradar muintir
Phenuel é, mar do fhreagradar muintir
Shuccot.


L. Br8:9


Agus do labhair sé mar an gcéd-
na ré muintir Phenuel, ghá rádh, a
nuáir thiocfas mé arís a síothcháin,
brisfe mé an torso síos.


L. Br8:10


Annois dobhí Sébah agus
Salmunna ann Carcor, agus a slúagh
na bhfochair, timchioll chúig míle dhég
fear, an mhéid do fágbhadh do shlúaghuibh
chloinne anoirthir uile: óir do thuit
díobh céad ar fhithchid míle fear do thar-
ruing cloidheamh.


L. Br8:11


Agus dochuáidh Gideon súas
ansa tslighe láimh ris an luchd áitrea-
bhus a lóistínibh ar an ttaóibh shoir
do Nóbah, agus do Iogbehah, agus
do bhuail sé an slúagh: óir dobhí an
slúagh neamhchoimhéadach.


L. Br8:12


Agus anuáir do theith Seba
agus Salmunna, do lean sé íad, agus
do ghabh sé dhá Rígh Mídian, Sébah,
agus Salmunna, agus do chlaóidh sé
an slúagh uile;


L. Br8:13


Agus diompóigh Gideon mhac
Ioas ón chath suil do éirigh grían,


L. Br8:14


Agus rug sé ar ógánach
do mhuintir Shuccot, agus dfíafruigh
scéula dhe: agus do scríobh sé dhó
prionnsuidhe Shuccot, agus a sinnsir,
eadhon seachd bhfir dhéug air thrí fithchid.


L. Br8:15


Agus tháinic sé go muinntir
Shuccot, agus adubairt fécuidh Sé-
bah agus Salmunna, lé ndearnabhair
maóidheamh orumsa, dha rádh, an bhfuilid
lámha Shébah agus Shalmunna anois
ann do láimhsi, as a ttiubhramaóisne
arán dot mhuintir atá curtha?


L. Br8:16


Agus do ghlac sé sinnsir na
caithreach, agus droighion an nfásaigh,
agus driséoga, agus do mhúin sé
muintir Shuccot léosin.


L. Br8:17


Agus do bhris sé síos tor
Phenuel, agus do mharbh sé muintir
na caithreach.


L. Br8:18


Annsin adubhairt seision re
Sébah agus re Salmunna, cred an
tsamhuil dhaoine an luchd do mharbhabhair a
Ttábor? agus do fhreagradarsan, ghá
rádh, daoine mar atá tusa is marsin
dobhádarsion, gach aon díobh a ccosamh-
lachd chloinne Rígh.


L. Br8:19


Agus adubhairt seision, dob
iadsin mo dhearbhráithresi, mic mo mhathair:
martá an Tighearna béo, da sábháladh
sibh béo íadsin, ní mhairfinnsi sibhsi.


L. Br8:20


Agus adubhairt seision lé
Ieter a chéidghin, éirigh súas, marbh
íad: ach níor tharruing an tóga-
nach a chloidhiomh: óir dobhí eagla air
do bhrígh go raibh fós na ógánach.


L. Br8:21


Annsin adubhairt Sébah agus
Salmunna, éirigh féin, agus marbh sinn:
óir mar bhíos an duine, is marsin
bhíos a neart. Agus déirigh Gideon,
agus do mharbh Sébah agus Salmunna,
agus rug leis na neithe dheaghmhaiseacha
dobhí ar bhraighdibh a ccámhall.


L. Br8:22


Annsin adubhradar muintir
Israel ré Gideon, riaghluidhsi ós ar
ccionne, araon thú féin, agus do mhac, agus mac do
mhic mar an gcédna: óir do sháor tú
sinn ó láimh Mhídian.


L. Br8:23


Agus adubhairt Gideon ríu, ní
ríaghlochuidh misi ós bhur ccionn; ní
mó riaghlochus mo mhac ós bhur gcionn:
sé an Tighearna ríaghlochus ós bhur
ccionn.


L. Br8:24


Agus adubhairt Gideon ríu,
díarrfuinn impidhe oruibh, go ttugadh
gach áon aguibh dhamh clúasfháinnidhe a
édála: óir dobhádar fáinnidhe óir aca
ar a gclúasaibh, do chionn gur bhudh
Ismaelítigh íad.


L. Br8:25


Agus do fhreagradarsan é ghá
rádh, dobhérum uainn iad go toiltea-
nach; agus do shíneadar édach, agus
do theilgeadar ann, gach aon fa leith,
cluasfháinnidhe a édála.


L. Br8:26


Agus dobé comhthrom na
cclúasfháinneadh óir díarr sé orra,
míle agus seachd gcéd secel óir, táobh
amuigh do dheaghmhaisighibh, agus do chioléu-
ruibh, agus dédach purpuir, noch do
bhí ar Ríghthibh Mídian, agus taobh
amuigh do na slabhraghuibh dobhí fa
bhraighdibh a gcámhall.


L. Br8:27


Agus dorinne Gideon Ephod de sin,
agus do chuir é ann a chathair féin, Oph-
rah: agus dochuáidh Israel uile ann-
sin do striopachas na dhiáigh; tháinic
an nísin na dhul do Ghideon agus
dá thigh.


L. Br8:28


Is marso do cláoidheadh Mídian
roimhe chloinn Israel, ionnus nár thógbha-
dar a gcionn nísa mhó: agus dobhí an
tír go socair ceathrachad bliádhan a láe-
thibh Ghideon.


L. Br8:29


Agus dochuáidh Ierubbaal
mhac Ioas, agus do áitreibh ann a thigh
féin.


L. Br8:30


Agus dobhí deithneamhar agus
trí fithchid mac ag Gideon rugadh
dá chorp féin: óir dobhádar mórán
ban aige.


L. Br8:31


Agus rug a leannán fós do
bhí a Sechem mac dhó, ar a ttug sé
Abimelech dainm.


L. Br8:32


Agus déug Gideon mhac Ioas
anaóis mhaith fhoirfe, agus do hadh-
laiceadh é a ttuama Ióas a athar ann
Ophrah na Nabi-esríteach.


L. Br8:33


Agus tárla comhluath agus
déug Gideon, gur iompóigheadar clann
Israel arís, agus go ndeachadar do
stríapachus ag leanmhuin Bhaalim, a-
gus dorinneadar día dhóibh féin do
Bhaal-berit.


L. Br8:34


Agus níor chuimhnigheadair clanna
Israel air a TTighearna Día, noch do
sháor íad as lámhuibh a námhad uile ann
gach uile tháobh.


L. Br8:35


Agus ní mó do thaisbeanadar
cinéul do thigh Ierubbaal, darbhainm
Gideon, do réir gach maitheasa dar
thaisbein sé Disrael.


L. Br9:1


Agus dochuaidh Abimelech
mhac Ierubbaal go Sche-
chem a cceann dearbhráithreach
a mhathar, agus do chomh-
ráidh sé ríu, agus re muintir thighe
athar a mhathar uile, dhá rádh.


L. Br9:2


Guidhim sibh, labruidh anéisteachd
mhuintire Schechem uile, cía as férr
dhíbhsi deithneamhar agus trí fithchid fear,
mic Ierubbaal uile, do ríaghladh ós
bhur gcionn, nó énduine amháin do ríaghlu-
ghadh ós bhur ccionn; cuimhnighidh mar an
gcédna gur misi bhur gcnáimh agus
bhur bhfeóil.


L. Br9:3


Agus do labhradar dearbhráithre
a mhathar na bríathraso uile dhá thaóibh
a gcluasuibh mhuintire Schechem uile,
agus do áontuigheadair a ccroidhthe uile
Abimelech do leanmhuin: óir adubhra-
dar, asé ar ndearbhrathair é.


L. Br9:4


Agus tugadar dhó deich bpíosa
agus trí fichid airgid amach as tigh
Bhaalberit, le ar fhostoigh Abime-
lech daóine éttroma agus díomhaóine,
noch do lean é.


L. Br9:5


Agus dochuáidh sé go tigh a
athar ann Ophrah, agus do mharbh sé
a dhearbhráithre, mic Ierubbaal, noch ba
deichneamhar agus trí fichthid, air énchloich
amháin: gidheadh do fágbhadh Iótam an
mac dubóige ag Ierubbaal beó, óir
do fholuigh sé é féin.


L. Br9:6


Agus do chruinnigheadar muintir
Schechem, agus tigh Mhillo uile a
bhfochair a chéile, agus dochúadar, agus
dorinneadar Rígh Dabimelech láimh ré
daruigh an phíleir dobhí a Schechem.


L. Br9:7


Agus anuáir do innsiodar sin
do Iotam, dochuáidh sé agus do sheas
sé a mullach shléibhe Gerisim, agus
do árduigh sé a ghuth, agus do éigh
sé, agus adubhairt ríu, éistigh riom-
sa a mhuintir Schechem, chor go néistfe
Día ribhsi.


L. Br9:8


Dochúadar na crainn amach uair,
do ungadh Rígh ós a ccionn, agus a
dubhradar ris an ccran ola, bhíse ad
Rígh oruinn.


L. Br9:9


Acht adubhairt an crann ola
ríu, an bhfúigfinnsi mo mhéathas lé nonór-
uighthear Día agus dáoine, do dhul dom
árdughadh ós cionn na gcrann?


L. Br9:10


Agus adubhradar na crainn
ris an gcrann fíge, tárr agus ríagh-
luidh ós ar gcionn.


L. Br9:11


Acht adubhairt an crann fíge
riú, an ttréigfinnsi mo mhillseachd, agus
mo thoradh maith, agus dul dom árdu-
ghadh ós cionn na gcrann?


L. Br9:12


Annsin adubhradar na crainn
ris an bhfíneamhuin, tárrsa, agus
ríaghluigh ós ar ccionn:


L. Br9:13


Agus adubhairt anfíneamhuin
riú, an bhfúigfinnsi mfíon, noch sólásui-
gheas Día agus duine, agus dul dom
árdughadh ós cionn na ccrann?


L. Br9:14


Annsin adubhradar na crainn
oile ris an bhfáirdhreis, tárrsa, agus
ríaghluidh ós ar gcionn.


L. Br9:15


Agus adubhairt an nfáirdhreis ris
na crannuibh, má ungthaói misi dháríribh
am Rígh oruibh, annsin tigidh, agus
cuiridh bhur ndóigh ann mo scáile: agus
muna ndeárnuidhe, tigeadh teinidh as an
bhfairdhreis agus loisgeadh sí Cédair
Lebanon.


L. Br9:16


Annois ar anadhbarsin, má
rinneabhairse go hiomchubhaidh, agus fo fíri-
nneach a ndénamh Rígh do Abimelech, agus
má fríth go maith ar Ierubbaal sibh,
agus ar a thigh, agus go ndeárnabhair
ris do reír mar do thuill a lámha:


L. Br9:17


(Oir do throid mathairse ar bhur
son, agus do chuir a anum a nguais
móir, agus do thárthuigh sé sibh as láimh
Mhídian:


L. Br9:18


Agus déirgheabhairse súas a
naghaidh thighe matharsa aniugh, agus do
mharbhabhair a chlann, deichneamhar agus
trí fithchid air énchloich amháin, agus do
rinneabhair Rígh do Abimelech mac a bhanó-
gluigh ós chionn muintire Schechem, do
chionn gurbé bhur ndearbhrathair é)


L. Br9:19


Má rinneabhair marsin go hion-
ruic fírinneach aniugh re Ierubbaal, agus
re na tigh, ainsin gáirdighidhsi ann Abíme-
lech, agus gáirdigheadh seision io-
nnuibhsi mar an gcéadna.


L. Br9:20


Ach muna ndearnabhair, tigeadh
teinidh amach ó Abimelech, agus Lois-
geadh sí muintir Schechem agus tigh
Mhillo; agus tigeadh teinidh amach ó
mhuintir Shechem, agus as tigh Mhillo,
agus loisgeadh sí Abimelech.


L. Br9:21


Agus do imthigh Iotam roimhe,
agus do theith sé, agus dochúaidh go Beer,
agus dorinne sé comhnuighe annsin, ar
eagla Abimelech a dhearbhrathair.


L. Br9:22


Anúair dobhí Abimelech trí
bliadhna na Righ ós cionn Israel:


L. Br9:23


Annsin do chuir Día droichspio-
rad eidir Abimelech, agus muintir
Schechem, agus dorinneadar muintir
Schechem feall ar Abimelech.


L. Br9:24


Ionnus go ttiocfadh an díbhfheirg
dorinneadh ar an ndeichneamhar, agus
trí fichrid mac Iesubbaal, agus go
luighfeadh a bhfuil air Abimelech a ndear-
bhrathair, noch do mharbh íad, agus ar mhuin-
tir Schechem noch do cuidigh leis a
marbhadh a dhearbhrathar.


L. Br9:25


Agus do chuireadar muintir Sche-
chem dáoine a luigheachán air, ar mhulluighibh
na slíabh, agus do shladadar a ttáinic
láimh riú san tslighe, agus do hinn-
seadh sin do Abimelech.


L. Br9:26


Agus taínic Gaal mhac Ebed gun
a dhearbhráithribh, agus dochuaidh sé
anonn go Schechem, agus do chuireadar
muintir Shechem a ndóigh ann.


L. Br9:27


Agus dochúadar amach annsna
macairighibh, agus do chruinnigheadar a
bhfíneamhuin, agus do bhruigheadar na
cáora, agus dobhádar go subhach,
agus dochuadar asteach to tigh a ndé,
agus duádar agus dibheadar, agus
do mhalluigheadar Abimelech.


L. Br9:28


Agus adubhairt Gaal mhac Ebed,
Ciá hé Abimelech, agus cía hé Sche-
chem as a ndénmáoisne serbhís dó?
nach é mac Ierubbaal é, agus Sebul a
oifigeach? déanuidh serbhís do mhuintir
Hamar athair Schechem: óir cred fá
ndénmaoisne serbhís dósan?


L. Br9:29


Agus dobfearr liom go mbéi-
dís na dáoinesi fáoi mo laímhse, annsin
do áthrochuin Abimelech: agus adu-
bhairt sé re Habimelech, meúduigh do
shluágh agus tárr amach.


L. Br9:30


Agus anuair dochuala Sebul
uachdaran na caithreach bríathra Ghaal
mhic Ebed, do las a fhearg.


L. Br9:31


Agus do chuir teachda go Habi-
melech go foluigheach, gha radh, féuch
tháinig Gaal mhac Ebed, agus a dhear-
bhraithre go Schechem, agus feach,
ataíd ag daingniúghadh na caithreach
a taghaidhsi.


L. Br9:32


Annois ar anadhbharsin bí suas
san noidhche thú féin agus na daoine atá
ad fhochair, agus bí a luigheachán annsa
mhachaire:


L. Br9:33


Agus is amhluidh bhías, ar mai-
din comhlúath is éireochus an ghrían, go
néireochuidh tusa go lúath, agus ionn-
suigh an chathair, agus féuch anúair
thiocfas séision, agus na daóine atá
na fhochair amach a taghaidh, ansin féud-
fuidh tú a dhéanamh riú mar gheabhas tú
cúis.


L. Br9:34


Agus do éirigh Abimelech súas
agus anuile dhuine dobhí na fhochair san
noidhche, agus do chuireadar luigheachán ar
Schechem a cceithre chuidheachda.


L. Br9:35


Agus dochuáidh Gaal mhac Ebed
amach, agus do sheas a bpóirsi gheata na
caithreach, agus do éirigh Abimelech
súas, agus an mhuinntir dobhí na fhochair
as a luidheachán.


L. Br9:36


Agus anúair dochonnairc Gaal na
dáoine, adubhairt sé re Sebul, féuch
ataíd daoine ag teachd anúas ó mhullac
an tsléibhe: agus adubhairt Sebul ris,
dochí tú scáile na slíabh mar dháoine.


L. Br9:37


Agus adubhairt Gaal ris, agus
do labhair, feúch atáid daóine ag teachd
anuas thríd lár anfearuinn, agus cui-
deachda oile ag teachd thríd réiteach Mheo-
nénim.


L. Br9:38


Annsin adubhairt Sebul ris,
cáit a bhfuil do bhéul anois le a ndubhairt
tú; cía hé Abimelech as a ndénmaoisne
serbhís dó? né nach íadso na daoine
do tharcuisnigh tú: guidhim thú, éirigh
annois, agus troid riú.


L. Br9:39


Agus dochuáidh Gaal amach
roimhe mhuintir Schechem, agus do
throid sé re Abimelech.


L. Br9:40


Agus do rúaig Abimelech é,
gur theith roimhe, agus do marbhadh,
agus do loiteadh mórán go nuige póir-
se an gheata.


L. Br9:41


Agus do aítreibh Abimelech ann
Arumah; agus do theilg Sebul Gaal
agus a dhearbhráithre amach, ionnus nach
dénaidís comhnuighe a Schechem.


L. Br9:42


Agus tárla arna mhárach, go
ndeachadar an pobal amach san machaire,
agus do innsiodar so do Abimelech.


L. Br9:43


Agus do ghlac sé an pobal,
agus do roinn se íad a ttrí ccuideachda,
agus do chuir luidhechán sa machaire, agus
damhairc sé, agus féch tangadar na
dáoine amach as an gcathruigh, agus
déirigh seision súas na naghaidh, agus
do bhúail sé íad.


L. Br9:44


Agus do thiomáin Abimelech,
agus an muintir dobhí na fochair ar a na-
ghaidh, agus do seasadar a bpóirsi
gheata na caithreach; agus do ritheadar
an dá cuideachda oile ar a raibh do dháoinibh
ar an machaire, agus do mharbha-
dar íad.


L. Br9:45


Agus do chathaigh Abimelech a
naghaidh na caithreach ar feadh an laóisin,
agus do bhris sé síos an chathair, agus
do shíolchuir sé í le salann.


L. Br9:46


Agus anúair dochúaladar muin-
thir thuir Schechem uile an nísin, do
chuadar asteach a ndaingion tighe an
dé Berit.


L. Br9:47


Agus do hinnseadh do Abimelech
gur chruinnigheadar muintir thuir Schechem
uile a gcionn a chéile.


L. Br9:48


Agus dochuáidh Abimelech súas
ansa tslíabh Salmon, é féin agus na
huile dhaoine da raibh na fhochair; agus
do ghlac Abimelech túagh na láimh, agus
do gheárr síos beangán do na crannuibh,
agus do ghlac, agus do chuir ar a
ghúaluinn é, agus adubhairt ris an bpo-
bal dobhí na fhochair, anní dochonncabhair
agamsa dá dhénamh, lúathuighidh, agus
dénuidh mar dorinne misi.


L. Br9:49


Agus do ghearradar an muintir
oile uile mar an gcédna gach aonduine
aca a bheangán féin, agus do leanadar
Abimelech, agus do chuir sé chum an
daingin íad, agus do chuir an dain-
gean tre theinidh orra: ionnus gur égadar
mar an ccédna muintir thuir Schechem
uile timchioll mhíle fear agus bean.


L. Br9:50


Annsin dochúaidh Abimelech go
Tebes, agus do shuighidh sé campa ar
aghaidh Thébes, agus do ghabh sé í.


L. Br9:51


Ach dobhí tor daingion astigh
san gcathruigh, agus do theithiodar na
fir agus na mná uile annsin, agus
luchd na caithreach uile, agus do dhruidea-
dar na ndiaig, agus dochúadar súas
ar mhullach an tuir.


L. Br9:52


Agus tháinic Abimelech go
nuige an tor, agus do chathaigh na a-
ghaidh, agus dochuáidh a ngar do dhor-
us an tuir dá loscadh le teinidh.


L. Br9:53


Agus do theilg bean áirigh
blodh do chloich mhuilinn ar cheann Abimelech,
agus do bhris sí a chloigionn uile.


L. Br9:54


Annsin do ghoir sé go lúath ar
anóganach do iomcradh a airm, agus
adubhairt sé ris, tarruing do chloidheamh
agus marbh mé, chor nach aibeoruid
daóine riom, do mharbh bean é; agus
do sháith an tógánach thríd go bhfuáir
sé bás.


L. Br9:55


Agus anuair dochonncadar
clanna Israel gur marbhadh Abimelech
dimthigheadar gach énduine dhíobh dhá áit
féin.


L. Br9:56


Marso do chúitigh Día olc A-
bimelech, noch dorinne ar athair, ag
marbhadh a sheachdmhoghad dearbhrathar
féin.


L. Br9:57


Agus do fhill Día uilc mhuin-
tire Schechem uile ar a gceannuibh féin:
agus tháinic mallachd Iótam mhic Ierub-
baal orra.


L. Br10:1


Agus tar éis Abimelech,
déirigh do chumhdach Israel
Tola mhac Puah mhic Dódo,
do threibh Issachar, agus
do áitrebh sé a Sámir air
shlíabh Ephraim.


L. Br10:2


Agus do bhreathnuigh sé Israel
trí bliaghna fithchiod, agus fuáir sé
bás, agus do hadhlaiceadh a Sámir é.


L. Br10:3


Agus na dhiáighsin déirigh Iáir
Gíleaditeach, agus do bhreathnuigh
Israel dhá bhliaghain agus fithche.


L. Br10:4


Agus dobhádar tríochad mac
aige doníodh marcuigheachd ar thríochad
bromach Assal, agus dobhádar trio-
chad cathair aca, da ngoirthear Habhot-
Iáir gus aniugh, noch atá a ttír
Ghílead.


L. Br10:5


Agus fuáir Iáir bás, agus do
hadhlaiceadh é a Gcamon.


L. Br10:6


Agus dorinneadar clann Is-
rael olc arís a radharc an Tighear-
na, agus do adhradar Báalim, agus
Astárot, agus dée Síria, agus
dée Sídon, agus dée Móab, agus
dée chloinne Ammon, agus dée na
BhPhilistineach; agus do thréigiodar
an Tighearna, agus ní dhérnadair ser-
bhís dó.


L. Br10:7


Agus dobhí fearg an Tighearna
ar lasadh anaghaidh Israel, agus do
reac sé íad a lámhuibh na Bhpilistíneach,
agus a lámhuibh chloinne Ammon:


L. Br10:8


Agus do bhuaidhriodar agus do
bhruigheadair clann Israel an bhlíadhuinse,
ochd mbliadhna déug clann Israel uile,
dobhí don taóibh oile do Iordan, a
ndúthaigh na Namoríteach, noch atá a
Ngílead.


L. Br10:9


Os a chionnsin, dochúadar clann
Ammon tar Iordan do chathughadh mar
an gcédna anaghaidh Iúdah, agus a
naghaidh Bheniamin, agus anaghaidh
thighe Ephraim: ionnus gur tugadh
Israel a gcumgach mhór.


L. Br10:10


Agus déighmheadar clann Is-
rael chum an Tighearna, gha rádh, do
pheacuigheamairne ad aghaidh, do chinn gur
thréigiomar aráon ar Ndía féin, a-
gus gur adhramar Báalim mar an
gcédna.


L. Br10:11


Agus adubhairt an Tighearna
re cloinn Israel, nach ar sháor misi
sibh ó na Hégiptibh, agus ó na Ha-
morítibh, agus ó chloinn Ammon, agus
ó na Philistínibh?


L. Br10:12


Do Bruigheadar mar an gcédna
na Sidonianigh, agus na Hamalecitigh,
agus na Maonitigh sibh, agus do
screadabhair ormsa, agus do sháor mé
sibh as a lámhuibh.


L. Br10:13


Gidheadh do thréigeabhair mé,
agus do adhrabhair deé oile: uimesin
ní thárthocha mé feasda sibh.


L. Br10:14


Eírgidhe, agus screaduigh ar na
deéibh, noch rugabhair do roghuin; shao-
raidís sibh anaimsir bhur ttrio-
blóide.


L. Br10:15


Agus adubhradar clann Israel
ris an TTighearna, do pheacuigheamar,
déna rinn mar dochítear dhuit féin, amáin
guidhmid thú sáor inn aniugh.


L. Br10:16


Agus do chuireadar uatha na
deé choimhitheacha ó bheith na measc, agus
dadhradar an Tighearna: agus dobhí
doilghios ar a anum san tré bhochduine
Israel.


L. Br10:17


Annsin do chruinnigheadar clann
Ammon a cceann an chéile, agus dori-
nneadar campa a Ngílead; agus do chrui-
nnigheadar clann Israel íad féin a gcionn
a chéile, agus dorinneadar campa a
Mispeh.


L. Br10:18


Agus adubhradar dáoine
agus prionnsuidhe Ghílead re chéile, cía hé
an fear thoiseocus cathughadh anaghaidh
chloinne Ammon? biáidh sé na cheann ar
dhúthchusaibh Ghílead uile.


L. Br11:1


Anois dobhí Iephtah an
Gíleaditeach na dhuine neart-
mhar a mbeódhachd, agus bá mac
meirduigh é; agus sé Gí-
lead do ghein Iephtah.


L. Br11:2


Agus dorugh bean Ghílead mic
dhó, agus do fhásadar na mic súas,
agus do theilgeadar amach Iephtah, agus
adubhradar ris, ní bhfuighe tú oighreachd
a ttigh ar natharne, oír is mac mná
coimhithigh thú.


L. Br11:3


Annsin do theith Iephtah ó na
dhearbhráithribh, agus dáitribh sé a gcrích
Thob: agus do chruinnigheadar dáoine
chum Iephtah, agus dochuádar leis
amach.


L. Br11:4


Agus tárla a ccionn aimsire, go
ndeárnadar clann Ammon cogadh ana-
ghaidh Israel.


L. Br11:5


Agus is amhluidh bhí, anúair do
rinneadar clann Ammon cogadh anaghaidh
Israel, go ndeachadar sinsir Ghílead
do thabhairt Iephtah ó thír Thob.


L. Br11:6


Agus adubhradar re Iephtah,
tárr, agus bhí ad chaiptín oruinn, go
ndénmáois troid re cloinn Ammon.


L. Br11:7


Agus adubhairt Iephtah re sinn-
sioruibh Ghílead, nach ar fhúathuighea-
bhair mé, agus nár dhíbreabhair mé as tigh
mátar? agus cred fá ttiucfadh sibh
chugam anois anuair atátháoi a
gcumhgach?


L. Br11:8


Agus dubhradar sinnsir Ghí-
lead re Iephtah, uimesin do fhilleamar chu-
gad anois, chor go rachthá linn, agus go
ttroidfeá anaghaidh chloinne Ammon,
agus go mbeitheá ad cheann oruinn aítre-
bhach Ghílead uile:


L. Br11:9


Agus adubhairt Iephtah re sinn-
sioruibh Ghílead, má bheirthi misi air
mais, do throid anaghaidh na Nam-
moníteach, agus go ttoirbheóraigh an
Tighearna romham íad; an mbía mé am
cheann oruibh?


L. Br11:10


Agus adubhradar sinnsir Ghí-
lead re Iephtah, bíodh an Tighearna
dfiaghnuisi eadruinn, muna ndeánam
sin, do reír do bhríatharsa.


L. Br11:11


Annsin dochuáidh Iephtah lé
seanuibh Ghílead, agus dorinneadar
an pobal ceann agus Caiptín de ós a
ccionn, agus do labhair Iephtah a bhria-
thra uile a lathair an Tighearna a Mispeh.


L. Br11:12


Agus do chuir Iephtah teachda
go Rígh chloinne Ammon, gha rádh, cred
atá agad ré a dhénamh riomsa, as a
ttáinic tú am aghaidh do throid riom ann
mo dhúithche féin?


L. Br11:13


Agus do fhreagair Rígh chloinne
Ammon teachda Iephtah, do chionn gur
bhean Israel mo dhúithche dhíomsa anúair
thangadar ansíos as an Négipt ó
Arnon go nuige Iabboc, agus go nuige
Iordan; annois ar anadhbharsin
aisig na fearuinnsin go síothcán-
ta.


L. Br11:14


Agus do chuir Iephtah teachda
úadh arís go Rígh chloinne Ammon.


L. Br11:15


Agus adubhradar ris, is
marso adeir Iephtah, níor bhean
Israel dúithche Mhóab amach nó
dúithche chloinne Ammonn.


L. Br11:16


Acht anúair tháinic Israel a
nsíos ó Négipt, agus do shiubhuil
thríd an bhfásach gus an muir rúaidh,
agus tangadar go Cádes:


L. Br11:17


Annsin do chuir Israel teachda
go Rígh Edom, gha rádh, guidhim thú,
léig dhamh gabháil thríd do dhúithche: achd
níorbháill lé Rígh Edom éisdeachd rissin;
agus ar an modh gcédna do chuir go
Rígh Móab, agus níór aontuigh sei-
sion; agus do fhosaidh Israel a
Gcádes.


L. Br11:18


Annsin do ghluáisiodar air fad
thríd a bhfásach, agus do thimchiolladar
dúithche Edom, agus dúithche Mhóab,
agus tangadar táobh ó dheas do dhúi-
thche Mhóab, agus do shuigheadar don
táobh oile do Arnon, acht ní thanga-
dar táobh astigh do theóruinn Mhóab:
oir budh é Arnon bruách Mhóab.


L. Br11:19


Agus do chuir Israel teachda
go Sihon Rígh na Namoriteach, Rígh
Hesbon, agus adubhairt Israel ris,
guidhim thú, léig dhúinn gabháil thríd thfearann
dom áit féin.


L. Br11:20


Acht níor tháobh Sihon Israel
do ghabháil tré na chosta: acht do
chruinnigh Sihon a dháoine uile a bhfochair a
chéile, agus dorinne sé foslungphort
ann Iahas, agus do throid sé anaghaidh
Israel.


L. Br11:21


Agus thug an Tighearna Día
Israel Sihon agus a dháoine uile a láimh
Israel, agus do buaileadar íad: marsin
do shealbhuigh Israel iomlán dúithce na
Namoriteach dúthchusaigh na tíre
sin.


L. Br11:22


Agus do shealbhuigheadar cósta na
Namoriteach uile, ó Arnon go nuige
Iabboc, agus ónfásach air fad go nuige
Iordan.


L. Br11:23


Marsin annois do dhíbir an Ti-
ghearna Día Israel na Hamorítigh roimhe
a phobal Israel, agus nar chóir dhuitsi
a shealbhuighadh?


L. Br11:24


Nach sealbhochaidh tusa an ní
noch dobheir do dhía Chemos duith re
shealbhughadh? marsin gidhbé ar bith
chuirfeas ar TTighearna Día féin amach
romhuinne, sealbhochuim iad.


L. Br11:25


Agus annois an feárr thusa
ná Bálac mhac Sippor Rígh Moáb?
nar chur sé riámh a naghaidh Israel, nó
nar throid sé na naghaidh aríamh?


L. Br11:26


An feadh dorinne Israel comhnui-
ghe ann Hesbon agus iona bailtibh, agus
ann Aroer agus iona bailtibh, agus
annsna caithreacaibh uile atá sínte re
cóstuibh Arnon trí chéd blíadhan? cred
uime nar bheanabhair amach íad ar a
bhfadsin?


L. Br11:27


Ar anadhbharsin, níor chion-
taigh misi ad aghaidh, achd is tusa atá
ag dénam éccora orumsa, ag cathu-
ghadh am agaidh: biaidh an Tighearna
na breitheamh, na bhreitheamh aniugh idir chloinn
Israel, agus chloinn Ammon.


L. Br11:28


Acht cheana níor éist Rígh
chloinne Ammon re bríathruibh Iephtah,
noch do chuir sé chuige.


L. Br11:29


Annsin tháinic spiorad an Ti-
ghearna ar Iephtah, agus dochúaidh sé
thar Ghílead anonn, agus thar Mha-
nasseh, agus dochuáidh thar Mispeh
Ghílead, agus ó Mhispeh Ghílead do
ghluáis sé thairis go cloinn Ammon.


L. Br11:30


Agus thug Iephtah móid don
Tighearna, agus adubhairt, má bheir
tú gan fhaillighe clann Ammon am
láimhsi:


L. Br11:31


Annsin is amhluigh bhías, gidhbé
ní thiucfas amach as doirsibh mo
thighe do thieagmháil orm, an tan fhillfeas
mé a síothcháin ó chloinn Ammon, budh leis
an TTighearna é go deimhin, agus iodhbo-
ruidh mé súas é mar ofráil loisge.


L. Br11:32


Marsin dochuáidh Iephtah
thairis go cloinn Ammon do throid na na-
gaidh, agus thug an Tighearna ann a
láimh íad.


L. Br11:33


Agus do bhúail sé íad ó Aroer
nó go ttí tú go Minnit, fithche ca-
tair, agus go réiteach na bhfíneamhnach
maille ré hár mór: marso do claói-
dheadh clann Ammon roimhe chloinn Israel.


L. Br11:34


Agus tháinic Iephtah go Mis-
peh dhá thigh, agus féuch, tháinic a inghean amach
do theagmháil air maille re céol agus re
damhsaighibh: agus dobisi a éinghein, ní
raibh mac ná inghean aige achd í.


L. Br11:35


Agus tárla anuáir dochonnairc
sé í, gur réub sé a édach, agus go
ndubhairt sé, uch a inghean, do bhrúigh
tú síos mé, agus is áon don droing
bhuaidhrios mé thú; óir dfoscuil mé mo
bhéul don Tighearna, agus ní fhéduim dul air mais.


L. Br11:36


Agus adubhairt sisi ris, a a-
thair má dfoscuil tú do bhéul don Tigh-
earna, déna riomsa do réir an neithe
tháinic amach as do bhéul; do chionn go
ndérnaidh an Tighearna diogaltas ar
do shonsa ar do naimhde ar chlonn Ammon.


L. Br11:37


Agus adubhairt sí lena ha-
thair, déntar an níso ar mo shonsa,
léigthear dhamh dhá mhí, go nimthigh mé
síos agus súas feadh na slíabh, agus
go gcaóine mé móghachd, mé féin a-
gus mo chompánuigh.


L. Br11:38


Agus adubhairt seision ríu,
imthigh, agus do chuir sé uadh í go cionn
dá mhíos: agus do imthigh sisi maille
ré na compánachuibh, agus do chaóin
a hóghachd ar na sléibhtibh.


L. Br11:39


Agus tárla a ccionn dá mhíos
gur fhill sí chum a hathar, noch do
rinne ría do réir mar do mhóidigh sé:
agus ní raibh fios fir aice: agus
dobí na ghnáth a Nísrael,


L. Br11:40


Go nimthighdís ingheana Israel
go blíadhnamhuil do chaóineadh inghine
Iephtah an Gíleadíteach ceithre lá san
mblíadhuin.


L. Br12:1


Agus do chruinnigheadar fir
Ephraim íad féin a gcionn
a chéile, agus dochúadar
budh thuáigh, agus adubhra-
dar re Iephtah, cred fa
ndeachaidh tusa anonn do throid ana-
ghaidh chloinne Ammon, agus nar ghoir
tú oruinne do dhul leachd; loisgfeam do
thigh ar do mhuin le teinidh?


L. Br12:2


Agus adubhairt Iephtah ríu, do
bhí misi agus mo dhaóine anaimhréidhe
mhóir ré cloinn Ammon, agus anuáir
do ghoir mé oruibhsi níor sháorabhair
as a lámhuibh mé.


L. Br12:3


Agus anuáir dochonnairc misi
nár thárrthuigheabhair mé, do chuir mé man-
um am láimh, agus dochuáidh mé anonn
anaghaidh chloinne Ammon, agus do thoir-
bhir an Tighearna am láim íad; uime-
sin cred fá ttigthíse súas chugam
aniugh do throid am aghaidh.


L. Br12:4


Annsin do chruinnigh Iephtah muinn-
tir Ghílead uile a ccionn a chéile, a-
gus do throid sé lé Héphraim: a-
gus do bhuáileadar muinntir Ghílead
Ephraim; do bhrígh go ndubhradar, sibh-
si a Ghíleaditeacha as teithmhighe sibh ó
Ephraim, a measc na Néphraimíteach,
agus a measc na Manassiteach.


L. Br12:5


Agus do gabhadar na Gíleadi-
tigh áthanna Iordan ar na Hephaimítea-
chaibh: agus is amhluidh bhí, anuáir a
deirdís na Hephraimítigh dochuaidh as,
léig dhamh dul anonn; go nabradh muinn-
tir Ghilead ris, an Ephraimíteach thú?
dá nabradh seision, ní headh.


L. Br12:6


Annsin adeirdís ris, abair a-
nois, Schibbolet: agus a déradh sei-
sion, Sibbolet: óir níor féd sé a
chanmhuin go ceart. Annsin do ghabha-
dar é, agus do mharbhadar é ag átha-
nnaibh Iordan: agus do thuit annsanam-
sin do na Hepraimíteachaibh dhá mhíle a-
gus dá fhithchiod.


L. Br12:7


Agus do bhreathnuigh Iephtah Israel
sé bliadhna: ansin fúair Iephtah an Gil-
eaditeach bás, agus do hadhlaiceadh
é a náon do chaithreachaibh Gílead.


L. Br12:8


Agus na dhiaighsin dobhí Ibsan
ó Bhetelem na bhreitheamh ar Israel.


L. Br12:9


Agus dobhádar tríochad mac
aige, agus tríochad inghean, noch do
chuir sé amach uadh, agus thug sé
tríochad inghean asteach chuige dá mha-
caibh, agus dobhí na bhreitheamh a Ni-
srael seachd mblíadhna.


L. Br12:10


Annsin fuáir Ibsan bás, agus
do hadhlaiceadh a Mbetelem é.


L. Br12:11


Agus na dhiáighsin dobhí Elon
an Sebuloníteach na bhreitheamh ar Is-
rael, agus dorinne bhreitheamhnus ar
Israel deich mbhlíadhna.


L. Br12:12


Agus fuáir Elon an Sebu-
loniteach bás, agus do hadhlaiceadh é ann
Aiialon a ttír Shebulon.


L. Br12:13


Agus na dhiáighsin dobhí Ab-
don mhac Hillel Piratoníteach na bhrei-
theamh ar Israel.


L. Br12:14


Agus dobhí ceathrachad mac
aige, agus tríochad mac a mhac, do ríodh mar-
cuigheachd ar sheachdmhoghad ógassal: a-
gus dobhí na bhreitheamh ar Israel ochd
mblíadhna.


L. Br12:15


Agus fuáir Abdon mhac Hil-
lel an Piratoníteach bás, agus do
hadhlaiceadh é ann Piraton a ttír Eph-
raim, a slíabh na Namalecíteach.


L. Br13:1


Agus dorinneadar clann Is-
rael arís olc a bhfiadh-
nuisi an Tigearna, agus
thug an Tighearna a láimh na
Bhphilistíneach íad ceathrachad
blíaghan.


L. Br13:2


Agus dobhí fear áirigh as Só-
rah do chinéul na Ndaníteach, dar
bhainm Manaoh, agus dobhí a bean aim-
rid, agus ní rug sí clann.


L. Br13:3


Agus táinic aingeal an Tighear-
na gus an mnaoi, agus adubhairt sé
ría, féch annois atá tú aimrid, a-
gus ní bheirionn tú clann achd bía tú
torrach, agus béra tú mac.


L. Br13:4


Annois ar anadhbharsin guidhim
thú bí ar do choimhéd, agus ná hibh fíon
nó deoch láidir, agus ná hith éiní neamh-
ghlan.


L. Br13:5


Oír féch, biaidh tú torrach,
agus bhéra tú mac, agus ní racha
sgían bhérrtha ar a cheann: óir biáidh
an leanamh na Nasaríteach do Dhía ó
bhroinn a mhathar: agus toiséonuigh sé
Israel do sháoradh ó láimh na Bhphilis-
tíneach.


L. Br13:6


Annsin tháinic an bhean, agus
dinnis sí dhá fear, ghá rádh, tháinic óg-
lach Dé chugam, agus bá cosmhuil a
ghnúis ré gnúis Aingil Dé róúathbhá-
sach: ach níor fhíafruigh mé dhe, cá
has dó, agus ní mó dinnis sé a ainm
dhamh.


L. Br13:7


Achd adubhairt sé riom, féch
biáidh tú torrach, agus béra tú mac;
agus anois ná hibh fíon, nó deoch
láidir, agus ná hith éinní neamhghlan: óir
biáidh an leanamh na Nasaríteach do
Dhía ó bhruinn a mhathar go ló a bháis.


L. Br13:8


Annsin do ghuidh Manoah an
Tighearna, agus adubhairt sé, ó mo
Thighearna, tigeadh óglach Dé noch do
chuir tú uait, chugainn arís, agus múin-
eadh dhúinn cred dodhénam don leanamh
bérthar.


L. Br13:9


Agus déist Día re glór Mha-
noah, agus tháinic aingel Dé arís
chum na mná, ar mbeith dhi no suidhe ar
an machaire: ach ní raibh Manoah a
fear na fochair.


L. Br13:10


Agus dorinne an bhean deithfir,
agus do rith, agus do thaisbéin dá fear,
agus adubhairt ris, féuch tháinic an
duine chugamsa, noch tháinic chugam an
lá oile.


L. Br13:11


Agus déirigh Manoah, agus
dochuáidh a ndiáigh a mhná, agus thái-
nig gus anóglach, agus adubhairt
ris, an tusa an té do labhair ris an
mnaoi? agus adubhairt seision, is
mé.


L. Br13:12


Agus adubhairt Manoah, annois
tigdís do bhríathra chum críche, cionnus
oilfeam an leanamh, agus cred dodhéa-
nam ris?


L. Br13:13


Agus adubhairt aingeal an
Tighearna re Manoah, tugadh an bhean
a haire dá gach éinní dá ndubhairt misi
ría.


L. Br13:14


Ná hitheadh sí éinní dá ttig as
a bhfíneamhuin, agus ná hibhiodh fíon nó
deoch láidir, agus ná hitheadh éinní neamh-
ghlan: coimhéadadh sí anuile ní dar
aithin misi dhi.


L. Br13:15


Agus adubhairt Manoah re
aingel an Tighearna, guidhim thú fan
aguinn nó go ndeasuigheam meannán duit.


L. Br13:16


Agus adubhairt aingeal an
Tighearna re Manoah, bíodh go ccuinn-
eocha tú me, ní íosa mé dot arán:
agus má ofrálann tú ofráil loisge,
is don Tighearna ofráilfios tú í: óir
ní raibh a fhios ag Manoah gur bhé
aingeal an Tighearna é.


L. Br13:17


Agus adubhairt Manoah re
haingeal an Tighearna, ca hainm thú,
chor anúair thiucfaid do bhríathra a
gcrích, go ndénam onóir dhuit?


L. Br13:18


agus adubhairt aingeal an Ti-
ghearna ris, cred fá bhfíafruighionn tú
mainmsin marso, ó tá sé ar
ceilt?


L. Br13:19


Marsin do ghlac Manoah mea-
nnán maille re ofráil bhídh, agus
dofráil sé ar charruig é don Ti-
ghearna; agus dorinne an taingeal
go hiongantach, agus dobhí Manoah,
agus a bhean ag féchuin air.


L. Br13:20


Oír tárla anúair dochuaidh an
lasair súas leath re neamh ónaltóir, go
ndeachaidh an taingeal súas a lasair na
haltóra: agus dféch Manoah agus
a bhean airsin, agus do thuiteadar ar a
naighthibh chum na talmhan.


L. Br13:21


(Acht ní thaínic aingeal an
Tighearna ní budh mó dionnsuighe Mhan-
oah nó a mhná) annsin do aithin Manoah
gurbhaingeal don Tighearna é.


L. Br13:22


Agus adubhairt Manaoh ré na
mhnáoi, dogheabham bás go deimhin do
bhrígh go bhfacamar Diá.


L. Br13:23


Acht adubhairt a bhean ris, dá
madh í toil an Tighearna ar marbhadh, ní
ghébhad sé ofráil loisge no ofráil bhídh
as ar lámhuibh, agus ní mó do thaisbéan-
fadh sé na neithesi dhúinn, nó dinneosadh
dhúinn fánamsa a leitheid so do neighibh.


L. Br13:24


Agus dorug an bhean mac,
agus thug sí Samson dainm air: agus
dfás an leanamh, agus do bheannuigh an
Tighearna é.


L. Br13:25


Agus do thosuigh spiorad Dé
ar a chorrughadh ar úairibh a ccampa
Dhan, edir Shorah agus Es-
toal.


L. Br14:1


Agus dochuaidh Samson síos
go Timnat, agus docho-
nnairc sé bean a TTimnat din-
gheanuibh na BhPhilistineach.


L. Br14:2


Agus thaínic sé
súas, agus dinnis sé dhá athair, agus
dá mhathair, agus adubhairt sé riú, do
chonnairc mé bean a TTimnat dinghionuibh
na BhPhilistineach: annois ar anadhbhar-
sin faghaidh dhamh mar mhnaoi í.


L. Br14:3


Annsin adubhairt a athair, agus
a mhathair ris, ané nach bhfuil bean ar bith
a measg inghean do dhearbhráitreach, nó a
measc mo dhaóinesi uile, as a rachthá
do thabhairt mná do na Philistinibh nemh-
thimchillgheárrtha? agus adubhairt Sam-
son re na athair, fagh dhamh í, óir atá
sí sgíamhach ann mo shúilibh.


L. Br14:4


Acht ní raibh a fhios agá athair,
no agá mhathair gurob ón TTighearna thaí-
nic go níarthadh sé cúis anaghaidh na
BhPhilistineach: óir dobhí úachdaránachd ag
an BhPhilistineach ós cionn Israel anúair
sin.


L. Br14:5


Annsin dochuaidh Samson síos,
agus a athair, agus a mhatair, agus
tangadar go Timnat, agus go fí-
neamhuin Thimnat, agus féch do chuir
leomhan óg búiredh as na aghaidh.


L. Br14:6


Agus tháinic spiorad an Tighear-
na go cumhachdach air, agus do réub sé
an leomhan, mar do rébfadh meannán,
agus ní raibh éinní aige iona laímh: achd
ríor innis dá athair nó dhá mhathair cred do
rinne sé.


L. Br14:7


Agus docuáidh sé síos, agus
do chomhráidh sé ris an mnáoi, agus do
thaitin sí re Samson go maith.


L. Br14:8


Agus tar éis aimsire dfill sé
dhá tabhairt, agus do ghabh sé do leathtaoibh
défcuin chonablaich an leomhuin: agus
féch, dobí saithe bheach agus mil a
cconablach an leomhuin.


L. Br14:9


Agus do ghlac seision cuid
díobh ann a láimh, agus do shiubhail roi-
mhe dhá ithe, agus tháinic chum a athar
agus a mhathar, agus thug cuid de
dhóibh, agus adúadarsan sin: achd
níor innis sé dhóibh gur bhean sé an mhil as
conablach an leomhuin.


L. Br14:10


Annsin dochuaidh a athair síos
mar a raibh an bhean, agus dorinne
Samson bainfheis annsin: óir is marsin
do ghnáthuighedís na dáoine óga dhénamh.


L. Br14:11


Agus tárla anúair dochonnair-
cadar é, go ttugadar tríochad com-
panach mar chuideachda dhó.


L. Br14:12


Agus adubhairt Samson riú,
cuirfe mé tomhus annois oruibh:
má fhúasclann sibh dhamh é go deimhin táobh
astigh do sheachd lá an nfésta, agus
má gheibhthí an chíall fhíre, annsin do
bhéra mé tríochad leíne dháoibh, agus
tríochad culaidh éduigh.


L. Br14:13


Acht muna bhfuascaltáoi
dhamh é: annsin dobhérthaóise dhamhsa
tríochad leíne, agus tríochad culaidh
éduigh: agus adubhradarsan ris,
cuir amach do thomhus, go ccluin-
mís é.


L. Br14:14


Agus adubhairt sé riú, amach
as an té itheas tháinic bíadh, agus amach
as an neartmhar tháinic millseachd:
agus níor fhédadarsan ar feadh thrí lá
an tomhus dfúascladh.


L. Br14:15


Agus tárla air an seachdmhadh lá go
ndubhradrasan re mnaoi Shamson,
tabhair air thfear go ninnseadh sé dhúinne an
tomhus, deagla do loisgfimísne thú
féin, agus tigh hathar le teinidh: an
do bhuáin a bhfuil aguinn dínn do chuireabhair
fios oruinn, nó nach eadh?


L. Br14:16


Agus do ghuil bean Shamson as
a choinne, agus adubhairt sí ris, ní
bhfuil achd fúath agad orumsa, agus ní
hionmhuin leachd mé, do chuir tú ceist
amach chum cloinne mo mhuintire, agus
níor innis tú dhamsa é: agus adubhairt
seision ría, féch níor innis mé dom athair
nó dom mhathair é, agus a inneosa mé
dhuitsi é?


L. Br14:17


Agus do ghuil sisi dá lathair
an cuid oile do na seachd lá an feadh do
mhair an fésta: agus tárla air an seachd-
mhadh lá gur innis sé dhi, do bhrígh go
raibh sí roighéar air, agus dinnis sise
an tomhas do chlainn a muinntire.


L. Br14:18


Agus adubhradar daoine na
caithreach ris air an seachdmhadh lá, suil do
chuáidh grian fáoi, cred is millse ná
mil, agus cred is láidre ná leomhan?
agus adubhairtsion riú, muna ttrea-
bhadh sibhsi lem cholpuidhsi, ni fhúaisceo-
ladh sibh mo thomhas.


L. Br14:19


Agus tháinic spiorad an Ti-
ghearna air, agus dochúaidh sé síos
go Hascelon, agus do mharbh sé trío-
chad fear dhíobh, agus do ghlac a né-
dáil, agus thug sé culaidh éduigh don
luchd do fhúascuil an cheist: agus do
hadhnadh a fhearg, agus dochuáidh sé
súas go tigh a athar.


L. Br14:20


Ar anadhbharsin tugadh bean
Shamson dá chumpanach, noch dá ndeárna
sé a chara.


L. Br15:1


Ach tárla a ccionn tamuill na
dhiáighsin anam fhóghmhair
na cruithneachda, go ndeachuidh
Samson dféchuin a mhná lé
meannán: agus adubhairt
sé, rachuidh mé asteach mar a bhfuil mo
bhean don tseomra; achd níor fhuiling a
hathair dhó dul asteach.


L. Br15:2


Agus adubhairt a hathair, do
shaoil mis go deimhin gur fhuáthaidh tú
thríd amach í, uimesin thug mé dot
chompanach í: nach scíamhuidhe a deir-
bhsiúr is oíge ná isi? guidhim thú gabh
chugad í na háit.


L. Br15:3


agus adubhairt Samson dá
ttaobhsan, annois biáidh mé níis
nemhchiontuigh ná na Philistinigh, gidh go
ndéna mé urchoíd dóibh.


L. Br15:4


Agus do imthigh Samson, agus
do ghabh sé trí chéad sionnach, agus
do ghabh aithinneadha, agus diompóigh
gach dá earball chum a chéile, agus
do cheangail aithinne idir gach dá ear-
ball.


L. Br15:5


Agus anuair do chuir na haith-
inneadha tré theinidh, do léig sé dhóibh im-
theachd ar fud ghort na BhPhilistíneach,
agus do loisg araon a stácuidhe, a-
gus a ngort, maille rena bhfíneamhnuibh,
agus a ccrainn ola.


L. Br15:6


Annsin adubhradar na Philis-
tinigh, cia rinne so? agus do fhreagra-
darsan, Samson clíamhuin an Timní-
tigh, do chionn gur bhean sé a bhean de, a-
gus go ttug sé dhá chompanach í.
Agus tangadar na Philistínigh súas,
agus do loisgeadar í féin agus a
hathair lé teinidh.


L. Br15:7


Agus adubhairt Samson ríu,
mátá go ndérnabhair so, gidheadh dodhénadsa
dioghaltas oruibh, agus na dhiáigh
sin sguirfe mé.


L. Br15:8


Agus do bhuáil sé íad, leis
agus ladhairg, ré hár mór, agus do
chuáidh sé síos, agus do chomhnuigh sé
a mullach na cairge Etam.


L. Br15:9


Annsin dochúadar na Philistínigh
súas, agus do shuigheadar ann Iúdah,
agus do leathnuigheadar íad féin a Le-
hi.


L. Br15:10


Agus adubhradar muintir
Iúdah, cred fá ttangabhair súas ar
naghuidhne? agus do fhreagradarsan,
thangamar ansíos do cheangal Shamson
go ndénmaois ris mar dorinne
seision rinne.


L. Br15:11


Annsin dochúadar trí mhíle
fear do Iúdah go mullach na cairge
Etam, agus adubhradar ré Samson,
nach bhfuil a fhios agadsa go bhfuilid
na Philistinigh na núachdaránuibh ós ar
ccionnne? cred é so dorinne tú oruinn?
agus adubhairt seision ríu, amhuil is
dorinneadar orumsa, marsin dorinne
misi orrasan.


L. Br15:12


Agus adubhradarsan ris,
thangamairne ansúas dot cheangal go
ttugmaois a láimh na BhPhilistineach thú:
agus adubhairt Samson ríu, tugaidh
bhur mionna dhamh nach ttuitfidhe féin
orum.


L. Br15:13


Agus do labhradar ris dha
rádh, ni thuitfiom,, achd ceangolam go
daingean thú, agus dobhéramh ann a
láimh tú: achd go deimhin ní mhuirfiom thú.
Agus do cheangladar é lé dhá chórda
nuadha, agus rugadar súas ón char-
ruig é.


L. Br15:14


Agus anuair tháinic sé go
Lehi, do gháireadar na Philistínigh na
aghaidh, agus táinic spiorad an Tigh-
earna go cumhachdach airsion, agus dobhádar
na córduidh dobhí ar a lámhuibh mar
líon do loisgfidh lé teinidh, agus do
scaóileadar a cheangail dá lámhuibh.


L. Br15:15


Agus fuáir sé núadhchnáimh
géill asail, agus do chuir a lámh a-
mach, agus do ghlac é, agus do mharbh
míle fear.


L. Br15:16


Agus adubhairt Samson, re
cnáimh géill asail, carnán ar chárnán-
uibh lé gíall asail do mharbh mé míle
fear.


L. Br15:17


agus tárla anuáir do chrío-
chnuigh sé an chaint, gur theilg sé an
cnáimh géill as a láimh, agus thúg Ra-
mat-Lehi dainm ar anáitsin.


L. Br15:18


agus dobhí róthart air, agus
do ghoir ar an TTighearna, agus a
dubhairt, thug tú an fúascladh mórso
ar láimh do seirbhísigh, agus anois an
bhfuighe mé bás don tart, agus tuitim
a láimh na neimhthimcillgérrtha?


L. Br15:19


Ach do scoilt Día áit tholl
dobhí annsa ngíall, agus tháinic uis-
ge as, agus anuair do ibh sé deoch,
tháinic a spiorad arís, agus do
aithbheodhuigh sé: uimesin do ghoir sé
don náit En-hacore, noch atá a lehi
gus aniugh.


L. Br15:20


Agus dorinne sé breitheamh-
nus ar Israel a laéthibh na BhPhilistí-
neach fithche blíadhain.


L. Br16:1


Ansin dochuaidh Samson go
Gasa, agus dochonnairc
meirdreach annsin, agus do
bhí aice.


L. Br16:2


Do hinnseadh do na Gasitítibh,
ga rádh, tháinic Samson annso: agus
tangadar na thimchioll, agus do chuirea-
dar luigheachan roimhe air feadh na hoidhche a
ngeata na caithreach, agus dobádar
suaimhneach air feadh na hoidhche, gha rádh,
bíam ar ttochd go solus na maidne,
annsin muirfeam é.


L. Br16:3


Agus do luigh Samson go mea-
dhon oidhche, agus déirigh san meadhon
oidhche, agus do ghlac doirsi gheata na
caithreach, agus an dá phosta, agus
dimthigh roimhe léo, maille ris an
mbarra, agus do chuir ar a ghuail-
libh íad, agus rug súas ar mhullach
cnoic atá as coinne Hébron íad.


L. Br16:4


Agus tárla na dhiáighsin gur
grádhuigh sé bean a ngleann Sorec dar
bhainm Dalilah.


L. Br16:5


Agus tangadar tighearnuidhe na
Bhphilistíneach chuice, agus adubhra-
dar ría, meall é, agus féch cáit a
bhfuil a neart mór, agus ciondus fhéd-
fuimne buáidh do bhreith air, chor go
bhfédfam a cheangal do píanadh: agus
dobhéram dhuit gach aon aguinn áoinchéd-
déagpíosa airgid.


L. Br16:6


Agus adubhairt Dalilah re Sam-
son, guidhim thú, innis damh cáit a bhfuil
do neart mór, agus cred lé bhféad-
fuidhe do cheangal lé a bpíanfuidhe
thú?


L. Br16:7


Agus adubhairt Samson ría,
má cheangluid síad mé lé seachd ngaduibh
úra, nach ar tiormuigheadh aríamh, ann
sin biáidh mé lag, agus biáidh mé mar
gach nduine eile.


L. Br16:8


Annsin tugadar tighearnuidh na
BhPhilistíneach cuice súas seachd ngaid
úra, nach ar tiurmuigheadh fós, agus
do cheangail sí léosin é.


L. Br16:9


Annois dobhádar daoine a luidhea-
chán ag fuireach léithsi san tséomra,
agus adubhairt sí ris, atáid na Phi-
listínigh ar tteachd ort a Shamson,
agus do bhris seision na gaid mar
do brisfeadh snáithe barruigh anuair bhea-
nas teinidh ris: marsin narbhfios a
neart.


L. Br16:10


Agus adubhairt Dalilah re
Samson, féuch dorinne tú magadh or-
um, agus dinnis tú brég dhamh: annois
guidhim thú, innis damh cred lé bhféd-
fuidh do cheangal.


L. Br16:11


Agus adubhairt seision ría,
má cheangluid síad go daingean mé lé
rópadhuibh núadha nar cuireadh aríamh a
bhféidhm, annsin biáidh mé lag, agus
biáidh mé mar gach nduine eile.


L. Br16:12


Uimesin do ghlac Dalilah ro-
padha nuadha, agus do cheangail ei-
sion léo, agus adubhairt sí ris, a-
táid na Philistínigh ort a Shamson.
(Agus dobhádar daóine a luidheachán ann-
sa tseomra.) agus do bhris sé íad
mar shnáithe dhá lámhuibh.


L. Br16:13


Agus adubhairt Dalilah re
Samson, go nuigeso do mheall tú mé;
agus dinnis tú bréga dhamh: innis damh
cred lerbhféidir do cheangal. Agus
adubhairt seision ría, má fhíghionn tú
seachd nduáil mo chinn leis an ngarm-
uin.


L. Br16:14


Agus do dhaingnidh sí íad leis
an ttáirnge, agus adubhairt sí ris,
atáid na Philístínigh ort a Shamso-
in: agus do mhúscail sé as a chod-
ladh, agus dimthigh roimhe maille re
táirnge na garman, agus leis
an ngarmuin féin.


L. Br16:15


Agus adubhairt sisi ris, cionn-
us fhédus tú a rádh, is ionmhuin liom
thú, anuáir nach bhfuil do chroidhe leam?
do mheall tú mé na trí huáiresi, agus
níor innis tú dhamh cáit a bhfuil do neart
mór.


L. Br16:16


Agus tárla anuáir dobhí sí
dhá shárughadh gach laói léna bráithraibh,
agus gur choimhéignigh sí é, iondus gur
bhuáidhir sí a anum chum báis:


L. Br16:17


Ar chor gur innis di a chroidhe
uile, agus go ndubhairt ría, níor
cuireadh sgían bheárrtha ríamh ar mo cheann:
do brígh gur Nasaríteach do Dhía
mé ó bhroinn mo mhathar; má beártar
mé, annsin rachaidh mo neart uáim, agus
biáidh mé lag, agus biád mar dhuine eile.


L. Br16:18


Agus anuáir dochonairc
Dalilah gur innis sé a inntinn uile dhi, do
chuir sí fios, agus do ghoir sí
Tighearnuigh na BhPhilistineach, gha rádh,
tigidh súas anuáirsi: óir do fhoillsigh
sé a chroidhe uile dhamh. Annsin tangadar
Tighearnuigh na BhPhilistineach súas chuice,
agus tugadar airgiod leó na laímh.


L. Br16:19


Agus thug si air codladh ar a
glúinibh, agus do chuir fios ar óglach,
agus thug sí air na seachd ndúail dobhí
ar a cheann do bhearradh, agus do thionnscuin
si a bhuáidhreadh, agus dochuáidh a neart
úadh.


L. Br16:20


Agus adubhairt sí, ataíd
na Philistínigh ort a Shamson: agus
do mhúscail sesion as a codladh agus
adubhairt sé, rachaidh mé amach mar
uairibh eile roimhe, agus croithfid mé
mé féin: agus níor bhfeas dó gur
imthigh an Tighearna uadh.


L. Br16:21


Ach do ghabhadar na Philis-
tinigh é, agus do bheanadar a shúile as,
agus rugadar síos go Gasa é, agus
do cheangladar é le boltuighibh praís, agus
dobhí sé ag meilt a ttigh an príosúin.


L. Br16:22


Achd cheana dobhí gruag a chinn
ag fás a rís amhuil is anúair do bearradh é.


L. Br16:23


Annsin do chruinnigheadar Ti-
ghearnuidh na Bhphilistineach a bhfochair a
chéile dofráil iodhbartha móire dá ndía
Dágon, agus do dheánamh gáirdeachuis:
óir adubhradar, thug ar ndía Samson
ar námhuid ionar láimh.


L. Br16:24


Agus anúair dochonncadar an
pobal é, do mholadar a ndía: óir a
dubhradar, thug ar ndía ar námhuid
ionar lámhuibh, agus argthóir ar ttíre,
noch do mharbh mórán dínn.


L. Br16:25


Agus tárla anúair dobhádar
a gcroidhthe súgach, go ndubhradar,
goiridh ar Shamson go ndéna sé sú-
gradh dhúinn: agus do ghoireadar ar
Shamson as tigh an príosúin, agus
dorinne se spórt dóibh, agus do shui-
gheadar idir na pilearuibh é.


L. Br16:26


Agus adubhairt Samson ris
an mbúachuill agá raibh sé air laímh,
léig dhamh breith ar na piléaruibh air a seasann
an tigh, go léigidh mé orra mé.


L. Br16:27


Annois dobhí an tigh lán dfearuibh
agus do mhnáibh, agus dobhádar Ti-
ghearnuidh na BhPhilistíneach uile ann:
agus dobí ar mhullach an tighe trí mhíle
fear agus bean dobhí ag féchuin an feadh
dobhí Samson ag dénamh spoírt.


L. Br16:28


Agus do ghoir Samson ar an
TTighearna, agus adubhairt sé, a
Tighearna Día, guidhim thú chuimhnigh orum
agus neartuigh mé anén uairse amháin
a Dhé, iondus go ndéanuinn dioghaltas
aneínfeachd ar na Philistineachuibh ar son
mo dhá shúl.


L. Br16:29


Agus do ghlac Samson greim
don dá phosta meadhonach, noch dobhí
ag congmháil an tighe súas, agus air
ar hiomcradh é anáirde, air philéur aca
le na láimh dheis, agus air a bpiléur
eile lena láimh chlé.


L. Br16:30


Agus adubhairt Samson, fa-
gham bás anéinfeachd leis na Philistinibh:
agus do chrom é féin léna neart uile,
agus do thuit an tigh air na Tighearnadhuibh
agus air a raibh an do dhaóinibh: ionnus gur
mó na mairbh do thuit leis agá bhás, ná
an mhéid do mharbh sé na bheathuigh.


L. Br16:31


Annsin tangadar a dhearbhrái-
thre, agus tigh a athar uile ansúas,
agus rugadar leó suas é, agus do
adhlaiceadar é idir Sorah agus Estoal
a róimh adhlaicthe Mhanoah a athair:
agus dorinne sé breitheamhnus ar chloinn
Israel fichthe blíadhan.


L. Br17:1


Agus dobhí duine do shlíabh
Ephraim darbhainm Mi-
cah.


L. Br17:2


Agus adubhairt sé
re na mhathair, an táoin
chéddég Secel airgid rugadh uaid, air
son a raibh tú ag mallughadh, agus
far labhair tú mar an gcédna am
fhiaghnuisisi, féch, atá an tairgiod
agumsa, is misi do ghlach é. Agus a
dubhairt a mhathair, go madh beannuigh thusa
ón TTighearna, a mhic.


L. Br17:3


Agus anúair do aisig sé an
táoinchéddég Secel airgid dá mhathair, a
dubhairt a mhathair, do bhronn mé an tair-
giod go hiomlán don Tighearna om
laímh, ar son mo mhic do dhénamh íomháighe
grábhálta agus íomháige leaghtha: anois
uimesin aiseocha mé dhuitsi é.


L. Br17:4


Gidheadh do aisic sé an tairgiod
dá mhathair, agus do ghlac a mhathair dhá
chéad Secel airgid, agus thug íad don
cheárd, noch dorinne íomháigh ghrábhalta,
agus iomháigh leaghta dhíobh; agus do bhá-
dar a ttigh Mhícah.


L. Br17:5


Agus dobhí ag an bhfearsa Mi-
cah tigh dée, agus dorinne Ephod,
agus Teraphim, agus do choisrig
mac dá mhacaibh, noch dobhí na Shagart
aige.


L. Br17:6


Annsna láethibhsin ní raibh Rígh
ar bith a Nisrael, achd doníodh gach
énduine an ní budh fearr dochití dhó
féin.


L. Br17:7


Agus dobhí óganach as Bete-
lem-Iúdah, do threib Iúdah, noch dobhí
na Lebhíteach, agus dobhí ar cuáirt ann
sin.


L. Br17:8


Agus do imthigh an tóglach amach
as an gcathruigh as Betelem-Iúdah do
dheánamh comhnuigh mar a bhfuigheadh
(ionad), agus táinic go Slíabh
Ephraim go tigh Mhicah ann a thu-
rus.


L. Br17:9


Agus adubhairt Mícah ris, cá
haírd as a ttáinic tusa? agus a
dubhairt seision ris, is Lebhíteach mé ó
Bhetelem-Iúdah, agus atáim ag
tríall ar cuairt mar a bhfuighe mé
aít.


L. Br17:10


Adubhairt Mícah ris, fan am
fochairsi, agus bhí ad athair agus ad
shagart agam, agus dobhéara mé
deich Secel airgid dhuit annsa bhliadhuin,
agus culaidh éduigh, agus do bhíadh:
marsin dochúaidh an Lebhiteach a
steach.


L. Br17:11


Agus do budh toil leis an Le-
biteach fuireach ag an nóglach, agus dobhí an
tógánach dhó mar áon dá mhacaibh.


L. Br17:12


Agus do choisrig Micah an
Lebhíteach, agus dobhí an tógánach na
shagart aige, agus dobhí a ttigh
Mhícah.


L. Br17:13


Annsin adubhairt Mícah, annois
atá a fhios agum go ndéna an Ti-
ghearna maith dhamh, ó thárla Lebhiteach
na shagart agum.


L. Br18:1


Ansna laéthibhsin ní raibh
Rígh ar bith a Nísrael;
agus ann sna láethibhsin díarr
treabh Dhan oighreachd dóibh
féin ann a gcoimhneochaidís:
óir níor thuit a noighreachd uile chuca
a measc threabh Israel go nuige an lá
sin.


L. Br18:2


Agus do chuireadar clann Dan
cúigear dá muintir as a ttír, dáoine
árrachda ó Shórah, agus ó Estaol,
do bhrath na tíre, agus dá cuartú-
ghadh; agus adubhradar riú, eírgidhe
cúartuighidh an dúithche: agus íadsan
anuair thangadar go Slíabh Ephraim go
tigh Mhícah, dfanadar annsin anoi-
dhcesin.


L. Br18:3


Anuáir dobhádar lámh ré tigh
Mhícah daithnigheadar guth an nógánuigh
an Lebhítigh, agus dfilleadar asteach
annsin, agus dubhradar ris, cía thug
thusa annso? agus cred doní tú annsa-
náitsi, agus cread atá agad annso?


L. Br18:4


Agus adubhairt seision ríu, mar-
so agus marso doní Mícah riom, agus do
ghlac sé mé air thuarusdal, agus is mé a
shagart.


L. Br18:5


Agus adubhradarsan
rís, guidhim thú, iarr comh-
airle ar Dhía, chor go mbiá a
fhios aguinn anéireochuidh go sona dhúinn
an tslighe a bhfuilmíd ag dul.


L. Br18:6


Agus adubhairt an sagart ríu,
imtighidh a síothcháin, a lathair an Tigh-
earna atá an tslighe a rachtaoi.


L. Br18:7


Annsin do imthigheadar an cúigear
fear, agus tangadar go Láis, agus
dochonncadar na daóine dobhí annsin
mar do áitreabhadar go neimheaglach,
do réir nóis na Sidónianach, suáimh-
neach, socair, agus ní raibh úachdarán
ar bith sa dúithche do chuirfeadh náire
orra fa éinní: agus dobhádar a bhfad
ó na Sidónianachuibh, agus ní raibh cúis
eatorra agus duine ar bith.


L. Br18:8


Agus tangadar mar a raibh
a ndearbhráithre go Sórah agus go
Hestaol: agus adubhradar a ndear-
bhráithre ríu, cred adeir sibh-
se?


L. Br18:9


Agus adubhradarsan, éirgidhe
go ndeachmaóis súas na naghaidh: óir
dochonncamar a ndúithche, agus féuch,
is romhaith í, agus an bhfuiltíse bhur
ttámh? ná bíodh leisg oruibh imtheachd,
agus dul asteach do shealbhughadh na dúi-
thche.


L. Br18:10


Anuáir imtheochuigh, tiocfuidhe
a ccionn daóine socra, agus go dhúi-
thche fhairsing: thug Día ann bhur lámhuibh
í; ait nach bhfuil easbhuidh neithe ar bith
uirre dá bhfuil ar talamh.


L. Br18:11


Agus dochuáidh assin do mhuin-
tir na Ndaniteach amach as Sorah, a-
gus as Estaol sé chéd fear armtha lé
harm coghuidh.


L. Br18:12


Agus dochúadar súas, agus
do shuigheadar a Gcíriat-Iearim ann Iú-
dah: ar anadhbharsin do ghoireadar
donáitsin Mahaneh-Dan gus a
niugh: féch, atá sé táobh shíar do Chíri-
at-Iearim.


L. Br18:13


Agus dochúadar assin go
slíabh Ephraim, agus tangadar go
tigh Mhicah.


L. Br18:14


Annsin do fhreagradar an cúi-
gear dochuáidh do bhrath thíre Lais, a-
gus adubhradar rena ndearbhráithribh,
an bhfuil a fhios aguibhsi go bhfuil ans-
na tighthibhsi Ephod, agus Teraphim,
agus íomháigh ghrábhálta, agus íomháigh
leaghtha? annois ar anadhbarsin measuidh
cread atá aguibh ré a dhénamh.


L. Br18:15


Agus do fhilleadar don náit-
sin, agus tangadar go tigh anóg-
ánuigh an lebhíteach, edhon go tigh Mhí-
cah, agus do bheannuigheadar dhó.


L. Br18:16


Agus do sheasadar na sé chéd
fear do hórduigheadh maille re na narm
coguidh, noch dobhí do chloinn Dan a
ndul asteach an geata


L. Br18:17


Agus dochúadar an cúigear
súas noch dochuáidh do bhrath na tíre,
agus tangadar asteach annsin, agus
do ghlacadar a níomháigh ghrábhálta
agus an Tephod, agus an Ter-
aphim, agus a níomháigh leaghtha: agus
do sheas an sagart a ndul asteach an
gheata maille ris na sé chéd fear do hór-
duigheadh le harmuibh cogaidh.


L. Br18:18


Agus dochúadarso go tigh
Mhícah, agus tugadar léo a níomháigh
grábhálta, a níomháigh leaghtha, an Tep-
hod, agus an Teraphim: annsin a
dubhairt an sagart ríu, cred doní-
thí?


L. Br18:19


Agus adubhradarsan ris,
bíse ad thochd, agus connaimh do lámh
ar do bhéul, agus tárr linne, agus
bí ad athair agus ad shagart aguinn: an
fhéarr dhuitsi bheith ad shagart tighe
énduine amháin, nó bheith ad shagart ag
treibh nó ag cinéul Israel?


L. Br18:20


Agus dobhí croidhe an tsa-
gairt meanmnach, agus do ghlac sé an
Tephod, agus an Teraphim, agus
aníomháigh ghrábhalta, agus dochuaidh
sé a meadhon an tslóigh.


L. Br18:21


Marsin do fhilleadar, agus
dimthigheadar, agus do chuireadar a gclann
bheag agus a náirnéis, agus a ccaráis-
te rompa.


L. Br18:22


Agus anuair dobhádar ta-
mall maith ó thigh Mhícah, do chruinnighea-
dar na daoine dobhí annsna tighthibh
láimh ré tigh Mhícah íad féin a bhfo-
chair a chéile, agus rugadar ar chloinn
Dan.


L. Br18:23


Agus do éighmheadar ar chloinn
Dan, agus diompoigheadarsan a naigthe,
agus adubhradar ré Mícah, cred do
imthigh ort, as a ttig tú lena lei-
théidsin do chuideachda.


L. Br18:24


Agus adubhairt seision, ru-
gabhair libh mo dhée, noch dorinne mé, a
gus an sagart, agus do imthighea-
bhuir romhuibh: agus cred atá agamsa
nías mó? agus cred so adearthaoi
riom, cred do imthigh ort?


L. Br18:25


Agus adubhradar clann Dan
ris, ná cluintear do ghuth ar measg,
deagla go scinnfedís daóine feargacha
ort, agus go gcaillfeá hanum mail-
le re hanmannuibh do mhuintire.


L. Br18:26


Agus do imthigheadar clann Dan
rompa, agus anúair dochonnairc Mícah
go rabhadar roláidir dhó, dfill sé,
agus dochuáidh ar ais dá thigh.


L. Br18:27


Agus rugadarsan léo na
neithe dorinne Mícah, agus an sa-
gart dobhí aige, agus tangadar
go Lais a gceann daóine dobhí suáimh-
neach, agus socair, agus do mharbha-
dar íad lé fáobhar an chloidhimh, agus do
loisgeadar an chathair lé teinidh.


L. Br18:28


Agus ní raibh fear a ttár-
thála aca, do chionn go rabhadar a
bhfad ó Shídon, agus nach raibh gno-
thuigh aca ré hénduine; agus gurob
annsa ghleann atá láimh re Bet-rehob do
bhí sé: agus dorinneadar cathair, agus
do áitreabhadar innte.


L. Br18:29


Agus tugadar Dan dainm ar
an ccathruigh do réir anma a nathar
Dan, noch rugadh do Israel: bíodh gur
Lais dobainm don chathruigh ar ttús.


L. Br18:30


Agus do chuireadar clann Dan
a níomháigh ghrábhálta súas; agus do
bhí Ionatan mhac Gersom mhic Manas-
seh, é féin agus a mhac, na sagar-
taibh ag treibh Dhan go lá bruide na
tíre.


L. Br18:31


Agus do chuireadar súas dóibh
féin iomháigh ghrábhálta Mhícah noch do
rinne sé, ar fad na haimsire dobhí
tigh Dé a Sílo.


L. Br19:1


Agus tárla annsna láethibh
sin, anuáir nach raibh Rígh
ar bith a Nísrael, go raibh
Lebhíteach áirigh na chomhnuighe
ar tháobh shléibhe Ephraim, noch thug leannán
chuige ó Bhetelem-Iúdah.


L. Br19:2


Agus dorinne a leannán stría-
pachus na aguidh, agus dimthigh sí uadh
go tigh a hathar go Betelem-Iúdah,
agus dobhí sí annsin ceithre mhí iom-
lán.


L. Br19:3


Agus déirigh a fear, agus dochuáidh
na diáigh do labhairt go muintear-
dha ría, agus dá tabhairt leis arís,
ar mbeith da sherbhíseach na fhochair, a-
gus cúpla assal: agus rug sí a
steach go tigh a hathar é, agus anuáir
dochonnairc athair an chailín é, dobhí lú-
athgháir air teagmháil ris.


L. Br19:4


Agus do chonnuimh a chlíamhuin, a-
thair an chailín é, agus dfan sé na
fochair trí lá: agus marsin do chaithea-
dar bíadh agus deoch, agus do cholladar
annsin.


L. Br19:5


Agus tárla air an cceathramhadh
lá, anuair déirgheadar go moch ar
maidin, gur éirigh seision súas na
sheasamh chum imtheachda: agus adubhairt
athair an chailín réna chlíamhuin, méduigh
do mheanma lé greim aráin, agus na
dhiáigh sin imthigh romhad.


L. Br19:6


Agus do shuigheadar síos, agus
do chaitheadar bíadh, agus deoch araon
a bhfochair a chéile: óir adubhairt athair
ann chailín ris anóglach, guidhim thú
bhí suáimhneach, agus fan a nochd, agus
bíodh do chroidhe súgach.


L. Br19:7


Agus anuáir do éirigh an tóg-
lach na sheasamh chum imtheachd, dobhí athair
an chailín gha shárughadh: uimesin dfan
sé annsin oidhche oile.


L. Br19:8


Agus déirigh go moch ar mai-
din an cúigeadh lá chum imtheachda: agus a
dubhairt athair an chailín, guidhim thú,
tóg súas do chroidhe: agus dfana-
dar go héis meadhon laói, agus dúa-
dar aráon bíadh.


L. Br19:9


Agus anuáir do éirigh an tóg-
lach na seasamh chum imtheachd, é féin a-
gus a leannán, agus a sherbhíseach, a
dubhairt a chlíamhuin, athair an chailín ris,
féch atá an lá mall annois a ngar
don tráthnóna, guidhim thú fuiridh feadh
na hoidhche: féch, atá an lá deighionach,
fan anochd annso, chor go mbiáidh do chroidhe
súgach, agus amárach éirigh go moch
chum do shligheadh, chor go bhfédfa tú dul
don bhaile.


L. Br19:10


Ach níorbháill leis anóglach
fuireach anoidhchesin, achd do éirigh sé
súas, agus dimthigh, agus tháinic sé
as coinne Iebus (noch dá ngoirthear
Ierusalem,) agus dobhí cuingir as-
sal na fhochair fá dhíalluidibh, dobhí fós
a leannán na fhochair.


L. Br19:11


Agus anuáir dobhádar láimh
ré Iebus, dobhí an lá caithte go mór,
agus adubhairt an searbhfhoghantuigh ré
na mhaighistir, guidhim thú teanam, agus
filleam asteach don chathruighsi na Ie-
busíteach, agus glacum lóistín inn-
te.


L. Br19:12


Agus adubhairt a mhaighistir
ris, ní fhillfiom do leathtaoibh annsin
go cathruigh choimithigh nach bhfuil do
chloinn Israel; racham thairis go Gi-
beáh.


L. Br19:13


Agus adubhairt sé réna óg-
lach teanam, agus tairngiom a bhfogus
do cheachdar don dá áitsi dfagháil lóis-
tín na hoidhche, a Ngibeáh nó a Rá-
mah.


L. Br19:14


Agus do ghluaisiodar rompa,
agus dimthigheadar, agus dochuáidh
an ghráin síos orra an tan dobhádar
láimh ré Gibeáh, noch as lé benia-
min.


L. Br19:15


Agus do fhilleadar do leathtáoibh
annsin do dhul asteach, agus do gha-
bháil lóistín a Ngibéah: agus anuáir
dochuáidh sé asteach do shuigh sé ar
shráid don chathruigh: óir ní raibh énd-
uine dorug asteach go lóistín dá thigh
íad.


L. Br19:16


Agus féch tháinic duine aosta
ón a obair ón mhachaire tráthnóna, noch do
bhí do shliabh Ephraim mar an gcédna,
agus dobhí na chomhnuighe a Ngibeáh,
achd budh beniamítigh muintir na háite-
sin.


L. Br19:17


Agus anuáir do thóg sé a
shúile súas, dochonnairc fear gabhála
ar lear a sráid na caithreach, agus a
dubhairt an seanduine, cáit a racha tu-
sa, nó cáit as a ttig tú?


L. Br19:18


Agus adubhairt seision ris,
atámuid ag teachd ó bhetelem-Iúdah,
ag dul go taoibh shleibhe Ephraim:
is assin mé, agus docuaidh mé go
betelem-Iúdah, achd atáim anois ag
dul go tigh an Tighearna, agus ní bhfuil
duine ar bith ghabhus mé dhá thigh.


L. Br19:19


Gidheadh atá tuighe, agus beatha
ag ar nasaluibh, agus atá arán,
agus fíon damhsa, agus dot chailín,
agus don nógánach atá a bhfochair do
sherbhíseach: ní bhfuil easbhuidh éinneithe
oruinn.


L. Br19:20


Agus adubhairt an seanduine,
síothcáin maille leachd, gidhbé easbhuidh
atá ort, bíodh sé orumsa, achd amháin
ná luigh sa tsráidh.


L. Br19:21


Marsin thug sé leis dhá thigh
é, agus thug bíadh do na hasaluibh,
agus do nigheadar a ccosa, agus dúa-
dar bíadh, agus dibheadar déoch.


L. Br19:22


Anois ar mbeith ag dénamh a
gcroidhthe súgach dhóibh, féch thanga-
dar muintir na caithreach, mic áirigh
do bhelial, timchioll an tighe fágcuáirt,
agus do bhuáileadar an dorus, agus
do labhradar ré fear a tighe, an sean-
duine, ghá rádh, tabhair amach an fear
tháinic dot thigh go ccoimhríachdanam ris.


L. Br19:23


Agus dochuáidh an tóglach
fear a tighe amach chuca, agus a
dubhairt riú, ní headh a dhearbhráithre, ní
headh, guidhim sibh, ná dénuidh an leimhe-
si.


L. Br19:24


Féchuidh, atá minghion annso,
maighdion, agus a leannánsan, dobhéra
mé íadsin amach annois, agus umhlúi-
ghidhsi íad, agus dénuidh ríu mar as
áill libh: achd ris anóglachso ná dénuidh
comhghránnasin do ghníomh.


L. Br19:25


Ach ní thugadar na dáoine to-
radh air; annsin do ghlac an tóglach a
leannán, agus rúg amach chuca í;
agus dobhádar aice, agus do thruail-
liodar í ar feadh na hoidhche, nó go
ttainíg maidin: agus anúair do
thionnsguin an lá eírghe, do léigiodar
dhi imtheachd.


L. Br19:26


Annsin tháinic an bhean a muiche
láoi, agus do thuit síos a ndorus
tighe anógluich mar a raibh a Tighearna,
nó go raibh an solus ann.


L. Br19:27


Agus déirigh a Tighearna ar mai-
din, agus dfoscuil doirsi an tighe,
agus dochuaidh amach dimtheachd roimhe:
agus féch dobhí an bhean a leannán ar
ttuitim a ndorus an tighe, agus do
bhádar a lámha air a tairsigh.


L. Br19:28


Agus adubhairt seision ría, eírigh
súas, agus bíam ag imtheachd; achd
níor fhreagair sí é. Ansin do thóg an
tóglach súas ar a asal í, agus
déirigh an tóglach suas, agus do
chuáidh dá áit féin.


L. Br19:29


Agus anúair thaínic dhá thigh, do
ghlac sé sgían, agus rug sé air a
leannán, agus do roinn sé í maille re na
cnámhuibh ann ndá chuid dég, agus do
chuir úadh í go huile chóstuidh Israel.


L. Br19:30


Agus is amhluigh bhí, gach uile
dhuine dá bhfacaidh sin, go ndubhradar
nach deárnadh a leitheidsin do ghníomh,
agus nach bhfacus ón ló fá ttangadar
clann Israel amach as crích na Hégipte
gus aniugh: measuigh sin, gabhaidh co-
mhairle, agus labhruidh.


L. Br20:1


Ansin dochuádar clann Israel
uile amach, agus do chruinni-
gheadar an comhchruinniughadh a
bhfochair a chéile amhuil énduine
amháin, ó Dhan go Beerséba maille re
tír Ghilead, chum an Tighearna a Mis-
peh.


L. Br20:2


Agus do thaisbénadar uaisle
an phobail, threabha Israel uile, íad féin
a ccomhchruinniughadh mhuinntire Dé, ceithre
chéd míle coisigh do tharruing cloidheamh.


L. Br20:3


(Annois dochúaladar clann Bhen-
iamin go ndeachadar clann Israel súas
go Mispeh.) Ansin adubhradar clann
Israel, innis dúinn cionnus dobhí an tolcso.


L. Br20:4


Agus do fhreagair an Lebhíteach, fear
na mná do marbhadh, agus adubhairt,
tháinic misi go Gibeáh noch is le Benia-
min, mé féin agus mo leannán do gha-
bháil lóistín.


L. Br20:5


Agus do éirgheadar muintir
Ghibeah am aghaidh, agus tangadar
timchioll an tighe orum san noidhche, agus
do bhreathnuigheadar mo mharbhadh: agus
deígnigheadar mo leannán, ionnus go
bhfúair sí bás.


L. Br20:6


Agus do ghlac misi mo leannán,
agus do gheárr mé na píosuighibh í, agus
do chuir mé ar feadh chríche oighreachda Israel
í: óir dorinneadar míghníomh agus
leimhe a Nisrael.


L. Br20:7


Féchuidh, is clann Israel sibh uile,
tugaidh bhur tteagasg, agus bhur
ccomhairle uaibh annso.


L. Br20:8


Agus deírgheadar an pobal uile
mar énduine amháin, ghá rádh, ní ra-
cham énduine dá lóistín, ní mó fillfiom
énduine dhá thigh:


L. Br20:9


Acht annois s éso ní dodhéanam
ré Gibeah, rachum súas lé crannchar na
haghaidh.


L. Br20:10


Agus béaram deichneamhar as
a ccéad ar feadh uile threabh Israel, agus
céd as a míle, agus míle as na deich míle,
do bhreith lóinn chum an pobal, chor go
ndénuid, anúair thiocfaid go Gibeáh
Bhenaimin, do réir anuile leimhe dar
oibrigheadar ann Israel.


L. Br20:11


Marsin dobhádar clann Israel
uile arna gcruinniughadh anaghaidh na
caithreach ceangailte dhá chéile amhuil
énduine amháin.


L. Br20:12


Agus do chuireadar treabha
Israel uile daóine ar feadh threibhe Bhen-
iamin, dhá rádh, cread an tolcso do
rinneadh bhur measc?


L. Br20:13


Annois ar anadhbharsin seacha-
duigh dhúinne na daoine, clann Bhélial
atá a Ngibeáh, go ccuirmís chum báis
íad, agus go ccuirmís an tolc amach
as Israel: achd ní thugadar clann Bhen-
iamin éisteachd do ghlór a ndearbhráith-
reach, clann Israel.


L. Br20:14


Acht do chruinnigheadar clann
Bheniamin íad féin a cceann a chéile a-
mach as na caithreachaibh go Gibeáh, do
dhul amach chum catha anaghaidh chloinne
Israel.


L. Br20:15


Agus do háirmheadh do chloinn
Bheniamin san namsin amach as na
caithreachaibh, fithche agus sé mhíle fear
do tharruing cloidheamh, táobh amuich dáit-
reabhaibh Ghibeáh, noch do comáirmheadh
seachd ccéd fear toghtha.


L. Br20:16


A measc an phobailso uile do
bhádar seachd ccéd fear toghtha clí lá-
mhacha, agus gach áon díobhso cumu-
sach ar chloich do chaitheamh as crann
tábuill fa leathad ruibe, agus gan a
sheachna.


L. Br20:17


Agus do háirmheadh fir Israel
uile, táobh amuigh do Bheniamin, ceithre
chéd míle fear do tharruing cloidheamh:
dobhádar so uile na luchd cogaidh.


L. Br20:18


Agus déirgheadar clann Is-
rael, agus dochúadar súas go tigh
Dé, agus díarradar comhairle ar
Dhía, agus adubhradar, cía haguinn
rachus súas ar ttús do throid a
naghaidh chloinne Beniamin? agus adubh-
airt an Tighearna, rachaidh Iúdah ar
ttús.


L. Br20:19


Agus déirgheadar clann Israel
súas ar maidin, agus dorinneadar
campa ré haghaidh Ghibeáh.


L. Br20:20


Agus dochúadar fir Israel
amach chum catha anaghaidh Bheniamin,
agus do chuir fir Israel íad féin a
nórdughadh na naghaidh do throid ag Gi-
beáh.


L. Br20:21


Agus tangadar clann Bhenia-
min amach as Gibeáh, agus do mhar-
bhadar síos go talumh do na Hisraelítibh
an lásin fithche agus dá mhíle
fear.


L. Br20:22


Gidheadh do mheisnigheadar an po-
bal fir Israel íad féin, agus do
chuireadar a gcath arís a nórdughadh
ann sanáit ar chuireadar íad féin a
nórdughadh an chéd lá.


L. Br20:23


Agus dochúadar clann Israel
súas, agus do ghuileadar a lathair an
Tighearna go tráthnóna, agus díar-
radar comhairle ar an TTighearna, dhá
rádh; an racha misi súas arís chum
catha anaghaidh chloinne Beniamin mo
dhearbhrathair, agus adubhairt an Tighearna,
téighidh súas na aghaidh.


L. Br20:24


Agus tangadar clann Israel
a bhfogus anaghaidh chloinne Beniamin
an dara lá.


L. Br20:25


Agus dochuáidh Beniamin amach
na naghaidhsion as Gibeáh an dara lá,
agus do mharbhadar arís do chloinn Is-
rael síos go talumh ochd míle dhég fear;
do thairrngiodar so uile cloidheamh.


L. Br20:26


Annsin dochúadar clann Is-
rael uile, agus an pobal uile súas,
agus tangadar go tigh Dé, agus do
ghuileadar, agus do shuigheadar annsin
as coinne an Tighearna, agus do throis-
geadar an lásin go tráthnona, a-
gus dofráladar íodhbairt loisge, agus
ofrála síothchána a bhfiaghnuise an Tigh-
earna.


L. Br20:27


Agus dfíafruigheadar clann
Israel don Tighearna, (óir dobhí Aírc
chunnartha Dé annsin ansna láethibh-
sin.


L. Br20:28


Agus do sheas Phinehas mhac
Eleásair mhic Aaron dá lathair sna la-
ethibhsin) gha rádh, an racha mé amach
arís chum catha anaghaidh chloinne Ben-
iamin mo dhearbhrathair, nó an sguirfidh mé?
agus adubhairt an Tighearna, imthigh
súas: óir amárach toibheoruidh
misi ad láimh íad.


L. Br20:29


Agus do chuireadar Israel
luchd luidheacháin timchioll fágcuáirt
Ghibeáh.


L. Br20:3o


Agus dochúadar clann Israel
súas anaghaid chloinne Beniamin an
treas lá, agus do chuireadar íad féin
a nórdughadh catha anaghaidh Ghibeáh
mar na huáiribh oile.


L. Br20:31


Agus dochúadar clann Bhenia-
min amach anaghaidh an phobail, agus
do táirngeadh ón ccathruigh amach íad,
agus do thosuigheadar ar na daoinibh
do bhualadh, agus a marbhadh mar na
huairibh oile, annsna slighthibh móra (téid
slighe dhíobh súas go tigh Dé, agus an
tslighe oile asteach go Gibheah annsa
machaire) timchioll thríochad fear do
Israel.


L. Br20:32


Agus adubhradar clann Bhen-
iamin, atáidso arna mbúaladh fós
romhuinn mar an ccéd uair: achd adubhra-
dar clann Israel, teithiom rompa,
agus táirngeam ón ccathruigh íad,
chum na slighe móire.


L. Br20:33


Agus déirgheadar fir Israel
uile súas as a náitibh, agus do chuirea-
dar íad féin a nórdughadh catha ann
Baal-támar: agus tangadar lui-
dheacháin Israel amach as a náitibh, eadhon
as móinfhéruibh Ghibeah:


L. Br20:34


Agus tangadar anaghaidh
Ghibeah deich míle fear toghtha amach as
Israel uile, agus dobhí an cath doil-
ghe; achd cheana ni raibh a fhios aca go
raibh olc a bhfogus dóibh.


L. Br20:35


Agus do claóidh an Tighearna
Beniamin roimhe Israel, agus do mhar-
bhadar clann Israel do na Beniamítea-
chaibh an lásin, fithche agus cúig
mhíle agus céd fear: do thaírngio-
darso uile cloidhiomh.


L. Br20:36


Marsin dochonncadar clann bhen-
iamin gur cláoidheadh íad féin: oir do
léigiodar fir Israel na Beniamitigh
orra, do chionn go raibh dóigh aca as
na luigheachanuibh do chuireadar gacha tao-
bha do Ghíbeáh.


L. Br20:37


agus dorinneadar na luidheacháin
deithnios chuca; agus do lingeadar ar
Ghibeah, agus ar ttabhairt comhartha
úatha, do bhúaileadar an chathair uile le
fáobhar an chloidhimh.


L. Br20:38


Annois dobhí comhartha cinnte
eidhir fhearuibh Israel agus na luidheacháin,
go ndénaidis lasair mhór maille re dea-
tuighe ag eírge suás as an gca-
thruigh.


L. Br20:39


Agus anúair do iompoigheadar
fir Israel ar a nais ann sa ccath, do
thionsguin Beniamin timcioll thríochad fear
Dísrael do mharbhadh; óir adubhradar, go
deimhin atáid síad ar fágbháil romhuinn,
amhuil is annsa chéad chath.


L. Br20:40


Acht anúair do thionsguin an
lasair éirghe súas as an ccathruigh,
maille re néull deatuigh, damhairceadar na
Beniamithigh na ndiáigh, agus féch, do
éirigh lasair na caithreach súas go
neamh.


L. Br20:41


Agus anúair do fhilleadar fir
Israel arís, do ghabh uathbhás fir
Bheniamin; óir dochonncadar go
ttáinig olc chuca.


L. Br20:42


Uimesin do iompoigheadar a
ccúl roimhe chloinn Israel a slighe an
nfásaigh, achd rug an cath orra: agus
do mharbhadar ann a lár an luchd tháinic
amach as no caithreachaibh oile.


L. Br20:43


Marso do íadhadar tim-
chioll na Mbeniamíteach fa gcúairt,
agus do thiomáineadar íad, agus do
shaltradar orra siós gan docamhal,
thall as coinne Ghibeah leath re heírghe
na gréine.


L. Br20:44


Agus do thuit annsin do Bhen-
iamin ochd míle dhéag fear; fir chalma
íadso uile.


L. Br20:45


Agus do fhilleadar, agus do
theitheadar leath ris an bhfásach go
carruig Rimmon: agus do dhióghloma-
dar dhíobh ar na slighthibh móra cuig mhíle
fear, agus do leanadar orra go dain-
gean go Gídom, agus do mharbhadar
dhá mhíle fear dhíobh.


L. Br20:46


Iondus gurbé ar thuit do
Bheniamin an lásin, fithce agus
cúig mhíle dég fear do tharruing cloi-
dheam: fir chalma íadsin uile.


L. Br20:47


Ach do fhilleadar sé chéad
fear, agus do theitheadar chum an nfás-
aigh go carruig Rimmon: agus dfana-
dar a gcarruig Rímmon ceithre
mhí.


L. Br20:48


Agus do iompoigheadar fir
Israel arís ar chloinn Bheniamin, agus
do mhuigheadar íad le faobhar an chloi-
dhimh, araon daoine gacha caithreach,
agus an tainmhidh, agus fós anuile ní
dá bhfuáradar: do chuireadar mar an
gcéadna na caithreacha uile, mar a
ttangadar tré theinidh.


L. Br21:1


Anois tugadar fir Israel
mionna a Mispeh, dhá rádh,
ní thiubhra éinneach aguinne a
inghean do Bheniamin na
mnaoi.


L. Br21:2


Agus tangadar an pobal go
tigh Dé, agus dfanadar ann go nóin
a lathair Dé, agus do thógbhadar suás
a nguth, agus do guileadar go
gér.


L. Br21:3


Agus adubhradar, a Thighearna
Día Israel, cred fá ttárla so ann
Israel, go mbíath aniugh treabh desbhuigh
ann Israel?


L. Br21:4


Agus tárla arna mhárach gur
éirgheadar an pobal go moch, agus go
ndeárnadar altóir annsin, agus gur
ofráladar íodhbuirt loiste, agus
ofráil shíothchána.


L. Br21:5


Agús adubhradar clann Israel,
Cía atá a measg uile threabha Israel, nach
ttáinic súas ris an ccomhchruinniughadh
chum an Tighearna? óir thugadar mionna
móra a ttaobh an té nach dtáinic súas
chum an Tighearna go Mispeh, gha rádh,
cuirfigear go deimhin chum bháis é.


L. Br21:6


Agus do ghabh aithreachus clann
Israel fa na ndearbhrathair Beniamin,
agus adubhradar, atá treabh ar na
gearrad thríd amach ó Israel a
niugh.


L. Br21:7


Cred dhéanam fa mhnáibh don mhéid
mhairios, do bhrígh go ttugamar an
Tighearna mar mhionnuibh, nach dtiubhra-
maois ar ningheana dhóibh mar mnáibh?


L. Br21:8


Agus adubhradar, cía an
duine do threibh Israel nach dtáinic súas
go Mispeh chum an Tighearna? agus
féch, ní thaínic éinneach don champa ó
Iabes-Gílead chum an chomhchruinnigh.


L. Br21:9


Oír do háirmheadh an pobal, agus
féch ní raibh éineach do áitreabaibh Iabes-
gílead annsin;


L. Br21:10


Agus do chuireadar an comh-
chruinniughadh uátha annsin dhá mhíle dhég
fear don droing bá beódha dhíobh, agus
daithnigheadar dhíobh, ga rádh, eírgidhe,
marbhuidh áitreabhuigh Iabes-gílead le fao-
bhar an chloidhim, na mná fós agus
na leanba.


L. Br21:11


Agus séso an ní dodhéntaoi,
scriosfuidhe thríd amach gach uile fheardha
agus gach uile bhannda do luigh le
fear.


L. Br21:12


Agus fuáradar a measc
áitreabhach Iabes-gílead ceithre chéd
maighdion ógmhná ag nach raibh fios fir
le luighe re fear ar bith: agus tuga-
dar leó íad don champa go Síloh, noch
atá a ttír Chánaan.


L. Br21:13


Agus do chuireadar an comhchrui-
nniughadh uile daóine do labhairt re coinn-
Bheniamin, noch dobhí ar charruic Rim-
mon dá ngairm go síothchánta.


L. Br21:14


Agus táinic Beniamin arís
san namsin, agus tugadar na mná dhóibh
noch do chumhdaigheadar beó do mhnáibh
Iabes-gílead: gidheadh fós ní thugadar
marsin a ndíol dóibh.


L. Br21:15


Agus do ghabh aithrechus an
pobal fá Bheniamin, do chionn go ndeárna
an Tighearna briseadh a ttreabhuibh
Israel.


L. Br21:16


Annsin adubhradar seanóirigh
an chomhchruinnigh, cred dodhénam dfa-
gháil ban don mhéid mhairios, ó scriosadh
na mná as Beniamin?


L. Br21:17


Agus adubhradarsan, cai-
thfighior oighreachd do bheit ag an mhéid do
chuaidh as do Bhenaimin, chor nach scrios-
tar amach a ttreabh ó Israel.


L. Br21:18


Gídheadh ní fhéadmaoid mná do
thabhairt dóibh dar ningheanuibh féin, óir thu-
gadar clann Israel mionna, dhá rádh,
go ma malluigh an té bhérus bean do
Bheniamin.


L. Br21:19


Annsin adubhradarsan, féch,
ata fésta don Tighearna a Síloh gacha
bliaghna, noc atá don táobh thuáigh do
Bhetel, don táoib shoir don tslighe
mhóir, noch téid súas ó Bhetel go
Schechem, agus táobh ó dheas do
Lebonah.


L. Br21:20


Uimesin do aithnigheadar do chloinn
Bheniamin, gha rádh, éirghidh, agus cuirigh
luidheachán ansna fíneamhnuibh:


L. Br21:21


Agus féchuidh, agus tugaidh
aire má thigid ingheana Shíloh amach
do dhénamh ringthe, annsin tigidhsi amach
as na fíneamhnuibh, agus glacadh gach
énduine aguibh a bhean féin dingheanuibh
Shíloh, agus éirgidhe go tír Bhenia-
min.


L. Br21:22


Agus is amhluigh bhias, anuair
thiocfaid a naithre, nó a ndearbhráithre
do chasaóid rinne, go naibhéoram ríu,
bithí muinteardha ríu air ar soinne, do
chionn nar shábhálamar a bhean féin dá gach
nduine annsa chogadh; óir ní sibhsi thug
dhóibh anuairsi, as go mbíadh sibh
ciontach.


L. Br21:23


Agus dorinneadar clann Bhen-
iamin marsin, agus tugadar mná
chucha do réir a nuibhre don luchd bhí ag
damhsa, noch air a rugadar: agus dimthigh-
eadar, agus dfilleadar dá noighreachd,
agus do athnuaidheadar na caithreacha, a-
gus do áitreabhadar ionta.


L. Br21:24


Agus dimthigheadar clann Israel
rompa as sin an tansin, gach áon dá
threibh féin, agus chum a mhuintire, a-
gus dimthigheadar amach assin gach
áon dá oighreachd féin.


L. Br21:25


Ní raibh Rígh ar bith a Nís-
rael ansna láethibhsin; doníodh gach
nduine an ní budh toil leis féin.


L. Rt



LEABHAR RUT


L. Rt1:1


Anois tárla annsna laéthibh a
rabhadar na breitheamhuin na
nuachtaránuibh, go raibh gorta
sa dúithche; agus dochuáidh
duine áirigh do Bhetelem-Iúdah
do chomhnuidhe go tír Mhoab, é
féin agus a bhean agus a dhías mac.


L. Rt1:2


Agus dobé ainm an duine E-
limelech, agus ainm a mhná Noami,
agus ainm a dheisi mac Mahlon a-
gus Chilion, Ephratitigh ó Bhethlehem-
Iúdah: agus tangadar asteach go
dúthaigh Mhóab, agus dfanadar ann-
sin.


L. Rt1:3


Agus fuáir Elimelech fear
Noami bás, agus do fágbhadh ise a-
gus a días mac.


L. Rt1:4


Agus do ghabhadarsan mná
cuca féin, do mhnáibh Mhóab: Orpah
dob ainm do mhnaói dhíob, agus Rút
ainm na mná oile: agus do chomhnui-
gheadar annsin timchioll dheich mblíadhan.


L. Rt1:5


Agus fuáir mar an ccédna,
Mahlon agus Chilion bás araon: a-
gus do fágbhadh an bhean gan mhaca gan
fhear.


L. Rt1:6


Annsin do éirigh sí maille re
na bainchleamhnuibh, chor go bhfilleadh sí
as tír Mhoab: óir dochúalaidh sí
a ttír Mhoab, mar do fhiosruigh an
Tighearna a phobal le tabhairt aráin
dóibh.


L. Rt1:7


Uime sin dochuáidh sí amach as
anáit ann a raibh sí, agus a días
baincleamhna lé, agus do ghluáisio-
dar san tslighe do dhul tar a nais go
tír Iúdah.


L. Rt1:8


Agus adubhairt Noami rena
días bhainchleamhnuibh, éirgidhe filleadh gach
aon aguibh go tigh a mathar, go ndér-
na an Tighearna go trócaireach ribh, mar
dorinneabhairsi ris na marbhuibh, agus
riomsa.


L. Rt1:9


Go ttugaidh an Tighearna dhaóibh
suaimhneas dá gach áon aguibh a ttigh a
fir: annsin do phóg sí íad, agus do
thógbhadarsan súas a nguth, agus do
ghuileadar.


L. Rt1:10


Agus adubhradar ría, go
deimhin fillfimne leacht a gcionn do
dhaóine.


L. Rt1:11


Agus adubhairt Noamí, fillidh
a ingheana, cred fa rachaidh sibh liom-
sa? an bhfuilid fós mic am bhroinnse do
bhíadh na bhfearuibh aguibh?


L. Rt1:12


Fillidh, a ingheana, imthighidh romh-
uibh; óir atáimsi rofhoirfe do bheith
ag fear: dá nabruinn, atá dóthchus a-
gum da mbeith fear agum fós anocht,
agus fós go mbéruinn mic:


L. Rt1:13


An bhfanfadh sibhsi ríu, nó go
bhfásaidís? an bhfanfadh sibh ríu ó
fhearuibh do bheith agaibh? ni headh a inghea-
na, óir goillidh orum go mór ar bhur
sonsa, go ndeachaidh lámh an Tighearna
amach am aghaidh.


L. Rt1:14


Agus do thógbhadarsan a
nguth ós áird, agus do ghuileadar arís:
agus do phóg Orpah a mathair, acht do
cheangail Rút ría.


L. Rt1:15


Ar anadhbharsin adubhairt
sisi, féch dfill do choimhchliamhuin ar a
hais a ccionn a daoine, agus a gcionn
a dée; fillsi a ndiaigh do choimhchleamh-
na.


L. Rt1:16


Agus adubhairt Rút, ná híarr
orum thfágbháil, nó filleadh ó bheith ad
leanmhuin: óir gidhbé áit a racha tú,
racha mé ann; agus mar a ngébha tú
lóistín is ann bhíadsa: is íad do dhaoi-
ne bhus daoine dhamhsa, agus do Dhía
bhus Día dhamh:


L. Rt1:17


Mar a bhfuighe tú bás is ann
éagfadsa, agus is annsin adhlaicthear
mé: go ndeárna an Tighearna marsin
liomsa, agus fós níis mó, má dheal-
uighionn éinní acht bás riot mé.


L. Rt1:18


Anuair dochonnairc si go raibh
sí comhdhaingion sin aninntinn chum dul
lé, annsin níor labhair sí níis mó ría.


L. Rt1:19


Marsin do imthigheadar araon,
nó go ttangadar go Betlehem: a-
gus tárla anuáir thangadar go
Betlehem, gur buaidhreadh an chathair
uile na ttimchioll, agus go nabrai-
dís, ní so Naomi?


L. Rt1:20


Agus adubairt sisi ríu, ná
goiridh Noami dhíomsa, goiridh Mára
dhíom: óir do roinn an tuilechumhachtach
go roishearbh rium.


L. Rt1:21


Dochuáidh mé amach lán, agus
thug an Tighearna don bhaile mé arís
folumh; uime sin cred fa ngoirthí No-
ami dhíom, ó rinne an Tighearna fiaghn-
uise amaghaidh, agus gur smachtuigh an
tuilechumhachtach mé?


L. Rt1:22


Marsin do fhill Noami, agus
Rút an Móabiteach a bainchliamhuin ma-
ille ría, noch do fhill as tír Mhóab,
agus tangadar go Betlehem a tto-
sach fhóghmhair na héorna.


L. Rt2:1


Agus dobhí fear gaóil ag
Noami a ttaobh a fir, duine
cumhachtach a saidhbrios do
shliocht Elimelech, agus
asé dob ainm dhó Boas.


L. Rt2:2


Agus adubhairt Rút an Moabí-
teach re Noami, léig dhamhsa anois dul
fan machaire, chum désa arbha do dhiogh-
luim a ndiáigh an té a bhfagha mé grá-
sa iona radharc: agus adubhairt si-
si ría, imthigh a inghean.


L. Rt2:3


Agus do imthigh sisi, agus
tháinic sí, agus dobí ag díoghluim
déus a ndiaigh na mbuanaigh annsa ma-
chaire: agus tárla a ndán di teagmháil
ar an gcuid don mhachaire, noch fa le
Boas, noch dobhí do shliocht Elime-
lech.


L. Rt2:4


Agus féch, tháinig Boas ó Bhet-
lehem, agus adubhairt ris na buan-
uighibh, go raibh an Tighearna maille
ribh: agus do fhreagradarsan é, ghá
rádh, go mbeanuigh an Tighearna thusa.


L. Rt2:5


Annsin adubhairt Boas re na shear-
bhfhoghantuigh do fhuirigh ós cionn na
meithle, cia ar leis an cailínsi?


L. Rt2:6


Agus do fhreagair an searbhfoghan-
tuigh do cuireadh ós cionn na meithle,
agus adubhairt; ag so cailín an
Mhóabítigh tháinic ar a hais as tír
Mhóab lé Noami:


L. Rt2:7


Agus adubhairt sí, guidhim tú,
léig dhamh désa do dhioghluim agus do thionól
a ndíaigh na meithle a measc na bpun-
ann: mar sin dotháinic sí, agus dfan
ó mhaidin gus anois, acht gur fhan
sí tamall beag annsa tigh.


L. Rt2:8


Annsin adubhairt Boas re Rút,
nach ccluin tú, a inghean? ná héirigh
do dhioghluim air áon mhachaire oile, agus
ná fág so, acht fan annso go dain-
gion anaice mo chailíneadhsa.


L. Rt2:9


Bídís do shúile ar an machaire
a mbéid síad ag buáin, agus lean íad:
nachar fhúagair misi do na hogánuibh
gan buáin riot? agus anuáir bhías
tart ort, imthigh chum na soitheach, a-
gus ibh deoch as an ní do thairngio-
dar na hóganuigh.


L. Rt2:10


Annsin do thuit sisi air a ha-
ghaidh, agus do umhluigh sí í féin gus
an ttalamh, agus adubhairt ris, cred
fá bhfuáir misi grása ann do radharc,
as a mbérthá aithne orum, agus mé
am coimhitheach?


L. Rt2:11


Agus do fhreagair Boas, agus
adubhairt ría, do taisbeanadh dhamhsa go
hiomlán anuile ní dá ndérna tú dot
bhainchliamhuin ó fuair thfear bhás: agus
mar dfág tú hatair, agus do mhathair
agus an tír ann ar rugadh thú, agus
mar tháinich tú a ccionn daoine narbhait-
tnid duit roimheso.


L. Rt2:12


Go ccúitigh an Tighearna
do shaothar riot, agus go bhagha
tú luaidheacht iomlán ón Tighearna Día
Israel, a ttáinic tú fa na sciathánuibh,
do chur dóthchuis ann.


L. Rt2:13


Annsin adubhairt sí, faghaim fa-
bhar ad lathair a Tighearna do chionn go
ttug tú sólás damh, agus gur la-
bhair tú go muinteardha red sheirbhiseach,
matá nach bhfuilim cosmhuil re haon dot
chailínibh féin.


L. Rt2:14


Agus adubhairt Boas ría, tárr
annso anaimsir bhídh, agus ith don narán,
agus tum do ghreim annsa bhfinéagra.
Agus do shuigh sí láimh ris na buanaighibh,
agus do sheachuid seision grán doíte dhi,
agus duaidh sí go raibh sí sáitheach
agus gur fhág sí fuighioll.


L. Rt2:15


Agus anuair do eírií sí suas
do dhioghluim, do áitin Boas dá óganchuibh
ga rádh, ná bacaidh dhi dioghluim do
dhéanamh a measc na bpunnann, agus ná
cuiridh naíre uirre.


L. Rt2:16


Agus léigidh tuitim do chuid do
na dórnanuibh ar lár déantoisg roimpe,
agus fágbhuidh iad, go ndioghluimuidhsi
iad, agus na hathisigidh í.


L. Rt2:17


Marsin dorinne sí dioghluim
annsa machaire go tráthnóna, agus do
lom sí ar dhioghluim sí, agus dobhí
sé timchioll Ephah eórna.


L. Rt2:18


Agus do thóg sí ar a muin é,
agus dochúaidh don chathruigh: agus ar
bhfaicsin dá mathairchliamhuin ar dhio-
ghluim sí, agus gur tharruing sí amach
agus go ttug dhi ar thaisgidh sí déis
bheith sáitheach.


L. Rt2:19


Adubhairt a mathairchlíamuin riá,
cáit a ndeárna tú dioghlum aniugh?
agus cáit ar sháorthaigh tú? go madh
beannuigh an té do chuir aithne ort; agus
dinnis sisi dá mathairchlíamhuin cía a
bhfochair ar dhioghluim sí sin, agus
adubhairt sí, asé ainm an té a bhfochair
ar sháorthuigh mé aniugh, Boas.


L. Rt2:20


Agus adubhairt Noami ré na
bainchlíamhuin, go madh beannuigh eision ón
TTighearna, noch nar dhearmuid a chinéul
don bheó, agus don mharbh: agus
adubhairt Noami ría, atá an té sin fo-
gus a ngháol dúinn, áon do na dáoinibh
gáoil foigsi dhúinn.


L. Rt2:21


Agus adubhairt Rút an Moa-
bíteach, adubhairt sé fós riom, caithfidh
tú bheith go daingion láimh rem ógána-
chaibh, nó go ccríochnuighid síad mfogh-
mhar uile.


L. Rt2:22


Agus adubhairt Noami re na
bainchliamhuin Rút, is maith dodhéana
tusa a inghion dul amach lena chailínibh-
sion, chor nach tteagmhaid riot
anéanmhachaire oile.


L. Rt2:23


Marsin dfan sí go cinnte a
bhfochair chailíneadh Bhoas do dhioghlum go
deireadh foghmhair na heórna, agus fogh-
mhair na cruithneachta: agus dorinne sí
comhnuighe a bhfochair a mathairchleamhna.


L. Rt3:1


Ansin adubhairt Noami a
mathairchliamhuin ría, a inghean,
nach íarrfa misi suaimhnios
duitsi, chor go mbeithear go
maith agad?


L. Rt3:2


Agus anois nach bhfuil Boas dar
ccineadhne, a raibh tusa a bhfochair a
chailineadh? féach bíaidh sé ag cáthadh
eórna anocht ar urlár an bhúailte.


L. Rt3:3


Nigh thú féin ar anadhbharsin,
agus ungaidh thú féin, agus cuir héa-
dach umad, agus eírigh síos chum
anurlaír, acht ná léig haithne chum anó-
glaich, nó go sguiridh sé dithe
agus dól.


L. Rt3:4


Agus is amhluigh bhías, anuáir
luidhfios sé síos, go gcuirfe tusa
comhartha ar anáit a luighfe sé, agus
rachaidh tusa asteach, agus tóg an
téadach dá chosuibh, agus luigh síos,
agus inneosuidh sé dhuit cred dhénas
tú.


L. Rt3:5


Agus adubhairt sisi ría, gacha
nabair tú riom dodhén é.


L. Rt3:6


Agus dochuáidh sí siós chum
an láir, agus dorinne gach ní dá
ndubhairt a mathairchliamhuin ría.


L. Rt3:7


Agus anuair a duáigh agus dibh
Boas ní, agus go raibh a chroidhe
súgach, docuaidh sé a luidhe láimh ré
cárn anarbha, agus tháinic sisi go
mín, agus do nócht sí a chosa, agus do
luigh sí síos.


L. Rt3:8


Agus tárla san meadhon oidhche,
go raibh eagla ar anóglac, agus do
iompóigh é féin; agus féach, dobhí
bean na luidhe agá chosuibh.


L. Rt3:9


Agus adubhairt seision, cía thusa?
agus do fhreagair sisi, atáimsi Rút do
bhanóglach; cuir ar anadhbharsin do
chuim air do bhanógluigh, óir is brathair fo-
gus gáoil tú.


L. Rt3:10


Agus adubhairt seision, go
madh beannuigh bhías tusa ón Tighearna, a
inghean: óir is mó an cineul do thaisbein
tú fá dheireadh ná ar ttosach, do bhrígh
nár lean tú dáoine óga, madh saidhbhir
no daidhbhir.


L. Rt3:11


Agus anois, a inghean, ná
bíodh eagla ort, dodhéna misi dhuit
gach énní íarrus tú: óir atá a fhios
ag cathair mo dháoineadhsi uile gur bean
shubhailceach thú.


L. Rt3:12


Agus annois is fíor gur bra-
thair fogus gáoil duit misi: acht ceana
atá brathair as foigsi ná mé.


L. Rt3:13


Fan anocht, agus is eadh bhías
de ar maidin, má choimhlíonann sé dhuitsi
an ní is dúal do bhrathair gáoil, bhíodh go
maith, dénadh sé mar is dúal do bhra-
thair gaóil: acht muna ndérna sé dhuit
mar is dúal do bhrathair gáoil, annsin
dodhéna misi dhuit mar is dúal do bhrathair
gaoil, fá mar mhairios an Tighearna: luidh
síos go maidin.


L. Rt3:14


Agus do luidh si agá chosuibh go-
maidin; agus déirigh sí suil dob
eídir le duine aithne do breith ar dhuine
seach a chéile: agus adubhairt seision,
ná bíodh a fhios go ttáinic bean
fánúrlar.


L. Rt3:15


Agus adubhairt sé mar an
gcéadna, tabhair leacht an bhraithlín atá
agad umad, agus connuimh í: agus anuair
do chonnuimh sí í, do thomhuis seision
sé miosúir eórna, agus do chuir air
a muin íad: agus dimthigh sí don
chathruigh.


L. Rt3:16


Agus anúair tháinic sí chum a
mathairchleamhna dubhairt sí, cía thusa
a inghean? agus dinnis sisi dhi gacha a
ndérna an tóglac ría.


L. Rt3:17


Agus adubhairt sí, thug sé
na sé miosúir eórnaso dhamh; óir adubhairt
sé riom, ná héirigh folumh a ccionn do
Bhainchleamhna.


L. Rt3:18


Annsin adubhairt sisi, suigh go
suáimhneach, a inghion, nó go bhfeasa tú
cionnus rachus an chúis: óir ní bhía an
tóglach suáimhneach, nó go ttuga sé
na neithesi a gcríc aniugh féin.


L. Rt4:1


An sin dochúaidh Boas súas
chum an gheata, agus do
shuigh sé síos annsin: agus
féach, tháinic an brathair air ar
labhair Boas, re na thaobh;
adubhairt seision ris, hó thusa, gabh a
leith suigh síos annso: agus dotháinic
seision, agus do shuigh sé síos.


L. Rt4:2


Agus do ghoir sé dhá fhear dhéag
do shinnsearuibh na caithreach, agus adu-
bhairt, suighidh síos annso: agus do
shuigheadar síos.


L. Rt4:3


Agus adubhairt seision ris an
mbrathair gáoil, atá Noami noch do
fhill arís as tír Mhoab ag reic
fóidín dúithche bhá lé ar mbrathair Elime-
lech.


L. Rt4:4


agus do smúain misi a innisin
duitsi, gha rádh, ceannuigh é a lathair na
náitreabhachso, agus a lathair shinsior mo
phobuil: má fhúasglann tú é, fuasguil
é; acht muna bhfuasgla tú é, annsin
innis damhsa go a mbía a fhios agum: óir
ní bhfuil éanduine ré a fhuasgladh acht tusa,
agus atáimsi ad dhiaigh; agus adu-
bhairt seision, fuaisgeola misi é:


L. Rt4:5


Annsin adubhairt Boas, gidhbé
lá cheinneochus tú an fearann as láimh Noa-
mi, caithfidh tú mar an gcéadna a
cheannach ó Rút, an Moabiteach, bean an
mhairbh, do thógbháil anma an mhairbh súas ar
a oighreacht.


L. Rt4:6


Agus dubhairt an brathair, ni fhéa-
duimsi a fhúasgladh dhamh feín, deagla
go millfinn moighreacht féin: fuásguilsi
mo cheartsa dhuit féin, óir ní féaduimsi a
fhúasgladh.


L. Rt4:7


Annois bá é so fa gnáth san
teanamisir ann Israel a ttáobh fhúasgal-
ta agus a ttáobh malairte do dhaing-
niughadh anuile neithe; do bheanadh dui-
ne a bhróg dhe, agus dobheireadh dá
chomharsuinn í; agus bhá fíadhnuisi so ann
Israel.


L. Rt4:8


Uime sin adubhairt an fear gáoil
re Boas, ceannuigh dhuit feín é: mar sin
do tharruing sé a bhróg dhe.


L. Rt4:9


Agus adubhairt Boas ris na
sinnsearuibh, agus ris an bpobal uile,
as fiaghnuisi sibhsi aniugh gur cheannuigh
misi anuile ní ba le Elimelech, agus an
mhéid ba lé Chílion agus le Mahlon
as láimh Noami.


L. Rt4:10


Mar an gcédna do cheannuigh mé
Rút an Moabiteach, bean Mhahlon mar
mhnáoi dhamh feín, do thógbháil anma an
mhairbh súas iona oighreacht, ionnus nach
gearrfuidhe ainm an mhairbh amach ó na dhear-
braithribh agus ó gheata a ionaid: is
fiaghnuise sibhsi san ló aniuigh.


L. Rt4:11


Agus adubhradar a raibh do
dhaóinibh annsa gheata, agus na seanóirigh,
is fiaghnuisi: go ndérna an Tighearna
an bhean tháinic dot thigh cosmhuil re Rá-
chel agus re Leah, noch is iad an
días sin do chuir súas tigh Israel:
agus déanasa go mórdha ann Ephrátah,
agus bí oirdheirc a Mbetle-hem.


L. Rt4:12


Agus bíodh do thigh amhuil tigh
Pháres, (noch rug Támar do Iú-
dah) don tsliocht dobheára an Tighear-
na dhuit ón mnáoi oígsi.


L. Rt4:13


Marsin thug Boas Rút, agus
dobhí na mnáoi aige, agus anúair do
bhí sé aice, thug an Tighearna toirrchios
di, agus rug sí mac.


L. Rt4:14


Agus adubhradar na mná ré
Noami, go madh beannuigh an Tighearna
nachar fhág thusa aniugh gan bhrathair gáoil,
chor go mbía a ainm oirdheirc Ni-
srael.


L. Rt4:15


Agus biáidh sé na fhear aisig ar
do sháoghal, agus na altruinn dot aóis
fhoirfe: óir si do inghean-chlíamhuin dorug
é, noch do ghrádhuigh thusa; noch is
feárr dhuitsi ná móirseisior mac.


L. Rt4:16


Agus do ghlac Noami an lea-
namh, agus do chuir ann a brollach é, agus
dobhí sí na banaltruinn aige.


L. Rt4:17


Agus tugadar na mná a
comharsanna, ainm air, ga rádh, rugadh
mac do Noami, agus tugadar Obed dainm
air: sé sin athair Iesse athair Dháibhi.


L. Rt4:18


Annois is íad so Ginealuigh Pha-
res, do ghin Phares Hesron,


L. Rt4:19


Agus do ghin Hesron Ram, agus
do ghin Ram Aminadab,


L. Rt4:20


Agus do ghin Aminadab Naason,
agus ghin Naason Salmon,


L. Rt4:21


Agus do ghin Salmon Boas,
agus do ghin Boas Obed,


L. Rt4:22


Agus do ghin Obed Iesse, agus
do ghin Iesse Dáibhi.


L. 1Sm1


AN CEAD LEABHAR DO SHAMUEL, DA
NGOIRTHIOR CEAD LEABHAR NA RIOGH


L. 1Sm1:1


Anois dobhí duine áirigh ó
Ramataim-sophim do shlíabh
Ephraim, agus dobé a
ainm Elcanah mhac Iero-
ham, mhic Elihu, mhic Tohu, mhic Suph,
Ephratíteach:


L. 1Sm1:2


Agus dobhádar días ban aige,
Hannah ainm mhná dhíobh, agus Peni-
nnah ainm na mná oile: agus dhobhí
clann ag Peninnah, acht ní raibh clann air
bith ag Hannah.


L. 1Sm1:3


Agus dothíagh an fearsa súas
as a chathruigh féin gacha bliadhna,
dadhradh agus do dhénamh íodhbartha do
Dhía na slúagh a Síloh: agus dobíad
dís mac Elí, Hophni agus Phí-
neas bá sagairt an Tighearna annsin.


L. 1Sm1:4


Agus anuáir dobhí an tam a
ndérna Elcanah íodhbairt, thug sé roinn
do Pheninnah dhá mhnaoi, agus dá cloinn
mhac, agus inghean uile.


L. 1Sm1:5


Acht do Hannah thug sé roinn
dhúbalta: óir dobionmhuin leis Hanna
achd do dhruid an Tighearna a brú.


L. 1Sm1:6


Agus do fhearguidh a heascara
go mór í, dá chur ar cuthach, do bhrígh
gur dhruid an Tighearna a brú.


L. 1Sm1:7


Agus mar doníodh sé sin ga-
cha blíadhna, anuáir do thíagh sisi
súas go tigh an Tighearna, marsin do
bhuáidhreadh sí í; uimesin do ghuileadh sí,
agus ní itheadh sí éinní.


L. 1Sm1:8


Annsin adubhairt Elcanah a fear
ría, a Hannah cred fá nguilionn tú?
cred fá nach itheann tú bíadh? agus cred
fá bhfuil do chroidhe dubhach? nach
férr dhuit misi agad ná deithneamhar
mac?


L. 1Sm1:9


Annsin déirigh Hannah anuair
adúadar bíadh a Síloh, agus tar éis
íad deoch ól: anois dobhí Eli an
sagart na shuidhe ar stól láimh re
posta theampuill an tighearna.


L. 1Sm1:10


Agus dobhí sí lán do dhoil-
ghios inntinne, agus do ghuidh sí an
Tighearna, agus do ghuil sí go ghér.


L. 1Sm1:11


Agus thug sí móid, agus
adubhairt sí, a Tighearna na sluagh, má
fhéuchann tú dha ríribh ar bhuáidhreadh do
bhanóglaich, agus mo chuimhniughadh, a-
gus gan do bhanóglach do dhearmad,
achd go ttiubhra tú dot bhanóg-
laich leanamh mic; annsin dobhéra misi
don Tighearna é ar feadh uile láethe
a bheatha, agus ní racha sgían bhér-
rtha ar a cheann.


L. 1Sm1:12


Agus tárla mar dobhí sí ag
urnaigh a bhfad a lathair an Tighearna,
gur chomharthuigh Elí a béul.


L. 1Sm1:13


Annois do labhair Hannah ann a
croidhe, amháin gur chorruigheadar a
puisínigh, achd níor chlos a guth; uime
sin do shaóil Eli go raibh sí ar
meisge.


L. 1Sm1:14


Agus adubairt Elí ría, gá
fad bhías tusa ar meisge? cuir uáit
do chuid fíona.


L. 1Sm1:15


agus do fhreagair Hannah, a-
gus adubhairt, ní headh a Tighearna, achd
bean agá bhfuil a spiorad doilghiosach
mé; níor ibh mé fíon nó deoch láidir,
achd do dhóirt mé manam amach a la-
thair an Tighearna.


L. 1Sm1:16


Ná meas do bhanóglach do bheith
na hinghin ag Belial: óir is as io-
mad mo ghearáin agus mo dhoilgis do
labhair mé go ttí so.


L. 1Sm1:17


Annsin do fhreagair Elí agus a
dubhairt, imthigh a síothcháin, agus go
ndéonuigh Día Israel h athchuinge dhuit,
noch do íarr tú air.


L. 1Sm1:18


Agus adubhairt sisi, faghadh
do bhanóglach grása ad fhiaghnuisi:
marsin do imthigh an bhean roimpe, a-
gus duáigh sí bíadh, agus ní raibh a
gnúis duilbhir nísa mhó.


L. 1Sm1:19


Agus do éirgheadar súas ar
maidin go moch, agus do adhradar a
lathair an Tighearna, agus do fhilleadar,
agus tangadar dhá tigh go Rámah:
agus dobhí Elcanah agá mhnaoi Ha-
nnah, agus do chuimhnigh an Tighearna
uirre.


L. 1Sm1:20


Uimesin tárla anuáir thái-
nic anaimsir timchioll tar éis Ha-
nnah do bheith torrach, go rug sí mac,
agus thug Samuel dainm air, gha rádh,
do chionn gur íarr mé ar an TTighear-
na é.


L. 1Sm1:21


Agus dochuáidh an tóglach
Elcanah, agus a mhuintir uile súas
do dhénamh na hiodhbartha bliadhnamhla
don Tighearna, agus do choimhlíonadh a
mhóide.


L. 1Sm1:22


Acht ní dheachaidh Hannah súas:
óir adubhairt sí réna fear, ní racha
mé súas, nó go mbeantar an leanamh
do chígh, agus annsin béra mé liom é,
go ttaisbeantar a lathair an Tighearna
é, agus go bhfanaidh annsin go bráth.


L. 1Sm1:23


Agus adubhairt Elcanah a fear
ría; déna mar dochítear dhuit féin, fan
nó go mbeantar do chígh é, amháin go
ndaingnidh an Tighearna a fhocal: mar
sin do fhan an bhean, agus tug cíoch dá
mac nó gur oil sí é.


L. 1Sm1:24


Agus anuair do bhean do chígh
é, rug sí lé súas é maille re trí bu-
lóguibh, agus ephah phlúir, agus bui-
déul fíona, agus rug go tigh an
Tighearna a Síloh é: agus dobhí an
leanamh óg:


L. 1Sm1:25


Agus do mharbhadar bulóg, a-
gus tugadar an leanamh chum Elí.


L. 1Sm1:26


Agus adubhairt sí, ó a thigh-
earna, mar mhaires h anum, a thighearna,
is misi an bhean do sheas ad fhochair annso
ag guidhe an Tighearna.


L. 1Sm1:27


Ar son an leinimhsi dobhí mé
ag guidhe, agus thug an Tighearna math-
chuinge dhamh, noch do íarr mé air.


L. 1Sm1:28


Uimesin thug mé mar an gcéd-
na don Tighearna é, an feadh mhairfios
sé, fillfighthear chum an Tighearna é: a-
gus do adhair sé an Tighearna annsin.


L. 1Sm2:1


Agus do guidh Hannah, agus
adubhairt, atá mo chroidhe só-
lásach annsa Tighearna, do
hárduigheadh madharc annsa
Tighearna; do fairsingeadh mo bhéul ós
cionn mo námhad, do chionn go ngáirdi-
ghim ann do shlánughadhsa.


L. 1Sm2:2


Ní bhfuil éinneach náomhtha mar an
TTighearna: óir ní bhfuil ann achd thusa:
agus ní bhfuil carruig ar bith mar ar
Ndíanne.


L. 1Sm2:3


Ná labhruidh nísa mhó comh an-
uáibhreach sin, ná tigeadh díomus a-
mach as bhur mbéul: óir is Día eól-
gach an Tighearna, agus leision meas-
tar na gníomhartha.


L. 1Sm2:4


Do briseadh bogha na ndaóine ccu-
mhachdach, agus an luchd fuáir tuisleadh,
atáid criosluighthe le neart.


L. 1Sm2:5


Na daóine dobhí lán, do chuirea-
dar íad féin amach ar arán; agus
na daóine dobhí ocrach do shocrui-
gheadar; ionnus go rug an naimrid móir-
sheisear, agus an té agá raibh mórán
cloinne go bhfuil sí ar ndul a lai-
ge.


L. 1Sm2:6


Sé an Tighearna mharbhus, agus
aithbhéodhus: beiridh sé síos chum na
huaidhe, agus dobheir aníos.


L. 1Sm2:7


Sé an Tighearna doní daidhbhir,
agus doní saidhbhir: cuiridh sé síos,
agus tógbhuidh sé súas.


L. 1Sm2:8


Tógbhuidh sé an bochd as an
luáithreadh, agus tógbhuidh sé feair íara-
ta na déirce súas as an ccárnán
aóiligh, dá ccur na suidhe eidir phrionn-
sadhuibh, agus do thabhairt orra cathaóir
ghlóire do shealbhughadh: óir is leis an
TTighearna uáithnighe na talmhan, agus
do shuighe sé an domhan orra.


L. 1Sm2:9


Cuimhdeochuidh sé cosa a naomh,
agus béid na cionntuigh na ttochd an
ndorchadas: óir ní bhéra éinneach buáidh
le neart.


L. 1Sm2:10


Brisfighear námhuid an Tighearna
na míreannuib: amách ó neamh dodhéna
sé tóirneach orra: breathnochuidh an
Tighearna cúainnigh an domhuin, agus
dobhéra sé neart dhá Rígh, agus áir-
deochaidh sé adharc a ungthaidh.


L. 1Sm2:11


agus dimthigh Elcanah go Rá-
mah dhá thigh, agus dorinne an leanamh
miniostralachd don Tighearna a lathair E-
lí an sagart.


L. 1Sm2:12


Annois dobíad mic Elí mic
bhélial; níor aithnigheadar an Tighear-
na.


L. 1Sm2:13


Agus dobé gnáth na sagart
ris an pobal anuáir do ofráladh
duine ar bith íodhbuirt, dothigeadh óg-
lach an tsagairt anuáir dobhíodh a
nfeóil dá bruith, agus adhal thrí mbea-
ngán ann a láimh.


L. 1Sm2:14


Agus do bhuaileadh sin san
noigheann no san cceteal nó san ccoire
nó san bpota; an mhéid dobheireadh an
tadhal aníos dobheireadh an sagart
sin chuige féin: marsin donídís a
Síloh réna ttigeadh do na Hisraelí-
tibh annsin.


L. 1Sm2:15


Mar an gcédna suil do lois-
gedís an méthus, dothigeadh searbhfhoghan-
tuigh an tsagairt, agus adeireadh ris
an té doníodh an níodhbairt, tabhair feóil
róstadh don tsagart: óir ní gébha
sé feóil bhruithe uáid, achd feóil amh.


L. 1Sm2:16


Agus dá nabradh duine ar
bith ris, ná déindís failligh ris an
méthus do losgadh ar báll, agus
beir leachd mar is toil led mheanmuin: ann-
sin do fhreigeoradh seision é, ní headh
achd dobhéra tú dhamh anois é, agus
muna ttugair, béra mé liom ar
éigin é:


L. 1Sm2:17


Ar anadhbharsin bá romhór
peacadh na nógánach a bhfiaghnuisi an
Tighearna: óir do fhuáithigheadar daóine
íodhbairt an Tighearna.


L. 1Sm2:18


Acht dobhí Samuel ag mini-
ostralachd a lathair an Tighearna na leanamh
ar na chrioslughadh ann Ephod línéud-
uigh.


L. 1Sm2:19


Os a chionnsin doníodh a mha-
thair cóta beag dhó, agus dobheireadh
chuige é ó bhliaghuin go blíadhuin, a
nuáir dothigeadh sí aníos léna fear
dofráil na hiodhbartha blíadhnamhla.


L. 1Sm2:20


Agus do bheannuigh Eli Elca-
nah agus a bhean, agus adubhairt, go
ttuga Día sliochd duitsi ris an mnaói
si ar son aníasaichd tugadh don Tigh-
earna; agus dochúadar dá náit
féin.


L. 1Sm2:21


Agus dfiosruigh an Tighearna
Hannah, ionnus gur toirrceadh í, agus
go rug tríur mac, agus días inghean:
agus dfás an leanamh Samuel a bhfía-
ghnuisi an Tighearna.


L. 1Sm2:22


Annois dobhí Elí rofhoirfe, a-
gus dochúalaidh sé a ndeárnadar a
mhic re Hisrael uile, agus mar do
luighedís ris na mnáibh do chruinnigheadh
ag dorus thabernacuil an chomhchrui-
nnigh.


L. 1Sm2:23


agus adubhairt sé ríu, cred
fa ndéntaoi a leitheidso? óir do
chluinim bhur ndroichghníomha ón phobalso
uile.


L. 1Sm2:24


Ní headh a chlann, óir ní maith
na túarusgbhála dochluinim; dobhear-
thaoi ar phobal an Tighearna peacu-
ghadh.


L. 1Sm2:25


Má pheacuigheann neach anaghaidh
a chéile, dodhéna an breitheamh breitheamh-
nus air: achd má pheacuigheann duine a
naghaidh an Tighearna, cía labheorus
ar a shon? gidh eadh níor chuireadarsan
suim a mbriathruibh a nathar, do bhrígh
go muirfeadh an Tighearna íad.


L. 1Sm2:26


Agus dfás an leanamh Sámu-
el ar a aghaidh, agus dobhí a bhfoghar
araon ag an Tighearna, agus fós ag
daóinibh.


L. 1Sm2:27


Agus tháinic óglach Dé go
Héli, agus adubhairt ris, is marso
adeir an Tighearna, ar fhoillsigh misi
mé féin go soilléir do thigh hatharsa, a
nuáir dobhádar san Négipt a ttigh
Phárao?


L. 1Sm2:28


Agus ar thogh mé é as trea-
bhuibh Israel uile, do bheith na shagart
agum, díodhbairt ar maltóir, do los-
gadh túise, diomchar Ephod am fhiadh-
nuisi, agus a ttug mé do thigh ha-
thar anuile íodhbairt dodhéntaoi le
teinidh ó chloinn Israel?


L. 1Sm2:29


Cred fá bpreabann sibh air míodhbairt
agus air mofráil, noch do órduigh
mé ann mo thigh? agus go nonórui-
ghionn tú do mhic ós mo chionnsa, da bhur
ndénamh féin méith le príomhchuid gacha
hofrála mo phobail Israel?


L. 1Sm2:30


Uimesin adeir Tighearna Día
Israel, adubhairt mé go deimhin go sio-
bhóladh do thighse, agus tigh hatar am
fhiadhnuisi go bráth: achd annois adeir
an Tighearna, bíodh sin a bhfad uáim;
óir an luchd onóruighios mé, a síad do
dhénsa onórughadh, agus an luchd thar-
cuisnighios mé budh beag a meas.


L. 1Sm2:31


Féch tiucfaid na láethe, go
ngearrfa misi do lámh dhíot, agus lámh
tighe hathar, iondus nach biaidh sean-
duine ann do thigh.


L. 1Sm2:32


Agus dochífe tú námhuid ann
mo thighsi, annsanuile shaidhbhrios noch
dobhéras Día Dísrael; agus ní bhiáidh
seanduine ann do thighsi go bráth.


L. 1Sm2:33


Agus an duine dot mhuintir
nach gearrfa mé óm altóir, mhairfidh sé
do mhilleadh do shúl, agus do chrádh do
chroidhe: agus dogheabhuid biseach do
thighe uile bás a scoith a naóise.


L. 1Sm2:34


Agus biáidh so na chomhartha
agad, noch thiucfas ar do dhías mac, ar
Hophni agus ar Phineas, égfuid a-
ráon anénló.


L. 1Sm2:35


Agus tóigfi mé súas damh féin
sagart lán dfírinne, noch dhénas do
réir mar atá ann mo chroidhe, agus ann
minntinn: agus tóigfe mé tigh daingi-
on dó, agus siubholuidh sé roimhe mo
ungthach go bráth.


L. 1Sm2:36


Agus tiucfaidh a ccrích, gach
uile dhuine dá bhfuigfighear ann do thighsi,
go ttiucfa, agus go ccromfuigh chuige
ar son phíosa airgid, agus ghreama a-
ráin, agus déra sé, guidhim thú, cuir
misi anoifig éigin bheanas ris an tsa-
gartachd, go bhféda mé greim aráin
ithe.


L. 1Sm3:1


Agus dobhí an leanamh Samu-
el ag miniostralachd don
Tighearna a lathair Eli: agus
bá mórluáigh bríathar an
Tighearna ansna laéthibhsin, ní raibh
fios ós áird ann.


L. 1Sm3:2


Agus tárla fanámsin, anuair
dobhí Eli na luighe síos ann áit féin,
agus ar thosuigheadar a shúile air a bheith
dall, nach ar léir dhó;


L. 1Sm3:3


agus suil dochuáidh lampa Dé
as a tteampall an Tighearna, mar a
raibh áirc Dé, agus Samuel ar luidhe
síos:


L. 1Sm3:4


Gur ghoir an Tighearna, agus
gur fhreagair seision, a atáim annso.


L. 1Sm3:5


Agus do rith sé chum Elí, a-
gus adubhairt, atáim annso, óir do ghoir
tú orum: agus adubhairt seision,
níor ghoir mé ort, luigh síos arís.
Agus do imthigh sé, agus do luigh sé
síos.


L. 1Sm3:6


Agus do ghoir an Tighearna
Samuel arís, agus déirigh Sa-
muel, agus dochuaidh sé go Héli, a-
gus adubhairt sé, atáimsi annso:
óir do ghoir tú orum, agus do fhrea-
gair seision, agus adubhairt, níor ghoir
misi ort a mhic, luigh síos arís.


L. 1Sm3:7


Annois ní raibh fios an Tighear-
na fós ag Samuel, agus ní mó do fo-
illsighiodh briathar an Tighearna dhó
fós.


L. 1Sm3:8


Agus do ghoir an Tighearna Sa-
muel arís an treas uáir, agus do
eirigh seision agus dochuáidh go Héli,
agus adubhairt, atáim annso: óir do
goir tú orm; agus do thuig Eli gur
bhé an Tighearna do ghoir an leanamh.


L. 1Sm3:9


Uimesin adubhairt Eli re Samuel,
imthigh, luigh síos, agus go madh
amhlaidh bhiás, má ghoirionn sé ort, go
naibeora tusa, labhair a Thighearna, óir
dochluin do sheirbhiseach: marsin do imthigh
Samuel, agus do luigh siós iona ionad
féin.


L. 1Sm3:10


Agus tháinic an Tighearna, agus
do sheas agus do ghoir mar na húairibh
oile, a Shamuel, a Shamuel: annsin
do fhreagair Samuel, labhair, oír cluinidh
do sheirbhíseach thú.


L. 1Sm3:11


Agus adubhairt an Tighearna re
Samuel, féch dodhéna misi ní a Nisrael
fá mbéid dhá chlúais gach aóin dá
gcluinfidh é, ag foghard.


L. 1Sm3:12


Annsa lósin críochnochuidh mé a
naghaidh Eli, anuile ní dar labhair mé a
ttaobh a thighe: anúair thoiseochus mé,
dhéna mé críochnuigadh mar an gcédna.


L. 1Sm3:13


Oír dnnis mé dhó go mbéruinn
breath ar a thigh go bráth ar son a
nuilc as aithnid dhó feín: do bhrígh go
ndearnadar a mhic íad féin malluigh,
agus nar thoirmisg seision íad.


L. 1Sm3:14


Uimesin thug mé mionna do thigh
Eli, nach glanfuidhe éigceart Eli lé hío-
dhbairt no lé hofráil go bráth.


L. 1Sm3:15


Agus do luigh Samuel go mai-
din, agus dfoscuil doirsi thighe Dé,
agus dobhí eagla ar Shamuel annfis
dfoillsiughadh do Eli.


L. 1Sm3:16


Annsin do ghoir Eli Samuel, agus
adubhairt; a Shamuel a mhic, agus do
fhreagair seision, atáim annso:


L. 1Sm3:17


Agus adubhairt sé, créd é
an nísin adubhairt an Tighearna riot?
guidhim thú, ná ceil orum é: go ndérna
Día marsin riotsa, agus tuilleamh
fós má cheilionn tú éinní orum do na huile
neithibh adubhairt sé riot.


L. 1Sm3:18


Agus dinnis Samuel dó gach
uile ní, agus níor cheil éinní air: agus a
dubhairt seision, sé an Tighearna é, dénadh
sé an ní is áill leis feín.


L. 1Sm3:19


Agus dfás Samuel, agus
dobhí an Tighearna maille leis, agus
níor léig aonfhocal dá chomhrádh tui-
tim chum na talmhan.


L. 1Sm3:20


Agus dobhí a fhios ag cloinn
Israel ó Dhan go Beerséba gur hór-
duigheadh Samuel do bheith na fháigh don
Tighearna.


L. 1Sm3:21


Agus do fhoillsigh an Tighearna
é féin arís a Síloh: óir do fhoillsigh
an Tighearna é féin do Shamuel a Síloh
lé breithir an Tighearna.


L. 1Sm4:1


Agus tháinic bríathar Sha-
muel go Hisrael uile;
anois dachúadar Israel
chum catha amach anaghaidh
na BhPhilistineach, agus do
shuigheadar re taobh Eben-eser, agus do
rinneadar na Philistinigh foslungphort
ann Aphec.


L. 1Sm4:2


Agus do chuireadar na Philistinigh
íad féin anórdughadh anaghaidh Israel:
agus anúair dochuádar na catha a gcionn
a chéile, do cláoidheadh Israel roimhe na
Philistinigh: agus do mharbhadar don
tslúagh san machaire timchioll cheithre mí-
le fear.


L. 1Sm4:3


Agus anúair thangadar na
dáoine don champa adubhradar sinnsir
Israel, cred far chláoidh an Tighearna
sinn aniugh roimhe na Philistinigh?
tugam chugainn Airc chunnartha an Ti-
ghearna as Síloh, ionnus anúair thiocfas
ar measc, go ttárrthochuidh sinn ó lá-
mhuibh ar námhad.


L. 1Sm4:4


Uimesin do chuireadar na dáoine
fios go Síloh, chor go ttiubhraidís as
sin Airc chunnartha Thighearna na slógh,
noch chomhnuighios eidir na Cherubhínibh:
agus dobhádar días mac Eli, Hophni
agus Phineas annsin maille re Háirc
chunnartha Dé.


L. 1Sm4:5


Agus anúair tháinic Airc chunnar-
tha an Tighearna don champa, do léighea-
dar Israel uile gáir mhór, ionnus gur
chumscuigh an talumh dhe.


L. 1Sm4:6


Agus anúair dochúaladar na
Philistinigh fúaim na gáire, adubhra-
dar, cred fáth na gaíre moíresi a
bhfoslungphort na Neabhruidheach? agus do
thuigeadar gurbhí Airc an Tighearna thái-
nic don champa.


L. 1Sm4:7


Agus dobhí eagla ar na Phílis-
tinigh, óir adubhradar, tháinic Día
don champa. Agus adubhradar, a
mhairg dhúinne, óir ni ráibh a leitheidsin
róimheso.


L. 1Sm4:8


A mhairg dhúinne, cía sháorfas
sinn ó lámhuibh na Ndee gcumhachdachsin:
siád so na Dée do bhúail na Hégiptgh
ris na huile phláguibh ansa bhfá-
sach.


L. 1Sm4:9


Bíthi láidir, agus dénuidh go
fearamhuil, ó a Philistinigh, chor nach
béithí bhur serbhíseachuibh do na Heabhradhuibh,
mar dobhádarsan díbhse: dénuidh go
fearamhuil, agus troidigh.


L. 1Sm4:10


Agus do throideadar na Phi-
listinigh, agus do cláoidheadh Israel,
agus do theitheadar gach áon aca a
steach dha lóistín: agus dobhí an tár
romór, óir do thuit Disrael tríochad
míle coisigh.


L. 1Sm4:11


Agus do gabhadh Airc Dé, agus
do marbhadh días mach Eli, Hophni agus
Phineas.


L. 1Sm4:12


Agus do rioth duine do Bhenia-
min as an tslúagh, agus tháinic go
Síloh an lá cédna, agus a édach
briste, agus cré ar a cheann.


L. 1Sm4:13


Agus anúair thaínic sé, féch
dobhí Eli na shuidhe ar stól do leathtáoibh
na sligheadh ag faire; óir do chriothnuigh a
chroidhe fá Aírc Dé. Agus anuair thái-
nic an tóglach don chathruigh, agus di-
nnis sé sin, déighmheadar an chathair
uile.


L. 1Sm4:14


Agus anuair dochualuidh Eli
fúaim na ccomharc, adubairt sé,
cred is cíall dfúaim na comhdhálasa?
agus thaínic an tóglach asteach go
deifreach dhá innse do Eli.


L. 1Sm4:15


Annois dobhí Eli ochd mbliádhna
ar nóchad dáois, agus dobhádar
a shúile fa cheó, go nach bhfaiceadh sé
éinni.


L. 1Sm4:16


Agus adubhairt an tóglac re
Héli, as misi an té tháinic as an
tslúagh, agus do theith mé aniugh as
an tslúagh: agus adubhairt seision,
cred dorinnedh annsin, a mhic?


L. 1Sm4:17


Agus do fhreagair an teachdaire
agus adubhairt, do theitheadar Israel
roimhe na Philistinibh, agus dobhí fós
ár mór a measg an phobail: do marbhadh
do dhías mhacsa, Hophni agus Phineas,
agus do gabhadh Airc Dé.


L. 1Sm4:18


Agus tárla anúair do labhair
sé ar Airc Dé, gur thuit Eli as a
stól a ndíaigh a chúil, le táoibh an
gheata, agus do bhris a mhuinéul, agus
fuair sé bás: óir dobhí sé na sheanduine,
agus é trom: agus dorinne sé brei-
theamhnus ar Israel ceathrachad blí-
dhan.


L. 1Sm4:19


agus dobhí bean a mhic, bean
Phineas, torrach agus a bhfogus
do (leannamh) bhreith: agus anúair do
chúaluidh sí na scéula gur gabhadh Airc
Dé, agus go bhfuáir athair a fir bás,
agus a fear féin, do chlaon si í féin
agus dobhí ag tuismeadh: óir tháinic a
teinneas leinibh uirre.


L. 1Sm4:20


Agus adubhradar na mná do
sheas na fochair timchioll am a baís, ría;
ná bíodh eagla ort, óir rúg tú mac:
achd níor fhreagair sisi, agus níor chuir
suim ann.


L. 1Sm4:21


Agus thug sí Ichabód dainm air
an leanamh, ga rádh, dimthigh a nglóir ó
Israel, do chionn gur gabhadh Airc Dé,
agus ar son a cleamhna agus a fir.


L. 1Sm4:22


Agus adubhairt sí, do imthigh
a nglóir ó Israel, óir do gabhadh
Aírc an Tighearna.


L. 1Sm5:1


Agus do ghabhadar na Philis-
tinigh Aírc Dé, agus tu-
gadar ó Eben-eser go
Hasdod í.


L. 1Sm5:2


Anuáir do ghabhadar
na Philistinigh Aírc Dé, thugadar í
go tigh Dhágon, agus do chuireadar í
láimh re Dágon.


L. 1Sm5:3


Agus anuáir déirgheadar muin-
tir Asdod arna mhárach, féch, dobhí
Dágon ar ttuitim ar a aghaidh fa thal-
umh a bhfiaghnuise Airce an Tighearna:
agus do thógbhadar Dágon, agus do
shuidheadar na áit féin arís é.


L. 1Sm5:4


Agus anuáir do éirgheadar go
moch ar maidin arna mhárach, féch
dobhí Dágon ar ttuitim ar a aghaidh
fan talumh a bhfiaghnuisi Aírce an Tigh-
earna: agus ceann Dhágon, agus a dhá
bhais arna ngearradh dhe ar a táir-
sigh, amháin gur fágbhadh ceaphán Dhágon
aige.


L. 1Sm5:5


Ar anadhbharsin ní shaltruid
sagairt Dhágon nó aonduine dá ttig
go tigh Dhágon air tháirsigh Dhágon ann
Asdod gus aniugh.


L. 1Sm5:6


Ach dobhí lámh an Tighearna
trom ar mhuintir Asdod, agus do
sgrios sé íad, agus do bhuáil sé íad
lé hemeróidibh, eadhon Asdod, agus
a cóstadha.


L. 1Sm5:7


Agus anuáir dochonncadar
muintir Asdod gur marsin dobhí,
adubhradar, ní dhénaidh Airc Dé Is-
rael comhnuighe aguinne, óir atá a lámh
go doiligh oruinn, agus air ar ndía
Dágon.


L. 1Sm5:8


Do chuireadar teachda úadha ar anadhbharsin,
agus do chruinnigheadar Ti-
ghearnadha na BhPhilistíneach uile chuca,
agus adubhradar, cred dodhénam re
Háirc Dé Israel? agus do fhreag-
radarsan, bheirthear Airc Dé Israel
fágcuáirt go Gát. Agus do ru-
gadar Airc Dé Israel fagcuáirt
don náitsin.


L. 1Sm5:9


Agus is amhluidh bhí tar éis íad
a breith timchioll fagcúairt, go raibh lámh
an Tighearna anaghaidh na caithreach re
díothlaithriughadh romhór, agus do bhuáil sé
daóine na caithreach idir bheag agus
mhór, agus dobhádar emeróidigh iona
malluibh secréideacha.


L. 1Sm5:10


Uimesin do chuireadar Airc Dé
go Hecron, agus tárla mar tháinic
Airc Dé go Hecron, gur éimhghea-
dar na Hecronítígh, dhá rádh, thugadar
timcioll Airc Dé Israel chuguinne dar
marbhadh, agus do mharbhadh ar muinn-
tire.


L. 1Sm5:11


Marsin do chuireadar teachda
amach, agus do chruinnigheadar Tighearn-
uigh na BhPhilistineach uile, agus a
dubhradar, Cuiridh ar siubhal Airc Dé
Israel, agus léigthear dhi dul dá háit
féin, chor nach muirfidh sí sinne agus ar
ndaoine: óir dobhí díothlaithriughadh
ar feadh na caithreach uile: dobhí lámh
an Tighearna rothrom ann sanáit
sin.


L. 1Sm5:12


Agus na daóine nach bhfuáir
bás, do buaileadh íad leis na hemerói-
dibh, agus dochuáidh comhairc na caith-
reach súas go neamh.


L. 1Sm6:1


Agus dobhí Airc an Tighear-
na a gcrích na Bhphilis-
tineach seacht mí.


L. 1Sm6:2


Agus do chuireadur
na Philistinigh gairm ar na sagar-
taibh, agus ar a luchd fáistine, gá
rádh, cread dhénam re Háirc an Tigh-
earna? innisigh dhúinn cred lé gcuirfeam
dá háit féin í?


L. 1Sm6:3


Agus adubhradarsan, má chuir-
thighe ar siubhal Aírc Dé Israel, ná
cuiridh uáibh folamh í: achd ar gach uile
chor cuiridh uaibh ofráil sháruigh: ann-
sin leighisfighear sibh, nó biáidh a fhios
aguibh cred fa nár filleadh a lámh
uáibh.


L. 1Sm6:4


Ansin adubhradarsan, cred
é an nofráil sháruigh, noch fhillfiom
chuige? Do fhreagradarsan, cúig eme-
róid óir, agus cúig lucha óir do
réir uibhre thigearnadh na BhPhilistí-
neach: do bhrígh gurob aonphláigh dobí
oruibh uile, agus ar bhur ttighearn-
uidhibh.


L. 1Sm6:5


Oir anúair dadhéntáoi íomháighe
bhur nemeróideadh, agus íomháighe bhur
luch, noch mhilleas an talumh, agus bhér-
thaói glóir do Dhía Israel, dob éi-
dir go néttroimeobhadh sé a lámh
dhaóibh, agus dá bhur ndeéibh, agus dá
bhur ndúithche.


L. 1Sm6:6


Ar anadhbharsin cred fa gcr-
uáidhfeadh sibhsi bhur gcroidhthe, mar do
chruáidheadar na Hégiptigh, agus Phá-
rao a gcroidhthe? anuair do oibrigh
sé go hiongantach na measc, ane
nár léigeadar don phobal imtheachd? a-
gus dimthigheadar.


L. 1Sm6:7


Anois ar anadhbharsin dénuidh
cairt nuadh, agus glacaidh dhá loilghidh,
ar nach deachaidh cuing, agus ceangluidh
na ba don chairt, agus tugaidh na gamh-
na don bhaile úadha:


L. 1Sm6:8


Agus glacaidh Aírc an Tigh-
earna, agus cuirigh ar an ccairt í, a-
gus cuiridh na seóid óir noch fhilltí
chuige mar ófráil sháruigh, a ccóf-
ra réna taóibh: agus cuiridh ar
siubhal í, go nimthigh sí.


L. 1Sm6:9


Agus féchuidh má ghabhann sí
súas a slighe a cósta féin go bet-
semes, annsin sé dorinne an tolc
mórsa dhúinne: achd muna ngabha, ann-
sin aitheanam nach í a lámhsan dho bhuáil
sinn; acht gur cinneamhuin tháinig or-
uinn.


L. 1Sm6:10


Agus dorinneadar na daóine
sin, agus do ghlacadar dhá loilghidh,
agus do cheangladar don chairt íad,
agus do dhruideadar ar a láoghaibh
san mbaile.


L. 1Sm6:11


Agus do chuireadar Aírc an
Tighearna ansa ccairt, agus an cófra
guna luchaibh agus íomhaigheadh a ne-
merod.


L. 1Sm6:12


Agus do ghabhadar na ba an
ráon díreach go slíghe bhet-semes,
agus do imthigheadar ar feadh na sligheadh
móire ag géimnigh mar do imthigheadar,
agus níor chasadar do leath taóibh, ar an láimh
dhéis nó chlé; agus dochúadar tighearnuidh
na bhpilistineach na ndiáigh go brúach
bhet-semes.


L. 1Sm6:13


Agus dobhádar muinntir bhet-
semes ag buáin a bhfóghmhair cruithneachda
annsa ghleann, agus do thógbhadar a
súile súas, agus dochonncadar a
Náirc, agus do ghabh lúathgháire íad
tre na faicsin.


L. 1Sm6:14


Agus tháinic an chairt go ma-
chaire Iosua, bet-semíteach, agus do
stad annsin mar a raibh cloch mhór:
agus do scoilteadar maideadha na car-
tach, agus do ofráladar na ba
dofráil loisge don Tighearna.


L. 1Sm6:15


Agus do thógbhadar na Lebí-
tigh Airc an Tighearna síos, agus an
cófra dobhí na haice, mar a rabha-
dar na seóid óir, agus do chuirea-
dar ar an gcloich mhóir íad: agus
do ofráladar muintir bhet-semes of-
ráil loisge, agus do íodhbradar íodh-
bartha an lá cédna don Tighearna.


L. 1Sm6:16


Agus anuáir dochonncadar
cúig thighearna na bhpilistineach sin,
do fhilleadar go Hecron an lá céad-
na.


L. 1Sm6:17


Agus síadso na hemeróid
órdha noch dfilleadar na Philistinigh
chum an Tighearna mar ofráil sháruigh,
ar son Asdod a haón, ar son Ghá-
sa a háon, ar son Ascelon a haón, ar
son Ghát a haón, ar son Ecron a
haón.


L. 1Sm6:18


Agus na lucha órdha do réir
uibhre chaithreach na bhPhilistíneach uile,
do bhean ris na cúig thighearna, do chai-
threachaibh daingne, agus do bhailtibh
tuáithe, go nuige cloichmhóir Abel air
ar leagadar síos Aírc an Tighearna:
agus atá an chloch fós gus aniugh a
machaire Iosua an bet-semíteach.


L. 1Sm6:19


Agus do mharbh sé muinntir
Bhet-semes do chionn gur fhéchadar a
steach ann Airc an Tighearna, eadhon do
mharbh sé dá muinntir caógad míle,
agus deichneamhar air thrí Fithchid: agus do
cháoineadar an pobal, do chionn gur
bhúail an Tighearna an pobal ré hár
mór.


L. 1Sm6:20


Agus adubhradar muintir
Bhet-semes, cía fhéadas seasamh a
lathair an Tighearna náomhthasa Día?
agus cía chum a rachaidh sé súas
úainne?


L. 1Sm6:21


Agus do chuireadar teachda go
muintir Chíriat-Iárim, ga rádh, thu-
gadar na Philistinigh Airc an Tighear-
na leó arís: tigidhsi anuas, agus
beiridh chugaibh í.


L. 1Sm7:1


Agus tangadar muintir Chí-
riat-Iárim, agus rugadar
leó súas Aírc an Tighearna,
agus tugadar asteach í
go tigh Abinadab ansa
chnoc, agus do naómhadar a mhac Eleásar
do choimhéd Airce an Tighearna.


L. 1Sm7:2


Agus tárla, an feadh dobhí an
Náirc na comhnuighe ann Círiat-Iárim,
go raibh anaimsir fada: óir bá fithche
blíadhan é: agus dobhí tigh Israel uile
ag déanamh doilghis a ndíaigh an Ti-
ghearna.


L. 1Sm7:3


Agus do labhair Samuel re tigh
Israel uile, dha rádh, má fhilltí chum an
Tighearna maille ré bhur gcroidhthibh go
hiomlán, annsin cuiridh úaibh na dee
coimhitheacha, agus Astárot as bhur
measc, agus ullmhuighidh bhur gcroidhthe
chum an Tighearna, agus dénuidh
seirbhís dósan amháin: agus sáorfuidh
sé sibh as láimh na BhPhilistineach.


L. 1Sm7:4


Annsin do chuireadar Israel
uátha Báalim agus Astárot,
agus dadhradar an Tighearna amháin.


L. 1Sm7:5


Agus adubhairt Samuel, cruinni-
ghidh Israel uile go Mispeh, agus
guidhfidh misi ar bhur son chum an Ti-
ghearna.


L. 1Sm7:6


Agus do chruinnigheadar a bhfochair
a chéile go Mispeh, agus do thairngea-
dar uisge, agus do dhoírteadar amach
é a lathair an Tighearna, agus do
throisgeadar an lásin, agus adubhra-
dar annsin, do pheacuigheamar anaghaidh
an Tighearna: agus dorinne Samuel
breitheamhnus ar chloinn Israel a
Mispeh.


L. 1Sm7:7


Agus anúair dochuáladar na
Philistinigh gur chruinnigheadar clann
Israel a gcionn a chéile go Mispeh,
dochuádar Tighearnuigh na bhPhilistíneach
súas anaghaidh Israel: agus a
núair dhochúaladar clan Israel é, dobhí
eagla na bhpilistineach orra.


L. 1Sm7:8


Agus adubhradar clann Israel
ré Samuel, ná sguir dá bheith ag comhairc
chum ar TTighearna Día air ar soi-
nne, go ttárthuigh sé sinn as láimh na
bhPhilistineach.


L. 1Sm7:9


Agus do ghlac Samuel lubhán
diúil, agus do íodhbair é mar ofráil loisge
uile don Tighearna: agus do éigh Samuel
air an TTighearna ar son Israel, agus
déist an Tighearna ris.


L. 1Sm7:10


Agus mar dobhí Samuel ag
íodhbairt na hofrála loisge, thanga-
dar na Philistinigh a gcomhfhogus do
chathughadh anaghaidh Israel: achd do
thóirnigh an Tighearna an lásin le tóir-
nigh móir ar na Philistinibh, agus do
chláoidh íad, agus do mharbh íad as coinne
Israel.


L. 1Sm7:11


Agus dochúadar clanna Israel
amach as Mispeh, agus do leanadar
na Philistínigh, agus dobhádar dá marbhadh
go ttangadar go bet car:


L. 1Sm7:12


Annsin do thóg Samuel cloch,
agus do shuighidh í eidir Mhispeh agus
Shen, agus do ghoir Eben-eser dainm
dhi, gha rádh, go nuige so do chuidigh
an Tighearna linn.


L. 1Sm7:13


Marsin do claóidheadh na Phi-
listinigh, agus ní thangadar nísa mhó asteach
a gcósta Israel: agus dobhí lámh an
Tighearna anaghaidh na Bhpilistíneach
ar feadh láethe Shamuel uile.


L. 1Sm7:14


Agus na caithreacha do bheana-
dar na Philistinigh do Israel, do
haisigeadh Dísrael íad ó Ecron go nuige
Gát, agus a ccóstadhasin do bhuáin
Israel as lámhuibh na BhPhilistineach:
agus dobhí síothcháin idir Israel a-
gus na Hamoritigh.


L. 1Sm7:15


Agus dorinne Samuel breith-
eamhnus air Israel ar feadh láethe a bheatha
uile.


L. 1Sm7:16


Agus do imthigheadh ó blíadhain go
blíadhain ar chuáirt-timchill go Bétel,
agus Gilgal, agus Mispeh, agus
doníodh sé breitheamhnus ar chloinn Is-
rael ann gach áit dhíobhsin.


L. 1Sm7:17


Agus do fhilleadh go Rámah:
óir is annsin dobhí a thigh, agus ann-
sin doníodh sé breitheamhnus ar chloinn
Israel, agus is ann dorinne sé al-
tóir don Tighearna.


L. 1Sm8:1


Agus tárla anuáir dobhí
Samuel áosta go ndear-
na sé breitheamhuin dá mha-
caibh ós cionn Israel.


L. 1Sm8:2


Annois dobé ainm an
mhic fá sine aige Ioel, agus ainm an
dara mic Abiah: dobádar na mbrei-
theamhnuibh a Mbeerséba.


L. 1Sm8:3


Ach níor shiubluigheadar a mhic
iona shlighthibhsan, agus dochúadar a
leathtaoibh ar son tarbha, agus do
ghlachadar cumha, agus do chláonadar
breitheamhnus.


L. 1Sm8:4


Annsin do chruinnigheadar sinsir
Israel uile íad féin a gcionn a chéile,
agus tangadar chum Samuel go Rá-
mah.


L. 1Sm8:5


Agus adubhradar ris, féch atá
tusa foirfe, agus ní shiubhluighid do mhic
ann do shlighthibh: anois déna Rígh
dhúinn dar riaghladh, do nós na nuile chin-
eadhach.


L. 1Sm8:6


Ach níor thaitin an chúis re
Samuel anuair adubhradar, tabhair Rígh
dhúinn dar ríaghladh: agus do ghuidh
Samuel an Tighearna.


L. 1Sm8:7


Agus adubhairt an Tighearna re
Samuel, éist re glór na ndaoineadh
ann gach uile ní dá nabraid riot: óir
ni tusa do tharcuisnigheadar, achd do thar-
cuisnigheadar misi, go nach béinn mo Rígh
ós a gcionn.


L. 1Sm8:8


Do réir anuile oibreach dá
ndérnadar ón ló fá ttug misi súas
as an Négipt íad gus an lá aniugh,
ler thréigeadar misi, agus le ndérnadar
seirbhís do dheeibh oile, is marsin
fós doníd riotsa.


L. 1Sm8:9


Annois ar anadhbharsin, éist re
na nglór: gidheadh taisbéin dhóibh go dúth-
rachdach, agus foillsigh dhóibh samhuil
an Rígh ríaghlochus ós a ccionn.


L. 1Sm8:10


Agus dinnis Samuel bríathra
an Tighearna uile don phobal, noch do
íarr Rígh air.


L. 1Sm8:11


Agus adubhairt sé, budh é so
bésa an Rígh bhías ós bhur gcionn:
glacfuidh sé bhur mic, agus óirdeo-
chuidh sé dhó féin íad chum a charbad,
agus dá mbeith na marcshlúagh aige,
agus riothfuid roimhe a charbaduibh.


L. 1Sm8:12


Agus óirdeochuidh sé dhó féin
caiptínigh ós cionn mhíllteadh, agus
caiptínigh ós cionn cháogad, agus
cuirfe sé íad do sháothrughadh a fhearuinn,
agus do bhuáin a fhóghmhair, agus do
dhénamh a threalamh cogaidh agus trealamh
a charbad.


L. 1Sm8:13


Agus glacfuidh sé bhur nin-
gheana do dhénamh unghaidh deaghbholaidh, a-
gus dá mbeith na ccócairibh, agus na
mbháiceiribh.


L. 1Sm8:14


Agus tóigfe sé bhur machairighe,
agus bhur bhfíneamhna agus bhur lubh-
ghort ola, eadhon an chuid is férr
dhíobh, agus dobhéra sé dhá sheirbhísea-
chaibh íad.


L. 1Sm8:15


Agus tóigfe sé deachmhadh bhur
síl, agus bhur bhfíneamhnach, agus do
béra sé dá oifigeacaibh, agus dá sheir-
bhíseachaibh íad.


L. 1Sm8:16


agus tóigfe sé bhur searbh-
fhoghantuighe fear, agus bhur searbhfho-
gantuighe ban, agus na hógánuigh is
férr aguibh, agus bhur nassail, agus
cuirfe sé chum oibre íad.


L. 1Sm8:17


Tóigfe sé deachmhadh bhur gcáo-
rach, agus béithí bhur searbhfhoghantaibh
aige.


L. 1Sm8:18


Agus goirfidhe na comhairc an
lásin, ar son an Rígh thoighfígh dhaóibh
féin; agus ní éisdfe an Tighearna
an lásin libh.


L. 1Sm8:19


Gidheadh do dhíultadar an pobal
umhlughadh do ghlór Shamuel; agus a
dubhradar, ní headh, ach biáidh Rígh a-
guinn ós ar gcionn:


L. 1Sm8:20


Chor go mbía sinne fós mar na
cineadhacha uile, agus go ndéna ar
Rígh breitheamhnus oruinn, agus go ndea-
chaidh amach romhuinn, agus go ttroididh
ar gcatha.


L. 1Sm8:21


Agus dochuála Samuel bría-
thra an phobuil uile, agus do aithris
sé íad a gclúasaibh an Tighearna.


L. 1Sm8:22


Agus adubhairt an Tighearna
re Samuel, éist rena nglór, agus
déna Rígh dhóibh. Agus adubhairt Samuel
ré fearuibh Israel, éirgheadh gach áon
aguibh dhá cathruigh féin.


L. 1Sm9:1


Anois dobhí duine do bhen-
iamin darbhainm Cis mhac
Abiel, mhic Seror, mhic be-
chorah, mhic Aphiah ben-
iamiteach, duine cumhachdach a saidhbhreas.


L. 1Sm9:2


Agus dobhí mac aige darbhai-
nim Sául, togha duine óig agus dears-
cnuigh, agus ní raibh a measc chloinne
Israel pearsa dob árrachda ná é: ó
na ghuáillibh súas dob áirde é ná éin-
fhear don phobal.


L. 1Sm9:3


Agus dochúadar assuil Chis,
athair Shauil, amugha; agus adubhairt
Cis re Saul a mhac, beir leachd anois
duine do na searbhfhoghantaibh, agus éi-
righ, imthigh díarruigh na nassal,


L. 1Sm9:4


Agus do ghluáis seision thrídh
shlíabh Ephraim, agus dochuáidh tré
chrích Shalisa, acht ní bhfúaradar
íad: annsin dochuáidh sé tré dhúithche
Shálim, achd ní rabhadar annsin: agus
dochúadar tré dhúithche na Mbenia-
miteach, achd ní bhfúaradar íad.


L. 1Sm9:5


Agus anuair thangadar go tír
Shuph, adubhairt Saul rena óglach
dobhí na fhochair, gluáis, agus filliom
deagla go léigfeadh mathair cúram na
nassal de, agus go mbíadh cúra-
mach dar ttaóibhne.


L. 1Sm9:6


Agus adubhairt seision ris,
féuch annois atá annsa ccathruighsi
duine le Día, agus is duine onórach
é, anuile ní adeir sé thig a gcrích
go deimhin; anois teanam annsin, dob
éidir go bhfédfadh an tslighe ionar
chóir dhúin dul do theagasg dhúinn.


L. 1Sm9:7


Annsin adubhairt Saul rena
shearbhfhoghantaigh, ach féch má théighmíd
annsin, créd bhérum chum anóglaich, óir
do caitheadh an tarán ann ar soithighibh,
agus ní bhfuil tiodhlaiceadh aguinn re
bhreith chum óglaich Dé; cred atá ag-
uinn?


L. 1Sm9:8


agus do fhreagair an searbhfho-
ghantuigh Saul arís, agus adubhairt,
féuch atá agumsa annso am láimh an
ceathramhadh cuid do Shecel airgid:
dobhéra mé sin dóglach Dé do chionn ar
slighe dinnisin dúinn.


L. 1Sm9:9


(Annsa tseanaimsir a Nísrael
anuáir do thíagh duine dfagháil scéul
ó Dhía, is marso adeiriodh sé, tárr
uáit, agus deanum go nuige an fhé-
chadóir: óir an té dá ngoirthear fáigh
anois, is féchadóir no fear faisnéise
do ghorthaoi dhe san tseanaimsir.)


L. 1Sm9:10


Annsin adubhairt Saul rena
shearbhfhoghantuigh, is maith a labair tú,
gluáis deanum: marsin dochúadar don
chathruigh mar a raibh óglach Dé.


L. 1Sm9:11


Agus mar dochúadar súas
san chnoch a gcionn na caithreach fuara-
dar maighdeana óga ag dul amach do
tharruing uisge: agus adubhradar ríu,
an bhfuil an féchadóir annso?


L. 1Sm9:12


Agus do fhreagradarsan iad
agus adubhradar, atá sé ann, féchuidh
atá sé romhuibh, dénuidh deithfir anois,
óir thaínig sé aniugh don chatruigh: óir
atá fésta don phobal aniugh annsanáit
áird.


L. 1Sm9:13


Comhlúat agus thiucfuidhe don
chathruigh dogheabhthaoi ar ball é, suil
rachus sé súas don náit áird dithe bídh:
óir ní íosuid an pobal bíadh nó go ttí
sé, do chionn gurbé bheannuighios an níodh-
bairt, agus na dhiaighsin ithid luchd an
chuiridh: annois ar anadhbharsin, eír-
ghidhsi súas, óir is timchioll an nama
sa dogheabhthaoi é.


L. 1Sm9:14


Agus dochuádarsan súas don
chathruigh, agus anúair thangadar a
steach don chathruigh, tháinic Samuel amach
na gcoinne do dhul súas don náit
aírd.


L. 1Sm9:15


Annois do innis an Tighearna
do Shamuel ann a chluais lá roimhe Saul
do theachd, gha rádh:


L. 1Sm9:16


Amárach timchioll na húairesi,
cuirfe mé duine chuigad as tír bhenia-
min, agus ungfuidh tú é chum bheith na
chaiptín ós cionn mo phobail Israel, go
sáorfa sé mo phobal ó láimh na bhpilis-
tineach: óir dféch mé air mo phobal, do
chionn go ttáinic a ccomhairc chugam.


L. 1Sm9:17


Agus anúair dochonnairc Samuel
Saul, adubhairt an Tighearna ris, féch
an té ar labhair mé riot dá tháoibh: sé
so féin bhías na Rígh ós cionn mo phobail.


L. 1Sm9:18


Annsin do dhruid Sául re Samuel
annsa gheata, agus adubhairt ris, gui-
dhim thú innis damh cá háit a bhfuil tigh an
nféchadóra.


L. 1Sm9:19


Agus do fhreagair Samuel Saul,
agus adubhairt, misi an féchadóir:
eírigh súas romham don náit áird; óir
iostaói biádh agamsa aniugh; agus
leígfe mé dhuit imtheachd amárach, agus
inneosuidh mé dhuit a bhfuil fádinntinn.


L. 1Sm9:20


Agus ar son hassal dochuaidh
amugha trí lá ó shin, ná cuir do mheanma
orra; óir dofríth íad: agus cía ar
a bhfuil uile fhonn Israel? nach ortsa
atá, agus ar thigh hathar uile?


L. 1Sm9:21


Agus do fhreagair Saul, agus
adubairt, nach beniamíteach misi, is lugha
do threabhuibh Israel, agus nach íad mo
mhuintir is rolugha do mhuinthearuibh threibhe
Beniamin uile? uimesín cred fá la-
bhrann tú marsin riom?


L. 1Sm9:22


Agus do ghlac Samuel Saul,
agus a shearbhfhoghantuigh, agus rug
leis don phárlús íad, agus thug orra
suidhe annsanáit budh onóruigh a measg
luchda an chuiridh, noch dobhí timchioll
thríochad fear.


L. 1Sm9:23


Agus adubhairt Samuel ris an
gcócaire, tabhair chugam an chuid ronna
thug mé dhuit re andubhairt mé riot, cuir
láimh riot í.


L. 1Sm9:24


Agus do thóg an cócaire an
slinnén: agus an ní dobhí air, agus do
chuir a bhfiádhnuisi Shauil é; agus adu-
bhairt, féch an fuighiollsin, ad fhiaghnuisi
agus ith é; oír go nuige cuir tamsa do
taisgeadh dhuit é, ó anuair adubhairt mé,
thug mé cuireadh don phobal: marsin a
dúaigh Saul bíadh le Samuel na
lásin.


L. 1Sm9:25


Agus anúair thangadar anuas
ón náit áird don chathruigh, dorinne Sa-
muel comhrádh re Saul air mhullach na
tighe.


L. 1Sm9:26


Agus do éirgheadar go moch,
agus tárla ré héirghe an láoi, gur
ghoir Sámuel Saul go mhullac an tighe,
gha rádh, éirigh suas go gcuire mé ar
siubhal thú: agus deírigh Saul, agus
dochuádar araon amach, eision agus
Samuel.


L. 1Sm9:27


Agus anúair dobhádar ag dul
síos go híachdar na caithreach, adubhairt
Samuel ré Saul, abair ris an nóglach,
drud romhuinn ar a aghaidh, (agus do
dhruid sé rompa) achd fansa a bhos go
fóill, go ttaisbéna misi briathra Dé
dhuit.


L. 1Sm10:1


Ansin do ghlac Samuel soi-
theach ola, agus do dhóirt air
a cheann é, agus do phóg é,
agus adubhairt, nach uime
dungaidh an Tighearna thú
chum bheith ad caiptín ós cionn a oi-
ghreachda?


L. 1Sm10:2


Anuair imtheochus tú uaimsi a
niugh, annsin dogheabha tú días fear ag
úaighe Ráchel a mbrúach bheniamin,
a Selsah: agus déruid siad riot, na
hassuil a ndeachaidh thú dá níarruidh, do
fríth íad: agus féch do chuir hathair na
hassal a neimbrígh, agus atá doil-
ghiosach umaibhsi, gha rádh, credh dhénas
mé fam mhac?


L. 1Sm10:3


Annsin rachaidh tú ar haghaid as
sin, agus tiucfa tú go réiteach Tábor,
agus teigeomhuid triúr fear dhuit annsin
ag dul súas go Día go bétel, duine
(dhiobh) ag iomchar thrí meannán, duine
eile ag iomchar thrí mbuilín aráin, agus
duine eile ag iomcar buidéil fíona.


L. 1Sm10:4


Agus beinneochuid síad duitsi,
agus dobhéaruid dhá bhuilín aráin duit,
noch ghlacfas tú as a lámhuibh.


L. 1Sm10:5


Na dhiáighsin tiucfa tú go cnoc
Dé, mar a bhfuil gárda na bhphi-
listineach, agus tiucfaidh a gcrích, a
nuair thiucfas tú annsin don chathruigh,
go tteigeamha tú ré cuideachda fáigheadh ag
teachd anuas ón náit áird maille re
psaltair, agus re tabuir agus re píob,
agus re cláirsigh rompa, agus dodhénuid
fáidheadóireachd.


L. 1Sm10:6


Agus tiucfa spiorad an Tighear-
na ortsa, agus dodhéna tu fáidhea-
dóireachd leó, agus iompóchar thú ad
dhuine eile.


L. 1Sm10:7


Agus go madh hamhluigh bhías, a
nuair thiucfaid na comharthuigheasi ort go
ndéna tú do reír mar bhías ocáid agad,
óir atá Día maille riot.


L. 1Sm10:8


Agus rachaidh tú síos romhamsa
go Gilgal, agus féch tiucfa misi
siós chugad dofráil ofrála loisge,
agus díodhbairt íodhbartha ofrála sió-
thchána: seachd lá fhanfas tú go ttí
misi chugad, agus go ttaisbeanuidh mé
dhuit créd dhénas tú.


L. 1Sm10:9


Agus is amhlaidh dobhí anúair do
iompoigh sé a chúl dimtheachd ó Shamuel,
go ttug Día croidhe oile dhó: agus tan-
gadar na comharthuighso uile a ccríc an
lásin féin.


L. 1Sm10:10


Agus anúair thangadar annsin
chum an chnoic, féch tárla cuideachda do na
fáighibh ris, agus thaínic spiorad Dé
airsion, agus dorinne sé fáigheadóireachd
mar aon riú.


L. 1Sm10:11


Agus tárla anuáir dochonnca-
dar na dáoine uile agá raibh a fhios cía
hé roimhe, féch go raibh sé ag fáighea-
dóireachd a measc na bhfáigheadh, annsin a
dubhradar, ná daoíne gach aon re
chéile, cred é so tháinic ar mhac Chis?
an bhfuil Saul fós a measc na bhfái-
gheadh?


L. 1Sm10:12


Agus do fhreagair áon don náit
sin féin, agus adubhairt; ach ciá hé
a nathairsion? uimesin thaínic chum a
bheith na sheanfhocal, an bhfuil Saul fós
a measc na bhfáighedh?


L. 1Sm10:13


Agus anúair do chríochnuigh sé
fáigheadóireachd, tháinic sé don náit áird.


L. 1Sm10:14


Agus adubhairt dearbhrathair athar
Shauil ris agus réna shearbhfoghantuigh,
cáit a ndeachabhairsi? agus adubhairt sei-
sion, díarruigh na nassal, agus anuáir
dochonncamar nach rabhadar a
nénbhall, thangamar go Samuel.


L. 1Sm10:15


Agus adubhairt dearbhrathair athar
Shauil ris, guidhim thú innis damhsa cread
adubhairt Samuel ribh.


L. 1Sm10:16


Agus adubhairt Saul re dear-
bhrathair a athar, dinnis sé dhúinn go follus
gur fríth na hássail; acht do tháoibh
chúisi na ríoghachda, dar labhair Samuél
ris, níor innis sé éinní dhó.


L. 1Sm10:17


Agus do ghoir Samuel an pobal
a ccionn a chéile go Mispeh chum an
Tighearna.


L. 1Sm10:18


Agus adubhairt sé ré cloinn
Israel, is marso adeir an Tighearna
Dia Israel, thug misi Israel amach as
an Négipt, agus do sháor mé sibh ó
lámhuibh na Négipteach, agus as láimh
a nuile rioghachd, agus ón muintir do
bhrúigh sibh.


L. 1Sm10:19


Agus do dhíultabhairsi aniugh
dá bur Ndía, noch gurbé féin do sháor
sibh ó bhur nuile aindeisi, agus ó bhur
mbuaidhreadh: agus adubrabhair ris, ní
headh, achd cuir Rígh ós ar gcionn. A-
nois ar anadbharsin taisbeanuigh sibh
féin a lathair an Tighearna do réir bhur
ttreabh, agus do réir bhur mílteadh.


L. 1Sm10:20


Agus anuáir thug Samuel
air threabhuibh Israel uile teachd a lathair, do
glacadh treabh Bheniamin.


L. 1Sm10:21


Anuáir thug sé air threibh Bhen-
iamin teachd a bhfogus do réir a muin-
tear, do glacadh muintir Mhátri, a-
gus na dhiáighsin do glacadh Saul
mhac Cis: agus anuáir do íarra-
dar é, níor fríth é.


L. 1Sm10:22


Uimesin dfíafruigheadar don
Tighearna arís an ttiucfadh an tóg-
lach fós chuca, agus do fhreagair an
Tighearna, féchuidh dfoluigh sé é féin a
measc na caráiste.


L. 1Sm10:23


Agus do ritheadarsan agus
tugadar assin é: agus anuáir do
sheas sé a measc an phobail, dobhí sé
níos áirde ná éinneach do na dáoinibh
óna ghuáillibh súas.


L. 1Sm10:24


Agus adubhairt Samuel ris
an bpobal uile, féchuidh an té do thogh
an Tighearna, nach bhfuil áon cosmhuil
ris a measc an phobail uile? agus do
gháireadar an pobal uile, agus adu-
bhradar, go mairigh an Rígh.


L. 1Sm10:25


Annsin do thaisbéin Samuel don
phobal modh na Rioghachda, agus do
scríobh a leabhar é, agus do chuir a
bhfíadhnuise an Tighearna é, agus do
chuir Samuel an pobal uile ar siubhal
gach éinneach dhá thigh féin.


L. 1Sm10:26


Agus dochuáidh Saul fós a
bhaile go Gibéah, agus docuáidh ban-
da daoine leis, ar chorruigh Día a
gcroidhthe.


L. 1Sm10:27


Acht adubhradar clann Bhé-
lial, cíondus chuimhdeochus an fearso
sinn? agus do chuireadar a neimhní é,
agus ní thugadar tiodhlacadh ar bith
chuige: achd dobhí seision na thochd.


L. 1Sm11:1


Ansin tháinic Nahas an Ta-
móniteach súas, agus do
rinne campa as coinne Ia-
bes-Gilead: agus adubhra-
dar muintir Iabes-Gilead
uile re Nahas, déna cunradh rinne, a-
gus uimhleocham dhuit.


L. 1Sm11:2


Agus do fhreagair Nahas an
Tamoniteach íad, ar an nachdso dodhéna
mé cunradh ribh, bhur súile deasa uile
do bhuáin asuibh, agus a thabhairt mar
mhasla Dísrael uile.


L. 1Sm11:3


Agus adubhradar sinnsir Ia-
bes ris, tabhair dhúinn cáirde sheachd lá go
gcuirmis teachda ann gach uile chósta
Dísrael, agus annsin muna bhfagham
aonduine thárrthochus sinn, tiucfaim a-
mach chugadsa.


L. 1Sm11:4


Annsin thangadar na teachda go
Gibéah Shauil, agus do innisiodar na
scéula a gcluasaibh an phobail: agus
do thógbadar na daóine uile a nguth
súas, agus do ghuileadar.


L. 1Sm11:5


Agus féch, tháinic Saul a ndiáigh
na healbha ó na machairighibh, agus adu-
bhairt Saul, cred do imthigh ar an bpo-
bal as a nguilid síad? agus dinnisio-
dar dhó scéula mhuintire Iábes.


L. 1Sm11:6


Agus thainic spiorad Dé ar
Shaul anuáir dochúala sé na scéu-
lasin, agus do las a fhearg go ro
mhór.


L. 1Sm11:7


Agus do ghabh sé cúpla damh,
agus dorinne spodladha dhíobh, agus
do chuir sé ar feadh chóstadha Israel
uile íad a lamhuibh theachdaireadh, gha rádh,
gidhbé nach ttiucfa amach a ndiáigh
Shauil agus Shamuel, as marso do
dhéntar rena dhamhuibh: agus do thuit
eagla an Tighearna ar an bpobal, agus
tangadar amach déntoil.


L. 1Sm11:8


Agus anuáir do chomháirimh sei-
sion íad a Mbesec, dobhádar clann Is-
rael trí chéd míle, agus muintir Iú-
dah tríochad míle.


L. 1Sm11:9


Agus adubhradar ris na teachd-
uibh tháinic, abruidh marso re muintir
Iábes-Gílead, amárach suil bhías an
ghrían te, dogheabhthaói cabhair. Agus
thangadar na teachda, agus dinnisiodar
sin do mhuintir Iabes, agus dobhí
lúathgháire orra.


L. 1Sm11:10


Uimesin adubhradar daoine Ia-
bes (ris na Hammonítibh) tiucfam a-
mach chugaibh amárach, agus dodhén-
taoi rinn anuile ní bhus áill libh
féin.


L. 1Sm11:11


Agus is amhluidh bhí arna mhá-
rach, gur chuir Saul a mhuintir a ttrí
gcuideachda, agus tangadar a lár an
tslóigh a bhfaire na maidne, agus do mhar-
bhadar na Hammonítigh go teas an laói:
agus tárla an mhéid do mhair dhíobh gur
scaoileadar ó chéile, go nach raibh gáol
deisi aca re chéile.


L. 1Sm11:12


Agus adubhradar an pobal
uile re Samuel, cia hé an duine adu-
bhairt, an mbía Saul na Rígh oruinn?
tugthar chugainn na daoine go ccuirmís
chum báis íad.


L. 1Sm11:13


Agus adubhairt Saul, ní cuir-
fighear énduine chum báis aniugh: óir is
aniugh do oibrigh an Tighearna tárrtháil
a NIsrael.


L. 1Sm11:14


Annsin adubhairt Samuel ris
an bpobal, éirgidhe, agus deanam go
Gilgal, agus athnuáigheam an rioghachd
annsin.


L. 1Sm11:15


Agus dochúadar an pobal uile
go Gilgal, agus dorinneadar Rígh do
Shaul annsin a lathair an Tighearna a
Ngilgal; agus annsin do iodhbradar
iódhbartha ofrála síothchána a bhfiagh-
nuisi an Tighearna, agus annsin dorinne
Saul; agus clanna Israel uile gáirdea-
chus mór.


L. 1Sm12:1


Agus adubhairt Samuel re
Hisrael uile, féuchaidh déist
mé ré bhur nglór ann gach uile
ní dá ndubhrabhair riom, agus
dorinne mé Rígh ós bhur ccionn.


L. 1Sm12:2


Agus anois féachaidh, atá an
Rígh ag siubhal romhuibh: agus atáim
si sean agus ceinnlíath, agus féchuidh
atáid mo mhic aguibh: agus do shiubhail
mé romhuibhsi óm naóidheantachd gus a
niugh.


L. 1Sm12:3


Féchuidh, atáim annso, dénuidh
fiadhnuisi am aghaidh a lathair an Tigh-
earna, agus a lathair a ungthuidh. Cía agaibh
dar bhean mé a dhamh? nó cía dar bhean mé a
assal? no cía do mheall mé? no cía do
ghortuigh mé? nó cía hí an lámh as ar
ghlac mé cumha ar bith do dhalladh mo
shúl leis? agus aiseoga mé dhíbh
é.


L. 1Sm12:4


Agus adubhradarsan, níor mheall
tú sinne, agus níor sháruigh tú sinn, ní
mó do ghlac tú éinní as láimh énd-
uine.


L. 1Sm12:5


Agus adubhairt sesion ríu, is
fíadhnuisi an Tighearna bhur naghaidh,
agus is fiadhnuisi a ungtha san ló a
niugh, nach bhfúarabhair éinní am láimh: a-
gus do fhreagradarsan, is fiadhnui-
si.


L. 1Sm12:6


Agus adubhairt Samuel ris an
bpobal, asé an Tighearna do órduigh
Máoise agus Aaron, agus thug bhur
naithre amach as crích na Hégipte.


L. 1Sm12:7


Annois ar anadhbarsin fanuidh
bhur seasamh go ndérna mé aidhnios ribh
a lathair an Tighearna, fá uile ghníomh-
radh ceart an Tighearna, noch dorinne
sé dhíbhse, agus dá bhur naithribh.


L. 1Sm12:8


Anuáir tháinic Iácob asteach
don Négipt, agus do éighmheadar bhur
naithre air an TTighearna, annsin do
chuir an Tighearna Máoisi agus Aa-
ron chugaibh, noch thug bhur naithre a-
mach as an Négipt, agus thug or-
ra comhnuighe dhénam san náitsi.


L. 1Sm12:9


Agus anuáir do dhearmadar
a TTighearna Día, do reac sé íad
a láimh Shisera caiptín slóigh Ha-
sor, agus a láimh na BhPhilistí-
neach, agus a láimh Rígh Móab, a-
gus do throideadar na naghaidh.


L. 1Sm12:10


Agus do éighmheadar chum an
Tighearna, agus adubhradar, do phea-
cuigheamar do bhrígh gur thréigeamar
an Tighearna, agus gur adhramar,
Báalim agus Astárot; achd anois
sáor sinn as lámhuibh ar námhad, agus
dodhénam seirbhís duit:


L. 1Sm12:11


Ar anadhbharsin do chuir an
Tighearna Iepubbaal, agus Bedan,
agus Iephthah, agus Samuel chu-
gaibh, agus do thárrthuigheadar sibh ó
láimh bhur námhad air gach uile thaobh,
agus do chomhnuigheabhair daingean.


L. 1Sm12:12


Agus anuáir dochonncabhair
go ttáinic Nahas Rígh chloinne Ammon
bhur nagaidh, adubhrabhair riomsa,
ní headh, achd biáidh Rígh ós ar gcionn; a
nuáir gurbhé bhur TTighearna Día
fá Rígh dhíbh.


L. 1Sm12:13


Annois ar anadhbharsin, féchaidh
an Rígh do thoghabhair, agus díarrabhair:
agus féchuidh, do chuir an Tighearna
Rígh ós bhur gcionn.


L. 1Sm12:14


Ma bhíonn eagla an Tighearna or-
uibh, agus seirbhis do dhénamh dhó, a-
gus umhlughadh dhá ghlór, agus gan
cathugadh anaghaidh aitheanta an Tigh-
earna, annsin fanfuidh sibh féin, agus
an Rígh bhías ós bhur ccionn go bunái-
teach ag leanmhuin bhur TTighearna Día.


L. 1Sm12:15


Acht muna numhluidhigh sibh do
ghuth an Tighearna, ach cathughadh a
naghaidh aitheanta an Tighearna, annsin
biáidh lámh an Tighearna bhur naghaidh,
mar dobhí anaghaidh bhur naithreadh.


L. 1Sm12:16


Annois ar anadhbharsin seas-
uidh, agus féchuidh an ní mórso dhénas
an Tighearna as coinne bhur súl.


L. 1Sm12:17


Nach é fóghmhar na cruithneachda a
niugh? guidhfidh misi an Tighearna, a-
gus cuirfidh sé tóirneach agus fear-
thuinn, chor go ttuigfidhe, agus go
bhfáicthi gur mór bhur gcionta, noch
dorinneabhair a lathair an Tighearna a níar-
ruidh Rígh dhíbh féin.


L. 1Sm12:18


Marsin do ghoir Samuel ar
an Ttighearna, agus do chuir an Tigh-
earna toirneach, agus fearthuinn an lá
sin: agus do ghabh eagla mhór an po-
bal uile roimhe an TTighearna agus
roimhe Shamuel.


L. 1Sm12:19


Agus adubhradar an pobal
uile re Samuel, guidh do Thighearna Día
air son do sheirbhíseach, go nach bhfagham bás:
óir do chuireamar a gcionn ar bpeacadh
uile an tolcso, Righ íarruidh dúinn
féin.


L. 1Sm12:20


Agus adubhairt Samuel ris
an bpobal, ná bíodh eagla oruibh: do
rinneabair na ciontasa uile; gidheadh
ná héirghidhe do leathtaóibh ó leanmhuin an
Tighearna, achd adhraidh an Tighearna mail-
le re bhur nuile chroidhe.


L. 1Sm12:21


Agus ná héirghidhe do leathtaoibh:
óir annsin leanfuidhe neithe díomhaóine,
nach dén tarbha nó tárrtháil: óir is
díomhaóin íad.


L. 1Sm12:22


Oír ní thréigfidh an Tighearna
a phobal féin air son a anma mhóir: do
chionn gurbhí toil an Tighearna a pho-
bal féin do dhénamh dhíbh.


L. 1Sm12:23


Os a chionnsin ar mo shonsa,
nár léigidh Día go ndénuinn peacadh a
naghaidh an Tighearna ann sgur do ghuidhe
ar bhur son: achd múinfidh mé dhíbh an
tslighe mhaith dhíreach.


L. 1Sm12:24


Amháin bíodh eagla an Tighearna
oruibh, agus adhruidh é go fírinneach ma-
ille re bhur nuile chroidhe; óir measuidh
cred é méud na neitheann dorinne sé ar
bhur son.


L. 1Sm12:25


Acht má nithí droichghníomha do
ghnáth, scriosfuighear aráon sibh féin
agus bhur Rígh.


L. 1Sm13:1


Dobhí Saul blíadhain na Rígh,
agus anuair dobhí na Rígh
dhá bhliadhuin ós cionn Israel,


L. 1Sm13:2


Do thogh Saul dhó féin
trí mhíle fear do Israel,
ionnus go mbeidís dhá mhíle fear dhíob a
bhfochair Shauil a Michmas, agus a
slíabh Bétel, agus míle ag Ionatan a
Ngibeah Bheniamin: agus do chuir sé
an chuid oile don phobal gach én duine
dhá áit féin.


L. 1Sm13:3


Agus do bhuáil Ionatam daingnea-
cha na BhPhilistineach, dobhí a Ngeba,
agus dochualadar na Philistingh sin:
agus do sheíd Saul an stoc ar feadh na
críche uile, gha rádh, cluinedís na
Heabhruidhe.


L. 1Sm13:4


Agus dochúala Israel uile dhá
rádh, gur bhúail Saul daingneach
do na Philistínibh: agus do goireadh
an pobal a gcionn a chéile a ndíaigh
Shauil go Gilgal.


L. 1Sm13:5


Agus do chruinnigheadar na Phi-
listingh íad féin a gcionn a chéile do
throid anaghaidh Israel, tríochad míle
carbad, agus sé mhíle marcach, agus
dáoine mar an gaineamh, noch bhíos ar
thráigh na fairge air iomadamhlachd:
agus tangadar súas, agus do
suidheadar a Michmas, soir ó Bhet-
abhen.


L. 1Sm13:6


Anuáir dochonncadar fir
Israel go rabhadar a gcumhgach
(óir dobhádar na dáoine anéigion)
ansin dfolchadar an pobal íad féin a
núamaibh, agus a bhfíodhbhuibh, agus a
gcairrgibh, agus anáitibh árda,
agus a cclasachaibh.


L. 1Sm13:7


Agus dochuadar cuid do na
Heabhruidhibh anonn tar Iordan go tír
Ghad, agus Ghíléad: agus ar son
Shauil, dobhí se fós a Ngilgal, agus
do leanadar na dáoine uile é ar coimh-
chrith.


L. 1Sm13:8


Agus dfan sé seachd lá do reír
na haimsire cinnte do órduigh Samuel;
ach ní tháinic Samuel go Gilgal, agus
do leathnuigheadar na dáoine úadha.


L. 1Sm13:9


Agus adubhairt Saul, tugaidh
chugam annso ofráil loisge, agus of-
rála síothchána: agus do íodhbair sé an
nofráil loisge.


L. 1Sm13:10


Agus tárla comluath is chuir
sé deireadh le hofráil na híodhbartha
loisge, féach, tháinic Samuel, agus
dochuáidh Saul amach na choinne go
mbeannuigheadh sé dhó.


L. 1Sm13:11


Agus adubhairt Samuel, cred
dorinne tusa? agus adubhairt Saul,
do chionn go bhfacaidh mé na dáoine ar
leathnughadh uáim, agus nach dtáinic tu-
sa táobh astigh don ló chinnte, agus
gur chruinnigheadar na Philistinigh íad
féin a bhfochair a chéile go Michmas:


L. 1Sm13:12


Uimesin adubhairt mé, tiucfaid
na Philistinigh orum anúas anois go
Gilgal, agus ní dheárna mé eadarghuidhe
ris an TTighearna: do choimheígnigh mé
mé féin ar anadhbharsin, agus dofráil
mé ofráil loisge.


L. 1Sm13:13


Agus adubhairt Samuel re Saul,
dorinne tú so go leamh, agus níor choi-
mhéad tú aithne do Thighearna Dé, noch do
aithin sé dhíot: óir anois do dhaingneo-
chadh an Tighearna do rioghachd air Israel
go bráth.


L. 1Sm13:14


Acht anois ní sheasfuidh do
rioghachd: díarr an Tighearna duine
dhó féin do réir a chroidhe féin, agus
do aithin an Tighearna dhe bheith na chaip-
tín ós chionn a dhaoine, do chionn nar
choimhéd tusa an ní do fhuágair an Tighear-
na dhuit.


L. 1Sm13:15


Agus déirigh Samuel, agus
dochuáidh súas ó Ghilgal go Gibeáh
Bheniamin, agus do chomháirimh Saul
na daoine dobhí a lathair aige timchioll
shé chéad fear.


L. 1Sm13:16


Agus dfan Saul agus Iona-
tan a mhac, agus na dáoine dobhí a
lathair aca a Ngibeáh Bheniamin: achd do
bhádar na Philistinigh a gcampa a
Michmas.


L. 1Sm13:17


Agus tangadar na creacha-
dóirighe amach as campa na BhPhilisti-
tineach a ttrí gcuideachda: diompoigh
cuideachda aca chum na sligheadh go Hoph-
tah go fearann Shual.


L. 1Sm13:18


Agus do iompoigh cuideachda oile
annsa tslighe go Bet-óron: agus
diompoigh cuideachda oile chum animil,
noch fhéchus go gleann Sheboim leath ris
an bhfásach.


L. 1Sm13:19


Annois níor fríth gabha ar feadh
chríche Israel uile: óir adubhradar na
Philistinigh, deagla go ndénaidís na
Heabhruidhe cloidhmhe nó gaéthe.


L. 1Sm13:20


Ach dothéighdís Israel uile
síos gus na Philistinibh, gach én-
duine do ghérughadh a shuic, agus a
choltair, agus a thuáighe, agus a phi-
cóide.


L. 1Sm13:21


Gideadh dobhí oighe-chomalta
aca re haghaidh na bpicóideadh, agus
na ngabhal, agus na ttúagh, agus do
ghérughadh na slaitphriocadh.


L. 1Sm13:22


Ionnus go ttárla dhóibh a ló an
chatha, nach fríth cloidheamh nó gath a
laímh énduine don phobal dá raibh a bhfo-
chair Shauil agus Ionatain, achd ag Saul
agus ag Ionatan a mhac.


L. 1Sm13:23


Agus dochuáidh Gárda na
Bhpilistineach amach go slighthibh
Mhichmas,


L. 1Sm14:1


Anois tárla lá áirigh go ndu-
bhairt Ionatan mhac Sauil
ris anógánach do iom-
chair a airm, eírigh, agus
dénam anonn go gárda
na BhPhilistineach, atá ar an ttáoibh
thall: achd níor innis sé sin dá
athair.


L. 1Sm14:2


Agus dfan Saul annsa chuid dob
fhaide amach do Ghibeáh fáoi chrann
pomgránait, noch atá a Migron;
agus na dáoine dobhí na fhochair dobhá-
dar timchioll shé gcéad fear.


L. 1Sm14:3


Agus Ahiah mhac Ahitub, dear-
bhrathair Ichabóid, mhic Phineas, mhic
Elí, sagart an Tighearna ó Shíloh ag
iomchar ephoid; achd ni raibh a fhios ag
an bpobal gur imthigh Ionatan.


L. 1Sm14:4


Agus eidir na slighthibh cumhga
sin ar thairg Ionatan dul anonn go gár-
da na BhPhilistineach, dobhí carruic
ghéur a ttaóbh dhe, agus carruic
ghéur don taobh eile; agus ainm
cairrge dhíobh Boses, agus Seneh ainm
na cairge eile.


L. 1Sm14:5


Dobí aghaidh cairrge dhíobh arna
suighiughadh budh thuáidh, thall as coinne
Mhichmas, agus anaghaidh oile budh
dheas thall as coinne Ghibeáh.


L. 1Sm14:6


Agus adubhairt Ionatan ris a
nóganach do iomchair a airm, gluáis,
agus deanum anonn go gárda na ndáoi-
ne nemhthimchill-gheárrthasa; dob éidir
go noibreochadh Día air ar son: óir ní
bhfuil toirmheasg ar an TTighearna
dídean do dhénamh lé mórán nó lé
beagán.


L. 1Sm14:7


Agus adubhairt fear iomchair a airm
ris: déna gach ní dá bhfuil ad inntinn:
iompoigh thú féin, feúch, atáimsi leachd
do réir do thola.


L. 1Sm14:8


Annsin adubhairt Ionatan, féch
racham anonn mar a bhfuilid na daóine
si, agus foillseocham sinn féin
dóibh.


L. 1Sm14:9


Ach má deirid síad rinn marso,
fanuidh nó go ttigiom chugaibh; annsin
fanfam ar seasamh ann ar náit, agus
ní racham súas chuca.


L. 1Sm14:10


Achd má deirid marso; tigidh
súas chugainn, annsin racham súas: óir
thug an Tighearna ann ar láimh íad;
agus biáidh so na chomhartha aguinn.


L. 1Sm14:11


Agus do thaisbeanadar íad
araon do ghárda na BhPhilistíneach,
agus adubhradar na Philistinigh, feúc,
atáid na Heabhruidhe ag teachd amach as
na polluibh mar ar fholchadar íad
féin.


L. 1Sm14:12


Agus do fhreagradar muintir
an ghárda Ionatan agus fear iomchair
a airm, agus adubhradar, tigidh súas
chugainne, agus taisbeanfam ní dhíbh: a-
gus adubhairt Ionatan re fear iom-
chair a airm, tárr súas am dhiáigh, óir
do thoirbhir an Tighearna a láimh Is-
rael íad.


L. 1Sm14:13


Agus dochuáidh Ionatan le
dreapaireachd súas air a lámhuibh agus air
a chosuibh, agus fear iomchair a airm na
dhiáigh: agus do thuiteadar riomhe Ionat-
an, agus do mharbh fear iomchair a airm
na dhiáigh.


L. 1Sm14:14


Agus dobhí an céd ársin
thug Ionatan agus fear iomchair a
airm, timchioll fhithchid fear, taobh astigh
timchioll leath acra fearuinn, treabhadh chuin-
gealach damh.


L. 1Sm14:15


Agus dobhí coimhchrith ansa
tsluaigh annsa machaire, agus ar fud
na ndaóine uile; an gárda, agus
na creachadóirigh dobhí critheagla orra-
san mar an gcédna, agus do chriothn-
uigh an talum: ionnus go raibh na
chriothnughadh romhór.


L. 1Sm14:16


Agus do fhéchadar luchd faire
Shauil a Ngibeáh Bheniamin, agus do
chonncadar an slúagh ag leaghadh as a
chéile, agus gur thiomháineadar ar a
chéile bhúaladh.


L. 1Sm14:17


Annsin adubhairt Saul ris an
muintir dobhí na fhochair, áirmhidhe anois,
agus féchaidh cía chuaidh uáinn. Agus
anuáir do áirmheadar, féch, ní raibh
Ionatan ná fear iomchartha a airm
ann.


L. 1Sm14:18


Agus adubhairt Saul ré Hahi-
ah, tabhair Airc Dé annso: óir dobhí
Airc Dé an tansin ag cloinn Israel.


L. 1Sm14:19


Agus tárla an fad dobhí
Saul ag comhrádh ris an tsagart,
go raibh an tarmán dobhí a slúagh na
Bhpilistíneach ag dul ar agaidh, agus
gur mhéduigh sé: agus adubhairt Saul
ris an tsagart, connuimh do lámh.


L. 1Sm14:20


Agus do chruinnigh Saul agus
a raibh do dhaóinibh na fhochair íad féin,
agus tangadar chum an chatha, agus
féch dobhí cloidheamh gach énduine a
naghaidh a chompánuigh, agus dobí diogh-
bháil romhór ann.


L. 1Sm14:21


Tuilleamh eile, na Hebhruidhe do
bhí a bhfochair na BhPhilistíneach roimhe
sin, noch dochuaidh súas léo don cham-
pa fagcuáirt, diompoigheadar sin mar
an gcédna leis na Hisraelíteachaibh
dobhí a bhfochair Ionatan agus Shauil.


L. 1Sm14:22


Fir Israel uile fós, noch do
fholuigh íad féin a slíabh Ephraim, a
nuáir dochúaladar gur theitheadar na
Phílistinigh, do leanadar sin mar an
gcédna go cruáidh íad annsa chath.


L. 1Sm14:23


Marsin do sháor Día Israel
an lásin, agus dochuáidh an troid
anon go Bet-abhen.


L. 1Sm14:24


Agus dobhádar muinntir Is-
rael go haindeis an lásin: óir do
chuir Saul na daoine fa mhionnuibh, gha
rádh: go madh malluigh an duine íosas
bíadh ar bith go tráthnóna, ionnus go
raibh misi dioghaltach ar mo námhaid:
marsin nar bhlais énduine do na daoi-
nibh bíadh ar bith.


L. 1Sm14:25


Agus tangadar muintir na
tíre uile chum coilleadh, agus dobhí
mil ar an ttaluimh.


L. 1Sm14:26


Agus anuáir thangadar na
daoine fán ccoill, féch do shil an mhil,
achd níor chuir énduine a lámh chum a bhéil;
óir dobhí eagla na mionn ar na daói-
nibh.


L. 1Sm14:27


Acht ní chúala Ionatan anuáir
do chuir a athair na mionna ar na
daóinibh: uimesin do shín bárr na slaite
dobhí na láimh, agus do thum a gcria-
thar meala, agus do chuir a lámh chum
a bheóil, agus do shoillsigheadar a shúile.


L. 1Sm14:28


Annsin do fhreagair duine don
phobal, agus adubhairt, do chuir ha-
thair mionna crúaidhe ar na daóinibh, dha
rádh; go madh malluigh an duine íosas
bíadh aniugh; agus dochuáidh an pobal
ananbhfuinne.


L. 1Sm14:29


Annsin adubhairt Ionatan, do
bhuáidhir mathair an dúithche, féchuidh, mar
athchuinghe oruibh, mar do shoillsigheadar
mo shúilesi do chionn gur bhlais mé don
mhilse.


L. 1Sm14:30


Cá mhéid nísa mhó dá nithidís
na daóine go sáor aniugh dédáil a
námhad, noch fuaradar? óir nach bíadh
anois ár budh romhó a measc na Bhphi-
listineach?


L. 1Sm14:31


Agus do bhuáileadar na Phi-
lístinigh an lásin ó Mhichmas go
Haiialon; agus dobhádar na daoine rolag.


L. 1Sm14:32


Agus do thiomáineadar na
daóine ar na creachaibh, agus do gha-
bhadar cáorigh, agus daimh, agus gamh-
na; agus do mharbhadar ar an tta-
lumh íad, agus dúadar na daóine íad
maille rena bhfuil.


L. 1Sm14:33


Annsin do innisiodar do Shaul,
ghá rádh, féch do pheacaidh an pobal a
naghaidh an Tighearna, mar atáid ag
ithe gon an nfuil; agus adubairt
seision, do sháruigheabhair: iomlaitigh
cloch mhór chugamsa aniugh.


L. 1Sm14:34


Agus adubhairt Saul, leathnui-
ghidh sibh féin a measc cháich, agus ab-
raidh ríu, tugaidís chugamsa annso
gach énduine a dhamh, agus gach énd-
uine a cháora, agus marbhaidís annso
íad, agus ithedís, agus ná peacui-
dheadís anaghaidh an Tighearna a
nithe maille ris an bhfuil. Agus tu-
gadar an pobal uile gach énduine a
dhamh leis anoidhchesin, a-
gus do mharbhadar annsin íad.


L. 1Sm14:35


Agus dorinne Saul altóir
don Tighearna, si sin an chéd altóir
dorinne sé don Tighearna.


L. 1Sm14:36


Agus adubhairt Saul, deanum
síos a ndiáigh na BhPhilistineach san
noidhche, agus creacham íad nó go ttí
solus na maidne, agus ná fágbham
duine dhaóibh. Agus adubhradarsan,
déna gidhbhé ní is feárr dochítear dhuit:
annsin adubhairt an sagart, táirn-
giom annso láimh re Día.


L. 1Sm14:37


Agus díarr Saul comhairle ar
Dhía; an racha mé síos a ndiáigh na
BhPhilistineach? an ttiubhra tú a láimh
Israel íad? ach níor fhreagair sé an
lásin é.


L. 1Sm14:38


Agus adubhairt Saul, táirn-
gidh a lathair annso a bhfuiltí do dhaóinibh
as feárr annsin: agus bíodh a fhios
aguibh, agus fécuidh cáit a raibh an
peacadhso aniugh.


L. 1Sm14:39


Oír mar mhaires an Tighearna,
noch sháorus Israel, bíodh gurob ann Io-
natan mo mhacsa atá, dogheabha sé
bás go deimhin: achd ní raibh duine a
measc an phobail do fhreagair é.


L. 1Sm14:40


Annsin adubhairt sé re Hisrael
uile, bíthíse ar éntaobh, agus biaidh
misi agus Ionatan mo mhac don táobh
eile: agus adubhairt an pobal ré
Saul, déna mar dochítear dhuit féin.


L. 1Sm14:41


Uimesin adubhairt Saul ris an
TTighearna Día Israel, taisbhén crann-
char comhthrom. Agus do thuit ar Shaul,
agus ar Ionatan: achd do sáoradh an
pobal.


L. 1Sm14:42


Agus adubhairt Saul, teilgidh
cranncar eadramsa agus mo mhac Io-
natan: agus do thuit sé ar Iona-
tan.


L. 1Sm14:43


Annsin adubhairt Saul ré Io-
natan, innis damh, cred dorinne tú? a-
gus do innis Ionatan dó, agus adu-
bhairt, ní dhérna mé achd beagán meala do
bhlas lé bárr slaite dobhí am láimh;
agus féuch, caithfidh mé bás dfa-
gháil.


L. 1Sm14:44


Agus do fhreagair Saul, go ndér-
na Día sin, agus tuilleamh mar an
gcédna: óir dogheabha tú bás go dei-
mhin, a Ionatan.


L. 1Sm14:45


Agus adubhradar an pobal
re Saul, an bhfuighe Ionatan bás, noch
do oibrigh an tártháil mhórso ann Is-
rael? nar léigidh Día: mar mhaireas an
Tighearna, ní rachaidh ruibe do ghruáig
a chinn chum talmhan: óir do oibrigh
sé le Día aniugh: marsin do bheana-
dar an pobal Ionatan amach, nach ar
cuireadh chum báis é.


L. 1Sm14:46


Annsinn dochuáidh Saul síos ó
leanmhuin na BhPhilistíneach: agus do
chuádar na Philistinigh dá nionad
féin.


L. 1Sm14:47


Marsin do ghabh Saul an Rio-
ghachd ós cionn Israel, agus do chathaigh
anaghaidh a námhad anuile tháobh; anaghaidh
Mhóab, agus anaghaidh chloinne Ammon,
agus anaghaidh Edom, agus anaghaidh
Ríg Sóbah, agus anaghaidh na Bhphilis-
tineach: agus gidhbé taobh a niompoigheadh
é féin do bhúaidhreadh íad.


L. 1Sm14:48


Agus do chruinnigh sé sluágh,
agus do bhuáil sé na Hamnalecítigh,
agus do sháor Israel as lámhuibh na
muintire dobhí dá milleadh.


L. 1Sm14:49


Annois dob íad mic Shauil, Io-
natan, agus Isui, agus Melchisua:
agus dob íad so anmanna a dheise in-
ghean, ainm na mná fá sine Mérab,
agus ainm na mná dob óige Mi-
chal.


L. 1Sm14:50


Agus Ahinoam ainm mhná Shauil,
inghean Ahimaas: agus ainm chaiptín a
shlóigh Abner mhac Ner, dearbhrathair
athar Shauil.


L. 1Sm14:51


Agus Cis athair Shauil, agus
Ner athair Abnes fá mach do Abiel é.


L. 1Sm14:52


Agus dobhí coghadh crúaidh a
naghaidh na BhPhilistineach an fad do mhair
Saul: agus anuair dochíodh Saul duine
láidir ar bith, nó duine curata, do
bheireadh chuige é.


L. 1Sm15:1


Agus adubhairt Samuel fós ré
Saul, do chuir an Ti-
ghearna misi dot ungadhsa
dot bheith ad Rígh ós chionn a
phobail, ós chionn Israel:
annois ar anadhbharsin tabhairse haire
dfuaim bhriathar an Tighearna.


L. 1Sm15:2


Is marso adeir Tighearna na
sluagh, cuimhnighim an ní dorinne Ama-
lec re Hisrael, mar do chuir sé
luigheachán roimhe annsa tslighe, anuáir
tháinic sé amach ón Négipt.


L. 1Sm15:3


Annois éirigh, agus buáil Amalec,
agus léirscrios gach uile ní dá bhfuil
aca, agus ná coigil iad: ach marbh
an bhean agus an fear, an leanamh
agus naoidhe na cích, an damh
agus an cháora, an cámhall agus an
tassal.


L. 1Sm15:4


Agus do chruinnigh Saul na dáoine
a bhfochair a chéile, agus do chomháir íad
ag Telaim, dhá chéad míle coisigh, agus
deich míle fear do Iúdah.


L. 1Sm15:5


Agus tháinic Saul go cathruigh
le Hamalec, agus do chuir luidheachán
annsa ghleann.


L. 1Sm15:6


Agus adubhairt Saul ris na
Ceníteachaibh, éirgidhe, fágbhuidh so,
teighidh síos ó bheith a measc na Nama-
leciteach, deagla go scriosfuinnsi sibh
maille riú: óir do thaisbeanabhairsi muin-
teardhas do chloinn Isral uile, anuair
thangadar súas as talumh na Hégip-
te: marsin dimthigheadar na Cenítigh ó
bheith a measc na Namaleciteach.


L. 1Sm15:7


Agus do bhúail Saul na Ha-
malecitigh ó Habhilah nó go ttí tú go
Sur atá thall as coinne na Hégip-
te.


L. 1Sm15:8


Agus do ghabh sé Agag Rígh na
Namalecíteach beó, agus do léirsc-
rios na daoine uile lé fáobhar an
chloidhimh.


L. 1Sm15:9


Ach do choigil Saul, agus a
muintir Agag, agus an chuid dobfeárr
do na cáorchuibh agus do na damhuibh,
agus do na méthuibh, agus do na húa-
nuibh, agus gach éinni bhí go maith, agus
níorbháill leó a léirsgrios: achd gach
éinni dhá raibh mímheasta agus tarcuis-
neach, do scriosadar íadsin go
hiomlán.


L. 1Sm15:10


Annsin tháinic bríathar an Ti-
ghearna go Sámuel, gha rádh,


L. 1Sm15:11


As aithreach liom go ndeárna mé
Rígh do Shaul: óir do iompoigh sé ó
misi leanmhuin, agus níor choimhlíon
maitheanta. agus do ghoill sin ar Sha-
muel, agus do eígh ar an TTighearna
feadh na hoidhche.


L. 1Sm15:12


Agus anúair do éirigh Samuel
go moch do theagmháil re Saul ar mai-
din, do hinnseadh do Shamuel ghá rádh,
thainic Saul go Carmel, agus féch do
chuir sé súas áit dhó féin; achd do chas
sé timcioll, agus do ghluais roimhe
síos go Gilgal.


L. 1Sm15:13


Agus tháinic Samuel go Saul,
agus adubhairt Saul ris, go madh beann-
uigh thú ón TTighearna: do chomhaill mísi
aithne an Tighearna.


L. 1Sm15:14


Agus adubhairt Samuel, má-
seadh cread í an mhéidhleach so na ccaorach
ann mo chlúasaibh, agus géimneach na
ndamh adchluinim?


L. 1Sm15:15


Agus adubairt Saul, ó na
Hamaleciteachaibh thugadar íad: óir
do choigleadar na daóine an chuid do
bférr do na cáorchuibh, agus do na
damhuibh do iodhbairt dot Thighearna Díase,
agus do scriosamar thríd amach an chuid
eile.


L. 1Sm15:16


Annsin adubhairt Samuel re
Saul, fan, agus inneosa misi dhuit
cread adubhairt an Tighearna riom anocht.
Agus adubhairt seision ris, abair
romhad.


L. 1Sm15:17


Agus adubhairt Samuel, a
nuair dobhí tú beag ad radharc féin nach
dérnadh ceann díot ar threabhuibh Israel,
agus nar ungaidh an Tighearna thú ad
Rígh os cionn Israel?


L. 1Sm15:18


Agus do chuir an Tighearna thusa
a tturus, agus adubhairt, éirigh agus
scrios tríd amach na peacaich na Ha-
mhalecitigh, agus troid riú nó go
scriostar íad.


L. 1Sm15:19


Uimesin cred fá nar umhluidh
tú do ghuth an Tighearna, achd do ling
tú ar anédáil, agus dorinne tú
cionta a radharc ar Tighearna?


L. 1Sm15:20


Agus adubhairt Saul ré Sa-
muel, ní headh do umhluidh misi do ghuth an
Tighearna, agus dochuáidh mé san
tslighe ionar chur an Tighearna mé,
agus thug mé Agag Rígh na Namaleci-
teach liom, agus do scrios mé na Ha-
malecitigh uile.


L. 1Sm15:21


Ach rugadar an pobal leó don
nédáil, cáoridh agus daimh, agus an
chuid bá férr dá gach éinní ba cóir a
leirsgrios, chum íodhburtha dot Thi-
ghearna Día a Ngilgal.


L. 1Sm15:22


Agus adubhairt Samuel, an
bhfuil oirid dúile ag an TTighearna
anofráluib loisge, agus aníodhbarthaibh,
mar atá aige anumhla do ghlór an
Tighearna? féuch, is férr umhlughadh
ná íodhbairt, agus éisdeachd ná méthas
reitheadh.


L. 1Sm15:23


Oír ionnann dul an neasurramachd,
agus peacadh piseóguigh, agus easamhla
ionnan agus éigceart agus iodhaladhradh:
do chionn gur tharcuisnigh tú focal an
Tighearna, do tharcuisnigh seision túsa
mar an gcédna ó bheith ad Rígh.


L. 1Sm15:24


Agus adubhairt Saul re Sa-
muel, do pheacaidh mé: óir do sháruigh mé
aithne an Tighearna, agus do bhriathra
sa; do chionn gur raibh eagla an phobail
orm, agus gur áontoigh mé dhá
nglór.


L. 1Sm15:25


Annois ar anadhbharsin, gui-
dhim thú, tabhair maitheamhnus mo pheacaidh
dhamh, agus iompóigh liom arís go na-
dhradh mé an Tighearna.


L. 1Sm15:26


Agus adubhairt Samuel re Saul,
ní fhillfe misi leachd: óir do tharcuisnigh tú
focal an Tighearna, agus do tharcuis-
nigh an Tighearna thusa ó bheith ad Rígh ar
Israel.


L. 1Sm15:27


Agus anúair do fhill Samuel
dimtheachd ar ais, rug seision ar irr
falluinge air, agus do bhris í.


L. 1Sm15:28


Agus adubhairt Samuel ris, do
réub an Tighearna rioghachd Israel uait
si aniugh, agus thug í dod chomharsuinn,
noch is férr ná thusa.


L. 1Sm15:29


Agus fós ní dhéna neart Israel
brég, agus ni bhiá aithreach: óir ní duine
é as a mbíadh aithreachus air.


L. 1Sm15:30


Annsin adubhairt sé, do pheacaidh
mé: gidheadh guidhim thú, onóruigh mé
anois roimhe sheanuibh no phobail, agus
roimhe Israel, agus iompoigh liom a
rís go nadhraidh mé do Thighearna
Día.


L. 1Sm15:31


Marsin do fhill Samuel arís
a ndiáigh Shauil: agus do adhair Saul an
Tighearna.


L. 1Sm15:32


Annsin adubhairt Samuel, ta-
bhairsi leachd annso chugamsa Agag Rígh na
Namaleciteach; agus tháinic Agag
súas chuige go cóirighthe. Agus adu-
bairt Agag, go deimhin dochuáidh sear-
bhadus an bháis seachad.


L. 1Sm15:33


Agus adubhairt Samuel, mar
dorinne do chloidheamsa mná gan chloinn,
marsin bías do mhathairsi gan chloinn a
measc na mban. agus do gheárr Samuel
Agag na chotchannuibh a lathair an Tigh-
earna a Ngilgal.


L. 1Sm15:34


Annsin dochuáidh Samuel go
Rámah, agus dochuáidh Saul súas go
Gibeah Sháuil dhá thigh féin.


L. 1Sm15:35


Agus ní tháinic Samuel nísa
mhó dféchuin Shauil go ló a bháis: gi-
dheadh do chaóin Samuel Sául, agus dob
aithreach leis an TTighearna mar do
rinne sé Rígh do Shaul ós cionn Is-
rael.


L. 1Sm16:1


Agus adubhairt an Tighearna
re Samuel, gá fad bhías
tú ag dóbrón tre Shaul,
ó chuir misi ar gcúl é ó
bheith na Rígh ós cionn Israel? líon ha-
dharc dola, agus imthigh, cuirfidh misi
thú chum Iesse an Bethlehemíteach; óir
do thogh mé rígh dhamh féin a measc a
mhac.


L. 1Sm16:2


Agus adubhairt Samuel, cionnus
fhéduimsi dul ann? má chluin Saul é,
muirfidh sé mé. Agus adubairt an
Tighearna, beir colpach leachd, agus a-
bair, tháinic mé do dhénamh íodhbartha don
Tighearna.


L. 1Sm16:3


Agus goir Iesse chum na híodh-
bartha, agus taisbénfuidh misi dhuit
créd dhénas tú, agus ungfaidh tú
dhamhsa an té ainmneochus mé dhuit.


L. 1Sm16:4


Agus dorinne Samuel gach ní
dá ndubhairt an Tighearna, agus tháinic sé
go Betlehem, agus do chriothnuigheadar
sinnsir an bhaile rena theachd, agus a
dubhradar, an go síothchánta thig tu-
sa?


L. 1Sm16:5


Agus adubhairt seision, is go
síothchánta: tháinic mé díodhbairt don
Tighearna: náomhuidh sibh féin, agus
tigidh liom chum na híodhbartha. Agus
do náomhuigh sé Iesse, agus a mhic,
agus do ghoir íad chum na híodhbar-
tha.


L. 1Sm16:6


Agus tárla anuáir thanga-
dar, gur fhéch sé ar Eliab, agus a
dubhairt, is deimhin go bhfuil ungthach an
Tighearna a lathair.


L. 1Sm16:7


Agus adubhairt an Tighearna re
Samuel, ná féch ar a ghnúis no ar
áirde a phearsann, do chionn gur dhíult
misi é: óir ní fhaiceann an Tighearna
mar dochí duine; óir dochí an duine
an ní bhias a bhfiaghnuise a shúl, achd do
chí an Tighearna an croidhe.


L. 1Sm16:8


Annsin do ghoir Iesse Abina-
dab, agus thug air gabháil thairis a la-
thair Shamuel: agus adubhairt sé, ní
hé so fós do thogh an Tighearna.


L. 1Sm16:9


Annsin thug Iesse ar Shammah
gabháil thairis: agus adubhairt seision,
ni hé so fós do thogh an Tighearna.


L. 1Sm16:10


Arís thug Iesse air mhóirsheisear
dá mhacaibh gabháil thar Shamuil: agus
adubhairt Samuil re Iesse, níor thogh
an Tighearna íadso.


L. 1Sm16:11


Agus adubhairt Samuel re Ies-
se, an bhfuilid do chlann uile annso?
agus do fhreagair seision, atá fós an
mac as óige gan a bheith ann, agus
féuch atá sé ag coimhéd na gcáo-
rach; agus adubhairt Samuel re Ies-
se, cuir fios air, agus tabhair leachd
é: óir ní shuighfeam síos nó go ttí sé
annso.


L. 1Sm16:12


Agus do chuir sé fios air, agus
thug asteach é: bá dearg agus scía-
mhach a ndeilbh é maille re brédhachd súl:
agus adubhairt an Tighearna, éirigh
agus ungaidh é: óir a sé so eisi-
on.


L. 1Sm16:13


Annsin do ghlac Samuel ana-
dharc ola, agus do ungaidh eision a
lár a dhearbhráithreach, agus tháinic spio-
rad an Tighearna ar Dháibhi ón lósin
amach; annsin déirigh Samuel súas,
agus dochuáidh go Rámah.


L. 1Sm16:14


Ach dochuaidh spiorad an
Tighearna ó Shaul, agus do bhuáidhir
droichspiorad ón TTighearna é.


L. 1Sm16:15


Agus adubhradar muintir
Shaul ris, féuch annois atá droich-
spiorad ó Dhía dot bhuáidhreadh.


L. 1Sm16:16


Abradh ar TTighearna annois
rena sherbhíseachaibh atá dha lathair, duine
íarruidh noch sheinnios go gasda ar
chláirsigh: agus is amhluidh bhías anuair
thiocfas an droichspiorad ó Dhía ort,
go seinnfidh seision lena láimh, agus
go mbía tusa go maith.


L. 1Sm16:17


Agus adubhairt Saul rena
sheirbhíseachaibh, faghaidh dhamh annois
duine fhédas seinm go maith, agus tu-
gaidh chugam é.


L. 1Sm16:18


Annsin do fhreagair áon do na
serbhíseachaibh, agus adubhairt, féuch do
chonnairc misi mac do Iesse an Betle-
hemíteach, noch atá eólgach a seinm, a-
gus na dhuine roláidir ghaisgeamhuil,
agus na fhear cogaidh, agus glic a
ccúisibh, agus na fhear sgíamhach, agus
atá an Tighearna maille ris.


L. 1Sm16:19


Uimesin do chuir Saul teachda go
Iesse, agus adubhairt, cuir chugam
Dáibhí do mhac, noch atá ag an
ttréd.


L. 1Sm16:20


Agus do ghlac Iesse assal
fá úalach aráin, agus buidéul fíona,
agus meannán, agus do chuir lena mhac
Dáibhi íad chum Sauil.


L. 1Sm16:21


Agus tháinic Dáibhi go Saul,
agus do sheas dá lathair, agus dobhí
grádh mór aige air, agus dobhí na
fhear iomchartha a airm aige.


L. 1Sm16:22


Agus do chuir Saul fios chum Ies-
se ga rádh, guidhim thú, léig do Dháibhi
seasamh am lathairse; óir fuáir sé fa-
bhar am radharc.


L. 1Sm16:23


Agus tárla anuáir tháinic
an droichspiorad ó Dhía ar Shaul,
gur ghlac Dáibhi cláirseach, agus gur
sheinn lena láimh: ionndus go bhfúair Saul
cabhair, agus go raibh go maith, agus
dimthigh an droichspiorad uadh.


L. 1Sm17:1


Anois do chruinnigheadar na
Philistinigh a slúagh a
cceann a chéile chum chatha, a-
gus do chruinnigheadar íad féin
a bhfochair a chéile a Sócoh, noch is le Iú-
dah, agus do champuigheadar eidir Shócoh,
agus Hasécah ann Ephes-dammim.


L. 1Sm17:2


Agus do chruinnigh Saul, agus
muintir Israel a bhfochair a chéile, agus
do champuigheadar láimh re gleann Elah,
agus do chuireadar an cath anórdu-
ghadh anaghaidh na BhPhilistíneach.


L. 1Sm17:3


Agus do sheasadar na Philistínigh
ar shlíabh a ttaobh, agus do sheas Is-
rael ar shlíabh don táobh eile: agus
dobhí gleann eatarra.


L. 1Sm17:4


Agus dochuáidh gaisgidheach a-
mach as campa na BhPhilistíneach, darbhainm
Goliah ó Ghát ann a raibh sé
chubhaid agus réise ar áirde.


L. 1Sm17:5


Agus dobhí ceinbheirt phráis ar
a cheann, agus dobhí éidighthe lé lúirigh:
agus do chomthromuidh an lúireach cúig
mhíle Secel phráis.


L. 1Sm17:6


Agus dobhádar assáin phráis
ar a luirgnibh, agus góirséd práis ei-
dir a ghuaillibh.


L. 1Sm17:7


Agus ba cosmhuil crann a ghath
re garmain fígheadóra, agus do chomh-
thromuidh cheann a ghath sé chéd Secel íar-
uinn; agus óglach ag iomchar a scéithe
ag gabháil roimhe.


L. 1Sm17:8


Agus do sheas sé, agus dfúa-
gair ar shlúaghaibh Israel, agus adu-
bairt ríu, cred fá ttangabhair amach
do chur bhur gcatha na shuidhe? nach
Philistíneach misi, agus nach searbh-
fhoghantuighe do Shaul sibhsi? toghaidh
si duine dhaóibh féin, agus tigeadh sé
anúas chugamsa.


L. 1Sm17:9


Má bíonn do neart ann troid ri-
omsa, agus go muirfidh sé mé, ann
sin béimne ar searbhfhoghantuibh aguibhsi:
ach má bhuáidhimsi na aghaidhsion, a-
gus go muirfe mé é, annsin béithíse
bhur searbhfhoghantaibh aguinne, agus do
dhéntaoi searbhís dúinn.


L. 1Sm17:10


Agus adubhairt an Philistí-
neach, bheirimse dubhshlán shlóigh Israel
fúm aniugh: cuirdís chugam duine, go
ttroidmís ré chéile.


L. 1Sm17:11


Anuáir dochúala Saul, agus
Israel uile na bríathrasin an Phi-
listínigh, dobhádur uile anégcruth,
agus lán deagla.


L. 1Sm17:12


Annois Dáibhi, bá mac é don
Néphrátiteachsin ó Bhetleham-Iúdah,
darbhainm Iesse, agus dobhádar
ochdar mac aige: agus dobhí an tóg-
lach mar dhuine fhoirfe a measg na ndaói-
ne a láethibh Shauil:


L. 1Sm17:13


Agus do imthigheadar an Tríur
mac fá sine ag Iesse, agus do leana-
dar Saul chum an chatha: agus do
bíad anmanna an triair mac dochuaidh
chum an chatha Eliab an mac fá sine,
agus na dhiáighsin Abinadab, agus
an treas mac Sammah.


L. 1Sm17:14


Agus dobé Dáibhi an mac
dobóige, agus do leanadar an tríur
fa sine Saul.


L. 1Sm17:15


Ach dimthigh dáibi, agus dfill
sé ó Shaul do choimhéd cáorach a athar
a Mbet-lehem.


L. 1Sm17:16


Agus dothigeadh an Philisti-
neach a ngar, maidin agus tráthnó-
na, agus do thaisbheanadh é féin ar feadh
cheathrachad lá.


L. 1Sm17:17


Agus adubhairt Iesse re Dáibhi a
mhac, glac anois chum do dhearbhráithreach
Ephah don ghrán dóitesi, agus na
deich mbuilínsi, agus rioth don champa
chum do dhearbhráithreach.


L. 1Sm17:18


Agus beir na deich gcáisesi
chum caiptín a mílesion, agus féach
ciondus ataíd do dhearbhráthre, agus
glac a ngeall.


L. 1Sm17:19


Annois dobhí Saul, agus íad
san, agus fir Israel uile a ngleann
Elah ag troid ris na Philisti-
nibh.


L. 1Sm17:20


Agus do éirigh Dáibhi súas go
moch ar maidin, agus dfág na caoi-
righ ag coimheáduigh, agus rug leis,
agus dimthig mar adubhairt Iesse ris;
agus tháinic sé chum an trinnsi, anúair do
bhí an slúagh ag dul amach do throid,
agus do ghaíreadar chum an chatha.


L. 1Sm17:21


Oír do chuireadar Israel, agus
na Philistinigh íad féin anórdugadh
chatha, slúagh anaghaidh slóigh.


L. 1Sm17:22


Agus dfág Dáibhi a charáiste a
láimh coimhéduigh an charáiste, agus do
rioth fán tsluágh, agus thaínic agus
do bheannuigh sé dá dhearbhráithribh.


L. 1Sm17:23


Agus fan nam a raibh ag
comhrádh riú, féch thaínic súas an
gaisgidheach (an Philistíneach ó
Ghát darbhainm Goliah) amach as
sluagh na BhPhilistíneach, agus do
labhair do réir na mbríathar gcédna,
agus dochúaluidh Dáibhi íad.


L. 1Sm17:24


Agus anúair dochonncadar po-
bal Israel uile é, do theitheadar roimhe,
agus dobhádar lán deaghla.


L. 1Sm17:25


Agus adhubhradar muintir
Israel, an bhfacabhair an téso tháinic
suas? go deimhin is do thabhairt masla
Disrael tháinic sé súas: agus is
amluidh bhiás, gidhbé duine mhuirfios é,
go ndhéna an Rígh saidhbhir é le hiomad
máoine, agus go ttiubhra a inghean
dó, agus go ndéna tigh a athar sáor
a Nisrael:


L. 1Sm17:26


Agus do labhair Dáibhi ris na dáoi-
nibh do sheas láimh ris, ghá rádh, cred
dodhéntar ris an té mharbhus an Phi-
listineachsa, agus thóigfes a mhiochlú
do Israel? óir cía hé an Philistineach
nemthimchillgheárrthasa, asa ngreinneochadh
sé sluágh Dé bhí?


L. 1Sm17:27


Agus do fhreagradar na dáoine
é ar an modhso gha rádh, is mar súd
dodheántar ris an té mharbhas é.


L. 1Sm17:28


Agus dochuála Eliab a dhear-
bhráthair bá sine anuair do labhar sé ris
na daóinibh; agus do las fearg Eliab
anaghaidh Dháibhi, agus adubhairt, cred
as ttáinic tusa anuas annso? agus
cía ag ar fhág tú an beagán cáorach
sin annsa bhfásach? atá fios húabhair
agamsa, agus urchoíde hinntinne: óir
thaínic tú anuas, chum go bhfaicfeá
an cath.


L. 1Sm17:29


Agus adubhairt Dáibhi, cred do
rinne mé anois? an é nach raibh gnothuidhe
agam?


L. 1Sm17:30


Agus do fhill se úadh go duine
eile, agus adubhairt ar an modh ccéad-
na: agus do fhreagradar cách é do
réir an chédmhodha.


L. 1Sm17:31


Agus anúair do chlos na bhriá-
thrasin do labhair Dáibhi, do innisiodar
íad a lathair Shauil: agus do chuir sé
fios air.


L. 1Sm17:32


Agus adubhairt Dáibi re Saul,
ná heagluighthear croidhe énduine roimhe,
rachaidh do shearbhfhoghantuigh, agus troid-
fidh sé ris an BhPhilistineachso.


L. 1Sm17:33


Agus adubhairt Saul re Dáibhi,
ní bhfuil ionnad achd ógánach, agus ei-
sion na fhear coguidh ó na aóis óig.


L. 1Sm17:34


Agus adubhairt Dáibhi re Saul,
dobhí do sherbhíseach a mbun chaorach a
athar, agus tháinic leomhan agus math-
ghamhuin, agus rugadar úan as an ttréud:


L. 1Sm17:35


Agus dochuaidh misi amach na
dhiaigh, agus do bhuáil ios é, agus do
bhean mé as a bhéul é: agus anuair
do éirigh sé am aghaidh, rug mé ar
fhésóig air, agus do bhuáilios agus do
marbhus é.


L. 1Sm17:36


Do mharbh do shearbhfhoghantuigh
an leomhan agus an mathghamhuin: a-
gus biáidh an Philistineach neimhthim-
chillghérrthasa mar áon aca, ó thug
sé dúbhshlán shlóigh Dé bhí.


L. 1Sm17:37


Adubhairt Dáibhi fós, an Tigh-
earna do sháor misi ó crodh an leomhuin
agus ó chrodh an mhathghamhuin, sáorfuidh
sé as láimh an Philistinighsi mé. A-
gus adubhairt Saul re Dáibhi, éirigh, a-
gus go raibh an Tighearna maille le-
achd.


L. 1Sm17:38


Agus do éidigh Saul Dáibhi
lena arm féin, agus do chuir sé clo-
gad phráis air a cheann, agus do
éidigh sé é mar an gcédna lé lúi-
righ.


L. 1Sm17:39


Agus do ghabh Dáibhi a chloidheamh
ar uachdar a éidigh, agus do thionnscuin
sé siubhal, óir níor chleachd sé é: agus
adubhairt Dáibhi re Saul, ní fhéduimsi
siubal iontaso: óir níor chleacht mé
íad, agus do chuir Dáibhi dhe íad.


L. 1Sm17:40


Agus do ghlac sé a bhata io-
na láimh, agus do thogh dhó féin cúig
clocha bláithe as a nabhuinn, agus do
chuir íad a mála áodhaire, noch dobhí aige,
edhon a ttiáich: agus dobhí a chrann
tábhuill na láimh, agus do ghluáis mar
a raibh an Philistíneach.


L. 1Sm17:41


Agus tháinic an Philistineach
ar aghaidh, agus do dhruid a bhfogus
do Dáibhi, agus dochuáidh an té do
bhí ag iomchar a scéithe roimhe.


L. 1Sm17:42


Agus anuair dféch an Philis-
tineach timchioll, agus dochonnairc sé
Dáibhi, do tharcuisnigh sé é; óir ní raibh
achd óg, agus é dearg, agus dealbh
sgíamhach air.


L. 1Sm17:43


Agus adubhairt an Philistineach
ré Dáibhi, an madradh misi, as a ttig
tú chugam re batadhuibh? agus do
mhalluigh an Philistíneach Dáibhi léna
dheeibh.


L. 1Sm17:44


Agus adubhairt an Philis-
tíneach re Dáibhi, tárr chugamsa, a-
gus dobhéra mé thfeóil dénlaith anaiéir
agus dainmhintibh an mhachaire.


L. 1Sm17:45


Annsin adubairt Dáibhi ris an
Bhpilistineach, thig tusa chugamsa le
cloidheamh, agus le gath, agus lé sgéith; achd
tigimsi chugadsa anainm Thighearna
na slógh, Día shluaigh na Nisraeli-
teach, noch do ghreannuigh tusa.


L. 1Sm17:46


Aniugh bhéras an Tighearna thu-
sa am láimhsi, agus buáilfidh mé thú,
agus beanfaidh mé do cheann díot, agus
dobhéra mé conblacha shluáigh na Bhphi-
listíneach dénlaithibh anaiéir, agus
do bheathachaibh állta an mhachaire; chor
go mbía a fhios ag an domhan uile, go
bhfuil Día a Nisrael.


L. 1Sm17:47


Agus biáidh a fhios ag an
ccomhchruinniughadhso uile, nach lé gath
nó lé cloidheamh sháorus Día: (óir is
leis an TTighearna an cath) agus
dobhéra sé sibhsi ann ar lámhuibhne.


L. 1Sm17:48


Agus tárla anuáir do éi-
righ an Philístineach, agus tháinic,
agus do dhruid a bhfogus do theagmháil
ré Dáibhi, go ndérna Dáibhi deithnios,
agus gur rioth gus an tslúagh do
theagmháil ris an BhPhilistíneach.


L. 1Sm17:49


Agus do chuir Dáibhi a lámh iona
mhála, agus thug cloch as, agus do
chaith í as a chranntábuill, agus do
bhuáil an Philistineach iona édan, ion-
dus go ndeachaidh an chloch iona édan;
agus do thuit sé ar aghaidh chum na tal-
mhan.


L. 1Sm17:50


Mar sin do bhúadhuigh Dáibhi
ar an BhPhilistineach lé crann tábhuill
agus lé cloich, agus do bhuáil sé
an Philistineach, agus do mharbh sé
é: achd ní raibh cloidheamh ar bith a láimh
Dháibhi.


L. 1Sm17:51


Uimesin do rith Dáibhi, agus
do sheas shúas ar an BhPhilistíneach,
agus do ghlach a chloidheamh, agus do
tharruing amach as a dhúbla é, agus
do mharbh an Philistineach, agus do
bhain a cheann de, leis: agus anuair
dochonncadar na Philistinigh go raibh
a ngaisgidheach marbh, do theitheadar.


L. 1Sm17:52


Agus do éirgheadar muintir
Israel, agus muintir Iúdah, agus do
gháireadar agus do leanadar na Philis-
tinigh nó go ttí tú go gleann agus
go geataigh Ecron: agus an luchd do
loiteadh do na Philistinibh do thuitea-
dar síos annsa tslighe go Saaraim go
nuige Gát, agus go nuige Ecron.


L. 1Sm17:53


Agus do fhilleadar clann Is-
rael ó thóruigheachd na BhPhilistíneach, a-
gus do chreachadar a lóistiníghe.


L. 1Sm17:54


Agus do ghlac Dáibhi ceann an
Philistinigh, agus thug leis go Hie-
rusalem é: achd do chuir sé a arm iona
lóistín.


L. 1Sm17:55


Agus anuair dochonnairc Saul
Dáibhi ag dul amach anaghaidh an Philis-
tinigh, adubhairt sé ré Habner cap-
tín an tslóigh, Abner, cía dhar mac
an tógánachsa? agus adubhairt
Abner, mar mhairios hanum, a Rígh,
ní fheidir misi sin.


L. 1Sm17:56


Agus adubhairt an Rígh, fiafruigh
thusa cia dhar mac an tógánach
sa?


L. 1Sm17:57


Agus iar bhfilleadh do Dháibhi ó
mharbhadh an Philistinigh, do ghlac
Abner é, agus thug leis é a lathair
Shauil maille re ceann an Philistinigh na
láimh.


L. 1Sm17:58


Agus adubhairt Saul ris, cía
dhar mac thusa a ógánuigh? agus do
fhreagair Dáibhi é, agus adubhairt, as misi
mac do sherbhísig Iesse an Bet-lehe-
miteach.


L. 1Sm18:1


Agus tárla anuair do chuir
sé deireadh ar labhairt ré
Saul, gur choimhcheangail
anum Ionatan re hanum
Dháibhi, agus do ghrádhuigh
Ionatan é mar a anum féin.


L. 1Sm18:2


Agus do ghlac Saul chuige é an
lásin, agus niór léig dhó dul níos mhó
go tigh a athar.


L. 1Sm18:3


Annsin dorinne Ionatan agus
Dáibhi cunnradh, do chionn gurbhionmhuin leis
é mar a anum féin.


L. 1Sm18:4


Agus do bhean Ionatan an róba
dobhí uime féin de, agus thug do Dháibhi
é, agus a chulaidh go nuige a chloi-
dheamh, agus a bhogha, agus a chrios.


L. 1Sm18:5


Agus do thíagh Dáibhi amach gidhbé
ball a gcuireadh Saul é, agus do
iomchair é féin go glic: agus do chuir
Saul ós cionn a luchd cogaidh é, agus
dobhí sé taitneamach a radharc gach uile
dhuine; agus mar an gcédna a ra-
dharc sherbhíseach Shauil.


L. 1Sm18:6


Agus tárla mar dothangadar,
anuáir do fhill Dáibhi ó mharbhadh
an Philistinigh, go ttangadar na mná
amach as uile chaithreachaibh Israel, ag
seinm agus ag damhsa a ccoinne an
Rígh Saul re tiompánuibh, re gaír-
deachus, agus re hadhbhaghuibh ceóil.


L. 1Sm18:7


Agus do fhreaghradar na mná a
chéile mar dobhádar ag seinm, agus a
dubhradar, do mharbh Saul a mhílte,
agus Dáibhi a dheich mílte.


L. 1Sm18:8


Agus dobhí Saul rofheargach,
agus do ghoill an chaintsin air
go mór, agus adubhairt sé, do chuirea-
dar deich mílte a leith Dháibhi, agus
níor chuireadar am leithsi achd mílte:
agus cred dobáill léis dfagháil níos
mó achd an Rioghachd?


L. 1Sm18:9


Agus dobhí súil Shauil ar Dháibhi
ón lásin amach.


L. 1Sm18:10


Agus tárla arna mhárach go
ttáinic an droichspiorad ó Dhía ar
Shaul, agus dorinne sé fháidheadóireachd
a lár an tighe: agus do seinn Dáibi le
na láimh mar uáiribh oile; agus dobhí
bunnsach a láimh Shauil.


L. 1Sm18:11


Agus do chaith Saul an bhunnsach:
óir adubhairt sé, búailfe mé Dáibhi thríd
go nuige an balla: agus dochuaidh
Dáibhi fá dhó as a radharc.


L. 1Sm18:12


Agus dobhí eagla ar Shaul
roime Dháibhi, do chionn go raibh an Ti-
ghearna maille ris, agus gur imthigh sé
ó Shaul.


L. 1Sm18:13


Ar anadhbharsin do áthruigh
Saul uadha é, agus dorinne sé a chaip-
tín ós cionn mhíle dhe; agus do téigheadh sé
amach, agus dothigeadh sé asteach
roimhe an bpobal.


L. 1Sm18:14


Agus do iomchair Dáibhi e féin
go glic iona shlighthibh uile, agus dobhí
an Tighearna maille ris.


L. 1Sm18:15


Uimesin anuair dochonnairc
Saul gur iomchair sé é féin go róglic,
dobhí eagla aige roimhe.


L. 1Sm18:16


Ach do ghrádhaigh Israel a-
gus Iúdah uile Dáibhi, do chionn go
ttéigheadh sé amach, agus go ttigeadh
asteach rompa.


L. 1Sm18:17


Agus adubhairt Saul re Dáibhi
féch minghean is sine Merab dobhéra mé
dhuit í na mnaói, achd amháin bhí cródha
ar mo shon, agus troid catha an Ti-
ghearna: óir adubhairt Saul, ná beanadh
mo lámhsa ris, achd bíodh lámh na Bhphi-
listineach air.


L. 1Sm18:18


Agus adubhairt Dáibhi re Saul,
cía misi? agus cred mo bheatha, nó
muintir mathar a Nisrael, as a mbéinn
am chlíamhuin ag an Rígh?


L. 1Sm18:19


Achd tárla anuáir fa ttiubhar-
thaoi Merab inghean Shauil do Dháibhi,
gur tugadh í do Adriel an Meho-
latiteach na mnaói.


L. 1Sm18:20


Agus do ghrádhuigh Michal in-
ghean Shauil Dáibhi, agus do innsiodar
sin do Shaul, agus do thaithin an ní
sin ris.


L. 1Sm18:21


Agus adubhairt Saul, dobhéra
mé dhó í, chor go mbía sí na líon dó,
agus go mbéid lámha na Bhpilistineach
na aghaidh: uimesin adubhairt Saul re
Dáibhi, biáidh tú aniugh ad chlíamhuin
agam a cceachdar don dís.


L. 1Sm18:22


Agus do aithin Saul dá shear-
bhfhoghantuibh dhá rádh, labhuidh ré Dáibhi
go secréideach, agus abruidh, féch a
tá dúil ag an Rígh ionnad, agus grádh-
uighid a sherbhísigh uile thú: anois ar
anadhbharsin bhí ad chlíamhuin ag an
Rígh.


L. 1Sm18:23


Agus do labhradar searbhfho-
ghantuighe Shauil na bríathrasin a ccl-
uasaibh Dháibhi; agus adubhairt Dáibhi,
an saóiltíse gur ní súarrach bheith
a gcleamhnus Rígh, do bhrígh nach bhfuilim
si achd am dhuine bhochd, agus fa mheas
éttrom?


L. 1Sm18:24


Agus do innisiodar searbhfhoghan-
tuighe Shauil dó, gha rádh, ar an modh
so do labhair Dáibhi.


L. 1Sm18:25


Agus adubhairt Saul, marso
dérthaoi ré Dáibhi, ní bhfuil an Rígh ag
íarruigh crodh ar bith, achd céd rémhchroi-
ceann do na Philistínibh, do dhénamh
dioghaltais ar náimhdibh an Rígh: achd
do shaóil Saul Dáibhi chur do thuitim
le láimh na BhPhilistíneach.


L. 1Sm18:26


Agus anuair do innisiodar a
shearbhfhoghantuighe do Dháibhi na bría-
thrasa, do thaithin se Dáibhi go maith
bheith na chlíamhuin ag an Rígh: agus
níor críochnuigheadh na láethe.


L. 1Sm18:27


Ar anadhbharsin, do imthigh
Dáibhi, é féin agus a mhuintir, agus
do mhairb sé do na Philistinibh dhá chéd
fear; agus thug Dáibhi a rémhchroicinn
leis, agus do thaisbeanadar íad go
hiomlán don Rígh, chor go mbíath sé
na chlíamhuin ag an Rígh: agus thug
Saul a inghean Michal dó na mnaói.


L. 1Sm18:28


Agus dochonnairc Saul, agus
dobhí a fhios aige an Tighearna do bheith
lé Dáibhi, agus gur grádhuigh Michal
inghean Shauil é.


L. 1Sm18:29


Agus fós bá móide eagla
Shauil roimhe Dháibhi sin; agus thai-
nic Saul chum a bheith na námhuid ag
Dáibhi a gcomhnuidhe.


L. 1Sm18:30


Annsin docúadar prionnsuidhe
na Bhpilistineach amach: agus tárla a
nuáir dochúadar na Philistinigh
amach, gur iomchair Dáibhi é féin ní budh
feárr ná searbhfhoghantuighe Shauil uile,
ionnus go raibh a ainmso ordheirc.


L. 1Sm19:1


Agus do labhair Saul re Iona-
tan a mhac, agus rena
serbhíseachaibh uile, go mar-
bhaidís Dáibhi:


L. 1Sm19:2


Ach dobí dúil mhór ag Io-
natan mac Shauil ann Dáibhi: agus
dinnis Ionatan do Dháibhi, gá rádh, a
tá mathair Saul ag íarruidh do marbhtha:
anois ar anadhbharsin guidhim thú,
tabhair aire dhuit féin go maidin, agus
fan anáit shecréidigh, agus foluigh
thú féin.


L. 1Sm19:3


Agus rachaidh misi amach, a-
gus seaffuidh mé ré taóibh mathar ann-
sa machaire mar a mbía tusa, agus
laibheoruidh mé rem athair dot thaobhsa;
agus gidhbé ní chífeas mé, inneosa mé
dhuitse é.


L. 1Sm19:4


Agus do labhair Ionatan go maith
ar Dháibhi rena athair, agus adubhairt
ris, ná peacuigheadh an Rígh anaghaidh a
shearbhfhoghantuighe, anaghaidh Dháibhi:
do brígh nach dérna seision coir ad
agaidhsi, agus do bhrígh gur romhaith
a oibreacha ar do shon.


L. 1Sm19:5


Oír do chuir sé a anum iona
láimh, agus do mharbh sé an Philis-
tíneach, agus do oibrigh an Tighearna tár-
tháil mhór ar Israel uile: dochonnairc
tusa é, agus dobí luathghaire ort:
ar anadhbharsin cred fá ndéntá
peacadh anaghaidh fola neimhchiontuighe,
Dáibhi mharbhadh gan chúis?


L. 1Sm19:6


Agus thug Saul aonta do ghlór
Ionatan, agus thug Saul a mhionna,
mar mhairios an Tighearna, ní muirfighear
é.


L. 1Sm19:7


Agus do ghoir Ionatan ar
dháibhi, agus do thaisbéin Ionatan
na neithesi uile dhó, agus thug Iona-
tan dáibhi chum Sauil, agus dobhí dhá
lathair mar na huairibh roimhe.


L. 1Sm19:8


Agus dobhí cogadh ann arís,
agus dochuáidh Dáibhi amach, agus do
throid sé ris na Philistinibh, agus
do mharbh sé íad, maille re hár mór,
agus do theitheadar roimhe.


L. 1Sm19:9


Agus dobhí droichspiorad an
Tighearna, ar Shaul ar mbeith dhó na
shuidhe ann a thigh féin, agus bonnsach
iona laimh, agus Dáibhi ag seinm lé
na láimh.


L. 1Sm19:10


Agus díarr Saul Dáibhi do
bhúaladh go nuige an balla leis an
mbonnsuigh; achd ag sceinneadh dhósan as
lathair Shauil, do bhuáil sé an bhonnsach
annsa bhalla; agus do theith Dáibhi,
agus dochuáidh as anoidhchesin.


L. 1Sm19:11


Do chuir Saul mar an gcédna teachda
go tigh Dháibhi dhá fhaire, agus dá
mharbhadh ar maidin: agus dinnis Mi-
chal bean Dháibhi dhó é, gha rádh, mu-
na gcoimhéduigh tú thú féin anochd, muir-
fighear thú amárach.


L. 1Sm19:12


Marsin do léig Michal Dáibhi
síos thríd an bhfuinneóig, agus dim-
thigh sé, agus do theith sé, agus do
chuáidh as.


L. 1Sm19:13


Agus do ghlac Michal íomh-
áigh, agus do chuir annsa leabuidh é, a-
gus do chuir pilíur dfionnadh gabhar
mar cheannadhairt faói, agus do fholuigh lé
hédach é.


L. 1Sm19:14


Agus anuáir do chuir Saul
teachda do ghabháil Dháibi, adubhairt si-
si, atá sé tinn.


L. 1Sm19:15


Agus do chuir Saul na teachda
úadh arís dféchuin Dháibhi, gha rádh,
tugaidh aníos chugamsa é ansa leabhuidh,
go marbhuinn é.


L. 1Sm19:16


Agus anuair thangadar na
teachda asteach, féch dobhí íomháigh annsa
leabuigh, agus pilíur dfionnadh gabhar
mar cheannadhairt aige.


L. 1Sm19:17


Agus adubhairt Saul re Mi-
chal, cred fár mheall tú marso mé?
agus ar chuir tú mo namhuid ar siubhal,
ler imthigh sé as? agus do fhreagair Mi-
chal Saul, adubhairt sé riom, léig
dhamh imtheachd; cred as a muirfinnsi
thú?


L. 1Sm19:18


Marsin do theith Dáibhi, agus
dochuáidh as, agus thaínic go Samuel
go Rámah, agus dinnis dó gach a
ndeárna Saul ris: agus dimthigh sé
féin agus Samuel, agus do chom-
nuigheadar a Naiot.


L. 1Sm19:19


Agus do hinnseadh do Shaul,
gá rádh, feúch atá Dáibhi a Naiot ann
Rámah.


L. 1Sm19:20


Agus do chuir Saul teachda do
ghabháil Dáibhi: agus anuáir dochonnca-
dar comhchruinniughadh na bhfáigheadh ag
fáigheadóireachd, agus Samuel na sheasamh
na uachdarán ós a gcionn, dobhí spio-
rad Dé ar theachduibh Shauil, agus do
rinneadarsan fós fáigheadóireachd.


L. 1Sm19:21


Agus anúair do hinnseadh sin
do Shaul, do chuir sé teachda eile uadh,
agus rinneadarsan fáigheadóreachd mar an
gcédna: agus do chuir Saul teachda
uadh arís an treas úair, agus do
rinneadarsan fós fáigheadóireachd.


L. 1Sm19:22


Annsin docúaidh sé féin mar an
an gcédhna go Rámah, agus tháinic
sé go tobar mór atá ann Sechu: agus
dfíafruigh sé, agus adubhairt, cá
háit a bhfuil Samuel agus Dáibhi?
agus adubhairt áon, féch atáid a
Naiot ann Rámah.


L. 1Sm19:23


Agus dochuáidh seision ann
sin go Naiot ann Rámah, agus dobhí
spiorad Dé airsion fós, agus do ghluais
roimhe, agus do thairghir sé nó go ttái-
nic go Naiot ann Rámah:


L. 1Sm19:24


Agus fós do theilg a éadach
dhe, agus do thairghir a lathair Shamuel
ar an modh gcéadna, agus do luigh
siós nochduigh ar feadh an láesin, agus
ar feadh na hoidhche: uimesin adeirid
síad, an bhfuil Saul fós a measc na
bhfáigheadh?


L. 1Sm20:1


Agus do theith Dáibhi ó Na-
iot ann Rámah, agus a
dubhairt sé a lathair Ionatan,
cred dorinne mé? cred
í mo choir? agus cread é
mo pheacadh a bhfiaghnuise hathar, as a
bhfuil sé ag íarruigh mo bháis?


L. 1Sm20:2


Agus adubhairt seision ris, nár
leígidh Día, ní muirfighear thú: féuch
ní dhéna mathair éinní beag ná mór, nach
inneosaidh sé dhamhsa, agus créd fa
gceilfeadh mathair an níso orum? ní
marsin atá.


L. 1Sm20:3


Agus thug Dáibhi a mhionna fós,
agus adubhairt, atá a fhios ag hathairsi
go deimhin go bhfuair misi grása ann do
radharcsa; agus adubhairt seision, ná
biódh a fhiosso ag Ionatan, deagla go
ngoillfeadh sé air; achd go deimhin mar
mhairios an Tighearna, agus mar mhairios
hanumsa, ní bhfuil achd coisceím eadram
agus bás.


L. 1Sm20:4


Annsin adubhairt Ionatan ré
dáibhi, gidhbé ní íarrus do mheanma,
dodhéna misi é ar do shon.


L. 1Sm20:5


Agus adubhairt Dáibhi re Ionatan,
féch amárach atá an Ré núadh, agus
níor chóir dhamhsa faillighe dhénamh gan
suidhe a bhfochair an Rígh ag bíadh: acht
léig dhamh imtheachd go bhfolchaidh mé mé
féin annsna machairibh nó go ttí tráth
nóna an treas lá.


L. 1Sm20:6


Má chrothnuigheann hathair ar énchor
mé, abairsi annsin, díarr Dáibhi go
dithchiollach cead orumsa, go ndeachadh
sé na rioth go Bet-leham, a chathair
féin: óir atá íodhbairt bhlíadhnamhuil ann
sin don mhuinntir uile.


L. 1Sm20:7


Má deir seision marso; as
maith sin; dogheabha do shearbhfhoghan-
tuigh síothcháin: achd má bhíonn sé lán
dfeirg, bíadh a dheimhin agad gur ci-
nneadh olc leis.


L. 1Sm20:8


Ar anadhbharsin dogheabhthar go
maith ar do sheirbhíseach thú: óir thug
tú do sherbhíseach do dénamh cunnartha
riot annsa Tighearna: gidhedh matá olc
ionnamsa, marbh féin mé; cred fá
mbértá chum hathar mé?


L. 1Sm20:9


Agus adubhairt Ionatan, go madh
fada úaitsi sin: óir dá mbeith a fhios
agamsa go dearbhtha go mbíadh olc dá
thionnscnamh chugad óm athair, a né nach
inneosuinn duit é?


L. 1Sm20:10


Annsin adubhairt Dáibhi re Io-
natan, cía inneosas dam má fhreagrann
hathair thú go borb?


L. 1Sm20:11


Agus adubhairt Ionatan ré
Dáibhi, tárr, agus dénam amach
fan machaire: agus dochuádar aráon
amach fan machaire.


L. 1Sm20:12


Agus adubhairt Ionatan re
Dáibhi, ó a Thighearna a Dhé Israel, a
nuair spíonfus misi mathair timchioll a
namasa márach, nó an treas lá, agus
féuch má bhíonn maith a ttaobh Dáibhi,
agus nach ccuirfe misi scéula annsin
chugadsa, agus nach inneosa mé
dhuit é;


L. 1Sm20:13


Go ndérna an Tighearna mar
sin, agus níos romhó re Ionatan: achd
más í bhus toil dom athair olc do dheánamh
dhuit, ansin foillseocha mé dhuit é,
agus cuirfe mé ar siubhal thú, lé a
nimtheocha tú a síothcáin: agus go raibh
an Tighearna maille leachd, mar dobhí
sé re mathairse:


L. 1Sm20:14


Agus ní hé amháin an feadh bhiás
mé fós beó, dhéanas tú cinéul an
Tighearna dfoillsiughadh dhamh, chor nach
bhfuighe mé bás:


L. 1Sm20:15


Acht mar an gcédna ní ghearrfa
tú amach do chinéul óm thigh go bráth:
ní dhénair, ná fós anuair ghérrfas an
Tighearna naimhde Dháibhi amach, gach
aón aca ó aghaidh na talmhan.


L. 1Sm20:16


Marsin dorinne Ionatan echd
re tigh Dháibhi dha rádh, go nagraidh an
Tighearna é as láimh námhad Dháibhi.


L. 1Sm20:17


Agus thug Ionatan ar Dháibhi
mionnughadh arís, do bhrígh gur
ghrádhuigh sé é; óir do ghrádhuigh sei-
sion é mar do ghrádhuigh sé a anum
éin.


L. 1Sm20:18


Annsin adubhairt Ionatan re
Dáibhi, amárach atá an ghealach núadh,
agus cronfuighear thusa do bhrígh háite
do bheith folamh.


L. 1Sm20:19


Agus anuair fhanfas tú trí lá,
annsin rachaidh tú síos go lúath, agus
tiucfa tú gus anaít ionar fholuigh tú
thú feín anuair dobhí an chúis ar siubhal,
agus dodhéna tú comhnuighe ag an chloich
Esel.


L. 1Sm20:20


Agus caithfe misi trí saighde re
na táobhsin, mar do chaithfinn re
comharta íad:


L. 1Sm20:21


Agus féch, cuirfe mé búachaill,
gha rádh, éirigh, fagh na saighde: má
deirim go soilleír ris an mbuachaill,
féuch atáid na saighde don táobhso dhíot,
annsin tárr; óir biáidh síothcháin duit,
agus ní bhiá dochar ar bith, mar mhaireas
an Tighearna.


L. 1Sm20:22


Ach má deirim marso ris a
nógánach, féuch atáid na saighde ro-
mhad; imthighse romhad; óir is é an
Tighearna do chuir ar siubhal thú.


L. 1Sm20:23


Agus a ttaobh na cúise do labhair
misi agus tú féin, féuch bíodh an Ti-
ghearna dfíaghain eidir tusa agus misi
go bráth.


L. 1Sm20:24


Marsin dfoluidh Dáibhi é féin
annsa machaire: agus anuair thaínic an
ghealach núadh, do shuidh an Rígh síos
dithe bídh.


L. 1Sm20:25


Agus do shuigh an Rígh
iona chathaóir mar gach uáir oile, eadhon
a ccatháoir laímh ris an mballa: agus
do shuigh Abner ar ghúaluinn Shauil,
agus dobhí áit Dháibhi folamh.


L. 1Sm20:26


Gidheadh níor labhair Saul énfhocal
an lásin: óir do smuáin sé aige feín
gur imthigh ní éigin air, ní bhfuil sé
glan; is deimhin nach bhfuil sé glan.


L. 1Sm20:27


Agus tárla arna mhárach,
noch dobé an dara lá don mhí, go raibh
aít Dháibhi folamh: agus adubhairt
Saul re na mhac Ionatan, cred fá nach
dtáinic mac Iesse chum bídh ané nó a
niugh?


L. 1Sm20:28


Agus do fhreagair Ionatan Saul,
díarr Dáibhi cead orumsa go práidhinneach
dul go Bet-lehem.


L. 1Sm20:29


Agus adubhairt sé, guidhim thú,
léig dhamh intheachd: óir atá íodhbairt ag
ar muintir annsa chathruigh, agus do
aithin mo dhearbhrathair dhíomsa (bheith ann-
sin;) agus annois má fuáir mé fa-
bhar ann do radharc, guidhim thú, léig
dhamh imtheachd, go bhfaicidh mé mo dhear-
bhráithre; uimesin nach dtig sé chum
buird an Rígh.


L. 1Sm20:30


Annsin do las fearg Shauil a
naghaidh Ionatan, agus adubhairt ris,
thusa a mhic na mná crosta cogthuighe,
nach bhfuil a fhios agamsa gur thogh tú
mac Iesse chum do mhilte féin, agus chum
náire thárnochd do mhathar.


L. 1Sm20:31


Oir an feadh mhairfeas mac Ies-
se ar talumh, ní daingneochar thusa
nó do rioghachd: anois uime sin cuir
fios air, agus tabhair chugamsa é: óir go
deimhin caithfidh sé bás dfulang.


L. 1Sm20:32


Agus do fhreagair Ionatan Saul
a athair, agus adubhairt ris, cred an
fáth as a muirfidh é? cred dorinne
sé?


L. 1Sm20:33


Agus do chaith Saul bonnsach
ris dá bhúaladh; as ar aithin Ionat-
an gur chinnidh a athair Dáibhi mharbhadh.


L. 1Sm20:34


Marsin déirigh Ionatan ón
bhórd a bhfeirg dheanochduigh, agus níor
ith sé bíadh an dara lá don mhí: óir
dobhí doilghios air fá Dháibhi, do chionn
go ndearna a athair ní nár air.


L. 1Sm20:35


Agus tárla ar maidin go
ndéchaidh Ionatan amach fan machaire
anam anionaid coinne re Dáibhi, agus
búachaill beag maille ris.


L. 1Sm20:36


Agus adubhairt sé rena bhúa-
chaill, rioth anois fagh dhamh na saighde
noch chaithfios mé: agus ag rioth don
bhúachaill do chait sé saighead thairis.


L. 1Sm20:37


Agus anuáir tháinic an búa-
chaill go háit na saighde, noch do
chaith Ionatan, dfúagair Ionatan a
ndiáigh an bhúachalla, agus adubhairt,
nach bhfuil an tsoighead romhad?


L. 1Sm20:38


Agus dfúagair Ionatan a
ndiáigh an bhúachalla, déna deithnios, lúa-
thruigh, ná fan: agus do thóg búachuill
Ionatain na saighde, agus tháinic go
nuige a mhaighistir.


L. 1Sm20:39


Ach ní raibh fios éinneithe ag
an mbúachuill: ag Ionatan amháin, a-
gus ag Dáibhi dobhí fios na cúise.


L. 1Sm20:40


Agus thug Ionatan a airm
diobhraice dá bhúachuill, agus adubhairt
ris, imthigh beir íadso don chathr-
uigh.


L. 1Sm20:41


Agus ar ball ar imthigh an
búachuill, déirigh Dáibhi ón ttaobh ó dheas,
agus do thuit ar a aghaidh chum na
talmhan: agus do chrom sé é féin
trí huáire, agus do phógadar a chéile,
agus do ghuileadar le chéile; nó gur
sháruidh Dáibhi.


L. 1Sm20:42


Agus adubhairt Ionatan re
Dáibi, imthigh a síothcháin; do bhrígh go
ttug gach nduine aguinne aráon a mhionna
anainm an Tighearna, gha rádh, bíodh
an Tighearna eadrumsa agus tusa, a-
gus eidir mo shliochdsa agus do shlio-
chtsa go bráth. Agus déirigh seisi-
on, agus dimthigh sé: agus dochuaidh
Ionatan don chathruigh.


L. 1Sm21:1


Ansin tháinic Dáibhi go Nob
go Hachimelech an sagart,
agus dobhí eagla ar A-
chimelech ag teagmháil re
Dáibhi, agus adubhairt ris, cred fá
bhfuil tú a táonar gan énduine ad fho-
chair?


L. 1Sm21:2


Agus adubhairt Dáibhi re Ha-
chimelech an sagart, do athin an Rígh
gnothuighe dhíom, agus adubhairt sé
riom, ná bíodh fios éinneithe donnadh-
bhar fá bhfuilim dot chur agus aithni-
ghim dhíot ag énduine: agus do chuir
mé mo shearbhfhoghantuighe don náitse,
agus don náit úd oile.


L. 1Sm21:3


Annois ar anadhbhar cred sin atá
agad? tabhair dhamhsa cúig haráin am
láimh, nó gidhbé ní atá a lathair.


L. 1Sm21:4


Agus do fhreagair an sagart
Dáibhi, agus adubhairt, ní bhfuil arán
coitcheann ar bith fám láimh, achd atá
arán coisreactha ann; má chongmhadar
na hógánuigh íad féin nísa lugha dhe
ó mhnáibh.


L. 1Sm21:5


Agus do fhreagair Dáibhi an sa-
gart, agus adubhairt ris, go deimhin
do congmhadh mná uáinne trí lá anois
ó tháinic misi amach, agus atáid soi-
thighe no nógán glan, agus an ta-
rán fós coitcheann air mhodh, dá náomhth-
uigh aniugh é annsa tsoitheach.


L. 1Sm21:6


Annsin thug an sagart arán
coisreactha dhó; óir ní raibh arán ar
bith ann, achd an tarán taisbénta, noch
do tógbhadh as fiaghnuise an Tighearna,
do chur aráin teith annsa ló ar tóg-
bhadh as é.


L. 1Sm21:7


Annois dobhí duine áirigh do
mhuintir Shauil annsin an lásin, ar na
chongmháil a lathair an Tighearna, a-
gus a sé dobainm dhó Doeg, Edo-
míteach, ceann na náodhuireadh dobí ag
Saul.


L. 1Sm21:8


Agus adubhairt Dáibhi re Achi-
melech, agus nach bhfuil annso ar do
chumas gath nó cloidheamh? óir ní thug
misi mo chloidheamh nó marm oile liom,
do chionn narbhfuláir deithnios do dhé-
namh le gnothuighibh an Rígh.


L. 1Sm21:9


Agus adubhairt an sagart,
cloidheamh Gholiah an Philistineach noch
do marbh tusa a ngleann Elah, féuch
atá sé annso casda anédach taobh
shíar don Néphod: madh áill leachdsa
beir leachd é: óir ní bhfuil aithearrach
annso. Agus a dubairt Dáibi, ní bhfuil
a leitheíd eile ann, tabhair dhamh é.


L. 1Sm21:10


Agus déirigh Dáibhi, agus do
theith sé an lásin ar eagla Shauil, agus
dochuáidh chum Achis Rígh Gát.


L. 1Sm21:11


Agus adubhradar searbhfho-
gantuighe Achis ris, nach é so Dáibhi
Rígh na críche? nach dubhradar abhrán
ó bhéul go béul dó, gha rádh, do mharbh
Saul a mhílte, agus Dáibhi a dheich
mílte?


L. 1Sm21:12


Agus do thaisgidh Dáibhi na
bríathraso iona chroidhe, agus dobhí sé
lán deagla Achis Rígh Gát.


L. 1Sm21:13


Agus do áthruigh sé a bhésa
dhá lathairsion, agus do léig air féin
bheith ar buile ann a lámhuibh, agus do
scríobadh ar dhoirsibh an gheata, agus
do léigeadh a sheile tuitim a nuas ar
a fhésóig.


L. 1Sm21:14


Annsin adubhairt Achis rena
sherbhíseachaibh, féch dochítí go bhfuil an
tóglach ar buile: uimesin cred fhá
ttugabhair chugamsa é?


L. 1Sm21:15


An bhfuil easbuidh dhaóine ar buile
orumsa, as a ttugabhair an fearso do
dhénamh mise dom lathair? an ttiucfaidh
an tóglachso asteach dom thighse?


L. 1Sm22:1


Do imthigh Dáibi ar anadhbhar
sin assin, agus dochuáidh
sé go húamhaigh Adullam:
agus anuair dochúaladar a
dhearbhráithre agus muintir thighe a a-
thar uile sin, dochúadar chuige síos
ansin.


L. 1Sm22:2


Agus gach a raibh a ríachtanas,
agus gach a raibh a bhfíachaibh, agus
gach áon dá raibh a mbuaidhreadh, do
chruinnigheadar íad féin chuige, go mbíadh
sé na chaiptín orra: agus dobhí tim-
chioll cheithre chéd fear na fhochair.


L. 1Sm22:3


Agus dochuáidh Dáibhi assin
go Mispeh Mhóab, agus adubhairt
sé ré Rígh Móab, guidhim thú, tigeadh
mathair agus mo mháthair amach, agus bíd-
is ad fhochairsi, nó go raibh a fhios a-
gum cred dhéna Día ar mo shon.


L. 1Sm22:4


Agus thug sé a lathair Rígh Móab
íad, agus do chomhnuigheadar na fhochair,
an feadh dobhí Dáibhi san núamhaigh.


L. 1Sm22:5


Agus adubhairt an fáigh Gad re
Dáibhi, ná fan annsa daingion úd, im-
thigh asso, agus éirigh go tír Iúdah:
annsin do imthigh Dáibhi, agus dochuáidh
go foraóis Haret.


L. 1Sm22:6


Anuáir dochúala Saul go raibh
Dáibhi ós áird, agus na daóine dobhí
na fhochair: (anois dobhí Saul na shuighe
a Ngibeáh fáoi chrann a Rámah, agus
a ghath iona laímh: agus dobhádar a
shearbhfhoganthuighe na seasamh gacha táobh
dhe.)


L. 1Sm22:7


Annsin adubhairt Saul rena mhuintir
dobhí gacha táobh dhe, eístigh annois a
Bheniamíteacha, an ttiubhra mac Iesse
do gach aon aguibhsi machairigh agus
fíneamhna? a ndéna sé dháoibh uile caip-
tinigh ar mhíltibh, agus caiptínigh ar
chéaduibh?


L. 1Sm22:8


As a ndérnabhair uile feall am
aghaidhsi, nach bhfuil énduine innseas damh
go ndérna mo mhac ceangal re mac Ies-
se, agus nach bhfuil trúaighe ag én-
duine agaibh dhamh, no fhiollsíghios gur
chorruigh mo mhac mo shearbhfhoghantuigh
am aghaidh do bheith am oirchill mar
atá aniugh.


L. 1Sm22:9


Annsin do fhreagair Doeg an Té-
domíteach (noch dobhí ós cionn shearbhfho-
ghantuigheadh Shauil) agus adubhairt, do
chonnairc mé mac Iesse ag teachd go Nob go
Hachimelech mhac Ahitub.


L. 1Sm22:10


Agus dfíafruigh sé don Ti-
ghearna ar a shon, agus thug sé bíadh
dhó, agus thug sé cloidheamh Gholiah
an Philistineach dhó.


L. 1Sm22:11


Annsin do chuir an Rígh fios ar
Achimelech an Sagart, mhac Ahitub,
agus ar mhuintir thighe a athar uile,
na sagairt dobhí a Nob: agus thanga-
dar uile chum an Rígh.


L. 1Sm22:12


Agus adubhairt Saul, éisd
anois a mhic Ahitub: agus do fhreagair
seision, atáim annso a Thighearna.


L. 1Sm22:13


Agus adubhairt Saul ris, cred
far thionnsguin tusa feall am aghaidhsi,
thú féin, agus mac Iesse, do reír mar
thug tú arán dó agus cloidheamh, agus
gur fhiosruigh tú do Dhía air a shon,
ionnus go néireochadh sé am aghaidhsi,
agus go mbíath ag oirchill orum,
mar atá aniugh?


L. 1Sm22:14


Annsin do fhreagair Achimelech
an Rígh, agus adubhairt, agus Cía
atá coimhfhírinneach re Dáibhi a measc
do shearbhfhoghantuigheadhsa uile? noch
is clíamhuin don Rígh, agus shiubhluigheas
le do rádha, agus atá onórach ann
do thigh?


L. 1Sm22:15


Nar thionsguin misi an lásin Día
fhiosrughadh air a shon? go madh fada
sin uáim: ná cuireadh an Rígh éinní a leith
a shearbhfhoghantuigh, nó a leith thighe mathar
uile: óir ní raibh fios éinneithe dheso
uile ag do sherbhíseach go beag ná go
mór.


L. 1Sm22:16


Agus adubhairt an Rígh, do
gheabha tusa bás go deimhin a Achimelech,
thú féin agus muintir thighe hathar
uile.


L. 1Sm22:17


Agus adubhairt an Rígh ris na
coisighibh dobhí gacha taoibh dhe na seasamh,
fillidh, agus marbhuidh sagairt an Ti-
ghearna; do cionn go bhfuil a lámhsan
fós lé Dáibhi, agus do cionn go raibh
a fhios aca anuair do theith sé, agus
nar fhoillsigheadar dhamhsa é. Ach níor
bháill lé muintir an Rígh a lámh do shíneadh
ar sagartaibh an Tighearna.


L. 1Sm22:18


Agus adubhairt an Rígh re
Doeg; fillse agus tiomáin ar na sa-
gartaibh. Agus dfill Doeg an Té-
domíteach, agus do thiomáin ar na sa-
gartaibh, agus do mharbh sé an lásin
cúigear agus ceithre fichthid fear air a
raibh Ephod línéduigh.


L. 1Sm22:19


Agus do bhúail sé Nob, cathair
na sagart, le fáobhar an chloidhimh
eidir fhear agus mhnáoi, leanamh agus
náoidheanán, agus eidir dhamhuibh agus
assaluibh, agus chaorchaibh le fáobhar
an chloidhimh;


L. 1Sm22:20


Agus dochuáidh áon do chloinn
Achimelech mhich Ahitub as, darbhainim
Abíatar, agus do theith a ndhiáigh
Dháibhi.


L. 1Sm22:21


Agus dinnis Abíatar do Dháibhi
mar do mharbh Saul sagairt an Ti-
ghearna.


L. 1Sm22:22


Agus adubhairt Dáibhi re Abía-
tar, dobhí a fhios agum an lá
sin, anuair dobhí Doeg an Tédomíteach
annsin, gur dheimhin go ninneósadh sé do
Shaul: is misi as cionfatha re bás
dháoineadh thighe hathar uile.


L. 1Sm22:23


Fansa am fhochairse, ná bhíodh eagla
ort: an té íarrus mo bhássa, asé íar-
rus do bhássa: ach biáidh tú daingean
am fhochairsi.


L. 1Sm23:1


Ansin dinnisiodar do Dháibhi,
ga rádh, féuch, atáid na
Philistinigh ag troid ana-
ghaidh Cheilah, agus atáid
ag slad na nurlár mbú-
ailte.


L. 1Sm23:2


Uimesin dfíafruigh Dáibhi don
Tighearna, gha rádh, an racha mé, agus
an mbúailfe mé na Philistínigh? agus
adubhairt an Tighearna re Dáibhi, éirigh,
agus buail na Philistinigh, agus
tárrthuigh Ceilah.


L. 1Sm23:3


Agus adubhradar muintir Dhái-
bhi ris, féach atá eagla oruinn annso
ann Iúdah: agus gá mhéid ós a chionn
sin má théighmid go Ceilah anaghaidh
shlóigh na BhPhilistíneach?


L. 1Sm23:4


Annsin dfíafruigh Dáibhi fós a
rís don Tighearna: agus do fhreagair
an Tighearna é, agus adubhairt, eirígh
imthigh síos go Ceilah: óir dobhéra
misi na Philistínigh ad laímh.


L. 1Sm23:5


Marsin dochuáidh Dáibhi agus
a mhuintir go Ceilah, agus do throi-
deadar ris na Philistínibh, agus thu-
gadar a náirneís leó, agus do bhúai-
leadar íad re hár mór: marsin do sháor
Dáibhi áitreabhaigh Cheilah.


L. 1Sm23:6


Agus tárla anuair do theith
Abíatar mhac Achimelech chum dáibhi go
Ceilah, go ttáinic sé síos maille
re héphod iona láimh.


L. 1Sm23:7


Agus do hinnseadh do Shaul go
ttáinic Dáibhi go Ceilah, agus a
dubhairt Saul, thug Día am láimhsi é;
óir atá sé fa iadhadh astigh ar tteachd
a mbaile ar a bhfuilid geatuidhe, agus
barruidhe.


L. 1Sm23:8


Agus do ghoir Saul an pobal uile
a gcionn a chéile chum cogaidh, do dhul
síos go Ceilah do shuidhe anaghaidh
Dháibhi agus a mhuintire.


L. 1Sm23:9


Agus dobhí a fhios ag Dáibhi,
gur oibruigh Saul ós ísiol urchoíd chuige;
agus adubhairt sé ré Abiatar an sa-
gart, tabhair a leith annso an té-
phod.


L. 1Sm23:10


Annsin adubhairt Dáibhi, a Thi-
ghearna Día Israel, dochuala do sher-
bhíseach go dearbhtha go bhfuil Saul ag
íarruidh teachd go Ceilah do mhilleadh na
caithreach ar mo shonsa.


L. 1Sm23:11


An seachódaid muintir Cheilah
mé a láimh Shauil? an ttiocfa Saul a
núas mar dochúala do sherbhíseach; O
a Thighearna Día Israel, guidhim thú, innis
dot shearbhfhoghantuigh? agus adu-
bhairt an Tighearna, tiucfaidh sé a
núas.


L. 1Sm23:12


Agus adubhairt Dáibhi annsin,
an ttoirbheóruid muintir Cheilah misi
agus mo mhuintir a laímh Shauil? agus
adubhairt an Tighearna, toirbheó-
ruid.


L. 1Sm23:13


Annsin déirigh Dáibhi agus
a mhuintir timchioll shé chéad fear, agus
dfágbhadar Ceilah, agus dochuádar
ghidhbé aít ar fhéudadar dul; agus
do hinnseadh do Shaul gur imtigh Dáibhi
as Ceilah, agus do sguir sé dhul
ar a aghaidh.


L. 1Sm23:14


Agus dorinne Dáibhi comhmnuigh
san bhfásach a ndaingneachaibh
laídre, agus dfan sé ar shlíabh a
bhfásach Siph: agus dobhí Saul
dá íarruidh gach énlá, achd ní thug Día
iona láimh é.


L. 1Sm23:15


Agus dochonnairc Dáibhi go
ttáinic Saul amach dá íarruigh ré a
bhásughadh; agus dobhí Dáibhi a
bhásach Siph a gcoill.


L. 1Sm23:16


Agus déirigh Ionatan mhac
Saul, agus dochuáidh sé go Dáibhi
annsa choill, agus do neartuigh a lámh
a Ndía.


L. 1Sm23:17


Agus adubhairt sé ris, ná
bíodh eagla ort: óir ní bhfuighe lámh ma-
tharsa thú, agus bíaidh tú do Rígh air
Israel; agus misi bhus foigse ad
dhiáigh, agus atá a fhios sin fós ag
mathair Saul.


L. 1Sm23:18


Agus dorinneadar aráon
ceangal a lathair an Tighearna: agus
dfan Dáibhi san choill, agus dimthigh
Ionatan dá thigh féin.


L. 1Sm23:19


Annsin tangadar na Siph-
ítigh súas go Saul go Gibeáh, ghá
rádh, nach bhfuil Dáibhi aguinne dhá fho-
lach féin anáitibh daingne annsa choill
a ccnoc Hachilah, noch atá don taóibh
ó dheas do Iesimon?


L. 1Sm23:20


Annois ar anadhbharsan, a
Rígh do réir mar is rothoil led inn-
tinn teachd síos, tárr síos, agus budh í
ar ccuidne dhe a sheachadadh a láimh an
Rígh.


L. 1Sm23:21


Agus adubhairt Saul, go madh
beannuigh bhéithise ón TTighearna: óir atá
truáighe agaibh dhamhsa.


L. 1Sm23:22


Imthighidh, guidhim sibh, ullmhuighidh
fós, agus féchaidh anáit a ngnáth-
uigheann sé bheith, agus cía chonnairch ann
sin é: óir do hinnseadh dhamhsa go mbí-
onn sé roaireach.


L. 1Sm23:23


Féchaidh ar anadhbharsin, agus
beiridh éolus ar na huile áitibh díamhra
mar a bhfoluigheann sé é féin, agus ti-
gidh chugamsa arís le deimhin, agus
rachaidh mé libh: agus tiucfaidh a gcrích
má bhíonn sé annsa tír, go spíonfuidh
misi amach é, ar feadh uile mhílteadh Iú-
dah.


L. 1Sm23:24


Agus déirgheadarsan, agus
dochúadar go Siph roimhe Shaul, achd
dobhí Dáibhi agus a mhuintir a bhfá-
sach Máon, annsa réiteach taóibh ó
dheas do Iesimon.


L. 1Sm23:25


Dochuáidh Saul fós, agus a
mhuintir dá íarruidh: agus dinnsiodar
sin do Dháibhi: uimesin dochuáidh sé
síos a ccarruig, agus do chomhnuigh a
bhfásach Maon: agus anuáir do
chúalaidh Saul sin, do lean sé a ndiáigh
Dháibhi go fásach Maon.


L. 1Sm23:26


Agus dochuáidh Saul air an
ttáobhsa don tslíabh, agus Dáibhi
gun a mhuintir ar an ttáobh eile don
tslíabh: agus dorinne Dáibhi deithfir re
himtheachd ar eagla Shauil: óir tháinich
Saul, agus a mhuintir timchioll Dháibhi
agus a mhuintire fagcuáirt, dá nga-
bháil.


L. 1Sm23:27


acht tangadar teachda chum
Sauil, da rádh ris, deithfrigh ort, a-
gus tárr: óir thangadar na Philis-
tinigh do ghabháil na tíre.


L. 1Sm23:28


Uimesin dfill Saul ó leanmhuin
a ndíaigh Dháibhi, agus dochuáidh a na-
ghaidh na Bhphilistíneach; uimesin do
ghoireadar Selah-hammah-lecot don
náit.


L. 1Sm23:29


Agus dochuáidh Dáibhi suas
assin, agus do chomhnuigh anáitibh
Daingne ann En-gedi.


L. 1Sm24:1


Agus tárla anuáir dobhí
Saul ar bhfilleadh ó leanmhuin
na BhPhilistíneach, gur hi-
nniseadh dhó. dha rádh, féch atá
Dáibhi bhfásach En-gedi.


L. 1Sm24:2


Annsin rug Saul leis trí mhíle
fear toghtha as Israel uile, agus dim-
thigh ar lorg Dháibhi agus a mhuintire,
ar chairgibh na ngabar bhfiáin.


L. 1Sm24:3


Agus tháinic sé do na tighthibh
cáorach láimh ris an tslighe, mar a
raibh uáimh, agus dochuáidh Saul a
steach dfolach a chos, agus dobhí Dáibhi
agus a mhuintir a ttaobh na húamha.


L. 1Sm24:4


Agus adubhradar muintir
Dháibhi ris, féch an lá adubhairt an
Tighearna riot, féuch, dobhéra mé do
námhaid ad láimh, iondus go bhfédfa
tú a dhénamh ris mar as áill leachd féin:
annsin déirigh Dáibhi. agus do ghérr
sé sciorta róba Shauil gan fhios
dó.


L. 1Sm24:5


Agus tárla na dhiáighsin gur
bhuáil cogús Dháibhi é, do bhrígh gur
ghérr sé sciorta Shauil.


L. 1Sm24:6


Agus adubhairt sé rena dhaói-
nibh, nár léige Día go ndénainnsi an níse
rém mhaighistir, ungthach an Tighearna, mo
lámh do shíneadh amach na aghaidh, ó ré
ungthach an Tighearna é.


L. 1Sm24:7


Marsin do choisc Dáibhi a shear-
bhfhoghantuighidh leis na bríathraibhsin,
agus níor léig dhóibh éirigh anaghaidh
Shauil: achd déirigh Saul amach as a
núamhaigh, agus do ghluáis roimhe iona
shlighe.


L. 1Sm24:8


Déirigh Dáibhi mar an gcédna
na dhiáighsin, agus dochuáidh amach
as anúamhuigh, agus do ghoir a ndiáigh
Shauil, dhá rádh, mo Tighearna an Rígh. A-
gus anuair dféuch Saul na dhiáigh, do
chrom Dáibhi maille rena aghaidh
faoi chum na talmhan, agus dumhluigh
sé é féin.


L. 1Sm24:9


Agus adubhairt Dáibhi re Saul,
créd fa gcreideann tú bríathra dhaóine
adeir, féuch atá Dáibhi ar tí hur-
chóide?


L. 1Sm24:10


Féch aniugh dochonncadar do
shúile féin mar thug an Tighearna a
niugh am láimhsi thú ansanúamhuigh,
agus adubhradar daóine áirig riom
do mharbhadh: achd do choigil (mo shúil)
thú, agus adubhairt mé, ní chuirfe mé
mo lámh amach anaghaidh mo Thighear-
na: óir a sé ungthach an Tighearna é.


L. 1Sm24:11


Os a chionnsin, a athair féch, féch fós
sciorta do róba am láimh: óir asso
gur ghérr mé iachtar do róba, agus
nar mharbh mé tú féin, aithin, agus
féch nach bhfuil olc nó urchóid am láimh,
agus nar chiontuigh mé ad aghaidhsi;
achd atá tusa ag fíadhach ar manumsa,
chum a ghabhála.


L. 1Sm24:12


Go ndéna an Tighearna breith-
eamhnus eadrumsa agus tusa, agus go
ndioghla an Tighearna misi ort: achd ní
bheanfa mo lámhsa riot.


L. 1Sm24:13


Mar adeir seanfhocal na
nársanta, thig an tolc ón drochdhuine,
achd ní beanfa mo lámhsa riotsa.


L. 1Sm24:14


Cía a ndiáigh a ttáinig Rígh
Israel amach? cía a ndiaigh a bhfuil
tú ag lorgaireachd? a ndiáigh mhadruidh
mhairbh? a ndiáigh dhearnaite?


L. 1Sm24:15


Ar anadhbharsin bíodh an Tigh-
earna na bhreitheamh, agus beireadh sé
breath eadrumsa agus tusa, agus go
ttagruidh mo chúis, agus go sáor-
uidh sé mé amach as do láimhse.


L. 1Sm24:16


Agus tárla anuair do chrío-
chnuigh Dáibhi labhairt na mbriatharsa re
Saul, go ndubhairt Saul, a néso do
ghuthsa, a mhic, a Dháibhi? agus do thóg
Saul a ghuth ós áird, agus do ghuil
sé.


L. 1Sm24:17


Agus adubhairt sé re Dáibhi,
is fírénta thusa ná misi, óir do chúi-
tigh tusa misi le maith, anáit anuilc
dorinne mé ort.


L. 1Sm24:18


Agus do thaisbein tú aniugh
a fheabhus dofríth orumsa thú; an tan go
ttug an Tighearna ad láimh mé, agus
nár mharbh tú mé.


L. 1Sm24:19


Oír má bheirionn duine ar a
námhuid, an léigfe sé slán úadh é?
uimesin go ttuga an Tighearna a luach
maitheasa dhuitse, ar son a ndérna tú
orumsa aniugh.


L. 1Sm24:20


Agus annois féch atá a fhios
agamsa go maith, go mbia tú ad Rígh,
agus go ndaingneochthar rioghachd Is-
rael ad láimh.


L. 1Sm24:21


Tabair do mhionna dhamhsa, ar a
nadhbharsin annois fan TTighearna nach
gearrfa tú amach mo shliochdsa am dhiaigh,
agus nach scriosfuidh tú mainm as tigh
mathar.


L. 1Sm24:22


Agus thug Dáibhi a mhionna do
Shaul, agus dochuáidh Saul dá thigh:
achd dochuáidh Dáibhi, agus a mhuintir
suas go daingean áirigh.


L. 1Sm25:1


Agus fuáir Samuel bás, a-
gus do chruinnigheadar Israel
uile a gcionn a chéile, agus
do chaóineadar é, agus do
adhluiceadar é iona thigh féin a Rámah.
Agus déirigh Dáibhi, agus dochuáidh
síos go fásach Páran.


L. 1Sm25:2


Agus dobhí duine a Maon ga
raibh a mháoin a Gcarmel, agus dobhí
an duine romhór, agus dobhádar trí
mhíle cáora aige, agus míle gabhar,
agus dobhí ag bearradh a cháorach a
Gcarmel.


L. 1Sm25:3


Annois dobé ainm an duine Ná-
bal, agus ainm a mhná Abigail: agus
bá bean dheaghthuigsionach í, agus sgíamh-
ach a ngnúis: achd dobhí an fear íarg-
cúlta, agus go holc iona ghníomhar-
thaibh, agus bá do thigh Cháleb é.


L. 1Sm25:4


Agus dochúalaidh Dáibhi annsa
bhfásach gur bheárr Nábal a chaói-
righ.


L. 1Sm25:5


Agus do cuir Dáibhi deichnea-
mhar ógánach uádh, agus adubairt Dáibhi
ris na hógánchuibh, éirghidhe súas go
Carmel, agus imthigidh go Nábal,
agus beannuighidh dhó am ainmsi:


L. 1Sm25:6


Agus is marso adérthaói ris,
mathá sé slán; siótcháin mar aon duit
féin, agus síothcháin dot thigh, agus
síothcháin da gach éinní as leachd.


L. 1Sm25:7


Agus anois dochúala mé go
bhfuilid luchd beárrtha caórach agad: a-
nois ní dheárnamairne dochar do na háo-
dhairibh, noch dobhí eadruinn; agus ní mo
do chailleadar éinní ar feadh na haimsire
si dobhádar a Gcarmel.


L. 1Sm25:8


Fíafruigh dot ógánachuibh, agus
inneosaid síad duit; ar anadhbharsin
faghdaois na hógánuigh fabhar ad ra-
dharc: (óir thangamar a ló mhaith)
guidhim thú, tabhair gidhbé ní theagmhas ad
láimh dod shearbhfhoghantuighibh, agus dod mhac
Dáibhi.


L. 1Sm25:9


Agus anuair thangadar ógánuidh
Dháibhi, do labhradar ré Nábal do réir
na mbríatharsin uile anainim Dháibhi,
agus do thochdadar.


L. 1Sm25:10


Agus do fhreagair Nábal sear-
bhísigh Dháibhi, agus adubhairt, cía hé
Dáibhi féin, agus cía hé mac Iesse?
bíd mórán searbhfhoghantuigh ar anaimsir
si bhriosios amach gach énduine aca óna
mhaighistir.


L. 1Sm25:11


Ma seadh an nglacfa misi ma-
rán, agus muisce, agus mfeóil do
mharbh mé dom bheárthóiribh, agus
a ttabhairt do dhaóinibh nach feas damh
cá has dóibh?


L. 1Sm25:12


Annsin do fhilleadar óganuigh
Dháibhi, agus dochuádar air a nais,
agus tangandar, agus dinnisiodar
dhó na bríathrasin uile.


L. 1Sm25:13


Agus adubhairt Dáibhi re na
mhuintir, cuiridh gach énduine aguibh a
chloidheamh thairis. Agus do chuir gach áon
aca a cloidheamh thairis, agus do chuir
Dáibhi mar an gcédna a chloidheamh thairis:
agus dochuáidh súas a ndiáigh Dháibhi
timcioll cheitre chéd fear, agus dfan
dhá chéad fear ag an stór.


L. 1Sm25:14


Agus dinnis duine do na hógá-
nachaibh do Abigail bean Nábal gha rádh,
féch do chuir Dáibhi teachda as an
bhfásach do bheannughadh dar maighis-
tir, agus do bhuail sé ag géruigheachd
orra.


L. 1Sm25:15


Acht dobhádar na daoine go
romhaith rinne, agus ní dheárnadar
dochar dhúinn, agus ní mó do chailleamar
éinní, an fad dobhámar na ccomhlúadar,
anúair dobhámar amuich ar na ma-
chairighibh.


L. 1Sm25:16


Dobhádar na ndídean aguinn do
ló agus doidhche ar feadh na haimsire do
bhámar na bhfochair ag cumhdach na ccráo-
rach.


L. 1Sm25:17


Annois ar anadhbharsin, biódh
a fhios agad, agus meas cred dhénas
tú; óir do cinnedh olc anaghaidh ar
maighistir, agus anaghaidh a thighe
uile: óir sé a leitheídsin do mhac do
Bhélial é, nach bhfédann duine labhairt
ris.


L. 1Sm25:18


Annsin dorinne Abigail dei-
thnios, agus do ghlés dhá chéd bhuilín,
agus dhá bhuidéul fíona, agus cúig cáo-
rígh réigh deasuigh agus chúig miosúir do
ghrán dóite, agus ceád tríopall do
rísínibh, agus dhá chéd bairghin fígheadh,
agus do chuir ar assaluibh íad.


L. 1Sm25:19


Agus adubhairt sí rena ser-
bhíseacaibh, gluáisigh romham, féch
bíadh misi bhur ndiáigh; achd níor innis sí
sin dá fear Nábal.


L. 1Sm25:20


Agus is amhluidh bhí, mar do
bhí sí ag marcuigheachd air anassal, agus
í ag dul síos air sgáth chnoic, agus
féch dobhí Dáibhi agus a mhuintir ag
teachd na coinne anuas, agus tárla
riú í.


L. 1Sm25:21


(Anois arsa Dáibhi, go
deimhin is díomháoin damh a ndeárna mé
do chumhdach ar a raibh ag an bhfearso
annsa bhfásach, ar chor nach deachaidh
éinní amugha don nuile ní dar ghabh leis:
agus do chúitigh sé mo mhaith le
holc.


L. 1Sm25:22


Go ndérna Día sin agus
tuilleamh ré naimhde Dháibhi, má fhágbhuim
si don nuile ní ghabhus leis roimhe
sholus na maidne áon do mhúnfadh ana-
ghaidh an bhalla.)


L. 1Sm25:23


Agus anúair dochonnairc Abigail
Dáibhi, do lúathuigh sí uirre, agus do
thuirling sí don nassal, agus do thuit
ar a haghaidh a bhfiadhnuisi Dháibhi,
agus do chláon í féin go talumh.


L. 1Sm25:24


Agus do thuit sí fana chosaibh,
agus adubhairt, orumsa a thighearna,
orumsa bíodh anégcóirsi, agus léig
dot bhanóglaich, guidhim thú, labhairt ad
eísteachd, agus éist bríathra na bhanó-
glaich.


L. 1Sm25:25


Guidhim thú, ná tugadh mo thi-
ghearna toradh ar an téso do mhuintir
Bhélial, eadhon Nábal: óir mar atá a
ainm, is marsin atá feín; Nábal is
ainm dhó, agus leimhe atá aige: achd
misi do bhanóglach ní fhaca mé ógánuigh
mo thighearna noch do chuir tú
úait.


L. 1Sm25:26


Annois ar anadhbharsin, a
thighearna, mar mhaireas an Tighearna,
agus mar atá hanum beó, ó budh toil
leis an TTighearna thusa dfostadh gan
teachd do dhórtadh fola, agus thú feín
do chongmháil ó dhioghaltas do dhénamh le
do laímh féin: annois bídís do naimhdese
agus an mhéid íarrus olc dom thighearna,
mar Nábal.


L. 1Sm25:27


Agus anois tugthar an
brontanus so, noch thug do bhanóglach
chum mo thighearna, do na hógánachaibh
leanus mo thighearna.


L. 1Sm25:28


Guidhim thú, maith cionta do bhan-
óglaich: óir dodhéana an Tighearna
go deimhin tigh daingean dom thighearna;
do cionn go ttroidionn mo thighearna
catha an Tighearna, agus nach fríth olc
ionnad ar feadh do sháoghail.


L. 1Sm25:29


Gidheadh déirghe duine dot in-
ghreim, agus díarruidh do bháis: achd
biáidh anum mo thighearna ceangailte a
gceanglachán na beatha a bhfochair do
Thighearna Día; agus anmanna do
námhad a síad theilgfios sé amach, a-
mhuil do theilgfeadh as crann thábhuill.


L. 1Sm25:30


Agus tiucfa a gcrích anúair
dodhéana an Tighearna dom thighearna
do réir gach uile mhaitheasa dar labhair
sé dot thaóbhsa, agus óirdeochus sé
thú ad uachdarán ós cionn Israel;


L. 1Sm25:31


Nach bhiáidhso na dhoilgios duit-
si, nó na choir mheanman dom thighearna,
gur dhóirt tú fuil gan adhbar, nó gur
dhioghuil mo thighearna é feín: achd anúair do
gheabhthar an Tighearna go maith ar mo
thighearna, annsin cuimhnigh do bhanó-
glach:


L. 1Sm25:32


Agus adubhairt Dáibhi re Abi-
gail, go madh beannuigh an Tighearna Día
Israel, noch do chuir thusa aniugh am
choinne:


L. 1Sm25:33


Agus go madh beannuigh do cho-
mhairle, agus go madh beannuigh thú
feín, noch do thoirmisg misi aniugh um
theachd do dhórtadh fola, agus o mé
feín do dhioghuilt lem láimh féin.


L. 1Sm25:34


Oir go dearbhtha mar mhairios an
Tighearna Día Israel, noch do chonnuimh
misi ó thusa ghortughadh, muna ndérn-
thá deithnios, agus teachd am choinne, go
deimhin ní fúigfidhe ag Nábal suil thuic-
fadh soillsi na maidne, áon do mhún-
fadh anaghaidh an bhalla.


L. 1Sm25:35


Marsin do ghlac Dáibhi as
a láimh gach ní dá ttug sí chuige, a-
gus adubhairt sé ría, imthigh súas a
síothcháin chum do thighe, féuch déist
misi red ghlór, agus do glac mé
go maith do ghnúis.


L. 1Sm25:36


Agus tháinig Abigail go Ná-
bal, agus féuch do chonnuimh sé féus-
ta iona thigh amhuil féusta Rígh; a-
gus dobhí croidhe Nábal súgach ann,
óir dobhí sé ar meisge go mór:
uimesin níor innis sisi dhó a bheag nó a
mhór nó go ttáinic maidin arna mhá-
rach.


L. 1Sm25:37


Ach tárla ar maidin anuáir
do imthigh an fíon as Nábal, agus ar
innis a bhean na neithesi dhó, go bhfuair a
chroidhe bás ann astigh, agus go raibh
marbh mar chloich.


L. 1Sm25:38


Agus tárla táobh astigh do
dheich lá na dhiáigh sin gur bhuáil an
Tighearna Nábal, agus go bhfuáir sé
bás.


L. 1Sm25:39


Agus anúair dochúaluidh Dáibhi
gur éug Nábal, adubhairt sé, go madh
beannuigh an Tighearna, noch do thagair cúis
mo scanla as láimh Nábal, agus do
chonnuimh a shearbhfhoghantuigh ó olc do dhé-
namh: óir dfill an Tighearna urchóid
Nábal ar a cheann féin. Agus do chuir
Dáibhi teachda úadh, agus do chomhráidh
sé ré Habigail dá gabháil chuige na
mnaói.


L. 1Sm25:40


Agus anuair thangadar sear-
bhfhoghantuige Dháibhi go Habigail go
Carmel, do labhradar ría dhá rádh,
do chuir Dáibhi sinne chugad dot
fhagháil dhó mhar mnaói.


L. 1Sm25:41


Agus déirigh sisi, agus do
chrom síos do talumh ar a haghaidh,
agus adubhairt; féuch bíodh do bhanóg-
lach na serbhíseach do nighe chos shear-
bhfhoghanteadh mo thighearna.


L. 1Sm25:42


Agus do bhrostuigh Abigail uir-
re, agus déirigh, agus dochuáidh ar
assal, agus cúigear ógbhan na diáigh,
agus do lean sí teachda Dháibhi, agus do
bhí na mnaói aige.


L. 1Sm25:43


Thug Dáibhi mar an gcédna
Ahinoam ó Iesreel, agus dobhá-
dar aráon na mnáibh aige.


L. 1Sm25:44


Ach thug Saul Michal a in-
ghean, bean Dháibhi, do Phalti mhac Lais,
noch dobhí do Ghallim.


L. 1Sm26:1


Agus tangadar na Siphítigh
go Saul, go Gibéah, ghá
rádh, nach bhfuil Dáibhi dhá
dhísliughadh féin a ccnoc
Hachilah, noch atá as
coinne Iesimon?


L. 1Sm26:2


Annsin déirigh Saul, agus do
chuáidh síos go fásach Siph, ar mbreith
thrí míle fear toghtha Disrael leis
díarruidh Dháibhi a bhfásach Siph.


L. 1Sm26:3


Agus do champuigh Saul a ccnoc
Hachilah, noch atá as coinne Ies-
imon, láimh ris an tslighe: achd do chomh-
nuidh Dáibhi annsa bhfásach, agus dochonn-
airc sé go ttáinic Saul na dhiáigh san
bhfásach.


L. 1Sm26:4


Do chuir Dáibhi ar anadhbharsin
luchd bhratha amach, agus do thuig go
ttáinich Saul ar gach énchor.


L. 1Sm26:5


Agus déirigh Dáibhi, agus thái-
nic gus anáit ar shuighe Saul
a champa; agus dochonnairc Dáibhi anáit
ar luigh Saul, agus Abner mhac Ner,
caiptín a shlóigh: agus do luidh Saul
annsa trinnse, agus an slúagh a ccam-
pa air gach éntáobh dhe.


L. 1Sm26:6


Annsin do fhreagair Dáibhi, agus
adubhairt sé re Hachimelech an Hití-
teach, agus re Habisai mhac Seruiah,
dearbhrathair Ióab, dhá rádh, cía rachus
liom síos don champa go Saul? agus
adubhairt Abisai, racha misi leachd sí-
os.


L. 1Sm26:7


Marsin tháinic Dáibhi agus A-
bisai chum an tslóigh san noidhche, a-
gus féuch dobhí Saul na chodladh astigh
san treinnse, agus a ghath na sheasadh
san talamh agá adhairt: agus dobhí Ab-
ner agus an slúagh na luidhe ar gach
táobh dhe.


L. 1Sm26:8


Annsin adubhairt Abisai re
Dáibhi, thug Día do námhaid aniugh ad
láimh: annois ar nadhbharsin guidhim thú,
leíg dhamhsa a bhúaladh leis an ngath go
nuige an ttalamh déntsáthadh, agus
ní bhúailfiod an dara huáir é.


L. 1Sm26:9


Agus adubháirt Dáibhi re Abi-
sai, ná marbh é: óir cía fhédus a
lámh do shíneadh amach anaghaidh ungthuidh
an Tighearna, agus bheith neimhchion-
tach?


L. 1Sm26:10


Os a chionnsin adubhairt Dáibhi,
mar mhairios an Tighearna, buailfidh an
Tighearna é, nó tiucfa a lá a bhfuighe sé
bás, nó rachaidh sé síos a gcath, agus
tuitfe sé.


L. 1Sm26:11


Nár leígidh an Tighearna go sín-
finnsi amach mo lámh anaghaidh ungthaigh
an Tighearna: ach guidhim thusa anois
glac an gath atá agá cheannadhairt, agus
an crúisgín uisge, agus bíom ag
imtheachd.


L. 1Sm26:12


Marsin do thóg Dáibhi an
crúisgín uisge ó cheannadhairt Shauil, agus
do imthigheadar rompa, agus ní raibh
énduine ann dochonnairc sin, nó agá raibh
a fhios, nó do mhúscail: óir dobhádar
uile na gcodladh, do chionn gur thuit súan
trom ón TTighearna orra.


L. 1Sm26:13


Annsin dochúaidh Dáibhi don
táoibh oile anonn, agus do sheas a mullach
cnoic a bhfad uátha, agus spás mór
eatorra.


L. 1Sm26:14


Annsin do ghoir Dáibhi air a
tslúagh, agus air Abner mhac Ner,
gha rádh, nach bhfreagrann tú, a Abner?
annsin do fhreagair Abner, agus a
dubhairt, cía thusa bhéiceas air a
Rígh?


L. 1Sm26:15


Agus adubhairt Dáibhi re Ha-
bner, nach bhfuil tusa ad ghaisgidheach
bheódha, agus cía as cosmhuil riot ann
Israel? uimesin cred fa nar choimhéd
tú do Thighearna an Rígh; óir tháinic
duine don tsluagh asteach do mharbhadh an
Rígh do Thighearna.


L. 1Sm26:16


Ní maith an níso dorinne tú:
mar mhairios an Tighearna, do thuilleabhair
bhur mbásughadh, do bhrígh nár choimhéda-
bhair bhur maighistir, ungthach an Tighear-
na: agus annois féuch cáit a bhfuil
gath an Rígh, agus an crúisgín uisge
dobhí agá cheannadhairt?


L. 1Sm26:17


Agus do aithin Saul guth Dhái-
bhí, agus adubhairt, né so do ghuthsa,
a mhic, a Dháibhi? agus adubhairt
Dáibhi, sé so mo ghuthsa, a thighearna
a Rígh.


L. 1Sm26:18


Agus adubhairt sé, cred é an
fáth as a bhfuil mo thighearna marso
ag foileanmhuin a shearbhfhoghantuigh? óir
cred dorinne mé, nó cred an
tolc atá am láimh?


L. 1Sm26:19


Annois ar anadhbharsin guidhim
thú, éisdeadh mo thighearna an Rígh
briáthra a shearbhfhoghantuigh, mas é an
Tighearna do chorruigh súas am agaidhsi
thú, glacadh sé ofráil chuige; achd mas
íad clanna na ndáoine, go madh malluigh
íad a lathair an Tighearna: óir do dhí-
breadar misi amach aniugh ó fhanmhuin a
noighreachd an Tighearna, gha rádh, éirigh,
adhair deé oile.


L. 1Sm26:20


Annois uimesin ná dóirtear
mfuil fá thalumh a bhfíaghnuisi an Ti-
ghearna: óir tháinic Rígh Israel amach
díarruigh dearnaide, mar doní duine
fíadhach ar phaitrisg ansna sléibh-
tibh.


L. 1Sm26:21


Annsin adubhairt Saul, do
pheacaidh mé, fill a mhic a Dháibhi: óir
ní dhénsa dhochar duit níbhus mó, do chionn
go raibh manum mórluaigh ad radharc
aniugh: féch dorinne mé amadánachd
agus dochuáidh mé ar seachrán go hio-
marcach.


L. 1Sm26:22


Agus do fhreagair Dáibhi, agus
adubhairt, féch gath an Rígh, tigeadh
duine do na hóganachaibh anall, agus
beireadh leis é.


L. 1Sm26:23


Go ccúitighidh an Tighearna re
gach énduine a fhíréntachd, agus a
ionnruiceas: óir thug an Tighearna thusa am
láimhsi aniugh, ach níorbháill liom mo
lámh do shíneadh amach anaghaidh ungthaidh
an Tighearna.


L. 1Sm26:24


Agus fhéuch, mar dobhí ha-
num roúasal am radharcsa aniugh,
gur marsin bhías manumsa mórluáigh a
suilibh an Tighearna, agus go sáoruidh
sé mé ónuile thrioblóid.


L. 1Sm26:25


Annsin adubhairt Saul re Dáibhi,
go madh beannuigh bhiás tusa a mhic, a
Dháibhi, dodhéana tú neithe móra,
agus fós béaruidh tú buáidh a gcomhnui-
ghe; marsin dimthigh Dáibhi roimhe,
agus dfill Saul dá áit féin.


L. 1Sm27:1


Agus adubhairt Dáibhi iona
chroidhe, muirfighear mé annois lá
éigin le láimh Shauil: ní bhfuil
ní bhus férr dhamh ná imtheachd
go lúath go dúithche na Bhphi-
listineach, agus rachaidh Saul anédóth-
chus dom tháobh gan míarruidh ósin
amach a nénchósta Disrael: agus
marsin imeocha mé as a lámhuibh.


L. 1Sm27:2


Agus déirigh Dáibhi, agus
dochuáidh sé thairis anonn leis na sé chéd
dobhí na fhochair, go Hachis mhac Ma-
och, Rígh Gát.


L. 1Sm27:3


Agus dorinne Dáibhi comhnuighe a
bhfochair Achis a Ngát, é féin agus a
dhaóine, gach aon gun a theaghlach, eadhon
Dáibhi, agus a dhías ban, Ahinoam an
Tiesreelíteach, agus Abigail an Car-
melíteach bean Nábal.


L. 1Sm27:4


Agus do hinnseadh do Shaul gur
theith Dáibhi go Gát, agus níor ghluáis
sé níos mó dá lorgaireachd.


L. 1Sm27:5


Agus adubhairt Dáibhi re Achis,
má fuáir mé annois grása ad radharc,
tugaidís áit dhamh a mbaile éigin annsa
tír le ndéna mé comhnuighe ann: óir créd
fá ccoimhneochadh do shearbhfhoghantuigh
annsa chathair Ríogha ad fhochair?


L. 1Sm27:6


Annsin thug Achis Siclag dhó
an lásin: uimesin atá Siclag ag
Ríoghaibh Iúdah gus aniugh.


L. 1Sm27:7


Agus dobé fad na haimsire
do chomhnuigh Dáibhi a gcrích na Bhphilis-
tíneach, bhlíadhuin iomlán agus ceithre
mhí.


L. 1Sm27:8


Agus dochuáidh Dáibhi agus
a mhuintir súas, agus do thiomáineadar
air na Gesurítibh agus na Gersítibh
agus na Hamalecitibh: óir dobíad
sin san tseanaimsir áitreabhaigh na tíre
mar théid tú go Súr, air fad go crích
na Hégipte.


L. 1Sm27:9


Agus do bhuáil Dáibhi an tír,
agus níor fhág fear ná bean béo innte, a-
gus thug leis na cáorigh, agus na
daimh, agus na hassail, agus na cámh-
uill, agus na héduighe, agus dfill, a-
gus thainic sé go Hachis.


L. 1Sm27:10


Agus adubhairt Achis, cáit
a ndérna tú do thurus aniugh? A-
gus adubhairt Dáibhi, anaghaidh an taóibh
ó dheas do Iúdah, agus anaghaidh an
taóibh ó dheas do na Ierahmeelíteachaibh,
agus anaghaidh an taóibh ó dheas do na
Ceníteacaibh.


L. 1Sm27:11


Agus níor léig Dáibhi fear nó
bean béo as díobh dobhéradh sgéula go
Gát ghá rádh, deagla go ninneosaidís
oruinn, ghá rádh, is marsin dorinne
Dáibhi, agus is marsin bhías a ghnáith-
bhés ar fad na haimsire choimhneochus
sé a gcrích na BhPhilistineach.


L. 1Sm27:12


Agus do chreid Achis Dáibhi,
gha rádh, thug sé ar a mhuintir féin
Israel fúath thríd amach do bheith aca
air: uimesin biáidh sé na shearbhfhoghan-
tuigh agumsa go bráth.


L. 1Sm28:1


Agus tárla an sna láethibh
sin gur chruinnigh na Philis-
tinigh a slóighte a gcionn a
chéile chum cogaidh, agus
do throid re Hisrael: agus adu-
bhairt Achis re Dáibhi, bíodh a fhios a-
gad go deimhin go racha tú amach li-
omsa chum catha, thú féin agus do
mhuintir.


L. 1Sm28:2


Agus adubhairt Dáibhi re A-
chis, go deimhin biáidh a fhios agadsa
cred fhédfas do serbhíseach do dhénamh;
agus adubhairt achis re Dáibhi, uime
sin dodhéna mé coimhéduighe mo chinn
díot go bráth.


L. 1Sm28:3


Annois déug Samuel, agus
do chaóineadar Israel uile é, agus
do adhlaiceadar é a Rámah, eadhon
iona chathruigh féin, agus do chuir Saul
ar síubhal an drong agá mbídís leannáin
síth, agus luchd na bpiséog as an ttír
amach.


L. 1Sm28:4


Agus do chruinnigheadar na Phi-
listinigh íad féin anénáit, agus than-
gadar, agus do shuigheadar a Sunem:
agus do chruinnigh Saul Israel uile,
agus dorinneadar foslungphort a
Ngilboa.


L. 1Sm28:5


Agus anuáir dochonnairc Saul
slúagh na BhPhilistineach, dobhí eagla
air, agus do chriothnuigh a chroidhe go
mór.


L. 1Sm28:6


Agus anuair do fhíafruigh Saul
scéula don Tighearna, níor fhreagair an
Tighearna é a mbrionglóidigh, nó le
Urim, nó le fáighib.


L. 1Sm28:7


Annsin adubhairt Saul rena
mhuintir, faghaidh dhamh bean agá bhfuil
leannán síthe, go ndeachadh mé na ceann
dfagháil comhairle uaithe. Agus adu-
bhairt a shearbhfhoghantuighe ris, féch atá
bhean agá bhfuil leannán síthe ann Enndor.


L. 1Sm28:8


Agus do chuir Saul é féin a
naimhriochd, agus do chuir culaidh oile
air, agus dimthigh, agus días fear leis,
agus tangadar chum na mná ansa
noidhche; agus adubhairt sé ría, gui-
dhim thú, déna fáistine dhamhsa leis an
leannán síthe, agus tóg dhamh súas an
té ainmneochus mé dhuit.


L. 1Sm28:9


Agus adubhairt an bean ris, féch
is aithne dhuit cred dorinne Saul, mar
do scrios sé an luchd agá rabhadar
leannáin síthe, agus na draoithe, amach
as an gcrích: uimesin cred fá bhfuil
tusa ag cur lín ar manumsa, agus
do chur dfíachaibh orum bás do thuil-
liomh?


L. 1Sm28:10


Agus do mhionnuigh Saul dhi
treas an TTighearna, ag rádh, mar
mhairios an Tighearna, ní theigeomhuidh pio-
nús ar bith dhuit ar son na cúisise.


L. 1Sm28:11


Annsin adubhairt an bhean ris,
cía ghoirfeas mé chugadh? agus adu-
bhairt seision, goir chugam Sámuel.


L. 1Sm28:12


Agus anuair dochonnairc an bhean
Samuel, do ghoir sí na chomhairc go hárd,
agus adubhairt an bhean ré Saul, cred
fár mheall tú mé, óir is tú Saul?


L. 1Sm28:13


Agus adubhairt an Rígh ría,
ná bíodh eagla ort, óir cred dochonnairc
tú? agus adubhairt an bhean re Saul,
dochonnairc mé dée ag éirghe aníos as
an ttalamh: agus adubhairt seision
ría, cred is foirm dhó? agus a
dubhairt sisi, atá seanduine ag teachd aníos,
agus falluing uime. Agus do
aithin Saul gurbé Samuel é, agus do
chrom sé lena aghaidh chum na talmhan,
agus do chláon é féin.


L. 1Sm28:15


Agus adubhairt Samuel re
Saul, cred far bhuáidhir tú mé dom
ghairm aníos? agus do fhreagair Saul,
agus adubhairt sé, atáim ro bhuáidh-
eartha: óir atáid na Philistinigh ag
dénamh cogaidh am agaidh, agus do
dhealuigh Día riom, agus ní fhreagrann
sé mé nios mó lé fáighibh, nó le fisibh:
uimesin do ghoir mé ortsa, go ninnéos-
tá dhamh cred dhénas mé.


L. 1Sm28:16


Annsin adubhairt Samuel, cred
fá bhfíafruigheann tú dhíomsa, ó dhealuigh
an Tighearna riot, agus go bhfuil sé
na námhuid agad?


L. 1Sm28:17


Agus dorinne an Tighearna dhó
féin, mar do labhair sé thríomsa:
óir do fhúaduigh an Tighearna an rioghachd
as do láimh, agus thug sé dot comh-
arsainn, do Dháibhi í.


L. 1Sm28:18


Do bhrígh nar umhluigh tusa do
ghuth an Tighearna, agus nach ar dhio-
ghail tú a fhearg dhíbhfheirgeach ar Ama-
lec, uimesin dorinne an Tighearna an ní
si riotsa aniugh.


L. 1Sm28:19


Os a chionn sin dobhéra an
Tighearna Israel maille leachdsa a lámh-
uibh na BhPhilistineach.


L. 1Sm28:20


Annsin do thuit Saul ar báll
sínnte ar fad na talmhan, agus do
ghabh eagla romhór é, do bhrígh bhría-
thra Shamuel, agus ní raibh neart ar
bith ann: óir níor ith sé arán ar feadh an
laói, nó ar feadh na hoidhche.


L. 1Sm28:21


Agus tháinic an bhean chum Sauil,
agus dochonnairc go raibh sé lán do
bhuáidhreadh, agus adubhairt sí ris, féuch,
do umhluigh do bhanóglach dot ghlór,
agus do chuir mé manum am láimh, agus
déist mé red bhríathraibh, noch do
labhair tú riom.


L. 1Sm28:22


Annois ar anadhbharsin, guidhim
thú, éistsi mar an gcéadna ré glór
do bhanógluich, agus léig dhamhsa greim
aráin do chur ad fiadhnuisi, agus ith
é, chor go mbía neart ionnad anuair
bhías tú ag imtheachd ann do shlighe.


L. 1Sm28:23


Acht do dhiúlt seision, agus
adubhairt, ní íosad: achd do sháruigheadar
a shearbhfhoghantuighidh maille ris an
mnáoi é, iondus gur áontuigh sé dá
nglór: annsin déirigh sé don talumh,
agus do shuigh sé ar a leabuidh.


L. 1Sm28:24


Agus dobhí láogh ramhar ag an
mnáoi san tigh, agus do dheithfrigh sí,
agus do mharbh sí é, agus do ghlac
plúr agus dfuin, agus dorinne arán
sleamhuin de.


L. 1Sm28:25


Agus thug sí lé, agus do chuir
a bhfiaghnuisi Shauil é, agus a bhfiadh-
nuisi a mhuintire, agus duádar bíadh:
annsin déirgheadar súas, agus dimthighea-
dar rompa anoidhchesin.


L. 1Sm29:1


Anois do chruinnigheadar na Phi-
listinigh a sluagh uile a
gcionn a chéile, go Haphec:
agus dobhí Israel a
ccampa láimh re tobhar atá ann Ie-
sreel.


L. 1Sm29:2


Agus do ghluáisiodar tighear-
nuidhe na BhPhilistíneach lena gcéaduibh,
agus léna míltibh; ach do ghlúais
Dáibhi agus a mhuintir ann a ndeireadh a
bhfochair Achis.


L. 1Sm29:3


Annsin adubhradar prionnsuidhe
na BhPhilistineach, cred doníd na
Heabhruidhesi annso? agus adubhairt
Achis re prionnsadhuibh na BhPhilisti-
neach, nach é so Dáibhi, searbhfhoghan-
tuidh Shauil Rígh Israel, noch atá am
fhochairsi na laéthesi, nó na blíadhnasa,
agus ní bhfuair mé lochd ar bith ann ó
thaínic sé chugam gus aniugh?


L. 1Sm29:4


Agus dobhádar pronnsuidhe na
BhPhilistineach feargach ris, agus a
dubhradar prionsuidhe na BhPhilistineach
ris, tabhair air an bhfearso filleadh go
ndeachaidh sé don náit do órduigh tu dhó,
agus ná héirgheadh sé síos linne chum ca-
tha, deagla go mbiath sé ar naghaidh
san chath: óir cred an ní lé dtuillfedh
sé síth a mhaighstir; nach lé ceannuibh na
ndáoineso?


L. 1Sm29:5


Nach é so an Dáibhi dár chana-
dar an tabhrán ó bhéul go béul ansa
damhsa, dhá rádh, do mharbh Saul a
mhílte, agus Dáibhi a dheich mílte?


L. 1Sm29:6


Annsin do ghoir Achis Dáibhi
chuige, agus adubhairt ris, go dearbhtha
mar mhairios an Tighearna, dobhí tú díreach,
agus is maith ann mo radharcsa do dhul
amach agus do theachd asteach, am
fochairsi annsa tslúagh: óir ní bhfúair mé
olc ionnad, ón ló fá ttáinic thú chugam
gus aniugh; gidheadh ni bhfuil fabhar ag
na tighearnuibh dhuit.


L. 1Sm29:7


Ar anadhbharsin fill anois,
agus imthigh a síothcháin, chor nach tuillfidh
tú mícheadfadh thighearnadh na Bhphilis-
tíneach:


L. 1Sm29:8


Agus adubhairt Dáibhi ré Achis,
achd cred dorinne mé, agus cred fuair
tú ann do shearbhfhoghantuigh an fad atáim
agad gus an ló aniugh, as nach bhfé-
duim dul do throid re naimhde mo thi-
ghearna an Rígh?


L. 1Sm29:9


Agus do fhreagair achis, agus a
dubhairt re Dáibhi, atá a fhios agamsa
go bhfuil tú go maith am radharc, amhuil
aingel Dé: gidhedh adubhradar prionnsuidhe
na BhPhilistineach, ní rachaidh sé linne
súas chum an chata.


L. 1Sm29:10


Ar anadhbharsin anois éirigh
súas go moch ar maidin maille re
searbfhoghantaibh do mhaighistir tháinic
leachd, agus comhlúath agus bheithí súas
go moch ar maidin, agus bhías solus
aguibh, imthighidh.


L. 1Sm29:11


Mar sin déirigh Dáibhi, agus
a mhuinntir go moch ar maidin, dfilleadh
go crích na BhPhilistineach, agus do
chúadar na Philistinigh súas go Ies-
reel.


L. 1Sm30:1


Agus tárla anuáir dobhí
Dáibhi, agus a mhuintir ar
tteachd go Siclag ar an
treas lá, gur ionnsuigheadar
na Hamalecítigh an táobh ó dheas, agus
Siclag, agus do airgeadar Siclag, a-
gus do loisceadar í le teinidh.


L. 1Sm30:2


Agus do ghabhadar na mná a
mbraighdeanus, noch dobhí annsin; níor
mharbhadar énduine beag nó mór, achd a
mbreith léo, agus imtheachd rompa.


L. 1Sm30:3


Annsin tháinic Dáibhi, agus a
mhuintir don chathruigh, agus féuch do
bhí sí loisge ó theinidh, agus a mná,
agus a mic, agus a ningheana arna
mbreith a mbraighdeanus.


L. 1Sm30:4


Annsin do thóg Dáibhi, agus an
mhuintir dobhí na bhfocair a nguth, a-
gus do ghuileadar nó go rabhadar curtha
do ghul.


L. 1Sm30:5


Agus do gabhadh días ban Dáibhi
a mbraighdionus Ahinoam an Ties-
reeliteach, agus Abigail bean Nábal
an Carmeliteach.


L. 1Sm30:6


Agus dobhí Dáibhi lán do dhób-
rón: óir do luáigheadar na daoine
gabháil do chlochuibh air, do bhrigh go raibh
inntinn na ndaóine uile doilghiosach,
gach énduine ar son a mhac, agus ar
son a inghean: ach do ghabh Dáibhi meis-
neach chuige féin ann a Thighearna Día.


L. 1Sm30:7


Agus adubhairt Dáibhi re Abia-
tar an sagart, mhac Achimelech, gui-
dhim thú tabhair chugam annso an téphod:
agus thug Abiatar an téphod annsin
chum Dáibhi.


L. 1Sm30:8


Agus dfíafruigh Dáibhi don
Tighearna, ghá rádh, a ndéna mé tór-
uigheachd ar a tslúaghso? an mbéra mé
orra? agus do fhreagair seision é, lean
íad: óir béra tú go deimhin orra, a-
gus gan chunntabhairt beanfa tú an tiom-
lán díobh.


L. 1Sm30:9


Annsin dimthigh Dáibhi, agus na
sé chéud fear dobhí na fhochair, agus
tháinic sé chum na habhann Bésor, mar
ar fhanadar an mhéid do fágbhadh na
ndiáigh.


L. 1Sm30:10


Ach do lean Dáibhi íad é féin,
agus ceithre chéd fear; (óir dfanadar
dhá chéd eile ná ndiáigh nar fhéud dul
tar anabhuinn Besor, dobhádar comhlag
sin.)


L. 1Sm30:11


Agus fúaradar Egipteach ar
an machaire, agus tugadh chum Dáibhi é,
agus thugadar arán dó, agus dith
sé sin, agus thugadar air uisge ól.


L. 1Sm30:12


Agus thugadar píosa do cháca
fígeadh dhó, agus dhá thríopall rísín: a-
gus anuáir aduáigh sé sin, tháinic a
spiorad ann arís: óir ní dhuáigh sé
arán, agus níor ibh uisge re trí lá,
agus lé trí hoidhche.


L. 1Sm30:13


Agus adubhairt Dáibhi ris, cía
lear leis tusa? agus cía has a ttái-
nic tú? agus adubhairt seision, ógánach
don Négipt mé, serbhíseach do Ama-
leciteach, agus dfág mo mhaighistir mé,
do bhrígh gur ghlac tinnios mé trí la ó shin.


L. 1Sm30:14


Thugamar ionnsuighe ar an
ttáobh ó dheas do na Cheretíteachaibh, a-
gus ar na gcósta bheanas ré Iúdah,
agus ar na ttáobh ó dheas do Cháleb,
agus do loisgeamar Siclag le teine.


L. 1Sm30:15


Agus adubhairt Dáibhi ris, an
bhfédfa tú misi bhreith síos chum na
cuideachdasin? agus adubhairt seision,
tabhair do mhionna dhamh tre Dhía nach
muirfe tú mé, agus nach ttiubhra tú
a láimh mo mhaighistir mé, agus dobhéra
mé síos go nuige an chuideachda thú.


L. 1Sm30:16


Agus anuair rug sé síos é;
féuch dobhádar ar feadh na talmhan
leathnuighe ag ithe, agus ag ól, agus
ag damhsa ar son mhéid na hédála
thugadar léo amach as crích na Bhphi-
listineach, agus as tír Iúdah.


L. 1Sm30:17


agus do bhuáil Dáibhi íad ó
éirigh an láoi go ttáinig tráthnóna
arna mhárach: agus níor imthigh duine
dhíobh, achd ceithre chéad ógánach dochúaidh
ar chámhalluibh, agus do theith.


L. 1Sm30:18


Agus do bhean Dáibhi amach a
rugadar na Hamalecitíg leó uile,
agus do bhean Dáibhí a dhías ban
amach.


L. 1Sm30:19


Agus ní raibh éinní dá neasbhuidh
beag nó mór, nó mic nó ingheana, no éa-
dáil, nó einí dá rugadar chuca: do
bhean Dáibhi amach an tiomlán.


L. 1Sm30:20


Agus do ghlac Dáibhi na tréda
uile, agus na healbha, noch do thiomaíne-
dar roimhe ann chuid eile don náirneis,
agus adubhairt sé, agso édáil Dháibhi.


L. 1Sm30:21


Agus tháinic Dáibhi mar a raibh
an dá chéad fear, noch dobhí comhlag sin
nar fhédadar Dáibhi leanmuin, noch air a
ttug sé fós fuireach ag abhuinn Besor:
agus dochuadarsan amach a ccoinne
Dháibhi, agus a ccoinne na muintire do
bhí na fhochair: agus anúair tháinic Dáibhi
a bhfogus don phobal, do bheannuigh sé
dhóibh.


L. 1Sm30:22


Annsin do fhreagradar na droch-
dhaoine uile, agus muintir Bhélial
don druing chuaidh le Dáibhi, agus a
dubhradar, do bhrígh nach deachadar linn,
ní thiubhram dhóibh don néadáil do bheana-
mar féin amach, acht dá gach énduine
a bhean, agus a chlann, chor go mbhéruid
síad leó íad, agus go nimtheochuid
úainn.


L. 1Sm30:23


Annsin adubhairt Dáibhi, ní dhén-
faoisi marsin, a dhearbhráithre, ris an
ní thug an Tighearna dhúinn, noch do
dhídin sinn, agus thug an chuideachda tháinic
ar naghaidh ann ar lámhuibh.


L. 1Sm30:24


Oír cía déistfeadh sibh annsa chúi-
se? ach mar bhías chuid an té rachus
síos san chath, marsin bhías cuid an té
fhanfus a mbhun an charáiste: roinnfid
síad go comhthrom.


L. 1Sm30:25


Agus dobhí sé marsin ón ló-
sin amach, go ndérna sé statúid dhe,
agus ordughadh Disrael gus aniugh.


L. 1Sm30:26


Agus anúair thaínic Dáibhi go
Siclag, do chuir sé roinn don néadáil
chum sinnsear Iúdah, eadhon chum a charad,
ghá radh, féchuidh agsin tiodhlacadh aguibh
do chreith námhad an Tighearna:


L. 1Sm30:27


Chum na muintire dobhí a Mbé-
tel, agus chum na muintire dobhí a
Rámot ó dheas, agus gus an luchd
dobhí ann Iatir,


L. 1Sm30:28


Agus gus an luchd dobhí ann
Aroer, agus gus an droing dobhí
a Siphmot, agus gus an droing do
bhí an Estemoa,


L. 1Sm30:29


Agus chum na muintire dobhí ann
Rachal, agus chum na muintire dobhí
a ccaithreachaibh na Ierameeliteach, agus
cum na muintire dobhí a gcaithreacaibh na
Cceniteac,


L. 1Sm30:30


Agus chum na muintire do
bhí ann Hormah, agus chum na muintire
dobhí ann Chorasan, agus chum na muin-
thire dobhí ann Atach,


L. 1Sm30:31


Agus chum na droinge dobhí
ann Hebron, agus cum na náiteach
uile mar a ngnáthuigheadh Dáibhi féin agus
a dháoine, tathuighe.


L. 1Sm31:1


Agus anois do throideadar
na Philistinigh anaghaidh
Israel, agus do theithea-
dar muintir Israel roimhe
na Philistineacaibh, agus do thuitea-
dar síos marbh a Slíabh Gilboa.


L. 1Sm31:2


Agus do leanadar na Philis-
tinigh go crúaidh ar Shaul, agus air a
mhacaibh, agus do mharbhadar na Phi-
listinigh Ionatan, agus Abínadab,
agus Malchisua, mic Shauil.


L. 1Sm31:3


Agus dochúaidh an cath go crua-
dálach anaghaidh Shauil, agus
damusadar na saigheadóirigh é, agus do
bhí arna lot go mór ó na saighea-
dóiribh.


L. 1Sm31:4


Annsin adubhairt Saul re fear iom-
chartha a airm, tarruing do chloideamh,
agus saith thríomsa é, deagla go
dtiucfadh an drong neimhthimchillghérrtha-
sa, agus go muirfidís mé, agus
go ndénaidís sgige fúm: ach níorbháill
le fear iomchartha a airm, óír dobhí sé
lán deagla: uimesin do ghlac Saul
cloidheamh, agus do thuit sé air.


L. 1Sm31:5


Agus anuair dochonnairc fear iom-
chartha a airm gur éug Saul, do thuit sei-
sion mar an gcédna air a chloidheamh, agus
déug sé maille ris:


L. 1Sm31:6


Marsin déug Saul, agus a
thríur mac, agus fear iomchartha a
airm, agus a dháoine uile an lásin
féin a néinfheachd.


L. 1Sm31:7


Agus anuair dochonncadar clanna
Israel, noch dobhí don táoibh oile don
ghleann, agus drong dobhí táobh thall do
Iordan, gur theitheadar fir Israel,
agus gur eúg Saul, agus a mhic, do thréi-
geadar na caithreacha, agus do thei-
theadar; agus tangadar na Philis-
tinigh, agus do áitreabhadar ionta.


L. 1Sm31:8


Agus tárla arna mhárach, a
núair thangadar na Philistinigh dfagh-
bhadh na marbh, go bhfuáradar Saul
agus a thriúr mac na luighe a slíabh
Ghilboa.


L. 1Sm31:9


Agus do bheanadar a cheann de,
agus dfaghbhadar as arm é, agus do
chuireadar teachda go dúithche na Bhphilis-
tineach timchioll fágcuáirt, dhá fhógra
a ttigh a niodhal, agus a measg an phobail.


L. 1Sm31:10


Agus do chuireadar a arm a
ttigh Astárot, agus do cheangladar
a chorp do bhalla Bhet-san.


L. 1Sm31:11


Agus anúair dochúaladar ái-
treabhuigh Iábes-gílead an nísin dorinnea-
dar na Philistinigh re Saul:


L. 1Sm31:12


Déirgheadar an mhéid dobhí cura-
ta uile, agus do mithigheadar ar feadh
na hoidhche, agus dorugadar corp
Shauil, agus cuirp a mhac ó bhalla
Bhet-san, agus tangadar go Iábes,
agus do loisgeadar annsin íad.


L. 1Sm31:13


Agus do ghlacadar a gcnámha,
agus do adhlaiceadar íad fáoi chrann ann
Iábes, agus do throisgeadar seachd lá.


L. 2Sm



AN DARA LEABHAR DO SHAMUEL, DA
NGOIRTHEAR DARA LEABHAR NA RIOGH


L. 2Sm1:1


Anois tárla tar éis bháis
Shauil, anuair do fhill
Dáibhi ó mharbhadh na
Na-maleciteach, agus Dáibhi
dhá lá na chomhnuidhe ann
Sic-lag:


L. 2Sm1:2


Tárla, a deirimh an treas lá,
féuch go ttáinic duine ón champa ó
Shaul, agus a édach brisde, agus
cré ar a cheann, agus is amhluidh bhí,
anuáir tháinic sé chum Dáibhi, gur thuit
sé chum talmhan, agus go ndérna sé
umhlachd.


L. 2Sm1:3


Agus adubairt Dáibhi ris, cáit
as a ttáinic tusa? agus adubhairt
seision ris, as campa Israel tháinic
mé.


L. 2Sm1:4


Agus adubhairt Dáibhi ris,
ciondus dochuáidh an chúis, guidhim thú,
inn-is damh? agus do fhreagair seision,
gur theitheadar cách as an gcath,
a-gus gur thuit agus gur marbhadh
mó-rán don phobal, agus go raibh Saul
agus Ionatan a mhac marbh mar an
gcédna.


L. 2Sm1:5


Agus adubhairt Dáibhi ris anó-gánach
dinnis sin dó, gá fios duitsi
go bhfuil Saul agus Ionatan a mhac
marbh?


L. 2Sm1:6


Agus adubhairt an tógánach,
dinnis sin dó, mar thárla dhamsa do
chinneamhuin bheith ar shlíabh Gilboa, féch
dobhí Saul na leathluighe ar a ghath,
agus féuch do leanadar na carbuid,
agus an marcshlúagh go gér na
dhiáigh.


L. 2Sm1:7


Agus anuáir damhairc sé na
dhiáigh, dochonnairc sé misi, agus do
ghoir orum: agus do fhreagair misi,
atáim annso.


L. 2Sm1:8


Agus adubhairt seision leam, cía
thú? agus do fhreagair misi, Amaleci-teach
mé.


L. 2Sm1:9


Adubhairt sé leam arís, guidhim
thú, seas ar mo mhuin, agus marbh mé:
óir tháinic doirbhios orum, do bhrígh
go bhfuil manum fós go hiomlán io-nnam.


L. 2Sm1:10


Annsin do sheas mé air, agus
do mharbh mé é, mar dobhí a dheimhin a-gum
narbhféidir leis a bheith béo, tar
éis é thuitim: agus do ghlac mé an
choróin dobhí air a cheann, agus an
bráis-léd dobhí fána láimh, agus thug mé
liom annso íad chum mo thighearna.


L. 2Sm1:11


Annsin dorug Dáibhi greim
ar a édach, agus do réub sé íad
agus mar an gcédna an mhéid daóine
dobhí na fhochair.


L. 2Sm1:12


Agus do chumhadar, agus do
ghuileadar, agus do throisceadar go
tráthnóna ar son Shauil, agus a mhic
Ionatan, agus ar son phobail an Tigh-earna,
agus ar son thighe Israel; do
bhrígh gur thuiteadar leis an gcloi-dheamh.


L. 2Sm1:13


Agus adubhairt Dáibhi ris
anógánach dinnis sin dó, cá has duitsi?
agus do fhreagair seision, gha rádh, mac
coimhthighidh Amalecítigh mé.


L. 2Sm1:14


Agus adubairt Dáibhi ris,
ciondus nach raibh eagla ort do lámh
shíneadh amach do mharbhadh ungthaidh
an Tighearna?


L. 2Sm1:15


Agus do ghoir Dáibhi duine
do na hógánachaibh, agus adubhairt
ris, éirigh agus siubhail air; agus
do bhuail seision é, go bhfúair sé
bás.


L. 2Sm1:16


Agus adubhairt Dáibhi ris,
bíodh thfuil ar do cheann féin: do
fhíadh-nuigh do bhéul féin ad aghaidh, ghá
rádh, do mharbh mé ungthach an Tighearna.


L. 2Sm1:17


Agus do chaói Dáibhi leis an
ccaoineadhso, ós cionn Shauil agus a
mhic Ionatan:


L. 2Sm1:18


Mar an gcédna daithin sé dhíobh
cleachdadh an bhogha do mhúnadh do chloinn
Iúdah: féch atá sé scríobhtha a leabhar
Iaser.


L. 2Sm1:19


Tá scéimh Israel arna mar-bhadh
ar háitib árda: ciondus atáid
na cumhachdaigh ar ttuitim?


L. 2Sm1:20


Ná hinnis a Ngát é, ná foil-lsigh
é a sráidibh Ascelon, deagla go
ndénaidís ingheana na BhPhilistineach
luáth-gáire, deagla go ndénaidís ingheana na
nemhthimchillgearrthach caithréim.


L. 2Sm1:21


A shléibhte Gilboa ná raibh
drúchd ná fearthuinn oruibh, nó magha
of-rála: óir is annsin do teilgeadh go
tarcuisneach scíath an chumhachduigh
sea-chad, scíath Shauil, mar nach bíadh
un-gtha le hola.


L. 2Sm1:22


O Fhuil na marbh, ó mhétus na
gcumhachdach, níor fhill bogha Ionatain
air ais, agus níor fhill cloidheamh Shauil
folamh.


L. 2Sm1:23


Saul agus Ionatan dobhádar
grádhach sólasach ann a mbeathaidh,
a-gus ann a mbás níor roinneadh íad: bá
luáithe íad ná ioluir, bá láidre ná
leomhuin íad.


L. 2Sm1:24


Sibhsi a ingheana Israel, guilidh
ós cionn Shauil, noch do chuir culadha
scárláoide oruibh maille re háoibhneas,
noch do chuir córughadh óir air bhur néduighibh.


L. 2Sm1:25


Ciondus do thuiteadar na
cu-mhachduigh a meadhón an chatha? ó a
Iona-tain, do marbhadh thú ann háitibh
ár-da.


L. 2Sm1:26


Atáimsi doilghiosach thríod, a
dhearbhrathair Ionatan: bá roshólasach
dhamhsa thú, dob iongantach do ghrádh
orum ag sárugadh ghrádh na mban.


L. 2Sm1:27


Cionnus do thuiteadar na cumhachd-uigh,
agus airm an chogaidh ar nimtheachd?



Caib.2.


L. 2Sm2:1


Agus tárla na dhiáigh so gur
fhiafruigh Dáibhi don Tigh-earna,
ga rádh, an racha mé
suas go haon do caith-eachaibh Iúdah? agus
adu-bhairt an Tighearna ris, éirigh súas.
A-gus adubhairt Dáibhi, cáit suas a racha
mé? agus adubhairt seision, go Héb-ron.


L. 2Sm2:2


Marsin dochuáidh Dáibhi súas
annsin, agus fós a dhías ban Ahino-am
an Tiesreeliteach, agus Abigail
bean Nábal an Carmelíteach.


L. 2Sm2:3


Agus rug Dáibhi leis súas a
mhuintir dobhí na fhochair, gach uile dhuine
guna theaghlach: agus do chomhnuigheadar
a ccaithreachaibh Hébron.


L. 2Sm2:4


Agus tangadar muintir Iú-dah,
agus do ungadar Dáibhi annsin
na Rígh ós cionn thighe Iúdah: agus
dinnisiodar do Dháibhi gha rádh, dob íad
muintir Iabes-gílead do adhluic Saul:


L. 2Sm2:5


Agus do chuir Dáibhi teachda go
muintir Iabes-gílead, agus adubhairt
sé ríu, go madh bennuigh sibh ón TTigh-earna,
noch do thaisbéin an cinéulsa
dá bhur ttighearna, do Shaul, agus
do adhlaic é.


L. 2Sm2:6


Agus anois go ttaisbénuigh
an Tighearna dhaóibhse cinéul agus fí-rinne:
agus cúiteochuidh misi fós an
cinéulsa ribh, do bhrígh go ndérnabhair an
níse.


L. 2Sm2:7


Ar anadhbharsin anois bidís
bhur lámhasa arna neartughaidh, agus
bíthí curata; óir fuáir Saul bhur
maighistir bás, agus mar an gcédna
do ungadar tigh Iúdah misi am Rígh ós
a gcionn.


L. 2Sm2:8


Ach do ghlac Abner mhac Ner,
caiptín slóigh Shauil, Isboset mhac
Sauil, agus thug leis anall go Ma-hanaim é.


L. 2Sm2:9


Agus dorinne sé Rígh ós cionn
Ghílead dhe, agus ós cionn na Nasu-ríteach,
agus ós cionn Iesreel, agus
ós cionn Ephraim, agus ós cionn Bhen-iamin,
agus ós cionn Israel uile.


L. 2Sm2:10


Dobhí Isboset mhac Sauil ceath-rachad
blíadhan daóis anuair do thions-guin
sé ríghe ós cionn Israel, agus
dobhí na Rígh dhá bhlíadhuin: achd do lean
tigh Iúdah Dáibhi.


L. 2Sm2:11


Agus ba hé uibhir na láetheadh
dobhí Dáibhi na Rígh ann Hébron ós
cionn tíghe Iúdah, seachd mblíadhna agus
sé mhí.


L. 2Sm2:12


Agus dochuáidh Abner mhac
Ner, agus searbhfoghantuighidh Isbóset
mhic Sauil, amach ó Mhahanaim go Gi-beon.


L. 2Sm2:13


Agus dochuaidh Ióab mhac Ser-uiah,
agus searbhfoghantuighidh Dháibhi
amach, agus tárla dhá chéile íad ag
lochán Ghibeon: agus do shuigheadar
síos, drong aca a ttáobh don lochán,
agus drong don taóibh oile don lo-chán.


L. 2Sm2:14


Agus adubhairt Abner re Ióab,
éirghidís na hógánuigh anois, agus
déindís súgradh as ar ccoinne. Agus
adubhairt Ióab, éirghidís.


L. 2Sm2:15


Annsin do éirigh, agus dochuaidh
anonn a nuibhir dhá fhear dheag do Bhen-iamin,
noch do ghabh le Isbóset mhac
Sauil, agus dá fhear dhég do
shearbhfhogan-taibh Dháibhi.


L. 2Sm2:16


Agus do ghlac gach áon díobh
a chompanách ar cheann, agus do shaith
a chloidheamh a ttáobh a chompánuigh,
ion-nus gur chomhthuitim dóibh: uimesin do
goireadh don náitsin Helcat-Hassurim,
noch atá a Ngibeon.


L. 2Sm2:17


Agus dobhí cath rodhoilghe
an lá sin ann: agus do buáileadh Ab-ner
agus muintir Israel as coinne
sherbhíseach Dháibhi.


L. 2Sm2:18


Agus dobhádar trí mic She-ruiah
annsin, Ióab, agus Abisai, a-gus
Asahel: agus dobhí Asahel
comh-lúath dhá chois lé eilit an mhachaire.


L. 2Sm2:19


Agus do lean Asahel a ndiáigh
Abner, agus ag imtheachd dhó níor chas
sé ar a láimh dheis nó chlé ó thóruigheachd
Abner.


L. 2Sm2:20


Annsin dféch Abner na dhiáigh,
agus adubhairt, an tú Asahel? agus
do fhreagair seision, is mé.


L. 2Sm2:21


Agus adubhairt Abner ris, fill
do leath taóibh ar do láimh dheis nó chlé,
agus glac duine do na hógánachaibh,
agus glac a édail chugad; acht níorbháill
le Asahel filliodh óna leanmhuin
sion.


L. 2Sm2:22


Agus adubhairt Abner arís
re Asahel, fill ó bheith dom leanmhuin;
cred fá mbuailfinnsi thú go talumh?
Cionnus annsin do thaisbeanfuin maghuidh
do Ióab do dhearbhrathair?


L. 2Sm2:23


Gidheadh do dhíult seision filleadh
do leathtaoibh: uimesin do bhuáil Ab-ner
é do cheann gatha fáoi an ccúigeadh
easna, iondus go ttáinic an gath a-mach
air a chúl; agus do thuit sé ann
sin; agus déug sé san náit chédna:
agus tárla an mhéid tháinic go nuige
anáit ar thuit Asahel síos, agus a
bhfuair sé bás, gur fhanadar na sea-samh.


L. 2Sm2:24


Do lean Ióab mar an gcédna,
agus Abisai a ndiáigh Abner, agus
dochuáidh an ghrían faói anuáir than-gadar
go cnoc Ammah, noch atá a
radharc Ghíah ar slighe fhásaigh Ghi-beon.


L. 2Sm2:25


Agus do chruinnigheadar clann
Bheniamin íad féin a gcionn a chéile a
ndiáigh Abner, agus tangadar
anénchuideachda amháin, agus do sheasadar
ar mhullach cnoic.


L. 2Sm2:26


Annsin do ghoir Abner ar Ióab,
agus adubhairt, an mbía an cloidheamh
ag marbhadh choidhche? nach bhfuil a fhios
agad go mbiáidh sin na shearbhas fá
dheireadh? uime sin ga fad a bhías suil
déras tú ris na dáoinibh filleadh ó
leanmhuin a ndearbhráithreach?


L. 2Sm2:27


Agus adubhairt Ióab, mar
mhairios Día, muna bheith gur labhair tú,
go deimhin is air maidin dorachadh an po-bal
súas gach énduine ó leanmhuin a
dhearbhrathar.


L. 2Sm2:28


Iarsin do shéid Ióab a stoc,
agus do sheasadar an pobal uile na
gcomhnuigh, agus níor leanadar nios
mó a ndiáigh Israel, agus níor
throideadar níos mó.


L. 2Sm2:29


Agus dobhí Abner, agus a
mhuintir ag siubhal ar feadh na hoidhche
sin thríd an reíteach, agus dochuadar
tar Iordan, agus dimthigheadar tré
Bhitron uile, agus tangadar go
Mahanaim.


L. 2Sm2:30


Agus dfill Ióab ó thóruigheachd
Abner, agus anuáir do chruinnigh sé
an pobal uile a gcionn a chéile, do
theasduigh náoi bhfir dhéug, agus
Asahel do mhuintir Dháibhi.


L. 2Sm2:31


Ach do bhúaileadar searbhfhoghantuighidh
Dháibhi do Bheniamin agus do
mhuintir Abner, iondus gur égadar
trí cheád agus trí fitchid dhíobh.


L. 2Sm2:32


Agus do thógbhadar leó Asa-hel,
agus do adhlaiceadar é a ttúama
a athar a Mbet-lehem: agus dimtigh
Ióab, agus a mhuintir ar feadh na hoidh-che,
agus tangadar go Hébron ag
éirghe laé.



Caib.3.


L. 2Sm3:1


Anois dobhí cogadh fada eidir
thigh Shauil agus tigh Dhái-bhi:
achd dobhí Dáibhi ag dul
air a aghaidh a neart, agus
tigh Shauil ag dul a laige.


L. 2Sm3:2


Agus rugadh mic do Dháibhi ann
Hébron, agus dobé a chéd mhac, Amnon,
ré Ahinoam an Tisreeltaeach.


L. 2Sm3:3


Agus a dhara mac, Chíleáb,
re Abigail, bean Nábal an Carmelí-teach:
agus an treas mac Absolon,
mhac Maacah, inghean Thalmai Rígh
Gésur.


L. 2Sm3:4


Agus an ceathramhadh mac,
Adoniiah mhac Haggit: agus an cúi-geadh
mac, Sephatia mhac Abi-tal.


L. 2Sm3:5


Agus an seiseadh mac, Itream,
re Heglah bean Dháibhi: síad so rugadh
do Dháibhi ann Hébron.


L. 2Sm3:6


Agus tárla an feadh dobhí cogadh
idir thigh Shauil agus tigh Dháibhi, go
ndérna Abner é féin láidir do thigh
Shauil.


L. 2Sm3:7


Agus dobhí leannán ag Saul darbhainm
Rispah inghean Aiah: agus
adubhairt Isbóset re Abner, cred far
luigh tú lé leannán mathar?


L. 2Sm3:8


Annsin dobhí Abner rofheargach
tré bhríathraibh Isbóset, agus adu-bhairt
sé, an ceann madruidh misi? noch thais-beanus
cinéul aniugh anaghaidh Iúdah
do thigh Shauil hathairsi, dá dhearbhrái-thribh,
agus dá cháirdibh, agus nar shea-chaid
mé thusa a láimh Dháibhi, as a
bhfuil tú aniugh ag cur choire am leith a
ttáob na mnása?


L. 2Sm3:9


Go madh marsin do dhénas Día re
Habner, agus fós nios mó, mar do
mhionnuigh an Tighearna do Dháibhi muna
ndérna misi mar sin dó:


L. 2Sm3:10


An rioghachd atharrughadh ó thigh
Shauil, agus cathaóir Dháibhi chur suas
ós cionn Israel, agus ós cionn Iúdah ó
Dhan air fad go Beerséba.


L. 2Sm3:11


Agus níor fhéd sé énfhocal
freagartha do thabhairt ar Abner arís
do bhrígh go raibh eagla air roimhe.


L. 2Sm3:12


Agus do chuir Abner teachda chum
Dáibhi dhá tháoibh féin, ga rádh, cía ler
leis an dúithche? ga rádh fós, déna
ceangal riomsa, agus féch biáidh mo
lámh leachd do thabhairt Israel uile timchioll
chugad.


L. 2Sm3:13


Agus adubhairt seision, is
maith sin, dodhéansa ceangal riot: achd
éinní amháin íarrum ort, eadhon ní fhaicfidh
tú mo ghnúis muna ttuga tú Michal
inghean Shauil leachd a chéduaír, an tan
thiucfas tú dom lathair.


L. 2Sm3:14


Agus do chuir Dáibi teachda chum
Isbóset mhac Sauil, gha rádh, tabhair
dhamhsa mo bhean Michal, noch do phós mé
dhamh féin, ar son chéd rémhchroiceann do
na Philistinibh.


L. 2Sm3:15


Agus do chuir Isbóset fios
uirre, agus thug ó na fear í, eadhon ó
Phaltiel mhac Lais.


L. 2Sm3:16


Agus dochuáidh a fear lé ar fad
ag gul na diáigh go Bahurim: annsin
adubhairt Abner ris, imhthigh agus fill;
agus do fhill sé.


L. 2Sm3:17


Agus do chomhráidh Abner re
seanoíribh Israel, ghá rádh, díarrabhair
roimheso Dáibhi bheith na Rígh oruibh.


L. 2Sm3:18


Annois cheana dénuidh é: óir do
labhair an Tighearna a ttáobh Dháibhi, dha
rádh; le láimh mo shearbhfhoghantuigh
Dáibhi thárthochus misi mo phobal
Israel as láimh na BhPhilistíneach,
agus as láimh a námhad uile.


L. 2Sm3:19


Agus do labhair Abner mar an
gcéadna a gcluásaibh Bheniamin;
agus dochuaidh Abner mar an gcédna
do labhairt a cclúasaibh Dháibhi ann Hé-bron
anuile tí dar thaitin le Israel,
agus dar thaitin le tigh Bheniamin
uile.


L. 2Sm3:20


Annsin thaínic Abner chum Dhái-bhi
ann Hébron, agus fithche fear leis:
agus dorinne Dáibhi féasta do Abner,
agus don mhuintir dobhí na fhochair.


L. 2Sm3:21


Agus adubhairt Abner ré Dái-bhi,
éireochaidh misi, agus imtheocha
mé, agus cruinneochad Israel uile chum
mo thighearna an Rígh, chor go ndénuid
ceangal riot, agus go mbía thú ad
Rígh ós cionn gach ar mían led mhean-muin.
Agus do chuir Dáibhi Abner ar
siubhal, agus dimthigh sé a síoth-cháin.


L. 2Sm3:22


Agus féch thangadar sear-bhfhoghantuighid
Dháibhi agus Ioab ó
thóruigheachd buidhne, agus tugadar
édáil mhór leó: (ní raibh Abner a
bhfochair Dháibhi ann Hébron, óir do chuir
sé ar siubhal é, agus dimthigh sé a
síothcháin.)


L. 2Sm3:23


Anuáir tháinig Ióab, agus an
sluágh dobhí na fhochair uile, dinnisiodar
do Ióab, dha rádh, táinig Abner mhac
Ner chum an Rígh, agus do chuir sé ar
siubhal é, agus dimthigh sé a síothcháin.


L. 2Sm3:24


Annsin tháinic Ióab chum an Rígh,
agus adubhairt sé, cred an ní so do
rinne tú? Féch tháinig Abner chugad,
cred fár chur tú air siubhal é, agus
dimthigh sé thríd amach.


L. 2Sm3:25


As aitnidh dhuitse Abner mhac
Ner, gur dot mhealladh tháinic sé;
agus dfagháil feasa do dhula amach,
agus do theachd asteach, agus dfios
anuile neithe dá ndén tú.


L. 2Sm3:26


Agus anuair thaínic Ióab amach
ó Dháibhi, do chuir sé teachda a ndíaigh
Abner, noch thug air ais é ó thobar
Sirah: ach ní raibh a fhios ag
Dháibhi.


L. 2Sm3:27


Agus anuair dfill Abner go
Hébron, rug Ióab leis do leathtaoibh
é, annsa gheata do labhairt go síothchánta
ris, agus do bhuail sé annsin é
fáoi an gcúigeadh easna, go bhfúair sé
bás, ar san fola a dhearbhráthar
Asahel.


L. 2Sm3:28


Agus na dhíaigh sin anuair dochúalaidh
Dáibhi, adubhairt sé, atáim-
se agus mo rioghachd nemhchiontach a
lathair an Tighearna go bráth ó fhuil
Abner mhic Ner.


L. 2Sm3:29


Comhnuigheadh sí ar cheann Ióab, agus
ar thigh a athar uile, agus nar theas-duigh
ó thigh Ióab duine ar a mbía créchd
shillte, nó bhías na lobhar, nó dar
budh éigin siubhal le bata, nó thuitfios
ar an gcloidheamh, no ar a mbía eas-bhaidh
aráin.


L. 2Sm3:30


Marsin do marbhadh Abner le
Ióab, agus lé Abisai a dhearbhrathair,
do bhrígh gur mharbh seision Asahel
a ndearbhrathair annsa troid ag Gi-beon.


L. 2Sm3:31


Agus adubhairt Dáibhi re Ióab,
agus ré a raibh na fhochair, brisidh bhur
néduighe, agus gabhuidh sibh féin a
saic-édach, agus caóinidh roimhe Ab-ner;
agus do lean Dáibhi an Rígh féin
an cróchar.


L. 2Sm3:32


Agus do adhlaiceadar Abner
ann Hébron, agus do thóg an Rígh a
ghuth súas, agus do ghuil sé ar uáighe
Abner, agus do ghuil an pobal uile.


L. 2Sm3:33


Agus do chaói an Rígh ós cionn
Abner, agus dubhairt, an bhfuáir Ab-ner
bás mar éugus amadán?


L. 2Sm3:34


Ní rabhadar do lámha ceangail-te,
ní mó dobhádar do chosa a ngéibhionn:
mar thuitios duine a lathair dhaóine coir-pe,
is mar sin do thuit tusa. Agus
do ghuiliodar an pobal uile arís ós a
chionn.


L. 2Sm3:35


Agus anuáir tháinig an pobal
uile dá thabhairt air Dháibhi bíadh ithe an
feadh dobhí fós na lá, thug Dáibhi a mhio-nna,
dhá rádh, dénadh Día mar súd riom-
sa, agus tuilleamh fós, má bhlaisim a-rán
no éinní oile nó go neachuidh an ghrían
faói.


L. 2Sm3:36


Agus tugadar na daóine uile
da naire, agus do thaithin sin ríu: a-mhuil
gach a ndénadh an Rígh do thtaitni-gheadh
sé ris an bpobal uile.


L. 2Sm3:37


Oír do thuig an pobal uile, a-gus
do thuig Israel uile an lá sin,
nach ón Righ tháinic gur marbhadh Abner
mhac Ner.


L. 2Sm3:38


Agus adubhairt an Rígh rena
sherbhíseachaibh uile, nach bhfuil a fhios
a-gaibh gur thuit prionnsa agus duine
mór aniugh a Nísrael?


L. 2Sm3:39


Agus atáimsi aniugh lag, gé
táim am Rígh ungtha, agus atáid an
mhuintirsi mic Sheruiah rochruáidh dhamh:
dobhéra an Tighearna a luáigheachd
dfior anuilc do dhénamh, do réir a
chionta.



Caib.4.


L. 2Sm4:1


Agus anuáir dochúalaidh
mac Shauil gur marbadh
Abner ann Hébron, dfása-dar
a lámha lag, agus do
bhí Israel uile buáidheartha.


L. 2Sm4:2


Agus dobhí ag mac Shauil días
fear, caiptínigh ar chuideachduibh: budh é
ainm duine dhíobh Baanah, agus ainm
anfir oile Réchab, mic Rimon Bee-rotíteach,
do chloinn Bheniamin: óir do
háirmheadh Beerot fós do Bheniamin.


L. 2Sm4:3


Agus do theitheadar na Beeroti-tigh
go Gittaim, agus do chomhnui-gheadar
annsin gus aniugh.


L. 2Sm4:4


Agus dobhí mac ag Ionatan
mhac Sauil, dobhí bacach ann a chosuibh,
agus dobhí a ccionn a chúig mblía-dhan
anuáir tháinic sgéula ó Shaul,
agus ó Ionatan as Iesreel, agus do
thóg a bhanaltra lé é, agus do teith
sí leis: agus tárla mar dobhí sí ag
dénamh deithnis re teitheamh gur thuit
sé, agus go ndérnadh bacach é; a-gus
sé dob ainm dhó Mephibóset.


L. 2Sm4:5


Agus dochúadar clann Rimmon,
an Beerotiteach, Rechab agus Baa-nah,
agus tangadar timchioll theasa
an laói go tigh Isboset, noch do
luidh ar a leabuidh san meadhon laói.


L. 2Sm4:6


Agus tangadar annsin go lár
an tighe mar dothiucfaidís ar cheann
cruithneachda: agus do bhuáileadar é fáoi
an ccúigeadh easna, agus dochuáidh
Rechab agus Baanah a dhearbhrathair
as.


L. 2Sm4:7


Oír anuáir thangadar don tigh,
dobhí seision na luidhe ar a leabuidh ann
a sheomra codalta, agus do bhuáil-eadarsan
é, agus do mharbhadar agus
do dhíthcheannadar é, agus rugadar a
ceann léo, agus dimthigheadar rompa thríd
an réiteach ar feadh na hoidhche.


L. 2Sm4:8


Agus thugadar ceann Isboset
chum Dáibhi go Hébron, agus adu-bhradar
ris an Rígh, féuch ceann Isbo-set
mhic Sauil do námhuid, do shir do
bhás, agus dorinne an Tighearna dioghal-tus
mo thighearna an Rígh aniugh ar
Shaul, agus ar a shliochd.


L. 2Sm4:9


Agus do fhreagair Dáibhi Re-chab
agus Baanah a dhearbhrathair, mic
Rimmon an Beerotiteach, agus adu-bhairt
sé ríu; mar mhairios an Tighearna,
noch dfuascuil manum as gach uile ghábhadh,


L. 2Sm4:10


Anuair dinnis duine dhamh,
dhá rádh, atá Saul marbh, dá mheas go
ttug sé scéula maithe chugamsa; do
rug misi air, agus do mharbh mé é ann
Siclag, an té do shaóil go ttiubhruinn
lúach a sgéuluigheachda dhó.


L. 2Sm4:11


Ga mhéid ós a chionn sin anuáir
do mharbhadar drochdhaoine duine fíre-unta
a ann thigh féin ar a leabuidh? ach
íarrfa misi air anadhbharsin annois a
fhuilsion as bhur lámhuibhsi, agus sibhsi
thógbháil do dhruim na talmhan?


L. 2Sm4:12


Agus dfúagair Dáibhi dá óga-nachuibh,
agus do mharbhadar íad, agus
do ghearradar a lámha agus a ccosa
dhíobh, agus do chrochadar súas íad ós
cionn an locháin ann Hébron: achd do
thógbhadar ceann Isboset, agus do
adhlaiceadar é a ttúama Abner ann
Hébron.



Caib.5.


L. 2Sm5:1


Ansin thangadar treabha
Israel uile chum Dáibhi go
Hébron, agus do labhra-dar,
dhá radh, féch as sinne
do chnáimh, agus thfeóil.


L. 2Sm5:2


Mar an gcédna roimhe so anuáir
dobhí Saul na Rígh ós ar gcionn,
ba tusa an té do threóruigheadh amach,
agus dobheireadh asteach Israel: a-gus
adubhairt an Tighearna riot, beatho-chuidh
tú mo phobal Israel, agus biáidh
tú ad chaiptín ós cionn Israel.


L. 2Sm5:3


Mar sin thangadar sinnsir Is-
rael uile gus an Rígh go Hébron, a-gus
dorinne Dáibhi Rígh ceangal ríu
ann Hébron, a bhfiaghnuisi an Tighearna:
agus do ungadar Dáibhi na Rígh ós
cionn Israel.


L. 2Sm5:4


Dobhí Dáibhi tríochad blíadhan
daóis, anuáir do thosuigh a rioghachd,
agus dobhí ná Rígh ceathrachad blíadhan.


L. 2Sm5:5


Dobhí na Rígh ann Hébron ós
cionn Iúdah seachd mblíadhna, agus sé
mhí: agus dobhí na Rígh ann Iarusalem
tríochad, agus trí bhlíadhna ós cionn Is-rael
uile, agus Iúdah.


L. 2Sm5:6


Agus dochuáidh an Rígh, agus
a mhuintir go Hierusalem gus na
Ie-busíteachaibh, eadhon áitreabhuigh na tíre,
noch do labhair re Dáibhi, dhá rádh, muna
mbeiridh tú an dall, agus an bacach
as so, ní thiucfa tú asteach; ga
smuaineadh, ni fhédann Dáibhi teachd asteach
annso.


L. 2Sm5:7


Gidheadh do ghabh Daibhi daingean
neartmar Shíoin; sí sin féin cathair
Dháibhi.


L. 2Sm5:8


Agus adubhairt Dáibhi an lásin,
gidhbé rachus súas annsa ghúitear, a-gus
bhuáilfios na Iebusítigh, agus
na bacaigh, agus na daill air a bhfuil
fuath ag croidhe Dháibhi, sé bhus
ceann agus bhus caiptín: ar anadhbhar-
sin a dearthar, ní thiucfaidh an dall
nó an bacach don tigh.


L. 2Sm5:9


Marsin do chomhnuigh Dáibhi
ann-sanáit dhaingin, agus do ghoir sé
cathair Dháibhi dhe: agus dorinne
Dáibhi fairgneamh timchioll fagcuairt ó
Mhillo, agus asteach thairis.


L. 2Sm5:10


Agus dochuáidh Dáibhi ar a
aghaidh, agus dfás sé go mór, agus
dobhí an Tighearna Día na slógh
ris.


L. 2Sm5:11


Agus do chuir Hiram Rígh
Tír teachda chum Dáibhi agus crainn ché-dair,
agus saóir chrainn agus chloiche,
agus dorinneadar tigh do Dháibhi.


L. 2Sm5:12


Agus dochonnairc Dáibhi gur
dhaingnidh an Tighearna é na Rígh ar Is-rael,
agus gur árduigh sé a rioghachd
air son a phobail Israel.


L. 2Sm5:13


Agus thug Dáibhi chuige tuil-leamh
leannán agus ban as Iarusalem,
tar éis a theachd as Hébron: agus ru-gadh
fós mic agus ingheana do Dái-bhi.


L. 2Sm5:14


Agus síad so anmana an
mhéid rugadh dhó ann Iarusalem, Sam-mua,
agus Sóbab, Nátan, agus So-lomon,


L. 2Sm5:15


Ibchar fós, agus Elisua, a-gus
Nepheg, agus Iaphia,


L. 2Sm5:16


Agus Elisama, agus Elia-da,
agus Eliphalet.


L. 2Sm5:17


Achd anúair dochúaladar na
Philistinigh gur ungadar Dáibhi na
Rígh ós chionn Israel, tangadar na
Philistinigh suas uile díarruidh Dhái-bhi;
agus dochúaluidh Dáibhi sin,
agus dochuáidh sé síos don náit
dhaingin.


L. 2Sm5:18


Achd anuair thangadar na Phi-listinigh,
agus do leathnuigheadar íad
féin a ngleann Rephaim:


L. 2Sm5:19


Do chomairligh Dáibhi ris an
TTighearna, dha rádh, an racha mé
suas chum na BhPhilistíneach? an sea-choda
tusa am laímh íad? agus adu-bhairt
an Tighearna ré Dáibhi, imthigh
súas; óir gan amharus dobhéara
misi na Philistinigh ad laímh.


L. 2Sm5:20


Agus tháinig Dáibhi go Baal-Perasim,
agus do bhúail Dáibhi annsin
íad, agus adubhairt sé, do bhris an
Tighearna romham amach ar mo námhaid,
amhuil briseadh na nuisgeadh. Uimesin do
ghoir sé Baal-Perasim dainm don
náitsin.


L. 2Sm5:21


Agus dfágbhadar a níomháigheadh
annsin, agus do loisg Dáibhi agus a
mhuintir íad.


L. 2Sm5:22


Agus dochuadar na Philis-tinigh
súas fós arís? agus do
leathnuigheadar íad feín a ngleann Re-phaim.


L. 2Sm5:23


Agus anuair dfíafruigh Dáibhi
don Tighearna, adubhairt sé ris, ní
racha tú súas, ach tárr timchioll na
ndíaigh, agus tárr orra as coinne
chrann na sméur.


L. 2Sm5:24


Agus go madh amhluidh bhiás, anuair
chluinfios tú torann dula asteach
air mhullach na ccrann sméur, gu-rob
annsin chorrochus tú thú féin: óir
is annsin rachus an Tighearna amach
romhad do bhúaladh slóigh na Bhphilis-tíneach.


L. 2Sm5:25


Agus dorinne Dáibhi sin mar
do aithin an Tighearna dhe, agus do
bhúail sé na Philistinigh ó Ghéba, nó
go ttí tú go Gáser.



Caib.6.


L. 2Sm6:1


Arís do chruinnigh Dáibhi a bhfo-chair
a chéile daóine toghtha
Israel uile, eadhon tríochad
míle.


L. 2Sm6:2


Agus deirigh Dái-bhi,
agus dochuáidh guna raibh malle ris
dá mhuintir ó Bhaal-Iúdah do tha-bhairt
Aírce Dé anúas as sin, noch
ainmnighear tré ainm Thighearna na slógh,
noch chomhnuighes idir na Cherubí-nibh.


L. 2Sm6:3


Agus do chuireadar Airc Dé
ar chairt núaidh, agus tugadar leó
amach í as tigh Abinadab, noch dobhí a
Ngibeáh: agus do thiomaín Ussah
agus Ahio, días mac Abinadab, an
chairt núadh.


L. 2Sm6:4


Agus tugadar amach as tigh
Abinadab í, noch dobhí a Ngibeáh:
ag tabhairt chuideachda Dáirc Dé, agus
do ghluais Ahio roimhe an Náirc.


L. 2Sm6:5


Agus do shinn Dáibhi, agus tigh
Israel uile a lathair an Tighearna
ar gach uile (adhbha chiúil)
dfíodhbhadh giumhuis, eadhon ar chláir-seachaibh,
agus ar shaltrachaibh, agus
ar thiompánuibh, agus ar choirnetibh,
agus ar Chimbaluibh.


L. 2Sm6:6


Agus anúair thangadar go
lár búailte Nachon, do chuir Ussah
a lámh amach chum Airce Dé, agus
do ghabh greim uirre: óir do chroithea-dar
na daimh í.


L. 2Sm6:7


Agus do las fearg an Tighearna
anaghaidh Ussah, agus do bhúail Día
annsin é ar son a earraíde, agus
fuáir sé bás annsin láimh re Háirc
Dé.


L. 2Sm6:8


Agus dobhí Dáibhi doirbh, do
chionn go ndeárna an Tighearna briseadh
ar Ussah: agus thug sé ainm ar
an náitsin Peres-Ussah gus an
lá aniugh.


L. 2Sm6:9


Agus dobhí eagla an Tighearna
ar Dháibhi an lásin, agus adubhairt
sé, cionnus thiucfas Airc an Tighearna
chugamsa?


L. 2Sm6:10


Marsin níorbháill lé Dáibhi Aírc
an Tighearna do chorrughadh chuige féin,
go cathruigh Dháibhi: ach rug Dáibhi
leis do leathtaoibh í, go tigh Obed-e-dom
an Gititeach.


L. 2Sm6:11


Agus dfan Airc an Tighearna
a ttigh Obed-edom an Gititeach trí mhí:
agus do bheannuigh an Tighearna Obed-edom,
agus muintir a thighe uile.


L. 2Sm6:12


Agus do hinnseadh do Dháibi Rígh,
gha rádh, do bheannuigh an Tighearna
tigh Obed-edom, agus anuile ní
dar bhean ris ar son Airce Dé. Annsin
dimthigh Dáibhi, agus rug suas Aírc
Dé as tigh Obed-edom go cathruigh
Dháibhi maille re gaírdeachus.


L. 2Sm6:13


Agus is amhluidh bí anúair do
imthighedís an mhuintir diomchair Aírc
an Tighearna sé choisceím, do íodh-bradh
sé daimh, agus méthusradh.


L. 2Sm6:14


Agus dorinne Dáibhi damhsa
as coinne an Tighearna lena uile neart,
agus dobhí Ephod línéduigh gabhtha um
Dháibhi.


L. 2Sm6:15


Marsin thug Dáibhi, agus tigh
Israel uile Aírc an Tighearna súas
maille re gártha, agus le fuáim an
stuic.


L. 2Sm6:16


Agus anúair thaínic Aírc an
Tighearna go cathruigh Dháibhi, dféch
Michal, inghean Shauil, ar fhuinneóig,
agus dochonnairc sí Dáibhi Rígh ag leím-nigh,
agus ag damhsa as coinne an Ti-ghearna;
agus do tharcuisnigh sí é ann-a
croidhe.


L. 2Sm6:17


Agus tugadar asteach Aírc
an Tighearna, agus do chuireadar na
suighe ann a haít féin í, a lár an ta-bernacuil,
noch do chuir Dáibhi súas
di: agus do íodhbuir Dáibhi ofráil
loisge, agus íodhbartha síothchána a
lathair an Tighearna.


L. 2Sm6:18


Agus comhlúath is chríochnuigh
Dáibhi ofráil na híodhbartha loisge,
agus na híodhbartha síothchána do bheannuigh
sé an pobal anainm Thighearna na
slógh.


L. 2Sm6:19


Agus do roinn sé a measg an
phobail uile, a measg choimhlín iomláin
Israel, do na mnáibh fós agus do na
fearuibh, dá gach uile dhuine bairghin aráin,
agus spólla feóla, agus flaigín
(fíona:) na dhiáigh sin dimthigh an
pobal uile gach áon dá thigh féin.


L. 2Sm6:20


Annsin dfill Dáibhi do bheannu-ghadh
a theaghluigh: agus tháinic Míchal
inghean Shauil amach na choinne, agus
adubhairt sí, cread é a ghlórmhuire dobhí
Rígh Israel aniugh, noch do nochd é féin
anamharc chailíneadh a sherbhíseach, mar
nochdus áon do na dáoinibh díomhaóin é
féin go míonáireach?


L. 2Sm6:21


Agus adubhairt Dáibhi re Mí-chal,
is do lathair an Tighearna noch do
thogh misi roimhe hathairsi, agus roimhe
a thigh uile, dom órdughadh mar uachdarán
ós cionn phobail an Tighearna, ós cionn
Israel: uime sin dodhéana mé gáir-deachus
a lathair an Tighearna.


L. 2Sm6:22


Agus biáidh mé fós nios tar-cuisnigh
ná mar so, agus níos uirísle,
ann mo radharc féin; agus ag na ba-nóglachuibhsin
air ar labhair tusa, acasin
fós biáidh mé anonóir.


L. 2Sm6:23


Uimesin ní raibh éinghin chloinne
ag Míchal inghean Shauil go ló a báis.



Caib.7.


L. 2Sm7:1


Agus tárla anúair dobhí an
Rígh na shuighe iona thigh,
agus go ttug an Tighear-na
suáimhnios dó óna naimh-dibh
uile ar gach éntáobh;


L. 2Sm7:2


Go ndubhairt an Rígh ré Nátan an
faídh, féach anois áitreabhuimsi a ttigh
Cedair, achd atá Airc an Tighearna na
comhnuidhe táobh astigh do chúirtínibh.


L. 2Sm7:3


Agus adubhairt Nátan ris an
Rígh, éirigh déana anuile ní atá fad
inntinn: óir atá an Tighearna maille
leachd.


L. 2Sm7:4


Agus tárla anoidhche sin go
ttáinic bríathar an Tighearna ga Nátan,
dha rádh.


L. 2Sm7:5


Eírigh, agus innis dom sherbhíseach
Dáibhi gur mar so adeir an Tighearna,
a ndéna tú tigh dhamhsa chum comhnuidhe
ann?


L. 2Sm7:6


An tan nar chomhnuigh mé anéin
-tigh ónuáir fá ttug mé clann Israel
amach as an Négipt gus aniugh; ach
do shiubhail mé a bpáillíun, agus a lóis-tín.


L. 2Sm7:7


Annsna huile áitibh ar shiubhail
mé lé cloinn Israel uile, nar labhair mé
énfhocal ré héntreibh Disrael, noch dar
aithin mé mo phobal Israel do bheathughadh,
gha rádh, cred fá nach ccurthaói tigh
Cedair súas damhsa?


L. 2Sm7:8


Annois ar anadhbharsin is mar so
déra tú rem shearbhfhoghantuigh Dáibhi, is
mar so adeir Tighearna na slógh;
do thóg misí thú ó mháinrigh na gcáo-rach,
ó leanmhuin an tréda, dot bheith
ad ríaghlóir ós cionn mo phobail, ós cionn
Israel.


L. 2Sm7:9


Agus dobhí mé maille leachd ann
gach uile bhall ar ghabh tú, agus do
gearr mé amach do naimhde uile as do
radharc, agus dorinne mé ainm mór
dhíot, cosmhuil re hainm na ndaóine mó-ra
atá ar an ttalumh.


L. 2Sm7:10


Os a chionn sin óirdeochuidh mé
áit dom phobal Israel, agus suigheo-chaidh
mé íad, chor go ndénaid comhnuidh
anáit bhus léo féin, agus nach ccor-rochuid
níos mó: agus nach bhuaidheoruid
clann na hurchóide íad feasda mar
dorinneadar roimhe so.


L. 2Sm7:11


Agus amhuil ónuair fár órduigh
mé breitheamhuin do bheith ós cionn mo
phobail Israel, agus thug mé dhuitse
suáimhnios ód naimhdibh uile: mar an
gcédna atá an Tighearna dá innisin duit
go ndéna sé tigh dhuit.


L. 2Sm7:12


Agus anuáir chríochnochar
do láethesi, agus choidéolus tú a
bhfochair haithreadh, cuirfe misi do shliochd
súas ad dhiáigh, noch thiocfas amach
as tinnighibh, agus daingneochuidh mé a
rioghachd.


L. 2Sm7:13


Dodhéna sé tigh dom ainm,
agus daingneochuidh misi cathaóir a
rioghachdasan go bráth.


L. 2Sm7:14


Biáidh misi am athair aige,
a-gus biáidh seision na mhac agamsa;
má ní sé éigceart, smaichdeochad é lé
slait na ndaóine, agus le buillighibh
chloinne na ndaóine;


L. 2Sm7:15


Acht ní dheileochaidh mo thró-caire
ris, mar dorugas í ó Shaul,
noch do chuir mé ar siubhal romhad-
sa.


L. 2Sm7:16


Agus daingneochar do thigh,
agus do rioghachd go bráth romhad:
daingneochar do chatháoir Ríogha go
bráth.


L. 2Sm7:17


Do réir na mbríatharso uile,
agus do réir na fisesi uile, is mar
sin do labhair Nátan re Dáibhi.


L. 2Sm7:18


Agus annsin dochuáidh Dáibhi
Rígh asteach, agus do shuigh a bhfiaghnui-si
an Tighearna, agus adubhairt sé,
cía misi, a Thighearna Día, agus cred
é mo thigh, as a ttug tusa mé go
nuige so?


L. 2Sm7:19


Agus fós ba beag so ad ra-charcsa,
a Thighearna Día: ach do la-bhair
tú mar an gcédna ar thigh do shear-bhfhoghantuigh
go cian daimsir: agus
ané so dligheadh an duine, a Thighearna
Día?


L. 2Sm7:20


Agus cred fhédus Dáibhi rádh
riot nios mó: óir atá fios do shear-bhfhoghantuigh
agadsa, a Thighearna
Día.


L. 2Sm7:21


Ar son thfocail, agus do réir
do thola féin dorinne tú na neithe
móra so uile, do thabhairt air do
shearbhfho-ghantuigh anaithneadh.


L. 2Sm7:22


Ar anadhbharsin atá tú mór,
a Thighearna Día, agus ní bhfuil áon
cosmhuil riot ann; agus ní bhfuil Día
ann táobh amuigh dhíotsa, do réir gach
a ccualamar rer gclúasaibh.


L. 2Sm7:23


Agus cía an cineadh ar ta-lumh
cosmhuil re do phobalsa, cosmhuil
re Hísrael, noch a ndeachaidh Día dá
bhfúasgladh mar phobal dó féin, agus
do dhénamh anma dhó, agus do dhénamh
neitheadh móra agus úathbásach dhuitsi
ar son do dhúithche, roimhe do phobal,
noch dfúasguil tú dhuit féin as an
Négipt, ó na cineadhachaibh, agus ó na
ndeeibh?


L. 2Sm7:24


Oír do dhaingnidh tú dhuit féin
do phobal Israel do bheith na phobal
a-gad go bráth: agus atá tusa, a
Thighearna, ad Dhía aca.


L. 2Sm7:25


Agus anois, a Thighearna Día,
an focal do labhair tú a ttáobh do shear-bhfhoghantuigh,
agus a ttáobh a thighe,
daingnidh é go bráth, agus déna mar
adubhairt tú.


L. 2Sm7:26


Agus bíodh hainm arna mhédu-ghadh
go bráth, gha rádh, sé Tighearna
na slógh as Día ós cionn Israel: a-gus
daingnithear tigh do shearbhfhoghan-tuigh
Dáibhi ad lathair.


L. 2Sm7:27


Oír thusa a Thighearna na slógh,
Día Israel, dfoillsigh tú dot shearbhfho-ghantuigh
gha rádh, dodhéna mé tigh dhuit:
uime sin fuáir do shearbhfhoghantuigh io-na
chroidhe anurnaighsi dhénamh chu-gad.


L. 2Sm7:28


Agus annois, a Thighearna Día,
is tusa an Día sin, agus is fíor
do bhríathra, agus do gheall tú an mhaith-
si dot shearbhfhoghantuigh.


L. 2Sm7:29


Ar anadhbharsin anois go
madh toil leachd tigh do shearbhfhoghantuigh
do bheannughadh, chor go mairfidh go bráth
ad lathair: óir do labhair tusa é, a Thigh-earna
Día, agus red bheannughadh bíodh
do shearbhfhoghantuigh beannuigh go bráth.



Caib.8.


L. 2Sm8:1


Agus tárla na dhiáigh so
gur bhuáil Dáibhi na Philis-tinigh,
agus gur chlaóidh
íad: agus do gabh Dáibhi
Meteg-Ammah as láimh na
BhPhilistineach.


L. 2Sm8:2


Agus do bhuáil sé Móab, agus
do thomhuis íad lé córda, dhá tteil-gion
síos go talamh; eadhon lé dhá
chórda do thomhuis sé, do thabhairt báis;
agus le hénchórda iomlán, do chong-mháil
béo: agus dobhádar na Móabi-tigh
na shearbhfhoghantuigh ag Dáibhi, a-gus
tugadar tiodhlaicthe léo.


L. 2Sm8:3


Do bhuáil Dáibhi mar an gcéd-na
Hadadeser mhac Rehob Rígh Só-bah,
mar dochuáidh sé do bhuáin a chríche
amach, ag an tsruth Euphrátes.


L. 2Sm8:4


Agus do bhean Dáibhi míle car-bad
dhe, agus seachd ccéd marcach, a-gus
fithche míle coisigh; agus do ghearr
Dáibhi speirreacha each na ccarbad uile,
achd do shabháil sé díol chéud carbad
díobh.


L. 2Sm8:5


Agus anuáir thangadar Sí-rianuigh
Dhamascus, do chuidiughadh
le Hadadeser Rígh Sóbah, do marbh
Dáibhi do na Sírianachaibh dhá mhíle
fhith-chiot fear.


L. 2Sm8:6


Annsin do chuir Dáibhi gairiosún
a Síria Dhamascus: agus dobhádar
na Sírianuigh na serbhíseachaibh ag Dáibhi,
agus tugadar tiodhlaicthe léo: agus
do choimhéd an Tighearna Dáibhi ann gach
uile bhall ad téigheadh.


L. 2Sm8:7


Agus do thóg Dáibhi na scíatha
óir dobhí ar mhuintir Hadadeser, a-gus
thug leis go Hierusalem íad.


L. 2Sm8:8


Agus thug Dáibhi Rígh ó Bhetah
agus ó Bherotai, caithreacha Hadades-er,
roiomad práis.


L. 2Sm8:9


Anuair dochúalaidh Toi Rígh Ha-mat
gur chlaóidh Dáibhi slúagh Hada-daser
uile,


L. 2Sm8:10


Annsin do chuir Toi a mhac Ió-ram
chum Dáibhi Rígh, do chur fáilte
roimhe, agus dá bheannughadh, tré mar do
throid sé anagaidh Hadadeser, agus
mar do chlaóidh sé é: (óir dobhí cogadh
ag Hadadeser re Toi) agus thug Ió-ram
soighthighe airgid, agus soighthige
óir, agus soighthighe práis leis;


L. 2Sm8:11


Noch do bhronn Dáibhi mar an
gcédna don Tighearna, maille ris anairgiod
agus ris anór do bhronn sé, noch
do bhean sé do na huile chineadhachuibh do
chuir sé faói:


L. 2Sm8:12


Do Shíraa, agus do Mhóab,
agus do chloinn Ammon, agus do na
Philistinibh, agus do Amalec, agus
dédáil Hadadeser mhic Rehob Rígh
Sóbah.


L. 2Sm8:13


Agus fuáir Dáibhi ainm anuáir
do fhill sé ó ár na Sírianach a ngleann
ann tsaluinn, ar mbualadh ochd míle dhéug
fear.


L. 2Sm8:14


Agus do chuir sé gairiosún ann
Edom, ar feadh Edom uile do chuir sé
gairiosún: agus dobhádar muintir E-dom
na serbíseachaibh ag Dáibi; agus
do coimhéd an Tighearna Dáibhi ann gach
uile bhall a ngabhadh.


L. 2Sm8:15


Agus dobhí Dáibhi na Rígh ós
cionn Israel go hiomlán, agus dorinne
Dáibhi breitheamhnus agus ceart dá
dhaóinibh uile.


L. 2Sm8:16


Agus dobhí Ióab mhac Seruiah
ós cionn an tslóigh, agus Iehosaphat
mhac Ahilud na sheanchuigh;


L. 2Sm8:17


Agus dobhí Sadoc mhac Ahitub,
agus Achimelech mhac Abiatar, na Sa-gartaibh;
agus Seraiah na scribh-neóir.


L. 2Sm8:18


Agus dobhí Benaiah mhac Ie-hoiada
ós cionn na Cheretiteach, agus
na Bpeletiteach; agus dobhádar mic
Dháibhi na bpríomhúachdaránuibh.



Caib.9.


L. 2Sm9:1


Agus adubhairt Dáibhi an bhfuil
fós énduine béo do thigh
Shauil, go ttaisbénuinn cin-éul
dó ar son Ionatan?


L. 2Sm9:2


Agus dobhí do thigh
Shauil searbhfhoghantuigh darbhainm Sí-ba:
agus anuair do ghoireadar é chum
Dáibhi, adubhairt an Rígh ris, an tusa
Síba? agus adubhairt Síba, is mé do
shearbhfhoghantuigh.


L. 2Sm9:3


Agus adubairt an Rígh ris, an
mairionn énduine fós do thigh Shauil, go
bhfoillsighidh mé muinteardhus Dé dhó? a-gus
adubhairt Síba ris an Rígh, atá
mac fós ag Ionatan, noch atá bacach
iona chosuibh.


L. 2Sm9:4


Agus adubairt an Rígh ris, cáit
a bhfuil sé? agus adubhairt Síba ris
an Rígh, féch atá sé a ttigh Mha-chir
mhic Ammiel, a Lo-debar.


L. 2Sm9:5


Annsin do chuir Dáibhi Rígh fios
air, agus thug leis é as tigh Ammiel
ó Lo-debar


L. 2Sm9:6


Annois anuáir tháinic Mephi-bóset
mhac Ionatain mhic Sauil mar a
raibh Dáibhi, do thuit sé ar a aghaidh,
agus dorinne sé umhla: agus adu-bhairt
Dáibhi, a Mhephibóset: agus
do fhreagair seision, féuch do shearbhfho-ghantuigh.


L. 2Sm9:7


Agus adubhairt Dáibhi ris, ná
bíodh eagla ort: óir go demhin taisbean-fuidh
misi cinéul duit ar son hathar
Ionatan, agus aiséoca mé dhuit dúithche
Shauil hathar uile, agus íosa tú a-rán
ar mo bhórdsa a ccomhnuigh.


L. 2Sm9:8


Agus dumhluigh seision é féin,
agus adubhairt, cred é do shearbhfhoghan-tuigh
as a bhféuchfása ar mo shamhuilse do
mhadradh mharbh?


L. 2Sm9:9


Annsin do ghoir an Rígh Síba
searbhfhoghantuigh Shauil chuige, agus
adubhairt ris, thug mé do mhac do mhai-ghistir
anuile ní ba lé Saul, agus
lena thigh uile.


L. 2Sm9:10


Saothrochtha tusa agus do mhic
ar anadhbharsin, agus do sherbhísigh
an fearann dó, agus dobhéra tú asteach
an sochar, chor go mbía beatha ag
mac do mhaighistir re ithe: achd íosa
Mephibóset mac do Maighistir a-rán
ar mo bhórdsa a ghnáth. Anois do
bhí ag Síba cúig mic dhéug, agus
fithche searbhfhoghantuigh.


L. 2Sm9:11


Annsin adubhairt Síba ris an
Rígh, do réir anuile neithe dar fhúa-gair
mo thighearna an Rígh dá shearbhfho-ghantuigh,
marsin do dhénas hóglach: ar
son Mhephibóset, (arsa an Rígh)
íosa sé ar mo bhórdsa, maráon do
mhacaibh an Rígh.


L. 2Sm9:12


Agus dobí mac óg ag Me-phiboset
darbhainm Micha: agus an
mhéid dobhí a ttigh Shíba bá serbhísigh
do Mhephibóset íad.


L. 2Sm9:13


Marsin do chomhnuigh Mephi-bóset
a Nierusalem: óir do itheadh sé
a gcomhnuidhe ar bhórd an Rígh; agus
dobhí sé bacach iona chosuibh.



Caib.10.


L. 2Sm10:1


Agus tárla na dhiáigh so go
bhfuáir Rígh chloinne Am-mon
bás, agus gur río-ghaidh
Hanun a mhac ann a
áit.


L. 2Sm10:2


Annsin adubhairt Dáibhi, taisbean-fuidh
mé muinteardhus do Hanun mhac Na-has
mar do thaisbéin a athair cinéul
damhsa. Agus do chuir Dáibhi daóine
dhá sherbhíseachaibh dá mheisniughadh ar son
a athar. Agus tangadar séirbhísigh
Dháibhi asteach go dúithche chloinne
Ammon.


L. 2Sm10:3


Agus adubhradar prionnsuidhe
chloinne Ammon ré Hanun a ttighearna,
an sáoileann tusa go ttugann
Dáibhi onóir dot athair, as a
ccuirfeadh sé dáoine dot shólásu-ghadh?
nach é adhbhar far chuir Dáibhi a
seirbhísigh chugad, do spíonadh na cai-threacha,
agus dá brath, agus dá
scrios?


L. 2Sm10:4


Ar anadhbharsin do ghlac Hanun
serbhísigh Dháibhi, agus do bheárr
dhíobh leath a bhfésóg, agus do ghérr a
néaduighe iona lár go nuige a mása,
agus do chuir ar siubhal íad.


L. 2Sm10:5


Anuair do innisiodar sin do Dhái-bhi,
do chuir sé airrcís orra, do chionn
go raibh náire mhór ar na daoinibh;
agus adubhairt an Rígh riú, fanuidh ann
Ierico nó go bhfásuidh bhur bhfésóga, ann-sin
filligh.


L. 2Sm10:6


Agus anúair dochonncadar clann
Ammon gur bhrénadar a lathair Dháibhi,
do chuireadar clann Ammon teachda úadha,
agus do ghlacadar air thuárusdal Sí-rianuigh
Bhet-rehob, agus Sírianuigh
Shóba fithche míle coisigh, agus ó Rígh
Maacah míle fear, agus ó Istob dhá
mhíle dhéug fear.


L. 2Sm10:7


Agus anuáir dochúala Dáibhi
sin, do chuir sé amach Ióab agus
slúagh na ndáoine árrachda uile.


L. 2Sm10:8


Agus tangadar clann Ammon
amach, agus do chuireadar an cath
anórdughadh a ndul asteach an gheata:
agus dobhádar Sírianuigh Shóba, agus
Rehob, agus Mhaacah leó féin sa machaire.


L. 2Sm10:9


Anuáir dochonnairc Ióab go raibh
aghaidh an chatha air roimhe agus na
dhiáigh, do thogh sé amach rogha fhear
Israel, agus do chuir anaghaidh na
Sírianach íad anórdughadh.


L. 2Sm10:10


Agus thug sé an chuid oile don
tsluagh a láimh Abisai a dhearbhrathair,
dá ccur anórdughadh anaghaidh chloi-nne
Ammon.


L. 2Sm10:11


Agus adubhairt sé, má bhíd na
Sírianuigh roláidir dhamhsa, tárrsa chui-diughadh
riom; agus má bhíd clann Ammon ro-láidir
dhuitsi, ansin rachadsa chuidiu-ghadh
riot.


L. 2Sm10:12


Bíodh meisneach mhaith agad, agus
foillsigheam sinn féin ar bhfearuibh, ar
son ar bpobail, agus ar son chaithrea-cha
ar Ndé; agus déanadh an Tighear-na
an ní is maith ann a radharc féin.


L. 2Sm10:13


Agus do dhruid Ióab láimh riú, agus
na dáoine dobhí na fhochair go nuige an
gcath, anaghaidh na Sírianach: agus
do theitheadar roimhe.


L. 2Sm10:14


Agus anúair dochonncadar
clann Ammon gur theitheadar na Sírianuigh,
ansin do theitheadarsan mar an gcéad-na
roimhe Abisai; agus dochuádar asteach
san ccathruigh; mar sin dfill
Ióab ó chloinn Ammon, agus tháinic
sé go Hierusalem.


L. 2Sm10:15


Agus anuair dochoncadar na
Sírianuigh gur búaileadh íad féin le Hi-srael,
do chruinnigheadar íad féin a
cceann chéile.


L. 2Sm10:16


Agus do chuir Hadareser teachda
uadha, agus thug amach na Sírianuigh
noch dobhí táobh thall don nabhuinn: agus
tangadar go Helam, agus Sobach
Caiptín slóigh Hadareser rompa.


L. 2Sm10:17


Agus anuair do hinnseadh sin do
Dháibhi do chruinnigh sé Israel uile a
gcionn a chéile, agus dochuáidh sé anonn
tar Iordan: agus tháinic go Helam;
agus do chuireadar na Sírianuigh íad
féin anordughadh anaghaidh Dháibhi,
agus do throideadar ris.


L. 2Sm10:18


Agus do theitheadar na Síria-nuigh
roimhe Israel, agus do mharbh
Dáibhi luchd sheachd ccéud carbad do na
Sírianachaibh, agus dhá fhithchid míle
marcach: agus do bhuáil sé Sóbach
caiptín a shlóigh, noch fúair bás annsin.


L. 2Sm10:19


Agus anúair dochoncadar na
Ríghthe uile dobhí na serbhíseachaibh ag
Hadareser gur buailedh íad féin roi-mhe
Israel, dorinneadar síothchain ré
Hísrael, agus dorinneadar serbhís
dóibh: mar sin dob eaguil leis na Sírian-chaibh
congnamh ar bith do thabhairt nios
mó do chloinn Ammon.



Caib.11.


L. 2Sm11:1


Agus tárla tar eís na blía-dhna
do chaitheadh, fanam a
ttéid Ríghthe amach (chum
catha) gur chuir Dáibhi
Ióab, agus a sherbhísigh, agus Israel
uile amach, agus do schriosadar clann
Ammon, agus do shuigheadar timchioll
Rabbah: ach dfan Dáibhi ann Ieru-salem.


L. 2Sm11:2


Agus tárla anaimsir an trath-noná,
gur éirigh Dáibhi as a leabuidh,
agus go raibh ag spaisdeórachd an úa-chdar
thighe an Rígh: agus ó mhullach an
tighe dochonairc sé bean ghá nighe féin,
agus dobhí an bhean roscíamhac re fé-chuin
uirre.


L. 2Sm11:3


Agus do chuir Dáibhi fios, agus
dfíasruigh a ndiáigh na mná: agus
adubhairt neach (áirigh) nach í so Bat-séba,
inghean Elam, bean Uriah an
Hititeac?


L. 2Sm11:4


Agus do chuir Dáibhi teachda uadh,
agus tugadh chuige í, agus thaínic sí
asteach chuige, agus do luidh sé lé:
(oir dobhí sí arna glanadh ó na
neamhghlaine: agus dfill sí dhá tigh féin.


L. 2Sm11:5


Agus do toirrcheadh an bhean,
agus do chuir sí scéala uáithe, agus
dinnis do Dháibhi, agus adubhairt,
atáim torrach.


L. 2Sm11:6


Agus do chuir Dáibhi scéala uadh
go Ióab, ghá rádh, cuir chugam Uriah
an Hititeach: agus do chuir Ióab
Uriah go Dáibhi.


L. 2Sm11:7


Agus anúair tháinic Uriah chuige,
dfíafruigh Dáibhi dhe, cionnus dobhí Ióab, agus
cionnus dobhí an pobal, agus cionnus
dochuáidh an cogadh ar aghaidh?


L. 2Sm11:8


Agus adubhairt Dáibhi ré Hu-riah,
imthigh síos dot thigh, ionnuil do
chosa: agus dimthigh Uriah as tigh an
Rígh, agus do cuireadh comhroinn bhídh na
dhiáigh ón Rígh.


L. 2Sm11:9


Ach do choduil Uriah ag do-rus
thighe an Rígh maráon re serbhísea-chaibh
a thighearna uile, agus ní dheachaidh
sé síos dhá thigh.


L. 2Sm11:10


Agus anuair dinnsiodar do
Dháibhi dha rádh, ní dheacaidh Uriah síos
dhá thigh, adubhairt Dáibhi ré Huriah,
nach dtáinic tú ód aistior? uime
sin créd fa nach deachaidh tú síos dot thigh?


L. 2Sm11:11


Agus adubhairt Uriah re
Dáibhi, atá aNáirc, agus Israel,
agus Iúdah a bpáilliúnuibh, agus atá
mo thigearna Ióab agus serbhísigh
mo thighearna a ccampa annsna machairibh
reídhe; an racha misi maseadh dom thigh féin
dithe agus dól, agus do luighe lem mhnáoi? mar
mhairios tusa, agus mar is beó hanum,
ní dhéna misi an ní sin.


L. 2Sm11:12


Agus adubhairt Dáibhi re Hu-riah,
fan annso aniugh mar an gcédna,
agus leígfidh mé dhuit imtheachd amárach:
mar sin dfan Uriah ann Iarusalem
an lá sin, agus arna mhárach.


L. 2Sm11:13


Agus anuáir do ghoir Dáibhi air,
duáigh sé, agus dibh sé iona fhíad-uise,
agus do chuir sé ar meisge
é: agus tráthnóna dochuáidh amach,
do luigh air a leabuidh a bhfochair sherbhíseach a
thighearna, agus ní dheachaidh síos dá thigh féin


L. 2Sm11:14


Agus tárla ar maidin, gur
scríobh Dáibhi litir chum Ioab, agus do
chuir le láimh Uriah í.


L. 2Sm11:15


Agus do scríobh sé annsa litir
gha rádh, chuir Uriah anaghaidh an chatha
as láidre, agus fillidh feín úadh, chor
go mbuáilfighear, agus go muirfi-ghear
é.


L. 2Sm11:16


Agus tárla anuáir do mheas
Ioab an chathair, gur dhírigh sé Uriah
chum na háite arbhaithnid dó daóine
gaisgeamhla bheith.


L. 2Sm11:17


Agus dochúadar muintir na
caithreach amach, agus do throideadar re
Ioab, agus do marbhadh cuid do mhuintir
Dháibhi, agus do thuit Uriah an Hití-teach
mar an gchédna.


L. 2Sm11:18


Ansin do chuir Ióab scéula
uadh, agus dinnis do Dháibhi a ttáobh
gach neithe don chogadh.


L. 2Sm11:19


Agus do aithin sé don teachdaire,
dha rádh, anuair chríochnochus tú inni-sin
scéul an chogaidh don Rígh;


L. 2Sm11:20


Agus dá tteagmhadh go néir-eochadh
fearg an Rígh, agus go naibéo-radh
sé riot, cred fa ndeachabhair com-fhogus
sin don chathruigh anuáir do
throideabhair? nach raibh a fhios aguibh go
gcaithfidís sibh don bhalla?


L. 2Sm11:21


Cía bhuáil Abimelech mhac
Ierubbeschet? né nachar chaith bean cuid
do chloich mhuilinn air don bhalla, iondus
go bhfuair sé bás ann Tebes?
cred fá ndeachabhairsi a ngoire an bhal-la?
annsin abairsi, déug do shearbhfho-ghantuigh
Uriah an Hitíteach mar an
gcédna.


L. 2Sm11:22


Mar sin dimthigh an teachdaire, a-gus
dinnis do Dháibhi gach éinní ler chuir
Ióab é.


L. 2Sm11:23


Agus adubhairt an teachdaire re Dáibhi,
go deimhin rugadar na daóine buaidh
oruinn, agus thangadar amach oruinn
san machaire, agus dobhámairne orra
san go nuige an geata.


L. 2Sm11:24


Agus do chaitheadar an luchd
lámhuigh do serbhísigh don bhalla, agus
do marbhadh cuid do mhuintir an Rígh, a-gus
déug hóglach Uriah an Hitíteach
mar an gcédna.


L. 2Sm11:25


Annsin adubhairt Dáibhi ris an
tteachdaire, mar so déra tú ré Ióab,
ná cuireadh an ní si ort: óir marbhuidh
an cloidheamh duine mar dhuine oile: déna
do chath nios láidre anaghaidh na caith-reach,
agus mill í; agus cuirse meis-neach
ann.


L. 2Sm11:26


Agus mar dochúaluidh bean
Uriah gur éug Uriah a fear, do cháoin
sí ar son a fir.


L. 2Sm11:27


Agus anuair do scuir aim-sir
a cumha, do chuir Dáibhi fios uir-re
chum a thighe, agus dobhí na mnaói
aige, agus rug sí mac dhó; ach do
mhíothaitin an ní dorinne Dáibhi ris an
TTighearna.



Caib.12.


L. 2Sm12:1


Agus do chuir an Tighearna
Nátan chum Dáibhi, agus
tháinic sé chuige, agus adubhairt
ris: dobhádar días
fear anénchathruigh; fear aca saidhbhir,
agus an fear oile bochd.


L. 2Sm12:2


Dobhí mórán tréud, agus eal-bhann
ag an duine shaidhbhir.


L. 2Sm12:3


Acht ag an duine bhochd ní raibh
ach amháin énuan beag bainionn, noch do
cheannuigh sé, agus do bhethuigh sé; agus
dfás sé súas maráon ris féin, agus rena
chloinn: do itheadh sé dhá bhiadh, agus do
ibhiodh sé as a chupán féin, agus do
luigheadh sé iona bhrollach, agus dobhí
aige mar inghin.


L. 2Sm12:4


Agus tháinic fear sligheadh chum
an duine shaidhbir, agus do choigil sé buáin
rena thréud féin, nó rena ealbha féin,
do dheasughadh neithe don noidhe, noch
tháinic chuige: achd do ghabh sé uan an
duine bhoichd, agus do dheasuigh é don
duine tháinic chuige.


L. 2Sm12:5


Agus do las fearg Dháibhi go
mór anaghaidh an duine, agus adubhairt
re Nátan; mar mhairios an Ti-ghearna
an té dorinne sin do thuill
sé bás.


L. 2Sm12:6


Agus caithfidh sé ceithre
huáin do thabhairt san nuan, do chionn
go ndérna sé an ní so, agus do
bhrígh nach raibh tróchaire ann.


L. 2Sm12:7


Agus adubhairt Nátan re Dhái-bhi,
is tusa an duine; is mar so adeir
an Tighearna Día Israel, do
unguidh misi thú ad Rígh ós cionn
Israel, agus do sháor mé thú as láimh
Shauil:


L. 2Sm12:8


Agus thug mé tigh do mhaighistir
dhuit, agus mná do mhaighistir ann
huchd, agus thug mé tigh Israel
agus Iúdah dhuit; agus dá mbudh
bheag (leachd) sin, dobhéaruinn duit ós
a chionn sin a leitheid agus a leithéid
oile so do neithibh.


L. 2Sm12:9


Cred fár tharcuisnigh tú aithne
an Tighearna do dheánamh uilc dá lathair?
do mharbh tú Uriah an Hititeach leis
an ccloidheamh, agus thug tú a bhean
da beith na mnáoi agad féin, agus
do mharbh tú é le cloidheamh chloinne Am-mon.


L. 2Sm12:10


Annois ar nadhbharsin, ní dheileochuidh
an cloidheamh ré do thigh choidhce, dochionn
mar do tharcuisnigh tú misi, agus go ttug
tú bean Uriah an Hítitigh dá beith na
mnáoi dhuit féin.


L. 2Sm12:11


Is marso adeir an Tighearna,
féch tóighfe misi olc súas ad aghaidh,
amach as do thigh féin: agus bheanfa mé
do mhná dhíot as coinne do shúl, agus
dobhéra mé dot chomharsuinn íad, agus
luidhfidh sé led mhnáibh a radharc na
gréine si.


L. 2Sm12:12


Oír dorinne tusa a bhfolach é,
achd dodhéana misi an nísi as coinne
Israel uile, agus as coinne na
gréine.


L. 2Sm12:13


Agus adubhairt Dáibhi ré Ná-tan,
do pheacaidh mé anaghaidh an
Tighearna: agus adubhairt Nátan ré
Dáibhi, do chuir an Tighearna mar an
gcéadna do pheacadhsa ar gcúl: ní
bhfuighe tú bás.


L. 2Sm12:14


Gidheadh do chionn go ttug tú
leis an ngníomhso cúis mhór dá námhuid an
Tighearna do scannlughadh: an leanamh fós
dorugadh dhuit dogheabha ré bás go dei-mhin.


L. 2Sm12:15


Agus dimthigh Nátan dá thigh,
agus do bhúail an Tighearna an leanamh,
noch ruig bean Uriah do Dháibhi, agus
dobhí sé rothinn.


L. 2Sm12:16


Uime sin do ghuidh Dáibhi Día fá
an leanamh, agus do throisg Dáibhi,
agus dochuaidh asteach, agus do
luidh feadh na hoidhche ar talamh.


L. 2Sm12:17


Agus déirgheadar sinnsir a
thighe, agus dochúadar mar a raibh
sé, da thógbháil suás don talamh: ach
níorbháill leis, agus ní dhúaigh sé
arán leó.


L. 2Sm12:18


Agus tárla an seachdmhadh lá,
go bhfuáir an leanamh bás, agus do
bhí eagla ar mhuintir Dháibhi a innisin
dó go bhfuár an leanamh bás: óir adubhradar,
féuch an fad dobhí an lea-namh
fós beó, do labhramar ris,
agus níor éist sé ar nguth: ga mhéid
marsin chráidhfeas sé é féin, ma
innseamuid dó go bhfuair an leanamh bás?


L. 2Sm12:19


Achd anúair dochonnairc Dáibi a
sheirbhísigh ag cogarnuigh, do aithin
Dáibhi go bhfuáir an leanamh bhás:
uime sin adubhairt Dáibhi, rena seirbhí-seachuibh,
an bhfúair an lenamh bás? agus adubhradarsan,
fuair sé bás.


L. 2Sm12:20


Annsin deirigh Dáibhi don talumh, agus
dionnuil sé, agus do chuir ola air féin,
agus do áthruigh a éadach, agus
tháinic go tigh an Tighearna, agus do
adhuir: annsin tháinic sé dhá thigh féin,
agus anuáir do íarr, do chuireadar
arán ann a fhiadhnuise, agus dúaigh
sé é.


L. 2Sm12:21


Annsin adubhradar a sherbhí-sigh
ris, cred an ní so dorinne tú?
do throisg tú, agus do ghuil tú ar
son an leinibh an feadh dobhí sé
beó; achd anuáir déug an leanamh,
déirigh tú, agus duáigh tú arán.


L. 2Sm12:22


Agus adubhairt seision, an feadh
dobhí an leanamh fós beó, do throisg
mé, agus do ghuil mé; óir adubhairt
mé, cía agá bhfuil a fhios, nach
bhíath Día ghrásamhuil riom, go madh
toil leis an leanamh do mharthuinn?


L. 2Sm12:23


Achd anois ó fuáir sé bás
créd fá ttroisgfinn? an bhféduim a
thabhairt ar ais arís? rachaidh misi go
nuige eision: achd ní fhillfe seision chu-gamsa.


L. 2Sm12:24


Agus dobhí Dáibhi ag dénamh
sóláis dá mhnáoi Bat-seba: agus dochuáidh
sé asteach mar a raibh sí, a-gus
do luidh lé: agus rug sí mac
dhó, agus tug sé Solamh dainm air,
agus dob ionmhuin leis an ttighearna
é;


L. 2Sm12:25


Agus do chuir sé le láimh Ná-tan
an fáidh: agus do ghoir sé Iedi-diah
dainm dhe, ar son an Tighearna.


L. 2Sm12:26


Agus do throid Ióab anagaidh
Rabbah cathair chloinne Ammon, agus
do ghabh sé an chathair ríogha.


L. 2Sm12:27


Agus do chuir Ióab teachda chum
Dáibhi, agus adubhairt, do throid mé
anaghaidh Rabbah, agus do ghabh mé ca-thair
na nuisgeadh.


L. 2Sm12:28


Anois ar anadhbharsin crui-nnigh
an chuid oile don phobal a gcionn a
chéile; agus suigh ré haghaidh na caith-reach,
agus bean amach í: deagla go mbean-fuinsi
amach an chathair; agus go ngoir-fidhe
asam í.


L. 2Sm12:29


Agus do chruinnigh Dáibhi an
pobal uile a gcionn a chéile, agus dochuáidh
sé go Rabbah: agus do throid
na haghaidh: agus do ghabh sé í.


L. 2Sm12:30


Agus do bhean sé coróin a
Rígh dhá cheann, (bá hé a comhthrom tallann
óir, maille ris na clochaibh búadha) a-gus
do cuireadh ar cheann Dháibhi í: agus
thug sé leis amach édáil na caithreach,
aniomarcuigh mhóir.


L. 2Sm12:31


Agus thug sé amach na daóine
dobhí san ccathruigh sin, agus do chuir
sé íad fá thuiriosguibh, agus fa bhra-cadhuibh
íaruinn, agus fa thúaghuibh íar-uinn;
agus thug orra dul a sórn
áithche na mbríceadh, agus mar so dorinne
sé ré caithreachaíbh chloinne Ammon
uile. Mar sin dfill Dáibhi, agus an
pobal uile go Hierusalem.



Caib.13.


L. 2Sm13:1


Agus tárla na dhiáigh so,
go raibh ag Absolon mhac
Dáibhi deirbhshiúr sgíamhach,
darbhainm Támar; agus dobhí
grádh ag Amnon mhac Dáibhi uirre.


L. 2Sm13:2


Agus dobhí Amnon chomhmór
sin arna chrádh, gur ghab tinnios é
fa na dheirbhshiáir Támar: óir dobhí
sisi na maighdin, agus do smuain Am-non
gur dheacair dhó féin éinní dhénamh
ría.


L. 2Sm13:3


Ach dobhí caruid ag Amnon
darbhainm Ionadab mhac Símeah, dear-bhrathair
Dháibhi: agus ba duine roghlic
Ionadab.


L. 2Sm13:4


Agus adubhairt sé ris, cred
fá bhfuil tú tanughadh mar sin ó lá
go lá, agus tú ad mhac ag an Rígh?
nach inneosa tú dhamhsa é? agus a-dubhairt
Amnon ris, atá grádh agum
ar Thámar, deirbhshíur mo dhearbhrathar
Absolon.


L. 2Sm13:5


Agus adubhairt Ionadab ris,
luidh síos ar do leabuidh, léig ort féin
bheith tinn; agus anuáir thiocfas ha-thair
dot fhéchuin, abair ris, guidhim thú
tigeadh mo dheirbhshíur Támar, agus tu-gadh
sí bíadh dhamh, agus deasuigheadh
sí an bíadh am radharc féin, chor go
bhfaicinn, agus go nithinn é as a láimh.


L. 2Sm13:6


Mar sin do luidh Amnon síos,
agus do léig sé air féin a bheith tinn:
agus anuáir tháinic an Rígh dá fhé-chuin,
adubhairt Amnon ris an Rígh, gui-dhim
thú, tigeadh Támar mo dhearbhshíur,
agus dénadh sí cúpla bairghin damh am
radharc féin, go nithinn ní as a láimh.


L. 2Sm13:7


Annsin do chuir Dáibhi fios don
bhaile go Támar, dá rádh, éirigh anois
go tigh do dhearbhrathar Amnon, agus
deasuigh bíadh dhó.


L. 2Sm13:8


Mar sin dochuáidh Támar go
tigh a dearbhrathar Amnon, agus eisi-on
na luidhe síos, agus do ghlac sí
plúr, agus dfuin sí é, agus dorinne
bairgheana ann a radharc, agus do bhruith
sí na bairgheana.


L. 2Sm13:9


Agus do ghlac sí oigheann, agus
do dhóirt ann íad iona fhiadhnuisi;
acht do dhiúlt seision ithe. Agus adubhairt
Amnon, cuir amach cách uile
uáim: agus dochúadar amach gach
éinneach uadh.


L. 2Sm13:10


Agus adubhairt Amnon ré Tá-mar,
tabhair an bíadh asteach don tséom-ra,
chor go nithinn as do láimh dhe. A-gus
do ghlac Támar na bairgheana dorinne
sí, agus dorug don tséomra
íad chum Amnon a dearbhrathair.


L. 2Sm13:11


Agus anuáir thug sí chuige
íad ré ithe, rug seision greim uirre,
agus adubhairt sé, luidh liom a dheirbh-shíur.


L. 2Sm13:12


Agus do fhreagair sisi é, ní
headh a dhearbhrathair, ná héignigh mé: óir
ní cóir a leithéid sin do dhénamh a Nisrael;
ná dénasa an leimhesin.


L. 2Sm13:13


Agus misi, cáit a ccuirfinn
mo mhíochlú? agus ar do shonsa biáidh
tú mar áon do na hamadánuibh a Nis-rael;
anois guidhim thú labhair ris an
Rígh, óir ní chuinneochuidh sé misi uáit.


L. 2Sm13:14


Acht cheana ni éisdeadh seision
re na glór, achd ar mbeith nios láidre
ná isi, déignigh sé í, agus do luidh aice.


L. 2Sm13:15


Annsin do fhúathaigh Amnon í
go hiomarcach, ionnus gur mó an fuath
ler fhuathuigh sé í, ná an gradh lér ghrá-dhuigh
sé í: agus adubhairt Amnon ría, éirigh bí
ag imtheachd.


L. 2Sm13:16


Agus adubhairt sisi ris, ní
bhfuil cúis chuigesin; is mó an tolcsa ann
mo chur ar siubhal, ná an tolc oile dorinne
tú orum: achd ní éisdeadh seision
ría.


L. 2Sm13:17


Annsin do ghoir sé a óglach
doníodh miniostralachd dó, agus adu-bhairt
sé ris, cuir anois an bheanso a-mach
uáim, agus druid an dorus na
diáigh.


L. 2Sm13:18


Agus dobhí aicesi culaidh
ioldhathach uirre: óir is léna leithéidsin
do róbuibh dobhídís ingheanna an Rígh do
bhíodh na maighdeana éduighte: annsin
thug a óglach amach í, agus do dhruid
an dorus na diáigh.


L. 2Sm13:19


Agus do chuir Támar luáith-readh
ar a ceann, agus do réub sí a hédach
ioldhathach dobhí uirre, agus do leag
sí a lámh ar a ceann, agus dimthigh
riompe ag gártha.


L. 2Sm13:20


Agus adubhairt Absolon a
dearbhrathair ría, an raibh Amnon do dhear-bhrathair
agad? achd anois bí ad thochd a
dheirbhshíur: sé do dhearbhrathair é, ná cuir
beann ar an ní si. Mar sin do chomhnuidh
Támar go dubhach a ttigh a dearbhrathar
Absolon.


L. 2Sm13:21


Achd anuáir dochúalaidh Dáibhi
Rígh na neithesi uile, dobhí sé rofheargach.


L. 2Sm13:22


Agus níor labhair Absolon re na
dhearbhrathair Amnon go maith nó go
holc: óir do fhúathaigh Absolon a dhear-bhrathair
Amnon, do brígh gur éignigh sé
a dheirbhshíur Támar.


L. 2Sm13:23


Agus tárla a ccionn dá bhlíadh-an
iomlán go raibh bérrthóirigh cáo-rach
ag Absolon a Mbaal-hasor, noch
atá láimh re Ephraim; agus thug Absolon
chuireadh do chloinn an Rígh uile.


L. 2Sm13:24


Agus tháinic Absolon chum an
Rígh, agus adubhairt, féuch anois atáid
bhérrthóirigh cáorach ag do shearbhfho-ghantuigh;
tigeadh an Rígh, guidhim thú,
agus a sheirbhísigh led shearbhfhoghantuigh.


L. 2Sm13:25


Agus adubhairt an Rígh ré
Habsolon, ní headh a mhic ná tíagham
uile anois ann, deagla go mbémís cos-tusach
dhuit. Agus do chuir sé dithchioll
air, acht níorbháill leis imtheachd, ach
do bheannuigh sé é.


L. 2Sm13:26


Annsin adubhairt Absolon,
muna ttí tú féin, guidhim thú, léig mo
dearbhrathair Amnon theachd linn. Agus adubhairt
an Rígh, cred fá rachadh sei-sion
leachd?


L. 2Sm13:27


Achd do chuir Absolon dithchioll
air, gur léig sé Damnon agus do
mhacaibh an Rígh uile dul leis.


L. 2Sm13:28


Anois do aithin Absolon da
shearbhfhoghantaighibh, gha rádh, comharthuigh
anois anuáir bhías croidhe Amnon sú-gach
ó fhíon, agus anuáir adéra
mise ribh, buailigh Amnon, annsin mar-bhuidh
é; ná bíodh eagla oruibh, nachar
áithin misi dhíbh é? bíghi cusata, agus
bíghi beódha.


L. 2Sm13:29


Agus dorinneadar searbhfhoghantui-ghe
Absolon re Hamnon mar do aithin
Absolon; annsin do éirgheadar mic an
Rígh uile, agus dochuáidh gach áon aca
suas ar a mhúille, agus do thei-theadar.


L. 2Sm13:30


Agus tárla an feadh dobhádar
ar a tslighe, go ttáinic scéula chum
Dáibhi, ga rádh, do mharbh Absolon clann
an Rígh uile, agus níor fágbhadh áon
díobh beó.


L. 2Sm13:31


Annsin déirigh an Rígh, agus
do réub a édach, agus do luidh ar an
ttalumh, agus dobhí a mhuintir uile na
seasamh aige, agus a néaduighe briste.


L. 2Sm13:32


Agus adubairt Ionadab mhac
Simeáh dearbhrathair Dháibhi, ná sáoileadh
mo thighearna gur marbhadh na hógánuigh
mic an Rígh uile; óir Amnon amháin
do marbhadh; óir do tionscnadh so do
réir thol a Absolon, ón ló fár éignigh
sé a dhearbhshiúr Támar.


L. 2Sm13:33


Annois ar nadhbharsin ná gabhadh
mo thighearna an Rígh an ní chuige ann a
chroidhe, dá bhreathnughadh gur marbhadh
mic an Rígh uile; óir Amnon amháin
do marbhadh.


L. 2Sm13:34


Ach do theith Absolon: agus
do thóg an tógánach dobhí ag coimhéud
na faire, a shuile súas, agus damhairch
sé, agus féuch thangadar mórán
dáoine annsa tslighe ré táoibh an chnoic
táobh shíar dhe.


L. 2Sm13:35


Agus adubhairt Ionadab ris an
Rígh, féuch atáid mic an Rígh ag teachd:
mar adubhairt do shearbhfhoghantuigh, is
amhluidh atá sé.


L. 2Sm13:36


Agus tárla mar is luáithe
gur chríochnuigh seision a bhríathra go
ttangadar clann an Rígh, agus gur
thógbhadar a nguth ós áird, agus gur
ghuileadar: agus do ghuil an Rígh mar an
gcédna, agus a mhuintir uile go
gér.


L. 2Sm13:37


Ach do theith Absolon, agus
dochúaidh sé go Talmai mhac Ammihud
Rígh Gésur: agus doníodh Dáibhi do-brón
ar son a mhic gach énlá.


L. 2Sm13:38


Marsin do theith Absolon, agus
dochuáidh go Gésur, agus dobhí ann
sin trí blíadhna.


L. 2Sm13:39


Agus dobhí rofhonn air Dháibhi
dul amach go Habsolon: óir do mes-nigheadh
é a ttáobh Amnon, ó fuáir sé
bás.



Caib.14.


L. 2Sm14:1


Anois do mhothuigh Ióab mhac
Seruiah go raibh croidhe an
Rígh le Habsolon.


L. 2Sm14:2


Agus do chuir Ióab
fios go Tecoah, agus
thug as sin bean chríonna, agus adu-bhairt
ría, guidhim thú, léig ort féin
bheith ad chumhach, agus cuir ort anois
aédach cumha, agus ná cumuil ola
dhíot féin, ach bhí mar mhnáoi atá ré
fada a gcumhaidh ar son an mhairbh:


L. 2Sm14:3


Agus tárr chum an Rígh, agus
abair marso ris; marsin do chuir Ióab
na bríathra ann a béul.


L. 2Sm14:4


Agus anuáir do labhair an bhean
do Thecoah ris an Rígh, do thuit sí
ar a haghaidh chum na talmhan, agus dorinne
umhla; agus adubhairt sí, tárr-thuigh,
a Rígh.


L. 2Sm14:5


Agus adubhairt an Rígh ría, cred
dimthigh ort? agus do fhreagair sisi,
go deimhin is baintreabhach mé, agus dochuáidh
mfear déug.


L. 2Sm14:6


Agus dobhí días mac ag do bha-nóglaich,
agus do throideadar aráon re
chéile annsa machaire, ach ní raibh éinneach
do dhénam eadarsgán, agus do bhúail
fear aca an fear oile, agus do mharbh
sé é.


L. 2Sm14:7


Agus féuch déirigh muintir an
tighe uile anaghaidh do bhanóglaich,
agus adubhradar, seachuid an té do
mharbh a dhearbrathair, go marbham é
air son bháis a dhearbhrathar, noch do
mharbh sé, agus muirfimne an toighre
mar an gcéadna: agus mar sin
múchfuid mo sméthróid, noch do fágbhadh,
agus ní fhúigfid ag mfear ainm no íar-dhráoi
ar an ttalamh.


L. 2Sm14:8


Agus adubhairt an Rígh ris
an mnaói, imthigh dot thigh, agus dobhéra
misi fúagradh dot thaóibh.


L. 2Sm14:9


Agus adubhairt an bean ó The-coah
ris an Rígh, a thighearna a Rígh,
bíodh an peacadh ormsa, agus ar thigh
mathar, agus bíodh an Rígh, agus a
chathaóir Ríogha gan choir.


L. 2Sm14:10


Agus adubhairt an Rígh, gidhbe
déaras éinní riot, tabhair chugamsa
é, agus ní bheansa sé riot nios
mó.


L. 2Sm14:11


Annsin adubhairt sisi, guidhim thú,
cuimhnigheadh an Rígh do Thighearna Día;
ná fuiling do dhioghaltach na fola
nios mó do mharbhadh, deagla go muir-fidís
mo mhacsa: agus adubhairt sei-sion,
mar mhairios an Tighearna, ní
rachuidh ruibe do ghruáig do mhic chum na
talmhan.


L. 2Sm14:12


Annsin adubhairt an bhean, guidhim
thú, léig dot bhanóglaich énfhocal amhaín
do rádh re mo thighearna an Rígh:
agus adubhairt seision, abair romhad.


L. 2Sm14:13


agus adubhairt an bhean, maseadh
cred as ar smuáin tusa a leithéid sin
doní anaghaidh phobail Dé? óir labhruidh
an Rígh ann níse mar dhuine do bheith cion-tach,
do chionn nach goireann an Rígh a
dhíbearthach arís air ais.


L. 2Sm14:14


Oír caithfiom bás dgulang,
agus atámaoíd mar uisge do dóirt-fidh
ar an dtalamh, nach féidir do
chruinniughadh arís: agus ní mheasann Día
pearsa tar a chéile, gidheadh doní sé
slighe nach scriosfuidhe a dhíbearthach
uadh.


L. 2Sm14:15


Annois as anadhbharsin is uime
thaínic mise do labhairt an neithesi re mo
thighearna an Rígh, gur chuireadar na
dáoine eagla orum: agus adubhairt
do bhanóglach, laibheóra mé ris an
Righ, dobféidir go ccoimhlíonfadh an
Rígh íarratus a bhanóglaich.


L. 2Sm14:16


Oír éistfidh an Rígh do shaóradh
a bhanóglaich ó laímh an dhuine, noch
do scriosfadh mé féin agus mo mhac le
chéile amach as oigreachd Dé.


L. 2Sm14:17


Annsin adubhairt do bhanóglach,
biáidh anois focal mo thighearna an Rígh
cabharthach: óir amhuil aingeal Dé is
marsin atá mo thighearna an Rígh, do
thuigsin uilc agus maitheasa; uimesin
biáidh do Thighearna Día maille riot.


L. 2Sm14:18


Annsin do fhreagair an Rígh, agus
adubhairt ris an mnaoi, guidhim thú, ná ceil
orum an ní fhíafróchus mé dhíot: agus adu-bhairt
an bhean; labhradh mo thighearna an
Righ anois.


L. 2Sm14:19


Agus adubhairt an Rígh, nach
bhfuil lámh Ióab leachd annsa chúisse uile?
agus do fhreagair an bhean, agus adu-bhairt,
mar mhairios hanum a thighearna mo
Rígh, ní féidir le héinneach filleadh ar
a láimh dheis nó chlé ó éinní dar labhair mo
thighearna an Rígh: oir isé do shearbhfho-ghantuigh
Ióab adubhairt riomsa, agus
do chuir na bríathra so uile a mbéul
do bhanóglaich:


L. 2Sm14:20


Do thabhairt na cúisisi timchioll
san bhfoirm chaintesi, dorinne do
shearbhfhoghantuigh Ióab an nísi: agus
atá mo thighearna glic do réir ghliocuis
aingil Dé, daithne gach uile neithe dá
bhfuil ar an ttalamh.


L. 2Sm14:21


Agus adubhairt an Rígh re
Ióab, feúch annois dorinne mé an ní se:
imthigh ar anadhbharsin, tabhair leachd an
tógánach Absolon arís.


L. 2Sm14:22


Agus do thuit Ióab ar a agaidh
go talumh, agus do chláon é féin,
agus rug buidheachus ris an Righ: agus
adubhairt Ióab, aniugh aithnighidh do
shearbhfhoghantuigh go bhfuáir mé grása
ann do radharc a thigheaarna mo Rígh, do
bhrígh gur choimhlíon an Rígh íarratus a
shearbhfhoghantuigh.


L. 2Sm14:23


Mar sin déirigh Ióab, agus
dochuáidh go Gésur, agus thug Abso-lon
go Hiarusalem.


L. 2Sm14:24


Agus adubhairt an Rígh, filleadh
sé dhá thigh féin, agus ná faiceadh sé
maghaidhsi: annsin dochuáidh Absolon
dá thigh féin, agus ní fhacaidh sé aghaidh
an Rígh.


L. 2Sm14:25


Acht ní raibh a Nisrael uile
énduine coimhsgíamhach ré Habsolon: ó
bhonn a choise go mullach a chinn ní raibh
toighbheím ar bith air.


L. 2Sm14:26


Agus anuáir do bhearradh sé
a cheann (óir is a gcionn gacha blíadna
do bhearradh sé é, do bhrígh go raibh
sé trom air, uimesin do bhearradh
sé é,) do chomhthromad sé grúag
a chinn le dhá chéud Secel doréir chomh-thruim
an Rígh.


L. 2Sm14:27


Agus rugadh do Absolon
triúr mac, agus éan inghean darbhainm
Támar: budh bean rodheaghmhai-seach
í.


L. 2Sm14:28


Marsin dó bhí Absolon dhá
bhlíadhuin iomlán ann Iarusalem na
chomhnuigh, agus ní fhacaigh sé gnúis
an Rígh.


L. 2Sm14:29


Ar anadhbharsin do chuir Ab-solon
fios ar Ióab, dhá chur chum an
Rígh, achd níorbháill leis teachd chuige;
agus an tan do chuir an dara húair,
níorbháill leis teachd.


L. 2Sm14:30


Uime sin adubhairt sé réna
na shearbhfhoghantuibh, féuchaidh, atá
machaire Ióab láimh rem mhachairesi, agus
atá eórna aige annsin; éirghidhe, agus
cuiridh teine innte: agus dochuadar
searbhfhoghantuighidh Absolon, agus do
chuireadar an machaire tre theine.


L. 2Sm14:31


Annsin déirigh Ióab, agus
tháinic sé go Habsolon dhá thigh, a-gus
adubhairt sé ris, cred far chui-readar
do shearbhfhoghantuighidh mfearann
tre theine?


L. 2Sm14:32


Agus do fhreagair Absolon
Ióab, féuch, do chuir misi fios ort dha
rádh, tárr annso go gcuiridh mé chum
an Rígh thú, dhá rádh, cred fá ttáinic
mé ó Ghésur: dobfearr dhamh gurob
annsin do bhéinn fós: anois air anadh-bharsin
faicim gnúis an Rígh, agus
matá coir ar bith orum marbhadh sé
mé.


L. 2Sm14:33


Annsin tháinic Ióab chum an
Rígh, agus dinnis sé sin dó: agus an
tan do ghoir sé ar Absolon, tháinic
sé chum an Rígh, agus do léig sé é
féin síos ar aghaidh go talumh as coinne
an Rígh, agus do phóg an Rígh Abso-lon.



Caib.15.


L. 2Sm15:1


Agus tárla na dhiáigh so gur
ghléus Absolon carbuid dhó
féin agus eich, agus cáo-gad
fear do rioth roimhe.


L. 2Sm15:2


Agus déirgheadh Absolon súas
go moch, agus do sheasadh láimh ré slighe
an gheata: agus is amhluidh bhí, gach
duine agá mbíodh adhbhar imreasuin, anuair
dothigheadh chum an Rígh dfagháil brei-theamhnuis,
annsin do ghoireadh Absolon
air, agus adeiriodh sé, cía an chathair
dar di thusa? agus adeiriodh sei-sion,
is do threabhuibh Israel do shear-bhíseach.


L. 2Sm15:3


Agus deireadh Absolon ris,
féuch atáid do chúisionna go maith ceart,
achd ní bhfuil énduine arna órdughadh
dá bhur néisdeachd.


L. 2Sm15:4


Deireadh Absolon thairis sin, oh
nach dérnadh breitheamh dhíomsa annsa tír,
chor go bhfédfadh gach duine agá mbíadh
cúis nó adhbhar, teachd chugam, dodhénuinn
ceart dhó.


L. 2Sm15:5


Agus is amhluidh dobhíodh anuáir
dothigeadh énduine na ghoire do dhénamh
umhla dhó, go ccuireadh a lámh amach, a-gus
go mbeireadh air, agus go ttu-gadh
póg dhó.


L. 2Sm15:6


Agus ar an modhso doníodh
Absolon ré Hisrael uile, noch thigeadh
chum an Rígh dfagháil breitheamhnuis:
mar sin do ghoid Absolon croidhthe
fhear Israel.


L. 2Sm15:7


Agus tárla a ndiaigh dhá fhith-chiod
blíadhan, go ndubhairt Absolon ris
an Rígh, guidhim thú, tabhair dhamh cead dul
do dhíol mo mhóide thug mé don Tigh-earna,
ann Hébron.


L. 2Sm15:8


Oír thug do shearbhfhoghantuigh
móid anuáir dobhí mé am chomhnuigh
a Ngésur a Síria, gha rádh, má
bheirionn an Tighearna mé go dearbhtha
arís go Hierusalem, annsin dodhéna
mé serbhís don Tighearna.


L. 2Sm15:9


Agus adubhairt an Rígh ris,
imthigh a síothcháin: annsin déirigh sé,
agus dochuáidh sé go Hébron.


L. 2Sm15:10


Ach do chuir Absolon luchd
bratha ar feadh threabh Israel uile, dhá
rádh, ar ball a ccluinfidhe fuáim an
stuic, ansin abruidh, atá Absolon
na Rígh ann Hébron.


L. 2Sm15:11


Agus dochúadar dhá chéud fear
le Habsolon as Iarusalem, air ar
goireadh, agus dimthigheadar ann a simp-lidheachd,
agus ní raibh fios éinneithe a-ca.


L. 2Sm15:12


Agus do chuir Absolon fios
ar Achitophel an Giloníteach, comhairleach
Dháibhi óna chathruigh féin, ó Ghiloh,
ann feadh dobhí ag dénamh iodhbartha:
agus dobhí an chealg láidir, óir do
bhí an pobal ag médughadh a ccomhnuigh
ag Absolon.


L. 2Sm15:13


Agus tháinic teachdaire chum Dáibhi,
gha rádh, atáid croidhthe fhear Israel
le Habsolon.


L. 2Sm15:14


Agus adubhairt Dáibhi ré na
shearbhfhoghantuibh uile dobhí na fhochair
ann Iarusalem, éirgidhe, agus teithiom,
nó ní racham as ar énchor ó Absolon:
dénuidh deithfir re himtheachd, deagla go
mbéradh sé oruinn go hobann, agus go
millfidh an chathair lé fáobhar an chloi-dhimh.


L. 2Sm15:15


Agus adubhradar muintir an
Rígh ris an Rígh, ag so do sherbhisígh
chum gach uile ní déras mo thighearna an
Rígh.


L. 2Sm15:16


Agus dochuáidh an Rígh amach,
agus muintir a thighe uile na dhiáigh:
agus dfág an Righ deichneamhar ban
fá leannáin dó féin do choimhéd an tighe.


L. 2Sm15:17


Agus dochuáidh an Rígh amach,
agus cách uile na dhiáigh, agus dfan
anáit dobhí a bhfad as sin.


L. 2Sm15:18


Agus do ghabhadar a sheirbhísigh
uile thairis láimh ris, agus na Cheri-titigh
uile, agus na Peletítigh uile,
agus na Gititigh uile, sé chéud fear
tháinic na dhiáigh ó Ghát, do ghluáisio-dar
rompa roimhe an Rígh.


L. 2Sm15:19


Annsin adubhairt an Rígh ré
Ittai an Gititeach, cred fa a bhfuil tu-sa
ag teachd linne mar an gcédna; fill
dot áit féin, agus fan a bhfochair an
Rígh: óir is coimhitheach, agus is duine
díobartha fós thú.


L. 2Sm15:20


An tan nach ttáinic tú achd
ané, an ttiubhruinnsi ort aniugh
gluasachd linn síos súas? ó táimsi ag
dul mar a bhféduim, fillse ar hais, a-gus
beir do dhearbhráithre ar a nais:
go raibh trócaire, agus fírinne maille
leachd.


L. 2Sm15:21


Agus do fhreagair Ittai an Rígh,
agus adubhairt, mar mhairios an Tigh-earna,
agus mar mhairios mo thigh-earna
an Rígh, más a mbás nó a mbea-thuigh:
is ann bhias do shearbhfoghantuigh
mar an gcédna.


L. 2Sm15:22


Agus adubhairt Dáibhi ré Ittai,
imthigh agus éirigh thairis anonn: agus
dochuáidh Ittai an Gititeach thairis anonn,
agus a mhuintir uile, agus a dhaóine
beaga uile, dobhí na fhochair.


L. 2Sm15:23


Agus do ghuil an tír uile do
ghuth árd, agus dochúadar an pobal
uile thairis anonn: agus dochuáidh an Rígh
féin thar a nabhuinn Cedron, agus dochúadar
cách uile thairis anonn leath ré
slighe an nfásuigh.


L. 2Sm15:24


Agus féch dobhí Sádoc fós
agus na Lebítigh uile na fhochair, ag iom-char
Aírce chunarta Dé, agus do léig-eadar
Airc Dé ar lár: agus dochuáidh
Abiatar súas, nó go ttáinic lé cách
uile dul amach as an gcathruigh.


L. 2Sm15:25


Agus adubhairt an Rígh re Sá-doc,
beir ar a hais Aírc Dé don cha-thruigh;
má gheibhimsi grása a radharc
an Tighearna, dobhéra sé leis arís
mé, agus taisbeanfuidh sé dhamh í, a-gus
a áit chomhnuigh.


L. 2Sm15:26


Ach má deir sé mar so, ní
bhfuil dúil ar bith agum ionnad, féuch a-táimsi
annso, dénadh sé liom mar is
áill leis féin.


L. 2Sm15:27


Adubhairt an Rígh mar an gcéd-na
re Sádoc an sagart: nach fear
fise thusa? fill don chathruigh a síoth-cháin,
agus do dhías mac ad fhochair,
Ahimaas do mhac féin, agus Ionatan mhac
Abiatar.


L. 2Sm15:28


Féuch, fanfa misi a réiteach
an nfásaigh, nó go mbeirid scéula dearbh-tha
úaitsi orum.


L. 2Sm15:29


Rug Sádoc ar anadhbharsin,
agus Abiatar Aírc Dé arís go Hie-rusalem,
agus dfanadar annsin.


L. 2Sm15:30


Agus dochúaidh Dáibhi súas lé
hárd shléibhe na noladh, agus do ghuil
sé ag dul súas, agus dobhí a cheann a
bhfolach, agus é ag imtheachd cosnochd:
agus anuile dhuine dá raibh na fhochair,
dfoluigh gach áon aca a cheann, agus do
chúadar suas, ag gul ag dul súas
dóibh.


L. 2Sm15:31


Agus dinnis duine do Dháibhi
dha rádh, atá Achitophel a measg na
ndroichthionnsgantach a bhfochair Absolon:
agus adubhairt Dáibhi, ó a Thighearna,
guidhim thú, iompóigh comhairle Achito-phel
anamadánachd.


L. 2Sm15:32


Agus tárla anúair thaínic
Dáibhi a mullach an tsléibhe mar a
ndeárna se adhra do Dhía, féch thái-nic
Chúsai an Tarchíteach na choinne re na
chóta briste, agus cré ar a
cheann:


L. 2Sm15:33


Le a ndubhairt Dáibhi, má gluai-sionn
tú liomsa, annsin bu húalach
dhamh thú.


L. 2Sm15:34


Acht má fhillenn tú don cha-thruigh,
agus a rádh re Habsolon,
bhiáidh mé am shearbhfhoghantuigh agadsa a
Rígh; mar dobhí mé am shearbhfhoghan-tuigh
ag hathair go ttí so, mar sin
bhías mé mar an gcédna am shearbhfhoghan-tuigh
agadsa: annsin féadfuidh tú
comhairle Achitophel do chur ar neimhní
ar mo shonsa.


L. 2Sm15:35


Agus nach bhfuil annsin Sa-doc
ad fhochair agus Abiatar na
Sagairt? uimesin, go madh hamhluidh
bhías, gach uile ní dá gccluinfe tú
amach as tigh an Rígh, inneosa tú é do
Shádoc, agus do Abiatar na Sa-gairt.


L. 2Sm15:36


Féuch atá na bhfochair annsin a
ndías mac Ahimaas mhac Sadoc, agus
Ionatan mhac Abiatar: agus leó
sin chuirfe sibh chugamsa gach éinní dá
ccluinfe sibh.


L. 2Sm15:37


Mar sin tháinic Chusai caruid
Dháibhi don chathruigh, agus tháinic Ab-solon
go Hierusalem.



Caib.16.


L. 2Sm16:1


Agus anúair dochuáidh Dáibhi
beagán thar an mullach,
feúch, thárla Síba óglach
Mhephibóset dhó, maille
re cúpla Assal ughamtha,
air a rabhadar dhá chéd builín aráin,
agus céd ceanglachán rísín, agus
céud ubhall, agus buidél fíona.


L. 2Sm16:2


Agus adubhairt an Rígh ré Síbha,
chred chíalluigheas tú leó so? agus adubhairt
Síba, atáid na hassail re ha-ghaidh
mhuintire thighe an Rígh dá mar-cuigheachd,
agus an tarán, agus na
húbhalla do na daoinibh óga ré ithe,
agus an fíon re a ól do na dáoinibh
bhías lag annsa bhfásach.


L. 2Sm16:3


Agus adubhairt an Rígh, Ach
cáit a bhfuil mac do mhaighistir?
agus adubhairt Síba ris an Rígh, féuch
atá sé ann Iarusalem: óir adubhairt
sé, aniugh aiseogus tigh Israel
damhsa rioghachd mathar.


L. 2Sm16:4


Annsin adubhairt an Rígh re Síba,
féuch is leachdsa a bhfuil ag Mephibó-set.
Agus adubhairt Síba, íarruim go
humhal ort, go bhfagha mé grása ad
radharc, mo thighearna a Rígh.


L. 2Sm16:5


Agus anúair thaínic Dáibhi Rígh
go Bahurim, féuch tháinic as sin
amach óglach do mhuintir thighe Shauil,
darbhainm Símei mhac Gésa: tháinic
sé amach, agus é ag mallughadh do ghnáth
ag teachd.


L. 2Sm16:6


Agus do chaith sé clocha ré Dái-bhi
agus re mhuintir Dháibhi uile: agus
dobhí an pobal uile agus na daóine
neartmhara uile dhá láimh dheis, agus dá
láimh chlé.


L. 2Sm16:7


Agus marso adubhairt Símei, anuair
do mhalluigh sé, tárr amach, tárr
amach a dhuine fhuiltigh, agus a dhuine
do Bhélial.


L. 2Sm16:8


Dfill an Tighearna ort fuil thi-ghe
Shauil uile, ann a áit a raibh tusa
ad Rígh, agus thug an Tighearna an
rioghachd a láimh do mhic Absolon;
agus féuch, rugadh ortsa ann huir-chóid,
do bhrígh gur duine fuilteach
thú.


L. 2Sm16:9


Annsin adubhairt Abisai mhac
Seruiah ris an Rígh, cred fá mallui-ghionn
an madradh marbhso mo thigh-earna
an Rígh? guidhim thú, léig dhamh dul
anonn, agus a cheann do bhuáin de.


L. 2Sm16:10


Agus adubhairt an Rígh, cred
é dhamhsa agus dáoibhsi, a chlann Sheruiah?
marsin léigthear dhó mallughadh, do bhrígh
go ndubhairt an Tighearna ris, malluidh
Dáibhi, cía déras annsin, cred fá ndér-na
tú marso?


L. 2Sm16:11


Agus adubhairt Dáibhi re A-bisai,
agus réna mhuintir uile, féu-chaidh
atá mo mhac féin noch tháinic a-mach
as minnighibh ag íarruidh mo bháis,
cá mhéid ós a chionnsin dhénas an Benia-míteach
úd? léigidh dhó, ná bacaidh dhe
mallughadh: óir isé an Tighearna adubhairt
ris é.


L. 2Sm16:12


Dobféidir go bhféuchfadh an
Tighearna ar méigionsa, agus go
ccúirteochadh Día maith riom ar son a
mhalluighthesion aniugh.


L. 2Sm16:13


Agus mar dobhí Dáibhi, agus
a mhuintir ag imtheachd san tslighe, dochuáidh
Símei ar fad ar tháobh na ccnoc
thall ar aghaidh, agus é ag mallughadh
mar a ngabhadh, agus ag caithiomh cloch
agus críadh.


L. 2Sm16:14


Agus dobhí an Rígh, agus
a raibh na fhochair uile curtha, agus
do léigeadar a sgíth annsin.


L. 2Sm16:15


Agus tháinic Absolon, agus
an pobal uile, fir Israel, go Hieru-salem,
agus Achitophel na fhochair:


L. 2Sm16:16


Agus tárla anuáir tháinic
Chusai an Tarchíteach cara Dháibhi chum
Absoloin, go ndubhairt Chusai re Ab-solon,
go mairigh an Rígh, go mairigh
an Rígh.


L. 2Sm16:17


Agus adubhairt Absolon re
Chusai, anéso do chinéul dot charuid??
cred fá nach deachaidh tú led charuid?


L. 2Sm16:18


Agus adubhairt Chusai re Ab-solon,
ní headh, achd gidhbé do thogh an
Tighearna, agus an pobalsa, agus
fir Israel uile, as aigesion bhías misi
agus is na fhochair fhanfas mé.


L. 2Sm16:19


Agus arís, cía dá ndénuinn
serbhís? nach a lathair a mhic? mar
dfoghuin mé a lathair hathar, is mar sin
bhías mé ad lathairsi.


L. 2Sm16:20


Annsin adubhairt Absolon re
Achitophel, tugaidh comhairle eadruibh
cred dhénam.


L. 2Sm16:21


Agus adubhairt Achitophel re
Absolon, luidh le leannánuibh hathar, noch
dfág sé a mbun an tigh; agus cluin-fid
Israel uile go bhfuil tú adhfhúathmhar
ag hathar, annsin béid lámha gach a
ngabhann leachd láidir.


L. 2Sm16:22


Mar sin do leathnuigheadar
páuilliún do Absolon ar mhullach an
tighe: agus dobhí Absolon ag leannán-uibh
a athar a radharc Israel uile.


L. 2Sm16:23


Agus dobhí comhairle Achito-phel,
noch dobheireadh sé uadh annsna laé-thibh
sin, amhuil mar do fhíafrochadh
duine bríathar Dé: mar sin dobhí comh-airle
Achitophel uile aráon ag Dáibhi
agus ag Absolon.



Caib.17.


L. 2Sm17:1


Os a chionn sin adubhairt Achi-tophel
re Absolon, léig dhamh
annois dhá mhíle dhéug fear do
thogha amach, agus éireo-chuidh
mé, agus leanfuidh mé a ndiáigh
Dháibhi anochd.


L. 2Sm17:2


Agus tiocfa mé air, an feadh bhías
sé curtha agus laglámhach, agus
cuirfe mé eagla air; agus teithfid a
bhfuil do dhaóinibh na fhochair, agus
buailfidh mé an Rígh amháin.


L. 2Sm17:3


Agus dobhéra mé na daóine uile
ar a nais chugadsa; an té atá tú
díarruidh, atá sé mar dfillfeadh an tiom-lán;
marsin béid an pobal uile a síoth-cháin.


L. 2Sm17:4


Agus do thaitin an glór go
maith ré Absolon, agus ré sinnsioruibh
Israel uile.


L. 2Sm17:5


Annsin adubhairt Absolon, goir
anois Chusai an Tarchíteach, agus
cluinmid mar an gcédna cred adeir
seision.


L. 2Sm17:6


Agus anúair tháinic Chusai go
Habsolon, do labhair Absolon ris gha rádh,
do labhair Achitophel ar an modhsa: an
ndénam mar adubhairt sé? muna ndénam,
labhairsi.


L. 2Sm17:7


Agus adubhairt Chusai ré Ab-solon,
an comhairle thug Achitophel
uadh, ní maith í ar anúairsi.


L. 2Sm17:8


Oír atá a fhios agadsa (arsa
Chusai) go bhfuil hathair, agus
a dháoine na bhfearuibh cródha, agus go bhfui-lid
air lasadh na ninntin, mar mhathghamhuin
do choillfeadh a cuiléin sa machaire; agus
fear cogaidh hathair, agus ní choimhneocha
sé anochd a bhfochair an phobail.


L. 2Sm17:9


Féuch atá sé anois a bhfolach a
bpoll éigin, nó anáit éigin oile:
agus teigeomhuidh anuair thuitfid cuid
aca ar ttús, go naibeora gach a
ccluinfidh é, atá ár a measg na ndáoine
a leanas Absolon.


L. 2Sm17:10


Agus fós an té atá curata,
a bhfuil a chroidhe mar chroidhe leomhuin,
leaghfuidh sé go hiomlán; óir atá a
fhios ag Israel uile gur duine cródha
hathair, agus an luchd atá na fhochair
gur dáoine cródha íad.


L. 2Sm17:11


Ar anadhbharsin sí mo cho-mhairlesi,
Israel uile do chruinniughadh,
ó Dhan go Beerséba mar an
ngaineamh atá chois na fairge ar io-madamhlachd,
agus thú féin do dhul a ccath
ad phearsuinn féin.


L. 2Sm17:12


Marsin tiucfaimne airsion gidhbé
áit a bhfuighthear é, agus tuirleon-gam
air do nós an drúchda thuitios ar ta-lumh:
agus de féin nó dénduine da mbía
aige, ní fúigfidhear oiread énduine.


L. 2Sm17:13


Os a chionn sin, má theíd sé asteach
a ccathruigh, annsin dobhéra
Israel uile rópadha leó chum na cai-threachsin,
agus tairreongam í chum na
habhann, ionnus nach bía cloch bheag ar fa-gháil
ann.


L. 2Sm17:14


Agus adubhairt Absolon agus
fir Israel uile, as feárr comhairle Chu-sai
an Tarchíteach ná comhairle Achito-phel:
(óir do órduigh an Tighearna comhair-le
mhaidh Achitophel do chur air ccúl, chur go
ttiubhradh an Tighearna olc air Absolon.)


L. 2Sm17:15


Annsin adubhairt Chusai ré
Sadoc, agus re Abiatar na Sagairt,
marso agus marso do chomharluigh Achito-phel
Absolon agus sinnsir Israel;
agus marso do comharligh misi é.


L. 2Sm17:16


Annois uimesin cuiridhsi úaibh go
lúath, agus innsidh do Dháibhi, gha rádh,
ná coduil anochd a reíteach an nfásuigh;
ach éirigh go lúath thairis, deagla
go sluigfidhe súas an Rígh, agus a
bhfuil do dhaoinibh na fhochair.


L. 2Sm17:17


Anois dfan Ionatan agus
Ahimaas ag En-rogel: (óir níorbháill
leó a bhfaicsin ag teachd don cha-thruigh)
agus dochuáidh cailín, agus
dinnis sí scéula dhóibh: agus dochúa-darsan
agus dinnisiodar do Dháibhi Rígh é.


L. 2Sm17:18


Gidheadh dochonnairc búachaill íad,
agus dinnis sé sin do Absolon;
achd dimthigheadarsan aráon go lúath,
agus tangadar go tigh dhuine ann Ba-húrim,
agá raibh tobar ann a chúirt,
mar a ndeachadar síos.


L. 2Sm17:19


Agus do ghlac an bhean folach
agus do leathnuigh ar úachdar an tobair é,
agus do chuir arbhar meilte airsin, agus
níor haithnigheadh éinní.


L. 2Sm17:20


Agus anuáir thangadar
muintir Absoloin chum na mná don tigh,
adubhradar, cháit a bhfuil Ahimaas
agus Ionatan? agus adubhairt an
bhean riú, dochúadar anonn thar a tsru-thán
uisge sin. Agus anuáir do
spíonadar san, agus nach bhfuáradar
íad, dfilleadar go Hierusalem.


L. 2Sm17:21


Agus tárla anuáir do im-thigheadar,
go ttangadarsan aníor
as an ttobar, agus dimthigheadar,
agus dinnsiodar do Dháibhi Rígh,
agus adubhradar re Dáibhi, éirigh,
imthigh tar anuisge go luáth: óir
marso thug Achitophel comhairle ad
aghaidh.


L. 2Sm17:22


Agus deírigh Dáibhi, agus a
raibh do dhaóinib na fhochair, agus dochuádar
anonn tar Iordan: suil tháinic
solus na maidne níor theastuigh duine
dhíobh gan dul anonn tar Iordan.


L. 2Sm17:23


Agus anúair dochonnairc Achito-phel
nar leanadh a chomhairle, do chuir sé
díalláoid ar a assal, agus déirigh,
agus dochuaidh abhaile dha thigh, da cha-thruigh,
agus do chuir a thigh anordughadh,
agus do chroch sé é féin, agus fuáir
bás, agus do hadhlaiceadh é anúaigh a
athar.


L. 2Sm17:24


Annsin tháinic Dáibhi go Maha-naim:
agus dochuáidh Absolon anonn
tar Iordan, é féin agus fir Israel
uile na fhochair.


L. 2Sm17:25


Agus dorinne Absolon caip-tín
do Amasa ar a shlúagh anaít
Ióab: agus ba hé Amasa mac duine
dharbhainm Itra Israelíteach, noch do luidh
lé Abigail inghean Nahas deirbhshiúr do
Sheruiah, mathair Ióab.


L. 2Sm17:26


Mar sin do shuigh Israel agus
Absolon a bhfearann Gílead.


L. 2Sm17:27


Agus tárla anúair dobhí
Dáibhi ar tteachd go Mahanaim, go ttug
Sobi mhac Nahas ó Rabbah do chloinn
Ammon, agus Machir mhac Ammiel ó
Lo-debar, agus Barsillai an Gilea-díteach
ó Rogelim,


L. 2Sm17:28


Leapthacha agus báisíneadha,
agus soighthighe críadh, agus crui-thneachd,
agus eórna, agus plúr, agus
grán dóite, agus pónar agus pisenach
dhóite,


L. 2Sm17:29


Agus mil, agus im, agus
cáoirigh, agus cáise bó chum Dáibhi,
agus chum na ndaoine dobhí na fhochair, ré
ithe: óir adubhradar, atáid na
dáoine ocrach, agus curtha, agus
íotmhar annsa bhfásach.



Caib.18.


L. 2Sm18:1


Agus do áirimh Dáibhi ná dáoi-ne
dobhí na fhochair agus
dorinne caiptínigh ar mhíl-tibh
agus caiptínigh ar chéu-duibh
ós a gcionn.


L. 2Sm18:2


Agus do chuir Dáibhi amach trían
na ndáoine fáoi laímh Ióab, agus trían
fáoi láimh Abisai mhac Seruiah, dear-bhrathair
Ióab, agus trían fáoi láimh Ittai an
Gitíteach: agus adubhairt an Rígh ris
an bpobal, racha misi fós libh amach go
deimhin.


L. 2Sm18:3


Acht do fhreagradar an pobal,
ní racha tú amach ar énchor: óir má
marbhtar ar leath, is cuma leósan
sin; acht anois is fiú deich míle aguinn
thusa: uime sin is fearr go mbía tu-sa
chum cabhra do thabhairt dúinn amach as
an gcathruigh.


L. 2Sm18:4


Agus adubhairt an Rígh riú,
cíabé chíthfear dhaóibhsi is fearr dhamh ré
dhéanamh, dodhénadsa é. Agus do sheas
an Rígh ré táoibh an gheata, agus tan-gadar
an pobal uile amach na ccéduibh,
agus na míltibh.


L. 2Sm18:5


Agus do aithin an Rígh do Ióab,
agus do Abisai, agus do Ittai,
dha rádh, dénuidh go macánta air
mo shonsa ris anógánach ré
Habsolon. Agus dochúaluidh an slúagh
uile anuair thug an Righ an nfúagrasin
do na caiptíntibh uile a ttáobh Ab-soloin.


L. 2Sm18:6


Mar sin dochúaidh an pobal amach
san machaire anaghaidh Israel: agus
sé áit a raibh an cath a ccoill
Ephraim;


L. 2Sm18:7


Mar ar marbhadh muintir Israel
roimhe sheirbhísigh Dháibhi: agus dobhí
annsin ár mór an lá sin, fithche míle
fear.


L. 2Sm18:8


Oír do scáoileadh ó chéile an cath
ar feadh dhroma na tíre uile: agus do
shluig an choill níos mó an láshin, ná
mharbh an cloidheamh.


L. 2Sm18:9


Agus tárla Absolon ar shearbh-fhoghantuighibh
Dháibhi; agus dobhí Ab-solon
a marcuigheachd air mhúille, agus
dochuáidh an múille faói ghéuguibh tiu-gha
daire móire, agus rug a cheann greim
ar a ndaruigh, agus dobhí sé droichde
idir neamh agus talumh, agus dimthigh
an múille dobhí faói roimpe.


L. 2Sm18:10


Agus dochonnairc duine áirigh
sin, agus dinnis sé do Ióab é, agus
adubhairt, féuch dochonnairc mé Absolon
croichde a ndaruigh.


L. 2Sm18:11


Agus adubhairt Ióab ris an
té dinnis sin dó, agus féuch ó chonnairc
tú é, cred fa nar bhuáil tú annsin go
talumh é, agus dobhéruinnsi deich Seceil
airgid duit, agus crios?


L. 2Sm18:12


Agus adubhairt an tóglach re
Ióab, dá bhfaghuinsi míle Secel airgid ann
mo láimh, ní shínfinn mo lámh amach ana-ghaidh
mhic an Rígh, óir dfúagair an Rígh
dar lathair dhuitsi, agus do Abisai, a-gus
do Ittai, gha rádh, tugaidh bhur
naire nach beanfadh áonduine ris anógá-nach
Absolon.


L. 2Sm18:13


Nó dodhénuinn égcóir anaghaidh
mo bheatha féin: óir ní bhfuil ní ar bith
a bhfolach ar an Rígh, agus do chuir-fésa
fós thú féin am aghaidh.


L. 2Sm18:14


Annsin adubhairt Ióab, ní fhéud-uimsi
fuireach marso agad. Agus rug
sé ar thrí gaéthe iona láimh, agus do
shaith sé tré chroidhe Absoloin íad, an
fad dobhí sé fós béo a lár na dar-uigh.


L. 2Sm18:15


Agus do chruinnigheadar deithnea-mhar
ógánach dobhí ag iomchar airm Ióab
na thimchioll, agus do bhuaileadar Ab-solon,
agus do mharbhardar é.


L. 2Sm18:16


Agus do shéid Ióab an stoc,
agus dfilleadar an pobal ó thóruidheachd
Israel; óir do chonnuimh Ióab na daóine
ar a nais úatha.


L. 2Sm18:17


Agus do thógbhadar Absolon,
agus do theilgeadar a bpoll mhór ar an
ccoill é, agus do leagadar cárn romhór
cloch air, agus do theith Israel uile,
gach áon dá pháuillíun féin.


L. 2Sm18:18


Annois anuáir dobhí Absolon
béo, do thóg agus do chuir sé súas
dó féin piléur, noch atá a ngleann an
an Rígh: óir adubhairt sé, ní bhfuil én-mhac
agum do chuinneocadh mainm a gcui-mhne:
agus thug sé a ainm féin ar an
bpiléur, agus goirthear de gus aniugh,
áit Absoloin.


L. 2Sm18:19


Annsin adubhairt Ahimaas mhac
Sadoc, léig dhamhsa anois ríoth, agus
scéula do bhreith chum an Rígh, mar do
dhioghuil an Tighearna é ar a námhuid.


L. 2Sm18:20


Agus adubhairt Ióab ris, ní
bhéra tú scéula leachd aniugh, do bhrígh
gur marbhadh mac an Rígh; achd béra
tú scéula leachd lá oile.


L. 2Sm18:21


Annsin adubhairt Ióab re Cúsi,
éirigh, innis don Rígh gach a bhfacaidh
tú: agus dumhluigh Cúsi é féin do
Ióab, agus do rioth sé.


L. 2Sm18:22


Annsin adubairt Ahimaas mhac
Sádoc fós arís sé Ióab, ach gidhbé
ar bith é, guidhim thú, léig dhamh rioth
a ndiaigh Chúsi mar an gcédna. A-gus
adubhairt Ióab, cred as a rioth-fuidh
tusa, a mhic, ó nach bhfuilid scéu-la
réidh agad.


L. 2Sm18:23


Achd gidhbé ar bith mar tá, (ar
seision) léig dhamh rioth; agus a du-bhairt
seision ris, rioth. Annsin do
rioth Ahimaas a slighe an réitigh, agus
do rioth roimhe Chúsi.


L. 2Sm18:24


Agus dobhí Dáibhi na shuidhe i-dir
an dá gheata, agus dochuáidh an
fear faire air mhullach an gheata go nuige
an balla, agus do thóg suas a shúile,
agus dféuch, agus dochonnairc duine
ag rioth na áonar.


L. 2Sm18:25


Agus dfúagair an fear faire,
agus dinnis don Rígh: agus adubhairt
an Rígh, mas na áonar atá sé, atáid
scéula ann a bhéul. Agus tháinic sé go
lúath, agus do dhruid sé a ngar.


L. 2Sm18:26


Agus dochonnairc an fear faire
duine eile ag rioth, agus dfúagair
an fear faire don doirseóir, agus adubhairt,
féuch duine eile ag rioth na
áonar: agus adubhairt an Rígh, atáid
scéula leission mar an gcédna.


L. 2Sm18:27


Agus adubhairt fear na faire,
dar liom is cosmhuil rioth an chéud
duine re rioth Ahimaas mhic Sádoc:
agus adubhairt an Rígh, is duine maith
sin, agus atáid scéula maithe leis.


L. 2Sm18:28


Agus do ghoir Ahimaas, a-gus
adubhairt ris an Rígh, atá gach
éinní go maith: agus do léig sé é féin
síos go lár ar aghaidh a lathair an
Rígh, agus adubhairt, go madh beannaigh
do Thighearna Día, noch do sheachaid súas
na daoine, do thóg a lámha anaghaidh
mo thighearna an Rígh.


L. 2Sm18:29


Agus adubhairt an Rígh, an
bhfuil an tógánach Absolon slán? a-gus
do fhreagair Ahimaas, anuáir do
chuir Ióab searbhfhoghantuigh an Rígh, a-gus
misi do sherbhíseach air siubhal, do
chonnairc mé giorac mór, acht ní raibh
a fhios agam cred dobhí ann.


L. 2Sm18:30


Agus adubhairt an Rígh, gabh
a leathtaóibh, agus seas annso: agus
do ghabh seision a leathtaóibh, agus
dfan na sheasamh.


L. 2Sm18:31


Agus féuch, tháinic Cúsi, a-gus
adubhairt Cúsi, scéula dom thigh-earna
an Rígh: óir do dhioghuil an
Tighearna thusa aniugh ar an méid
déirigh súas ad aghaidh.


L. 2Sm18:32


Agus adubhairt an Rígh re
Cúsi, an bhfuil an tógánach Absolon
slán? agus do fhreagair Cúsi, bídís
naimhde mo thighearna an Rígh, agus
gach anéireochuigh ad aghaidh do dhénamh
dochuir dhuit, mar atá an tógánach sin.


L. 2Sm18:33


Agus do corruigheadh an Rígh
go mór, agus dochuáidh súas don
tséomra ós cionn an gheata, agus do
ghuil sé, agus ag imtheachd dó adubhairt
mar so, ó a mhic Absolon, a mhic, a
mhic Absolon, dobférr liom gur mé
féin go gheabhadh bás ar do shon, ó Ab-lon,
a mhic, a mhic.



Caib.19.


L. 2Sm19:1


Agus do hinnseadh do Ióab,
féuch, atá an Rígh ag gul,
agus ag cáoineadh fa Abso-lon.


L. 2Sm19:2


Agus do hiompoigheadh
an bhuáidh an lásin a gcumhaidh, don
phobal uile: óir dochúaladar an po-bal
dá rádh an lá sin, cionnus dobhí
an Rígh doilghiosach fa na mhac.


L. 2Sm19:3


Agus do éalóigheadar na daóine
an lá sin do chatruigh, mar doníd
daoine ar a mbí náire, agus éalói-ghios
anuair do theithfidís a ccath.


L. 2Sm19:4


Acht dfoluigh an Rígh a aghaidh,
agus do chomhairc an Rígh lé guth árd,
ó a mhic Absolon, ó Absolon a mhic, a
mhic.


L. 2Sm19:5


Agus tháinic Ióab don tigh
chum an Rígh, agus adubhairt sé, thug
tú náire aniugh daighthibh na serbhíseach
uile, noch do chumhdaigh hanum aniug,
agus anmanna do mhac, agus hinghean,
agus anmanna do bhan, agus anmanna
do leannán.


L. 2Sm19:6


Do chionn gurbionmhuin leachd do námhuid,
agus gur fúath leachd do charuid: óir
do fhoillsigh tú aniugh nach bhfuil suim
agad ar phrionnsadhuibh nó ar sherbhísea-chaibh:
aithnighim aniugh, dá mbeith Ab-solon
béo, agus sinne uile marbh aniugh,
go mbiadh sin go maith ann do radharc-
sa.


L. 2Sm19:7


Anois ar anadhbharsin éirigh, a-gus
imthigh amach, agus labhair red mhuin-tir
go sólásach: óir dobheirmsi an
Tighearna muna ndeachuidh tú amach nach
bhfanfuidh duine agad anochd; agus
budh measa dhuit sin ná ar éirigh dulc
dhuit ód óige gus anois.


L. 2Sm19:8


Annsin déirigh an Rígh, agus
do shuigh annsa gheata, agus dinnsiodar
don phobal dha rádh, féuch atá an Rígh
na shuidhe san gheata: agus tháinic an
pobal uile a bhfiadhnuise an Rígh; óir
do theith Israel uile gach áon dá lóis-tín
féin.


L. 2Sm19:9


Agus dobhí an pobal uile anim-reasain
ar feadh threabh Israel uile dhá
rádh, do chumhduigh an Rígh sinn ó lámh-uibh
ar námhad, agus do sháor sinn ó
lámhuibh na BhPhilistineach, agus anois
do theith sé as a tír roimhe Abso-lon.


L. 2Sm19:10


Agus Absolon, noch dungamar
ós ar ccionn, do marbhadh a ccath é: a-nnois
uime sin cred fa nach labharthaoi
focal do thabhairt an Rígh ar ais?


L. 2Sm19:11


Agus do chuir Dáibhi Rígh
fios go Sadoc agus go Abiatar, na
sagairt, dhá rádh, labhruidh sé seanuibh
Iúdah; cred fa bhfuiltíse air deireadh do
bhreith an Rígh air ais da thigh, ó tháinic
comhrádh Israel uile go nuige an Rígh
dha thigh?


L. 2Sm19:12


As sibhse mo dherbhráitre, as sibh
mo chnámha agus mfeóil: air anadhbharsin cred
uime gur sibh as deigheanuigh do thabhairt
an Rígh ar ais?


L. 2Sm19:13


Agus abruidh ré Amasa, nach
dom chnáimh agus dom fheóilse thusa?
go ndérna Día sin agus fós nios mó
riumsa, muna raibh tusa ad chaiptín
an tslóigh agamsa choidhce anáit
Ióab.


L. 2Sm19:14


Agus do chláon sé croidhthe
mhuintire Iúdah uile, mar chroidhe éin-fhir,
iondus gur chuireadar an focal-
sa chum an Rígh, fill féin agus do
mhuintir uile.


L. 2Sm19:15


Marsin dfill an Rígh, agus
tháinic go Iordan, agus tháinic Iúdah
go Gilgal dimtheachd a ccoinne an Rígh,
da thabhairt tar Iordan.


L. 2Sm19:16


Agus do luáthaidh Símei
mac Gera air, Beniamiteach noch dobhí
do Bhahurim, agus tháinic anuas
le muintir Iúdah a ccoinne Dháibhi
Rígh.


L. 2Sm19:17


Agus dobhí míle fear do Bhen-iamin
na fhochair, agus Síba óglach
tighe Shauil agus a chúig mhic déug,
agus fithche serbhíseach na fhochair, agus
dochúadar tar Iordan roimhe an
Rígh.


L. 2Sm19:18


Agus dochuaidh bád do tha-bhairt
mhuintire an Rígh thairis, agus do
dhéanamh mar budh toil leis: agus do
thuit Símei mhac Géra síos a bhfíadhnui-se
an Rígh ag teachd anall dó thar
Iordan.


L. 2Sm19:19


Agus adubhairt ris an Rígh, ná
chuireadh mo thighearna éigceart am leith-
si, agus ná chuimnigh an ní dorinne do
sherbhiseach go hainndligheach an lá do-chuáidh
mo thighearna an Rígh as Ie-rusalem,
as a ngéubhadh an Rígh chuige
ann a chroidhe é.


L. 2Sm19:20


Oír atá a fhios ag do sherbí-seach
gur pheacaidh mé; uime sin féuch gur
mé an céd duine thig anuas do thigh Ió-seph
do theaghmháil ris an Rígh mo thighearna.


L. 2Sm19:21


Acht do fhreagair Abisai mhac
Seruiah, agus adubhairt, nach ccuir-fighear
Símei chum baís thríd so, do
chionn gur mhalluigh sé ungthach an Ti-ghearna?


L. 2Sm19:22


Agus adubhairt Dáibhi, cred é
dhamhsa agus dáoibhse a chlann Sheruiah,
go mbíadh sibh aniugh ag cur am
aghaidh? an gcuirfighear énduine chum
báis aniugh a Nisrael? óir nach bhfuil
a fhios agumsa go bhfuilim féin aniugh
am Rígh ós cionn Israel?


L. 2Sm19:23


Ar anadhbharsin adubhairt an
Rígh re Símei, ní muirfighear thú;
agus thug an Rígh a mhionna dhó.


L. 2Sm19:24


Agus tháinic Mephibóset mhac
Sauil anúas a ccoinne an Rígh, agus
níor dheasuigh a chosa, agus níorbhfearr
a fhéasóg, agus nior nigh a édach, ón
ló far imthigh an Rígh gus an lá fá
ttáinic a síothcháin.


L. 2Sm19:25


Agus tárla anúair tháinic
sé go Hierusalem a ccoinne an Rígh,
go ndubhairt an Rígh ris, cred fa nach
deachaidh tusa liomsa a Mhephibó-set?


L. 2Sm19:26


Agus do fhreagair seision, a
thighearna a Rígh, do mheall mo sherbhís-each
mé; óir adubhairt do serbhíseach, cuir-fead
díalláoid ar assal damh, go
ndeachad ar a muin, agus rachaidh mé
gus an Rígh, do chionn go bhfuil do
sherbhíseach bacach.


L. 2Sm19:27


Agus do scannluidh sé do
sherbhiseach rem thighearna an Rígh, achd
atá mon thighearna an Rígh amhuil ain-geal
o Dhía: déna ar anadhbharsin an ní
is férr dochítear dhuit.


L. 2Sm19:28


Oir ní raibh do thigh matharsa
uile achd daóine marbha a bhfiadhnuise an
Rígh; gidheadh do chuir tusa do shear-bhiseach
a measc na ndaóine do shuidheadh
ar do bhórd féin: cred an ceart atá
agam thairis sin gairim nios mó ar an
Rígh?


L. 2Sm19:29


Agus adubhairt an Rígh ris,
cred fá labhrann tú nios mó ar do
chúisibh? adubhairt misi, roinn féin agus
Síba an fearann.


L. 2Sm19:30


Agus adubhairt Mephibóset
ris an Rígh, glacadh sé iomurro an
tiomlán, ó tháinic mo thighearna an Rígh
arís a síothcháin dá thigh féin.


L. 2Sm19:31


Agus tháinic Barsillai an Gil-eadíteach
síos ó Rogelim, agus dochuáidh
tar Iordan leis an Rígh dá shéoladh
tar Iordan.


L. 2Sm19:32


Annois dobhí Barsillai na dhuine
roáosta, ceithre fithchid blíadhan daóis,
agus a sé do ghléus lónn don Rígh an
fad dobhí a Mahanaim: óir ba romhór
an duine é.


L. 2Sm19:33


Agus adubhairt an Rígh ré
Barsillai, tárrsa liomsa anonn, a-gus
beathochuidh misi thú am fhochair féin
ann Iarusalem.


L. 2Sm19:34


Agus adubhairt Barsillai ris
an Rígh, cá fad atá agumsa ré marthuinn,
as a rachuinn súas leis an Rígh go Hie-rusalem?


L. 2Sm19:35


Atáim aniugh ceithre fithchid
blíadhan daois, agus anaithnighim ei-dir
olc agus mhaith? an bhféudann do
sherbhíseach a bhlasadh cred itheas nó cred
ibhios? an bhféuduim feasda guth fhear no
bhan cantaireachd do chlos? uime sin cred fá
mbeith do sherbhíseach na eire ar mo thigh-earna
an Rígh.


L. 2Sm19:36


Rachaidh do serbhíseach tamall
beag anonn tar Iordan leis an Rígh:
agus cred fá ccúiteochadh an Rígh sin
riom lena leitheid sin do luáidheachd?


L. 2Sm19:37


Fílleadh do sherbhíseach, guidhim thú
go bhfuighe mé bás am chathair féin, a-gus
go nadhlaicthear mé anuaidh mathar
agus mo mhathar: achd féuch do sher-bhíseach
Chimam, éirgheadh sé anonn lé mo
thighearna an Rígh, agus déna rís mar
dochítear dhuit féin.


L. 2Sm19:38


Agus do fhreagair an Rígh, ra-chaidh
Chimam liom anonn, agus dodhéna
mé ris an ní is maith leachdsa, a-gus
gidhbé ní íarrfus tú orum, dodhéna
mé sin ar do shon.


L. 2Sm19:39


Agus dochúadar an pobal uile
anonn tar Iordan: agus anuáir thái-nic
an Rígh anall, do phóg an Rígh Bar-fillai,
agus do bheannuigh é, agus dfill
sé dhá áit féin.


L. 2Sm19:40


Annsin dochuáidh an Rígh roimhe
go Gilgal, agus dochuáidh Chimam
leis: agus do shéoladar muintir Iudah
uile an Rígh, agus fós leath phobail
Israel.


L. 2Sm19:41


Agus féuch thangadar muintir
Israel uile gus an Rígh, agus adu-bhradar
ris an Rígh, cred fár ghada-dar
ar ndeabhraithre fir Iúdah, thusa
léo, agus fa ttugadar an Rígh a-gus
a theaghlach agus muintir Dáibhi
uile léo tar Iordan.


L. 2Sm19:42


Agus do fhreagradar fir Iú-dah
uile fir Israel, do chionn go bhfuil
an Rígh a ngáol fogus dúinn: cred uime-
sin fá mbíath fearg oruibhsi fanadhbhar-
sin? a ndúamar air énchor do chostús
an Rígh, nó an ttug sé tiodhlacadh
ar bith dhúinn?


L. 2Sm19:43


Agus do fhreagradar fir Is-rael
fir Iúdah, agus adubhradar,
atá deich ccuid aguinne ann sa Rígh, a-gus
atá níos mó do cheart fós ag-uinn
an Dáibhi ná atá aguibhsi: uime-
sin cred fár tharcuisnigheabhair sinn, nach
iarrfuigh ar ccomhairle ar ttús do tha-bhairt
an Rígh ar ais? agus bá
fíochmhuire bríathra fhear Iúdah ná bría-thra
fhear Israel:



Caib.20.


L. 2Sm20:1


Agus tárla go raibh óglach
do Bhelial annsin darbhainm
Séba mhac Bichri, Beniami-teach,
agus do shéid sé stoc, a-gus
adubhairt, ní bhfuil cuid ar bith
aguinne a Ndáibhi, ní mó atá oighreachd
aguinn a mac Iesse; (téigheadh) gach én-
duine dá lóistín féin, ó Israel.


L. 2Sm20:2


Mar sin dochuáidh gach énduine
Disrael súas ó beith a ndiáigh Dháibhi,
agus do leanadar Séba mhac Bichrí;
acht do cheangladar muintir Iúdah ré na
Rígh, ó Iordan air fad go Hieru-salem.


L. 2Sm20:3


Agus tháinic Dáibhi dha thigh ann
Iarusalem, agus do ghlac Dáibhi an
deichneamhar ban, a leannáin, noch dfág
sé ag cumhdach an thighe, agus do chuir
a bpríosún íad, agus do bheathuigh íad,
achd níor luigh sé léo: mair sin dobhádar
fá íadhadh go ló a mbáis, béo a mbain-treabhachus.


L. 2Sm20:4


Annsin adubhairt an Rígh re A-masa,
cruinnigh chugamsa fir Iúdah
faói cheann trí lá, agus bhí féin annso
a lathair.


L. 2Sm20:5


Mar sin dochuáidh Amasa do
chruinniughadh fhear Iúdah; achd dfan sé
níos faide ná an tam cinnte dórduigh
seision dó.


L. 2Sm20:6


Agus adubhairt Dáibhi ré Abisai,
anois dodhéna Séba mhac Bichri nios
mó do dhochar dhúinn, nó dorinne Abso-lon:
beir leachd thusa muintir do thigh-earna,
agus lean é, deagla go bhfuigheadh
sé caithreacha daingne dhó féin, agus
go nimtheochaidh mar sin uáinn.


L. 2Sm20:7


Agus dochuáidh muintir Ióab a-mach
na dhiáighsion, agus na Chere-titigh,
agus na Peletitígh, agus na
fir churata uile: agus dochúadar a-mach
as Iarusalem do thóruigheachd a
ndiaigh Shéba mhic Bichri.


L. 2Sm20:8


Anuáir dobhádar ag an ccloich
mhóir atá ag Gibeon, dochuaidh Amasa
rompa: agus dobhí Ióab criosluighe
rena chulaidh do chuir sé uime, agus
air sin crios maille le cloidheamh ceangail-te
ar a shlíastaibh iona thruáill: agus
ag dul amach dhó do thuit sé as a
thruaill.


L. 2Sm20:9


Agus adubhairt Ióab re Amasa,
an bhfuil tú slán, a dhearbhrathair?
agus do ghlac Ióab Amasa ar fhésóig
iona laím dheis do thabhairt póige
dhó.


L. 2Sm20:10


Acht ní thug Amasa aire don
chloidheamh dobhí a láimh Ióab: mar sin
do bhuáil sé é don chloidheamh ansa ccui-geadh
asna, agus do leig sé a innighe
amach fán ttalamh, agus níor bhuail sé
arís é, agus fúair sé bás: marsin
do lean Ióab agus Abisai a dhearbhra-thair
a ndiáigh Shéba mhic Bichri.


L. 2Sm20:11


Agus do sheas duine do mhuin-tir
Ióab láimh ris, agus adubhairt an
té lerbionmhuin Ióab, agus an té atá
ar son Dháibhi, éirgiodh sé a ndiáigh
Ióab.


L. 2Sm20:12


Agus dobhí Amasa dhá aonfuirt
a bhfuil a lár na sligheadh móire; agus anúair
dochonnairc an tóglach gur fhanadar
cách uile na seasamh, do átharruigh sé
Amasa as a tslighe mhóir asteach
ansa machaire, agus do theilg éadach
thairis, anúair dochonnairc sé go
bhfanadh gach éndhuine dá ttigeadh go
nuige é, na sheasamh.


L. 2Sm20:13


Anúair do hatharruighead é don
tslighe mhóir, do ghluáisiodar an po-bal
uile a ndiáigh Ióab do thóruigheachd a
ndiáigh Shéba mhic Bichri.


L. 2Sm20:14


Agus dochuáidh sé tré threabhuibh
Israel uile go Habel, agus go Bet-maachah,
agus na Beritigh uile: agus
do chruinnigheadar a ccionn a chéile, agus
do leanadar eision,


L. 2Sm20:15


Agus tangadar, agus do
champuigheadar na aghaidh ann Abel Bhet-maachah,
agus do theilgeadar cladh súas anaghaidh
na caithreach, do sheas ansa trinnse:
agus do bhriseadar a raibh do dhaóinibh a bhfochair
Ióab an balla dhá theilgion síos.


L. 2Sm20:16


Annsin do eígh bean chríonna
amach as an gcathruigh, eístigh, gui-dhim
sibh abruidh ré Ióab, tárr a leith
go labhra misi riot.


L. 2Sm20:17


Agus anúair tháinig sé laímh
ría, adubhairt an bhean, an tú Ióab?
agus do fhreagair seision, as mé. Ann
sin adubhairt si ris, éist bríathra
do bhanóglaic. Agus do fhreagair sei-sion,
éisdiom.


L. 2Sm20:18


Annsin do labhair sí, dhá radh,
dobudh gnáth leó a rádh anallód,
gha rádh, go deimhin íarrfuid síad
comhairle ar Abel: agus mar sin do
chríochnuigheadar (an chúis.)


L. 2Sm20:19


Is áon misi don droing atá
síothchánta agus fírinneach a Nísrael:
atá tusa ag íarrudh caithreach do mhil-leadh,
agus fós príomhchathair a Ni-srael;
cred fá sluicfeá suás oighreachd
an Tighearna?


L. 2Sm20:20


Agus do fhreagair Ióab, agus adubhairt,
go madh fada, go madh fada
sin uaimsi, go sluichfinn súas nó go
millfinn í.


L. 2Sm20:21


Ní mar sin atá an cúis, ach
duine ó shlíabh Ephraim darbainm Séba
mhac Bichri, noch do thóg súas a lámh anaghaidh
an Rígh, eadhon anaghaidh
Dháibhi: seachaduigh eision amháin, agus
imtheochuigh misi ón ccathruigh. Agus adubhairt
an bhean, féuch, teilgfighear a
cheann chugad tar an mballa.


L. 2Sm20:22


Annsin dochuaidh an bhean mar a
raibh an pobal uile iona gliocus; agus
do bheanadar a cheann do Shéba mhac Bi-chri,
agus do theilgeadar amach chum
Ióab é: agus do shéid seision stoc,
agus dfilleadar ón chathruig gach éndui-ne
dhá thigh féin: agus dfill Ióab go Hieru-salem
chum an Rígh.


L. 2Sm20:23


Anois dobhí Ióab ós cionn
shlóigh Israel uile, agus Benaiah mhac
Iehoiada ós cionn na Cheretiteach, agus
na Bpeletíteach.


L. 2Sm20:24


Agus dobhí Adoram ós cionn
an chíosa, agus Iehosaphat mhac
Ahilud na chuimnightheóir:


L. 2Sm20:25


Agus Sébha na scribhneóir:
agus Sádoc agus Abiatar na sagar-tuibh.


L. 2Sm20:26


Agus dobhí Ira mar an gcédna
an Iairiteach na phríomhuachdarán tim-chioll
Dháibhi.



Caib.21.


L. 2Sm21:1


Ansin dobhí gorta a laéthibh
Dháibhi trí blíadhna a ndiáigh
a chéile: agus dfíafruigh
Dáibhi don Tighearna, agus
do fhreagair an Tighearna, is
ar son Shauil agus a thige fhuiltigh
(atá an ghorta) do brígh gur mharbh
sé na Gibeonitigh.


L. 2Sm21:2


Agus do ghoir an Rígh na Gi-beonitigh,
agus adubhairt riú (anois
na Gibeonitigh ní do chloinn Israel íad,
achd íarsma na Namoriteach, agus thu-gadar
clann Israel mionna dhóibh: agus
do thionnsguin Saul a marbhadh iona theas-ghrádh
do chloinn Israel agus Iú-dah.)


L. 2Sm21:3


Uime sin adubhairt Dáibhi ris na
Gibeonitibh, cred dhénus mé ar bhur
son, agus cred an ní le a ndéna mé
an tsíothcháin, chor go mbeinneochthaóisi
oighreachd an Tighearna?


L. 2Sm21:4


Agus adubhradar na Gibeoni-tigh,
ní ghéabham ór nó airgead ó Shaul,
nó óna thigh, ní mó mhuirfios tusa
énduine a Nisrael ar ar soinne: agus
adubhairt seision, gidhbé ní adérthaoi,
dodhénadsa ar bhur son é.


L. 2Sm21:5


Agus do fhreagradarsan an
Rígh, an duine darguin sinn, agus do
tionnscuin ar naghaidh dar léirsgrios,
go nach bíadh duine dhínn a ccrích ar bith
Disrael;


L. 2Sm21:6


Tugthar móirsheisior dá mhacaibh
dhúinn agus crochfam súas íad don
Tighearna a Ngibeah Shauil, noch do
thogh an Tighearna. Agus adubhairt an
Rígh dobhéra mé dhibh íad.


L. 2Sm21:7


Acht do choigil an Rígh Mephi-bóset
mhac Ionatain, mhic Sauil, do
brígh mhionna an Tighearna dobhí ea-torra,
idir Dháibhi, agus Ionatan
mhac Sauil.


L. 2Sm21:8


Ach do ghlac an Rígh días mac
Rispah inghean Aiah, noch rug sí do
Shaul, Armoní agus Mephibóset, agus
cúigear mac Meichal inghean Shauil, noch
rug sí do Adriel mhac Barsillai an
Meholatiteach.


L. 2Sm21:9


Agus do thoirbhir íad a lámhuibh
na Ngibeoniteach, agus do chrochadar
íad annsa chnoc a bhfiaghnuise an Ti-ghearna:
agus do thuiteadar uile na moír-sheisior
anéinfheachd, agus do cuireadh chum
baís íad a ccead laéthibh anfógh-mhair,
a ttosach fhóghmhair na
heórna.


L. 2Sm21:10


Agus do ghlac Rispah inghean
Aiah saicédach, agus do leathnuigh dhi
féin é ar an gcaruic ó thosach an
nfóghmhair, nó gur shil uisge orra ó
neamh, agus níor fhuiling dénlaith an
naiér turrling orra sa ló, nó dain-mhintibh
an mhachaire san noidhche.


L. 2Sm21:11


Agus do hinnseadh do Dháibhi
cred dorinne Rispah inghean Aiah leann-
án Shauil.


L. 2Sm21:12


Agus dimthigh Dáibhi, agus do
tóg cnámha Shauil, agus cnámha Iona-tain
a mhic ó mhuintir Iabes-gílead, noch
do ghad íad ó shráid Bhetsan, mar ar
chrochadar na Philistinigh íad, anuáir
do mharbhadar na Philistinigh
Saul a Ngilboa.


L. 2Sm21:13


Agus thug sé suas as sin
cnámha Shauil, agus cnámha Ionatain
a mhic: agus do chruinnigheadar cnámha
na muintire do crochadh.


L. 2Sm21:14


Agus do adhlaiceadar cnámha
Shauil, agus Ionatain a mhic a ttír
Bheniamin ann Selah a ttúama a athar
Cis; agus do coimhlíonadar gach ar
aithin an Rígh: agus na dhiáigh sin do
fríth Día ré ghuidhe ar son na tíre.


L. 2Sm21:15


Os a chionn sin dobhí cogadh
fós arís ag na Philistinibh ré His-rael,
agus dochuáidh Dáibhi síos, agus
a dhaoine leis, agus do throid sé anaghaidh
na Bhpilistineach, agus dochuaidh
Dáibhi ananbhfuinne.


L. 2Sm21:16


Agus Isbi-benob (mac aithigh
dar chomhthrom dá ghath trí chéud Se-cel
do phrás a ccomhthrom) ar ccur
chloidhimh nuáidh thairis, do sháoil sé Dáibhi
mharbhadh.


L. 2Sm21:17


Acht do thárthuigh Abisai mhac
Seruiah é, agus do bhuáil sé an Phi-listineach,
agus do mharbh sé é: annsin
thugadar muintir Dháibhi mionna dhó, dha
rádh, ní racha tusa níos mó linn amach
chum catha, chor nach múchfa tú solus
Israel.


L. 2Sm21:18


Agus tárla na dhiáighso go
raibh arís cath ag na Philistinibh ann
Gob: annsin do mharbh Sibbechai an Hu-satiteach
Saph, noch dobhí do chloinn ana-thaigh.


L. 2Sm21:19


Agus dobhí cath a Ngob arís
ag na Philistinibh, mar ar mharbh Elha-nan
mhac Iaare-oregim Betlemíteach
dearbhrathair Gholiah an Gititeach, a-gá
raibh gath, ler chosmuil a chrann lé gar-main
fhigheadóra.


L. 2Sm21:20


Agus dobhí fós cath an Gát,
mar a raibh duine do mhéid mhóir, a-gus
sé méir air gach láimh leis, agus
sé méir ar gach cois leis, a ceathair
fithchiod a nuibhir; agus is don nai-theach
mar an gcédna rugadh é.


L. 2Sm21:21


Agus anuáir thug a shlán
fá Israel, do mharbh Ionatan mhac Sí-meh
dearbhrathair Dháibhi é.


L. 2Sm21:22


Don naitheach an Gát dorugadh
an ceathrarsa, agus do thuiteadar lé
láimh Dháibhi, agus lé láimh a shearbhfho-ghantuigheadh.



Caib.22.


L. 2Sm22:1


Agus do labhair Dáibhi ris an
TTighearna bríathra an dá-nasa:
annsa ló ar sháor
Día é as lámhuibh a námhad
uile, agus as lámhuibh Shauil:


L. 2Sm22:2


Agus adubhairt, sé an
Tighearna mo charruic, agus mo dhain-gion,
agus mo sháorthóir.


L. 2Sm22:3


Día mo chairrge, is ann bhías mo
dhóigh: sé mo scíath é, agus adharc mo
shlánuighthe, mo thor árd agus mo dhídean, mo
shlánuightheóir do chumhduigh tú mé ó fhoir-éigion.


L. 2Sm22:4


Goirfidh mé ar an TTighearna,
noch is fíu a mholadh: marsin sáor-fuighear
ar mo námhaid mé.


L. 2Sm22:5


Anuair thangadar tonna an
bháis am thimchioll, tuilte an ndaoine
neimhdhíadha, do chuireadar eagla orum.


L. 2Sm22:6


Thangadar doilghiosa ifrinn am
thimchioll; do cuireadh líonta an bháis
romham.


L. 2Sm22:7


Ann méigion do ghoir mé ar an
TTighearna, agus do éigh mé ar mo
Dhía, agus dochúalaidh sé mo ghuth
as a theampall, agus dochúadar mo
chomhairce asteach na chlúasaibh.


L. 2Sm22:8


Annsin do chorruigh, agus do chrío-thnuigh
an talum: do chorruigheadar,
agus do chriothnuigheadar bunáite neimhe,
do bhrígh go raibh fearg airsion.


L. 2Sm22:9


Dochuáidh deatach súas as a
pholláiríb, agus do loisc teine as a
bhéul; do deargadh smérthoide ris.


L. 2Sm22:10


Do chláon sé fós na neamha, a-gus
tháinic sé anuas, agus dobhí
dorchadus fá na chosuibh.


L. 2Sm22:11


Agus dobhí ag marcuigheachd
ar Cherubin, agus do eitiol sé, agus
doconncus é ar sciathánuibh na gaói-the.


L. 2Sm22:12


Agus dorinne sé dorchadus na
bpáuilliuin fagcuáirt na thimchioll,
uisceadha dorcha, agus neóill thiugha
an naiéir.


L. 2Sm22:13


Treas an lonnradh (dobhí) roimhe-
sion do deargadh smérthóide teineadh.


L. 2Sm22:14


Do tóirnigh an Tighearna ó
neamh, agus dfoillsigh an té is áirde
a ghuth.


L. 2Sm22:15


Agus do chuir sé saighde a-mach,
agus do scaóil ó chéile íad;
teinteach, agus do chláoidh sé íad.


L. 2Sm22:16


Agus doconncus grinnioll na
fairge, do léigeadh leis bunáitigh an
tsáoghail, le hiomaithfear an Tighearna,
le séideadh anála a pholláireadh.


L. 2Sm22:17


Do chuir sé ónáird anuas,
agus do glac sé mé: do tharruing sé amach
as iomad uisgeadh mé.


L. 2Sm22:18


Do sháor sé mé ar mo námhuid
láidir, agus ón droing do fhúathaigh
mé; óir dobhádar roneartmhar agam.


L. 2Sm22:19


Thangadar orum go hobann,
a ló mo anacra: achd dobé an Tighear-na
mo chothughadh.


L. 2Sm22:20


Thug sé fós amach mé go háit
fhairsing: do sháor sé mé, do bhrígh go
raibh dúil aige ionnam.


L. 2Sm22:21


Do lúachuigh an Tighearna mé,
do réir mfíreantachda; do réir ghloine
mo lámh do chúitigh sé riom.


L. 2Sm22:22


Oír do choimhéid mé slightheacha
an Tighearna, agus níor dhealuigh mé go
coirtheach re mo Dhía.


L. 2Sm22:23


Oír dobhádar a bhreitheamhnuis
uile as mo choínne, agus a statúidigh
níor dhealuigh mé ríu.


L. 2Sm22:24


Dobhí mé mar an ccédna fír-énta
dha lathair, agus do chonnuighios mé
féin óm égceart.


L. 2Sm22:25


Ar anadhbharsin do chúitigh
an Tighearna riom, do réir mfíréntachda,
do réir mo ghloine a radharc a shúl.


L. 2Sm22:26


Ris an dtrócaireach taisbeanfa
tú thú féin trócaireach; agus ris an
nduine dhíreach, taisbeanfa tú thú féin
díreach.


L. 2Sm22:27


Ris an nglan taisbeanfa tú thú
féin glan, agus ris an gceannairceach
taisbeanfa tú thú féin domblasda.


L. 2Sm22:28


Agus tárthochuidh tú na daóine
buáidheartha: achd atáid do shúile ar
na daóinibh árda, chor go ccuirfidh tú
síos íad.


L. 2Sm22:29


Oir is tusa mo choinniollsa, a
Thighearna: agus soillseochuidh an Tigh-earna
mo dhorchadus.


L. 2Sm22:30


Oir thríódsa do rioth mé tré
chuideachda, tré mo Dhía féin do ling mé
tar bhalla.


L. 2Sm22:31


Atá slighe Dé iomlán, do dearbhadh
bríathar an Tighearna: atá sé na scéith
ag gach áon dá gcuirionn a dhóigh
ann.


L. 2Sm22:32


Oir cía is Día ann, achd an Tigh-earna?
agus cía as carruic achd ar
Ndianne.


L. 2Sm22:33


Sé Día mo neart, agus mo
cumhachda, agus doní sé mo shlighe
iomlán.


L. 2Sm22:34


Doní sé mo chosa amhuil cosa
eilite, agus suighidh sé mé ar máitibh
árda.


L. 2Sm22:35


Múinidh sé dom lámhuibh cogadh,
iondus go mbrístear bogha crúadhach
lem lámhuibh.


L. 2Sm22:36


Thug tú dhamh mar an gcédna
scíath do shlánuighthe, agus dorinne do
cheannsachd mór mé.


L. 2Sm22:37


Do fhairsingidh tú mo choiscéime
fúm, ionnus nar shleamhnuigheadar mo chosa.


L. 2Sm22:38


Do lean mé mo naimhde, agus do
mharbh mé íad: agus níor fhill mé arís
nó gur dhíthlaithrigh mé íad?


L. 2Sm22:39


Agus do scrios mé íad, agus
do loit mé íad: iondus narbhféidir
leó éirghe, achd gur thuiteadar fam
chosuibh.


L. 2Sm22:40


Oír do ghléas tusa mé lé neart
chum catha: an drong déirigh súas
am aghaidh, do chláoidh tusa fúm
íad.


L. 2Sm22:41


Thug tú dhamh mar an gcéadna
muinéil mo námhad, ionnus go muirfinn
an luchd fhuáthuighios mé.


L. 2Sm22:42


Do fhéuchadar , ach ní raih áon
do thárthochadh: chum an Tighearna, ach
níor fhreagair sé íad.


L. 2Sm22:43


Annsin do bhúail misi íad mar
lúaithreadh na talmhan: do bhrúigh mé íad
mar laithigh na sráide, agus do spréidh
mé ó chéile íad.


L. 2Sm22:44


Do sháor tusa mé mar an gcéd-na
ó cheannairgibh mo dhaoine, do chumduigh tú
mé do beith am cheann air na geintibh: daoi-ne
nar fheadair mé, dodhénuid serbhís
damh.


L. 2Sm22:45


Uimhleochuid coimhithigh dhamh: ar
a mball a gcluinfid, béid umhal
damh.


L. 2Sm22:46


Críonfuid na coimhithigh, agus
biáidh eagla orra amach as anáitibh
daingne.


L. 2Sm22:47


Mairigh an Tighearna, agus go
madh bheanuigh mo charruigse, agus go
narduighthear Día chairge mo shlá-nuighthe.


L. 2Sm22:48


Sé Día doní dioghaltas ar mo
shonsa, agus dobheir síos na dáoine
fúm,


L. 2Sm22:49


Agus dobheir amach óm naimh-de
mé: do thóg tusa fós mé, do cháo-mhuin
tú mé ónfear díbhfheirgeach.


L. 2Sm22:50


Ar anadhbharsin dobhéra mé
buidheachus duitsi, a Thighearna, a measc
na ngeinteadh, agus canfa mé molta
dod ainm.


L. 2Sm22:51


As tor slánuighthe eision dá
Rígh: agus foillsigh sé trócaire
dá ungthach, do Dháibhi agus dá shíol
go bráth.



Caib.23.


L. 2Sm23:1


Anois asíad so bríathra
deighionacha Dháibhi; du-bhairt
Dáibhi mhac Iesse, agus
adubhairt an té do tógbhadh
súas go hárd, ungthach Dé
Iácob, agus sailmchéadlach binn Israel:


L. 2Sm23:2


Do labhair spiorad an Tighearna
thríomsa, agus dobhí a bhríatar ann
mo theanguidh.


L. 2Sm23:3


Adubhairt Día Israel, do labhair
carruig Israel riomsa: caithfidh an
té ríaghlas ós cionn daóine bheit ceart,
ag síaghladh an neagla Dé.


L. 2Sm23:4


Agus biáidh sé mar sholus
na maidne, an nuair éirghios an
ghrían, eadhon ar maidin gan néull,
mar an bhféur mín ag fás as an tta-lamh
le deálra glan a ndiáigh fear-thanna.


L. 2Sm23:5


Má atá nach bhfuil mo thigh mar-
sin ag Día, gidheadh dorinne sé cean-gal
síorruidhe riomsa, órduighthe ann
gach uile ní, agus daingion: óir sé
so mo shlánughadhsa uile, agus mfonn
uile, mátá nach dtiubhra seision air
fás.


L. 2Sm23:6


Ach béid mic Bhélial uile mar
dhealga teilgthear amach, do chionn nach
féidir breith orra le lámhuibh.


L. 2Sm23:7


Achd an té bheanfas riú cumhduighear
é le híarann, agus le crann gatha,
agus loisgfighear thríd amach le teine
íad ansanáit chédna;


L. 2Sm23:8


Síad so anmanna na ndáoine
neartmhara dobhí ag Dáibhi: an Tach-moniteach
do shuidh annsa chathaoír,
uachdarán a measg na ccaiptíneadh (dobé
sin Adino an Tesniteach) do thóg
sé a ghath anaghaidh ochd ccéad noch
do mharbh sé anénuáir.


L. 2Sm23:9


Agus a ndiáigh anfir sin dobé
Eleásar mhac Dodo an Taho-híteach,
aón don triúr do na dáoinibh
cumhachdacha dobhi ag Dáibhi anuair thuga-dar
a slán fá na Philistínibh, noch do
chruinnigh annsin a gcionn achéile chum catha,
agus dimthigheadar fir Israel rompa.


L. 2Sm23:10


Deirigh seision, agus do bhuáil
sé na Philistínigh nó go raibh a lámh
curtha, agus gur cheangail a lámh don
chloidheamh: agus do oibrigh an Tighearna
búaidh mhór an lá sin; agus dfilleadar
na daóine na dhiáigh ar son édala amáin.


L. 2Sm23:11


Agus a ndhiaigh anfirsin do
bhí Sammah mhac Agee an Hararíteach:
agus do chruinnigheadar na Philistinigh
íad féin a gcionn a chéile a gcuideachduin,
mar a raibh píosa fearuinn lán do phisean-uigh?
agus do theitheadar na dáoine roimhe
na Philistinibh.


L. 2Sm23:12


Ach do sheas seision a lár anfearuinn,
agus do chumhduigh sé é, agus
do mharbh sé na Philistinigh: agus do
oibrigh an Tighearna buáidh mór.


L. 2Sm23:13


Agus dochuáidh triúr don trí-ochad
dob oirdhearca síos, agus tanga-dar
go Dáibhi annsa bhfóghmar go huaimh
Adullam: agus do shuigheadar slúagh na
BhPhilistineach a ngleann Rephaim.


L. 2Sm23:14


Agus dobhí Dáibhi annsin a
ndaingion, agus dobhí gairiosún na
bhPhilistinech an tan sin a Mbet-lehem.


L. 2Sm23:15


Agus do ghabh fonn Dáibhi, agus
adubhairt, oh nach ttugann duine éigin
deoch dhamh duisge thobair bhet-lehem,
noch atá láimh ris an ngeata.


L. 2Sm23:16


Agus do bhriseadar an tríur
fear neartmhar tre shlúagh na bhpilisti-neach,
agus do thairngeadar uisge as to-bar
bhet-lehem, dobhí láimh ris an gheata,
agus do ghlacadar, agus tugadar léo
é go Dáibhi: gidheadh níorbhaíll leision ól
de, achd do dhóirt sé amach é don Tighear-na.


L. 2Sm23:17


Agus adubairt sé, bíodh sin a
bhfad uaimsi, a Thighearna, go ndénuinn
so; nach í so fuil na ndáoine dochuáidh
a nguais a nanma; uime sin níorbháill
leis a ól: dorinneadar an triúrsa
dfearuibh gaisgeamhla na neithesi.


L. 2Sm23:18


Agus dobhí Abisai mhac Seru-iah
dearbhrathair Ióab na cheann ar thriúr;
agus do thóg sé a ghath súas ana-ghaid
thrí gcéd, agus do mharbh se íad,
agus fuáir sé ainm a measc triúir.


L. 2Sm23:19


Nach raibh sé roonorach do thrí-ur?
uimesin dobhí sé na chaiptín orra:
bíodh nach ráinic sé a ccoimhmeas ris an
ccéidthríur.


L. 2Sm23:20


Agus Benaiah mhac Iehoi-da,
mac duine churata ó Chab-seel,
noch dorinne móirghníomha, do
mharbh sé días fear leomhanta do Mhóab:
dochuáidh sé síos mair an gcédna, agus
do mharbh sé leomhan a lár cuife anaimsir
shneachda.


L. 2Sm23:21


Agus do mharbh sé Egipteach,
duine brédha, agus dobhí gath ag an
Negipteach ann a láimh; achd dochuáidh se-sion
síos chuige le maide, agus do
tharruing an gath as láimh an Négiptigh,
agus do mharbh lena ghath féin é.


L. 2Sm23:22


Dorinne Benaiah mhac Iehoiada
na neithesi; agus fuáir sé ainm a
measc thrír do dháoinibh neartmhara.


L. 2Sm23:23


Dobudh onóruigh é ná an trío-chad,
achd ní ráinic sé gus an triúrso;
agus do chuir Dáibhi ós cionn a luchd
coimhéda é.


L. 2Sm23:24


Dobhí Asahel dearbhrathair Ióab
na áon don tríochad? Elhanan mhac
Dodo ó Bhet-lehem,


L. 2Sm23:25


Sammah an Harodíteach, Elica
an Harodíteach,


L. 2Sm23:26


Heles an Paltiteach, Ira
mhac Icces an Tecoiteach.


L. 2Sm23:27


Abieser an Tanetotiteach,
Mebunnai an Husatiteach,


L. 2Sm23:28


Salmon an Tahohiteach, Mahari
an Netophatiteach,


L. 2Sm23:29


Heleb mhac Baanah an Neto-phatiteach,
Ittai mhac Ribai as Gibeáh do
chloinn Bheniamin,


L. 2Sm23:30


Benaiah an Piratoniteach, Hid-dai
ó ghleantuibh Gaas,


L. 2Sm23:31


Abi-albon an Tarbatiteach,
Asmabhet an Barumiteach,


L. 2Sm23:32


Elihaba an Saalboniteach; do
mhacaibh Iasen, Ionatan,


L. 2Sm23:33


Sammah an Harariteach, Ahiam
mhac Sarar an Harariteach,


L. 2Sm23:34


Eliphelet mhac Ahasbai an
Naahatíteach, Eliam mhac Achitophel
an Giloniteach.


L. 2Sm23:35


Hesrai, an Carmelíteach, Paa-rai
an Tarbiteach,


L. 2Sm23:36


Igal mhac Nátan ó Shóbah,
Bání an Gaditeach,


L. 2Sm23:37


Selec an Tamoniteach, Naharai
an Beerotiteach, fear iomhcartha airm
Ióab mhic Seruiah,


L. 2Sm23:38


Ira an Hitriteach, Gareb an
Hitriteach,


L. 2Sm23:39


Uriah an Hititeach; tríochad
agus móirsheisear an tiomlán.



Caib.24.


L. 2Sm24:1


Agus arís do las fearg an
Tighearna anaghaidh Israel,
agus do chorruidh sé Dáibhi
na naghaidh, dha rádh, imthigh
agus comháir Israel agus
Iúdah.


L. 2Sm24:2


Oir adubhairt an Rígh ré Ióab
caiptín a shlóigh, éirigh annois ar feadh
threabh Israel, ó Dhan go Beerséba,
agus comháir an pobal, chor go mbía
fios uibhre an phobail agumsa.


L. 2Sm24:3


Agus adubhairt Ióab ris an Rígh,
anois go ccuirigh do Thighearna Díase
a gceann an phobail (gidhbé dhá mhéid dá
bhfuilid) a chéud oirid, agus go bhfai-cidh
súile mo thighearna an Rígh é: ach
cred as a bfuil dúil ag mo thighearna
an Rígh annsa ní so?


L. 2Sm24:4


Gidheadh rug bríathra an Rígh
buáidh anaghaidh Ióab, agus anaghuidh
chaiptínigh an tslóigh: agus dochuáidh
Ióab, agus caiptínigh an tslóigh
amach ó lathair an Rígh daireamh phobail
Israel.


L. 2Sm24:5


Agus dochúadar anonn tar Ior-dan,
agus do fhosadar ann Aroer, don
taóibh ó dheas don chathruigh atá a lár
abhann Ghad, agus leath re Gaser.


L. 2Sm24:6


Annsin tangadar go Gílead, a-gus
don tír íochdruigh núadháitighe; a-gus
tangadar go Dan-Iaan, agus
fágcuáirt go Sídon.


L. 2Sm24:7


Agus tangadar go daingion
láidir Tíor, agus go caithreachaibh na
Hibhiteach, agus na Gcananíteach
uile: agus dochúadar amach don taóibh
ó dheas do Iúdah go Beerséba.


L. 2Sm24:8


Annsin an tan dochúadar thríd
an dúithche uile, thangadar go Hieru-salem
a gcionn naói míos agus fhith-chid lá.


L. 2Sm24:9


Agus thug Ióab don Rígh suim
uibhre na ndaóineadh, agus dobhí ann Is-rael
ochd ccéd míle fear gaisgeamhuil do
tharruing cloidheamh; agus dobhí muintir
Iúdah cúig chéud míle fear.


L. 2Sm24:10


Agus do ghoin croidhe Dháibhi
é féin tar éis na ndaoineadh áireamh dhó:
agus adubhairt Dáibhi ris an TTighear-na,
do pheacaidh mé go mór annsa ní dorinne
mé; agus anois guidhim thú, a
Thighearna, glan do shearbhfhoghantuigh óna
éigceart; óir dorinne mé go roleamh.


L. 2Sm24:11


Oír anuáir déirigh Dáibhi ar
maidin, tháinic briathar an Tighearna
gus an bhfáidh Gad, fear fiosa Dháibhi,
ga rádh;


L. 2Sm24:12


Eirigh agus abair re Dáibhi, is
marso adeir an Tighearna; atáim ag
tairgsin thrí neithe dhuit, beir do rogha
dhíobh go ndéna mé dhuit é.


L. 2Sm24:13


Mar sin tháinic Gad go Dáibhi,
agus adubhairt sé ris, an ttiucfaid
seachd mblíadhna gorta ort ann do dhúithche?
nó an tteithfidh tú trí mhí roimhe do
naimhde an feadh bhías síad dot leanmhuin? nó
an mbiáidh trí lá pláighe ann do dhúithche?
anois déna comhairle, agus féuch cred
é an fhreagra bhérus misi ar an té do
chuir uadh mé?


L. 2Sm24:14


Agus adubhairt Dáibhi ré Gad,
atáim a gcumhgach mhór; tuitmíd anois
a láimh an Tighearna; óir is mór a thró-caire,
agus ná tuiteam a láimh duine.


L. 2Sm24:15


Annsin do chuir an Tighearna
pláigh ar Israel ó mhaidin nó go ttái-nic
an tam cinnte: agus fuáir bás do
na daóinibh ó Dhan go Beerséba seachd-moghad
míle.


L. 2Sm24:16


Agus an tan do sín an taingeal
a lámh amach ar Iarusalem dá hargoin,
do ghabh aithreachus an Tighearna fánolc
agus adubhairt ris anaingeal do
mharbh na daóine, is lór sin; connuimh a-nnois
ar do láimh. Agus dobhí aingeal an
Tighearna ag ionad buáilte Araunah an
Iebusiteach.


L. 2Sm24:17


Agus do labhair Daibhi ris an
TTighearna anuáir dochonnairc sé an
taingeal do bhuáil na daóine, agus adubhairt
sé, ó is misi do pheacaidh, agus
dorinne droichní, ach na caóirighsi
cred dorinneadar? bíodh do lámh am a-ghaidhsi,
guidhim thú, agus anaghaidh thighe
mathar.


L. 2Sm24:18


Agus tháinic Gad an lá sin chum
Dáibhi, agus adubhairt sé ris, éirigh
súas, tóg altóir don Tighearna anur-lár
buáilte Araunah an Iebusiteach.


L. 2Sm24:19


Agus dochuáidh Dáibhi súas do
réir bhréithre Ghad, mar do aithin an
Tighearna.


L. 2Sm24:20


Agus dféuch Araunah, agus
dochonnairc sé an Rígh, agus a mhuintir
ag teachd go nuige é: agus dochuáidh
Araunah amach, agus do chrom é féin
ar a aghuidh ar an tallumh a lathair an
Rígh.


L. 2Sm24:21


Agus adubhairt Araunah, cred
fá ttáinic mo thighearna an Rígh chum
a sherbhísigh? agus adubhairt Dáibhi,
do cheannach urláir an bhuáilte uaitsi, do
thógbháil altóra don Tighearna, lé
gcoisgfidh an phláigh do na dáoinibh.


L. 2Sm24:22


Agus adubhairt Araunah ré
Dáibhi, glacadh mo thighearna an Rígh,
agus ofráladh súas an ní as maith ann
a radharc féin: féuch atáid annso
daimh chum íodhbartha loisge, agus na
súistighesi, agus cunga na ndamh chum
connaidh.


L. 2Sm24:23


Thug Araunah mar Rígh na
neithesi uile don Rígh: agus adubhairt
Araunah ris an Rígh, go nglacaidh do
Thighearna Día chuige thú.


L. 2Sm24:24


Agus adubhairt an Rígh ré Ha-raunah,
ní hamhluidh bhías, acht ceainneoch-uidh
mé uáit é ar a lúach: agus ní of-rála
mé ofráil loisge dom Thighearna
Día do ní nach ccoiseonuigh éinní dhamh.
Mar sin do cheannuigh Dáibhi an turlár
buáilte agus na daimh, ar cháogad Se-cel
airgid.


L. 2Sm24:25


Agus do thóg Dáibhi altóir ann
sin don Tighearna, agus do íodhbair of-rála
loisge, agus ofrála síothchá-na;
mar sin dofríth an Tighearna re a
guidhe ar son na dúithche, agus do cois-ceadh
an phláigh ó Israel.



<L 1Rí>



CEAD LEABHAR NA RIOGH, DA NGOIRTHEAGO COITCHEAN TREAS LEABHAR NA RIOGH



Caib.1.



<L 1Rí1:1>
Anois dobhí an Rígh Dáibhi
foirfe, agus áosta a
mblíadhnuibh; aeaus do chlú-dadar
é le héadach, achd
ní bhfuáir sé teas ar bith.



<L 1Rí1:2>
Ar anadhbharsin adubhradar a
shearbhfhoghantuighidh ris, íarthar dom thi-ghearna
an Rígh maighdion óg, agus sea-sadh
sí as coinne an Rígh, agus dénadh
sí fritheolamh dhó, agus luigheadh sí iona
bhrollach, chor go bhfuighe mo thighearna
an Rígh teas.



<L 1Rí1:3>
Mar sin díarradar cailín scía-mhac
ar feadh chóstadha Israel uile, agus
fuaradar Abisag, Sunamíteach, agus
thugadar chum an Rígh í.



<L 1Rí1:4>
Agus dobhí anóigbhean rosciá-mhach,
agus do fhritheoladh sí an Rígh,
agus doníodh miniostralachd dhó: ach
ní raibh an Rígh dfior aice.



<L 1Rí1:5>
Annsin do árduigh Adoniiah mhac
Haggit é féin, gha rádh, biáidh misi am
Rígh: agus do ghleús sé carbuid agus
marcshluágh dhó féin, agus cáogad
fear do rioth roimhe.



<L 1Rí1:6>
Agus níor chuir a athair na aghaidh
uair ar bíth, a rádh, cred fa ndeárna
tú marso? agus dobhí seision mar
an gcédna na fhear robhreágha; agus a
ndiáigh Absolon dorug (Haggit)
é.



<L 1Rí1:7>
Agus do chomhairligh sé le Ióab
mhac Seruiah, agus re Abiatar an Sa-gart:
agus ag leanmhuin Adoniiah dhóibh,
do chungnadar leis.



<L 1Rí1:8>
Ach Sádoc an Sagart, agus
Benaiah mhac Iehoiada, agus
Nátan an fáidh, agus Simei, agus
Rei, agus dáoine cumhachdacha do bhean
re Dáibhi, ni rabhadar a bhfochair Adoniiah.



<L 1Rí1:9>
Agus do mharbh Adoniiah caói-righ,
agus daimh, agus áirnéis mhéith
láimh ne cloich Sohelet, noch atá láimh
ré Hen-rogel: agus thug sé cuireadh
dhá dhearbhraithribh uile mic an Rígh, agus
do mhuintir Iúdah uile, searbhfhoghantui-ghidh
an Rígh.



<L 1Rí1:10>
Ach ni thug sé cuireadh do Nátan
an fáidh, ná do Bhenaiah, ná do na
dáoinibh cumhachdacha, ná do Sholamh a
dhearbhrathair.



<L 1Rí1:11>
Uimesin do labhair Nátan re
Bat-séba, mathair Sholaimh, gha rádh,
nach ccúala tusa go bhfuil Adoniiah
mhac Haggit na Rígh, agus ní bhfuil a
fhios sin ag Dáibhi ar ttighear-na?



<L 1Rí1:12>
Annois ar anadhbharsin, guidhim
thú, léig dhamhsa comhairle do thabhairt duit
lé ccoiseonuigh tú hanum féin agus
anum do mhic Solamh.



<L 1Rí1:13>
Eirigh agus imthigh asteach go
Dáibhi Rígh, agus abair ris, nach dtug
tusa do mhionna, mo thighearna ó a Rígh,
dot bhanoglaich, dha rádh, go deimhin
biáidh do mhac Solamh na Rígh am dhiáighsi,
agus suighfidh sé am chathaoir ríogha?
maiseadh cred fá bhfuil Adoniiah na
Rígh?



<L 1Rí1:14>
Féuch an feadh bhías tusa annsin
ag labhairt ris an Rígh, tiucfa misi asteach
fós ad dhiaigh si, agus
daingneocha mé do bhriáthra.



<L 1Rí1:15>
Agus dochuáidh Bat-séba asteach
chum an Rígh don tseómra: agus
dobhí an Rígh rofhoirfe, agus dobhí
Abisag an Sunamiteach ag minios-tralachd
don Rígh.



<L 1Rí1:16>
Agus do chrom Bat-seba,
agus dorinne sí umhla don Rígh, agus
adubhairt sé, cred is áill leachdsa;



<L 1Rí1:17>
Agus adubhairt sisi ris, ó mo
thighearna, do mhionnuigh tú fad Thighear-
na Día dot bhanoglaich, dá rádh, go
deimhin biáidh Solamh do mhacsa na Rígh
am dhiáighsi, agus suighfidh sé ann mo
chathaoir ríogha.



<L 1Rí1:18>
Agus annois féuch atá Ado-niiah
ag ríaghlughadh, agus ó mo
thighearna a Rígh, ní bhfuil a fhios sin
agadsa.



<L 1Rí1:19>
Agus do mharbh sé daimh agus
áirnéis reamhar, agus móran cáorach,
agus dothug sé cuiredh do mhacuibh an
Rígh uile, agus do Abiatar an sagart,
agus do Ióab caiptín an tslóigh: ach
ní thug sé cuireadh dot shearbhfhoghantuigh
Solamh.



<L 1Rí1:20>
Agus tusa mo thighearna ó a
Rígh, atáid súile Israel uile ort, go
ninneostá dhóibh cía shuighfios a ccatháoir
ríogha mo thighearna an Rígh na dhiáigh.



<L 1Rí1:21>
Nó teigeomhaidh anúair choideolus
mo thighearna an Rígh a bhfochair a ai-threadh,
go measfuighthear misi agus mo
mhac Solamh ar naindlightheachaibh.



<L 1Rí1:22>
Acht cheana an feadh dobhí sí fós
ag comhrádh ris an Rígh, thaínic Ná-tan
an fáidh asteach mar an gcéad-na.



<L 1Rí1:23>
Agus do innsiodar don Rígh dhá
rádh, féuch Nátan an faídh: agus an
tan tháinic sé asteach a bhfiadhnuise
an Rígh, do chláon sé é féin a la-thair
an Rígh lena aghaidh chum na
talmhan.



<L 1Rí1:24>
Agus adubhairt Nátan, ó mo
thighearna a Rígh, a ndubhairt tusa, biáidh
Adomiiah na Rígh am dhiáigh, agus
suighfidh sé ann mó chathaóir ríogha?



<L 1Rí1:25>
Oír dochuáidh sé síos aniugh,
agus do mharbh sé daimh agus áirnéis
reamhar, agus caóirigh go hiomada-mhuil,
agus do ghoir sé mic an Rígh uile,
agus caiptinigh an tslóigh, agus Abiatar
an sagart; agus féuch atáid ag ithe
agus ag ól da lathair, agus adeirid
siád, go mairigh an Rígh Adoniiah.



<L 1Rí1:26>
Acht misi, misi do shearbhfo-ghantuigh,
agus Sádoc an Sagart,
agus Benaiah mhac Iehoiada, agus
do shearbhfhoghantuigh Solamh, níor ghoir sé
sinn.



<L 1Rí1:27>
Ané mo thighearna an Rígh dori-nne
na neithesi, agus nár fhoillsigh tú
dot shearbhfhoghantuigh, cía shuighfiodh a
ccathaóir mo thigearna an Rígh na
dhiaigh?



<L 1Rí1:28>
Annsin do fhreagair Dáibhi Rígh agus a
dubhairt, goirigh chugam Bat-seba:
agus tháinic isi a bfiadhnuisi an Rígh,
agus do sheas a lathair an Rígh.



<L 1Rí1:29>
Agus thug an Rígh a mhionna,
agus adubhairt, mar mhairios an Tighea-rna,
noch dfúasguil manum as gach uile
amhgar,



<L 1Rí1:30>
Amhuil agus thug mé mo mhionna
dhuitse fa Thighearna Día Israel, gha
rádh, go deimhin biáidh Solamh do mhac na
Rígh am dhiaighsi, agus suighfidh
sé am chathaóir ríogha am áit; mar
sin dodhéana mé aniugh go dearbtha.



<L 1Rí1:31>
Annsin do chrom Bat-séba lena
gnúis chum na talmhan, agus dorinne sí
umhla don Rígh, agus adubhairt, go mairigh mo
thighearna Dáibhi Rígh go síorruidhe.



<L 1Rí1:32>
Agus adubhairt Dáibhi Rígh,
goiridh chugam Sádoc an sagart, agus
Nátan an fáigh, agus Benaiah mhac
Iehoiada: agus tangadar a lathair an
Rígh.



<L 1Rí1:33>
Adubhairt an Rígh riú mar an
gcéadna, beiridh libh searbhfhoghantuighidh
bhur ttighearna, agus tugaidh air
Sholamh mo mhac dul air muin mo mhúille
féin, agus beirigh síos é go Gi-hon.



<L 1Rí1:34>
Agus ungadh Sádoc an sagart,
agus Nátan an fáidh annsin é na
Rígh ós cionn Israel: agus séidigh si
an stoc, agus abruidh, go mairigh an
Rígh Solamh.



<L 1Rí1:35>
Annsin tiucfuidhesi aníos na
dhiáigh, chor go ttiucfa sé, agus go
suighfidh ann mo chathaóir ríoghasa; óir
biáidh sé na Rígh am áit: agus do órd-
uigh misi é bheith na ríaghluightheóir ós
cionn Israel, agus ós cionn Iúdah.



<L 1Rí1:36>
Agus do fhreagair Benaiah mhac
Iehoiada an Rígh, agus adubhairt, A-men
go nabra Tighearna Día mo
thighearna an Rígh sin.



<L 1Rí1:37>
Mar dobhí an Tighearna lem
thighearna an Rígh, go raibh mair sin le
Solamh, agus go ndérna sé a chatháoir
ríogha nios mó ná cathaóir mo thighear-
na Dáibhi Rígh.



<L 1Rí1:38>
Annsin dochuáidh Sádoc an
sagart, agus Nátan an fáidh, agus
Benaiah mhac Iehoiada, agus na Che-retitigh,
agus na Peletitigh síos, a-gus
do chuireadar Solamh ar muin mhúil-le
Dháibhi Rígh, agus thugadar go Gihon é.



<L 1Rí1:39>
Agus do bhean Sádoc an sa-gart
adharc ola amach as an ttaber-nacuil,
agus do ungaidh sé Solamh:
agus do shéideadar an stoc, agus adubhairt
an pobal uile, go mairigh an Rígh
Solamh.



<L 1Rí1:40>
Agus tháinic an pobal uile
aníos na dhiáigh, agus dobhí an po-bal
ag píobaireachd le píobuib, agus dorinnea-dar
sólás maille re gáirdeachus
mór, iondus gur scoilt an talamh
léna bhfuáim.



<L 1Rí1:41>
Agus dochualuidh Adoniiah
sin, agus a luchd cuirigh uile dobhí
na fhochair, ar gcur dheiridh lena gcuid
bídh dithe: agus anuáir dochualuidh
Ióab guth an stuic, adubhairt sé, créd
fá bhfuil an tormánso na caithreach ag
dul thríd a chéile.



<L 1Rí1:42>
Agus an fad dobhí gha rádh
sin, féuch tháinic Ionatan mhac Abiatair
an sagart, agus adubhairt Adoniiah
ris, tárr asteach: óir is duine cródha
thú, agus atáid scéula maithe leachd.



<L 1Rí1:43>
Agus do fhreagair Ionatan, a-gus
adubhairt sé re Adoniiah, go
deimhin dorinne Dáibhi Rígh ar ttigh-earna
Rígh do Sholamh.



<L 1Rí1:44>
Agus do chuir an Rígh Sádoc
an sagart leis, agus Nátan an fáidh,
agus Benaiah mhac Iehoiada, agus na
Cheretitigh, agus na Peletítigh,
agus tugadar air dul ar muin mhúille
an Rígh.



<L 1Rí1:45>
Agus do ung Sádoc an sa-gart,
agus Nátan an fáidh é na Rígh
ann Gihon: agus tangadar aníos as
sin ag urgháirdiughadh, iondus gur líon
an chathair dfuáim agus dfothrom: a-gus
asé sin an giorach dochuala-bhairsi.



<L 1Rí1:46>
Agus fós atá Solamh na shuighe
a ccathaóir na rioghachda.



<L 1Rí1:47>
Agus tuilleamh oile, thanga-dar
serbhísigh an Rígh do bheannughadh ar
ttighearna Dáibhi Rígh, gha rádh, go
ndérna Día ainm Sholaimh níos férr
ná hainmsi, agus go ndérna sé a
chathaóir níos mó ná do chathaóir:
agus do chlaon an Rígh é féin ar a
leabuidh.



<L 1Rí1:48>
Agus mar an gcédna is mar-
so adubhairt an Rígh, go madh beannuigh
an Tighearna Día Iosrael, noch thug
duine do shuidhe ann mo chathaóir ríogha
aniugh, agus mo shúile féin dá fhaic-sin.



<L 1Rí1:49>
Agus do ghabh eagla a raibh air
cuireadh a bhfochair Adoniiah, agus déir-gheadar
súas, agus dimthigh gach áon
aca roimhe.



<L 1Rí1:50>
Agus do gabh eagla Adoniiah
roimhe Sholamh, agus déirigh sé, agus
do imthigh, agus dorug sé greim ar
adharcaibh na haltóra.



<L 1Rí1:51>
Agus do hinnseadh do Sholamh
dha rádh, féuch atá eagla ar Adoniiah
roimhe an Rígh Solamh: óir féuch rug sé
greim ar adharcaibh na haltóra, gha
rádh, tugadh an Rígh Solamh a mhionna
dhamhsa aniugh nach muirfidh sé a shearbh-fhoghantuigh
leis an gcloidheamh.



<L 1Rí1:52>
Agus adubhairt Solamh, má fhoill-sighionn
sé é féin na dhuine churata, ní
racha én ruibe dhá ghruáig fá thalumh;
acht má geibhthear droichmhéin ann, cuir-fighear
chum báis é.



<L 1Rí1:53>
Mar sin do chuir an Rígh Solamh
fios air, agus thugadar léo anuas ónaltóir
é; agus tháinic sé, agus dumh-luigh
é féin don Rígh Solamh: agus adu-bhairt
Solamh ris, imthigh dot thigh.



Caib.2.



<L 1Rí2:1>
Anois do dhruideadar láethe
Dháibhi a bhfogus, chor go
bhfuigheadh sé bás: agus do
chuir cúram ar a mhac So-lamh,
dha rádh,



<L 1Rí2:2>
Atáimse ag dul a slighe na tal-mhan
uile; bíse láidir ar anadhbhar-
sin, agus taisbéin thú féin go feara-mhuil.



<L 1Rí2:3>
Agus coimhéud cúram do Tigh-earna
Dé, ag siubhal iona shlighthibh, ag
coimhéd a statúideadh, agus a aithean-ta,
agus a bhreitheamhnasa, agus a fhiaghnui-seadh,
mar atá scríobhtha a ndligheadh
Mhaóise, chor go mbeirigh tú buáidh
annsanuile ní dá dhéna tú, agus ann
gach uile tháobh a niompocuidh tú thú
féin.



<L 1Rí2:4>
Ionnus go ndaingneochaidh an Tigh-earna
a fhocal síorruidhe, noch do la-bhair
sé dom tháobhsa, gha rádh, má bhei-rid
do chlann aire dhá slighe, ag siu-bhal
a bhfírinne am lathairse, maille rena
nuile chroidhe, agus rena nuile an-um,
ní theisdeocha uáit (ar seision)
duine a ccathaóir ríogha Israel.



<L 1Rí2:5>
Tuilleamh oile fós, atá a fhios
agad créd dorinne Ióab mhac Se-ruiah
orumsa, agus cred dorinne sé
ré dhá chaiptín shlóigh Israel, re
Abner mhac Ner, agus re Amasa
mhac Ieter, noch do mharbh sé, agus
gur dhóirt fuil an chogaidh sa tsíoth-cháin,
agus gur chuir sé fuil an chog-uidh
ar a chrios dobhí timchioll a chaóil,
agus ar a bhrógaibh dobhí ar a cho-saibh.



<L 1Rí2:6>
Dénasa ar anadhbharsin do
réir mar dochítear dot ghliocus, a-gus
ná léig a cheann líath do dhul síos
san nuáigh a síothcháin.



<L 1Rí2:7>
Acht foillsigh muinteardhus do
mhacaibh Barsillai an Gileaditeach, a-gus
bídís don droing iósas ar do
bhórd; óir is marsin thangadar chu-gamsa
anuáir do theith mé roimhe
Absolon do dhearbhrathair.



<L 1Rí2:8>
Agus féuch atá agad Símei
mhac Gera Beniamíteach, ó Bhahúrim,
noch do mhalluigh orumsa le mallu-ghad
deanachdach annsa ló a ndeachaidh
mé go Mahanaim: achd tháinic sé anuas
am choinne go Iordan, agus do
mhionnuigh mé dhó fan TTighearna, gha
rádh, ní chuirfe mé chum báis thú leis
an ccloidheamh.



<L 1Rí2:9>
Annois ar anadhbharsin ná meas-
sa neimhchiontach é: óir is duine críonna
thú, agus atá a fhios agad cred is
cóir duit do dhénamh ris: achd tabhair
a cheann líath síos chum na huáighe ré
fuil.



<L 1Rí2:10>
Mar sin do choduil Dáibhi a
bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh
é a gcathair Dháibhi.



<L 1Rí2:11>
Agus ba ceathrachad blíadhan na
láethe dobhí Dáibhi na Rígh ós cionn
Israel: dobhí sé na Rígh ann Hébron
seachd mblíadhna, agus tríochad agus
trí blíadhna na Rígh ann Iarusalem.



<L 1Rí2:12>
Annsin do shuigh Solamh a
ccathaóir a athar Dáibhi, agus do
daingnigheadh a rioghachd go mór.



<L 1Rí2:13>
Agus tháinic Adoniiah mhac
Haggit go Bat-seba, mathair Sholaimh:
agus adubhairt sise, an go síothchán-ta
thig tusa? agus adubhairt sei-sion,
is go síothchánta.



<L 1Rí2:14>
Agus adubhairt sé fós, atá ní
áirigh agam ré a rádh riotsa; agus
adubairt sise, abair romhad.



<L 1Rí2:15>
Agus adubhairt seision, atá
a fhios agad go madh liomsa an rio-ghachd,
agus gur iompóigh Israel uile
a naghaidh orum dom bheith am Rígh;
gidheadh diompóigh an rioghachd fa gcú-airt,
agus tháinic chum mo dhearbhrathar;
óir fa leision ón TTighearna í.



<L 1Rí2:16>
Agus anois íarruim én ath-chuinge
amhaín ortsa, ná diúilt mé.
Agus adubhairt sisi ris, abair romhad.



<L 1Rí2:17>
Agus adubhairt sé, guidhim thú,
labair re Solamh an Rígh (óir ní
dhiúltfa sé thú) go ttugadh sé Abi-sag
an Sunamíteach na mnáoi dhamh-
sa.



<L 1Rí2:18>
Agus adubhairt Bat-séba; lór
a fheabhus, laibheóra misi ar do shon
ris an Rígh.



<L 1Rí2:19>
Docuáidh Bat-séba uime sin
mar a raibh an Rígh Solamh do labhairt
ris ar son Adoniiah: agus déirigh an
Rígh suas na coinne, agus do umhluidh
sé é feín di, agus do shuigh sé
iona chathaóir riógha, agus thug fa
deara cathaóir do thabhairt chum mathair
an Rígh; agus do shuigh sí ar a láimh
dheis.



<L 1Rí2:20>
Annsin adubhairt sí, ataím ag
iárruidh éan athchuinghe bige amhaín ort,
guidhim thú, ná díúlt mé: agus adu-bairt
an Rígh ría, íarr romhad a mhathair:
óir ní dhiúltfa mé thú.



<L 1Rí2:21>
Agus adubhairt sisi, tugthar
Abisag an Sunamiteach dot dhearbhrathair
Adoniiah na mnaói.



<L 1Rí2:22>
Agus do fhreagair an Rígh Solamh,
agus adubhairt réna mhathair, agus
cred fá níarrann tusa Abisag an Su-namiteach
do Adoniiah? íarr an rio-ghachd
dó mar an gcéadna; (óir is é
mo dhearbhrathair is sine é) eadhon dó
féin, agus do Abiatar an Sagart,
agus do Ióab mhac Seruiah.



<L 1Rí2:23>
Annsin do mhionnuigh an Rígh So-lamh
fan TTighearna, gha rádh, go ndeárna
an Tighearna Día mar sin riomsa, agus
tuilleamh fós, munar labhair Adoniiah an
focalsa anaghaidh a sháoghail féin.



<L 1Rí2:24>
Anois ar anadhbharsin mar
mhairios an Tighearna, noch do dhaingnidh
misi, agus do chuir am shuighe a gca-thaoir
Dháibhi mathar mé, agus noch
dorinne tigh dhamh, mar do gheall sé,
cuirfighthear Adoniiah chum báis aniugh.



<L 1Rí2:25>
Agus do chuir an Rígh Solamh
lé laímh Bhenaiah mhic Iehoiada, agus
do thiomáin air gur mharbh é.



<L 1Rí2:26>
Agus adubhairt an Rígh ré
Abiatar an Sagart, imthighsi go Ha-natot
dot mhachairib féin, óir do thuill
tú bhás: acht ni chuirfe misi chum báis
anuairse thú, do bhrígh gur fhulaing
tú anshódh ann gach áit ar iomchair
mathair anshódh.



<L 1Rí2:27>
Marsin do theilg Solamh Abia-tar
amach ó bheith na Sagart ag an TTi-ghearna;
go ccoimhlíonadh sé focal
an Tighearna, noch do labhair sé a ttaobh
thighe Eli ann Síloh.



<L 1Rí2:28>
Annsin tháinic scéula go Ióab
(óir dfill Ióab le Adoniiah, giodh nar
iompóigh sé a ndiáigh Absolon) agus
do theith Ióab go Tabernacail an Ti-ghearna,
agus do ghlac greim ar bhea-nnuibh
na haltóra.



<L 1Rí2:29>
Agus do hinnseadh don Rígh So-lamh
gur theith Ióab go tabernacuil an
Tighearna, agus féuch atá sé ag an
naltóir; annsin do chuir Solamh Benaiah
mhac Iehoiada gha rádh, imthigh, tio-máin
air.



<L 1Rí2:30>
Agus tháinic Benaiah go
tabernacuil an Tighearna, agus adu-bhairt
ris, as marso adeir an Rígh,
tárr amach: agus adubhairt seision,
ni rachad, achd dogheabha mé bás annso.
Agus thug Benaiah scéula chum an
Rígh aris, dha rádh, marso adeir
Ióab, agus marso do fhreagair sé
misi.



<L 1Rí2:31>
Agus adubhairt an Rígh ris,
déna mar adhubhairt sé riot, agus tio-máin
air, agus adhlaic é; ar chor go
mbéara tú anfuil neimhchiontach do
dhoírt Ióab uáimse agus ó thigh mathar.



<L 1Rí2:32>
Agus fillfidh an Tighearna a
fhuil ar a cheann féin, noch do thiomáin ar
dhís do dháoinibh budh fírénta, agus dobfearr
ná é féin, agus do mharbh sé
íad leis an ccloidheamh, gan a fhios
ag mathair Dáibhi; Abner mhac Ner,
caiptín slóigh Israel, agus Amasa
mhac Ieter, caiptín slóigh Iúdah.



<L 1Rí2:33>
Fillfidh a bhfuilsion uimesin ar
cheann Ióab, agus ar cheann a shleachda go
bráth; acht air Dháibhi, agus air a
shliochd, agus air a thigh, agus air a
chathaóir ríogha biaidh sióthcháin go
bráth ón TTighearna.



<L 1Rí2:34>
Annsin dochuáidh Benaiah mhac
Iehoiada súas, agus do thiomaín sé
air, agus do mharbh sé é; agus do
hadhlaiceadh é ann a thigh féin annsa
bhfásach.



<L 1Rí2:35>
Agus do chuir an Rígh Benaiah
mhac Iehoiada iona áit ós cionn an tslóigh:
agus do chuir an Rígh Sádoc an sagart
anionad Abiatair.



<L 1Rí2:36>
Agus do chuir an Rígh, agus
do ghoir sé ar Shimei, agus adubhairt
sé ris, tóg tigh dhuit féin ann Ieru-salem,
agus dén comhnuigh annsin,
agus ná héirigh as sin amhach a mball
ar bith.



<L 1Rí2:37>
Oír is amhluidh bhías, an lá ra-chas
tú amach, agus ghéubhus tú tar anabhuinn
Cidron anonn, bíodh a fhios agad
go bhfuighe tú bás air gach énchor: biáidh
thfuil ar do cheann féin.



<L 1Rí2:38>
Agus adubhairt Símei ris an
Rígh, is maith an chaint, mar adubhairt
mo thighearna an Rígh, is mar sin dhéa-nas
do shearbhfhoghantuigh. Agus dorinne
Símei comhnuigh ann Iarusalem mórán
do laéthibh.



<L 1Rí2:39>
Agus tárla a gcionn thrí
mblíadhan gur imthigheadar días do
sheirbhísechuibh Shimei uadh chum Achis mhic
Maachah Rígh Gát: agus dinnseadar
(dáoine) do Shímei, gha rádh, féuch
atáid do sheirbhísigh ann Gát.



<L 1Rí2:40>
Agus déirigh Símei, agus do chuir
díalláoid ar a asal, agus dochuaidh
go Gát mar a raibh Achis díarruidh a
sherbhíseach: agus dimthigh Símei, agus
thug a shesbhísigh leis ó Ghat.



<L 1Rí2:41>
Agus do hinnseadh do Sholamh
go ndeachaidh Símei ó Iarusalem go Gát,
agus go ttáinic sé arís.



<L 1Rí2:42>
Agus do chuir an Rígh gairm ar
Shímei, agus adubhairt sé ris, nach dtug mi-si
ortsa mionnughadh fan TTighearna,
agus nachar dhearbh mé dhuit dha rádh,
bíodh a deimhin agad go dearbhtha, an lá
rachas tú amach, agus imtheochus tú
annso nó annsúd, dogheabha tú bás
go deimhin? agus adubhairt tusa
riom, an focal dochúala mé, is
maith é.



<L 1Rí2:43>
Cred fá nar chomhuill tú mar sin
mionna an Tighearna, agus anaithne do
aithin misi dhíot?



<L 1Rí2:44>
Adubhairt an Rígh fós ré Sí-mei,
is aithnid dhuit féin anuile olc is
fios dot chroidhe dorinne tú rem athair
Dáibhi: uime sin fillfe an Tighearna
holc air do cheann feín.



<L 1Rí2:45>
Agus biaidh an Rígh Solamh
beannuigh, agus daingneochar cathaóir
ríogha Dháibhi a lathair an Tighearna
go bráth.



<L 1Rí2:46>
Annsin do aithin an Rígh do
Bhenaiah mhac Iehoiada, noch dochuáidh
amach, agus do thiomáin air,
go bhfuair sé bás: agus do daing-niughadh
an rioghachd a láim Sho-laimh.



Caib.3.



<L 1Rí3:1>
Agus dorinne Solamh cleamh-nus
re Phárao Rígh ne
Hégipte, agus thug sé
inghean Phárao, agus rug
leis í go cathruig Dháibhi, nó gur
chríochnuigh a thigh féin do chur suas,
agus tigh an Tighearna, agus balla Ie-rusalem
fagcuáirt.



<L 1Rí3:2>
Amhaín donídís an pobal íodh-buirt
air na hárduibh, do bhrígh nar tóg-bhadh
fós tigh dainm an Tighearna gus
na laéthibhsin.



<L 1Rí3:3>
Agus do ghrádhuigh Solamh an Ti-ghearna
ag imtheachd a statúidibh Dháibhi
a athar: amhaín doníodh sé íodhbairt, agus
do loisceadh túis air na hárduibh.



<L 1Rí3:4>
Agus dochuáidh an Rígh go Gi-beon
díodhbuirt annsin; óir dobé sin
an tárd mór: míle ofráil loisge dof-ráil
Solamh ar analtóir sin.



<L 1Rí3:5>
A Ngibeon do taibhreadh an Tigh-earna
anaisling do Sholamh annsanoidche;
agus adubhairt Día, íarr cred
bhéras mé dhuit.



<L 1Rí3:6>
Agus adubhairt Solamh, do thais-béin
tú dot shearbhfhoghantuigh Dáibhi
mathair trócaire mhór do réir mar do
shiubhail sé ad fhiadhnuise a bhfírinne, a-gus
a ndioghruis, agus a bhfíréntachd
chroidhe maille riotsa; agus do choimh-éud
tú dhó an cinéul mórso, go ttug
tú dhó mac do shuidhe iona chathaoir río-gha,
mar atá aniugh.



<L 1Rí3:7>
Agus anois a Thighearna mo
Dhía, dorinne tú Rígh dot shearbhfhoghantuigh
anáit Dháibhi mathar: a-gus
misi am leanamh bheag, ní fheadair mé
cionnus dorachuinn amach, nó dothioc-fuinn
asteach.



<L 1Rí3:8>
Agus atá do shearbhfhoghantuigh
a lár do phobail, noch do thogh tú, po-bal
mór nach féidir áireamh nó mheas air
iomadamhlachd:



<L 1Rí3:9>
Tabhair ar anadhbharsin dot
shearbhfhoghantuigh croidhe tuigseach, do
dhénamh breitheamhnuis air do phobail, chor
go ttuigfe mé eidir an maith agus an tolc:
óir cía fhédas breitheamhnus do dhénamh
air do phobalsa atá comhmór so?



<L 1Rí3:10>
Agus do thaithin an glór ris
an TTighearna, gur íarr Solamh an
níse.



<L 1Rí3:11>
Agus adubhairt Día ris, do
bhrígh gur íarr tú an níse, agus nar
íarr tú dhuit féin sáoghal fada, agus
nar íarr tú saidhbhrios duit féin, agus
nar íarr tú bás do námad, achd gur
íarr tú dhuit féin tuigse do lérfhaic-sin
breitheamhnuis;



<L 1Rí3:12>
Féch dorinne mé do réir thfo-cail;
féch thug mé dhuit croidhe glic
tuigseach, iondus nach raibh énduine cos-mhuil
riot romhad, ní mó éireochus én-
duine ad dhiáigh budh cosmhuil riot.



<L 1Rí3:13>
Agus thug mé dhuit mar an
gcédna an ní nachar íarr tú, saidh-rios
aráon agus onóir: iondus nach
biáidh áon cosmhuil riot a measc na Ríogh,
ar feadh do bheatha uile.



<L 1Rí3:14>
Agus má shiubhluighionn tú am
shlighthibhsi, do coimhéud mo reachda agus
maitheanta, mar do shiubhail hathair
Dáibhi, annsin faideochaidh mé do láe-the.



<L 1Rí3:15>
Agus do mhúscail Solamh, a-gus
féuch dob aisling í: agus tháinic
sé go Hierusalem, agus do sheas a
bhfíadhnuise Aírce chunnartha an Tigh-earna,
agus dofráil sé ofrála
loisge, agus díodhbuir sé ofrála síoth-chána,
agus dorinne sé féusta dhá
shearbhfhoghantuighibh uile.



<L 1Rí3:16>
Annsin thangadar días ban,
dobhí na meirdreachaibh chum an Rígh, a-gus
do sheasadar iona fhiadhnuise.



<L 1Rí3:17>
Agus adubhairt bean díobh, ó a
Thighearna, comhnuighim féin agus an
bheanso anéintigh, agus rug misi, lea-namh
na fochair annsa tigh.



<L 1Rí3:18>
Agus tárla an treas lá tar
éis a bheartha dhamh, go rug ann bheansa
leanamh mar an gcédna: agus dobhá-mar
a bhfochair a chéile, agus ní raibh
coimhitheach air bith ar bhfarradh annsa tigh,
achd sinn féin aráon annsa tigh.



<L 1Rí3:19>
Agus fuáir leanamh na mnása
bás annsanoidhche, tre mar do thromluidh
sí air.



<L 1Rí3:20>
Agus déirigh sí san meadhón
oidhche, agus rug sí mo mhac uaimsi
óm tháobh, ar mbeith dot bhanóglaich na
codladh, agus do chuir sí iona brollach
é, agus do chuir sí a leanamh marbh ann
mo bhrollachsa.



<L 1Rí3:21>
Agus anuáir déirigh mé ar
maidin do thabhairt cíche dom leanamh, féuch
dobhí sé marbh; acht anuáir dféuch
mé air maidin go grinn air, féuch ní hé mo
mhac dobhí ann, noch dorug mé.



<L 1Rí3:22>
Agus adubhairt an bhean oile, ní
headh acht is liomsa an mac béo, a-gus
isé an marbh do mhacsa: agus
adubhairt sisi, ní headh, isé an marbh
do mhacsa, agus an béo mo mhacsa.
Marso adeirdís a lathair an Rígh.



<L 1Rí3:23>
Annsin adubhairt an Rígh, adeir
si so, sé so mo mhacsa atá béo,
agus asé do mhachsa an marbh: a-gus
adeir sí súd, ní headh, achd isé do
mhacsa atá marbh, agus mo mhacsa
béo.



<L 1Rí3:24>
Agus adubhairt an Rígh, tug-thar
cloidheamh chugam; agus tugadh
cloidheamh chum an Rígh.



<L 1Rí3:25>
Agus adubhairt an Rígh, roi-nnidh
an leanabh béo na dhá chuid, agus
tabhruidh leath dáon aca, agus leath don
(mhnaói) oile.



<L 1Rí3:26>
Annsin do labhair an bhean ler
leis an leanabh béo ris an Rígh, (óir do
bhí a hionathar ar crioth fána mac
féin) agus adubhairt sí, ó mo thighear-na,
tabhair dhise an leanabh béo, agus
ná marbh é air éncor: achd adubhairt an
bhean oile, ná bíodh sé agamsa nó a-gadsa,
achd roinntear é.



<L 1Rí3:27>
Annsin do fhreagair an Rígh, a-gus
adubhairt sé, tabhruidh dhise an lea-nabh
béo, agus ná marbhuidh ar énchor é;
así a mhathair í.



<L 1Rí3:28>
Agus dochúala Israel uile an
bhreath rug an Rígh, agus dobhí eagla an
Rígh orra: óir dochonncadar go raibh
gliocus Dé ann do dhénamh breitheamh-nuis.



Caib.4.



<L 1Rí4:1>
Mar sin dobhí an Rígh So-lamh
na Rígh ós cionn Is-rael
uile.



<L 1Rí4:2>
Agus asíad so na
prionnsadha dobhí aige.
Asariah mhac Sádoc an sagart:



<L 1Rí4:3>
Elihoreph, agus Ahiah, mic
Shisa, na scribhnéoruibh: Iehosaphat
mhac Ahilud na sheanchuigh:



<L 1Rí4:4>
Agus Benaiah mhac Iehoiada
ós cionn an tslóigh: agus dob íad Sá-doc
agus Abiatar na sagairt:



<L 1Rí4:5>
Agus Asariah mhac Nátáain ós
cionn na noifigeach: agus bá hé Sabud
mhac Nátain an priomhoifigeach, cara
an Rígh.



<L 1Rí4:6>
Agus dobhí Ahisar ós cionn an
teaghluigh, agus Adoniram mhac Abda
ós cionn anáirdchíosa.



<L 1Rí4:7>
Agus dobhádar dhá fhear dhéug
doifgeachaibh ag Solamh, ós cionn Israel
uile, noch do sholáradh beatha don Rígh,
agus dá theaghlach; doníodh gach áon
aca ullmhugadh ann a mhí féin san
mbliadhuin.



<L 1Rí4:8>
Agus asiad so a nanmanna: mac
Hur a slíabh Ephraim.



<L 1Rí4:9>
Mac Decar ann Macas, agus
ann Saalbim, agus a Mbet-semes, a-gus
a Nelon-bet-hanan.



<L 1Rí4:10>
Mac Hesed ann Arubot; is ris
do bhean Sochoh, agus dúithche Hépher
uile.



<L 1Rí4:11>
Mac Abinadab a ttír Dor
uile, agá raibh Taphat inghean Sholuimh
na mnaói.



<L 1Rí4:12>
Baana mhac Ahilud as ris
do bhean Taanach, agus Megiddo, a-gus
Bet-sean uile, noch atá láimh ré
Sartana, taóibh shíos do Iesreel, ó
Bhet-sean go Habel-meholah, go nuige
táobh thall do Iocneam.



<L 1Rí4:13>
Mac Ghéber ann Ramot Gílead,
ba leis bailte Iair mhic Manasseh,
noch atá a Ngilead: ba leis mar an
gcédna Tír Argob, noch atá ann Bá-san,
trí fithchid cathair mhór go mbal-ladhuibh,
agus go mbarradhuibh práis.



<L 1Rí4:14>
Abinadab mhac Iddo, is aige
dobhí Mahanaim.



<L 1Rí4:15>
Ahimaas dobhí ann Naphtali:
asé thug mar an gcédna Basmat
inghean Sholuimh na mnaói.



<L 1Rí4:16>
Baanah mhac Chúsai dobhí ann
Aser, agus ann Alot.



<L 1Rí4:17>
Iehosaphat mhac Paruah ann
Issachar.



<L 1Rí4:18>
Símei mhac Elah ann Benia-men:



<L 1Rí4:19>
Geber mhac Uri dobhí a ttír
Ghíleád, a ttír Shihon Rígh na Nam-oriteach,
agus Og Rígh Básan;
agus dob eision amaín oifigeach na tíre
uile.



<L 1Rí4:20>
Dobhí Iúdah agus Israel
liónmhar; mar an ngaineamh bhíos láimh
ris an bhfairge ar líonmhaireachd, ag ithe,
agus ag ól, agus ag dénamh súgaidh.



<L 1Rí4:21>
Agus do ríaghluidh Solamh ós
cionn anuile ríoghachd, ónabhuinn go
crích na BhPhilistineach, agus go brúach
na Hégipte: dobheirdís tiodhluicthe
leó, agus dorinneadar seirbhís do
Sholamh ar feadh laéthe a bheatha.



<L 1Rí4:22>
Agus dobé bíadh Sholuimh aneanló
amháin, tríochad miosúr do phlúr
mhín, agus trí fithchid miosúr mi-ne,



<L 1Rí4:23>
Deich ndaimh bhíata, agus fithche
damh don ninnbear amuigh, agus céd cáora,
táobh amuigh do cháirrfhíadhuibh, agus do
phocaibh fionna, agus dfíadhuibh rúadh,
agus déunlaithibh bíata.



<L 1Rí4:24>
Oír dobhí tighearnas aige ós
cionn na tíre uile don táoibhse don na-bhuinn,
ó Thiphsah air fad go Hassah,
ós cionn na Ríogh uile don táoibhse
don nabhuinn: agus dobhí sióthchaín
aige ann gach uile thaobh na thim-chioll.



<L 1Rí4:25>
Agus do chomhnuidh Iúdah agus
Israel go socair gach uile dhuine fan fhí-neamhuin,
agus fána chrann fíge féin,
ó Dhan go Beerséba, an fad do mhair
Solamh.



<L 1Rí4:26>
Agus dobhí ag Solamh dha fhi-thchiod
míle mainnseár each da charba-daibh,
agus dá mhíle dhéug mar-cach.



<L 1Rí4:27>
Agus dullmhaighedís na hoifigidh
sin bíadh do Sholamh an Rígh, agus
anuile ní dá ttigheadh go bórd an
Rígh Solamh, gach áon aca ann a mhí
féin: ní bhíodh éinní deasbuidh orra.



<L 1Rí4:28>
Dobheirdís mar sin eórna,
agus tuighe dá neachaibh, agus dá neachaibh
coimhlionga go nuige anáit a mbídís na
(hoifigidh) gach énduine do réir a úa-luigh
féin.



<L 1Rí4:29>
Agus thug Día gliocus agus
tuigsi do Sholamh go hanmhór, agus
fairsinge chroidhe, amhuil mar bhíos an
gainiomh atá ar thraígh na fairge.



<L 1Rí4:30>
Agus do sháruigh gliocus Sho-luimh
críonnachd chloinne anoirthir uile,
agus gliocus na Hégipte uile.



<L 1Rí4:31>
Oír ba glioca é ná dáoine an
domhuin; ná Etan an Tesrahíteach,
agus Héman, agus Chalcol, agus
Darda, clann Mhahol; agus dobhí a iom-rádh
annsanuile chrích air gach éntháoibh.



<L 1Rí4:32>
Agus do labhair sé trí mhíle sean-fhocal,
agus a dhánta dobhádar míle
agus a cúig.



<L 1Rí4:33>
Agus do labhair sé ar chrannuibh,
ón chrann cédair atá a Lebanon go nui-ge
an Nisoíp fhásas amach as an
mballa; do labhair sé mar an gcédna
ar ainmhinthibh, agus air chrétúiribh snámh-acáin,
agus air íascaibh.



<L 1Rí4:34>
Agus tangadar donuile
dhroing déistheachd ré gliocus Sholuimh, ó
Ríoghaibh an domhuin uile dochúala teachd
tar a eagna.



Caib.5.



<L 1Rí5:1>
Agus do chuir Híram Rígh
Tíor a sherbhisigh go So-lamh,
anúair dochualuidh sé
gur ungadar é na Rígh anionad
a athar; óir bá ca-ruid
do Dháibhi Híram aríamh.



<L 1Rí5:2>
Agus do chuir Solamh fios go
Híram, gha rádh.



<L 1Rí5:3>
Atá a fhos agadsa ciondus nar
fhéud mathair Dáibhi tigh do chur súas
dainm a Thighearna Dé, do bhrígh an
chogaidh dobhí na thimchioll ann gach uile
tháobh, nó gur chuir an Tighearna fáoi
bhonnuibh a chos íad.



<L 1Rí5:4>
Achd annois thug mo thighearna Día
suaimhnios air gach áontáoibh, iondus
nach bhfuil námhuid ná olc ag teachd
orum.



<L 1Rí5:5>
Agus féuch, is mían leam tigh
chur súas dainm mo Thighearna Dé, mar
do labhair an Tighearna rem athair
Dáibhi gha rádh, do mhac noch chuirfios mé
ad ionad ann do chathaoir ríogha,
cuirfe sé tigh súas dom ainmsi.



<L 1Rí5:6>
Annois ar anadhbharsin tabhair aithne
go ngérrfaid damhsa crainn cédair ann
Lebanon, agus béid mo shearbhfhoghan-tuighidhsi
maille led shearbhfhoghantaibhse,
agus dobhéara mé tuárusdal do sher-bhiseach
dhuitse do réir gach a nóirdeocha
tú féin: óir atá a fhios agad nach
bhfuil eadruinne dáoine agá bhfuil eólus
ar adhmad do ghearradh, cosmhuil ris na
Sidónianachaibh.



<L 1Rí5:7>
Agus tárla anúair dochualuidh
Hiram bríathra Sholuimh, go ndeárna
lúathgháire mhór, agus adubhairt, go
madh beannuigh aniugh an Tighearna, noch
thug do Dháibhi mac glic ós cionn an
phobail mhóirse.



<L 1Rí5:8>
Agus do chuir Híram fios go
Solamh, gha rádh, do mheas mé na neithe
air ar chuir tú fios chugam, agus dodhéana
mé do thoil uile a ttaobh adh-maid
Cédair, agus a ttaobh adhmuid
giumhuis.



<L 1Rí5:9>
Béruid mo mhuintirse síos íad ó
Lebanon go nuige an bhfairge, agus
cuirfe mé ar siubhal íad ar fairge a
mbáduibh, go nuige anáit a nóirdeo-cha
tú dhamh, agus dobhéra mé fa
deara a bhfágbháil annsin, agus glacfa
tusa íad: agus coimhlíonfa tú mo
thoil a mbíadh do thabhairt dom mhuin-tir.



<L 1Rí5:10>
Marsin thug Híram crainn cé-dair
do Sholamh, agus crainn ghiumhuis,
mar ba mían leis.



<L 1Rí5:11>
Agus thug Solamh do Híram fithche
míle miosúr cruithneachda, mar bheatha da
mhuintir, agus fithche miosúr dola
fhiórghlain: marso dobheireadh Solamh
do Híram ó bhlíadhuin go blíadhuin.



<L 1Rí5:12>
Agus thug an Tighearna eagna do
Sholamh, mar do gheall sé dhó: agus
dobhí síothcháin eidir Sholamh agus
Híram: agus dorinneadar aráon cean-gal
re chéile.



<L 1Rí5:13>
Agus do thóg an Rígh Solamh
éirghe-amach ó Israel uile, agus do
bhí an néirghe amach tríochad míle fear.



<L 1Rí5:14>
Agus do chuir sé go Lebanon
íad, deich míle ansa mí gach re núair:
dobhidís mí a Lebanun, agus dhá
mhí san mbaile: agus dobhí Adoni-ram
ós cionn na heírghe-amach.



<L 1Rí5:15>
Agus dobhí ag Solamh trí
fithchid agus deich míle, noch diomchradh
úaluidhe, agus ceithre fithchid míle
snoigheadóir annsna sléibhtibh.



<L 1Rí5:16>
Taobh amuigh do na húachdaránuibh
dobhí ar oifigeachaibh Sholuimh, noch dobhí
ós cionn na hoibre, trí mhíle agus trí
chéad do ríagladh ós cionn na ndaóineadh
do oibrigh ansanobair.



<L 1Rí5:17>
Agus dfuágair an Rígh; agus
tugadar clocha móra leó, clocha mór-luáigh,
agus clocha snoighte, do
chur bunaíte an tighe na shuidhe.



<L 1Rí5:18>
Agus sáoir Sholuimh, agus
saóir Híram, agus na snoigheadóirigh
cloch do shnoigheadar íad; mar sin do
ghléusadar adhmad agus clocha do chur
an tighe súas.



Caib.6.



<L 1Rí6:1>
Agus tárla annsa cheathra-mhadh
céud agus ceithre fith-chid
blíadhain tar éis chloinne
Israel do theachd amach as tír
na Hégipte, annsa cheathramhadh blíadhain
do rioghachd Sholuimh ós cionn Israel, ann-sa
mí Sif, sé sin an dara mí, do
thiosguinn sé tigh an Tighearna do chur
suás.



<L 1Rí6:2>
Agus an tigh dorinne an Rígh So-lumh
don Tighearna, dobhí trí fithchid cubhad
ar fad ann, agus fithche cubhad na áir-de.



<L 1Rí6:3>
Agus an póirse as coinne theam-puill
an tighe, ba fithche cubhad a fhad,
do reír leithid an tighe, agus deich
ccubhaid a leithiod as coinne an ti-ghe.



<L 1Rí6:4>
Agus dorinne sé don tigh
fuinneóga do sholus chumhaing.



<L 1Rí6:5>
Agus re balla an tighe gach én-
táoibh do thóg sé séomradha, timchioll
balladha an tighe fagcuáirt ei-dir
theampall agus oracuil: agus dorinne
sé séomradha fagcuáirt.



<L 1Rí6:6>
An séomra íachdarach dobhí cúig
cubhaid ar leithne ann, agus an séomra
láir sé cubhaid ar leithne, agus an
treas séomra seachd ccubhaid ar leithne:
óir don táobh amuigh dorinne sé bárr
deabhtha cumhang fagcuairt, chum nach
beidís na saltacha ceangailte a mbal-ladhuibh
an tighe.



<L 1Rí6:7>
Agus an tigh, an tan dobhí sé
dhá chur suas, do chloich dorinneadh é, arna
dénamh réigh suil tugadh annsin í:
iondus nach clos órd, nó túagh, nó ball
óirnéisi ar bith íarruinn annsa tigh an
fad dobhí sé dha chur súas.



<L 1Rí6:8>
Dobhí dorus an tséomra mheadhón-uigh
ar an ttáobh ndeas don tigh, agus
dothéighdís suas don tséomra mheadhó-nach
le staidhirighibh casda, agus as an
meadhónach don treas séomra.



<L 1Rí6:9>
Mar sin dorinne sé an tigh, a-gus
do chríochnuigh é, agus do chuir sé
ceann air an ttigh le saltachaibh, agus
le bórduibh Cédair.



<L 1Rí6:10>
Annsin dorinne sé séomradha
timchioll an tighe uile, cúig cubhaid
ar áirde: agus dobhádar na luidhe
anonn ar an ttigh le hadhmad Cédair.



<L 1Rí6:11>
Agus tháinic focal an Tigh-earna
chum Soluimh dha rádh,



<L 1Rí6:12>
A ttáobh an tighesi atá tú
chur súas, má shiubhluighionn tú am reachd-uibhse,
agus mo bhreitheamhnuis do chur
anéifeachd, agus maitheanta uile do coimh-éd,
ag siubhal ionta, coimhlíonfa mi-si
mfocal annsin duitse, noch do
labhair mé lé Dáibhi hathair.



<L 1Rí6:13>
Agus biaidh mé am chomhnuidhe
a measg chloinne Israel, agus ní thréig-fe
mé mo phobal Israel.



<L 1Rí6:14>
Mar sin dorinne Solamh an Tigh,
agus do chríochnuigh é.



<L 1Rí6:15>
Agus dorinne sé balladha an
tighe astigh do chláruibh Cédair, aráon
urlár an tíghe agus na balladha don
taóibh astigh, agus dfoluigh sé táobh
astigh íad lé hadhmad, agus dfoluigh
sé urlár an tighe lé cláruibh giumh-uis.



<L 1Rí6:16>
Agus dorinne sé fithche cu-bhad
ar tháobhuibh an tighe, an turlár
aráon agus na balladha, le cláruibh
Cédair: dorinne sé astigh dhó íad, don
oracuil ansanáit ronaómtha.



<L 1Rí6:17>
Agus an tigh, martá an team-pall
atá as a choinne, dobhí ceathra-chad
cubhad ar fad ann.



<L 1Rí6:18>
Agus dobhí ceadair an tighe táobh
astigh grábhálta le cnapuibh, agus
lé bláthuibh oscuilte: dobudh cédar
uile é, ní facus cloch ann.



<L 1Rí6:19>
Agus do ghléus sé an tora-cuil
astigh annsa tigh, do chur Aírce
chunnartha an Tighearna ann.



<L 1Rí6:20>
Agus dobhí annsa chuid thosuigh
don noracuil fithche cubhad air fad, a-gus
fithche cubhad air leithead, agus fithche
cubhad air áirde: agus dfoluigh sé é
lé hór fíorghlan; agus as marsin
dfoluigh sé analtóir Chedair.



<L 1Rí6:21>
Marsin do chuir Solamh folach
táobh astigh don tigh dór fhíorghlan:
agus dorinne sé lanntaóir ag na slabh-radhuibh
óir as coinne an Noracuil, a-gus
do chur folach dór air.



<L 1Rí6:22>
Agus dfoluigh sé an tigh uile
le hór, nó gur críochnuigh sé an tigh
uile: dfoluigh sé mar an gcédna analtóir
dobhí láimh ris anoracuil le
hór.



<L 1Rí6:23>
Agus dorinne sé dhá Cheru-bín
astigh san oracail do chrann ola,
deich ccubhaid ar áirde ann gach áon
díobh.



<L 1Rí6:24>
Agus dobhí cúig cubhaid a
sciathán don cherubín, agus cúig
cubhaid ansa sciathán oile don che-rubín:
ón ccuid dob fhaide amach
daon sciathán go nuige an ccuid dob
fhaide amach don (sciathán) oile, do
bhádar déich ccubhaid.



<L 1Rí6:25>
Agus dobhí deich ccubhaid ann-sa
Cherubín oile: dobhádar an dá
Cherubín dénmhiosúr, agus dénmhéid.



<L 1Rí6:26>
Dobhí deich ccubhaid ar áirde
ann aon cherubín, agus as marsin do
bhí annsa cherubín oile.



<L 1Rí6:27>
Agus do shuighidh sé na che-rubinigh
annsa tigh dobfaide
asteach, agus do shíneadar na
cherubinigh a sciatháin amach, iondus
gur bhean sciathán áon cherubin díobh
ris an mballa, agus gur bhean scia-thán
an cherubin oile ris an mballa
oile: agus do bheanadar na sciatháin
ré céile a meadhon an tighe.



<L 1Rí6:28>
Agus dfoluigh sé na cheru-binigh
le hór.



<L 1Rí6:29>
Agus do bhreacuigh sé balladha
an tighe uile fagcuairt le fioghrachuibh
breacuighe cherubinigh, agus chrann
pailme, agus luibhionn oscuilte astigh
agus amuigh.



<L 1Rí6:30>
Agus dfoluigh se urlár an
tighe lé hór astigh agus amuigh.



<L 1Rí6:31>
Agus do dhorus an noracuil
dorinne sé comhluigh do chrann ola; ba
hé an cúigeadh cuid don (bhalla) an
fárdorus agus na hursanna.



<L 1Rí6:32>
Dobhádar an dá dhorus mar an
gcédna do chrann ola, agus do ghearr
sé orra sin breacughadh Cherubinigh,
agus chrann pailme, agus bhlatha
oscuilte, agus dfoluigh sé íad le
hór, agus do shrathnuigh sé ór air na
cherubinibh agus ar na crannuibh pail-me.



<L 1Rí6:33>
Mar sin fós dorinne sé do
dhorus an teampuill postadha do chrann
ola, an ceathramadh cuid (don bhalla.)



<L 1Rí6:34>
Agus dobhádar an dá dhorus
do chrann giumhuis, dobhádar dhá dhuil-leóig
dhoruis díobh ag filleadh, agus dhá
dhuilleóig dhoruis oile ag filleadh.



<L 1Rí6:35>
Agus do ghearr sé (orra
sin) cherubinigh, agus crainn phailme,
agus blátha oscuilte, agus dfol-uigh
sé íad lé hór cumtha leis ano-bair
ghérrtha.



<L 1Rí6:36>
Agus do chuir sé súas an
cúirt astigh lé trí phéirsibh do cloch-aibh
snoighte, agus sé phéirse do shal-tachaibh
Cédair.



<L 1Rí6:37>
Annsa ceathramhadh blíadhain do
suigheadh bunáit thighe an tighearna annsa
mí Sif.



<L 1Rí6:38>
Agus ansanaonmhadh blíadhain
déug a mí Bul (noch así an tochdmhadh
mí) do críochnuigheadh é ann gach uile
chuid de, agus réir gach uile chuma
dhe; marsin dobhí sé seachd mblíadhna dhá
dhénamh.



Caib.7.



<L 1Rí7:1>
Ach dobhí Solamh ag dénamh
a thighe féin trí blíadhna
déug, agus do chríochnuigh
sé a thigh uile.



<L 1Rí7:2>
Do chuir sé súas mar
an gcédna tigh fhoraoise Lebanon,
céd cubhad dobhí ann air fad, agus
cáogad cubhad air leithead, agus trío-chad
cubhad air áirde, ar cheithre phéirse
do philéuruibh Cédair, agus saltacha
Cédair ar na piléuruibh.



<L 1Rí7:3>
Agus dobhí sé foluighthe lé
Cédar ós a chionn ar na saltachaibh,
noch dobhí air chúig agus cheathrachad
piléur; a cúig déug ann gach péir-se.



<L 1Rí7:4>
Agus dobhádar fuinnéoga a
ttrí phéirse, agus solus ar aghaidh
sholuis a ttrí ccúrsa.



<L 1Rí7:5>
Agus dobhádar na doirse, a-gus
na postadha ceathairbheannach maille
ris na fuinnéogaibh: agus dobhí so-lus
ar aghaidh soluis a ttrí ccúr-sa.



<L 1Rí7:6>
Agus dorinne sé póirse piléur,
ann a raibh caogad cubhad air fad, a-gus
tríochad cubhad air leithead: agus
dobhí an póirse dhá réir sin, agus
na piléir eile, agus na saltacha reamh-ra
dha réir sin.



<L 1Rí7:7>
Annsin dorinne sé póirse don
chathaóir ríogha mar a mbíadh ag brei-theamhnus,
eadhon póirse an bhreitheamh-nuis;
agus dobhí foluighthe le Cé-dar
ó thaobh don nurlár go ttí an
táobh oile.



<L 1Rí7:8>
Agus a thigh iona raibh sé na
chomhnuighe, dobhí cúirt oile ann táobh astigh
don phóirse, noch dobhí don nobhair
chéadna. Dorinne Solamh tigh fós din-ghin
Phárao, (noch thug sé na mnáoi)
cosmhuil ris an bpóirsise.



<L 1Rí7:9>
Dobhádar so uile do chlochuibh
mórluáigh do reír mhiosúir chloch snoighte,
arna ngearradh le toiriosguibh astigh
agus amuigh, eadhon ó íachdar go húa-chdar;
agus mar sin ar an gcuid
amhuigh leath ris an gcúirt mhóir.



<L 1Rí7:10>
Agus dobhí an bhunáit do chlo-chaibh
mórluáigh, eadhon clocha móra, clocha
do dheich ccubhaduibh, agus clocha do ocht ccubhaduibh.



<L 1Rí7:11>
Agus dobhádar shuas clocha
mórlúaigh, (do réir mhiosúir chloch
snoighte) agus Cédair.



<L 1Rí7:12>
Agus dobhí an chúirt mhór
timchioll fa thrí chúrsa do chlochaibh
snoighte; agus cúrsa do shaltachaibh
cédair: air an modh ccédna an chúirt dobfaide
air steach do thigh an Tighearna, agus
póirsi an tighe.



<L 1Rí7:13>
Agus do chuir an Rígh Solamh
fios, agus thug Híram as Tíor
chuige.



<L 1Rí7:14>
Budh mac baintreabhuigh é, do
threibh Naphtali, agus duine do Thíor
a athair, oibrighthe a bprás: dobhí sé
líonta dintleachd agus do thuigse,
agus glic doibriughadh gach uile oibre
phráis: agus tháinic sé chum Soluimh,
agus dorinne sé a obair uile.



<L 1Rí7:15>
Oír do theilg sé dhá philéur
a rabhadar ocht ccubhaid déug an gach
piléur dhíobh: agus dothigeadh córda
dhá chubhad déug timchioll gach piléur
aca.



<L 1Rí7:16>
Agus dorinne sé dhá cheann do
phrás leaghtha ré a ccur ar mhullach
na bpiléur; áirde chinn díobh cúig cu-bhaid,
agus áirde an chinn oile cúig
cubhaid.



<L 1Rí7:17>
Agus líonradh dobair chrosaigh,
agus figheacháin dobair shlabhruidh chum na
gceann dobhí ar mhullach na bpiléur: a
seachd do cheann díobh, agus a seachd do
cheann oile.



<L 1Rí7:18>
Agus dorinne sé na pileír,
agus dhá chúrsa fagcuáirt ar líonobair
díobh, dfolach na cceann dobhí ar an
mullach, maille re pomgranatuibh:
agus is mar sin dorinne sé ris an
ghceann oile.



<L 1Rí7:19>
Agus na cinn dobhí a mullach na
bpiléur, dobhádar dobair lile annsa
bpóirse, ceithre cubhaid.



<L 1Rí7:20>
Agus na cinn ar a dá philéur
dobhí pomgranait orra shuas: thall as
coinne an bhuilg laímh ris anobair lín:
agus dobhí dhá chéud annsna pomgrana-tuibh
na ccúrsadhuibh timchioll fagcuáirt
ar an cceann oile.



<L 1Rí7:21>
Agus do chuir sé súas na
piléir a bpóirse an teampuill: agus
do chuir sé súas an pileur deas, agus
tug sé Iachin dainm air: agus do chuir
sé an piléur clé súas, agus thug
Boas dainm air.



<L 1Rí7:22>
Agus ar mhullach na bpiléur
dobhí obair lile: mar sin dobhí obair na
bpiléur críochnuighthe.



<L 1Rí7:23>
Agus dorinne sé fairge
leaghtha, deich ccubhaid ón bhruach go
chéile: dobhí sí cruinn gach éntáobh;
agus dobhí cúig ccuibhaid na háirde,
agus tháinic snáithe thríochad cubhad ann
a cumpás faccúairt timchioll.



<L 1Rí7:24>
Agus dobhádar cnapáin fána
brúach ag teachd na timchioll gach éntáoibh;
a deich annsa chubhad ag teachd timchioll na
fairge faccuáirt; do teilgiodh na mill
a ndá chúrsa anúair do teilgeadh
é.



<L 1Rí7:25>
Do sheas sin ar dhá dhamh dheúg,
a trí ag féuchuin budh thuáigh, a trí ag
féuchuin síar, a trí ag féuchuin budh
dheas, agus a trí ag féchuin soir: agus
do suigheadh anfairge orra shuás, agus
dobhí a leith deirigh uile asteach.



<L 1Rí7:26>
Agus dobhí leithead baise ar
thigheadus ann, agus dobhí a bhruach sin arna
dhéanamh mar bhrúach cupáin maille
re bláthuibh lile: do chongmhadh sé dhá mhíle
bát.



<L 1Rí7:27>
Agus dorinne sé deich mbása
praís; ceithre cubhaid a bhfad bása
dhíobh, ceithre cubhaid na leithiod, agus
trí cubhaid na áirde.



<L 1Rí7:28>
Agus ar an modhso dobhí o-bair
na mbása; agus dobhí imle orra,
agus dobhí na himle eidir na tras-nánuibh.



<L 1Rí7:29>
Agus ar na himlibh dobhí idir
na tranánuibh dobhádar léomhain, daimh
agus cherubínigh: agus ar na tras-nánuibh
dobhí bása ós a ccionn; agus
dobhádar foirlíonta áirigh dénta do-bair
thana faói na léomhanuibh agus na
damhuibh.



<L 1Rí7:30>
Agus dobhí ag gach én bhása
ceithre roithléin phráis, agus plátadha
práis, agus dobhádar ag na ceithre
coirnéuluibh iomchuir fútha: fan láibhéir
dobhí iomchair leaghtha ag taoibh
gach foirlíonta.



<L 1Rí7:31>
Agus an béul astigh annsa
cheann aige agus shúas, dobá cubhadé:
achd dobhí a bhéul cruinn do réir oibre
an bhása, cubad go leith: agus mar
an gcédna dobhádar neithe greanta ar
a bhéul maille rena nimlibh ceathairbheanna-cha,
ní cruinn.



<L 1Rí7:32>
Agus dobhádar ceithre roith-léin
fana nimlibh, agus mul na roith-lén
ceangailte don bhása: agus dob é
áirde an roithléin cubhad, agus leathchubhad.



<L 1Rí7:33>
Agus dobhí obair na roithlén
cosmhuil re hobair roithlén carbuid; a
mula agus a ccrúba, agus a
rioghthacha, dobhádair uile leaghtha.



<L 1Rí7:34>
Agus dobhádar ceithre gabhla
fulaing air cheithre coirnéuluibh an bhása:
agus dobhádar na gabhla fulaing sin
don bhása féin.



<L 1Rí7:35>
Agus dobhí compás cruinn a
mullach an bhása do leathchubhad ar áir-de;
agus a mullach an bhása dobhá-dar
a thrasnáin, agus a imle don ní
chédna.



<L 1Rí7:36>
Oír ar chaóin na gclár sin, a-gus
ar a nimlibh do grabháil sé che-rubínigh,
agus leomhuin, agus crainn
phailme, do réir mhéide gach aoin aca,
agus a bhfoirlíonta fagcuáirt.



<L 1Rí7:37>
Ar an modhsa dorinne sé na
deich mbása; én teilgean dobhí aca uile,
énmhiosúr, agus éinmhéid.



<L 1Rí7:38>
Annsin dorinne sé deich mbái-sín
práis, do congmhadh báisín dhíobh
ceathrachad bát: agus dobhí ceithre
cubhaid ann gach énbháisín, agus báisín
ar gach én bhása do na deich mbá-saibh.



<L 1Rí7:39>
Agus do chuir sé cúig bhása
ar an ttaóibh ndeas don tigh, agus
cúig ar an ttaóibh chlé, don tigh: agus do sui-ghidh
sé anfairge ar an ttáobh ndeas
don tigh leath shoir as coinne an taóibhe
ó dheas.



<L 1Rí7:40>
Agus dorinne Híram na lái-bhéir,
agus na sluáiste, agus na bái-sínigh:
mar sin do chuir Híram críoch
ar dhénamh na hoibre uile dorinne don
Rígh Solamh do thigh an Tighearna.



<L 1Rí7:41>
An dá philéur, agus an dá
cheannbhulla noch dobhí a mullach an dá
philéur, agus an dá líonobair dfolach
an dá cheannbhulla noch dobhí ar mhullach
na bpiléur:



<L 1Rí7:42>
Agus ceithre chéud pomgra-nat
don dá líonobair, eadhon dhá chúrsa
pomgranat da gach líonobair dhíobh, dfo-lach
an dá cheannbhulla dobhí ar mhul-lach
na bpiléur:



<L 1Rí7:43>
Agus na deich mbása, agus
na deich láibhéir ar na básaibh:



<L 1Rí7:44>
Agus énfhairge amháin, agus dhá
dhamh dhéug fáoi an nfairge:



<L 1Rí7:45>
Agus na potadha, agus na
sluáiste, agus na báisínidhe: agus
na soighthighsi uile noch dorinne Híram don
Rígh Solamh do thigh an Tighearna, do
bhádar na bprás ghléghlan.



<L 1Rí7:46>
A réiteach Iordan do theilg an
Rígh íad, a bhfearann na halumhan buidhe
eidir Shuccoth agus Shartan.



<L 1Rí7:47>
Agus dfág Solamh na soigh-thigh
uile gan a ccur a ccomhthrom, do
bhrígh go rabhadar roiomadamhuil; ní
mó frith fios comhthroim an phráis.



<L 1Rí7:48>
Agus dorinne Solamh na soigh-thidhe
uile do bhean re tigh an Tighearna,
analtóir óir, agus an bórd óir ar
a raibh an tarán taisbéunta,



<L 1Rí7:49>
Agus na coinnleóirigh dór fhíor-ghlan,
a cúig ar an ttáobh ndeas, a-gus
a cúig ar an ttaobh cclé as
coinne anoracuil, maille réna bhlái-thibh,
agus leis na lampadhuibh, agus
leis na teanchairighibh óir.



<L 1Rí7:50>
Agus na báisínigh, agus na
glantóirigh, agus na cupáin, agus
na spónoguidh, agus na túiseóirigh,
dór fhíorghlan, agus na crúcadha óir,
aráon do dhoirsibh an tighe astigh donáit
ronáomhtha, agus do dhoirsibh an
tighe mar atá an teampall.



<L 1Rí7:51>
Mar sin do críochnuigheadh ano-bair
uile dorinne an Rígh Solamh do thigh
an Tighearna: agus thug Solamh asteach
na neithe do choisrig Dáibhi a athair do
Dhía, eadhon an tairgiod, agus an tór
agus na soithighe do chuir sé a measc
ionmhuis thighe an Tighearna.



Caib.8.



<L 1Rí8:1>
Ansin do chruinnigh Solamh
sinnsir Israel uile, agus
cinn na ttreabh, príomhaithre
chloinne Israel uile, gus an
Rígh Solamh ann Iarusalem, go ttugai-dís
súas Aírc chunnartha an Tighearna
as cathruigh Dáibhi, si sin Sion.



<L 1Rí8:2>
Agus do chruinnigheadar clann Is-rael
uile íad féin gus an Rígh So-lamh
ar an bhféusta a mí Etanim, eadhon
an seachdmhadh mí.



<L 1Rí8:3>
Agus tangadar sinnsir Israel
uile, agus do thógbhadar na sagairt aNáirc súas.



<L 1Rí8:4>
Agus thugadar súas Aírc an
Tighearna, agus tabernacuil an chomh-chruinnigh,
agus anuile shoitheach náomhtha
dobhí san tabernacuil, thugadar na
sagairt agus na Lebhítigh íadsin súas
léo.



<L 1Rí8:5>
Agus dobhí an Rígh Solamh, a-gus
comhchruinniughadh Israel uile, noch
do chruinnigh chuige a bhfochair a chéile, a
bhfíadhnuise na Háirce, ag íodhbuirt
cáorach, agus damh, nár fhéidir inni-sin
nó áiriomh ar iomadamhlacht.



<L 1Rí8:6>
Agus thugadar na sagairt asteach
Aírc chunnartha an Tighearna dhá
háit féin, go horacuil an tighe, donáit
is rónáomhtha, eadhon faói scíathan-uibh
na cherubínigh.



<L 1Rí8:7>
Oír do leathnuigheadar na cheru-binigh
a ndá sciathán amach ós cionn
áite na háirce, agus dolchadar
na cherubinigh anáirc, agus a maid-eadha
shúas.



<L 1Rí8:8>
Agus do thairngeadar amach na
maideadha, chor go bhfaicthí cinn na maideadha
amach annsanáit naomhtha as coinne anoracuil,
agus ní facus amuigh íad:
agus atáid annsin gus aniugh.



<L 1Rí8:9>
Ní raibh éinní annsanáirc achd
an dá chlár chloiche, noch do chuir Maói-se
ann ag Hóreb, anuair dorinne an
Tighearna cunnradh ré cloinn Israel, anuair
thangadar amach as crích na Hé-gipte.



<L 1Rí8:10>
Agus tárla anuáir thanga-dar
na ságairt amach as anáit ronáomhtha,
gur líon an néull tigh an
Tighearna.



<L 1Rí8:11>
Iondus nár fhédadar na sa-gairt
seasamh do mhiniostrálachd, treas
an néull: óir do líon glóir an Tigh-earna
tigh an Tighearna.



<L 1Rí8:12>
Annsin do labhair Solamh, adu-bhairt
an Tighearna go náitreochadh sé
a ndorchadus tiugh.



<L 1Rí8:13>
Dorinne misi go deimhin tigh
dhuit do dhénamh comhnuighe ann, áit chinnte
dhuitsi dfanamhuin ann go bráth.



<L 1Rí8:14>
Agus dfill an Rígh a aghaidh,
agus do bheannuigh sé comhchruinniughadh
Israel uile, agus chomhchruinniughadh Is-rael
uile na seasamh.



<L 1Rí8:15>
Agus adubhairt seision, go
madh beannuigh an Tighearna Día Israel,
noch do labhair dá bhéul féin rem athair
Dáibhi, agus do choimhlíon lena láimh é,
gha rádh.



<L 1Rí8:16>
On ló fá ttug mé amach mo
phobal Israel as an Négipt, níor
thogh mé énchatair amach as treabhuibh Is-rael
uile do dhénamh tighe lé a mbía
mainm ann: achd do thogh mé Dáibhi do
bheith ós cionn mo phobail Israel.



<L 1Rí8:17>
Agus dobhí sé a ccroidhe Dháibhi
mathar tigh do dheánamh dainm an Ti-ghearna
Día Israel.



<L 1Rí8:18>
Agus adubhairt an Tighearna re
Dáibhi mathair, an mhéid go raibh sé ann
do chroidhe tigh do dhéanamh dom ainmsi,
is maith rinne tú a bheith ad chroi-dhe.



<L 1Rí8:19>
Gidheadh ní dhéna tú an tigh; achd
do mhac, noch thiucfas as do leasrach
dodhéana sé tigh dom ainmse.



<L 1Rí8:20>
Agus do choimhlíon an Tighearna
an focal adubhairt sé, agus déirghe
misí suas anáit Dháibhi mathar, agus
atáim am shuidhe a ccatháoir ríogha
Israel, mar do gheall an Tighearna,
agus dorinne mé tigh dainm Thighearna
Dé Israel.



<L 1Rí8:21>
Agus do shuighidh mé áit annsin
don Náirc, iona bhfuil cunnradh an Ti-ghearna,
noch dorinne sé rer naithribh anúair
thug sé amach as crích ná Hégip-te íad.



<L 1Rí8:22>
Agus do sheas Solamh as coi-nne
altóra an Tighearna, a lathair chomh-chruinnigh
Israel uile, agus do leathnuigh
sé amach a lámha chum neimhe:



<L 1Rí8:23>
Agus adubhairt sé, a Tighearna
Día Israel, ní bhfuil éndía cosmhuil riot
sa air nemh shuás, nó ar talumh shíos, noch
chomhallus cunnradh agus trócaire dot
sheírbhíseachuibh noch shiubhluighios ad lathair
maille sé croidhe iomlán:



<L 1Rí8:24>
Noch do chomhaill dot shearbhfho-ghantaigh
Dáibhi mathair an ní do gheall tú
dhó; do labhair tú led bhéul, mar an
gcédna, agus do chomhlíon tú léd
láimh é; mar atá aniugh.



<L 1Rí8:25>
Ar anadhbharsin annois, a
Thighearna Día Israel, comhlíon dot shearbh-fhoghantuigh
Dáibhi mathair an ní do ghealluis
dó, gha rádh, ní teisdeoca duine
úait an mo radharcsa do shuighe a cca-thaóir
ríogha Israel; amháin má bheirid
do shliochd aire da slighe: iondus go
siuboluid am lathairse mar do shiubhuil
tusa am lathair.



<L 1Rí8:26>
Agus anois a Dhía Israel,
guidhim thú, daingnithear thfocal, noch
do labhair tú red shearbhfhoghantuigh Dáibhi
mathair.



<L 1Rí8:27>
Acht an ccoimhneochaidh Día go
deimhin ar an ttalum? fhéuch ní fhaghann
flaitheas, agus flaitheas na bhflaitheas
ionad duit; cá mheíd ní as lugha ná
sin (fhéudas) an tighse dorinne mi-se?



<L 1Rí8:28>
Acht cheana féch air urnaigh do
shearbhfhoghantuigh agus air a ghearán, ó
a Thighearna mo Dhía, déisteachd ris an
ngairm, agus ris an nurnuigh noch guidh-ios
do shearbhfhoghanthuigh ad fhiadhnuise
aniugh.



<L 1Rí8:29>
Go bhfoisceoltá do shúile leath
ris an ttighso do ló agus doidhche,
eadhon leath ris anáit noch adubhairt tú:
biáidh mainm annsin, iondus go néis-tigh
tú ris an nguidhe dhénas do shearbfho-
tuigh annsanáitse.



<L 1Rí8:30>
Agus éistsi re gearán do
shearbhfoghantuigh, agus do phobhuil Israel,
anúair do dhéanuid guidhe annsanaítse:
agus cluinse ann hionad comhnuigh féin air
neamh, agus anuair chluinfios tútabair maitheamh-nus
dóibh.



<L 1Rí8:31>
Má ní duine ar bith aindligheadh a
anaghaidh a chomarsann, agus mionna do chur
air, do thabhairt air mionnughadh, agus na
mionna do theachd as coinne haltórasa
annsa tighse:



<L 1Rí8:32>
Annsin cluinsi a bhflaitheamhnuis,
agus déna breitheamhnus dot sherbhíseach-aibh
ag damnugadh an chiontuigh, do
thabhairt a shligheadh ar a cheann féin, agus
do ghlanadh anfíréin ag tabhairt dó do
reir a ionracuis.



<L 1Rí8:33>
Anúair bhuailfighear do phobal
Israel síos roimhe an námhuid do cionn
gur pheacuigheadar ad aghaidhsi, agus
go bhfillfid arís chugad, agus go
naidmheochuid hainm, agus go nguidhfid,
agus go ndénuid gearán riotsa annsa
tighse.



<L 1Rí8:34>
Annsin cluinse a bhflaitheamhnus,
agus maith peacadh do phobail Israel,
agus tabhair arís íad don dúithce, noch
thug tú dá naithribh.



<L 1Rí8:35>
Anuair dhruidfidhthear neamh, agus
nach biáidh fearthuinn ar bith ann, do chionn
gur pheacuigheadar ad aghaidhsi: má níd
siad guidhe annsanáitsi, agus hainm-
si dadmháil, agus iompógh óna bpea-cadh,
anúair smaichdeochus tú íad:



<L 1Rí8:36>
Annsin cluinse a bhflaitheamhnus,
agus maith peacadh do sherbhíseach, agus
do phobail Israel, go múinidh tú dhóibh
an tslighe mhaith iona siubholuid síad,
agus tabhair fearthuinn annsa tír, noch
thug tú dot phobal mar oighreachd.



<L 1Rí8:37>
Má bhionn gorta annsa tír, má
bhíonn plaígh, gáoth rúadh, ceó millteach,
lócuistigh, nó ná mó bhíonn nathair nimhe; má
shuidheann a námhuid na mbun, a ndúithche a
ccaitreach, gidhbé ar bith pláigh, gidhbé
ar bith eslaínte bhiás ann;



<L 1Rí8:38>
Gidhbé urnaigh nó ghearán do
dhéntar lé duine bith nó le pobal Israel
uile, noch a mbía a fhios ag gach áon
díobh pláigh a chroidhe féin, agus go
leathnochaidh amach a lámha chum an
tighesi;



<L 1Rí8:39>
Annsin cluinsi a bhflaitheamhnus
ann hionad comhnuigh féin, ag maitheamh
dhóibh, déana agus tabhair da gach áon
do reír a shligheach, a bhfuil fios a chroidhe
agadsa; óir is tusa, thusa amhaín
agá bhfuil fios croidhtheach chloinne na
ndaóine uile.



<L 1Rí8:40>
Chor go mbía eagla orra ro-mhadsa
ar feadh laéthe a mbeatha annsa
dúithche noch tug tú dar naithribh.



<L 1Rí8:41>
Tuilleamh oile, a dtaobh choimhi-theach
nach dot phobal Israel, ach thiuc-fas
a cceín ar ghrádh hanmasa.



<L 1Rí8:42>
Oír cluinfid síad iomrádh han-ma
mhoírse, agus do láimhe laídre, agus
do righthe sínte amach; anúair thiucfas
sé, agus dodhéna sé urnaigh chum an
tighe si.



<L 1Rí8:43>
Cluinsi a bhflaitheamhnus ann hio-nad
comhnuigh féin, agus déana do reír
gach éinneithe dá niárrfuidh an coimhitheach
ort: chor go mbía fios hanma ag
dáoinibh na talmhan uile, le mbía hea-gla
orra, mar atá air do phobal Israel,
agus chor go mbiáidh a fhios aca, an
tigh so dorinne misi, gurob ad ainmhsi
goirthear é.



<L 1Rí8:44>
Má théid do phobal amach do
chathughadh anaghaidh a námhad, giodhbé
ball a gcuirfidh tú íad, agus go
nguidhfid chum an Tighearna leith ris an
ccathruigh do thogh tusa, agus a leith
ris an tigh dorinne misi dot ainm;



<L 1Rí8:45>
Annsin cluinse a bhflaitheamhnus
a nguidhe, agus a ngearán, agus
cumhdaigh a ccúis.



<L 1Rí8:46>
Má níd peacadh ad aghaidh (óir
ní bhfuil duine ar bith nach bpeacuidheann,)
agus go mbía fearg agad riú, agus
go ttoirbhearuidh tú don námhuid íad, ion-dus
go mbéaruid leó a láimh íad go tír
na námhad a bhfad nó a bhfogus.



<L 1Rí8:47>
Gideadh má chuimhnighid orra féin
annsa tír a mbérthar a láimh íad, a-gus
ma níd aithrighe, agus má chuir-fid
a ngearán chugadsa a ttír na muin-tire
rug léo a láimh íad, gha rádh, do
pheacuidheamar, agus dorinneamar éigceart,
dorinneamar go holc;



<L 1Rí8:48>
Agus marsin má fhillid chugad-
sa lena nuile chroidhe, agus lena
nuile anam a ttír a námhad, noch
rug leó a láimh íad, agus go nguidhfid
chugadsa a leith réna ndúithche féin,
noch thug tú dá naithribh, ris an cathruigh
do togh tú, agus ris an tigh do thóg
misi dot aínm:



<L 1Rí8:49>
Annsin éist thusa a nguidhe,
agus a ngearán a bhflaitheamhnus ann hio-nad
comhnuidhe féin, agus connuimh
súas a gcúis.



<L 1Rí8:50>
Agus maith don phobal do phea-cuidh
ad aghaidh, agus a naindligheadh uile
leir sháruigheadar ad aghaidh, agus
tabhair trócare dhóibh a lathair na ndáoine
rug leó a láimh íad, chor go mbía
trúaighe achasan dóibh.



<L 1Rí8:51>
Oír is íad do phobalsa agus
hoighreachd íad, noch thug tú amach as an
Négipt as lár na fuirnísi ía-ruinn.



<L 1Rí8:52>
Chor go mbéid do shúile fos-cuilte
do ghearán do sherbhísigh, agus
do ghearán do phobail Israel, do tha-bhairt
Aire dhóibh annsanuile ní da ngoirfid
ort dhá ttáobh.



<L 1Rí8:53>
Oír do dhealuigh tú íad ó bheith
a measc dháoine na talmhan uile, do
bheith na noighreachd agad féin, mar do
labhair tú lé láim Mháoise do sherbhisigh
anuáir thug tú ar naithreacha amach
as an Négipt, a Thighearna Día.



<L 1Rí8:54>
Agus is amhluidh bhí, anuáir do
chríochnuigh Solamh bheith ag guidhe na hur-nuighse
uile, agus aníarratuis chum an
Tighearna, déirigh sé as fíadhnuise al-tóra
an Tighearna, ó bheith ar a ghlúi-nibh,
maille rena lámhuibh leathnuigh súas
chum neimhe.



<L 1Rí8:55>
Agus do sheas sé, agus do
bheannuigh sé comhchruinniughadh Israel uile
do ghuth fhollusghlan, gha rádh,



<L 1Rí8:56>
Go madh beannuigh an Tighearna,
noch thug suáimhnios da phobal Israel do
réir gach éinneithe dar gheall sé; ní
dheachaidh áon fhocal amháin a bhfaillighthe
da ghealladh maith uile, noch do gheall sé
le láimh Mhaóise a shearbhfhoghantuigh.



<L 1Rí8:57>
Go raibh an Tighearna ar Ndía
linn amhuil dobhí sé le ar naithribh: ná
fágbhadh, agus ná tréigíodh sé sinn.



<L 1Rí8:58>
Iondus go ccláonadh sé ar
gcroidhthe chuige féin, do shiubhal iona
shlighthibh uile, agus do choimhéud a aithean-tadh,
agus a reachda, agus a bhreitheamh-nusa,
noch do aithin sé dar naithribh.



<L 1Rí8:59>
Agus go raibh na bríathrasa
agumsa lé ndérna mé athchuinge a bhfi-adhnuise
an Tighearna, a ngar don Tigh-earna
ar Ndía do ló agus doidhche, chor
go ccothochuidh sé cúis a sherbhísigh, a-gus
cúis a phobail Israel gach uile uáir,
mar bhías uireasbuidh orra.



<L 1Rí8:60>
Chor go mbía a fhios ag daói-nibh
an domhuin uile, gurbé an Tigh-earna
as Día, agus nach bhfuil aithear-rach
ann.



<L 1Rí8:61>
Bíodh bhur gcroidhe ar anadhbhar
sin iomlán leis an TTighearna ar Ndía,
do shiubhal iona statúidibh, agus do
choimhéud a aitheantadh uile, amhuil san ló
aniugh.



<L 1Rí8:62>
Agus dofráil an Rígh, a-gus
Israel uile maille ris, íodhbairt
a lathair an Tighearna.



<L 1Rí8:63>
Agus díodhbair Solamh íodhbuirt
ofrála síothchána, noch do ofráil sé don
Tighearna, dhá mhíle fhithchiod damh, agus
céud agus fithche míle cáora: marsin
do choisrig an Rígh, agus clann Israel
uile tigh an Tighearna.



<L 1Rí8:64>
An la sin féin do choisrig an
Rígh meadhón na cúirte dobhí as coinne
thighe an Tighearna: óir is annsin do
ofráil sé íodhbhartha loisge, agus of-rála
bídh, agus méthus na hofrála
síothchána: do chionn go raibh analtóir
phráis dobí a lathair an Tighearna
roibheag, do ghlacadh na nofrálach lois-ge,
agus na nofrálach bídh, agus mé-thuis
na nofrálach síothchána.



<L 1Rí8:65>
Agus an tansin dorinne So-lamh
féusta agus Israel uile na fho-chair,
coimhthionól mhór, ó mar théid tú asteach
go Hamat go nuige abhuinn na Hé-gipte,
a lathair ar TTighearna Día seachd
lá agus seachd lá, eadhon ceithre lá
dhég.



<L 1Rí8:66>
Ar anochdmhadh lá do chuir sé an
pobal ar siubhal, agus do bheannuigheadar
an Rígh, agus dochúadar da lóistí-nibh
go súgach, agus go lúathgháireach
a ccroidhe, ar son gach uile mhaitheasa
dá ndérna an Tighearna ar son Dháibhi
a shearbhfhoghantuigh, agus ar son a pho-bail
Israel.



Caib.9.



<L 1Rí9:1>
Agus tárla anúair do chrío-chnuigh
Solamh dénamh thighe an
Tighearna, agus thighe an Rígh,
agus gach éinneithe dar mhían
le Solamh do dhéanamh.



<L 1Rí9:2>
Gur taibhreadh an Tighearna do
Sholamh an dara huáir, mar do
thaisbéin sé é féin dó a Ngibeon.



<L 1Rí9:3>
Agus adubhairt an Tighearna ris,
dochúala mé do ghuidhe agus híarra-tus,
noch dorinne tú am fhiadnuise: do
bheannuigh mé an tighso, noch dorinne tú
do chur manma ann go bráth, agus
béid mo shúile agus mo chroidhe ann go
síorruidhe.



<L 1Rí9:4>
Agus má shiubhluighionn tusa am
lathair, mar do shiubhuil hathair Dáibhi aniomláine
chroidhe, agus a bhfíréan-tachd,
do dhéanamh gach uile neithe dar
aithin misi dhíot, agus go ccoimhéadfa
tú mo statúidigh, agus mo bhreitheamh-nuis.



<L 1Rí9:5>
Annsin daingneochuidh mé cathaóir
do rioghachta ar Israel go bráth,
mar do gheall mé dot athair Dáibhi, gha
rádh, ní theisteochuigh duine uáit ar cha-thaoir
rioghachda Israel.



<L 1Rí9:6>
Acht má fhilltighesi ar éan
chor ó misi leanmhuin, sibh féin nó bhur
cclann, agus nach choimhéudfuidhe maith-eanta
agus mo statúidigh, noch do
chuir mé ann bhur bhfiaghnuise, achd imtheachd,
agus dée oile dadhradh, agus seir-bhís
do dhéanamh dhóibh.



<L 1Rí9:7>
Annsin géarrfa misi Israel a-mach
as a ndúithche, noch thug mé
dhóibh; agus an tigh so do náomhuigh mé
dom ainm, teilgfe mé as mo radharc é,
agus biadh Israel na sheanfhocal, agus
na fhocal magaidh a measg anuile
phobal.



<L 1Rí9:8>
Agus an tighso atá comhárd sin,
biáidh úaman ar gach énduine do ngéa-bhaidh
láimh rís; agus béid ag sios-urnuigh,
agus adéaruid, cred fá
ndérna an Tighearna so ris a ndúithche
si agus ris an ttighso?



<L 1Rí9:9>
Agus freagorud siádsan, do
chionn gur thréigeadar a TTighearna Día,
noch thug amach a naithre as crích na
Hégipte, agus gur ghreamuigheadar do
dheeibh oile, agus gur adhradar íad,
agus go ndearnadar serbhís dóibh:
uimesin thug an Tighearna an tolcsa
orra.



<L 1Rí9:10>
Agus tárla a gcionn fhith-ciod
bliadhan, tair éis Solamh an dá
thigh do dhénamh, tigh an Tighearna agus
tigh an Rígh.



<L 1Rí9:11>
(Anois do rad Híram Rígh Tíor
do Sholamh croinn chédair, agus croinn
ghiumhais, agus ór do réir a mheanman uile)
go ttug Solamh annsin do Híram
fithche cathair a gcrích na Galile.



<L 1Rí9:12>
Agus tháinic Hiram as Tíor
dféuchuin na gcaithreach thug Solamh dhó,
agus nior thaitnigheadar ris.



<L 1Rí9:13>
Agus adubhairt sé, cred íad
na caithreachasa thug tú dhamsa, a dhear-bhrathair?
agus thug se fearann Cabul
orra gus aniugh.



<L 1Rí9:14>
Agus do chuir Híram chum an
Rígh sé fithchid tallann óir.



<L 1Rí9:15>
Agus isé so fáth an gheártha
do thóg an Rígh Solamh do dhénamh tighe
an Tighearna, agus a thighe féin, agus
Millo, agus balla Iarusalem, agus
Hasor, agus Megiddo, agus Geser.



<L 1Rí9:16>
Oír dochúaidh Phárao Rígh na
Hégipte suas, agus do gabh se Geser
agus do loisg í le teine, agus do mharbh
sé na Cananitigh do aítreibh annsa cca-thruigh,
agus thug sé mar thiodhlacadh dá in-ghin
do mhnáoi Sholuimh í.



<L 1Rí9:17>
Agus do chur Solamh Geser,
agus Betoron iochdarach súas,



<L 1Rí9:18>
Agus Balah, agus Tadmor,
annsa bhfásach annsa dúithche sin,



<L 1Rí9:19>
Agus caithreacha an strórúis uile,
noch dobhí ag Solamh, agus caithreacha
dhá charbaduibh, agus caithreacha dhá
mharcshluágh, agus gach ní ba mían le
Solamh do chur súas ann Iarusalem,
agus a Lebanon agus a bhfearann a
thighearnuis uile.



<L 1Rí9:20>
Agus an mhuintir uile do fág-badh
beó do na Hamoritibh, do na
Hititib, do na Perisitibh, do na Hibhitibh,
agus dona Iebusitibh, nach raibh do
chloinn Israel,



<L 1Rí9:21>
A cclann do fhágbhadar na ndiáigh
san tír nachar fhédadar clann Israel
do scrios uile, orra sin do thóg So-lamh
duibhchíos serbhíse daóire gus aniugh.



<L 1Rí9:22>
Acht do chloinn Israel ní dheár-nuidh
Solamh daóine daora, achd do
bhádar na bhfearuibh cogaidh, agus na
serbhíseachaibh, agus na bprionnsadhaibh,
agus na ccaiptínibh, agus na núachda-ranuibh,
agus na marcshlúagh aige.



<L 1Rí9:23>
Dob íad so na príomhoifigidh do
bhí ós cionn oibre Sholuimh, cúig chéud
agus cáogad, agá raibh ríaghail ós
cionn na ndáoine do oibrigh san
nobair.



<L 1Rí9:24>
Achd táinic inghean Phárao
súas as cathruigh Dháibhi dhá
tigh féin, noch do thóg Solamh dhi: ann-
sin do thóg sé Millo.



<L 1Rí9:25>
Agus trí huáire san mblíadh-uin
do íodhbuir Solamh ofrála loisge, a-gus
ofrála síothchána ar analtóir
dorinne sé don Tighearna, agus do
loisg sé túis ar analtóir dobhí a
bhfíadhnuise an Tighearna: mar sin do
críochnuigh sé an Tigh.



<L 1Rí9:26>
Agus dorinne an Rígh So-lamh
cobhlach long ann Esion-Geber,
noch atá láimh re Elot ar thráigh na
mara ruáidhe a ccrích Edom.



<L 1Rí9:27>
Agus do chuir Híram a sher-bhísigh
annsa loingeas, loingseóirigh a-gá
raibh eólus na fairge, a bhfochair sher-bhíseach
Sholuimh.



<L 1Rí9:28>
Agus tangadar go Hóphir,
agus thugadar ór as sin, ceithre chéud
agus fithche tallann, agus thugadar
chum an Rígh Solamh é.



Caib.10.



<L 1Rí10:1>
Agus anuáir dochúalaidh
Bainríoghan Shéba clú Sho-luimh,
agus anma an Tigh-earna,
tháinic sí dá dhear-bhadh
le cheastuibh cruáidhe.



<L 1Rí10:2>
Agus tháinic sí go Hierusa-lem
ré cuideachduin romhóir, maille re
cámhalluibh diomchair spíosraidh, agus
iomarcaigh óir, agus clocha uáisle:
agus anuáir tháinic sí mar a raibh
Solamh, do comhráidh si ris fá gach
éinní dá raibh ann a croidhe.



<L 1Rí10:3>
Agus dinnis Solamh dhi a ceas-tanna
uile: ní raibh éinní díamhair air an
Rígh nachar innis sé dhi.



<L 1Rí10:4>
Agus anuáir dochonnairc Bain-ríoghan
Shéba críonnachd Sholuimh uile, a-gus
an tigh do thóg sé.



<L 1Rí10:5>
Agus biádh a bhuird, agus suidhe
a sheirbhíseach, agus miniostralachd a
luchd fritheóilte, agus a néuduighe,
agus fós a ghiolluighe cupáin, agus
a dhul súas mar a ttíagh súas go
tigh an Tighearna; ní raibh nios mó do
spioruid inte.



<L 1Rí10:6>
Agus adubhairt sí ris an Rígh,
as fíor anaithris dochúala misi am
dhuithche féin ar do ghníomhuibhsi, agus ar
do críonnachd.



<L 1Rí10:7>
Gidheadh nior chreid mé na bría-thra,
nó go ttáinic mé, agus go bhfa-cuidh
mo shúile íad; agus féuch níor
hinnseadh a leath dhamh: do sháruigh do crío-nnachd,
agus do shonus an túarusgbháil
dochúala mé.



<L 1Rí10:8>
Is sona atáid do dhaóine, so-na
atáid so do sherbhísigh, noch sheasas
a ccomhnuighe ad lathair, agus chluineas
do chríonnachd.



<L 1Rí10:9>
Go madh beannuigh do Thighearna Día
fuáir dúil ionnad dot shuighiughadh a
ccathaóir ríogha Israel: do bhrígh
gur ghrádhuigh an Tighearna Israel go
bráth, as uime sin dorinne sé Rígh dhíot-
sa do dhénamh breiteamhnuis, agus
ceirt.



<L 1Rí10:10>
Agus thug sí don Rígh céud
agus fithche tallann óir, agus romh-órán
spíosradh, agus cloch úasal:
ní tháinic aríamh na dhiáigh nios mó do
shaidhbhrios spíosradh ná íad so thug
Bainríoghan Séba don Rígh Solamh.



<L 1Rí10:11>
Agus cobhlach Híram mar an
gcédna, noch thug ór ó Ophir, thuga-dar
leó ó Ophir romhórán crann Al-mug,
agus cloch úasal.



<L 1Rí10:12>
Agus dorinne an Rígh do na
crannuibh Almug piléir do thigh an Tigh-earna,
agus do thigh an Rígh, cláirseacha
mar an gcédna, agus adhbha chíuil don
luchd ceóil: ní tháinic a leithéid sin do
chrannuibh Almug, ní mó doconncus íad
gus aniugh.



<L 1Rí10:13>
Agus thug an Rígh Solamh do
Bhainríoghain Shéba a míana uile, gidhbé
ar bith ní díarr sí, táobh amuigh
dhá ttug an Rígh Solamh dhi dá thiodh-laicibh
ríoghamhla féin: marsin dfill
sí, agus dochuáidh dá tír féin, í
féin agus a muintir.



<L 1Rí10:14>
Anois dobé comhthrom anóir
tháinic chum Soluimh anéinbhlíadhuin, sé
chéud trí fithchid agus sé tallanna
óir;



<L 1Rí10:15>
Taobh amuigh dá bhfuáir sé ó na
ceannuighibh, agus ó thurusaibh ceannuigheadh
na spíosradh, agus ó Ríghthibh na Harábia
uile, agus ó úasaránuibh na tíre.



<L 1Rí10:16>
Agus dorinne an Rígh Solamh
dhá chéud sgíat dór bhuáilte: sé chéud
Secel óir dochuáidh chum gach éin
scéithe.



<L 1Rí10:17>
Agus dorinne an sé trí céud
láimhscíath dór bhuailte; dochuáidh
trí phunta óir chum gach éinscéithe; a-gus
do chuir an Rígh íad a ttigh na
foraóise a Lebanon.



<L 1Rí10:18>
Mar an gcédna dorinne an
Rígh cathaóir mhór ríogha do Ebur,
agus dfoluigh í uile re hór fíorgh-lan.



<L 1Rí10:19>
Dobhádar sé choiscéim ag an
gcathaóir, agus mullach na cathaóire
cruinn taob shíar, agus dobhádar ful-uing
ar gach taóibh donionad suidhe, a-gus
dhá leomhan na seasamh ré taóibh
na bhfulang.



<L 1Rí10:20>
Agus do sheas dhá leomhan déugh
annsin ar a ttaóibhse, agus ar an ttáóibh
oile ar na sé choiscéim; ní dérnadh a
leithéid anéinrioghachd.



<L 1Rí10:21>
Agus dobhádar soithighe óil
thighe Sholuimh uile dór, agus soithighe
tighe fhoraóise Lebanon dobhádar uile
dór fhíorghlan: níorbhairgead éntsoitheach
dhíobh, ní raibh meas air a láethibh Sholuimh.



<L 1Rí10:22>
Oír dobhí ag an Rígh ar fairge
cobhlach Tharsis, maille re cobhlach
Híram; énuair annsna trí blíadhnaibh
dothigeadh cobhlach Tharsis, ag ta-bhairt
óir, agus airgid, agus fhíacal E-lephant,
agus Appadh, agus phécóg.



<L 1Rí10:23>
Marsin do sháruigh an Rígh
Solamh Ríghthe an domhuin uile a saidh-bhrios,
agus aneagna.



<L 1Rí10:24>
Agus dobhí an sáoghal uile
ag íarruidh teachd go Solumh, déisteachd réna
eagna, noch do chuir Día iona chroi-dhe.



<L 1Rí10:25>
Agus thugadar léo gach áon
aca a bhronntanus, soithighe airgid, a-gus
soithighe óir, agus culaidheacha,
agus arm, agus spíosradh, eich agus
múilligh, suim áirigh gacha blíadhna.



<L 1Rí10:26>
Agus do chruinnigh Solamh a
gceann a chéile carbuid, agus marcsh-lúagh:
agus dobhí aige míle agus
ceithre chéud carbad, agus dhá mhíle
dhéug marcach, noch do chuir sé annsna
caithreachaibh chum na ccarbad, agus
ag an Rígh ann Iarusalem.



<L 1Rí10:27>
Thug an Rígh airgiod do bheith ann
Iarusalem amhuil clocha: agus thug
Cedar do bheith ann amhuil crann Sicamor,
noch atá annsa ghleann, air líon-
mhaireachd.



<L 1Rí10:28>
Agus dothigeadh chum Soluimh
eich as an Négipt, agus snáth lín: do
glacaidís ceannuighthe an Rígh an snát
lín ar shuim áirigh.



<L 1Rí10:29>
Agus dochuáidh carbad súas,
agus tháinic as an Négipt ar ceann shé
chéd Secel airgid, agus eich ar ceann chéud
agus cáogad: agus mairsin do Ríogh-uibh
na Hitíteach uile, agus do Ríogh-uibh
na Síria, agus dobheireadh síadsan
amach íad lena láimh.



Caib.11.



<L 1Rí11:1>
Acht do ghrádhuig an Rígh
Solumh morán ban coimhi-ghtheach
(maille re hinghin Pharao)
mna do na Moa-bitigh,
Amonítigh, Edomítigh, Sidónian-uigh,
agus Hititigh:



<L 1Rí11:2>
Do na cineadhacaibh a ttaobh ar
labhair an Tighearna re cloinn Israel,
ní reachtaóise asteach chugthasan, ní
mo thiocfaid síadsan asteach chugaibh-
si: óir go deimhin iompochuid síad bhur
ccroidhthe do leanmhuin a ndee; do ghream-uidh
Solamh díobh sa a ngrádh.



<L 1Rí11:3>
Agus dobhádar seachd ccéud bean
aige, bainphrionsadha, agus trí chéud
leannán: agus diomhpóigheadar a mhná a
chroidhe.



<L 1Rí11:4>
Oír tárla anuáir dobhí Solumh
áosta gur iompóigheadar a mhná a
chroidhe a ndiáigh dée oile: agus ní
raibh a chroidhe iomlán lena Thighearna
Día féin, mar dobhí chroidhe Dháibhi a
athar.



<L 1Rí11:5>
Oír dochuáidh Solamh a ndiáigh
Astarot baindía na Sidónianach, a-gus
a ndiáigh Mhilcom adhfhuathmhuireachd
na Namoríteach.



<L 1Rí11:6>
Agus dorinne Solamh olc a ra-dharc
an Tighearna, agus níor lean go
hiomlán an Tighearna, mar dorinne
Dáibhi a athair.



<L 1Rí11:7>
Annsin do chuir Solam ionad árd
súas do Chémos gráineamhlachd Mhoab,
annsa chnoc atá as coinne Iarusalem;
agus do Mhólech gráineamhlachd chloinne
Ammon.



<L 1Rí11:8>
Agus mar an gcédna dorinne
sé ar son a bhan ccoimhitheach uile,
noch do loisg túis, agus dorinne íodh-bhairt
da ndéeibh.



<L 1Rí11:9>
Agus dobhí an Tighearna fear-gach
ré Solamh do bhrígh gur iompóigh
a chroidhe ón TTighearna Día Israel,
noch do taidhbhreadh dhó fa dhó.



<L 1Rí11:10>
Agus dothug aithne dhó
a ttaobh a neitheso, nach rachadh sé a
ndiáigh dée oile: acht níor choimhéd
sé an ní sin do aithin an Tighearna
dhe.



<L 1Rí11:11>
Uime sin adubhairt an Tighearna
re Solamh, do bhrígh go ndérna tusa
so, agus nar comhuill tú mo chunnradh-
sa, agus mo reachda do aithin mé dhíot,
fuaideochaidh misi go deimhin an riogh-achd
uáit, agus dobhéra mé dot shearbhfho-ghontuigh
í.



<L 1Rí11:12>
Gidheadh ann do laethibhsi ní dhéna
mé é ar son hathar Dáibhi: achd fuáid-eocha
mé í as láimh do mhic.



<L 1Rí11:13>
Gidheadh ní scarfa mé an rioghachd
uile, achd dobhéra mé éintreabh amháin
dot mhacsa ar son Dáibhi mo shearbhfho-ghantuigh,
agus ar son Iarusalem do
thogh mé.



<L 1Rí11:14>
Agus do chorruigh an Tighearna
námhuid súas anaghaidh Sholuimh, Hadad
an Tedomíteach: dobudh do shíol an
Rígh ann Edom é.



<L 1Rí11:15>
Oír tárla anuáir dobhí
Dáibhi ann Edom, agus ar ndul súas
do Ióab caiptín an tslóigh, dadhlachadh
na marbh, tar éis gach éin fhirionnach
do marbhadh dhó ann Edom:



<L 1Rí11:16>
(Oir dfan Ióab sé mhí annsin, a-gus
Israel uile, no gur ghérr sé a-mach
a raibh dfearaibh ann Edom.)



<L 1Rí11:17>
Gur theith Hádad, é féin agus
Edomitigh áirigh do shearbhfhoghantuibh a
athar maille ris do dhul don Négipt:
ar mbeith do Hádad fós na leanamh
óg.



<L 1Rí11:18>
Agus déirgheadar amach as
Mídian, agus tangadar go Páran,
agus rugadar daóine léo as Páran,
agus tangadar don Négipt, go Phá-rao
Rígh na Hégipte, noch thug tigh
dhó, agus dórduigh bíadh dó, agus thug
fearann dó.



<L 1Rí11:19>
Agus fuair Hádad fabhar mór
a radharc Phárao, iondus go ttug
dhó na mnaoi deirbhshíur a mhná féin, deirbh-shiúr
Thaphenes an bhainríoghan.



<L 1Rí11:20>
Agus rug deirbhshiúr Thaphe-nes
a mhac Genubat dhó, noch do oil
Taphenes a ttigh Phárao; agus do
bhí Genubat a tteaghlach Phárao a
measc mhac Phárao.



<L 1Rí11:21>
Agus anuáir dochúaluidh Há-dad
san Négipt gur choduil Dáibhi a
bhfocair a aithreadh, agus gur marbhadh
Ióab caiptín an tslóigh, adubhairt Há-dad
re Phárao, léig dhamh imtheachd go
ndeachuidh mé dom thír féin.



<L 1Rí11:22>
Annsin adubhairt Phárao ris,
acht cred is easbhuidh dhuit am fhochairsi,
féuch, as a níarrann tú dul dot thír
féin? agus do fhreagair seision, ní
headh, achd ar a shonsin léig dhamh imtheachd
ar gach énchor.



<L 1Rí11:23>
Agus do chorruigh Díanámh-uid
oile súas na aghaidh, Reson mhac
Eliada, noch do theith óna thighearna Há-dadeser
Rígh Sóbah.



<L 1Rí11:24>
Agus do chruinnigh sé daóine
chuige, agus dorinneadh caiptín ós
cionn cuidheachda dhe, anuair do mharbh Dáibhi
daóine Shóbah: agus dochúadar go
Damascus, agus do áitigheadar ann
sin, agus dobhí sé na Rígh an Damas-cus.



<L 1Rí11:25>
Agus dobhí sé na námhuid ag
Israel ar feadh shaoghail Sholuimh, taobh
amuigh don olc (dorinne) Hádad: agus
do fhúathaigh sé Israel, agus dobhí na
Rígh ós cionn na Síria.



<L 1Rí11:26>
Agus Ieroboam mhac Nébat,
Ephratíteach as Sereda, searbhfhoghan-tuigh
Sholuimh (nocharbhe ainm a mhathar
Seruah baintreabhach) do thóg seision
fós a lámh súas anagaidh an
Rígh.



<L 1Rí11:27>
Agus dobé so an tadhbhar
as ar thóg sé súas a lámh anaghaidh
an Rígh: do thóg Solumh Millo, agus
do leasuigh se beárrnadha chaithreach Dhái-bhi
a athar.



<L 1Rí11:28>
Agus dobhí an duine sin Ie-roboam
na dhuine árrachda a ngaisgidhe:
agus mar dochonnairc Solamh go raibh an
tógánach tionnscantach, dorinne sé úa-chdaran
de ós cionn chúruim thighe Ióseph
uile.



<L 1Rí11:29>
Agus tárla anúair sin an tan
dochúaidh Ieroboam amhach as Ierusa-lem,
go bhfuáir an fhaídh Ahiiah an
Silóniteach é annsa tslighe: agus do
ghabh uime édach núadh, agus dobhádar
aráon leó féin san mhachaire.



<L 1Rí11:30>
Agus rug Ahiiah ar anédach
núadh dobhí uimesion, agus do réub sé
a ndá cuid déug é.



<L 1Rí11:31>
Agus adubhairt sé ré Ieroboam,
glacsa deich ccuid; óir is marso adeir
an Tighearna Día Israel, féuch stíall-fa
misi an rioghachd a léimh Sholuimh, agus
dobhéara mé deich ttreabha dhuit-
si:



<L 1Rí11:32>
(Acht dogheabha seision én-
treabh amhaín ar son mo shearbhfhoghantuigh
Dáibhi, agus ar son Iarusalem, an
chathair noch do thogh mé amach as treabhuib
Israel uile.)



<L 1Rí11:33>
Do chionn gur thréigiodar mé,
agus gur adhradar Astarot, baindía
na Sidónianach, Chémos diá na Moa-bíteach,
agus Milcom día chloinne Am-mon,
agus nar shubhluigheadar ann mo
shlighthibhsi do dhénamh an neithe is ceart ann
mo radharc, agus mo reachda do coi-mhéud,
agus mo bhrtheamhnuis, mar
dorinne Dáibhi a athair.



<L 1Rí11:34>
Ar a shonsin, ní bheanfa mé an
rioghachd uile as a láimh, achd dodhéana mé
prionsa dhe ar feadh uile laéthe a bheatha,
ar son Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh, noch
do thogh mé, do bhrígh gur choimheud sé
maitheanta agus mo reachda.



<L 1Rí11:35>
Acht beanfa mé an rioghachd as
láimh a mhich, agus dobhéara mé dhuitsi
í, eadhon deich ttreabha.



<L 1Rí11:36>
Agus dobhéra mé aointreabh
amháin da mhachsan, chor go mbía ag
Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh solus ro-mham
a ccomhnuighe ann Iarusalem, an cha-thair
do thogh mé dhamh féin do chur manma
innte.



<L 1Rí11:37>
Agus glacfa mé thusa, agus
biáidh tú ad Rígh do reír anuile neithe
is toil led hanum, agus biáidh tú ad
Rígh ós cionn Israel:



<L 1Rí11:38>
Agus is amhluidh bhías, má éis-teann
tú ré gach uile ní dá naitheonuidh
misi dhíot, agus go siubholuidh tú ann mo
shlighthibh, agus go ndénair an ní bhías
ceart ann mo radharc, do chomhéd mo reachda,
agus maitheanta, mar dorinne Dáibhi
mo shearbhfhoghantuigh, go mbiáidh misi leat-
sa, agus go ndhéna mé tigh daingion
duit, mar dorinne mé do Dháibhi, agus
dobhéra mé Israel duit.



<L 1Rí11:39>
Agus cráidhfigh mé uime so
sliochd Dháibhi, achd ní go bráth.



<L 1Rí11:40>
Dobhí Solumh ar anadhbhar sin
ag íarruidh Ieroboam do mharbhadh: agus
déirigh Ieroboam, agus do theith sé
don Négipt go Sisac Rígh na Hégipte,
agus dobhí sé san Négipt go bás
Sholuimh.



<L 1Rí11:41>
Agus an chuid oile do gníom-radh
Sholaimh, agus anuile ní dá dér-na
sé, agus a chríonnachd, nach bhfuilid
síad scríobhtha a leabhar ghniomhradh Sho-luimh.



<L 1Rí11:42>
Agus an fad dobhí Solumh na
Rígh an Iarusalem ós cionn Israel uile,
dobudh dhá fhithchiod blíadhan.



<L 1Rí11:43>
Agus do choduil Solumh a bhfo-chair
a aithreadh, agus do hadhlaiceadh é
a ccathair Dháibhi a athar: agus dobhí
Rehoboam a mhac na Rígh ann a áit.



Caib.12.



<L 1Rí12:1>
Agus dochuaidh Rehoboam
go Sechem; oir thangadar
Israel uile go Sechem do
dheánamh Rígh dhe.



<L 1Rí12:2>
Agus tárla anuáir
dochúala Ieroboam mhac Nébat sin,
noch dobhí fós annsaNégipt (óir do
theith sé as radharc an Rígh Soluimh, agus
do chomhnuidh Ieroboam annsaNégipt:)



<L 1Rí12:3>
Gur chuireadar fios, agus gur
ghoireadar air: agus tháinic Ieroboam,
agus comhchruinniughadh Israel uile, agus
do labhradar re Rehoboam, gha
rádh,



<L 1Rí12:4>
Dorinne hathair ar ccuing doc-rach:
anois air anadhbharsin dénasa ser-bhís
dhocamhlach hathar agus a
chuing throm, noch do cuir sé oruinne,
nios éttruime, agus dodheánam ser-bhis
duit.



<L 1Rí12:5>
Agus adubhairt seision riú, imthigh
fós go ceann thrí lá, annsin tigidh arís
chugam. Agus do imthigheadar an
pobal.



<L 1Rí12:6>
Agus dorinne on Rígh Rehobo-ham
comhairle ris an seandáoinibh do sheas a
lathair Sholuimh a athar an fad dobhí fós
na bheathaigh, agus adubhairt, cred í
bhur ccomhairle le ttiubhra mé freagra ar
an muintirse?



<L 1Rí12:7>
Agus do labradarsan dha rádh,
má bíonn tú ad shearbhfhoghantuigh ag
an muintirse aniugh, agus serbhís do
dhéanamh dhóibh, agus a bhfreagra, agus
focail mhaithe do labhairt riú, annsin
beídsion na searbhfhoghantuibh agadsa
go bráth:



<L 1Rí12:8>
Achd do threíg sé comhairle na sean-dáoine,
noch thugadar dhó, agus dorinne
comhairle ris na daóinibh óga dfás
na fhochair féin, do sheas na lathair.



<L 1Rí12:9>
Agus adubhairt sé riú, cred an
chomhairle dobheirthíse le ttiubhramaois
freagra ar an bpobalsa, noch do labhair
riom, gha rádh, déna an chuing do
chuir hathair oruinne nios éttruime?



<L 1Rí12:10>
Agus do labhradar na dáoine
óga thaínic súas na fochair, ga rádh, mar-
so labheórus tú ris an bpobalsa do
labhair riot, gha rádh, dorinne hathair ar
ccuing trom, achd déanasa níos édtrui-me
dúinn í; is marso a déra tú
riú: budh reimhe mo mheur beagsa ná
slíasad mathar.



<L 1Rí12:11>
Agus anois an tionad ar mhui-ridhnigh
mathair sibh le cuing thruim, cuir-fe
mise a gcionn bhur gcuinge: do
smachduigh mathair sibh lé sciúrsadhuibh,
acht smaichdeochuidh sibh le sgiúr-sadhuibh
cailgeamhla.



<L 1Rí12:12>
Marsin thaínic Ieroboam, agus
an pobal uile go Rehoboam an treas
lá, mar do órduigh an Rígh, dha rádh,
tigidh chugam arís a gcionn thrí
lá.



<L 1Rí12:13>
Agus do fhreagair an Rígh an po-bal
go borb, agus do threígh sé comh-airle
na seanndaoine, noch tugadar
dhó.



<L 1Rí12:14>
Agus do labhair riú do réir
chomhairle na ndaóine óga, dha rádh, dorinne
mathair bhur ccuing trom, agus
cuirfidh misi a ccionn bhur ccuinge; do
smachduigh mathair sibh mar an gcédna le
sciúrsadhuibh, acht smaichdeochuidh misi sibh
lé sciúrsadhuibh cailgeamhla.



<L 1Rí12:15>
Uime sin níor éist an Rígh ris
an bpobal; óir is ón TTighearna dobhí
an chúis, chor go ccoimhlíonfadh sé a
fhocal, noch do labhair an Tighearna ré
Ahiiah an Siloníteach, do Ieroboam mhac
Nébat.



<L 1Rí12:16>
Marsin anuáir dochonncadar
Israel uile nachar éist an Rígh riú,
do fhreaghair an pobal an Rígh dhá rádh, cred
an chuid ronna atá aguinne do Dháibhi?
ní mó atá oighreachd aguinn a mac Iesse:
(éirgidhe) dá bhur lóistínibh, a
Israel: anois féuch dot thigh féin, a
Dháibhi. Marsin do imthigheadar Israel
dá lóistínibh.



<L 1Rí12:17>
Acht ar son chloinne Israel,
noch dorinne áitreabh a ccaithreachaibh Iú-dah
dobhí Rehoboam na Rígh ós a
ccionn.



<L 1Rí12:18>
Annsin do chuir an Rígh Reho-boam
Adoram, noch dobhí ós cionn an
chíosa, agus do chlochadar Israel uile
é lé clochaibh go bhfúair sé bás; uime-
sin dorinne an Rígh Rehoboam deithnios
do dhul súas ann a charbad do theitheamh
go Hierusalem.



<L 1Rí12:19>
Mar sin dochuáidh Israel ana-ghaidh
thighe Dháibhi gus aniugh.



<L 1Rí12:20>
Agus tárla anuáir dochúa-ladar
Israel uile Ieroboam do theachd arís,
gur chuireadar fios, agus gur
ghoireadar air chum an chomhchruinnigh, agus
go ndérnadar Rígh dhe ós cionn Israel
uile: ní raibh énduine ag leanmhuin tighe
Dháibhi, achd treabh Iúdah amháin.



<L 1Rí12:21>
Agus anuáir tháinic Reho-boam
go Hierusalem, do chruinnigh sé
tigh Iúdah uile maille re treibh Bhen-iamin
céud agus ceithre fithchid míle
fear toghtha, noch dobhí na luchd cogaidh,
do throid anaghaidh thighe Israel, do
thabhairt na rioghachda arís do Rehobo-am
mhac Soluimh.



<L 1Rí12:22>
Acht tháinic bríathar Dé go
Semaiah óglach Dé, gha rádh,



<L 1Rí12:23>
Labhair ré Rehoboam mhac Soluimh
Rígh Iúdah, agus ré tigh Iúdah agus
Bheniamin uile, agus re fuighioll an
phobail, dha rádh,



<L 1Rí12:24>
Ar marso adeir an Tighearna,
ní ráchtaoi súas, agus ní throidfidhe
anaghaidh bur ndearbhráithreach clann Is-rael:
filleadh gach énduine aguibh dhá
thigh féin: óir is uáimse atá an ní si.
Déisteadar san ar anadhbharsin ré
focal an Tighearna, agus dfilleadar
dimtheachd do réir fhocail an Tighearna.



<L 1Rí12:25>
Annsin do chuir Ieroboam Se-chem
súas ar shlíabh Ephraim, agus
dorinne sé comhnuidhe ann, agus dimthigh
amach as sin, agus do chuir sé Penuel
súas.



<L 1Rí12:26>
Agus adubhairt Ieroboam iona
chroidhe, anois fillfidh an rioghachd chum
tighe Dháibhi.



<L 1Rí12:27>
Má théid na daóinesi súas do
dhénamh íodhbartha a ttigh an Tighearna
ann Iarusalem, annsin iompóchuidh croidhe
na ndaoine arís air a ttighearna, eadhon
ar Rehoboam Rígh Iúdah, agus muir-fid
misi, agus rachuid arís chum Re-hoboam
Rígh Iúdah.



<L 1Rí12:28>
Dorinne an Rígh comhairle air sin,
agus dorinne sé dhá láogh óir, agus
adubhairt sé ríu, as romhór dhaóibhse
dul súas go Hierusalem, féchuidh
bhur ndée, a Israel, noch thug amach
sibh as crích na Hégipte.



<L 1Rí12:29>
Agus do chuir sé áon díobh a
Mbétel, agus do cuir sé an (laogh)
oile an Dan.



<L 1Rí12:30>
Agus tháinic an níse na phea-cadh,
óir dochuáidh an pobal (do dhé-namh
umhla) dhá lathair so air fad go
Dan.



<L 1Rí12:31>
Agus dorinne sé tigh dáitibh
árda, agus dorinne sagairt don chuid
dob ísle don phobal, nach raibh do chloinn
Lébhi.



<L 1Rí12:32>
Agus dórduigh Ieroboam féus-ta
annsanochdmhadh mí, ar an ccúi-geadh
lá déug don mhí, samhuil an nfés-ta
bhíos ann Iúdah, agus dofráil sé
ar analtóir (marsin dorinne sé a
Mbétel) ag dénamh íodhbartha do na
láoghuibh dorinne sé: agus do shuighidh
sé a Mbétel sagairt na náiteach árd do
rinne sé.



<L 1Rí12:33>
Marsin dofráil sé ar anal-tóir
dorinne sé a Mbétel an cúigeadh
lá déug don nochdmhadh mí, eadhon annsa
mí do chum sé óna chroidhe féin: a-gus
dórduigh sé fésta do chloinn Is-rael,
agus do íodhbair sé ar anal-tóir,
agus do loisg sé túis uirre.



Caib.13.



<L 1Rí13:1>
Agus féuch, tháinic duine le
Día amach as Iúdah do
réir theagaisg an Tighearna
go Bétel, agus Ieroboam
na sheasamh ag analtóir do
losgadh túise.



<L 1Rí13:2>
Agus do éigh sé anaghaidh na
haltóra a mbreithir an Tighearna, a-gus
adubhairt, ó altóir, is marso adeir
an Tighearna, féuch, bérthar leanamh
do thigh Dháibhi da madh hainm Iosiah,
agus ofráilfidh sé ortsa sagairt na
náiteadh árd, noch loisgeas túis ortsa,
agus loisgfidhthear cnámha daóine ort.



<L 1Rí13:3>
Agus thug sé comharta úadh an
lá sin féin, dhá rádh, sé so an comhar-tha
do labhair an Tighearna, féuch, stíall-fuighthear
an naltóir, agus an luáith-readh
atá uirre dóirtfighthear amach í.



<L 1Rí13:4>
Agus tárla anuáir dochúala
an Rígh Ieroboam glór óglaich Dé, noch
do gháir anaghaidh na haltóra a Mbé-tel,
gur chuir sé a lámh amach ónal-tóir,
dha rádh, beirigh air. Agus an lámh
do chuir sé amach na aghaidh do thiorm-uigh
sí súas, iondus nar fhéud sé a ta-bhairt
chuige ar a hais arís.



<L 1Rí13:5>
Do scoilteadh analtóir mar an
gcédna, agus do dhóirt an luáithreadh
amach ónaltóir, do réir an chomhartha
thug óglach Dé re breithir an Tighearna.



<L 1Rí13:6>
Agus do fhreagair an Rígh, agus
adubhairt ré hoglach Dé, cuir impidhe
anois ar aghaidh do Thighearna Dé, a-gus
guidh ar mo shonsa go naisiocthar
mo lámh dhamh arís; agus do ghuidh óg-lach
Dé an Tighearna, agus do haisiog-eadh
a lámh arís don Rígh; agus dobhí
sí mar dobhí roimhe.



<L 1Rí13:7>
Agus adubhairt an Rígh ré hóg-lach
an Tighearna, tárr liomsa dom thigh
agus léig do scíth, agus dobhéra
mé tiodhlacadh dhuit.



<L 1Rí13:8>
Agus adubhairt óglach Dé ris an
Rígh, má bheir tú dhamhsa leath do thighe, ní
racha mé asteach leachd, ní mó íosas
mé arán nó ibhios mé uisge san náit-
se.



<L 1Rí13:9>
Oír is marsin do cuireadh do
chúram orum lé breithir an Tighearna,
gha rádh, ná hith arán, agus ná hibh
uisge, agus narab mó ghébhus tú an
tslighe chédna ag filleadh dhuit.



<L 1Rí13:10>
Marsin dfill sé a slighe oile,
agus níor ghabh sé san tslighe a ttái-nic
sé ag teachd go Bétel.



<L 1Rí13:11>
Anois dobhí seanfháigh na chomh-nuidhe
a Mbétel, agus thangadar a
chlann, agus dinnseadar dhó na gníomha
uile dorinne óglach Dé an lá sin a
Mbétel: na bríathra do labhair sé ris
an Rígh do innseadar íad mar an gcéd-na
dá nathair.



<L 1Rí13:12>
Agus adubhairt a nathair ríu,
cia hí an tslighe ionar imthigh sé? óir
dochonncadar cía an tslighe ionar ghabh
óglach Dé, noch tháinic ó Iúdah.



<L 1Rí13:13>
Annsin adubhairt sé réna chloinn,
cuiridh díalláoid dhamh ar assal, agus
do gabhadar an tassal dó, agus dochuaidh
uirre.



<L 1Rí13:14>
Agus do lean sé a ndiáigh
óglaich Dé, agus fuáir sé na shuighe
faói dharuigh é, agus adubhairt sé ris,
an tusa óglach Dé, noch tháinic ó Iú-dah?
agus adubhairt seision, is
mé.



<L 1Rí13:15>
Annsin adubhairt sé ris, tárr
liomsa don bhaile, agus ith arán.



<L 1Rí13:16>
Agus adubhairt seision, ní
fhéuduim filleadh leachd, ná dul asteach
leachd: ní mó íósas mé arán nó ibhios mé
uisce leachd annsanáitsi.



<L 1Rí13:17>
Oír adubhradh riom re breithir
an Tighearna, ní iósa tú arán, agus
ní ibhe tú uisge annsin, agus ní fhill-fidh
tú san tslighe chédna ag teachd mar
ar ghabh tú ag imtheachd.



<L 1Rí13:18>
Adubhairt seision ris, is fáigh
misi mar an gcédna mar thusa, a-gus
do labhair aingeal re breithir an
Tighearna riom, gha rádh, tabhair leachd ar
a ais é dot thigh, go nithe sé arán,
agus go nibhe sé uisge: achd is bréug
dorinne sé ris.



<L 1Rí13:19>
Mar sin dochuáidh sé ar a
ais leis, agus duaigh sé arán ann a
thigh, agus do ibh sé uisge.



<L 1Rí13:20>
Agus tárla mar dobhádar
na suidhe ar an gclár go ttáinic
briathar an Tighearna chum anfáigh thug
eision ar a ais.



<L 1Rí13:21>
Agus do éigh sé ar óglach
Dé tháinic ó Iúdah, gha rádh, is mar
so adeir an Tighearna, ar son gur
easurramuigh tú béul an Tighearna, a-gus
nar cumhdaigh tú anaithne do
aithin do Thighearna Día dhíot,



<L 1Rí13:22>
Acht go ttáinic tú ar hais,
agus go nduáigh tú arán, agus gur
ibh tú uisge annsanáit, a ttaobh a
ndubhairt an Tighearna riot, ná hith a-rán,
agus ná hibh uisge; ní thiucfuidh
do chorp go huáigh haithreadh.



<L 1Rí13:23>
Agus tárla tar éis ana-ráin
dithe dhó, agus anuisge dól,
gur chuir sé díalláoid ar anassal
dó, eadhon don nfáigh noch thug sé leis
ar a ais.



<L 1Rí13:24>
Agus anuáir do imthigh sé,
tárla leomhan ris ar a tslighe, agus
do mharbh sé é: agus do teilgeadh a
chorp ar a tslighe, agus do sheas an
tassal láimh ris, agus do sheas an
leomhan mar an gcédna láimh ris an
ccorp.



<L 1Rí13:25>
Agus féuch dobhádar daóine
ag gabháil láimh ris, agus dochonnca-dar
corp teilgthe ar a tslighe, a-gus
an leomhan na sheasamh a bhfochair an
chuirp: agus tangadar, agus dinnisi-odar
sin annsa gcathruigh ionar chomh-nuigh
an seanfháidh.



<L 1Rí13:26>
Agus an tan dochuálaidh
an fáigh thug ar a ais é ón tslighe,
adubhairt, sé óglach Dé é, dobhi easu-mhal
do bhreithir an Tighearna: ar anadhbharsin
do thoirbhir an Tighearna
don leomhan é, noch do réub, agus do
mharbh é do réir bhreithre an Tighearna,
noch do labhair sé ris.



<L 1Rí13:27>
Agus do labhair sé réna chloinn
gha rádh ríu, cuiridh dialláoid dhamh air
anassal: agus do chuireadar díalláoid
ar anassal dó.



<L 1Rí13:28>
Agus dimthigh sé, agus fuáir
sé an corp teilgthe ar a tslighe, a-gus
an tassal agus an leomhan na
seasamh ag an ccorp: níor ith an leo-mhan
an corp, agus níor mharbh sé an
tassal.



<L 1Rí13:29>
Agus do thóg an fáigh súas
corp óglaich Dé, agus do chuir ar anas-sal
é, agus thug leis ar a ais é: a-gus
tháinic an seanfháigh don chathruigh
dá chaoineadh, agus dá adhlacadh.



<L 1Rí13:30>
Agus do chuir sé a chorp iona
uáigh féin, agus do chaóidheadar ós a
chionn gha rádh, a thruaighe mo dhearbhra-thair.



<L 1Rí13:31>
Agus tárla tar éis é da
adhlacadh, gur labhair sé réna mhacaibh
gha rádh, anuáir rachus misi déug, ann
sin adhlacaidh mé annsa tuama mar a
bhfuil óglach Dé adhlaicthe; cuiridh mo
chnámha laimh réna chnamhuibh.



<L 1Rí13:32>
Oír an glór do fhúagair sé ma-ille
ré breithir an Tighearna anaghaidh
na haltóra a Mbétel, agus anaghaidh
uile thigheadh na náiteadh árd, noch atá a
gcaithreachaibh Shamária, tiucfuid a
ccríc go deimhin.



<L 1Rí13:33>
A ndiáigh an neithesi níor fhill
Ieroboam óna dhroichshlighe, achd do na
daóinibh ba hísle dorinne arís sagairt
do na háitib árda: gidhbé lerbháill, do
choisreagadh seision é, chum bheith na sha-gairt
na náiteadh árd.



<L 1Rí13:34>
Agus tháinig an níse na pheacadh
do thigh Ieroboam, eadhon dá ghearradh a-mach,
agus dá scrios ó dhruim na tal-mhan.



Caib.14.



<L 1Rí14:1>
Fanamsin do ghlac tinneas A-biiah
mhac Ieroboam.



<L 1Rí14:2>
Agus adubhairt Iero-boam
réna mhnaoi, éirigh,
guidhim thú, agus cuir thú féin anaithear-rach
crotha, iondus nach aitheantar gur
tú bean Ieroboam, agus imthigh go
Síloh: féuch, atá annsin Ahiiah an
fáidh, noch do innis damhsa go mbéinn am
Rígh ós cionn an phobailsi.



<L 1Rí14:3>
Agus beir leachd deich mbuilín, a-gus
cácadha agus crúiscín meala, a-gus
imthigh chuige: inneosuidh sé dhuit
cred imeochus ar an leanamh.



<L 1Rí14:4>
Agus dorinne bean Ieroboam mar
sin, agus déirigh, agus dochuáidh
sí go Síloh, agus tháinic go tigh
Ahiiah: achd níorbhféidir le Ahiiah
éinní dfaicsin: óir do dhruideadar a
shúile tre mhéd a aóise.



<L 1Rí14:5>
Agus adubhairt an Tighearna ré
Ahiiah, féuch tiocfuidh bean Ieroboam
chugad díarruidh neithe ort a ttaoibh
a mic, óir atá sé tinn: marso agus
marso adéra tú ría: óir is amhluidh
bhías, anuair thiucfas sí asteach, léig-fidh
sí uirre féin gur bean oile í.



<L 1Rí14:6>
Agus is amhluidh bhí, anuair dochúala
Ahiiah torann a cos mar thái-nic
sí asteach san dorus, go ndubhairt
sé ría, tárr asteach a bhean Iero-boam,
créd fá léigion tú ort gur
bean oile thú? óir do cuireadh misi chu-gad
lé (teachdaireachd) dhoiligh.



<L 1Rí14:7>
Agus imthigh, innis do Ierobo-am,
is marso adeir an Tighearna
Día Israel, do bhrígh gur thóg misi
thú ar an bpobalsa, agus go ndérna
mé prionsa dhíot ós cionn mo phobail
Israel,



<L 1Rí14:8>
Agus gur stiall mé an riogh-achd
ó thigh Dháibhi, agus go ttug
mé dhuitsi í; agus fós nach raibh tú
mar mo shearbhfhoghantuigh Dáibhi, noch
do choimhéud maitheanta, agus do lean
mé réna uile chroidhe do dhénamh an neithe-
si amháin noch fa ceart am radharcsa,



<L 1Rí14:9>
Acht go ndérna tú olc nios
mó nó énduine dá ttáinic romhad; óir
do imthigh tú, agus dorinne tú dhuit
féin dée oile, agus íomháighe leaghtha
dom bhrostughadhsa chum feirge, agus
do theilg tú misi táobh síar dot
dhruim:



<L 1Rí14:10>
Ar anadhbharsin féuch dobhéra
misi olc ar thigh Ieroboam, agus
gearrfa mé amach ó Ieroboam an
té mhúnus anaghaidh an balla, agus
an té do cuireadh fa íadhadh, agus do
fágbhadh ann Israel, agus dobhéra mé
liom fuighioll tighe Ieroboam mar bhei-rios
duine aóileach leis, nó go nimthi-ghidh
sé uile.



<L 1Rí14:11>
An té gheabhas bás san chath-ruigh
ó Ieroboam, íosuid na madruigh
é; agus an té gheabhus bás annsa
machaire, íosaid énlaith anaiéir é: óir
do labhair an Tighearna é.



<L 1Rí14:12>
Eirighsi ar anadhbharsin, agus
imthigh dot thigh féin, agus anuáir chuir-fios
tú do chos asteach san chath-ruigh
dogheabha an leanamh bás.



<L 1Rí14:13>
Agus dodhénuid Israel uile
doilghios ar a shon, agus adhlaicfid
é: óir is eision amháin rachus ó Ie-boam
chum na huaighe, do chionn gur
fríth annsan do thigh Ieroboam ní éigin
maith a ttaobh an Tighearna Día Is-rael.



<L 1Rí14:14>
Os a chionnsin tóigfidh an Tigh-earna
súas dhó féin Rígh ós cionn Israel,
noch ghearrfus amach tigh Ieroboam an
lásin: achd ciodh sin? (do thóig sé)
cheana é.



<L 1Rí14:15>
Oír buailfidh an Tighearna Is-rael
mar an ngiolcach bhíos air crith san
nuisge, agus beanfuidh sé Israel as a
fhrémhach amach as an dúithche mhaithse, noch
thug sé dá naithribh, agus scaóilfidh
sé ó chéile íad táobh anonn don nabhuinn,
do chionn go ndérnadar a ngarráin do
bhrostughadh an Tighearna chum feirge.



<L 1Rí14:16>
Agus dobhéra sé Israel uadh
ar son pheacadh Ieroboam, noch dorinne
peacadh, agus thug ar Israel peacadh
dhénamh.



<L 1Rí14:17>
Agus déirigh bean Ieroboam, a-gus
dimthigh, agus tháinic sí go Tir-sah,
agus an tan tháinic sí ar tháir-sigh
an tighe, fuáir an leanamh bás.



<L 1Rí14:18>
Agus do adhlaiceadar é, agus
do chaóineadar Israel uile é, do réir
fhocail an Tighearna, noch do labhair sé lé
láimh a shearbhfhoghantuigh Ahiiah an fáigh.



<L 1Rí14:19>
Agus an chuid oile do ghníomh-radh
Ieroboam mar dorinne sé cogadh,
agus mar do ríaghluidh sé, féuch
atáid síad scríobhtha a leabhar croinice
Ríogh Israel.



<L 1Rí14:20>
Agus na laétha dobhí Ieroboam
na Rígh dobá dhá bhlíaduin agus fithche:
agus do choduil sé a bhfochair a aithreadh,
agus dobhí Nádab a mhac na Rígh na
áit.



<L 1Rí14:21>
Agus dobhí Rehoboam mhac So-luimh
na Rígh ann Iúdah: dobhí Rehoboam
blíadhuin agus dá fhichthiod daóis anuair
do thosuigh sé bheith na Rígh, agus
dobhí na Rígh seachd mblíadhna déug ann
Iarusalem, an cathair do thogh an Ti-ghearna
amach as treabhuibh Israel uile, do
chur a anma innte: agus dobé ainm a
mhathar Náamah, Ammoníteach.



<L 1Rí14:22>
Agus dorinne Iúdah olc a
radharc an Tighearna, agus do bhrostui-gheadar
é chum eúda lena bpeacadhuibh, noch
dorinneadar ós anuile olc dá ndérna-dar
a naithre.



<L 1Rí14:23>
Oír dorinneadarsan dóibh féin áite
árda, agus íomhaigheacha, agus garráin
ar gach énchnoc árd, agus fáoi gach
énchrann glas.



<L 1Rí14:24>
Agus dobhádar fós Sodomi-tigh
annsa dúitche, agus dorinneadar-
san do réir uile ghráineamhlachda gach
énchineadh dar chuir Día amach roimhe chloinn
Israel.



<L 1Rí14:25>
Agus tárla air an ccúigheadh
blíadhan do rioghachd an Rígh Rehoboam,
go ttáinic Sisac Rígh na Hégipte súas
anaghaidh Iarusalem.



<L 1Rí14:26>
Agus rug sé leis ionnmhus thighe
an Tighearna, agus ionnmhus thighe an
Rígh, dorug sé leis cheana an tiomlán;
agus rug leis na scíatha óir uile noch
dorinne Solamh.



<L 1Rí14:27>
Agus dorinne an Rígh Rehoboam
scíatha práis na náit, agus do chuir
sé ar láimh chaiptíne an ghárda íad, noch
do choimhéud dorus thighe an Rígh.



<L 1Rí14:28>
Agus is amhluidh dobhiadh anuáir
do thíagh an Rígh go tigh an Tighearna,
go niomchraidís an gárda íad, agus go
ttugaidís ar a nais go seomra an
ghárda íad.



<L 1Rí14:29>
Anois nach bhfuil an chuid oile do
ghniómhradh Rehoboam, agus anuile ní
dá ndérna sé, scrióbhtha a leabhar croini-ce
Ríogh Iúdah?



<L 1Rí14:30>
Agus dobhí cogadh eidir Reho-boam,
agus Ieroboam ar feadh a sao-ghuil.



<L 1Rí14:31>
Agus do choduil Rehoboam a
bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh
a bhfochar a aithreadh é a ccathair Dháibhi:
agus dobé ainm a mhathar Náamah,
Ammoníteach: agus dobhí Abiiam a
mhac na Rígh na áit.



Caib.15.



<L 1Rí15:1>
Anois annsanochdmhadh blía-
dhain déug do Rígh Ieroboam
mhac Nébat do ríoghaidh Abi-iam
ós cionn Iúdah.



<L 1Rí15:2>
Trí bhlíadhna dobhí sé
na Rígh ann Iarusalem, agus dobé ainm
a mhathar Maacha inghean Abisea-lom.



<L 1Rí15:3>
Agus do shiubhail sé a bpeaca-dhuib
a athar uile, noch dorinne roimhe:
agus ní raibh a chroidhe iomlán lena
Thighearna Día, mar chroidhe a athar
Dáibhi.



<L 1Rí15:4>
Gidheadh dothug a Thighearna Día lóchrann
dó ann Iarusalem ar son Dáibhi, do chur
a mhic súas na dhíaigh, agus do dhain-gniughadh
Iarusalem:



<L 1Rí15:5>
Do chionn go ndérna Dáibhi an ní
fa ceart a radharc an Tighearna, agus
nar fhill do leaghtaóibh ó ní ar bith dár
aithin de ar feadh laétheadh a bheatha, acht
amháin a ccúis Uriah an Hititeach.



<L 1Rí15:6>
Agus dobhí cogadh eidir Reho-boam,
agus Ieroboham ar feadh laéthe
a bheatha.



<L 1Rí15:7>
Anois an chuid oile do ghníomhradh
Abnam, agus anuile ní dá ndérna sé,
nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar
croinice Ríogh Iúdah? agus dobhí
cogadh eidir Abiiam, agus Iero-boam.



<L 1Rí15:8>
Agus do choduil Abiiam agá
aithribh, agus do adhlaiceadar é a ccath-ruigh
Dháibhi, agus dobhí Asa a mhac
na Rígh na áit.



<L 1Rí15:9>
Agus annsa bhfithcheamhadh blíadhain
do Ieroboam Rígh Israel do ríoghuidh
Asa ós cionn Iúdah.



<L 1Rí15:10>
Agus dobhí sé na Rígh an Ie-rusalem
blíadhuin agus dá fhithchiod:
agus dobé ainm a sheanmhathar Ma-achah
inghean Abiseolam.



<L 1Rí15:11>
Agus dor rinne Asa gach éinní
fa maith a radharc an Tighearna, mar
dorinne Dáibhi a athair.



<L 1Rí15:12>
Agus do scrios sé na Sodo-mitigh
amach as an bhfearann, agus do
áthruigh sé na hiodhuil uile, noch dorinneadar.



<L 1Rí15:13>
Agus mar an gcédna Ma-achah
a sheanmhathair, do athruigh sé ise
fós ó bheith na Bainríoghain, do chionn go
ndérna sé íomhaighe a ngarrán; agus
do scrios Asa a hiodhal, agus do
loisg sé í láimh ré habhuinn Cídron.



<L 1Rí15:14>
Achd níor háthruigheadh na háite
árdha: gidheadh dobhí croidhe Asa iomlán
leis an TTighearna an fad do mhair
sé.



<L 1Rí15:15>
Agus thug sé asteach go tigh
an Tighearna na neithe do thiodhlaic a a-thair,
agus na neithe do thiodhluic sé
féin, airgiod, agus ór, agus soithighe.



<L 1Rí15:16>
Agus dobhí cogadh eidir A-sa
agus Baasa Rígh Israel ar feadh
a sáoghail.



<L 1Rí15:17>
Agus dochuáidh Baasa Rígh
Israel súas anaghaidh Iúdah, agus
do chuir sé Rámah súas, chor nach bhféd-fadh
áon dul amach nó teachd asteach
go Hása Rígh Iúdah.



<L 1Rí15:18>
Annsin do ghlac Asa ar fág-bhadh
dairgiod agus dór anionnmhuisuibh
thighe an Tighearna, agus ionnmhnus thighe
an Rígh, agus thug sé a láimh a sherbhí-seach
íad: agus do chuir an Rígh Asa íad
go Ben-hadad mhac Tabrimon mhic
Hésion Rígh na Síria, noch dobhí na
chomhnuigh an Damascus, gha rádh,



<L 1Rí15:19>
Atá ceangal eadrumsa agus
tusa, agus eidir mathair agus hathair:
féuch, do chuir mé chugad tiodhlacadh óir
agus airgid; tárr, agus bris hos-sadh
re Baasa Rígh Israel chor go
ndéireochadh sé dhíomsa.



<L 1Rí15:20>
Marsin do áontuigh Ben-hadad
lé Rígh Asa, agus do chuir caiptínigh
a shluaigh dobhí aige anaghaidh caithreach
Israel, agus do mhill sé Iion, agus
Dan, agus Bel-bet-maachah, agus
Cinnerot uile, maille re tír Naphtali
uile.



<L 1Rí15:21>
Agus tárla anuáir dochúala
Baasa sin, gur éirigh do dhénamh oibre
a Rámah, agus go ndérnaidh sé comh-nuigh
a Dtirsah.



<L 1Rí15:22>
Ansin do chuir an Rígh Asa
fúagra ar feadh Iúdah uile, (níor coig-leadh
énduine,) agus rugadar clocha
Rámah léo, agus an tadhmad ler chuir
Baasa súas í, agus do chuir an Rígh
Asa súas léo sin Géba Bheniamin, a-gus
Mispah.



<L 1Rí15:23>
An chuid oile do ghníomhradh Asa
uile, agus gach a ndérna sé, agus na
caithreacha do chuir sé suas, nach bhfui-lidh
síad scríobhtha a leabhar croinice
Ríogh Iúdah? gidheadh iona aóis fhoirfe
dobhí teinnios cos air.



<L 1Rí15:24>
Agus do choduil Asa agá aith-ribh,
agus do hadhlaiceadh a bhfochair a
aithreadh a ccathruigh Dháibhi a athair é: a-gus
dobhí a mhac Iehosaphat na Rígh
ann a ionad.



<L 1Rí15:25>
Agus do thosuigh Nádab mhac
Ieroboam ar ríghe ós cionn Israel annsa
dara bliadhain do Asa Rígh Iúdah:
agus dobhí na Rígh ós cionn Israel
dha bhliadhuin.



<L 1Rí15:26>
Agus dorinne sé olc a radharc
an Tighearna, agus do shiubhail sé a
slighe a athar, agus iona pheacadh, lé
ttug sé ar Israel peacughadh.



<L 1Rí15:27>
Agus do chomhchoguir Baasa
mhac Ahiiah do thigh Issachar ann a a-ghaidh;
agus do mharbh Baasa é ann Gi-beton,
noch bheanus ris na Philistinibh:
(óir do chuir Nádab, agus Israel uile
campa ar gach táobh do Ghibeton.)



<L 1Rí15:28>
Eadhon an treas blíadhain do
Asa Rígh Iúdah do mharbh Baasa é, a-gus
dobhí na Rígh iona áit.



<L 1Rí15:29>
Agus tárla anuáir dobhí na
Rígh gur bhuáil se tigh Ieroboam uile,
níor fhág sé ag Ieroboam áon do léig-feadh
anál amach nó gur scrios sé é,
do réir ráidh an Tighearna, noch do
labhair sé trena shearbhfhoghantuigh Ahi-iah
an Siloníteach:



<L 1Rí15:30>
Do chionn peacadha Ieroboam, noch
do pheacaidh sé, agus le ttug sé ar
Israel peacughadh, trena bhrostughadh
ler bhrostuigh sé an Tighearna Día Is-rael
chum feirge.



<L 1Rí15:31>
Anois an chuid oile do ghníomhuibh
Nádab, agus a ndérna sé uile, nach
bhfuilid siad scríobhtha a leabhar croinice
Ríogh Israel?



<L 1Rí15:32>
Agus dobhí cogadh eidir Asa
agus Baasa Rígh Israel ar feadh a
laéthe.



<L 1Rí15:33>
Annsa treas blíadhain do Asa
Rígh Iúdah do thosuigh Baasa mhac Ahi-iah
bheith na Rígh ós cionn Israel a
TTirsah ceithre bliadhna fithchiot.



<L 1Rí15:34>
Agus dorinne sé olc a radharc
an Tighearna, agus do shiubhail sé a
slighe Ieroboam, agus iona pheacadh le
ttug sé ar Israel peacughadh.



Caib.16.



<L 1Rí16:1>
Ansin tháinic bríathar an
Tighearna go Iehu mhac Ha-nani
anaghaidh Bhaasa, gha
rádh,



<L 1Rí16:2>
Ar son gur thóg misi
súas thú as an luáithreadh, agus go
ndérna mé prionsa dhíot ós cionn mo
phobuil Israel, agus ar shiubhail tusa
a slighe Ieroboam, agus ar chuir tú
dfíachaibh ar mo phobal Israel peacu-ghadh,
dom bhrostughadh chum feirge rena
bpeacadhuibh:



<L 1Rí16:3>
Féuch, sgriosfa misi sliochd Bhá-asa,
agus síolradh a thighe: agus
dodhéna mé do thigh cosmhuil ré tigh
Ieroboam mhic Nébat.



<L 1Rí16:4>
An té gheabhus bás ó Bha-asa
annsa chathruigh, íosuid na madruidh
é: agus an té leision dogheabhus bás
ar an machaire, íosuid énlaith anaiéir é.



<L 1Rí16:5>
Anois an chuid oile do ghníomhradh
Bhaasa, agus gach a ndérna sé, a-gus
a chumhachd, nach bhfuilid síad scrí-obhtha
a leabhar croinice Ríogh Is-
rael?



<L 1Rí16:6>
Mar sin do choduil Baasa a
bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh
a TTirsah é: agus do ríaghluidh Elah
a mhac iona áit.



<L 1Rí16:7>
Agus mar an gcédna lé láimh
an fháidh Iehu mhic Hanani, thainic bri-athar
an Tighearna anaghaidh Bhaasa,
agus anaghaidh a thighe, eadhon ar son
gach uilc dá ndérna sé a radharc an
Tighearna dá bhrostughadh chum feirge
lé hoibrighthibh a lámh, do chionn go raibh
cosmhuil ré tigh Ieroboam, agus do
chionn mar do mharbh sé é.



<L 1Rí16:8>
Annsa seiseadh blíadhain fithchiod do
Asa Rígh Iúdah do thosuigh Elah mhac
Baasa bheith na Rígh ar Israel ann
Tirsah dhá bhlíadhuin.



<L 1Rí16:9>
Agus do chomhchoguir a sherbhíseach
féin Simri (caiptín leithe a charbad)
na aghaidh an feadh dobhí ag ól a TTir-sah,
nó gur chuir é féin ar meisge
a ttigh Asa stíobhard a thighe a TTir-sah.



<L 1Rí16:10>
Agus dochuaidh Simri asteach,
agus do bhuail é, agus do mharbh é
annsa seachdmhadh blíadhain fithchiod do Asa
Rígh Iúdah; agus do ríoghadh féin iona
áit.



<L 1Rí16:11>
Agus tárla anuáir do thos-uigh
a rioghachd, comhlúath agus do shuigh
sé iona chathaóir ríogha, gur mharbh
sé tigh Bhaasa uile; níor fágbhadh
duine aige do mhúnfadh anaghaidh an
bhalla dá gháol nó dá cháirdibh.



<L 1Rí16:12>
Marso do scrios Simri tigh
Bhaasha uile, do réir bhréithre an
Tighearna do labhair sé anaghaidh Bhaa-sa
re Iehu an fáidh.



<L 1Rí16:13>
Arson pheacadh Bhaasa uile,
agus pheacadh Elah a mhic lér pheacuidhea-dar,
agus lé ttugadar air Israel
peacughadh, ag brostughadh an Tighearna
Día Israel chum feirge léna ndíomhái-neasaibh.



<L 1Rí16:14>
Annois an chuid oile do ghníomhuibh
Elah, agus a ndérna sé uile, nach
bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice
Ríogh Israel?



<L 1Rí16:15>
Annsa seachdmhadh blíadhain fithchiod
do Asa Rígh Iúdah dobhí Simri na Rígh
seachd lá ann Tirsah: agus dobhádar an
pobal na suighe anaghaidh Ghibbeton,
noch do bhain leis na Philistinibh.



<L 1Rí16:16>
Agus an muintir dobhí san
champa, dochualadar dhá radh, dfeall
Simri, agus fós do mharbh sé an Rígh:
ar anadhbarsin dorinne Israel uile
Rígh do Omri caiptín an tslóigh ós cionn
Israel an lá sin annsa champa.



<L 1Rí16:17>
agus dochuaidh Omri súas ó
Ghibbeton, agus Israel uile maille
ris, agus do shuigheadar anaghaidh
Thirsah.



<L 1Rí16:18>
Agus tárla anuair dochonnairc
Simri gur gabhadh an chathair, go ndea-chaidh
sé go pálás thighe an Rígh, agus
do chuir sé tigh an Rígh tré theine ós
a chionn, agus déug sé;



<L 1Rí16:19>
Ar son a pheacuidh do pheacuidh sé a
ndeanamh uilc a radarc an Tighearna ag
siubhal a slighe Ieroboam, agus iona
pheacadh dorinne sé da thabhairt ar Israel
peacadh dhéanamh.



<L 1Rí16:20>
Annois an chuid oile do ghníom-radh
Shimri, agus anfeall dorinne sé,
nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar
croinice Ríogh Israel?



<L 1Rí16:21>
Annsin dobhádar pobal Israel
roinnte a ndá ccuid, do lean leath an pho-buil
Tibni mhac Ginat do dhénamh Rígh dhe;
agus do lean an leath oile Omri.



<L 1Rí16:22>
Acht an chuid do lean Omri do
bhuáidheadar ar an ccuid oile do lean
Tibni mhac Ginat: mar sin fúair Tibni
bás, agus dobí Omri na Rígh.



<L 1Rí16:23>
Annsanáonmhadh bliádhuin dég ar
fhithchid do Asa Rígh Iúdah do thosuigh
Omri a rioghachd ós cionn Israel dhá bhlía-dhuin
déug; dobhí sé na Rígh a TTirsah
sé blíadhna.



<L 1Rí16:24>
Agus do cheannuigh sé an cnoc
Sámaria ó Shémer ar dhá thalluinn airgid,
agus dorinne foirgneamh ar an gcnoc,
agus do ghoir sé ainm na caithreach do
rinne sé do réir anma Shemer lér leis
an cnoc, Samária.



<L 1Rí16:25>
Acht dorinne Omri olc a ra-dharc
an Tighearna, agus dorinne nios
measa ná a raibh roimhe uile.



<L 1Rí16:26>
Oír do shiubhail sé a slighe Iero-boam
mhic Nébat uile, agus iona phea-cadh
léar chuir sé dfíachaibh ar Israel
peacughadh, do bhrostughadh an Tighearna
Día Israel chum feirge léna dhíomháoin-easaibh.



<L 1Rí16:27>
Annois an chuid oile do ghníomhradh
Omri, noch dorinne sé, agus a chumhachd
do thaisbeín sé, nach bhfuilid siád
scríobhtha a leabhar croinice Ríogh
Israel?



<L 1Rí16:28>
Marsin do choduil Omri a bhfo-chair
a aithreadh, agus do hadhlaiceadh é a
Samária: agus dobhí Ahab a mhac na
Rígh ann a áit.



<L 1Rí16:29>
Agus annsanochtmhadh bliádhain
déug ar fithchid do Asa Rígh Iúdah do
thosuigh Ahab mhac Omri a bheith na Rígh
ós cionn Israel a Samária dhá bhlíadhuin
agus fithche.



<L 1Rí16:30>
Agus dorinne Ahab mhac Omri
olc a radharc an Tighearna ós cionn anuile
Rígh dobhí roimhe.



<L 1Rí16:31>
Agus tárla, amhuil agus budh
ní éattrom dósan siubhal a bpeacadhuibh
Ieroboam mhic Nébat; go ttug sé
Iesebel inghean Etbaal Rígh ná Sidónia-nach
na mnáoi, agus do imthigh, agus
dorinne serbhís do Bháal, agus do
adhuir sé dhó.



<L 1Rí16:32>
Agus do thóg sé súas altóir do
Bháal a ttigh Bhaal, noch dorinne sé
a Samária.



<L 1Rí16:33>
Agus dorinne Ahab garrán,
agus dorinne Ahab nios mó do bhros-tughadh
an Tighearna Día Israel chum
feirge, náid Ríghthe Israel uile dochuáidh
roimhe.



<L 1Rí16:34>
Is iona laéthibh do chuir Híel an
Bet-eliteach Iericho suas: do chuir sé
síos a bunáit a (mbás) a chéidgheine
Abiram, agus do chuir na gaethadha súas
a (mbás) Shegub a mhac dob oíge,
do reír bhréithre an Tighearna do labhair
sé tre Iosua mhac Nun.



Caib.17.



<L 1Rí17:1>
Agus adubhairt Elias an Tis-biteach,
noch dobhí dáitrea-bhaibh
Gílead, ré Hahab,
mar mhairios an Tighearna Día
Israel a lathair a seasuimse, ní
bhiáidh drúchd nó fearthuinn annsna blíadhnuibh-
si, achd do reír mfocuilsi.



<L 1Rí17:2>
Agus tháinic bríathar an Tighear-na
chuige, gha rádh,



<L 1Rí17:3>
Imthigh romhad as so, agus éi-righ
don leath soir, agus foluigh thú féin
ag an nabhuinn Cherit, atá as coinne
Iordan.



<L 1Rí17:4>
Agus iseadh bhías, go niobha tú
as an nabhuinn: agus do aithin misi do
na fíachaibh do bheathughadh annsin.



<L 1Rí17:5>
Már sin dimthigh sé, agus dorinne
do réir bhréithre an Tighearna: óir
dimtigh sé, agus dorinne comnuigh
ag an nabhuinn Cherit atá as coinne
Iordan.



<L 1Rí17:6>
Agus tugadar na fíaich arán,
agus feóil chuige ar maidin, agus
arán agus feóil tráthnóna, agus
do ibh sé a dheoch as an nabhuinn.



<L 1Rí17:7>
Agus tárla tar eís tamuill
gur thiormuigh an nabann uile, do
chionn nach raibh fearthuinn san tír.



<L 1Rí17:8>
Agus tháinic bríathar an Tighearna
chuige, dha rádh,



<L 1Rí17:9>
Eirigh, imthigh romhad go Sa-rephat,
noch is le Sidon, agus dén
comhnuigh annsin; féuch do aithin misi
do bhaintreabhuigh annsin do conngmháil
súas.



<L 1Rí17:10>
Marsin déirigh sé, agus dochuáidh
go Sarephat: agus anuáir
thaínic sé go geata na caithreach, féuch
dobhí an bhaintreabhach annsin ag cruinniu-ghadh
maideadha: agus do ghoir seision
í, agus adubhairt ría, guidhim thú, ta-bhair
chugam beagán uisge a soitheach go
nibhe mé deoch.



<L 1Rí17:11>
Agus mar dobhí sí ag dul ar
a chionn, do ghoir sé uirre, agus adubhairt,
ghuidhim thú, tabhair leachd greim
aráin ann do láimh.



<L 1Rí17:12>
Agus adubhairt sisi, mar mhai-rios
do Thighearna Día, ní bhfuil énbhairghin
agum achd lán baise do mhin a mbairille,
agus beagán ola a gcrúisgín: agus
feúch atáim ag cruinniughadh maide nó dhó
le ndeiseochuinn sin dhamh féin agus dom
mhac, go nithmís é, agus go bhfagha-máois
bás.



<L 1Rí17:13>
Agus adubhairt Elias ría, ná
bíodh eagla ort, imthigh, agus déna mar
adubhairt tú, achd déana dhamhsa bairghin
bheag dhe sin ar ttús, agus tabhair
chugham í, agus na dhiáigh sin deasuigh
dhuit féin agus dot mhac.



<L 1Rí17:14>
Oír marso adeir an Tighearna
Día Israel, ní caithfighear bairille na mi-ne,
agus ní theisdeochuidh do chrúisgín
na hola go ttí an lá fá ccuirfidh an
Tighearna fearthuinn ar an ttalumh.



<L 1Rí17:15>
Agus dimthigh sisi, agus dorinne
sí do reír mar adubhairt Elias,
agus a duáigh sí feín agus eision, agus
a tigh ar feadh blíadhna go hiomlán.



<L 1Rí17:16>
Agus níor caitheamh bairille na mine,
agus ní mó do theasduigh do chrúisgín na hola,
do réir fhocail an Tighearna, noch do
labhair sé tre Elias.



<L 1Rí17:17>
Agus tárla tar éis no nei-theannso,
gur ghlac teinnios mac mhná an
tighe, agus dobhí a theinnios comh-
borb agus sin, nachar fágbhadh anál
ann.



<L 1Rí17:18>
Agus adubhairt sisi ré Hélias,
cred é dhamhsa agus duitse, a óglaich
Dé? an ttáinic tú chugam do ghairm mo
pheacadh chum mo cuimhne, agus do mharbhadh
mo mhic?



<L 1Rí17:19>
Agus adubhairt seision ría,
tabhair dhamhsa do mhac. Agus do ghlac
sé as a brollach é, agus rug sé súas
ar lota é, mar a mbíodh sé féin,
agus do chuir na luighe ar a leabaidh
féin é.



<L 1Rí17:20>
Agus do ghoir sé ar an TTigh-earna,
agus adubhairt, a Thighearna
mo Dhía, an ttug tú olc fós ar ann
mbaintreabhuigh a bhfochair a bhfuilim ar cuairt,
ag marbhadh a mic?



<L 1Rí17:21>
Agus do shín sé é féin ar an
leanamh trí huáire, agus do éigh sé
chum an Tighearna, agus adubhairt, a
Thighearna mo Dhía, guidhim thú, filleadh
annum an leinimh ann arís.



<L 1Rí17:22>
Agus dochúalaidh an Tighearna
guth Elias, agus tháinic anum an
leinimh ann arís, agus do aithbhéoghuidh
sé.



<L 1Rí17:23>
Agus do thóg Elias an leanamh,
agus rug síos as a tséomra é don
tigh, agus thug dha mhathair é: agus adubairt
Elias, féuch atá do mhac béo.



<L 1Rí17:24>
Agus adubhairt an bhean re
Helias, anois aithnighim ar so gur
tusa óglach Dé, agus gur fíor bríathar
Dé ann do bhéul.



Caib.18.



<L 1Rí18:1>
Agus tárla déis mhóráin do
láethibh, go ttáinic bríathar
an Tighearna go Helias an
treas blíadhain gha rádh; im-thigh,
taisbéin thú féin do Ahab, a-gus
cuirfe misi fearthuinn ar an ttal-umh.



<L 1Rí18:2>
Agus do imthigh Elias dha thais-beanadh
féin do Ahab: agus dobhí gor-ta
mhór a Samária:



<L 1Rí18:3>
Agus do ghoir Ahab Obadiah
dobhí na úasarán ar a thigh (anois
dobhí eagla an Tighearna go mór ar
Obadiah).



<L 1Rí18:4>
Oir is amhluidh dobhí anuáir
do ghérr Iesebel fáidhe an Tighearna
amach, gur ghabh Obadiah céud fáidh,
agus gur fholuigh íad na ccáogad anua-mhuigh,
agus gur bheathuidh sé íad lé
harán agus lé huisce.



<L 1Rí18:5>
Agus adubhairt Ahab ré Oba-diah,
imthigh fan ttír go nuige gach
áon tobar uisge, agus go nuige gach
abhuinn: dobféidir go bhfaghmaois féur
do choinneochadh ar neich agus ar múil-lidhe
béo, go nach ccaillfeamaois ar
náirnéis uile.



<L 1Rí18:6>
Mar sin do roinneadar an tír
eatorra do dhul tríthe: dochuaidh Ahab
a slighe leis féin, agus dochuáidh Obadiah
a slighe oile leis féin.



<L 1Rí18:7>
Agus mar dobhí Obadiah annsa
tslighe, féuch, thárla Elias dó: agus
daithin sé é, agus do thuit ar a
aghaidh, agus adubhairt, an tusa sin
mo thighearna Elias?



<L 1Rí18:8>
Agus do fhreagair seision, is
mé: imthigh, innis dot thighearna, féuch
atá Elias annso.



<L 1Rí18:9>
Agus adubhairt seision, ciodh
do pheacaidh mé, as a ttiubharthá do
sheirbhíseach a láimh Ahab dom mhar-bhadh?



<L 1Rí18:10>
Mar mhairios do Tighearna Día,
ní bhfuil críoch nó rioghachd nachar
chuir mo thighearna íarruidh ort ann: a-gus
anuáir adeirdís, ní bhfuil sé
annsin? do bhaineadh sé mionna don chrích
nó don rioghacht, nach bhfúaradar thú.



<L 1Rí18:11>
Agus anois adeir tú, im-thigh,
innis dot thighearna, féuch atá
Elias annso.



<L 1Rí18:12>
Agus tiucfaidh a ccrích, ar
ball a nimtheochuidh misi uáitse go mbé-ruidh
spiorad an Tighearna thusa leis,
ní fheadar cá hionad; agus annsin anúair
thiocfas misi, agus inneosas mé
do Ahab, agus nach bhfuighe sé thu-sa,
go muirfidh sé mé; achd misi do
shearbhfhoghantuigh atá eagla an Tigh-earna
orum óm óige.



<L 1Rí18:13>
Nachar hinnseadh dom thighear-na,
cred dorinne mé anuair do mharbh
Iesebel fáighe an Tighearna, mar do
fholuigh mé céud fear dfáighibh an Tigh-earna
na ccáogad anúamhuigh, agus
mar do bheathaigh mé íad lé harán a-gus
lé huisge?



<L 1Rí18:14>
Agus anois adeir tú, imthigh,
agus innis dot thighearna, feúch atá
Elias annso: agus muirfidh sé mé.



<L 1Rí18:15>
Agus adubhairt Elias, mar
mhairios Tighearna na slógh a lathair a sea-suim,
taisbeanfad mé feín dó aniugh
go deimhin.



<L 1Rí18:16>
Marsin dochuáidh Obadiah a
ccoinne Ahab, agus dinnis dó; agus
dochúaidh Ahab a ccoinne Elias.



<L 1Rí18:17>
Agus tárla anuáir docho-nnairc
Ahab Elias, go ndubhairt Ahab
ris, an tusa an té bhuaidhrios
Israel?



<L 1Rí18:18>
Agus do fhreagair seision, níor
bhuaidhir misi Israel, acht tusa, agus
tigh hathar, mar do thréigeabhair aitheanta
an Tighearna, agus mar do lean tú Baa-lim.



<L 1Rí18:19>
Annois ar anadhbharsin, cuir
fios, agus cruinnigh chugamsa Israel
uile go slíabh Carmel, agus faídhe
Bhaal, ceithre cheúd agus caogad,
agus fáighe na ngarrán ceithre chéud,
noch itheas ar bhórd Iesebel.



<L 1Rí18:20>
Marsin do chuir Ahab fios ar
chloinn Israel uile, agus do chruinnigh sé
na faíghe a bhfochair a chéile go slíabh
Carmel.



<L 1Rí18:21>
Agus tháinic Elias chum an
phobuil uile, agus adubhairt sé, cá fad
bheithíse bacach idir dhá bharamhuil? má
sé an Tighearna as Día, leanuidh é; achd
má sé Baal, leanuidh é sin. Agus níor
fhreagair an pobal énfhocal dó.



<L 1Rí18:22>
Annsin adubhairt Elias ris an
bpobal, misi, misi féin amhaín mhairios
dfáighibh an Tighearna: acht atáid fái-ghe
Bhaal ceithre cheúd agus caógad
fear.



<L 1Rí18:23>
Tugaidís dhúinn ar nadhbharsin
dhá bhulóig, agus toghaidísion bulóg
dhóibh féin, agus déindís cotchanna dhi,
agus cuirdís ar chonnadh í gan teine ar
bith fúithe: agus deasochuidh misi an bhu-lóg
oile, agus cuirfidh mé ar chonnadh í
gan teine fúithe.



<L 1Rí18:24>
Agus goiridhsi ar ainm bhur
ndeé féin, agus goirfidh misi ar ainm
an Tighearna: agus an Día fhreagorus
re teine, bíodh sé na Dhía. Agus do
fhreagair an pobal uile, agus adubhra-das,
is maith do labhair tú.



<L 1Rí18:25>
Agus adubhairt Elias re fái-ghibh
Bhaal, toghuidhsi bulóg dháoibh feín,
agus desuighidh ar ttús í; óir atáthaoi
mórán: agus goiridh ar anmanna bhur
ndée, achd ná cuiridh teine fáoi.



<L 1Rí18:26>
Agus do ghlacadarsan an
bhulóg tugadh dhóibh, agus do dheasuighea-dar
í, agus do ghoireadar ar ainm
Bhaal ó mhaidin go meadhon láoi, ghá
rádh, ó a Bhaal, éisd linn. Achd ní
raibh guth nó ní an bith do fhreagair íad:
agus do lingeadar ar analtoír dorinneadh.



<L 1Rí18:27>
Agus tárla san meadhon láoi
go ndeárna Elias magadh orra, agus
go ndubhairt sé, goiridh do hárd; óir
is Día é; ceachtar dhíobh atá sé ag
caint, nó atá sé ag tóruigheachd, nó
atá sé iona aistior, nó dobféidir
gur na chodla atá sé, agus go ccaith-fidhe
a dhúsgadh.



<L 1Rí18:28>
Agus do éigheadarsan go
hárd, agus do ghearradar íad feín do
reír a ngnátha le sceanuibh, agus le
lansadhuibh, nó gur scinn an nfuil amach
orra.



<L 1Rí18:29>
Agus tárla anuair dochuáidh
an meadhon laoi thársa, agus go rabha-dar
ag fáighedóireachd go ham ofrála
íodhbartha an tráthnóna; nach
raibh guth nó aón do fhreagoradh, nó bhéradh
toradh orra.



<L 1Rí18:30>
Agus adubhairt Elias ris an
bpobal uile, tigidh láimh riomsa. Agus
tangadar an pobal uile láimh ris;
agus do chuir seision súas altoír an
Tighearna dobhí briste.



<L 1Rí18:31>
Agus do thóg Elias dhá chloich
dhéug do reír uibhre threabh mhac Iacob,
chum a ttáinic bríathar an Tighearna,
gha rádh, Israel bhus ainm dhuit.



<L 1Rí18:32>
Agus leis na clochaibh dorinne
sé altóir anainm an Tighearna: agus
dorinne sé treinnse gacha taobha don
naltoír comhmór is chuinneochadh dhá mhio-súr
síl.



<L 1Rí18:33>
Agus do fhadóigh sé an co-nnadh,
agus do ghearr sé an bhulóg,
agus do chuir na cotchaibh ar an ccu-nnadh
í, agus adubhairt, líonuidh cei-thre
bhairille le huisce, agus dóirtidh
ar an nofráil loisge, agus ar an
ccunnadh.



<L 1Rí18:34>
Agus adubhairt arís, dénuidh
sin an dara húair: agus dorinneadar
sin an dara huáir. Agus adubhairt
seision, déanuidh an treas úair; agus
dorinneadar sin an treas uáir.



<L 1Rí18:35>
Agus do rioth an tuisge tim-chioll
na haltóra, agus do lión sé
an treinse fós le huisge.



<L 1Rí18:36>
Agus tárla anam ofrála
íodhbatha an tráthnóna, go ttáinic
Elias an fáidh a bhfogus, agus go
ndubhairt sé, a Thighearna Día Abraham,
Isaac, agus Israel fionntar aniugh
gur tusa as Día a Nisrael, agus
gur misi do shearbhfhoghantuigh, agus go
ndérna mé na neithese uile ar do rá-dhasa.



<L 1Rí18:37>
Eisd riom, a Thighearna, éisd
riom, chor go naitheonuid an pobalsa
gur tú an Tighearna Día, agus gur
iompóigh tú a ccroidhthe ar a nais arís.



<L 1Rí18:38>
Annsin do thuit teine an Ti-ghearna,
agus do dhóith sí an nofráil
loisge, agus an cunnadh, agus na
clocha, agus an luaithreadh, agus do
ligh suas an tuisge dobhí san trein-se.



<L 1Rí18:39>
Agus anúair dochonncadar an
pobal uile sin, do thuiteadar ar a
naighthibh, agus adubhradar, sé an
Tighearna féin Día, sé an Tighearna
féin Día.



<L 1Rí18:40>
Agus adubhairt Elias riú,
gabhuidh faíghe Bhaal, ná léigidh áon
díobh as: agus do ghlacadar íad,
agus rug Elias síos íad go habhuinn
Cison, agus do mharbh sé annsin íad
uile.



<L 1Rí18:41>
Agus adubhairt Elias re Ahab,
éirigh sí súas, ith, agus ibh; óir atá
torann iomad fearthanna ann.



<L 1Rí18:42>
Marsin dochuáidh Ahab súas
dithe, agus dól, agus dochuáidh Eli-as
suas go mullach Carmel, agus
do theilg sé é féin síos ar an tta-lumh,
agus do chuir a aghaidh eidir a
ghlúinibh.



<L 1Rí18:43>
Agus adubhairt sé réna óglach,
imthighe suas anois, agus féuch leath
ris an bhfairge: agus dochuaidh sé
suas, agus dféuch sé, agus adubhairt,
ní bhfuil éinní ann: agus adu-bhairt
a seision, éirigh arís seacht nuái-re.



<L 1Rí18:44>
Agus tárla ar an seachdmhadh
uáir go ndubhairt sé, féuch atá néull
beag ag éirghe as an bhfairge, cosmhuil
ré láimh dhuine. Agus adubhairt seision,
imthigh súas, abair re Ahab, ullmhuigh
do charbad, agus imthigh síos, chor
nach ttoirmioscfuidh an nfearthuinn thú.



<L 1Rí18:45>
Agus tárla ar a bhfadsin go
raibh neamh dorcha lé néulluibh, agus lé
gaoith, agus dobhí fearthuinn romhór
ann: agus dochuáidh Ahab na charbad,
agus dochuáidh sé go Iesreel.



<L 1Rí18:46>
Agus dobhí lámh an Tighearna ar
Elias, agus do chriosluigh sé súas a
leasrach, agus do rioth roimhe Ahab
go dul asteach go Iesreel.



Caib. 19.



<L 1Rí19:1>
Agus dinnis Ahab do Iese-bel
gach a ndérna Elias,
agus fós mar do mharbh sé
na fáighe uile leis an gcloi-dheamh.



<L 1Rí19:2>
Annsin do chuir Iesebel teachdaire
go Helias gha rádh, go ndéanuid na
dée marsin agus tuilleamh fós, muna
ndérna misi do bheathasa mar bheata dhuine
dhíobsan fáoinamso amárach.



<L 1Rí19:3>
Agus anúair dochonnairc seision
sin, déirigh sé, agus dimthigh ar son a
anma go ttáinic go Berséba, noch
bheanas ré Iúdah, agus dfág a óglach
annsin.



<L 1Rí19:4>
Acht dimthigh sé féin uidhe laé
asteach annsa bhfásach, agus tháinic a-gus
do shuigh síos faói chrann Iuniper:
agus díarr sé dhó féin bás dfagháil,
agus adubhairt, as lór anois a Tigh-earna,
beir leachd manum: óir ní férr mi-si
ná maithreacha.



<L 1Rí19:5>
Agus mar do luigh sé faói
chrann Iuniper, agus do choduil, féuch
do chorruigh aingiol é annsin, agus adubhairt
ris, éirigh, agus ith.



<L 1Rí19:6>
Agus damhairc seision, agus
féuch, dobhí bairghin do bruitheadh ar an
ngríosuidh, agus crúiscín uisge agá
cheann, agus a duáigh sé, agus do ibh sé,
agus do luidh sé síos arís.



<L 1Rí19:7>
Agus tháinic aingeal an Tighear-na
arís an dara huáir, agus do
chorruigh é, agus adubhairt, éirigh, a-gus
ith, do bhrígh go bhfuil an tslighe
rofhada agad.



<L 1Rí19:8>
Agus déirigh seision, agus a duáigh
sé, agus do ibh sé ní, agus
dochuáidh a neart an bhídh sin ceathrachad
lá agus ceathrachad oidhche go Hóreb
slíabh Dé.



<L 1Rí19:9>
Agus tháinic sé annsin go húa-mhuigh,
agus dorinne sé comhnuidhe ann:
agus féuch, tháinic bríathar an Tigh-earna
chuige, agus adubhairt ris, cred
atá tú dhénamh annso, a Elias?



<L 1Rí19:10>
Agus adubhairt seision, do
bhí mé roéudmhur ar son an Tighearna
Día na slógh: óir do thréigeadar clann
Israel do cunnradh, do theilgeadar síos
haltóra, agus do mharbhadar thfáighe
leis an ccloidhiomh; agus misi, misi
amháin ar fágbhadh dhíobh, agus atáid
ag íarruidh manma do bhuain asum.



<L 1Rí19:11>
Agus adubhairt seision, im-thigh
amach, agus seas ar a tslíabh as
coinne an Tighearna. Agus féuch, do
ghabh an Tighearna thairis, agus do réub
gáoth mhór láidir na sléibhte, agus
do briseadh na mbloghuibh na cairge roimhe
an TTighearna; achd ní raibh an Tighear-na
annsa ghaóith: agus a ndiáigh na
gaóithe crioth talmhan, achd ní raibh an
Tighearna annsa chrioth talmhan:



<L 1Rí19:12>
Agus a ndiáigh an chreatha tal-mhan
teine; achd ní raibh an Tighearna san
teine: agus tar éis na teineadh guth
suáimhneach cáol.



<L 1Rí19:13>
Agus is amhluidh bhí, anuáir
dochualuidh Elias é, annsin dfoluigh
sé a aghaidh iona fhalluing, agus dochuaidh
amach, agus do sheas a ndul asteach
na húamha; agus féuch tháinic guth
chuige, agus adubhairt, cred doní tú
annso a Elias?



<L 1Rí19:14>
Agus adubhairt seision, dobhí
mé roéudmhar ar son an Tighearna
Día na slógh: do bhrígh gur thréigea-dar
clann Israel do chunradh, gur theil-geadar
síos haltóra, agus gur mhar-bhadar
thfáighe leis an ccloidheamh; agus
misi, misi amháin ar fágbhadh dhíobh, a-gus
atáid ag íarruidh manma do bhuáin
asum.



<L 1Rí19:15>
Agus adubhairt an Tighearna
ris, éirigh, fill ann do shlighe go fás-ach
Damascus: agus ar tteachd dhuit
ung Hasael do bheith na Rígh ós cionn
na Síria:



<L 1Rí19:16>
Agus Iehu mhac Nimsi ungfas
tú do bheith na Rígh ar Israel, agus
Elisa mhac Saphat ó Abel-meholah
ungfas thú na fháidh ad áit féin.



<L 1Rí19:17>
Agus tiucfuidh a ccrích, gidhbé
rachus ó chloidheamh Hasael go muir-fidh
Iehu é; agus gidhbé rachus ó
chloidhiomh Iehu, go muirfidh Elisa é.



<L 1Rí19:18>
Achd cheana dfág misi agum
féin seachd míle ann Israel, na glúine
uile nar shlécht do Bháal, agus gach
uile bhéul nar phóg é.



<L 1Rí19:19>
Marsin dfág sé sin, agus
fuair sé Elisa mhac Saphat noch dobhí
ag treabhadh, agus dá chonglán déug
damh roimhe, agus eision ag an dara
damh déug; agus do ghabh Elias
thairis, agus do theilg a fhalluing air.



<L 1Rí19:20>
Agus dfág seision na daimh,
agus do rioth a ndiáigh Elias, agus
adubhairt sé, guidhim thú léig dhamh mathair
agus mo mhathair do phógadh, agus annsin
leanfuidh mé thú. Agus adubhairt seisi-on,
imthigh ar hais arís: óir cred dorinne
misi riot?



<L 1Rí19:21>
Agus dfill Seision arís
úadh, agus do ghlac sé cúpla damh, a-gus
do mharbh sé íad, agus do bhruith
an nfeóil lé culaidh na ndamh, agus
thug do na daoinibh, agus a duadar:
annsin déirigh sé, agus dochuáidh a
ndiáigh Elias, agus dorinne miniost-ralacht
dhó.



Caib.20.



<L 1Rí20:1>
Agus do chruinnigh Ben-hadad
Rígh na Síria a shluagh a
acceann a chéile, agus dhá
Rígh agus trióchad na fo-chair,
agus eich, agus carbuid: agus
dochúaidh súas, agus do shuighidh sé
timchioll Shamária, agus do throid na
haghaidh.



<L 1Rí20:2>
Agus do chuir teachta go Hahab
Rígh Israel don chathruigh, agus adu-bhairt
ris, marso adeir Ben-hadad,



<L 1Rí20:3>
Is liomsa hairgiod, agus fós
do mhná, agus do chlann romhaith is
liomsa íad.



<L 1Rí20:4>
Agus do fhreagair Rígh Israel,
agus adubhairt, mo thighearna a Rígh,
do réir mar adeir tú as leachd misi
agus a bhfuil agum.



<L 1Rí20:5>
Agus tangadar na teachda arís,
gha rádh, mar so adeir Ben-hadad,
gha rádh, bíodh gur chuir mé
fios chugad gha rádh, dobhéara tú
dhamhsa hairgiod, agus hór, agus do
mhná, agus do chlann:



<L 1Rí20:6>
Gidheadh cuirfe mé mo mhuintir timh-chioll
anamasa márach, agus spíon-fuid
do thigh, agus tighthe do mhuinti-re;
agus seadh bhías de, gach uile ní
is taitneamhach led shúilibhse, cuirfid-
sion é na láimh féin, agus béuruid
leó é.



<L 1Rí20:7>
Annsin do goir Rígh Israel sinn-sir
na críche uile, agus adubairt,
guidhimh sibh, comharthuigh, agus féu-chaidh
mar íarrus an fearsa urchoíd;
óir do chuir sé fios chugamsa ar mo
mhnáibh, agus ar mo chloinn, agus ar
mairgiod, agus ar mo chuid óir, agus
níor dhiúlt mé é.



<L 1Rí20:8>
Agus adubhradar na sinnsir,
agus an pobal uile ris, ná héisd
ris, agus na haóntuigh dhó.



<L 1Rí20:9>
Uimesin adubhairt sé ris na tea-chduibh,
innsigh dom thighearna don Rígh an
mheíd air ar chuir tú fios chum do shearbh-fhoghantuigh
an cheud uair dodhéanadsa
é: acht an níse ní fhéuduim a dhénamh.
Agus do imthigheadar na teachda, agus
rugadar freagra chuigesin arís.



<L 1Rí20:10>
Uime sin do chuir Ben-hadad
fios chuige, agus adubhairt, go ndér-nuid
na deé sin riomsa, agus nios
mó fós, má líonann luáithreadh Shamá-ria
lán duirn do gach duine da bhfuil am
fhochairse.



<L 1Rí20:11>
Agus do fhreagair Rígh Israel,
agus adubhairt, innis dó, ná dénadh an té
chriosluigheas (a éideadh) air moidheamh as
féin, do nós an té do chuireas de é.



<L 1Rí20:12>
Agus tárla anúair dochúala
Ben-hadad an teachdaireachdsa (mar dobhí
sé ag ól, é féin agus na Ríghthe oile
annsna páilliúnuibh) go ndubhairt sé réna
mhuinntir, gluaisighidh: agus do
gluaiseadar anaghaidh na caithreach.



<L 1Rí20:13>
Agus féuch? tháinig fáigh go
Hahab Rígh Israel, gá rádh, is mar-
so adeir an Tighearna, an bhfaca tú an
tiomad slóigh mhoírsi, féuch, dobhéura
misi ad láimh íad aniugh, agus biáidh a
fhios agad gur mé an Tighearna.



<L 1Rí20:14>
Agus adubhairt Ahab, cía leis?
agus adubhairt seision, marso deir
an Tighearna, eadhon le hógaibh phrionn-sadh
no ccóigeadh. Annsin adubhairt sé,
cia óirdeachus an cath? agus do fhrea-gair
seision, thusa.



<L 1Rí20:15>
Annsin do áirimh sé óga phrionn-sadha
na ccóigeadh, agus dobhádar dhá
cheúd agus tríochad agus a dó:
agus na ndíaighsin do chomháir sé an
pobal uile, eadhon clann Israel uile,
noch dobhí na seachd míle.



<L 1Rí20:16>
Agus dochuádar amach san
meadhon láoi: acht dobhí Ben-hadad ag
ól ga chur féin ar meisge annsna páil-liúnuibh,
é féin agus na Ríghthe,
an dá Rígh dhéug ar fhithchid dobhí ag
cungamh leis.



<L 1Rí20:17>
Agus dochúadar daóine óga
phrionnsadh na ccóigeadh amach ar ttús,
agus do chuir Ben-hadad (daóine)
amach, agus dinnsiodar dhó, gha rádh,
thangadar daóine amach as Samária.



<L 1Rí20:18>
Agus adubhairt seision, mas
go síothchánta thangadar amach, gabhuidh
béo íad; nó mas do chathughadh thigid
amach, gabhuidh béo íad.



<L 1Rí20:19>
Marsin thangadar ógánuigh
phrionsadh na ccóigeadh amach as an ccath-ruigh,
agus an slúagh do lean íad.



<L 1Rí20:20>
Agus do mharbhadar gach aon
aca a dhuine, agus do theitheadar na
Sírianuigh, agus Israel na ttóruigheachd:
agus dochuáidh Ben-hadad Rígh na
Síria as ar muin eich, agus a mhar-cshlúagh
na fhochair.



<L 1Rí20:21>
Agus dochuáidh Rígh Israel
amach, agus do bhuáil sé na heich a-gus
na carbuid, agus do mharbh sé na
Sírianuigh re hár mór.



<L 1Rí20:22>
Agus tháinic an fáigh go Rígh
Israel, agus adubhairt ris, éirigh,
neartuigh thú féin, agus tabhair aire, a-gus
féuch, cred dhénas tú: óir ar
iompógh na blíadhna tiucfa Rígh na Síria
ad aghaidh.



<L 1Rí20:23>
Agus adubhradar muintir
Rígh na Síria ris, is dée cnoc a ndee
súd, uimesin dobhádar ní budh láidre
ná sinne: achd troideam ríu annsa réiteach,
agus go deimhin budh laídre sinne ná íad.



<L 1Rí20:24>
Agus dénasa an níse, cuir
na Ríghthe gach áon as a áit, agus
cuir caiptinigh iona nionad.



<L 1Rí20:25>
Agus áirimh slúagh dhuit mar
an tsluaigh do chaill tú, each ar each,
agus carbad ar charbad: agus tro-idfiom
na naghaidh annsa réiteach, agus
go deimhin bíam níos láidre ná íad. A-gus
déist seision réna nglór, agus
dorinne sé marsin.



<L 1Rí20:26>
Agus tárla ar iompógh na
blíadhna gur áirimh Ben-hadad na Sí-rianuigh,
agus go ndeachaidh súas go
Haphec do throid anaghaidh Israel.



<L 1Rí20:27>
Agus do háirmheadh clann Is-rael
agus dobhádar uile a lathair, a-gus
dochúadar na naghaidh: agus do
shuigheadar clann Israel air a naghaidh
amhuil dhá thréud bheaga mheannán; acht do
líonadar na Sírianuigh an tír.



<L 1Rí20:28>
Agus tháinic óglach Dé, agus
do labhair sé re Rígh Israel, agus adubhairt
sé ris, is marso adeir an
Tighearna, do chionn go ndubhradar na
Sírianuigh, as Día cnoc an Tighearna,
achd ní hé Día na ngleantadh é: uime-
sin dobhéra misi an lion mórsa uile
ad láimhse, agus aitheonuidh tú gur
mé an Tighearna.



<L 1Rí20:29>
Agus do shuigheadar as coinne
a chéile seachd lá, agus is amhluidh bhí ar
an seachtmhadh lá dfearadar cath: a-gus
do mharbhadar clann Israel do na
Sírianachaibh céud míle coisigh anén-
ló.



<L 1Rí20:30>
Agus do theithiodar an chuid
oile go Haphec, don chathair, agus do
thuit balla ar sheachd míle fhithchiod fear
dar fágbhadh: agus do theith Ben-ha-dad,
agus tháinic don chathruigh go
seomra a bhfad asteach.



<L 1Rí20:31>
Agus adubhradar a mhuintir
ris, féuch anois dochúalamar go
rabhadar Ríghthe thighe Israel na Ríghthe
trócaireacha: guidhim thú, cuirmid saicédach
a ttimchioll ar níochtair, agus rópa-dha
air ar cceannuibh, agus teaghmaoid a-mach
go Rígh Israel: dobféidir go
sábháladh sé hanamsa.



<L 1Rí20:32>
Marsin do chuireadar saicé-dach
ar a níochtar, agus rópadha ar
a cceannuibh, agus thangadar go Rígh Is-rael,
agus adubharadar, adeir do
shearbhfhoghantuigh Ben-hadad, guidhim tú,
léig dhamh marthuinn. Agus adubhairt sei-sion,
an bhfuil sé fós béo? sé mo
dhearbhrathair é.



<L 1Rí20:33>
Annois do airigheadar na daoine
go friochnamhach an ttiucfadh éinní uadh-
san, agus do ghlacadar go lúath
é: agus adubhradar, do dhearbhrathair
Ben-hadad. Annsin adubhairt seision,
éirghidh, tugaidh libh é; annsin tháinic
Ben-hadad amach chuige, agus thug sé
air teachd súas annsa charbad.



<L 1Rí20:34>
Agus adubhairt (Ben-hadad)
ris, na caithreacha do bhain mathairsi
dot athairsi, aiseoguidh misi íad, agus
dodhéna tú sráide dhuit féin ann Da-mascus,
mar dorinne mathairsi a Sa-mária:
annsin (adubhairt Ahab) cuir-feadsa
ar siubhal thú ar an gcunnradh-
sa. Mar sin dorinne sé cunnradh ris,
agus do léig sé ar siubhal é.



<L 1Rí20:35>
Agus adubhairt duine áirigh
do chloinn na bhfágh réna chomharsuinn a
mbreithir an Tighearna, guidhim thú, buáil
misi. Agus do dhíult an duine a bhúa-ladh.



<L 1Rí20:36>
Annsin adubhairt sé ris, do bhrígh
nar umhluigh tú do ghuth an Tighearna,
féuch ar ball a ndeileochaidh tú riom-
sa, muirfidh leomhan thú: agus ar
ball ar dhealuidh ris, fuáir leomhan é,
agus do mharbh sé é.



<L 1Rí20:37>
Annsin fuair sé duine oile, a-gus
adubhairt ris, guidhim thú, bhuáil
mé. Agus do bhuáil an duine é, ionnus
agá bhualadh gur loit sé é.



<L 1Rí20:38>
Annsin do imthigh an fáidh, a-gus
do chomhfhuirigh ris an Rígh ar a
tslighe, agus do chuir é féin ana-tharrach
crotha le luáithreadh ar a a-ghaidh.



<L 1Rí20:39>
Agus anuáir dobhí an Rígh
ag gabháil thairis, do éigh sé chum an
righ, agus adubhairt, dochuáidh do
shearbhfhoghantuigh amach a meadhon an cha-tha,
agus féuch dfill duine do leathtaoibh,
agus thug chugamsa duine, agus adubhairt,
coimhéd an fearsa: má imthighi-onn
sé ar énchor, annsin biáidh hanumsa
ar son a anma, nó díolfa tú tallann
airgid.



<L 1Rí20:40>
Agus mar bhí do shearbhfoghan-tuigh
gnothuigheach annso, agus annsúd,
dimthigh seision: agus adubhairt Rígh
Israel ris, is mair sin bhías do bhreithea-mhnus,
do réidhigh tú féin é.



<L 1Rí20:41>
Agus do dhefrigh seision, a-gus
do bhean an luáithreadh dhá aghaidh,
agus do aithin Rígh Israel gur do
na fáighibh é.



<L 1Rí20:42>
Agus adubhairt sé ris, is
marso adeir an Tighearna, do chionn
gur léig tú uáit as do láimh duine
do órduigh misi do léirsgrios, uime-
sin rachaidh hanamsa ar son a anma-
san, agus do dhaóine ar son a dhaóine.



<L 1Rí20:43>
Agus dochuáidh Rígh Israel
dhá thigh dubhach feargach, agus tháinic
sé go Samária.



Caib.21.



<L 1Rí21:1>
Agus tárla a ndiáigh na
neitheannsa, go raibh fíneamh-uin
ag Nábot an Tiesree-líteach,
noch dobhí ann Is-rael,
láimh ré palás A-hab
Rígh Samária.



<L 1Rí21:2>
Agus do labhair Ahab re Ná-bot,
ghá rádh, tabhair dhamhsa thfíneamh-uin,
chor go mbía sí agum mar gháir-dín
luibhionn, do bhrígh go bhfuil sí a
bhfogus dom thigh, agus dobhéra
misi fíneamhuin is fearr ná í duit uirre;
nó másé is fearr dochítear dhuit, dobhéra
mé a lúach airgid duit.



<L 1Rí21:3>
Agus adubhairt Nábot re A-hab,
nar léigidh Día dhamhsa, go ttiu-bhruinn
oighreachd mo shinnsior dhuitsi.



<L 1Rí21:4>
Agus tháinic Ahab dhá thigh
go dubhach feargach, do bhrígh an fhoc-ail
do labhair Nábot an Tiesreelíteach
ris: óir adubhairt sé, ní thiubhra mé
oighreachd maithreadh dhuit: agus do luigh
sé síos air a leabuidh, agus diompóigh
a aghaidh ó chách, agus níorbháill leis
arán dithe.



<L 1Rí21:5>
Achd tháinic Iesebel a bhean chuige,
agus adubhairt ris, ciodh fa bhfuil do
spiorad comhdhubhach sin, nach áill leachd
arán dithe?



<L 1Rí21:6>
Agus adubhairt seision ría, do
chionn gur labhair mé ré Nábot an Ties-reelíteach,
agus go ndubhairt mé ris,
tabhair thfíneamhuin dhamh ar a airgiod, nó



másí do thoil, dobhéra mé fíneamhuin
oile dhuit uirre: agus do fhreagair sei-sion,
ní thubhra misi mfíneamhuin duit.



<L 1Rí21:7>
Agus adubhairt Iesebel a bhean
ris, nach tusa anois ríaghluigheas rio-ghacht
Israel? éirigh, agus ith arán,
agus bíodh do chroidhe súghach: dobhéa-ra
misi dhuit fíneamhuin Nábot an Nie-sréelítigh.



<L 1Rí21:8>
Annsin do scríobh sí litreacha anainm
Ahab, agus do chuir séula orra
lena shéula, agus do chuir sí na li-treacha
chum na sinnsior, agus chum
na núasal dobhí iona chathruigh na ccomh-nuidhe
a bhfochair Nábot.



<L 1Rí21:9>
Agus do scríobh sí annsna li-treachaibh,
gha rádh, fógruidh trosgadh,
agus cuiridh Nábot na shuidhe go hárd a
measg an phobail.



<L 1Rí21:10>
Agus cuiridh días do dhaóinibh,
clann Bhélial, na suidhe as a choinne
do dhéanamh fíadhnuise na aghaidh, dhá
rádh, do scannluidh tú Día, agus an
Rígh: agus annsin beiridh amach é,
agus clochuidh é, go néuguidh sé.



<L 1Rí21:11>
Agus dorinneadar muintir a
chaithreach, ná sinnsir agus na húaisle,
noch dobudh áitreabhuigh iona chathruigh,
mar do chuir Iesebel, agus mar dobhí
scriobhtha annsna litreachaibh noch do chuir
sí chuca.



<L 1Rí21:12>
Dfúagradar trosgadh, agus
do chuireadar Nábot na shuidhe go hárd
a measg an phobail.



<L 1Rí21:13>
Agus thangadar asteach días
fear, clann Bhélial, agus do shuigheadar
as a choinne: agus dorinneadar clann
Bhélial fíadhnuise na aghaidh, eadhon
anaghaidh Nábot a lathair an phobail,
gha rádh, do mhasluigh Nábot Día, agus
an Rígh. Annsin rugadar amach as an
ccathruigh é, agus do chlochadar é le
clochuibh, go bhfuair sé bás.



<L 1Rí21:14>
Annsin do chuireadar teachda go
Iesebel, gha rádh, do clochadh Nábot,
agus déug sé.



<L 1Rí21:15>
Agus tárla anúair dochuála
Iesebel gur clochadh Nábot, agus go
raibh sé marbh, go ndubhairt Iesebel re
Ahab, éirigh, glac sealbh a bhfíneamhuin
Nábot an Niesreelítigh, noch do dhiúlt
sé do thabhairt duit ar airgiod: óir ní
beó, achd marbh Nábot.



<L 1Rí21:16>
Agus tárla anúair dochuála
Ahab go raibh Nábot marbh, gur éirigh
Ahab do dhul síos go fíneamhuin Nábot
an Niesreelitigh do ghlacadh seilbhe
ann.



<L 1Rí21:17>
Agus tháinic bríatar an Ti-ghearna
go Hélias an Tisbíteach, gha
rádh,



<L 1Rí21:18>
Eirigh, imthigh síos do theagmháil
re Ahab Rígh Israel, noch atá a Sa-mária:
féuch, atá sé a bhfíneamhuin
Nábot mar a ndeachaidh sé síos do ghla-cadh
seilbhe innte.



<L 1Rí21:19>
Agus laibheoruidh tú ris, gha
rádh, is marso adeir an Tighearna,
nar mharbh tú, agus fós nar ghabh tú
sealbh? agus laibheoruidh tú ris, gha
rádh, is marso adeir an Tighearna,
an tionad ar ligheadar na madruigh fuil
Nábot, annsin lighfid na madruigh thfuil-
si, thfuilsi féin.



<L 1Rí21:20>
Agus adubhairt Ahab re He-lias,
an bhfúair tú mé, ó mo námhuid?
agus do fhreagair seision, fúarus: do
bhrígh gur reac tú thú féin doibriughadh
uilc a radharc an Tighearna;



<L 1Rí21:21>
Féuch dobhéra misi olc ort,
agus scriofuidh mé do shliochd, agus
ghearrfuidh me ó Ahab an té mhúnas
anaghaidh an bhalla, agus an té
dhruidthear astigh, agus fhágthar ann
Israel;



<L 1Rí21:22>
Agus dodhéana mé do thigh
mar thigh Ieroboam mhic Nébat, agus
mar thigh Bhaasa mhic Ahiiah, ar son
an bhrostuighthe ler bhrostuighis mé chum
feirge, agus le ttugais air Israel peacughadh.



<L 1Rí21:23>
Agus do labhair an Tighearna ar
Iesebel mar an gcéadna, ghá rádh,
íosuid na madruigh Iésebel láimh re
balla Iesreel.



<L 1Rí21:24>
An té gheabhas bás ó Ahab annsa cha-thruigh,
íósuid na madruigh é: agus an
té gheabhus bás annsa machaire, íosuid
énlaith anaiéir é.



<L 1Rí21:25>
Achd ní raibh áon cosmhuil re Ahab,
noch do reac é feín doibruighadh urchóide
radharc an Tighearna, noch do chorruigh a
bhean Iesebel chuige sin.



<L 1Rí21:26>
Agus dorinne sé go roadhfhuath-mhar
a leanmhuin iodhal, do reír gach uile
neithe dá ndérnadar na Hamorítigh, noch
do theilg an Tighearna amach roimhe
chloinn Israel.



<L 1Rí21:27>
Agus tárla anuáir dochuála
Ahab na bríathra sin, gur réub sé a
éadach, agus gur chuir saicédach ar
a chorp, agus gur throisg, agus
gur luidh anéadach róinnigh, agus
gur imthigh go mín.



<L 1Rí21:28>
Agus thaínic bríathar an Ti-ghearna
go Helias an Tisbíteach, gha
rádh,



<L 1Rí21:29>
An bhfaiceann tú mar umhluighios
Ahab é feín am fhiadhnuisisi? do chionn
gur umhluidh sé é feín am lathair, ní
thiubhra mé an tinneachadh na láethibhsion,
acht a láethibh a mhic do bheara mé an ti-nneachadh
ar a thigh.



Caib.22.



<L 1Rí22:1>
Agus dfanadar trí blíadhna
gan chogadh idir Shíra,
agus Israel.



<L 1Rí22:2>
Agus tárla a ccionn
an treas bliadhan, go ttáinic Iehosa-phat
Rígh Iúdah siós go Rígh Israel.



<L 1Rí22:3>
Agus adubhairt Rígh Israel réna
mhuintir, nach bhfuil a fhios aguibhsi
gur linne Rámot an Gílead, agus sinn
ar ttámh marso, gan a buain amach
as láimh Rígh na Síria?



<L 1Rí22:4>
Agus adubhairt sé re Iehosaphat,
an racha tusa liomsa a ccath go Rá-mot-gílead:
agus adubhairt Iehosaphat
re Rígh Israel, atáimsi mar atá tu-sa,
mo mhuintir mar do mhuintir,
meich mar heachruidh.



<L 1Rí22:5>
Agus adubhairt Iehosaphat re Rígh
Israel, guidimh thú, fíafruigh bríathar
an Tighearna aniugh.



<L 1Rí22:6>
Annsin do chruinnigh Rígh Israel na
fáighe a gcionn a chéile thimchioll cheithre
chéud fear, agus adubhairt riú, an racha
mé anaghaidh Rámot-gílead do chur catha,
nó an léigfidh me dhó? agus adubhra-darsan,
imthigh súas: óir toirbheora
an Tighearna a laímh an Rígh í.



<L 1Rí22:7>
Agus adubhairt Iehosaphat, nach
bhfuil fáigh leis an TTighearna annso,
taobh amuigh dhíobhso go bhfíafruighmis
de?



<L 1Rí22:8>
Agus adubhairt Rígh Israel re
Iehosaphat, atá fós énduine amháin,
Micaiah mhac Imlah, tre a bhféu-dam
fíafruighadh don Tighearna; acht
atá fuath agumsa air: óir ní thairghirionn
maith dhamh, ocht olc: agus adubhairt
Iehosaphat, ná habradh an Rígh
sin.



<L 1Rí22:9>
Annsin do ghoir Rígh Israel oi-figeach,
agus adubhairt, deithfrigh ann-
so Micaiah mhac Imlah.



<L 1Rí22:10>
Agus do shuigh Rígh Israel
agus Iehosaphat Rígh Iúdah, gach
áon na cathaoir ríogha ar ccur a ró-badha
umpa anionad fholamh a ndul asteach
gheata Shamária, agus na faídhe
uile ag fáidhedóireachd da lathair.



<L 1Rí22:11>
Agus dorinne Sedeciah mhac
Chenaanah adharca íaruinn dó feín:
agus adubhairt, is marso adeir ar
Tighearna, leóso chnagfus tú na Sí-rianuigh,
nó go sgriosfa tú íad.



<L 1Rí22:12>
Agus do thairghireadar na fái-dhe
uile marsin, gha rádh, éirigh súas
go Rámot-gílead, agus go néirghe
leachd; óir dobhéara an Tighearna a
laímh an Rígh í.



<L 1Rí22:13>
Agus an teachdaire dochuáidh do
ghairm Mhicaiah, do labhair sé ris,
ga rádh, feúch anois foillsighid bría-thra
na bhfágh ní maith don Rígh le héin-
bhéul; guidhim thú, bíodh thfocalsa mar
fhocal duine aca, agus labhair an ní is
maith.



<L 1Rí22:14>
Agus adubhairt Micaiah, mar
mhairios an Tighearna, gidhbé déras an
Tighearna riomsa, isé sin laibheorad.



<L 1Rí22:15>
Marsin thaínic sé chum an Rígh,
agus adubhairt an Rígh ris, a Mhicaiah,
an racham anaghaidh Rámot-gílead do
chatughadh, nó an léigfeam dhi? agus
do fhreagair seision é, imthigh, agus
beir buáidh: óir dobéra an Tighearna
í a láimh an Rígh.



<L 1Rí22:16>
Agus adubhairt an rígh ris, cá
mhéid úair mhinneochus mé thú, nach inneo-sa
tú éinni dhamh acht an ní bhías fírinneach
anainm an Tighearna.



<L 1Rí22:17>
Agus adubhairt seision, dochonnairc
mé Israel uile spréidhte ar na
cnocaibh, mar cháorchuibh ag nach bíadh
áodhuire: agus adubhairt an Tighearna,
ní bhfuil maighistir orra so, filledís
gach áon aca dhá thigh a síothcháin.



<L 1Rí22:18>
Agus adubhairt Rígh Israel
re Iehosaphat, nachar innis mé dhuit
nach dénadh sé fáistine ar bith mhaith
dom tháobhsa, achd olc.



<L 1Rí22:19>
Agus adubhairt seision, éist-
se ar anadhbarsin bríathar an Tighear-na:
dochonnairc mé an Tighearna na
shuidhe iona chathaoir, agus slóigh fhlai-theamhnuis
uile na seasamh na fhochair ar a
laimh dheis, agus air a láimh chlé.



<L 1Rí22:20>
Agus adubhairt an Tighearna,
cía bhéras ar Ahab dul súas lé ttuit-feadh
sé a Rámot-gílead? agus adu-bhairt
áon marso, agus áon mar súd.



<L 1Rí22:21>
Agus tháinic spiorad amach,
agus do sheas a bhfíadhnuise an Tigh-earna,
agus adubhairt, dobhéra misi
air é.



<L 1Rí22:22>
Agus adubhairt an Tighearna
ris, cía leis? agus adubhairt seisi-on,
racha mé amach, agus biáidh mé am
spiorad bhrégach a mbéul a fhágh uile.
Agus adubhairt seision, cuirfidh tú
impidhe air, agus fós buáidheochuidh tú:
éirígh amach, agus déna sin.



<L 1Rí22:23>
Anois uimesin féuch, do chuir
an Tighearna spiorad brégach a mbéul
na bhfághsa agadsa uile, agus do la-bhair
an Tighearna olc dot thaóibh.



<L 1Rí22:24>
Achd tháinic Sedeciah mhac Che-naanah
a bhfogus, agus do bhuáil sé
Micaiah ar an leacain, agus adu-bhairt,
cía an tslighe ar ghabh spiorad
an Tighearna uáimse do labhairt riot-
sa?



<L 1Rí22:25>
Agus adubhairt Micaiah, féuch
dochífe tú sin annsa ló a racha tú
a seomra a bhfad asteach dot fholach
féin.



<L 1Rí22:26>
Agus adubhairt Rígh Israel,
glacaidh Micaiah, agus beirigh libh é
air a ais go Hámon úachtarán na caith-reach,
agus go Ioas mac an Rígh:



<L 1Rí22:27>
Agus abruidh, is mar so adeir an
Rígh, cuir an fearso a bpríosún, agus beath-uigh
é lé harán an doilghis, agus lé
huisge an doláis, nó go ttighe misi a
síothcháin.



<L 1Rí22:28>
Agus adubhairt Micaiah, má
thig tú ar énchor a síothchain, níor labhair
an Tighearna thríomsa. Agus adu-bhairt
seision, éistighe a phobal re chéile.



<L 1Rí22:29>
Marsin dochuaidh Rígh Israel,
agus Iehosaphat Rígh Iúdah súas
go Rámot-gílead.



<L 1Rí22:30>
Agus adubairt Rígh Israel
re Iehosaphat, cuirfidh misi mé féin
anatharrach crotha, agus rachad san
chath, achd cuirsi do róbadha ort. Agus
dfoluigh Rígh Israel é féin, agus
dochuáidh san chath.



<L 1Rí22:31>
Acht do aithin Rígh na Síria
da dhá chaiptín déug agus fithche, agá
raibh ríaghladh ós cionn a charbad, gha
rádh, ná troidigh re neach beag nó mór,
acht amháin ré Rígh Israel.



<L 1Rí22:32>
Agus tárla an tan dochon-cadar
caiptínígh na ccarbad Iehosa-phat,
go ndubhradar, go deimhin isé
súd Rígh Israel. Agus dfilleadar a
leathtaobh do throid ris, agus do
ghoir Iehosaphat na comhairc.



<L 1Rí22:33>
Agus tárla anuáir do aith-nigheadar
caiptínigh na ccarbad nárbhé
Rígh Israel é, gur fhilleadar ar
a nais óna thóruigheachd.



<L 1Rí22:34>
Agus do tharruing duine eígin
bogha go teagmhuiseach, agus do bhuáil
sé Rígh Israel eidir altuibh an sca-bail:
uimesin adubhairt sé réna
chóisteóir, iompóigh do lámh, agus beir
amach as a tslúagh mé, óir atáim
loitidh.



<L 1Rí22:35>
Agus do mhéuduigh an cath an
lá sin, agus do conngmhadh an Rígh
súas iona charbad anaghaidh na Síria-nach,
agus fúair sé bás tráthnóna:
agus do rith anfuil as an ccneidh
amach go lár an charbuid.



<L 1Rí22:36>
Agus tugadh fúagra ar feadh
an tslóigh timchioll dhul faoi na gréine,
gha rádh, imthigheadh gach uile dhuine dhá cha-thruigh,
agus gach uile dhuine dhá thír
feín.



<L 1Rí22:37>
Marsin déug an Rígh, agus
tugadh é go Samária, agus do adhlaicea-dar
an Rígh a Samária.



<L 1Rí22:38>
Agus do nigh duine an carbad
a lochán Shamária, agus do ligheadar
na madruigh a fhuil súas, agus do
nigheadar a eídeadh do réir bhréithre
an Tighearna, noch do labhair sé.



<L 1Rí22:39>
Anois an chuid oile do ghnío-mhuibh
Ahab, agus anuile ní dá ndér-na
sé, agus an tigh dorinne sé do
chnámhuibh, agus na huile chaithreacha dar
chuir sé súas, nach bhfuilid siád
scríobhtha a leabhar croinice Ríogh
Israel?



<L 1Rí22:40>
Mar sin do choduil Ahab a
bhfochair a aithreadh, agus do ríoghadh
Ahasiah a mhac na aít.



<L 1Rí22:41>
Agus do thosuigh Iehosaphat
mhac Asa a rioghachd ós cionn Iúdah ann-sa
cceathramhadh blíadhan do Ahab Rígh
Israel.



<L 1Rí22:42>
Dobhí Iehosaphat cúig bhlíadhna
air thríochad dáois anúair do thosuigh sé a
ríghe, agus dobhí na Rígh cúig bhlíadh-na
fithchiod ann Ierusalem: agus dobé
ainm a mhathar Asuba inghean Shilli.



<L 1Rí22:43>
Agus do siubhail sé a slighthibh
Asa a athar, niór fhill sé do leathtaoibh
uadh ag dénamh an neithe fa ceart a
radharc an Tighearna: gidheadh niór cuireadh
na háite árda ar ccúl; óir do íodh-braidís
an pobal, agus do loisgedís
fós túis annsra háitibh árda.



<L 1Rí22:44>
Agus dorinne Iehosaphat sío-thchaín
ré Rígh Israel.



<L 1Rí22:45>
Annois an chuid oile do ghnío-mhuibh
Iehosaphat, agus na cumhachda
do thaisbéin sé, agus cionnus dorinne
sé cogadh, nach bfuilid scríobhtha a
leabhar croinice Ríogh Iúdah?



<L 1Rí22:46>
Agus ar mhair do na Sodomítibh,
noch dfan a laéthibh a athar Asa, do
chuir sé as a tír íad.



<L 1Rí22:47>
Ni raibh ansin Rígh ar bhith ann
Edom; fear ionaid Rígh dobhí na Rígh.



<L 1Rí22:48>
Dorinne Iehosaphat luingios
do Tharsis do dhul go Hóphir ar ceann
óir; achd níor imtigheadar: óir do bri-seadh
na lunga ag Hésion-géber.



<L 1Rí22:49>
Annsin adubhairt Ahasiah mhac
Ahab re Iehosaphat, léig do mo
sheirbhíseachaibhse dul le do mhuintir annsna
longaibh: achd níorbháill lé Iehosa-phat
sin.



<L 1Rí22:50>
Agus do choduil Iehosaphat
agá aithribh, agus do hadlaicheadh a
bhfochar a aithreadh é a ccathraigh Dháibhi a
athar: agus do ríoghaidh Iehoram a
mhac na áit.



<L 1Rí22:51>
Do thosuigh Ahasiah mhac Ahab
ríaghladh ós cionn Israel a Samária an
seachdmhadh blíadhan deúg do Iehosaphat
Rígh Iúdah, agus dobhí na Rígh dha
bhlíadhuin air Israel.



<L 1Rí22:52>
Agus dorinne sé olc a radharc
an Tighearna, agus do shiubhuil a slighe
a athar, agus a slighe a mhathar, agus
a slighe Ieroboam mhic Nébat, noch thug
ar Israel peacughadh.



<L 1Rí22:53>
Oír dorinne ré serbhís do
Bháal, agus do onóruigh sé é, agus
do bhrostuigh sé an Tighearna Día Israel
chum feirge, do reír anuile ní dá
ndeárnuigh a athair.



<L 2Rí>



AN DARA LEABHAR NA RIOGH, DA NGOIR-THEAR
GO COITCHEANN, AN CEATHRAM-HADH LEABHAR NA RIOGH



Caib.1.



<L 2Rí1:1>
Ansin dochuáidh Móab a gco-gadh
anaghaidh Israel,
tar éis bháis Ahab.



<L 2Rí1:2>
Agus do thuit Ahasiah
síos tré laitís a séomra úachdarach
dobhí a Samária, agus dobhí sé
tinn, agus do chuir teachda úadh, agus
adubhairt ríu, éirigidhe, fíafruighidh do
Bhaal-sebub día Ecron an ttiucfa
mé ón ttinnios so.



<L 2Rí1:3>
Achd adubairt aingeal an Tigh-earna
re Helias an Tisbiteach, éirigh,
imthigh súas do theagmháil ré teachdaibh Righ
Samária, agus abair ríu, an do chionn
nach bhfuil Día ann Israel atáthaóise
ag dul dfíafruigh sgéul do Bhaal-sebub
día Ecron?



<L 2Rí1:4>
Anois ar anadhbharsin is mar-
so adeir an Tighearna; ní thiucfa tú
anuas as an leabuidh sin ar a ndeachuidh
tú súas, achd dogheabha tú bás go
deimhin. Agus dimthigh Elias.



<L 2Rí1:5>
Agus anuáir dfilleadar na
teachda ar a nais chuige, adubhairt sé
ríu, cred fár fhilleabhair ar bhur nais?



<L 2Rí1:6>
Agus adubhradarsan ris, thái-nic
duine súas ar ccoinne, agus adubhairt
sé rinn, imthighidh, eirghidh arís
chum an Rígh ó ttangabhair, agus abruidh
ris, is marso adeir an Tighearna,
an do chionn nach bhfuil Día ann Israel
chuirios tú teachda dfíafruigh do Bhaal-sebub
día Ecron? ar anadhbharsin
ní thiucfa tú anuas as an leabuidh-
sin ar a ndeachaidh tú suas, achd dogheabha
tú bás go deimhin.



<L 2Rí1:7>
Agus adubhairt seision ríu,
cred an ghné dhuine an té sin tháinic
súas bhur ccoinne, agus dinnis na
bríathrasa dhíbh?



<L 2Rí1:8>
Agus do fhreagradarsan é, duine
fionnadhmhach, agus chriosluigh le crios
leathair timchioll a chaóil. Agus adu-bhairt
seision, isé Elias an Tisbíteach
é.



<L 2Rí1:9>
Annsin do chuir an Rígh chuige,
caiptín cáogaid maille rena cháo-gad:
agus dochuaidh sé súas chuige,
(agus féuch, dobhí seision na shuighe
ar mhullach cnuic) agus do labhair sé
ris, thusa a óglaich Dé, dubhairt an Rígh
riot teachd anuás.



<L 2Rí1:10>
Agus do fhreagair Elias, agus
adubhairt re caiptín an cháoguid, mas
óglach do Dhía misi, annsin tigeadh
teine anuas ó neamh, agus loisgeadh
sí thusa, agus do cháogad. Agus thái-nic
teine anuas ó neamh, agus do
loisg sí eision, agus a cháogad.



<L 2Rí1:11>
Arís mar an gcédna do chuir
an (Rígh) chuige caiptín oile air cháo-gad
maille rena cháogad: agus do
fhreagair seison é, agus adubhairt ris,
a óglaich Dé, is marso adeir an
Rígh, tárr anúas go tapuidh.



<L 2Rí1:12>
Agus do fhreagair Elias, agus
adubhairt ríu, más óglach do Dhía
misi, tigeadh teine anuas ó neamh, agus
loisgeadh thusa agus do cháogad. Agus thái-nic
teine Dé anúas ó neamh, agus do loisg
eision agus a chaogad.



<L 2Rí1:13>
Agus do chuir arís caiptín an
treas cáoguid guna cháogad; agus
dochuaidh an treas caiptín cáoguid súas,
agus tháinic sé, agus do léig é féin ar a
ghlúinibh a bhfíaghnuise Elias, agus do
ghuidh é, agus adubhairt ris, óh a
óglaich Dé, guidhim thú, bíodh manumsa
agus anum an cháogaidsi do sheirbhísigh,
mórlúaich ann do radharc.



<L 2Rí1:14>
Féuch, tháinic teine anúas ó
neamh, agus do loisg sí an dá chédchaip-tín
cáogad maille rena gcáogaduibh:
ar anadhbharsin bíodh manumsa anois
mórlúaich ann do radharc.



<L 2Rí1:15>
Agus adubhairt aingeal an Ti-ghearna
re Hílias, éirigh leis síos,
ná bíodh eagla ort roimhe. Agus déirigh
seision, agus dochuáidh sé leis síos
gus an Rígh.



<L 2Rí1:16>
Agus adubhairt sé ris, is
marso adeir an Tighearna, do bhrígh
gur chuir tú teachda dfíafruighe sgéul
do Bhaal-sebub día Ecron, an do
chionn nach raibh Día ann Israel a bhfíafro-chadh
scéula dá bhreithir? air anadhbharsin
ní thiucfa tú anuas don leabuidhsin air
a ndeacuidh tú suas, achd dogheabha tú
bás go demhin.



<L 2Rí1:17>
Marsin fúair sé bás do réir
fhocail an Tighearna, noch do labhair
Elias, agus do ríoghuidh Iehoram na
aít, annsa dara blíadhan do Iehoram
mhac Iehosaphat Rígh Iúdah; do chionn
nach raibh énmhac aige.



<L 2Rí1:18>
Annois an chuid oile do ghniómhuibh
Ahasiah, noch dorinne sé, nach bhfuilid
scríobhtha a leabhar Croinice Ríogh Israel?



Caib.2.



<L 2Rí2:1>
Agus tárla anuáir dobáill
leis an TTighearna Elias
do thógbháil súas go neamh
lé sidén gaoithe, go ndea-caidh
Elias le Helisa ó
Ghilgal.



<L 2Rí2:2>
Agus adubhairt Elias re Heli-sa,
guidhim thú, fan annso: óir do chuir an
Tighearna misi go Bétel. Agus adu-bhairt
Elisa ris, mar mhairios an Tighear-na,
agus mar mhairios hanumsa, ní fhúig-fidh
mé tú. Marsin dochuádar siós
go Bétel.



<L 2Rí2:3>
Agus thangadar mic na bhfágh
dobhí a Mbétel amach go Helisa, agus
adubhradar ris, an bhfuil a fhios
agadsa go mbéara an Tighearna do
mhaighistir ód cheann aniugh? agus adubhairt
seision, atá a fhios agum, bíthíse
bhur ttochd.



<L 2Rí2:4>
Agus adubhairt Elias ris, a
Elisa, fan annso, mar athchuinge ort:
oír do chuir an Tighearna misi go Ie-richo:
agus adubhairt seision, mar
mhairios an Tighearna, agus mar mhairios
hanumsa, ní dheileochuidh mé riot. Mar-
sin dochuádar go Iericho.



<L 2Rí2:5>
Agus thangadar mic na bhfágh
dobhí an Iericho go Helisa, agus adubhradar
ris, an bfuil a fhios agad-
sa go mbéura an Tighearna do mhai-ghistir
ód cheann aniugh? agus do
freagair seision, ga rádh, atá a fhios
sin agum, bíthísi bhur ttochd.



<L 2Rí2:6>
Agus adubhairt Elias ris, guidhim
thú, fan annso: óir do chuir an Tighear-na
misi go Iordan: agus adubhairt
seision, mar mhairios an Tighearna, agus
mar mhairios hanumsa, ní fhúigfidh mé
thú. Agus dimthigheadar rompa
aráon.



<L 2Rí2:7>
Agus dochuádar cáogad do
chloinn na bhfágh, agus do sheasadar
da bhféchain a bhfad uatha, agus do
sheasadarsan araon láimh ré Ior-dan.



<L 2Rí2:8>
Agus do ghlac Elias a fhalluing,
agus dfill ar a chéile í, agus do
bhúail na huisgeadha, agus do roinneadh
íad annso agus annsúd, iondus go
ndeachadar anonn aráon ar talumh ti-rim.



<L 2Rí2:9>
Agus tárla anúair dochuádar
anonn, go ndubhairt Elias re Helisa,
íarr cred is áill leachd misi do dhéanamh
ar do shon, suil bhéarthar uait mé.
Agus adubhairt Elisa, guidhim thú, bíodh
roinn dhúbalta dot spiorad orum.



<L 2Rí2:10>
Agus adubhairt seision, is
cruáidh an ní díarr tú: má chí tú misi
anuáir bhérthar uáit mé, biáidh sé agad
mar sin: achd muna bhfaicir, ní bhiáidh.



<L 2Rí2:11>
Agus tárla mar dobhádar ag
imtheachd ar a naghuidh, agus ag caint,
féuch carbad tinntighe, agus eich thintighe
do chuireadar aráon íad ó chéile: agus
dochuáidh Elias súas le sidén gaoithe
air neamh.



<L 2Rí2:12>
Agus dochonnairc Elisa sin,
agus do éigh sé, ó mo athair, ó mo
athair, carbad Israel, agus a mharc-shlúagh:
agus ní fhaca sé nísa mhó
é; agus rug sé ar a édach féin,
agus do réub an ndá ccuid íad.



<L 2Rí2:13>
Do thógh sé mar an gcédna
falluing Elias do thuit úadh, agus
dochuáidh ar a ais, agus do sheas ag
brúach Iordan.



<L 2Rí2:14>
Agus do ghlac sé falluing
Elias do thuit uadh, agus do bhuáil na
huisgeadha lé, agus adubhairt, cáit
a bhfuil Tighearna Día Elias? agus
anuáir do bhuáil seision fós na huis-geadha,
dochúadar ó chéile anonn sanall,
agus docuáidh Elisa thairis.



<L 2Rí2:15>
Agus an tan dochonncadar
mic na bhfágh, noch dobhí ag feitheamh an
Iericho é, adubhradar, dfan spio-rad
Elias air Elisa. Agus thangadar
na choinne, agus do chlaonadar íad féin
go talumh dá lathair.



<L 2Rí2:16>
Agus adubhradar ris, féuch
anois atáid ag do sherbhísigh cáogad
fear láidir, guidhmid thú, imthighdís, a-gus
íarraidís do mhaighistir, ar eag-la
gur thóg spiorad an Tighearna
súas é, agus gur theilg sé air shlíabh
éigin é. Agus adubhairt seision, ní
chuirfídhe uaibh íad.



<L 2Rí2:17>
Agus anuáir do sháruighea-dar
é, nó go raibh náire air, adubhairt
sé, dénuigh: do chuireadar uimesin cáo-gad
fear, agus díarradar é trí lá,
achd ní bhfúaradar é.



<L 2Rí2:18>
Agus anuáir thangadar arís
chuigesion; óir dfan sé léo an
Iericho, adubhairt sé ríu, nach ndubhairt
misi ribh, ná himthighidh?



<L 2Rí2:19>
Agus adubhradar muintir na
caithreach re Helisa, guidhmid thú, féuch
gur taitneamhac suidhiughadh na caith-reachsa,
mar dochí mo thighearna: achd is
olc an tuisge, agus atá an talumh
neamhthórrthach.



<L 2Rí2:20>
Agus adubhairt seision, tabh-ruigh
chugam crúisgín núadh, agus cui-righ
salann ann: agus thugadar sin
chuige.



<L 2Rí2:21>
Agus dochuáidh seision amach
mar araibh gineamhuin na nuisgeadh, a-gus
do theilg sé an salann ann agus
adubhairt, is marso adeir an Tighear-na,
do leighis mé na huisgeadhasa, ní
bhía feasdha marbadh nó neamhthórrachd ion-ta.



<L 2Rí2:22>
Marsin do leasuigheadar na
huisgeadha gus aniugh, do réir bhréithre
Elisa noch adubhairt sé.



<L 2Rí2:23>
Agus dochuáidh sé súas as
sin go Bétel, agus mar dobhí sé
ag imtheachd súas ar a tslighe, thangadar
leinibh bheaga amach as an gcathruigh, a-gus
dorinneadar magadh air, agus adubhradar
ris, éirigh suas a chinn mhaóil,
éirigh súas a chinn mhaóil.



<L 2Rí2:24>
Agus do iompóigh seision ar
a ais, agus dféuch orra, agus do
mhalluigh sé íad anainm an Tighearna:
agus tháinig amach dhá mhathghamhuin
bhainionna as an ccoill, agus do réu-badar
días agus dá fhithchiod leanamh
dhíobh.



<L 2Rí2:25>
Agus dochuáidh sé as sin
go slíabh Carmel, agus as sin dfill
sé go Samária.



Caib.3.



<L 2Rí3:1>
Anois do thosuigh Iehoram
mhac Ahab a rioghachd ós cionn
Israel a Samária an tochd-mhadh
blíadhan déug do Ie-hosaphat
Rígh Iúdah, agus dobhí na
Rígh dhá bhlíadhuin déug.



<L 2Rí3:2>
Agus dorinne sé olc a radharc
an Tighearna, acht ní cosmhuil rena athair nó
réna mhathair: óir do chuir seision uadh ío-mháigh
Bhaal, noch dorinne a athair.



<L 2Rí3:3>
Ar a shon sin do theann sé ris na
peachadhuib dorinne Ieroboam mhac Né-bat,
noch thug ar Israel peacadh dhéa-namh:
níor dhealuigh sé riú sin.



<L 2Rí3:4>
Agus dobhí Mesa Rígh Moab na
mhaighistir cáorach, agus dobheireadh
do Rígh Israel céud míle úan, agus
céud míle reithe guna noluinn.



<L 2Rí3:5>
Agus tárla anuair déug Ahab,
go ndeachuidh Rígh Moab a gcogadh ar
Rígh Israel.



<L 2Rí3:6>
Agus dochuáidh an Rígh Iehoram
amach as Samária anuair chéadna, agus
do áirimh sé Israel uile.



<L 2Rí3:7>
Agus dimthigh sé, agus do chuir
sé fios go Iehosaphat Rígh Iúdah,
dha rádh, dochuáidh Rígh Móab a gco-gadh
am aghaidh, an racha tú liom do cha-thughadh
anaghaidh Mhóab? Agus adu-bhairt
seision, rachad: atáimse
mar atá tusa, mo dháoine mar do
dháoine, agus mo mharcshlúagh mar do
mharcshluágh.



<L 2Rí3:8>
Agus adubhairt sé, cia an
tslighe a rachum suas? agus do fhrea-gair
seision, an tslighe tré fhásach Edom.



<L 2Rí3:9>
Mar sin do imthigh Rígh Israel,
agus Rígh Iúdah, agus Rígh Edom,
agus dochuadar aisdior sheachd lá timchioll:
agus ní raibh uisge aca don tslúagh,
nó don náirnéis do lean íad.



<L 2Rí3:10>
Agus adubhairt Rígh Israel, a
thruáighe gur ghoir an Tighearna na trí
Ríghthe so a ccionn a chéile dá sea-chad
a laímh Mhóab.



<L 2Rí3:11>
Agus adubhairt Iehosaphat,
nach bhfuil annso fáigh leis an TTighear-na?
agus do fhreagair duine do mhuintir
Rígh Israel é, agus adubhairt, atá
annso Elisa mhac Saphat, noch do
dhóirt uisge ar lámhuibh Elias.



<L 2Rí3:12>
Agus adubhairt Iehosaphat,
atá bríathar an Tighearna maille ris.
Annsin dochuáidh Rígh Israel, agus
Iehosaphat, agus Rígh Edom síos go
nuige é.



<L 2Rí3:13>
Agus adubhairt Elisa ré Rígh
Israel, cred atá agumsa ré dhén-amh
riotsa? imthigh go fáighibh hathar,
agus go fáighibh do mhathar. Agus adubhairt
Rígh Israel ris, ní headh, óír
do ghoir an Tighearna na trí Ríghthesi
a ccionn a chéile dá seachad a láimh
Mhoab.



<L 2Rí3:14>
Agus adubhairt Elisa, mar
mhairios Tighearna na slógh da lathair a
seasuim, muna bhféuchuinn go deimhin do
Iehosaphat Rígh Iúdah do beith a la-thair,
ní fhéuchuinn leath riotsa, agus ní
fhaicfhinn tú.



<L 2Rí3:15>
Acht anois tabhair fear seanma
chugam. Agus tárla anuáir do shinn an
fear seanma, go ttáinic lámh an Ti-ghearna
fairsion.



<L 2Rí3:16>
Agus adubhairt sé, is
marso adeir an Tighearna, dénuidh
an gleannsa lán do dhiógachaibh.



<L 2Rí3:17>
Oir is marso adeir an Ti-ghearna,
ní fhaicfidhe gáoth, agus ní mó
chífidhe fearthuinn, gidheadh líonfuighear an
gleannsa duisge lé a bhféudfuig uisge
dól, sibh feín araon, agus bhur
nárneís, agus bhur nainmhintigh.



<L 2Rí3:18>
Agus ní bhfuil annso acht ní
éttrom a radharc an Tighearna; seach-óduigh
sé na Móabitigh fós ion bhur
láimh.



<L 2Rí3:19>
Agus búailfidhthe gach éncha-thair
dhaingion, agus gach énchathair thogh-tha,
agus leagfuidhe gach én chrann maith,
agus stopfuidhe gach uile thobhar uis-ce,
agus millfidhe gach énchuid mhaith
fhearainn lé clochaibh.



<L 2Rí3:20>
Agus tárla ar maidin anuair
do hofráladh an níodhbairt bhídh, féuch,
go ttáinic uisge a slighe Edom,
agus do líonadh an tír le huisge.



<L 2Rí3:21>
Agus anúair dochúaladar na
Móabitígh uile go ttangadar na
Ríghthe súas do throid na na-ghaidh,
do chruinnigheadar an mheíd
re ttáinich arm iomchar, agus ós a
chionn, agus do sheasadar ar an leith-imiol.



<L 2Rí3:22>
Agus do éirgheadar súas go
moch ar maidin, agus do lonnruigh an
ghrían ar anuisge, agus dochonnca-dar
na Móabitigh an tuisge don taóibh
oile choimhdhearg re fuil.



<L 2Rí3:23>
Agus adubhradar, is fuil
so, atáid na Ríghthe marbh go deimhin:
agus do bhuaileadar féin a chéile: a-nois
ar anadhbharsin a Mhóab frea-gair
chum na hédála.



<L 2Rí3:24>
Agus anuáir thangadar go
foslungport Israel, do éirgheadar na
Hisraelítigh súas, agus do bhuáilea-dar
na Móabitigh, iondus gur theithea-dar
rompa; acht dochúadar ar a
naghaidh búaladh na Móabíteach air fad
gus a ttír féin.



<L 2Rí3:25>
Agus do bhriseadar síos na
caithreacha, agus ar gach uile phíosa
mhaith fhearuinn do chaith gach énduine a
chloch, gur líonadar é, agus do sto-padar
anuile thobar uisge, agus
do ghearradar na croinn mhaithe uile:
amháin ann Cir-haraset dfágbhadar a
clocha: acht cheana dochúadar luchd na
ccrann ttábhuill na titimchioll, agus
do bhuáileadar í.



<L 2Rí3:26>
Agus an tan dochonnairc Rígh
Móab an cath rodhoirb; dorug sé
leis seacht ccéud fear do tharruing
cloidheamh, do bhriseadh tré chách go Rígh
Edom, acht níor fhédadar.



<L 2Rí3:27>
Annsin do ghlac sé a mhac fa
sine dobhiadh na oighre air san rioghachd,
agus do íodhbuir é mar ofráil loisge
ar an mballa; agus dobhí diombuadh
romhór anaghaidh Israel, agus do
imthigheadar uadh, agus dfilleadar dá
ndúithche féin.



Caib.4.



<L 2Rí4:1>
Anois do éigh bean áirigh do
mhnáibh mhac na bhfágh chum
Elisa, gha rádh, fuáir do
shearbhfhoghantuigh mfear bás,
agus atá a fhios agad go
raibh eagla an Tighearna air do sheirbhí-seach:
agus tháinic fear na bhfíach do
bhreith mo dheise mac leis dá mbeith fá
dhaóirse aige.



<L 2Rí4:2>
Agus adubhairt Elisa ría, cred
dhénadsa ar do shon? innis damh cred
atá agad ann do thigh? agus adu-bhairt
sisi, ní bhfuil éinní ag do bhanóg-laich
annsa tigh, achd pota ola.



<L 2Rí4:3>
Annsin adubhairt seision, éirigh
fagh soithighe ar íasachd amuigh ód chomh-arsannuibh
uile, eadhon soithighe folmha:
ná táobh ré beagán.



<L 2Rí4:4>
Agus anuáir thiucfas tú asteach,
druidfidh tú an dorus ort féin,
agus ar do mhacaibh, agus dóirtfidh
tú annsna soithighibh sin uile, agus cuir-fe
tú an soitheach lán a leathtaóibh.



<L 2Rí4:5>
Marsin do imthigh sí uadh, agus
do dhruid sí an dorus uirre féin a-gus
ar a cloinn, noch thug (na soithighe)
chuice, agus do dhóirt sí amach (anola.)



<L 2Rí4:6>
Agus tárla anuáir dobhádar
na soithighe lán, go ndubhairt sisi rena
mac, tabhair chugam fós soitheach fo-lumh:
agus adubhairt sé ría, ní bhfuil
éntsoitheach nios mó ann: agus do stad
an ola.



<L 2Rí4:7>
Annsin tháinic sí, agus dinnis
dóglach Dé: agus adubhairt seision
ría, imthigh, reach anola, agus díol
thfíacha, agus tárr féin agus do
chlann suas air an ccuid oile.



<L 2Rí4:8>
Agus tárla lá éigin gur ghabh
Elisa thríd Shunem, mar a raibh
bean mhórdha, gur choimhéignigh sí
é dithe aráin: agus is marsin
dobhí dá mhionca dá ngébhadh annsin,
go ttíagh sé asteach ann dithe aráin.



<L 2Rí4:9>
Agus adubhairt sisi rena fear,
féuch anois measuim gur duine náomhtha
an té si ghabhus ré ar ttáobh go mi-nic.



<L 2Rí4:10>
Guidhim thú, déunum séomra beag
ar an mballa dhó, agus cuiriom leab-uigh
annsin dó, agus bórd, agus stól,
agus coinnleóir: agus as amhluidh bhías
anuáir thiucfas sé chuguinn, go bhfill-fidh
sé annsin asteach.



<L 2Rí4:11>
Agus tárla lá éigin dhá
ttáinic sé annsin, agus dochuáidh asteach
don tséomra, agus do luigh sé ann.



<L 2Rí4:12>
Agus adubairt sé re Geha-si
a shearbhfhoghantuigh, goir an Tsuna-míteachsa.
Agus anuáir do ghoir sé
í, do sheas sí as a choinne.



<L 2Rí4:13>
Agus adubhairt sé ris, abair
ría anois, féuch dobí tú cúramach
iomuinne ris an gcúramsa uile: cred
atá re dhénamh air do shon? an áill leachd
labhairt ris an Rígh ad thimchioll, nó ré
caiptín an tslóigh? agus do fhreagair
sisi, ataím am chomhnuigh a measg mo
dhaóine féin.



<L 2Rí4:14>
Agus adubhairt seision, cred
oile atá ré a dhénamh ar a shon? a-gus
do fhreagair Gehasi, go deimhin ní
bhfuil énduine cloinne aice, agus atá
a fear foirfe.



<L 2Rí4:15>
Agus adubhairt seision, goir
í. Agus anuair do ghoir sé í, do
sheas sí annsa dorus.



<L 2Rí4:16>
Agus adubhairt seision, tim-chioll
anamasa do réir aimsire na
beatha, biáidh mac agad: agus adu-bhairt
sisi, ní headh ó mo thighearna, a
óglaich Dé, ná déna bréug red bhan-óglaich.



<L 2Rí4:17>
Agus do toircheadh an bhean, a-gus
rug sí mac annsanamsin adu-bhairt
Elisa ría, do réir aimsire na
beatha.



<L 2Rí4:18>
Agus anuáir do fhás an lea-namh,
tárla lá go ndeachuidh sé a-mach
chum a athar gus an methil bhúa-na.



<L 2Rí4:19>
Agus adubhairt sé réna a-thair,
mo cheann, mo cheann: agus adubhairt
seision ré búachuill, beir chum a mha-thar
é.



<L 2Rí4:20>
Agus anuáir dorug sé air, agus
thug chum a mhathar é, do shuigh sé ar
a glúinibh go meadhon laói, agus fuair
sé bás annsin.



<L 2Rí4:21>
Agus dochuaidh sisi súas, a-gus
do chuir na luidhe ar leabuigh óglaich
Dé é, agus do dhruid sí an dorus air,
agus dochuaidh sí amach.



<L 2Rí4:22>
Agus do ghoir sí air a fear,
agus adubhairt ris, guidhim thú, cuir
chugam aon do na hógánachaibh, agus
aon do na hasaluibh, go rithe mé go
hóglach Dé, agus go ttí mé arís.



<L 2Rí4:23>
Agus adubhairt seision, cred
as a rachfá chuige aniugh? ní ré núadh
nó saóire atá ann: agus adubhairt si-si,
(biaidh) go maith.



<L 2Rí4:24>
Annsin do chuir sí díalláoid
ar assal, agus adubhairt réna hóg-lach,
tarruing, agus gluáis romhuinn;
ná failligh do mharcuigheachd ar mo shon-
sa, muna nabra mé riot é.



<L 2Rí4:25>
Marsin do imthigh sí, agus
tháinic go hóglach Dé go slíabh Car-mel:
agus tárla anuáir dochonnairc
óglach Dé í a bhfad uadh, go ndubhairt
sé ré Gehasi a óglach, fhéuch, sí súd
an Tsunamíteach:



<L 2Rí4:26>
Guidhim thú, rioth anois na
coinne, agus abair ría, an bhfuiltear go
maith agad? an bhfuiltear go maith ag
thfear? an bhfuil an leanamh go maith?
agus do fhreagair sisi, gha rádh, atáthar
go maith.



<L 2Rí4:27>
Agus anuáir tháinic sí go
hóglach Dé gus an ccnoc, rug sí ar
cosuibh air: acht tháinic Gehasi a ngar
dá ccur úadh. Agus adubhairt óglach
Dé, léig dhi, óir atá a hanum arna
chrádh innte: agus do cheil an Tighear-na
orumsa é, agus níor innis sé damh é.



<L 2Rí4:28>
Annsin adubhairt sisi, nar
íarr misi mac ar mo thighearna? nach
dubhairt mé, ná meall mé?



<L 2Rí4:29>
Annsin adubhairt sé ré Ge-hasi,
criosluigh do cháol, agus glac
mo bhatasa ann do láimh, agus imthigh
romhad: má theagmhann énduine riot ná
beannuigh dhó, agus má bheannuighionn énduine
dhuit, ná freagair é arís: agus leag
mo bhata ar aghaidh an leinimh.



<L 2Rí4:30>
Agus adubhairt mathair an lei-nimh,
mar mhairios an Tighearna, agus
mar mhairios hanumsa, ní fúigfidh mé thú.
Agus déirigh sé, agus do lean sé í.



<L 2Rí4:31>
Agus do ghluáis Gehasi rom-pa,
agus do leag sé an bata ar a-ghaidh
an leinimh, achd ní raibh guth nó
éisteachd ann: uimesin dochuáidh sé na
choinnesion arís, agus dinnis dó, ghá
rádh, ní bhfuil an leanamh dúisighe.



<L 2Rí4:32>
Agus anuáir thaínic Elisa don
tigh, féuch dobhí an leanamh marbh, agus é
na luidhe ar a leabuidhsion.



<L 2Rí4:33>
Uimesin dochuáidh sé asteach,
agus do dhruid an dorus orra aráon,
agus do ghudh sé an Tighearna.



<L 2Rí4:34>
Agus dochuáidh sé súas, agus
do luidh sé ar a leanamh, agus do chuir
a bhéul air a bhéul, agus a shúile air a súilibh, agus
do shín sé é féin ar a leanamh, agus
dfás feóil an leinimh te.



<L 2Rí4:35>
Annsin dfill sé, agus do shiu-bhuil
sé an tigh síos agus súas, agus
dochuáidh sé, agus do shín sé é féin air:
agus dorinne an leanamh sróthfurtach
seachd nuáire, agus dfoscuil sé a
shúile.



<L 2Rí4:36>
Agus do ghoir sé ar Ghehasi,
agus adubhairt ris, goir an Tsunamí-teachsa.
Marsin do ghoir sé í, agus
anuáir thaínic sí asteach chuige, adu-bhairt
seision, tóg súas do mhac.



<L 2Rí4:37>
Annsin dochuáidh sí asteach
chuige, agus do thuit sí agá chosuibh,
agus do chláon í fein go nuige an tta-lumh,
agus do thóg súas a mac, agus
dochuáidh si amach.



<L 2Rí4:38>
Agus thaínic Elisa arís go
Gilgal, agus dobhí gorta annsa tír,
agus dobhádar mic na bhfágh na suighe
na fhiadnuise, agus adubhairt seision rena
óglach, cuir siós an pota mór,
agus bruith phraiseach do mhacaibh na
bhfágh.



<L 2Rí4:39>
Agus dochuáidh duine amach
fán machaire do chnúasach luibhionn,
agus fuáir sé fíneamhuin fhiádhuin, agus
do chruinnigh dhe sin buinneáin lán a ochda,
agus thaínig, agus do geárr íad a
bpota na praisigh, óir ní raibh a fhios
aca cred íad.



<L 2Rí4:40>
Annsin do liónadar amach
praiseach do na daoinibh re a ithe: agus
tárla anúair dobhádar ag ithe na
praisigh gur éigheadar, agus go
ndubhradar, ó a óglaich Dé, atá bás
annsa bpota: agus níor fhédadar
ithe.



<L 2Rí4:41>
Acht adubhairt seision, mai-seadh
tabhruigh chugam min; agus do theilg sé
san phota í; agus adubhairt sé,
dóirt uáit chum na ndaoineadh go nithid:
agus ní raibh dochar san phota.



<L 2Rí4:42>
Agus tháinic duine ó Bhaal-salisa,
agus thug chum óglaich Dé arán
do na céd tórthaibh, fithche builín eór-na,
agus déusa iomlán arbha iona
ccáithleach féin: agus adubhairt seision,
tabhair do na daonibh go nithid.



<L 2Rí4:43>
Agus adubhairt a shearbhfhoghan-tuigh,
cred fá ccuirfinnse so a bhfiagh-nuise
chéad fear? adubhairt seision
arís, tabhair do na daoinibh go ni-thid;
óir is marso adeir an Ti-ghearna,
íosuid, agus biáidh fui-ghioll
aca.



<L 2Rí4:44>
Annsin do chuir sé sin iona
bhfiaghnuise, agus a duadar, agus
dobhí fuigheall aca, do reír bhréithre
an Tighearna.



Caib.5.



<L 2Rí5:1>
Anois dobhí Naaman Caiptín
slóigh Rígh na Síria na dhui-ne
mhór agá thighearna, agus
roonorach, do bhrígh gur dá
thaóibh thug an Tighearna tár-tháil
do Shíria; dobhí sé mar an gcéad-na
na dhuine nertmhar a ngaisgidh, acht
dobhí sé na lobhar.



<L 2Rí5:2>
Agus dochuádar na Sírianuigh
amach na ccuideachduibh, agus thugadar
bráighe leó as tír Israel, cailín
beag, agus dobhí sí ag feithiomh ar
mhnáoi Náaman.



<L 2Rí5:3>
Agus adubhairt sí rena maighis-treás?
dobfeárr liom go mbeith mo
thighearna ag an bhfáigh atá a Samária:
óir do leighisiodh sé ón lubhra é.



<L 2Rí5:4>
Agus dochuáidh duine asteach,
agus dinnis dá thighearna gha rádh, is
marso agus marso adeir an cai-lín
atá do thír Israel.



<L 2Rí5:5>
Agus adubhairt Rígh na Síria,
gluáis, imthigh romhad, agus cuirfidh misi
litir chum Rígh Israel. Agus do ghluáis
seision, agus rug leis deich ttallu-nna
airgid, agus sé mhíle píosa óir,
agus deich natharruigh éduigh.



<L 2Rí5:6>
Agus thug sé an litir go Rígh
Israel, gha rádh, anois anuair thiuc-fas
an litirsi, féuch do chuir mé mo
shearbhfhoghantuigh Náaman chugad, chor
go leigheostá é ón a lubhra.



<L 2Rí5:7>
Agus tárla anuáir do léigh
Rígh Israel an litir, gur bhris sé a
eádach, agus go ndubhairt sé, an Día
misi do mharbhadh, agus do dhénamh beó,
as a ccuirionn an fearso chugam do
shlánughadh duine óna lubhra? ar anadh-bharsin
guidhim sibh measuidh, agus féu-chuidh
ciondus íarruis sé cionfátha chu-gam.



<L 2Rí5:8>
Agus is amhluidh bhí, anuáir
dochúaluidh Elisa óglach Dé, gur bhris
Rígh Israel a éadach, do chuir sé chum
an Rígh gha rádh, cred fár bhris tú
hédac? tigeadh sé anois chugamsa,
agus biáidh a fhios aige go bhfuil
fáigh ann Israel.



<L 2Rí5:9>
Annsin tháinic Náaman guna
mharcshluagh, agus guna charbad,
agus do sheas sé ag dorus tighe Eli-sa.



<L 2Rí5:10>
Agus do chuir Elisa teachdaire
chuige dhá rádh ris, imthigh, agus nigh
thú fein ann Iordan seachd nuáire, agus
tiucfaidh thfeóil chugad arís, agus
biáidh tú glan.



<L 2Rí5:11>
Acht do ghabh fearg Náaman,
agus dimthig roimhe, agus adubhairt
sé, féuch do shaóil mé go ttiucfadh
sé amach chugam go deimhin, agus go
seasfadh, agus go ngoirfeadh air ainm a
Thighearna Dé, agus go mbúailfeadh
a lámh ós cionn anothair, agus an lobhar
do shlánughadh.



<L 2Rí5:12>
Nach férr Abána agus Par-phar,
aibhne Dhamascus, ná a bhfuil
duisgeadhuibh a Nisrael? nach bhféuduim
ionnladh ionta sin, agus bheith glan?
marsin do fhill sé, agus dimthigh roi-mhe
a bhfeirg.



<L 2Rí5:13>
Agus thangadar a mhuintir chui-ge,
agus do labhradar ris, agus adubh-radar,
ó a athair, dá nabradh an fáidh
riot ní mór éigin do dhénamh, nach déntá
é? nachro mó ná sin anuáir adeir
sé riot, ionnail, agus bí glan.



<L 2Rí5:14>
Annsin dochúaidh sé síos, agus
do thom sé é feín seachd nuáire ann Ior-dan,
do reír mar adubhairt óglach Dé:
agus thaínig a fheóil arís mar fheóil
leinimh bhig, agus dobhí sé glan.



<L 2Rí5:15>
Agus dfill sé chum óglaich Dé,
é féin agus a chuideachda uile, agus
tháinic, agus do sheas sé dá lathair:
agus adubhairt sé, féuch, anois aithni-ghim
nac bhfuil Día air bith air an ttalumh
uile, achd a Nisrael: anois ar anadhbharsin,
glac tiodhlacadh ód shearbh-fhoghantuigh.



<L 2Rí5:16>
Achd adubhairt seision, mar
mhairios an Tighearna a lathair a seasuim,
ní ghlacfa mé éinní úait: achd dobhí sé
dha shárughadh, ionnus go nglacfadh,
agus do dhíult seision é.



<L 2Rí5:17>
Agus adubhairt Naáman, maiseadh
nach ttiubharthar dot shearbhfhoghantuigh
eire dhá mhúille do chréfóig: óir ní
ofráilfidh do shearbhfhoghantuigh ó so
amach ofráil loisge nó íodhbuirt do
dheeibh ar bith oile, achd don Tighear-na.



<L 2Rí5:18>
Annsa níse go ttuga an
Tighearna maitheamhnus dot shearbhfhoghan-tuigh,
anuáir rachus mo mhaighistir
go tigh Rimmon do dhénamh adhartha
annsin, agus go luidhfe sé ar mo láimh-
se, agus go ccromthuidh misi mé feín
a ttigh Rimmon: anuair chromthas misi
mé féin síos a ttigh Rimmon, go
ttuga an Tigherna maitheamhnus dot
shearbhfhoghantuigh annsa níse.



<L 2Rí5:19>
Agus adubhairt seision ris,
imthigh a síothcháin: marsin dimthigh sé
uadh beagán don tslighe.



<L 2Rí5:20>
Achd adubhairt Gehasi, searbhfho-ghantuigh
Elisa oglaich Dé, féuch do
choigil mo mhaighisthir Náaman an Sí-rianach,
nachar ghlac sé as a láimh
an níse thug sé leis: achd mar mhairi-os
an Tighearna, rithfidh misi na dhiáigh,
agus beanfuidh mé ní éigin de.



<L 2Rí5:21>
Mar sin do lean Gehasi Náa-man,
agus anuair dochonnairc Náa-man
ag rith é, tháinic sé anuas as a
charbad na choinne, agus adubhairt, an
bhfuil gach éinní go maith?



<L 2Rí5:22>
Agus adubhairt seision, atáid
go maith uile: do chuir mo mhaighistir
mé, dha rádh, féuch tháinig chugam anois
ó shlíabh Ephraim días ógánach do mha-caibh
na bhfágh, guidhim thú, tabhair dhóibh
tallann airgid, agus dhá aithearrach cu-ladhach.



<L 2Rí5:23>
Agus adubhairt Náaman, bhí
súaimhneach, beir leachd dhá thallann, agus
do choimhéignigh sé é, agus do cheangail
sé dhá thallann airgid an ndá mhála, a-gus
dhá chulaidh éuduigh, agus do chuir
ar dhís dá mhuintir íad, agus do iom-chradar
roimhe íad.



<L 2Rí5:24>
Agus anuáir tháinic sé chum
an tuir, do ghlac sé as a lámhuibh íad,
agus do thaisgidh a ttigh áirigh íad:
agus do léig do na daóinib imtheachd,
agus do imthigheadar.



<L 2Rí5:25>
Acht dochuaidh seision asteach,
agus do sheas a lathair a mhaighistir,
agus adubhairt Elisa ris, cáit as a
ttáinic tusa, a Ghehasi? agus adubhairt
seision, ní dheachaidh hóglach anén
bhall.



<L 2Rí5:26>
Agus adubhairt seision, nach
deachaidh mo chroidhesi leachd anuáir do
fhill an tóglach arís óna charbad do
theagmháil duit? an am airgid do ghlacadh
so, agus éduigh do ghlacadh, agus
gáirdínigh ola, agus fíneamhna, agus cáo-rach,
agus damh, agus seirbhíseach fear,
agus ban?



<L 2Rí5:27>
Ar anadhbharsin ceangoluidh lubh-ra
Náaman díotsa, agus dot shliochd
go bráth: agus dochuaidh sé amach as
a fhiadhnuise na lobhar coimhgheal ré snea-chda.



Caib.6.



<L 2Rí6:1>
Agus adubhradar mic na
bhfágh re Helisa, féuch, a-nnois
atá an náit iona
ccomhnuighemíd ad fhochair rocumhang
aguinn.



<L 2Rí6:2>
Guidhmid thú, imthigheamuid go Ior-dan,
agus tabhradh gach áon aguinn
táobhán leis as sin, agus dénam áit
dhúinn féin annsin iona mbíam ar ccomh-nuigh.
Agus do fhreagair seision, éir-ghidh
romhuibh.



<L 2Rí6:3>
Agus adubhairt aon díobh, gui-dhim
thú, bí aontadhach, agus tárr féin
lé do sheirbhíseachuibh: Agus do fhreagair
seision, rachad.



<L 2Rí6:4>
Annsin dochuáidh sé léo: agus
anuair thangadar go Iordan do ghear-radar
adhmad.



<L 2Rí6:5>
Acht mar dobhí duine aca ag
leagadh croinn, do thuit íarann na tuaidhe
annsanabhuinn: agus do éigh seisi-on,
agus adubhairt, uch, a mhaighis-tir,
óir air íasachd dotughadh í.



<L 2Rí6:6>
Agus adubhairt óglach Dé ris,
cáit ar thuit sí? agus do thaisbéin
sé anáit dhó: agus do ghearr sei-sion
maide, agus do theilg ann é, a-gus
do shnámh an tíarann.



<L 2Rí6:7>
Uimesin ar seision, tóg súas
chugad é: agus do chuir sé a lámh a-mach,
agus do thóg chuige é.



<L 2Rí6:8>
Annsin dorinne Rígh na Síria
cogadh anaghaidh Israel, agus dorinne
sé comhairle rena mhuintir dhá rádh,
annsanáitsi agus annsanáitsi bías
mo champa.



<L 2Rí6:9>
Agus do chuir óglach Dé fios
chum Rígh Israel, gha rádh, bí ar do
choimhéud gan gabháil ann a leitheid so
dáit: óir thangadar na Sírianuigh anuas
annsin.



<L 2Rí6:10>
Agus do chuir Rígh Israel gus
anáit dinnis óglach Dé dhó, agus a
ttug rabhadh dhó dá thaóibh, agus do
dhídin sé é feín air sin ní énúair nó fá
dhó.



<L 2Rí6:11>
Ar anadhbharsin dobhí croidhe
Rígh na Síria robhúaidheartha fán níse:
agus do ghoir sé amach a mhuintir, agus
adubhairt riú, nach ttaisbéntaoi dhamh-
sa cía aguinn atá ar son Rígh Is-rael?



<L 2Rí6:12>
Agus adubhairt óglach dá mhuin-tir,
ní bhfuil énduine, a thighearna mo
Rígh: achd Elisa, an fáigh atá ann Is-rael,
inniseas do Rígh Israel na bría-thra
labhras tusa ann do sheómra leap-tha.



<L 2Rí6:13>
Agus adubhairt seision, imthi-ghidh,
agus braithigh cáit a bhfuil sé,
go ccuirinnsi dá thabhairt chugam é: agus
do hinnseadh dhó, feúch, atá sé ann Dó-tan.



<L 2Rí6:14>
Uimesin do chuir seision ann
sin eich agus carbuid, agus slúagh
mór: agus thangadar san noidhce
timchioll na caithreach fá gcúairt.



<L 2Rí6:15>
Agus an tan do éirigh searbhfho-ghantuigh
óglaich Dé, agus dochuáidh
amach, féuch, dobhí slúagh timchioll na
caithreach maille re heachuibh, agus
le carbaduibh: agus adubhairt a shearbh-fhoghantuigh
ris, mo thrúaighe, a mhai-gistir,
cred dhéanam?



<L 2Rí6:16>
Agus do fhreagair seision é,
ná bíodh eagla ort; óir an drong
atá linne, is mó íad náid a bhfuil leó-
san.



<L 2Rí6:17>
Agus do ghuidh Elisa, agus
adubhairt, a Thighearna, guidhim thú,
foscuil a shúile go bhfaicigh sé: agus
dfoscuil an Tighearna súile an nógá-nuigh,
agus dochonnairc sé, agus feúch
dobhí an slíabh lán do eachuibh, agus
do charbaduibh tinntighe timcioll Elisa
fáccuáirt.



<L 2Rí6:18>
Agus anuair thangadar anuas
chuige, do ghuidh Elisa an Tighearna,
agus adubhairt, guidhim thú búail an
mhuintirse le daille: agus do bhúail sé
íad lé daille, do réir fhocail Eli-sa.



<L 2Rí6:19>
Agus adubhairt Elisa ríu, ní
hí so an tslighe, ní mó sí so an cha-thair:
leanuidh misi, agus béruidh mé sibh
go nuige an duine íarthaói: achd do
threóruigh sé go Samária íad.



<L 2Rí6:20>
Agus tárla an tan thanga-dar
asteach ga Samária, go ndubhairt
Elisa, a Thighearna, foscuil súile
na muintirese go bhfaicfid siád: agus
dfoscuil an Tighearna a súile, agus
dochonncadar, féuch, go rabhadar a
lár Shamária.



<L 2Rí6:21>
Agus adubhairt Rígh Israel ré
Elisa, anuair dochonairc sé íad, a
athair, an mbúailfidh mé íad? an mbúail-fidh
mé íad?



<L 2Rí6:22>
Agus do fhreagair seision, agus
adubhairt, ní bhuáilfidh tú íad: an mb-úailfeá
an luchd do gabh tú na bpríosú-nachaibh
led chloidheamh agus led bhogha?
cuir arán agus uisge na bhfiághnuise,
chor go níosuid, agus go nibhid ní,
agus go ttéighid chum a maighistir
féin.



<L 2Rí6:23>
Agus do ghlés sé bíadh mór
dhóibh, agus anuáir a duádar bíadh,
agus do ibheadar deoch, do chuir
sé ar siubhal chum a maighistir íad:
marsin ní thangadar buidhne Shíria ó
sin amach go tír Israel.



<L 2Rí6:24>
Agus tárla na dhíaigh so, gur
chruinnigh Ben-hadad Rígh na Síria a
shluagh uile, agus go ndeachaidh súas,
agus gur shuighidh a shlúagh ag Samá-ria.



<L 2Rí6:25>
Agus dobhí gorta mhór a Sa-mária:
agus feúch, dobhádar na bun
nó go reactháoi ceann asuil ar cheithre
fithchid píosa airgid, agus an ceathra-mhadh
cuid do sbrogaille coluim guna
shalchar ar chúig phíosa airgid.



<L 2Rí6:26>
Agus mar dobhí Rígh Israel ag
gabháil thort ar an mballa, do éigh
bean air, gha rádh, cabhair so, mo thi-ghearna
a Rígh.



<L 2Rí6:27>
Agus adubhairt seision, muna
bhfurtuigheann an Tighearna ort, ciondus
fhéduimsi furtachd ort? ann as urlár
an sciobóil, nó as cantaóir an
nfíona?



<L 2Rí6:28>
Agus adubhairt an Rígh ría,
cred do imthigh ort? agus do frea-gair
sisi, an bheansa adubhairt riom,
tabhairsi do mhac go nithiom é aniugh,
agus íosam mo mhacsa amárach.



<L 2Rí6:29>
Marsin do bhruitheamar mo
mhacsa, agus a duámar é: agus adubhairt
misi ria arna mhárach, ta-bhairse
do mhac dhúinn go mthiom é: a-gus
dfoluigh sisi a mac féin.



<L 2Rí6:30>
Agus tárla anuair dochúaluidh
an Rígh bríathra na mná, gur réub sé
a édach, agus do ghabh thort ar an
mballa, agus damhairc an pobal air, a-gus
féuch dobhí saicédach táobh astigh
ar a chorp.



<L 2Rí6:31>
Annsin adubhairt sé, go ndér-na
Día marsin riomsa, agus nios mó
fós, má sheasann ceann Elisa mhic Saphat
air anuigh.



<L 2Rí6:32>
Acht dobhí Elisa na shuidhe
iona thigh, agus na sinnsir na suidhe
na fhochair, agus do chuir an Rígh duine
uadh dhá raibh ag feithiomh air: ach suil
tháinig an teachdaire chuige, adubhairt sé
ris an seanuibh, féuchuidhsi mar do chuir
macsa an dúnmharbhthóra duine do bhuain
mo chinn díomsa? tabhruigh dá bhur naire
anuair thiocfas an teachdaire, druidigh an
dorus, agus congmhuidh go daingion
é ag an ndorus; nach bhfuil torann
cos a mhaighistir na dhiáigh?



<L 2Rí6:33>
Agus an fad dobhí sé fós
ag comhrádh ríu, féuch, tháinic an teachdaire
anuas chuige: agus dubhairt seision,
féuch is ón TTighearna thig an tolcsa,
cred fá mbéinnsi ag feithiomh ar an
TTighearna nías faide?



Caib.7.



<L 2Rí7:1>
Ansin adubhairt Elisa, éis-tighsi
bríathra an Tighear-na,
mar so adeir an Tigh-earna,
amárach timchioll
na huáiresi reacfuighear
miosúr do phlúr fhínealta ar Shecel,
agus dhá miosúr eórna ar Shecel
a ngeata Shamária.



<L 2Rí7:2>
Annsin, tighearna ar léig an
Rígh a cheann air a láimh, do fhreagair sé dóg-lach
Dé, agus adubhairt, féuch dá
ndérnadh an Tighearna fuinnéoga ar
fhlaitheamhnus, narbhféidir an níse bheith
mar so? agus adubhairt seision,
féuch dochífidh tusa led shúilibh é, achd
ní íosa tú éinní dhe.



<L 2Rí7:3>
Agus dobhádar ceathrar do dhaói-nibh
lubhraigh ag dul asteach an ghea-ta:
agus adubhradar gach áon ré
chéile, cred fá suighmid annso go
bhfagham bás?



<L 2Rí7:4>
Má deirmid, racham asteach
don chathruigh, atá an ghorta san
ccathruigh, agus dogheabham bás ann-sin:
agus má shuighemid annso a ccomh-nuigh
dogheabham bás mar an gcédna.
Anois ar anadhbharsin dénam, agus
teithiom go slógh na Sírianach; má
chumhduighid béo sinn, bíam béo: agus
má mharbhuid sinn, ní bhfuighiom achd bás.



<L 2Rí7:5>
Agus do éirgheadar suas do
mochthráth, do dhul a bhfoslungphort na
Sírianach: agus anuair thangadar
gus an ccuid dob fhaide amach do
champa na Sírianach, féuch ní raibh
énduine annsin.



<L 2Rí7:6>
Oír thug an Thigearna ar shlúagh
na Sírianach, torann mór carbad
agus torann marcshluagh do chluinsean,
eadhon torann slóigh mhóir: agus adu-bhradar
gach áon ré chéile, féuch dfos-tóigh
Rígh Israel Ríghthe na Hiti-teach
ar naghaidh, agus Ríghthe na
Négipteach do theachd oruinn.



<L 2Rí7:7>
Ar anadhbharsin do éirgheadar,
agus do theithiodar a mocha laói, a-gus
dfágbhadar a lóistínigh, agus a
neich, agus a nassuil, eadhon an campa
mar dobhí sé, agus do theithiodar
ar son a nanma.



<L 2Rí7:8>
Agus anuair thangadar no lo-bhairsi
don chuid amuigh don champa, dochuadar
go hénpháillíun, agus a dúa-dar,
agus do ibheadar ní ann, agus
rugadar as sin ór, agus airgiod, a-gus
éduigh, agus do imthigheadar, agus
do fholchadar sin; agus thangadar a
arís, agus dochuádar asteach a
bpáilliún oile, agus rugadar leó
as sin mar an gcédna, agus dimthi-gheadar,
agus dfolchadar é.



<L 2Rí7:9>
Annsin adubhairt gach áon ré chéile
dhíobh, ní maith donímid: is lá deighs-céul
an lá aniugh, agus atámaoidne
ar ttochd: má fhanmaoid go solus na
maidne, annsin tiucfaidh olc éigin
oruinn: annois ar anadhbharsin déunam,
agus innisiom do mhuintir an Rígh.



<L 2Rí7:10>
Mar sin thangadar, agus do
ghoireadar ar dhoírseóir na caithreach,
agus do innisiodar dhóibh dha rádh, than-gamairne
go campa na Sírianach,
agus féuch ní raibh duine annsin nó guth
duine, achd eich cheangailte, agus as-sail
cheangailte, agus na cábáin mar
dobhádar.



<L 2Rí7:11>
Agus do ghoir seision na doir-seóirigh
oile, agus dinnseadar sin astigh
a ttigh an Rígh.



<L 2Rí7:12>
Agus déirigh an Rígh annsanoidhche,
agus adubhairt rena shearbh-fhoghantuibh,
taisbseanfuidh mé dhíbh anois
cread dorinneadar na Sírianuig oruinn:
atá a fhios aca go bhfuil ocras oruinne,
uime sin dochúadar amach as a ccam-pa
da bhfolach féin annsa machaire, dhá
rádh, anúair thiocfuid síad amach as
a ccathruigh, béurumne orra beó,
agus rachum asteach san ccathruigh.



<L 2Rí7:13>
Agus do fhreagair duine dá mhuin-tir
é, agus adubhairt, guidhim thú,
glacadh cuid éigin cúig do na heachaibh
mhairios annsa ccathruigh (féuch ataid
siad mar uile shlúagh Israel do fág-bhadh
beo innte, féuch, adeirim, ataíd
siad mar iomadamhlachd na Nísraeliteach
uile noch dofúair bás) agus cuiream
amach agus féucham.



<L 2Rí7:14>
Do ghlacadar ar anadhbarsin
cuingir deachaibh carbuid, agus do
chuir an Rígh a ndiáigh na Sírianach íad,
gha rádh, éirghidh, agus féuchaidh.



<L 2Rí7:15>
Agus dochúadar na ndíaigh go
Iordan, agus féuch dobhí an tslighe
lán déuduighibh, agus do shoithidhibh,
noch do theilgeadar na Sírianuigh uatha
iona ndeithnios: agus dfilleadar na
teachda, agus dinnisiodar sin don
Rígh.



<L 2Rí7:16>
Agus dochuáidh an pobal amach,
agus do airgeadar lóistínigh na Síria-nach,
iondus gur reacadh miosúr do
phlúr fhínélta ar Shecel, agus dhá
mhiosúr eórna air shecel, do reír
bhréithre an Tighearna.



<L 2Rí7:17>
Agus do órduigh an Rígh don
tighearna a léigeadh sé a throm air a láimh,
cúram an gheata do bheith air; agus do
shaltradar an pobal air annsa gheata,
agus deúg sé, mar adubhairt óglach
Dé, noch do labhair sé anuáir thaí-nic
an Rígh siós chuige.



<L 2Rí7:18>
Agus tárla mar do labhair
óglach Dé ris an Rígh, gha rádh, biáidh
dhá mhiosúr eórna ar Shecel, agus
miosúr do phlúr fhínealta ar shecel
amárach timchioll an namaso amárach
an geata Shámaria:



<L 2Rí7:19>
Agus do fhreagair an tighearna úd
óglach Dé, agus adubhairt, feúch, dá
ndérnadh an Tighearna fuinneóga ar
fhlaitheamhnus, narbhfeídir a leitheíd
sin do bheith? agus adubhairt seision,
féuch, dochífe tusa led shúilibh é, gidheadh
ní íosa tú dhe.



<L 2Rí7:20>
Agus is marsin deírig dhó; óir
do shaltradar an pobal air annsa gheata,
agus fuair sé bás.



Caib.8.



<L 2Rí8:1>
Ansin do labhair Elisa ris an
mnáoi ar aithbheoghuidh sé
a mac, ghá radh, éirigh,
agus imthigh thusa agus
muintir do thighe, agus
déna cuáirt gidhbé áit a bhféudfa tú
comhnuidhe: óir do ghoir an Tighear-na
air ghorta, agus tiucfaidh sí mar
an gcédna ar an ttír seachd mbliád-na.



<L 2Rí8:2>
Agus déirigh an bhean, agus dorinne
do réir bhréithre óglaich Dé, a-gus
dimthigh sí maille re muintir a
tighe, agus dorinne si comhnuidhe a
ccrích na BhPhilistineach seachd mblíadhna.



<L 2Rí8:3>
Agus tárla a ccionn na seachd
mblíadhan gur fhill an bhean as crích na
BhPhilistineach: agus dochuáidh amach
do ghairm air an Rígh fána tigh, agus
fána fearann.



<L 2Rí8:4>
Agus do comhráidh an Rígh ré
Gehasi searbhfhoghantuigh óglaich Dé,
gha rádh, guidhim thú, innis damh na huile
neithe móra dá ndérna Elisa.



<L 2Rí8:5>
Agus tárla mar dobhí sé dá
innisin don Rígh mar do aithbheoghuidh sé
duine marbh, féuch gur éigh an bhean,
ar aithbheoghuidh sé a mac, ar an Rígh
ar son a tighe, agus a fearuinn. A-gus
adubhairt Gehasi, ó mo thigh-earna
a Rígh, sí so an bhean, agus sé
so a mac ar aithbheoghuidh Elisa é.



<L 2Rí8:6>
Agus anuáir dfíafruigh an
Rígh don mhnaói, do innis sí dhó. Mar-
sin dórduigh an Rígh oifigeach áirigh dhi,
gha rádh, aisig gach ar bhuáin léith, a-gus
toradh a fearuinn uile ón ló fá ar
fhág sí an fearann gus anois.



<L 2Rí8:7>
Agus tháinic Elisa go Damas-cus,
agus dobhí Ben-hadad Rígh na
Síria tinn, agus do hinnseadh dhó, dhá rádh,
tháinic óglach De annso.



<L 2Rí8:8>
Agus adubhairt an Rígh ré Ha-sael,
glac tiodhlacadh ad láimh, agus
imthigh a ccoinne óglaich Dé, agus fíaf-ruigh
don Tighearna maille leis, gha
rádh, an néireochuidh misi as an ttinneas
so?



<L 2Rí8:9>
Marsin dochuáidh Hasael na
choinne, agus tiodhlacadh leis, eadhon do
gach uile ní maith dá raibh an Da-mascus,
úalach dhá fhithchíod cámall, a-gus
tháinic sé, agus do sheas da la-thair,
agus adubhairt, do chuir do mhac
Ben-hadad Rígh na Síria misi go nuige
thú, gha rádh, an ttiucfa mé ón ttinneas
so?



<L 2Rí8:10>
Agus adubhairt Elisa ris, éi-righ,
abair ris, is féidir leachd go demhin
teachd as: gidheadh do thaisbéin an Tigh-earna
dhamhsa go bhfuighe sé bás ar
gach énchor.



<L 2Rí8:11>
Agus giodh gur shocraidh sé
a ghnúis go tromdha, agus gur chonnuimh
leis a bhfad, fá dheóigh do ghuil óglach
Dé.



<L 2Rí8:12>
Agus adubhairt Hasael, cred
fa nguilionn mo thighearna? agus do
fhreagair seision, do bhrígh go bhfuil a
fhios agum an tolc do dhénas tusa
do chloinn Israel: cuirfidh tú a ndaing-neacha
láidre tre theine, agus muir-fidh
tú a ndaoine óga leis an gcloidh-eamh,
agus scriosfuidh tú a cclann, a-gus
scoiltfidh tú a mná torrcha.



<L 2Rí8:13>
Agus adubhairt Hasael, achd
cred an madradh do shearbhfhoghantuigh
as a ndénadh sé an ní mórsa? a-gus
do fhreagair Elisa é, do thaisbéin
an Tighearna dhamhsa go mbia tusa ad
Rígh ós cionn na Síria.



<L 2Rí8:14>
Marsin dimthigh sé ó Elisa,
agus tháinic sé go nuige a mhaighistir,
noch adubhairt ris, cred adubhairt E-lisa
riot? agus do fhreagair seision,
dinnis sé dhamh go ttiucfása as go
deimhin.



<L 2Rí8:15>
Agus tárla arna mhárach
gur ghlac sé édach reamhar, agus gur
thum anuisge é, agus gur leathnuigh
ar a aghaidh é, iondus gur éug sé:
agus do ríoghadh Hasael na áit.



<L 2Rí8:16>
Agus annsa ccúigeadh blíadhain
do Ióram mhac Ahab Rígh Israel, ar
mbeith do Iehosaphat an tansin na
Rígh Iúdah, do thosuigh Iehoram
mhac Iehosaphat Rígh Iúdah a rio-ghachd.



<L 2Rí8:17>
Dhá bhlíadhain agus tríochad
dobhí sé daóis anuáir do thosuigh
sé ríghe, agus dobhí na Rígh óchd
mblíadhna ann Ierusalem.



<L 2Rí8:18>
Agus do shiubhail sé a slighe
Ríghthe Israel, mar dorinne tigh
Ahab; óir dobí inghean Ahab a bhean;
agus dorinne sé olc a radharc an Ti-ghearna.



<L 2Rí8:19>
Gidheadh níorbháill leis an TTigh-earna
Iúdah do scrios anonoír a
shearbhfhoghantuigh Dáibhi, mar do gheall sé
go ttiubradh solus dó a ccomhnuighe,
agus dá chloinn.



<L 2Rí8:20>
Iona laéthibhsion dochúaidh Edom
ó bheith fáoi láimh Iúdah, agus dori-nneadar
Rígh orra féin.



<L 2Rí8:21>
Marsin dochuáidh Ióram anonn
go Sair, agus na carbuid uile leis,
agus déirigh sé san noidhche, agus do
bhúail na Hedomítigh, noch tháinic gacha
táobha dhe: agus do theitheadar caip-tínigh
na ccarbad, agus an pobal
dá bpáilliúnuibh.



<L 2Rí8:22>
Gidheadh dimthigh Edom ó bheith
fáoi láimh Iúdah gus aniugh: annsin
dfill Libnah uatha anúair chédnasin.



<L 2Rí8:23>
Agus an chuid oile do ghníomhuibh
Ióram, agus anuile ní dá ndérna sé,
nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice
Ríogh Iúdah?



<L 2Rí8:24>
Agus do choduil Ióram agá ai-thribh,
agus do hadhlaiceadh é a bhfochair a
aithreadh a gcathruigh Dháibhi, agus do
ríoghadh Ahasiah a mhac na áit.



<L 2Rí8:25>
Annsa dara blíadhuin déug do
Ióram mhac Ahab Rígh Israel do thosuigh
Ahasiah mhac Iehoram Rígh Iúdah
ríaghladh.



<L 2Rí8:26>
Dhá bhlíadhuin agus fithche
daóis dobhí Ahasiah anuair do thosuigh
sé ríghe, agus dobhí na Rígh áon
bhlíadhuin amháin ann Ierusalem: agus
dob é ainm a mhathar Ataliah inghean
Omri Rígh Israel.



<L 2Rí8:27>
Agus do shiubhail sé a slighe
thighe Ahab, agus dorinne sé olc a
radharc an Tighearna, mar dorinne tigh
Ahab: óir fa clíamhuin do thigh Ahab
é.



<L 2Rí8:28>
Agus docuáidh sé le Ióram
mhac Ahab chum cogaidh anaghaidh Ha-sael
Rígh na Síria a Ramot-gílead,
agus do loiteadar na Sírianuigh Ió-ram.



<L 2Rí8:29>
Agus docuáidh an Rígh Ióram
ar ais go Iesreel dá leighios ó na
cneadhuibh thugadar na Sírianuigh air a
Rámot anuair do throid sé anaghaidh
Hasael Rígh na Síria: agus dochúaidh
Ahasiah mhac Ióram Rígh Iúdah síos
dféuchuin Ióram mhic Ahab go Iesreel,
do bhrígh go raibh sé tinn.



Caib.9.



<L 2Rí9:1>
Agus do ghoir Elisa an faígh
air aon do chloinn na bhfágh,
agus adubhairt sé ris,
criosluigh súas do cháol,
agus glac an boxa olasa
ann do láimh, agus imthigh go Rámot-gílead.



<L 2Rí9:2>
Agus anuair thiucfas tú annsin,
íarr Iehu mhac Iehosaphat, mhic Nim-si
annsin, agus imthigh asteach, agus
thabhair air éirghe ó a bheith a measc a
dhearbhraithreach, agus beir leachd a seómra
a bhfad asteach é.



<L 2Rí9:3>
Annsin glac an boxa ola,
agus dóirt ar a cheann é, agus abhair
ris, is marso adeir an Tighearna, do
ungaidh mé thú ad Rígh ós cionn Israel:
annsin foscuil an dorus, agus teith,
agus ná dén comhnuighe ann.



<L 2Rí9:4>
Marsin dochuáidh an tógánach
sin, eadhonn an tógánach an fáidh, go
Ramot-gílead.



<L 2Rí9:5>
Agus anuáir tháinic sé, féuch
dobhádar caiptínigh an tslóigh na suidhe;
agus adubhairt seision, atá teachdaireachd
agum chugad a chaiptín. Agus adu-airt
Iehu, cía aguinn dínn uile? agus
adubhairt seision, atá chugadsa, a
chaiptín.



<L 2Rí9:6>
Agus déirigh seision, agus dochuáidh
don tigh, agus do dhóirt sé anola
ar a cheann, agus adubhairt ris, is
marso deir an Tighearna Día Israel,
do ung mé thú ad Rígh ós cionn phobuil an
Tighearna, eadhon ós cionn Is-rael.



<L 2Rí9:7>
Agus búailfidh tú tigh Ahab do
mhaighistir, ar chor go ndioghóla misi
fuil mo sherbhíseach na bhfágh, agus fuil
sherbhíseach an Tighearna uile as láimh
Iesebel.



<L 2Rí9:8>
Oír scriosfuighthear thigh Ahab
uile, agus gearrfa mé ó Ahab an
té mhúnas anaghaidh an bhalla, agus
an té dhruidthear suas, agus atá ar
fágbháil ann Israel.



<L 2Rí9:9>
Agus dodhéna mé tigh Ahab
cosmhuil re tigh Ieroboam mhic Né-bat,
agus cosmhuil re tigh Bhaa-sa
mhic Ahiiah.



<L 2Rí9:10>
Agus íosuid na madruidh Ie-sebel
a bpoirsíon Iesreel, agus ní
bhiáidh áonduine adhlacas í: agus dfos-cuil
sé an dorus, agus do theith
sé.



<L 2Rí9:11>
Annsin tháinic Iehu amach chum
serbhíseach a thighearna, agus adubhairt
duine ris, an bhfuil gach éinní go maith,
cred fá ttáinic an fear buile so chu-gad?
agus adubhairt sé ríu, atá
fios an duinesi agus a chomhráidh aguibh-
si.



<L 2Rí9:12>
Agus adubhradarsan, as brégach
sin, innis dúinn anois: agus adubhairt
seision, marso agus marso do la-bhair
sé riomsa, gha rádh, is marso adeir
an Tighearna, do ung mé thú ad
Rígh ós cionn Israel.



<L 2Rí9:13>
Annsin do dheithfrigheadarsan, a-gus
do ghlac gach aon a édach, a-gus
do chuireadar faói é ar uachdar
an staighre, agus do shéideadar ré
stocaibh, gha rádh, sé Iehu an Rígh.



<L 2Rí9:14>
Marsin dochuáidh Iehu mhac Ie-hosaphat
mhic Nimsi anaghaidh Ió-ram:
(annois do coimhéd Ióram Ra-mot-gilead,
é féin agus Israel uile,
ar eagla Hasael Rígh na Síria.



<L 2Rí9:15>
Acht dfill an Rígh Ióram
dá leighios go Iesreel ó na cneadhaibh
thugadar na Sírianuigh dhó, anuair
do throid sé ré Hasael Rígh na Sí-ria)
agus adubhairt Iehu, mas é so
is inntinn daóibh, annsin ná himthigheadh
énduine, agus na léigidh énduine do
dhul amach as an gcathraigh, dorachadh
da innisin ann Iesreel.



<L 2Rí9:16>
Marsin dimthigh Iehu a ccar-bad,
agus dochuáidh go Iesreel:
(óir is annsin dobhí Ióram na luidhe)
agus tháinic Ahasiah Rígh Iú-dah
anuas dféchuin Ióram.



<L 2Rí9:17>
Agus do sheas fear faire ar
thor ann Iesreel, agus dochonnairc sé
cuideachda Iehu ag teachd, agus adu-bhairt,
dochím cuideacha: agus adu-bhairt
Ióram, fagh marcach, agus éir-geadh
na ccoinne, agus abradh, an sío-thcáin í?



<L 2Rí9:18>
Mar sin dochuáidh duine ar
each do theagmháil ris, agus adubhairt
sé, is mar so adeir an Rígh, an
síothcháin í? agus adubhairt Iehu, cred
atá uaitse ar shíothcháin; tárr táobh
shíar dhíom. Agus dinnis fear na faire,
dha rádh, dochuáidh an teachdaire go nuige
íad, acht ní bhfuil sé ag teachd arís.



<L 2Rí9:19>
Annsin do chuir sé an dara
duine amach ar each, noch tháinic chugtha-
san, agus adubhairt, is marso adeir
an Rígh, an síothcháin í? agus do
fhreagair Iehu, cred atá uáitsi ar síoth-cháin?
tárr táobh shíar dhíom.



<L 2Rí9:20>
Agus dinnis fear na faire, gha
rádh, tháinic sé go nuige íad, agus
ní bhfuil sé ag teachd arís, agus is
cosmhuil an tarruingso lé tarruing
Iehu, mhic Nimsi: óir tairrngidh sé
go dásachdach.



<L 2Rí9:21>
Agus adubhairt Ióram, bíthí
réidh; agus do hinnleadh a charbad dhó.
Agus dochuáidh Ióram Rígh Israel,
agus Ahasiah Rígh Iúdah amach, gach
áon ann a charbad, agus dochúadar
amach anaghaidh Iehu, agus tárla
ris íad a bhfearann Nábot an Tiesre-liteach.



<L 2Rí9:22>
Agus tárla anuáir dochonn-airc
Ióram Iehu, go ndubhairt sé, an
síothcháin, a Iehu? agus do fhreagair
seision, cred í an tsióthcháin, an fad
bhías stríopachus do mhatharsa Iese-bel,
agus a piséoga coimhlíonmhar
sin?



<L 2Rí9:23>
Agus do iompóigh Ióram a
lámh, agus do theith sé, agus adu-bhairt
ré Ahasiah, atá feall ann, ó
Ahasiah.



<L 2Rí9:24>
Agus do tharruing Iehu bogha
lena neart iomlán, agus do bhúail sé
Iehóram idir a righib, agus dochuáidh
an tsoighead amach agá chroidhe, agus
do thuit sé síos iona charbad.



<L 2Rí9:25>
Annsin adubhairt Iehu re Bid-car
a chaiptín, tóg suas agus teilg
é a bpoirsión fhearuinn Nábot an Tie-sreeliteach:
óir cuimhnigh anuair do
bhi misi agus tusa ag marcuigheachd a
bhfochair a chéile a ndiaigh Ahab a athar,
gur leag an Tighearna an túalachsa
air.



<L 2Rí9:26>
Go deimhin dochonnairc mé ané
fuil Nábot, agus fuil a mhac, arsa an Ti-ghearna,
agus cúiteochuidh mé riotsa
annsanáitsi, arsa an Tighearna.
Annois ar anadhbharsin tóg, agus
teilg é annsa ghárrdha, do réir
bhréithre an Tighearna.



<L 2Rí9:27>
Achd an tan dochonnairc Ahasiah
Rígh Iúdah sin, do theith sé a slighe
an gháirdín, agus do lean Iehu é na
dhiáigh, agus adubhairt, buailidh eision
mar an gcédna annsa charbad: agus
dorinneadar sin ag árd Gur, noch atá
láimh sé Ibleam: agus do theith sé go
Megiddo, agus fuair sé bás ann-
sin.



<L 2Rí9:28>
Agus rugadar a shearbhfhoghan-tuighe
leó a ccarbad é go Hierusa-lem,
agus do hadhlaiceadh iona thúama
é bhfochair a aithreadh a ccathruigh Dhái-bhí.



<L 2Rí9:29>
Agus annsa naónmhadh blíadhuin
déug do Ióram mhac Ahab do thosuigh
Ahasiah a rioghachd ós cionn Iúdah.



<L 2Rí9:30>
Agus anúair tháinic Iehu go
Hiesreel, dochúala Iesebel é, agus
do dhealbh sí a haghaidh, agus do dheagh-mhaisigh
a ceann, agus dféuch sí amach
a bhfuinneóig.



<L 2Rí9:31>
Agus ar tteachd do Iehu asteach
san ngeata, adubhairt sí, an
bhfúair Simri siothchaín, noch do mharbh
a mhaighistir?



<L 2Rí9:32>
Annsin do thóg seision a
aghaidh suas chum na fuinneóige, agus
adubhairt, cía atá dom tháobhsa, cia
hé? agus dféuchadar annsin amach air
días nó triúr do na cúirtéiribh.



<L 2Rí9:33>
Agus adubhairt seision, teil-gidh
anuas í: annsin do theilgeadar siós
í, agus do spréigh cuid dá fuil ar an
mballa, agus ar na heachaibh; agus
do shaltair sé fáoina chosuibh í.



<L 2Rí9:34>
Agus an tan thainic sé asdeach
dúaigh sé bíadh, agus dibh sé deoch,
agus adubhairt, éirghdhe, féuchuidh anois
an bhean mhalluighse, agus adhluicidh í;
óir is inghean Rígh í.



<L 2Rí9:35>
Agus dochuádar dá hadhla-cadh,
achd ni bhfúaradar nios mó dhi ná
an chloigionn, agus na cosa, agus
cláir a dearnann.



<L 2Rí9:36>
Uime sin thangadar arís,
agus dinnsiodar dhó: agus adubhairt
seision; sé so briathar an Tighear-na,
noch do labhair sé trena sheabhfho-ghantuigh
Elias an Tisbiteach, gha
rádh, a bpoirsiún Iesreel íosuid
na madruigh feóil Iesebel.



<L 2Rí9:37>
Agus biáidh conablach Iesebel
amhuil áoileach ar aghaidh na talmhan a
ngárdha Iesreel, iondus nach aibeóruid
siád, si so Iesebel.



Caib.10.



<L 2Rí10:1>
Agus dobhí ag Ahab seachd-mhoghad
mac a Samária,
agus do scriobh Iehu litrea-cha,
agus do chuir go Samá-ria
go húachdanuibh Iesreel, gus na
sinnsioruibh, agus gus an muintir thug
súas clann Ahab, gha rádh,



<L 2Rí10:2>
Anois mar is lúaithe thiucfas an
litirsi chugaibh, ó thárla clann bhur mai-ghistir
bhur bhfochair, agus go bhfuil
aguibh carbuid, agus marcshluagh, ca-thair
dhaingion fós, agus arm:



<L 2Rí10:3>
Féuchuidh amach an mac is férr
agus is iomchubhaidh do chloinn bhur maighis-tir,
agus cuirigh a ccathaóir ríogha
a athar é, agus troidigh ar son
tighe bhur maighistir.



<L 2Rí10:4>
Achd dobhádarsan lán deagla,
agus adubhradar, féuch, níor sheasa-dar
dhá Rígh ad aghaidh; cionnus mar-
sin sheasfuimne?



<L 2Rí10:5>
Agus an té dobhí ós cionn an
tighe, agus an té dobhí ós cionn na
caithreach, na sinnsir mar an gcédna,
agus altranna na cloinne, do chuirea-dar
teachda go Iehu, gha rádh, is sinne
do shearbhfhoghantuighidhse, agus dodheá-nam
gach ní déaras tú rinn; ní
dhénam Rígh ar bith, deánasa an ní is
férr docítear dhuit.



<L 2Rí10:6>
Annsin do scríobh sé litir an da-ra
huáir chuca, dhá rádh, mas liom-
sa sibh, agus má éistighe rem ghuth,
glacaidh cinn mhac bhur maighistir, agus
tigidh chugamsa go Iesreel fanamsa
márach: anois mic an Rígh bá seachdmho-ghad
íad, agus dobhádar ag dáoinibh
móra na caithreach, noch thug súas
íad.



<L 2Rí10:7>
Agus tárla anuair rugadh an li-tir
chucasan, gur ghabhadar clann ann
Rígh, agus gur mharbhadar deithnea-mhar
agus trí fithcidh fear, agus do
chuireadar a ccinn a cclíabhuibh, agus
do chuireadar chuigesion go Iesreel
íad.



<L 2Rí10:8>
Agus tháinic teachdaire chuige, agus
dinnis dó, gha rádh, thugadar leó cinn
mhac an Rígh: agus adubhairt seision,
cuirigh an ndá chárnán iad a ndul asteach
an gheata go ttí maidin.



<L 2Rí10:9>
Agus tárla ar maidin, go
ndeachaidh sé amach, agus gur sheas sé,
agus go ndubhairt ris an bpobal uile,
atáthaóisi ionruic, féuchuidh dorinne
misi feall ar mo thighearna, agus do
mharbh mé é: achd cía mharbh íadso uile?



<L 2Rí10:10>
Bíodh a fhios aguibh anois nach
rachaidh éinní fa lár do bhreithir an Ti-ghearna,
noch do labhair an Tighearna a
ttáoibh thighe Ahab: óir dorinne an
Tighearna an ní do labhair sé tréna
shearbhfhoghantuigh Elias.



<L 2Rí10:11>
Marsin do mharbh Iehu an mhéid
do mhair do thigh Ahab ann Iesreel, agus
a dhaóine móra uile, agus a luchd gáoil
uile, agus a shagairt, go nar fhág sé
áon díobh na bheathuigh aige.



<L 2Rí10:12>
Agus déirigh sé, agus do
ghluais, agus tháinic go Samária.
Agus mar dobhí sé ag tigh lomartha
cáorach ar a tslighe,



<L 2Rí10:13>
Tárla Iehu ré dearbhráithribh
Ahasiah Rígh Iúdah, agus adubhairt,
cía sibhsi? agus do fhreagradarsan,
atámaóidne dearbhráithre Ahasiah, agus
atámáoid ag dul síos do chur fáilte
roimhe chloinn an Rígh, agus chloinne na
bainríoghna.



<L 2Rí10:14>
Agus adubhairt seision, gla-cuidh
beó íad: agus do ghlacadar beó
íad, agus do mharbhadar íad ag log
thighe an lomartha, días agus dá
fhithchiod fear: níor fhág sé duine
dhíobh.



<L 2Rí10:15>
Agus anúair do imtigh sé as
sin, tárla ris Iehonadab mhac Rechab
ag teachd na choinne, agus do bheannuigh sé
dhó, agus adubhairt ris, an bhfuil do
chroidhese díreach, mar tá mo chroidhesi
red chroidhese? agus do fhreagair Ieho-nadab,
atá. Má tá, tabhair dhamhsa do
lámh: agus thug sé a lámh dhó, agus
do ghlac sé súas chuige annsa ccar-bad
é.



<L 2Rí10:16>
Agus adubhairt ris, tárr
liomsa, agus féuch mo theasghrádh ar
son an Tighearna: marsin thugadar air
marcuigheachd iona charbad.



<L 2Rí10:17>
Agus an tan tháinic sé go Sa-mária,
do mharbh sé ar mhair le Ahab ann
Samária, nó gur sgrios sé é, do
reír bhréithre an Tighearna, noch do la-bhair
sé re Helias.



<L 2Rí10:18>
Agus do chruinnigh Iehu an po-bal
uile a gcionn a chéile, agus adu-bhairt
riú, dorinne Ahab serbhís bheag do
Bhaal, achd dodhéna Iehu serbhís mhór
dhó.



<L 2Rí10:19>
Annois ar anadhbharsin goiridh
chugam fáighe Bhaal uile, a sherbhísigh
uile, agus a shagairt uile, ná teastui-gheadh
éndúine dhíobh: óir áta íodhbuirt
mhór agamsa ré a dhénamh do Bháal:
gidhbé fhanfus amuigh, ní mairfidh sé.
Achd dorinne Iehu so mar ghliocus,
ionnus go sgriosfadh sé luchd adhartha
Bhaal.



<L 2Rí10:20>
Agus adubhairt Iehu, fúag-ruighe
oireachdus sollamanta do Bhaal.
Agus dfúagradarsan é.



<L 2Rí10:21>
Agus do chuir Iehu fios ar
feadh Israel uile, agus thangadar luchd
adharta Bhaal uile, iondus nár fág-bhadh
duine nach ttáinic: agus than-gadar
go tigh Bhaal: agus dobhí
tigh Bhaal líonta ó chionn go chéile.



<L 2Rí10:22>
Agus adubhairt seision ris an
té dobhí ós cionn shéomra na cculadh,
tabhair amach culadhacha do luchd adhartha
Bhaal uile: agus thug sé culadhacha
amach chuca.



<L 2Rí10:23>
Agus dochuaidh Iehu, agus
Iehonadab mhac Rechab go tigh Bhaal,
agus adubhairt sé re luchd adharta
Bhaal, spíonuidh agus féuchuidh nach
bíadh aguibh annso énduine do mhuintir
an Tighearna, achd luchd adhartha Bhaal
amháin.



<L 2Rí10:24>
Agus anuáir dochúadar asteach
dofráil íodhbartha, agus ofrá-la
loisge, dórduigh Iehu ceitre fith-chid
fear amuigh, agus adubhairt, má
léigthí énduine as, dá ttug mé ann
bhur lámhuibh, rachaidh anum an té léig-fios
uadh é, ar son a anma.



<L 2Rí10:25>
Agus tárla an tan do chríoc-nuigh
sé anofráil loisge dofráil, go
ndubhairt Iehu ris an ngárda, agus
ris na caiptínibh, imthighidh, agus mar-bhuidh
íad, na léigidh énduine as: a-gus
do bhuáileadarsan íad lé fáobhar
an chloidhimh, agus do theilg an gárda,
agus na caiptínigh amach íad, agus
dochuadar go cathruigh thighe Bhaal.



<L 2Rí10:26>
Agus thugadar amach íomháighe
Bhaal, agus do loisgeadar íad.



<L 2Rí10:27>
Agus do bhrisiodar síos ío-mháighe
Bhaal, agus do bhriseadar sí-os
tigh Bhaal, agus dorinneadar
campa dhe gus aniugh.



<L 2Rí10:28>
Marso do scrios Iehu Baal
amach as Israel.



<L 2Rí10:29>
Acht cheana níor dhealuigh Iehu
ré peacadhuibh Ieroboam mhic Nebat,
noch thug ar Israel peachugadh; níor
fhill Iehu ón láogh órdha dobhí a Mbé-tel,
agus dobhí ann Dan.



<L 2Rí10:30>
Agus adubhairt an Tighearna
re Iehu, do bhrígh go ndérna tú go
maith a ccríochnughadh an neithesi is
ceart ann mo radharcsa, agus go
ndérna tú ré tigh Ahab do réir a
raibh ann mo chroidhe, suighfid do chlann
don cheathramhadh glún a ccathaóir río-gha
Israel.



<L 2Rí10:31>
Acht níor chuir Iehu beann ar
shiubhal a ndligheadh an Tighearna Día
Israel maille rena uile chroidhe:
óír níor dhealuigh sé ré peacuidhuibh Iero-boam,
noch thug ar Israel peacu-ghadh.



<L 2Rí10:32>
Annsna láethibhsin do thionnsguin
an Tighearna Israel do ghearrughadh:
agus do bhuáil Hasael íad ann gach
uile chósta Disrael;



<L 2Rí10:33>
O Iordan don táobh shoir, fearann
Gílead uile, na Gadítigh, agus na
Reubinítigh, agus na Manassítigh,
ó Aroer, (noch atá ag abhuinn Arnon)
eadhon Gílead, agus Básan.



<L 2Rí10:34>
Anois an chuid oile do ghníomh-uibh
Iehu, agus a ndérna sé, agus a
neart uile, nach bhfuilid síad scríobhtha
a leabhar croinice Ríogh Israel?



<L 2Rí10:35>
Agus do choduil Iehu a bhfo-chair
aithreadh, agus do hadhlaiceadh a Sa-mária
é, agus do ríoghadh Iehoahas a
mhac iona áit.



<L 2Rí10:36>
Agus do bá ochd mblíadhna fith-chiod
anaimsir dobhí Iehu na Righ air
Israel a Samária.



Caib.11.



<L 2Rí11:1>
Agus an tan dochonnairc
Ataliah mathair Ahasiah go
raibh a mac marbh, déirigh
sí, agus do mharbh sí an
síol ríogha uile.



<L 2Rí11:2>
Achd Iehoseba inghean an Rígh Ió-ram,
deirbhshíur Ahasiah, do ghlac sí
Ioas mhac Ahasiah, agus do ghad
é as lár na mac Ríogh do marbhadh,
agus dfolchadar é féin agus a bha-naltra
annsa tséomra chodalta ó
Atalia, a ccruth nar marbhadh é.



<L 2Rí11:3>
Agus dobhí sé aice a bhfolach
a ttigh an Tighearna sé blíadhana: agus
dobhí Ataliah na Bainríoghain ós
cionn na tíre.



<L 2Rí11:4>
Agus do chuir Iehoiada teachda
uadh an seachdmhadh blíadhuin, agus thug
leis na húachdaráin ós cionn na ccéud,
agus na caiptínigh agus an gárda,
agus thug chuigesion íad go tigh an
Tighearna, agus dorinne cunnradh ríu,
agus do bhean mionna dhíobh a ttigh an
Tighearna, agus do thaisbéin mac an
Rígh dhóibh.



<L 2Rí11:5>
Agus daithin sé dhíobh, gha rádh,
sé so an ní dodhéntaoi; biaidh an
treas cuid aguibh rachus asteach annsa
tsábóid ag coimhéud faire ag thigh an
Tighearna.



<L 2Rí11:6>
Agus biáidh trían oile ag geata
Sur, agus trían ag an ngeata taóibh
shíar don ghárda: mar sin choimhéud-fuidhe
faire thighe an Tighearna, go nach
bristear síos é.



<L 2Rí11:7>
Agus dhá chuid dhíbhse uile, noch
rachus amach annsa tsábóid, coimhéud-fuidsion
faire thighe an Tighearna gacha
táobha don Rígh.



<L 2Rí11:8>
Agus béithí timchioll an Rígh
faccuairt gach uile dhuine guna arm
iona láimh: agus gidhbé ar bith thioc-fas
a measc na ccóirigh asteach, marbh-thar
é; agus bíthíse a bhfochair an Rígh
mar rachus sé amach, agus mar thiuc-fas
sé asteach.



<L 2Rí11:9>
Agus dorinneadar na caiptí-nigh
ós cionn na ccéud gach éinní dar
aithin Iehoiada an sagart díobh, agus
rug gach énduine dá raibh ag dul asteach
annsa ló shaóire a mhuintir leis
dar chóir dul amach annsa tsábóid, a-gus
thangadar go Iehoiada an sa-gart.



<L 2Rí11:10>
Agus thug an sagart do
chaiptínibh na ccéud gáethe agus sgía-tha
an Rígh Dáibhi, noch dobhí annsa
teampall.



<L 2Rí11:11>
Agus dobhí an gárda na
sheasamh gach áon maille rena arm na
láimh fagcuáirt timchioll an Rígh ó
choirnél deas an teampuill go nuige
coirnéul clé an teampuill ar fad re
taóibh na haltóra agus an team-puill.



<L 2Rí11:12>
Agus thug sé mac an Rígh amach,
agus do chuir coróin air, agus thug an
nfíadhnuisse dhó, agus dorinneadar Rígh
dhe, agus do ungadar é, agus do
bhuáileadar a mbasa air a chéile, agus
adubradar, go mairigh an Rígh.



<L 2Rí11:13>
Agus anuáir dochúala A-taliah
tormán an ghárda, agus an
phobhuil, tháinic sí chum an phobuil go
teampall an Tíghearna.



<L 2Rí11:14>
Agus anuáir do amhairc sí,
féuch, dobhí an Righ na sheasamh láimh
ré piléir mar budh gnáth, agus na
prionnsadha agus na trumpadha a
bhfochair an Rígh, agus daóine na críche
uile ag gáirdeachus, agus ag séideadh
stoc: agus do bhris Ataliah a hé-dach,
agus do éigh sí, feall, feall.



<L 2Rí11:15>
Achd do aithin Iehoiada an sa-gart
do chaiptínibh na ccéd, doifigibh
an tslóigh, agus adubhairt ríu, bei-ridh
libh amach í taobh amuich do na cóiri-ghibh;
agus gidhbé leanfas í, marbhuidh
leis an ccloidheamh é: óir adubhairt an
sagart, ná marbhthar a ttigh an Tigh-earna
í.



<L 2Rí11:16>
Agus do chuireadar lámh innte,
agus dimthigh sisi an tslighe a ttig-dís
na heich go tigh an Rígh, agus ann-
sin do marbhadh í.



<L 2Rí11:17>
Agus dorinne Iehoiada cunn-radh
idir an TTighearna agus an Rígh,
agus an pobal, go mbéidís na bpo-bal
ag an TTighearna; idir an Rígh
mar an gcédna, agus an pobal.



<L 2Rí11:18>
Agus dochúadar muintir na
tíre uile go tigh Bhaal, agus do bhrisio-dar
síos é; a altóracha, agus a
íomháigheacha do bhriseadar na mbloghuibh
thríd amach, agus do mharbhadar Matan
sagart Bhaal as coinne na naltórach:
agus dórduigh an sagart oifigidh ós
cionn thighe an Tighearna.



<L 2Rí11:19>
Agus rug sé leis uachdaráin na
ccéud, agus na caiptínigh, agus an
gárda, agus dáoine na tíre uile,
agus thugadar anúas an Rígh ó thigh
an Tighearna, agus tháinic sé a slighe
an gheata an ghárda go tigh an Rígh,
agus do suigh sé a ccatháoir an
Rígh.



<L 2Rí11:20>
Agus bá lúathgháireach dáoine
na thíre uile, agus dobhí an chathair
súaimhneach, agus do mharbhadar Ata-liah
leis an gcloidheamh láimh ré tigh an
Rígh.



<L 2Rí11:21>
Seachd mblíadhna dáois dobhí Ie-hoas
anuair do thosuigh sé a rio-ghachd.



Caib.12.



<L 2Rí12:1>
Ansa seachdmhadh blíadhuin do
Iehu do thosuigh Iehoas a
ríghe, agus dhá fhithchiod
blíadhuin dobhí na Rígh ann Ie-rusalem:
agus dobé ainim a mhathar
Sibia ó Bheerséba.



<L 2Rí12:2>
Agus dorinne Iehoas an ní
fá ceart a radharc an Tighearna ar
feadh láetheadh a sháoghail, iona raibh
Iehoiada an sagart dá mhúnadh.



<L 2Rí12:3>
Acht níor cuireadh na háite
árda ar gcúl: donídís an pobal a
ccomhnuigh íodhbuirt, agus do loisgedís
túis annsna háitibh árda.



<L 2Rí12:4>
Agus adubhairt Iehoas ris na
sagartaibh, gach uile airgiod do na
neithibh tiodhlaicthe bheirthear go tigh an
Tighearna, eadhon airgiod gach duine dá
ndén a chuntas, an tairgiod meastar
do dhuine fa leith, agus gach uile air-giod
dá ttiucfa a ccroidhe dhuine do
thabhairt go tigh an Tighearna,



<L 2Rí12:5>
Glacaidís na sagairt chuca é,
gach énduine óna aitheantus féin,
agus leasuighdís briste an tighe, gidhbé
ball a bhfaghthar briseadh air.



<L 2Rí12:6>
Achd is amhluidh bhí annsa treas
blíadhuin fithchiod do ríghe Iehoas, nár
dheasuigheadar na sagairt briste an ti-ghe.



<L 2Rí12:7>
Annsin do ghoir Iehoas air Ieho-iada
an sagart, agus air na sa-gairt
oile, agus adubhairt riú, cred
fa nach leasuighthigh briste an tighe?
anois ar nadhbharsin ná glacaidh nios
mó dairgiod ó bhur naitheantus, acht
tugaidh ar son bhriste an tighe é.



<L 2Rí12:8>
Agus do budh toil leis na sa-gartaibh
gan nios mó dairgiod do
ghlacadh ón bpobal, agus gan briste
an tighe do leasúgadh.



<L 2Rí12:9>
Achd do ghlac Iehoiada an sa-gart
cófra, agus thug poll iona
chláirbéil, agus do shuighidh láimh ris analtoír
é ar an ttaobh ndeas, mar
thig duine asteach go tigh an Tighearna:
agus na sagairt do choimhéd an dorus,
do chuirdís annsin gach airghiod dá ttug-thaói
go tigh an Tighearna.



<L 2Rí12:10>
Agus is amluidh bhí, an tan dochonncadar
go raibh mórán airgid annsa
chófra, go ttáinic scribhneóir an Rígh,
agus an tárdshagart súas, agus do chui-readar
a máladha é, agus do comháirea-dar
an tairgiod a ttigh an Tighearna.



<L 2Rí12:11>
Agus thugadar an tairgiod arna
áireamh a láimh na ndáoine dorinne anobair,
agá raibh fédhmantus thighe an
Tighearna: agus thugadarsan amach é do
na sáoruibh, agus do luchd saóthair do
oibrigh ar thigh an Tighearna,



<L 2Rí12:12>
Agus do shaóruibh cloch, agus
do luchd snoighte cloch, agus do ceanach
adhmuid, agus chloch shnoighte do leasu-ghadh
bhriseadh thighe an Tighearna, agus
ar gach éinní dar cuireadh amach ar son an
tighe do dheasúghadh,



<L 2Rí12:13>
Gidheadh ní dheárnadh do thigh an
Tighearna cupáin airgid, glantóirigh,
báisínigh, trumpadha, aon tsoithech
óir, nó soithighe airgid donairgiod tu-gadh
asteach go tigh an Tighearna.



<L 2Rí12:14>
Acht thugadar sin don luchd oi-bre,
agus do leasuigheadar thig an Ti-ghearna
leis.



<L 2Rí12:15>
Os a chionn sin, ní dheárnadar
cuntus ris na dáoinib a lámhuibh a ttug-adar
an tairgiod re seachadadh don
luchd oirbre: óir dorinneadar fí-rinne.



<L 2Rí12:16>
Airgid anaindlighe, agus air-giod
an pheacaidh, ní tugadh sin asteach
go tigh an Tighearna, budh leis na sa-gartaibh
é.



<L 2Rí12:17>
Annsin dochuáidh Hasael Rígh
na Síria súas, agus do throid sé anaghaidh
Gát, agus do ghabh sé í, agus
thug Hasael aghaidh ar dhul súas go
Hierusalem.



<L 2Rí12:18>
Agus do ghlac Iehoas Rígh Iú-dah
na neithe náomhtha uile do thiodhlaic
Iehosaphat, agus Iehóram, agus
Ahasiah, agus a aithre Ríghthe Iúdah,
agus a neithe naomhtha feín, agus ar fríth
dór a stórúsuibh thighe an Tighear-na,
agus a ttigh an Rígh, agus do
chuir chum Hasael Rígh na Síria
é, agus dimthigh sé ó Ierusa-lem.



<L 2Rí12:19>
Agus an chuid oile do ghnío-mhuibh
Ioas, agus a ndérna sé uile, nach
bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice Ríogh
Iúdah?



<L 2Rí12:20>
Agus déirgheadar a sherbhísigh,
agus do chogradar sé cheile, agus do
mharbhadar Ioas a ttigh Mhillo, noch
théid síos go Silla.



<L 2Rí12:21>
Oír do bhuail Iosachar mhac
Simeat, agus Iehosabad mhac Sómer a
serbhísigh é, agus deúg sé: agus do
adhlaiceadar é a bhfochair a aithreadh a cca-thruidh
Dháibhi, agus do ríoghuidh Amas-iah
a mhac na áit.



Caib.13.



<L 2Rí13:1>
Ansa treas blíadhain fithchiod
do Ioas mhac Ahasiah Rígh
Iúdah do thosuigh Iehoahas
mhac Iehu a ríghe ós cionn
Israel a Samária, agus
dobhí na Rígh seachd mbhlíadhna déug.



<L 2Rí13:2>
Agus dorinne sé an ní budh olc
a radharc an Tighearna, agus do lean
sé peacadh Ieroboam mhic Nébat, noch
thug ar Israel peacughadh, níor dhealuigh
sé ris sin.



<L 2Rí13:3>
Agus do las fearg an Tighearna
anaghaidh Israel, agus do thoir-bhir
íad a láimh Hasael Rígh na Síria,
agus a láimh Bhen-hadad mhic Hasael
ar feadh a láetheadh uile.



<L 2Rí13:4>
Agus do ghuidh Iehoahas an Ti-ghearna,
agus déist an Tighearna ris:
oír dochonnairc sé comhmbuáidhreadh Israel,
do bhrígh gur sháruigh Rígh na Síria
íad.



<L 2Rí13:5>
Agus thug an Tighearna fear tár-thála
do Israel, ionnus go ndeachadar
amach ó bheith fáoi láimh na Sírianach:
agus do aítreabhadar clann Israel iona
ttighthibh, mar dobhádar roimhe.



<L 2Rí13:6>
Gidhedh níor dhealuigheadar ré peacadh
thighe Ieroboam, noch thug ar Israel pea-cugadh,
achd do shiubhluigheadar ann, agus
dobhí an garrán fós a Samária.



<L 2Rí13:7>
Agus níor fhág sé don phobal ag
Iehoahas achd cáogad marcach, agus
deich ccarbuid, agus deich míle coisi-ghe;
óir do mharbh Rígh na Síria íad,
agus dorinne íad amhuil luaithreadh re
búaladh.



<L 2Rí13:8>
Annois an cuid oile do ghniómhuibh
Iehoahas, agus a ndérna sé uile,
agus a neart, nach bhfuilid scríobhtha a
leabhar croinice Ríogh Israel?



<L 2Rí13:9>
Agus do choduil Iehoahas a
bhfocair a aithreadh, agus do adhlaiceadar
é a Samária, agus do ríoghadh Ioas
a mhach iona áit.



<L 2Rí13:10>
Annsa tseachdmhadh blíadhuin déug
ar fhithchid do Ioas Rígh Iúdah do
thosuigh Iehoas mhac Iehoahas a ríghe ós
cionn Israel a Samária, agus dobhí
sé na Rígh sé blíadhna déug.



<L 2Rí13:11>
Agus dorinne sé olc a radharc
an Tighearna: níor léig sé dhe peacuidh
Ieroboam mhic Nebat uile, noch thug ar
Israel peacughadh, achd do shiubhail sé
ionnta.



<L 2Rí13:12>
Agus an chuid oile do ghníomh-uibh
Ioas, agus a ndérna sé uile, a-gus
a neart, ler throid sé anaghaidh
Amasiah Rígh Iúdah, nach bhfuilid scrí-obhtha
a leabhar croinice Ríogh Israel?



<L 2Rí13:13>
Agus do choduil Ioas a bhfo-chair
a aithreadh, agus do shuigh Ierobo-am
iona chathaoir ríogha: agus do
hadhlaiceadh Ioas a Samária a bhfochair
Ríogh Israel.



<L 2Rí13:14>
Annois do ghlac tinneas Elisa,
don tinneas dá bhfuáir sé bás: agus
tháinic Ioas Rígh Israel síos chuige,
agus do ghuil ós a chionn, agus adu-bhairt,
ó mathair, mathair, carbad Israel,
agus a mharcshlúagh.



<L 2Rí13:15>
Agus adubhairt Elisa ris, glac
bogha agus soighde: agus do ghlac
sé bogha agus soighde.



<L 2Rí13:16>
Agus adubhairt sé ré Rígh Is-rael,
cuir do lámh ar do bhogha: agus
do chuir sé a lámh air; agus do chuir E-lisa
a lámh ar láimh an Rígh.



<L 2Rí13:17>
Agus adubhairt sé, foscuil an
nfuinnéog don leath shoir; agus dofscuil
sé í: annsin adubhairt Elisa, caith:
agus do caith seision: agus adu-bairt
sé, soighead sháortha an Tighearna,
agus soighead na tárthala ó Shíria:
óir buailfidh tusa na Sírianuigh ann
Aphec nó go scriosfuidh tú íad.



<L 2Rí13:18>
Agus adubhairt sé, glac na
soighde, agus do ghlac sé íad: agus
adubhairt sé ré Rígh Israel, buail ar
an tallumh: agus do bhuail sé trí
huáire, agus do sdad sé.



<L 2Rí13:19>
Agus dobhí óglach Dé feargach
ris, agus adubhairt sé, budh chóir dhuit
a bhualadh a cúig no a sé dhuáiribh, ann-
sin do bhuáilfeá Síria, nó go scriostá
í; anáit nach buáilfidh tú anois í
achd trí huáire.



<L 2Rí13:20>
Agus déug Elisa, agus do
adhlaiceadar é: agus do ionnsuigheadar
buidhne na Moabiteach an tír ar
theachd asteach na blíadhna.



<L 2Rí13:21>
Agus tárla mar dobhádar
ag adhlacadh duine, féuch go bhfacadar
buidhean aca, agus do theilgeadar
an duine a ttuama Elisa: agus anuáir
do léigeadh an tóglach síos, agus
do bhean sé re cnámhuibh Elisa, do aith-bhéoghuidh
sé, agus do sheas sé súas
ar a chosuibh.



<L 2Rí13:22>
Acht do bhrúigh Hasael Rígh
na Síria Israel ar feadh láethe Iehoa-has.



<L 2Rí13:23>
Agus dobhí an Tighearna grá-samhuil
dóibh, agus do ghabh truáighe
dhóibh é, agus dobhí meas aige orra,
do bhrígh a chunnarrtha ré Abraham, ré
Isaac, agus re Iácob, agus níorbháill
leis a sgrios uile, ná a tteil-gion
uadh as a lathair fós.



<L 2Rí13:24>
Annsin fuair Hasael Rígh na
Síria bás, agus do ríoghaidh Ben-ha-dad
a mhac iona áit.



<L 2Rí13:25>
Agus do bhean Ioas mhac Ie-hoahas
arís as láimh Bhen-hadad
mhic Hasael na caithreacha do bhean sei-sion
as láimh Iehoahas a athair le co-gadh:
do bhuail Ioas é trí huáire,
agus do bhean sé caithreacha Israel
de.



Caib.14.



<L 2Rí14:1>
Ansa dara bhlíadhuin do Ioas
mhac Iehoahas Rígh Israel,
do ríoghadh Amasiah mhac
Ioas Rígh Iúdah.



<L 2Rí14:2>
Dobhí sé cúig bhlíadhna
fithchiod daóis an tan do thosuigh a
ríghe, agus dobhí sé na Rígh naói mblíadhna
fithchiod ann Ierusalem: agus dobé
ainm a mhathar Iehoaddan ó Ierusalem.



<L 2Rí14:3>
Agus dorinne sé ceart a radharc
an Tighearna; gidheadh ní a ccosamhlachd
Dháibhi a athar: dorinne sé do reír
gach uile neithe dá ndérnuidh a athair
Ioas.



<L 2Rí14:4>
Acht cheana níor scriosadh na
háite árda: dobhídis an pobal fós
ag íodhbuirt, agus ag losgadh túise
ar na haítibh árda.



<L 2Rí14:5>
Agus tárla ar ball ar daing-nighead
an rioghachd iona láimh, gur
mharbh sé a shearbhfhoghantuidhigh, noch do
mharbh an Rígh a athair.



<L 2Rí14:6>
Acht níor mharbh sé clann na ndún-mharbhthach:
do réir mar atá scríobhtha
a leabhar dlighe Mhaóise, ann ar ai-thin
an Tighearna, gha rádh, ní
cuirfighear na haithreacha chum báis ar
son na cloinne, ní mó cuirfighear an
chlann chum báis ar son na naithreach; achd
cuirfighear gach aon chum báis ar son a
pheacaidh féin.



<L 2Rí14:7>
Do mharbh sé deich míle do Edom a
ngleann an tsaluinn, agus do ghabh sé
Sélah ré cogadh, agus do ghoir Iocteel
dainm dhi gus aniugh.



<L 2Rí14:8>
Annsin do chuir Amasiah teachda
uadh go Ioas mhac Iehoahas mhic Iehu
Rígh Israel, gha rádh, tárr, féucham
ar aighthibh a chéile.



<L 2Rí14:9>
Agus do chuir Ioas Rígh Israel
go Hamasiah Rígh Iúdah, gha rádh,
do chuir an foghbhannan dobhí a Lebanon
teachda chum an chédair dobhí a Lebanon, gha
rádh, tabhair hingion dom mhacsa na
mnáoi: agus do ghabh beathach állta
thort dobhí a Lebanon, agus do shal-tair
siós an foghbhannan.



<L 2Rí14:10>
Do bhúail tú go demhin Edom,
agus do thóg do chroidhe súas thú: déna
gloír dhe so, agus fan san mbaile:
óir cred as a mbúainfeá ré ní do
ghoirteochadh thú, as a ttuitfeá féin,
agus Iúdah maille riot?



<L 2Rí14:11>
Ach ní thug Amasiah toradh air.
Uimesin dochuáidh Ioas Rígh Israel
súas, agus dféuch sé feín agus
Amasiah Rígh Iúdah a chéile na naighthibh
a Mbet-sémes, noch bheanas re Iúdah.



<L 2Rí14:12>
Agus tugadh an chuid fá measa
do Iúdah roimhe Israel, agus do thei-theadar
gach áon aca dha thigh.



<L 2Rí14:13>
Agus do ghabh Ioas Rígh Israel
Amasiah Rígh Iúdah, mac Ioas mhic
Ahasiah a Mbet-sémes, agus thai-nic
sé go Hierusalem, agus do bhris
sé síos balla Ierusalem ó gheata
Ephraim go geata an choirnéil, ceithre
chéud cubhad.



<L 2Rí14:14>
Agus dorug leis iomlán anóir
agus anairgid, agus ar fríth do
shoithighibh a ttigh an Tighearna, agus
anionnmhusuibh thighe an Rígh, agus
braighde comhaill, agus dfill sé go
Samária.



<L 2Rí14:15>
Anois an chuid oile do ghníomhuibh
Ioas, noch dorinne sé, agus a neart,
agus mar do throid sé re Hamasiah
Rígh Iúdah, nach bhfuilid scríobhtha a
leabhar croinice Ríogh Israel?



<L 2Rí14:16>
Agus do choduil Ioas agá
aithribh, agus do hadhlaiceadh é a Samá-ria
maille re Ríoghuibh Israel, agus
do ríoghadh Ieroboam a mhac iona
áit.



<L 2Rí14:17>
Agus do mhair Amasiah mhac
Ioas Rígh Iúdah cúig bhlíadhna déug a
ndiáigh bháis Ioas mhic Iehoahas Rígh
Israel.



<L 2Rí14:18>
Agus an chuid oile do ghníomhuibh
Amasiah, nach bhfuilid scríobhtha a
leabhar croinice Ríogh Iúdah?



<L 2Rí14:19>
Anois do chumadar feall iona
aghaidh ann Ierusalem, agus do theith
sé go Lachis, achd do chuireadarsan
na dhíaigh go Lachis, agus do mharbhadar
annsin é.



<L 2Rí14:20>
Agus thugadar leó air eachaibh
é, agus do hadhlaiceadh é ann Ierusa-lem
agá aithribh a ccathruigh Dháibhi.



<L 2Rí14:21>
Agus rughadar pobal Iúdah
uile Asariah (noch dobhí sé blíadhna
dég dáois) leó, agus dorinneadar
Rígh dhe anaít Amasiah a athair.



<L 2Rí14:22>
Do chuir se súas Elat, agus
do aisig do Iúdah í; tar a éis sin do
choduil an Rígh a bhfochair a aithreadh.



<L 2Rí14:23>
Annsa ccúigeadh bliádhuin dég
do Amasiah mhac Ioas Rígh Iudah do
thosuigh Ieroboam mhac Ioas Rígh Israel
a ríghe a Samária, agus dobhí na
Rígh blíadhuin agus dá fhithchiod.



<L 2Rí14:24>
Agus dorinne sé olc a ra-dharc
an Tighearna: níor dhealuigh sé ré
uile pheacuighibh Ieroboam mhic Nébat,
noch thug ar Israel peacughadh.



<L 2Rí14:25>
Do aisig sé cósta Israel ó
theachd asteach Hamat go fairge an
réitigh, do réir bhréithre an Tighearna
Día Israel, noch do labhair sé le láimh
a óglaich Iónah mhic Amittai, an fáigh,
noch dobí do Ghat-hepher.



<L 2Rí14:26>
Oír dochonnairc an Tighearna
aindeise Israel go raibh roshearbh: óir
níor druideadh éinní súas, agus níor
fágbhadh éinní, nó cungantach ar bith
ag Israel.



<L 2Rí14:27>
Agus ní dhubhairt an Tighearna
fós go léirscriosfadh sé ainm Is-rael
ó bheith faói neamh: acht do sháor
sé íad le láimh Ieroboam mhic Ioas.



<L 2Rí14:28>
Anois an chuid oile do ghnío-mhuibh
Ieroboam, agus a ndérna sé
uile, agus a neart, mar dorinne sé
cogadh, agus mar do bhean sé Damas-cus
amach, agus Hamat Iúdah do
Israel, nach bhfuilid scriobhtha a leabhar
croinice Ríogh Israel?



<L 2Rí14:29>
Agus do choduil Ieroboam agá
aithribh, ag Ríoghuib Israel, agus do
bhí Sachariah a mhac na Rígh iona
áit.



Caib.15.



<L 2Rí15:1>
Ansa seachdmhadh blíadhain fithchiod
do Ieroboam Rígh Israel
do thosuigh Asariah mhac
Amasiah Rígh Iúdah a ríghe.



<L 2Rí15:2>
Sé blíadhna déug daois
bhí sé anuair do thosuigh sé a ríghe, a-gus
dobhí na Rígh dhá blíadhuin déug
agus dá fhichthiod ann Ierusalem: a-gus
dobé ainm a mhathar Iecholiah ó
Ierusalem.



<L 2Rí15:3>
Agus dorinne sé ceart a ra-dharc
an Tighearna, do réir anuile
ní dá ndérnuidh Amasiah a athair.



<L 2Rí15:4>
Acht níor háthruigheadh na háite
árda; donídís an pobal íodhbairt, a-gus
do loisgedís túis a ccomhnuidh
annsna háitibh árda.



<L 2Rí15:5>
Agus do bhuáil an Tighearna an
Rígh, iondus go raibh sé na lobhar go
ló a bháis, agus dorinne sé comhnuigh
a ttigh ar leith, agus dobhí Iótam
mac an Rígh ós cionn an tighe ag dé-namh
breitheamhnuis air phobal na tíre.



<L 2Rí15:6>
Agus an chuid oile do ghníomh-uibh
Asariah, agus a ndérna sé uile,
nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar
croinice Ríogh Iúdah?



<L 2Rí15:7>
Mar sin do choduil Asariah a-gá
aithrib, agus do hadhlaiceadh é a
bhfochair a aithreadh a ccathruigh Dháibhi: a-gus
do ríoghadh Iótam a mhac iona
áit.



<L 2Rí15:8>
Annsanochdmhadh blíadhuin dég ar
fhithichid do Asariah Rígh Iúdah dobhí
Sachariah mhac Ieroboam na Rígh ar
Israel a Samária sé mhí.



<L 2Rí15:9>
Agus dorinne sé olc a ra-dharc
an Tighearna, mar dorinneadar a
aithre: níor dhealuigh sé ré peacadh Ie-roboam
mhic Nébat, noch thug ar Is-rael
peacughadh.



<L 2Rí15:10>
Agus déirigh Sallum mhac
Iabes na aghaidh, agus do bhuáil sé
é as coinne an phobail, agus do mharbh
sé é, agus dobhí féin na Rígh iona
áit.



<L 2Rí15:11>
Agus an chuid oile do ghníomh-uibh
Shachariah, féuch atáid síad
scríobhtha a leabhar croinice Ríogh Is-rael.



<L 2Rí15:12>
Bá hé so focal an Tighear-na,
noch do labhair sé re Iehu, gha rádh,
suighfidh do mhic ar chathaóir ríogha Is-rael
go nuige an ceathramadh glún; a-gus
is mar sin tháinic a gcrích.



<L 2Rí15:13>
Do thosuigh Sallum mhac Iabes
a ríghe annsa naomhadh blíadhuin dég
ar fhithchid do Ussiah Rígh Iúdah, a-gus
dobhí na Rígh mí iomlán a Samá-ria.



<L 2Rí15:14>
Oir dochuaidh Menahem mhac
Gádi súas ó Thirsah, agus tháinic sé go
Samária, agus do bhuail sé Sallum mhac Iabes
a Samária, agus do marbh sé é, agus
dobhí na Rígh iona áit.



<L 2Rí15:15>
Agus an chuid oile do ghníomhuibh
Shallum, agus an nfeall dorinne sé,
féuch, atáid scríobhtha a leabhar croi-nice
Ríogh Israel.



<L 2Rí15:16>
Annsin do bhúail Menahem Tiph-sah,
agus gach a raibh innte, agus a
cóstadha ó Thirsah: do bhrígh nar fhos-cladar
roimhe, uime sin do bhúail sé í,
agus do scoilt suas a raibh do mhnáibh
torrca innte.



<L 2Rí15:17>
Annsanaonmhadh blíadhuin déug
ar fhichthid do Asariah Rígh Iúdah do
thosuidh Menahem mhac Gádi a ríghe ós
cionn Israel, agus dobhí na Rígh deich
mblíadhna a Samária.



<L 2Rí15:18>
Agus dorinne sé olc a radharc
an Tighearna: níor dhealuidh sé ar feadh a
bheatha re peacadhuibh Ieroboam mhic Nébat,
noch thug ar Israel peacugadh.



<L 2Rí15:19>
Agus tháinic Pul Rígh na Ha-síria
anaghaidh na tíre; agus thug
Menahem do Phul míle tallann airgid,
iondus go mbeith a lámh ris do dhaingniu-gadh
na rioghachda iona láimh.



<L 2Rí15:20>
Agus do thabhuidh Menahem an
tairgiod ar Israel, eadhon air gach uile
dhuine chumasach a saidhbhrios, ar gach
énduine cáogad Secel airgid, ré thabhairt
do Rígh na Hassíria: marsin do fhill
Rígh na Hassíria ar ais, agus níor
fhan annsin ansa dúithche.



<L 2Rí15:21>
Agus an chuid oile do ghníomhuibh
Mhenahem, agus a ndérna sé uile,
nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice
Ríogh Israel?



<L 2Rí15:22>
Agus do choduil Menahem agá
aithribh, agus do ríoghadh Pecahiah a
mhac iona áit.



<L 2Rí15:23>
Annsa chaogadmhadh blíadhuin do Asa-riah
Rígh Iúdah do thosuidh Pecahiah a
mhac Menahem a righe ós cionn Israel a
Samária, agus dobhí na Rígh dhá blía-dhuin.



<L 2Rí15:24>
Agus dorinne sé olc a radharc
an Tighearna, níor dhealuigh sé ré peaca-dhuibh
Ieroboam mhic Nebat, noch thug ar
Israel peacughadh.



<L 2Rí15:25>
Acht dorinne Pecah mhac Re-maliah
caiptín dá mhuintir feín feall air,
agus do bhuáil é a Samária a bpálás
thighe an Rígh, maille re hargob agus Arieh,
agus maille re cáogad fear do na Gi-leaditeachaibh:
agus do mharbh sé é, agus
dobhí na Rígh iona áit.



<L 2Rí15:26>
Agus an chuid oile do ghníomhuibh
Pheacahiah, agus a ndérna ré uile,
feúch, atáid scríobhtha a leabhar croinice
Ríogh Israel.



<L 2Rí15:27>
Annsa dara bhlíadhain ar cháogad
do Asariah Rígh Iúdah do ríoghuidh Pe-cah
mhac Remaliah ós cionn Israel a
Samária fithche blíadhuin.



<L 2Rí15:28>
Agus dorinne sé an ní fá holc
a radharc an Tighearna, níor dhealuidh
sé re peacadhuibh Ieroboam mhic Nébat,
noch thug ar Israel peacughadh.



<L 2Rí15:29>
A laethibh Phecah Rígh Israel
thaínic Tiglat-pileser Rígh na Hassí-ria,
agus do ghabh sé Hiion agus Abel-bet-maacha,
agus Ianoah, agus,
Cedes, agus Hásor, agus Gíleadi
agus Galilee, agus fearann Napthal-
uile; agus rug a láimh íad go Hassí-ria.



<L 2Rí15:30>
Agus déirigh Hosea mhac Elah
anaghaidh Phecah mhic Remaliah, agus
do bhúail sé é, agus do mharbh é, agus
dobhí féin na Rígh na aít annsa bhfithchiod-mhadh
blíadhuin do Iótam mhac Ussiah.



<L 2Rí15:31>
Agus an chuid oile do ghníomhuibh
Phecah, agus a ndérna sé uile; féuch,
ataíd scríobhtha a leabhar croinice Ríogh
Israel.



<L 2Rí15:32>
Annsa dara bliaduin do Phecah
mhac Hemaliah Rígh Israel, do thosuigh
Iótam mhac Ussiah Rígh Iúdah a
ríghe.



<L 2Rí15:33>
Cúig bhlíadhna fithchiod daóis do
bhí sé anuair do thosuigh sé a ríghe, agus
dobhí na Rígh sé blíadhna déug.



<L 2Rí15:34>
Agus dorinne sé an ní fa ceart
a radharc an Tighearna: dorinne sé do
reír anuile ní, dá ndeárnuidh a athair
Ussiah.



<L 2Rí15:35>
Acht cheana níor háthruigheadh na
háite árda: donídís an pobhal íodhbuirt, agus
do loisgedís túis a ccomhnuigh annsna
háithibh árda: do chuir sé suas an geata
fa háirde do thigh an Tighearna.



<L 2Rí15:36>
Anois an chuid oile do ghníomh-uibh
Iótam, agus a ndérna sé uile,
nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar
croinice Ríogh Iúdah?



<L 2Rí15:37>
Annsna laéthibhsi do thosuigh an
Tighearna Resin Rígh na Síria, agus
Pecah mhac Remaliah chur anaghaidh
Iúdah.



<L 2Rí15:38>
Agus do choduil Iótam agá
aithribh, agus do hadhlaiceadh a bhfochair
a aithreadh é a ccathruigh Dháibhi a a-thar,
agus do ríoghadh Ahas a mhac
iona áit.



Caib.16.



<L 2Rí16:1>
Ansa seachdmhadh blíadhuin déug
do Phecah mhac Remaliah do
thosuigh Ahas mhac Iótam
Rígh Iúdah a ríghe.



<L 2Rí16:2>
Fithche blíadhna daóis dobhí A-has
anuair do thosuigh a ríghe, agus
dobhí na Rígh sé bliádhna déug ann
Ierusalem: agus ní dhérnuidh sé an ní
fa ceart a radharc a Thighearna Dé,
mar dorinne a athair Dáibhi.



<L 2Rí16:3>
Acht do shiubhail sé a slighe
Ríogh Israel, thug fós ar a mhac dul
thríd an tteinidh, do réir adhúathmhaireachd
na ngeinteadh, noch do theilg an Tigh-earna
amach roimhe chloinn Israel.



<L 2Rí16:4>
Agus dorinne sé iódhbairt, a-gus
do loisg sé túis air na hárduibh,
agus air na cnocaibh, agus fáoi gach
énchrann glas.



<L 2Rí16:5>
Annsin tháinic Resin Rígh na
Síria, agus Pecah mhac Remaliah
Rígh Israel súas go Hierusalem chum
cogaidh; agus do chuireadar slúagh na
suidhe air Ahas, achd ní dheachaidh aca
air.



<L 2Rí16:6>
Anuairsin do ghnodhuigh Résin Rígh
na Síria Elat ar ais don Tsíria,
agus do dhíbir na Iúduighe ó Elat, a-gus
thangadar na Sírianuigh go He-lat,
agus do áitigheadar annsín gus
aniugh.



<L 2Rí16:7>
Annsin do chuir Ahas teachda go
Tiglat-pileser Rígh na Hassíria, ghá
rádh, is misi do sherbhíseach agus do
mhac; tárr súas, agus cumhdaigh mé
as láimh Rígh na Síria, agus as láimh
Rígh Israel, noch déirigh súas am a-ghaidh.



<L 2Rí16:8>
Agus do ghlac Ahas an tór
agus an tairgiod dofríth a ttigh an
Tighearna, agus anionnmhus thighe an
Rígh, agus do chuir tiodhlacadh go Rígh
na Hassíria.



<L 2Rí16:9>
Agus dáontuigh Rígh na Has-síria
leis: óir dochuáidh Rígh na
Hassíria súas anaghaidh Dhamas-cus,
agus do ghabh sé í, agus rug
na daóine dobhí innte a láimh go Cir,
agus do mharbh sé Résin.



<L 2Rí16:10>
Agus dochuaidh Ahas go
Damascus, a ccoine Thiglat-pile-ser
Rígh na Hassíria, agus dochonnairc
sé altóir dobhí ann Damas-cus:
agus do chuir an Rígh Ahas
chum Uriiah an sagart, cuma na hal-tóra
agus a samhlachus, do réir a
hoibrighthe uile.



<L 2Rí16:11>
Agus dorinne Uriiah an sa-gart
altóir, do réir gach éinneithe
dar chuir Ahas an Rígh ó Dhamas-cus
chuige: már sin dorinne Uriiah
an sagart í fá anam a ttáinic an
Rígh Ahas ó Dhamascus.



<L 2Rí16:12>
Agus anuair tháinic an Rígh
ó Dhamascus; dochonnairc an Rígh an
naltóir: agus tháinic an Rígh gus analtóir,
agus do ofráil sé uirre.



<L 2Rí16:13>
Agus do loisg sé ofráil lo-isge,
agus ofráil bhídh, agus do dhóirt
a ofráil dighe, agus do chroith sé
fuil a ofrála síothchána air an naltóir.



<L 2Rí16:14>
Agus dorug sé leis mar an
gcédna an naltóir phráis dobhí a lathair
an Tighearna, ó édan an tighe, ó ei-dir
an naltóir agus tigh an Tigh-earna,
agus do chuir sé air an ttáoibh
thuáigh donaltóir í.



<L 2Rí16:15>
Agus do athin Ahas do Uriiah
an sagart, ghá rádh, ar an naltóir
mhóir loisg ofráil loisge na mhaidne,
agus ofráil bhídh an tráthnóna, agus
íodhbuirt loisge an Rígh, agus a ofráil
bhídh, agus ofráil loisge dháoine na tíre
uile, agus a nofrála dighe, agus croith
uirre fuil na hofrála loisge uile, agus
fuil híodhbarta uile: agus biáidh an nal-toír
phraís agumsa do cheasnughadh mail-le lé.



<L 2Rí16:16>
Marso dorinne Uriiah an sa-gart,
do réir anuile ní dar aithin an
Rígh Ahas de.



<L 2Rí16:17>
Agus do gheárr an Rígh Ahas
imiol na mbásadh, agus do átharruigh
an láibher dhíobh amach, agus do leag an
nfairge do na damhuibh práis dobhí fúithe,
agus do chuir ar phábháil chloch í.



<L 2Rí16:18>
Agus an folach don tsábóid dorinneadar
annsa tigh, agus dul asteach
an Rígh amuich, do iompóigh sé ó thigh
an Tighearna, deagla Rígh na Hassí-ria.



<L 2Rí16:19>
Anois an chuid oile do ghníomhuibh
Ahas, noch dorinne sé, nach bhfuilid
scríobhtha a leabhar croinice Ríogh Iú-dah?



<L 2Rí16:20>
Agus do choduil Ahas a bhfochair
a aithreadh, agus do hadhlaiceadh agá
aithribh é a ccathruigh Dháibhi, agus do
ríoghuidh Heseciah a mhac na áit.



Caib.17.



<L 2Rí17:1>
Ansa dara blíadhain do Ahas
Rígh Iúdah, do thosuigh Hoseá
mhac Elah a ríghe a Samá-ria
ós cionn Israel náoi
mbliadna.



<L 2Rí17:2>
Agus dorinne sé an ní fa holc a
radharc an Tighearna, acht ní do nós
na Ríogh thainic roimhe ó cionn
Israel.



<L 2Rí17:3>
Tháinic Salmaneser Rígh na
Hassíria suás na aghaidh, agus do
umhluidh Hoseá na sherbhíseach dhó, agus
thug tiodhlaice dhó.



<L 2Rí17:4>
Agus fúair Rígh na Hassíria
droichmhéin ann Hoseá: óir do chuir sé
teachda go So Rígh na Hégipte, agus
ní thug sé tiodhlacadh ar bith go Rígh na
Hassíria, mar dorinne sé ó bhliadhuin
go bliadhuin: ar anadhbharsin do dhruid
Rígh na Hassíria fa íadhadh é, agus
do cheangail sé a bhpríosún é.



<L 2Rí17:5>
Annsin tháinic Rígh na Hassíria
súas ar feadh na críche uile, agus dochuáidh
suas go Samária, agus do
bhí rena haghaidh trí bliadhna.



<L 2Rí17:6>
Annsa náomhadh bliadhuin do Ho-seá
do ghabh Rígh na Hassíria Samária,
agus rug sé Israel leis go Hassíria,
agus do shuighidh íad ann Hálah, agus
ann Hábor láimh ré habhuinn Gósan, agus
a ccaithreachaibh na Mediteach.



<L 2Rí17:7>
Oír is amhluidh bhí, gur pheacughea-dar
clann Israel anaghaidh a TTighearna
Día, noch thug aníos íad as crích na
Hégipte ó bheith fáoi láimh Phárao Rígh
na Hégipte, agus go raibh eagla deé
oile orra;



<L 2Rí17:8>
Agus gur shiubhluigheadar a rea-chduibh
na ngeinteadh, (noch do theilg an Ti-ghearna
amach roimhe chloinn Israel) agus
Ríghtheadh Israel, noch dorinneadar
féin.



<L 2Rí17:9>
Agus dorinneadar clann Israel
go foluigheach na neithe nar chóir anaghaidh
a TTigearna Día, agus dorinneadar
áite árda dhóibh feín iona ccaithreachaibh
uile ó thor an luchd faire go nuige an
ccathruigh chumhduighthe.



<L 2Rí17:10>
Agus do chuireadar súas dóibh
féin íomháighe, agus garráin ann gach
áon chnoc árd, agus fáoi gach áon chrann
glas.



<L 2Rí17:11>
Agus annsin do loisgedís túis
annsna háitibh árda uile, mar níodh na
geintidh do dhíbir an Tighearna rompa,
agus do oibhrigheadar droichneithe do
bhrostugad an Tighearna chum feirge.



<L 2Rí17:12>
Oír do adhradar íomháigheadh, a
ttaoibh a ndubhairt an Tighearna riú,
ná déunuidh an nísi.



<L 2Rí17:13>
Gidheadh fós dorinne an Tighearna
fíadhnuise anaghaidh Israel, agus anaghaidh
Iúdah tres na fáighibh
uile, agus tres an luchd faicsiona uile,
gha rádh, fillidhsi ó bhur ndroichshli-ghibh,
agus coimhéuduigh maitheantasa,
agus mo reachda, do réir anuile dhlighe
dar aithin mé dá bhur naithribh, agus
noch do chuir mé chugaibh lem serbhísigh
na fáidhe.



<L 2Rí17:14>
Gidheadh níorbháill léo a chluin-sion,
achd do chruáidheadar a muinéil
amhuil muinéil a naithreadh, nachar
chreid ann a TTighearna Día.



<L 2Rí17:15>
Agus do tharcuisnigheadar a
reachda agus a chunnradh dorinne sé rena
naithribh, agus a fhiadhnuiseadh, noch
do fhíadhnuigh sé na naghaidh, agus do
leanadar díomhaóineas, agus thanga-dar
chum bheith díomhaóin, agus do leana-dar
na geintigh, noch dobhí ar gach
táobh dhíobh, a ttaobh ar fhúagair an
Tighearna díobh, nach dénaidís ní cos-mhuil
riú.



<L 2Rí17:16>
Agus do fhágbhadar uile aith-eanta
a TTighearna Día, agus dorinnea-dar
dhóibh féin iomháigheadh leaghtha, dhá
láogh, agus dorinneadar garrán, agus
do adhradar slógh neimhe uile, agus
do adhradar Baal.



<L 2Rí17:17>
Agus thugadar air a macaibh,
agus air a ningheanuibh dul thríd an tteine,
agus donídís fáistine, agus droidheachd,
agus do reacadar íad féin do dhénamh
uilc a bhfíadhnuise an Tighearna, dá bhros-tughadh
chum feirge.



<L 2Rí17:18>
Uimesin dobhí an Tighearna rofheargach
re Hisrael, agus do athar-ruigh
sé as a radharc íad: níor fág-bhadh
énduine, achd treabh Iúdah amháin.



<L 2Rí17:19>
Mar an gcédna níor chomhuill
Iúdah aitheanta a TTighearna Día, achd
do shiubhluigheadar a reachduibh Israel, noch
dorinneadar féin.



<L 2Rí17:20>
Agus do chuir an Tighearna
síol Israel uile a ttarcuisne, agus
do samchduigh íad, agus do thoirbhir
íad a láimh mhillteóireadh nó gur theilg
sé as a radharc íad.



<L 2Rí17:21>
Oír do réub sé Israel ó
thigh Dháibhi, agus dorinneadar Rígh
do Ieroboam mhac Nébat, agus do
tharruing Ieroboam Israel ón Tigh-earna
do leanmhuin, agus thug orra pea-cadh
mór do pheacughadh.



<L 2Rí17:22>
Oír do shiubhluigheadar clann Is-rael
a bpeacadhuibh Ieroboam uile, noch
dorinne sé, níor dhealuigheadar riú.



<L 2Rí17:23>
No gur atharruigh an Tighear-na
Israel as a radharc, mar adu-bhairt
sé trean sheirbhíseachaibh uile na
fáighe: mar sin rugadh Israel as a
ndúithche féin go Hassíria gus aniugh.



<L 2Rí17:24>
Agus thug Rígh na Hassíria
daóine ó Bhabilon, agus ó Chutah,
ó Abha, agus ó Hamat, agus ó Sheph-arbhaim,
agus do shuighidh sé íad a
ccaithreachaibh Shamária, anáit chloinne
Israel, agus do shealbhuigheadar Samá-ria,
agus do áitigheadar iona ccaith-reachaibh.



<L 2Rí17:25>
Agus is amhluidh bhí, a ttosach
a ccomhnuighe annsin, nach raibh eagla an
Tighearna orra: uimesin do chuir an
Tighearna leomhuin na measg, noch do mharbh
cuid díobh.



<L 2Rí17:26>
Uime sin do labhradar re Rígh
na Hassíria, ghá rádh, na fineadhacha
do atharruigh tú, agus do shuighidh
thú a ccaithreachaibh Shamária, ní feas
dóibh modh Dhé na tíre; uime sin do
chuir sé leomhuin na measg, agus féuch,
atáid agá marbhadh, do bhrígh nach bhfuil
fios mhodha Dé na tíre aca.



<L 2Rí17:27>
Annsin dfúagair Rígh na Has-ríria,
gha rádh, beiridh libh annsin áon
do na sagartaibh, noch thugabhair as sin,
agus éirghedís, agus comhnuighedís ann-
sin, agus múineadh sé dhóibh modh Dhé na
tíre.



<L 2Rí17:28>
Annsin tháinic áon do na sa-gartaibh
dorugadar léo as Samá-ria,
agus dorinne sé comhnuidhe a Mbé-tel,
agus do mhúin dóibh cionnus do bheith
eagla an Tighearna orra.



<L 2Rí17:29>
Gidheadh dorinne gach éinchineadh
deé dhóibh féin, agus do chuireadar íad a
ttighthibh na náiteach nárd noch rinnea-dar
na Samaritanuigh, gach éinchineadh
ann a ccaithreacaibh féin mar ar chomhnui-gheadar.



<L 2Rí17:30>
Agus dorinneadar muintir na
Babiloine Sucot-benot, agus luchd
Chut dorinneadar Nergal, agus dorinneadar
muintir Hámot, Asima,



<L 2Rí17:31>
Agus dorinneadar na Habhítigh
Nibbas agus Tartac; agus do
loisgeadar na Sepharbhitigh a cclann a
tteine do Adrammelech, agus do
Anammelech dee Shepharbhaim.



<L 2Rí17:32>
Marsin dobhí eagla an Ti-ghearna
orra, agus dorinneadar dhóibh
feín don chuid do budh uirísle aca, sa-gairt
na náiteach árd, noch doníodh iodhbhairt
air a son, a ttighthibh na náiteach nárd.



<L 2Rí17:33>
Dobhí eagla an Tighearna orra,
agus do adhradar a ndeé feín, do reír
mhodha na ccineadhach, noch rugadar leó
as sin.



<L 2Rí17:34>
Gus an lá aniugh doníd reír
an tseannóis: ní bhíonn eagla an Tighear-na
orra, ní mó doníd do reír a reachda,
nó do reír a nórduightheadh, nó do reír an
dlighe agus na haithne, noch daithin
an Tighearna do chloinn Iácob, dar ghoir
sé Israel dainm,



<L 2Rí17:35>
Re a ndérna an Tighearna cunn-radh,
agus ar fhuagair dhóibh, gha rádh
ní bhía eagla eíndee oile oruibh, ní uimh-leochuidh
sibh féin dóibh, ní dhéntaói íodh-bhuirt
dóibh, ní dhéntaói seirbhís dóibh:



<L 2Rí17:36>
Acht an Tighearna, noch thug aníos
sibh as crích na Hégipte ré cumhachda
móra, agus le láimh sínte amach, is
roimhesion bhías eagla oruibh; agus isé
adharfuidhe, agus is dó dhéntáoi
íodhbuirt.



<L 2Rí17:37>
Agus coimheudfúidhe na sta-túidigh,
agus na hórduighthe, agus na
dlighthe, agus na haitheanta, noch do
scríobh sé dháoibh, coimhéudfáoi íad go
bráth, agus ní bhiáidh eagla deé oile
oruibh.



<L 2Rí17:38>
Agus ní dhearmadfáoi an chun-radh
dorinne mé ribh, ní mó bhías eagla
dée oile oruibh.



<L 2Rí17:39>
Acht biáidh eagla bur TTi-ghearna
Día féin oruibh, agus sáorfuidh
sé sibh as láimh bhur nuile námhad.



<L 2Rí17:40>
Acht cheana níor eísteadarsan,
achd dorinneadar do reír an chéd ghná-tha.



<L 2Rí17:41>
Marsin dobhí eagla an Tighear-na
ar na cineadhachaibh si, agus dori-nneadar
serbhís dá níomháighibh grábhálta
feín, a cclann araon, agus clann a
ccloinne: mar dorinneadar a naithre, is
marsin donídsion gus aniugh.



Caib.18.



<L 2Rí18:1>
Anois tárla annsa treas blía-dhain
do hoseá mhac Elah Rígh
Israel, gur thosuigh He-seciah
mhac Ahas Rígh Iu-dah
a ríghe.



<L 2Rí18:2>
Cúig bhlíadhna fithchiod dáois do
bhí sé anuair do thosuigh sé a ríghe,
agus dobhí na Rígh náoi mblíadhna fi-thchiod
ann Ierusalem: dobe fós ainm
a mhathar Abi, inghean Shachariah.



<L 2Rí18:3>
Agus dorinne sé an ní fá ceart
a radharc an Tighearna, do reír anuile
ní dá ndearnuidh a athair Dáibhi.



<L 2Rí18:4>
Do atharruidh sé na háite árda,
agus do bhris sé na híomháige, agus do
ghearr sé síos na garraín, agus do
bhris na codchannaibh a naithir nimhe
phráis dorinne Máoise: oír gus an
namsin do loisgeadís clann Israel túis
di: agus do ghoir sé Nehustan
di.



<L 2Rí18:5>
Do chuir sé a dhóigh annsa Tighear-na
Día Israel, iondus nach raibh éndui-ne
na dhiáigh cosmhuil ris a measg Ríogh
Iúdah uile, nó énduine dá raibh roi-mhe.



<L 2Rí18:6>
Oír dochuaidh sé a leith an Ti-ghearna,
agus níor dhealuigh réna
leanmhuin, achd do choimhéud a aitheanta noch
do aithin an Tighearna do Mháoise.



<L 2Rí18:7>
Agus dobhí an Tighearna maille ris,
agus dochuáidh sé ar a aghaidh gach uile
bhall a ttíagh amach, agus do chathuigh
sé anaghaidh Rígh na Hassíria, agus
níor fhoghuin sé dó.



<L 2Rí18:8>
Do bhúail sé na Philistínigh go
nuige Gasa, agus a imle sin ó thor
an luchd faire gus na caithreachaibh dain-gne.



<L 2Rí18:9>
Agus tárla annsa cheathramhadh
blíadhuin do Heseciah, (nocharbhé an
seachdmhadh blíadhuin do hoseá mhac Elah Rígh
Israel) go ttáinic Salmaneser Rígh
na Hassíria anaghaidh Shamária, agus
gur chuir slúagh na shuighe uirre.



<L 2Rí18:10>
Agus a ccionn thrí mbliadhan do
ghabhadar í, annsa seiseadh bliadhuin
do Heseciah (dobí sin an
náomhadh blíadhain do Hosea Rígh Israel)
do gabhadh Samária.



<L 2Rí18:11>
Agus rug Rígh na Hassíria
Israel leis don Assíria, agus do
chuir sé íad ann Hálah agus hábor láimh
ré habhuinn Gosan, agus a ccaithrea-chaibh
na Médeach:



<L 2Rí18:12>
Do bhrígh nar umhluigheadar do
ghlór a TTighearna Dé, achd gur shá-ruigheadar
a chunnradh, agus anuile ní
dár aithin Máoise searbhfhoghantuigh
an Tighearna dhíobh, agus narbháill leó
a ccluinsion nó a ndéanamh.



<L 2Rí18:13>
Annois annsa cheathramhadh blía-dhuin
déug don Rígh Hesciah tháinic
Sennacherib Rígh na Hassíria súas
anaghaidh uile chaithreach ndaingean Iúdah,
agus do ghabh sé íad.



<L 2Rí18:14>
Agus do chuir Heseciah Rígh
Iúdah teachda go Rígh na Hassíria go
Lachis, dhá rádh, do choirigh mé, fill
uáim: an ní chuirfios tú orum, iom-choruidh
mé é. Agus do chuir Rígh na
Hassíria ar Heseciah Rígh Iúdah trí
chéud tallann airgid, agus tríochad tal-lann
óir.



<L 2Rí18:15>
Agus thug Heseciah dhó ar
fríth dairgiod a ttigh an Tighearna, agus
anionnmhusuibh thighe an Rígh.



<L 2Rí18:16>
Fanamsin do gheárr Heseciah
an tór do dhoirsibh theampuill an Tighear-na,
agus do na Piléuruibh, noch do
dfoluigh Heseciah Rígh Iúdah (re hór)
agus thug sé do Rígh na Hassíria é.



<L 2Rí18:17>
Agus do chuir Rígh na Hassíria
Tartan, agus Rabsaris, agus Rab-saceh
ó Lachis gus an Rígh Heseciah
maille re slúagh mór anaghaidh Ierusa-lem:
agus dochuádar súas agus than-gadar
go Hierusalem; agus anuair
thangadar aníos, thangadar agus do
sheasadar ag píopa an locháin dob áir-de,
noch atá a slighe mhóir mhachaire anúcaire.



<L 2Rí18:18>
Agus anuáir do ghoireadar chum
an Rígh, tháinic Eliacim mhac Hilciah
amach cuca, noch dobhí ós cionn an tea-ghluigh,
agus Sebna an scribhnéoir,
agus Ioah mhac Asaph an cuimhnigh-theóir.



<L 2Rí18:19>
Agus adubhairt Rabsaceh riú,
labhruidhsi anois ré Heseciah, marso
deir an Rígh mór, Rígh na Hassíria, cred
é an daingion so iona bhfuil tú ag cur
do dhóthchuis?



<L 2Rí18:20>
Adeir tusa (acht is bríathra
díomháoin íad) atá comhairle agus neart
agumsa chum an chogaidh: anois cía iona
bhfuil do dhóthchus, as a tteíd tú a
ccogadh ormsa?



<L 2Rí18:21>
Féuch annois atá do dhoígh a mai-de
don ghiolcuigh bhrúitesi, insaNé-gipt,
noch ma sheasann duine air, rachas
iona laímh agus thollfas í: marsin atá
Phárao Rígh na Hégipte ré gach áon
dá gcuirionn a dhóigh ann.



<L 2Rí18:22>
Acht má deirthí riomsa, atá ar
ndoígh ann ar TTighearna Día, nach é
sin an té ar chuir Heseciah a aíte ár-da,
agus a altóra ar gcúl, agus adubhairt
sé ré Iúdah, agus ré Ierusa-lem,
dodhéntháoi íodhbuirt as coinne na
haltórasa ann Ierusalem?



<L 2Rí18:23>
Annois ar anadhbharsin guidhim
thú, tabhair braighde dom thighearna Rígh
na Hassíria, agus dobheára misi dhá
mhíle each dhuit, má thig dhíot ar do shon
feín marcshlúagh do chur orra.



<L 2Rí18:24>
Cionnus maiseadh iomhphóchus tú
uáit aghaidh énchaiptín amháin do na
searbhfhoghantuibh is lugha ag am mhaighis-tir,
agus chuirfeas tú do dhóigh san Né-gipt
fa charbaduibh agus fa mharc-shlúagh?



<L 2Rí18:25>
An ttáinic misi anois gan
an Tighearna anaghaidh na háitesi
dá milleadh? adubhairt an Tighearna
riom, éirigh súas anaghaidh na tíre-
sin, agus mill í.



<L 2Rí18:26>
Annsin adubhairt Eliacim mhac
Hilciah, agus Sebna, agus Ioah re
Rabsaceh, guidhim thú, labhair red shear-bhfhoghantuighibh
annsa teanguidh Shírianta,
(óir tuigmid í) agus ná labhair rinn ann-sa
teanguidh Iúduidhe a cclúasuibh na
muintire atá air an mballa.



<L 2Rí18:27>
Acht adubhairt Rabsáceh riú-
san, nar chuir mo mhaighstir misi chum
do mhaighistirsi, agus chugadsa do
labhairt na mbriatharsa? nach chum na
muintire shuidhios air an mballa do chuir
sé mé, go nithid a salchar féin, agus
go nibhid a bhfúal féin bhur bhfocair-
se.



<L 2Rí18:28>
Annsin do sheas Rabsaceh, a-gus
do éigh do ghuth árd a tteanguidh na
Niuduigheadh, agus do labhair, dhá rádh;
éistigh focal an Rígh mhóir, Rígh na
Hassíria.



<L 2Rí18:29>
Marso adeir an Rígh ribh,
ná mealladh Heseciah sibh: óir ní bhiáidh
ar a chumus bhur sáoradh as a láimh:



<L 2Rí18:30>
Agus ná tugadh Heseciah
oruibh bhur ndóigh do chur annsa Ti-ghearna,
gha rádh, sáorfuidh an Tigh-earna
sinn go deimhin, agus ní sheachodar
an chathairsi a láimh Rígh na Hassí-ria.



<L 2Rí18:31>
Ná tugaidh éisteachd do Hese-ciah:
óir is marso deir Rígh na
Hassíria, déunuidh réiteach riomsa ma-ille
re comhuidh, agus tigidh amach chu-gam,
agus annsin itheadh gach áon aguibh dá
fhíneamhuin féin, agus gach áon da chrann
fíge, agus ibheadh gach áon duisge a
thobair féin.



<L 2Rí18:32>
Nó go ttí misi, agus go
mbeiridh mé liom sibh a bhfearann cosmh-uil
ré bhur ttír féin; dúithche arbha
agus fhíona, dúithche aráin agus fhín-eamhna,
dúithche ola chrann ola agus
mheala, chor go mairfídhe, agus nach bhfui-ghe
sibh bás: agus ná héistidh re He-seciah
anuair chuirfeas sé impidhe oruibh,
dha rádh, táirtheochaidh an Tighearna
sinn.



<L 2Rí18:33>
Nar sháor día air bith do na
cineadhachuibh a dhúithche as láimh Rígh na
Hassíria?



<L 2Rí18:34>
Cáit a bhfuilid dée Hamat, a-gus
Arpad: cáit a bhfuilid dée Se-pharbhaim,
Hena, agus Ibhah? nar
sháoradar Samária as mo láimhsi?



<L 2Rí18:35>
Cía híad féin a measc dhée
na ttíorthann, noch do sháor a ttír as
mo láimhsi, as a sáorfadh an Tighear-na
Ierusalem as mo láimh?



<L 2Rí18:36>
Acht dobhádar na daóine na
ttochd, agus níor fhreagradar énfhocal
dó: óir dobé aithne an Rígh, dha rádh,
ná tugaidh freagra air.



<L 2Rí18:37>
Annsin tháinic Eliacim mhac
Hilciah, noch dobhí ós cionn an teagh-luigh,
agus Sebna an scribhneóir, a-gus
Ioah mhac Asaph an cuimhnigheóir,
go Heseciah guna nédach briste, a-gus
do innseadar dhó bríathra Rabsa-ceh.



Caib.19.



<L 2Rí19:1>
Agus tárla anuair dochúala
Heseciah sin, gur bhris sé
a édach, agus gur fholuigh é
féin lé saicédach, agus dochuáidh
go tigh an Tighearna.



<L 2Rí19:2>
Agus do chuir sé Eliacim dobhí
ós cionn an teaghluigh, agus Sebna an
scribhneóir, agus ssinnsir na Sagart
a cculadhuib shaicéduigh go Hisaiah
an fáigh, mac Amos.



<L 2Rí19:3>
Agus adubhradar ris, is mar-
so adeir Heseciah, is lá buaidheartha
an láso, agus míochlú agus scannla:
óir thangadar an chlann go ham a mbear-tha,
agus ní bhfuil do neart a mbreith.



<L 2Rí19:4>
Dobféidir go ccluinfeadh do
Thighearna Día bríathra Rabsaceh uile,
noch do chuir Rígh na Hassíria a mhai-ghistir
daithiseadh an Dé bhí, agus
go nimdheargfadh na bríathra noch dochuala
do Thighearna Día: uimesin tóg
súas do ghuidhe ar son an nfuighill
do fágbhadh.



<L 2Rí19:5>
Marsin thangadar serbhísigh
an Rígh Heseciah go Hisaiah.



<L 2Rí19:6>
Agus dubhairt Isaiah riú, abr-uidh
marso ré bhur maighistir, is mar
so adeir an Tighearna, ná bíodh eagla
ort roimhe na bríathruibh dochúala tú,
ler scannluigheadar muintir Rígh na Has-siria
misi.



<L 2Rí19:7>
Féuch, cuirfidh misi suinnén air-
sion, agus cluinfidh sé giorac, agus
fillfidh sé dhá thigh féin, agus dobhéra
mé air tuitim leis an ccloidheam
iona thír féin.



<L 2Rí19:8>
Agus do fhill Rabsaceh, a-gus
fuáir sé Rígh na Hassíria ag
cogadh anagaidh Libnah: óir dochúa-la
sé gur imthigh sé as Lachis.



<L 2Rí19:9>
Agus anuair dochúala sé
teachd thar Thirhacah Rígh na Hetiópia,
féuch, atá sé ar tteachd amach do troid
ad aghaidh: do chuir sé teachda arís go
Heseciah, gha rádh:



<L 2Rí19:10>
Mar so dérthaoi re Hese-ciah
Rígh Iúdah, gha rádh, ná mealladh
do Dhía iona bhfuil do dhóthchus thú,
dha rádh, ní thiubharthar Ierusalem a
láimh Rígh na Hassíria.



<L 2Rí19:11>
Féch, dochúala tú cred dorinneadar
Ríghthe na Hassíria ré gach
uile chrích da lérscrios; agus an
sáorfuighthear thusa?



<L 2Rí19:12>
Ar sháoradar dée na gcinea-dhach
an luchd do chlaóidheadar maithre-
si; Gósan, agus Háran, agus Re-seph,
agus clann Eden, noch dobhí ann
Telasar?



<L 2Rí19:13>
Cáit a bhfuil Rígh Hamat, a-gus
Rígh Arpad, agus Rígh caithreach
Sepharbhaim, Hena, agus Ibhah?



<L 2Rí19:14>
Agus do ghlac Heseciah an
litir as láimh na tteachda, agus do
léigh í, agus dochuaidh Heseciah súas
go tigh an Tighearna, agus do leath-nuigh
sé í a lathair an Tighearna.



<L 2Rí19:15>
Agus do ghuidh Heseciah a
lathair an Tighearna, agus adubhairt, ó
a Thighearna Día Israel, noch chomhnui-ghios
eidir na Cherubínibh, is tusa a-mháin
Día rioghachd an domhuin uile, is
tú dorinne neamh agus talamh.



<L 2Rí19:16>
A Thighearna, crom anuas
do chlúas, agus cluin: foscuil, a
Thighearna, do shúile, agus féuch, a-gus
cluin bríathra Shennacherib, noch
do chuir sé daithiseadh an Dé bhí.



<L 2Rí19:17>
As fíor, a Thighearna, gur
dhíbreadar Ríghthe na Hassíria na cin-eadhacha
agus a ndúithche,



<L 2Rí19:18>
Agus gur theilgeadar a ndée
annsa teine: óir nior dhée íad, achd o-bair
lámh daóine, crainn, agus clocha;
uimesin do scriosadar íad.



<L 2Rí19:19>
Anois ar anadhbharsin, ó a
Thighearna ar Ndía, guidhim thú, sáor-
sa sinne as a láimh, chor go mbía a
fhios ag uile rioghachduibh an domhuin, gur
tusa amháin an Tighearna Día.



<L 2Rí19:20>
Annsin do chuir Isaiah, mhac
Amos fios go Heseciah, gha rádh,
is marso adeir an Tighearna Día
Israel, dochúala mé an ghuidhe dorinne
tú chugam anaghaidh Shennache-rib
Righ na Hassíria.



<L 2Rí19:21>
Asé so an focal do labhair
an Tighearna dha tháobh, do tharcuis-nigh
an mhaighdion inghean Shion thú, a-gus
do gháir go magamhuil fúd, do
chroith inghean Ierusalem a ceann ort.



<L 2Rí19:22>
Cía scannluigh tú, agus do
aithisigh thú? agus cía anaghaidh
ar árduigh tú do ghuth, agus ar thóg
tú súas do shúile go hárd? eadhon anaghaidh
an naóin náomhtha Israel.



<L 2Rí19:23>
Led theachduibh do aithisigh tú an
Tighearna, agus adubhairt tú, le hio-mad
mo charbad tháinic mé aníos a
mulluighibh na slíabh go táobhuib Leba-non,
agus gérrfa mé síos a crainn
árrachda Cédar, agus togha a crann
gciumhuis: agus racha mé asteach go
lóistínibh a imil, agus go foraóis
a Charmel.



<L 2Rí19:24>
Do thochuil mé, agus do ibh mé
uisceadha coimhightheacha, agus le bonn mo
chos do thiormuidh mé súas uile aibhne na
náiteach ndaingean.



<L 2Rí19:25>
Nach ccúala tusa fada ó shin
ciondus dorinne mé é? agus gur chum
mé é ó na seanaimsearuibh? anois
thug mé a gcrích é, chor go mbeitheá-
sa chum dénamh fásuigh do chaithreachaibh
daingne, na ccárnuibh fásamhla.



<L 2Rí19:26>
Ar anadhbharsin dobhádar a
náitreabhuigh beagchumhachdach, do ghabh
critheagal agus do cláoidheadh íad, do
bhádar mar fhéur an mhachaire, agus mar
an luibh ghlais, mar an bhféur ar mhullach
tighe, agus mar arbhar mheathas suil
fhásas sé súas.



<L 2Rí19:27>
Acht is fios damhsa hionad
comhnuidhe, do dhul amach, agus do theachd
asteach, agus do bhuile am aghaidh.



<L 2Rí19:28>
Do bhrígh go bhfuil tú air buile am
aghaidh, agus gur éirghe do chuthach súas
am chlúasuibh, ar anadhbharsin cuirfe
misi mo dhubháin ann do shróin, agus mo
shrían ann do bhéul, agus fillfe mé ar
hais thú annsa tslighe iona ttáinic
tú.



<L 2Rí19:29>
Agus biáidh so na chomhartha
agad, íostaoi ar an mblíadhuinsi do
na neithibh fhásas úatha fhéin, agus ann-
sa dara blíadhuin do na neithibh fhásas
asta sin, agus annsa treas bliadhuin
cuiridh síol, agus beanuidh, agus plann-duighidh
fíneamhna, agus ithidh a ttoradh
sin.



<L 2Rí19:30>
Agus an fuighioll rachus as
do thigh Iúdah, gébhuid fós fréamh
síos, agus dobhéaruid toradh súas.



<L 2Rí19:31>
Oír rachaidh fuighioll amach as
Ierusalem, agus an mhéid dochúaidh as
ó shlíabh Sion: dodhéna teasghrádh Thi-ghearna
na slógh so.



<L 2Rí19:32>
Ar anadhbharsin is marso adeir
an Tighearna a ttaoibh Rígh na Has-síria,
ní thiocfaidh sé don chathruighsi,
agus ní chaithfidh sé soighead ann, ní
thiocfaidh sé na hagaidh le scéith:
agus ní theilgfidh sé ann treinnse na
haghaidh.



<L 2Rí19:33>
Annsa tslighe a ttáinic sé,
annsa tslighe chédna fhillfeas sé, agus
ní thiocfaidh sé don chathruighsi, adeir
an Tighearna.



<L 2Rí19:34>
Oír cuimhdeochaidh misi an cha-thairsi
dhá dídean ar mo shon féin, agus
ar son mo shearbhfhoghantuigh Dáibhi.



<L 2Rí19:35>
Agus tárla anoidhche sin feín, go
ndeachuidh aingel an Tighearna amach, agus
gur bhúail sé a bhfoslungphort na Nas-sírianach
céud agus ceithche fithchid
agus cúig mhíle; agus anúair do éir-gheadar
go moch ar maidin, féuch do
bhádar uile na ccorpuibh marbha.



<L 2Rí19:36>
Marsin do ghlúais Sennache-rib
Rígh na Hassíria, agus dimthigh agus
dfill sé, agus dorinne comhnuigh a
Ninebheh.



<L 2Rí19:37>
Agus tárla mar dobhí sé ag
adhradh a ttigh Nisroch a dhé, gur
bhuáil Adrammelech agus Sareser a
mhic leis an ccloidheamh é: agus do thei-theadar
féin go crích na Harménia,
agus do ríoghuidh Esarhaddon a mhac
iona áit.



Caib.20.



<L 2Rí20:1>
Ansna láethibhsin dobhí
Heseciah tinn chum báis;
agus tháinig an fáigh
Isaiah mhac Amos chuige,
agus adubhairt ris, is mar-
so adeir an Tighearna, cuir do thigh anórdughadh;
óir éugfuidh tú, agus ní
mhairfidh tú.



<L 2Rí20:2>
Annsin dfill seision a aghaidh ar
an mballa, agus do ghuidh sé an Ti-ghearna,
gha rádh,



<L 2Rí20:3>
Guidhim thú, a Thighearna, cuimh-nigh
anois mar do shiubhail mé ad lathair
a bhfírinne, agus maille ré croidhe iom-lán,
agus go ndérna mé an ní budh maith
ad radharc; agus do ghuil Heseciah
go géur.



<L 2Rí20:4>
Agus tárla suil dochuáidh Isaiah
amach annsa ccúirt mheadhonuigh, go ttái-nic
bríathar an Tighearna chuige, gha
rádh,



<L 2Rí20:5>
Fill arís, agus innis do Hese-ciah
caiptín mo phobail, is marso adeir
an Tighearna Día hathar Dáibhi, dochuála
mé hurnaigh, agus dochonnairc mé
do dhéra: féuch, sláineochuidh mé thú; ar
an treas lá racha tú súas go tigh an
Tighearna.



<L 2Rí20:6>
Agus cuirfidh mé cúig bhlíadhna
déug dfad ar do sháoghal, agus sáor-fa
mé thú feín agus an chathairsi as
láimh Rígh na Hassíria, agus cuimh-deochuidh
mé an chathairse ar mo shon féin,
agus ar son mo shearbhfhoghantuigh
Dáibhi.



<L 2Rí20:7>
Agus adubhairt Isaiah, glac
meall fígeadh. Agus do ghlacadar,
agus do chuireadar ar an neascóid é,
agus dobhí seision slán.



<L 2Rí20:8>
Agus adubhairt Heseciah ré I-saiah,
cía bhus comhartha go leigheo-suidh
an Tighearna mé, agus go ra-chaidh
mé súas go tigh an Tighearna an
treas lá?



<L 2Rí20:9>
Agus adubhairt Isaiah, dogheabha
tú an comharthasa ón TTighearna, go
ndéna an Tighearna an ní do labhair sé;
an rachaidh an sgáile ar aghaidh deich
gcéim, no deich gcéim air ccúl?



<L 2Rí20:10>
Agus do fhreagair Heseciah, is
ní súarrach don sgáile dhul síos deich
ccéim; ní headh, achd filleadh an sgáile
deich ccéim ar ais.



<L 2Rí20:11>
Agus do éigh Isaiah an fáigh
chum an Tighearna, agus rug sé an
sgáile deich ccéim ar cúl ann a ndeachuidh
sé síos a ndiail Ahas.



<L 2Rí20:12>
Fanamsin do chuir Berodach-
baladan mhac Baladain Rígh na Babilóne
litreacha agus brontanus chum Hese-ciah;
óir dochúala sé go raibh He-seciah
tinn.



<L 2Rí20:13>
Agus déisd Heseciah riú,
agus do thaisbéin dóibh tigh taisgidh a
neithionn mórluaigh, a nairgid, agus a
nóir, agus na spíosradh, agus na
hola lóghmhaire, agus tigh a armála
uile, agus an mhéid fríth ann a ionnmhu-suibh:
ní raibh éinní iona thigh, nó iona
thighearnus uile, nar thaisbéin Heseciah
dhóibh.



<L 2Rí20:14>
Annsin tháinic Isaiah an fáigh
gus an Rígh Heseciah, agus adu-bhairt
ris, cred adubhradar na daóine-
si, agus cía ó ttangadar chugad-
sa? adubhairt Heseciah, thangadar
ó thír imchéin, ón Mbabilóin.



<L 2Rí20:15>
Agus adubhairt seision, cred
dochonncadar ann do thigh? agus adu-bhairt
Heseciah, a bhfuil do neithibh ann mo
thighse dochonncadar iad: ní bhfuil éinní a
measc mionnmhuis nachar thaisbeín mé
dhóibh.



<L 2Rí20:16>
Agus adubhairt Isaiah re He-seciah,
éist ré breithir an Tighearna.



<L 2Rí20:17>
Féuch, tiocfaid na laéthe go
mbéarthar a bhfuil ann do thighsi, agus
ar chuireadar haithre súas a stór gus
aniugh, don Bhabilóin: ní fhúigfi-ghear
éinní, adeir an Tighearna.



<L 2Rí20:18>
Agus dot mhacaibh thiucfas
uáit, noch gheinfeas tusa, béuruid sion
leó, agus béid na ccaillteanachuibh a
bpálas Rígh na Babilóine.



<L 2Rí20:19>
Annsin adubhairt Heseciah re
Isaiah, is maith bríathar an Tighear-na,
noch do labhair tusa: agus adu-bhairt,
nach mhaith é, má bhíonn síothcháin
agus fírinne ann mo laéthibhsi.



<L 2Rí20:20>
Agus an chuid oile do ghníomhuibh
Heseciah, agus a neart uile, agus mar dorinne
sé tobar agus piópa uisge, agus
mar thug uisge chum na caithreach, nach
bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice
Ríogh Iúdah?



<L 2Rí20:21>
Agus do choduil Heseciah a
bhfochair a aithreadh, agus do ríoguidh
Manasseh a mhac iona áit.



Caib.21.



<L 2Rí21:1>
Dobhí Manasseh dhá bhlíadhain
déug dáois anuair do tho-suigh
sé a ríghe, agus do
bhí na Rígh cúig bhlíadhna
déug, agus dá fhithchiod ann Ieru-salem,
agus dobé ainm a mhathar
Hephsibah.



<L 2Rí21:2>
Agus dorinne sé an ní fa
holc a radharc an Tighearna, do réir
adhfhuathmhaireachd na ngeinteadh, noch do
theilg an Tighearna amach roimhe chloinn
Israel.



<L 2Rí21:3>
Oir do chuir sé súas arís na
háite árda, noch do mhill heseciah
a athair, agus do chuir sé altóra súas
do Bhaal, agus dorinne sé gar-rán
mar dorinne Ahab Rígh Israel,
agus do adhuir sé slúagh neimhe uile,
agus dorinne serbhís dóibh.



<L 2Rí21:4>
Agus dorinne sé altóra a
ttigh an Tighearna, dá ndubhairt an
Tighearna, ann Ierusalem chuirfios
mé mainm.



<L 2Rí21:5>
Agus do chuir sé altóra súas
do shlúagh neimhe uile, an ndá chúirt
thighe an Tighearna.



<L 2Rí21:6>
Agus thug ar a mhac dul thríd
an tteine, agus do adhradh daimsea-ruibh,
agus doníodh droigheachd, agus
cumann ré leannánuibh síthe, agus re luchd
fáistine: doibrigh sé mórán uilc a
radharc an Tighearna, ler bhrostuigh
é chum feirge.



<L 2Rí21:7>
Agus do shuighidh sé íomháigh
ghrábhálta don gharrán dorinne sé
annsa tigh a ttaóibh a ndubhairt an
Tighearna ré Dáibhi, agus re Solamh
a mhac, annsa tighsi, agus ann Ie-rusalem,
noch do thogh mé as treabh-uibh
Israel uile, chuirfios mé mainm go
bráth.



<L 2Rí21:8>
Agus ní chorracha mé cosa Is-rael
nios mó amach as a ndúithche
féin, noch thug mé dá naithribh, amháin
má choimhéduid síad a dhénamh do réir
anuile dhlighe do aithin mo shearbhfho-ghaantuigh
Maóise dhíobh.



<L 2Rí21:9>
Acht níor éisteadarsan, agus
do tharruing Manasseh íad chum nios
mó dulc do dhénamh, ná a ndérnadar
na cineadhacha do dhíbir an Tighearna
roimhe chloinn Israel.



<L 2Rí21:10>
Agus do labhair an Tighearna
trena shearbhfhoghantaibh na fáighe,
dha rádh.



<L 2Rí21:11>
Do bhrígh go ndérnuidh Ma-nasseh
Rígh Iúdah na neithe adhfhuath-mharsa,
go ndérna sé olc ós cionn
a ndérnadar na hamorítigh, noch do
bhí roimhe, agus go ttug air Iúdah
mar an gcédnah peacugadh lena iodh-aluibh.



<L 2Rí21:12>
Ar anadhbharsin is marso adeir
an Tighearna Día Israel, féuch,
atáim ag tabhairt a leithéid sin dulc
ar Ierusalem, agus ar Iúdah, gidhbé
ar bith chluinfios é, go mbía fuaim
iona dhá chluáis.



<L 2Rí21:13>
Agus sínfidh mé tar Ierusa-lem
dórubha Shamária, agus plumba
(luaighe) thighe Ahab, agus cuimeol-uidh
mé Ierusalem, mar chuimlios duine
mias, dá cumailt, agus da hiompógh
bun ós cionn.



<L 2Rí21:14>
Agus tréigfidh mé fuighioll
moighreachda, agus seachoduigh mé a láimh
a námhad íad, agus béid na ccreich,
agus na nédail agá naimhde uile;



<L 2Rí21:15>
Do bhrígh go ndérnadar an ní
dob olc ann mo radharc, agus gur
chorruigheadar chum feirge mé, ón ló
fá ttangadar a naithre amhach as an
Négipt gus aniugh.



<L 2Rí21:16>
Tuilleamh oile, do dhóirt Manas-seh
fuil neimhchiontach go roiomar-cach,
nó gur líon sé Ierusalem ón
chionn go chéile, táobh amuich dá pheacadh
lé ttug sé ar Iúdah peacughadh a
ndénamh an neithe fa holc a radharc
an Tighearna.



<L 2Rí21:17>
Anois an chuid oile do ghnío-mhaibh
Mhanasseh, agus a ndérna sé
uile, agus a pheacadh noch do pheacaidh
sé, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croi-nice
Ríogh Iúdah?



<L 2Rí21:18>
Agus do choduil Manas-seh
a bhfocair a aithreadh, agus do
hadhlaiceadh a ngáirdín a thighe féin é,
a ngáirdín Ussah; agus do ríoghadh
Amon a mhac na áit.



<L 2Rí21:19>
Dobí Amon dhá blíadhuin agus
fithche daóis an tan do thosuigh sé a
ríghe, agus dobhí sé na Rígh dhá
bhlíadhuin ann Ierusalem: agus dobé
ainm a mhathar Mesulemet, inghean Ha-rus
ó Iotbah.



<L 2Rí21:20>
Agus dorinne sé an ní dob olc
a radharc an Tighearna, mar dorinne
a athair Manasseh.



<L 2Rí21:21>
Agus do shiubhail sé annsna hui-le
shlighthibh ann ar shiubail a athair, agus
dorinne serbhís do na hiodhaluibh dá ndear-nuidh
a athair serbhís, agus do adhair
sé dhóibh.



<L 2Rí21:22>
Agus do thréig sé an Tighear-na
Día a aithreadh, agus níor shiubhail
sé a slighe an Tighearna.



<L 2Rí21:23>
Agus do chumadar searbhfhoghan-tuighe
Amon feall na aghaidh agus do
mharbhadar an Rígh iona thigh féin.



<L 2Rí21:24>
Agus do mharbhadar dáoine na
tíre an luchd sin uile dorinne feall ana-ghaidh
an Rígh Amon, agus dorinneadar
dáoine na tíre Rígh do Iosiah a mhac na
aít.



<L 2Rí21:25>
Anois an chuid oile do ghníomhuibh
Amon, noch dorinne sé, nach bhfuilid
síad scríobhtha a leabhar croinice Ríogh
Iudah?



<L 2Rí21:26>
Agus do hadhlaiceadh iona thu-ama
é a ngáirdín Ussa, agus dobhí
Iosiah a mhac na Rígh na áit.



Caib.22.



<L 2Rí22:1>
Dobhí Iosiah ochd mblíadna
dáois anuair do thosuigh a
ríghe, agus dobhí sé na
Rígh áon bhlíadhuin déug ar
fhithchidh ann Ierusalem: agus dobé ainm
a mhathar Iedidah inghean Adaiah ó
Bhoscat.



<L 2Rí22:2>
Agus dorinne sé an ní fa maith
a radharc an Tighearna, agus do shiu-bhail
sé anuile shlighthibh a athar Dáibhi,
agus níor fhill sé do leaghtaoibh ar a
láimh dheis nó ar a láimh chlé.



<L 2Rí22:3>
Agus tárla annsa nochdmhadh blía-dhuin
déug don Rígh Iosiah, gur chuir
an Rígh, Saphan mhac Asaliah, mhic
Messullam an scribhneóir go tigh an
Tighearna, gha rádh,



<L 2Rí22:4>
Eírigh súas go Hilciah an tárd-shagart,
go náirimh sé an tairgiod tu-gadh
go tigh an Tighearna, noch do chrui-nnigheadar
luchd coimheáda an doruis ón
phobal.



<L 2Rí22:5>
Agus tugaidís a láimh luchd dén-ta
na hoibre é, agá bhfuil féuchuin ós
cionn thighe an Tighearna: agus tugai-díssion
é don luchd oibre, noch atá a ttigh
an Tighearna do leasughadh bhriste an
tighe,



<L 2Rí22:6>
Do sháoruibh crainn, agus do áos
dénta an tighe, agus do shaóruibh
cloch, agus do cheannach adhmuid, agus
chloch snoighte daithdhénamh an tighe.



<L 2Rí22:7>
Acht cheana, ní dhérnadh cuntus ar
bith riú fan nairgiod tugadh air a láimh,
do bhrígh go ndérnadar fírinne.



<L 2Rí22:8>
Agus adubairt Hilciah an tárd-shagart
ré Saphan an scribhneóir, fuair
mé leabhar an dlighe a ttigh an Tighearna;
agus thug Hilciah an leabhar go Saphan,
agus do leígh sé é.



<L 2Rí22:9>
Agus tháinic Saphan an scri-bhneóir
gus an Rígh, agus thug scéula chum
an Rígh arís, agus adubhairt, do chrui-nnigheadar
do sherbhísigh an tairgiod fríth
annsa tigh, agus thugadar é a láimh
na druinge atá ag dénamh na hoibhre,
agá bhfuil fuirfhethiomh ós cionn thighe an
Tighearna.



<L 2Rí22:10>
Agus do thaisbeín Saphan an
scribhneóir don Rígh, gha rádh, thug
Hilciah an sagart leabhar dhamhsa:
agus do léigh Saphan é a lathair ann
Rígh.



<L 2Rí22:11>
Agus tárla anúair dochúala
an Rígh bríathra leabhair an dlighe, gur
bhris sé a eádach.



<L 2Rí22:12>
Agus dfúagair an Rígh do Hil-ciah
an sagart, agus do Ahicam
mhac Saphan, agus do Achbor mhac
Michaiah, agus do Shaphan an scri-bhneóir,
agus do Asahiah serbhíseach
don Rígh, dhá rádh,



<L 2Rí22:13>
Eirgidhe, fiafruighidh don Ti-ghearna
air mo shonsa, agus ar son an
phobail, agus ar son Iúdah uile, a
ttaobh bhríathar an leabhairso dofríth:
óir is mór fearg an Tighearna atá ar
na hadhnadh ar naghaidh, do bhrígh nár
umhluigheadar ar naithre do bhríathruibh
an leabhairso, do dhénamh anuile neithe
dá bhfuil scríobhtha dar ttaóibh.



<L 2Rí22:14>
Mar sin dochuáidh Hilciah
an sagart, agus Ahicam, agus Ach-bor,
agus Saphan, agus Asahiah
go Huldah an bhanfháigh, bean Shallum
mhic Ticbhah mhic Harhas, fear coimh-éda
na néuduigheadh, (anois do comhnuigh
sí ann Ierusalem annsa choláisde) a-gus
do labhradar ría.



<L 2Rí22:15>
Agus adubairt sisi ríu, is
marso adeir an Tighearna Día Is-rael,
innsidh don duine do chuir chugam-
sa sibh.



<L 2Rí22:16>
Is marso adeir an Tighear-na,
féuch, dobhéra mé olc ar anáit-
si, agus air a háitreabhuibh, uile bhríathra
an leabhair do léigh Rígh Iúdah.



<L 2Rí22:17>
Do bhrígh gur thréigeadar mé,
agus gur loisgeadar túis do dheeibh
oile, chor go mbrostuigheadís misi chum
feirge le uile oibreacha a lámh: uimesin
lasfuidh mfearg anaghaidh na háitesi,
agus ní mhúchfuighthear í.



<L 2Rí22:18>
Acht re Rígh Iúdah, noch do
chuir sibhsi dfíafruighe don Tighearna,
is marso adérthaoi ris, is marso
adeir an Tighearna Día Israel a
ttaobh na mbríathar dochúaluidh
tú;



<L 2Rí22:19>
Do bhrígh go raibh do chroidhe
máoth, agus gur umhluigh tú thú féin
a lathair an Tighearna, anuair dochúala
tú cred do labhair misi anaghaidh na
háitesi, agus anaghaidh a háitrea-bhach,
go mbéidís na bhfásach, agus
na mallachduin, agus gur réub tú
hédach, agus gur ghuil tú am fhíadhnui-se,
dochuala misi mar an gcédna
thú, adeir an Tighearna.



<L 2Rí22:20>
Féuch, ar anadhbharsin cruinn-eochadsa
thú a bhfochair haithreadh, a-gus
cruinneochar chum huaighe thú go
síothchánta, agus ní fhaicfid do shúile
an lán uilc dobhéras mé ar anáitsi.
Agus thugadar scéula arís chum an
Rígh.



Caib.23.



<L 2Rí23:1>
Agus do chuir an Rígh fios
amach, agus do chruinnigh-eadar
chuige sinnsir Iúdah
uile agus Ierusalem.



<L 2Rí23:2>
Agus dochuaidh an Rígh suas
go tigh an Tighearna, agus daóine
Iúdah uile, agus uile áitreabhuigh Ie-rusalem
maille ris, agus na sagairt,
agus na fáighe, agus an pobal uile,
beag agus mór: agus do léigh sé
iona cclúasaibh, uile bhríathra leabhair
an chunnartha, noch fríth a ttigh an
Tighearna.



<L 2Rí23:3>
Agus do sheas an Rígh ag piléur,
agus dorinne sé cunnradh a lathair an
Tighearna do shiubhal a ndiáigh an Tigh-earna,
agus a aitheanta, agus a fhíad-nuiseadha,
agus a reachda do choimhéud
maille réna nuile chroidhe, agus rena
nuile anum, chum bríathra an chu-nnarthasa
do choimhlíonadh, noch dobhí
scríobhtha annsa leabharso: agus do
sheasadar an pobal uile air an ccunn-radh.



<L 2Rí23:4>
Agus do aithin an Rígh do Hil-ciah
an tárdshagart, agus do sha-gartaibh
an dara huird, agus do
choimhéuduibh an doruis, na huile shoithighe
dorinneadh do Bhaal, agus don ghar-rán,
agus do shlúagh neimhe uile, do
thabhairt amach as teampall an Tighearna,
agus do loisg sé íad táobh amuich do
Ierusalem a machairibh Cidron, agus
rug a luaith leis go Bétel.



<L 2Rí23:5>
Agus do chuir sé síos na sa-gairt
iodhladhartha, noch do órduigheadar
Ríghthe Iúdah do losgadh túise annsna
háitibh árda a ccaithreachaibh Iúdah, a-gus
annsna háitibh faccuairt timchioll
Ierusalem: an mhuintir fós do loisgeadh
túis do Bhaal, don ghreín, don
ghealuidh, agus do na pláinéduibh, agus
do shluagh neimhe uile.



<L 2Rí23:6>
Agus thug sé amach an garrán
ó thigh an Tighearna, táobh amuich do
Ierusalem go habhuinn Cídron, agus do
loisg ag abhuinn Cídron é, agus dorinne
luaithrdh dhe, agus do chaith an luáithreadh
ar uáighibh chloinne an phobail.



<L 2Rí23:7>
Agus do bhris sé síos tigh na
Sodomíteach, noch dobhí láimh re tigh an
Tighearna, mar a ndénadh na mná fi-gheacháin
don gharrán.



<L 2Rí23:8>
Agus thug sé na sagairt uile as
caithreachaibh Iúdah, agus do shaluigh na
háite árda mar a loisgeadís na sa-gairt
túis, ó Gheba go Berseba, agus
do bhris síos na háite árda na ngeatadh
dobhí a ndul asteach gheata Iosua,
úachdarán na caithreach, noch dobhí ar an
láimh chlé do gheata na caithreach:



<L 2Rí23:9>
Gidheadh ní thangadar sagairt na
náiteach nárd súas go haltóra an Ti-ghearna
ann Ierusalem, achd a duadar
don narán gan loibhín a measg a ndear-bhráithreach.



<L 2Rí23:10>
Agus do thruáilligh sé Tophet,
noch atá a ngleann chloinne Hinnom, iondus
nach budh fhéidir lé hénduine a thabhairt
air a mhac nó ar a inghin dhul thríd an
tteine go Molech.



<L 2Rí23:11>
Agus rug sé leis na heich thu-gadar
Ríghthe Iúdah don ghréin a
ndul asteach thighe an Tighearna, láimh
ré seómra Natan-melech an seom-radóir,
noch dobí san bhaile amuich,
agus do loisg sé carbuid na gréine
le teine.



<L 2Rí23:12>
Agus na haltóra dobhí a mul-lach
séomra úachdaruigh Ahas, noch dorinneadar
Ríghthe Iúdah, agus na haltó-ra
dorinne Manasseh an ndá chúirt
thighe an Tighearna, do réub an Rígh, agus
do bhris síos as sin íad, agus do caith
a luaithreadh anabhuinn Cídron.



<L 2Rí23:13>
Agus do mhill an rígh na háite
árda dobhí as coinne Ierusalem, noch do
bhí ar an láimh dheis do shlíabh an truail-lighthe,
noch dorinne Solamh Rígh Israel
do Astoret, adhfhúathmhaireachd na Sidó-nianach,
agus do Chemos adhfhuáthmhaireachd
na Móabiteach, agus do Mhilchon
adhfhúathmhaireachd chloinne Ammon.



<L 2Rí23:14>
Agus do bhris sé na híomháighe
a mblodhuibh, agus do ghérr sé síos na
garráin, agus do líon sé a náiteach do
chnámhuibh dáoine.



<L 2Rí23:15>
Tuilleamh fós, analtoír dobhí a
Mbétel, agus anáit árd dorinne Iero-boam
mhac Nébat, noch thug ar Israel
peacughadh, analtóir aráon agus anáit
árd do bhris sé síos, agus do loisg
anáit árd, agus dorinne luaíthreadh dhi,
agus do loisg an garrán.



<L 2Rí23:16>
Agus mar do iompóigh Iosiah
é feín, dochonnairc sé na túamadha do
bhí annsin annsa tslíabh, agus do chuir
fios agus do thóg na cnámha amach as
na húaighibh, agus do loisg ár anal-tóir
íad, agus do thrúaill í do réir
bhréithre an Tighearna, noch dfúagair
óglach Dé noch do réumhráidh na bría-thrasa.



<L 2Rí23:17>
Annsin adubhairt sé, cred é an
tiodal sin dochím? agus do innsiodar
muintir na caithreach, sé so tuama
óglaich Dé, noch tháinic ó Iúdah,
agus dfúagair na neithesi dorinne tusa
anaghaidh altóra Bhétel.



<L 2Rí23:18>
Agus adubhairt seision, léigidh
dhó, ná corruigheadh duine air bith a chná-mha:
marsin do leígeadar dá chnámhuibh
úatha maille re cnámhuibh an nfáigh thái-nic
ó Shamária.



<L 2Rí23:19>
Agus mar an gcéadna tighthe
na náiteach nárd uile dobhí a ccaithrea-chaibh
Shamária, noch dorinneadar Righte
Israel do bhrostughadh an Tighearna chum
feirge, do chuir Iosiah as íad, agus
dorinne sé riú do reír anuile ghníomh dorinne
sé a Mbétel.



<L 2Rí23:20>
Agus do mharbh sé sagairt na
naíteach nárd uile, dobhí annsin, ar na
haltóruibh, agus do loisg sé cnámha
dáoine orra, agus dfill sé go Hie-rusalem.



<L 2Rí23:21>
Agus do aithin an Rígh don pho-bal
uile, gha rádh, Coimhéuduigh
an Cháisg da bhur TTighearna Día,
mar atá scríobhtha annsa leabhairso an
chunnartha.



<L 2Rí23:22>
Go deimhin níor coimhédadh a lé-itheid
sin do Cháisg ó laéthib na mb-reitheamh
dorinne breitheamhnus air Israel,
nó ar feadh uile laétheadh Ríogh Israel,
nó Ríogh Iúdah.



<L 2Rí23:23>
Acht annsa nochdmhadh blíadhuin
déug don Rígh Iosiah, ann ar congmhadh
an Cháisgsi don Tighearna ann Ieru-salem.



<L 2Rí23:24>
Tuilleamh fás, na leannáin síthe,
agus an luchd fáistine, agus na hío-mháighe,
agus na híodhuil, agus gach
uile adhfhúathmhaireachd dofríth a ttír Iú-dah,
agus ann Ierusalem, do chuir
Iosiah ar ccúl íad, chor go ccoimhlíonfadh
sé bríathra an dlighe, noch dobhí scrí-obhtha
annsa leabhar dofúair Hilciah an
sagart a ttigh an Tighearna.



<L 2Rí23:25>
Agus ní raibh Rígh cosmhuil
ris roimhe, do iompóigh chum an Tighear-na
maille rena uile chroidhe, agus
lena uile anum, agus lena uile
neart, do réir dhlighe Mhaoise uile,
agus níor éirigh énduine na dhiáigh
cosmhuil ris.



<L 2Rí23:26>
Gidheadh níor fhill an Tighearna
ó chuthach a fheirge móire, le ar hadh-nadh
a fhearg anaghaidh Iúdah, tre mhéud
an bhrostuighthe ler bhrostuigh Manas-seh
é.



<L 2Rí23:27>
Agus adubhairt an Tighearna,
atharrochuidh mé Iúdah fós mar do
atharruigh mé Israel; agus teilgfe
mé uáim an chathairsi Ierusalem, noch
do thogh mé, agus an tigh a ndubhairt
mé go mbeith mainm ann.



<L 2Rí23:28>
Anois an chuid oile do ghníomh-uibh
Iosiah, agus a ndérna sé uile,
nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar
croinice Ríogh Iúdah?



<L 2Rí23:29>
Iona láethibhsion dochuáidh Phá-rao-
Nechoh Rígh na Hégipte súas anaghaidh
Righ na Hassíria go nuige
an sruth Euphrates: agus dochuáidh
an Rígh Iosiah iona aghaidh, agus do
mharbh seision é a Megiddo, anuair dochonnairc
sé é.



<L 2Rí23:30>
Agus rugadar a mhuintir
leo é a ccarbad marbh ó Mhegiddo,
agus thugadar go Hierusalem é, a-gus
do adhlaiceadar é iona thuama
féin: agus do ghlacadar daóine
na tíre Iehoahas mhac Iosiah, a-gus
do ungadar é, agus dorinnea-dar
Rígh dhe anáit a athar.



<L 2Rí23:31>
Dobhí Iehoahas trí blíadhna
fithchiod daóis anuair do thosuigh sé
a ríghe, agus dobhí na Rígh trí mhí
ann Ierusalem; agus dobé ainm a
mhathar Hammutal, inghean Ieremiah ó
Libnah.



<L 2Rí23:32>
Agus dorinne sé an ní dob
olc a radharc an Tighearna, do réir
gach a ndérnadar a aithre.



<L 2Rí23:33>
Agus do chuir Pharao-Nec-hoh
a ccuibhreach é a Riblah a ttír
Hamat, chor nach biáidh na Rígh ann
Ierusalem, agus do chuir an tír fá
dhuibhchíos cheud tallann airgid, agus tal-lainn
óir.



<L 2Rí23:34>
Agus dorinne Phárao-Nec-hoh
Rígh do Eliacim mhac Iosiah anáit
Iosiah a athar, agus thug Ie-hoiacim
dainm air, agus rug Iehoahas
leis; agus tháinic don Négipt, agus
déug sé annsin.



<L 2Rí23:35>
Agus thug Iehoiacim an tair-giod
agus an tór do Phárao, a-gus
dorinne gearradh air a tír, díoc
anairgid do réir aithne Phárao: do
thabhuigh sé an tairgiod agus an tór
ar mhuintir na tíre, ar gach uile
dhuine do réir a ghérrtha, ré thabhairt do
Pharao-Nechoh.



<L 2Rí23:36>
Dobhí Iehoiacim cúig bhlíadna
fithchiod daóis anuáir do tosuigh a
ríghe, agus dobhí na Rígh éin bhlíadhuin
déug ann Ierusalem: agus dobé
ainm a mhathar Sebudah inghean Phe-daiah
ó Rumah.



<L 2Rí23:37>
Agus dorinne sé an ní fa
holc a radharc an Tighearna, do réir
gach a ndérnadar a aithre.



Caib.24.



<L 2Rí24:1>
Iona láethibhsion tháinic Ne-buchadnessar
Rígh na Ba-bilóine
súas, agus iar
mbeith do Iehoiacim na shearbh-fhoghantuigh
dhó ar feadh thrí
mbliadhan, annsin do iompóigh sé, agus
dochuáidh a ccogadh na aghaidh.



<L 2Rí24:2>
Agus do chuir an Tighearna
buidhne do na Móabíteachaibh, agus
buidhne do chloinn Ammon; agus do
chuir sé íad anaghaidh Iúdah dá sgrios,
do réir bhréithre an Tighearna, noch
do labhair sé trena shearbhfhoghantuibh
na fáighe.



<L 2Rí24:3>
Go deimhin is lé haithne an Ti-ghearna
tháinic so ar Iúdah, dá nathar-rach
as a radharc ar son pheacaidh
Mhanasseh do réir anuile ní dá ndér-na
sé.



<L 2Rí24:4>
Agus mar an gcédna ar son
na fola neimhchiontuigh, noch do dhóirt
sé, (óir do lión sé Ierusalem le fuil
neimhchiontuigh) nach maithfeadh an Tighear-na.



<L 2Rí24:5>
Anois an chuid oile do ghníomhuibh
Iehoiacim, agus anuile ní dá ndérna
sé, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar
croinice Ríogh Iúdah?



<L 2Rí24:6>
Mar sin do choduil Iehoiacim
a bhfochair a aithreadh, agus dobhí Ieho-iachin
a mhac na Rígh na áit.



<L 2Rí24:7>
Agus ní tháinic Rígh na Hé-gipte
arís nios mó as a thír féin:
óir do ghabh Rígh na Babilóine ó shruth
na Hégipte go nuige anabhuinn Eu-phrátes
an mhéid do ghabh le Rígh na
Hégipte.



<L 2Rí24:8>
Dobhí Iehoiachin ochd mblíadhna
déug dáois anuair do thosuigh a ríghe,
agus dobhí na Rígh ann Ierusalem trí
mhí: agus dobé ainm a mhathar Ne-husta
inghean Elnatan ó Ierusalem.



<L 2Rí24:9>
Agus dorinne sé an ní fa holc
a radharc an Tighearna, do réir anuile
ní dá ndérnuidh a aithre.



<L 2Rí24:10>
Annsanamsa thangadar muin-tir
Nebuchadnessar Rígh na Babi-lóine
súas anaghaidh Ierusalem, a-gus
do chuireadar slúagh timchioll
air an ccathruigh.



<L 2Rí24:11>
Agus tháinic Nebuchadnessar
Rígh na Babilóine anaghaidh na caith-reach,
agus do shuigh a mhuintir na
bun.



<L 2Rí24:12>
Agus dochuáidh Iehoiachin
Rígh Iúdah amach chum Rígh na Bali-lóine,
é féin, agus a mhathair, agus
a phrionnsadha, agus a oifigidh, agus
do ghabh Rígh na Babilóine é annsanochdmhadh
bliadhuin dá ríghe.



<L 2Rí24:13>
Agus rug sé leis as sin
ionnmhus thighe an Tighearna uile, agus
ionnmhus thighe an Rígh, agus do ghérr
sé na mblodhuibh anuile shoitheach óir
dorinne Solamh Rígh Israel a tteam-pall
an Tighearna, mar adubhairt an
Tighearna.



<L 2Rí24:14>
Agus dorug sé Ierusalem
uile leis, agus na prionnsadha uile,
agus anuile duine árrachda a ngais-gidh,
eadhon deich míle bráighe, agus an
luchd ceirde uile, agus na gaibhne:
níor fhan duine, achd an luchd budh boichde.



<L 2Rí24:15>
Agus rug sé Iehoiachin
leis don Bhabilóin, agus mathair an
Rígh, agus mná an Rígh, agus oifi-gidh,
agus cumhachduigh na tíre, rug sé
íad sin leis a mbraighdionus ó Ie-rusalem
don Bhabilóin.



<L 2Rí24:16>
Agus anuile dhuine cumhachdach,
seachd míle fear, agus luchd ceirde a-gus
gaibhne míle; gach a raibh lái-dir
abuidh chum cogaidh, rug Rígh na
Babilóine leis íad a láimh don Bhabi-lóin.



<L 2Rí24:17>
Agus dorinne Rígh na Ba-bilóine
Rígh do Mhattaniah dearbhra-thair
a athar iona áit, agus do athr-uigh
sé a ainm go Sedeciah.



<L 2Rí24:18>
Dobhí Sedeciah blíadhuin agus
fithche daóis anuáir do thosuigh sé
a ríghe, agus dobhí sé na Rígh éin-
bhliádhuin déug ann Ierusalem: agus
dobé ainm a mhathar Hamutal inghean Ie-remiah
ó Libnah.



<L 2Rí24:19>
Agus dorinne sé an ní fa holc
a radharc an Tighearna: do reír gach
éinneithe ná ndearnuidh Iehoiachin.



<L 2Rí24:20>
Oír is tré fheirg an Tighearna
tháinic sin a ccrích air Ierusalem agus
air Iúdah, nó gur theilg sé amach as
a radharc íad, go ndeachuidh Sedeciah a
ccogadh anaghuidh Rígh na Babilóine.



Caib.25.



<L 2Rí25:1>
Agus tárla annsa naómhadh
blíadhuin dá rioghachd, annsa
deichmhadh mí, ar an deichmadh
lá don mhí, go ttáinic Ne-buchadnessar
Rígh na Baililóine, é
feín agus a shluagh uile anaghaidh Ieru-salem,
agus do shuighidh sé a shlúagh na
bun, agus dorinneadar puirt na haghuidh
timchioll faccuairt.



<L 2Rí25:2>
Agus dobhádar a mbun na cai-threach,
nó go ttáinic an táonmhadh blía-dhan
dég do ríghe Shedeciah.



<L 2Rí25:3>
Agus ar an náomhadh lá don
cheathramadh mí do bhúadhuigh an ghorta
annsa ccathruigh, agus ní raibh énghreim
aráin ag muintir na tíre.



<L 2Rí25:4>
Agus do briseadh an cathair súas,
agus do theitheadar a raibh do luchd co-guidh
innte san noidhche a slighe an gheata,
eidir an dá bhalla, noch atá láimh ré
gáirdín an Rígh (anois dobhádar na
Caildeánuigh anaghaidh na caithreach tim-chioll
faccuáirt) agus dimthigh an Rígh
annsa tslighe leath ris an réiteach.



<L 2Rí25:5>
Agus do leanadar slúagh na
Gcaildeánach a ndiaigh an Rígh, agus
rugadar air a réiteach Iericho, agus
dobhí a shluagh uile spréidhte
uadh.



<L 2Rí25:6>
Mar sin do ghabhadar an Rígh, agus
rugadar súas go Rígh na Babilóine é
go Riblah, agus rugadar breitheamhnus air.



<L 2Rí25:7>
Agus do mharbhadar mhic Shede-ciah
as coinne a shúl, agus do bheana-dar
a shúile as Sedeciah, agus do
cheangladar é le boltaighibh práis, agus
rugadar leó don Bhabilóin é.



<L 2Rí25:8>
Agus annsa ccúigeadh mí, ar a
seachdmhadh lá don mhí (nocharbhí sin an
naomhadh blíadhuin déug do Nebuchad-nessar
Rígh na Babilóine) tháinic Ne-busar-adan
caiptín an ghárda searbhfho-ghantuigh
do Rígh na Babilóine go Hieru-salem.



<L 2Rí25:9>
Agus do loisg se tigh an Ti-ghearna,
agus tigh an Rígh, agus tigh-the
Ierusalem uile, agus tigh ghach én-
duine mhoír do loisg sé lé teine.



<L 2Rí25:10>
Agus slúagh na Ccaildeánach
uile dobhí a bhfochair chaiptín an ghárda do
bhriseadar síos balladha Ierusalem tim-chioll
faccuairt.



<L 2Rí25:11>
Anois an chuid oile do na dáoi-nibh
do fhágbhadh annsa ccathruigh, agus
na teithmhigh dimthigh rompa go Rígh na
Babilóine, maille ré fuighioll an phobuil,
dorug Nebusar-adan caiptín an ghár-da
leis íad.



<L 2Rí25:12>
Acht dfág caiptín an ghárda
cuid do bhochduibh na tíre do bheith ag dea-sugadh
fíneamhna, agus na luchd sáothair.



<L 2Rí25:13>
Agus do bhriseadar na Caildeá-nuigh
a mblodhuibh na piléir phráis dobhí
a ttigh an Tighearna, agus na básuidhe,
agus a nfairge phraís dobí a ttigh an
Tighearna, agus rugadar a bprás leó
don Bhabilóin.



<L 2Rí25:14>
Agus rugadar leó na pota-dha,
agus na slúaiste, agus na
glantóirigh, agus na líacha, agus na
huile shoithighe práis lé bhfritheolaidís.



<L 2Rí25:15>
Agus rug caiptín an ghárda
leis na hoighne gríosaidh, agus na
bulladha, agus gach a ndérnadh dór,
agus dairgiod.



<L 2Rí25:16>
Ann dá philéir, a nfairge, agus
na básadha, noch dorinne Solamh do thigh
an Tighearna, ní raibh coimse ar phrás
na soitheachso uile.



<L 2Rí25:17>
Dobé áirde én philéir amháin ochd
ccubhaid déug, agus budh prás an
clúdadh dobhí air: agus dobé áirde
an chlúduigh trí cubhaid, agus dobhí
an líonobair fhighte, agus an pomgra-nat
ar an gceann timchioll faccuairt,
uile do phrás: agus dobhí a leitheid so
air an dara pilér guna obair fhighte.



<L 2Rí25:18>
Agus do ghabh caiptín an ghár-da
Seraiah an tárdshagart, agus
Sephaniah an dara sagart, agus
triúr coimhéuduigh an doruis.



<L 2Rí25:19>
Agus rug sé leis sa an gcath-ruigh
oifigeach do cuireadh ós chionn an
luchd cogaidh, agus cúigear do na daói-
nibh dobhíodh a lathair an Rígh, noch fríth
annsa ccathruigh, agus scribhneóir prinn-siopalta
an tslóigh, noch dáirmheadh
daóine na tíre, agus trí fithchid fear do mhuin-tir
na tíre fríth annsa ccathruigh.



<L 2Rí25:20>
Agus do ghlac Nebusara-
dan caiptín an ghárda íad so, a-gus
thug leis íad go Rígh na Babi-lóine
go Riblah.



<L 2Rí25:21>
Agus do bhuáil Rígh na Ba-bilóine
íad, agus do mharbh sé íad
ann Riblah a ttír Hamat; mar sin
rugad Iúdah ar siubhal as a ttír
féin.



<L 2Rí25:22>
Agus ar son na ndaóine
dfan a ttír Iúdah, noch do fhág Ne-buchadnessar
Rígh na Babilóine, ós a
ccionn sin fós dórduigh sé Gedaliah
mhac Ahicam mhic Saphan na uachdairán.



<L 2Rí25:23>
Agus an tan dochualadar
caipthínigh na slógh uile, íad féin agus
a muintir, go ndérna Rígh Babilóine
uachdarán do Ghedaliah, thangadar
chum Gedaliah go Mispah, eadhon Ismael
mhac Netaniah, agus Iohanan mhac
Careáh, agus Seraiah mhac Tanhumet
an Netophatíteach, agus Iaasaniah
mac an Mhaachatitigh, íad féin agus
a ndaóine.



<L 2Rí25:24>
Agus do mhionnuigh Gedaliah
dhóibh, agus dá ndaóinibh, agus adu-bhairt
ríu, ná bíodh eagla oruibh bheith bhur
searbhfhoghantuibh ag na Caildeánachaibh:
áitighidh annsa bhfearann, agus freasta-luigh
Rígh na babilóine, agus rachaidh
go maith dhaóibh.



<L 2Rí25:25>
Agus tárla annsa seachdmhadh
mí go ttáinic Ismael mhac Netaniah
mhic Elisama don tsíol riógha, agus
deithneamhar fear leis, agus do bhuáil
sé Gedaliah, gur éug sé, agus na
Iúduighe agus na Caildeanuigh dobhí na
fhochair a Mispah.



<L 2Rí25:26>
Agus do éirgheadar an pobal
uile eidir bheag agus mhór, agus caip-tínigh
na slógh, agus dochúadar don
Négipt: óir dobhí eagla na Ccaildeá-nach
orra.



<L 2Rí25:27>
Agus tárla an seachdmhadh bliadh-uin
déug ar fhithchid do phríosúnachd Ie-hoiachin
Rígh Iúdah, annsa dara mí
déug, ar an seachdmhadh lá fithchiod don
mhí, gur thóg Ebhilmerodach Rígh na
Babilóine annsa bhlíadhuin ar thosuigh
a ríghe, ceann Iehoiachin súas as prí-osún.



<L 2Rí25:28>
Agus do labhair sé go cinéul-ta
ris, agus do chuir a chathaóir
ríogha ós cionn chathaóireach Ríghthe
oile, dobhí na fhochair a Mbabilóin.



<L 2Rí25:29>
Agus do athruigh sé a chulaidh
príusúntachda, agus a duáigh sé a-rán
dá lathair do ghnáth ar feadh uile
láetheadh a bheatha.



<L 2Rí25:30>
Agus bá hé a bheatha, beatha do
hórduigheadh dhó go gnáthach ón Rígh,
cuid laétheamhuil anaghaidh gach laói,
ar feadh uile láetheadh a bheatha.


L. 1Cr



AN CHEUD LEABHAR DO NA CROINICLIBH


L. 1Cr1:1


Adhamh, Set, Enos,


L. 1Cr1:2


Cenan, Mahalaleel,
Iered,


L. 1Cr1:3


Henoch, Matuselah,
Lamech,


L. 1Cr1:4


Noah, Sem, Ham, agus Ia-
phet.


L. 1Cr1:5


Mic Iaphet; Gomer, agus
Magog, agus Madai, agus Iabhan,
agus Tubal, agus Mesech, agus
Tiras.


L. 1Cr1:6


Agus mic Ghomer; Aschenas,
agus Riphat, agus Togarmah.


L. 1Cr1:7


Agus mic Iabhan; Elisa, agus
Tarsis, Cittim, agus Dodanim.


L. 1Cr1:8


Mic Ham; Cus, agus Misraim,
Put, agus Canaan.


L. 1Cr1:9


Agus mic Chus; Seba, agus
Habhilah, agus Sabta, agus Raamah,
agus Sabtecha: agus mic Raamah;
Seba, agus Dedan.


L. 1Cr1:10


Agus do ghin Cus Nimrod:
do thosuigh sé ar a bheith cumhachdach ar
an ttalumh.


L. 1Cr1:11


Agus do ghin Misraim Ludim,
agus Anamim, agus Lehabim, agus Naphtuhim,


L. 1Cr1:12


Agus Patrusim, agus Cas-
luhim, (ó ttangadar na Philisti-
nigh) agus Caphtorim.


L. 1Cr1:13


Agus do ghin Canaan Sidon, a
chéidghin, agus Hét.


L. 1Cr1:14


An Iebusiteach mar an gcédna,
agus an Tamoriteach, agus an Gir-
gasíteath.


L. 1Cr1:15


Agus an Hibhiteach, agus Tar-
chiteach, agus an Siniteach,


L. 1Cr1:16


Agus an Tarbhadíteach, agus
an Semariteach, agus an Hamatiteach.


L. 1Cr1:17


Mic Sheim; Elam, agus
Asur, agus Arphaxad, agus Lud,
agus Aram, agus Us, agus Hul,
agus Géter, agus Mesech.


L. 1Cr1:18


Agus do ghin Arphaxad Sélah,
agus do ghin Selah Eber.


L. 1Cr1:19


Agus rugadh días mac do
Eber: dob é ainm áoin díobh Peleg (do
bhrígh gurob ann iona laéthibh do roinneadh an
talamh) agus dobé ainm a dhearbhra-
thar Ioctan.


L. 1Cr1:20


Agus do ghin Ioctan Almo-
dad, agus Seleph, agus Hasarma-
bhet, agus Ierah,


L. 1Cr1:21


Hadoram mar an gcédna, agus
Usal, agus Diclah.


L. 1Cr1:22


Agus Ebal, agus Abimael,
agus Séba,


L. 1Cr1:23


Agus Ophir, agus Habhilah,
agus Iobab: dob íad so uile mic Ioct-
an.


L. 1Cr1:24


Sem, Arphaxad, Selah,


L. 1Cr1:25


Eber, Peleg, Reu,


L. 1Cr1:26


Serug, Nahor, Terah,


L. 1Cr1:27


Abram, sé sin Abraham.


L. 1Cr1:28


Mic Abraham, Isaac agus
Ismael.


L. 1Cr1:29


Síadso a nginealuigh: céidghin
Ismael Nebaiot, annsin Cedar, agus
Adbeel, agus Mibsam.


L. 1Cr1:30


Misma, agus Duma, Massa,
Hadad, agus Tema,


L. 1Cr1:31


Ietur, Naphis, agus Cedemah.
Is iad so mic Ismael.


L. 1Cr1:32


Anois mic Cheturah, leannán
Abraham: rug sí Simran, agus Ioc-
san, agus Medan, agus Midian, a-
gus Isbac, agus Suah. Agus mic
Iocsan; Seba, agus Dedan.


L. 1Cr1:33


Agus mic Mhidian; Ephah,
agus Ephar, agus Henoch, agus A-
bida, agus Eldaah: mic Chetú-
rah íadso uile.


L. 1Cr1:34


Agus do ghin Abraham Isaac:
mic Isaac; Esau agus Israel.


L. 1Cr1:35


Mic Esau; Eliphas, Re-
bhel, agus Ieus, agus Iaalam, agus
Córah.


L. 1Cr1:36


Mic Eliphas; Teman, agus
Omar, Sephi, agus Gatam, Cenas,
agus Timnah, agus Amalec.


L. 1Cr1:37


Mic Rebhel; Nahat, Serah, Sam-
mah, agus Missah.


L. 1Cr1:38


Agus mic Seir: Lotan, agus
Sobal, agus Sibeon, agus Anah, a-
gus Dison, agus Eser, agus Di-
san.


L. 1Cr1:39


Agus mic Lotan; Hóri, agus
Homam: agus dobí Timna deirbhshíur
Lótan.


L. 1Cr1:40


Mic Shóbal; Alian, agus Ma-
nahat, agus Ebal, agus Séphi, a-
gus Onam: agus dob íad mic Shibe-
on; Aiah, agus Anah.


L. 1Cr1:41


Mic Anah; Dison: agus
mic Dhison; Amran, agus Esban, agus
Itran, agus Cheran.


L. 1Cr1:42


Mic Eser; Bilhan, agus Sa-
bhan, agus Iacan: mic Dhisan; Us, a-
gus Aran.


L. 1Cr1:43


Anois asíadso na Ríghthe
do ríoghuidh a ndúithche Edom, suil do
ríoghuidh Rígh air bith ós chionn chloinne Is-
rael; Béla mhac Beor: agus dobé
ainm a chaithreach Dinhabah.


L. 1Cr1:44


Agus anuáir do éug Béla,
do ríoghuidh Iobab mhac Serah ó Bhos-
rah iona áit.


L. 1Cr1:45


Agus anuáir do éug Iobab,
do ríoghuidh Husam ó thír na TTema-
niteach iona áit.


L. 1Cr1:46


Agus anuáir do éug Hu-
sam, do ríoghuidh Hadad mhac Bédad
iona áit, noch do bhuáil Mídian a ma-
chaire Mhoab: agus dobé ainm
a chaithreach Abhit.


L. 1Cr1:47


Agus anuair do éug Há-
dad, do ríoghuidh Samlah ó Mhas-
recah iona áit.


L. 1Cr1:48


Agus anuair do éug Samlah,
do ríoghuidh Seaul ó Rehobot ó na
habhanna, iona áit.


L. 1Cr1:49



L. 1Cr1:50


Agus anuáir do éug Baal-
hanan, do ríoghuidh Hádad iona áit:
agus dobé ainm a chaithreach Pai: a-
gus dobé ainm a mhná Mehetabel in-
ghean Mhátred, inghean Mhesahab.


L. 1Cr1:51


Déug Hádad mar an gcédna.
Agus dob íad so Duibhcidhe Edom:
Duibhce Timnah, Duibhce Aliah, Duibhce
Ietet,


L. 1Cr1:52


Duibhce Aholibamah, Duibhce
Elah, Duibhce Pínon,


L. 1Cr1:53


Duibhce Cénas, Duibhce Téman,
Duibhce Mibsar,


L. 1Cr1:54


Duibhce Magdiel, Duibhce Iram:
is íad so Duibhcidhe Edom.


L. 1Cr2:1


Is iadso clann Israel, Reu-
bin, Símeon, Lébhi, agus Iúdah,
Issachar, agus Sebu-
lun,


L. 1Cr2:2


Dan, Ioseph, agus
Beniamin, Naphtali, Gad, agus A-
ser.


L. 1Cr2:3


Mic Iúdah; Er, agus Onan,
agus Selah: inghean Shua an Cana-
níteach rug an triúr sin dó. Agus
dobhí Er céidghin Iúdah go holc a
radharc an Tighearna, agus do mharbh
sé é.


L. 1Cr2:4


Agus rug Támar, a bhainclia-
mhuin, Pháres, agus Sera dhó. Mic Iu-
dah uile bá cúigear íad.


L. 1Cr2:5


Mic Phares Hesron, agus Hamul.


L. 1Cr2:6


Agus mic Sherah: Simri, agus
Etan, agus Héman, agus Calcol,
agus Dara: bá cúigear íad so uile.


L. 1Cr2:7


Agus mic Charmi; Achar, fear
buáidhearta Israel, noch do sháruigh annsa
ní malluigh.


L. 1Cr2:8


Agus mic Etan; Asariah.


L. 1Cr2:9


Mic Cesron mar an gédna, noch
dorugadh dhó; Ierahmeel, agus Ram,
agus Chelubai.


L. 1Cr2:10


Agus do ghin Ram Amminadab:
agus do ghin Amminadab Nahson,
prionnsa chloinne Iudah;


L. 1Cr2:11


Agus do ghin Nahson Salma, agus
do ghin Salma Boas,


L. 1Cr2:12


Agus do ghin Boas Obed, agus
do ghin Obed Iesse,


L. 1Cr2:13


Agus do ghin Iesse a chédghin
Eliab, agus Abinadab an dara, agus
Simma an treas mac,


L. 1Cr2:14


Netanael an ceathramhadh, Rad-
dai an cúigeadh mac,


L. 1Cr2:15


Osem an seiseadh, Dáibhi an
seachdmhadh mac.


L. 1Cr2:16


Dob íad a ndeirbhsheathracha sin
Seruiah, agus Abigail; agus mic
Sheruiah, Abisai, agus Ioab, agus
Asahel, triúr.


L. 1Cr2:17


Agus rug Abigail, Amasa:
agus dobé athair Amasa Ieter an
Tismeeliteach.


L. 1Cr2:18


Agus do ghin Caleb mhac Hesron
(clann) as Asuba a bhean, agus as
Ieriot: Is íad so a mic: Ieser, So-
bab, agus Ardon.


L. 1Cr2:19


Agus anúair déug Asubah,
thug Caleb cuige Ephrat, noch rug Hur dhó.


L. 1Cr2:20


Agus do ghin Hur Uri, agus
do ghin Uri Besaleel.


L. 1Cr2:21


Agus na dhiaigh sin do chomhría-
chduin Hesron re hinghin Mhachir athair
Ghilead, noch do phós sé anuair dobhí
sé trí fithchid bliadhuin dáois, agus
rug sí Segub dhó.


L. 1Cr2:22


Agus do ghin Segub Iair, agá
rabhadar trí caithreacha fithchiod a ttír
Ghilead.


L. 1Cr2:23


Agus do bhean sé dhíobh Gesur,
agus Aran maille re bailtibh Iair maráon
re Cénat gun a bhailtibh, eadhon trí
fithchid cathair: budh lé macaibh Mhachir
athair Ghileadh íad so uile.


L. 1Cr2:24


Agus tar éis Hesron éug a
Gcáleb-Ephratah, annsin rug Abiah
bean Hesron dó Asur athair Thecoa.


L. 1Cr2:25


Agus mic Ierahmeel céidghin
Hesron; Ram an céd mhac, agus bu-
nah, agus Oren, agus Osem, agus
Ahiiah.


L. 1Cr2:26


Dobhí ag Ierahmeel mar an
gcédna bean oile, darbhainim Atarah,
dobí mathair Onam í.


L. 1Cr2:27


Agus mic Ram, Céidghin Ierah-
meel, dob íad, Maas, agus Iamin, agus
Ecer.


L. 1Cr2:28


Agus dob íad mic Onam; Sam-
mai, agus Iada: agus mic Shammai;
Nadab, agus Abisur.


L. 1Cr2:29


Agus dobé ainm mhná Abisur,
Abihail; agus rug sí dhó Achban agus
Molid.


L. 1Cr2:30


Agus mic Nadab; Seled, agus
Appaim: achd déug Seled gan chlainn.


L. 1Cr2:31


Agus mic Appaim; Isi: agus
mic Isi; Sesan: agus clann Shesan,
Ahlai.


L. 1Cr2:32


Agus mic Iáda dearbhrathair
Shammai; Ieter, agus Ionatan:
deug Ieter gan chloinn.


L. 1Cr2:33


Agus mic Ionatan; Pélet agus
Sása: dob íad so mic Ierahmeel.


L. 1Cr2:34


Annois ní raibh mic ar bith ag
Sesan, act inghean: agus dobhí searbh-
fhoghantuigh ag Sesan, Egipteach,
darbhainm Iarha.


L. 1Cr2:35


Agus thug Sesan a inghean do
Iarha a shearbhfhoghantuigh, agus rug
sí Attai dhó.


L. 1Cr2:36


Agus do ghin Attai Nátan,
agus do ghin Natan Sábad,


L. 1Cr2:37


Agus do ghin Sabad Ephlal,
agus do ghin Ephlal Obed,


L. 1Cr2:38


Agus do ghin Obed Iehu,
agus do ghin Iehu Asariah,


L. 1Cr2:39


Agus do ghin Asaria Heles,
agus do ghin Heles Eleasah,


L. 1Cr2:40


Agus do ghin Eleasah Sisa-
mai, agus do ghin Sisamai Sallum.


L. 1Cr2:41


Agus do ghin Sallum Iecami-
ah, agus do ghin Iecamiah Elisa-
ma.


L. 1Cr2:42


Anois dob íad mic Cháleb
dearbhrathair Ierhameel, Mesa a chéidghin,
noch ba athair do Siph: agus mic Mha-
resa athair Hébron.


L. 1Cr2:43


Agus mic Hébron; Córah,
agus Tappuah, agus Récem, agus
Séma.


L. 1Cr2:44


Agus do ghin Séma Raham,
athair Iorcoam agus do ghin Recem
Sammai.


L. 1Cr2:45


Agus dobé mac Shammai,
Maon: agus dobé Maon athair Bhet-
sur.


L. 1Cr2:46


Agus rug Ephah leanán Chá-
leb, Háran, agus Mósa, agus Gá-
ses: agus do ghin Háran Gá-
ses.


L. 1Cr2:47


Agus mic Iahdai; Regem, a-
gus Iotam, agus Gessan, agus Pe-
let, agus Ephat, agus Saaph.


L. 1Cr2:48


Rug Maacha leannán Cháleb,
Seber, agus Tirhanah.


L. 1Cr2:49


Rug sí mar an ccédna Saaph
athair Mhadmannah, Sébha athair Mha-
chbenah, agus athair Ghibeá: agus
dobí inghean Chaleb Achsa.


L. 1Cr2:50


Dob íadso mic Cháleb mhic
Hur, céidghin Ephratah; Sobal athair
Chiriat-iarim,


L. 1Cr2:51


Salma athair Bhet-lehem, Hareph
athair Bhet-gader.


L. 1Cr2:52


Agus dobhádar mic ag So-
bal, athair Chíriat-iarim; Haroch, a-
gus leath na Manahetiteach.


L. 1Cr2:53


Agus muinteara Chiriat-ia-
rim; na Hitritigh, agus na Puhitigh,
agus na Sumatitigh, agus na Mis-
raitigh; is úadhasin thangadar na Sa-
reátitigh, agus na Hestaulitigh.


L. 1Cr2:54


Mic Shalma; Bet-lehem, a-
gus na Netophatitigh, Atarot, tigh
Ioab, agus leath na Manahetiteach,
na Sorítigh.


L. 1Cr2:55


Agus muinteara na scribhneói-
readh, noch do áitribh an Iabes; na
Tiratitigh, na Simeátitigh, agus na
Suchatitigh: dob íad so na Ceni-
tigh, noch tháinic ó Hemat athair thighe
Rechab.


L. 1Cr3:1


Anois dob íad so mic Dhái-
bhi, noch dorugadh dhó ann
Hébron, an chédghin Am-
non le Ahinoam an Ties-
reelíteach: an dara, Da-
niel le Abigail, an Carmelíteach:


L. 1Cr3:2


An treas (mac) Absolon mhac
Maacha, inghean Talmai Rígh Gésur:
an ceathramhadh, Adoniiah mhac Hag-
git:


L. 1Cr3:3


An cúigeadh, Sephatiah ó Abi-
tal: an seiseadh, Itreám le Eglah a
bhean.


L. 1Cr3:4


Rugadh an seisiorsa dhó ann Héb-
ron, agus dobhí na Rígh annsin seachd
mblíadhna, agus sé mhí: agus dobhí
na Rígh ann Ierusalem tríochad agus
trí blíadhna.


L. 1Cr3:5


Agus dorugadh íadso dhó
ann Ierusalem: Símeá, agus Sóbab, a-
gus Nátan, agus Solamh, ceathrar le
Batsua inghean Ammiel:


L. 1Cr3:6


Ibbar mar an gcédna, agus
Elisama, agus Eliphelet,


L. 1Cr3:7


Agus Nógah, agus Népheg,
agus Iaphia,


L. 1Cr3:8


Agus Elisama, agus Eliada,
agus Eliphelet, náonmhar.


L. 1Cr3:9


Mic Dháibhi uile, táobh amuich do
mhacaibh na leannán, agus Támar a
ndeirbhshiur.


L. 1Cr3:10


Agus mac Sholuimh Reho-
boam, Abia a mhac sin, Asa a mhac
sin, Iehosaphat a mhac sin,


L. 1Cr3:11


Ióram a mhac sin, Ahasiah a
mhac sin, Ioas a mhac sin,


L. 1Cr3:12


Amasiah a mhac sin, Asariah
a mhac sin, Iótam a mhac sin,


L. 1Cr3:13


Ahas a mhac sin, Heseciah
a mhac sin, Manasseh a mhac sin,


L. 1Cr3:14


Amon a mhac sin, Iosiah a mhac
sin.


L. 1Cr3:15


Agus dob íadso mic Iósiah:
an chéidghin Iohanan, an dara Iehoiacim,
an treas Sedeciah, an ceathramhadh Sal-
lum.


L. 1Cr3:16


Agus mhic Iehoiacim; Ieco-
niah a mhac, Sedeciah a mhac sin.


L. 1Cr3:17


Agus mic Ieconiah; Assir,
Salatiel a mhac sin.


L. 1Cr3:18


Malchiram mar an ccédna,
agus Pedaiah, agus Senasar, Ie-
camiah, Hosama, agus Nedabiah.


L. 1Cr3:19


Agus dob íad mic Phedaiah;
Serubbabel, agus Simei: agus mic
Sherubbabel; Mesullam, agus Hana-
niah, agus Selomit a ndeirbhshiúr:


L. 1Cr3:20


Agus Hasubah, agus Ohel,
agus Berechiah, agus Hasadiah,
Iusab-hesed, cúigear.


L. 1Cr3:21


Agus mic Hananiah; Pelatiah,
agus Iesaiah: mic Rephaiah, mic Ar-
nan, mic Obadiah, mic Shechaniah.


L. 1Cr3:22


Agus mic Shechaniah; Sema-
iah: agus mic Shemaiah; Hattus,
agus Igeal, agus Sariah, agus Nea-
riah, agus Saphat, seisior.


L. 1Cr3:23


Agus mic Neariah; Elioenai,
agus Heseciah, agus Asricam,
triúr.


L. 1Cr3:24


Agus dob íad mic Elioenai,
Hadaiah, agus Eliasib, agus Pelaiah, agus
Accub, agus Iohanan, agus Dalaiah,
agus Anáni, móirsheisear.


L. 1Cr4:1


Mic Iúdah: Pháres, Hes-
ron, agus Carmi, agus
Hur, agus Sóbal.


L. 1Cr4:2


Agus do ghin Réaiah
mhac Sóbal, Iahat; agus
do ghin Iahat, Ahumai agus Lahad:
isiadso muintear na Soratiteach.


L. 1Cr4:3


Agus dobhádar so ó athair Etam:
Iesreel, agus Isma, agus Idbas:
agus dob é ainm a ndeirbhsheathrach
Haselelponi.


L. 1Cr4:4


Agus Penuel athair Ghedor,
agus Eser athair Hussah: is íad so
mic Hur, céidghin Ephrátah, athair
Bhet-lehem.


L. 1Cr4:5


Agus dobhádar días ban ag
Assur athair Thecoa, Helah agus Naa-
rah.


L. 1Cr4:6


Agus rug Naarah Ahusam dhó,
agus Hepher, agus Temeni, agus
Haassatari; dob íad so mic Naarah.


L. 1Cr4:7


Agus dob íad mic Helah,
Seret, agus Iesoar, agus Etnan.


L. 1Cr4:8


Agus do ghein Cos Anub, agus
Sobebah, agus muinteara Aharhel,
mhic Harum.


L. 1Cr4:9


Agus dobudh onóruigh Iábes ná
a dhearbhráithre: agus thug a mhathair
Iábes dainm air, gha rádh, do bhrígh go
rug mé maille re doilghios é.


L. 1Cr4:10


Agus do ghoir Iábes ar Dhía
Israel, gha rádh, uch nach beannuighenn tú
misi dháríribh, agus mo theóruinn dfair-
singeadh agus go mbeith do lámh liom,
agus go ccuimhdeochthá ar olc mé, chor
nach goillfeadh sé orum. Agus do áon-
tuigh Día dhó an ní díarr sé.


L. 1Cr4:11


Agus Chelub dearbhrathair Shuah
do ghein sé Mehir, noch dob athair do
Eston.


L. 1Cr4:12


Agus do ghein Eston Bet-ra-
pha, agus Paseah, agus Tehinnah,
athair Ir-nahas: síad so fir Réchah.


L. 1Cr4:13


Agus mic Chenas: Otniel,
agus Seraiah: agus mic Otniel; Há-
tat.


L. 1Cr4:14


Agus do ghein Meonotai,
Ophrah: agus do ghein Seraiah, Ioab,
athair áitrebhach ghlinne Charasim: óir
bá luchd ceirde íad.


L. 1Cr4:15


Agus mic Cháleb mhic Iephu-
nneh; Iru, Elah, agus Naam: agus
mic Elah, eadhon Cenas.


L. 1Cr4:16


Agus mic Iehaleleel; Ziph,
agus Ziphah, Tiria, agus Asa-
reel.


L. 1Cr4:17


Agus dob íad mic Esra; Ieter,
agus Mered, agus Ephes, agus
Ialon: agus rug sí Miriam, agus
Sammai, agus Isbah, athair Estemoa.


L. 1Cr4:18


Agus rug a bhean Iehudiiah,
Iered, athair Ghedor, agus Heber a-
thair Shocho, agus Iecutiel athair Sha-
noah: agus is íad so mic Bhit-
iah, inghean Pháraoh, noch thug Mered.


L. 1Cr4:19


Agus mic a mhná Hódiah, deir-
bhshiúr Naham, athair Cheilah an Gar-
miteach, agus Estemoa an Maacha-
titeach.


L. 1Cr4:20


Agus dob íad mic Shímoin;
Amnon, agus Rinnah, Ben-hanan, a-
gus Tilon: agus dob íad mic Issi;
Sohet, agus Ben-sohet.


L. 1Cr4:21


Dob íad mic Shélah mhic Iú-
dah; Er, athair Lecah, agus Laadah
athair Mharesah, agus muinteara thighe
na druinge do oibrigh línédach fíneal-
ta, do thigh Asbeá,


L. 1Cr4:22


Agus Iocim, agus muintir
Choseba, agus Ioas, agus Saraph,
agá raibh tighearnas a Móab, agus
Iasubi-lehem. Agus is neithe foirfe
íad so.


L. 1Cr4:23


Dob íad so luchd dénta na
bpotadha, agus an drong do chomh-
nuigheadh a measc phlanndadh, agus fháltadh:
annsin do áitreabhaidís ag an Rígh chum
a oibre.


L. 1Cr4:24


Dob íad mic Shimeon; Nemuel,
agus Iámin, Iárib, Sérah, agus
Seaul:


L. 1Cr4:25


Sallum a mhac sin, Mipsam a
mhac sin, Misma a mhac sin.


L. 1Cr4:26


Agus mic Mhisma; Hamuel
a mhac sin, Sacchur a mhac sin, Símei
a mhac sin.


L. 1Cr4:27


Agus dobhí sé mic dhéug ag
Símei, agus seisior inghean; acht ní
raibh mórán cloinne agá dhearbhraithribh:
ní mó do fhásadar a muintir uile cos-
mhuil re cloinn Iúdah.


L. 1Cr4:28


Agus do chomhnuigheadar ann
Beer-séba, agus a Moladah, agus ann
Hasar-sual,


L. 1Cr4:29


Agus ann Bilha, agus ann E-
sem, agus ann Tólad,


L. 1Cr4:30


Agus ann Betuel, agus ann
Hormah, agus ann Siclag,


L. 1Cr4:31


Agus ann Bet-marcabot, a-
gus ann Hasar-susim, agus ann Bet-
birei, agus ann Saaraim: dob íad
so a ccaithreacha go ríghe Dháibhi.


L. 1Cr4:32


Agus dob íad a mbailte, E-
tam, agus Ain, Rimmon, agus To-
chen, agus Assan, cúig caithreacha.


L. 1Cr4:33


Agus a mbailte beaga uile
dobhí timchioll fáccuáirt na ccaith-
reach sin go nuige Baal. Dob íad so
a náitreabh agus a nginealach.


L. 1Cr4:34


Agus Mesobab, agus Iam-
lech, agus Iossah, mhac Amasiah,


L. 1Cr4:35


Agus Ioel, agus Iehu mhac Iosi-
biah, mhic Seraia, mhic Asiel,


L. 1Cr4:36


Agus Elioenai, agus Iaaco-
bah, agus Iesohaiah, agus Asaiah,
agus Adiel, agus Iesimiel, agus
Benaiah,


L. 1Cr4:37


Agus Sisa mhac Siphi, mhic
Allon, mhic Iedaia, mhic Simri, mhic
Semaiah.


L. 1Cr4:38


Iadso luáightear as a nanmanna,
bá prionnsadha ar a muintearuibh íad:
agus do mhéuduigh tigh a naithreach
go mór.


L. 1Cr4:39


Agus dochúadar go dul a-
steach Ghédor, eadhon gus an ttáobh
shoir don ghleann, díarruidh inbhir dá
ttréuduibh.


L. 1Cr4:40


Agus fúaradar deighinbhior
méith, agus dobhí an dúithche fairsing
suáimhneach, agus siothchánta: óir is
íad muintir Ham do áitreibh annsin
anallúd.


L. 1Cr4:41


Agus thangadar an mhuintir-
se scríobhtha iona nainm a laéthibh He-
seciah Rígh Iúdah, agus do bhuáil-
eadar lóistínigh, agus na háite comh-
nuighe fríth annsin, agus do léir-
scriosadar íad gus aniugh, agus do
áitreabhadar iona náitibh: do bhrígh
go raibh inbhear annsin dá ttréuduibh.


L. 1Cr4:42


Agus dochuáidh cuid díobh, eadhon
do chloinn Shímeon, cúig chéud fear go
slíabh Seir: agus Pelatiah, agus
Neáriah, agus Rephaiah, agus Ussiel, mic
Issi, na ccaiptínibh orra.


L. 1Cr4:43


Agus do bhuáileadar an chuid
oile do na Hamalecitibh, noch dochuáidh
as, agus do áitreabhadar annsin gus
aniugh.


L. 1Cr5:1


Anois mic Reuben ceidghin
Israel (óir isé rugadh ar
ttús, achd do chionn gur
thrúailligh sé leaba a athar,
tugadh a cheart oighreachda do
mhacaibh Ioseph mhic Israel: agus ní
bhfuil an ginealach re áiriomh do réir
an cheirtbeartha.


L. 1Cr5:2


Oír do bhúadhuigh Iúdah ós
cionn a dhearbhráithreach, agus úadh than-
gadar na príomhúachdaráin; acht
budh le Ióseph an ceirtbeartha.)


L. 1Cr5:3


Dob íad mic Reuben, adeirim,
céidghin Israel, Hanoch, agus
Pallu, Hesron, agus Carmi.


L. 1Cr5:4


Mic Ioel; Semaiah a mhac sin,
Gog a mhac sin, Simei a mhac sin,


L. 1Cr5:5


Micah a mhac sin, Reaiah a mhac
sin, Baal a mhac sin,


L. 1Cr5:6


Beerah a mhac sin, noch rug
Tilgat-Pilneser Rígh na Hassíria
leis (a láimh): dobhí sé na phrionnsa
air na Reubenitibh.


L. 1Cr5:7


Agus a dhearbhraithre do réir a
muintear, anuair do háirmheadh ginealach
a ngeineamhna, dob íad dob éifeachduigh,
Ieiel agus Sechariah,


L. 1Cr5:8


Agus Bélas mhac Asa, mhic
Sema, mhic Ioel, noch dorinne comhnuidhe
ann Aroer, air fad go nuige Nébo a-
gus Baal-meon.


L. 1Cr5:9


Agus do áitigh sé don taóibh
shoir go dul asteach an nfásaigh
ónabhuinn Euphrátes: do bhrígh gur fhoir-
líonadar a náirnéis a bhfearann Gíl-
eád.


L. 1Cr5:10


Agus a láethib Shauil dorinnea-
dar cogadh ris na Hagaríteachaibh, noch do
thuit léna láimh; agus do chomhnuighea-
dar iona lóistínibh ar feadh uile fhear-
uinn Ghíleád budh dheas.


L. 1Cr5:11


Agus do áithreabhadar clann
Ghad as a ccomhair thall a bhfearann
Básan go nuige Salcah.


L. 1Cr5:12


Ioel an tí bá férr, agus Sa-
pham na dhiáigh, agus Iaanai, agus
Saphat ann Básan.


L. 1Cr5:13


Agus dob íad a ndearbhráithre
do thigh a naithreadh, Michael, agus
Mesullam, agus Séba, agus Iorai,
agus Iachan, agus Sia, agus Hé-
ber, móirsheisior.


L. 1Cr5:14


Is íad so clann Abihail mhic
Húri, mhic Iaroah, mhic Gíleád, mhic Micha-
el, mhic Iesisai, mhic Iahdo. mhic Bus;


L. 1Cr5:15


Ahi mhac Abdiel, mhic Gúni, bá
ceann tighe a naithreadh.


L. 1Cr5:16


Agus do áitreabhadar a Ngí-
leád ann Básan, agus iona bhailtibh,
agus taobh amuich do bhalladhuibh Shá-
ron, ar a nimioluibh.


L. 1Cr5:17


Do háirmheadh íad so uile lé
ginealachaibh a láethibh Iotam Rígh Iú-
dah, agus a láethibh Ieroboam Rígh
Israel.


L. 1Cr5:18


Mic Reuben, agus na Ga-
dítigh, agus leiththreabh Mhanasseh,
do dháoinibh cródha cumhachdacha chum
sgéithe agus cloidhimh diomchar, agus
chum lámhuigh as bogha, agus éolach a
ccogadh, dobhádar ceathrachad
agus cceithre, mhíle seachd ccéud a-
gus trí fithchid, dochuaidh amach chum
cogaidh.


L. 1Cr5:19


Agus dorinneadar cogadh ris
na Hagaríteachaibh, re Ietur, a-
gus Nephis agus Nódab.


L. 1Cr5:20


Agus do cuidigeadh léo na na-
ghaidh, agus do seachadadh na Hagarí-
tigh iona láimh, agus anuile dhuine dá
raibh na bhfochair: Oír do éigheadar chum
Dé annsa chath, agus do áontuigh sé
léo, do bhrígh gur chuireadar a ndóigh
ann.


L. 1Cr5:21


Agus rugadar a náirnéis
léo: dá ccámhalluibh cáogad míle, a-
gus do cháorchaibh dhá chéud agus cáo-
gad míle, agus do assaluibh dhá mhíle,
agus do dhaóinibh céud míle.


L. 1Cr5:22


Oír do thuit mórán díobh marbh,
do bhrígh gurob ó Dhía dobhí an cogadh,
agus dfanadar iona náitibh go ham na
dáoirsine.


L. 1Cr5:23


Agus do áitreabhadar clann
leiththreibhe Mhanasseh annsa dúithche:
dfásadar ó bhasan go baal-hermon,
agus go Senir, agus go slíabh Her-
mon.


L. 1Cr5:24


Agus dob íad so cinn tighe a
naithreadh, eadhon Epher, agus Issi,
agus Eliel, agus Asriel, agus Ie-
remiah, agus Hodabhiah agus Iahdiel,
daoine neartmhara a ngaisgidh, daóine
oirdhearca, agus cinn tighe a nai-
threadh.


L. 1Cr5:25


Agus do pheacuigheadar a naghaidh
Dé a naithreadh, agus dochúadar do
stríopachus a ndiaigh deé dhaóine na
tíre, noch do scrios Día rompa san.


L. 1Cr5:26


Agus do chorruigh Día Israel
suas spiorad Phul Rígh na Hassí-
ria, agus spiorad Thilgat-pilneser
Rígh na Hassíria, agus rug sé leis
íad, (eadhon na Reubenítigh, agus na Ga-
dítigh, agus leiththreabh Mhanasseh)
agus thug leis íad go Hálah, agus
go Hábor, agus go Hára, agus go sruth
Gosan gus aniugh.


L. 1Cr6:1


Mic Lébhi: Gerson, Cohat,
agus Merari.


L. 1Cr6:2


Agus mic Chohat;
Amram, Issar, agus
Hébron, agus Ussiel.


L. 1Cr6:3


Agus clann Amram, Aáron,
agus Máoise, agus Míriam. Mic
Aaron mar an gcéadna; Nádab,
agus Abihu; Eleasar, agus Ita-
mar.


L. 1Cr6:4


Eleasar do ghein Phinehas, Phi-
nehas do ghein Abisua,


L. 1Cr6:5


Agus Abisua do ghein Bucci,
agus Bucci do ghein Ussi,


L. 1Cr6:6


Agus Ussi do ghein Serahiah,
agus Serahiah do ghein Meraiot.


L. 1Cr6:7


Meraiot do ghein Amariah, agus
Amariah do ghein Ahitub,


L. 1Cr6:8


Agus Ahitub do ghein Sádoc,
agus do ghein Sádoc Ahimaas,


L. 1Cr6:9


Agus Ahimaas do ghein Asa-
riah, agus Asariah do ghein Ioha-
nan,


L. 1Cr6:10


Agus Iohanan do ghein Asa-
riah, sé doníodh oifig an tsagairt
annsa Teampall dorinne Solamh ann
Ierusalem.


L. 1Cr6:11


Agus do ghein Asaria Ama-
riah, agus do ghein Amariah Ahi-
tub,


L. 1Cr6:12


Agus do ghein Ahitub Sádoc,
agus do ghein Sádoc Sallum.


L. 1Cr6:13


Agus do ghein Sallum Hilciah,
agus do ghein Hilciah Asariah,


L. 1Cr6:14


Agus do ghein Asariah Se-
raiah, agus do ghin Seraiah Iehosadach,


L. 1Cr6:15


Agus dimthigh Iehosadac, anuáir
rug an Tighearna leis Iúdah agus
Ierusalem lé láimh Nebuchad-nessar.


L. 1Cr6:16


Mic Lébhi; Gersom, Cohat,
agus Merári.


L. 1Cr6:17


Agus is íad so anmanna mhac
Ghersom: Libni, agus Símei.


L. 1Cr6:18


Agus dob íad mic Chohat:
Amram, agus Issar, agus Hébron,
agus Ussiel.


L. 1Cr6:19


Mic Mherári; Mahli agus Mussi.
Agus is íad so sleachda na Lebhíteach do
réir a naithreadh.


L. 1Cr6:20


O Ghersom; Libni a mhac, Ia-
hat a mhac sin, Simmah a mhac sin,


L. 1Cr6:21


Ioah a mhac sin, Iddo a mhac
shin, Serah a mac sin, Ieaterai a
mhac sin.


L. 1Cr6:22


Mic Chohat; Amminadab a
mhac, Córah a mhac sin, Assir a mhac
sin,


L. 1Cr6:23


Elcana a mhac sin, agus
Ebiasaph a mhac sin, agus Assir a
mhac sin,


L. 1Cr6:24


Tahat a mhac sin, Uriel a
mhac sin, Ussiah a mhac sin, agus
Seaul a mhac sin.


L. 1Cr6:25


Agus mic Elcana; Amasai,
agus Ahimot.


L. 1Cr6:26


Ar son Elcana: mic Elcanah,
Sophai a mhac, agus Nahat a mhac-
sin,


L. 1Cr6:27


Eliab a mhac sin, Ieroham a
mhac sin, Elcanah a mhac sin.


L. 1Cr6:28


Agus mic Shamuel: an chéidghin
Bhasni, agus Abiah.


L. 1Cr6:29


Mic Mherári; Mahli, Libni a
mhac sin, Símei a mhac sin, Ussa a mhac
sin,


L. 1Cr6:30


Símea a mhac sin, Haggiah a
mhac sin, Asaiah a mhac sin.


L. 1Cr6:31


Agus asíad so an drong do
chuir Dáibhi ós cionn oifige na cantairea-
chda a ttigh an Tighearna, tar éis na
háirce do chomhnuidhe.


L. 1Cr6:32


Agus do fhritheoladar ar
aghaidh áite comhnuidhe Thabernacuil an
chomhchruinnigh, nó go ndérna Sloumh tigh
an Tighearna ann Ierusalem: agus ann-
sin do sheasadar agá noifig do reír a
nuird.


L. 1Cr6:33


Agus is iad so an drong do
bhí ag feithiomh maille rena ccloinn:
do mhacaibh na Ccohatiteach; Héman an
cantaire, mhac Ioel, mhic Semuel,


L. 1Cr6:34


Mhic Elcanah, mhic Ieroham,
mhic Eliel, mhic Toah,


L. 1Cr6:35


Mhic Suph, mhic Elcanah,
mhic Mahat, mhic Amasai,


L. 1Cr6:36


Mhic Elcanah, mhic Ioel, mhic
Asariah, mhic Sephaniah,


L. 1Cr6:37


Mhic Tahat, mhic Assir, mhic
Ebiasaph, mhic Córah,


L. 1Cr6:38


Mhic Issar, mhic Cohat, mhic
Lébhi, mhic Israel.


L. 1Cr6:39


Agus a dhearbhrathair Asaph, (noch
do sheas ar a láimh dheis) Asaph mhac
Berachiah, mhic Simea,


L. 1Cr6:40


mhic Michael, mhic Bassiah,
mhic Malchiah,


L. 1Cr6:41


Mhic Etni, mhic Serah, mhic
Adaiah,


L. 1Cr6:42


Mhic Etan, mhic Simmah, mhic
Simei,


L. 1Cr6:43


Mhic Iahat, mhic Gersom,
mhic Lébhi.


L. 1Cr6:44


Agus do (sheas) a ndearbhrái-
thre, mic Mherári, don láimh chlé:
Etan mhac Cissi, mhic Abdi, mhic
Malluch,


L. 1Cr6:45


Mhic Hasabiah, mhic Amasiah,
mhic Hilciah,


L. 1Cr6:46


Mhic Amsi, mhic Bani, mhic
Sámer,


L. 1Cr6:47


Mhic Mahli, mhic Mussi, mhic
Merári, mhic Lébhi.


L. 1Cr6:48


Do hórduigheadh a ndearbhraithre
na Lebhítigh mar an gcédna chum gach
uile ghné sheirbhíse thabernacuil thighe
Dé.


L. 1Cr6:49


Acht dofráil Aáron, agus
a mhic air altoír na hofrála loisge,
agus air altóir na túise, táobh amuigh
do gach uile obair na háite ronaomhtha:
agus sin do dhénamh síothchána Dísrael,
réir anuile ní dar fhúagair Máoise ser-
bhíseach Dé.


L. 1Cr6:50


Agus isíad so mic Aáron:
Eleasar a mhac, agus Phinehas a
mhac sin, Abisua a mhac sin,


L. 1Cr6:51


Bucci a mhac sin, Ussi a
mhac sin, Serahiah a mhac sin,


L. 1Cr6:52


Meraiot a mhac sin, Ahitub
a mhac sin,


L. 1Cr6:53


Sadoc a mhac sin, Ahimaas a
mhac sin.


L. 1Cr6:54


Anois is íadso a naíte comhnuigh
ar feadh a ccaislén iona tteórannuib,
do mhacaibh Aáron, do mhuintearuibh na
Ccohatiteach: óir fá leó san an chuid
ronna.


L. 1Cr6:55


Agus thugadar Hébron dóibh
a ttír Iúdah, agus na bailte na
timchioll fáccuáirt;


L. 1Cr6:56


Acht thugadar mhachaireadh na
caithreach agus a bailte do Chá-
leb mhac Iephunneh.


L. 1Cr6:57


Agus do mhacaib Aáron thu-
gadar caithreacha Iúdah, Hébron mar
chathair dhídin, agus fós Libnah maille
re na bailtibh beaga, agus Iattir, agus
Estemoa maille re na mionbhailtibh,


L. 1Cr6:58


Agus Hilen guna bailtibh, De-
bir guna bailtibh,


L. 1Cr6:59


Agus Asan guna bailtibh, a-
gus Bet-semes guna bailtibh.


L. 1Cr6:60


Agus as treibh Bheniamhin,
Geba guna bailtibh, agus Ali-
met guna bailtibh, agus Anatot
guna bailtibh. A ccaithreacha uile
ar feadh a muintear ba trí caithreacha
dég íad.


L. 1Cr6:61


Agus do mhacaibh Chohat, noch
do fágbhadh do shliochd na treibhe sin,
as an leiththreibh, eadhon as leath Mha-
nasseh, (tugadh) deich ccaithreacha
re crannchar.


L. 1Cr6:62


Agus do mhacaibh Ghersom
ar feadh a muintear, as treibh Issa-
char, agus as treibh Asser, agus
as treibh Naphtali, agus as treibh
Mhanasseh ann básan, (tugadh) trí
caithreacha dég.


L. 1Cr6:63


Do mhacaibh Merári ar feadh a
muintear, ó threibh Réuben, agus ó
threibh Ghad, agus ó threibh Shebu-
lon, (tugadh) dhá chathruigh dhéug re
crannchar.


L. 1Cr6:64


Agus thugadar clann Israel
íadso guna mionbhailtibh do na Lebhí-
tibh.


L. 1Cr6:65


Agus thugadar le crannchair
ó threibh chloinne Iúdah, agus ó threibh
chloinne Símeoin, agus ó threibh chloinne
Beniamin, na caithreacha so do luáigheadh
iona nanmanuibh.


L. 1Cr6:66


Agus an (chuid oile) do mhuin-
tearuibh chloinne Cohat, fuaradar caith-
reacha da ccóstadhuibh as treibh Eph-
raim.


L. 1Cr6:67


Agus thugadar dhóibh do na
caithreacha dídin, Sechem a slíabh Eph-
raim guna mionbhailtibh; agus fós
Geser guna mionbhailtibh,


L. 1Cr6:68


Agus Iocmeam guna bailtibh,
agus Bet-horon guna bailtibh,


L. 1Cr6:69


Agus Aialon guna bailtibh,
agus Gat-rimmon guna bailtibh:


L. 1Cr6:70


Agus as leiththreibh Mhanas-
seh; Aner guna bailtibh, agus bi-
leám guna bailtibh, do mhuintir fhui-
ghill mhac Cohat.


L. 1Cr6:71


Do mhacaibh Gersom (tugadh)
as muintir leiththreibhe Mhanasseh;
Gólan ann básan guna bailtibh, a-
gus Astarot guna bailtibh:


L. 1Cr6:72


Agus as treibh Issachar;
Cédes guna bailtibh, Daberat guna
bailtibh,


L. 1Cr6:73


Agus Rámot guna bailtibh,
agus Anem guna bailtibh:


L. 1Cr6:74


Agus as treibh Asser; Mas-
sal guna bailtibh, agus Abdon
guna bailtibh,


L. 1Cr6:75


Agus Hucoc guna bailtibh,
agus Réhob guna bailtibh:


L. 1Cr6:76


Agus as treibh Naphtali;
Cédes san Ghalilee guna bailtibh,
agus Hammon guna bailtibh, agus
Ciriataim guna bailtibh.


L. 1Cr6:77


Don chuid oile do chloinn Mhe-
rári (tugadh) ó treibh Shebulun, Rim-
mon guna bailtibh, Tábor guna
bailtibh.


L. 1Cr6:78


Agus ar an ttáoibh thall
do Iordan láimh ré Iericho, don taóibh
shoir do Iordan, as treibh Reuben,
beser annsa bhfásach guna bailtibh,
agus Iahsah guna bailtibh,


L. 1Cr6:79


Cedemot mar an ccédna guna
bailtibh, agus Mephaat guna bail-
tibh:


L. 1Cr6:80


Agus as treibh Ghad, Rá-
mot an Gíleád guna bailtibh, agus
Mahanaim guna bailtibh,


L. 1Cr6:81


Agus Hesbon guna bailtibh,
agus Iaser guna bailtibh.


L. 1Cr7:1


Anois dob íad mic Issachar;
Tola agus Puah, Ias-
sub, agus Simron, ceath-
rar.


L. 1Cr7:2


Agus mic Thóla;
Ussi, agus Rephaiah, agus Ieriel,
agus Iahmai, agus Libsam, agus
Semuel, cinn thighe a nathar Tóla:
dobhádar na ndaóine cródha a ccu-
mhachd iona nginealachaibh, agus ba hé a
nuibhir a laéthibh Dháibhi, dhá mhíle a-
gus fithche agus sé chéud.


L. 1Cr7:3


Agus mic Ussi; Israhiah: a-
gus mic Israhiah; Michael, agus
Obadiah, agus Ioel, Issiah, cúigear:
oireaghdha íad uile.


L. 1Cr7:4


Agus dobhádar acasan do
réir a nginealach do réir thighe a naith-
readh, bannadha saighdíur chum cogaidh,
sé mhíle dhéug agus fithche fear; óir
dobhí mórán ban agus cloinne aca.


L. 1Cr7:5


Agus a ndearbhráithre a measc
mhuintear Issachar, dobhádar uile na
ndaóine neartmhara, arna ccomháiri-
omh uile do réir a nginealach, ceithre
fithchid agus seachd míle.


L. 1Cr7:6


Mic Bheniamin; Béla, agus
Bécher, agus Iediael, tríur.


L. 1Cr7:7


Agus mich Bhela; Esbon, agus
Ussi, agus Ussiel, agus Ierimot,
agus Iri, cúigear; cinn thighe a naith-
readh, daóine láidre a ccródhachd, agus
do háirmheadh íad do réir a nginealach, dhá
mhíle agus fithche, agus tríochad, a-
gus ceathrar.


L. 1Cr7:8


Agus mic Bhecher; Semira, a-
gus Ioas, agus Elieser, agus Elioenia,
agus Omri, agus Ierimot, agus A-
biah, agus Anatot, agus Alamet.
Is íad so uile mic Bhécher.


L. 1Cr7:9


Agus dob é a nuibhir do réir a
nginealach, do réir cheann tighe a naith-
readh, daóine árrachda a ngaiscidh, fithche
míle, agus dá chéd fear.


L. 1Cr7:10


Mic Iediael mar an ccédna;
Bilhan: agus mic Bhilhan; Ieus,
agus Beniamin, agus Ehud, agus
Chenaanah, agus Setan, agus Tar-
sis, agus Ahisahar.


L. 1Cr7:11


Mic Iediael íadso uile, do réir
cheann a naithreadh, daóine cumhachdacha a
ngaiscidh, seachd míle dhéug agus dá
chéud iomchubhaidh chum dul amach chum
cogaidh, agus chum catha.


L. 1Cr7:12


Suppim mar an gcédna, agus Hup-
pim clann Ir, agus Hussim mic Aher.


L. 1Cr7:13


Mic Naphtali; Iahsiel, agus
Guni, agus Ieser, agus Sallum, mic
Bhilhah.


L. 1Cr7:14


Mic Mhanasseh; Asriel, noch
rug sise: (sí a leannán an Taramiteach
dorug Machir, athair Ghíleád:


L. 1Cr7:15


Agus thug Machir na mnáoi
deirbhshiúr Huppim agus Suppim,
noch darbhainm Maachah) agus dob é
ainm an dara mic Selophehad: agus
dobhádar ingheana ag Selophehad.


L. 1Cr7:16


Agus rug Maacha bean Ma-
chir mac, agus thug sí Péres dainm
air, agus ainm a dhearbhrathar Séres;
agus dob íad mhic, Ulam agus Ra-
cem.


L. 1Cr7:17


Agus mic Ulam; Bédan.
Dob íadso mic Ghíleád, mhic Máchir,
mhic Manasseh.


L. 1Cr7:18


Agus a dheirbhshiúr Hammole-
cet rug sí Isod, agus Abieser, a-gus Mahalah.


L. 1Cr7:19


Agus dob íad mic Shemida;
Ahian, agus Sechem, agus Lici, a-
gus Aniam.


L. 1Cr7:20


Agus mic Ephraim; Sutelah,
agus Béred a mhac, agus Tahat
a mhac sin, agus Eladah a mhac sin,
agus Tahat a mhac sin.


L. 1Cr7:21


Agus Sabad a mhac sin, a-
gus Sutelah a mhac sin, agus Eser,
agus Eleád, noch do mharbhadar muintir
Ghát dorugadh annsa dúithche sin,
do bhrígh go ttangadar síos do bhreith
a náirnéise leó.


L. 1Cr7:22


Agus do chaóin Ephraim a
nathair íad mórán do laéthibh, agus
thangadar a dhearbhráithre do thabh-
airt soláis dó.


L. 1Cr7:23


Agus anuáir dobhí sé agá
mhnaói, do toirrceadh í, agus rug sí
mac, agus thug sé Bériah dainm air,
ar son dhroichchinneamhna a tighe.


L. 1Cr7:24


(Agus dobí Sérah a inghean,
noch do chuir súas Betóron íachdarach,
agus úachdarach, agus Ussen-Sé-
rah.)


L. 1Cr7:25


Agus dob é a mhac Réphah,
agus fós Réseph, agus Télah a mhac
sin, agus Tahan a mhac sin,


L. 1Cr7:26


Laadan a mhac sin, Ammihud a
mhac sin, Elisáma a mhac sin,


L. 1Cr7:27


Non a mhac sin, Iehosua a
mhac sin.


L. 1Cr7:28


Agus dob íad a sealbha agus a
náite comhnuidhe Bétel guna bailtibh,
agus Naaran don taóibh shoir, agus
Geser guna bailtibh don táoibh shíar,
Sechem mar an gcédna gun a bailtibh
go nuige Gása agus a bailte.


L. 1Cr7:29


Agus leath ré teórannuibh chloinne
Manasseh Betsean agus a bailte,
Taanach agus a bailte Meigiddo
agus a bailte, Dor agus a bailte:
as iontaso do áitreabhadar clann Ió-
seph mhic Israel.


L. 1Cr7:30


Mic Asser; Imnah, agus
Isuah, agus Isuai, agus Bériah,
agus Sérah a ndeirbhshiúr.


L. 1Cr7:31


Agus mic Bhéria: Héber, agus
Malchiel, noch is é athair Bhirsa-
bhit.


L. 1Cr7:32


Agus do ghein Héber, Iaphlet,
agus Sómer, agus Hótam, agus Suah a
ndeirbhshiúr.


L. 1Cr7:33


Agus mic Iaphlet; Pásach,
agus Bimmal, agus Asbhat; asiad
so mic Iaphlet.


L. 1Cr7:34


Agus mic Shamer; Ahi agus
Rogah, Iehubbah, agus Aram.


L. 1Cr7:35


Agus mic a dhearbhrathar Hé-
lem; Sóphah, agus Imnah, agus
Seles, agus Amal.


L. 1Cr7:36


Mic Shóphah; Suah, agus
Harnepher, agus Sual, agus Béri,
agus Imrah,


L. 1Cr7:37


Beser, agus Hod, agus Sam-
ma, agus Silsah, agus Itran, agus
Beera.


L. 1Cr7:38


Agus mic Ieter; Iephunneh,
agus Pispa, agus Arah.


L. 1Cr7:39


Agus mic Ulla; Arah, agus
Haniel, agus Resiah.


L. 1Cr7:40


Dob íad so uile clann Asser,
cinn thighe a naithreadh, dáoine toghtha
neartmhara a mbeódhachd, rogha na bprionn-
sadh; agus dob é a nuibhir ar feadh a
nginealach, don mhéid dobhí abuidh chum
cogaidh agus chum catha, fithche agus
sé mhíle fear.


L. 1Cr8:1


Anois do ghein Beniamin Béla
a cheidghin, Asbel an dora,
agus Aharah an treas
(mac,)


L. 1Cr8:2


Nohah an ceathramhadh, agus Ra-
phah an cúigeadh.


L. 1Cr8:3


Agus dob íad mhic Bhéla, Addar,
agus Géra, agus Abihúd,


L. 1Cr8:4


Agus Abisau, agus Náaman
agus Ahoah,


L. 1Cr8:5


Agus Géra, agus Sephuphan,
agus Huram.


L. 1Cr8:6


Agus asiádso mic Ehud: is
íadso cinn aithreadh áitreabhach Ghéba,
agus do áthruigheadar íad go Mana-
hat:


L. 1Cr8:7


Agus Naaman, agus Ahiah,
agus Géra, do athruigh sé íad sin,
agus do ghein sé Ussa, agus Ahi-
hud.


L. 1Cr8:8


Agus do ghein Saharaim (clann)
a ttír Mhóab, tar éis eision dá ccur
uadh: dob íad a mhná, Hussim agus
Baara.


L. 1Cr8:9


Agus a Hódes a bhean do ghin sé
Ióbab, agus Sibia, agus Messa, agus
Malcham,


L. 1Cr8:10


Agus Ieus, agus Sachia,
agus Mirma: dob íadso a mhic, cinn
a naithreadh.


L. 1Cr8:11


Agus air Hussim do ghein sé
Ahitub agus Elpaal.


L. 1Cr8:12


Mic Elpaal; Eber agus Missam,
agus Samed, noch do chuir súas Ono
agus Lod, guna bhailtibh:


L. 1Cr8:13


Beriah mar an ccédna, agus
Séma, noch ba cinn daithribh áitreabhach
Analon, noch do dhíbir aítreabhuigh
Ghát:


L. 1Cr8:14


Agus Ahio, Sasac, agus
Ierimot,


L. 1Cr8:15


Agus Sebadiah, agus Arad,
agus Ader,


L. 1Cr8:16


Agus Michael, agus Ispah,
agus Ioha, mic Bhériah;


L. 1Cr8:17


Agus Sebadiah, agus Me-
sullam, agus Heseci, agus Hé-
ber,


L. 1Cr8:18


Ismerai fós, agus Iesliah,
agus Ióbab, mic Elpaal;


L. 1Cr8:19


Agus Iacim, agus Sichri,
agus Sabdi,


L. 1Cr8:20


Agus Elienai, agus Siltai,
agus Eliel,


L. 1Cr8:21


Agus Adaiah, agus Bera-
iah, agus Simrat, mic Shimmi;


L. 1Cr8:22


Agus Ispan, agus Héber,
agus Eliel,


L. 1Cr8:23


Agus Abhdon, agus Sichri,
agus Hanan,


L. 1Cr8:24


Agus Hananiah, agus Elam,
agus Antotiiah,


L. 1Cr8:25


Agus Ephedeiah, agus Pe-
nuel, mic Shassac;


L. 1Cr8:26


Agus Samserai, agus Seha-
riah, agus Ataliah,


L. 1Cr8:27


Agus Iaresiah, agus Eliah,
agus Sichri, mic Ieroham.


L. 1Cr8:28


Dob íad so cinn na naithreach, do
réir a nginealach, daoine oireadha: do
áitreabhadar so ann Ierusalem.


L. 1Cr8:29


Agus ann Gibeon do áitreibh
athair Ghibeon (noch arbhé ainm a
mhná Maacha.)


L. 1Cr8:30


Agus an chéd mhac rugadh dhó,
Abdon, agus Sur, agus Cis, agus
Dhall, agus Nádab,


L. 1Cr8:31


Agus Gedor, agus Ahio,
agus Sacher,


L. 1Cr8:32


Agus Miclot do noch ghein Simeah.
Agus do chomhnuigheadar so mar an ccéd-
na a bhfochair a ndearbhraíthreach ann Ieru-
salem thall as a ccoinne.


L. 1Cr8:33


Agus do ghein Ner Cis,
agus do ghein Cis Saul, agus do
ghein Saul Ionatan, agus Malchi-
sua, agus Abinadab, agus Es-
baal.


L. 1Cr8:34


Agus mac Ionatan Meribal;
agus do ghein Meribal Mi-
cah.


L. 1Cr8:35


Agus dob íad mic Mhicah Píton,
agus Mélech, agus Tarea, agus
Ahas.


L. 1Cr8:36


Agus do ghein Ahas Iehoadah,
agus do ghein Iehoadah Alemet, agus
Asmabhet, agus Simri; agus do ghein
Simri Mósa.


L. 1Cr8:37


Agus do ghein Mósa Binea;
agus dob é Rápha a mhac sin, Elea-
sah a mhac sin, Asel a mhac sin:


L. 1Cr8:38


Agus dobhádar seisear mac ag
Asel, arbhíad so a nanmanna, Asri-
cam, Bocheru, agus Ismael, agus
Seariah, agus Obadiah, agus Ha-
nan. Dob íad so uile mic Asel.


L. 1Cr8:39


Agus dob íad mic Esec a
dhearbhrathair, Ulam a céidghin, Iehus an
dara, agus Eliphelet an treas
(mac.)


L. 1Cr8:40


Agus do bá daóine árrachda a
ngaisgidh mic Ulam, luchd caite soi-
ghead, agus dobhádar mórán mac aca,
agus clann chloinne, céd agus caogad.
Is íad so uile mic Bheniamin.


L. 1Cr9:1


Mar sin do háirmheadh Israel
uile na nginealachaibh, agus
féuch, dobádar scríobhtha
a leabhar Ríogh Israel a-
gus Iúdah, noch doru-
gadh a mbruid don Bhabiloin ar son a
bpeacuidh.


L. 1Cr9:2


Anois na céd áitreabhuigh do chomh-
nuigh iona sealbhuibh iona ccaithreachaibh féin,
dobíad na Hisraelítigh, na Sagairt,
na Lebhítigh, agus na Netinimigh.


L. 1Cr9:3


Agus ann Ierusalem do áitrea-
bhadar do chloinn Iúdah, agus do chloinn
Bheniamin, agus do chloinn Ephraim
agus Mhanasseh:


L. 1Cr9:4


Utai mhac Ammihud, mhic Omri,
mhic Imri, mhic Bani, do chloinn Phares
mhic Iúdah.


L. 1Cr9:5


Agus do na Silonítibh; Asaiah
an chédghin, agus a mhic.


L. 1Cr9:6


Agus do mhacaibh Sérah; Ieuel
agus a ndearbhráithre, sé chéd agus
nóchad.


L. 1Cr9:7


Agus do mhacaibh Beniamin;
Sallu mhac Mesullam, mhic Hodabhiah,
mhic Hasenuah,


L. 1Cr9:8


Agus Ibneiah mhac Ieroham, a-
gus Elab mhac Ussi, mhic Michri, a-
gus Mesullam mhac Sephatiah, mhic
Rébhel, mhic Ibniiah,


L. 1Cr9:9


Agus a ndearbhráithre do réir
a sleachda, naói gcéd, agus cáogad,
agus seisior. Ba príomhaithre íad so
uile a ttigh a naithreadh.


L. 1Cr9:10


Agus do na sagartuibh; Ie-
daiah, agus Iehoiarib, agus Ia-
chin,


L. 1Cr9:11


Agus Asariah mhac Hilciah,
mhic Mesullam, mhic Sádoc, mhic Me-
raiot, mhic Ahitub, úachdarán thighe
Dé,


L. 1Cr9:12


Agus Adaiah mhac Ieroham,
mhic Passur, mhic Malchiiah, agus
Maasiai mhac Adiel, mhic Iahserah,
mhic Mesullam, mhic Mesillimit, mhic
Immer,


L. 1Cr9:13


Agus a ndearbhráithre, cinn
thighe a naithreadh, míle agus seachd ccéd
agus trí fithchid: daóine ro ullmha
chum oibre sheirbhíse thighe an Tighearna.


L. 1Cr9:14


Agus do na Lebhítibh; Sema-
iah mhac Hassub, mhic Asricam, mhic
Hassabiah, do mhacaibh Merári,


L. 1Cr9:15


Agus Bacbacar, Héres, a-
gus Gálal, agus Mataniah mhac
Mícah, mhic Sichri, mhic Asaph,


L. 1Cr9:16


Agus Obadiah mhac Semaiah,
mhic Gálal, mhic Iedutun; agus Be-
rechia mhac Asa, mhic Elcánah, noch
do chomhnuigh a mbailtibh na Netopha-
titeach.


L. 1Cr9:17


Agus dob íad na doirséoi-
righ, Sallum, agus Accub, agus Tal-
mon, agus Ahiman, agus a ndearbh-
ráithre: dobé Sallum a cceannfort.


L. 1Cr9:18


(noch dobhí gus anamsin ag
feithiomh a ngeata an Rígh leath shoir:)
dobhádar na ndoirseóiribh a ccuideachd-
uibh chloinne Lébhi.


L. 1Cr9:19


Agus dob é Sallum mhac Córe
mhic Ebiasaph, mhic Corah, agus a
dhearbhráithre, do thigh a athar, na Cora-
hitigh, dobhí ós cionn oibre na seir-
bhíse, na luchd coimhéda gheatadh an ta-
bernacuil: ar mbeith dá naith-
ribh ós cionn shlóigh an Tighearna na
ccoimhéduigh an phóirse.


L. 1Cr9:20


Agus Phinehas mhac Eleá-
sair budh úachdarán ós a ccionn anallód,
agus dobhí an Tighearna maille ris.


L. 1Cr9:21


Agus Setariah, mhac Mese-
lemiah, ba doirseóir do dhorus tha-
bernacuil an chomhchruinnigh.


L. 1Cr9:22


Iadso uile noch do toghadh do
bheith na ndoirseóirighibh annsna geatadh-
uibh, bá dhá chéd íad agus dá fhear dhéug.
Do háirmheadh íad so do réir a nginealach
iona mbailtibh; noch do órduigh Dáibi,
agus Samuel an féuchadóir, ann a
noifig chinnte.


L. 1Cr9:23


Mar sin dobhí acasan, agus
agá ccloinn coimhéd gheata thighe an Ti-
ghearna, thighe an tabernacuil, lé sealuidheachd
coimhéda.


L. 1Cr9:24


Dobhádar na doirseóirigh a
cceithre cceathramnuibh, shoir, shíar,
budh thuaigh, agus budh dheas.


L. 1Cr9:25


Agus a ndearbhráithre dobhí
annsna bailtibh, dobhí orra teachd léo a
ndiáigh sheachd lá ó am go ham.


L. 1Cr9:26


Oír dobhádar na Lebhítighse,
na ceithre hárddhoirseóirigh, iona
noifig chinnte, agus dobhádar ós cionn
shéomradh, agus ionnmhusa thighe Dé.


L. 1Cr9:27


Agus do ghlacaidís lóistín
timchioll faccuáirt thighe Dé, do
bhrígh gurob orra dobhí an cúram,
agus gur ríu do bhean a fhosgladh gach
maidin.


L. 1Cr9:28


Agus dobhí cúram soitheach
na miniostralachda ar chuid áirigh dhíobh,
iondus go mbeirdís asteach agus
amach íad a nuibhir chinte.


L. 1Cr9:29


Do hórduigheadh cuid díobh mar
an ccédna do choimhéd na soitheach, a-
gus uile instruimentigh na sancto-
ra, agus an phlúir fhínélta, agus anfíona,
agus na hola, agus na túise,
agus na spíosradh.


L. 1Cr9:30


Agus doníodh cuid do mha-
caibh na sagart anola do na
spíosrubh.


L. 1Cr9:31


Agus Mattitiah áon do na
Lebhítibh (noch bá céidghin do Shallum
an Corahiteach) is aige dobhí anoi-
fig chinnte ós cionn na neitheann doníthigh
sna hoighnibh.


L. 1Cr9:32


Agus cuid oile dá ndearbh-
ráithribh, do mhacaibh na Ccohatiteach,
dobhí ós cionn anaráin thaisbénta,
dá ullmhughadh gach aon lá saóire.


L. 1Cr9:33


Agus is íadso na cantairigh,
cinn aithreadh na Lebhíteach, noch dobhí
annsna séomradhuibh; óir dobhádar ar
siubhal san nobair sin do ló agus
doidhche.


L. 1Cr9:34


Na haithreacha toghthasa na Le-
bhíteach, síad dob onóruigh ar feadh a
sleachdann; ann Ierusalem do chomhnuighead-
ar


L. 1Cr9:35


Agus ann Gibeon do áitreibh
athair Ghibeon, Iehiel; agus dobé
ainm a mhná Maacha.


L. 1Cr9:36


Agus a chéidghin mhic, Abdon,
annsin Sur, agus Cis, agus, Baal,
agus Ner, agus Nádab,


L. 1Cr9:37


Agus Gédar, agus Ahio, a-
gus Sechariah, agus Miclot.


L. 1Cr9:38


Agus do ghein Miclot Símeám:
agus do áitreabhadarsan mar an
gcédna a bhfochair a ndearbhráithreach ann
Ierusalem thall as coinne a ndearbh-
ráithreach.


L. 1Cr9:39


Agus do ghein Ner Cis,
agus do ghein Cis Saul, agus do ghein
Saul Ionatan, agus Malchisua, a-
gus Abinadab, agus Esbaal.


L. 1Cr9:40


Agus dobé mac Ionatain
Meribaal, agus do ghein Meribaal
Mícah.


L. 1Cr9:41


Agus dob íad mic Mhicah
Píton, agus Mélech, agus Tahreá,
agus Ahas.


L. 1Cr9:42


Agus do ghein Ahas Iárah,
agus do ghein Iárah Alemet, agus
Asmabhet, agus Simri: agus do
ghein Simri Mósa.


L. 1Cr9:43


Agus do ghein Mósa Bineá;
agus Rephaiah a mhac sin, agus Eleásah a
mhac sin, Asel a mhac sin.


L. 1Cr9:44


Agus dobhádar seisear mac
ag Asel, arbhíad so a nanmanna, As-
ricam, Bocheru, agus Ismael, agus
Seáriah, agus Obadiah, agus Hánan:
dob íad so mic Asel.


L. 1Cr10:1


Anois do throideadar na
Philistinigh anaghaidh Is-
rael, agus do theitheadar
fir Israel roimhe na Phi-
listinibh, agus do thuiteadar síos
marbh a slíabh Gilboa.


L. 1Cr10:2


Agus do leanadar na Philisti-
nigh go cruáidh a ndiaigh Shauil, a-
gus a ndiáigh a mhac, agus do mhar-
bhadar na Philistinigh Ionatan, a-
gus Abinadab, agus Malchisua,
mic Shauil.


L. 1Cr10:3


Agus dochuaidh an cath go
docrach anaghaidh Shauil, agus do
bhuáileadar luchd caite bogha é, agus
do goineadh leis na soigheadóiribh é.


L. 1Cr10:4


Annsin adubhairt Saul le fear
iomchartha a airm, tarruing do chloidheamh,
agus cuir thríom é; deagla go ttiuc-
faidís na neimhthimhchillghérrthaso, agus
go maisleochaidís mé. Achd níorbháill
lé fear iomchartha a airm sin do dhénamh,
óir dobhí eagla mhór air. Mar sin do
ghlac Saul cloidheamh, agus do thuit
sé air.


L. 1Cr10:5


Agus anuair dochonnairc fear iom-
chair a airm go raibh Saul marbh, do
thuit sé féin mar an gcédna air an
gcloidheamh, agus déug sé.


L. 1Cr10:6


Marsin déug Saul, agus a
thríur mac, agus déug a thigh uile
anaoinfeacht.


L. 1Cr10:7


Agus anuáir dochonncadar
fir Israel uile, noch dobhí san ghleann,
gur theitheadar, agus gur éug Saul
agus a mhic, annsin do thréigeadarsan
a ccaithreacha, agus do theitheadar,
agus thangadar na Philistinigh, agus
do áitreabhadar ionnta.


L. 1Cr10:8


Agus tárla arna mhárach anuáir
thangadar na Philistinigh
dfaghbhadh na marbh, go bhfúaradar
Saul agus a mhic marbh a slíabh Gil-
boa.


L. 1Cr10:9


Agus anuáir do fhaghbhadar é,
do ghlacadar a cheann, agus a arm,
agus do chuireadar (teachda) go crích na
Bhphilistíneach fáccúairt, do thabhairt
scéul dá niodhaluibh agus do na
daóinibh.


L. 1Cr10:10


Agus do chuireadar a arm a
ttigh a ndeé, agus do dhaingnigheadar
a cheann a tteampall Dágon.


L. 1Cr10:11


Agus anuáir dochúaladar
muintir Iabes-gílead uile, gacha ndearna-
dar na Philistinigh re Saul;


L. 1Cr10:12


Déirgheadar na daóine curata
uile, agus rugadar corp Shauil leó,
agus cuirp a mhac, agus thugadar
go Iábes íad, agus do adhlaiceadar a
ccnámha fáoi an daruigh ann Iábes, agus
do throisgeadar seachd lá.


L. 1Cr10:13


Mar sin déug Saul ar son a
pheacaidh, noch dorinne sé anaghaidh an
Tighearna, eadhon anaghaidh bhreithre an
Tighearna, nar coimhéad sé, agus
mar an ccédna do chionn comhairle díar-
ruidh ar aon agá raibh leannán síthe,
dfíafruighe dhe;


L. 1Cr10:14


Agus nar fhíafruigh sé don Ti-
ghearna: uime sin do mharbh sé é, agus
do iompóigh sé an rioghachd chum Dáibhi
mhac Iesse.


L. 1Cr11:1


Ansin do chruinnigheadar Israel
uile íad feín chum Dáibhi go
Hébron, ga rádh, féuch, is
rinne do chnáimh agus thfeóil.


L. 1Cr11:2


Agus ós a chionn sin, anallód,
eadhon anuáir dobhí Saul na Rígh, ba
tusa an té do threóruigheadh amach,
agus dobheireadh asteach Israel: agus
adubhairt do Thighearna Día riot,
beathochuidh tú mo phobal Israel, agus
biáidh tú ad riaghluigheóir ós cionn mo
phobuil Israel.


L. 1Cr11:3


Ar anadhbharsin thangadar sinn-
sir Israel uile chum an Rígh go Hébron,
agus dorinne Dáibhi cunnradh riú ann Hé-
bron a lathair an Tighearna, agus do
ungadar Dáibhi na Rígh ós cionn Israel
do réir bhréitre an Tighearna re Sa-
muel.


L. 1Cr11:4


Agus dochuáidh Dáibhi, agus
Israel uile go Hierusalem, sé sin Iébus,
mar a rabhadar na Iebusítigh, dúth-
chusaigh na tíre.


L. 1Cr11:5


Agus adubhradar dúthchusaigh
Iebus re Dáibhi, ní thiucfa tú annso.
Gidheadh do ghabh Dáibhi caislean Sion, sí sin
cathair Dháibhi.


L. 1Cr11:6


Agus adubhairt Dáibhi, gidhbé
bhúailfios na Iebusitigh ar ttús, sé
bhus ceann agus captín: mar sin dochuáidh
Ióab mhac Seruiah súas, agus
dobhí sé na uachdarán.


L. 1Cr11:7


Agus do áitreibh Dáibhi annsa
chaislean: uime sin thugadar cathair
Dháibhi dainm air.


L. 1Cr11:8


agus do chuir sé an chathair súas
timchioll fáccúart, eadhon ó Mhillo
fáccúairt, agus do leasuigh Ioab an
chuid oile don chathruigh.


L. 1Cr11:9


Marsin do fhás Dáibhi nios mó
agus nios mó: óir dobhí Tighearna na
slógh ris.


L. 1Cr11:10


Isíad so mar an gcéadna to-
gha na ndáoine neartmhara, dobhí ag
Dáibhi, noch do neartuigh íad féin leis
annsa rioghachd agus lé Hisrael uile, do
dhénamh Rígh dhe, do reír bhréithre an Ti-
ghearna a ttáoibh Israel.


L. 1Cr11:11


Agus síad uibhir na bhfear ccal-
ma dobhí ag Dáibhi: Iasobeam an Hach-
moniteach, ceann na ccaiptíneadh: do thóg
sé súas a ghath anaghaidh na ttrí ccéud
do marbhadh leis anéinfheachd.


L. 1Cr11:12


Agus na dhiaighsin Eleasar
mhac Dódo an Tahotíteach, noch bá áon
don triúr curadh.


L. 1Cr11:13


Dobhí sé a bhfochair Dháibhi ann
Pas-dammim, agus do chruinnigheadar
na Philistinigh a gcionn a chéile annsin
chum chatha, mar a raibh preabán fearuinn
lán deórna, agus do theitheadar an
pobal roimhe na Philistiníbh.


L. 1Cr11:14


Agus do shuigheadarsan íad féin a
lár an phreabaín sin, agus do thárthuighea-
dar é, agus do mharbadar na Phi-
listinigh; agus do thárthuig an Tigh-
earna íad lé slánughadh mór.


L. 1Cr11:15


Anois dochuáidh triúr don trío-
chad caiptín síos go carruig Dháibhi,
go húamhaigh Adullam, agus do shuighea-
dar slúagh na Bhphilistineach a ngleann
Rephaim.


L. 1Cr11:16


Agus dobhí Dáibhi annsin annsa
ccaislean, agus dobhí garíson na
Bhphilistineach annsin a Mbet-lehem.


L. 1Cr11:17


Agus dobhí mían ar Dháibhi,
agus adubhairt sé, oh nach bhfuil duine
agum dobhéuradh dhamh deoch duisge tho-
bair Bhet-lehem, noch atá ag an ngea-
ta,


L. 1Cr11:18


Agus do bhriseadar an triúr
tré shlúagh na Bhphilístineach, agus do
thairrngeadar uisge as tobar Bhet-le-
hem, noch dobhí láimh ris an ngeata,
agus do ghlacadar é, agus thugadar
chum Dáibhi é: achd níorbháill lé Dáibhi a
ól, achd a dhórtadh amach don Tighear-
na.


L. 1Cr11:19


Agus adubhairt sé, nár léigidh
mo Dhía dhamhsa go ndéanuinn an ní so,
a nólfa misi fuil na muintiresi, do chuir
a nanam a ccuntabhairt? óir le (guáis)
a mbáis thugadar leó é: uimesin níorbháill
lei a ól. Dorinneadar an triúr
so fa neartmhuire na neithesi.


L. 1Cr11:20


Agus ba hé Abisai dearbhrathair
Ioab ba oireaghdha don triúr; óir ar
ttógbháil a ghath súas dó anaghaidh
thrí cceád, do mharbh sé íad, agus fúair
sé ainm a measg an triúir.


L. 1Cr11:21


Don triúr bhá honóruigh é ná
an días, óir dobé a ccaiptín é; ar
a shon sin ní ráinic sé an (ceád)
thriúr.


L. 1Cr11:22


Benaiah mhac Iehoiada, mac
duine neartmhuir do Chabseel, noch
dorinne iomad gníomhradh, do mharbh sé días
fear leomhanta do Mhóab: dochúaidh sé
síos mar an ccédna, agus do mharbh sé
leomhan a cclais ghainimh, lá sneachda.


L. 1Cr11:23


Agus do mharbh sé Egipteach
duine ann a raibh cúig cubhaid ar airde,
agus gath a láimh aNégiptigh mar ghar-
muin fígheadóra: agus dochuáidh sé
síos chuige lé bata, agus do tharruing
an gath as láimh anNégiptigh, agus
do mharbh é lena ghath feín.


L. 1Cr11:24


Dorinne Benaiah mhac Iehoiada
na neithesi, agus fúair ainm eidir an
ttriúr bá neartmhuire.


L. 1Cr11:25


Féuch, dobhí sé onórach a
measg an tríocuid, achd ní ráinic sé an
céidtriúr; agus do chuir Dáibhi ós cionn
a ghárda é.


L. 1Cr11:26


Mar an ccédna dobíad daóine
neartmhara na slúagh, Asahel dearbhra-
thair Ioab, Elhanan mhac Dódo ó Bhet-
lehem,


L. 1Cr11:27


Sammot an Harariteach, Héles an
Peloniteach,


L. 1Cr11:28


Ira mhac Icces an Tecoiteach,
Abieser an Tantótiteach,


L. 1Cr11:29


Sibbecai an Husatiteach, Ilai an
Tahohiteach,


L. 1Cr11:30


Maharai an Netophatiteach,
Héled mhac Baanah an Nétophati-
teach,


L. 1Cr11:31


Itai mhac Ribai ó Ghibeah
chloinne Beniamen, Benaiah an Pira-
toniteach,


L. 1Cr11:32


Hurai ó aibhnibh Gaash, Abiel
an Tarbatiteach,


L. 1Cr11:33


Asmabhet an Baharumiteach,
Elihaba an Saalboníteach,


L. 1Cr11:34


Mic Hassem an Gisoníteach,
Ionatan mhac Shage an Hararíteach,


L. 1Cr11:35


Ahiam mhac Sacar an Hararí-
teach, Eliphal mhac Ur,


L. 1Cr11:36


Hépher an Mecheratíteach,
Ahiiah an Peloníteach,


L. 1Cr11:37


Hesro an Carmelitéach, Naa-
rai mhac Esbai,


L. 1Cr11:38


Ioel dearbhrathair Natan, Mib-
bar mhac Haggeri,


L. 1Cr11:39


Selec an Tammoníteach, Naharai
an Berotiteach, fear iomchair airm Ioab mhic
Seruiah,


L. 1Cr11:40


Ira an Titríteach, Gáreb an
Titríteach,


L. 1Cr11:41


Uriah an Hitíteach, Sabad
mhac Ahlai,


L. 1Cr11:42


Adina mhac Sisa an Reubeníteach,
caiptín do na Reubeníteachaibh, agus
tríochad maille ris,


L. 1Cr11:43


Hanan mhac Maacah, agus
Iosaphat an Mitniteach,


L. 1Cr11:44


Ussiah an Tasteratiteach,
Seama agus Iehil, mic Hótan an Ta-
roeríteach,


L. 1Cr11:45


Iediael mhac Simri, agus Ioha
a dhearbhrathair, an Tisiteach,


L. 1Cr11:46


Eliel an Mahabhíteach, agus
Ieribai, agus Iosabhiah, mic Elnaam,
agus Itmah an Moabíteach,


L. 1Cr11:47


Eliel, agus Obed, agus Ia-
siel an Mesobaiteach.


L. 1Cr12:1


Anois íad so thaínic go
Dáibhi go Siclag an feadh do
bhí sé fós da cheilt féin, ar
eagla Shauil mhic Cis: agus
dobhádar a measc na ndáoi-
ne neartmhara, luchd cuidigh an cho-
gaidh.


L. 1Cr12:2


Dobhádar armtha ré boghaibh,
agus dobhádar cliste ar a láimh dheis
agus chlé, ag caitheamh cloch, agus
soighead as bogha; do bhráithribh Shauil,
agus chloinne Beniamin.


L. 1Cr12:3


Sé Ahieser dob oirdhearca dhíobh,
annsin Ioas, mic Shemaiah an Gibeati-
teach, agus Iesiel, agus Pelet, mic
Asmabhet, agus Berachah, agus
Iehu an Tantotiteach,


L. 1Cr12:4


Agus Ismaiah an Gibeoniteach,
duine neartmhar a measg an tríochaid,
agus ós chionn an tríochaid, agus Ie-
remiah, agus Iahasiel, agus Io-
hanan, agus Iosabad an Gederati-
teach,


L. 1Cr12:5


Elusai, agus Ierimot, agus
Bealia, agus Semariah, agus Se-
phatiah an Haruphiteach,


L. 1Cr12:6


Elcanah, agus Iesiah, agus
Asareel, agus Ioeser, agus Iasobeam
na Corítigh,


L. 1Cr12:7


Agus Ioelah, agus Sebadiah,
mic Ieroham ó Ghédor.


L. 1Cr12:8


Agus do dhealuigheadar cuid do na
Gadítibh íad feín chum Dáibhi gus an
daingion ann sa bhfásach, daoine cal-
ma agus luchd coguidh, iomchubhaidh chum
catha, darbheól scíath agus buiciler
do ghlacadh; a naighthe amhuil aighthe
leomhan, agus íad comhlúath ris na hei-
litibh ar na sléibhtibh.


L. 1Cr12:9


Eser an chéd duine, Obadiah an
dara, Eliab an treas (fear,)


L. 1Cr12:10


Mismannah an ceathramhadh, Ie-
remiah an cúigeadh,


L. 1Cr12:11


Atai an seiseadh, Eliel an
seachdmhadh,


L. 1Cr12:12


Iohanan an tochdmhadh, Elsabad
an náomhadh,


L. 1Cr12:13


Ieremiah an deachmhadh, Machba-
nai an táonmhadh dég.


L. 1Cr12:14


Do chloinn Ghad iad so caiptí-
nigh an tslóigh: dobhí an té fá lugha
dhíobh ós cionn chéd, agus an té fá mó
ós cionn mhíle.


L. 1Cr12:15


Is íad so chuáidh tar Iordan
anonn san chéid mhí, a núair dochúaidh a
thuile tar a bhrúachaibh uile, agus do
chuireadar chum teithmhe muintir na ngleann
uile aráon don noirthear agus don níar-
thar.


L. 1Cr12:16


Agus thangadar do chloinn Bhen-
iamin, agus do chloinn Iúdah gus an
ndaingean go Dáibhi.


L. 1Cr12:17


Agus dochuáidh Dáibhi amach na
ccoinne, agus do fhreagair agus adubhairt sé
riú, má thanghabhair chugamsa go síothchán-
ta do chongnamh liom, biáidh mo chroidhe
snádmtha ribh; achd más dom bhrath dom
namhuid thangabhair, ó nach bhfuil égcoír
ar bith am lámhuibhsi, go bhféuchuidh Día
ar naithreadh airsin, agus go spreaguidh
sé é.


L. 1Cr12:18


Annsin tháinic an spiorad go
Hamasai, an tí dob oireagha do na
caiptinibh, agus adubhairt, is leatsa
sinne a Dháibhi, agus ar do tháobh (atá-
maoid) a mhic Iesse: síothcháin mail-
le riot, agus síothcháin dot luchd cui-
digh: óir atá do Dhía ag cungnamh
leachd. Annsin do ghabh Dáibhi cuige íad,
agus dorinne dhíobh caiptínigh ar an
mbuidhin.


L. 1Cr12:19


Agus do thuit cuid do Mha-
nasseh chum Dáibhi an tan tháinic sé leis
na Philistinibh anaghaidh Shauil chum ca-
tha, achd níor chungadar leó; óir do
chuireadar tighearnuidh na Bhphilistineach
do bhun comhairle ar siubhal é, gha rádh,
fillfidh sé chum a mhaighistir Saul,
re cunntabhart ar cceanne.


L. 1Cr12:20


Mar docuáidh sé go Siclag,
dfill chuige do Mhanasseh, Adnah,
agus Iosabad, agus Iediael, agus
Michael, agus Iosabad, agus Eli-
hu, agus Siltai, caiptínigh na mílteadh
dobhí ó Mhanasseh.


L. 1Cr12:21


Agus do chuidigheadar lé Dáibhi
maille re buidhin: óir dobhádar uile na
ndáoinibh curata a mbeódhachd, agus
na ccaiptínibh annsa tslúagh.


L. 1Cr12:22


Oír fan namsín lá air lá dothigeadh
go Dáibhi do chongnamh ris, nó go raibh
na shluágh mhór, cosmhuil re slúagh
Dé.


L. 1Cr12:23


Agus Is íad so uibhir na mba-
nnadha, noch dobhí réidh armtha chum co-
guidh, agus tháinic go Dáibhi go Hé-
bron dfilleadh rioghachda Shauil chuige, do
reír bhréithre an Tighearna.


L. 1Cr12:24


Do chloinn Iúdah, dar iomchair
scíath agus gath, sé mhíle agus ochd
ccéd reídh armtha cum cogaidh.


L. 1Cr12:25


Do chloinn Shimeoin dáoine cu-
mhachdacha a ngaisgidh chum cogaidh, seachd
míle agus céd.


L. 1Cr12:26


Do chloinn Lébhi ceithre mhíle gus
sé chéd.


L. 1Cr12:27


Agus dobé Iehoiada ba ceann
ar na Haroníteachaibh, agus trí mhíle
agus seachd gcéad maille ris.


L. 1Cr12:28


Agus Sádoc duine óg láidir
a ngaisgidh, agus dhá chaiptín agus
fithche do thigh a athar.


L. 1Cr12:29


Agus do chloinn Bheniamin do gháol
Shauil trí mhíle: óir go nuige so síad
an chuid bá mó dhíobh do choimhéadadh tigh
Shauil.


L. 1Cr12:30


Agus do chloinn Ephraim fithche
míle agus ochd ccéad, dáoine neartmhara tás-
gamhla ar feadh thighe a naithreadh.


L. 1Cr12:31


Agus do leiththreibh Mhanas-
seh ochd míle dhég, noch do foillsigheadh na
nainm, do theachd agus Rígh dhénamh do
Dháibhi.


L. 1Cr12:32


Agus do chloinn Israchar, agá
raibh tuigsi air na haimsearuibh, dá fhios
cred budh cóir do chloinn Israel do dhé-
nam: dobudh dhá chéad a ccinn, agus do
bhádar a ndearbhráithre uile ar a
ttoil.


L. 1Cr12:33


Do Shebulun an mhéid dochuáidh
amach chum catha, eólach a ccogadh,
maille ris anuile ionstruiment choguidh,
caógad míle, darbhéol dul a nordu-
ghadh, do chroidhe iomlán.


L. 1Cr12:34


Agus do Naphtali míle caip-
tín, agus maille leó go scéith agus go
ngath, tríochad agus seachd míle.


L. 1Cr12:35


Agus do na Danítibh, eólach
a ccoghadh, ochd míle fhithchiot agus
sé chéad.


L. 1Cr12:36


Agus do Asser do dhaóinibh dothiaghadh
amach chum catha, foghlomtha a
ccogadh, ceathrachad míle.


L. 1Cr12:37


Agus don táobh oile do Ior-
dan do na Reubinítibh, agus do na
Gadítibh, agus do leththreibh Mhanasseh
maille ris anuile instruimint chogaidh
chum catha, céad agus fithche míle.


L. 1Cr12:38


Thangadar a raibh annso dfea-
ruibh cogaidh do fhanadh anordughadh
maille ré croidhe iomlán, go Hébron do
dheánamh Rígh do Dháibhi ós cionn Israel
uile: agus dobhádar an chuid oile
Disrael mar an ccéadna déntoil do
dhénamh Rígh do Dháibhi.


L. 1Cr12:39


Agus dobhádar annsin a bhfo-
chair Dháibhi trí lá ag ithe agus ag ól:
óir do ullmhuigheadar a ndearbhráithre na
ccoinne.


L. 1Cr12:40


Os a chionn sin, an mhéid dobhí a
bhfogus dóibh, eadhon go nuige Issachar
agus Sebulun, agus Naphtali, thu-
gadar leó ar assaluibh agus ar chá-
mhalluibh, agus ar mhúillibh, agus
ar dhamhuibh, arán, agus bíadh,
min, cachadha fíge, agus ceanglacháin
rísín, agus fíon, agus ola, agus
daimh, agus caóirígh go lór: óir do
bhí luathghaír aNisrael.


L. 1Cr13:1


Agus dorinne Dáibhi comhairle
re caiptínibh na mílteadh, agus
na ccéd, agus ré gach áon
oifigeach.


L. 1Cr13:2


Agus adubhairt Dáibhi ré comh-
chruinniughadh Israel uile; má chítear
dháoibhsi gur maith é, agus gurab ó ar
TTighearna Día é, cuiream sgéula úainn
go foirleathan, chum ar ndearbhráithreach
do fágbhadh a ttír Israel uile, agus
maille riú mar an gcéadna chum na sa-
gart, agus na Lebhíteach, noch
atá iona mbailtibh, go ccruinnidís íad
féin chugainn.


L. 1Cr13:3


Agus tugamaoid arís Aírc ar
Ndé chuguinn: óir níor fhiafruigheamar dhi
ó laéthibh Shauil.


L. 1Cr13:4


Agus adubhradar an comhchrui-
nniughadh go ndénaidís sin: oír dobudh
ceart an ní a súilibh na ndáoine uile.


L. 1Cr13:5


Marsin do chruinnigh Dáibhi Is-
rael uile a ccionn a chéile ó Shihor na
Hégipte go dul asteach Hemat, do
thabhairt Aírce Dé ó Chiriat-iarim.


L. 1Cr13:6


Agus dochuáidh Dáibhi súas,
agus Israel uile go Baalah, eadhon
go Ciriat-iarim, noch fá lé Iúdah, do
thabhairt Aírce an Tighearna Dé as sin,
noch chomhnuigheas eidir na Cherubínib, a
ngoirthear a ainm air.


L. 1Cr13:7


Agus do iomchradar Airc Dé a
ccairt núaidh amach as tigh Abinadab,
agus do thiomáin Ussa agus Ahio
an chairt.


L. 1Cr13:8


Agus dobhí Dáibhi agus Israel
uile ag urghaírdiughadh maille rena nui-
le chumas, agus lé duánuibh, agus lé
claírseachaibh, agus lé saltrachaibh,
agus lé tiompanuibh, agus lé hadhbuibh
ciúil, agus lé stocaibh.


L. 1Cr13:9


Agus an tan thangadar go hur-
lár buailte Chidon, do chuir Ussa a
lámh amhach do chonngmháil na Háirce: óir
do croitheadhar na daimh í.


L. 1Cr13:10


Agus do las fearg an Tighear-
na anaghaidh Ussa, agus do bhuáil sé
é, do chionn a láimhe do chur chum na
Háirce: agus fuáir sé bás annsin a
bhfiaghnuise Dé.


L. 1Cr13:11


Agus dobhí doilghios air Dháibhi
do chionn an Tighearna do bhriseadh air
Ussa: uimesin goirthear Peres-Ussa
donáit sin gus aniugh.


L. 1Cr13:12


Agus dobhí eagla Dé ar Dháibhi
an lá sin, gha rádh, cionnus bhérus misi
Aírc an Tighearna don bhaile chugam?


L. 1Cr13:13


Mar sin ní thug Dáibhi aNaírc
don bhaile chuige féin go cathruigh Dháibhi,
achd rug sé do leathtaoibh í go tigh Obed-
edom an Gititeach.


L. 1Cr13:14


Agus dfan Airc Dé ag muin-
tir Obed-edom iona thigh trí mhí. Agus
do bheannuigh an Tighearna tigh Obed-edom
agus a raibh aige.


L. 1Cr14:1


Anois do chuir Híram Rígh
Tíor teachda go Dáibhi, agus
adhmad cédair maille re sáo-
ruibh cloiche agus croinn, do
chur tighe suas dó.


L. 1Cr14:2


Agus do thuig Dáibhi gur dhaing
nigh an Tighearna é na Rígh ós cionn Is-
rael: óir do tógbhadh a rioghachd suas
go hárd ar son a pobail Israel.


L. 1Cr14:3


Agus thug Dáibhi tuilleamh ban
(chuige) ann Ierusalem; agus do ghein
Dáibi tuilleamh mac agus inghean.


L. 1Cr14:4


Anois is íad so anmanna a chloi-
nne fuáir sé ann Ierusalem: Sammua,
agus Sóbab, Nátan, agus Solamh,


L. 1Cr14:5


Agus Ibbar, agus Elisua, a-
gus Elpalet,


L. 1Cr14:6


Agus Nóga, agus Népheg, a-
gus Iaphia,


L. 1Cr14:7


Agus Elisáma, agus Beeliada,
agus Eliphalet.


L. 1Cr14:8


Agus anúair dochúaladar na
Philistinigh gur hungadh Dáibhi na Rígh
ós chionn Israel uile, dochuádar na
Philistinigh uile súas díarruidh Dháibhi:
agus dochúaluidh Dáibhi sin, agus
dochuáidh sé amach na naghaidh.


L. 1Cr14:9


Agus thangadar na Philistinigh,
agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann
Rephaim.


L. 1Cr14:10


Agus dfíafruigh Dáibhi do Dhía,
dha rádh, an racha mé súas anaghaidh
na Bhphilistíneach? agus an seachoduigh
tusa am láimh íad? agus adubhairt an
Tighearna ris, imthigh súas; oír dobhéara
mé ad laímh íad.


L. 1Cr14:11


Mar sin thangadar súas go
Baal-perasim, agus do bhúail Dáibhi
annsinn íad. Annsin adubhairt Dáibhi, do
bhris Día asteach ar mo námhaid lem laimhsi,
amhuil briseadh amach na nuisgeadh: ar
anadhbharsin do ghoireadar Baal-pera-
sim dainm donáitsin.


L. 1Cr14:12


Agus anuaír do fhágbhadar a
ndeé annsin, thug Dáibhi aithne úadh,
agus do loisgeadh re teine íad.


L. 1Cr14:13


Agus do leathnuigheadar íad féin
fós a rís amuigh annsa ghleann.


L. 1Cr14:14


Uimesin dfíafruigh Dáibhi arís
do Dhía, agus adubhairt Día ris, ná
himthigh súas na ndíaigh, fill úadh,
agus tárr orra thall as coinne chrann
na sméur.


L. 1Cr14:15


Agus is amhluidh bhías, an tan
chluinfios tú torann siubhail a mbárr
chrann na sméur, annsin racha tú amach
chum catha: óir dochuáidh Día romhad
amach, do bhúaladh slóigh na Bhphilis-
tineach.


L. 1Cr14:16


Uimesin dorinne Dáibhi mar do
aithin Día dhe: agus do bhúaileadar
slúagh na Bhphilistineach ó Ghibeon air
fad go Gáser.


L. 1Cr14:17


Agus docuáidh Dáibhi amach fá
na críochuibh uile, agus thug an Ti-
ghearna a eagla air gach uile chrích.


L. 1Cr15:1


Agus dorinne Dáibhi tighthe dhó
féin a ccathruigh Dháibhi,
agus dullmhaigh sé áit
Dáirc Dé, agus do shui-
dhig sé lóistín di.


L. 1Cr15:2


Annsin adubhairt a Dáibhi, ní cóir
dénduine Airc Dé iomchar achd do na
Lebhítibh: óir is íad do thogh an Tighear-
na diomchar Aírce Dé, do agus dhénamh
miniostralachd dhó go bráth.


L. 1Cr15:3


Agus do chruinnigh Dáibhi Israel
uile a ccionn a chéile go Hierusalem, do
thabhairt Aírce an Tighearna súas dá
haít, noch do ullmhuigh ré roimpe.


L. 1Cr15:4


Agus do chruinnigh Dáibhi clann
Aáron, agus na Lebhítigh.


L. 1Cr15:5


Do mhacaibh Cohat; Uriel, a
cceann, agus a dhearbhráithre, céad agus
fithche.


L. 1Cr15:6


Do mhacaibh Merári; Asaiah a
cceann, agus a dhearbraíthre, dhá chéd
agus fithche.


L. 1Cr15:7


Do mhachaibh Gersom; Ioel a
cceann, agus a dhearbhráithre, céud agus
tríochad.


L. 1Cr15:8


Do mhacaibh Elisaphan; Se-
maiah a cceann, agus a dhearbhráithre,
dhá chéud.


L. 1Cr15:9


Do mhacaibh Hebron; Eliel a
cceann, agus a dhearbhráithre, ceithre
fithchid.


L. 1Cr15:10


Do mhacaibh Ussiel; Ammina-
dab a cceann, agus a dhearbhráithre, céd
agus dhá fhear dhéag.


L. 1Cr15:11


Agus do ghoir Dáibhi air Shádoc
agus air Abiatar, na sagairt, agus
air na Lebhítibh, air Uriel, Asaiah, agus
Ioel, Semaiah, agus Eliel, agus
Amminadab.


L. 1Cr15:12


Agus adubhairt sé riú, is sibhsi
cinn aithreach na Lebhíteach: náomhaidh sibh
féin, agus bhur ndearbhráithre, go
ttugadh sibh aníos Airc an Tighearna
Día Israel, gus (anáit) do ull-
mhuigh misi dhi.


L. 1Cr15:13


Oír do bhrígh nach dérnabhair é an
chéad uáir, dorinne an Tighearna briseadh
oruinn, do chionn nar íarramar é mar budh
choír.


L. 1Cr15:14


Marsin do náomhadar na sa-
gairt agus na Lebhítigh íad féin do
thabhairt Aírce an Tighearna Día Israel
suas.


L. 1Cr15:15


Agus do iomchradar clann na
Lebhíteach Aírc Dé air a nguáillibh guna
maideadhuibh uirre, mar do aithin Má-
oise do réir bhréithre an Tighearna.


L. 1Cr15:16


Agus do labhair Dáibhi ré húa-
chdarán na Lebhíteach, a ndearbhráithre dór-
dughadh do bheith na luchd ceóil air adhbha-
ghuibh ciúil, air shaltrachuibh, agus chlairseachuibh,
agus chimbaluibh, ag dénamh fuaime re
tógbháil gotha ós áird le luathgáir.


L. 1Cr15:17


Marsin do órduigheadar na Le-
bhítigh Heman mhac Ioel: agus da
dhearbhráithribh, Asaph mac Berechiah:
agus do mhacuibh Merári a ndearbhrái-
thre, Etan mhac Cusaiah.


L. 1Cr15:18


Agus maille leó a ndearbhrái-
thre don dara hórd, Sachariah, Ben,
agus Iaasiel, agus Semiramot, agus
Iehiel, agus Unni, Eliab agus Bena-
iah, agus Maaseiah, agus Matti-
tiah, agus Eliphaleh, agus Micn-
iah, agus Obed-edom, agus Ieiel na
doirseóirigh.


L. 1Cr15:19


Marsin do hórduigheadh an luchd
ceóil Héman, Asaph, agus Etan,
do sheinm ar chimbaluibh umha,


L. 1Cr15:20


Agus Sachariah, agus Asiel,
agus Semiramot, agus Iehiel, agus
Unni, agus Eliab, agus Maasiah,
agus Benaiah, air shaltrachaibh air
Alamot;


L. 1Cr15:21


Agus Mattitiah, agus Eli-
phaleh, agus Micniah, agus Obed-
edom, agus Ieiel, agus Asasiah mail-
le re cláirseachaibh ar an Seminit do
shárughadh.


L. 1Cr15:22


Agus dobé Chenaiah ceann na
Lebhíteach dobhí chum cantuighe: asé do
theagaisc timchioll an chéoil, mar dobhí
sé eólach.


L. 1Cr15:23


Agus dobhí Berechiah, agus
Elcanah na ndóirseoiribh ag an Airc.


L. 1Cr15:24


Agus Sebaniah, agus Ieho-
saphat, agus Netaneel, agus Ama-
sai, agus Sachariah, agus Benaiah,
agus Elieser na Sagairt, do shéidea-
dar stuic roimhe Airc Dé: agus dobé
Obed-edom, agus Iehiah budh coimhé-
duighe dhoruis don Aírc.


L. 1Cr15:25


Marsin dochúaidh Dáibhi agus
sinnsir Israel, agus Caiptínigh na
mílteadh do thabhairt Aírce chunnartha an
Tighearná ó thigh Obed-edom maille re
gáirdeachus.


L. 1Cr15:26


Agus tárla anúair do éttro-
muidh Día na Lebhitigh, noch do iomchair
Aírc chunnartha an Tighearna, gur
ofraladar seachd mbulóga agus seachd
reithe.


L. 1Cr15:27


Agus dobhí Dáibhi arna éa-
dughadh le Róba do línéadach fhínealta,
agus na Lebhítigh uile do iomchuir an
Aírc, agus an luchd ceóil; agus Che-
naniah maighistir an cheóil maille ris
anaós ceóil; agus dobhí ar Dháibhi
mar an ccédna Ephod línéduigh.


L. 1Cr15:28


Marso thug Israel Airc chu-
nnartha an Tighearna leó maille re
gárrthuibh, agus lé fuáim an bhúabhuill,
agus le stocaibh, agus le Cimbhaluibh,
ag dénamh comhghotha lé saltrachaibh,
agus le cláirseachaibh.


L. 1Cr15:29


Agus tárla an tan tháinic
Airc chunnartha an Tighearna go cathruigh
Dháibhi, ar mbeith do Mhichal inghean
Shauil ag féuchuin amach air fuinneóig,
go bhfacuidh sí Dáibhi Rígh ag damhsa,
agus ag súgradh; agus do tharcuis-
nigh sí é iona croidhe.


L. 1Cr16:1


Marsin thugadar leó
Aírc Dé, agus do shui-
gheadar í a lár an lóisthín
do chuir Dáibhi na sheasamh
dhi: agus dofráladar
ofráil loisge agus ofráil shióthchána a
bhfiadhnuisi Dé.


L. 1Cr16:2


Agus anúair do chríochnuigh Dáibhi
íodhbhuirt na hofrála loisge, agus na
hofrála síothchána, do bheannuigh sé an
pobal anainm an Tighearna.


L. 1Cr16:3


Agus do roinn sé air gach énduine
Disrael idir fhear agus mhnáoi, do gach
áon aca bairghin araín agus spódhla
maith feóla, agus flaigín fíona.


L. 1Cr16:4


Agus dórduigh sé Lebhítigh áirigh
do mhiniostralachd a lathair Airce an Ti-
ghearna, agus do chuimhniughadh, agus
do mholadh, agus do thabhairt buidheachuis
ris an TTighearna Día Israel:


L. 1Cr16:5


Asaph an túachdarán, agus na
dhiaigh sin Sachariah, Ieiel, agus Se-
miramot, agus Iehiel, agus Mat-
titiah, agus Eliab, agus Benaiah,
agus Obed-edom: agus Ieiel maille
se saltrachaibh, agus le cláirseachaibh:
achd doníodh Asaph fuáim lé cimba-
luibh.


L. 1Cr16:6


Benaiah mar an ccédna, agus
Iahasiel, na sagairt, maille re sto-
caibh a ccomhnuidhe as coinne Airce chu-
nnarta an Tighearna.


L. 1Cr16:7


Annsin, san ló sin feín, do
thug Dáibhi an cheáduair an Salmsa do tha-
bhairt buidheachuis ris an TTighearna, a láimh
Asaph agus a dhearbhráithreach.


L. 1Cr16:8


Tugaidh buidheachus don Tighearra,
goiridh ar a ainm, foillsighidh a ghnío-
mhartha a measg an phobuil.


L. 1Cr16:9


Canuidh dhó, canuidh Sailm dhó, agus
labhruidh air a oibrighibh iongantacha
uile.


L. 1Cr16:10


Déunuidh glóir iona ainm naómh-
tha, bíodh gáirdeachus ar chroidhthibh na
ndáoine íarrus an Tighearna.


L. 1Cr16:11


Iarruidh an Tighearna agus
a neart, íarruidh a ghnúis a ccomhnui-
dhe.


L. 1Cr16:12


Cuimhnighidh a oibreacha iongan-
tacha dorinne sé, a ionganta, agus
a bhreitheamhnuis.


L. 1Cr16:13


O a shliochd Israel a sherbhísighsion,
a chlann Iácob, a dhaoine toghtha.


L. 1Cr16:14


Asé so ar TTighearna Día,
ataíd a bhreitheamhnuis air feadh an domhuin
uile.


L. 1Cr16:15


Bíthi cuimhneach a ccomhnuidhe air a
chunnradh, an focal do aithin sé do mhíle
ginealach.


L. 1Cr16:16


Eadhon air an ccunnradh dorinne
sé re Hábraham, agus air a mhionnuibh do
Isaac.


L. 1Cr16:17


Agus do dhaingnigh sé sin do
Iácob mar dhligheadh, agus do Israel
mar chunnradh síorruidhe,


L. 1Cr16:18


Dhá rádh, is duitsi dobhéara
mé tír Chanain, cuid ronna hoighrea-
chda.


L. 1Cr16:19


Anuair nach rabhadar achd bea-
gán, ro bheágán, agus na ccoimhigh-
theachaibh innte.


L. 1Cr16:20


Agus anúair do imthigheadar ó
thír go tír, agus ó rioghachd go daoin-
ibh oile.


L. 1Cr16:21


Níor fhulaing sé dénduine éc-
cóir do dhéanamh orra, thug sé fós
iomaithfear do Rioghaibh ar a son


L. 1Cr16:22


(Gha rádh) ná beanuidh rem ung-
thachaibh, agus ná dénuidh dochar ar bith
dom fháighibh.


L. 1Cr16:23


Canadh an domhan uile chum na
Tighearna, foillsigh amach ó ló go ló
a shlánughadh.


L. 1Cr16:24


Follsigh a ghlóir a measg na
ngeinteadh, a oibreacha iongantacha a
measg na nuile chineadhach.


L. 1Cr16:25


Oir is mór an Tighearna, agus
is mór é ré a mholadh: is roimhe fós
is coír eagla bheith, ós cionn anuile
dhée.


L. 1Cr16:26


Oir is iodhuil uile dheé an pho-
bail: achd is é an Tighearna dorinne na
flaithis.


L. 1Cr16:27


Atá glóir agus onóir dá la-
thair, atá neart agus sólás iona io-
nad.


L. 1Cr16:28


Tugaidh don Tighearna, a chomh-
gháolta an phobail; tugaidh don Tighearna
glóir agus neart.


L. 1Cr16:29


Tugaidh don Tighearna, an ghlóir
is ceart dá ainm: tugaidh ofráil libh,
agus tigidh iona fhiaghnuise, adhruigh an
Tighearna a sgéimh náomhthachda.


L. 1Cr16:30


Bíodh eagla air an ndomhan uile dá
lathair: biáidh an talamh fós seasmhach,
iondus nach ccorruighthear é.


L. 1Cr16:31


Bíodh gáirdeachus air na neamhuibh,
agus dénadh an talamh lúathghaír:
agus abradh dáoine eidir na cineadha-
chaibh, atá an Tighearna a ríghe.


L. 1Cr16:32


Búireadh anfairge, agus a hiom-
laíne: lúathgháiridís na machaireadha,
agus anuile ní dá bhfuil ionta.


L. 1Cr16:33


Annsin canfuid croinn na coilleadh
go hárd a bhfíadhnuise an Tighearna, do
bhrígh go ttiucfa sé do dhénamh breitheamh-
nus ar an ndomhan.


L. 1Cr16:34


O, tugaidh buidheachus don Ti-
ghearna, óir is maith é: óir mairidh a
thrócaire go síorruidhe.


L. 1Cr16:35


Agus abruidh sibhsi, sáor sinn,
a Dhé ar slánuighthe, agus cruinnigh a
bhfochair a chéile sinn, agus saor sinn ar
na geintibh, ionnus go ttiubhram buidheachus
dot ainm naomhtha, agus go ndénam
glóir ann do mholadh.


L. 1Cr16:36


Go madh beannaigh an Tighearna
Día Israel a sáoghal na sáoghal: agus
adubhairt an pobal uile, Amen, agus
do mholadar an Tighearna.


L. 1Cr16:37


Annsin a lathair Airce chunnartha
an Tighearna dfág sé Asaph agus a
dhearbhráithre do mhiniostralachd as coinne
na Háirce a ccomhnuidhe, mar díarradh
obair gach aon laé:


L. 1Cr16:38


Agus Obed-edom agus a
ndearbhráithre, ochdar agus trí fithchid:
agus mar an gcédna Obed-edom mhac
Iedutun, agus Hósah do bheith na
ndoirseóiribh:


L. 1Cr16:39


Agus Sádoc an sagart, agus a dhearbhráithre
na sagairtar aghaidh
thabernacuil an Tighearna annsanáit
áird dobhí an Gibeon,


L. 1Cr16:40


Do íodhbairt ofrála loisge don
Tighearna, air altóir na hofrála loisge
a ccomhnuidhe maidin agus tráthnóna:
agus do dhénamh gach neithe dá bhfuil
scríobhtha a ndligheadh an Tighearna, noch
do aithin sé Disrael.


L. 1Cr16:41


Agus Heman agus Iedutun
maille leó, agus an chuid oile do to-
ghadh, noch do foillsiughadh lena nanma-
nnuibh, do thabhairt buidheachuis don Tighear-
na, do bhrígh go mairionn a thrócaire go
bráth.


L. 1Cr16:42


Agus ag Héman agus Iedu-
tan dobhádar stuic, agus Cimbail,
don luchd dodhénadh fuaim, agus adhbha-
dha ciuil Dé, agus (dob íad) mic Ie-
dutun na doirseóirigh.


L. 1Cr16:43


Agus do imthigh an pobal
uile gach áon dá thigh féin, agus dfill
Dáibhi do bheannughadh a thighe
féin.


L. 1Cr17:1


Anois tárla, mar dobhí
Dáibhi na shuidhe iona thigh,
go ndubhairt Dáibhi re Ná-
tan an fáigh, feuch atáimsi
am chomhnuidhe a ttigh do
chédar, achd atá Airc chunnartha an Ti-
ghearna taobh re cúirtínibh.


L. 1Cr17:2


Annsin adubhairt Nátan ré Dáibhi,
déna gach ní dá bhfuil ad mheanmuin: óir
atá Día leat.


L. 1Cr17:3


Agus tárla anoidhche sin féin,
go ttáinic briathar Dé chum Nátan,
gha rádh,


L. 1Cr17:4


Imthigh, agus innis do Dháibhi mo
shearbhfhoghantuigh, is marso adeir an
Tighearna, ní dhéna tú tigh dhamhsa do
chomhnuighe ann.


L. 1Cr17:5


Oír niór chomhnuigh misi a ttigh
ón ló fá ttug mé Israel aníos gus
aniugh, acht ag imhteachd ó lóistín go
lóistín, agus ón ttabernacuil go
chéile.


L. 1Cr17:6


Gidhbé ball ar shiubhail mé lé
Hisrael, nar labhar mé an focal ré
háoinbhreithiomh Disrael (noch dar aithin
mé mo phobal do bheathughadh) gha rádh,
cred fa nach dérnabhair tigh cédair
dhamh?


L. 1Cr17:7


Annois ar anadhbharsin is marso
adéra tú rem shearbhfhoghantuigh Dáibhi,
is marso adeir Tighearna na slógh, do
thóg misi thú ón mánruigh, ó leanmhuin
na ccáorach, chor go mbeitheá ad úachda-
rán ós cionn mo phobail Israel.


L. 1Cr17:8


Agus dobhí mé maille leat ann
gach uile bhall ar ghabh tú, agus do
ghérr mé thríotha do naimhde uile ro-
mhad, agus dorinne mé ainm dhíot cos-
mhuil ré ainm na ndáoine móra atá air
an ttalamh.


L. 1Cr17:9


Mar an gcédna, oirdeochuidh mé
áit dom phobal Israel, agus plainn-
deochuidh mé íad, agus áitreabhuid iona
náit féin, agus ní chorrochtar nios
mó íad, ní mó dhíbeoruid clann na
gciontach íad nios mó: (do nós na
céd aimsire,


L. 1Cr17:10


Agus ó anam ar aithin misi
breitheamhuin do bheith ós cionn mo phobail
Israel) tuilleamh fós, cláoidhfe mé do
naimhdese uile. Os a chionnsin innsim dhuit,
go ccuirfe an Tighearna tigh suas
duitsi.


L. 1Cr17:11


Agus tiucfaidh a ccrích, anuaír
chaithfighthear do laéthesi, a ccaith-
fidh tusa dul a bhfochair haithreadh, go
ttóigfe misi do shliochd súas ad dhíaigh,
noch bhías dot mhacaibhsi, agus daing-
neochaidh mé a rioghachd.


L. 1Cr17:12


Dodhéna seision tigh dhamhsa,
agus daingneochaidh misi a chatháoir
ríogha go bráth.


L. 1Cr17:13


Biaidh mé am athair aige,
agus biáidh seision na mhac agamsa,
agus ní bhéra mé mo thrócaire uadh, mar
rug mé ón té dobhí romhadsa.


L. 1Cr17:14


Acht suigheocha mé ann mo thigh
é, agus ann mo rioghachd go bráth,
agus daingneochthar a chathaóir ríogha
go síorruidhe.


L. 1Cr17:15


Do reír na mbriatharso uile,
agus do reír na fise so uile, is
amhluigh sin do labhair Nátan re Dái-
bhi.


L. 1Cr17:16


Agus tháinic Dáibhi Rígh, agus
do shuigh sé as coinne an Tighearna,
agus adubhairt sé, cia misi, a Thi-
ghearna Día? cred é mo tigh as a
ttug tusa chum na ceíme so mé?


L. 1Cr17:17


Agus gidheadh bá beag so ad
shúilibhsi, a Dhé; óir do labhair tú mar
an gcédna ar thigh do shearbhfhoghantuigh
aimsir fhada ré teachd, agus thug tú
meas ormsa do réir staide duine chumha-
chduigh, a Thighearna Día.


L. 1Cr17:18


Cred fhédas Dáibhi do rádh riot
nios mó, arson onóra do shearbhfhoghan-
tuigh? óir atá fios do shearbhfhoghan-
tuigh agad.


L. 1Cr17:19


A Thighearna, arson do shearbh-
fhoghantuigh, agus reír do thola feín
dorinne tú an mhórdhachdso, a bhfoillsiu-
ghadh na neitheann mórso uile.


L. 1Cr17:20


A Thighearna, ní bhfuil áon is
cosmhuil riotsa, agus ní bhfuil Día
ar bith acht tú, do reír anuile neithe
dá ccúalamar ler cclúasaibh.


L. 1Cr17:21


Agus cía aoinchineadh ar an
ndomhan atá cosmhuil re do phobal
Israel, noch a ndeachuidh Día dá bhfúas-
gladh, dá mbeith na bpobal aige féin,
do dhénamh anma mórdhachda agus úath-
bháis díotsa, le díbirt chineadhach amach
roimhe do phobal, noch dfúasgail tú as
an Négipt.


L. 1Cr17:22


Oír dorinne tú do phobal feín
dot phobal Israel go bráth, agus atá
tusa, a Thighearna, ad Dhía dhóibh.


L. 1Cr17:23


Ar anadhbharsin anois, a Thi-
ghearna, daingnighthear go bráth an ní
adubhairt tú a ttaóibh do sherbhísigh,
agus a ttáoibh a thighe, agus déna
mar adubhairt tú.


L. 1Cr17:24


Daingnighthear é cheana, chor go
mórfuighthear hainmsi go bráth, gha
rádh, Tighearna no slógh Día Israel is
Día Dísrael é: agus daingnighthear
tigh Dháibhi do shearbhfhoghantuigh ad lá-
thair.


L. 1Cr17:25


Oír dfoilligh, tusa ó mo Dhía,
dot shearbhfhoghantuigh, go ttóigfeá
tigh dhó: uimesin fuáir do shearbhfhoghan-
tuigh iona chroidhe urnaigh do dhénamh ad
lathair.


L. 1Cr17:26


Agus anois, a Thighearna,
is tú Día, agus do gheall tú an mhaith-
is dot shearbhfhoghantuigh:


L. 1Cr17:27


Anois ar anadhbharsin go madh
toil leachd tigh do shearbhfhoghantuigh do
bheannughadh, chor go mbíaidh as do choinne
go bráth: óir bheannuidhe tusa, a Thi-
ghearna, agus biáidhsin beannuigh go
bráth.


L. 1Cr18:1


Anois tárla na dhiaigh so
gur bhúail Dáibhi na Phi-
listinigh, agus gur chláoidh
sé íad, agus do bhean Gát
agus a bailte amach as
láimhna Bhphilistineach,


L. 1Cr18:2


Agus do bhúail sé Móab, agus
do ghéilliodar na Móabítigh mar sher-
bhísigh dhó, ag tabhairt tiodhlaice leó.


L. 1Cr18:3


Agus do bhúail Dáibhi Hadare-
ser Rígh Sóbah go nuige Hamat, mar
dochuáidh sé do dhaingniughadh a thighear-
nuis láimh ré habhuinn Euphrátes.


L. 1Cr18:4


Agus rug Dáibhi míle carbad
uadh, agus seachd míle marcach, agus
fithche míle coisigh: do ghérr Dáibhi fós
spiortheach each na ccarbad uile, achd
do cháomhuin sé céd carbad díobh.


L. 1Cr18:5


Agus anúair thangadar Siría-
nuigh Dhamascus do chongnamh lé Hada-
reser Rígh Sóbah, do mharbh Dáibhi do
na Sírianachaibh dhá mhíle fhithchiod fear.


L. 1Cr18:6


Annsin do chuir Dáibhi garisún
ann Damascus na Síria, agus do
ghéilliodar na Sírianuigh mar sherbhisigh
do Dháibhi, ag tabhairt tiodhlaice leó:
marso do choimhéd an Tighearna Dáibhi
ann gach áit a ndeachaidh sé.


L. 1Cr18:7


Agus do thóg Dáibhi na scíatha
óir dobhí air shearbhfhoghantuibh Hadareser,
agus thug go Hierusalem íad.


L. 1Cr18:8


Mar an gcédna ó Thibat agus
ó Chun, caithreaca Hadareser, thug
Dáibhi iomarcuigh praís, dá ndérna
Solamh an nfairge phráis, agus na Pi-
léir, agus na soithighe praís.


L. 1Cr18:9


Anois anúair dochúaluidh Tou
Rígh Hamat mar do bhúail Dáibhi go
hiomlán sluágh Hadareser Rígh Sóbah:


L. 1Cr18:10


Do chuir sé Hadóram a mhac
gus an Rígh Dáibhi da fhiafruigh cionnus
dobhí sé, agus do bheannughadh dhó do
cionn mar do throid sé anagaidh Ha-
dareser, agus mar do bhuáil sé é,
(óir dobhí cogadh ag Hadareser re
Tou) agus gach uile shórt soitheach óir
agus airgid, agus praís leis.


L. 1Cr18:11


Do choisrig Dáibhi Rígh íad sin
mar an ccédna don Tighearna maille
ris anór agus ris anairgiod thug sé
as na críochaibhsa uile, ó Edom agus
ó Mhóab, agus ó chloinn Ammon, agus
ó na Philistinibh, agus Amalec.


L. 1Cr18:12


Os a chionn sin do mharbh Abisai
mhac Seruiah do na Hedomiteachaibh ochd
míle dhég a ngleann an tsaluinn.


L. 1Cr18:13


Agus do chuir sé Garisún an
Edom, agus do ghéilliodar na Hedo-
mítigh uile na serbhíseabhaibh do Dháibhi:
marso do chomhéd an Tighearna Dáibhi ann
gach uile bhall ar ghabh sé.


L. 1Cr18:14


Marsin dobhí Dáibhi na Rígh ós
cionn Israel uile, agus dorinne sé
breitheamhnus, agus ceart idir a phobal
uile.


L. 1Cr18:15


Agus dobhí Ioab mhac Seruiah
ós cionn an tslóigh; agus Iehosaphat
mhac Ahilud na chuimhnigheóir.


L. 1Cr18:16


Agus Sádoc mhac Ahitub
agus Abimelech mhac Abiatar na
sagartaibh, agus Saussa na scribh-
neóir.


L. 1Cr18:17


Agus dobhí Benaiah mhac Ie-
hoiada ós cionn na Cceretíteach agus na
Bpeletiteach: agus dob íad mic Dhái-
bhi budh oirdhearca gach a táobh don
Rígh.


L. 1Cr19:1


Anois tárla na dhíaigh so
go bhfuáir Nahas Rígh
chloinne Ammon bás, agus
gur ríoghuidh a mhac iona
áit.


L. 1Cr19:2


Agus adubhairt Dáibhi, foillseo-
chuidh mé muinteardhas do Hánun mhac Na-
has, do bhrígh gur thaisbéin a athair
muinteardhas damh. Agus do chuir Dáibhi
teachda dá comhfhurtachd do thaobh a
athar: mar sin thangadar muintir
Dháibhi go tír chloinne Ammon go Há-
nun dá chomhfhurtachd.


L. 1Cr19:3


Acht adubhradar prionnsadha
chloinne Ammon re Hánun, an sáoilionn
tusa go bhfuil onóir ag Dáibi dot
athair, as ar chuir sé luchd comhfhurtachda
chugadsa? nach do spíonadh thangadar
a sheirbhísigh chugad, agus do mhilleadh
agus do bhrath na tíre.


L. 1Cr19:4


Uime sin do ghlac Hánun muintir
Dáibhi, agus do bhearr sé íad, agus
do gheárr sé a néduigh dhíobh iona lár,
ós cionn a más, agus do chuir ar siu-
bhal íad.


L. 1Cr19:5


Annsin dochúadar dáoine áirigh,
agus do innseadar do Dháibhi mar dorinneadh
rena mhuinntir; agus do chuir seision
dáoine na ccoinne (óir dobhí náire
mhór air na fearuibh) agus adubhairt an
Rígh, fanuidh ann Iericho, nó go bhfásuid
bhur bhfésóga, agus annsin fillidh.


L. 1Cr19:6


Agus an tan dochonncadar clann
Ammon go ndérnadar íad feín fúath-
mhar ag Dáibhi, do chuir Hánun agus
clann Ammon míle tallann airgid dfostógh
carbad agus marcshlúagh dhóibh as
Mesopotamia, agus as Síria Mhaa-
chah, agus as Sóbah.


L. 1Cr19:7


Marsin do fhostóigheadar dó air
thríochad míle carbad, agus Rígh
Maachah gun a mhuintir, noch tháinic,
agus do shuigheadar a slúagh as coinne
Mhedeba, agus do chruinnigheadar clann
Ammon íad feín a bhfochair a chéile ó na
ccaithreachaibh, agus thangadar chum
catha.


L. 1Cr19:8


Agus an tan docúalaidh Dáibhi
sin, do chuir sé Ioab, agus slúagh
na ndáoine neartmhar uile uadh.


L. 1Cr19:9


Agus thangadar clann Ammon
amach, agus do chuireadar an cath
anórdughadh as coinne gheata na caithreach:
achd na Ríghthe tháinic dobhádar leó
féin san machaire.


L. 1Cr19:10


Anois an tan dochonnairc Ioab
gur shuigheadar na choinne an cath roimhe
agus na dhiáigh, do thogh sé amach as
roighnibh Israel uile, agus do chuir sé
anórdughadh íad anaghaidh na Síria-
nach.


L. 1Cr19:11


Agus thug sé an chuid oile do
na dáoinibh a láimh Abisai a dhearbhra-
thair, agus do chuireadar íad feín
anórdughadh anaghaidh chloinne Ammon.


L. 1Cr19:12


Agus adubhairt seision, má bhíd
na Sírianuigh ro laídir dhamhsa, annsin
cuideocha tusa liom; achd ma bhíd clann
Ammon ro láidir dhuitsi, annsin cui-
deocha misi leachd.


L. 1Cr19:13


Bídhi curata, agus foillsi-
ghiom sinn féin go fearamhuil ar son ar
ndáoine, agus ar son chaithreacha ar
Ndé; agus dénadh an Tighearna an ní
is fearr chítear dhó féin.


L. 1Cr19:14


Agus do druid Ioab, agus na
daoine dobhí iona fhochair as coinne na
Sírianach, chum catha: agus do thei-
theadarsan roimhe.


L. 1Cr19:15


Agus an tan dochonncadar
clann Ammon gur theitheadar na Síria-
nuigh, do theitheadar feín mar an ccédna
roimhe Abisai a dhearbhrathair, agus
dochúadar asteach don chathruigh. Ann-
sin tháinic Ioab go Hierusalem.


L. 1Cr19:16


Agus an tan dochonncadar na
Sírianuigh gur buáileadh le Hísrael íad,
do chuireadar teachda uatha, agus do
thangeadar amach na Sírianuigh dobhí
táobh thall don nabhuinn; agus Sóphach
caiptín slóigh Hadareser rompa.


L. 1Cr19:17


Agus do hinnseadh sin do Dhái-
bhi, agus do chruinigh sé Israel uile,
agus dochuáidh sé tar Iordan anonn,
agus tháinic orra, agus do chuir sé
(an cath) anórdughadh na naghaidh:
marsin a nuáir do chuir Dáibhi an cath
anórdughadh anaghaidh na Sírianach
do throidedar ris.


L. 1Cr19:18


Acht do theitheadar na Sírian-
uigh roimhe Israel, agus do mharbh
Dáibhi do na Sírianachaibh seachd míle
fear, noch do throid a ccarbaduibh,
agus dhá fhithchiod míle coisigh: agus
do mharbh sé Sóphach caiptín an tslóigh.


L. 1Cr19:19


agus an tan dochonncadar
muintir Hadareser gur buaileadh
íad féin roimhe Israel, dorinneadar
síothcháin ré Dáibhi, agus do ghéillio-
dar na serbhíseachaibh dhó: agus níor
chuidigheadar na Sírianuigh nios mó ré
cloinn Ammon.


L. 1Cr20:1


Agus tárla ar ccaitheamh
na blíadhna, annsanam a
ttíaghaid Ríghthe amach,
go rug Ioab leis neart an
tslóigh, agus gur fhásuigh tír chloinne
Ammon, agus thainic sé, agus do
chuir a fhoslungphort air Rabbah (achd
dfan Dáibhi ann Ierusalem,) agus do
bhuáil Ioab Rabbah, agus do sgrios
sé í.


L. 1Cr20:2


Agus do bhean Dáibhi coróin
a Rígh da chionn, agus fuáir gur
chomhthromuigh sí tallann óir, agus do
bhádar clocha búadha innte, agus do
cuireadh ar cheann Dháibhi í, agus thug sé
mar an gcédna mórán oile édála as
an ccathruigh.


L. 1Cr20:3


Agus thug sé amach na daóine
dobhí innte, agus do ghérr sé íad le
tuiriosguibh, agus le clíathaibh foir-
sighe íaruinn, agus le thúaghaibh: mar-
sin dorinne Dáibhi re cloinn Ammon
uile, agus rena ccaithreachaibh: a-
gus dfill Dáibhi, agus a dhaoine uile
go Hierusalem.


L. 1Cr20:4


Agus tárla na dhiáighso, gur
éirigh cogadh ann Géser ris na Phi-
listínibh; annsanamsin Sibbechai, an
Hussatiteach do mharbh sé Sippai, noch
dobhí do chloinn anaithigh, agus do
claóidheadh íad.


L. 1Cr20:5


Agus dobhí cogadh arís ris
na Philistinibh, agus do mharbh Elhá-
nan mach Iair Lahmí dearbhrathair Gho-
liah an Gititeach agá raibh crann a
ghath amhuil garman figheadóra.


L. 1Cr20:6


Agus arís fós dobhí cogadh
ann Gát, áit a raibh óglach do mhéid
romhóir, a rabhadar méir a chos, a-
gus a lámh a ceathair fithchiod, asé (ar
gach láimh agus cois leis): agus fós dobudh
mac don naitheach é.


L. 1Cr20:7


Achd anuáir thug sé a shlán faói
Israel, do mharbh Ionatan mhac Simeá
dearbhrathair Dháibhi é.


L. 1Cr20:8


Don naithreach ó Ghát rugadh
íadso, agus do thuiteadar lé láimh
Dháibhi, agus lé láimh a mhuintire.


L. 1Cr21:1


Agus do sheas Sátan súas
anaghaidh Israel, agus do bhros-
tuidh sé Dáibhi chum Israel
do chomháireamh.


L. 1Cr21:2


Agus adubhairt Dáibi
re Ioab agus re huachdaránuibh an pho-
bail, Eirghide, aírmhidh Israel ó Bheer-
seba go Dan: agus tugaidh anuibhir
chugamsa, chor go mbía a fhios agam.


L. 1Cr21:3


Agus do fhreagair Ioab, go ndér-
na an Tighearna a phobal céduair níos mó
ná atáid: acht, mo thighearna a Rígh,
nach íad uile serbhísigh an Tighearna? uimesin
cíodh fa níarrann mo thighearna an
níse? créd fa mbeith sé na chuichd peacaidh
Disrael?


L. 1Cr21:4


Gidheadh do bhuádhuigh bríathar an
Rígh anaghaidh Ioab: uimesin dimthigh
Ioab, agus dochuáidh sé ar feadh Israel,
agus tháinic sé go Hierusalem.


L. 1Cr21:5


Agus thug Ioab suim uibhre na
ndáoine do Dháibhi, agus dobhádar
do chlainn Israel uile míle do mhíltibh,
agus céd míle fear, noch do tharruing
cloidheamh: agus do Iúdah ceithre chéad
agus trí fithchid míle fear do tharruing
cloidheamh.


L. 1Cr21:6


Acht níor áirimh sé Lébhi, nó
Beniamin na measc, óir dobhí bríathar
an Rígh adhfhúathmar ag Ioab.


L. 1Cr21:7


Agus do mhiothaitin an níse re
Día, uime sin do bhúail sé Israel.


L. 1Cr21:8


Agus a dubairt Dáibhi re Día,
do pheacaidh mé go mór do bhrígh go ndér-
na mé an ní so: acht anois, guidhim
thú, cuir écceart do shearbhfhoghantuigh
ar ccúl: óir dorinne mé so go ro
mhíchéilligh.


L. 1Cr21:9


Agus do labhair an Tighearna re
Gad féchadóir Dháibhi, gha rádh,


L. 1Cr21:10


Imtigh, agus innis do Dháibhi,
gha rádh, is marso adeir an Tighearna,
tairgim trí neithe dhuit, beir féin rogha
dhíobh, go ndénuinn riot é.


L. 1Cr21:11


Annsin thaínic Gad go Dáibhi,
agus adubhairt ris, is mar so adeir
an Tighearna, beir do rogha,


L. 1Cr21:12


Ceachdar aca, gorta thrí mblía-
dhan, nó bheith trí mhí dot sgrios roimhe
do naimhde (an feadh bhéras cloidheamh do
namhad ort) nó fós cloidheamh an Ti-
ghearna trí lá, eadhon an phláigh annsa
dúithche, agus aingeal an Tighearna ag
marbhadh ar feadh theórann Israel: anois
uimesin déna comhairle, cred é an fhrea-
gra bhéras misi gus an té do chuir uadh
mé.


L. 1Cr21:13


Agus adubhairt Dáibhi ré
Gad, atáim a ccumhgach ro mhóir;
tuitim anois a láimh an Tighearna, (óir
is ro mhór a thrócaire) agus ná tuitim
a láimh duine.


L. 1Cr21:14


Marsin do chuir an Tighearna
pláigh air Israel: agus do thuit Di-
srael seachdmhoghad míle fear.


L. 1Cr21:15


Agus do chuir Día aingeal go
Hierusalem da sgrios: agus mar
bhí sé agá lérscrios, dochonnairc an
Tighearna sin, agus dob aithreach
leis an tolc, agus adubhairt ris an
naingeal dobhí ag milleadh, Is lór sin,
connuimh anois do lámh; agus do sheas
aingeal an Tighearna ag urlár búailte
Ornan an Iebusíteach.


L. 1Cr21:16


Agus do thóg Dáibhi a shúile
súas, agus dochonnairc sé aingeal an
Tighearna na sheasamh idir talamh agus
neamh, agus cloidheamh táirngthe iona
laímh arna shíneadh amach ós cionn Ieru-
salem: annsin ar a naighthibh Dáibhi
agus sinnsir Israel, noch dobhí foluigh
re saicédach do thuiteadar air a naighthibh.


L. 1Cr21:17


Agus adubhairt Dáibhi re Día,
nach misi dfúagair an pobal dáireamh?
is misi féin do pheacaidh, agus dorinne
an tolc dháríribh: achd na caoruighse,
créd dorinneadar? guidhim thú, a Thigh-
earna mo Dhía, bíodh do lámh orumsa
agus air thigh mathar, achd ná bíodh air
do phobal as a bpíanfuidhe íad.


L. 1Cr21:18


Annsin do aithin aingeal an
Tighearna do Ghad a rádh ré Dáibhi,
go ttíagh Dáibhi súas, agus altoír
do chur suás don Tighearna ar urlár
buáilte Ornan an Iebusiteach.


L. 1Cr21:19


Agus dochúaidh Dáibhi suas
ar rádh Ghad, noch do labhair sé
anainm an Tighearna.


L. 1Cr21:20


Agus diompóigh Ornan ar ais,
agus dochonnairc sé an taingeal, agus a
cheathrar mac dobhí na fhochair dfolchadar
íad féin: anois dobhí Ornan ag
búaladh cruithneachda.


L. 1Cr21:21


Agus an tteachd do Dháibhi go
Hornan, dféach Ornan, agus
dochonnairc sé Dáibhi, agus dochuaídh sé
amach as anurlár búailte, agus
dumhluidh sé é feín do Dháibhi léna ghnúis
go talamh.


L. 1Cr21:22


Annsin adubhairt Dáibhi re Or-
nan, deónuidh dhamhsa anaítsi anur-
láir búailte, go ndérna mé altóir ann
don Tighearna: dobheára tú dhamh é ar
a lánluách, chor go ccuinneochtar an
phláigh ón bpobal.


L. 1Cr21:23


Agus adubhairt Ornan re Dái-
bhi, glac chugad é, agus déanadh mo
thighearna an Rígh an ní is feárr dochítear
dhó: féuch dobheirm dhuit na dhaimh mar
an gcéadna chum na hofrála loisge,
agus na súistighe mar chonnadh, agus
an chruithneachd chum na hofrála bídh,
bronnuim uile íad.


L. 1Cr21:24


Agus adubhairt Dáibhi Rígh ré
Hornan, ní headh, achd go deimhin ceinneacha mé
é air a lánlúach: oír ní ghlacfa mé an ní
is leatsa don Tighearna, agus ní oifráil-
fe mé iodhbuirt loisge gan chostús.


L. 1Cr21:25


Marsin thug Dáibhi do Ornan
air anáit, sé chéad Secel oír a ccomh-
throm.


L. 1Cr21:26


Agus dorinne Dáibhi altóir ann
sin don Tighearna, agus dofráil sé íodh-
burtha loisge, agus ofrála síothchána,
agus do ghoir air an TTighearna, agus
do fhrégair sé ó fhlaitheamhnus é, maille
re teine air altóir na híodhbartha
loisge.


L. 1Cr21:27


Agus dfúagair an Tighearna don
naingeal, agus do chuir sé a chloidheamh
asteach arís iona thrúaill.


L. 1Cr21:28


Annsanamsin anuair dochonairc
Dáibhi gur fhreagair an Tighearna é
anurlár buáilte Ornain an Iebusiteach,
annsin dorinne sé iodhbairt ann.


L. 1Cr21:29


Oír dobhí Tabernacuil an Ti-
ghearna, noch dorinne Maóise san bhfá-
sach agus altóir na hofrála loisge
fanamsin annsanáit áird ann Gi-
beon.


L. 1Cr21:30


Acht níor fhéud Dáibhi dul da
lathair dfíafruigh do Dhía: oír dobhí
eagla air do bhrígh chloidhimh aingil an
Tighearna.


L. 1Cr22:1


Ansin adubhairt Dáibhi, sé so
tigh an Tighearna Dé, agus
sí so altóir ofrála loisge
Israel.


L. 1Cr22:2


Agus do aithin Dáibhi na coimhi-
thigh do chruinniugadh a bhfochair a chéile,
noch dobí a ttír Israel, agus do
chuir sé saóir doibriughadh chloch snoigh-
te do dhéanamh tighe Dé.


L. 1Cr22:3


Agus do sholathair Dáibhi iomar-
cuidh íaruinn chum táirngeadh dhoirseadh na
ngeatadh, agus chum na ndlúthadh, agus
iomad práis gan chomhthromughadh.


L. 1Cr22:4


Mar an ccédna iomarcuidh crann
Cédair: óir thugadar na Sidoníanuigh
agus muintir Tíor iomarcuidh crann
Cédar chum Dáibhi.


L. 1Cr22:5


Agus adubhairt Dáibhi, atá mo
mhac Solamh óg máoth, agus an tigh
chaithfighthear do dhénamh don Tighearna is
éigin a bheith romhórdhálach, do chlú, agus
do ghlóir ar feadh anuile chríoch: (ar a
anadhbharsin) dodheána misi anois
ullmhughadh na choinne: marsin do ghléus
sé go ro acfuinneach roimhe a bhás.


L. 1Cr22:6


Annsin do ghoir sé air a mhac Solamh
agus do chuir dúalach air tigh do dhénamh
don Tighearna Día Israel.


L. 1Cr22:7


Agus adubhairt Dáibhi ré Solamh,
a mhic, ar son mo choda féin, dobhí ann
mintinn tigh do dhénamh dainm mo Thighearna
Dé.


L. 1Cr22:8


Acht thaínic bríathar an Tighear-
na chugam, gha rádh, do dhóirt tú
iomad fola, agus dorinne tú cogtha
móra: ní deána tú tigh dom ainmsi,
do bhrígh gur dhoírt tú iomad fola air
an ttalamh ann mo radharc.


L. 1Cr22:9


Féuch, béarthar mac dhuit, noch
bhías na dhuine shuáimhneach, agus dobhéra
misi suáimhneas dó ó na naimhdibh uile,
ann gach aon taobh dhe: óir isé bhus ainm
dhó Solamh, agus dobhéra mé
síothcháin, agus suáimhneas Dísrael
rena linn.


L. 1Cr22:10


Dodhéna sé tigh dom ainmsi,
agus biáidh sé na mhac agamsa, a-
gus misi am mathair aigesion, agus
daingneachuidh mé cathaóir a rioghachda
ós cionn Israel go bráth.


L. 1Cr22:11


Anois, a mhic, go raibh an Ti-
ghearna maille leat, agus téigh air haghaidh,
agus cuir tigh do Thighearna Dé súas,
mar do labhair sé dot thaóibh.


L. 1Cr22:12


Amháin go ttuga an Tighearna
eagna agus tuigsi dhiut, agus go
ttuga duit cúram a ttaoibh Israel,
lé ccoimhédfa tú dlígheadh do Thighear-
na Dé.


L. 1Cr22:13


Annsin éirochuidh sonus duit, má
thúgann tú aire do choimhlíonadh na reachda,
agus na mbreaitheamhnus, noch do chuir an
Tighearna dualach ar Mhaoise a
ttaobh Israel: bí láidir, agus bíodh
meisneach mhaith agad, ná himeagluidh,
agus na húamhnuighthear thú.


L. 1Cr22:14


Anois féuch, ann mo thriob-
lóid do ghléus misi a ccoine thighe
an Tighearna céud míle tallann óir,
agus míle míle tallann airgid, agus do
phrás agus díarann gan áireamh:
(óir atá sé ro líonmhar) do ghléus mé
mar an ccédna adhmad agus clocha,
agus féuduigh tusa cur na cceann.


L. 1Cr22:15


Tuilleamh oile (atáid) luchd oibre
agad go hiomadamhuil, snoigheadóirigh,
agus saóir chloch, agus chrainn, agus
íad uile glic chum gach éntsórt
oibre.


L. 1Cr22:16


An tór, agus an tairgiod,
agus an prás, agus an tíarán, ní
héidir a náireamh; éirigh súas, agus
déna romhad, agus go raibh an Tigh-
earna maille leat.


L. 1Cr22:17


Do aithin Dáibhi mar an ccéd-
na do phrionnsadhuibh Israel uile, cuidiu-
ghadh léna mhac Solamh, ha rádh


L. 1Cr22:18


Nach bhfuil bhur TTighearna Día
maille ribh? agus nach ttug sé suáimh-
neas daóibh ar gach táobh? óir thug sé
dúthchusaigh na tíre am láimhse, agus
do gabhadh an dúithche a lathair an Ti-
ghearna, agus a lathair a phobail.


L. 1Cr22:19


Anois socruighidh bhur ccroidhthe,
agus bhur nanam díarruidh bhur TTigh-
earna Dé; éirgidh ar anadhbharsin,
agus ullmhuighidh Sanctóir an Tighear-
na Dé do thabhairt Aírce chunnartha an
Tighearna, agus shoitheach náomhtha Dé,
don tigh dodhéntar dainm an Tighear-
na.


L. 1Cr23:1


An sin anúair dobhí Dáibhi
áosta, agus lán do láe-
thibh, dorinne sé Rígh dá
mhac Solamh ós cionn Israel.


L. 1Cr23:2


Agus do chruinnigh sé prionnsa-
dha Israel uile a ccionn a chéile mail-
le ris na Sagartaibh, agus ris na
Lebhítibh.


L. 1Cr23:3


Anois do háirmheadh na Lebhítibh,
ó aóis thríochad blíadhan, agus
ós a chionn: agus ba í a nuibhir do réir
a cceann duine ar dhuine, tríochad agus
ochd míle.


L. 1Cr23:4


Dobhí díobh sin ceithre míle fith-
chiod fear re haghaidh oibre thighe an
Tighearna do chur ar a haghaidh, agus
sé mhíle na noifigeacaibh, agus na
mbreitheamhnuibh.


L. 1Cr23:5


Os a chionn sin (dobhádar)
ceithre mhíle na ndoirseóribh, agus
ceithre mhíle re moladh an Tighearna
ris na hadhbhaghaibh ciúil dorinne misi
(arsa Dáibhi) do mholadh Dé.


L. 1Cr23:6


Agus do roinn Dáibhi íad na
sealuibh idir mhacaibh Lébhi, darbhainm
Gerson, Cohat, agus Merári.


L. 1Cr23:7


Do na Gersoniteachaibh, Laa-
dan, agus Símei.


L. 1Cr23:8


Mic Laadan; Iehiel a cceann,
agus Setam, agus Ioel, tríur.


L. 1Cr23:9


Mic Shímei; Selomit, agus Ha-
riel, agus Haran, tríur: dob íadso
cinn aithreach Laadan.


L. 1Cr23:10


Agus mic Shimei: Iahat, Sí-
na, agus Ieus, agus Beriah: dob
íad a naithreachaso mic Shímei.


L. 1Cr23:11


Agus dob é Iahat an ceann,
agus Sisa an dara: acht ní raibh mó-
rán mac ag Ieus nó ag Beriah:
uime sin dobhádar anénáireamh amháin
do réir thighe a naithreadh.


L. 1Cr23:12


Mic Chohat; Amram, Is-
sar, Hebron, agus Ussiel, ceathrar.


L. 1Cr23:13


Mic Amram; Aáron, agus
Maóise: agus do dealuigheadh Aáron
do bheannughadh na neithionn ro náomhtha,
é féin, agus a mhic go bráth, do
losgadh túise as coinne an Tighearna
do fhritheolamh dhó, agus do bheannughadh
iona ainm go bráth.


L. 1Cr23:14


Anois Maóise óglach Dé,
do hainmnigheadh a mhic a ttaoibh Lébhi.


L. 1Cr23:15


Dob iadso mic Mhaóise, Ger-
som, agus Elieser.


L. 1Cr23:16


Do mhacaibh Gersom dobé Se-
buel an ceann.


L. 1Cr23:17


Agus dob íad mic Elieser;
Rehabiah an ceann, agus ní raibh aón
mhac oile ag Elieser; achd dobudh ro
iomdha mic Rehabiah.


L. 1Cr23:18


Do mhacaibh Issar; Selomit
an ceann.


L. 1Cr23:19


Do mhacaibh Hebron; Ieriah
an cédmhac, Amariah an dara, Ie-
hasiel an treas, agus Iecameam an
ceathramhadh.


L. 1Cr23:20


Do mhacaibh Ussiel: Michah
an cédmhac, Iessiah an dara.


L. 1Cr23:21


Mic Mherári; Mahli, agus
Mussi: mic Mhahli; Eleásar, agus
Cis.


L. 1Cr23:22


Agus déug Eleásar, agus
ní raibh aon mhac aige, achd ingheana:
agus thugadar a ndérbhráithre, mic
Chis íad.


L. 1Cr23:23


Mic Mhussi; Mahli, agus
Eder, agus Ierimot, tríur.


L. 1Cr23:24


Dob íadso mic Lébhi do réir
thighe a naithreadh, uachdaráin na naithreadh
mar do háirmheadh íad le uibhir a nan-
mann, do réir a cceann dorinne obair
seirbhíse thighe an Tighearna ó aóis
fhithchid blíadhan, agus ós a chionn.


L. 1Cr23:25


Oír adubhairt Dáibhi, thug ann
Tighearna Día Israel suáimhneas dá
phobal, go madh héidir léo comhnuighe
ann Ierusalem go bráth.


L. 1Cr23:26


Agus fós do na Lebhítibh; ní
iomchoruid síad feasda an Taberna-
cuil, ná soithighe ar bith dá mbeanann
ris chum a sheirbhíse.


L. 1Cr23:27


Oír le bríathraibh deighionacha
Dháibhi do háirmheadh na Lebhítigh ó fhith-
chid blíadhuin dáois, agus ós a chionn:


L. 1Cr23:28


Do bhrígh gurbhí anoifig fei-
thiom ar chloinn Aáron ar son sheirbhíse
thighe an Tighearna annsna cúirtibh, a-
gus annsna seomradhuibh, agus aniomgh-
lanadh anuile neithe náomhtha, agus
oibre sherbhíse thighe Dé;


L. 1Cr23:29


Eadhon anaráin taisbénta,
agus an phlúir fhínealta donofráil bhídh,
agus bhairghiona gan loibhín, agus an
neithe doníthí annsanoighean, agus
an neithe fritheailte, agus anuile
shórt miosúir agus méud:


L. 1Cr23:30


Agus do sheasamh gach énmhai-
din do thabhairt buidheachuis don Tighearna,
agus mar an ccédna gach tráthnó-
na:


L. 1Cr23:31


Agus do íodhbuirt gach énof-
rála loisge don Tighearna annsna láe-
thibh saóire, annsna reéibh núadha, agus
annsna féustuighibh cinnte, anuibhir, do
réir mar do hórduigheadh dhóibh a ccomh-
nuigh a lathair an Tighearna:


L. 1Cr23:32


Agus go coimhéadaidís
cúram thabernacuil an chomhchrui-
nnigh, agus cúram na háite náomh-
tha, agus cúram chloinne Aáron a
ndearbhráithe, a serbhís thighe an Tigh-
earna


L. 1Cr24:1


Anois is íad so ranna mhac
Aaron: mic Aaron; Ná-
dab, agus Abihu, Eleásar,
agus Itamar.


L. 1Cr24:2


Achd déug Nádab a-
gus Abihu roimhe a nathair, agus
ní raibh clann ar bith aca; ar anadh-
bharsin sé Eleásar agus Itamar
doníodh oifig an Tsagairt.


L. 1Cr24:3


Agus do roinn Dáibhi íad: ar-
aon Sádoc do mhacaibh Eleasar, agus
Ahimelech do mhacaibh Itamar, do
reír a noifigibh ann a seirbhís.


L. 1Cr24:4


Agus dofríth ní budh mó do dháoi-
nibh oirdhearca do mhacaibh Eleásar ná
fríth do macaibh Itamar; agus is mar-
so do roinneadh íad: a measg mhac Elea-
sar dobhádar sé fir dheág toghtha a
measg a naithreadh, agus ochdar a measg
mhac Itamar, do réir thighe a nai-
threadh.


L. 1Cr24:5


Marso do roinneadh íad lé crann-
char, gach aicme dhíobh uile: óir
dobudh do mhacaibh Eleásar agus do mha-
caibh Itamar úachdaráin na Sanctóra,
agus úachdaráin thighe Dé.


L. 1Cr24:6


Agus Semaiah mhac Netaneel
an scribhneóir, aón do na Lebhítibh do
sgríobh íad as coinne an Rígh, agus na
bprionnsadh, agus Shadoc an sagart
agus Ahimelech mhac Abiatar, agus
a lathair ceann aithreadh na Sagart, agus
na Lebhíteach: áoin phrímhthigh amháin
arna ghlacadh do Eleásar, agus tigh
do Itamar.


L. 1Cr24:7


Anois thaínic an céad chrannchar
amach do Iehoiarib; an dara crann-
char do Iedaiah,


L. 1Cr24:8


An treas do Harim, an ceathra-
mhadh do Sheárim,


L. 1Cr24:9


An cúigeadh do Mhalchiiah, an
seiseadh do Mhiiamin,


L. 1Cr24:10


An Seachdmadh do Haccos, an
tochdmhad do Abiiah,


L. 1Cr24:11


An náomhadh do Iesua, an deich-
madh do Shecaniah,


L. 1Cr24:12


An táonmhadh dég do Eliasib,
an dara dégh do Iaccim,


L. 1Cr24:13


An treas déag do Huppah, án cea-
thramhadh déag do Iessebeab,


L. 1Cr24:14


An cúigeadh déag do Bhilgah,
an seiseadh dhég do Immer,


L. 1Cr24:15


An seachdmhadh dég do Hesir, an
tochdmhadh dég do Aphses,


L. 1Cr24:16


An náomhadh dég do Phetah-
iah, an fithcheadh do Iehesecel.


L. 1Cr24:17


An táonmhadh fithchiod do Ia-
chin, an dara fithchiod do Ghamul.


L. 1Cr24:18


An treas fithchiod do Dhela-
iah, an ceathramhadh fithchiod do Mhaa-
siah.


L. 1Cr24:19


Dob íad so a nórduighthe iona
serbhís do theachd go tigh an Tighearna do
réir a ngnátha fáoi Aáron a nathair,
mar do aithin an Tighearna Día Israel
dhe.


L. 1Cr24:20


Agus dob íad so an chuid oile
do mhachaibh Lébhi: do mhacaibh Subael, Iehde-
iah.


L. 1Cr24:21


A ttaóibh Rehabiah; do mhacaibh
Rehabiah dob é Issiah an céud (mhac)


L. 1Cr24:22


Do na Hisrahíteachuibh; Selomot:
do mhacaibh Shelomot; Iahat.


L. 1Cr24:23


Agus mic Hébron; Ieriah,
Amariah an dara, Iahasiel an treas,
Iecameam an ceathramhadh.


L. 1Cr24:24


Do mhacaibh Ussiel; Michah:
do mhacaibh Michah; Samir.


L. 1Cr24:25


Dobé dearbhrathair Mhichah
Issiah: do mhacuibh Issiah; Sechariah.


L. 1Cr24:26


Dob iad mic Mhearári, Mahli,
agus Mussi: mic Iaasiah; Beno.


L. 1Cr24:27


Mic Mherári le Iaasiah; Be-
no, agus Soham, agus Seccur, agus
Ibri.


L. 1Cr24:28


O Mahli thaínic Eleasar, ag
nach raib én mhac.


L. 1Cr24:29


A ttaoibh Chis: dobé mac Chis,
Ierahmeel.


L. 1Cr24:30


Mic Mhussi mar an ccédna;
Mahli, agus Ierimot: dob iad so mic
na Lebhíteach do réir thighthe a nai-
treadh.


L. 1Cr24:31


Do chaitheadarso mar an ccédna;
crannchar thall as coinne a ndearbhrái-
threach mic Aáron a lathair Dháibhi Rígh,
agus Shádoc agus Ahimelech agus
rogha aithreadh na sagart, agus na
Lebhíteach, eadhon na naithreach noir-
dhearca thall as coinne a ndearbrái-
threach dob óige.


L. 1Cr25:1


Tuilleamh fós, do dhealuidh Dáibhi,
agus caiptínigh an tslóigh
do sheirbhís mhac Asaph, a-
gus Heman, agus Iedu-
tun, noch dodhénadh fáigheadóireachd le
cláirseachaibh, agus le saltrachaibh, a-
gus le cimbaluibh: agus dobé uibhir
an luchd oibre do réir a serbhíse:


L. 1Cr25:2


Do mhacaibh Asaph; Saccur, a-
gus Ióseph, agus Netaniah, agus
Asarelah, mic Asaph fáoi láimh A-
saph, noch do thairghir do réir orduigh
an Rígh.


L. 1Cr25:3


O Iedutun: mic Iedutun; Ge-
daliah, agus Seri, agus Iessaiah,
Hassabiah, agus Mattitiah, seisear,
fáoi lámhuibh a nathar Ieduthun, noch
do thairghir lé cláirsigh do bhreith buidhe
agus do mholadh an Tighearna.


L. 1Cr25:4


O Heman: mic Heman; Bucciah,
Mattaniah, Ussiel, Sebuel, agus
Ierimot, Hananiah, Hanáni, Eliatah,
Giddalti, agus Romamti-eser, Ios-
becassah, Malloti, Hotir, agus Ma-
hasiot:


L. 1Cr25:5


Dob íadso uile mic Heman feith-
mheóir an Rígh a mbriathruibh Dé do
thogbháil na Háirce súas: agus thug
Día do Theman ceithre mic dhéug, a-
gus tríur inghean.


L. 1Cr25:6


Dobhádar so uile fáoi lámhuibh a
nathar do dhénamh ceóil a ttigh an Ti-
ghearna le cimbaluibh, le Saltrocaibh, a-
gus le cláirseachaibh, do sheirbhís thighe
Dé, do réir orduigh an Rígh do Asaph,
do Iedutun, agus do Heman.


L. 1Cr25:7


Marsin anuibhir sin uile mail-
le rena ndearbhráithribh do mhúineadh a
nduanuibh an Tighearna, gach a raibh glic,
dobudh dhá chéd, agus ceithre fithchid,
agus ochdar íad.


L. 1Cr25:8


agus do theilgeadar crannchar
anaghaidh a chéile, beag comhmaith a-
gus an mór, an fear teaguisg mar an
bhfoghluinte.


L. 1Cr25:9


Anois tháinic an céd chrannchar a-
mach do Asaph ar Iaseph, an dara
do Ghedaliah, noch maille rena dhear-
bhraithibh, agus rena mhacaibh, bá dhá
fhear dhéag.


L. 1Cr25:10


An treas do Shaccur, dá
mhacuibh agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear
dhéag.


L. 1Cr25:11


An ceathramhadh do Isre, dá mhac-
uibh agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear
dhég.


L. 1Cr25:12


An cúigeadh do Nethaniah,
dá mhacuibh agus dá dhearbhráithribh, dhá
fhear dhég.


L. 1Cr25:13


An seiseadh do Bhucciah, dá
mhacuibh agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear
dhég.


L. 1Cr25:14


An seachdmadh do Iessarelah,
dá mhacuibh agus dá dhearbhráithribh,
dhá fhear dhéag.


L. 1Cr25:15


An tochdmhadh do Iesaiah, dá
mhacuibh agus dá dhearbhráithreibh, dhá fhear
dhéag.


L. 1Cr25:16


An náomhadh do Mhattaniah,
dá mhacuibh agus dá dhearbhráithribh, dhá
fhear dhéag.


L. 1Cr25:17


An deachmhadh do Shímei, dá mhac-
uibh agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear
dhéag.


L. 1Cr25:18


An táonmhadh déag do Asa-
reel, dá mhacuibh agus dá dhearbhráithribh,
dhá fhear dhéag.


L. 1Cr25:19


An dara dég do Hassabiah, dá
mhacuibh agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear
dhéag.


L. 1Cr25:20


An treas déag do Shubael, dá
mhacuibh agus dá dhearbhráithribh, dhá fhear
dhéag.


L. 1Cr25:21


An cearthramhadh déag do Mhat-
titiah, dá mhacuibh agus dá dhearbh-
ráithribh, dhá fhear dhéag.


L. 1Cr25:22


An cúigeadh déag do Ierimot,
dá mhacuibh agus dá dhearbhráithribh, dhá
fhear dhéag.


L. 1Cr25:23


An seiseadh déag do Hana-
niah, dá mhacuibh agus dá dhearbhráith-
ribh, dhá fhear dhéag.


L. 1Cr25:24


An seachdmhadh déug do Iosbe-
cassah, dá mhacuibh agus dá dhearbhráith-
rib, dhá fhear dhéag.


L. 1Cr25:25


An tochdmhadh déag do Hanani,
dá mhacuibh agus dá dhearbhráithribh, dhá
fhear dhéag.


L. 1Cr25:26


An náomhadh déag do Mhal-
loti, dá mhacuibh agus dá dhearbhráith-
ribh, dhá fhear dhéag.


L. 1Cr25:27


An fithcheadh do Eliatah, dá
mhacuibh agus dá dhearbhráithribh, dhá
fhear dhéag.


L. 1Cr25:28


An táonmhadh fithchiod do Ho-
tir, dá mhacuibh agus dá dhear-
bhráitribh, dhá fhear dhéag.


L. 1Cr25:29


An dara fitchiod do Ghid-
dalti, dá mhacuibh agus dá dhearbhráith-
ribh, dhá fhear dhéag.


L. 1Cr25:30


An treas fithchiod do Mhaha-
siot, dá mhacuibh agus dá dhearbhráith-
ribh, dhá fhear dhéag.


L. 1Cr25:31


An ceathramhadh fithchiod do Ro-
mamti-eser, dá mhacuibh agus dá dhear-
bhráithribh, dhá fhear dhéag.


L. 1Cr26:1


Attaobh ronna na ndoirseói-
readh; do na Corhiteachaibh
dobhí Messelemiah mhac
Córe, do mhacaibh Asaph.


L. 1Cr26:2


Agus dob íad mic Mhesselemiah,
Sechariah an chéidghin, Iediael an
dara, Sebadiah an treas, Iatnel an
ceathramhadh,


L. 1Cr26:3


Elam an cúigeadh, Iehohanan an
seiseadh, Elioenai an seachdmhadh.


L. 1Cr26:4


Tuilleamh fós (dob íad) mic Obe-
d-edom, Semaiah an chéidghin, Iehosa-
bad an dara, Ioah an treas, agus
Sacar an cheathramhadh, agus Netaneel
an cúigeadh,


L. 1Cr26:5


Ammiel an seiseadh, Issachar
an seachdmhadh, Peultai an tochdmhadh: óir
do bheannuig Día é.


L. 1Cr26:6


Mar an ccéadna dá mhac Se-
maiah rugadh mic do ríaghluidh air feadh
thighe a nathar; óir fá daóine cuma-
sacha a ccródhachd íad.


L. 1Cr26:7


Mic Shemaiah; Otni, agus
Raphael, agus Obed, Elsabad, a
rabhadar a dhearbhráithre na ndaóinibh
láidre; Elihu, agus Semachia.


L. 1Cr26:8


Iad so uile do mhacaibh Obed-
edom: íad féin, a mic, agus a ndear-
bhráithre, daóine cumhachdacha ar neart
chum na serbhísi, días agus trí fith-
chid do Obed-edom.


L. 1Cr26:9


Agus dobhádar mic agus dearbh-
ráithre ag Messelemiah, daoine láidre,
ochd bhfir dhéag.


L. 1Cr26:10


Mar an ccéadna ag Hosah
do chloinn Mherári dobhádar Simri an
ceann, gidh narbhé an chéidghin é, thairis
sin dorinne a athair ceann de;


L. 1Cr26:11


Hilciah an dara, Tebaliah,
an treas, Sechariah an ceathramhadh:
mic agus dearbhráithre Hósah uile, trí
fir dhéug.


L. 1Cr26:12


Eattorra so dobhí ronna na
ndoirseóireadh, eadhon a measg na ndaóine
toghtha, ar mbeith faire aca as coinne a
chéile do fhritheolamh a ttigh an Tigh-
earna.


L. 1Cr26:13


Agus do theilgeadar croinn ar
an mbeag mar an mór, do réir thighe
a naithreadh ar son gach aóingheata.


L. 1Cr26:14


Agus do thuit an crannchar
leath shoir air Shelemiah; annsin do theilg-
eadar crainn ar son a mhic Sechariah
(comhairleach glic) agus tháinic a chrann
amach air an ttáobh thuáigh.


L. 1Cr26:15


Do Obed-edom budh dheas, agus
dá mhacaibh, tigh Asupim.


L. 1Cr26:16


Do Shuppim agus do Hósa
tháinic an crannchar amach leath shíar
maille ris an ngeata Sallechet láimh
ré tócar anáird, faire anaghaidh
faire.


L. 1Cr26:17


Táobh shoir bhádar seisear Le-
bhíteach, bhudh thuaigh ceathrar gach laoi,
budh dheas ceathrar gach láoi, agus leath
re Asuppim días agus días.


L. 1Cr26:18


Ann Parbar leath shíar ceathrar ag
an tóchar, agus días ag Parbar.


L. 1Cr26:19


Asíad so ronna na ndoirseói-
readh a measg chloinne Córe, agus a
measc chloinne Merári.


L. 1Cr26:20


Agus do na Lebhítibh, ré Ahiiah
dobhí ós cionn ionnmusa tighe Dé, agus
ós cionn ionnmhusa na neithionn náomhtha.


L. 1Cr26:21


A ttáobh mhac Laadan: mic
an Ghersonitigh Laadan, aithre toghtha,
eadhon ó Laadan an Gersoniteach thái-
nic Iehieli.


L. 1Cr26:22


Mic Iehieli; Setam, agus
Ioel a dhearbhrathair, noch dobhí ós cionn
ionnmhusa thighe an Tighearna.


L. 1Cr26:23


Do na Hamramiteacaibh, do na
Hissariteachaibh, do na Hebrónitibh, agus
do na Hussielitibh:


L. 1Cr26:24


Agus Sebuel mhac Gerson mhic
Máoise, budh úachdarán ós cionn na
nionnmhusadh:


L. 1Cr26:25


Agus a dhearbhraithre tre Elie-
ser: Rehabiah a mhac, agus Iesaiah
a mhac sin, agus Ioram a mhac sin,
agus Sichri a mhac sin, agus Selo-
mit a mhac sin.


L. 1Cr26:26


Asé an Selomit sin agus a
dhearbhráithre dobhí ós cionn uile ionnmhusa
na neitheann ccoisreagtha, noch do thiodh-
luic Dáibhi Rígh agus tógha na naithreach, agus
na Caiptinigh ós cionn mhílteadh, agus
chéd, agus Caiptínigh an tslóigh.


L. 1Cr26:27


As na hédáluibh do beanadh amach
a ccathaibh do thiodhlaiceadar do cong-
mháil thighe an Tighearna súas.


L. 1Cr26:28


Agus an mhéid do thiodhluic Sa-
muel an féchadóir, agus Saul mhac
Cis, agus Abner mhac Ner, agus
Ioab mhac Seruiah, agus gidhbé ar
bith do choisrig éinní, dobhí sé
fáoi láimh Shelomit, agus a dhearbhráithreach.


L. 1Cr26:29


Do na Hissaríteachaibh, Chena-
niah, agus a mhic dobhádar chum na ngno-
thuibh bhfoiriomlach ós cionn Israel, na
noifigeachaibh, agus na mbreitheamhnuibh.


L. 1Cr26:30


Agus do na Hebroníteachaibh,
Hassabiah agus a dhearbhráithre, daóine
gaisgeamhla, míle agus seachd ccéad
Dísrael dobhí na noifigeachaibh na measg,
don taóibhse do Iordan leath shíar a
ngnotuigh an Tighearna uile, agus a ser-
bhís an Rígh.


L. 1Cr26:31


A measg na Nebroníteach do
bhí Ieriiah na cheann, eadhon a measg na
Nebroníteach do séir ghinealach a aith-
readh. Annsa cheathrachadmhadh blíadhuin do
ríghe Dháibhi do híarradh íad, agus
fríth na measg daóine neartmhara a
ngaiscidh, ann Iáser ó Ghílead.


L. 1Cr26:32


Agus a dhearbhráithre daóine
gaisgeamhla dobhádar dhá mhíle agus
seachd ccéad príomhathair dhíobh, dá ndéarna
Dáibhi Rígh úachdarán ós cionn na Reu-
beníteach, na Ngadhíteach, agus leth-
threibhe Mhanasseh ar gach áon chúis
dar bhean re Día, agus a ngnothuighíbh an
Rígh.


L. 1Cr27:1


Anois clanna Israel do réir
a nuibhre, na príomhaithre
agus caiptínigh mílteadh, a-
gus céud, agus a noifi-
gidh dorinne serbhís don Rígh
a ccúis ar bith do na cúrsadhuibh, noch
thíagh asteach, agus dimthigeadh amach
ó mhí go mí ar feadh mhíos na blíadhna uile,
dobhí ann gach áonchúrsa dhíobh ceithre
mhíle fhithchiot.


L. 1Cr27:2


Os cionn an chéd chúrsa na céd
mhíosa dobhí Iassobéam, mhac Sabdiel,
agus dobhí iona chúrsa sin ceithre mhíle
fithchiot.


L. 1Cr27:3


Bá do chloinn Peres an tárdchaip-
tín air chaiptínibh an tslóigh ar son na
céad mhíosa.


L. 1Cr27:4


Agus ós cionn chúrsa an dara
míos dobhí Dódai an Tahohíteach, a-
gus fós dobé Miclot uachdárán a chúr-
sasan: mar an ccédna ann a chúrsa
(dobhí) ceithre mhíle fhithchiot.


L. 1Cr27:5


Dobé treas caíptín air a treas
mí Benaiah mhac Iehoiada árdshagart,
agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhith-
chiot.


L. 1Cr27:6


Is é so an Benaiah, noch dobí
neartmhar a measg an tríochaid, agus
ós cionn an tríochaid: agus ann a
chúrsasan Ammisabad a mhac.


L. 1Cr27:7


Dobé an ceathramhadh caiptín air
a cceathramhadh mí Asahel dearbhrathair
Ioab, agus Sebadiah a mhac na dhiáigh:
agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhith-
chiot.


L. 1Cr27:8


Dobé an cúigeadh cáiptín air a
ccúigeadh mí Samut an tisrahíteach: a-
gus iona chúrsasan ceithre mhíle fhith-
chiot.


L. 1Cr27:9


Dobé an seiseadh caiptín air a
seiseadh mí, Ira mhac Iccer an Tecoiteach:
agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhith-
chiot.


L. 1Cr27:10


Dobé an seachdmhadh caiptín air a
seachdmhadh mí, Heles an Peloníteach do
chloinn Ephraim: agus iona chúrsasan
ceithre mhíle fhithchiot.


L. 1Cr27:11


Dobé an tochdmhadh caiptín air
anochdmhadh mí, Sibbecai an Hussatiteach
do na Saphíteachaibh: agus iona
chúrsa-san ceithre mhíle fhithchiot.


L. 1Cr27:12


Dobé an náomhadh caiptín ar
an náomhadh mhí, Abieser an Taneto-
titeach do na Beniamíteachaibh: agus
iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.


L. 1Cr27:13


Dobé an deachmhadh caiptín ar
a deachmhadh mí, Maharai an Netopha-
thíteach do na Sarhíteachaibh: agus iona
chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.


L. 1Cr27:14


Dobé an taónmhadh caiptín dég ar
anáonmhadh mí dég, Benaiah an Pirato-
niteach do chloinn Ephraim: agus iona
chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.


L. 1Cr27:15


Dobé an dara caiptín dég ar
an dara mí dég, Heldai an Netopha-
titeach, ó Otniel: agus iona chúr-
sasan ceithre mhíle fhithchiot.


L. 1Cr27:16


Tuilleamh oile ós chionn threabha
Israel, dobé úachdarán na Reubeníteach,
Elieser mhac Sichri: na Simeoniteach,
Sephatiah mhac Maachah:


L. 1Cr27:17


Na Lebhiteach, Hassabiah mhac
Cemuel: na Naaróníteach, Sadoc.


L. 1Cr27:18


Do Iudah, Elihu, aon do dhear-
bhráithribh Dháibhi: do Issachar Omri,
mhac Michael:


L. 1Cr27:19


Do Shebulun, Ismaiah mhac O-
badiah: do Naphtali, Ierimot mhac
Asriel.


L. 1Cr27:20


Do chloinn Ephraim, Hoséa mhac
Asasiah: do leiththreibh Mhanasseh,
Ioel mhac Pedaiah:


L. 1Cr27:21


Do Leiththreibh Mhanasseh ann
Gílead, Iddo mhac Sechariah: do Bhen-
iamin, Iaasiel mhac Abner:


L. 1Cr27:22


Do Dhan, Asariel mhac Iero-
ham: ag so prionnsadha threabha Isra-
el.


L. 1Cr27:23


Acht níor ghabh Dáibhi anuibhir
ó aóis fhithchiodh blíadhan agus faói,
do bhrígh go ndubhairt an Tighearna, go
líonfadh sé Isreal amhuil réulta nimhe.


L. 1Cr27:24


Do thosuigh Ioab mhac Seruiah
ar áireamh, achd níor chríochnuigh sé, do
bhrígh gur fhás fearg thríd sin anaghaidh
Israel; ní mó do cuireadh anuibhir a
ccuntas chroinice Dháibhi Rígh.


L. 1Cr27:25


Agus ós cionn ionnmhusa an
Rígh dobí Asmabhet mhac Adiel: a-
gus dobhí Iehonatan mhac Ussiah
ós cionn tighe an stórúis annsna ma-
chairighibh, annsna caithreachaibh, agus ann-
sna bailtibh, agus annsna caisléan-
uibh.


L. 1Cr27:26


Agus dobhí Esri mhac Chelub
ós cionn na muintire dorinne obair an
mhachaire, do sháothrughadh na tal-
mhan.


L. 1Cr27:27


Agus ós cionn na bhfíneamhnach
dobhí Simei an Ramatiteach: dobhí
Sabdi an Siphmíteach ós cionn bhisigh na
bhfíneamhnach do na soiléruibh fíona.


L. 1Cr27:28


Agus dobhí Baal-hanam an
Gederiteach ós cionn na ccrann ola, a-
gus na ccrann Sícomór, noch dobhí ann-
sna réitibh íachdracha: agus dobhí Ioas
ós chionn soiléur na hola.


L. 1Cr27:29


Agus dobhí Sitrai an Saroní-
teach ós cionn na sealbhann dobhí air féur
a Sáron: agus dobhí Shaphat mhac
Adlai ochd cionn na sealbhann dobhí sna
gleantaibh.


L. 1Cr27:30


O cionn na ccámhall mar an
ccédna dobhí Obil an Tismeeliteach:
agus ós cionn na nassal dobhí Iehdeiah
an Meronotiteach.


L. 1Cr27:31


Agus ós cionn na ttréud do
bhí Iasis an Hageríteach: dob iadso
uile feadhmannuighe maóine Dháibhi Rígh.


L. 1Cr27:32


Mar an gcédna Ionatan dear-
bhrathair athar Dháibhi dobhí sé na chomhair-
leach, na dhuine críonna, agus na scri-
bhneóir; agus dobhí Iehiel mhac Hach-
mon a bhfochair mhac an Rígh.


L. 1Cr27:33


Agus dobé Ahitophel comhair-
leach an Rígh, agus Hussai an Tarchi-
teach fa comanach don Rígh.


L. 1Cr27:34


Agus a ndiáigh Ahitophel do
bhí Iehoiada mhac Benaiah, agus A-
biathar; agus dobé Ioab ríghfhéinnidh
shlóigh an Rígh.


L. 1Cr28:1


Agus do chruinnigh Dáibhi go
Hierusalem prionnsadha Is-
rael uile, prionnsadha na
ttreabh, agus caiptínigh na
ccuideachd doníodh miniostralachd don Rígh
re sealuigheachd, agus caiptínigh ós cionn
na mílteadh, agus caiptínigh ós cionn
na ccéd, agus na feadhmannuigh ós cionn
máoine agus seilbhe an Rígh uile a-
gus a mhac, maille ris na hoifigea-
chaibh, agus ris na daóinibh curata,
agus na daóine gaisgeamhla uile.


L. 1Cr28:2


Annsin do sheas Dáibhi Rígh súas
air a chosaibh, agus adubhairt, éistigh
riom a dhearbhráithre, agus mo phobal:
air mo shon féin, dobhí ann mo chroidhe tigh
comhnuigh do dhénamh Dáirc chunnartha
an Tighearna, agus do chostól ar
Ndé, agus do ghléas mé a ccoinne na
hoibre.


L. 1Cr28:3


Acht adubhairt Día riom, ní dhéna
tú tigh dom ainmsi, do bhrígh gur fear
cogaidh thú, agus gur dhóirt tú fuil.


L. 1Cr28:4


Gidheadh do thogh an Tighearna Día
Israel misi roimhe tigh mathair uile do
bheith am Rígh ós Israel go bráth:
óir do thogh sé Iúdah do bheith na úachd-
arán, agus do thgh Iúdah tigh matharsa,
agus a measc mhac matharsa do
thaitin misi ris do dhéanamh Rígh dhíom
ós cionn Israel uile.


L. 1Cr28:5


Agus tair mo mhacaibh uile (óir
thug an Tighearna mórán mac dhamh) do
thogh sé Solamh mo mhac, do shuidhe ann-
sa chathaóir ríogha a rioghachd an Tighear-
na ós cionn Israel.


L. 1Cr28:6


Agus adubhairt sé riomsa,
dodhéana Solamh do mhac mo thighse, a-
gus mo chúirte: óir do thogh mé é do
bheith na mhac agum, agus biáidh misi
am athair aigesion.


L. 1Cr28:7


Tuilleamh oile fós, daingneochuidh
mé a rioghachd go bráth, má bhíonn sé
seasmhach a ccoimhlíonadh maitheanteadh,
agus mo bhreitheamhnuis, mar atá aniugh.


L. 1Cr28:8


Anois uimesin a radharc Israel
uile, comhchruinniughadh an Tighearna, a-
gus anéisteachd ar Ndé, coimhéaduigh
agus íarruidh uile aitheanta bhur TTigh-
earna Dé, chor go sealbhochthaoi an fearann
maithsi, agus go bhfúigfidhe é mar oidh-
reachd ag bhur ccloinn bhur ndiaigh go
bráth.


L. 1Cr28:9


Agus thusa, a Sholuimh a mhic,
bíodh fios Dé hathar agad, agus déana
serbhís dó lé croidhe iomlán, agus lé
toil aontadhuigh: óir spíonuidh an Ti-
ghearna na huile chroidhthe, agus tui-
gidh sé na huile bhreathnuighthe na
smuaintigheadh; ma íarrann tú é, do
gheabha tú é, acht má thréigionn tú é,
teilgfidh sé úadh thú go bráth.


L. 1Cr28:10


Bí ar do choimhéad anois: óir
do thogh an Tighearna thú do dhéanadh
tighe don tsanctóir: bí láidir, agus
déana é.


L. 1Cr28:11


Annsin thug Dáibhi do Sholamh
a mhac eisiomláir an phóirse, agus
a thightheadh, agus a theagh ionnmhuis, a-
gus a sheomradh úachdarach, agus a
phárlús dobfaide asteach, agus áite
na cathaóire trócaire,


L. 1Cr28:12


Agus esiomláir na huile neithe
dá bhfuáir ón spiorad, chúirteann thighe
an Tighearna, agus na séomradha
timchioll fáccuáirt, agus ionnmhusa
thighe Dé, agus stórúis na neithionn
ccoisreactha.


L. 1Cr28:13


Mar an ccédna do chúrsadh-
uibh na sagart, agus na Lebhíteach, a-
gus don uile obair shearbhíse thighe an
Tighearna, agus anuile shoitheach ser-
bhíse a ttigh an Tighearna.


L. 1Cr28:14


Thug sé ór a ccomhthrom
chum na neitheann óir; donuile ionstrui-
ment donuile ghné sherbíse: airgiod
mar an gcédna donuile ionstrui-
ment airgid le comhthrom donuile ions-
truiment dá gach uile shórt serbhíse.


L. 1Cr28:15


Eadhon comhthromh chum an choinn-
leóir óir, agus dá lampadhuibh, lé
comhthrom do gach énchoinnleóir, agus
dá lampadhuibh: agus do na coinnleoi-
ribh airgid lé comhthrom, don choinnleoir
mar an gcédna, agus dá lampadhuibh,
do ré úsáide gach áon choinnléora.


L. 1Cr28:16


Agus lé tomhus thug sé ór
chum bórd anaráin taisbmeanta, dá gach
aon bhórd, agus airgiod mar an gcéd-
na do na bórduibh airgid.


L. 1Cr28:17


Or fíorghlan mar an ccédna
chum na nadhal, agus chum na mbulladh,
agus na ccupán, agus chum na mbái-
sín órdha thug sé ór tomhuiste chum
gach aon bháisín, agus fós airgiod
tomhuiste chum gach aon bháisín airgid.


L. 1Cr28:18


Agus chum altóra na túise
ór aithleaghtha lé tomhas, agus ór chum
eisiomlára charbuid na Cherubíneach,
noch do leathnuigh amach a sciatháin,
agus dfolchadar áirc chunnairtha an
Tighearna.


L. 1Cr28:19


Iadso re chéile (arsa Dáibhi)
do mhúin an Tighearna dhamhsa a scrí-
bhinn rena láimh orumsa, eadhon uile
oibreacha na heisiomláiresi.


L. 1Cr28:20


Agus adubhairt Dáibhi re So-
lamh a mhac, bhí láidir, agus bíodh meis-
neach mhaith agad, agus déna é; ná
bíodh eagla ort, agus na bí anbhuái-
neach; óir biáidh an Tighearna Día, eadhon
mo Dhíasa leachd, ní fhailleochuidh sé ort,
ní mó thréigfe sé thú nó go ccríochn-
uighe tú anuile obair chum serbhíse thighe
an Tighearna.


L. 1Cr28:21


Agus féuch cúirsadha na sa-
gart, agus na Lebhíteach, chum uile
sherbhíse tighe Dé, agus béid agadsa
chum gach uile shórt oibre, gach énduine
umhal glic do gach gné sheirbhíse; béid
na prionnsadha fós, agus an pobal
uile air do chomhairle go hiomlán.


L. 1Cr29:1


Tuilleamh oile adubhairt Dáibhi
Rígh ris an ccomhchruinniu-
ghadh uile, mo mhac Solamh,
amháin, noch do thogh Día,
atá sé fós óg agus maoth, agus
atá anobair mór: óir ní do dhuine a-
tá an pálás, achd don Tighearna Día.


L. 1Cr29:2


Anois do ghlés misi óm uile neart
a ccoinne thighe mo Dhé, an tór a ccoinne
na neiteann óir, agus an tairgiod a ccoinne
na neitheann airgid, agus an prás a ccoinne
na neitheann práis, an tíarann a
ccoinne na neitheann iarainn, agus an
tadhmad a ccoinne na neithieann adhmuid,
clocha Onix, agus clocha cuir, clocha
loinneardha, agus ioldhathach, agus
anuile shórt cloch uasal, agus clocha
marmuir go lór.


L. 1Cr29:3


Tuilleamh fós, do bhrígh gur chuir
mé mo dhúil a ttigh mo Dhé, atá agum
dom sheilbh dhílis féin dór agus dair-
giod, noch do bhronn mé do thigh mo Dhé
ós cionn ar ghlés mé uile a ccoinne an
tighe naomhtha,


L. 1Cr29:4


Eadhon trí mhíle tallann óir, dór
Ophir, agus seachd míle tallann airgid
aithleaghtha, dfolach balladh na ttigh-
theadh.


L. 1Cr29:5


An tór chum na neitheann óir, a-
gus an tairgiod chum na neithionn airgid,
agus chum gach uile shórt oibre re
láimh na bhfear ceirde. Agus cía a-
nois atá ullamh do choisreagadh a
Sheirbhíse aniugh don Tighearna.


L. 1Cr29:6


Annsin do ofráladar go toilea-
mhuil cinn na naithreach, agus prionnsadha
threabh Israel, agus caipthínigh na míl-
teadh, agus na ccéd, maille re húachda-
ránuibh oibre an Rígh.


L. 1Cr29:7


Agus thugadar chum serbhíse
thighe Dé cúig mhíle tallann óir, agus
deich míle dramma; agus deich míle
tallann airgid, agus ocht míle dhég
tallann phráis, agus céd míle tallann
íarainn.


L. 1Cr29:8


Agus an drong ag ár fríth
clocha mórluáigh, do chuireadar anionn-
mhus thighe an Tighearna íad, le láimh
Iehiel an Gersoníteach.


L. 1Cr29:9


Annsin do gháirdigh an pobal
do bhrígh gur ofráladar go haonta-
dhach lé croidhe iomhlán don Tighearna:
agus do gháirdigh Dáibhi Rígh mar an
gcédna le lúathgháir mhóir.


L. 1Cr29:10


Uimesin do bheannuigh Dáibhi an
Tighearna a lathair an chomhchruinnigh uile,
agus adubhairt Dáibhi, Go madh beannuigh
thú a Thighearna Día Israel ar na-
thar go sáoghal na sáoghal.


L. 1Cr29:11


As leatsa, a Thighearna, an
mhórdhachd, agus na cumhachda, agus an
bhuáidh, agus an rioghamhlachd; óir is
leachd anuile ní da bhfuil ar neamh, agus
air talamh: as leachd an rioghachd, a
Thighearna, agus atá tú ar hárdu-
ghadh mar cheann ós cionn anuile ní.


L. 1Cr29:12


As uáitsi thig saidhbhrios ar
aon, agus onóir, agus atá tú ad
Rígh ós cionn anuile, agus ann do láimh
atá cumhachda, agus neart, agus is
ann do láimh atá mór do dhénamh, agus
neart do thabhairt don nuile.


L. 1Cr29:13


Anois ar anadhbharsin ar Ndía,
bheirmid buidheachus riot, agus molmaoid
hainm glórmhar.


L. 1Cr29:14


Acht cía misi, agus cred iad
mo dhaoine, as a mbíadh ionnuinn ofráil
an comhthoilteanach so air an modhsa?
óir is uáitse thig gach uile ní, a-
gus dot chuid féin thugamar dhuit.


L. 1Cr29:15


Oir is coimhithigh sinn ad fhiagh-
nuise, agus luchd cúarta sinn, mar do
bhádar ar naithre uile: atáid ar
láethe ar an ttalamh amhuil scáile,
air nach bhfuil fuireach.


L. 1Cr29:16


O a Thighearna ar Ndía, an stórsa
uile do ghlésamar do dhénamh tighe
dhuitsi dot ainm náomhtha, as do láimh
féin thig sé, agus is leachd féin é
uile.


L. 1Cr29:17


Atá a fhios agam mar an gcéd-
na, ó mo Dhía, go bhféchann tusa an
croidhe, agus go bhfuil sólás agad
annsa bhfíréntachd: ar mo shonsa anionn-
racus mo chroidhe dofráil mé na neithesi
uile go toileamhuil: agus dochonnuirc
mé anois maille re gáirdeachus
do phobal, noch atá a lathair annso,
ag ofráil go toileamhuil duitsi.


L. 1Cr29:18


O a Thighearna Día Abraham,
Isaac, agus Israel ar naithrene,
cumhduigh so go bráth a mhbreathnughadh
smuáintighthe chroidhe do phobail, agus
uillmhuigh a ccroidhe dhuit féin.


L. 1Cr29:19


Agus tabhair dom mhac Solamh
croidhe iomlán do choimhéd haitheanthadh,
thfiaghnuiseadh, agus do reachda, agus
do dhénamh na neithionnso uile, agus
do chur an pháláis súas, a ccoinne a
ndérna misi solathar.


L. 1Cr29:20


Agus adubhairt Dáibhi ris an
ccomhchruinniughadh uile, anois molaidh
bhur TTighearna Día. Agus do bheannuidh
an comhchruinniughadh uile an Tighearna
Día a naithreadh, agus do chromadar
a ccinn síos, agus do onóruigheadar
an Tighearna, agus an Rígh.


L. 1Cr29:21


Agus do ofráladar íodhbar-
tha don Tighearna, agus do íodhbra-
dar ofráil loisge don Tighearna arna
mhárach déis an laói sin, eadhon
míle damh, míle reithe, agus míle úan,
maille rena nofráluibh dighe, agus
íodhbhartha ar son Israel uile.


L. 1Cr29:22


Agus a dúadar, agus dibhea-
dar as coinne an Tighearna an lásin
maille re gáirdeachus mór, agus
dorinneadar Rígh do Sholamh mhac Dáibhi
an dara huáir, agus do ungadar
é don Tighearna chum bheith na árdúachda-
rán, agus Sádoc chum bheith na Shagart.


L. 1Cr29:23


Annsin do shuigh Solamh a cca-
thaóir an Tighearna na Rígh anáit Dháibhi
a athar, agus tháinic sé ar a aghaidh,
agus dumhluidh Israel uile dhó.


L. 1Cr29:24


Agus dumhluigheadar na prionn-
sadha, agus na daóine cumhachdacha
uile, agus fós uile mhic Dháibhi Rígh
íad féin don Rígh Solamh.


L. 1Cr29:25


Agus do mhéuduigh an Tighear-
na Solamh go hanmhór a radhairc Is-
rael uile, agus do bhronn sé dhó
a leithéid sin do ríoghamhlachd, nach raibh
im éinrígh roimhe a Nisrael.


L. 1Cr29:26


Marso fa Rígh Dáibhi mhac
Iesse ós cionn Israel uile.


L. 1Cr29:27


Agus budh ceathrachad blíadhan
aimsir a ríghe ós Israel; seachd mbliadhna
dobhí sé na Rígh ann Hébron, agus trí bliadh-
na air thriochad a ríghe ann Ierusalem.
Agus déug sé anaóis mhaith fhoir-
fe, lán do laéthibh, do shaidhbhrios, a-
gus donóir: agus dobhí Solamh na
Rígh iona áit.


L. 1Cr29:28


Annois gníomha Dháibhi Rígh ó
thús go deireadh, féch atáid scríobhtha
a leabhar Shamuel an feuchadóir, agus
a leabhar Nátan an fáigh, agus a lea-
bhar Ghad an feuchadóir,


L. 1Cr29:29


Maille rena ríghe uile, agus
rena chumhachd, agus anaimsir dochuaidh
thairis, agus thair Israel, agus thair
anuile rioghachd na ttíorthadh.


L. 2Cr



AN DARA LEABHAR DO NA CROINICIBH


L. 2Cr1:1


Agus do neartuigheadh Solamh
mhac Dáibhi iona rioghachd,
agus dobí a Thighear-
na Día maille ris, a-
gus do mhéuduigh sé é go
hiomarcach.


L. 2Cr1:2


Annsin do labhair Solamh re His-
rael uile, re caiptíneadh na mílteadh,
agus na ccéad, agus ris na breith-
eamhnuibh, agus re gach áon úachda-
rán ann Israel uile, re ceannuibh na
naithreach.


L. 2Cr1:3


Mar sin dochuáidh Solamh, a-
gus an comhchuinniughadh uile iona fhochair
don náit áird dobhí an Gibeon: óir
is annsin dobhí Tabernacuil chomhchrui-
nnigh Dé, noch dorinne Maóise sear-
bhfhoghantuigh an Tighearna ann sa bhfá-
sach.


L. 2Cr1:4


Acht thug Dáibhi Airc Dé ó
Chiriat-iarim súas gus anáit do
ullmhaigh Dáibhi roimpe: óir do chuir
sé lóistín na sheasamh dhi ann Ierusalem.


L. 2Cr1:5


Tuieallmh fós, do chuir sé an
altóir phráis dorinne Becaleel
mhac Uri, mhic Hur, as coinne Tha-
bernacuil an Tighearna: agus do ghuidh
Solamh, agus an chomhchruinniughadh
aice.


L. 2Cr1:6


Agus dochuáidh Solamh súas
annsin gus analtóir phráis a lathair
an Tighearna, noch dobhí ag Taberna-
cuil an chomhchruinnigh, agus dofráil
sé míle íodhbuirt loisge uirre.


L. 2Cr1:7


Annsanoidhche sin dfoillsigh Día
é féin do Sholamh, agus adubhairt sé
ris; íarr cred bhérus mé dhuit.


L. 2Cr1:8


Agus adubhairt Solamh ré Día,
do thaisbéin tú grása móra dom
athair Dáibhi, agus do chuir tú misi
do ríghe iona áit.


L. 2Cr1:9


Anois, a Thighearna Día, coimh-
líontar do ghealladh dom athair Dáibhi:
óir dorinne tú Rígh dhíomsá air pho-
bal coimhlíonmhar re luáithreadh na tal-
mhan:


L. 2Cr1:10


Tabhair dhamh anois eagna agus
éolus, lé a racha mé amach, agus lé
a ttiucfa mé asteach roimhe an bpo-
balsa: óir cía dá ttig breitheamhnus
do dhéanamh air do phobal atá an comhmórsa?


L. 2Cr1:11


Agus adubhairt Día re Solamh,
do bhrígh go raibh so ann do chroidhe, a-
gus nár íarr tú saidhbhrios, maóin,
nó onóir, no bás do námhad, agus
fós nár íarr tú sáoghal fada; achd
gur íarr tú eagna agus eólus dhuit
féin, go madh féidir leachd breitheamhnus
do dhénamh ar mo phobalsa ós cionn a
ndérna mé Rígh dhíot.


L. 2Cr1:12


Do háontuigheadh eagna agus éo-
lus duit, agus dobhéra mé saidhbh-
rios duit, agus maóin, agus onóir;
a leithéid nach bhfuáir aon do na Rígh-
thib dobhí romhad, agus nach bhfuighe
énduine ad dhiáigh a leithéid.


L. 2Cr1:13


Annsin tháinic Solamh ónáit
áird dobhí ann Gibeon, go Hierusa-
lem, ó lathair Thabernacuil an chomhchrui-
nnigh, agus dobhí na Rígh ós cionn Is-
rael.


L. 2Cr1:14


Agus do chruinnigh Solamh car-
buid, agus marcshlúagh, agus dobhí
míle, agus ceithre chéd carbad aige,
agus dhá mhíle dhéag marcach, noch do
shuidhigh sé a ccaithreachaibh na ccarbad,
agus a bhfochair an Rígh ann Ierusa-
lem.


L. 2Cr1:15


Agus thug an Rígh airgiod
agus ór ann Ierusalem mar chlocha, a-
gus dorinne croinn céadair ann amhuil
croinn Sicomoir, noch atá san ghleann,
air líonmhaireachd.


L. 2Cr1:16


Agus tugadh eich chum So-
luimh as an Néigipt, agus snáth lín:
do glacaidís ceannuighthe an Rígh an snáth
ar a lúach.


L. 2Cr1:17


Agus thugadar súas, agus
rugadh amach as an Négipt carbad
air ceann shé chéd Secel airgid, agus each
ar cheann chéd agus cháogad: agus
marsin thugadar léo eachraidh do Ríogh-
uibh na Hittiteach uile, agus do Ríogh-
uibh na Síria, lena láimhsion.


L. 2Cr2:1


Agus do thionnsguin Solamh
tigh do dhéanamh dainm an
Tighearna, agus tigh dhá
rioghachd.


L. 2Cr2:2


Agus do áirimh So-
lamh amach trí fithchid agus deich
míle diomchar ualach, agus ceithre
fithchid míle doibriughadh annsa tslíabh,
agus trí mhíle, agus sé chéad dféch-
uin ós a ccionn.


L. 2Cr2:3


Agus do chuir Solamh (teachda)
go Huram Rígh Tíor, gha rádh, mar
dorinne tú re mathair Dáibhi, agus gur
chuir tú ceadair chuige do dhénamh tighe
dhó, iona ndéanadh sé comhnuighe, (déana
marsin riomsa.)


L. 2Cr2:4


Féach, atáim ag déanamh tighe
dainm mo Thighearna Dé, dha coisrea-
gadh dhó, agus do losgadh túise deagh-
bholaidh dá lathair, agus don narán
taisbéanta laetheamhuil, agus do na
hofráluibh loisge maidin agus tráth-
nóna annsna, sábóidibh, agus annsna
reéibh núadha, agus a bhféastuighibh sol-
lamanta ar TTighearna Dé: atá so
dúalach air Israel go bráth.


L. 2Cr2:5


Agus an tigh atáim do dhéanamh,
budh mór é: óir is mór ar Ndía ós
cionn gach uile dhée.


L. 2Cr2:6


Acht cía fhédas tigh do dhéa-
namh dhó, ó noch féidir lé neamh, a-
gus re neamh na neamh a rochduinn ionta?
cía misi air anadhbharsin as a ndéa-
nuinn tigh dhó, achd amháin íodhbuirtha do
losgadh as a choinne?


L. 2Cr2:7


Cuir chugam anois uimesin duine
glic anoibriughadh anór, agus nair-
giod, agus a bprás, agus aníarann,
agus a bpurpuir, agus a ndearg, a-
gus a ngorm, agus agá mbía eólus
a ngreannadh a bhfochair na ndáoine nglic a-
tá agamsa ann Iúdah, agus ann Ieru-
salem, noch do sholathair Dáibhi mathair.


L. 2Cr2:8


Cuir chugam mar an gcéadna
croinn chéadair, croinn ghiumhuis, agus
croinn algam as Lebanon: (óir is
fios damh gurab éolgach do shearbh-
fhoghantuighidhse air adhmad do ghearradh a
Lebanon) agus féuch, béid mo mhuin-
tirse a bhfochair do mhuintire,


L. 2Cr2:9


Eadhon dullmhughadh adhmuid
dhamhsa go lór: óir an tigh atáim
ar tí do chur súas, budh iongantach
a mhéid.


L. 2Cr2:10


Agus féach dobhéara mé dot
mhuintir na géarrthóirighe ghéarrfus
adhmad, fithche míle miosúr do chruith-
neachd bhuáilte, agus fithche míle miosúr
éorna, agus fithche míle soitheach fíona,
agus fithche míle soitheach ola.


L. 2Cr2:11


Annsin do fhreagair Huram Rígh
Tíor a scríbhinn, noch do chuir sé go So-
lamh; do bhrígh gurbionmhuin leis an
TTighearna a dhaóine, dorinne sé Rígh
dhíotsa ós a ccionn.


L. 2Cr2:12


Adubhairt Huram fós, go madh
beannuigh an Tighearna Día Israel, noch
dorinne neamh agus talamh, noch thug
mac glic do Dháibhi, lán do críonachd
agus do thuigsin, noch do chuirfear
tigh Dháibhi, lán do chríonachd agus do
thuigsin, noch do chuirfeadh tigh súas
don Tighearna, agus tigh dhá rioghachd.


L. 2Cr2:13


Agus anois do chuir misi chu-
gad duine glic tuigsionach do mhuintir
mathar Huram;


L. 2Cr2:14


Mac mná dingheanuibh Dan, a-
gus duine do Thíor a athair, glic
anoibriughadh anór, agus anairgiod,
a bprás, aníarann, a ccloich, agus
anadhmad, a bpurpuir, a ngorm, a-
gus a línédach fhínéulta, agus a
ndearg: agus mar an gcédna do
ghreannadh gach éntsóirt oibre greanta,
agus do bhreith éoluis air gach uile
stuáim da ccuirfighthear chuige maille
re do dhaóinibh gliocasa, agus re
daoinibh glioca mo thighearna Dáibhi
hathair.


L. 2Cr2:15


Anois ar anadhbharsín, an
chruithneachd, agus anéorna, anola, agus
an fíon air ar labhair mo thighearna,
cuireadh sé úadh íad chum a shearbhfho-
ghantuigheadh.


L. 2Cr2:16


Agus gérrfuimne adhmad as
Lebanon an mhéid bhus uireasbuid ort,
agus béram linn na sláoduibh íad air an
bhfairge go Ioppa, agus béra tusa
as sin go Hierusalem íad.


L. 2Cr2:17


Agus do áirimh Solamh a
raibh do choimhitheachuibh a ttír Israel,
do réir na nuibhreach lear áirimh Dáibhi
a athair íad; agus dofríth dhíobh céud
agus cáogad míle, agus trí mhíle,
agus sé chéd.


L. 2Cr2:18


Agus do chuir sé trí fith-
chid agus deich míle dhíobh diomchar ua-
lach, agus ceithre fithchid míle doib-
riughadh san tslíabh, agus trí mhíle
agus sé chéud ós a ccionn dá mbros-
tadh iona nobair.


L. 2Cr3:1


Ansin do thosuigh Solamh
ar thigh an Tighearna do
dhénamh ann Ierusalem a slíabh
Móriah, mar ar fhoillsigh
an Tighearna é féin da athair Dáibhi,
ann sanáit do ghléus Dáibhi, anur-
lár buáilte Ornan an Iebusiteach.


L. 2Cr3:2


Agus do thosuigh sé anobair an
dara lá don dara mí annsa cheathra-
mhadh bíadhain da ríghe.


L. 2Cr3:3


Anois is íadso na neithe ionar
teaguisgeadh Solamh do dhénamh tighe
Dé: a fhad a ccubhaduibh do réir an
chédtomhuis, dobudh trí fhithchid cubhad,
agus a leithead fithche cubhad.


L. 2Cr3:4


Agus an póirse, noch dobhí
anédan an tighe, dobé a fhad do réir
leithne an tighe, fithche cubhad, agus
céd agus fithche cubhad na áirde; a-
gus dfoluigh sé táobh astigh é le hór
fíorghlan.


L. 2Cr3:5


Agus air an tteagh fa mó do
chuir sé ceann le crannuibh giumhuis, noch
dfoluigh sé lé hór fíorghlan, agus do
chuir air sin croinn phailme, agus slabh-
ruidhe.


L. 2Cr3:6


Agus do dheaghmhaisigh sé an tigh
lé clochaibh uáisle mar scéimh: agus
dobudh dór Parbhaim an tór.


L. 2Cr3:7


Dfoluidh sé mar an ccédna
saltacha an tighe, a phostuidhe, agus
a bhalluidhe, agus a dhoirse lé hór,
agus do ghrean sé Cherubínigh air na
balladhuibh.


L. 2Cr3:8


Agus dorinne sé an tigh is
ro náomhtha: dobé a fhad sin do
réir leithne an tighe fithche cubhad, a-
gus a leithiod fithche cubhad, agus dfo-
luigh sé lé hór fíorghlan é: rái-
nic sé chum sé chéd tallann.


L. 2Cr3:9


Agus dobudh cáogad Secel
óir comhthrom na ttáirngeadh: agus
dfoluigh sé na seomradha úachdarach
lé hór.


L. 2Cr3:10


Agus annsanáit ro náomhtha
dorinne sé dhá Cherubín dobuir sho-
ghluáiste, agus dfoluigh sé lé hór
íad.


L. 2Cr3:11


Agus dobhí fithche cubhad ar
fad a sciathánuibh na Cherubínigh: cúig
cubhaidh anéinsciathán ag rochduin go
balla an tighe: agus cúig cubhaid san
dara sciathán, ag rochduin go sciathán
an Cherub oile.


L. 2Cr3:12


Agus dobhí cúig cubaid anéinsciathán
don Cherub oile, ag ro-
chduin go balla an tighe: agus dobhí
fos cúig cubhaid san sciathán oile, tean-
ta ré sciathán an Cherub oile.


L. 2Cr3:13


Do leathnuigheadar sciatháin na
Cherubsa íad féin amach fithche cubhad:
agus do sheasadar air a ccosuibh, agus
a naighthe asteach.


L. 2Cr3:14


Agus dorinne sé an folach
do ghorm, agus do phurpair, agus do
dhearg, agus do línédach fhíneálta, agus
doibrigh sé Cherubinigh air sin.


L. 2Cr3:15


Dorinne sé mar an ccéadna
as coinne an tighe dhá philéur, cúig
cubhaid déag agus fithche ann air áirde, agus
an sa cceann dobhí air mhullach gach áon díobh
cúig cubhaid.


L. 2Cr3:16


Agus dorinne sé slabhruidhe mar
bhíos annsanoracuil, agus dorinne sé
céud pomgranat, agus do chuir sé
air na slabhradhuibh íad.


L. 2Cr3:17


Agus do thóg sé súas na
piléir as coinne an teampuill, áon ar
an láimh dheis, agus an dara pilér air
an láimh chlé; agus thug sé Iachin dainm
airsin don láimh dheis, agus Boas airsin
don láimh chlé.


L. 2Cr4:1


Tuilleamh eile fós, dorinne
sé altóir phráis, fithche
cubhad a fad, agus
fithche cubad a leithead, agus
deich ccubhaid a háirde.


L. 2Cr4:2


Dorinne sé mar an ccédna
fairge leaghtha deich ccubhaid ó bhruach
go brúach, cruinn air gach éntáoibh, agus
dobudh deich ccubhaid a haírde, agus
do ghabh líne thríochad cubhad timchioll
na fairge faccúairt.


L. 2Cr4:3


Agus fáoi sin dochí cosamhlachd
dhamh, noch do thimchiolluigh é faccúairt;
deich iona ccubhad ag timchiollughadh na
fairge faccúairt: do teilgeadh dhá chúrsa
damh, anuáir do teilgeadh í.


L. 2Cr4:4


Do sheas sin air dhá dhamh dhéag: a
trí ag féuchuin don leath thuáigh, agus
a trí ag féuchuin don leath shíar, agus
a trí ag féuchuin don leath theas, agus a
trí ag féchuin don leath shoir: agus do
shuighidh sé anfairge shuas orra, agus a
leith deirigh uile asteach.


L. 2Cr4:5


Agus dobhí lán duirnn ar thighe
ann, agus a bruach sin cosmhuil ré
himdhénamh brúaich cupáin maille re
bláthuibh lile:


L. 2Cr4:6


Dorinne sé mar an ccédna deich
lábhéir, agus do chuir a cúig dhíobh air
an láimh dheis, agus a cúig air an láimh
chlé dionnladh ionnta; do nigheadís ionta
na neithe dofraláidís mar ofráil lois-
ge; acht is re haghaidh na sagart do
bí anfairge, dionnladh innte.


L. 2Cr4:7


Agus dorinne sé deich ccoinn-
leórigh óir do réir a ccumtha, agus
do chuir sé san teampall íad, a cúig ar
an láimh dheis, agus a cúig ar an
láimh chlé.


L. 2Cr4:8


Dorinne sé mar an ccédna deich
mbuird, agus do shuidhigh sé san team-
pall íad: a cúig ar an ttáobh ndeas,
agus a cúig ar an ttáobh cclé, agus
dorinne sé céad bulla óir.


L. 2Cr4:9


Tuilleamh oile fós, dorinne sé
cúirt na Sagart, agus an chúirt mhór,
agus doirse don chúirt, agus dfoluigh
sé na doirse lé prás.


L. 2Cr4:10


Agus do shuighidh sé anfairge ar
an ttáoibh ndeas don chionn shoir thall as
coinne an táoibh theas.


L. 2Cr4:11


Agus dorinne Huram na pota-
dha agus na sluáiste, agus na bái-
sínigh, agus do chríochnuigh Huram
anobair dobhí ré a dhénamh aige don Rígh
Solamh air thigh Dé:


L. 2Cr4:12


Mar atá an dá philéur, agus
na mill, agus na cinn noch dobhí ar
mhullach an dá philéur, agus an dá
fhidheachán dfolach mheall na cceann, noch do
bhí air mhullach na bpiléur:


L. 2Cr4:13


Agus ceithre chéud pomgranat
air an dá fhidheachán, dhá chúrsa pomgra-
nat air gach figheachán, dfolach dhá ubhall
na ccean, noch dobhí air na piléuruibh.


L. 2Cr4:14


Dorinne sé mar an gcéadna bá-
sa, agus dorinne sé oighne móra ar
na básuibh;


L. 2Cr4:15


Aon fhairge, agus dhá dham dhég
fúithigh:


L. 2Cr4:16


Na potadha mar an ccédna,
agus na slúaiste, agus na hadhail,
agus a ninstruimenteadh uile, dorinne
athair Huram don Rígh Solamh, chum tighe
an Tighearna do phrás loinneardha.


L. 2Cr4:17


A réiteach Iordan do theilg an Rígh
íad, annsa talumh chríadha eidir Suc-
cot agus Seredatah.


L. 2Cr4:18


Is marso dorinne Solamh na
soighthighesi uile go nuibhir mhóir: óir
níorbhféidir comhthrom an phráis do
mheas.


L. 2Cr4:19


Agus dorinne Solamh na soigh-
thighe uile do thigh Dé, analtóir óir
mar an ccéadna, agus na buird air ar
cuireadh an tarán taisbénta.


L. 2Cr4:20


Agus fós na coinnleóirigh gun
a soillsibh, chor go mbéidís lasta do
réir ghnátha as coinne an Noracuil,
dór fhíorghlan.


L. 2Cr4:21


Agus dorinne sé na blátha,
agus na lampuidhe, agus na teanchairigh
dór, agus sin dór fhíorghlan.


L. 2Cr4:22


Agus na glantóirigh, agus
na bulladha, agus na líaca, agus
na senseír, dór fhíorghlan: agus
dul asteach an tighe, na doirse budh
faide asteach ar anaít ro náomhtha,
agus doirse thighe an teampuil, dob ór
íad.


L. 2Cr5:1


Is mar so do críochnuigheadh
anuile obair da ndéarna Solamh
do thigh an Tighearna: agus
thug Solamh asteach gach
uile ní dar thiodhluic Dáibhi
a athair, agus do chuir sé an tairgiod,
agus an tór, agus na huile instru-
mente a measc ionnmhuis thighe Dé.


L. 2Cr5:2


Annsin do chruinnigh Solamh sinn-
sir Israel, agus cinn na ttreabh uile,
togha aithreadh chloinne Israel, go Hie-
rusalem, do thabhairt Aírce chunnartha an
Tighearna súas as cathruigh Dháibhi, as
Sion.


L. 2Cr5:3


Uimesin do chruinnigheadar fir Is-
rael íad féin uile chum an Rígh air an
bhfésta, noch dobhí annsa seachdmhadh
mí.


L. 2Cr5:4


Agus thangadar sinnsir Israel
uile, agus do thógbhadar na Lebhítigh an
Náirc súas.


L. 2Cr5:5


Agus rugadar an Náirc súas,
agus Tabernacuil an chomhchruinnigh, agus
a rabhadar do shoithighibh náomhtha annsa
Tabernacuil, thugadar na sagairt
agus na Lebhítigh leó súas íad.


L. 2Cr5:6


Mar an ccéadna dorinne an Rígh
Solamh, agus comhchruinniughadh Israel
uile, noch do chruinnigh chuige as cuinne
na Háirce, íodhbairt cáorach agus damh
nárbféidir innisin nó áiriomh ar ioma-
damhlachd.


L. 2Cr5:7


Agus thugadar na Sagairt Airc
chunnartha an Tighearna asteach na haít feín
go Horacuil an Thighe don náit ro náomh-
tha; eadhon fáoi sciathánuibh na Cheru-
bínigh.


L. 2Cr5:8


Oír do leathnuigheadar na Cheru-
bínigh amach a sciatháin ós cionn áite na
Háirce, agus dfolchadar na Cheru-
bínigh an Airc, agus a maideadha ós
a cionn.


L. 2Cr5:9


Agus dothangeadar amach maide-
dha na Háirce, chor go bhfaicthi cinn
na maideadh amach ón Aírc as coinne
an Noracuil: acht ní facus amuigh
íad, agus atáid annsin gus aniugh.


L. 2Cr5:10


Ni raibh éinní san Aírc achd an
dá chlár do chuir Maóise innte ag
Hóreb, anuáir dorinne an Tighearna
cunnradh ré cloinn Israel an tan do
thangadar ón Négipt.


L. 2Cr5:11


Agus tárla anuáir thanga-
dar na sagairt amach as an náit
náomhtha (óir do náomhadh a rabhadar
do shagartuibh a lathair, agus ní ra-
bhadar ag feithiomh do réir sheala an
tansin:)


L. 2Cr5:12


Mar an gcéadna, na Le-
bhítigh dobhí na luchd ceóil, sliochd A-
saph, agus Heman, agus Iedutun
uile, maille rena macaibh, agus
lena ndearbhráithribh; arna néadughadh
a línéadach gheal, agus cimbail aca,
agus saltracha, agus cláirseacha, do
sheasadar ag an cheann shoir don nal-
tóir agus céud agus fithche sa-
gart maille ríu ag déanamh fhuáime
re stocuibh.


L. 2Cr5:13


Tárla anuáir dobhádar luchd
shéideadh na stoc, agus na cantairighe
amhuil áon do dhéanamh éangotha amháin
ré a chluinsion a ttabhairt molta a-
gus buidheachus don Tighearna, agus
anuáir do thógbhadar a nguth suas
leis na stocuibh, agus leis na cim-
baluibh, agus lé hadhbhuibh cíuil, agus
ar mholadar an Tighearna (gha rádh)
óir is maith é, óir mairigh a thrócaire
go bráth: annsin gur líonadh tigh
an Tighearna astigh le néull;


L. 2Cr5:14


Iondus nar fhéadadar na sa-
gairt seasamh do mhiniostralachd, do bhrígh
an neóill: óir do líon glóir an Tigh-
earna tigh Dé.


L. 2Cr6:1


An sin do ráidh Solamh,
adubhairt an Tighearna, go
ndéanadh sé comhnuigh annsa
dorchadus thiugh.


L. 2Cr6:2


Acht dorinne misi
tigh comhnuigh dhuit, agus ionad háit-
reibhe go bráth.


L. 2Cr6:3


Agus diompóigh an Rígh a a-
ghaidh, agus do bheannuigh sé comhchruinniu-
ghadh Israel go hiomlán (agus do
sheas comhchruinniughadh Israel uile.)


L. 2Cr6:4


Agus adubhairt seision, go madh
beannuigh bhías an Tighearna Día Israel,
noch do coimhlíon lena láimh an ní do
labhair sé lena bhéul rém athair Dáibhi,
dha rádh.


L. 2Cr6:5


On ló fa ttug mé amach mo
phobal as crích na Hégipte níor thogh
mé áonchathair do chaithreachaibh threabh
Israel do dhénamh tighe innte, iondus
go mbíath mainm annsin, ní mó do
thogh mé aonduine do bheith na úachdarán
ós cionn mo phobuil Israel.


L. 2Cr6:6


Acht do thogh mé Ierusalem,
chor go mbíath mainm annsin, agus
do thogh mé Dáibhi chum a bheith ós
cionn mo phobail Israel.


L. 2Cr6:7


Anois dobhí a ccroidhe Dháibhi
mathar tigh do dhénamh dainm an Tigh-
earna Día Israel.


L. 2Cr6:8


Acht adubhairt an Tighearna ré
Dáibhi mathair; do bhrígh go raibh ann do
chroidhe tigh do dhéanamh dom ainmsi,
is maith dorinne tú sin do bheith ad
chroidhe.


L. 2Cr6:9


Gidheadh ní tusa dhéanas an tigh,
achd do mhac, noch thiucfas amach as
tinníghibh, isé dhéanas tigh dom
ainmsi.


L. 2Cr6:10


Do comhuill an Tighearna air
anadhbharsin a bhriathar, noch do labhair
sé: óir déirigh misi súas anáit
mathar Dáibhi, agus atáim mo shuighe
a ccathaóir ríogha Israel, mar do
gheall an Tighearna, agus dorinne mé an
tigh dainm an Tighearna Día Israel.


L. 2Cr6:11


Agus is ann do chuir mé an
Náirc, mar a bhfuil cunnradh an Tighear-
na dorinne sé ré cloinn Israel.


L. 2Cr6:12


Agus do sheas sé as coinne al-
tóra an Tighearna a lathar chomhchruinnigh
Israel uile, agus do leathnuigh sé amach
a lámha.


L. 2Cr6:13


(Oír dorinne Solamh scafal
práis, do chúig cubhaid ar fad agus cúig
cubhaid ar leithead, agus trí cubhaid ar
áirde, agus do chuir a lár na cúirte
é, agus is air sin do sheas sé, agus do
leíg a ghlúine fáoi as coinne chomhchrui-
nnigh Israel uile, agus do leathnuigh sé
a lámha amach leath re neamh.)


L. 2Cr6:14


Agus adubhairt sé, ó a Thigh-
earna Día Israel, ní bhfuil Día cos-
mhuil riot ar neamh nó air talumh, noch
chomhallas cunnradh agus thaisbeanus
trócaire dot shearbhfhoghantuibh, noch shíu-
bhluighios as do choinne ó na nuile chroi-
dhe.


L. 2Cr6:15


Thusa, noch do chomhuill dom
athair Dáibhi do shearbhfhoghantuigh an ní do
gheall tú dhó, agus do labhair tú red bhéul,
agus choimhlíon led láimh é, mar atá
aniugh.


L. 2Cr6:16


Anois ar anadhbharsin a Thi-
ghearna Día Israel, comhuill dot shearbh-
fhoghantuigh mathair Dáibhi, an ní do gheall
tú dhó, dha rádh, ní fhailleochuidh duine
thú an mo radharcsa do shuighe a cca-
thaoir ríogha Israel, acht amháin
go ttugaid do chlann aire dá slighe do
shiubhal ann mo dhligheadhsa, mar do shiubhail
tusa am lathair.


L. 2Cr6:17


Anois maiseadh, a Thighearna
Día Israel, fíorthar thfocal, noch do
labhair tú red shearbhfhoghantuigh Dáibhi.


L. 2Cr6:18


(Acht an deimhin go ccoimhneo-
chuidh Día a bhfochair dáoine ar an ttalamh?
féach ní fhéadann neamh na neamh thusa do
chongmháil: cred é nios lugha ná sin
an tighse dorinne misi?)


L. 2Cr6:19


Bíodh meas agad uimesin ar
urnaigh do shearbhfhoghantuigh, agus air
a íarratus, a Thighearna mo Dhía, do
thabhairt éisteachd don ghairm agus don nathchuin-
ge ghuidheas do searbhfhoghantuigh ad la-
thair.


L. 2Cr6:20


Iondus go mbíath do shúile foscuil-
te air an ttighse do ló agus doidhche, air
anáit dar labhair tú go ccuirfeá thainm
ann, déisteachd ris an nguidhe doni
do shearbhfhoghantuigh annsanáitse.


L. 2Cr6:21


Tabhair éisteachd ar anadhbharsin
do ghearánuibh do shearbhfhoghantuigh, agus
do phobail Israel, noch dodhénuid síad
chum na háitesi; cluin thusa ó hionad
comhnuigh, eadon ó neamh, agus anuair
chluinfios tú, tabhair maitheamhnus dóibh.


L. 2Cr6:22


Má pheacuigheann duine anaghaidh
a chomharsann, agus go ttiubarthar mionna
air do thabhairt a mhionn, agus go ttíuc-
fuid na mionna a lathair haltórasa annsa
tighse:


L. 2Cr6:23


Annsin cluinse ó neamh, agus
déan, agus beir breath air do shearbhfho-
ghantuighibh a ccúitiughadh ris an ccion-
tach, ag tabhairt lúaigheachd a shlighe dhó
air a cheann feín, agus a nglanadh anfí-
réin, ag tabhairt dhó do réir a ionnra-
cuis.


L. 2Cr6:24


Agus má beirthear an chuid is
measa dot phobal Israel roimhe an ná-
mhuid do bhrígh gur pheacugheadar ad
aghaidh, agus go bhfillfid siád, agus
go naideomhuid hainmsi, agus guidhe
do dhénamh agus gearrán ad lathair
annsa tighsi.


L. 2Cr6:25


Annsin cluinsi ó neamh, agus maith
peacadh do phobuil Israel, agus tabhair
íad arís don dúithche noch thug tú dhóibh
feín agus dá naithribh.


L. 2Cr6:26


Anuair dhruidfighthear neamh, agus
nach bía fearthuinn ann, do bhrígh gur phea-
cuigheadar ad aghaidhsi; má ghuidhid
siad leath ris anáitsi, agus thainmsi
dadmháil, agus filleadh óna bpeacadhuibh
an tan phíanus tusa íad:


L. 2Cr6:27


Annsin cluinsi ó neamh, agus
maith peacadh do sheirbhíseach, agus do
phobuil Israel, anuair mhúinfeas tú
an tslighe mhaith dhóibh ionar coír dhóibh
siubhal; agus cuir fearthuinn air an
ttalamh, noch thug tú dot phobal mar
oighreachd.


L. 2Cr6:28


Má bhíonn gorta annsa dúithche,
má bhíonn pláigh, má bhíonn sunnghaoth,
nó drúchd millteach, nó lócust, nó ca-
terpiller, agus má shuighid a naimhde
na ttimchioll a ccaithreabhaibh a ttíre,
gidhbé goimh, nó gidhbé tinneas bhías
ann:


L. 2Cr6:29


Annsin gidhbé guidhe nó gearán
do dhéantar re duine ar bith, nó red
phobal Israel uile, anuair aitheanus
gach áon a thinneas féin, agus a dhoil-
ghios féin, agus leithneachus sé a lámha
amach san tighsi:


L. 2Cr6:30


Annsin cluinsi ó neamh hionad
comhnuidhe féin, agus maith, agus ta-
bhair do gach áonduine do réir a shli-
ghtheach uile, noch a bhfuil fios a chroi-
dhe agad: (óir is agadsa amháin atá
fios croidhtheach chloinne na ndaóine.)


L. 2Cr6:31


Chor go mbía eagla orra ro-
mhad, lé a shiubholuid ann do shlighthibh an
feadh mhairfid síad annsa dúithche, noch
thug tú dar naithribh.


L. 2Cr6:32


Tuilleamh oile, a ttaobh an
choimhithigh nach dod phobal Israel, achd
tháinic as tír imchéin air son hanma
móiresi, agus do láimhe cumhachduigh,
agus do righe sínte amach; má thi-
gid síad, agus guidhe annsa tighse:


L. 2Cr6:33


Annsin cluinse ó neamh ó háit
comhnuigh féin, agus déan do réir
gach neithe a ngoirfe an coimhitheach
ort dá thaoibh; iondus go mbía fios
hanma ag na huile dhaóinibh na tal-
mhan, agus go mbía heagla orra, mar
atá air do phobal Israel, agus go
mbía a fhios aca an tighse dorinne
misi, gurob ad ainmsi goirthear é.


L. 2Cr6:34


Ma théid do phobal do dhéanamh
cogaidh amach anaighaidh a námhad
annsa tslighe a ccuirfe tusa íad, a-
gus go nguidhfid síad chugad leath ris
an ccathruighsi, noch do thogh tú, agus
ris an ttigh dorinne misi dot ainm:


L. 2Cr6:35


Annsin cluinsi ó neamh a nurnuigh,
agus a ngearán, agus cothuighsi a
ccúis.


L. 2Cr6:36


Má pheachuidhid síad ad aghaidh
(óir ní bhfuil duine air bith nach bpea-
cuigheann) agus go mbía fearg agad
ríu, agus go seachóduigh tú uáit íad
roimhe a námhuid, agus go mbéuruid
léo a láimh íad go dúithche a bhfad úadh,
nó láimh ríu.


L. 2Cr6:37


Thairis sin, má chuimhnighid orra
féin annsa tírsin iona mbéarthar a
láimh íad, agus go niompóchuid síad, a-
gus go nguidhfid chugadsa a ccrích a
ndaóirsine, gha rádh, do pheacuighea-
mar, dorinneamar earráid, agus is
olc dochúamar.


L. 2Cr6:38


Má fhillid síad chugadsa mail-
le rena nuile chroidhe, agus lena nuile
anum a ttír a ndaóirsine, áit a ru-
gadar a láimh íad, agus go nguidh-
fid leath ris an ndúithche thug tú
dá naithribh, agus leath ris an ccath-
ruigh do thogh tú, agus leath ris an
ttigh dorinne misi dot ainm:


L. 2Cr6:39


Annsin cluinsi ó neamh ód ionad
comhnuigh féin a nguidhe, agus a ngea-
rán, agus cothuigh a ccúis, agus maith
dot phobal noch do pheacaidh ad aghaidh.


L. 2Cr6:40


Anois mo Dhia, guidhim thú,
bídís do shúile foscuilte, agus bídís
do clúasa aireach don nurnuigh noch do
dhéantair san náitsi..


L. 2Cr6:41


Anois ar anadhbharsin éirigh
a Thighearna Día, dot áit suáimhnis,
thú féin agus Aírc do neirt: éud-
uighthear do shagairt, ó a Thighearna
Día, le slánuighadh, agus gáirdidís
do náoimh a maitheas.


L. 2Cr6:42


A Thighearna Día, ná fill
uáit aghuidh hungthaigh, cuimhnigh
trócuireadh Dháibhi do shearbhfhoghantuigh.


L. 2Cr7:1


ANois an tan do chríochnuigh
Solamh a ghuidhe, tháinic
an teine anuas ó neamh,
agus do dhóith sí anofráil
loisge, agus na híodhbar-
tha, agus do líon glóir an Tighearna
an tigh.


L. 2Cr7:2


Agus níor fhéudadar na sagairt
dul asteach go tigh an Tighearna, do
bhrígh gur líon glóir an Tighearna tigh
an Tighearna.


L. 2Cr7:3


Agus an tan dochonncadar clann
Israel uile mar tháinic an teine anúas,
agus glóir an Tighearna air an ttigh,
do chromadar íad féin maille rena
naighthibh chum na thalmhan air anurlár,
agus do adhradar, agus do mholadar
an Tighearna, gha rádh, óir is maith
é, oír (mairidh) a thrócaire go
bráth.


L. 2Cr7:4


Annsin da íodhbuir an Rígh agus
an pobal uile íodhbhuirt as coinne an
Tighearna.


L. 2Cr7:5


Agus do íodhbuir an Rígh Solamh
íodhbuirt fhithcid agus dá mhíle damh, agus
chéud agus fithchid míle cáora: marsin
do coisrig an Rígh agus an pobal uile
tigh Dé.


L. 2Cr7:6


Agus dobhádar na Sagairt
ag feithiomh ar a noifig féin: na le-
bhítigh mar an gcédna le ionstruimentibh
ceóil an Tighearna, noch dorinne Dáibhi
Rígh do mholadh an Tighearna, do bhrígh
go mairionn a thrócaire go bráth, anúair
do mhol Dáibi (Día) maille rena mi-
nostralachd sin: agus do shéideadar
na sagairt na stuic rompa, agus do
sheas Israel uile.


L. 2Cr7:7


Tuilleamh eile fós, do náomhuidh
Solamh meadhón na cúirte, noch dobhí
as coinne thighe an Tighearna; óir is
annsin do ofráil sé ofrála loisge agus
méthus na nofrálach síothchána, do bhrígh
nar thuill na hofrála loisge, agus na
hofrála bídh agus an méthus air analtóir
phráis dorinne Solamh.


L. 2Cr7:8


Mar an gcédna fanamsin féin
do chonnuimh Solamh an féusta seachd lá
agus Israel uile na fhochair, coimhthio-
nól romhór, ó dhul asteach Hámot go
sruth na Hégipte.


L. 2Cr7:9


Agus ar anochdmhadh lá dorinnea-
dar oireachdus sollamanta; óir do
chonngmhadar coisreagadh na haltóra
seachd lá agus an fésta seachd lá.


L. 2Cr7:10


Agus air an treas lá fithchiod
don tseachdmhadh mí do chuir sé an pobal
uadh da ttighthibh lúathgháireach sú-
gach a ccroidhe ar son na maitheasa
do thaisbéin an Tighearna do Dháibhi,
agus do Sholamh, agus dá phobal Is-
rael.


L. 2Cr7:11


Marso do chríochnuigh So-
lamh tigh an Tighearna agus tigh
an Rígh, agus anuile ní dá ttáinic
a gcroidhe Sholuimh do dhéanamh a ttigh
an Tighearna, agus iona thigh feín,
do chuir deireadh leis go séanamhuil.


L. 2Cr7:12


Agus dfoillsigh an Tighearna
é feín do Sholamh san noidhche, agus
adubhairt sé ris, dochuála mé
hurnaigh, agus do thogh mé an
náitsi dhamh féin mar thigh íodhbhar-
tha.


L. 2Cr7:13


Má dhruidim neamh, chor nach bía
fearthuinn ann, nó má fhúagruim do na
lócustuibh an talumh do mhilleadh, nó má
chuirim pláigh a measg mo phobail;


L. 2Cr7:14


Má umhluighid mo phobal, noch
ghoirthear am ainmsi, íad féin agus gui-
dhe, agus maghaidhsi díarruidh, agus
filleadh óna ndroichshlighthibh: annsin cluin-
fe misi ó fhlaitheamhnus, agus maithfe
mé a bpeacadh, agus leigheosuidh mé
a bhfearann.


L. 2Cr7:15


Anois béid mo shúile foscuilte,
agus mo chlúasa aireach don nurnaigh
(dhéantar) ansanáitse.


L. 2Cr7:16


Oír do thogh mé anois, agus
do naomhuigh mé an tighse, chor go mbía
mainm ann go bráth: agus beíd mo
shúile, agus mo chroidhe ann a ccomh-
nuigh.


L. 2Cr7:17


Agus air do shonsa, má shiubh-
luigheann tú am fhiadhnuise, mar do shiu-
bhail hathair Dáibhi, agus a dhéanamh do
reír anuile neithe dar aithin mé dhíot,
agus go ccoimhéadfa tú mo seachda agus
mo bhreitheamhnuis:


L. 2Cr7:18


Annsin cothochuidh mé cathaóir do
rioghachda do réir mo chunnartha red
athair Dáibhi, dhá rádh, ní fhailleo-
chuidh duine dhíotsa bheith na úachdarán ann
Israel.


L. 2Cr7:19


acht má fhilltí úaim, agus
go ttréigfidhe mo statúidigh, agus
maitheanta, noch do chuir mé romhuibh,
agus go rachtaói, agus go ndéntaói
serbhís do dheeibh oile, agus go nadh-
órthaói íad:


L. 2Cr7:20


Annsin tairreonga misi as a
bhfrémhuibh amach íad, as an bhfearann noch
thug mé dhóibh; agus an tighse noch
do naómhuidh mé dom ainm, teilgfidh mé
as mo radharc é, agus dodhéana mé
sheanfhocal agus focal magaidh dhe a
measc na nuile chineadhach.


L. 2Cr7:21


Agus an tighse atá árd,
biáidh sé na úathbhás ar gach uile dhuine
dá ngéabha seacha dhe; iondus go nai-
béora sé, cred fa ndéarna an Tighear-
na mar so ris an ttírsi, agus ris
an ttighse?


L. 2Cr7:22


Agus fhreagórthar é, do bhrígh
mar do thréigeadar an Tighearna Día a
naithreadh, noch thug amach íad as
crích na Hégipte, agus gur ghream-
uigheadar do dheeibh oile, agus go ndéar-
nadar serbhís dhóibh: uimesin thug sé
an tolcso uile orra.


L. 2Cr8:1


Agus tárla (a ccionn fhithchid
Blíadhan iona ndérna Solamh
tigh an Tighearna, agus a
thigh féin.)


L. 2Cr8:2


Gur chuir Solamh súas na caith-
reacha do aisig Huram do Sholamh, a-
gus thug sé air chloinn Israel comhnuigh
ionta.


L. 2Cr8:3


Agus dochuáidh Solamh go Ha-
mat-Sobha, agus rug sé buáidh
uirre.


L. 2Cr8:4


Agus do chuir sé Tadmor súas
annsa bhfásach, agus na huile chaith-
reacha stóir noch do chuir sé súas
ann Hamat.


L. 2Cr8:5


Mar an gcédna dorinne sé Bet-
horon uachdarach, agus Bet-horon
íochdarach, caithreacha daingne go mbal-
ladhuibh, agus go ngeatadhuibh, agus go
mbarradhuibh:


L. 2Cr8:6


Agus Baalat, agus na caith-
reacha stóir dobhí ag Solamh, agus
na caithreacha carbad uile, agus caith-
reacha an mharcshluáigh, agus anuile
ní dar thoil le Solamh do chur súas
ann Ierusalem, agus a Lebanon, agus
air feadh dhúithche a thighearnuis uile.


L. 2Cr8:7


Ar son an mhéid do fágbhadh do na
Hittitibh, agus do na Hamorítibh, a-
gus do na Perisitibh, agus do na
Hibhitibh, agus do na Iebustitibh, nach
raibh Disrael;


L. 2Cr8:8


A cclann sin, noch do
fágbhadh na ndiáigh san tír, nachar
dhíthlairigheadar clann Israel, do chuir
Solamh íad fa chíos gus aniugh.


L. 2Cr8:9


Acht do chloinn Israel ní dhéarnuidh
Solamh serbhísigh chum oibre ar bith,
achd dobhádar na luchd cogaidh, agus
togha a chaiptíneadh, agus caiptínigh
a charbad, agus a mharcshlúagh.


L. 2Cr8:10


Agus dob íadso príomh oifi-
gidh an Rígh Soluimh, eadhon dhá chéd, a-
gus cáogad, agá raibh cumhachda ós
cionn an phobail.


L. 2Cr8:11


Agus thug Solamh inghean
Phárao leis súas as cathruigh Dhai-
bhi don tigh dorinne sé dhi: óir
adubhairt sé, ní bhiáidh mo bheansa na comh-
nuidhe a ttigh Dháibhi Rígh Israel, do
bhrígh go bhfuil anáit náomhtha, iona
ttáinic Aírc an Tighearna.


L. 2Cr8:12


Annsin dofráil Solamh ofrála
loisge don Tighearna air altóir an Ti-
ghearna, noch do chuir sé súas as coinne
an phóirse.


L. 2Cr8:13


Eadhon do réir mhiosúir áirigh gach
laói do réir aithne Mhaóise, ar
na Sabóidibh, agus air na reéibh núadha,
agus air na féustuibh sollamanta trí
huáire san mblíadhain, eadon a bhfésta
anaráin gan loibhín, agus a bhfésta
na seachdmhuineadh, agus a bhfésta na
TTabernacuil.


L. 2Cr8:14


Agus dórduigh sé do réir
órduigh Dháibhi a athar seala na
sagart chum a serbhíse, agus na Le-
bhíteach chum a ccúram, do mholadh a-
gus do fhrithéolamh a bhfiaghnuise na
sagart, mar dob iomchubhuidh doifig
gach aon laói: na doirseóirigh mar
an gcédna iona sealuibh ag gach
aóingheata: óir is mar sin do aithin
Dáibhi, óglach Dé.


L. 2Cr8:15


Agus níor dhealuigheadar ré
haithne an Rígh do na sagartuibh,
agus do na Lebhitibh, a ttaobh chúise
ar bhith, nó a ttáobh na nionnmhus.


L. 2Cr8:16


Annois do gléusadh obair Sho-
luimh uile, ón ló fár cuireadh bunáit
thighe an Tighearna nó go raibh sé crío-
chnuigh: mar sin dorinneadh tigh Dé
go hiomlán.


L. 2Cr8:17


Annsin dochuáidh Solamh go
Hesion-geber, agus go Helot air
thaóibh na fairge a bhfearann Edom.


L. 2Cr8:18


Agus do chuir Huram chuige
a lámhuibh a sherbhíseach, longa agus
serbhísigh agá raibh éolus na fairge;
agus dochúadar lé muintir Sholuimh
go Hophir, agus thugadar as sin
ceithre chéd, agus cáogad tallann
óir, agus thugadar gus an Rígh
Solamh íad.


L. 2Cr9:1


Agus anuáir dochúala
Bainríoghan na Séba clú
Sholuimh, thainic sí do dhear-
bhadh Sholuimh a cceastuibh
cruáidhe go Hierusalem maille ré
cuideachduin mhóir, agus lé cámhalluibh
ag iomchar spíosradh, agus romhórán
óir, agus chlocha uaisle: agus anuáir
tháinic sí go Solamh, do chomh-
ráidh sé ris fá gach ní dá raibh na
croidhe.


L. 2Cr9:2


Agus dinnis Solamh a ceastanna
uile dhi, agus ní raibh éinní na fhoil-
chios ar Sholumh nar innis sé dhi.


L. 2Cr9:3


Agus an tan dochonnairc Bain-
ríoghan na Séba gliocus Sholuimh, a-
gus an tigh dorinne sé,


L. 2Cr9:4


Agus bíadh a bhuird, agus suidhe
a sherbhíseach, agus feithiomh a luchd frith-
eóilte, agus a cculadhacha, agus a
ghiolluidhe cupáin mar an gcéadna, a-
gus a cculadhacha, agus a dhul súas
mar a ttíaghadh go tigh an Tighearna;
ní raibh níos mó do spioraid innte.


L. 2Cr9:5


Agus adubhairt sí ris an Rígh,
is fíor an túarusgbháil dochúala mé
ort ann mo thír féin, ann do ghníomhuibh,
agus ann do ghliochus.


L. 2Cr9:6


acht cheana níor chreid mé a
mbráithra, nó go ttáinic mé, agus
go bhfacuidh mo shúile é; agus féach,
níor hinnseadh leath méide do ghliocuis
damh: óir sáruighidh tú an túarusg-
bháil dochúala mé.


L. 2Cr9:7


Is sona do dhaóine, agus is sona
íadso do sherbhísigh, noch sheasas do
ghnáth as do choinne, agus chluineas do
ghliocus.


L. 2Cr9:8


Go madh beannuigh bhías do Thigh-
earna Día, agá raibh dúil ionnad dot
chur ad shuidhe ann do chathaóir ríogha
ad Rígh dot Thighearna Día: do bhrígh
gur ghrádhuigh do Dhía Israel, dá
ccothughadh go bráth, uimesin dorinne
sé Rígh dhíotsa ós a ccionn, do dhénamh
breitheamhnuis agus ceirt.


L. 2Cr9:9


Agus thug sí don Rígh fithche
agus céd tallann óir, agus do spíos-
radh iomarcaidh mhór, agus clocha
uáisle: agus ní raibh ar bidh leithéid
na spíosradh thug Bainríoghan na Séba
don Rígh Solamh.


L. 2Cr9:10


Agus thugadar serbhísigh Hu-
ram mar an ccédna, agus serbhísigh
Sholuimh noch thug ór ó Ophir, croinn
Algum agus clocha uáisle léo.


L. 2Cr9:11


Agus dorinne an Rígh do na crannuibh al-
gum staighreadha go tigh an Tighearna,
agus go Pálás an Rígh, agus cláir-
seacha agus saltracha don luchd ceóil,
agus ní facus a leithéid sin roimhe a
ttír Iúdah.


L. 2Cr9:12


Agus thug an Rígh Solumh do
Bhainríoghain na Séba a lántoil uile,
gidhbé ar bith ní díarr sí, taobh
amuigh don ní thug sí chum an Rígh:
marsin dfill sí, agus dimthigh roimpe
dá tír féin, í féin agus a serbhí-
sigh.


L. 2Cr9:13


Anois dob é comhthrom anóir
tháinic chum Soluimh anéanbhlíadhuin amháin,
sé chéad agus trí fithchid agus sé tal-
lanna óir;


L. 2Cr9:14


Taobh amhuich don ní thugadar
margaluidh agus ceannuighthe leó, agus
thugadar Ríghthe na Harábia uile, agus
úachdaráin na tíre, ór agus airgiod
chum Soluimh.


L. 2Cr9:15


Agus dorinne an Rígh Solumh dhá
chéd tairged dór bhúailte; sé chéad
Secel dór bhúailte dochuáidh chum
éantairgéide amháin.


L. 2Cr9:16


Agus dorinne sé trí chéd scíath
dór bhúailte, trí chéad Secel óir
dochúaidh chum áoin sgéithe amháin: agus
do chuir an Rígh íad a ttigh foráoise
Lebanon.


L. 2Cr9:17


Dorinne an Rígh mar an gcédna
cathaóir mhór dfíaclaibh Elephant, agus
dfoluigh lé hór fíorghlan í.


L. 2Cr9:18


Agus dobhádar sé choisceím
gus an ccathaóir ríogha maille re
cosstól óir, noch dobhí ceangailte don
chathaóir, agus lámha air gach táoibh
donionad suidhe, agus dhá leomhan na
seasamh ag na lámhuibh.


L. 2Cr9:19


Agus do sheasadar dhá leomhan
deág don táoibhse, agus don taoibh
oile ar na sé choiscéim: ní deárnadh a
leithéid anáoin rioghachd ar bith.


L. 2Cr9:20


Agus dobhádar soighthighe óil
an Rígh Solamh uile dór, agus uile shoi-
thighe óil thighe foraóise Lebanon dór
ghlan: níorbhairgiod aontsoightheach dhíobh;
ní raibh meas ar bith air a laéthibh Sho-
luimh.


L. 2Cr9:21


Oír dochuádar loingios an
Rígh go Tarsis le muintir Húram:
áonuair sna trí blíadhnuibh dothigdís
loingeas Tharsis ag tabhairt óir leó,
agus airgid, fhiacal Elephant, agus
apadh, agus pheacóg.


L. 2Cr9:22


Agus do sháruigh an Rígh Solumh
Ríghthe an domhuin uile ar shaidhbhrios
agus air ghliocus.


L. 2Cr9:23


Agus dobhídís Ríghthe an do-
mhuin uile ag íarruidh radhuirc Sholuimh,
do chluinsion a ghliocuis, noch do chuir
Día iona chroidhe:


L. 2Cr9:24


Agus dobheireadh gach áon aca a
phreasánta leis, soithighe airgid agus
soithighe oír, agus culadhacha, éideadh,
agus spíosradh, eich agus múillidhe,
suim áirigh gacha blíadhna.


L. 2Cr9:25


Agus dobhí ag Solumh ceithre
mhíle stalla each agus carbad, agus
dhá mhíle dhég marcach, noch do bhronn sé
a ccaithreachaibh na ccarbad, agus a
bhfhochair an Rígh ann Ierusalem.


L. 2Cr9:26


Agus dobhí sé an Rígh ós cionn
anuile Rígh ón tsruth Euphrátes
go nuige crích na BhPhilistineach agus
go brúach na Hégipte.


L. 2Cr9:27


Agus thug na Rígh go raibh
airgiod ann Ierusalem mar chlochuibh,
agus croinn Cédair mar chrannuibh Si-
camor, atá annsna reíteach ísiol, air
líonmhaireachd.


L. 2Cr9:28


Agus dobherdís go Solamh eich
as an Négipt, agus as gach uile
chrích.


L. 2Cr9:29


Anois an chuid oile do
ghníomhuibh Sholuimh ó thús go deireadh
nach bhfuilid síad scríobhtha a
leabhar Nátain an faígh, agus
a bhfáigheadóireachd Ahiiah an Silo-
niteach, agus a bhfisibh Iddo an
féuchadóir anaghaidh Ieroboam mhic
Nebat?


L. 2Cr9:30


Agus ba Rígh Solamh ann Ieru-
salem ós cionn Israel uile dhá fithchid
blíadhan.


L. 2Cr9:31


Agus do choduil Solumh agá ai-
thribh, agus do hadhlaiceadh é a cca-
thruidh Dháibhi a athar, agus do rio-
ghuidh Rehoboam a mhac na áit.


L. 2Cr10:1


Agus dochuáidh Rehoboam
go Sechem: óir is go Se-
chem thaínic Israel uile do
dhénamh Rígh dhe.


L. 2Cr10:2


Agus tárla anuáir dochua-
laidh Ieroboam mhac Nébat sin, noch
dobhí san Négipt, mar ar theith sé
ó radharc Sholuimh an Rígh, gur fhill
Ieroboam as a Négipt do.


L. 2Cr10:3


Agus do chuireadar fios, agus
ghoireadar air: mar sin tháinic Ieroboam
agus Israel uile, agus do labhradar
re Rehoboam, gha rádh,


L. 2Cr10:4


Dorinne hathair ar ccuing docrach;
anois uimesin eádtromuighsi ní éigin dar
ndáoirsine dhocamhuil, agus don chuing
throimsin do chuir sé oruinn, agus do
dhéanam serbhís duit.


L. 2Cr10:5


Agus adubhairt seision riú, ti-
gidh chugam arís a ccionn thrí lá:
agus dimthigh an pobal.


L. 2Cr10:6


Agus dorinne an Rígh Rehoboam
comhairle ris na seandaoinibh do sheas as
coinne Sholuimh a athar, an fad dobhí
sé beó, gha rádh, cred í an chomhairle
dobhértháoi dhamhsa lé ttiubhra mé frea-
gra air na daoinibhsi?


L. 2Cr10:7


Agus do labhradarsan ris, gha
rádh, má bhíonn tú cinéulta ris an bpo-
balsa, agus fonn do chur orra, agus
bríathra maithe do thabhairt dóibh, béid
síad na searbhfhoghantuibh dhuit go
bráth.


L. 2Cr10:8


Acht do dhiúlt seision an cho-
mhairle thugadar na seandaoine dhó, agus
dorinne sé comhairle ris na dáoinibh
óga tugadh suas na fhochair féin, agus
do sheas dá lathair.


L. 2Cr10:9


Agus adubhairt sé riú, cred
an teagasc dobhearthaoisi dhamh, le ttiu-
bra mé freagra air na daoinibhse do la-
bhair riom, gha rádh, eádtromuigh ní
éigin don chuing do chuir hathair oruinn?


L. 2Cr10:10


Agus do labhradar na daóine
óga tugadh suas na fhochair, gha rádh,
mar so fhreagorus tú an pobal do labhair
riot, gha rádh, dorinne hathair ar ccuing
trom, acht déanasa nios éadtruime
dúinn í: marso adéarus tú riú; budh
raimhe mo mhéur beagsa, ná slíasta
mathar.


L. 2Cr10:11


Oir anáit ar chuir mathair cuing
throm oruibh, cuirfe misi tuilleamh a
ccionn bhur gcuinge, do smachtuigh ma-
thair sibh lé sciúrsadhuibh, acht (smaich-
theóchuidh misi sibh) le sgiúrsadhuibh deal-
gamhla.


L. 2Cr10:12


Mar sin tháinic Ieroboam agus
an pobal uile go Rehoboam an treas lá,
mar adubhairt an Rígh, dha rádh, tigidh
chugam arís a ccionn thrí lá.


L. 2Cr10:13


Agus do fhreagair an Rígh íad go
garbh, agus do threíg an Rígh Reho-
boam comhairle na seandaoine.


L. 2Cr10:14


Agus do fhreagair sé íad do reír
theagaisc na ndáoine óg, gha rádh,
dorinne mathair bhur ccuing trom, acht cuir-
fe misi na ceann: do smachduigh mhathair sibh
le sciúrsadhuibh, achd (smaichdeochuidh misi
sibh) lé sgiúrsadhuibh dealgamhla.


L. 2Cr10:15


Marsin ní thug an Rígh toradh air
an bpobal; óir is ó Dhía dobhí an chúis,
chor go ccoimhéolladh an Tighearna a fho-
cal, noch do labhair se re láimh Ahiiah
an Siloníteach re Ieroboam mhac Né-
bat.


L. 2Cr10:16


Agus an tan dochonncadar Is-
rael uile nachar éist an Rígh riú, do
fhreagair an pobal an Rígh, dhá rádh, cred
í ar ccuidne do Dháibhi? agus ní bhfuil
oighreachd an bith aguinn a mac Iesse:
(tigeadh) gach áon aguibh dá bhur lóist-
inibh, ó Israel: agus anois a Dhái-
bhi, féuch dot thigh feín: marsin
dochuáidh Israel uile dá lóistínibh.


L. 2Cr10:17


Achd ar son chloinne Israel dori-
nne comhnuigh a ccaithreachaibh Iúdah, do
bhí Rehoboam na Rígh orra.


L. 2Cr10:18


Annsin do chuir an Rígh Reho-
boam Hadóram dobhí ós cionn an chío-
sa úadh, agus do chlochadar clann
Israel é ré clochaibh, go bhfuáir sé bás:
acht dorinne an Rígh Rehoboam deithnios
do dhul súas iona charbad do theithiomh
go Hierusalem.


L. 2Cr10:19


Agus dochúaidh Israel a cco-
gaidh anaghaidh thighe Dháibhi gus
aniugh.


L. 2Cr11:1


Agus an tan tháinic Reho-
boam go Hierusalem do
chruinnigh sé do thigh Iúdah agus
Bheniamin céad agus ceithre
fithchid míle do dhaóinibh toghtha, noch
dobhí na luchd coguidh, do throid
anaguidh Israel, chor go ttiubhradh an
rioghachd arís do Rehoboam.


L. 2Cr11:2


Acht tháinic bríathar an Tigh-
earna go Semaiah óglach Dé, dha rádh,


L. 2Cr11:3


Labhair re Rehoboam mhac Solaimh
Rígh Iúdah, agus ré a bhfuil Disrael
ann Iúdah, agus re Beniamin, ghá
radh,


L. 2Cr11:4


Is marso adeir an Tighearna, ní
rachtáoi súas, agus ní mó throidfidhe
anaghaidh bhur ndearbhráithreach: filleadh
gach áon aguibh dá thigh, óir is misi
dorinne an níse: agus do umhluigheadarsan
do bhríathruibh an Tighearna, agus
dfilleadar ó dhul anaghaidh Ieroboam.


L. 2Cr11:5


Agus do comhnuigh Rehoboam ann
Ierusalem, agus dorinne sé caithreacha
dídin ann Iúdah.


L. 2Cr11:6


Dorinne sé Bet-lehem, agus
Etam, agus Tecoa,


L. 2Cr11:7


Agus Bet-sur, agus Socho,
agus Adullam,


L. 2Cr11:8


Agus Gát, agus Maressa,
agus Siph,


L. 2Cr11:9


Agus Adoram, agus Lachis,
agus Asecah,


L. 2Cr11:10


Agus Sórah, agus Aiialon, agus
Hébron, noch atá ann Iúdah, agus a
Mbeniamin, caithreacha daingne.


L. 2Cr11:11


Agus do dhaingnidh sé na cais-
léin láidre, agus do chuir sé caip-
tínigh ionta, agus stór bídh agus ola
agus fíona.


L. 2Cr11:12


Agus ann gach aon chathruigh
fa leith do chuir sé scíatha agus
gaéthe, agus dorinne sé ro láidir
íad; ar mbeith do Iúdah agus do
Bheniamin dhá tháoibh.


L. 2Cr11:13


Agus thangadar na sagairt
agus na Lebhítigh dobhí ann Israel uile
chuige as a ccóstuibh uile.


L. 2Cr11:14


Oír dfágbhadar na Lebhítigh a
mbailte beaga, agus a sealbh, agus
thangadar go Iúdah, agus go Hieru-
salem: oír do theilg Ieroboam agus
a mhic amach íad ó dhéanamh oifige an
tsagairt don Tighearna.


L. 2Cr11:15


Agus do órduigh sé sagairt dó
féin annsna háitibh árda, agus do na
díabhluibh, agus do na láoghuibh dorinne
sé féin.


L. 2Cr11:16


Agus na ndiaigh sin as uile
threabhuibh Israel an méid do shocruich a
ccroidhthe díarruidh an Tighearna Día Is-
rael, thangadar go Hierusalem díodh-
buirt don Tighearna Día a naithreadh.


L. 2Cr11:17


Marsin do neartuigheadar rioghachd
Iúdah, agus dorinneadar Rehoboam
mhac Soluimh láidir trí blíadna: óir do
shiubluigheadar trí blíadhna a slighe Dhái-
bhi agus Sholuimh.


L. 2Cr11:18


Agus thug Rehoboam chuige na
mnáoi Mahalat inghean Ierimot mhic
Dháibhi, agus Abihail inghean Eliab
mhic Iesse:


L. 2Cr11:19


Noch rug clann dó; Ieus,
agus Samariah, agus Saham.


L. 2Cr11:20


Agus na diáigh sin, thug sé
Maachah inghean Absolom, noch rug
Abiiah dhó agus Attaí, agus Sisa,
agus Selomit.


L. 2Cr11:21


Agus do ghrádhuigh Rehoboam
Maachah inghean Absolom ós cionn a bhan
uile, agus a leannána (óir thug sé ocht
mná dég, agus trí fithchid leannán) agus
rugadh ocht mic fhithchiod dhó agus trí
fithchid inghean.


L. 2Cr11:22


Agus dorinne Rehoboam úa-
chdarán do Abiiah mhac Maachah do
ríaghladh a measc a dhearbhrái-
threach, óir do sháoil sé Rígh do
dhénamh dhe.


L. 2Cr11:23


Agus dorinne sé go críonna,
agus do scáoil sé a chlann uile air fheadh
chríoch Iúdah agus Bheniamin da gach
áon chathruigh dhaingin, agus do chuir
sé lónn go lór leó: agus dobhí dúil
aniomad ban aige.


L. 2Cr12:1


Agus tárla an tan do dhaing-
nidh Rehoboam san rioghachd,
agus do neartuigh sé é
féin, gur thréig sé dligheadh
an Tighearna, agus Israel uile maille
ris.


L. 2Cr12:2


Agus tárla an cúigeadh blíadhan
don Rígh Rehoboam go ttáinic Sissac
Rígh na Hégipte súas anaghaidh Ie-
rusalem (do bhrígh gur pheacuigheadar
anaghaidh an Tighearna.)


L. 2Cr12:3


Maille ré dhá chead dég carbad,
agus trí fithchid míle marcach, agus
níor bhféidir áiriom an drong tháinic leis
ón Négipt: na Lubimigh, na Succimigh,
agus na Hetiópianuigh.


L. 2Cr12:4


Agus do ghabh sé na caithreacha
daingne, noch do bhean re Iúdah, agus
tháinic sé go Hierusalem.


L. 2Cr12:5


Annsin thaínic Semaiah an Fáigh
go Rehoboam, agus go prionnsadhuibh
Iúdah, noch do chruinnigh a bhfochair a
chéile ann Ierusalem do bhrígh Shissac,
agus adubhairt sé riú, Is marso
adeir an Tighearna, do thréigeabhair misi,
agus marsin dfág misi sibhsi a láimh
Shissac.


L. 2Cr12:6


Dá bhrígh sin dumhluigheadar
prionnsadha Israel agus an Rígh íad
féin, agus adubhradar, atá an Ti-
ghearna ceart.


L. 2Cr12:7


Agus an tan dochonnairc an Ti-
ghearna gur umhluigheadar íad féin, thái-
nic focal an Tighearna go Semaiah gha
rádh, dumhluigheadar íad féin, ní scrios-
fa mé íad, ach dobhéara mé tártháil
éigin orra, agus ní dóirtfighthear
mfearg amach ar Ierusalem le láimh
Shissac.


L. 2Cr12:8


Thairis sin, béid síad na searbhfho-
ghantuibh aige; le mbía fios aca air mo
sherbhísesi, agus air sherbhís rioghacht na
ccríoch.


L. 2Cr12:9


Marsin tháinic Sissac Rígh na
Hégipte súas anaghaidh Ierusalem,
agus rug leis ionnmhus thighe an Tighear-
na, agus ionnmhus thighe an Rígh, rug sé
leis an tiomlán: rug sé leis mar an
gcédna na scíatha óir, noch dorinne
Solamh.


L. 2Cr12:10


Iona náit sin dorinne Rehoboam
scíatha práis; agus thug a lámhuibh úa-
chdaráin an ghárda íad, noch do choimhéad
dul asteach thighe an Rígh.


L. 2Cr12:11


Agus anuair dothiaghadh an Rígh
asteach go tigh an Tighearna, thigeadh an
gárda agus dobheirdís leó íad, agus
dobheirdís air ais íad go seómra an
ghárda.


L. 2Cr12:12


Agus an tan dumhluigh sé é
féin, dfill fearg an Tighearna úadh,
narbháill leis a scrios thríd amach; agus
fós ann Iúdah dobhí gach ní go maith aca.


L. 2Cr12:13


Mar sin do neartuigh Reho-
boam é féin ann Ierusalem, agus do
ríoghuidh innte; óir dobhí Rehoboam
blíadhuin agus dá fhithchiod dáois
anúair do thosuigh sé a ríghe,
agus dobhí na Rígh seachd mblíadna déag
ann Ierusalem, an chathair do thogh an Ti-
ghearna amach as treabhuibh Israel uile do
chur a anma innte: agus dobé ainm
a mhathar Naamah, Ammoníteach.


L. 2Cr12:14


Agus dorinne sé olc, do
bhrígh nar umhluigh sé a chroidhe díarruidh
an Tighearna.


L. 2Cr12:15


Anois gníomha Rehoboam ó thús
go deireadh, nach bhfuilid síad scríobhtha
a leabhar Shemaiah an fáigh, agus
Iddo an féachadoír a ttaobh ghinealach?
agus dobhádar cogtha idir Reho-
boam agus Ieroboam a ccomhnuigh.


L. 2Cr12:16


Agus do chodhuil Rehoboam agá
aithribh, agus do hadhlaiceadh é a
ccathruigh Dháibhi; agus do ríoghuidh
Abiiah a mhac iona áit.


L. 2Cr13:1


Anois ann sanochdmhadh blíadhain
déag don Rígh Ieroboam do
thosuigh Abiiah a ríghe ós
cionn Iúdah.


L. 2Cr13:2


Dobhí sé na Rígh trí
blíadhna ann Ierusalem (dobé fós ainm
a mhathar Micaiah inghean Uriel ó
Ghibéa:) agus dobhí cogadh eidir
Abiiah agus Ieroboam.


L. 2Cr13:3


Agus do chuir Abiiah an cath
anórdughadh lé slúagh do dháoinibh curata
a ccogadh, eadhon ceithre chéd míle fear
toghtha: do chuir Ieroboam mar an
ccédna an cath anórdhughadh na aghuidhsion
le hochd ccéad míle fear toghtha,
do dháoinibh neartmhara a ngaisgidh.


L. 2Cr13:4


Agus do sheas Abiiah ar slíabh
Semaraim, noch atá a slíabh Ephraim,
agus adubhairt; éistse riomsa, a
Ieroboam, agus a Israel uile.


L. 2Cr13:5


Nachar chóir dháoibhsi a fhios do
bheith aguibh go ttug an Tighearna Día
Israel an rioghachd ós cionn Israel do
Dháibhi choidhche, eadhon dó feín agus
dá mhacaibh, re cunnradh saluinn?


L. 2Cr13:6


Thairis sin, déirigh Ieroboam
mhac Nébat serbhíseach Sholuimh mhic Dái-
bhi súas, agus dochúaidh a ccogadh
anaghuidh a thighearna.


L. 2Cr13:7


Agus do cruinnigheadh chuigesion
dáoine díomháoine, clann Bhélial, agus
do neartuugheadar íad féin anaghaidh Re-
hoboam mhic Soluimh, anuair dobí Re-
hoboam óg agus bogchroidhtheach, agus
nar fhéad cur na naghaidh.


L. 2Cr13:8


Agus anois sáoiltí seasamh anaghaidh
rioghachda an Tighearna a lámhuibh
mhac Dáibhi, agus atátháoi romhórán
dáoine, agus atá agaibh láoigh órdha,
noch dorinne Ieroboam dháoibh mar
dhée.


L. 2Cr13:9


Nachar theilgeabhair amach sa-
gairt an Tighearna, mic Aaron agus
na Lebhitigh, agus dorinneabhair dháoibh féin
sagairt do reír mhodha chineadhach chríoch
oile? iondus gidhbé ar bhith thiucfus dá
choisreagadh féin, lé bulóig, agus lé
seachd reithe, go bhfédann an té sin bheith
na shagart dhóibhsin nach bhfuil na
ndéeibh.


L. 2Cr13:10


Acht air ar soinne, is é an Ti-
ghearna ar Ndía, agus níor thréigeamar
é: agus isíad mic Aáron na sagairt
noch donidh miniostralachd don Tighearna,
agus na Lebhitigh ag feithiomh ar a nobair
feín.


L. 2Cr13:11


Agus loisgid síad don Ti-
ghearna gacha maidin, agus gach tráth-
nóna íodhbartha loisge agus túis dheagh-
bholuigh: órdúighid mar an gcédna an
tarán taisbeánta air an mbórd bhfí-
orghlan, agus an coinnleóir óir guna
shoillsibh do lasadh gacha nóna: óir
coimhéadmháoid úalach ar TTighearna Dé,
ach do thréigeabhairse é.


L. 2Cr13:12


Agus féuchuidh, atá Día féin
linne mar chaiptín oruinn, agus a shag-
airt ag fuáimnigh re stocuibh dfógra
briste oruibhse: ó a chlann Israel, ná
troidigh anaghaidh an Tighearna Día
bhur naithreadh, óir ní éireochuidh sé
libh.


L. 2Cr13:13


Acht thug Ieroboam fa deara
luidheachán do theachd timchioll fa na ccúl:
marsin dobhádar as coinne Iúdah, agus
an chealg leath a ccúil.


L. 2Cr13:14


Agus an tan dféach Iúdah na
ndíaigh, féach dobhí an cath rompa, agus
na ndiáigh, agus do ghoireadar air an
TTighearna, agus do shéideadar na sa-
gairt na stuic.


L. 2Cr13:15


Annsin do léigeadar fir Iúdah
gáir, agus mar do gháireadar fir
Iúdah, tárla gur bhúail Día Ieroboam,
agus Israel uile roimhe Abiiah agus
roimhe Iúdah.


L. 2Cr13:16


Agus do theitheadar clann Israel
roimhe Iúdah, agus do sheachuid Día iona
láimh íad.


L. 2Cr13:17


Agus do mharbh Abiiah agus a
phobal íad le hár mór: iondus gur
thuit síos marbh Disrael cúig chéd míle
fear toghtha.


L. 2Cr13:18


Marso do cuireadh fáoi clann
Israel fan namsin, agus rugadar
clann Iúdah buaidh, do bhrígh gur sheasa-
dar air an TTighearna Día a naithreadh.


L. 2Cr13:19


Agus do lean Abiiah a ndiáigh
Ieroboam, agus do bhean caithreacha dhe,
Bét-el gun a bailtibh, agus Iessa-
nah gun a bailtibh, agus Ephraim
gun a bailtibh.


L. 2Cr13:20


Ní mo rug Ieroboam neart arís
a laéthibh Abiiah; agus do bhúail an
Tighearna é: agus déug sé.


L. 2Cr13:21


Achd dfás Abiiah cumhachdach,
agus do phós sé ceithre mná déug,
agus rugadh dha mhac agus fithche, agus
sé hingheana dég dhó.


L. 2Cr13:22


Agus an chuid oile do ghníomhuibh
Abiiah agus a shlighthe, agus a raidhte,
atáid síad scríobhtha a stair Iddo
an fáigh.


L. 2Cr14:1


Marsin do choduil Abiiah a
bhfochair a aithreadh, agus dadhlaic-
eadar é a ccathruigh Dhái-
bhí, agus do ríoghuidh
Asa a mhac iona aít:
iona laéthibh dobhí an tír suaimhneach deich
mblíadhna.


L. 2Cr14:2


Agus dorinne Asa an ní fa maith
agus fa ceart a radharc a Thighear-
na Dé.


L. 2Cr14:3


Oír do theilg sé seachad altóra
na ndée ccoimhitheach, agus na háite
árda, agus do bhris sé síos na hío-
mháighe, agus do gérr síos na gar-
ráin.


L. 2Cr14:4


Agus do aithin sé do Iúdah an
Tighearna Día a naithreadh díarruidh, agus
a dhligheadh agus a aitheanta do choimhéad.


L. 2Cr14:5


Mar an ccédna dorug sé as
caithreachaibh Iúdah uile na háite árda
agus na híomháighe: agus dobhí an rio-
ghachd socair dá lathair.


L. 2Cr14:6


Agus do chuir sé caithreacha daing-
ne súas ann Iúdah: óir dobhí ciúnas
ag an ttír, agus ní raibh cogadh ar
bith ansna blíadhnuibh sin; do bhrígh go
ttug an Tighearna suáimhneas dó.


L. 2Cr14:7


Uimesin adubhairt sé ré Iúdah,
cuiriom na caithreacha súas, agus dé-
namh balladha na ttimchioll, agus tuir
gheatadha, agus barradha, an feadh
bhías an fearann fós air ar ccor féin;
do bhrígh gur íarramar ar TTighearna
Día, do ghuidheamar é, agus thug sé
socrachd dhúinn da gach uile thaoibh; mar-
sin dorinneadar fairgniomh, agus
docuádar air anaghaidh.


L. 2Cr14:8


Agus dobhí slúagh daóine ag
Asa do iomchradh tégead agus gaéthe as
Iúdah trí chéd míle, agus as Benia-
min diomcradh scíatha, agus do thairn-
geadh bogha, dhá chéd, agus ceithre
fithchid míle: dobudh fir árrachda chródha
íadso uile.


L. 2Cr14:9


Agus tháinic Serah an Te-
tiópeach amach na naghaidh, lé sluagh
mhíle do mhíltibh, agus trí chéd carbad:
agus tháinic sé go Maressah.


L. 2Cr14:10


Annsin dochuáidh Asa amach na
aghaidh, agus do chuireadar an cath
anórdughadh a ngleann Sephatah ag
Maressah.


L. 2Cr14:11


Agus déigh Asa air a Thighear-
na Día, agus adubhairt, a Tighearna
as beag agadsa cabhair do thabhairt, ceach-
tar aca lé móran no ló luchd gan neart
ar bith, tabhair dhúinne cabhair a Thighearna
Día; óir is ort chuirmid sinn féin agus
ann thainmsi theighmíd anaghaidh an
niomuidse: ó Thighearna, is tú ar
Ndía, ná beireadh duine búaidh ort.


L. 2Cr14:12


Annsin do bhúail an Tighearna
na Hetiópigh roimhe Asa agus roi-
mhe Iúdah, agus do theithiodar na
Hetiópigh.


L. 2Cr14:13


Agus do lean Asa agus an
mhuintir dobhí na fhochair íad go Gérar,
agus do cláoidheadh na Hetiópigh ionus
nar fheádadar íad féin do thártháil: óir
do marbhadh íad a lathair an Tighearna,
agus a lathair a shlóigh, agus ru-
gadar romhóran édála leó.


L. 2Cr14:14


Agus do bhúaileadar na caithrea-
cha uile faccúairt timchioll Ghérar:
óir thaínic eagla an Tighearna orra,
agus do airgeadar na caithreacha uile:
óir dobhí iomarcuigh édala ionnta.


L. 2Cr14:15


Do bhúaileadar mar an ccéadna
na búailteacha áirnéise, agus rugadar
leó iomarcuigh cáorach agus cámhall,
agus dfilleadar go Hierusalem.


L. 2Cr15:1


Agus tháinic spiorad Dé ar
Asariah mhac Obed.


L. 2Cr15:2


Agus dochuáidh sé
amach a ccoinne Asa, agus
adubhairt ris, éistigh
riomsa Asa, agus Iúdah uile, agus
a Bheniamin, atá an Tighearna maille
ribh, an feadh bhéithí maille ris, agus
má íartháoi é, atá sé ar fagháil
agaibh; achth mé thréigthí é, tréigfidh
sé sibh.


L. 2Cr15:3


Anois dobhí Israel ré haimsir
fhada gan an Día fíre, agus gan sa-
gart teaguisg, agus gan dligheadh.


L. 2Cr15:4


Acht anuair dfilleadar iona
mbuaidhreadh air an TTighearna Día Is-
rael, agus díarradar é, do fúa-
radar é.


L. 2Cr15:5


Agus annsna haimsearuibh sin ní
raibh síothcháin ar bith ag an tí do ra-
chadh amach, nó ag an tí dothiucfadh
asteach, acht búaidheartha móra air gach
uile áitreabhach na ccríoch.


L. 2Cr15:6


Agus dobhí tír dhá milleadh ag
tír oile, agus cathair ag cathair oile;
óir do bhuáidhir Día íad lé gach uile
aindeise.


L. 2Cr15:7


Bithí Láidir air anadhbharsin, agus
ná bídís bhur lámha lag, óir dogheabh-
tháoi lúach bhur sáothair.


L. 2Cr15:8


Agus an tan dochúala Asa na
briáthraso agus tairghire Obed
an fáigh, do ghabh meanma é, agus do
theilg sé seachad na hiodhail adhfhuathmhara
as crích Iúdah, agus Bheniamin uile,
agus as na caithreacaibh do ghabh sé do
shlíabh Ephraim, agus do athnúaghuidh
sé altóir an Tighearna dobhí as coinne
phoírse an Tighearna.


L. 2Cr15:9


Agus do cruinnigh sé Iúdah agus
Beniamin uile, agus coimighthigh maille
riú as Ephraim, agus as Manasseh,
agus as Símeon: óir do fhilleadar
mórán Dísrael air, anúair dochonncadar
go raibh a Thighearna Día leis.


L. 2Cr15:10


Marsin do chruinnigheadar íad féin
a ccionn a chéile ann Ierusalem an treas
mí annsa chúigeadh blíadhain dég do rio-
ghacht Asa.


L. 2Cr15:11


Agus dofráladar don Tighear-
na fánamsin féin do na creachuibh thu-
gadar leó, seachd ccéad damh, agus seachd
míle cáora.


L. 2Cr15:12


Agus dorinneadar cunradh, an Ti-
ghearna Día a naithreadh díarruidh lena nui-
le chroidhe, agus lena nuile anam:


L. 2Cr15:13


Iondus gidhbé nach íarrfadh an
Tighearna Día Israel, go ccuirfidhe
chum báis é má beag nó mór, má fear
nó bean é.


L. 2Cr15:14


Agus thugadar mionna don Ti-
ghearna do ghuth árdmhór agus lé gaír,
agus le stocaibh, agus le coirne-
tibh.


L. 2Cr15:15


Agus do lúathgháir Iúdah uile
leis na mionnuibhsin: óir do mhionnuighea-
dar lena uile chroidhe, agus díarra-
dar é lena toil iomlaín, agus fúa-
radar é, agus thug an Tighearna so-
cracht dhóibh timchioll faccuáirt.


L. 2Cr15:16


Agus mar an ccédna Maa-
chah mathair Asa an Rígh, do athruigh
sé í ó bheith no bainríoghain, do bhrígh
go ndéarnuidh sí íomháighe a ngarrán,
agus do geárr Asa síos a híomháighe,
agus do mhionbhrúigh í, agus do loisg sé
í ag sruth Ceadron.


L. 2Cr15:17


Acht níor cuireadh na háite ár-
da ar ccúl ann Israel; gidheadh dobhí
croidhe Asa iomlán ar feadh a sháo-
ghail.


L. 2Cr15:18


Agus thug sé go tigh Dé na
neithe do choisrigh a athair, agus na nei-
the do choisrig sé féin, airgiod, agus
ór, agus soighthighe.


L. 2Cr15:19


Agus ní raibh cogadh ní budh mó,
go nuige an cúigeadh blíadhuin ar thrío-
chad do rioghacht Asa.


L. 2Cr16:1


Ansa seiseadh bliadhuin déag
ar fhithchid do ríghe Asa,
tháinic Baasa Rígh Israel
suas anaghaidh Iúdah, agus
do chuir sé Ramah súas,
ar chor nach léigfeadh sé aonduine do
theacht asteach, nó dhul amach go Hása,
Rígh Iúdah.


L. 2Cr16:2


Annsin thug Asa airgiod agus
ór amach as ionnmhusuibh thighe an Tighear-
na, agus as tigh an Rígh, agus do
chuir sé go Benhadad Rígh na Síria dobhí
na chomhnuigh ann Damascus, gha
rádh,


L. 2Cr16:3


Atá ceangal eadrumsa agus tu-
sa, mar dobhí eidir mathairse agus ha-
thair: féach do chuir mé chugad airgiod agus
ór; imthigh, bris do shíothchaín re Baa-
sa Rígh Israel, chor go nimeochadh sé
uaimse.


L. 2Cr16:4


Agus déist Benhadad ris an
Rígh Asa, agus do chuir sé caiptínigh
a shlóigh anaghaidh chaithreacha Israel,
agus do bhuaileadar Iion, agus Dan, agus
Abelmaim; agus uile chaithreacha stóir
Naphtali.


L. 2Cr16:5


Agus tárla anuair dochua-
la Baasa sin, gur éirigh sé do
chur Ramah súas, agus gur scuir
sé dha obair.


L. 2Cr16:6


Annsin rug an Rígh Asa Iúdah
uile leis, agus rugadar leó clocha Ra-
mah, agus a hadhmad, le a raibh
Baasa gha cur súas, agus do
chuir se Geba agus Mispah súas
leó.


L. 2Cr16:7


Agus annsnamsin tháinic Hana-
ni an féuchadoír mar a raibh Asa Rígh
Iúdah, agus adubhairt sé ris, do bhrígh
gur chuir tú do dhóigh a Rígh na Síria,
agus nach ann do Thighearna Día
do chuir tú do dhóigh, uimesin do imthigh
sluagh Rígh na Síria as do
láimh.


L. 2Cr16:8


Nachar mhór slúagh na Netió-
peach agus na Lubimeach, maille ré mórán
carbad agus marcshluagh? gidheadh do bhrígh
gur thaobh tusa ris an TTighearna, thug
sé ann do láimh íad.


L. 2Cr16:9


Oír rithid súile an Tighearna chui-
ge agus uadh ar feadh an domhuin, dá
fhoillsiugadh feín láidir do thaobh na
druinge a mbí a ccroidhe iomlán da thaobh.
Annso dorinne tusa go leamh: uimesin
ó so amach biaidh cogadh ort.


L. 2Cr16:10


Annsin dobhí fearg air Asa ris
an bhféuchadóir, agus do chuir sé a ttigh
príosúin é: óir dobhí sé air cuthach ris
dá bhrígh so. Agus do bhrúigh Asa drong
don phobal fanamsin féin.


L. 2Cr16:11


Agus féuch gníomha Asa tosach
agus deighionach ataíd cheana scríobhtha
a leabhar Ríogh Iúdah agus Israel.


L. 2Cr16:12


Agus do ghabh easláinte Asa
iona chosuibh an naomhadh bliadhuin déag
ar fhithchid da ríghe, nó go raibh a
easláinte anmhór: gidheadh iona thinneas
níor íarr sé an Tighearna, achd na leagha.


L. 2Cr16:13


Agus do choduil sé a bhfochair a ai-
threadh, agus déug sé annsanaonmhadh
bliadhuin agus dá fhithciod dá ríghe.


L. 2Cr16:14


agus do adhlaiceadar é iona
thúama feín, noch dorinne sé dhó feín a
ccathruigh Dháibhi, agus do chuireadar é annsa
leabuidh dobhí lán do dheaghbholuidhibh, agus do
mhórán sort (spíosradh) arna ngleús
dealadhuin an photecari: agus dorinneadar
loscadh romhór ar a shon.


L. 2Cr17:1


Agus do ríoghuidh Iehosa-
phat a mhac iona aít, agus
do neartuigh sé é feín
anaghaidh Israel.


L. 2Cr17:2


Agus do chuir sé neart
daoine a ccaithreachaibh daingne Iúdah
uile, agus do chuir sé garisún a bhfea-
rann Iúdah, agus a ccaithreachaibh E-
phraim, noch do ghabh Asa a athair.


L. 2Cr17:3


Agus dobhí an Tighearna le Ie-
hosaphat, do brígh gur shiubhuil sé a
ccéidshlighthibh a athar Dáibhi, agus
nar íarr sé chum Baalim.


L. 2Cr17:4


Acht do ghuidh sé cum an Tighearna
Día a athar, agus do shiubhail sé
iona aitheantuibh, agus ní do reír ghnío-
mha Israel.


L. 2Cr17:5


Uimesin do dhaingnidh an Tighearna
an rioghacht iona láimh, agus thug Iú-
dah uile tiodhluice chum Iehosa-
phat, agus dobhí saidhbrios, agus
onóir aige go lór.


L. 2Cr17:6


Agus dobhí a chroidhe arna thóg-
bháil suás a slighthibh an Tighearna: tuil-
leamh fós do chuir sé na haíte árda,
agus na garraín as Iúdah.


L. 2Cr17:7


Mar an ccédna air an ttreas
bliadhuin dá ríghe do chuir sé teachta a
ccionn a phrionnsadh, eadhon go Ben-hail, agus
go Hobadiah, agus go Sechariah,
agus go Netaneel, agus go Mica-
iah, do theagasc a ccaithreacaibh Iúdah:


L. 2Cr17:8


Agus do chuir sé Lebhítigh leó,
eadhon Semaiah, agus Netaniah,
agus Sebadiah, agus Asahel, agus
Semiramot, agus Iehonatan, agus
Adoniiah, agus Tobiiah, agus Tob-
adoniiah, Lebhitigh; agus maille riú,
Elisama, agus Iehoram, sa-
gairt.


L. 2Cr17:9


Agus do theagaisceadar ann Iú-
dah, agus dobhí leabhar dlighe an Ti-
ghearna aca, agus dochuadar timchioll
ar feadh chaithreach Iúdah, agus do Thea-
gaisceadar an pobal.


L. 2Cr17:10


Agus do thuit eagla na Tighearna
air uile rioghachtuibh na ccríoch dobhí tim-
chioll Iúdah, ionnus nach dearnadar
cogadh anaghaidh ehosaphat.


L. 2Cr17:11


Thugadar fós cuid do na Phi-
listinibh tiodhluice chum Iehosaphat,
agus cíos airgid; agus thugadar na
Harábianuigh tréda chuige, seachd míle
agus seachd ccéd reithe, agus seachd míle
agus seachd cceúd poc.


L. 2Cr17:12


Agus dfás Iehosaphat mór
go hadhbhal, agus do chuir sé suás ann
Iúdah caisléin agus caithreacha
stóir.


L. 2Cr17:13


Agus dobhí iomad gnothuigheadh ai-
ge a ccaithreachaibh, Iúdah agus
luchd coguidh, daoine neartmhara gais-
geamhla ann Ierusalem.


L. 2Cr17:14


Agus is íadso a nuibhre do
reír thighe a naithreadh: do Iúdah caiptí-
nigh mílteadh; Adnah an té budh oirdhearca,
agus daoine cumasacha a ngaisceadh
na fochair, trí cheád míle.


L. 2Cr17:15


Agus na dhiaigh sin dobhí eho-
hanan an caiptín, agus na fhochair sin
dhá chéad agus ceithre fithchid
míle.


L. 2Cr17:16


Agus na dhiaigh sin Amasiah
mhac Sichri, noch dofráil é feín go
toileamhuil don Tighearna, agus maille
ris dhá chéad míle fear láidir beó-
dha.


L. 2Cr17:17


Agus do Bheniamin; Eliada,
fear cumasach a ccródhachd, agus mail-
le ris daoine armtha re bodha agus
re sgéith, dhá chéd míle.


L. 2Cr17:18


Agus na dhiaigh sin dobhí
Iehosabad, agus maille ris shin
céud agus ceithre fithchid míle, reígh
glésta chum an chogaidh.


L. 2Cr17:19


Dobhádar so ag feithiomh air an
Rígh, taobh amuigh don druing do chuir
an Rígh a ccaithreachuibh daingne air feadh
Iúdah uile.


L. 2Cr18:1


Anois dobhí saidhbhrios agus
onoír ag Iehosaphat go
liónmhar, agus dorinne sé
cleamhnus re Ahab.


L. 2Cr18:2


Agus tar eís bliadhan áirigh
dochuaidh seision go Habab go Sa-
mária, agus do mharbh Ahab caoirigh,
agus doimh go lór dhó féin agus do na daoi-
nibh dobhí na fhochair, agus díarr air
dul leis suas go Ramot-gi-
lead.


L. 2Cr18:3


Agus adubhairt Ahab Rígh Israel
re Iehosaphat Rígh Iúdah, an racha tusa
liomsa go Ramot-gilead? agus do
fhreagair seision é, ataímse mar atá tu-
sa, agus mo dhaoine mar do dhaoinesi, agus
bíamaoid leachd annsa ccogadh.


L. 2Cr18:4


Agus adubhairt Iehosaphat re
Rígh Israel, guidhim thú, fagh scéla
ó bhreithir an Tighearna aniugh.


L. 2Cr18:5


Uimesin do chruinnigh Rígh Israel
a bhfochair a chéile do na fáighibh ceithre céd
fear, agus adubhairt sé riú, an racham súas go
Ramot-gilead do chur catha, nó an loc-
fa mé? Agus adubhradarsan, imthigh,
oír dobhéara Día a láimh an Rígh í.


L. 2Cr18:6


Acht adubhairt Iehosaphat,
nach bfuil annso faígh oile do mhuintir
an Tighearna, iondus go bhfíafrochaimís
de?


L. 2Cr18:7


Agus adubhairt Rígh Israel re
Iehosaphat, atá fós aonduine amháin
lé a bhfédfuimís ceastnughadh um an
TTighearna: acht atá fuath agamsa
air, óir ní thairghireann sé maith dhamh go bráth,
acht olc gach uile úair: sé sin Mica-
iah mhac Imla. Agus adubhairt Iehi-
saphat, ná habradh an Rígh mar
sin.


L. 2Cr18:8


Agus do ghoir Rígh Israel ar
aon dá oifigeacaibh, agus adubhairt,
tabhair leachd go luath Micaiah mhac
Imla.


L. 2Cr18:9


Agus do shuigh Rígh Israel agus Ieho-
saphat Rígh Iúdah, gach áon aca iona
chathaoir féin éuduighthe iona róbuibh,
agus do shuigheadar anaít fhairsing a ndul
asteach gheata Samária, agus na fáighe
uile ag fáigheadóireachd as a ccoinne.


L. 2Cr18:10


Agus dorinne Sedeciah mhac
Chenaanah adharca íaruinn dó feín, agus
adubhairt, is marso adeir an Tighear-
na, leó so bhuailfios tú Síria nó go
scriostar íad.


L. 2Cr18:11


Agus do thairghireadar na faíge
uile mar sin, gha rádh, imthigh suas go
Ramot-gilead, agus beir buaidh: óir
dobhéra an Tighearna a laímh an Rígh í.


L. 2Cr18:12


Agus do labhair an teachdaire
dochuaidh do ghairm Mhicaiah dha rádh
ris, féuch taisbeanuid bríathra na bhfágh
maith don Rígh ag teacht le chéile: gui-
dhim thú, bíodh thfocalsa mar an ccédna
mar fhocal aoin díobhsan, agus abairsi
ní maith.


L. 2Cr18:13


Agus adubhairt Micaiah,
mar mhairios an Tighearna, gidhbé ar bith
adéras mo Dhía, isé sin adéras mi-
si.


L. 2Cr18:14


agus anuair tháinic sé gus
an Rígh, adubhairt an Rígh ris, a
Mhicaiah, an rachum go Ramot-gilead
do chathughadh, nó an locfa mé? agus
adubhairt seision, imthigh súas agus
beiridh buaidh, óir dobhérthar ann bhur
láimh íad.


L. 2Cr18:15


Agus adubhairt an Rígh ris; ca
mhéid uair do ghreineochus mé thú gan
éiní do rádh riom acht fírinne, anainm
an Tighearna?


L. 2Cr18:16


Annsin adubhairt seision, docho-
nnairc mé Israel uile scaptha air na
sléibhtibh mar chaorcha gan aodhaire,
agus adubhairt an Tighearna, ní bhfuil
maighistir acaso, filledís air anadhbharsin
gach aon da thigh féin a síothchain.


L. 2Cr18:17


Agus adubhairt Rígh Israel re
Iehosaphat, nachar innis mé dhuit nach
ttúairfeadh sé maith dhamhsa, acht olc?


L. 2Cr18:18


Adubhairt sé a rís, uimesin
éistsi bríathar an Tighearna, dochonnairc
mé an Tighearna na shuidhe iona chathaoir,
agus sluagh fhlaitheamhmus na seasamh
air a láimh dheis, agus chlé.


L. 2Cr18:19


Agus adubhairt an Tighearna,
cía bhéaras air Ahab Rígh Is-
rael dul súas, agus tuitim
ag Ramoth-gilead? agus do la-
bhair aon gha rádh air an modhso, agus ar-
oile air an modh úd.


L. 2Cr18:20


Annsin tháinic spiorad amach,
agus do sheas sé as coinne an Tighearna,
agus adubhairt, faideochuidh misi faoi. Agus
adubhairt an Tighearna ris, cread leis?


L. 2Cr18:21


Agus adubhairt seision, racha
mé amach, agus biaidh mé am spiorad
bhréagach a mbéul a fhágh uile. Agus a
dubhairt an Tighearna, broisteochuidh tú é,
agus fós éireochuidh leachd; éirigh
amach, agus déna mar sin.


L. 2Cr18:22


Annois ar anadhbarsin féuch
do chuir an Tighearna spiorad brégach a
mbéul na bhfághso agadsa, agus do labhair an
Tighearna olc at haghaidh.


L. 2Cr18:23


Annsin tháinic Sedeciah mhac Che-
naanah a ccomhfhogus, agus do bhuail
sé Micaiah air an ngíall, agus adu-
bhairt, cá slighe a ndeachaidh spiorad an
Tighearna uaimse do labhairt riotsa?


L. 2Cr18:24


Agus adubhairt Micaiah, féuch
dochífe tusa air an lá sin féin rachus tú
a seomra a bhfad asteach dot fho-
lach feín.


L. 2Cr18:25


Annsin adubhairt Rígh Israel, gla-
cuidhse Micaiah, agus beiridh air ais é
go Hamon riaghlóir na caithreach,
agus go Ioas mac an Rígh:


L. 2Cr18:26


Agus abruidh, is marso adeir
an Rígh, cuiridh é so annsa phríosún,
agus bíathuigh é lé harán na hanacra,
agus le huisce na peannaide nó go bhfil-
lidh misi a síothcháin.


L. 2Cr18:27


Agus adubhairt Micaiah, má
fhilleann tú go deimhin a síothcháin, annsin
níor labhair an Tighearna thríomsa. Agus
adubhairt seision, eístigh so a phobal uile.


L. 2Cr18:28


Marsin dochuaidh Rígh Israel,
agus Iehosaphat Rígh Iúdah súas go
Ramot-gilead.


L. 2Cr18:29


Agus adubhairt Rígh Israel re
Iehosaphat, dícheilfe misi mé féin,
agus racha mé chum an chatha, acht
cuirse do róbadha ort: marsin do dhí-
cheil Rígh Israel é feín, agus dochua-
dar chum an chatha.


L. 2Cr18:30


Anois do fhuagair Rígh na Síria
do chaiptínibh a charbad dobhí na fhochair,
gha rádh, ná troidighsi ré neach beag nó
mór, acht ré Rígh Israel amháin.


L. 2Cr18:31


Agus tárla an tan dochonnca-
dar caiptínigh na ccarbad Iehosaphat,
go ndubhradar, isé so Rígh Israel uime-sin
thangadar na thimchioll do throid: achd
do eígh Iehosaphat go hárd, agus do
chuidigh an Tighearna ris, agus thug
Día orrasan a fhágbháil.


L. 2Cr18:32


Oír tárla anuair do aithni-
gheadar caiptínig na ccarbad nach é Rígh
Israel dobhí ann, dfilleadar air a nais
arís ó leanmhuin air.


L. 2Cr18:33


Agus do tharruing duine ái-
righ bogha go teagmhuiseach, agus do
bhuail sé Rígh Israel idir alta a lúirigh:
uime sin adubhairt sé rena ghiolla
carbuid, fill do lámh, chor go mbeirir
amach as an tsluagh mé: oír ataím
loitigh.


L. 2Cr18:34


Agus do mhéduigh an cath an lá
sin: acht cheana do chonnuimh Rígh Israel é
feín na sheasamh iona charbad anaghaidh na
Sírianach go tráthnóna: agus timchioll
am greíne dhul faoi fuair sé bás.


L. 2Cr19:1


Agus dfill Iehosaphat
Rígh Iudah da thigh a síoth-
cháin go Ierusalem.


L. 2Cr19:2


Agus dochuiadh Iehu
mhac Hanani an féchadoír amach na choinne,
agus adubhairt sé ris an Rígh Iehosa-
phat; nar chóir dhuitsi congnamh ris
anduine neimhdhíadha, agus grádh do
thabhairt don luchd fhuathuighios an Tighear-
na? uimesin atá fearg riot ó lathair an
Tighearna.


L. 2Cr19:3


Thairis sin fríth neithe maithe
ionnad, mar do scrios tú na garraín as
an ttír, agus gur umhluigh tú do chr-
oidhe díarruidh Dé.


L. 2Cr19:4


Agus dorinne Iehosaphat comh-
nuigh ann Ierusalem: agus dochuaidh
sé amach arís ar feadh an phobail ó Bheer-
seba go slíabh Ephraim, agus thug
sé ar a nais íad chum an Tighearna
Día a naithreadh.


L. 2Cr19:5


Agus do chuir sé breitheamhuin ann-
sa tír ar feadh caithreach daingean Iúdah
uile ó chathruigh go cathruigh:


L. 2Cr19:6


Agus adubhairt sé ris na brei-
theamhnuibh, tugaidh da bhur naire cread do
dhéntaoi? oír ní do dhuine bhérthaoí breath,
achd don Tighearna, noch atá maille ribh
annsa bhreitheamhnus.


L. 2Cr19:7


Anois uimesin bíodh eagla an Ti-
ghearna oruibh, tugaidh dá bhur naire, a-
gus dénuidh é: oír ní bhfuil éicceart ar
bith ann ar TTighearna Díane, nó meas air
phearsannuibh, nó glacadh chumhthach.


L. 2Cr19:8


Do chuir fós Iehosaphat ann
Ierusalem do na Lebhitibh, agus do na
sagartuibh, agus do thogha aithreach Is-
rael, do dhénamh breiteamhnuis an Tighearna,
agus do réiteach imreasuin, anuair do
fhillidís go Ierusalem.


L. 2Cr19:9


Agus do chuir sé dualach orra,
dha rádh, marso dodhéntaoi anuamhan an
Tighearna go hionnruic, agus le croidhe
iomlán.


L. 2Cr19:10


Agus gidhbé ar bith cúis thiuc-
fas chugaibh ó bhur ndearbhráithribh chomhnui-
gheas iona ccaithreachaibh, eidir fhuil agus
fhuil, idir dhligheadh agus aithne, reachda
agus bhreitheamhnusa, dobhérthaoi
fuagra dhóibh gan aindligheadh do dhénamh
anaghaidh an Tighearna, as a ttiucfadh
dioghaltas oruibh, agus air bhur ndear-
bhráithribh: déunuidh so, agus ní dhéntuidh
aindligheadh.


L. 2Cr19:11


Agus féuchuidh, atá Amariah an
tárdshagart ós bhur ccionn anui-
le chúiseannuibh ann Tighearna, agus Sebad-
iah mhac Ismael riaghluidheóir thighe Iú-
dah ar son uile chúiseann an Rígh: béid na
Lebhitigh fós na noifigeachaibh re bhur na-
ghaidh. Dénuidh go curata, agus biaidh an
Tighearna maille ris an maith.


L. 2Cr20:1


Tarla na dhiaigh so
fós go ttangadar clann
Mhoab, agus clann Ammon,
agus daoine oile maille riú
taobh amuich do na Hammoniteachuibh, do cha-
thugadh anaghaidh Iehosaphat.


L. 2Cr20:2


Annsin tháinic drong dinnis do Ieho-
saphat, gha rádh, thangadar slúagh mór
a taghaidh anall tar fairge don taoibhsi
do Shíria, agus féuch ataíd síad ann
Hasason-tamar, noch isé Engedi.


L. 2Cr20:3


Agus do ghabh eagla Iehosaphat,
agus do leíg é féin díarruidh an Ti-
ghearna, agus dfuagair sé troscadh air
feadh Iúdah uile.


L. 2Cr20:4


Agus do chruinnigh Iúdah íad feín
a ccionn a chéile díarruidh cunganta air an
TTighearna: eadhon as caithreachaibh Iúdah
uile thangadar díarruidh an Tighearna.


L. 2Cr20:5


Agus do sheas Iehosaphat a lár
oireachduis Iúdah agus Ierusalem a
ttigh an Tighearna as coinne na cúirte
nuaidhe.


L. 2Cr20:6


Agus adubhairt sé, ó a Thighearna
Día ar naithreadh, nach tusa is Día a bfhlai-
theamhnus? agus nach riaghlann tú ós
cionn uile rioghacht na ngeinteadh? agus
nach bhfuil cumhacht agus neart ad laímh,
iondus nach éidir déinneach cur a ta-
ghaidh?


L. 2Cr20:7


Nach tú ar Ndíane, noch do theilg
amach dúthchusuigh na tíresi roimhe do
phobal Israel, agus thug thú feín do shíol
Abraham do chara feín go bráth.


L. 2Cr20:8


Agus do áitigheadar annsin, agus
dorinneadar sanctoír dhuitsi ann dot
ainm gha rádh,


L. 2Cr20:9


Ma sheasmaoid as coinne an
tighesi agus dot lathairsi, (oír atá
hainm astighse) anuair thiocfas olc
oruinn, mar atá an cloidheamh, bhreitheamhnus,
nó plaigh, nó gorta, agus éighfeam chugadsa
ionar naindeisi, annsin cluinfe tu-
sa, agus cuideochuidh tú (rinn).


L. 2Cr20:10


Agus anois féuch clann Ammon,
agus Mhoab, agus shléibhe Seir, nach
ar leíg tú do chloinn Israel dionnsuighe
anuair thangadar as crích na Hégipte,
acht do fhilleadar úatha, agus niór
mhilleadar íad.


L. 2Cr20:11


Féuch (adeirim) an luai-
gheacht dobheirid dhúinn teacht dar tteil-
gion as do sheilbhsi, noch thug tú dhúinn
anoighreacht.


L. 2Cr20:12


O ar Ndía, nach béra tú
breath orra? oír ní bhfuil neart ionnuinne
anaghaidh na buidhne móiresi thig
ar naghaidh, agus ní feas dúinn créad do
dhénam, acht ar súil do bheith riotsa.


L. 2Cr20:13


Agus do sheas Iúdah uile as
coinne an Tighearna, agus a cclann bheag,
a mná, agus a leanba.


L. 2Cr20:14


Annsin tháinic spiorad an Ti-
ghearna air Iahasiel mhac Sechariah, mhic Be-
naiah, mhic Iehiel, mhic Mattaniah, Lebhi-
teach do mhacaibh Asaph, a measc an chomh-
chruinnigh.


L. 2Cr20:15


Agus adubhairt sé, éistighsi a
Iúdah uile, agus sibhsi a áitreabhacha
Ierusalem, agus tusa a Rígh Iehosa-
phat, is mar so adeir an Tighearna
ribh, ná bíodh eagla nó anbhuain oruibh, ar
son aniomaid coimhthionóilsi; oír ní libhsi
an cath achd lé Día.


L. 2Cr20:16


Amárach téighidh síos na naghaidh:
féuchuidh ataídsion ag teacht aníos a
slighe bheinne Sis, agus dogheabhthaoi íad
ag ceann na habhann, as coinne fhásaigh
Ieruel.


L. 2Cr20:17


Ní ríachdanus daoibh troid annsa
chathso sibh feín, seasuidh bhur ccomh-
nuigh, agus dochífidhe cabhair an Tighear-
na maille ribh, ó a Iudah agus Ie-
rusalem: ná himeagluighidh, agus ná lí-
thidh; amárach éirgidh amach na na-
ghaidh, oír biaidh an Tighearna maille ribh.


L. 2Cr20:18


Agus do chrom Iehosaphat
a cheann agus a aghuidh chum na talmhan,
agus do leíg Iúdah uile, agus muin-
tir Ierusalem íad feín síos as coinne
an Tighearna ag adhradh an Tighearna.


L. 2Cr20:19


Agus na Lebhitigh do chloinn na
Ccohatíteach, agus do chloinn na Ccor-
híteach déirgheadar súas do mholadh an
Tighearna Día Israel le guth árd fol-
lusghlan.


L. 2Cr20:20


Agus deírgheadar go moch ar
maidin, agus dochuadar amach go
fásach Tecoa: agus mar dochuadar
amach, do sheas Iehosaphat, agus adu-
bhairt? eístigh riomsa a Iúdah, agus
sibhsi áitreabhuigh Ierusalem, crei-
dig ann bhur TTighearna Día, marsin
bhéithí daingion; creidigh dhá fháighe,
agus bérthaoi buaidh.


L. 2Cr20:21


Agus an tan dorinne sé comhair-
le ris an bpobal, dórduigh sé aos
ceóil don Tighearna, agus do mholfadh
sciamh na naomhthachda, anuair dorachai-
dís amach as coinne an tsloígh, agus
a rádh, Moluidh an Tighearna, oír mairidh
a thrócaire go bráth.


L. 2Cr20:22


Agus an tan do thosui-
gheadar an ceól agus an moladh, do
chuir an Tighearna luigheachaín anaghaidh
chloinne Ammon, Mhoab, agus shléibhe Seir, noch
thainic anaghaidh Iúdah, agus do buaileadh íad.


L. 2Cr20:23


Oír do sheasadar clann Ammon,
agus Mhoab súas anaghaidh áitreabha-
cha shléibhe Seir, da marbhadh agus
da léirscrios: agus an tan do
chuireadar deireadh le marbhadh mhuintire
Seir, thug gach aon aca feín dithchioll
ar a chéile do mharbhadh.


L. 2Cr20:24


Agus anuair tháinic Iúdah láimh
re tor na faire annsa bhfásach, dfé-
chadar ar a tsluagh mór: agus féuch
dobhádar na ccorpuibh marbha ar ttui-
tim go talamh, agus ní dheachuidh duine as díobh.


L. 2Cr20:25


Agus anuair tháinic Iehosa-
phat agus a dhaoine do bhreith a néadá-
la leó, fuaradar a measc na ccorp
marbh iomarcaidh saidhbhris agus
seód buádha (noch do nochtadar dhíobh
dhóibh féin) níos mó ná dfédadar
diomchar: agus dobhádar trí lá ag crui-
nniughadh na héadála, dobhí sí
comh-mórsin.


L. 2Cr20:26


Agus air an cceathramadh lá
do chruinnigheadar íad féin a ngleann Be-
rachah, óir is annsin do bheannuigheadar
an Tighearna: ar anadhbharsin do goireadh
gleann Berachah donáit sin gus
aniugh.


L. 2Cr20:27


Annsin dfilleadar gach uile
dhuine do Iúdah agus do Ierusalem,
agus Iehosaphat na ttosach, do
dhul arís go Ierusalem maille re luáth-
gháire: óir thug an Tighearna orra
gáirdeachus do dhéanamh ós cionn a námhad.


L. 2Cr20:28


Agus thangadar go Ierusa-
lem le saltrachaibh, agus le cláirseachuibh,
agus lé stocaibh go tigh an Tighearna.


L. 2Cr20:29


Agus dobhí eagla Dé ar riogha-
chtuibh na ccríoch sin uile, anuair
dochualadar gur throid an Tighearna
anaghaidh námhad Israel.


L. 2Cr20:30


Mar sin dobhí rioghacht Iehos-
aphat ciúin: óir thug a Dhía suaimhneas
dó timchioll faccuairt.


L. 2Cr20:31


Agus dobhí Iehosaphat
na Rígh ós cionn Iúdah: dobhí sé trío-
chad agus cúig bhliadhna daois anuair do
thosuigh sé a ríghe, agus do ríoghuidh sé cúig
bhliadhna fithchiod ann Ierusalem: agus
dob é ainm a mhathar Asubah inghean
Shilhi.


L. 2Cr20:32


Agus do shiubhail sé a slighe
Asa a athar, níor dhealuidh sé ria, ag
leanmhuin an neithe dobudh ceart a ra-
dharc an Tighearna.


L. 2Cr20:33


Gidheadh níor cuireadh na háite
árda ar ccúl: óir níor ullmhui-
gheadar na daoine a ccroidhthe fós
do Dhía a naithreadh.


L. 2Cr20:34


Anois an chuid oile do ghníomh-
uibh Iehosaphat tosach agus deighionach,
féuch atáid scríobtha a leabhar Iehu
mhic Hanani, noch air ar labhradh a lea-
bhar Ríogh Israel.


L. 2Cr20:35


Agus na dhiaigh so do cheangail
Iehosaphat Rígh Iúdah é féin lé A-
hasiah Rígh Israel, noch dobhí lán
do dhroichghníomhuibh.


L. 2Cr20:36


Agus do cheangail seision é
féin ris do dhéanamh long do dhul go Tar-
sis: agus dorinneadar na lunga a Ne-
sion-gaber.


L. 2Cr20:37


Annsin do thairghir Elieser
mhac Dodabhah ó Mharesah anaghaigh
Iehosaphat, ga rádh, do brígh gur
cheangail tú thú féin re Ahasiah, do bhris
an Tighearna hoibreacha: agus dobhádar
na longa briste, go nárbhféidir leó dul
go Tarsis.


L. 2Cr21:1


Anois do choduil Iehos-
aphat a bhfochair a aithreadh,
agus do hadhlaiceadh agá
aithribh é a ccathruigh Dhái-
bhi, agus do ríoghuidh Ie-
horam a mhac iona áit.


L. 2Cr21:2


Agus dobhádar dearbhráithre
aige, mic Iehosaphat, Asariah, agus
Iehiel, agus Sechariah agus Asariah, agus Mi-
chael, agus Sephatiah: dob íadso
uile mic Iehosaphat Rígh Israel.


L. 2Cr21:3


Agus thug a nathair tiodhlaice
móra dhóibh dairgead agus dór, agus do
neithibh mórluaigh, maille re caithreachaibh
daingne ann Iudah: acht thug sé an
rioghacht do Iehoram, do bhrígh gurbhé
an chéidghin é.


L. 2Cr21:4


Anois anuair dobhí Ieho-
ram ar néirghe suas a rioghacht a a-
thar, do dhaingnidh sé é féin, agus do
mharbh sé a dhearbhráithreae uile leis an
ccloidheamh, agus fós mórán do phrionn-
sadhuibh Israel.


L. 2Cr21:5


Dobí Iehoram dhá bhliadhuin dég
agus fithche daois anuair do thosuigh
sé a ríghe, agus dobhí sé na Rígh ocht
mbliadhna ann Ierusalem.


L. 2Cr21:6


Agus do shiubhail sé a slighe
Ríogh Israel amhuil dorinne tigh A-
hab: óir dobhí inghean Ahab aige na
mnaoi: agus dorinne sé an ní fa
holc a radharc an Tighearna.


L. 2Cr21:7


acht cheana niórbháill leis an
TTighearna tigh Dháibhi do scrios, do
bhrígh an chunnartha dorinne sé re Dái-
bhi, agus mar do gheall sé solus do
thabhairt dó, agus dá mhacaibh go
bráth.


L. 2Cr21:8


Ann a laéthibhsion déirgheadar
na Hedomítigh ó bheith fa ríaghuil Iúdah,
agus dorinneadar Rígh dhóibh féin.


L. 2Cr21:9


Annsin dochuaidh Iehoram
amach lena phrionnsadhuibh, agus a char-
buid uile leis, agus déirigh sé san noidhche,
agus do bhuail sé na Hedomitigh dotháinic
na thimchioll agus caiptínigh na ccarbad.


L. 2Cr21:10


Mar sin dochuadar na He-
domítigh ó bheith fáoi laimh Iúdah gus
aniugh. Annsanam chédna fós do fhill
Libnah ó bheith fáoina láimh, do bhrígh
gur thréig sé an Tighearna Día a aith-
readh.


L. 2Cr21:11


Tuilleamh fós dorinne sé áite
árda a sléibhtibh Iúdah, agus thug sé
air mhuintir Ierusalem strío-
pachus do dhénamh, agus do choimhéignidh
sé Iúdah chuige sin.


L. 2Cr21:12


Agus tháinic scríbhinn chuige ó
Elias an fáigh, gha rádh, is marso
adeir an Tighearna Día a hathar Dái-
bhi, do bhrígh nar shiubhail tú a slighthibh
Iehosaphat hathar, ná a slighthibh A-
sa Rígh Iúdah,


L. 2Cr21:13


Acht gur shiubhail tú a slighe
Rígh Israel, agus gur chuir tú dfíachaibh
air Iúdah agus air áitreabhachaibh Ie-
rusalem dul le stríopachus amhuil
stríopachus thighe Ahab, agus mar an
ccédna mar do mharbh tú do dhearbhrái-
thre do thigh hathar, dobhí ní budh
feárr ná thú féin:


L. 2Cr21:14


Féuch buailfidh an Tighearna do
dhaoine lé pláigh mhóir, agus do chlann, agus
do mhná, agus do mhaóin uile.


L. 2Cr21:15


Agus dogheabha tú easláinte
do thinneas hinneadh, nó go ttuite hiona-
thar amach do bhrigh an tinnis lá ar
lá.


L. 2Cr21:16


Tuilleamh oile, do chorruigh an
Tighearna suas anaghaidh Iehoram
spiorad na Bphilistineach, agus na Nara-
bianach dobí láimh ris na Hetiópia-
nachaibh.


L. 2Cr21:17


Agus thangadar suas go
Iúdah, agus do bhriseadar asteach
innte, agus rugadar leó anuile mhaoin
noch dofríth a ttigh an Rígh, agus a mhic, agus
a mhná mar an ccédna, ionnus nar fág-
bhadh aonmhac aige, acht Iehoahas an
té dob óige dá mhacaibh.


L. 2Cr21:18


agus na dhiaigh so uile do
bhuail an Tighearna é féin iona inni-
ghibh le heasláinte dhóileighis.


L. 2Cr21:19


Agus tárla a ccionn athaidh,
tar éis dhá bhliadhan, gur thuit a
mhionach as do bhrígh a thinnis: mar sin
fuair sé bás deasláintibh géra, agus ní
dhéarnadar a dhaoine losgadh ar bith ar
a shon do nós loisge a aithreadh.


L. 2Cr21:20


Dobudh dhá bhliadhuin dég ar
fhithchid a aois anuair do thosuigh sé
a ríghe, agus dobhí na Rígh ann Ierusalem ocht
mbliadhna, agus dimthigh sé gan íarruidh
air: acht cheana do adhlaiceadar é a
ccathruigh Dháibhi, gidheadh ní a ttúamaibh
na Ríogh.


L. 2Cr22:1


Agus dorinneadar áitreabh-
uigh Ierusalem Rígh do
Ahasiah a mhac dob óige io-
na áit: óir an sluagh
daoine thánic leis na Harábianachaibh
don fhoslongphort do mharbhadar an chlann
fá sine uile. Marsin do ríoghuidh Aha-
siah mhac Iehoram na Rígh ann Iúdah.


L. 2Cr22:2


Dhá bhlíadhuin agus dá fithchiod
daois dobí Ahasiah anuair do thos-
uigh sé ríghe, agus dobhí sé na Rígh aon
bhlíadhuin ann Ierusalem: dobé fós
ainm a mhathar Ataliah inghean Om-
ri.


L. 2Cr22:3


Do shiubhail sé mar an ccédna
a slighthib thighe Ahab: óir dobí
a mhathair a chomhairleach do
dhénamh uilc.


L. 2Cr22:4


Ar anadhbarsin dorinne sé olc
a radharc an Tighearna cosmhuil re
tigh Ahab: óir dob íad sin a comhair-
ligh tar eís bháis a athar, da ttáinic
a mhilleadh.


L. 2Cr22:5


Do shiubhail sé mar ccédna do
reír a ccomhairle, agus dochuaidh sé
le Iehoram mhac Ahab Rígh Israel do
chogadh anaghaidh Hasael Rígh na Síria a
Ramot-gilead: agus do bhuaileadar
na Síríanuigh Ioram.


L. 2Cr22:6


Agus dfill sé chum a leighis go
Iesreel, do bhrígh na ccneadh tugadh air a
Ramah anuaír do throid sé re Ha-
sael Rígh na Síria, agus dochuaidh
Asariah mhac Iehoram Rígh Iúdah siós
dféuchuin Iehoram mhic Ahab Rígh Is-
rael ann Iesreel, mar dobhí sé tinn.


L. 2Cr22:7


Agus is ó Dhía dobhí milleadh
Ahasiah, do bhrígh a dhul dféchuin
Iehoram: oír an tan tháinic sé,
dochuaidh sé amac le Iehoram ana-
ghaidh Iehu mhic Nimsi, noch do un-
guidh an Tighearna do dhíbirt thighe
Ahab.


L. 2Cr22:8


Agus tárla anuair dobí Ie-
hu ag críochnughadh breitheamhnuis ar thigh
Ahab, agus fuair sé prionnsadha Iú-
dah agus mic dearbhraithreach Ahasiah
dobhí ag serbhís do Ahasiah, gur mharbh
se íad.


L. 2Cr22:9


Agus díarr sé Ahasiah,
agus rugadar air: oír dobí sé a bhfolach
a Samária, agus thugadar go Iehu é:
agus anuair do mharbhadar é, do adhlai-
ceadar é, do bhrígh (ar siadsan) gurbé
mac Iehosaphat é, noch díarr an
Tighearna maille rena uile chroidhe: marsin
nach raibh cumhachda ag tigh Ahasiah
an rioghacht do chongmhail a ccomhnuidhe.


L. 2Cr22:10


Acht anuair dochonnairc Ata-
liah mathair Ahasiah gur marbhadh a mac,
déirig sí, agus do mharbh sí uile
shliochd ríogha thighe Iúdah.


L. 2Cr22:11


Acht Iehosabeat inghean an
Rígh do ghlac sí Ioas mhac Ahasiah, agus do
ghad sí é ó bheith a measc na mac Ríogh
do marbhadh, agus do chuir é feín agus
a bhanaltra a seomra codalta; mar
sin Iehosabeat inghean an Rígh Ieho-
ram bean Iehoiada an Sagart (oír
bá deirbhshiúr do Ahasiah í) dfoluigh sí é
ó Ataliah, go nar mharbh sí é.


L. 2Cr22:12


Agus dobhí sé a bhfolach aca
a ttigh Dé sé blíadhna, agus do
ríoghuidh Ataliah ós cionn na tíre.


L. 2Cr23:1


Agus annsa seachdmhadh blíadhuin
do neartuigh Iehoiada é féin,
agus thug sé Caiptínigh na
ccéd a ccunradh ris, Asa-
riah mhac Ieroham, agus
Ismael mhac Iehohanan, agus Asariah
mhac Obed, agus Maasiah mhac Ada-
iah, agus Elisaphat mhac Sichri.


L. 2Cr23:2


Agus dochuádar timcioll Iúda,
agus do chruinnigheadar na Lebhítigh amach
as uile chaithreachaibh Iúdah agus cinn ai-
treach Israel, agus thangadar go
Hierusalem.


L. 2Cr23:3


Agus dorinne an comhchruinniughadh
uile cunnradh ris an Rígh a ttigh Dé,
agus adubhairt seision riú, féuch, bíaidh
mac an Rígh na Rígh mar adubhairt an
Tighearna a ttáobh chloinne Dáibhi.


L. 2Cr23:4


A sé so an ní dodhéntáoi, trían
aguibh do na Sagartuibh agus do na Lebhí-
tibh, théid asteach air an Tsábóid, béid
na ndoirseóiribh ag na doirsibh.


L. 2Cr23:5


Agus trían a ttigh an Rígh,
agus trían ag an bprímhgheata: agus
béid na daoine uile a ccúirtib thighe an
Tighearna.


L. 2Cr23:6


Acht ná tigeadh áonduine go tigh
an Tighearna, acht na Sagairt agus
an mhéid do na Lebhíthibh bhías ag mi-
niostrálachd: rachuid síadsan asteach,
óir atáid náomhtha; agus coimhéadfuid an
pobal uile faire an Tighearna.


L. 2Cr23:7


Agus timchiollfuid na Lebhítigh
an Rígh fagcuáirt, gach áon gun
a arm iona láimh, agus gidhbé thioc-
fas don tigh, cuirfigheair chum báis
é: acht bíthíse a bhfochair an Rígh anuair
thiucfas sé asteach, agus anuair
rachus sé amach.


L. 2Cr23:8


Mar sin dorinneadar na Lebhítigh,
agus Iúdah uile do réir gach éinneite
dár aithin Iehoiada an sagart, agus
dorug gach áonduine leis a dhaóine do
bhí ré teachd asteach ar an tsábóid mail-
le ris an druing dobhí ag dul amach ar
an tsábóid; óir níor scaóil Iehoiada
na cúrsadha.


L. 2Cr23:9


Tuilleamh fós, thug Iehoiada an
sagart do chaiptínibh na ccéd gáethe
agus buiclérigh, agus scíatha, noch
bá lé Dáibhi Rígh, dobhí a ttigh Dé.


L. 2Cr23:10


Agus do shuigidh sé na daóine
uile gach áon guna arm iona láimh
ón taobh theas don teampall gus an
ttáobh cclé don teampall re taóibh na
haltóra agus an teampuill ar fad
láimh ris an Rígh.


L. 2Cr23:11


Annsin thugadar amach an
Rígh, agus dochuireadar an choróin
air, agus thugadar an nfíadhnuise dhó,
agus dorinneadar Rígh dhe, agus do
ung Iehoiada agus a mhic é, agus
adubhradar, go mairigh an Rígh:


L. 2Cr23:12


Anois an tan dochúaluidh A-
taliah na ndaóine ag rioth, agus
ag moladh an Rígh, tháinic sí chum an
phobail go tigh an Tighearna.


L. 2Cr23:13


Agus damhairc sí, agus féuch
do sheas an Rígh agá philéur ag an
ndul asteach, agus na prionnsadha
agus na trumpadha a bhfochair an Rígh:
agus dobhí pobal na tíre uile ag
gáirdeachus, agus ag déanamh fuáime
lé stocaibh, agus an luchd ciúil le
hadhbhadhuibh ciúil, agus an mhéid do thea-
gaisgeadh duáin mholta. Annsin do bhris
Ataliah a héadach, agus adubhairt,
feall, feall.


L. 2Cr23:14


Annsin thug Iehoiada an sa-
gart amach caiptínigh na ccéd do
cuireadh ós ccionn an tslóigh, agus
adubhairt sé ríu, beiridh amach í as na
hórduibh; agus gidhbé leanfas í, mar-
bhthar é leis an ccloidheamh: óir adu-
bhairt an sagart; ná marbhuidh a ttigh
an Tighearna í.


L. 2Cr23:15


Mar sin do chuireadar lámha inn-
te, agus anuáir tháinic sí go dul
asteach gheata na neach, láimh re tigh an
Rígh, do mharbhadar annsin í.


L. 2Cr23:16


Agus dorinne Iehoiada cunn-
radh edir é féin, agus an pobal uile,
agus an Rígh, go mbéidís na
muintir ag an TTighearna.


L. 2Cr23:17


Annsin dochuáidh an pobal uile
go tigh Bhaal, agus do bhrisiodar
síos é, agus do bhrisiodar a altóra,
agus a íomháighe na mblodhuibh, agus do
mharbhadar Mattan sagart Bhaal
a bhfiadhnuise na naltórach.


L. 2Cr23:18


Dórduigh Iehoiada mar an
ccédna oifigidh thighe an Tighearna
re láimh na sagart na Lebhítigh, noch
do roinn Dáibhi a ttigh an Tighearna
díodhbairt ofrála loisge an Tighearna,
mar atá scríobhtha a ndligheadh Mha-
óise, maille ré gáirdeachus agus re
céol, mar dórduigh Dáibhi.


L. 2Cr23:19


Agus do chuir sé doir-
seóirigh ag geatadhuibh thighe an Tigh-
earna, iondus nach ttiucfadh duine ar
bith do bheith neamhghlan anéinní, asteach
ann.


L. 2Cr23:20


Agus rug sé leis caiptí-
nigh na ccéd, agus uáisle, agus
úachdaráin an phobuil, agus luchd na
críche uile, agus thugadar an Rígh
anúas ó thigh an Tighearna, agus
thangadar thríd an ngeata árd go tigh
an Rígh, agus do chuireadar an Rígh a
ccathaóir na rioghachta.


L. 2Cr23:21


Agus dorinneadar daóine na
tíre uile lúathgháire, agus dobhí an
chathair suáimhneach, tar éis Ataliah do
mharbhadh leis an ccloidheamh.


L. 2Cr24:1


Dobhí Ioas seacht mblíadhna
dáois anúair do thosuigh sé
a ríghe, agus dobhí na
Rígh ceathrachad blíadhan ann
Ierusalem: agus dobé ainm a
mhathar Sibea ó Bheeséba.


L. 2Cr24:2


Agus dorinne Ioas an ní fa
maith a radharc an Tighearna air feadh laé-
theadh Iehoiada an Sagart.


L. 2Cr24:3


Agus thug Iehoiada días ban
chuige, agus do ghein sé mic agus in-
gheana.


L. 2Cr24:4


Agus tárla na dhiáigh so go
raibh dinntinn ag Ioas tigh an Tighearna
do leasughadh.


L. 2Cr24:5


Agus do chruinnigh sé a bhfochair a
chéile na sagairt agus na Lebhítigh,
agus adubhairt sé riú, éirghidhe amach
go caithreachaibh Iúdah, agus cruinni-
gidh ó Israel uile airgiod dathnuaghadh
thighe bhur Ndé ó bhlíadhuin go blíadhuin,
agus féuchuidh go ndéntaoi deithnios
ris an ccúis: gidheadh ní dhéarnadar na
Lebhítigh deithnios ris.


L. 2Cr24:6


Agus do ghoir an Rígh air Iehoiada
an túachdarán, agus adubhairt sé ris,
cred fa nár chuir tú dfíachaibh air na
Lebhítibh an gearradh do thabhairt asteach ó
Iúdah agus ó Ierusalem do reír aith-
ne Mháoise serbhíseach an Tighearna,
agus chomhchruinnighe Israel go taber-
nacuil na fíadhnuise?


L. 2Cr24:7


Oír do bhrisiodar mic Ataliah an
droichbheansin, tigh Dé, agus do bhro-
nnadar do Bhaalim neithe coisreagtha
thighe an Tighearna.


L. 2Cr24:8


Agus ar aithne an Rígh dorinnea-
dar cófra, agus do chuireadar táobh
amuich é ag geata thighe an Tighear-
na.


L. 2Cr24:9


Agus thugadar fúagra ar feadh
Iúdah agus Ierusalem an gearradh do
leag Maoise óglach Dé ansa bhfásach ar
Israel, do thabhairt asteach chum an
Tighearna.


L. 2Cr24:10


Agus dobhí lúathgháire ar na
prionnsadhuibh agus ar an bpobal uile,
agus thugadar asteach, agus do
theilgeadar annsa chófra nó gur chuirea-
dar chríoch air.


L. 2Cr24:11


Anois tárla fá an nam ar tu-
gadh an cófra go hoifig an Rígh le
láimh na Lebhíteach, agus anuair dochon-
cadar gur mhór an tairgiod; tháinic scri-
bhneóir an Rígh agus oifigeach anárdshgairt,
agus dfolmhuigheadar é, agus do ghla-
cadar agus rugadar dha áit féin arís
é. Marso donídís lá ar lá, agus do
chruinnigheadar iomarcaidh airgid:


L. 2Cr24:12


Agus thug an Rígh, agus Ie-
hoiadah é do na dáoinibh dorinne ser-
bhís thighe an Tighearna, agus fós don
lucht doibrigh íarann agus prás, do
dheasuighadh thighe an Tighearna.


L. 2Cr24:13


Marsin do oibrigheadar an luchd
sáothair, agus do chríochnuigheadar a
nobair go hiomlán, agus do chuireadar
tigh Dé iona staid feín, agus do
dhaingnigheadar é.


L. 2Cr24:14


Agus anúair do chríochnuigheadar
é, thugadar an chuid oile donairgiod a
lathair an Rígh agus Iehoiada, dá ndear-
nadh soithighe do thigh an Tighearna, soithighe
óir agus airgid: agus dofráladar of-
rála loisge a ttigh an Tighearna a
ccomhnuigh ar feadh laétheadh Iehoiada.


L. 2Cr24:15


Acht dobhí Iehoiada áosta,
agus lán do láethibh anúair déug sé;
céud agus tríochad bliadhan dáois do
bhí sé anúair fuáir sé bás.


L. 2Cr24:16


Agus do adhlaicheadar é a cca-
thruigh Dháibhi a measc na Ríogh do bhrígh
go ndéarna sé maith ann Israel aráon a
ttaobh Dé agus a taobh a thighe.


L. 2Cr24:17


Annois tar éis bháis Iehoiada
thangadar prionnsadha Iúdah, agus
dorinneadar umhla don Rígh; annsin déist
an Rígh riú.


L. 2Cr24:18


Agus dfágbhadar tigh an Ti-
ghearna Día a naithreadh, agus do fhrio-
thaileadar garráin agus iodhuil: agus
tháinic dioghaltus air Iúdah agus air
Ierusalem ar son an pheacaidhsi
aca.


L. 2Cr24:19


Gidheadh do chuir seision fáidhe chu-
ca dá ttabhairt air a nais chum an Ti-
ghearna, agus do fhíadhnuigheadar na na-
ghaidh: achd ní thugadar san aire
dhóibh.


L. 2Cr24:20


Agus tháinic spiorad Dé air
Shechariah mhac Iehoiada an Sagart,
noch do sheas ós cionn an phobail, agus
adubhairt sé riú, is mar so adeir
Día; cred fá sáruighthi aitheanta an
Tighearna, as nach féidir libh bheith séan-
mhar? do bhrígh gur thréigeabhair an Ti-
ghearna, do thréig seision sibhsi mar
an gcédna.


L. 2Cr24:21


Agus dfealladar iona aghaidh,
agus do chlochadar lé clochaibh é ar
aithne an Rígh a ccúirt thighe an
Tighearna.


L. 2Cr24:22


Marso nar chuimhnigh an Rígh
Ioas an cinéul dorinne a athair Ieho-
iada air, acht do mharbh sé a mhac:
agus anam a bháis adubhairt sé, go
bhfaicidh an Tighearna sin, agus go
ccúitighidh sé é.


L. 2Cr24:23


Agus tárla a ndeireadh na
blíadhna go ttáinic slúagh na Síria
súas na aghaidh: agus thangadar
go Iúdah agus go Hierusalem, agus
do mharbhadar na prionnsadha uile a measc
an phobail, agus do chuireadar anéa-
dáil uile go Rígh Dhamascus.


L. 2Cr24:24


Oír tháinic slúagh na Sírianach
le cuideachduin bhig dhaoine, agus thug an
Tighearna slúagh romór na láimh, do
bhrígh gur thréigeadar an Tighearna
Día a naithreadh: marsin dorugadar
bhreitheamhnus anaghaidh Ioas.


L. 2Cr24:25


Agus anuair do imthigheadar úadh
(óir dfágbhadar aneasláintibh móra
é) do oibrigheadar a sheirbhísigh féin
na aghaidh ar son fhola mhac Iehoiada
an sagart, agus do mharbhadar é ar
a leabuidh, agus fúair sé bás: agus
do adhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhi,
acht níor adhlaiceadar a ttuamaibh na
Ríogh é.


L. 2Cr24:26


Agus is íad so an luchd dfeall
na aghaidh, Sabad mhac Simeat an
Tammoníteach, agus Iehosabad mhac
Simrit an Moabiteach.


L. 2Cr24:27


Anois a ttaobh a mhac, agus
mhéid anúaluidh do cuireadh air, agus
leasughadh thighe Dé, féuch atáid síad
scríobhtha a stair leabhair na Riogh:
agus do ríoghuidh Amasiah a mhac iona
áit.


L. 2Cr25:1


Dobhí Amasiah cúig bhlíadhna
fithchiod dáois anuair do thos-
uigh sé a ríghe, agus do
bhí na Rígh náoi mblíadhna
fithciod ann Ierusalem: agus dobé
ainm a mhathar Iehoaddan ó Ierusa-
lem.


L. 2Cr25:2


Agus dorinne sé an ní fa maith
a radharc an Tighearna, acht ní lé
croidhe iomlán.


L. 2Cr25:3


Anois tárla anuáir do daing-
nioghadh an rioghachd dó, gur mharbh
sé a sheirbhísigh noch do mharbh an Rígh a
athair.


L. 2Cr25:4


Acht níor mharbh sé a cclann, acht
dorinne sé mar atá scríobhtha a ndli-
gheadh leabhair Mháoise, mar ar aithin an
Tighearna, gha rádh, ní muirfighthear na
haithre thríd an ccloinn, agus ní muir-
fighthear an chlann thríd na haithribh, acht
muirfighthear gach éanduine tréna choir
feín.


L. 2Cr25:5


Tuilleamh oile, do chruinnigh Ama-
siah Iúdah a ccionn a chéile, agus
dorinne sé Caiptínigh ós cionn mhílteadh dhíobh,
agus Caiptínigh ós cionn chéud, do reír
thighe a naithreadh ar feadh Iúdah, agus
Bheniamin: agus do áirimh sé íad ó
aóis fhithchiod blíadhan agus ós a chionn,
agus fúair sé dhíobh trí chéad míle fear
toghtha iondula amach a ccogadh, darbhéol
gath agus sgíath do ghlacadh.


L. 2Cr25:6


Dfostoigh sé mar an gcédna
céad míle fear árrachta a ngaisgidh as
Israel le céud tallann airgid.


L. 2Cr25:7


Acht tháinic óglach ó Dhía chuige,
gha rádh, ó a Rígh, ná héirgheadh slúagh
Israel leachd: óir ní bhfuil an Tighear-
na re Hisrael, le chloinn Ephraim uile.


L. 2Cr25:8


Acht mas toil leachd imtheacht, dén,
bí láidir a ccomhair an chatha; dobhéra
Día ort tuitim roimhe do námhuid: óir
is ag Día atá cumas tárthála, agus
leagtha.


L. 2Cr25:9


Agus adubhairt Amasiah re hóg-
lac Dé, acht cred dhénam ris an ccéud
tallann, noch thug mé do shlúagh Israel?
agus do fhreagair óglach Dé é, is
féidir leis an TTighearna níos ro mó
ná so do thabhairt duit.


L. 2Cr25:10


Annsin do dhealuigh Amasiah íad,
eadhon an slúagh tháinic chuige ó Eph-
raim do dhul don bhaile arís: uime sin
do hadhnadh a bhfearg go mór anaghaidh
Iúdah, agus dfilleadar abhaile lán
dfeirg.


L. 2Cr25:11


Agus do neartuigh Amasiah é
féin, agus do thréoruigh sé a mhuinntir
amach, agus dochuáidh sé go gleann
an tsaluinn, agus do bhuail sé do chloinn
Seir deich míle.


L. 2Cr25:12


Agus deich míle oile do fág-
bhadh béo, rugadar clann Iúdah léo a
láimh íad, agus thugadar go mullach
na cairge íad, agus do theilgheadar síos
íad do mhullach na cairge, gur briseadh
na mblodhuibh íad.


L. 2Cr25:13


Acht na soighdiúirigh do chuir
Amasiah ar a nais, chor noch rachai-
dís leis chum catha, do thiomáineadar
air caithreachaibh Iúdah, ó Shamáriah air
fad go Bet-óron, agus do bhuáilea-
dar trí mhíle dhíobh, agus rugadar
iomarcuigh édála léo.


L. 2Cr25:14


Anois tárla anuáir dfill
Amasiah ó ár na Nedomíteach, go
ttug sé dée chloinne Seir leis, agus
gur chuir sé súas mar dhée dhó féin
íad, agus do chrom sé é féin síos
dóibh, agus do loisg sé túis dóibh.


L. 2Cr25:15


Uimesin do hadhnadh fearg an
Tighearna re Amasiah, agus do chuir
sé fáigh chuige, noch adubhairt ris,
cred fár íarr tú a ndiáigh dheeibh na
ndaóine nachar fhéd a ndáoine féin do
sháoradh as do láimhse?


L. 2Cr25:16


Agus tárla mar dobhí sé ag
caint ris, go ndubhairt an Rígh ris, a
ndérnadh comhairleach don Rígh dhíotsa?
coisc, cred fá mbuailfidh thú? annsin
do choisc an fáigh, agus adubhairt sé,
aithnighim gur chinn an Tighearna ar do
mhilleadh, do bhrígh go ndérna tú so, a-
gus nár éist tú rem chomhairlesi.


L. 2Cr25:17


Annsin dorinne Amasiah Rígh
Iúdah comhairle, agus do chuir sé teachda
chum Ioas mhac Iehoahas mhic Iehu
Rígh Israel, dha rádh, tárr, faiceam
gnúis a chéile.


L. 2Cr25:18


Agus do chuir Ioas Rígh Is-
rael fios go Hamasiah Rígh Iúdah,
gha rádh, do chuir an foghbhannán dobhí
a Lebanon, gha rádh, tabhair hinghean
dom mhac na mnaói: agus do ghabh
beathach allta dobhí a Lebanon thort,
agus do shaltair sé síos an foghbhannán.


L. 2Cr25:19


Adeir tusa, féach do mharbh
tú na Hedomítigh, agus do thóg do chroidhe
súas tú do mhaoidhfeachus: fan anois an-
sa bhaile, cred fá mbeanfá red dhochar
féin, as attuitfeá, thú féin, agus
Iúdah maille riot?


L. 2Cr25:20


Acht níorbháill le Amasiah
sin do chluinsion: óir is ó Dhía do
bhí sin, chor go seachódadh sé íad a
láimh a námhad, do bhrígh gur leanadar
a ndiáigh dhée Edom.


L. 2Cr25:21


Annsin dochúáidh Ioas Rígh Is-
rael súas; agus dochonncadar gnúis
a chéile, é féin agus Amasiah Rígh
Iúdah an Bet-semes, noch is do Iú-
dah.


L. 2Cr25:22


Agus tugadh an chuid budh
measa do Iúdah roimhe Israel, agus
do theith gach duine dhíobh da thigh.


L. 2Cr25:23


Agus do ghabh Ioas Rígh Is-
rael Amasiah Rígh Iúdah mac Ioas
mhic Iehoahas a Mbet-semes, agus
thug go Hierusalem é, agus do bhris
sé síos balla Ierusalem ó gheata
Ephraim go geata an choirnéil, ceithre
chéud cubhad.


L. 2Cr25:24


Agus rug sé leis an tór
agus an tairgiod uile, agus na huile
soithighe fríth a ttigh Dé ag Obed-E-
dom, agus ionmhus thighe an Rígh, a-
gus íar nglacadh braighde tairis, dfill
sé go Samária.


L. 2Cr25:25


Agus do mhair Amasiah mhac
Ioas Rígh Iúdah déis bháis Ioas mhic
Iehoahas Rígh Israel, cúig bhlíadhna
déug.


L. 2Cr25:26


Anois an chuid oile do ghníomh-
uibh Amasiah ó thús go deireadh, féuch,
nach bhfuilid síad scríobhta a leabhair
Ríogh Iúdah, agus Israel?


L. 2Cr25:27


Anois déis na huaire ar fhill
Amasiah ó leanmhuin an Tighearna, dfeal-
ladar na aghaidh ann Ieruslaem, a-
gus do theith sé go Lachis; acht do
chuireadarsan daoine na dhiaigh go
Lachis, agus do mharbhadar annsin é.


L. 2Cr25:28


Agus thugadar léo ar eachaibh
é, agus do adhlaiceadar é agá aithribh
a ccathruigh Iúdah.


L. 2Cr26:1


An sin do ghlacadar muintir
Iúdah uile Ussiah chuca,
noch dobhí sé blíadhna déug
daóis, agus dorinneadar
Rígh dhe anáit a athar Amasiah.


L. 2Cr26:2


Do chuir sé Elot súas, agus
thug ar a hais do Iúdah í, déis an
Rígh do chodladh agá aithribh.


L. 2Cr26:3


Sé blíadhna déag daóis dobhí
Ussiah an tan do thosuigh sé a ríghe,
agus dobhí na Rígh dha bhlíadhuin déug
agus dá fhithchiod ann Ierusalem: ainm
a mhathar mar an gcédna Iecoliah ó
Ierusalem.


L. 2Cr26:4


Agus dorinne sé an ní budh
ceart a radharc an Tighearna do réir
gach neithe dá ndéarnuidh a athair Ama-
siah.


L. 2Cr26:5


Agus díarr sé Día ré linn
Shechariah, agá raibh tuigsin a
bhfisibh Dé: agus an feadh do lean sé an
Tighearna, thug Día rath air.


L. 2Cr26:6


Agus dochuáidh sé amach, a-
gus do choguidh sé anaghaidh na
BhPhilistineach, agus do bhris sé síos
balla Ghát, agus balla Iabneh, a-
gus balla Asdod, agus dorinne sé
caithreacha timchioll Asdod, agus a
measc na BhPhilistíneach.


L. 2Cr26:7


Agus do chuidigh Día leis ana-
ghaidh na BhPhilistíneach, agus ana-
ghaidh na Narábianach, noch dáitreibh
an Gur-baal, agus na Mehunimeach.


L. 2Cr26:8


Agus thugadar na Hammoni-
tigh tiodhluice do Ussiah, agus do
leathnuigh a ainm amach go nuige dul
asteach na Hégipte; óir do neartuigh
sé é féin go hanmhór.


L. 2Cr26:9


Tuilleamh oile, do chuir Ussiah
tuir súas ann Ierusalem ag geata
an choirnéil, agus ag geata an ghlea-
nna, agus ag filleadh an bhalla, agus
do dhaingnidh sé íad.


L. 2Cr26:10


Mar an gcédna dorinne sé
tuir annsa díothramh, agus do thochuil
sé mórán tobar: óir dobhí iomar-
cuidh áirnéise aige san tír íochdaruigh
aráon, agus annsna réitibh: luchd tighea-
dhuis mar an ccédna, agus luchd dén-
ta fíneamhna annsna sléibhtibh, agus ann
Carmel: óir dob ionmhuin leis tighea-
dhus.


L. 2Cr26:11


Tuilleamh fós, dobhí ag Ussiah
slúagh dfearuibh cogaidh, do thíaghadh
amach do chogadh na mbuidhnibh do réir
uibhre a ccuntais re láimh Ieiel an scri-
bhneóir, agus Mhaasiah an túachtarán
fáoi láimh Hananiah áon do chaiptínibh
an Rígh.


L. 2Cr26:12


Dobí uibhir iomlán cheann na naith-
reach na bhfear árrachta a ngaisgidh
dhá mhíle agus sé chéad.


L. 2Cr26:13


Agus dobí slúagh fáoi na
láimh, eadhon trí chéd míle, agus seacht
míle, agus cúig chéd, dorinne cogadh
re cumas mór, do chongnamh leis an
Rígh anaghaidh na námhad.


L. 2Cr26:14


Agus do ghlés Ussiah dhóibh
ar feadh an tslóigh, scíatha, agus
gáete, agus clogada, agus éidigh
ochta, agus boghadha, agus cranna-
tádhbhuill do caitheamh cloch.


L. 2Cr26:15


Agus dorinne sé ann Ierusalem
ionstrumeintigh dochoncas lé dáoinibh
glioca do bheith ar na toruibh, agus air
na daingneachaibh do chaitheamh soighead agus
chloch mór asta: agus do leathnuigh a
ainm animchián, óir do cuidiughad leis
go hiongantach nó go raibh shé lái-
dir.


L. 2Cr26:16


Acht anuair dobhí sé láidir
dobhí a chroidhe arna thógbháil súas
chum a mhillte feín: óir do pheacuidh sé
anaghaidh an Tighearna a Dhía féin,
agus dochúaidh asteach a tteampall an
Tighearna do losgadh túise ar altoír
na túise:


L. 2Cr26:17


Agus dochúaidh Asariah an
sagart asteach na dhíaigh, agus mail-
le leis ceithre fithchid sagart leis an
TTighearna do dháoinibh beódha.


L. 2Cr26:18


Agus do thoirmiosgadar Us-
siah an Rígh, agus adubhradar ris,
ní bheanann riotsa, a Ussiah, túis
do losgadh don Tighearna, acht ris na
Sagartaibh, clann Aaron, noch átá ar
na ccoisreagadh do losgadh túise: im-
thigh amach as an Tsannctóir, óir do
chionntuigh tú, agus ní bhiaidh se na
onóir dhuit ón TTighearna Día.


L. 2Cr26:19


Annsin dobhí fearg ar Ussiah,
agus dobhí senséir iona laím do Los-
gadh túise: agus anam a fheirge ris
na Sagartuibh, tháinic an lubhra iona
aghaidh a bhfiadhnuise na Sagart a
ttigh an Tighearna ó tháobh altóra
na túise.


L. 2Cr26:20


Agus dféuch Asariah an tárd-
shagart agus na Sagairt uile air, agus
féuch dobhí sé lubhrach iona éadan, agus do
thiománadar amach as sin é; do dheifrigh
sé féin fós amach, do bhrígh gur bhúail
an Tighearna é.


L. 2Cr26:21


Agus dobhí Ussiah an Rígh
na lobhar go ló a bháis, agus dfan
sé na lobhar a ttigh ar leith, oír
do gearradh amach as tigh an Tighear-
na é; agus dobhí Iótam a mhac ós
cionn tighe an Rígh, ag déanamh brei-
theamhnuis air mhuintir na tíre.


L. 2Cr26:22


Annois an chuid oile do ghnío-
mhuibh Ussiah ó thús go deireadh, do
scríobh Isaiah mhac Amos an faigh é.


L. 2Cr26:23


Marsin do choduil Ussiah agá
aithribh, agus do adhlaiceadar é a
bhfochair a aithreadh annsa machaire adhlaicthe
do bhean ris na Ríoghuibh; oír adubhra-
dar, is lobhar e: agus do ríoghuidh
Iótam a mhac iona áit.


L. 2Cr27:1


Dobhí Iótam cúig blíadhain fith-
chiod dáois anuair do thosuigh
sé ríghe, agus dobhí na
Rígh sé blíadhna déug ann
Ierusalem: dobé fós ainm a mhathar
Ierussah inghean Shádoc.


L. 2Cr27:2


Agus dorinne sé an ní fa ceart
a radharc an Tighearna do réir gach
neithe dá ndéarna Ussiah a athair: thairis
sin ní dheachuidh sé asteach go teampall
an Tighearna: achd doníadh an pobal
ní truáilligh go fóill.


L. 2Cr27:3


Do chuir sé súas geata árd thi-
ghe an Tighearna, agus do chuir sé
súas mórán air bhalla Ophel.


L. 2Cr27:4


Tuilleamh oile, dorinne sé cai-
threacha a sléibhtibh Iúdah, agus do
rinne sé caisléin agus tuir annsna
foráoisibh.


L. 2Cr27:5


Do throid sé fós re Rígh na Nam-
moníteach, agus rugh sé búaidh orra,
agus thug clann Ammon dó an blíadhuin
sin féin, céad tallann airgid, agus do
chruithneachda deich míle miosúr, agus deich
míle deórna. Díocadar clann Ammon
anoirid sin ris, an dara blíadhain fós
agus an treas blíadhain.


L. 2Cr27:6


marsin do daingnigh Iótam é
féin, do bhrígh gur ullmhuigh sé a shligh-
theacha as coinne a Thighearna Día.


L. 2Cr27:7


Anois an chuid oile do ghníomhuibh
Iótam, agus a chogtha uile, agus a
shlightheacha, féuch atáid scríobhtha a
leabhar Ríogh Israel agus Iúdah.


L. 2Cr27:8


Dobhí sé cúig bhlíadna fithchiod
dáois anuáir do thosuigh a ríghe,
agus dobhí na Rígh sé blíadhna déug
ann Ierusalem.


L. 2Cr27:9


Agus do choduil Iótam agá ai-
thribh, agus do adhlaiceadar é ccathruigh
Dháibhi: agus do ríoghuidh Ahas a mhac
iona áit.


L. 2Cr28:1


Dobhí Ahas fithche blíadhain
dáois anúair do thosuigh
a ríghe, agus dobhí na
Rígh sé blíadhna dég ann Ieru-
salem: achd ní dheárnuigh sé an ní fá
ceart a radharc an Tighearna, cosmhuil
ré Dáibhi a athair.


L. 2Cr28:2


Oir do shiubhail sé a slighthibh Ríogh
Israel, agus dorinne mar an ccédna
íomháighe leaghtha do Bhaalim.


L. 2Cr28:3


Tuilleamh oile, dorinne sé íodhbairt
a ngleann mhic Hinnom, agus do loisg
sé a chlann annsa teine, do réir ghrái-
neamhlachd na ngeinteadh, noch do theilg an
Tighearna amach roimhe chloinn Israel.


L. 2Cr28:4


Dorinne sé íodhbairt mar an ccédna
agus do loisg sé túis annsna háitibh
árda, agus air na cnocaibh, agus fáoi
gach áonchrann glas.


L. 2Cr28:5


Uime sin do sheachuid a Thighearna
Día é a láimh Rígh na Síria, agus do
bhúail sé é, agus rug móran díobh leis
a láimh, agus rug go Damascus íad:
tugadh fós a láimh Rígh Israel é, noch
do bhúail é lé hár mór.


L. 2Cr28:6


Oír do mharbh Pecah mhac Rema-
liah ann Iúdah céud agus fithche míle
anaon ló, fir chródha uile, do bhrígh
gur thréigeadar an Tighearna Día a
naithreadh.


L. 2Cr28:7


Agus Sichri, duine cumhachtach
do Ephraim, do mharbh sé Maaseiah
mac an Rígh agus Asricam úachtarán
an tighe, agus Elcanah noch do bfoig-
si don Rígh.


L. 2Cr28:8


Agus rugadar clann Israel leó
a láimh dá ndearbhráitribh dhá chéd míle
bean, mac agus inghean, agus ruga-
dar mar an ccédna mórán édála úatha,
agus rugadar anédáil go Samá-
ria.


L. 2Cr28:9


Acht dobhí fáigh don Tighearna
annsin, darbhainm Oded: agus
dochúaidh sé amach a ccoinne an tslóigh
tháinic go Samária, agus adubhairt sé
riú, féuchuidh do bhrígh go raibh an Ti-
ghearna Día bhur naithreadh feargach re
Iúdah, thug sé ion bhur láimhse íad,
agus do mharbhabhair íad a ndíbhfheirg
roithchios súas go neamh.


L. 2Cr28:10


Agus anois sé do chuireabhair ro-
mhuibh clann Iúdah agus Ierusalem do
chonngmháil fúibh na bhfearuibh, agus na
mnáibh dáora dháoibh féin: achd ané nach
bhfuil oruibhse, eadhon oruibhsi feín, pea-
caidh anaghaidh bur TTighearna Dé?


L. 2Cr28:11


Anois éistigh riomsa ar anadh-
bharsin, agus léigidh amach na braigh-
de arís, noch do ghabhabhair a laímh dá
bhur ndearbhráithribh: óir atá fearg fhíoch-
mhar Dé ribh.


L. 2Cr28:12


Annsin do sheasadar súas cuid
áirigh do cheannuibh chloinne Ephraim, Asa-
riah mhac Iohanan, Berechiah mhac
Sallum, agus Amasa mhac Hadlai
anaghaidh na muintire tháinic ón cho-
gadh:


L. 2Cr28:13


Agus adubhradar riú, ní thiu-
bhartháoi na braighde asteach annso: óir
an tionad ar chiontuigheamairne ana-
ghaidh an Tighearna, is mían libhse tuil-
leamh do chur a ccionn ar bpeacadh agus
ar sáruighthe: óir is mór ar ccoir,
agus atá fearg fhíochmhar anaghaidh
Israel.


L. 2Cr28:14


Marsin dfágbhadar na fir armtha na braighde, agus a nédáil a
bhfíadhnuise na bprionnsadh agus na chomhchruinnigh uile.


L. 2Cr28:15


Agus déirgheadar suas na daoine do goireadh as a nainm, agus do
ghlacadar na braighde, agus do nédáil do chuireadar édach air a raibh
lomnochd díobh, agus do éduigheadar íad, agus thugadar bíad agus deoch
dóibh, agus dungadar íad, agus do iomchradar an mhéid dobhí lag aca
air assaluibh, agus thugadar íad go Iericho, cathair na ccrann
pailme, chum a ndearbhráithreach: annsin dfilleadar go Samária.


L. 2Cr28:16


Annsanamsin do chuir Ahas athchuinge go Ríghthibh na Hassiria
do chungnamh ris.


L. 2Cr28:17


Oír thangadar na Hédomítigh arís, agus do bhuaileadar Iúdah, agus
rugadar bráighde leó.


L. 2Cr28:18


Dionnsuigheadar na Philistínigh mar an gcédna caithreacha na tíre
íochdaruigh, agus an taobh theas do Iúdah agus do ghabhadar Bet-
semes, agus Aialon, agus Geredot, agus Solcho gun a bhailtibh,
agus Timnah gun a bhailtibh, Gimso fós gun a bhailtibh: agus do
áitreabhadar annsin.


L. 2Cr28:19


Óir do chuir an Tighearna Iúdah síos ar son Ahas Rígh Israel:
óir dorinne sé Iúdah tárrnocht, agus do chionntuigh sé anaghaidh
an Tighearna go mór.


L. 2Cr28:20


Agus tháinic Tilgat-Pilneser Rígh na Hassíria chuige, agus do
chuir aindeise air, agus níor neartuigh sé é.


L. 2Cr28:21


Oír rug Ahas roinn as righ an Tighearna, agus as tigh an Ri'gh, agus
ó na prionnsadhuibh, agus thug sé do Rígh na Hassíria sin: achd níor
chuidigh sé leis.


L. 2Cr28:22


Agus anaimsir a aindesi do chiontuigheadh sé fós nísa mhó an
aghaidh an Tighearna: an Ríghsi féin Ahas.


L. 2Cr28:23


Oir díobuir sé do dheéibh Dhamascus, noch do bhúail é, agus
adubhairt sé, do bhrígh gur chuidigh deé Ríogh na Síria leó, uime
sin dodhénsa íodhbuirt dóibh, chor go ttárthochuidh mé: acht isiad
do sgrios eisionn agus Israel uile.


L. 2Cr28:24


Agus do chruinnigh Ahas a gcionn a cheile soithighe thighe Dé
uile, agus do ghearr sé na mblodhuibh soithighe tighe Dé, agus do
dhruid doirse thighe an Tighearna, agus dorinne altóra dhó fein ann
gach énchoirnéul do Ierusalem.


L. 2Cr28:25


Agus ann gach aon chathruigh fa leith do Iúdah dorinne sé aite árda
do losgadh túise do dheéibh oile, agus do bhrostuigh sé chum feirge an
Tighearna Día a aitreabh.


L. 2Cr28:26


Anois an chuid oile dá ghníomhuibh, agus dá shlighthibh uile, ó thús
go deireadh, féuch atáid scríobhtha a leabhar Ríogh Iúdah agus
Israel.


L. 2Cr28:27


Agus do choduil Ahas agá aithribh, agus do adhlaiceadar é annsa
chathruigh, eadhon ann Ierusalem: acht ní thugadar é go túama Ríogh
Israel, agus do ríoghuidh Heseciah a mhac iona áit.


L. 2Cr29:1


Do thosuigh Heseciah a ríghe anúair dobhí sé cúig blíadhna
fithchiod dáois, agus dobhí sé na Rígh náoi mblíadhna fithchiod ann
Ierusalem: agus dobé ainm a mhathar Abiiah inghean Shechariah.


L. 2Cr29:2


Agus dorinne sé an nífa ceart a radharc an Tighearna, do réir gach
éinneithe dá ndérnuidh a athair Dáibhí:


L. 2Cr29:3


Annsa chédbhlíadhuin dá righe, annsa cédmhí, dfosguil sé doirse
thighe an Tighearna, agus dathnuadhuigh sé íad.


L. 2Cr29:4


Agus thug sé asteach na Sagairt agus na Lebhítigh, agus do chruinnigh
sé a bhfochair a chéile íad ann sa tsráid shoir.


L. 2Cr29:5


Agus adubhairt sé riú, éistigh riomso, a Lebhíteacha, náomhuigh sibh
féin anois, agus náomhuigh tigh an Tighearna Día bhur naithreadh, agus
beiridh amach an salchar as an náit náomtha.


L. 2Cr29:6


Oír do pheacuigheadar ar naithrene, agus dorinneadar an ní dob olc a
radharc an Tighearna Día ar naithreadh, agus do thréigiodar é, agus do
iompóigheadar a naighthe ó áitreabhadh an Tighearna, agus do chuireadar a
ccúl ris.


L. 2Cr29:7


Do dhruideadar fós doirse an phóirse, agus do chuireadar na soillse as, agus
níor loisgeadar túis, agus níor ofráladar íodhbartha loisge annsanáit
náomhtha do Dhía Israel.


L. 2Cr29:8


Uimesin tháinic fearg an Tighearna ar Iúdah, agus ar Ierusalem, agus do
thoirbhir sé íad do bhuádhreadh, duathbhás agus dfeadaluidh, mar do
chíthise le bhur súilibh.


L. 2Cr29:9


Oír cheana do thuiteadar ar naithre ris an ccloidheamh, agus atáid ar mic
agus ar ningheana, agus ar mná a ndaoirse thrídso.


L. 2Cr29:10


Anois atá am chroidhesi cunnradh do dhénamh ris an TTigheara Día
Israel, le a niompochadh a fhearg fhíochmhar úainn.


L. 2Cr29:11


A chlann, ná bíthi anois mainneachtnach: óir do thogh an Tighearna sibh do
sheasamh dhá láthair do dhénamh serbhíse dhó, agus go ndénadh sibh
miniostrálachd dhó, agus go loisgeadh sibh túis.


L. 2Cr29:12


Annsin déirgheadar na Lebhítigh, Mahat mhac Amarai, agus Ioel mhac
Asariah, do mhacaibh na Ccohatiteach: agus do mhacaibh Merári;
Cis mac Abdi, agus Asariah mhac Iehalelel: agus do na Geronitibh;
Ioab mac Sinmah, agus Eden mhac Ioah:


L. 2Cr29:13


Agus do mhacuibh Elisaphan; Simri, agus Ieiel: agus do mhacaibh
Asaph; Sechariah, agus Mattaniah:


L. 2Cr29:14


Agus do mhacaibh Neman; Iehiel agus Simei: agus do mhacaibh
Iedutun; Semaiah agus Ussiel.


L. 2Cr29:15


Agus do chruinngheadar a ndearbhráithre, agus do náomhadar íad féin, agus
thangadar do réir aithne an Rígh maille re bríathruibh an Tighearna do
ghlanadh tighe an TIghearna.


L. 2Cr29:16


Agus dochúadar na Sagairt don chuid asteach do thigh an Tighearna dá
ghlanadh, agus thugadar amach gach uile shalchar dá bhfúaradar astigh a
tteampall an Tigearna, go cúirt thighe an Tighearna: agus do thogbhadar na
Lebhítigh leó é, dábhreith leó amch go habhuinn Cídron.


L. 2Cr29:17


Anois do thosuigheadar an céd lá do chédmhí ar náomhadh, agus ar
anochtmhadh lá don mhí thnagadar go póirse an tighearna: marsin do
náomhadar tigh an Tighearna anocht lá, agus annsa seiseadh lá dég dhon
chédmhí do críochnuigheadar.


L. 2Cr29:18


Annsin dochuadar asteach go Heseciah a Rígh, agus adubhradar, do
ghlanamar tigh an Tighearna uile, agus altóir na hofrála loisge, agus a
soithighe uilee, agus bórd anaráin thaisbénta guna soithighibh uile.


L. 2Cr29:19


Tuilleamh oile, anuile shoitheach dar theilg an Rígh Ahas iona ríghe
amach iona sháruighadh, do ghellamairne agus do náomhuigheamar íad; féch
atáid as coinne altóra an Tighearna.


L. 2Cr29:20


Annsin déirigh Heseciah an Rígh go moch, agus do chruinnigh sé
úachtaráin na caithreach, agus dochuáidh sé súas go tigh an Tighearna.


L. 2Cr29:21


Agus thugadar seacht mbulóga leó, agús seacht reithe, agus seacht
nuáin, agus seacht bpuic mar ofráil peacaidh ar son na rioghachta,
agus na Sanctóra agus Iúdah; agus dfúagair sé do na Sagartuibh mhic
Aaron aniodhbuirt ar altóir an Tighearna.


L. 2Cr29:22


Mar sin do mharbhadar na bulóga, agus do ghlacadar na Sagairt anfuil, agus
do chroitheadar ar analtóir; marsin anuair do mharbhadar na reitheadha,
do chroitheadar anfuil ar analtóir: do mharbhadar fós na huáin, agus do
chroitheadar anfuil ar analtóir.


L. 2Cr29:23


Agus thugadar amach na gabhair fhirionna chum na hofrála peacaidh a lathair
an Righ agus an chomhchruinnigh, agus do leagadar a lámha orra.


L. 2Cr29:24


Agus do mharbhadar na Sagairt iad, agus dorinneadar athmhuinteardhus
lená bhfuil ar analtóir, do dhéanamh síothchána ar son Israel
uile; oír do aithin an Rígh anofráil pheacaidh do dhénamh ar son
Israel uile.


L. 2Cr29:25


Agus do chuir sé na Lebhítigh a ttig an Tighearna maille re cimbaluibh
le saltrachuibh, agus lé cláirseachuibh do réir aithne Dháibhí, agus
Ghad féuchadóir an Rígh, agus Nátan an fháigh: oír is marsin
dobhí aithne an Tighearna trena fáighibh.


L. 2Cr29:26


Agus do sheasadar na Lebhítigh maille re hionnstrumintibh Dháibhi,
agus na Sagairt guna stocubh.


L. 2Cr29:27


Agus do aithin Heseciah anofráil loisge do losgadh ar analtóir: agus
anuáir do thosuigh caintic an Tighearna mar an gcédna leis na stocaibh,
agus leis na hionstrumintibh do órduigh Dáibhi Rígh Israel.


L. 2Cr29:28


Agus do adhradar an comhchruinniughadh uile, agus dorinneadar an luchd
ceóil, agus do fhuáimnigheadar na stuic: an tiomlán marsin, nó gur
críochnuigheadh aníodhbhairt loisge.


L. 2Cr29:29


Agus anuáir do chuireadar deireadh leis anofráil, do chrom an Rígh, agus
an mhéid dobhí na fhochair, agus do adhradar.


L. 2Cr29:30


Tuilleamh fós, dfúagair Heseciah an Rígh, agus na prionnsadha, do na
Lebhítigh moladh do chanadh don Tighearna lé bríathruibh Dháibhi,
agus Asaph an faicsionach: agus do chanadar moladh maille re
gáirdeachus, agus do chromadar a gcinn, agus dumluigheadar.


L. 2Cr29:31


Annsin do fhreagair Heseciah, agus adubhairt sé, anois do
choisreaghabhair féin don Tighearna, tigidh a leith, agus tugaidh íodhbuirt,
agus ofráil bhuidheachuis don Tighearna iona thigh. Agus thug an
comhchruinniughadh íodhbuirt agus ofráil bhuidheachuis leó, agus an mhéid do
bhí sóchroidheach, ofráil loisge.


L. 2Cr29:32


Agus dobhí uibhir na hofrála loisge thug an comhchruinniughadh leó, deich
mbulóga agus trí fhithchid, céd reithe, agus dhá chéd úan: íad uile mar
ofráil loisge don Tighearna,


L. 2Cr29:33


Agus dobudh sé chéad damh na neithe coisreachta, agus trí mhíle cáora.


L. 2Cr29:34


Acht dobhádar na Sagairt ro-ghann, iondus nár fhédadar n ahofrála oisge
uile dfeannadh: uime sin do chuidigheadar a ndearbhráithre na Lebhítigh
leó, nó gur críochnuigheadh anobair, agus nó gur náomhuidh na Sagairt oile
íad féin: oír dob fhiréunta na Lebhítigh iona ccroidhe dá náomhadh féin
náid na Sagairt.


L. 2Cr29:35


Agus mar an ccédna dobhádar na hofrála loisge iomadamhuill maille re méthus
na nofrálach dighe da gach áon ofráil loisge. Mar sin do cuireadh serbhís
thighe an Tighearna anordughadh.


L. 2Cr29:36


Agus dobhí lúathghaire ar Heseciah, agus ar an bpobal uile, gur umhluigh
Día an pobal: oír dorinneadh an chúis go hobhann.


L. 2Cr30:1


Agus do chuir Heseciah fios go Hisrael uile, agus go Iúdah, agus
do scríobh litreacha fós go Héphraim, agus go Manasseh, techt go
tigh an Tighearna ann Ierusalem, do chongmháil na Cásg don Tighearna
Día Israel.


L. 2Cr30:2


Óir dorinne an Rígh comhairle, agus a phrionnsadha agus an
comhchruinniughadh uile ann Ierusalem an Cháisg do chongmháil annsan dara
mhí.


L. 2Cr30:3


Oír niór fhédadar a chongmháil fánamsin, do bhrigh nár náomhuigheadar na
Sagairt íad féin mar budh lór, ní mó chruinnigheadar cách íad féin go
Hierusalem:


L. 2Cr30:4


Agus do thaitin an nísin leis an Rígh agus leis an ccomhchruinniughadh
uile.


L. 2Cr30:5


Ar anadhbharsin dorinneadar órdughadh fúagra do thabhairt ar feadh
Isreal, ó Bheersaba air fad go Dan, teachd do choiméd na Cásg
don Tighearna Día Israel go Hierusalem: o'r ní dhernadar é re
aimsir fhada, mar dobhí scríobtha.


L. 2Cr30:6


Marsin dimthigheadar teachda leis na litreachaibh ón Rígh agus óna
prionnsadhuibh ar feadh Israel agus Iudah, agus do réir aithne an
Rígh, gha rádh, a chlann Israel, fillidh arís chum an tighearna Día
Abraham, Isaac agus Israel, agus fillfe sé ar an bhfuighioll
atá dhíbhse, noch dimthigh as láimh Rígh na Hassíria.


L. 2Cr30:7


Agus ná bíthise cosmhuil re bhur naithreacha, agus cosmhuil re bhur
ndérbhráithribh, noch do pheacaidh anaghaidh an Tighearna Día a
naithreadh, noch do sheachaid iad ar anadhbharsin dá scrios mar
dochíthíse.


L. 2Cr30:8


Anois ná bíthíse crúaidhmhuinéil, mar dobhádar bhur naithre, acht tugaidh
sibh féin Tighearna, agus tigidh asteach dhá shanctóra, noch do náomhmhuidh
sé go bráth, agus adhruigh bhur TTighearna Día, le bhfillfe fráoch a fheirge
úaibh.


L. 2Cr30:9


Oír má fhilltí arís chum an Tighearna, doghebhuidh bhur ndearbhráithre,
agus bhur cclann trócaire a lathair na muintire rug a láimh íad, iondus go
ttiucfaidh arís don tír si: oír is grásamhuil trócairedh bhur TTighearna
Día, agus ní iompochuidh sé a aghaidh úaibh, má fhilltí chuige.


L. 2Cr30:10


Marsin dochuádar na teachda ó chathruigh tré thír Ephraim, agus
Mhanasseh, air fad go Sebulum: acht dobhádarsan ag magadh agus ag
sgige fúthadh.


L. 2Cr30:11


Thairis sin, dumhluigheadar mórán do Aser, agus do Mhanasseh: agus
do Shebulum, agus thangadar go Hierusalem.


L. 2Cr30:12


Mar an gcédna ann Iúdah, dhobhí dóibh co choimhlíonadh aithne an Rígh
agus na pbrionnsadh, re breithir an Tighearna.


L. 2Cr30:13


Agus do chruinnigh ann Ierusalem mórán daoine do choimheúd fhéusta
anaráin gan loibhín ansa dara mí, comhchruinniughadh romhór.


L. 2Cr30:14


Agus deirgheadar, agus rugadar na haltóra dobhí ann Ierusalem leó,
agus rugadar leó anuile altóir thúis, agus do theilgeadar a sruth
Cidron íad.


L. 2Cr30:15


Annsin do mharbhadar an Cháisg ar an cceathramhadh lá dég don dara mí, agus
bhí náire ar na Sagartuibh agus ar na Lebhítibh, agus do náomhadar íad
féin, agus thugadar na hofrála loisge asteach an Tighearna.


L. 2Cr30:16


Agus do sheasadar iona náit do réir dhlighe Maoise óglach Dé: do
croitheadar na Sagairt anfuil do ghlacadar as láimh na Lebhíteach.


L. 2Cr30:17


Oír dobhí mórán annsa chomhchruinniughadh, nachar náomhadh: uimesin is ar
na Lebhítibh dobhí cúram marbhtha na Cásg, ar son gach áoin nach raibh
glan, dá máomhadh don Tighearna.


L. 2Cr30:18


Oir níor ghlan mórán don phobal íad féin, eadhon mórán do Ephraim,
do Mhannasseh, do Issachar, agus do Shebulum: gidheadh a duadar
an Cháisg, thar mar atá scríobhtha: acht do ghuidh Hesemiah ar a son
gha rádh, go maithidh an Tighearna maith dá gach áonduine,


L. 2Cr30:19


Dá nuillmhuighionn a chroidhe díarruidh Dé, an Tighearna Día a aithreadh,
dá mbeith nach bíadh glan do réir ghlanta na Sanctóra.


L. 2Cr30:20


Agus déist an Tighearna re Heseciah, agus do leighis ré an pobal.


L. 2Cr30:21


Agus do choimheád clan Israel dobhí a lathair ann Ierusalem, féusta
anaráin gan loibhín seacht lá maille re gáirdeachus mór, agus na Sagairt
agus na Lebhítigh aga moladh an Tighearna ó ló go ló, ag seinm le
hionstruimintibh árdghothach don Tighearna.


L. 2Cr30:22


Agus do labhair Heseciah go cobharthach ris na Lebhítibh uile, noch do
theagaisc eólus maith an Tighearna, agus a duadar ar feadh anféusta seacht
lá ag ofráil ofrála síothchána, agus ag déanamh admhála don Tighearna Día
anaidhreadh.


L. 2Cr30:23


Agus dorinne an coimhtionól uile comhairle fa sheacht lá oile do choimhéud:
agus do choimhédadar seacht lá oile re sólás.


L. 2Cr30:24


Oír dothug Heseciah Rígh Iúdah don chomhchruinniughadh míle bulóg
agus seacht míle cáora: agus do náomhadh uibhir mhór shagairt íad féin.


L. 2Cr30:25


Agus bá luáthgháireach comhchruinniughadh Iúdah uile, agus na Sagairt,
agus na Lebhítigh, agus comhthionól tháinic as tír Israel uile, agus na
coimighthigh tháinic as tigh Israel, agus dobhí na ccoimnuidh ann
Iúdah.


L. 2Cr30:26


Marsin dobhí gáirdeachus mór ann Ierusalem: óir ó aimsir Sholuimh
mhic Dáibhi Rígh Israel, ní raibh a leithéid ann Ierusalem.


L. 2Cr30:27


Annsin déirtheadar na Sagairt, agus na Lebhítigh, agus do bheannuigheadar
an pobal: agus do héircheadh a nguth, agus tháinic a nguidhe dá áit
chomhnuigh náomhthasan, eadhon go flaitheamnus.


L. 2Cr31:1


Anois anúair do chríochnuigheadh so uile, dochuáidh anuile
dhuine Disrael dá raibh a lathair amach go caithreachaibh Iúdah,
agus do bhrisiodar na híomháighe na mbloduibh, agus do ghearradar
síos na garráin, agus do theilgeadar seachadh na háite árda agus na
haltóra amach as Iúdah, agus as Beniamin, ann Ephraim fós agus a
Manasseh, nó gur scriosadar go hiomlán íad. Annsin dfilleadar gach
áon dá sheilbh féin ann a ccaithreachaibh féin.


L. 2Cr31:2


Agus dórduigh Heseciah cúrsa na Sagairt agus na Leibhíteach do réir a
ccúrsadh, gach áonduine do réir a sheirbhíse, na Sagairt agus na
Lebhítigh chum ofrála loisge agus ofrála síothchána do mhiniostrálachd,
agus do bhreith buidhe agus do mholadh a ndorus lóistíneadh an
Tighearna:


L. 2Cr31:3


Cuid ronna an Rígh mar an ccédna dá mháoin féin chum na nofrálach
loisge, martá ofráil loisge na maidne agus an tráthnóna, agus ofráil
loisge na sabóideadh, agus na ngealach núadh, agus na bhféustadh
bhfúagartha, mar atá scríobhta a ndligheadh an Tighearna.


L. 2Cr31:4


Tuilleamh fós, dfuagair sé don lucht do chomhnuigh ann Ierusalem cuid de
na Sagart agus na Lebhíteach do thabhairt dóibh, go mbeidís meanmnach a
ndligheadh an Tighearna.


L. 2Cr31:5


Agus ar bhall a ttáinic a naithne amach, thugadar clann Israel leó
iomarcuigh do phrimidil arba, fíona, ola, agus meala, agus do uile bhiseach
anfhearuin, agus deachmhadh gach uile neithe thugadar leó go líonmhar.


L. 2Cr31:6


Agus a ttáobh chloinne Israel agus Iúdah do chomhnuidh a ccaithreachuibh
Iúdah, thugadar fós asteach deachmhadh damh agus cáorach agus deachmhadh
neitheann náomhtha, noch do coisreaghadh da TTighearna Día, agus do
chuireabhair íad ar mhuin a chéile na ccrúachaibh.


L. 2Cr31:7


Annsa treas mí do thosuigheadar bunáit na ccrúach do chur, agus annsa
seachtmhadh mí do chríochnuigheadar (íad.)


L. 2Cr31:8


Agus anúair tháinic Heseciah agus na prionnsadha, agus dochoncadar na
carnáin, do bheannuigheadar an tigearna agus a phobal Israel.


L. 2Cr31:9


Annsin do cheastnuigh Heseciah ris na Lebhítibh a ttáobh a ccárnn.


L. 2Cr31:10


Agus do fhreagair Asariah árdshagart thighe Sádoc é, agus adubhairt, ó
anúair far thionsgnadar an pobal na hofrála do thabhairt asteach go tigh
an Tighearna, dobhí go lór aguinn ré ithe, agus dfhagamar go lór: óir do
bheannuigh an Tigearna a phobal; agus an ní do fágbhadh, sé an stór mórso
é.


L. 2Cr31:11


Annsin dfuágair Heseciah seomradha do ghlés a ttigh an Tighearna, agus
dorinneadar íad.


L. 2Cr31:12


Agus thugadar asteach na hofrála agus deachmhadha agus na neithe
coisreactha go fírinneach: ós cionn a raibh Cononiah an Lebhíteach na
fheadhmanach, agus budh é Simei a dhearbhráthair bá foigsi dhó.


L. 2Cr31:13


Agus Iehiel, agus Asasiah, agus Nahat, agus Asahel, agus
Ierimot, agus Iosabad, agus Eliel, agus Ismachiah, agus Mahat
agus Benaiah, do budh feithmeóirigh íad fáoi láimh Chononiah, agus
Shimei a dhearbhrathair ar aithne an Rígh Heseciah agus Asariah
úachdarán thighe Dé.


L. 2Cr31:14


Agus ba hé Córe mhac Immah Lebhiteach an dóireseóir don leath shoir,
dobhí ós cionn ofrálach toileamhla Dé, do roinn ofrálach an Tighearna;
agus na neithionn ronáomhtha.


L. 2Cr31:15


Agus na dhiaigh sin dobhí Eden, agus Miiamin, agus Iessua, agus
Semaiah, Amariah, agus Sechaniah a ccaithreachraibh na Sagart iona
noifig cumtha, do sheachadadh ar a ndearbhráithribh re sealuibh, commaith
don mhór agus don bheag.


L. 2Cr31:16


Taobh amuigh dá nginealach fearrdha ó aóis thrí mblíadh an agus ós a cionn,
eadhon do gach uile duine da tteid asteach go tigh an Tighearna, a ccuid
laátheamhuil ar son a serbhíse iona ccúramuibh do réir a ccúrsadh.


L. 2Cr31:17


Ar aon do ghinealach na Sagart maille re tigh a naithreadh, agus na na
Lebhíteach ó fhithchid blíadhan daóis agus ós a chionn, iona ccúramuibh dho
réir a ccúrsadh.


L. 2Cr31:18


Agus do ghinealach a ndaóine beaga uile, dá mnáibh, agus dá macaibh, agus dá
ningheanuibh ar feadh an chomhchruinnigh: óir iona noifig chinnte do
naomhuigheadar íad féin a náomhthacht.


L. 2Cr31:19


Mar an gcédna do mhacaibh Aáron na Sagart, noch dobhí a macaighibh
cuimíneadh a ccaithreach ann gach áon cathair fá leith, na dáoine coda ronna
donuile fhirionnach a measg na Sagart, agus an méid do háirmeadh le
ginealach a measc na Lebhíteach


L. 2Cr31:20


Agus marso dorinne Heseciah ar feadh Iúdah uile, agus do oibrigh
maith, agus ceart, agus fírinne a lathair a Thighearna Dé.


L. 2Cr31:21


Agus ann gach uile obair dar thionnsguin sé a seirbhís Dé, agus annsa
dligheadh, agus annsna haitheantuibh díarruidh a Dhé, dorinne sé é rena
chroidhe iomlán, agus dobhí sé sona.


L. 2Cr32:1


Tar éis na neitheannso, agus a nordughadh go diongmhalta, tháinic
Sennacherib Rígh na Hassíria, agus dochuaidh asteach go Iúdah, agus
do chuir foslungphort re haghaidh na ccaithreach ndaingion, agus do sháoil
sé a mbúain amach dhó fein.


L. 2Cr32:2


Agus anuáir dochonnairc Heseciah go ttáinic Sennacherib, agus gur
chuir roimh troid annaghaidh Ierusalem;


L. 2Cr32:3


Dorinne sé comhairle rena phrionnsadhuibh, agus rena dháoinibh
cumhachdacha, uisgeadha na ttobar do stopadh, noch dobhí táobh amuigh don
chathruigh; agus do chuidigheadar leis.


L. 2Cr32:4


Annsin do thionoladar mórán dáoine a ccionn a chéile, noch do stop na
toibreacha uile, agus anabhuinn do ghabh tré lár na tíre, gha rádh, cred
fa ttiucfaidís Rígthe na Hassíria agus iomad uisge dfagháil?


L. 2Cr32:5


Agus do neartuigh sé é féin, agus do chuir sé súas an balla uile dobhí
briste, agus do thógh súas é go nuige na tuir, agus balla oile táobh
amuigh, agus do leasuigh sé Millo a ccathruigh Dháibhi, agus dorinne sé
gaéthe agus scíatha go lór.


L. 2Cr32:6


Agus do chuir sé caiptínigh cogaidh ós cionn an phobail, agus do chruinnigh
ós cionn an phobail, agus do chruinnigh chuige íad a bhfarradh a chéile a
sráid geata na caithreach, agus do labhair go meisneamhuil riú, ga rádh,


L. 2Cr32:7


Bíthi láidir curata, ná bíodh eagla nó anbhúain oruibh Rígh na Hassíria,
ar son a bhfuil diomad slóigh aige: óir is mó atá linne ná leis.


L. 2Cr32:8


Lámh fhéola atá leission, acht atá ar Ttighearna Día linne chum cuidiughadh
linn, agus do throid ar ccath. Agus do sheasadar an pobal air bhríathruibh
Heseciah Rígh Iúdah.


L. 2Cr32:9


Na dhiaigh so do chuir Sennacheribh Rígh na Hassíria a sheirbhísigh go
Hierusalem (acht dobhí féin a bhfoslungphort re haghaidh Lachis, agus a
chumhachta uile na fhochair) go Heseciah Rígh Iúdah, agus a raibh ann
Ierusalem do Iúdah uile, gha rádh,


L. 2Cr32:10


Is marso adeir Sennacherib Rígh na Hassíria; créd iona bhfuil
bhur ndóigh as a bhfantáoi a ndaingion Ierusalem?


L. 2Cr32:11


Nach bhfuil Heseciah dá chur dfhiachaibh oruibh féin do thabhairt don
bhás, lé gorta agus lé tart, gha rádh, sáorfuidh ar TTighearna Día sinn
amach as láimh Rígh na Hassíria?


L. 2Cr32:12


Nachar chuir an Heseciah cédnasin a áite árda agus a altóra, ar ccúl,
agus nachar fhúagair do Iúdah agus do Ierusalem ga rádh, adhorthaói as
coinne áon altóra amháin, agus loisgfidhe túis uirre?


L. 2Cr32:13


Nach bhfuil a fhios aguibhsi cred dorinne misi agus maithreacha re huile
dháoine chríoch oile? ar fhédadar deé chineadhach na ccríoch sin ar mhodh
ar bith a bhfearuinn do sháoradh as mo láimhse?


L. 2Cr32:14


Cia hé measc dée na ccríoch sin uile, noch do léirsgrios maithresi, dféd
a dhaoine do sháoradh as mo láimsi, as a mbiadh bhur Ndíasa cumasach ar
shibhsi do shaoradh óm láimh?


L. 2Cr32:15


Anois ar anadhbharsin ná mealladh Heseciah shibh, agus ná bulóga sé
sibh air an modhso, agus fós ná creidigh é: óir ní raibh áondía chríche ná
rioghachda air bith cumasach ar a dhaoinibh do shaoradh óm láimhsi, agus ó
láimh maithreadh; nach lughe go mór ná sin fhédus bhur Ndíaso sibhsi do
sháoradh as mo láimh?


L. 2Cr32:16


Agus do labhradar a sherbhísisgh fós tuilleamh anaghaidh a sheirbhísigh
Heseciah.


L. 2Cr32:17


Do scríobh sé litreacha mar an ccédna do cháineadh an Tighearna Día
Israel, agus do labhairt iona aghaidh, gha rádh, mar nár sháoradar deé na
ccrioch oile a ndáoine as mo láihsi, is marsin nach sáorfuidh Día
Heseciah a dhaoine as mo láimh.


L. 2Cr32:18


Annsin déigheadar do ghuth árd annsa teanguidh lúduidhe ar mhuintir
Ierusalem dobhí ar an mballa, do chur eagla orra, agus dá mbuaidhreadh,
chor go ngébhaidís an chathair.


L. 2Cr32:19


Agus do labhradar anaghaidh Dé Ierusalem, amhuil do laibheoraidís
anaghaidh deé dhaoine na talmhan, noch dob abair lámh duine.


L. 2Cr32:20


Ar anadhbharso do ghuidh agus do éigh Heseciah an Rígh, agus an fáigh
Isaiah, mhac Amos chum nimhe


L. 2Cr32:21


Agus do chuir an Tighearna aingeal uadh, noch do gherr amach na fir chalma
uile agus cinn feadhna, agus na caiptínigh annsa bhfoslongphort ag Rígh na
Hassíria: mar sin dfill sé re háire air a édan dá dhúthaigh féin. Agus
anuáir tháinic sé go tigh a dhé, an luchd tháinic amach as a
innighibhféin do mharbhadar annsin é leis an ccloidheamh.


L. 2Cr32:22


Marso do chumhduigh an Tighearna Heseciah agus muintir Ierusalem ó
láimh Shennacherib Rígh na Hassíria agus ó láimh anuile dhuine oile ,
agus do thréoruigh sé íad áid air gach uile thaobh.


L. 2Cr32:23


Agus thugadar mórán daóine tiodhlaice chum an Tighearna go Hierusalem,
agus preasantadha go Heseciah Rígh Iúdah: iondus gur méuduigheadh é a
radharc gach uile chríche ó shin amach.


L. 2Cr32:24


Annsna laéthibh sin dobhí Heseciah tinn chum bháis, agus do ghuidh
sé chum an Tighearna, agus do labhair sé ris, agus thug sé comhartha
dhó.


L. 2Cr32:25


Acht níor chruthuigh Heseciah arís do réir na maitheasa dorinneadh dhó,
acht do tógbhadh a chroidhe suas: uime-sin tháinic dioghaltas air, agus air
Iúdah, agus air Ierusalem.


L. 2Cr32:26


Thairis sin dumhluigh Heseciah é féin ar son uabhair a chroidhe (é féin
aráon agus muintir Ierusalem) iondus nach dtáinic dioghaltas Dé orra re
linn Heseciah.


L. 2Cr32:27


Agus dobhí iomarcaidh saidhbhris, agus onóra ag Heseciah: agus dorinne
sé stóruis dó féin chum airgid, agus cum óir, agus chum cloch mbúadha, agus
chum spiorradha, agus chum sciathadh, agus anuile short réud náluinn.


L. 2Cr32:28


Tighthe stóruis mar an ccédna chum bhisigh anarbha, agus anfiona, agus
na hola, agus stalladha donuile sórt beathach, agus máinreacha da
tréuduibh.


L. 2Cr32:29


Tuilleamh oile, dullmhuigh sé dhó féin caithreacha, agus selbha do
thréuduibh, agus dealbhuibhgo lór: óir thug Día iomarcaigh maóine dhó.


L. 2Cr32:30


Do stop an Teseciah cédnaso cúrsa uisge uachtarach Gihon, agus thug
díreach suas é re taobh chaithreach Dáibhi táobh shíar, agus dochuaidh
Heseciah ar a aghaidh iona oibreachuibh uile.


L. 2Cr32:31


Achtcheana a ttáobh theachtadh phrionnsadh na Baibilóine, noch do chuir
teachda chuige, dfhagháil sgéul aniongnuidh dorinneadh annsa tír, do
léig Día na leith féin é dá dhearbhadh, chor go mbeith fios anuile ní da
raibh iona chroidhe aige.


L. 2Cr32:32


Anois an chuid oile do ghníomhuibh Heseciah, agus a mhaith féuch
atáid scríobhtha a bhfis Isaiah an fáigh mac Amos, agus leabhar
Ríogh Iúdah agus Israel.


L. 2Cr32:33


Agus do choduil Heseciah agá aithribh, agus do adhlaiceadar é annsa túama
dob onóruigh ag macaibh Dháibhi: agus dorinne Iúdah uile, agus
áitreabhuigh Ierusalem onóir dhó anam a bháis: agus do ríoghuibh
Manasseh a mhac iona áit.


L. 2Cr33:1


Dobhí Mannaseh dhá bliadhuin déug daóis anuáir da thosuigh sé ríghe,
agus dobhí na Rígh cúig bhliadhna ar chaogadh ann Ierusalem.


L. 2Cr33:2


Agus dorinne sé ann ní dob olc a bhfiaghnuise an Tighearna, cosmhuil re
gráineamhlacht na ngeinteadh, noch do theilg an Tighearna amach roimhe
chloinn Israel.


L. 2Cr33:3


Oir do chuir sé súas arís na háite árda, noch do bhris Heseciah a athair
síos, agus do thóg sé altóra do Bhaalim, agus dorinne garráin: agus do
adhuir slúagh nimhe uile, agus dorinne serbhís dóibh.


L. 2Cr33:4


Mar an ccédna dorinne sé al-
tóra a ttigh an Tighearna, dá ndubhairt
an Tighearna, ann Ierusalem bhías mainm
go bráth.


L. 2Cr33:5


Agus dorinne sé altóra do shlúagh
nimhe uile a ndá chúirt thighe an Tighear-
na.


L. 2Cr33:6


Agus thug air a chloinn dul thríd
an tteine a ngleann mhic Hinnom: mar
an ccédna do ghéill sé daimsearuibh, a-
gus dfoghluim droigheacht, agus do
ghnáthuigheadh piseóga, agus dobhíodh
leannán síthe aige, agus luchd fáistine:
dorinne sé iomaircuidh uilc a radharc an
Tighearna dá chorrughadh chum feirge.


L. 2Cr33:7


Agus do chuir sé íomáigh oibrighthe
(an tiodhal dorinne sé féin) a ttigh
Dé, dá ndubhairt Día re Dáibhi, agus re
Solamh a mhac; annsa tighsi, agus ann
Ierusalem, noch do thogh mé ós treabhuibh
Israel uile, chuirfios misi mainm go
bráth.


L. 2Cr33:8


Ní mó áthrochas mé nísa mhó
cos Israel as a ndúithche, noch dórduigh
mé dá bhur naithribh; air eacht go ttiubraid-
ís da naire gach uile ní dar aithin mé dhíobh
do dhénamh, do réir an dlighe uile, agus
na reactha, agus na nórduighthe re láimh
Mháoise.


L. 2Cr33:9


Marsin thug Manasseh ar Iú-
dah agus ar mhuintir Ierusalem dul
air seachrán agus nios measa do dhénamh náid
na geinte, noch do sgrios an Tighearna
roimhe chloinn Israel.


L. 2Cr33:10


Agus do labhair an Tighearna re
Manasseh agus rena dháoinibh; acht
níorbháill leó toradh do thabhairt air.


L. 2Cr33:11


Uimesin thug an Tighearna orra
caiptínigh slóigh Rígh na Hassíria, noch
do ghabh Manasseh a measc na ndroighean,
agus do cheanguil aníarann cos é, agus
dorug leó é don Bhabilóin.


L. 2Cr33:12


Agus anuair dobhí sé a bprái-
dhinn, do ghuidh sé cum a Thighearna Día,
agus dumhluidh sé é féin go mór a lathair
Dé a aithreadh.


L. 2Cr33:13


Agus do ghuidh sé chuige, agus
do ghabh seision sin úadh, agus déist a
ghearán, agus thug arís go Hierusa-
lem é dá rioghachd: annsin dobhí a fhios
ag Manasseh gurbé an Tighearna a
Dhía.


L. 2Cr33:14


Anois na dhiaighso do chuir sé
balla táobh amuigh do chathruigh Dháibhi
fán ccuid shíar do Ghihon, annsa ghleann,
air fad go nuige póirse gheata anéisc,
agus thug timchiol Ophel é, agus
do thóg súas é go ro árd, agus do
chuir Caiptínigh cogaidh a ccaithreachaibh
daingne Iúdah uile.


L. 2Cr33:15


Agus do chuir na deé coimhighthea-
cha ar ccúl, agus an tiodhal as tigh an
Tighearna, agus na huile altóra dar
chuir sé súas a slíabh thighe an Tighearna
agus a Nierusalem, agus do theilg
amach as an ccathruigh íad.


L. 2Cr33:16


Agus do athnuaduigh sé altóir
an Tighearna; agus do íodhbuir sé ofrá-
la síothchána uirre, agus dfúagair do
Iúdah serbhís do dhénamh don Tighearna
Día Israel.


L. 2Cr33:17


Thairis sin donídís na dáoine
íodhbuirt a ccomhnuidh ann sna háitibh árda,
gidheadh is dá TTighearna Día amháin.


L. 2Cr33:18


Anois an chuid oile do ghníomhuibh
Mhanasseh, agus a ghuidhe chum a Dhé,
agus bríathra na bhfaicsionach do labhair
ris anainm an Tighearna Día Israel,
féuch atháid scríobhtha a leabhar Ríogh
Israel.


L. 2Cr33:19


A ghuidhe mar an ccédna, agus
mar do áontuigh Día dhó, agus a pheacaidh
uile, agus a choir, agus na hionuid
ar chuir sé súas na háite árda, agus ar
chuir súas garráin agus íomháighe grean-
ta suil do humhluigheadh é; féuch, atáid
scríobtha a measg ráiteadh na bhfaicsio-
nach.


L. 2Cr33:20


Annsin do choduil Manasseh
agá aithribh, agus do adhlaiceadar iona
thigh féin é, agus do ríoghuidh Ammon
a mhac iona áit.


L. 2Cr33:21


Dobhí Ammon dhá bhliadhuin
agus fithche dáois anuáir do thosuigh
sé a ríghe, agus dobhí na Rígh dhá bhlía-
dhuin ann Ierusalem.


L. 2Cr33:22


Acht dorinne sé an ní fa holc
a bhfiadhnuise an Tighearna, mar
dorinne Manasseh a athair; óir díodhbuir
Ammon donuile íomháigh ghreanta noch
dorinne a athair Manasseh.


L. 2Cr33:23


Agus níor umhluigh é féin a
lathair an Tighearna, mar dumhluigh Ma-
nasseh a athair é féin, acht do chiontuigh
Ammon nisa mhó, agus nísa mhó.


L. 2Cr33:24


Agus dfealladar a mhuintir air,
agus do mharbhadar é iona thigh féin.


L. 2Cr33:25


Acht do mharbhadar muinntir na
tíre an drung uile dorinne anfeall
anaghaidh an Rígh Ammon, agus
dorinneadar daóine na tíre Rígh do Iosiah
a mhac iona áit.


L. 2Cr34:1


Dobhí Iosiah ocht mblíadhna
daóis anuáir do thosuigh
sé a ríghe, agus dobhí na
Rígh bliadhuin air thríochad ann
Ierusalem.


L. 2Cr34:2


Agus dorinne sé an ní fa ceart
a radharc an Tighearna, agus do shiu-
bhail sé a slighthibh Dháibhi a athar, a-
gus níor chláon don láimh dheis nó chlé.


L. 2Cr34:3


Oír annsanochdmhadh blíadhuin dá
ríghe an feadh dobhí sé fós óg, do
tosuigh Día a athar Dáibhi díarruigh, a-
gus annsa dara blíadhuin dég do thos-
uigh ar Iúdah agus Ierusalem do
ghlanadh ó na háitibh árda, agus ó
na garránuibh, agus ó na híomháighibh
greanta, agus ó na híomháighthibh leagh-
tha.


L. 2Cr34:4


Agus do bhrisiodar síos al-
tóra Bhaalim iona fhiadhnuise, agus
do ghérr sé síos na híomháighe dobhí go
hárd ós a ccionn, agus do bhris na
mblodhuibh na híomháighe grábhálta, agus
leaghtha, agus dorinne sé luáithreadh
dhiobh, agus do leathnuigh é ar uáighibh
na druinge dorinne íodhbuirt dóibh.


L. 2Cr34:5


Agus do loisg sé cnámha na
sagart ar a naltóruibh, agus do ghlan
sé Iúdah agus Ierusalem.


L. 2Cr34:6


Agus dorinne sé marsin a ccai-
threachaibh Mhanasseh, agus Ephraim,
agus Shimeoin, eadhon go nuige Naph-
tali le na matoguidh timchioll faccúairt.


L. 2Cr34:7


Agus anuáir do bhris sé síos
na haltóra agus na garráin, agus
anuáir do bhrúigh sé na híomháighe
ar feadh chríche Israel, dfill sé go Hie-
rusalem.


L. 2Cr34:8


Anois annsanoctmhadh blíadhuin
dég dá ríghe, anuair do ghlan sé an
tír agus an tigh, do chuir sé Saphan
mhac Asaliah, agus Maaseiah riagh-
luightheóir na caithreach, agus Ioah
mhac Ioahas an cuimhnightheóir, do
leasughadh thighe a Thighearna Dé.


L. 2Cr34:9


Agus anuair thangadar go Hil-
ciah an tárdshagart do sheachadar dhó
an tairgiod tugadh go tigh an Tighear-
na, noch do chruinnigheadar na Lebhítigh
do choimhédadh na doirse, as láimh Mha-
nasseh, agus Ephraim, agus ar mhair
Disrael uile, agus do Iúdah, agus
do Bheniamin, agus dfilleadar go Hie-
rusalem.


L. 2Cr34:10


Agus do chuireadar a láimh an
luchd oibre é, agá raibh úachdaránachd thighe
an Tighearna, agus chugadar é don
luchd oibre do sháothruigh a ttigh an
Tighearna do chur súas, agus do dheasu-
ghadh an tighe:


L. 2Cr34:11


Eadhon don lucht ceirde, agus
do na sáoruibh thugadar é do cheannach
chloch shnoighte, agus adhmuid chum cúp-
ladh, agus do chur thaobhán ar na tigh-
thibh, noch do sgriosadar Ríghthe Iú-
dah.


L. 2Cr34:12


Agus dorinneadar na daóine
anobair go fírinneach: agus isíad do
bhí ós a ccionn, Iahat, agus Obadiah,
na Lebhitigh do chloinn Mherári; agus
Sechariah, agus Messullam, do
mhacaibh na CCohatíteach, dá brostu-
ghad ar a haghaidh: agus cuid
eile do na Lebhítibh anuile dhuine agá
raibh éolus a ccéol.


L. 2Cr34:13


Mar an ccédna dobhádar ós
cionn luchda iomchuir na núalach, agus an
lucht feithmhe ar anuile dhuine dobhí ag
oibriughadh annsanobair a serbhís ar
bith, agus is do na Lebhítibh dobhádar
scribhneóirigh, agus oifigidh, agus
doirséoirigh.


L. 2Cr34:14


Agus anuair thugadar amach an
tairgiod dorugadh asteach go tigh an Ti-
ghearna, fúair Hilciah an sagart lea-
bhar dlighe an Tighearna thug Máoise
úadh.


L. 2Cr34:15


Agus do fhreagair Hilciah, agus
adubhairt sé re Saphan an scribhneóir,
fuáir mé leabar an dlighe a ttigh an Tigh-
earna: agus thug Hilciah an leabhar do
Shaphan.


L. 2Cr34:16


Agus rug Saphan an leabhar
gus an Rígh, agus thug freagra chum an
rígh air ais, gach aoinní dar tháobh tú red
sherbhíseachaibh atáid dá dhénamh.


L. 2Cr34:17


Agus do chruinnigheadar a ccionn
a chéile an tairgiod fríth a ttigh an Ti-
ghearna, agus thugadar a laímh na
bhfeithmheoirigh agus a láimh an luchda
oibhre é.


L. 2Cr34:18


Annsin dinnis Saphan an scribh-
neóir don Rígh, dha rádh, thug Hilciah an
Sagart leabhar dhamh: agus do léigh Sa-
phan é a bhfiadhnuisi an Rígh.


L. 2Cr34:19


Agus tárla anuáir dochúala
an Rígh bríathra an dlighe, agus bhris sé
a édach.


L. 2Cr34:20


Agus dfúagair an Rígh do Hil-
ciah, agus do Ahicam mhac Saphan,
agus do Abdon mhac Mícah, agus do
Shaphan an Scribhneóir, agus do Asa-
iah serbhíseach an Rígh, dha rádh,


L. 2Cr34:21


Eirgidhe, agus fíafruighidh don
Tighearna ar mo shonsa agus ar son an
mhéid do fágbhadh Disrael, agus do
Iúdah a ttaobh bhríathar an leabhair, noch do
fríth: óir is mór fearg an Tigherna noch
do dóirteadh amach oruinn, do bhrígh nar
choimhédadar ar naithre brínaithar an
Tighearna, do dhénamh do réir a bhfuil
scríobhtha san leabharso.


L. 2Cr34:22


Agus dimthigh Hilciah, agus
an lucht dórduigh an Rígh go Huldah an
bhanfháigh, bean Shallum mhic Ticbhat mhic
Hasrah coimhéduigh na néduighe, (is
a Nierusalem annsa cholaiste dobhí sí na
comhnuigh) agus do labhradar ría ar
an modhsin.


L. 2Cr34:23


Agus do fhreagair sisi íad, is
marso adeir an Tighearna Día Israel,
innisigh don duine do chuir chugamso
sibh,


L. 2Cr34:24


Is marso adeir an Tighearna,
féuch dobhéra mé olc ar anáitse, agus
ar a dáoinibh, eadhon a bhfuil do mhallachduibh
scríobhtha san leabhar, noch do léigheadar
a bhfiaghnuise Righ Iúdah:


L. 2Cr34:25


Do bhrígh ghur thréigheadar mé,
agus gur loisgeadar túis do dheéibh oile,
le a ccuirfidís fearg ormsa re uile
sháothar lámh; uimesin dóirtfighthear mo
dhioghaltas amach ar anáitsi, agus ní
múchfuighthear í.


L. 2Cr34:26


Achd ar son Rígh Iúdah, noch do
chuir sibhsi dfíafruighe don Tighearna, is
marso adérthaói ris, is marso adeir
an Tighearna Día Israel, a ttáobh na
mbríathar dochúala tú,


L. 2Cr34:27


Do brígh go raibh tú sóchroidheach,
agus gur umhluigh tú thú féin a bhfiadhnui-
se Dé anuáir dochúala tú a bhríathra
anaghaidh na háitesi, agus anaghaidh
a dháoine, agus gur ísligh tú thú féin
am lathairsi, agus gur réub tú hédach,
agus gur ghuil tú am lathair, dochúala
misi thú mar an gcédna, arsa an Tigh-
earna.


L. 2Cr34:28


Féuch, cruinneochuidh mé thú chum
haithreachaibh, agus adhlochar ad uáighe
thú maille re síothcháin, agus ní fhaic-
fid do shúile anuile olc dobhéras mé
ar anáitse, agus ar a háitreabhachaibh.
Marsin thugadar freagra arís chum
an Rígh.


L. 2Cr34:29


Annsin do chuir an Rígh teachta
úadh, agus do chruinnigh sé a ccionn a
chéile sinnsir Iúdah agus Ierusalem
uile.


L. 2Cr34:30


Agus dochuáidh an Rígh súas
go tigh an Tighearna, agus fir Iúdah
uile, agus muintir Ierusalem, agus
na Sagairt, agus na Lebhítigh, agus
an pobal uile mór agus beagh, agus do
léigh sé iona cclúasaibh briathra leabhair an
chunnartha uile, noch dofríth a ttigh
an Tighearna.


L. 2Cr34:31


Agus do sheas an Rígh iona áit,
agus dorinne sé cunnradh a lathair an Ti-
ghearna, siubhal a ndiáigh an Tighearna,
agus a aitheanta do choimhéd, agus a
fhiadhnuiseadh, agus a reachda, maille re
na uile chroidhe, agus re na uile anum,
do choimhlíonadh ann chunnartha atá scríobh-
tha san leabharsa.


L. 2Cr34:32


Agus thug sé air an méid dobhí
a lathair ann Ierusalem agus ar Bhenia-
min seasamh air sin: agus dorinneadar
muintir Ierusalem do réir chunnartha Dé,
Día a naithreadh.


L. 2Cr34:33


Agus do chuir Iosiah ar ccúl anuile
ghráineamhlachd as na huile chríochuibh do
bhean re cloinn Israel, agus dothug air an
méid dobhí a lathair Dísrael foghnamh,
eadon foghnamh da TTighearna Día: agus
air feadh a bheathas an níor sgaradar re
leanmhuin an Tighearna Día a naithreadh.


L. 2Cr35:1


Tuilleamh eile fós, do choi-
mhéid Iosiah Cáisg don Ti-
ghearna ann Ierusalem: agus
do mharbhadar an Cháisg
ar an cceathramhadh lá déug don chédmhí.


L. 2Cr35:2


Agus do chuir sé na sagairt iona
ccúramuibh, agus thug meisneach dhóibh
chum serbhíse thighe an Tighearna.


L. 2Cr35:3


Agus adubhairt sé ris na Lebhítibh do
theagaisg Israel uile, noch dobhí náomh-
tha don Tighearna, Cuiridh aNáirc náomhtha
annsa tigh noch dorinne Solamh mhach Dáibhi
Rígh Israel; ní bhiaidh na úalach air bhur
ngúaillibh: foghnuidh anois don Tighea-
rna bhur Ndía, agus dá phobal Is-
rael.


L. 2Cr35:4


Agus ullmhuighidh sibh féin do
réir thighe bhur naithreadh do réir bhur
ccúrsadh, mar do scríobh Dáibhi
Rígh Israel, agus do réir scríbhinn
a mhic Solamh.


L. 2Cr35:5


Agus seasuidh annsanáit náomhtha
do réir ronna mhuintear aithreadh bhur ndear-
bhráithreach an pobal, agus do réir ronna
mhuintear na Lebhíteach.


L. 2Cr35:6


Marsin marbhuidh an Cháisg, agus
náomhuidh sibh féin, agus ullmhuighidh bhur
ndearbhráithre, chor go ndénuid do réir
bhréithre an Tighearna tre láimh Mháoi-
se.


L. 2Cr35:7


Agus thug Iosaiah don phobal do
na tréuduibh uáin agus meannáin, íad
uile chum ofrála na Cásg, ar son a
raibh a lathair, go nuibhir thríochad míle
agus trí mhíle damh: do mháoin an Rígh
féin íad so.


L. 2Cr35:8


Agus thugadar na prionnsadha go
toileamhuil don phobal, do na sagartuibh,
agus do na Lebhitibh: Hilciah agus Se-
chariah, agus Iehiel, úachdaráin thighe
Dé, thugadar do na sagartaibh chum
ofrála na Cásg dhá mhíle, agus sé
céd (do mhionáirnéis) agus trí chéd
damh.


L. 2Cr35:9


Thug Conaniah mar an ccédna,
agus Semaiah, agus Netaneel a dhear-
bhráithre, agus Hassabiah, agus Ie-
hiel, agus Iossabad, ceann na Lebhítheach,
do na Lebítibh chum ofrálach na Cásg
cúig mhíle do mhionáirnéis, agus cúig
céd damh.


L. 2Cr35:10


Mar so do gléusadh an tseir-
bhís, agus do seasadar na sagairt iona
náitibh, agus na Lebhítigh iona ccúr-
sadhuibh do réir aithne an Rígh.


L. 2Cr35:11


Agus do mharbhadar an Cháisg,
agus do chroitheadar na sagairt (a
nfuil) rena lámhuibh, agus dfeanna-
dar na Lebhítigh íad.


L. 2Cr35:12


Agus do áthruigheadar na hofrá-
la loisge, chór go ttiubhraidís úatha
do réir ronna mhuinteara an phobail, chum
ofrála don Tighearna, mar atá scríobh-
tha a leabhar Mháoise: agus is marsin
dorinneadar ris na damhuibh.


L. 2Cr35:13


Agus do róstadar an Cháisg
le teine, do réir anórduighthe: acht
do bhruitheadar na hofrála náomhtha uile
a bpotuibh agus a ccoirighibh, agus
anoighnibh, agus do roinneadar íad go
luáth eidir an bpobal uile.


L. 2Cr35:14


Agus na dhiáigh sin do dheasuighea-
dar dhóibh féin agus do na sagartuibh:
do bhrígh go rabhadar na sagairt mic Aá-
ron a ttimchioll íodhbartha na nofrálach
loisge, agus an mhéthuis gus anoidh-
che; uimesin do ghléusadar na Lebhítigh
dhóibh féin agus do na sagarttuibh mic
Aáron.


L. 2Cr35:15


Agus dobhádar na caintuireadha
mic Asaph iona náit do réir aithne
Dháibhi, agus Asaph, agus Héman,
agus Iedutun féuchadóir an Rígh: agus
na doirséoirigh (ag feitheamh) ag gach
éngheata, níorbhféidir leó a serbhís
dfágbháil; óir do dheasuigheadar a ndear-
bhráithre na Lebhitigh dhóibh.


L. 2Cr35:16


Marsin do glésadh serbhís an
Tighearna uile an lá sin féin do choimhéd na
Cásg, agus dofráil íodhbartha loisge
ar altóir an Tighearna, do réir aithne
an Rígh Iosiah.


L. 2Cr35:17


Agus do choimhéid clann Israel
a raibh a lathair dhíobh fan namsin an
Cháisg, agus fésta anaraín gan loi-
bhín secht lá.


L. 2Cr35:18


Agus níor coimhédadh a leitheid
sin do Cháisg ann Israel ó aimsir Sha-
muel an Fáigh, ní mó do choimhédadar
Ríghthe Israel uile a leitheid dfésta,
mar do choimhéd Iosiah, agus na sa-
gairt, agus na Lebhítigh, agus Iúdah
agus Israel uile dobhí a lathair, agus
áitreabhuigh Ierusalem.


L. 2Cr35:19


Annsanochtmhadh blíadhain dég
do ríghe Iosiah do coimhédadh an
Cháisgsi.


L. 2Cr35:20


Na dhiáigh so uile anuair do ghléus
Iosiah an teampall, tháinic Necho Rígh
na Hégipte aníos do throid anaghaidh
Carchemis ré táobh Euphrátes; agus
dochuaidh Iosiah amach iona aghaidh.


L. 2Cr35:21


Acht do chuir seision teachta
chuige gha rádh, cred é mimtheachdsa ort a
Rígh Iúdah? ní a tagaidh tháinic mé san
lósa, acht anaghaidh an tighe re bhfuilim
a ccogadh: óir do aithin Día dhíomh deith-
bhir do dhénamh: seachuinsi búain re Día,
noch atá liomsa, deagla so scriosfadh
sé thú.


L. 2Cr35:22


Thairis sin níorbháill le Iosiah a
aghaidh dompógh úadh, acht do chuir é feín
a natharach crotha, chor go ttroidfeadh
ris, agus níor éist ré bríathruibh Ne-
cho ó bhéul Dé, agus tháinic do throid
a ngleann Megiddo.


L. 2Cr35:23


Agus do chaitheadar na soigh-
deóirigh an Rígh Iosiah; agus adubhairt
an Rígh rena shearbhfoghantuibh, beiridh
libh mé, óir atáim loitigh go trom.


L. 2Cr35:24


Uimesin do thógbhadar a sherbhí-
sigh as an ccarbad sin é, agus do
chuireadar é annsa dara carbad dobhí
aige, agus thugadar go Ierusalem é,
agus déug sé, agus do hadhlaiceadh é
anaon do thúamuibh a aithreadh: agus do
bhí cumhadh ar Iúdah uile, agus ar Ieru-
salem um Iosiah.


L. 2Cr35:25


Agus dobhí doilghios ar Iere-
miah tre Iosiah, agus do labhradar
na fir cheóil uile agus na mná ceóil ar
Iosiah iona ccáointibh gus aniugh,
agus dorinneadar órdughadh orra ann
Israel: agus féuch atáid scríobhtha
annsna cumhthuibh.


L. 2Cr35:26


Anois an chuid oile do ghníomhuibh
Iosiah, agus a mhaith do réir an
neithe do scríobadh a ndligheadh an Ti-
ghearna,


L. 2Cr35:27


Agus a ghníomha tosach agus
deighionach, féuch atáid scríobhtha a
leabhar Ríogh Israel agus Iúdah.


L. 2Cr36:1


An sin do ghlacadar muintir
na tíre Iehoahas mhac Io-
siah, agus dorinneadar
Rígh dhe anáit a athar ann
Ierusalem.


L. 2Cr36:2


Dobhí Iehoahas trí blíadhna fith-
chiod dáois anúair do thosuigh sé a ríghe,
agus dobhí na Rígh trí mhí an Ieru-
salem.


L. 2Cr36:3


Agus do chuir Rígh na Hégipte
síos é ann Ierusalem, agus do dháor
sé an tír a ccéd tallann airgid, agus
a ttallann óir.


L. 2Cr36:4


Agus dorinne Rígh na Hégipte
Rígh dha dhearbhráthair Eliacim ós cionn Iú-
dah agus Ierusalem, agus do áthruigh
Iehoiacim dainm air. Agus do ghabh
Necho Iehoahas a dhearbhrathair, agus
rug don Négipte é.


L. 2Cr36:5


Dobhí Iehoiacim cúig bhlíadhna fith-
chiod dáois anúair do thosuigh sé a ríghe,
agus dobhí na Rígh énbhlíadhuin dég ann
Ierusalem: agus dorinne sé go holc
a radharc a Thighearna Dé.


L. 2Cr36:6


Tháinic Nebuchadnessar Rígh na
Babilóine súas na aghaidh, agus do
cheangail a níarann é dá bhreith don
Bhabilóin.


L. 2Cr36:7


Agus rug Nebuchadnessar leis
do shoithighibh thighe an Tighearna don Bha-
bilóin, agus do chuir iona theampall féin
san Bhabilóin íad.


L. 2Cr36:8


Anois an chuid oile do ghníomhuibh
Iehoiacim, agus a ghráineamhlachda, noch
dorinne sé, agus dofríth ann, féuch
atáid scríobhtha a leabhar Ríogh Israel
agus Iúdah: agus do ríoghuidh Ieho-
iachin a mhac iona áit.


L. 2Cr36:9


Dobhí Iehoiachin ocht mblíadhna
dáois anuáir do thosuigh a sé a rí-
ghe, agus dobhí na Rígh trí mhí agus
deich lá ann Ierusalem, agus dorinne
sé an ní dob olc a bhfíadhnuise an Ti-
ghearna.


L. 2Cr36:10


Agus anuáir do caitheadh an
bhlíadhuin, do chuir an Rígh Nebuchad-
nessar teachta uadh, agus rug don
Bhabilóin é maille re soighthighbh breágha
thighe an Tighearna, agus dorinne sé
Ríg do Shedeciah a dhearbhráthair ós
cionn Iúdah agus Ierusalem.


L. 2Cr36:11


Dobhí Sedeciah blíadhuin agus
fithche dáois anuair do thosuigh sé a
ríghe, agus dobhí na Rígh éinbhlíadhuin
déug ann Ierusalem.


L. 2Cr36:12


Agus dorinne sé an ní dob olc
a bhfiadhnuise a Thighearna Dé, agus
níor umhluigh sé é féin a lathair Ieremiah
an fáigh ag labhairt ó bhéul Dé.


L. 2Cr36:13


Agus dorinne sé fós ceannairg a
anaghaidh Nebuchadnessar, noch do
bhean Día mar mhionnuibh dhe: acht do ríghn-
idh seision a mhuinéul, agus do chrua-
dhuigh sé a chroidhe ó iompógh chum an
Tighearna Día Israel.


L. 2Cr36:14


Tuilleamh oile fós, do pheachui-
gheadar na hárdshagairt uile, agus an
pobal go romhór, do réir uile ghráineamh-
lachda na ngeinteadh, agus do thrúaillea-
dar tigh an Tighearna noch do náomhuigh
sé ann Ierusalem.


L. 2Cr36:15


Agus do chuir an Tighearna Día
a naithreadh scéula chuca rena theachtairighibh
ag éirghe go moch, agus agá ccur ar
siubhal, do bhrígh go raibh trúaighe aige
dhá dháoinibh agus da áit chomhnuidhe.


L. 2Cr36:16


Acht dorinneadar magadh fa
theachtuibh Dé, agus do tharcuisnighea-
dar a bhríathra, agus do easonórui-
gheadar a fháighe, nó gur éirigh
fhearg an Tighearna rena phobal, ionnus
nach raibh a bhfóirithin ann.


L. 2Cr36:17


Ar anadhbharsin thug sé orra
Rígh na Caldea, noch do mharbh a
ndáoine óga leis an ccloidheamh a ttigh a
Sanctóra, agus ní ráibh trúaighe ai-
ge do dhuine óg, nó do mhaighdin,
dfiór fhoirfe nó don tí do crom le
háois: thug sé iona láimh uile
íad.


L. 2Cr36:18


Agus uile shoighthighe thighe
an Tighearna, mór agus beag, agus
ionnmhus thighe an Tighearna, agus
ionnmhus an Rígh, agus a phrionnsadha:
rug sé íadso uile don Bhabhilóin.


L. 2Cr36:19


Agus do loisgeadar tigh
Dé, agus do bhriseadar síos balladha
Ierusalem, agus do loisgeadar a
phaláis uile lé teine, agus do mhillea-
dar a raibh do shoithighibh maithe
ann.


L. 2Cr36:20


Agus an mhéid do imthigh ón
ccloidheamh rug sé leis íad don Bhabi-
loín mar a rabhadar na serbhíseachaibh
aigesion agus agá mhacaibh, go ríghe
Rígh na Persia:


L. 2Cr36:21


Do choimhlíonadh bréithre an Ti-
ghearna a mbéul Ieremiah, nó go
ccomhnuigheadh an tír ann Sáboidigh: oír ar
fad dobhí sí huaigneach, do choimhéid sí
Sábóid, do choimhlíonadh dheich mblíadhan
agus trí fithchid.


L. 2Cr36:22


Anois annsa chéidbhliadhuin do
Chírus Rígh na Persia, (chor go
ccoimhlíontaoi briathar an Tighearna do
labhradh re béul Ieremiah) do
chorruigh an Tighearna súas spio-
rad Chírus Rígh na Persia, go
ttug fuagra uadh air feadh a rioghach-
ta, agus do chuir sin a scríbhinn fós
gha rádh,


L. 2Cr36:23


Is marso adeir Círus Rígh
na Persia; thug an Tighearna
Día nimhe uile rioghachta na talmhan
damhsa, agus do chuir do chúram orm
tigh do dhénamh dhó ann Ierusalem, noch
atá ann Iúdah, Cía tá bhur measc da
dhaoinibh uile? go raibh a Thighearna
Día maille ris, agus imthigheadh sé
suás.


L. Ez



LEABHAR ESRA


L. Ez1:1


Anois annsa chédbhlíadhain do
Chírus Rígh na Persia
(chor go ccoimhlíontaoi
bríathar an Tighearna le
béul Ieremiah) do chorruigh an Ti-
ghearna súas spiorad Chírus Rígh na
Persia, go ttug fúagra ar feadh a
rioghachta, agus gur chuir fós a
scríbhinn é, gha rádh,


L. Ez1:2


Is marso adeir Círus Rígh na
Persia, thug an Tighearna Día nimhe
dhamhsa uile rioghachta na talmhan, agus
do chuir sé do chúram orm tigh do dhénamh
dhó ann Ierusalem, noch atá an Iú-
dah.


L. Ez1:3


Cía atá eadruibhse uile dá dháoi-
nibh? biodh a Dhía maille ris, agus im-
thigeadh sé súas go Ierusalem, noch
atá ann Iúdah, agus cuireadh sé súas
tigh an Tighearna Día Israel (isé sin
an Día) noch atá an Ierusalem.


L. Ez1:4


Agus gidhbé ar bith chomhnuighios
anaonbhall mar a bhfuil sé air
cúairt, tugáidís daóine cungnamh
dhó a nairgiod agus a nór, agus
a maoin, agus a nainmhintibh táobh
amuigh donofráil áontadhuigh chum tighe
Dé atá ann Ierusalem.


L. Ez1:5


Annsin déirgheadar roighne aitreadh
Iúdah, agus Bheniamin na seasamh,
agus na sagairt agus na Lebhitigh, mail-
le ris anuile dhuine dar thóg Día a
spiorad do dhul súas do dhénamh tighe an
Tighearna atá ann Ierusalem.


L. Ez1:6


Agus an mhéid dobhí gacha táobha
dhíobh, thugadar cungnamh dhóibh do shoithi-
ghibh, dairgiod, agus dór, agus do
mhaoin, agus dáirnéis, agus do
neithibh mórlúaigh, táobh amuigh
donuile ní dar tiodhlaiceadh go toilea-
mhuil.


L. Ez1:7


Mar an ccédna thug Círus an
Rígh amach soithighe thighe an Tighearna,
noch thug Nebuchadnessar amach as
Ierusalem, agus do chuir sé a ttigh a
dhé:


L. Ez1:8


Iad sin féin thug Círus Rígh na
Persia amach le láimh Mhitredat an
tresiner, agus do áirimh sé íad chum
Sesbassar prionnsa Iúdah.


L. Ez1:9


Agus isí so a nuibhir: tríochad
mías óir, míle mías airgid, náoi
sceana fithchiod,


L. Ez1:10


Tríochad báisín óir, báisínigh air-
gid don dara sórt ceithre chéud agus
a deich, agus do shoithighibh oile
míle.


L. Ez1:11


Na soithighe uile dór agus dair-
giod bá cúig mhíle agus ceithre chéud
íad: thug Sesbassar íadso uile leis
suas maille ris na braighdibh, noch
rugadh súas ón Bhabilóin go Hieru-
salem.


L. Ez2:1


Anois is íad so clann na tí-
resin, dochúaidh súas as
an dáoirsine, don luchd do ru-
gadh innte, noch rug Nebuch-
adnessar Rígh na Babilóine leis don
Bhabilóin, agus tháinic arís go Hie-
rusalem agus Iúdah, gach uile dhuine
dha chathruigh féin;


L. Ez2:2


Noch tháinic le Serubbabel; Ies-
sua, Nehemiah, Saraiah, Reelaiah,
Mordecai, Bilsan, Mispar, Bigbhai,
Rehum, Baanah. Uibhir dhaóine phobuil
Israel.


L. Ez2:3


Clann Pharos, dhá mhíle seachtmho-
ghad agus días.


L. Ez2:4


Clann Shephatiah, trí chéd seacht-
mhoghad agus días.


L. Ez2:5


Clann Arah, seachd ccéd seachtmho-
ghad agus cúigear.


L. Ez2:6


Clann Phahat Moab, do shliochd
Iessua agus Ioab, dhá mhíle ocht ccéd
agus dá fhear dhég.


L. Ez2:7


Clann Elam, míle dhá chéd cáogad
agus ceathrar.


L. Ez2:8


Clann Shattu, naoi ccéd ceathra-
chad agus cúigear.


L. Ez2:9


Clann Shaccai, seacht ccéd agus
trí fithchid.


L. Ez2:10


Clann Bhani, sé chéd ceathrachad
agus días.


L. Ez2:11


Clann Bhebai, sé chéd fithche a-
gus tríur.


L. Ez2:12


Clann Asgad, míle dhá chéd fithche
agus días.


L. Ez2:13


Clann Adonicam, sé chéd trí
fithchid agus seisior.


L. Ez2:14


Clann Bhigbhai, dhá mhíle cáo-
gad agus seisior.


L. Ez2:15


Clann Adin, ceithre chéd cháogad
agus ceathrar.


L. Ez2:16


Clann Ater ó Heseciah, nó-
chad agus a hocht.


L. Ez2:17


Clann Bhesai, trí chéd fithche
agus tríur.


L. Ez2:18


Clann Iósah, céd agus dhá fhear
dhéug.


L. Ez2:19


Clann Hassum, dhá chéud agus
triúr air fhithchit.


L. Ez2:20


Clann Ghibbar, nóchad agus
cúigear.


L. Ez2:21


Clann Bhet-lehem, céud agus
triúr air fhithchit.


L. Ez2:22


Clann Netophah, cáogad agus
seisear


L. Ez2:23


Fir Anotot, céd agus a hocht
fithchiot.


L. Ez2:24


Clann Asmabhet, ceathrachad a-
gus días.


L. Ez2:25


Clann Chiriat-arim, Chephi-
rah, agus Bheerot, seacht ccéd a-
gus ceathrachad agus triúr.


L. Ez2:26


Clann Ramah agus Ghaba, sé
chéd agus a háon fithchiot.


L. Ez2:27


Fir Mhichmas, céud agus días
air fhithchit.


L. Ez2:28


Fir Bhet-el agus Ai, dhá chéud
agus triúr air fhithchit.


L. Ez2:29


Clann Nebo, cáogad agus
días.


L. Ez2:30


Clann Mhagbis, céd cáogad a-
gus seisear.


L. Ez2:31


Clann an Elam oile, míle dhá
chéud cáogad, agus ceathrar.


L. Ez2:32


Clann Harim, trí chéud agus
fithche.


L. Ez2:33


Clann Lod, Hadid, agus Ono,
seacht ccéd fithche agus cúigear.


L. Ez2:34


Clann Iericho, trí chéud ceath-
rachad agus cúigear.


L. Ez2:35


Clann Shenaah, trí mhíle sé chéd
agus tríochad.


L. Ez2:36


Na sagairt: clann Iedaiah
do thigh Iessua, naói ccéd seachtmhoghad
agus triúr.


L. Ez2:37


Clann Immer míle cáogad a-
gus días.


L. Ez2:38


Clann Phassur, míle dhá chéd
ceathrachad agus móirsheisear.


L. Ez2:39


Clann Harim, míle agus seacht
bhfir dhéag.


L. Ez2:40


Na Lebhitigh: clann Iessua, a-
gus Chadmiel, do chloinn Hodabhiah, seacht-
mhoghad agus ceathrar.


L. Ez2:41


An lucht ceóil: clann Asaph,
céd agus ochtar air fhithchit.


L. Ez2:42


Clann na ndoirseóirighe, clann
Shallum, clann Ater, clann Thalmon,
clann Accub, clann Hatita, clann Sho-
bai, íad uile céd agus náonmhar air
thríochad.


L. Ez2:43


Na Netinimigh: clann Hasupha,
clann Thabbaot,


L. Ez2:44


Clann Cheros, clann Shiaha, clann
Phadon,


L. Ez2:45


Clann Lebanah, clann Hagab-
bah, clann Accub,


L. Ez2:46


Clann Hagab, clann Shalmai,
clann Hanan,


L. Ez2:47


Clann Ghiddel, clann Ghahar,
clann Reaiah,


L. Ez2:48


Clann Resin, clann Necoda,
clann Ghassam.


L. Ez2:49


Clann Ussa, clann Phaseah,
clann Bhesai,


L. Ez2:50


Clann Asnah, clann Mehunim,
clann Nephusim,


L. Ez2:51


Clann, Bhacbuc, clann Hacu-
pah, clann Harhur,


L. Ez2:52


Clann Bhaslut, clann Mehida,
clann Harsa,


L. Ez2:53


Clann Bharcos, clann Shisera,
clann Thamah,


L. Ez2:54


Clann Nesiah, clann Hatipha.


L. Ez2:55


Clann sherbhíseach Sholaimh: clann
Shotai, clann Shopheret, clann Phe-
ruda,


L. Ez2:56


Clann Iaalah, clann Darcon,
clann Ghiddel,


L. Ez2:57


Clann Shephatiah, clann Hat-
til, clann Phoheret ó Shebaim, clann
Ami.


L. Ez2:58


Na Netinimigh uile, agus
clann sherbhíseach Sholaimh, dobhádar trí
chéad nóchad agus días.


L. Ez2:59


Agus is íad so dochuáidh súas
ó Thel-melah, Thel-harsa, Cherub,
Addan, agus Immer: acht níor fhéa-
dadar tigh a nathar dinnsin, agus a
nginealach, nar do Israel íad.


L. Ez2:60


Clann Delaiah, clann Thobiah,
clann Necoda, sé chéad cáogad agus
días.


L. Ez2:61


Agus do chlannuibh na sagart;
clann Habaiah, clann Chos, clann
Bharsillai (noch thug bean do chloinn
Bharsillai an Gileadíteach, agus do
sloinneadh é do réir a nanma.)


L. Ez2:62


Díarradarso a seanchus a
measc cáich do háirmheadh lena nginea-
lach, acht níor fríth ann íad: uimesin
do cuireadh ó shagartachd íad mar dhaói-
nibh trúaillighe.


L. Ez2:63


Agus adubhairt fear ionuid an
Rígh ríu, nach íosaidís do na neithibh
ronáomhtha, nó go mbíadh aca sagart
le Húrim, agus le Tummim.


L. Ez2:64


Dobhádar an comhchruinniughadh
uile anéinfheachd ceathrachad ar dhá mhíle
trí chéud agus trí fithchid,


L. Ez2:65


Taobh amuigh dá serbhíseachaibh,
agus dá ccailínibh, noch dá rabhadar
seacth míle trí chéud tríochad agus
a seachd: agus dobhí na measc dhá chéud
dfearuibh agus do mhnáibh ceóil.


L. Ez2:66


A neich dobhá seachd ccéad, trío-
cad, agus a sé íad: dhá chéad ceath-
rachad, agus a cúig a múillide:


L. Ez2:67


A ccámhuill, ceithre chéud trío-
chad agus a cúig: a nassail, sé
mhíle seacht ccéud agus fithche.


L. Ez2:68


Agus an tan thangadar cuid
do na príomhaithribh go tigh an Tigh-
earna, noch atá ann Ierusalem, ag
ofráil go toileamhuil chum tighe Dé do
chur súas iona áit féin.


L. Ez2:69


Thugadar go hionnmhus na hoibre
do réir a nacfuinne, trí fithchid agus
éinmhíle dramma óir, agus cúig mhíle
punta airgid, agus céud culaidh Shagairt.


L. Ez2:70


Marsin do áitigheadar na sa-
gairt, agus na Lebhítigh, agus cuid
don phobal, agus na fir cheóil, agus
na doirseóirigh, agus na Netinimigh
iona ccaithreachaibh, agus Israel uile
iona ccaithreachaibh.


L. Ez3:1


Agus anuáir tháinic an seach-
tmhadh mí, agus dobhádar
clann Israel annsna caithrea-
chaibh, do chruinnigheadar an po-
bal íad féin a gcionn a chéile amhuil
aonduine go Hierusalem.


L. Ez3:2


Annsin déirigh Iessua mhac Iosa-
dac, agus a dhearbhráithre na sagairt,
agus Serubbabel mhac Sealtiel, a-
gus a dhearbhráithre, agus do chuirea-
dar súas altóir Dé Israel dofráil
íodhbartha loisge uirre, mar atá
scríobhtha a ndligheadh Mhaoise óglaich
Dé.


L. Ez3:3


Agus do shuigheadar analtóir air
a fuileanguibh (óir dobhí eagla orra do
bhrígh dhaóine na ccríoch sin) agus dof-
ráladar íodhbartha loisge uirre don
Tighearna, eadhon ofrála loisge maidne
agus tráthanóna.


L. Ez3:4


Do chumhduigheadar mar an ccédna
féusta na ttabernaclach, mar atá
scríobhtha, agus dofráladar na híodh-
bartha laétheamhla maille rena nuibhir,
do réir an ghnátha, mar díarr oifig
gach áonlaé.


L. Ez3:5


Agus na dhiaighsin dofráladar
a níodhbuirt ghnáthach loisge, na ngea-
lach núadh fós, agus na nuile fhéus-
tadh cinnte an Tighearna, noch do cois-
reagadh, agus ó gach áon dar ofráil
go toileamhuil íodhbuirt áontuigheach don
Tighearna.


L. Ez3:6


On ccéd lá don tseachdmhadh mí do
thosuigheadar ofrála loisge don Tighear-
na.


L. Ez3:7


Thugadar fós airgiod do na
sáoruibh cloiche agus croinn; agus
bíadh, agus deoch, agus ola do mhuin-
tir Shídon agus Tíor, do thabhairt crann Sédair
ó Lebanon go fairge Ioppa: do réir an
cheada fúaradar ó Chirus Rígh na
Persia.


L. Ez3:8


Anois annsa dara blíadhain ar
tteacht dóibh go tigh Dé ann Ierusa-
lem: air an dara mí, do tosuigh Serub-
babel mhac Sealtiel, agus Iessua mhac
Iosadac, agus ar mhair dá ndearbhrái-
thribh na sagairt, agus na Lebítigh, a-
gus anuile dhuine dá ttáinic as
andaoirsine go Hierusalem, agus
dórduigheadar na Lebhítigh ó fithchid blía-
dhain daóis, agus ós a chionn do chur
oibre thighe an Tighearna ar a ha-
ghaidh.


L. Ez3:9


Annsin do sheas Iessua súas gona
mhacaibh, agus gona dhearbhráithribh,
Cadmiel agus a mhic, mic Iúdah a bhfo-
chair a chéile do bhrostughadh an luchda
oibre a ttigh Dé: mic Henadad gon a
macaibh, agus gon a ndearbhráithribh
na Lebhithigh.


L. Ez3:10


Agus anuáir do shuigheadar na
saóir bunáit theampuil an Tighearna, do
chuireadar na sagairt iona cculadhuibh ma-
ille re stocuibh, agus na Lebhítigh mic
Asaph maille re Cimbaluibh, do mho-
ladh an Tighearna do réir órduigh
Dháibhi Rígh Israel.


L. Ez3:11


Agus do chanadar le chéile fa
seach, ag moladh agus ag tabhairt buidh-
eachuis don Tighearna; do bhrígh go bhfuil
sé maith, agus go mairionn a thrócaire
Disrael go bráth: agus do gháireadar
an pobal uile lé gáir mhóir anuáir
do mholadar an Tighearna, do bhrígh gur
shuigheadar bunáit thighe an Tighearna.


L. Ez3:12


Acht do ghuileadar ós áird mó-
rán do na sagartuibh, agus do na
Lebhitibh, agus togha na naithreadh, do
bhí na ndaoinibh áosta, noch dochonnairc
an chédthigh; anuair do suigheadh bunáit
an tighe as coinne a súl, do ghuileadar
ós áird, agus do gháir mórán lé luath-
gháir.


L. Ez3:13


Ionnus nar thuigeadar an pobal
fuáim gáire ná luathgháire tar fhuáim
ghola an phobail: óir do gháireadar na
daóine do ghuth árd, agus do clos a
ngáir animchían.


L. Ez4:1


Anois anuair dochúaladar
easccáirde Iúdah agus
Bheniamin go rabhadar clann
na ndaóirsineach ag cur
teampuill súas don Tighearna
Día Israel:


L. Ez4:2


Annsin thangadar go Serubba-
bel, agus go togha na naithreadh, agus
adubhradar ríu, léigidh dhúinne cong-
namh ribh, óir íarramaoid bhur Ndía
mar íarrthaóise; agus donímid íodh-
buirt dó, ó aimsir Esarhaddon Rígh
Assur, noch thug annso aníos sinn.


L. Ez4:3


Acht adubhairt Serubbabel, a-
gus Iessua, agus an chuid oile do
thogha aithreadh Israel ríu, ní bhfuil
buáin aguibh rinne, as a ndénadh sibh
tigh dar Ndía, acht sinn féin lé chéile
dodhénam é don Tighearna Día Israel,
mar do fhuagair Círus Rígh na Persia
dhúinn.


L. Ez4:4


Annsin do laguigheadar muintir
na tíre lámha phobail Iúdah, agus do
thoirmiosgadar íad iona nobair.


L. Ez4:5


Agus do fhostóigheadar comhairligh
na naghaidh do bhacadh a ttionnscanta
ar feadh sháoghail Chirus Rígh na Per-
sia, nó go ttáinic Dárius Rígh na
Persia a ríghe.


L. Ez4:6


Agus a ríghe Ahasuerus a tto-
sach a ríghe do scríobhadar casaóid
chuige anaghaidh mhuintire Iúdah agus
Ierusalem.


L. Ez4:7


Agus anaimsir Artaxerxes
do scríobh Bislam, Mitridat, Tabeel,
agus an chuid oile dá ccumpánachaibh
go Hartaxerxes Rígh na Persia: a-
gus annsa teanguidh Shírianuigh (dobhí)
scríbhinn na litre scríobhtha, agus do
míniughadh annsa teanguidh Shírianuigh í.


L. Ez4:8


Do scríobh Rehum an saimhse-
ler, agus Simsai an scribhneóir litir
anaghaidh Ierusalem go Hartaxar-
xes an Rígh ar an modhsa:


L. Ez4:9


Annsin do scríobh Rehum an saimh-
seler, agus Simsai an scribneóir, a-
gus an chuid oile dá ccompanacaibh
na Dinaitigh, agus na Hapharsatchi-
tigh, na Tarpelitigh, na Hapharsitigh,
na Harchebhitigh, na Babilónianuigh, na
Susanchitigh, na Dehabhitigh, agus na
Helamitigh,


L. Ez4:10


Agus an chuid oile do na
cineadhachaibh, noch thug Asnappar mór
úasal anall, agus do shuighidh a
ccaithreachaibh Shamária, agus an chuid
oile atá don taóibhsi donabhuinn, a-
gus iona leitheidso daimsir.


L. Ez4:11


Sí so cóib na litreach do
chuireadar chuige, eadhon go Hartaxer-
xes an Rígh: do serbhísigh don taóibhso
donnabhuinn, agus iona leitheidso daim-
sir.


L. Ez4:12


Bíodh a fhios ag an Rígh, na
Iúduighe tháinic uáitsi aníos chuguinne
go ttangadar go Hierusalem, ag
cur súas na drochchaithreach essur-
rumaigh, agus gur chuireadar a balladha
súas, agus gur chengladar dhá chéile
a bunáite.


L. Ez4:13


Bíodh a fhios anois ag an Rígh,
má cuirthear an chathairsi súas, agus
na balladha do chur súas arís, ann-
sin nach díolfuid siad cáin, cíos nó
custum: marsin laighdeochus tusa
cíos na Ríogh.


L. Ez4:14


Anois do brígh go bhfuil túarus-
dal aguinne as palás an Rígh, agus
narbhiomchubhuidh dhúinn easonóir an Rígh
dfaicsin: uimesin do chuireamar uáinn,
agus do dhemhnigheamar so don Rígh.


L. Ez4:15


Ionnus go ndéntaoi cúartu-
ghadh a leabhar cuimhnightheach haithreadh:
marsin dogheabha tú a leabhar na cuimh-
ne, agus aitheonus tú gur cathair cen-
airceach an chathairsi, agus dioghbhalach
do Ríghthibh, agus do thíorthuibh, agus
gur thógbhadar ceanairc astigh innte san
tseanaimsir: arson na cúisesin do
scriosadh an chathairsi.


L. Ez4:16


Dearbhamaoid don Rígh, má cuir-
thear an chathairsi súas arís, agus a
balladha do chur súas, dá bhríghso nach
biáidh cuid agad don taoibhsi dona-
bhuinn.


L. Ez4:17


Do chuir an Rígh freagra go
Rehum an Saimhselér, agus go Sim-
sai an scribhneóir, agus gus an ccuid
oile dá ccompanachaibh áitreabhus a Sa-
mária, agus chum na coda oile táobh
thall donabhuinn, síothcháin, agus iona
leithéidsin damsir.


L. Ez4:18


An litir do chuireabhair chuguinn do
léigheadh go soilléir am lathair í.


L. Ez4:19


Agus dfúagair misi, agus dorinneadh
spíonadh, agus dofríth go ndér-
nuidh an chathairsi imreasan anaghaidh
Ríogh annsa tseanaimsir, agus go
ndérnadh cogadh agus buaidhreadh innte.


L. Ez4:20


Dobhádar Ríghthe cumhachtacha
mar an ccédna ós cionn Israel, noch
do ríaghluidh ós cionn aniomláin táobh
thall dabhuinn, agus do híocadh cíos,
cáin, agus custhum ríu.


L. Ez4:21


Tugaidhsi anois fúagra uáibh
dá thabhairt ar an muintirsi cosc, a-
gus gan an chathairsi do chur súas nó
go ttugthar aithne uaimsi.


L. Ez4:22


Tugaidh dá bhur naire anois
gan faillighe ris so do dhénamh: cred
as a bhfásfadh díoghbháil do dhénamh dochair
do na Rígthibh?


L. Ez4:23


Anois an tan do léigheadh cóib
litreach Artaxerxes a bhfiaghnuise Rehum,
agus Shimsai an scribhneóir, agus a
ccompánach, dochuadar súas go deif-
reach go Hierusalem chum na Iúduigheadh,
agus thugadar orra scur le neart a-
gus lé comhachduibh.


L. Ez4:24


Annsin do choisc obair thighe Dé,
noch atá ann Ierusalem. Marsin do
scuir gus an dara blíadhuin do ríghe Da-
rius Rígh na Persia.


L. Ez5:1


Ansin do thairghireadar na fáighe
Haggai an fáigh, agus
Sechariah mhac Iddo, do na
Iúduighibh dobhí ann Iúdah, a-
gus ann Ierusalem, anainm Dé Is-
rael, dóibhsion féin.


L. Ez5:2


Annsin déirigh Serubbabel mhac
Sealtiel, agus Iessua mhac Iosadac
súas, agus do thionnscnadar tigh Dé
do chur súas noch atá ann Ierusalem,
agus fáighe Dé maille ríu ag congh-
namh dhóibh.


L. Ez5:3


Fánamsin féin tháinic Tatnai
chuca uachdarán na taoibhesi abhus
donabhuinn, agus Setar-bosnai, agus a
ccompanuigh, agus adubhradar mar-
so ríu, cía daithin daóibhse an thighse
do chur súas, agus an ballaso do
dhénamh?


L. Ez5:4


Annsin adubhramairne ríu ar an
modhso, cá hainm an mhuintir doní
anobairsi?


L. Ez5:5


Acht dobhí súil a Ndé ar shea-
nóiribh na Niúduigheadh, go nar fhéda-
dar tabhairt orra scur, nó go ttái-
nic an chúis go Dárius: agus annsin
dfilleadar freagra le litir a ttáobh na
cúisesi.


L. Ez5:6


Cóib na litreach do chuir Tatnai
ríaglaitheóir don taoibhse donab-
uinn, agus Setar-bosnai, agus a chompa-
nuigh na Hapharsachitigh noch dobhí ar an
ttaóibhsi donabhuinn go Dárius an Rígh.


L. Ez5:7


Do chuireadar litir chuige iona
raibh scríobhtha marso: go Dárius an
Rígh, annuile shíothcháin.


L. Ez5:8


Bíodh a fhios ag an Rígh go ndea-
chamairne go cúigeadh Iudéah, go tigh an
Dé mhóir, noch dorinneadh le clochaibh mó-
ra, agus do leagadh adhmad ar na bal-
ladhuibh, agus atá anobairsi ag dul ar
a haghaidh go lúath, agus atá sí
ag éirghe léo.


L. Ez5:9


Annsin dfíafruigheamairne do na
seanóiribh sin, agus adubhramar ríu
marso, cía daithin díbhse an tighse
do dhénamh, agus na balladhaso do chur súas?


L. Ez5:10


Dfíafruigheamar a nanmanna mar
an ccédna da ninnisin dúitse go scríobh-
thamaóis anmanna na ndáoine dobférr
dhíobh.


L. Ez5:11


Agus is marso do fhreagradar
sinn, gha rádh, is sinne serbhísigh Dé neimhe
agus talmhan, agus atámuid ag cur
súas an tighe dorinneadh mórán bliadhan
ó shin, noch dorinne Rígh mór Disrael,
agus do chuir súas é.


L. Ez5:12


Acht tar éis ar naithreadh do
bhrostughadh Dé neimhe chum feirge, thug
sé a láimh Nebuchadnesar Rígh na
Babilóine an Caldéanach íad, noch do
scrios an tighse, agus rug na daóine
leis don Bhabilóin.


L. Ez5:13


Acht annsa chéidbhliadhuin do
Chírus Rígh na Babilóine, thug an Rígh
cédnasin Círus fúagra an tighse
Dé do dhénamh.


L. Ez5:14


Agus mar an ccédna soithighe
óir agus airgid thighe Dé, noch rug
Nebuchadneser as a tteampall do
bhí ann Ierusalem, agus rug íad go
teampall na Baibilóine, thug Círus an
Rígh íad sin amach as teampall na Ba-
bilóine, agus tugadh dáon íad
darbhainm Sesbassar, dá ndérna sei-
sion úachdarán.


L. Ez5:15


Agus adubhairt sé ris, glac
na soithighe, imthigh, beir leachd íad gus
an teampall atá ann Ierusalem, agus
cuirthear tigh Dé súas iona áit féin.


L. Ez5:16


Annsin tháinic an Sesbassarsin,
agus do shuighidh bunáit thighe Dé,
noch atá ann Ierusalem: agus
ónamsin go nuige anuairsi atá sé agá chur
suas, agus ní bhfuil sé críochnuighthe
fós.


L. Ez5:17


Anois ar anadhbharsin mas
toil leis an Rígh é, déntar cúartu-
ghadh a ttigh ionnmhuis an Rígh, noch
atá annsin san Bhabilóin dá fhéuchuin
an marsin atá, go ttug an Rígh
Círus fúagra an tighse Dé do dhénamh
ann Ierusalem; agus cuireadh an Rígh
a thoil chuguinne a ttaobh na cúisesi.


L. Ez6:1


ANnsin dorinne Dárius an Rígh
órdughadh, agus dorinneadh
spíonadh a ttigh na rolladh,
mar ar cuireadh na hionnmhuis
a ttaisgidh san Bhabilóin.


L. Ez6:2


Agus dofríth ann Achmeta ann-
sa bpálás atá a bprobhins na Mé-
des rolla agus cuimhne scríobhtha ann
marso.


L. Ez6:3


Annsa chéidbhliadhuin do Chírus
an Rígh, dorinne an Rígh Círus céd-
nasin órdughadh a ttaobh thighe Dé ann
Ierusalem: cuirthear an Tighsin súas
anáith a ndéindís íodhbuirt, agus cur-
thar síos a bhunáit go láidir: trí fith-
chid cubhad na áirde, agus trí fithchid
cubhad na leithead:


L. Ez6:4


Maille re trí líne do chlochuibh
móra, agus líne do adhmad núadh, a-
gus tugthar a ccaithfighthér leis as
tigh an Rígh.


L. Ez6:5


Agus mar an ccédna na soi-
thighe óir agus airgid thighe Dé, noch
thug Nebuchadnessar as an tteampall
atá ann Ierusalem, agus thug leis don
Bhabhilóin, aisigthear íad, agus beirthear
arís íad don teampall atá ann Ieru-
salem, gach aóinní iona áit féin, agus
suighidh íad a ttigh Dé.


L. Ez6:6


Anois ar anadhbharsin, a That-
nai a úachdaráin táobh thall dabhuinn, a
Shetar-bosnai, agus do companuigh
na Hapharsachitigh, noch atá táobh
thall dabhuinn, go madh fada sibhsi ó bhuain
annso.


L. Ez6:7


Léigidh uáibh donobairsi thighe Dé,
cuireadh úachdarán na Niúduigheadh, agus
sinnsir na Niúduigheadh tigh Dé súas
iona áit féin.


L. Ez6:8


Tuilleamh oile, orduighim an ní
dodhéntaoi re sinnsearuibh na Niúduigheadh do
chur súas an tighesi Dé: go ttug-
thar go lúath do mhaóin an Rígh, eadhon
don chíos taobh thall dabhuinn, ní re chai-
theamh ris na daóinibhsin, chor nach ttoir-
mioscthar íad.


L. Ez6:9


Agus gach ní da mbía deasbuidh
orra araon do bhulóguibh óga, do reithi-
ghibh, agus dúanuibh, chum ofrálach loisge
Dé neimhe, agus cruithneacht, salann,
fíon, agus ola do réir órduigh na sa-
gart atá ann Ierusalem, tugthar dhóibh
é, lá air lá gan fhaillighe,


L. Ez6:10


Chor go nofráilfid íodhbairt deagh-
bholuidheach do Dhía neimhe, agus go nguid-
fid ar son sláinte an Rígh agus a
mhac.


L. Ez6:11


Mar an gcédna dorinne mé
órdughadh gidhbé ar bith áthrochus an
focalsa, beantar adhmad óna thigh, a-
gus arna chur suas crochtar eisi-
on as, agus déntar cárnaóiligh dha
thigh ar a shonso.


L. Ez6:12


Agus go scriosuigh an Día
thug fa deara a ainm dáitiughadh ann-
sin na huile Ríghthe agus phobal chuir-
fios a lámh dátharradh, agus do mhil-
leadh an tighesi Dé atá ann Ierusa-
lem: misi Dárius dorinne an tordu-
ghadhsa, coimhlíontar é go luáth.


L. Ez6:13


Annsin dorinne Tatnai úach-
tarán an taóibhsi donabuinn, Setar-
bosnai, agus a ccompanuigh, do réir
mar do chuir Dárius an Rígh chuca,
dorinneadar amhluidh go lúath.


L. Ez6:14


Agus do chuireadar sinnsir na
Níuduigheadh an tigh súas, agus
dochúadar ar a naghaidh do bhrígh thairghire
Haggai an fáigh, agus Shechariah mhic
Iddo; agus do chuireadar súas, agus
do chríochnuigeadar é do réir aithne Dé
Israel, agus do réir aithne Chírus, a-
gus Dhárius, agus Artaxerxes Rígh
na Persia.


L. Ez6:15


Agus do críochnuigheadh an tighse
ar an treas lá don mhí Adar, noch
dobhí annsa seiseadh blíadhain do ríghe
Dhárius an Rígh.


L. Ez6:16


Agus do congmhadar clann Is-
rael, agus na sagairt, agus na Le-
bhíthigh, agus an chuid oile do chloinn na
daóirsine sollamain choisrighthe an thigh-
esi Dé maille re gáirdeachus;


L. Ez6:17


Agus dofráladar ag sollam-
uin choisrighthe an tighesi Dé, céud bu-
lóg, dhá chéd reithe, ceithre chéd lubhán;
agus mar ofráil pheacuidh ar son Is-
rael uile, dhá ghabhar dhég fhirionna, do
réir uibhre threabh Israel.


L. Ez6:18


Agus do shuigheadar na sagairt
iona ronnuibh, agus na Lebhítigh iona
sealuibh chum serbhísi Dé, noch atá ann
Ierusalem, mar atá scríobhtha a lea-
bhar Mhaóise.


L. Ez6:19


Agus do choimhédadar clann na
daóirsine an Cháisg ar an cceathra-
mhadh lá déug don chéidmhí.


L. Ez6:20


Oír dobhádar na sagairt, agus
na Lebhítigh arna nglanadh anaóinfeachd,
dobhádar glan uile, agus do mharbha-
dar an Cháisg do chloinn na daóir-
sine uile, agus dá ndearbhráithribh na
sagairt, agus dóibh féin.


L. Ez6:21


Agus a dúadar clann Israel
an Cháisg, noch tháinic arís as an
ndaoirsine, agus anuile dhuine dar
dhealuigh íad féin chuca ó shalchar ghenteadh
na tíre, díarruidh an Tighearna Día Is-
rael.


L. Ez6:22


Agus do chungmhadar féusta
anaráin gan loibín seacht lá maille
re gáirdeachus; óir dorinne an Tighear-
na sólasach íad, agus do iompóigh
sé croidhe Rígh na Hassíria léo, do
neartughadh a lámh do dhénamh thighe Dé
Día Israel.


L. Ez7:1


Anois tar éis na neithionnso,
a ríghe Artaxerxes Rígh
na Persia, Esra mhac Se-
raiah, mhic Asariah, mhic
Hilciah,


L. Ez7:2


Mhic Sallum, mhic Sádoc, mhic
Ahitub,


L. Ez7:3


Mhic Amariah, mhic Asariah,
mhic Meralot,


L. Ez7:4


Mhic Seraiah, mhic Ussi, mhic
Bucci,


L. Ez7:5


Mhic Abisua, mhic Phinehas,
mhic Eleasar, mhic Aáron an tárdsha-
gart,


L. Ez7:6


dochuaidh an Tesraso súas
ón Bhabilóin, agus dobhí sé na scri-
bhneóir abuidh a ndligheadh Maóise, noch
thug an Tighearna Día Israel úadha:
agus daontuigh an Rígh a íarratas
uile dhó, do réir láimhe a Thighearna
Dé air.


L. Ez7:7


Agus dochuaidh súas chuid do
chloinn Israel, agus dó na sagartuibh
agus do na Lebhitibh, agus do na can-
taireadhuibh, agus do na doirseóirighibh,
agus do na Netinimigh go Hierusa-
lem ar an seachdmhadh blíadhain do Artax-
erxes an Rígh.


L. Ez7:8


Agus tháinic sé go Hierusa-
lem ar an ccúigeadh mí, noch dobhí ann-
sa seachtmadh bliadhain don Rígh.


L. Ez7:9


Oír ar an ccéd lá don chéid
mí do thionnscuin sé dul ón Bhabilóin
súas, agus ar an ccéd lá don chúi-
geadh mí tháinic sé go Hierusalem do
réir mar dobhí láimh mhaith Dé air.


L. Ez7:10


Oír dullmhuigh Esra a chroidhe
díarruidh dlighe an Tighearna, agus dá
dhénamh, agus do theagasc reachda agus
breitheamhnus ann Israel.


L. Ez7:11


Anois isí so cóib na litreach,
noch thug Artaxerxes an Rígh do Esra
an sagart, an scribhneóir, eadhon scribh-
neóir bhríathar aitheantadh an Tighearna,
agus reachda Israel.


L. Ez7:12


Artaxerxes Rígh na Ríogh chum
Esra an sagart scribhneóir dhlighe Dé
neimhe, siothcháin iomlán, agus
annsanamsin.


L. Ez7:13


Doním ordughabh, an mhéid do
phobal Israel, agus dá sagartuibh,
agus dá Lebhítibh ann mo rioghachtsa,
ar a bhfuil fonn da ttoil aonta féin
dul súas go Hierusalem, go rachuid
suas leatsa.


L. Ez7:14


An mhéid gur cuireadh ón Rígh
thú, agus óna sheacht ccomhairlea-
chaibh do cheastnughadh a ttáobh Iúdah
agus Ierusalem, do réir dhlighe do
Dhé noch atá ad láimhsi.


L. Ez7:15


Agus an tairgiod, agus an
tór do bhreith leachd, dofráil an Rígh,
agus a chomhairligh ó thoil aontadh-
uigh do Dhía Israel, noch a bhfuil a
chomhnuidhe ann Ierusalem,


L. Ez7:16


Agus anuile airgiod, agus
ór is féidir leachd dfagháil a bprobhins
na Babhilóine re ofráil áontadhuidh
an phobail, agus na sagart, ag
ofráil go toileamhuil chum tighe a Ndé,
noch atá ann Ierusalem.


L. Ez7:17


Chor go cceinneochthá go lúath
leis anairgiodsa, bulóga, reitheadha, uáin
maille rena nofrála bídh, agus a
nofrála dighe, agus íodhbuir íad ar
altóir do Thighearna Dé, noch atá ann
Ierusalem.


L. Ez7:18


Agus gidhbé ar bith ní as férr
dochífidhthear dhuit féin, agus dot dhear-
bhraithribh, dénuidh ris an ccuid oile
donairgiod agus donór, déanuidh sin
do réir thoile bhur Ndé.


L. Ez7:19


Na soithighe fós tugadh dhuit
chum serbíse thighe do Dhé, sechuid íad a
lathair Dé Ierusalem.


L. Ez7:20


Agus gidhbé ní oile bhías deas-
buidh ar thigh do Dhé da mbía cúis agad
a chaitheamh, caith é as tigh ionnmhuis an
Rígh.


L. Ez7:21


Agus misi, misi féin Artax-
erxes an Rígh, doním órdughadh ar
anuile treisinér táobh thall dabhuinn,
gidhbé ar bith íarrfus Esra an sa-
gart scribhneóir dhlighe Dé neimhe oruibh,
déantar é go lúath;


L. Ez7:22


Go céad tallann airgid, agus
go céad miosúr cruithneachda, agus
céad soitheach fíona, agus céud soitheach
ola, agus salann gan cur síos ca
mhéid.


L. Ez7:23


Gidhbé ní do haithnigheadh lé
Día neimhe, déantar go dúthrachtach é,
do thigh Dé neimhe; óir cred as a mbíath
fearg anaghaidh rioghachta an Rígh, nó
a chloinne?


L. Ez7:24


Mar an ccéadna demhnigheamíd
daóibhse a ttáobh éanduine do na sa-
gartuibh, agus do na Lebhítibh, do na
cantairighibh, do na doirseóirighibh, do
na Netinimigh, nó seirbhísigh thighe Dé,
nach budh dlightheach cáin, duibhchíos, nó
custum do chur orra.


L. Ez7:25


Agus thusa, Esra, do réir
ghliocuis do Dhé, noch atá ad láimhsi,
cuir úachtaráin, agus breitheamhuin,
noch dhéanas breitheamhnus donuile pho-
bal atá taobh thall donabhuinn, an mhéid
agá bhfuil fios dlighe do Dhése, agus
múinsi an mhéid dá nach fios é.


L. Ez7:26


Agus gidhbé nach déna do réir
dhlighe do Dhése agus an Rígh, dén-
tar breitheamhnus ar báll air, mas bás é,
nó díbirt, nó caill a mhaóine, nó prí-
osúntachd.


L. Ez7:27


Go madh beannuigh an Tighearna
Día ar naithreadh, do chuir a leithéid
so a ccroidhe an Rígh do scíamhadh thighe
an Tighearna, noch atá ann Ierusalem:


L. Ez7:28


Agus do thoirbhir trócaire
dhamhsa a bhfiadhnuisi an Rígh, agus a
chomhairleach, agus a lathair uile phrionn-
sadh cumhachdach an Rígh: agus do
neartuigheadh misi mar dobhí lámh mo Thigh-
earna Día orum, agus do chruinnigh mé
as Israel daóine toghtha do dhul súas
liom.


L. Ez8:1


Is iad so anois roighne a
naithreadh, agus sé so ge-
nealach na druinge dochuáidh
liomsa súas ón Bhabilóin,
a ríghe Artaxerxes an Rígh.


L. Ez8:2


Do mhacaibh Phinehas; Gersom:
do mhacaibh Itamar; Daniel: do ma-
caibh Dáibhi; Hattus.


L. Ez8:3


Do mhacaibh Shechaniah, do mha-
caibh Pharos; Sechariah: agus do
háirmheadh maille ris don ghenealach fheardha,
céud agus cáogad.


L. Ez8:4


Do mhacaibh Phahat-Moab: Eli-
hoenai mhac Seraiah, agus maille ris
sin, dhá chéd firionnach.


L. Ez8:5


Do mhacaibh Shechaniah; mac
Iahasiel, agus maille rissin trí
chéd firionnach:


L. Ez8:6


Agus do mhacaibh Adin mar an
ccédna; Ebed mhac Ionatan, agus
maille ris sin cáogad firionnach:


L. Ez8:7


Agus do mhacaibh Elam; Iessa-
iah, mhac Ataliah, agus maille ris
seachtmhoghad firionnach.


L. Ez8:8


Agus do mhacaibh Sephatiah;
Sebadiah, mhac Michael, agus maille
ris ceithre fithchid firionnach.


L. Ez8:9


Do mhacaibh Ioab; Obadiah mhac
Iehiel, agus maille ris dhá chéud agus
ocht bhfir dhéug.


L. Ez8:10


Agus do mhacaibh Selomit;
mac Iosiphiah, agus maille ris céd
agus trí fithchid firionnach.


L. Ez8:11


Agus do mhacaibh Bebai; Se-
chariah mhac Bebai, agus maille ris
ochtar ar fhithchid firionnach.


L. Ez8:12


Agus do mhacaibh Asgad; Io-
haanan mhac Haccatan, agus maille
ris céd agus deithneamhar firionnach.


L. Ez8:13


Agus do mhacaibh deighionacha
Adonicam, arbhíad so a nanmanna,
Cliphelet, Iehiel, agus Semaiah,
agus maille riú trífithchid firionnach.


L. Ez8:14


Fós do mhacaibh Bigbhai; Utai,
agus Sabbud, agus maille riú seachtmhoghad
firionnach.


L. Ez8:15


Agus do chruinnigh misi a ccionn a
chéile íad gus anabuinn ghluaisios go
Hahabha, agus dfanamar annsin a lóistí-
nibh trí lá: agus do mheas mé an pobal,
agus na Sagairt, agus ní bhfúair mé
aóinneach do mhacaibh Lébhi ann.


L. Ez8:16


Annsin do chuir mé fios ar Eleá-
sar, ar Ariel, ar Shemaiah, agus
ar Elnátan, agus ar Iarib, agus
Elnátan, agus ar Nátan, agus
ar Sechariah, agus ar Mhessul-
lam, daóine toghtha; agus fós ar Ioia-
rib, agus ar Elnatan, dáoine tuigsionacha.


L. Ez8:17


Agus do chuir mé íad maille re
haithne go Hiddo an ceann san nionad Ca-
siphia, agus dinnis mé dhóibh cred adé-
raidís re Hiddo, agus rena dhearbhrai-
thribh na Netinimigh ansanáit Casiphia,
go ttugaidis leó chuguinn seirbhísigh chum
tighe ar Ndé.


L. Ez8:18


Agus maille re láimh mhaith ar
Ndé do bheith linn, thugadar duine tuig-
sionach chuguinn do mhacaibh Mahli, mhic
Lébhi, mhic Israel, agus Serebiah gun a
mhacuibh agus a dhearbhráithribh, ocht bhfir dhég;


L. Ez8:19


Agus Hassabiah, agus maille
ris Iessaiah do mhacaibh Merári, a dhear-
bhráithre agus a micsin, fithche fear.


L. Ez8:20


Mar an gcédna do na Neti-
nimibh, noch do órdugh Dáibhi, agus na
Prionnsadha a serbhís na Lebhíteach, dhá
chéud agus fithche Netinimeach, do foill-
sígheadh íad uile lena nainm.


L. Ez8:21


Annsin dfuágair misi trosgadh
san náitsin ag an nabhuinn Ahabha, go
ccráidhfemis sinn feín a lathair
ar Ndé, lé a níarrfamáois air slighe dhí-
reach dhúinn féin, agus dar naos óg, agus
dár máoin uile.


L. Ez8:22


Oír dobhí náire orum bhuidhean shoigh-
diúr agus mharcshluagh díarruigh air an
Rígh do chungnamh linn anaghaidh na námhad
annsa tslighe; do bhrígh gur labhramar
ris an Rígh, dhá rádh, atá lámh ar Ndé
chum maitheasa leis an mhéid íarrus é,
acht bhí a chumhacht agus a fhearg anaghaidh
gach áoin dá ttréigionn é.


L. Ez8:23


Marsin do throisgeamar, agus
do ghuidheamar ar Ndía uimeso, agus
déist sé rinn.


L. Ez8:24


Annsin do chuir mé ar leith dhá
fhear dheág do thogha na Sagart; Sere-
biah, Hassabiah, agus deithneamhar da
ndearbhráithribh maille riú.


L. Ez8:25


Agus do thomhuis mé chuca an
tairgiod, agus an tór, agus na soi-
thighe, eadhon ofráil thighe ar Ndé, noch
dofrail an Rígh, agus a chomhairligh,
agus a thighearnuigh, agus Israel uile,
dobhí a lathair annsin.


L. Ez8:26


Do thomhuis mé féin iona lámhuibh
sé chéd agus caogad tallann airgid, agus
céd tallann do shoithighibh airgid, agus
céd tallann óir.


L. Ez8:27


Mar an ccédna fithche báisín
óir do (chomhtromuigh) míle drama,
agus dhá shoitheach dfionnbhruithne fhíneulta,
mórlúaigh mar ór.


L. Ez8:28


Agus adubhairt mé riú, atá-
thaói náomhtha don Tighearna, atáid na
soithighe mar an gcédna beannuigh, agus
atá an tairgiod agus an tór na no-
fráil thoileamhuil don Tighearna Día bur
naithreadh.


L. Ez8:29


Dénuidhsi faire, agus coimhéu-
duigh íad, no go ccomhthromhuigh sibh íad
a lathair cheann na sagart, agus na Le-
bhíteach, agus thogha aithreadh Israel ann
Ierusalem, a seómradhuibh thighe an
Tighearna.


L. Ez8:30


Marsin do ghlacadar na Sa-
gairt comhthrom anairgid, agus anoír,
agus na soitheach, da ttabhairt go Hie-
rusalem go tigh ar Ndé.


L. Ez8:31


Annsin do ghlúaiseamar ó shruth
Ahabha ar an dara lá dég don chédmhí do
dhul go Hierusalem; agus dobhí
lámh ar Ndé maille rinn, agus do sháor
sé sinn ó láimh na námhad, agus ón
mhéid dobhí a luidheachán oruinn annsa
tslighe.


L. Ez8:32


Agus thangamar go Hierusa-
lem, agus dfanamar annsin trí
lá.


L. Ez8:33


Anois ar an cceathramhadh lá do
comhthromadh an tairgiod agus an tór,
agus na soithighe a ttigh ar Ndé lé
laímh Mheremot mhic Uriah an Sagart,
agus dobhí maille ris Eleasar mhac
Phineas, agus maille riúsin dobhí
Iosabad mhac Iessua, agus Noadiah
mhac Binnui, Lebítigh:


L. Ez8:34


Le huibhir agus le comhthrom gach
éinneithe: agus do scríobhadh an comhthrom
uile annsanamsin.


L. Ez8:35


Mar an ccédna clann na muin-
tire rugadh ar siubhal uile, agus
dfill ón dáoirsine, dofráladar íodh-
bartha loisge do Dhía Israel, dhá bhu-
lóig dhéug arson Israel uile, nóchad
agus sé reithe, seachtmhoghad agus
seacht núain, dhá ghabhar dhéug fhirionna
mar ofráil pheacuidh: dobhádarso
uile na nofráil loisge don Tigh-
earna.


L. Ez8:36


Agus thugadar cumhachda an
Rígh do lieuteonontuibh an Rígh,
agus dúachdaránuibh don taoibhse don
tsruth, agus do chuidigheadar leis
an bpobal, agus lé tighe Dé.


L. Ez9:1


Anois anúair dorinneadh na neithesi,
thangadar na Prionnsa-
dha chugamsa dha rádh, níor
dhealuigh pobal Israel, nó na
Sagairt, nó na Lebhitigh íad
feín ó dhaoinibh na ccríoch, ag dénamh do
reír a ngráinemhlachd, eadhon na Ccananíteach,
na Hititeach, na Bperisitech, na Iebu-
siteach, na Nammoniteach, na Moabiteach,
na Négipteach, agus na Namoríteach.


L. Ez9:2


Oír thugadar a ningheana chuca
feín, agus chum a mac: iondus gur
chumaisc an síol náomhtha íad féin ré
daóinibh na ccríochsin; agus fós lámh na
bprionnsadha agus na núachtarán
dobudh ceann ar anurchóidsi.


L. Ez9:3


Agus anuair dochúala misi an
nísi, do bhris mé médach agus mfalluing,
agus do tharruing mé grúag mo chinn
agus mféusóige, agus do shuigh mé
siós ar líthiughadh.


L. Ez9:4


Annsin do chruinnigh chugam gach
áon do chriothnuigh re breithir Dé Israel,
ar son chiontadh na muintire rugadh ar
siubhal, agus do shuigh mé go hanbhúai-
neach nó go ttainig íodhbairt an tráth-
nóna.


L. Ez9:5


Agus ag íodhbuirt an tráthnóna
déirigh mé súas as mo dhóbrón, agus
íar mbriseadh méaduigh agus mfall-
uinge dhamh do léig mé ar mo ghlúi-
nibh mé, agus do leathnuigh mé mo lámha
amach chum mo Thighearna Dé; '


L. Ez9:6


Agus adubhairt mé; ó mo Dhía,
atá náire orum, agus do dhearg mé tré
maghuidh do thógbháil súas chugadsa, mo
Dhía: óir dfásadar ar bpeacuidh ós ar
cceann, agus dfásadar ar ccionta
súas go neamh.


L. Ez9:7


O laéthibh ar naithreadh atámuid a bpea-
cadh mhór gus aniugh, agus ar son ar nolc do
seachadadh sinn féin, ar Righthe, agus ar
Sagairt a láimh Ríogh na ccríoch don chloi-
dheamh, do dhaoirsine, do chreachadh, agus
do náire aighthe, mar atá aniugh.


L. Ez9:8


Agus anois a mbeagáin aimsire do
taisbheanadh grása ó ar TTighearna Día
fuighioll dfágbháil dínn do dhul as, agus
do thabhairt táirnge dhúinn iona aít náomtha,
le bhfoisceolaidh ar Ndía ar súile, agus
aithbheódhadh beag do thabhairt oruinn as ar
ndáoirsine.


L. Ez9:9


Oír dobhámairne ar ndáoirsineachaibh,
gidheadh níor thréig ar Ndía sinn ann ar
ndaoirsine, acht do thaisbhéin sé tró-
chaire dhúinn a radharc Ríogh na Persia, do
thabhairt aithbheoghuidh oruinn, do chur tighe
ar Ndé súas, do leasughadh a fhásuigh,
agus do thabhairt balla dhúinn ann Iúdah
agus ann Ierusalem.


L. Ez9:10


Agus anois, ó ar Ndía,
cred adéaram na dhiáigh so? óir do
thréigeamar haitheantasa,


L. Ez9:11


Noch daithin tú red sherbhísigh na
fáighe ag rádh, an fearann a bhfuiltí
ag dul dá shealbhughadh, atá sé na fhearann
neamhghlan arson salchar dhaoine na tal-
mhan lena ngráineamhlacht, noch do líon é
ón ccorr go chéile lena salchar.


L. Ez9:12


Anois ar anadhbharsin ná tu-
gaidhse bhur ningheana dá macaibh, agus
ná gabhuidh a ningheana dá bhur macaibh, ná
híarruidh a síothcháin, nó a saidhbhrios go
bráth: chor go mbeithí laídir, agus go
bhfúigfidhe é na oighreacht ag bhur ccloinn
go bráth.


L. Ez9:13


Agus tar eís a ttáinic oruinn
fár ndroichghníomhuibh, agus fár ccoir
mhóir, ó phianuidh tusa sinn, ó ar Ndía,
níos lugha ná mar do thuill ar bpeacadh,
agus thug tú fuásgladh dhúinn, marso:


L. Ez9:14


Nar chóir dhúinn arís haitheanta
do bhriseadh, agus íadhadh a ccleamhnus ré
lucht na graíneamhlachta? nach beitheása
feargach rinn, nó go scriostá sinn, ion-
dus nach bíath fuighioll nó dul as?


L. Ez9:15


O a Thighearna Día Israel, atá tú
ceart, óir mairmidne fós íar ndul as,
mar atá aniugh; féuch atámaoid ad
lathair ann ar gciontuibh; óir ni fhédmaoid
seasamh as do choinne dá brígh so.


L. Ez10:1


Anois an tan do ghuidh Esra,
agus anuair do aduimh sé
ag gul, agus dá theilgion
féin ar lár a bhfiaghnuise
thighe Dé, do chruinnigh chuige
as Israel coimhthionól romhór fear,
agus ban, agus leanabh; óir do
chaóidheadar an pobal go roghér.


L. Ez10:2


Agus do fhreagair Sechaniah
mhac Iehiel, áon do mhacaibh Elam, a-
gus adubhairt re Hesra; do chion-
tuigheamar anaghaidh ar Ndé, agus
thugamar mná coigcríchthe, do dhaoinibh
na talmhan: gidheadh fós atá anois
dóigh ann Israel a ttaóibh an neithesi.


L. Ez10:3


Anois ar anadhbharsin dénam
cunnradh re ar Ndía, na mná uile, a-
gus an mhéid dorugadar do chur
uáinn do réir chomhairle mo thighearna, a-
gus na méide chriothnuighios re haithne
ar Ndé, agus déntar é do réir an
dlighe.


L. Ez10:4


Eirigh: óir beanaidh dhuitsi an
chúisesi; bíaidh sinne ar áon leachd:
bíodh meisnéach mhaith agad, agus déan.



Níl Ez10:4 ag Bedell 1685, ach tá sé curtha isteach as leagan 1690.


L. Ez10:5


Annsin déirigh Esra, agus thug
mionna ar na hárdshagartuibh, agus
ar na Lebhítibh, agus ar Israel uile
go ndénaidís do réir anfocailsi:
agus thugadar a mionna rissin.


L. Ez10:6


Annsin déirigh Esra suas ó la-
thair thighe Dé, agus dochuáidh sé go
séomra Iohanan mhic Eliasib: agus
anuair tháinic sé annsin níor ith sé
arán, agus níor ibh sé uisge: óir
do chaói sé ar son sháruighthe na druinge,
noch rugadh ar siubhal.


L. Ez10:7


Agus thugadar fúagra ar feadh
Iúdah agus Ierusalem do chloinn na
daóirsine uile íad féin do chruinniughadh
a ccionn a chéile a Nierusalem.


L. Ez10:8


Agus gidhbé nach ttiucfadh
fá cheann thrí lá do réir chomhairle na
bprionsadh agus na sinnsior, go ttóig-
fidh a mhaóin uile, agus go ndeileo-
chuidh é féin as comhchruinniughadh na
druinge rugadh ar siubhal.


L. Ez10:9


Annsin do chruinnigheadar fir Bhen-
iamin agus Iúdah íad féin a ccion a
chéile go Hierusalem, táobh astigh
do thrí lá: dobí sin an náomhadh mí,
agus an fithcheadh lá don mhí, agus do
shuigh an pobal uile a sráid thighe Dé,
ar crith ar son na cúisesi, agus
na fearthanna mhóire.


L. Ez10:10


Agus do sheas Esra an sa-
gart suas, agus adubhairt riú, do
pheacuigheabhair, agus thugabhair mná coimhi-
ghtheacha do mhéudughadh peacuidh Israel.


L. Ez10:11


Anois ar anadhbharsin dénuidh
faóisidin don Tighearna Día bhur naith-
readh, agus dhénuidh a thoil, agus dealui-
ghidh sibh féin ré muintir na tíresi, a-
gus ó na mnáibh coimhightheacha.


L. Ez10:12


Annsin do fhreagair an comhchruin-
niugadh uile, agus adubhradar do ghuth
árd, mar adubhairt tusa, is marsin do
dhénaimne.


L. Ez10:13


Acht is iomdha na daóine, agus
is aimsir rodhoineanta í, agus ní
fhéudmaoid seasamh amuigh, ní mó is
obair láe no dhá lá so: óir is iomdha
dhínn do chiontuigh sanníse.


L. Ez10:14


Seasaidís anois ar nuachdaráin
an chomhchruinnigh uile, agus tigeadh ga-
cha a ttug mná coimhightheacha dar
ccathruigh anaimsir chinte, agus sinn-
sir gach aon chaithreach maille ríu, a-
gus a mbreitheamhuin, nó go bhfilltear
díbhfeirg Dé fán ccás so uáinn.


L. Ez10:15


Do cuireadh Ionatan mhac Asa-
hel, agus Iahasiah mhac Ticbhah amháin
timchioll na cúisesi: agus Messul-
lam, agus Sabbetai an Lebhíteach ag
cungnamh dhóibh.


L. Ez10:16


Agus dorinneadar clann na daóir-
sine sin, agus Esra an sagart mail-
le re cuid áirigh do thogha na naithreadh
do réir thighe a naithreadh, agus do deal-
uigheadh uile íad trena nanmanna, agus
do shuigheadar ar an ccéd lá don deach-
mhadh mí do spíonadh na cúise.


L. Ez10:17


Agus do críochnuigheadar re gach
áonduine da ttug mná coimhightheacha fan
ccéd lá don chéidmhí.


L. Ez10:18


Agus dofríth a measg mhac na
sagart thug mná coimhiththeacha; eadhon
do mhacaibh Iessua mhic Iosadac, agus
dá dhearbhráithribh; Maaseiah, agus E-
lieser, agus Iarib, agus Gedaliah.


L. Ez10:19


Agus thugadar a lámha go
ccuirfidís a mná úatha: agus íar
mbeith ciontach, dofráladar reithe don
tréud ar son a bpeacuidh.


L. Ez10:20


Agus do mhacaibh Immer; Ha-
náni, agus Sebadiah.


L. Ez10:21


Agus do mhacaibh Harim; Maa-
seiah, Eliiah, agus Semaiah, agus
Iehiel, agus Ussiah.


L. Ez10:22


Agus do mhacaibh Passur: E-
lioenai, Maaseiah, Ismael, Netaneel,
Iosabad, agus Elasah.


L. Ez10:23


Mar an ccédna do na Lebhítibh:
Iosabad, agus Simei, agus Celaiah (sé
sin féin Celita) Petahia, Iúdah, a-
gus Elieser.


L. Ez10:24


Do na cantairíghibh mar an ccédna,
Eliasib: agus do na doirseóirighibh;
Sallum, agus Telem, agus Uri.


L. Ez10:25


Tuilleamh fós, Disrael: do mha-
caibh Paros; Ramiah, agus Iesiah,
agus Malchiah, agus Miamin, agus
Eleasar, agus Malchiiah, agus Be-
naiah.


L. Ez10:26


Agus do mhacaibh Elam; Mat-
taniah, agus Sechariah, agus Iehiel,
agus Abdi, agus Ieremot, agus E-
liah.


L. Ez10:27


Agus do mhacaibh Sattu; Elioe-
nai, Eliassib, Mattaniah, agus Iere-
mot, agus Sabad, agus Asisa.


L. Ez10:28


Do mhacaíbh Bebai fós: Iehoha-
nan, Hananiah, Sabbai, agus Atlai.


L. Ez10:29


Agus do mhacaibh Báni: Me-
sullam, Malluch, agus Adaiah, Ias-
sub, agus Sel, agus Ramot.


L. Ez10:30


Do mhacaibh Pahat-Moab; Ad-
na, agus Chelal, Benaiah, Maaseiah,
Mattaniah, Besaleel, agus Binnui, a-
gus Manasseh.


L. Ez10:31


Agus do mhacaibh, Hárim: Elie-
ser, Issiiah, Malchiah, Semaiah, Si-
meon,


L. Ez10:32


Beniamin, Malluch, Semariah.


L. Ez10:33


Do mhacuibh Hassum; Mat-
tenai, Mattatah, Sabad, Eliphelet,
Ieremai, Manasseh, agus Simei.


L. Ez10:34


Do mhacuibh Báni: Maadai, Am-
ram, agus Uel,


L. Ez10:35


Benaiah, Bedeiah, Chelluh,


L. Ez10:36


Bhaniah, Merimot, Eliassib,


L. Ez10:37


Mattaniah, Mattenai, a-
gus Iaasau,


L. Ez10:38


Agus Bani, agus Binnui, Simei,


L. Ez10:39


Agus Selemiah, agus Natan,
agus Adaiah,


L. Ez10:40


Machnadebai, Sassai, Sarai,


L. Ez10:41


Asareel, agus Selemiah,
agus Semariah,


L. Ez10:42


Sallum, Amariah, agus Ió-
seph.


L. Ez10:43


Do mhacaibh Nebo; Iehiel, Mat-
titiah, Sabad, Sebina, Iadau, agus
Ioel, Benaiah.


L. Ez10:44


Thugadar so uile mná coimhi-
ghtheacha: agus dobhí mná ag cuid dhíobh
le a raibh clann aca.


L. Ne



LEABHAR NEHEMIAH.


L. Ne1:1


Briathra Nehemiah; agus
tárla a mí chisleu, annsa
bhfithchiodmhadh bliadhain, mar
dobhí mé a bpálás Shusan,


L. Ne1:2


Go ttáinic Hanáni áon dom
dhearbhraithribh, é féin, agus daóine áirigh
do Iúdah, agus dfíafruigh misi dhíobh
do thaoibh na Níuduigheadh dochuáidh as,
noch do fágbhadh do na daoirsinea-
caibh, agus a ttaobh Ierusalem.


L. Ne1:3


Agus adubhradar riom, an fui-
ghioll do fágbhadh do na braighdibh ann-
sin ansa bprobhins atáid a mbuáidhreadh
mhór, agus a míochlú: do briseadh si-
ós balladha Ierusalem mar an gcéa-
dna, agus do loisgeadh a geatadh le
teine.


L. Ne1:4


Agus tárla an tan dochúala
misi na bríathraso, gur shuigh mé síos,
agus gur ghuil mé, agus go ndéarna
mé doilghios laéthe áirigh, agus gur
throisg mé, agus gur ghuidh mé a bhfiadh-
nuise Dé neimhe.


L. Ne1:5


Agus adubhairt mé, iarruim dath-
chuinghe ort, a Thighearna Día neimhe,
an Día mór úathbhásach, choimhéadus cunn-
radh agus trócaire don mhéid ghrá-
dhuigheas é, agus choimhéadas a aithean-
ta:


L. Ne1:6


Bíodh do chluas anois fuireachuir,
agus do shúile foscuilte lé ccluinfe
tú urnaigh do sherbhísigh, noch doním
anois ad fhiaghnuisi, do ló agus
doidhche ar son chloinne Israel do ser-
bhísigh, agus ag admháil peacaidh chloinne
Israel, noch do pheacuigheamar ad ag-
haidh: misi ar aon, agus tigh mathar
do pheacuigheamar.


L. Ne1:7


Dorinneamar go rothruáillighthe
ad aghaidhsi, agus níor choimhédamar na
haitheanta, náid na reachda, náid na breith-
eamhnuis do aithin tú dot sherbhíseach Má-
oise.


L. Ne1:8


Guidhim thú, cuimhnigh an focal
do aithin tú dot sherbhíseach Maóise,
gha rádh, má chiontuidhe, sgaóilfe misi
amach sibh ar feadh na ccríoch:


L. Ne1:9


Acht má fhilltighe chugam, agus
maitheanta do choimhéd, agus a ndénamh;
dá mbeadh go tteilgfidhe amach cuid
aguibh gus an ccuid is sía uáibh do
neamh, gidheadh dobhéra misi assin íad,
agus cruinneocha mé íad don náit do
thogh mé do chur manma ann.


L. Ne1:10


Anois is íadso do sherbhísigh,
agus do phobal, noch do sháor tú le do
chumhachd mhóir, agus le do láimh láidir.


L. Ne1:11


O a Thighearna, guidhim thú, bíodh
do chlúas anois aireach do ghuidhe do sher-
bhísigh, agus do ghuidhe do sherbhíseach ar
a bhfuil fonn eagla hanma do bheith or-
ra: agus soirbhigh dot sherbhíseach a
niugh, íarruim dathchuinghe ort, agus
déonuidh trócaire dhó as coinne an duinesi.
Oír bá misi giolla-cupáin an Rígh.


L. Ne2:1


Agus tárla a mí Nisan, ann-
sa bhfithchiodmhadh bliadhain do
Artaxerxes an Rígh go
raibh fíon da lathair, agus
do thóg misi an fíon, agus thug mé
don Rígh é: anois ní bhínnsi roimhesin
dubhach iona fhiadhnuisi.


L. Ne2:2


Uimesin adubhairt an Rígh riom,
cred as a bhfuil do ghnúis duilbhir, ó
nach bhfuil tú tinn? ní héinní so acht
doilghios croidhe. Annsin dobhí roeagla
orum.


L. Ne2:3


Agus adubhairt mé ris an Rígh,
go mairidh an Rígh go bráth: cred as
nach bíadh mo ghnúis dubhach, anuáir
go bhfuil an chathair, áit adhlaicthe maith-
readh, fásfholumh, agus a geatadha lois-
ge le teine.


L. Ne2:4


Annsin adubairt an Rígh riomsa,
cred é an ní atá tusa díarruidh?
marsin do ghuidh misi chum Dé neimhe.


L. Ne2:5


Agus adubhairt mé ris an Rígh,
más toil ris an Rígh, agus má fuair
do sherbhíseach fabhar ad radharc, go madh
toil leachd misi do chur go Iúdah go
cathruigh adhlaicte maithreadh; iondus go
ccuirfe mé súas í.


L. Ne2:6


Agus adubhairt an Rígh riom
(an bhainríoghain fós na suidhe láimh ris)
cred é fad na haimsire bhías do thur-
us, agus cá huáir fhillfios tú? marsin
bá toil ris an Rígh, mo chur ar
siubhal, agus dorinne mé uáir chinnte
ris.


L. Ne2:7


Agus ós a chionnsin fós adu-
bhairt mé ris an Rígh, más toil ris an
Rígh é, tugthar litreacha dhamhsa chum
na núachtarán taóbh thall dabhuinn, misi
do chur slán thairis nó go ndeachaidh mé
go Iúdah;


L. Ne2:8


Agus litir go Asaph coimhéd-
uigh foraóise an Rígh chor go ttiubh-
radh sé adhmad damh, dá ndéna mé
postadha do gheatadhuibh an pháláis, noch
bheanus ris an ttigh, agus do bhalla
na caithreach, agus don tigh iona racha
mé asteach: agus daontuigh an Rígh
dhamh do réir láimhe maithe Dé orum.


L. Ne2:9


Annsin tháinic mé gus na húach-
taránuibh táobh thall dabhuinn, agus thug
mé litreacha an Rígh dhóibh: (anois do
chuir an Rígh caiptíne don tsluagh, a-
gus marcshlúagh liom.)


L. Ne2:10


Anuáir dochúaluidh Sanbal-
lat an Horoníteach sin, agus To-
biah an serbhfhoghantuigh Ammoniteach,
do ghoill sé orra go hiomarcach, go
ttiucfadh duine díarruidh maitheasa chloinne
Israel.


L. Ne2:11


Marsin tháinic misi go Hie-
rusalem, agus dobhí mé annsin trí
lá.


L. Ne2:12


Agus déirigh mé san noidhche,
mé féin, agus beagán daóine liom, a-
gus níor innis mé dénduine cred do
chuir Día ann mo chroidhe do dhénamh ann
Ierusalem: ní mó dobhí ainmhidh ar
bith am fhochair acht an tainmhidh dobhí
dom iomchar.


L. Ne2:13


Agus dochuáidh mé amach san
noidhche ag geata an ghleanna, eadhon as
coinne thobair an dragúin, agus láimh
ris an bport aoiligh, agus do mheas
mé balladha Ierusalem, noch do bris-
eadh síos, agus a geatadha dobhí ar
an losgadh re teine.


L. Ne2:14


Annsin dochuáidh mé romham go
geata an tobair, agus go lochán an Rígh:
acht ní raibh slighe ar bith ag an mbei-
theach dobhí fúm a rachadh sé thairis.


L. Ne2:15


Annsin dochuáidh mé súas
annsanoidhche láimh ris an tsruthán, agus
do mheas mé an balla, agus dfill mé
tar mais, agus dochuáidh mé asteach
a ngeata an ghleanna, agus marsin dfill
mé.


L. Ne2:16


Agus ní raibh a fhios ag na
húachtaránuibh cáit a ndeacha mé, nó
cred dorinne mé, ní mó dinnis mé é
fós do na Iúduighibh, nó do na sa-
gartuibh, nó do na huáislibh, nó do
na ríaghlathóirighibh, nó don chuid oile do
bhí ag obair.


L. Ne2:17


Annsin adubhairt mé ríu, dochíthí
anaindesi iona bhfuilmíd, mar atá
Ierusalem na fásach, agus a geatadha
loisge re teine: tigidh, cuiriom súas
balla Ierusalem, go nach bíam níos
mó fá mhíomhodh.


L. Ne2:18


Annsin dfoillsigh mé dhóibh láimh
mo Dhé, noch dobhí líomh go maith, a-
gus bríathra an Rígh mar an ccéd-
na, mar do labhair sé riom. Agus a
dubhradarsan, éirghiom, agus dénam a
nobair súas; marsin do neartuighea-
dar a lámha chum na hoibre maithesi.


L. Ne2:19


Acht anuair dochúaluidh San-
ballat an Horoníteach, agus Tobiah
an searbhfhoghantuigh Ammoníteach, agus
Gessem an Tarábianachsin, do gháirea-
dar go tarcuisneach fúinn, agus thu-
gadar neimhchion oruinn, agus adu-
bhradar, cred é an ní sí doníthi? an
rachfuidh a gceannairc anaghaidh an Rígh?


L. Ne2:20


Annsin do fhreagair misi íad, a-
gus adubhairt mé ríu, cuirfe Día neimhe
air ar naghaidh sinn; uimesin sinne a sher-
bhísigh éireochum, agus dodhéanam o-
bair: acht ní bhfuil roinn, nó ceart, nó
chuimhniughadh aguibhsi ann Ierusalem.


L. Ne3:1


Ansin déirigh Eliasib an
tárdshagart súas gona
dhearbhráithribh na sagairt, a-
gus do chuireadar geata na
ccáorach suas, do náomhui-
gheadar é, agus do chuireadar comhladha
ris; ó thor Meah air fad go tor Hananeel
do náomhuigheadar é.


L. Ne3:2


Agus a ngar dósin dorinneadar
muintir Iericho obair, agus láimh ríu
sin dorinne Saccur mhac Imri obair.


L. Ne3:3


Acht do chuireadar mic Hasse-
naah geata anéisc súas, agus do
chuireadar súas a dhoirse, a ghlais, agus
a bharradha.


L. Ne3:4


Agus láimh ríusin do leasuigh
Merimot mhac Uriah, mhic Cos: agus
láimh riúsin do leasuigh Messullam
mhac Berechiah mhic Messesabeel: a-
gus láimh ríusin doibrigh Sadoc mhac
Baana.


L. Ne3:5


Agus láimh ríusin do leasuigh-
eadar na Tecoitig; acht níor chuireadar
a nuáisle a muinéil fa obair an Tigh-
earna.


L. Ne3:6


Tuilleamh oile, do leasuigh Iehoia-
da mhac Paseah, agus Messullam
mhac Besodeiah an seingheata: do
chuireadar a shaltacha na suidhe, agus do
chuireadar súas a dhoirsi, a ghlais, a-
gus a bharradha.


L. Ne3:7


Agus na dhiáighsin do leasuidh
Melatiah an Gibeoniteach, agus Ia-
don an Meronotiteach, muintir Ghi-
beon agus Mhispah, go cathaóir ríogh-
dha anúachdaráin don taóibhsi donabh-
uinn.


L. Ne3:8


Láimh rissin do leasuigh Ussiel
mhac Harhaiah do na cérduibh óir:
láimh rissin mar an gcédna do leasuigh
Hananiah, mac aóin do na potecairibh,
agus do dhaingnigheadar Ierusalem go
nuige an balla leathan.


L. Ne3:9


Agus láimh rissin do leasuigh
Rephaiah mhac Hur, úachtarán leithe
Ierusalem.


L. Ne3:10


Agus laimh ríusin do leas-
uidh Iedaiah mhac Harumaph, eadhon
thall as coinne a thighe féin; agus
láimh rissin do leasuigh Hattus mhac
Hassabniah.


L. Ne3:11


Do leasuigh Malchiiah mhac Ha-
rim, agus Hassub mhac Pahat-Moab
an píosa oile, agus tor na sorn.


L. Ne3:12


Agus láimh rissin do leasuigh
Sallum, mhac Halohes, úachtarán leith
choda Dierusalem, é féin, agus a in-
gheana.


L. Ne3:13


Do leasuigh Hanum, agus áit-
reabhuigh Shanoah geata an gleanna; do
chuireadar suas é, agus do shuigheadar
suas a dhoirsi, a ghlais, agus a bhar-
radha, agus míle cubhad air an mballa
go nuige geata anaóiligh.


L. Ne3:14


Acht sé Malchiah mhac Ré-
chab úachdarán coda do Bhet-hacce-
rem, do chuir geata anaóiligh suas,
dorinne sé é, agus do chuir sé a dhoir-
si suas, agus a glais, agus a bhar-
radha.


L. Ne3:15


Acht sé Sallum mhac Col-
hoseh, úachdarán coda do Mhispah,
dorinne geata an tobuir: do thóg sé
é, agus do chuir díon air, agus do chuir
a dhoirse súas, a ghlais, agus a bhar-
rada, agus balla locháin Shiloah
láimh re gáirdín an Rígh, agus go nuige
na staighreadha théid síos ó chathruigh
Dháibhi.


L. Ne3:16


Na dhiaighsin Nehemiah mhac
Asbuc úachdarán leathchoda do Bhet-
sur, do leasuigh sé go nuige anáit thall
as coinne thuama Dháibhi, agus go
nuige an lochán dorinneadh, agus go
tigh an chumhachduigh.


L. Ne3:17


Na dhiáighsin do leasuigheadar
na Lebhítigh, Rehum mhac Bani; na dhiáigh
sin do leasuigh Hassabiah, úachtarán
leathchoda do Cheilah, ann a chuid féin.


L. Ne3:18


Na dhiáighsin do leasuigheadar a
ndearbhráithre, Babhai mhac Henadad úachd-
arán leathcoda Ceilah.


L. Ne3:19


Agus láimh ris do leasuigh E-
ser mhac Iessua, úachdarán Mispa
píosa oile thall as coinne dhula súas
go tigh na narm ar chasadh (an bhalla.)


L. Ne3:20


Na dhiáighsin do chuir Baruch
mhac Sabbai an chuid oile suas go
dithchiollach ó chasadh an bhalla go do-
rus thighe Eliassib an tárdshagart.


L. Ne3:21


Na dhiáighsin dorinne Merimot
mhac Uriiah, mhic Cos, píosa oile ó
dhorus thighe Eliassib, air fad go hédan
thighe Eliassib.


L. Ne3:22


Agus na dhiáighsin do leas-
uigheadar na sagairt, muintir an réitigh.


L. Ne3:23


Na dhiáighsin do leasuigh Ben-
iamin agus Hassub thall as coinne a
ttighe féin: na dhiáighsin do leasuigh
Asariah mhac Maaseiah mhic Ananiah,
láimh re na thigh féin.


L. Ne3:24


Na dhiáighsin do leasuigh Binnui
mhac Henadad píosa oile, ó thigh Asa-
riah go casadh an bhalla, eadhon go
nuige an ccoirnéul.


L. Ne3:25


(Do leasuigh) Palal mhac Usai
thall as coinne chasta an bhalla, agus an tuir
atá amach as coinne thighe áird an Rígh,
dobhí láimh ré cúirt an phríosúin: na
dhiáighsin doibrigh Pedaiah mhac Paros.


L. Ne3:26


Tuilleamh fós do áitreabhadar na
Netinimigh ann Ophel go nuige anáit
thall as coinne gheata annuisge,
leath shoir, agus an tuir théid amach.


L. Ne3:27


Na dhiáighsin do leasuigheadar na
Tecoitigh píosa oile, thall as coinne an
tuir mhóir atá amuigh, eadhon go nuige
balla Ophel.


L. Ne3:28


Do chuireadar na sagairt súas
ó thimchioll gheata na neach, gach énduine
as coinne a thighe féin.


L. Ne3:29


Na dhiáighsin do chuir Sadoc
mhac Immer as coinne a thighe féin súas,
na dhiáighsin do leasuigh Semaiah mhac
Secaniah coimhéduigh an gheata shoir.


L. Ne3:30


Na dhiáighsin do leasuigh Hana-
niah agus Hanun an seiseadh mac
do Shalaph píosa oile: na dhiáighsin
do leasuigh Messullam mhac Berechi-
ah thall as coinne a shéomra.


L. Ne3:31


Na dhiáighsin do leasuigh Mal-
chiah, mac an chérda óir, go nuige
áit na Netinimeach, agus na cceann-
uigheadh thall as coinne an gheata Mi-
phcad, agus go dul súas an choirnéil.


L. Ne3:32


Agus eidir dhul súas an choir-
néil go geata na ccáorach do chuireadar
na cérda óir agus na ceannuighthe súas é.


L. Ne4:1


Acht tárla anuáir docúa-
laidh Sanballat gur chuirea-
mar an balla súas, dobhí
fearg air, agus do gabh ath-
mháoltas mór é, agus do
bhí ag magadh air na Iúduighibh.


L. Ne4:2


Agus do labhair a lathair a dhearbhráith-
reach, agus shluáigh Shamária, agus
adubhairt; cred éso doníd na Iúd-
uige éagcruáidhsi? a ndénuid daingion
dóibh féin? a ndénuid íodbuirt? an
ccríochnochuid anáonló? anaithbhéobhuid
na clocha as na cárnuibh dearga atá
loisge?


L. Ne4:3


Anois dobhí Tobiah an Tammo-
níteach na aice agus adubhairt sé, an
sáotharsin noch do chuireadar súas má
théid sionnach súas, brisfidh sé amh
síos a mballa cloiche.


L. Ne4:4


Cluinso, ó ar Ndíane, óir atá-
maóid fá tharcuisne; agus iompóigh a
masla ar a cceann féin, agus tabhair na
ccreich íad a ttír ná daóirsine.


L. Ne4:5


Agus na ceil anéigceart, agus
ná scriostar amach a bpeacadh as
tfiadhnuisisi: óir do bhrostuigheadar
chum feirghe thú a lathair an luchd oib-
re.


L. Ne4:6


Marsin do chuireamar an balla
súas, agus do ceangladh an balla uile
dhá chéile go nuige a leath: óir dobhí
fonn oibre air na daóinibh.


L. Ne4:7


Acht tárla anuair dochúaluidh
Sanballat, agus Tobiah, agus na
Harábianuigh, agus na Hammonitigh, a-
gus na Hasdoditigh gur cuireadh bal-
ladha Ierusalem súas, agus go rabha-
dar na bérnadha ar tí bheith druite, ann-
sin dobhí fearg mhór orra.


L. Ne4:8


Agus do choimhíadhadar uile re
chéile do theacht súas, agus do throid
anaghuidh Ierusalem, agus anobair
sin do thoirmiosg.


L. Ne4:9


Ar a shonsin dorinneamairne ar
nguidhe chum ar Ndé, agus do chuireamar
faire re na naghaidh do ló agus doidhche
ar a neagla.


L. Ne4:10


Agus adubhairt Iúdah, do lag-
uigheadh neart lucht iomchair na núalach, a-
gus atá mórán tróthair ann, iondus nach
bhfédmuid an balla do dhénamh.


L. Ne4:11


Agus adubhradar ar námhuid,
ní bhiáidh fios aca, agus ní fhaicfid síad
nó go ttigimne iona lár, agus go
marbham íad, agus go ttugam ar a
nobair cosc.


L. Ne4:12


Agus tárla anuair thanga-
dar na Iúduighe dobhí láimh ríu na ccomh-
nuighe go ndubhradar rinne deich nuáire:
as anuile bhall as a niompochthaói chu-
guinne, (béid síad ar bhur muin.)


L. Ne4:13


Ar anadhbharsin do chuir misi
ar an ccuid dobísle táobh shíar don
bhalla, agus ar an ccuid dob áirde
fós do chuir mé na daoine do réir a
muintear guna ccloidhmhibh, gun a ngáe-
thibh, agus guna mbodhuighibh.


L. Ne4:14


Agus dféach mé, agus déirigh
mé súas, agus adubhairt mé ris na
huáislibh, agus ris na húachdaranuibh,
agus ris an ccuid oile don phobal,
ná húamhnuighthear sibh rompa súd; cuimh-
nighidh an Tighearna atá mór úathbhá-
sach, agus troidigh ar son bhur ndear-
bhráithreach, bhur mac, agus bhur ninghean,
bhur mban, agus bhur ttightheadh.


L. Ne4:15


Agus tárla anuáir dochúa-
ladar an namhuid go bhfúaramairne scéula,
agus go ttug Día a ccomhairlesion
a neimhní, gur fhilleamar uile ar an mbal-
la, gach aon dínn ar a chuid oibre féin.


L. Ne4:16


Agus tárla ónnuáirsin amach
gur oibrigheadar leath mo sheirbhíseachsa
ansanobair, agus an leath oile dhíobh do chong-
mhadar na gáethe, na scíatha, agus na
boghuighe, agus na lámha airm, agus do
bhádar na húachtaráin táobh shíar uile do
thigh Iúdah.


L. Ne4:17


An lucht do oibrigh ar an
mballa, agus lucht iomchair na núalach
maille ris an lucht do chuireadh úaluighe
súas, doníodh gach áon díobh obair
leathláimhe, agus an leathlámh oile ag
congmháil airm.


L. Ne4:18


Arson na sáor, dobhíodh a chloidh-
eamh thair gach áonduine dhíobh air a thaobh,
agus é marsin ag dénamh oibre, agus
an té do bhuaileadh an stoc dobhí sé
am fhochairse.


L. Ne4:19


Agus adubhairt misi ris na
huáislibh, agus ris na húachdaranuibh,
agus ris an ccuid oile don phobal,
as mór agus is leathan anobair, agus
atámaóid dealuighthe air an mballa a bhfad
ó chéile gach áon aguinn.


L. Ne4:20


Ar anadhbharsin gidhbhé áit
a ccluinfidhe fuáim an stuic, cruinnighidh
annsin chuguinn; troidfidh ar Ndía air
ar son.


L. Ne4:21


Marsin do sháothruigheamar ann-
sanobair, agus leath dhíobh ag iomchar na
ngáetheadh, ó eirghe na mainde go faic-
sin na réultann.


L. Ne4:22


Mar an ccédna sannamsin
féin adubhairt mé ris an bpobal, lui-
ghidh gach áonduine, gona óglach astigh
ann Ierusalem, ar chor go mbéid na
ngárda aguinn san noidhche, agus go
noibrighid san ló.


L. Ne4:23


Marsin níor chuir misi no mó
dhearbhráithre, nó mo sheirbhíseacha, nó muin-
tir an ghárda, noch do lean misi, ar néd-
uighe dhínn, acht anuáir do chuireadh gach
áon de dhá nighe.


L. Ne5:1


Agus dobhí gártha móra ag
an bpobal, agus agá mnáibh
anaghaidh a ndearbhráithreach
na Iúduighe.


L. Ne5:2


Oír dobhí cuid díobh
adubhairt, attámuidne sinn féin, ar mic,
agus ar ningheana iomad; uimesin tóg-
bhamuid arbhar súas dóibh, chor go nith-
eamaóis bíadh, agus go mbéimís béo.


L. Ne5:3


Dobhí cuid oile mar an gcéd-
na adubhairt, do chuireamar ar bhfearann
a ngeall, ar bhfíneamhuin, agus ar ttighthe,
le cceainneochaimís arbhar, do bhrígh na
gorta.


L. Ne5:4


Dobhí fós cuid oile adubhairt,
do ghabhamar airgiod airligthe chum cíosa
an Rígh, agus sin air ar bhfearannuibh,
agus air ar bhfíneamhnuibh.


L. Ne5:5


Gidheadh anois is ionann ar bhfeóil
agus feóil ar ndearbhráithreach, ar cclann
mar a ccloinnsion; agus féuch do
bheirmíd a serbhís ar mic, agus ar
ningheana, dá mbeith na searbhfhoghantuibh
aca, agus cuid dar ningheanuib ar ndul
a mbruid (cheana féin), agus ní bhfuil
air ar ccumhachduibh a bhfuascladh: óir
atáid ar bhfearuinn, agus ar bhfíneamhna
ag daóinibh oile.


L. Ne5:6


Agus dobhí misi lán dfeirg anuair
dochúala mé a ccomhairc, agus na
bríathrasa.


L. Ne5:7


Annsin do chomhairligh mé riom féin,
agus thug mé imdheargadh do na huáis-
libh, agus do na húachdaranuibh, agus
adubhairt mé ríu: coimhégnidhthi gach aon-
duine aguibh úsúireacht air a dhearbhrathair:
agus do shuighidh mé oireachtus mór
na naghaidh.


L. Ne5:8


Agus adubhairt mé ríu, sinne
do réir ar ccumuis dfúasglamar ar
ndearbhráithre, na Iúduighe, noch do rea-
cadh ris na geintibh, agus an reac-
fuidhesi cheana bhur ndearbhráithre? nó an
reacfuighthear rinne íad? Annsin do thochda-
dar, agus ní bhfuaradar ní do fhreagóraidís.


L. Ne5:9


Agus mar an ccédna adubhairt
mé, ni maith an ní doníthí: nach ar chóir
dhíbhse siubhal aneagla ar Ndé, do
bhrígh masla na ngeinteadh ar námhad?


L. Ne5:10


Dfédfuinnsi fós, agus mo dhear-
bhráithre, agus mo sheirbhísigh, airgiod
agus arbhar, do choimhéigniughadh úatha:
guidhim sibh, léigiom dhinn anúsuireacht-
sa.


L. Ne5:11


Guidhim sibh, aisigidh dhóibh aniugh
féin a bhfearuinn, a bhfíneamhna, a lubhgoirt
ola, agus a ttighthe, agus mar an
ccédna an dédmhadh cuid donairgiod,
agus donarbhar, donfíon, agus
donola do bheanabhair dhíobh.


L. Ne5:12


Annsin adubhradarsan, aiseo-
gam, agus ní íarrfam éinní orra;
mhar adeir tusa is marsin dodhé-
nam: annsin do ghoir mé na sagairt, a-
gus do bhean mé mionna dhíobsan go
ndénaidís do réir na geallamhnasa.


L. Ne5:13


Mar an ccéadna do chroith mé
mucht, agus adubhairt mé, go ccroithidh
Día marso amach as a thigh, agus
as a shaothar an té nach ccoimhéolluidh
an gealladhsa, gu ma marso croithfigh-
thear amach, agus fhoilmheochthar é: a-
gus adubhairt an comhchruinniughadh uile,
Amen. agus do mholadar an Tighearna.
Agus dorinneadar na daóine do réir
na geallamhnasa.


L. Ne5:14


Os a chionn sin ónam fár
hórduigheadh misi do bheith am úachtarán
a bhfearann Iúdah an bhfithchiodmhadh blía-
dhain, ga nuige an dara bliadhuin déug
ar fhithchid do Artaxerxes an Rígh,
dhá bhlíadhuin déag, níor ith mé féin nó
mo dhearbhráithre arán anúachdaráin.


L. Ne5:15


Acht na húachdaráin dobhí romh-
am dobhádar costasach don phobal, a-
gus do ghlacadar arán, agus fíon
uatha táobh amhuigh do cheathrachad Se-
cel airgid; dobhí fós agá sherbhíseachaibh
ríaghuil ós cionn an phobail: acht ní
dhéarnuidh misi marsin ar eagla Dé.


L. Ne5:16


Dfan mé fós anobair an bhalla
so, níor cheanchamar dúithche ar bith, agus
do cruinnigheadh mo sherbhisigh uile annsin
chum na hoibre.


L. Ne5:17


Tuilleamh fós dobhí ar mo bhórd
céd, agus cáogad do na Iúduighibh,
agus do na húachdaránuibh, táobh amuigh
dá ttigeadh chuguinn as measc na ngein-
teadh atá air gach taóibh dhínn.


L. Ne5:18


Anois gach a ngléustaói dhamh-
sa go laetheamhuil, budh aondamh agus
sé caóirigh toghtha íad; mar an gcéd-
na do gléastaoi énlaith dhamh, agus
uáir annsna deich lá mórán dá gach
sórt fíona: gidheadh ar a shonsin uile
níor íarr mé arán anúachdaráin do
bhrígh go raibh an daóirsine trom ar
an bpobal.


L. Ne5:19


Smuáin orumsa, ó mo Dhía,
chum maitheasa do réir anuile ní dá
ndérna mé ar son an phobailsi.


L. Ne6:1


Anois tárla anuair dochúa-
la Sanballat, agus Tobi-
ah, agus Gessem an Ta-
rábianach, agus an chuid
oile dar naimhdibh gur chuir
misi an balla súas, agus nar fág-
bhadh beárna ar bhith air: gidh nar chuir mé
fanamsin doirsi súas air na geatadh-
uibh:


L. Ne6:2


Gur chuir Sanballat, agus Ges-
sem fios chugam ghá radh, tárra, teag-
bham re chéile a mbaile éigin a réiteach
Ono: acht do shaóileadarsan urchóid
do dhénamh dhamhsa.


L. Ne6:3


Agus do chuir misi teachta cu-
casan, gha rádh, atáim ag dénamh oibre
móire, uimesin ní fhéduim dul síos:
cred fá sguirfeadh anobair, an feadh
dfúigfinnsi í, agus teacht síos cugaibh-
si?


L. Ne6:4


Gidheadh do chuireadar fios chugam
ceithre huáire air an modhso, agus do
fhreagrainnsi íad ar an ccor ccédna.


L. Ne6:5


Annsin do chuir Sanballat a
shearbhfhoghanthuigh chugam air an modh ccéd-
na an cúigeadh huáir le litir oscuilte
iona láimh,


L. Ne6:6


Iona raibh scríobhtha, do hinnseadh
a measg na ngeinteadh, agus adeir
Gasmu é, go bhfuil tusa agus na Iúduighe
ar tí cogaidh do dhénamh: An chúis fa
bhfuil tú ag dénamh an bhalla, chor go
mbeitheá ad Rígh orra do réir na mbria-
tharsa.


L. Ne6:7


Agus dórduigh tú mar an gcéd-
na fáidhe do sheanmóir ort féin ann Ie-
rusalem, gha rádh, atá Rígh ann Iúdah:
agus anois inneostar so don Rígh do
réir na mbriatharso: tárr anois ar
anadhbharsin, agus dénam comhairle re
chéile.


L. Ne6:8


Annsin do chuir misi scéula
chuige, gha rádh, ní dhérnadh éinní don
tsórtsin adeir tú, acht tusa dá
ccuma as do chroidhe féin.


L. Ne6:9


Agus do chuireadar uile eagla or-
uinn, gha rádh, laigeochtar a lámha óno-
bair, chor nach déntar í. Anois ar a
nadhbharsin (ó a Dhía) neartuigh me
lámha.


L. Ne6:10


Na dhiáighsin tháinic mé go
tigh Shemaiah mhic Delaiah, mhic Nehe-
tabel, noch do híadhadh astigh; agus
adubhairt seision, ténum, teaghmhamaóis
dha chéile a ttigh Dé, astigh san theam-
pall, agus druideam doirsi an team-
puill; óir tiucfaid síad dot mharbhadh;
annsanoidhche aseadh thiucfaid síad dot
mharbhadh.


L. Ne6:11


Agus adubhairt misi, an tteith-
feadh duine mar misi? agus cía hé
do bheith mar misi dorachadh don team-
pall do dhídean a anma? ní racha mi-
si asteach.


L. Ne6:12


Agus cheana do aithin mé nach é
Día do chuir uadha é, acht gur fhoillsigh
sé an tairghiresi am aghaidh: óir dfos-
tóigh Tobiah agus Sanballat é.


L. Ne6:13


As uimesin do lúachuigheadh é, do
chur eagla orumsa, agus sin do dhénamh,
agus peacughadh, agus go bhfuighedís
cúis drochthúarascbhála le maisleochai-
dís mé.


L. Ne6:14


O mó Dhía, smuáinsi ar Tho-
biah agus ar Shanballat do réir a
noibreacha, agus ar an mbanfháidh Noa-
dis, agus air an ccuid oile dona fáighibh,
ler mhían eagla do chur orumsa.


L. Ne6:15


Marsin do críochnuigheadh an bal-
la annsa ccúigeadh lá fithchiod (don mhí)
Elul, a ndá lá ar cháogad.


L. Ne6:16


Agus tárla anuáir dochúa-
luidh ar naimhde uile sin, agus na huile
gheinte dobhí ar gach táobh dhínn, anuáir
dochoncadar na neithesi, do cuireadh
síos go mór íad iona súilibh féin: óir
do thuigeadar gurob ó ar Ndíane do
rinneadh anobairsi.


L. Ne6:17


Tuilleamh oile, do chuireadar uáis-
le Iúdah annsna laethibhsin mórán lit-
reach go Tobiah, agus dothigdís lit-
reaca Thobiah chucasan.


L. Ne6:18


Oír dobhí mórán ann Iúdah thug
mionna dhó, do bhrígh gur chlíamhuin é do
Shechaniah mhac Arah, agus thug a
mhac Iohanan inghean Mhessullam mhic
Berechiah.


L. Ne6:19


Dinnseadar fós a ngníomha maithe
am lathairsi, agus dinnsedís mo bhriath-
rasa dhó, agus do chuir Tobiah litreacha
úadha do chur eagla orumsa.


L. Ne7:1


Anois tárla anuáir dobhí an
balla dénta, agus do chuir
misi na doirsi súas, agus
na doirseóirigh, agus an
lucht ceóil, agus na Lebhitigh orduighthe:


L. Ne7:2


Go ttug mé dom dhearbhrathair
Hanáni, agus do Hananiah uachdarain
an phaláis, cúram ós cionn Ierusalem:
(óir dobhí sé na dhuine fhírinneach, agus
eagla Dé air ós cionn mhóráin.)


L. Ne7:3


Agus adubhairt mé ríu, ná hos-
caltar geatadha Ierusalem nó go ttéi-
ghidh an ghrían; agus an feadh sheasfuid
síadsan do leathtaóibh, druididís na
doirse, agus cuiridís barradha orra,
agus órduigidh luchd faire do áitreabha-
chaibh Ierusalem, gach énduine iona áit
faire, agus gach áonduine do bheith as
cuinne a thighe féin.


L. Ne7:4


Anois dobhí an chathair fairsing mór,
agus beagán daóine inte, agus níor
cuireadh na tighthe súas.


L. Ne7:5


Agus do chuir mo Dhíasa ann mo
chroidhe na huáisle do chruinniughadh a
gcionn a céile, agus na huachdaráin,
agus an pobal, chor go náireomhthaoi
íad lena nginealach: agus fuáir
mé leabhar ginealuigh na méide tháinig a
níos a chéd uáir, agus fuáir mé scríobh-
tha annsin.


L. Ne7:6


Asíadso clann an phroibhinnse
dochuáidh súas as a ndaóirsine don
luchd rugadh ar siubhal, agus noch
rug Nebuchadnessar Rígh na Babi-
loine ar siubhal, agus thangadar a
rís go Hierusalem, agus go Iúdah
gach áon da chathruigh féin,


L. Ne7:7


Noch tháinic le Serubbabel: Ies-
sua, Nehemiah, Asariah, Raamiah,
Nahamani, Mordecai, Bilsan, Mispe-
ret, Bigbhai, Nehum, Baanah;
dobí so uibhir dhaóine phobail Israel.


L. Ne7:8


Clann Pharos, dhá mhíle céud a-
gus seachtmhodhad agus días.


L. Ne7:9


Clann Shephatiah, trí chéd seachd-
mhoghad agus días.


L. Ne7:10


Clann Arah sé chéud cáogad
agus días.


L. Ne7:11


Clann Phahat-Moab do chloinn
Iessua, agus Ioab, dhá mhíle agus
ocht ccéud agus a hochd déug.


L. Ne7:12


Clann Elam, mhíle dhá chéud cáo-
gad agus ceathrar.


L. Ne7:13


Clann Shattu, ocht ccéud ceath-
rachad agus cúigear.


L. Ne7:14


Clann Shaccai seacht ccéud a-
gus trí fithchid.


L. Ne7:15


Clann Bhinnui, sé chéud ceathra-
chad agus ochtar.


L. Ne7:16


Clann Bhebai, sé chéad fithche
agus ochtar.


L. Ne7:17


Clann Asgad, dhá mhíle trí chéud
fithche agus días.


L. Ne7:18


Clann Adonicam, sé chéud trí
fithchid agus móirsheisear.


L. Ne7:19


Clann Bhigbhai, dhá mhíle trí fithchid
agus móirsheisior.


L. Ne7:20


Clann Adin, sé chéud cáogad
agus cúigear.


L. Ne7:21


Clann Ader ó Heseciah, nóchad
agus ochtar.


L. Ne7:22


Clann Hassum, trí chéad fithche
agus ochtar.


L. Ne7:23


Clann Bhesai, trí chéud fithche
agus ceathrar.


L. Ne7:24


Clann Hariph, céud agus dhá
fhear dhéag.


L. Ne7:25


Clann Ghibeon nóchad agus
cúigear.


L. Ne7:26


Fir Bhetlehem agus Netó-
phah, céud ceithre fithchid agus ochdar.


L. Ne7:27


Fir Anatot, céud fithche agus
ochtar.


L. Ne7:28


Fir Bhet-Asmabhet, ceathrachad
agus días.


L. Ne7:29


Fir Chiriat-Iarim, Chephira,
agus Bheerot, seachd ccéad ceathrachad
agus tríur.


L. Ne7:30


Fir Ramah, agus Gheba, sé
chéud fithche agus áon.


L. Ne7:31


Fir Mhichmas, céud fithche a-
gus días.


L. Ne7:32


Fir Bhetel agus Ai, céud fithche
agus tríur.


L. Ne7:33


Fir Nebo oile, cáogad agus
cúigear.


L. Ne7:34


Clann an Elam oile, míle dhá
chéud caógad agus ceathrar.


L. Ne7:35


Clann Harim, trí chéud agus
fithche.


L. Ne7:36


Clann Iericho, trí chéud ceathra-
chad agus cúigear.


L. Ne7:37


Clann Lod, Hádid, agus Ono,
seachd ccéad fithche agus áon.


L. Ne7:38


Clann Shenaah, trí míle naói
ccéud agus tríochad.


L. Ne7:39


Na sagairt clann Iedaia, ó
thigh Iessua, naói ccéud seachdmhoghad a-
gus tríur.


L. Ne7:40


Clann Immer, míle cáogad a-
gus días.


L. Ne7:41


Clann Phassur, míle dhá chéad
ceathrachad agus móirseisior.


L. Ne7:42


Clann Harim, mhíle agus seachd
bhfir dhég.


L. Ne7:43


Na Lebhítigh: clann Iessua, ó
Chadmiel, agus do chloinn Hodebhah, seacht-
mhoghad agus ceathrar.


L. Ne7:44


Na cantairigh clann Asaph,
céad ceathrachad agus ochtar.


L. Ne7:45


Na doirseóirigh clann Shallum,
clann Ater, clann Thalmon, clann Ac-
cub, clann Hatita, clann Shobai, céad
tríochad agus ochtar,


L. Ne7:46


Na Netinimigh: clann Shiha,
clann Hasupha, clann Thabaot,


L. Ne7:47


Clann Cheros, clann Shia, clann
Phadon,


L. Ne7:48


Clann Lebana, clann Hagaba,
clann Shalmai,


L. Ne7:49


Clann Hanan, clann Ghiddel,
clann Ghahar,


L. Ne7:50


Clann Reaiah, clann Resin, clann
Necoda,


L. Ne7:51


Clann Ghassam, clann Ussa,
clann Phaseah,


L. Ne7:52


Clann Bhesai, clann Mheunim,
clann Nephissesim,


L. Ne7:53


Clann Bhaccuc, clann Hacupha,
clann Harhur,


L. Ne7:54


Clann Bhaslit, clann Mhehida,
clann Harsa,


L. Ne7:55


Clann Bharcos, clann Shisera,
clann Thamah.


L. Ne7:56


Clan Nesiah, clann Hatipha,


L. Ne7:57


Clann sherbhíseach Sholuimh, clann
Shotai, clann Shopheret, clann Pherida,


L. Ne7:58


Clann Iaala, clann Darcim, clann
Ghiddel,


L. Ne7:59


Clann Shephatiah, clann Hattil,
clann Phocheret ó Shebaim, clann Ammon.


L. Ne7:60


Na Netinimigh uile, agus clann
sherbhíseach Sholuimh, dobudh trí chéud
nóchad agus días,


L. Ne7:61


Agus dobíadso an mhéidh
mar an ccéadna dochuáidh súas ó Thel-
melah, Thelharessa, Cherub, Addon,
agus Immer: acht níor fhéadadar tigh
a nathar dinnisin, nó a síol, an do Is-
rael íad.


L. Ne7:62


Clann Delaiah, clann Thobiah,
clann Necoda, sé chéad ceathrachad agus días.


L. Ne7:63


Agus do na sagartuibh:
clann Habaiah, clann Chos, clann Bhar-
sillai; noch thug inghean do Bharsil-
lai an Gileadíteach na mnaói, agus do
goireadh íad do réir a nanma.


L. Ne7:64


Díarradarso a seanchus a measg
na muintire do háirmheadh tréna nginea-
lach, acht ní fríth é: uimesin mar
dhaóine cáidheacha do cuireadh ón tsagar-
tachd íad.


L. Ne7:65


Agus adubhairt an Tirsata riú,
nach íosaidís do na neithibh ronáomhta
nó go néirgheadh sagart súas lé Hu-
rim agus le Tummim.


L. Ne7:66


An comhchruinniughadh uile go hi-
omlán budh ceathrachad agus dá míle
trí chéd agus trí fichthid.


L. Ne7:67


Táobh amuigh da nóglachaibh, a-
gus da mbanóglachaibh, da raibh seacht
míle trí chéd tríochad agus móirshei-
sior: agus dobhí dhá chéad cheathra-
chad agus a cúig dfearuibh ceóil, agus
do mhnáibh ceóil aca.


L. Ne7:68


A neich seacht ccéd tríochad agus
a sé: a múillidhe, dhá chéd ceathrachad a-
gus a cúig.


L. Ne7:69


A gcámhuill, ceithre chéud trío-
chad agus a cúig: sé mhíle seacht ccéud
agus fithche assal.


L. Ne7:70


Agus thug cuid do thogha na
naithreadh chum na hoibre: thug an Tir-
sata chum a nionnmhuis, míle drama oír,
caogad báisín, cúig agus tríochad
culaidh shagairt.


L. Ne7:71


Agus thugadar cuid do thogha
na naithreadh chum stóir na hoibre fithche
míle drama óir, agus dhá mhíle agus
dhá chéd punta airgid.


L. Ne7:72


Agus isé méid thug an chuid oile
don phobal uatha, fithche míle drama óir, a-
gus dhá mhíle punta airgid, agus trí
fithchid agus seachd cculadhacha sagart.


L. Ne7:73


Marsin do áitigheadar na sa-
gairt, na Lebhitigh, agus na doirseóirigh,
agus an táos ceóil, agus cuid don
phobal, agus na Netinimigh, agus Is-
rael uile iona ccaithreachaibh; agus a
nuáir tháinic an seachtmhadh mí, dobhádar
clann Israel iona ccaithreachaibh.


L. Ne8:1


Agus do chruinnigh an pobal íad
féin a bhfochair a chéile amhuil
áonduine annsa tsráid dobhí
as coinne gheata anuisge,
agus do labhradar re Hes-
ra an scribhneóir do thabhairt leabhair dhli-
ghe Maoise leis, noch do aithin an Tigh-
earna do Israel.


L. Ne8:2


Agus thug Esra an sagart an
dligheadh as coinne an chomhchruinnigh fhear
agus ban; an mhéid lear bhféidir a chlos
maille re tuigsin, ar an ccéd lá don
tseachtmhadh mí.


L. Ne8:3


Agus do léigh sé ann, a bhfiadhnui-
si na sráide dobhí as coinne geata anuis-
ge, ó mhaidin go meadhon laói a lathair na
bhfear, agus na mban, agus na méide
dféud a thuigsin, agus dobhádar clúa-
sa an phobail uile aireach ar leabhar an
dlighe.


L. Ne8:4


Agus do sheas Esra an scribh-
neóir ar chrannghaile dorinneadar dén-
toisc dósin, agus rena tháobh do
sheas Mattitiah, agus Sema, agus U-
riiah, agus Hilciah, agus Maaseiah
ar a láimh dheis; agus air a láimh chlé
Pedaiah, agus Missael, agus Mal-
chiah, agus Hassum, agus Hasbada-
na, agus Sechariah, agus Mesul-
lam.


L. Ne8:5


Agus dfoscuil Esra an leabhar
a radharc an phobuil uile (óir dobhí sé
ós cionn an phobail uile) agus anuáir
dfoscuil sé é, do sheasadar an pobal
uile súas.


L. Ne8:6


Agus do bheannuigh Esra an Tigh-
earna an Día mór: agus do fhreagair an
pobal uile, Amen, Amen, ag tógbháil
a lámh súas: agus do chromadar a
ccinn, agus do adhradar an Tighearna
lena naighthibh chum na talmhan.


L. Ne8:7


Mar an ccédna thug Iessua, a-
gus Báni, agus Sherebiah, Iamin, Ac-
cub, Sabbetai, Hodiiah, Maaseiah, Ce-
lita, Asariah, Iosabad, Hanan, Pe-
laiah, agus na Lebhítigh, ar an bpobal
an dligheadh do thuigsin: agus do sheasa-
dar na daóine iona náit.


L. Ne8:8


Marsin do léigheadar annsa leabhar
dligheadh Dé go soilléir, agus thuga-
dhar a chíall úatha, agus thugadar
orra an leightheóireacht do thuigsin.


L. Ne8:9


Agus Nehemiah, noch as é an
an Tirsata, agus Esra an sagart
an scribhneóir, agus na Lebhítigh do
theagaisc an pobal, adubhradar ris
an bpobal uile, atá an lá aniugh náomh-
tha don Tighearna bhur Ndía, ná déanuidh
doilghios nó gul: óir do ghuil an po-
bal uile anuáir dochúaladar bríath-
ra an dlighe.


L. Ne8:10


Annsin adubhairt sé ríu, im-
thighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus
ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum
na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní:
óir atá an láso náomhtha dar TTigh-
earna: narab mó bhías doilghios oruibh,
óir isé gáirdeachus an Tighearna bhur
neart.


L. Ne8:11


Marsin do choisgeadar na Le-
bhitigh an pobal uile, gha rádh, bíthi
bhur ttochd, óir atá an lá naomhtha, a-
gus ná bíthí dóbrónach.


L. Ne8:12


Agus dimthigheadar an pobal
uile rompa dithe agus dól, agus do
chur ronna úatha, agus do dhéanamh
sóláis mhóir, do bhrígh gur thuigeadar
na bríathra do foillsigheadh dhóibh.


L. Ne8:13


Agus ar an dara lá do chrui-
nnigh a bhfochair a chéile togha na naith-
readh, na sagairt, agus na Lebítig go
Hesra an scribhneóir, eadhon do thuig-
sin bhriathar an dlighe.


L. Ne8:14


Agus fúaradar scríobhtha ann-
sa dligheadh, noch do aithin an Tighearna
tré Mhaóise, go ndéindís clann Israel
comhnuigh a mbothuibh a bhfésta an
seachtmhadh mí.


L. Ne8:15


Agus go bhfoillseochaidís, a-
gus go bhfuáigeoraidís iona ccaith-
reachaibh, agus ann Ierusalem, dha rádh,
éirghidhe amach fán tslíabh, agus tugaidh
libh cráobha do chrann ola, agus géaga
pínchroinn, agus cráobha Mirtil, agus
cráobha pailme, agus beangáin do chran-
uibh tiugha, do dhénam botha, mar atá
scríobhtha.


L. Ne8:16


Marsin dochuáidh an pobal a-
mach, agus thugadar léo íad, agus
dorinneadar botha dhóibh féin, gach áon
ar mhullach a thighe féin, agus iona
ccúirtibh, agus a ccúirtibh thighe Dé,
agus a sráid gheata anuisge, agus
a sráid gheata Ephraim.


L. Ne8:17


Agus dorinneadar an comh-
chruinniughadh uile an mhéid tháinic arís
as a ndáoirsine dhíobh botha, agus do
shuigheadar faói na bothuibh: ó láethibh Ie-
sua mhic Nun go nuige an lásin ní
dhérnadar clann Israel marsin: agus
dobhí rogháirdeachus mór annsin.


L. Ne8:18


Marsin lá ar lá ón ccéadlá
go nuige an lá deighionach do léigh
sé a leabhar dlighe Dé: agus do chonng-
mhadar an féasta seachd lá, agus ar
anochtmhadh lá dobhí oireachdus sólla-
monta do réir an ghnátha.


L. Ne9:1


Anois annsa cheathramhadh lá
fithchiod don mhí do chruinnighea-
dar clann Israel do thros-
cadh maille re saicéadui-
ghibh, agus cré orra.


L. Ne9:2


Aguis do dhealuidh sliochd Israel
íad féin ó gach uile choimhightheach, agus
do sheasadar, agus do admhadar a
bpeacuigh, agus cionta a naithreach.


L. Ne9:3


Agus do sheasadar súas iona
náit, agus do léigheadar a leabhar dlighe
a TTighearna Día an ceathramhadh cuid
don ló, agus an ceathramhadh cuid oile
ag admháil a bpeacadh, agus do adhra-
dar a TTighearna Día.


L. Ne9:4


Annsin do sheasadar súas ar
staidhreadhuibh na Lebhiteach Iessua, a-
gus Báni, Cadmiel, Sebaniah, Bunni,
Serebiah, Báni, agus Chenani, agus
do éigheadar do ghuth árd ar a TTighear-
na Día.


L. Ne9:5


Annsin adubhradar na Lebhitigh,
Iessua, agus Cadmiel, Báni, Hasab-
niah, Serebiah, Hodiiah, Sebaniah, a-
gus Petahiah, seasuidh súas, agus
beannuighidh bhur TTighearna Día a sáoghal
na sáoghal, agus go madh beannuigh hai-
nm glórmhar (a Dhé) noch atá ar nár-
dughadh ós cionn gach uile bheannuighthe a-
gus mholta.


L. Ne9:6


Tusa, eadhon tusa amháin, is Tigh-
earna ann, is tú dorinne neamh, flaitheas
na bhflaitheas maille rena sluagh uile,
an talumh agus na huile neithe dá bhfuil
ann, na fairgheaghdha agus anuile ní dá
bhfuil ionta, agus cumhduighidh tusa íad
uile, agus adhruidh sluagh nimhe thú.


L. Ne9:7


Is tú an Tighearna Día, noch
do thogh Abram, agus thug amach é
as Ur na Ccaildeánach, agus thug
Abraham dainm air:


L. Ne9:8


Agus fúair tú a chroidhe fírinn-
each ad fhiaghnuise, agus dorinne thú
cunnradh ris, dúithche na Ccana-
níteach, agus na Hittiteach, agus
na Namoriteach, agus na Bperisi-
teach, agus na Iebusiteach, agus na
Girgasiteach do thabairt dá shíol, a-
gus do chomhuill tú do bhríatra: óir
atá tú fírénta:


L. Ne9:9


Agus dochonnairc tú pían ar
naithreadh san Négipt, agus dochúala
tú a néigheamh ag an muir ruáidh:


L. Ne9:10


Agus do thaisbéin tú comhar-
thadha, agus ionganta air Pharao,
agus air a mhuintir uile, agus ar dhaói-
nibh a thíre uile: óir dobhí a fhios a-
gad go ndérnadar go huaibhreach na
naghuidh: fuair tú marsin ainm dhuit
féin, mar atá aniugh.


L. Ne9:11


Agus do roinn tú anfairge
rompa, iondus go ndeachadar tré mhea-
dhon na fairge air thalamh tirim, agus gur
theilg tú luchd a bhfoileanmhana annsna
haigéanuibh amhuil chloich annsna huis-
geadhuibh neartmhara.


L. Ne9:12


Tuilleamh oile, do thréoruigh
tú íad san ló le piléur néullamhuil,
agus annsanoidhche le piléur teineadh, do tha-
bairt soluis dóibh annsa tslighe iona ra-
caidís.


L. Ne9:13


Tháinic tú anuas mar an
gcédna ar slíabh Sínai, agus do la-
bhair tú ríu ó neamh, agus thug tú breithea-
mhnuis chearta dhóibh, agus dligeadh fíre,
reachta agus aitheanta maithe.


L. Ne9:14


Agus dfoillsigh tú dhóibh do
shábóid náomhtha, agus dfuagair tú
dóibh aitheanta, reachda, agus dlighthe lé
láimh Mhaoise do sherbhísigh.


L. Ne9:15


Agus thug tú dhóibh arán ó
neamh iona nocarus, agus thug tú
uisge amach chuca as an ccarruic
chum a ttarta, agus do gheall tú
dhóibh go rachaidís asteach a seilbh
na tíre, noch do mhionnuigh tú dobhér-
thá dhóibh.


L. Ne9:16


Acht dorinneadar féin, agus
ar naithrene go hanuáibhreach, agus do
chrúadhuigheadar a muinéil, agus níor
umhluigheadar dot aitheantuibhse.


L. Ne9:17


Agus do dhíultadar umhlughadh,
agus ní rabhadar cuimhneach ar na hion-
ghantuibh dorinne tusa na measc: acht
do chruáidheadar a muinéil, agus iona
cceannairc do órduigheadar caiptín,
chum iompógh dá ndaóirsine féin: acht
is Día thusa réigh chum maithmheachuis,
grásamhuil, agus trócaireach, mall chum
feirge, agus lán do chinéul, agus
níor tréig tú íad.


L. Ne9:18


Anuáir fós dorinneadar
láogh leaghtha dhóibh féin, agus adubh-
radar, iséso do Dhía thug amach
thú as an Négipt, agus doibrighea-
dar mórán brostuighthe.


L. Ne9:19


Tairissin tusa ann hiomad tró-
cuire, níor thréig tú íad ansa bhfá-
sach: níor dhealuigh piléur an neóill
ríu do ló dha ttréorughadh annsa
tslighe, nó piléur na temeadh san noidhce
do thaisbeanadh soluis dóibh, agus na sli-
gheadh ionar chóir dhóibh dul.


L. Ne9:20


Thug tú mar an ccédna do
spiorad maith chum a tteagaisc,
agus níor chonnuimh tú do mhanna óna
mbéul, agus thug tú uisge dhóibh
chum a ttarta.


L. Ne9:21


Do chothuigh tú fós ceathrachad
blíadhuin íad annsa bhfásach, iondus nach
raibh eínní deasbuidh orra; níor chríon
a nédach, agus níor atadar a ccosa.


L. Ne9:22


Tuilleamh fós, thug tú riogha-
chta agus cineadhacha dhóibh, agus do
roinn tú íad a ccoirnéuluibh: marsin
do shealbhuigheadar tír Shihon, agus
dúithche Rígh Hesbon, agus dúithche Og
Rígh Basan.


L. Ne9:23


Do fhoirlíon tú a cclann mar an
ccédna amhuil réultanna anaiéir, a-
gus thug tú don tír íad, a ttaobh a
ttug tú gealladh dhá naithribh go ra-
chaidís asteach dá sealbhughadh.


L. Ne9:24


Marsin dochúadar an chlann
asteach, agus do shealbhuigheadar an
dúitche, agus do claóidh tusa dhóibh
áitreabhuigh na tíre, na Cananitigh, a-
gus thug tú iona lámhuibh íad, maille
rena Ríghthbh, agus re dáoinibh na tíre,
go ndéindis ríu mar do thoigeóraidís
féin.


L. Ne9:25


Agus do ghabhadar caithearacha
daingne, agus dúithche mhéith, agus
do shealbhuigheadar tighthe lán don nuile
mhaóin, toibreacha tochuilte, fíneamhnacha
agus lubhghoirt ola, agus croinn thor-
uidh go lór, iondus gur itheadar, agus
gur líonadh íad, agus gur fhásadar
méith, agus gur shólásuigheadar íad
féin ann do mhaitheas mórsa.


L. Ne9:26


Thairissin dobhádar easu-
mhal, agus do chathuigheadar ad
haghaidhsi, agus do theilgiodar do dhligheadh
táobh síar dá ndruim, agus do mhar-
bhadar thfáighe, noch doníodh fiadh-
nuise na naghaidh dá bhfilleadh
chugadsa, agus do oibrigheadar glúasachta
móra.


L. Ne9:27


Uimesin do sheachuid tusa íad
a láimh a námhad; noch do gortuigh
íad: agus anaimsir a naindeisi a
nuáir do éigheadar ortsa, dochúala tú
ó fhlaitheas íad; agus do réir iomaid
do thróchaire thug tú luchd cabhartha
dhóibh, noch do sháor íad as láimh a
námhad.


L. Ne9:28


Acht tar éis socamhuil dfa-
gháil dóibh, dorinneadar arís olc ad fhi-
adhnuise: uimesin dfág tú a láimh a
námhad íad, iondus go raibh úachdara-
nachd aca orra: ar a shonso anuáir
do fhilleadar, agus déigheadar ortsa,
dochuala tú ó neamh íad agus do
sháor tú mórán duáiribh íad do réir
do thrócaire.


L. Ne9:29


Agus donítheá fiadhnuisi na
naghaidh, iondus go bhfédfá a ttabhairt
arís fad dhligheadh: dorinneadar fós
go huáibhreach, agus níor éisteadar
red aitheantuibhse, acht do pheacuidheadar
anaghaidh do bhreitheamhnusa (noch má
ní duine mairfidh sé ionta,) agus do
tharruingeadar chuca a nguaille, agus
do cruáidhigheadar a muinéil, agus
níorbháill léo éisdeachd.


L. Ne9:30


Gidheadh diomchuir tusa léo ar feadh
móráin blíadhan, agus dfiadhnuigh tú na
naghaidh led spiorad ann thfáighibh,
achd níor éisteadar: uimesin thug tú
íad a láimh mhuintire na dúithche.


L. Ne9:31


Thairissin ar son do thrócaire
móire níor dhíthlaithrigh tú thríd amach
íad, níor thréig tú íad; óir is Día
grásamhuil trócaireach thú.


L. Ne9:32


Anois ar anadhbharsin, ó ar
Ndíane, an Día mór cumhachtach, a-
gus an Día úathbhásach, noch choimh-
líonus cunnradh agus trócaire; ná
mímheastar ad lathair an buaídhreadh, noch
tháinic oruinne, air ar Ríoguibh, air ar
bprionnsadhuibh, agus air ar sagartuibh,
agus air ar bhfáighibh, agus air ar naith-
ribh, agus ar do phobal uile, ó aimsir
Rígh na Hassíria gus aniugh.


L. Ne9:33


Acht cheana atá tusa ceart
ann ghach ní dá ttáinic oruinn: óir do
rinne tú cóir, agus dorinneamairne
go ciontach.


L. Ne9:34


Agus níor chongmhadar ar Ríghthe
nó ar bprionnsadha, ar sagairt nó ar
naithre do dhligheadh, agus níor umhluigh-
eadar dot haitheantuibh, nó dot fhiaghnui-
sighibh, ler fhiaghnuidh tú na naghaidh.


L. Ne9:35


Oír ní dhérnadar foghnamh dhuit
ann a rioghacht, agus ar son do mhaithea-
sa móire thug tú dhóibh, agus anfear-
uinn fhairsing mhéith do chuir tú as a
ccuinne, níor fhilleadar ó na ndrochoib-
reachaibh.


L. Ne9:36


Féuch, atámaóid ar serbhísea-
chaibh aniugh, agus an fearann thug tú
dar naithribh, dithe a thoruidh, agus a
maitheasa, féuch atámaóidne ar ser-
bhíseachaibh ann.


L. Ne9:37


Agus is mór an tarbha dobheir
sé do na Ríoghuibh noch do chuir tú ós
ar ccionn ar son ar bpeacuidh: atá fós
tighearnus aca ós cionn ar ccorp, a-
gus ós cion ar náirnéise air a ttoil
féin, agus atámaóidne anamhgar
mhór.


L. Ne9:38


Agus da bhríghso uile, do
nímid cunnradh daingean, agus scríobh-
tham é, agus cuirfid ar bprionnsadha,
ar Lebhítigh, agus ar sagairt séula air.


L. Ne10:1


Anois dob íadso an dream do
chuir an séula; Nehemiah an
Tirsata, mac Hachaliah, a-
gus Sidciiah,


L. Ne10:2


Seraiah, Asariah, Ieremiah,


L. Ne10:3


Passur, Amariah, Malchiiah,


L. Ne10:4


Hattus, Sebaniah, Malluch,


L. Ne10:5


Harim, Merimot, Obadiah,


L. Ne10:6


Daniel, Ginneton, Baruch,


L. Ne10:7


Mesullam, Abiiah, Miiamin,


L. Ne10:8


Maasiah, Bilgai, Semaiah: dob
íadso na sagairt.


L. Ne10:9


Agus na Lebhítigh: Iessua mhac
Asaniah, Binnui, do chloinn Henadad,
Cadmiel;


L. Ne10:10


Agus a mbráithre, Sebaniah,
Hodiiah, Celita, Pelaiah, Hanan,


L. Ne10:11


Micha, Rehob, Hassabiah,


L. Ne10:12


Saccur, Serebiah, Sebaniah,


L. Ne10:13


Hodiiah, Bani, Beninu.


L. Ne10:14


Roighne an phobail, Paros,
Pahat-Moab, Elam, Sattu, Bani,


L. Ne10:15


Bunni, Asgad, Bebai,


L. Ne10:16


Adoniiah, Bigbhai, Adin,


L. Ne10:17


Ater, Hisciiah, Assur,


L. Ne10:18


Hodiiah, Hassum, Besai,


L. Ne10:19


Hariph, Anatot, Nebai,


L. Ne10:20


Magpias, Mesullam, Hesir,


L. Ne10:21


Mesesabeel, Sadoc, Iaddua,


L. Ne10:22


Pelatiah, Hanan, Anaiah,


L. Ne10:23


Hosea, Hananiah, Hasub,


L. Ne10:24


Hallohes, Pileha, Sobec,


L. Ne10:25


Rehum, Hasabnah, Maaseiah,


L. Ne10:26


Agus Ahiiah, Hanan, Anan,


L. Ne10:27


Malluch, Harim, Baanah.


L. Ne10:28


Agus an chuid oile don pho-
bal, na sagairt, na Lebhítigh, na doir-
seóirigh, an lucht ceóil, na Netini-
migh, agus anuile dhuine dar dhealuidh
íad féin as muintir na ttíortha chum
dlighe Dé, a mná, a mic, agus a nin-
gheana, gach áon ar bhfagháil éoluis,
agus tuigsiona.


L. Ne10:29


Do cheangladar réna ndearbh-
ráithribh, a ndaóine uáisle, agus do
chuadar fa mhallughadh, agus fa mhionn-
uibh siubhal a ndligheadh Dé, noch thug
Maóise searbhfhoghantuigh Dé úadh, agus
do coimhéud, agus do dhénamh anuile
aitheanta an Tighearna ar TTighearnainne,
agus a reachta.


L. Ne10:30


Agus nach ttiubraimís ar
ningheana do dhaóinibh na tíre, agus
nach ttiubraidís a ningheanasan dar
macaibh.


L. Ne10:31


Agus má bheirid muintir na
tíre léo earradh nó bíadh ar bith ansa
tsábóid dá reic, nach cceinneochaimís-
ne é annsa tsáóbid, nó san ló naomhtha,
agus go léigfimís an seachdmhadh bliadhan dínn,
agus coimhéigniughadh gach uile fhíach.


L. Ne10:32


Dorinneamar mar an ccédna
órduighthe dhúinn féin, an treas cuid do
shecel do chur dfíachaibh oruinn féin gacha
blíadhna, chum serbhíse thighe ar Ndé,


L. Ne10:33


Chum anaráin taisbéanta,
agus chum na hofrála gnáthuigh bídh,
agus chum na hofrála gnáthuigh loisge
na sábbóideadh, na ngealach nuadh, agus
chum na bhféstadh cinnte, agus chum na
neitheann naomhtha, agus chum na nofrá-
lach peachuidh, do dhénamh síothchána ar
son Israel, agus chum uile oibre
thighe ar Ndé.


L. Ne10:34


Agus do theilgiomar crannchar
a measg na sagart, agus na lebhi-
teach, agus an phobail, a ttaóbh na
hofrála connaigh, dá tabhairt go tigh
ar Ndé, do réir thightheadh ar naith-
readh, anam cinnte ó bhlíadhuin go blíadh-
uin, do loscadh ar Altóir ar TTi-
ghearna, mar atá sé scríobhtha san
dligheadh:


L. Ne10:35


Agus do thabhairt cédthoruidh ar
bhfearuinn, agus cédtoruidh uile thoruidh
na nuile chrann, ó bhliadhuin go bliadhuin
chum tighe an Tighearna.


L. Ne10:36


Mar an ccédna cédghin ar mac
agus ar náirnéise (mar atá scríobh-
tha san dligheadh), agus primidil ar
nealbhadha agus ar ttréd do thabhtair go tigh ar
Ndé chum na sagart doní miniost-
ralacht a ttigh ar Ndé.


L. Ne10:37


Agus go ttiubraimís primí-
dil ar ttaóis, agus ar nofrála, a-
gus toradh anuile shórt crann, dfíon
agus dola chum na sagart go séom-
radhuibh thighe ar Ndé, agus deachmhadha
ar bhfearuinn do na Lebhítibh, chor go
bhfuighedís na Lebítighsin deachmhadha ann
uile chaithreachuibh ar ttreabhtha.


L. Ne10:38


Agus biáidh an sagart, mac
Aaroin, maille ris na Lebhítibh, a
nuair ghlacfuid na Lebhítigh deachmhadha:
agus dobéuruid na Lébhítigh deachmadh na
ndeachmhadha súas go tigh ar Ndéne do
na séomradhuibh go tigh an stórúis.


L. Ne10:39


Oír béruid clann Israel, agus
clann Lébhi ofráil anarbha, anfíona
nuáidh, agus na hola do na séomradh-
uibh mar a bhfuilid soithighe na sanctó-
ra, agus na sagairt mhiniostralus,
agus na doirseóirigh, agus an luchd
ceóil: agus ní thréigfemne tigh ar
Ndé.


L. Ne11:1


Agus do chomhnuigheadar úach-
taráin an phobail ann Ieru-
salem: do chaith an chuid
oile fós don phobal crann-
chair do thabhairt duine
as deithneamhar do chomhnuigh ann Ierusa-
lem, an chathair náomhtha, agus náoi
gcuid a ccaithreachaibh (oile).


L. Ne11:2


Agus do bheannuigh an pobal na
daóine uile do thairg íad féin go hu-
mhal do chomhnuighe ann Ierusalem.


L. Ne11:3


Anois is íadso rogha an phroi-
bhinsi dorinne comhnuidh ann Ierusalem:
acht a ccathreachaibh Iúdah dorinne gach
áon comhnuigh iona sheilbh féin ann a
ccaithreachaibh, (eadhon) Israél, na sagairt,
agus na Lebhítigh, agus na Netini-
mig, agus clann shearbfhoghantadh Shol-
uimh.


L. Ne11:4


Agus do chomhnuigheadar drong
áirigh do chloinn Iúdah ann Ierusalem, a-
gus do chloinn Bheniamin: do chloinn Iú-
dah; Ataiah mhac Ussiah, mhic Se-
chariah, mhic Amariah, mhic Sepha-
tiah, mhic Mahalaleel, do chloinn Pe-
res;


L. Ne11:5


Agus Maaseiah mhac Baruch,
mhic Col-hoseh, mhic Hasaiah, mhic A-
daiah, mhic Ioiasib, mic Sechariah,
mhic Siloni.


L. Ne11:6


Mic Pheres uile, noch do chomh-
nuidh ann Ierusalem, dobhádar ceithre
chéd trí fithchid agus ochtar do dhaói-
nibh gaisgeamhla.


L. Ne11:7


Agus is íadso mic Bheniamin:
Sallu mhac Messullam, mhic Ioed, mhic
Pedaiah, mhic Colaiah, mhic Maseiah,
mhic Itiel, mhic Iesaiah.


L. Ne11:8


Agus na dhiaighsin, Gabai, Sal-
lai, naoi ccéd fithche agus ochtar.


L. Ne11:9


Agus dobé Ioel mhac Sichri do
bhí ós a ccionn; agus bá hé Iúdah
mhac Sénua an dara (duine) ós cionn
na caithreach.


L. Ne11:10


Do na sagartuibh: Iedaiah
mhac Ioarib, Iachin.


L. Ne11:11


Seraiah mhac Hilciah, mhic Mes-
sullam, mhic Sadoc, mhic Meraiot,
mhic Ahitub, dobúachtarán ar thigh Dé.


L. Ne11:12


Agus a ndearbhráithre, noch do
rinne obair an tighe, dobudh ocht ccéd
fithche agus días íad: agus Ada-
iah mhac Ieroham, mhic Pelaliah, mhic
Amsi, mhic Sechariah, mhic Passur,
mhic Malchiiah,


L. Ne11:13


Agus a dhearbhráithre rogha na
naithreadh, dhá chéud ceathrachad agus
días; agus Amasai mhac Asareel,
mhic Ahasai, mhic Messillemot, mhic
Immer,


L. Ne11:14


Agus a ndearbhráithre daoine
árrachta a ccródhacht, céud fithche a-
gus ochtar: agus budh é Sabdiel do
bhí ós a ccionn, mac aóin do na daói-
nibh móra.


L. Ne11:15


Mar an ccédna do na Lebhitibh:
Semaiah mhac Hassub, mhic Asricam,
mhic Hassabiah, mhic Bunni.


L. Ne11:16


Agus Sabbetai, agus Iosa-
bad do thogha na Lebhíteach dobhí ós
cionn ghnothuigeadh fhoiriomlach thighe Dé.


L. Ne11:17


Agus Mattaniah mhac Micha,
mhic Sabdi, mhic Asaph príomhdhuine do
thosughadh bheirthe buidheachuis a nguidhe: agus
Bacbuciah an dara (duine) a measc
a dhearbhráithreach, agus Abda mhac
Sammuah, mhic Galal, mhic Iedutun.


L. Ne11:18


Na Lebhítigh uile annsa chathruigh
náomtha dobhádar dhá chéd ceithre
fithchid agus ceathrar.


L. Ne11:19


Mar an ccédna fós na doir-
seóirigh, Accub, Talmon, agus a
ndearbhráithre, noch choimhéd na geatadha,
dobhádar céd seachtmhoghad agus días.


L. Ne11:20


Agus an chuid oile do Israel,
do na sagartuibh, agus do na Lebhí-
tibh, dobhádar a ccaithreachaibh Iúdah
uile, gach aon iona oighreacht féin.


L. Ne11:21


Acht do áitigheadar na Neti-
nimigh ann Ophel: agus Siha, agus
Gispa dobhí ós cionn na Netinimeach.


L. Ne11:22


Agus ós cionn na Lebhíteach ann
Ierusalem dobhí Ussiah mhac Ba-
ni, mhic Hassabiah, mhic Mattaniah,
mhic Micha; do mhacaibh Asaph, an
lucht ceóil dobhí ós cionn ghnothuigheadh
thighe Dé.


L. Ne11:23


Oír dobhí aithne an Ríg dhá ttáobh
go mbeith cuid ronna áirigh re haghaidh an
lucht ceóil gach aonlá.


L. Ne11:24


Agus Petahiah mhac Messe-
sabeel, do chlannuibh Serah, mhic Iúdah,
dobhí sé re láimh an Rígh annsanuile
chúis a ttaobh an phobail.


L. Ne11:25


Agus ar son na mbailteadh
gona machairighibh; do chomhnuidh cuid do
chloinn Iúdah ann Ciriat-arba agus
iona bailtibh, agus ann Dibon agus
iona bailtibh, agus ann Iecabseel a-
gus iona bailtibh.


L. Ne11:26


Agus ann Iessua, agus an Mo-
ladah, agus ann Betphelet,


L. Ne11:27


Agus ann Haser, Saul, agus
ann Beerseba, agus iona bailtibh,


L. Ne11:28


Agus ann Siglag, agus ann
Meconah, agus iona bailtibh,


L. Ne11:29


Agus ann En-Rimmon, agus an
Sareáh, agus ann Iarmuth,


L. Ne11:30


Sanoah, Adullam, agus iona
mbailtib, a Lachis, agus iona mach-
airighibhsin; ann Asecah, agus iona
bailtibh: agus do áitigheadar ó Bheer-
seba go gleann Hinnom.


L. Ne11:31


Clann Bheniamin mar an ccéd-
na ó Gheba, do áitigheadar a Mich-
mas, agus Aiiah, agus Betel, agus
iona mbailtib,


L. Ne11:32


Agus ann Anatot, Nob, Ana-
niah,


L. Ne11:33


Hasor, Ramah, Gittaim,


L. Ne11:34


Hadid, Seboim, Neballat,


L. Ne11:35


Lod, agus Ono, gleann na bhfear
ceirde.


L. Ne11:36


Agus dobhí roinn do na Lebhí-
tibh ann Iúdah, agus ann Beniamin.


L. Ne12:1


Anois is íad na sagairt, a-
gus na Lebhítigh dochuáidh
súas le Serubbabel, mhac
Sealtiel, agus Iessua: Se-
raiah, Ieremiah, Esra,


L. Ne12:2


Amariah, Malluch, Hattus,


L. Ne12:3


Shecaniah, Rehum, Merimot,


L. Ne12:4


Iddo, Ginneto, Abiiah,


L. Ne12:5


Miamin, Maadiah, Bilgah,


L. Ne12:6


Semaiah, agus Ioarib, Iedaiah,


L. Ne12:7


Sallu, Amoc, Hilciah, Iedaiah:
dobíadso togha na sagart agus
a ndearbhrathar a láetibh Iessua.


L. Ne12:8


Os a chionnsin, na lebhitigh: Ies-
sua, Binnui, Cadmiel, Serebiah, Iúdah,
agus Mattaniah, noch dobhí ós cionn
an naltuigh, é féin agus a dhearbhráithre.


L. Ne12:9


Mar an ccédna Bacbuciah, a-
gus Unni, a ndearbhráithre, dobhádar
as a ccoinne thall annsa bhfaire.


L. Ne12:10


Agus do ghein Iessua Io-
iacim, do ghein Ioiacim mar an ccédna E-
liasib, agus do ghein Eliasib Ioiada.


L. Ne12:11


Agus do ghein Ioiada Iona-
tan, agus do ghein Ionatan Iaddua.


L. Ne12:12


Agus a láethibh Ioiacim dobhá-
dar sagairt príomhchuid do na
haithribh: ó Sheraiah, Meraiah; ó Ie-
remiah, Hananiah.


L. Ne12:13


O Esra, Messullam; ó Ama-riah, Iehohanan.


L. Ne12:14


O Mhelicu, Ionatan: ó She-
baniah, Ióseph;


L. Ne12:15


O Harim, Adna: ó Mheraiot,
Helcai;


L. Ne12:16


O Iddo, Sechariah: ó Ghinne-
ton, Messullam.


L. Ne12:17


O Abiiah, Sichri: ó Mhinia-
min, ó Mhoadiah, Piltai:


L. Ne12:18


O Bhilgah, Sammua: ó Shema-
iah, Iehonatan:


L. Ne12:19


Agus ó Ioiarib, Mattenai;
ó Iedaiah, Ussi:


L. Ne12:20


O Shallai, Callai; ó Amoc,
Eber.


L. Ne12:21


O Hilciah, Hassabiah; ó Ie-
daiah, Netanael.


L. Ne12:22


Na Lebhítigh a láethibh Eliasib
Ioiada, agus Iohanan, agus Iaddua,
do scríobhadh íad mar cheann air na haith-
ribh; na sagairt mar an ccéadna go
láethibh Dárius an Persianach.


L. Ne12:23


Do scríobhadh mic Lébhi cinn na
naithreadh a leabhar na croinice, eadhon
go laéthibh Iohanan mhic Eliasib.


L. Ne12:24


Agus cinn na Lebhíteach: Has-
sabiah, Serebiah, agus Iessua mhac
Cadmiel, maille re na ndearbhráithribh
thall as a ccuinne do mholadh agus do
bhreith buidhe do réir aithne Dháibhi óg-
luigh Dé, faire as coinne faire.


L. Ne12:25


Dobíad Mattaniah, agus
Bacbuciah, Obadiah, Messullam,
Talmon, Accub, bá doirseóirigh ag
coimhéad na faire ag tairseachaibh na ngea-
tadh.


L. Ne12:26


Is íadso dobhí a láethibh Io-
iacim mhic Iessua, mhic Iosadac, a-
gus a láethibh Nehemiah an túachta-
rán, Esra an sagart agus an scribh-
neóir.


L. Ne12:27


Agus ag coisreagadh bhalladha
Ierusalem, díarradar na Lebhítigh as
a náitibh uile, dá ttabhairt go Hieru-
salem, do coimhéud fhéasta an chois-
reagtha re luathgháir, maille re breith
bhuidhe, agus lé céol, le cimbaluibh, le
saltrachaibh, agus le chláirseachuibh.


L. Ne12:28


Agus do chruinnigheadar clann anaosa
ceóil íad féin a ccionn a chéile,
as an réiteach a ttimchioll Ieru-
salem, agus ó bhailtibh Netophati.


L. Ne12:29


Mar an gcéadna ó thigh Ghil-
ghal, agus as machairighibh Gheba, a-
gus Asmabhet: óir dorinneadar an
táos ceóil bailte dhóibh féin faccuáirt
timchioll Ierusalem.


L. Ne12:30


Agus do ghlanadar na sagairt
agus na Lebítigh íad féin, agus do
ghlanadar an pobal, agus na geatadha,
agus an balla.


L. Ne12:31


Annsin thug misi súas prionn-
sadha Iúdah ar an mballa, agus dór-
duibh mé dhá chuideachda dhíobh ar an láimh
dheis air an mballa go geata anaóiligh.


L. Ne12:32


Agus na ndiáighsin dochuaidh
Hosaiah, agus leath phrionnsadha Iú-
dah,


L. Ne12:33


Agus Asariah, Esra, agus
Messullam.


L. Ne12:34


Iudah, agus Beniamin, agus
Semaiah, agus Ieremiah,


L. Ne12:35


Agus cuid áirigh do mhacaibh na
sagart go ttrumpadhuibh: Sechariah
mhac Ionatan, mhic Semaiah, mhic Mat-
taniah, mhic Michaiah, mhic Saccur,
mhic Asaph:


L. Ne12:36


Agus a dhearbráithre, Semaiah,
agus Asarael, Milalai, Gilalai,
Maai, Netanael, agus Iúdah, Ha-
nani, maille re adhbhadhuibh cíuil Dháibhi,
ógluich Dé, agus Esra an scribneóir
rompa.


L. Ne12:37


Agus ag geata an tobair, noch
dobí thall as a ccoinne, dochúadar súas
a staighrighibh caithreach Dháibhi ag
dul súas an bhalla, ós cionn tighe
Dháibhi, eadhon go nuige geata anuisge
leath shoir.


L. Ne12:38


Agus an chuideachda oile dhíobh,
noch thug buidheachus, dochúadar anonn
air a naghaidh, agus misi na ndiáigh,
agus leath na ndaóine air an mballa, ón
táobh thall do thor na bhfuirnéiseach go
nuige an mballa leathan.


L. Ne12:39


Agus ón taobh shúas do ghea-
ta Ephráim, agus táobh shúas don
tseingheata, agus táobh shúas do gheata a
néisc, agus do thor Hananeel, agus
do thor Meáh, go nuige geata na ccáo-
rach; agus do sheasadar na ccomhnuigh
ag geata an phríosúin.


L. Ne12:40


Marsin do sheasadar an dá
chuideachta dhíobh thug buidheachus a ttigh
Dé, agus misi, agus leath na núachda-
rán maille riom:


L. Ne12:41


Agus na sagairt, Eliacim,
Maaseiah, Miniamin, Michaiah, Eli-
oenai, Sechariah, agus Hananiah ma-
ille re stocuibh:


L. Ne12:42


Agus Maaseiah, agus Se-
maiah, agus Eleasar, agus Ussi,
agus Iehohanan, agus Malchiiah, a-
gus Elam, agus Esser: agus do
chanadar an táos ceóil go hárd mar-
áon le Iesrahiah a núachdarán.


L. Ne12:43


An lásin mar an gcédna,
dofráladar íodhbartha móra, agus
do gháirdigheadar: óir thug Día orra
gáirdeachus do dhénamh lé sólás mór;
agus dorinneadar na mná, agus na
leinibh mar an gcédna luathgháir, ion-
dus gur chlos gáirdeachus Ierusalem
a ccéin.


L. Ne12:44


Agus fanamsin do hórduigheadh
drong ós cionn na séomradh do na
hionnmhusuibh, do na hofraluibh, do na
primidilibh, agus do na deachmhadhuibh,
dá ccruinniughadh chuca as machairighibh
na ccaithreach, cuid ronna dhlisdeanach do
na sagartuibh, agus do na Lebhítibh;
óir do gháirdigh Iúdah ar son na sa-
gart agus na Lebhíteach dobhí ag
feithiom.


L. Ne12:45


Agus do choimhédadar an lucht
ceóil, agus na doirseóirigh faire a
Ndé, agus faire an ghlanta, do ré-
ir aithne Dháibhi, agus a mhic Solamh.


L. Ne12:46


Oír a láethibh Dháibhi, agus
Asaph san tseanaimsir dobhídís úa-
chdaráin air an lucht ceóil, agus dánta mol-
ta agus buidheachus do Dhía.


L. Ne12:47


Agus thug Israel uile úatha a
láethibh Sherubbabel, agus a láethibh Ne-
hemiah cuid ronna anáosa ceóil, a-
gus na ndoirseóireadh, cuid gach aon
laé; agus do náomhaidís neithe do na
Lebhítibh, agus do naomhaidís na Le-
bhitigh do chloinn Aaron.


L. Ne13:1


Ar an lásin do léigheadar a
leabhar Mhaóise a néis-
teacht an phobail; agus fríth
scríobhtha annsin, nach ttiuc-
fadh an Tammoníteach, agus an Mo-
abíteach a ccomhchruinniughadh Dé go
bráth;


L. Ne13:2


Do bhrígh nar airciseadar clann
Israel le harán agus le huisce,
acht Balaam do lúachughadh na naghaidh
dá mallughadh: acht cheana diompóigh ar
Ndíane an mallughadh na bheannughadh.


L. Ne13:3


Anois tárla anuair dochúala-
dar an dligheadh, gur dhealuigeadar as Is-
rael an drong chumuisc uile.


L. Ne13:4


Agus roimheso dobhí Eliasib an
sagart, agá raibh feithiomh ós cionn
sheomra thighe Dé, a ccleamhnus re To-
biah.


L. Ne13:5


Agus do ghléus sé seomra mór
dhó, mar a ccuirdís roimhe anamsin
biadh na nofrálach bídh, an túis, agus
na soithighe, agus deachmadha anarbha,
anfíona nuáidh, agus na hola, noch
do hórduigheadh do na Lebhítibh, don lucht
ceóil, agus do na doirseóirighibh, a-
gus ofrála na sagart.


L. Ne13:6


Acht ar feadh na haimsiresi
uile ní rabhusa ann Ierusalem: óir
annsa dara blíadhuin dég ar fhithchid do
Artaxerxes Rígh na Babilóine tháinic
misi chum an Rígh, agus tar éis láe-
theadh áirigh dofúair mé cead an Rígh.


L. Ne13:7


Agus tháinic mé go Hierusa-
lem, agus fuáir mé scéula anuilc
dorinne Eliasib ar son Thobiah, a
ngléus shéomra dhó a ccúirtibh thighe
Dé.


L. Ne13:8


Agus do ghoill sin orum go
gér; uimesin do theilg mé amach áir-
néis tighe Thobiah uile as a tséom-
ra.


L. Ne13:9


Annsin thug mé aithne, agus do
ghlanadarsan na séomradha; agus
thug misi arís annsin soithighe thighe
Dé maille ris anofráil bhídh, agus
an ttúis.


L. Ne13:10


Agus do thuig mé nach ttug-
thaoi cuid ronna na Lébhíteach dhóibh: óir
na Lebhítigh, agus an luchd ceóil do
rinne anobair, do theitheadar gach áon aca
dá mhachaire féin.


L. Ne13:11


Annsin do aighnis misi ris
na riaghlóiribh, agus adubhairt mé
ríu, cread as ar tréigeadh tigh Dé? a-
gus do chruinnigh misi íad a ccionn a chéile,
agus do chuir mé na náitibh féin íad.


L. Ne13:12


Annsin thug Iúdah uile deachmhadh
anarbha, agus anfíona nuáidh, agus
na hola, gus na stórúisuibh.


L. Ne13:13


Agus dorinne misi stóruighthe
ós cionn na stórús, Selemiah an sa-
gart, agus Sadoc an scribhneóir, a-
gus do na lebhítibh Pedaiah, agus na
ndiáighsin dobhí Hanan mhac Saccur
mhic Mattaniah: óir do measadh fíréun-
ta íad, agus dobí anoifig, roinn ar
a ndearbhráithribh.


L. Ne13:14


Cuimhnigh misi, ó mo Dhía, dá
tháobhso, agus ná scrios amach mo
dheighníomhartha dorinne mé ar son thighe
mo Dhé, agus ar son a oifigeachsin.


L. Ne13:15


Annsna láethibhsin dochonnairc mé
ann Iúdah daóine ag brughadh fíneamhna
annsa tsábóid, agus ag tabhairt punnann
asteach, agus ag cur úalach ar
assaluibh, agus fíona mar an gcédna,
agus cáor, agus fígeadh, agus gach
uile shórt úaluigh dá ttugaidís go Hie-
rusalem annsa tsábóid: agus dfíadhn-
uigh misi annsa ló ionar racadar bí-
adh.


L. Ne13:16


Dáitigheadar daoine do Thíor
fanamsin annsin, dobheireadh íasg léo,
agus gach uile shórt earradha, agus
do reacadh íad san tsábóid ré cloinn
Iúdah, agus re Hierusalem.


L. Ne13:17


Annsin do ghlac fearg misi re
huáislibh Iúdah, agus adubhairt mé ríu,
cred an droichní so doníthí, agus lá
na sábóide do throchlughadh?


L. Ne13:18


Ané nach deárna bhur naithreso,
agus nach ttug ar Ndía an tolcsa
uile oruinn, agus ar an ccathruighsi?
atáthaóise fós ag tarruing tuil-
leamh uilc ar Israel le briseadh na sá-
bóide.


L. Ne13:19


Agus tárla, fanam ar thionn-
scnadar geathadha Ierusalem bheith dor-
cha roimhe an tsábóid, gur aithin mi-
si na geatadha do dhrud, agus dfua-
gair mé gan a noscladh nó go ttíosadh
déis na sábóide: agus do chuir mé
cuid dom mhuintir ag na geatadhuibh,
chor nach ttiubharthaói áon úalach
asteach annsa tsábóid.


L. Ne13:20


Marsin do luigheadar na ceann-
uighthe, agus lucht reaca gach aon tsóirt
earradh, táobh amuich Dierusalem uáir
nó dhó.


L. Ne13:21


Annsin dfíadhnuigh misi na naghaidh,
agus adubhairt mé ríu, cred fá luidhthí
timchioll an bhalla? má níthí sin arís,
leacfa misi lámha oruibh: ó anuairsin a-
mach ní thangadar níis mó ar an tsá-
bóid.


L. Ne13:22


Agus daithin mé do na Lebhítibh
íad féin do ghlanadh, agus teacht, a-
gus na geatadha do choimhéd, do náo-
mhadh na sábóide: cuimhnigh orumsa, ó mo
Dhia uimeso mar an ccédna, coigil
mé do réir mhéd do thrócaire.


L. Ne13:23


Annsna láethibhsin fós dochonnairc
mé Iúduighthe do phós mná ó Asdod, ó
Ammin, agus ó Mhoab.


L. Ne13:24


Agus do labhradar a cclann
leath a tteanguidh Asdod, agus níor
fhédadar labhairt san teanguidh Iúduighe,
achd do réir theangtha gach a pobail.


L. Ne13:25


Agus do ghabh fearg misi ríu,
agus do mhalluidh mé íad, agus do
bhuáil mé cuid aca, agus do thar-
ruing mé a ngrúaga, agus thug mé
orra Día do thabhairt mar mionuibh, ghá
rádh, ní thiubharthaói bhur ningheana dá
macaibh, agus ní ghéubhthaói a ningheana
dá bhur macaibh, nó dhaóibh féin.


L. Ne13:26


Nachar pheacuigh Solumh Rígh
Israel leis na neithibhsi? gidh nach
raibh aniomad críoch a leithéid do
Rígh, noch dobionmhuin lena Dhía, a-
gus dorinne Día Rígh dhe ós cionn Is-
rael uile? thairissin thug mná coimhigh-
theacha airsion féin peacughadh.


L. Ne13:27


Anéistfimne maiseadh ribhsi ag
dénamh anuilc mhóirsi uile, do sháru-
ghadh anaghaidh ar Ndé lé pósadh
ban coimhightheach?


L. Ne13:28


Agus dobhí aon do mhacaibh
Ioiada, mhic Eliasib an tárdshagart, na
chlíamhuin ag Sanballat an Horoniteach:
uimesin do dhíbir mé uáim é.


L. Ne13:29


Cuimhnigh orra, ó mo Dhía, do
bhrígh gur thruáilligheadar an tsagar-
tachd, agus cunnradh na sagartachda,
agus na Lebhíteach.


L. Ne13:30


Marso do ghlan mé íad ó na
huile choimhightheachaibh, agus dórduigh mé
faire na sagart, agus na Lebhíteach,
gach aon iona ghnothuighe féin;


L. Ne13:31


Agus chum na hofrála connaidh
ar na huáiribh cinte, agus chum
na bprimidleach: cuimhnigh orum, ó mo
Dhía, chum maithiosa.


L. Es



LEABHAR ESTER


L. Es1:1


Anois tárla a láethibh Ahas-
uerus (isé so an Tahas-
uerus dobudh Rígh ón In-
dia go nuige an Netíopia,
ós cionn chéud agus seachd
bpriobhinnseadh fithchiod.)


L. Es1:2


Annsna láethibhsi fanam a raibh
an Rígh Ahasuerus na shuidhe ann a
chatháoir ríogha, noch dobhí ann Súsan an
pálás.


L. Es1:3


Annsa treas bliadhuin dá ríghe,
go ndérnuigh sé fésta dá phrionnsadh-
uibh uile, agus dá shearbhfhoghantuibh; air
mbeith do chumhachtuibh na Persia, agus
na Media, uáisle agus prionnsadha na
bproibhinnseadh dhá lathair.


L. Es1:4


Anuair do thaisbéin sé saidhbhri-
os a rioghachta glórmhuire, agus onóir
a mhórdhachda, mórán do láethibh, eadhon
céd agus ceithre fithchid lá.


L. Es1:5


Agus anuáir do caitheadh na
láethesin dorinne an Rígh féusta do
na daóinibh uile dobhí dá lathair ann Sú-
san an pálás, aráon don mhór a-
gus do bheag, seachd lá a ccúirt gháir-
dín pháláis an Rígh,


L. Es1:6


Mar a rabhadar bruit bhána,
ghlasuáine, agus ghorma, airna ndaing-
niughadh lé córduighibh do línédach fhín-
ealta, agus do phurpuir, dfáinneadhuibh air-
gid, agus do philéuruibh marmuir: do
bhádar na leabtha dór, agus dairgiod,
air urlár, do mharmair dhearg, agus ghorm,
agus bhán, agus dhuibh.


L. Es1:7


Agus do dháileadar deocha orra
a soighthighibh óir (na soithighe éaxamhuil
tar a chéile) agus fíon ríoghsmhuil
go hiomarcadh do réir chumuis an Rígh.


L. Es1:8


Agus dobhí an tól do réir an
dlighe, níor coimhéignioghadh aonduine:
óir is marsin dórduigh an Rígh doifigibh
an tighe, go ndéindís do réir thoile
gach aonduine féin.


L. Es1:9


Mar an ccédna dorinne Bhas-
ti an bhainríoghan, féusta do na mnáibh
annsa tigh ríogha bá le Ahasue-
rus.


L. Es1:10


Ar an seachdmhadh lá anuáir do
bhí croidhe an Rígh súgach ó fhíon, dai-
thin sé do Mhehuman, do Bhista, do
Harbona, do Bhigta, do Abagta, do
Shethar, agus do Charcas, an móir-
sheisior seomradóirigh dfoghnadh a
bhfiaghnúise an Rígh Ahasuerus,


L. Es1:11


An bhainríoghan, Bhasti do tha-
bairt a lathair an Rígh guna coróin
ríogha, do thaisbénadh a sgéimhe
don phobal, agus do na prionnsadhuibh:
óir bá breádhgha í ré féuchuin uirre.


L. Es1:12


Acht do dhíuilt an bhainrío-
ghan Bhasti teacht lé haithne an Rígh
dá sheomradóirighibh: uimesin dobhí an
Rígh rofheargach, agus do las a fhearg
ann.


L. Es1:13


Annsin adubhairt an Rígh ris
na daóinibh críonna darbhaithne na haim-
seara, (óir dobésin gnáth an Rígh a
ttáobh anuile dhuine agá raibh fios dlighe
agus breitheamhnuis).


L. Es1:14


Agus isé budh foicsi dhó Car-
sena, Setar, Admata, Tarsis, Me-
res, Marséna, agus Memucan, seacht
bprionnsuigh na Persia agus na Mé-
dia, noch dochonnairc aghuidh an Rígh, a-
gus do shuigh ar ttús annsa rioghacht.


L. Es1:15


Cred dodhénam ris an mbain-
ríoghain Bhasti do réir an dlighe, do
bhrígh nar choimhlíon sí aithne an Rígh
Ahasuérus leis na seomradóirighibh?


L. Es1:16


Agus do fhreagair Memucan a
lathair an Rígh, agus na bprionnsadh, ní
hair an Rígh amháin dorinne an bhainrío-
ghan Bhasti éccóir, acht air na
prionnsadhuib uile, agus air an bpobal
uile, atá anuile bpriobhinnsibh an Rígh A-
hasuerus.


L. Es1:17


Do bhrígh go rachaidh an gníomhsa
na bainríoghna amach gus anuile
mhnaói, iondus go ndénuid beagán dá
bhfearuibh iona súilibh, anuair inneostar;
daithin an Rígh Ahasuerus an bhainríoghan
Bhasti do thabairt asteach dá lathair, acht
ní tháinic sí.


L. Es1:18


Mar an gcédna adéruid bain-
tighearnuigh na Persia agus na Media san
ló so re uile phrionnsadhuibh an Rígh,
noch dochúalaidh gníomh na bainriogh-
na; marso éireochuidh iomarcuidh dís-
beaguidh agus feirge.


L. Es1:19


Mar toil leis an Rígh é, éir-
ghiodh aithne ríogha uadh, agus
scríobhthar í a measc dhlighe na Bper-
sianach agus na Medianach, go nach
áthruighthear í, gan Bhasti do theacht
nísa mhó do lathair an Rígh Ahasuerus;
agus tugadh an Rígh a soaid ríogha-
sa daón is féarr ná í.


L. Es1:20


Agus anúair fhoillseochar ór-
dughadh an Rígh, noch dobhéra sé
úadh, air feadh a impireachta (bíodh gur
mor í) dobhéruid na mná uile onóir dá
bhfearuibh araon don mhór, agus don
bheag.


L. Es1:21


Agus do thaitin an nísin ris an
Rígh, agus ris na prionnsadhuibh, agus do
rinne an Rígh do réir bhréithre Mhemucan.


L. Es1:22


Oír do chuir sé litreacha ar
feadh phroibhinnseadh an Rígh, chum gach aon
phroibhinnsi do réir na scríbhinne
sin, agus chum gach aon phobail
do réir a tteangtha, gach fear do ríagh-
ladh iona thigh féin, agus sin dfoill-
siughadh do réir theangtha gach po-
bail.


L. Es2:1


A ndiaigh na neitheannsa, anuáir
do laghduigh fearg an Rígh
Ahasuerus, do chuimhnigh sé
ar Bhasti, agus cred do
rinne sí, agus cred do hórduigheadh na
hagaidh.


L. Es2:2


Annsin adubhradar serbísigh an
Rígh doníodh miniostralacht dó, íar-
thar maighdeana scíamhacha óga don Rígh.


L. Es2:3


Agus órduigheadh an Rígh oifigidh
a bproibhinsibh a rioghacht uile, chor go
ccruinnighedís a ccionn a chéile na huile
mhaighdeana scíamhacha óga go Súsan an
pálás, go tigh na mban, fá chumhdach
Hege seomradóir an Rígh, coimhéuduigh
na mban, agus tughthar fá deara neithe
chum a nglanta do thabhairt dóibh.


L. Es2:4


Agus bíodh an mhaighdean thait-
neamhas ris an Rígh na bainrioghain a
náit Bhasti. Agus do thaitin an ní
sin ris an Rígh, agus dorinne sé mar
sin.


L. Es2:5


Anois dobhí annsa phálás Súsan
Iúduigh áirigh, darbhainm Mordecai,
mhac Iair, mhic Simei, mhic Cis, Beniamí-
teach:


L. Es2:6


Noch rugadh ar siubhal as
Ierusalem annsa daóirsine, noch ru-
gadh air siubhal anéinfheacht re Ieconiah
Rígh Iúdah, noch rug Nebuchadnes-
sar Rígh na Babiloine leis.


L. Es2:7


Agus thug leis suas Hadas-
sah (noch darbhainm Ester) inghean
dearbhrathar athar dhó: óir ní raibh
athair nó mathair aice agus dobhí an
mhaighdion breághdha sgíamhach, noch do
ghabh Mordecai (anuáir déug a ha-
thair agus a mathair) chuige mar inghin
dó féin.


L. Es2:8


Marsin tárla an tan do chlos
aithne agus órdughadh an Rígh, agus
anuáir do cruinnigheadh mórán maighdean
go Súsan an pálás fá chumhdach He-
gai, gur tugadh Ester ann mar an
ccédna go tigh an Rígh, fá chumhdach
Hegai, coimhéaduigh na mban.


L. Es2:9


Agus do thaitin an cailín rís,
agus fuáir sí cinéul úadh, agus thug
sé dhi go lúath na neithe dfóir chum a
hainichthe, maille ris gach ní dár bhean
ría, agus móirsheisior cailínigh dob
iomchubhuidh dhi dfagháil as tigh an Rígh,
agus do chuir sé í féin agus a cailí-
nigh annsanáit dobfeárr do thigh na
mban.


L. Es2:10


Níor fhoillsigh Ester a daoine,
nó a cineadh: óir daithin Mordecai dhi
gan a ninnisin.


L. Es2:11


Agus dobhí Mordecai gach
laói ag siubhal as coinne chúirte thighe
na mban, dféuchuin ciondus dobhíadh Es-
ter, agus an chríoch déireochadh dhi.


L. Es2:12


Agus anuair tháinic uain gach
énmhaighdine, do dhul gus an Rígh Aha-
suerus, tar éis í bheith blíadhuin do
réir ghnátha na mban (óir is marsin
do coimhlíontaí láethe a nainicthe, mar
atá sé mhí le hola mhirra, agus sé
mhí le neithibh deaghbholuigh, agus le neithibh
oile do ghlanadh na mban.)


L. Es2:13


Marso anuáirsin dothigeadh
gach énmhaighdion chum an Rígh; gidhbé
ar bith ní díarradh sí, dobherthi dhi é,
do dhul lé amach as tigh na mban go
tigh an Rígh.


L. Es2:14


Trath nóna dimthigheadh sí ann, agus
arna mhárach dfilleadh sí go dara tigh
na mban fa chumhdach Shaasgas séom-
radóir an Righ, noch do choimhéud na
leannáin: ní thigeadh sí asteach nísa mhó
chum an Rígh, acht muna bheith dúil ag
an Rígh innte, agus go ccuireadh fios
uirre as a hainm.


L. Es2:15


Anois anuáir dothigeadh seal
Ester, inghean Abihail dearbhrathair athar
Mhordecai (noch do ghabh lé mar in-
ghin) do dhul asteach chum an Rígh, ní
íarradh sí éinní acht an ní do órduigheadh
Hegai seomradóir an Rígh coimhéduigh
na mban; agus fuáir Ester gean a
radharc gach uile dhuine dá bhféuchadh
uirre.


L. Es2:16


Marsin rugadh Ester gus
an Ríg Ahasuerus don tigh ríogha,
annsa deachmhadh mí (noch isí sin mí
Tebet) annsa seachdmhadh blíadhain dá
ríghe.


L. Es2:17


Agus do ghrádhuigh an Rígh
Ester ós cionn na mban uile, agus
fuáir sí gean agus grása iona ra-
dharc tar na maighdeanuibh uile, ion-
dus gur chuir sé an choróin ríogha
ar a ceann, agus go ndérna sé bain-
ríoghan di anáit Bhasti.


L. Es2:18


Annsin dorinne an Rígh féus-
ta mór dá prionnsadhuibh, agus dá
sherbhíseachaibh uile, eadhon féusta Es-
ter, agus dothug sé saóirse do na
proibhinnsibh, agus thug sé tiodhlaicthe
dhóibh, do réir chumuis an Rígh.


L. Es2:19


Agus anuáir do chruinnighea-
dar na maighdiona a bhfochair a chéile
an dara huáir, dobhí Mordecai na
shuidhe a ngeata an Rígh.


L. Es2:20


Nior fhoillsigh Ester fós a
cineadh, nó a daóine, mar do chuir
Mordecai dúalach uirre; óir dorinne
Ester aithne Mhordecai amhuil agus
dorinne anuáir dobhí dá tabhairt
súas aige.


L. Es2:21


Annsna láethibhsin (an feadh do
bhí Mordecai na shuidhe a ngeata an
Rígh) dobhí fearg ar dhís do sheom-
radóirighibh an Rígh, eadhon Bigtan
agus Teres, do luchd coimhéd an
doruis, agus do thríalladar lámh do
leagadh air an Rígh Ahasuerus.


L. Es2:22


Agus fuáir Mordecai fios
na cúise, noch dinnis sé do Ester an
bhainríoghain, agus dfoillsigh an bhain-
ríoghan sin don Rígh anainm Mhor-
decai.


L. Es2:23


Agus anuáir do leanadh an
chúis, dofríth a dheimhin; uimesin do
crochadh íadsan araon as crann:
agus do scríobhadh sin a leabhar croi-
niceadh a lathair an Rígh.


L. Es3:1


Taréis na neitheannso do mhéud-
uigh an Rígh Ahasuerus Háman
mhac Ammedata an Ta-
gagiteach, agus dárduigh
é, agus do chuir sé a ionad suidhe ós cionn
na nuile phrionnsadh dá raibh aige.


L. Es3:2


Agus do chlaóindís, agus dumh-
luigheadís serbhísigh an Rígh uile dobhí
san gheata do Háman; óir daithin an
Rígh marsin dá tháobh: acht ní chromadh
Mordecai, agus ní dhénadh sé umhla
dhó.


L. Es3:3


Annsin adubhradar serbhísigh
an Rígh dobhí a ngeata an Rígh re
Mordecai, cred fá sáruighionn tú aith-
ne an Rígh?


L. Es3:4


Anois tárla anuáir do labh-
radar go láetheamhuil ris, agus nach
ttug sé toradh orra, gur innisiodar
sin do Háman, dféuchuin an seasfaidís
bríathra Mhordecai; óir dinnis sé dhóibh
gur Iúduigh é.


L. Es3:5


Agus an tan dochonnairc Ha-
man nach umhluigheadh Mordecai, agus
nach dénadh sé onóir dhó, annsin do
bí Háman lán dfeirg.


L. Es3:6


Agus bá tarcuisneach leis lámh
do chur ann Mordecai na áonar, óir
do thaisbeanadar muintir Mhordecai
dhó: uimesin díarr Háman na Iúduighe
uile do scrios, dobhí ar feadh riogha-
chda Ahasuerus uile, eadhon muintir
Mhordecai.


L. Es3:7


Annsa chéd mhí (dobí sin mí Ni-
san) annsa dara blíadhuin déug don
Rígh Ahasuerus, do theilgiodar Pur
eadhon crannchar, roimhe Háman ó ló go
ló, agus ó mhí go mhí, gus an dara
mí dég, mar atá mí Adar.


L. Es3:8


Agus adubhairt Háman ris an
Rígh Ahasuerus; atá pobal áirigh
sgaóilte amuigh, agus arna spré-
gadh idir na daóinibh anuile phroibhi-
nnsi do rioghachta, agus atáid a ndligh-
the éxamhuil ónuile phobal, agus ní
choimhéduid dlighthe an Rígh: uimesin
ní tarbha don Rígh a bhfulang.


L. Es3:9


Mas toil leis an Rígh, scríobh-
thar a ccur chum báis, agus díolfuidh
misi deich míle tallann airgid a lámhuibh
na druinge air a bhfuil cúram na cúi-
se, ré na ttabhairt a ttighthibh ionnmhuis
an Rígh.


L. Es3:10


Agus do bhean an Rígh a fháinne
dhá láimh, agus thug sé é do Háman,
mhac Ammedata an Tagagiteach, námh-
uid na Niúduigheadh.


L. Es3:11


Agus adubhairt an Rígh ré
Háman, tugadh an tairgiod agus fós
na daoine dhuitsi, do dhénamh ríu mar is
áil leachd féin.


L. Es3:12


Annsin do goireadh ar scribh-
neóiribh an Rígh, an treas lá dég don
chéidmhí, agus do scríobhadh annsin do
réir anuile neithe dar aithin Háman
dfearuibh ionuid an Rígh, agus do na
húachtaránuibh dobhí os cionn gach aon
phroibhinnsi, agus do riaghlóiribh anuile
phobuil gach áon phroibhinnsi, do réir a
scríbhinnsin, agus chum gach aon pho-
bail do réir a tteangtha: anainm an
Rígh Ahasuerus do scríobhadh é, a-
gus do séuluigheadh é le fáinne an Rígh.


L. Es3:13


Agus do cuireadh na litreacha
ar siubhal le teachdairighibh, chum gach uile
phroibhinnse an Rígh, do scrios, do mhar-
bhadh, agus do dhíothlaithriugadh anuile
Iúduighe, edir óg, agus arsuigh, chloinn
bhig, agus mhnaói, a naon ló, eadhon air
an treas lá dég don dara mí dég (noch
ar bí mí Adar) agus a nédáil do
thógbháil súas mar chreich.


L. Es3:14


Cóip na scríbhinne do thabhairt
mar aithne ann ghach aon phroibhinnsi;
do foillsiughadh donuile dhuine é, lé a
mbéidís réigh a ccoinne an láe sin.


L. Es3:15


Dochúadar na postadha amach
arna mbrostughadh le haithne an Rígh,
agus tugadh anfógra ann Súsan an
pálás: agus do shuigh an Rígh, agus
Háman síos cum óil, acht dobhí an
chathair Súsan buáidheartha.


L. Es4:1


Anuáir do mhothaigh Morde-
cai gach a ndérnadh ann,
do bhris Mordecai a édach,
agus do chuir sé saicédach
uime, agus luaith, agus dochuaidh
sé amach a meadhon na caithreach, a-
gus déigh sé lé héigheamh árd searbh.


L. Es4:2


Agus tháinic sé as cuinne gheata
an Rígh: óir níor fhéd aonduine dul
asteach a ngeata an Rígh air a mbíath
saicédach.


L. Es4:3


Agus ann gach uile phroibhinnsi a
ttáinic aithne an Rígh, agus a órdu-
ghadh, dobhí caóineadh mór a measc na
Niúduigheadh, agus troscadh, agus
gul, agus éolchuire, agus mórán na
luidhe a saicédach agus a luáith.


L. Es4:4


Mar sin thangadar cailínigh
Ester, agus a seomradóirigh, agus
dinnisidior sin di: annsin dobhí an
bhainríoghain lán do dhoilghios, agus
do chuir sí édach dfolach Mhordecai,
agus do bhuáin anéduigh róin de;
acht níor ghlac seision é.


L. Es4:5


Annsin do ghoir Ester ar Ha-
tach, áon do sheamradóirighibh an Rígh,
noch dórduigh sé dfeithiomh uirre, agus
thug sí aithne dhó go Mordecai dfa-
gháil feasa cred í an chúis, agus cred
an tádhbhar fá raibh sin.


L. Es4:6


Annsin dochuaidh Hatach amach
mar a raibh Mordecai go stáid na
caithreach, noch dobhí as coinne gheata
an Rígh.


L. Es4:7


Agus dinnis Mordecai dhó anuile
ní dá ttárla dhó, agus an tsuim
airgid dó gheall Háman do dhíol ré hionn-
mhusuibh an Rígh, ar son na Niúduigheadh
do scrios.


L. Es4:8


Mar an ccédna thug sé cóip
scríobhtha na garma do scríobhadh ann
Súsan, chum a scrios, dá thaisbeanadh
do Ester, agus dá fhoillsiughadh dhi,
agus dá chur dúalach uirre dul a
steach chum an Rígh, agus gearán do
dénamh ris, agus íarratas do dhénamh
dá lathair ar son a daóine.


L. Es4:9


Agus tháinic Hatach, agus di-
nnis sé bríathra Mhordecai do Es-
ter.


L. Es4:10


Do labhair Ester arís ré Ha-
tach, agus thug aithne dhó chum Mor-
decai.


L. Es4:11


Atá a fhios ag serbhíseachuibh an
Rígh uile, agus ag daóinibh phroibhinnseadh
an Rígh, gidhbé ar bith dfior nó mhnaói
thiocfas gus an Rígh don chúirt is faide
asteach, ar nach goirthear, go bhfuil
aoindligheadh amháin aige, an tésin do
chur chum báis, acht amháin an té dhá
sínfigh an Rígh amach an tslat órdha,
iondus go mairfe sé: acht níor goireadh
ormsa do theacht asteach gus an Rígh
rís an tríochad láso.


L. Es4:12


Agus dinnsiodar do Mhorde-
cai bríathra Ester.


L. Es4:13


Annsin daithin Mordecai a inni-
sin do Ester, ná saóil agad féin
go rachadh tú as a ttigh an Rígh níos
mó ná na Iúduighe uile.


L. Es4:14


Oír má bhíonn tú anois ad thochd
go huilidh, annsin tiucfaidh fúascladh,
agus sáoradh air na Iúduighibh as áit
oile, acht scriosfuighthear thusa agus
tigh hathar: agus cía agá bhfuil a
fhios nach fá na leithéidso daimsir
tháinic tú chum na rioghachda?


L. Es4:15


Annsin adubhairt Ester ríu,
(an freagraso) do bhreith chum Mor-
decai.


L. Es4:16


Imthigh, cruinnigh, a bhfochair a chéile
a bhfuil do Iúduighibh a lathair a Súsan,
agus troiscidh ar mo shonsa, agus ná
hithigh, agus ná hibhidh a ttrí lá, doidh-
che ná ló; troisgfe misi agus mo
mhaighdiona mar an gcédna, agus mar-
sin rachuidh mé asteach chum an Rígh,
bíodh nach do réir an dlighe; agus má im-
thighim, imthighiomh.


L. Es4:17


Marsin dimthigh Mordecai
roimhe, agus dorinne do réir anuile ní
dar aithin Ester dhe.


L. Es5:1


Anois tárla ar an treas lá
gur chuir Ester a culaidh
bhainríoghna uirre, agus do
sheas annsa chúirt dobfhaide
asteach a ttigh an Rígh, thall as coinne
thighe an Rígh: agus do shuigh an Rígh
iona chathaóir ríogha annsa tigh ríoghamh-
uil, thall as coinne gheata an Tighe.


L. Es5:2


Agus is amhluidh bhí, anuáir
dochonnairc an Rígh, Ester an bhainrío-
ghan na seasamh annsa chúirt, go bhfuair
sí fabhar iona radharc, agus gur
shín an Rígh chum Ester an ríoghshlat
órdha dobhí iona láimh: marsin tháinic
Ester a ngar dhó, agus do bhean sé re
bárr na slaite.


L. Es5:3


Annsin adubhairt an Rígh ría,
cred is áill leachd a bhainríoghan Ester?
agus cred é híarratus? dobhérthar
dhuit é go leath na rioghachta.


L. Es5:4


Agus do fhreagair Ester, má cí-
tear go maith don Rígh é, tigeadh an
Rígh agus Háman aniugh chum an fleidhe
do ghlés misi dhó.


L. Es5:5


Annsin adubhairt an Rígh, tabh-
ruidh air Háman deithnios do dhénamh, go
ndérna sé mar adeir Ester. Mar-
sin tháinic an Rígh agus Háman chum
na fleidhe do ghlés Ester.


L. Es5:6


Agus adubhairt an Rígh re Hes-
ter ag fleidh an nfíona, cred í hath-
chuinge, agus dogheabha tú í? agus
cred é híarratus? eadhon go nuige
leath na rioghachta coimhlíonfuighthear é.


L. Es5:7


Annsin do fhreagair Ester, agus
adubhairt, sí mathchuinghe agus míarra-
tus;


L. Es5:8


Má fuáir mé grása a radharc
an Rígh, agus mas toil leis an Rígh
míarratus do dheónughadh, agus math-
chuinge do choimhlíonadh, tigeadh an Rígh
agus Háman chum na fleidhe ghléusfus
mé dhóibh, agus dodhéna mé amárach
mar adubhairt an Rígh.


L. Es5:9


Annsin dochuáidh Háman amach
an lásin gáirdeach, agus maille re
croidhe solásach: acht anuáir dochonn-
airc Háman Mordecai a ngeata an Rígh,
nach ar sheas sé súas, agus nár chor-
ruigh sé ar a shonsan, dobhí sé lán
dfeirg anaghaidh Mhordecai.


L. Es5:10


Thairissin do chuir Háman srían
ris féin, agus anuáir tháinic sé dhá
thigh, do chuir teachda úadh, agus do ghoir
air a cháirdibh, agus ar a mhnáoi Seres.


L. Es5:11


Agus dinnis Háman dóibh glóir
a shaidhbhriosa, agus iomad a chloinne,
agus na huile neithe lér chuir an Rígh
súas é, agus mar dárduigh sé é ós
cionn phrionnsadh agus sherbhíseach an
Rígh.


L. Es5:12


Adubhairt Háman fós, níor léig
Ester an bhainríoghan énduine asteach
leis an Rígh chum na fleidhe dullmhuigh
sí acht mé féin, agus atá cuireadh a-
gam amárach uáithe mar an ccéadna
leis an Rígh.


L. Es5:13


Gidheadh ní dhéan so ré chéile maith
dhamh, an fad chífeas mé Mordecai an
Iúdhuigh na shuighe ag geata an Rígh.


L. Es5:14


Annsin adubhairt Seres a bhean,
agus a cháirde uile ris, déantar
croch cháogad cubhad ar áirde, agus
labhairsi ris an Rígh amárach, go ccroch-
fuidhe Mordecai uirre: ansin éirigh
asteach go súgach ris an Rígh chum na
fleidhe. Agus do thaitin an ní le Há-
man, agus thug sé fa deara croch do
dhéanamh.


L. Es6:1


An oidhchesin níor fhéud an Rígh
codladh, agus daithin sé
leabhar cuimhne na ccroiniceadh
do thabhairt chuige; agus do
léugheadh íad a lathair an
Rígh.


L. Es6:2


Agus dofríth scríobhtha ann, gurbé
Mordecai dinnis ar Bhigtana, a-
gus ar Theres, días do sheomra-
dóirighibh an Rígh, coimhéuduighthe an
doruis, noch dobhí ar tí lámh do chur
annsa Rígh Ahasuerus.


L. Es6:3


Agus adubhairt an Rígh, cred
anonóir nó an meas tugadh ar Mhor-
decai ar a shonso? annsin adubhra-
dar serbhísigh an Rígh do mhiniostráil
dó, ní dhérnadh éinní ar a shon.


L. Es6:4


Agus adubhairt an Rígh, cía atá
annsa chúirt? (anois tháinic Háman
annsa chúirt amuigh do thigh an Rígh, do
labhairt ris an Rígh do chrochadh Mhor-
decai air an ccroich do ghléus sé na
choinne.)


L. Es6:5


Agus adubhradar serbhísigh
an Rígh ris, féuch, ata Háman na
sheasamh annsa chúirt: agus adubhairt
an Rígh, tigeadh sé asteach.


L. Es6:6


Annsin tháinic Háman asteach,
agus adubhairt an Rígh ris, cred do
dhéntar don duine a mbia dúil ag an
Rígh onóir do thabhairt dó? (Anois do
smuáin Háman iona chroidhe, cía agá
mbíath dúil ag an Rígh a onórughadh
nísa mhó ná misi?)


L. Es6:7


Agus do fhreagair Háman an Rígh,
ar son an té agá mbía dúil ag an
Rígh donórughadh,


L. Es6:8


Tugthar anúas an chuluidh río-
gha, noch ghnáthuighios an Rígh diom-
char, agus an teach ar a ngnáthuigheann
an Rígh marcuigheachd, agus a choróin
ríogha, noch chuirthear ar a cheann:


L. Es6:9


Agus tugthar an chulaidhsi, a-
gus an teach a láimh aóin do na prionn-
sadhuibh is mó onóir do phrionnsadhuibh
an Rígh, iondus go ccuirfeadh íad uime
an nduine a mbía dúil ag an Rígh a
onórughadh; agus tugthar ar mar-
cuigheacht é ar feadh shráide na caithreach,
agus fúagarthar roimhe; is marso
do dhéantar ris an té dhá mbia dúil ag
an Rígh a onórughadh.


L. Es6:10


Annsin adubhairt an Rígh re
Háman, déana deithfir, agus glac an
chulaidh, agus an teach mar adubairt
tú, agus déana mar sin do Mhor-
decai an Iúduigh noch shuighios ag geata
an Rígh; ná faillighthear ré héinní dá
ndubhairt tú.


L. Es6:11


Annsin do ghlac Háman an
téadach, agus an teach, agus déad-
uigh sé Mordecai, agus thug leis ar
marcuigheacht thríd shráid na chaithreach
é, agus dfúagair roimhe, is marso
do dhéantar ris an nduine is mían leis
an Rígh donórughadh.


L. Es6:12


Agus tháinic Mordecai arís
go geata an Rígh: acht dorinne Há-
man deithnios dá thigh ag déanamh dob-
róin, agus folach air a cheann.


L. Es6:13


Agus dinnis Háman dá mhnaói
Séres agus dá cháirdibh uile, gach ní
dár éirigh dhó. Annsin adubhradar a
dhaoine glioca, agus Seres a bhean
ris, más do shíol na Niúduigheadh Mor-
decai, re ar thosuigh tú tuitim, ní
bhéara tú buáidh na aghaidh, achd is dearbh
go ttuitfidh tú roimhe.


L. Es6:14


Agus an feadh dobhádar mar
sin ag comhrádh ris, thangadar seom-
radóirigh an Rígh, agus dorinneadar
deithfir re Háman do thabhairt chum na
fleidhe do ghléus Ester.


L. Es7:1


Marsin tháiníc an Rígh a-
gus Háman chum na fleidhe
le Hester an bhainrío-
ghan.


L. Es7:2


Agus adubhairt an Rígh arís
re Hester air an dara lá ag fleidh
anfíona, cred é híarratus a bhain-
ríoghan Ester? agus dobhéarthar
duit é: agus cred é hatchuinghe? a-
gus coimhlíonfuigheor í, da madh go leath
na rioghachta.


L. Es7:3


Annsin do fhreagair Ester an
bhainríoghan, agus adubhairt, má fuáir
mé fabhar dot lathair, ó a Rígh, agus
más toil ris an Rígh, tugthar ma-
nam dhamh ar míarratas, agus mo
dhaóine ar mathchuinge.


L. Es7:4


Oir do reacadh sinn, agus mo
dhaóine, dar scrios, dar marbhadh, a-
gus dar ndíothlaithriughadh: acht dá
reachthaói sinn mar dhaóirsineachuibh, ní
laibhéoruinn, mátá nárbhféidir leis an
námhuid dul amugha an Rígh daisiog.


L. Es7:5


Annsin do fhreagair an Rígh Ahas-
uerus, agus adubhairt re Hester an
bhainríoghan, cía hé féin? nó cáit a
bhfuil an té dá léigfeadh aneagla dfa-
gháil iona chroidhe féin sin do dhénamh?


L. Es7:6


Agus adubhairt Ester, isé
aneascara agus an námhuid, an droch-
dhuinesi Háman. Annsin do ghabh eag-
la Háman a bhfíadhnuisi an Rígh, a-
gus na bainríoghna.


L. Es7:7


Agus ar néirghe don Rígh ó
fhleidh ó nfíona iona fheirg, dochuáidh
sé go gáirdín an pháláis, agus do
sheas Háman súas do ghuidhe na bain-
ríoghna Ester fána anam: óir do
chonnairc sé go raibh olc dá thríall na
aghaidh ón Rígh.


L. Es7:8


Annsin dfill an Rígh as gáirdín
an pháláis go hionad fleidhe anfíona,
agus do thuit Háman air an leabuidh air
a raibh Ester. Annsin adubh-
airt an Rígh, anéigneochuidh sé an
bhainríoghan mar an ccédna as mo
choinne annsa tigh? ar ndul anfocail
as béul an Rígh, dfolchadar aghuidh
Háman.


L. Es7:9


Agus adubhairt Harbona, áon
do na seomradóirighibh a bhfiaghnuisi an
Rígh, féuch fós an chroch do cháogad cu-
bhad ar áirde, noch dorinne Háman do
Mhordecai, noch do labhair go maith
ar son an Rígh, ata sí na seasamh
a ttigh Háman. Annsin adubhairt an
Rígh, crochuidh é féin uirre.


L. Es7:10


Marsin do chrochadar Háman ar
an ccroich dorinne sé do Mhordecai.
Annsin do sguir fearg an Rígh.


L. Es8:1


Ansa ló sin féin thug an
Rígh Ahasuerus tigh Há-
man, námhuid na Niúduigheadh,
do Ester an bhainríoghan;
agus tháinic Mordecai a lathair an
Rígh: óir dinnis Ester mar dobhí sé
dhi.


L. Es8:2


Agus do bhain an Rígh a fháinne
dhe, noch do bhain sé do Háman, agus
thug sé do Mhordecai é, agus do chuir
Ester Mordecai ós cionn tighe Há-
man.


L. Es8:3


Agus do labhair Ester fós a
rís a lathair an Rígh, agus do shlécht
fána chosuibh, agus do ghuidh sí é ma-
ille ré déuruibh, urchóid Háman an
Hagagiteach, agus an chealg do thríall
sé anaghaidh na Níuduigheadh, do chur
ar ccúl.


L. Es8:4


Annsin do chonnuimh an Rígh a-
mach an ríoghshlat órdha a ccoinne Es-
ter. Marsin déirigh Ester, agus
do sheas sí a bhfíaghnuisi an Rígh.


L. Es8:5


Agus adubhairt sí, más toil
leis an Rígh, agus má fuáir misi fa-
bhar iona radharc, agus go bhfaic-
thear an ní ceart a bhfiaghnuisi an Rígh,
agus má tá mé taitneamhach iona ra-
dharc, scríobhthar litreacha Háman mhic
Hammedatha a Tagagiteach do ghairm
air a nais, noch do scríobh sé do scri-
os na Niúduigheadh, noch ata anuile
phroibinsibh an Rígh.


L. Es8:6


Oír ciondus fhéaduimsi fulang
an tolc noch thiucfas ar mo dhaóinibh
dfaicsin? nó ciondus fhéaduim scri-
os mo chinidh dfaicsin?


L. Es8:7


Annsin adubhairt an Rígh A-
hasuerus re Hester an bhainríoghan,
agus re Mordecai an Iúduigh, féuch
thug mé do Ester tigh Háman, agus
do chrochadar é féin san ccroich, do
bhrígh gur leag sé a lámh air na Iúd-
uighibh.


L. Es8:8


Scríobhuidhsi mar an ccédna
ar son na Niúduighdh, mar is mían
libh féin, anainm an Rígh, agus
séuluighid é le fáinne an Rígh; óir
an scríbhinn scríobhthar anainm an
Rígh, agus shéuluighthear lé fáinne an
Rígh, ní fhéadann énduine a fhilleadh
air ais.


L. Es8:9


Annsin do goireadh scribneói-
ridh an Rígh san namsin ar an treas
mí (sí sin an mhí Síbhan) ar an treas
lá fithchiod don mhísin, agus do
scríobhadh (do réir anuile ní dá ttug
Mordecai úadh) chum na Níuduigheadh,
agus chum fheara ionuid an Rígh, agus na
mbreitheamhan, agus úachdarán na bproi-
bhinnseadh, noch ata ón India go nuige
Etiópia, céud agus fithche agus
seachd bproibhinnsi, chum gach áon phroibhinn-
si, do réir a scríbhinnesin, agus chum
gach énphobhail do réir a tteangtha,
chum na Níuduigheadh do réir a scrí-
bhinne, agus do réir a tteangtha.


L. Es8:10


Agus do scríobh sé anainm
an Rígh Ahasuerus, agus do shéuluigh
an scríbhinn lé fáinne an Rígh, agus do
chuir sé litreacha lé postuibh úadh ar
eachuibh, agus marcshluag ar mhúillidhibh,
agus ar chámhalluibh, agus ar eachuibh
óga choimhlionga.


L. Es8:11


Iontasin dáontuigh an Rígh
do na Iúduighibh, ann gach áon chathruigh
a rabhadar íad féin do chruinniughadh
a bhfochair a chéile, agus seasamh ar son
a nanma, do dhíobadh, do mharbhadh, a-
gus do sgrios cumhacht an phobail, a-
gus na proibhinnse uile do chuirfeadh na
naghaidh, a ndaoine bheaga aráon, agus
a mná, agus a nédail do bhuain díobh
mar chreich;


L. Es8:12


An áon ló, a bproibhinnsibh an
Rígh Ahasuerus, eadhon ar an treas
lá déug don dara mí dég, noch isí
mí Adar.


L. Es8:13


Cóip na scríbhne do thabhairt
mar aithne ann gach áon phroibhinnsi, dá
fhoillsiughadh donuile phobal, agus
go mbéidís na Iúduighe réigh a ccoinne
an láesin dá ndioghuilt féin ar a
naimhdibh.


L. Es8:14


Marsin dochuadar amach na
postadha dobhí ar muin mhúillidh a-
gus chámhall, arna ndeithfriughadh, a-
gus ar an mbrostughadh ar siubhal
le haithne an Rígh, agus tugadh a
nfógra a Súsan an pálás.


L. Es8:15


Agus dochuáidh Mordecai a
mach as lathair an Rígh, anéadach
ríogha, do ghorm agus do bhán, a-
gus maille re mórchoróin óir, agus
le culaidh línéuduigh fhínealta, agus
phurpair; agus do gháirdigh cathair Shú-
san, agus dobhí sí lúathgháireach.


L. Es8:16


Fúaradar na Iúduighe solus,
agus gáirdeachus, agus sólás, agus
onóir:


L. Es8:17


Agus ann gach aon phroibhinnsi,
agus ann gach áonchathruigh, gidhbé áit
a ttáinic aithne an Rígh, agus ór-
dughadh, fúaradar na Iúduighe gáirdea-
chus, agus lúathgháir, féusta, agus
lá maith: agus thangadar mórán do
mhuintir na tíre do bheith na Niúdui-
ghibh, óir do luigh eagla na Niúdui-
gheadh orra.


L. Es9:1


Anois annsa dara mí déag
(dobhí sin mí Adar) ar an
treas lá déag dhi, anuair
dobhí aithne an Rígh, agus
a órdughadh a ngar ré a ccur a
ccrích, annsa ló ar shaóileadar naimhde
na Niúduigheadh chumhacht dfagháil ós a
ccionn; (matá gur hiompóigheadh é
go contrardha, go raibh buáidh ag na
Iúduighibh ós cionn na muintire noch do
fhúathuigh íad).


L. Es9:2


Do chruinnigheadar na Iúduighe íad
féin a ccionn a chéile iona ccaithrea-
chaibh air feadh uile phroibhinnseadh an Rígh
Ahasuerus, do chur a láimhe ansa
druing do thairg a ndochar do dhénamh;
agus níor fhéud áonduine seasamh ríu:
óir do ghabh eagla gach uile phobal
rompa.


L. Es9:3


Agus do chuidigheadar úachtaráin,
agus riaghlóirigh, agus breitheamhuin,
agus oifigidh an Rígh leis na Iúdui-
ghibh, do bhrígh gur luidh eagla Mhorde-
cai orra.


L. Es9:4


Oír ba mór Mordecai a ttigh
an Rígh, agus dochuáidh a chlú amach
ar feadh na nuile phroibhinnseadh: óir dfás
an duinesi Mordecai nísa mhó, a-
gus nísamhó.


L. Es9:5


Marso do bhuáileadar na Iúduighe
a naimhde uile le buille an chloidhim, a-
gus le hár, agus le scrios, agus
dorinneadar mar budh toil léo ris an
luchd do fhúathuigh íad.


L. Es9:6


Agus ann Súsan an pálás, do
mharbhadar na Iúduighe, agus do mhuigh-
eadar cúig chéud fear.


L. Es9:7


Agus Parsandata, agus Dal-
phon, agus Aspata,


L. Es9:8


Agus Porata, agus Adaliah,
agus Aridata,


L. Es9:9


Agus Parmasta, agus Arisai,
agus Aridai, agus Bhaiesata,


L. Es9:10


Deich mhic Háman mhic Hamme-
data, námhuid na Niúduigheadh, do mhar-
bhadar íad, acht air a nédáil níor lea-
gadar a lámh.


L. Es9:11


Tugadh an lásin a lathair an
Rígh uibhir na méide do marbhadh ann
Súsan an pálás.


L. Es9:12


Agus adubhairt an Rígh re
Hester an bhainríoghan, do mharbh a-
gus do scrios na Iúduighe cúig chéud
fear ann Súsan an pálás, agus deith-
neamhar mac Háman; cred dorinneadar
annsa chuid oile do phroibhinnsibh an Rígh?
anois cred í hathchuinge? agus
dobhérthar dhuit í: nó cred é híarratus
níis mó? agus dodhéntar é.


L. Es9:13


Annsin adubhairt Ester, más
toil leis an Rígh, tugthar cead do
na Iúduighibh ata ann Súsan sin do
dhénamh amárach mar an ccédna do
réir órduighthe an láesi, agus croch-
tar deithneamhar mac Háman annsa chroich.


L. Es9:14


Agus daithin an rígh a dhé-
namh marsin: agus tugadh anfógra
ann Súsan, agus do chrochadar deich mic
Háman.


L. Es9:15


Oír do chruinnigheadar na Iúd-
uighe dobhí ann Súsan íad féin a
ccionn a chéile ar an cceathramhadh lá
dég don mhí Adar mar an gcéadna,
agus do mharbhadar trí chéad fear ann
Súsan: acht níor leagadar a lámh air
a nédáil.


L. Es9:16


Acht na Iúduighe uile dobhí
a bproibhinnsibh an Rígh, do chrúinnighea-
dar íad féin a ccionn a chéile, agus
do sheasadar ar son a nanma, agus
fúaradar ciúnas ó na naimhdibh, agus
do mharbhadar dá neasccáirdibh seacht-
mhoghad agus cúig mhíle: acht níor
leagadar a lámha air an ccreich.


L. Es9:17


Ar an treas lá déag do mhí
Adar, agus ar an cceathramhadh lá
déag don mhí chéadna do shocruigheadar,
agus dorinneadar lá féusta, agus
sóláis de.


L. Es9:18


Acht na Iúduighe dobhí ann
Súsan do chruinnigheadar a bhfochair a chéile
ar an treas lá déag don mhísin, a-
gus ar an cceathramhadh lá déugh dhi,
agus air an ccúigeadh lá déug don mhí
chéadna, do shuaimhnigheadar, agus do
rinneadar dhe lá féusta, agus sóláis.


L. Es9:19


Uimesin dorinneadar Iúduighe
na mbailteadh mbeag do chomhnuidh a mbail-
tibh gan bhalladha, an ceathramhadh lá
déag do mhí Adar na lá lúathgháire
agus féusta, agus na lá mhaith, a-
gus do chur oirchisecht chum a chéile.


L. Es9:20


agus do scríobh Mordecai
na neithesi, agus do chuir sé litreacha
chum na Niúduigheadh dobhí anuile
phroibhinnsibh an Rígh Ahasuerus a
bhfogus, agus a ccéin,


L. Es9:21


Dá bhúanughadh so na measc,
go ccongmhuidís an ceathramadh lá déug
don mhí Adar, agus an cúigeadh lá
dhi gacha blíadhna:


L. Es9:22


Mar na láethe ar suáimhnighea-
dar na Iúduighe óna naimhdibh, agus
an mhí do hiompóigheadh chuca ó dhólás
go sólás, agus ó dhóbrón go lá mhaith:
go ndéindís dhíobh láethe féasta, agus
gáirdeachuis, agus oirchiseachd do chur
chum a chéile, agus tiodhluicthe chum na
mbocht.


L. Es9:23


Agus do ghabadar na Iú-
duige orra féin a dhénamh mar do
thosuigheadar, agus mar do scríobh
Mordecai chuca.


L. Es9:24


Do bhrígh gur thríall Háman
mhac Hammedata an Tagagiteach
námhuid na Níuduigheadh uile, anaghuidh
na Níuduigheadh chum a scriosta, a-
gus gur theilg Pur (eadhon crannchar)
dá ndíothughadh, agus dá scrios.


L. Es9:25


Acht anuáir tháinic Ester
a lathair an Rígh daithin sé le litreachaibh
an droichthionnsgnamh do thríall sé anaghaidh
na Niúduigheadh dfilleadh ar a
cheann féin, agus é féin agus a mhic
do chrochadh san ccroich.


L. Es9:26


Ar anadhbharsin do ghoireadar
Púrim do na láethibsin ón nainm Pur;
uimesin ar son bhríathar na litreach,
agus ar son gach neithe dá bhfaca-
dar a ttáobh anadhbhairsi, agus noch
déirigh dhóibh,


L. Es9:27


Dórduigheadar na Iúduighe, a-
gus do ghabhadar orra féin, agus air
a sliocht, agus ar gach uile dhuine
dá cceingeoladh ríu, iondus nach bhfail-
leochthaoi é; go ccoimhédfaidís an dá
láso, do réir a scríbhinne, agus do
réir anuáire cinnte gacha blíadhna:


L. Es9:28


Agus go ccuimhneochthaoi na
láethesi, agus go ccoimhédfuidhe íad
ar feadh gach éingheinealuigh, gach éintreibhe,
gach éintíre, agus énchaithreacha; agus
nach bhfailleochthaoi na láetheso Púrim ó
bheith a measc na Niúduigheadh, nó a
ccuimhne do dhul a mbáthadh óna síol.


L. Es9:29


Annsin do scríobh Ester an
bhainríoghan inghean Abihail, agus Mor-
decai an Iúduigh, maille ris anuile
úghdarrás chum an dara litresi Phú-
rim do dhaingniughadh.


L. Es9:30


Agus do chuir sé na litreacha
chum na Níuduigheadh uile, chum na ccéud
agus na seacht bproibhinnseadh fithchiod
rioghachta Ahasuerus, maille re
bríathruibh síothchána, agus fírinne:


L. Es9:31


Do dhaingniughadh na laétheadhso
an Phúrim, iona naimsearuibh (cinnte) do
réir mar do aithin Mordecai an Iúduigh,
agus Ester an bhainrioghan díobh, a-
gus mar do órduigheadar air a son féin,
agus air son a síl; adhbhar a ttrois-
ge agus a ngearáin.


L. Es9:32


Agus do dhaingnidh órdughadh
Ester na cúisesi an Phúrim, agus
do scríobhadh annsa leabhar é.


L. Es10:1


Agus do chuir an Rígh Ahasue-
rus duibchíos ar a dúithche,
agus air oileanuibh na fairge.


L. Es10:2


Agus gníomha a neirt
uile, agus a chumhachta, a-
gus foillsiughadh mhéud Mhordecai,
iona ndérna an Rígh mór é, nach bhfui-
lid síad scríobtha a leabhar croinice
Ríogh na Média agus na Persia.


L. Es10:3


Oír dobé Mordecai an Iúduigh
dob fhoicse don Righ Ahasuerus, agus
budh mór é a measc na Niúduigheadh, agus
geanamhuil ag iomadamhlachd a dhearbhráith-
each, ag íarruidh maithesa dá dhaóinibh,
agus ag labhairt síothchána dá shliochd féin
uile.


L. Ib



Níl L Ib17:9 sa leagan seo (1685), tá sé curtha isteach anseo ó leagan
1690.



LEABHAR IOB


L. Ib1:1


Dobhí duine a bhfearann Hus,
darbhainm Iób, agus dobhí
an tésin iomlán, agus
díreach, agus neach air a raibh
eagla Dé, agus do seachuin olc.


L. Ib1:2


Agus dorugadh móirsheisior
mac dhó, agus tríur inghean.


L. Ib1:3


Dobí a mhaóin mar an ccédna
seacht míle cáora, agus trí mhíle cá-
mhall, agus cúig chéd cúpla damh, a-
gus cúig chéd assal bainionn, agus
teaghlach romhór: iondus gurbhé an
fearso duine budh mó don taóibh shoir
uile.


L. Ib1:4


Agus dimthighedís a chlann, agus
donídís fleadh iona ttighthibh, lá air
gach áon díobh, agus do chuiredís fios
agus do ghoiredís ar a ttríur deirbh-
sheathrach dithe agus dól na bhfo-
chair.


L. Ib1:5


Agus is amhluidh bhí, anuáir do
thíaghadh láethe a bfleidhe timchioll,
go ccuireadh Iób fios (orra), agus go
náomhuigheadh sé íad, agus go néirgheadh sé
sasa moch na maidne, agus go nofráladh
sé íodhbartha loisge, do réir a nuibhre
uile: óir adeireadh Iob, dobféidir
gur pheacuigheadar mo mhic, agus gur
mhalluigheadar Día iona gcroidhthibh:
marso doníodh Iób go gnáthach.


L. Ib1:6


Anois dobhí lá, an tan than-
gadar mic Dé dá ttaisbeanadh féin a
lathair an Tighearna, agus tháinic Sá-
tan mar an gcédna na measc.


L. Ib1:7


Agus adubhairt an Tighearna re
Sátan, cáit as a ttig tusa? ann-
sin do fhreagair Sátan don Tighearna, a-
gus adubhairt, ó bheith ag imtheacht
fáccuáirt ar feadh na talmhan, agus
ó shiubhal síos agus súas ann.


L. Ib1:8


Agus adubhairt an Tighearna re
Sátan, ar mheas tú mo shearbhfhoghan-
tuigh Iób, nach bhfuil áon cosmhuil ris
air an ttalamh, duine iomlán díreach,
aon ar a bhfuil eagla Dé, agus sheachnas
olc?


L. Ib1:9


Annsin do fhreagair Sátan don
Tighearna, agus adubhairt, an gan adh-
bar atá eagla Dé air Iób?


L. Ib1:10


Nach dérna tusa fál na
thimchioll, agus a ttimchioll a thighe,
agus timchioll anuile ní dá bhfuil aige
air gach aon táobh? do bheannugh tú
oibreacha a lámh, agus do mhéaduigh
tú a mhaóin annsa tír.


L. Ib1:11


Acht anois sín do lámh, agus
leag í ar a bhfuil aige, agus mailleo-
chuidh sé thú ad agaidh.


L. Ib1:12


Agus adubhairt an Tighearna re
Sátan, féuch atá a bhfuil aige uile
fad chumhachduibhsi: amháin air féin ná
sín do lámh; marsin dimthigh Sátan
amach as lathair an Tighearna.


L. Ib1:13


Agus dobhí lá air a rabha-
dar a mhic agus a inghéna, ag ithe,
agus ag ól fhíona, a ttigh a ndearbh-
rathar fa sine.


L. Ib1:14


Agus tháinig teachtaire go Iób,
agus adubhairt, dobhádar na daimh
ag treabhadh, agus na hassail ag inn-
ghilt, láimh ríu:


L. Ib1:15


Agus thangadar na Sabeánuigh
orra, agus rugadar léo íad, do mhar-
bhadar fós na seirbhísigh le fáobhar
an chloidhimh, agus tháinic misi amháin
am áonar as, dá innisin duit.


L. Ib1:16


An feadh dobhí sé fós ag la-
bhairt, tháinic mar an ccédna duine eile,
agus adubhairt, do thuit teine Dé ó
neamh, agus do dhóich sí na caóirigh uile,
agus na serbhísigh, agus do lérloisg
íad, agus misi amháin tháinic as am
áonar, dá innisin duit.


L. Ib1:17


An feadh dobhí sé marso ag
comhrádh, tháinic mar an ccédna duine
oile, agus adubhairt, dorinneadar na
Caildéanuigh trí bhanna súas, agus do
lingeadar air na cámhalluibh, agus ruga-
dar léo íad, do mharbhadar fós na
serbhísigh le fáobhar an chloidhim, agus
tháinic misi amháin am aonar as, dá
innisin duit.


L. Ib1:18


An feadh dobhí sé fós ag comh-
rádh, tháinic duine oile mar an ccéd-
na, agus adubhairt, dobhádar do mhic
agus hingheana ag ithe, agus ag ól
fíona a ttigh a ndearbhrathar fá sine:


L. Ib1:19


Agus féuch tháinic gáoth mhór
ón bhfásach, agus do bhuáil sí ceithre
coirnéil an tighe, agus do thuit sé air na
hógánuibh, agus atáid marbh, agus
tháinic misi amháin am áonar as, dá
innisin duit.


L. Ib1:20


Annsin déirigh Iób, agus do
réub sé a fhalluing, agus do bhérr
sé a cheann, agus do thuit síos air an
ttalamh, agus do adhuir sé,


L. Ib1:21


Agus adubhairt, tárnóchd
tháinic mé amach as broinn mo mháthar,
agus tárrnóchd fhillfios mé ann arís:
sé an Tighearna thug úadh, agus sé
an Tighearna rug leis: go madh beann-
uigh ainm an Tighearna.


L. Ib1:22


Níor pheacuigh Iób annso uile,
ní mó do chuir leimhe a leith Dé.


L. Ib2:1


Dobhí lá arís anuáir than-
gadar mic Dé dá ttais-
beanadh féin a lathair an Ti-
ghearna, agus tháinic Sátan
mar an ccédna dá thaisbénadh féin a
lathair an Tighearna.


L. Ib2:2


Agus adubhairt an Tighearna re
Sátan, cáit as a ttig tusa? a-
gus do fhreagair Sátan don Tighearna,
agus adubhairt, ó imtheachd fáccuáirt
ann sa talumh, agus ó shiubhal síos
agus suas ann.


L. Ib2:3


Agus adubhairt an Tighearna
re Sátan, nar mheas tú móglach Iób,
nach bhfuil áon cosmhuil ris air an tta-
lamh; duine iomlán díreach, áon air a
bhfuil eagla Dé, agus sheachnus olc?
agus congmhus a iomláine go dain-
gion a ccomhnuidhe, bíodh gur chorruidh
tusa misi na aghaidh, dhá scrios gan
adhbhar.


L. Ib2:4


Agus do fhreagair Sátan don
Tighearna, agus adubhairt, croicionn ar
son croicinn, a bhfuil ag duine
dobhéradh sé as a anam é.


L. Ib2:5


Acht cuirse amach do lámh anois,
agus bain rena chnáimh, agus rena
fheóil, agus mailleochaidh sé thú ad ha-
ghaidh.


L. Ib2:6


Agus adubhairt an Tighearna re
Sátan, féuch atá sé ann do láimhse,
achd amháin cáomhuin a anam.


L. Ib2:7


Annsin dochuáidh Sátan amach ó
lathair an Tighearna, agus do bhúail
sé Iób le neascóidighibh doilghe ó bhonn
a choise go baithis a chinn.


L. Ib2:8


Agus do ghlac sé scríobán dá
scríobadh féin leis, agus do shuidh sé
síos ar fud na lúatha.


L. Ib2:9


Annsin adubhairt a bhean ris, an
ccongmhann tusa hiomláine a ccomhnuigh,
malluigh Día, agus éug.


L. Ib2:10


Acht adubhairt seision ría, labh-
ra tú mar labhrus áon do na mnáibh a-
muideacha: cred so? an nglacfum maith
as láimh Dé, agus nach géubham olc
úadh? annso uile níor pheacuidh Iób
lena bhéul.


L. Ib2:11


Anois anuáir dochúaluidh
triúr carad Iób an tolcso uile tháinic
air, tháinic gach aon aca ón áit féin:
Eliphas an Tamaníteach, agus Bildad
an Suhiteach, agus Sophar an Naa-
matiteach; óir dorinneadar ionad coinne
re chéile do theacht do dhénamh doilghis
leis, agus dá chomhfurtachd.


L. Ib2:12


Agus anuáir do thógbhadar
a súile súas a ccéin, agus nár aith-
nigheadar é, do thógbhadar a nguth ós
áird, agus do ghuileadar, agus do
réub gach áon díobh a fhalluing, agus
do chroitheadar luáithreadh air a ccénnuibh
leath re neamh.


L. Ib2:13


Marsin do shuigheadar síos na
fhochair ar an ttalamh air feadh sheachd lá,
agus sheacht noidhche, agus níor labhair
áonduine focal ris: óir dochonncadar
gur romhór a dhoilghios.


L. Ib3:1


Na dhiáighso dfoscuil Iób a
bhéul, agus do mhalluigh sé
a lá.


L. Ib3:2


Agus do labhair Iób, a-
gus adubhairt;


L. Ib3:3


Imthigheadh seachad an lá iona
rugadh mé, agus anoidhche iona ndubh-
radh, atá leanabh mic arna ghineamh-
uin.


L. Ib3:4


Bíodh an lásin na dhorchadas,
ná cuireadh Día beann air ó neamh, agus ná
lonnruigheadh an solus air.


L. Ib3:5


Agradh dorchadas agus scáile
an bháis é, comhnuigheadh néull air, uamh-
nuigheadh dorcadas an laé é.


L. Ib3:6


Ar son na hoidhchesin, seal-
bhuigheadh dorchadus í, ná ceangaltar í
do láethibh na bliadhna, ná tigeadh sí
anuibhir na míos.


L. Ib3:7


Féuch, bíodh anoidhchesin aonrá-
nach, ná tigeadh áon ghuth sólásach
innte.


L. Ib3:8


Malluighdís an drong mhallui-
ghios an lá í, noch atá réidh do thóg-
bháil a ndóbróin súas.


L. Ib3:9


Bídís réulta a camhaoire dor-
cha, bíodh súil re solus aice, acht ná
faghadh é, narob mó dochife sí éirghe
an laói.


L. Ib3:10


Do bhrígh nar iáidh sí súas doir-
se bhronn mo (mhathar), nár cheil sí doil-
ghios óm shúilibh.


L. Ib3:11


Cred nár éug mé ar tteachd
as an mbroinn? cred nach bhfuáir mé
bás anuáir tháinic mé amach as an
mbolg?


L. Ib3:12


Cred fár thoirmiosgadar na
glúine mé? nó cred far (tugadh
dhamh) na cíocha do dhiughalfainn?


L. Ib3:13


Oír do bhéinn anois am luighe go
suaimhneach, agus do bhéinn ciúin; do
choidéoluinn, annsin do bhéinn am chomhnuidhe;


L. Ib3:14


A bhfochair Ríogh agus chomhairleach
na talmhan, dorinne áite uáigneacha
dhóibh féin:


L. Ib3:15


Nó a bhfochair phrionnsadh agá
raibh ór, noch do líon a ttighthe le
hairgiod.


L. Ib3:16


Nó mar bhreith fholuighthe gan
ionbhuidh ní bhéinn ann; mar naoidheanuibh,
nach bhfacaidh an solus aríamh.


L. Ib3:17


Annsin scuirid na drochdhaoine
do bhuaidhirt: agus annsin bhíos na
daóine corrtha na ccomhnuighe.


L. Ib3:18


Annsin shuaimhnighid na príosún-
uigh a bhfochair a chéile, ní chluinid síad
guth an mhilltéora.


L. Ib3:19


Atá an beag agus an mór ann-
sin, agus atá an serbhfhoghantuigh
sáor óna mhaighistir.


L. Ib3:20


Cred as a ttugthar solus
don tí atá a ttruáighmhéile, agus beatha
don tsearbh ann anum?


L. Ib3:21


Noch lear mhían bás, achd ní thig
sé, agus thochlas dá íarruidh, nísa
mhó ná ciste foluighthe.


L. Ib3:22


Noch gháirdighios go hiomar-
cach, agus ar a mbí lúathgháir anuáir
dogheabhuid an nuaigh.


L. Ib3:23


(Cred as a ttugthar solus)
do dhuine agá bhfuil a shlighe ar ceilt,
agus noch do iáidh Día astigh?


L. Ib3:24


Oír thig mo uchbhadhach suil
ithim, agus mo núalghubha arna ndór-
tadh amach amhuil uisceadha.


L. Ib3:25


Oír an ní dobeagail liom go mór,
tháinic sé orum, agus an ní roimhe ar
uáimhnigh mé, tháinic sé chugam.


L. Ib3:26


Ní raibh mé a ndaingion, ní mó
dobhí suáimhnios agam, ní mó dobhí mé
ciúin: gidheadh tháinic búaidhreadh.


L. Ib4:1


Ansin do fhreagair Eliphas an
Temaníteach, agus a du-
bhairt,


L. Ib4:2


Má chuirmíd romhuinn
comhrádh do dhénamh riot, an
mbiaidh doilghios ort? acht cía fhédus
é féin do chonngmháil ó labhairt?


L. Ib4:3


Féuch, do theagaisg tú féin mó-
rán, agus do neartuigh tú na lámha
laga.


L. Ib4:4


Do chongmhadar do bhríathra súas
an té dobhí ag tuitim, agus do
neartuigh tú na glúine fanna.


L. Ib4:5


Acht anois tháinic sé ort féin,
agus dothéid tú ananbhfainne; do
bhean sé riot, agus ata tú buaidheartha.


L. Ib4:6


Nach í so heagla, do dhóthchus
do dhóigh, agus fíréuntachd do shligh-
theach.


L. Ib4:7


Cuimhnigh, íarruim dathchuinge ort,
cía sgriosadh aríamh, ar mbeith neamh-
chíonntach? nó cáit ar gearradh amach
an fíréun?


L. Ib4:8


Do réir mar dochonnairc misi
an drong threabhus éicceart, agus chuiri-
os olc, beanaid an ní cédna.


L. Ib4:9


Le sideadh Dé imthighid síad, agus
le hanáil a pholláireadh marbhthar íad.


L. Ib4:10


Núaill an leomhuin, agus guth
an leomhuin dhíscir, agus fíacla na
leomhan óg bristear íad.


L. Ib4:11


Téid an seinleomhan amugha
do dhíth creiche, agus atáid cuiléin
an leomhuin churata sgartha ó chéile.


L. Ib4:12


Anois tugadh ní go foluightheach
chugamsa, agus do ghabh mo chlúas
beagán de.


L. Ib4:13


A smuaintighthibh ó fhisibh na
hoidhche, anuáir thuitios codhladh trom
ar na daóinibh.


L. Ib4:14


Tháinic eagla orum agus crith,
noch do chuir mo chnámha uile ar crith.


L. Ib4:15


Annsin do ghabh spiorad thor-
um ar maghuidh, do sheas grúag mo
chuirp súas.


L. Ib4:16


Dfan sé na sheasamh, achd níorbhféidir
liomsa a fhoirm daithniughadh;
dobhí íomháigh as coinne mo shúl, do
bhí tochd ann, agus dochúala mé guth
(gha rádh,)


L. Ib4:17


An mbía duine marbhthach nías
ceirte ná Día? an mbiáidh duine
nías fíorghlaine ná a chruthuigheóir?


L. Ib4:18


Féuch, ní chuireann sé táobha
ar bith iona sheirbhíseachuibh, agus cui-
ridh sé leimhe a leith a aingiol.


L. Ib4:19


Cá mhéad nísa lugha annsa
droing áitreabhas a ttighthibh críadh,
agá bhfuil a mbunáit annsa luaithreadh,
noch bhrúightear roimhe an míol críon?


L. Ib4:20


Atáid arna scrios ó mhaidin
go nóin, agus imthighid go bráth gan
neach dá ccronughadh.


L. Ib4:21


Nach imthigheann seachad an toir-
dhearcus atá ionnta? éaguid fós gan
eagna.


L. Ib5:1


Goir anois matá duine ar
bith fhreigeorus tú, agus
cía aca do na náomhuibh
chum a bhfillfe tú?


L. Ib5:2


Oír marbhuidh anfearg an duine a-
madánta, agus marbhuidh an fuath an
duine éittréorach.


L. Ib5:3


Dochonnairc mé an téigcríonnach
ag glacadh fréimhe: achd ar ball do
mhalluigh mé a áitreabh.


L. Ib5:4


Atáid a chlann a bhfad ó dhain-
gion, agus atáid brúite san gheata,
ní mó atá aóinneach dá ttártháil.


L. Ib5:5


Oír ithionn an tocrach a bhfogh-
mhar súas, noch bheanas sé as na
droighnibh, agus sluigidh an sladmhóir
suas a mhaóin.


L. Ib5:6


Matá nach ttigh aindeisi amach
as an luaithreadh, agus nach bhfásann
buaidhreadh as an ttalumh:


L. Ib5:7


Acht cheana rugadh an duine chum
buaidheartha, mar éirghid an drithleanna súas.


L. Ib5:8


Do ghuidhfinn chum Dé, agus is a
leith Dé do chuirfinn mo chúis.


L. Ib5:9


Noch doní neithe móra dó-
spíonta, neithe iongantacha gan áir-
eamh.


L. Ib5:10


Noch dobhéir fearthuinn air an
ttalamh, agus chuirios uisgeadha air na
machairighibh:


L. Ib5:11


Do chur na druinge bhíos
ísiol, súas go hárd, chor go ndáir-
deochthaoi an drung chumhthach a ndain-
gion.


L. Ib5:12


Toirmiosguidh sé tionns-
canta na meabhlach, iondus nach bhféuduid
a lámha a ttionnscanta do choimhlío-
nadh.


L. Ib5:13


Gabhuidh sé na heagnuidhe iona
ngliocasuibh féin: agus beirthior comh-
airle an deithneasuidh ré fánuidh.


L. Ib5:14


Teagmhuidh an dorchadas ríu
anaimsir an laói, agus doníd smér-
thachd san meadhon láe amhuil ann sanoidhche.


L. Ib5:15


Acht doní dídean don bhocht air
an ccloidheamh, óna mbéul, agus ó
láimh na ccumhachdach.


L. Ib5:16


Mairsin atá dóigh ag an
mbocht, agus stopuidh an téicceart a
béul.


L. Ib5:17


Féuch, is sona an té smach-
tuigheas Día, uimesin ná tarcuisnighsi
smactughadh anuilechumhachtuigh.


L. Ib5:18


Oír gortuighidh sé, agus
ceangluidh súas, loitigh sé, agus doníd
a lámha féin slán.


L. Ib5:19


Sáorfa sé thú a sé buaidh-
earthaibh, fós a seachd ní bheanfa énolc
riot.


L. Ib5:20


A ngorta fuáisgéola sé thú
ó bhás: agus a ccogadh ó chumhachdaibh
an chloidhim.


L. Ib5:21


Foileochthar thú ó sciúrsa na
teangtha; ní mó bhías eagla an scrios-
ta ort anuáir thiucfas sé.


L. Ib5:22


Fá scrios agus fá ghorta
dodhéana tú gáire: ní mó bhías eagla
bheathach na talmhan ort.


L. Ib5:23


Oír biáidh tú a síothcháin re
clochaibh an mhachaire, agus béid beathuigh
an mhachaire síothach riot.


L. Ib5:24


Agus aitheonuidh tú go mbiáidh
do thabernacuil a síothcháin, agus rach-
uidh tú dféuchuin do bhunaidh, agus ní
dhéna út peacadh.


L. Ib5:25


Aitheonuidh tú mar an ccédna
go mbía do shíol mór, agus do shliochd
mar fhéur na talmhan.


L. Ib5:26


Tiucfuidh tú chum huaighe anaóis
iomláin, amhuil thig síog arbha
asteach anam iomchubhaidh.


L. Ib5:27


Féuch so, do spíonamar é, is
marso atá; éist é, agus bíodh a fhios
agad ar mhaith riot féin.


L. Ib6:1


Acht do fhreagair Iób, agus adubhairt,


L. Ib6:2


Uch, gan mo dhoilghios
arna chomhthromadh thríd a-
mach, agus mo thruáighmhéile
arna chur a meadhuibh anéinfheachd.


L. Ib6:3


Oír anois budh troime é ná gaineamh
na fairge: uimesin atáid mo bhríathra
arna slugadh súas.


L. Ib6:4


Oír atáid soighde anuile-
chumhachduigh ionnam astigh, ibhigh animhsin
mo spiorad súas; cuirid criothnuighthe
Dé íad féin anórdughadh am aghuidh.


L. Ib6:5


A ndén an tassal fíadháin seit-
reach anuáir bhíos féur aige? nó an
ngéimionn an damh ós cionn a bhídh?


L. Ib6:6


An féidir an ní neamhblasta dithe
gan salann? nó an bhfuil blas ar bith
a ngealán na huighe?


L. Ib6:7


Na neithe rer dhiúilt manum buáin,
atáid mar mo bhíadh dóbrónach.


L. Ib6:8


Uch, nach bhfaghuim mathchuinge, a-
gus go ndéonuigheadh Día dhamh an ní le
a bhfuil mo shúil.


L. Ib6:9


Eadhon go madh toil lé Día mo
bhásughadh, go sgaóileadh sé a lámh, a-
gus misi do ghearradh amach.


L. Ib6:10


Annsin dogheabhuinn cabhair fós,
iseadh do cruáidheochuin mé féin a ndób-
rón; ná coigleadh sé, óir níor chéil
mé bríathra an naóin náomhtha.


L. Ib6:11


Cred é mo neart, as a mbiath
dóthchus agum? agus cred é mo críoch
dheighionach, as a bhfaideochuinn mo bhea-
tha?


L. Ib6:12


An é mo neart, neart na ccloch,
no an bhfuil mfeóil do phrás?


L. Ib6:13


Nach bhfuil mo chabhair ionnam?
agus an bhfuil meagna arna bhreith
uáim go hiomlán?


L. Ib6:14


Don té ar a mbí buáidhreadh, dobudh
cóir da charuid a éccaóine; acht
tréigidh sé eagla anuilechumhachduighe.


L. Ib6:15


Dofríth mo dhearbhráithre go feall-
tach orum mar shruth, agus mar thuile
srotha tighid thort:


L. Ib6:16


Noch atá dorcha do bhrígh na
hoidhre, agus ann a bhfuil an sneachda
a bhfolach.


L. Ib6:17


Gidhbé uáir fhásaid síad te,
tiaghuid as: anuáir bhíd te, mughaidh-
thear as anáit íad.


L. Ib6:18


Do hiompoigheadh casáin a sligh-
eadh do leathtaoibh, tiaghuid a neimhní, a-
gus éuguid;


L. Ib6:19


Dféuchadar choimhthionól Thema,
do fheitheadar cuideachduigh Shéba orra.


L. Ib6:20


Do scannruigheadh íad do bhrígh
go rabhadar dóthchusach: thangadar
don náitsin, agus dobhí náire orra.


L. Ib6:21


Oír anois ní héinní sibh; dochítí mo
theilgionsa síos, agus atá eagla or-
uibh.


L. Ib6:22


An dubhairt misi, tabhruidh chugam?
nó tugaidh luáidheachd ar mo shon dá
bhur maoin?


L. Ib6:23


Nó saoruidh mé ó láimh na ná-
mhad, nó fúascluidh mé ó láimh an chu-
mhachtuigh.


L. Ib6:24


Múinigh mé, agus coinneochuigh
mé mo theanga na tochd: agus tabhruigh
orum a thuigsin cáit a ndérna mé
seachrán.


L. Ib6:25


Cred é neartmuire na mbría-
thar cceart? acht cred an ní imdhear-
gus bhur naighnios?


L. Ib6:26


An saóiltí bríathra diomaith-
bhíor, agus glórtha an té atá ané-
dothchus, noch atá mar ghaóith?


L. Ib6:27


Iseadh, tuitidhe air an ndíl-
leachta, agus tochaltaoi log dá bhur
ccaruid.


L. Ib6:28


Anois uimesin bíthí bhur ttochd,
féuchuidh orumsa: óir is follus díbh
má ním bréug:


L. Ib6:29


Fillidh, íarruim dathchuinge oruibh,
ná bíodh sé na éicceart; iseadh fillidh a
rís, a sí mfíréntachd atá ann.


L. Ib6:30


Ní bhfuil éigceart ann mo theang-
uidh? nach aithnighionn mo charbad neithe
domblasta?


L. Ib7:1


Nach bhfuil aimsir chinnte ag
an nduine air an ttalumh?
nach bhfuilid a láethe fós
cosmhuil re láethibh fhir túar-
ustuil?


L. Ib7:2


Amhuil íarrus serbhíseach go díth-
chiollach an scáile, agus mar bhíos
súil an nfir túarustail re (lúach) a
sháothair.


L. Ib7:3


Is marsin dorinneadh misi do sheal-
bhughadh míos díomhaóinis, agus atáid
oidhcheadha tuirseacha arna ccinneadh dhamh.


L. Ib7:4


Anuáir luighim síos, adeirim,
cá huáir éireochus mé, agus imtheo-
chus anoidhche? agus bím lán diomlui-
tibh anonn agus anall, go soillsiu-
ghadh an laói.


L. Ib7:5


Atá mo chorp arna éadughadh
le péistibh, agus le spairtibh luáith-
righ, atá mo chroiceann briste, agus ar
mbréunadh.


L. Ib7:6


Is luáithe mo láethe ná spól
figheadóra, agus atáid caite gan dóth-
chus.


L. Ib7:7


O, cuimhnigh nach bhfuil ann mo
bheatha acht gaoth, ní fhaicfidh mo shúil
maith nísa mhó.


L. Ib7:8


Ní fhaicfidh súil an té dochonn-
airc misi nísa mhó mé: atáid do
shúilese orum, agus ní bhfuilim ann.


L. Ib7:9


Mar imthighios an néull, agus
leaghas seachad: is marsin atá an té
théid síos donuaigh, ní thiucfa sé
aníos nísa mhó.


L. Ib7:10


Ní fhillfidh sé nísa mhó chum a
thighe; ní aithéonuidh a áit é nísa mhó.


L. Ib7:11


Uimesin ní choisgfidh mé mo
bhéul, laibhéoruidh mé anamhgar mo
spioraide, gearanfa mé a searbhus
manma.


L. Ib7:12


An fairge mé, nó an míol mór
mé, as a ccuireann tú faire am thimchioll?


L. Ib7:13


Anuáir adeirim, comhfhuirteo-
cuidh mo leaba mé, dobhéra mo chúil so-
camhal dom ghearán.


L. Ib7:14


Annsin eagluighidh tusa mé tré
aislingthibh, agus criothnuighidh tú mé
lé fisibh.


L. Ib7:15


Iondus go ttoghann manum teach-
tadh, agus bás tar mo bheatha.


L. Ib7:16


Fúathuighim é, níorbháill liom
marthuinn a ccomnuidhe: léig dhamh féin,
óir ní bhfuil acht díomhaóineas ann mo láe-
thibh.


L. Ib7:17


Cred é an duine, as a ndéntá
a mhéudughadh, agus as a ccuirfeá do
croidhe air?


L. Ib7:18


Agus as a ttiucfá dá féuch-
uin gach aon mhaidin, agus go ndeir-
bheochthá é gach áon mhóiment?


L. Ib7:19


Cá fad bhías tú gan dealughadh
riom, nó nach léigfidh tú dhamh go sluige
mé síos mo sheile?


L. Ib7:20


Do pheacuidh mé, cred dodhéna
mé riot, ó a dhídionóir na ndaóine?
cred fár shuighidh tú misi mar chomhartha
ad aghaidh, iondus go bhfuilim am mhuiridhin
damh féin?


L. Ib7:21


Agus cred fá nach maitheann
tú mo pheacadh, agus méicceart do chur
ar ccúl? óir coideoluidh mé anois
annsa luáithreadh, agus íarrfa tusa mé
ar maidin, acht ní bhía mé (ar fa-
gháil.)


L. Ib8:1


Ansin do fhreagair Bildad an
Suhiteach, agus adubhairt.


L. Ib8:2


Ca fad bhias tú ag
labhairt na neithionnso? agus
ca fad bhéid bríathra do bhéil mar
ghaóith láidir?


L. Ib8:3


An cclaonann Día breitheamhnus?
nó an ccláonann an tuilechumhachdach
ceart?


L. Ib8:4


Má pheacuigheadar do chlann na a-
ghaidh, agus gur theilg sé amugha íad
ar son a bpeacuidh:


L. Ib8:5


Dá nguidhféa chum Dé a nam, a-
gus do ghearán do dhénamh ris anuile-
chumhachdach;


L. Ib8:6


Dá mbeithéa fíorghlan, go dei-
mhin do mhúisgeoladh sé anois air do shon,
agus dodhénadh áitreabh hionnracuis sona.


L. Ib8:7


Matá gur bheag do thosach;
thairissin do mhéideochadh sé do chríoch dhei-
ghionach go mór.


L. Ib8:8


Oír fíafruigh, guidhim thú, do na
sinnsioruibh, agus ullmhuigh thú féin do
spíonadh a naithreach.


L. Ib8:9


(Oír is ó ané sinne, agus gan
fios aon neithe aguinn, do bhrígh go bhfui-
lid ar láethe ar talamh amhuil sgáile.)


L. Ib8:10


Nach múinfid síad thú? agus
nach innéosuid duit, agus nach aibéoruid
bríathra amach óna ccroidhe?


L. Ib8:11


An bhfédann an lúachair fás súas
gan lathuigh? an bhfédann an sileastar
fás gan uisge?


L. Ib8:12


An feadh bhíos fós iona ghlaise,
agus gan a ghearradh síos, críonuidh
sé roimhe luibh ar bith oile.


L. Ib8:13


Is marsin atáid casáin gach
áoin dhearmadas Día, agus rachuidh dóth-
chus anfúarchráibhthigh amugha:


L. Ib8:14


Noch a ngearrfuighthear a dhóth-
chus amach, agus noch a mbía a mhuini-
ghin amhuil líonradh dubháin alluidh.


L. Ib8:15


Léigfidh sé anonn é féin air a thigh,
achd ni sheasfuidh sé ris: coinneocha sé go
daingion é, gidheadh ní bhéaruidh sé dhó.


L. Ib8:16


Atá sé glas as coinne na gréine,
agus sínidh a bheangán amach iona
gháirdín.


L. Ib8:17


Atáid a fhréumha craptha tim-
chioll an chnocáin, agus dochí sé áit
na ccloch.


L. Ib8:18


Ma dhíbrionn sé as a áit é, annsin
séunfuidh sé é (gha rádh) ní fhaca mé thú.


L. Ib8:19


Féuch, isi so lúathgháir a shligh-
eadh, agus fásfuidh neach oile as ann tta-
lamh.


L. Ib8:20


Féuch, ní theilgfe Día seachad
duine iomlán, ní mó chuidéochus sé le
luchd anuilc do dhénamh:


L. Ib8:21


Nó go líonuidh sé do bhéul lé gáire,
agus do phuisíne le gáirdeachus.


L. Ib8:22


An drong fhuáithighios thú, éi-
deochthar lé náire íad, agus rachuidh
áitreabh an drochdhuine a neamhshuim.


L. Ib9:1


Ansin do freagair Iób, agus adubhairt,


L. Ib9:2


Atá a fhios agum gur
marsin atá go fírinneach:
acht ciondus dobhíath duine ceart a
bhfiadhnuise Dé?


L. Ib9:3


Má ní sé imreasain ris, ní fhédann
sé a fhreagra aon as a míle.


L. Ib9:4


Is glic é a ccroidhe, agus is
cumhachtach a neart: cía chrúadhuidh é féin
na aghaidh, agus rug buáidh?


L. Ib9:5


An té noch athruighios na sléibhte,
agus nach bí a fhios aca; noch iom-
poigheas bun ós cionn íad iona fheirg.


L. Ib9:6


An té noch chroitheas an talamh
as a áit, agus go ccriothnuighid a
uáithnighe.


L. Ib9:7


An té noch fhúagras don ghréin, a-
gus ní éirghionn sí, agus shéluigheas súas
na réulta.


L. Ib9:8


An té amháin leathnuighios amach
na neamha, agus shaltras ar thonnuibh na
fairge.


L. Ib9:9


Noch doní Arctúrus, Oríon,
agus Pleiades, agus seomradha an
taóibhe ó dheas.


L. Ib9:10


Noch doní neithe móra nach
féidir dfagháil amach, agus fós ion-
ganta gan áireamh.


L. Ib9:11


Féuch, gabhuidh sé thorum, a-
gus ní fhaicim é; imthighidh roimhe mar an
gcédna, agus ní mhothuighim é.


L. Ib9:12


Féuch, béiridh sé leis, cía
fhédas a thoirmiosc? cía adéra ris,
cred ní tú?


L. Ib9:13


Muna bhfilligh Día a fhearg, crom-
fuid luchd cuidigh anúabhair faói.


L. Ib9:14


Nach ro lugha ná sin fhéduimsi
freagra do thabhairt? agus mo bhríathra
do thogha amach daighnios ris?


L. Ib9:15


Dá nach tiubhruinn freagra, dá
mbeith go mbéinn ionnruic, acht dodhénainn
gearán chum mo bhreithimh.


L. Ib9:16


Dá ngoirinn, agus go bhfreagó-
radh seision mé, thairissin ní chreidfinn
go néistfeadh rem ghuth:


L. Ib9:17


Oír brisigh sé mé le stoirim,
agus méuduighidh sé mo chneadha gan adh-
bhar.


L. Ib9:18


Ní fhuileonguidh sé dhamh manál
do tharruing, acht líonuigh sé mé le sear-
bhus.


L. Ib9:19


Má labhruim ar neart, féuch,
atá seision neartmar: cía chuirfios
amm (aighniosa) síos damh?


L. Ib9:20


Má ním mé féin ceart, daim-
neochuidh mo bhéul féin mé: (má deirim)
atáim iomlán; áiteochuidh sin mar an
ccédna éiccneasta mé.


L. Ib9:21


Dá mbeith go mbéinn iomlán,
thairissin ní aitheonuinn manum: dodhén-
uinn tarcuisne dom bheatha.


L. Ib9:22


Agso éinní amháin, uimesin adubhairt
mé, scriosuidh sé an firéun a-
gus an cionntach.


L. Ib9:23


Má mharbhann an sciúrsa go ho-
bann, dodhéana seision gáire um dhear-
bhadh an neimhchiontuigh.


L. Ib9:24


Tugadh an talamh a láimh na ndroich-
dhaoine: folchaidh sé aighthe a
bhreitheamhansan; muna ndéarnadh,
cáit, agus cía eision?


L. Ib9:25


Anois is luaithe mo láethe ná
posta: teithid as, ní fhaicid maith air bith.


L. Ib9:26


Atáid ar nimtheachd as amhuil lon-
ga lúatha, do nós aniolair dheithfrigheas
chum a fhíadhuigh.


L. Ib9:27


Má deirim, dearmodfa mé mo
ghearán, léigfe mé mo thuirse dhíom, a-
gus coibhreochuidh mé mé féin.


L. Ib9:28


Atáim eaglach fam uile dhoilghios-
uibh, atá a fhios agum nach measfa tu-
sa neimhchiontach mé.


L. Ib9:29


Má táim go holc, marsin cred
fá sáothruighim go díomhaóin?


L. Ib9:30


Má nighim mé féin le huisge
sneachda, agus mo lámha do dhéanamh comh-
ghlan nach rabhádar aríamh;


L. Ib9:31


Thairissin, múchfuidh tusa ann-
sa díg mé, agus dobhéara méadach
féin fúath orum.


L. Ib9:32


Oír ní duine eision mar misi,
as a ttiubhruinn freagra air, agus as
a ttiucfaimís a ccionn a chéile a mbreith-
eamhnas.


L. Ib9:33


Ní mó atá fear smachduighthe eadr-
uinn, do leagfadh a lámh oruinn ar aon.


L. Ib9:34


Beireadh seision a shlat uáimsi,
agus ná criothnuigheadh a eagla mé.


L. Ib9:35


Annsin do laibheoruinn, agus ní
bhíadh eagla orum roimhe; acht ní mar
sin atá sé agam.


L. Ib10:1


Atá manum curtha dom bheatha,
fúigfidh mé mo ghearán orum
féin; laibheoruidh mé a sear-
bhus manma.


L. Ib10:2


Déara mé ré Día, ná damain mé,
foillsigh dhamh cred fá cceannairgeann tú
riom?


L. Ib10:3


An maith dhuit féin go mbrúigh-
feá, go ttarcuisnighféa sáothar do
lámh, agus déalrughadh ar chomhairle na
ccionntach?


L. Ib10:4


An súile colluidhe atá agad?
nó an mar dochí duine dochí tú?


L. Ib10:5


An bhfuilid do láethe mar láethibh
an duine? an bhfuilid do bhlíadna mar
láethibh an duine?


L. Ib10:6


As a bhfuil tú ag loirgaireacht a
ndiáigh mo pheachuidhesi, agus ag spío-
nadh a ndiáigh mo chionnta?


L. Ib10:7


Atá a fhios agad nach bhfuilim
go holc, agus nach bhfuil áon fhédas tár-
tháil as do láimhsi.


L. Ib10:8


Asiad do lámha dorinne mé, a-
gus do chum mé a cceann a chéile tim-
chioll fágcuairt, gidheadh atá tú dom
sgrios.


L. Ib10:9


Cuimhnigh, íarruim dathchuinge ort,
go ndéarna tú mé, mar an ccriáidh,
agus an mbéara tú chum an luáithrigh
arís mé?


L. Ib10:10


Nach ar dhóirt tú amach mé
amhuil bainne, agus do théucht tú mé
amhuil cáise?


L. Ib10:11


Déaduigh tú mé le croicionn a-
gus le feóil, agus do dhaingnidh tú
mé lé cnámhuibh agus lé féithibh.


L. Ib10:12


Do dhéonuigh tú beatha agus fabhar
dhamh, agus do choimhéad do chuairt mo
spiorad.


L. Ib10:13


Agus dfoluigh tú na neithesi
ann do chroidhe: atá a fhios agumsa go
bhfuil so agad.


L. Ib10:14


Má pheacuighim, annsin comharthuigh
tú mé, agus ní sáorfuidh tú mé óm
éicceart.


L. Ib10:15


Má bhím cionntach, a mhairg dhamh,
agus má bhím fíréunta, marsin féin
ní thóigfe mé mo cheann súas: atáim lán
daindeise, uimesin faicsi mo bhuaidhreadh:


L. Ib10:16


Oír atá sé ag méadughadh:
atá tusa dom fhíadhach amhuil leomhan
dísgir: agus arís taisbeanuidh tú
thú féin iongantach orum.


L. Ib10:17


Athnuaidhigh tú thfíadhuin am aghaidh,
agus méuduighidh tú thfearg orum; a-
táid malarta agus cogadh am a-
ghaidh.


L. Ib10:18


Uimesin cred as a ttug tú
amach as a mbroinn mé? Uch, nach
bhfagham bás, agus gan súil ar bith dom
fhaicsin.


L. Ib10:19


Do bhéinn amhuil nach béinn ann, do
hiomchórthaoi ón bhroinn gus anuáigh mé.


L. Ib10:20


Nach bhfuilid mo láethe tearc?
scuir maiseadh, agus léig dhamh féin, go
madh héidir liom socamhal beag dfagháil.


L. Ib10:21


Suil rachus mé mar nach bhféd-
fuidh mé filleadh, go crích an dorchaduis,
agus go scáile an bháis;


L. Ib10:22


Dúithche dhorchaduis mar an ndor-
chadus féin, agus scáile an bháis, gan
órdughad ar bith, agus áit a bhfuil an
solus mar an ndorchadus.


L. Ib11:1


Ansin do fhreagair Sophar an
Naamatíteach, agus adu-
bhairt,


L. Ib11:2


Nachar chóir iomad na
mbriathar do fhreagra? agus an cóir
fear iomaid cainte do sháoradh.


L. Ib11:3


An ttiubhraidís do bhréuga ar
dhaóinibh bheith na ttochd? agus anuáir
doní tú magadh, a ndéna énduine
náireach thú?


L. Ib11:4


Oir adubhairt tú, atá mo theag-
asg glan, agus atáim féin glan ad
radharcsa.


L. Ib11:5


Acht, oh, nach labhrann Día, a-
gus a bhéul doscladh ad haghuidhsi;


L. Ib11:6


Agus go bhfoillseochadh sé dhuit
secréide an ghliocuis, go bhfui-
lid síad dúbalta dhesin noch a
tá: tuig uimesin gur lugha íarrus
Día ort, ná mar do thuill do mhígh-
níomh.


L. Ib11:7


An bhfédann tusa le spíonadh
Día dfagháil amach? an bhfuighe tú a-
mach an tuilechumhachdach chum iomláine?


L. Ib11:8


Atá sin comhárd ré neamh, cred
fhédas tusa do thuigsin?


L. Ib11:9


Is faide a tomhus ná an talamh,
agus is leithne é ná anfairge.


L. Ib11:10


Má ní sé malairt, má íadhann sé
súas, nó má chruinnighénn a cceann a chéile,
annsin cía fhédas a thoirmiosg?


L. Ib11:11


Oír aithnighidh sé daóine díomh-
aóine: dochí sé fós an tolc, nach
measfuidh sé annsin é?


L. Ib11:12


Oír budh mían leis anduine
ndíomhaóin bheith glic: bíodh go rugadh
an duine amhuil bromach assail fhíadháin.


L. Ib11:13


Má ullmhuighionn tú do chroidhe,
agus do lámha do shíneadh amach chuige;


L. Ib11:14


Má bhionn éicceart an do láimh,
cuir a bhfadh úáit é, agus ná fuluing
olc do chomhnuidhe ann do thabernacluibh.


L. Ib11:15


Oír annsin tóigfe tú do cheann
súas gan toibhéim, bíaidh tú fós dain-
gion, agus ní bhiáidh eagla ort.


L. Ib11:16


Do bhrígh go ndearmadfa tú ha-
nacra, agus go ccuimhneochuidh tú í
mar anuisce imthighios roimhe.


L. Ib11:17


Agus biáidh haóis níis gloine
ná an meadhón laói: déalrochuidh tú a-
mach, biáidh tú mar an maidin.


L. Ib11:18


Agus biáidh tú suáimhneach, do
bhrígh go bhfuil dóthcus (agad): iseadh,
tochaluidh tú (ad thimchioll), agus
glacfuidh tú do shuáimhnios a ndain-
gion.


L. Ib11:19


Luidhfidh tú síos mar an ccéad-
na, agus ní chuirfe áonduine eagla
ort; dodhéanuid fós mórán athchuinge
chugad.


L. Ib11:20


Acht failleochuid súile na
cciontach, agus ní rachuid as, agus
biáidh a ndóthchus amhuil séideadh a-
nála.


L. Ib12:1


Agus do fhreagair Iób, agus a
dubhairt,


L. Ib12:2


Ní bhfuil amharus gur
sibhsi na daóine, agus ra-
chuidh an gliocus déug anéinfheachd ribh.


L. Ib12:3


Acht atá tuigse agamsa comh-
maith ribhsi, ní bhfuilim níis ísle ná
sibh: fós cía ag nach bhfuil fios a
leithéidso do neithibh?


L. Ib12:4


Atáimsi mar áon arna fhoch-
muideadh óná chomharsain, noch ghoireas ar
Dhía, agus a bhfreagrann sé é: doni-
thear magadh tarcuisnech ar an nduine
cheart dhíreach.


L. Ib12:5


An té bhíos a ngar do scior-
radh lena chosuibh, atá sé mar lam-
pa tharchuisneach a smuaineadh an tí bhíos
air a shocarachd.


L. Ib12:6


Atáid tabernacuil na slad-
mhóireadh síothchánnta, agus atáid an
drong fhearguidhios Día daingion, dá
ttabhair Día (go hiomarcach) iona
láimh.


L. Ib12:7


acht fíafruigh anois do na hain-
mhintibh, agus múinfid duit, agus déan-
laithibh anaíeir, agus inneosuid duit.


L. Ib12:8


Nó labhair ris an ttalamh, agus
múinfidh sé dhuit; agus foillseochuid
eisc na fairge dhuit.


L. Ib12:9


Cía ag nach bhfuil a fhios díobh-
so uile, gurbí lámh an Tighearna
dorinne so?


L. Ib12:10


A lámh a bhfuil anum gach uile
neithe bhí, agus anál an chinidh dáonna
uile.


L. Ib12:11


Nach dearbhann an chlúas bríath-
ra? agus nach blaisionn an béul
a bhiadh?


L. Ib12:12


Ag na sinnsearuibh atá an glio-
cus, agus tuigsi a bhfad na láetheadh.


L. Ib12:13


Acht aigesion atá gliocus
agus neart, atá comhairle agus tuig-
se aige.


L. Ib12:14


Féuch, brisigh sé síos, a-
gus ní héidir a chur súas arís, íadh-
uidh sé duine súas, agus ní héidir
oscladh dhó.


L. Ib12:15


Féuch, congmhaidh sé na huis-
geadha, agus tiormuighidh súas, agus
cuiridh sé amach mar an ccéadna íad,
agus iompoighid síad an talamh bun
ós cionn.


L. Ib12:16


Agus aigesion atá an glio-
cus, agus an neart: is leis an té
mealltar, agus an té mheallas.


L. Ib12:17


Beiridh sé comhairligh leis arna
milleadh, agus doní sé óinmhide do na
breitheamhnuibh.


L. Ib12:18


Sgaóilidh sé cuibhreach na Ríogh,
agus criosluighidh ré a ccaoil le crios.


L. Ib12:19


Beridh sé prionnsadha leis mill-
te, agus claóidhigh an cumachtach.


L. Ib12:20


Athruighidh sé glór anfí-
réin, agus tógbhuidh leis tuigse an
tseanóra.


L. Ib12:21


Dóirtigh sé tarcuisne ar phri-
onnsadhuibh, agus laghaduigh sé ceart na
ccumhachdach.


L. Ib12:22


Foillsighidh sé neithe doimhne as
an dorchadas, agus dobheir sé amach
chum soluis scáile an bháis.


L. Ib12:23


Méuduighidh sé na cineadhacha, a-
gus scriosuidh sé íad, fairsingidh sé
na críocha, agus cumhangaidh sé íad
arís.


L. Ib12:24


Tógbhuidh sé leis croidhthe na
druinge is oirdhearca ar dhaóinibh na
talmhan, agus dobheir orra bheith
ar seachrán a bhfásach, mar nach bí
slighe ar bith.


L. Ib12:25


Bíd ag sméarthachd annsa dor-
chadas anéagmhuis soluis, agus
dobheir sé orra tuitim anonn sanall
mar fhear meisge.


L. Ib13:1


Féuch, dochonnairc mo shúil so
uile, dochúala mo chlúas
agus do thuig sí é.


L. Ib13:2


An ní is fios dáoibhse,
atá fios an neithe céadna agumsa,
ní bhfuilim níis ísle ná sibh.


L. Ib13:3


Go deimhin budh mían liom labhairt
ris anuilechumhachdach, agus atá fonn
orum aighnios do dhéanamh ré Día.


L. Ib13:4


Acht go deimhin is luchd cumtha
bréag sibhsi, is leagha nach fíu éinní
sibh uile.


L. Ib13:5


Uch, nach éistí uile; agus budh
é sin bhur ccríonnachd.


L. Ib13:6


Eistigh anois rem aighnios, a-
gus tugaidh aire do dhiospóireacht mo
bhéil.


L. Ib13:7


An laibheorthaói go cláon ar
son Dé? agus a ndéantaoi caint go
mealltach ar a shon?


L. Ib13:8


An ngéubhthaói a phearsa chugaibh?
a ndéntaói imreasain ar son Dé?


L. Ib13:9


An maith go spíonfadh sé amach
sibh? no mar fhochmuideas duine ar oile,
an marsin budh áill libhsi magadh do
dhénamh airsion?


L. Ib13:10


Go deimhin aithfeoruidh sé oruibh,
má ghlacthaói pearsanna go seicréi-
deach.


L. Ib13:11


Nach déna a oirdhearcussan
eaglach sibh? agus nach ttuitfidh a úamhan
oruibh?


L. Ib13:12


Atá bhur ccuimhne cosmhuil ré
luáith? bhur ccuirp re corpuibh críadh.


L. Ib13:13


Bíthi bhur ttochd díomsa, léigidh
dhamh go labhra mé, agus tigeadh orum
an ní is áill.


L. Ib13:14


Cred fá nglacuim mfeóil ar
mfíacluibh, agus fá ccuirim mo bheatha ann
mo láimh?


L. Ib13:15


Dá mbeadh go muirfeadh sé mé,
thairissin cuirfe mé mo dhóigh ann; acht
coiséona mé mo shlighthe féin dá lathair.


L. Ib13:16


Budh eision fós mo shlánughadh:
óir ní thiucfaidh fúarchráibhtheach dá la-
thair.


L. Ib13:17


Eístigh go dúthrachdach rem
ghlór, agus rem fhoillsiughadh le bhur
cclúasaibh:


L. Ib13:18


Féuchuid anois, do chuir mé mo
chúis anórdughadh, atá a fhios agum
go cceirteochthar mé.


L. Ib13:19


Cia hé féin thaigeorus riom?
óir anois má bhím am thochd, faóidhfidh
mo spiorad asum.


L. Ib13:20


Amháin ná déna dhá ní riom:
annsin ní fhoileocuidh mé mé féin uáit.


L. Ib13:21


Tarruing do lámh a bhfad uáim:
agus ná cuireadh húamhan eagla orum.


L. Ib13:22


Annsin goirse, agus freagor-
uidh mé: nó léig dhamh labhairt, agus ta-
bhairsi freagra orum.


L. Ib13:23


Cred é uibhir méigceart, agus
mo pheacadh? tabhair orum mo shárughadh
agus mo phecadh daithniughadh.


L. Ib13:24


Cred fá measann tú misi am námhuid
dhuit?


L. Ib13:25


An mbrisfidh tú duilléog teil-
gthe anonn sanall? agus an ngér-
leanfa tú an conlach tirim?


L. Ib13:26


Oír scríobha tú neithe searbha
am aghaidh; agus dobheir tú orum
sealbhughadh anéigceart móige.


L. Ib13:27


Cuiridh tú mo chosa mar an
ccédna annsa cheap, agus féchuidh tú go
cáol ann mo chasánuibh uile; cuiridh tú
cló ar sháluibh mo chos.


L. Ib13:28


Agus eision, imthighidh sé as
mar ní lobhtha, amhail édach ithid lém-
uinn.


L. Ib14:1


Duine beirthior ó mhnaói bí sé
gearrsháoghlach, agus lán
damhgar.


L. Ib14:2


Fásuidh sé do nós
blátha, agus gearrthar síos é; tei-
thidh sé fós mar scáile, agus ní fha-
nann sé go búan.


L. Ib14:3


Agus an bhfosclann tusa do
shúile air a leithéidsin? agus an ttugann
tú mhisi chum breitheamhnuis chugad?


L. Ib14:4


Cía fhédas ní glan do bhuain as
ní neamhghlan? ní fhédann énduine.


L. Ib14:5


O chítear gur cinneadh a láethe,
atá uibhir a mhíos agadsa, dórduigh
tú a thóranna nach bhfédann sé dul
thársa.


L. Ib14:6


Fill úadh, chor go bhfédfadh suaimh-
níughadh, nó go ccoimlíonuidh sé an lá
amhail formáluigh.


L. Ib14:7


Oír bí dóig as crann, má géarr-
thar síos é, go ngabhlochuidh arís, a-
gus nach sguirfidh a bhuinnéan máoth.


L. Ib14:8


Má tá ga mbiáidh a fhréamh foir-
fe annsa talamh, agus go rachuidh a
bhun déug annsa chriáidh:


L. Ib14:9


Thairissin tré chongnamh anuisge
fásfuid a bheangáin, agus dobhéara
amach cráobha amhuil plannda.


L. Ib14:10


Acht éuguidh an duine, agus
imthighidh sé as: agus an tan thoir-
bhireas an duine a spiorad súas, cáit
a bhfuil sé?


L. Ib14:11


Mar fhaillighid na huisgeadha ó
nfairge, agus thráighios an tuile, a-
gus thiormuighios súas:


L. Ib14:12


Marsin luighios an duine síos,
agus ní éirghionn nó go rabhuid na
neamha gan a bheith ann nísa mhó, ní
mhúisceoluid síad, agus ní dhúisheo-
char as a ccodladh íad.


L. Ib14:13


Uch, nach bhfolchann tusa misi
ansanuáigh, nach congmhann tú anuaig-
nios mé, go ndeachuidh thfearg thorum,
nach cuirionn tú aimsir chinnte síos
damh, agus mo chuimhniughadh.


L. Ib14:14


Má gheibh duine bás, an mbiáidh
sé béo arís? fuireochuidh mé lé huile
láethibh maimsire cinnte, nó go ttí mo
mhalairt.


L. Ib14:15


Goirfidh tusa, agus freagor-
uidh misi thú, biáidh dúil agadsa ano-
bair do lámh.


L. Ib14:16


Oír anois áirmhigh tú mo
chioscéimigh, nach bhfuil tú ag faire
ós cionn mo pheacuigh?


L. Ib14:17


Atá mo shárughadh arna shéu-
ladh súas a mála, agus fuaighidh tú
súas méicceart.


L. Ib14:18


Agus go deimhin an slíabh bhíos
ar ttuitim, téid sé as: agus á-
thruighthior an charruig as a háit.


L. Ib14:19


Cathaid na huisceadha na clocha,
cuiridh tusa ar neimhní na neithe fhásas
as criáidh na talmhan, díobháighidh tú
dóthchus an duine.


L. Ib14:20


Búadhuigh tú go bráth na aghaidh,
agus imthighidh seision: áthruighidh tú
a chruth, agus cuiridh tú ar siubhal é.


L. Ib14:21


Tigid a mhic chum onóra, agus
ní bhí a fhiossin aigesion; agus
cuirthear síos íad, acht ní bheir seision
aire orra:


L. Ib14:22


Acht do gheaba a fheóil na
thimchioll pían, agus guilfidh a anam a
stigh ann.


L. Ib15:1


Ansin do fhreagair Eliphas an
Temaníteach, agus adu-
bhairt,


L. Ib15:2


Nar chóir do dhuine
chríonna éolus díomháoin do labhairt, agus
a bholg do líonadh leis an ngaóith a
nois?


L. Ib15:3


Ag tagra le glór míotharbhach
nó le bríathruibh le nach bhfédann sé maith
ar bith do dhénamh.


L. Ib15:4


Aseadh, do theilg tusa eagla
dhíot, agus do thoirmisg tú urnaighthe
a bhfiadhnuise Dé.


L. Ib15:5


Oír labruidh do bhéul hégceart,
agus beiridh tú teanga an chealgaire do
roghain.


L. Ib15:6


Damnuighidh do bhéul féin thú, a-
gus ní misi: isíad do phuisíne féin
fhiaghnuighios a taghaidh.


L. Ib15:7


An tusa an cédduine do ru-
gadh? nó a ndéarnadh thú roimhe na
cnocuibh?


L. Ib15:8


An gcúala tú secréid Dé?
agus an leithrigheann tú an gliocus
duit féin?


L. Ib15:9


Cred é an fios atá agadsa,
nach bhfuil aguinne? cred thuigios tú
nach bhfuil ionnuinne?


L. Ib15:10


Atáid aguinne araon an duine
ceinnlíath, agus an duine rofhoirfe,
is roshine ná hathair.


L. Ib15:11


An bhfuilid furtachda Dé beag
agadsa? an bhfuil éinní secréideach
agad?


L. Ib15:12


Cred as a mbeirionn do chroidhe
leis thú, agus cred air a sméidid do
shúile,


L. Ib15:13


As a niompoighionn tú do spio-
rad anaghaidh Dé, agus a léigionn
tú na bríathrasa do dhul amach as do
bhéul?


L. Ib15:14


Cred é an duine, as a mbíath
sé glan? agus an té rugadh ó mhnaói,
as a mbíath sé fíréunta?


L. Ib15:15


Féuch, ní chuireann sé ionn-
taoibh iona náomhuibh, ní bhfuilid fós na
neamha glan na fhiadhnuise:


L. Ib15:16


Ca mhéid nios adhfhuathmhaire, a-
gus níos shailche ná sin atá an duine,
noch ibhios éigceart amhuil uisge?


L. Ib15:17


Taisbeanfuidh misi dhuit, éist
riom, agus an ní dochonnairc mé foill-
seochuidh mé é:


L. Ib15:18


Noch do innisiodar dáoine glioca
óna naithribh, agus níor cheiliodar é:


L. Ib15:19


Dár tugadh amháin an talamh, a-
gus níor imthigh coimhidhtheach ar bith na
measc.


L. Ib15:20


Siubhluigh an drochdhuine a
bpéin ar feadh a sháoghail, agus ceil-
tior uibhir a bhlíadhan don bhrúidhteach.


L. Ib15:21


Bí tormán úamhnach iona chlúas-
uibh; tiucfuidh an millteóir air iona
mhacnus.


L. Ib15:22


Ní chreidionn sé go bhfillfidh sé
amach as dorchadas, agus atá an
cloidheamh ag fuireach ris.


L. Ib15:23


Bí sé air sírshiubhal ag íarruidh
aráin (gá radh) cáit a bhfuil sé? atá
a fhios aige go bhfuil lá an dorcha-
dais aige air ball.


L. Ib15:24


Dodhéna buaidhreadh agus goimh
eaglach é, béruid síad buáidh na aghaidh,
amhuil Rígh ullamh chum catha.


L. Ib15:25


Oír sínidh sé a lámh amach ana-
ghaidh Dé, agus neartuighidh sé é féin
anaghaidh anuilechumhachduigh.


L. Ib15:26


Riothaidh sé air, air a mhuineal,
ar bholguibh tiugha a scíathadh.


L. Ib15:27


Do bhrígh go bhfolchann sé a ghnúis
léna mhéthus, agus doní cológa
méthuis air a bhléunuibh.


L. Ib15:28


Agus áitreabhuigh sé a ccaith-
reacaibh uáigneacha, a ttighthibh ann nach
ccomhnuighionn énduine, noch atá ullamh
chum bheith na ccárnánuibh.


L. Ib15:29


Ní biáidh sé saidhbir, ní mó bhuáin-
eochus a shubstaint, ní fhaideochuidh sé
a iomláinesin air an ttalamh.


L. Ib15:30


Ní dheileochuidh sé amach as dor-
chadas, tiormochuidh an lasair súas a
bheangáin, agus lé hanáil a bhéil rach-
uidh sé as.


L. Ib15:31


Ná cuireadh an té atá meallta
a dhóigh a ndíomhaóineas: óir budh díomh-
aóineas a luaigheacht.


L. Ib15:32


Coimhlíonfuighthear é roimhe a am,
ní bhiáidh a bheangán glas.


L. Ib15:33


Croithfidh sé dhe a cháor ana-
buidh mar an ccrann ola.


L. Ib15:34


Oír biáidh comhchruinniughadh na
bhfuarchráibhtheach áonránach, agus loisg-
fidh teine dún na ccumhthach.


L. Ib15:35


Toirrchear ó urchóid íad, agus
beirid síad olc, agus ullmhuigh a mbolg
mealltóireacht.


L. Ib16:1


Ansin do fhreagair Iób, agus
adubhairt,


L. Ib16:2


Dochúala mé mórán
dá leithéidibhsin do neithibh:
is buáidheartha na cobhar-
thuigh sibh uile.


L. Ib16:3


An mbiáidh deireadh ar bhríathruibh
díomhaóine? nó créd ní thusa dána,
as a bhfreagrann tú?


L. Ib16:4


Dfédfuinnsi féin labhairt mar an
gcédna, mar doníthíse, dá mbeith bhur
nanum anáit manmasa, dfédfuinn
bríathra do chrúachadh súas ann bhur na-
ghaidh, agus mo cheann do chrothadh oruibh.


L. Ib16:5


Do neirteochuinn sibh lé mo bhéul,
agus do laighdeochadh corrughadh mo
phuisíneadh (bhur ndoilghios.)


L. Ib16:6


Matá go labhruimsi, ní lagh-
duighthear mo dhoilghios: agus má tá go
ccoisgiom, créd é an fúaradh atá
agum?


L. Ib16:7


Acht anois dorinne sé currtha
mé: dorinne tusa mo chuideachda uile
uáigneach.


L. Ib16:8


Agus do líon tú do chnaguibh
mé, mar fhiagnuise (am aghaidh): agus
mo thrúadhus ag eirghe súas ionnum, do
ní sé fiadhnuise a cclár médain.


L. Ib16:9


Stíalluidh sé mé iona fheirg, an
té fhuaithighios mé: doní sé gíoscán
lena fhiaclaibh orum, géuruigh mo
námhuid a shúile orum.


L. Ib16:10


Do chráososcladar orum lena
mbéul, do bhuáileadar mé air an ngruáidh
go scannlach, do chruinnigheadar íad féin
a cceann a chéile am aghaidh.


L. Ib16:11


Do sheachuid Día don duine neimh-
dhíadha mé, agus diompoigh sé uadh mé
a lámhuibh na ndrocdhaóine.


L. Ib16:12


Dobhí mé a suaimhneas, acht
do bhris sé ó cheile mé: do ghlac fós
ar mhuineal mé, agus do chroith a mbloghuibh
mé, agus do chuir súas mar chomhartha
dhó féin mé.


L. Ib16:13


Do thimchiolladar a shaigheadóirigh
mé fagcuáirt, brisidh sé mo dhubháin
ó chéile, agus ní choigleann sé; dóir-
tigh sé mo dhomblas amach air an tta-
lamh;


L. Ib16:14


Brisidh sé mé le briseadh ar
bhriseadh; riothuidh sé orum amhuil aitheach;


L. Ib16:15


Dfuáigh mé saicédh air mo
chroicionn, agus do shaluigh mé madharc
annsa lathuigh.


L. Ib16:16


Atá mo ghnúis gránna ó ghul,
agus atá scáile an bháis ar fhorrdhu-
bhuibh mo shúl.


L. Ib16:17


Ní air son éinégceirt ann mo
láimhsi, mar an gcédna as glan mur-
naighe.


L. Ib16:18


O a úir, ná foluighse mfuilmh,
agus ná faghadh méighiomh ionad ar
bith.


L. Ib16:19


Mar an gcédna anois, feuch,
atá mfíadhnuise ar neamh, agus atá
mo chuimhniughadh annsna háitibh árda.


L. Ib16:20


Is tharcuisneach lem cháirdibh
mé, acht atáid mo shúile ag dórtadh
déur chum Dé.


L. Ib16:21


Uch, nach éidir lé neach tagra
ar son duine re Día, amhuil (thagras)
duine ar son a chomharsan.


L. Ib16:22


Anuáir thiucfaid beagán blía-
dhan, annsin rachuidh mé san tslighe as
nach bhfillfidh mé.


L. Ib17:1


Atá manál truáillidhe, do
caitheadh mo láethe, atáid na
huáighe réidh romamh.


L. Ib17:2


Nach bhfuilid luchd ma-
gaidh am fhochair? agus nach
bhfuil mo shúil do ghnáth iona mbrostugadh?


L. Ib17:3


Léig síos anois, cuir misi a
ndaigion ad fhochair, cía hé an té bhuáil-
fios lámha riom?


L. Ib17:4


Oír dfoluigh tusa a ccroidhe
ó thuicsin: uimesin nach áirdeochuidh tú
íad.


L. Ib17:5


An té labhrus spleadhachus rena
cháirdibh, is dearbh go bhfailleochuid súile
a chloinne.


L. Ib17:6


Dorinne sé dhíomsa mar an
gcédna focal magaidh an phobail, a-
gus dobhí mé am phíob rompa.


L. Ib17:7


Ata fós mo shúil céodhach tre
dhoilgheas, agus atáid mo bhoill uile
amhuil scáile.


L. Ib17:8


Biáid daóine ionnraca critheag-
lach uimeso, agus corrochuidh an neimh-
chiontach é féin súas anaghaidh a
nfúarchráibhthigh.


L. Ib17:9


Congmhaidh fós an firein a shlighe féin,
agus fear na nlamha glan neartochar é nísmo.


L. Ib17:10


Acht air bhur sonsa uile, fil-
lidh, agus tigidh anois, óir ní fhéduim-
si áonduine glic dfagháil eadruibh.


L. Ib17:11


Dochúadar mo láethe thoram, do
briseadh amach mo thionnscanta, eadhon
smuáintighe mo chroidhe.


L. Ib17:12


Athruighid síad anoidhche ann a
lá: atá an solus a bhfogus do bhrígh
an dorchadais.


L. Ib17:13


Má fhuirighim, sí anuáigh mo
thigh: dorinne mé mo thigh a ndorcha-
das.


L. Ib17:14


Adubhairt mé ris an morgadh,
is tú máthair: ris an bpéist, is tú
mo mhathair, agus mo dheirbshíur.


L. Ib17:15


Agus cáit a bhfuil anois mo
dhóthchus? ar son mo dhóthchuis, cía
chífeas é?


L. Ib17:16


Rachuid síad síos go barradh-
uibh an luig, anuáir bhías ar ccomh-
nuighe lé chéile annsa chriáidh.


L. Ib18:1


Ansin do fhreagair Bildad an Su-
híteach, agus adubhairt,


L. Ib18:2


Cá fad bhías, suil chuir-
fios tusa críoch air bhríathruibh?
comharthuig, agus na dhiáighsin laibh-
eoruimne;


L. Ib18:3


Cred fá meastar sinne mar ain-
mhintidh, agus mhímheasta ann do radharc-
sa?


L. Ib18:4


Stíalluidh sé é féin iona fheirg:
an ttréigfighthear an talamh ar do shon-
sa? agus an náthrochthar an charrac as
a háit?


L. Ib18:5


Aseadh, cuirfidhthear solus an duine
as, agus ní dhélrochuidh drithle a thineadh.


L. Ib18:6


Biáidh an solus na dhorchadas
iona thigh, agus cuirfighthear a choinneal
as maille ris féin.


L. Ib18:7


Dhénfuighear coiscéime a neirt
cumhang, agus téilgfidh a chomhairle féin
síos é.


L. Ib18:8


Oír atá sé teilgthe a líon lena
chosuibh féin, agus atá sé ag siubhal
air paintér.


L. Ib18:9


Glacfuidh an paintér é air sháil,
agus béruidh an sladmhóir air.


L. Ib18:10


Atá an paintér léigthe fána
chomhair annsa talamh, trap na choinne ann-
sa tslighe.


L. Ib18:11


Cuirfid criothnuighthe eagla air
ar gach aontaóibh, agus cuirfid a
muinighin a chos é.


L. Ib18:12


Biáidh a neart ocrach, agus
biáidh scrios réidh agá tháobh.


L. Ib18:13


Cnaóifidh sin neart a chroicinn,
eadhon cnaóifidh céidghin an bháis a neart.


L. Ib18:14


Tochaltfar a dhóthchus amach
as a thigh, agus béruigh sin go Rígh
na núathbhás é.


L. Ib18:15


Aítreabhuigh sé iona thigh do bhrígh
nach leis féin é: croithfighear ruibh ar
a áitreabh.


L. Ib18:16


Tiormochthar a fhréumha shíos,
agus gearrfuighthear shúas a bheangáin
amach.


L. Ib18:17


Scriosfuighthear a chuimhne as
an ttalamh, agus ní bhfuighe sé ainm
ar bith annsa tsráid.


L. Ib18:18


Díbeorthar ó sholus go dor-
chadas é, agus taifneochthar é as a
tsáoghal.


L. Ib18:19


Ní bhiáidh mac, nó mac mic aige
a measc a dhaóine, nó duine béo iona
áitibh.


L. Ib18:20


An drong thiucfas na dhiáigh
béid lán dúathbhás fa na lá, mar dobhí
an drong dochuáidh roimhe imeaglach.


L. Ib18:21


Go deimhin isé so áitreabhadh an
drochdhuine, agus isé so áit an té dá
nach aithnid Día.


L. Ib19:1


Ansin do fhreagair Iób, agus
adubhairt,


L. Ib19:2


Ca fad bheithí ag buáidh-
readh manma, agus dom bri-
seadh a ccotchaibh lé bríathr-
uibh?


L. Ib19:3


Na deich núairesi do mhasluighea-
bhair mé: ní bhfuil náire oruibh go ndeárna-
bhair sibh féin coimhidhtheach dhamh.


L. Ib19:4


Agus go deimhin a ccás go ndér-
na mé seachrán, fanaidh mo sheachrán
agam féin.


L. Ib19:5


Mar deimhin go móruighthi sibh
féin am aghaidh, agus go ttaigeor-
thaói am aghaidh mo mhasla:


L. Ib19:6


Bíodh a fhios aguibh anois gurbe
Día do chlaóidh mé, agus do thim-
chill mé lena líon.


L. Ib19:7


Féch, goirim na comhairc ar a
négcóir, achd ní cluintear mé: éighim
go hárd, acht ní déntar breitheamhnus
ar bith.


L. Ib19:8


Do dhruid sé súas mo shlighe nach
bhféduim imtheachd, agus do chuir sé dor-
chachd am chasánuibh.


L. Ib19:9


Do nochd sé as mo ghlóir mé, a-
gus rug sé an choróin dom cheann.


L. Ib19:10


Do mhill sé mé da gach áon taóibh,
agus dimthigh mé: agus do áthruigh sé
mo dhóthchus amhuil crann.


L. Ib19:11


Do adhain sé mar an gcédna a
dhioghaltas am aghaidh, agus measuidh sé
mé dhó féin mar a naimhde.


L. Ib19:12


Tigid a bhuidhne a ccionn a chéile,
agus tógbhuid súas a slighe am aghaidh,
agus suighid timchioll fagcuáirt mo
thighe.


L. Ib19:13


Do chuir sé mo dhearbhráithre a
bhfad uáim, agus atáid mo luchd aithean-
ta thríd amach coimhightheach dhamh.


L. Ib19:14


Do fhailligheadar mo luchd gaóil,
agus do dhearmadar mo cháirde muin-
teardha mé.


L. Ib19:15


Measuidh an drong áitreabhus ann
mo thigh, agus mo chailínigh mar choimhidh-
theach mé: is oidhe mé ann a radharc.


L. Ib19:16


Do ghoir mé air mo sheirbhíseach, a-
gus níor fhreagair sé mé: do athchuinghidh
mé é lé mo bhéul.


L. Ib19:17


Atá manál coimhidhtheach dom mhnaói,
má tá gur íarr mé anonóir chloinne
mo chuirp féin.


L. Ib19:18


Fós do tharcuisnigheadar leinibh
óga mé, déirigh mé, agus do labhra-
dar am aghaidh.


L. Ib19:19


Do fhúathuigheadar mo cháirde
dísle uile mé: agus an drong do ghrádh-
uighios, dfilleadar am aghaidh.


L. Ib19:20


Do cheangail mo chnámha dom
chroiceann agus dom fheóil, agus atáim
ar ndul as maille re croicionn mfía-
cal.


L. Ib19:21


Bíodh truáighe agaibh dhamh, bíodh
truáighe agaibh dhamh, ó mo cháirde: óir
do bhain lámh Dé riom.


L. Ib19:22


Cred as a bhfuiltíse dom ingh-
reim mar (doní) Día, agus nach lór
libh mfeóil?


L. Ib19:23


Uch, nach bhfuilid mo bhríathra
anois scríobhtha, uch, gan íad a ccló
a leabhar:


L. Ib19:24


Go mbeidís greanta lé peann íar-
uinn agus luaighe, a ccárruic go bráth.


L. Ib19:25


Oír atá a fhios agam go mairi-
onn mfúascaltóir, agus go seasfuidh
sé an lá déighionach air an ttalamh.


L. Ib19:26


Agus má tá go ccrinnfidh (péist)
an corpsa tair éis mo chroicinn, thairis
sin dochífe mé Día ann mfeóil.


L. Ib19:27


Misi féin dochífeas ar mo shon
féin, agus ni neach oile, agus dochí-
fid mo shúile é; (matá) gur leagha-
dar mo dhubháin astigh ionnam.


L. Ib19:28


Acht dob ionráidh dhíbhse, cred
as a bhfuilmidne dhá inghreim?


L. Ib19:29


Bíthi eaglach roimhe an gcloidheamh:
óir dobheir an téigceart pionús an
chloidhimh (leis), chor go mbía a fhios a-
gaibh go bhfuil breitheamhnus ann.


L. Ib20:1


Ansin do fhreagair Sophar an
Naamatíteach, agus adu-
bhairt,


L. Ib20:2


Ar anadhbharsin dobhei-
rid mo smuáintighe orum freagra, a-
gus ar a shonso doním deithnios.


L. Ib20:3


Dochúala mé armáir mo scannla,
agus dobheir spiorad mo thuigsiona
orum freagra.


L. Ib20:4


Nach bhfuil a fhiosso agadsa
ríamh, ó suigheadh an duine air an ttalamh,


L. Ib20:5


Gur gérr caithréim an drochdhuine,
agus gáirdeachus an fhúarchráibhthigh nach
bhfuil acht móiment ann?


L. Ib20:6


Matá go néirghionn a oirdhearchus
súas gus na neamhuibh, agus go roith-
chionn a cheann na néulla:


L. Ib20:7


Thairssin rachuidh sé amugha go
bráth, mar a shalchar féin: déruid
an drong dochonnairc é, cáit a bhfuil sé?


L. Ib20:8


Eitillfidh sé ar siubhal amhuil ais-
ling, agus ní fhúigfighthear é: agus
teithigh sé amhuil brionglóid na hoidhche.


L. Ib20:9


Mar an gcédna an tsúil do
chonnairc é, ní fhaicfidh sí nísa mhó é,
ní mó amhaircfios a áit féin é nísa
mhó.


L. Ib20:10


Iárrfuid a chlann na boichd do
ríar, agus aiseogaid a lámha a
maóin.


L. Ib20:11


Atáid a chnámha lán do pheacadh-
uibh a óige, noch luighfios leis síos ann-
sa chriáidh.


L. Ib20:12


Bíodh gur milis leis olc iona
bhéul, bíodh go bhfolchann sé fána thean-
gaidh é;


L. Ib20:13


Bíodh go ccoiglionn sé é, agus
nach tréigionn é, acht a choimhéud choidhche
a lár a charbaid:


L. Ib20:14


Gidheadh iompoighidh iona innighibh,
isé domblas na naithreach nimhe ann é.


L. Ib20:15


Do shluig sé saidhbhrios síos, a-
gus sceithfidh sé aníos íad arís:
teilgfidh Día amach as a bholg íad.


L. Ib20:16


Súighfidh sé nimh na naithreach:
muirfidh teanga a naithir nimhe é.


L. Ib20:17


Ní fhaicfidh sé na haibhne, na
srotha, na srutháin mheala, agus ime.


L. Ib20:18


An ní air son ar shaothruigh
sé, aiseoguidh sé é, agus ní shluigfidh
sé síos é, do réir a mhaóine bhías an
taiseag, agus ní dhéna sé gáirdeachus
ann.


L. Ib20:19


Do bhrígh go ndérna sé sáru-
gadh, agus gur thréig sé na boicht,
do bhrígh gur bhean sé amach ar éigean
teagh nach é féin do thóg.


L. Ib20:20


Go deimhin ní mhoitheochuidh sé
suáimhneas iona bholg, ní thárthochuidh
sé don ní agá raibh dúil aige ann.


L. Ib20:21


Ní fúicfighthear éinní dá bhíadh:
uimesin nach biáidh súil ag áonduine
rena mhaóin.


L. Ib20:22


Aniomláine a thábhachta biáidh
sé a gcumhgach: tiucfaidh lámh gach
uile dhrochdhuine air.


L. Ib20:23


Anuáir bhías sé ar tí a bholg
do líonadh, teilgfidh Día fráoch a fheir-
ge air, agus fearfuidh air é an feadh bhías
ag ithe.


L. Ib20:24


Teithfidh sé roimhe anarm íar-
uinn, agus buáilfidh an bodha cruáidhe
thríd é.


L. Ib20:25


Atá sé tairrngthe, agus thig
sé amach as an ccorp, thig an cloidheamh
loinneardha amach as a dhomblas; atáid
úathbhais air.


L. Ib20:26


Biáidh anuile dhorchadas arna
fholach iona áitibh secréideacha; loisg-
fidh teine gan tséideadh é: is olc ra-
chus don té fhúigfighthear ann a thigh.


L. Ib20:27


Foillseochuidh neamh a éigceart, a-
gus éireochuidh an talamh súas na a-
ghaidh.


L. Ib20:28


Deileochuidh biseach a thighe ris,
agus imeochuidh (a mhaóin) seachad a ló
a fheirge.


L. Ib20:29


Así so cuid ronna an droc-
dhuine ó Dhía, agus anoighreacht do
chinneadh ó Dhía dhó.


L. Ib21:1


Acht do fhreagair Iób, agus adubhairt,


L. Ib21:2


Eístigh go dúthrachdach
rem bhríathra, agus bíodh
so anionad bhur núrgháir-
dighthe.


L. Ib21:3


Fuilingidh dhamhsa go labhruinn, a-
gus tar éis mé do labhairt, dénuidh
magadh fós.


L. Ib21:4


Ar mo shonsa, an ré duine atáim
ag gearán? achd dá mbeith sin
marsin, cred as a mbíath mo spio-
rad buáidheartha?


L. Ib21:5


Féuchuidh orumsa, agus bíodh
iongnadh oruibh, agus leagaidh bhur lámh
air bhur mbéul.


L. Ib21:6


Eadhon anuáir chuimhnighim,
atáim eaglach, agus glacaidh critheagal
greim dom fheóil.


L. Ib21:7


Cred é an tadhbhar as a mairidh
an drochdhuine, as a seanuid, a mbíd fós
neartmhar a ccumhachtaibh?


L. Ib21:8


Daingnighthear a síol iona radharc
maille ríu, agus a sliochd as coinne a
súl.


L. Ib21:9


Atáid a ttighthe daingean ó eag-
la, ní mó bhíos slat Dé orra.


L. Ib21:10


Ginidh a ttarbh, agus ní fhail-
lighionn sé, beiridh a mbó láogh, agus
ní theilgionn sí a gamhuin.


L. Ib21:11


Cuirid síad a ndaóine beaga
úatha amach amuil tréud, agus do
níd a cclann damhsa.


L. Ib21:12


Glacuid an tiompán, agus
an chláirseach, agus gáirdighid ré guth
anorgáin.


L. Ib21:13


Caithid a láethe a saidhbhrios,
agus a móiment téid síad san nuáigh.


L. Ib21:14


Uimesin adeirid ré Día,
dealuigh rinn: óir ní bhfuil fonn aguinn
anéolus do shlightheach.


L. Ib21:15


Cred é an tuilechumachdach, as a
ndhénamaóisne serbhís dó? agus cred
í an tarbha dogheabhamáois dá nguidh-
mís chuige?


L. Ib21:16


Féuch, ní bhfuil a maith féin
ann a láimh, is fada comhairle na ndroch-
dháoine uáimse.


L. Ib21:17


Ca mhionca cuirthear coinneal na
ndrochdhaoine as? Agus cá mhionca
thig anaidhmhilleadh orra; roinnidh (Día)
dólás iona fheirg.


L. Ib21:18


Atáid mar chonnlach ar aghaidh
na gaóithe, agus mar lóchán bheirios
an stoirim lé.


L. Ib21:19


Taisgidh Día a éicceart súas
a ccoinne a chloinne: dobheir sé luáigheachd
dó, agus aitheonuidh sé é.


L. Ib21:20


Dochífid a shúile a aidhmhilleadh,
agus ibhthigh sé dfeirg anuilechu-
mhachdaigh.


L. Ib21:21


Oír cred é an sólás atá
aige iona thigh na dhiaigh, anuáir ghear-
rthar amach uibhir a mhíos ann a lár?


L. Ib21:22


An múinfidh duine ar bith éo-
lus do Dhía: ó ní sé breitheamhnus ar
an ndroing bhíos árd?


L. Ib21:23


Téid áon dég aniomláine a
neirt, ar mbeith dhó go hiomlán a so-
camhal agus a suáimhneas.


L. Ib21:24


Atáid a chíocha lán do bhainne, a-
gus atáid a chnámha arna máothughadh
ó smior.


L. Ib21:25


Agus éugaidh duine oile a sear-
bhus a anma, agus ní ithionn choidhche
maille re sólás.


L. Ib21:26


Luighfid síad ar aon ionann ann-
sa chriáidh, agus foileachuid na péiste
ad.


L. Ib21:27


Féuch, atá fios bhur smuainidh
agamsa, agus na ttionnsganta smuáineas
sibh lé hégcóir am aghaidh:


L. Ib21:28


Oír adearthaói, cáit a bhfuil
teagh an prionnsa? agus cáit a bhfuilid
áite comhnuighthe na ndrochdhaóine?


L. Ib21:29


Nach ar fhiafruigheabhair don luchd
ghabhus an tslighe thoruibh, agus nach
tuicthí a ccomharthuighe?


L. Ib21:30


Go ccoigeoltar an droch-
dhuine a ccoinne láe anaidhmhillte, bérthar
amach íad chum laói an dioghaltais.


L. Ib21:31


Cía innéosas a shlighe as coinne
a aighthe? agus cía chúiteochus ris
gacha ndérna sé.


L. Ib21:32


Gidheadh bérthar chum na huáighe
é, agus fanfuidh sé annsa túama.


L. Ib21:33


Budh milis leis fóide an ghleanna;
agus tairreonguidh gach áonduine na
dhiaigh, mar atá roiomad roimhe.


L. Ib21:34


Maiseadh cred as a ccobhar-
thaóise misi go díomhaóin, ó thárla
nemhfhírinne ann bhur bhfreagarthuibh.


L. Ib22:1


Ansin do fhreagair Eliphas an
Temaniteach, agus adu-
bhairt;


L. Ib22:2


An bhfédann duine bheith
tarbhach do Dhía? Martá an té atá
críonna, do fhédfadh bheith críonna dhó
féin.


L. Ib22:3


An bhfuil sólás ar bith donuile
chumhachtach thusa do bheith ionnruic? nó
an tarbha dhó thusa do dhénamh do shligh-
theach iomlán?


L. Ib22:4


An ttiubhra sé aithbhior dhuit
mar eagla romhad? an rachuidh sé a
mbreitheamhnus riot?


L. Ib22:5


An eadh nach mór héicceart, agus
nach bhfuilid do choirthe dóichríochnuighthe?


L. Ib22:6


Oír do ghlac tú geall ód dhear-
bhrathair gan adhbhar, agus do tharruing
tú a néduighe don tárrnocht.


L. Ib22:7


Ní thug tú uisge re ól don
duine churtha, agus do connuimh tú arán
ónocrach.


L. Ib22:8


Acht ar son an duine chumhachd-
uigh, dobhí an talumh aige, agus do
áitreabh an duine onórach ann.


L. Ib22:9


Do chuir tú baintreabhacha uáit
folamh, agus dobhádar rightheacha na
ndílleacht briste.


L. Ib22:10


Uimesin atáid paintéir
fáccuáirt ad thimchioll, agus eagla o-
bann ag cur bhuaidheartha ort;


L. Ib22:11


Nó dorchadas nach fhéidir leachd
dfaicsin, agus iomad uisge ad fho-
lach.


L. Ib22:12


Nach bhfuil Día anuachdar
fhlaitheamhnuis? agus féuch áirde
na réultann, cred é áirde atáid síad.


L. Ib22:13


Agus adeir tusa, cionus
atá a fhios ag Día? an bhfédann sé
breathnughadh thríd a néull dhorcha?


L. Ib22:14


Néulla tiugha as folach dhó,
chor nach bhfaicionn sé, agus siubhluigh
sé timchioll fhlaitheamhnuis.


L. Ib22:15


Nar comharthuigh tusa an tsein-
tslighe, noch do shaltradar na droch-
dhaóine?


L. Ib22:16


Noch do gearrad síos roimhe
am, ar báitheadh a mbunáit lé tuile.


L. Ib22:17


Noch adubhairt ré Día, deal-
uigh rinn, agus cred fhédas an tuile-
chumhachdach do dhénamh ar a son súd.


L. Ib22:18


Gidheadh do líon sé a ttighthe
do neithibh maithe: achd is fada comhairle
na ndrochdhaoine uáimse.


L. Ib22:19


Dochídh na fíréinsin, agus
atáid lúathgháireach, agus doní an
nemhchiontach gáire tarcuisneach fútha.


L. Ib22:20


Anáit nach ar gearradh ar
máoinne síos, acht loisgidh an teine
a bhfuighiollsan.


L. Ib22:21


Cuir thú féin anumhuil dósan
anois, agus bí síodhchánta; leissin
tiucfuidh maith chugad.


L. Ib22:22


Glac, íarruim mar athchuinge
ort, an dligheadh as a bhéul, agus cuir
a bhríathra súas ann do chroidhe.


L. Ib22:23


Má fhilleann tú chum anuile
chumhachdaigh, cuirfighthear súas thú, cuir-
fidh tú éigceart a bhfad ó do thigh-
thibh.


L. Ib22:24


Annsin cuirfidh tú ór ar muin
a chéile mar luáithreadh, agus ór Op-
hir mar clochuibh na nabhann.


L. Ib22:25


Biáidh fós an tuilechumhachdach
na dhaingion agad, agus dogheabha tú
iomad airgid.


L. Ib22:26


Oír annsin biáidh do dhúil annsa
nuilechumhachdach, agus tóigfe tú do
ghnúis súas chum Dé.


L. Ib22:27


Dodhéna tú do ghuidhe chuige,
agus éistfidh sé riot, agus díolfuidh
tú do mhóide.


L. Ib22:28


Cuirfidh tú fós ní romhad, a-
gus daingneochthar dhuit é: loinnearfuidh
an solus ar do shlighthibh.


L. Ib22:29


Anuáir theilgfighthear daóine
síos, annsin adéra túsa, atá tóg-
bháil súas ann: agus sábháluidh (Día)
an duine umhal.


L. Ib22:30


Sáorfuidh sé oilean an neimh-
chionntuigh: agus atá sin arna sháo-
radh le gloine do lámhsa.


L. Ib23:1


Ansin do fhreagair Iób, agus
adubhairt,


L. Ib23:2


Aniugh cheana is searbh
mo ghearán, is truime mo
bhuille ná mosnagh.


L. Ib23:3


Uch, gan a fhios agam cáit a
bhfuighinn eision: chor go bhfédfuinn teacht
go nuige a chathaóir.


L. Ib23:4


Do chuirfinn síos mo chúis dá la-
thair, agus do líonfuinn mo bhéul lé
haighnios.


L. Ib23:5


Do bheith fios na mbriathar a-
gam do fhreageoradh sé dhamh, agus do
thuigfinn cred adéradh sé riom.


L. Ib23:6


An ttaigeóruidh sé am aghaidh léna
chumhachd mór? ní headh, acht do chuir-
feadh sé neart ionnam.


L. Ib23:7


Annsin do fhédfadh an fíréun aigh-
nios ris; marsin do bhéinnsi sáor go
bráth óm bhreithiomh.


L. Ib23:8


Féuch, teighim ar maghaidh, acht
ní bhfuil seision ann; agus ar mo chúl,
achd ní mhothuighim é.


L. Ib23:9


Ar a láimh chlé mar a noibrighionn
sé, acht ní fhéduim a fhaicsin; folchuidh
sé é féin air an láimh dheis, iondus
nach bhfaicim é.


L. Ib23:10


Acht atá fios na sligheadh a
ngabhuim aige: anuáir dheirbhochus sé
mé, tiucfaidh mé amach amhail ór.


L. Ib23:11


Do chonnuimh mo chos a choiscéime,
do chonnuimh mé a shlighe, agus níor
chláon mé.


L. Ib23:12


Ní mó do chorruigh mé ó aithean-
tuibh a bhéil, dobudh mór mo mheas ar bhría-
thruibh a bhéil, níis mó ná mo ríachdanus
(bídh).


L. Ib23:13


Acht atá seision déin (inntinn),
agus cía fhéudas a fhilleadh, agus
gidhbé ar bith is toil lena anam, sé
sin féin doní sé.


L. Ib23:14


Oír coimhlíonuidh seision an ní
do hórduigheadh dhamhsa, agus atáid
mórán do na neithibhsin aigesion.


L. Ib23:15


Ar anadhbharsin atáimsi ar
mo bhuáidhreadh na fhíadhnuisi: anuáir
mheasuim, bím eaglach roimhe.


L. Ib23:16


Oír doní Día mo chroidhe bog,
agus buáidhrigh an tuilechumhachdach mé.


L. Ib23:17


Do bhrígh nar gearradh amach
mé roimhe an dorchadas, ní mó do fhol-
uigh sé an dorchadas óm ghnúis.


L. Ib24:1


Cred uime, ó nach bhfuilid na
haimseara air ceilt ó anuile-
chumhachdach, nach bhfaicid an
drong darab aithnid é a
láethe?


L. Ib24:2


Athruighid dream chomharthadha
anfearuinn, beirid tréuda ar éigin
léo, agus ithid cuid díobh.


L. Ib24:3


Tiománuid rompa asal na ndíl-
leachdadh, glacaid damh na baintreabhuigh
mar gheall.


L. Ib24:4


iompoighid an ríachdanach as a
tslighe: folchuid boichd na talmhan íad
féin a bhfochair a chéile.


L. Ib24:5


Féuch, mar assaluibh fíadhta
annsa díothramh, téid síad amach chum a
noibre, ag éirghe go moch chum creiche:
dobheir an fásach beatha dhóibh féin, a-
gus dá ccloinn.


L. Ib24:6


Beanuidh (gach aon acha) a ar-
bhar annsa machaire, agus cruinnighid fí-
neamhuin an drochdhuine.


L. Ib24:7


Dobheirid ar an tárnochd luighe
gan édach, go nach bí folach aca ann-
sa bhfúachd.


L. Ib24:8


Bíd fliuch ó cheathaibh na slíabh, a-
gus glacuid chuca an charraic duir-
easbhuidh fascuigh.


L. Ib24:9


Tairngid síad an dílleachda ón chích,
agus beirid geall ón bhocht.


L. Ib24:10


Dobheirid air imtheacht lomnachd
gan édughadh: agus beirid an phunnan
ón nocrach,


L. Ib24:11


(Noch) doní ola táobh astigh
dá mballadhuibh, agus bhruidhios a bhfín-
eamhuin, agus fhuilingios tart.


L. Ib24:12


Bíd daóine ag osnadhuigh táobh
amuich don chathruigh, agus éighidh anum
an chréuchtuigh ós áird: thairissin
ní chuirionn Día leimhe na leith.


L. Ib24:13


Atáid so don druing chathuighios
anaghaidh an tsoluis; ní bhfuil fios a
shligheadh aca, ní fhanuid ann a chasánuibh.


L. Ib24:14


An fealltach ag éirghe leis an
tsolus, marbhuidh sé an boct agus
an tí air a mbíonn riachdanus, agus
annsanoidhche bídh mar ghaduidh.


L. Ib24:15


bí súil anadhaltrannuigh mar
an gcédna ag feithiomh ris an maidin,
ghá rádh, ní fhaicfidh áontsúil mé: a-
gus folchuigh sé a ghnúis.


L. Ib24:16


Annsa dorchadus tochluid síad
tré thighthibh, noch do chomharthuigheadar
dhóibh féin san ló: ní aithnighid an so-
lus.


L. Ib24:17


Oír bí an mhaidion dóibhsion a-
mhail scáile an bháis: má aithnighionn
áonduine íad, bíd a ccreathuibh scáile
an bháis.


L. Ib24:18


Lúath é mar an huisceadhuibh, is
malluigh a chuid ronna ar an ttalamh:
ní amhairceann sé slighthe na bhfíneamhnach.


L. Ib24:19


Fuaduighidh tiormach agus teas
na huisceadha sneachda: marsin doní
anuáigh ris an ndroing do pheacuigheas.


L. Ib24:20


Dermodfuigh an bhrú é, beatho-
chuidh an phéist go milis air, ní cuimh-
neochthar nísa mhó é, agus stíallfuigh-
thear an tolc mar chrann.


L. Ib24:21


Bí sé go holc rís an díosc
nach beirionn, agus ní dhénann maith
don bhaintreabhuigh.


L. Ib24:22


Táirngidh sé mar an gcédna
an cumhachdach lena neart; éirghidh sé
súas, agus ní bhía aóinneach daingion
as a mharthuinn.


L. Ib24:23


(Bíodh) gur tugadh dhó bheith a
ndaingean, ar a mbí a shuáimhneas:
thairissin bíd a shúile ar a slighthibhsion.


L. Ib24:24


Tógthar súas íad ar feadh tamuill,
acht ní bhfuilid ann, agus beirthior síos
íad; beirthior as a tslighe íad, mar
anuile dhuine oile, agus gérrthar a-
mach íad mar cheannuibh déus arbha.


L. Ib24:25


Agus mun budh mairsin atá a-
nois, cía dhénas misi brégach, agus
dhénas mo ghlór beagluáich?


L. Ib25:1


Ansin do fhreagair Bildad an
Suhíteach, agus adubhairt,


L. Ib25:2


Atá tighearnus, agus
eagla ionna fhochairsion, do
ní sé síothcháin iona áitibh árda.


L. Ib25:3


An bhfuil áiriomh ar bith air a
shlúaghaibh? agus cía air nach éirghionn
a sholus?


L. Ib25:4


Ciondus maiseadh dodhéntar
duine ceart ag Día? nó cionnus fhédus
sé bheith glan, an té rughadh ó mhnaói?


L. Ib25:5


Féuch cheana air an ngealuidh, agus
ní dhealruighionn sí; ní bhfuilid fós na
réulta glan iona radharc:


L. Ib25:6


Ca mhéid nios lugha ná sin an
duine atá na phéist, agus mac an
duine atá na phéist?


L. Ib26:1


Acht do fhreagair Iób, agus adubhairt,


L. Ib26:2


Ciondus do chuididh tu-
sa leis an té atá gan
chumhachd? ciondus do shábháil tú an té
atá gan chríonachd? agus ciondus do
fhoillsigh tú go fairsing an ní mar
atá sé?


L. Ib26:3



L. Ib26:4


Cia ré ar labhair tú bríathra?
agus cía an spiorad tháinic uáit?


L. Ib26:5


Cumthar neithe marbha ó íochdar
na nuisgeadh, agus a áitreabhuighsin.


L. Ib26:6


Atá ifrionn nochtuighthe iona
fhiadhnuise, agus ní bhfuil folach air aidh-
mhilleadh.


L. Ib26:7


Sínidh sé an tuaisceart amach
tar anáit fholuimh, agus crochuidh sé an
talamh ar neimhní.


L. Ib26:8


Ceangluidh sé súas na huisceadha
ann a néulluibh tiugha, agus ní réub-
thar an néull fútha.


L. Ib26:9


Congmhuidh sé ar ccúl aghaidh a
chathaóire, agus leathnuigh sé an néull
air.


L. Ib26:10


Do thimchioll sé na huisceadha
lé teórannuibh, nó go ttí an lá agus
anoidhche chum críche,


L. Ib26:11


Criothnuighid postadha fhlaithis,
agus bídh critheagla orra rena ar-
máire.


L. Ib26:12


Roinnigh sé anfairge lena chu-
mhacht, agus léna thuigsin buáilidh
sé thríd an tuaibhreach.


L. Ib26:13


Do scíamhuigh sé na neamha lena spiorad:
sí a lámh do chum a naithir
nimhe cam.


L. Ib26:14


Féuch, is cuid dá shlighthibh íadso:
acht cred í laghad na coda do
chlos uadha? acht cía fhéudas tóirneach
a chumhachd do thuigsin?


L. Ib27:1


Tuilleamh oile, do búanaigh Iób
iona eisiomláir, agus adubhairt,


L. Ib27:2


Mar mhairios Día, noch
rug leis mo bhreitheamhnus, agus an
tuilechumhachdach noch do bhuáidhir manum;


L. Ib27:3


An feadh bhías manál ionnamsa, a-
gus bhías spiorad Dé ann mo phollái-
ribh;


L. Ib27:4


Ní laibheoruidh mo bhéul urchóid, ní
mó chanfas mo theanga mealltóireachd.


L. Ib27:5


Nár léigidh Día go ndénuinn sibhsi
ceart, ní áthrochuidh mé miomláine
uáim.


L. Ib27:6


Congmhuim mionnracus go dain-
gion, agus ní léigfiod uáim é: ní
mhaisleochuidh mo chroidhe mé an fad bhías
mé béo.


L. Ib27:7


Bíodh mo námhuid mar an droch-
dhuine, agus an té éirghios súas am
aghaidh mar an cciontach.


L. Ib27:8


Oír cred é dóthchus anfúar-
chráibhthigh, matá gur tharbhaidh sé ní,
anuáir bheirios Día a anum leis.


L. Ib27:9


Anéistfidh Día a chomhairc an
tan thiucfas buaidhreadh air?


L. Ib27:10


An ccuirfe sé a dhúil
annsanuilechumhachdach? an ngoirfidh sé a
ccomhnuighe air Dhía?


L. Ib27:11


Múinfidh misi sibh maille re láimh
Dé: an ní atá ag anuilechumhachtach,
ní cheiliomhsa é.


L. Ib27:12


Féuchuidh, dochonncabhair féin uile
é, maiseadh cred as a bhfuiltí marso
díomhaoin go huilidhe.


L. Ib27:13


Así so cuid ronna an drochdhuine
ag Día, agus oighreachd luchd anfoiréi-
gin, noch dogheabhuid síad ónuilechumha-
chdach.


L. Ib27:14


Má bhíonn a chlann ar líonadh, is
fa choinne an chloidhim, agus ní sháiseoch-
thar a shíolradh le harán.


L. Ib27:15


An drong mhairfios úadha,
adhlachthar annsa bhás íad: agus ní
ghuilfid a bhaintreabhacha.


L. Ib27:16


Bíodh go gcrúachfadh sé súas
airgiod mar an luáithreadh, agus go
ngléusfadh sé édach mar an lathuigh;


L. Ib27:17


Is féidir go nglésfadh seision
é, acht sé an tionnruic chuirfios uime
é, agus an nemhchiontach roinnfios an
tairgiod.


L. Ib27:18


Cuiridh sé a thigh súas mar
mhíol chríon, agus mar an mboith doní
an táodhaire.


L. Ib27:19


Luighfidh an duine saidhbhir síos,
acht ní chruinneochthair é, foscluidh sé a
shúile, agus ní bhfuil sé ann.


L. Ib27:20


Glacaidh critheagal greim air
amhuil uisceadha, gadaidh stoirim as é
annsanoidhche.


L. Ib27:21


Beiridh án gháoth anoir lé é,
agus imthighidh sé, agus amhuil anfa
tiománuigh as a áit é.


L. Ib27:22


Oír caithfidh (Día) air, agus
ní choigeoluidh sé é, budh mían leis
teitheamh as a láimh.


L. Ib27:23


Buáilfid daóine a mbasa fa
chéile uime, agus sgigfid amach as a
áit é.


L. Ib28:1


Is deimhin go bhfuil míanach
ag anairgiod, agus áit
ag anór mar a leaghaid
síad é.


L. Ib28:2


Beantar íarann as an
ttalamh, agus leaghthar prás as an
chloich.


L. Ib28:3


Cinnidh duine críoch don dorcha-
dus, agus spíonuidh amach anuile
iomláine: clocha an dorchadais, agus
scáile an bháis.


L. Ib28:4


Brisidh an tuile amach ónáit-
reabach, eadhon na huisceadha dearmuid-
thear ón chois: do tiormuigheadh súas
íad, do imthigheadar ó na daóinibh.


L. Ib28:5


Ar son na talmhan, is as thigh
an tarán, agus faóisin iompoigh-
thear suas mar dobhíath teine.


L. Ib28:6


Is íad a chlocha áit na Saphir,
agus bí luáithreadh óir ann.


L. Ib28:7


Atá casán nach bhfuil a fhios
ag áon ar bith, agus nach bhfacuidh
súil anfiáich.


L. Ib28:8


Níor shaltradar coiléin an
leomhain air, níor ghabh an leomhan borb
láimh ris.


L. Ib28:9


Cuirigh sé a lámh amach air an
ccarruic: iompoighidh bun ós cionn na
sléibhte as a bhfréumhuibh.


L. Ib28:10


Gearruidh sé aibhne amach a measc
na ccarrac, agus dochí a shúil gach
éinní mórluáigh.


L. Ib28:11


Ceangluidh sé na haibhne gan
tuiliughadh thairis, agus an ní bhíos a
bhfolach, dobheir sé amach é chum
soluis.


L. Ib28:12


Acht cáit a bhfaghthar crío-
nnachd? agus cáit a bhfuil ionad na
tuigsiona?


L. Ib28:13


Ní bhfuil fios a luáighsin ag
duine, agus ní mó do gheibhthear a ccrích
na mbéo í.


L. Ib28:14


Adeir an taigén, ní bhfuil
sí ionnamsa: agus adeir anfair-
ge, ní bhfuil sí am fhochairsi.


L. Ib28:15


Ní héidir a fagháil ar ór,
ní mó thoimheostar airgiod ar son a
luácha.


L. Ib28:16


Ní héidir a meas lé hór O-
phir, leis an ónix mórluáigh, nó leis
a Saphir:


L. Ib28:17


Ní fhédann an tór nó an crois-
tal a comhóradh, agus ní bhía a ma-
lairt ar shéuduibh dór fhínealta.


L. Ib28:18


Ní tiucfuighthear thar chroibhél,
nó thar phérluibh: óir atá lúach na
críonnachda ós cionn na ccloch mbúadha.


L. Ib28:19


Ní coimhmeas sé Tópas na He-
tiope í, ní mó comhthromar í le hór
fíorghlan.


L. Ib28:20


Cáit maiseadh as a ttig an
chríonnacht? agus cáit a bhfuil ionad
na tuigsiona?


L. Ib28:21


O thárla a bhfolach í ar shúilibh
anuile dhuine béo, agus arna cong-
mháil a bhfolach ó eunuibh anaiéir.


L. Ib28:22


Adeir an taidhmilleadh agus an
bás, dochúalamar a túarusgbháil
sin lé ar gclúasuibh.


L. Ib28:23


Tuigidh Día a slighesin, agus
atá fios a háite aige.


L. Ib28:24


Oír féuchuidh sé go himlibh an
domhuin, agus dochí sé fáoi neamh go
hiomlán.


L. Ib28:25


Do dhénamh an chomthruim do na
gáothaibh, agus comhthromuigh sé na
huisceadha le miosúr.


L. Ib28:26


Anuáir dorinne sé órdughadh
donfearthuinn, agus slighe do theinntigh
na tóirnighe.


L. Ib28:27


Annsin dochonnairc sé í, agus
dfoillsigh sé í, dullmhuigh sé í, do
spíon sé fós amach í:


L. Ib28:28


Agus adubhairt sé ris an
nduine, amhairc, eagla an Tighearna, sí sin
an chríonnacht, agus olc do sheachna, is
tuigsi sin.


L. Ib29:1


Tuilleamh fós, do lean Iób air a
shamhlughadh, agus adubhairt,


L. Ib29:2


Uch, gan mé mar dobhá-
dhus ansna míosuibh dochuáidh
thorum, amhuil na láethe ar dhídin Día
mé.


L. Ib29:3


Anuáir do dhélruidh a choinneal
ar mo cheann, agus anuáir do shiubhail
mé thríd andorchadas lena sholus:


L. Ib29:4


Mar dobhí mé a láethibh móige,
anuáir dobhí secréid Dé ar mo
pháilliún.


L. Ib29:5


Anuáir dobhí an tuilechumha-
chdach fós maille riom, anuáir dobhá-
dar mo chlann am thimchioll:


L. Ib29:6


Anuáir do nigh mé mo choiscéime
le him, agus do dhóirt an charrac
amach srotha ola dhamh:


L. Ib29:7


Anuáir dochuáidh mé amach chum
an gheata thríd an ccathruigh, anuáir
do ghléusuinn mo shuidheachan annso tr-
áid.


L. Ib29:8


Dochídís na daóine óga mé, a-
gus dfolchaidís íad féin: agus do
éirgheadh an társuidh, agus do sheasadh
súas.


L. Ib29:9


Do chuirdís na prionnsadha srían
rena ccaint, agus do chuirdís a lámh
air a mbéul.


L. Ib29:10


Do éisdidís na huáisle, agus
dobhíodh a tteanga ceangailte ann a ccar-
bad.


L. Ib29:11


Anuáir dochluineadh an chlúas
mé, annsin do beannuigheadh sí mé, agus
anuair dochífiodh an tsúil mé, do chuireadh
sí fiadhnuisi liom.


L. Ib29:12


Do bhrígh go sáoruinn an bocht
do éigheadh, agus an dílleachda, agus an
té nach bíodh áon aige do thárthochadh
é.


L. Ib29:13


Dothigeadh beannachd an té dobhí
réidh chum báis orum, agus do thógbhuinn
croidhe na baintreabhuigh chum abhrán do
gabháil lé lúathgháir.


L. Ib29:14


Do chuir mé ionnracus orum, a-
gus déuduigh sé mé: dobhí mo bhreith-
eamhnus amhail róba agus diadem.


L. Ib29:15


Dobhí mé am shúilibh ag an ndall,
agus dobudh cosa don bhacach mé.


L. Ib29:16


Dobhí mé am athair ag an mbochd;
agus do spíonuinn amach an chúis nach
bíodh a fhios agam.


L. Ib29:17


Agus do bhrisinn gíall an droch-
dhuine, agus do tharruinginn anédáil
as a fhíacluibh.


L. Ib29:18


Annsin adubhairt mé, dogheabha
mé bás ann mo nead, agus méideochuidh
mé mo láethe amhuil gaineamh.


L. Ib29:19


Do leathnuigheadh mo fhrémh amach
láimh ris na huisceadhuibh, agus do luidh
an drúcht air feadh na hoidhche air mo bhean-
gán:


L. Ib29:20


Dobhí mo ghlóir úr ionnamh, a-
gus do hathnuáigheadh mo bhogha ann mo
láimh.


L. Ib29:21


Dobheirdís daóine éisteacht
damh, agus do fheithedís orum, agus
donídís rún air mo chomhairle.


L. Ib29:22


Tar éis mo bhríathar ní labhrai-
dís arís, agus do shileadh mo glór or-
ra.


L. Ib29:23


Dobhídis ag súil riom, mar do
bheidís air fhearthuinn, agus dfosclaidís
a mbéul go fairsing, amhail a ccoinne na
fearthanna deighionuigh.


L. Ib29:24


Dá mbéin ag gáiridhe fútha, ní
chreidfidís mé, agus níor theilgeadar
síos solus mo ghnúise.


L. Ib29:25


Do thogh mé amach a slighe, a-
gus do shuigh mé mar cheannfort, agus do
chomhnuigh mé mar Rígh annsa tslúagh, mar
áon chobhruighios na dóbrónuigh.


L. Ib30:1


Acht anois an drong is óige
ná misi, atáid ag maghadh
orum, noch ar tharcuisneach
lem a naithre do shuighiughadh
a bhfochair mhadradha mo thréuda.


L. Ib30:2


Cred cheana dá bhfoigheanadh neart
a lámh dhamh, noch iona ndeachuidh a naóis
fhoirfe amugha.


L. Ib30:3


Tre riachdanus agus ghorta do
bhádar uáighneach ag teithiomh fan bhfá-
sach sanaimsir dochuáidh thort uáig-
neach fásamhuil:


L. Ib30:4


Noch do ghearradh aníos milmhea-
cáin láimh ris na cráobhuibh, agus
fréumha iuniper mar bhíadh.


L. Ib30:5


Do díbreadh amach íad ó bheith a
measc daoine, (do éigheadar na ndiáigh
amhuil a ndiáigh gaduigh.)


L. Ib30:6


Chum áitreabhadh a scealpuibh na
ngleann, anuamhuibh talmhan, agus ann-
sna cairgibh.


L. Ib30:7


A measc na ndosán do sgréa-
chadar: fá na neanntóguib do chruinnigh-
eadar a bhfochair a chéile.


L. Ib30:8


Dobhádar na ccloinn amadán,
fós na ccloinn daóine gan ainm ar
bith: dobudh measa íad ná an chriáidh.


L. Ib30:9


Agus anois is misi is abhrán
dóibh, is mé a bhfocal magaidh.


L. Ib30:10


Dfuathuigheadar mé, teithid síad
a bhfad uáim, ní choiglid gabháil do
sheilighibh am éudan.


L. Ib30:11


Do bhrígh gur scaóil (Día) mo
shlabhradh, agus gur bhuáidhir sé mé, do
léigeadar fós an srían scaóilte ro-
mham.


L. Ib30:12


Eirghid na hógánuigh dom láimh
dheis, sraóilid síad mo chosa uáim,
agus tógbhuid súas am aghaidh slighthe
anaidhmhillte féin.


L. Ib30:13


Millid síad mo chasán, cuirid
síad maindeise air a haghaidh, gan
cuidightheach ar bith aca.


L. Ib30:14


Tangadar orum amhuil briseadh
asteach foirleathan: annsa dólás
thangadar ar muin a chéile orum.


L. Ib30:15


Do hiompóigheadh úathbhás orum:
doníd tóruigheachd air manum mar an
ngaóith: agus imthighidh mo shólás uáim
mar néull.


L. Ib30:16


Agus anois atá manam arna
dhórtadh amach orum; do ghlacadar
láethe anamhgair greim dhíomh.


L. Ib30:17


Atáid mo chnámha arna ttol-
ladh ionam anaimsir na hoidhche: a-
gus ní ghlacuid mféitheach suáimhneas.


L. Ib30:18


Le méid chumhachd (measláinte)
atá médach arna áthrughadh: ceang-
luidh sé timchioll mé mar chioléur mo
chóta.


L. Ib30:19


Do theilg sé mé san laithigh,
ionnus gur cosmhuil mé re púdar, a-
gus re luáith.


L. Ib30:20


Eighim chugadsa, agus ní chluin
tú mé: seasuim súas, agus ní bhí beann
agad orum.


L. Ib30:21


Tháinic tú go fíochmhar chu-
gam: led láimh láidir chuireas tú thú
féin am aghaidh.


L. Ib30:22


Tógbhuidh tú súas mé chum na
gaóithe: dobheir tú orum marcuigheachd
do dhénamh uirre, agus scaóilidh tú ó
chéile mo shubstaint.


L. Ib30:23


Oir atá a fhios agam go
mbéura tú chum báis mé, gus an tteagh
do cinneadh donuile bhéo.


L. Ib30:24


Acht cheana, ní shínfidh sé a
lámh amach chum na huáighe, matá
go ccomhaircfid síad iona léirscrios.


L. Ib30:25


Aneadh nachar chaóin misi
ar son an té dobhí a mbuáidhreadh?
nach raibh manum doilghiosach ar son
an bhoicht?


L. Ib30:26


Anuáir dobhí súil agam re
maith, is ann tháinic olc chugam; a-
gus anuáir dobhí mé ag féithiomh
re solus, is ansin tháinic dorchadas.


L. Ib30:27


Do fhiuchadar minnighe, agus
níor shuáimhnigheadar; thangadar láethe
mamhgair romham.


L. Ib30:28


Dimthigh mé ag gearán gan an
ghrían: do sheas mé súas, agus do
éigh mé annsanoireachdus.


L. Ib30:29


Is dearbhrathair do dhragúnuibh
mé, agus compánach do Ullchabhchánuibh.


L. Ib30:30


Atá mo chroiceann dubh orum,
agus do loisgeadh mo chnámha lé teas.


L. Ib30:31


Do hiompóigheadh mo chláirseach
mar an gcédna a ndóbrón, agus mor-
gán a nguth na druinge ghuilios.


L. Ib31:1


Dorinne mé eachd rem shúilibh:
uimesin cred fá smuáinteoch-
uinn ar mhaighdin?


L. Ib31:2


Oír cred an roinn ó
Dhía atá ó anúas, agus cred a
noighreachd donuilechumhachdach ón náit
áird?


L. Ib31:3


Nach bhfuil scrios a ndán don
drochdhuine? agus pionús iongantach
do lucht oibrighthe anéigceirt?


L. Ib31:4


Nach bhfaiceann seision mo shlighthesi,
agus nach áirmhionn mo choiscéime uile?


L. Ib31:5


Má shiubhail mé lé díomhaóineas,
nó má dheifrigh mo chos chum ceilge;


L. Ib31:6


Toimhfeadh sé mé a meadhaibh
comhthrom, as go naithnigh Día mo
chóir.


L. Ib31:7


Má dfill mo choiscéim as a
tslighe, agus gur ghluáis mo chroidhe
lem shúilibh, agus má lean cáidhe ar bith
dom lámhuibh:


L. Ib31:8


Annsin dénuimsi cur, agus itheadh
neach oile é: tocholtar fós mo shliochd
as a bhfréimh.


L. Ib31:9


Má mealladh mo chroidhe le mnaói,
nó má chuir mé luidheachán a ndorus mo
chomharsan:


L. Ib31:10


Annsin meiliodh mo bhean do neach
oile, agus cromaidís daóine oile síos
uirre.


L. Ib31:11


Oír is coir ghránna so, fós
is éigceart é ré smachdughadh do na
breitheamhnuibh.


L. Ib31:12


Oír is teine sin loisgios chum
scriosta, agus do thochladh amach mo
bhiseach uile.


L. Ib31:13


Má tharcuisnigh mé cúis móg-
laich, nó mo bhanóglaich, anuáir do
chrionchanadar riom:


L. Ib31:14


Cred oile dodhénuinn anuáir
déireochadh Día súas? agus anuáir
dféuchfadh sé, cred fhreagoruinn dó?


L. Ib31:15


Nach é an té dorinne misi
annsa mbroinn, dorinne eision?
agus nach áon do chum sinn annsa mbroinn?


L. Ib31:16


Má chonnuimh mé na boicht óna ttoil,
nó má thug mé ar shúil na baint-
reabhuigh failligh:


L. Ib31:17


Nó má dith mé mo ghreim liom
féin am áonar, agus nár ithiodar na
dílleachduigh dhe:


L. Ib31:18


(Oír óm óige dobhí sé gha
thabhairt suas am fhochair amhuil agá athair:
agus do thréoruigh mé ise ó bhroinn
mo mhathar.)


L. Ib31:19


Dá bhfaicinn áonduine ag dul
amugha do dhíth éduigh, nó bochd ar bith
gan fholach:


L. Ib31:20


Mun ar bheannuigheadar a leasrach
mé, agus mun ar téigheadh é lé lomradh
mo cháorach:


L. Ib31:21


Má thóg mé mo lámh súas ana-
ghaidh an dílleachda, anuáir dochonnairc
mé mo chungnamh annsa gheata:


L. Ib31:22


Annsin tuiteadh mo righ ó chlár
mo ghúalann, agus bristear mo lámh
as a cnáimh.


L. Ib31:23


Oír dob uáthbás damhsa diogh-
altas ó Dhía, agus do bhrígh a áirde
níor fhéud mé a fhulang.


L. Ib31:24


Má chuir mé mo dhóigh anór,
nó má dubhairt mé ris anór fhíneulta,
is tú mo dhóthchus:


L. Ib31:25


Má lúathgháir mé do bhrígh gur
mhór mo shaidhbhrios, agus do bhrígh
go bhfuáir mo lámh mórán:


L. Ib31:26


Má dféuch mé air an ngréin a
nuáir do dhélruigh sí, nó air an ngealaidh
ag glúasachd a soillse;


L. Ib31:27


Agus gur brostuigheadh mo chroidhe
ós ísiol, nó gur phóg mo bhéul mo
lámh:


L. Ib31:28


Dob éigceart so mar an gcéd-
na ré dioghailt don bhreithiomh: óir do
shénfuinn an Día atá shúas.


L. Ib31:29


Má gháirdigh mé ar son millte
an té lerbhfúath mé, nó má thóg mé
mé féin súas anuáir tháinic olc chui-
ge:


L. Ib31:30


(Ní mó do léig mé dom bhéul
pecughadh, ag órdughadh mallacht da a-
num.)


L. Ib31:31


Muna ndubhradar muintir mo
thighe; uch, gan aguinne dá fheóil, ní
fhédmaoid bheith sáitheach.


L. Ib31:32


Níor luigh an coimhightheach annsa
tsráid, nar fhosguil misi mo dhoirse
donoidhe.


L. Ib31:33


Má dfoluigh mé mo sháruighthe
mar Adhamh, ag ceilt mo pheacuidh ann mo
bhrollach:


L. Ib31:34


An raibh eagla orum roimhe
iomad mór (daoine), nó nar úamhnuigh
tarcuisne muintear mé, as a ráibh mé
am thochd, agus nach deachuidh mé amach
as dorus?


L. Ib31:35


Uch, nach bhfreagrann áon mé,
féuch, sí mo thoil go bhfreagradh an
tuilechumhachtach mé, agus go scríobhadh
measchara leabhar.


L. Ib31:36


Go deimhin go ghlacfuinn ar mo
ghúaluinn é, agus do cheingeoluinn díom
é mar choróin.


L. Ib31:37


Dfoillseochuinn dó uibhir mo choiscéi-
me, mar phrionnsa dorachuinn a ngar dhó.


L. Ib31:38


Má chomhaircionn mo dhúithche am
aghaidh, nó fós go nguilfid a het-
righe.


L. Ib31:39


Má dith mé a toradhsin gan
airgiod, nó má thug mé ar a sealbhuidhibh
a mbeatha do chaill.


L. Ib31:40


Fásadh foghbhannáin anáit chruith-
neachda, agus cogal anáit éorna. Do
críochnuigheadh bríathra Iób.


L. Ib32:1


Marsin do choisceadar an
tríurso do fhreagra
Iób, do bhrígh go raibh
sé ionnruic iona shúilibh
féin.


L. Ib32:2


Annsin do hadhnadh fearg Elihu
mhic barachel, an Busiteach, do chineul
Ram: anaghaidh Iób do hadhnadh a
fhearg, do bhrígh gur fhíréunuigh sé é
féin tar Dhía.


L. Ib32:3


Mar an ccédna anaghaidh a thríar
carad do hadhnadh a fhearg, do bhrígh
nach bhfúaradar freagra air bith, agus
thairissin gur dhamnuigheadar Iób.


L. Ib32:4


Anois dobhí Elihu ag feithiomh
nó go labhradh Iób: do bhrígh gur shine
íadsan ná é.


L. Ib32:5


Anuáir dochonnairc Elihu nach
raibh freagra ar bith a mbéul an trír-
si, annsin do hadhnadh a fhearg.


L. Ib32:6


Agus do fhreagair Elihú mhac Ba-
rachel an Busíteach, agus adubhairt,
atáimsi óg, agus sibhse roshean, uime
sin dobhí mé roeaglach, agus níor
léig aneagla dhamh mo bharamhuil dfoill-
siughadh dhaóibh.


L. Ib32:7


Adubhairt mé go laibheoraidís
láethe, agus go múinfidís iomad blia-
dhan eagna.


L. Ib32:8


Acht atá spiorad san duine,
agus dobheir ánal anuilechumhachtuigh
tuigse dhóibh.


L. Ib32:9


Ní bhíd na daóine móra a gcomh-
nuidhe críonna; ní mo thuigid na seanói-
righ breitheamhnus.


L. Ib32:10


Uimesin adubhairt mé, éistigh
riomsa, taisbénfuidh mé minntinn féin.


L. Ib32:11


Féuchaidh, dfan mé ré bhur mbri-
athruibhse; thug mé clúas do bhur ré-
súnaibh, an feadh do spíonabhair cred a
déradh sibh.


L. Ib32:12


Do fheith mé fós oruibh, agus
féuch, ní raibh áon agaibh do chlaói
Iób, ná thug freagra air a bhríathraibh:


L. Ib32:13


Deagla go naibeoradh sibh,
fuaramairne amach eagna: Dia theilgios
síos é, ní duine.


L. Ib32:14


Anois níor dhírigh sé a bhríath-
ra am aghaidhsi; ní mo fhreigéorus
misi é lé bhur mbríathraibhsi.


L. Ib32:15


Dobhádar ar criothnughadh,
níor fhreagradar nísa mhó, do sguirea-
dar do labhairt.


L. Ib32:16


Anuáir do fheith mé (óir níor
labhradarsan, agus do thosadar, agus
níor fhreagradar nísa mhó.)


L. Ib32:17


(Adubhairt misi) freagoruidh mé
fós mo chuid féin, taisbeanfa mé mo
bharamhuil mar an gcédna.


L. Ib32:18


Oír atáim lán do bhríathruibh,
coimhéignigh an spiorad atá astigh io-
nnam mé.


L. Ib32:19


Féuch, atá mo bholg amhuil fíon
ag nach bhí gáothaire, atá se réidh chum
briste amhuil buideala núadha.


L. Ib32:20


Laibhéora mé, iondus go bhfuighe
mé fionnfhuaradh; foisgéola mé mo bhéul,
agus freagora mé.


L. Ib32:21


Ná gabhuim chugam, íarruim
dathchuinge ort, pearsa áonduine, na-
rab mó bhérus mé gairm spleadhach do
dhuine.


L. Ib32:22


Oír ní fhidir mé tioduil spleadha-
cha do thabhairt uáim, (dá ndénuinn sin)
is gérr dobhiadh mo chruthaightheóir dom
bhreith as.


L. Ib33:1


Uimesin, a Iób, íarruim dath-
chuinghe ort, éist rem comh-
ráidhtesi, agus cluin mo bhríath-
ra uile.


L. Ib33:2


Féuch, anois dfoscuil mé mo
bhéul, do labhair mo theanga ann mo
charbad.


L. Ib33:3


Laibheoruid mo bhríathra mintinn
dhíreach, agus mo bhéul éolus go glan.


L. Ib33:4


Spiorad Dé dorinne mé, agus
anál anuilechumhachduig thug anum io-
nnam.


L. Ib33:5


Mas éidir leachd mo fhreagra,
cuir do bhríathra anórdugh as mo
choinne, seas súas.


L. Ib33:6


Féuch, atáim do réir híarra-
tais anáit Dé, atáim fós ar mo
chumadh amach as an ccriáidh.


L. Ib33:7


Féuch, ní dhéna muathbhachd thusa
eaglach, ní mó bhías mo lámh trom ort.


L. Ib33:8


Go deimhin do labhair tú ann méis-
teachd, agus dochuala mé guth do bhria-
thar, (gha rádh).


L. Ib33:9


Atáim glan gan choir, atáim
nemhchiontach, ní mó atá éicceart io-
nnam.


L. Ib33:10


Féuch, dogheibh seision cúisio-
nna am aghaidh, do mheas sé mar a námhuid
mé.


L. Ib33:11


Cuiridh sé mo chosa annsa cheap,
comharthuigh sé mo chasáin uile.


L. Ib33:12


Féuch, annso ní bhfuil tú ceart:
freigéora misi thú, gur mó Dia ná
duine.


L. Ib33:13


Cred as a seasann tusa na
aghaidh? óir ní thugann sé cunntus
anáonchúis dá chúisibh.


L. Ib33:14


Oír labhruidh Día aonuáir, fós
fá dhó, achd ní thabhair duine dá aire é.


L. Ib33:15


Anaisling, a bhfis na hoidhche,
anuáir thuitios codladh trom ar dhaói-
nibh, anéullfartuigh air an leabuidh.


L. Ib33:16


Annsin foscluidh sé clúasa na
ndaóine, agus séluidh sé a tteagasg,


L. Ib33:17


Chor go ttairreonguidh sé duine
óna thríall, agus go bhfoileochadh sé
úabhar ar dhuine.


L. Ib33:18


Congmhaidh sé a anum ar ais
ón pholl, agus a bheatha ó thuitim leis
an ccloidheamh.


L. Ib33:19


Smachduighthear fós lé péin air a
leabuidh é, agus iomad a chnámh le (péin)
láidir:


L. Ib33:20


Iondus go bhfúathuighionn a
bheatha arán, agus a anum bíadh deaghbhlas-
ta.


L. Ib33:21


Cnaóitear a fheóil de, nach bí sí
re faicsin: agus a chnámha nach fac-
cus, seasuid amach.


L. Ib33:22


Tairringidh a anum a bhfogus
donuáigh, agus a bheatha do na mill-
teóiribh.


L. Ib33:23


Má bhíonn teachdaire na fhochair, fear
friotuil, áon a measc mhíle, do thais-
beanadh a cheart do dhuine:


L. Ib33:24


Annsin tá sé grásamhuil dó,
agus adeir sé, sáor é ar dhul síos
annsa pholl, fuáir misi fúasgladh
as.


L. Ib33:25


Biáidh a fheóil níis úire ná
feóil leinibh, fillfidh sé ar láethibh a
ógántachda.


L. Ib33:26


Guidhfidh sé Día, agus bía fadh-
bhrach dhó, agus dochífidh sé a ghnúis
maille re gáirdeachus: óir cúiteochuidh
sé ris an nduine a ionnracus.


L. Ib33:27


Féuchuidh sé arna daóinibh, a-
gus má deir áonduine, do pheacuidh mé,
agus do chuir mé an ceart ar ccúl, a-
gus ní dhérna tarbha dhamh;


L. Ib33:28


Sáorfuidh sé a anum ar dhul
annsa pholl, agus dochífidh a anum an
solus.


L. Ib33:29


Féuch, oibrighidh Día na neithe-
si uile go minic ris an nduine,


L. Ib33:30


Do thabhairt a anma ar ais ón
pholl, do thabhairt soluis dó lé soillse
na mbéo.


L. Ib33:31


Tabhair aire go maith, ó a Iób, éist
riomsa, bí ad thochd, agus laibhéora
misi.


L. Ib33:32


Má taá éinní agad ré a rádh,
freagair misi: labhair, óir is mían liom do
ghlanadh.


L. Ib33:33


Mun a bhfuil, éist riomsa, bí
ad thochd, agus muinfidh misi eagna dhuith.


L. Ib34:1


Tuilleamh oile, do fhreagair E-
lihu, agus adubhairt,


L. Ib34:2


Eístigh mo bhríathrasa,
a dhaóine críonna, agus tu-
gaidh éisteachd dhamh a luchd agá bhfuil an
téolus.


L. Ib34:3


Oír dearbhuidh an chlúas bríath-
ra, mar bhlaisios an béul bíadh.


L. Ib34:4


Toghmaóid dhúinn féin breitheamhnus:
bíodh a fhios aguinn eadruinn féin cred
an ní is maith.


L. Ib34:5


Oír adubhairt Iób, atáim ionnruic,
rug Día mo bhreitheamhnus leis.


L. Ib34:6


A ndénuinn bréug anaghaidh mo
cheirt? atá mo chneadh dóileighis gan
chionnta.


L. Ib34:7


Cía an duine atá cosmhuil re
Iób, noch ibheas súas magadh amhuil uis-
ge?


L. Ib34:8


Noch imthighios a ccuideachda na
druinge oibrighios éigceart, agus shiubh-
luighios lé drochdhaóinibh.


L. Ib34:9


Oír adubhairt sé, ní dhénann tar-
bha ar bith do dhuine, dúil do bheith aige
a ndía.


L. Ib34:10


Ar anadhbharsin, éistigh riomsa,
sibhsi a dhaoine tuigsionacha; go ma
fada bhías ó Dhía (go ndénadh sé) olc,
agus ónuilechumhachdach, (go ndénadh sé)
éigceart.


L. Ib34:11


Oír aiseogthar don duine a
obair féin, agus dobhéra air gach aon-
duine go bhfuighe do réir a shlightheach.


L. Ib34:12


Fós is dearbh nach déna Día
go holc, ní mó mhillfios an tuilechu-
mhachtach breitheamhnus.


L. Ib34:13


Cía chuir cúram air fan tta-
lamh? nó cía shuighidh an domhan uile?


L. Ib34:14


Má shuighionn sé a chroidhe ar
dhuine, má chruinnighionn sé chuige féin a
spiorad, agus a anál.


L. Ib34:15


Díoghbháighfidh sé anuile fheóil
le chéile, agus fillfidh an duine a
rís chum luaithrigh.


L. Ib34:16


Má atá tuigse agad anois,
cluin so: éist ré guth mo bhríathar-
sa.


L. Ib34:17


An ndéna an té fhúathuighios
ceart, úachdaránachd? agus a ndaim-
neochuidh tusa an té is róicheirte?


L. Ib34:18


Aniomchubhuidh a rádh re Rígh,
atá tusa go holc? agus ré prionn-
sadhuibh, atáthaói neimhdhíadha?


L. Ib34:19


Ca mhéd níis lugha ris an
té nach ccuirionn suim a bpearsannuibh
na bprionnsadh, agus nach measann an
saidhbhir níis mó na an bochd? óir
is íad uile oibreach a lámh.


L. Ib34:20


Dogheabhuid bás a móiment, a-
gus buáidheorthar na daóine san mea-
don oidhche, agus rachaid as, agus
bérthar an neartmhar as gan lámh.


L. Ib34:21


Oír atáid a shúile ar shligh-
thibh an duine, agus dochí sé a imtheachda
uile.


L. Ib34:22


Ní bhfuil dorchadas nó scáile
báis, mar a bhféudfaidís oibrighthe na
héccóra íad féin dfolach.


L. Ib34:23


Oír ní leacfuidh sé ar an nduine
níis mó ná ceart, as a rachadh sé a
mbreitheamhnus ré Día.


L. Ib34:24


Brisfidh sé a mblodhuibh daóine
cumhachdacha gan áiriomh, agus cuirfidh
sé daóine oile iona náit.


L. Ib34:25


Ar anadhbharsin atá fios a
noibreach aige, agus iompoighidh sé bun
oscionn íad san noidhche, iondus go
scriostar íad.


L. Ib34:26


Buailidh sé íad mar dhrochdhaói-
nibh a radharc shoilléir dhaóine oile.


L. Ib34:27


Do bhrígh gur fhilleadar ar a
nais úadhasan, agus nár chuireadar
suim anáon dá shlighthibh.


L. Ib34:28


Iondus go ttugaid ar chomhairc
na mbocht teacht chuige, agus dochluin
sé éigheamh na ttrúaghán.


L. Ib34:29


Anuáir dobheir sé suáimhni-
os úadh, cía fhédas annsin buaidhreadh
do dhénamh? anuáir fholchus sé a a-
ghaidh, annsin cía fhédas amharc air? más
anaghaidh cinidh é, nó anaghaidh énduine
amháin:


L. Ib34:30


Go nach ríaghlochadh fear anfúar-
chrábhuidh, deagla go ngébhthaoi na daoine
a bpaintéir.


L. Ib34:31


Go deimhin is iomchubhuidh a rádh
lé Día, dfulaing mé (smachdughadh,)
ní chiontochuidh mé nios mó.


L. Ib34:32


An ní nach bhfaicim, múinse
dhamh é; má rinne mé éicceart, ní dhénad
nios mó.


L. Ib34:33


An do réir do thoilesi budh
cóir an ní bheith? dobhéra sé a luáidheachd
úadh, má dhíultann tú é, nó má bheirionn
tú do roghain é, agus ní misi: uimesin
labhair an ní is fios duit.


L. Ib34:34


Innisidís daóine tuigsionacha
dhamh, agus éisteadh duine críonna riom.


L. Ib34:35


Do labhair Iób gan éolus, agus
dobhádar a bhríathra gan chríonnacht.


L. Ib34:36


Isí mo thoil Iób do theastu-
ghadh go deireadh, do bhrígh a fhreagartha
ar son na ndaóine ccionntach.


L. Ib34:37


Oír cuiridh sé míríaghuil a cceann
a pheachuidh, bhuáilidh sé a bhasa ar measg,
agus méduighidh sé a bhríathra anaghaidh
Dé.


L. Ib35:1


Do labhair Elihu tuilleamh oile,
agus adubhairt,


L. Ib35:2


An saóilionn tusa so
do bheith ceart, mar adeir
tú, is mó mionnracus ná ionnracus
Dé?


L. Ib35:3


Oír adubhairt tú, créd an tarbha
do bheith dhuitsi, agus cred an sochar
do bheith dhamhsa (má glantar mé) óm
pheacadh?


L. Ib35:4


Freagoruidh misi thú, agus do chom-
panuigh maille riot.


L. Ib35:5


Féuch ar na neamhuibh, agus faic,
agus amhairc na néulla is áirde ná thú.


L. Ib35:6


Má pheacuighionn tú, cred doní
tú na aghaidhsion? nó má méduigh-
thar do sháruighthe, cred doní tú airsi-
on?


L. Ib35:7


Má bhíonn tú fíréunta, cred
dobheir tú dhósan, nó cred ghlacus
sé as do láimh?


L. Ib35:8


Féuduidh hurchóid duine mar thú
féin do ghortughadh, agus féuduidh
hionnracus sochar do dhénamh do mhac
an duine.


L. Ib35:9


Do bhrígh iomaid sáruighthe,
dobheirid ar an ndruing ar a luighthior,
comhairc do dhénamh: éirghid go hárd do
bhrígh láimhe an chumhachduigh.


L. Ib35:10


Acht ní abair áoinneach, cáit a
bhfuil Día mo chruthuightheóir, noch
dobheir dánta úadh san noidhche?


L. Ib35:11


Noch theaguiscios sinn ni is mó
ná beathuigh na talmhan, agus doní
nios críonna sinn ná énlaith nimhe.


L. Ib35:12


Annsin comhaircfid síad (acht
ní fhreagrann aóinneach) do bhrígh uabhair na
ndrochdhaóineadh.


L. Ib35:13


Go dearbhtha ní éistfidh Día
re díomhaóineas, ní mó bhías meas ag a
nuilechumhachdach air.


L. Ib35:14


Mátá go nabair tú, ní fhaic-
fidh tú é, thairissin atá breitheamhnus
iona fhiadhnuise: uimesin bíodh dóthchus
agadsa as.


L. Ib35:15


Acht anois do bhrígh nach mar-
sin atá, tháinic sé air cuáirt iona
fheirg, gidheadh ní haithnid dósan sin
a ríachdanus mór.


L. Ib35:16


Ar anadhbharsin foscluidh Iób
a bhéul go díomhaóin: foirlíonadh sé
bríathra gan éolus.


L. Ib36:1


Dochuaidh Elihu fós air a a-
ghaidh, agus adubhairt.


L. Ib36:2


Fulaing dhamh beagán,
agus taisbeanfuidh mé dhuit
go bhfuil ní agam fós ré a rádh a
ttaobh Dé.


L. Ib36:3


Dobhéra mé méolus as imchían,
agus cuirfidh mé ceart a leith mo chru-
thuighthéora.


L. Ib36:4


Oír go fírinneach, ní bhéid mo
bhríathra brégach, an té atá iomlán
anéolus atá sé maille riotsa.


L. Ib36:5


Féuch, atá Día cumhachtach, a-
gus ní tharcuisníghionn sé aoinneach: atá
sé cumhachtach a neart, agus a ccrío-
nnacht.


L. Ib36:6


Ní cháomhnann sé beatha an droch-
dhuine; acht dobheir sé ceart don bhocht.


L. Ib36:7


Ní thairngionn sé a shúile ónfí-
réun: acht bíd síad a bhfochair Ríogh
annsa chathaóir ríoghdha; fós daingnigh
sé íad go bráth, agus árduighthear
íad.


L. Ib36:8


Agus má bhíd síad ceangailte
a ngeimhlibh, agus da ccongmháil a
slabhradhuibh na haindeise:


L. Ib36:9


Annsin tairbeanuidh sé anobair, a-
gus a sáruighthe iona ndeachadar tar
mhodh:


L. Ib36:10


Oscluidh sé fós a ccluas chum
foghlumtha, agus aithnighidh sé dhíobh
filleadh ó éigceart.


L. Ib36:11


Má umhluighid agus foghnamh
dhó, caithid a láethe a sonus, agus a
mblíadhna a solás.


L. Ib36:12


Acht muna numhluighid síad, tuit-
fid leis an ccloidhiom, agus dogheabhuid
bás gan éolus.


L. Ib36:13


Acht na fúarchráibhthigh a
ccroidhe, crúachuid síad fearg súas:
ní éighid síad anuáir cheanglus sé íad.


L. Ib36:14


Dogheabhuid bás san náois óig,
agus bí a mbeatha a measg na ndaóine
neamhghlan.


L. Ib36:15


Tárthuighidh sé an bocht iona
amhgar, agus foscluidh sé a cclúasa
a sárughadh.


L. Ib36:16


Dá nóssin dáthrochadh sé thu-
sa as an ccumhgach go hionad fhairsing,
mar nach bhfuil cumhgach ar bith, agus
an ní do cuirfíde air do bhórd, donbhíath
sé lán do mhéthus.


L. Ib36:17


Acht do choimhlíon tusa breath
na ccionntach; dorug bhreitheamhnus a-
gus ceart greim ort.


L. Ib36:18


Do bhrígh go bhfuil fearg (riot),
tabhair haire nach béradh sé leis thú rena
bhuille: annsin ní sháorfa fúasgladh
mór thú.


L. Ib36:19


An mbía beann aige air do shaidh-
bhrios? ní bhiáidh, nó air ór, nó air
anuile chumus neirt.


L. Ib36:20


Ná sir anoidhche, anuáir
ghearrthar daóine amach iona náit.


L. Ib36:21


Tabhair haire, ná cuir do dhúil
anéigceart óir do thogh tú so tair
smachtughadh.


L. Ib36:22


Féuch, árduighidh Día léna neart:
cía mhúinios mar é?


L. Ib36:23


Cía chuir a shlighe dfíachaibh air?
nó cía fhédus a rádh, doibrigh tú éig-
ceart?


L. Ib36:24


Cuimhnigh a obair do mhórughadh,
noch dochíd na daóine.


L. Ib36:25


Féuduigh gach áonduine sin
dfaicsin, féuduidh duine a fhaicsin a
bfád úadh.


L. Ib36:26


Féuch, atá Día mór, agus ní
fheadamairne cía hé, agus ní mó is éidir
fios uibhre a bhlíadhan dfagháil.


L. Ib36:27


Oír doní sé na braóin uisge
beag, dóirtid síad anúas fearthuinn do
réir a ccéo:


L. Ib36:28


Noch shilid na néulla, agus
dhóirtid ar dhuine go líonmhair.


L. Ib36:29


An bhfédann fós aóinneach leathnu-
ghadh na néull do thuicsin, nó fuaim a
thabernacuil?


L. Ib36:30


Feuch, leathnuighidh sé a sholus
airsin, agus folchuidh sé íochdar na
fairge.


L. Ib36:31


Oír is léosin bheirios sé breith-
eamhnus air na daóinibh dobheir bíadh úadh
go líonmhar.


L. Ib36:32


Léna lámhuibh fholchus sé an
solus, cuirigh sé dfíachaibh air gan dél-
rugadh (leis an néull) thig eator-
ra.


L. Ib36:33


Taisbeanuidh sé a fhuáim dá tháobh
sin, anáirnéis fós a ttaobh an neithe
théid súas.


L. Ib37:1


Uime so mar an gcédna creath-
uigh mo chroidhe, agus do
corruigheadh as a áit é.


L. Ib37:2


Eist go friochnamhach
fuáim a ghotha, agus an tormán théid
amach as a bhéul.


L. Ib37:3


Orduigidh sé é faói neamh go hi-
omlán, agus a theinnteach go déor-
annuibh na talmhan.


L. Ib37:4


Béicigh guth na dhiáighsin; tóir-
nighidh sé le guth a oirdhearcuis, agus
ní choinneochuidh sé íad anuáir chluin-
fighthear a ghuth.


L. Ib37:5


Tóirnighidh Día go hiongantach
lena ghuth, doní sé neithe móra nach
bhféuduimne do thuigsin.


L. Ib37:6


Oír adeir sé ris a tsneachda,
bíse air an ttalamh: mar an gcédna
ris an minfhearthuinn, agus re móir-
fhearthuinn a neirtsion.


L. Ib37:7


Séluighidh sé súas lámh gach áon-
duine, chor go naitheonadh anuile
dhuine a oibreachasan.


L. Ib37:8


Annsin théid na beathuigh iona núamh-
uibh, agus fanuid iona náitibh.


L. Ib37:9


As an ttáobh ó dheas thig an
sidén gáoithe, agus fúachd ón ttáobh ó
thuáig.


L. Ib37:10


Le hanáil Dé beirthior an
sioc: agus comhguighthear leithne na
nuisgeadh.


L. Ib37:11


Coiridh sé fós an néull tiugh
le fliuchadh: sreathuidh sé a néull soill-
seach.


L. Ib37:12


Agus iompoighthear timchioll
fáccuáirt é lena chomhairlibh: chor go
ndénaidís gidhbé ní do aitheonadh sé
dhíobh ar ghnúis an tsáoghail annsa
talamh.


L. Ib37:13


Dobheir sé air teacht, más air
son smachtuighidh, nó ar son a fhearuinn,
nó ar son trócaire.


L. Ib37:14


Haire dhóso, a Iób: fan go so-
cair, agus meas oibreacha iongantacha
Dé.


L. Ib37:15


An bhfeadair tusa an tam ar
órduigh Día íad, agus thug air sholus
aneóill lonnrughadh.


L. Ib37:16


An aithnid duit meadhughadh na
néull, oibreacha iongantacha an té atá
iomlán anéolus?


L. Ib37:17


Ciondus bhíd héduighe te anuáir
fhionnfhúaruighios sé an talamh leis an
ngaóith andeas?


L. Ib37:18


Nar chuidigh tusa leis anfir-
mament do leathnughadh amach, noch atá
láidir, agus amhuil scathán leaghtha?


L. Ib37:19


Múin dúinn cred adéram ris;
óir ní fhédmaóid ar nglór dórdughadh
do bhríg an dorchadais.


L. Ib37:20


Aninneostar dhósan go bhfui-
limsi ag labhairt? má labhrann duine,
go deimhin sluigfighthear súas é.


L. Ib37:21


Agus anois ní fhaicidh duine
an solus lonnrach atá annsna néulluibh:
acht gluáisidh an ghaóth, agus glanuidh
sí íad.


L. Ib37:22


thig aimsir bhreádhgha ónáird
thuáigh: aige Día atá mórdhacht úath-
bhásach.


L. Ib37:23


A ttáobh anuilechumhachduigh, ní
héidir dhúinn a fhagháil amach, atá sé
oirdheirc a ccumhachd, agus a mbreith-
eamhnus, agus a bhfairsinge cheirt: ní
ghoirteochuidh sé.


L. Ib37:24


Bíd daóine eaglach roimhe ar
anadhbharsin: ní bhí meas aige ar aóinneach
bhías críonna a ccroidhe.


L. Ib38:1


Ansin do fhreagair an Tighear-
na Iób, as an tsidén gaóithe,
agus adubhairt,


L. Ib38:2


Cía hé so dhorchuighios
comhairle le bríathruibh gan
éolus?


L. Ib38:3


Criosluidh anois súas do leas-
rach mar fhear: óir fíafrochuidh misi
dhíot, agus freagairsi mé.


L. Ib38:4


Cáit a raibh tusa anuáir
do shuighidh misi bunáit an domhuin?
foillsigh, má tá tuigse agad.


L. Ib38:5


Cía shín a thomhassin, mátá a
fhios agad? nó cía shín an dorubha
air?


L. Ib38:6


Cía air a bhfuilid a bhunáitesin
ceangailte? nó cía shuighidh a chloch chor-
néilsin?


L. Ib38:7


Anuáir do chanadar na réulta
maidne re chéile, agus do gháireadar
mic Dé uile le lúathgháir.


L. Ib38:8


Nó cía do iaidh anfáirge
astigh lé dóirsibh, anuáir do bhris sí
amach, amhuil do shilfeadh sí amach as
an mbroinn?


L. Ib38:9


Anuáir dorinne misi néull na
chulaidh dhi, agus dorchadas tiugh na
chrisceangal di,


L. Ib38:10


Agus ar bhris mé súas di mo
(áit) chinnte, agus ar shuigh mé bar-
radha, agus dóirse,


L. Ib38:11


Agus a ndubhairt mé, go nuige
so thiucfas tú; agus ní thairis: agus
annso fhoisteochthar do thonna uáibhreacha.


L. Ib38:12


An ttug tú air an maidin bheith
ann ar feadh do láetheadh? agus an ttug
tú ar éirghe an láe a áit daithniu-
ghadh,


L. Ib38:13


Chor go mbéradh sé greim ar
théorannuibh an domhuin, chor go ccroith-
fidhe na drochdhaoine as amach?


L. Ib38:14


Do hiompoigheadh é mar chriáidh
chum an tséula, agus seasuid síad a-
mhuil édach.


L. Ib38:15


Agus congmhuighthear a solus ó
na drochdhaóinibh, agus brisfighthear an
righ árd.


L. Ib38:16


A ndeachuidh tusa asteach a
súmairighibh na fairge? nó nar shiubuil
tú a spíonadh anaigéin?


L. Ib38:17


An rabhadar geatadha an bháis
oscuilte romhad? nó an bhfaca tú doir-
se scáile an bháis?


L. Ib38:18


Ar mheas tú leithead na talmhan?
foillsigh má atá a fhios uile agad.


L. Ib38:19


Cáit a bhfuil an tslighe mar
a ccomhnuighionn an solus? agus ar
son an dorchadais, cáit a bhfuil a
ionad?


L. Ib38:20


Chor go mbeirtheá go nuige a
théoruinn é, agus go mbeith fios a chásan
agad go nuige a thighsion.


L. Ib38:21


An bhfuil a fhiossin agad,
do bhrígh go rugadh anuáirsin thú? nó
do bhrígh gur mór uibhir do láetheadh?


L. Ib38:22


A ndeachuidh tú asteach anionn-
mhusuibh an tsneachda? nó an bhfaca tú
tigh ionnmhuis an chloichshneachda?


L. Ib38:23


Noch do thaisgidh misi a ccoinne
aimsire na buáidheartha, a ccuinne láe
an chatha agus an chogaidh?


L. Ib38:24


Cía hé an tslighe lé ndealuigh-
thear an solus, noch scáoileas an gháoth
anoir ar feadh an domhuin?


L. Ib38:25


Cía roinn ionad reatha anuisge
chum tuile na nuisgeadh? nó slighe do
theinntigh na tóirnighe,


L. Ib38:26


Do thabhairt fá deara dhi fear-
thuinn air an ttalamh, áit nach bhfuil duine
ar bith; ar an bhfásach, ann nach bhfuil
áonduine?


L. Ib38:27


Do shásadh na bhfearann uáigneach,
agus a thabhairt fá deara ar bheangán-
uibh na luibhe laige scinneadh amach?


L. Ib38:28


An bhfuil athair ag an bhfearthuinn,
nó cía ghein bráona an drúchda?


L. Ib38:29


Cía an bhrú as a ttáinic an
cuisne? agus cía ghein sioc líath
nimhe?


L. Ib38:30


Atáid na huisgeadha foluighthe
mar budh le cloich, agus atá gnúis
anaigéin cuisnighthe.


L. Ib38:31


An bhfédann tusa oireamhna mill-
se Phleiades do cheangal? nó ceangail
Orion do scaoileadh?


L. Ib38:32


An bhfédann tú Massarot do
thabhairt amach iona am féin? nó an ttig
dhíot Arctúrus go na mhacaibh do thréo-
rughadh?


L. Ib38:33


An bhfuil fios órduighthe fhlaith-
eamhnus agad? an bhfédan tú a thigh-
earnas do chur ar talamh?


L. Ib38:34


An bhfédann tú do ghuth do
thógbhail súas chum na néull, iondus
go bhfoileochdaidís iomad uisgeadh thú?


L. Ib38:35


An bhfédann tú tinnteach do chur
uait go nimthighid, agus go nabraid
riot, atámaóid annso?


L. Ib38:36


Cía chuir críonnachd annsna cod-
chuibh astigh? nó cía thug tuigsi don
chroidhe?


L. Ib38:37


Cía fhédus na néulla dáiriomh
a ccríonnacht? nó cía fhédus buidéil
nimhe do chur na ccomhnuigh,


L. Ib38:38


Anuáir fhásas an luaithreadh
do bheith cruáidh, agus ceangluid na
fóide go daingion dá chéile?


L. Ib38:39


An déna tusa fíadhach creiche
don leomhan? nó an líonfa tú fonn na
leomhan óg,


L. Ib38:40


Anuáir luighid síad iona núamhuibh,
fanaid annsa scáth chum bheith a luigheachán.


L. Ib38:41


Cía ghléusus a bheatha donfíach?
anuáir sgréuchuid a eóin óga
ar Dhía, téid síad ar seachrán do chion
bídh.


L. Ib39:1


An aithnid duit anuáir
bheirid gabhair fhíadhta na
cairge? nó an bhfédann tú a
chomharthughadh ca huáir bheir-
id na heilite laóigh?


L. Ib39:2


An bhfédann tú na míosa chomh-
áireamh, noch iomlánuid síad? nó an
aithnid dhuith anaimsir a mbeirid síad?


L. Ib39:3


Cromaid síad íad féin, beirid
a laóigh óga, teilgid díobh a ndóbrón.


L. Ib39:4


Bíd a laoigh óga a ccruth maith,
fásuid síad súas le harbhar: tiaghuid
amach, agus ní aithfhillid chucasan.


L. Ib39:5


Cía chuir amach an tassal fíadhuin
sáor? nó cía sgáoil ceangal anassail
fhiadhta?


L. Ib39:6


Dá ndérna mé a thigh donfá-
sach, agus an fearann díosg a áitreabh.


L. Ib39:7


Ní bhí suim aige aniomad daoineadh
na caithreach, ní mó bhíos suim aige a
bhfógra an cheannaire.


L. Ib39:8


Ráon na slíabh is innbhear dhó,
agus spíonuidh sé a ndiáigh gach aóin-
neithe glas.


L. Ib39:9


An mbía an tunícorn umhal ar
shéirbhís do dhénamh dhuitse? nó an bhfanfa
sí ag do mhainnsér?


L. Ib39:10


An bhfédann tú an tunícorn do
cheangal lena cuing annsaneithrighe.


L. Ib39:11


An ttáobhtha tú é do bhrígh
gur mór a neart? nó an bhfúigfidh
tú do sháothar táobh ris?


L. Ib39:12


An ccreidfidh tú é go ttiubhra
sé do shíol don bhaile? agus go ccrui-
nneochuidh sé asteach dot scioból é?


L. Ib39:13


(An tusa) thug na sciatháin
bhrédha do na pécógaibh, nó sciatháin
agus cleiteach doníascaire cháirneach?


L. Ib39:14


Noch fhágbhus a huighe annsa
talamh, agus théighios íad a luaithreadh.


L. Ib39:15


Agus dearmaduidh go bhfédann
an chos a mbrughadh, nó an beathach ál-
ta a mbriseadh.


L. Ib39:16


Cruadhuighthear í anaghaidh a
héun óg, mar budh eadh nachar lé íad:
as díomhaóin a sáothar gan eagla.


L. Ib39:17


Do bhrígh gur bhean Día a glio-
cus di, ní mó do roinn sé tuigse ría.


L. Ib39:18


Anuáir thógbhus sí í féin súas
go hárd, dísbeaguigh sí an teach agus
an marcach.


L. Ib39:19


An tusa thug neart don neach?
nar éduigh tú a mhuineal lé tóirnigh?


L. Ib39:20


An bhfédann tú a dhénamh eag-
lach amhuil dréollán teasbuidh? is úath-
bhásach glóir a pholláireadh.


L. Ib39:21


Tochluidh sé rena chosa annsa
ghleann, agus gáirdighidh sé ann a neart:
téid ar a aghaidh do theagmháil ris na
fearuibh armtha.


L. Ib39:22


Bí sé ag magadh fán eagla, a-
gus ní bhí úamhan air: ní mó fhilleas sé
ar a ais ón ccloidhiomh.


L. Ib39:23


Siurdánuigh an bolgán soighead
na aghaidh, an gath loinnreach, agus an
scíath.


L. Ib39:24


Brisidh sé an talamh le cuthach,
agus lé buile: agus ní bhíonn sé socair
ré fuáim an stuic.


L. Ib39:25


Adeir sé a measc na stoc,
ha, ha; agus boltnuighidh sé an cath
a bhfad úadh, tóirneach na ccaiptíneadh,
agus anfuáimneach.


L. Ib39:26


An led ghliocus eitiollas an
seabhac, agus shíneas sí a sciatháin don
táobh ó dheas?


L. Ib39:27


An air do chomhairle éirghios an
tiolar súas? agus doní a nead
anáirde.


L. Ib39:28


Aítreabhuidh sí, agus fanaidh air
an ccarruic, ar chreagach na haille, a-
gus na háite daingne.


L. Ib39:29


Assin íarruidh sí a beatha, a-
gus dochíd a súile a bhfad uaithe.


L. Ib39:30


Súghuid a héin óga súas fuil:
agus mar a mbíd na mairbh, is annsin
bhías sise.


L. Ib40:1


Tuilleamh oile, do fhreagair an
Tighearna Iób, agus adu-
bhairt,


L. Ib40:2


An tteagoscuidh an té
doní imreas ris anuilechumhachdach? an
té iomaithbhearas Día freagradh sé féin
ar a shon.


L. Ib40:3


Annsin do fhreagair Iób an Tigh-
earna, agus adubhairt,


L. Ib40:4


Féuch, atáim truáilligh, cred
fhreagorus mé dhuit? leacfa mé mo lámh
air mo bhéul.


L. Ib40:5


Do labhair mé áonuair amháin, achd
ní fhreagora mé: fós fa dhó; acht ní
reachfad ar maghaidh.


L. Ib40:6


Annsin do fhreagair an Tighearna
Iób amach as an tsidén gaóithe, agus
adubhairt,


L. Ib40:7


Criosluigh súas anois do leas-
rach mar dhuine, fíafrochuidh misi dhíot,
agus innis dhamh.


L. Ib40:8


An ccuirfe tusa fós mo bhreith-
eamhnus ar ccúl? an ndaimneocha tú
mé, dot bheith féin ionnruic?


L. Ib40:9


An bhfuil lámh agad mar atá ag
Día? nó an bhfédann tú tóirneach do
dhénamh lé guth mar eision.


L. Ib40:10


Cóirigh thú féin anois lé mór-
dhachd, agus lé hoirdhearcus, agus éud-
uigh thú féin lé glóir agus lé scéimh.


L. Ib40:11


Teilg amach buile thfeirge, a-
gus féuch gach áonduine dá bhfuil uaibh-
reach, agus uirísligh é;


L. Ib40:12


Féuch, air gach nduine dá bhfuil
uáibhreach, agus uirísligh é, agus sal-
tair síos na drochdhaóine iona náit.


L. Ib40:13


Foluidh annsa luáithreadh íad lé
chéile, agus ceangail a naighthe a bhfo-
lach.


L. Ib40:14


Annsin aidmheochuidh misi mar an
ccédna dhuit, go bhféuduigh do lámh dheas
féin do thártháil.


L. Ib40:15


Féuch anois Behemot dorinne
mé maille leachdsa, ithidh sé féur mar
dhamh.


L. Ib40:16


Amhairc anois, atá a neart iona
leasrach, agus atá a bhrígh animlinn a
bhuilg.


L. Ib40:17


Corruighidh sé a fholt amhuil
cédar: atáid féitheach a chloch ceangail-
te dhá chéile.


L. Ib40:18


Atáid a chnámha már phíosuibh
láidre práis, is cosmhuil a chnámha lé
barradhuibh íaruinn.


L. Ib40:19


Isé príomhobair shlightheach Dé é:
an té dorinne é, féduidh sé a chloidheamh
do chur go nuige é.


L. Ib40:20


Go deimhin dobheirid na sléibhte
beatha dhó, mar a ndéunuid uile bheathuigh
an mhachaire súgradh.


L. Ib40:21


Luighidh sé fa na crannuibh dorcha
a bhfolach na ngiolcach, agus na ccur-
rach.


L. Ib40:22


Folchuid na croinn dhorcha é lena
scáilibh, timchiolluigh suiléoga na
habhann é faccuáirt.


L. Ib40:23


Féuch, ibhidh sé súas abhann, a-
gus ní dhén sé deithnios: dóigh leis
go ttarrongaidh sé Iordan súas iona
bhéul.


L. Ib40:24


(An) ngébha (aon duine) é
iona radharc? nó an ttollfuidh sé a
shrón le dubhánuibh.


L. Ib41:1


An bhfédann tú Lebhiatan do
tharruing amach le dubhán?
nó a theanga lé córda noch
léigios tú síos?


L. Ib41:2


An bhfédann tú dubhán do
chur iona shróin? nó a ghíall do tholladh
thríd lé dealg?


L. Ib41:3


A ndéna sé mórán gearáin riotsa?
an laibhéora sé bríathra míne riot?


L. Ib41:4


A ndéna sé cunnradh riot? an
nglacfa tú mar sherbhíseach go bráth
é?


L. Ib41:5


Andéna tú súgradh ris amhuil
éun? an cceangola tú é dot chailí-
nibh.


L. Ib41:6


Andénuid na compánuigh fleadh
dhe? an roinnfid síad é measc na ccenn-
uighthe?


L. Ib41:7


An bhfédann tú a chroicionn do lío-
nadh díarnuibh corránacha? nó a cheann le
treaghuibh éisc?


L. Ib41:8


Leag do lámh air, cuimhnigh an cath,
ná déna nísa mhó.


L. Ib41:9


Féuch, is díomhaóin a dhóthchussan:
nach tteilgfighear duine síos lena radh-
arc amháin?


L. Ib41:10


Ni bhfuil áon chomhborb sin dá léi-
gion aneagla a chorrughadh súas:
maiseadh marsin cía fédas seasamh ar
maghuidhse?


L. Ib41:11


Cía chuidigh liom as a ttiubh-
ruinn leasughadh dhó? gidhbé ar bith atá
faói neamh, is liomsa é.


L. Ib41:12


Ní cheilfidh mé a chodchanna, nó a
neart nó a dhealbh sciamhach.


L. Ib41:13


Cia fhéudas aghuidh a éduigh dfoill-
siughadh; nó cía fhédas teacht chuige lena
shrían dúbalta:


L. Ib41:14


Cía fhéudas doirse a aighthe
doscladh; atáid a fhíacla uathbhásach
timchioll faccuáirt.


L. Ib41:15


Asíad a lanna a rimhéidhe, íadhta
súas le chéile le séula daingion.


L. Ib41:16


Atá gach áon díobh an comhgharsin
da chéile, nach bhféudann aiér ar
bith teachd eatorra.


L. Ib41:17


Atáid arna ccur a cceann a
chéile, ceangluid dá chéile nach éidir a
neidirdhealughadh.


L. Ib41:18


Lena shétrigh soillsighidh so-
lus, agus atáid a shúile cosmhuil lé
forrdhubhuibh súl na maidne.


L. Ib41:19


Amach as a bhéul théid tóir-
seadha lasamhla, agus lingid drithleanna
teineadh amach.


L. Ib41:20


Amach as a pholláiribh théid deatach,
mar dorachadh as pota fiuchuigh, nó
as oigheann.


L. Ib41:21


Dearguidh a anal smérthóide, a-
gus téid lasair amach as a bhéul.


L. Ib41:22


Comhnuighidh neart iona mhuinéul, agus
filltear dóbrón na gháirdeachus dá la-
thair.


L. Ib41:23


Atáid sleantach a fheóla coimh-
cheangailte dhá chéile: atáid daingion
ionta féin, ní héidir a ccorrughadh.


L. Ib41:24


Atá a chroidhe comhchruáidh ré
cloich, fós comhchruaidh re cuid do chloich-
íochtair muilinn.


L. Ib41:25


Anuáir thógbhus sé é féin súas,
bíd na neartmhair eaglach: air eagla bri-
sigh glanuid íad féin.


L. Ib41:26


Cloidheamh an té bhuáilios airsin,
ní fhédann seasamh, an gath, an bhonnsach,
nó an tuchdéideadh.


L. Ib41:27


Mesuidh sé an tíarann mar thuighe,
agus an prás mar chonnadh chríon.


L. Ib41:28


Ní fhédann an tsoighead a chur
dfíachaibh air teitheamh; iompoighthear leis
clocha an chroinn tádhbhuil a cconn-
lach.


L. Ib41:29


Measuidh na gáethe mar chonnlach:
doní gáire fá chrothadh an ghatha.


L. Ib41:30


Atáid clocha ghéra faói: leath-
nuighidh sé neithe géura ar an lathuigh.


L. Ib41:31


Dobheir sé air anaigén fiuchadh
do nós an phota: doní sé anfairge do
nós pota an photecari.


L. Ib41:32


Doní sé an tslighe sófhaic-
sigh na dhiáigh; do shaóilfeadh neach an
taigean do bheith líath.


L. Ib41:33


Ní bhfuil a leithéid air an tta-
lamh, noch dorinneadh gan eagla.


L. Ib41:34


Dochí sé anuile ní árd: atá
sé na Rígh ós cionn uile chloinne anúa-
bhair.


L. Ib42:1


Ansin do fhreagair Iób an Tigh-
earna, agus adubhairt,


L. Ib42:2


Atá a fhios agam go
bhfédann tusa gach aóinni do
dhénamh, agus nach éidir
áonsmuáineadh do chongmháil uáit.


L. Ib42:3


Cía hé an té do cheilfiodh
comhairle gan éolus? uimesin do la-
bhair misi an ní nar thuig mé, neithe ro
iongantacha dhamh nach raibh a bhfios a-
gam.


L. Ib42:4


Iarruim dathchuinge ort, éist, a-
gus laibheóra mé: fíafrochuidh misi dhíot,
agus foillsighsi dhamh.


L. Ib42:5


Dochúala mé teachd ort le héis-
deachd na cluáise, acht anois dochíd mo
shúile thú.


L. Ib42:6


Uimesin gráinim riom féin, a-
gus doním aithreachus a ccriaidh a-
gus a luáith.


L. Ib42:7


Agus is amhluidh dobhí tar éis
an Tighearna do labhairt na mbríatharso
re Iób, go ndubhairt an Tighearna
re Heliphas an Temaníteach, atá mfearg
ar naghnadh ad aghaidh, agus ana-
ghaidh do dheise carad: óir nior labh-
rabhair ormsa an ní fá cóir, mar do
labhair mo shearbhfhoghantuigh Iób.


L. Ib42:8


Uimesin glacuidh chugaibh anois
seachd mbulóga agus seachd reithe, a-
gus éirghidh a cceann mo shearbhfhoghantuigh
Iób, agus ofraluidh súas ar bhur son
féin íodhbuirt loisge, agus guidhfidh
mo shearbhfhoghantuigh Iób ar bhur son, óir
glacfuigh misi leis: deagla go ndénuinn
ribh do réir bhur leimhe, do chionn nar
labhrabhair orum an ní is ceart, mar mo
shearbhfhoghantuigh Iób.


L. Ib42:9


Marsin dimthigh Eliphas an Te-
maníteach, agus Bildad an Suhiteach, a-
gus Sophar an Naamatiteach, agus do
rinneadar mar daithin an Tighearna dhíobh:
do ghlac an Tighearna fós Iób.


L. Ib42:10


Agus diompoigh an Tighearna
daóirse Iób anuáir do ghuidh sé ar
son a charad: agus thug an Tigh-
earna fós do Iób dhá oirid agus do
bhí aige roimhe.


L. Ib42:11


Annsin thangadar a dhearbhráithre
uile chuige, agus a dhearbhsheathracha uile,
agus anuile dhuine da raibh iona
thathuigh roimhesin, agus ditheadar a-
rán leis iona thigh: agus dobhí truáighe
aca dhó, agus do chobhruigheadar é ós
cionn anuile uilc dá ttug an Tigh-
earna air: thug gach aonduine fós píosa
airgid dhó, agus gach áonduine clúas-
fháinne óir.


L. Ib42:12


Marsin do bheannuigh an Tighearna
críoch dheiridh Iób níis mó ná a tho-
sach: óir dobhí ceithre mhíle dhéug
cáora aige, agus sé mhíle cámhall,
agus míle cuing dhamh, agus míle as-
sal bainionn.


L. Ib42:13


Dobhí fós aige seachd mic, a-
gus tríur inghean.


L. Ib42:14


Agus thug Iemima dainm ar
an ccéidinghin, agus Cesia dainm air an
dara, agus ainm na tres inghine Ce-
ren-happuch.


L. Ib42:15


Agus níor fríth ar feadh na
críche mná coimhscíamhach ré hingheanuibh
Iób: agus thug a nathair oighreachd dóibh
a measc a ndearbhráithreach.


L. Ib42:16


Ná dhiáighso do mhair Iób céd a-
gus ceathrachad blíaghan, agus dochonn-
airc a mhic, agus mic a mhac, eadhon ceithre
glúine.


L. Ib42:17


Marsin déug Iób, ar mbeith
dhó sean agus lán do láethibh.


L. Sl



Níl L Sl63:9 sa leagan seo (1685), tá sé curtha isteach ó leagan 1690



LEABHAR NA Psalm


L. Sl1


Psalm 1


L. Sl1:1


Is beannúigh an fear nach siubhlui-
ghionn a ccomhairle na neimh-
dhíadhach, nach seasann a slighe
na bpeacach, agus nach suighionn
a suigheachán na ttárcuis-
neach.


L. Sl1:2


Acht atá a dhúil a ndligheadh an
Tighearna, agus iona dhligheadh smuaineann
sé do ló agus doidhche.


L. Sl1:3


Agus biáidh sé cosmhuile re crann
plannduighthe láimh re haibhnibh uisge,
noch dobheir a thoradh iona aimsir iom-
chubhaidh; ní chríonfuidh fós a dhuille, a-
gus gidhbé ní dodhéana sé, tiocfaidh
biseach air.


L. Sl1:4


Ní mairsin do na míochráibhthigh:
acht atáid cosmhuil ris an lóchán noch
sgabus an gáoth.


L. Sl1:5


Ar anadhbharsin ní sheasfuid na
míochráibhthigh annsa mbreitheamhnus, ná na
peacaich a ccoimhthionól na bhfíréun.


L. Sl1:6


Oir bí fios slighe na bhfíréun ag
an TTighearna: acht rachaidh slighe na
neimhdhíadhach seachad.


L. Sl2


Psalm 2


L. Sl2:1


Cred fa ndéanuid na geinte
baois, agus fa smuainid
na daoine díomhaóineas.


L. Sl2:2


Cuirid Ríghthe na tal-
mhan íad féin a cceann a chéile, agus
glachaid na ríaghlóirigh comhairle re
chéile anaghaidh an Tighearna, agus
anaghaidh a ungthaigh, (ag rádh)


L. Sl2:3


Briseam ó chéile a ccuibhreacha, a-
gus teilgiom uáinn a cceangail.


L. Sl2:4


An té shuighios ansna flaitheasuibh do
dhéana sé gáire: dodhéana an Tighearna
fochmuid orra.


L. Sl2:5


Annsin laibheoruidh sé ríu iona
fheirg, agus cráidhfidh sé íad iona
dhíbhfheirg.


L. Sl2:6


Gidheadh do chuir misi mo Rígh air
mo chnoc náomhtha Sion.


L. Sl2:7


Foillseocha mé an seachd: adu-
bhairt an Tighearna riomsa, is tú mo
mhac, aniug do ghin mé thú.


L. Sl2:8


Iarr orum, agus dobhéara mé
dhuit na geinte mar oighreacht, agus
na codcha is imchéine don talamh mar
sheilbh.


L. Sl2:9


Brisfe tú íad lé slait íaruinn
mionbhrúighfir íad iona ccodchuibh mar
shoightheach críadh.


L. Sl2:10


Bíthí glic anois uimesin ó a
Ríghthe: glacuidh teagasg, a bhreitheamhuin
na talmhan.


L. Sl2:11


Fóghanuigh don Tighearna maille
le heagla, agus lúathgáirighidh maille lé
creathaibh.


L. Sl2:12


Póguidh an mac, deagla go mbíadh
sé feargach, agus go rachadh sibh
amugha san tslighe, an tan lasfus a
fhearg dhá laghad: is beannuigh an dream
uile, noch chuirios a ndóigh ann.


L. Sl3


Psalm 3


L. Sl3:1


Psalm Dháibhi, ag teitheamh ó na mhac
Absolón.


L. Sl3:2


A Thighearna, cred mar do
mhéduigh tú luchd mo bhuáidhear-
tha? is iomadamhuil an drong adeir
rém anam, ní bhfuil cabhair air bith dhó a
Ndía.


L. Sl3:3


Acht tusa, a Thighearna, atá tú
ad scéith dhamhsa: mo ghlóir, agus
fear tógtha súas mo chinn.


L. Sl3:4


Déighios chum an Tighearna lem
ghuth, agus dochúaluidh sé mé amach
as a chnoc náomhtha.


L. Sl3:5


Do luigh mé síos, agus do chod-
las: do dhúisighios, óir do chothuigh an
Tighearna mé.


L. Sl3:6


Ní bhiáidh eagla orum roimhe dheich
míle don phobal, noch do chuir íad féin
timchioll am aghaidh.


L. Sl3:7


Eírigh, ó a Thighearna, anaic mé, ó
mo Dhía: óir do bhuáil tú mo naimhde
uile air chnáimh an ghéill; do bhrisis
fíacla na druinge neimhdhíadha.


L. Sl3:8


Is ón TTighearna thig slánughadh:
atá do bheannachd air do phobal.


L. Sl4


Psalm 4



Don phrímhfhear ceóil air Neginot, Psalm
Dháibhi.


L. Sl4:1


Eisd riom anuáir ghoirfead,
ó a Dhé mfíréantachda:
dfuáscuil tú mé an tan
dobhí mé a ccumhgach, déan
trócaire orum, agus éist murnaigh.


L. Sl4:2


O Sibhsi, a mhaca na ndaóine, cá
fad bheithí ag iompógh mo glóire chum
náire? cá fad bhías grádh aguibh ar
dhíomhaoineas, nó dhéantaói lorgaireachd a
ndiáigh bhréag?


L. Sl4:3


Acht bíodh a fhios aguibh gur
chuir an Tighearna do leathtaoibh an duine
díadha dhó féin: cluinfidh an Tighearna
an tan ghoirfead air.


L. Sl4:4


Bíodh úamhan oruibh, agus ná
déanuidh peacadh: déanuidh comhrádh ré
bhur ccroidhe féin air bhur leabuidh, agus
éistigh.


L. Sl4:5


Ofráluidh íodhbartha na fíréun-
tachda, agus cuiridh bhur ndóigh annsa
Tighearna.


L. Sl4:6


Atáid mórán ag rádh, cía
thaisbeanfas maith ar bith dhúinn? a Thi-
gearna, tóg súas solus do ghnúisi
oruinn.


L. Sl4:7


Do chuiris lúathgháir ann mo chroidhe,
níis mo ná anuáir do mhéuduigh
a narbharsan agus a bhfíon.


L. Sl4:8


Luighfe mé mar an ccéadna a
síothcháin, agus coidéola mé: óir tu-
sa, a Thighearna, amháin chuireas am chomh-
nuidh mé a neambáoghal.


L. Sl5


Psalm 5



Don phrímhfhear ceóil air Nehilot, Psalm
Dháibhi.


L. Sl5:1


Tabhair clúas dom bhríathruibh, ó
a Thighearna; meas mo smuain-
tighe.


L. Sl5:2


Eíst ré guth mo éighmhe,
ó mo Rígh, agus mo Dhía: óir is
chugadsa ghuidhfeas mé.


L. Sl5:3


Cluinfir mo ghuth air maidin; ó a
Thighearna, air maidin díreocaidh mé
múrnaigh chugad, agus féuchfad súas.


L. Sl5:4


Oir ní Día thú agá bhfuil dúil
anurchoid; ní mó choimhneochus olc ma-
ille riot.


L. Sl5:5


Ní sheasfaid na hamadáin ann do
radharc: fúathuighionn tú anuile luchd
déanta na héagcóra.


L. Sl5:6


Scriosfa tú an luchd do labhrus
bréug: biáidh fúath ag an TTighearna
air a nduine fhuilteach agus mheabhlach.


L. Sl5:7


Acht air mo shonsa, tiocfa mé asteach
ann do thigh, aniomadamhlachd do thró-
caire: agus ann heagla dodhéan adhradh
go nuige do theampall náomhtha.


L. Sl5:8


Tréoruidh mé, ó a Thighearna, an
thfíréantachd, do bhrígh mo naimhde; déan
do shlighe díreach am fhiaghnuisi.


L. Sl5:9


Oír ní bhfuil dísleachd iona mbéul,
is fíorurchóid an táobh astigh dhíobh; is
uáimh oscuilte a scornach, doníd bla-
dar lena tteangaidh.


L. Sl5:10


Scrios íad, a Dhé, leagthar íad
lena ccomhairlibh féin: teilg amach íad
aniomadamhlachd a míghníomh, óir dorinneadar
easáonta ad aghaidh.


L. Sl5:11


Acht gáirdigheadh anuile dhuine
do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé
lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh
tusa íad: bídís mar an ccédna an dream
learab ionmhuin thainm, lúathgáireach ionnad.


L. Sl5:12


Oír thusa, a Thighearna, beannocha
tú an fíréun: le fabhar timchiollfar é
amhuil budh le sceith.


L. Sl6


Psalm 6



Don phrímhfhear ceóil air Neginot air Shemi-
nit, Psalm Dháibhi.


L. Sl6:1


O a Thighearna, ná himdhearg mé
ann thfeirgh, agus ná smachd-
uigh mé ann do mhíothaitneamh.


L. Sl6:2


Déan trócaire orum, ó
a Thighearna, óir atáimh lag: a Thighearna
leighis mé, óir atáid mo chnámha buáidhear-
ta.


L. Sl6:3


Atá manam mar an ccéadna
buáidheartha go mór: acht thusa, a Thigh-
earna, cá fad?


L. Sl6:4


Iompóigh, a Thighearna, fúasguil
manam: ó sáor mé ar son do thrócaire.


L. Sl6:5


Oír san mbás ní bhfuil éanchuimhne
ort: ann sanuáigh cía bhéuras buidheachus
duit?


L. Sl6:6


Atáim tuirseach lem chneaduigh: air
feadh na hoidhche cuirim mo leaba ar snámh:
fliuchuim miomdhuigh lem dhéaruibh.


L. Sl6:7


Do milleadh mo shúil le dubhachus:
fásuidh seannda do bhrígh mo uile naimhde.


L. Sl6:8


Imthighidh uáim sibhsi, a uile luchd
déanta na héagcóra: óir dochúaluidh
an Tighearna guth mo éighme.


L. Sl6:9


Dochúaluidh an Tighearna mo ghea-
rán; géubhuidh an Tighearna rem urnaigh.


L. Sl6:10


Bídís mo naimde uile náireac, a-
gus ro bhuáidheartha; fillidís, agus bí-
dís náireach go hobann.


L. Sl7


Psalm 7



Siggaion Dháibhi, noch do sheinn sé don
Tighearna, a ttaobh bhríathar Chus an
Beniamíteach.


L. Sl7:1


O a Thighearna Día, ionnadsa chui-
rim mo dhóigh: tárthuigh mé ónuile
noch ghérleanas mé, agus
sáor mé.


L. Sl7:2


Deagla go réubfadh sé manam a-
mhuil leomhan, dhá strócadh a ccodchuibh,
anuáir nach bhfuil éinneach ann do ainicfeadh.


L. Sl7:3


O a Thighearna mo Dhía, má rinne
mé so; má atá éicceart ann mo lámhuibh:


L. Sl7:4


Má chuitigh mé olc ris an té do
bhí a síothcháin riom: (fós do ainic mé an
té noch atá na námhuidh dhamh gan chúis).


L. Sl7:5


Dénadh mo námhaid gérleanmhuin air
manam, agus gabhadh sé é; fós salt-
radh sé síos mo bheatha air an ttalamh, a-
gus léigeadh sé monóir san luáithreadh.


L. Sl7:6


Eírigh, a Thighearna, ann thfeirg, tóg
súas thú féin tre anbhuirbe mo naimhdesi:
agus múscuil ar mo shonsa chum
an bhreitheamnuis noch do fhúagruis.


L. Sl7:7


Mar sin cruinneochuid coimhthionól
na ndaoine ad thimchioll: air a sonsan
uimersin fillsi air árd.


L. Sl7:8


Béruidh an Tighearna breitheamhnus
air an bpobal; breathnuigh misi, ó a Thigh-
earna, do réir mfiréntachda, agus do
réir mo dhíoghruisi noch atá ionnam.


L. Sl7:9


O críochnuigheadh olc na ccion-
tach; acht daingnig an duine ceart:
óir dearbhuidh an Día fírénta na croidh-
the, agus na dubháin.


L. Sl7:10


Is ón Tighearna atá mo chosnamh,
noch sháoras an díreach a ccroidhe.


L. Sl7:11


Doní Día breitheamhnus air an
bhfíréun, agus bí Día feargach ris an
cciontach gach énlá.


L. Sl7:12


Muna bhfillidh sé, cuirfe sé
fáobhair air a chloidheamh: do lúb sé a bhodha,
agus dorinne sé ullamh é.


L. Sl7:13


Do ghléus sé dhó mar an ccédna
oirnéis an bháis: dórduigh sé a shaigheada
anaghaidh na ninghreamach.


L. Sl7:14


Féuch, bídh sé torrach lé héic-
ceart, agus do ghabh sé urchóid, agus
dorug sé neimhfírinne.


L. Sl7:15


Dorinne sé clais, agus do tho-
chuil sé í, agus atá ar ttuitim annsa
pholl noch dorinne sé féin.


L. Sl7:16


Fillfidh a urchóid air a cheann féin,
agus tiocfuidh a fhoiréigion námhadach
anuas air a bhaithis féin.


L. Sl7:17


Molfad an Tighearna do réir
a fhíréntachda: agus canfad moladh
dainm an Tighearna is ro áirde.


L. Sl8


Psalm 8



Don phrímhfhear ceóil air Ghittit, Psalm
Dháibhi.


L. Sl8:1


O a Thighearna ar TTighearna,
cred é a oirdhearca atá
hainm annsa talamh uile, dá
bhfoillsigheann tú do ghlóir
ós cionn na bhflaitheas.


L. Sl8:2


As béul na naoidhean, agus lea-
nabh na ccíoch dórduighis neart, do bhrígh
do naimhde, chor go ccoisgféa an námh-
uidh agus an dioghaltóir.


L. Sl8:3


Anuáir mheasuim do flaithis, o-
bair do mhéur, an ré, agus na réulta
noch do órduighis;


L. Sl8:4


Cred é an duine, as a bhfuil tú
cuimhneach air? agus mac an duine, as a
bhfiosruighionn tú é?


L. Sl8:5


Oír dorinne tú é beagan nios
ísle ná na haingil: agus do choróini-
ghis é le glóir agus le honóir.


L. Sl8:6


Do chuir tú é ós cionn oibreach
do lámh; do chuiris anuile ní fána chos-
uibh:


L. Sl8:7


Na chaóirigh uile, agus na doimh,
fós agus beathuigh an mhacaire:


L. Sl8:8


Eúnluith anaiéir, agus íasg
na fairge, agus gidhbé ar bith ghabhus
tre chasánuibh na bhfairgeadh.


L. Sl8:9


O a Thighearna ar TTighearna,
cred é a oirdhearca atá hainm annsa ta-
lamh uile.


L. Sl9


Psalm 9



Don phrímhfhear ceóil air Mhut-Labben,
Psalm Dháibhi.


L. Sl9:1


Molfa me thú, a Thighearna,
re chroidhe iomlán, foillse-
ocha mé hoibreacha iongan-
tacha uile.


L. Sl9:2


Biaidh mé lúathgáireach, agus gáir-
deochad ionnadsa: canfad moladh dod
anim, ó thusa is ro áirde.


L. Sl9:3


Anuair fhillfighear mo naimhde ar
a nais, tuicfid síad, agus rachuid
seachad ad fhiaghnuisi.


L. Sl9:4


Oír do chothuighis mo cheart, agus
mo chúis: do shuighis san nárdchathaoir
ag breathnughadh ceirt.


L. Sl9:5


Do imdhearguis na geinte, do
lérscriosuis an ciontach, do chuiris
amach a nainm go sáoghal na sáoghal.


L. Sl9:6


O a námhuid, atáid scriosta air
tteachd chum críche suthuine: agus do
scriosuis caithreacha, dimthigh a ccuimh-
niughadh seachad maille ríu.


L. Sl9:7


Acht mairfidh an Tighearna choidhche:
dullmhuigh sé a árdchathaóir chum breith-
eamhnuis.


L. Sl9:8


Agus dodhéna sé breitheamhnus
air an sáoghal a bhfíréntachd, dodhéna sé
breitheamhnus don phobal a bhfírinne.


L. Sl9:9


Biaidh an Tighearna mar an ccéd-
na na ionad dídin don té sháruighthear,
na dhaingion anaimsearuibh buáidheartha.


L. Sl9:10


Agus an mhuintir agá bhfuil
fios hanma, cuirfid a ndóigh ionnad:
óir thusa a Thighearna, níor thréigis an
luchd íarrus thú.


L. Sl9:11


Can molta don Tighearna, noch
chomhnuighios a Sion: foillsigh a measc
an phobail a ghníomhartha.


L. Sl9:12


Anuáir doní sé cúartughadh
air fhuil, cuimhnighidh sé orra: ní dhear-
madann sé éighiomh na numhal.


L. Sl9:13


Dén trócaire orum, a Thighearna;
meas mo bhuaidhreadh noch fhuilngim ón muin-
tir fhúathuighios mé, thusa noch thóg-
bhus súas mé ó gheatadhuibh an bháis:


L. Sl9:14


Chor go ttaibeanfuinn do mholadh
uile a ngeatadhuibh inghine Sion: gáirdeo-
cha mé ann do shlánughadh.


L. Sl9:15


Do sluigeadh síos na geinte ann-
sa chlais noch dorinneadar: annsa líon
noch do fholuigheadar, do gabhadh a ccos
féin.


L. Sl9:16


Aitheantar an Tighearna ris an
mbreitheamhnus noch chuireann sé a bhféidhm:
gabhthar an ciontach anobair a lámh féin.


L. Sl9:17


Cuirfighear na ciontaigh go hif-
rionn, agus anuile chineadh noch dhearma-
das Día.


L. Sl9:18


Oír ní dearmadfuighear an teas-
bhadhach a ccomhnuigh; ní rachuidh dóthchus
na mbóchd amugha go bráth.


L. Sl9:19


Eírigh, ó a Thighearna, ná léig don
duine búadhughadh: déntar breitheamhnus
air na geintibh ad radharc.


L. Sl9:20


Cuir eagla orra, ó a Thighearna:
chor go mbiáidh a fhios ag na cineadhachuibh,
nach bhfuil ionnta féin achd daóine.


L. Sl10


Psalm 10


L. Sl10:1


Cred fa seasann tú a bhfad a-
mach, ó a Thigearna? cred
fá bfolchann tú thú féin
anaimsearuibh buaidheartha?


L. Sl10:2


Doní an ciontach iona uabhar gér-
leanmhuin air an mbochd: go ngabhthar íad
annsna cealguibh noch do smuáineadar féin.


L. Sl10:3


Oír maóidhigh an ciontach fonn a
chroidhe, agus beannuighidh sé an sann-
tach, noch fhúathuighios an Tighearna.


L. Sl10:4


Ní dhén an ciontach, tre úabhar a
ghnúisi, lórghaireachd a ndiáigh Dé: ní bhfuil
Día iona uile smuáintighibh.


L. Sl10:5


Atáid a shlighthe a ccomhnuigh
doilghiosach, atáid a bhreitheamhnuis a
bhfad súas as a radharc: maille rena
easccáirdibh uile, bíth sé ag fochmuid
fútha.


L. Sl10:6


Adubhairt sé iona chroidhe, ní cor-
rochar mé: óir ní bhía mé go bráth anaindeisi.


L. Sl10:7


Atá a bhéul lán do mhallachd, a-
gus do meabhuil, agus do cheilg: faóina
theangaidh atá urchóid, agus díomhaóineas.


L. Sl10:8


Suighidh sé anionaduibh foraire na
mbailteadh: annsna hionaduibh díamhaire
dúnmharbhuidh sé na neimhchiontuigh; atáid
a shúile go foluightheach na suighe ana-
ghaidh na mbochd.


L. Sl10:9


Luighidh sé a bhfeitheamh go díamhair
amhuil leomhan iona fhúathais: luighid
sé a bhfeitheamh cum beirthe air na bochduibh;
beíridh sé air an mbochd, anuair thairrngios
sé é chum a lín.


L. Sl10:10


Cromuidh sé, agus umhluighidh
sé é féin, chor go ttuitfeadh an bochd
lena thrénuibh.


L. Sl10:11


Adubhairt sé iona chroidhe, do
dhearmuid Día; foluighidh sé a aghaidh,
ní fhaicfidh sé go bráth é.


L. Sl10:12


Eírigh, ó a Thighearna Día, tóg
súas do lámh; ná dearmuid an tu-
mhal.


L. Sl10:13


Cred fá ttarcuisnighid na
ciontuigh Día? adubhairt sé iona
chroidhe, ní íarrfa tú é.


L. Sl10:14


Dochonnairc tú é, óir dobheir
tú aire durchóid, agus do mhioscuis,
chum a chúitigh led láimh: tiomnuighidh
an bochd é féin duit, is tú cobharthóir
na ndílleachd.


L. Sl10:15


Bris ruigh an chiontuigh, agus
an drochdhuine: lorg amach a chionta
go nach bhfaghair éinní.


L. Sl10:16


Is Rígh an Tighearna go saoghal
na saoghal: do cuireadh na geinte sea-
chad amach as a thalamh.


L. Sl10:17


A Thighearna, dochualuidh tú fonn
na numhal: uillmheocha tú a ccroidhe,
dobhérair air do chluáis éisdeachd:


L. Sl10:18


Chum breitheamhnuis do dhénamh air
an ndílleachd, agus air an té foiréigean-
tar, chor nach éigneochaidh fear na tal-
mhan níbudh mó.


L. Sl11


Psalm 11



Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.


L. Sl11:1


Ansa Tighearna chuirim mo dhóigh:
cionnus adeir sibhsi rem a-
nam, eitill mar éun chum
do shléibhe?


L. Sl11:2


Oír féuch, lúbaid na cionntaigh
a mbogha, doníd a saighiod réigh air an
tsraing: chor go ccaithfidís go foluigheach
air an bhfíréun a ccroidhe.


L. Sl11:3


Má scriostar na bunáite, cred
is féidir leis na fíréunuibh do dhénamh?


L. Sl11:4


Atá an Tighearna ann a theampall
náomhtha, atá árdchathaóir an Tighearna
air neamh: dobheirid a shúile aire, teas-
tuighid forrdhubha a shúl clann na ndaóine.


L. Sl11:5


Dearbhuidh an Tighearna an fíréun:
acht an ciontach agus an té ghrádh-
uighios foiréigion, fúathuighidh a anam.


L. Sl11:6


Air an cciontach fearfuidh sé
paintéur, teine, agus ruibh, agus an-
fadh thinntidhe: budh é so comhroinn a ccu-
páin?


L. Sl11:7


Oír an Tighearna fírénta is ion-
mhuin leis fíréntachd dobheir a gnuichd
aire don duine dhíreach.


L. Sl12


Psalm 12



Don phrímhfhear ceóil air Sheminit, Psalm
Dháibhi.


L. Sl12:1


Cabair a Thighearna; óir scuiridh
an duine díadha: óir fail-
lighidh an creidmheach do bheith
a measc chloinne na ndaóine.


L. Sl12:2


Labhruid síad díomhaóineas gach
uile dhuine rena chomharsuin; le pusaibh
meabhlacha, le croidhe dúbalta labhruid
síad.


L. Sl12:3


Géarrfuidh an Tighearna amach gach
uile phus meabhlach, agus an teanga
noch labhras neithe uáibhreacha.


L. Sl12:4


Noch adubhairt, le ar tteangaidh
buáidhirfeam, is linn féin ar bpuis, cía
is tighearna ós air ccionn?


L. Sl12:5


Ar son sáruighthe na mbochd, ar
son osnadhach na neasbhadhach, anois
éireocha mé, (adubhairt an Tighearna)
chuirfé mé eision a neambaoghal ón
té do chuirfeadh a ngaiste é.


L. Sl12:6


Focail an Tighearna, is focail
ghlana íad: mar airgiod dearbhtha a
bhfuirnéis chríadh, níamhghlanta seachd nuáire.


L. Sl12:7


Coimhédfa tú íad, ó a Thighearna,
cuimhdeocha tú íad, ón ghinealachso go
bráth.


L. Sl12:8


Siubhluighid na ciontaigh air gach
áontaóibh, anuair árduighthear na
daóine is mímheasta.


L. Sl13


Psalm 13



Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.


L. Sl13:1


Ca fad dhearmodair misi, a Thi-
ghearna, go bráth? cá fad
fhoileochthair thaghaidh uáim?


L. Sl13:2


Cá fad ghlacfad comh-
airle ann manam, dóbrón ann mo chroidhe
go láetheamhuil? cá fad bhiáid mo naimhde
airna nárdughadh ós mo chionn?


L. Sl13:3


Meas, agus éisd misi, ó a Thi-
ghearna mo Dhía: soillsigh mo shúile,
deagla go ccoideolfuinn codladh an bháis;


L. Sl13:4


Deagla go naibeoradh mo námhuid,
do bhuáidheas na aghaidh; agus an mhuin-
tir bhuáidhrios mé, gáirdighid anuair
bhím ar ccorrughadh.


L. Sl13:5


Acht do chuirios mo dhóigh ann do
thrócairesi, gáirdeochuidh mo chroidhe ann do
shlánughadh.


L. Sl13:6


Canfad chum an Tighearna, do
bhrígh gur roinn sé go fíalmhar riom.


L. Sl14


Psalm 14



Don phrímhfhear ceoil, Psalm Dháibhi.


L. Sl14:1


Adubhairt an tamadán iona
chroidhe, ní bhfuil Día ann: a-
táid síad truáilligh, dorinnea-
dar oibreacha adhfhúathmhara, ní
bhfuil éinneach doní maith.


L. Sl14:2


Dféuch an Tighearna anúas ó
neamh air cloinn na ndáoine: dféuchuin an
raibh aonduine do thuigfeadh agus diarr-
fadh Día.


L. Sl14:3


Do chlaonadar uile, atáid síad
uile truáilligh: ní bhfuil éinneach doní
maith, ní bhfuil éinneach amháin.


L. Sl14:4


An bhfuil éolus air bith ag anuile
dhuine oibrighios éicceart? noch itios
suas mo phobalsa mar ithid síad arán,
agus gan gairm air an TTighearna.


L. Sl14:5


Annsin dobhádarsan aneagla
mhóir: óir atá Día a nginealach na
bhfírén.


L. Sl14:6


Do náirigheabhair comhairle an bhoichd,
do bhrígh gurbé an Tighearna a dhain-
gean.


L. Sl14:7


O nach ttig slánughadh Israel
amach as Sion; anuair bhéras an Ti-
ghérna daoirsine a phobail air ais, gáir-
deochuidh Iácob, agus biaidh Israel lúath-
gháireach.


L. Sl15


Psalm 15



Psalm Dháibhi.


L. Sl15:1


A Thighearna, cía choimhneochus
ann do thabernacuil? cía áit-
reobhus ann do chnoc náomhtha?


L. Sl15:2


An té shiubhluighios go
díreach, agus oibrighios fíréntachd; a-
gus labhrus anfírinne iona chroidhe.


L. Sl15:3


An té nach déan ithiomrádh lena
theangaidh, is nach déan olc dá chomhar-
suin, is nach ttógbhann súas míochlú
anaghaidh a chomharsan.


L. Sl15:4


An té a ttarcuisnighthear an
drochdhuine iona shúilibh, achd onóruighios
an dream air a mbí eagla an Tighearna:
an té noch mhionnuighios chum a dhioghbhá-
la féin, agus nach malartuighionn.


L. Sl15:5


An té nach ccuireann amach a chuid
airgid cum úsúireachda, is nach glacann
luáidheachd anaghaidh na neimhchiontach. An
té doní na neitheso, ní háthrochthair é
go bráth.


L. Sl16


Psalm 16



Psalm órdha Dháibhi.


L. Sl16:3


Cumhduigh mé, ó a Dhé: óir
is ionnadsa chuirim mo dhóigh.


L. Sl16:2


O mo anam, adubhairt
tú ris an TTighearna, is
tú mo Thighearna: ní roichionn mo mhaith
chugadsa.


L. Sl16:3


Acht chum na náomh atá air talamh,
agus chum na noirdhearc iona bhfuil mo
uile thaitneamh.


L. Sl16:4


Méideochar a ndóbrón, noch bhros-
tuighios a ndiáigh Dée oile: a ndeoch-
íodhbartha fola ní ofrála mé, ní thógfa
mé súas anainm chum mo pus.


L. Sl16:5


Isé an Tighearna comhroinn moi-
ghreachda, agus mo chupáin: cothuighionn
tú mo chrannchair.


L. Sl16:6


Do thuiteadar na comhairthadha chu-
gamsa anionaduibh thaitneamhacha; fós
atá oighreachd mhaith agum.


L. Sl16:7


Beinneocha mé an Tighearna, noch
thug comhairle dhamh: do theagaisgeadar
mo dhubháin mé mar an ccédna anaimsir
na hoidhche.


L. Sl16:8


Do chuirios an Tighearna do ghnáth
ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air
mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.


L. Sl16:9


Uime sin atá mo chroidhe lúath-
gháireach, agus gáirdighidh mo ghlóir:
coimhneochuidh mo cholann mar an ccédna a
ndóthchus.


L. Sl16:10


Oír ní fhágfa tú manam anif-
rionn; ní mó fhuileongthair truáilliugadh
dfaicsin dot áon náomhtha féin.


L. Sl16:11


Taisbeanfa tú dhamh casáin na
beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúath-
gháire, air do láimh dheis atá sáimhe go
síothbhúan.


L. Sl17


Psalm 17



Urnaigh Dháibhi.


L. Sl17:1


Eist an ceart, a Thighearna,
tabhair aire dom éighiomh: ta-
bhair clúas dom urnuigh, nach
imthigeann amach as pusuibh
meabhlacha.


L. Sl17:2


Tigeadh mo bhreitheamhnus amach ód
lathair; tugaidís do shúile aire do na
neithibh atá comhthrom.


L. Sl17:3


Do dhearbhuis mo chroidhe, do fhios-
ruighis sanoidhche, do dhearbhuis mé, a-
gus ní bhfuighir éiní: is mían liom nach
cciontochuidh mo bhéul.


L. Sl17:4


A ttáobh oibreach na ndaóine, lé
breithir do phussa do sheachain mé casáin
an scriostóra.


L. Sl17:5


Connuimh súas mo imtheachd ann do
chasánuibh, chor nach sleamhnochuid cois-
chéime mo chos.


L. Sl17:6


Do ghoireas ort, óir cluinfir
mé, ó a Dhé: cláon do chlúas chu-
gam, agus éist mo chomhrádh.


L. Sl17:7


Taisbéin do chinéul grádhach
iongantach, ó thusa noch sháorus led
láimh dheis, an luchd do chuirios a ndóigh
ionnad, ón muintir noch éirghios súas
na naghaidh.


L. Sl17:8


Coimhéd mé mar mheall na súl:
foluigh mé faói scáile do sciathán;


L. Sl17:9


O na ciontachuibh noch sháruighios
mé, óm naimhdibh marbhthacha, noch thimchi-
ollas mé faccuáirt.


L. Sl17:10


Atáid síad slúithithe iona méu-
thus féin; lena mbéul labhruid go
huáibhreach.


L. Sl17:11


Do thimciolladar anois sinn, ionar
ccoiscéimibh: do chuireadar a súile ag
cromadh síos chum na talmhan:


L. Sl17:12


Amhuil leomhan noch atá geanach
chum a chreiche, agus mar leomhan
óg ag forchoimhéd anionaduibh díamh-
ara.


L. Sl17:13


Eírigh, ó a Thighearna, toir-
misc é, teilg síos é, fúasguil manam
ó na cionntachaibh, red chloidheamh.


L. Sl17:14


O dhaóinibh red láimh, a Thigh-
earna, ó dhaóinibh an tsáoghail agá
bhfuil a ccuid annsa mbeathaso: ag ar
líonuis a mbuilg led ionnmhus foluigheach:
atáid síad lán do chloinn, agus fág-
bhuid an chuid oile dá maóin agá naóidh-
eanuibh.


L. Sl17:15


Air mo shonsa, dobhéra mé aire
dot ghnúisi a bhfíréntacht: biáidh mé
sásuigh, an tan mhúisgeolus mé, led chos-
amhlacht.


L. SL18


Psalm 18



Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi searbh-
fhoghantuigh an Tighearna, noch do la-
bhair ris an TTighearna bríatra na
cainticesi ansa lá ionar sháor é as
lámhuibh a namhad uile, agus as láimh
Shauil, agus adubhairt.


L. Sl18:1


Gráidheochuidh mé thú óm innighibh,
a Thighearna mo neart.


L. Sl18:2


An Tighearna mo charr-
uic, agus mo dhaingean, a-
gus mfear sáortha: mo Dhía, mo neart
iona ccuirfe mé mo dhóthchus: mo scíath
agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad
árd.


L. Sl18:3


Goirfe mé air an TTighearna, noch
is fíu a mholadh, agus sáorfuighthear óm
naimhdibh mé.


L. Sl18:4


Do thimchiolladar doilghiosa an
bháis mé; do eagluigheadar tuilte na
neimhdhíadhachda mé.


L. Sl18:5


Do thimchiolladar doilghiosa
ifrinn fáccuáirt mé: do cuireadh líon-
ta an bháis as mo choinne.


L. Sl18:6


Ann mamhgar do ghoireas air mo
Thighearna, agus déighios air mo Dhía;
dochúaluidh sé óna theampull mo ghuth,
agus dochuáidh méimhghe ós a choinne
iona clúasaibh.


L. Sl18:7


Annsin do chroith, agus do cri-
othnuigh an talamh, agus do chrioth-
nuigheadar íochdar na ccnoc, agus do
chroitheadar íad féin, do bhrígh go raibh
teas feirge air.


L. Sl18:8


Dochuáidh deatach súas tréna
shróin, agus teine iona bhéul ag cnaói:
do las gúal úadha.


L. Sl18:9


Agus do chláon sé na neamha, a-
gus tháinic anuas, agus dobhí dor-
chadus fana chosuibh.


L. Sl18:10


Agus dobhí ag marcuigheachd ar
cherub, agus deitil sé: deitil
go ro lúath ar sciothánuibh na gaóithe.


L. Sl18:11


Dorinne a ionad uáigneach don
dorchadus: uisgeadh dorcha, agus néul-
la thiugha anaiéir bá páilliúin dó na
thimchioll.


L. Sl18:12


On deálradh dobhí as a choinne
dimthigheadar a néulla tiugha, cloich-
shneachda, agus gúal teineadh.


L. Sl18:13


Agus dorinne an Tighearna
tóirneach annsna neamhuibh, agus thug an té
is ro áirde a ghuth, cloichshneachda, agus
gúal teineadh.


L. Sl18:14


Fós do chaith sé a shoighde, a-
gus do spréidh sé íad; agus do chaith
tinnteach, agus do chlaói íad.


L. Sl18:15


Agus doconncas aigéun na
nuisgeadh, agus do nochtadh íochdar an
domhuin; ód achmhusánsa, a Thighearna,
ó shoinnéun anála do shróna.


L. Sl18:16


Do chuir sé anúas, do ghabh sé
misi, do tharruing sé mé as iomad
uisgeadh.


L. Sl18:17


Do sháor sé mé óm námhuid neart-
mhuir, agus ón druing do fhúathaigh mé;
óir dobhádar ro neartmhar orum.


L. Sl18:18


Thangadar am aghaidh a ló mo
thruáighmhéile; acht dobhí an Tighearna
na urrainn agam.


L. Sl18:19


Agus thug sé amach anionad
fhairsing mé; do sháor sé mé, do bhrígh
go raibh dúil aige ionnam.


L. Sl18:20


Do aisig an Tighearna dhamh do
réir mfíréntachd, do réir ghloine mo
lámh thug sé díoluigheachd dhamh.


L. Sl18:21


Do brígh gur choimhéud mé
slighthe an Tighearna, agus nar
fhill mé go cionntach ó mo Dhía.


L. Sl18:22


Oír dobhádar a bhreitheamhnusa
uile ós mo comhair, agus níor chuireas a
reachda uáim.


L. Sl18:23


Agus dobhí mé díreach aige,
agus do choimhédas mé féin ó mo chionn-
tuibh.


L. Sl18:24


Agus thug an Tighearna luái-
gheachd dhamh do réir mfíréuntachda, do
réir ghloine mo lámh ós coinne a shúl.


L. Sl18:25


Don tróchaireach táisbeanfa tú thú
féin trócaireach; ris an nduine ndí-
reach taisbeanfa tú thú féin díreach.


L. Sl18:26


Donfíorghlan foillseachthair thú
féin fíorghlan, agus leis an cceannairc-
theach foillseochthair thú féin ceannairctheach.


L. Sl18:27


Oír sáorfa tú na daóine
buáidheartha, agus dobhérair na súile ro
árda anúas.


L. Sl18:28


Oír lasfaidh tú mo chainniol,
soillseochthuidh mo Thighearna Día mo
dhorchadus.


L. Sl18:29


Oír tré do chungnamhso rithfiod
thríd shlúagh: agus maille ré mo Dhía
rachad do léim thar bhalla.


L. Sl18:30


Do tháobh Dé, atá a shlighe iom-
lán; do dearbhadh bríathra an Tighear-
na, is scíath é donuile chuirios a ndóth-
cus ann.


L. Sl18:31


Oír cía is Día acht an
Tighearna? cía is carruig acht ar
Ndíane.


L. Sl18:32


An Día noch ullmhuighios mé lé
neart, agus doní mo shlighe iomlán.


L. Sl18:33


Noch doní mo chosa ionann ré
cosuibh na neilteadh, agus shúighios mé
ar mionaduibh árda.


L. Sl18:34


An té mhúinios mo lámha chum
cogadh, iondus go mbristior bo-
gha crúadha rem lámhuibh.


L. Sl18:35


Agus thuguis damh scíath do
shlánuighthe, agus do chonnaimh do lámh
dheas súas mé, agus do mhéuduigh do
cheansachd mé.


L. Sl18:36


Fairseonguidh tú mo choiscéime
fúm, agus ní sciorrfuid mo shála.


L. Sl18:37


Dobhér tóruigheacht dom naimhdibh,
agus bérad orra, agus ní fhillfe mé
go cclaóidhtear íad.


L. Sl18:38


Goinfead íad thríothadh, iondus
nach budh éidir léo éirghe: tuitfid fam
chosuibh.


L. Sl18:39


Uillmheochuidh tú lé neart mé
chum an chatha, claoidhfidh tú an luchd
éirghios am aghaidh.


L. Sl18:40


Agus thugais muinéul mo námhad
dhamh, agus an luchd fhuáithighios mé scri-
osfa mé íad.


L. Sl18:41


Dodhénuid éimhghe (agus ni bhiáidh
áon do dhénadh a ndídion) chum an Ti-
ghearna, agus ní chluinfe sé íad.


L. Sl18:42


Agus brúighfe mé íad amhuil
luáithreadh roimhe an ngaóith: amhuil la-
thach annsna sráidibh sailteoruidh mé orra.


L. Sl18:43


Saorfa tú mé ó imresain na
ndaóine, cuirfir mé mar cheann air na
cineadhachaibh, daóine narbhaithne dhamh,
dodhénuid serbhís damh.


L. Sl18:44


Comhluath is chluinfid a ccluas,
caithfid bheith umhal damh: caithfidh an
coigcrigheach umhla do dhénamh dhamh.


L. Sl18:45


Tuitfid na coigcrígh, agus
biáidh eagla orra as a ndionaduibh
daingne.


L. Sl18:46


Mairidh an Tighearna, agus go
madh beannuigh bhías mo charruic: a-
gus árduighthear Día mo shlánuighthe.


L. Sl18:47


An Día noch dobheir dioghal-
tas ar mo shonsa, agus adeir ris
na daóinibh bheith urramach dhamh.


L. Sl18:48


Sáorfa tú mé óm naimhdibh; iseadh,
tógfa tú mé ós cionn na druinge éir-
ghios súas am agadh; sáorfa tú mé ó
fhear anfoiréigin.


L. Sl18:49


Ar anadhbharsin molfa mé thú
a Thighearna, a measc na ngeinteadh: agus
canfad moladh dot ainm.


L. Sl18:50


noch dobheir fúascluithe mó-
ra dha Rígh: agus fhoillsighios tróca-
ire dhá ungthach, do Dháibhi, agus dá
shíol go bráth.


L. Sl19


Psalm 19



Don phrímhfear ceóil, Psalm Dháibhi.


L. Sl19:1


Foillsighid na flaithis glóir
Dé, taisbeanuid na spéirigh
obair a lámh.


L. Sl19:2


Foillsighidh lá urlabhradh
do lá oile, agus foillsíghidh oidhche
eagna doidhche.


L. Sl19:3


Ní bhfuil comrádh ar bith, agus
ní bhfuil focail, nach ccluintear a nguth.


L. Sl19:4


Téid a líne go fóirleathan ann-
sa talamh uile, agus a mbríathra go
deireadh an domhuin; do chuir sé páillíun
don ghréin ionnta.


L. Sl19:5


Noch atá amhuil fear mná pósta
ag teacht amach as a sheómra, lúathgháiri-
ghidh sé amhuil fear neartmhar ag rioth
coímhlionga.


L. Sl19:6


O théoruinn na bhflaitheas iseadh thrí-
allus amach; agus a thimchilllradh go
nuige a théorannuibh oile: agus ní bhfuil
aóinni a bhfolach óna theas.


L. Sl19:7


Atá dligheadh an Tighearna iom-
lán, ag iompógh a nanma; is fírinneach
fiaghnuise an Tighearna, ag dénamh an
tsimpligh críonna.


L. Sl19:8


Atáid seachda an Tighearna ceart,
ag gáirdiughadh an chroidhe: atá aithne
an Tighearna fíorghlan, ag tabhairt ra-
dhairc do na súilibh.


L. Sl19:9


Atá eagla an Tighearna glan, ag
marthuinn choidhche: is fírinneach breitheamhnu-
sa an Tighearna, agus ceart go hiom-
lán.


L. Sl19:10


Mó is cóir a níarruidh ná ór,
ná iomad dór fhínealta; niis millsi mar
an gcédna ná mil, agus ná seilt chria-
thar na meala.


L. Sl19:11


Léo fós teagasgar do shearbhfho-
ghantuigh; iona ccoimhéd atá luáigheachd
mhór.


L. Sl19:12


Cía thuigfeas a sheachrán: (ó pheac-
uighibh) foluigheacha glansa mé.


L. Sl19:13


Mar an ccéadna ó pheacuighibh
uáibhreacha connuimh ar ais do sheirbíseach:
ná bíodh cumhachda aca orum: annsin bhías
mé díreach, agus bíad nemhchiontach ónain-
dligheadh mhór.


L. Sl19:14


Bídís bríathra mo bhéil agus
smuáineadh mo chroidhe ionghabhtha ad lathair,
ó a Thighearna mo charruic agus mfear
fúasguilte.


L. Sl20


Psalm 20



Don phrímhfear ceóil, Psalm Dháibhi.


L. Sl20:1


Go ccluinidh an Tighearna thú a
ló na buáidheartha, go ccoimh-
éduigh ainm Día Iácob thú.


L. Sl20:2


Go ccuiridh cabhair chu-
gad as an tsanctóra, agus go neart-
uighe thú as Sión.


L. Sl20:3


Go ccuimhnighe thofrála uile, a-
gus go niompóigh thíodhbairt loiscthe a
luáith.


L. Sl20:4


Go ttuga dhuit do réir do crói-
dhe, agus go ccomhlíonuidh huile cho-
mhairle.


L. Sl20:5


Dodhénam gáirdeachuis ann do shlá-
nughadh, agus anainm ar Ndé cuirfeam
bratacha súas: go ccoimhlíona an Ti-
ghearna huile íarratas.


L. Sl20:6


Anois aithnighim go slánuighionn an
Tighearna a ungthach: cluinfe sé é óna
fhlaitheasuibh neamhdha re neart dídin a láimhe
deise.


L. Sl20:7


(Cuimhnighidh) drong air charbaduibh,
agus drong oile air eachuibh: acht cuimhneo-
chaimne air ainm an Tighearna ar Ndé.


L. Sl20:8


Tugadh anúas íad, agus do
thuiteadar, achd éirghimidne súas, agus
seasamuid go díreach.


L. Sl20:9


O a Thighearna; cluineadh an Ríg
sinn anuáir ghoirfeam.


L. Sl21


Psalm 21



Don phrímhfear céoil, Psalm Dháibhi.


L. Sl21:1


A Thighearna, ann do neartsa
dhénas an Righ gáirdechus,
agus cred é a lúatgháirigh
bhías sé ad shlánughadh?


L. Sl21:2


Thug tú toil a chroidhe
dhó; agus níor chonnuimh tú uádh íarra-
tas a bhéil.


L. Sl21:3


Thug tú dhó fós beannughadh na
maitheasa suil do íarr sé do chuiris co-
róin dór fhíorghlan air a chionn.


L. Sl21:4


Díarr sé beatha ortsa, agus
thugais sin dó, fad láitheadh go bráth.


L. Sl21:5


Is mór a ghlóirsion ann do shlánu-
ghadh; mórdhacht, agus onóir do chuir
tú air.


L. Sl21:6


Dodhéna tú fós ro bheannuigh é go
bráth; dodhéna tú ro lúathghaireach é lé
do ghnúis.


L. Sl21:7


Do bhrígh go bhfuil dóigh an Righ
annsa Tighearna; agus maille re tró-
caire an té is ro áirde ní chorroch-
thar é.


L. Sl21:8


Dogheabhaidh do lámh amach do naimh-
de uile; dogheabha do lámh dheas an luchd
fhúaithigheas thú.


L. Sl21:9


Dodhéna tú íad mar bhácús tinnti-
ghe anaimsir thfeirge; cnaóidhfidh an
Tighearna iona fheirg íad, agus sluigfidh
an teine íad.


L. Sl21:10


Scriosfa tú a ttoradh ón tta-
lamh, agus a síol ó chloinn Adhaimh.


L. Sl21:11


Oír do chomhairligheadar olc ad a-
ghaidh; do smuáinigheadar cleasradh ur-
chóideacha nár fhédadar do chríochnughadh.


L. Sl21:12


Uime sin chuirfios tú romhad íad
mar bhuta re ccaitear soighde: cuir-
fi tú do shoighde air do shranguibh as choinne
a nédain.


L. Sl21:13


Arduigh thú féin, a Thighearna,
do neart: mharsin chanfum, agus mhol-
fam thásrachtus.


L. Sl22


Psalm 22



Don phrímhfhear ceóil ar Aiielet sahar,
Psalm Dháibhi.


L. Sl22:1


Mo Dhía, mo Dhía, cred
fár thréigis mé, agus tú
a bhfad óm shlánughadh, ó
bhriathruibh mo ghártha?


L. Sl22:2


Mo Dhía, comhaircfim
annsa ló, agus ní chluin tú; ansanoidh-
che, ní bhfuil suáimhneas agam.


L. Sl22:3


Acht atá tusa náomhtha, thusa
áitreabhus a molta Israel.


L. Sl22:4


Ionnadsa do chuireadar ar naithre
a ndóigh, do chuireadar agus do sháor
tú íad.


L. Sl22:5


Chugadsa do chomhairceadar, agus
do sáoradh íad; ionnad do chuireadar a
ndóthchus, agus níor claóidheadh íad.


L. Sl22:6


Acht péist misi, agus ní duine;
scannail na ndaóine, ar mo tharcuisniu-
ghadh ag an bpobal.


L. Sl22:7


Gach a bhfaicionn mé, atáid ag
magadh orum: iompóighid amach a
mbéul, croithid a cceann,


L. Sl22:8


(Ag rádh) do chuir sé a dhóigh
a Ndía, go saorfadh é: fúasgladh sé
é, ó tá dúil aige ann.


L. Sl22:9


Acht is tusa thug misi amach as
an mbroinn, thug tú orum dóthchus do
beith agam, agus mé ar chíochuibh mo mha-
thar.


L. Sl22:10


Ortsa do teilgiodh mé ón
mbroinn: ó bholg mo mhathar is tú mo
Dhía.


L. Sl22:11


Ná bí a bhfad uáim, óir áta
buáidhreadh a ngar: óir ní bhfuil fear cu-
nganta.


L. Sl22:12


Do thimchiolladar iomad bulóg
mé: tairbh neartmhara Básan thangadar
am thimchioll go cruinn.


L. Sl22:13


Dfoscladar a mbéul orum a-
mhuil leomhan ag inghreim, agus ag búir-
fidh.


L. Sl22:14


Atáim ar mo dhórtadh amach amhuil
uisge, atáid mo cnámha uile as a nionad
fein: is cosmhuil re céir mo chroi-
dhe, ar leaghadh a meadhon minni-
gheadh.


L. Sl22:15


Atá mo neart arna thiomrmu-
ghadh amhuil criáidh loisge, agus do
cheangail mo theanga dom ghíalluibh? a-
gus thugais mé go luáithreadh an
bháis.


L. Sl22:16


Oír thangadar madraidhe am
thimchioll, díadhadar choimthionól na ndroch-
dhaóine am timchioll: do tholladar mo
lámha agus mo chosa.


L. Sl22:17


Féduim mo chnámha uile dáireamh:
dochíd síad agus amhaircid orum.


L. Sl22:18


Roinnid médach eaturra, agus
do theilgeadar cranncair air mo chulaidh.


L. Sl22:19


Acht thusa a Thighearna, ná bí a
bhfad uáim; ó mo neart, deithfrigh dom
chabhair.


L. Sl22:20


Sáor manam ón ccloidheamh:
mo áon ó neart an mhadraidh.


L. Sl22:21


Coimhéd mé ó bhéul an leomhuin;
óir dochúala tú mé ó adharcaibh na
hunicorn.


L. Sl22:22


Foillseachuidh mé hainm dom
dhearbhráithribh: a lár an choimhthionóil
molfa mé thú.


L. Sl22:23


Sibhsi air a bhfuil eagla an Ti-
ghearna, moluidh é: síol Iácob uile
glóruidhe é: agus bíodh a eagla oruibh,
a shíol Israel uile.


L. Sl22:24


Oír níor tharcuisnigh, agus
níor fhuáithigh sé aindese an duine
bhoíchd: agus níor fholuigh a aghuidh uadha,
agus anuáir do ghoir sé air, dochualuidh
sé.


L. Sl22:25


Budh tusa mholfas mé ann sa
comhdháil mhóir: coimhlíonfa mé móide
ós a ccuinne agá bhfuil a eagla
orra.


L. Sl22:26


Iosaid na (daóine) macanta,
agus biáid sásta; molfuid an Ti-
ghearna an luchdíarrus é; mairfidh
bhur ccroidhe go bráth.


L. Sl22:27


Cuimhneochuid críocha na tal-
mhan uile é, agus iompóchuid chum an Ti-
ghearna: agus dodhénuidh anuile chi-
neadh do na geinteibh adhradh ós a choinne.


L. Sl22:28


Oír is leis an TTighearna an
rioghact; agus isé is úachdarán a
measc na ccineadhach.


L. Sl22:29


Gach a bhfuil reamhar ar talamh
íosuid, agus dodhénaid adhradh:
arachuidh síos don luaithreadh cláon-
fuid ós a choinne, agus ní dhéna aóin-
neach a anam féin do chonghmháil béo.


L. Sl22:30


Dodhéna sliochd serbhís dí, áirmeo-
chothar don Tighearna mar ghinealach é.


L. Sl22:31


Tiucfaid síad, agus foillseó-
chuid a bhfíréuntachd don luchd bérthair, go
ndérna sé é.


L. Sl23


Psalm 23



Psalm Dháibhi.


L. Sl23:1


Asé an Tighearna mo aodhaire,
agus ní biaidh easbuidh orum.


L. Sl23:2


Dobheir sé orum luighe
aninbhear fhéir mínligh, tréor-
uigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin.


L. Sl23:3


Aiseoguidh sé manam, tréoroch-
uidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar
son a anma féin.


L. Sl23:4


Fós ar son go siubhlochuinn a ngleann-
scáile an bháis, ní bhiáidh eagla uilc o-
rum; óir atá tusa agam, coibhreochuidh
do shlat agus do mhaide mé.


L. Sl23:5


Gléusfa tú bórd fám choinne a
bhfiaghnuise mo námhad: do ungaidh tú
mo cheann le hola, atá mo chupán ag cur
thairis.


L. Sl23:6


Go dearbhtha leanfuidh maith agus
trócaire mé air feadh mo sháoghail: agus
dodhénad áitreabh a ttigh mo Thighearna
go bráth.


L. Sl24


Psalm 24



Psalm Dháibhi.


L. Sl24:1


As leis an TTighearna an
talamh, agus a iomláine; an
sáoghal, agus an mhéid
áitreabhas ann.


L. Sl24:2


Oír do shuighidh é air
na huisgeadhuibh, agus do dhaingnidh é air
na tuiltibh.


L. Sl24:3


Cía rachus súas a slíabh an
Tighearna? agus cía sheasfas ion io-
nad náomhta?


L. Sl24:4


An té agá bhfuil lámha gla-
na, agus croidhe fíorghlan; noch nar
thóg súas a anum chum díomhaoinis, a-
gus nach ttug a mhionna chum ceilge.


L. Sl24:5


Dogheabha sé beannughadh an Tigh-
earna, agus fíréuntachd ó Dhía a shlán-
uighthe.


L. Sl24:6


Isé so ginealach na druinge íar-
rus é: noch íarras do ghnui, a Dhía
Iácob.


L. Sl24:7


O sibhsi a gheatuighe, tógbhuidh
súas bhur ccinn, agus tógbhuidh súas
sibh féin, sibhsi a dhoirsi síorruidhe; agus
tiucfaidh Rígh na glóire asteach.


L. Sl24:8


Cia hé an Rígh si na glóire? an
Tighearna láidir, agus cumhachdach;
an Tighearna cumhachdach a gcath.


L. Sl24:9


O sibhsi a gheatuighe tógbhuidh súas
bhur ccinn, agus tógbhuidh suas sibh féin,
sibhsi a dhoirse síorruidhe; agus tiuc-
faidh Rígh na glóire asteach.


L. Sl24:10


Cia hé an Ríghsi na glóire?
Tighearna na slógh: isé sin Rígh na
glóire.


L. Sl25


Psalm 25



Psalm Dháibhi.


L. Sl25:1


Cugadsa, ó Thighearna, thóg-
bhuim súas manam.


L. Sl25:2


O mo Dhía, cuirim mo
dhothchus ionnad, ná náirigh-
thear mé: ná dénaid mo naimhde gáir-
deachus ós mo chionn.


L. Sl25:3


Fós an mhéid chuirios a ndóigh
ionnad, ná náirighthear íad; bíodh náire
air a ndroing noch chionntuighios gan chúis.


L. Sl25:4


Foillsigh, a Thighearna, do
shlighthe dhamhsa; taisbéin damh do cha-
sáin.


L. Sl25:5


Tréoruigh mé ann thfírinne,
agus theagaisc mé: óir is tú Día
mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh
air feadh an laói.


L. Sl25:6


Cuimhnigh do thrócaire chinealta, ó
a Thighearna, agus do mhuinnteardhas
grádhach: óir atáid ann aríamh.


L. Sl25:7


Ná cuimhnigh peacadh móige, ná mo
sháruighthe: do réir do thrócaire cuimh-
nigh mé, ar son do mhaitheasa, a Tigh-
earna.


L. Sl25:8


Is maith, agus is díreach an Ti-
ghearna: uimesin teagaiscfidh sé na peac-
uich san tslighe.


L. Sl25:9


Tréorochuidh sé na ceannsaighthe a
mbreitheamhnus, agus múinfidh sé a shlighe
do na ceannsaighthibh.


L. Sl25:10


Is trócaire, agus fírinne, slighthe
an Tighearna uile, don luchd chongmhus a
chunnradh agus a fhiaghnuiseadh.


L. Sl25:11


Ar son hanma, a Thighearna,
iseadh mhaithfeas tú méigceart, bíodh gur
mór sin.


L. Sl25:12


Cia hé an duine air a bhfuil eagla
an Tighearna? múinfe sé é annsa tslighe
thoighfeas sé.


L. Sl25:13


Aitreobhuidh a anum a maith, a-
gus biáidh oidhreacht na dúithche agá chloinn.


L. Sl25:14


Atá rún an Tighearna ag an
luchd eagluigheas roimhe: agus foillsighidh
a chunnradh dhóibh.


L. Sl25:15


Atáid mo shúile a ccomhnuidhe
chum an Tighearna: óir dobhéra sé mo
chos as an líon.


L. Sl25:16


Féuch orm, agus dén trócaire
orum: óir atáim áonránach, agus buaidh-
earta.


L. Sl25:17


Do fairsingeadh buáidhreadh mo chroidhe,
ó tabhairsi amach as manacra mé.


L. Sl25:18


Féuch ar manacra, agus air
mo phéin, agus maith mo pheacuidhe uile
dhamh.


L. Sl25:19


Féuch air mo naimhde: óir atáid
arna méudughadh, agus atá fúath a-
ca orum le foiréigion.


L. Sl25:20


Coimhéd manam, agus sáor
mé: agus ná náirighthear mé, do brígh
go bhfuil mo dhóthchus ionnadsa.


L. Sl25:21


Cumhduigheadh díoghruis agus
ceart mé: óír dfan mé leachdsa.


L. Sl25:22


Sáor Israel, ó a Dhía, ónuile
bhuáidreadh.


L. Sl26


Psalm 26



Psalm Dháibhi.


L. Sl26:1


Beir breath orum, a Thighear-
na, óir do shiubhail mé an
mionnracus; agus annsa
Tighearna dobí mo dhóigh nach
sciorrfa mé:


L. Sl26:2


Spíon mé, a Thighearna, agus
teastuidh mé; indearbh mo dhubháin, agus
mo chroidhe.


L. Sl26:3


Oír atá do chinéul grádhach ós
coinne mo shúl, agus do shiubhail mé ann
thfírinne.


L. Sl26:4


Níor shuigh mé ré daoinibh
díomhaóine, ní mó rachfas mé asteach
le mealltóirighibh.


L. Sl26:5


Do fhuathuigh mé coimhthionól luchd
dénta anuilc, agus ris an ccionn-
tach ní shuighfe mé.


L. Sl26:6


Nighfe mé mo lamha a neimhchion-
tuibh, agus tiucfad timchioll haltóra,
a Tighearna.


L. Sl26:7


Iondus go bhfoillsighe mé ré guth
thabhartha buidheachuis, agus go ninnse
mé hoibreacha iongantacha uile.


L. Sl26:8


A Thighearna, do ghráduigh mé
comhnuighe do thighe, agus ionad comhnuighe
do ghlóire.


L. Sl26:9


Ná cruinnigh manam lé peacachuibh,
ná mo bheatha re daóinibh fuilteacha.


L. Sl26:10


Ann a láimh a bhfuil urchóid, agus
a lámh dheas líonta do thiodhlaicthibh.


L. Sl26:11


Acht am tháobhsa, siubholuigh
mé ann mo dhioghruis: sáor mé, agus dén
thrócaire orum.


L. Sl26:12


Atá mo chos na seasamh anio-
nad chomhthrom; annsna coimhthionóluibh
beineochad an Tighearna.


L. Sl27


Psalm 27



Psalm Dháibhi.


L. Sl27:1


Isé an tighearna mo sholus, a-
gus mo shlánughadh: cía re
a mbiáidh eagla agum; sé
an Tighearna neart mo bheatha,
cía budh eagal damh.


L. Sl27:2


Anuair thangadar luchd dénta anuilc,
meascáirde agus mo naimhde, am adhaigh
dithe mféola, fúaradar féin tuisleadh,
agus do thuiteadar.


L. Sl27:3


Dá ccampuigheadh slúagh am
aghuidh, ní bhía eagla air mo chroidhe: dá
néirgheadh cogadh am aghaidh, annso bhías
mé dóthchusach.


L. Sl27:4


Aóinní amháin dathchuingidh mé air an
TTighearna, ag sin a ní íarrfad; mo
chomhnuighe a ttigh an Tighearna, air feadh
láethe mo sháoghail, dféuchuin air scéimh
an Tighearna, agus bheith go moch iona
theampall.


L. Sl27:5


Oir foileochuigh sé mé iona páil-
liún a ló anuilc: coimhéudfuidh mé go
secréideach anuáignios a thabernacuil,
ar charruic thóigfios sé súas mé.


L. Sl27:6


Agus anois áirdeochus mo cheann
ós cionn mo námhad faccuairt am thim-
chioll: agus íodhborad iona thabe-
rnacuil íodhbartha gáirdeachuis, can-
fad agus dodhén salm don Tighear-
na.


L. Sl27:7


Cluin, a Thighearna, anuair gháirm
rem ghuth: agus dén trócaire orum, a-
gus freagair mé.


L. Sl27:8


Mar adubhairt tusa, íarruidhse
mo aghaidh; haghuidh, adubhairt mo chroidhesi
riot, íarrfad a Thighearna.


L. Sl27:9


Ná foluigh haghuidh uáim; ná fill
ód sherbhíseach a bhfeirg; bá tú mo
chabhair, ná fág mé, agus ná tréig mé,
a Dhé mo shlánuighthe.


L. Sl27:10


Oir do thréig mathair agus mo
mhathair mé, achd gébhuidh an Tighearna
asteach mé.


L. Sl27:11


Múin do shlighe dhamh, a Thi-
ghearna; agus tréoruidh a ród chomhthrom
mé, do bhrígh mo námad.


L. Sl27:12


Ná tabair do thoil mo námhad mé:
óir fíadhnuisigh bhrégach, agus an té
shéidios amach foiréigion, déirgheadar
súas am aghaidh.


L. Sl27:13


Dorachfuinn a nanbhfhuinne, mu-
na ccreidfinn go bhfaicfinn maith an
Tighearna a gcrích na mbéo.


L. Sl27:14


Feich air an TTighearna: bí lái-
dir, agus neartochuidh sé do chroidhe,
agus dén feitheamh air an TTighearna.


L. Sl28


Psalm 28



Psalm Dháibhi.


L. Sl28:1


Chugadsa gháirfeas mé, a Thi-
ghearna mo charruig, ná bí
boghar am tháobhsa; deag-
la muna bhfreagarthá mé, go
madh cosmhuil mé ris a ndroing théid sí-
os don log.


L. Sl28:2


Cluin guth mo athchuinge, anuáir
chomhaircfead chugad; anuáir thóigfead súas
mo lámha chum horacuil náomhtha.


L. Sl28:3


Ná tárruing mé leis na cionn-
tachaibh, ná leis a ndroing oibrighios
olc: noch labhras síothcháin réna
ccomharsanuibh, anuáir bhíos urchóid
iona ccroidhe.


L. Sl28:4


Tabhair luáigheacht dáibh do réir a
ngníomh, do réir urchóide a ndithchill;
tabhair dhóibh do réir oibre a lámh, ta-
bhair dhóibh a luáigheacht.


L. Sl28:5


Oír ní bhfuil meas aca air oibribh
an Tighearna, nó ar oibriughadh a lámh:
brisfe sé síos íad, agus ní chuirfidh
súas íad.


L. Sl28:6


Go madh beannuigh an Tighearna,
óir dochúalaidh sé guth mo íarrathuis.


L. Sl28:7


Isé an Tighearna mo neart agus
mo scíath, do chuir mo chroidhe a dhóigh
ann, agus do cobhruigheadh mé: ar anadh-
bharsin dodhéna mo chroidhe gáirdeachus,
agus molfad é le mo chaintic.


L. Sl28:8


Isé an Tighearna a neartsan, a-
gus sé neart saortha a ungthaigh
é.


L. Sl28:9


Tárthaidh do dhaóine, agus beann-
uigh hoighreacht: beathuidh fós íad, agus
árduigh íad go bráth.


L. Sl29


Psalm 29



Psalm Dháibhi.


L. Sl29:1


Tugaidh don Tighearna, a chlann
na ccumhachdach, tugaidh don
Tighearna glóir agus neart.


L. Sl29:2


Tugaidh don Tighearna
an ghlóir is ceart dá ainm: adhruidh an
Tighearna a scéimh a naomhthachda.


L. Sl29:3


Atá guth an Tighearna ós cionn na
nuisgeadh: tóirnigh Día cumhachdach na
glóire, atá an Tighearna ós cionn na
nuisgeadh mór.


L. Sl29:4


Atá guth an Tighearna a gcomh-
achta, atá guth an Tighearna a mór-
dhacht.


L. Sl29:5


Brisigh guth an Tighearna crainn
chédair, iseadh brisigh an Tighearna cédair
Lebanon.


L. Sl29:6


Dobheir fós orra lingeadh amhuil
láogh; Lebanon, agus Sirion amhuil
Unicorn óg.


L. Sl29:7


Roinnig guth an Tighearna lasra-
cha na teineadh.


L. Sl29:8


Croithigh guth an Tighearna díoth-
ram Chádes.


L. Sl29:9


Dobheir guth an Tighearna ar
na heiltibh laóigh do bhreith, agus do
ní na coillte lom: agus iona theam-
pull labhruidh anuile dhuine a ghlóir.


L. Sl29:10


Suighidh an Tighearna ós cionn na
tuile: agus suighidh an Tighearna na
Righ go bráth.


L. Sl29:11


Dobhéra an Tighearna neart dá
phobal: benneochuidh an Tighearna a phobal
lé síothcháin.


L. Sl30


Psalm 30



Psalm Dháibhi, dán coisrigthe a thighe.


L. Sl30:1


Ardmholfa mé thú, a Thighear-
na, óir do thóigtú súas
mé, agus ní thug tú air meas-
ccáirdibh gáirdeachus do dhé-
namh ós mo chionn.


L. Sl30:2


O a Thighearna mo Dhía, do
chomhairc mé chugad; agus do leighis tú mé.


L. Sl30:3


O a Tighearna, do thóig tú manum
súas as ifrionn: do choimhéd tú béo mé,
go nach rachfuinn síos don núamhaidh.


L. Sl30:4


Canuidh Psalm don Thighearna, ó
sibhsi a naomha féin, agus tugaidh buidh-
eachus do chuimhne a naomhthachda.


L. Sl30:5


Oir íona fheirg ní bhfuil acht mói-
ment, iona fhabhar atá beatha: annso
tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáir-
deachus air maidin.


L. Sl30:6


Acht adubhairt misi am shuáimhnios,
ní háthrochthar mé choidhche.


L. Sl30:7


A Thighearna, maille red ghrás-
uibhse do chuir tú neart ann mo shlíabh-
sa: dfoluigh tú haghaidh, agus dobhí
mé buáidheartha.


L. Sl30:8


chugadsa, a Thighearna, do chomh-
airc mé; agus chum an Tighearna
dorinne mé mo ghuidhe.


L. Sl30:9


Cred é an tarbha atá an mfuil,
anuáir rachad síos san núamhaidh?
an molfuidh an luaithreadh thú? an bhfoill-
seochuidh sé thfírinne?


L. Sl30:10


Cluin, a Thighearna, agus dén
trócaire orum: ó a Thighearna, cuidigh
liom.


L. Sl30:11


Diompóigh tú mo dhóbrón a ndamhsa dhamh:
do chuiris díom mo shaicédach,
agus do choimhcheangluis mé lé lúathgháir.


L. Sl30:12


Ionnus go ccanfadh mo ghlóir
moladh dhuitsi, agus gan bheith am thochd: ó
a Thighearna mo Dhía, dobhérad buidhea-
chus riot go bráth.


L. Sl31


Psalm 31



Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.


L. Sl31:1


Ionnadsa, a Thighearna, chuirim
mo dhóthchus, ná léig mo
náiriughadh go bhráth: sáor
mé ann thfíréntachd.


L. Sl31:2


Cláon do chlúas chu-
gam, sáor mé go luath: bí dhamhsa
ad charruig neirt, agus mar thigh
cumhduigh dom dhídion.


L. Sl31:3


Oír is tú mo charruig, agus
mo dhaingion: air anadhbharsin ar son
thanma tréoruidh mé, agus dírígh mé.


L. Sl31:4


Tarruing amach mé as an líon,
noch do fholuigheadar am choinne: óir is
tú mo neart.


L. Sl31:5


Ann do láimhsi chuirim mo spio-
rad; dfúasguil tú mé, a Thighearna
Día na fírinne.


L. Sl31:6


Fúathighim an luchd choimhéd as díomh-
áoineas brégach: acht cuirim mo dhóthcus
annsa Tighearna.


L. Sl31:7


Bíad lúathgháireach, agus dodhén
gáirdeachus ann do thrócaire: óir
dochonnairc tú mo buáidhreadh, agus daithin
tú manam anéigion.


L. Sl31:8


Agus nior thoirbhir tú mé a
láimh mo námhad; do chuiris mo chosa
anionad fhairsing.


L. Sl31:9


Dén trócaire orum, a Thighearna,
óir ataim a mbuaidhreadh: atá mo shúil
ar na cnáoi lé díbhfheirg, manam fós,
agus mo bholg.


L. Sl31:10


Oír do caitheadh mo bheatha lé
doilghios; agus mo bhlíadhna re hos-
nadhuibh: do laghduigh mo neart tre méig-
ceart, agus atáid mo chnámha arna
ccnaói:


L. Sl31:11


Dobhí mé am scannail a measc meas-
ccarad uile, agus go háirigh dom
chomharsanuibh, agus am eagla dom luchd
aitheantuis; an lucht dochonnairc amuigh
mé, do theitheadar uáim.


L. Sl31:12


Atáim ar dearmad mar dhuine
mharbh as cuimhne: atáimh mar shoitheach
bhriste.


L. Sl31:13


Oír dochúalaidh mé scannuil
mhóráin, eagla air gach áontaóibh; an
feadh dobhádar ag dénamh comhairle
anéinfheachd am aghaidh, do thionnsgnadar
manum do bhuain asum.


L. Sl31:14


Acht ionnadsa do chuir misi
mo dhóthchus, a Thighearna; adubhrus,
is tú mo Dhía.


L. Sl31:15


Atáid maimseara ad láimhse,
sáor mé ó láimh mo námhad óm luchd
ainleanmhuna.


L. Sl31:16


Tabhair ar haghaidh lonnrughadh air
do sheirbhíseach; tárthuigh mé ar son
do thrócaire.


L. Sl31:17


A Thighearna, ná léig mo náir-
iughadh, óir do ghoir mé ortsa: náiri-
ghthear na cionntuigh, curthar na ttochd
anifrionn íad.


L. Sl31:18


Déntar pussa na mbréug balbh,
noch labhrus go géur anaghaidh na
bhfíréun re húabhar, agus re tar-
cuisne.


L. Sl31:19


O cred méd do mhaitheasa,
noch do thaisgidh tú don luchd air a mbí
heagla: doibrigh tú don luchd chuirios a
ndóthchus ionnad a lathair mhac na ndaóine.


L. Sl31:20


Foileochuidh tú íad anuáig-
nios ad fhiaghnuise ó úabhar an duine:
foileochuidh tú íad ann do thabernacuil
ó imreasan na tteangtha.


L. Sl31:21


Go madh beannuigh an Tighearna;
óir dorinne sé a chinéul ro iongantach
dhamhsa a ccathruigh dhaingin.


L. Sl31:22


Oír adubhrus ann mo dheithnios,
atáim ar mo ghearradh amach ód radharc:
gidheadh dochúala tú guth mo ghearáin
anuáir do gháir mé chugad.


L. Sl31:23


Grádhuighidh an Tighearna, ó sibhsi
a náomha féin uile: coimhéduigh an
Tighearna an firinneach slán, agus díoluidh
a luáidheachd ris anuáibhreach.


L. Sl31:24


Bídhidh láidir, agus neirteoch-
uidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil
bhur ndóigh san Tighearna.


L. Sl32


Psalm 32



Psalm tegaisg Dháibhi.


L. Sl32:2


Is sona an té, agá bhfuil
a chionnta arna maitheamh,
agus a pheacadh arna fho-
lach.


L. Sl32:2


Is sona an té, noch nach
ccuirionn an Thighearna peacadh na leith,
agus ag nach bhfuil cealg iona spio-
raid.


L. Sl32:3


Anuáir dobhí mé am thochd, dfá-
sadar mo chnámha foirfe, do bhrígh mo
bhúirfeadha ar feadh an laói.


L. Sl32:4


Oír dobhí do lámh trom orum
do ló agus doidhche: do hiompóigheadh
mo fhlicheachd a ttart samhraidh.


L. Sl32:5


Dadmhaidh mé mo pheacadh dhuitse,
agus níor fholuigh mé mo chionta:
adubhairt mé, aideomhad maindlighthe don
Tighearna; agus do mhaith tú urchóid
mo pheacaidh.


L. Sl32:6


Ar anadhbharsin dodhéna anuile
dhuine díadha urnuigh chugadsa anam
thfaghala: go deimhin a ttuilte uisgeadha
móra ní thiocfuid a ngar dhósan.


L. Sl32:7


Is tú mionad foluigh, coiseon-
uidh tú mé ó bhuáidhreadh: ré gáirdeachus
sáortha tiucfuir fáccuáirt am thim-
chioll.


L. Sl32:8


Teagosga mé thú, agus múinfead
thú san tslighe iona ngéubhair; dobhér
comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.


L. Sl32:9


Ná bíthí mar aneach, nó mar
an múille, ag nach bhfuil tuicsi: is
iníadhta a bhéul re béulmhach agus re
srían, deagla go ttiucfadh sé a ngar
dhuit.


L. Sl32:10


Atáid iomad doilghios don
pheacach; acht tiucfa trócaire a ttim-
chíoll an té chuireas a dhóthchus ansa
Tighearna.


L. Sl32:11


Dénuidh gáirdeachus annsa Tigh-
earna, agus bíthi lúathgháireach, sibhsi a
fhíréuna: agus dénuidh lúathgháir, sibhsi
noch atá díreach a ccroidhe.


L. Sl33


Psalm 33


L. Sl33:1


Gairdighidh annsa Tighearna,
sibhsi a fhíréuna, is cubhaidh
moladh don díreach.


L. Sl33:2


Molaidh an Tighearna
ris an ccláirsigh; re psaltair, re
hionstrument dheich ttéud canuidh
salm dhó.


L. Sl33:3


Canuidh dhó caintic nuadh, sinnidh
go héolgach maille re fuáim áird.


L. Sl33:4


Oír is díreach briathar an Tigh-
earna, agus a oibreacha uile maille re
fírinne.


L. Sl33:5


Is ionmhuin leis ceart agus
breitheamhnus: atá an talamh lán do
thrócaire an Tighearna.


L. Sl33:6


Re breithir an Tighearna dorinneadh
na flaitheamhnuis, agus le spior-
ad a bhéil a shluagh uile.


L. Sl33:7


Cruinnighidh sé uisgheadha na mara
amhuil cárnn: agus cuiridh súas an
dubhaigén a ttighthibh ionnmhuis.


L. Sl33:8


Bíodh eagla an Tighearna air an tta-
lamh uile: bíodh úamhan ar uile áitreabhacha
an domhuin.


L. Sl33:9


Oír do labhair sé, agus dorinneadh
amhluidh; do aithin sé, agus do cruth-
uigheadh íad.


L. Sl33:10


Doní an Tighearna comhairle na
ccineadhach díomhaoin: doní smuain-
tighe na ndaoine nemhéifeachtach.


L. Sl33:11


Seasfuidh comhairle an Tighearna
go bráth, smuaintighthe a chroidhe go
sáoghal na sáoghal.


L. Sl33:12


Beannuigh an cineadh agá bhfuil
an Tighearna na Dhía aca, na daóine
do thogh sé mar oighreachd dó féin.


L. Sl33:13


Féuchuidh an Tighearna ó neamh,
dochí sé mic na ndáoine uile.


L. Sl33:14


Dearcaidh sé ón ionad comhnuigh
air áitreabhaibh na talmhan uile.


L. Sl33:15


Eision cumadóir a ccroidhtheadh
anéinfheachd, tuige sé a noibreach uile.


L. Sl33:16


Ni bhfuil Rígh air bith cumhduighthear
re iomad slóigh; ní sáorthar an duine
trén ré méd a neirt.


L. Sl33:17


Is ní díomhaóin each mar dhídion:
ní sáorfa sé aonduine re méd a
neirt.


L. Sl33:18


Féuch, atá súil an Tighearna
ar an lúchd air a bhfuil a eagla; air an
lucht chuirios a ndóigh iona thrócaire:


L. Sl33:19


Do sháoradh a nánma ó bhás, a-
gus dá ccongmháil béo a ngorta.


L. Sl33:20


Atá ar nanam ag feitheamh air
an TTighearna: is eision ar ccabhair, a-
gus ar scíath.


L. Sl33:21


Oír is annsan dodhénas ar
ccroidhe gáirdeachus; do bhrígh gur chuirea-
mar ar ndóigh ann a ainm náomhthasa.


L. Sl33:22


Bíodh do thrócaire oruinn a Thigh-
earna, do réir mar atá ár ndóigh io-
nnad.


L. Sl34


Psalm 34



Psalm Dháibhi, anuáir dáthruigh sé a
inneall a lathair Abimelech, noch do thio-
máin úadh é, agus do dhealuidh ris.


L. Sl34:1


Beinneochuidh mé an Tighearna gach
uile uáir: biáidh a mholadh ann
mo bhéul a ccomhnuigh.


L. Sl34:2


Annsa Tighearna dodhé-
na manam glóir: cluinfe an tumhal é,
agus biáidh lúathgháireach.


L. Sl34:3


Móruidhe an Tighearna leamsa, a-
gus árduighemid a ainm anéinfheachd.


L. Sl34:4


Díarr mé an Tighearna, agus
dochualuidh sé mé, agus do sháor mé
óm eagla uile.


L. Sl34:5


Dféuchadar chuige, agus do soill-
síughadh íad, agus ní raibh náire ar a
naighthibh.


L. Sl34:6


Do gháir an duine bochtso, agus
dochúaluidh an Tighearna é, agus do
sháor é óna uile bhuáidhreadh.


L. Sl34:7


Doní aingeal an Tighearna cam-
pa go cruinn a ttimchioll na druinge
air a mbí a eagla, agus sáoruidh sé íad.


L. Sl34:8


Blaisidh, agus féuchuidh gur maith
an Tighearna, is beannuigh an duine agá
mbí a dhóigh ann.


L. Sl34:9


Bíodh eagla an Tighearna oruibh,
sibhsi a naomha féin; óir ní bhfuil uireas-
bhuidh air an luchd air a bhfuil a eagla.


L. Sl34:10


Bíth uireasbhuidh air na leomhnuibh
óga, agus fuilingid ocrus: acht ní
bhiáidh uireasbhuidh énmhaitheasa ar an luchd
íarrus an Tighearna.


L. Sl34:11


Tigidh a chlann, éistigh riomsa,
teagaisgfead eagla an Tighearna dhibh.


L. Sl34:12


Cía hé an duine ler mían
beatha, lerbionmhuin (iomad) láetheadh, dfaic-
sin maitheasa?


L. Sl34:13


Coimhéd do theanga ó urchóid, a-
gus do bhéul ó labradh ceilge.


L. Sl34:14


Dealuidh ris anolc, agus dén
maith, íarr síothcháin, agus lean í.


L. Sl34:15


Atáid súile an Tighearna
chum na bhfíréin, agus a chlúasa chum a
ccomharc.


L. Sl34:16


Atá aghaidh an Tighearna ana-
ghaidh na druinge doní olc, chum a ccuimh-
ne do ghearradh ón talamh.


L. Sl34:17


Gáirid (na fíréin) agus dochluin
an Tighearna, agus sáoruidh íad
óna nuile anachra.


L. Sl34:18


As fogus an Tighearna don
druing agá bhfuil a ccridhe briste:
agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spi-
oraid.


L. Sl34:19


Is iomdha crádh air an bhfíréun,
gideadh sáorfuidh an Tighearna úatha uile
é.


L. Sl34:20


Cumhduigh sé a chnámha uile, ní
bristear áon díobh.


L. Sl34:21


Acht muirfidh an tolc an cionn-
tach, agus sgriosfuighear an luchd agá
bhfuil fúath air an bhfíréun.


L. Sl34:22


Fúasgluidh an Tighearna anam
a sheirbhíseach, agus ní scriosfuighthear
an mhéid chuirfios a ndóigh ann.


L. Sl35


Psalm 35



Psalm Dháibhi.


L. Sl35:1


Tagair, a Thighearna ris an
muintir cheannairgios riom; ca-
thaigh ris an muintir cha-
thuighios am aghaidh.


L. Sl35:2


Gabh greim do sceit agus
do bhuicléir, agus seas súas dom
chumdach.


L. Sl35:3


agus tarruing amach an gath,
agus stop an tslighe anaghaidh na
muintire bhuáidhrios mé: ráidh rem a-
nam, is misi do shlánughadh.


L. Sl35:4


Claóidhtear agus náirighthear an
lucht íarrus manum; iompóighthear air a
nais, agus claoitear an luchd noch
smuáineas urchóid damh.


L. Sl35:5


Bídís mar lóchán ós coinne
na gaóithe, agus aingeal an Tighear-
na gha rúagadh.


L. Sl35:6


Bíodh a slighe na dhorchadus, a-
gus ro shleamhuin, agus aingeal an Ti-
ghearna da ngérleanmhuin.


L. Sl35:7


Oír is gan adhbar do fholuighea-
dar a líon am choinnesi a log, noch
do thochladar gan adhbar a ccoinne
manma.


L. Sl35:8


Tigeadh milleadh airsion nach raibh
a fhios aige, a líon noch dfoluigh sé,
gabhadh é féin: agus tuiteadh sé ann-
sa milleadh sin féin.


L. Sl35:9


Agus biáidh manamsa lúath-
gháireach annsa Tighearna: dodhénuidh sé
gáirdeachus iona shlánughadh.


L. Sl35:10


Déruid mo chnámha uile, ó a Thi-
ghearna, cia is cosmhuil leachdsa, noch
sháorus an bochd ó nduine atá ainneart-
mhar na aghaidh, agus an bocht agus
an teasbhuidheach ón té mhillios é?


L. Sl35:11


Déirigh fiaghnuise égcórach súas;
dfíafruigheadar dhíom an ní nárbhfeas
damh.


L. Sl35:12


Thugadar dhamh luáigheachd uilc
anaghaidh maitheasa, chum manma do mhil-
leadh.


L. Sl35:13


Acht misi anuáir dobhádar
easlán, bá saicédach mo chulaidh; dumh-
luighios manum re troscadh, agus
dfill mo ghuidhe am ucht féin.


L. Sl35:14


Diomchras mé féin amhluidh is
gurbhé mo charuid nó mo dhearbhrathair
é: dumhluighios a nduibhédach, mar an
té doní doilghios ar son a mhathar.


L. Sl35:15


Acht ann mo ríachdanas
dorinneadarsan gáirdeachus, agus do
chruinnigheadar íad féin anaonáit: na
ciothruimigh fós do thionoladar a cceann-
a chéile am aghaidh; agus ní raibh a
fhios agamsa; do réubadar, agus
níor sguireadar.


L. Sl35:16


Re clúanairibh magaidh ar chóis-
reachuibh, ag gíosgán réna bhfíacluibh
am aghaidhsi.


L. Sl35:17


A Thighearna, cá fad bhías tú
dhá fhaicsin só? sáor manam óna
mbuáidhreadh, mo mhuirnín ó na leomhan-
uibh.


L. Sl35:18


Dobhérad buidheachus duitsi
annsa ccomhdháil mhóir: a measc mhóráin
daóine molfa mé thú.


L. Sl35:19


Ná léig dom naimhdibh gáir-
deachus do dhénamh ós mo chionn go hég-
córach: ná léig do luchd mfuaithighthe
gan adhbhar a súil do chláonadh.


L. Sl35:20


Oír ní labhraid síothcháin: agus
tionnsgnuid bríathra cealgacha ana-
ghaidh dhaóine socra na talmhan.


L. Sl35:21


Agus dfoscladar a mbéul go
fairsing am aghaidh; adubhradar, aha,
aha, dochíd ar súile é.


L. Sl35:22


Dochonnairc tú so, a Thighearna,
ná bhí ad thochd: a Thighearna, ná bí a
bhfad uáim.


L. Sl35:23


Corruigh súas thú féin, agus
músgail chum mo bhreitheamhnuis, chum
mo chúise, mo Thighearna, agus mo
Dhía.


L. Sl35:24


Beir breitheamhnus orum do réir
thfíréuntachda, ó a Thighearna mo Dhía,
agus ná gáirdighid ós mo chionn.


L. Sl35:25


Ná habraid síad iona ccroidhe,
aha, ar nanam: ná habruid, do shlui-
geamar súas é.


L. Sl35:26


Náirighthear, agus claóidhtear
anéinfheachd an drong doní gáirdíughadh
ann molc: éduighthear íad lé himdheargadh.
noch mhóruighios íad féin am aghaidh.


L. Sl35:27


Gáiredís lé lúathgháire, agus
bídís gáirdeach, gach a bhfuil fabharthach
dom fhíréuntachd: agus abraidís do
ghnáth, bíodh an Tighearna móruighthe, a-
gá bhfuil dúil a síothcháin a sheirbhí-
sigh.


L. Sl35:28


Agus foillseochuigh mo theanga
thfíréuntachd, agus do mholadh air feadh
an laói.


L. Sl36


Psalm 36



Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi, seir-
bhíseach Dé.


L. Sl36:1


Adeir droichgníomh an chionntuigh
astigh ann mo chroidhe, nach
bhfuil eagla Dé ós coinne a
shúl.


L. Sl36:2


Oír doní spleadhachus ris féin
iona radharc, nó go naithnighios go bhfuil
a pheacaidh fúathmhar.


L. Sl36:3


Is mícheart, agus mealltóireachd
bríathra a bhéil: do léig dhe bheith
glic, agus maith do dhénamh.


L. Sl36:4


Smuáinigidh sé díomháoineas air a
leabuidh, suighidh sé féin ar shlighe nach
maith; ní dhíultann an tolc.


L. Sl36:5


A Thighearna, is annsna flaith-
esuibh atá do thrócaire: agus thfírinne
go nuige na néulla is áirde.


L. Sl36:6


Is cosmhuil thfíréntachd re sléibh-
tibh ro árda, do bhreitheamhnuis is cos-
mhuil ris an ndubhaigén: ó a Thighearna,
cumhduigh tú an duine, agus an tain-
mhidhe.


L. Sl36:7


Cred é oirdhearchus do throcaire,
a Dhé: air anadhbhar sin cuirfid mic na
ndáoine a ndóigh a scáile do sciathán.


L. Sl36:8


Béid arna sásughadh go ro mhór
lé méthus do thighe: agus dobhéra
tú orra ól daibhne haóibhnis.


L. Sl36:9


Oír is agadsa atá tobar na
beatha; ann do sholusa dochídhfiom so-
lus.


L. Sl36:10


Faduigh do thrócaire don luchd da-
rab éolach thú: agus thfíréuntachd don
díreach a ccroidhe.


L. Sl36:11


Ná tigeadh cos a núabhair orum,
agus ná corruigheadh lámh an chiontuigh
mé.


L. Sl36:12


Annsin do thuiteadar luchd oib-
righthe na hurchóide: do teilgiodh síos
íad, agus ní budh éidir léo éirghe.


L. Sl37


Psalm 37



Psalm Dháibhi.


L. Sl37:1


Na fearguidh thú féin fá luchd
dénta anuilc, ná bí ain-
gidhe anaghaidh luchda oib-
righthe anéigceirt.


L. Sl37:2


Oír mar an bhféur gearrfuighear síos
go hobann íad, agus críonfuid mar an
luibh ghlais.


L. Sl37:3


Cuir do dhóigh annsa Tighearna,
agus dén maith, áitreibh annsa dhúithche,
agus beathóchar thú go deimhin.


L. Sl37:4


Agus bíodh do dhúil annsa Tighear-
na, agus dobhéura sé dhiut íarratas
do chroidhe.


L. Sl37:5


Táobh do shlighe ris an TTi-
ghearna, agus cuir do dhóigh ann, agus
dodhéna sé é.


L. Sl37:6


Agus dobhéruidh sé amach thfír-
éuntachd mar an solus, agus do bhreith-
eamhnus mar sholus an mheadhon-laói.


L. Sl37:7


Bí ad thocht don Tighearna, agus
dén feithiomh foighideach air: ná fearguidh
thú féin ris an té bhios rona iona
shlighe, ris an tí noch chríochnuighios a
dhroch smuáintigh.


L. Sl37:8


Scuir ó fheirg, agus léig dhíot
ainteas: ná fearguidh thú féin air énchor
chum uilc do dhénamh.


L. Sl37:9


Oír gearrfuighthear amach luchd dén-
ta na hécdóra: agus luchd feithmhe air
an TTighearna gheabhuid oighreachd anfear-
uinn.


L. Sl37:10


Agus fós beagán, agus ní
bhiáidh an cionntach ann: measfa tú go
dúthrachdach a ionad, agus ní bhfuil sé
ann.


L. Sl37:11


Acht géubhuid na ceansuighthe
oighreachd anfearuinn, agus biáidh a ndúil
aniomad na síothchána.


L. Sl37:12


Doní an tanduine tionsgnamh
anaghaidh anionnruic, agus doní
díoscán na aghaidh réna fhíaclaibh.


L. Sl37:13


Dodhéna an Tighearna gáire
uime, óir dochí go ttiucfaidh a lá.


L. Sl37:14


Do thairngeadar na drochdhaóine
an cloidheamh, agus do réighiodar a
mbogha do theilgean na mbuaidheartha
agus na mbochd síos, agus do mharbhadh
na ndíreach san tslighe.


L. Sl37:15


Rachuidh a ccloidheamh asteach iona
ccroidhe féin, agus brisfighthear a
mbogha.


L. Sl37:16


Is férr an beagan atá ag an
bhfíréun, ná saidhbhrios mhóráin do dhroch-
dhaóinibh.


L. Sl37:17


Oír brisfighthear rightheach na
ndrochdhaóine, acht congmhaidh an Tighear-
na an fíréun súas.


L. Sl37:18


As aithne don Tighearna láethe
na ndíreach, agus biáidh a noighreachd go
síorruidhe.


L. Sl37:19


Ní bhiáidh náire orra anaim-
sir anuilc, agus béid sásuigh a laéthíbh
na gorta.


L. Sl37:20


Acht meithfid na cionntuigh, agus
beid naimhde an Tighearna mar mhéuthus
na lubhán, cnaóifighthear íad: biáid
cnaóite a ndeatuigh.


L. Sl37:21


Gabhaidh an drochdhuine áirleagadh,
agus ní dhíolann arís, acht taisbean-
uidh an fíréun trócaire, agus dobheir
ní úadh.


L. Sl37:22


Oír an mhéid atá arna mbea-
nnughadh uadhsan, gébhuid oighreachd na tal-
mhan: agus an luchd do mhalluigh sé,
gearrfar amach íad.


L. Sl37:23


Is ón TTighearna orduighthear
coiscéíme an duine, an tan bhías dúil
aige iona shlighe.


L. Sl37:24


Bíodh go ttuitfeadh, ní teilg-
fighear síos é, óir congmhaidh an Tigh-
earna a lámh súas.


L. Sl37:25


Dobhí mé óg, agus anois
atáim áosta: acht ní fhaca mé an
fíréun arna thréigion, agus a shliocht
ag íarruidh déirce aráin.


L. Sl37:26


Atá sé trócaireach, agus áirleag-
thach ar feadh an laói, agus atá a
shliochd beannuigh.


L. Sl37:27


Dealuigh ónolc, agus dén
maith; agus áitreibh go bráth.


L. Sl37:28


Oír is ionmuin leis an TTigh-
earna breitheamhnus, agus ní thréigionn
a naóimh, agus atáid daingion go
bráth: achd gearrfar sliochd an droch-
duine ar fad.


L. Sl37:29


Gébhaid na daoine fíréunta
oighreachd anfearuinn, agus áitreobhuid
ann go síorruidhe:


L. Sl37:30


Laibheoruidh béul anfíréin eag-
na, agus laibheoruidh a theanga breith-
eamhnus.


L. Sl37:31


Atá dligheadh a Dhé iona chroidhe,
ní sciorrfuidh áon dá choiscéimibh.


L. Sl37:32


Bí an drochdhuine ag faire ar
an bhfíréun, agus íarruidh a chur chum
báis.


L. Sl37:33


Ní fhúigfidh an Tighearna iona
láimh é, agus ní dhaimneochuidh é, an
tan do dhéntar breitheamhnus air.


L. Sl37:34


Feith air an TTighearna, agus
connaimh a shlighe, agus áirdeochuidh sé
thú chum oireachda na dúithche: anuáir
bhéid na drochdhaoine airna scrios,
dochífe tú sin.


L. Sl37:35


Dochonnairc mé an drochdhuine
neartmhar, agus agá leathnughadh féin
amhuil crann glas fhásas úadh féin:


L. Sl37:36


Agus do ghabhus thort, agus
féuch ní raibh sé ann: agus díarr mé
é, agus níor fríth é.


L. Sl37:37


Comharthuigh an fíréun, féuch air
an ndíreach: óir is síothcháin críoch
anfir sin.


L. Sl37:38


Acht scriosfuighthear luchd an
stáruighthe anéinfheachd, agus gearr-
far amach deireadh an drochdhuine.


L. Sl37:39


Agus is ón Tighearna atá slá-
nughadh anfíréin, sé a neart é
anaimsir anéigiontuis.


L. Sl37:40


Agus dobhéruidh an Tighear-
na cabhair dhóibh, agus sáorfuidh íad: sa-
oruidh sé íad ó na drochdhaóinibh, agus
coimhdeochuidh íad do bhrígh go bhfuil a
ndóigh ann.


L. Sl38


Psalm 38



Psalm Dháibhi do chur a ccoimhne.


L. Sl38:1


A Thighearna, ná himdhearg mé
ann thfeirg, agus ná smachd-
uigh mé ann do dhiomdha te.


L. Sl38:2


Oír atáid do shoighde
na seasamh go daingion ionnum, agus
atá do lámh dom bhrughadh go doirbh.


L. Sl38:3


Ní bhfuil sláinte ar bith ann
mfeóil do bhrígh thfeirgesi: ní bhfuil
síothcháin am chnámhuibh do bhrígh mo phea-
caidh.


L. Sl38:4


Oír dochúadar mo chionta ós
mo cheann: mar úalach trom atáid
ro throm agam.


L. Sl38:5


Atáid mo chréchda morcuidhthe, a-
gus atáid bréun: do bhrígh mo leimhe.


L. Sl38:6


Atáim crotach, atáim ag cláo-
nadh síos go hiomarcach, siubhluim a
ndoilghios ar feadh an laoi uile.


L. Sl38:7


Oír atáid mo shlíasta dá los-
gadh, agus ní bhfuil falláine ar bith ann
mfeóil.


L. Sl38:8


Atáim anbhfann, agus ar mo bhua-
ladh go neimhneach: do nuáill mé ar son
míoshuaimhnis mo chroidhe.


L. Sl38:9


A Thighearna, is ós do choinne a-
tá mo mhían uile, agus níor folchadh
mosnadhach ortsa.


L. Sl38:10


Atá mo chroidhe luáimneach,
tréigidh mo neart mé, agus ní bhfuil so-
lus féin mo shúl agam.


L. Sl38:11


Seasaid maos grádha, agus
mo cháirde gan bheith a lathair mo bhuil-
leadh, agus seasaid mo ghaol a bhfad
uáim.


L. Sl38:12


Agus an luchd atá ag tór-
uigheachd ar manam, cuirid paintéir ro-
mham: agus an drong íarrus molc
labhraid urchóid, agus smuainid cealga
ar feadh an laoi.


L. Sl38:13


Acht misi amhuil duine boghar ní
chluinim, agus mar dhuine bhalbh nach
bhfosclann a bhéul.


L. Sl38:14


Mar so dobhí mé mar dhuine
nach ccluinionn, agus ag nach bhfuil ach-
musan iona bhéul.


L. Sl38:15


Oír ionnadsa, a Thighearna, cui-
rim mo dhóthchus: dobhérair freagra, ó
a thighearna mo Dhía.


L. Sl38:16


Oír adubhrus, deagla go ndéin-
dís gáirdeachus orum: anuair chorruigh-
theas mo chos, móruighid íad féin amaghaidh.


L. Sl38:17


Oír atáim ollamh chum bheith ba-
cach, agus atá mo dhoilghios air ma-
ghaidh do ghnáth.


L. Sl38:18


Oír foillseochaidh mé mo chion-
ta, agus bíad doilghiosach air son mo
pheacaidh.


L. Sl38:19


Acht atáid mo naimhde béodha,
atáid neartmhar: agus atáid arna
niomadughadh, noch fhúathuighios mé go
bréugach.


L. Sl38:20


Agus an drong thoirbhearus olc
ar son maitheasa, atáid na naimhdibh
agam, do bhrígh go leanuim an mhaith.


L. Sl38:21


Ná tréig mé, a Thighearna mo
Dhía, ná bí a bhfad uáim.


L. Sl38:22


Déna deithfir chum mfurtachda, ó
a Thighearna mo shlánughadh.


L. Sl39


Psalm 39



Don phrímhfhear ceóil, do Iedútun, Psalm
Dháibhi.


L. Sl39:1


Adubhairt mé, dobhéra mé aire
dom shlighthibh go nach dénad
peacadh lem theangaidh: coinn-
eochad srían rem bhéul an
feadh bhías an ciontach ós mo choinne.


L. Sl39:2


Dobhí mé balbh ré a bheith am
thocht, dobí mé am thocht ó mhaith, agus
do corruigheadh mo dhoilghios.


L. Sl39:3


Dobhí mo chroidhe te ionnam astigh,
ann mo smuáineadh do las an teine: ann-
sin do labhrus rem theangaidh, (ag rádh)


L. Sl39:4


A Thighearna, foillsigh dhamh mo
chríoch dheighionach, agus tabhair a fhios
damh caidhe fad mo láethe: go madh fios
damh cá fad mhairfios mé.


L. Sl39:5


Féuch, dorinne tú mo láethe do
leithead baise, agus atá maóis mar
neimhní ad lathairsi: go deimhin is
díomhaóineas go léir anuile dhuine, dhá
fheabhus da mbí a staid.


L. Sl39:6


Go deimhin is mar íomáigh shiubh-
las anuile dhuine, go dheimhin is a
ndíomhaóineas doníd corrughadh; crui-
nnidh duine maóin, agus ní fheadair sé cía
chaithfios íad.


L. Sl39:7


Agus anois cred ar a bhfuilim
ag feithiom, a Thighearna? atá mo
dhóthchus ionnatsa.


L. Sl39:8


Om uile aindligheadh sáor mé, ná
dén scannail anamadáin díom.


L. Sl39:9


Dobhí mé balbh, níor fhoscail mé
mo bhéul, do brígh go ndérna tusa é.


L. Sl39:10


Athruigh uáimse do bhuille, do
mheath mé tre bhuille do láimhe.


L. Sl39:11


An tan cheannsuighios tú duine
re hachmhusanuibh air son éigceirt,
dobhearair air a sgeimh é cnáoi mar lémann; is
díomhaóineas go léir anuile dhuine.


L. Sl39:12


Cluin murnuigh, a Thighearna, a-
gus tabhair éisteachd dom chomhairc, ná bhí
boghar rem ghul: óir is coigcríghe
mé agadsa, am choimhightheach mar maith-
reacha uile.


L. Sl39:13


Coisg dhíom, agus léig dhamh
mo neart dathnúaghadh, suil imtheachad, a-
gus nach bíad ann nísa mhó.


L. Sl40


Psalm 40



Don phrímhfear ceóil, Psalm Dháibhi.


L. Sl40:1


Do fheith mé go foighideach ris
an TTighearna, agus do
chláon sé chugam, agus
dochúaluidh mo chomhairc.


L. Sl40:2


Thug sé súas mé mar an gcéd-
na as an bpoll úathbhásach, as criáidh
lathaidh, agus do chuir mo chosa ar char-
ruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime.


L. Sl40:3


Agus do chuir sé caintic núadh
ann mo bhéul, moladh dár Ndía:
dochífid mórán é, agus biáidh eagla orra,
agus cuirfid a ndóigh annsa Tighearna.


L. Sl40:4


Is sona an duine chuireas a dhóth-
chus ansa Tighearna, agus nár fhéuch
donuáibhreach, nó don luchd chláonas chum
bréug.


L. Sl40:5


O, a Thighearna ar Ndía, dori-
nnis iomad dot oibreachaibh iongantacha,
agus dot smuaintighibh dhúinne: ní féidir
do neach a ccunntas duitsi anórdughadh:
dá bhfoillseochuinn íad agus a labhairt, is
mó íad ná is féidir áireamh.


L. Sl40:6


Níor íarr tú íodhbairt nó of-
ráil, dfoscail tú mo chluasa: of-
ráil loisge, nó ofráil pheacaidh níor
íarr tú.


L. Sl40:7


Annsin adubhairt misi, féuch, a-
táim ag teacht: a cceann an leabhair atá
scríobhtha orumsa.


L. Sl40:8


Is áoibhinn leam do thoil do dhénamh,
a Dhé; agus atá do dhligheadh a meadhón
minneadh.


L. Sl40:9


Do shoisgéil mé thfíréuntachd ann-
sa gcoimhthionól mhór: féuch, nior conn-
uimh mé mo bhéul, is aithne dhuit, a Thi-
ghearna.


L. Sl40:10


Nior fholuigh mé thfíréuntachd a
meadhon mo chroidhe, dfoillsigh mé thfírinne
agus do shlánughadh: nior cheilios do
chineal grádhach, agus thfírinne ón ccomh-
thionól mór.


L. Sl40:11


Ná connuimhsi uáim, a Thighear-
na, do thrócaire chineulta, coimhédadh hoin-
each grádhach agus thfírinne do ghnáth mé.


L. Sl40:12


Oír do thimchiolladar uilc dhó-
áirmhe fáccuairt mé, do ghabhadar na
peacaidh greim dhíom, agus ní fhéduim
féuchuin súas: atáid níis líonmhuire
ná grúag mo chinn, agus do thréig mo
chroidhe mé.


L. Sl40:13


Toiligh, a Thighearna, mo sháo-
radh: a Thighearna, dén deithnios dom
chabair.


L. Sl40:14


Náirighthear, agus claóidhtear
íad anéinfheachd, noch íarrus manam do
mhilleadh: filltior ar a nais, agus nái-
righthear an dream noch órduighios olc dhamh.


L. Sl40:15


Díothlaithrighthear íad mar luaigheachd
a náire, noch adeir riom, aha, aha.


L. Sl40:16


Dénaidís gáirdeachus, agus bí-
dís lúathgháireach ionnadsa, gach áon dá
níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe
gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, go
méduighthear an Tighearna.


L. Sl40:17


Bíodh go bhfuilim bochd, agus easbhuidh-
each, smuáinfidh an Tighearna orum: is
tú mfear cobhartha, agus sáortha; ó
Dhía, ná dén faillighe.


L. Sl42


Psalm 41



Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.


L. Sl42:1


Is beannuigh an té dobheir aire
don bhochd, sáorfuidh an Ti-
ghearna é a ló anuilc:


L. Sl41:2


Cuimhdeochuidh an Tigh-
earna é, agus coimhédfa
béo é, biáidh sé beannuigh air an ttalamh;
agus ná tabhairsi é do thoil a námhad.


L. Sl41:3


Dodhéna an Tighearna a chothu-
ghudh air leabuidh a dhoilghis: iompocha tú a
leabuidh uile iona thinneas.


L. Sl41:4


Adubhairt mé, a Thighearna, déna
trócaire orum: slánuigh manam, óir
do pheacaidh mé ad aghaidh.


L. Sl41:5


Labhruid mo naimhde go holc orum:
cá huáir éugfas sé, agus mheithfeas a
ainm?


L. Sl41:6


Agus má thig dom fhéuchuin, labh-
ruidh sé díomhaóineas: cruinnighe a chroidhe
urchóid dhó féin, rachaidh amach annsa
tsráid, agus laibheoruidh é.


L. Sl41:7


Tiaghaid a ccogar ré chéile am
aghaidh an mhéid fhúathuighios mé: smuái-
nid olc am aghaidh, (gha rádh)


L. Sl41:8


Atá droch easláinte ceangailte
go daingion de: agus anois ó atá
na luidhe, ní éireochuidh nísa mhó na shea-
samh.


L. Sl41:9


Fear mo shíothchána fós iona
raibh mo dhóigh, noch a duáigh marán, do
thóg sé súas a shál am aghaidh.


L. Sl41:10


Acht tusa, a Thighearna, dén
trócaire orum, agus tóg súas mé,
agus dobhéur luáigheachd dóibh.


L. Sl41:11


Air so aithnighim go bhfuil dúil
agadsa ionnam, do bhrígh nach dénuid
mo naimhde caithréim ós mo chionn.


L. Sl41:12


Acht ar mo shonsa, congmha
tú súas mé ann mo iomláine, agus
cuirfir mé ós coinne haighthe go bráth.


L. Sl41:13


Go madh beannuigh bhías an Tigh-
earna Día Israel, ó síorruidheachd, agus
go síorruidhe. Amen, Amen.


L. Sl42


Psalm 42



Don phrímhfhear ceóil, Psalm teagaisg
cum cloinne Córah.


L. Sl42:1


Mar dhúilighios aneilit
srotha na nuisgeadh, is
marsin dhúilighios ma-
nam ionnadsa, a Dhé.


L. Sl42:2


Atá tart air manam chum Dé,
chum an Dé mharthannuigh: ca huáir
thiucfad, agus thaisbeanfad mé féin
ós coinne aighthe Dé?


L. Sl42:3


Dob íad mo dhéra mo bhíadh do
ló agus doidhche, an feadh adeirthear
riom go láetheamhuil, cáit a bhfuil do
Dhía?


L. Sl42:4


Cuimhnighim na neithesi, agus dóir-
tim orum amach manam; óir dochuáidh
mé ris an ccoimhthionól, dochuáidh mé
léo go tigh dé; lé guth lúathgháire a-
gus molta, le hiomad ag congmháil
láoi féile.


L. Sl42:5


Cred fa tteilgthear síos thú, ó
manam, agus cred fa bhfuil tú buáidh-
eartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía,
óir molfad é fós ar son sláinte a
aighthe.


L. Sl42:6


O mo Dhía, atá manam arna
theilgion síos ionnam; da bhríghsin cuimh-
níghim ortsa ó thalamh Iordan, agus
Hermonim, agus ón ccnoc bheag.


L. Sl42:7


Goiridh an dubhaigén chum an dubh-
aigéin re guth do dhuisioll uisgeadh:
dochúadar do thonna, agus do thuile tho-
ram.


L. Sl42:8


Annsa ló aitheanas Día dhá thró-
caire, agus annsanoidhche a chaintic
agamsa, urnaigh chum Dé manma.


L. Sl42:9


Déra mé ré Día mo charraic, cred
as ar dhearmuid tú mé? cred fa nim-
thighim go doilghiosach ó shárughadh mo
námhadh?


L. Sl42:10


Lé cloidheamh ann mo chnámhuibh scann-
luighid measccáirde mé; an feadh adei-
rid riom go láetheamhuil, cáit a bhfuil
do Dhía?


L. Sl42:11


Cred fa tteilgeann tú thú féin
síos, ó manam, agus cred fá bhfuil
tú buáidheartha ionnam? cuir do ghóigh
a Ndía, óir molfa mé fós é, sláinte
maighthe, agus mo Dhía.


L. Sl43


Psalm 43


L. Sl43:1


Deana breitheamhnus orum, a
Thighearna, agus tagair mo
chúis, sáor mé ón ccineadh
neamhthrócaireach, ó fhear na meall-
tóireachda, agus na hurchóide.


L. Sl43:2


Oír is tú Día mo neirt, cred
fá ccuireann tú dhíot mé? cred fa nim-
thighim go doilghiosach ar son sáruighthe
mo námhad?


L. Sl43:3


Cuir (chugam) do sholus, agus
thfírinne, tréoruighdís mé: tugaidís mé
chum do chnuic náomhtha, agus chum hio-
naid comhnnuighe.


L. Sl43:4


Agus annsin racha mé go haltóir
Dé, go nuige Día luathgháir mo gháir-
deachuis; agus molfad thú ar an ccláir-
sigh, ó a Dé, mo Dhía.


L. Sl43:5


Cred fa tteilgionn tú thú féin
síos, ó manam, agus cred fa bhfuil
tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh
a Ndía, óir molfad é fós, sláinte
mhaighthe, agus mo Dhía.


L. Sl44


Psalm 44



Don phrímhfhear ceóil, Psalm teagaisg
do chloinn Chórah.


L. Sl44:1


A Dhé, dochualamar ré ar
gclúasaibh agus dfollsighea-
dar ar naithre dhúinn anobair
doibrigh tú iona naimsir,
san tseanaimsir:


L. Sl44:2


Gur dhíbris amach léd láimh na
cineadhacha, agus gur shuighidh tú
íadsan; dorinnis olc do na daoinibh, a-
gus do theilgis amach íad.


L. Sl44:3


Oír ní rena gcloidheamh do gha-
bhadar oighreachd anfearuinn, agus ní hí
a lámh féin do sháor íad: acht do lámh
dheassa, agus do righ, agus solus
haighthe, do bhrígh go raibh tú fabhar-
thach dhóibh.


L. Sl44:4


Tusa mo Rígh, a Dhé, aithin
sáorughadh do Iácob.


L. Sl44:5


Ionnadsa bhuailfiom ar naimhde,
ann hainmse shailteoram síos an drong
noch éirghios ar naghaidh.


L. Sl44:6


Oír ní chuirfead mo dhóigh ann mo
bhogha, agus ní sáorfa mo chloidheamh
mé.


L. Sl44:7


Acht do thárthuigh tusa sinn ó
ar naimhdibh, agus do náirighis luchd
ar ngortuighthe.


L. Sl44:8


Donímid glóir a Ndía ar feadh
an laói, agus molfam hainm choidhche.


L. Sl44:9


Acht do thréig tú, agus do nái-
righ tú sinn, agus ní racha tú amach
ré ar slúaghaibh.


L. Sl44:10


Dobheir tú oruinn iompógh ón
namhaid; agus an luchd fhúathuighios sinn
doníd édáil dóibh féin.


L. Sl44:11


Dobheir tú sinn amhuil mineallach
mar bhíadh, agus spréighe tú sinn a
measc na ngeinteadh.


L. Sl44:12


Reaca tú do dhaóine air néimhní,
agus ní mhéduigheann tú a lúach.


L. Sl44:13


Doní tú scannail dar ccomhar-
sanuibh dhínn, tarcuisne agus magadh
don luchd atá fáccuáirt ar ttimchioll.


L. Sl44:14


Doní tú seanfhocal dínn a
measc na ngeinteadh: crothadh cinn a measc
na bpoibleach.


L. Sl44:15


Atá mo náire ós mo coinne ar
feadh an laói, agus dfoluigh náire
maighthe mé:


L. Sl44:16


O ghuth an cháintéora, agus an
scannluighthéora; ó aghaidh na námhad, a-
gus an dioghaltaigh.


L. Sl44:17


Tháinig so uile oruinn; ghidheadh
níor dhearmadamar thusa, agus ní dhear-
namar míochoinghioll anaghaidh do chonn-
artha.


L. Sl44:18


Níor iompoigh ar gcroidhe air a
ais, agus níor chláon ar ccoiscéime
ód shlighe.


L. Sl44:19


Mátá gur bhrúigh tú sinn anio-
nad na ndragún, agus gur fholuigh
tú sinn le scáile an bháis.


L. Sl44:20


Má dhearmadamar ainm ar Ndé,
agus gur leathnuigheamar ó chéile ar
lámha chum Dé choimhthighe:


L. Sl44:21


Nach spíonfaidh Día so amach?
óir is aithne dhó neithe foluightheacha an
chroidhe.


L. Sl44:22


Aseadh, ar do shonsa marbhthar
sinn go láetheamhuil, meastar sinn mar
chaorchuibh chum anáir.


L. Sl44:23


Múscail, cred fa ccodlann tú,
a Thighearna, ná tréig sinn go bráth.


L. Sl44:24


Cred fa gceilionn tú do ghnúis?
a ndéna tú dearmad dar mbuáidhreadh,
agus dar sárughadh?


L. Sl44:25


Oír do cláonadh ar nanam sí-
os chum an luáithrigh; ceangluidh ar
mbolg don talamh.


L. Sl44:26


Eírigh ad chabhair dhúinne, agus
fúasgail sinn ar son do thrócaire.


L. Sl45


Psalm 45



Don phrímhfhear ceóil ar Shosannim, do
mhacaibh Córah, caintic grádha.


L. Sl45:1


Sceithigh mo chroidhe amach cúis
mhaith: labhruim mobair
don Rígh: mo theanga mar
pheann scribhnéora ro dheithnio-
saidh.


L. Sl45:2


Is bréghdha thú ná clann na ndáoine:
atáid grása ar ndórtadh ann do bhéul:
uime sin do bheannuigh Día thú go bráth.


L. Sl45:3


Deasuigh do chloidheamh ar do shlías-
uid, ó a chumhachduigh: red ghlóir, agus
red dhaitheamlachd.


L. Sl45:4


Agus beir biseach ann do bhrégh-
dhachd, dén marcuigheachd air haghaidh do bhrígh
bhreithe na fírinne, agus ceannsachda agus
an cheirt: agus múinfidh do lámh dheas
neithe úathbhásach dhuit.


L. Sl45:5


Is géur do shoighde, tuitfid na
daoine fúd, a ccroidhthe naimhde an
Rígh.


L. Sl45:6


Atá do chathaóir ríogha, a
Dhé, go sáoghal na sáoghal: colbha fíré-
untachda iseadh is colbha dot rioghachd.


L. Sl45:7


Do ghrádhuigh tú fíréuntachd, a-
gus dfúathaigh tú éigceart: air anadh-
bharsin do ungaidh Día, do Dhía féin
thú le hola luathgháire ós cionn do chom-
pánach.


L. Sl45:8


(Boltnuighidh) do chuid éduigh
uile do Mhirr, agus Aloes, agus
Chassia: amach as pálásuibh dfíacluibh
Elephant, le ndérnadar lúathgháireach
thú.


L. Sl45:9


Atáid ingheana Ríogh a measc
do bhan onórach, atá an bhainríoghan
arna suighiudh ar do láimh dheis anór
Ophir.


L. Sl45:10


Eíst, a inghean, agus faic,
agus cláon do chlúas, agus dearmaid
do dhaóine, agus tigh hathar.


L. Sl45:11


Agus sainnteochuidh an Rígh do
scéimh; óir isé féin do Thighearna, a-
gus umhluigh thú féin dó.


L. Sl45:12


Agus guidhfid ingheana Tíor
hagaidh re tiodhlacadh, an chuid is saidh-
bhre don phobal.


L. Sl45:13


Atá inghean an Rígh glórmhar
uile taobh astigh, is dórshnáithe a cu-
laidh.


L. Sl45:14


Dobhérthar í chum an Rígh
anórnaidheachd dobair shnaithide: na
leanas í, dobhérthar chugadsa íad.


L. Sl45:15


Dobhérthar íad maille re lúath-
gháir, agus gháirdeachus, tiucfuid go
pálás an Rígh.


L. Sl45:16


Anáit haithreadh biáid do mhic,
suigheochthar mar phrionnsuighibh íad san
talamh uile.


L. Sl45:17


Dobhérad fa deara hainm do
bheith ar cuimhne ann gach aon ghinealach:
uime sin molfuid na daóine thú go sáo-
ghal na sáoghal.


L. Sl


Psalm 46



Don phrímhfhear ceóil do chloinn Chórah,
caintic air Alamot.


L. Sl46:1


Se Día ar ndídean, agus ar
neart, cungnamh ro ollamh
a mbuaidhreadh.


L. Sl46:2


Ar anadhbarsin ní bhía
eagla oruinn, da mbeith go
nárthochadh an talamh; bíodh go náth-
rochadh na sléibhte go meadhon na fairge.


L. Sl46:3


Bíodh go ndénadh a huisceadha sin
fuáim, agus go mbeidís buáidheartha,
da ccriothnuighdís na cnuic lena hat
sin go hanmhór.


L. Sl46:4


Atá abhann a ndénaid a sru-
tháin sin cathair dé lúathgháireach, ionad
náomhtha tigh comhnuighe an tí is ro
áirde.


L. Sl46:5


Atá Día iona meadhon; ní cor-
rochtar í: dobhéraidh Día furtachd di
re héirghe amach na maidne.


L. Sl46:6


Dorinneadar na cineadhacha fuáim,
do chorruigheadar na rioghachda: do
labhair seision, do leagh an talamh.


L. Sl46:7


Atá Tighearna na slógh linn;
atá Día Iácob na dhídean aguinn.


L. Sl46:8


Tigidh, féuchuidh air oibribh an Ti-
ghearna, noch do chuir dólás air an tta-
lamh.


L. Sl46:9


Dobheir sé fa deara cogadh do
chosc go chrích na talmhan, bhrisigh sé
an bogha, agus gearruidh an ga, lois-
gidh sé na carbuid annsa teine (ag
rádh)


L. Sl46:10


Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh
gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh
a measg na gcineadhach, biáidh mé onó-
rach air an ttalamh.


L. Sl47


Psalm 47



Don phrímhfhear ceóil, Psalm chloinne Có-
rah.


L. Sl47:1


Buáilidh bhur mbasa, sibhsi uile
a phobal: dénuidh gáirdeachus
chum dé re guth caithréime.


L. Sl47:2


Oír atá an Tighearna
is ro áirde úathbhásach; Rígh mór ós
cionn na talmhan uile.


L. Sl47:3


Claóidhfidh sé na daóine fúinne,
agus na cineadhacha fá ar ccosuibh.


L. Sl47:4


Toighfidh sé ar noighreachd dúinn,
oirdhearcus Iácob noch do ghrádhuigh
sé.


L. Sl47:5


Dochuáidh Día súas ré caithréim,
an Tighearna ré guth an ghalltrum-
pa.


L. Sl47:6


Canuidh Psailm do Dhía, canaidh
Psailm? canaidh moladh dár Rígh,
canaidh moladh.


L. Sl47:7


Oír isé Día Rígh na thalmhan
uile, canaidh moladh go héolgach.


L. Sl47:8


Atá Día a rioghachd ós cionn na
ccineadhach, suighidh Día ar chathaóir a
náomhthachda.


L. Sl47:9


Do chruinnigheadar prionnsuidhe na
ndaóine, pobal dé Abraham; óir is
lé día scíatha na talmhan: atá sé
arna árdughadh go ro mhór.


L. Sl48


Psalm 48



Caintic agus Psalm do chloinn Chórah.


L. Sl48:1


Is mór an Tighearna, agus is ionmh-
olta go hanmhór a ccathruigh
ar Ndé, slíabh a naomhthachda.


L. Sl48:2


Is bréghdha a shuigh-
iughadh, sólás na talmhan uile cnoc
Síon, taoibh an tuáisceirt cathair an
Rígh mhóir.


L. Sl48:3


Is aithnid Día ann a phálásuibh mar
dhídean.


L. Sl48:4


Oír féuch do chruinnigheadar na
Ríghthe, agus do ghabhadar thort le
chéile anéinfheachd.


L. Sl48:5


Dochonncadar sin, agus dob
iongantach léo, dobhádar búaidheartha,
do dheithfrigheadar orra.


L. Sl48:6


Do ghabh eagla greim dhíobh annsin,
pían mar mhnaói ag breith.


L. Sl48:7


Brisionn tú loingios Tharsis
ris an ngaóith anoir.


L. Sl48:8


Do réir an neithe dochualamar,
marsin dochonncamar a ccathruigh
Thighearna na slógh, a ccathruigh ar Ndé:
daingneochuidh Día í go bráth.


L. Sl48:9


Atámaoid ag feithiomh air do chinéul
grádhach, a Dhé, a lár do theampoill.


L. Sl48:10


Do réir hanma a Dhé, is mar-
sin atá do mholadh go téorannuibh na
talmhan; atá do lámh dheas lán dfíréun-
tachd.


L. Sl48:11


Dénadh slíabh Síon gáirdeachus,
bídís ingheana Iúdah sólásach do bhrígh
do bhreitheamhnusa.


L. Sl48:12


Siubhail timchioll Shíon, gabh
fáccuáirt na timchioll, áirimh a
tuir.


L. Sl48:13


Comharthuighe go maith a balladha,
amhaircigh air a palásuibh, go ninnsighe don
ghiniolach (thiocfas) bhur ndiáigh.


L. Sl48:14


Oír isé an Día so ar Ndía go
sáoghal na sáoghal; tréorochuidh sé sinn
go bás.


L. Sl49


Psalm 49



Don phrímhfhear ceóil, Psalm mhac Có-
rah.


L. Sl49:1


Cluinidhe so, a dhaoine uile;
éisdighe sibhsi, a uile áit-
reabhthacha an domhuin:


L. Sl49:2


An tárd, agus an tí-
siol, an saidhbhir, agus an daidhbir le
chéile.


L. Sl49:3


Laibheoruidh mo bhéul neithe glio-
ca, agus smuáiniughadh mo chroidhe io-
mad eagna.


L. Sl49:4


Cláonfad mo chlúas chum co-
samhlachd: foisceolad air an ccláirsigh
mo rádh díamhair.


L. Sl49:5


Cred fá mbeith eagla orum a laéthe
anuilc, an tan thiocfas égceart mo
shál am thimchioll fágcuáirt?


L. Sl49:6


An dream chuireas a ndóthchus io-
na saidhbhrios, agus doní aidhbhéil asta
féin aniomad a maóine.


L. Sl49:7


Ní fhuáisceoluidh duine ar aon-
chor a dhearbhrathair; ní thiubhraidh a fhuás-
gladh do Dhía.


L. Sl49:8


(Oir atá fúasgladh a nanma
comhmórluáigh sin, agus coisgfidh go
bráth.)


L. Sl49:9


Go madh héidir leis fós marthainn
go bráth, chor nach bhfaicfeadh truáilleadh.


L. Sl49:10


Oír dochí go néuguid daoine
críonna lé chéile, an tamadán fós a-
gus an duine brúideamhuil go néuguid
síad, agus go bhfághaid ag daóinibh
oile a saidhbhrios.


L. Sl49:11


Síad smuáintighthe a ccroidhe a
ttighthe do marthuinn go bráth, agus
a náitreibh ó ghinealach go ginealach:
dobheirid a nanmanna féin air a ndúthaigh.


L. Sl49:12


Acht ní dhéna an duine comhnuidhe
anoirdhearcus, is cosmhuil é ris na
hainmhintibh mheathas.


L. Sl49:13


So a slighe sé a néigcríonnachd
é, agus taitnid a ráidhte ris an luchd
thig na ndiáigh.


L. Sl49:14


Cuirthear anifrionn íad mar cháor-
chaibh, íosfuidh an bás íad; biáidh úachd-
aránachd ag an bhfíréun orra air maidin,
agus cnáoifighear a mbréghdhachd anif-
rionn, as a nionad comhnuighe.


L. Sl49:15


Acht sáorfa Día manamsa as
láimh ifrinn, óir gébhuidh sé chuige mé go
deimhin.


L. Sl49:16


Ná bíodh eagla ort anuáir
donithear duine saidhbhir, anuáir mhéuduigh-
thear glóir a thighe.


L. Sl49:17


Oír an tan éugfas sé, ní
bhéra éinní leis, ní rachaidh a ghlóir sí-
os dá leanmhuin.


L. Sl49:18


Bíodh gur bheannuigh sé a anam io-
na bheatha, agus go molfaid thú, mar
dodhénair maith dhuit féin.


L. Sl49:19


Rachaidh sé go ginealach a aithreach; ní
fhaicfidh solus go bráth.


L. Sl49:20


An duine atá a ndhoirearcus,
agus nach ttuigionn, is cosmhail é ris
na hainmhintibh imthighios seachad.


L. Sl50


Psalm 50



Psalm Asaph.


L. Sl50:1


Do ráidh an Día cumhachdach,
adubhairt an Tighearna, agus
do ghoir an talamh ó éirghe
na gréine go a fuineadh.


L. Sl50:2


Amach as Sion, do lonnruigh Día
iomláine na sgéimhe.


L. Sl50:3


Tiucfaidh ar Ndía, agus ní
bhiáidh na thochd: loisgfidh teine roimhe,
agus biáidh anfa iomarcach na thimchioll
fagcuáirt.


L. Sl50:4


Goirfidh sé chum na bhflaitheas ó
anúas, agus chum na talmhan do bhreith
breithe air a dhaoinibh.


L. Sl50:5


Cruinnighe mo náomha chugam, noch
dorinne cunnradh liom lé híodhbairt.


L. Sl50:6


Agus foillseochuid na flaithis
a fhíréuntachd, óir isé Día féin an
breitheamh.


L. Sl50:7


Cluinidh, ó mo dhaóine, agus laibh-
eorad ó a Israel, agus dodhéan fiadh-
nuise dhuitsi; is misi Día, do Dhíasa.


L. Sl50:8


Ní dhéanad himdheargadh ar son
híodhbarthach, nó hofrálach loisge, noch
dobhí ós mo chomhair a gcomhnuighe.


L. Sl50:9


Ní ghéubhad bulóg as do thigh,
nó gabhair fhirionna as do mhánrachuibh.


L. Sl50:10


Oír is liomsa anuile bheathach
na coilleadh, an teallach ar mhíle cnoc.


L. Sl50:11


Is aithne dhamh uile éanlaith na
slíabh, agus is liomsa beathuigh áll-
ta an mhachaire.


L. Sl50:12


Dá mbéinn ocrach, ní inneosuinn
duitsi: óir is liomsa an domhan,
agus a iomláine.


L. Sl50:13


Aníosa mé feóil tharbh, no
aníbhfe mé fuil na ngabhar bhfirionn.


L. Sl50:14


Iódhbair moladh do Dhía, agus
díol do mhóide ris an té is ró áirde.


L. Sl50:15


Agus goir orumsa a ló
anéigiontais, agus sáorfad thú, agus
dobhéara tú glóir dhamh.


L. Sl50:16


Acht ris an ccionntach adeir
Día, cá mbeanann duitsi mo statúidighsi
dfoillsiughadh, agus go ngéubhthá
mo chunnradh ad bhéul?


L. Sl50:17


Agus fúathuighe tú smachdughadh,
agus teilgfir mo bhríathra táobh síar
dhiot.


L. Sl50:18


Má chí tú gaduighe, righfidh tú
leis, agus atá do chuid ronna leis na
hadhaltrannachaibh.


L. Sl50:19


Dobheirir do bhéul durchóid, a-
gus cumuigh do theanga cealg.


L. Sl50:20


Suighidh tú, agus labhruidh tú
anaghaidh do dhearbhrathar; dobheirir sca-
nnail do mhac do mhathar.


L. Sl50:21


Na neithesi dorinnis, agus
dobhí misi am thochd, agus do shaóil-
is go mbéinn cosmhuil riot féin go hi-
omlán: ach dobhéar achmhusán duit, a-
gus cuirfead na neithesi anórdughadh
ós coinne do shúl.


L. Sl50:22


Anois measuighe so, sibhsi noch
dhearmadas Día, deagla go réubfuin sibh,
agus nach biáidh fear bhur ttárrthála.


L. Sl50:23


An té íodhbras moladh, dobheir
sé onóir dhamhsa, agus an té órduighios
a shlighe, taisbeanfadsa slánughadh Dé
dhó.


L. Sl51


Psalm 51



Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi
anuáir tháinic Nátan an fáidh
chuige, tar éis é do dhul go Batsé-
bah.


L. Sl51:1


Deuna trócaire orum, a Dhé, do
réir do thrócaire móire: do
réir ro iomaid do truáighe
scrios amach maindlighthe.


L. Sl51:2


Nigh mé ó mo chiontaibh go hi-
omlán, agus glan mé ó mo pheacadh.


L. Sl51:3


Oír admhuighim mo chionta, agus
atá mo pheacadh ós mo choinne a ccomh-
nuigh.


L. Sl51:4


Ad haghaidhsi amháin do pheacaidh
mé, agus ad radharcsa dorinneas an
tolc: chum go bhfíoruighthear thusa ann
hurlabhra, agus go rabhair fíorghlan
ann do bhreitheamhnus.


L. Sl51:5


Féuch, is a bpeacadh dorugadh
mé, agus a gcionntuibh do ghabh mo
mathair a mbroinn mé.


L. Sl51:6


Féuch, íarruidh tú fírinne taobh
astigh, agus a secréid dfoillsigh tú
críonnachd damhsa.


L. Sl51:7


Glanfaidh tú ó pheacadh mé lé
hisóip, agus bíad glan: nighfir mé,
agus budh gile mé ná sneachda.


L. Sl51:8


Dobhérair orum gáirdeachus, agus
lúathgháir dochlos, chum go ndéindís
na cnámha, noch do bhris tú, lúathghaire.


L. Sl51:9


Foluigh haghaidh óm pheacuighibhsi,
agus scrios uáim mo chionta.


L. Sl51:10


Cruthaigh ionnam croidhe glan,
a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón
spiorad iomán.


L. Sl51:11


Ná teilg mé seachad od fhiagh-
nuise, agus ná beir do spiorad náomh-
tha uáim.


L. Sl51:12


Aisig dhamh gáirdeachus do shlán-
uighthe, agus connuimh súas mé le spio-
raid shaóir.


L. Sl51:13


Annsin múinfidh mé do shlighe do
chiontachaibh, agus iompóchthair peacacha
chugadsa.


L. Sl51:14


Sáor mé ó fhuil, a Dhé, Día
mo shlánuighthe, agus foillseochaidh mo
theanga thfíréuntacht ós áird.


L. Sl51:15


A Thighearna, foisgeola tú mo
phuisíne, agus foillseochuidh mo bhéul do
mholadh.


L. Sl51:16


Oír ní íarrann tú íodhbairt, a-
gus go ttiubhruinn sin uáim: ní bhfuil
dúil agad anofráil loisge.


L. Sl51:17


Is íad íodhbartha Dé spiorad
briste: ar chroidhe bhriste chomhmbrúigh-
te, a Dhé, ní dhénair tarcuisne.


L. Sl51:18


Dén maith do Shion ó do dheagh-
thoil féin: cuir súas balladha Ieru-
salem.


L. Sl51:19


Annsin biáidh fonn agad aníodh-
bairt na fíréuntachda, anofráil loisge,
agus anofráil chnaóite go hiomlán:
annsin dodhénaid bulóga óga do thoir-
bhirt air haltóir.


L. Sl52


Psalm 52


L. Sl52:1


Don phrímhfhear ceóil, Psalm teagaisg
Dháibhi: anuáir tháinic Doeg an
Tedomíteach, agus dinnis do Shaul,
agus adubhairt ris, tháinig Dháibhi
go tig Ahimelech.



Cred fá ndén tú uáill anolc,
a dhuine chumhachduigh? mairigh
maith an Tighearna ar feadh
an laói.


L. Sl52:2


Tionnsgnuidh do theanga urchóid:
amhuil gérscían bhérrtha, ag oibriu-
ghadh go cealgach.


L. Sl52:3


Grádhuigh tú olc tair an maith,
bréga ós cionn labhairt go fíréunta.


L. Sl52:4


Is ionmhuin leachd gach uile bhríath-
ra urchóideacha, ó a theangaidh mhillteach.


L. Sl52:5


Mar an ccédna scriosfuidh Día
thú go bráth, agus béruidh seachad thú,
agus tarrongfuidh thú as do pháillíun,
agus beanfaidh do fhréumha as talamh na
mbéo.


L. Sl52:6


Dochífidh an fíréun mar an
ccédna, agus biaidh eagla air, agus
dodhéna gáire faoi.


L. Sl52:7


Dearc an nduine nach dérna a neart
do Dhía, acht do chuir a dhóigh iona io-
mad saidhbhris, agus do neartuig é
féin iona chionntaibh.


L. Sl52:8


Acht misi mar chrann ghlas oilibh
a ttigh Dé, atá mo dóigh a ttrócaire Dé
go sáoghal na sáoghal.


L. Sl52:9


Molfad thú go síorruidhe, do bhrígh
go ndérna tú sin, agus feithme mé ar
hainm, óir is maith é ós coinne do náomh.


L. Sl53


Psalm 53



Don phrímhfhear ceóil ar Mahalat, Psalm
teagaisg Dháibhi.


L. Sl53:1


Adubhairt an tamadán iona
chroidhe, ní bhfuil Día ann:
truáilligh atáid síad, doníd
éigceart adhuathmhar, ní
bhfuil áonduine doní maith.


L. Sl53:2


Dféuch Día ó neamh ar chloinn
adhaimh, dféchuin an raibh aon do thuic-
feadh, nó díarrfadh Día.


L. Sl53:3


Dochuáidh ghach áon ar ccúl, a-
táid anéinfheachd truáilligh, ní bhfuil
áonduine doní maith, ní bhfuil fós
áonduine.


L. Sl53:4


A bhfuil luchd oibrighthe urchóide
gan éolus? noch itheas mo dhaóine mar
ithid arán, agus ní ghoirid air an TTi-
ghearna.


L. Sl53:5


Annsin dobhí eagla orra le húa-
mhan, mar nach raibh eagla; óir do
spréidh Día a chnámhasan noch dorinne
campa ad aghaidhsi; do náirigh tú íad
do bhrígh gur dhíult Día íad.


L. Sl53:6


O dá ttugthaói slánughadh Is-
rael amach as Sion: anuáir iompochus
Día braighdeanas a dhaóine, dodhéna Iácob
lúathgháir, agus Israel gáirdeachus.


L. Sl54


Psalm 54



Don phrímhfhear ceóil air Neginot, Psalm
teagaisg Dháibhi anuáir thanga-
dar na Siphimigh, agus adubra-
dar ré Saul, nach bhfuil Dháibhi dha fho-
lach féin ar bhfochairne.


L. Sl54:1


O a Dhé, sáor mé led ainm a-
gus led neart beir breithea-
mhnus orum.


L. Sl54:2


O a Dhé, éist mo ghuidhe,
tabhair éisteachd do bhríathruibh mo bhéil.


L. Sl54:3


Oír déirghiodar coigcríche súas
am aghaidh, agus íarruid luchd sáruighthe
manam, níor chuireadar Día ós a
ccoinne.


L. Sl54:4


Féuch, isé Día mfear cabhartha,
atá an Tighearna ris an luchd chothuighi-
os manam.


L. Sl54:5


Cúiteochuidh sé olc ris androing
bhíos ag forfhaire orum: scrios uáit
íad ann thfírinne.


L. Sl54:6


Dodhéna mé íodhbairt duit go toi-
leamhuil; molfad hainm, a Thighearna,
óir is maith é.


L. Sl54:7


Oír do sháor sé mé óm uile bhuáidh-
readh, agus dochonnairc mo shúil mo naimh-
de.


L. Sl55


Psalm 55



Don phrímhfhear ceóil ar Neginot, Psalm
teagaisg Dháibhi.


L. Sl55:1


Tabhair éisteacht dom ghuidhe, ó a
Dhé: agus ná foluigh thú
féin óm ghearán.


L. Sl55:2


Tabhair aire dhamh, agus
éist riom: doním doilghios ann mo ghea-
rán, agus doním fuáim,


L. Sl55:3


Tre ghuth na námhad, tre ain-
leatrom na bpeacach: óir dobheirid ur-
chóid orum, aguis fuathighid mé a ndíbh-
fheirg.


L. Sl55:4


Atá mo chroidhe airna ro phíanadh
ionnum: agus do thuiteadar úathbása
an bháis orum.


L. Sl55:5


Atá eagla, agus criothnughadh ar
tteachd orum, agus dfoluigh úathbhás
mé.


L. Sl55:6


Agus adubhras, ó nach bhfuil
sciathán coluim agam? dodhénuinn eitil,
agus do bhéinn a suáimhneas.


L. Sl55:7


Féuch, dorachuinn a bhfad ar
seachrán, dodhénuinn comhnuighe ann sa
bhfásach.


L. Sl55:8


Dodhénuinn deithnios rem eulógh
ón ngaóith ngúasachdaigh, agus anfaidh.


L. Sl55:9


Scrios, a Thighearna, agus roinn a tteang-
tha: óir doconnairc mé foiréigion
agus imreasan annsa chathruigh.


L. Sl55:10


A ló agus anoidhthe tigid na
timchioll air na balladhuibh: atá urchóid
agus doilghios iona meadhón.


L. Sl55:11


Atá corbadh ann a lár: agus ní
dhealuighionn meabhuil agus cealg rena
sráidibh.


L. Sl55:12


Oír ní námhaid do imdhearg mé,
annsin dfédfuinn a iomchar; níor árduigh
an té do fhúathaigh mé é féin am a-
ghaidh, annsin dorachfuinn a bhfolach
air.


L. Sl55:13


Acht tusa a dhuine mar mo
shamhuil féin, mo éoluighe, agus mfear
aitheantais.


L. Sl55:14


Dorinnemar aráon comhairle
mhilis, dochúadhmar anaóinfheachd go tigh
Dé.


L. Sl55:15


Gabhadh an bás sealbh orra, tía-
ghaid síos go hifrionn béo: óir atáid
uilc iona ccomhthionól, iona meadhón.


L. Sl55:16


Eíghfe mé chum Dé, agus sáor-
fa an Tighearna mé.


L. Sl55:17


Tráthnóna, agus air maidin, a-
gus san meadhon laói, dodhéna mé urnaigh,
agus éighfiod ós áird: agus cluinfidh
seision mo ghuth.


L. Sl55:18


Dfúasgail sé manam a síoth-
cháin ón gcath dobhí am aghaidh: óir is
re hiomad dobhádar (ag cur) chugam.


L. Sl55:19


Cluinfidh an Día láidir, agus
dobhéraidh anúas íad, eadhon an té atá
ann ón tseanaimsir: ar anadhbhar nach
áthruighid, dá bhrígh sin ní bhíonn eagla
Dé orra.


L. Sl55:20


Do chuir sé a lámha amach ana-
ghaidh an luchda dobhí a síothcháin ris:
do bhris sé a chunnradh.


L. Sl55:21


Bá bláithe bríathra a bhéil ná
im, acht dobhí cogadh iona chroidhe: bá
buige a fhocail ná ola: ghidheadh bá cloidh-
mhthe tairngthe íad.


L. Sl55:22


Teilg do mhuirighin air an TTi-
ghearna, agus cothochuidh sé tú; ní
fhuileonguidh sé an fíréun do chorru-
ghadh go bráth.


L. Sl55:23


Acht tusa, a Dhé, bhéras síos
íad go poll an bháis; ní mhairfid daoine
fuilteacha nó cealgacha leath a láetheadh;
acht biáidh mo dhóighse ionnadsa.


L. Sl56


Psalm 56



Don phrímhfhear ceóil air Ionat-Elim-Re-
choicim, Psalm órdha Dháibhi, anuáir
do ghabhadar na Philistinigh é a
Ngát.


L. Sl56:1


Bi trócaireach dhamh a Dhé, óir
do shluigfeadh duine súas mé;
air feadh an laói ag cathu-
gadh do bhrúighfeadh mé.


L. Sl56:2


Do shluigfidís mo naimhde mé air
feadh an laói, óir atá iomad ag ca-
thughadh am aghaidh, ó thusa is ro áir-
de.


L. Sl56:3


Anuáir bhías eagla orum, biáidh
mo dhóigh ionnadsa.


L. Sl56:4


A Ndía mholfas mé a bhríatar;
a Ndía chuirim mo dhóigh, ní bhiáidh eagla
orum cred dodhénas feóil orum.


L. Sl56:5


Ar feadh an laói fáisgid mo bhrí-
athra; atáid a smnuaintighe chum
uilc am aghaidh.


L. Sl56:6


Cruinnighid íad féin ar áonbhall:
folchaid íad féin; comharthuighid mo
choiscéimighe anuáir bhíd ag foraire ar
manam.


L. Sl56:7


An rachaid síad as ar son a nurchóide?
ann thfeirg íslig na daóine,
a Dhé.


L. Sl56:8


Comháirmhionn tú mo sheachrán, cuir
mo dhéra ann do bhuidéul; nach bhfuilid
ann do leabhar?


L. Sl56:9


Annsin fillfighthear mo naimhde air
a nais, anuáir gháirfiod, atá a fhios
so agam; óir atá Día air mo shon.


L. Sl56:10


A Ndía mholfad a bhriathar: ann-
sa Tighearna mholfad a bhriathair.


L. Sl56:11


A Ndía chuirfead mo dhóigh, ní
biáidh eagla orum créd dodhénas duine
orum.


L. Sl56:12


Atáid do mhóide orum, a Dhé;
toirbheoruidh mé molta dhuit.


L. Sl56:13


Oír dfúascail tú manam ó bhás:
nach (sáorfa tú) mo chosa ó leagadh, chum
go siubhola mé go diongmhalta a lathair
Dé a solus na mbéo?


L. Sl57


Psalm 57



Don phrímhfhear ceóil Al-taschit, Psalm
órdha Dháibhi, anuáir do theith ó la-
thair Shauil asteach san núamhuigh.


L. Sl57:1


Bi trócaireach dhamh, a Dhé, bí
trócaireach dhamh: óir is io-
nnadsa atá dóigh manma, a-
gus a scáile do sciathán
bhías mo dhóigh, nó go ndeachaidh na huilcsi thorum.


L. Sl57:2


Eíghfe mé chum Dé is ro áirde,
chum an Dé noch choimhlíonus anuile ní
dhamhsa.


L. Sl57:3


Cuirfidh sé ó fhlaitheamhnus, agus
sáorfa sé mé, dobheir scannail don
té noch do shloigfeadh súas mé; cuir-
fidh Día a thrócaire, agus a fhírinne
(chugham.)


L. Sl57:4


Atá manam a measg leomhan;
luighim a measc druinge atá re theinidh,
eadhon clann na ndaoine dar gháethe
agus soighde a bhfíacla, agus gur
cloidhmhthe géra a tteangtha.


L. Sl57:5


Bí ar hárdhugadh ós cionn na
bhflaitheamhnus, a Dhé, do ghlóir ós an
ttalamh uile.


L. Sl57:6


Dullmhuigheadar líon a ccoinne
mo chioscéimigh; do chláon manam síos:
do thochladar log romham, do thuiteadar
féin iona mheadhón.


L. Sl57:7


Atá mo chroidhe ullamh, a Dhé,
atá mo chroidhe ullamh; canfad, agus
dodhénad moladh.


L. Sl57:8


Músgail, ó mo ghlóir, dúisighe
a shaltracha, agus a chláirseacha, múisg-
eola mé air maidin.


L. Sl57:9


Molfad thú a measc na ndaoine,
a Thighearna; canfad duit a measg na
gcineadhach.


L. Sl57:10


Oír is mór do thrócaire go
nuige na neamha, agus thfírinne go nuige
na néulla.


L. Sl57:11


Bí ar hárdughad ós cionn na
bhflaitheas, a Dhé, do ghlóir ós cionn
na talmhan uile.


L. Sl58


Psalm 58



Don phrímhfhear ceóil, Al-taschit,
Psalm órdha Dháibhi.


L. Sl58:1


An labharthaoi ceart dha ríribh,
a choimhthionól? a ndéntaói
breitheamhnus go díreach, sibhse
a chlann na ndaóine.


L. Sl58:2


Aseadh, a ccroidhe oib-
righthí urchóid, annsa talamh chomhthro-
maidh foiréigion bhur lámh.


L. Sl58:3


Doníd na ciontaigh coimhthighidh
dhíobh féin ón mbroinn, tiaghaid ar seach-
rán ón mbolg ag labhairt bhréug.


L. Sl58:4


Is cosmhuil a nimh re nimh naith-
reach nimhe: is cosmhuil íad re hadar
boghar noch dhruidios a chlúas:


L. Sl58:5


Noch nach éistfe re guth na
ndrúagh, ag cleachtadh a ndraóidheachda
go glic.


L. Sl58:6


A Dhé, bris a bhfíacla iona
mbéul; bris amach fíacla móra na
nóigleomhan, a Thighearna.


L. Sl58:7


Leaghaidis amhuil uisge, noch ri-
thios go dían a ccomhnuigh: anuáir
mheasas sé a shaighde do chaitheamh, bí-
dís mar budh gérrtha na mblodhuib.


L. Sl58:8


Mar leaghas an seilíde, amhluidh
sin tíaghaid amugha: mar thoirrcios a-
nabuidh mná, go nach bhfacaid an ghrían.


L. Sl58:9


doiche ná mhoitheochus bhur
bpotuighe na deilg, comhmaith an beó a-
gus an críon, buáidhirfidh an tanfa é.


L. Sl58:10


Dodhéna an fíréun lúathgháire,
an tan chífios an dioghaltas; nighfe a
chosa a bhfuil na neimhdhíadhach.


L. Sl58:11


Agus adéra duine, go deimhin
atá sochar ag an bhfíréun; go dearbhtha
sé Día doní breitheamhnus air an tta-
lamh.


L. Sl59


Psalm 59



Don phrímhfhear cheóil, Altaschit, Psalm
órdha Dháibhi: anuáir do chuir Sául
drong úadh do chuirfeadh faire air a thigh,
dá mharbhadh.


L. Sl59:1


Saór mé óm onaimhdibh, a
Dhé; ón lucht éirghios súas
am aghaidh bísi do dhídean
damh.


L. Sl59:2


Sáor mé ó lucht oibrighthe na hur-
chóide, agus coimhéd mé ó dhaóinibh fuil-
teacha.


L. Sl59:3


Oír cheana atáid ag luigheachán air
manam; cruinnighid na cumhachtaigh
anaóinfheachd am aghaidh; ní ar son mo shár-
uighthe, ní air son mo pheacaidh, a Thigh-
earna.


L. Sl59:4


Rithid gan chion air bith dom
tháoibhse, agus ullmhuighid íad féin: éirighsi
súas do theagmháil leam, agus dearc.


L. Sl59:5


Agus tusa, a Thighearna Día
na slógh, Día Israel, múscail dféuch-
uin na ccineadhachso uile; ná bí grá-
samhuil dóibh uile, noch oibrighios ur-
chóid go meantolach.


L. Sl59:6


Fillid tráthnóna, doníd fuáim
amhuil madradh, agus imthighid fa ccú-
airt a dtimchioll na caithreach.


L. Sl59:7


Féuch taifnid rena mbéul, a-
táid cloidhmhthe iona bpusaibh; óir
cía chluin?


L. Sl59:8


Acht tusa, a Thighearna, dodhénair
magadh orra, dodhénair tarcuisne
air na geintibh uile.


L. Sl59:9


Do bhrígh a neirtsion dobhéradsa
aire dhuitsi; óir is tusa, a Thigh-
earna, mo dhídean.


L. Sl59:10


Tiucfaidh mo Dhía grásamhuil
romham; dobéra Día dhamh (mo mhían)
dfaicsin air mo naimhde.


L. Sl59:11


Ná marbh íad, deagla go ndénadh
mo dhaoine dearmad; spréidh íad re
do chumhachdaibh, agus tabhair anúas íad,
a Thighearna ar scíath.


L. Sl59:12


Ar son peacaidh a mbéil, bríathair
a bpuisín, gabhthar íad ann a nuabhar!
agus ar son a malluighthe, agus a
mbréug noch labhruid.


L. Sl59:13


Díothlaithrigh a bhfeirg íad,
díothlaithrigh, go nach béid ann; agus
bíodh a fhios aca go bhfuil Día ag ríagh-
ladh ann Iácob go téorannuibh na tal-
mhan.


L. Sl59:14


Agus fillidís tráthnona, agus
taifnedís amhuil madradh; agus im-
thighdís fáccuáirt na caithreach.


L. Sl59:15


Bídís ar seachrán síos agus
súas deasbhuidh bídh; agus bídís ag
ithiomrádh muna bhfaghaid a ríar.


L. Sl59:16


Acht canfa misi dot neartsa,
agus lúathgháirfead as do thrócaire gach
maidin; óir bá tú mo choimhéd, agus
mo dhídean a ló mo thrioblóide.


L. Sl59:17


O mo neart, dhuitse chanfas
mé: óir isé Día mo dhídean, Día mo
thrócaire.


L. Sl60


Psalm 60



Don phrímhfhear ceóil air Shusan-Edut,
Psalm órdha Dháibhi chum teagaisg,
an tan do throid sé ré Aram ó
Mhesopotamia, agus re Aram ó
Shóbah, an tan dfill Ioab, agus
do mharbh do Edom dhá mhíle dhéug a
ngleann an tsaluinn.


L. Sl60:1


A Dhé, do chuir tú dhíot
sinn; do bhris tú sinn, do
bhí fearg ort; iompóigh thú
féin chugainn arís.


L. Sl60:2


Thugais air an ttalamh crioth-
niughadh, agus do bhrisis é; leighis a
bhérnadha, óir atá sé air crith.


L. Sl60:3


Do thaisbéin tú ní cruáidh dot
phobal, thuguis oruinn fíon an mhearuighthe
dól.


L. Sl60:4


Thuguis brathach don lucht agá
bhfuil heagla, dá nochtadh air son na
fírinne.


L. Sl60:5


Chum go sáorfuidhe haóis
grádha: sáor led láimh dheis, agus cluin
misi.


L. Sl60:6


Do labhair Día iona náomhthachd, bíad
lúathgháireach; roinnfead Sechem, agus
toimheosad gleann Sucot.


L. Sl60:7


Is leamsa Gílead, agus is leam
Manasseh; sé Ephraim fós neart
mo chinn, Iudah mo dhlightheamhnach.


L. Sl60:8


Moab mo phota ionnluith; teilg-
fiod mo bhróg tar Edom; a Phalesti-
na, dén caithréim ós mo chionn.


L. Sl60:9


Cía bhéras mé gus an ccathruigh
dhaingin? cía thréorochus mé go Hé-
dom?


L. Sl60:10


Nach déna tusa a Dhé, noch
do chuir dhíot sinn? agus narbháill
leachd dul amach, a Dhé, ré ar sluáighte.


L. Sl60:11


Tabhair furtachd dhúinn ó bhuáidhreadh:
óir is díomháoin cabhair an duine.


L. Sl60:12


A Ndía dodhénam gaisge, a-
gus sailteoruidh sé síos lucht ar
mbúaidheartha.


L. Sl61


Psalm 61



Don phrímhfhear ceóil air Neginot,
Psalm Dháibhi.


L. Sl61:1


Eist mo chomhairc, a Dhé, ta-
bhair aire dom ghuidhe.


L. Sl61:2


O théorannuibh na
talmhan éighfiod chughadsa,
anúair bhíos mo chroidhe fa thuirse;
tréoruigh mé chum na cairge is áirde
ná mé.


L. Sl61:3


Oír dobhí tú ad fhasgadh agam,
ad thor láidir ó aghaidh na námhad.


L. Sl61:4


Dodhénad comhnuighe ann do tha-
bernacuil go bráth: biáidh mo dhóigh a
ccuim do sciathán.


L. Sl61:5


Oír dochúala tusa, a Dhé, mo
mhóide: tuguis oighreachd don druing air
a bhfuil eagla hanma.


L. Sl61:6


Cuirfidh tú láethe a ccionn láethe
an Rígh: biáidh a bhlíadhna mar dobhíath
iomad ginealach.


L. Sl61:7


Dodhéna sé comhnuighe choidhche as
coinne aighthe Dé; ullmhuigh tróchaire a-
gus fírinne, noch choimhédfas é.


L. Sl61:8


Marsin chanfas misi psalm chum
hanmasa go bráth, do choimhlíonadh mo
mhóide go láetheamhuil.


L. Sl62


Psalm 62



Don phrímhfhear ceóil, do Iedútun,
Psalm Dháibhi.


L. Sl62:1


Atá fós manam ag feithiomh
amháin air Dhía, noch ó bhfuil
mo shlánughadh.


L. Sl62:2


Isé fós mo charruic
agus mo shlánughadh; mo dhí-
dean, ní chorrochthar mé go mór.


L. Sl62:3


Cá fad bheithí ag smuainiughadh ó
chroidhe anaghaidh dhuine? muirfighear sibh
uile: (beithí) mar bhalla chláon, mar
fhál thrasgarthar siós.


L. Sl62:4


Amháin doníd comhairle eision do
chur síos ón onóir: dúilighid a mbréig,
beannuighid rena mbéul, agus malluighid
rena gcroidhe.


L. Sl62:5


Gidheadh, ó manam, comhnuighsi a
Ndía amháin: óir is úadhsan atá mo
dhóthchus.


L. Sl62:6


Is eision amháin mo charruig, a-
gus mo shlánughadh; is é mo dhídion, ní
chorrochthar mé.


L. Sl62:7


A ndía atá mo shlánughadh, agus
mo ghlóir: carruic mo neirt, a Ndía
atá mo dhóigh.


L. Sl62:8


Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomh-
nuighe; sibhsi a dhaóine, dóirtighe amach
bhur ccroidhe dá lathair: isé Día is dí-
dion dhúinn.


L. Sl62:9


Go deimhin is díomhaóineas clann
na ndaóine uirísiol, is bréug clann na
ndaóine móra; arna ccur anéinfeachd a
meadhuibh, is éttruime íad ná an díomhaói-
neas.


L. Sl62:10


Ná cuirigh bhur ndóigh a sáru-
ghadh, agus a sladuigheachd ná bíthí dío-
mhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná
cuiridh bhur ccroidhe air.


L. Sl62:11


Do labhair Día aonuáir: fá dhó
chúala mé so, gur ré Día bheanas cu-
mhachda.


L. Sl62:12


Mar an ccéadna is leatsa, a
Thighearna, trócaire; óir dobhéarair
don duine do réir a oibre.


L. Sl63


Psalm 63



Psalm Dháibhi anuáir dobhí sé a
bhfásach Iúdah.


L. Sl63:1


A Dhía, is tú mo dhíasa:
sirfe mé thú go moch; atá
manam tartmhar chugad, a-
tá mfeóil míanmhar chugad,
a ttalamh thirm thartmhar mar nach
bhfuilid uisgeadha:


L. Sl63:2


Dfaicsin do chumhachd, agus do
ghlóire, mar dochonnairc mé thú annsa
tsanctóra.


L. Sl63:3


Oír is férr do chinéul grádhach
ná beatha: molfa mo bhéul thú.


L. Sl63:4


Marso bheinneochad thú an feadh
mhairfiod, ann thainm tóigfiod súas mo
lámha.


L. Sl63:5


Sáiseochthar manam mar budh le
méuthus, agus le smior: agus re
puisínibh gáirdeacha mholfas mo béul thú:


L. Sl63:6


Anuáir chuimhnighim ort air mo
leabuidh, agus annsanoidhche fhaire mar
smuáinim ort.


L. Sl63:7


Do bhrígh go rabhuis mar chabhair a-
gam, agus dodhén gáirdeachus a sgáile
do sciathán.


L. Sl63:8


Leanaidh manam go dlú ort: conn-
mhann do lamh dheas suas mé.


L. Sl63:9


Agus an lucht íarrus manam
chum a mhillte, rachaid annsna codchaibh
is ísle don talamh.


L. Sl63:10


Dóirtfighthear a bhfuil ris an
ccloidheamh: béid na ccuid ronna ag sionn-
chaibh.


L. Sl63:11


Agus dodhéna an Righ lúath-
gháir a Ndía, dodhéna gach áon mhio-
nnuigheas thrídsion, glóir; óir druidfear
béul na druinge doní bréuga.


L. Sl64


Psalm 64



Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.


L. Sl64:1


Eist mo ghuth, a Dhé, am urnuigh;
ó eagla na námhad dídin mo
bheatha.


L. Sl64:2


Foluigh mé air chomhairle
shecréidigh na ndrochdaóine, ó chogar
luchda oibrighthe na hurchóide.


L. Sl64:3


Noch do ghéraidh a tteanga mar
chloidheamh; do órduigh a soighde, eadhon
focail shearbha:


L. Sl64:4


Do chaitheamh anfíréin go fol-
uigheach: caithfid go hobann é, agus ní
bhiáidh eagla orra.


L. Sl64:5


Meisnighid íad féin a ndrochchúis;
comhráidhid fá líonta dfolach, adei-
rid, cía chífios íad?


L. Sl64:6


Spíonuid amach éigceart, coimh-
líonuid cúartughadh dithchiollach mar
áon a meadhon gach nduine ar leith; a-
gus re croidhe domhain.


L. Sl64:7


Acht caithfidh Día íadsan le
soighid, biáid siád loitighe go hobann.


L. Sl64:8


Agus dobhéraid fa deara a
tteanga féin tuitim orra: teithfigh
gach duine chífios íad.


L. Sl64:9


Agus biáidh eagla air anuile dhuine,
agus foillseochaid obair Dhé; agus
dobhéraid aire a ghníomhsan do thuigsin.


L. Sl64:10


Dodhéna an fíréun lúathgháir ann-
sa Tighearna, agus cuirfe a dhóigh ann,
agus dodhénaid anuile dhíreach a ccroidhe
glóir.


L. Sl65


Psalm 65



Don phrímhfhear ceóil, Psalm nó caintic
Dháibhi.


L. Sl65:1


A Dhé, is duitse is dúal
moladh a Síon, agus is leatsa
díolfar an mhóid.


L. Sl65:2


Thusa noch éisdeas re
húrnaigh, chugadsa thiucfas
anuile fheóil.


L. Sl65:3


Dorugadar neithe éigceart buáidh am
aghaidh; sgagfa tusa ar sáruighthe.


L. Sl65:4


Is sona an té thoghas tú, agus
dobheirir a ngar; dodhéna sé comh-
nuighe ann do chúirtibh: sáiseochthar
rinne re neithibh maithe do thighe, do theam-
puill náomhtha.


L. Sl65:5


Re neithibh úathbhásacha fhreageo-
rus tú sinn a bhfíréntachd, a Dhé ar
slánaighthe, dóthchus uile theóranna na
talmhan, agus na fairge, noch atá
bhfad úainn.


L. Sl65:6


Noch dhiongmhalas na sléibhte rena
neart, agus é arna thimchiollughadh
ré cumhachta.


L. Sl65:7


Noch shuáimhnighios fuáim na fair-
ge, fuáim a ttonn, agus comhmbuáidh-
readh na ndaóine.


L. Sl65:8


Agus an lucht áitreabhus annsna
teórannuibh is faide úaid, biáidh eagla
red chomharthadhuibh orra; dobhéarair
air dhul amach na maidne, agus an trath-
nóna lúathgháir do dhénamh.


L. Sl65:9


Thig tú dféuchuin na talmhan, a-
gus fliucha tú é: cuirfir a saidhbhrios
go mór é re habhuinn Dé lán duisgeadhuibh:
ullmhuighidh tú dhóibh arbhar, anuáir so-
láthrus tú é.


L. Sl65:10


Cuire tú uisge air a iomairighibh
go líonmhar: suighe tú a eitrigheach;
dodhénair bog é ré ceathaibh, beinneochair a
mháotháin.


L. Sl65:11


Cuiridh tú coróin ar an mblí-
adhain red mhaith, agus silfid do chasáin
méuthus.


L. Sl65:12


Silfid ar inbhior anfásuigh, a-
gus béid na cnoic lúathgháireach fa ccu-
airt.


L. Sl65:13


Atáid na hinnbhir éduighthe re
tréduibh, agus na gleanta a bhfolach
ré harbhar: béicid lé lúathgháir, agus
fós canuid.


L. Sl66


Psalm 66



Don phrímhfhear ceóil, caintic nó
Psalm.


L. Sl66:2


Deánuidh fuáim lúathgháireach do
Día, a thíortha uile.


L. Sl66:2


Canuidh ré salmuibh
glóir a anma: tabhruidh glóir
dhá mholadh.


L. Sl66:3


Abruidh ré Día, cred é húath-
bhásuighesi ann hoibribh? tre mhéd do
neirt dodhénaid do naimhde umhla bhréige
dhuit.


L. Sl66:4


Cláonfuidh an talamh uile íad féin
duit, agus canfaid salm dhuit, can-
faid salm dot ainm.


L. Sl66:5


Tigidh agus féuchuidh oibreacha Dé:
is úathbhásach é trena ghníom air chloinn
na ndáoine.


L. Sl66:6


Dompóigh sé anfairge a bhfearann
thirim: dochúadar dá gcois thríd
anabhuinn; annsin dorinneamairne lúathgháir ann-
san.


L. Sl66:7


Riaghluidh sé rena neart go bráth,
dochíd a shúile na cineadhacha; ní áir-
deochuid na heasáontuigh íad féin.


L. Sl66:8


Beannuighidhsi a phoibleacha ar Ndíane,
agus tughaidh fa deara guth a mholta do
chluinsion.


L. Sl66:9


Noch congmhus ar nanam béo,
agus nach ttug air ar ccois corru-
ghadh.


L. Sl66:10


Oír do dhearbhuidh tú sinn, a Dhé:
do theastuidh tú sinn do réir theastuigh-
the anairgid.


L. Sl66:11


Thug tú asteach san líon sinn:
do chuir tú cumhgach air ar leasra-
chaibh.


L. Sl66:12


Thug tú air dháoinibh marcuigheachd
do dhénamh air ar gceann: dochuamar thríd
theine agus uisge, achd dothugaisse
amach sinn go hionad shaídhbhir.


L. Sl66:13


Rachad asteach ann do thigh re
hiodhbarthaibh loisge, coimhlíonfad duitsi
mo mhóide,


L. Sl66:14


Noch do admhuigh mo phuisíne,
agus do labhair mo bhéul anuáir dobí
amhgar oram.


L. Sl66:15


Iodhbartha loisge méith-ealluigh
toirbheorad dhuit, ré húsga reitheadh:
dodhén na dhaimh réidh, agus na gabhair fhirionna.


L. Sl66:16


Tigidh, sibhsi lerbeagal Día, a-
gus inneosad cred dorinne sé ar
son manma.


L. Sl66:17


Chuigesion do ghoireas rem
bhéul, agus do hárdughadh é rem thean-
gaidh.


L. Sl66:18


Má chím urchóid am chroidhe, ní
chluinfidh an Tighearna.


L. Sl66:19


Acht go deimhin dochúalaidh
Día (mé), thug sé aire do ghuth mur-
naigh.


L. Sl66:20


Go madh beannuigh Día nar dhiúlt
mo ghuidhe, agus nar fhill a thrócaire
uáim.


L. Sl67


Psalm 67



Don phrímhfhear ceóil ar Neginot, Psalm
agus caintic.


L. Sl67:1


Go raibh Día trócaireach dhúinn,
agus go mbeannuighe sé sinn,
agus deálradh sé a aghaidh
oruinn.


L. Sl67:2


Iondus go naitheantar do shlighe
ar an ttalamh, do shlánughadh a measc
na nuile chineadhach.


L. Sl67:3


Molaidís na poibleacha thú, a Dhé,
molaidís na poibleacha uile thú.


L. Sl67:4


Dodhénaid na cineadhacha lúath-
gháire, agus béid gáirdeach; óir dodhénair
breitheamhnus air na daóinibh go
ceart, agus tréorochuir na cineadhacha
air talamh.


L. Sl67:5


Molaidís na poibleacha thú, a
Dhé: molaidís na poibleacha uile thú.


L. Sl67:6


Dobhéruidh an talamh a bhiseach,
beinneochaidh Día ar Ndía sinn.


L. Sl67:7


Beinneochaidh Día sinn, agus biáidh
a eagla air uile theórannuibh na talmhan.


L. Sl68


Psalm 68



Don phrímhfhear ceóil Psalm agus cain-
tic Dháibhi.


L. Sl68:1


Eirgiodh Día, agus spréidh-
tear a naimhde: agus tei-
thidís an lucht fhúathighios
é, óna aghaidh.


L. Sl68:2


Mar thiomáinear deatach
seachad, marsin tiomáinse seacad íad: mar
leaghas céir ós coinne tineadh; marsin mea-
thaidís na ciontuigh a bhfíaghnuise Dé.


L. Sl68:3


Acht bídís na fíréin lúathgháir-
each, déindís gáirdeachus ós coinne Dé,
agus bídís meanmnach lé lúath-
gháire.


L. Sl68:4


Canuidh do Día, canaidh psalm
dha ainm: árduigidh an té doní
marcuigheachd ar na flaithis re na ainm
Iah, agus dénuidh gáirdeachus ós a
choinne.


L. Sl68:5


Isé Día athair na ndílleacht,
agus breithiomh na mbaintreabhach,
anionad comhnuidhe a náomhthach-
ta.


L. Sl68:6


Cuiridh Día an tuáigneach a
tteaghlach: dobheir amach an drong
bhíos ceangailte lé slabhradhuibh, acht
doníd na méirligh comhnuighe a tta-
lamh thirim.


L. Sl68:7


A Dhé, anuáir dochuaidh tú
amach roimhe do phobal, anuáir
dochuaidh tú ar haghaidh go gaisgeamhuil
san díothram,


L. Sl68:8


Do criothnuigh an talamh, do
shileadar na flaitheamhnuis ó aghaidh
Dé, Sínai féin ar aghaidh Dé, Día Is-
rael.


L. Sl68:9


Do shil tú fearthuinn thiodh-
laictheach anúas, a Dhé, do chomdhaing-
nidh tú hoighreacht an tan dobhí sí tuir-
seach.


L. Sl68:10


Dobhí do choimhthionól na ccomh-
nuidhe inte; do dhaingnigh tú sin do
réir do mhaitheasa do na bochtaibh, a
Dhé.


L. Sl68:11


Thug an Tighearna focal don
tslúagh, bá mór an banna do shoisgéul é.


L. Sl68:12


Teithid Ríghthe slúagh, teithid:
agus roinne sisi noch chomhnuighios astigh, anédáil.


L. Sl68:13


Bíodh gur luighiobhair a measg na
mbránnradh, beithí mar sciatháin coluim
arna bhfolach lé hairgiod, agus a
cleiteach ré ós buidhe.


L. Sl68:14


Anuáir do spréidh an tuile-
chumhachdach Ríghthe air a sonsa, dobhí sí
mar shneachta a Salmon.


L. Sl68:15


Cnoc Dé, cnoc Básan;
cnoc árd cnoc Básan.


L. Sl68:16


Créd fá lingthí, sibhsi a
shléibhte árda? an cnocso bá mían lé
Día comhnuighe do dhénamh ann, biáidh
an Tighearna na chomhnuigh ann go
bráth.


L. Sl68:17


Atáid carbaid Dé fithche míle
dainglibh: atá an Tighearna na measc
annsanáit náomhtha Sínai.


L. Sl68:18


Dochuáidh tú súas ar árd,
thugais braighdeanas a mbraighdeanas
leachd, do ghabh tú tiodhlaicthe ar son
daóine: agus fós ar son na méir-
leach, chum comhnuidhe na measc, a Thigh-
earna Día.


L. Sl68:19


Go madh beannuigh an Tighearna,
noch thréoruighios sinn go láetheamhuil, Día
ar slánuighthe.


L. Sl68:20


Isé ar Ndíanne Día ar slán-
uighe; agus ré Día an Tighearna
(bheanaid) slightheach an bháis.


L. Sl68:21


Loitfidh Día go deimhin ceann a
namhad, agus cloigionn ghrúagach an té
shiubhlas do ghnáth iona pheacadh.


L. Sl68:22


Adubhairt an Tighearna, ó Bhá-
san dobhérad a rís, dobhérad (thusa)
arís ó dhuibaighén na fairge:


L. Sl68:23


Go ttumthuigh do chos a bhfuil,
teangtha do mhadradh (a bhfuil) do námhad.


L. Sl68:24


Dochonncadar himtheachda, a Dhé;
imtheachta mo Dhé, mo Rígh annsa tsanc-
tóra.


L. Sl68:25


Dochúadar na cantaireadha a
ttosach, na ndiáigh sin an luchd seanma air
adhbuidhibh; iona meadhón na maighdiona ó-
ga ag búaladh tábuir.


L. Sl68:26


Beannuighsi Día annsna comhdháluibh,
an Tighearna ó thiobraid Israel.


L. Sl68:27


Agsin Beniamin beag a núachda-
rán, prionnsuighe Iúdah, agus a ccoimh-
thionól, prionnsoighe Sebulon, agus prionn-
soighe Naphtali.


L. Sl68:28


Daithin do Dhía féin do neart;
neartuigh, a Dhé, an ní sin noch doib-
righ tú dhúinne.


L. Sl68:29


Ar son do theampuill ann Ierusa-
lem dobhéuraid Ríghthe tiodhlacadh chugad.


L. Sl68:30


Imdhearg beathach an ghiolcuidh, eal-
bha na ttarbh láidir maille ré láoghaibh
na ndaóine, nó go numhluighe sé é féin
ré píosuighibh airgid: spréidh ó chéile na
daóine agá bhfuil dúil a ccogadh.


L. Sl68:31


Tiocfaid prionnsuidhe as a Né-
gipt, sínfigh Etíopia go hobann a lámha
amach do Dhía.


L. Sl68:32


Canaidh do Dhía, a rioghachda
na talmhan, canaidh sailm don Tighearna.


L. Sl68:33


Don té doní marcuigheachd ar
neamhuibh na neamh ón tseanaimsir: féuch
dobheir sé a ghuth, guth neartmhar:


L. Sl68:34


Tugaidhsi neart do Dhía, noch
agá bhfuil a oirdheacus ar Israel, a-
gus a bhfuil a neart a bhflaitheamhnus.


L. Sl68:35


Is úathbhásach thusa, a Dhé, a-
mach as háitibh náomhtha; sé Día Israel
dobheir neart, agus cumhachda don pho-
bal: go má beannuigh Día.


L. Sl69


Psalm 69



Don phrímhfhear ceóil ar Shosannim,
Psalm Dháibhi.


L. Sl69:1


Saor mé, a Dhé, óir thanga-
dar na huisgeadha go nuige
manam.


L. Sl69:2


Do sluigeadh mé a lá-
bán rodhomhuin, mar nach
bhfuil ionad seasta: tháinig mé go doimh-
ne na nuisgeadh, agus tá an sruth ag
dul thorum.


L. Sl69:3


Atáim toirseach óm chomharcuibh;
do tiormuigheadh mo scórnach, do
fhailligheadar mo shúile tre mfoirfheitheamh
air mo Dhía.


L. Sl69:4


Do líonadar ós cionn ghruáige
mo chinn an luchd agá bhfuil fúath orum
gan adhbhar. Is cumhachdach an luchd ré
ar mían mo dhíothlaithriughadh ar mbeith
na naimhde agam go héagcórach: ainsin
daisig mé an ní nar fhúaduighios.


L. Sl69:5


A Dhé, is aithne dhuitse mo
leimhe, agus ní bhfuil mo chionta a bhfo-
lach ort.


L. Sl69:6


An drong atá ag feithiomh ortsa,
a Thighearna Día na slúagh, ná cla-
óidhtear íad; ná bíodh náire orra
air mo shonsa an drong íarrus thusa, a
Dhé Israel.


L. Sl69:7


Do bhrígh gur iomchair mé scannail
ar do shonsa: atá maghaidh a bhfolach
lé náire.


L. Sl69:8


Dorinneadh coimhthigheach dhíom dom
dhearbhráithribh, agus eachtrannach do
chloinn mo mhathar.


L. Sl69:9


Oír a duáigh éd do thighesi sú-
as mé: agus do thuit achmhusán na
druinge do scannluigh thú orum.


L. Sl69:10


Agus do ghuil mé, agus dobhí
manam a ttrosgadh; agus do cuireadh
sin a cceann mo scannlach.


L. Sl69:11


Agus dorinneas mo chulaidh do
shaicédach, agus dobhí mé am sheanfhocal
acasan.


L. Sl69:12


Agus do labhradar an luchd shui-
ghios annsa gheata am aghaidh; agus an
lucht ibhios deoch láidir, dorinneadar abh-
rán orum.


L. Sl69:13


Acht misi, atá mo ghuidhe chu-
gadsa, a Thighearna, anam iongabhála;
a Dhé, do réir ro iomad do thrócaire
cluin mé, a bhfírinne do shlánaighthe.


L. Sl69:14


Sáor mé as an lathaidh, agus
ná léig mo dhul aníochtar; sáothrar
mé ó luchd mfuathaighthe, agus as doimhne
na nuisgeadh.


L. Sl69:15


Ná léig do thuile na nuisgeadh
dul ós mo chionn, agus ná léig do nai-
ghéan mo shlugadh, agus ná léig don
pholl a bhéul do dhrud orum.


L. Sl69:16


Cluin mé, a Thighearna, oír is
maith do chinéul grádhach: do réir iomad
do thrócaire ceannsa féuch orum.


L. Sl69:17


Agus ná foluigh haghaidh ód
sheirbhíseach, óir atáim a mbuaidhreadh:
déna deithfir dom éisdeachd.


L. Sl69:18


Druid a ngar dom anam, fúas-
gail é, sáor mé do bhrígh mo námhad.


L. Sl69:19


Is aithne dhuitsi mo scannail, a-
gus mo náire, agus measonóir; atáid
mo naimhde uile ós do choinne.


L. Sl69:20


Do bhris an tachmhusán mo chroi-
dhe, agus atáim lán do dhóbrón, agus
dobhí súil agam re duine éigin dodhé-
nadh comhthuirsi leam, agus ní raibh áon-
duine; agus ar son lucht comhfhurtachda,
ní bhfúaras íad.


L. Sl69:21


Agus thugadar dhamh ann mo
bhíadh domlas, agus ann mo thart thu-
gadar fíneagra re nól damh.


L. Sl69:22


Bíodh a mbórd ós a ccoinne féin
mar dhul: agus a nionad luaidheachda, mar
phaintéur dhóibh.


L. Sl69:23


Dorchuidhthear a súile, iondus
nach bhfaicfid; agus tabhair air a leasra-
chaibh bheith a ccomhnuighe air crith.


L. Sl69:24


Dóirt amach do dhíbhfheirg orra,
agus gabhadh teas thfeirge greim
orra.


L. Sl69:25


Bíodh anionad comhnuidhe na bháin-
sigh; ná bíod fear comhnuighe ann a
ttighthibh.


L. Sl69:26


Oír doníd ainleanmhuin air an té
do bhuáil tusa, agus labhruid chum
doilghis don lucht do loit tú.


L. Sl69:27


Cuir urchóid a gcionn anurcóide,
agus ná tiaghaid ad thfíréntachtsa.


L. Sl69:28


Scriostar amach íad as leabhar
na mbéo, agus ná scríobhthar íad maille
ris na fíréunuibh.


L. Sl69:29


Agus misi, bíodh go bhfuilim ar
mo bhuáidhreadh, agus dóbrónach; cuireadh
do shlanúghadh, a Dhé, súas go hárd mé.


L. Sl69:30


Molfad ainm Dé re caintic, a-
gus dodhénad a mhórughadh ré tabhairt
buidheachais.


L. Sl69:31


Taitneochuidh so mar an gcédna
ris an TTighearna nísa mhó ná damh nó bu-
lóg, agá bhfuilid adharca, ingne scoilte.


L. Sl69:32


Dochífidh an tumhal sin, agus
dodhéna gáirdeachus: agus mairfidh
bhur ccroidhesi noch íarrus an Ti-
ghearna.


L. Sl69:33


Oír cluinigh Día na boicht, agus
ní tharcuisnigheann a phríusúnaigh.


L. Sl69:34


Molfaidh neamh agus talamh é,
na fairgeadha, agus a ccorruighionn ionnta.


L. Sl69:35


Oír sáorfa Día Sion, agus
cuirfe súas caithreacha Iúdah: ionnus
do ndénaid na oighreacht aca.


L. Sl69:36


Agus sealbhochuidh sliocht a sheir-
bhíseach é: agus an lucht ghrádhuighios a
ainm, áitreobhuid ann.


L. Sl70


Psalm 70



Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi,
do chur a ccuimhne.


L. Sl70:1


A Dhé, dom sháoradh, a Thiearna,
dom chabhair dén deith-
fir.


L. Sl70:2


Bíodh náire orra, a-
gus bídís cláoidhte, noch íarrus manum:
filltíor air a nais, agus náirighthear an
lucht íarrus mo dhioghbháil.


L. Sl70:3


Filltior air a nais íad do
luaidheacht a náire, noch adeir, aha, aha.


L. Sl70:4


Bídís lúathgháireach, agus gáir-
deach ionnadsa, gach áon íarrus thusa, agus
abraidís a ccomhnuidhe, a gach ndrádhuigheann
do shlánughadh, go móruighear Día.


L. Sl70:5


Acht atáimsi bocht uireasbhach, a
Dhé, dén deithfir chugam; is tusa
mfear cabhartha, agus sáortha, a Thi-
ghearna, ná dén moill.


L. Sl71


Psalm 71


L. Sl71:1


Ionnadsa, a Thighearna, chui-
rim mo dhóigh, ná náirighthear
mé go bráth.


L. Sl71:2


Ann thfíréntas fúas-
gail mé, agus sáor mé: cláon do
chlúas chugam, agus cumhduigh mé.


L. Sl71:3


Bí dhamhsa ad ionad suighe daingion,
chum a rachad do ghnáth: óir thugais
aithne mo thártháil, is tú mo charruic,
agus mo dhaingion.


L. Sl71:4


Mo Dhía, sáor mé as láimh an
chiontoigh, as láimh an duine neimhfhíréun-
ta, agus fhíochmhair.


L. Sl71:5


Oír is tú mo dhóigh, a Thíghearna
Día, mo dhóigh óm óige.


L. Sl71:6


Is leatsa do congmhadh súas mé
ón mbroinn, is tú thug mé ó ionathar mo
mhathar, is tusa mholfas mé a ccom-
nuighe.


L. Sl71:7


Mar iongnadh dobhí mé ag mó-
rán: acht is tusa mo dhídean daingean.


L. Sl71:8


Bíodh mo bhéul líonta led mholadh,
honóir air feadh an laói.


L. Sl71:9


Ná teilg seachad mé anaimsir mo
sheanaoise, anuáir fhaillighios mo neart,
na tréig mé.


L. Sl71:10


Oír labhruid mo naimhde am a-
ghaidh, agus lucht atá ag forfhaire air ma-
nam gabhaid comhairle ré chéile.


L. Sl71:11


Ag rádh, do thréig Día é:
inghreamuigh é, agus gabhaidh é, óir ní
bhfuil fear a thárthála.


L. Sl71:12


A Dhé, ná bí a bhfad uáim: mo
Dhía, deithfrigh dom fhurtachd.


L. Sl71:13


Bídís claóidhte, agus diogh-
bháite, noch atá na neasgcáirdibh dom
anam; foluighthear íad lé scannail, agus
ré easonóir noch íarrus molc.


L. Sl71:14


Acht biáidh dóthchus agam do
ghnáth, agus cuirfead a gcionn huile mhol-
ta.


L. Sl71:15


Aithreosuidh mo bhéul thfíréun-
tacht, air feadh an laói do shlánughadh,
bíodh nach féidir liom a náiriomh.


L. Sl71:16


Rachad air maghaidh a neart an
Tighearna Iehóbha?; cuimhneochad thfír-
éuntachdsa amháin.


L. Sl71:17


O Dhé, do mhúinis mé óm óige,
agus go nuige so dfoillsigh mé do
mhíorbhuile.


L. Sl71:18


Anois fós anúair atáim sean, a-
gus líath, a Dhé, ná tréig mé: go
ttaisbeana mé do neart don ghinealachso,
agus do chumhachda donuile dhuine thiucfas.


L. Sl71:19


Atá thfíréuntacht fós ro árd,
a Dhé, noch dorinne neithe móra: a Dhé,
cía is cosmhuil riotsa?


L. Sl71:20


Thusa noch do thaisbéin damh
buáidheartha iomdha neimhneacha, béodhochair
mé arís, agus dobhérair súas mé
ó dhoimhne na talmhan.


L. Sl71:21


Foirlíonfa tú márrachtas,
agus coimhfuirteocha tú mé air gach
taóibh.


L. Sl71:22


Molfa mé fós thú air adhbhaidh na
saltrach, thfírinnesi, ó mó Dhía: can-
fad sailm dhuit leis an ccláirsigh,
thusa a aóin náomhtha Israel.


L. Sl71:23


Dodhéna mo bhéul lúathgháire
mar chanfad sailm dhuit, agus manum
noch dfúascuil tú.


L. Sl71:24


Laibheoruidh mar an gcédna mo
theanga air thfíréntachd feadh an laoi:
óir atáid claóite, atáid arna náir-
iughadh an drong íarrus molc.


L. Sl72


Psalm 72



Psalm do Sholamh.


L. Sl72:1


A Dhé, tabhair do bhreitheamhnus
don Rígh, agus thfíréuntacht
do mhac an Rígh.


L. Sl72:2


Breithneochuidh sé do
phobal ré ceart, agus do bhochta ré
breitheamhnus.


L. Sl72:3


Dobhéuraid na sléibhte síothcháin
chum na ndaóine, agus na cnoic bhea-
ga maille re ceart.


L. Sl72:4


Béuraidh sé breath ar bhochtaibh
na ndaóine, sáorfa sé clann na neas-
bhadhach, agus brisfe sé an fear sár-
uighthe.


L. Sl72:5


Biáidh heagla orra an feadh bías an
ghrían ann, feadh mhairfeas an ghealach ó
ghinealach go ginealach.


L. Sl72:6


Tiucfaidh sé anúas amhuil
anfearthuinn air an bhféur gérrtha, mar na
ceathaibh fliuchadh na talmhan.


L. Sl72:7


Iona láethaibhsin bláithfid na
fíréin, agus iomad síothchána an feadh
bhias an ghealach ann.


L. Sl72:8


Agus biáidh tighearnus aige ó
fhairge go fairge, agus ón tsruth
go téorannuibh na talmhan.


L. Sl72:9


Cláonfuid na fhiaghnuisi an drong
áitreabhus annsa díothramh, agus lighfid
a naimhde an luáithreadh.


L. Sl72:10


Dobhéuraid Ríghthe Tarsis,
agus na noilén tiodhlacadh, toirbheo-
ruid Ríghthé Sceba, agus Séba preasánta.


L. Sl72:11


Agus tuitfidh gach uile Rígh
síos dá lathair, dodhénaidh anuile chineadh
seirbhís dó.


L. Sl72:12


Oír sáorfuidh sé an teasbhuidheach
noch doní éigheamh, agus an bocht, a-
gus an té ag nach bhfuil fear tárthála.


L. Sl72:13


Dodhéna sé truáighe don bhocht,
agus doneasbhadhach, agus tártho-
chuidh sé anmanna na ndeireóil.


L. Sl72:14


O mhealladh, agus ó fhoiréigion
fuáisceoluidh sé a nanam, agus budh
dáor a bhfuil iona radharc.


L. Sl72:15


Agus an feadh mhairfeas sé, dobhéra
sé dhó dór Shéba: agus dodhéna
sé guidhe ar a shon do ghnáth, beinneochar
é go láetheamhuil.


L. Sl72:16


Biáidh dornán arbha annsa talamh
air mhullach na slíabh; biáidh a thoradh sin
ar crith cosmhuil ré Lebanon, agus
dodhénuid caithriughadh amach as an ccath-
ruigh mar luibh na talmhan.


L. Sl72:17


Agus mairfidh a ainm go bráth:
an feadh bhías an ghrían ann, iseadh bhías
a ainm ag leathnughadh, agus beinneo-
char dáoine annsan: goirfidh anuile
chineadh sona dhe.


L. Sl72:18


Go madh beannuigh bhías an Ti-
ghearna Día, Día Israel noch amháin do
ní neithe iongantacha.


L. Sl72:19


Agus go madh beannuigh bhías a
ainm glórmhar go bráth, agus líon-
tar an talamh le na ghlóir; Amen, a-
gus Amen.


L. Sl72:20


Marso chríochnuighios urnuigh
Dháibhi mhic Iesse.


L. Sl73


Psalm 73



Psalm Asaph.


L. Sl73:1


Is mait Día fós do Israel
donfíorghlan a ccroidhe.


L. Sl73:2


Acht misi, is beag nar
sciorr mo chosa, is beag nar
leamhnuigh mo choiscéime uáim.


L. Sl73:3


Oír do thnúthaigh mé ris na
hamadánuibh, mar dochonnairc mé síoth-
cáin na gciontach.


L. Sl73:4


Oír ní bhfuil cuibhrighthe iona mbás,
agus atá a neart cliste.


L. Sl73:5


Ní bhfuilid a sáothar na ndáoine,
agus ní píantar íad mar dháoine oile.


L. Sl73:6


Ar anadhbharsin timchiolluigh an
túabhar íad: folchuidh an foiréigon íad
mar chulaidh.


L. Sl73:7


Téid a súile amach le méuthus,
sáruighid smuáintighthe a ccroidhe.


L. Sl73:8


Truáillighid, agus labhruid sáru-
ghadh le hurchóid: labhruid go hárd.


L. Sl73:9


Cuirid a mbéul anaghaidh na neamh,
agus siubhluigh a tteanga thríd an ttalamh.


L. Sl73:10


Ar anadhbharsin fillid a dhaoine
annso, agus fáisgthior chuca amach
uisgeadha (chupáin) líonta.


L. Sl73:11


Agus adeirid, cionnus is aithne
do Dhía? agus an bhfuil éolus annsa té
is ro áirde?


L. Sl73:12


Feuch is íadso na cionntuigh, a-
gus na daoine a suáimhneas an tsáogh-
áil, tigid chum saidhbhris.


L. Sl73:13


Go deimhin is a ndíomhaoineas do
sgagas mo chroidhe, agus do nighios mo
lámha a neaimhchionntaibh.


L. Sl73:14


Agus dobhí mé air mo phíanadh air
feadh an laói, agus air maidin dobhí mo
achmhusan.


L. Sl73:15


Má deirim, laibheorad marso:
féuch, dodhéna mé égcóir air ghinealach do
chloinnesi.


L. Sl73:16


Agus do mheas mé a fhios so do
bheith agam, acht bá sáothar an mo shúi-
libh sin.


L. Sl73:17


Nó go ndeachaidh mé a sanctoruibh
Dé, gur thuigh mé a ndeireadhsin.


L. Sl73:18


Go deimhin suighe tú íad anáitibh
sleamhna, teilge tú síos íad anuáig-
neasuibh.


L. Sl73:19


Ciondus tugthar chum neimhní
mar budh a móiment íad? sguirid, chum
a ccríche deirionuigh, meathar íad ré
húathbhásaibh.


L. Sl73:20


Mar aisling tar éis duine do
mhúscladh; mar sin, a Thighearna, anuáir
mhúisceolus tusa, dodhénair aníomháigh
do tharcuisniughadh.


L. Sl73:21


Marso dobhí mo chroidhe ro
bhuáidheartha, agus ann mo dhubhánuibh do
gonadh mé.


L. Sl73:22


Agus dobhí mé brúideamhuil, a-
gus ní raibh a fhios agam; mar na ha-
inmhíntidh dobhí mé agadsa.


L. Sl73:23


Gidheadh dobhí mé do ghnáth a-
gadsa, dorug tú air mo láimh dheis.


L. Sl73:24


Tréorochuidh tú mé réd chomhairle, agus
na dhiáighsin géubha tú chugad a nglóir mé.


L. Sl73:25


Cía atá agam a bhflaitheamhnus?
agus cosmhuil riotsa ní bhfuil solus
agam ar talamh.


L. Sl73:26


Dochuáidh mfeóil, agus mo
chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe,
agus mo chuid ronna go bráth.


L. Sl73:27


Oír féuch, an lucht théid a
bhfad uáit meithfid síad; scriosfair gach
áon dá ttéid ré stríopachus uáit:


L. Sl73:28


Acht is maith dhamhsa druidean ré
Día; atá mo dhóigh annsa Tighearna Día,
go bhfoillsighe mé hoibreacha uile.


L. Sl74


Psalm 74



Psalm teagaisg Asaph.


L. Sl75:1


Cred fár theilgis, a Dhé, uáit
go bráth, a ndéna thfearg
deatach anaghaidh cháorach
hinnbhir féin.


L. Sl74:2


Coimhnigh do choimhtionól, noch do cheann-
uigh tú fada ó shin; dfúascail tú slat
hoighreachta, do chnoc Sion, ann ar chomh-
núighis.


L. Sl74:3


Tóg súas do chosa chum na bhfá-
sach síorruidhe, anuile olc dá ndérnaidh
an námhaid annsa tsanntóra.


L. Sl74:4


Béicidh do naimhde a meadhon do
coimhthionól, do sháitheadar a mbratacha
mar comharthaibh.


L. Sl74:5


Bá clúiteach an té noch do thógadh
a thúad go hárd ar thiugh na coille.


L. Sl74:6


Anois mar an ccédna buáilid
síos a obair cheirbheireachda re thuadhuib
agus re hórduibh.


L. Sl74:7


Do chuireadar an tsanctóir tre
theine go talamh, do thruáilligheadar io-
nad comhnuidhe hanmasa.


L. Sl74:8


Adubhradar iona gcroidhthibh,
scriosam íad anaóinfheachd: do chuireadar
tré theine gach uile choimhthíonól re Día
annsa dúithche.


L. Sl74:9


Ní fhaicmíd ar ccomharthadha, ní
bhfuil áon fháidh nías mó, ní mó atá áon
agá bhfuil a fhios cá fad.


L. Sl74:10


Cá fad, a Dhé, bhías aneas-
ccara ag scannlughadh? an mbía an
námhuid ag tarcuisniughadh choidhche?


L. Sl74:11


Cred fá bhfillionn tú do lámh, do
lámh dheas féin adeirim? connaimh í ó lár
do bhrolluigh.


L. Sl74:12


Oír sé Día mo Rígh aríamh, ag
oibriughadh slánuighthe a meadhon na tal-
mhan.


L. Sl74:13


Do roinn tú anfairge léd neart,
do bhris tú cinn na ndragún annsna huis-
geadhuibh.


L. Sl74:14


Do bhrúighis cinn an lebhíatan,
thugais é mar bhíadh do na daóinibh annsa
bhfásach.


L. Sl74:15


Do scoilt tú toibreacha, a-
gus srotha, dorinnis aibhne móra tirim.


L. Sl74:16


Is duitsi is dúal an lá, is
leatsa fós anoidhche: dórduigh tú an
solus agus an ghrían.


L. Sl74:17


Do shuighidh tú imiol na talmhan
uile; do chum tú samhradh, agus geimh-
readh.


L. Sl74:18


Cuimhnigh so, a Thighearna, gur
scannluigh an námhuid, agus gur thar-
cuisnigheadar na daóine leamha hainm.


L. Sl74:19


Ná tabhair anam do cholum do
chuideachda na námhad, coimhthionól do bhochd
ná dearmaid choidhche.


L. Sl74:20


Tabhair haire don chonradh: óir a-
táid áitreabhuigh dorcha na talmhan lán
dáitribh foiréigin.


L. Sl74:21


Ná léig do lucht an leatruim
filleadh fa náire; molaid na boicht agus
na huireasbhacha hainm.


L. Sl74:22


Eírigh, a Dhé, tagair do chúis féin:
cuimhnigh do tharcuisne ónamadán air
feadh an laói.


L. Sl74:23


Ná dearmuid guth do námhad: an
luchda éirghios ad aghaidh ag méudughadh
a gcomhnuighe.


L. Sl75


Psalm 75



Don phrímhfhear ceóil, ná mill, psalm
agus caintic Asaph.


L. Sl75:1


Dobheirmíd buidheachus duit, a
Dhé, dobheirmíd buidheachus
duit; óir foillsighid do
mhíorbhuile go bhfuil hainm a
bhfogus.


L. Sl75:2


Anuáir ghébhad an comhthionól
chugham, dodhénad breitheamhnus go dí-
reach.


L. Sl75:3


Atá an talamh, agus anuile
áitreabhas ann, arna scaoileadh: daingneo-
cadsa a phostadha.


L. Sl75:4


Adeirim ris na hamadánuibh, ná
dénuidh leimhe: agus leis na cionntachaibh,
ná tógbhaidh súas anadharc.


L. Sl75:5


Ná tógbhaidh súas anadharc go
ro árd: ná labhruidh re muinéul cru-
áidh.


L. Sl75:6


Oír ní ónáird anoir, nó aníar,
mó do dheas atá árdughadh.


L. Sl75:7


Acht Día an breitheamh, umhluigh
sé an fearso, agus árduigh sé an fear
oile.


L. Sl75:8


Oír atá cupán a láimh an Tighear-
na, agus atá an fíon dearg lán do chu-
masc, agus dóirtigh sé as amach: a
dheasgaidh sin amháin, fháisgfid uile phea-
caidh na talmhan, agus ibhid.


L. Sl75:9


Acht foillseochuidh misi a thró-
caire go bráth, canfad sailm do Dhía
Iácob.


L. Sl75:10


Agus brisfiod adharca na cci-
ontach uile, áirdeochthar adharca an
duine fhíréunta.


L. Sl76


Psalm 76



Don phrímhfhear ceóil air Neginot, Psalm
no caintic Asaph.


L. Sl76:1


Aithnighthear Día ann Iúdah, is
mór a ainm Nísrael.


L. Sl76:2


Agus a Sálem atá a
pháilliún, agus a ionad comh-
nuidhe a Síon.


L. Sl76:3


Annsin do bhris sé saighde an bho-
gha, an sgíath, agus an cloidheamh, agus
an cath.


L. Sl76:4


Atá tú loinneardha agus oirdheirc
ós cionn shléibhthe na creiche.


L. Sl76:5


Do creachadh na daóine meisneamh-
la a ccroidhe, do chodladar a gcod-
ladh: agus ní bhfúaradar na daoine
cumhachdacha a lámha.


L. Sl76:6


Réd iomaithbheara, a Dhé Iácob,
do teilgiodh an carbad, agus an teach
aráon a ccodladh mharbhthach.


L. Sl76:7


Atá tusa, thusa féin úathbhá-
sach, agus cía sheasfas ós do choinne
anam thfeirge.


L. Sl76:8


Thugais fa deara breitheamhnus do
chlosdean ó neamh: dobhí eagla air an ttalamh,
agus dobhí na chomhnuidhe,


L. Sl76:9


Anuáir déirigh Día chum breitheamh-
nuis, do chumhdach dhaóine ceannsuigh na tal-
mhan uile.


L. Sl76:10


Oír molfaidh díbhfhearg an duine
thusa, toirmiosguidh tusa fuighioll a
bhfeirge.


L. Sl76:11


Móidigh agus coimhlíonuidh don
Tighearna bhur Ndía; tugaidís gach a
bhfuil na thimchioll tiodhlacadh chuigesion,
roimhe ar dúal a bheith faiteach.


L. Sl76:12


Gérrfa sé thríd amach spiorad
na bprionnsadh, is úathbhásach é do Rígh-
thibh na talmhan.


L. Sl77


Psalm 77



Don phrímhfhear ceóil do Iedútun, Psalm
Asaph.


L. Sl77:1


Do gháirios chum Dé rem ghuth,
chum Dé rem ghuth, agus thug
sé éisdeacht damh.


L. Sl77:2


A ló mo bhúaidheartha
do shir mé an Tighearna, dobhí mo lámh
san noidhche arna dórtadh amach, agus
ní dhérnuidh comhnuigh: do dhiúlt manam
comhfhurtachd do ghlacadh.


L. Sl77:3


Do chuimhnigh mé ar Dhía, agus do
bhí mé buáidheartha: do ghearán mé anúair
dobhí mo spiorad arna iombháthadh.


L. Sl77:4


Congbhuigh tú mo shúile na ndú-
sachd: atáim comhbuáidheartha is sin, do
bhí mé buáilte, nach bhféuduim labhairt.


L. Sl77:5


Do mheas mé na laéthe seannda, bli-
adhna na seanaimsire.


L. Sl77:6


Cuimhnighim mo sheinm san noidhche:
meadhuighim rem chroidhe, agus cuartuigh
mo spiorad (ag rádh.)


L. Sl77:7


An tteilgfe an Tíghearna uáidh
ga bráth? agus nach biáidh sé fabhar-
thach nísamhó?


L. Sl77:8


Nar choisg a thrócaire go bráth?
nar fhailligh a fhocal ó ghinealach go
ginealach?


L. Sl77:9


Nar dhearmuid Día bheith grása-
mhuil? nar íaidh sé súas a bhfeirg a
thrócaire chineulta.


L. Sl77:10


Agus adubhras, anois ti-
onsgonad; ag so cláochló deasláimhe an
té is ro áirde.


L. Sl77:11


Cuimhneochad oibreacha an Tighear-
na: go deimhin cuimhneochad hoibreacha
iongantacha ón tseanaimsir.


L. Sl77:12


Agus smuainfiod ar hoibrea-
chaibh uile, agus air do ghníomharthuibh
dodhén cuimhne.


L. Sl77:13


O a Dhé, is a náomhthacht atá
do shlighe; cía atá na Dhía comhmór
re Día?


L. Sl77:14


Is tusa an Día láidir, noch
doní obair iongantach, do chuir tú do
neart anumhail a measc na ndáoine.


L. Sl77:15


Dfúasgail tú led láimh do dha-
oine, clann Iácob agus Ióseph.


L. Sl77:16


Dochonncadar na huisgeadha thú,
a Dhé, dochoncadar na huisgeadha thú:
dobhí eagla orra, dobhádar na haigéin
buáidheartha.


L. Sl77:17


Do dhóirteadar na néulla
amach uisgeadha, thugadar na spéi-
righ fúaim: dochúadar fós do shoigh-
de timchioll.


L. Sl77:18


Dobhí fúaim do thóirnighe
annsna spéirigh, dfoillsigh do thinn-
teacha an saoghal: do chriothnuigh agus
do ghabh eagla an talamh.


L. Sl77:19


Annsa bhfairge atá do shli-
ghe, agus do chasán annsna huisgeadh-
uibh móra; agus ní haithnithear do chois-
céime.


L. Sl77:20


Do threoruighís mar thréud do
dhaóine, ré láimh Mhaóise agus Aaron.


L. Sl78


Psalm 78



Psalm teagaisg Asaph.


L. Sl78:1


Tugaidh, ó mo phobal, éisteacht
dom dhligheadh; cláonuidh bhur
cclúas chum bríathar mo
bhéil.


L. Sl78:2


Foisgeolad mo bhéul a ccos-
amhlacht: nochtfa mé labhartha dorcha ón
tseanaimsir:


L. Sl78:3


Noch dochualamar, agus bá fios
dúinn, agus dinnisiadar ar naithre
dhúinn.


L. Sl78:4


Ní cheilfiom air a ccloinn íad,
ag innisin don ghinealach thioc-
fas molta an Tighearna, agus a
chumhachta, agus na mhíorbhuile dorinne
sé.


L. Sl78:5


Oír do dhaingnigh sé fiadhnuise
ann Iácob, agus dórduigh sé dligheadh
a Nísrael, noch daithin dar naithribh a
fhoillsiughadh dá gcloinn.


L. Sl78:6


Chum go mbiáidh a fhios ag an
nginealach dothiucfadh, ag na leinibh
dobértaoi: agus ag éirghe go ninneosaidís
dá gcloinn féin:


L. Sl78:7


Agus go ccuirfedís a ndóthchus
a Ndía, agus nach dearmadfaidís oibrea-
cha Dé, agus go cconneochaidís a aithean-
ta:


L. Sl78:8


Agus gan a bheith mar a naithre,
ginealach neimhcheannsuigh agus easumhal;
ginealach nach dírighionn a ccroidhe go
ceart, agus nach bhfuil a spiorad fí-
rinneach do Dhía.


L. Sl78:9


Ar mbeith do mhacuibh Ephraim
armtha ag lámhach re bogha, dfilliodar
air a nais a ló an chatha.


L. Sl78:10


Níor chongmhadar connradh Dé,
agus do dhíultadar imtheacht iona dhli-
gheadh.


L. Sl78:11


Agus do dhearmadar a
oibreacha, agus a ionganta noch dfoill-
sigh sé dhóibh.


L. Sl78:12


Do lathair a naithreadh
dorinne se miorbhuil a ttalamh na
Hégipte a machaire Soan.


L. Sl78:13


Do scoilte sé anfairge, agus
thug íadsan tríthe, agus thug air na
huisgeadhuibh seasamh mar chárn.


L. Sl78:14


Agus do thréoruidh íad a
néull san ló, agus air feadh na hoidhche
ré solus teineadh.


L. Sl78:15


Do scoilt sé na cairge annsa
díothramh, agus thug deoch dhóibh go
fairsing mar budh as anaigén.


L. Sl78:16


Agus thug sé srotha amach as
na cairgibh, agus thug sé air na huisgi-
dhibh rioth síos amhuil aibhne.


L. Sl78:17


Agus do pheacuigheadar fós na
aghaidh, re cathughadh do chur annsa díoth-
ramh air an té is ro áirde.


L. Sl78:18


Agus do chuireadar cathughadh
air Dhía iona gcroidhe, ag íarruidh bídh
dá nainmhíannuibh.


L. Sl78:19


Do labhradar fós anaghaidh
Dé: adubhradar, an bhfédann Día bórd
do líonadh le bíadh san díothramh?


L. Sl78:20


Féuch, do bhuáil sé an char-
rac, agus do lingeadar uisgeadha amach,
agus do thuiligheadar srotha: an bhfé-
dann sé arán do thabhairt úadh mar an
ccédna? an féidir leis feóil do shola-
thar dá dháoinibh?


L. Sl78:21


Ar anadhbarsin dochúala an
Tighearna sin, agus dobhí ro fheargach,
iondus go raibh teine arna lasadh
anaghaidh Iácob, agus mar an gcédna
thaínig díbhfhearg súas anaghaidh Israel.


L. Sl78:22


Do bhrígh nar chreidiodar a
Ndía, agus nar chuireadar a ndóigh iona
slánughadh.


L. Sl78:23


Gidh gur aithin sé do na néull-
uibh ónáird anúas, agus gur fhoscuil
doirse nimhe.


L. Sl78:24


Agus gur fhear orra Manna re
ithe, agus go ttug sé arbhar ó neamh
dhóibh.


L. Sl78:25


Do ith an duine arán na nain-
geal, do chuir sé a ndíol bídh chuca.


L. Sl78:26


Thug sé air an ngaóith anoir
gabháil thort is na neamhuibh, agus re
na chumhachdaibh thug sé asteach an gháoth
andeas.


L. Sl78:27


Agus dfear sé feóil orra mar
luáithreadh, agus énlaith sciathánach mar
ghaineamh na fairge.


L. Sl78:28


Agus thug orra tuitim a mea-
dhón an champa, a ttimcioll a ionad comh-
nuidhe.


L. Sl78:29


Marsin a dúadar, agus dobhá-
dar sáitheach go lor: óir thug sé dhóibh
a mían féin:


L. Sl78:30


Ní dhérnadh fós coimhigheach íad óna
nainmhíanuibh féin: dobhí a mbiadh fós
iona mbéul,


L. Sl78:31


Anúair tháinic fearg Dé orra, agus
do mharbh dá ndáoinibh méithe, agus do
leag síos rogha óigfhear Israel.


L. Sl78:32


Thairis so uile, do pheacuigheadar
fós, agus níor chreidiodar ar son a
ionganta.


L. Sl78:33


Agus do chaith sé a láethe a ndío-
mháoineas, agus a mblíadhna a mbuáidhreadh.


L. Sl78:34


Anuáir do mharbh sé íad, is ann-
sin do shiriodar é: agus dfilliodar, a-
gus do shireadar Día go moch.


L. Sl78:35


Agus do chuimhnigheadar gurbé
Día a ccarruic, agus an Día láidir
a bhfúascaltóir.


L. Sl78:36


Agus dorinneadar spleadha ris
rena mbéul, agus bréga rena ttean-
gaidh.


L. Sl78:37


Acht ní raibh a ccroidhe leis, agus
ní rabhadar fírineach ann a chunnradh.


L. Sl78:38


Thairis sin mar dobhí sé trócaireach
do mhaith a ccionta, agus níor sgrios íad:
agus dfill sé go minic a fhearg tar a
hais, agus níor mhúscail sé a dhíbhfhearg
uile.


L. Sl78:39


Agus do chuimhnigh gurbhfeóil íad,
anál noch imthighios agus nach bhfilleann.


L. Sl78:40


Cá mhéud úair do chorruigheadar é
annsa díothramh? agus do chuireadar
doilghios air annsa bhfásach?


L. Sl78:41


Agus dfilliodar, agus do
chuireadar cathughadh ar Dhía, agus do
chuireadar an táon náomhtha Israel a
gcuimsi.


L. Sl78:42


Níor chuimhnigheadar a lámh,
nó an lá do sháor sé íad ó na námh-
uid:


L. Sl78:43


Anuáir do chuir a chomharthadhasan
Négipt, agus a ionganta a magh
Saon:


L. Sl78:44


Agus diompóidh a srotha a
bhfuil, agus a naibhne go narbhféidir
dhóibh deoch ól.


L. Sl78:45


Do chuir sé iona measc iomad
cuiléog, noch do ith íad: agus an luis-
gionn, noch do scrios íad.


L. Sl78:46


Agus thug sé a mbiseach don
dréollán teasbhuidh, agus a saothar
don lócuist.


L. Sl78:47


Do mharbh a bhfíneamhuin ris an
gcloichshneachta, agus a ccroinn sioca-
mor ris an gcuisne.


L. Sl78:48


Agus thug a neallach don chloich-
shneachda, agus a ttréuda don teinntigh.


L. Sl78:49


Do chuir sé orra teas a fheirge,
fíoch agus aingidheachd agus buaidhreadh,
ré cur drochaingiol amach.


L. Sl78:50


Do chomhthromuigh sé slighe dhá
fheirg, níor cháomhuin a nanam ó bhás,
agus thug sé a mbeatha don phláigh.


L. Sl78:51


Agus do bhuáil sé céid-
gheine na Hégipte, tosach a neirt a
bpáilliúnuibh Ham.


L. Sl78:52


Agus thug air a dhaoinibh dul
thairis mar cháorchaibh, agus do thréoruidh
amhuil tréud annsa díothramh íad.


L. Sl78:53


Agus do thréorudh amach íad ré
dánachd, agus ní raibh eagla orra: agus
dfoluigh anfairge a naimhde.


L. Sl78:54


Agus thug sé íad go himeal a
shanctora, an slíabhso noch do ghnodhuigh
a lamh dheas.


L. Sl78:55


Agus do theilg amach rom-
pa na geintighe, agus do roinn sé
oighreachd dóibh re crannchair, agus thug air
threabhuibh Israel áitriughadh iona nio-
nad suidhe.


L. Sl78:56


Gidheadh do chuireadar cathughadh,
agus do bhrostuigheadar an Día is ro
áirde, agus níor chongmhadar a fhíadh-
nuisigh.


L. Sl78:57


Acht dfilliodar air a ccúl, a-
gus do pheacuigheadar go míochoinghiollach
mar a naithre: dobhádar airna niompógh
mar bhogha cealgach.


L. Sl78:58


Agus do chorruigheadar é chum
feirge lena náitibh árda, agus
rena níomháighibh ceirbhértha do ghluái-
siodar é chum éda.


L. Sl78:59


Dochúalaidh Día sin, agus do
bhí fearg air, agus do fhúathaidh Israel
go ro mhór.


L. Sl78:60


Agus do thréig sé taber-
nacuil Shílo, an páillíun noch do shuighidh
sé a measc a dhaóine.


L. Sl78:61


Agus do thoirbhir a neart, a
mbraighdionas agus a ghlóir a láimh
na námhad.


L. Sl78:62


Thug sé mar an ccédna a
dhaóine don chloidhiomh, agus dobhí sé
feargach rena oighreachd.


L. Sl78:63


Do loisg an teine rogha a
ndaoine óg, agus níor moladh a
maighdiona.


L. Sl78:64


Do thuiteadar a sagairt ris an
ccloidheamh, agus níor ghuileadar a
mbaintreabhacha.


L. Sl78:65


Annsin do mhúscuil an Tigh-
earna mar dhuine na chodladh, agus mar
dhuine árrachta ag gárrtha tre fhíon.


L. Sl78:66


Agus do bhuáil a naimhde iona
ndeireadh: thug sé scannail shíorruidhe
dhóibh.


L. Sl78:67


Agus do dhíult sé áitreabh Ió-
seph, agus níor thogh sé treabh Eph-
raim.


L. Sl78:68


Acht do thogh sé treabh Iú-
dah; slíabh Sion noch dob ionmhuin leis.


L. Sl78:69


Agus do chuir súas a shanc-
tóir cosmhuil re (pálásaibh) árda,
mar an ttalamh noch do shuighidh sé go
síorruidh.


L. Sl78:70


Agus do thogh sé Dáibhi a
sheirbhíseach, agus rug sé ó mhánrachaibh
na ccáorach é:


L. Sl78:71


O bheith a ndiáigh na ccáo-
rach ann a raibh uáin; thug sé é do
bheathughadh Iácob a phobal, agus Is-
rael a oighreachd.


L. Sl78:72


Agus do bheathaidh sé íad ré
iomláine a chroidhe, agus do thréoruidh
íad lé héolus a lámh.


L. Sl79


Psalm 79



Psalm chum Asaph.


L. Sl79:1


A Dhé, thangadar na geinte
asteach ann hoighreacht, do
thruáilligheadar teampall do
naomhthachda, do leagadar
Ierusalem na cárnaibh.


L. Sl79:2


Thugadar cuirp mharbha do sheirbhí-
seach mar bhíadh dénlaith anaiéir, féol
do náomh dainmhintibh na talmhan.


L. Sl79:3


Do dhóirteadar a bhfuil mar uisge
timchioll fágcuáirt Ierusalem, a-
gus ní raibh áon do adhlacadh íad.


L. Sl79:4


Atámuid ar scannail ag ar
ccomharsanaibh, ar ttarcuisne agus
ar magadh ag an lucht atá ar gach
táobh dhínn.


L. Sl79:5


Cá fad, a Thighearna, bhías
tú feargach, go bráth? an lasfuidh
héd mar theine?


L. Sl79:6


Dóirt thfearg amach ar na
geintibh, da nach aithne thú, agus air
rioghachtaibh nar ghoir air hainm.


L. Sl79:7


Oír a dúadar Iácob, agus
dorinneadar fásach dá ionad comhnuigh.


L. Sl79:8


Ná cuimhnigh ar naghaidh peacaidh
ar sinnsior: tárrthuigheadh do thrócaire
sinn go lúath, óir tugadh go ro ísiol
sinn.


L. Sl79:9


Cabhruidh sinn, a Dhé, ar slánuighthe
ar son glóire hanma féin, agus sáor
sinn, agus glan inn ó ar bpeacadhuibh,
ar son hanma féin.


L. Sl79:10


Cred fá naibéoraidís na geinte,
cáit a bhfuil a Ndía? go naitheantar
é a measc na ngeinteadh ós coinne ar
súl, ré dioghaltas fola do sheirbhí-
seach, noch do dóirteadh.


L. Sl79:11


Tigeadh osnadhach an phríosúnaigh
ós do choinne: do réir árrachdais do láimhe
tárrtháilse na luchd do hórduigheadh chum
báis.


L. Sl79:12


Agus tabhair dar ccomharsanaibh
a sheachd noirid iona mbrollach, a sca-
nnail féin re ar scannluigheadar thusa,
a Thighearna.


L. Sl79:13


Agus rinne do dhaóine, agus
caóirigh hinnbhir, bhéram buidheachus duit
go bhráth, agus molfam thú ó ghinealach
go ginealach.


L. Sl80


Psalm 80.



Don phrímhfhear ceóil air Shosannim E-
dut, Psalm Asaph.


L. Sl80:1


O a aodhaire Israel, tabhair éis-
deachd, thusa noch thréoruighi-
os Ióseph amhuil tréd,
deálruighidhsi amach noch
shuighios air an cherubhínigh.


L. Sl80:2


Roimhe Ephraim, agus Bhenia-
min, agus Mhannasseh corruidh súas
do neart, agus tárrthuigh sinn.


L. Sl80:3


A Dhé, iompóigh sinn, agus ta-
bhair air haghaidh deálrugh, agus bíam
slán.


L. Sl80:4


A Thighearna, a Dhé na slógh,
cá fad bhías tú feargach anaghaidh ur-
naighe do dhaóine?


L. Sl80:5


Do bheathuigh tú íad ré harán na
ndéor, agus thugais orra déra ibhe
go fairsing.


L. Sl80:6


Doní tú imriosuin dínn dár
ccomharsanaibh, agus doníd ar naimhde
magadh eaturra féin.


L. Sl80:7


A Dhé na slógh iompóigh sinn, a-
gus tabhair air hadhuigh deálradh, agus bíam
slán.


L. Sl80:8


Thug tú fíneamhuin as an Né-
gipt; do theilgis amach na cineadhacha,
agus do chuir tú í.


L. Sl80:9


Do sholathair tú ionad roimpe,
agus thugais air a frémhach frémhadh,
agus do líon sí an talamh.


L. Sl80:10


Do folcadh na sléibhte rena
scáile, agus ba sédair mhóra a bean-
gáin.


L. Sl80:11


Do chuir sí amach a beangáin go
nuige an mhuir, agus a gabhláin gus
anabhuinn.


L. Sl80:12


Cred far bhrisis síos a fálta,
chor go sgothaid í gach a ngabhann an
tslighe.


L. Sl80:13


Tochlaidh fíadh-chullach na coil-
leadh í, agus ithidh beathach állta an mhagha
súas í.


L. Sl80:14


A Dhé na slógh, iompóigh anois
féuch ó neamh, agus faic, agus
tárr dféchuin na fíneamhnaso;


L. Sl80:15


Agus an stoc do phlannduigh
do lámh dheas, agus an beangán dorinne
tú comhláidir sin duit féin.


L. Sl80:16


Atá sí arna losgadh ré teine,
gértha síos: meathaid sé hachmhusán do
ghnúise.


L. Sl80:17


Bíodh do lámh air fhear do láimhe
deise, air mhac an duine noch dorinnis
comhláidir sin duit féin.


L. Sl80:18


Agus ní racham ar ccúl uáitsi:
béodhuigh sinn, agus gairfiom air ha-
inm.


L. Sl80:19


A Thighearna a Dhé na slógh,
iompóigh sinn, agus taisbéin haghaidh
dhúinn, agus bíam slán.


L. Sl81


Psalm 81.



Don phrímhfhear ceóil ar Ghittit, Psalm
Asaph.


L. Sl81:1


Luáthgháirigh chum Dé ar neart,
dénaidh fuáim mheanmnach chum
Dé Iácob.


L. Sl81:2


Glacaidh psalm, a-
gus tugaidh an tiompán
libh, an tsiterne thaigiúir maille ris
an ccláirsigh.


L. Sl81:3


Séidigh an stoc annsa ngealuidh
núadh, annsanúair chinnte, ló ar bhféile.


L. Sl81:4


Oír is dligheadh so do Israel,
reachd ó Dhía Iácob.


L. Sl81:5


Mar fhiadhnuise do shuighidh sé é
do Ióseph, anuáir dochuáidh sé thríd
thalamh na Hégipte, mar a ccúaluidh
mé teanga nar thuigios.


L. Sl81:6


Dáthruigh mé a ghúala ónúalach,
do sáoradh a lámha ó na potuighibh.


L. Sl81:7


A mbuáidhreadh do ghoir tú, a-
gus do sháor mé thú; do fhreagair mé
thú anionad uáigneach na tóirnighe:
do dhearbh mé thú láimh ré huisgeadhuibh
Meribah.


L. Sl81:8


Eist, ó mo phobal, agus dodhé-
nadsa fiaghnuise dhuit; ó a Israel,
ma eístir liom;


L. Sl81:9


Ní biáidh ionnadsa Día coimhthigheach,
agus ní chláonfa tú thú féin do Dhia
coigcríche.


L. Sl81:10


Is misi an Tighearna do Dhía
thug súas thú as crích na Hégipte:
fosgail do bhéul go fairsing, agus
líonfa misi é.


L. Sl81:11


Acht níor éisdeadar mo dhaóine
rem ghuth, agus níor umhluigh Israel
damh.


L. Sl81:12


Agus do léigios dóibh imtheachd
a míangus a ccroidhe: do shiobhladar
iona ccomhairle féin.


L. Sl81:13


O, dá néistfedís mo dhaóine
riomsa, dá siubhladh Israel ann mo shligh-
thibh:


L. Sl81:14


Dobhéuruinn a naimhde anúas
go haithghérr, agus dfillfinn mo lámh
air a neasccáirdibh.


L. Sl81:15


Duimhleochaidís lucht fúatha an
Tighearna íad féin go fathach dhó: acht
dobíadh a naimsirsion go síorruidhe.


L. Sl81:16


Agus do bheathochadh sé íad lé méu-
thus cruithneachda: agus lé mil amach
as an ccarruic do sháiseochuinn thú.


L. Sl82


Psalm 82



Psalm Asaph.


L. Sl82:1


Seasuidh Día a gcomhdháil Dé;
breathnuigh sé a meadhon na
ndée.


L. Sl82:2


Ca fad bhéithí ag
breith bhreitheamhnuis go neimh-
cheart, agus ghéabhtháoi pearsanna na
gciontach?


L. Sl82:3


Dénaidh ceart don bhocht agus
don dílleachta, dénuidh cóir don duine
chráite agus doneasbhuidheach.


L. Sl82:4


Sáor an bocht agus an ríach-
tanach: ó láimh an duine urchóidigh
tárthuigh é.


L. Sl82:5


Ní haithne dhóibh, agus ní háill
léo a thuigsin: siubhluid síad a ndor-
chadas, atáid uile bhunáite na talmhan
arna ccorrughadh.


L. Sl82:6


Adubhairt mé, is dée sibh: a-
gus is clann an té is ro áirde sibh uile.


L. Sl82:7


Acht dogheabhthaói bás amhuil an
duine, agus tuitfighthí mar aon do
na prionnsadhuibh.


L. Sl82:8


Eirigh, a Dhé, beir breitheamhnus
air an ttalamh: óir gheabhair oighreacht air
anuile chineadh.


L. Sl83


Psalm 83



Caintic agus Psalm Asaph.


L. Sl83:1


A Dhé, ná bí ad thochd, ná bí
boghar, agus ná coisg, a
Dhé.


L. Sl83:2


Oír féuch, doníd do
naimhde comhmbuáidhreadh, agus tógbhaid
lucht thfuathuighthe a cceann.


L. Sl83:3


Anaghaidh do dhaóinesi do ghabha-
dar comhairle uáigneach go meabhlach, a-
gus dochúadar a ccomhairle anaghaidh
háon bhfoluigheach.


L. Sl83:4


Dubhradar, tagaidh, agus gearram
amach íad ó bheith na gcineadh; go nach
ccuimhneochthar ainm Israel nísa mó.


L. Sl83:5


Oír do chomhairligheadar ré chéile
dáontoil, atáid coimhcheangailte ad a-
ghaidh.


L. Sl83:6


Páillíun Edom, agus na His-
maelítigh, Móab, agus na Hagarénigh.


L. Sl83:7


Gébal, agus Ammon, agus A-
malec, na Philistinigh maille ris an
ndroing chomhnuighios ag Tíor.


L. Sl83:8


Atá Assur airna cheangal léo
mar an ccédna, agus bá cungnamh íad
do chloinn Lot.


L. Sl83:9


Dénsa orrasan mar dorinnis
air Mhidian; air Shisera, air Iábin ag
abhuinn Císon.


L. Sl83:10


Noch do thuit ag Endor,
dorinneadh aóileach dhíobh chum na talmhan.


L. Sl83:11


Dén a ndáoine nuáisle mar O-
reb, agus mar Seb; agus a bprionns-
uidhe uile mar Seba, agus mar Salmunnah:


L. Sl83:12


Noch adubhairt, glacam chuguinn
féin tighthe Dé mar oighreachd.


L. Sl83:13


O mo Dhía, dén amhuil roithlean
íad, mar an gconnlach air aghaidh na gaóithe.


L. Sl83:14


Mar loisgios an teine coill,
mar chuirios an lasair na sléibte tre
theine;


L. Sl83:15


Amhluigh sin dénsa ainleanmhuin
orra led anfadh, agus buáidhir íad led
stoirm.


L. Sl83:16


Líon a naighthe lé náire, chor go
níarruid hainm, a Thighearna.


L. Sl83:17


Claóidhtear, agus buáidhearthar
íad go síorruidhe: bíodh náire orra, a-
gus meathaid:


L. Sl83:18


Chor go mbía a fhios aca, gur
tusa amháin, darab ainm Iehóbhah, is
ro áirde ós cionn na talmhan uile.


L. Sl84


Psalm 84



Don phrímhfhear ceóil ar Ghittit, Psalm
do mhacaibh Córah,


L. Sl84:1


Cred é a gheanamhla hionad
suighe, a Thighearna na slógh?


L. Sl84:2


Atá manam fonnmar, a-
gus mar an ccédna ag meir-
tniughadh re dúil a ccúirtibh an Ti-
ghearna: gáirigh mo chroidhe agus
mfeóil amach chum an Dé bhí.


L. Sl84:3


Fós dogheibh an gealbhonn féin
tigh, agus anáinléog nead di féin
mar a ccuireann a hóigéin: haltórachsa,
a Thighearna na slógh, mo Rígh
agus mo Dhía.


L. Sl84:4


O is sona an drong noch áit-
reabhus ann do thigh do ghnáth, molfaid
thú a ccomhnuighe.


L. Sl84:5


Is sona an nduine agá bhfuil a
neart ionnadsa, a bhfuil a shlighe ad chroidhe.


L. Sl84:6


Noch ag gabháil thríd ghleann Bac-
ca, doníd é amhuil tiubruid, agus
líonuidh fós anfearthuinn na locháin.


L. Sl84:7


Imthighid ó neart go neart, dochífí-
ghear gach aon a lathair Dé a Sion.


L. Sl84:8


A Thighearna, a Dhé na slógh,
cluinn murnuigh: tabhair éisdeacht, a Dhé
Iacob.


L. Sl84:9


A Dhé ar scíath dearc, agus
feuch ar aghaidh hungthaigh féin.


L. Sl84:10


Oír is férr lá ann do chúirtibhsi
ná míle; dobférr leam bheith am dhoir-
seóir a ttigh Dé, ná bheith am chomhnuidhe
a bpáillíun an chiontuigh:


L. Sl84:11


Oír is grían, agus scíath an Tigh-
earna Día: dobhéraidh an Tighearna
grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé
maith ón luchd do shiubhlus go díreach.


L. Sl84:12


A Thighearna na slógh, is sona
an duine chuirios a dhóigh ionnadsa.


L. Sl85


Psalm 85



Don phrímhfhear ceóil, Psalm do mhacaibh
Córah.


L. Sl85:1


A Thighearna, dobhí tú fabhar-
thach dot dhúthaigh, thug tú
ar ais bráighdionas Iácob.


L. Sl85:2


Do mháith tú coirthe
do phobail: dfoluigh tú a bpeacadh uile.


L. Sl85:3


Do tharruing tú leachd do dhíbhfhearg
uile, dfillis ó theas thfeirge.


L. Sl85:4


Iompóigh sinn, a Dhé ar shlánuigh-
the, agus coisg thfearg ar naghaidh.


L. Sl85:5


An mbía tú feargach go bráth rinn?
an mbía thfearg ar congmháil ó ghinea-
lach go ginealach?


L. Sl85:6


Nach dénair sinne bhéoghudh arís,
ionnus go ndénaid do dhaoine lúathgháire
ionnad.


L. Sl85:7


Taisbéin do thrócaire dhúinn, a
Thighearna: agus tabhair do shlánughadh
dhúinn.


L. Sl85:8


Cluinfiod cred adéras Día an
Tighearna: óir laibheoruidh sé síothcháin
réna dhaóinibh, agus réna naomhuibh;
iondus nach bhfillfid arís chum éigcrío-
nachd.


L. Sl85:9


Atá a shlánughadh go deimhin a
ngar don lucht air a bhfuil a eagla: go
náitrighiodh glóir ann ar ndúithche.


L. Sl85:10


Tárla trócaire agus fírinne ré
chéile: do phógadar anfíréntacht agus
an tsíothcháin ar oile.


L. Sl85:11


Fásaigh fírinne as an ttalamh,
agus féuchuidh anfíréntachd anuas ó
neamh.


L. Sl85:12


Dobhéura an Tighearna mar an
ccédna maith; agus dobhéra ar bhfearann
a thoradh.


L. Sl85:13


Rachaidh ceart ós coinne a aigh-
the, agus cuirfidh sinne a slighe a chois-
céime.


L. Sl86


Psalm 86



Urnaigh Dháibhi.


L. Sl86:1


Cláon do chlúas anuas, a Thi-
ghearna, cluin mé: óir a-
táim bocht, agus uireasbhach.


L. Sl86:2


Coimhéd manam, óir a-
táim náomhtha: ó mo Dhía, sáor do
sherbhíseach, noch chuirios a dhóigh ionnad.


L. Sl86:3


Dén trócarie orum, a Thighearna:
óir is chugadsa ghairm air feadh an láoi.


L. Sl86:4


Gáirdigh anam do sherbhísigh: óir
is chugadsa, a Thighearna, thógbhuim sú-
as manam.


L. Sl86:5


Oír tusa, a Thighearna, atáoi
maith agus maithfeach: agus ro
thróchaireach don luchd ghairios ort.


L. Sl86:6


Tabhair éisdeachd, a Thighearna, dom
urnaigh; tabhair aire do ghuth mo ghea-
ráin.


L. Sl86:7


A ló mo bhuáidheartha gairfiod
ortsa: óir freagora thú mé.


L. Sl86:8


Ní bhfuil do shamhuilse a measc na
ndée, a Thighearna: agus ní bhfuilid
neithe cosmhuil red oibreachaibh.


L. Sl86:9


Tiocfaid na huile chineadhacha
dorinnis, agus dodhénaid adhra ós do
choinne, a Thighearna: agus dodhénaid
hainm do ghlórughadh.


L. Sl86:10


Oír is mór thusa, agus donír
neithe iongantacha: is tú féin Día
amháin.


L. Sl86:11


Teagaisg dhamh, a Thighearna,
do shlightheacha, agus siubhólad ann thfí-
rinne: coimhcheangail mo chroidhe chugadsa
deaglughadh hanma.


L. Sl86:12


Molfad thú, a Thighearna mo
Dhía, rem uile chroidhe, agus dodhé-
nad hainm do ghlórughadh go bráth.


L. Sl86:13


Oír is mór do thrócaire orumsa,
agus dfúascail tú manam ó ifri-
onn íochdarach.


L. Sl86:14


O a Dhé, déirghiodar na huáibh-
righ súas am aghaidh, agus díarradar
coimhthionól na bhfoiréignioch manum, a-
gus níor chuireadar thusa as a ccomhar.


L. Sl86:15


Acht atá tusa, a Thi-
ghearna Día, trócaireach grásamhuil, ag
fulang a bhfad, agus lán do thró-
caire, agus dfírinne.


L. Sl86:16


Féuch orum, agus dén trócaire
orum: tabhair do neart dot sheirbhíseach,
agus tárthuigh mac hinneilte.


L. Sl86:17


Dén riomsa comhartha chum maithe-
sa, agus faicdís sin an luchd fhúathuighios mé,
agus bíodh náire orra: do bhrígh, a Thi-
ghearna, gur chuidigh tusa leam, agus
go ttugais meisneach dhamh.


L. Sl87


Psalm 87



Psalm no Caintic do chloinn Córah.


L. Sl87:1


A bhunáit féin annsna sléibh-
tibh naomhtha,


L. Sl87:2


Is ionmhuin le Día gea-
tadha Sion ós cionn ionad
suighe Iácob uile.


L. Sl87:3


Is glórmhar na neithe labharthar
ortsa, a chathair Dé.


L. Sl87:4


Laibheorad air Rahab, agus air
Bhabilón ris an luchd darbaithne mé;
dearc Palestína, agus Tírus, maille
ris a Netiópia: annsin dorugadh
an fearso.


L. Sl87:5


Agus a ttáobh Shion adérthár,
dorughadh an fearso agus an fear úd
innte, agus an té is ro áirde daingneocha
sé í.


L. Sl87:6


Comháirfigh an Tighearna an tan
scríobhthus sé na poibleacha, dorugadh
an fearsa annsin.


L. Sl87:7


Na canntairighe air aon, agus an
luchd seanma; biáidh mo uile thoibreacha
ionnadsa.


L. Sl88


Psalm 88



Caintic no Psalm do chloinn Córah, don
phrímhfhear ceóil air Mahalat-leannot,
psalm teagaisg Heman an Tesrahí-
teach.


L. Sl88:1


A Thighearna, a Dhé mo shlánuigh-
the, do ghoir mé do ló agus
doidhche air haghaidh.


L. Sl88:2


Tigeadh múrnaigh dot la-
thair, claón anuas do chluas
chum méighmhe.


L. Sl88:3


Oír atá manam líonta lé hol-
caibh: agus atá mo bheatha ag tarruing
a ngar difrionn.


L. Sl88:4


Aírighthear mé maráon ris an luct
théid síos annsa log: atáim mar dhuine
ann nach bfuil neart ar bith.


L. Sl88:5


Sáor a measc na marbh, mar na
mairbh atá na luighe annsanuáidh, air nach
ccuimhnighionn tusa nísa mhó: noch do
gearradh amach le do láimhse.


L. Sl88:6


Do chuiris mé annsa log íochdarach,
a ndorchadus, annsna háitibh doimhne.


L. Sl88:7


Is orumsa chomhnuigheas do dhíbhfhearg,
agus do bhuáidhris mé red uile thonnuibh.


L. Sl88:8


Do áthraidh tú a bhfad uáim mo
luchd cumuinn: dorinnis am úathbhás dóibh
mé: atáim ar míadhagh astigh, agus ní
fhédam teachd amach.


L. Sl88:9


Doní mo shúil doilghios buáidhear-
tha: do ghoirios ortsa, a Thighearna,
ar feadh an laói, do shíneas amach mo lámha
chugad.


L. Sl88:10


A ndéna tú do na marbhuibh ion-
gnadh? a ndéireochuidh an drong fuáir
bás dot mholadh?


L. Sl88:11


An bhfoillseochthar do thrócaire
san nuáidh? thfírinne a ndíothlaithriu-
guadh?


L. Sl88:12


Anaitheontar hobair iongantach
annsa dorchadas? thfíréntáchd a dtalamh
an dearmaid?


L. Sl88:13


Acht misi, do ghoireas chughadsa,
a Thighearna, tiucfa murnaigh ar
maidin ós do choinne.


L. Sl88:14


A Thighearna, cred fa tteil-
gir seachad manam? cred fa bhfolchann
tú haghaidh orum?


L. Sl88:15


Duine bocht troithlighe misi óm
óige: fuilngim húathbhássa, atáim air
mo bhuáidhreadh.


L. Sl88:16


Dochuáidh thfearg aidhmhéil
thorum, do ghearradar húathbháis amach
mé.


L. Sl88:17


Do ghabhadar am thimcioll amhuil
uisge ar feadh an laói, thangadar go
croinn anéinfheachd am thimcioll.


L. Sl88:18


Do áthruigh tú a bhfad uáim fear
grádha, agus cara, agus an lucht
darbhaithne mé a ndorchadas.


L. Sl89


Psalm 89



Psalm teagaisg Etan an Tesrahíteach.


L. Sl89:1


Canfad trócaire an Tighearna
go bráth: foillseochad thfí
rinne lém bhéul ó ghinealach
go ginealach.


L. Sl89:2


Oír adubhairt mé, cuirfighear tró-
caire súas go bráth: daingneochaidh tú
thfírinne fós ansna flaithis.


L. Sl89:3


(Ag rádh) dorinneas connradh rem
daóinibh toghtha, thugas mionna dom
sheirbhíseach Dáibhi.


L. Sl89:4


Daingneochad go bráth do shliochd,
agus suidheochad do chathaóir ríogha ó
ghinealach go ginealach.


L. Sl89:5


Agus molfaid na flaitheamhnuis
hoibreacha iongantacha, a Thighearna:
thfírinne fós a ccomhthionól na náomh.


L. Sl89:6


Oír cía annsa spéir is féidir do
chomóradh ris an TTighearna? cía is
cosmhuil ris an TTighearna a measc chloinne
na neartmhar?


L. Sl89:7


Is cóir eagla do bheith roimhe Dhía
accoimhthionól a naomh go romhór: agus
modh do thabhairt dó ós cionn a bhfuil na
thimchioll.


L. Sl89:8


A Thighearna a Dhé na slógh, cía
atá cosmhuil riot? Tighearna ro chumhachd-
ach, agus atá thfírinne ad thimchioll
fagcuáirt.


L. Sl89:9


Riaghluidhe tú úabhar na mara,
an tan bhíd a tonna ar dtógbháil súas,
suáimhnigh tú íad.


L. Sl89:10


Do bhris tú Rahab amhuil duine
arna sháthadh thríd; lé láimh do neirt
do spréidh tú do naimhde.


L. Sl89:11


Is leatsa na flaitheamh-
nuis, agus fos is leacht an talamh:
an saoghal agus a iomláine sin do shui-
ghidh tusa íad.


L. Sl89:12


Do chruthaidh tú budh thuáidh a-
gus budh dheas: Tábor agus Hermon
dodhénaid lúathgháire ann hainm.


L. Sl89:13


Atá righ neartmhar agad,
is láidir do lámh agus is árd do dheas-
lámh.


L. Sl89:14


Ceart agus breitheamhnus is
suigheadh dot chathaóir ríogha: rachaidh
trócaire agus fírinne ós coinne haighthe.


L. Sl89:15


Is sona na daóine darbaithne
anfuáim gháirdeach: a Thighearna, siubhol-
uid a solus do ghnúise.


L. Sl89:16


Dodhénaid gáirdeachus ann hainmse
air feadh an laói, agus ann thfíréndachd
áirdeochthar íad.


L. Sl89:17


Oír is tusa glóir a neirt,
agus ann thfadbhar áirdeochthar ar
nadharc.


L. Sl89:18


Oír is ón Tighearna atá
ar scíath, agus isé ar Rígh áon náomhtha
Israel.


L. Sl89:19


Annsin do labhair tú a ttaidhbhsi
red náomhuibh, agus dubhairt tú, do chuir
mé furtachd ar dhuine chumhachdach, dárduigh
mé neach toghtha as an bpobal.


L. Sl89:20


Fuáir mé Dáibhi mo sherbhíseach;
rem ola náomhtha dunguidh mé é.


L. Sl89:21


Le a mbiaidh mo lámh go
diongmhalta, neartochaidh fós mo
righ é.


L. Sl89:22


Ní dhéna an námhaid foiréigin air;
ná mac an chorbaidh a bhuáidhreadh.


L. Sl89:23


Agus claóidhfiod a eascáirde
da lathair féin; agus cráidhfiod an lucht
agá bhfuil fúath air.


L. Sl89:24


Acht béid mfírinne agus mo thró-
caire leision, agus áirdeochthar a adharc
ann mainm.


L. Sl89:25


Cuirfiod a lámh mar an ccédna
annsa muir: agus a lámh dheas annsna
haibhnibh.


L. Sl89:26


Goirfidh sé chugamsa, a a-
thair is tusa mo Dhía, agus carraic
mo shlánaighthe.


L. Sl89:27


Mar an gcédna dodhéna mé
eision na chéidghin, niós áirdhe ná Ríghthe
na talmhan.


L. Sl89:28


Go bráth choinneochad mo thró-
caire dhósan, agus biáidh mo cunnradh fír-
inneach dhó.


L. Sl89:29


Agus suigheochad a shíol go
bráth, agus a chathaoir ríogha mar láethe
fhlaitheamhnuis.


L. Sl89:30


Má thréigid a mhic mo dhligheadh, a-
gus nach siubholuid an mo bhreitheamh-
nus;


L. Sl89:31


Má thruáillid mo sheachda, agus
nac ccoimhéduid maitheanta:


L. Sl89:32


Tiucfadsa annsin dféuchuin a
sáruighthe ris an tslait, agus a ccor-
badh le buillighibh.


L. Sl89:33


Thairis sin ní bheanfa mé mo
thrócaire dheision, agus ní dhénad bréug
anaghaidh mfírinne.


L. Sl89:34


Ní thruáillfiod mo chunnradh, a-
gus ní áithreochad an ní docuáidh amach
as mo bhéul.


L. Sl89:35


Thugas mo mhionna aonuair dar
mo naomhthacht nach dénuinn brég re Dáibhi.


L. Sl89:36


Biáidh a shliochd go bráth, agus
a chathaóir ríoghdha mar na neamha ós mo
choinne.


L. Sl89:37


Biáidh sé arna dhaingniughadh go
bráth mar an ngealuidh, agus mar fiagh-
nuise fhírinnigh annsanaíer.


L. Sl89:38


Acht do thréigis, agus do
dhiúlt tú, dobhí tú ro fheargach red
ungthach.


L. Sl89:39


Do bhris tú cunnradh do sherbhí-
sigh, do thruáilligh tú a choróin, da
teilgion chum na talmhan.


L. Sl89:40


Do bhris tú fós a fhálta uile,
agus do theilghis síos a dhaingne.


L. Sl89:41


Gach a ngabhann an tslighe, creachaid
é: is imdheargadh é dá chomharsanaibh.


L. Sl89:42


Dárduigh tú lámh dheas a námhad,
do gháirdigh tú a naimhde uile.


L. Sl89:43


Do iompoighis fós fáobhar a
chloidhimh tar ais, agus ní thugais air
seasamh annsa chath.


L. Sl89:44


Thugais air a dhélradh cosg,
agus do theilg tú a chathaoir ríogha go
talamh.


L. Sl89:45


Do ghearraidh tú láéthe a óige,
dfoluigh tú é le náire.


L. Sl89:46


Cá fad fhoileochus tú thú féin,
a Thighearna, an go bráth? an loisg-
fidh thfearg mar theine?


L. Sl89:47


Cuimhnigh cred fad mo ré, cred
far chruithighis a ndíomháoineas síol A-
dhaimh uile.


L. Sl89:48


Cía hé an duine mhairios, agus
nach bhfaicfe an bás? an shaorfa sé
a anam ó láimh ifrinn?


L. Sl89:49


Cáit a bhfuilid do thrócairidhe
roimhe so, a Thighearna, noch do mhionn-
uighis do Dháibi ann thfírinne.


L. Sl89:50


Cuimhnigh, a Thighearna, scannail
do sheirbhíseach, noch iomchruim ann mo bhrol-
lach ónuile chineadh mhór;


L. Sl89:51


Re ar imdheargadar do naimhde,
a Thighearna, ler imdheargadar cois-
céime hungthaidh.


L. Sl89:52


Go madh beannaigh bhías an Thighear-
na go bráth. Amen, agus Amen.


L. Sl90


Psalm 90.



Urnaigh Mhaóise ógluich Dé.


L. Sl90:1


A Thighearna, dobhí tú ad ionad
chomhnuigh dhúinne ó ghinealach go
ginealach.


L. Sl90:2


Suil rughadh na sléibhthe,
agus suil ar chum tusa an talamh, a-
gus an sáoghal, go deimhin ó shíorruigh-
eacht go síorruigheachd atá tú ad Dhía.


L. Sl90:3


Iompoigh tú an duine díomhaóin chum
a mhillte, agus adeir tú, filligh a
chlann Adhaimh.


L. Sl90:4


Oír míle blíadhan tair éis
dul thort, atáid ad radharcsa mar
an lá ané, agus mar anfaire
annsanoidhche.


L. Sl90:5


Beiridh tú leachd íad amhuil
re sruth, atáid mar bu na ccod-
ladh: ar maidin atáid mar fhéur do
chlodh.


L. Sl90:6


Ar maidin bláithigh sé, a-
gus cláochloidh sé; trathnóna
géarthar síos é, agus críonuidh
sé.


L. Sl90:7


Oír meathamaoid ann thfeirg, a-
gus atamaoid ar mbuáidhreadh ann do
dhíbhfheirg.


L. Sl90:8


Do chuir tú ar ccionta ós do
choinne, ar bpeacuidhe foluigheacha ós coinne
sholus do ghnúise.


L. Sl90:9


Oír dochuadar ar láethe uile thoruinn
ann do dhibhfheirgsi, caithmíd ar mblíadh-
na mar sgéul.


L. Sl90:10


Láethe ar mbliadhna, is deich
mbliadhna agus trí fithchid íad; a-
gus má bhid tre neart, ceithre fith-
chid, is saothar agus diomhaoineas
a neart: óir gérrthar amach é go deith-
niosach, agus teithmíd romhuinn.


L. Sl90:11


Cía darbaithne neart thfeirgesi, nó
do dhibhfheirge do réir heagla?


L. Sl90:12


Teagaisg dhúinn ar laethe dái-
riomh, iondus go ttugam chugainn croidhe
eagnuighe.


L. Sl90:13


Iompóigh, a Thighearna, ca fad,
agus bíodh aithreachus ort a ttáobh do
sheirbhíseach.


L. Sl90:14


Sásaidh sinn go moch red thró-
caire, agus dodhénam lúathgháire agus
gáirdeachus air feadh ar sáoghail.


L. Sl90:15


Tabhair fa deara dhúinn gáirdeachus
do dhénamh do réir na laetheadh ionas
bhuaidhir tú sinn, agus na mblíadhan
iona bhfacamar olc.


L. Sl90:16


Taisbeanntar hobair dot sheir-
bhíseachaibh, agus do ghlóir dá ccloinn.


L. Sl90:17


Agus bíodh scéimh an Tighear-
na ar Ndé oruinn; agus daingnidh
oibreacha ar lámh oruinn; saothair cheana
ar lámh daingnídhsi sin.


L. Sl91


Psalm 91.


L. Sl91:1


An té áitighios anuaignios
an té is ro áirde, dodhéna
sé comhnuidhe ar scáth anui-
lechumhachtuigh.


L. Sl91:2


Adérad a ttaobh an Ti-
ghearna; mo dhídean, agus mo dhaingi-
on; mo Dhía, cuirfiod mo dhóthchus
ann.


L. Sl91:3


Go deimhin sáorfa sé thusa ó
líon anfíaghaidh, ón phláigh nimhnigh.


L. Sl91:4


Rena sciathán foileochaidh sé
thú, agus fána sciathánaibh chuirfios
tú do dhóthchus: is scíath, agus buicléir
a fhírinne.


L. Sl91:5


Ní bhía faitchios ort air eagla na
hoidhche, air eagla na soighde eitiollas
san ló:


L. Sl91:6


On phláigh noch shiubhlas annsa dor-
chadus, nó ón dioghaltas noch shiubhlas
san meadhón laói.


L. Sl91:7


Tuitfid míle ré do tháobh, agus
deich míle ar do láimh dheis; ní thiuc-
fa sin ad gharsa.


L. Sl91:8


Amháin lé do shúilibh dochífe tú,
agus dochífir luáidheacht na neimhdhía-
dhach.


L. Sl91:9


Oír don Tighearna, mo dhaingion-
sa, don té is ro áirde dorinne tú
hionad comhnuidhe.


L. Sl91:10


Ní bheanfa áonolc riot, agus
ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot
pháilíun.


L. Sl91:11


Oír cuirfe se dúalach air a
ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéd ann
do shlighthibh uile.


L. Sl91:12


Iomchoruid thú ann a láimh: deag-
la go mbeanfadh do chos ré cloich.


L. Sl91:13


Sailteorair air an leomhan, agus
air an mbasilisc: dodhénair saltairt air
an leomhan óg, agus air an ndragún.


L. Sl91:14


Do bhrígh go bhfuil grádh aige o-
rumsa, saorfa mé é: áirdeochad é, do
bhrígh gó ráibh fios manma aige.


L. Sl91:15


Goirfe sé orum, agus cluin-
fé misi é: atáimse aige iona bhuaidh-
readh, dodhénad a sháoradh, agus a
ghlórughadh.


L. Sl91:16


Dodhénad a ríar le fad laétheadh,
agus foillseochad mo shlánughadh dhó.


L. Sl92


Psalm 92



Psalm, agus caintic do lá na Saóire.


L. Sl92:1


Is maith admháil do dhénamh don
Tighearna, agus sailm do
chanadh dot ainm, ó thusa is
ro áirde:


L. Sl92:2


Dfoillsiughadh do trócaire air mai-
din, agus tfírinne annsna hoidhcibh.


L. Sl92:3


Air adhbha dheich ttéd, agus air an
tsailmcheolach, agus air an ccláirsigh,
re guth árd.


L. Sl92:4


Oír dorinne tú lúathgháireach mé,
a Thighearna, le hobairse: dodhén gáir-
deachus a ngníomhuibh do lámh.


L. Sl92:5


Cred é méd hoibreach, a Thighear-
na? mar a ndubhaigén atáid do smu-
aintighe.


L. Sl92:6


Ní haithne do dhuine bhrúideamhuil,
agus ní thuigionn amadán so.


L. Sl92:7


Anuáir fhásaid na ciontaidh mair
an bhféur, agus bhláithighid uile lucht
oibrighthe na hurchóide; is annsin scri-
ostar íad go síorruidhe.


L. Sl92:8


Acht atá tusa árd go bráth, a
Thighearna.


L. Sl92:9


Oír féuch do naimhde, a Thighear-
na, óir féuch do naimhde, meithfid síad:
spréidhfior lucht oibrighthe na hurchóide
uile.


L. Sl92:10


Agus áirdeochthar madharcsa
mar Unicorn: ungfuighear mé ré hola úir.


L. Sl92:11


Agus dochífe mo shúil (mo mhían)
air mo naimhdibh; cluinfid mo chlúasa na
ciontuigh éirghios am adhuigh.


L. Sl92:12


Bláithfigh an fíréun mar chrann
pailme, mar chrann Sédair a Lebanon fás-
fuidh sé.


L. Sl92:13


An lucht phlannduighthear a ttigh
an Tighearna, bláithfid siad a ccúirtibh
ar Ndénne.


L. Sl92:14


Dobhéraid fós toradh úatha
anaóis léith, méith agus úr bhéid síad:


L. Sl92:15


Dfoillsiughadh go bhfuil mo Thi-
ghearna, mo charraic, ceart, agus nach
bhfuil éigceart ar bith ann.


L. Sl93


Psalm 93


L. Sl93:1


Atá an Tighearna a ríoghacht,
atá sé arna éudughadh ré
mórdhachd: atá an Tighear-
na arna éudughadh ré neart,
do chreasruigh sé é féin:
atá an sáoghal fós arna dhaingniughadh,
go nach féidir a chorrughadh.


L. Sl93:2


Atá do chataóir ríogha arna
daingniughadh anallód: ó shíorruigheachd
atá tusa.


L. Sl93:3


Do thógbhadar na tuilte súas,
a Thighearna, do tógbhadar na tuillte
súas a nguth: tóigfid na tuilte súas
a ttonna.


L. Sl93:4


Os cionn ghotha na nuisgeadh mór
nuathbhásach, ós cionn mhonghair na mara,
is úathbhasach ós áird atá an Tighearna.


L. Sl93:5


Atáid thfíaghnuiseadh ro dhearbhtha:
is dot thigh is iomchubhuidh naómhthacht go
bráth, a Thighearna.


L. Sl94


Psalm 94


L. Sl94:1


O a Thighearna Día, dar dúal
dioghaltas: ó a Dhé dar
dúal dioghaltas, déalraidh
amach.


L. Sl94:2


Tóig thú féin súas, a bhreithimh na
talmhan, tabhair luáigheacht donuáibhreach.


L. Sl94:3


Cá fad dodhénas an ciontach, a
Thighearna, a cá fad dodhénas an cion-
tach caithréim?


L. Sl94:4


(Ca fad) bhiáidh síad ag lúadh,
agus ag labhairt neithe cruaidhe? cá
fad bhiáid síad ag síorchaint an mhéid
oibrighios égceart?


L. Sl94:5


Brúighid síad do dhaoine, a Thi-
ghearna, agus buáidhrid síad hoighreachd.


L. Sl94:6


Marbhuid síad an bhaintreabhach,
agus an duine coigríche, agus doníd
feall air an ndílleachda.


L. Sl94:7


Agus adeirid síad, ní fhaicfe
an Tighearna sin, ní thuigfidh Día Iá-
cob é.


L. Sl94:8


Tuigidhe, a bhrúideamhla a measg na
ndaóine, agus sibhsi a dhaóine leamha,
cá huáir bheithíse eagnuighe?


L. Sl94:9


An té shuighios an chlúas, nach
ccluinfe sé? an té chumas an tsúil,
nach bhfaicfidh sé?


L. Sl94:10


An té smachduighios na cineadhacha,
nach ttiubhraidh sé achmhusan uádh?
an té mhúinios éolus don duine, (nach
bía a fhios aighe?)


L. Sl94:11


Is aithne don Tighearna smuáin-
tighe an duine, gur díomhaóineas íad.


L. Sl94:12


Is sona an duine, a Thi-
ghearna, noch smachduighios tusa, agus
mhúineas tú as do dhligheadh;


L. Sl94:13


Do thabhairt suaimhnis dó a láethibh
anuilc, nó go ttochaltar poll don chion-
tach.


L. Sl94:14


Oír ní theilgfidh an Tighearna
a dhaoine féin úadh, agus ní thréig-
fidh sé a oighreachd.


L. Sl94:15


Oir fillfidh breitheamhnus chum
ceirt, agus leanfuid anuile dhíreach a
ccroidhe é.


L. Sl94:16


Cía éireochus súas ar mo shonsa
anaghaidh luchd dénta anuilc? cía
chuirfios é féin air mo shon anaghaidh
luchta oibrighthe na hégcóra?


L. Sl94:17


Acht muna bheith go raibh an
Tighearna na chungnamh agam, ní mór
nach bíadh manam san nuáidh.


L. Sl94:18


Anuáir adubhras, scior-
ruidh mo chós: do chonnaimh do thrócaire
súas mé, a Thighearna.


L. Sl94:19


Aniomad mo smuáintighthe io-
nnam astigh do thaitnighiodar do
chomhfhurtachda rem anam.


L. Sl94:20


An mbía cumann riotsa ag ca-
thaóir na hurchóide, noch chumas éigceart
re dligheadh?


L. Sl94:21


Coimhcheanglaid íad féin ana-
ghaidh anma anfíréin, agus damnuighid
an neimhchiontach.


L. Sl94:22


Acht biáidh an Tighearna mar
chumhdach agamsa, agus mo Dhía mar
charraic mo dhídin.


L. Sl94:23


Agus fillfe sé orra féin a
gcionta, agus ann a nurchóid gérr-
fa sé amach íad, scriofa an Thigh-
earna ar Ndía íad.


L. Sl95


Psalm 95


L. Sl95:1


Tagaidh, dénam lúathgáire chum
an Tighearna, dénam fuáim
gháirdeach do charraic ar
slánuighthe.


L. Sl95:2


Tagam do lathair a aighthe ré ta-
bhairt buidheachuis, agus dénam fuáim
lúathgháireach chuige ré Salmuibh.


L. Sl95:3


Oír is Día mór an Tighearna, a-
gus Rígh mór ós cionn na nuile dhée.


L. Sl95:4


Iona láimh atáid uile áite doimh-
ne na talmhan, agus áirde na ccnoc
iona chumhachtuibh.


L. Sl95:5


Is leis an mhuir, agus é féin
dorinne í, agus do chumadar a lámha
an fearann tirim.


L. Sl95:6


Tagaidh, dénam adhra, agus
cláonam: filliom ar nglúine ós coinne
an Tighearna ar ccruthuigheóir.


L. Sl95:7


Oír is eision ar Ndía, agus
sinne pobal a innbhir, agus caóirigh a
lámh: aniugh má éistighe a ghuth,


L. Sl95:8


Ná cruáidhighe bhur ccroidhe,
mar dorinneabhair a Meribah, amhuil is a
ló Massah san bhfásach.


L. Sl95:9


Mar ar chuireadar bhur naithre
cathughadh orum, do dhearbhuigheadar mé,
agus dochonncadar moibreacha.


L. Sl95:10


Dobhí mé dhá fhithchiod blíadhan
air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso,
agus adubhras, is pobal seachránach
a gcroidhe íad, agus níorbhaithne
dhóibh mó shlightheacha.


L. Sl95:11


Dar mhionnuighios ann mfeirg,
nach rachaidís asteach dom shuaimhneas.


L. Sl96


Psalm 96


L. Sl96:1


Canuigh don Tighearna cain-
tic núadh: canuigh don Ti-
ghearna a thalamh uile.


L. Sl96:2


Canuidh don Tighearna,
beannuighidh a ainm: foillsighidh a shlá-
nughadh ó ló go ló.


L. Sl96:3


Innsighidh a mheasg na ngeinteadh a
ghlóir: a ionganta a measg na nuile
phoibleach.


L. Sl96:4


Oír is mór an Tighearna, agus
is ionmholta go hiomarcach, is ineagla
é tair na huile dhée.


L. Sl96:5


Oír is iodhail uile dhée na ndaóine,
acht isé an Tighearna dorinne na neamh-
dha.


L. Sl96:6


Atá glóir agus dathamhlachd ós a choinne:
atá neart agus scéimh iona shanctóir.


L. Sl96:7


Tuguidh don Tighearna, a chinéul
na bpoibleach, tugaidh don Tighearna
glóir agus neart.


L. Sl96:8


Tugaidh don Tighearna glóir dhá
ainm, tugaidh ofráil, agus tagaidh
asteach iona chúirtibh.


L. Sl96:9


Adhraidh an Tighearna a scéimh a
náomhthachda: bíodh eagla oruibh roimhe, a
thalamh uile.


L. Sl96:10


Abraidhe a measg na ngeinteadh,
atá an Tighearna a rioghacht: dain-
gneochar fós an domhan, go nach ccor-
róchar é: dodhéna sé breitheamhnus air na
poibleachaibh a bhfíréuntachd.


L. Sl96:11


Déindís na flaitheamhnuis gáir-
deachus, agus bíodh lúathgháire air an
ttalamh: dénadh an mhuir búireadh, agus
gach a bhfuil inte.


L. Sl96:12


Lingiodh an magh le lúathgháire,
agus a bhfuil ann: annsin lúathgháirfid
croinn na coilleadh,


L. Sl96:13


Os coinne aighthe an Tighearna;
óir atá sé ag teacht, ag teacht do
dhénamh breitheamhuis air an ttalamh:
dobhéra sé breith air a tsaoghal a bhfír-
éuntachd, agus air na daóinibh iona fhí-
rinne féin.


L. Sl97


Psalm 97


L. Sl97:1


Atá an Tighearna a rioghacht,
bíodh lúathgháire air an tta-
lamh: dénadh aniomad oiléun
gáirdeachus.


L. Sl97:2


Atá néulla agus dorcadus
faccuáirt na thimchioll: fíréuntachd agus
breitheamhnus is áit da chathaóir ríogha.


L. Sl97:3


Téid teine roimhe, agus loisgfe
sí a naimhde faccuairt na thimchioll.


L. Sl97:4


Do shoillsigh a thinteach an domhan,
dochonnairc an talamh sin, agus do chriothnuigh
sé.


L. Sl97:5


Dobhádar na sléibhte ar leaghadh
amhuil céir air aghaidh an Tighearna: ar
aghaidh Tighearna na talmhan uile.


L. Sl97:6


Foillsighid na flaithis a fhíréun-
tachd, agus dochíd na daóine uile a ghlóir.


L. Sl97:7


Go madh claóidhte bhéid síad
uile, noch doní seirbhís díomháigh ghrá-
bhálta, noch doní íad féin aidhbhéil as
iodhalaibh: cláonuidh sibh féin dó, a
dhée uile.


L. Sl97:8


Dochúaluidh Sion, agus dobhí
lúathgháireach: dorinneadar inghiona Iú-
dah subhachus, do bhrígh do breitheamhnuis,
a Thighearna.


L. Sl97:9


Oír atá tusa, a Thighearna, árd
ós cionn na talmhan uile, atá tú
ar hárdhughad go mór ós cionn na nuile
dhée.


L. Sl97:10


A dhream lerbionmhuin an Tigh-
earna, fuathuighesi an tolc: coimhéud-
uigh sé anmanna a náomh, sáoruidh sé íad
as láimh an pheacaidh.


L. Sl97:11


Do síoladh solus donfíréun, a-
gus lúathgháire do díreach a ccroidhe.


L. Sl97:12


Lúathgháirighidh annsa Tighearna,
sibhsi a fhíréuna, agus moluidh cuimhne
a náomhthachda.


L. Sl98


Psalm 98


L. Sl98:1


Canuidh don Tighearna caintic
nuadh: óir dorinne sé neithe
iongantacha: do thárthaidh a
lámh dheas, agus a righ náomh-
tha é féin.


L. Sl98:2


Do chuir an Tighearna a shlánu-
ghadh anumhail; a radharc na ccineadhach
dfoillsigh sé a fhíréuntachd.


L. Sl98:3


Do chuimnigh sé a thrócaire, agus a
fhírinne do thigh Israel: dochoncadar
téoranna na talmhan uile slánughadh ar
Ndéne.


L. Sl98:4


Dén fuáim lúathgháireach chum an
Tighearna, a thaluimh uile; dén fuáim
thaighiúir, dhén gáirdeachus, agus can salm.


L. Sl98:5


Canuigh chum an Tighearna ris an
ccláirsigh; ris an gcláirsigh, agus ré
guth salm.


L. Sl98:6


Re trumpadhuibh, agus ré guth
an chornet dénaidh fuaim lúathgháireach ós
coinne an Tighearna an Rígh.


L. Sl98:7


Dénadh an mhuir mongar, agus a
hiomláine, an sáoghal agus an dream
chomhnuighios ann.


L. Sl98:8


Buáilidís na haibhne a mbasa fa
chéile, dhéindís na sléibhte lúathgháire,


L. Sl98:9


Os coinne an Tighearna: óir atá
sé ag teachd do bhreith breithe air an tta-
lamh: dodhéna sé breitheamhnus air an tta-
lamh ré fíréuntachd, agus air na poibleachaibh
ré ceart.


L. Sl99


Psalm 99


L. Sl99:1


Atá an Tighearna a rioghachd,
bíodh criothnughadh air na poib-
leacha: suighe sé idir na Che-
rubínibh, corruigheadh an ta-
lamh.


L. Sl99:2


Atá an Tighearna mór a Sion, agus is
árd eision ós cionn na nuile phobal.


L. Sl99:3


Molaidís hainm mór úathbhásach:
óir is náomhtha é.


L. Sl99:4


Agus is ionmhuin ré neart an Rígh
breitheamhnus: daingnidh tú ceart, doní
tú breitheamnus agus ceart ann Iácob.


L. Sl99:5


Arduighidh an Tighearna ar Ndía,
agus dénaidh umhla do stól a chos: óir
is náomhtha é.


L. Sl99:6


Maóise agus Aaron a measg a
shagart, agus Samuel a measg na
druinge ghoirios air a ainm: do ghoirea-
dar air an TTighearna, agus dochúala sé
íad.


L. Sl99:7


A bpiléur neóill do labhair sé ríu:
dochonncadar a fhiagnuiseadha, agus na
reachda thug sé dhóibh.


L. Sl99:8


O a Thighearna ar Ndíane, dochúa-
la tú íad: ad Dhía mhaithfeach dobhí tú
dhóibhsion, acht cheana ag dénamh dioghal-
tais air a naindlighthibh.


L. Sl99:9


Arduighidh an Tighearna ar Ndíane,
agus dénuidh umhla chum a chnuic naomtha:
óir is naomhtha an Tighearna ar Ndíane.


L. Sl100


Psalm 100.


L. Sl100:1


Deanaidh fuaim lúathgháireach
chum an Tighearna, a thalamh uile.


L. Sl100:2


Déanuidh seirbhís don Tigh-
earna re lúathgháire: tigidh
ós coinne a aighthe ré gáirdeachus.


L. Sl100:3


Bíodh a fhios agaibh gurbé an
Tighearna is Día; isé dorinne sinne, a-
gus ní sinn féin; is sinne a dhaóine,
agus caóirigh a innbhir.


L. Sl100:4


Lingidh asteach ann a gheatuighibh
maille ré tabhairt buidheachuis, iona chúir-
tibh lé moladh é, agus beannuigh
a ainm.


L. Sl100:5


Oír is maith an Tighearna; is
síorruidhe a thrócaire, agus a fhírinne ó
ghinealach go ginealach.


L. Sl101


Psalm 101.



Psalm Dháibhi.


L. Sl101


Trócaire agus breitheamhnus
chanfas mé; dhuitse, a
Thighearna, chanfas mé salm.


L. Sl101:2


Tuigfe mé a slighe iom-
láin cá huáir thiocfas tú chugam: siu-
bholad a ndíoghruis mo chroidhe a meadhón
mo thighe.


L. Sl101:3


Ní chuirfiod cúis urchóideach ar
bith ós coinne mo shúl: is beag orum
gníomhartha na ndaóine noch chláonas;
ní cheangoluidh sé dhíom.


L. Sl101:4


Deileochuidh croidhe fíochmhar leam:
ní aithneocha mé droch dhuine.


L. Sl101:5


An té scannluighios a chomharsa
ós ísiol, gérrfad eision amach: an tár-
rachta a radharc, agus an tuáibhreach a
ccroidhe, leision ní fhéduim iomchar.


L. Sl101:6


Biáid mo shúile ar dhaóinibh fírinnea-
cha na talmhan, iondus go náitreabhuid
am fhochair: an tí shiubhlus a slighe iom-
láin, is é dodhénas serbhís damhsa.


L. Sl101:7


Ní dhéna sé áitreabh an mo thigh,
noch doní cealg: an té do labhras bhré-
ga, ní dhéna comhnuidhe ós coinne mo shúl.


L. Sl101:8


Sgriosfa mé go moch uile chionntuigh
na talmhan: iondus go ngérrfa mé
amach ó chathruigh an Tighearna gach a
noibrigheann éigceart.


L. Sl102


Psalm 102



Urnaigh ar son duine bhuaidheartha, an
tan bíos sé arna shárughadh agus
dhóirtios a ghearán ós coinne an Ti-
ghearna.


L. Sl102:1


A Thighearna, cluin murnaigh,
agus tigeadh mo chomhairc chu-
gadsa.


L. Sl102:2


Ná foluigh hadhuigh orum
annso ló a mbíad a mbuáidhreadh, cláon
chugam do chlúas: annsa ló ghairfios
mé, freagair mé go lúath.


L. Sl102:3


Oír do cnaóidheadh mo láethe mar
dheatach; agus atáid mo chnámha arna
losgadh mar thinntén na teineadh.


L. Sl102:4


Atá mó chroidhe arna bhúaladh, a-
gus críon mar fhéur: óir do dhear-
maid mé marán dithe.


L. Sl102:5


Do bhrígh gotha mo chneaduigh cean-
gluid mo chnámha dom fheóil.


L. Sl102:6


Is cosmhuil mé ris an bpelicán ann-
sa díothramh: atáim mar ulchachbhan na
nuáigneas.


L. Sl102:7


Doním faire, agus atáim mar
ghealbhonn na áonar air mhullach an tighe.


L. Sl102:8


Scannluighid mo naimhde mé air feadh
an laói: an drong atá ar meire am
agaidh, atáid air a mionnuibh am a-
ghaidh.


L. Sl102:9


Oír a duáigh mé luáith amhuil a-
rán, agus do chomuisg mé mo dheoch ré
gul:


L. Sl102:10


Do bhrígh thfeirgesi agus thfio-
cha: óir do chuir tú súas mé, agus do
theilg tú síos mé.


L. Sl102:11


Is cosmhuil mé re scáile,
noch thérnuighios: agus atáim amhuil
féur ar ccríonadh.


L. Sl102:12


Acht tusa, a Thighearna, mair-
fir go síorruidhe, agus do chuimhne ó
ghinealach go ginealach.


L. Sl102:13


Eíreocha tú, dodhéna tú tró-
caire ar Shion: óir atá aimsir grása
do dhénamh uirrthe, anuáir chinte ar
tteacht.


L. Sl102:14


Oír atá dúil ag do sheirbhísea-
chaibh iona clochaibh, agus doníd tru-
áighe dá luáithreadh.


L. Sl102:15


Ionnus go mbía eagla air na geintibh
roimhe ainm an Tighearna, agus air uile
Ríghthibh na talmhan roimhe do glóir.


L. Sl102:16


Anuair chuirfeas an Tighearna
Sion súas, dochíthfighear iona ghlóir é.


L. Sl102:17


Dearcfuidh sé air urnaigh na nui-
rísiol, agus ní tharcuisnfigh sé a
nguidhe.


L. Sl102:18


Scríobhthar so don ghinealach thioc-
fas: agus na daóine chruitheochthar,
molfuid an Tighearna.


L. Sl102:19


Oír dféuch sé anúas ó áirde a
náomhthachda, dochonnairc an Tighearna ó na
neamhuibh, an talamh:


L. Sl102:20


Chum go ccluinfeadh égnach an
phríosúnaigh, go scaóileadh sé clann
an bháis;


L. Sl102:21


Dfoillsiughadh anma an Ti-
ghearna a Sion, agus a mholadh ann Ieru-
salem.


L. Sl102:22


Mar chruinneochtar na daóine
anéinfheachd, agus na rioghachda chum seir-
bhíse do dhénamh don Tighearna.


L. Sl102:23


Do bhuáidhir sé mo neart annsa
tslighe, do ghearraidh sé mo laéthe.


L. Sl102:24


Adubhairt mé, ó mo Dhía, ná
beir as mé a meadhonn mo laéthe: tré ghi-
nealach na nginealach atáid do bhlíadhna-
sa.


L. Sl102:25


O thosach do shuighidh tú bunáit
na talmhan: agus síad na flaithis oibrea-
cha gho lámh.


L. Sl102:26


Meithfid síad, acht mairfe tusa:
rachaid uile a ccaitheamh mar édach; mar
chulaidh dodhénair a malairt, agus biáid
arna niomlaóid.


L. Sl102:27


Acht is tusa an tí cédna, agus
ní críochnochthar do bhlíadhna.


L. Sl102:28


Coimhneochuid clann do sheirbhíseach,
agus daingneochar a sliochd ad fhiaghnuise.


L. Sl103


Psalm 103



Psalm Dháibhi.


L. Sl103:1


Beannuigh, ó manam, an Ti-
ghearna, agus mo íonathar
uile a ainm náomhtha.


L. Sl103:2


Beannuigh, ó manam, an
Tighearna: agus ná dearmaid a thiodh-
laicthe uile.


L. Sl103:3


Noch mhaithios do chionnta uile;
noch leighisios huile easláintighe.


L. Sl103:4


Noch fhúasglas hanam ó scrios:
noch chuirios coróin mhaitheasa agus thró-
caireadha chinéulta ort.


L. Sl103:5


Noch shásuighios do bhéul ré
maith: atá hóige arna hathnúaghadh
mar iolar.


L. Sl103:6


Doní an Tighearna ceart agus
breitheamhnus do gach áon a leathtrom.


L. Sl103:7


Dfoillsigh sé a shlightheacha
do Mhaóise, a oibreacha do clannuibh Is-
rael.


L. Sl103:8


Atá an Tighearna grásamhuil a-
gus lán do thruáighe, fad fhuilingeach,
agus diomud trócaire.


L. Sl103:9


Ní bhiáidh sé choidhche animreasuin,
ní mó chuinneochus sé a fhearg go sí-
orruidhe.


L. Sl103:10


Ní do réir ar ccionta dorinne
sé dhúinn, agus ní do réir ar néigceirt
thug sé luáidheacht dúinn.


L. Sl103:11


Acht mar atá áirde na neamh
ós cionn na talmhan, atá a oineach comh-
mór sin don lucht air a bhfuil a ea-gla.


L. Sl103:12


Comhfhad atá anáird shoir ónáird
shíar do chuir sé ar bpeacuidhe
uáinne.


L. Sl103:13


Mar bhíos truáighe ag athair
dá chloinn, is marsin atá truáighe ag
an TTighearna don lucht air a bhfuil a
eagla.


L. Sl103:14


Oír is aithne dhó ar bhfoirm,
cuimhnigh sé gur luáithreadh sinn.


L. Sl103:15


An duine, mar an bhféur atáid
a láethe, mar bhláth an mhagha is marsin
bías ag bláthughadh.


L. Sl103:16


Oír téid an gháoth thairis, a-
gus ní bhfuil sé ann, agus ní aith-
eonuidh a ionad féin é ó sin amach.


L. Sl103:17


Acht atá trócaire an Tighearna
ó shíorruidheacht go síorruidheachd air an lucht


L. Sl103:18


Don lucht choimhéudas a chunn-
radh: don lucht chuimhnighios a aitheanta
dá ndénamh.


L. Sl103:19


Do shuighidh an Tighearna a cha-
thaóir ríogha ar neamh, agus atá a rio-
ghacht ag ríaghlughadh ós cionn anuile.


L. Sl103:20


Beannuighesi an Tighearna a ain-
gle féin, noch atá árrochda a neart, ag
comhall a aitheanta; ag tabhairt aire do ghuth
a bhréithre.


L. Sl103:21


Beannuighe an Tighearna, a
shluaghsan uile, a luchd fritheóilte noch
doní a thoil.


L. Sl103:22


Beannuighe an Tighearna a oibrea-
cha uile annsanuile áit da thighearnas:
beannuigh, ó manam, an Tighearna.


L. Sl104


Psalm 104


L. Sl104:1


Beannuighe an Tighearna, ó ma-
nam: ó a Thighearna mo Dhía
atá tú ro árrachta re
honóir, agus re mórdhachd a-
tá tú éduighthe.


L. Sl104:2


Ag cur sholuis mar édach ort,
ag síneadh na bhflaitheas amach mar chúir-
tín.


L. Sl104:3


Noch chuirios annsna huisgeadhuibh a
sheomruidhe úachtaracha, noch doní
a charbad do na néulluibh, noch
shiubhlas ar sciathánuibh na gaóithe.


L. Sl104:4


Ag dénamh spiorad dá ain-
glibh: teine lasamhuil da mhinistribh.


L. Sl104:5


Noch shuighios an talamh air a
fhulangaibh, go nach ccorrochuigh é
go bráth.


L. Sl104:6


Ris a ndubhaigéan mar bhrát
dfoluigh tú é: ós cionn na slíabh do
sheasadar na huisgeadha.


L. Sl104:7


Od achmhusansa do theithiodar:
ó ghuth do thóirnighe do dheithfrigheadar
rompa.


L. Sl104:8


Tíaghaid na sléibhte súas, tigid
na gleanta anuas chum anionaid dór-
duigh tusa dhóibh.


L. Sl104:9


Do chuir tú téora cinnte, noch nach
sáireachuid síad: go nach fhillfid síad
dfolach na talmhan.


L. Sl104:10


Noch chuirios toibreacha ann sna
gleanntaibh, idir na cnocaibh siubhluid síad.


L. Sl104:11


Dobheirid deoch duile ainmhidhe an
mhachaire: coisgid na hassail fhíadh-
ta a ttart.


L. Sl104:12


Na bhfochair so chomhnuighios énlaigh
anaiéir, a measg na mbeangán dobhei-
rid a nguth.


L. Sl104:13


Fliuchuidh sé na cnuic óna sheom-
ruidhibh úachtarach: ré toradh hoibreachsa
do líonadh an talamh.


L. Sl104:14


Dobheir sé air an bhféur fhás
donáirnéis, agus an luibh chum matheasa an
duine: chum aráin do thabhairt amach as
an ttalamh:


L. Sl104:15


Noch do gháirdighios croidhe an
duine re fíon, bheir ar agaidh dheálrughadh
re hola, agus neartuighios croidhe an
duine re harán.


L. Sl104:16


Atáid croinn an Tigerna sás-
uighthe, sédair Lebanon noch do phlann-
toigh sé.


L. Sl104:17


Mar a ndénuid anénlaith a nead:
an storc, isé an crann giumhais a
thigh.


L. Sl104:18


Na chnoic árda is dídean do na
gabhraibh fíadhta, agus na cairge do na
coinínibh.


L. Sl104:19


Dorinne sé an ghealach cum aim-
siorrdhachd; is aithne don ghréin a dhul faoi.


L. Sl104:20


Cuiridh tú dorchadas, agus bi-
áidh anoidhche ann: is annsin shnáighid amach
uile bheathuigh állta na coilleadh.


L. Sl104:21


Na leomhuin ag búirfidhe chum
a gcreiche, ag íarruidh a mbídh ó Dhía.


L. Sl104:22


Eírghe an ghrían, tigid síad ar a
nais, agus luighid iona nuámhuibh.


L. Sl104:23


Rachaidh an duine amach chum
a oibre, agus chum a sháothair go
tráthnóna.


L. Sl104:24


Ca líon hoibreacha, a Thighearna?
a neagna dorinne tú íad uile: atá an
talamh lán dot shaidhbhrios.


L. Sl104:25


Anfairge fós adhbhal fhairsing, ann-
sin atá gach ní shnáighios, agus ataid
dó-áirmhe, beathuighe bheaga agus mhóra.


L. Sl104:26


Annsin imthighid na longa, an
míol mór, noch do chruthaigh tusa do
shúgradh annsin.


L. Sl104:27


Feichthid síad uile ortsa,
chum a mbeatha do thabhairt dóibh iona ham
féin.


L. Sl104:28


Dobheir tusa dhóibh é, agus
cruinnighid síad é: fosclaidh tú do lámh,
agus sásuighear íad re maith.


L. Sl104:29


Folchuigh tú hadhuigh, agus a-
táid síad buaidheartha: tairnge tú a na-
nál air a hais, agus égaid síad, agus
fillid chum a luaithrigh féin.


L. Sl104:30


Cuirir do spiorad uáid, agus
cruthuighear íad, agus athnuaidhthear a-
ghaidh na talmhan.


L. Sl104:31


Bíodh glóir an Tighearna go sí-
orruidhe? dodhénaidh an Tighearna lúth-
ghaire iona oibreachaibh.


L. Sl104:32


Féuchuidh sé air an ttalamh, agus
criothnuigh sé: beannuigh sé leis na
sléibhtibh, agus doníd deatach.


L. Sl104:33


Canfad don Tighearna an ccéin
mhairfiod: canfad salm don Tighearna
an ccéin bíad ann.


L. Sl104:34


Bu milis mo smuáintighthe dha
thaobhsan: dodhénad gáirdeachus ansa
Tighearna.


L. Sl104:35


Go scriostar na peacaich amach
as an ttalamh, agus ná raibh na cionn-
tuigh ann nios mó: beannuigh, ó manam,
an Tighearna: beannuighe sibhsi an Tighearna.


L. Sl105


Psalm 105


L. Sl105:1


Tugaidh buidheachus don Ti-
ghearna; goiridh air a ainm;
foillsighidh a measg na gcinea-
dhach a ghníomhartha.


L. Sl105:2


Canuidh dhó, canuidh psalm dhó: la-
bhruidh air a iongantuibh uile.


L. Sl105:3


Dénuidh glóir iona ainm náomhtha:
dénadh a gcroidhesion gáirdeachus noch shi-
rios an Tighearna.


L. Sl105:4


Iarruidh an Tighearna, agus a
neart: íarruidh a agaidh a gcomhnuidhe.


L. Sl105:5


Cuimhnighidh a ionganta, noch
dorinne sé, a chomharthadha agus
breitheamhnuis a bhéil.


L. Sl105:6


Sibhsi, a shíol Abrahaim a sheir-
bhíseach, sibhsi a chlann Iácobh, a aon toghtha.


L. Sl105:7


Is eision an Tighearna ar Ndía:
atáid a bhreitheamhnuis annsa talamh
uile.


L. Sl105:8


Cuimhnighidh sé go síorruidhe a
chunnradh: an bhríathar noch do aithin sé
go feadh míle ginealach;


L. Sl105:9


Noch do cheangail sé le Abra-
ham, agus a mhionna do Isaac.


L. Sl105:10


Agus do dhaingnidh sé é do Iá-
cobh mar dhligheadh, do Israel mar chunnradh
síorruidhe.


L. Sl105:11


Ga rádh, dhuitsi dobhéras
misi talamh Chánáan: líne bhur noigh-
reachta.


L. Sl105:12


Anuáir dobhádar beagán
daóine; ro bheagán, agus na gcoig-
críochaibh annsin.


L. Sl105:13


Agus do shiubhladar ó chi-
neadh go cineadh: ó rioghachd go daoi-
nibh oile.


L. Sl105:14


Níor fhulaing sé dénduine ég-
cóir do dhénamh orra, acht thug aithfior
air a son do ríghthibh:


L. Sl105:15


Ga rádh, ná beanaidh lém ung-
thachaibh; agus dom fháighibh na dénuidh
dochar.


L. Sl105:16


Agus do ghoir sé gorta air an
ttalamh, agus do bhris sé anuile
stór aráin.


L. Sl105:17


Agus do chuir sé duine rompa:
Ióseph, noch do díoladh mar sheirbhi-
seach.


L. Sl105:18


Do ghortuigheadar ris an
ngeimhiol a chosa: do cuireadh aníarann é.


L. Sl105:19


Gus anam a ttáinic a bhría-
thar, do dhearbh glór an Tighearna é.


L. Sl105:20


Dfuagair an Rígh, agus do
scaóileadh é, úachtarán na ndaóine a-
gus do léig é sáor úadh.


L. Sl105:21


Do chuir sé é na thighearna air
a thigh, agus na úachdarán iona shealbh-
uibh uile.


L. Sl105:22


Do cheangail a phrionnsoidhe ar a
thoil féin, agus a chomhairleacha chum go
ndénadh eagnuidhe íad.


L. Sl105:23


Agus dochuáidh Israel don
Négipt, agus do chomhnuidh Iácob a tta-
lamh Cham.


L. Sl105:24


Agus thug air a dhaóinibh médu-
ghadh go mór: agus dorinne íad níbu
láidre ná a naimhde.


L. Sl105:25


Do iompóigh sé a ccroidhe
chum a dhaoine dfúathughadh, a-
gus chum meabhla do dhénamh air a sheir-
bhíseachaibh.


L. Sl105:26


Do chuir sé úadh Maóise, a
sheirbhíseach, agus Aaron noch do thogh
sé féin.


L. Sl105:27


Do chuireadarsan iona measg
bríathra a chomharthadh, agus a iongan-
ta a ttalamh Cham.


L. Sl105:28


Do chuir sé dorchadas chuca,
agus dobhí sé dorcha, agus níor cheann-
airrgeadar anaghaidh a bhréithre.


L. Sl105:29


Do iompoigh sé anuisgeadha a
bhfuil, agus do mharbh sé a níasg.


L. Sl105:30


Thug a ttalamh amach luisghionna
go líonmhar: a seomradhuibh codalta a
Ríghthe.


L. Sl105:31


Do labhair sé, agus tháinic
cusmasg do chuiléoguibh, míola iona
ttéorannuibh uile.


L. Sl105:32


Dorinne sé cloichshneachda da
gceathaibh; teine lasardha iona ttalamh.


L. Sl105:33


Agus do bhuáil sé a bhfíneamhuin,
agus a ccrann fíge, agus do bhris sé
crainn a leithimil.


L. Sl105:34


Do labhair sé, agus tháinic an
lócuist, agus an caterpiller, agus
níorbhféidir a náiriomh.


L. Sl105:35


Agus a duádar anuile luibh io-
na ttalamh, agus a duádar súas tor-
adh a bhfearuinn.


L. Sl105:36


Agus do bhuáil sé a gcéid-
gheine iona ttalamh, tosach a neirt uile.


L. Sl105:37


Agus thug sé leis amach íad
maille re hairgiod, agus ré hór: agus ní
raibh duine meirtneach ann a ttreabhuibh.


L. Sl105:38


Dobhí an Négipt lúathgáireach
anuair do imgheadar: óir do thuit aneagla
orra.


L. Sl105:39


Do leathnuigh sé néull mar fho-
lach, agus teine do thabhairt soluis san
noidhche.


L. Sl105:40


Díarradar, agus thug sé chug-
tha na gearragoirt: agus do shásuidh
sé íad re harán ó neamh.


L. Sl105:41


Dfosgail sé an charraic, a-
gus do lingeadar na huisgeadha amach:
do reathadar anáitibh tiorma mar
shruth.


L. Sl105:42


Oír do chuimhnigh sé bríathar a
naomhthachda do Abraham a sheirbhíseach.


L. Sl105:43


Agus thug se leis amach a mhuin-
tir lé gáirdeachas, a dháoine toghtha lé
luathgháire.


L. Sl105:44


Agus thug sé dhóibh fearann na
gcineadhach; agus do ghabhadar sáo-
thar na ndaoine mar oighreachd.


L. Sl105:45


Iondus go ccongmhaidís a reachda,
agus go ccoimhédaidís a dhlighthe. Mol-
uidhesi an Tighearna.


L. Sl106


Psalm 106


L. Sl106:1


Moluidhe an Tighearna, óir is
maith é; óir mairidh a thró-
caire go síorruidhe.


L. Sl106:2


Cía fhédas neart an
Tighearna chanamhuin, a mho-
ladh uile dfoillsiughadh?


L. Sl106:3


Is sona an drong noch choimhédas
breitheamhnus, an tí doní fíréuntas
san nuile am.


L. Sl106:4


Cuimhnigh orumsa, a Thighearna,
re fabhar do dhaoine: fiosruigh mé
red shlánughadh:


L. Sl106:5


Ionnus go bhfaice mé maith do
dhaóine toghtha, go ndéna mé gáirdea-
chus a lúathgháire do dhaoine: go
ndéna mé glóir led oighreachd.


L. Sl106:6


Do pheacuigheamar lé ar naithribh,
dorinneamar cionta, dorinneamar neithe
coirpe.


L. Sl106:7


Níor thuigeadar ar naithre do
mhíorbhuilesi san Négipt, níor chuimhnígh-
eadar iomad do thrócaireadha: acht do
cheannairgeadar ag an muir, ag an muir
ruáidh.


L. Sl106:8


Acht cheana do sháor sé íad ar
son a anma féin, chumh a chumhachd do chur
anumhuil.


L. Sl106:9


Agus dimdhearg sé an mhuir rúadh,
agus do tiormuigheadh súas í: agus
tugadh orrasan siubhal annsna haighén-
uibh mar an ndíothramh.


L. Sl106:10


Agus do sháor sé íad óna lámh-
uibhsion, noch do fhúathaig íad: agus
dfúasgail sé íad amach as láimh na ná-
mhad.


L. Sl106:11


Agus dfoluigh na huisgeadha
a naimhde: níor fágbhadh áon aca.


L. Sl106:12


Annsin do chreidiodar a bhrí-
athra, do chanadar a mholadh.


L. Sl106:13


Do dhearmadar go doith a oib-
reacha; níor fhanadar lena comhairle.


L. Sl106:14


Agus dorinneadar anntoil ré
hainmhian san díothramh, agus do chuir-
eadar cathughadh air Dhía annsanuáig-
nios.


L. Sl106:15


Agus thug sé dhóibh a níar-
ratas; acht do chuir crúas asteach
iona ccroidhe.


L. Sl106:16


Agus do thnúthuigheadar re
Maóise annsa champa, agus ré Aa-
ron áon náomhtha an Tighearna.


L. Sl106:17


Dfoscail an talamh, agus
do shluig sé Dátan, agus dfoluigh
sé comhthionól Abíram.


L. Sl106:18


Agus do faduigheadh teine
iona ccomhdháil, do loisg an lasair súas
na ciontuigh.


L. Sl106:19


Dorinneadar láogh ann Hó-
reb, agus do adhradar don (íomháigh)
leaghtha.


L. Sl106:20


Agus do áthruigheadar a nglóir
a gcosamhlachd dhaimh, noch ithios féur.


L. Sl106:21


Do dhearmadar Día a slánaigh-
theóir, noch dorinne neithe móra san Né-
gipt:


L. Sl106:22


Ionganta a ttalamh Cham,
neithe úathbhásacha ag an muir ruáidh.


L. Sl106:23


Agus do labhair sé dá milleadh,
mun bheith gur sheas Maóise a fhear togh-
tha annsa mbeirn ós a choinne, diompógh,
a fheirge úatha, deagla go scriosfadh
sé íad.


L. Sl106:24


Agus do tharcuisnigheadar an
talamh áoibhinn: níor chreideadar a bhría-
thar:


L. Sl106:25


Agus dorinneadar ithiomrádh
iona bpáillíunuibh, níor éisteadar re
guth an Tighearna.


L. Sl106:26


Agus do thóig seision súas a
lámh na naghaidh, da sgrios annsa díoth-
ramh:


L. Sl106:27


Do sgrios a sleachda mar an
ccédna a measg na gcineadhach, agus
da spréghadh annsa dúthaigh.


L. Sl106:28


Agus do cheangladar íad
féin ré Paal peor, agus dithiodar
íodhbartha na marbh.


L. Sl106:29


Agus do bhrostuigheadar é lena
ngníomhuibh, agus do bhris an phláigh
asteach orra.


L. Sl106:30


Agus déirghidh Phineas súas,
agus do chuir breitheamhnus a ccrích, a-
gus do toirmiosgadh an phláigh.


L. Sl106:31


Agus do measadh sin dó mar
fhíréuntachd, ó ghinealach go ginealach.


L. Sl106:32


Agus do bhrostuigheadar é ag
uisgeadhuibh Meribah, agus dobhí sin go
holc ag Maóise air a sonsan.


L. Sl106:33


Do bhrígh gur bhrostuigheadar a
spiorad, agus gur labhair sé go neimh-
chéillighe lé na bhéul.


L. Sl106:34


Níor mhilliodar na cineadhacha,
da ttáobh a ttug an Tighearna aithne
dhóibh.


L. Sl106:35


Acht do choimhmeasgadar íad
féin leis na cineadhachaibh agus
dorinneadar a noibreacha dfoghluim.


L. Sl106:36


Agus do adhradar dá niodhal-
uibh, agus dobhádar dóibhsion mar phain-
tér.


L. Sl106:37


Agus do íodhbhradar a mic a-
gus a ninghiona do dhíabhluibh.


L. Sl106:38


Agus do dhóirteadar fuil neimh-
chiontach, fuil a mac agus a ninghean,
noch do íodhbradar do dhíabhluibh Chánáan,
agus dobhí an talamh arna thruailliu-
gadh le fuil.


L. Sl106:39


Agus dobhádar arna salchadh
lena noibreachaibh, agus dochúadar re
méirdreachus lena naigiontaibh féin.


L. Sl106:40


Agus dobhí an Tighearna fear-
gach lena dhaóinibh, agus dfúathaigh sé
a oighreacht féin.


L. Sl106:41


Agus thug sé íad a láimh na
gcineadhach, agus dobhádar so na ttigh-
earnuibh ós a gcionn agá raibh fúath or-
ra.


L. Sl106:42


Agus do bhruigheadar a naimhde
íad, agus dobhádar arna numhlughadh
fáoina láimh.


L. Sl106:43


Do sháor sé íad go minic, a-
gus do bhrostuigheadar é lena ccomhair-
libh, agus do hísligheadh íad ar son a gcion-
ta.


L. Sl106:44


Acht gidheadh dochonnairc sé an
tan dobíodh anacair orra, anuáir
dochúalaidh sé a néighmhe.


L. Sl106:45


Agus do chuimhnigh sé dhóibh a
chunradh: agus dobhí aithreachus air do
réir iomad a thrócaire.


L. Sl106:46


Agus thug sé air gach áon dá
rug léo íad a mbraighdionas, truaighe
do dhénamh dhóibh.


L. Sl106:47


Sáor sinn, a Thighearna ar Ndía,
agus cruinnigh sinn ó na cineadhachaibh,
chum buidheachus do thabhairt dot ainm náomh-
tha, agus do chaithréimiughadh ann do
mholadh.


L. Sl106:48


Go madh beannuigh bhías an Tigh-
earna Día Israel ó shíorruigheachd go
síorruigheacht; agus abraidís na daóine
uile, Amen. Molaidh an Tighearna.


L. Sl107


Psalm 107


L. Sl107:1


Moluidhsi an Tighearna,
óir is maith é; óir mairigh
a thrócaire go bráth.


L. Sl107:2


Abraidís an dream
noch dfúasgail an Tighearna, noch dfúas-
cail sé ó láimh na daóirse.


L. Sl107:3


Agus do chruinnigh íad as na
críochaibh, ónáird shoir, agus ónáird
shíar, agus ónáird thuáigh, agus theas.


L. Sl107:4


Dobhádar ar seachrán annsa bhfá-
sach a slighe uáignidh: caithreacha
áitreibhthe ní bhfúaradar.


L. Sl107:5


Ocrach mar an gcédna, agus
tartmhar, do lagaidh a nanam ionta.


L. Sl107:6


Agus do gháireadar chum an
Tighearna iona nanacair, do sháor sé
íad ó na gcumhgach.


L. Sl107:7


Agus do thréoruigh sé íad a
slighe dhírigh do dhul go cathruigh áit-
righthe.


L. Sl107:8


Admhuighdís don Tighearna a thró-
caire, agus a ionganta do chloinn na
ndáoine.


L. Sl107:9


Oír sásuidh sé an tanam tart-
mhar, agus líonuidh sé an tanam ocrach
lé maith.


L. Sl107:10


An lucht so noch shuighios a
ndorchadus, agus a sgáile an bháis,
cuibhrighthe a mbuáidhreadh, agus aníarann:


L. Sl107:11


Do bhrígh gur chathuigheadar
anaghaidh bhríathra Dé, agus gur tharcus-
nigheadar comhairle an té is áirde:


L. Sl107:12


Ar anadhbharsin thug seision a
ccroidhe anuas ré buaidhreadh, do thuis-
lighiodar, agus ní raibh fear da bhfurtachd.


L. Sl107:13


Agus déigheadar chum an Tigh-
earna iona mbuáidhreadh, do sháor sé íad
óna gcumhgach.


L. Sl107:14


Agus thug sé amach íad as
dorchadus, agus scáile an bháis, agus
do bhris sé a ccuibhrighthe.


L. Sl107:15


Molaidís an tighearna air son
a thrócaire, agus a ionganta do chloinn
na ndáoine.


L. Sl107:16


Oír do bhris sé na geatadha
práis, agus do ghérr sé na barradha
íaruinn.


L. Sl107:17


Buáidhearthar amadain do bhrígh
a naindlighe, agus do bhrígh a bpeacaidh.


L. Sl107:18


Dfúathaigh ananam anuile
bhíadh; tigid a ngar do dhoirsibh an bháis.


L. Sl107:19


Agus do gháireadar chum an Ti-
ghearna iona nanacair, óna gcumhgach do
sháor sé íad.


L. Sl107:20


Do chuir sé a bhríathar chuca, a-
gus do leighis íad, agus do thárthuigh
sé íad óna milleadh.


L. Sl107:21


Admhuighdís don Tighearna a
thrócaire, agus a ionganta do chloinn na
ndáoine.


L. Sl107:22


Agus íodhbraidís íodhbar-
tha molta, agus foillsighidís a
oibreacha lé lúathgháire.


L. Sl107:23


An lucht théid síos chum na
fairge a lungaibh, noch doní a nobair
anuisgeadhuibh móra:


L. Sl107:24


Dochíd oibreacha an Tighearna,
agus a ionganta annsanaigén.


L. Sl107:25


Oir aithnigionn seision, agus
seasfuidh gáoth anfadhach, agus tóigfe
súas a thonna sin.


L. Sl107:26


Rachaid súas go nuige neamh; ra-
chaid síos gus anaigén: leaghaidh a na-
nam tre buáidhreadh.


L. Sl107:27


Iompoighid, agus gabhaid thort
mar fhear meisge, agus atá a néolus
uile arna shlugadh.


L. Sl107:28


Annsin gáirid chum an Tighearna
ar tteacht uilc chuca, agus dobhéruidh
amach íad óna gcumhgach.


L. Sl107:29


Tráothfuidh an tanfadh a cciú-
nas; agus béid a ttonna sin na ccomh-
nuighe.


L. Sl107:30


Agus béid lúathgháireach do
bhrígh go mbéid síad suáimhneach; agus
tréorocuidh íad go cúan a ttoile.


L. Sl107:31


Admhuighdís don Tighearna a
oineach, agus a ionganta do chloinn na
ndáoine.


L. Sl107:32


Agus móruighedís é a gcoimh-
thionól na ndaóine, agus anionad
suighe na sinnsior molaidís é.


L. Sl107:33


iompóighe sé aibhne a mbáinsidh,
agus toibreacha uisge a ttart.


L. Sl107:34


Fearann tórthacha ngorta ar son
corbaidh an luchta noch áitrighios ann.


L. Sl107:35


Iompoighe sé fásach a loch
uisge, agus fearann tirim a ttoibribh
fíoruisge.


L. Sl107:36


Agus cuiridh na hocraigh na
ccomhnuighe annsin, go nullmhuighid cathair
chum áitreibhthe.


L. Sl107:37


Agus go ccuirid machaireadha, a-
gus go ndénaid fíneamhna, agus dobhé-
raid toradh bisigh.


L. Sl107:38


Agus beinneochuidh sé íad, agus
méideochaidh go mór, agus ní laighdeo-
chaidh sé a neallach.


L. Sl107:39


Agus arís laghduighear
íad, agus dobhearthar anúas íad le sa-
rúghadh, le holc, agus le doilghios.


L. Sl107:40


Dóirtigh sé tarcuisne air
phrionnsuighibh, agus dobheir orra bheith
air seacrán annsa bhfásach, mar nach bhfuil
slighe ar bith.


L. Sl107:41


Agus tóigfe sé súas an
bocht ó aindeise, agus doní sé muin-
teara dhó mar thréud.


L. Sl107:42


Dochífe an fíréun sin, agus
biáidh lúathgháireach, agus druidfe anuile
éigceart a bhéul.


L. Sl107:43


Cía atá críonna, agus bheirios
na neitheso dá aire? agus tuigfidh síad
cinéul grádhach an Tighearna?


L. Sl108


Psalm 108



Caintic agus Psalm Dháibhi.


L. Sl108:1


Atá mo chroidhe ollamh, a Dhé,
canfad, agus canfad salm
go háirighe lé mo ghlóir.


L. Sl108:2


Múscail a chláirseach,
agus a shitirn; múisceoluidh misi ar maidin.


L. Sl108:3


Molfa mé thú a measg na ndaóine,
a Thighearna: canfad salm dhuitsi a
measg na gcineadhach.


L. Sl108:4


Oír is mór do thrócaire ós cionn
na neamh, agus thfírinne go nuige na
spéirighe.


L. Sl108:5


Bí ar hárdughadh ós cionn na
neamh, a Dhé, agus ós cionn na talmhan
uile do ghlóir.


L. Sl108:6


Chum go sáorthaói háos grádha,
sáor le do láimh dheis, agus freagair mé.


L. Sl108:7


Do labhair Día iona náomhthachd,
dodhénad lúathgháire, roinnfiod Sechem,
agus toimheosad gleann Sucot.


L. Sl108:8


Is liomsa Gílead, agus is leam
Manasseh, agus isé Ephraim neart mo
chinn, is é Iúdah dobheir mo dhligheadh úadh.


L. Sl108:9


Moab mo phota ionnlaith, teilg-
fiod mo bhróg tar Edom, agus dodhé-
nad caithréim ós cionn Phalestína.


L. Sl108:10


Cía bhéras mé go cathraigh an
dídin? cía thréorochus mé go Hédom?


L. Sl108:11


Nach déna tusa, a Dhé, noch
do theilg uáit sinn? agus nach racha
tú amach, a Dhé, lé ar slúaghaibh?


L. Sl108:12


Tabair cabhair dhúinn ó bhuáidhreadh,
óir is díomhaóin furtachd an duine.


L. Sl108:13


A Ndía dodhénam gaisge, agus
sailteoruidh seision síos ar naimhde.


L. Sl109


Psalm 109



Don prímhfhear ceóil Psalm Dháibhi.


L. Sl109:1


O a Dhé mo mholta, ná bí ad
thocht.


L. Sl109:2


Oír atá béul anur-
chóidigh, agus béul na gan-
gaide foscuilte am aghaidh: labhruid sí-
ad am aghaidh lé teangaidh bhrégaidh.


L. Sl109:3


Agus ré bríathraibh fúathmhara
do ghabhadar am thimchioll, agus cathui-
gid am aghaidh gan adhbar.


L. Sl109:4


Ar son mo ghrádha atáid na
neascáirde agam, agus misi ag urnaigh.


L. Sl109:5


Agus do thoirbhriodar dhamh olc
anaghaidh maitheasa, agus fúath ar son
mo ghrádha.


L. Sl109:6


Suighidhse an ciontach ós a chionn, a-
gus seasadh Sátan air a láimh dheis.


L. Sl109:7


Anuáir bheirthior breath air, daim-
nuighthear é, agus iompoighthear a urnaigh a
bpeacadh.


L. Sl109:8


Go madh gann a laéthe, agus
gabadh duine oile a oifig.


L. Sl109:9


Bíodh a chlann na ndílleachdaibh, agus
a bhean na baintreabhaigh.


L. Sl109:10


Agus bíodh a chlann ar seachrán
do ghnáth, agus ag íarruidh déirce,
agus agá íarruidh as a náitibh uáig-
neacha.


L. Sl109:11


Glacadh fear na bhfíach an mhéid
atá aige, agus creachaidís coigcrichidh
a sháothar.


L. Sl109:12


Ná bíodh ann duine do shínfeadh
oineach chuige, agus ná bíodh áon do
thaisbeanadh trócaire dá chloinn gan athair.


L. Sl109:13


Gérrthar a shliocht úadh, agus
a nginealach oile scriostar amach a ainm.


L. Sl109:14


Bíodh peacuidhe a aithreadh ar cuimhne
ag an TTighearna, agus ná scriostar
amach cionta a mhathar.


L. Sl109:15


Bídís do lathair an Tighearna do
ghnáth, go ngearra sé amach a ccuimhne don
talamh.


L. Sl109:16


Do bhrígh nár chuimhnigh sé cinéul
dfoillsiughadh, achd go ndérna ainlean-
mhuin air an nduine mbochd mbuáidheartha,
ionnus go muirfeadh sé an duine tuir-
seach a ccroidhe.


L. Sl109:17


Mar do ghrádhúigh sé easgaine,
agus tigeadh si air: mar nach raibh dúil
aige a mbeannughadh, bíodh sin a bhfad
úadh.


L. Sl109:18


Mar déduigh sé é féin le heasg-
caine mar a chulaidh: imthigheadh sin mar
uisge asteach iona mheadhón, agus mar
ola ann a chnámhuibh.


L. Sl109:19


Bíodh sin aige mar a nédach lé
a bhfoluigheann é féin, agus mar chrios,
lé a ccriosluigheann é féin do ghnáth.


L. Sl109:20


Go má hé so luáidheacht meas-
ccarrad ón Tighearna: agus na druinge
noch labhrus olc anaghaidh manma.


L. Sl109:21


Acht tusa, a Dhía mo Thi-
ghearna, oibrigh leamsa ar son hanma:
do bhrígh gur maith do thrócaire, sáor
mé.


L. Sl109:22


Oír is buáidheartha easbhuidheach
mé, agus atá mo chroidhe créchdnuighthe
ionnam astigh.


L. Sl109:23


Atáim ar nimtheacht mar an
scáile an tan chláonas, atáim ar mo
chrothadh as mar an lócust.


L. Sl109:24


Atáid mo ghlúine lag tre thro-
sgadh, agus atá mfeóil trúagh gan
mhéthus.


L. Sl109:25


Agus atáim am scannail dóibhsion:
anuáir dochíd mé croithid a
gceann.


L. Sl109:26


Tárthaigh mé, a Thighear-
na mo Dhía, sáor mé do réir do
thrócaire.


L. Sl109:27


Ionnus go mbía a fhios aca gurbí
so do lámhsa: gur tusa, a Thighear-
na, dorinne é.


L. Sl109:28


Mailluighdíssion, achd beann-
uighsi: anuair éirghid, claóidhtior
íad: acht dénadh do sheirbhíseachsa lúath-
gháire.


L. Sl109:29


Eaduighthear measccáirde lé náire,
agus foluighdís íad féin re cláoi mar
budh le falluing.


L. Sl109:30


Molfa mé an Tighearna lem
bhéul go mór, agus a measg iomad
daóine mholfas me é.


L. Sl109:31


Oír seasfuidh sé ar láimh dheis
anuireasbhuigh, dhá sháoradh úathasan noch
do dhaimneochadh a anam.


L. Sl110


Psalm 110



Psalm Dháibhi.


L. Sl110:1


Adubhairt an Tighearna lem
Thighearna, suidhsi air mo
láimh dheis, go ndérna mé
costól dot naimhdibh chum
do chos.


L. Sl110:2


Cuirfe an Tighearna slat do néirt
amach as Sion: dén úachtaranachd a
meadhón do námhad.


L. Sl110:3


Bíaid do dhaóine ro fhonnmhara a ló
do chumhachda, a sgéimh náomhthachda ó
bhroinn na maidne: biáidh agadsa drúcht
hóige.


L. Sl110:4


Do mhionnuigh an Tighearna, agus
ní bía aithreachus air, is sagart thu-
sa go síorruidhe do réir uird Mhelchí-
sedec.


L. Sl110:5


An Tighearna air do láimh dheis, ag
lot Ríghthe a ló a fheirge.


L. Sl110:6


Dodhéna se breitheamhnus a measg
na gcineadhach, ag líonadh anuile
áite le corpuibh marbha, ag lot na
cceann ós cionn tíre móire.


L. Sl110:7


Iobhuidh sé deoch as a tsruth air a
ród: ar anadhbharsin tóigfe sé suas
ceann.


L. Sl111


Psalm 111


L. Sl111:1


Molaidh an Tighearna: molfa
misi an Tighearna rém chroi-
dhe iomlán, a ccomhdháil na
ndíreach, agus annsa ccoimh-
thionól.


L. Sl111:2


Is adhbhal oibreacha an Tighearna
arna ttaisbeanadh donuile dhuine, agá
bhfuil dúil ionnta.


L. Sl111:3


Is glóir, agus is dathamhlachd a
obair, agus seasuidh a fhíréntachd choidhche.


L. Sl111:4


Do chuir sé a ionganta air cuimhne:
atá an Tighearna grásamhuil agus lán
do thruáighe.


L. Sl111:5


Thug sé bíadh don lucht ar a bhfuil
a eagla, cuimhneochuidh sé a chonnradh go
bráth.


L. Sl111:6


Do thaisbéin sé cumhachta a oi-
breach dá dhaóinibh, do thabhairt oighreachda
na ngeinteadh dhóibh.


L. Sl111:7


Fírinne agus breitheamhnus asíad
oibreacha a lámh, atáid a aitheanta uile
coinghiollach.


L. Sl111:8


Atáid arna shuighiughadh go bhráth,
ullamh a bhfírinne agus a cceart.


L. Sl111:9


Do chuir sé fúagladh chum a dhaóine,
daithin sé go síorruidhe a chonnradh; is
náomhtha agus onórach a ainm.


L. Sl111:10


Asé eagla Dé tosach na heagna:
is maith an tuigse atá acasan uile
doní a aitheanta: mairigh a mholadh go
bráth.


L. Sl112


Psalm 112


L. Sl112:1


Molaidh an Tighearna: is so-
na an duine air a bhfuil eagla
an Tighearna, agá bhfuil dúil
iona aitheantaibh go ro mhór.


L. Sl112:2


Budh cumhachtach air an tta-
lamh a shliocht: biáidh ginealach anfíréin
beannuigh.


L. Sl112:3


Atá saidhbhrios agus maóin io-
na thigh, agus seasfuidh a fhíréantachd go
bráth.


L. Sl112:4


Eirghidh solus don droing dhírigh
san dorchadas: don ghrásamhuil, don
trócaireach, agus donfírén.


L. Sl112:5


Atá an duine maith grásamhuil
agus áirleacthach: ceannsochaidh sé a
bhríathra le breitheamhnus.


L. Sl112:6


Oír ní corrochthar é choidhche, bi-
áidh an fíréun a gcuimhne shíorruidhe.


L. Sl112:7


Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichs-
céuluibh: atá a chroidhe diongmhálta ag
cur a dhóthchuis san Tighearna.


L. Sl112:8


Atá a chroidhe diongmhálta, ní
bhiáidh eagla air nó go bhfacaidh a mhían ar
lucht a bhuaidheartha.


L. Sl112:9


Do spréidh sé, thug sé do na
bochtaibh: mairigh a fhíréntacht go síorr-
uidhe, biáidh a adharc arna hárdughadh
le glóir.


L. Sl112:10


chífe an peacach sin, agus
biáidh fearg air: dodhéna sé díosgán réna
fhíacluibh, agus leighfe sé: meithfe mí-
an an pheacaidh.


L. Sl113


Psalm 113


L. Sl113:1


Moluidh an Tighearna: moluidh,
an Tighearna, ó sibhsi a sheir-
bhíseacha: moluidh ainm an
Tighearna.


L. Sl113:2


Biáidh ainm an Tighearna beann-
uigh ónuáirsi agus go bráth.


L. Sl113:3


O éirghe na gréine gos a dul
faói bíodh ainm an Tighearna molta.


L. Sl113:4


Is árd ós cionn anuile chineadhach
an Tighearna, ós cionn na neamh atá a
ghlóir.


L. Sl113:5


Cía atá cosmhuil re ar TTi-
ghearna Día? noch árduigheas é féin
anáitreabh.


L. Sl113:6


Noch umhluighios é féin dféchuin
annsna neamhuibh, agus annsa ta-
lamh.


L. Sl113:7


Noch thóghbhus súas an
bocht as an luáithreadh, árduighios an tui-
reasbhach ónaoileach.


L. Sl113:8


Cum a shuighthe a bhfochair
phrionnsuidhe: a bhfochair phrionnsoi-
ghe a phobail.


L. Sl113:9


Noch dobheir air mhnaói aim-
rid áitreabh san tigh, na mathair
lúathgháirigh chloinne. Moluidhse
an Tighearna.


L. Sl114


Psalm 114


L. Sl114:1


An tan dochuáidh Israel
amach ón Négipt, tigh
Iácob ó na daoinibh bar-
bartha.


L. Sl114:2


Dobhí a náomhthachd
ann Iudah, a Nísrael a thighearnas.


L. Sl114:3


Dochonnairc an mhuir sin, agus
do theith, diompóigh sruth Iordan air
a ais.


L. Sl114:4


Do lingeadar na sléibhte a-
mhail reitheadh, na cnoic mar óga
an tréda.


L. Sl114:5


Cred ba ciontach leachd, ó a mhuir,
as ar theith tú? thusa a Iordan, as
ar fhill tú ar hais?


L. Sl114:6


Sibhsi a shléibhte as ar lingeabhair
amhail reitheadh? sibhsi a chnoca, mar
óga an tréda?


L. Sl114:7


Criothnuidh thusa a thalaimh,
a lathair an Tighearna, a lathair
Dé Iácob.


L. Sl114:8


Noch iompoigheas an charrac a
lochán uisge, an chloichthine a ttiob-
raid uisgeadh.


L. Sl115


Psalm 115


L. Sl115:1


Ni dúinne, a Thighearna, ní dúinne,
acht dot ainm féin tabhair
glóir, ar son do thrócaire
agus thfírinne.


L. Sl115:2


Cred fa naibheoraidís na geinte:
cáit anois a bhfuil a Ndía?


L. Sl115:3


Acht atá ar Ndíane annsna
neamhuibh: anuile ní dob áill leis dorinne
sé.


L. Sl115:4


Is airgiod agus ór a níomháigh-
the, obair láimhe duine.


L. Sl115:5


Atá béul aca, agus ní labhruid:
atáid súile aca, agus ní fhaicid síad.


L. Sl115:6


Atáid clúasa aca, agus ní
chluinid; atá srón aca, agus ni bhlot-
nuighid.


L. Sl115:7


Atáid lámha aca, agus ní mho-
thuighid: atáid cosa aca, agus ní shiubh-
luid, ní labhruid síad lena scórnuigh.


L. Sl115:8


Go madh cosmhuil ríu an lucht doní
íad, anuile duine chuirios a dhóigh ionta.


L. Sl115:9


O Israel, cuirsi do dhóigh ann-
sa Tighearna: is eison a bhfear tár-
thala agus a sghíath.


L. Sl115:10


O a thigh Aaron, cuiridhsi bhur
ndóigh annsa Tighearna: is eision a bhfear
tárthala agus a sgíath.


L. Sl115:11


Sibhsi noch air a bhfuil eagla an
Tighearna, cuiridh bhur ndóigh annsa Ti-
ghearna: is eision a bhfear tárthala a-
gus a sgíath.


L. Sl115:12


An Tighearna noch do chuimhnidh sinn,
beinneochuidh sé sinn; beinneochuidh sé tigh
Israel, beinneochuidh sé tigh Aa-
ron.


L. Sl115:13


Beinneochuidh sé an lucht air bhfuil
eagla an Tighearna, an beag maille ris
an mór.


L. Sl115:14


Méideocha an Tighearna sibh, sibh
féin agus bhur cclann.


L. Sl115:15


Is beannuigh sibh ón TTighearna,
noch dorinne neamh agus talamh.


L. Sl115:16


Is leis an TTighearna neamha na
neamh, agus thug sé an talamh do
chloinn na ndáoine.


L. Sl115:17


Ní mholuid na mairbh an Tighear-
na, nó ann lucht théid síos anuáig-
nios.


L. Sl115:18


Acht beiennochaimne an Tighear-
na, ónuairsi súas, agus go bráth. Mol-
uidhsi an Tighearna.


L. Sl116


Psalm 116


L. Sl116:1


Is ionmhuin liom an Tighearna,
do bhrígh go ccluin sé mo
ghuth ann mathchuinghibh.


L. Sl116:2


Do bhrígh gur chláon
sé a éisdeachd chugam,
gairfe mé air feadh mo bheatha.


L. Sl116:3


Do íadhadar doilghiosa an bháis
am thimchioll, agus fúaradar fórluinn
ifrinn mé: amhgar agus dóbrón dofuáir
mé.


L. Sl116:4


Agus do ghair mé ar ainm an
Tighearna, ag rádh, a Thighearna, gui-
dhim thú, sáor manam.


L. Sl116:5


Is grásamhuil an Tighearna, a-
gus is fíréunta: agus atá ar Ndíane
lán do thruáighe.


L. Sl116:6


Cumhduigh an Tighearna na dáoine
simplighe: do hísligheadh mé, agus
do sháor sé mé.


L. Sl116:7


Iompóigh, ó manam, chum do shuáimh-
neasa, óir dofríth an Tighearna go
thiodhlaictheach ort.


L. Sl116:8


Do bhrígh gur sháor tú manam ó
bhás, mo shúile ó dhéruibh, mo chos ó sci-
orradh.


L. Sl116:9


Siobholad ar maghaidh ós coinne an
Tighearna a ttalamh na mbéo.


L. Sl116:10


Do chreid mé, uime sin do la-
bhair mé, dobhí mé buáidheartha go han-
mhór.


L. Sl116:11


Adubhras ann mo dheithnios: a-
tá anuile dhuine brégach.


L. Sl116:12


Cred an luáidheachd dobhéras
mé don Tighearna ar son a thabartas
damh.


L. Sl116:13


Gébh mé cupán an tslánuighthe,
agus goirfead air ainm an tighearna.


L. Sl116:14


Coimhlíonfa mé mo mhóide don
Tighearna: anois ós coinne a dhaóine
uile.


L. Sl116:15


Is mórluáigh a bhfíaghnuise an
Tighearna bás a náomh.


L. Sl116:16


A Thighearna, go deimhin is
mé do sheirbhíseach, is mé do sheirbhíseach
agus mac hinnilte: do sgaoil tú mo
chuibhrighthe.


L. Sl116:17


Is duitsi dodhéna mé iodhbartha
an mholta, agus air ainm an Tighearna
ghoirfios mé.


L. Sl116:18


Díolfa mé mo mhóide ris an TTi-
ghearna, annois ós coinne a phobail
uile:


L. Sl116:19


A ccúirtibh thighe an Tighearna,
ann do mheadhónsa a Ierusalem. Moluidh an
Tighearna.


L. Sl117


Psalm 117


L. Sl117:1


Moluidh an Tighearna, sibhsi a
chineadhacha uile: moluidh é, sibhsi
a uile dhaóine.


L. Sl117:2


Oír is cumhachdach a thró-
chaire oruinne: agus atá fí-
rinne an Tighearna go bráth. Moluidh an
Tighearna.


L. Sl118


Psalm 118


L. Sl118:1


Moluidh an Tighearna, óir
is maith é; óir atá a thró-
caire go síorruidhe.


L. Sl118:2


Abradh Israel anois:
go bhfuil a thrócaire go sí-
orruidhe.


L. Sl118:3


Abradh anois tigh Aaron: go
bhfuil a thrócaire go síorruidhe.


L. Sl118:4


Abraidís an dream lerbeagal an
Tighearna, go bhfuil a thrócaire go síorr-
uidhe.


L. Sl118:5


Am anacair do gair mé an TTi-
ghearna, agus do fhreaghair an Tighearna
agus do chuir a réiteach mé.


L. Sl118:6


Atá an Tighearna ar mo shon-
sa, ní bhía eagla orum cred dhénas
duine riom.


L. Sl118:7


Atá an Tighearna air mo shonsa
a measc lucht mfurtachda, agus dochí-
fe mé (mo mhían) air an lucht fhúathuighios
mé.


L. Sl118:8


Is maith dóigh do chur annsa Ti-
ghearna, ná dóigh do chur a nduine.


L. Sl118:9


Is maith dóigh do chur annsa Ti-
ghearna, ná dóigh do chur a bprionnsa-
dhuibh.


L. Sl118:10


Do chruinnigheadar anuile chineadh
am thimchioll: anainm an Tighearna
geárrfad díom íad.


L. Sl118:11


Thangadar am thimchioll go
deimhin, thangadar faccuáirt am thim-
chioll: anainm an Tighearna fós gérr-
fad díom íad.


L. Sl118:12


Thangadar mar bheachaibh am thim-
chioll, atáid arna múchadh mar theine na
ndroighean: óir anainm an Tighearna
gérrfad díom íad.


L. Sl118:13


Do sháith tú chugam go neartmhar,
iondus go ttuitfinn: acht ba hé an Ti-
ghearna mfear furtachda.


L. Sl118:14


Isé an Tighearna mo neart, a-
gus mo chaintic, agus atá dhamhsa na
shlánughadh.


L. Sl118:15


Atá guth an gháirdeachus, agus
an tslánaighthe a ttighthibh na bhfíréun;
doní lámh dheas an Tighearna gais-
ge.


L. Sl118:16


Atá lámh dheas an Tighearna arna
hárdughadh: doní lámh dheas an Ti-
ghearna cródhacht.


L. Sl118:17


Ní bhfuighiod bás, acht mairfiod;
agus foillseochad oibreacha an Tighear-
na.


L. Sl118:18


Do smachtuigh an Tighearna mé
go mór: acht níór thoirbhir sé don bhás
mé.


L. Sl118:19


Fosgluidh dhamhsa geatuigh na fír-
éntachda: rachad asteach ionta, agus
molfad an Tighearna.


L. Sl118:20


Isé so geata an Tighearna: ra-
chaid na fíréun asteach ann.


L. Sl118:21


Molfad thú do brígh go gcua-
laidh tú mé, agus go rabhuis damh mar
slánughudh.


L. Sl118:22


An cloch do dhíultadar na
saóir, sí atá ar ndénamh na ceann san
gcuáine.


L. Sl118:23


On Tighearna dobhí so, agus
is iongantach é ann ar súilibhne.


L. Sl118:24


Isé so an lá dorinne an Tighear-
na, bíom lúathgháireach, agus dénam
gáirdeachus ann.


L. Sl118:25


Anois athchuinghim thú, a Thigh-
earna, tárthaidh: athchuinghim thú, a Thigh-
earna, soirbhíghe anois.


L. Sl118:26


Is beannuigh an té thig anainm
an Tighearna: beannuighmaoid sibh ó thigh
an Tighearna.


L. Sl118:27


Isé Día an Tighearna, agus thug
sé solus dúinne: ceanglaidh aníodhbairt
ré téuduibh do chorruibh na haltóra.


L. Sl118:28


Is tú mo Dhía, agus molfad
thú; is tú mo Dhía, agus áirdeochad
thú.


L. Sl118:29


Moluidh an Tighearna; óir is
maith é; óir atá a thrócaire go bráth.


L. Sl119


Psalm 119



ALEPH.


L. Sl119:1


Is beannuigh an drong atá iom-
lán a slighe, noch shiubhlas
a ndligheadh an Tighearna.


L. Sl119:2


Beannaigh an lucht choimh-
édas a fhiadhnuiseadha, íarras é lé
croidhe iomlán.


L. Sl119:3


Mar an gcédna ní dhénaid én
olc, siubhluid iona shlighthibh.


L. Sl119:4


Daithin tú haitheanta do chong-
mháil go grionghalach.


L. Sl119:5


O, nach bhfuilid mo shlighthe arna
ndíriughadh chum do reachta do choimh-
éad.


L. Sl119:6


Annsin ní bhía náire orum, anuáir
fhéuchfad dot aitheantaibh se uile.


L. Sl119:7


Molfad thusa lé dioghruis
croidhe: an tan dodhénad breitheamh-
nus thfíréntachta dfoghluim.


L. Sl119:8


Coimhédfad do reachta: ó, ná tréig
mé go hiomlán.



BETH.


L. Sl119:9


Cred ré nglanfa duine óg a
shlighe? ré bheith aireach do réir do bréith-
resi.


L. Sl119:10


Re mo chroidhe iomlán do lorg-
uir mé thú: ná chuir air seachrán ód aith-
eantaibh mé.


L. Sl119:11


Ann mo chroidhe dfoluigh mé do
bhríathra, ionnus nach bpeacuighinn ad a-
ghaidh.


L. Sl119:12


Is beannuigh thú, a Thighearna:
teasgaisg dhamh do reachta.


L. Sl119:13


Re mo phuisínibh do chomháir mé
breitheamhnus do bhéil uile.


L. Sl119:14


Do gáirdighios a slighe thfíadh-
nuiseadh, mar budh ann anuile shaidhbhrios.


L. Sl119:15


Dodhénad smuaineadh ann haith-
eantaibh, agus féuchfad go gér air do
shlighthibh.


L. Sl119:16


Glacfad áoibhneas ann do seachdaibh;
ní dhearmodfad do bhríathra.



GIMEL.


L. Sl119:17


Cúitigh lé do sheirbhíseach go mairigh
mé, agus coimhédfad do bhríathra.


L. Sl119:18


Fosguil mo shúile, agus
dochífid neithe iongantacha as do dhligh-
thibh.


L. Sl119:19


Is coigcríoch mé air an tta-
lamh; ná foluigh haitheanta orum.


L. Sl119:20


Atá manam ag briseadh ré mían
chum do bhreitheamhnuis gach uile uáir.


L. Sl119:21


Do imearg tú an tuáibhreach,
atáid malluigh, noch doní seachrán ód
aitheantaibhsi.


L. Sl119:22


Athruidh uáimsi scannail agus
tarcuisne, óir do choimhéd mé thfíadhnui-
seadh.


L. Sl119:23


Do shuigheadar fós prionnsoighe,
do labhradar am aghaidh; dodhéna do
sheirbhíseach stuidéur ad dhlighthibh.


L. Sl119:24


Fós i síad thfíadhnuiseadh máoibhneas,
daóine mo chomhairle.



DALETH.


L. Sl119:25


Leanaidh manam don luáithreadh:
béoghuidh mé do réir do bhréithre.


L. Sl119:26


Do comháirimh mé arís mo shligh-
the, agus dochúala tú mé: teagaisg
do reachta dhamh.


L. Sl119:27


Tabhair orum slighthe haitheanta
do thuigsin; agus dodhénad smuáineadh
ad iongantaibh.


L. Sl119:28


Atá manam ag sileadh le doil-
ghios; neartuigh mé do réir do bréith-
re.


L. Sl119:29


Athruigh uáim slighe na neimh-
fhírinne; agus áontuigh go grásamhuil
damh do dhligheadh.


L. Sl119:30


Do thogh mé slighe na fírinne;
do chuir mé do bhreitheamhnuisi ós mo
choinne.


L. Sl119:31


Do ghreamuigh mé dot fhiaghnui-
sibh, a Thighearna: ná náirigh mé.


L. Sl119:32


Rithfiod a shlighthibh haitheanta;
mar fhairseongair mo chroidhe.



HE.


L. Sl119:33


Teagaisg dhamh, a Thighearna,
slighe do reachta: coimhédfad í go
bráth.


L. Sl119:34


Tabhair tuigse dhamh, agus coimh-
édfad do dhligheadh, agus coimhlíonfad
é le mo chroidhe iomlán.


L. Sl119:35


Tabhair oram siubhal a ccasán
haitheantadh: óir is annsin atá mo dhúil.


L. Sl119:36


Cláon mo chroidhe chum thfíagh-
nuiseadh: agus ní chum sainte.


L. Sl119:37


Tabhair air mo shúilibh gabháil seacha
ó dhíomhaoineas dfaicsin: béoghuidh mé ann
do shlighe.


L. Sl119:38


Daingnidh do bhríathar dot sheir-
bhíseach air a bhfuil heagla.


L. Sl119:39


Iompoigh uáim mo scannail, noch
is eaguil liom; óir is maith do bhreitheamh-
nuis.


L. Sl119:40


Féuch, dobhí fonn agam ann haith-
eantaibh: béoghaidh mé ann thfíréntacht.



UAU.


L. Sl119:41


Tigdís fós do thrócaireadha chu-
gamsa, a Thighearna; do shlánughadh do
réir do bhréithre.


L. Sl119:42


Agus fregéora mé focal
dfior mo chóirighthe; óir atá mo dhóigh
ann do bhréithir.


L. Sl119:43


Agus ná beir as mo bhéul fo-
cal na fírinne go hiomlán; óir do
fheith mé air do bhreitheamhnusaibhsi.


L. Sl119:44


Agus coimhédfad do dhligheadh a
ccomhnuighe, go bráth agus choidhche.


L. Sl119:45


Agus siubholad go fairsing:
óir do lorgair mé haitheanta.


L. Sl119:46


Agus laibheorad air thfíadhnui-
sighibhsi a lathair Ríogh, agus ní bhíadh
náire orum.


L. Sl119:47


Agus biáidh dúil agam féin ann
haitheantaibh, noch do ghrádhuigh mé.


L. Sl119:48


Agus tóigfid súas mo lámha
chum haitheanta, noch do ghrádhuigh mé: a-
gus dodhénad smuáineadh ann do reach-
taibh.



SAIN.


L. Sl119:49


Cuimhnigh an bhriathar dot sheirbíseach,
noch ar a ttugais orum mo dhóthchus
do chur.


L. Sl119:50


Isé so mfurtacht ann manacaire;
óir do bhéoghaidh do bhríathair mé.


L. Sl119:51


Do tharcuisnigheadar na huáibh-
righ mé go hainmheasardha: ód dhligheadh
níor chláon mé.


L. Sl119:52


Do chuimhnigh mé do bhreitheamhnuis
ón tseanaimsir, a Thighearna, agus do
mheisnigh mé mé féin.


L. Sl119:53


Do ghabh an túathbás greim dhíom
ar son na gciontach, noch do thréig do
reacht.


L. Sl119:54


Dobhádar do reachta na gcain-
ticibh agam a ttigh moilithrighe.


L. Sl119:55


Do chuimhnighios hainm san noidh-
che, a Thighearna: agus coimhédfad do dhligheadh.


L. Sl119:56


Fuáir mé so do bhrígh gur comhlí-
on mé do dhligheadh.



CHETH.


L. Sl119:57


(Is tusa) mo chomhroinn, a Thi-
ghearna: do gheall mé do bhríathar do choimh-
líonadh.


L. Sl119:58


Do ghuidh mé haghaidh rém uile
chroidhe, dén trócaire orum do réir do
bhréithre.


L. Sl119:59


Do mheas mé mo shlighthe, agus
do iompóigh mé mo chosa chum thfíagnui-
seadha.


L. Sl119:60


Dorinne mé deithfir, agus ní
dhérnas faillighe haitheanta do choimhéd.


L. Sl119:61


Do shladadar slúagh na gcion-
tach mé; níor dhearmaid mé do dhligheadh.


L. Sl119:62


Annsa meadhon oidhche éireochad
dot mholadh, do bhrígh breitheamhnus thfí-
réntachta.


L. Sl119:63


Atáim am chompánach ag gach
aon ar a bhfuil heagla, agus do lucht
coimhéda haitheanta.


L. Sl119:64


A Thighearna, atá an talamh
líonta dot thrócaire: teagaisg do seachda
dhamh.



TETH.


L. Sl119:65


Dorinne tú go maith led shearbh-
fhoghantuigh, a Thighearna, do réir do
bhréithre.


L. Sl119:66


Teagaisg dhamh tuisge mhaith, a-
gus éolus; óir do chreid mé haithean-
ta.


L. Sl119:67


Suil do buáidhreadh mhé, dochuáidh
mé ar seachrán: anois coimhéduim do
bhríathar.


L. Sl119:68


Is maith thú, agus doní tú
maith; teagaisg do reachda dhamh.


L. Sl119:69


Do chumadar na huáibhrigh brég
am agaidh; ré croidhe iomlán coimhéd-
fa mé haitheanta.


L. Sl119:70


Atá a gcroidhe ramhar mar
mhéthus: atá mo dhúil ann do dhligheadh.


L. Sl119:71


Is maith dhamhsa gur buáidh-
readh mé: ionnus go ndén do reachtasa
fhoghluim.


L. Sl119:72


Is féarr dhamh dligheadh do bhéil,
ná na mílte dór agus dairgiod.



IOD.


L. Sl119:73


Dorinneadar do lámha mé, agus
do chumadar mé: tabhair tuigsi dhamh, a-
gus dodhéan haitheanta dfoghluim.


L. Sl119:74


An dream ar a bhfuil heagla,
béid lúathgháireach anuáir dochífid
mé: óir dobhí mo dhóigh ann thfo-
cal.


L. Sl119:75


As aithne dhamh, a Thighearna,
go bhfuilid do bhreitheamhnuis ceart; agus
gur a bhfírinne do ghortuigh tú mé.


L. Sl119:76


Bíodh anois do thrócaire dom
mheisniughadh, do réir thfocail dot sheir-
bhíseach.


L. Sl119:77


Tigeadh do thrócaire chineulta chu-
gam, ionnus go mairfinn: óir isé do dhligheadh
mo dhúil.


L. Sl119:78


Claóidhtear na huáibhrigh, óir
dorinneadar olc orum gan adhbhar:
dodhén smuáineadh ann haitheantaibhsi.


L. Sl119:79


Iompoighthear chugamsa an drong
air a bhfuil heaglasa; agus darbaithne
thfiaghnuiseadha.


L. Sl119:80


Bíodh mo chroidhe diongmhálta ann
do reachtaibh, ionnus nach cclaóidhfíghear
mé.



CAPH.


L. Sl119:81


Atá manam ag meirtniughadh
chum do shlánuighthe: dobhí mo dhóthchus
ann do bhréithir.


L. Sl119:82


Faillighid mo shúile tre do bhréi-
thir, ag rádh, cá húair dobhérair furtachd
dhamh?


L. Sl119:83


Bíodh gur bha cosmhuil mé re
buidéul annsa deatuigh, níor dhearmaid mé
do seachdasa.


L. Sl119:84


Cá líon láethe do sheirbhísigh?
cá huáir bhérair breitheamhnus anaghaidh
na droinge ainleanas mé?


L. Sl119:85


Do thochladar na huáibhrigh puill
am choinne, noch nach raibh do réir do
dhlighesi.


L. Sl119:86


Atáid haitheantasa uile fírinneach:
ainleanad mé go hégcóir: cuidighsi liom.


L. Sl119:87


Is beag nar chnaóidheadar mé air
an ttalamh; níor thréig mé haitheanta-
sa.


L. Sl119:88


Béoghuidh mé do réir do thrócaire,
agus coimhédfa mé breitheamhnuis do
bhéil.



LAMED.


L. Sl119:89


Go síorruidhe, a Tighearna, a-
tá do bhríathar arna daingniughadh
annsna neamhuibh.


L. Sl119:90


Go ginealach agus go ginealach
atá thfírinne: do dhaingnigh tú an ta-
lamh, agus seasaidh sé.


L. Sl119:91


Do réir hórduighthe seasuid aniugh,
óir is seirbhísigh dhuit íad uile.


L. Sl119:92


Muna bheith gurbé do dhligheadh
mo ro thaitneamh, annsin do mheithfinn ann
mo bhuáidhreadh.


L. Sl119:93


Ní dhearmofad go bráth haithean-
tasa; óir is léosin do bhéoghuidh tú
mé.


L. Sl119:94


Is leatsa mé, tárthuigh mé; óir
díarr mé haitheanta.


L. Sl119:95


Dobhí an ciontach ag bráth o-
rum, chum mo mhillte; measfa mé thfíadh-
nuiseadha.


L. Sl119:96


Donuile iomláine dochonnairc
mé críochnughadh: acht atá haithnesi ro
fhairsing.



MEM.


L. Sl119:97


Cionnus ghrádhuighim do dhligheadh?
is é mo smuáineadh é air feadh an laói.


L. Sl119:98


Dodhéna tú misi críonna ós
cionn mo námhad red aitheantaibh: óir
atáid agam a ccomhnuighe.


L. Sl119:99


Tuigim ós cionn mo lucht teag-
aisg uile: óir is íad thfíaghnuiseadh mo
smuáineadh.


L. Sl119:100


Tuigim nios mó ná na sinnsir:
do bhrígh gur choimhéd mé haitheantasa.


L. Sl119:101


Do chonnuimh mé mo chos ónuile
dhroichshlighe; iondus go ccoimhédfuinn
thfocal.


L. Sl119:102


Od bhreithmhnusaibh níor dheal-
uigh mé; óir do theagaisg tú mé.


L. Sl119:103


Cred é millse do ráidhte
dom charbad? níis millsi ná mil dom
bhéul.


L. Sl119:104


Od aitheantaibh fuáir mé tuig-
se: uimesin fúathuighim uile shlighe na
neimhfhírinne.



NUN.


L. Sl119:105


As lóchrann dom chosaibh
do bhríathar, agus solus dom chasá-
naibh.


L. Sl119:106


Thug mé mo mhionna, agus
coimhlíonfad sin, breitheamhnuis thfírén-
tachda do chomhall.


L. Sl119:107


Dobhí mé ar mo bhuáidhreadh go
hiomarcach: béoghaidh mé, a Thighearna,
do réir thfocail.


L. Sl119:108


Gabh uáim íodhbartha sochroi-
dheacha mo bhéil, guidhim thú, a Thighearna,
agus teagaisg dhamh do bhreitheamh-
nuis.


L. Sl119:109


Atá manam ann mo láimh
ghnáth: acht níor dhearmaid mé mo dhli-
gheadhsa.


L. Sl119:110


Do chuireadar na peacaidh pain-
téar am choinne: ghidheadh ní dheachus ar sea-
chrán ód aitheantaibhsi.


L. Sl119:111


Do ghlac mé mar oighreacht thfí-
adhnuisese go bráth; óir is sólás dom
chroidhe íad.


L. Sl119:112


Do chláon mé mo chroidhe chum
do reachta do dhéanamh go bráth.



SAMECH.


L. Sl119:113


Fúathuighim smuáintighthe dío-
mhaoine: acht gráduighim do dhligheadhsa.


L. Sl119:114


Is tusa mionad foluighthe a-
gus mo scíath: dobhí mo dhóigh ann thfo-
cal.


L. Sl119:115


Imthighidh uáim, sibhsi a lucht
dénta uilc, agus coimhédfad aitheanta
mo Dhé.


L. Sl119:116


Connaimh súas mé do réir do
bhréithre, agus mairfe mé: agus ná
náirigh mé fám dhóthchus.


L. Sl119:117


Connuimh súas mé, agus biáidh
mé a ndídean; agus biáidh mo dhúil ann do
reachdaibh do ghnáth.


L. Sl119:118


Do shaltair tú síos an mhéid
dochuáidh amugha ód seachdaibh: óir is
neimhfhírinne an ghangaid.


L. Sl119:119


Teilgir uáit mar dhroichmhio-
tal a bhfuil do pheacachuibh air an ttalamh:
ar anadhbharsin grádhuighim thfíadhnuisea-
dha.


L. Sl119:120


Criothnuidh mfeóil ré heaglasa:
agus atá úamhan do bhreitheamhnuis
orum.



AIN.


L. Sl119:121


Dorinne mé ceart agus breith-
eamhnus; ná toirbhir mé do luchd mo shár-
uighthe.


L. Sl119:122


Bí anurrughus air do sheirbhí-
seach chum maitheasa: ná léig donuáibh-
reach mo shárughadh.


L. Sl119:123


Meathaid mo shúile ag feithiomh
air do shlánughadh, agus air fhocal thfírén-
tachta.


L. Sl119:124


Dén red sheirbhíseach do réir
do thrócaire; agus múin damh do
reachta.


L. Sl119:125


Is misi do sheirbhíseach, tabhair
tuigsi dhamh: agus biaidh éolus air thfíadh-
nuisibh agamní.


L. Sl119:126


Is mithid a dhénamh, a Thighear-
na: do chuireadar do dhligheadh ar
neimh.


L. Sl119:127


Uime sin is ionmhuin liom hai-
theanta ós cionn óir, agus ós cionn óir
fhíorghlain.


L. Sl119:128


Uime sin measuim haitheantasa
uile ceart: fúathighim uile shlighe na
neimhfhírinne.



PE.


L. Sl119:129


Atáid thfíaghnuiseadh ro ion-
gantach: uime sin coimhéduigh ma-
nam íad.


L. Sl119:130


Dobheir dul asteach do bhría-
thar solus, ag tabhairt tuigse don
tsimplighe.


L. Sl119:131


Dfoscail mé mo bhéul, agus
do chriothnuigh mé: óir dobhí mían haithean-
ta agam.


L. Sl119:132


Feuch orum agus dén trócaire
orum, do réir do chleachtaidh don droing
lerbionmhuin hainm.


L. Sl119:133


Daingnidh mo choiscéime ann do
bhréithir; agus ná léig durchóid ar bith
úachtaránacht do bhreith orum.


L. Sl119:134


Sáor mé ó shárughadh na nda-
óine: agus coimhédfa mé haitheanta.


L. Sl119:135


Tabhair air haghaidh déalrughadh
air do sheirbhísách: agus teagais
dhamh do reachta.


L. Sl119:136


Silid srotha uisgeadh as
mo shúilibh: do bhrígh nach ccoimhédaid do
dhligheadh.



TSADDI.


L. Sl119:137


Is fíréunta thú, a Thighearna:
agus atáid do bhreitheamhnuis díreach.


L. Sl119:138


Daithin tú thfíaghnuiseadh, atáid
fírénta agus ro fhírinneach.


L. Sl119:139


Do ghearr mo theas-ghrádh a-
mach mé: do bhrígh gur dhearmadar mo
naimhde do bhríathra.


L. Sl119:140


Do dearbhadh do bhríatharsa go
mór: agus is ionmhuin lead sheirbhíseach í.


L. Sl119:141


Is beag misi agus is tarcuis-
neach: níor dhearmaid mé haitheantasa.


L. Sl119:142


Is fíréntacht síorruidhe thfírén-
tachdsa; agus is fírinne do dhligheadh.


L. Sl119:143


Tárlaigh anacair, agus goimh
chugam; is íad haitheanta máoibhneas.


L. Sl119:144


Atá fíréntacht thfíaghnuiseadha
go síorruidhe; tabhair tuigsi dhamh, agus
mairfe mé.



COPH.


L. Sl119:145


Eighim rem uile chroidhe;
cluin mé, a Thighearna: coimhédfa
mé do reachta.


L. Sl119:146


Eigim chugadsa, agus coimh-
édfad thfíadhnuiseadh.


L. Sl119:147


Do mhoichéirghe mé ré teacht an
laói, agus déighios: dobhí mo dhúil
red fhocalsa.


L. Sl119:148


Bíd mo shúile na ndúscadh a
ttráthuibh (na hoidhche) chum smuainiughadh
ann do bhréithir.


L. Sl119:149


Cluin mo ghuth do réir do thró-
caire: a Thighearna, do réir do bhreitheamh-
nuis béoghaidh mé.


L. Sl119:150


Atáid ag teacht a bhfogus,
noch leanas durchóid, atáid a bhfad ód
dhligheadh.


L. Sl119:151


Atá tusa a bhfogus, a Thi-
ghearna: agus is fírinne haitheanta uile.


L. Sl119:152


A ttáobh thfiadhnuiseadhsa bá
fios damh re fada, gur shuighidh tú íad
go síorruidhe.



RESH.


L. Sl119:153


Dearc ar manacair, agus sáor
mé: óir níor dhearmuid mé do dhli-
gheadh.


L. Sl119:154


Tagair mo chúis, agus sáor mé;
do réir do bhréithre béoghaidh mé.


L. Sl119:155


Ar fada slánughadh ón gcoir-
pe: óir ní íarruid do reachta.


L. Sl119:156


Is líonmhar do thrócaire chineul-
ta, a Thighearna: béoghaidh mé do réir
do bhreitheamhnuis.


L. Sl119:157


Is líonmhar lucht mo bhuáidhear-
tha, agus measccáirde: níor chláon mé
ó thfiaghnuisibhsi.


L. Sl119:158


Dochonnairc mé lucht an
tsáruighthe, agus dobhí mé doil-
ghiosach, do bhrígh nár choimhéda-
dar thfocal.


L. Sl119:159


Féuch gurbionmhuin liom hai-
theanta: a Thighearna, do réir do thró-
caire béoghaidh mé.


L. Sl119:160


As fírinne tosach do bhréithre:
agus biaidh huile bhreitheamhnuis fírénta
go síorruidhe.



SCHIN.


L. Sl119:161


Do ainleanadar prionnsuidhe
mé gan adhbar: achd dobhí eagla
air mo chroidhe red bhréithirsi.


L. Sl119:162


Gáirdighim red fhocal mar an
té dogheibh móirédail.


L. Sl119:163


Fúathuighim, agus bí gráin
agam air bhréugaibh; is ionmhuin liom do
dhligheadh.


L. Sl119:164


Moluim thú seacht nuáire san
ló; a ttaobh bhreitheamhnus thfíréntachda.


L. Sl119:165


Atá síothcháin mhór don lucht
grádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil
ceap tuislighe na naghaidh.


L. Sl119:166


Dobhí mo dhóigh ann do shlánughadh,
a Thighearna: agus do chomhaill mé haitheanta.


L. Sl119:167


Do choimhéd manam thfíadhnuiseadha,
agus do ghrádhuigh sé íad go ro mhór.


L. Sl119:168


Do choimhéd mé haitheanta, agus
thfíadhnuiseadha; óir atáid mo shlighthe
uile ad lathairsi.



TAU.


L. Sl119:169


Tigeadh méigheadh a ngar ad
lathair, a Thighearna: tabhair
tuigsi dhamh do réir do bhréithre.


L. Sl119:170


Tigeadh mo ghearán ós do choinne:
do réir do bhréithre sáor mé.


L. Sl119:171


Laibheoruidh mo bhéul moladh,
mar mhúinfios tusa do reachta dhamh.


L. Sl119:172


Freagoruidh mo theanga do
bhríathar; óir is fíréntacht haitheanta
uile.


L. Sl119:173


Cuidigheadh do lámh riom, óir
rug mé haitheanta do roghain.


L. Sl119:174


Dobhí mían agam ad shlánu-
ghadh, a Thighearna: agus isé do dhli-
gheadh maóibhneas.


L. Sl119:175


Maireadh manam, agus molfa
sé thusa: agus cuidigheadh do bhreitheamh-
nus liom.


L. Sl119:176


Dobhí mé ar seachrán mar chaói-
righ ar ndul amugha: lorgair do sheir-
bhíseach; óir níor dhearmaid mé haithean-
tasa.


L. Sl120


Psalm 120



Caintic chéimeadh.


L. Sl120:1


Do éigh mé chum an Tighearna an
mo bhuáidhreadh, agus dochúa-
laidh sé mé.


L. Sl120:2


A Thighearna, sáor ma-
nam ó bhéul na mbréug, ó theangaidh nó
ceilge.


L. Sl120:3


Cred dobhérthar duitsi? no
cred dhéntar leachd, a theanga na ceilge?


L. Sl120:4


Soighde géra an chumhachtaigh, ma-
ille re gríosuigh chrainn Iuniper.


L. Sl120:5


A mhairg dhamhsa, doní comhnuighe
a Mesech, go comhnuighim a ttighthibh
Sédair.


L. Sl120:6


Is fada dobhí manam na chomhn-
uighe a bhfochair an té lé nach ionmhuin sí-
othcháin.


L. Sl120:7


Atáimsi ar son síothchána; a-
gus má labhruim, atáidsion chum cogaidh.


L. Sl121


Psalm 121



Caintic chéimeadh.


L. Sl121:1


Toígfiod súas mo shuile chum
na ccnoc, as a ttiocfa mo
chabhair.


L. Sl121:2


Is ón TTighearna atá
mo chabhair, noch dorinne neamh agus talamh.


L. Sl121:3


Ní léigfidh sé dot chois corru-
ghadh, ni choidéola an té choimhéadas
thusa.


L. Sl121:4


Féuch, an té choimhédas Israel,
ní dhéana sé táimhnéull ná cod-
ladh.


L. Sl121:5


Isé an Tighearna thfear cosan-
ta: isé an Tighearna do scáth air do
láimh dheis.


L. Sl121:6


San ló ní bhuáilfe an ghrían thú:
nó an ghealach san noidhche.


L. Sl121:7


Cuimhdeochuidh an Tighearna thú ónuile
olc; coimhédfa sé hanam.


L. Sl121:8


Cuimhdeochuidh an Tighearna
do dhul amach, agus do theacht
asteach: ónamsa amach agus go
síorruidhe.


L. Sl122


Psalm 122



Caintic chéimeadh Dháibhi.


L. Sl122:1


Do luáthgháirighios ris an lucht
adubhairt leam, téigheam go tigh
an Tighearna.


L. Sl122:2


Atáid ar ccosa na
seasamh ann do gheatadhuibh, a Ierusalem.


L. Sl122:3


Ierusalem arna tógbháil mar
chathraidh, atá arna choimhcheangal innte
féin ré chéile.


L. Sl122:4


Oír is innte sin suas théid na
treabha, treabha an Tighearna go fiadhnui-
si Israel, chum anma an Tighearna do
mholadh.


L. Sl122:5


Oír suighfid annsin a suighibh río-
gha chum breitheamhnuis, cathaóire ríogha
thighe Dháibhi.


L. Sl122:6


Guidhidh ar son síothchána Ieru-
salem; bídís a síothcháin noch lerbion-
mhuin thú.


L. Sl122:7


Bíodh síothcháin ann do dhaingion,
sonas astigh ann do phálásaibh.


L. Sl122:8


Ar son mo dhearbhráithreach, agus
mo charad, adérad anois, bíodh
síothcháin ionnad.


L. Sl122:9


Ar son tighe an Tighearna ar
Ndé, íarrfa mé maith dhuitsi.


L. Sl123


Psalm 123



Caintic chéimeadh.


L. Sl123:1


Thugadsa tógbhuim súas mo
shúile, ó thusa noch áitrea-
bhus annsna neamhuibh.


L. Sl123:2


Féuch mar atáid súile
na seirbhíseach chum láimhe a maighistir;
mar atáid súile banógluich chum láimhe
a maighistreása, is mar sin atáid ar
súilene chum an Tighearna ar Ndía, go
raibh sé grásamhuil dúinn.


L. Sl123:3


Dén trócaire oruinn, a Thighearna,
dén trócaire oruinn: óir atámaoid air ar
nainlíonadh le tarcuisne.


L. Sl123:4


As mór atá ar nanam arna
líonadh le tarchuisne na druinge atá
a suaimhneas, re tarcuisne na nuáibh-
reach.


L. Sl104


Psalm 104



Caintic chéimeadh Dháibhi.


L. Sl104:1


Muna bheith an Tighearna linn,
abradh Israel anois:


L. Sl124:2


Muna bheith an Tighear-
na linn, an tan déirghea-
dar dáoine súas ar naghaidh.


L. Sl124:3


Annsin do shluigfidís súas béo
sinn; mar do las a bhfearg ar naghaidh.


L. Sl124:4


Annsin do bháithfidís na huisgeadha
sinn, dorachadh an tuile thar ar na-
nam.


L. Sl124:5


Annsin dorachaidís na huisgeadha
uaibhreacha thar ar nanam.


L. Sl124:6


Go madh beannuigh an Tighearna, nach
ttug sinn mar chreich dá bhfíaclaibh.


L. Sl124:7


Atá ar nanam mar én ar nim-
theacht as líonn na bhfíadhach; atá an lion
arna bhriseadh, agus dimthigheamairne
slán.


L. Sl124:8


Is anainm an Tighearna atá
ar bhfurtacht, noch dorinne neamh agus
talamh.


L. Sl125


Psalm 125



Caintic chéimeadh.


L. Sl125:1


Biáidh an lucht chuirios a ndóigh
annsa Tighearna mar shlíabh
Síon, nach féidir a chorru-
ghadh, ach mhairios go bráth.


L. Sl125:2


Ierusalem, atáid na sléibhte
na timchiollsin, agus atá an Tighear-
na a ttimchioll a dhaóine ónuáirsi a-
gus go síorruidhe.


L. Sl125:3


Oír ní dhénaidh slat an chorbuidh
comhnuidhe ar chrannchair na bhfírén; ion-
dus nach sínfid na fíréin a lámha a-
mach chum corbuidh.


L. Sl125:4


Dén maith a Thighearna do na
deaghdhaóinibh, agus don díreach a ccroi-
dhe.


L. Sl125:5


Acht an lucht chláonas chum na
ndroichshligheadh, tréorochuidh an Tighearna
íad lé lucht oibrighthe anégceirt: go
raibh síothcháin air Israel.


L. Sl126


Psalm 126



Caintic chéimeadh.


L. Sl126:1


Anuáir dothug an Tighearna
braighdionas Síon air ais, bá
cosmhuil sinn leis a ndroing
dochídh aisling.


L. Sl126:2


Annsin do líonadh ar mbéul ré
gáireadha, agus ar tteanga ré lúath-
gháire; adubhradar annsin a measg na
gcineadhach, dorinne an Tighearna échta
móra dhóibh.


L. Sl126:3


Dorinne an Tighearna neithe móra
linne, atámaóid lúathgháireach.


L. Sl126:4


Iompoigh arís a Thighearna ar
mbraighdionas mar na srothaibh budh
dheas.


L. Sl126:5


An dream chuirios síol a ndéruibh,
beanfaid a lúathgháire.


L. Sl126:6


An té dimthigh amach go doil-
ghiosach, agus do ghuil ag cur a shíl:
tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a
phunnann.


L. Sl127


Psalm 127



Caintic chéimeadh Sholaimh.


L. Sl127:1


Muna bhfoirgníghe an Tighear-
na an tigh; is díomhaóin oib-
righid an lucht fhoirgnighios
e: muna ccumhduighe an Ti-
ghearna an chathair, is go
díomhaóin doní an fear coimhéda faire.


L. Sl127:2


Is díomhaóin díbhsi, noch éirghios
go moch, shuighios go deighionach, noch
íthios arán an doilghiosa: marsin
dobhéraidh sé codladh dá fhior gráidh.


L. Sl127:3


Féuch, is oighreacht don Tighearna
clann: toradh na bronn a luaidheachd.


L. Sl127:4


Mar shoighde a láimh an duine ar-
rachtaigh, is amhluigh sin atá clann na
bóige.


L. Sl127:5


Is sona an duine agá bhfuil a bhol-
gán soighiod lán díobh: ní bhiáidh claóidh-
te an tan laibheoruid léna naimhdibh
san gheata.


L. Sl128


Psalm 128



Caintic chéimeadh.


L. Sl28:1


Is sona gach áon, air a bhfuil
eagla an Tighearna, noch
shiobhlas iona shlighthibh.


L. Sl128:2


Oír íosfa tú sáothar
do lámh féin: biáidh tú sona,
agus rachaidh go maith dhuit.


L. Sl128:3


Biáidh do bhean cosmhuil ris an
bhfíneamhuin thosuigh ar tháobhuibh do thighe:
do chlann cosmhuil le planntoighibh chroinn
na hola a ttimthioll do bhóird.


L. Sl128:4


Féuch, gur marso bhías an duine
beannuigh air a bhfuil eagla an Tighearna.


L. Sl128:5


Beinneochuidh an Tighearna thú as
Síon: agus dochífidh tú maith Ierusa-
lem uile láethe do bheatha.


L. Sl128:6


Agus dochífe tú clann do chloinne,
agus síothcáin ar Israel.


L. Sl129


Psalm 129



Caintic chéimeadh.


L. Sl129:1


Is minic do bhuáidhreadar mé
óm óige, abradh Israel anois:


L. Sl129:2


Is minic do bhuáidhreadar
mé óm óige: gidheadh ní ruga-
dar buáidh orum.


L. Sl129:3


Do threabhadar na treabhthaigh air mo
dhruim: dorinneadar a niomairighe fada.


L. Sl129:4


Atá an Tighearna fíréunta,
noch do ghérr ó chéile téda na gcion-
tach.


L. Sl129:5


Cláoidhtear íad, agus iom-
poighthear ar gcúl gach a bhfuathui-
ghionn Síon.


L. Sl129:6


Bídís cosmhuil ris an bhféur fhásas
a mulladhuibh na ttightheadh, noch chríonas
níis doichthe ná fhás as go hiomlán.


L. Sl129:7


Lé nach líonann an búanuighe a lámh,
ná fear ceangail na bpunnann a bhrol-
lach.


L. Sl129:8


Agus nach abraid lucht gabála
na sligheadh, bíodh beannugadh an Ti-
ghearna oruibh: beannuighmid sibh anainm
an Tighearna.


L. Sl130


Psalm 130



Caintic chéimeadh.


L. Sl130:1


As na haigénaibh déigh mé ortsa,
a Thighearna.


L. Sl130:2


A Thighearna, cluin mo
ghuth; bídís do chlúasa aireach
chum gotha mo ghearáin.


L. Sl130:3


Má thugann tú cionta dot aire, a
Thighearna: a Thighearna, cía sheasfas.


L. Sl130:4


Acht is agadsa atá maithmheachus,
ionnus go mbiáidh eagla romhad.


L. Sl130:5


Do fheith mé air an TTighearna,
atá manam ag feithiomh, agus iona
bhréithir atá mo dhóigh.


L. Sl130:6


Atá manam ag feithiomh air an
TTighearna, nísa mhó ná doníd lucht
faire air an maidin.


L. Sl130:7


Bíodh dóigh ag Israel san TTi-
ghearna: óir is ag an TTighearna atá
trócaire, agus aigesion atá iomad
fúascalta.


L. Sl130:8


Agus fuaisgeoluidh sé Israel
óna nuile chiontaibh.


L. Sl131


Psalm 131



Caintic chéimeadh Dháibhi.


L. Sl131:1


A Thighearna, ní bhfuil mo chroidhe
árd, ní mó atáid mo shúile
arna ttógbháil súas: a-
gus níor shiubhlas anadhbha-
raibh móra, agus a neithibh iongantacha is
áirde ná mé.


L. Sl131:2


Nachar chumas, agus nachar chui-
rios manam na chomhnuighe mar leanamh do
coisgfidh do chich agá mhathar: mar lea-
namh ar ccosg do chígh atá manamsa.


L. Sl131:3


Dénadh Israel feitheamh air an TTi-
ghearná ó so amach, agus go síorruidhe.


L. Sl132


Psalm 132



Caintic chéimeadh.


L. Sl132:1


Cuimhnigh, a Thighearna, Dáibhi
agus a uile bhuaidhreadh.


L. Sl132:2


Noch thug mionna don
Tighearna, thug a mhóid do
Dhía chumhachtach Iácob (ag rádh)


L. Sl132:3


(Nar mhaire mé) má théighim asteach
a tteaghais mo thige, má théighim súas
air mo leabaidh chóirighthe:


L. Sl132:4


Má thugam codladh dom shúilibh,
táimhnéull do mhogluibh mo shúl,


L. Sl132:5


Go bhfaghas ionad don Tighearna,
ionad comhnuige do Dhía chumhachdach Iá-
cob.


L. Sl132:6


Féuch, dochúalamar so ann Eph-
rátah: fúaramar é a maghuibh na
coilleadh.


L. Sl132:7


Racham asteach iona nionaduibh
comhnuighe: claonfam sinn féin chum
cos-stóil a chos.


L. Sl132:8


Eirigh, a Thighearna, chum
hionaid comhnuighe; thú féin, agus Aírc
do neirt.


L. Sl132:9


Bídís do shagairt éduighthe le fír-
éntachd: agus déindís do naóimh lúath-
gháire.


L. Sl132:10


Ar son Dáibhi do sheirbhísigh
ná fill uáinn aghaidh hungthaidh.


L. Sl132:11


Do mhionnuigh an Tighearna do
Dháibhi a bhfírinne; ní fhillfe sé úadh sin:
do thoradh do bhronn suigheochaidh sé ann
do chathaóir ríogha.


L. Sl132:12


Má choimhéduid do mhic mo chunnradh,
agus mfíaghnuiseadha, noch mhúinfead dóibh,
suighfid a cclann mar an ccédna go
síorruighe ann do chathaóir ríogha.


L. Sl132:13


Oír do thogh an Tighearna Síon,
do dhúiligh é mar ionad suighe (gha rádh.)


L. Sl132:14


Asé so mo shuáimhneas go síorr-
uidhe: annso dodhénad comnuighe, óir
fuáir mé dúil innte.


L. Sl132:15


Beinneochad a maithesa go hiomar-
cach, sásfa mé a boicht le harán.


L. Sl132:16


Agus éideochuidh mé a sagairt
ré slánughadh, agus dodhénaid a naóimh
gáirdeachus ré lúathgháire.


L. Sl132:17


Annsin dobhear ar adhairc
Dháibhi fás, do órduigh mé solus dom
ungthach: éideochad a naimhde ré náire,
acht bláitheochuidh a choróinsion air féin.


L. Sl133


Psalm 133



Caintic chéimeadh Dháibhi.


L. Sl133:1


Feuch caidhe an mhaith agus
an taóibhneas sin dearbhrái-
thre do dhénamh comhnuidhe
anéinionad amháin.


L. Sl133:2


Mar an deaghola ar
an gceann, ag tuitim air an bhféusóig,
féusóg Aaron: noch dochuáidh síos go
sciorta a éduidh.


L. Sl133:3


Mar dhrúcht Hermon, noch thuitios
ar shléibhtibh Síon: óir is annsin do ai-
thin an Tighearna beannughadh na beatha go
síorruighe.


L. Sl134


Psalm 134



Caintic chéimeadh.


L. Sl134:1


Feuchuide, beannuighidhsi an
Tighearna, sibhsi a sheirbhí-
seacha an Tighearna uile: noch
sheasas a ttigh an Tighearna
sna hoidhchibh.


L. Sl134:2


Tógbhaidh suas bhur lámha chum
na sanctóra, agus beannuigh an Ti-
ghearna.


L. Sl134:3


go mbeannuigh an Tighearna thú
as Síon: cruthuigheóir nimhe agus tal-
mhan.


L. Sl135


Psalm 135


L. Sl135:1


Moluidh an Tighearna; moluidh
ainm an Tighearna, moluidh
é, a sheirbhíseacha an Tighear-
na.


L. Sl135:2


Noch sheasas a ttigh an
Tighearna, a gcúirtibh thighe ar Ndé.


L. Sl135:3


Moluidh an Tighearna, óir is maith
an Tighearna: canaidh sailm dhá ainm;
óir atá sé aóibhinn.


L. Sl135:4


Oír do thogh an Tighearna Iácob
dhó féin, Israel do bheith na ionnmhus
áirighe aige:


L. Sl135:5


Oír is aithne dhamh gur mór an
Tighearna, agus go bhfuil ar TTighearna
ós cionn anuile dhée.


L. Sl135:6


Dorinne an Tighearna gach ní do
thoguir féin air neamh agus air talamh, ann-
sna fairgeadhuibh, agus annsna huile
aigénuibh.


L. Sl135:7


Tógbhuidh sé súas na deathuighe ó
fhoirimeal na talmhan, doní tinnteach chum
fearthanna: ag tabhairt na gaóithe amach
as a ionnmhusaibh.


L. Sl135:8


Noch do bhuáil céidgheine na Hé-
gipte ó dhuine go beathach.


L. Sl135:9


Do chuir sé comharthadha agus
ionganta chugadsa, a Egipt ann do
meadhon: air Pharao, agus air a uile
sheirbhíseachaibh.


L. Sl135:10


Noch do bhuáil iomad cineadhach,
agus do mharbh Ríghthe móra:


L. Sl135:11


Sihon Righ na Namoríteach, agus
Og Rígh Básan; agus uile rioghachta
Chánaain.


L. Sl135:12


Agus thug sé a bhfearann mar
oighreacht, na oighreachd Dísrael a pho-
bal féin.


L. Sl135:13


A Thighearna, atá hainm go
síorruighe; a Thighearna, atá do chuimhne ó
ghinealach go ginealach.


L. Sl135:14


Oír béraidh an Tighearna brei-
theamhnus air a dhaóinibh: agus biáidh
aithreachus air a ttáobh a sheirbhíseach.


L. Sl135:15


Is airgiod agus ór, íomháighe
na ngeinteadh, obair lámh dáoine.


L. Sl135:16


Atá béul aca, agus ní labhraid;
atáid súile aca, agus ní fhaicid síad.


L. Sl135:17


Atáid clúasa aca, agus ní
chluinid; agus ní bhfuil fós anál iona
mbéul.


L. Sl135:18


Is cosmhuil ríu an lucht doní íad;
gach a chuirionn a ndóigh ionnta.


L. Sl135:19


A thigh Israel, beannuigh an Ti-
ghearna: a thigh Aaron, beannuigh an
Tighearna.


L. Sl135:20


A thigh Lébhi, beannuigh an Ti-
ghearna: sibhsi air a bhfuil eagla an
Tighearna, beannuighe an Tighearna.


L. Sl135:21


Go madh beannuigh an Tighearna
as Síon, noch chomhnuigheas ann Ierusa-
lem. Moluidh an Tighearna.


L. Sl136


Psalm 136


L. Sl136:1


Moluidh an Tighearna, óir is
maith é: óir (mairigh) a
thrócaire choidhche.


L. Sl136:2


Moluidh Día na ndée;
óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:3


Moluidh tighearna na ttighearnadh;
óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:4


An té doní ionganta móra: óir
(mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:5


An té dorinne na flaithis le
heagna: óir (mairigh) a thrócaire
choidhche.


L. Sl136:6


An té do shín amach an talamh
ós cionn na nuisgeadh: óir (mairigh)
a thrócaire choidhche.


L. Sl136:7


An té dorinne soillsighe móra:
óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:8


An ghrían do riaghladh san ló:
óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:9


An ghealach, agus na rélta
do riaghladh na hoidhche: óir (mairigh)
a throcaire choidhche.


L. Sl136:10


An té do bhuail a Négipt,
maille re na céidgheinibh: óir (mairigh) a
thrócaire choidhche.


L. Sl136:11


Agus thug Israel as a mea-
dhón sin: óir (mairigh) a thrócaire
choidhche.


L. Sl136:12


Le láimh láidir agus le righ
sínte amach: óir (mairigh) a thró-
chaire choidhche.


L. Sl136:13


An té do roinn an mhuir rúadh a
ndá chuid: óir (mairigh) a thrócaire choidhche


L. Sl136:14


Agus thug air Israel dul thríd
a meadhón: óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:15


Agus do chlaóidh Phárao
agus a shlúagh annsa muir ruáidh: óir
(mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:16


An té do thréoruidh a dhaoine
san díothramh; óir (mairigh) a thró-
caire choidhche.


L. Sl136:17


An té do bhuáil Ríghthe móra:
óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:18


Agus do mharbh Ríghthe oir-
dhearca: óir (mairigh) a thrócaire
choidhche.


L. Sl136:19


Sihon Rígh na namoríteach:
óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:20


Agus Og Rígh Básan: óir
(mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:21


Agus thug a bhfearann mar
oighreachd: óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:22


Oighreacht Dísrael a sheirbhíseach:
óir (mairigh) a thróchaire choidhche.


L. Sl136:23


Noch do chuimhnigh oruinn ionar
staid uirísil: óir (mairigh) a thró-
caire choidhche.


L. Sl136:24


Agus dfuasgail sinn ó ar naimh-
dibh: óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:25


Dobheir sé arán donuile fheóil:
óir (mairigh) a thrócaire choidhche.


L. Sl136:26


Moluidh Día nimhe: óir (mairigh)
a thrócaire choidhche.


L. Sl137


Psalm 137


L. Sl137:1


Laimh ré srothaibh Bhabilón,
annsin do shuigheamar, do
guileamar fós; mar do
chuimhnigheamar Síon.


L. Sl137:2


Do chrochamar ar gcláirseacha
air shuileógaibh iona meadhón
sin.


L. Sl137:3


Oír annsin díarradar an lucht do
rug a láimh sinn bríathra ceóil, agus an
dream dorinne carnáin dínn lúathgháire,
(agh rádh) canaidh dhúinn (cuid) do chain-
ticibh Síon.


L. Sl137:4


Cionnus chanfam caintic an Ti-
ghearna a ttalamh coimhthightheach?


L. Sl137:5


Má dhearmaduim thusa, ó Ieru-
salem, dearmhadadh mo lámh dheas a gliocas.


L. Sl137:6


Ceangladh mo theanga dúachtar mo
bhéil, muna ccuimhnighe mé ortsa, muna
ttógfa mé Ierusalem ós cionn mullaigh
mo shóláis.


L. Sl137:7


Cuimhnigh, a Thighearna, clann
Edom a ló Ierusalem, noch adubhairt:
tochlaidh, tochlaidh í go nuige a hí-
ochdar.


L. Sl137:8


O, a inghean Bhabilón noch dhíothlairi-
ghear, budh sona an té aithdhíol-
fas leatsa do luáigheacht noch do
dhíol tú linne.


L. Sl137:9


Budh sona an té noch ghlacfas
agus bhuáilfios do naóidhin anaghaidh
na cairge.


L. Sl138


Psalm 138



Psalm Dháibhi.


L. Sl138:1


Molfa mé thú lem uile chroi-
dhe; ós coinne na ndée
canfa mé salm dhuit.


L. Sl138:2


Dodhéna mé adhra
chum páláis do náomhthach-
ta, agus molfa mé hainm ar son do
thrócaire, agus thfírinne: óir do mhó-
raidh tú do bhríathar red ainm uile.


L. Sl138:3


Annsa ló mar do gháir mé, do
fhreagair tú mé: do fhairsingidh tú
neart ann manam.


L. Sl138:4


A Thighearna, molfaid Ríghthe
na talmhan thú: óir dochualadar bría-
thra do bhéil.


L. Sl138:5


Agus dodhéanaid céol a sligh-
thibh an Tighearna: óir is mór glóir an
Tighearna.


L. Sl138:6


Bíodh gur bárd an Tighearna, gi-
dheadh dochí sé an tumhal, agus aith-
nighe sé an tuáibhreach a bhfad úadh.


L. Sl138:7


Má shiubhluim a meadhón an chumhgaidh,
aithbheochuidh tusa mé: ar son fheirge
mo námhad sínfe tú úait do lámh; agus
tárthochair mé lé do láimh dheis.


L. Sl138:8


Coimhlíonfa an Tighearna (a
obair) ar mo shonsa; atá do thró-
caire, a Thighearna, go síorruidhe: ná
tréig obair do lámh.


L. Sl139


Psalm 139



Don phrímhfhear ceóil, psalm Dháibhi.


L. Sl139:1


A Thighearna do chuartuigh tú
mé go léir, agus daithin
tú mé.


L. Sl139:2


Is aithne dhuit mo shuighe,
agus méirghe: tuige tú mo smuáineadh
a bhfad uáit.


L. Sl139:3


Spíona tú mo chasán, agus mo
luidhe síos, agus atá tú éolach air mo
shlighthibh uile.


L. Sl139:4


An tan nach bhfuil an focal ann
mo theangaidh, féuch, a Thighearna,
is aithne dhuitse sin uile.


L. Sl139:5


Am dhiaigh agus romham gabhaidh tú
am thimchioll; leagaidh tú do lámh orum.


L. Sl139:6


Is iongantach héolus ós mo
chionn; atá sé árd, ní fhéduim rochtuin
chuige.


L. Sl139:7


Cá háit a rachaidh mé ó do spi-
orad? nó cá háit a tteighfe mé ó do
radharc?


L. Sl139:8


Má théighim súas go flaitheamh-
nus, atá tusa ann; má ullmhuighim mo
leabaidh anifrionn; feuch, atá tusa a
lathair.


L. Sl139:9


Má gabhuim sciatháin na maidne,
agus má chomhnuighim a rannaibh foir-
iomlacha na mara.


L. Sl139:10


Annsin fós tréorochuidh do lámhsa
mé; agus coinneomhuidh do lámh dheas
mé.


L. Sl139:11


Agus má deirim, foileochuidh
an dorchadus mé go deimhin; biáidh
anoidhche go dearbhtha na solus am thim-
chioll.


L. Sl139:12


An dorchadus féin ní dhorchui-
ghionn uáitsi; agus dobheir anoidhche
solus uaithe mar an lá: mar an ndor-
chadus is amluidh sin atá an solus.


L. Sl139:13


Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin,
dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar.


L. Sl139:14


molfa mé thú, do bhrígh go
ndérnadh me go hiongantach re hoib-
reachuibhsi; is oirdheirc hoibreacha, agus
atá a fhios sin aig manamsa go ro
mhaith.


L. Sl139:15


Ní raibh mo neart a bhfolach ortsa
an tan dorinneadh mé anuáignios,
agus do hoibrigheadh mé go healadhan-
ta a rannaibh íochtaracha na talmhan.


L. Sl139:16


Dochonncadar do shúile mo mheall
míochumtha, agus dobhádar uile scrí-
obhtha an do leabharsa, cía an lá dodhén-
taoi a ndeilbh an tan nach raibh aon
díobh?


L. Sl139:17


Ar anadhbharsin cred é mhór-
luáigh atáid do smuáintighththe dhamhsa,
a Dhé? cred é mhéud a nuibhir?


L. Sl139:18


Dá náirmhim íad, is lía íad le a
gcomháireamh, ná an gaineamh; músg-
luim, agus atáim do ghnáth agadsa.


L. Sl139:19


Má mharbhann tú na ciontuighe,
a Dhé: a dhaóine fuilteacha, imthighidh
uáimse.


L. Sl139:20


Noch labhras ad agaidh go hur-
chóideach, agus do naimhde bheir (hainm)
go díomhaóin.


L. Sl139:21


Nach bhfuil fúath agamsa orra,
a Thighearna, agá bhfuil fúath ortsa?
agus nach bhfuil fearg orum leis
a ndroing éirghios súas ad aghaidh.


L. Sl139:22


Lé fúath diongmhálta fúathighim
íad; atáid mar naimhde agam.


L. Sl139:23


Cuartuigh mé, a Dhé, agus tuig
mo chroidhe: teastuidh mé, agus tuig mo
smuáintighe.


L. Sl139:24


Agus féuch an bhfuil slighe ar
bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé
a slighe na síorruidheachta.


L. Sl140


Psalm 140



Don prímhfhear ceóil Psalm Dháibhi.


L. Sl140:1


Saór mé, a Thighearna, ón
drochdhuine: ó fhior anfoir-
éigin coimhéd mé.


L. Sl140:2


Noch smuáinios urchóid
a gcroidhe; ar feadh an laói
cruinnighid a gceann a chéile chum cogaidh.


L. Sl140:3


Do ghéruigheadar a tteangtha a-
mhuil naithir nimhe: atá nimh naithreach io-
na mbéul.


L. Sl140:4


Coimhéd mé, a Thigherna, ó lámh-
aibh na cciontach: dídin mé ó fhior
anfoiréigin, noch shaóilios mo choiscéime
do chlaóidh.


L. Sl140:5


Dfoluigheadar na huáibhrigh an
aintér am choinne, agus corduighe:
do shíneadar líon ré taobh na slígheadh, do
chuireadar innle am choinne.


L. Sl140:6


Adubhairt mé ris an TTighearna,
is tusa mo Dhía; cluin, a Thighearna,
guth mathchuingheadh.


L. Sl140:7


A Thighearna a Dhé, neart mo
shlánuighthe, dfholuigh tú mo cheann a ló an
chatha.


L. Sl140:8


Ná deónuidh, a Thighearna, míana
na gciontach: agus ná críochnuigh, a
Thighearna, a ttionnsgnamh; go nach
áirdeochuid íad féin.


L. Sl140:9


Ar son cheann na ndaóine, noch thim-
chiollas mé fágcuáirt, folchadh tubais-
de a mbéil féin íad.


L. Sl140:10


Tuiteadh gúal orra, teilgthear
annsa teine íad, a bpollaibh doimhne, ion-
dus nach néirghid.


L. Sl140:11


Ná daingnithior fear na droich-
theangtha ar talamh: fear anfoiréigin
dodhéna urchóid sealg air chum a dhíbhear-
tha.


L. Sl140:12


Is aithne dhamh go ndéna an Ti-
ghearna ceart don bhuáidhearthach, agus
breitheamhnus donuireasbhuidheach.


L. Sl140:13


Go deimhin molfa an fíréun
hainm; biáidh an ceart na chomhnuidhe air
haghaidh.


L. Sl141


Psalm 141



Psalm Dháibhi.


L. Sl141:1


A Thighearna, éighim chugadsa,
dén deithfir chugam; tabhair
éisteacht dom ghuth an tan
ghairim ort.


L. Sl141:2


Bíodh murnaigh arna díriughadh
ós coinne haighthe mar thúis, tógbáil
súas mo lámh mar íodhbairt an tráthnó-
ná.


L. Sl141:3


Cuir, a Thighearna, faire air mo
bhéul: coimhéd dorus mo phuisíneadh.


L. Sl141:4


Ná cláon mo chroidhe chum droich-
neithe, chum droichghníomha do dhénamh ré
daóinibh noch oibrighios urchóid: agus
ná léig dhamh ithe dá mbíadhuibh millsi.


L. Sl141:5


Buaileadh an fíréun mé, budh cineul
dhamh sin: fós imdheargadh sé mé, budh
ola sin nach brisfidh mo cheann: biáidh fós
mo ghuidhe léo iona nanacair.


L. Sl141:6


Mar bhéid a mbreitheamhuin arna
tteilgion síos lé táobhuibh na cairge, ann-
sin cluinfid mo bhríathrasa, óir is aóibhinn
íad.


L. Sl141:7


Mar thochlas neach, agus scoil-
tios sé (connadh) air an ttalamh, atáid
ar gcnámha arna sgacadh a ttimchioll
bhéil na huáighe.


L. Sl141:8


Acht chugadsa, a Dhía mo Thi-
ghearna, atáid mo shúile: ionnadsa do
chuir mé mo dhóigh, na léig manam gan
dídean.


L. Sl141:9


Cumhduigh mé ar neart an phain-
tér, noch do shuigheadar am choinne, a-
gus air innlibh luchta oibrighthe na hurchóide.


L. Sl141:10


Tuiteadh na ciontuigh iona líon-
taibh féin, an feadh bhías misi ag dúl thair-
is.


L. Sl142


Psalm 142



Psalm teagaisg Dháibhi; urnaigh an
tan dobhí sé san núamhaigh.


L. Sl142:1


Rem ghuth do gháir mé chum an
Thighearna; rem ghuth dori-
nnios mo ghuidhe chum an Ti-
ghearna.


L. Sl142:2


Do dhóirt mé mo ghea-
rán amach ós a choinne, dfoillsigh mé
manacair iona fhiadhnuise.


L. Sl142:3


Anuáir dobhí mo spiorad claóidh-
te ionnum, annsin bá haithne dhuitsi mo
chasán: ansa tslighe ionar shiubhail mé
do chuireadar paintér romham.


L. Sl142:4


Dféuchus air mo láimh dheis, agus
damhaircios, agus ní raibh áon do aithneochadh
mé; do mheath dídean orum, ní raibh áon
do íarr manam.


L. Sl142:5


Do gháir mé chugadsa, a Thigh-
earna, adubhairt mé, is tusa mo dhídean,
mo chuid ronna a ttalamh na mbéo.


L. Sl142:6


Tabhair aire dom éigheamh, óir atáim
ar mísliughadh go mór: sáor mé ar
lucht mainleanamhna, óir atáid ro neart-
mhar am aghaidh.


L. Sl142:7


Tabhair manam as príosún, ion-
dus go molfuinn hainm: íadhfuid na
fíréin am thimchioll, oir biáidh tusa
tiodhlaiceach dhamh.


L. Sl143


Psalm 143



Psalm Dháibhi.


L. Sl143:1


A Thighearna, cluin murnaigh, ta-
bhair éisdeacht dom athchuinge,
ann thfírinne freagair mé, agus ann
thfíréntacht.


L. Sl143:2


Agus ná téigh a mbreitheamhnus
le do sheirbhíseach; óir ní fíréntar
neach béo ann thfiadhnuise.


L. Sl143:3


Oír dorinne an námhaid manam
do ainleanmhain, do leag sé manam chum
na talmhan: thug sé orum comhnuighe
do dhénamh a ndorchadas mar an druing
atá marbh re fada.


L. Sl143:4


Agus atá mo spiorad claóidhte
ionnam, atá mo chroidhe ionnam astigh
mearuighthe.


L. Sl143:5


Do chuimhnigh mé air a tseanaimsir,
do smuáin mé ar hoibreachuibhse uile, do
smuáin mé ar oibreachaibh do lámh.


L. Sl143:6


Do shín mé ó chéile mo lámha chu-
gadsa, atá manam mar an ttalamh
tartmhar chugad.


L. Sl143:7


Dén deithnios, cluin mé, a Thigh-
earna, atá mo spiorad ag meirtniugh:
ná foluigh haghaidh uáim, deagla go
mbéinn cosmhuil ris an ndroing noch
théid síos annsa log.


L. Sl143:8


Tabhair orum do thrócaire do chlos-
dion air maidin, óir is ionnadsa chuirim mo
dhóigh: tabhair orum an tslighe daith-
niughadh, ann a siubhola mé; óir is chu-
gadsa thógbhuim súas manam.


L. Sl143:9


Sáor mé óm naimhdibh, a Thighear-
na; chugadsa theithim dom fholach.


L. Sl143:10


Múin damh do thoil do dhéanamh, óir
is tú mo Dhía; tréoruigheadh do dheigh-
spiorad mé asteach a ttalamh an díor-
guis.


L. Sl143:11


Béodhuigh mé, a Thighearna, ar
son hanma féin, ann thfíréantachd bhéaras
tú manam amach as anacair.


L. Sl143:12


Agus ann do thrócaire geárrfa
tú mo uile naimhde, agus scriosfa tú
gach a ttig a ttimchioll manma; óir
is mé do sheirbhíseach.


L. Sl144


Psalm 144



Psalm Dháibhi.


L. Sl144:1


Go madh beannuigh an Tighearna
mo charruic, noch mhúinios
mo lámha chum catha, mo
mhéir chum cogaidh.


L. Sl144:2


Mo thrócaire agus mo dhain-
gion, mo dhídion agus mfear sáortha,
mo sgíath, agus an té ann a gcui-
rim mo dhóigh, noch umhluighios mo dhaóine
fúm.


L. Sl144:3


A Thighearna, cred é an duine,
as a mbeirionn tú aithne air? mac an duine,
as a ttugann tú meas air?


L. Sl144:4


Is cosmhuil an duine le dímhaoi-
nios; atáid a láethe mar scáile ag
dul seacha.


L. Sl144:5


A Thighearna, cláon do fhlaithis,
agus tárr anúas: bain ris na
sléibhtibh, agus dodhénaid deatach.


L. Sl144:6


Teilg uáit amach tinnteach, a-
gus spréidh íad; cuir uáit amach do
shoighde, agus claóidh íad.


L. Sl144:7


Cuir uait do lámh ó anúas, sá-
or mé, agus tárthaigh mé ó na huis-
geadhuibh móra, ó láimh na cloinne coigcríghe:


L. Sl144:8


Noch a labhraid a mbéil díomhaói-
nios, agus a lámh dheas gur lámh dheas
bhréige í.


L. Sl144:9


O a Dhé, canfa mé caintic núadh
dhuit air an tsailmchéolach, agus air in-
strument deith ttéid chanfas mé sailm
dhuit.


L. Sl144:10


An té dobheir slánughadh do
Ríghthibh: an té thárthuighios Dáibhi a
sheirbhíseach ó chloidhiomh anuilc.


L. Sl144:11


tárthuigh, agus sáor mé ó láimh
chloinne an choimhthighidh, noch a labhrann a
mbéul díomhaoineas, agus a lámh dheas
gur lámh dheas bhréige í.


L. Sl144:12


Ionnus go rabhaid ar mic mar
phlannduighe móra ag fás iona nóige;
ar ningheana mar clocha cruinne arna
ngearradh, do réir chosamhlacht pháláis.


L. Sl144:13


Ar sgiobóil lán ag tabhairt anuile
chinéul stóir úatha; ar dtréda ag
breith mílte agus deich mílte ionar
sráidibh.


L. Sl144:14


Ar ndaimh lán dfeóil, gan bri-
seadh asteach, ná dul amach; ná gearán
ann ar sráidibh:


L. Sl144:15


Is sona na daóine atá annsa
riochdsa: as sona na daóine, gha bhfuil
an Tighearna na Dhía aca.


L. Sl145


Psalm 145



Psalm molta Dháibhi.


L. Sl145:1


Molfa mé thú, ós áird mo
Dhía, a Rígh, agus beinn-
eochad hainm choidhche, a-
gus do bráth.


L. Sl145:2


Gach áon lá bheinneo-
chaidh mé thú, agus molfad hainm coidh-
che agus do bráth.


L. Sl145:3


Is mór an Tighearna, agus is
ionmholta go ro árrachta, agus ní
bhfuil cúarthughadh air a mhórdhacht.


L. Sl145:4


Molfa ginealach hoibreacha do ghi-
nealach oile, agus foillseochaid do ghnio-
mha cumhachtacha.


L. Sl145:5


Laibheora misi air dhathamhlacht
glóire do mhórdhachta, agus air do ghní-
omuibh iongantacha.


L. Sl145:6


Agus laibheoruid dáoine air neart
do ghníomh uathbhásach agus foillseocha
misi do mhórdhachd.


L. Sl145:7


Laibeoruid síad ós áird cuimhne
do mhaitheasa móire, agus canfuid thfí-
réntachd.


L. Sl145:8


Atá an Tighearna grásamhuil a-
gus lán do thruáighe, fadfhuilingtheach,
agus mórthrócaireach.


L. Sl145:9


Is maith an Tighearna donuile, a-
gus atá a thrócaire ós cionn a oibreach
uile.


L. Sl145:10


Molfuid hoibreacha uile thú, a
Thighearna, agus beinneochuid do naóimh
thú.


L. Sl145:11


Laibheoruid síad ar ghlóir do
rioghachd, agus dodhénaid caint air do
neart.


L. Sl145:12


Do chur a mhóirghníomha, agus
mhórdhachd ghlórmhar a rioghachta anumhail
do chloinn na ndaoine.


L. Sl145:13


Is rioghacht shíorruigh do rioghach-
tasa, agus do chumhachda trenuile ghinea-
lach.


L. Sl145:14


Congmhaidh an Tighearna súas
gach a mbí ag tuitim, agus tógbhuidh
súas anuile chlaonas síos.


L. Sl145:15


Feithchid súile anuile ortsa,
agus dobheir tú a mbíadh dhóibh iona am
féin.


L. Sl145:16


Fosclaidh tú do lámh, agus
sásuigh tú mían anuile neithe béo.


L. Sl145:17


Is fíréunta an Tighearna
iona shlighthibh, agus is náomhtha iona
oibribh uile.


L. Sl145:18


Is fogus an Tighearna da gach
aon ghoirios air, do gach áon ghoireas
air a bhfírinne.


L. Sl145:19


Cóimhlíonfa sé mían na druinge
air a bhfuil a eagla: agus cluinfe sé a
ngáir, agus sáorfa sé íad.


L. Sl145:20


Coimhéduigh an Tighearna an
mhéid lerbionmhuin é, agus scrios-
fa sé na huile chiontoigh.


L. Sl145:21


Laibheoruidh mo bhéul moladh
an Tighearna: agus beannuigheadh
anuile fheóil ainm a naomhthachda choidhche,
agus go bráth.


L. Sl146


Psalm 146


L. Sl146:1


Moluidh an Tighearna: ó ma-
num, mol an tighearna.


L. Sl146:2


Molfa mé an Tighear-
na ann mo bheatha: can-
fad sailm dom Dhía an
feadh mhairfiod.


L. Sl146:3


Ná cuiridh bhur ndóigh a bprionn-
suighibh, nó a mac an duine, ann nach bhfuil
sláinte.


L. Sl146:4


Téid a anal amach, fillfidh sé
chum a thalmhan, meathaid a smuaintighthe
an lásin féin.


L. Sl146:5


Is sona an té agá bhfuil Día Iá-
cob aige mar chabhair, agá a bhfuil a dhóigh
annsa Tighearna a Dhía féin.


L. Sl146:6


Noch dorinne neamh agus talamh,
an mhuir, agus anuile ní atá ionnta:
noch chongmhas fírinne go síorruidhe.


L. Sl146:7


Ag cur bhreitheamhnuis a gcrích
don té do laguigheadh, ag tabhairt aráin
donocrach: fúasclaidh an Tighearna
na príosúnaigh.


L. Sl146:8


Fosgluidh an Tighearna súile na
ndall, Tógbhuidh an Tighearna súas an
drong chláonas síos, is ionmhuin leis an
TTighearna na fíréin.


L. Sl146:9


Coimhéduigh an Tighearna an duine
coigcríche; an dílleachta agus an
bhaintreabhach tógbhaidh sé súas: acht
cuiridh sé slighe an chiontoigh bun ós
cionn.


L. Sl146:10


Biáidh an Tighearna a rioghacht
go síorruidhe, do Dhíase, a Shíon, ó
ghinealach go ginealach: moluidhsi an
Tighearna.


L. Sl147


Psalm 147


L. Sl147:1


Moluidhsi an Tighearna;
óir is maith sailm do cha-
nad dár Ndía: óir is da-
thamhuil, agus is aóibhinn
a mholadh.


L. Sl147:2


Foirgnighe an Tighearna Ieru-
salem: cruinnigh sé a gceann a chéile dí-
bearthoigh Israel.


L. Sl147:3


Leighiosuigh an briste a ccroi-
dhe, agus ceangluigh súas a ndoil-
ghiosa.


L. Sl147:4


Aírmhigh sé uibhir na séultann:
dobheir sé anmanna orra uile.


L. Sl147:5


Is mór ar TTighearna, agus
is mór chumhachtach: ní bhfuil áireamh ar
a thuigsin.


L. Sl147:6


Tógbhuidh an Tighearna súas an
ceannsuigh: teilgidh an ciontach síos chum
na talmhan.


L. Sl147:7


Canaidh don Tighearna ré mo-
ladh: canaidh sailm chum ar Ndé air a
gcláirsigh:


L. Sl147:8


Noch fholchus neamh ré néulluibh, noch
ullmhuighios fearthuinn don talamh, noch
dobheir air fhéur fás air na sléibh-
tibh.


L. Sl147:9


Dobheir sé donainmhidhe a
a bhíadh; agus do na fíachoibh óga noch
gháirios.


L. Sl147:10


Ni bhí a dhúil a neart aneich, ní
bhíonn dúil aige a ccosaibh an duine.


L. Sl147:11


Bí dúil aig an TTighearna annsa
lucht air a mbí a eagla, noch chuirios
dóigh iona thrócaire.


L. Sl147:12


Mol an Tighearna, ó Ierusa-
lem: molsa an Tighearna, a Shíon.


L. Sl147:13


Oír do neartuigh sé barradha
do dhoirsi, do bheannuigh sé do leinnibh ann
do mheadhón.


L. Sl147:14


Suighidhe sé síothcháin ann hi-
miol, lé méthas cruithneachta sásuighe
sé thú.


L. Sl147:15


Cuiridh sé a rádha air an tta-
lamh, is ro lúath rithios a bhríathar.


L. Sl147:16


Dobheir sé úadh sneachta amhuil
olann, spréidhe sé an sioc líath amhuil
luáith.


L. Sl147:17


Teilgidh sé amach a leac oidhre
mar ghreamanna; cía fhédas seasamh ós
cuinne a sheaca?


L. Sl147:18


Cuirfidh sé a bhríathar úadh, a-
gus leagha sé íad; séidfe léna anáil,
agus rithid na huisgeadha.


L. Sl147:19


Foillsighe sé a bhríathar do Iá-
cob, a statúidigh agus a bhreitheamh-
nuis Dísrael.


L. Sl147:20


Ní dhérnuidh amhluidhsin do chineadh
ar bith: agus a bhreitheamhnuis níorbhaith-
ne dhóibh íad. Moluidh an Tighear-
na.


L. Sl148


Psalm 148


L. Sl148:1


Moluidh an Tighearna, Mol-
uidh an Tighearna óna neamh-
uibh; moluidh é annsna hárd-
uibh.


L. Sl148:2


Moluidh é, a aingle
féin uile: moluidh é a shlúagh uile.


L. Sl148:3


Moluidh é a ghrían agus a ghealach;
moluidh é a uile réulta an tsoluis.


L. Sl148:4


Moluidh é a neamha na neamh, a-
gus na huisgheadha atá ós cionn na
neamh.


L. Sl148:5


Molaidís ainm an Tighearna;
óir do aithin sé, agus do cruth-
uigeadh íad.


L. Sl148:6


Agus do dhaingnidh sé choidhche,
agus go bráth íad: thug sé reachd úadh,
agus ní sáireochthar í:


L. Sl148:7


Moluidh an Tighearna ón ttalamh, a
dhragúna agus a uile dhoimhne.


L. Sl148:8


Teine, agus cloichshneachda, sneachda
agus deathuigh, gáoth anfadhach ag coimh-
liónadh a bhréithre.


L. Sl148:9


Na sléibhte, agus na huile chnoic,
croinn thoraidh agus anuile Shéa-
dar.


L. Sl148:10


An beathach állta agus anuile
ainmhidhe, gach ní shnáighios agus éun-
laith sciathán.


L. Sl148:11


Ríghthe na talmhan agus na huile
dhaoine, prionnsoighe agus uile bhreitheamh-
uin na talmhan.


L. Sl148:12


Oígfhir agus fós maighdiona
óga, seandaóine agus leinibh.


L. Sl148:13


Molaidís ainm an Tighearna;
óir atá a ainm amháin arna árdughadh
go hoirdheirc, atá a ghlóir ós cionn na
talmhan agus na neamh.


L. Sl148:14


Agus dárduigh sé adharc a
dhaoine, moladh a náomh uile: chlanna
Israel, na daoine atá a bhfogus dó.
Moluidh an Tighearna.


L. Sl149


Psalm 149


L. Sl149:1


Moluidh an Tighearna: canuidh
don Tighearna caintic
núadh, bíodh a mholadh a
gcoimhthionól na náomh.


L. Sl149:2


Dénadh Israel lúath-
gháire iona cruthaightheóir; déindís clann
Shíon sólás ann a Rígh.


L. Sl149:3


Molaidís ainm air an bpíob, air an
tábur mbig, agus air an gcláirsigh ca-
naidís salm dhósan.


L. Sl149:4


Oír atá dúil ag an TTighearna
iona dhaóinibh, scéimhigh sé an ceannsuigh
ré slánughadh.


L. Sl149:5


Dénaidis na naóimh lúathgháire a
nglóir, comhgháirdís iona leabuidh.


L. Sl149:6


Bídh árdmholadh Dé ann a mbéul, a-
gus cloidhiomh dhá fáobhar iona láimh:


L. Sl149:7


Do dheanamh dioghaltais air na
geintibh, smachtuighthe air na daói-
nibh:


L. Sl149:8


Do cheangal a Ríghthe lé slabh-
radhuibh, a nuaisle lé fáinnighibh íaruinn.


L. Sl149:9


Do chur an bhreitheamhnuis scrí-
obhtha a gcrích orra: is onóir so dhá
náomhuibh uile. Moluidh an Tighearna.


L. Sl150


Psalm 150


L. Sl150:1


Moluidh an Tighearna: mol-
uidh Día iona náomhthacht;
moluidh é a spéiribh a
chumacht.


L. Sl150:2


Moluidh é iona mhóir-
ghníomhuibh: moluidh é aniomad a mhórdhachda.


L. Sl150:3


Moluidh é ré guth an trumpa;
moluidh é leis an tsaltair agus leis
an gcláirsigh.


L. Sl150:4


Moluidh é leis an dtábuir mbig
agus leis an bpíob: moluidh é lé adh-
bhuidhibh téud, agus leis anorgán.


L. Sl150:5


Moluidh é le gothaibh árda na
bhfeadán: moluidh é leis an bhfeadán gcáol-
ghothach.


L. Sl150:6


Moladh anuile anál an tighear-
na. Moluidhsi an Tighearna.


L. Sr



Cuid de Sr8:2 agus Sr22:6 go hiomlán - níl sa leagan seo 1685; tá
curtha isteach ó leagan 1690



NA SEANRAITE



Caib.1.


L. Sr1:1


Seanráite Sholaimh mhic Dáibhi,
Rígh Israel.


L. Sr1:2


Daithniughadh eagna, a-gus
teagaisg, do thuigsin
bhríathar ttuigsionach.


L. Sr1:3


Do ghlacadh teagaisg na heagna,
an cheirt, an bhreiteamhnuis, agus an
chomhthruim.


L. Sr1:4


Do thabhairt gérchúise don tsimp-lidh,
eóluis agus deiscréide don duine
óg.


L. Sr1:5


Eístfidh an duine críonna, agus
méideochuidh sé foghluim: agus tiucfa
duine tuicsionach chum comhairleach ccrío-nna.


L. Sr1:6


Do thuicsin seanfhocail, agus dá
chíallughadh, briathra na neagnuidhe, a-gus
ráite dorcha.


L. Sr1:7


Asé eagla an Tighearna tosach
anéoluis; acht dísbeaguid na hama-dáin
eagna agus teasgasg.


L. Sr1:8


A mic, éisd ré teasgasg hathar,
agus ná tréig dligheadh mo mhathar.


L. Sr1:9


Oír béid síad iona ccórughadh
grás dot chionn, agus na slabhradhuibh
timchioll do bhrághad.


L. Sr1:10


A mhic, má bhrosduighid peacaich
thú, ná háontuigh léo.


L. Sr1:11


Má deirid síad, tárr linn, cui-riom
luidheachán air fhuil, luidhiom a bhfolach
ar chionn an neimhchiontaigh gan chúis:


L. Sr1:12


Sluigiom súas íad béo, agus
iomlán mar anuaigh, mar an ndruing
théid síos annsa pholl.


L. Sr1:13


Dogheabham gach uile mhaóin mhór-luáig,
líonfam ar ttighthe lé hédáil.


L. Sr1:14


Teilg asteach do chrannchar ar
measg, bíodh áonsparán aguinn uile.


L. Sr1:15


A mhic, ná siubhailsi annsa
tslighe léo: congmhaidh air hais do chos
óna ccasán.


L. Sr1:16


Oír rithid a ccosa chum uilc,
agus doníd deithnios do dhórtadh fola.


L. Sr1:17


Go deimhin is díomhaóin an líon do
sprédhagh a radharc éinní air a mbí sgiathán.


L. Sr1:18


Agus cuirid síad luidheachán ar
a bhfuil féin: luighid a nuáignios air a
nanmhannaibh féin.


L. Sr1:19


Marsin atáid slighthe gach uile
dhuine dá mbí sanntach chum édála: noch
bheanas a nanam as a ndruing ler
leis í.


L. Sr1:20


Eíghidh aneagna amuigh; léigidh
sí amach a guth annsna sráidibh.


L. Sr1:21


Eíghidh sí annsanáit is mó tath-uighthe,
anoscaltaibh na ngeatadh: adeir
sí a briathra annsa chathruigh, (ag
rádh)


L. Sr1:22


Ga fad, a dhaóine simplidhe,
ghráidheochtaoi simplidheacht? agus bhías
dúil ag na tarcuisneachaibh iona ttar-cuisne,
agus fúathochuid amadáin aneagna?


L. Sr1:23


Fillidhsi re mo achmhusánsa;
féuch, dóirtfidh mé amach mo spiorad
chugaibh, bhéra mé fios mo bhríathar díbh.


L. Sr1:24


Do bhrígh gur ghoir mé, agus
gur dhíultabhairsi, gur shín mé mo lámh a-mach,
agus nach ttug áon duine aire.


L. Sr1:25


Acht do chuireabhair mo chomhairle
uile a neimhní, agus níorbháill libh
machmhusán.


L. Sr1:26


Dodhéna misi fós gáire fa bhur
ndonassa: dodhéna mé magadh anuáir
thiucfas bhur neagla.


L. Sr1:27


Anuáir thiucfas bhur neagla
amhail léirsgrios, agus thiucfas bhur
milleadh amhuil gáoth ghuáirdéin; anuáir
thiocfas aindeisi agus cumhgach oruibh.


L. Sr1:28


Annsin gairfid síad orumsa,
acht ní fhreigeora mé: íarrfuid mé go
moch, acht ní bfaghaid síad mé.


L. Sr1:29


Do bhrígh gur fhúathuigheadar éo-lus,
agus nar thoghadar eagla an Ti-ghearna.


L. Sr1:30


Níorbháill léo mo chomhairlesi, do
dhísbeagadar machmhusán uile.


L. Sr1:31


Uimesin íosuid síad do thoradh
a slighe féin, agus líonfuighear íad
dá dtionnscantaibh féin.


L. Sr1:32


Oír muirfidh suaimhneas na nama-dán
íad, agus scriosfuidh sonas na
nóinmhideadh íad.


L. Sr1:33


Acht gidhbé éistios riomsa,
áitreobhuidh sé go daingean agus biáidh
sé suáimhneach ó eagla anuilc.



Caib.2.


L. Sr2:1


A mhic, má ghabhann tú mo bhríath-rasa,
agus maitheanta
dfolach agad féin;


L. Sr2:2


Iondus go ccláonfa
tú do chlúas chum na heagna, agus go
ttiubhra tú do chroidhe don tuigsin.


L. Sr2:3


Má éighionn tú fós a ndiáigh éo-luis,
agus go ttóigfe tú do ghuth
súas chum na tuigsiona.


L. Sr2:4


Má íarrair í amhuil airgiod, a-gus
go spíonfuidh tú da híarruidh mar
ionnmhusaibh foluightheacha.


L. Sr2:5


Annsin tuigfidh tú eagla an Ti-ghearna,
agus dogheabha tú éolus Dé.


L. Sr2:6


Oir isé an Tighearna dobheir
eagna; is as a bhéul (tig) an téo-lus,
agus an tuigse.


L. Sr2:7


Doní sé stór gliocuis iomláin
donfíréun: bí sé na scéith don druing
shiubhluighios go hionnraic.


L. Sr2:8


Coimhéduigh sé casáin an bhreitheamh-nuis,
agus cumhduighidh sé slighe a náomh.


L. Sr2:9


Annsin tuigfidh tú fíréntacht a-gus
breitheamhnus, agus comhthrom;
fós gach uile dheaghshlighe.


L. Sr2:10


Anuáir rachus aneagna asteach
ann do chroidhe, agus bhías éolus tait-neamhach
dotanam:


L. Sr2:11


Cuimhdeochuidh deiscréid thú,
coimhédfuidh tuicse thú:


L. Sr2:12


Dot sháoradh ó shlighe an droch-dhuine,
ón duine labhras neithe éigcneas-ta.


L. Sr2:13


Noch thréigios slighe anionnra-cais,
do shiubhal a slighthibh an dorcha-dais.


L. Sr2:14


Noch lúathgháirighios um dhénamh
uilc, agus dhúilighios anéigcneasdacht
na cciontach.


L. Sr2:15


A bhfuilid a slighthe cam, agus
íad éigcneasta iona slighthibh:


L. Sr2:16


Dot sháoradh air an mnaói choimh-thighidh,
eadhon an coimhthigheach noch mheallus
lena bríathruibh:


L. Sr2:17


Noch thréigios éoluighe a hóige,
agus dhearmadas cunnradh a Dé.


L. Sr2:18


Oír cláonuidh a tigh chum báis,
agus a casáin chum na marbh.


L. Sr2:19


Ní fhilleann áonduine dá ttéid
go nuige í arís, ní mó ghlacaid síad
greim do chasánaibh na beatha.


L. Sr2:20


Go madh héidir leatsa imtheacht
a slighthibh na ndaoine maith, agus
coiscéime na bhfíréun do choimhéd.


L. Sr2:21


Oír coimhneochuidh an tionnraic
annsa dúthaigh, agus buáineochuidh an
(duine) iomlán innte.


L. Sr2:22


Acht gérrfuighthear na droch-dhaóine
amach as an ttalamh, agus
tochaltar lucht an tsáruighthe as a-mach.



Caib.3.


L. Sr3:1


A mhic, ná dearmaid mo dhligheadh:
acht coimhédadh do chroidhe
maitheanta.


L. Sr3:2


Oír dobhéruid síad chu-gad
fad láetheadh, agus
sáoghal fada, agus síothcháin.


L. Sr3:3


Ná tréigeadh trócaire agus fí-rinne
thú: ceangail fad bhrághaid íad,
scríobh íad ar chlár do chroidhe.


L. Sr3:4


Marsin dogheabha tú fabhar, a-gus
tuigsi mhaith a radharc Dé agus
duine.


L. Sr3:5


Cuir do dhóigh a Ndía re do uile
chroidhe, agus ná bí táobh ré do thuigsi
féin.


L. Sr3:6


Ann do shlighthibh uile admhuigh ei-sion,
agus dodhéna sé do shlighthe dí-reach.


L. Sr3:7


Ná bí glic ann do shúilibh féin:
bíodh eagla Dé ort, agus seachain an
tolc.


L. Sr3:8


Biáidh sin na shláinte dot im-linn,
agus na smior dot chnámhuibh.


L. Sr3:9


Onóruidh an Tighearna le do
mhaóin, agus le primidil huile bhisigh.


L. Sr3:10


Marsin líonfuighear do scio-ból
lé saidhbhrios, agus brisfid do
chantaóirighe amach le fíon nuadh.


L. Sr3:11


A mhic, ná tarcuisnigh smach-tughadh
an Tighearna; agus ná bí cuir-the
dhá cheartughadh.


L. Sr3:12


Oír an té ghrádhuighios an Ti-ghearna,
smachtuighidh sé é, amhuil (smach-tuighios)
athair an mac iona mbía dhúil.


L. Sr3:13


Is sona an té dogheibh eagna,
agus an duine dogheibh tuigsi.


L. Sr3:14


Oír is férr a ceannuigheacht ná
ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná
ór glan.


L. Sr3:15


Is mórluáigh go mór í náid na
clocha uaisle: agus na huile neithe is
áoibhinn leachd, ní coimhmeas ría íad.


L. Sr3:16


Atáid fad láethe ann a deas-láimh,
agus ann a láimh chlé saidhbhrios
agus onóir.


L. Sr3:17


Is slighthe sóláis a slighthe, a-gus
is síodhcháin a casáin uile.


L. Sr3:18


Is crann beatha í don druing ghla-cus
greim dhi, agus is sona gach
aon dá bhfostoighionn í.


L. Sr3:19


Do shuigidh an Tighearna an ta-lamh
lena ghliocas, le tuigse do dhaing-nidh
sé na flaitheamhnuis.


L. Sr3:20


Lena éolus bristear amach na
haigéin, agus silid na néulla an drúcht
anúas.


L. Sr3:21


A mhic, ná dealchaidís sin ré do
shúilibh: connuimh gliocas iomlán agus
discréid.


L. Sr3:22


Marsin béid síad na mbeatha
dot anam, agus na ngrásaibh dot
mhuinéul.


L. Sr3:23


Annsin siubholuidh tú ann do
shlighe go daingean, agus ní bhfuighe do
chos tuisleadh.


L. Sr3:24


Anuáir luidhfios tú síos, ní
bhía eagla ort: fós luidhfidh tú síos, a-gus
biáidh do chodladh sáimh.


L. Sr3:25


Ná bíodh eagla ort re húamhan
obann, nó re dólás anuilc anuáir thiuc-fas
sé.


L. Sr3:26


Oír budh é an Tighearna do bha-ránta,
agus cuimhdeochuidh sé do chos ó
bheith gabhtha.


L. Sr3:27


Ná connaimh maith ón ndruing dar
dúal í, anuáir bhías sí a ccumas do
laimhe ré a dénamh.


L. Sr3:28


Ná habair re do chomharsuin, im-thigh,
agus tárr arís, agus dobhéra mé
(duit) amárach; anuáir bhía sé agad.


L. Sr3:29


Ná tionnscuin olc anaghaidh do
chomharsan, ó áitreabhus sé go suáimhneach
láimh riot.


L. Sr3:30


Ná ceannairg ré duine gan
adhbhar, muna ndérna sé dochar ar bhith
dhuit.


L. Sr3:31


Ná bí tnúth agad ris an bfoir-éigeantach,
agus ná togh áointslighe dá shligh-thibh.


L. Sr3:32


Oír is adhfhúathmhaireacht don Ti-ghearna
an ceannairgeach: acht atá a
shecréid ag an bhfíréun.


L. Sr3:33


Atá mallacht Dé a ttigh an
drochdhuine: acht beannuighidh sé áitreabh anionnruic.


L. Sr3:34


Go dearbhtha tarcuisnighidh sé
na tarcuisnigh: acht dobheir sé grása
do na huiríslibh.


L. Sr3:35


Gheabhuidh an duine glic oighreacht
ghlóire: acht is náire bhus árdugadh do
na hamadánuibh.



Caib.4.


L. Sr4:1


Eistighsi, a chlann, ré teagasg
athar, agus tugaidh aire
déolus tuicsion.


L. Sr4:2


Oír dobheirim foghluim
mhaith dhíbh: ná tréigidh mo dhligheadh.


L. Sr4:3


Oír bá mé mac mo athar, máoth
agus rocheanamhuil a radharc mo mhá-thar.


L. Sr4:4


Do mhúin sé mé fós, agus adubhairt
riom, glacadh do chroidhe mo
bhríathra: coimhéd maitheanta, agus
mair.


L. Sr4:5


Fagh críonnacht, fagh tuigsi, ná dear-muid
í, agus ná chláon ó bhríathraibh mo bhéilse.


L. Sr4:6


Ná tréig í, agus cuimhdeochuidh
si thú: grádhuigh í, agus coimhédfuigh sí
thú.


L. Sr4:7


Así aneagna an ní is oirdheirce,
(uimesin) fagh eagna: agus maille
red uile fhagháil fagh tuigse.


L. Sr4:8


Arduigh í, agus cuirfidh sisi thu-sa
súas: dobhéra sí chum onóra thú,
anuáir theannfas tú leachd í.


L. Sr4:9


Dobhéra sí dot chionn deaghmha-isiugadh
grás: coróin ghlóire sheachodus
sí dhuit.


L. Sr4:10


Eíst, a mhic, agus glac mo
ráidhte; agus béid blíadhna do sháo-ghail
iomadamhuil.


L. Sr4:11


Do mhúin mé thú a slighe an ghlio-cuis:
do thréoruigh mé thú a gcasánaibh
díreacha.


L. Sr4:12


Anuáir shiubholus tú, ní cumh-gochthar
do choiscéime, agus anuair
rithios tú, ní bhfuighe tú tuisleadh.


L. Sr4:13


Glac greim daingion do theag-asg,
na léig uáit é; coimhéd é, óir isé
sin do bheatha.


L. Sr4:14


Ná héirigh asteach a ccasán
na gciontach, agus ná himthigh a slighe
na ndrochdhaóine.


L. Sr4:15


Seachain í, ná gabh inte; fill uáithe,
agus imthigh romhad.


L. Sr4:16


Oír ni chodhluid síad muna ndér-naid
urchóid, agus beirthear a ccodladh úatha
muna ttugaid ar chuid éigin tuitim.


L. Sr4:17


Oír ithid síad arán na hur-chóide,
agus ibhid fíon anfoiréigin.


L. Sr4:18


Acht bí slíghe anfíréin amhuil
solus lonnrach, noch shoillsighios nísa
mhó, agus nisa mhó go nuige an lá iomlán.


L. Sr4:19


Atá slighe na gciontach do
nós an dorchadais: níor fheadadar cred
ó bhfuighid tuisleadh.


L. Sr4:20


A mhic, tabhair aire dom bhríathraibh:
cláon do chlúas dom ráidhtibh.


L. Sr4:21


Ná léig íadso as do shúilibh:
coimhéd íad a lár do chroidhe.


L. Sr4:22


Oír is beatha íad don druing dogheibh
íad, agus sláinte dá bhfeóil
uile.


L. Sr4:23


Coimhéd do croidhe go dithchiol-lach:
óir is as sin thigid toibreacha
na beatha.


L. Sr4:24


Cuir a bhfad uáit bríathra dom-blasda;
comhráidhte míoghrásdamhla
cuir a bhfad uait.


L. Sr4:25


Féuchaidís do shúile go díreach
rompa, agus faicedís forrdhubha do shúl
go ceart romhad.


L. Sr4:26


Meas slighe do chos, agus bídís
do shlighthe uile daingion.


L. Sr4:27


Ná fill air an láimh dheis nó chlé:
áthruigh do chos ónolc.



Caib.5.


L. Sr5:1


A mhic, tabhair aire dom chríonn-achtsa,
agus cláon do
chlúas don thuigsin.


L. Sr5:2


Chor go mbía meas a-gad
ar dhiscréid, agus go gcumd-uighe
do phuisinigh éolus.


L. Sr5:3


Oír silid puisínighe mná coimhigh-thighe
mar chríathar meala; agus is míne
a béul ná ola.


L. Sr5:4


Acht bí a deireadh searbh amhuil
murmónta, gér amhuil cloidheam dhá fáo-bhar.


L. Sr5:5


Teighid a cosa síos gus an
mbás; beirid a coisgéime greim air
ifrionn.


L. Sr5:6


Deagla go smuainteochthá casán
na beatha: atáid a slighthe sóghluáiste,
iondus nach éidir leachd a naithne.


L. Sr5:7


Eístigh riomsa uime sin anois, a
clann, agus ná dealuidhe ré bríathraibh mo
bhéil.


L. Sr5:8


Athruigh do shlighe a bhfad
uaithe, agus ná tárr a ngar do dho-rus
a tighe.


L. Sr5:9


Deagla go ttiubharthá honóir do
(dhaóinibh) oile, agus do bhlíadhna donfuilteach.


L. Sr5:10


Ar eagla go líonfuidhe coimhthighidh
lé do shaidhbhrios, agus go mbía do sháo-thar
a ttigh an choimthighidh.


L. Sr5:11


Agus go ccaóinfeá fá dheireadh,
anuáir chaithtear thfeóil agus do chorp.


L. Sr5:12


Agus go naibeorthá, ciondus
do fhuathaigh mé teagasg, agus do
tharcuisnigh mo chroidhe aithbhear?


L. Sr5:13


Agus nar umhluigh mé do ghuth
mo lucht teagaisg, nar chláon mé mo
chlúas don druing do theagaisg mé?


L. Sr5:14


Ní mór nach raibh mé ann gach uile
olc, a meadhon an chomhchruinnighthe agus
anoireachtuis.


L. Sr5:15


Ibh uisge as do thiubruid féin,
agus uisge reatha as do thoibreachaibh
féin.


L. Sr5:16


Leathnuighthear thfúaráin amach,
agus do shrotha uisge annsna sráidibh.


L. Sr5:17


Bídís agad féin amháin, agus
ní ag coimhthigheachaibh maille leachd.


L. Sr5:18


Bíodh thfúarán beannuighe: agus
lúathgháirigh lé mnaói phósta hóige.


L. Sr5:19


Bíodh sí mar aneilit ghrádhuigh;
agus mar anagh thaitneamhuigh: sásuigheadh
a cíocha thú gach uile uáir, agus
líontar thú a gcomhnuighe lena grádh.


L. Sr5:20


Agus cred as a mbeitheása, a
mhic, ar seachrán le mnaói choimhthighidh, a-gus
fa tteannfá le brollach mná coig-criche?


L. Sr5:21


Oír atáid slightheacha an duine
a bhfiaghnuisi súl an Tighearna, agus
measaidh sé a imtheachta uile.


L. Sr5:22


Gébhuid a éigcearta féin an cion-tach,
agus coinneochthar é lé córduibh
a pheacaidh.


L. Sr5:23


Dogheabha sé bás anégmhais
teagaisg, agus anainmhéid a amadán-achta
rachaidh sé amugha.



Caib.6.


L. Sr6:1


A mhic, má bhíonn tú anur-rughas
ar do charaid, má
bhuáil tú do lámh lé coimhigh-theach,


L. Sr6:2


Atá tú ceangailte le
bríathraibh do bhéil, atá tú gabhtha
lé bhríathraibh do bhéil.


L. Sr6:3


Dén so anois, a mhic, agus sáor
thú féin, anuáir thiocfas tú a láimh
do charad: éirigh, umhluigh thú féin, agus
marsin buáidheocha tú ar do charuid.


L. Sr6:4


Ná tabhair codladh dot shúilibh, nó
táimhnéull dforrdhubhuibh do shúl.


L. Sr6:5


Tárthuigh thú féin mar aneilit as
láimh (anfíadhuigh) mar anéun as láimh
an stalcaire.


L. Sr6:6


Eírigh a ccionn an tseangáin, a
lorgánuigh, meas a shlighe, agus bí críonna.


L. Sr6:7


Ag nach bhfuil tréoruightheóir,
feadhmannach, nó úachtarán,


L. Sr6:8


Glésuigh sí a bíadh annsa tsamh-radh,
agus cruinnighidh sí a beathadh annsa
bhfóghmhar.


L. Sr6:9


Cá fad bhías tú ad chodladh, a lor-gánuigh?
ca huáir éireochus tú as do
chodladh?


L. Sr6:10


Codladh beag, néull beag, beagán
fillte na lámh do chodladh.


L. Sr6:11


Marsin thiocfas do bhochtuine
mar neach bhíos ar sírshiubhal, agus do
ríachtanas mar dhuine armtha.


L. Sr6:12


Drochdhuine, duine gan mheas, siubh-luighidh
sé le droichbhéul.


L. Sr6:13


Sméidigh sé lena shúilibh, labhraidh
sé lena chosaibh, múinidh sé léna mhéuruibh.


L. Sr6:14


Bí urchóid iona chroidhe, tions-gnuidh
sé urchóid a ccomhnuighe, síolcui-ridh
sé imreasuin.


L. Sr6:15


Ar anadhbharsin tiucfuidh a a-nacair
go hobann, air ball brisfighthear é
gan tártháil.


L. Sr6:16


Fúathuighidh an Tighearna na sé
neithe se, fós atá a seacht na adhfhúath-mhaireacht
aige.


L. Sr6:17


Féuchuin uáibhreach, teanga bhrégach,
agus lámha dhóirtios fuil neamhchiontach,


L. Sr6:18


Croidhe thionsgnas smuaintighthe
urchóideacha, cosa bhíos lúath do rioth
chum uilc,


L. Sr6:19


Fiadhnuisi bhrégach labhras bréga,
agus an té shíolchuirios cheannairge idir dhearbhrái-thribh.


L. Sr6:20


A mhic, coimhéd aithne hathar, a-gus
ná tréig dligheadh do mhathar.


L. Sr6:21


Ceangail íad a gcomhnuidhe air do
chroidhe, daingnidh íad timchioll do mhuinéil.


L. Sr6:22


Anuair shiubhólus tú, tréoreochuidh
sin thú; anuáir choideolus tú, coimhédfuidh
thú; agus anuáir mhúiscéolus tú,
laibheoruidh sé riot.


L. Sr6:23


Oir is lóchrann anaithne, agus is
solus an dligheadh: agus asíad iomaith-bhear
an teasgaisg slighe na beatha:


L. Sr6:24


Dot choimhéd ar an drochmhnaói,
ó spleadhachas teangtha na mná coimhthighidh.


L. Sr6:25


Ná las a ndiáigh a scéimhe ann
do chroidhe, agus ná gabhadh sí thú le
forrdhubhuibh a súl.


L. Sr6:26


Oír tre mhnáoi stríopamhuil (beirthear
duine) chum greamha aráin: agus dodhéna an
bhean adhaltrannach fíadhach ar an mbeatha
mhórluáigh.


L. Sr6:27


An bhfédann duine teine do ghabháil
iona bhrollach, agus gan a édach do bheith
loisge?


L. Sr6:28


An bhfédann duine siubhal ar smér-óidibh
téo, agus gan a chos do bheith loisge?


L. Sr6:29


Marsin don tí rachas a bhfar-radh
mná a comharsann, gidhbé ar bith
bheanas ría, ní bhiáidh sé neimhchiontach.


L. Sr6:30


Ni tharcuisnighid daóine gad-uigh,
má ghadann sé do shásadh a anma,
anuáir bhios sé ocrach.


L. Sr6:31


Acht má beirthior air, aiseoguidh
sé seacht noirid, dobhéra sé uile mhaóin
a thighe úadh.


L. Sr6:32


Acht gidhbé doní adhaltrannas
ré mnaói, ní bhí tuigse ann: an té doní
sin, scriosuidh sé a anam féin.


L. Sr6:33


Dogheabha sé lot agus easonóir, agus
ní scriosfuighthear a mhasla dhe.


L. Sr6:34


Oír isé cuthach an duine; an téud
ar anadhbharsin ní choigeola se a ló an
dioghaltais.


L. Sr6:35


Ní biáidh suim aige a bhfúasgladh
ar bith: ní mó bhías ré ríartha, dá mbeith
go ttiubharthá iomad bronnta dhó.



Caib.7.


L. Sr7:1


A mhic, coimhéd mo bhríathra, a-gus
cuir maitheanta a ttais-gidh
agad féin.


L. Sr7:2


Coimhéd maitheanta, agus bí
béo, agus mo dhligheadh mar ubhall do shúl.


L. Sr7:3


Ceangail íad air do mhéuruibh, scríobh
íad ar chlár do chroidhe.


L. Sr7:4


Abair ris aneagna, is tú mo dheir-bhshíur,
agus goir do bhean ghaóil don
tuigse.


L. Sr7:5


Chor go ccoimhédfuid thú air an
mnaói choimhighidh, air an ccoimhthigheach spleadh-uighios
léna bríathraibh.


L. Sr7:6


Oír a bhfuinneóig mo thighe dféuch
mé amach tré mo chásmaint.


L. Sr7:7


Agus dochonnairc mé a measc na
ndaóine simplighe, thug mé dom aire a
measg na nógánach, ogán gan tuigsi,


L. Sr7:8


Ag imtheacht thríd an tsráid láimh
rena coirnéulsa, agus dimthigh sé
an tslighe chum a thighe.


L. Sr7:9


Aneidiorsholus an tráthnóna,
annsanoidhche dhuibh dhorcha.


L. Sr7:10


Agus féuch tárla bean air a ccu-laidh
mheirdrighe, agus í gérchúiseach a ccroidhe.


L. Sr7:11


(Atá sí árdghothach agus easur-ramach:
ní fhanaid a cosa iona tigh.


L. Sr7:12


Anois bí sí amuich, anois annsna
sráidibh, luighidh sí a bhforaire ann gach aon-
chlúid.)


L. Sr7:13


Marsin rug sí airsion, agus do phóg
sí é, agus lé gnúis mhíonáirigh adubhairt sí ris.


L. Sr7:14


Atáid íodhbartha síothchána a-gam,
aniugh díoc mé mo mhóide.


L. Sr7:15


Uimesin tháinic mé amach do
theagmháil riotsa; go dithchiollach díarruidh
haighthe, agus fuáir mé thú.


L. Sr7:16


Do scíamhuigh mé mo leabhuidh lé
hoibreachaidh greanta, lé línédach mín óNégipt.


L. Sr7:17


Do dheaghbholtnuigh mé mo leabuidh
lé Mirr, le Aloes, agus Cinamon.


L. Sr7:18


Teanam, glacam ar sáith grá-dha,
nó go ttí an mhaidin: sólásuigheam
sinn féin lé grádhuibh.


L. Sr7:19


Oír ní bhfuil fear an tighe san mb-aile,
dimthigh sé a tturas fhada.


L. Sr7:20


Rug sé mála airgid leis, a-gus
tiucfaidh sé don bhaile annsa lá
chinnte.


L. Sr7:21


Le mórán do chaint bhlasda
thug sí air áontughadh, ré spleadhachas
a puisíne do choimhéignigh sí é.


L. Sr7:22


Téid sé na diáigh air ball, mar
théid an damh chum a mharbhtha, nó an ta-madán
chum smachtuighthe an chip:


L. Sr7:23


Nó gur buáileadh gath trena
aéibh, mar dheithfrighios éun chum an
phaintéir, agus gan a fhios aige, gur
chum a bháis a bhithear.


L. Sr7:24


Eistighe riom anois uimesin, a
chlann, agus tabhruidh aire do bhríathraibh
mo bhéil.


L. Sr7:25


Ná cláonadh do chroidhe da sligh-thibh
sin: ná héirigh amugha iona ca-sánaibh.


L. Sr7:26


Oír do theilg síos móran (do
dhaóinibh) gonta; fós mórán do dhaói-nibh
neartmhara do marbhadh lé.


L. Sr7:27


Isé a tigh an tslighe go hif-rionn,
ag dul síos go seomradhuibh
an bháis.



Caib.8.


L. Sr8:1


Nach éighionn aneagna? a-gus
nach ccuirionn an tuigsi
aguth amach?


L. Sr8:2


Seasuidh sí a mullach
áiteadh nárd, láimh ris an tslighe, a
Na trí línte seo a leanas, tá siad ar lár sa chéad eagrán
nionad na ccasáin.


L. Sr8:3


Atá sí ag eígheadh ré táobh na
ngeatadha a bport an bhaile, mar a



ttigthear asteach annsna doirsibh.


L. Sr8:4


Oruibhsi, a dhaoine atáim ag
gairm, agus chum mac an duine atá mo
ghuth.


L. Sr8:5


O a dhaóine simplídhe, tuigidh
eagna: agus sibhsi a amadána, bhíodh
bhur ccroidhe tuigsionach.


L. Sr8:6


Eistigh, óir laibhéora mé ar nei-thibh
oirdhearca, agus biáidh fosgladh
mo bhéil ar neithibh cearta.


L. Sr8:7


Oír laibhéoruidh mo bhéul fírinne,
agus is adhfhúathmhaireacht dom puisínibh
anurcóid.


L. Sr8:8


Atáid bríathra mo bhéil uile a
bhfíréntacht: ní bhfuil aóinní cam nó ur-chóideach
ionta.


L. Sr8:9


Atáid síad uile soilléir don tí
thuigios, agus díreach don droing dogheibh
éolus.


L. Sr8:10


Gabhaidhsi mo theagasg, agus
ní airgiod, agus éolus tar anór
toghtha.


L. Sr8:11


Oír is féarr aneagna náid
na clocha búadha; agus na huile neithe
is féidir do dhúiliughadh, ní hionchoimh-measta
ría íad.


L. Sr8:12


Misi aneagna, áitreabhuim a
bhfochair na críonnachta, agus dogheibhim
amach éolus ar neithibh inntleach-tacha.


L. Sr8:13


Así eagla Dé an tolc dfúathu-ghadh,
an túabhar agus aniomarcaidh,
agus an droichshlighe, agus fúathuighim
an béul míolabharthach.


L. Sr8:14


Is leamsa comhairle agus eagna
iomlán: agus is misi an tuigsi, agus
is liom neart.


L. Sr8:15


Is tríomsa ríoghaid na Ríghthe,
agus órduighid prionnsuighe ceart.


L. Sr8:16


Is tríomsa riaghluid prionnsa-dha,
agus na huaisle, agus brei-theamhuin
na talmhan uile.


L. Sr8:17


Grádhuighim an mhéid ghrádhui-ghios
mé, agus an dronng íarrus mé go
moch dogheabhuid mé.


L. Sr8:18


Atá saidhbhrios; agus o-nóir
agam: fós saidhbhrios biothbhúan
agus fíréuntacht.


L. Sr8:19


Is férr mo thoradh ná ór, fós
ná ór glan, agus mo chíos ná airgiod
toghtha.


L. Sr8:20


Tréoruighim a slighe anionnra-cuis:
a meadhon chasán an bhreitheamh-nuis:


L. Sr8:21


Chor go ttuga mé air an
ndroing lerbionmhuin mé, saidhbhrios do
shealbughadh, agus líonfuidh mé a nionnmhusa.


L. Sr8:22


Do shealbhuigh an Tighearna mé a
ttosach a shligheadh, roimhe a óibhreachaibh anallúd.


L. Sr8:23


Do suigheadh súas mé ó shiorruigh-eacht,
ó thosach, suil dobhí an talamh ann.


L. Sr8:24


Anuáir nach rabhadar aigéin
ann, dorughadh misi: anuáir nach rabha-dar
toibreacha ar bith líonta duisge.


L. Sr8:25


Suil dobhí suighiughadh na sléibh-te,
roimhe na cnocaibh dorugadh misi.


L. Sr8:26


Ní dhérna sé fós an talamh, nó
na machairighe, nó na háite is áirde do
luaithreadh an domhuin.


L. Sr8:27


Anuair dullmhaigh sé na flai-this,
dobhí misi annsin: anuáir do chuir sé
compás air aghaidh anaigéin.


L. Sr8:28


Anuáir do dhaingnidh sé na néulla
shúas: anuáir do neartuigh sé súmairighe
anaigéin.


L. Sr8:29


Anuáir thug sé a fhuagra donfairge,
nach rachaidís na huisgeadha tar
a aithne: anuáir do órduigh sé bunáit
na talmhan:


L. Sr8:30


Annsin dobhí misi aige, mar
neach tugadh súas iona fhochair; agus bá
mé a dhúil go láetheamhuil, ag gáirdeachus
iona fhiadhnuise a gcomhnuidhe.


L. Sr8:31


Ag gáirdeachus annsa chuid io-náitreibhthe
da thalamh, agus dobhádar
mo dhúil lé macaibh na ndaoine.


L. Sr8:32


Anois ar anadhbharsin éistigh
riom, a chlann, óir is beannuigh an drong
choimhédas mo shlighthe.


L. Sr8:33


Eistigh re teagasg, agus bíthí
críonna, agus ná díultuighe é.


L. Sr8:34


Is beannuigh an té éistfios riom-
sa, ag faire go láetheamhuil ag mo gheata-dhuibh,
ag feighiomh ag ursanaibh mo
dhoirsi.


L. Sr8:35


Oír gidhbé gheabhas misi, dogheabha
sé beatha, agus dogheabha fabhar
ón Tighearna.


L. Sr8:36


Acht an té pheacuighios am a-ghuidhsi,
doní sé égcóir air a anam
féin: gach a bhfúathuighionn mé, grádhui-ghid
síad an bás.



Caib.9.


L. Sr9:1


Dorinne aneagna a tigh, do
ghéarr sí amach a seacht bpi-léir.


L. Sr9:2


Do mharbh sí a féolmhach,
do comaisc sí a fíon, do líon sí fós a
bórd.


L. Sr9:3


Do chuir sí a maighdiona amach,
goiridh sí ar na háitibh is áirde san cha-thraidh.


L. Sr9:4


Gidhbhé atá simplidhe; filleadh sé
asteach annso: ar son an té air a mbí
easbhuidh tuigsiona, adeir sí ris,


L. Sr9:5


Tigidh, ithidh dom aránsa, a-gus
ibhidh donfíon, noch do chumaisg
mé.


L. Sr9:6


Tréigidh amadánachd, agus mai-righ:
agus imthighidh a slighe na tuigh-siona.


L. Sr9:7


An té aithbhioras tarcuisneach,
dogheibh sé náire dhó féin: agus an té
chronuighios drochdhuine, dogheibh sé toi-bheim
dhó féin.


L. Sr9:8


Ná haithbhioruigh tarcuisneach,
deagla go bhfúathochadh sé thú: cronuigh
duine críonna, agus gráidheochuidh sé
thú.


L. Sr9:9


Tabhair (teagasg) do dhuine
chríonna, agus biáidh sé níos críonna:
múin duine ionnraic, agus méideochaidh
sé anealadhain.


L. Sr9:10


Isé eagla an Tighearna tosach
na heagna, agus éolus na náomh is
tuigse sin.


L. Sr9:11


Oír is liomsa méideochthar do
laéthe, agus foirlíonfar blíadhna do
sháoghail.


L. Sr9:12


Má bhíonn tú críonna, biáidh tú
críonna dhuit féin: acht má tharcuisni-ghionn
tú, is tú féin amháin iomcho-ras
é.


L. Sr9:13


Bí an bhean leamh garrbhuáiceach:
atá sí simplighe, agus gan fios éinn-eithe
aice.


L. Sr9:14


Oír suighidh sí ag dorus a tighe
ar shuidheachán air áitibh árda na caithreach,


L. Sr9:15


Do gairm na ndaoine ghabhas
táirsi go díreach annsa tslighe.


L. Sr9:16


Gidhbé bhías simplidhe, iom-poigheadh
sé asteach annso: agus ar
son an té bhíos gan tuigsi, adeir sí
ris.


L. Sr9:17


Bíd na huisgeadha gadtha mi-lis,
agus bí an tarán (ithear) anuáig-nios
taitneamhach.


L. Sr9:18


Acht ní bhí a fhios aige go bhfui-lid
na mairbh annsin: agus go bhfuilid
a lucht cuirigh a ndoimhne ifrinn.



Caib.10.


L. Sr10:1


Seanráidhte Sholuim; doní
mac críonna athair sólá-sach,
acht sé an mac leamh
dubhachus a mháthair.


L. Sr10:2


Ní thabhuighid ionmhu-sa
na nolc aóinní: acht sáoruidh an ti-onnracus
duine ó bhás.


L. Sr10:3


Ní fhuileonguidh an Tighearna anam
anionruic do dhul do ghorta; acht teil-gidh
sé maóin an chiontaigh seachad ar son
anuile.


L. Sr10:4


An té chumlas lé laimh mhainneacht-nuigh,
thig sé chum bochtuine: achd doní
lámh an dúthrachtaigh (duine) sáidhbhir.


L. Sr10:5


An té chruinnighios annsa tsamhradh,
is críonna é; acht an té chodlas annsa
bhfóghmhar, is mac dogheibh náire é.


L. Sr10:6


Atá sonus ar cheann anfíréin, acht
folchuidh foiréigion béul na ccion-tach.


L. Sr10:7


As beannuigh cuimhne anfíréin:
acht loibhfighidh ainm an drochdhuine.


L. Sr10:8


Glacfuidh an (duine) glic a
ccroidhe aitheanta chuige: acht tuitfidh
an tamadán síorchainteach.


L. Sr10:9


An té shiubhlas go hionnruic,
imthighidh go daingion: acht an té mhilli-os
a shlighthe, aitheontar é.


L. Sr10:10


An té chlaónas lena shúil, tabh-uigh
sé dóbrón: acht tuitfidh anóinmhid
shíorchainteach.


L. Sr10:11


Is tobar beatha béul an duine
ionruic: acht folchaigh foiréigion béul
na cciontach.


L. Sr10:12


Dúisgidh an fúath imreasuin:
acht folchuidh an grádh na huile chi-onta.


L. Sr10:13


Dogheibhthior eagna a mbéul an
té agá mbí tuigse; acht atá slat a
ccoinne dhroma an té bhíos anégmhuis
tuigsiona:


L. Sr10:14


Doníd na daoine críonna stór
éoluis; acht is fogus béul anamadáin
daidhmilleadh.


L. Sr10:15


Isé saidhbhrios an duine shaidh-bhir
a chathair neartmhar: sí a mbochdaine
scrios na mbocht.


L. Sr10:16


Tríalluidh sáothar anfírein chum
beatha; toradh an chionntoigh chum pea-caidh.


L. Sr10:17


An té choimhédas teagasg atá sé
a slighe na beatha: acht an té dhíultas
smachtughadh, atá sé air seachrán.


L. Sr10:18


An té cheilios fúath lé puisínibh
brégacha, agus an té labhras scannail,
ís amadán é.


L. Sr10:19


Ni bhí díth peacaidh aniomad na
mbríathar: acht an té chongmhus air a bhéul,
atá sé críonna.


L. Sr10:20


Is airgiod toghtha teanga anfí-réin;
is beag is fíu croidhe an droch-dhuine.


L. Sr10:21


Beathuighidh béul anfí-réin
mórán, acht éugaid na hamadáin
do dhíth eagna.


L. Sr10:22


Doní beannughadh an Tighearna saidh-bhir,
agus ní chuirionn doilghios ar bith
iona choimhideacht.


L. Sr10:23


Is ait leis anamadán urchóid
do dhénamh: acht bí críonnacht aig fear na
tuigsi.


L. Sr10:24


Tuitfidh eagla an drochdhuine air
féin; acht aóinteochthar íarratas anfíréin.


L. Sr10:25


Mar imthighios an gháoth ghuáir-deáin,
mar sin ni bhíonn an drochdhuine
nísa mhó: acht is bunáit shíorruidhe an
tionnruic.


L. Sr10:26


Mar bhíneagra do na fíaclaibh
agus deatach do na súilibh: marsin bhíos an
lorgánach don druing chuirios úatha é.


L. Sr10:27


Cuiridh eagla an Tighearna fad
ar na láethibh: acht gérrfuighear blíadh-na
an drochdhuine.


L. Sr10:28


Dóthchus bhus lúathgáire donfíréun:
acht rachaidh furachus an droch-dhuine
ar meath.


L. Sr10:29


Is neart donionruic slighe an
Tighearna: acht bíaidh sgrios air lucht
oibrighthe anéigceirt.


L. Sr10:30


Ní corrochthar an fírén choidh-che;
acht ní áitreobhuidh an ciontach an
talamh.


L. Sr10:31


Dobheir béul an (duine) cheirt
críonacht úadh; acht gérrfuighthear amach
an teanga mhillteach.


L. Sr10:32


Aithnighid puisínigh anfíréin cred
is ionghlactha: acht (labhruidh) béul
an chiontuigh go cam.



Caib.11.


L. Sr11:1


Is adhfhúathmhaireacht don Ti-ghearna
comhthrom fallsa;
acht sé an comhthrom ceart a
dhúil.


L. Sr11:2


Anuáir thig an túabhar, annsin
thig náire: achd bí eagna ag na daói-nibh
umhla.


L. Sr11:3


Tréorachuidh iomláine na nionn-rac
íad féin: acht millfidh urchóid na
sáruightheach íadsan.


L. Sr11:4


Ní tharbhuighionn an saidhbhrios a
ló an dioghaltais; acht sáoruidh anfíréntachd
ó bhás.


L. Sr11:5


Díreochuidh anfíréntacht an
(duine) iomlán air a shlighe: acht tuitfidh an
ciontach lena chiontaibh féin.


L. Sr11:6


Sáorfuidh fíréntacht na nionn-rac
íad féin: acht gébhthar lucht an
tsáruighthe iona négcóruibh féin.


L. Sr11:7


Anuáir éugas an drochdhuine,
éugaidh a dhóthchus: agus imthighidh dóth-chus
na ndaóine neimhionnraic.


L. Sr11:8


Tárthuighthear an fíréun as a
bhuáireadh, agus thig an drochdhuine
iona áit.


L. Sr11:9


Millidh an mealltóir a chomharsa
lena bhéul; acht tré éolus sáorfuigh-ear
an tionnraic.


L. Sr11:10


Anuáir bhithear go maith ag na
fírénaibh, gáirdighidh an chathair: agus
anuáir marbhthar an drochdhuine bí
lúathgháire ann.


L. Sr11:11


Lé beannughadh anionnraic árduigh-thear
an chathair: acht leagthar í le béul an
cionntuigh.


L. Sr11:12


An té bhíos anéugmhuis crío-nachta,
tarcuisnigh sé a chomharsa:
acht bí fear na tuigsiona na thocht.


L. Sr11:13


Foillsighidh aithriseach sgéul
seicréidigh: acht an té agá mbí spio-rad
fírinneach, ceilidh sé an tadh-bhar.


L. Sr11:14


Anáit nach bí comhairle, tui-tidh
an pobal: acht aniomad na
ccoimhairleach bhíos daingean.


L. Sr11:15


An té bhíos anurrudhas ar
choimhidheach, goirteochthar ann é:
agus an té fhúathuighios urradhas bí sé
daingion.


L. Sr11:16


Congmhaidh bean ghrásamhuil onóir:
agus cumhduighid na daóine láidre
saidhbhrios.


L. Sr11:17


Doní an duine trócaireach
maith dhá anam féin: acht an té bíos
éattrócaireach, buáidhridh sé a
fheóil féin.


L. Sr11:18


Oibrighidh an drochdhuine obair
mheallta; acht don té shíolchuireas fí-réntacht,
biáidh lúach dearbhtha
aige.


L. Sr11:19


Amhail (chéimnighios) fíréntacht
chum beatha: mairsin an té leanas an
tolc, leanuigh sé chum a bhais féin.


L. Sr11:20


An drong agá mbí croidhe ur-chóideach,
is adhfhúathmhaireachd don Tighearna
íad; acht an mhéid bhíos díreach iona
slighe asíad sin a dhúil.


L. Sr11:21


Bíodh (go níadhfadh) lámh a láimh
(oile) ní bhiáidh an drochdhuine gan dio-ghaltas;
acht sáorfuighthior sliocht anfírém.


L. Sr11:22


Mar shéud óir a sruimh muice,
(is marsin bhíos) bean bhrédha air dhíth dis-créide.


L. Sr11:23


Fonn anfíréin amháin an mhaith:
acht dóthchus an drochdhuine dioghaltas.


L. Sr11:24


Bí neach ann sgaóileas, agus
thairis sin bheirios biseach; agus neach
chonghmhas níis mó nó is iomchubhaidh,
acht is chum bochtuine thig sé.


L. Sr11:25


dodhéntar an tanam dáonach-tach
méith: agus an té fhliuchas fliuch-fuighthear
é féin.


L. Sr11:26


An té thaisgios arbhar, mail-leochuidh
an pobal é: acht biáidh beannacht
air cheann an té reacas é.


L. Sr11:27


Gidhbé íarrus maith go dúthrach-tach,
tuillidh sé fabhar: acht an té
íarrus tubaiste, tiucfaidh sí chuige.


L. Sr11:28


An té chuirios a dhóigh iona
shaidhbhrios, tuitfidh sé: acht bláith-fid
na fíréin amhuil buinneáin.


L. Sr11:29


An té bhuáidhrios a thigh féin;
budh leis oighreacht na gaóithe: agus
bhiáidh an tamadán na óglach ag an
ccríonna a ccroidhe.


L. Sr11:30


Is crann beatha toradh anion-raic:
agus an té ghnodhuighios anmanna,
is críonna é.


L. Sr11:31


Féuch, bérthar luaigheacht donfíréun
annsa tsáoghal: ca mhéad
nísa mhó ná sin don chiontach agus
don pheacach?



Caib.12.


L. Sr12:1


Gidhbhé ghrádhuighios teagasg,
grádhuighidh sé eólus: acht
an té fhúathuighios smacht,
is brúideamhuile é.


L. Sr12:2


Gnodhuighidh an duine maith fabhar
an Tighearna: acht daimneochuidh sé
duine na ndroichthríall.


L. Sr12:3


Ní daingneochar duine lé hur-chóid:
acht ní háithreochthar frémh
anfíréin.


L. Sr12:4


An bhean shubhailceach is coróin
dá fear í; acht an bhean náirighios é,
is lobhadh iona chnámhaibh í.


L. Sr12:5


Is ionnruic smuáintighthe anfíréin:
acht is cealg comhairleacha an drochdhuine.


L. Sr12:6


Bíd bríathra an drochdhuine na
luighe a cceilg ar fhuil: achd tártho-cuidh
béul anfíréin íad.


L. Sr12:7


Teilgtear as na drochdhaoine,
agus ní bhíd ann: acht seasuidh tigh anfíréin.


L. Sr12:8


Molfuighthear duine do réir a eag-na:
acht dísbeagfuidhthior an té agá
mbía croidhe urchóideach.


L. Sr12:9


Is férr an té tharcuisnighthear,
agus agá mbí seirbhíseach, ná ann té
onóruighios é féin, agus ag nach bí a-rán.


L. Sr12:10


Bí cúram ag an duine ionnraic
ananam a bheathuigh: acht is fuilteach
trócaire an chiontuigh.


L. Sr12:11


An té sháothruighios a fhea-rann,
sáiseochthar lé harán é: acht
an té leanas daóine díomhaóine, atá
sé gan tuigsi.


L. Sr12:12


Iárruidh an drochdhuine líon na
cciontach: acht dobheir frémh anfí-réin
toradh.


L. Sr12:13


Gabhthar an drochdhuine a mío-labhairt
a bhéil: acht tiucfaidh an fíréun
amach as buáidhreadh.


L. Sr12:14


Sáiseochthar duine lé maith
do thoradh a bhéil: agus cúiteochthar
luaigheacht a lámh re duine:


L. Sr12:15


Bí slighe anamadáin díreach
iona shúilibh féin: acht is críonna an
té éistios ré comhairle.


L. Sr12:16


Aitheantar air ball fearg anama-dáin:
acht folchuigh an duine críonna
náire:


L. Sr12:17


An té labhras fírinne, tais-beanuidh
sé amach fíréuntacht; acht
is cealg thaisbeanas anfíadhnuise
bhréugach.


L. Sr12:18


Bídh drong ann labhras cosmhuil
re sáitibh cloidhimh: acht is sláinte
teanga aneagnuidhe.


L. Sr12:19


Daingneochthar béul na fírinne
go bráth; acht ní bhí an teanga bhréu-gach
acht air feadh mómeinte.


L. Sr12:20


Cealg bhíos a ccroidhe na droinge
noch smuáinios an tolc; acht do chomhair-leachaibh
na síothchána atá gáirdeachus.


L. Sr12:21


Ní theigeomha olc ar bith ris
anionraic: acht líonfuighthear an droch-dhuine
do thubaiste.


L. Sr12:22


Is adhfhúathmhaireacht don Tighearna
na béil bhrégacha: acht is íad an drong
dhénas go fírinneach a dhúil.


L. Sr12:23


Ceilidh an duine glic éolus:
acht fúagraidh croidhe na namadán a-madánacht.


L. Sr12:24


Iomchoruidh lámh an (duine) dhú-thrachtaigh
ríaghail: acht biáidh an taimh-leasg
fa dhuibhchíos.


L. Sr12:25


Dobheir dóbrón a ccroidhe
dhuine ar cromadh: acht doní focal
maith sólásach é.


L. Sr12:26


Is férr an fíréun ná a chomh-arsa:
acht mealluidh slighe na ndroch-dhaóine
léo íad.


L. Sr12:27


Ní rósann an duine aimhleasg an
ní do ghabh sé lé fíadhach: acht is mór-luáigh
substaint an duine dhúthrachtaigh.


L. Sr12:28


A slighe na fíréntachta atá
an beatha, agus ní bhfuil bás ar bith ann
a casánaibh.



Caib.13.


L. Sr13:1


Eistigh mac críonna re teagasg a
athar: acht ní éisteann tarcuis-neach
armáire.


L. Sr13:2


Iósuidh duine maith do
thoradh a bhéil: acht (iósuigh) anam fhir
an tsáruighthe foiréigion.


L. Sr13:3


An té choimhédas a bhéul, coimhéd-uigh
sé a anam: acht an té osclas a phui-síne
go fairsing, díothlaithrighthear é.


L. Sr13:4


Bí mían air anam an chladhaire, agus
ní fhaghann aoinní: acht do dhéntar anam
an dúthrachtaigh méith.


L. Sr13:5


Fúathuighidh an fíréun bréga:
acht bí an drochdhuine neimhfhírinneach, agus
thig sé chum náire.


L. Sr13:6


Coimhéduigh an tionnracus an
díreach iona shlighe: acht claóidhigh anur-chóid
an peacach.


L. Sr13:7


Bí neach ann doní é féin saidhbhir:
gidheadh ag nach bí éinní: bí neach ann doní
é féin bocht; gidheadh atá sé lán do shaidh-bhrios.


L. Sr13:8


Isé fúascladh anma duine a shaidhbhri-os:
acht ní chluin an bocht iomaithbhior.


L. Sr13:9


Gáirdighidh soillsi anfíréin:
acht cuirfighear lóchrann an choinntaigh as.


L. Sr13:10


As uabhar amháin thig an cheannairg:
acht bí eagna ag na daóinibh deaghchomh-airleacha.


L. Sr13:11


Laighdeochthar saidhbhrios an
díomhaóinis: acht an té chruinnighios lé
saothar, béuraidh sé biseach.


L. Sr13:12


Dóthchus arna cur a bhfad, do
ní sin an croidhe tinn: acht anuair thig an
fonn, is crann beatha é.


L. Sr13:13


Gidhbé tharcuisnighios an bría-thar,
millfighthear é; acht an té eaglui-ghios
anaithne, dogheabha sé luáigheacht.


L. Sr13:14


Dligheadh aneagnuidh is tobar na
beatha é, do dhealughadh ré líontaibh an
bháis.


L. Sr13:15


Dobheir tuicse mhaith fabhar:
acht atá slighe na sáruightheach cruáidh.


L. Sr13:16


Doní gach uile dhuine glic a
(ghnothuighe) re héolus: acht léigidh an
tamadán a leimhe leis ós áird.


L. Sr13:17


Tuitid droichtheachtaire a ttubais-de:
acht is sláinte an teachtaire díleas.


L. Sr13:18


Bídh bochtuine agus náire don
té dhiúltas teagasg; acht an té agá
mbí meas air achmhusán, onórthar é.


L. Sr13:19


Is milis donanam an fonn do
choimhlíonadh: acht is adhfhúathmhaireacht do
na hamadánaibh dealughadh ris anolc.


L. Sr13:20


An té shiubhluighios le daóinibh
críonna, biáidh sé críonna: acht scrios-fuighthear
compánach na namadán.


L. Sr13:21


Leanuidh olc na peacaidh: acht ris
an bhfíréun cúiteochthar maith.


L. Sr13:22


Fágbhuidh an duine maith oighreacht
ag cloinn a chloinne: agus cuirthear
maóin an pheacaidh a stór donionnruic.


L. Sr13:23


Bí bíadh mór a ttreabhadh an
bhoicht; acht bídh neach ann do milltear do
dhíth breitheamhnuis.


L. Sr13:24


An té choiglios a shlat, fúathi-ghiodh
sé a mhac: acht an té lerbion-mhuin
é, smachtuighidh sé é go moch.


L. Sr13:25


Ithidh an fíréun do shásadh a anma:
acht biaidh ríachtanas ar bholg an
drochdhuine.



Caib.14.


L. Sr14:1


Cuiridh gach aóinbhean chríonna a
tigh súas: acht leagaidh ana-maid
síos é lena lámhaibh féin.


L. Sr14:2


An té shiubhluighios
iona fhíréntacht, eagluighidh sé an Tighear-na:
acht an té bhíos urchóideach iona shligh-thibh,
tarcuisnighidh sé é.


L. Sr14:3


Bí slat úabhair a mbéul anama-dáin:
acht dídeonuigh puisíne an duine
ghlic íad.


L. Sr14:4


Anáit nach bíd daimh, bí an main-séur
glan: acht tig biseach mór le neart
an daimh.


L. Sr14:5


Ní dhéna fiadhnuise dhíleas bréug:
acht laibheoruidh anfiadhnuise fhall-fa bréuga.


L. Sr14:6


Iarruidh an tarcuisneach eagna, a-gus
ní fhaghann: acht is socamhlach
éolus don tí thuigios.


L. Sr14:7


Imthigh as fiadhnuise dhuine leimhe,
anuaír nach mothochuidh tú (an) béul anéoluis.


L. Sr14:8


Isé gliocas aneagnuidhe, a shlighe
do thuicsin: acht is cluáin leimhe na
namadán.


L. Sr14:9


Doníd amadáin magadh fan bpea-cadh;
acht a measg na bhfírén atá fabhar.


L. Sr14:10


Aithnighidh an croidhe a shearbhus
féin: agus ní bheanann coimhthigheach rena
shólás.


L. Sr14:11


Claóidhfighthear tigh an droch-dhuine:
acht bláithfigh áitreabh an ionn-raic.


L. Sr14:12


Atá slighe ann dochithear dí-reach
do dhuine: acht isé a chríoch sin
slightheacha an bháis.


L. Sr14:13


Annsa gháire féin bí an croidhe
dubhach; agus sé críoch an tsúga-chais
sin dóbrón.


L. Sr14:14


Fear an ghearrchumainn a ccroidhe,
líonfuighear é rena shlighthibh féin: agus
sásfuighthear an duine maith úadh féin.


L. Sr14:15


Creidigh an simplidheach gach
aonfhocal: acht féuchaidh an duine
glic go maith dá imtheacht féin.


L. Sr14:16


Eagluighidh an duine críonna, a-gus
dealuighidh ónolc: acht cuthaighidh
an tamadán, agus bídh sé dóthchusach.


L. Sr14:17


An té fhearguidhthear go hobann,
doní sé amadánacht: acht fúathuighthear
fear na ndroichthionnsgantadh.


L. Sr14:18


Sealbhuighid na simplighidh ama-dánachd:
acht coróntar an teagnuidh lé
héolus.


L. Sr14:19


Cláonuidh an tolc roimhe an maith:
agus an drochdhuine a ngeatadhuibh na bhfíréun.


L. Sr14:20


Fúathuighthear an bocht cheana óna
chomharsuin féin: acht bí mórán ca-rad
ag an tsaidhbhir.


L. Sr14:21


An té tharcuisnighios a chomhar-sa,
peacuigh sé: acht is sona an té
doní trócaire air na bochtaibh.


L. Sr14:22


Nach seachránuid an drong thion-sgnas
an tolc? acht biáidh trócaire a-gus
fírinne ag an ndruing thionnsgnas
an mhaith.


L. Sr14:23


Bí tarbha ann gach uile sháothar:
acht tríalluidh caint na bpuisíneadh a-mháin
chum easbhuighe.


L. Sr14:24


Coróin na neagnuidhe, a saidh-bhrios:
acht is leimhe amadánachd na na-madán.


L. Sr14:25


Sáoruidh anfíadhuin fhírinneach
anmanna: acht labhruidh an meabhlach bréuga.


L. Sr14:26


Atá dóthchus láidir aneagla an
Tighearna: agus biáidh cúil dhídin agá chlóinn.


L. Sr14:27


As tobar beatha eagla an Tigh-earna:
do dhealughadh ré paintéruibh an
bháis.


L. Sr14:28


Aniomad na ndaóine atá o-nóir
an Rígh: acht aneasbuidh daóine a-tá
milleadh an phrionnsa.


L. Sr14:29


Bí tuigsi mhór ag an té bhíos
mall chum feirge: acht an té bhíos deith-niosach
a spioraid, árduighidh sé leimhe.


L. Sr14:30


Isé an croidhe falláin beatha na
féola: acht lobhadh na gcnámh an tnúth.


L. Sr14:31


An té sháruighios an bocht,
masluighidh sé a chruthaightheóir: an té
onóruighios é, bí trócaire ann don bhocht


L. Sr14:32


Díbearthar an ciontach as, io-na
chiontaibh: acht bí dóthchus ag an
bhfírén iona bhás.


L. Sr14:33


Socruidh eagna a ccroidhe an
té agá mbí tuigsi: acht foillsighthear
an ní atá a meadhón na namadán.


L. Sr14:34


Arduighidh anfíréntacht cineadh:
agus is masla an peacadh do phobhal
ar bith.


L. Sr14:35


Bí fabhar an Rígh leis an tseir-bhíseach
mhaith: acht bí a fhearg
anaghaidh an té bheir cúis náire.



Caib.15.


L. Sr15:1


Iompoighidh freagra mhacánta
fearg: acht brostuighidh
bríathra borba anfearg.


L. Sr15:2


Gnáthuigh teanga aneagnuighe
éolus go ceart:
acht dóirtigh béul na namadán leimhe
amach.


L. Sr15:3


Atáid súile an Tighearna ann gach
uile bhall: ag féuchuin air anolc a-gus
air an maith.


L. Sr15:4


Is crann beatha teanga fhalláin:
acht is briseadh a spioraid urchóid do
bheith innte.


L. Sr15:5


Tarcuisnigh amadán teagasg
ón athair: acht is eagnuidhe an tí bheir
aire do smacht.


L. Sr15:6


Bí mórán ionmhuis a ttigh aneag-nuidhe:
acht a ccíos an drochdhuine,
buaidhreadh.


L. Sr15:7


Díoscaóilid puisíne aneagnuidhe
éolus: acht ní marsin do chroidhe
anainbhfiosaigh.


L. Sr15:8


Is adhfhúathmhaireacht don Tighearna
íodhbairt an chiontaigh; acht sí urnaigh-anfíréin
a dhúil.


L. Sr15:9


Is adhfhúathmhaireacht don Tighearna
slige an chiontaigh; acht is ionmhuin
leis an té leanas a ndiáigh na fírén-tachta.


L. Sr15:10


Is doirbh an smacht don té thréi-gios
an tslighe: égfuidh an té fúath-uighios
armáire.


L. Sr15:11


Atá ifrionn agus díothlai-thriughadh
as coinne an Tighearna: maiseadh
ca mhéid ní is mó ná sin atáid croidhthe
chloinne na ndaóine?


L. Sr15:12


Ní hionmhuin leis a ndísbeagach
an té bheir achmhusán dó: ní mó rachus
sé gus na heagnuighibh.


L. Sr15:13


Doní croidhe súgach gnúis
shuilbhir: acht lé dóbhrón an chroidhe
bristear an spiorad;


L. Sr15:14


Iarruidh croidhe an té agá mbí
tuigsi, éolus: acht ís air amadánacht
beathuighthear béul na namadán.


L. Sr15:15


Atáid uile láethe na (ndaóine)
mbuáidheartha go holc: acht an té agá
mbí croidhe súgach, bhí féusta gnáthach
aige.


L. Sr15:16


Féarr beagán maille re heagla
an Tighearna; ná ionnmhus mór, agus
buáidhreadh maille ris.


L. Sr15:17


Is férr dínnér luibhionn mar a mbí
grádh, ná damh bíadhta, agus fúath
maille ris.


L. Sr15:18


Dúisgidh duine nimhneach súas
ceannairg; acht an té is mall chum feirge,
laghduighidh sé imreasuin.


L. Sr15:19


Atá slighe an duine leisgea-mhail
mar fhál dosán: acht atá slighe
anioruic dénta go bláith.


L. Sr15:20


Doní mac críonna athair
lúathgháireach: acht tarcuisnighidh
an duine leamh a mhathair.


L. Sr15:21


Bídh amadánacht na sólás ag
an té bhíos gan eagna: acht siubh-luigh
fear na tuigsi go díreach.


L. Sr15:22


Toirmiscthior tionnscanta anégmhuis
chomhairle: acht aniomad na
ccoimhairleach daingnithear íad.


L. Sr15:23


Sólásaighear duine le freagra a
bhéil féin: agus an focal labharthar
iona am féin, cred é méud a mhai-theasa?


L. Sr15:24


Is súas atá slighe na beatha
ag aneagnuigh; chor go seachonadh sé
ifrionn shios.


L. Sr15:25


Leagfuidh an Tighearna tigh anuáibhrigh:
acht daingneochuidh sé teóra
na baintreabhuigh.


L. Sr15:26


Is adhfhúathmhaireacht don Tighear-na
smuáintighthe an chiontuigh:
acht is bríathra millse bríathra anfíorghlain.


L. Sr15:27


An té bhíos dithchiollach chum
édala, buáidhridh sé a thigh féin;
acht an té fhúathuighios bronta, mair-fidh
sé.


L. Sr15:28


Stuidéruidh croidhe anionraic
chum freagartha: acht dóirtigh béul an
chiontuig droichneithe amach.


L. Sr15:29


Is fada an Tighearna ón cci-ontach:
acht dochluin sé guidhe anfíréin.


L. Sr15:30


Gáirdighidh solus an súl an
croidhe, agus doní clú mhaith cnámha
méith.


L. Sr15:31


An chlúas dochluin achmhusán
na beatha: oirisigh sí a measc na
ndaóine nglic.


L. Sr15:32


An té dhíultas múnadh: tar-cuisnighidh
sé anam féin, acht an té
umhluighios do smacht, dogheibh sé
tuigsi.


L. Sr15:33


Isé eagla an Tighearna teagasg
na heagna: agus atá umhlacht
roimhe onóir.



Caib.16.


L. Sr16:1


Is ón TTighearna thig ullmhu-ghadh
an chroidhe annsa duine,
agus freagra na teang-tha.


L. Sr16:2


Bíd uile shlighthe an
duine glan iona shúilibh féin: acht comh-thromuigh
an tighearna na spioraid.


L. Sr16:3


Cuir hobair a leith an Tighearna,
agus daingneochthar do smuáin-tighthe.


L. Sr16:4


Dhóféin dorinne an Tighearna gach
uile ní: an ciontach fós a gcoinne
laé anuilc.


L. Sr16:5


Is adhfhúathmhaireacht don Tighear-na
gach uile dhuine bhíos uáibhreach a ccroi-dhe:
bíodh go níadhfadh lámh a láimh, ní bhiaidh
sé gan dioghaltas.


L. Sr16:6


Lé trócaire agus lé fírinne leas-uighthear
anégchóir; agus lé heagla an
Tighearna seachnuid (daóine) an tolc.


L. Sr16:7


Anuáir thaitnid slighthe
an duine leis an TTighearna, dobheir
sé air a námhaid féin bheith síodhach
ris.


L. Sr16:8


Is férr beagán lé hionnracas,
ná cíosanna móra gan cheart.


L. Sr16:9


Isé croidhe an duine thríallus a
shlighe; acht isé an Tighearna dhírighios
a chéime.


L. Sr16:10


Bí fáistine dhíadha a mbél an
Rígh; ní chiontuighionn a bhéul a mbreith-eamhnus.


L. Sr16:11


Is leis an TTighearna scála-dha
agus comhthruim chearta; is íad a o-bair
comhthruim an mhála uile.


L. Sr16:12


Is adhfhúathmhaireacht do Ríghthibh
olc do dhénamh; óir daingnighthear an
chathaóir ríogha lé ionnracus.


L. Sr16:13


Is íad puisíne fíreanta dúil an
Rígh; agus is ionmhuin léo an té labhras
an ceart.


L. Sr16:14


Atá fearg an Rígh amhail teach-thaireadh
ann bháis; acht ceinnseochuidh
duine glic í.


L. Sr16:15


Bí beatha a solus ghnúise an
Rígh; agus a fhabhar amhuil néull
fearthanna deighonuidh.


L. Sr16:16


Ga mhéd is férr eagna dfa-gháil
ná ór, agus tuigsi dfagháil, is
córa í do thogha ná airgiod?


L. Sr16:17


Isé slighe mhór anfíréin dealu-ghadh
ris anolc; an té choimhédas a
shlighe, cumhduighe sé a anam.


L. Sr16:18


Thig an tuabhar roimhe anaidh-mhilleadh,
agus áirdspiorad roimhe an
leagadh;


L. Sr16:19


Is férr bheith do spioraid umhail
leis na híslibh, ná an chreach do roinn leis
anuáibhreach.


L. Sr16:20


An té ghlacus cúis go críonna,
dogheabha sé maith; agus gidhbe chuiri-os
a dhóigh ann sa Tighearna, is so-na
é.


L. Sr16:21


Goirfighear (duine) críonna don
ghlic a gcroidhe, agus méuduighidh millsi
an bhéil ealadha.


L. Sr16:22


Is tobar fíoruisge chum beatha
an tuigsi don tí agá mbí sí: achd
is amadánacht teagasg na nama-dán.


L. Sr16:23


Múinidh croidhe an ghlic a bhéul,
agus dobheir bhárr ealadhan dá phuisínigh.


L. Sr16:24


Is cíor mheala bríathra millsi,
milis donanam agus sláinte do na
cnámhuibh:


L. Sr16:25


Bí slighe ann dochíthear ceart do
dhuine: acht isé a chríoch sin slighthea-cha
an bháis.


L. Sr16:26


An té sháothruigios, is do
féin sháothruighios sé: óir íarruid a
bhéul air é.


L. Sr16:27


Tochluidh an duine neimhdhíadha
olc: agus bí iona bhéul amhuil teine
lasardha.


L. Sr16:28


Síolchuiridh an duine ceannairgeach
imreasuin: agus dealuighidh an cogar-nach
na cáirde dísle ó chéile.


L. Sr16:29


Brostuighidh duine sáruighthe a
chomharsa, agus tréoruighe sé é chum
na sligheadh nach maith.


L. Sr16:30


Druididh sé a shúile do thríall
neithe ccrosta; ag corruighadh a phui-síne,
dobheir sé olc chum críche.


L. Sr16:31


Is coróin ghlóire an ceann
líath, arna fhagháil a slighe anionra-cuis.


L. Sr16:32


Is férr an té bhíos mall chum
feirge ná an cumhachtach: agus an
té ríaghlas a spiorad, ná an té ga-bhus
cathair.


L. Sr16:33


Do teilgeadh an crannchar annsanucht;
acht is ag an TTighearna atá
a chur a gcrích uile.



Caib.17.


L. Sr17:1


Is fearr greim tur, agus
suáimhnios maille ris, ná
tigh lán dféusta lé ceann-airg.


L. Sr17:2


Biáidh ríaghuil ag an tseir-bhíseach
chríonna ós cionn an mhic thuillios
náire: agus biáidh cuid donoighreacht
aige a measg na ndearbhráithreach.


L. Sr17:3


Pota anathghlanta chum anairgid,
agus anfoirnís chum anóir:
acht isé an Tighearna theagaisgios na
croidhthe.


L. Sr17:4


Dobheir fear dénta anuilc aire do
na béuluibh brégacha; agus dobheir an
brégach aire do dhroichtheangaidh.


L. Sr17:5


Gidhbé fochmhuighios an bocht,
tarcuisnighidh sé a chruthaightheóir; a-gus
an té lúathgháirighios fá amhgar, ní
bhiáidh sé gan phionús.


L. Sr17:6


Clann na cloinne coróin na sean-ndáoine,
agus glóir na cloinne na hai-thre.


L. Sr17:7


Ní hiomchubhaidh damadán glór
dearsgnuigh; is lugha ná sin
puisínig bréagacha do phrionnsa.


L. Sr17:8


Is cloch uasal tiodhlacadh
a radharc an tí agá mbí sé: gidhbé
taobh a niompoighionn, tarbhuighidh
sé.


L. Sr17:9


Gidhbé ceilios ságughadh,
íarruidh sé grádh: acht gidhbé athnúai-ghios
cúis, dealuigh sé cáirde.


L. Sr17:10


Is mo théid achmhusán asteach a
nduine chríonna, na céad buille ann anamadán.


L. Sr17:11


Cogadh amháin íarrus an droch-dhuine:
uimesin cuirfighthear teachtaire
fíochmhar na chuinne.


L. Sr17:12


Teagmhadh mathghamhuin ar
ccaill a cuiléan ré duine, níis luáithe
ná amadán iona leimhe.


L. Sr17:13


Gidhbé chúitighios maith
lé holc, ní dheileochuidh olc rena
thigh.


L. Sr17:14


Bí tosach na ceannairge amhail do
léigfeadh duine uisge amach; uime sin
léig dhíot ceannairge suil beanfuighthear
innte.


L. Sr17:15


An té ghlanas an ciontach,
agus an té dhamnuighios an díreach: is
adhfhúathmaireacht don Tighearna íad
aráon.


L. Sr17:16


Cred as a bhfuil lúach a láimh
amadáin dfagháil gliocuis, ó thárla gan
chroidhe é.


L. Sr17:17


Gradhuigh an chara gach uile
uáir, agus rugadh an dearbhráthair ana-ghaidh
buáidheartha.


L. Sr17:18


Ceangluidh duine gan tuigsi
cunnradh, agus téid anurrudhas a bhfía-ghnuise
a charad.


L. Sr17:19


An té ghrádhuighios an cheannairg,
grádhuigh sé sárughadh: agus an té
árduighios a gheata, túaraidh sé aidhmhilleadh.


L. Sr17:20


Ann té agá mbí croidhe crosta, ní
fhaghan sé maith air bith: agus an té agá mbí
teanga mhillte, tuitidh sé anurchóid.


L. Sr17:21


An té ghineas amadán, doní
sé sin chum a dhoilghis féin: agus ní bhí
sholás aig athair amadáin.


L. Sr17:22


Foghnuidh croidhe súgach amhuil
leighios: acht tiormuighidh spiorad
briste na cnámha.


L. Sr17:23


Glacaidh on drochdhuine tiodhla-cadh
as anucht, do chláonadh slighthe an
bhreitheamhnuis.


L. Sr17:24


Bí aneagna as coinne an té
agá mbí tuigsi: acht bíd súile ana-madáin
animlibh na talmhan.


L. Sr17:25


Is dóbhrón donathair mac oinmhi-deach;
agus searbhus é don mhnaói rug é.


L. Sr17:26


Fós ní maith pionús do thabhairt
donfíréun, nó prionnsuighe bhúaladh
ar son ceirt.


L. Sr17:27


Caiglidh an té agá mbí éolus
a bhríathra: agus bí fear na tuigsiona
do spiorad dhearscnuighthe.


L. Sr17:28


An tamadán féin anuáir
bhíos sé na thochd, meastar críonna é:
agus an té dhruidios a bhéul, bí sé na
dhuine thuigsionach.



Caib.18.


L. Sr18:1


An té scaras é féin tré fhonn,
íarruidh agus beanaidh sé
ré gach uile eagna.


L. Sr18:2


Ni bhí dúil ag amadán
a ttuigsi; acht amháin go bhfoillsiughadh
a chroidhe é féin.


L. Sr18:3


Anuáir thig an ciontach, annsin
thig tarcuisne, agus lé míochlú an sca-nnail.


L. Sr18:4


Is uisgeadha doimhne bríathra
bhéil an duine: agus sruth ag tui-líugadh
tobar fíoruisge na heag-na.


L. Sr18:5


Ní maith gabháil re pearsuinn an
drochdhuine, do theilgion anionnruic a
mbreitheamhnus.


L. Sr18:6


Téid puisínigh anamadáin a cceann-airg,
agus goiridh a bhéul air bhuill-eadhuibh.


L. Sr18:7


Isé a bhéul aidhmhillidh anamadáin,
agus a phuisíne paintéur a anma
féin.


L. Sr18:8


Bíd bríathra an chogarnuigh
amhuil cneadha, agus tíaghaid síos a
bhfíríochtar an bhuilg.


L. Sr18:9


An té fós bhíos leasg iona o-bhair,
is dearbhráthair é don mhillteóir
mhór.


L. Sr18:10


Is tor daingion ainm an Ti-ghearna:
riothuidh an fíréun chuige, agus
bí sé daingion.


L. Sr18:11


Isé saidhbhrios an duine shaidh-bir
a chathair dhaingion, agus bí sé a-mhuil
balla árd iona bharamhuil féin.


L. Sr18:12


Is árd croidhe an duine roimhe
anaidhmhilleadh, agus atá anumhlachd roimhe
onóir.


L. Sr18:13


Gidhbé fhreagras cúis roimhe a
clos, is amadanacht agus náire dhó é.


L. Sr18:14


Iomchoruidh spiorad an duine a
laige: acht cía fhédas spiorad cnea-dhach
diomchar?


L. Sr18:15


Dogheibh croidhe an duine eag-nuidhe
éolus: agus íarruidh clúas an
duine chríonna eagna.


L. Sr18:16


Doní brontanas duine áit
dó, agus dobheir a lathair dhaóine
móra é.


L. Sr18:17


Gidhbe bhíos ar ttús iona
chúis féin, (saóiltear) cóir do bheith
aige: acht thig a chomharsa, agus
spíonuidh sé é.


L. Sr18:18


Dobheir an chranncair air im-reasanaibh
cosg, agus roinnidh idir na
cumhachtachaibh.


L. Sr18:19


Dearbhráthair arna fheargugadh,
is deacra a fhagháil ná cathair láidir;
agus is cosmhuil a nimreasuin ré barra-dhuibh
caisléin.


L. Sr18:20


Líonfuighthear bolg duine le to-radh
a bhéil, lé biseach a phuisíneadh
líonfuighthear é.


L. Sr18:21


Atá bás agus beatha a ccumhach-ta
na teangtha; agus an drong lerbionmhun
í, íosaid síad dá toradh.


L. Sr18:22


Gidhbé gheibh bhean, dogheibh
sé ní maith; agus gnodhuigh sé fabhar ón
TTighearna.


L. Sr18:23


Labhruidh an bocht impidheacha, acht
freagraidh an saidhbhir go garbh.


L. Sr18:24


Caithfidh an té agá mbí cáirde,
é féin dfoillsiughadh go cáirdeamh-uil:
agus bhí cara sheasas níis
foigse ná dearbhrathair.



Caib.19.


L. Sr19:1


Is férr an bocht shiublui-ghios
iona iomláine, ná an
té bhíos urchóideach iona
bhríathruibh, agus na ama-dán.


L. Sr19:2


Agus fós ní maith an tanam
do bheith gan éolus: agus an té dheith-frighios
lena chosaibh, peacuidhe sé.


L. Sr19:3


Malluidh amadánacht an duine a
shlighe: agus bí fearg air a chroidhe ana-ghaidh
an Tighearna.


L. Sr19:4


Doní an saidhbhrios mórán ca-rad,
agus scarthar an bocht rena
chomharsain.


L. Sr19:5


Ní rachuid fíadhnuisigh bhréige
gan dioghaltas; agus an té labhras
na bréuga, ní rachaidh sé as.


L. Sr19:6


Is iomdha duine íarras fabhar an
phrionnsa: agus bí gach áonduine na
charuid ag an té dobheir tiodhlaicthe
úadh.


L. Sr19:7


Fúathuighid uile dhearbhráithre an
bhoicht é: cá mhéd nísa mhó ná sin thía-ghaid
a cháirde uile a bhfad uadh? leanuidh
sé (íad) lé bríathraibh, gidheadh bíd síad
do dhíth air.


L. Sr19:8


Is ionmhuin leis an té dogheibh eag-na
a anam féin: an té choimhédas tuig-si,
dogheabha sé maith.


L. Sr19:9


Ní rachaidh fiadhnuise bhréige
gan dioghaltas: agus meathaidh an té
labhrus bréga.


L. Sr19:10


Ní hiomchubhaidh áoibhneas dama-dán:
is lugha ná sin do sheir-bhíseach
riaghladh ós cionn phrionn-sadh.


L. Sr19:11


Cuiridh discréid duine a
fhearg air cáirde, agus isí a ghlóir
míríaghuil do léighean thairis.


L. Sr19:12


Bí fearg an Rígh amhuil búir-feadhach
leomhuin: acht bí a fhabhar amhuil
drúcht air an bhféur.


L. Sr19:13


Is adhbhar bochduine dhá athair an
mac leamh: agus is silt shíorruidhe
imreasuin na mná.


L. Sr19:14


Tigh agus saidhbhrios isé
oighreacht anathar: agus is ón TTigh-earna
atá an bhean ghlic.


L. Sr19:15


Cuiridh anfallsacht (neach) a
ccodladh throm: agus fuileonga an
tanam díomhaóin ocras.


L. Sr19:16


An té choimhédas anaithne,
coimhéduigh sé a anam féin: acht an té
tharcuisnighios a shlighe, éugfuidh sé.


L. Sr19:17


An té agá mbí truáighe don
bhocht, áirligidh sé don Tighearna: agus
an ní dobhéra sé úadh, íocfuidh sé ris é arís.


L. Sr19:18


Smachtuigh do mhac an fad bhías
dóigh as: agus ná coigleadh a hanam
é, chum a mhillte.


L. Sr19:19


Fuileonguidh fear na móirfheirge
pionús: óir má thárthuighionn tú é, caith-fe
tú a dhénamh arís.


L. Sr19:20


Eísd re comhairle, agus glac
teagasg: chor go mbía tú glic ad
chrích dheighionuigh.


L. Sr19:21


Bíd mórán tionnsgantadh a
gcroidhe an duine: thairis sin así comh-airle
an Tighearna sheasfas.


L. Sr19:22


Asé dúil an duine a chinéul: a-gus
is férr an duine bocht ná an bré-gach.


L. Sr19:23


Tríalluidh eagla an Tighearna
chum beatha, agus an té agá mbí sin,
anfuidh sé sásta: ní thiocfuighthior chuige
le holc.


L. Sr19:24


Folchuidh an duine leasg a lámh
iona bhrollach, agus ní thabhair sé amach
í chum a bhéil arís.


L. Sr19:25


Buáil duine doní tarcuisne,
agus dobhéra an simplidheach aire dhó
féin; agus iomaithbhir an té agá mbí
tuigsi, agus tuigfidh sé éolus.


L. Sr19:26


An té mhillios a athair, agus
dhíbrios a mhathair, is mac thuillios náire
é, agus dobheir scannail (úadh.)


L. Sr19:27


Scuir a mhic, déisteachd an teag-aisg
bhus cúis sheachráin ó bhríathruibh anéoluis.


L. Sr19:28


Tarcuisnigh fíadhnuise neimh-dhiadha
breitheamhnus, agus sluigidh béul an
chiontuigh éigceart.


L. Sr19:29


Atá breitheamhnus ullamh fá cho-mhair
na dtarcuisneach, agus scíurseadha
do dhruim na namadán.



Caib.20.


L. Sr20:1


Is fear magaidh an fíon, is
buileamhuil an deoch láidir:
agus gidhbe mealltar léo
sin, ní bhfuil sé críonna.


L. Sr20:2


Bí eagla an Rígh amhuil
búirfeadhach leomhain: gidhbé bhrostuighi-os
chum feirge é, peacuigh sé ana-ghaidh
a anma féin.


L. Sr20:3


Is onóir do dhuine scur do cheann-airg:
acht biáidh gach áon amadán ag
teagmháil.


L. Sr20:4


Ní threabhthuigh an lorgánach, do
bhrígh anfúachta: uimesin íarrfuidh sé
déirc san bhfoghmhar, agus ní bía aóin-ní
aige.


L. Sr20:5


As cosmhuil comhairle a ccroidhe
dhuine re huisge domhuin; acht tairreong-uidh
duine tuigseach amach í.


L. Sr20:6


Maóidhigh an chuid is mó do na
daoinibh a maitheas féin gach áon aca:
acht cía gheabhus duine fírinneach.


L. Sr20:7


Imthigh an duine ceart iona iom-láine
féin; bíd a chlann beannuigh na
dhiáigh.


L. Sr20:8


Scaóilidh an Rígh shuighios a cca-thaoir
bhreitheamhnuis anuile olc ó chéile
lena shúilibh.


L. Sr20:9


Cía fhédas a rádh, dorinne mé
mo chroidhe glan? atáim fós glan óm
pheacadhuibh.


L. Sr20:10


Comhthruim égsamhla, agus
meadha égsamhla, atáid aráon adhfhúath-mhar
a bhfiaghnuise an Tighearna.


L. Sr20:11


Aitheantar fós an leanabh air a
ghníomharthaibh: an mbí a sháothar fíor-ghlan,
nó an mbí ceart.


L. Sr20:12


Isé an Tighearna dorinne a-ráon
an chluas chluinteach, agus an
tsúil fhaicsionach.


L. Sr20:13


Ná grádhuidh codladh, deagla
go ttiucfá chum bochtaine; oscail
do shúil, agus sáiseoctar le harán
thú.


L. Sr20:14


Ní fiú éinní é, adeir an ceannuighe:
acht anuáir imthighios roimhe, annsin
maóidhigh sé.


L. Sr20:15


Atá ór ann, agus mórán do
chlochuibh uáisle; acht is íad bríathra anéoluis
an séud mórluáigh.


L. Sr20:16


Glac édach an té théid anurrughas
ar choimhthigheach: agus glac
geall uadh ar son mná coimhthighidh.


L. Sr20:17


Is milis le duine arán na
ceilge: acht na dhiáigh sin biáidh a
bhéul líonta do ghaineamh.


L. Sr20:18


Daingnighthear gach uile thi-onnsgnamh
lé comhairle, agus le comhairle
ghlic déna cogadh.


L. Sr20:19


An té imthighios fagcuáirt
na aithristeach scéul, scaóilidh sé rún:
uimesin ná bean ris an té spleadhui-ghios
lena puisínibh.


L. Sr20:20


Gidhbé mhalluighios a athair
nó a mhathair, cuirfighthear a lóchrann as a
ndorchadas dubh.


L. Sr20:21


Is féidir oighreacht dfagháil
go lúath air ttosach: acht ní budh beann-uigh
a chríochsin.


L. Sr20:22


Ná habairsi, cúiteochuidh mé
olc: acht feith air an Dtighearna, agus
táirtheochuidh sé thú.


L. Sr20:23


Is adhfhúathmaireacht don Tigh-earna
comhthruim égsamhla, agus an meadh
mealltach ní maith í.


L. Sr20:24


Is ón TTighearna atá imtheacht
an duine; cionnus fhédus duine maiseadh
a shlighe féin do thuigsin?


L. Sr20:25


Is paintér don té shluigios
ní naomhtha: agus tar éis móide íarmhoir-eacht
do dhénamh.


L. Sr20:26


Díoscaóilidh Rígh críonna na
drochdhaóine, agus dobheir sé an
roithlén thársa.


L. Sr20:27


Isé spiorad an duine coinneall
an Tighearna, ag scrúdagh anuile
chuid astigh don bholg.


L. Sr20:28


Trócaire, agus fírinne chumh-duighios
an Rígh: agus is lé tró-caire
connaimhthior súas a chathaóir.


L. Sr20:29


Isí neart na ndaóine óg a
nglóir, agus isí scíamh na seandaóine
an ceann líath.


L. Sr20:30


Glanuidh guirme na cneidhe anurchóid;
agus is mairsin doníd na
scíursadha anuile chuid astigh don
bholg.



Caib.21.


L. Sr21:1


Atá croidhe an Rígh a láimh an
Tighearna, mar na srotha
uisge; iompoighidh sé é gidhbé
áit a ttogrann féin.


L. Sr21:2


Is díreach uile shlighe an duine
iona shúilibh féin: acht measuidh an Ti-ghearna
na croidhthe.


L. Sr21:3


Is taitneamhuigh ris ag an TTi-ghearna
ceart agus breitheamhnus do
dhénamh, ná íodhbairt.


L. Sr21:4


Is peacadh féuchuin árd, agus
croidhe uáibhreach, agus treabhadh na
cciontach.


L. Sr21:5


Tríalluigh smuáineadh an dúth-rachtuigh
amháin chum líonmhaireachta: acht
gach nduine dá mbí deithniosach, amháin
chum easbhuidhe.


L. Sr21:6


Fagháil ionmhuis lé teangaidh
bhrégaidh, is díomhaóineas é arna bhogadh
anonn sanall ag an ndroing íarrus
bás.


L. Sr21:7


Scriosuidh sladmhóireacht na ccion-tach
íad féin: do bhrígh go ndíultaid
síad breitheamhnus do dénamh.


L. Sr21:8


Is cam agus is coimhthigheach slighe
an duine: acht ar son an duine fhíor-ghloin,
bí a obair ceart.


L. Sr21:9


Is férr áitreabh a ccoirnéul anúachtar
an tighe, ná a bhfochair bhairsighe
mná a dtigh fhairsing.


L. Sr21:10


Iarruidh anam an chiontoigh olc:
ní fhaghann a chomharsa fabhar ar bith iona
shúilibh.


L. Sr21:11


Anuáir smachtuighthear an
tarcuisneach, donithear duine críonna
don tsimplidheach; agus anuáir theag-aisgthear
an duine críonna, gabhuidh sé
éolus.


L. Sr21:12


Measuidh an duine ionruic go
glic tigh an drochduine; acht teilgidh
Día seachad na ciontoigh ar son na
cciontadh.


L. Sr21:13


Gidhbé stopas a chlúasa re
héighiomh na mbocht, comhaircfidh sé féin
mar an gcédna, acht ní cluinfighthear
é.


L. Sr21:14


Claóidhidh brontanas a bhfolach
fearg, agus mínighe luáidheacht annsa bhrol-lach
fearg neartmhar.


L. Sr21:15


Is é gáirdeachus anfíréin, bréi-theamhnus
do dhénamh; acht biáidh milleadh
do lucht oibrighthe anéigcéirt.


L. Sr21:16


An té sheachránuighios as slighe
na tuigsiona, anfaidh sé a ccomhcr-uinniughadh
na marbh.


L. Sr21:17


An té ghrádhuighios aóibhnios
biáidh sé na dhuine bhocht: an té ghrádh-uighios
fíon agus ola, ní bhiáidh sé
saidhbhir.


L. Sr21:18


Biáidh an ciontach na fhúas-gladh
donfíréun, agus an sáruigh-theach
ar son na ndaoine ndíreach.


L. Sr21:19


Is feárr comnuighe do dhénamh
annsa bhfásach, ná maille re mnaói cheann-airgidh
fhearguidh.


L. Sr21:20


Atá ionnmhus ann is cóir díarr-uidh,
agus ola anáitreabh an duine ghlic:
acht cathaidh an duine éigcríonna súas é.


L. Sr21:21


An té leanas fíréntacht agus
trócaire, dogheibh sé beatha, díorgas, a-gus
onóir.


L. Sr21:22


Doní an duine críonna drea-paireacht
caithreach an chumhachtaigh,
agus teilgidh sé síos neart a bunáite.


L. Sr21:23


Gidhbé chongmhas a bhéul a-gus
a theanga: coimhéduigh sé a anam ó
bhuáidhreadh.


L. Sr21:24


Fear magaidh úaibhreach áirdinn-tineach
is ainm don té bheanas a bhfeirg úai-bhrigh.


L. Sr21:25


Marbhuidh mían an duine fhallsa
é féin: óir díultuighid a lámha sáo-thrughadh.


L. Sr21:26


Santuigh sé go gér air feadh an
laoi: acht dobheir an fíréun ní uadh,
agus ní choiglionn sé é.


L. Sr21:27


Is adhfhúathmhaireacht íodhbairt
an chiontuigh: ga mhéd ní is mó ná
sin, anuáir dobheir leis í lé droich-inntinn?


L. Sr21:28


Díoghbhaithfidh anfíaghnuise
bhrégach: acht an té éistios, labhruidh
sé go seasmhach.


L. Sr21:29


Crúadhuigh an drochdhuine a
édan: acht ar son an dírigh, dírghidh
sé a shlighe.


L. Sr21:30


Ní bhfuil eagna, ná tuigsi,
ná comhairle anaghaidh an Tighear-na.


L. Sr21:31


Ullmhuighthear an teach a gcoinne
laé an chatha: acht is ón TTighearna
atá tártháil.



Caib.22.


L. Sr22:1


Is córa ainm maith do bhreith
do roghain ná saidhbhrios
mór: agus fabhar grá-dhach
tar airgid agus tar
ór.


L. Sr22:2


Teagmhaidh an saidbhir agus an
bocht ré chéile; isé an Tighearna a ccru-thaightheóir
sin uile.


L. Sr22:3


Rémhfhéuchuchuidh an duine glic an
tolc chuige, agus folchaidh sé é féin:
acht imthighid na daóine simplidhe ar a
naghaidh, agus píantar íad.


L. Sr22:4


Le humhlacht, agus le heagla an
Tighearna, atáid saidhbhrios, agus o-nóir
agus beatha.


L. Sr22:5


Bíd droighne, agus paintéir a
slighe ananduine; an té coimhédas a
anam bí sé a bhfad úatha.



An véarsa seo a leanas tá sé ar lár sa chéad eagrán


L. Sr22:6


Teagaisg an leanabh santslighe a
nimthighionn sé; agus tan bhías sé áosta,
ní thréigfidh sé í.


L. Sr22:7


Ríaghluidh an saidhbhir ós cionn na
mbocht, agus bí fear anáirlicthe díar-ruidh
na shearbhfongantuigh ag an té
bheir úadh é.


L. Sr22:8


An té shíolchuirios éigceart,
buainfidh sé díomhaóineas: agus failleo-chaidh
slat a fheirge.


L. Sr22:9


An té agá mbí súil thiodhlaic-theach,
biáidh sé beannuigh; óir dobheir sé
cuid dá arán do na bochtuibh.


L. Sr22:10


Teilg amach an tarcuisneach,
agus rachaidh an ceannairg amach;
scuirfidh fós an timreasan agus an
mhasla.


L. Sr22:11


Biáidh an Rígh na charaid ag an
té ghrádhuighios gloine chroidhe ar son
millse a bhéil.


L. Sr22:12


Coimhéduid súile an Tighearna
éolus, agus teilgidh bun ós cionn bría-thra
an tsáruighthe.


L. Sr22:13


Adeir an duine fallsa, atá
leomhan amuich, muirfightear mé san
tsráid.


L. Sr22:14


Is log domhain béul na mban
ccoimhthightheach: an té fhúathuighios an
Tighearna, tuitfidh sé ann.


L. Sr22:15


Bí leimhe ceangailte a ccroidhe
leinibh: acht cuirfidh slat an smach-tuighthe
a bhfad úadh í.


L. Sr22:16


An té sháruighios an bocht do
mhédugadh a shaidhbriosa féin, agus an té
dobheir dhon tsaidhbhir, tiucfaidh sé go
deimhin chum ríachdanuis.


L. Sr22:17


Cláon síos do chlúas agus éist
bríathra an duine ghlic, agus iompoigh
do chroidhe chum méoluisi.


L. Sr22:18


Oír is ní sólásach é, má thais-gionn
tú astigh ionnad íad: béid fós
iomchubhaidh ann do bhéul.


L. Sr22:19


Chor go mbía do mhuinighin annsa
Tighearna, dfoillsigh mé dhuit aniugh,
dhuitse féin.


L. Sr22:20


Nachar scríobh mé dhuit neithe
oirdhearca a ccomhairleachaibh agus anéo-lus?


L. Sr22:21


Chor go ttiubhruinn ort fios
dearbhthachta fhocal na fírinne do bheith a-gad;
ionnus go bhfédfa freagra bhría-thar
na fírnnie do thabhairt ar an muintir
chuirios fios chugad.


L. Sr22:22


Ná slad an bocht do bhrígh go
bhfuil sé bocht: ná bhrúigh an trúaghán
annsa gheata.


L. Sr22:23


Oír taigeoruidh an Tighearna a
ccúis, agus millfidh sé anam an té
mhillios íadsan.


L. Sr22:24


Ná dén muinntearas re duine
feargach, agus na himtigh lé duine bhuil-eamhuil:


L. Sr22:25


Ar eagla go bhfoghluimféa a
shlighthe, agus go bhfuighthéa paintéur
dot anam.


L. Sr22:26


Ná bíse don druing bhuáileas
lámha, nó don druing bhíos durraigh ar
son fhíach.


L. Sr22:27


Muna bhfuil éinní agad re díol-uigheacht,
cred as a mbéradh sé leis do
leabuidh ó bheith fúd?


L. Sr22:28


Ná háthraidh seintéora anfea-roinn,
noch do shuigheadar haithre,


L. Sr22:29


An bhfacionn tú duine díth-chiollach
iona ghnothuighibh? seasfuidh sé a
lathair Ríogh, ní a lathair dhaoine uirísiol
sheasfas sé.



Caib.23.


L. Sr23:1


ANuáir shuighfios tú dithe bídh
lé húachtarán, meas go
friochnamhach cred bhías ad
fhíadhnuise.


L. Sr23:2


Agus cuir scían chum
do scórnuigh, mas duine thú tabhartha
do chráos.


L. Sr23:3


Ná bí mían agad iona mhillsénuibh:
óir is bíadh mealltach íad.


L. Sr23:4


Ná sáothruigh bheith saidhbhir:
sguir dot ghliocas féin.


L. Sr23:5


An ccuirfidh tú do shúile ann-sa
ní nach bhfuil ann? óir doní saidh-bhrios
go deimhin sciatháin dó
féin: eitillid síadh as amhuil iolar
chum nimhe.


L. Sr23:6


Ná hithse arán na drochshúl, a-gus
ná dúiligh a bhíadha millsi,


L. Sr23:7


Oír mar bhreathnuighios iona chroidhe,
is marsin bhíos seision: ith agus ibh,
adeir sé riot, acht ní bhí a chroidhe
leachd.


L. Sr23:8


Urshloigfidh tú an greim do
ith tú anois, agus caillfidh tú do
dheaghfhocail.


L. Sr23:9


Ná labhair a cclúasaibh ama-dáin:
óir dísbeagfuidh sé gliocas
do bhríathar.


L. Sr23:10


Ná háthruigh an seintéora,
agus ná heirigh asteach ar fhearann na
ndílleacht.


L. Sr23:11


Oír is cumhachtach a bhfúascal-tóir:
taigeoruid sé a ccúis riot.


L. Sr23:12


Tabhair do chroidhe do thea-gasg,
agus do chluasa do bhríathruibh
éoluis.


L. Sr23:13


Ná connaimh smacht ón leanabh;
óir ma bhuáilionn tú leis an tslait é, ní
bhfuighe sé bás.


L. Sr23:14


Buáilfidh tú leis an tslait é,
agus sáorfuidh tú a anam ó ifrionn.


L. Sr23:15


A mhic, má bhíonn do chroidhe eag-nuidhe,
biaidh lúathgháire ar mo chroidhe,
orumsa féin.


L. Sr23:16


Gáirdeochuid fós mo dhubháin, anuáir
laibheorus do bhéulsa neithe
cearta.


L. Sr23:17


Ná tnúthuigheadh do croidhe ris
na peacacuibh: acht bí aneagla an Ti-ghearna
ar feadh an laé uile.


L. Sr23:18


Oír is deimhin go bhfuil luáidh-eacht,
agus ní gérrfuighthear amach do
dóthchus.


L. Sr23:19


Cluinsi, a mhic, agus bí críonna,
agus tréoruigh do chroidhe annsa tslighe.


L. Sr23:20


Ná bí a measg phótaireadh fío-na,
a measg ghrágaireadh, líonus
íad féin le feóil.


L. Sr23:21


Oír tiucfaidh an pótaire agus
an duine cráosach chum bochtuine: agus
dodhén anaimhleisge duine déudu-gadh
lé ceirteachaibh.


L. Sr23:22


Eíst red athair, noch do ghin
thú, agus ná tarcuisnigh do mhathair anuáir
bhías sé áosta.


L. Sr23:23


Ceannuigh anfírinne, agus na
reac í: eagna fós agus múnadh agus
tuigsi.


L. Sr23:24


Is mór lúathgháirfios athair anionnruic:
agus an té gheineas leanamh
críonna, dogheabha sé sólás úadh.


L. Sr23:25


Biáidh lúathgháire air hathair, a-gus
air do mhathair, agus gáirdeochuidh
an bhean rug thú.


L. Sr23:26


A mhic, tabhair dhamhsa do chroidhe:
coimhédaidís do shúile mo shlighthe.


L. Sr23:27


Oír is díog dhomhain an strí-opach,
agus is log cumhang an bean
choimhthigheach.


L. Sr23:28


Bí sí fos a luidheachán amhuil
sladmhóir, agus méduigh sí na millt-eóirigh
a measg na ndaóine.


L. Sr23:29


Cía ghá mbí mairg? cía ghá
mbí dóbrón? cía ghá mbí imreasuin?
cía ghá mbí callóid? cía ghá mbí cneadha
gan adhbhar? cía ghá mbí deirge shúl?


L. Sr23:30


An drong fhanas a bhfad ag an
bhfíon, an lucht théid díarruidh anfíona
chumaisge.


L. Sr23:31


Ná féuchsa air an bhfíon anuáir
bhíos sé dearg, anuáir thaisbeanas sé
a dhath annsa chupán, anuáir chorruighi-os
sé é féin go díreach.


L. Sr23:32


Fá dheireadh gortuigh sé amhuil
naithir nimhe, agus cealgaidh sé amhuil
adder.


L. Sr23:33


Dochithfid do shúile mná coimh-thigheacha,
agus laibheoruidh do chroidhe
neithe neamhchubhaidh.


L. Sr23:34


Biáidh tú fós do nós an té
luidhios síos a meadhón na fairge, nó mar
an té luighios a mullach an chrainn seóil.


L. Sr23:35


Do bhuáileadar mé (adeir tú)
agus ní raibh mé tinn: do ghabhadar o-rum,
agus níor mhothuigh mé; cá huáir
mhúisceolas mé? íarrfa mé fós arís
é.



Caib.24.


L. Sr24:1


Na bíse ainghidhe anaghaidh
drochdhaóine, agus ná sann-toigh
bheith na bhfochair.


L. Sr24:2


Oír stuidéruidh a
ccroidhe millteachus, agus labhruid a
mbéil urchóid.


L. Sr24:3


Tré ghliocas donithior tigh
dfoirgneadh, agus le tuigsi daing-nighthior
é.


L. Sr24:4


Agus lé héolus líonfuighthear na
séomhradha le gach uile shaidhbhrios mhór-luáidh
shólásach.


L. Sr24:5


Is láidir an duine eagnuidhe;
méduigh fós fear anéoluis neart.


L. Sr24:6


Oir is lé comhairle ghlic dodhéna
tú do chogadh: agus aniomad na ccomh-airleach
bhíos cumhdach.


L. Sr24:7


Is roárd aneagna donama-dán,
ní osclann sé a bhéul annsa gheata.


L. Sr24:8


Goirfidhthear duine urchóideach don
té thríallus an tolc do dhénamh.


L. Sr24:9


Is peacadh smuáineadh a neimhghlio-cuis,
agus is adhfhúathmhaireacht an tar-cuisneach
do na daoinibh.


L. Sr24:10


Má anbhfainnighionn tú a ló na
haindeisi, is beag do neart.


L. Sr24:11


Má léigionn tú dhíot tár-tháil
na druinge thaingior chum báis,
agus an lucht bhíos réigh chum a marbh-tha:


L. Sr24:12


Má deir tú, féuch ní raibh a
fhios aguinn: nach measann an té sgrú-das
na croidhthe sin? agus nach bhfuil
a fhios ag an té chumhduighios hanam-
sa? agus nach ttiubhra sé dá gach
áon do réir a oibreach?


L. Sr24:13


A mhic, ithsi mil do bhrígh
gur maith í; agus an chríathar mheala,
noch is milis dot charbad.


L. Sr24:14


Marsin bhías éolus na heagna
dot hanam; anuáir dogheabha tú
é, annsin dogheabhthar luáigeacht, a-gus
ní ghérrfuighthior amach do dhóth-cus.


L. Sr24:15


Ná cuir luidheachán, a dhrochdhuine,
anaghaidh áitreibe anfíréin: ná creach
a áit coimhnuighe.


L. Sr24:16


Oír tuitidh an duine ionnruic
seacht nuáire, agus éirghidh sé arís:
acht tuitfid na ciontuigh anolc.


L. Sr24:17


Ná lúathgháirigh anuair thuit-fios
do námhaid: agus ná gáirdigheadh
do chroidhe anuáir dogheibh sé tuis-leadh.


L. Sr24:18


Deagla go bhfaicfeadh an Tighear-na
sin, agus go madh míothaitneamhach
leis é, go agus niompochadh a fhearg uadh.


L. Sr24:19


Ná bíodh fearg ort ar son na
ndrochdhaoine: agus ná bíodh tnúth ort
ris na ciontachaib.


L. Sr24:20


Oír ní bhía luáigheacht ag an
ndrochdhuine; cuirfighear coinneal an chion-tuigh
as.


L. Sr24:21


A mhic, imeagluidhsi an Tighearna,
agus an Rígh: agus ná bean ris na
dáoinibh sóghluáisde.


L. Sr24:22


Oír éireochuidh a ndonus go ho-bann,
agus cía dar fios a sgrios a-ráon?


L. Sr24:23


Bainid fós na neithesi ris na
dáoinibh glic: ní maith meas do bheith
air phearsuinn tar a chéile a mbreitheamh-nus.


L. Sr24:24


Gidhbé déras ris an gciontach,
atá tú ionnruic: mailleochuidh an pobal
é, fuathochuid cineadhacha é.


L. Sr24:25


Acht biáidh áoibhneas don droing
aithbhioras é, agus tiucfuidh beannughadh
maith orra.


L. Sr24:26


Pógfuidhear puisínigh an té dobheir
freagra cheart úadh.


L. Sr24:27


Gléus hobair amuigh, agus dén
oireamhnach dhuit féin í annsa machaire, agus
na dhiáigh sin dén do thigh.


L. Sr24:28


Ná bí ad fhíadhuin anaghuidh do
chomharsan gan adhbhar, agus ná meall
(duine) le do bhéul.


L. Sr24:29


Ná habair, dodhéna misi mar-
sin ris, amhuil dorinne sé riom: cúit-eochuidh
mé ris anóglach do réir a
oibre.


L. Sr24:30


Do ghabh mé láimh ré machaire an
duine fhallsa, agus láimh ré fíneamhuin
an duine gan tuigsin:


L. Sr24:31


Agus féuch, dobhí sin uile ar
bhfás thairis do dhosánuibh, agus dfoluigh
neantóg a aghuidh, agus dobhí a bhalla
cloiche briste síos.


L. Sr24:32


Annsin dochonnairc mé, agus do
mheas mé go maith é, dféuch mé air, agus
do ghabh mé teagasg.


L. Sr24:33


Beagán codalta fós, néull
beag, filleadh beag na lámh air a chéile chum
codalta.


L. Sr24:34


Marsin tiucfuidh do bhochtuine
mar áon bhíos ar siubhal, agus do
ríachtanas mar dhuine armtha.



Caib.25.


L. Sr25:1


Is íad so mar an gcédna
seanráite Sholuimh, noch do
aithscríobh muintir Heseciah
Rígh Iúdah.


L. Sr25:2


Isí glóir Dé ní do
cheilt: acht isé onóir na Ríogh cúis
do spíonadh amach.


L. Sr25:3


Atá an flaitheamhnus air áirde, an
talamh ar dhoimhne, agus croidhe an Rígh
doscrúdtaigh.


L. Sr25:4


Bain an salchar as anairgiod,
agus tiocfuidh soitheach amach don chérd.


L. Sr25:5


Beir leachd an drochdhuine ó fhiadh-nuise
an Rígh, agus daingneochthar a
chathaóir a bhfíréntacht.


L. Sr25:6


Ná cuir thú féin amach a lathair
an Rígh, agus ná seas anáit dhaóine
móra.


L. Sr25:7


Oír is férr dhuit a rádh riot,
tárr aníos annso, ná do chur níis
ísle as coinne an phrionnsa, noch dochonn-cadar
do shúile.


L. Sr25:8


Ná himthigh amach go hobann do
chríoncán, deagla nach bíath a fhios agad
cred dodhéntá ann a dheireadh, tar éis
do chomharsa dot chur chum náire.


L. Sr25:9


Aidhnis do chúir red chomhar-sain:
agus ná foillsigh seicréid do
neach oile:


L. Sr25:10


Deagla go ccuirfeadh an té do
chluinfeadh thú, náire ort, agus nach
bhfillfeadh do mhíochlú.


L. Sr25:11


Is cosmhuil focal labharthar go
hiomchubhaidh, sé hubhlaibh óir a bpictíu-ribh
airgid.


L. Sr25:12


Amhuil clúasfháinne óir, agus
amhuil córughadh dór ghlan, marsin bhíos
an taithbhiorach glic ar chluáis umhail.


L. Sr25:13


Mar bhíos fúacht an tsneachta
anaimsir anfoghmhair, marsin bhíos an
teachtaire díleas don druing chuirios uadh
é: óir aithbhéoghuidh sé anam a mhaighis-tir.


L. Sr25:14


Gidhbé mhaóidhios é féin ar son
tiodhlaiceadh fallsa, is cosmhuil é ré
néulluibh, agus ré gaóith gan fhearthuinn.


L. Sr25:15


Le hiomchar fada cláochluigh-thior
prionnsa, agus brisigh teanga
bhog an cnáimh.


L. Sr25:16


An bhfuáir tú mil? ith an mhéid
is lór dhuit di, deagla go mbeitheá líon-ta,
agus go sceithfeá í.


L. Sr25:17


Connaimh do chos ó thigh do cho-mharsan,
deagla go mbeith sé cuirthe
dhíot, agus go bhfúathochadh sé thú.


L. Sr25:18


An té doní fiadhnuise bhréige
anaghaidh a chomharsan; is farcha,
cloidheamh, agus soighiod rinneach é.


L. Sr25:19


Is cosmhuil dóigh a nduine neimh-dhílios
anaimsir na buáidheartha re fía-cail
bhriste, agus re cois léonta.


L. Sr25:20


Amhuil an té thógbhas leis
édach anaimsir dhoininne, agus amhuil
bhinégra ar nitre; marsin don té cha-nas
fuinn do chroidhe dhubhach.


L. Sr25:21


Má bhíonn do námhaid ocrach,
tabhair arán dó re ithe: agus má
bhíonn tart air, tabhair uisge dhó ré a ól.


L. Sr25:22


Oír crúachfuidh tú sméróide
teineadh air a chionn, agus cúirteochuidh an
Tighearna sin riot.


L. Sr25:23


Cuiridh an gháoth thuaigh anfear-thuinn
ar ccúl: marsin doní an ghnúis
fheargach an teanga ithiomráidhteach.


L. Sr25:24


Is férr áitreabh a ccoirnéul
do mhullach an tige, ná a bhfochair mná
géire, agus a ttigh fhairsing.


L. Sr25:25


Mar uisgeadha fúara dona-nam
thartmhar, is marsin bhíd scéula
maithe as tír imchéin.


L. Sr25:26


Is samhuil do thobar bhuáidheartha,
agus dfúarán truáillighthe, duine ionn-ruic
ag tuitim síos a lathair an chion-toigh.


L. Sr25:27


Ní maith mórán meala dithe,
marsin ní glóir do dhaoine a nglóir
féin do spíonadh.


L. Sr25:28


An té ag nach bí ríaghuil ós
cionn a spioruide féin, is cosmhuil é re
cathruidh bhriste síos gan bhalladha.



Caib.26.


L. Sr26:1


Mar shneachta san tsamh-radh,
agus mar fhear-thuinn
san bhfoghmhar:
marsin ní hiomchubhuidh
onóir damadán.


L. Sr26:2


Mar anéun ar iomlúaghail,
mar anáinléog lé heitiolluigh; mar-
sin ní thiucfa an mhallacht gan adh-bhar.


L. Sr26:3


Málóid doneach, srían donassal,
agus slat do dhruim anama-dáin.


L. Sr26:4


Ná freagair amadán do réir a
amadánachda, deagla go mbeitheá féin
cosmhuil ris.


L. Sr26:5


Freagair amadán do réir amadána-chda,
deagla go mbíath sé críonna iona
bharamhuil féin.


L. Sr26:6


An té chuirios teachtaireacht le láimh
amadáin, gearruidh sé amach na cosa,
agus ibhidh sé dochar.


L. Sr26:7


Ní bhíd cosa an bhacaidh ionann;
marsin do cosamhlacht a mbéul na
namadán.


L. Sr26:8


Amhuil an té cheanglas cloch a
ccrann tábhuill: marsin don tí dobheir
onóir dóinmhid.


L. Sr26:9


Mar théid dealg súas a láimh anfir
meisce: marsin atá cosamhlacht
a mbéul na namadán.


L. Sr26:10


An (Día) mór do chum anuile
ní, cúitigh sé aráon ris anama-dán,
agus ris an tsáruightheach.


L. Sr26:11


Mar iompoighios an mad-radh
air a sceathruigh: mairsin iompoighi-is
an tamadán air a leimhe.


L. Sr26:12


An bhfaicionn tú duine críonna
iona bharamhuil féin? is mó an dóigh
is cóir do bheith as amadán ná as.


L. Sr26:13


Adeir an fallsán, atá
leomhan san tslighe, atá leomhan ann-sa
tsráid.


L. Sr26:14


Mar iompoighios an dorus air
a bhacánaibh, marsin doní an fallsán
air a leabuidh.


L. Sr26:15


Folchuidh an fallsán a lámh io-na
bhrollach, is doiligh leis a tabhairt arís
chum a bhéil.


L. Sr26:16


Is críonna an scraiste iona
bharamhuil féin, ná moirsheisior do fhéd-fadh
réusún do thabhairt úatha.


L. Sr26:17


An té ghabhus thort, agus chuim-lios
re ceannairg nach bainioinn ris, is
cosmhuil é ré neach bheirios ar mhadradh
air chlúasaibh.


L. Sr26:18


Mar fhear buile, noch chaithios
aithinnigh, saighde, agus bás:


L. Sr26:19


Marsin don té mheallus a chomh-arsa,
agus adeir, nach a súgradh
atáim?


L. Sr26:20


Anáit nach bí connadh ar bith,
théid an teine as: marsin anáit
nach bí an cogarnach, coisgidh an
cheannairg.


L. Sr26:21


Mar bhíos gúal do ghúal ar
lasadh, agus connadh don teine; mar-
sin don duine cheannairgeach daghnadh imreas-an.


L. Sr26:22


Atáid bríathra an chogarn-uigh
amhuil cneadha, agus tiaghuidh síos
don chuid is fíríochtaruidh don bholg.


L. Sr26:23


An béul ar lasadh, agus an
croidhe urchóideach, atáid mar phota críadh
arna fholach re sal airgid.


L. Sr26:24


An té fhúathuighios, doní sé
blanndar lena phuisínibh, agus taisgidh
sé cealg astigh ann.


L. Sr26:25


Anuáir labhras sé go breágh-dha,
ná creid é: óir atáid seachd nath-fúathmhaireachta
iona chroidhe.


L. Sr26:26


An té fholchas fúath lé ceilg,
foillseochthar a olc a bhfiadhnuise an
chomhchruinnigh uile.


L. Sr26:27


Gidhbé thochlas poll, tuitfe
sé féin ann: agus an té iompoighios
cloch, fillfidh sí air féin.


L. Sr26:28


Fúathuigh an teanga bhrégach an
drong dá ndéin sí dochar: agus oib-righ
an béul spleadhach millteachus.



Caib.27.


L. Sr27:1


Na maóidh thú féin as an lá
amárach: óir ní fheidir tú
cred dobhéaradh lá
leis.


L. Sr27:2


Moladh neach oile thú, agus narbé
do bhéul féin: moladh coimthigheach thú, a-gus
narbiad do phuisíne féin.


L. Sr27:3


Is trom an chloch, agus bí an
gaineamh muirighineach; acht is truime
fearg amadáin ná íad aráon.


L. Sr27:4


Is fuilteach anfearg, agus is cu-thaigh
an chorruighe: acht cía fhédas sea-samh
as coinne ainghidheachda.


L. Sr27:5


Is férr aithbhior ós áird ná grádh
fa rún.


L. Sr27:6


Is díleas cneadha na carad; acht
is cealgach póga na námhad.


L. Sr27:7


Míodhúiligh an tanam bhíos lán
an chriathar mheala; acht is milis gach
uile ní searbh donanam ocrach.


L. Sr27:8


Amhuil sheachránuighios éun óna
nead, is marsin don duine sheachránuighi-os
ón áit féin.


L. Sr27:9


Solásuigh uniment deaghbholadh an
croidhe: is mairsin doní millsi charad
duine re comhairle ó chroidhe.


L. Sr27:10


Ná tréig do chara féin agus
cara hathar, agus ná héirigh go tigh do
dhearbhráthar a ló do ríachdanuis: óir is
férr cara a ccomhfhogus ná dearbhra-thair
animchían.


L. Sr27:11


A mhic, bí críonna agus dén mo
chroidhe lúathgháireach, chor go bhfreag-ora
mé an té mhasluighios mé.


L. Sr27:12


Dochí an duine críonna an
tolc chuige, agus folchuidh sé é féin:
acht tíaghaid na daóine simplidhe air a
naghaidh, agus píantar íad.


L. Sr27:13


Glac édach an té bhíos anur-rudhas
ar an ccoimhthigheach, agus tóg
geall úadh ar son mná coimhthighidh.


L. Sr27:14


An té bheannuighios a charuid ós
áird ag éirghe go moch ar maidin,
measgfuighthior na mhallughadh air é.


L. Sr27:15


Is cosmhuil bean cheann-airgeach
ré sírshilt a ló móirfhearthan-na.


L. Sr27:16


Gidhbe cheilios í, ceilidh sé an
gháoth, agus uinemeint a láimhe deise
bhraithios í féin.


L. Sr27:17


Géuruigh íarann íarann (oile):
marsin ghéruighios duine gnúis a
charad.


L. Sr27:18


Gidhbé choimhéadas an crann
fíge, íosuidh sé dhá thoradh: mair-
sin an té fheithios air a mhaighistir,
onórthar é.


L. Sr27:19


Amhuil fhreagras aghaidh daghaidh
(oile) annsanuisge: mar sin fhreagh-ras
croidhe dhuine do dhuine (oile).


L. Sr27:20


Ifrionn agus dhibhfheirg ní bhíd
choidhche lán: marsin ní bhíd súile an duine
sáitheach choidhche.


L. Sr27:21


Mar bhíos an pota glanta
donairghiod, agus anfoirnís donór:
is mairsin bhíos an duine dá mholadh.


L. Sr27:22


Bíodh go mbrúighfeá amadán a
moirtéul a measg chruithneachta lé
pestel: thairis sin ní dheileochuidh a a-madánachd
ris.


L. Sr27:23


Bí dithchiollach fa fhios staide
do thréada, agus féuch go maith dot
airghidhibh.


L. Sr27:24


Oír ní bhí an saidhbhrios síorr-uidhe:
agus an mairionn an choróinn do
gach aóinghinealach?


L. Sr27:25


Tig an féur tirim, agus tais-bénuidh
an féur mín é féin, agus cruinn-ighthior
luibhe na slíabh.


L. Sr27:26


Bíd na huáin chum héduighthe, a-gus
is íad na gabhair fhirionna lúach
thfearoinn.


L. Sr27:27


Agus biáidh bainne gabhar go
lór agad chum do bhídh, chum bídh muin-tire
do thighe, agus do chumhdach do
chailínidhe.



Caib.28.


L. Sr28:1


Teithid na cionntuigh anuáir
nach bhí áonduine dá ttór-uigheacht:
acht bíd na hionn-ruic
dána amhuil leomhan.


L. Sr28:2


Ar son sáruighthe dúithche, bíd
mórán prionnsadh uirre: acht aig duine
tuicsionach éolach mairfidh a staid
a bhfad.


L. Sr28:3


Is cosmhuil an duine bocht shár-uighios
an bochtán, ré fearthuinn scúap-tha
nach bhfágbann beatha ar bith na
diáigh.


L. Sr28:4


An drong thréigios an dligheadh,
moluid na ciontuigh: acht an mhéid choimhé-das
an dligheadh, cathuighid ríu.


L. Sr28:5


Ní thuigid na drochdhaóine brei-theamhnus;
acht tuigid an drong íarrus
an Tighearna gach uile ní.


L. Sr28:6


Is férr an bocht imthighios iona
ionnracus, ná an té bhíos urchóideach
iona shlighthibh, bíodh go mbeith sé saidh-bhir.


L. Sr28:7


Gidhbé choimhédas an dligheadh,
is mac glic é; acht an té is compa-nach
do dhaóinibh cráosacha, náiri-ghid
sé a athair.


L. Sr28:8


An té mhéduighios a mhaoin lé
húsuireacht agus lé tarbha égcóir,
cruinneochuidh sé é don tí agá mbía
truáighe don bhocht.


L. Sr28:9


An té iompoighios a chlúas ó
chluinsion an dlighe, biáidh a ghuidhesin
na hadhfhúathmhaireacht.


L. Sr28:10


Gidhbé bhéras air an
bhfíréun seachrán do dhéanamh a
ndroichshlighe, tuitfidh sé féin io-na
pholl; acht biáidh neithe maithe a
seilbh an dírigh.


L. Sr28:11


Bídh an duine saidhbhir críonna
iona thuigsin féin; acht scrúduigh an
bocht agá mbí tuigsi, amach é.


L. Sr28:12


Anuáir gháirdighid na daoine
ionnraca, bí glóir mhór annsin: acht anuáir
éirghios an ciontach, folchaidh duine
é féin.


L. Sr28:13


Gidhbé cheilios a pheacuighe, ní
bhía biseach air: acht gidhbé admhas,
agus thréigios íad, dogheabha sé tró-caire.


L. Sr28:14


Is sona an té air a mbí úamhan
do ghnáth: acht an té chruái-dhighios
a chroidhe, tuitfidh sé a
ttubaisde.


L. Sr28:15


Amhuil bhíos leomhan cuthaigh a-gus
mathghamhuin luáimneach: marsin bhíos
an throchúachtaran ós cionn na ndaóine
mbocht.


L. Sr28:16


An prionnsa ag nach bí tuigsi,
mar an ccédna is mór an fear leathtruim
é; acht an té fhúathuigios saint, faid-eochuigh
sé a láethe.


L. Sr28:17


An duine doní fóirneart air
fhuil dhuine ar bith, teithfidh sé
chum an phuill, ná stadadh éan-
duine é.


L. Sr28:18


Gidhbe shiubhluighios go fírén-ta,
biaidh sé sáor; acht an té bhíos
urchóideach iona shlighthibh, tuitfe sé anéinfheacht.


L. Sr28:19


An té sháothruighios a fhearann,
biáidh fairsinge aráin aige; acht an té
leanas a ndiáigh dhaóine díomhaóin, dogheabha
sé bochtuine go lór.


L. Sr28:20


Líonfuidh an duine fírénta do
bheannachduibh; acht an té doní deithnios
chum bheith saidhbhir, ní bhiáidh sé neimhchi-ontach.


L. Sr28:21


Ní maith meas do bheith ar
dhaóinibh tar a chéile: óir ciontochuidh an
fearsin ar son greama aráin:


L. Sr28:22


Bí drochshúil ag an té dheithbhri-ghios
chum bheith saidhbhir; ní thuigionn sé
go ttiucfa bochtaine air.


L. Sr28:23


An té iomaithbhirios duine, dogheabha
sé nísa mhó dfabhar na diaighsin
ná an té bhláthuighios leis an ttean-gaidh.


L. Sr28:24


Gidhbe shladas a athair nó
a mhathair, agus adeir, ní peacadh é; is
compánach do shladuighe an té sin.


L. Sr28:25


An té agá mbí croidhe uáibh-reach,
cuirigh sé ceannairg air siubhal:
acht do dhéntar méith an té chuirios a
dhóigh annsa Tighearna.


L. Sr28:26


Gidhbé tháobhas rena chroidhe
féin, is oínmhid é: acht gidhbé
imthighios go glic, táirtheoch-thar
é.


L. Sr28:27


Gidhbé bheir ní don bhocht, ní
bhiáidh easbhuigh air: acht an té fholchus a
shúile, dogheabha sé mórán mall-acht.


L. Sr28:28


Anuáir éirghid na drochdaoine,
folchuid na daóine íad féin: acht anuáir
imthighid seachad, líonuid na fí-réin.



Caib.29.


L. Sr29:1


An té gheibh achmhusan minic, a-gus
chruáidhighios a mhuinél,
milltear é go hobann agus
gan tártháil.


L. Sr29:2


Gáirdigh an pobal anuáir
bhíd na fíréin a ccumhacht: acht anu-áir
bhíos úachtaránacht ag an droch-dhuine,
osnaighe an pobail.


L. Sr29:3


Gidhbé ghrádhuighios aneagna,
lúathgháirigh sé a athair: acht an té
chongmhas cuideachta do mhéirdreachaibh,
anchaithigh sé a mhaóin.


L. Sr29:4


Daingnigh an Rígh an dúthaigh lé
breitheamhnus; acht an té ghabhas tiodh-laicthe
scriosuidh sé í.


L. Sr29:5


An té doní spleadhachus rena
chomharsuin, sreathuigh sé líon fana
chosaibh.


L. Sr29:6


Bí paintér a sárughadh an droch-dhuine;
acht canuidh an fíréun abhrán,
agus lúathgháiridh sé.


L. Sr29:7


Measuidh an fíréun cúis an
bhoicht: acht ní chuirionn an drochduine
áird air a fhios do bheith aige.


L. Sr29:8


Dobheirid na daóine tarcuis-neacha
caithreacha a bpaintér: acht fillid
na daóine glioca dioghaltas tar
ais.


L. Sr29:9


Má ní duine críonna imreasan ré
hamadán, má bhíonn sé ar buile nó ag
gáire, ní bhí suáimhnios ann.


L. Sr29:10


Fúathuighid na daóine fuilteacha
an tionnruic: acht íarruidh an duine
ceart a anam.


L. Sr29:11


Foillsigh an tamadán a intinn
uile: acht congmhuidh an duine críonna
astigh é nó go ttígh na diáigh
sin.


L. Sr29:12


Má éistionn úachtaránn ré bré-gaibh,
bíd a sheirbhísigh uile go
holc.


L. Sr29:13


Teagmhuidh an bocht agus an
clúanaire re chéile: soillsighidh an Ti-ghearna
a súile araon.


L. Sr29:14


An Rígh bhreathnuighios an bhocht
go fírinneach daingneochthar a chathaóir go
bráth.


L. Sr29:15


Dobheir an tslat agus an
smacht gliocas uatha: acht dobheir an
leanabh fágthar taobh ris féin, náire
dhá mhathair.


L. Sr29:16


Anuáir líonuid na drochdhaoine,
méduigh an millteachus: acht dochífidh
an tionnruic a leagadh.


L. Sr29:17


Smachtuigh do mhac, agus dobhéra
sé suáimhnios duit; dobhéara sé
fós sólás dot anam.


L. Sr29:18


Anáit nách bí fis, sgriostar
an pobal: acht is sona an té choimhédas
an dligheadh.


L. Sr29:19


Ní smaichteochthar seirbhíseach
lé bríathruibh: óir má tá go ttuigionn
sé, ní fhreigeora sé.


L. Sr29:20


An bhfaicionn tú duine bhíos
deithniosach iona bhríathruibh? is mó
an dhóigh bhías as amadán, ná a-san.


L. Sr29:21


An té dobheir a sheirbhíseach sú-as
go muirneach ó bheith na leanamh, biáidh
sé na mhac aige fa dheóigh.


L. Sr29:22


Corruigh an duine feargach
ceannairg súas, agus líonuidh fear na buile
lé millteachus.


L. Sr29:23


Dobhéruidh úabhar duine íseal é:
acht coinneochuidh onóir súas an duine
umhal a spioraid.


L. Sr29:24


Gidhbé bhías na pháirtigh ag ga-duigh,
fúathuighidh sé a anam féin: dochluin
sé mallughadh, agus ní fhoillsi-ghionn
é.


L. Sr29:25


Dobheir eagla an duine pain-téur
lé; acht an té chuirios dóthcus
annsa Tighearna, biáidh sé dain-gion.


L. Sr29:26


Iarruid mórán muinteardhus anúachdaráin:
acht is ón TTighearna (thig)
bréitheamhnus gach nduine.


L. Sr29:27


Bí an duine éigceart na adh-fhúathmhaireacht
ag an nduine cheart:
agus an té bhíos fíréanta iona shligh-thibh,
bí sé na adhfhúathmhaireacht don chi-ontach.



Caib.30.


L. Sr30:1


Bríathra Agur mhic Iaceh, ea-dhon
anfáigheadóireacht: do
labhair an tóglach ré Hi-tiel,
ré Hitiel fós agus
ré Hucal.


L. Sr30:2


Go deimhin is brúideamhla mé ná
duine ar bith, agus ní bhfuil tuigse
duine agam.


L. Sr30:3


Níor fhoghluim mé eagna, a-gus
ní bhfuil éolus na náomhthachta
agam.


L. Sr30:4


Cía chuaidh súas ar neamh, nó
tháinic anúas? cía chruinnigh an gháoth
iona dhórnuibh? cía cheangail na huisgea-dha
a cculaidh? cía daingnidh uile chorra
an dhomhuin? cá hainm é, agus caidh
ainm a mhic, má fhédann tú innsin?


L. Sr30:5


Is fíorghlan gach uile bhríathar
Dé: is scíath é don mhéid chuirios a
ndóigh ann.


L. Sr30:6


Ná cuirsi éinní a ccionn a fho-cail,
deagla go ttiubhradh iomaithbhior
ort, agus go bhfuighthí brégach thú.


L. Sr30:7


Dhá ní díarr mé ort, ná diúlt
umpa mé suil égfas mé.


L. Sr30:8


Athruigh a bhfad uáim díomhaóineas
agus bréga; ná tabhair ceachtar dhamh
bochtaine, no saidhbhrios, beathaidh mé lé
biadh is iomchubhaidh dhamh.


L. Sr30:9


Deagla go mbéinn lán, agus
go séunfuinn thú, agus go naibeoruinn, cía hé
an Tighearna? nó deagla go mbéinn
bocht, agus go ngadfuinn, agus go
ttiubhruinn ainm mo Dhé go díomhaóin.


L. Sr30:10


Ná dén casáoid ar sheirbhíseach
réna mhaighistir, deagla go mailleo-chadh
sé thú, agus go bhfuighthí daor thú.


L. Sr30:11


Bi ginealach ann mhalluighios a na-thair,
agus nach beannuighionn a mathair.


L. Sr30:12


Bí ginealach ann bhíos fíorghlan
iona slúilibh féin: gidheadh ní bhíd nighte
óna salchar.


L. Sr30:13


Bí ginealach ann, ó ca háirde
bhíd a súile, agus forrdhubha a súl arna
ttógbháil súas.


L. Sr30:14


Bí ginealach ann a mbíd a bhfía-cla
mar cloidhmhthe, agus fíacla a ngíall
mar sceana, do scrios an bhoicht don
tsáoghal amach, agus aneasbhuighidh ó
bheith a measc na ndaóine.


L. Sr30:15


Atáid días inghion ag an ngear-rghuin
(ag éighiomh) tabhair, tabair: atá
trí ní nach féidir do shásadh; fós ceithre
neithe nach abair, is lór sin.


L. Sr30:16


Anuaidh, an bhean aimrid, an
talamh nach líontar lé huisge, agus an
teine nach abair, is lór sin.


L. Sr30:17


An tsúil doní magadh fana a-thair,
agus tharcuisnighios umhlacht a mha-thar,
priocfuid féich an ghleanna amach í,
agus íosuid na hiolair óga í.


L. Sr30:18


Atá trí ní róiongantach, fós
a ceathair, nach fios damh:


L. Sr30:19


Slighe iolair ansanaíer, slighe
aithreach nimhe ar an ccarruic, slighe
luinge a meadhon na fairge, agus slighe
anfir le maighdin.


L. Sr30:20


Marsin atá slighe na hadhal-thrannuighe;
ithidh sí, agus glanuidh a
béul, agus adeir sí, ní dhérna misi
cionnta ar bith.


L. Sr30:21


Ar son trí neithe atá an talamh
míoshuáimhneasach, agus ar son a ceathair
nach bhfédann iomchar.


L. Sr30:22


Ar son seirbhísigh anuáir
ríaghlas sé, agus ar son amadáin anuair
bhíos sé lán do bhíadh,


L. Sr30:23


Ar son mna fúathmhaire anuair
póstar í, agus cumhaile bhíos na hoighre
air a maghistreás.


L. Sr30:24


Atáid ceithre neithe beaga air an
ttalamh: acht bíd rochríonna.


L. Sr30:25


Na seangáin, is dream íad
nach bhí láidir, gidheadh soláthruid a mbea-tha
san tsamhradh.


L. Sr30:26


Ní bhfuil acht lucht éittréorach
annsna coinínibh; gidheadh doníd a ttigh-the
annsna cairgibh.


L. Sr30:27


Ni bhí Rígh ag na lócuistibh,
gidheadh tíaghaid amach uile iona ndream-uibh.


L. Sr30:28


Beiridh an damhán alla greim
rena lámhuibh, agus bí sé a bpálásibh
na Ríogh.


L. Sr30:29


Atá trí neithe imthighios go
maith; bí fós a ceathair taitneamhach iona
siubhal.


L. Sr30:30


An leomhan, noch is láidre a
measg na mbeathach, agus nach bhfillionn
tar ais ó éinní.


L. Sr30:31


Cú, poc gabhair fós, agus Rígh
nach féidir cur na aghaidh.


L. Sr30:32


Má rinne tú go leamh ann thú
féin do thógbháil súas, nó má smuáin
tú olc, (leag) do lámh air do bhéul.


L. Sr30:33


Go deimhin dobheir maistriu-ghadh
an bhainne im úadh, agus dobheir
fásgadh na sróna fuil amach: mairsin
dobheir fóirneart na feirge ceannairg.



Caib.31.


L. Sr31:1


Bríathra an Rígh Lemuel, anfáigheadóireacht
do thea-gaisg
a mhathair dhó.


L. Sr31:2


Ciodh, a mhic? ciodh, a
mhic mo bhronn? agus ciodh, a mhic mo
mhóidionn?


L. Sr31:3


Ná tabhair do neart do mhnáibh: nó
do shlighthe don ní mhillios na Ríghthe.


L. Sr31:4


Ní cóir do Ríoghuibh, a Lemuel, ní
cóir do Ríghthibh fíon dól, nó do phrionn-sadhuibh
deoch láidir dibhe.


L. Sr31:5


Deagla go nibhedís deoch, agus
go ndearmodfaidís an dligheadh, agus
go ccláonfaidís breitheamhnus air aóinneach
a mbuaidhreadh.


L. Sr31:6


Tabraidh deoch láidir don tí
atá réidh chum dul amugha, agus fíon
don druing bhíos tiomchroidheach.


L. Sr31:7


Ibhiodh sé deoch, agus dearmuideadh
sé a bochtuine, agus ná cuimhnígheadh
sé a amhgar níis mhó.


L. Sr31:8


Oscuil do bhéul, ar son an duine
bhailbh, a ccúis anuile dhuine do cinneadh
chumh adhmhillte.


L. Sr31:9


Oscuil do bhéul, dén breitheamhnus
comhthromh, agus aighnis cúis an
bhoicht agus an ríachtanuigh.


L. Sr31:10


Cía fhédas bean shubhailceach dfa-gháil?
óir atá a lúach a bhfad ós cionn
pérladh.


L. Sr31:11


Cuiridh croidhe a fir a dhóigh go
daingion inte; iondus nach bía ríach-tanas
re creich aige.


L. Sr31:12


Dodhéna sí maith dhó, agus ní
holc, air feadh láethe a sáoghail.


L. Sr31:13


Iarruidh sí olann agus líon, a-gus
oibrigh sí go humhal rena lámh-uibh.


L. Sr31:14


Is cosmhuil ré longaibh na gceann-uigheadh
í, dobheir sí a beatha ó imchían.


L. Sr31:15


Eírghidh sí fós suil éirghios an
lá, agus dobheir sí bíadh dá muinntir,
agus comhroinn dá cailínibh.


L. Sr31:16


Measuidh sí fearann, agus ceannchaidh
sí é: le toradh a lámh plannduighidh sí
fíneamhuin.


L. Sr31:17


Criosluigh sí a leasrach le neart,
agus neartuigh sí a rightheacha.


L. Sr31:18


Mothuigh sí gur maith a ceannuigh-eacht;
ní théid a coinneal as san nodhche:


L. Sr31:19


Cuiridh sí a lámha air an maide
sníomha, agus congmhaidh a lámha an choi-géul.


L. Sr31:20


Sínidhsí alámha amach don bhocht,
sínidh fós a lámh gus aneasbuidheach.


L. Sr31:21


Ni bhí eagla an tsneachta uirre
dá muintir: óir bíd a muintir uile éud-uighthe
le (culaidheacha) dúbalta.


L. Sr31:22


Doní sí dhi féin foluighe do
tháipeistrigh: is síoda agus purpair a
hédach.


L. Sr31:23


Aithnighthear a fear annsna gea-tadhuibh,
anuair shuighios sé a measg shinn-sior
na tíre.


L. Sr31:24


Doní sí línéudach fínealta, a-gus
reacuidh sí é, agus dobheir sí
creasanna don cheannuighe.


L. Sr31:25


Neart agus onóir is édach dhi,
gáirdeochuidh sí san naimsir atá ag
teacht.


L. Sr31:26


Oscluidh sí a béul re gliocus,
agus iona teangaidh atá dligheadh an chi-neultais.


L. Sr31:27


Féuchuidh sí go maith do shligh-thibh
a muinntire, agus ní itheann sí arán
an díomhaóinis.


L. Sr31:28


Eírghid a clann súas, agus
goirid beannuighthe dhi; a fear fós, agus
moluidh sé í, (gha rádh),


L. Sr31:29


Dorinneadár mórán inghean neithe
tréitheacha, acht do sháruigh tusa íad
uile.


L. Sr31:30


Is meallta an dathamhlachd, agus
is díomhaoin an scéimh: acht an bhean
eagluighios an Tighearna, is isi mholfuigh-thear.


L. Sr31:31


Tabhraidh dhi do thoradh a lámh
féin, agus molaidís a hoibreacha féin
annsna geatadhuibh í.


L. Ec



ECLESIASTES, NO AN SEANMONTUIGHE.



Caib.1.


L. Ec1:1


Briathra an tseanmonthuigh,
mac Dháibhi, Rígh Ierusa-lem.


L. Ec1:2


Díomhaóineas na ndío-mhaóines,
ar an seanmontuigh; dío-mhaóineas
na ndíomhaóines, is díomhaóineas
anuile ní.


L. Ec1:3


Cred an tarbha atá ag duine
iona uile shaothar doní sé fan
ngréin?


L. Ec1:4


Imthighidh ginealach, agus thig gi-nealach
(oile): acht fanuidh an talamh
go síorruidhe.


L. Ec1:5


Eírghidh an ghrían fós, agus théid
an ghrían faói, agus deithfrighidh sé
gus anáit as ar éirigh sé.


L. Ec1:6


Théid an ghaóth leath ris an ttáobh
ó dheas, agus fillidhsí fagcuáirt chum an
tuáisceirt; iománuighsí timchioll
fagcuáirt do ghnáth, agus iompoighidh an
gháoth do réir a cúarta thimchill.


L. Ec1:7


Riothuid na huile shrotha chum
na fairge, gidheadh ní bhí anfairge lán: as
anáit a ttangadar na srotha, chuige-
sin fillid arís.


L. Ec1:8


Atá na huile neithe lán do sháothar,
ní fhédann duine a innisin; ní sástar an
tsúil le faicsin, nó an chlúas le cluin-sion.


L. Ec1:9


An ní dobhí, sé sin an ní bhías:
agus an ní dorinneadh, sé sin an ní do
dhéntar: agus ní bhfuil ní núadh ar bith
fán ngréin.


L. Ec1:10


An bhfuil ní ar bith re ar féidir
a rádh? féuch atá so núadh: dobhí sé ann
cheana ón tseanaimsir dobhí romhuinn.


L. Ec1:11


Ní bhí cuimhne ar bith ar na seinnei-thibh,
ní mó bhías cuimhne ar na neithibh atá
ag teacht ag an ndream thiucfas na
ndiaigh.


L. Ec1:12


Misi an seanmontuigh, dobhí mé
am Rígh air Israel ann Ierusalem.


L. Ec1:13


Agus thug mé mo chroidhe do
spíonadh, agus díarruidh eagna a ttá-obh
gach aoinneithe da ndéntar fáoi neamh:
thug Día an saothar doilghe so do mha-caibh
an duine dá mbhbuáidhreadh leis.


L. Ec1:14


Dochonnairc mé na huile oibrea-cha
dá ndérnadh fán ngréin, agus féuch
is díomhaóin uile íad, agus buáidhreadh
spioraide.


L. Ec1:15


An ní atá cam ní héidir a
dhénamh díreach: agus an ní atá duireas-bhuigh,
ní héidir a áireamh.


L. Ec1:16


Do chomhráidh mé rem chroidhe féin,
ghá rádh, féuch, tháinic mé chum tábhachta
móire, agus is mó fuáir mé deagna
ná a ttáinic romhamh uile ann Ierusalem:
dochonnairc mo chroidhe fós mórán glio-cuis
agus eagna.


L. Ec1:17


Agus thug mé mo chroidhe
dfagháil éoluis na heagna, agus daithne
buile agus leimhe: do thuig mé gur
bhuáidreadh spioraide so mar an gcédna.


L. Ec1:18


Oír bí iomarcaigh doilghis aniomarcuigh
na heagna: agus an té mhé-duighios
éolus, méduigh sé dóbhrón.



Caib.2.


L. Ec2:1


Adubhairt mé ann mo chroidhe,
faicim anois, deirbheochuidh
mé thú le subhachus, uimesin
bíodh aóibhneas agad: agus
féuch, is díomhaóineas so mar an ccéd-na.


L. Ec2:2


Adubhairt mé a ttáob an gháire,
atá sé ar buile: agus fan tsúgradh,
cred dá bhfoghnann sé?


L. Ec2:3


Díarr mé ann mo chroidhe mé
féin do thabhairt dfíon, (achd ag cur iúil
mo chroidhe ar eagna) agus greim do
ghlacadh don leimhe, nó go bhfaicinn cred
budh maith do mhacaibh na ndáoine, dodhénaidís
faói neamh ar feadh uile láethe
a mbeatha.


L. Ec2:4


Dorinne mé dhamh féin oibreacha
móra, do chuir mé tighthe súas damh, do
phlannduigh mé lubhghoirt fhíneamhna dhamh
féin.


L. Ec2:5


Dorinne mé gáirdíne, agus ubh-allghuirt
dhamh féin, agus do phlannduigh
mé croinn ionnta donuile shórt toruidh.


L. Ec2:6


Dorinne mé locháin uisge dhamh,
do fhliuchadh na fiodhbhuidhe léo as a tti-geadh
croinn.


L. Ec2:7


Fuáir mé seirbhísigh, agus
cailínighe dhamh, agus rugadh seirbhí-sigh
ann mo thigh; dobhádar fós seal-bha
móra dáirnéis mhóir agus bhig
agam ós cionn anuile dhuine dá raibh
ann Ierusalem romham.


L. Ec2:8


Do chruinnigh mé dhamh féin airgiod,
agus ór, agus ionnmhus spesialta na
Ríogh, agus na bproibhinnseadh: fuáir
mé dhamh féin fir cheóil, agus mná ceóil,
agus áoibhneas mhac na ndaóine, mar
atáid adhbha chiúil, agus sin donuile
shórt.


L. Ec2:9


Marsin dobhí mé mór, agus
dfás mé níis mó ná anuile dhuine do
bhí romham ann Ierusalem: dfan fós
mo ghliocus agam.


L. Ec2:10


Agus gidhbé ní do shantuighea-dar
mo shúile, níor chonnaimh mé úatha é,
níor chonnuimh mé mo chroidhe ó shólás ar
bith: óir do gháirdigh mo chroidhe ann
muile sháothar; agus dobé so mo chuid
dom sháothar uile.


L. Ec2:11


Annsin dféuch mé air anuile obair
dá ndérnadar mo lámha, agus air an
tsáothar do oibrigh mé do dhénamh: agus
féuch, dobhí sé uile na dhíomhaóineas,
agus na bhuáidhreadh spioraide, agus
ní raibh tarba faói an ngréin ann.


L. Ec2:12


Agus diompoigh mé mé féin do
mheas gliocuis, agus buile, agus leimhe;
óir cred fhédas an duine do dhénamh,
thig a ndiáigh an Rígh? an ní chédna doroinneadh
roimhe.


L. Ec2:13


Annsin dochonnairc mé go sár-uighionn
gliocus an leimhe, mar shárui-ghios
solus an dorchadus.


L. Ec2:14


Bíd súile an duine ghlic io-na
chionn, acht siubhluigh an tamadán
san dorchadus: agus maille ris sin
do thuig misi gurbhionann críoch dheighio-nach
dhóibh uile.


L. Ec2:15


Annsin adubhairt mé ann mo
chroidhe, mar theagmhas don namadán,
is mairsin féin theagmhas damhsa: agus
uimesin cred as a raibh mé nísa
ghlioca? annsin adubhairt mé ann mo
croidhe gur diomhaoineas so mar an
gcédna.


L. Ec2:16


Oír ní bhí cuimhne ar bith ar an
nduine nglic nísa mhó na ar anama-dán
go síorruidhe: ó bhíos an ní atá
anois ann arna dhearmad annsna láethibh
atá ag teacht: agus cionnus éugus an
glic? mar anamadán.


L. Ec2:17


Uimesin dfúathuigh mé beatha do
bhrígh an tsáothair oibrighthior faói an
ngréin gur doiligh dhamhsa é: óir is
diomhaoineas anuile ní, agus buáidhreadh
srioraide.


L. Ec2:18


Fós dfúathaigh mé muile shao-thar,
noch fuáir mé faói an ngréin, do
bhrígh go bhfúigfinn é ag an té dothiuc-fagh
am dhiáigh.


L. Ec2:19


Agus cía dhar fios an mbía
sé na dhuine chríonna, ná na amadán?
acht ceana biáidh úachtaránacht aige ós
cionn mo sháothairsi uile, ionar saothruigh
mé, agus ionar fhoillsigh mé mé féin
glic faói an ngréin; is díomhaóineas so
mar an ccédna.


L. Ec2:20


Ar anadhbharsin do chuir mé
romhamh mo chroidhe do tharruing tar
ais, ónuile sháothar fuair mé faói an
ngréin.


L. Ec2:21


Oír bí duine ann agá mbí a sháo-thar
a ccríonnacht, agus anéolus, a-gus
a ccomhthrom: gidheadh is ag duine
nar sháothruigh annsin, fhúigfios sé é
na chuid ronna; is díomhaóineas so fós
agus olc mór.


L. Ec2:22


Oír cred atá ag duine dha uile
sháothar, agus dá bhuáidhreadh croidhe,
iona bhfuáir sé sáothar fán ngréin?


L. Ec2:23


Oír is doilghiosa a láethe
uile, agus is dóbrón a shaothar; ní
ghlacann fós a chroidhe suáimhneas san
noidhche: is díomhaóineas so mar an ccéd-na.


L. Ec2:24


Ni bhfuil ní ann is férr do dhuine
ná ithe agus ól, agus áoibhneas do tha-bhairt
da anum ann a sháothar, dochonnairc
mé so amhluidh gurab ó láimh Dé thig
sé.


L. Ec2:25


Oír cía fhédas ithe, nó cía eile
fhédas deithfrughadh chuige, nísa mó ná
misi?


L. Ec2:26


Oír dobheir Día don duine an
ní si maith iona radharc, eagna agus éo-lus,
agus sólás: acht don pheacach dobheir
sé sáothar, do chruinniughadh, agus
do chur ar muin a chéile, chor go ttiubh-radh
don té is maith a bhfiadhnuise Dé:
is díomhaóineas so fós, agus buáidhreadh
spioraide.



Caib.3.


L. Ec3:1


Atá am ag gach uile ní, agus
aimsir ag gach uile thionn-sgnamh
faói neamh.


L. Ec3:2


Aimsior chum beirthe,
aimsir dfagháil bháis: aimsir do phlann-dughadh,
agus aimsir chum an neithe do
plannduigheadh do tarruing súas.


L. Ec3:3


Aimsir chum marbhtha, agus aim-sir
chum leighis: aimsir do leagadh
síos, agus aimsir do chur súas.


L. Ec3:4


Aimsir chum gola, agus aimsir
chum gáire: aimsir chum dóláis, agus
aimsir chum damhsa.


L. Ec3:5


Aimsir do theilgion cloch amach,
agus aimsir do chruinniughadh cloch a
gceann a chéile: aimsir chum grádhuighthe,
agus aimsir chum cosg ó ghrádhughadh.


L. Ec3:6


Aimsir le fagháil, aguis aim-sir
le caill: aimsir chum taisgidh,
agus aimsir chum cur amugha.


L. Ec3:7


Aimsir re stíalladh, agus aim-sir
re fuáigheal: aimsir re tochd, aim-sir
re labhairt.


L. Ec3:8


Aimsir re grádhughadh, agus
aimsir ré fúathughadh: aimsir re co-gadh,
agus aimsir re síothcháin.


L. Ec3:9


Cred an tarbha atá ag an
té oibrighios, annsa ní sháothruighios?


L. Ec3:10


Dochonnairc mé an sáothar thug
Día do mhacaibh na ndaóine dá numhlu-ghadh
féin ann.


L. Ec3:11


Dorinne sé gach uile ní sgía-mhach
iona am féin: do chuir sé an sáo-ghal
fós ann a ccroidhthibh, iondus nach
bhfaghann duine ar bith amach fios na hoi-bre
doní Día ó thús go deireadh.


L. Ec3:12


Atá a fhios agam nach bhfuil
maith ar bith ionnta, acht go mbíath duine
gáirdeach, agus go ndénadh sé maith
ar feadh a bheatha.


L. Ec3:13


Agus fós go nitheadh, agus go
nibheadh gach aonduine, agus go solás-uigheadh
sé iona uile shaothar féin: sé
sin toidhlacadh Dé.


L. Ec3:14


Atá a fhios agam gach a ndé-nann
Día, go mbía sin síorruidhe; ní
féidir éinní do chur na chionn, nó éinní do
bhuáin de: agus doní Día so, chor go
mbíath eagla ag na daóinibh roimhe.


L. Ec3:15


An ní dobhí, atá sé ann anois:
agus an ní bhías dobhí sé ann cheana, agus
íarruidh Día an ní dochuáidh thort.


L. Ec3:16


Agus tuilleamh oile, dochonnairc
mé fan ngréin áit an breitheamhnuis, go
raibh urchóid annsin; agus anáit an
cheirt, go raibh éigceart ann.


L. Ec3:17


Agus adubhairt mé ann mo chroidhe,
breithneochuidh Día an fírén, agus an
drochdhuine; óir atá am ann chum gach
uile oibre, agus chum gach uile thi-onscanta.


L. Ec3:18


Adubhairt mé ann mo chroidhe a
ttáobh staide mhac na ndaóine, chor
go bhfoillseochadh Día íad, agus go
bhfaicfidís féin nach bhfuil ionnta acht
ainmhighthe.


L. Ec3:19


Oír an ní theagmhas do mhacaibh
na ndaoine, teagmhaidh do na hainmhigh-thibh,
aoinní amháin theagmhas dóibh: óir mar
théid cuid aca dég, is marsin égas an
chuid oile, fós is áonanál amháin atá
aca; marsin nach bhfuil uáisle ag an
nduine thar anainmhidhe; óir is díomh-aóineas
íad ré chéile.


L. Ec3:20


Rachaid uile anaonbhall amháin,
don luáithreadh íad uile, agus iom-póchuid
uile chum luáithrigh arís.


L. Ec3:21


Cía agá bhfuil a fhios go ttéid
spiorad an duine súas, agus go
ttéid spiorad an nainmhidhe síos chum
na talmhan?


L. Ec3:22


Uimesin measuim nach bhfuil
ní is férr ná sólás do bheith ar dhuine
iona oibreachaibh féin; óir isé sin a chuid
de: óir cía bhéras é dféchuin cred
bhías na dhiáigh.



Caib.4.


L. Ec4:1


Marsin dfill mé, agus do
mheas mé anuile leathtrom
doníthear fán ngréin; a-
agus féuch déora na
druinge dobhí fa leathtrom,
agus ní raibh cabharthach aca; agus air tháobh
na muintire dorinne leathtrom orra, do
bhí neart, achd ní raibh cabharthach air bith aca-
san.


L. Ec4:2


Uimesin do mhol mé na mairbh dochuaidh
dég cheana, nísa mhó ná an drong
atá béo fós.


L. Ec4:3


Achd is férr ná íad aráon an
té nach ttáinic fós, nach bhfacaidh an
droichgníomh donithear faói an ngréin.


L. Ec4:4


Do mheas mé arís gach uile sháothar,
agus gach uile obair cheart; gurab air a
shonso thnúthuighios duine rena chomhar-sain:
is díomhaóineas so fós, agus
buáidhreadh spioraide.


L. Ec4:5


Fillidh anóinmhid a lámha fá
chéile, agus ithidh a fheóil féin (ghá rádh)


L. Ec4:6


Is férr lán duirn le suáimhneas
ná an dá láimh lán lé sáothar agus le
buáidhreadh spioraide.


L. Ec4:7


Annsin diompoigh mé, agus dochonnairc
mé díomhaóineas faói an ngréin.


L. Ec4:8


Atá áon amháin ann, agus ni bhfuil
a leithéid eile; ni bhfuil fós leanabh nó
dearbhrathair aige: gidheadh ní bhí críoch air a
shaothar, agus ní sástar a shúil ré
saidhbhrios, ní mó adeir sé, cía dhá
bhfuilim ag sáothrughadh, agus dá seachnuim
manam ar mhaith? is díomhaóineas so
fós, agus is drochsháothar é.


L. Ec4:9


Is férr días nó duine, do bhrígh
go bhfuil luáigheacht mhaith aca ar son a
sáothair.


L. Ec4:10


Oír má thuitid síad, toigeobhuidh
an fear oile a chompánach; acht a
mhairg don té bhíos na áonar anuáir thui-tios
sé: óir ní bhí duine oile aige do
chungnamh a thógtha súas.


L. Ec4:11


Arís má luighionn días a bhfochair
a chéile, annsin biáid síad te: acht cionnus
fhédas duine na aonar a bheith te.


L. Ec4:12


Agus má bhuáidhionn áon na a-ghaidh,
seasfuid días leis; agus ní
furas córda fillte trí huáire do bhri-seadh.


L. Ec4:13


Is férr leanabh bocht agus crío-nna,
ná Rígh seannda amadánach, nach
gébha teagasg nísa mhó.


L. Ec4:14


Oír is as príosún thig seision
do ríoghadh: an té fós beirthior iona
rioghacht, fásuigh sé bocht.


L. Ec4:15


Do mheas mé anuile ní béo, noch
shiubhlus fan ngréin, ris an dara lea-nabh
sheasfas súas iona áit.


L. Ec4:16


Ní bhfuil críoch air an bpobal uile,
donuile dá raibh rompa: an mhéid fós
thiucfas na ndiáigh, ní dhénaid gáirdeachus
annsan: go deimhin fós is dío-mhaóinios
so agus buáidhreadh spi-oraide.



Caib. 5.


L. Ec5:1


Coinnimh do chos anuair ra-chus
tú go tigh Dé, agus gomadh
réidhe bhías tú do chluin-sion
ná do thabhairt íodhbhar-tha
na namadán uáit: óir ní mheasuid sí-ad
go ndénuid olc.


L. Ec5:2


Ná bhí obann le do bhél, agus ná
bíodh do chroidhe lúath do labhairt éinneithe
a lathair Dé: óir atá Día air neamh,
agus atá tusa air talamh: uimesin gomá
tearc do bhríathra.


L. Ec5:3


Oír thig aisling tre iomad na
ngnothuigheadh, agus aitheantar guth anamadáin
lé hiomad na mbríathar.


L. Ec5:4


Anuáir dobhérus tu móid do
Dhía, ná cuir cáirde air a díol: óir ní
bhfuil dúil aige annsna hamadánuibh;
íoc an ní do mhóidigh tú.


L. Ec5:5


Is férr dhuit gan móid do tha-bhairt,
ná móid do thabhairt agus gan
a comhall.


L. Ec5:6


Ná léig lé do bhéul a thabhairt ar
thfeóil peacughadh, agus na habair a lathair
anaingil, gurab earráid é: créd as a
mbeith fearg ar Dhía fá do ghlórsa, a-gus
obair do lámh do mhilleadh?


L. Ec5:7


Oír aniomad na naislingeadh, a-gus
aniomad na mbríathar, atá iomad
díomhaoinis: acht bíodh eagla Dé ortsa.


L. Ec5:8


Má chí tú fóirneart air an
mbocht, agus cláonadh éigiontach
breitheamhnuis agus ceirt a bproi-bhinnse,
ná bíodh iongnadh agad annsa
chúis: óir airighidh an té is áirde ná an
té is roáirde, agus atá ann ní is áir-de
ná íadsan.


L. Ec5:9


Tuilleamh oile, is fa choinne gach
aonduine atá tarbha na talmhan: doní
an machaire seirbhís don Rígh féin.


L. Ec5:10


An té ghrádhuighios airgiod, ní
sástar lé hairgiod é; nó an té
ghrádhuighios iomarcaigh, ré bi-seach:
is díomhaóineas so mar an
gcédna.


L. Ec5:11


Anuáir fhásas an mhaóin, fá-suigh
an lucht ithios é: agus cred é an
mhaith don tí ler leis íad, acht a bhfei-thiomh
amháin léna súilibh?


L. Ec5:12


Is milis codladh an tsáothruigh-the,
madh beag nó mór íosas sé: acht ní
léigionn aniomadamhlacht don tsaidhbhir
codladh.


L. Ec5:13


Atá olc romhór dochonnairc mé
faói an ngréin, saidhbhris dá thaisgidh
don droing ler leis é, chum a ndochair
féin.


L. Ec5:14


Acht imthighe an saidhbhrios sin
seachad le drochsháothrughadh: agus gi-nidh
seision mac, agus ní bhíonn éinní iona
láimh.


L. Ec5:15


Mar tháinic sé amach as broinn
a mhathar, fillfidh sé tárrnochd, dim-theacht
mar tháinic sé, agus ní bhéra sé
éinni dha sháothar dobhéradh sé leis iona
láimh.


L. Ec5:16


Agus is gér an tolcsa mar
an gcédna, air an modh cédna a ttáinic
sé, go nimtheocha sé amhluigh: agus
cred é an socar atá ag an té do
sháothruigh ní don ghaóith.


L. Ec5:17


Ar feadh a uile láetheadh ithidh sé a
ndorchadas, agus bí sé lán do dhóbrón,
agus dfeirg réna easláinte.


L. Ec5:18


Féuch an ní sin dochonnairc misi:
is maith agus is breádha do dhuine ithe, a-gus
ól, agus sólásughadh a maith a sháo-thoir
uile, noch ghlacas sé faói an ngréin,
air feadh uile láethe a sháoghail, noch dobheir
Día dhó: óir isé sin a chuid ronna.


L. Ec5:19


Gach uile dhuine fós da ttug
Día saidhbhrios agus maóin, agus dá
ttug sé cumhachta ithe dhe agus a comh-roinn
do ghlacadh, agus sólásughadh ann a
sháothar: sé so tiodhlacadh Dé.


L. Ec5:20


Oír ní mór chuimhneochus sé láe-the
a sháoghail: do bhrígh gur fhreagair
Día é a sólás a chroidhe.



Caib.6.


L. Ec6:1


Atá olc dochonnairc mé faói an
ngréin, agus is coitchionn a
measg na ndaóine é.


L. Ec6:2


Duine dha ttug Día
saidhbhrios, maóin, agus o-nóir,
iondus nach bí éinní deasbhuidh air dha
anam donuile ní budh mían leis: gidheadh
ní bheir Día cumhachta dhó ithe dhe sin, acht
ithidh coimhthigheach é: is díomhaóineas so,
agus is olc aneasláinte í.


L. Ec6:3


Má gheinion duine céud do chloinn,
agus go mairfidh mórán blíadhan, ionnus
go mbéid láethe a bhliadhan iomadamh-uil,
agus nach líontar a anam do mhaith,
agus fós nach bhfuighe sé adhlacadh, adeirim,
gur feárr gin nach ttig a hion-bhuidh
ná é.


L. Ec6:4


Oír thig seision asteach lé dío-mhaóineas,
agus imthigh sé a ndorcha-das,
agus foileochthar a ainm lé dor-chacht.


L. Ec6:5


Tuilleamh fós, ní fhaca sé an ghrí-an,
agus ní raibh éolus aige: is mó
an socamhal atá aigesion ná aige súd
oile.


L. Ec6:6


Má mhairionn sé fós míle blíadhan
fa dhó, thairis sin ní fhaca sé
maith ar bith: nach ttíaghaid uile anáonbhall?


L. Ec6:7


Is chum a bhéil bhíos uile sháothar
an duine: acht cheana ní coiscthear a
ainmhían.


L. Ec6:8


Oír cred atá ag an duine
ghlic nísa mhó ná atá ag ama-dán?
cred atá ag an mbocht do
fheidir siubhal as coinne na mbéo?


L. Ec6:9


Is féarr radharc na súl ná sea-chrán
na toile: is díomhaóineas so
mar an gcédna, agus buáidhreadh spio-raide.


L. Ec6:10


An ní dobhí ann, do hainmnigheadh
sin cheana, agus is fiosach gurbé an
duine é: agus ní fhédann imreasan ris an
té is neartmhuire ná é.


L. Ec6:11


O atáid mórán do neithibh mhé-duighios
díomhaóineas, cred an maith atá
ag an nduine ann?


L. Ec6:12


Oír cía dhar fios cred is
maith don duine san tsáoghalso, a
láethibh a bheatha díomhaóine uile noch
chaithios amhuil sgáile? óir cía fhé-das
a innisin do dhuine cred bhías na
dhiáigh faói an ngréin.



Caib.7.


L. Ec7:1


Is férr ainm maith ná ola
mhórluáigh: agus lá an bháis
ná ló an bheirthe.


L. Ec7:2


Is férr dul go tigh an
doilghis ná dul go tigh anfésta:
óir isé sin críoch dheighionach
gach áonduine, agus cuirfidh an béo lena
chroidhe é.


L. Ec7:3


Is férr doilghios ná gáire: óir
le dubhachus na gnúisi donithear an croi-dhe
níis férr;


L. Ec7:4


Bí croidhe aneagnuigh a ttigh na
cumhadh: acht bíd croidhthe na namadán
a ttigh an tsubhachuis.


L. Ec7:5


Is férr éisteachd re hachmhusán aneagnuidh,
ná do dhuine éisteachd re habhrán
na namadán.


L. Ec7:6


Oír amhuil briosgarnach na ndos
faói phota, is mairsin bhíos gáire anama-dáin;
is díomhaoineas so mar an ccédna.


L. Ec7:7


Go deimhin cuiridh leathtrom duine
críonna ar buile, agus millidh tiodh-lacadh
an croidhe.


L. Ec7:8


Is férr críoch dheighionach neithe ná
a thosach: agus is férr an foighideach a
spioraid ná an tuaibhreach a spioraid.


L. Ec7:9


Ná bí deithniosach ann do
spioraid chum feirge: óir comh-nuighidh
anfearg a mbrollach ana-madáin.


L. Ec7:10


Ná habair, cred an fáth a rabha-dar
na láethe roimhe níis féarr
ná iadso? óir ni glic dhuit so dfía-fruighe.


L. Ec7:11


Is maith aneagna maille re hoigh-reacht:
agus bí a tharbha ag an mhéid
dochí an ghrían.


L. Ec7:12


Oír is sgáile aneagna, agus
is cumhdach an tairgiod, acht isé dear-scnughadh
anéoluis, go ttabhair aneagna
sáoghal don druing agá mbí
sí.


L. Ec7:13


Meas obair Dé; óir cía fhéa-das
sin do dhénamh díreach noch dorinne
seision cam.


L. Ec7:14


Bí lúathgháireach a ló do
shonuis, acht meas a ló do dhonuis:
do chuir Día féin so na agaidh súd,
ar chor nach bhfuigheadh duine aoinní na
dhiáigh.


L. Ec7:15


Dochonnairc mé na huile
neithe a laéthe mo dhíomhaóinis:
bí duine fíréanta thuitios iona ionnra-cas,
agus bí drochdhuine fhaduighios a
laéthe iona olc.


L. Ec7:16


Ná bí ceart go roiomarcach,
agus ná déana thú féin rochrí-onna:
cred as a millféa thú féin?


L. Ec7:17


Ná bí go roolc, agus na
bí amadánach: cred as a négfá roimhe
ham?


L. Ec7:18


Is maith dhuit greim do
bhreith airso, úadhso fós ná tarr-uing
do lámh; óir an té ar a mbí
eagla Dé, tiucfuidh sé asta amach
uile.


L. Ec7:19


Neartuigh an gliocus duine
críonna níis mhó ná deithneamhar do
dhaoinibh cumhachtacha atá annsa
chathruigh.


L. Ec7:20


Oír ní bhfuil duine fírénta air
an ttalamh doní maith agus nach bpea-cuighionn?


L. Ec7:21


Ná tabhair aire fós do gach
áonfhocal dá laibheorthar; deagla
go ccluinféa do shearbhfhoghantuighe dot
mhallughadh.


L. Ec7:22


Oír is minic fós bhíos a
fhios ag do chroidhe, gur mhall-uigh
tú féin amhluidhsin, daóine
oile.


L. Ec7:23


Lé heagna do dhearbh mé so uile;
adubhairt mé, biáidh mé glic, acht dob fha-da
sin uáim;


L. Ec7:24


An ní sin atá rofhada uáim,
atá rodhomhuin, cia fhéadus a thuic-sin?


L. Ec7:25


Thug mé mo chroidhe dfagháil
éoluis, agus do spíonadh agus dí-arruidh
eagna agus réusuin (neitheadh)
agus dfios urchoide na leimhe, eadhon na
hamadánachda agus na buile.


L. Ec7:26


Agus dogheibhim ní is
seirbhe ná an bás, an bhean ag ar
paintéir agus líonta a croidhe,
a lámh amhuil géibhionn; gidhbé doní
toil Dé, rachaidh sé as uáithe, acht gébh-thar
an peacach lé.


L. Ec7:27


Féuch, fuáir mé so (ar an
seanmontuigh) ag meas gach aóin-neithe
a ndiáigh a chéile dfagháil fheasa na
céille amach:


L. Ec7:28


Noch atá manam díarruidh fós,
acht ní fhaghaim é: fuáir mé aóin-
fhear a measg mhíle, acht bean na measg
sin uile ní bhfuáir mé.


L. Ec7:29


Féuch, ag so amháin fuáir mé,
go ndérnuidh Día an duine fíréanta:
acht díarradar féin iomad smuáintigh-the
amach.



Caib.8.


L. Ec8:1


Ciá atá mar aneagnuidhe, a-gus
cía dhar fios cíall nei-the?
dobheir eagna an duine
air a ghnúis déllrughadh, agus
áthrochar dánacht a aighthe.


L. Ec8:2


Comhairlighim dhuit aithne an Rígh do
choimhéd, agus sin ar son mionna Dé.


L. Ec8:3


Ná bhíodh deithfir ort do dhul as a
radharc: ná seas a ndroichní, óir doní
seision an ní is áill leis féin.


L. Ec8:4


Mar a mbí focal an Rígh, bí cu-mhacht:
agus cía fhédas a rádh ris,
cred é sin doní tú?


L. Ec8:5


Gidhbé choimhlíonas anaithne, ní
mhothochuidh sé dhroichní ar bith: agus bí
fios aimsire agus breitheamhnuis ag
croidhe an duine ghlic.


L. Ec8:6


Do bhrígh go bhfuil ag gach uile
thionnsgnamh am agus breitheamhnus; uime
sin is trom trúaighmhéile an duine air
féin.


L. Ec8:7


Oír ní fheidir sé an ní bhías ann:
óir cía fhédas a innisin dó ca huáir bhías
sé ann?


L. Ec8:8


Ní bhfuil duine ar bith agá bhfuil
cumacht air an spioraid chum a spio-raide
dfostogh; ní mó atá cumhacht
aige a ló an bháis, agus ní bhfuil dea-ghailt
(aige) ansa ccogadh sin, ní mó
sháorfas an tolc an drong dobheir íad
féin dó.


L. Ec8:9


Dochonairc mé so le chéile, agus
thug mé mo chroidhe donuile obair doní-thear
faói an ngréin: bí úair ann a ría-glann
duine ós cionn aroile chum a dho-chair
féin.


L. Ec8:10


Agus is mairsin dochonnairc mé
na drochdhaóine dá nadhlachadh, noch do
thigeadh, agus dimthigheadh ó áit an náoimh,
agus do dearmadadh annsa chathruidh íad
iona ndérnadar sin: is díomhaóineas so
mar an ccédna.


L. Ec8:11


Do bhrígh nach ccuirthear brei-theamhnus
(anaghaidh) dhroichghníomha a
gcrích ar ball: uime sin bíd croidhthe
chloinne na ndaóine ar lasadh chum uilc
do dhénamh.


L. Ec8:12


Dá mbeith go ndéanadh pea-cach
olc céud uáir, agus go bhfai-deochuidh
a láethe: gidheadh go
deimhin atá fhios agam go mbeithi-or
go maith ag an ndruing eagluighi-os
Día, noch air a mbí eagla dá la-thair.


L. Ec8:13


Acht ní bheithior go maith ag
an ndrochdhuine, ní mó fhaideochus sé a
láethe; biaidh sé amhuil scáile,
do bhrígh nach eagluighionn sé roimhe
Dhía.


L. Ec8:14


Bídh díomhaóineas noch donithear
air an ttalamh, go mbíd
daóine fíréanta dá tteagmhann
do réir oibreach na cciontach: arís
bíd cionntuigh da tteagmhann
do réir oibhreach na bhfíréun: adubhairt
mé gur díomhaóineas so
mar an ccédna.


L. Ec8:15


Annsin do mhol mé an subha-chas,
do bhrígh nach bhfuil ní is
féarr ag an nduine faói an ghréin,
ná ithe agus ól, agus beith su-bhach:
óir fanfuidh sin aige do sháo-thar
láethe a bheatha, noch dobheir dí a dhó
faói an ngréin.


L. Ec8:16


Anuáir thug mé mo chroidhe
déolus na heagna, agus dfaicsin an
ghnothuighe donithear ar talamh: bhíodh
nach bhfaicionn duine codladh léna shúi-libh
lá nó oidhche:


L. Ec8:17


Annsin dféuch mé air obair
Dé uile, nach bhféadann duine ano-bair
donithear faói an ngréin
dfagháil amach; do bhrígh bíodh
go ttiubhradh duine a dhithchioll
air a fhagháil amach, tuilleamh fós bí-odh
go saoilfeadh duine críonna anéolus
sin dfagháil, thairis sin ní bhía
ar chumas a fhagháil.



Caib.9.


L. Ec9:1


Thairis so, do chuir mé ro-mham
an mo chroidhe so uile
dfoillsiughadh, go bhuil an
fíréun, agus an teagnuidhe,
agus a noibreacha a láimh Dé; ní feas
do dhuine ar bith grádh no fúath, re gach
ní dá bhfuil rompa.


L. Ec9:2


Is ionann (thig) gach uile ní donuile
dhuine; is ionann críoch donfíréun
agus don chiontach; don mhaith agus
don ghlan, agus don neamhghlan: don tí
íodhbhras, agus don tí nach íodhbrann:
mar bhíos an duine maith, marsin bhíos an
peacach; agus an té mhionnuighios, mar
an té eagluighios mionna.


L. Ec9:3


Is olc so a measg na huile neithe
dá ndéntar faói an ngréin, go bhfuil
aóinchinneamhuin aca uile: atá fós croidhe
chloinne na ndaóine lán dolc, agus do
bhuile iona ccroidhe an fad mhairfid
síad, agus na dhiáighsin tíaghaid chum
na marbh.


L. Ec9:4


Oír atá dóthchus ag an tí atá
ceangailte ris anuile bhéo; óir is
férr madradh béo ná leomhan marbh.


L. Ec9:5


Oír atá a fhios aig na béodhuibh
go négfuid síad: acht ní bhí fios neithe
ar bith ag na mairbh; ní mó atá luáigh-eacht
ar bith aca nísa mhó; óir dearma-dadh
a ccuimhne.


L. Ec9:6


Atá fós a ngrádh, agus a bhfúath, a-gus
a ttnúth anois caillte; ní mó
bhías aca go bráth arís cuid daóinní
dá ndéntar faói an ngréin.


L. Ec9:7


Imthigh romhad, ith harán maille
re sólás, agus ibh thfíon le croidhe
súgach; óir gabhuidh Día anois hoib-reacha.


L. Ec9:8


Bíodh hédach a ccomhnuidhe geal,
agus ná bíodh easbhuidh uinnemeinte air do
cheann.


L. Ec9:9


Tabhair do bheatha a ttír go gáir-deach
a bhfochair do mhná air a mbí grádh agad,
air feadh uile láethe sháoghail do dhíomhaói-nis,
noch thug (Día) dhuit faói an
ngréin uile láethe do dhíomhaóinis: óir
isí sin do chuid annsa tsháoghalso, a-gus
ann do sháothar dogheibh tú faói
an ngréin.


L. Ec9:10


Gidhbé ní gheabhas do lámh ré a
dhénamh, dén é red dhithchioll; óir ní bhfuil
obair, nó tionnsgnamh, nó éolus, nó eag-na
annsanuáigh mar a racha tú.


L. Ec9:11


Dfill mé, agus dochonnairc mé
faói an ngréin, nach don lúath atá an
choimhling, nó an cath don neartmhar, nó
fós an tarán doneagnuidh, nó fós saidh-bhrios
do na daóinibh tuigsionacha, nó
fós fabhar do lucht an ghliocuis, acht
go tteagmhann am agus cinneamhuin dóibh
uile.


L. Ec9:12


Oír ní fios don duine fós a
am féin, do nós na níasg gabhthar a
ndroichlíon, agus amhuil na heóin gabh-thar
san phaintér: mairsin bhíd clann na
ndaóine gabhtha a ndrocham, anuair
thuitios sé go hobann orra.


L. Ec9:13


Dochonnairc mé fós an chríonnacht-
sa faoi an ngréin, agus is mór
dhamh í.


L. Ec9:14


(Dobhí) cathair bheag, agus
beagán daoine innte; agus tháinic
Rígh mór na hagaidh, agus do shuigh
sé na timchioll, agus do chuir sé dain-gneacha
móra súas na haghaidh.


L. Ec9:15


Anois dofríth innte duine bocht
eagnuidhe, agus do thárthaigh sé an cha-thair
lena eagna; gidheadh níor chuimhnigh
áonduine an duine bochtsin.


L. Ec9:16


Annsin adubhairt misi, is
férr eagna ná neart: thairis sin tar-cuisnighthior
eagna an duine bhoicht, a-gus
ní héistior a bhríathra.


L. Ec9:17


Eístior bríathra na ndaóine
nglic a gcíunas, nísa mhó ná comhairc
an té ríaghlus a measc amadán.


L. Ec9:18


Is férr críonnachd ná airm co-gaidh:
acht millidh aóinpheacach amháin
mórán maitheasa.



Caib.10.


L. Ec10:1


Dobheirid cuile air ola an pho-tecari
drochbhaladh do chur
amach: mairsin doní beagán
leimhe an té air a mbí meas
gliocuis, agus onóra.


L. Ec10:2


Bí croidhe an duine ghlic air a
láimh dheis, acht bí croidhe anama-dáin
air a láimh chlé.


L. Ec10:3


Anuair fós shiubhluighios an té
bhíos na óinmhid annsa tslighe, cailligh
a eagna air, agus adeir sé ré gach
áon, gurab amadán é.


L. Ec10:4


Má éirghionn spiorad anúach-taráin
ad aghaidh, ná fág háit; óir
cíunuigh umhla cionta móra.


L. Ec10:5


Atá olc dochonnairc mé faói an
ngréin, amhuil seachrán thig ónúach-tarán.


L. Ec10:6


Cuirthear an leimhe anárrach-tas
mhór, agus suighid na saidhbre anáit
ísil.


L. Ec10:7


Dochonnairc mé seirbhísigh air
eachaibh, agus prionnsadha amhuil seirbhi-sigh
ag siubhal air an ttalamh.


L. Ec10:8


An té thochlas poll, tuitfidh sé
féin ann: agus gidhbé bhrisios fál,
goirteochuidh naithir nimhe é.


L. Ec10:9


Gidhbé áthruighios clocha, goir-teochthar
léo é: agus biáidh an té scoil-tios
connadh, a nguáis leis.


L. Ec10:10


Má bhíonn an tíarann máol, agus
nach géireochuidh sé an fáobhar, caithfidh
sé tuille neirt do chur leis: acht is
tarbhach aneagna chum tréoruighthe.


L. Ec10:11


Go deimhin goirteochuidh a nai-thir
nimhe gan droigheacht; agus ní férr
an síorchainteach.


L. Ec10:12


Bíd bríathra bhéil an duine
ghlic grásamhuil, acht sluigfid puisíne
anamadáin é féin súas.


L. Ec10:13


Is amadánacht tosach bhríathar
a bhéil, agus is buile urchóideach críoch
a chainte.


L. Ec10:14


Bí an tamadán fós lán do
bhríathruibh: ní fheidir duine cred bhías
ann; agus cía fédas innisin cred bhías
na dhiáigh?


L. Ec10:15


Tuirsigh sáothar na namadán
gach áon aca fa leith, do bhrígh nach
éol dó dul don chathruigh.


L. Ec10:16


A mhairg dhuit, a thír, anuair is
leanabh do Rígh, agus ithid do phrionnsuidhe
bíadh ar maidin.


L. Ec10:17


Is sona thusa, a thír, anuair
bhus mac na nuasal do Rígh, agus ioth-uid
do phrionnsuidhe iona am féin, chum
neirt, agus ní chum meisge.


L. Ec10:18


Le hiomad leisge tuitidh an
foirgneadh: agus tré dhíomhaóineas na
lámh silidh an tigh thríd.


L. Ec10:19


Doníthear féusta chum sugar-tha,
agus doní an fíon duine súgach:
agus freagraidh an tairgiod na huile
neithe.


L. Ec10:20


Ná malluigh an Rígh, ní headh
ná déna ann hinntinn, agus ná malluigh
an saidhbhir ann do sheomra leaptha: óir
iomchóruigh éun anaiéir do ghlór, agus
an ní ar a bhfuilid sciatháin inneosuidh
sé an chúis.



Caib.11.


L. Ec11:1


Teilg harán air na huisgeadhuibh;
óir dogheabha tú é tar éis
mhóráin do láethibh.


L. Ec11:2


Tabhair cuid ronna do
mhóirsheisior, agus mar an ccédna
dochtar: óir níor fheadair tú cred an
tolc bhías air an ttalamh.


L. Ec11:3


Má bhíd na néulla lán dfearthuinn,
folmhuighid íad féin air an ttalamh: a-gus
má thuitionn an crann budh dheas nó
budh thuáidh; annsanáit a ttuitfidh an
crann, is ann bhías sé.


L. Ec11:4


An té ghéillios don ghaóith, ní
shíolchuirfidh sé: agus an té bhéras aire
do na néulluibh, ní bhainfe sé.


L. Ec11:5


Mar nach bhfeadair tú cred é
slighe na spioraide, nó cionnus fhásuid
na cnámha a mbroinn na mná bhíos tor-rach:
marsin nach bhfeadair tú oibreacha
Dé, noch doní anuile ní.


L. Ec11:6


Cuir do shíol ar maidin, agus
ná fill do lámh tráthnóna: óir níor
fheadair tú cia bhéras biseach, so ná súd,
nó an mbéid aráon comhmaith ré chéile.


L. Ec11:7


Go deimhin is milis an solus, a-gus
is ní solásach do na súilibh an
ghrían dfeithiom.


L. Ec11:8


Acht má mhairionn duine iomad blíadh-an,
agus gáirdiughadh ionnta uile; thairis
sin cuimhnigheadh sé láethe an dorchadais;
óir budh iomadamhuil íad: is díomhaóineas
anuile ní dá ttig.


L. Ec11:9


Gáirdigh, a dhuine óig, ann hóige,
agus cuireadh do chroidhe súgacas ort a láe-thibh
hóige, agus siubhail a slighthibh do
chroidhe, agus a radharc do shúl: acht
bíodh a fhios agad ar son na neithionnso
uile go ttiubhraidh Día chum breitheamhnus
thú.


L. Ec11:10


Ar anadhbharsin díbir dóbrón
as do chroidhe, agus cuir uáit olc as
thfeóil: óir is díomhaóineas leanbuigheacht
agus óige.



Caib.12.


L. Ec12:1


Cuimhnigh anois do chruthaigh-theóir
a láethibh hóige, suil
thiocfuid na drochláethe, nó
dhruidfid na bhlíadhna riot anaibeora
tú, ni bhfuil sólás air bith agam
iontadh.


L. Ec12:2


An fad nach bía an ghrían, nó an
solus, nó an ghealach nó na réulta
dorchaidhthe, nó nach bhfillid na néulla
tar éis fearthanna:


L. Ec12:3


Annsa ló a ccriothnochuid coi-mhéduighthe
an tighe, agus a ccláonfuid
na daóine láidre íad féin, agus a
scuirfid na meillteóirigh, do bhrígh go
bhfuilid tearc, agus an drong fhéuchas
amach annsna fuinnéogaibh go mbíd dor-chaidhthe,


L. Ec12:4


Agus go ndruidfighthear na doir-si
annsna sráidibh, anuáir bhios fuáim
na meilte ísiol, agus go néireocha
sé súas le guth anéin, agus go ttiu-bharthar
uile ingheana an cheóil go hísiol;


L. Ec12:5


Anuáir fós bhías eagla orra ó
ní árd, agus ó chritheagal annsa tslighe,
agus bhláitheochus an crann almonda, a-gus
gomadh húalach an dréollán teas-bhuidh,
agus fhailleochus an fonn: do bhrígh
go ttéid an duine go háit a sháoghail,
agus go ttéid na cumhthuigh timchioll na
sráideann.


L. Ec12:6


Nó suil sgaóilfidhthear an córda
airgid, nó brisfighthior an bulla órdha,
nó bhías an meadar bhriste ag an tto-bar,
nó an rotha briste ag an ttiubruid.


L. Ec12:7


Annsin fillfidh an luáithreadh cum na
críadh mar dobhí sé: agus fillfidh an
spiorad chum Dé, noch thug úadh é.


L. Ec12:8


Díomhaóineas na ndíomhaóineas
(ar an seanmóntuigh): is díomhaóineas
anuile ní.


L. Ec12:9


Agus tuilleamh fós do bhrígh go
raibh an seanmóntuigh glic, do mhúin sé
éolus do ghnáth don phobal; thug sé fós
aire mhaith, agus do spíon sé amach, a-gus
go chuir móran seanfhocal anór-dughadh.


L. Ec12:10


Do thairg an seanmóntuighe bría-athra
toghtha dfagháil amach, agus an
ní do scríobhadh dobhí sé díreach, bría-thra
na fírinne.


L. Ec12:11


Atáid bríathra aneagnuidh a-mhuil
cleatha, agus amhuil tairngidh arna
ndaingniughadh ré maighistribh na noi-reachtas,
noch dobeirthior ó áon tréd-uighe
amháin.


L. Ec12:12


Agus tuilliomh, a mhic, maille
riú so gabh múnadh: ní bhí chríoch
air iomad leabhar do dhénamh, agus is
cuirthe donfeóil iomad an stuidéir.


L. Ec12:13


Cluinmíd críoch na cúise uile:
eagluigh Día, agus coimhéd a aithean-tha:
óir sé so iomlán an duine.


L. Ec12:14


Oír dobhéruidh Día gach uile
obair chum breitheamhnuis maille re gach uile
ní secréideach, mas maith, nó mas
olc é.


L. Cs



CAINTIC SHOLAIMH.



Caib.1.


L. Cs1:1


Caintic na ccainticeadh, noch
is lé Solamh.


L. Cs1:2


Pógadh sé misi lé
póguibh a bhéil: óir is
férr do grádh ná fíon.


L. Cs1:3


Do bhrígh deaghbholuidh huinnimeinte
maithe, is cosmhuil hainm ré ola dóirte
amach; uimesin grádhuighid na maighdio-na
thú.


L. Cs1:4


Tarruing misi, riothfam ad
dhiáigh; thug an Rígh dhá sheomradhuibh
mé; biáidh lúathgháire oruinn, agus dodhénam
gáirdeachus ionnadsa, agus cuimh-neochum
do ghrádh nísa mhó ná fíon: is
ionmhuin leis an bhfírén thú.


L. Cs1:5


Atáimse dubh, acht (atáim)
sgíamhach, ó a ingheana Ierusalem: amhuil
páillíun cédair, amhuil cúirtíne Shol-uimh.


L. Cs1:6


Ná féuchuidh orumsa, do bhrígh go
bhfuilim dubh, do chionn gur fhéuch an ghrían
orum: dobhádar clann mo mhathar fear-gach
riom, dorinneadar coimhéduigh a lubh-ghoirt
fhíneamhna dhíomsa, (acht) níor
choimhéd mé mfíneamhuin féin.


L. Cs1:7


Innis damh, thusa air a bhfuil grádh
ag manam, cáit a ninghiltinn tú, cá
háit a suáimhnighionn tú do thréd san
meadhón laói: óir cred as a mbéinnsi
mar áon diompochadh do leathtaóibh láimh
ré tréduibh do chompánach.


L. Cs1:8


Muna bhfeidirse, ó thusa is scíamh-cha
a measg na mban, imthigh romhad amach
lé coiscéimibh an tréda, agus beathaidh
do mheannáin a bhfochair pháillíun na náodhair-eadh.


L. Cs1:9


Do choimhmeas mé thú, a ghrádh, ré
cuideachtuin mharcach a ccarbaduibh Phá-rao.


L. Cs1:10


Is breághdha do ghruáidhe lé
peirsibh séud, do mhuinél lé slabhradhuibh
óir.


L. Cs1:11


Dodhénamne imle óir dhuit mail-le
lé fulangaibh airgid.


L. Cs1:12


An feadh bhías an Rígh na shuighe
air a bhórd, cuiridh mo spiocnard a bho-ladh
úadha.


L. Cs1:13


Is ceanglachán Mirr dhamhsa mo
ghrádh; luighfidh sé air feadh na hoidhche
idir mo chíochuibh.


L. Cs1:14


Atá mo ghrádh dhamhsa amhail
tríopall camphir a bhfíneamhuin Engedi.


L. Cs1:15


Féuch, atá tú scíamhach, a ghrádh,
féach, atá tú scíamhach, atáid súile
coluim agad.


L. Cs1:16


Féuch, atá tú breágha, a ghrádh,
agus taitneamhach: atá fós ar leabuidh
glas.


L. Cs1:17


Is cedair gabhla ar ttighe, agus
is do ghiumhas ar ttáobháin.



Caib.2.


L. Cs2:1


Is misi rósa Sháron, agus
lile na ngleann.


L. Cs2:2


Mar bhíos an lile a
measg na ndosán, is mairsin
bhíos mo ghrádhsa a measg na ninghean.


L. Cs2:3


Mar bhíos anabhall a measg
chrann na coilleadh, mairsin bhíos mo ghrádh-
sa a measg na mac. Do shuigh mé síos
fana scáth maille ré dúil mhóir; agus
dobudh milis a thoradh domh charbad.


L. Cs2:4


Rug sé go tigh na fleidhe mé, a-gus
ba hí a bhratach a ghrádh dhamhsa.


L. Cs2:5


Connaimh mé ré flagúnaibh, comh-fhurtaigh
ré hubhalluibh mé; óir atáim
tinn tré ghrádh.


L. Cs2:6


Atá a lámh fám chionn, agus
teannaidh a lámh dheas ris mé.


L. Cs2:7


Aithnighim dhíbh, a ingheana Ierusa-lem,
maille ré pocaibh agus ré hei-litibh
an mhachaire, gan mo ghrádh do chor-rughadh
súas nó do mhúsgladh, nó go
ttogra sé féin.


L. Cs2:8


Guth mo ghrádhuigh, féuch atá sé
ag teacht a léimnigh ar na sléibhtibh, ag
tuslógadh ar na cnocaibh.


L. Cs2:9


Is cosmhuil mo ghrádh ré poc,
no ré cáirrfhíadh óg: féuch, seasuigh sé
táobh shíar dar mballaine, féuchuidh sé
amach air fhuinneóig, dhá thaisbeanadh féin
thríd an laitís.


L. Cs2:10


Do labhair mo ghrádh, agus adu-bhairt
sé riom; éirigh súas a ghrádh, mo
áon breádha, agus tárr liomsa.


L. Cs2:11


Oír féuch, dochuáidh an geimhreadh
thoruinn, atá anfearthuinn thoruinn, agus
ar nimtheacht.


L. Cs2:12


Taisbeanuid na blátha air an tta-lamh,
tháinig aimsir ceóil na néun, agus
do chlos guth anfearáin ionar ttír-
ne.


L. Cs2:13


Cuiridh an crann fíge a fhígeadha
úra amach, agus na fíneamhna maille
ris an ccaóir mbig ag tabhairt bholaidh
maith úatha: éirigh, a ghrádh, mo áon
breágha, agus tárr uáit.


L. Cs2:14


O mo cholum atá a scoiltibh
na cairge, anáitibh secréideacha na
staighreadha, faicim do ghnúis, cluinim
do ghuth; óir is binn do ghuth, agus
is breágha do ghnúis.


L. Cs2:15


Gabh dhúinn na sionnuigh, na sionn-uigh
bheaga mhillios na fíneamhna: óir a-táid
cáora beaga air ar bhfíneamhuin.


L. Cs2:16


Is liomsa mo ghrádh, agus is
leis mé: doní sé inghilt a measg na lileadh.


L. Cs2:17


Nó go néirghidh an lá, agus
go nimthigh an scáile: fill a ghrádh,
bíse amhuil poc, nó mar cháirr-fhíadh
óg, ar shléibhtibh Béter.



Caib.3.


L. Cs3:1


Ansanoidhche air mo leabuidh
díarr mé an té ghrádhuighios
manam; díarr mé, acht ní
bhfuaras é.


L. Cs3:2


Eireocad anois, agus
racha mé fagcuáirt na caithreach annsna
sráidibh, agus annsna slighthibh fairsion-ga
íarrfa mé an té air a bhfuil grádh
manma: díarrus é, acht ní bhfuair mé é.


L. Cs3:3


Fuaradar an lucht faire dobhí
timchioll na caithreach mé, ris an dubhairt
mé, an bhfacamhair an té air a bhfuil grádh
manma?


L. Cs3:4


Is goirid dochuáidh mé úatha anúair
fuáir mé an té ghrádhuighios manam:
do chonnuimh mé é, agus níor léig mé dhó
imtheacht, nó go ttugas go tigh mo mha-thar
é, agus go seomra na mná do ghabh
a mbroinn mé.


L. Cs3:5


Cuirim dfíachaibh oruibh, a inghea-na
Ierusalem, tre phocaibh agus tre
eilitibh an mhachaire, gan mo ghrádh do chor-rughadh
súas, nó a mhúsgladh, nó gomadh
toil leis féin.


L. Cs3:6


Cía hé so thig as an bhfás ach
amhuil pileuruibh deatuighe, deaghbholaidh le
Mirr agus lé túis, lé huile phúdar an
cheannuighthe.


L. Cs3:7


Féuch a leabuidh noch is lé Solamh:
atáid trí fithchid fear cródha na thim-chioll
do churadhuibh Israel.


L. Cs3:8


Atáid cloidhmhthe aca uile, éolach
a ccogadh: atá a chloidhiomh aig gach áon-
duine air a shlíasuid tre eagla san noidhche.


L. Cs3:9


Dorinne an Rígh Solamh dhó féin
carbad dfíodhbhuidh Lebanon.


L. Cs3:10


Dorinne sé a philéirsin dairgi-od,
a íochtar dór, a fholach do phurpair,
a lár arna phábáil le grádh ar son ingh-eana
Ierusalem.


L. Cs3:11


Eírghidhe amach, a ingheana Sión, a-gus
féuchaidh air an Rígh Solamh gona
coróin ler choróinigh a mhathair é a ló a
dhála, agus a ló gháirdeachuis a chroidhe.



Caib.4.


L. Cs4:1


Feúch atá tú sgíamhach, a
ghrádh, féuch atá tú breágha,
atáid súile coluim agad,
ann do chíabhuibh: atá do
ghrúag amhuil tréud gabhar, noch docíthior
ó shlíabh Gílead.


L. Cs4:2


Is cosmhuil thfíacla ré tréud cáo-rach,
bérrtha, anúair thigid aníos óna
nighe: a mbeirionn gach áon díobh cúpla,
agus nach bí áon cháora sheisg na measg.


L. Cs4:3


Is cosmhuil do phuisíne ré snái-the
scairléid, agus is deaghmhaiseach do
chomhrádh: is cosmhuil do chamóga ara
ré píosa pomgranaid astigh ann do
chíabhuibh.


L. Cs4:4


Is cosmhuil do mhuineal ré tor
Dháibhi do cuireadh súas don narmáil,
air a mbí míle buicléir crochta, sgíatha
dhaóine neartmhara uile.


L. Cs4:5


Is cosmhuil do dhá chích ré dhá
phoc óga, atá na ccúpla, noch doní
inghilt a measg na lileadh.


L. Cs4:6


No go néirghionn an lá, agus
go tteithid na scáileadha rompa, ra-cha
misi go sléibhtibh an Mhirr, agus
go cnoc na túise.


L. Cs4:7


Atá tú uile breágha a ghrádh,
ní bhfuil cáidhe ar bith ionnad.


L. Cs4:8


Tárr liom as Lebanon, a bhainchéile,
liomsa as Lebanon: féuch ó mhullach
Anána, ó mhullach Shenir, agus
Hermon, ó úamhuibh na leomhan, ó shléibh-tibh
na leopard.


L. Cs4:9


Déignidh tú mo chroidhe a dheir-bhshíur,
a bhainchéile; déignidh tú mo
chroidhe le háon dot shúilibh, le háon
tslabhra dot mhuinéul.


L. Cs4:10


Cred é breághachd do ghrádha, a
dheirbhshíur, a bhainchéile; ciod a mhéid
is feárr do ghrádh ná fíon, agus bo-ladh
huinmeinte ná anuile spíos-radh.


L. Cs4:11


Silid do puisíne, a bhainchéile,
amhuil criathar meala: atá mil agus
bainne faói do theangaidh, agus boladh
héduigh mar bholadh Lebanon.


L. Cs4:12


Is gáirdín arna íadhadh mo
dheirbhshiúr, mo bhainchéile, tobar arna
dhrud súas, tiobruid arna séladh.


L. Cs4:13


Is ubhallghort pomgranat do
phlannduighe, le tórthuibh millse, cípres
maille re spiocnard.


L. Cs4:14


Spiocnard agus cróch, cala-mus,
agus cinamon maille ris anuile
chrann túise, Mirr, agus al-oes,
maille ris anuile spíosra togh-tha.


L. Cs4:15


Tobar na ngáirdíneadh, tobar
uisgeadh mbéo, agus srotha ó Leba-non.


L. Cs4:16


Múscail, a gháoth thuáigh, agus
tárrsa a gháoth aneas, séid air mo
gháirdín, chor go séideadh a spíosradh a-mach:
tigeadh mo ghrádh chum a gháirdín,
agus itheadh sé a thórtha taitneamhacha.



Caib.5.


L. Cs5:1


Atáim ar tteacht dom gháir-dín,
a dheirbhshíur, a bhain-chéile;
do chruinnigh mé mo
Mhirr, agus mo spíosradh;
a duáidh mé mo chríathair mea-la
maille re mo mhil, dibh mé mfíon lem
bhainne: ithidh, a cháirde, ibhidh, ibhidh fós
go lór, a áos grádha.


L. Cs5:2


Codluim acht músgluidh mo chroidhe;
sé guth mo ghrádhuigh bhuáilios, (gha
rádh) oscuil damhsa mo dheirbhshíur,
mo ghrádh, mo cholum, mo neamhthruáil-lighthe:
óir atá mo cheann líonta do
dhrúcht, agus mo chíabha le bráonuibh na
hoidhche.


L. Cs5:3


Do chuir mé mo chóta dhíom, cion-dus
chuirfead orum é? dionnail mé mó
chosa, ciondus shaileochus mé íad.


L. Cs5:4


Do chuir mo ghrádh a lámh asteach
a bpoll an doruis, agus do chorruighea-dar
minnighe ris.


L. Cs5:5


Déirigh mé súas dosgladh dom
ghrádh, agus do shiliodar mo láma le
Mirr, agus mo mhéir lé Mirr deaghbhol-uidh
ar bhacánuibh an ghlais.


L. Cs5:6


Dfosguil mé dom ghrádh, acht
do sheachuin mo ghrádh é féin, agus do
imthigh sé; do mhainnigh mo chroidhe anuáir
do labhair sé: diarr mé é, acht
ní bhfuáir mé é; do ghoir mé air, acht
ní thug sé feagra orum.


L. Cs5:7


Fuáir an lucht faire dochuáidh
fagcuáirt na caithreach mé, do bhuáileadar
mé, do loiteadar mé; rugadar luchd coi-mhédha
na mballadh folach mo chinn uáim.


L. Cs5:8


Cuirim dúalach oruibh, a ingheana
Ierusalem, má gheibhthí mo ghrádh, go
ninnistí dhó go bhfuilimse tinn lé grádh.


L. Cs5:9


Cred é thfear grádhsa nías mó
ná grádhach oile, ó thusa is breádh-gha
a measg na mban? cred é thfear
grádhsa nísa mhó ná grádhach oile,
as a ccureann tú an cúram sin or-uinne?


L. Cs5:10


Atá mo ghrádhsa geal agus
dearg, an té is fear bratuighe ar dheith
míle.


L. Cs5:11


Atá a cheann mar anór is finéul-ta,
atáid a chíabha casda, agus dubh
mar an bhfíach.


L. Cs5:12


Atáid a shúile mar shúilibh coluim
láimh ris na srothuibh uisge, arna níghe
le bainne, agus arna suigheadh go
ceart.


L. Cs5:13


Atáid a ghruaidhe mar leabuidh
spíosradh, mar bhláithibh deaghbholuigh: a
phuisiníghe amhuil lile ag silt mhirr dheagh-bholuidh.


L. Cs5:14


Atáid a lámha amhuil fáinighe
óir, arna ccur ar bheirill; atá a
bholg amhuil ibhorí loinnreach airna fholach
lé Saphiribh.


L. Cs5:15


Atáid a chosa amhuil piléir mar-muir
airna suigheadh air fhulangaibh dór
fhínealta; a ghnúis amhuil Lebanon, oir-dheirc
mar na cédair.


L. Cs5:16


Atá a bhéul romhilis, atá sé
fós thríd amach grádhach: isé so mo
ghrádhsa, agus isé so mo chara, ó a
ingheana Ierusalem.



Caib.6.


L. Cs6:1


Ca háit a ndeachaidh thfear grá-dha,
ó thusa a sgíamhcha
a measg na mban? cáit ar
imthigh do ghrádh a leathtáoibh?
chor go níarrfamaois é maille riot.


L. Cs6:2


Dochuáidh mo ghrádhsa síos dá
gháirdín, go leabhudh na spíosradh din-ghilt
annsna gáirdínibh, agus do chrui-nniughadh
lile.


L. Cs6:3


Is le mo grádh misi, agus is
liomsa mo ghrádh; atá sé dhá bhíathadh a
measg na lileadh.


L. Cs6:4


Atá tú sgíamhach ó mo ghrádh, a-mhail
Tirsah, deaghmhaiseach amhuil Ieru-salem:
úathbhasach amhuil slúagh go
mbratachaibh.


L. Cs6:5


Iompoigh do shúil uáim, óir do
sháruigheadar mé: atá do ghrúag a-mhuil
speil ghabhar ag teachd ó Ghíl-ead.


L. Cs6:6


Atáid thfíacla amhuil tréud cáo-rach,
noch téid súas óna níghe, agá
mbeirionn gach áon díobh cúpla, agus
nach bí áon seasg eatorra.


L. Cs6:7


Atáid do chamoga ara amhuil
píosa do phomgranat táobh astigh
dot chíabhuibh.


L. Cs6:8


Atá annsin trí fithchid bainrío-ghan,
agus ceithre fithchid leannán, a-gus
maighdiona gan áireamh.


L. Cs6:9


Mo cholum, mo neamhthruaillighthe,
is áon amháin í; isí inghean a ma-thar
í, isí aon toghtha an tí rug í:
dochoncadar na hingheana í, agus do
bheannuigheadar í; do mhol fós na bain-ríoghna,
agus na leannáin í.


L. Cs6:10


Cia hí súd fhéuchus amach mar an
maidin, breádhgha mar an ngealuidh; gléi-geal
mar an ngréin, agus amhuil slúagh
go mbratacaibh.


L. Cs6:11


Dochuáidh mé síos a ngáirdín na
ccnó, dféuchuin toruidh an ghleanna, a-gus
dféuchúin an raibh anfíneamhuin ag
bláthughadh, agus na pomgranait ag
sceinneadh amach.


L. Cs6:12


Suil thug mé dom aire, do chuir
manam mé air charbaduibh mo phobuil
thoileamhuil.


L. Cs6:13


Fill, fill, a Shulamíteach: fill,
fill, chor go bhféuchum ort: cred dochífidhe
annsa Tsulamítigh? mar do
bheidís cuideachda dhá shlúagh.



Caib.7.


L. Cs7:1


Cred é sgéimhe do chos go
mbrógaibh, ó a inghean an
phrionnsa; atáid ailt do
láirgeadh amhuil séuda
dobair lámh chérda ghlic.


L. Cs7:2


Is cosmhuil himliocán re cupán
cruinn, air nach bí easbhuigh dighe: is cos-mhuil
do bholg le cárna cruithneachda, arna
chur faccuairt le lilibh.


L. Cs7:3


Is cosmhuil do dhá chích ré dha
eilid atá na ccúpla.


L. Cs7:4


Atá do bhráighe mar thor ibhori,
do shúile cosmhuil ré lochánuibh éisg ann
Hesbon, láimh ré geata Bhat-Rabbim:
do shrón amhuil tor Lebanon, noch fhéu-chus
leath ré Damascus.


L. Cs7:5


Is cosmhuil do cheann ort ré Car-mel:
agus is cosmhuil grúag do chinn
re purpair: connaimhthear an Rígh annsna
raftuibh.


L. Cs7:6


Cíodh a bhreágha, agus cred é a
ghlórmhuire ataói chum aoibhnis, a ghrádh?


L. Cs7:7


Is cosmhuil hárrachdus ré crann
pailme, agus do chíche ré tríopaill cáor.


L. Cs7:8


Adubhairt mé, racha mé súas gus
an ccrann pailme, béuruidh mé greim air
a ghégaibh; fós anois béid do chíche mar
thríopall don nfíneamhuin, agus boladh
do shróna mar ubhallaibh.


L. Cs7:9


Agus carbad do bhéil cosmhuil
ris an bhfíon is férr dom ghrádh, noch
théid síos go díreach, dobheir air na puis-inibh
bhíos na ccodladh labhairt.


L. Cs7:10


Is le mo ghrádh misi: agus
atá a fhonnsan chugamsa.


L. Cs7:11


Tárr uáit, a ghrádh, dénam a-mach
fán machaire; fosuighiom annsna
bailtibh.


L. Cs7:12


Eírghiom go moch gus na fíneamhn-uibh,
féucham an bhfuil an fhíneamhuin ag
bláthadh, an bhfuil an cháor mháoth ag tais-beanadh,
agus na pomgranait ag scinneadh
amach: annsin dobhéra misi mo ghrádh
dhuit.


L. Cs7:13


Dobhéirid na mandráca bo-ladh,
agus annar ngeatadhuibh atá anuile
shórt toruidh shólásuigh, nuadh a-gus
sean, noch do thaisgidh mé fád chomhair-
si, a ghrádh.



Caib.8.


L. Cs8:1


Is truagh nach tusa mo dhearbhra-thair
do dhiúil cíche mo mháthar,
anuáir dogheabhuinn amuigh
thú, do pógfuinn thú; thairis
sin ní cuirfidhe a ttarcuis-ne
mé.


L. Cs8:2


Do thréorochuin thú, agus dobhear-uinn
go tigh mo mhathar thú, noch do mhúin-feadh
mé; dobéuruinn ort ól dfíon mo
spíosruidhe do shúgh mo phomgranat.


L. Cs8:3


Dobhíadh a lámh chlé fám cheann, a-gus
do theannfadh a lámh dheas ris mé.


L. Cs8:4


Cuirim dúalach oruibh, a ingheana
Ierusalem, gan a chorrughadh súas, a-gus
gan mo ghrádh do dhúsgadh nó gomadh
toil leis.


L. Cs8:5


Cía hí so thig aníos ón bhfásach
ag luidhe air a grádh? do thóg mé súas
thú faói anabhaill; annsin thug do mhá-thair
amach thú, annsin thug sí amach thú,
noch dorug thú.


L. Cs8:6


Cuir misi mar shéla air do chroidhe,
mar shéla air do ruigh; óir is láidir an
grádh amhuil an bás, is fíochmhar an téud
mar anuáigh: is sméróide teineadh a
smearóide sin, agá mbí lasair rodhíbhfheir-geach.


L. Cs8:7


Ní fhéduid mórán uisgeadh an grádh
do mhúchadh, ní mó fhéduid na tuilte a
bháthadh: dá ttugadh duine uile mhaoin a
thighe ar ghrádh, do dísbeagfuidhe é thríd
amach.


L. Cs8:8


Atá deirbhshíur bheag aguinn, agus
ní bhfuilid cíche air bith aice: cred dhénam
ar son ar ndeirbhsheathar, annsa ló a laibh-éorthar
air a son?


L. Cs8:9


Má bhíonn sí na balla, dodhénam
pálás airgid uirre: agus má bhíonn sí
na dorus, druidfiom í le bórduibh cédair.


L. Cs8:10


Atáim am bhalla, agus mo chíche
cosmhuil ré toruibh: annsin dobhí mé iona
shúilibhsion mar áon dofuáir fabhar.


L. Cs8:11


Dobhí gárdha fíneamhna ag Solamh
an Baal-hamon, do shuighidh sé an gár-dha
fíneamhna do choimhéduibh: dobhí ar gach
aon díobh ar son a thoruidh, míle píosa
airgid do thabhairt leis.


L. Cs8:12


Mo ghárdha fíneamhnasa, noch is liom
féin, atá sí as mo choinne: thusa a Shol-uimh
(caithfidh) tú míle dfagháil, agus
an mhuintir choimhédás a toradhsin, dhá chéd.


L. Cs8:13


Thusa áitreabhus ansna gáir-dínibh,
éisdidh na companuigh reda ghuth:
tabhair orum sa chluinsion.


L. Cs8:14


Dén deithnios, a ghrádh, agus bí
cosmhuil re heilit, nó ré fíadh óg ar
shlíabh na spíosradh.


L. Ia



LEABHAR AN FHAIDH ISAIAH.


L. Ia1:1


Fís Isaiah mhic Amos, noch
dochonnairc sé a ttaobh
Iúdah agus Ierusalem a
láetibh Ussiah, Ioatam,
Ahas, agus Heseciah, Ríghthe Iúdah.


L. Ia1:2


Cluinidh a fhlaitheasa, agus ta-
bhair éisdeachd, a thaluimh: óir do labhair an
Tighearna, do oil mé agus thug mé suas
clann, agus do cathuigheadar am a-
ghaidh.


L. Ia1:3


Aithnigh an damh an té le ar
leis é, agus an tassal mainséur a
mhaighisdir: acht ní aithnighionn Israel,
ní smuainionn mo phobalsa.


L. Ia1:4


Ah, a chineadh pheacach, pobal trom
lé héigceart, síol daóine míghnío-
mhach, clann atá na millteachaibh;
do thréigeadar an Tighearna; do
bhrostuigheadar an táon náomh-
tha Israel chum feirge, do imthi-
gheadar rompa ar a ccúl.


L. Ia1:5


Cred as a mbuailfidhe sibh
nísa mhó? fillfidhe nisa mhó agus
nísa mhó; atá an ceann uile tinn, a-
gus an croidhe iomlán lag.


L. Ia1:6


O bhonn na troighthe go nuige an
gceann, ní bhfuil sláinte ar bith
ann, achd cneadha, agus brúighte,
agus créachda lobhtha: níor drui-
deadh, agus níor ceangladh súas,
ní mo do bogadh le huinemeint
íad.


L. Ia1:7


Atá bhur ndúthaigh aonránach:
atáid bhur gcaithreacha arna losgadh
le teine: millid coimhthighthidh bhur bhfea-
rann ionbhur lathair, agus atá sé na fhásach
arna chláoidh lé coimhightheachaibh.


L. Ia1:8


Agus atá inghean Shión arna
fágbháil amhuil bothan a bhfíneamhuin,
mar lóistín a ngáirdín chucumer;
mar chathruigh fá mbíath cam-
pa.


L. Ia1:9


Acht muna fhágbhadh Tighear-
na na slógh robheagán fuighill a-
gainn; dobheithmís mar Shodom,
agus dobheithmís cosmhuil ré Go-
morrah.


L. Ia1:10


Eístigh briathar an Tighearna, a
úachtarána Shodoim: tugaidh clúas
do dhligheadh Dé, a dhaoine Gho-
morrah.


L. Ia1:11


Cred é tarbha bhur niomad
íodhbarthach dhamsa? do ráidh an
Tighearna: atáim lan dofráluibh
loisge reitheadh, agus do mhéuthus
beathach bíata: agus ní dhúilighim
a bhfuil bulóg, nó úan, nó gabhar bhfi-
rionn.


L. Ia1:12


Anuáir thiocfuidhe da bhur ttais-
béanadh féin dom lathairsi; cía díarr
so as bhur lámhuibh do shaltairt mo
chúirte?


L. Ia1:13


Ná tugaidh niis mó dofráluibh
díomhaóine libh: is adhfhúathmhair-
eacht damhsa túis; na gealacha
núadha agus na sábóidigh do ghairm na
noireachtus ní fhéaduim a bhfulang,
is égceart é, eadhon an comhchruinniu-
ghadh solamonta.


L. Ia1:14


Dfúathuigh manam bhur ngeala-
cha núadha agus bhur bhféastadha cinnte:
is buáidhreadh dhamh íad: atáim cuirthe dá
niomcar.


L. Ia1:15


Agus anuáir leathnuighthe bhur
lámha amach, foileochuidh mé mo shúile
uáibh: fós anuáir do dhéantaói mórán
urnaighe, ní éistfidh misi: atáid bhur
lámha lán dfuil.


L. Ia1:16


Ionnluidh sibh féin, glanuidh sibh
féin, cuiridh uáibh olc bhur ngníom as
mo radharc, sguiridh do dhénamh uilc,


L. Ia1:17


Foghlamuigh maith do dhénamh,
íarruigh breitheamhnus, cobhruighidh na
boicht, breathnuighidh an dílleachda, tag-
raidh ar son na bhaintreabhuigh.


L. Ia1:18


Tigidh anois agus dénum réu-
sún re céile, adeir an Tighearna; mátá
go bhfuilid bhur bpeacaidhe amhuil scáir-
léd, béid síad coimhgheal ré sneachda: mátá
go bhfuilid dearg mar chrimson, béid
síad amhuil olann.


L. Ia1:19


Má bhíthí umhal urramach: íos-
taói maith na dúithche.


L. Ia1:20


Acht má dhíultaói agus má
théighthí arís a ccogadh, muirfighear leis
an ccloidhiomh sibh: óir adhubhairt béul an
Tighearna é.


L. Ia1:21


Ciondus dorinneadh meirdreach don
chathruigh chreidmhigh? dobhí sí lán do
bhreitheamhnus, do chomhnuigheadh an tionnra-
cus innte; acht anois na dúnmharbh-
thuigh.


L. Ia1:22


Dorinneadh sal dot airgiod, atá
thfíon cumaisce le huisce.


L. Ia1:23


Atáid do phrionnsadha cogthach,
agus na ccompanachaibh ag gaduighthibh:
is ionmhuin le gach uile dhuine cumha, a-
gus imthighid a ndiáigh na luáigheacht:
ní bhreathnuighid an dílleachda, agus ní
thig cúis na baintreabhuigh chuca.


L. Ia1:24


Uimesin adeir an Tighearna,
Tighearna na slógh, áon cumhachdach Is-
rael: ah, suáimhneochad mé féin óm
easccáirdibh, agus digheolad mé féin ar
mo naimhde.


L. Ia1:25


Agus fillfidh mé mo lámh ortsa,
agus glanfa mé go gléglan do shal-
char uáit, agus béruidh mé do stán uile
asad.


L. Ia1:26


Agus aisigfe mé do bhrei-
theamhain mar an ccéd uáir, agus do
chomhairleacha amhuil ar ttús: na dhiáigh
sin goirfighear dhíot cathair anionnracuis,
an chathair fhírinneach.


L. Ia1:27


Fuáisgeoltar Síon le brei-
theamhnus, agus an drong fhilleas lé
fíréntacht.


L. Ia1:28


Agus biáidh díothlaithriughadh
na sáruightheach agus na bpeacach
anéinfheachd, agus an drong thréigios an
Tighearna scriosfuighthear íad.


L. Ia1:29


Oír biáidh náire orra fa na
dairibh díarrabhair, agus muigheochthar
sibh fa na gáirdínibh do thoghabhair.


L. Ia1:30


Oír beithi mar dharuigh ar chríon
a duille, agus mar gháirdín ag nach
bí uisge.


L. Ia1:31


Agus biáidh an neartmhar mar
bharrach, agus a obair mar dhrithlinn; agus
dóighfid aráon a bhfochair a chéile, agus
ní mhúchfuidh éinneach íad.


L. Ia2:1


An focal dochonairc Isaiah mhac
Amos a ttaobh Iúdah agus Ierusalem.


L. Ia2:2


Agus tiucfa a ccrích
annsna láethibh deighionacha; go ndaing-
neochthar slíabh thighe an Tighearna a mul-
laigh na slíabh, agus go ttóigfear ós
cionn na ccnoc é, agus rithfidh anuile
chineadh chuige.


L. Ia2:3


Agus rachaid mórán do dhaóinibh
agus adéruid; tigidh uáibh, agus dénom su-
as go slíabh an Tighearna, go tigh Dé Iá-
cob, agus múinfidh sé dhúinn a shlighthe, agus
siubholam iona chasánuibh: óir is amach
as Síon rachus an dligheadh, agus fo-
cal an Tighearna as Ierusalem.


L. Ia2:4


Agus breathnochuigh sé a measg
na ccineadhach, agus aithbheoruidh mórán
do dhaoinibh: agus buailfid a ccloidhmh-
the na suic sheisrighe, agus a ngáethe na
spealuibh: ní thíogfe críoch cloidhiomh súas
anaghaidh críche: agus ní fhoghlumfuid
cogadh nías mó.


L. Ia2:5


O a Thigh Iácob tigidh, agus siu-
bhluighiom a solus an Tighearna.


L. Ia2:6


Uimesin do thréig tú do phobal, tigh
Iácob do chionn go bhfuilid síad líonta
(do bhéusuibh) anoirthir, agus na
luchd fáistine cosmhuil ris na Philistinea-
chaibh, agus go líonuid do chloinn na ccoimh-
thigheach.


L. Ia2:7


Atá a ndúithche mar an ccédna
lán dairgiod agus dór, agus ní bhfuil
críoch ar a nionnmus: atá a ndúithche mar
an ccédna lán deachaibh, agus ní bhfuil
críoch ar a ccarbaduibh.


L. Ia2:8


Atá a ndúithche mar an ccéadna
lán diodhaluibh: adhruid oibreacha a
lámh féin, an ní dorinneadar a méir
féin.


L. Ia2:9


Agus cláonuidh an duine uirío-
sal síos, agus umhluigh an duine mór
é féin: uimesin ná maith dóibh.


L. Ia2:10


Eírigh asteach don charruic, agus
foluigh thú féin annsa luáithreadh ar ea-
gla an Tighearna, agus ar son ghlóire
a mhórdhachda.


L. Ia2:11


Uimhleochthar féchuin árd an duine,
agus cromfuighear síos uáill na nda-
oine: agus sé an Tighearna amháin áir-
deochar an lásin.


L. Ia2:12


Oír biáidh lá Thighearna na
slógh ar gach uile dhuine dá bhfuil uai-
bhreach árd, agus ar gach áon thógthar
súas, agus do bearfuighthear síos é;


L. Ia2:13


Agus ar uile chédaruibh Leba-
non, atá árd agus tógta súas, agus
ar uile dhairibh Básan,


L. Ia2:14


Agus ar na huile shléibhtibh ár-
da, agus ar na huile chnocaibh do hárd-
uigheadh súas,


L. Ia2:15


Agus ar gach éntor árd, agus
ar gach áon bhalla daingean,


L. Ia2:16


Agus ar loingeas Tharsis uile,
agus ar anuile phictúir taitneamhach.


L. Ia2:17


Agus cláonfuighear uáill an duine
síos, agus do dhéantar anuáill an duine
ísiol: agus sé an Tighearna amháin áir-
deochthar an lásin.


L. Ia2:18


agus scriosfuidh sé na hiodhail
thríd amach.


L. Ia2:19


Agus rachaid síad a ccúa-
suibh na ccarrac, agus anúamhuibh na
talmhan ar eagla an Tighearna, agus
ar son ghlóire a mhórdhacta, anuair
éireochus sé do chrothadh na talmhan
go húathbhasách.


L. Ia2:20


Ann sa lósin teilgfidh duine a
iodhuil airgid agus a iodhail óir, noch
dorinne dhó féin dá nadhradh, chum na
mobhladh agus chum na míoltóg lea-
thair:


L. Ia2:21


Do dhul a scealpuibh na gcarrac,
agus a mullaghaibh na gcairgeach
ngarbh, ar eagla an Tighearna, agus
ar son ghlóire a mhórdhachda, anuáir
éireochus sé do chrothadh na talmhan go
húathbhásach.


L. Ia2:22


Scuiridhsi ón duine agá bhfuil a
anál iona pholláiribh: óir cred ionar
chóir meas do bheith air?


L. Ia3:1


Oir féuch, beiridh an Tigearna,
Tighearna na slógh, ó Ierusa-
lem agus ó Iúdah an fulang
agus an bata, cothughadh
iomlán anaráin, agus cothughadh iom-
lán anuisge.


L. Ia3:2


An duine láidir, agus an fear co-
gaidh, an breitheamh agus an fáidh, an
glic, agus an sean,


L. Ia3:3


An caiptín caogaid, agus an
duine onórach, an comhairleach, agus an
ceárd foghlomtha, agus an deaghlabhar-
thach.


L. Ia3:4


Agus dobhéra mé leinibh dá
mbeith na núachdaranuibh orra, agus ría-
ghlochuid naóidhin ós a ccionn.


L. Ia3:5


Agus béid na daoine da ccrádh,
gach áon ó aroile, agus gach aón óna
chomharsuin: iomchoruidh an leanabh é féin go
huáibhreach anaghaidh an tsinnsir, agus
an tuirísiol anaghaidh anonóruigh.


L. Ia3:6


Anuáir bhéras duine greim ar a
bhrathair, do thigh a athar, (ga rádh) atá
édach agadsa, bí ad úachdarán oruinne,
agus bíodh an díth finesi fad láimh.


L. Ia3:7


Annsa lósin dobhéra a mhionna,
dha rádh, ní bhía mé am fhear leighís: óir
ní bhfuil bíadh no édach ann mo thigh; ná dé-
nuidh úachdarán díomsa ar an bpobal.


L. Ia3:8


Oír do sgriosadh Ierusalem, a-
gus do thuit Iúdah, do chionn go bhfuil a
tteanga agus a ngníomha anaghaidh an
Tighearna, dfadógh fa shúilibh a ghlóire.


L. Ia3:9


doní taisbeanadh a ngnúise fia-
ghnuise na naghaidh, agus foillsíghid a
bpeacadh amhuil Sodom, ní fholchuid
síad é: a mhairg dá nanam, óir do chúi-
tigheadar olc ríu féin.


L. Ia3:10


Abruidh ris an bhfíréun, go
mbeithior go maith aige: óir íosfuid
síad toradh a ngníomh.


L. Ia3:11


A mhairg don chiontach: óir is
olc bheithior aigesion; óir dobhérthar
lúach sáothair a lámh féin dó.


L. Ia3:12


Ar son mo phobailsi, is leinibh
doní leathtrom orra, agus mná ríaghlui-
ghios ós a ccionn: ó mo phobal, cuirid an
drong thréoruighios tú, dfíachaibh ort
seachrán, agus millid slighe do chasán.


L. Ia3:13


Seasuidh an Tighearna súas do
thagra, agus seasuidh do bhreathnughadh an
phobail.


L. Ia3:14


Rachaidh an Tighearna chum brei-
theamhnuis re sinnsioruibh a phobail, agus
réna bprionnsadhuibh: óir a dúabhair
súas anfíneamhuin, agus atá édáil na
mbochd ann bhur ttighthibh.


L. Ia3:15


Cred é bhur ccíall as a mbrúigh-
tighe mó dhaóine na bpíosuibh, agus as
a meiltíghe aighthe na mbocht? arsa
Tighearna Día na slógh?


L. Ia3:16


Tuilleamh oile, adeir an Ti-
ghearna; do chionn go bhfuilid ingheana Sion
úallach, agus go siubhluighid lé muinealuibh
sínte amach, agus le súilibh míonáireach,
ag imtheachd agus ag gearradh mar imthi-
ghid, agus ag dénamh fuáime lena cco-
suibh;


L. Ia3:17


Uimesin buáilfidh an Tighearna lé
carra mullach cheann inghean Síon, agus
léigfidh Día a mballa foluighthe
leis.


L. Ia3:18


Annsa lásin béaruidh an Ti-
ghearna as breághachd a cculadh
bhfuáimneach, agus a noibrecha líon-
uidh, a néuduighe croinne cosmhuil ris an
ngéaluidh,


L. Ia3:19


Na slabhruidhe, agus na bráis-
léid, agus na muirfléid,


L. Ia3:20


Na buinéid, agus coisbheart na
ccos, agus na cinnbheirte, agus na
taibléid, agus na cúasfáinnidhe,


L. Ia3:21


Na fáinnidhe agus seóid na
srón,


L. Ia3:22


Na culaidheacha malairteacha éduigh,
na fallaingeacha, agus na failéid a-
gus na sparáin,


L. Ia3:23


Na sgatháin agus an línédach
fínealta, agus na húduighe, agus na
foluidhe.


L. Ia3:24


Agus tiucfa a ccrích, ar son
an bholaidh mhaith go mbía bréntas; agus
anáit an chreasa, go mbía réubadh; a-
gus anáit na gruáige cóirighthe,
maóile: agus anáit anuchtaigh,
crioslughadh saicéduigh: agus los-
gadh anáit na sgéimhe.


L. Ia3:25


Tuitfid do dhaóine leis an ccloi-
dheamh, agus do neartmhair annsa chogadh.


L. Ia3:26


Agus caóinfid agus guilfid
a geatadha, agus ar mbeith dhi folamh
suidhfidh si air an ttalamh.


L. Ia4:1


Agus annsa lósin greamochuid
móirsheisior ban déinfhear a-
mháin, gha rádh: Iósam ar
narán féin, agus caithfeam
ar ndédach féin: amháin
goirthear ad ainmsi sinn, do chur scannla
dhínn.


L. Ia4:2


Annsa lósin biáidh beangán an Ti-
ghearna sgíamhach glórmhar, agus biaidh
toradh na talmhan oirdheirc agus cu-
bhaidh don mhéid rachus as do Israel.


L. Ia4:3


Agus tiucfa a ccrích, an té
fúigfighear a Sion, agus an té fhan-
fas ann Ierusalem, go ngoirfighear
náomhtha dhe, eadhon gach neach atá scríob-
tha a measg na mbéo ann Ierusalem.


L. Ia4:4


An tan nighfios an Tighearna
truáilleadh inghean Sion, agus glanfas
fuil Ierusalem as a lár, le spioraid
an bhreitheamhnuis agus le spioraid an
loisgthe.


L. Ia4:5


Agus cruthochuigh an Tighearna ar
gach áonáit chomhnuighe do Shion, agus
ar a hoireachduibh, néull agus céo san
ló, agus loinnreadh teineadh lasamhla san
noidhche: óir biaidh cumhdach ar an
nglóir uile.


L. Ia4:6


Agus biáidh taberancuil ann mar
sgáile ón teas anaimsir an láe, agus
mar áit dídin agus mar fholach ón
stoirm agus ónfearthuinn.


L. Ia5:1


Canfad anois dom fhíorghrá-
dhach caintic mo grádh a tta-
obh a fhíneamhna: atá finea-
mhuin ag mo ghrádh a ccnoc
rothóirtheach.


L. Ia5:2


Agus do chumhdaigh sé í, agus
do cruinnigh sé na clocha aiste amach,
agus do phlannduigh sé í le togha na fí-
neamhna, agus dorinne tor iona lár, a-
gus mar an ccédna dorinne umar bhrúigh-
te fíona innte: agus dobhí súil aige
go ttiubhradh sí cáora úaithe, agus thug
sí uáith cáora fíadháin.


L. Ia5:3


Agus anois, a áitreabhthacha Ie-
rusalem agus a dhaoine Iúdah, guidhim
sibh, dénaidh breitheamhnus eadrum féin a-
gus mfíneamhuin.


L. Ia5:4


Créd dobfhéidir do dhéa-
namh nías mó rem fhíneamhuin, ná
mar dorinne mé? air anadhbhar
sin anuáir do shaóil mé go ttiu-
bradh sí cáora, cred fá ttug sí cáo-
ra fíadháin uáithe?


L. Ia5:5


Agus anois, inneosa mé dhuit
ciodh dodhéan rem fhíneamhuin: bain-
fidh mé a fál uáithe, agus íostar sú-
as í, agus brisfe mé síos a balla, a-
gus sailteorthar uirre.


L. Ia5:6


Agus dodhéna mé fásach dhi:
ní dheiseochthar agus ní rómharthar í;
acht fásfuidh aníos drise agus do-
sáin: agus fós fuáigeora mé do na
néulluibh go nach bhfearfuid fearthuinn uirre.


L. Ia5:7


Oír isé tigh Israel fíneamhuin Thi-
ghearna na slógh, agus fir Iúdah a phlannda
glórmhar: agus dobhí a shúil ré brei-
theamhnus, achd féuch an leathtrom; re hionn-
racus, achd féuch an chomhairc.


L. Ia5:8


A mhairg don druing cheanglas
tigh do thigh, agus cuirios machaire a
ccionn mhachaire, go nach bí áit, chor
go suigheochthaói ar leith íad a lár na
talmhan.


L. Ia5:9


Ann mo clúasuibh adubhairt Ti-
ghearna na slógh, go fírinnioch béid
móran tightheadh na bhfásach, (Tighthe)
móra agus breágha gan áitreabhach.


L. Ia5:10


Fós dobhéruid deich nacra
fíneamhna áoinmhiosúr amháin: agus síol
homer dobhéra sé ephah úadh.


L. Ia5:11


A mhairg don lucht éirghios go
moch ar maidin, chor go leanfaidís ar
dhigh láidir, noch fhanus go hoidhche: nó go
lasann an fíon astigh íad.


L. Ia5:12


Agus a mbí an chláirseach agus
an bhiól agus an tiompán, agus an píob
agus an fíon ar a bhféustuibh: achd ní
mheasuid oibreacha an Tighearna, agus ní
fhaicid oibriughadh a lámh.


L. Ia5:13


Uimesin dochúadar mo dhaoine a
mbruid: do chionn nach bhfuil éolus ar bith
aca: agus dochúadar a ndaoine óno-
racha do ghorta, agus a sluagh ar tti-
urmughadh lé tart.


L. Ia5:14


Uimesin dfairsingidh ifrionn é
féin, agus dfoscuil a bhéul go romhór:
agus rachaidh a nglóirsion agus a nio-
madamhlachd, agus a nainmheas agus an
té lúathgháirios, síos ann.


L. Ia5:15


Agus bérthar an duine uirí-
siol síos: agus ísleochthar an duine
cumasach, agus uimhleochthar súile an
duine áirdintinnigh.


L. Ia5:16


Acht áirdeochthar Tighearna na
slógh a mbreitheamhnus, agus Día atá
naomhtha, naomhthochthar é a nionnracus.


L. Ia5:17


Annsin dhénuid na huain inghilt
do réir a ccleachdaidh: agus íosuid coimh-
thighidh áite fásuigh na náon méith.


L. Ia5:18


A mhairg don druing thair-
ngis an téigceart le córduibh an dío-
mhaóinios, agus an peacadh mar dobhíath
le rópuibh cartach:


L. Ia5:19


Noch adeir, dénadh sé deithni-
os, agus lúathuigheadh ar a obair, chor
go bhfaicfeam: agus tairngeadh comh-
airle aoin naomhtha Israel a ccomhfogus,
chor go mbía a fhios aguinn.


L. Ia5:20


A mhairg don druing ghoireas-
don nolc maith, agus don mhaith olc, a-
gus chuirios dorchadas ar son soluis,
agus solus ar son dorchadais, agus
chuirios searbhus ar son millsi, agus
millse ar son searbhuis.


L. Ia5:21


A mhairg don lucht bhíos glic
iona súilibh féin; agus críonna iona ra-
dharc féin.


L. Ia5:22


A mhairg don mhuintir bhíos acfuinn-
each ar ól fíona, agus do na daóinibh
neartmhara air dhich láidir do chumasg:


L. Ia5:23


Noch fhúagras an ciontach
ceart air ceannach, agus bheirios ionnracus
anfíréin úadh.


L. Ia5:24


Uimesin mar loisgios an teine
an connlach, agus mar loisgios an la-
sair an cáithleach: marsin bhías a bhfréumh
mar lobhadh: agus rachaid a mblátha sú-
as amhuil luáithreadh: do chionn gur theil-
giodar úatha dligheadh Thighearna na slógh,
agus gur tharcuisnigheadar bríathar
aóin náomhtha Israel.


L. Ia5:25


Uimesin atá fearg an Tighearna
ar naghnadh anaghaidh a phobail, agus
do shín sé alámh amach na naghaidh, agus
do bhuail sé íad: agus do chriothnuighea-
dar na cnuic, agus dobhí a cconablui-
dhe réubtha annsna sráidibh: ar a shon
so uile níor iompoigh sé a fhearg dhíobh,
acht atá a lámh sínte amach a ccomh-
nuidhe.


L. Ia5:26


Agus tóigfidh sé bratach súas
do na cineadhachaibh a nimchían, agus
dodhéna feadalach orra ó bhrúach an domhuin;
agus féuch, tiucfuid maille re deith-
nios go tapuidh.


L. Ia5:27


Ní bhía áonduine coirthe, agus
ní bhfuighe aónduine tuisleadh na measg,
ní tháimhnéullfuidh, agus ní choideoluidh
sé: ní mó scaóilfighear crios a shlíasad,
agus ní brisfighear íallach a bhróg.


L. Ia5:28


Nochar gér a shoighde, agus a
bhoghaidh uile tairngthe: saóilfighear buinn
a each uile do bheith na ccruáidhchloich, a-
gus a roithléain amhuil gaóth ghuáir-
deáin:


L. Ia5:29


Bíadh a núallghul amhuil leomhan,
nuallfuidh sé amhuil leomhanuibh óga:
núallfuidh fós agus greamochuidh air an
ccreich, agus béruidh leis slán é, agus
ní sháorfuidh aóinneach é.


L. Ia5:30


Agus annsa lósin congháirfid
na aghaidh amhuil confadh na fairge: agus
má fhéucann aon ar an ttír, féuch dor-
chadas agus dóbrón, agus dorchuigh-
thear a solussin annsna neamhuibh.


L. Ia6:1


Annsa bhlíadhain a bhfuáir Rígh
Ussiah bás, dochonairc
mé an Tighearna na shuighe a
ccathaóir ríogha go hárd,
agus arna thógbháil súas,
agus do líonadar a luchd leanamhna an
teampall.


L. Ia6:2


Os a chionn shúas do sheasadar na
searaphinigh: dobhí sé sciatháin ar gach
aon díobh: le cúpla dfoluigh sé a aghaidh,
agus lé cúpla dfoluigh sé a chosa, a-
gus lé cúpla do eitil sé.


L. Ia6:3


Agus do ghoir aon ar oile, agus
adubhradar: is náomhtha, náomhtha,
náomhtha, Tighearna na slógh; atá an
talamh uile líonta da ghlóir;


L. Ia6:4


Agus do chorruigheadar ursanna
an doruis le guth an té do labhair, agus
do líonadh an tigh lé deatuigh.


L. Ia6:5


Annsin adubhairt misi, a mhairg dhamh-
sa, óir atáim millte: do chionn gur
do bhéul neamhghlan mé, agus go náitreabh-
uim a measg daóine bhéul neamhghlan: óir
dochonncadar mo shúile an Rígh, Tighear-
na na slógh.


L. Ia6:6


Annsin do eitil aon do na seara-
phinibh chugam, agus sméróid dhearg
iona láim, noch do bhean sé leis aniol-
ghaibh donnaltóir.


L. Ia6:7


Agus do chuir sé air mo bhéulsa é,
agus adubhairt, féuch do bheanso red
phuisínibh, agus rugadh héigecart uáit,
agus do glanadh do pheacuidh.


L. Ia6:8


Mar an ccéadna dochúalaidh mé
guth an Tighearna, gha rádh, cía chuir-
feas mé (uaim) agus cía rachus air ar
son? annsin adubhairt misi, atáimse
annso, cúir misi uáit.


L. Ia6:9


Agus adubhairt seision, éirigh
agus innis don phobalsa: éistigh go
deimhin, achd ná tuigidh; agus faicidh go
dearbhtha, acht ná mothuighidh.


L. Ia6:10


Déna croidhe na ndaóinesi
méith, agus déna a cclúasa trom,
agus druid a súile; deagla go bhfaic-
fidis lena súilibh, agus go ccluinfidís
léna cclúasuibh, agus go ttuigfidís
léna ccroidhe, agus go bhfillfidís, a-
gus go mbéidís slán.


L. Ia6:11


Annsin adubhairt misi, a
Thighearna, ga fad? agus do
fhreagair seision, nó go bhfásuigh-
thear na caithreacha gan áitrea-
bhach, agus go mbía an talamh thríd
amach na fhásach.


L. Ia6:12


Agus go náthruigh an Tighearna
daóine animchían, agus go mbía
tréigean mór a lár na críche.


L. Ia6:13


Gidheadh biáidh deachmhadh
ann, agus fillfidh agus íostar é;
mar budh crann teile agus dar-
uigh, a mbía a mbrígh ionnta, anu-
áir theilgid a nduille; marsin an
síol náomhtha bhus substaint dó
sin.


L. Ia7:1


Agus tárla a láethibh Ahas mhic
Iótam, mhic Ussiah, Rígh Iúdah, go ndea-
chuigh Résin Rígh na Síria,
agus Recah mhac Remaliah Rígh
Israel leath re Hierusalem do chogadh na
haghaidh, agus níor fhédadar buadhu-
ghadh uirre.


L. Ia7:2


Agus do hinnseadh sin do thigh
Dháibi gha rádh, atá Síria ceangailte
re Hephraim. Agus do corruigheadh a
chroidhe, agus croidhe a phobail, mar chorr-
uighthear crainn na coilleadh leis an ngaóith.


L. Ia7:3


Annsin adubhairt an Tighearna
re Hisaiah, éirigh amach do theagmháil
re Ahas, thú féin agus Seur-iasub do
mhac, ag ceann tiubruide an locháin
úachdaruigh, a slighe mhóir mhachaire anú-
caire.


L. Ia7:4


Agus abair ris, haire dhuit,
agus bí suáimhneach; ná bíodh eagla
ort, agus ná bí lagchroidhtheach, ar son
dhá earball an dá aithinne deatuighsi, ar
son feirge Resin maille re Síria agus
mac Remaliah.


L. Ia7:5


Do chionn gur ghabh Síria, Ephraim,
agus Remaliah drochchomairle ad a-
ghaidh, dha rádh,


L. Ia7:6


Dénam súas anaghaidh Iúdah,
agus buaidhriom íad, agus dénam
briseadh innte dhúinn, agus suighiom Rígh
iona lár, mac Tabeal.


L. Ia7:7


Is marso adeir an Tighearna
Día, ní sheasfa sé: ní mo thiucfas sé a
ccrích.


L. Ia7:8


Oír isé Damascus ceann na Síria,
agus ceann Dhamascus Resin: agus
táobh astigh do thrí fithchid agus do
chúig bhliadhna, brisfighear Ephraim,
chor nach bía pobal ann.


L. Ia7:9


Agus Samária ceann Ephraim,
agus ceann Shamária mac Remaliah:
muna ccreidthí, go deimhin ní daingneoch-
thar sibh.


L. Ia7:10


Tuileamh oile, do labhair an Ti-
ghearna re Hahas, gha rádh:


L. Ia7:11


Iárr comhartha ar do Thighearna
Día, íarr é ansa doimhne shíos, nó annsa
náirde shúas.


L. Ia7:12


Acht adubhairt Ahas, ní íarr-
fad, agus ní chuirfiod cathughadh air an
ttighearna.


L. Ia7:13


Agus adubairt seision; éis-
tigh anois, ó thigh Dháibhi, an beag a-
gaibhsi daóine do chur, achd an ccuirfe
sibh mo Dhía mar an ccédna?


L. Ia7:14


Uimesin dobhéra an Tighearna
féin comhartha dhíbh: féuchaidh, toirrcheo-
thar maighdion, agus béraidh sí mac, a-
gus goirfidh Immanuel dainm dhe.


L. Ia7:15


Im agus mil íosuidh sé, chor go
madh fios dó olc do sheachna, agus maith
do thogha.


L. Ia7:16


Oír suil bhías a fhios ag an lea-
namh olc do dhíultadh, agus maith do tho-
gha; an fearann fhúathuighios sibhsi, tréig-
fighear óna dhá Rígh é.


L. Ia7:17


Dobhéra an Tighearna ortsa, a-
gus ar do dhaóinibh, agus ar thigh haith-
readh, láethe nach dtáinic fós, ón ló fár
fhág Ephraim Iúdah, tre Rígh na Has-
síria.


L. Ia7:18


Agus tiucfa a ccrích san ló
sin, go sméidfidh an Tighearna ar an
míoltóig atá ansa chuid is faide amach
daibhnibh na Hégipte, agus ar an mbeich
atá a ttír na Hassíria.


L. Ia7:19


Agus tiucfuid síad, agus
coimhneochuid uile annsna gleantaibh uáig-
neacha, agus a bpollaibh na ccarrag, a-
gus ar anuile dhosán, agus ar anuile
chraóibh.


L. Ia7:20


Annsa ló chédnasin bérrfuidh an
Tighearna le scín bhérrtha thuarus-
dail, ón táobh thall dabhuinn, le Rígh na
Hassíria, an ceann agus fionnadh na
ccos; agus lomfuidh anfésóg mar an
ccédna.


L. Ia7:21


Agus tiucfa a ccrích annsa lósin,
go noilfidh duine mart óg, agus dhá
chaóirigh:


L. Ia7:22


Agus tiucfa a ccrích ar luchd-
mhaire an bhainne dobhéruid úatha go nío-
sa seision im: óir íosa gach aonduine
dá bhfúigfighear annsa dúthaigh im agus mil.


L. Ia7:23


Agus tiucfa a ccrích annsa ló
sin, gach uile áit a rabhadar míle fín-
eamhuin ar mhíle píosa airgid, go mbía sé
mar dhreasóigh, agus mar dhosán.


L. Ia7:24


Le soighdibh, agus le boghaibh
tiucfaid daóine annsin: do chionn go
ttiucfaidh an dúithche uile chum dreasa a-
gus chum dosán.


L. Ia7:25


Agus ar anuile chnoc rómhar-
thar le láighe, ní thiucfa annsin eagla
dreas no dosán: acht bía mar áit a
ccuirfighear daimh amach, agus a sail-
teoruigh mionáirnéis.


L. Ia8:1


Tuilleamh oile adubhairt an Ti-
ghearna riomsa: glac chu-
gad rolla mór, agus
scríobh ann lé peann duine: ag
deifriughadh na hédála, do brostuigh sé
an chreach.


L. Ia8:2


Agus do ghlac mé chugam fíadh-
nuisigh fírinneacha do chuimhniughadh, U-
riah an sagart, agus Sechariah mhac
Ieberechiah.


L. Ia8:3


Agus dochuáidh mé gus an mban-
fháidh, agus do toirrcheadh í, agus rug
sí mac; annsin adubhairt an Tighearna
riomsa, tabhair dainm air, re deifriughadh
na hédála do bhrostuigh sé an chreach.


L. Ia8:4


Oír suil bhías éolus ag an leanabh
gairm, máthair agus mo mhathair, bérthar
saidhbrios Dhamascus agus éadáil
Shamária ar siubhal roimhe Rígh na
Hassíria.


L. Ia8:5


Do labhair an Tighearna riomsa a
rís mar an ccédna, dha rádh,


L. Ia8:6


Do bhrígh gur dhíultadar na
daóinesi uisgeadha Shiloah ghluaisios
go socair, go ngáirdighid ann Resin, a-
gus ann a mac Remaliah:


L. Ia8:7


Anois uimesin féuch, dobheir Día
súas orra uisgeadha na habhann a, láidir
agus iomadamhuil: eadhon Rígh na Has-
síria, agus a ghlóir uile: agus tiuc-
fa aníos tar a ngrinnealuibh uile,
tuileocha sé tar na brúachaibh.


L. Ia8:8


Agus rachaidh sé thríd Iúdah,
tuileochaidh sé agus racaidh thairis,
roichfidh sé go nuige an muinéul, agus
líonfuidh leathnughadh a sciathán amach
leithead do dhúithchesi, ó Immanuel.


L. Ia8:9


Cruinnighidh sibh féin, a phobal, a-
gus brisfighthear sibh a mblodhuibh; agus
tugaidh éisteachd, sibhse uile as crío-
chaibh imchíanna: criosluighidh sibh féin,
brisfighthear a mblodhuibh sibh: criosluighidh
sibh féin, agus brisfighthear sibh a bpí-
osuibh.


L. Ia8:10


Gabhuidh comhairle re chéile, agus
ní bía brígh ann: abraidh an focal, a-
gus ní sheasfuidh sé: óir atá Día
linne.


L. Ia8:11


Oír do labhair an Tighearna mar-
so riomsa lé láimh láidir, agus do
theagaisg mé gan siubhal a slighe an
pobailsi, gha rádh;


L. Ia8:12


Na habraidhsi osadh re gach
a naibeoruidh an pobalso osadh; agus
ná bíodh eagla a neaglasan oruibhsi, agus
ná bítí úamhnach.


L. Ia8:13


Náomhuidh Tighearna na slógh
féin, agus bíth bhur neagla annsan, agus
go madh hé sin bhur nimeagla.


L. Ia8:14


Agus biáidh seision mar shanch-
tora: achd mar chloich thuisligh, agus
mar charraig oilbhéime do dhá thigh
Israel, mar phaintér, agus mar líon
do dhúthchusuibh Ierusalem.


L. Ia8:15


Agus oilbhéimfid mórán na
measg, agus tuitfid, agus béid bris-
te, agus béid gabhtha, agus béid a
láimh.


L. Ia8:16


Ceangail súas anfíadhnuise,
séuluidh an dligheadh a measg mo dheis-
ciobal.


L. Ia8:17


Agus feithfidh misi ar an tti-
ghearna noch fholchus a ghnúis ar thigh Iá-
cob, agus biáidh súil agam ris.


L. Ia8:18


Féuch, misi agus an chlann
thug Día dhamh atámaóid mar chomhar-
thaibh, agus mar iongantaibh ann Isra-
el; ó Thighearna na slógh, noch áitrea-
bhus a slíabh Síon.


L. Ia8:19


Agus anuair adéruid síad
ribhsi: íarruidh ar an muintir agá mbíd
spioruid mhuinteardha, agus ar fháis-
tineachaibh phíobas, agus channranus; nach
ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía
féin? na mairbh ar son na mbéo?


L. Ia8:20


Chum an dlighe, agus chum na
fiadhnuise: muna labhruid siad do réir
anfocailsi, iseadh do chionn nach bhfuil so-
lus air bith ionta.


L. Ia8:21


Agus rachaidh gach áon thríd arna
ccur chuige go crúadhchúiseach, agus
ocrach; agus tiucfuidh a ccrích anuáir
bhías gach áon aca ocrach, feargachuid
féin, agus mailleochuid a Rígh, agus a
Ndía, agus féuchfuid súas.


L. Ia8:22


Agus féuchfuid chum na talmhan,
agus féuch, buáidhreadh, agus dorchadus,
agus doille ghoimhe; agus tiomáinfighthear a
ndorchadus íad.


L. Ia9:1


Thairissin ní bhía an doille mar
dobhí na buáidhreadh, anuair ar ttús do
ghortuigh sé go héttrom tír Shebulun,
agus fearann Naphtali, agus na
dhiáighsin do ghortuigh nísa ghéire í
ar shlige na fairge, táobh thall do Ior-
dan a Ngaililee na ccineadhach.


L. Ia9:2


An pobal do shiubhuil a ndor-
chadus, dochonncadar solus mór: an
mhuintir do chomhnuidh a ttír scáile an
bháis, orrasin do lonnruigh an solus.


L. Ia9:3


Dfoirlíon tú an cineadh, agus
níor mhéduigh tú an gáirdeachus: lúath-
gháirid siad romhad, do réir na lúath-
gháire annsa bhfoghmar, mar gháirdighid
daóine anuáir roinnid anédáil.


L. Ia9:4


Oír do bhris tú cuing a ualuigh,
agus bata a ghualann, slat an té do
rinne leathtrom air, amhuil a ló Mídian.


L. Ia9:5


Oír bí gach áonchath an chogthuigh
maille re tormán cumaisgthe, agus re
héduighibh fillte a bhfuil: achd biáidh so
maille le losgadh, agus connadh, agus
teine.


L. Ia9:6


Oír dorugadh leanabh dhúinne,
tugadh mac dhúinn, agus biáidh an ríagh-
ladh air a ghualuinn, agus goirfighear a
ainm an tiongantach, an comhairleach, an Día
cumhachdach, an tathair síorruidhe, prionnsa
na síothchána.


L. Ia9:7


Ni bhía críoch air bhiseach a ríaghluidh-
the, agus a shíothchana, ar chathaóir
Dháibhi agus air a rioghachd, da hórdughadh
agus dá seasam le breitheamhnus, agus
lé ceart, óso amach go bráth: teasgh-
rádh Thighearna na slogh choimhlíonfas
so.


L. Ia9:8


Do chuir an Tighearna focal ann
Iácob, agus do thuirling sé ar Is-
rael.


L. Ia9:9


Agus aitheonuidh an pobal uile,
eadhon Ephraim, agus dúthcusaidh Sha-
mária, noch adeir a núabar, agus a
menma chroidhe.


L. Ia9:10


Do thuiteadar na bríceadha síos,
acht cuirfeimne súas lé clochuibh snoigh-
te: do gearradh na siocamair síos, acht
áthrochuimne íad a Cédar.


L. Ia9:11


Uimesin cuirfidh an Tighearna
naimhde Resin súas na a aghaidh, a-
gus teannfuidh a naimhde re chéile.


L. Ia9:12


Na Sírianuigh ann a ttosach,
agus na Philistinigh ann a ndeireadh;
agus sluicfid Israel le béul foscuil-
te: ar a shonso uile níor filleadh a
fhearg: acht atá a lámh sínte amach
a ccomhnuidhe.


L. Ia9:13


Oír ní fhilleann an pobal chum an
té bhuáileas íad: ní mo íarruid síad
Tighearna na slógh.


L. Ia9:14


Uimesin gérrfuidh an Tighearna
ó Israel idir cheann agus earball,
an beangán agus lúachair anénló.


L. Ia9:15


Isé an sinnsior agus an tonó-
rach an ceann, agus an fáidh mhúineas
bréuga, an tearball.


L. Ia9:16


Oír tréoruigheóirigh an pho-
bailsi dobheir orra seachrán, agus an
drung téoruighthear léo atáid díoth-
lairighthe.


L. Ia9:17


Uimesin ní gháirdeochuidh an Ti-
ghearna iona nóganachaibh, agus ní dhéna
truáighe da ndilleachduibh, nó da mbain-
treabhachaibh: óir is fúarchráibhtheach gach
aonduine, agus droichghníomhach, agus
labhruidh gach aóinbhéul leimhe: ar a shon
so uile ní filltear a fhearg ar a hais,
acht atá alámh sínte amach a ccomh-
nuidhe:


L. Ia9:18


Oír loisgidh an tolc mar
theine: loisgfidh na dreasa agus na
dosáin, agus lasfuidh a ttiugh na
bhforaóiseach, agus éireochuid súas cos-
mhuil ré héirghe súas deatuighe.


L. Ia9:19


Tre fheirg Thighearna na slógh
dorchuighthear an dúithche, agus béid na
daóine mar chonnadh na teineadh: ní choi-
geola áonduine a dhearbhrathair.


L. Ia9:20


Agus fuaideocha sé as a láimh
dheis, agus bía ocrach: agus íosuidh
súas don láimh chlé, agus ní bhéid sái-
theach: íosuidh gach aonduine feóil a
righe féin.


L. Ia9:21


Manasseh Ephraim, agus
Ephraim Manasseh, íad lé chéile
anaghaidh Iúdah: ar a shonso uile níor
filleadh a fhearg, acht atá a lámh sínnte
amach do ghnáth.


L. Ia10:1


A mhairg don lucht bhreathnui-
ghios breitheamhnus éigceart,
agus scríobhas búaidhreadh
dórduigheadar féin.


L. Ia10:2


Diompógh na neasbhuidheach ó
bhreitheamhnus, agus do bhreithe a cceirt
ó bhochduibh mo mhuintire, chor go mbéid na
baintreabhacha na ccreich aca, agus go
sladfuid na dílleachdaigh.


L. Ia10:3


Agus cred dodhéntaoi a ló na
cúarta, agus ansa léirsgrios a ló na
cúarta, agus ansa léirsgrios thiuc-
fas as imchían? cía gus a rachthaói
ar cabhair? agus cáit a bhfúigfidhe bhur
nglóir?


L. Ia10:4


Am égmhuissi cláonfuid síos
faoi na príosúnachuibh, agus tuit-
fid faoi na marbhuibh: ar a shonso
uile ní cláochluidhthear a fhearg, achd a
lámh sínte amach a ccomhnuidhe.


L. Ia10:5


O a Shírianuigh, slat mfeirge
si, agus an bata iona láimh así sin
mo dhíbhfheargsa.


L. Ia10:6


Cuirfidh mé é anaghaidh chinidh fhúar-
chráibhthigh; agus anaghaidh phobail mo
dhioghaltais dobhéra mé dhó cúram a
nédáil do ghlacadh, agus an chreach do
ghlacadh, agus a saltairt síos amhuil
salchar na sráide.


L. Ia10:7


Acht cheana ní hí sin a inntinn: ní
mó smuáineas a chroidhe marsin; achd
atá iona chroidhe scrios agus gear-
radh amach cineadhach nach beagán.


L. Ia10:8


Oír adeir sé, nach bhfuilid
mo phrionnsoidhe thríd amach na Ríghthibh?


L. Ia10:9


Nach bhfuil Calno mar Charché-
mis? nach bhfuil Hamat mar Arphad?
nach bhfuil Samária mar Dhamascus?


L. Ia10:10


Fa mar fuair mo lámhsa riogha-
chda na niodhal, agus ar sháruigheadar
a níomháighe grábhálta íad súd ann Ie-
rusalem, agus a Samária.


L. Ia10:11


Mar dorinne misi re Samária,
agus re na hiodhalaibh, marsin nach
déna mé re Ierusalem, agus re na
hiodhaluibh?


L. Ia10:12


Uimesin tiucfa a ccrích anuáir
chríochnochus an Tighearna a obair iomlán
ar shliabh Síon, agus ar Ierusalem,
diogholuidh mé toradh an chroidhe uáibhrigh
Rígh na Hassíria, agus glóir a radharc
áird.


L. Ia10:13


Oír adéra sé, lé neart mo
lámh dorinne mé é, agus lé mo ghlio-
cus; óir atáim glic: agus dáthruigh
mé téora na ndaóine, agus do shlad
mé anionnmhus, agus do chuir mé síos
na dúthchusaigh amhuil duine cródha.


L. Ia10:14


Agus fuáir mo lámh amhuil nead
saidhbhrios an phobail: agus mar chrui-
nnighios duine uighe do fágbhadh, do chrui-
nnigh mé an talamh uile, agus ní raibh
neach do chorruidh an sciathán, nó dfos-
cuil an béul, nó do phíobuidh:


L. Ia10:15


A ndéna an túagh spleadhachus
aiste féin anaghaidh an té ghearras
lé? nó an mórfuidh an tuiriosg é féin
an aghaidh an té chroitheas é? mar do
chroithfeadh an tslat í féin anaghaidh
an té thógbhas súas í, nó mar tóig-
feadh an bata é féin súas, mar bhudh nach
ar mhaide é.


L. Ia10:16


Uimesin cuirfidh an Tighearna,
Tighearna na slógh trúadhus a measg
a dhaóine méithe, agus faóina ghlóir
lasfuidh sé losgadh amhail losgadh
teineadh.


L. Ia10:17


Agus biáidh solus Israel mar
theine, agus a aóin náomhtha mar la-
sair: agus loisgfidh, agus caithfidh
a dhresa, agus a dhosáin a náonló;


L. Ia10:18


Agus críochnochuigh glóir a
fhoraóise, agus a mhachaire thórtuigh,
eidir anam agus chorp: agus biáidh
mar fhear bratuighe anuáir a laguidhear
é.


L. Ia10:19


Agus an chuid oile do chrannuibh
a fhoraóise, budh tearc íad, go scríobh-
thadh leanamh íad.


L. Ia10:20


Agus tiucfa a ccrích annsa ló
sin, an fuighioll bhías do Israel, agus
an mhéid rachus as do thigh Iácob, nach
bhfanfuid níis mó airsion, noch do bhuáil
íad: achd fanfuid ar an ttighearna,
áon naomhtha Israel a bhfírinne.


L. Ia10:21


Fillfidh an fuighioll, eadhon fui-
ghioll Iácob, chum an Dé chumhachdaigh.


L. Ia10:22


Oír bíth go bhfuil do phobal
Israel mar ghaineamh na fairge, gidheadh
fillfidh a bhfuighioll; an díoghbháil
arna fhúagra tuileochuigh thairis lé fírén-
tacht.


L. Ia10:23


Oír dodhéna an Tighearna Día
na slógh, críochnughadh mar do tionns-
gnadh a meadhón na tíre uile.


L. Ia10:24


Uimesin is marso adeir
an Tighearna Día na slógh: ó mo
phobal chomhnuigheas ann Síon, ná bíodh
eagla na Nassírianach ort: buáil-
fidh sé thú lé slait, agus tóigfe
sé súas a bhata ad aghaidh, do réir
mhodha na Hégipte.


L. Ia10:25


Oir fós a robheagán aimsire,
agus scuirfidh an díbhfhearg, agus
mfeargsa ann a scriosson.


L. Ia10:26


Agus corrochuigh Tighearna
na slógh scíursa súas dó, do réir
áir Mhídian ag an ccarraig O-
reb: agus fa mar dobhí a shlat ar an
bhfairge, marsin thóigfios sé súas í do
réir mhodha na Hégipte.


L. Ia10:27


Agus tiucfa a ccrích annsa ló
sin, go ttóigfear a úalach dot ghúal-
uinn, agus a chuing dot mhuineal, agus brisfighear
a chuing bhrígh a ungthaidh.


L. Ia10:28


Tháinic sé go Haiat, dochuáidh
sé go Mígron, a Michmas do cuir sé
a charáiste anáirde.


L. Ia10:29


Agus dochúadar anonn thar an
tóchar, do thógbhadar súas a lóistín
ann Géba: atá Ramah eaglach, do theith
Gibeah Shauil.


L. Ia10:30


Tóg súas do ghuth a inghean
Ghallim: tabhair fa deara a chluinsin
go Lais: Anatot bhoichd.


L. Ia10:31


Do cháthruigheadh Madmenah, do
chruinnigheadar dúthchusaigh Ghéibim íad
féin do theitheamh.


L. Ia10:32


Fanfuidh sé go fóill a Nob ann-
sa lósin: croithfidh sé a lámh anagh-
uidh sléibhe inghine Síon, cnoc Ierusalem.


L. Ia10:33


Féuch, an Tighearna, Tighear-
na na slógh, gérrfuidh sé an beangán
maille re criothnughadh: agus na
crainn árda a méid gérrfuighear síos
íad, agus uimhleochthar an tuáibhreach.


L. Ia10:34


Agus gérrfaidh sé síos tiugh
na bhforaóiseach le híarann: agus tuit-
fidh Lebanon le neach láidir.


L. Ia11:1


Agus tiucfa slat amach as
bun Iesse; agus fás-
fuidh beangán as a fhréimh.


L. Ia11:2


Agus áiteochuidh spio-
rad an Tighearna air, spiorad na heag-
na, agus na tuigse, spiorad na
comhairle, agus na ccumhacht,
spiorad aneóluis, agus eagla an
Tighearna.


L. Ia11:3


Agus dodhéna sé do thuicsin
bhríoghmhair é aneagla an Tighearna,
agus ní dhéna breitheamhnus do réir
radhairc a shúl, agus ní aithbheoruigh do
réir éisteachda a chlúas.


L. Ia11:4


Acht lé fíréntachd bhreithneochuidh
sé na boichd, agus aithbheoruidh sé le
comhthrom ceannsuighthe na talmhan: a-
gus buáilfidh sé an talamh le slait
a bhéil, agus lé hanáil a phuisineadh
mhuirfeas sé na cionntoigh.


L. Ia11:5


Agus budh í anfíréntachd crios
a shlíasad: agus anfírinne crios a
dhubhán.


L. Ia11:6


Coimhneochuidh an mactíre fós
a bhfochair an lubháin, agus luighfidh an
leopard síos ag an mennán: agus
an gamhuin agus an leomhan óg, agus
an teallach méith a bhfochair a chéile, a-
gus tréorochuidh leanabh beag íad.


L. Ia11:7


Agus ingheiltfid an mart a-
gus an bheithir, luidhfid a nóga síos
a bhfochair a chéile, agus íosuidh an leo-
mhan an tuighe amhuil damh.


L. Ia11:8


Agus biáid naóidhe na ccíoch ag
súgradh ag poll na haspa: cuirfidh
leanabh baineadh do chích a lámh ar úamh-
uigh an chocatrís.


L. Ia11:9


Ní dhénaid siad gortadh ná milleadh
ann mo shlíabh náomhtha uile: óir biáidh
an talamh lán déolus an Tighearna,
mar fholuighid na huisgeadha anfair-
ge.


L. Ia11:10


Agus annsa lósin biáidh
fréumh Iesse, noch sheasfas mar
bhratuigh don phobal: is chuige íarr-
fuid na geintidhe, agus biáidh a suaimh-
neas glórmhar.


L. Ia11:11


Agus tiucfa a ccrích san ló
sin, go ccuirfe an Tighearna a lámh
arís an dara huáir do thártháil
fhuighill na ndaóine, noch fúigfighear
óNassíria, agus óNégipt, agus ó
Phatros, agus ó Chus, agus ó E-
lam, agus ó Shinar, agus ó Hamat,
agus ó oilénuibh na fairge.


L. Ia11:12


Agus cuirfidh sé bratach súas
do na cineadhachaibh, agus cruinneochuidh
sprudhar Israel, agus cruinneochuidh
sé a bhfochair a chéile a mbiáidh spréidhte
do Iúdah, ó cheithre corruibh na talmhan.


L. Ia11:13


Imeochuidh mar an ccédna mi-
oscuis Ephraim, agus gérrfuighthear
amach naimhde Iúdah: ní fhúathochuidh
Ephraim Iúdah, agus ní bhuáidhirfidh
Iúdah Ephraim.


L. Ia11:14


Acht eitilfid ar ghuáillibh na
BhPhilistineach don táobh shíar, millfid
síad muintir anoirthir lé chéile: leag-
fuid síad a lámh ar Edom, agus ar
Mhoab, agus uimleochuid clann Ammon dóibh.


L. Ia11:15


Agus scriosfuidh an Tighearna
thríd amach teanga na fhairge Egiptigh,
agus croithfidh sé alámh ós cionn na ha-
bhanna le neart a spioraide, agus buailfidh
sé é annsna seachd srothuibh, agus do
bhéara ar dhaóinibh dul tirim thair-
is.


L. Ia11:16


Agus biáidh slighe mhór dfuighioll
a mhuintire, noch fhúigfighear óNassí-
ria, mar dobhí do Israel ann-
sa ló a ttáinic súas as crích na
Hégipte.


L. Ia12:1


Agus annsa lósin déras tu-
sa: a Thighearna molfa
mé thú: má tá go raibh tú
feargach riom, do filleadh
thfearg uáim, agus do chomh-
fhurtuigh tú mé.


L. Ia12:2


Féuch, is Día mo shlánaightheóir,
bím dóthchusach ann, agus ní bhía eagla o-
rum: óir isé an Tighearna Iehóbhah mo
neart agus mo chaintic: sé fós mo
shlánughadh é:


L. Ia12:3


Uimesin maille re sólás tarr-
ongthaoi uisge as toibreachaibh an tslán-
uighthe.


L. Ia12:4


Agus annsa lóso adérthaói,
moluidh an Tighearna, goiridh ar a ainm:
foillsighidh a ghníomhartha a measg an
phobail, dénaidh cuimhne gur hárduigeadh
a ainm.


L. Ia12:5


Canaidh don Tighearna, óir do
rinne sé neithe oirdhearca: atá a fhiosso
ar feadh an domhuin.


L. Ia12:6


Eígh súas, agus gáir, thusa a
áitreabhach Síon: óir is mór áon náomh-
tha Israel ad mheadhón.


L. Ia13:1


Ualach na Babilóine, noch do
chonnairc Isaiah mhac A-
mos.


L. Ia13:2


Tóghbhuidh súas bratach
ar a tslíabh árd: árduighidh an guth
chuca, crothaidh an lámh, chor go ra-
chaid go geatadhuibh na núasal.


L. Ia13:3


Daithin mé dom mhuintir náomh-
tha, do ghoir mé mar an ccédna mo
dhaóine árrachda ar son mfeirge, eadhon
an drong gháirdigheas ann mo mhór-
dhachd.


L. Ia13:4


Fuáim móráin annsna sléibhtibh
mar dobheidís pobal mór: tormán
ceannairgtheach rioghachd, agus chineadhach ar
ccruinniughadh a cceann a chéile: Tighear-
na na slógh áirmhios slúagh an cha-
tha.


L. Ia13:5


Tigid as tír imchéin ó théoruinn
fhlaitheamhnuis, eadhon an Tighearna, agus
airm a dhíbhfheirge, do mhilleadh na tíre
go hiomlán.


L. Ia13:6


Núalluighse, óir atá lá an Ti-
ghearna do lathair: tiucfa mar scrios
ónuilechumhachdach.


L. Ia13:7


Uimesin biáidh anuile lámh lag,
agus leaghfuidh croidhe gach áonduine.


L. Ia13:8


Agus biáidh eagla orra: géubh-
uidh píanta, agus doilghis greim dhíobh;
béid a bpéin mar mhnaói ag breith:
biáidh úathbhás aca iona chéile, béid a
naighthe mar lasracha.


L. Ia13:9


Féuch, atá lá an Tighearna ag
teachd fuilteach aráon le dioghaltas a-
gus lé feirg dhíscir, do dhénamh na tíre
uáigneach: agus léirsgriosfuidh sé a
peacachasan aiste amach.


L. Ia13:10


Oír ní thiubhraid réulta nimhe,
agus a ccomhshoillsi a solus úatha:
dorchuighthear an ghrían iona dhul amach,
agus ní thiubhra an ghealach ar a so-
lus délrughadh.


L. Ia13:11


Agus smaichdeocha mé an sáoghal
ar son anuilc, agus na ciontuigh ar
son anégceirt: agus dobhéra mé ar
dhíomus na nuáibhreach scur, agus leagfa
mé go hísiol áirdinntinn na núathbhásach.


L. Ia13:12


Dodhéna mé duine nísa mhór-
luáighe ná ór bruinte: eadhon duine ná
sparra órdha Ophir.


L. Ia13:13


Uimesin croithfidh mé na neamha,
agus áthrochuigh an talamh as a áit a
bhfeirg Thighearna na slógh, agus a ló
a fheirge dísgir.


L. Ia13:14


Agus biáid mar an bhfiadh thaif-
nighthe, agus mar chaóirigh nach ttóg-
bhann áonduine súas: fillfid síad gach
áonduine dhíobh chum a dhaóine féin, agus
teithfid gach áon aca dá dhúthaigh féin.


L. Ia13:15


Gach áon dá bhfuighthear, sáith-
fighear thríd é: agus gach áon dá nía-
dhann ríu, tuitfidh leis an ccloidheamh.


L. Ia13:16


Brisfighear fós a cclann na
mblodhuibh as coinne a súl: creachfuighear
a ttighthe agus éigneochthar a mná.


L. Ia13:17


Féuch, broisteacha mé suas na
Mídianaigh na naghaidh, ag nach bía suim
anairgead, agus ar son óir ní bhía dúil
aca ann.


L. Ia13:18


Brisfid a mboghadha fós a nda-
óine óga na mblodhuibh, agus ní bhía tru-
aighe aca do thoradh na mbronn; ní choi-
geoluid a súile leinibh.


L. Ia13:19


Agus an Bhabilóin glóir na
rioghachd, scíamh oirdhearcuis na Gcail-
deanach, biáidh sí do nós an tan do scri-
os Día Sodom agus Gomorrah.


L. Ia13:20


Ní haítreochthar choidhche í, agus
ní choimhneochthar inte ó ghinealach go ginea-
lach: ní mó shuighfios an Tarábianach a
champa annsin, agus ní dhénaid na háo-
dhaire a máinreacha ann.


L. Ia13:21


Acht beathuighe állta an dío-
thraimh luidhfeas ann, agus béid a ttighthe
lán do chrétúirighibh dóbrónacha, agus ái-
treochuid na hulchubhcháin ann, agus do
dhénuid na Sáitír ringce ann.


L. Ia13:22


Agus éighfid beathuighe állta na
noilén iona ttighthibh uáigneacha, agus
dragúin iona bpálásaibh aóibhinn: agus
atá a haimsir a bhfogus do theachd, agus
ní cuirfighear a laéthe air cáirde.


L. Ia14:1


Oir dodhéna an Tighearna tró-
caire ar Iácob, agus toigh-
fidh fós Israel, agus sui-
gheochuidh íad iona ndúthaigh
féin: agus ceangoltar an coimhtidheach
ríu, agus druidfid síad re tigh Iácob.


L. Ia14:2


Agus glacfuidh an pobal íad, a-
gus dobhéraid dá náit íad: agus seal-
bhochuigh tigh Israel íad a ndúthaigh an
Tighearna mar sheirbhíseacha agus mar
chumhala: agus géubhuid na mbraighdibh
íad, agá rabhadar na mbraighdib, agus
ríaghlochuid ós cionn luchda a mbrúighte.


L. Ia14:3


Agus tiucfa a ccrích annsa lá a
ttiubhra an Tighearna socamhal duit ód
dhoilghios, agus ód eagla, agus ód
dhróirsine chruáidh ann ar tugadh ort
seirbhís do dhénamh,


L. Ia14:4


Go ttóigfe tú súas an seanfho-
calso anaghaidh Rígh na Babilóine, agus
go naibeora tú: cionnus do scuir an
milteach, do scuir an chathair órdha?


L. Ia14:5


Do bhris an Tighearna bata na
cciontach, agus slat na núachdarán.


L. Ia14:6


An té do bhuáil an pobal a bhfeirg
le buille búan, an té do ríaghluidh na
cineadhacha a ndíbhfheirg; atá sé dhá
inghreim, agus ní bhacann éunduine.


L. Ia14:7


Atá an talamh uile suáimhneach so-
cair: brisid síad amach a ccantaireachd.


L. Ia14:8


Gáirdigh fós an crann giumhuis
ionnadsa, agus cédair Lebánon, gha
rádh: ónuair fár luigh tú síos, ní
tháinic aoinghérrthóir ar naghaidh.


L. Ia14:9


Do corruigheadh ifrionn shíos ar do
shonsa, do theagmháil riot anuáir thiuc-
fas tú: dúisgidh sé súas na mairbh dhuitsi,
eadhon uile cheann feadna an domhain: do
thóg sé súas as a ccathaóiribh ríogha
uile Ríghthe na ccineadhach.


L. Ia14:10


Laibeoruid síad uile agus a
déraid riotsa: nar lagadh thusa fós
mar inne? a ndéarnadh thusa cosmhuil rinne?


L. Ia14:11


Tugadh húabhar síos gus a
nuaigh, agus guth hadhbhadh: do leathnui-
ghadh an phéist fúd, agus folchuid na
péiste thú.


L. Ia14:12


Ciondus do thuit tusa anuas
ó fhlaitheamhnus a lucifer, a mhic na maid-
ne? ciondus do gearradh síos go nuige
an ttalamh thusa noch do laguidh na ci-
neadhacha?


L. Ia14:13


Oír adubhairt tú ann do chroidhe,
éireochuidh mé súas go flaitheamhnus,
áirdeochaidh mé mo chathaoir ós cionn réul-
ta Dé: suighfidh mé fós ar shlíabh an
chomhchruinnighthe ar thaobhuibh an tuáis-
geirt.


L. Ia14:14


Eíreochaidh mé súas ós cionn
áirde na néull: biáidh mé cosmhuil ris
an tí is áirde.


L. Ia14:15


Gidheadh bérthar síos go hifrionn
thú, go táobhuibh an phuill.


L. Ia14:16


An mhuinntir chífeas thú, féuch-
fuid go gérchúiseach ort, agus measfuid
thú, gha rádh, an né so an té thug ar an
dtalamh criothnughadh, do chroith riogha-
chda?


L. Ia14:17


Dorinne an saoghal amhuil fá-
sach, agus do mhill a chaithreacha
nár fhosguil tígh a phríosúnach?


L. Ia14:18


Ríghthe na ccríoch uile, luighid
uile a nglóir, gach áon díob ann a thígh
féin.


L. Ia14:19


Acht do teilgeadh thusa amach
as anuaigh amhuil beangán adhfhúathmhar;
agus amhuil édach na droinge marbhthar,
sáite thríotha leis an ccloidhiomh, agus
téid síos go clochaibh an phuill, mar
chonablach air a saltairthear faói chosuibh.


L. Ia14:20


Ní bhía tú ceangailte ríu a nadh-
lacadh, do chionn gur scrios tú do dhú-
thaigh, agus gur mharbh tú do dhaóine:
ní bhía sliochd na ndroichghníomhach
clúiteach go bráth.


L. Ia14:21


Ullmhaighidh ár dhá chloinn, ar
son égceirt a nathar: chor nach
éireochuid, agus nach sealbhochuid an
dúthuigh, agus nach líonfuid aghaidh
na talmhan le caithreachaibh.


L. Ia14:22


Oír éireocha misi súas na na-
ghaidh, adeir Tighearna na slógh, agus
gérrfa mé ón Bhabhilóin an tainm agus
an fuighioll, agus an mac, agus mac
an mhic, adeir an Tighearna.


L. Ia14:23


Dodhéna mé mar an ccédna sealbh
dhi don bhunnán, agus locháin uisge: agus
scúabfuidh mé í le scuáib an léirsgris,
adeir Tighearna na slógh.


L. Ia14:24


Do mhionnuigh Tighearna na slógh,
gha rádh, go deimhin mar do smuáin mé,
is mairsin thiucfas asteach; agus mar
do thionnscain mé, is amhluidh sheasfas.


L. Ia14:25


Go mbrisfe mé an Tassíria-
nach ann mo dhúithche, agus ar mo shléibh-
tibh go sailteoruidh mé air: annsin imeochus
a chuing dhíobhsan, agus tóigfighear a
úalach óna nguáillibh:


L. Ia14:26


Isé so an tionnscnamh do ti-
onnscnadh ar an ndomhan uile: agus isí
so an lámh atá sínte amach ar na crío-
chuibh uile.


L. Ia14:27


Oír do thionnscain Tighearna
na slógh, agus cía thoirmisgfios é?
agus atá alámh sínte amach, agus cía
fhillfeas ar a hais í?


L. Ia14:28


Annsa bhlíadhain iona bhfuáir Rígh
Ahas bás dobhí an túalachso.


L. Ia14:29


Ná gáirdighsi uile a Phales-
tína do chionn gur briseadh slat an té do
bhuáil thú; óir tiucfa cocaithrís amach
as fréimh na naithreach nimhe agus biáidh a
thoirrchios na naithir theinntighe eiteallaigh


L. Ia14:30


Agus bíathfuidh céidghin an
bhoichd, agus luighfidh an ríachdanach síos
a ndaingean agus muirfidh misi do fhrémh
sa le gorta, agus muirfidh seision
thfuighioll


L. Ia14:31


Nuáill, a gheata, éigh a cha-
thair, thusa a Phalestina uile
sgaóilte: óir tiucfa deatach ón tuáis-
geart, agus ní bhía áon na áonar ar
uáiribh cinnte.


L. Ia14:32


Cred fhreagorus neach annsin do
teachdairigh na críche? gur dhaingnidh an
Tighearna Síon agus o ccuirfid boichd
a phobail a ndóig ann.


L. Ia15:1


Ualach Mhoab: do chionn san
noidhche gur fágbhadh Ar Mho-
ab na fásach, agus gur
cuireadh na tochd í: do chionn
san noidhche gur fásuigheadh Cir Mhoab, a-
gus gur cuireadh na tochd í:


L. Ia15:2


Dochuáidh sé súas go Baiit agus
go Díbon, na háite árda do ghul:
núallfuidh Moab ós cionn Nébo, agus
ós cionn Mhedeba: biáidh maóile ar
a cceannuibh uile, agus gach áon fhésóg
geárrtha dhíobh.


L. Ia15:3


Ann a sráidibh crioslochuid íad
féin lé saicédach: ar mhulladhuibh a tti-
ghtheadh, agus iona sráidibh núallfuidh gach
aonduine ag gul go hiomarcach.


L. Ia15:4


Agus éighfidh Hesbon agus Eleá-
leh: cluinfighear a nguth air fad go Ia-
has: uimesin gáirfid saighdiúiridh arm-
tha Mhoab, nuaillfidh a anam ann.


L. Ia15:5


Comhaircfidh mo chroidhe go hárd
son Mhoab, teithfid a dhíbearthuigh
go Soar, seasgbhó thrí mblíadhan
daóis: óir le rochduin Luhit súas, le
gul rachaid síad súas air: óir a slighe
Horonaim, tóigfid súas comhairc na
dioghbhála.


L. Ia15:6


Oír béid uisgeadha Nimrim mar fhá-
sach: óir do chríon an luibh, do mheath an
féur, ní bhfuil ní glas ar bíth.


L. Ia15:7


Uimesin an saidhbhrios fúaradar,
agus an ní do chuireadar a ttaisgidh,
béuruid léo go sruth na suiléog.


L. Ia15:8


Oír dochúadar na comhairc tim-
chioll bhrúach Mhoab: a núallghubhasan
go Heglaim, agus a núallghubhasan
go Beer-elim.


L. Ia15:9


Oír atáid uisgeadha Dímon lán
dfuil: óir dobhéra mé tuilleamh ar Dhi-
mon: leomhain ar an té imeochus as do
Mhoab, agus ar fhuighioll na tíre.


L. Ia16:1


Cuiridh an túan go húachta-
rán tíre ó charruig anfás-
uigh, go slíabh inghine
Síon.


L. Ia16:2


Agus biáidh amhuil éun seachráin arna
theilgean amach as a nead: marsin bhéid
ingheana Mhoab ag áthannuibh Arnon.


L. Ia16:3


Gabh comhairle, dén breitheamh-
nus, dén do sgáile mar anoidh-
che a lár an mheadhon laé: foluigh
na díbearthuigh, ná braith an té
bhíos ar seachrán.


L. Ia16:4


Léig dom dhíbearthaibhsi comh-
nuidh ad fhochair, a Mhoab, bíse
ad dhídean dóibh ó aghaidh an
mhilltéora: óir atá an sáruightheach
coisge, do scuir an millteóir: do
scriosadh na díbearthuigh as a dú-
thaigh.


L. Ia16:5


Agus daingneochar an cha-
thaoir ríogha a ttrócaire, agus suidh-
fidh sé innte a bhfírinne, a ttabernacuil
Dháibhi; ag breathnughadh, ag íarruidh
breitheamhnuis agus ag deifriughadh an
cheirt.


L. Ia16:6


Dochúalamar úabhar Mhoab,
(is rouáibhreach é): eadhon a uabhar a-
gus a áirde agus a fhearg: acht ní
bhéid a bhréaga marso.


L. Ia16:7


Uimesin núallfa Moab ar-
son Mhoab, nuallfaidh sé go hiom-
lán: guilfidhe ar son bhunáite cir-ha-
reset: go deimhin atáid síad buáil-
te.


L. Ia16:8


Oír do laguigheadh machairea-
dha Hesbon agus fíneamhuin Shibmah:
do bhrisiodar tighearnuigh na ngeinteadh
síos a plannduighe prinsiopalta; than-
gadar go nuige Iaser, do sheachrána-
dar thríd an bhfásach: do síneadh a
géga amach, dochúadar tar an bhfair-
ge.


L. Ia16:9


Ar anadhbharsin guilfidh mé le
cumadh iaser, fíneamhuin Shibmah: fliuch-
fa mé thú lem dhéruibh, a Hesbon agus
a Eleáleh: óir do thuit gáir air do tho-
radh samhruidh agus air thfoghmhar.


L. Ia16:10


Agus dorugadh an lúath-
gháir ar siubhal agus sólás as an ma-
chaire thóirtheamhuil, agus ní bhía céol ar
bith annsna fíneamhnuibh, agus ní bhía
gáir air bith: an luchd saltairte ní sháil-
teoruid fíon ar bith ann an nomaruibh:
thug mé ar gháir thfíneamhnach
scur.


L. Ia16:11


Uimesin dhéanuid minnidhe fu-
áim amhuil cláirseach ar son Mhoab, a-
gus mo bhaill astigh ar son Cir-
hares.


L. Ia16:12


Agus tiucfa a ccrích anuáir
dochífighear é, go madh coirthe Moab
annsanáit áird, go ttiucfa sé dha
shanctora durnaighe; acht ní bhuáidheocha
sé.


L. Ia16:13


Isé so an focal do labhair an
Tighearna a ttaobh Mhoab ónaim-
sirsin a le.


L. Ia16:14


Acht anois do labhair an
Tighearna, gha rádh; táobh a
stigh do thrí blíadhnuibh, mar blíadh-
nuibh formaluigh, agus cuirfhighear
glóir Mhoab a ttárcuisne maille
ris aniomadamhlachd mhóirsin, agus
biáidh an fuighioll robheag agus lag.


L. Ia17:1


Ualach Dhamascus; féuch
rugadh Damascus as ó
bheith na cathruigh, agus
biáidhsi na cárn scriosta.


L. Ia17:2


Do tréigeadh caithreacha
Aroer, béid fáoi thréduibh luighfios síos,
agus ní chuirfidh áonduine eagla orra.


L. Ia17:3


Coisgfidh fós an daingean ó E-
phraim, agus an rioghachd ó Dhamas-
cus, agus an fuighioll óNassíria;
béid síad mar ghlóir chloinne Israel, a
deir Tighearna na slógh.


L. Ia17:4


Agus annsa lósin tiucfuidh a ccrích,
go ndéntar glóir Iácob tana, agus
go bhfásfuidh méuthus a fheóla
trúagh.


L. Ia17:5


Agus is amhluidh bhías anuáir
chruinneochus fear anfoghmair an
tarbhar, agus bheanfas sé na déu-
sa lena láimh; agus biáidh sé amhuil
an té chruinnighios désa a ngleann Re-
phaim.


L. Ia17:6


Gidheadh fúigfighthear cáora diogh-
luim ann, do nós chroite an chrainn ola,
dhá chaóir ná a thrí a mullach na craóibhe
úachdaruigh, a cearthair ná cúig
ansna géaguibh tóirtheamhla is faide
amach dhé, adeir an Tighearna Día Is-
rael.


L. Ia17:7


Annsa lósin féuchfuidh duine ar a
chruthaightheóir, agus biáidh meas agá
shúilibh ar áon náomhtha Israel.


L. Ia17:8


Agus ní fhéuchfa sé air na
haltóruibh, oibreacha a lámh, ní mó
bhías meas aige air áoinní dá ndeárna-
dar a mhéir, na garráin ná na hío-
mháighe.


L. Ia17:9


Annsa lósin biáidh a chaithreacha
daingne mar ghéig thréigthe, agus mar
an mbeangán úachdarach, noch do fhág-
bhadar do brígh chloinne Israel; agus
biáidh aonránachd ann.


L. Ia17:10


Do bhrígh gur dhearmuid tú Día do
shlánuighthe, agus nach raibh tú cuimhneach
air charraic do neirt; uimesin plainn-
deocha tú planndadha taitneamhacha,
agus cuirfidh tú íad lé géagaibh coimh-
thigheacha,


L. Ia17:11


Annsa ló, dobhéra tú air do
phlannda fás, agus air maidin do
bhéra tú air do shíol eascar; acht
biáidh an foghmhar na chruaich a ló
an doilghis agus an dóbróin dhíbhfheir-
gidh.


L. Ia17:12


A mhairg diomadamhlachd mhó-
ráin do dhaóinibh, noch doní tormán mar
thormán na fairge; agus do bhuaidreadh
na ccineadhach doní buaidhreadh cosmhuil re
buaidhreadh srothann láidir.


L. Ia17:13


Lingfid na cineadhacha amhuil
buaidhreadh móráin uisgeadh; achd im-
dherrgfuidh (Día) íad, agus teith-
fid a bhfad úadh, agus díbeorthar íad
mar lóchán na slíabh roimhe an ngaóith,
agus amhuil líathróid roimhe an ngaoith
nguáirdéin.


L. Ia17:14


Agus féuch, annsa tráthnóna
buáidhreadh, agus roimhe an maidin ní
bhfuil sé ann: isé so cuid ronna na druin-
ge chreachus sinn, agus crannchar na muin-
tire shladas sinn.


L. Ia18:1


A mhairg don tír atá ag fo-
lach lé sciathánuibh, noch atá
taóibh thall dabhuinn na Hé-
tiópia.


L. Ia18:2


Noch chuireas teachda úa-
tha ar an bhfairge, eadhón a soighthighibh
buigshibhne ar na huisgeadhuibh, (gha rádh)
imthighidh a theachta lúatha go cineadh
sreathnuighthe agus lomtha, chum daóine
úathbhásach óna ttosach go ttí so,
cineadh ar na ttomhus amach, agus arna
saltairt síos, ar mhilleadar na haib-
ne a bhfearann.


L. Ia18:3


Féuchuidhsi uile a áitreabhthacha an
tsáoghail, agus a chomhnuightheacha na
talmhan, anuáir thóigfios sé bratach
súas ar na sléibhtibh, agus anuáir
shéidfios sé a stoc éistighsi.


L. Ia18:4


Oír is mairsin adubhairt an Tigh-
earna riomsa, glacfa mé mo shuáimh-
neas, agus measfa mé ann máit chomh-
nuighe amhuil teas glan ar luibhionnuibh,
agus amhuil néull drúchda a tteas a
nfoghmhair.


L. Ia18:5


Oír roimhe an bhfoghmhar, anuáir
is abaidh an fás, agus abuidheas an
cháor shearbh annsa mbláth; gérrfuidh sé
amach aráon na slaitíne le corrán-
uibh bérrtha, agus béruidh sé leis, a-
gus gérrfuidh síos na beangáin.


L. Ia18:6


Fúigfidhthear lé chéile íad ag
énlaith na slíabh, agus ag beathuighibh
na talmhan: agus saimhreochuid a nén-
laith orra, agus geimhreochuid uile bheath-
uighe na talmhan orra.


L. Ia18:7


Annsanamsin bérthar tiodhla-
cadh chum Tighearna na slógh ó phobal
arna scaóileadh ó chéile, agus arna
lomadh, agus ó phobal úatbhásach ó
na ttosach gus anois: pobal arna
scaradh amach, agus do saltradh
faói chois, ar mhilleadar na haibhne a
bhfearann go nuige áit anma Thighear-
na na slógh, slíabh Síon


L. Ia19:1


Ualach na Hégipte: féuch,
atá an Tighearna ag mar-
cuigheachd ar néull lúath, a-
gus tiucfa don Négipt,
agus áthrochthar iodhail na Hégipte,
lena fhaicsin, agus leighfidh croidhe
na Hégipte iona lár.


L. Ia19:2


Agus cuirfe misi na Hégiptigh
anaghaidh na Négipteach, agus troid-
fidh gach áon díobh anaghaidh a dhearbhra-
thar, agus gach áonduine anaghaidh a
chomharsan, cathair anaghaidh caithreach,
agus rioghacht anaghaidh rioghachta.


L. Ia19:3


Agus failleochuidh spiorad na
Hégipte iona lár, agus díobhaighfe
misi a comhairle: agus íarrfuid siad
chum na druinge agá mbí leannáin sígh-
the, agus chum na bhfáistineach.


L. Ia19:4


Agus seachóduigh mé na Hégip-
tigh a láimh tighearna éttrócáirigh; a-
gus riaghlochuidh Rígh borb ós a chionn,
adeir an Tighearna, Tighearna na shlógh.


L. Ia19:5


Agus failleochuidh an tuisge ón
bhfairge, agus fáiseochthar, agus ti-
ormachthar súas anabhann.


L. Ia19:6


Agus iompochuid síad na haibhne
a bhfad úatha, agus foilmheochthar, a-
gus tiormhachthar súas aibhne an dain-
gin: críonfuidh an giolcach agus an
soileastar.


L. Ia19:7


Críonfuid na giolcuigh pháipéir
láimh ris na haibhnibh, láimh re béul na
srothann, agus gach aóin ní shíolchuir-
thear láimh ris na srothuibh críonfaidh sé,
bérfuighear ar siubhal é, agus ní bhiáidh
ann nísa mhó.


L. Ia19:8


Caóinfid fós na híascaireadha,
agus caóinfid na huile dhaóine theil-
gios dubháin annsna haibhnibh, agus an
drong shreathas líonta ar na huisgeadh-
uibh, rachuid as a ccruth.


L. Ia19:9


Tuilleamh oile, claochlodhthar an
drong oibrighios a líon mhín, agus an
drong fhighios obair líonruidh.


L. Ia19:10


Agus brisfighear iona thionn-
scnamh sin íad, anuile duine da ndén
comhluighuisce agus linteach chum éisg.


L. Ia19:11


Go dheimhin is amadáin prionnsa-
dha Soan, is brúideamhuil comhairle chomhair-
leach nglic Phárao: cionnus adearthaósi
re Phárao, is misi mac na neagnuighe,
mac Ríogh bhfoirfe?


L. Ia19:12


Cáit a bhfuilid síad? cáit a
bhfuilid do dhaóine glioca? agus inni-
sidís duit anois, agus bíodh a fhios
aca cred do thionnscain Tighearna na
slógh ar aNégipt.


L. Ia19:13


Is amadáin prionnsadha Soan,
do mealladh prionnsadha Noph, do mheal-
ladar fós a Négipt, (eadhon) an drong
as fuilang dá treabhuibhsion.


L. Ia19:14


Do chumaisg an Tighearna spi-
orad urchóideach ann a lár, agus thuga-
dar ar a Négipt seachránughadh iona
huile obair, amhuil thuiteas fear meisce
iona sceathruigh.


L. Ia19:15


Ní mó bhías obair ar bith ar son
na Hégipte, noch fhédas an ceann, nó
an tearball, nó an beangán, nó an lúa-
chair do dhénamh.


L. Ia19:16


Annsa lósin biáidh a Négipt
cosmhail re mnáibh, agus biáidh eagla
orra, agus uáimhneochuid do bhrígh
croithe láimhe Thighearna na slógh, noch
chroitheas sé ós a cionn.


L. Ia19:17


Agus biáidh tír Iúdah na
húathbhás don Négipt, gach aon da
ttig thairissin, biáidh sé eaglach ann féin
do bhrigh chomhairle Thighearna na slógh,
noch do chomhairligh sé na hadhuigh.


L. Ia19:18


Annsa lósin laibheoruid cúig
caithreacha a ttír na Hégipte tean-
ga thíre Chanáain, agus goirfighear
cathair an dioghlairighthe dáon díobh.


L. Ia19:19


Annsa lósin biáidh altóir ag
an ttighearna a meadhón thíre na Hé-
gipte, agus piléur agá himiol don
Tighearna.


L. Ia19:20


Agus biáidh mar chomhartha, a-
gus mar fhiadhnuise a ccrích na Hé-
gipte do Thighearna na slógh: óir éigh-
fid síad chum an Tighearna, do bhrígh
na ndíbhfheirgeach, agus cuirfe sé
slánaightheóir chuca, agus áon mór,
agus sáorfuidh sé íad.


L. Ia19:21


Agus aitheontar an Tighear-
na san Négipt, agus aitheonuid na
Hégiptigh an Tighearna annsa lósin,
agus dodhénaid íodhbairt agus of-
ráil, dobhéruid fós móid don Tighear-
na, agus comhlíonfuid síad í.


L. Ia19:22


Agus buáilfidh an tighearna an
Négipt, buáilfidh sé agus leigheos-
uidh sé í, agus fillfid síadsan chum
an Tighearna, agus biáidh sé air a nim-
pidhe, agus leigheosuidh sé íad.


L. Ia19:23


Annsa lósin biáidh slighe mhór
as an Négipt don Assíria, agus
tiucfuidh an Tassírianach don Né-
gipt, agus an Tégipteach don As-
síria, agus dodhénuid na Hégiptigh
seirbhís ag an Hassírianchaibh.


L. Ia19:24


Annsa lósin biáidh Israel
an treas (rioghachd) leis an Négipt,
agus leis aNassíria, na bheannughadh
a lár na críche:


L. Ia19:25


Noch bheinneochus Tighearna
na slógh, gha rádh, go madh beann-
uighthe an Négipt mo phobal, a-
gus a Nassíria obair mo lámh, agus
Israel moighreacht.


L. Ia20:1


Ansa bhlíadhain a ttáinic Tar-
tan go Hasdod, anuáir
do chuir Sargon Rígh na Has-
síria úadh é, agus do throid
anaghaidh Asdod, agus do ghabh
sé í.


L. Ia20:2


Annsanamsin féin do labhair an
Tighearna tre Isaiah mhac Amos, gha
rádh; imthigh, agus scaóil an saicéd-
ach ó a ttimchioll do leasruigh, agus
cuir do bhróg dot chois. Agus do
rinne sé sin, ag siubhal nochtuigh
agus lomchosach.


L. Ia20:3


Agus adubhairt an Tighearna,
amhuil mar do shiubhluighios mo shearbhfho-
ghantuighe Isaiah nochduigh agus gan
choisbheirt trí blíadhna mar chomhartha
agus mar iongnadh ar a Négipt, a-
gus ar aNetíopia:


L. Ia20:4


Mar sin bhéras Rígh na Has-
síria na Hégiptigh leis na bpríosú-
nachaibh, agus na Hetíopigh na mbraigh-
dibh; óg agus sean, nochduigh agus
lomchosach, edhon gon a másuibh lom-
nochd chum náire don Négipt.


L. Ia20:5


Agus béid síad eaglach, agus
náireach ar son na Hetíopia a ndóth-
chus, agus ar son na Hégipte a
nglóir.


L. Ia20:6


Agus déruidh áitreabhach anoi-
léinsin annsa lósin, féuch, sé a
leitheidso ar ndóthchus chum a tteith-
fiom chum cuidigh dar sáoradh ó Rígh
na Hassíria: agus ciondus racham
as?


L. Ia21:1


Ualach díothraimh na fairge:
mar imthighid gáotha ghuáir-
dein don taóibh ó dheas thríd,
marsin thig sé ón díoth-
ramh, ó dhúthaigh úathbhásaigh.


L. Ia21:2


Do foillsigheadh fis dhoilghiosach
dhamhsa, doní an duine míochoinghiollach
míochoinghioll, agus creachaidh an creacha-
dóir: éirígh súas a Elam, suigh a
ttimchioll Mhédia, thug misi ar a
hosnadhuibhsin uile cosg.


L. Ia21:3


Uimesin atáid mo leasrach lán
do phéin, do ghlacadar píanta greim
dhíom, amhuil píanta mhná ré niodhnuibh:
do cromadh sías mé lena chluinsion
sin, dobhí mé anaithmheal lena fhaic-
sin.


L. Ia21:4


Do criothnuigh mo chroidhe, duamh-
nuigh eagla mé, diompóigh sé oidhche mo
shóláis aneagla dhamh.


L. Ia21:5


Gléasuidh an bórd, dénaidh fura-
chus a ttor na faire, ithidh, ibhidh;
éirghidhe, a phrionnsadha, ungaidh an
scíath?


L. Ia21:6


Oír is marso adubhairt an Ti-
ghearna riomsa, éirghidhe, cuiridh amach
fear faire, foillsigheadh sé cred dochí sé.


L. Ia21:7


Agus dochonnairc sé carbad ag
dís marcach, carbad assal, agus
carbad cámhall; agus déist sé go
friochnamhach maille re haire mhóir.


L. Ia21:8


Agus dfúagair sé leomhan; a
thighearna seasuim a gcomhnuidhe ar
thor na faire anaimsir an laé, a-
gus cuirthear annsa bhforaire mé gach
aonoidhche.


L. Ia21:9


Agus féuch, atá ag teachd annso
carbad daóine maille re dís mharcach:
agus do fhreagair seision, agus adu-
bairt sé, do thuit an Bhabilóin, do
thuit; agus do bhris sé go talamh íom-
áige greanta a dée uile.


L. Ia21:10


O mo bhualadh, agus arbhar
murláir: an ní dochúala mé ó Thi-
ghearna na slógh Día Israel, dinnis mé
dhaóibh é.


L. Ia21:11


Ualach Dumah: goiridh sé o-
rum as Seir, a fhir na faire cred do
(sgéula) ónoidhche? a fhir na faire,
cred do (sgéula) ónoidhche?


L. Ia21:12


Adubhairt fear na faire, tháinic
an mhaidin, agus mar an ccédna anoidh-
che; má fhíafhruidhe, fiafruighe; fillidh, ta-
gaidh.


L. Ia21:13


Ualach na Harábia: a bhforaois
na Harábia choideolthaói, shibhsi a chuideachda
shiubhail Dhedanim.


L. Ia21:14


Thug áitreabhuigh thíre Tema
uisge chum an tí ar a raibh tart; than-
gadar lena narán a ccoinne an tí
do theith.


L. Ia21:15


Oír do theitheadar roimhe na
cloidhmhthe, ón ccloidhiomh táirngthe,
agus ón mbogha glésta, agus ó dhoil-
gios an chogaidh.


L. Ia21:16


Oír adubhairt an Tighearna mar-
so riomsa, táobh astigh do bhlíadhain
do réir bhlíadhna formalaigh, agus fail-
leochaidh ghlóir Chedair uile.


L. Ia21:17


Agus laighdeochthar an mhéid
fhúigfidhthear duibhir na soighideóireadh,
daóine árrachda chloinne Cedair; óir do
labhair an Tighearna Día Israel
é.


L. Ia22:1


Ualach ghlinne na fise: cred
dimthigh ort anois, as a-
ndheachaidh tú go hiomlán súas
go mullach an tighe?


L. Ia22:2


As a bhfuil tú lán
do chorruighthe, cathair fhúasnuidhtheach, ca-
thair lúathgháireach: níor marbhadh do dhaóine
marbha leis an gcloidhiomh, níor éga-
dar a ccath.


L. Ia22:3


Do theitheadar húachdaráin uile le
chéile, do ceangladh leis na soighi-
deóiribh íad: do ceangladh lé chéile an
mhéid dofríth ionnatsa, noch do theith
animchían.


L. Ia22:4


Uimesin adubhairt misi, féuchaidh
uáim, guilfidh mé go géur, ná saoth-
ruighidh dom chobrughadh, do bhrígh millte
inghine mo phobail.


L. Ia22:5


Oír is lá buáidheartha é, agus
saltartha síos, agus lá doghrainne le
Tighearna Día na slógh, a ngleann na fi-
se, agus ag briseadh an bhalladh síos,
agus comhairc chum na slíabh.


L. Ia22:6


Agus diomchair Elam an bol-
gán soighiod a ccarbad duine a-
gus marcshlúagh, agus do nochd Cir
an sgíath.


L. Ia22:7


Agus tiucfaidh a ccrích go mbía
do ghleanna toghtha lán do charbaduibh, a-
gus cuirfidh an marcshlúagh íad féin
anórdughadh ag an ngeata.


L. Ia22:8


Agus dfoillsigh sé folach Iú-
dah, agus dféuch tusa an lásin
darmáil thighe na foraóise.


L. Ia22:9


Dochonncabhair mar an ccédna
briste chaithreach Dháibhi go bhfuilid io-
madamhuil, agus do chruinnigheabhair uis-
geadha an luing íochdaruigh a bhfochair a
chéile.


L. Ia22:10


Agus dáirmheabhair tighthe Ieru-
salem, agus do bhriseabhair síos na
tighthe do neartughadh an bhalla.


L. Ia22:11


Dorinneabhair fós díog eidir
an dá bhalla ar son uisge an tsean-
luig; acht níor fhéuchabhir da dhén-
tóirsin, agus ní raibh meas a-
gaibh ar an té do chum é fada ó
sin.


L. Ia22:12


Agus annsa lósin do ghoir
Tighearna na slógh air ghul, agus air
chaói, agus ar mhaóile, agus air chrioslu-
ghadh lé saicédach.


L. Ia22:13


Agus féuch, gáirdeachus agus
lúathgháir, re marbhadh damh, agus re
marbhadh cáorach, re ithe feóla, agus
re ól fíona, (gha rádh) itheam agus
ibhiom, óir racham déug amárach.


L. Ia22:14


Agus do foillsighiodh ann mo
chlúasaibhsi é lé Tighearna na slógh, go
deimhin ní glanfuighear an tolcso uaibh
nó go néugthaói, adeir Tighearna Día
na slógh.


L. Ia22:15


Is marso adeir Tighearna
Día na slógh, éirigh imthigh gus an
tréisinersi, eadhon go Sebna, noch atá
ós cionn an tíghe, (agus abair,)


L. Ia22:16


Cred atá agad annso? agus cía
atá agad annso, as ar shnoigh tú
túama amach dhuit féin annso, do
nós an té shnoighios túama dhó
féin ar árd, agus ghrábhálas áit
chomhnuidhe dhó féin a ccarruic?


L. Ia22:17


Féuch, béruidh an Tighearna ar
siubhal thú maille re daóirsine chumh-
achdaigh, agus go deimhin foileochuidh
sé thú.


L. Ia22:18


Go deimhin iompochuidh sé, agus
iomáinfidhse thú go foiréigneach a-
mhail léthróid go tír fhairsing: annsin
égfas tú, agus annsin budh íad car-
baid do ghlóire náire thighe do Thi-
earna.


L. Ia22:19


Agus díbéora misi ód ionad
comhnuidhe thú, agus tairreonga sé
síos as do staid thú.


L. Ia22:20


Agus tiucfa so a ccrích ann-
sa lósin, go ngoirfidh misi mo sheir-
bhíseach Eliacim mhac Hilciah.


L. Ia22:21


Agus éideochad é lé do ró-
basa, agus neirteochad é le do
chriossa agus dobhéra mé húachd-
aranachd ann a láimh, agus biáidh sé
mar athair ag dúthchusaibh Ierusalem,
agus do thigh Iúdah.


L. Ia22:22


Agus leagfa mé eochair thighe
Dháibhi air a ghualuinn; agus fois-
ceoluidh sé, agus ní dhruidfe áon-
duine; agus druidfidh sé, agus ní
fhoisceola aonduine.


L. Ia22:23


Agus daingneochad é amhuil
táirnge anáit dhaingin, agus biáidh
sé mar chathaóir ghlórmhair do
thigh a athar.


L. Ia22:24


Agus leagfuid air glóir thighe
a athar uile, an sliochd, agus an
chlann, na mionshoighthidh uile ó
shoighthighibh an chupáin go nuige
soighthighe na bhflagún.


L. Ia22:25


Annsa lósin, ar sa Tighear-
na na slógh, áthrochthar an tairn-
ge atá daingion annsanáit dhain-
gin, agus gérrfuighear síos é, agus
tuitfidh sé; agus teilgfighear an
túalach dhé dobhí air: óir do labhair an
Tighearna é.


L. Ia23:1


Ualach Tíor: núalluigh a
longa Tarsis, óir do fág-
bhadh na fásach í, iondus
nach bhfuil áointigh re dhul
asteach innte: ó dhúthaigh
Chittim do foillsioghadh dhóibh é.


L. Ia23:2


Bíthí suáimhneach, sibhsi áitreabhtha-
cha anoiléin, thusa noch do líonadar
ceannuighthe Sídon, noch théid anonn tar
fairge.


L. Ia23:3


Agus anuisceadhuibh móra atá síol
Sihor, isé fhoghmar na habhann a cíos,
agus sí is móráonach do chineadha-
chaibh.


L. Ia23:4


Bíodh náire ortsa, a Shídon, óir
do labhair anfairge, eadhon neart na fair-
ge, gha rádh, ní bhfuilim ré niodhnuibh, a-
gus ní bheirim clann, agus ní oilim súas
daóine óga, agus ní theagaisgim maigh-
diona.


L. Ia23:5


Mar dobhí an tiomrádh do thaoibh
na Hégipte, is marsin bhiáid agá bpía-
nadh go tinnisneach tré thúarusgbháil
Tíor.


L. Ia23:6


Eírgidh thairis go Tarsis, núall-
uighe sibhse áitreabhthacha anoiléin.


L. Ia23:7


A níso bhur ccathair mheadhrach,
agá bhfuil a sinnsireachd a láethibh áos-
ta? Iomchoruid a cosa féin í ar
cuairt animchían.


L. Ia23:8


Cía ghabh an chomhairleso ana-
ghaidh Tíor, an chathair chorónuighios,
noch ar prionnsuighe a ceannuighthe,
noch arbiáid a malartuige daóine o-
nóracha na talmhan?


L. Ia23:9


Do thionnscuin Tighearna na slógh
é, do thruailleadh úabhair gach uile ghlóire,
agus do thabhairt uile onórach na tal-
mhan chum tarcuisne.


L. Ia23:10


Eírigh thríd do dhúthaigh mar
shruth, a inghean Tarsis: ní bhfuil neart
nísa mhó.


L. Ia23:11


Do shín sé a lámh tar
an bhfairge, do chroith sé na
rioghachda: thug an Tighearna aithne
anaghaidh an cheannuigh, do scrios a dhain-
gion láidir.


L. Ia23:12


Agus adubhairt sé, ní gháirdeo-
chuidh tú nísa mhó, a mhaighdion sháruighthe,
a inghean Shídon: éirigh, imthigh anonn
tar Chittim, annsin fós ní bhfuighe tú
suáimhneas.


L. Ia23:13


Féuch dúthaigh na ccaldeanach:
ní raibh na daóinesi ann nó gur shuigheadar
na Hassírianuigh í don droing áitrea-
bhus annsa bhfásach: do chuireadar súas
a tuirsin, do thógbhadar súas a pá-
láis, agus thug seision í chum sgrios-
ta.


L. Ia23:14


Núalluighidhsi, a longa Tar-
sis: óir do sgriosadh bhur neart.


L. Ia23:15


Agus tiucfaidh a ccrích annsa
lósin go ndearmodfar Tíor seachdmho-
ghadh blíadhan do réir láethe áoin Rígh:
tar éis críochnuighthe sheachdmhoghad blía-
dhan canfuidh Tíor amhuil meirdreach.


L. Ia23:16


Glac cláirseach, éirigh fá ccú-
airt na caithreach, a mheirdreach noch
do dearmadadh; dén céol binn, gabh
mórán abhrán, chor go ccuimhneochthar
thú.


L. Ia23:17


Agus tiucfa a ccrích, tar
éis chríochnuighthe sheachdmhoghadh blía-
dhan, go ttiucfuidh an Tighearna
dféuchuin Tíor, agus fillfidh sí chum a
túarusdail, agus dodhéna sí stríopa-
chus re huile rioghachdaibh an domhuin ar
ghnúis na talmhan.


L. Ia23:18


Acht biáidh a ceannuigheacht, agus
a túarusdal na náomhthacht don Tighear-
na: ní hionnmhusfuighthear é, agus ní
cuirfighear a ttaisgidh é: óir biáidh a
ceannuigheachd ag an ndroing áitreabhus a
bhfíadhnuise an Tighearna, dithe a sáithe,
agus chum éduigh bhuáin.


L. Ia24:1


Feúch doní an Tighearna an
talamh folamh, agus do
ní fásach dhe, agus iompói-
ghidh sé bunascionn é, agus
scaruidh sé a dhúthchusaidh ó chéile.


L. Ia24:2


Agus amhuil mar bhías ag an bpo-
bal, is marsin bhías ag tsagart:
agus mar bhías ag an tseirbhíseach,
seadh bhías ag an maighistir; mar bhías
ag an ccailín, seadh bhías ag an maighis-
treás: mar bhías ag an cceannuighe, mair
sin bhías ag an reacadóir; mar bhías ag
anáirlictheach, is mairsin bhías ag an té
áirlictheas; mar bhías ag an té ghlacas
anúsúireachd, is mairsin bhías ag an té
bheir anúsúireacht dó.


L. Ia24:3


Foilmheochthar an tír lé chéile, a-
gus millfighear thríd amach í: óir adu-
bhairt an Tighearna an focalso.


L. Ia24:4


Caóidhigh an talamh agus sear-
gaidh sé, anbhfainnigh an domhan, agus
meathaidh sé: anbhfuinnighid daóine móra an
domhuin.


L. Ia24:5


Do truáilleadh an talamh mar an
ccéadna faói na dhúthchusaibh, do chionn
gur sháruigheadar an dligheadh, gur áth-
ruigheadar an tórdugh, bhriseadar an
cunnradh síorruidhe.


L. Ia24:6


Uimesin do shluig mallughadh an
talamh, agus an luchd áitreabhus ann
atáid dubhach: uimesin do loisgeadh dúth-
chusaigh na talmhan, agus is beag do
dhaoinibh do fágbhadh dhíobh.


L. Ia24:7


Caóidhigh an fíon núadh, do lagui-
gheadh anfíneamhuin, agus osnuighid na
croidhthe súgach uile.


L. Ia24:8


Coisgidh súgradh na ttiompán,
críochnuighidh fuáim na druinge gháirdi-
gheas, scuiridh gáirdeachus na cláir-
sigh.


L. Ia24:9


Ní Iobhfuid síad fíon le céol,
biáidh an deoch láidir searbh ag an ndroing
iobhas í:


L. Ia24:10


Do briseadh cathair anaidhmhillte síos:
do druideadh gach aóintigh, ionnus
nach bhfédfuidh áonduine téachd asteach.


L. Ia24:11


Atá gairm ar fhíon annsna srái-
dibh, do dorchuigheadh anuile lúatgháir,
dimthigh súgradh na tíre uile.


L. Ia24:12


Do fágbhad dóbrón annsa cha-
thruigh, agus do buáileadh an geata le
díothlaithriughodh.


L. Ia24:13


Anuáir bhías sé marso a lár
na tíre a measc an phobail: biáidh amhuil
crothad chrainn ola, agus mar na cáo-
ra dioghluim tar éis na fíneamhna do
chruinniughadh.


L. Ia24:14


Tóigfid síad a nguth súas,
canfuid céol ar son mhórdhachda an Ti-
ghearna: goirfid go hárd ón bhfairge.


L. Ia24:15


Uimesin tugaidhsi glóir don
Tighearna annsna gleanntaibh: eadhon dainm
an Tighearna Día Israel anoilénuibh na
fairge.


L. Ia24:16


On chuid is faide amach don ta-
lamh dochúalamar céolta, eadhon glóir
donfírén: achd adubhairt misi, mo she-
créid damh féin, mo shecréid damh féin,
a mhairg dhamhsa: na daoine fealltacha do
rinneadar droichmhéin, fós na daóine
fealtacha dorinneadar droichmhéin fheall-
tach.


L. Ia24:17


Atá aneagla, agus an poll,
agus an paintéar ort, a áitreabhuigh na
talmhan.


L. Ia24:18


Agus tiucfuidh a ccrích, an té theith-
fios ré fuáim na heagla, go ttuitfidh
se annsa pholl: agus an té thiucfas
aníos as lár an phoill, go ngébhthar
san líon é: óir atáid na fuinnéoga
foscailte ónáird shúas, agus crioth-
nuigh bunáit na talmhan.


L. Ia24:19


Do briseadh síos an talamh thríd
amach: do cuireadh an talamh ó chéile go
hiomlán: do corruigheadh an talamh go
hadhbhul.


L. Ia24:20


Cláonfuidh an talamh chugad is
uait mar fhear meisge, agus áthroch-
thar é amhuil máinreach; agus biáidh a
choir féin trom air, agus tuitfidh sé, a-
gus ní éireocha sé arís.


L. Ia24:21


Agus tiucfa a ccrích annsa ló
sin, go bpíanfa an Tighearna slúagh na
ndaoine árd, ansanárd, agus Ríghthe
na talmhan ar an ttalamh.


L. Ia24:22


Agus cruinneochthar a ccionn a
chéile íad, mar chruinnighthear braighde
ansa log; íadhfuighear san phríosún íad,
agus tar éis móráin do láethibh, tig-
thior dá bhféuchuin.


L. Ia24:23


Annsin chlaóidhfighear an ghealach,
agus biáidh náire air an ngréin; a
nuáir ríghfeas Tighearna na slógh a slíabh
Síon agus ann Ierusalem, agus a bhfíagh-
nuise a shean go glórmhar.


L. Ia25:1


A Thighearna is tú mo Dhía,
áirdeochuidh mé thú, molfa
mé hainm, óir dorinne tú
neithe iongantacha; síad do
chomhairligh ón tseanaimsir ionnracus agus
fírinne.


L. Ia25:2


Oír dorinne tú cárn do chathruigh;
dorinne tú fásach do chathruigh dhaingin;
pálás do choimhthigheachuibh, gan
bheith na cathruigh ar bith, ní cuirfighear
súas í coidhche.


L. Ia25:3


Uimesin dhénuid na daóine láidre
do ghlórughadh, eaglochuidh cathair na ccinea-
dhach núathbhásach thú.


L. Ia25:4


Oír dobhí tú ad neart do na
bochduibh, ad neart do na trúaghánuibh io-
na nainnise, ad fhasgadh ón stoirm, ad
scáile on tteasbhach, anuáir bhíos tor-
mán na núathbhásach amhuil stoirm ana-
ghaidh balla.


L. Ia25:5


Cuirfidh tú síos tormán na ccoimh-
thigheach amhail teasbhach anáit thirim; mar
teasbhach a scáile neóill, bhéara tú
beangán na ndaoine úathbhásach go hui-
rísiol.


L. Ia25:6


Agus annsa tslíabhso dodhéna Ti-
ghearna na slógh féusta donuile phobal
do neithibh méithe; féusta fíona arna
thaisgidh a bhfad, neithe méithe lán do
smior agus dfíon arna thaisgidh a bhfad
agus arna tharruing go maith.


L. Ia25:7


Agus cuirfidh sé ar ccúl annsa
tslíabhso agaidh anfoluigh do teilgeadh ós
cionn na nuile phobal, agus an scáth do
leathnuigheadh ós cionn anuile chríche.


L. Ia25:8


Sluigfidh sé suas an bás a
mbuaidh, agus tiormochuidh an Tighear-
na Día déora do na huile aighthibh, agus
cuirfe sé masla a phobail ar ccúl ón
ttalamh uile: óir do labhair an Ti-
ghearna é.


L. Ia25:9


Agus adéarthar annsa lósin,
féuch sé so ar Ndía, do fheitheamar
air, agus sláineocha sé sinn: sé so
an Tighearna do fheitheamair air, agus
bíam luathgháireach, agus gáirdeocum
iona shlánughadh.


L. Ia25:10


Oír is ansa tslíabhso shuáimh-
neochus lámh an Tighearna, agus sail-
teorthar Moab faói síos, mar
shailtearthar tuighe síos chum áoi-
ligh.


L. Ia25:11


Agus leathnochuidh sé amach
a lámha iona meadhon do nós an té
shnámhus, noch leathnuighios a lámha a-
mach do shnámh: agus dobhéara sé
a núabhar síos re millteachus a
lámh.


L. Ia25:12


Agus béarthar síos dain-
gion phuirt áird do bhalladh, leag-
fuighthear go hísiol agus béar-
thar go lár, eadhon go nuige an
luáithreadh íad.


L. Ia26:1


Ansa lósin canfuighthear
an chainticsi a ttir Iú-
dah; atá cathair dhaingean
aguinn, cinnfidh Día slánu-
ghadh mar bhalladha agus mar phortaibh.


L. Ia26:2


Oscluidh na geatadha, chor go
ndeachaidh an cineadh asteach choimhédas a
nfírinne.


L. Ia26:3


Coimhdeochuidh tú an tésin a síoth-
cháin iomláin, noch agá mbí a inntinn dain-
gion ionnadsa, do bhrígh go bhfuil a dhóigh
ionad.


L. Ia26:4


Dóthchusaidh ansa Tighearna go
bráth; óir is ansa Tighearna Iehóbhah
atá an neart síorruidhe.


L. Ia26:5


Oír dobheir sé anuas an drong
áitreabhus go hárd, leagaidh sé síos
go hísiol an chathair árd; leagaidh
sé go hísiol í, eadhon go nuige an tta-
lamh, dobheir se fós go nuige an luáith-
readh í.


L. Ia26:6


Sailteoruidh an chos síos í, eadhon
cos na mbochd, agus coischéimidhe na
neasbhuidheach.


L. Ia26:7


Is ionnracus slighe na bhfíréun:
comhthromuigh tusa casán anfí-
réin.


L. Ia26:8


Fós a slighe do bhreitheamhnuisi
do fheithiomar ort, a Thighearna; atá
fonn ar nanma dot ainm agus dot
chuimhne.


L. Ia26:9


Lé manam díarr mé thú san
noidhche, fos lé mo spioraid astigh
ionnam íarrfas mé thú go moch:
óir anuáir bhéid do bhreitheamh-
nuis annsa talamh, foghluimfid ái-
treabhuigh na talmhan fíréant-
achd.


L. Ia26:10


Taisbeantar fabhar don chi-
ontach, gidheadh ní fhoghluimfidh
sé fíréantachd: a ndúthaigh an
cheirt dodhéanuidh go hégceart,
agus ní fhéuchfuidh sé air mhórdhachd
an Tighearna.


L. Ia26:11


A Thighearna, anuáir thóigfi-
ghear do lámh súas ní fhaicid síad:
acht dochífid, agus béid náireach
ar son a ttnútha ris an bpobal;
loisgfidh fós teine do námhadsa
íad.


L. Ia26:12


A Thighearna, áirdeochuidh tusa
síothcháin dúinn: óir is tú fós do oi-
brigh ar noibhreacha uile ionnuinn.


L. Ia26:13


O a Thighearna ar Ndía, dobhí
tighearnus ag tighearnuighibh oile
táobh amuigh dhíotsa oruinn; achd
is ionnadsa amháin thiucfam thar
hainm.


L. Ia26:14


Déagadar, ní mhairfid síad:
fúaradar bás, ní éireochuid siad: uime-
sin do chúartuigh tusa, agus do
scrios tú íad, agus do sgrios tú
a ccuimhne uile.


L. Ia26:15


Do mhéduigh tú an cineadh, a Thi-
ghearna, do mhéduigh tú an cineadh, do glór-
uigheadh thú; dáthruigh tú sin a bhfad go
huile imhlibh na talmhan.


L. Ia26:16


A Thighearna, iona mbuáidhreadh
thangadar ar cuáirt chugadsa, do
dhóirteadar amach urnaigh, anuáir thái-
nic do smachdughadhsa orra.


L. Ia26:17


Mar bhíos bean thorrach a bpéin,
thig a bhfogus dam a tuismighthe, a-
gus éighios go hárd ann a dochar;
marsin dobhámairne ann do radharcsa,
a Thighearna.


L. Ia26:18


Dobhámar torrach, dobhámar
a bpéin, rugamar mar do bheith gáoth,
níor oibrigheamar tuismeadh ar bith ar
an ttalamh, agus níor thuiteadar áit-
reabhuigh an domhuin.


L. Ia26:19


Mairfid do dhaóine marbha,
éireochuid anaóinfheachd re mo chorp mar-
bhsa: músclaidh, agus canaidh a dhrong
chomhnuighios annsa luáithreadh: óir atá
do dhrúchd mar dhrúchd luibhionn, agus
teilgfidh an talamh amach na mairbh.


L. Ia26:20


Tigidhsi mo phobalsa, éirigh
thusa dot sheomradhuibh, agus druid
do dhoirse ad thimchioll: foluigh thú féin
mar budh eadh tamall beag, nó go ndeachaidh
an dioghaltas thort.


L. Ia26:21


Oír féuch tiucfa an Tighearna
amach as a áit do smachdughadh áit-
reabhach na talmhan ar son a négceirt:
léigfidh an talamh mar an ccédna a
fuil leis, agus ní fhoileochuidh sí a mairbh
nísa mhó.


L. Ia27:1


Ansa lósin smaichdeochuidh an
Tighearna lena chloidheamh
géur mór láidir lebhiatan
an naithir nimhe tholltach,
edhon Lebhiatan a naithir nimhe cham, a-
gus muirfidh sé an dragún atá ann-
sa bhfairge.


L. Ia27:2


Annsa lósin canaidhsi dhi; fíneamh-
uin anfíona deirg.


L. Ia27:3


Misi an Tighearna choimhédas í,
fliuchfad í gach áon mhóimint: deagla go
ngoirteochadh áon í, coimhédfa mé í do
ló agus doidhche.


L. Ia27:4


Ní bhfuil rofhearg ionnamsa: cía
chuirfeadh na dreasa agus na dosáin
am adhaighsi a gcath? dorachuin trío-
tha, do loisgfinn lé chéile íad.


L. Ia27:5


Nó glacadh sé greim dom neart,
chor go ndéna sé síothcháin riom.


L. Ia27:6


Dobhéra sé air an ndroing thiuc-
fas ó Iácob fréumh do ghlacadh: tóir-
theochuidh, agus fásuidh bláth, agus gi-
neamhuin Israel: agus líonfuidh aghaidh
na talmhan le toradh.


L. Ia27:7


Nar bhuáil sé é mar do bhuáil sé
an drong do bhuáil é? nó an bhfuil sé
marbh do réir áir na druinge do thuit
leis?


L. Ia27:8


A miosúr anuáir shínfeas sé a
mach é, dodhéna tú imreasan ris; cong-
mhuidh sé a gháoth gharbh a ló na gaóithe
anoir.


L. Ia27:9


Leisso ar anadhbharsin glan-
fuighthear éigceart Iácob, agus isé so
uile thoradh do chur a pheacaidh ar ccúl;
anúair dodhéna sé clocha na haltóra
uile amhuil clocha cailce, noch bhristior
ó chéile, ní sheasfuid na garráin nó na
híomháighe súas.


L. Ia27:10


Gidheadh biáidh an chathair dhaingion
na fásach, agus tréigfighthear anáit
comhnuidhe, agus fúigfighthear í amhuil
fásach: annsin ingheiltfios an láogh, a-
gus annsin luighfios sé síos, agus íos-
fuigh a bheangáin.


L. Ia27:11


Anuáir bhéid a ghéga críon, bris-
fighthear amach íad; tiucfaid mná, agus
cuirfid tré theine íad; óir is daóine
gan tuicsin ar bith íad: uimesin ní bhí
truáighe ag an té do chom íad dóibh, a-
gus ní thaisbeanfa an té do chruthaigh
íad, fabhar dhóibh.


L. Ia27:12


Agus tiucfa a ccrích annsa
lósin, go mbuáilfidh an Tighearna ó
ghrinnioll an tsrotha go caise na
Hégipte, agus cruinneochthar sibh
áon air áon, shibhsi a chlann Is-
rael.


L. Ia27:13


Agus tiucfa a ccrích annsa
lósin, go séidfighthear an stoc
mór, agus tiucfuidh an drong do
chuáidh a seachad a ttír na Hassíria,
agus do dhíbearthuigh a ccrích na Hé-
gipte, agus adhoruid an Tighearna
annsa tslíabh náomhtha an Ierusa-
lem.


L. Ia28:1


A Mhairg do choróin anúabhair,
dfearuibh meisce Ephraim, noch
ar bhláth diombúan a sgíamh
ghlórmhar, noch atá ar cheann
na ngleann méith; an drong air
a rug an fíon buáidh.


L. Ia28:2


Féuch atá áon cumhachdach láidir
ag an ttighearna, noch atá amhuil
cloichshneachda, agus amhuil stoirm dhiogh-
bhálach, amhuil tuile uisgeadh neartmhar ag
dul tar bhrúach; caithfidh sé síos chum
na talmhan leis an láimh íad.


L. Ia28:3


Coróin anúabhair, luchd meisge Eph-
raim sailteorthar faói chosuibh
íad.


L. Ia28:4


Agus biáidh an mhaise ghlórmhar
noch atá ar cheann an ghleanna mhéith mar
bhláth chríon, agus amhuil an toradh lúath
roimhe an tsamhradh; noch dochí an té
fhéuchus air, agus an feadh bhíos fós
iona láimh, ithidh sé súas é.


L. Ia28:5


Annsa lósin biáidh Tighearna na
slógh mar choróin sgéimhe, agus mar
dhiadem glóire air an ccuid oile dá
mhuintir.


L. Ia28:6


Agus mar spioraid bhreitheamh-
nuis don tí shuighios a mbreitheamhnus,
agus mar neart don lucht iompoighios
an cath ag an ngeata.


L. Ia28:7


Acht do sheachránadarsan fós
tré fhíon, agus tré dhigh láidir, atáid
as a tslighe: do sheachráin an sa-
gart, agus an fáigh tré dhigh láidir,
do sluigeadh súas íad lé fíon; atáid
as a tslighe tré dhigh lái-
dir, seachránuid a bfis, oilbhéimid a
mbreithmhnus.


L. Ia28:8


Oír atá anuile chlár lán do
sgeathruigh, agus do shalchar: ní bhfuil
áon áit (glan.)


L. Ia28:9


Cía dá múinfidh sé éolus? cía air
a ttiubhra sé teagasg do thuigsin?
an drong bhearthar ó bhainne, agus thair-
ngthear ó na cíchibh?


L. Ia28:10


Oír atá aithne air aithne, aithne
air aithne, líne air líne, líne ar líne, annso
beagán, agus annsúd beagán.


L. Ia28:11


Oír is le puisínibh briotacha,
agus lé teangaidh oile laibheorus sé ris
an bpobalso:


L. Ia28:12


Ré ndubhairt sé, isé so an so-
comhal lé a ttiubharthaói suáimhneas don
(duine) choirthe, agus isé so an suaimh-
neas: ghidheadh níorbháill léo a chlos.


L. Ia28:13


Acht dobé focal an Tighearna
ríu; aithne air aithne, aithne air aithne, líne
air líne, líne air líne, annso beagán, agus
ansúd beagán; chor go nimeochaidís,
agus go ttiucfaidís ar a nais, agus
go mbeidís briste, agus ar na bpain-
téuradh, agus gabhtha.


L. Ia28:14


Uimesin éistigh focal an Tigh-
earna, a dhaóine tarcuisneacha noch ríagh-
las an pobalso atá ann Ierusalem.


L. Ia28:15


Do bhrígh go ndubhrabhair, do
rinneamar connradh ris an mbás, agus
atámaóid a réighteach ré hifrionn; a
nuáir rachus an scíúrsa díbhfheirgeach
thort, ní thiucfa sé oruinne: óir dorinn-
eamar ar ndídean don bhréig, agus faói
an mbréig dfolchamar sinn féin.


L. Ia28:16


Ar anadhbharsin is marso a
deir an Tighearna Día, féuch cuirfidh
mé cloch a Sion mar bhunáit, cloch
dhearbhtha, cloch mhórluáigh chuainne,
bunáit dhaingean: an té chreidios
ní dhéna sé deithnios.


L. Ia28:17


Cuirfe mé fós breitheamhnus
chum an líne, agus fíréntachd chum an
phlumma luáighe, agus scuabfuidh an
cloichshneachda an dídean ón mbréig, agus
tuileochuid uisge anáit fholuighthe.


L. Ia28:18


Agus cuirfighear bhur ccunnradh
ris an mbás ar ccúl, agus ní sheasfa
bhur réighteach ré hifrionn; anuáir ra-
chus an scíursa tuiligheach thairis, ann-
sin sailteorthar síos sibhsi leis.


L. Ia28:19


O anam fa rachaidh sé amach,
gébha sé sibh; óir ó mhaidin go maidin
racha sé thairis do ló agus doidhche, agus
budh buaidhreadh an túarusgbháil a-
mháin do thuigsin.


L. Ia28:20


Oír is giorra an leaba ná
mar do fhédfadh duine é féin do shí-
neadh uirre: agus an folach níis
cunga ná mar do fhédfadh duine é
féin do chrapadh ann.


L. Ia28:21


Oír éireochuidh an Tighearna
súas amhuil a slíabh Perasim, biáidh
sé feargach amhuil dobhí a ngleann
Gíbeon, chor go ndéna sé a obair,
a obair iongantach, agus go ttiubh-
ra chum críche a ghníomh iongantach.


L. Ia28:22


Anois ar anadhbharsin ná
bíthíse bhur luchd magaidh, deagla go
ndéntaoi bhur ccuibhrighthe láidir: óir
dochúala mé ón Dtighearna Día na
slógh aidhmhilleadh ar na thionnscnadh ar
an ttalamh go hiomlán.


L. Ia28:23


Tugaidh éisteacht, agus
cluinidh mo ghuth, airighidh, agus clui-
nidh mo ghlór.


L. Ia28:24


An ttreabhann an treabhthach ar
feadh an laói do shíolchur? an bhfos-
clann sé, agus an mbriseann sé fóide
a fhearuinn?


L. Ia28:25


Anuáir doní sé adhaigh
anfearuin mín, nach tteilgionn sé a fhiat-
ghal as, agus nach sreathnuighionn an
cuimín, agus nach ccuireann ann an chruith-
neachd is férr, agus aneórna chinnte,
agus an seagal iona áit?


L. Ia28:26


Oír teagaisgidh a Dhía é chum
discréide, agus múinidh sé é.


L. Ia28:27


Oír ní buáiltear an fiatghal
lé súiste, ní mó iompoighthear rioth-
leáin cartacha timchioll air an ccui-
mín: acht buáiltear an fiatghail amach
lé maide, agus an cuimín lé slait.


L. Ia28:28


Brúightior (arbhar) anaráin
do bhrígh nach bía sé choidhche buáladh,
agus nach brisfidh é lé roithléan a
chartach, agus nach brúighfidh é lé
marcshlúagh.


L. Ia28:29


Thig so mar an ccédna ó
Thighearna na slógh, noch atá iongan-
tach a ccomhairle, agus oirdheirc a
noibriughadh.


L. Ia29:1


A mhairg do Ariel, do Ari-
el an chathair ionar chomhnuidh
Dáibhi: cuiridhsi blíadhuin a
ccionn bhlíadhna; marbhaidís
íodhbartha.


L. Ia29:2


Thairissin goirteochuidh mé Ari-
el, agus biáidh dóbrón agus doilghios
annsin, agus biáidh sé dhamhsa mar A-
riel.


L. Ia29:3


Agus dodhéna mé foslongphort
ad aghaidh timchioll fáccuáirt, a-
gus cuirfe mé slúagh ad aghaidh ma-
ille re daingneach, agus tóigfe mé
puirt ad aghaidh.


L. Ia29:4


Agus bérthar síos thú, agus
laibheora tú as an ccriáidh, agus
biáidh do chaint amach as an lúath-
readh, agus biáidh do ghuth mar áon
agá mbí leannán síghthe as an ttalamh,
agus dodhéna do ghlór piosarnach
as an luáithreadh.


L. Ia29:5


Tuilleamh oile, biáidh iomad do
choimhightheach cosmhuil ré luaithreadh mín,
agus biáidh iomad na ndaoine úath-
bhásach mar an lóchán imthighios: biáidh
sin fós ar ball go haithghérr.


L. Ia29:6


Dodhéna Tighearna na slógh
cuáirt agad maille re tóirnigh, agus
lé criothtalmhan, agus lé tormán
mór, lé stoirm, agus lé hanfa, agus
lé lasair theineadh loisgnighe.


L. Ia29:7


Agus biáidh iomad na nuile
chineadh noch throidios anaghaidh
Ariel, eadhon gach a ttroidionn na
haghaidh féin, agus anaghaidh a stóir,
agus mhillios í, mar aisling fhis oidh-
che.


L. Ia29:8


Is amhluigh bhías anuáir aislingi-
os duine ocrach, agus féuch ithidh sé;
acht múscluigh sé, agus bí a anam fo-
lamh: nó mar aislingios duine tart-
mhar, agus féuch ibidh sé; acht múscluidh
sé, agus féuch bí sé lag, agus bí
míangus air a anam: marsin bhías io-
madamhlachd na nuile chineadheach noch throidi-
os anaghaidh shléibhe Síon.


L. Ia29:9


Congmhaidh sibh féin, agus ion-
gantaigh, éighmhidhe agus comhaircidh: a-
táid síad ar meisce, acht ní lé fíon,
thuitid síad anonn sanall, acht ní lé
digh láidir.


L. Ia29:10


Oír do dhóirt an Tighearna spio-
rad an chodalta thruim amach oruibhsi,
agus do íadh sé bhur súile: dfoluigh
sé bhur bhfáighe, agus bhur núachdaráin,
agus na féuchadóirigh.


L. Ia29:11


Agus tháinic fís aniomláin
dhaoibhsi amhuil bríathar leabhair atá arna
shéladh, noch dobheirid daoine dáon bhíos
foghlomtha, gha rádh, léigh so anois, a-
gus adeir seision, ní fhéduim, óir a-
tá séla air.


L. Ia29:12


Agus tugadh an leabhar don tí
nach raibh foghlomtha, gha rádh, léigh so
anois; agus adeir seision, ní bhfui-
lim foghlomtha.


L. Ia29:13


Uimesin adubhairt an Tighearna,
do bhrígh go ttairingid an mhuintirse
láimh riom lena mbéul, agus go nonór-
uighid lena bpuisinibh mé, acht gur
áthruigheadar a ccroidhe a bhfad uaim,
agus gur múineadh aneagla dom thaóibhsi
maille re aithne dhaóine.


L. Ia29:14


Uimesin féuch, rachuidh mé ar
maghaidh do dhénamh oibre iongantuigh a
measg am phobailsi, eadhon obair iongan-
tach, agus iongnadh: óir imeochuidh
eagna na ndaoine ccríonna seachad, a-
gus ceilfighthear tuigse na neagnuidhe.


L. Ia29:15


A mharig don droing théid a
ndoimhne, do cheilt a ccomhairle ón tti-
ghearna, agus atáid a noibhreacha a ndor-
chadas, agus adeirid, cía chí sinn? a-
gus cía agá bhfuil éolus oruinn?


L. Ia29:16


Go deimhin measfuighthear bhur
niompogh bunóscionn amhail críadh an tí
doní potadh: óir anaibhéora an obair
ris an tí dorinne í, ní dhérna sé mé?
nó anaibeora an ní cumtha ris an tí
chumas é, ní bhfuil tuigse aige?


L. Ia29:17


Nach ro aithgeárr fós, agus
iompóchthar Lebanon a machaire tóirtheach,
agus measfuighthear an machaire tóir-
theach mar fhoraóis?


L. Ia29:18


Agus annsa lósin cluinfidh an
bodhar briathra an labhair, agus dochí-
fid súile an daill amach as an dorchachd,
agus an daille.


L. Ia29:19


Méideochuid fós na daóine ma-
cánta a ngáirdeachus annsa Tighearna,
agus lúathgháirfid na boicht a measg an
phobail ann áon náomhtha Israel.


L. Ia29:20


Oír tugadh an túathbhásach a
neimhní, agus do clóidheadh an tarcuis-
neach, agus geárrthar gach a ndén fura-
chus le hégceart.


L. Ia29:21


Noch doní ciontach do dhuine arson
focail, agus chuirios paintéur a ccoinne an
tí aithbhirios annsa gheata, agus chuireas
an fíréun do leathtaóibhar son neithe
gan bhrígh.


L. Ia29:22


Uimesin is marso adeir an
Tighearna, noch dfúascail Abraham, a
ttaobh thighe Iácob: ní bhiáidh náire a-
nois ar Iácob, agus ní bhánfuigh a-
ghaidh anois.


L. Ia29:23


Acht anuáir dochífidh sé a chlann,
obair mo lámhsa iona lár, náomhthochuid
síad mainmsi, agus náomhthochuid síad
áon náomhtha Iácob, agus biáidh critheagal
orra roimhe Dhía Israel.


L. Ia29:24


Tiucfuidh fós an drong dorinne
earráid a spioraid chum tuigsiona, agus
an drong dorinne ithiomrádh foghlomfuid
ealadha.


L. Ia30:1


A mhairg don chloinn cheannairgidh,
adeir an Tighearna, ghabhus
comhairle, agus nach uaimse;
agus fholcas lé folach, achd
ní lé mo spioraidsi, iondus go ccuir-
fidís peacadh a gceann peacaidh:


L. Ia30:2


Noch shiubluighios do dhul síos don
Négipt, (agus nar íarr ar mo bhéulsa)
dá neartughadh féin a neart Pharao,
agus do dóthchusadh a sgáile na Hé-
gipte.


L. Ia30:3


Uimesin bhías neart Phárao na
náire dhaóibsi, agus bhur ndóigh a sgáile
na Hégipte bhur naidhmhilleadh.


L. Ia30:4


Oír dobádar a phrionnsadh a So-
an, agus thangadar a theachda ga Hanes.


L. Ia30:5


Dobhádar uile náireach fa phobal,
nach ar fhéd tarbhughadh dhóibh, agus nach
raibh na gcungnamh nó na sochar, achd
na náire agus fós na míochlú.


L. Ia30:6


Uálach beathach an deisceirt: go
tír na buaidheartha, agus na goimhe, as
a ttig an leomhan óg agus sean, an bhi-
per, agus an naithir nimhe etil thinntighe,
iomchoruid síad a saidhbhrios ar ghuáillibh
assal óg, agus a nionnmhus ar chruitibh
cámhall chum pobail nach ttairbheochaidh
dhóibh.


L. Ia30:7


Oír budh díomhaóin cungnamh na
Négipteach, gan bríg ar bith: uimesin
déigh misi ar a shonso, sé a neart fan-
mhain na chomhnuidhe.


L. Ia30:8


Anois éirigh, scríobh é a cclár as
a ccoinne, agus cuir a leabhar é, chor
go mbí ag anaimsir thiucfas go bráth
agus go síorruidhe:


L. Ia30:9


Gur pobal cogthach íad, clann
bhrégach, clann le nach áill dligheadh an Ti-
ghearna do chluinsion:


L. Ia30:10


Noch adeir ris na féuchadóiribh,
ná faicidh: agus ris na fáighibh ná tair-
ghiridh dhúinne neithe cearta: labhraidh rinne
neithe bláithe, tairghirídh cealga.


L. Ia30:11


Téighidh amach as a tslighe, fillidh
do leathtaóibh as an ccasán: tugaidh
ar áon naomhtha Israel cosg romh-
uinn.


L. Ia30:12


Ar anadhbharsin is marso a
deir áon náomhtha Israel, do bhrígh go
ttarcuisnighthí an bhríatharsa, agus
go ccurthaói bhur ndóthchus anainleath-
trom agus anurchóid, agus go bhfan-
taói orrasin.


L. Ia30:13


Uimesin biáidh an téicceartso
dhaóibhsi mar bhriseadh ullamh chum tuitea-
ma, agat amach a mballa árd, a ttig
a bhriseadh ar ball go hobann.


L. Ia30:14


Agus brisfe sé é amhuil bris-
te soithighe anuisghe bristior na bhlodh-
uibh, ní choigeola sé; ionnus nach bhfuigh-
thear iona bhriseadh píosa le a mbérthaói
teine ón teallach, nó leis a ttiubhar-
thaói uisge as an log.


L. Ia30:15


Oír is marso adeir an Tighear-
na Día, neach náomhtha Israel, aniompogh
agus a suáimhnios béithí tárthuighthe, a
cciúnas agus a ndóthchus bhías bhur
neart; agus níorbháill libh.


L. Ia30:16


Acht adubhrabhairsi, ní headh óir
teithfiom ar eachaibh: uimesin teithfidhesi: a
gus dodhénamne marcuigheachd air
an (mbeathach) lúath: ar anadhbharsin
bhías an luchd leanfas sibh lúath.


L. Ia30:17


Teithfidh aon mhíle (duine) le hach-
mhusán aóin, lé hachmhusán cúigir teith-
fidhe; nó go bhfágthar sibh mar mháolán ar
mhullach an tsléibhe, amhuil bratach ar chnoc.


L. Ia30:18


Gidheadh fuirfheithmhigh an Tighear-
na ré bheith grásamhuil daóibh: agus
áirdeochthar uimesin é, chor go ndéna
sé trócaire oruibh; óir is Día breitheamh-
nuis an Tighearna, is beannuigh an mhéid
fhuirfheithfios air.


L. Ia30:19


Oír áitreobhuid na daóine a Si-
on ann Ierusalem; ní ghuilfidh tú nísa
mhó, biaidh sé ro ghrásamhuil duit ar
ccluinsion ghotha héighimh; anuáir do
chluinfidh sé sin, freagoruidh sé thú.


L. Ia30:20


Agus mátá go ttabhair an Ti-
ghearna arán na haindeisi dhaóibhsi, agus
uisge an smachduighthe, gidheadh ní háthroch-
thar do lucht teagaisg a ccoirnéul nías
mó; achd chífid do shúile do lucht teagaisg.


L. Ia30:21


Agus cluinfid do chlúasa fo-
cal táobh siar dhíot, dhá rádh, sí so an
tslighe, siubhluighidh innte; anuáir fhill-
fidhe ar an láimh dheis, agus anuáir
fhillfidhe ar an láimh chlé.


L. Ia30:22


Truaillfighthí fós folach hío-
mháigheadh greanta dairgiod, agus córu-
ghadh híomháigheadh leaghtha dór: teilgfidh
tú uáit íad amhail édach salach, adéra tú ris,
imthigh as so.


L. Ia30:23


Annsin dobhéra sé fearthuinn do
shíl le a síolcuirfe tú thfearann, agus
arán do bhiseach na talmhan, agus biáidh
sé méith, agus tóirtheach: annsa lósin
ingheiltfidh háirnéis a machairighibh
fairsinge.


L. Ia30:24


Na daimh fós agus na hassail
óga, noch threabhus an fearann, íosuid
beatha ghlan, noch do cáitheadh leis a tslú-
asaid, agus leis a ccriathar.


L. Ia30:25


Agus biáidh ar gach uile shlíabh
árd, agus ar gach cnoc árd srotha
agus caiseadha uisgeadh a ló anáir mhóir,
anuair thuitfid na tuir.


L. Ia30:26


Tuilleamh oile, biáidh solus na
geluidhe mar sholus na gréine, agus
biáidh solus na gréine seachdmhodhad, mar
sholus sheachd lá annsa ló a gceangoluidh an
Tighearna súas briseadh a phobail, agus
leighisfidh buille a chneidhe.


L. Ia30:27


Féuch, thig ainm an Tighearna ó
imchéine ag loscadh lena fheirg, agus
is trom a úalachsin; atáid a phuisínighe
lán dfeirg, agus a theanga amhuil teine
loisgnighe.


L. Ia30:28


Agus roichfidh a anál amhuil
tuile tar bhrúach go lár an mhuinéil, do
chríathradh na ccineadhach lé críathar an
díomhaóinis: agus biáidh srían a ngíall-
uibh an phobail dá thabhairt orra seachrán
do dhénamh.


L. Ia30:29


Biáidh caintic amhuil ansanoidh-
che, anuair naomhthar an tsollamoin, a-
gus gáirdeachus croidhe amhail mar théid
duine le píob do dhul ar shlíabh an Tighearna
go háon cumhachdach Israel.


L. Ia30:30


Agus dobhéra an Tighearna fa
deara a ghuth glórmar do chluinsion, agus
foillseochuidh sé tuirling a láimhe anúas
maille re dioghaltas a fheirge, agus
lé lasair theineadh scriosta maille re sga-
badh, lé hanfa, agus lé cloichshneachda.


L. Ia30:31


Oír is tré ghuth an Tighearna
bhuáilfighear an Tassírianach síos, noch
do bhuáil lé slait.


L. Ia30:32


Agus biáidh gach imtheachd na
slaite seasmhuigh noch leagfas an Tighear-
na air, maille re tiompanuibh, agus re
cláirseachaibh, agus a ccathaibh crioth-
nuighthe throidfios sé leis.


L. Ia30:33


Oír do hórduigheadh Tophet ón
tseanaimsir; iseadh don Righ fós do
hullmhuigheadh é, dorinne sé domhuin
agus leathan é: sé a ghlaodhsin teine,
agus iomad connaidh, lasaidh anál an Ti-
ghearna é amhuil sruth ruibhe.


L. Ia31:1


A mhairg don droing théid síos
don Négipt chum cabhra a-
gus fhanas ar eachaibh, agus
dhóthchusuighios a ccarba-
duibh, do bhrígh go bhfuilid
iomadamhuil; agus a marcshluagh do
brígh go bhfuilid láidir: acht ní fhéchuid
síad dáon naomhtha Israel, ní íarruid sí-
ad an Tighearna.


L. Ia31:2


Gidheadh atá seision fós críonna,
agus dobhéra sé olc, agus ní ghoirfidh
a bhriathra air ais: acht éireochuidh sé
anadhuigh thighe na míghníomach, agus ana-
ghaidh chuidighthe na druinge oibrighios
éigceart.


L. Ia31:3


Anois is daóine na Hégiptigh
agus ni Día, agus is feóil aneich, a-
gus ní spiorad: anuáir shínfios an
Tighearna a lámh amach, tuitfidh aráon
an té chuidighios, agus tuitfidh síos an
té ré a ccuidighthior, agus failleochuid
síad uile anéinfheachd.


L. Ia31:4


Oír is marso do labhair an Tighear-
na riomsa: amhuil mar bhúirios an leo-
mhan agus an leomhan óg air a chreich, anuáir
ghoirthear mórán áodhaireadh amach na
adhaigh, ní bhiáidh eagla a ngotha air, agus ni
ísleochar é ar son a ttormáin: marsin
thiucfas Tighearna na slógh anúas do
throid ar son sléibhe Síon, agus ar son
a chnoicsin.


L. Ia31:5


Mar éunuibh ag eitiolluigh, is
marsin chuimhdeochus Tighearna na slógh
Ierusalem: agá cumhdach fós, sáorfa
sé í, agus gabháil thairis, cuimhdeochuidh sé í.


L. Ia31:6


Fillidhsi chum an té ór iompoighea-
dar clann Israel go domhuin.


L. Ia31:7


Oír annsa lósin teilgfidh gach
nduine úadh a iodhail airgid agus a iodhail
óir, noch dorinneadar bhur lámha féin díbh
mar pheacadh.


L. Ia31:8


Annsin thuitfios an Tassírianach
leis an ccloidheamh ní lé duine láidir, a-
gus ní cloidheamh dhuine uirísil mhuirfios
é: acht teithfidh sé ón ccloidheamh, agus
claóidhfighear a dhaóine óga.


L. Ia31:9


Agus rachaidh sé anonn dá ionad
dídin lé heagla, agus béid a phrionnsa-
dha eaglach roimhe an mbratuigh, adeir
an Tighearna, a bhfuil a theinidh a Síon, a-
gus a fhuirnís ann Ierusalem.


L. Ia32:1


Feúch, ríghfidh Rígh a bhfíréan-
tachd, agus ríaghlochuid prionn-
sadha a mbreitheamhnus.


L. Ia32:2


Agus biáidh neach mar áit
fasgaidh ón ghaóith, agus mar fholach ó
nanfa: amhuil aibhne uisge anáit thirm,
amhail sgáile cairge móire a bhfearann thar-
tmar.


L. Ia32:3


Agus ní bhéid súile na druinge
dochífeas, céodhach; agus éistfid clúa-
sa na ndaóine chluinfios.


L. Ia32:4


Tuigfidh fós croidhe na ndaóine
meargánta éolus, agus biáidh teanga na mbri-
otach réidh chum labhartha go soilléir.


L. Ia32:5


Ní goirfighear an tamadán nísa
mhó dáonnachdach, agus ní haibeorthar an
santach do bheith saidhbhir.


L. Ia32:6


Oír laibheoruidh an tamadán ama-
dánachd, agus oibreochuidh a chroidhe éig-
ceart, do ghnáthughadh fúarchrábhuidh agus
do labhairt earráide anadhuigh an Tighear-
na, do dhéanamh anma anocraigh folamh,
agus dobhéara ar dhigh an tartmhair
failliughadh.


L. Ia32:7


Is olc fós soithighidh an tsantuigh:
tionscnuidh sé droichthionnscanta do
scrios an bhoichd le bríathraibh brégacha,
eadhon anuáir labhras an teasbhuidheach go
ceart.


L. Ia32:8


Acht tionnscnuidh an duine dáonn-
achdach neithe dáonnachdacha, agus lé nei-
thibh dáonnachdacha, sheasfas sé.


L. Ia32:9


Eirghide suas a mhná súaimhneacha,
cluinidh mo ghuth, a ingheana dóthchusacha,
tugaidh éistáchd dom ghlór.


L. Ia32:10


Beithí mórán do láethibh, agus
do bhlíadhnuibh buáidheartha, síbhsi amhná dóth-
chusacha; óir failleochuidh cruinniu-
ghadh na ngrápuigheadh, ní thiucfaidh an
toradh.


L. Ia32:11


Criothnuighidh a mhná suáimhnea-
cha, bíthí buáidheartha a mhná dóthchu-
sacha: nochdaidh sibh, agus dénaidh sibh
féin lomnochd, agus criosluighidh sai-
cédach ar bhur leasraibh.


L. Ia32:12


Guilfid síad ar son na ccíoch,
ar son na madh mín, ar son na fíneamhna
tórthuigh.


L. Ia32:13


Tiucfaid dosáin agus dreasa ar
fhearann mo pobail, fós ar uile thighthibh an
gháirdeachuis a ccathruigh an tsóláis.


L. Ia32:14


Do bhrígh go ttréigfighear na
páláis, go bhfúigfighear iomad na ccai-
threach, béid na puirt, agus na tuir na
nuamhuibh go bráth, gáirdeachus assal fhí-
adhta, inbhear na ttréud.


L. Ia32:15


Nó go ndóirtear an spiorad
oruinn ónáird shúas, agus go raibh an
fásach na mhagh thóirtheach, agus go
meastar an madh tóirtheach, na fhoraóis.


L. Ia32:16


Annsin áitreobhuidh breithea-
mhnus ansa bhfásach, agus biáidh ceart
na chomhnuidhe annsa madh tbóirthea-
mhuil.


L. Ia32:17


Agus budh síothcháin obair na
fíréuntachda, agus budh suáimhneas
éifeacht anionnracuis, agus daingion
go bráth.


L. Ia32:18


Agus coimhneochuidh mo phobalsa
anáitreabh shíothchánta, agus a ttighthibh.
daingne, agus a socamhul shuáimhneach.


L. Ia32:19


Anuáir fhearfas sé cloich-
shneachda ag teachd anuas air an bhfo-
raóis, agus ísleochuigh an cathair í
féin anionad ísiol.


L. Ia32:20


Is bheannuigh sibh a dhrong shíolchui-
rios láimh ris na huile uisgeadhuibh, chui-
rios amach cos an daimh, agus anas-
sail.


L. Ia33:1


A mhairg dhuitsi, noch airgios,
agus nachar hairgeadh thú,
agus doní go fealltach,
agus nach dérnadar go
fealltach riot: anuáir
scuirfeas tú do mhillteachus, millfighear
thú, agus anuáir scuirfios tú do
dhénamh go fealltach, dodhénaid síadsan
go fealltach riotsa.


L. Ia33:2


O a Thighearna, bí grásamhuil
dúinn, do fheítheamar ort: bí ad ruigh a-
ca gach maidin, ar slánughadh fós
anam na buáidheartha.


L. Ia33:3


Fa ghuth an ghioraic do theith an
pobal: ar do thógbháilse súas do
sgabadh na cineadhacha.


L. Ia33:4


Agus cruinneochthar bhur nédáil
amhuil cruinniughadh an chaterpiller:
mar shiubhal an lócuiste, ag dul
thríd.


L. Ia33:5


Atá an Tighearna arna árdu-
ghadh; óir áitreabhuidh sé ar árd: do líon
sé Síon lé breitheamhnus, agus lé fírén-
tachd.


L. Ia33:6


Agus eagna, agus eolus bhus
cothughadh dot aimsearuibhsi, agus neart
slánuighthe: isé eagla an Tighearna a
ionnmhus.


L. Ia33:7


Féuch, éighfid a ngaisgidh amuigh,
guilfid teachda na síothchána go géur.


L. Ia33:8


Atáid na slighthe móra na bhfá-
sach scuiridh an fear turais; do bhris
an cunnradh, do tharcuisnigh sé na caith-
reacha, ní bhfuil suim aige anaonduine.


L. Ia33:9


Atá an talamh ag caói, agus
ag seargadh: atá Lebanon náireach, a-
gus arna ghearradh síos: atá Sáron
cosmhail ré díothramh, agus croithidh
Basan agus Carmel a ttóirthe dhíobh.


L. Ia33:10


Anois éireochuidh mé adeir an
Tighearna: anois áirdeochthar mé, anois
thóigfeas mé súas mé féin.


L. Ia33:11


Cáith bhus toirrchios díbhsi, béur-
thaoi connlach: loiscfidh bhur nanál sibh
amhuil teine.


L. Ia33:12


Agus biáidh an pobal mar los-
gadh aóil: mar dhosa gérrtha loisg-
fighear annsa teine íad.


L. Ia33:13


Cluinidhsi a dhream atá a bhfad
uáim, cred dorinne mé; agus a luchd
atá láimh riom, admhuighidhsi mo chumha-
chda.


L. Ia33:14


Atáid peacaich Síon eaglach, do
líon eagla na fúarchráibhthigh (gha rádh,)
cía áitreobhus eadruinn maille le loisgthibh
síorruidhe?


L. Ia33:15


An té shiubhluighios go hionnr-
uic, agus labhrus go díreach, an té
tharcuisnighios tairbhe na hégcóra,
chroithios a lámh ó ghlacadh chumhtha,
stopas a chlúasa ó chluinsion fola, agus
dhruidios a shúile ó faicsin uilc:


L. Ia33:16


Aitreobhuidh an tési go hárd:
budh íad daingneach na ccarrag a áit
cumhduigh, dobhérthar arán dó, budh
dearbhtha a uisge.


L. Ia33:17


Dochífid do shúile an Rígh iona
scéimh, dochífid an talamh atá a bfad
úatha.


L. Ia33:18


Smuáinteochuidh do chroidhe úa-
mhan: cáit a bhfuil an scríbhneóir?
cáit a bhfuil an glacadóir? cáit a
bhfuil an té áirmheas na tuir?


L. Ia33:19


Ní fhaicfe tú daóine fíochmha-
ra: daóine do ghlór is doimhne ná
mar fhédas tú do thuigsin, do thean-
gaidh bhriotuidh gan tuigse.


L. Ia33:20


Féuch ar Shíon cathair ar solla-
montachda: dochífid do shúile Ierusa-
lem na áitreabh shuáimhnigh, taberna-
cuil nach ccuirfighear síos: ní cor-
rochthar áon dá chuáillibh go bráth,
agus ní brisfighear áon dá chordui-
ghibh.


L. Ia33:21


Acht annsin bhías an Tighearna
glórmhar dhúinn na áit srotha leathuin
agus chaiseadh, mar nach racha áonlong
le rámhuibh: ní mo ghébhus áonlong mhear-
rgánta thairis.


L. Ia33:22


Oír isé an Tighearna ar mbreith-
eamh: isé an Tighearna tabharthach ar
ndlighe: isé an Tighearna ar Rígh:
cuimhdeochuidh sé sinn.


L. Ia33:23


Atáid do chábluighe sgaóilte;
níor fhédadar go maith a ccrann seóil
do neartughadh, níor fhédadar a seóil
do leathnughadh: annsin doroinneadh creach
édála móire, béuruidh an bacach an
chreach leis.


L. Ia33:24


Agus ní aibeoruidh an táitreabh-
thach, atáim tinn: na daoine áithreabhus
annsin, maithfighear dhóibh a néigceart.


L. Ia34:1


Tigidh a ngar, a chineadhacha, déis-
deachd, agus tugaidh aire, a
phobal: cluineadh an talamh,
agus gach a bhfuil ann, an
sáoghal agus gach a ttig amach
as.


L. Ia34:2


Oír atá díbhfhearg an Tighearna
ar na huile cineadhachaibh, agus a theas
feirge air anuile shlúagh; do scrios
sé thríd amach íad, thug sé donár-
mhach íad.


L. Ia34:3


Teilgfighear fós a mairbh amach,
agus tiucfaidh a mbréuntas súas as
a cconablachaibh, agus leagfuighear na
sléibhte lena bhfuil.


L. Ia34:4


Agus cuirfighear ó chéile uile
shlúagh nimhe, agus crapfuighear na
flaithis a ccionn a chéile amhuil scro-
la: agus tuitfidh a slúagh uile síos,
mar thuitios an duille donfíneamhuin,
agus amhuil fíge thuiteas don chrann
fíghe.


L. Ia34:5


Oír biáidh mo chloidhiomh arna
fhothragadh a bflaitheamhnus: féuch, tiuc-
fuidh sé anúas ar Idumea, agus ar
phobal mo mhallachd chum breitheamhnuis.


L. Ia34:6


Atá cloidhiomh an Tighearna lí-
onta dfuil, dorinneadh méuth lé méuthus
é, agus lé fuil úan, agus ghabhar,
agus le geir dhubhán na reitheadh: óir
atá íodhbairt ag an ttighearna a Mbos-
rah, agus ár mór a ttír Idumea.


L. Ia34:7


Agus tiucfaid na hunicorn léo
anúas, agus na bulóga leis na
tarbhuibh, agus fliuchfuighear a bhfearann
lé fuil, agus dodhéntar a luaithreadh
méith le méuthus.


L. Ia34:8


Oír isé lá dioghaltais an Ti-
ghearna é, agus blíadhain na luáidheachda
ar son imresuin Shíon.


L. Ia34:9


Agus iompochar a srothasin a
bpic, agus a luáithreadh aruibh, agus
a fhearann chum bheith na phic loisgnigh.


L. Ia34:10


Ní múchfuighear anoidhche ná a
ló é, rachaidh a dheatach súas go bráth:
ó ghinealach go ginealach biáidh sé aonrá-
nach, ní gheabha duine ar bith thríd go
saoghal na sáoghal.


L. Ia34:11


Acht sealbhochuidh an fíach ma-
ra, agus an bunnán lénadh é, coimhneo-
chuidh fós an tulchabhcán, agus an fíach-
dubh ann, agus sínfidh sé dorubha
anaidhmhillte fair, agus clocha na foilmhe.


L. Ia34:12


Goirfid síad a uáisle chum na
rioghachda, acht ní bhiáidh áonduine ann
sin, agus budh neimhní a prionnsadha
uile.


L. Ia34:13


Agus tiucfuid droighne tré
na pálásaibh, neantóg agus dreasó-
ga iona daingneachaibh: agus biáidh sí
na háitreabh dragún, agus na cúirt
dulchabhcánuibh.


L. Ia34:14


Teigeomhuid fós beathuigh állta
an díothraimh ré beathuighibh állta a
noiléin, agus goirfidh an sáitír a
chompánach: suáimhneochuidh fós an choirr-
scrédhóg annsin, agus dogheabha sí áit
chomhnuighe dhi féin.


L. Ia34:15


Is annsin dodhéna an tulchabh-
cán mór a nead, agus luidhfios, agus
ghoirfios, agus chruinneochus fana
sgáth; annsin fós cruinneochuid na bhul-
tuir gach áon maille rena chompánach.


L. Ia34:16


Iarruidhsi amach as leabhar an
Tighearna, agus léighidh; ní fhailleochuidh
áon díobhso, ní bhiáidh easbhuigh a chompan-
uigh ar áon díobh: óir daithin mo
bhéulsa é, agus do cruinnidh a spiorad
íad.


L. Ia34:17


Agus do theilg sé crannchar
ar a son, agus do roinn a lámh eattor-
ra é lé slabhradh: sealbhochuid síad go
bhráth é, ó ghinealach go ginealach comhnoch-
uid ann.


L. Ia35:1


Biáidh lúathgháir air an bhfásach,
agus ar anáit áonránuigh
ar a son, agus gáirdeochuidh
an díothramh, agus bláthoch-
uidh sé amhuil rósa.


L. Ia35:2


Bláthochuidh sé go líonmhar, gáir-
deochuidh sé fós lé lúathgháir, agus le
céol: dobhérthar glóir Lebanon dó,
oirdhearcus Charmel, agus Sharon:
dochífid síad glóir an Tighearna, a-
gus oirdhearcus as Ndénne.


L. Ia35:3


Neartuighidhsi na lámha laga,
agus daingnighidh na glúine éittréoreach.


L. Ia35:4


Abruidh ris a ndroing agá bhfuil
croidhe eaglach, bíthí láidir, ná himeaglui-
ghidh: féuchuidh tiucfaidh bhur Ndía lé
dioghaltas, tiucfaidh Día lé luáidheachd:
tiucfa sé, agus sáorfa sé sibh.


L. Ia35:5


Annsin oisceoltar súile na
ndall, agus biáidh clúasa na mbodhar
gan stopadh.


L. Ia35:6


Annsin lingfios an duine ba-
cach amhuil fíadh, agus canfuidh teanga
an bhailbh céol; agus brisfid uis-
geadha amach ansa bhfásach, agus sru-
tháin annsa díothramh.


L. Ia35:7


Agus tiucfuidh an fearann tirim
chum bheith na lochán, agus an fearann
tartmhar na shrothaibh uisge: anáit-
reabh na ndragún, mar a luighionn gach
áon, biáidh féur, maille re giolchach,
agus re lúachair.


L. Ia35:8


Agus biáidh slighe mhór annsin,
agus bealach, agus goirfighear dhe bealach
na náomhthachda; ní shiubholuid na neamhgloin
thríd, acht biáidh sé na ccoinnesion: an
fer siubhail, agus na hamadáin, ní
rachuid amugha ann.


L. Ia35:9


Ní bhiáidh leomhan ar bith annsin, ní
mo rachus aóinbheathach fúaduighthe súas
ann, ní bhfuighthior annsin é: acht siu-
bholuidh an drong fhúascaltar ann.


L. Ia35:10


Agus fillfid an mhéid fhúas-
glas an Tighearna, agus tiucfuid go
Síon maille re céol, agus re gáir-
deachus síorruidhe ar a cceannuibh: glac-
fuid síad gáirdeachus agus lúath-
gháir, agus teithfidh dóbrón agus
osnadhach úatha.


L. Ia36:1


Anois tárla annsa cheathra-
mhadh blíadhain déug don Rígh
Heseciah, go ttáinic Se-
nacherib Rígh na Hassíria,
súas anaghaidh uile chaithreach dain-
gean Iúdah, agus gur ghabh sé íad.


L. Ia36:2


Agus do chuir Rígh na Hassíria
Rabsáceh ó Lachis go Hierusalem
gus an Rígh Heseciah maille ré slúagh
mór: agus do sheas sé láimh re píob tho-
bair an locháin úasaraigh a slighe móir
mhachaire anúcaire.


L. Ia36:3


Annsin tháinic chuige amach Elia-
cim mhac Hilciah, noch dobhí ós cionn an
tighe, agus Sebna an scribhneóir, agus
Ioah mhac Asaph an cuimnightheóir.


L. Ia36:4


Agus adubhairt Rabsáceh ríu,
abruidhsi anois ré Heseciah, is marso
adeir an Rígh mór, Rígh na Hassíria,
cred é an daingeanso iona bhfuil do dhóth-
chus.


L. Ia36:5


Adérad, achd ís bríathra diomhaói-
ne íad, atá comhairle agus neart agumsa
chum cogaidh: anois cía as a bhfuil
do dhóthchus, as a bhfuil tú ag cogadh
am aghuidhsi?


L. Ia36:6


Féuch, dóthchusaigh tú a maide
giolcuighe briste, air aNégipt: noch
má luighionn duine air, rachas an a láimh,
agus thollfas í: marsin atá Pha-
rao Rígh na Hégipte do gach áon
chuirios a dhóigh ann.


L. Ia36:7


Acht má deir tusa riomsa, atá
ar ndóthchus annsa Tighearna ar Ndía:
nach eision an té a rug Heseciah a áite
árda agus a altóra leis, agus adu-
bhairt ré Iúdah, agus re Ierusalem, a-
dhorthaoi a bhfíadhnuise na haltórasa?


L. Ia36:8


Anois ar anadhbharsin, guidhim
thú, tabhair braighde dom mhaighistirse
Rígh na Hassíria, agus dobhéra misi
dhuitsi dhá mhíle each: mas féidir leachdsa
marcshlúagh do chur orra.


L. Ia36:9


Ciondus marsin iompochus tú
ar ccúl adhaigh áon chaptín amháin do
na serbhíseachaibh is lugha ag mo mhai-
ghistir, agus chuirfeas tú do dhoigh
annsaNépipt, ar son carbad agus marc-
shluáigh?


L. Ia36:10


Agus an ttáinic misi anois
aníos gan an Tighearna anaghaidh na
tírese dá scrios? adubhairt an Ti-
ghearna riom, imthigh súas anaghaidh
na tíresin, agus scrios í.


L. Ia36:11


Annsin adhubhairt Eliacim agus
Sebna, agus Ioah ré Rabsáceh: gui-
dhim thú, labhair re do shearbhfhoghan-
taibh san teangaidh Shírianta; óir
tuigmíd í: agus ná labhair rinn san tean-
gaidh Iúduigh a cclúasaibh an pho-
bail, noch atá air an mballa.


L. Ia36:12


Acht adubhairt Rabsáceh, nar
chuir mo mhaighistir misi chum do
mhaighistirsi agus chugadsa, do la-
bhairt na mbríatharso? nachar chuir
sé mé chum na ndaóine noch shuighios
air an mballa, chor go níosaidís a no-
trach féin, agus go nibhthedís a mún
féin maille ribhsi?


L. Ia36:13


Annsin do sheas Rabsáceh, agus
déigh sé do ghuth árd san teangaidh
Iúduighe, agus adubhairt: éistighsi
bríathra an Rígh mhóir, Rígh na Has-
síria.


L. Ia36:14


Marso adeir an Rígh; ná
mealladh Heseciah sibh, óir ní bhiáidh
air a chumas bhur ccosnamh.


L. Ia36:15


Agus ná tugadh Heseciah or-
uibh dóthchusadh annsa Tighearna, gha
rádh, sáorfuidh an Tighearna sinn gan
amharus; ní sheachodar an chathairsi a
láimh Rígh na Hassíria.


L. Ia36:16


Ná héistigh re Heseciah:
oir is marso adeir Rígh na Hassíria,
dénaidh réiteach riomsa maille re cu-
mha, agus tigidh amach chugam, a-
gus itheadh gach áon aguibh dá fhíneamhuin,
agus gach aon da chrann fíge, agus
ibhidhsi gach áon aguibh uisge a thiu-
braide féin.


L. Ia36:17


Nó go ttí misi, agus go mbei-
ridh mé liom sibh go tír cosmhail re bhur
ttír féin, dúthaigh arbha agus fhío-
na, dúthaigh aráin, agus lubhghort
fhíneamhna,


L. Ia36:18


(Bhíthí ar bhur ccoimhéd) deagla
go ccorrocadh Heseciah sibh, gha rádh,
sáorfuidh an Tighearna sinn: nar sháor
áon do dhéibh na ccineadhach a dhúthaigh
as láimh Rígh na Hassíria?


L. Ia36:19


Cáit a bhfuilid dée Hamat, agus Ar-
phad? cáit a bhfuilid dée Sepharbhaim?
agus nar sháoradar Samária as mo
láimhse?


L. Ia36:20


Cía híad a measg uile dhée na
ttíorthadhso do sháor a ndúthaigh as
mo láimhsi, as a sáorfadh an Tighearna
Ierusalem as mo láimh?


L. Ia36:21


acht do thochdadarsan, agus
níor fhreagradar áon fhocal dó: óir do
bí aithne an Rígh, gha rádh, ná freagraidh
é.


L. Ia36:22


Annsin tháinic Eliachim mhac Hil-
ciah, noch dobhí ós cionn an tighe agus
Sebna an scríbhneóir, agus Ioah mhac
Asaph an cuimhnightheóir, go Heseci-
ah go na néuduighibh réubtha, agus dinn-
siodar dhó briathra Rabsáceh.


L. Ia37:1


Agus tárla anuáir dochúa-
la an Rígh Heseciah sin,
gur bhris sé a édach, agus
dfoluigh sé é féin lé saicéa-
dach, agus dochuáidh sé go tígh an Ti-
ghearna.


L. Ia37:2


Agus do chuir sé Eliachim, noch
dobhí ós cionn an tighe, agus Sebna an
scribhneóir, agus sinsir na sagart
foluighthe le saicédach gus an bhfáidh
Isaiah mhac Amos.


L. Ia37:3


Agus adubhradar ris, is mar-
so adeir Heseciah, is lá bhuáidheartha,
agus bagair, agus blasphémigh an lá-
so: óir thangadar na leinibh anáit a
mbeirthe, agus ní bhfuil neart ar a mbreith.


L. Ia37:4


Dobféidir go ccluinfeadh an Ti-
ghearna do Dhíase bríathra Rabsáceh,
noch do chuir Rígh na Hassíria a mhaighis-
tir do mhaslughadh an Dé bhí, agus go
naithbheoruidh sé na bríathra dochúala an
Tighearna do Dhíase; uimesin tóg sú-
as hurnaigh ar son anfuighill do fág-
bhadh.


L. Ia37:5


Marsin thangadar searbhfhoghan-
tuighe an Rígh Heseciah ga Hisaiah.


L. Ia37:6


Agus adubhairt Isaiah ríu, marso
adérthaói ré bhur maighistir, is
marso adeir an Tighearna; ná bíodh ea-
gla ort ris na bríathruibh dochúala tú,
ré ar scannluighiodar searbhfhoghantuighe
Rígh na Hassíria misi.


L. Ia37:7


Féuch, cuirfidh mé filleadh air, agus
cluinfidh sé tormán agus fillfidh sé dhá
thír féin, agus dobhéara mé air tuitim
ris an ccloidheamh iona thir féin.


L. Ia37:8


Marsin dfill Rabsáceh, agus
fuáir sé Rígh na Hassíria ag cogadh
anaghaidh Libnah; óir dochúala sé
gur imthigh sé as Lachis.


L. Ia37:9


Agus dochúaluidh sé dha rádh a
ttaóibh Thirhacah Rígh na Hetíopia,
tháinic sé amach do chogadh riotsa:
agus anuáir dochúala sé sin, do
chuir sé teachda go Heseciah, gha
rádh,


L. Ia37:10


Is marso laibheorthaói ré He-
seciah Rígh Iúdah, gha rádh, ná mealladh
do Dhía iona bhfuil do dhóigh thú, gha rádh,
ní thiubharthar Ierusalem a láimh Rígh
na Hassíria.


L. Ia37:11


Féuch, dochuala tú cred do
rinneadar Ríghthe na Hassíria ris a
nuile thír dá léirscrios, agus an sáor-
fuighthear thusa?


L. Ia37:12


Nar sháoradar dée na ccinea-
dhach an mhéid do scriosadar mai-
thre se, Gósan, agus Háran, agus
Reseph, agus clann Eden, noch dobhí a
Dtelassar?


L. Ia37:13


Cáit a bhfuil Rígh Hamat, a-
gus Rígh Arphad, agus Rígh caithrea-
cha Sepharbhaim, Hena, agus Hibhah?


L. Ia37:14


Agus do ghlac Heseciah an
litir as láimh na tteachdadh, agus do
léigh sé í: agus dochuáidh Heseciah
súas go tigh an Tighearna, agus
do lethanuigh sé í a bhfíadhnuise an Ti-
ghearna.


L. Ia37:15


Agus do ghuidh Heseciah chum
an Tighearna, gha rádh.


L. Ia37:16


O a Thighearna na slógh Día Is-
rael, noch áitreabhus edir na cherubí-
nigh, is tú an Día, thúsa féin amháin,
do uile rioghachdaibh na talmhan, is tú do
rinne neamh agus talamh.


L. Ia37:17


Cláon do chlúas, a Thighearna,
agus cluin; oscail do shúile, a Thi-
ghearna, agus faic: agus éist uile
bhríathra Shennacherib, noch do chuir úadh
do scannlughad an Dé bhí.


L. Ia37:18


Go fírinneach a Thighearna, do
rinneadar Ríghthe na Hassíria fásach
do na huile chineadhachaibh agus dá ttíor-
thaibh.


L. Ia37:19


Agus do theilgeadar a ndée
annsa teine: óir níor dhée íad, acht obair
lámh daóine, crann agus cloch; uimesin
do sghriosadar íad.


L. Ia37:20


Anois ar anadhbharsin, a Thi-
ghearna ar Ndía, saór sinn óna láimh,
chor go mbía a fhios ag uile rioghachdaibh
na talmhan gur tú an Tighearna, thusa
féin amháin.


L. Ia37:21


Annsin do chuir Isaiah mhac A-
mos fios chum Heseciah, gha rádh, is
marso adeir an Tighearna, Día Israel,
anáit ar ghuidh tú mé anaghaidh She-
nacherib Rígh na Hassíria:


L. Ia37:22


Ag so an focal do labhair an Ti-
ghearna dhá tháobh, do tharcuisnigh an
mhaighdion inghean Síon thú, agus do
rad gáir fhochmuide fúd, do chroith in-
ghean Ierusalem a ceann ort.


L. Ia37:23


Cía scannluigh tú, agus cía mhas-
luigh tú, agus cía anaghaidh ar ár-
duigh tú do ghuth, agus ar thóg tú do
shúile súas go hárd? eadhon anaghaidh
aóin náomhtha Israel.


L. Ia37:24


Le do shearbhfhoghantuibh do mhas-
luigh tú an Tighearna, agus adubhairt
tú, lé hiomad mo charbad tháinic mé a
níos go hárd na slíabh, go himlibh Leba-
non, agus gérrfa mé síos crainn árra-
chda Cedair, agus togha a ccrann giumhuis:
agus rachaidh mé a mullach a théorann,
agus a bhforaóis a Charmel.


L. Ia37:25


Do thochail mé, agus dibh mé
uisge, agus le bonn mo choise do thior-
muigh mé súas uile shrotha an daingin.


L. Ia37:26


Nach ccúalaidh tú fada ó shin
cionnus dorinne misi é, agus ó na sea-
naimsearuibh ciondus do chum mé é? agus
anois do críochnuigh mé é, chor go
mbeithésa ag dénamh fásaidh do chaithrea-
caibh daingne na ccárnuibh folmha.


L. Ia37:27


Uimesin dobhádar anáitreabh-
thuigh ar bheagán neirt, do lagadh a-
gus do hainbhfainneadh íad: dobhádar a-
mhuil féur na faighthe, agus mar an
luibh nglais, mar an bhféur ar mhullach
na ttightheadh, agus mar ghort séidthe
suil fhásas sé súas.


L. Ia37:28


acht atá fios do chomhnuighe
agamsa, agus do dhul amach, agus
do theachda asteach, agus do chuthach am
aghaidhsi.


L. Ia37:29


Do bhrígh go ttáinic do chuthach
am aghaidh, agus do bhuaidhreadh súas am
chlúasaibh: uimesin cuirfe mé mo dhubhán
ann do shróin agus mo shrían ann do bhéul,
agus fillfe mé ar hais thú annsa tslighe
iona ttáinic tú.


L. Ia37:30


Agus biaídhso na chomhartha agad,
íostaói an bhliadhainsi an ní fhásas úa-
dha féin, agus an dara blíadhain an ní
fhásas desin, agus an tresblíadhan,
síolchuiridh, agus bainidh, agus plann-
duighidh fíneamhna, agus ithidh a ttoradhsan.


L. Ia37:31


Agus an fuighioll fhúigfighear
do thigh Iúdah gébhuid arís frémh síos,
agus dobhéraid toradh súas.


L. Ia37:32


Oír rachaidh fuighioll amach as
Ierusalem, agus an dul as ó shlíabh
Síon: dodhéna teasghrádh thighear-
na slógh so.


L. Ia37:33


Uimesin is marso adeir an
Tighearna a ttáobh Rígh na Hassíria,
ní thiucfa sé don chathruighsi, ní chaith-
fidh sé soighiod innte, agus ní thiucfa
sé as a coinne le scíathaibh, agus ní
theilgfidh sé cladh rena haghaidh.


L. Ia37:34


Annsa tslighe iona ttáinic sé,
annsa tslighe chédna fhillfios sé, agus
ní thiucfa sé don chathruighsi, adeir an
Tighearna.


L. Ia37:35


Oír cuimhdeochuidh misi an cathairsi,
dá dídean ar mo shon féin, agus ar son mo
sheirbhísigh Dáibhi.


L. Ia37:36


Annsin dochuáidh aingeal an
Tighearna amach, agus do bhuáil sé a
bhfoslongphort na Nassírianach, céud
ceithre fithchid agus cúig mhíle: agus
anuáir do éirgheadar go moch ar mai-
din, dobhádar uile na ccorpuibh marbha.


L. Ia37:37


Marsin dimthigh Sennacheribh Rígh
na Hassíria, agus do ghluáis agus
dfill sé, agus dorinne sé comhnuidhe a
Ninibheh.


L. Ia37:38


Agus tárla mar dobhí sé ag
adhradh a ttigh Nisroch a dhía gur bhuáil
Adramelech, agus Sareser a mhic é
leis an ccloidheamh; agus dimthigheadar
go crich na Harménia, agus do ríoghuidh
Esarhadon a mhac iona áit.


L. Ia38:1


Ansna láethibhsi dobhí Hese-
ciah tinn chum báis, agus
tháinic an fáidh Isaiah mhac
Amos chuige, agus adu-
bhairt ris, marso adeir
an Tighearna, cuir do thigh anórdu-
ghadh; óir dogheabha tú bás, agus ní
mhairfe tú.


L. Ia38:2


Annsin dfill Heseciah a adhaigh
leath ris an mballa, agus do ghuidh sé
chum an Tighearna.


L. Ia38:3


Agus adubhairt, cuimhnigh a
nois, a Thighearna, guidhim thú, mar do
shiubhuil mé ann thfíaghnuise a bhfírinne,
agus maille ré croidhe iomlán, agus
go ndhérna mé an ní is maith ann do ra-
dharc; agus do ghuil Heseciah go
géur.


L. Ia38:4


Annsin tháinic bríathar an Ti-
ghearna go Hisaiah, gha rádh,


L. Ia38:5


Imthigh, agus abair re Heseci-
ah, marso adeir an tighearna Día
Dháibhi hathar; dochúala mé do
ghuidhe, dochonnairc mé do dhéora:
féuch, cuirfidh mé a cionn do láetheadh,
cúig bhlíadhna déug.


L. Ia38:6


Agus sáorfa mé thú féin, agus
an chathairsi as láimh Rígh na Hassíria
agus dídeonuidh mé an chathairsi.


L. Ia38:7


Agus biáidh so na chomhartha
agad ón ttighearna, go ndéna an
Tighearna an níso adubhairt sé.


L. Ia38:8


Féuch, dobhéara mé arís
sgáile na ccéimionn dochúaidh sí-
os don ghréin a ccéimibh Ahas,
deich ccéime ar a nais. Annsin
dfill an ghrían deich céime réir na
céimibh lé a ndeachuidh síos.


L. Ia38:9


Scríbhinn Heseciah rígh Iúdah anuáir
dobhí sé tinn, agus déirghidh sé ó na thinneas.


L. Ia38:10


Adubhairt misi, a ngearradh mo
laétheadh, rachaidh mé go geatadhuibh na
huáighe: do beanadh an chuid oile dom
bhlíadhnuibh dhíom.


L. Ia38:11


Adubhairt mé, ní fhaicfe
mé an Tighearna, eadhon an Ti-
ghearna a ttír na mbéo: ní fhaic-
fidh mé duine nías mó maille ré
háitreabhachaibh an domhuin.


L. Ia38:12


Dimthigh máitreabhadh, a-
gus do háthruigheadh uáim í mar
lóistín áodhaire: do gheárr mé a-
mhuil figheadóir mo bheatha: gearr-
fa sé amach mé maille re tinnios
fadálach: ón ló gus anoidhche chuir-
fios tú deireadh liom.


L. Ia38:13


Do chomháir mé go maidin,
amhuil leomhan brisfe sé mo chnámha
uile: ón ló gus anoidhche chuirfios tú
deiriodh liom.


L. Ia38:14


Amhuil corr nó áinléog
is marsin do chanráin mé, dos-
nuigh mé mar cholum: dobhí mo
shúile tógtha suas anáirde; a
Thighearna, atáim ar mo shárughadh,
gabh do láimh mé.


L. Ia38:15


Cred adéara mé? do la-
bhair sé féin riom, agus isé féin
dorinne riom é: imeochaidh mé go
mín ar feadh mo uile bhlíadhan a sear-
bhus manma.


L. Ia38:16


O a Thighearna, is leis
na neithibhsi mhairid daóine, a
gus annsna neithibhsi uile atá bea-
tha mo spioraide; léoso, thár-
thochuis tú mé, agus dobhéra tú
orum marthainn.


L. Ia38:17


Féuch, arson síodhchána
fuáir mé searbhus mór, acht ar
ghrádh manma do sháor tusa é ó
pholl an truáillighthe: óir do theil-
gis mo pheacuidhe uile táobh síos dot
dhruim.


L. Ia38:18


Oír ní fhéadann anuáigh do
mholadh, ní fhéadann an bás do mhó-
radh; ní fhéadann an drong théid
síos san pholl dóthchusuigh ann thfí-
rinne.


L. Ia38:19


An béo, an béo, molfa sé thú
mar donímsi aniugh: agus foillseoch-
uidh an tathair thfírinne don chloinn.


L. Ia38:20


Dobhí an Tighearna ullamh chum
mo sháortha: uimesin canfam ar ccain-
tice uile láethe ar mbeatha a ttigh
an Tighearna.


L. Ia38:21


Oír adubhairt Isaiah, gla-
caidís meall fígeadh, agus leagaidís mar
cheirín ar an neascóid é, agus mairfidh
sé.


L. Ia38:22


Adubhairt fós Heseciah, cred
é an comhartha le a racha mé súas
go tigh an Tighearna.


L. Ia39:1


Ansanamsin do chuir Me-
rodach Baladan mhac Ba-
ladain Rígh na Babilóine
litreacha agus preasánta
go Heseciah: óir dochúala sé go
raibh sé tinn, agus go ttáinic sé
as.


L. Ia39:2


Agus dobhí Heseciah lúath-
gháireach rompa, agus do thaisbein sé
dhóibh tigh a shéud mórluáigh, an tair-
giod, agus an tór, agus na spíosra,
agus anola mhórluáigh, agus tigh
a shoightheach uile, agus anuile ní dá
raibh ona ionnmhusaibh: ní raibh aoinní
ann a thigh nó ann a thighearnus uile
nachar thaisbéin Heseciah dhóibh.


L. Ia39:3


Annsin táinic Isaiah an fáidh
gus an Rígh Heseciah, agus adubhairt
ris, cred adubhradar na daóinesi?
agus cáit as a ttangadar cugadsa?
agus adubhairt Heseciah, than-
gadar as tír imchéin chugam, eadhon
ón Bhabilóin.


L. Ia39:4


Annsin adubhairt seision, cred
dochonncadar ann do thigh? agus do
fheargair Heseciah, dochonnca-
dar anuile ní dá bhfuil ann mo
thigh, ní bhfuil aoinní a measg mionnmhuis,
nachar thaisbéin mé dhóibh.


L. Ia39:5


Annsin adubhairt Isaiah re He-
seciah, éist bríathar Thighearna na
slógh.


L. Ia39:6


Féuch, tiucfuid na láethe iona
mbérthar a bhfuil an do thigh, agus
ar chuireadar haithre súas a stór
gus an ló aniugh don Bhabilóin, ní
fhúigfighear aóinní, adeir an Tighearna.


L. Ia39:7


Agus béruid léo cuid dot mha-
caibh, noch thiucfas uáit, noch ghinfeas
tú, agus béid na ccaillteanachuibh a
bpálás Rígh na Babilóine.


L. Ia39:8


Annsin adubhairt Heseciah ré
Hisaiah, is maith briathar an Tighearna,
noch do labhair tusa: agus adubhairt sé, óir
biáidh síothcháin agus fírinne ann mo
láethibhsi.


L. Ia40:1


Meisnighidh sibh, meisnighibh
sibh mo phobal, deir bhur
Ndía.


L. Ia40:2


Labhruidh go meis-
neamhuil ré Hierusalem,
agus fúagruidh dhi gur críochnuigheadh
a cogadh, gur maitheadh a héigceart:
óir do ghlac sí as láimh an Tighearna
díol dúbalta ar son a huile phea-
caidh.


L. Ia40:3


Guth an té fhúagras ansa
bhfásach, glésuidh slighe an Tighearna:
dénaidh díreach ansa díothramh slighe
mhór dar Ndía.


L. Ia40:4


Airdeochthar gach uile ghleann, a-
gus ísleochthar gach slíabh, agus gach
cnoc: agus dodhéntar an cam dí-
reach, agus na háite garbha mín.


L. Ia40:5


Agus foillseochar glóir an Ti-
ghearna, agus dochífidh anuile fheóil
é anéinfheachd: óir béul an Tighearna do
labhair é.


L. Ia40:6


Adubhairt an guth, fúagair: a-
gus adubhairt seision, cred fhuaigeo-
ras mé? is féur anuile fheóil, agus
atá a mhaith uile mar bhláth an mha-
chaire.


L. Ia40:7


Críonuidh an féur, searguidh an
bláth: do brígh go séidionn spiorad an
Tighearna air.


L. Ia40:8


Críonuidh an féur, searguidh an
bláth, achd seasfuidh bríathar ar Ndé go
bráth.


L. Ia40:9


A Shíon, noch dobheir leachd scéu-
la maithe, éirigh súas air a tslíabh
árd; a Ierusalem dobheir scéula
maithe leachd, tóg súas do ghuth maille
re neart: tóg súas é, ná bíodh eag-
la ort: abair le caithreachaibh Iúdah,
féuchaidh bhur Ndía.


L. Ia40:10


Féuch, tiucfuidh an Tighearna
Día lé (láimh) láidir, agus ríaghloch-
uidh a righ ar a shon; féuch, atá a
luáidheachd maille ris, agus a obair
roimhe.


L. Ia40:11


Beatochuidh sé a thréud amhuil
áodhaire, cruinneochaidh sé na huáin léna
láimh, agus iomchoruidh sé iona ucht
íad, agus tiomáinfidh go mín an chuid
iona mbí uáin.


L. Ia40:12


Cía thomhais na huisgeadha
a cclár a dhérnainne, agus do dhírigh a-mach
neamh lé réis, do chruinnidh luáith-
readh na talmhan a miosúr, agus do
chomhthromuigh na sléibhte a gcomhthrom,
agus na cnoic a sgála?


L. Ia40:13


Cía dhírigh spiorad an Tighear-
na, nó ar mbeith na chomhairleach aige
cía mhúin é?


L. Ia40:14


Cía ré a ndérna sé comhairle?
agus cía theagaisg é? agus do mhúin
é a ccasán an bhreitheamhnuis? agus do
mhúin éolus dó, agus do thaisbeain dó
slighe na tuigse?


L. Ia40:15


Féuch, atáid na cineadhacha a-
mhail bráon buicéid, agus atáid arna
meas, amhuil luáithreadh beag an scá-
la: Féuch, tógbhuidh sé súas na hoi-
léin mar ní robheag.


L. Ia40:16


Agus ní lór Lebanon ré a
losgadh, agus ní lór a bheathuigh mar
ofráil loisge.


L. Ia40:17


Is neimhní na cineadhacha uile dá
lathair, agus meastar leision íad ní
sa lugha ná neimhní, agus díomhaói-
neas.


L. Ia40:18


Marsin cia ré saimhleochuidhe
Día? nó cía an chosamhlachd chuirfidhe io-
na choimhmeas?


L. Ia40:19


Leaghaidh an fear-oibre íomháigh
ghreanta, agus folchaidh cérd anóir
í timchioll le hór, agus teilgidh sé
slabhradha airgid.


L. Ia40:20


An té bochtuighthear marsin,
ionnus nach bhfuil ofráil aige, toghuidh
sé crann nach lobhann: íarruidh sé chuige
oibrigh glic dullmhughadh íomháighe grean-
ta nach ccorrochthar.


L. Ia40:21


Nach fios daóibhsi? nach ccúa-
labhair? nachar hinnseadh dhíbh ó thosach
nach ar thuigeabhair ó bhunáitibh na tal-
mhan?


L. Ia40:22


An té shuidhios ar rotha na
talmhan, agus atáid áitrebhthuighsin
amhuil dreoláin teasbhuidh; noch leath-
nuighios amach na neamha amhuil cúir-
tín, agus shreathnuighios amach íad amhuil
páilliúin do dhénamh comhnuighe.


L. Ia40:23


Noch dobheir na prionnsadha
a neimhní, doní sé breitheamhuin na tal-
mhan amhuil díomhaóineas.


L. Ia40:24


Fós ní planndochthar íad, ní sí-
olchuirfighear íad: fós ní ghébhuidh a mbun
fréumh annsa talamh: agus séidfidh sé
fós orra mar an ccédna, agus crí-
onfuid, agus béruidh an gháoth ghuair-
déin lé íad amhuil connlach.


L. Ia40:25


Ar anadhbharsin, cía re saimh-
leochtháoi misi, nó cía re a mbíad cos-
mhail, adeir an táon naomhtha?


L. Ia40:26


Tógbhuidh súas bhur súile go
hárd, agus féuchaidh cía do chruthaidh
na neithesi, noch dobheir a slógh amach
le háireamh: goiridh sé uile íad as a
nanmannaibh le méud a chumhachd; óir atá
sé láidir a ccumhachdaibh, ní fhaillighionn
áon é.


L. Ia40:27


Cred fá nabair tusa, a Iácob,
agus a labhrann tú, a Israel, atá
mo shlighe a bhfolach air an ttighearna,
agus dochuáidh mo bhreitheamhnus thairis
óm Dhía?


L. Ia40:28


Nach raibh a fhios agad? nach
ccúala tú, nach lagaidhthear an Día
síorruidhe, an Tighearna cruthaightheóir
théorann na talmhan, agus nach ccuir-
thior é? ní bhfuil scrúdagh ar bith air a
thuigsin.


L. Ia40:29


Dobheir sé cumhachda donanbhfann,
agus don droing ag nach bí neart méud-
uighidh sé neart.


L. Ia40:30


Laigeochthar fós na hogánuigh,
agus béid coirthe, agus tuitfid na
hóigfhir thríd amach.


L. Ia40:31


Acht an drong fheithios air an
ttighearna a neart: éreochuid súas
lé sciathánuibh amhuil iolair riothfaidh síad,
agus ní bhéid choirthe, agus siubholuid,
agus ní bhéid síad anbhfann.


L. Ia41:1


Tochduighidh dom lathairsi, sibhsi
a oiléana, agus athnúadhai-
dís na daoine a neart: tig-
dís a ccomhfhogus, labhrai-
dís annsin: tigeam a bhfogus anaóin-
fheachd chum breitheamhnuis.


L. Ia41:2


Cía thóg súas an fírén ónoirthear?
do ghoir chum a choise é, thug na cineadha-
cha dá lathair, agus thug air ríaghladh ós
cionn Ríghthe? thug sé íad amhuil luáith-
readh dha chloidheamh, agus mar chonnlach
teilgthe dha bhogha.


L. Ia41:3


Do lean sé íad, agus dimthigh sé
slán, eadhon ansa tslighe annnár shiubh-
uil sé lena chosaibh.


L. Ia41:4


Cía doibrigh agus dorinne é ag
gairm sleachdan ó thosach? misi an Ti-
ghearna céadna, agus leis a ndeighio-
nach, is misi é.


L. Ia41:5


Dochoncadar na hoileáinsin, a-
gus deagluigheadar ris, dobhádar cor-
ra an domhain eaglach, do thairngiodar a
ngar agus thangadar.


L. Ia41:6


Do cuidigh gach áon aca lena
chomharsoin, agus adubhairt gach aon
aca rena dhearbhrathair, bí meis-
neamhuil.


L. Ia41:7


Marsin thug an sáor meisneach do
chérd anóir, agus an té mhínighios leis
anórd don té bhuáileas aninneóin, gha
rádh, atá sé réidh chum táthuighe: agus
do dhaingnidh sé é lé táirnghibh, iondus,
nach ccorreochthaói é.


L. Ia41:8


Acht is tusa, a Israel mo shear-
bhfhoghantuighe, Iácob noch do thógh mé,
síol Abraham mo chara.


L. Ia41:9


Thusa noch thug mé ó chorruibh na
talmhan, agus do ghoir mé thú ó na
daoinibh oirdhearcha, agus adubhairt riot:
is tú mo sheirbhíseach: do thogh mé thú a-
gus níor theilg mé seachad thú.


L. Ia41:10


Ná bíodh eagla ort, óir atáimsi
maille riot: ná bí laigbhrígheach, óir
is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú,
fós cuideocha mé leachd, cuinneocha mé fós
súas thú le láimh dheis mo cheirt.


L. Ia41:11


Féuch, náireochor agus cla-
óidhfighear íad uile noch do las ad aghaidh:
béid síad amhuil nemhní, agus díoghbhaidh-
fidh an mhéid throidfios riot.


L. Ia41:12


Iárrfa tú íad, agus ní bhfuighe
tú íad, eadhon an drong do cheannairg riot:
biáidh an lucht do chogaidh ad aghaidh amhuil
nemhní, agus mar ní gan fhéidm.


L. Ia41:13


Oír misi an Tighearna do Dhía
choinneochus do lámh dheas, ghá rádh riot, ná
himeagluidh, cuideochuidh mé leachd.


L. Ia41:14


Ná heagluidh, thusa a phéist Iá-
cob, agus sibhsi a phobal beag Israel:
cuideochuidh mé libhsi, adeir an Tighearna
agus do shlánaightheóir, áon náomhtha
Israel.


L. Ia41:15


Féuch, dodhéana mé dhíot núadh
ionstrument bhuáilte agá mbéid fía-
cla: buáilfe tú na sléibhte, agus
buáilfe tú go mion íad, agus dodhéna
tú na cnoic amhuil cáith.


L. Ia41:16


Cáithfidh tú íad, béaruidh an
ghaoth lé íad, agus cráobhsgaóilfe an
gháoth ghuáirdeáin íad: agus gáirdeo-
chuidh tusa annsa Tighearna, agus do
dhéna tú glóir anáon náomhtha Israel.


L. Ia41:17


Anuáir íarrfuid na boicht, a-
gus na ríachdanuigh uisge, agus nach
bía sin ann, agus go bhfailleochuidh a
tteanga lé tart, cluinfidh misi an Ti-
ghearna íad, misi Día Israél ní thréigfe
mé íad.


L. Ia41:18


Oisceoluidh mé aibhne anái-
tibh árda, agus toibreacha a lár na
ngleann: dodhéna mé lochán uisge do
nfásach, agus tiobruide fíoruisge
donfearann thirim.


L. Ia41:19


Plainndeocha mé na Sédair an sa
bhfásach, an crann Sittah, agus an
Mirtle, aghus an crann ola: cuirfe mé
ansa díothramh an crann giumhais, a-
gus an pínan, agus an crann bocsa
anaóinfheachd:


L. Ia41:20


Iondus go bhfaicfid, agus go
naitheonuid, agus go measfuid anaóin-
fheachd gurbí lámh an Tighearna dorinne
so, agus gurbé áon náomhtha Israel
do chruthaigh é.


L. Ia41:21


Tabhruidh bhur ccúis a lathair,
ar san Tighearna: tugaidh air bhur ndáoine
teachd a ngar, ar sa Rígh Iácob.


L. Ia41:22


Tigedís, agus foillsighedís
dhúinn cred theigeomhus ann: taisbeanai-
dís na céidneithe cred íad féin, chor
go measfuim íad, agus go mbía fios a
ccríche deighionuighe aguinn: nó foillsighe-
dís dúinn na neithe atá ag teachd.


L. Ia41:23


Taisbeanuidh na neithe atá ag
teachd na dhiáighso, agus biáidh a fhios
aguinn gur dée sibh: dénaidh fós maith,
nó dénaidh olc, agus inneosam, agus
chífeam anaóinfheachd.


L. Ia41:24


Féuchuidh ní bhfuil ionnuibh acht
neimhní, agus bhur nobair gan tábhachd: is
adhfhúathmhar an té thoghas sibh.


L. Ia41:25


Do thóg misi áon súas as an
ttuáisceart, agus tiucfa sé: ó éir-
ghe gréine ghoirfios sé air mainmsi, agus
tiucfa sé air phrionnsadhuibh amhuil ar
mhoirtéur, agus amhuil shaltras fear
dénta na bpotadh an chríaidh.


L. Ia41:26


Cía shoillsigh ó thosach, chor
go mbía a fhios aguinne? agus roimhe
anaimsir, chor go naibéoraidís, atá
sé fíréunta? aseadh ní bhfuil áon thais-
beanas, ní bhfuil áon fhiollsighios, fós
ní bhfuil áon éistios bhur mbríathra.


L. Ia41:27


Déra an céidfhear re Sion, féuch,
féuch íad, agus dobhéra misi do Ie-
rusalem áon noch dobhéuras scéula
maithe leis.


L. Ia41:28


Oír dféuch misi, agus ní raibh
duine ar bith iona measc, agus ní raibh
comhairleach ar bith, noch anuair do fhíafruigh
mé, do fhreagradh focal.


L. Ia41:29


Féuch, atáid síad uile na
ndíomhaóineas, is neimhní a noibreacha:
is gáoth, agus is eadarbhuáis aníomh-
áighe leaghtha.


L. Ia42:1


Féuch, mo sheirbhíseach, noch
gabhuim orum, mo rogha ann
a bhfuil dúil manma: do
chuir mé mo spiorad air, do
bhéra sé breitheamhnus amach chum na
ngeinteadh.


L. Ia42:2


Ní dhénaidh sé éimhghe, ní thóigfe sé
súas, agus ní thiubhra fa deara a ghuth
do chluinsion ansa tsráid.


L. Ia42:3


Ní bhrisfe sé giolcach brúite,
agus ní mhúcfa sé an líon deatamhuil: do
bhéra sé breitheamhnus amach chum fírinne.


L. Ia42:4


Ní fhailleochaidh sé, agus ní
bhiáidh sé meata, nó go ccuiridh sé
breitheamhnus ansa talamh: agus feith-
fidh na hoiléin ar a dhligheadh.


L. Ia42:5


Is marso adeir Día an Ti-
ghearna, an té do chruthaigh na neamha,
agus do shín amach íad; an té do shreath-
nuigh amach an talamh, agus an ní thig
amach as, an té dobheir anál do na
daoinibh air, agus spiorad don mhéid
shiubhluighios ann.


L. Ia42:6


Misi an Tighearna do ghoir thú a
bhfíréntachd, agus coinneocha mé do lámh,
agus coimhédfad thú, agus dobhérad
thusa mar chunradh don phobal, mar
sholus do na geintibh:


L. Ia42:7


Dfoscladh na súl ndall, do
thabhairt na bpríosúnach amach as an
bpríosún, agus na muintire shuidhios
a ndorchadas amach as tigh an phríosúin.


L. Ia42:8


Is misi an Tighearna, sé sin mainm,
agus ní thiubhra mé mo ghlóir do
neach oile, nó mo mholadh díomháighibh
grábhálta.


L. Ia42:9


Féuch, thangadar na céidneithe a
ccrích, agus foillsighim na neithe núadha;
suil fhásaid síad amach, innisim dhíbh íad.


L. Ia42:10


Canaidh don Tighearna caintic
núadh, agus a mholadh ó imiol na tal-
mhan: sibhsi dothéid síos chum na
fairge, agus anuile ní dá bhfuil innte,
na hoiléin agus anáitreabhthacha.


L. Ia42:11


Tógbhadh an fásach, agus a
chaithreacha súas a nguth, na bailte
ann a náitrighionn Cédar, canaidís dúth-
chusaigh na cairge, gáiredís ó mhullach
na slíabh.


L. Ia42:12


Tugaidís glóir don Tighearna,
agus foillsigheadís a mholadh annsna hoilénuibh.


L. Ia42:13


Rachaidh an Tighearna amach amhuil
duine cumhachtach, coirreochuidh sé éud
súas amhuil fear cogaidh: gáirfidh sé,
fós nuallfa sé, béra sé buáidh ar a
naimhdibh.


L. Ia42:14


Do choisg mé re fada, dobhí mé am thochd,
agus do chuir mé srían riom féin: anois
comhaircfe mé amhuil bean re niodhnuibh,
scriosfa mé agus millfe mé anaóinfheacht.


L. Ia42:15


Dodhéna mé sléibhte, agus cnoic
na bhfásach, agus críonfa mé súas a
luibhe uile, agus dodhéna mé oiléin do
na haibhnibh, agus tiormocha mé súas na lo-
cháin.


L. Ia42:16


Agus dobhéra mé na daill a
slighe nach aithne dhóibh, tréorochuidh mé íad
a slighe nar bhfeas dóibh: dodhéna mé an
dorchadas na sholus rompa, agus na
neithe cama díreach. Agso na neithe dhé-
nas mé dhóibh, agus ní thréigfe mé íad.


L. Ia42:17


Fillfíghthear ar a nais íad,
biáidh náire mhór air an droing dhóchth-
chusuighios aníomháighibh greanta, noch a
deir ris na híomháighibh leaghtha, is sibh ar
ndée.


L. Ia42:18


Cluinidh a bhodhra, féuchuidh a dhal-
la, chor go bhfaicfidhe.


L. Ia42:19


Cía is dall achd mo sheirbhíseach-
sa? nó bodhar mar mo theachtaire do chuir
mé uaim? cía as dall mar an té atá
iomlán? nó dall mar shearbhfhoghantuigh
an Tighearna?


L. Ia42:20


Ag faicsin mhóráin neithe,
acht ní thabhair tú dot aire: ag foscladh
na cclúas, achd ní chluin sé.


L. Ia42:21


Do thaitin ris an ttighearna ar
son a fhíréntachda: dodhéna sé an
dligheadh do mhórughadh, agus dodhéna
sé oirdheirc é.


L. Ia42:22


Acht is daóine íadso sladtha,
agus creachtha, atáid síad uile gabhta
a bpollaibh, agus atáid a bhfolach a
ttighthibh príosúin; atáid síad na
ccreich, agus ní bhfuil áon dá ttár-
tháil; mar édáil, agus ní abair áon, aisig.


L. Ia42:23


Cía aguibhsi bhéras éisteachd dó
so? cía éistfios, agus chluinfios,
chum na haimsire atá ag teacht?


L. Ia42:24


Cía do sheachuid Iácob mar édáil,
agus Israel do na sladmhóirighibh? nach
dérna an Tighearna, an té ar pheacuidhea-
mar na aghaidh? óir níor shiubhluighea-
dar iona shlighthibh, ní mó dobhádar
umhal dá dhligheadh.


L. Ia42:25


Uimesin do dhóirt sé air ainteas a
fheirge, agus neart an chatha: agus do chuir sé
tré theine é timchioll faccuáirt, acht ní
raibh a fhios aige; agus do loisg sé
é, acht níor chuir sé iona chroidhe é.


L. Ia43:1


Acht anois is marso adeir
an Tighearna do chruthaidh thu-
sa, a Iácob, agus an té do chum
thú, a Israel, ná himeagluigh:
óir dfúasguil mé thú, do ghoir mé thú
as hainm, is liomsa thú.


L. Ia43:2


Anuáir ghabhus tú thríd na huis-
geadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd
na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: anuáir
siubholas tú thríd an tteine, ní loisg-
fighear thú, ní mó dheargfas an lasair ort.


L. Ia43:3


Oír is misi an Tighearna do Dhía,
áon naomhtha Israel do shlánaightheóir:
thug mé a Négipt as thfúascladh,
a Netiópia agus Seba air do shon.


L. Ia43:4


O bhí thú mórluaigh ann mo ra-
dharc, dobhí tú onórach, agus do
ghrádhuigh mé thú: uimesin dobhéra mé
daóine ar do shon, agus pobal ar
san hanma.


L. Ia43:5


Ná bíodh eagla ort, óir atáimsi
maille riot; dobhéra mé do
shíol ónoirthear, agus cruinneocha mé
óníarthar thú.


L. Ia43:6


Déra mé ris an ttuáisceart, ta-
bhair uáit; agus ris an deisceart, ná
connuimh ar ccúl: tabhair mo mhaca as im-
chéin, agus mingheana ó théorannaibh na
talmhan.


L. Ia43:7


Eadhon gach uile dhuine dá ngoir-
thear am ainmsi; óir do chruthaigh mé é
ar son mo ghlóire, do chum mé é, fós
dorinne mé é.


L. Ia43:8


Tabhair amach na daóine dalla agá
bhfuilid clúasa.


L. Ia43:9


Cruinnighthear na huile chineadhacha a
bhfochair a cheile, agus bídís na daoine
cruinn: cía iona measc sin fhédas so
dfoillsiughadh, agus thaisbénas dhúinne
neithe roimheso? tugaidís amach a bhfí-
adhnuiseadha, chor go bhfíorfuighear íad:
nó cluinedís, agus abraidís, is fí-
rinne é.


L. Ia43:10


Is sibhsi mfíadhnuisesi, adeir an
Tighearna, agus mo sheirbhiseach noch do
thogh mé: chor go naitheontaói, agus
go ccreidfídhe mé, agus go ttuigthí
gur misi é: níor cumadh Día ar bith
romhamsa, ní mó bhías am dhiáigh.


L. Ia43:11


Is misi, misi féin an Tighear-
na, agus táobh amuigh dhiomsa ní bhfuil
áon tslánaightheoir ann.


L. Ia43:12


Dfoillsigh mé, agus do sháor
mé, do thaisbéin mé anuair nach raibh
aóindía coimhidhtheach eadruibhse; uimesin
is sibh mfiadhnuise, adeir an Tighearna,
gur misi Día.


L. Ia43:13


Fós suil dobhí an ló ann, is mi-
si an tésin; agus ní bhfuil aoinneach fhé-
das sábháil óm láimh: oibreocha mé, a-
gus cía bhacfas é?


L. Ia43:14


Is marso adeir an Tighearna
bhur slánaightheóir, áon naomhtha Israel,
is ar bhur sonsa do chuir mé fios don
Bhabilóin, agus thug mé anúas a
nuáisle uile, na Caldeánuigh agá bhfui-
lid a ccomhairc annsna longaibh.


L. Ia43:15


Is misi an Tighearna bhur náon
naomhtha, cruthaightheóir Israel, bhur
Rígh.


L. Ia43:16


Is marso adeir an Tighearna,
noch doní slíghe ansa bhfairge, agus
casán annsna huisgeadhuibh neartmhara.


L. Ia43:17


Noch dobheir amach an carbad,
agus an teach, an slúagh agus na cu-
mhachda: luighfid síad síos le chéile, ní
éireochuid síad, atáid múichte, do mú-
chadh íad amhuil barrach.


L. Ia43:18


Nach cumhain libh na neithe roimhe?
nach meastaói na neithe anallúd.


L. Ia43:19


Féuch dodhéna misi ní núadh, a
nois fásfuidh sé amach, nach aitheona
sibhse é? eadhon dodhéna mé slighe ansa
bhfásach, agus aibhne ansa díothramh.


L. Ia43:20


Dobhéruidh beathach an mhachaire o-
nóir dhamh, na dragúin agus na hulchabh-
cáin, do bhrígh go ttugaim uisge ansa
bhfásach, agus aibhne ansa díothramh,
do thabhairt dighe dom phobal, mo thogha.


L. Ia43:21


Do chum mé an pobalso dhamh
féin, taisbéanfuid síad amach mo mho-
ladh.


L. Ia43:22


Acht níor ghoir tusa orum, a
Iácob, acht dobhí tusa tuirsioch dhíom, a
Israel.


L. Ia43:23


Ní thug tú chugam áirnéis bheag
hofrála loisge, ní mó donóruigh tú mé
led íodhbarthaibh; ní thug mé ort fogh-
namh le hofráil, agus ní thug mé ort
sáothrughadh lé túis.


L. Ia43:24


Níor cheannuigh tú giolcach milis
damh ar airgiod, ní mó do líon tú mé
lé méuthus híobarthach: acht thug tú o-
rum foghnamh maille red pheacadhuibh, thug
tú orum saóthrughadh led égceartaibh.


L. Ia43:25


Is misi, misi féin an té scrio-
sas amach do sháruighthe, ar mo shon
féin, agus ní chuimhneochad do phea-
cuidhe.


L. Ia43:26


Cuir misi a ccuimhne, tagram
re chéile: foillsigh thusa a ccruth go
mbia tú fírinneach.


L. Ia43:27


Do pheacaidh do chéd athair, agus
do chiontuigheadar do luchd múinte am a-
gaidhsi.


L. Ia43:28


Uimesin do thruáilligh mé pri-
onnsadha na sanctóra: agus thug mé
Iacob don mhallughadh, agus Israel do
na scannlachaibh.


L. Ia44:1


Gidheadh cluin anois, a Iá-
cob mo sheirbhíseach, agus a
Israel noch do thogh mé.


L. Ia44:2


Is marso adeir an Ti-
ghearna dorinne thú, agus do chum thú as
an mbroinn, noch chuideochus leachd: ná
huamhnuigh, a Iácob mo sheirbhíseach, agus
thusa do thogh mé go díreach.


L. Ia44:3


Oír dóirtfidh mé uisge, air an
té bhías tartmhar, agus tuilte ar an
ttalamh ttirim: dóirtfidh mé mo spi-
orad air do shíol, agus mo bheannachd air do
shliochd.


L. Ia44:4


Agus fásfuid síad amhuil a
measc anféir, mar shuileógaibh láimh
re rith na nuisgeadh.


L. Ia44:5


Adéra áon, leis an ttighearna
misi, agus goirfidh duine oile é féin
anainm Iácob: agus scríobhthuidh duine
oile léna láimh don Tighearna, agus
sloinnfidh é féin lé hainm Israel.


L. Ia44:6


Is marso adeir an Tighearna
Rígh Israel, agus a fhúascaltóir Ti-
ghearna na shlógh; is misi an céd áon,
agus is mé an dheighionach, táobh amuigh
dhíom ní bhfuil Día ar bith.


L. Ia44:7


Agus cía mar misi ghoirfeas, a-
gus fhoillseochus é, agus chuirfeas
anordúghadh dhamh é, ónuáir do órduigh
mé na daoine aosda? agus na neithe
atá ag teachd, agus thiucfas, taisbea-
naidís dhóibhsion íad.


L. Ia44:8


Ná himeagluighidh, agus ná bíodh
úamhan oruibh, nach ar innis misi dhuit
ónamsin, agus dfoillsigh mé é? sibhsi
féin mo fhíadhnuighthe. An bhfuil Día tá-
obh amuigh dhíomsa? ní bhfuil aóindía,
ní haithnid damh aón.


L. Ia44:9


An drong doní íomháighe ghreanta,
atáid uile na ndíomháoineas, agus ní
thairbheochuid a neithe dúileamhla, agus a
síad féin a bhfíadhuin: ní fhaicid síad,
agus ní bhfuil a fhios aca, ar chor go m-
bía náire orra.


L. Ia44:10


Cía chum día, nó do leagh íomháigh
ghreanta, nach tarbhach chum neithe ar
bith?


L. Ia44:11


Féuch, béid a chompánuigh uile
náireach; agus an lucht ceirde, is
do dhaóinibh íad: cruinnighthear íad uile a
bhfochair a chéile, seasfuid, béid
eaglach, agus biáidh náire orra
anaóinfheachd.


L. Ia44:12


An gabha guna theanchoir oi-
brigh sé aráon annsa ghúal, agus cu-
maidh sé é lé hórduibh, agus oibrigh sé
é le neart a lámh: fós bí sé ocrach, a-
gus failligh a neart; ní ibhionn sé uisge,
agus bí sé lag.


L. Ia44:13


Sínidh an sáor a ríaghail amach,
comharthaigh sé amach é leis an dorubha,
deasuigh sé é lena phlánuibh, agus co-
mharthuigh sé amach é leis an ccom-
pás, agus doní é do réir fhioghrach
duine, do réir scéimhe duine, ar chor go
mbía annsa tigh.


L. Ia44:14


Gearraidh sé síos dó féin seadair,
agus beanaidh an Síprus, agus an dair,
noch neartuighios sé dhó féin a measc
chrann na foraóise; plannduigh sé fuinn-
séog, agus oilidh anfearthuinn í.


L. Ia44:15


Annsin biáidh sí ag an nduine
re a losgadh: óir glacfa dhesin, a-
gus gorfuidh é féin; féuch, dear-
guidh sé é, agus bruithidh sé arán; fós
doní sé día, agus adhruidh sé; doní sé
íomháigh ghreanta dhe, agus léi-
gidh é féin ar a ghlúinibh dhó.


L. Ia44:16


Loisgidh sé cuid de annsa teine,
le cuid de ithe sé feóil: doní sé rósta,
agus bhí sé sáitheach; doní fós é féin do
ghoradh, agus adeir, aha, atáim goir-
the, dochonnairc mé an teine.


L. Ia44:17


Agus doní se día don chuid
oile dhe, eadhon íomháigh ghreanta: cláo-
nuidh sé síos di, agus adhraidh sé í,
agus guidhigh sé chuice, agus adeir,
sáor mé, óir is tú mo dhía.


L. Ia44:18


Níor aithnigheadar, agus níor
thuigiodar: óir do dhruid seision a
súile, go nach féidir léo faicsin; a-
gus a ccroidhthe, go nach féidir léo
tuigsin.


L. Ia44:19


Agus ní mheasann áonduine iona
chroidhe, ní mó atá éolus nó tuigse a
rádh, do loisg mé cuid de ansa teine:
aseadh fós do bhruith mé arán ar a smé-
róidighibh, do róst mé feóil, agus a
duáigh me i: agus a ndéna me adhfhuath-
mhaireachd don chuid oile dhesin? anuimhleo-
cha me síos do bhun crainn?


L. Ia44:20


Biathuidh se ar lúaith, dfill croidhe
meallta do leathtaoibh é, go nach bhfédann sé
a anam do sháoradh, nó a rádh, nach bhfuil
brég am láimh dheis.


L. Ia44:21


Cuimhnigh íad so, a Iácob agus
a Israel, óir is tú mo sheirbhíseach; do
chum mé thú, is tú mo sheirbhíseach: a Is-
rael, ní bhiáidh tú ar dearmad agam.


L. Ia44:22


Do scrios mé do chionta amach
amhuil néull thiugh, agus do pheacuidh amhuil
néull; fill chugamsa, óir dfúascuil
mé thú.


L. Ia44:23


Canuidh, a neamha, óir dorinne an
Thighearna é: gáiridh a chodcha íochtara-
cha na talmhan, brisigh amach a ccéol, a
shléibhte, a fhoraóis, agus gach crann
ionnad; óir dfúasgail an Tighearna Iá-
cob, agus do ghlóruidh sé é féin a Nís-
rael.


L. Ia44:24


Is marso adeir an Tighearna,
thfuascaltóir, agus an té do chum thú
as an mbroinn, is misi an Tighearna do
ní gach uile ní, noch amháin shíneas amach
na neamha, leathnuighios amach an talamh
liom féin.


L. Ia44:25


Neimhníghios comharthadha na
mbrégach, agus dobheir lucht na fáis-
tine ar cuthach, iompoighios daóine
glioca ar ccúl, agus doní a néolus leamh:


L. Ia44:26


Noch dhaingnighios focal a shear-
bhfhoghantuighe, agus choimhlíonas comhairle
a theachtaireadh: adeir sé Ierusalem, ái-
treochthar thú; agus ré caithreachaibh Iú-
dah, cuirfighear súas sibh, agus tóig-
fe misi súas a náite sgriosta.


L. Ia44:27


Noch adeir ris anaigén, bí
tirim, agus tiormocha mé súas do
shrotha.


L. Ia44:28


Noch adeir ar Chírus, sé máo-
dhaire é, agus coimhlíonfuidh mfonn uile, eadhon
dhá rádh re Hierusalem, cuirfighear
súas thú, agus ris an tteampall, cuir-
fighear do bhunáit fúd.


L. Ia45:1


Marso adeir an Tighearna
rena ungthach, re Cirus,
ar chonnaimh mé a lámh dheas
do chlaói cineadhach dhá la-
thair; agus sgaóilfe mé leasrach Ríogh do-
scladh gheatadh, agus ní druidfighear na
doirse.


L. Ia45:2


Racha misi romhad, agus dodhéna
mé háite cama díreach: brisfidh mé na
mblodhuibh na geatadha práis, agus gérr-
fa mé ó chéile na bharradha íaruinn.


L. Ia45:3


Agus dobhéra mé dhuitsi ionnmhus
na ndorchadus agus saidhbhrios foluigh-
each áiteach nuáigneach, ar chor go
naithnighe tú gur misi an Tighearna
noch ghoirios órt as hainm, gur mé
Día Israel.


L. Ia45:4


Ar son Iácob mo sheirbhíseach, agus
Israel mo rogha, do ghoir mé ort as
hainm, do shloinn mé thú, bíodh nar bhfeas
duit mé.


L. Ia45:5


Is misi an Tighearna, agus ní
bhfuil áon oile ann: ní bhfuil áoindía ann
táobh amuigh dhíomsa: do chriosluigh mé thú,
bíodh nár aithin tú mé.


L. Ia45:6


Chor go mbía a fhios aca ó éir-
ghe gréine, agus ónáird shíar, nach
bhfuil aoindía achd mé: is misi an Tighear-
na, agus ní bhfuil maithearrach ann.


L. Ia45:7


Cumaim an solus, agus cruthui-
ghim an dorchadas, doním síothcháin,
agus cruthuighim olc: misi an Tighear-
na doní gach aoinní dhíobhsa.


L. Ia45:8


Fearuidhsi anuas a neamha ónáird
shuas, agus dóirtedís na spéirigh sí-
os firéntachd: foscladh an talamh,
agus tugaidís slánugadh amach, agus
fásadh firéntacht súas le chéile: misi
an Tighearna do chruthaidh é.


L. Ia45:9


A mhairg don té throideas réna
chruthaightheóir, dénadh an pota bruighean
re potuighibh don talamh: anaibéo-
ra an chré ris an té chumas í, créd doní
tú? nó hobairse, ní bhfuilid lámha
aige?


L. Ia45:10


A mhairg don té adeir rena a-
thair, cred ghineas tú? nó ris an mnaói,
cred rug tú?


L. Ia45:11


Is marso adeir an Tighearna,
áon náomhtha Israel, agus a chruthaigh-
theóir, fíafruigh dhíomsa na neithe atá
ag teacht a ttaobh mo mhac, agus a
ttaobh oibreach mo lámh aithnighidh dhíom.


L. Ia45:12


Dorinne mé an talamh, agus do
chruthaigh mé an duine air, misi, eadhon mo
lámhasa do leathnuigh amach na flaithis,
agus do ríaghluidh mé a slóigh uile.


L. Ia45:13


Do thóg mé súas é a bhfírean-
tacht, tréorocha mé a shlighthe uile:
cuirfe sé mo chathair súas, agus léig-
fidh sé mo bhraighde amach, ní ar
lúach, nó ar chumhaidh, adeir Tighear-
na na slógh.


L. Ia45:14


Marso adeir an Tighearna,
sáothar na Hégipte, agus ceannuigheachd
na Hetíopia, agus na Sabeánach,
tiucfuid daoine árrachda láimh riot,
agus budh leatsa íad, tiucfaid síad
ad dhiáigh, a slabhradhuibh thiucfaid síad
thairis; agus umhleochuid síad duitse,
dodhénuid iarruidh chugadhsa gha rádh,
go deimhin atá Día ionnad, agus ní
bhfuil áon oile, ní bhfuil Día oile ann.


L. Ia45:15


Go deimhin is Día thú fholchus
thú féin, a Dhé Israel an slánaigh-
theóir.


L. Ia45:16


Biáidh náire orra, agus fós
béid claóite uile, rachuid a neimhní
go léir lucht dénta na niodhal.


L. Ia45:17


Acht sáorfuidhear Israel ansa
Tighearna maille le slánughadh síorruidhe:
ní bheithí náireach nó claóite go bráth.


L. Ia45:18


Oír is marso adeir an Ti-
ghearna do chruthaigh na neamha, Día féin
do chum an talamh, agus dorinne é, do
dhaingnidh sé é, ní go dhíomhaoin do chru-
thaigh sé é, do chum sé é dá áitreabhadh,
is misi an Tighearna, agus ní hé maith-
earrach.


L. Ia45:19


Ní a bhfolach do labhair mé, anáit
dhorcha don talamh, ní dhubhairt
mé re síol Iácob, íarruidh mé go dío-
mhaóin; misi an Tighearna labhrus fírinne,
foillsighim neithe atá ceart.


L. Ia45:20


Cruinnighidh sibh féin, agus tigidh
láimh ré chéile, a dhrong dochuáidh as
do na cineadhachaibh: ní bhfuil éolus ar
bith ag an mhéid chuireas súas maide
aníomháigheadh greanta, agus ghuidhios chum
dé nach ccabhruighionn íad.


L. Ia45:21


Innisidh sibhse, agus tugaidh
a bhfogus íad, gabhaidís fós comhairle
agá chéile, cía dfoillsigh so ón tsean-
aimsir? cía dinnis é ó sin a leith? nach
(dérna) misi an Tighearna? agus ní
bhfuil Día ar bith ann taobh amuigh dhíom-
sa, Día ceart, agus slánaightheoir,
ní bhfuil maithearrach ann.


L. Ia45:22


Féuchaidh orumsa, agus bíthí sábhalta,
a uile théoranna na talmhan: óir is Día,
agus ní bhfuil máithearrach ann.


L. Ia45:23


Do mhionnuigh mé thríom féin, do
chuáidh an focal amach as mo bhéul a
bhfírinne, agus ní fhillfe sé, go nuimhleoch-
uidh gach uile ghlún damhsa, mionnocha
gach uile theanga.


L. Ia45:24


Go deimhin adéra neach, is an-
sa Tighearna atá fíréntacht dhamhsa
agus neart: is chuige thiucfuid daóine,
agus an mhéid atá ar lasadh na adhuigh,
béid síad náireach.


L. Ia45:25


Annsa Tighearna fírénfuighear síol
Israel uile, agus is ann dodhénaid
glóir.


L. Ia46:1


Cláonuidh Bel síos, cromaidh
Nébo, dobhádar a niodhala
ar a mbeathachaibh, agus ar
a náirnéis; dobhádar úal-
uidhe troma ar bhur ccaráiste, is
muirighin íad don bheathach choirthe.


L. Ia46:2


Cláonuid síad síos anaoinfheacht,
níor fhédadar an teire do sheachadadh,
acht dochúadar féin a mbraighdio-
nas.


L. Ia46:3


Eist riomsa, a thigh Iácob, a-
gus anuile fhuighioll do thigh Israel,
noch dorugadh ón bholg, agus
do hiomchradh ón mbroinn.


L. Ia46:4


Agus go nuige anaóis fhoir-
fe is misi féin é, agus fós go nuige
an bhfolt líath iomchora mé: is misi
dorinne, agus is mé iomchorus, iom-
chora mé, agus sáorfa mé sibh.


L. Ia46:5


Cía re a saimhleochthaói mé, agus
ré a ndéntaoi ionann mé, agus ré
cciomhmeasfuidhidh mé, go mbeimís cos-
mhuil?


L. Ia46:6


Dóirtid síad ór go fairsing as
an mála, agus comhthromaid airgiod
ansa meadh; agus fostuighid cérd óir,
agus doní sé día dhesin: umhluighid síad
síos, adhruid fós.


L. Ia46:7


Iomchraid síad air a nguáillibh é,
iomchraid é, agus suighid é iona áit,
agus seasuidh sé; ní chorrocha sé as a
áit, fós goirfidh duine air, gidheadh ní
fhédann sé freagra, nó an tésin do
thártháil óna bhuáidhreadh.


L. Ia46:8


Cuimhnighidh so, agus taisbeanuidh
sibh féin bhur bhfearuibh: tugaidh arís
ann bhur meanmuine é, a chiontacha.


L. Ia46:9


Cuimhnighidh na cédneithe ón tsea-
naimsir, óir is misi Día, agus ní
bhfuil máithearrach ann; is misi Día, a-
gus ní bhfuil aóinneach cosmhuil ri-
om.


L. Ia46:10


Ag foillsiughadh an deiridh ón
thosach, agus ón tseanaimsir na neithe
nach dérnadh fós, gha rádh; seasfa mo
chomhairlesi, agus dodhéna mé mo
thoil féin go hiomlán:


L. Ia46:11


Ag gairim eóin chíocraidh ónoir-
thear, ann fear dodhénas mo chomhairle ó
thír imchéin: aseadh, do labhair mé é,
dobhéra mé fós chum críche é; do thionnsg-
uinn mé é, dodhéna mé fós é.


L. Ia46:12


Eistigh riomsa a chroidhthe ár-
rachda atá a bhfad ó fhíréntacht.


L. Ia46:13


Dobheirimsi mfírinne a ngar;
ní bhiáidh sí animchían, agus ní fhanfa mo
shlánughadh; agus suighfe mé slánughadh
a Sion do Israel mo ghlóir.


L. Ia47:1


Tarr anúas, agus suigh ann-
sa luáithreadh, a mhaighdion in-
ghean na Babilóine; suigh air
an ttalamh, ní a ccathaóir
ríogha, a inghean na ccaldeánach; óir
ní goirfighear maóth agus sgíamach
dhíot nísa mhó.


L. Ia47:2


Glac na clocha muilinn, agus meil
min; léig leis do chíabha, dén an chos
lomnochd, léig leis an ladhairg, imthigh
thar an haibhnibh.


L. Ia47:3


Léigfighear leis do thárnochda,
dochífighear fós do náire, dodhéna mé
dioghaltas, agus ní theigeomha mé riot mar
dhuine.


L. Ia47:4


Ar son ar slánaighthéora, Tighear-
na na slógh is ainm dhó, áon náomhtha Is-
rael.


L. Ia47:5


Suidhsi ad thochd, agus imthigh ro-
mhad a ndorchadus, a inghean na ccail-
deánach; óir ní goirfighear baintighear-
na rioghachtadh dhíot nísa mhó.


L. Ia47:6


Dobhí misi feargach rem mhuintir,
do thruáilligh mé moighreachd, agus thug
mé ad láimhsi íad: níor thaisbeain tu-
sa grása ar bith dhóibh; ar an tsea-
nóir do léig tú an chuing go rothrom.


L. Ia47:7


Agus adubhairt tú, biáidh misi am
bhaintighearna go bráth, iondus nar
chuir tú na neitheso ann do chroidhe, ní mó
do chuimhnigh tú air an ní deighionachso.


L. Ia47:8


Uimesin cluin so anois, thusa a-
tá tabhartha daóibhneas, chomhnuighios a
ndóthchus, adeir ann do chroidhe, a-
táimse, agus ní bhfuil áon táobh amuigh
dhíom, ní shuidhfidh mé amhuil baintreabhach,
ní mó bhías fios chaillte cloinne a-
gam.


L. Ia47:9


Acht tiucfaid an dá níse
ort a móment anáonló, caill chloinne
agus baintreabhachus: tiucfuid ort ann
aniomláine, ar son iomadamhlacht do
dhraoigheachda, agus ar son roiomaid
do gheasadóireacht.


L. Ia47:10


Oír do chuir tú do dhóig ann
holc, adubhrais, ní fhaicean aóinn-
each mé: do mhill do ghliocus, agus
héolus thú; agus adubhairt
tú ann do chroidhe, atáimsi, agus
ní bhfuil aoinneach táobh amuigh dhí-
om.


L. Ia47:11


Uimesin tiucfaidh olc ort,
ní bhiáidh a fhios agad cáit as
a néireochaidh sé: agus tuitfidh
an donus ort, ní bhiáidh air do
chumas a chur dhíot: agus tiuc-
fa dólás go hobannn ort, nach bía a
fhios agad.


L. Ia47:12


Seas anois led dhroigh-
eachd, agus le hiomad do gheasa-
dóireacht ann ar sháothruigh tú
ód óige, mas éidir go mbía ar do
chumas tarbhughadh, má theagmhann
go mbéra tú buáidh.


L. Ia47:13


Atá tú coirthe aniomad
do chomhairleach, anois seasuigh-
dís na néulladóiridhe, lucht feith-
mhigh na réultan, fáistinigh na
míos, agus sáoraidís thusa ó na
neithibhsi atá ag teachd ort.


L. Ia47:14


Féuch, biáid síad amhuil conn-
lach, loisgfidh an teine íad: ní thár-
thochuid íad féin ó neart na lasrach: ní
bhiáidh sméaróid chum do ghoradh ris, nó
teine do shuighe aice.


L. Ia47:15


Marso bhéid síad dhuit an drong
le ar sháothruighis, do cheannuighthe ód
óige, seachránfuidh gach áon díobh dá chea-
thramhuin féin: ní dhídeonuigh áoinneach
thusa.


L. Ia48:1


Cluinidh so, a thigh Iácob, noch
ghoirthear anainm Israel, a-
gus tháinic amach is uis-
geadhuibh Iúdah; noch mhionnui-
ghios anainm an Tighearna, agus thig
tar Dhía Israel, achd ní a bfírinne nó a
bhfíréntachd.


L. Ia48:2


Oír goirid síad íad féin ón cha-
thruigh náomhtha, agus congmhaid íad féin
ar Dhía Israel, Tighearna na slógh
isé a ainm.


L. Ia48:3


Dfoillsigh mé na neithe roimhe ó
thosach, agus dochúadar amach as mo
bhéul, agus do thaisbén mé íad, dorinne
mé go hobann íad, agus thangadar a
gcrích.


L. Ia48:4


Do bhrígh go raibh a fhios agam
thusa do bheith easurramach, agus do
mhuinél na fhéith íarruinn, agus do mhala
na phrás.


L. Ia48:5


Dfoillsigh mé fós ó thosach
dhuit é; suil tháinic sé a ccrích do
thaisbéin mé dhuit é: deagla go naibeor-
thá, isé miodhal dorinne íad, agus mío-
mháigh ghreanta agus míomháigh leaghtha dai-
thin íad.


L. Ia48:6


Dochúala tusa, féuch so uile;
agus nach bhfoillseochthaói é? do thais-
béin mé neithe núadha ónamsa, eadhon
neithe foluightheacha nach raibh a bhfios a-
gadsa.


L. Ia48:7


Atáid síad cruthaighthe anois,
agus ní ó thosach, eadhon roimhe an lá
ann nach ccúala tusa íad, ar eagla
go naibeorthá, féuch dobhí a bhfios a-
gam.


L. Ia48:8


Aseadh, ní chúala tú íad, aseadh
ní raibh a bhfios agad, aseadh ónam
nach raibh do chlúas oscuilte: óir
dobhí a fhios agamsa go ndén-
tá go romheabhlach, agus gur goireadh
ciontach dhíot ón mbroinn:


L. Ia48:9


Ar son manma chuirfeas mé mfearg
ar cáirde, agus ar son mo mholta
chuirfeas mé srían riom dot tháobhsa,
nach gérrfuinn amach thú.


L. Ia48:10


Féuch do athghlan mé thú, acht
ní le hairgiod: do thogh mé thú a bhfuir-
néis na buaidhearta.


L. Ia48:11


Ar mo shon féin, ar mo shon féin
dodhéana mé é: óir ciondus do
thruaillfidhe mainm? agus ní thiubhrad
mo ghlóir do neach oile.


L. Ia48:12


Eíst riomsa, a Iácob agus a
Israel air ar ghoir mé; is misi é, is mé
an chéidneach, agus is mé fós an dei-
ghionach.


L. Ia48:13


Isí mo lámh fós do shuighidh bunáit
na talmhan, agus isí mo lámh dheas do tho-
mhais na neamha le réis: mar ghoirim
orra, seasuid síad súas le chéile.


L. Ia48:14


Cruinnighidh sibhsi go léir, agus
éistigh: cía hé iona measgso dfoillsigh
na neithesi? do ghrádhuigh an Tighearna é,
dodhéana sé a thoil ar an Mbaibilóin,
agus biáidh a lámh ar na Caldeánachaibh.


L. Ia48:15


Misi, misi féin do labhair, fós do
ghoir mé air: thug mé liom é, agus
dodhéna sé a shlighe sona.


L. Ia48:16


Tigidhsi láimh riomsa, éistigh
risso, ní a bhfolach do labhair mé ó tho-
sach, ónam iona raibh sé, annsin atáimsi:
agus anois isé an Tighearna
Día, agus a spiorad do chuir úadh mé.


L. Ia48:17


Is marso adeir an Tighearna
thfúascaltóir, áon náomhtha Israel, is
misi an Tighearna do Dhía, noch mhúineas
duit tarbhughadh, noch thréoruighios thú
annsa tslighe ionar chóir dhuit gabháil.


L. Ia48:18


Oh, nach ttug tú aire dom ai-
theantuibhsi: annsin dobhíath do shíothcháin
amhuil sruth, agus thfíréntchd amhuil to-
nna na fairge.


L. Ia48:19


Dobhíath do shíol fós mar an
ngaineamh, agus síolradh do bhronn amhuil
mionchlocha: ní gérrfuidhe a ainm amach,
ní scriosfuidhe óm lathairsé é.


L. Ia48:20


Imthighidhsi amach as an Mbaibi-
lóin, teithidh roimhe na Caldeánachaibh
maille re guth ceóil foillsighidh, innsidh
so, labhruidh é fós go foircheann na tal-
mhan: abraidh, dfúascail an Tighearna
a sheirbhíseach Iácob.


L. Ia48:21


Agus ní raibh tart orra anuáir
thug sé thríd na díothramhuibh íad:
thug sé fa deara do na huisgeadhuibh
tuiliughadh dhóibh amach as an ccarruic:
do scoilt sé an carruic mar an ccéd-
na, agus do shcinneadar na huisgeadha a-
mhach.


L. Ia48:22


Ní bhfuil síothcháin ar bith ag
an cciontach, adeir an Tighearna.


L. Ia49:1


Eistigh riomsa a oiléna, agus
cluinidh a dhaoine tar lear;
do ghoir an Tighearna misi ón
mbroinn, as ionathar mo mha-
thar dorinne sé luadh ar mainm.


L. Ia49:2


Agus dorinne sé mo bhéul cos-
mhuil re cloidheamh géur, a scáile a láimhe
dfoluigh sé mé, agus dorinne sé soighead
snoighte dhíom, iona bholgán dfoluigh
sé mé.


L. Ia49:3


Agus adubhairt sé riom, is tú mo
sheirbhíseach, a Israel, iona mbía mé
glórmhar.


L. Ia49:4


Annsin adubhairt mé, fuáir mé sáo-
thar díomhaóin, do chaith mé mo neart
gan adhbhar agus go díomhaoin; achd
cheana atá mo bhreitheamhnus ag
an ttighearna, agus mobair ag mo
Dhía.


L. Ia49:5


Agus anois adeir an Tighearna
do chum ón mbroinn mé do bheith am
sheirbhíseach aige, do thabhairt Iá-
cob chuige arís, má atá nar cruinni-
gheadh Israel, thairis sin biáidh
misi glórmhar a súilibh an Tighearna, a-
gus budh é mo Dhía mo neart.


L. Ia49:6


Agus adubhairt sé, is ní é-
ttrom go mbeitheása ad sheirbhíseach
agumsa do thógbháil treabha Iácob
súas, agus daiseag ar cumhduigheadh
Disrael; dobhéra mé fós thú mar
sholus do na geintibh, chor go madh
tú mo shlánughadh go teóruinn na tal-
mhan.


L. Ia49:7


Is marso adeir an Tighearna, fú-
ascaltóir Israel agus a aón náomhtha, ris
an té air a mbí tarcuisne ag duine, ris
an té air a mbí gráin ag cineadhachaibh,
re seirbhíseach úachdarán, dochífid
Ríghthe agus éireochuid, adhoruidh pri-
onnsadha mar an ccéadna, do bhrígh an
Tighearna atá díleas, agus áon náomhtha
Israel, noch do thogh thusa.


L. Ia49:8


Is marso adeir an Tighearna,
ar an deaghuáir dochúala mé thú, agus
a ló an tslánuighthe do chobhruigh mé thú;
agus cuimdeocha mé thú, agus dobhéra
mé thú mar chunnradh don phobal, do dhaing-
niughadh na talmhan, do ghabháil oighreachda
na noighreachd nuaigneach.


L. Ia49:9


Chor go naibéora tú ris na
príosúnachaibh, éirghidhe amach; ris an
luchd atá a ndorchadus, taisbeanuidh sibh
féin: íosaid síad ansna slighthibh, a-
gus biáid a ninbhior annsna huile áitibh
árda.


L. Ia49:10


Ní bhiáid ocrach ná tartmhar,
ní mó ghoirteochus an teasbhach nó an
ghrían íad: óir tréorochuidh an té agá
bhfuil truáighe dhóibh íad, eadhon láimh ris
na tobruibh fíoruisge bhéras sé éolus
dóibh.


L. Ia49:11


Agus cuirfidh misi mo shléibhte
uile as, agus áirdeochthar mo shlíghthe
móra.


L. Ia49:12


Féuch, tiucfaid so as imchéin,
agus féuch fós íadso ón tuáis-
ceart, agus óníarthar, agus íad so ó chrích
na Sinim.


L. Ia49:13


Canuidh a fhlaitheasa, agus bí
súgach a thalaimh, agus a shléibhte brisidh
amach a ccéol: óir do chobhruigh Día a pho-
bal, dodhéna sé grása air a thrúaghaibh.


L. Ia49:14


Acht adubhairt Sion, do thréig
an Tighearna misi, agus do dhearmaid
mo Thighearna mé.


L. Ia49:15


An bhfédann bean leanabh a cích do
thréigion, as nach bíath trúaighe aice do
mhac a bronn? aseadh féduid síad a dhear-
mad, gidheadh ní dhearmodfa misi thusa.


L. Ia49:16


Féuch, do ghrean mé thú ar chlár
mo dhérnainne, atáid do bhalladha a
ccomhnuigh am lathair.


L. Ia49:17


Dodhénuid do chlann deithfir; do
mhillteoiríghe, agus an lucht dorinne
fásach dhíot, rachuid síad asad amach.


L. Ia49:18


Tóig súas do shúile timchioll
faccuáirt, agus féuch; do chruinnigheadar
so uile íad féin, agus tiucfuid chu-
gad; mar mhairimsi, adeir an Tighear-
na, go deimhin éideocha tú thú féin léo
uile amhail le córughadh, agus ceango-
lair ort íad, mar doní an bheannúadhphósta.


L. Ia49:19


Oír béid thfásuighe, agus háite
uáigneacha, agus dúithche haidhmhillte ar
ball rochumhang, do bhrígh na náitreabh-
ach, agus biáidh an drong do shluig súas
thú a bhfhad uáit.


L. Ia49:20


An chlann bhías agad tar éis na
cloinne oile do chaill, adéruid ann do
chlúasaibh, is rochumhang anáitsi dhamhsa,
tabhair áit damh le náitreobhaidh mé.


L. Ia49:21


Annsin adéara tú ann do chroidhe,
cía fuáir íad so dhamh? ó choill mé mo
chlann, agus go bhfuilim aonranach, agus
am bhrághaidh, agus ag áthrughadh ó áit
go háit? agus cía thug íad so súas?
féuch, do fágbhadh am áonar mé, cáit a
rabhadar so?


L. Ia49:22


Marso adeir an Tighearna Día,
féuch, tóigfeadsa mo lámh súas chum na
ngeinteadh, agus cuirfiod bratach na
seasamh don phobal, agus dobhéraid síad
do mhicsi léo iona lámhuibh, agus iomchoruid
hingheana ar a nguáillibh.


L. Ia49:23


Agus budh Ríghthe bhías na nai-
threachuibh oileamhna agad, agus bhainrí-
oghna na mbanaltrannuibh: cromfuid sí-
os duit gona naighthibh chum na talmhan,
agus lighfid súas luáithreadh do chos,
agus aitheonuidh tú gur misi an Tighear-
na: óir ní bhiáidh náire ar an luchd fheithi-
os orumsa.


L. Ia49:24


An mbérthar an chreach ón ccu-
mhachdach, nó a naiseogthar an bhráighe
fhíre?


L. Ia49:25


Acht marso adeir an Tighear-
na, béarthar fós braighde na neartmhar
ar siubhal, agus sáchodthar creach
anúathbhásuigh: óir troidfidh misi ris an té
throidios riotsa, agus cuimhdeochuidh mé
do chlann.


L. Ia49:26


Agus an dream bhrúigheas thú bea-
thocha mé íad lena bhfeóil féin, agus
béid ar meisce lena bhfuil féin, amhuil
budh lé fíon milis: agus aitheonuidh anuile
fheóil gur misi an Tighearna do
shlánaigtheóir, agus thfúascaltóir,
áon cumhachtach Iácob.


L. Ia50:1


Is marso adeir an Tighearna,
cáit a bhfuil bille dealuighthe
bhur máthar, noch do chuir mi-
si uáim? nó cía dom fheith-
eamhnuibh re ar reac mé sibh? féuch,
do reacabhair sibh féin ar son bhur nolc,
agus ar son bhur cciontadh do cuir-
eadh bhur mathair ar siubhal.


L. Ia50:2


Uimesin anuáir tháinic misi,
an raibh neach ar bith? anuáir do
ghoir mé, an raibh aoinneach do fhreago-
radh? nar giorruigheadh mo lámh ar
áonchor, go nach bhfédann fúasgladh?
nó nach bhfuil cumhachd ar bith sáortha
agamsa? féuch lém achmhusán ti-
ormuighim súas anfairge, doním na
srotha na bhfásach; brénuidh a níasc,
do dhíth uisge, agus éguid do thart.


L. Ia50:3


Eáduighim na flaithis lé duibhe, a-
gus doním saicédach dá bhfolach.


L. Ia50:4


Thug an Tighearna Día dhamhsa
teanga na ndáoine foghlomtha, go mbeith
a fhios agam ciondus do laibheor-
uinn focal anam ris an té bhíos
coirthe: múscluidh sé ó mhaidin go mai-
din, múscluidh sé mo chluas do chluin-
sion mar aneagnuidhe.


L. Ia50:5


Dfoscuil an Tighearna Día mo
chlúas, agus ní raibh mé easurra-
mach, ní mó dfill mé ar ais.


L. Ia50:6


Thug mé mo dhruim do na
buáilteoribh, agus mo ghruaidhe don
druing do tharruing an fionnadh asta:
níor fholuigh mé mo ghnúis ó náire
agus ó sheilighibh.


L. Ia50:7


Oír cuideochuidh an Tighearna
Día liom, uimesin ní bhía mé claóidhte:
uimesin do shuighidh mé maghaidh amhuil
cloichthineadh, agus atá a fhios agam
nach bía náire orum.


L. Ia50:8


Is fogus damh an té chru-
thaighios mfírinne, cía cheannaircfios riom?
seasamaoid láimh ré chéile: cía hé meas-
cara? tigeadh sé a bhfogus damh.


L. Ia50:9


Féuch, cuideochuidh an Tighearna
Día liom, cía hé an té dhamnuigheas
mé? féuch, rachfuid uile anarrsui-
gheachd amhuil édach, íosuidh an lémann
suas íad.


L. Ia50:10


Cía atá bhur measg, air a bhfuil
eagla an Tighearna, umhluighios do ghuth
a sheirbhísigh, shiubhluighios a ndorcha-
dus, agus ag nach bhfuil solus ar
bith? cuireadh sé a dhóigh anainm an
Tighearna, agus seasadh sé ar Dhía.


L. Ia50:11


Féuchuidh, a dhrong uile dheargus
teine, noch chompasuigheas sibh féin tim-
chioll lé drithlibh: siubhluighidh a solus
bhur tteineadh, agus annsna drithlibh do dhear-
gabhair: dogheabhthaói so as mo
láimhsi, luidhfidhe síos a ndólás.


L. Ia51:1


Eistigh riomsa, a dhrong leanas
a ndiáigh na fíréntachda,
a lucht íarrus an Tighear-
na: féuchuidh ar an ccarr-
uic as ar snoigheadh sibh, agus ar
pholl an luig as ar tochladh sibh.


L. Ia51:2


Féuchuidh air Abraham bhur na-
thair, agus ar Sharah dorug sibh;
óir do ghoir misi eision amháin, agus
do bheannuigh mé é, agus do mhéduigh mé
é.


L. Ia51:3


Oír coibhreochuidh an Tighearna
Sion, coibhreochuidh sé a háite fásuigh
uile, agus dodhéna sé a fásach cos-
mhuil ré Heden, agus a díothramh cos-
mhuil re gáirdín an Tighearna: dogheibh-
thear gháirdeachus agus sólás annsin,
breith bhuidhe, agus guth ceóil.


L. Ia51:4


Eístigh riomsa mo phobal, agus
tugaidh aire dhamh, mo chineadh; óir tiuc-
faidh dligheadh uáimsi, agus dobéra mé
air mo bhreitheamhnus seasamh mar sholus
do na dáoinibh.


L. Ia51:5


Atá mfíréntachd a bhfogus, do
chuáidh mo shlánughadh amach, agus do
dhénaidh mo lámh breitheamhnus ar an
bpobal: feithmhid na hoileáin orum,
agus ar mo láimh bhías a ndóth-
chus.


L. Ia51:6


Tógbhuidh súas bhur súile chum
na neamh, agus féuchuidh ar an ttalamh
síos: óir leaghfuid na neamha thort
amhuil deatach, agus rachuidh an talamh
anárrsuigheachd amhuil édach, agus
rachaidh an mhéid chomhnuigheas ann déug
ar an modh ccédna; achd biáidh mo
shlánughadhsa go bráth, agus ní cuir-
fighear mfíréntachd ar ccúl.


L. Ia51:7


Eístigh riomsa a luchd dar budh
aithnid ionnracus, an pobal agá bhfuil
mo dhligheadh iona ccroidhe, ná heagluighidh
roimhe mhasla na ndaóine, agus ná
bíodh eagla a ccáinteoireachd oruibh.


L. Ia51:8


Oír íosuidh an lémann súas íad
amhuil édach, agus íosuidh an phéist íad
amhuil olann: acht biáidh mfírinnesi ann
go bráth, agus mo shlánughadh ó ghin-
ealach go ginealach.


L. Ia51:9


Músgail, músgáil, cuir neart
ionnad, a righ an Tighearna: músgail
amhuil annsna seanláethib, annsna gineala-
chaibh aósda: nach tusa sin, do ghérr
Rahab, agus do loit an dra-
gún?


L. Ia51:10


Nach tusa sin do thiormuigh
anfairge, uisgeadha anaigéin mhóir?
noch dorinne slighe do dhoimhne na fair-
ge, go ttiucfaidís na daóine do
fúascladh, thairis?


L. Ia51:11


Uimesin fillid fúascailtigh
an Tighearna, agus tiucfuid go Sion
maille ré céol, agus biáidh sólás
suthain ar a ccionn: dogheabhuid
lúathgháir agus gáirdeachus, agus teith-
fidh dóbrón agus dólás uatha.


L. Ia51:12


Is misi, misi féin an té chobh-
ruigheas sibhsi: cía thusa, as a mbíath
eagla ort roimhe dhuine rachus déug,
agus roimhe mhac an duine, noch
dodhéntar mar an bhféur?


L. Ia51:13


Agus dhearmaduighios an Tigh-
earna do chruthaightheóir, noch do leath-
nuigh amach na neamha, agus do shuighidh
bunáit an domhuin? agus go raibh eag-
la ort gach aon lá go cinnte do bhrígh
cuthaigh an mhilltéora, fa mar dobhiath
réidh chum scriosta? agus cáit a
bhfuil cuthach an mhillteóra?


L. Ia51:14


Deithfrigh an bhráighe dhíbirtheach
chor go scaóilfidhe é, agus nach bhfui-
gheadh bás annsa log, agus nach mó do
fhailleochadh a arán.


L. Ia51:15


Acht is misi an Tighearna do
Dhía, noch roinneas anfairge, ar bhéic-
eadar a tonna; Tighearna na slógh isé
a ainm.


L. Ia51:16


Agus do chuir misi mó bhría-
thar ad bhéul, agus dfoluigh mé thú ar
scáile mo láimhe; chor go bplainndeoch-
uinn na neamha, agus go suighfinn bunái-
te na talmhan, agus go naibeorúinn,
re Sion, is tú mo phobal.


L. Ia51:17


Múscail, múscail, seas súas,
a Ierusalem, noch do ibh as láimh an
Tighearna cupán a fheirge: dibh tú
deascaidh chupáin an chreatha, dfáisg tú
amach íad.


L. Ia51:18


Ní bhfuil áon do thréórochadh í a
measg anuile mhac dá rug sí féin: ní
mó atá aon bhérus ar láimh uirre do
na huile mhacaibh thug sí súas.


L. Ia51:19


Thangadar an dá nísi chu-
gad, cía air a mbiáidh doilghios umad?
dólás, agus milleadh, agus gorta, a-
gus an cloidheamh; cía lé a ndéna mé
do chobhrughadh.


L. Ia51:20


Do anbhfainnigheadar do mhic, lui-
ghid ag cinn na sráideann uile amhuil tarbh
fíadhta a líon: atáid lán dfíoch an Ti-
ghearna, daithbhear do Dhési.


L. Ia51:21


Uimesin éist so anois, thusa
atá buáidheartha, agus atá ar meisce,
achd ní lé fíon.


L. Ia51:22


Is marso adeir do Thighear-
na, an Tighearna, agus do Dhía thag-
ras cúis a mhuintire, féuch, do bhean mé
amach as do laímh cupán an chreatha,
eadhon deascuidh chupáin mfeirge, ní iobha
tú níosa mhó arís é.


L. Ia51:23


Acht cuirfe mé é a láimh na muin-
tire píanas thú, noch adubhairt red a-
nam, crom síos go ndeachamaois thairis:
agus do leag tú do chorp mar an tta-
lamh, agus mar an tsráid don droing
dochuáidh thairis.


L. Ia52:1


Múscail, múscail, cuir ort do neart, a
Shion, cuir ort do culadha breágha, a
Ierusalem, an chathair naomhtha: óir
óso amach ní thiucfuid na neimhthimchillghérrtha,
agus na neamhghloin asteach ionnad.


L. Ia52:2


Croith thú féin ón luáithreadh: éi-
righ, agus suigh síos, a Ierusalem:
scaóil thú féin ó chuibhrighibh do mhuinéil,
a inghean cheangailte Shion.


L. Ia52:3


Oír is marso adeir an Tighear-
na, do reacabhair sibh féin anasguidh, a-
gus fúasgaltar sibh gan airgiod.


L. Ia52:4


Oír is marso adeir an Tigh-
earna Día, dochuáidh mo phobal síos don
Négipt roimheso do chomhnuighe ann, agus
do bhrúigh an Tassírianach íad gan
adhbhar.


L. Ia52:5


Anois ar anadhbharsin cred atá
agam annso, adeir an Tighearna, as a
rugadh mo dhaóine uáim gan adhbhar? dobheir
an lucht ríaghlas ós a ccionn orra nuallghul,
adeir an Tighearna, agus atá mainmsi a
gcomhnuidhe gach láe arna mhaslughadh.


L. Ia52:6


Uimesin aitheonuid mo mhuintir
mainm: uimesin aitheonuid síad annso ló
sin gur misi an té labhrus, féuch is mi-
si é.


L. Ia52:7


Cred é scíamhuidhe ar na sléibh-
tibh atáid cosa an té dobheir scéala
maithe leis, fhuagras síothcháin, dobheir
scéala maithe leis ar mhaith, fhiollsigheas
slánaghadh, noch adeir ré Sion, atá do
Dhía a rioghacht?


L. Ia52:8


Tóigfid do lucht faire a nguth
súas, ré guth anaóinfheachd canfuid
síad: óir dochífid síad súil ar shúil
anuáir dobhéara an Tighearna Sion le-
is arís.


L. Ia52:9


Brisigh amach a ngáirdeachús, can-
uidhse lé chéile a áite fásuigh Ierusa-
lem: óir do chobhruidh an Tighearna a dhaóine,
dfúascail sé Ierusalem.


L. Ia52:10


Do nochd an Tighearna a ruigh
náomhtha a súilibh na nuile chineadhach, agus
dochífid uile théoranna na talmhan
slánughadh ar Ndénne.


L. Ia52:11


Fillighidh, fillighidh, éirgidhe a-
mach as sin, ná beanaidh re ní neamhghlan:
éirghide amach as a lár; bithísi glan
noch iomchras soighthighe an Tighear-
na.


L. Ia52:12


Oír ní rachthaói amach lé deithni-
os, agus ní imtheochtaoi lé teitheamh:
óir rachaidh an Tighearna romhuibh, agus
budh é Día Israel chruinneochus sibh.


L. Ia52:13


Féuch, dodhéna mo sheirbhíseach
go críonna: áirdeochthar é, agus tóig-
fighear súas é, agus biáidh sé go ró-
ard.


L. Ia52:14


Amhuil mar dobheith mórán ag
machtnamh ort, (dobhí a ghnúis coimh-
millte sin níis mó ná aonduine, a-
gus a dhealbh níis mó ná mic na ndaói-
ne)


L. Ia52:15


Is marsin chroithfios seision
ar mhóran do chineadhachaibh, druidfid na
Ríghthe a mbéul uime: óir dochífid an
ní nar hinnseadh dhóibh, agus measfuid an ní
nach ccúaladar.


L. Ia53:1


Cia chreid ar niomrádh? a-
gus cía dar foillsiughadh
lámh an Tighearna?


L. Ia53:2


Oír éireochuidh sé súas
as a choinne amhuil plannda máoth, agus a-
mhuil fréumh as talamh thirim: ní bhfuil
cuma nó sgéimh air, agus dochonncamar
é, agus ní bhfuil scíamh go níarrfama-
óis e,


L. Ia53:3


Atá sé arna tharcuisniu-
ghadh, agus arna mhímeas ag na daói-
nibh, duine doilghiosach, agus éolach
ar dhóbrón é: agus foileochamaoidne
mur budh eadh ar naighthe úadh; do tar-
cuisnigheadh é, agus ní raibh meas aguinn air.


L. Ia53:4


Go deimhin diomchuir sé ar ndoil-
ghiosa, agus diomchuir sé ar ndóbrón:
gidheadh do mheasamar é buáilte, buáilte
ó Dhía, agus smachtuighthe.


L. Ia53:5


Acht is ar son ar lochtne do
loiteadh é, do brúigheadh é ar son ar
cciontadhne: is airsion dobhí smachdughadh
ar síothchána, agus is le na chneadhuibh-
sion atamaóidne slánuighthe.


L. Ia53:6


Dochúamar uile amhuil caóiridh
ar seachrán; do chláonamar gach uile
dhuine aguinn ar slighe féin; do leag an
Tighearna airsion ar ccionta uile.


L. Ia53:7


Do brúigheadh, agus do gorthuigheadh
é, gidheadh níor fhoscuil sé a bhéul: tu-
gadh mar úan chum a mharbhtha é, agus
mar bhíos cáora balbh a bhfíaghnuisi fhir
a bértha, marsin níor fhoscuil sé a bhéul.


L. Ia53:8


Rugadh as príosún, agus ó bhreith-
eamhnus é: agus cía fhoillseochus a ghi-
nealach? óir do gearradh amach é as
tír na mbéo, ar son chionta mo
phobailsi do buáileadh é.


L. Ia53:9


Agus dorinne sé a uaigh ag na
drochdhaóinibh, agus ag na saidhbhribh
ann a bhás, do bhrígh nach dérna sé foir-
éigion ar bith: ní mó dobhí cealg ar
bith ann a bhéul.


L. Ia53:10


Gidheadh budh toil leis an ttigh-
earna a bhrúghadh, do chuir sé chum doil-
ghis é: anuáir dodhéna tú ofráil da
anam ar son pheacaidh dochífidh sé a shíol,
faideochuidh sé a láethe, agus rachuidh
deaghthoil an Tighearna ar a haghaidh
iona lámh.


L. Ia53:11


Dochífidh sé do sháothar anma, a-
gus biáidh sé sásta: léna éolus shá-
orfas mo sheirbhíseach fírénta mó-
rán; óir iomchoruidh sé a ccionta.


L. Ia53:12


Uimesin bhéra misi cuid dhó a mó-
rán, agus roinnfe sé an chreach ris an
ccumhachdach: do bhrígh gur dhóirt sé amach
a anam chum báis, agus gur háirmheadh
a measc na cciontach é: agus gur
iomchuir sé peacuidhe mhóráin, agus go
ndérna sé guidhe ar son na cciontach.


L. Ia54:1


Can, a aimrid, thusa nach
rug; bris amach a ccéol,
agus fúagair ós áird, thu-
sa nach raibh re niodhnuibh;
óir is mó clann na haon-
ránuigh ná clann na mná pósta, adeir
an Tighearna.


L. Ia54:2


Fairsingidh áit do lóistín, agus leath-
nuighedís cuirtíne háitreibhthe amach: ná
coigil, fadaigh do córdadha, agus neart-
uigh do chuáilleach.


L. Ia54:3


Oír brisfe tú amach ar an láimh
dheis, agus ar an cclé, agus gébha
do shliochd oighreachd na ngeinteadh, agus do
dhénair na caithreacha uaigneacha áitighthe.


L. Ia54:4


Ná heagluidh, óir ní bhía náire ort:
óir dearmadfuidh tú náire hóige, agus
ní chuimhneocha tú masla do bhaintreabha-
chus nías mó.


L. Ia54:5


Oír isé do chruthaightheóir thfear,
Tighearna na slógh isé a ainm, a-
gus do shlánaightheóir áon náomhtha Is-
rael Día na talmhan go hiomlán ghoir-
fighear dhe.


L. Ia54:6


Oír do ghoir an Tighearna thusa
mar mhnaói arna tréigean agus du-
bhach a srioraid, agus mar mhnaói óige,
anuáir do díultadh thú, adeir do Dhía.


L. Ia54:7


Do thréigh misi thú, a móment bhig,
achd cruinneocha mé thú lé grásuibh móra.


L. Ia54:8


A mbeagán feirge dfoluigh mé ma-
ghaidh uáit ar feadh mómeinte, acht
dodhénad trócaire ort lé cineal síorr-
uidhe, adeir an Tighearna thfúascal-
tóir.


L. Ia54:9


Oír atá so mar uisgeadhuibh Noah
dhamhsa; óir mar do mhionnuidh mé nach
rachaidís uisgeadha Noah nías mó
ar an ttalamh; marsin do mhionnuigh
mé nach béinn feargach riotsa, agus
nach maisleochuinn thú.


L. Ia54:10


Oír imeochuid na sléibhte,
áthrochar na cnoic, acht ní imeochuidh
mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, adeir
an Tighearna dorinne trócaire
ort.


L. Ia54:11


Oh thusa atá anaindise, ar
do theilgion ag ananfa, agus gan
comhfhurtacht, féuch suigheocha
mé do chlocha maille re dathaibh
bhreágha, agus leagfa mé do bhunáite
le Saphíoruibh.


L. Ia54:12


Agus dodhéna mé thfuinneo-
ga do agatuibh, agus do gheatada do
charbuncail, agus himle uile do chloch-
uibh breágha.


L. Ia54:13


Agus múinfighear do chlann
uile leis an ttighearna, agus budh
mór síothcháin do chloinne.


L. Ia54:14


Daingneochthar a bhfírén-
tachd thú, biádh tú a bhfad ó
bhrúghadh, óir ní bhiaidh eagla ort;
agus ó chritheagal, óir ní thiucfa
sé ad ghar.


L. Ia54:15


Féuch, go deimhin cruinneo-
chuid síad a gcionn a chéile, achd
ní liomsa; gidhbé chruinneochus a
gceann a chéile ad aghaidh, tuitfid síad
ar do shonsa.


L. Ia54:16


Féuch, do chruthaigh mé
an gabha shéideas an gúal ann-
sa teine, agus dobheir amach
ball óirnéisi chum a oibre, agus
do chruthaigh mé an millteóir daidh-
mhilleadh.


L. Ia54:17


Ní bhéara arm ar bith dá
ccuimeachthar buáidh ad aghaidh-
sí, agus gach teanga dá néir-
eochuidh ad aghaidh, daimneocha
tú í a mbreitheamhnus. Así so
oighreachd sheirbhíseach an Tighearna,
agus is uáimsi atá a bhfíréntachd,
adeir an Tighearna.


L. Ia55:1


Ho, tigheadh gach uile
dhuine tartmhar chum na
nuisgeadh, agus an té ag
nach bhfuil airgiod; tighi-
dhse, ceannchuidh, agus i-
tidh, tigidh fós, ceanncaidh fíon, agus
bainne gan airgiod, agus gan lúach:


L. Ia55:2


Cred fá ccaithighe airgiod ar
ní nach arán? agus bhur sáothar re
ní nach sásuigheann? Éistigh go dúth-
rachtach riomsa, agus ithidh an ní is
maith, agus bíodh dúil ag bhur nanam a
méuthus.


L. Ia55:3


Cláonuidh bhur cclúas, agus ti-
gidh chugamsa: cluinidh, agus mairfidh
bhur nanam, agus dodhéna misi cunnradh
síorruidhe ribh, eadhon grása daingne
Dháibhi.


L. Ia55:4


Féuch, thug mé eision mar fhiadh-
nuisi don phobal, na thréoraightheóir,
agus na chaiptín don phobal.


L. Ia55:5


Féuch, goirfidh tú cineadh nach
feas duit, agus críocha da nárbhaith-
nid thusa rithfid síad chugad, do
bhrígh an Tighearna do Dhía, agus ar
son aóin náomhtha Israel; óir do ghló-
ruidh sé thú.


L. Ia55:6


Lorguidhsi an Tighearna an feadh
bhías sé ar fagháil, goiridh air an feadh
atá sé a bhfogus.


L. Ia55:7


Tréigeadh an drochdhuine a shlighe,
agus an duine neimhfhírénta a smuain-
tighthe: agus filleadh sé chum an Ti-
ghearna, agus dodhéna sé trócaire air,
agus chum ar Ndénne, óir maithfidh
sé go líonmhar.


L. Ia55:8


Oír ní híad mo smuaintighthe
bhur smuáintighthesi, ní mo asíad bhur
slighthe mo shlighthesi, adeir an
Tighearna.


L. Ia55:9


Oír fa mar is áirde na neamha ná
an talámh, is marsin is áirde mo
shlighthesi ná bhur slighthesi, agus mo
smuáintighthe ná bhur smuáintighthe.


L. Ia55:10


Oír fa mar thig anfearthuinn anúas,
agus an sneachta ó neamh, agus
nach bhfilleann annsin, achd go bhfliu-
chann an talamh, agus go ttabhair air
gineamh agus fás, chor go ttiubhradh sé
síol don tsíoladóir, agus arán don té
íosas é:


L. Ia55:11


Marsin bhías mo bhríatharsa,
noch théid amach as mo bhéul, ní fhillidh
sí chugam go díomhaóin, acht coimhli-
onfuidh sí an ní is toil liom, agus ra-
chaidh ar a haghaidh, annsa ní chum ar
chuir mé í.


L. Ia55:12


Oír rachthaóisi amach maille
re meanmuin, agus bérthar amach sibh
maille re síothcháin: brisfid na sléibhte
agus na cnoic amach romhuibh a gceól,
agus buáilfid uile chranna an mhagha a
lámha.


L. Ia55:13


Fásfuidh an crann giumhuis anáit
an droighin, agus anáit na dreise
tiocfaidh an crann Mirtail aníos: a-
gus biáidh sé mar ainm don Tighearna,
mar chomhartha biothbhúan nach gérrfui-
ghear amach.


L. Ia56:1


Is marso adeir an Tighearna,
coimhéduighsi breitheamhnus,
agus dénuidh ceart: óir atá
mo shlánughadhsa a bhfogus
do theacht, agus mfírinne rena foillsiughadh.


L. Ia56:2


Is beannuighthe an té doní so, a-
gus mac an duine bheirios greim air;
noch choimhédas an tsaóire gan a
truáilleadh, agus choimhédas a lám ó dhé-
namh uilc ar bith.


L. Ia56:3


Ná habradh mac an choimhighthidh
cheanglas é féin ris an ttighearna,
gha rádh, do dhealuidh an Tighearna misi
go hiomlán óna mhuintir: agus ná ha-
bradh an cailteanach, féuch, is crann
críon mé.


L. Ia56:4


Oír is marso adeir an Tighearna
ris na cailteanachaibh chongmhus mo
shaóire, agus thoghas na neithe thaithn-
eas riom, agus bheirios greim air mo
chunnradh:


L. Ia56:5


Dobhéra mé dhóibhsin ann mo thigh
agus taobh astigh dom balluighibh, áit a-
gus ainm is feárr ná do mhacaibh nó
dingheanuibh: dobhéra mé dhóibh ainm síor-
uidhe nach geárrfuighear amach.


L. Ia56:6


Mic na ccoimhigheach mar an ccédna
íadhas íad féin leis an ttighearna dfogh-
namh dhó, agus do ghrádhughadh anma an
Tighearna, agus do bheith na seirbhísea-
chaibh aige, gach uile dhuine choimhédas an
tsaóire nach brisionn í, agus ghlacus
gréim dom chunnradh:


L. Ia56:7


Dobhéra mé íad dom shlíabh náomh-
tha, agus dodhéna mé lúathgháireach íad ann
mo thigh urnaighe: glacfuighear a nofrá-
il loisge, agus a níodhbartha ar maltó-
ruibh; óir goirfhighear dom thigh, tigh
na hurnuighe donuile phobal.


L. Ia56:8


Adeir an Tighearna Día, noch
chruinnigheas díthbearthuigh Israel, crui-
nneocha mé fós chuige táobh amuigh don
mhéid atá cruinn aige.


L. Ia56:9


Sibhsi a uile ainmhidhe an mhagha, ti-
gidh do shlugadh, sibhsi fós a uile bheatha-
cha na foraóise.


L. Ia56:10


Atáid a lucht faire dall, atáid
uile ainbhfiosach, atáid uile ma madrui-
ghibh balbha, ní fhéduid tathfann; na
ccodladh, na luidhe síos, atáid grádhach
air néullfurtaigh.


L. Ia56:11


Atáid fós na madruighibh cío-
cracha, nach bhfédann choidhche a sáith
dfagháil, agus is áodhaireadh gan tuigsin
íad: féuchuid síad uile dá slighthibh féin,
gach uile dhuine ar son a tharbha óna
cheathramhuin.


L. Ia56:12


Tigidh uáibh, adeirid síad, do
bhéra misi fhíon líom agus líonfam sinn
féin lé digh láidir, agus biáidh amárach
mar an ló aniugh, agus nísa rofhairsinge.


L. Ia57:1


Imthidh an fíréun seachad, agus ní
chuireann áonduine ann a chroidhe é;
agus beirthear na daóine trócaireacha as, gan
áonduine do chur a suim go mbeirthear na
fíréin as ónolc atá ag teacht.


L. Ia57:2


Rachaidh sé a síothcháin; coimhneo-
chuid iona leapthachaibh gach aon shiubhlas
iona ionnracus.


L. Ia57:3


Acht tairngidh a bhfogus a leith
annso, a mhaca na bandrúagh, sliochd a
nadhaltrannuigh, agus na stríopuidhe.


L. Ia57:4


Cía anaghaidh a ndéntaoi bhur
macnus? cía anaghaidh a ndéntaoi béul
fairsing, agus a ttairngthí an teanga a-
mach? nach clann an tsáruighthe sibh,
síol na mbréag?


L. Ia57:5


Da bhur lasadh féin lé hiodha-
luibh faói gach aon chrann glas, ag
marbhadh na leanabh annsna gleanntuibh fa
scealpuibh na ccarrac.


L. Ia57:6


A measc na ccloch mbláith an tsro-
tha atá do chuid ronna; is íadsin, íad
sin do chuid ronna: eadhon is dóibhsion do
dhóirt tú ofráil dighe; do íodhbair tú of-
ráil bhídh. An bhfuiginnse sólás ar bith
iontaso?


L. Ia57:7


Ar chnoc árd úachtarach do shui-
ghidh tú do leabhuidh, eadhon is annsin súas
dochuáidh tú dofráil íodhbhartha.


L. Ia57:8


Ar chúl an doruis mar an ccédna,
agus na bpostadha do chuir tú súas do
chuimhne: óir dfoillsigh tú thú féin dfior
oile táobh amuigh dhíomsa, dochuáidh tú
súas, dfairsingidh tú do leaba, agus do
rinne tú cunradh ríusan, do ghradhuigh tú
a leabha, mar a bhfaca tú a náit.


L. Ia57:9


Agus dochuáidh tú a gcionn an
Rígh lé hola, agus do mhéduigh tú do
dheaghbholtuibh, agus do chuir tú do theach-
ta a bhfád uáit, agus duirísligh tú thú
féin go hifrionn.


L. Ia57:10


Atá tú coirthe ó mhéud hastair;
gidheadh ní abair tú, ní bhfuil dóthchus ar
bith: fuáir tú beatha do láimhe; uime
sin ní raibh tú doilghiosach.


L. Ia57:11


Agus cía roimhe agá raibh úa-
mhan ort, nó dimeagluigh thú, as a ndér-
na tú brég, agus nach ar chuimhnigh tú
misi, agus nachar chuir tú ann do
chroidhe é? nach ar thochd misi fós re
fada, agus níor eagluidh tusa romham?


L. Ia57:12


Foillseochuidh mé thfíréntachd, a-
gus hoibreacha, óir ní thairbheochuid síad
dhuit.


L. Ia57:13


Anuáir éighfios tú, tárthuighi-
dís do chompánuigh thú: acht béra an
gháoth ar siubhal uile íad, béra an dio-
mhaoineas air siubhal íad: acht sealbhochuidh
an té chuirios a dhóigh ionnamsa an
dúithche, agus dogheabhuidh oighreacht mo
shléibhe náomhtha.


L. Ia57:14


Agus adéruid, teilgidh súas,
teilgidh súas, ullmhuighidh an tslighe,
beiridh an ceap tuislighe as slighe mo
mhuintire.


L. Ia57:15


Oír is marso adéruidh an táon
árd úachdarach, noch áitreabhus a síorr-
uigheachd, darab ainm Náomhtha, áitreabhad
annsanáit áird agus náomhtha, agus
maille ris an té atá do spioruid chomh-
mbrúighte agus umhail, daithbhéoghadh
spioraide na numhal, agus daithbhéo-
ghadh croidhe na druinge bhíos comhmbrúigh-
te.


L. Ia57:16


Oír ní cheannairgfidh mé go síorr-
uidhe, ní mó bhías mé a ccomhnuidhe fear-
gach: óir dfailleochadh an spiorad ro-
mhamsa, agus na hanmanna noch dorinne
mé.


L. Ia57:17


Arson éigceart a shainte iseadh
dobhí mé feargach, agus do bhuáil mé é;
dfoluighios mé féin, agus dobhí mé fear-
gach, agus dochuáidh seision ar aghaidh
go dona a slighe a chroidhe.


L. Ia57:18


Dochonnairc mé a shlighthe, agus
leigheosuidh mé é; tréorochuidh mé é fós,
agus aiseoga mé comhfhurtachda dhó féin
agus dá chaóinteachaibh.


L. Ia57:19


Cruthuighim toradh na bpuisíneadh;
síothcháin, síothcháin don tí bhíos anim-
chéin, agus don tí atá a bhfogus, a
deir an Tighearna, agus leigeosuidh
mé é.


L. Ia57:20


Acht is cosmhuil na ciontuigh
ris an bhfairge bhuaidheartha, anuáir nach
bhfédann sí suaimhneas do dhénamh, a tteil-
gid a huisgeadha súas salchar agus
lábán.


L. Ia57:21


Ní bhfuil síothcháin ar bith ag
na ciontachaibh, adeir mo Dhíasa.


L. Ia58:1


Eigh go hárd, ná coigil, tóig
súas do ghuth amhuil stoc,
agus taisbeáin don phobal
a sárughadh, agus do thigh
Iácob a bpeacuidhe.


L. Ia58:2


Thairissin íarruid síad go laé-
theamhuil, agus dúilighid a néolus mo shligh-
theachsa, amhuil cineadh dorinne ionnracus,
agus nár thréig órdugadh a Ndé: íarr-
uid síad orumsa a breitheamhnus an cheirt,
bí dúil aca teacht a ngar do Dhía.


L. Ia58:3


Cred fár throisgeamar, adei-
rid síad, agus nach bhfaiceann tusa?
créd fár phíanamar ar nanam, agus
nach bhfeadair tusa? féuch, a ló bhur
ttroisge dogheabhtaoi sólás, agus
íarrfuighe go gér bhur bhfíacha uile.


L. Ia58:4


Féuch, troisgthí ar son imreas-
na, agus ceannairge, agus do bhualadh
le dórn go hurchóideach, troisgthí mar
donithi annsa lósa do dhénamh bhur ngotha
chluinsion go hárd.


L. Ia58:5


Ané a leithéidsin do throsgadh
do thogh misi; lá don duine do smach-
tughadh a anma? ané do chromadh a
chinn síos amhuil buigshibhinn, agus do leath-
nughadh saicéduigh agus luáithrigh
faói? an ngoireann tú trosgadh dhe so,
agus lá taitneamhach don Tighearna?


L. Ia58:6


Nach é so an trosgadh do thogh
misi, do sgaoileadh cuibhreach anuilc,
déttromadh na núalach ttrom, agus
go mbriseadh sibh gach uile chuibhreach?


L. Ia58:7


Nach chum haráin do roinn ar
na hocrachaibh, agus go ttugthá dot
thigh na boicht air seachrán? anuáir do
chífe tú an tárrnochd, go bhfoileocha
tú é, agus nach bhfoileocha tú thú féin
ód fheóil féin?


L. Ia58:8


Annsin bhrisfios do sholus a-
mach mar an maidin, agus sginnfidh do
shláinte amach go lúath: agus rachaidh
hionnracus romhad, cruinneochuidh glóir
an Tighearna thú.


L. Ia58:9


Annsin ghoirfios tú, agus frea-
goruidh an Tighearna; éighfidh tú, agus a
déra seision, atáim annso: má chuirionn
tú uáit as do lár an chuing, cuir amach
an mhéir, agus labhairt díomhaóinis;


L. Ia58:10


Agus má thairngionn tú hanam
amach donocrach, agus go sáiseocha
tú an tanam deireóil: annsin éireochuidh
do sholus annsa dorchadus, agus biáidh
do dhorcachd amhuil meadhón an laói.


L. Ia58:11


Agus tréorochuidh an Tighear-
na thú a ccomnuidhe, agus sásfuidh sé
hanam a ttiormach, agus dodhéna
sé do chnámha méith: agus budh cosmhuil
thú re gáirdín arna fhliuchadh, agus
cosmhuil re tobar fíoruisce nach bhfailli-
ghid a uisgeadha.


L. Ia58:12


Agus áitreochuid daóine úait na
seanáite fásuigh: tóigfe tú súas bunáite
mhóráin ginealach: agus goirfighear dhíot
fear leasuighthe an bhriste, fear aisigthe na
slíghtheadh dáitreabh ionta.


L. Ia58:13


Má fhilleann tú do chos ón tsa-
óire, do dhénamh do thoile ann mó ló saóire-
si, agus go ngoirfe tú aóibhneas don
tsaóire, lá náomhtha onórach an Tighear-
na, agus go nonórfa tú é, gan do
shlighthe féin do dhénamh, nó haoibhneasa
féin dfagháil, nó gan do bhríatha (féin)
do labhairt:


L. Ia58:14


Annsin bhías haóibhneas an sa Ti-
ghearna, agus dobhéra misi ort mar-
cuigheachd do dhénamh ar áitibh árda na tal-
mhan, agus beathocha mé thú anoighreachd
Iácob hathair; óir do labhair béul an Ti-
ghearna é.


L. Ia59:1


Feuch, níor giorruigheadh lámh
an Tighearna, as nach
bhfédann sé tartháil, agus
ní trom a chlúas, as nach
bhfédann cluinsion.


L. Ia59:2


Acht dorinne bhur cciontasa
dealughadh idir sibhsi agus bhur
Ndía, agus dfoluigheadar bhur bpeac-
uidhe a aghaidh uáibh, go nach ccluin-
fidh sé.


L. Ia59:3


Oír do salchadh bhur lámha lé
fuil, agus bhur méir lé héigceart:
do labhradar bhur bpuisínigh bréga, do
smúaineadar bhur tteangtha urchóid.


L. Ia59:4


Ní ghoireann áonduine ar cheart, a-
gus ní thagrann aoinneach ar son fírinne:
dóthcusuighid síad a ndíomhaóineas, a-
gus adeirid bréga; tionnscnuid
dioghbháil, agus beirid amach éigceart.


L. Ia59:5


Do bhrisiodar uighe an chocat-
rís, agus dfigheadar líonradh damháin
ealluigh: an té ithios dá nuighibh éuguidh
sé, agus an ní brúightear, brísigh sé
amach na aithir nimhe.


L. Ia59:6


Ní bhéid a líonta na néuduighibh,
ní mo fhoileochuid síad íad féin lena
noibreachaibh: is oibreacha éigceirt a
noibreacha, agus atá gníomhradh foiréi-
gin iona lámhuibh.


L. Ia59:7


Riothuid a ccosa chum uilc, a-
gus doníd deithnios do dhórtadh fola
neimhchiontuigh: is smuáintighthe uilc a
smuáintighthe, atá fásughadh agus
aidhmhilleadh iona slighthibh.


L. Ia59:8


Ní haithnid dóibh slighe na síoth-
chána, agus ní bhfuil breitheamhnus ar bith
iona nimtheachduibh: dorinneadar dhóibh féin
slighthe cama; gidhbé théid annsin, ní
bhía fios síothchána aige.


L. Ia59:9


Uimesin atá breitheamhnus a bhfad
uáinne, agus ní bheirionn an ceart or-
uinn: feithmíd ar sholus, acht féuch dor-
chadus; feithmíd ar dhéalradh, acht siubh-
luighmíd a ndorchadus.


L. Ia59:10


donímid sméarracht ar na ball-
uibh amhuil dalla, agus donímid sméar-
racht mar nach beidís súile aguinn:
tuislemid annsa meadhon laói mar a
noidhche, atámuid anáitibh uáigneacha
amhuil daóine marbha.


L. Ia59:11


Nuallamuid uile amhuil math-
ghamhna, agus gubhamaoid go doiligh
amhuil columa: atá ar súil ré
breitheamhnus, acht ní bhfuil ar fagháil;
ar son tárthala, atá sí a bhfad uáinn.


L. Ia59:12


Oír atáid ar ccionta ar bhfoir-
líonadh ad lathairsi, agus fiaghnuighid
ar bpeacuidhe ar naghaidh; óir atáid ar
sáruighthe maille rinn, agus ar son ar
néigceairt, is aithnid dúinn íad.


L. Ia59:13


A sárughadh, agus a mbrégaibh
anaghaidh an Tighearna, agus a nim-
theachd ar siubhal ó ar Ndía, ag labhairt
leathtruim, agus easumhla, ag tionnsc-
namh, agus ag labhairt ó chroidhe bríath-
ra brégacha.


L. Ia59:14


Agus do filleadh breitheamhnus ar
ccúl uáinn, agus seasuidh an ceart a
bhfad uáinn; óir do thuit anfírinne ann-
sa tsráid, agus ní fhédann an chóir dul a
steach.


L. Ia59:15


Dfailligh fós anfírinne,
an té sheachnus an tolc doní sé
creach dhe féin: agus dochonnairc an Ti-
ghearna sin, agus dobolc leis nach
raibh breitheamhnus air bith ann.


L. Ia59:16


Agus dochonnairc sé nach raibh
áonduine, agus dobiongnadh leis nach
raibh impidheach ar bith ann: uimesin
thug a ruigh slánughadh chuige, agus a
fhíréntacht do chothuigh sí é.


L. Ia59:17


Oír do chuir sé fíréntachd uime
mar uchtédach, agus clogad an tslán-
uighthe ar a cheann: agus do chuir sé cu-
laidh an dioghaltais uime mar édach,
agus do héduigheadh é le teasghrádh amhuil
clóca.


L. Ia59:18


Do réir a ngníomh is mar an
ccédna chúiteochus sé, buile rena námhuid
luáigheacht dá eascáirdibh, dobhéra sé
luáigheachd do luchd na noilén.


L. Ia59:19


Marsin bhías eagla anma an Ti-
ghearna orra ónáird shíar, agus a
glóire ó éirghe na gréine: anuáir
thiucfas an námhuid asteach amhuil
tuile, tóigfe spiorad an Tighearna
bratach súas na aghaidh.


L. Ia59:20


Agus tiucfa an slánaigh-
theóir go Sion, agus chum na druinge
fhilleas ó pheacaidh ann Iácob, adeir an
Tighearna.


L. Ia59:21


Ar mo shonsa, isé so mo chun-
radh ríu, adeir an Tighearna, mo spio-
rad noch atá ortsa, agus mo bhríathra
do chuir mé ann do bhéul, ní dheileochuid
re do bhéul, nó re béul do shíl, nó re
béul síl do shíl, adeir an Tighearna,
ó so amach, agus go bráth.


L. Ia60:1


Eirigh, déalruigh, óir tháinic do
sholus, agus déirig glóir an
Tighearna ort.


L. Ia60:2


Oír féuch, foileochuidh
an dorchadus an talamh, agus dorcha-
das tiugh an pobal: acht éireochuidh
an Tighearna ortsa, agus dochífighear
a ghlóir ort.


L. Ia60:3


Agus tiucfuid na geintidhe
chum do sholuis, agus Ríghthe chum soill-
si héirghe.


L. Ia60:4


Tóig súas do shúile timchioll
faccuáirt, agus faic: cruinnighid síad
íad féin a ccionn a chéile, tigid síad chu-
gadsa; tiucfaid do mhic a himchéin, agus oil-
fighear hingheana red tháobh.


L. Ia60:5


Annsin dochífe tú, agus líon-
fuidhear thú, agus eaglochuidh do chroidhe,
agus fairseongthar é, do brígh go bhfill-
fighear chugadsa iomadamhlachd na fairge,
go ttiucfaidh neart na ngeinteadh chu-
gad.


L. Ia60:6


Foileochuidh iomadamhlachd na ccá-
mhall thú, dromedari Mhídian, agus
Ephah: tiucfuid síad uile ó Shéba;
dobhéruid ór léo agus túis, agus
foillseochuid amach molta an Tighear-
na.


L. Ia60:7


Cruinneochthar tréuda Cedar uile
mar áon chugadsa, foigheonuid reitheadh
Nebaiot dhuit; tiucfuid súas mail-
le ré mo dheaghthoilsi ar maltóir, a-
gus glóirfiodsa tigh mo ghlóire.


L. Ia60:8


Cía híad so eitiollus mar néull,
agus mar choluma chum a bhfuine-
óg?


L. Ia60:9


Go deimhin feithmhid na hoiléain
riomsa, agus loingios Tharsis ar
ttús, agus dobhéuruid do mhicsi a
himchéin, a nór agus a nairgiod léo,
go hainm an Tighearna do Dhía, a-
gus go háon náomhtha Israel, do bhrígh
gur ghlóruigh sé thusa.


L. Ia60:10


Agus cuirfid mic na ccoimhidh-
theach do bhalladha súas, agus foigh-
éonuid a Ríghthe dhuitsi: óir do bhuáil
misi ann mfeirg thú, acht an mo dheagh-
thoil dorinne mé trócaire ort.


L. Ia60:11


Uimesin béid do gheatadha
foscuilte do ghnáth, ní druidfighear
íad a ló nó anoidhche, chum go ttuga
daóine chugad neart na ngeinteadh,
agus go ttugthar a Ríghthe chu-
gad.


L. Ia60:12


Oír an cineadh nó an rioghacht
nach bhfoigheonuidh duit, sgriosfuighear é;
fáiseachthar fós na cineadhachasin uile.


L. Ia60:13


Tiucfa glóir Lebanon chugad,
an crann giumhais, an crann píne, agus
an boxa anéinfheachd, do sgíamhughadh
áite mo shanctóra, agus dodhéana
mé áit mo chos glórmhar.


L. Ia60:14


Tiucfuidh fós mic na ndaoine
do ghortuigh thú, do chláonadh dhuit: a-
gus anuile dhuine do tharcuisnigh
thú, cromfuidh sé síos ag bonnuibh do
chos, agus goirfid cathair an Tighear-
na dhíot, Sion aóin náomhtha Is-
rael.


L. Ia60:15


Anáit ar tréigeadh, agus ar
fúathuigheadh thú, iondus nár ghabh
áonduine thríod, dodhéana mé oirdhear-
cus síothbhúan díot, gáirdeochus mhó-
rán ginealach.


L. Ia60:16


Díulfuidh tú fós bainne na ngein-
teadh, agus díulfa tú cíche na Ríogh,
agus biáidh a fhios agad gur misi an
Tighearna do shlánaightheóir, agus
thfúascaltóir, áon cumhachdach Iá-
cob.


L. Ia60:17


Ar son práis dobhéara mé ór
liom, agus ar son íaruinn dobhéara
mé airgiod, agus ar son connaidh prás,
agus ar son cloch íarann: dodhénad
fós síothcháin dot leathtrom, agus dot
dháoirchíos fíréuntachd.


L. Ia60:18


Ní cluinfíghear foiréigion ann do
thír nísa mhó, fásughadh nó aidhmhilleadh
táobh astigh dot théorannuibh; acht
goirfidh thú dot bhalladhuibh slánughadh,
agus dot gheatadhuibh moladh.


L. Ia60:19


Ní budh hé an ghrían feasda
do sholus annsa ló, agus ní hí an
ghealach bhéuras solus mar loinnir dhuit:
acht isé an Tighearna bhus solus síorr-
uidhe dhuit, agus do Dhía do ghlóir.


L. Ia60:20


Ní rachuidh do ghrían faói nías mó,
agus ní sheachona do ghealach í féin:
óir isé an Tighearna bhus solus síoth-
bhúan duit, agus críochnochar láethe
do ghubha.


L. Ia60:21


Béid fós huile dhaóine fíréun-
ta, gébhuid oighreachd na dúithche go bráth,
géug mo phlannduighthesi, obair mo lámh,
chor go nglóruighthear mé.


L. Ia60:22


Biáidh an beag na mhíle, agus an
fann na chineadh mhór: misi an Tighearna
deithfreochad sin iona am.


L. Ia61:1


Atá spiorad an Tighearna Día
orumsa, do bhrígh gur ung
an Tighearna mé do shean-
móir sgéula maithe do na
ceannsuighibh, do chuir sé mé do
cheangal súas na ccroidhthe mbriste,
dfúagra saóirse do na braighdibh,
agus oscuilte an phríusúin don druing
atá ceangailte:


L. Ia61:2


Dfúagra blíadhna taitneamhuigh an
Tighearna, agus láe dioghaltais ar
Ndé; do chabhrughadh na méide chaoidheas:


L. Ia61:3


Dórdughadh don druing chaóidheas
a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son
lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dób-
róin, éduigh an mholta ar son spioruide
brúighte, go ngoirfidhe crainn na fír-
éntachda dhíobh, planndughadh an Tighearna,
chor go nglórfuidhe é.


L. Ia61:4


Agus cuirfid síad súas na
seanfhásuighe, tóigfid súas na seanáite
uáigneacha, agus athnúadhchuid na caith-
reacha fásuigh, fásughadh mhóráin ghinealach.


L. Ia61:5


Agus seasfuid coimhthíghidh, agus
biáidhfid bhur ttréda, agus budh íad
clann na neachdrannach bhur ttreabhthacha, a-
gus lucht deasuighthe bhur bhfíneamhnach.


L. Ia61:6


Acht goirfighear dhíbhsi sagairt
an Tighearna, goirfid na daóine sa-
gairt ar Ndé dhíbh: íostaói saidh-
bhrios na ngeinteadh, agus ann a nglóir
mháoithfidhe sibh féin.


L. Ia61:7


Ar son bhur náire dogheabhthaói
dúbalta; agus ar son aidhmhillte, gáir-
deochuid ann a ccuid ronna: uimesin iona
ndúthaigh sealbhochuid roinn dhúbalta, biáidh
lúathgháir shíorruidhe aca.


L. Ia61:8


Oír misi an tighearna grádhui-
ghim breitheamhnus, is fúath liomh slad-
móireachd mar ofráil loisge, agus
séolfa mé anobair a bhfírinne, agus do
dhéna mé cunnradh suthain ríu.


L. Ia61:9


Agus aitheontar a síol a measg
na ngeinteadh, agus a sliochd a measg
an phobail: aideomuid gach a bhfaicfidh
íad, gurbíad an síol do bheannuigh an
Tighearna.


L. Ia61:10


Gáirdeochuidh mé go mór annsa
Tighearna, biáidh manam sólásach ann
mo Dhía; óir déduigh sé mé a ccu-
ladhuibh an tslánuighthe, dfoluigh sé
mé le róba na fírénteachda, amhuil chóiri-
gheas fear núadhpósta é féin le breá-
ghachtuibh, agus mar choirígheas an
bhean núadhphósta í féin léna séuduibh.


L. Ia61:11


Oír mar dobheir an talamh a
fás amach, agus amhuil dobheir an
gáirdín ar na neithibh cuirthear ann, fás
aníos; marsin dobhér an Tighearna
Día fíréntachd agus moladh dfás súas
as coinne na nuile chríoch.


L. Ia62:1


Ar son Shíon ní bhiáidh mé am
thochd, agus ar ghrádh Ie-
rusalem ní choisgfe mé, nó
go ndeachuidh a bhfíréntachd
amhuil délrughadh, agus a slá-
núgadh amhuil tóirse air lasadh.


L. Ia62:2


Agus dochífid na geinte hionn-
racus, agus na huile Ríghthe do ghlóir:
agus goirfighear thú maille re hainm
núadh, noch ainmneochus béul an Tigh-
earna.


L. Ia62:3


Biáidh tú fós ad choróin ghlóire a
láimh an Tighearna, agus ad dhiadem
ríoghamhuil a láimh do Dhé.


L. Ia62:4


Ní goirfighear tréigthe dhíot nísa
mhó, agus ní dérthar do dhúthaigh
níis mó uáigneach: acht goirfighear maóibh-
neas dhíot, agus dot dhúthaigh, phósda:
óir dúilighidh an Tighearna ionnad, agus
pósfuighear do dhúthaigh.


L. Ia62:5


Oir amhuil phósas ógánach maigh-
dion, is marsin phósuid do mhic thusa;
agus mar gháirdigheas an fear núadh-
phosta ós a mhnaói núadhphósta, marsin
gháirdigheas do Dhía ós do chionnsa.


L. Ia62:6


Do chuir mé foraire air do bhalladh-
uibh, a Ierusalem, nach ccoisgfidh a lá
nó anoidhche: ná bíthíse bhur ttochd a
dhrong tig thar an ttighearna;


L. Ia62:7


Agus ná léigidh suáimhneas dó
nó go ndaingnidh sé, agus go ndérna
sé Ierusalem na mholadh annsa talamh.


L. Ia62:8


Do mhionnuigh an Tighearna fana
láimh dheis, agus le righ a neirt, go
dearbhtha ní thiubhra mé nías mó thar-
bharsa do bheith na bhíadh dot naimhdibh,
agus ní iobhuid mic na ccoimhthidheach
thfíon ar son ar sháothruigh thú.


L. Ia62:9


Acht asíad an lucht do chruinnigh
é, íosas é, agus molfuid an Tighearna,
agus iobhuid an drong thug a gcionn a
chéile é, a ccúirtibh mo náomhthachdasa.


L. Ia62:10


Eirgidh thríd, éirghid thríd na
geatadhuibh; ullmhuighidh slighe an phobail
teilgidh súas, teilgidh súas an
tslighe mhór, cruinnighidh amach na clo-
cha, tógbhuidh súas bratach don pho-
bal.


L. Ia62:11


Féuch, dfúagair an Tighearna
go críochuibh na talmhan, abraidhse
re hingin Shion, féuch, atá do shlá-
nughadh ag teacht: féuch, atá a luái-
dheacht leis, agus a obair roimhe.


L. Ia62:12


Agus goirfid síad díobh an po-
bal naomhtha; fúascailtighe an Tigh-
earna: agus goirfighear dhíotsa, ar
na híarruidh amach, cathair nachar tréi-
geadh.


L. Ia63:1


Cia hé so thig ó Edom, maille
ré culadh dhaite ó bhos-
rah? an téso atá glór-
mhar anédach, ag siubhal a
méd a neirt? misi labhrus a bhfírén-
tacht, cumhachtach chum saortha.


L. Ia63:2


Cred fá bhfuil tú dearg ann do
chulaidh, agus dédach cosmhuil ris an té
shaltras anumar anfíona.


L. Ia63:3


Do shaltair mé anumar na fínea-
mhna am áonar, agus ní raibh aóinneach don pho-
bal agam: óir sailteoruidh mé íad ann
mfeirg, agus siubholuidh mé súas orra
ann mo chuthach, agus croithfighear a bhfuil
ar médach, agus bailleocha mé mo
chulaidh uile.


L. Ia63:4


Oír atá lá an dioghaltais ann
mo chroidhe, agus tháinic blíadhuin mfúas-
cailteach.


L. Ia63:5


Agus dféuch mé, agus ní raibh
áon do coibhreochadh, agus dob iong-
nadh liom nach raibh áon do chongmháil
súas: uimesin thug mo righ féin co-
bhair chugam, agus do chonnuimh mo chuthach
súas mé.


L. Ia63:6


Agus sailteoruidh mé na daoine
síos ann mfeirg, agus cuirfidh mé ar
meisge ann mo chuthach íad, agus dobhé-
ra mé a neart síos gus an ttalamh.


L. Ia63:7


Cuimhneocha mé cinéul grádhach an
Tighearna, agus molta an Tighearna,
do réir na nuile neithe dar thiodhluic an
Tighearna dhúinn, agus a mhaitheasa móire
a ttaobh thighe Israel, noch do bhronn sé
dhóibhsion do réir a ghrás, agus do
réir iomuid a chinéul ngrádhach.


L. Ia63:8


Oír adubhairt sé, go deimhin isíad
mo phobalsa íad, clann nach déna brég;
óir dobeision a slánaightheóir.


L. Ia63:9


Dobhí seision buáidheartha ann anuile
bhuáidhreadhsan, do thárthuigh aingeal
a aighthe íad: ann a ghrádh, agus ann a
thruáighe dfúascail sé íad, diomchuir sé
agus rug leis íad uile láethe an tsáo-
ghail.


L. Ia63:10


Acht dochúadar aneasumh-
la air, agus do throid sé na naghaidh.


L. Ia63:11


Annsin do chuimhnigh sé na sean
láethe, Maóise agus a phobal ghá radh,
cáit a bhfuil an té thug as an bhfairge
íad maille re príomhaodhuire a thréda?
cáit a bhfuil an té do chuir a spiorad a
náomhthachda ann a lár?


L. Ia63:12


Noch do thréoruigh íad tre dheis-
láimh Mhaóise, léna righ ghlórmhair ag
roinn na nuisgeadh rompa, do dhénamh a
anma suthain do féin?


L. Ia63:13


Noch do thréoruidh íad thríd an
ndubhaigéun mar each annsa bhfásach,
chor nach bhfuighedís tuisleadh?


L. Ia63:14


Amhuil théid beitheach síos annsa
ghleann, thug spiorad an Tighearna air comh-
nuigh do dhénamh: is marsin do thréo-
ruigh tusa do phobal do dhénamh anma
glórmhuir dhuit féin.


L. Ia63:15


Féuch anuas ó neamh, agus
féuch ó áitreabh do náomhthachda, agus
do ghlóire: cáit a bhfuil do theasgrádh
agus do neart agus fuaim hinneadh, a-
gus do thrócaire? an bhfuil toirmiosg
orra am thaóbhsa?


L. Ia63:16


Gan amharus is tú ar nathair,
bíodh nach aithnid do Abraham sinn, a-
gus nach admhann Israel sinn: is tusa,
a Thighearna, ar nathair, ar slánaigh-
theóir, atá hainm ó shíorruidheacht.


L. Ia63:17


A Thighearna, credfa ttug tú
oruinn seachrán ó do shlighthibh? agus ar
chrúadhuigh tú ar ccroidhe ód eagla? fill
ar son do sheabhfhoghantuidheadh, treabha
hoighreachda.


L. Ia63:18


Nior shealbhuidh pobal do naómh-
thachda é achd re beagan aimsire; do
sthaltradar ar neasccáirde do shanc-
tóra faói na ccosuibh.


L. Ia63:19


Is sinne do mhuinntirse, ní raibh
uachdaránachd agad ariamh ós a ccionnsan,
níor ghoireadh íad led ainmsi.


L. Ia64:1


Dobfeárr liom go mbristeá
na flaithis, go ttigtheá a
nuas, chor go ttuileochai-
dís na sleibhte síos dot la-
thair,


L. Ia64:2


Amhuil mar lasas an teine leagh-
thach, bheir an teine ar na huisgeadhuibh
fiuchadh; dfoillsiughadh hanma dot
naimhdibh, chor go ccrithneochuid na
críocha dot lathair.


L. Ia64:3


Anuáir dorinne tú neithe úath-
bhásacha, nach raibh súil aguinne ríu,
tháinic tú anúas, do thuilighiodar
na sléibhte síos led fhaicsin.


L. Ia64:4


Oír ní chúaladar daóine ó tho-
sach an domhuin, níor mhothuigheadar leis
an ccluáis, ní mó dochonnairc an tsúil, a
Dhía, taobh amuigh dhíotsa, an ní dull-
mhaigh sé don tí fheithios air.


L. Ia64:5


Teagmuidh tú don té gháirdigheas,
agus oibrighios fíréntachd, cuimhnighid
síad ort ann do shlighthibh: féuch, atá
fearg ort do brígh gur pheacuigheamairne:
iontaso atá búanfus, agus sáor-
fuighear sinn.


L. Ia64:6


Acht atámaóid uile amhuil neamh-
ghlan, agus atáid ar nionracus uile
amhuil ceirteacha salcha; agus sear-
gamaoid uile amhuil duilléog, agus ru-
gadar ar bpeacuidh leósin cosmhuil ris
an ngaóith.


L. Ia64:7


Agus ní bhfuil áon ghoireas air main-
mse, chorruigheas é féin súas do ghabháil
greama dhíotsa; óir dfoluigh tú haghaidh
oruinn, agus do leag tú sinn ar son ar
cciontadh.


L. Ia64:8


acht anois, a Thighearna, is tú
ar nathair: is sinne an chré, agus is tu-
sa ar ccumadóir, agus sinne uile o-
bair do láimhe.


L. Ia64:9


Ná bíodh fearg rodhoiligh ort,
a Thighearna, agus ná cuimhnigh peacadh
go síothbhúan; féuch, amhairc, íarrmaoid
dathchuinge ort, is sinn uile do phobal.


L. Ia64:10


Atáid caithreacha do naómhthachda
uile na bhfásach, atá Síon na fásach,
Ierusalem airna léirsgrios.


L. Ia64:12


An ccuirfidh tusa srían riot
féin ar na neithibhsi, a Thigearna? an
mbía tú ad thochd, agus sinne do ghorthu-
ghadh go géur?


L. Ia65:1


Atáim ar mo lorgaireacht ón
lucht nar íarr mé, dofríth
mé leis an luchd nar lorgair
mé: adubhrus, féuch misi, féuch
misi, do chineadh nar goireadh leam ainm.


L. Ia65:2


Do leathnuigh mé mo lámha amach ar
feadh an laói chum cinidh easumhuil, noch
shiubhluighios a slighe nach maith, agus
iona smuáintighthibh féin:


L. Ia65:3


Daoine bhrostuigheas misi chum
feirge a gcomhnuidhe a gclár médain,
íodhbras a ngáirdínibh, agus loisgeas
túis ar altóruibh bríce:


L. Ia65:4


Noch fhanas a measg na nuái-
gheann, agus áitreabhas annsna hadhla-
caibh, noch itheas feóil mhuc, agus
anbhruithe neitheann nadhfhúathmhar ann a soigh-
thighibh:


L. Ia65:5


Noch adeir, seas agad féin, ná
tárr láimh riomsa, óir is náomhtha misi
ná thú; is deatach íad so ann mo shróin,
teine loisgeach ar feadh an laói.


L. Ia65:6


Féuch, atá scríobhtha as mo choinne-
si, ní bhía mé am thochd, acht cúiteocha
mé, eadhon cúiteocha mé é iona mbrol-
lach,


L. Ia65:7


Bhur ccionta féin, agus cion-
ta bhur naithreadh aráon, adeir an Ti-
ghearna, noch do loisg túis ar na sléibh-
tibh, agus do mhasluigh misi ar na cno-
caibh: ar anadhbharsin toimheosuidh mé a
ccédobair iona mbrollach.


L. Ia65:8


Marso adeir duine, ná mill é,
óir atá beannughadh ann: marsin dodhé-
nas mé ar son mo sheirbhíseach, iondus
nach scriosfa mé uile íad.


L. Ia65:9


Agus dobhéra mé amach síol as
Iácob, agus as Iúdah oighre ar mo
shléibhtibh, agus gébhuid mo roighne a oi-
ghreachd, agus áitreobhuid mo sheirbhí-
sigh ann.


L. Ia65:10


Agus biáidh Sáron na mháinnrigh
thréud, agus gleann Achor na áit airgheach
do luidhe síos ann ar son mo phobail, noch
díarr mé.


L. Ia65:11


Acht is sibhsi an drong thréi-
gios an Tighearna, dhearmaduigheas mo
shlíabh náomhtha, noch ghléusas bórd
do shlúagh neimhe, agus fhoirlíonas
deoch ofrála do na pláinéduibh.


L. Ia65:12


Uimesin áireomhuigh misi sibh chum
an chloidhim, agus cromfuid uile síos chum
anáir, do bhrígh nár fhreagrabhair anúair
do ghoir mé; anuair do labair mé, ní
chualabhair, achd dorinneabhair olc as coinne
mo shúl, agus do thoghabhair an ní ann
nachar dhúiligh misi.


L. Ia65:13


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, féuch íosuid mo sheirbhí-
sigh, acht bíadh ocras oruibhsi: féuch,
iobhthuid mo sheirbhísigh, acht beithíse
tartmhar: féuch, gáirdeochuid mo sheir-
bhísigh, acht béithisi fa náire:


L. Ia65:14


Féuch, canfuid mo sheirbhísig lé
lúathgháir chroidhe, achd comhaircfidhesi le
doilghios chroidhe, agus núallfuidhe le
buáidhirt spioruide.


L. Ia65:15


Agus fúigfidhe bhur nainm mar
mhallacht ag mo dháoine toghthasa: óir
muinfidh an Tighearna Día thú, a-
gus goirfidh sé a sheirbísigh re
ainm oile:


L. Ia65:16


Iondus an té bheannuigheas,
é féin annsa talamh, beinneochuidh sé é
féin an Ndía na fírinne, agus an té
mhionnochus air an talamh, mionno-
cha sé fa Dhía na fírinne; do bhrígh
gur dearmaduigheadh na céad bhuai-
dheartha, agus do bhrígh gur foillsigheadh
íad as mo radharcsa.


L. Ia65:17


Oír féuch, cruthuighim
neamh nuad, agus talamh núadh, a-
gus ní cuimhneochthar na céidneithe, a-
gus ní mó thiucfuid aninntinn.


L. Ia65:18


Acht bíthíse lúathgháireach,
agus gáirdighidh go síorruidhe ann-
sa ní chruthaighim; óir cruthui-
ghim lúatgháir Dierusalem, agus
sólás dá pobal.


L. Ia65:19


Agus gáirdeochuidh misi ann
Ierusalem, agus sólásfuidh mé ann
mo phobal féin; agus ní cluinfíghear
guth an ghola innte nísa mhó, nó fu-
aim na ccomharc.


L. Ia65:20


Ní bhía annsin feasda naóidhe
laétheadh, nó duine foirfe nachar
chomhlíon a laéthe: óir éugfuidh
an leanabh a ccionn a chéud blía-
dhan, acht biáidh an peacach bhí-
os a ccionn a chéad blíadhan malluigh-
the.


L. Ia65:21


Agus tógfuid tighthe, a-
gus áitreobhuidh íad; agus plainn-
deochuid fíneamhna, agus íosuid dá
ttoradh.


L. Ia65:22


Acht ní thóigfid síadsan, a-
gus neach oile do áitreabh; ní phlainn-
deochuid síad, agus neach oile dá
ithe: óir amhuil atáid láethe crainn,
is marsin atáid láethe mo dhaóinesi,
agus sealbhochuid mo thoghtha oibreacha
a lámh féin.


L. Ia65:23


ní sháothrochuid go díomhaóin, a-
gus ní thiubhruid amach chum buaidh-
eartha; óir isíad síol beannuighthe
an Tighearna íad, agus a sliochd
maille riú.


L. Ia65:24


Agus tiucfa a gcrich suil
ghoirfeas síad, go bhfreagora misi, a-
gus an fad bhéid fós ag labhairt, go
ccluinfe mé.


L. Ia65:25


Iosuidh an mactíre agus
an túan a bhfochair a chéile, a-
gus íosuidh an leomhan tuighe mar
an ndamh; agus budh luaithreadh
beatha na naithreach nimhe. Ní ghoir-
teochuid, agus ní mhuirfid ann mo
shlíabh náomhthasa uile, adeir an
Tighearna.


L. Ia66:1


Is marso adeir an Tighear-
na, isé neamh mo cha-
thaóir ríogha; agus sé
an talamh stól mo chos:
cáit a bhfuil an tigh
thógthaoi dhamh? agus cáit a bhfuil áit
mo chomhnuighthe.


L. Ia66:2


Oír is íad mo lámha féin do
rinne gach aoin ní dhíobhsin, agus
dobhádar na neithesin uile, adeir
an Tighearna; acht is don tíso
fhéuchfus misi, eadhon don tí atá
bocht agus brúighte a spioraid, agus
chriothnuighios rem bréithir.


L. Ia66:3


Atá an té mharbhus damh,
amhuil do mhuirfeadh duine; an té
ofrálas lubhán, amhuil agus do
gheárrfadh muinéal madraidh; an
té íodhbras tiodhlacadh, amhuil do
thairgfeadh fuil mhuice; an té
loisgeas túis, amhuil do bheinneochadh
sé iodhal; aseadh, do thoghadar
so ann a slighthibh féin, agus dúili-
ghid a nanmanna iona nadhfhúathmhaireach-
tuibh.


L. Ia66:4


Toighfiodsa mar an ccéadna
a ttríollasan, agus dobhéra mé
aneagla orra: do bhrígh nar
fhreagair aon anuáir do ghoir mé, a
nuáir do labhair mé, ní chualadar:
achd dorinneadar olc ós coinne mo shúl,
agus do thoghadar an ní ann nar dhúi-
ligh mé.


L. Ia66:5


Eistigh bríathra an Tighearna, a
dhrong chritheaglas réna bhréithir; óir
adubhradar bhur ndearbhráithre dfúa-
thaigh sibh, do theilg amach sibh ar son
manmasa, go madh glórmhar an Ti-
ghearna: acht taisbéanfuidh seision chum
bhur lúathgháiresi, agus béidsion fá
náire.


L. Ia66:6


Guth fuáime ón ccathruigh, guth
ón teampall, guth an Tighearna,
chúitigheas luáidheacht réna naimhdibh.


L. Ia66:7


Suil dobhí sí ré niodhnuibh rug sí:
suil tháinic a tinneas, dobhí sí ar mbreith
mhic.


L. Ia66:8


Cía chualaidh a leithéidsin do
ní? cía chonairc leithéid na neith-
eannso? an ttiubharthar air an tta-
lamh gineamhuin anáonló, nó an mbeir-
thear cineadh anaóinfheacht? óir comh-
lúath agus do sháothruigh Sion, thug
sí a clann amach;


L. Ia66:9


An dtiubhra misi bean chum brei-
the, agus gan a thabhairt uirre breith?
adeir an Tighearna: an ttiubhra mé fa
deara gineamhuin, agus (an bhrú) do dhrud,
adeir do Dhía?


L. Ia66:10


Gáirdíghidhsi lé Ierusalem, a-
gus bíthi luáthgháireach lé; shibhsi uile
lerbionmhuin í: gáirdighidh lé lúathgháir
shibhsi uile chaóidheas air a son.


L. Ia66:11


Ar chor go ndíulfuidhidh, agus
go sáiseochuidh sibh lé cíochuibh a sóláis:
chor go mblifidh, agus go mbeithí anaóibh-
neas tré iomad a glóire.


L. Ia66:12


Oír is marso adeir an Tighear-
na, féuch, sínfidh misi shíothcháin di a-
mhuil sruth, agus glóir na ngeinteadh
amhuil sruthán ag tuiliughad: annsin
díulfuidhe, bérthar sibh air a táobhuibh, a-
gus beithi a muirníneacht air a glúinibh.


L. Ia66:13


Amhuil áon noch chomfhur-
tuighios a mhathair, mairsin fhuir-
teochus misi oruibhsi; agus bei-
thí ar bhur ccomhfhurtachd ann Ie-
rusalem.


L. Ia66:14


Agus anuáir dochíthí so,
gáirdeochuidh bhur ccroidhe, agus fás-
fuidh bhur ccnámha amhuil luibh, agus ai-
theontar lámh an Tighearna rena
sheirbhíseachuibh, agus a dhioghaltas air a
naimhdibh.


L. Ia66:15


Oír féuch, tiucfa an Tighearna
le teine, agus lena charbadhuibh mar
ghaóith ghuairdeáin, do chúitiughadh a
fheirge maille re buirbe, agus a aith-
bhear maille re lasracha teineadh.


L. Ia66:16


Oír le teine agus le cloidheamh
thaigeoras an Tighearna ris anuile
fheóil, agus budh iomdha mairbh an Ti-
ghearna.


L. Ia66:17


An drong náomhus íad féin,
agus ghlanas íad féin annsna gáirdínibh,
taobh shíar do áon chrann amháin a lár,
ag ithe féola muice, agus na hadhfhu-
athmaireachda, agus na luiche; scrios-
fuighear uile íad, adeir an Tighearna.


L. Ia66:18


Oír is aithnid damhsa a noibrea-
cha, agus a smuaintighthe, tiucfa a
gcrích go ccruinneocha misi na huile chineadh-
acha agus theangtha, agus tiucfaid síad a-
gus dochífid mo ghlóir.


L. Ia66:19


Agus cuirfidh mé comhartha iona
measc, agus cuirfe mé an chuid rachus
as díobh chum na ccineadhach go Tarsis,
go Pul agus go Lud, noch thairngios an
bogha, go Túbal, agus go Iábhan, gus
na hoilénuibh animchéin, nach ccúala
mo thúarusgbháil, nach mó dochonnairc mo
ghlóir, agus foillseochad mo glóir a measc na
ngeinteadh.


L. Ia66:20


Agus dobhéuruid bhur ndear-
bhraithre uile mar ofráil chum an Ti-
ghearna as gach uile chrích ar ea-
chuibh, agus a ccarbaduibh, agus a
ccóistighibh, agus ar mhúillighibh, agus ar
bheathachuibh lúatha, go nuige mo shlíabh ná-
omhtha Ierusalem, adeir an Tighearna,
mar bheirid clann Israel ofráil a
soightheach ghlan go tigh an Tighearna.


L. Ia66:21


Agus glacfa misi cuid díobh mar
shagartaibh agus mar lebhítibh
adeir an Tighearna.


L. Ia66:22


Oír amhuil fhanfuid na flaithis
núadha, agus an talamh nuadh, noch
chruitheochus mé, as mo choinne, adeir
an Tighearna, is marsin mhairfios bhur
sliochdsa, agus bhur nainm.


L. Ia66:23


Agus tiucfa a ccrích ón
ghealuidh nuáidh go chéile, agus ón tsá-
oire go chéile, go ttiucfa anuile fheóil
dadhradh dom lathairsi, adeir an Ti-
ghearna.


L. Ia66:24


Agus rachuid síad amach,
agus féuchfuid ar chonblachuibh na muin-
tire do pheacuidh am aghaidhsi; óir ní
égfa a bpéist, agus ní múchfuighear
a tteine, agus béid na ngráin donuile
fheóil.


L. Ir



LEABHAR AN FHAIGH IEREMIAH



Caib.1.


L. Ir1:1


Bríathra Ieremiah mhic Hilci-ah
do na sagartuibh dobhí
ann Anatot a ttír Bhenia-min:


L. Ir1:2


Gus a ttáinic bríathar an Ti-ghearna
a laéthibh Iosiah mhic Ammon Rígh
Iúdah, annsa treas blíadhuin dég da
rioghacht.


L. Ir1:3


Tháinic mar an gcédna a láe-thibh
Iehoiacim mhic Iosiah Rígh Iúdah
go deireadh anaóinbhliadhuin déug She-deciah
mhic Iosiah Rígh Iúdah, go
breith Ierusalem ar siubhal a mbraig-dhionas
an cúigeadh mí.


L. Ir1:4


Annsin tháinic bríathar an Tigh-earna
chugamsa, gha rádh,


L. Ir1:5


Suil do chum mé thú annsa mbolg,
dobhí thfios agam, agus suil tháinic
tú amach as a mbroinn do náomhuigh
mé thú, agus dórduigh mé thú ad fháigh
do na cineadhachuibh.


L. Ir1:6


Annsin adubhairt misi, oh a Thi-earna
Día féuch ní fhéduim labhairt; óir
is leanabh mé.


L. Ir1:7


Acht adubhairt an Tighearna li-om,
ná habair is leanabh mé; óir ra-cha
tú chum gach neithe gus a ccuir-fidh
misi thú, agus gidhbé ní aitheonas
mé dhíot déra tú é.


L. Ir1:8


Ná bíodh eagla a naightheach ort:
óir atáimsi maille riot dot sháo-radh,
deir an Tighearna.


L. Ir1:9


Annsin do chuir an Tighearna a
lámh amach, agus do bhean rem béul,
agus adubhairt an Tighearna riom, féuch
do chuir mé mo bhríathra ad bhéul.


L. Ir1:10


Féuch, do chuir mé thú aniugh
ós cionn chineadhach, agus ós cionn
rioghacht, do thochuilt amach, agus do
leagadh síos, agus do mhilleadh, agus do
scrios, agus dfoirgneadh, agus do phlanndu-gha.


L. Ir1:11


Tuileamh fós, tháinic bríathar an
Tighearna chugam, gha rádh, Ieremiah
cred dochí tú? agus adubhairt misi,
dochím slat almoinne.


L. Ir1:12


Annsin adubhairt an Tighearna
riomsa, is maith dochonnairc tú: óir
deifreochuidh misi mo bhríathar da choimh-líonadh.


L. Ir1:13


Agus tháinic focal an Tighear-na
an dara huáir chugam, gha rádh,
cred chí tú? agus adubhairt mise, dochím
pota fiuchaidh, agus a aghaidh leath
ris an ttuaisceart.


L. Ir1:14


Annsin adubhairt an Tighearna
riomsa, amach as an ttuaisceart bhris-feas
olc ar anuile áitreabhthach san
tír.


L. Ir1:15


Oír féuch, goirfidh misi uile
mhuinteara rioghacht an tuáisceirt, adeir
an Tighearna, agus tiucfuid síad,
agus suighfid gach aon díobh a cha-thaoir
ríogha a ndul asteach gheata
Ierusalem, agus anaghaidh a balladha
uile faccuáirt, agus anaghaidh chaith-reach
Iúdah uile.


L. Ir1:16


Agus foillseochuidh mé mo bhrei-theamhnus
na naghaidh a ttáobh anuile olc,
noch do thréig misi, agus do loisc túis
do dhéeibh oile, agus do adhair oibreacha a
lámh féin.


L. Ir1:17


Criosluigh thusa ar anadhbhar-
sin do leasrach súas, agus éirigh, a-gus
labhair ríu anuile ní dá naitheonuidh
misi dhíot: ná bíodh anbhfainne ort réna
naighthibh, deagla go cclaóidhfinn thusa
rompasan.


L. Ir1:18


Oír féuch, dorinne mé dhíot aniugh
cathair dhaingean, agus posta
íaruinn, agus balladha práis ana-ghaidh
na tíre go hiomlán, anaghaidh
Ríghthe Iúdah, anaghaidh a phrionnsadh,
anaghaidh a sagart, agus anaghaidh
dhaóine na tíre.


L. Ir1:19


Agus troidfid síad ad aghaidh,
acht ní bhéruid buáidh ort: óir atáimsi
ad fhochair dot shaoradh, adeir an Tighear-na.



Caib.2.


L. Ir2:1


Tuilleamh fós, tháinic bríathar
an Tighearna chugamsa, gha
rádh,


L. Ir2:2


Eírigh, agus éigh a
cclúasaibh Ierusalem, gha rádh, is mar-
so adeir an Tighearna, cuimhnighim dhuit
cinéul hóige, grádh do dhála, anuáir
dochuáidh tú am dhiáigh ann sa bhfásach
a bhfearann nachar cuireadh.


L. Ir2:3


Dobhí Israel na náomhthacht don
Tighearna, agus na primidil dá bhiseach:
sgriosfuighear gach a sluigeann é; tiuc-fuidh
olc chuca, adeir an Tighearna.


L. Ir2:4


Eístigh ré focal an Tighearna, a
thigh Iácob, agus a uile mhuinteara thighe
Israel.


L. Ir2:5


Marso adeir an Tighearna, cred
an tégceart fúaradar bhur naithre
ionnamsa, as ar imgheadar a bhfad uaim,
agus ar shiubhladar ar lorg díomhaói-nis,
agus as a ndérnadh díomhaoin
íad?


L. Ir2:6


Agus ní dhubhradar, cáit a bhfuil
an Tighearna? noch thug aníos sinn ó
chrích na Hégipte, do thréoruigh sinn
thríd an díothramh, agus tré fhearann
bán fásuigh, agus tré thír tharta a-gus
scáile an bháis, tré fhearann nachar
ghabh aonduine thríd, agus nachar
áitreibh áonduine.


L. Ir2:7


Agus thug mé sibh go tír thóir-theamhuil,
dithe a toruidh agus a maith-easa;
acht anuáir thangabhair asteach,
do thruáilleabhair mo dhúthaigh, agus dorinneabhair
adhfhúathmhaireachd dom oighreachd.


L. Ir2:8


Ní dhubhradar na sagairt, cáit a
bhfuil an Tighearna, agus an drong
lámhuigheas an dligheadh níor aithnigheadar
mé: do chionntuigheadar fós na háodhaireadha
am aghaidh, agus do thairghiriodar na
fáighe tré Bháal, agus do leanadar
neithe nach ttarbhuighionn.


L. Ir2:9


Uimesin taigeoruidh mé fós ribh,
adeir an Tighearna, agus re cloinn bhur
ccloinne taigeoruidh mé.


L. Ir2:10


Oír éirghidhe tar oilénuibh Chit-tim,
agus féuchuidh; agus cuiridh fios
go Cedar, agus measuidh go dithchiol-lach,
agus féuchuidh an bhfuil a leithéid
sin do ní.


L. Ir2:11


Nar mhalartuigheadar na geinte
dée, nach bhfuil ar aon chor na ndéeibh?
achd dáthruigheadar mo dhaóinesi a nglóir
ar ní nach ttarbhuighionn.


L. Ir2:12


Bíthí iongantach a neamha fán ní-
se, agus bithí úamhnach go hadhfhúath-mhar,
bithí go rodhubhach, adeir an
Tighearna.


L. Ir2:13


Oír dhá olc dorinneadar mo dha-óinesi:
do thréigeadar misi tobar na
nuisgeadh mbéo, agus do thochladar
dhóibh féin tiubruide, tiubruide briste
nach ccongmhann uisge.


L. Ir2:14


An seirbhíseach Israel? an sclá-bhuidhe
é rugadh san bhaile? cred as
ar milleadh é?


L. Ir2:15


Do núalladar na leomhuin óga
air, agus do thógbhadar a nguth súas,
agus dorinneadar fásach da dhúthaigh:
atáid a chaithreacha dóite gan áitreabh-thuigh.


L. Ir2:16


Mar an gcédna do bhrisiodar
clann Noph agus Tahapanes bai-this
do chinn.


L. Ir2:17


Nachar thuill tusa so dhuit
féin, annsanáit ar thréig tú do Thi-ghearna
Día, anuáir do théoruigh
sé annsa tslighe thú?


L. Ir2:18


Agus anois cred atá agad
re a dhénamh a slighe na Hégipte, dól
uisce Sihor? nó cred atá agad re
dhénamh a slighe na Hassíria, dól uisce
na habhanna?


L. Ir2:19


Smaichteochuidh holc féin thú,
agus imdheargfuidh do shleamhnughadh tar
hais thú; bíodh a fhios agad uimesin, a-gus
faic, gurbolc agus gur
searbh an ní mar thréig tú an Tighear-na
do Dhía, agus nach bhfuil meagla-
sa ionnad, adeir an Tighearna Día na
slógh.


L. Ir2:20


Oír do bhris mé do chuing ón
tseanaimsir, agus do dhóigh mé do
chuibhreach, agus adubhairt tú, ní sháir-eocha
mé; an tionad ar sheachráin tú ar
anuile chnoc árd, agus faói gach
aonchrann glas ag dénamh meirdrea-chuis.


L. Ir2:21


Thairis sin do phlannduigh mé
thú ad fhíneamhuin úasail, síol fírinneach
go hiomlán; ciondus maiseadh as a
bhfuil tú ar niompógh chugam a bplannda
andúthchais fíneamhna coimhighthe?


L. Ir2:22


Oír bíodh go nighfeá thú féin
a nítir, agus mórán sóip do ghabháil
chugad, thairis sin atá hégceart arna
chomharthughadh am fhíadhnuisi, adeir
an Tighearna Día.


L. Ir2:23


Ciondus fhédas tú a rádh, ní
bhfuilimsi salach, ní dheachuidh mé a ndiáigh
Bhaalim? féuch, do shlighe annsa ghleann,
tuig cred dorinne tú: is dromedari
lúath ag imtheacht ann a slighthibh thú.


L. Ir2:24


Assal fíadhta ghnáthuigheas an
fásach, tháiringeas súas an gháoth ar
a thoil féin, cía fédas a filleadh
ar ais? gach a níarrann é ní choirfid
íad féin, ann a mhí dogheabhuid é.


L. Ir2:25


Connuimh do chos ó bheith gan
bhróga, agus do phíobán ó thart; achd
adubhairt tú, ní bhfuil dóigh ann; ní bhfuil,
óir do ghrádhuigh mé coimhthighidh, agus
leanfa mé íad.


L. Ir2:26


Amhuil bhíos náire ar an mbith-eamhnach
anuáir beirthior air, is mar-
sin atá náire ar thigh Israel: íad
féin, a Ríghthe, a bprionnsadha, agus
a sagairt, agus a bhfáighe,


L. Ir2:27


Ag rádh ré smotán, is tú ma-tair,
agus ré cloich, is tú do ghein mé:
óir diompoigheadar a ndruim riomsa,
agus ní hé a naghaidh: achd anam a
mbuáidheartha, déuruid, éirigh, tárthuigh
sinn.


L. Ir2:28


Acht cáit a bhfuilid do dhée dorinne
tú dhuit féin? éirghedís, má
fhéduid, dot thártháil anam do bhuáidh-eartha:
óir is do réir uibhre do chaith-reach
atáid do dhée, a Iúdah.


L. Ir2:29


Cred an fáth as a ttagarthuidhe
riomsa? do pheacuigeabhair uile am a-ghaidh,
adeir an Tighearna.


L. Ir2:30


Is go díomhaóin do bhuáil mé
bhur cclann, níor ghabhadar smacht
ar bith: bhur ccloidheamh féin do
mharbh bhur bhfáighe, amhuil leomhan mill-teach.


L. Ir2:31


O a ghinealach, féuch focal
an Tighearna: an raibh misi am
fhásach do Israel? am fhearann dorchad-uis?
cred as a nabhruid mo phobal, is
tighearnadha sinne, ní thiucfam nísa
mhó chugad?


L. Ir2:32


An bhfédann maighdion a seóid
do dhearmad, nó an bhean nuadhphósta a
culaidh? gidheadh do dhearmadar mo
dhaóine misi láethe gan áireamh.


L. Ir2:33


Cred as a ccóirighionn tú do
shlighthe díarruidh grádha? uimesin do
mhúin tú mar an ccédna do na droch-dhaóinibh
do shlighthe.


L. Ir2:34


Mar an ccédna dofríth ann
do sciortuibh fuil na nanmann mbochd
neimhchiontach: ní lé tochailt fuáir
mé é, acht orra so uile.


L. Ir2:35


Thairis sin adeir tú, do bhrígh
go bhfuilim neimhchiontach, go dearbhtha
fillidh a fhearg uaim; féuch, taigeora
mé riot, do bhrígh go nabair tú, níor
pheacuigh mé.


L. Ir2:36


Cred as a ttéid tú an chomh-fhad
sin timchioll do mhalairt do shli-gheadh?
biáidh fós náire ort tres aNégipt,
mar dobhí náire ort tres
aNassíria.


L. Ir2:37


Aseadh, racha tú amach úa-tha,
agus do lámha ar do cheann: óir
do dhísbeaguidh an Tighearna do dhoth-chuis,
agus ní bhéra tú biseach ionta.



Caib.3.


L. Ir3:1


Deirid síad, má ligion fear a
bhean, agus go nimeochuidh sí
úadh, agus go mbía sí ag
fear oile, aniompochuidh sé
uirre arís? nach ttruaillighear an ta-lamhsin
go mór? acht dorinne tusa
meirdreachus lé mórán do lucht ghrádha;
acht cheana fill chugamsa arís, adeir
an Tighearna.


L. Ir3:2


Tóig súas do shúile chum na
náiteach nárd, agus féuch anáit
ann nachar luigheadh leachd: annsna sligh-thibh
do shuigh tú ríu, do nós aNa-rábianuigh
annsa bhfásach, agus do
thruáill tú an talamh led stríopa-cus,
agus led chiontuibh.


L. Ir3:3


Uimesin do congmhadh na ceatha,
agus ní raibh fearthuinn an tráthnóna
ann, agus dobhí édan stríopuidh
agadsa, do dhiúlt tú bheith náir-each.


L. Ir3:4


Nach éighfidh tú orumsa ónuairsi
amach, mo athair, is tú tréor-uightheóir
móige?


L. Ir3:5


An ccoinneochuidh sé a fhearg choidhche?
an ccoinneocha sé í go deireadh? féuch,
adubhairt tú, agus dorinne tú droich-neithe
mar do fhéd tú.


L. Ir3:6


Adubhairt an Tighearna mar an
ccédna riomsa a láethibh Iosiah an
Rígh, an bhfaca tú an ní sin dorinne
Israel míochoinghiollach? dochuáidh
sí súas ar gach aon tslíabh árd,
agus fáoi gach áon chrann glas, a-gus
annsin dorinne sí meirdreachus.


L. Ir3:7


Agus adubhairt misi tar éis
í da ndénamh so uile, fill chugam-
sa: acht níor fhill sí, agus dochonnairc
a deirbhshíur fhealltach Iú-dah sin.


L. Ir3:8


Agus dochonairc misi, anuair
ar son gach uile chúise ler chiontuigh
Israel mhíochoinghiollach a nadhaltra-nas,
gur chuir mé uaim í, agus go
ttug mé scríbhinn dealuighthe dhi: thairis
sin níor ghabh eagla a deirbhshíur
fhealltach Iúdah, acht dimthigh sí, a-gus
dorinne sí fós meirdreachus.


L. Ir3:9


Agus tárla tré éttruime a
stríopachuis, gur thruáill sí an ta-lamh,
agus go ndérnuidh sí adhaltra-nnus
ré clochuibh, agus ré smotan-uibh.


L. Ir3:10


Agus thairis so uile níor fhill
a deirbhshíur fhealltach Iúdah chugam-
sa maille rena huile chroidhe, acht
go brégach, arsan Tighearna.


L. Ir3:11


Agus adubhairt an Tighearna
riomsa, is mó do fhíréunuigh Israel
mhíochoinghiollach í féin ná Iúdah.


L. Ir3:12


Eírigh, agus fúagair na bríath-raso
leath ris an ttaoibh thuáigh, agus
abair, fill a Israel mhíochoinghiollach,
adeir an Tighearna, agus ní thiubhra
misi ar mfeirg tuitim ort: óir
atáim trócaireach, adeir an Tighearna,
agus ní choinneocha mé fearg go síoth-bhúan.


L. Ir3:13


Amháin aduimh do chionta gur
sháruigh tú anaghaidh an Tighearna do
Dhía, agus gur sbréigh tú do shlighthe
do na coimhigtheachuibh faói gach áon
chrann glas, agus nar umhluigh tú dom
ghuthsa, adeir an Tighearna.


L. Ir3:14


Fillidh, a chlann mhíochoinghiollach,
adeir an Tighearna, óir atáimsi
pósta ribh: agus glacfa mé sibh,
aon as cathruigh, agus días as muin-tir,
agus dobhéra mé sibh go Sion.


L. Ir3:15


Agus dobhéra mé áodhaireadha
dhíbh do réir mo chroidhe, noch bheathochus
sibh lé héolus, agus lé tuigsin.


L. Ir3:16


Agus tiucfa a ccrích anuáir
oirlíonfuidhe agus mhéideochthaoi
annsa tír: annsna laéthibhsin, adeir an
Tighearna, ní aibeoruid síad nías
mó, Aírc chunnartha an Tighearna: ní
mó thiucfas dá nintinn, ní mó chuimhneo-chuid
síad í, ní mó rachaid síad ar
cúairt chuice, ní déntar sin nísa mhó.


L. Ir3:17


Annsanamsin goirfid Dierusa-lem,
cathaóir an Tighearna, agus
cruinneochthar na críocha uile chuice, go
hainm an Tighearna go Hierusalem; agus
ní shiubholfuid síad nísa mhó do réir
bhreathnuighe a ndrochchroidhe féin.


L. Ir3:18


Ansna laéthibhsin siubholfuigh
tigh Iúdah le tigh Israel, agus ti-ucfaid
lé chéile as fearann an tuáis-ceirt,
don dúthaigh thug misi mar oigh-reacht
dá bhur naithribh.


L. Ir3:19


Acht adubhairt mé, ciondus
chuirfios mé thusa a measg na cloinne, a-gus
bhéras mé dúthaigh aóibhinn duit, deagh-oighreachd
shluagh na gcineadhach? agus adu-bairt
mé, goirfe tú dhíomsa mo athair, a-gus
ní fhillfe tú ar ais uáimsi.


L. Ir3:20


Go deimhin mar imthigheas bean go
meabhlach óna fear, is marsin dorinne
tusa go meabhlach riomsa, a thigh Isra-el,
adeir an Tighearna.


L. Ir3:21


Do chlos guth ar na háitibh ár-da,
caoi agus gearán chloinne Isra-el:
óir do mhilleadar a slighe, agus
do dhearmadar an Tighearna a Ndía.


L. Ir3:22


Fillidh, a chlann mhíochoinghiol-lach,
agus leigheosuidh misi bhur mío-choinghioll:
féuch, thangamar chugadsa,
óir is tú an Tighearna ar Ndía.


L. Ir3:23


Go deimhin is díomhaóin súil do
bheith re slánughadh ó na cnocaibh, agus
ó iomad na slíabh; go deimhin is annsa
Tighearna ar Ndía atá slánughadh Isra-el.


L. Ir3:24


Oír do shluig náire sáothar ar
naithreadh ó ar nóige; a ttréda, a nair-gheacha,
a mic, agus a ningheana.


L. Ir3:25


Luidhmid síos ann ar náire, a-gus
foluighidh ar mbuáidhirt sinn; óir
do pheacuigeamar anaghaidh an Ti-ghearna
ar Ndía, sinn féin agus ar
naithre, eadhon ó ar nóige gus aniugh,
agus níor umhluigheamar do ghuth an Ti-ghearna
ar Ndía.



Caib.4.


L. Ir4:1


Ma fhilleann tú, a Israel, adeir
an Tighearna, fill
chugamsa; agus má chui-reann
tú do ghráineamhlachd
uait as mo radharcsa,
annsin ní chorreocha tú.


L. Ir4:2


Agus mionnocha tú, mairidh an Ti-ghearna
a bhfírinne, a mbreitheamhnus, a-gus
a bhfíréntachd; agus beinneochuid na
geinte íad féin annsan, agus is ann
bhías a nglóir.


L. Ir4:3


Oír is marso adeir an Tighear-na
ré fearuibh Iúdah agus Ierusalem;
brisigh súas bhur bhfearann branair, agus
ná síolchuiridh a measg dhosán.


L. Ir4:4


Timchillghearruidh sibh féin don Ti-ghearna,
agus beanaidh dhíbh croicionn to-suigh
bhur ccroidhe, sibhsi a fheara Iúdah,
agus a áitreabhthacha Ierusalem; dea-gla
go ttiucfadh mo dhibhfheargsa amach
amhuil teine; agus go loisgfeadh iondus nach
bhfédfaidh éinneach a múchadh, do bhrígh uilc
bhur ngníomhsa.


L. Ir4:5


Foillsighidh sibhsi ann Iúdah, a-gus
fúagruidh ann Ierusalem, agus a-bruidh,
séidighsi an stoc annsa dúthaigh;
fúagraidh cruinnighidh a ccionn a chéile,
agus abruidh, cruinnighidh sibh féin, agus
teanam annsna caithreachaibh daingne.


L. Ir4:6


Cuiridh bhur mmratacha súas leath
ré Sion, fillidh ar bhur nais, ná fui-ridhe;
óir dobhéra misi olc ón tuáis-ciort,
agus aidhmhilleadh mór.


L. Ir4:7


Tháinic an leomhan aníos as a
dhoire, agus atá sgriostóir na
ccineadhach ar slighe, agus leagfuidhear
do chaithreacha na bhfásach gan áitrea-bhach.


L. Ir4:8


Uime so criosluighidh sibh féin
le saicédach, caóidhigh, agus núallui-ghidh:
óir níor hiompoigheadh fearg bhorb
an Tighearna uáinn ar a hais.


L. Ir4:9


Agus tiucfa a ccrích annsa ló-
sin, adeir an Tighearna, go múch-fuidhear
croidhe an Rígh, agus croidhe
na bprionnsadh: agus béid na sagairt
anbhuáineach, agus budh iongnadh leis na
fáighidh.


L. Ir4:10


Annsin adubhairt misi, ah a Thi-ghearna
Día, go deimhin do mheall tú go
mór na daóinesi agus Ierusalem,
gha rádh, doghebhthaoi síothcháin; an ti-onad
a roichionn an cloidheamh go nuige an
tanam.


L. Ir4:11


Annsanamsin dérthar ris an
bpobalso, agus re Ierusalem, gáoth
thirim as na háitibh árda annsa bhfásach
leath re hinghin mo phobail, ní do cháthadh
ná do ghlanadh.


L. Ir4:12


Eadhon tiucfuidh gháoth is láidre
ná sin ó na háitibhsi chugamsa; anois
fós dobhéra mé breitheamhnus na naghaidh;


L. Ir4:13


Féuch, tiucfa sé súas amhuil
néulla, agus biáid a charbuid amhuil
ghaoth ghuairdeáin: is luáithe a eachruidh na
iolair: a mhairg dhúinne, óir atámaoid millte.


L. Ir4:14


A Ierusalem ionnuil do chroidhe
ó urchoid, chor go sáorfuighear thú; cá
fad áiteochuid do smuaintighthe díomha-óine
astigh ionnad?


L. Ir4:15


Oír foillsigh guth ó Dhan, a-gus
fuagruidh aindeisi ó shlíabh Ephraim.


L. Ir4:16


Cuiridhsi a gcéill do na cinea-dhachaibh,
féuch, foillsighidh anaghaidh Ie-rusalem
lucht faire do bheith ag teacht as
crích imchéin, agus ag tabhairt a ngotha
ós áird anaghaidh chaithreacha Iúdah.


L. Ir4:17


Ataid síad na haghaidh timchioll
faccuáirt amhuil coimhéuduighe magha;
do bhrígh go raibh sí easumhal am agaidhsi,
adeir an Tighearna.


L. Ir4:18


Do shlighe agus do ghníomhar-tha
thug na neithesi ort; sé so holc,
do bhrígh go bhfuil sé searbh, do bhrígh go
roichionn sé go nuige do chroidhe.


L. Ir4:19


Minnighe, minnighe, atáim ar mo chrádh
a mballuidhibh mo chroidhe; doní mo chroi-dhe
fuáim ionnam, ní fhéduim bheith am thochd,
do bhrígh go ccúala tusa, ó a manam,
guth an stuic, graifne an chatha.


L. Ir4:20


Do fúagradh léiscrios ar léir-crios,
óir do creachadh an dúthaigh go
hiomlán: is obann do milleadh mo pháilli-úin
agus mo chúirtíne a móiment.


L. Ir4:21


Cá fad dochífe mé an bhratach,
agus chluinfios mé guth an stuic?


L. Ir4:22


Oír atáid mo dhaóine leamh, níor
aithnigheadar mé; is clann bhfúideamhuil íad,
agus ní bhfuil tuicsi ar bith aca: atáid
glic chum uilc do dhénaimh, acht do dhénamh
maitheasa ní bhfuil tuicsi ar bith aca.


L. Ir4:23


Dféuch mé air an ttalamh, agus
cheana dobhí sé gan chuma, agus folamh:
agus ar na neamhuibh, agus ní raibh solus
ann.


L. Ir4:24


Do dhearc mé ar na sléibhtibh, agus
féuch, do chriothnuigheadar, agus do
chorruigheadar na huile chnoca go héad-trom.


L. Ir4:25


Damhairc mé, agus féuch ní raibh
duine ar bith, agus do theitheadar éun-laith
anaiéir uile.


L. Ir4:26


Damhairc mé, agus féuch dobhí anáit
thóirtheach na fásach, agus a cai-threacha
uile arna mbriseadh síos lé gnúis
an Tighearna, agus óna fheirg fhíoch-mhair.


L. Ir4:27


Oír is marso adubhairt an Ti-ghearna,
biáidh an tír go huilidh áonra-nach,
gidheadh ní dhéna mé críochnughadh iom-lán.


L. Ir4:28


Is uime so chaóidhfios an talamh,
agus béid na neamha shúas dubh; do bhrígh
go ndubhairt misi é, do thionnscuin mé é,
agus ní budh haithreach liom, ní mó fhill-fiod
ar mais uadh.


L. Ir4:29


Teithfidh an chathair go hiomlán ré
tormán an mharcshluáigh, agus na soighi-deóireadh
súas ar na cairgibh: tréigfí-ghear
anuile chathair, agus ní bhía duine na
chomhnuidhe ionnta.


L. Ir4:30


Agus cred dodhéna tú an tan
bhías tú creachta? bíodh go néduighionn tú
thú féin le crimson, bíodh go ndeasuigheann
tú thú féin lé séuduibh órdha, bíodh go ré-bann
tú hédan lé pinteáil, is go dío-mhaóin
dodhéna tú thú féin sgíamhach, dís-beagfuid
háos grádha thú, sirfid do bhás.


L. Ir4:31


Oír dochuala misi guth mar
mhnaoi ré niodhnuibh, agus amhuil goimh
na mná bheirios a céidleanabh, guth in-ghine
Sion, noch chaóineas í féin, leathnuigheas
a lámha, gha rádh, a thruaighe misi anois:
óir atá manam coirthe tres an luchd
marbhtha.



Caib.5.


L. Ir5:1


Riothuidhsi síos agus súas ar
feadh shráideadh Ierusalem, a-gus
féuchuidh anois, agus
bíodh a fhios agaibh, agus
íarruidh iona háitib fairsi-onga,
an bhfuighthí duine, an bhfuil neach
doní breitheamhnus, íarrus anfírinne,
agus dobhéra misi maitheamhnus ann.


L. Ir5:2


Agus mátá go nabruid síad,
mairidh an Tighearna, go deimhin mionn-uighid
síad go brégach.


L. Ir5:3


O a Thighearna, nach bhfuilid do
shúile air an bhfírinne? do bhuáil tú
íad, acht ní raibh doilghios orra; do
dhíobháidh tú íad, acht do dhíultadar
smachd do ghlacadh: dorinneadar a naigh-the
nías cruáidhe ná carruic, do dhíul-tadar
filleadh.


L. Ir5:4


Uimesin adubhairt mé, go deimhin
atáid so bocht, atáid síad leamh: óir
ní bhfuil fios sligheadh an Tighearna a-ca,
nó breitheamhnus a Ndé.


L. Ir5:5


Racha mé go nuige na daóinibh
móra, agus laibheora mé ríu; óir atá
fios sligheadh an Tighearna aca, agus
breitheamhnus a Ndé: acht do bhrisiodar
so go hiomlán an chuing, agus do
réubadar na cuibhreacha.


L. Ir5:6


Uimesin muirfidh leomhan as an
bhforaóis íad, agus millfidh madradh
alla an díothraimh íad; dodhéna lio-pard
faire ós cionn a ccaithreach: réub-far
na bhlodhuibh anuile dhuine rachus
amach as sin, do bhrígh gurab iomdha
a ccionta, agus gur líonmhar a ndul
ar ais.


L. Ir5:7


Ciondus mhaithfios mé so dhuit?
do thréig do chlann mé, agus do mhionn-uigheadar
san ndroing nach bhfuil na
ndeeibh: anuáir do líon mé íad le bíadh,
annsin dorinneadar adhaltrannas, agus
do chruinnigheadar íad féin iona ndron-gaibh
go tighthibh na meirdreach.


L. Ir5:8


Dobhádar mar eachaibh bíadhta
air maidin gach áonduine ag setrigh a
ndiáigh mhná chomharsan.


L. Ir5:9


Nach bhféuchfa misi ar son na
neitheannso, adeir an Tighearna, agus
nach ccoireochuidh manam ar a leithéid
so do chineadh?


L. Ir5:10


Imthighidh súas ar a balladhuibh,
agus scriosuidh, acht ná dénuidh crioch-nughadh
iomlán: beanaidh a báirrdeabhtha
dhi, óir ní leis an TTighearna íad.


L. Ir5:11


Oír dorinne tigh Israel, agus
tigh Iúdah, go romheabhlach am aghuidh-
si, deir an Tighearna.


L. Ir5:12


Do chuireadar brég ar an
TTighearna, agus adubhradar ní hé
atá ann, ní mó thiucfas olc chugainn, ní
mó chífiom cloidheamh nó gorta.


L. Ir5:13


Agus tiucfuid na fáighe chum
bheith na ngáoith, agus ní bhfuil an
bhríathar ionta; is marso dodhéntar
ríu.


L. Ir5:14


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día na slógh, do bhrígh go la-bharthaói
an focalso, féuch dodhéna
misi mfocal ann do bhéul na theine,
agus an pobalso na cconnadh, agus
loisgfidh sé íad.


L. Ir5:15


Féuchuidh, dobhéra mé cineadh
oruibh a himchéin, a thigh Israel, adeir
an Tighearna; is cineadh cumhachdach é, is
cineadh seannda é, cineadh nach aithnid dhuit-
si a ghlór, ní mó thuigios tú cred adeirid
síad.


L. Ir5:16


Atá a mbolgán soighead amhuil
uáigh oscuilte, is daóine curata íad
uile.


L. Ir5:17


Agus íosfuid síad súas
thfóghmhar agus harán, noch díosai-dís
do mhic agus hingheana: íosfuid
síad súas do thréda agus hairgheacha;
íosfuid síad súas thfíneamhna, agus do
chrainn fígheadh; boichteochuid síad leis an
ccloidheamh do chaithreacha daingne iona
bhfuil do dhóthchus.


L. Ir5:18


Thairis sin annsna láethibhsin, adeir
an Tighearna, ní dhéana mé críoch-nughadh
iomlán ribh.


L. Ir5:19


Agus tiucfa a ccrích, an
tan a naibeorthaói, cred fá ndén
an Tighearna Día na neithesi rinn? ann
sin freigeora tú íad; amhuil mar do
thréigeabhairsi misi, agus do fhoghnabhair do
dhéeibh coimhightheacha ann bhur ttalamh, is
marsin fhoigheontaoi do choimhthigheachuibh
a ndúthuigh nach libh féin.


L. Ir5:20


Foillsigh so a ttigh Iácob, agus
fuagair so ann Iúdah, dha rádh,


L. Ir5:21


Eístigh so anois a phobal
amadánach, agus gan tuigsi, agá
bhfuilid súile, agus nach bhfaicionn; agá
bhfuilid clúasa, agus nach ccluin:


L. Ir5:22


Nach bhfuil eagla oruibh romham-
sa, adeir an Tighearna? nach ccrioth-nochuidhe
am lathairsi, noch do áitreibh an
gaineamh man théoruinn donfairge, mail-le
ré hórdughadh síothbhúan, nach féidir
lé dhul thairis; agus mátá go ttio-máinfid
a tonna íad féin, gidheadh ní bhér-uid
buáidh; mátá go ttongháirfid,
acht cheana ní rachuid thairis?


L. Ir5:23


Acht atá croidhe diombúan
easumhal aig na daóinibhsi: do iompoigh-eadar,
agus do imthigheadar.


L. Ir5:24


Ní mó adeirid síad iona
ccroidhe, bíodh anois eagla an Tighearna
Día oruinn, noch dobheir fearthuinn fa
thús agus fa dheireadh iona ham fáin;
coimhéduigh sé dhúinne seachdmhuine cinnte a
anfóghmhair.


L. Ir5:25


Dfilleadar bhur ccionta féin na
neithesi uaibh, agus do chongmhadar bhur
bpeacuidhe neithe maithe uáibh.


L. Ir5:26


Oír dogheabhthar a measg mo pho-bail
drochdhaóine; cuirid luidheachán amhuil
an té chuirios líonta: cuirid dul, gabhuid
síad daóine.


L. Ir5:27


Amhuil bhíos clíabhán lán déunuibh,
is mar sin bhíos a ttighthe lán do cheilg:
uimesin dfásadar mór, agus atáid
síad saidhbhir.


L. Ir5:28


Dfásadar méith, agus déll-ruighid
fós, sáruighid síad gníomha na
ndrochdhaoine; ní bhreathnuighid síad an
chúis, cúis an dílleachda, gidheadh tigid ar
a naghaidh: agus ní bhreathnuighid cóir aneasbh-uidhigh.


L. Ir5:29


Nach ccuairteocha misi ar son na
neitheannsa, adeir an Tighearna? nach
bía manam dioghaltach ar a leithéid
so do chineadh?


L. Ir5:30


Dorinneadh ní iongantach adhfhúath-mhar
annsa tír.


L. Ir5:31


Tairghirid na fáighe go
brégach, agus ríaghluid na sagairt
dá réir sin, agus is ait lem phobal-
sa a fhagháil marsin: agus cred do
dhéntaoisi ré deireadh na cúise sin.



Caib.6.


L. Ir6:1


O a chlann Bheniamin cruinnighidh
sibh féin a cceann a chéile, do
theitheamh amach as lár Ieru-salem,
agus séidigh an stoc
ann Tecoa: agus cuiridh súas comhar-thadha
teineadh a Mbet-haccerem; óir
atá olc ag teacht ón tuáisceart, agus
dioghbháil mhór.


L. Ir6:2


Do shamhluigh mé inghean Sion ré
mnaói scíamhuigh shaóitheamhuil.


L. Ir6:3


Tiucfuid na háodhaire gona ttré-uduibh
chuice, suidhfid a lóistíne as a
coinne timchioll faccuáirt: bíathfuid
síad gach uile dhuine iona áit féin.


L. Ir6:4


Gléusuidhsi cogadh na haghaidh:
éirghidhe, agus dénam súas san mea-dhón
laói; a mhairg dhúinne, óir atá an
lá ag imtheacht thóruinn, óir atáid néul-la
an tráthnóna arna síneadh amach.


L. Ir6:5


Eírghidhe, agus imthigheam san
noidhche, agus sgriosam a páláis.


L. Ir6:6


Oír is marso adubhairt Tigh-earna
na slógh; gearruidh síos crainn,
agus teilgidh port anaghaidh Ieru-salem;
isí so an chathair ionchúar-tuighthe;
is leathtrom í iona lár uile.


L. Ir6:7


Amhuil mar theilgios tiobruid a
huisceadha amach, is marsin theilgidh
sí amach a cionta; do chlos foiréi-gin
agus milleadh innte, atá dom la-thairsi
a ccomhnuighe doilghios agus
cneadha.


L. Ir6:8


Gabhsa teagasc, a Ierusalem,
deagla go ndeileachadh manam riot:
deagla go ndénuinn uáigneach thú, tír
gan áitreabh.


L. Ir6:9


Is marso adeir Tighearna na
slógh, dioghluimfid síad fuigheall Is-rael
go hiomlán mar fhíneamhuin: fill
ar hais do lámh amhuil cnuáisteóir
tríopall annsna clíabhuibh.


L. Ir6:10


Cía ré a laibheora misi, agus
dá ttiubhra mé rabhadh, chor go ccluin-fid?
féuch, atá a cclúas gan tim-chillghearradh,
agus ní fhéduid síad éis-teacht:
féuch, is masla dhóibh bríathar an
Tighearna, ní bhfuil dúil aca innte.


L. Ir6:11


Uimesin atáim lán dfeirg an
Tighearna, atáim coirthe do bheith am
thocht: dóirtfidh mé amach í ar an cclainn
amuigh, agus ar oireachtus na ndaói-ne
óg anaóinfheacht: óir géubhthar an
fear agus fós an bhean, an táosta maille ris
an tí bhíos lan do láethibh.


L. Ir6:12


Agus iompochthar a ttighe chum
daoine oile maille rena a bhfearann,
agus lena mnáibh aráon: óir sínfidh
mé mo lámh amach ar dhúthchusaibh na
tíre, adeir an Tighearna.


L. Ir6:13


Oír atá gach áon díobh, ón té
is lugha dhíobh, gus an té is mó dhíobh,
arna thabhairt do shaint; agus ón
bhfáigh gus an sagart, doníd uile go
brégach.


L. Ir6:14


Do leighisiodar fós lot in-ghine
mo phobail go héttrom, gha rádh,
síothcháin, síothcháin, anuáir nach bíonn
aointsíothcháin ann.


L. Ir6:15


An raibh náire orra anuáir
dorinneadar gráineamhlachd? ní headh, ní
rabhadar náireach ar áonchor, ní mó dfé-dadar
lasadh: uimesin tuitfid síad
idir an droing thuitfios: anuáir
thiucfas misi ar cuáirt chuca, teilg-fighear
síos íad, adeir an Tighearna.


L. Ir6:16


Is marso adeir an Tighearna;
seasuidh annsna slighthibh, agus féuchuidh,
agus íarruidh na seanchasáin cáit a
bhfuil an tslighe mhaith, agus siubhlui-ghidh
innte, agus dogheabhthaói suáimh-neas
da bhur nanam: acht adubhra-darsan,
ní shiubholuimne innte.


L. Ir6:17


Do chuir mé fós lucht faire ós bhur
ccionn, gha rádh, éistigh ré guth an
stuic: acht adubhradarsan, ní
éistfiom.


L. Ir6:18


Uimesin cluinidh, a chineadhacha,
agus bíodh a fhios aguibh, a chomhchrui-nníughadh,
cred atá iona measc.


L. Ir6:19


Eíst, a thaluimh, féuch, dobhé-ra
mé olc ar an muintirsi, eadhon to-radh
a smuaintighe, do bhrígh nár éis-teadar
rem bhríathruibh, nó rem dhligheadh,
acht a tarcuisniughadh.


L. Ir6:20


Cred an fáth as a ttiuc-fadh
túis chugamsa ó Shéba? agus
giolcach milis ó thír imchéin? ní tait-neamhach
bhur nofrála loisge, ní mó a-táid
bhur níodhbartha milis damhsa.


L. Ir6:21


Uimesin is marso adeir an
Tighearna, féuch cuirfidh mé cip thuis-lighthe
roimhe an bpobalso, agus
tuitfid na haithre agus na mic anéinfheachd
orra: sgriosfuighear an cho-mharsa
agus a chara.


L. Ir6:22


Is marso adeir an Tighearna,
féuch, tiucfuid daóine ón tír thuáigh,
agus tóigfighear cineadh mór as táobh-uibh
na talmhan.


L. Ir6:23


Glacfuid síad greim do bho-gha
agus do ghath: atáid síad fuilteach, a-gus
ní bhfuil trócaire ionta: congháirid
amhuil anfairge, agus doníd marcuigh-eacht
ar eachuibh; béid a nórdughadh amhuil
lucht cogaidh ad aghaidhsi, a inghean Sion.


L. Ir6:24


Dochúalamar a ttúaruscbháil
sin: atáid ar lámha arna lagughadh:
do ghlac doigh greim oruinn, agus pían
amhuil bean re niodhnuibh.


L. Ir6:25


Ná himthighidh amach fán machaire,
ná siubhluighidh ar a tslighe; óir atá
cloidheamh na námhad, agus guáis air gach
uile thaobh.


L. Ir6:26


O a inghean mo dhaóine, criosluigh
thú féin a saicédach, agus onfuirt
thú féin a luáithreadh: déna thú féin cumh-thach,
amhuil as budh ar son aóin mhic
amháin, caóineadh roghéur: óir tiuc-fuidh
an creachadóir oruinn go hobann.


L. Ir6:27


Do shuighidh mé thú mar thor, a-gus
mar dhaingion a measc mo dhaoine:
chor go mbía fios agad, agus go ndeir-bheochthá
a slighe.


L. Ir6:28


Atáid uile na ttréigtheachaibh
deanachta, ag siubhal go cealgach; is
prás agus íarann íad, atáid uile na
millteóiribh.


L. Ir6:29


Do loisgeadh na builg, do caitheadh
an luáighe leis an tteine, leaghaidh an fear
leaghtha go díomhaoin: óir níor táirngeadh
na drochdhaoine as.


L. Ir6:30


Goirfidh daóine drochairgiod dí-obh,
do bhrígh gur dhiúlt an Tighearna
íad.



Caib.7.


L. Ir7:1


An focal tháinic go Ieremiah
ón Tighearna, ghá rádh,


L. Ir7:2


Seas a ngeata thighe an
Tíghearna, agus fúagair an
rádhso annsin, agus abair,
éistighsi bríathar an Tighearna, a Iúdah
uile thigios asteach annsna geatadhuibhsi
dadradh an Tighearna.


L. Ir7:3


Is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel, leasuighidh bhur
slighthe agus bhur ngníomha, agus dobhéra
misi oruibh áitreabh annsanáitsi.


L. Ir7:4


Ná taobhuighidh ré bríathruibh bré-gacha,
gha rádh, teampall an Tighearna,
teampall an Tighearna, teampall an Ti-ghearna
íad so.


L. Ir7:5


Oír má leasuighthí bhur slighthe go
hiomlán, agus bhur ngníomha, má bhear-thaói
breitheamhnus go hiomlán idir duine
agus a chomharsa;


L. Ir7:6


Muna mbrúightí an coimhthigheach,
an dílleachta, agus an bhaintreabhach, a-gus
gan fuil neimhchiontach do dhórtadh annsanáitsi,
agus gan siubhal a ndiáigh
dée oile chum bhur ndochair féin:


L. Ir7:7


Annsin dobhéra misi oruibh áitreabh
annsanáitsi annsa dúthaigh thug mé dá
bhur naithribh go bráth agus choidhche.


L. Ir7:8


Féuchuidh cred thig do bhríathruibh
brégacha, nach bhféudann tarbhughadh.


L. Ir7:9


An ngadfuidhe, an muirfidhe, a
ndéntaói adhaltrannas, agus mionna
bréige do thabhairt, agus túis do los-ghadh
do Bhaal, agus imtheacht a ndiáigh
dée oile, nach feas díbh;


L. Ir7:10


Agus teacht, agus seasamh am
fhiadhnuisi se annsa tighsi, noch goirthear
ainm; agus a rádh, atámaoidne sáor
ó dhénamh na gráineamhlachtsa uile?


L. Ir7:11


An bhfuil an tighse goirthear
am ainmsi an phruchlais shladmhóireadh
ann bhur radharcsa? féuch, eadhon dochonn-airc
misi sin, adeir an Tighearna.


L. Ir7:12


Acht éirghidhe anois dom áitsi
noch dobhí ann Síloh, mar ar shuighidh
mé mainm an chéduáir: agus féuchuidh
cred dorinne mé ann ar son uilc mo
phobail Israel.


L. Ir7:13


Agus anois do bhrígh go ndér-nabhair
na hoibreachaso uile, adeir an Ti-ghearna,
agus gur labhair misi ribh ag
éirghe go moch, agus ag labhairt, acht ní
chúalabhairsi: agus do ghoir mé sibh,
acht níor fhreagrabhair.


L. Ir7:14


Uimesin dodhéna mé ris an
ttighse ghoirthear am ainm, iona bhfuil
bhur ndóighsi, agus ris anáit thug mé
dhíb, agus dá bhur naithribh mar dorinne
mé re Síloh.


L. Ir7:15


Agus teilgfidh mé sibh as mo
radharc, mar do theilg mé bhur ndear-bhráithre
uile amach, eadhon síol Ephra-im
uile.


L. Ir7:16


Uimesin ná guidhsi ar son na
ndaóinesi, agus ná tóig comhairc ná
urnaigh ar a son, agus ná cuir im-pídhe
orumsa; óir ní chluinfidh mé
thú.


L. Ir7:17


Nach bhfaicionn tú cred doníd
síad a ccaithreachaibh Iúdah, agus a
sráidibh Ierusalem.


L. Ir7:18


Cruinnighid an chlann connadh, a-gus
dearguid na haithre an teine, a-gus
súathaid na mná táos do dhénamh
bairghion do bhainríoghuin neimhe, agus do
dhórtadh amach ofrálach dighe do dhéeibh
oile, dom bhrostughadhsa chum feirge.


L. Ir7:19


An ccorruighid síad mé chum
feirge, adeir an Tighearna? nach
íad féin bhrostuighid síad, do náiriu-ghadh
a naightheach féin?


L. Ir7:20


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, féuch dóirtfighear
mfearg agus mo chuthach amach air anáitsi,
ar dhuine agus air ainmhidhe, agus
ar chrannuibh an machaire, agus air tho-radh
na talmhan, agus loisgfidh sé, agus
ní múchfuighear é.


L. Ir7:21


Is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel, cuiridh bhur nofrá-lach
loisge a gcionn bhur níodhbarthach,
agus ithidh feóil.


L. Ir7:22


Oír níor labhair misi re bhur nai-thribh,
ní mó daithin mé dhíobh annsa ló a
ttug mé as talamh na Hégipte íad a
ttaobh ofrálach loisge nó íodhbarthach.


L. Ir7:23


Acht daithin mé an ní so dhíobh,
dhá rádh, umhluighidh dom ghlór, agus
budh misi bhur Ndía, agus beithíse bhur
bpobal agamsa; agus siubhluighidh ann-sna
huile shlighthibh dar aithin mé, chor
go mbeithear go maith aguibh.


L. Ir7:24


Acht níor éistiodar, ní mó do
cláonadar a ccluas, acht do shiubla-dar
a ccomhairleachaibh, agus a neasurraim
a ndrochchroidhe féin, agus dochúadar
ar a ccúl, agus ní air a naghaidh.


L. Ir7:25


On ló fá ttangadar bhur nai-thre
amach as crích na Hégipte gus
aniugh, do chuir mé mo sheirbhísigh
uile chugaibh na fáighe, ag éirghe go
moch go laétheamhuil, agus dá ccur
uáim.


L. Ir7:26


Gidheadh níor éisteadar riom, ní-or
chlaonadar a cclúas, acht do chru-aidheadar
a muinéil: dorinneadar níos
measa náid a naithre.


L. Ir7:27


Uimesin adéra tú na bríathra-
so uile ríu, acht ní éistfidsion riot:
goirfidh tú orra mar an ccédna, acht
ní freagoruid síad thú.


L. Ir7:28


Acht adéra tú ríu, is cineadh
íad so nach umhluighionn do ghuth an Ti-ghearna
a Ndía, agus nach gabhann
smachd; déug anfírinne, agus do
gearradh amach í óna mbéul.


L. Ir7:29


Geárr dhíot do ghruág, a Ieru-salem,
agus teilg uait í, agus tóig
súas caóineadh ar áitibh árda; óir do
tharcuisnigh an Tighearna, agus do
thréig sé ginealach a fheirge.


L. Ir7:30


Oír dorinneadar clann Iúdah olc
ann mo radharc, adeir an Tighearna:
do chuireadar a ngráineamhlachda annsa tigh
goirthear as mainmsi, dá thruáill-eadh.


L. Ir7:31


Agus do thógbhadar áite ár-da
Tophet, noch atá a ngleann mhic Hinnom,
do losgad a mac agus a ninghean annsa
teine; ní nachar aithin misi, agus nach
ttáinic ann mo chroidhe.


L. Ir7:32


Uimesin, féuch, tiucfa an lá,
adeir an Tighearna, nach goirfighear
Tophet de nísa mó, nó gleann mhic Hinn-om,
acht gleann anáir: óir adhlaicfid
síad ann Tophet, nó go rabhuid gan io-nad
aca ann.


L. Ir7:33


Agus béid cuirp na ndaóine-
si na mbiadh ag éunuibh anaiéir, agus
ag beathachuibh na talmhan, agus ní dhibéo-ra
aónduine dhíobh íad.


L. Ir7:34


Annsin dobhéra mé fa deara
sgur ó chaithreachaibh Iúdah, agus ó
shráidibh Ierusalem, guth an tsubha-chus,
agus guth na lúatgháire,
guth anfir núadhphósda, agus guth
na mná nuadhphósta: óir biáidh an dú-thaigh
na fásach.



Caib.8.


L. Ir8:1


Ansanamsin, adeir an Ti-ghearna,
dobhéuruid síad a-mach
as a nuáighibh cnámha
Rígthe Iúdah, agus cnámha
a bprionnsadh, agus cnámha na sagart,
agus na bhfáigheadh, agus cnámha áitreabh-thach
Ierusalem:


L. Ir8:2


Agus leathnochuid síad íad as
coinne na gréine, agus na gealuidhe, a-gus
shlóigh neimhe uile, noch dob ionmhuin
léo, agus dá ndeárnadar seirbhís, a-gus
a ndiáigh ar shiubhluigheadar, agus
noch díarradar, agus noch do adhra-dar;
ní chruinneochthar íad, ní hadhloch-thar
íad, biáid chum aóiligh ar ghnúis
na talmhan.


L. Ir8:3


Agus bhérthar bás do roghuin tar
bheatha leis an méid bhías dfuighioll na
drochmhuintiresi uile, noch bhías dfuighi-oll
ann gach uile áit ann a ndíbéora misi
íad, adeir Tighearna na slógh.


L. Ir8:4


Tuilleamh fós adéra tú ríu:
is marso adeir an Tighearna, an ttuit-fid
agus gan éirghe? an bhfillfidh sé,
agus gan aithfhilleadh?


L. Ir8:5


Cred fa bhfuilid an pobalso Ie-rusalem
ag sleamhnughadh síar lé mío-choingioll
síorruidhe? congmhuid síad
cealg go daingion, díultuighid síad
filleadh.


L. Ir8:6


Déist misi, agus dochúala mé,
acht níor labradarsan go ceart; níor
ghabh aithreachus áonduine iona olc, gha
rádh, cred dorinne mé? dfill gach áon-
duine da chúrsa féin, mar sgeinneas an
teach chum an chatha.


L. Ir8:7


Aseadh, bí fios a haimsire cinte
ag an ccorr ghlais annsanaiéir, a-gus
comharthuigh an turtuir, agus an
chorr mhónadh, agus a náinleóg, am a
tteachta féin: acht ní fheidir mo dhaóine-
si breitheamhnus an Tighearna.


L. Ir8:8


Ciondus adearthaói, atámaóid
críonna, agus atá dligheadh an Tighear-na
aguinn? féuch go dearbhtha, is go
díomhaoin dorinne sé é, is go diomhaóin
atá peann na scribhneóireadh.


L. Ir8:9


Atá náire air na daoinibh críonna,
atáid ar líothadh, agus arna ngabháil:
féuch, do dhíultadar bríathar an Tighear-na,
agus cred an gliocas ata ionnta?


L. Ir8:10


Uimesin, dobhéra misi a mná
dfearuibh oile, agus a bhfearuinn don
druing ghébhus a noighreacht: óir atá
gach uile dhuine ón mbeag gus an mór arna
thabhairt do shaint, ón bhfáigh gus an
sagart, doní gach uile dhuine go
brégach.


L. Ir8:11


Oír do leighisiodar lot in-ghine
mo dhaóine go héttrom gha rádh, sí-othcháin,
síothcháin; agus gan síothcháin ann.


L. Ir8:12


An raibh náire orra anuáir
dorinneadar gráineamhlacht? ní headh, ní
raibh náire orra ar aonchor, ní mó
dfédadar deargadh: uimesin tuitfid síad
a measg na druinge thuitfios anaim-sir
a ccuarta, teilgfighear síos íad,
adeir an Tighearna.


L. Ir8:13


Go deimhin scriosfuidh mé íad, adeir
an Tighearna; ní bhiáidh aointrío-pall
ar an bhfíneamhuin, nó fígidhe ar
an ccrann fíge, agus críonfa an
duille, agus imtheochuidh na neithe uatha
thug mé dhóibh.


L. Ir8:14


Cred fa a bhfanmaóid ar suighe?
cruinnighidh sibh féin, agus dénam asteach
annsna caithreachaibh daingne, agus bí-míd
ar ttochd annsin; óir do chuir an Ti-ghearna
ar Ndía ar tochd sinn, agus thug
sé uisge domblois dúinn re ól, do
bhrígh gur pheacuigheamar anaghaidh an Ti-ghearna.


L. Ir8:15


Dobhí súil aguinn ré síothcháin,
acht ní tháinic maith ar bith; agus ré
haimsir shláinte, agus féuch an buáidh-readh.


L. Ir8:16


Dochlos tormán a eachruidhe ó
Dhan, do chroitnuigh an talamh uile le
fuáim sheitrighe a each láidir: óir thán-gadar,
agus do mhilleadar an tír, a-gus
a bhfuil innte, an chathair agus an
mhéid chomhnuighios innte.


L. Ir8:17


Oír féuch, cuirfidh mé naithrea-cha
nimhe, cocatrísigh bhur measc, nach
gébha ré piseóguibh, agus bainfid
greim asuibh, adeir an Tighearna.


L. Ir8:18


Anuáir do shaóilios mé féin
do shólásughadh anaghaidh an dóláis,
atá mo chroidhe lag ionnam.


L. Ir8:19


Féuch guth chomarc inghine mo dha-oine,
do bhrígh na muintire áitreabhus a
ttír imchéin: nach bhfuil an Tighearna ann
Sion? nach bhfuil a Rígh inte? cred as
ar bhrostuigheadar misi chum feirge lena
níomháighibh greanta, agus le díomha-óineasuibh
coimhthigheacha?


L. Ir8:20


Dochuáidh an foghmhar thoruinn, do
críochnuigheadh an samhradh, agus níor co-bhruigheadh
sinne.


L. Ir8:21


Ar son ghortuighthe inghine mo
dhaóine atáimsi gortuighthe, atáim dubh:
rug úathbhás greim orum.


L. Ir8:22


An bhfuil íocshláinte ar bith ann
Gílead? an bhfuil liáigh ar bith ann? mai-seadh
cred fa nach aisiogthar sláinte in-ghine
mo dhaóinesi?



Caib.9.


L. Ir9:1


Oh, nach uisgeadha mo cheann,
agus nach tobar déur
mo shúile, chor go nguil-finn
do ló agus doidhche ar
son marbh inghine mo dhaóine.


L. Ir9:2


Oh, nach bhfuil agum annsa bhfá-sach
ionad comhnuidhe lucht turuis, chor
go bhfúigfinn mo dhaoine, agus go nimeoch-uinn
úatha: óir is adhaltrannuigh íad uile,
agus oireachdas daóine meabhlach.


L. Ir9:3


Agus cláonuid síad a tteanga
amhuil a mbogha chum brég: acht ní
bhfuilid síad cródha ar son na fírinne ar
talamh; óir tiaghaid ar a naghaidh ó olc go
holc, agus ní feas dóibh misi an Ti-ghearna.


L. Ir9:4


Tugaidhse aire gach áon aguibh
dá chomharsoin, agus ná táobhuidh re
háoindearbhraithir ar bith: óir meallfuidh
gach uile dhearbhrathair, agus siubholuidh
gach áonchomharsa lé scannlachaibh.


L. Ir9:5


Agus meallfuid síad, gach áon
aca a chomharsa, agus ní laibheoruid
anfírinne, do mhúineadar dá tteangaidh
bréga do rádh, agus do choiriodar
íad féin lé dénamh égceirt.


L. Ir9:6


Atá háitreabh a lár na ceilge;
díultuid misi daithniughadh tré mhealladh,
adeir an Tighearna.


L. Ir9:7


Uimesin is marso adeir Tigh-earna
na slógh, féuch, leaghfa mé íad, a-gus
dearbhocha mé íad: óir cred dhé-nas
mé ar son inghine mo dhaóine?


L. Ir9:8


Atá a tteanga amhuil soighead
caite amach, adeir sí cluáin: labhruidh
duine go síothchánta réna chomhar-soin
léna bhéul, acht iona chroidhe cui-ridh
sé luidheachán air.


L. Ir9:9


Nach ccuáirteocha misi íad
uime so, adeir an Tighearna? nach biáidh
manam cúiteach réna leithéid so do
chineadh?


L. Ir9:10


Ar na sléibhtibh tóigfiod súas
golgháir agus gubha, agus ar son
áitreabhthacha anfásuigh, caóineadh; do
bhrígh go bhfuilid loisge, iondus nach
féidir dáon gabháil thársa, agus nach
ccluinid guth na háirnéisi; do theith
ar aon éunlaith anaiéir agus an
beathach, atáid ar nimtheacht.


L. Ir9:11


Agus dodhéna mé Ierusalem,
na cárnuibh, agus na húamhuigh dhra-gún,
agus dodhéna mé caithreacha Iú-dah
uáigneach gan áitreabhthach.


L. Ir9:12


Cía hé an duine críonna do thuic-fiodh
so? agus re ar labhair béul an
Tighearna, chor go bhfoillseochadh é?
cred ar son a milltear an tír, a-gus
a loiscthear í amhuil fásach, nach
bhfédann neach gabháil thríd?


L. Ir9:13


Agus adeir an Tighearna, do
bhrígh gur thréigiodar mo dhligheadh, noch
do chuir mé as a ccoinne, agus nar umh-luighédar
dom ghuth, agus nachar shiubh-luigheadar
ann.


L. Ir9:14


Acht gur shiubhluigheadar do réir
smuáintighthe a ccroidhe féin, agus a
ndiáigh Bhaalim, noch do mhúin a naith-re
dhóibh:


L. Ir9:15


Uimesin is marso adeir Ti-ghearna
na slógh Día Israel, féuch,
biathfa mé íad, eadhon an pobalso, le
mormónta, agus dobhéra mé uisge
domblais dhóibh ré a ól.


L. Ir9:16


Sreathnocha mé íad mar an
ccédna a measc na ngeinteadh, noch nar
bhfeas dóibh féin ná dá naithribh: a-gus
cuirfidh mé cloidheamh na ndiáigh,
nó go scriosfa mé íad.


L. Ir9:17


Is marso adeir Tighearna na
slógh, measuidh, agus goiridh ar mhnáibh
caóinte, chor go ttiucfuid síad, agus
cuiridh fios ar mhnáibh éolacha, chor go
ttiucfuid siad.


L. Ir9:18


Agus déindís deithnios, agus
tógaidís caóineadh súas dúinn, go silid
ar súile síos lé déoruibh, agus go
lingid forrdhubha ar súl amach lé huis-geadhuibh.


L. Ir9:19


Oír do chlos guth caóinte amach
as Sion, ciondus atámaoid sladtha?
atámaoid air ar ndíothughadh go mór,
do bhrígh gur thréigeamar an tír, do
bhrígh gur theilgeadar ar náite a-mach
sinn.


L. Ir9:20


Gidheadh éistigh ré guth an
Tighearna, shibhsi a mhná, agus gla-cadh
bhur cclúas focal a bhéil, agus múinigh
cáoineadh dá bhur ningheanuibh, agus gach áon
dá chomharsoin núallghubha.


L. Ir9:21


Oír tháinic an bás súas chum
ar bhfuinnéog, agus dochuáidh sé asteach
ann ar bpálásuibh, do ghearradh
na cloinne amach ón tsráid, agus
na ndaóine óg ó na sráidibh.


L. Ir9:22


Labhair, is marso adeir an
Tighearna, eadhon tuitfid cuirp na
ndaóine amhuil aóileach ar aghaidh an
mhachaire, agus mar an ndornán a
ndiáigh an bhúanuighe, agus ní crúi-nneochuidh
áon íad.


L. Ir9:23


Is marso adeir an Tighear-na,
ná deanadh an duine glic
glóir as a ghliocus féin, agus ná
glóruigheadh an duine láidir as a
chumhachduibh, ná glóruigheadh an duine
saidhbhir as a shaidhbhrios.


L. Ir9:24


Acht an tí do dhénas glóir
glóruigheadh annso, go ttuigionn sé
agus go naithnighionn sé misi, gur
mé an Tighearna, chleachtas cinéul
grádhach, breitheamhnus, agus fírén-tachd
annsa talamh: óir is annsna nei-thibhsi
dhúilighim, adeir an Tighear-na.


L. Ir9:25


Féuch, tiucfuid na láethe, adeir
an Tighearna, iona smaichteocha
misi anuile thimchillghérrtha, ma-ille
ris an neimhthimchillghérrtha;


L. Ir9:26


Egipt, Iúdah, agus Edom,
clann Ammon, agus Moab, agus anuile
dhuine da bhfuil annsna brúachuibh
imchíana, áitreabhas annsa bhfásach:
óir atáid na cineadhacha uile neimh-thimchillghérrtha,
agus tigh Is-rael
uile gan timchillghearradh
annsa ccroidhe.



Caib.10.


L. Ir10:1


Eistighsi an focal adeir an
Tighearna ribh, a thigh Is-rael.


L. Ir10:2


Is marso adeir an Ti-ghearna,
ná foghlomuigh slighe na ngein-teadh,
agus ná bíodh anbhuáin oruibh fa cho-mharthuibh
neimhe: óir atáid na geinte
anbhuáineach thríotha sin.


L. Ir10:3


Oír atáid gnátha an phobail
díomhaóin; óir gearruidh aon amach
crann as an bhforaois, obair lámh anoibrighe
leis an ttuáigh.


L. Ir10:4


Maisighid é le hairgiod agus le
hór, ceangluid síad é le tairngibh, a-gus
le geannairibh go nach ccorruighi-onn
sé.


L. Ir10:5


Bíd díreach súas mar an ccrann
pailme, acht ní labhruid siad: is
éigin a niomchar do bhrígh nach
bhféduid siubhal: ná bíthí eaglach rom-pa,
óir ní thig dhíobh olc do dhénamh, ní
mó fós atá ionta maith do dhénamh.


L. Ir10:6


Do bhrígh nach bhfuil áon
cosmhuil riotsa, a Thighearna, atá tú
mór, agus is mór hainm a ccumhacht.


L. Ir10:7


Cía ar nach bía heaglasa, a
Rígh na ccineadhach? óir is riotsa
bheanas sin: do bhrígh nach bhfuil áon a
measc uile dhaóine críonna na gcin-eadhach,
agus iona rioghachtuibh uile
cosmhuil riotsa.


L. Ir10:8


Acht atáid uile go léir
brúideamhuil, agus amadánach: atá an
smotán na fhoghluim díomhaóinis.


L. Ir10:9


Tugadh airgiod arna leathnu-ghadh
amach ó Tharsis, agus ór ó Up-has,
obair anfir oibre, agus láimhe an
chérd óir: gorm agus dearg a nédui-ghe;
is oibreacha lámh dhaoine crío-nna
íad uile.


L. Ir10:10


Acht isé an Tighearna an
Dia fíre, isé an Día bithbhéo, agus an
Rígh síorruidhe é: criothnochuidh sé an
talamh rena fheirg, agus ní fhéad-fuid
na geinte a mhíchédfa dfulang.


L. Ir10:11


Is marso adéra sibh ríu, na
dée nach dérna na neamha nó an talamh,
sgriosfuighear íad ón ttalamh, agus ó
faói na neamhuibhsi.


L. Ir10:12


Dorinne sé na flaithis lena
chumhacht, sé do dhaingnidh an talamh léna
eagna, agus do shín amach na neamha
lena ghliocus.


L. Ir10:13


Anuáir chuirios sé a ghuth amach,
atá iomad uisgeadh annsna neamhuibh, agus
dobheir sé ar na deathuighibh dul súas ó
chorruibh na talmhan: doní sé tinnteach
maille ré fearthuinn, agus dobheir sé an
gháoth amach as a ionad taisgidh.


L. Ir10:14


Is bhrúideamhuil gach uile dhuine
iona éolus féin, do claóidheadh gach uile
chumadóir ann a íomáigh ghreanta: óir is
neimhfhírinne a íomháigh leaghtha, agus ní bhfuil
ánal ar bioth ionnta.


L. Ir10:15


Is diomhaóineas íad, agus obair
na nearráideach; millfighear íad anam a
ccuarta.


L. Ir10:16


Ní cosmhuil roinn Iácob riú:
óir is eision cumadóir na nuile neitheann,
agus isé Israel slat a oighreachda; isé
a ainm, Tighearna na slógh.


L. Ir10:17


Cruinnigh súas hearradha as an
dúthaigh, a áitreabhthuigh an daingin.


L. Ir10:18


Oír is marso adeir an Ti-ghearna,
féuch teilgfidh mé amach áitreabh-thacha
na tíre ar anuáirsi, agus bhéra
mé a ccumhgach íad, go nairighid mar-
sin é.


L. Ir10:19


Mo thruáighe misi do bhrígh mo
luit, atá mo chneadh nimhneach: acht adu-bhairt
mé, is doiligh so, acht caithfidh mé
a fhulang.


L. Ir10:20


Do milleadh mo thabernacuil, a-gus
do briseadh mo chórdadha uile: dim-thigh
mo chlann amach asam, agus ní bhfui-lid
ann: ní bhfuil áon do shínfeadh mo lóis-tín
amach nías mó, agus do chuirfeadh
mo chúirtíne súas.


L. Ir10:21


Oír atáid na háodhuirighe brúi-deamhuil,
agus níor íarradar an Ti-ghearna;
uimesin, ní bhéuruid síad bi-seach,
agus scabfuighear a ttréada
uile.


L. Ir10:22


Féuch, tháinic fuaim an tormáin
agus comhchorrughadh mór ón tuáis-ceart,
do dhénamh caithreach Iúdah áon-ránach,
agus na húamhaigh dhra-gún.


L. Ir10:23


O a Thighearna, atá a fhios a-gam
nach ann féin atá slighe an duine:
ní hansa duine shiubhluighios atá díor-ghadh
a choiscéimeadh.


L. Ir10:24


A Thighearna smachtuigh mé,
acht maille re breitheamhnus: ní ann
thfeirg, deagla go ndéntá neimhní dhí-om.


L. Ir10:25


Dóirt amach do dhíbhfhearg ar
na geintibh, dá nach athnid thú, agus ar
na muintearuibh nach goirionn air hainm;
óir a dúadar súas Iácob, agus do
shluigiodar é, agus dorinneadar a ái-treabh
uáigneach.



Caib.11.


L. Ir11:1


An bhríathar noch tháinic go Ie-remiah
ón TTighearna, gha
rádh,


L. Ir11:2


Eístighsi bríathra an
chunarthaso, agus labhruidh re fearuibh
Iúdah, agus re háitreabhachaibh Ieru-salem,


L. Ir11:3


Agus abairsi ríu, is marso adeir
an Tighearna Día Israel; go
madh malluighthe an té nach umhluighionn do
bhríathraibh an chunnarthasa,


L. Ir11:4


Noch daithin mé da bhur naithribh
ann sa ló a ttug mé amach íad as
crích na Hégipte, ónfuirnís íaruinn,
gha rádh, umhluigidh dom ghlór, agus
dénuidh íad, do réir anuile ní aitheonas
mé dhíbh: marsin budh sibhsi mo phobalso,
agus budh misi bhur Ndíasa.


L. Ir11:5


Chor go ccoimhlíonfa mé na mi-onna
thug mé dá bhur naithribh, fearann
do thabhairt dóibh ag líonadh le mil agus
lé bainne, mar atá sé aniugh: annsin
do fhreagair misi, agus adubhairt mé, bhíodh
marsin, a Thighearna.


L. Ir11:6


Annsin adubairt an Tighearna ri-omsa,
fúagair na bríathraso uile a
ccaithreachaibh Iúdah, agus a sráidibh
Ierusalem, gha rádh, éistighsi bríathra
an chunnarthaso, agus déunuidh íad.


L. Ir11:7


Oír do dhearbh misi go dúthrachdach
dá bhur naithribh, annsa ló a ttug mé a-níos
íad as crích na Hégipte, go nuige
an lósa, ag éirghe go moch agus ag mi-onnughad,
gha rádh, umhluighidh dom ghuth.


L. Ir11:8


Gidheadh níor umhluigheadar, ní mó
do chláonadar a cclúas, acht do shiubhail
gach aon díobh a smuáineamh a ndroch-chroidhe
féin: uimesin dobhéra mé orra
uile bhríathra an chunnarthaso, noch daitthin
mé do dhénamh, acht ní dheárnadar íad.


L. Ir11:9


Agus adubhairt an Tighearna ri-omsa,
dofríth feall idir fhearuib Iúdah, a-gus
idir áitreabhthachuibh Ierusalem.


L. Ir11:10


Dfilleadar ar a nais ar éigcear-tuibh
a naithreadh rompa, noch do dhíult mo
bhríatharsa déisteacht, agus dochúa-dar
a ndiáigh déé oile dá nadhradh: do
bhris tigh Israel, agus tigh Iú-dah
mo chunnradh, noch dorinne mé réna
naithribh.


L. Ir11:11


Uime is marso adeir an Ti-ghearna,
féuch dobhéra mé olc orra,
nach bá héidir léo do sheachna; agus da
mbeith go ngoirfidis chugam, ní
chluinfe mé íad.


L. Ir11:12


Annsin imeochuid caithreacha Iú-dah,
agus áitreabhthacha Ierusalem, a-gus
éighfid ar na déeibh dá nofráluid
túis; achd ní chuimhdeochuid síad íad ar
áonchor anaimsir a ndonuis.


L. Ir11:13


Oír is do réir uibhre do chai-threacha
dobhádar do dhée, a Iúdah; a-gus
do réir uibhre sráidionn Ierusalem
do chuireabhair súas altóra don ní náireach
sin, eadhon altóra do losgadh túise do
Bhaal.


L. Ir11:14


Uimesin, ná guidhsi ar son an
phobailsi, agus ná tóig súas comhairc
nó urnuigh ar a son; óir ní éistfidh misi
íad annsanam a néighfid síad chugam ar
son a mbuáidheartha.


L. Ir11:15


Cred atá ag mo ghrádhach re
a dhénamh ann mo thighsi, ó rinne sí adhfu-athmhaireachda
móra? agus gur imthigh anfeóil
náomhtha uáit: anuáir doní tú
olc, is annsin do gháirdioghios tú.


L. Ir11:16


Do ghoir an Tighearna hainm,
crann glas ola, breághdha agus do tho-radh
mhaith: le fuáim giorruic mhóir do
dhearg sé teine air, agus do briseadh a
ghéaga.


L. Ir11:17


Oír dfúagair Tighearna na slógh
do phlannduigh thusa, olc ad aghaidh ar
son uilc thighe Israel, agus uilc thighe
Iúdah, noch dorinneadar na naghaidh féin
dom bhrostughadhsa chum feirge anof-ráil
túise do Bháal.


L. Ir11:18


Agus thug an Tighearna a fhios
damhsa, agus atá a fhios agam, ann-
sin do thaisbéin tú a ngníomha dhamh.


L. Ir11:19


Acht dobhí mé cosmhuil ré lu-bhán,
nó re damh beirthior chum a mharbh-tha,
agus ní raibh a fhios agam gur
thionnscnadarsan tionnscnadh am aghaidh
(gha rádh) scriosam an crann maille
rena thoradh, agus gerram amach é
as tír na mbéo, chor nach ccuimhnighthear
a ainm níso mhó.


L. Ir11:20


Acht a Thighearna na slógh a
bhreathnuighios go ceart, dhearbhus na dhu-bháin
agus an croidhe, faicimsi do dhio-ghaltas
orrasan: óir is duitsi dfoill-sigh
mé mo chúis.


L. Ir11:21


Uimesin is marso adeir an Ti-ghearna
re muintir Anatot, noch íarrus
do bhás, gha rádh, ná tairrghir anainm
an Tighearna, go nach négair re ar láimhne.


L. Ir11:22


Ar anadhbharsin is marso adeir
Tighearna na slógh, féuch, smaichteocha
misi íad; muirfighear na daóine óga ris
an ccloidheamh, éugfuid a mic agus a
ninghiona ré gorta.


L. Ir11:23


Agus ní bhiáidh fuighioll díobh:
óir dobhéra misi olc ar fhearuibh Anatot,
eadhon blíadhuin a ccúarta.



Caib.12.


L. Ir12:1


Is ceart atá tú, a Thighear-na,
anuáir thagruim riot:
gidheadh léig dhamh labhairt riot
ar do bhreitheamhnusaibh: créd
fá mbeirionn slighe na ndroch-dhaóine
biseach? cred fá bhfuilid uile so-na,
noch doní gráineamhlacht.


L. Ir12:2


Do phlannduigh tú íad, fásuid, fós
dobheirid toradh: agus atá tusa a
ngar ionna mbéul, agus a bhfad óna
ndubhánuibh.


L. Ir12:3


Acht is aithnid duitsi, a Thi-ghearna,
misi; dochonnairc tú mé, agus
do dhearbh tú mo chroidhe leath riot: tar-ruing
amach íad amhuil caóirigh chum anáir,
agus gléus íad fa chomhair laói an
mharbhtha.


L. Ir12:4


Gá fad bhías an tír ag caói, a-gus
luibh gach áonmhagha ag críonadh,
do bhrígh uilc na druinge chomhnuigheas
ionnta? do caitheadh na beathuighe, agus
na héin, do bhrígh go ndubhradar, ní
fhaicfidh sé ar ccríoch dheighionach.


L. Ir12:5


Má rioth tú leis na coisighibh, a-gus
gur choireadar thú, annsin ciondus
fhéadas tú coimhling re heachaibh? agus
má choireadar thú a ttír na síothchána ann
ar chuir tú do dhóthchus, cred maiseadh dodhéana
tú ananfa Iordán?


L. Ir12:6


Oír dofríth do dhearbhráithre
féin, agus fós tigh hathar go meabhlach
ortsa, aseadh, do ghoiriodar iomad ad
dhiáigh; ná creid íad, bíodh go laibheo-raidís
bríathra breádha riot.


L. Ir12:7


Do thréig mé mo thigh, dfág mé
moighreacht, thug mé grádh manma a láimh
a námhad.


L. Ir12:8


Atá moighreacht damhsa amhuil leo-mhan
san bhforaóis, comhaircidh sí amach
am aghaidh: uimesin dfúathuigh mé í.


L. Ir12:9


Atá moighreacht damhsa, amhuil éun
breach: atáid anéunluith fáccuáirt na
haghaidh: tigidh sibhsi, cruinnighidh uile
bheathacha an mhagha, tigidh do shlugadh.


L. Ir12:10


Do mhill iomad áodhaireadh mo ghárr-dha
fíneamhna, do shaltradar mo chomhroinn
faói chosuibh, dorinneadar mo chomroinn
sholásach uáigneach.


L. Ir12:11


Dorinneadh áonránach é, agus
ar mbeith uáigneach dhó, caóinidh sé chu-gamsa;
dorinneadh na fásach an dú-thuigh
uile, do bhrígh nach ccuireann áonduine
iona chroidhe é.


L. Ir12:12


Thangadar sgriosdóiridhe ar
gach uile áit áird ar feadh anfásuigh: óir
sluigfidh cloidheamh an Tighearna ó aóin-
chionn don dúthaigh go nuige an ccionn
oile don dúthaigh: ní bhfuighe feóil ar
bith síothcháin.


L. Ir12:13


Do shíolchuireadar cruithneachd, achd
beanfuid síad dosáin: do chuireadar íad
féin chum sáothair, acht ní thairbheochuid
síad; agus biáidh náire orra do bhrígh
bhur ccíosa, ar son féirge fhíochmhuire
an Tighearna.


L. Ir12:14


Is marso adeir an Tighearna anaghaidh
mo dhrochchomharsan uile bheanas
ris anoighreachd, noch thug mé ar mo pho-bal
Israel doighreachtughadh, féuch,
tairreonga mé amach as an ndútaigh
íad, agus tairreonga mé amach tigh Iú-dah
óna measc sin.


L. Ir12:15


Agus tiucfa a ccrích tar éis
a ttairrnghthe amach dhamh, go bhfillfidh mé
agus go mbía truáighe agam dhóibh, a-gus
go ttiubhra mé arís gach uile dhuine
dhíobh chum a oighreachta, agus gach áon-
duine chum a dhúithche.


L. Ir12:16


Agus tiucfa a gcrích, má fhogh-lomhuid
síad go dúthrachtach slíghe mo
phobail, do mhionnughadh fám ainmsi mairidh
an Tighearna, mar do mhúineadarsan dom
dhaóinibhsi mionnughadh fa Bháal: annsin
suidheochthar íad a lár mo phobail.


L. Ir12:17


Acht muna numhluighid síad,
tairreonga mé thríd amach as a bhfrémhuibh
an cinead sin, adeir an Tighearna.



Caib.13.


L. Ir13:1


Is marso adeir an Tighear-na
riomsa, imthigh, fagh dhuit
crios línéduigh, agus cuir
air do leasrach é, agus ná
cuir anuisge é.


L. Ir13:2


Annsin fuáir mé crios do réir
bhréithre an Tighearna, agus do chuirios
ar mo leasrach é.


L. Ir13:3


Agus tháinic focal an Tighear-na
chugam an dara huáir, gha rádh,


L. Ir13:4


Glac an crios noch dofuáir tú,
noch atá ar do leasrach, agus éirigh
imthigh go Heuphrátes, agus foluigh
annsin é a bpoll don charruic.


L. Ir13:5


Mar sin dimthigh mé, agus do
fholuigh mé ag Euphrátes é, mar do
aithin an Tighearna dhíomh.


L. Ir13:6


Agus tárla tar éis mhóráin
do láethibh go ndubhairt an Tighearna
riom, éirigh, imthigh go Heuphrátes, a-gus
tabhair an crios as sin, noch daithin
mé dhíot dfolach ann.


L. Ir13:7


Annsin dochuáidh mé go Heu-phrátes,
agus do thochail mé, agus
thug mé an crios as anáit ionar
fholuigh mé é, agus féuch, dobhí an
crios millte, níor fóghuin sé chum neithe
ar bith.


L. Ir13:8


Annsin tháinic bríathar an Ti-ghearna
chugam, dha rádh riom,


L. Ir13:9


Is marso adeir an Tighearna,
ar an modhso mhillfios mé uabhar Iú-dah,
agus mórúabhar Ierusalem.


L. Ir13:10


Biáidh na drochdhaóinesi noch
dhíultas mo bhríathra déisdeachd, noch im-thighios
do réir thoile a ninntinne, agus
shiubhluighios do réir dhée oile dá
nadhradh, agus do dhénamh seirbhíse
dhóibh, do nós an chreasa so, nach maith
chum aoinneithe.


L. Ir13:11


Oír mar theannas an crios ré
leasrach duine, marsin thug misi air
thigh Israel uile teannadh riomsa, a-gus
ar thigh Iúdah uile, adeir an Ti-ghearna;
chor go mbeidís na bpobal
agam, agus na nainm, agus na mo-ladh,
agus na nglóir; acht níor éis-teadar.


L. Ir13:12


Uimesin laibheora tusa ríu an
focalso, agus marso adeir an Ti-ghearna
Día Israel, líonfuighear gach áon
bhuidél le fíon: agus adéuruid riot,
nach fios dúinne go deimhin go líonfuigh-ear
gach aon bhuidél lé fíon?


L. Ir13:13


Annsin adéra tú ríu, is mar-
so adeir an Tighearna, féch, líonfa mé
uile áitreabhthacha na tírese, eadhon
na Ríghthe shuighios a ccathaóir Dhái-bhi,
agus na sagairt, agus na fáighe,
agus uile áitreabhthacha Ierusalem le
meisge.


L. Ir13:14


Agus gébha mé dhíobh féin fa
chéile, eadhon na haithre, agus na mic
anaóinfheacht, adeir an Tighearna; ní
bhía truáighe agam, ní choigeola mé,
ní dhén trócaire orra, acht scriosfa
mé íad.


L. Ir13:15


Eístighsi, agus tugaidh clúas,
ná bíthí uáibhreach; óir do labhair an Ti-ghearna.


L. Ir13:16


Tugaidh glóir dá bhur TTigh-earna
Día suil dobhéra sé dorcha-dus,
agus suil thuisleochuid bhur cco-sa
ar na sléibhtibh dorcha, agus an
feadh bheithí ag feithiomh re solus go
bhfillfidh séision é a sgáile an bháis,
agus go ndéna sé dorchacht thiugh dhe.


L. Ir13:17


Acht muna néistighe ris, caóidh-fidh
manam anáitibh uáigneacha ar son
bhur núabhair, agus guilfid
mo shúile go géur, agus rithfid sí-os
lé déoruibh, do chionn tréda an Ti-ghearna
do bhreith ar siubhal a láimh.


L. Ir13:18


Abruidh ris an Rígh, agus ris
an mbainríoghain, umhluighídh sibh féin,
suighidh síos, óir tiucfa bhur bprionn-samhlacht
síos, eadhon coróin bhur
nglóire.


L. Ir13:19


Druidfighear caithreacha an deis-ceirt
súas, agus ní oisceoluidh áon-
duine íad; bérthar Iúdah uile ar siu-bhal
a mbraighdionas, bérthar a mbía
ann a láímh go hiomlán.


L. Ir13:20


Tógbhaidh súas bhur súile, agus
féuchuid an lucht thig ón ttuáiscceart:
cáit a bhfuil an tréd tugadh dhuitsi,
do thréd scíamhach?


L. Ir13:21


Cred adéra tú anuáir bhé-rus
sé pionús duit (óir do mhúin tú
dhóibh bheith na ccaiptínibh, agus mar
úachtaránuibh ós do chionn) nach gébha
brón thú amhuil bean re niodhnuibh?


L. Ir13:22


Agus má deir tú ann do
chroidhe, cred fa ttigid na neith-
se orumsa? ar son mhéid huilc a-táid
do sciortadha leis, agus do
shála ar ndénamh lomnocht.


L. Ir13:23


An bhfédann an Tetíopeach a
chroicionn do mhalairt, nó an liopard
a bhreice? marsin fédthaoise fós maith
do dhénamh, noch ghnáthuighios dénamh
uilc.


L. Ir13:24


Uimesin scaóilfidh mé ó chéile
íad do nós an chonnluigh noch imthighios ar
siubhal lé gaóith anfásuigh.


L. Ir13:25


Isé so do chranncharsa, cuid do
thomhais uáimsi, adeir an Tighearna?
do bhrígh gur dhearmuid tú misi, agus
gur tháobhuidh tú ré bréig.


L. Ir13:26


Uimesin léigfidh mé do scior-tadha
leis ar haghaidh, chor go má léir
do náire.


L. Ir13:27


Dochonnairc mé hadhaltrannuis, a-gus
do sheitreacha, gráin do stríopa-chuis,
agus do ghráineamhlachd ar na cno-cuibh
annsna machairighibh: a mhairg dhuit,
a Ierusalem; nach déna tú thú féin
glan, ca ham fós a bhías sin.



Caib.14.


L. Ir14:1


Focal an Tighearna, noch thái-nic
go Ieremiah a dtaobh
na gorta:


L. Ir14:2


Atá Iúdah ag caoi,
agus do laguigheadh a geatadha, atáid
dubh go talamh, agus dochuáidh éighiomh
Ierusalem súas.


L. Ir14:3


Agus do chuireadar anuáisle a
cclann bheag chum na nuisceadh, thánga-dar
gona soighthighibh folamh: dobhá-dar
náireach imshníomhach, agus dfol-uigheadar
a ccinn.


L. Ir14:4


Do bhrígh go bhfuil an talamh
scoilte, óir ní raibh fearthuinn ar bith
san talamh, dobhí náire ar na treabh-thairibh,
agus dfoluigheadar a ccinn.


L. Ir14:5


Aseadh fós, rug aneilid láogh
ar an machaire, agus do thréig sí é,
do bhrígh nach raibh féur ann.


L. Ir14:6


Agus do sheasadar na hassail
fhíadhta ann a náitibh árda, do thairn-geadar
súas an gháoth amhuil dragúin:
dfaillighiodar a súile do bhrígh nach
raibh féur ann.


L. Ir14:7


O a Thighearna, mátá go bhfíagh-nuighid
ar nuilc ar naghaidh, dénsa
é ar son hanma féin: óir is iomadamhuil
ar míochoinghiolla, do pheacuigheamar ad
aghaidhsi.


L. Ir14:8


O a dhóthchuis Israel, a shlánaigh-theóir
anam buáidheartha; cred as
a mbeitheá ad choimhightheach annsa tír, a-gus
do nós dhuine ar slighe, fhillios
do leathtaoibh dfanmhuin ar feadh aonoidh-che
amháin?


L. Ir14:9


Cred as a mbeitheá mar dhuine
arna chritheaglughadh, mar dhuine chu-mhachtach
nach bhfédann cobhrughadh? gidh-
eadh a Thighearna atá tú ann ar lár,
agus as hainm goirthear sinn, na fág
sinn.


L. Ir14:10


Is marso adeir an Tighearna
ris an muintirsi, marso do ghrádh-uigheadar
dul ar seachrán, níor chong-mhadar
ar ais a ccosa; uimesin ní
ghabhann an Tighearna chuige íad, cuimh-neochuidh
sé anois a lochta, agus fios-rochuidh
sé a bpeacuidhe.


L. Ir14:11


Annsin adubhairt an Tighearna
riomsa, ná guidh ar son na muinti-resi
chum maithiosa.


L. Ir14:12


Anuair throiscfid síad, ní
éistfidh misi a ccomhairc, agus anuáir
thairgfid ofráil loisge agus
íodhbairt, ní ghébha mé íad: acht muir-fidh
mé leis an ccloidheamh íad, agus
leis an ngorta, agus leis an bp-láigh.


L. Ir14:13


Annsin adubhairt misi, ah a
Thighearna Día, féuch, adeirid na
fáighe ríu, ní fhaicfidhe an cloidheamh,
agus ní bhía gorta aguibh, acht dobhéra
misi síothcháin dhaingion díbh ann-sanáitsi.


L. Ir14:14


Annsin adubhairt an Tighearna
riom, tairrghirid na fáighe bréga am ainm-
si, ní mé do chur uáim íad, ní mó is
mé daithin díobh, ní mó do labhair mé ríu:
tairrghirid díbhsi fis neimhfhírinneach, agus
geasadóireacht, agus neimhní, agus
cealg a ccroidhe féin.


L. Ir14:15


Uimesin is marso adeir an
Tigearna a ttaobh na bhfágh thairrghirios
am ainmsi, agus nach mé do chuir uáim
íad, thairis sin go nabruid, ní bhía
cloidheamh, nó gorta san tírse; le
cloidheamh, agus le gorta thuitfid na
fáighesi.


L. Ir14:16


Agus teilgfíghear amach a
sráidibh Ierusalem an drong dá ndé-naid
síad fáidheadóireacht, do bhrígh
na gorta agus an chloidhimh; agus
ní bhfuighid síad duine adhlacus íad
féin, a mná, nó a mic, nó a ninghea-na;
óir dóirtfidh misi a nolc féin
orra.


L. Ir14:17


Uimesin déura tú an focal-
so ríu, sildís mo shúile síos a
ndéoruibh do ló agus doidhche, agus
ná scuirdís: óir do briseadh maighdi-on
inghean mo mhuintire maille ré bri-seadh
mór, lé buille ronimhneach.


L. Ir14:18


Má théighim amach san machaire,
féuch annsin na mairbh leis an ccloidheamh;
agus má théighim asteach san ccathruigh,
annsin féuch an lucht atá tinn lé gor-ta;
aseadh, imthigh an fáigh aráon, a-gus
an sagart timchioll fáccuairt
go fearuinn nach aithnid dhóibh.


L. Ir14:19


Ar thréig tú Iúdah thríd a-mach?
ar fhúathaigh hanam Sion? cred
fár bhuáil tú sinn, agus gan cabhair
ar bhith oruinn? dobhí súil aguinn re sí-othcháin,
agus ní bhfuil maith ar bith
annsin; agus re ham tárthála, agus
féuch búaidhreadh.


L. Ir14:20


Admhuighmid, a Thighearna,
ar nolc, agus éigceart ar naithreadh:
óir do pheacuigheamar ad aghaidhsi.


L. Ir14:21


Ar son hanma, na gráin, ná
teilg síos cathaóir do ghlóire; cui-mhnigh,
ná bris do chunnradh sinn.


L. Ir14:22


An bhfuil áon a measc dío-mhaóinis
na ngeinteadh dobhéradh fearth-uinn?
nó an bhféuduid na neamha fearth-uinn
do thabhairt úatha? nach tusa féin
ar TTighearna Día? uimesin feithfiom
ort; óir as tú dorinne na neithesi
uile.



Caib.15.


L. Ir15:1


Ansin adubhairt an Tighearna
riomsa, giodh go seasfadh
Maoise agus Samuel
am fhiadhnuisi, thairis sin ní-orbhféidir
minntinn do bheith
leis an muintirsi; teilg amach as mo
radharc íad, agus éirghidís amach.


L. Ir15:2


Agus tiucfa a ccrích, má dei-rid
síad riotsa, cáit a racham amach?
annsin inneosa tú dhóibh, is marso adeir
an Tighearna, an mhéid atá fa choinne
an bháis, chum báis: agus an mhéid atá
fa choinne an chloidhim, don chloidheamh: a-gus
an mhéid atá fa choinne na gorta,
don ghorta; agus an mhéid atá fa
choinne an bhraighdinis, chum braighdinis.


L. Ir15:3


Agus óirdéochuidh misi ceithre
sóirt ós a ccionn, adeir an Tighearna;
an cloidheamh do mharbhadh, agus na madruidh
do réubadh, agus éunlaith anaiéir, agus ainmh-intidh
na talmhan, do shlugadh agus do
mharbhadh.


L. Ir15:4


Agus cuirfidh mé dfíachaibh a
náthrughadh ann gach uile rioghacht san
domhan ar son Mhanasseh mhic Hese-ciah
Rígh Iúdah, ar son na neitheann dorinne
sé ann Ierusalem.


L. Ir15:5


Oír cía agá mbía truáighe dhuit,
a Ierusalem? nó cía dhénas doilghios
riot? nó cía rachas do leathtaoibh dfíaf-uighe
ciondus bhías tú?


L. Ir15:6


Do thréig tú misi, adeir an Ti-ghearna,
dochuaidh tú ar ccúl: uimesin
sínfiodsa mo lámh amach ad aghaidh, a-gus
scriosfa mé thú; atáim coirthe
daithreachus.


L. Ir15:7


Agus cáithfidh mé íad le sgoigneán
a ngeatadhuibh na tíre: foil-mheocha
mé íad fana cclainn, millfidh
mé mó dhaoine, ónar fhilleadar óna
slighthibh.


L. Ir15:8


Atáid a mbaintreabhthacha arna
bhfoirlíonadh dhamh ós cionn ghainimh na
fairge: thug mé millteóir orra ana-ghaidh
mhathar na nogánach san meadhón
laói: thug mé air tuitim go hobann uirre,
agus critheaglacha ar na ccathruigh.


L. Ir15:9


Anbhfainnigh an bhean rug móir-sheisior:
do fhaóidh a spiorad aiste,
dochuáidh a grían faói, agus an lá
ann fós: fuáir sí náire agus do claói-dheadh
í, agus seachoduigh mé an chuid
oile dhíobh don chloidheamh a bhfíagnuise a
námhad, adeir an Tighearna.


L. Ir15:10


A mhairg dhamsa, mo mhathair, go
rug tú am fhear coinntinne mé, agus am
fhear ceannairge don talamh uile: ní thug
mé áirleagadh ar úsúireacht, ní mó thu-gadar
daoine dhamh ar úsúireacht, gi-dheadh
malluighidh gach aonduine aca
mé.


L. Ir15:11


Adubhairt an Tighearna, go dei-mhin
biáidh sé go maith ag thfuighioll, go
deimhin cuirfidh mé dfíachaibh ar an ná-mhuid
bheith go maith leachd anam anuilc,
agus anam haindise.


L. Ir15:12


An mbrisfidh íarann an tíarann
attuáigh, agus an chruáidh?


L. Ir15:13


Dobhéra mé do mhaóin, agus
hionnmhuis don chreich gan lúach, á-gus
sin ar son huile pheacaidh an himlibh
uile.


L. Ir15:14


Agus dobhéra mé ort imtheacht
led námhuid go tír nach feas duit; óir
do las teine am fheirg, noch lois-gfios
oruibhsi.


L. Ir15:15


O a Thighearna, atá a fhios
agad, cuimhnigh orumsa agus tárr
dom fhéuchuin, agus dioghail mé ar mo
lucht inghreama, ná beir as mé a bhfoi-ghid
fhada do bhuile: bíodh a fhios agad
gurab ar do shonsa dfulaing mé mas-la.


L. Ir15:16


Dofríth do bhríathra, agus
a duaigh misi íad, agus dobhí do bhríathra
dhamhsa na gháirdeachus, agus na lú-athgháir
dom chroidhe, óir do gairedh
hainmsi orum, a Thighearna Día na slógh.


L. Ir15:17


Níor shuigh mé anoireachtus
an luchd magaidh, agus níor gháirdigh
mé: do shuidh mé ar leith do bhrígh do láimhe-
se: óir do líon tú mé lé feirg.


L. Ir15:18


Cred as a bhfuil mó phían bioth-bhúan?
agus mó chneadh dóileighis,
dhíultas bheith leighiosta? an mbiáidh
tú dhamhsa thríd amach amhuil duine bré-gach,
agus amhuil uisgeadha fhaillighios?


L. Ir15:19


Uimesin is marso adeir an Ti-ghearna,
má fhilleann tú, annsin dobhéura
mé liom arís thú, seasfa tú am fhía-gnuisi:
agus má bheirionn tú an mórlú-aich
ón ttruáillighthe, biaidh tú amhuil
mo béul féin: fillidíssion chugadsa,
acht ná fillsi chucasan.


L. Ir15:20


Agus dodhéna misi dhíotsa don
mhuintirsi balla cumhdaigh práis, a-gus
troidfid riotsa: achd ní bhéuruid
buáidh ort: óir atáimsi leachd dot
chabhair, agus dot sháoradh, adeir an
Tighearna.


L. Ir15:21


Agus sáorfa mé thú as láimh
an drochdhuine, agus fúaisgeola mé thú
as láimh anúathbhásaigh.



Caib.16.


L. Ir16:1


Tháinic fós bríathar an Ti-ghearna
chugamsa, gha rádh,


L. Ir16:2


Ní thiubhra tú bean chu-gad,
ní mó bhiáid mic nó in-gheana
agad san náitsi.


L. Ir16:3


Oír is marso adeir an Tighear-na,
a ttáobh na mac, agus a ttáobh na
ninghean bérthar annsanáitsi, agus a
ttáobh a maithreach noch dorug íad,
agus a ttaobh a naithreach do ghein íad ann
sa dúthaighsi,


L. Ir16:4


Eúgfuid síad do bhásaib doilghiosacha,
ní caóinfighear agus ní adhlócthar
íad; acht béid amhuil aóileach
ar ghnúis na talmhan, agus muirfígear
íad leis an ccloidheamh, agus le gorta,
agus béid a ccuirp na mbíadh déu-nuibh
anaiéir, agus do bheatuighibh na talmhan.


L. Ir16:5


Oír is marso adeir an Tighearna,
ná héirigh asteach a ttigh na cumha, a-gus
ná héirigh dá ccaói, nó dá ttrúaigh-mhéile:
óir do thóg misi mo shíothcháin ón
bpobalso, adeir an Tighearna, trócaire
agus grása.


L. Ir16:6


Eúgfuidh an mór agus an beag ann-sa
tírsi: ní hadhlolóchthar íad, ní
mó chaoinfid daoine íad, nó ghearrfuid
íad féin, nó dénuid íad féin máol ar a
son.


L. Ir16:7


Ní mó stíallfuid daóine íad féin
ar a son a ccumhaidh da ccomhfhurtachd ar
son na marbh, ní mó bhéuruid daóine cu-pán
comhshóláis dóibh dól ar son a nathar
nó a mathar.


L. Ir16:8


Ní racha tú fós go tigh anféusta,
do shuidhe na bhfochair dite agus dól.


L. Ir16:9


Oír is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel: féuch, dobhéra mé
fa deara do chosc as anáitsi ann bhur
radharc, agus ann bhur láethibh, guth an
tsúgartha, agus guth na lúathgháire,
guth anfir núadhphósta, agus guth na
mná núadhphósta.


L. Ir16:10


Agus tiucfa a ccrích anuáir
innéosas tú na bríathraso uile do na
daoinibhsi, agus adéruid sin riotsa,
cred far fhúagair an Tighearna an lán
uilcsi ar naghaidhne? nó créd é ar
néigceart? nó cred é ar bpeacadh noch
dorinneamar anaghaidh an tighearna ar
Ndía?


L. Ir16:11


Annsin adéra tú ríu, do bhrígh
gur thréigeadar bhur naithre mé, adeir
an Tighearna, agus gur shiubhluigheadar
a ndiáigh dée oile, agus gur adhradar
dhóibh, agus gur onóruigheadar íad, agus
gur thréigeadar misi, agus nar choimhé-dadar
mo dhligheadh:


L. Ir16:12


Agus go ndearnabhairsi nías
measa náid bhur naithre, óir féuch siu-bhluigh
gach uile dhuine aguibh do réir
smuáinigh a dhrochchroidhe féin, chor nach
féidir léo éisteachd riomsa.


L. Ir16:13


Uime sin teilgfidh mé as an
ttírsi sibh go tír nach aithnid díbh féin
ná da bhur naithribh, agus annsin foigh-eontaói
do dhéeibh oile do ló agus doidh-che,
áit nach ttaisbeanfa misi fabhar
dhíbh.


L. Ir16:14


Ar anadhbharsin féuch, tiuc-faid
na láethe, adeir an Tighearna,
ann nach aibéorthar nísa mhó; mairidh an
Tighearna thug clann Israel amach as
crích na Hégipte:


L. Ir16:15


Acht mairidh an Tighearna thug aníos
clann Israel as tír an tuáisceirt,
agus as gach uile thalamh ann ar dhíbhir
sé íad: agus dobhéara mé arís dá
ndúthaigh íad noch thug mé dá naithribh.


L. Ir16:16


Féuch, cuirfe mé fios air mhórán
íascaireadh, adeir an Tighearna, agus
gébhuid síad íad, agus na dhíaighsin cuir-fidh
mé fios ar mhórán sealgaireadh, agus dodhéanuid
a bhfíadhach ó gach uile shlíabh,
agus ó gach uile chnoc, agus amach as
polluibh na ccarrac.


L. Ir16:17


Oír atáid mo shúile ar anuile
shlighthibh: ní bhfuilid a bhfolach óm ghnúis,
ní mó atáid a ccionta a bhfolach ar mo
shúilibh.


L. Ir16:18


Agus an chéaduáir, cúirteocha
mé a néigceart, agus a bpeacadh dúbal-ta;
do bhrígh gur thruáilleadar mo dhú-thaigh,
do líonadar moighreacht le cona-blachuibh
a neitheann adhfhúathmhar ngráinea-mhuil.


L. Ir16:19


O a Thighearna mo neart agus mo
dhaingion, agus mo chúil dhídin a ló na
haindeisi, tiucfaid na geintidhe chu-gad
ó théorannuibh na talmhan, agus adéuruid,
go deimhin do ghabhadar ar
naithre oigreacht na mbréug, an dío-mhaóinis,
agus neithe gan tairbhe.


L. Ir16:20


An ndéna duine dée dhó féin,
agus nach dée íad ar áonchor?


L. Ir16:21


Ar anadhbharsin, féuch, dobhéra
mé orra anúairse aithnughadh, dobhéra mé
orra mo lámh agus mo neart daithniughadh,
agus aitheonuid síad gurbé an Ti-ghearna
mainm.



Caib.17.


L. Ir17:1


Atá peacadh Iúdah arna
scríobhadh lé peann íaruinn,
agus lé rinn diamond: a-tá
sé greanta ar chlár a
gcroidhe, agus ar chorr-uibh bhur naltórach:


L. Ir17:2


An feadh chuimhnighid a cclann ar
a naltóruibh, agus air a ngarránuibh
ag na crannuibh glasa ar an cnocaibh
árda.


L. Ir17:3


O mo shlíabh annsa magh, dobhé-ra
mé do mhaóin agus do shaidh-bhrios
uile don chreich, agus háite
árda chum peacaidh, ar fad do théorann
uile.


L. Ir17:4


Agus deileochthar thusa, thusa
féin ód oighreacht, noch thug misi dhuit,
agus dobhéra mé ort foghnamh dot
námhuid annsa tír nach feas duit: óir
do lasabhair teine ann mfeirg loisgfios
go bráth.


L. Ir17:5


Is marso adeir an Tighearna,
gomadh malluighthe an fear dhothchus-uighios
a nduine, agus doní a neart
dfeóil, agus agá nimthighionn a chroidhe
ón Tighearna.


L. Ir17:6


Oír biáidh sé cosmhuil ris an
bhfráoch annsa bhfásach, agus ní fhaic-fidh
sé anuáir thiucfas maith, acht
áiteochuidh sé na háite dóite annsa
bhfásach, a bhfearann sailte agus gan
áitreabh.


L. Ir17:7


Is beannuighthe an duine dothchus-uighios
annsa Tighearna, agus gurbé
an Tighearna a dhóthchus.


L. Ir17:8


Oír biáidh sé amhuil crann plann-duigthe
láimh ris na huisceadhuibh, agus
shíneas amach a fhrémha láimh ris a tsruth,
agus nach bhfaicfidh anuair thig an teas-bhach,
agus biáidh a dhuille glas, a-gus
ní bhiáidh cúramach a mblíadhuin an
tarta, ní mó scuirfios sé do thabhairt
toruidh.


L. Ir17:9


Atá an croidhe cealgach ós cionn
gach uile neithe, agus urchóideach, cía
fhédas a fhios do bheith aige?


L. Ir17:10


Misi an Tighearna, scrúduim
an croidhe, dearbhuim na dubháin, eadhon do
thabhairt dá gach uile dhuine do réir a
shlightheach, agus do réir toruidh a
ghníomh.


L. Ir17:11


Amhuil luighios an phatruisc air
a huighibh, agus nach gcuirionn íad:
marsin an té dogheibh saidhbhrios, a-gus
nach lé ceart, fúigfidh sé íad a
lár a láetheadh, agus iona chrích dhei-ghionuigh
biáidh sé na amadán.


L. Ir17:12


Is cathaóir árd ghlórmhar ó tho-sach
áit ar sanctóra.


L. Ir17:13


O a Thighearna, a dhóthchuis Is-rael,
biáidh náire ar gach a ttréi-gionn
thusa, agus na daoine dheileo-chus
riomsa béid scríobhtha annsa ta-lamh,
do bhrígh gur thréigeadar an Ti-ghearna,
tobar na nuisgeadh mbéo.


L. Ir17:14


Slánuigh mé, a Thighearna, agus
biáidh mé slán; sáor mé, agus biáidh
mé sáortha; óir is tú mo mholadh.


L. Ir17:15


Féuch, adeirid síad riomsa,
cáit a bhfuil bríathar an Tighearna?
tigeadh sí anois.


L. Ir17:16


Ar mo shonsa níor dheifrigh mé
ó beith am aodhaire dot leanmhuinsi, ní
mó do thoiligh mé an lá mairgneach, atá a
fhios agadsa: dobhí an ní tháinic a-mach
as mo bhéul ceart ad fhíaghnuisi.


L. Ir17:17


Ná bí ad úathbás dhamhsa, is tú
mo dhóthchus a ló anuilc.


L. Ir17:18


Claóidhtear an drong inghrea-mas
mé, acht ná claóidhtear misi: líoth-uighthear
íadsan, acht ná líothuighthear mi-si:
tabhair lá anuilc orrasan, a-gus
sgrios íad le sgrios dúbal-ta.


L. Ir17:19


Is marso adubhairt an Ti-ghearna
riomsa, imthigh, agus seas a
ngeata chloinne an phobhail, iona ttigid
Ríghthe Iúdah asteach, agus iona
ttigid amach, agus a ngeatadhuibh Ie-rusalem
uile.


L. Ir17:20


Agus abair ríu, éistigh ré
bréithir an Tighearna, shibhsi a Ríghthe
Iúdah, agus a Iúdah uile, agus a uile
áitreabhthacha Ierusalem, noch théid asteach
annsna geatadhuibhsi.


L. Ir17:21


Is marso adeir an Tighearna,
tugaidh aire dhíbh féin, agus ná hiomcraidh úa-lach
a ló na saóire, agus ná tugaidh
asteach a ngeatadhuibh Ierusalem íad.


L. Ir17:22


Agus ná hiomchraidh úalach a-mach
as bhur ttighthibh a ló na saóire,
agus ná dénuidh obair ar bith, achd náomh-uighidh
lá na saóire mar do aithin
misi dá bhur naithribh.


L. Ir17:23


Acht níor áontuigheadarsan,
agus níor chláonadar a cclúas; acht
dorinneadar a muinéil seasmhach, chor
nach ccluinfidís, agus nach gébhaidís
teagasc.


L. Ir17:24


Agus tiucfuidh a ccrích, má
éistighe go dúthrachtach riomsa (adeir
an Tighearna) gan úalach do bhreith
thríd gheatuidhibh na caithreachso a ló na
saóire, acht lá na saóire do náomhadh
gan obair ar bith do dhénamh ann:


L. Ir17:25


Annsin rachuidh asteach a
ngeatadhuibh na caithreachso ríghthe agus
prionnsuidhe ag suidhe ar chathaóir Dhái-bhi,
ag marcuigheachd a ccarbaduibh, a-gus
ar eachaibh, íad féin agus a bpri-onnsadha,
fir Iúdah, agus áitreabhtha-cha
Ierusalem; agus fanfuidh an cha-thairsi
go bráth.


L. Ir17:26


Agus tiucfuid síad ó chaithrea-chaibh
Iúdah, agus ó na háitib timchioll
Ierusalem, agus ó fhearann Bheniamin,
agus ón réiteach, agus ón tslíabh, agus
ón deisceart, ag tabhairt ofrálach lois-ge
agus íodhbarthach léo, agus ofrá-lach
bhídh agus túis, agus ag tabhairt íodh-barthach
molta go tigh an Tighearna.


L. Ir17:27


Acht cheana muna néistighse
riomsa do náomhadh laé na saóire, agus
gan úalach diomchur ag dul asteach a
ngeatadhuibh Ierusalem a ló na saóire:
annsin deargfa mé teine iona geatadh-uibh,
agus loisgfidhsí pálás Ierusa-lem,
agus ní múchfuighear í.



Caib.18.


L. Ir18:1


An bhriathar noch tháinic go Ie-remiah
ón TTighearna, gha
rádh,


L. Ir18:2


Eírigh, imthigh síos go
tigh an photadóra, annsin
dobhéra mé ort mo bhríathra do chlos.


L. Ir18:3


Annsin dochuáidh mé síos go tigh
an photadóra, agus doibrigh sé obair ar
na roithlénuibh.


L. Ir18:4


Agus do milleadh an soitheach
dorinne sé do chriáidh, a láimh an
photadóra; annsin dorinne sé arís
é na shoitheach oile, mar dochonncus
don photadóir a dhénamh.


L. Ir18:5


Annsin tháinic bríathar an Ti-ghearna
chugamsa, gha rádh.


L. Ir18:6


O a thigh Israel, nach bhféd-uimsi
a dhénamh ribhsi, mar an bpota-dóir,
adeir an Tighearna? féuch,
martá an chré a láimh an photadóra, is
marsin atáthaóise am láimhse, a thigh
Israel.


L. Ir18:7


Gidhbé am a laibheora mé a ttáobh
chinidh, agus a ttáobh rioghachd, do
tharruing súas, agus do leagadh síos,
agus dá scrios:


L. Ir18:8


Má fhilleann an cineadhsin, ana-ghaidh
ar fhúagair mé, óna nolc, biáidh
aithreachus orumsa ónolc do bhreath-nuigh
mé do dhénamh na naghaidh.


L. Ir18:9


Agus gidhbé am a laibheora mé
a ttáobh chinidh, agus a ttáobh riogha-chda,
dá ccur súas, agus dá bplann-dughadh:


L. Ir18:10


Má ní sin olc ann mo radharc-
sa nach uimhleochuid dom ghuth, annsin
biáidh aithreachus orum fan maith le ndu-bhairt
mé go ndénuinn tarbha dhóibh.


L. Ir18:11


Déna anois ar anadhbharsin,
labhair ré fearuibh Iúdah, agus ré háit-reabhthachaibh
Ierusalem, gha rádh, is
mar so adeir an Tighearna, féuch,
do chum mé olc ann bhur naghaidhsi, agus
do thionnscuin mé smuáintighthe ann bhur
naghaidh: fillidh anois gach uile dhuine a-guibh
óna dhroichshlighe, agus dénuidh bhur
slighthe agus bhur ngníomha maith.


L. Ir18:12


Agus adubhradarsan, ní
bhfuil dóigh ar bith aguinn, acht imeocham
do réir ar ttoile féin, agus dodhéna
gach áon do réir bhreathnuighthe a dhroch-chroidhe
féin.


L. Ir18:13


Uimesin is marso adeir an
Tighearna, fíafruighidhse anois a
measg na ngeinteadh, cía chualaidh a lei-théid
so do neithibh? dorinne maighdion
Israel ní roadhfhuathmhar.


L. Ir18:14


An bhfúigfe duine mo mhaghsa ar
charruic, nó ar shneachda Lebanon? an
ttréigfíghear na huisgeadha reatha, ar
son na nuisceadh bhfúar ccoimhidhtheach,
thig as áitibh oile?


L. Ir18:15


Do bhrígh gur dhearmuid mo
phobal mé, do loisgeadar túis lé díomha-óineas,
agus thugadar orra tuisleadh
iona slighthibh as na seanchasán-uibh,
do shiubhal a ccasánuibh sligheadh
nar teilgeadh súas;


L. Ir18:16


Do dhénamh a ndúithche uáig-neach,
agus na sgige bhiothbhúan: biáidh
gach áonduine dá ngébha rena táobh
lán diongnadh, agus croithfidh a cheann.


L. Ir18:17


Scabfuidh mé íad mar budh leis
an ngaóith anoir roimhe an námhuid:
taisbeanfuidh mé an cúl dóibh, agus
ní hí anaghaidh a ló a ttruáighmhéile.


L. Ir18:18


Annsin adubhradarsan, tigidh
agus a dénam comhairle anaghaidh Iere-miah:
óir ní mhughochuidh an dligheadh
ón tsagart, nó comhairle óneagnuidhe,
nó an bhríathar ón bhfáigh: tigidh, a-gus
buáiliom é leis an tteangaidh, a-gus
ná tugam aire dénfhocal dá bhría-thruibh.


L. Ir18:19


Tabhairse aire dhamhsa, a Thighear-na,
agus éist ré guth na droinge
cheannairgios riom.


L. Ir18:20


An ccúiteochthar maith le
holc? óir do thocladar poll dom anam:
cuimhnigh gur sheas mé ad fhiagnuise do
labhairt maithiosa ar a son, diompógh
thfeirgesiúatha.


L. Ir18:21


Ar anadhbharsin seachuid
súas a cclann don ghorta, agus
dóirt amach a bhfuil lé neart
an chloidhimh, agus folmhuighthear a mná
fana ccloinn, agus bídís na mbaintrea-bhachuibh,
agus cuirthear a bhfir chum báis,
marbhthar a ndaóine óga leis an ccloi-dheamh
san ccath.


L. Ir18:22


Cluintear comhairc as a ttigh-thibh,
anuáir dobhéra tusa díorma go
hobann orra; óir do thochladar fail-chis
dom ghabháilsi, agus dfoluighea-dar
líonta dom chosuibh.


L. Ir18:23


Gidheadh a Thighearna atá fios a
ccomhairle uile agad am aghaidhsi dom
mharbhad: ná maith a néigceart, agus
ná scrios a bpeacadh amach as do
radharc, acht madhmuighthear íad ad
fhíadhnuisi; dén marso ríu anaimsir
thfeirge.



Caib.19.


L. Ir19:1


Is marso adeir an Tighearna,
imthigh, agus fagh buidél críadh
potadóir, agus glac do
sheanóiribh an phobail, agus
do sheanóiribh na sagart,


L. Ir19:2


Agus imthigh amach go gleann mhic
Hinnom, noch atá aig dul asteach an
gheata shoir, agus fúagair annsin na brí-thra
inneosas misi dhuit.


L. Ir19:3


Agus abair, éistighsi bríathra
an Tighearna, a Ríghthe Iúdah agus a
áitreabhthacha Ierusalem: is marso adeir
Tighearna na slógh, Día Israel,
féuch dobhéara mé olc air anáitsi, noch
gidhbé ar bith chluinfios, tormánfuid
a chlúasa.


L. Ir19:4


Do bhrígh gur thréigeadar misi,
agus go ndeárnadar anáitse coimhigh-theach,
agus gur loisgeadar túis innte
do dhéeibh oile, noch nárbhaithnid dhóibh
féin nó dhá naithribh, nó do Ríghthibh Iú-dah,
agus gur líonadar anáitsi lé fuil
neimhchiontuigh.


L. Ir19:5


Do chuireadar súas fós áite ár-da
Bhaal do loscadh a mac lé teine
mar ofrála loisge do Bhaal noch nachar
áithin misi, agus, nachar labhras,
agus nach ttáinic ann minntinn.


L. Ir19:6


Ar anadhbharsin féuch tiucfuid
na laéthe, adeir an Tighearna, nach
goirfighear Tophet donáitsi nísa mhó,
nó gleann mhic Hinnom, achd glean anáir.


L. Ir19:7


Agus dodhéna mé comhairle Iúdah
agus Ierusalem díomhaóin annsanáit-
si, agus dobhéra mé orra tuitim leis
an ccloidheamh roimhe an námhuid agus lé
láimh na druinge íarras a mbás, agus
dobhéra mé a ccuirp dá mbeith
na mbíadh ag éunuibh anaiéir, agus
ag beathuighibh na talmhan.


L. Ir19:8


Agus dodhéna mé an chathairsi
uáigneach, agus na sgige: lígfidh gach
uile dhuine dá ngéabha thairis, a-gus
dodhéna sé sgige do bhrígh a huile
phlághasan.


L. Ir19:9


Agus dobhéra misi orra feóil
a mac dithe, agus feóil a ninghean, a-gus
íosuidh gach uile dhuine dhíobh feóil a
charad annsa champa, agus annsa chrúa-dhóig
lé ccuimhgeochuid an námhuid, agus
an drong íarrus a mbás orra.


L. Ir19:10


Annsin brisfidh tú an búidél a
radharc na ndaóine théid leat,


L. Ir19:11


Agus adéra tú ríu, is marso
adeir Tighearna na slógh, eadhon is mar-
so bhrisfios mé an pobalso, agus an
chathairsi mar bhrisios neach soightheach an
photadóra, nach féidir a dhénamh slán arís,
agus adhlocuid síad ann Tophet,
nó go raibh gan áit adhluicthe ann.


L. Ir19:12


Is marso dodhéna mé ris anáitsi,
adeir an Tighearna, agus réna
háitreabhthachaibh, agus dodhéna mé
fós a ccathair mar Thophet.


L. Ir19:13


Agus saileochthar tighthe Ieru-salem,
agus tighthe Ríghthe Iúdah mar
áit Tophet ar son na nuile theagh dar
loisgeadar tuis ar a mulladhuibh do
slúagh neimhe uile, agus ar dhóirteadar
amach ofrála dighe do dhéeib oile.


L. Ir19:14


Annsinn tháinic Ieremiah ó Tho-phet,
mar ar chuir an Tighearna é dfái-gheadóireacht,
agus do sheas sé a ccúirt
thighe an tighearna, agus adubhairt sé
ris an bpobal uile.


L. Ir19:15


Is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel, féuch, dobhéra mé ar
an ccathruighsi agus air a bailtibh uile anuile
olc dár fhúagair mé na hagaidh: do
bhrígh gur chrúadhuigheadar a múinéil, chor
nach ccluinfidís mó bhríathra.



Caib.20.


L. Ir20:1


Anois dochúaluidh Passur
mhac Immer an sagart, noch
dobhí fós na phriomhúachta-rán
a ttigh an Tighearna,
gur thairghir Ieremiah na
neithesi.


L. Ir20:2


Annsin do bhuáil Passur an fáigh
Ieremiah, agus do chuir sé annsna cip
é, dobhí anáirdgheata Bheniamin, noch
dobhí láimh ré tigh an Tighearna.


L. Ir20:3


Agus tárla arna mhárach go
ttug Passur Ieremiah amach as na
cip; annsin adubhairt Ieremiah ríu, ní
Passur do ghoir an Tighearna dainm
dhíot, acht Magor-Missabib.


L. Ir20:4


Oír is marso adeir an Tighear-na,
féuch dodhéna mé úathbhás díot dhuit
féin, agus dot cháirdibh uile, agus tuit-fid
síad lé cloidheamh a námhad, agus dochífid
do shúilesi sin, agus dobhéra mé Iúdah
uile a láimh Rígh na Babilóine, agus muir-fidh
sé íad leis an ccloidheamh.


L. Ir20:5


Seachóduigh mé fós neart na cai-threachso
uile, agus a huile sháothar, a-gus
a huile neithe mórluáigh, agus
uile ionnmhus Rígh Iúdah dobhéra mé a
láimh a námhad, noch chreachfus íad, agus
ghlacfus íad, agus bérus léo don Bha-bilóin
íad.


L. Ir20:6


Agus racha tusa a Phassur
agus an mhéid chomhnuigheas ann do thigh a
mbraighdionas, agus racha tú don Bha-bilóin,
agus annsin dogheabhair bás, agus
is ann hadhlócthar thú, thú féin, agus do
cháirde uile, dar thairrghir tú bréga.


L. Ir20:7


O a Thighearna do mheall tú mé,
agus dobhí mé meallta: is treise thú
ná misi, agus rug tú buaidh: atáim a
ttarcuisne gach áonlá, bí gach uile
dhuine ag magadh orum.


L. Ir20:8


Oír ónam ar labair mé, do ghoir
mé go hárd, do ghoir mé éigion agus
dioghbháil: do bhrígh go ndérnadh masla
dhamhsa do bhréithir an Tighearna, agus
magadh láetheamhuil.


L. Ir20:9


Annsin adubhairt mé, ní thiucfa
mé thairis, agus ni laibhéora mé nísa
mhó iona ainm. Acht dobhí a fhocal am
chroidhe amhuil teine loisgneach íadhta sú-as
am chnámhuibh, agus dobhí mé coirthe
le hiomchar, agus níor fhéud mé fui-reach.


L. Ir20:10


Oír dochúala mé míoclú mhóráin;
eagla air gach áon taóibh; aithris, adeirid
siad, agus aithreosainmne é:
atá mo lucht aitheanta uile ag foraire
air mo bhacuighe, gha rádh, dobféidir
go meallfuidhe é, agus béuruimne buáidh
air, agus dodhénam ar ndioghaltas air.


L. Ir20:11


Acht atá an Tighearna liomsa
mar áon cumhachtach úatbhásach: ui-mesin
tuislighfid luchd minghreama, agus
ní bhéuruid buáidh, agus biáidh náire
mhór orra: óir ní bhéuruid síad biseach,
ní dearmodthar go bráth a milleadh sí-orruidhe.


L. Ir20:12


Acht a Thighearna na slógh
dhearbhus an fíréun, agus dochí na dubháin,
agus na chroidhe, faicim do dhíoghaltas
orra: óir as duit doscuil mé mo
chúis.


L. Ir20:13


Canuidhsi don Tighearna, moluidh
an Tighearna; óir do sháor sé anum an
bhoichd ó láimh luchd dénta anuilc.


L. Ir20:14


Gomadh malluighthe an lá iona
rugadh mé, narab beannuighthe an ló a
rug mo mháthair mé.


L. Ir20:15


Gomadh malluighthe an té thug
sgéula chum mo athar, gha rádh, rugadh
leannamh mic dhuit; agá dhénamh rolúath-gháireach.


L. Ir20:16


Agus bíodh an fearsin mar na
caithreachaibh do scrios an Tighearna,
agus nach dérna aithrighe: agus clui-neadh
sé an chomhairc ar maidin, agus an
gháir san meadhón laói.


L. Ir20:17


Do bhrígh nar mharbh sé misi ón
mbroinn: nó go mbeith mo mhathair na huáigh
agam, agus a brú do bheith torrach
orum a ccomhnuidhe.


L. Ir20:18


Cred fá ttáinic mé amach
as an mbroinn dfaicsin saóthair agus
doilghis, chor go ccríochchnothaói mo láethe
maille re náire.



Caib.21.


L. Ir21:1


An focal noch tháinic chum Ie-remiah
ón TTighearna, anuair
do chur an Rígh Sede-ciah
chuige Passur mhac Mel-chiah,
agus Sephaniah mhac Maaseiah
an sagart, gha rádh,


L. Ir21:2


Ceastnuigh, íarruim dathchuinge
ort, ris an TTighearna air ar soinne
(óir atá Nebuchadresar Rígh na Babi-lóine
ag dénamh cogaidh oruinn) má ní an
Tighearna rinn do réir a uile oibreach ion-gantach,
go rachuidh sé súas uáinn.


L. Ir21:3


Annsin adubhairt Ieremiah ríu, is
marso adérthaói re Sedeciah,


L. Ir21:4


Is marso adeir an Tighearna
Día Israel, féuch, fillfidh mé ar ais
na hairm chogaidh atá an bhur lámhuibh lé
ttroidthí anaghaidh Rígh na Babilóine,
agus anaghaidh na CCaldeánach, noch
shuighios bhur dtimchioll taobh amuigh do
na balladhuibh, agus cruinneochagh mé íad
a lár na caithreachso.


L. Ir21:5


Agus troidfidh mé féin bhur na-ghaidh
maille ré láimh sínte amach, a-gus
le righ láidir, a bhfeirg, a mbuile,
agus a ndíbhfheirg mhóir.


L. Ir21:6


Agus buáilfidh mé muintir na
caithreachso idir dhuine agus bheathach: dogheabuid
síad bás do phláigh mhóir.


L. Ir21:7


Agus na dhiáigh sin adeir an
Tighearna, seachóduigh mé Sedeciah Rígh
Iúdah, agus a sheirbhísigh, agus na
daoine, agus an mhéid do fágbhad annsa
chathruighsi ón bpláigh, ón cclóidheamh,
agus ón ghorta, a láimh Nebuchad-resar
Rígh na Babilóine, agus a láimh a námhad, agus
a láimh na ndaóine íarras a mbás, agus
buáilfidh sé íad le fáobhar an chloidhimh:
ní choigeoluidh sé íad, ní mó bhías
truáighe nó trócaire aige dhóibh.


L. Ir21:8


Agus adéra tú ris an bpo-balso,
is marso adeir an Tighear-na,
féuch, do chuir mé romhuibh slighe
na beatha, agus slighe an bháis.


L. Ir21:9


An té fhanfas annsa chathruigh-
si, éugfuidh sé ris an ccloidheamh, a-gus
ris an ngorta, agus ris an
bpláigh; acht mairfidh an té rachas a-mach,
agus thuitfios chum na CCal-deánach
champuighios oruibh, agus biáidh
a bheatha aigesion mar édáil.


L. Ir21:10


Oír do chuir misi maghaidh anaghaidh
na caithreachso chum uilc, agus
ní chum maitheasa, deir an Tighearna:
dobhérthar a láimh Rígh na Babilóine
í, agus loiscfidh sé í lé teine.


L. Ir21:11


Agus do tháobh tighe Rígh Iú-dah,
éistigh bréithir an Tighearna.


L. Ir21:12


A thigh Dháibhi, is marso adeir
an Tighearna, dén breitheamhnus
ar maidin, agus tárthuigh an té do
milleadh amach as láimh an mhilltéora,
deagla go rachadh mfearg amach amhuil
teine, agus go loisgfeadh chor nach
bhfédfadh áonduine a múchadh, do bhrígh
uilc bhur ngníomh.


L. Ir21:13


Féuch, atáim ad aghaidh, a
áitreabhuigh an ghleanna, agus chairge an
réitigh, adeir an Tighearna; noch adeir,
cía thiucfas anuas ar na-ghaidh?
nó cía rachus ann ar ttigh-thibh?


L. Ir21:14


Acht smaichteocha mé sibh
do réir sochair bhur ngníomh, adeir
an Tighearna: agus lasfa mé
teine iona fhoraoissin, agus loisg-fidh
sé anuile ní na thimchioll
faccuáirt.



Caib.22.


L. Ir22:1


Is marso adeir an Tighear-na,
imthigh síos go tigh Rígh
Iúdah, agus labhair an fo-calsa
annsin,


L. Ir22:2


Agus abair, éist bríathra an
Tighearna, a Rígh Iúdah noch shuighios
ar chathaóir Dháibhi, thusa, agus do
sheirbhísigh, agus do mhuintir théid asteach
annsna geatadhuibhsi.


L. Ir22:3


Is marso adeir an Tighearna,
dénuidhsi breitheamhnus, agus fíréntachd,
agus sáoruidh an dioghbhálach as láimh
an díbhfheirgidh: agus ná dénuidh égcóir,
ná dénuigh éigion ar an ccoimhthigheach,
ar an ndílleachda, nó air an mbaintreabh-uigh,
agus ná dóirtidhe fuil neimhchion-tach
annsanáitsi.


L. Ir22:4


Oír má nithí an níse dháríribh,
annsin tiucfa asteach a ngeatadhuibh
an tighesi, Ríghthe ag suidhe ar cha-thaóir
Dháibhi, ag marcuigheacht a gcar-baduibh,
agus ar eachuibh, é féin, agus
a sheirbhísigh, agus a mhuintir.


L. Ir22:5


Acht muna néistidhe na bríath-raso,
mionnuighim thríom féin, adeir
an Tighearna, go mbía an tighse na
fhásach.


L. Ir22:6


Oír ir marso adeir an Tighear-na
ré tigh Rígh Iúdah; is tú Gilead a-gamsa,
agus ceann Lebanon; acht go
deimhin dodhéna mé fásach dhíot, agus
caithreacha ann nach biáidh áitreabhadh.


L. Ir22:7


Agus gléusfa mé millteóiridhe
ad aghaidh, gach uile dhuine lena airm,
agus gérrfuid síad síos do shédair togh-tha,
agus teilgfid san teine íad.


L. Ir22:8


Agus gébhuid mórán fineadhach
tar an ccathruighsi, agus adéruid
síad gach aonduine rena chomhar-sain,
cred fa ndérna an Tigh-earna
marso ris an ccathruigh mhóir-
si?


L. Ir22:9


Annsin freagoruid síad, do
bhrígh gur thréigiodar cunnradh an
Tighearna a Ndía, agus gur adhra-dar
dée oile, agus go ndérnadar
seirbhís dóibh.


L. Ir22:10


Ná guilidhsi arson an mhairbh,
agus ná caóinidh é, acht guilidh go
géur ar son an té imthighios: óir
ní thiucfa sé nísa mhó, ní fhaicfidh sé
a thír dhúthaigh.


L. Ir22:11


Oír is marso adeir an Ti-ghearna
a ttaobh Shallum mhic Iosiah Rígh
Iúdah, noch do ríoghaidh anaith Iosiah
a athair, noch dochuaidh as anáitsi,
ní fhillfidh sé ann nísa mhó.


L. Ir22:12


Acht dogheabha sé bás annsanáit
a rugadar a láimh é, agus ní
fhaicfidh sé an tírsi ni is mhó.


L. Ir22:13


A mhairg don tí doní foirg-neadh
a thighe re héicceart, agus a sheom-radha
lé héccóruibh; ghlacus seirbhís
a chomharsan gan túarustal, agus
nach ttabhair dhó ar son a sháothair:


L. Ir22:14


Noch adeir, dodhéna mé dhamh
tigh fairsing, agus seomradha leathna,
agus ghearras fuinnéoga amach dhó, a-gus
chumhduighios le sédar é, agus
phinndélas é le Bhermilion.


L. Ir22:15


An mbía tú ad Rígh do bhrígh go
cclúduighionn tú thú féin ann sédar?
nachar ith, agus nachar ibh hathair? a-gus
nach dérnuidh sé breitheamhnus, a-gus
ceart; annsin dobhádhas go maith
aige?


L. Ir22:16


Dorinne sé breitheamhnus ar chúis
an bhoicht, agus aneasbuighidh, annsin do
bhádhas go maith aige: nacharbhé so
misi daithniughadh, adeir an Tighear-na?


L. Ir22:17


Acht ní bhfuilid do shúilesi,
nó do chroidhe, achd ar son do shainte
féin, agus do dhórtadh fola neimh-chiontuighe,
agus chum sáruighthe, agus
foiréigin do dhénamh.


L. Ir22:18


Uimesin is marso adeir an
Tighearna a ttaobh Iehoiacim mhic Io-siah
Rígh Iúdah, ní chaóinfid síad é,
uch a dhearbhráthair, nó uch a dheirbhshíur:
ní chaóinfid ar a shon, uch a thighearna,
nó uch a ghlóirsion.


L. Ir22:19


Adhlócthar é le hadhlacadh as-sail
arna tharruing agus arna
theilgion amach tar gheatadhuibh Ierusa-lem.


L. Ir22:20


Imthigh súas go Lebanon, a-gus
eigh, agus tóig súas do ghuth
ann Básan, agus comhairc óna sligh-thibh;
óir do scriosadh háos grádha
uile.


L. Ir22:21


Do labhair misi riot ann do sho-nus,
acht adubhairt tú, ní éistfid mé;
dobé so do bhésa ód óige, nachar
umhluigh tú dom ghuth sa.


L. Ir22:22


Iosuidh an gháoth súas hinnbhior
uile, agus imeochuid háos grádha a
mbraighdionas; go deimhin ansin biáidh
tusa náireach, agus claoidhte ar son
huile chiontadh.


L. Ir22:23


O a áitreabhach Lebanon, doní
do nead a sédruibh, ciodh a ghrásamhla
bhías tú anuáir thiucfas na doighthe
ort, an pían amhuil bean ré niodhnuibh?


L. Ir22:24


Fa mar mhairim adeir an Ti-ghearna,
gidh go mbíadh Coniah mhac Ie-hoiacim
Rígh Iúdah na shignéd ar mo
dheasláimh, thairis sin do thairreongainn as
sin thú.


L. Ir22:25


Agus dobhéara mé thú a láimh
na muintire íarrus do bhás, agus a
láimh na druinge a bhfuil eagla a ngnúi-se
ort, eadhon a láimh Nebuchadresar
Rígh na Babilóine, agus a láimh na
CCaldéanach.


L. Ir22:26


Agus teilgfidh mé amach thú, a-gus
do mhathair noch dorug thú go tír
oile nach innte rugadh thú, agus annsin
dogheabhthaói bás.


L. Ir22:27


Acht ní fhillfid síad chum na
tíre ionar mían léo filleadh.


L. Ir22:28


An é an fearso Coniah an
tiodhal briste tarcuisneach? an soitheach
gan dúil ar bith ann é? cred as ar
teilgeadh amach íad, é féin, agus a
shliocht, agus ar teilgeadh íad don
tír nach aithnid dóibh.


L. Ir22:29


O a thaluimh, a thaluimh, a thaluimh,
cluin bríathra an Tighearna.


L. Ir22:30


Is marso adeir an Tighearna,
scríobhuidhsi an fearso gan clainn, duine
nach béara biseach iona láethibh; óir ní
budh deighbhisigh aóinneach dá shliochd, ag
suighe air chathaóir Dháibhi, agus ag
ríaghlugadh nías mó ann Iúdah.



Caib.23.


L. Ir23:1


A Mhairg do na háodhairibh
sgriosas agus sgabus
caóirigh minbhir, adeir an
Tighearna.


L. Ir23:2


Uimesin is marso adeir
an Tighearna Día Israel anaghaidh
na náodhaireadh bhíathas mo phobal, do
scababhair mo thréud, agus do dhíb-reabhair
seachad íad, agus níor fhios-ruigheabhair
íad; féuch, digheola misi or-uibhsi
uilc bhur ngníomh, adeir an
Tighearna.


L. Ir23:3


Agus cruinneocha mé fuighioll
mo thréda as gach uile thír ann ar dhí-bir
mé íad, agus dobhéra mé arís
íad dá máinreachaibh, agus béid síol-mhar,
agus foirlíonfuid síad.


L. Ir23:4


Agus cuirfe mé súas áodhair-eadh
ós a ccionn, noch bheathochus íad, a-gus
ní bhéid eaglach nísa mó, ní bhéid
anbhfann, agus ní bhiáidh easbhuigh orra,
adeir an Tighearna.


L. Ir23:5


Féuch, tiucfaid na láethe,
adeir an Tighearna, iona ttóigfe mé
do Dháibhi beangán fíréunta, agus
ríghfidh Rígh, agus béra sé buáidh, a-gus
dodhéna sé breitheamhnus agus
ceart annsa talamh.


L. Ir23:6


Táirtheochthar Iúdah iona láe-thibhsion,
agus coimhneochuidh Israel
a ndótchus: agus isé so ainm re
ngoirfighear é; an Tighearna ar bhfí-réuntacht.


L. Ir23:7


Agus ar anadhbharsin féuch,
tiucfaid na láethe, adeir an Ti-ghearna,
nach aibeoruid síad nísá mhó,
mairidh an Tighearna noch thug aníos
clann Israel as chrích na Hégipte:


L. Ir23:8


Acht mairidh an Tighearna, noch thug
aníos, agus do thréoruigh sliochd tighe
Israel amach as an dtír thuáigh, a-gus
as gach uile thíortha ionar dhí-bir
mé íad, agus coimhneochuid síad io-na
ndúithche féin.


L. Ir23:9


Atá mo chroidhe ionnam astigh
briste, do bhrígh na bhfágh, criothnuighid
mo chnámha uile; is cosmhuil ré fear meis-ce
mé, agus is cosmhuil re fear noch
do chlaóidhigh fíon mé; do bhrígh an Tigh-earna,
agus do bhrígh bhríathar a náomhthachta.


L. Ir23:10


Oír atá an fearann lán dadhal-trannachaibh;
óir caóidhigh an tír do bhrígh
mionnadh: do tiormuigheadh súas áit mhían-gusach
anfásaigh, agus is olc a
ccúrsa, agus ní ceart a neart.


L. Ir23:11


Oír atá an fáigh, agus an sa-gart
araon neimhdhiadha, aseadh ann mo
thigh fuáir mé a néigceart, adeir an
Tighearna.


L. Ir23:12


Ar anadhbharsin biáidh a slighe
dhóibh, amhuil slighthe sleamhna annsa dor-chadus:
díbeorthar ar a naghaidh íad,
agus tuitfid annsin; óir dobhéra mi-si
olc orra, eadhon bhlíadhuin a bhféucha-na,
adeir an Tighearna.


L. Ir23:13


Agus dochonnairc mé amadá-nacht
a bhfáighibh Shamária, do thairrghirea-dar
tre Bhaal, agus thugadar ar
mo phobal Israel earráid do dhénamh.


L. Ir23:14


Dochonnairc mé fós a bhfáighibh
Ierusalem ní adhfhúathmhar, doníd a-dhaltrannas,
siubhluighid a mbréguibh,
neartuighid fós lámha lucht na míghníomh, go
nach bhfilleann áonduine óna olc: atáid
uile dhamhsa amhuil Sodom, agus a háit-reabhthuigh
amhuil Gomorrah.


L. Ir23:15


Uimesin is marso adeir Ti-ghearna
na slógh a ttáobh na bhfágh,
féuch, beathocha mé íad lé murmón-ta,
agus dobhéra mé orra uisge dom-blais
dól; óir dochuáidh neimhdhíaghachd
amach ó fháighibh Ierusalem tres an
dúthaigh uile.


L. Ir23:16


Is marso adeir Tighearna na
slógh, ná héistigh re bríatruibh na
bhfágh thairrghirios díbh: doníd síad dío-mhaóin
sibh, labhruid fis a ccroidhe féin,
agus ní has béul an Tighearna.


L. Ir23:17


Adeirid síad a ccomhnuidhe
ris a ndruing tharcuisnighios mé, adu-bhairt
an Tighearna, dogheabhthaoi síoth-cháin;
agus adeirid síad re gach
aon dá siubhluighionn do réir smu-aineadh
a chroidhe féin, ní thiucfuidh olc ar
bith oruibh.


L. Ir23:18


Oír cía sheas a ccomhairle an Ti-ghearna,
agus dochonnairc, agus dochúal-uidh
a bhríatar? cía chomarthuigh a bhrí-athar,
agus dochúaluidh í?


L. Ir23:19


Féuch, dochuáidh gáoth ghuáir-déin
amach ón TTighearna a ndíbhfheirg,
eadhon ghaoth gharbh ghuáirdén; tuitfidh
sí go doilghiosach ar cheannuibh na ndroch-dhaóine.


L. Ir23:20


Ní fhillfidh fearg an Tighear-na
nó go ccríochnuighidh sé, agus go
ccoimhlíonuidh sé smuáintighthe a chroidhe:
measfuidhesi sin go diongmhalta annsna
láethibh déighionacha.


L. Ir23:21


Ní misi do chuir na fáighesi
uáim, gidheadh do rithiodar: níor la-bhair
mé ríu, gidheadh do thairrghirea-dar.


L. Ir23:22


Acht da seasaidís ann mo cho-mhairlesi,
agus go ttiubhraidís ar mo
dhaóinibh mo bhríathra déisteachd, annsin
dfillfedís íad óna ndroichshlighe, agus
ó uilc a ngníomh.


L. Ir23:23


An Día a ngar misi, adeir
an Tighearna, agus nach Día mé a bhfad
uáit?


L. Ir23:24


An bhfédann áonduine é féin
dfolach anáitibh uaigneacha, nach bhfaic-fidh
misi é, adeir an Tighearna? nach
liomsa neamh agus talamh, adeir an
Tighearna?


L. Ir23:25


Dochúala mé cred adubhradar
na fáighe, noch thairrghios bréga ann
mainmsi, gha rádh, daisling mé, dais-ling
mé.


L. Ir23:26


Ga fad bhías so a gcroidhthibh
na bhfágh thairrghirios bréga? aseadh,
atáid na bhfáighibh ceilge a ccroidhe féin;


L. Ir23:27


Noch shaóileas a thabhairt ar mo
phobal mainm do dhearmad lena nais-lingthib,
noch innisios gach áonduine da
chomharsoin, amhuil do dhearmadar a naith-re
mainm ar son Bhaal.


L. Ir23:28


An fáigh agá mbí aisling inni-seadh
aisling; agus an té agá bhfuil
mfocalsa, labhradh sé mo bhríathar go
fírinneach: cred é buáin na cátha ris an
ccruineacht, adeir an Tighearna?


L. Ir23:29


Nach bhfuil mo bhríatharsa cos-mhuil
re teine, adeir an Tighearna: a-gus
cosmhuil ré hórd bhrisios an charr-uic
na blodhuibh?


L. Ir23:30


Uimesin féuch, adeir an Ti-ghearna,
atáimsi anaghaidh na bhfágh
ghadas mo bhríathra gach aon díobh óna
chomharsoin.


L. Ir23:31


Féuch, atáim anaghaidh na
bhfágh, adeir an Tighearna, bhláthuighios
a tteanga, agus adeir, adubhairt sé.


L. Ir23:32


Féuch, atáim anaghaidh na
druinge thairrghirios brionglóide bré-gacha,
adeir an Tighearna, agus innisios
íad, agus dobheir ar mo phobal seach-ránughadh
lena néttruime; agus ní
misi do chuir uáim íad, nó daithin
díobh: ar anadhbharsin ní thairbheochuid
síad don phobalso ar énchor, adeir
an Tighearna.


L. Ir23:33


Agus anuáir fhíafrochus an
pobalso, nó fáigh, nó sagart díot-
sa, gha rádh, cred é úalach an Tigh-earna?
déra tú ríu annsin, cred an
túalach? eadhon tréigfidh mé sibhse, adeir
an Tighearna.


L. Ir23:34


Agus ar son anfágha, agus an
tsagairt, agus an phobail adérus, úalach
an Tighearna, cúairteocha mé an fearsin,
agus a thigh.


L. Ir23:35


Is marso adérthaóisi gach uile
dhuine rena chomharsoin, agus gach áon rena
dhearbhrathair, cred do fhreagair an Tigh-eagna,
agus cred adubhairt an Tighearna?


L. Ir23:36


Agus ní thiucfuidhe thar úalach
an Tighearna nísa mhó; óir budh ualach
do gach áonduine a fhocal féin: óir do
chláonabhair bríathra an Dé bhí, Tighearna
na slógh, ar Ndíane.


L. Ir23:37


Is marso adéra tú ris an
bhfáigh, cred do fhreagair an Tighear-na
dhuit? agus cred do labhair an Ti-ghearna?


L. Ir23:38


Acht ó dearthaóise, úalach
an Tighearna, uimesin is marso, adeir
an Tighearma, do bhrígh go nabarthaói
an focalso, ualach an Tighearna, a-gus
gur chuir misi fios chugaibh,
gha rádh; ní aibeorthaói, ualach an
Tighearna:


L. Ir23:39


Ar anadhbharsin féuch, misi, agus
dearmoda mé sibh thríd amach, agus tréig-fidh
mé sibh, agus an chathair thug mé dhaóibh
féin agus da bhur naithribh, agus teilg-fidh
mé amach as mo lathair sibh.


L. Ir23:40


Agus dobhéra mé scannail
shíorruidhe oruibh, agus náire shíothbúan
nach dearmodthar.



Caib.24.


L. Ir24:1


Do thaisbéin an Tighearna dhamh-
sa, agus féuch, do cui-readh
dhá chlíabh fhígeadh as coinne
theampuill an Tighearna, a
ndíaigh Nebuchad-ressar Rígh na Ba-bilóine
do bhreith Ieconiah mhic Iehoia-cim
Rígh Iúdah leis a láimh, agus
prionnsadha Iúdah maille ris na sáo-ruibh,
agus leis na gaibhnibh ó Ierusa-lem,
agus rug leis don Bhabilóin
íad.


L. Ir24:2


Dobhádar fígeadha maithe a cclíabh
dhíobh, eadhon cosmhuil ris na fígibh bhíos
abuidh ar tús, agus an clíabh oile iona
rabhadar fígeadha roolca, nacharbhféi-dir
dithe air a nolcus.


L. Ir24:3


Annsin adubhairt an Tighearna ri-omsa,
cred dochí thú, a Ieremiah? a-gus
adubhairt misi, fígeadha: na fígeadha
maithe, romaithe, agus na droichfhíghea-dha
roolca, nach éidir dithe air a nol-cus.


L. Ir24:4


Tháinic arís bríathar an Ti-ghearna
chugam, dha rádh,


L. Ir24:5


Is marso adeir an Tighearna
Día Israel: amhuil na fígheadh maithesi,
is marsin aideomhus misi an lucht ru-gadh
ar siubhal a láimh do Iúdah, noch
do chuir mé amach as anáitsi go tír na
Ccaldéanach ar mhaith ríu.


L. Ir24:6


Oír cuirfidh mé mo shúile orra ar
mhaith, agus dobhéra mé don dúthaighsi arís
íad, agus cuirfidh mé súas íad, a-gus
ní thairreonga mé síos íad; agus
plainndeocha mé íad, agus ní thairreonga
mé aníos íad.


L. Ir24:7


Agus dobhéra mé croidhe dhóibh
dom aithniughadh gur mé an Tighearna, a-gus
béid na bpobal agamsa, agus
biáidh misi am Dhía acasan; óir fill-fid
síad chugam maille rena nuile
chroidhe.


L. Ir24:8


Agus amhuil na droichfhígeadh nach
féidir dithe air a nolcus: (go deimhin is
marso adeir an Tighearna) is amhluigh
sin sheachódus mé Sedeciah Rígh Iúdah,
agus a phrionnsadha, agus an chuid oile
do Ierusalem atá dfuighioll ann sa tír-
si, agus an drong chomhnuighios a gcrích
na Hégipte.


L. Ir24:9


Agus seachóduigh mé íad chum a
náthrughadh go huile rioghachdaibh na tal-mhan
chum a ndochair, dá mbeith na scannail
agus na seanfhocal, na magadh agus
na mallughadh annsna huile áitibh a ndí-béora
mé íad.


L. Ir24:10


Agus cuirfidh mé an cloidheamh, an
ghorta, agus an phláigh iona measc, nó
go scriostar íad as an ttalamh thug
mé dhóibh féin agus dá naithribh.



Caib.25.


L. Ir25:1


An bhriathar noch tháinic go Ie-remiah
a ttaobh phobail Iú-dah
uile annsa cheathramhadh blía-dhuin
do Iehoiacim mhac Iosi-ah
Rígh Iúdah, ba hí sin an chéidbhlía-dhuin
do Nebuchadressar Rígh na Ba-bilóine:


L. Ir25:2


Noch do labhair an fáigh Ieremiah
re pobal Iúdah uile, agus ré muintir
Ierusalem uile, gha rádh;


L. Ir25:3


On treas blíadhain déug do Iosiah
mhac Amon Rígh Iúdah, eadhon go nuige
an lása (sé sin an treas blíadhan fíth-chiod)
tháinic focal an Tighearna chugam-
sa, agus do labhair mé ribhsi, ag mo-chéirghe
agus ag labhairt, acht níor
éisteabhair.


L. Ir25:4


Agus do chuir an Tighearna chu-gaibh
a uile sheirbhísigh na fáighe, ag
éirghe go moch agus dá ccur úadh,
acht níor éisteabhairse, ní mó do chláona-bhair
bhur cclúas do chluinsion.


L. Ir25:5


Adubhradarsan, fillidhsi a-nois
gach áon aguibh óna dhroichshlighe,
agus ó olc bhur ngníomh, agus áitreabhuidh
annsa tír thug an Tighearna dhibh féin a-gus
dá bhur naithribh go sáoghal na sáo-ghal.


L. Ir25:6


Agus ná himthighidh a ndiáigh dée
oile dfoghnamh dhóibh, agus dá nadhradh, agus
ná brostuighidhe misi chum feirge lé hoi-breachaibh
bhur lámh, agus ní dhéna mé
dochar ar bith dhíbh.


L. Ir25:7


Gidheadh, níor éisteabhair riom, adeir
an Tighearna, chor go ccoirreochadh
sibh mé chum feirge lé hoibreachaibh bhur
lámh, chum bhur ndochair féin.


L. Ir25:8


Uimesin is marso adeir Ti-ghearna
na slógh, do bhrígh nár éistea-bhair
mo bhriathra,


L. Ir25:9


Féuch, cuirfidh mé uáim, agus
glacfa mé muinteara an tuáiscceirt
uile, adeir an Tighearna, agus Ne-buchadressar
Rígh na Babilóine mo
sheirbhíseach, agus dobhéra mé ana-ghaidh
na tírese íad, agus anaghaidh
a háitreabhthach, agus anaghaidh na
ccineadhach so uile timcioll faccuáirt:
agus scriosfuidh mé thríd amach íad,
agus dodhéna mé úathbhás díobh, agus
sgige, agus fásach síorruidhe.


L. Ir25:10


Tuilleamh oile, bhéra mé uatha guth
an tsúgartha, agus guth na lúath-gháire,
guth anfír nuadhphósta, a-gus
guth na mná nuadhphósta, tormán
na brón muilinn, agus solus na coinn-le.


L. Ir25:11


Agus biáidh an talamhso uile
na fhásach, agus na úathbhás; agus
foigheonuid na cineadhacha do Rígh na Ba-bilóine
seachdmhoghad blíadhan.


L. Ir25:12


Agus tiucfaidh a ccrích anuáir
choimhlíontar seachtmhoghad blíadhan, bhéra
mé cuairt ar Rígh na Babilóine agus
air an ccineadhso, adeir an Tighearna, do
bhrígh a néigceirt, agus air dhúthaigh
na Ccaildéanach, agus dodhéna mé fá-sach
síothbhúan díobh.


L. Ir25:13


Agus dobhéra mé air an ttalamh-
sin muile bhríathra, noch do labhair mé na
haghaidh, eadhon anuile ní dá bfuil scrí-obhtha
annsa leabharso, noch do thairrghir
Ieremiah anaghaidh na ccineadhach
uile.


L. Ir25:14


Oír foigheonuid mórán cineadhach,
agus Ríghthe móra dhóibh féin díobh-
san mar an ccédna: agus cúiteochuid
ríu do réir a ngníomh, agus do réir
oibreach a lámh féin.


L. Ir25:15


Oír is marso adeir an Ti-ghearna
Día Israel riomsa, glac cu-pán
fíona na díbhfheirgesi as mo láimh,
agus tabhair ar no huile chineadh, gus a
ccuirfe misi thú, ól de.


L. Ir25:16


Agus iobhuid é, agus coirreoch-thar
íad, agus béid ar buile, do
bhrígh an chloidhimh chuirfios mé iona
measg.


L. Ir25:17


Annsin do glac misi an cupán
as láimh an Tighearna, agus thug mé ar
na cineadhachaibh uile a ól, chum ar chuir
an Tighearna mé.


L. Ir25:18


Mar atá Ierusalem, agus
caitreacha Iúdah, agus a Ríghthesin, a-gus
a prionnsuidhe, do dhénamh fásaigh
dhíobh, agus úathbháis, agus magaidh,
agus malluighthe mar atá aniugh.


L. Ir25:19


Phárao Rígh na Hégipte, a-gus
a sheirbhísigh, agus a phrionnsadha,
agus a dhaoine uile,


L. Ir25:20


Agus na daóine cumaisc uile,
agus uile Ríghthe thíre Us, agus uile
Ríghthe thíre na BhPhilistíneach, agus
Ascelon, agus Assah, agus Ecron,
agus fuighioll Asdad,


L. Ir25:21


Edom, agus Moab, agus
clann Ammon,


L. Ir25:22


Agus uile Ríghthe Tíor, a-gus
uile Ríghte Sídon, agus Ríghthe
na noileán, noch atá taobh thall
dfairge,


L. Ir25:23


Dedan, agus Tema, agus
Bus, agus gach a bhfuil annsna corruibh
is faide amach,


L. Ir25:24


Agus uile ríghthe na Hárabia, a-gus
uile Ríghthe na muintire cumuisc-the
áitreabhus annsa díothramh,


L. Ir25:25


Agus uile Ríghthe Simri, agus
uile Ríghthe Elam, agus uile Ríghthe
na Médianach,


L. Ir25:26


Agus uile Ríghthe an tuáisceirt
a gcéin agus a bhfogus, ó áon go
chéile, agus uile rioghachda an domhuin,
noch atá ar ghnúis na talmhan; agus
iobhuidh Rígh Sesach na ndiáigh so.


L. Ir25:27


Ar anadhbharsin adéura tú
ríu, is mar so adeir Tighearna na
slógh Día Israel, ibhidh, agus bíthí ar
meisce, agus sceithidh, agus tuitidh,
agus na héirghidhe nías mhó do bhrígh an
chloidimh chuirfeas mé bhur measc.


L. Ir25:28


Agus is amhluigh bhías, má dhíul-tuid
an cupán do ghlachadh as do láimh dá
ól, annsin adéra tú ríu, is marso adeir
Tighearna na slógh, go deimhin iobh-thuidhse.


L. Ir25:29


Oír féuch, tosuighimse ar olc
do thabhairt air an ccathruigh, noch goir-thear
an mainm, agus an mbía sibhsi go
hiomlán gan smachdugadh? ní bheithí gan
smachtughadh, óir goirfiodsa air chloidhi-omh
chum uile áitreabhthach na talmhan, adeir
Tighearna na shlógh.


L. Ir25:30


Ar anadhbharsin tairrghir thusa
na naghaidh na bríathraso uile, agus abair
ríu, núallfuidh an Tighearna ónárd,
agus laibheóruidh sé óna áitreabh náomhtha,
béicfidh sé go cumhachdach ar a áit chomh-nuidhe,
agus dobéra sé gáir amhuil
an drong bhrúighios na grápadha ana-ghaidh
uile áitreabhthach na talmhan.


L. Ir25:31


Tiucfaidh tormán go himlibh na
talmhan; óir atá imreasan ag an TTi-ghearna
ris na cineadhachaibh; taigeoruidh
sé ris anuile fheóil, dobhéra sé an
dream atá go holc don chloidheamh, adeir
an Tighearna.


L. Ir25:32


Is marso adeir Tighearna an slógh,
féuch rachaidh olc amach ó chineadh go ci-neadh,
agus tóigfighear gáoth mhór súas
ó imlibh na talmhan.


L. Ir25:33


Agus béid mairbh an Tighearna
an lá sin ó chorr don talamh go nuige an
ccuir oile don talamh: ní chaóinfí-ghear
íad, ní chruinneochtar íad, ní mó
adhlochthar íad, béid na naóileach air an
ttalamh.


L. Ir25:34


Núalluidhsi a thréduighe na
ccáorach, agus éighidh, agus unfuirthíghe sibh
féin a luaithreadh a dhrong is prinnsio-pallta
don tréud: óir do coimhlíonadh
láethe bur náir agus bhur niomscaóilte,
agus tuitfidhe amhuil soitheach dúileamhuil.


L. Ir25:35


Agus ní bhiáidh conair teithmhe ar
bith ag na háodhairibh cáorach, nó ag an
ccuid is férr do na tréduighibh ar dul
as.


L. Ir25:36


Cluinfighear nuáill éighimh an tré-duighe,
agus gubha thogha an tréda:
óir do mhill an Tighearna a ninnbhior.


L. Ir25:37


Agus atáid na háite comhnuidhe
síothchánta arna ngearradh síos, tre
fheirg fhiochmhair an Tighearna.


L. Ir25:38


Do thréig sé a dhíon amhuil an
leomhan; óir atá a ttír uaigneach, tre
dhíbhfheirg an mhilltéora, agus tré a
fheirg fhíochmhairsion.



Caib.26.


L. Ir26:1


A ttosach rioghachta Iehoia-cim
mhic Iosiah Rígh Iúdah,
tháinic an bríatharso ón TTi-ghearna,
gha gádh;


L. Ir26:2


Is marso adeir an Tighearna,
seas a ccúirt thighe an Tighearna, agus
labhair ré huile chaithreachaibh Iúdah, noch
thig go tigh an Tighearna dadhradh, na
huile bhríathra aitheonus misi dhíot do
labhairt ríu; ná laghduigh áon fhocal.


L. Ir26:3


Má éistid síad riot, agus
go bhfillfidh gach áonduine óna dhroich-shlighe,
chor go mbía aithreachus orum-
sa fanolc do thionnscuin mé do
dhéanamh orra, tre olcus a ngní-omh.


L. Ir26:4


Agus adéara tú ríu, is mar-
so adeir an Tighearna, muna numhluigh-thí
dhamhsa do shiubhal ann mo dhligheadh, noch
do chuir mé romhuibh,


L. Ir26:5


Déisteacht re bríathruibh mo sheir-bhíseach,
na fáighe noch do chuir mé
chugaibh aráon ag éirghe air maidin,
agus dá ccur uáim, acht níor éistea-bhair.


L. Ir26:6


Annsin dodhéna misi an tighse
cosmhuil ré Síloh, agus dodhéna mé an
chathairsi na mallughadh do uile chineadhachuibh
na talmhan.


L. Ir26:7


Marsin dochúaladar na sa-gairt
agus na fáighe, agus an pobal
uile Ieremiah ag rádh na mbríatharso
a ttigh an Tighearna.


L. Ir26:8


Anois tárla anuáir do chríoch-nuigh
Ieremiah do labhairt ar anuile ní
dar aithin an Tighearna dhe do rádh ris an
bpobal uile, gur ghlachadar na sagairt,
agus na fáighe agus an pobal uile é, gha rádh,
go deimhin cuirfíghear chum báis thú.


L. Ir26:9


Cred fár thairghir tú anainm an
Tighearna, gha rádh, biáidh an tighso
cosmhuil re Síloh, agus biáidh an chathair-
si uáigneach gan áitreabhthach? agus do
chruinnigh an pobal uile anaghaidh Ieremi-ah
a ttigh an Tighearna.


L. Ir26:10


Anuáir dochúaladar prionn-sadha
Iúdah na neithesi, annsin thanga-dar
súas ó thigh an Rígh go tigh an
Tighearna, agus do shuigheadar síos a ndul
asteach an gheata nuáidh thighe an Tighearna.


L. Ir26:11


Annsin do labhradar na sa-gairt,
agus na fáighe ris na prionnsa-dhuibh,
agus ris an bpobal uile, dha rádh,
atá breathamhnus báis air an bhfearso:
óir do thairrghir sé anaghaidh na cai-threachso,
mar dochúalabhair lé bhur cclúa-saibh.


L. Ir26:12


Annsin do labhair Ieremiah ris na
prionnsadhuibh uile, agus ris an bpobal,
ag rádh, do chuir an Tighearna misi
dfáigeadóireacht anaghaidh an tighe se,
agus anaghaidh na caithreachso, na
huile bhríathra dochúalabhair.


L. Ir26:13


Uimesin anois leasuighidh
bhur slighthe, agus bhur ngníomha, agus
umluighidh do ghuth an Tighearna bhur Ndía,
agus biáidh aithreachuis air an TTighear-na
ónolc dfúagair sé bhur naghaidh.


L. Ir26:14


Ar mo shonsa, féuch, atáim
ann bhur láimh, dénuidh riom mar is feárr, agus
mar is iomchubhaidh dochítior dhíbh.


L. Ir26:15


Acht bíodh a fhios aguibh go dearbh-tha,
má chuirthí misi chum báis, go ttiubhar-thaói
go deimhin fuil neimhchiontach oruibh
féin agus air an ccathruighsi, agus air a hái-treabhthacaibh:
óir go fírinnioch do chuir an
Tighearna misi chugaibh do labhairt na mbrí-atharso
uile ann bhur cclúasaibh.


L. Ir26:16


Annsin adubhradar na prionnsa-dha,
agus an pobal uile ris na sagar-tuibh
agus ris na fáighibh, ní cóir an
fearso do chuir chum báis, óir do labhair sé
rinn anainm an Tighearna ar Ndía.


L. Ir26:17


Annsin déirigh suas cuid do
sheanóiribh na tíre, agus do labhradar re
huile oireachtus an phobail, gha rádh,


L. Ir26:18


Do thairrghir Micah an Mo-rasíteach
a laéthibh Heseciah Rígh Iúdah,
agus do labhair sé ré muintir Iúdah uile,
gha rádh, is marso adeir Tighearna na
slógh, treabhthachar Sion amhuil machaire, agus do
dhéntar caírn do Ierusalem, agus slí-abh
an tighe, mar áitibh árda na foraoise.


L. Ir26:19


Ar chuir Heseciah Rígh Iúdah,
agus Iúdah uile chum báis ar aonchor é?
nach raibh eagla an Tighearna air? agus nachar
íarr sé an Tighearna, agus nacharbhaithreach
leis an TTighearna an tolc
dfúagair sé na naguidh? marso do dhé-namaoisne
olc mór anaghaidh ar nanmann.


L. Ir26:20


Agus dobhí fós óglach do thairr-ghir
anainm an Tighearna, Uriah mhac
Semaiah, do Chiriat-iearim, noch do thairr-ghir
anadhuigh na caithreachso agus anaghaidh
na tíreso do réir uile bhríathra Ieremiah.


L. Ir26:21


Agus anuáir dochúaluidh Ieho-iacim
an Rígh maille rena dhaóinibh
cumhachtacha uile agus na prionnsadha
uile, a bhríathra, díarr an Rígh a
chur chum báis: agus an tan dochualuidh
Uriah sin dobhí sé eaglach, agus do
theith sé, agus dochuáidh sé don Négipt.


L. Ir26:22


Agus do chuir Iehoiacim an Rígh
daóine don Négipt Elnatan mhac Achbor,
agus daóine áirigh maille leis don Négipt.


L. Ir26:23


Agus thugadar Uriah amach
as an Négipt, agus rugadar go Ie-hoiacim
an rígh é, noch do mharbh leis an
ccloidheamh é, agus do theilg a chorp marbh
anuáighibh na ndaóine gcoictchionn.


L. Ir26:24


Thairis sin dobhí lámh Ahicam mhic
Saphan ré Iéremiah go nach ttiubhraidís
é a láimh an pobail dá chur chum báis.



Caib.27.


L. Ir27:1


A ttosach rioghacht Iehoiacim
mhic Iosiah Rígh Iúdah, thái-nic
an focalso go Ieremiah
ón TTighearna, gha rádh,


L. Ir27:2


Is marso adeir an Tighearna
riomsa, dén dhuit féin cuibhreach a-gus
cuingleach, agus cuir air do mhuineal
íad.


L. Ir27:3


Agus cuir íad, go Rígh Edom
agus go Rígh Moab, agus go Rígh
na Namoríteach, agus go Rígh Tíor,
agus go Rígh Sídon lé láimh na tteach-ta
thiucfas go Hierusalem go Sé-deciah
Rígh Iúdah.


L. Ir27:4


Agus aithin díobh a rádh ré na
maighistríbh, is marso adeir Tigh-earna
na slogh Día Israel, is marso
adérthaí ré bhur maighistribh.


L. Ir27:5


Dorinne mé an talamh, an duine,
agus an beathach atá air an ttalamh
lem mhórchumhacht, agus lém láimh sín-te
amach, agus thug mé é don tí doconnchas
iomchubhaidh dhamh.


L. Ir27:6


Agus anois thug mé na fearainn-
si uile a láimh Nebuchadnesar Rígh
na Babilóine mo sheirbhíseach, agus thug
mé dhó fós beathuighe an mhachaire dfogh-nam
dhó.


L. Ir27:7


Agus foigheonuid na huile chinea-dhacha
dhó, agus da mhacaibh, agus do
mhacuibh a mhac, nó go ttí am
cinnte a thíre: agus annsin dobhéraid
mórán cineadhach, agus Ríghthe móra
airsion foghnamh dhóibh.


L. Ir27:8


Agus tiucfaidh a ccrích gidhbé
cineadh ná rioghacht nach bhfoigheonuidh
do Nabuchadnessar chédnasin Rígh na
Babilóine, agus nach ccuirfe a muinéil
fa chuing Rígh na Babilóine, smaich-teocha
misi an cineadhsin, adeir an
Tighearna, leis an ccloidheamh, agus
leis an ngorta, agus leis an bpláigh,
nó go scriosa mé íad lena láimh-
sion.


L. Ir27:9


Uimesin ná héistighsi re bhur
bhfáighibh, nó re bhur bhfáistineachaibh, nó
ré bhur naislingtheachaibh, nó ré bhur
ndraóithibh, nó ré bhur ngeasadóiribh,
labhrus ribh ghá rádh, ní fhoigheontuidhe
do Rígh na Babilóine:


L. Ir27:10


Oír is faigheadóireacht bhréige
doníd díbh, dá bhur nátharrughadh a
bhfad ó bhur ndúthaigh, agus go ndí-beoruinnsi
amach sibh, agus go rachadh
sibh amugha.


L. Ir27:11


Acht na cineadhacha dobheir a
muinéil fá chuing Rígh na Babilóine, a-gus
seirbhís do dhénamh dhó, léigfidh
mé dhóibh sin fuireach a ccomhnuidhe ann a
ttír féin, adeir an Tighearna: agus
sáothrochuid é, agus coimhneochuid ann.


L. Ir27:12


Do labhair mé fós ré Sedeciah
rígh Iúdah do réir na mbríatharso
uile, gha rádh, tugaidh bhur muineil fa
chuing Rígh na Babilóine, agus oiridh
dhó, agus da mhuintir, agus mairidh.


L. Ir27:13


Cread as a négfadh sibh, thú
féin, agus do mhuintir leis an ccloi-dheamh,
leis an ngorta, agus leis an
bpláigh, mar do labhair an Tighearna anaghaidh
an chinidh nach oirfidh do Rígh
na Babilóine?


L. Ir27:14


Ar anadhbharsin ná héistigh
re bríathruibh na bhfágh, adeir ribh, gha
rádh, ní óirfidhe do Rígh na Babi-lóine;
óir is fáigheadóireacht bhréige
doníd dhíbh.


L. Ir27:15


Oír ní misi do chuir uáim íad,
adeir an Tighearna, gidheadh tairrghirid
síad brég ann mainm, chor go ndíbéor-uinn
sibh amach, go rachadh sibh amu-gha,
sibh féin, agus na fáighe thairr-ghirios
díbh.


L. Ir27:16


Do labhair mé fhós ris na sa-gartaibh
agus ris an bpobalso uile,
gha rádh, is marso adeir an Tigh-earna,
ná héistigh ré bríathra bhur
bhfágh fháistineas díbh, gha rádh, féuch,
fillfid soighthidhe thighe an Ti-ghearna
anois go goirid ón Bhabi-lóin;
óir tairrghirid brég dhíbh.


L. Ir27:17


Ná héistigh ríu, foghnuighidh
do Rígh na Babilóine, agus beithí
beó: cred as a bhfúicfíthí an chathairse
na bán?


L. Ir27:18


Acht más fáighe íad, agus
má atá bríathar an Tighearna léo,
dénaidis anois eadarghuidhe chum Ti-ghearna
na slógh, chor nach ttíaghaid
na soighthidhe do fágbhadh a ttigh an
Tighearna, agus a ttigh Rígh Iúdah,
agus ann Ierusalem don Bhabilóin.


L. Ir27:19


Oír is marso adeir Tighear-na
na slógh, a ttaobh na bpiléur, a-gus
a ttáobh na fairge, agus a ttáobh
na bhfulaingeadh, agus a ttaobh fhui-ghill
na soitheach dfan annsa chathrui-ghsi,


L. Ir27:20


Nach rug Nebuchadnessar Rígh
na Babilóine leis anuáir rug sé
Ieconiah mhac Iehoiacim Rígh Iú-dah
a láimh leis ó Ierusalem don
Bhabilóin, agus uáisle Iúdah, a-gus
Ierusalem:


L. Ir27:21


Aseadh, is marso adeir Tigh-earna
na slógh, Día Israel, a ttaobh
na soitheach do fágbhadh a ttigh an Ti-gearna
agus a ttigh Rígh Iúdah, a-gus
Ierusalem.


L. Ir27:22


Bérthar don Bhabilóin íad,
agus béid annsin nó go ttige an
lá fa racha misi da bhfaicsin, adeir
an Tighearna: annsin dobhéra mi-si
aníos íad, agus aiseoguidh mé don
náitsi íad.



Caib.28.


L. Ir28:1


Agus tárla an bhliadhuin chéd-na
a ttosach rioghachta
Shedeciah rígh Iúdah ann-
sa cheathramhadh blíadhain, a-gus
annsa chúigheadh mí, gur labhair Ha-naniah
mhac Asur an fáigh noch dobhí
do Ghibeon riomsa a ttigh an Tigh-earna
a lathair na sagart, agus an
phobail uile, gha rádh,


L. Ir28:2


Is marso labhrus Día na slógh
Día Israel, gha rádh, do bhris mé cuing
Rígh na Babilóine.


L. Ir28:3


Taobh astigh do dhá bhliadhuin iom-lána
dobéra mé liom arís don náit-
se uile shoithighe thighe an Tighearna
rug Nebuchadnessar Rígh na Babilóine
leis as anáitse, agus diomchair sé
don Bhabilóin.


L. Ir28:4


Agus dobhéra mé arís don
náitse Ieconiah mhac Iehoiacim Rígh
Iúdah maille re uile bhraighdibh Iúdah
dochuáidh don Bhabilóin, adeir an
Tighearna: óir brisfidh misi cuing Rígh
na Babilóine.


L. Ir28:5


Annsin adubhairt an fáigh Ie-remiah
ris an bhfáigh Hananiah, a
bhfíaghnuise na sagart, agus a
bhfíaghnuise an phobail, uile do sheas a
ttigh an Tighearna,


L. Ir28:6


Edhon adubhairt an fáigh Iere-miah,
Amen, go ndérna Día sin, go
ccoimhlíona an Tighearna do bhríath-rasa,
noch adubhairt tú, do thabhairt
soithidhe thighe an Tighearna ar ais,
agus anuile dhuine dá rugadh a láimh
don Bhabilóin, don náitsi.


L. Ir28:7


Thairis sin éist anois an fo-calso
adéra misi ann do chlúasaibh,
agus a cclúasaibh an phobail uile.


L. Ir28:8


Do thairrghiodar na fáighe do
bhí romhamsa, agus romadsa anallód
aráon anaghaidh mhóráin tíortha, a-gus
anaghaidh rioghachta móra ar
chogadh, agus ar olc, agus ar
phláigh.


L. Ir28:9


An fáigh thairrghirios síothcháin
anuair thiucfas bríathra anfáigh a
gcrích, annsin aitheontar an fáigh
gurbé an Tighearna dharíribh do chuir
úadh é.


L. Ir28:10


Annsin do thóig an fáigh Ha-naniah
an chuing do mhuinél anfáigh
Ieremiah, agus do bhris sé í.


L. Ir28:11


Agus do labhair Hananiah a
bhfíadhnuisi an phobuil uile, gha rádh,
is marso adeir an Tighearna, eadhon
marso bhrisfios mé cuing Nebuchad-nessar
Rígh na Babilóine ó mhuinéul
na nuile chineadhach táobh astigh do
spás dhá bhlíadhan iomlán: agus dim-thigh
an fáigh Ieremiah roimhe.


L. Ir28:12


Annsin tháinic bríathar an Ti-ghearna
chum Ieremiah an fáigh (tar
éis Hananiah an fáigh do bhriseadh
chuinge a bhrághad anfáigh Ieremiah)
gha rádh,


L. Ir28:13


Imthigh, agus innis do Hana-niah,
dha rádh, is marso adeir an Ti-ghearna,
do bhris tú na cuibhrighe
maide, acht dodhéna tú cuibhrighe
íaruinn ar a son.


L. Ir28:14


Oír is marso adeir Tighear-na
na slógh Día Israel, do chuir mé
cuing íarruinn ar mhuinél na gcineadhach-
so uile, chor go noirfid do Nebuchad-nessar
Rígh na Babilóine, agus foigh-eonuid
dó, agus fós thug mé beathuigh
an mhagha dhó.


L. Ir28:15


Annsin adubhairt an fáigh Ie-remiah
re Hananiah an fáigh, éist
anois a Hananiah, ní hé an Tighear-na
do chuir uadh thú, acht dobheir
tú air an bpobalso dóthchusughadh a
mbréig.


L. Ir28:16


Uimesin is marso adeir an Ti-ghearna,
féuch, teilgfidh mé thusa do
ghnúis na talmhan: éugfuidh tú annsa
mblíadhuinsi, do bhrígh gur mhúin tú
easumhlacht anaghaidh an Tighearna.


L. Ir28:17


Mar sin déug Hananiah an
fáigh an bhlíadhuin chédna, annsa seachtmhadh
mí.



Caib.29.


L. Ir29:1


Anois asíad so bríathra na
litre do chuir Ieremiah an
fáigh ó Ierusalem chum na
coda oile do na sinnsior-uibh
noch rugadh a láimh, a-gus
chum na sagart, agus chum na
bhfágh, agus chum an phobail uile, rug
Nebuchadnessar leis a láimh ó Ie-rusalem
don Bhabilóin.


L. Ir29:2


(Tar éis Ieconiah an Rígh, an
bhainríoghan, agus na seomradóiridh,
prionnsadha Iúdah agus Ierusalem,
agus na sáor, agus na ngabhann dim-theacht
as Ierusalem.)


L. Ir29:3


Le láimh Elasah mhic Saphan, a-gus
Ghemariah mhic Hilciah, noch do
chuir Sedeciah rígh Iúdah don Bhabi-lóin
go Nebuchadnessar Rígh na
Babilóine, gha rádh,


L. Ir29:4


Is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel ris anuile dhuine rugadh
ar siubhal a láimh, noch thug misi fa
deara do bhreith ar siubhal ó Ierusa-lem
don bhabilóin.


L. Ir29:5


Dénuidhsi tighthe, agus comhnui-ghidh
ionta, agus plannduigidh gáir-díne,
agus ithig a ttoradh.


L. Ir29:6


Tugaidh mná, agus geinidh mic
agus ingheana, agus tugaidh mná da
bhur macaibh, agus tugaidh bhur nin-gheana
dfearuibh, chor go mbeirid mic
agus ingheana, chor go síolfuidhe annsin,
agus nach laighdeochthaói.


L. Ir29:7


Agus íarruidh síothcháin na caith-reach
chum a ttug misi fa deara bhur
mbreith a láimh, agus guidhigh chum an
Tighearna ar a son: óir iona síoth-cháinsion
dogheabhthaoisi síothcháin.


L. Ir29:8


Oír is marso adeir Tighearna
na slógh Día Israel, ná meallai-dís
bhur bhfáighe sibh agus bhur ngeasa-dóirigh
noch atá ann bhur lár, a-gus
ná héistidhe ré bhur naislingibh
noch dobhearthaói fá deara dfaicsin.


L. Ir29:9


Oír tairrghirid go brégach dhíbh
ann mainmsi: ní mé do chuir uáim íad,
adeir an Tighearna.


L. Ir29:10


Oír is marso adeir an Tigh-earna,
tar éis sheachdmhoghad blíadhan do
choimhlíonadh san Mbaibilóin, tiucfa mé
ar cuáirt chugaibh, agus coimhlíonfa mé
mfocal maith dhíbh ag tabhairt oruibh
filleadh don náitse.


L. Ir29:11


Oír atá fios na smuáintigheadh
smuáinim dá bhur ttáobh agum, adeir
an Tighearna, smuaintighthe síothchána,
agus ní uilc, do thabhairt críche agus
dóthchus díbh.


L. Ir29:12


Annsin goirfidhe orumsa, a-gus
rachfuidhe, agus guidhfidhe chugam-
sa, agus éistfidh mé ribh.


L. Ir29:13


Agus íarrfuidhe mé, agus
dogheabhthaói mé, anuáir spíon-fuidhe
dom íarruidh maille re bhur
nuile chroidhe.


L. Ir29:14


Agus biáidh misi ar fagháil
agaibh, adeir an Tighearna, agus fill-fidh
mé ar ais bhur ndaóirsi, agus crui-nneocha
mé sibh ó na huile chineadh, agus
as gach uile áit ionar dhíbir mé sibh, adeir
an Tighearna, agus dobhéra mé
sibh arís chum na háite, as a
ttug mé fa deara bhur mbreith a
láim.


L. Ir29:15


Do bhrígh go ndubhrabhair, do thóig
an Tighearna fáighe suas dúinn san Mba-bilóin:


L. Ir29:16


Bíodh a fhios aguibh gur marso
adeir an Tighearna ris an Rígh shui-ghios
ar chathaóir Dháibhi, agus ris
na huile dhaóinibh áitreabhus annsa chath-ruighsi,
agus re bhur ndearbhráithribh
nach deachuidh amach libh a mbraigh-dionas;


L. Ir29:17


Is marso adeir Tighearna na
slógh, féuch cuirfidh mé an cloidhi-omh
orra, an ghorta, agus an phláigh,
agus dodhéna mé cosmhuil ré fígibh
lobhtha íad, nach féidir dithe air a
nolcus.


L. Ir29:18


Agus ainleanfhuidh mé íad leis
an ccloidheamh, leis an ngorta, agus
leis an bpláigh, agus seachóduigh mé
íad da mbreith go huile rioghachtuibh na
talmhan, dá mbeith na mallughadh, na
núathbhás, agus na magadh, agus na
scanail a measg na nuile chineadhach ann
ar dhibhir mé íad.


L. Ir29:19


Do bhrígh nár éisteadar rem bhrí-athruibh,
adeir an Tighearna, noch do
chuir mé chuca le mo sheirbhíseachaibh na
fáighe, ag éirghe súas go moch, a-gus
dá ccur uáim, achd níorbháill libh
éisteachd, adeir an Tighearna.


L. Ir29:20


Eistidhe ar anadhbharsin bría-thra
an tighearna, a bhraighde uile,
noch do chuir mé ó Ierusalem don Bha-bilóin.


L. Ir29:21


Is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel a ttáobh Ahab mhic
Colaiah, agus Shedeciah mhic Maase-iah,
noch thairrghirios brég dhíbh an mainm-
si, féuch seachóduigh mé íad a láimh
Nebuchadnessar Rígh na Babilóine, a-gus
muirfidh sé íad as choinne bhur súl.


L. Ir29:22


Agus úathasan tóigfighthear
súas mallughadh re braighdibh Iúdah
uile atá san Bhabilóin, gha rádh, go
ndérna an Tighearna thusa cosmhuil re
Sedeciah, agus cosmhuil re Ahab, noch
do róst Rígh na Babilóine annsa
teine.


L. Ir29:23


Do bhrígh go ndearnadar adh-náir
ann Israel, agus go ndérnadar
adhaltrannas ré mnáibh a ccomharsan,
agus mar do labhradar bríathra bré-gacha
ann mainmse, nachar aithin mé
dhíobh, agus atá a fhios agamsa, a-gus
is fíadhnuisi mé, adeir an Ti-ghearna.


L. Ir29:24


Marso fós adéra tú re Se-maiah
an Nehelamíteach, gha rádh,


L. Ir29:25


Is marso labhrus Tighearna
na slógh Día Israel gha rádh, do
bhrígh gur chuir tú litreacha ann hainm
chum a bhfuil do dhaóinibh ann Ierusalem,
agus go Sephaniah mhac Maaseiah
an sagart, agus chum na sagart
uile, gha rádh,


L. Ir29:26


Dorinne an Tighearna sagart
díotsa anáit Iehoiada an sagart,
chor go mbeithí bhur noifigeachuibh a ttigh
an Tighearna ar son gach nduine dá
bhfuil ar mire, agus doní fáidh dhe
féin go ccuirféa a bpríosún é, agus
annsna ceapuibh.


L. Ir29:27


Anois ar anadhbharsin cred
fa nar iomaithbhir tú Ieremiah ó A-natot,
noch doní fáigh dhe féin díbh-
si?


L. Ir29:28


Oír uimesin do chuir sé chugainne
san Bhabilóin, gha fádh, is fada an
daoirsesi, dénuidh tighthe dhíbh féin, a-gus
comhnuighidh ionta, agus planndui-ghidh
gáirdíne, agus ithidh dá ttor-adh.


L. Ir29:29


Agus do léigh Sephaniah an
sagart an litirsi a cclúasaibh anfáigh
Ieremiah.


L. Ir29:30


Annsin tháinic bríathar an Ti-ghearna
go Ieremiah, gha rádh,


L. Ir29:31


Cuir fios chum na mbraighde
uile, ag rádh, is marso adeir an Ti-ghearna
a ttaobh Shemaiah an
Nehelamíteach, do bhrígh gur thairrghir
Semaiah dhíbh, agus nach misi do chuir
uáim é, agus go ttug sé oruibh dóth-chus
do chur a mbréig:


L. Ir29:32


Uimesin is marso adeir an
Tighearna, féuch, digheola mé ar She-maiah
an Nehelamiteach, agus air a
shliochd na dhiáigh: ní bhiáidh duine aige
áitreobhus a measc na ndaóinesi, ní mó
chífidh sé an mhaith dodhéna mé air mo
phobal, adeir an Tighearna do bhrígh
gur theagaisg sé cogadh anagaidh an
Tighearna.



Caib.30.


L. Ir30:1


An bhríathar tháinic go Ieremiah
ón TTighearna, gha rádh.


L. Ir30:2


Is marso labhras an
Tighearna Día Israel gha rádh,
scríobh dhuit na huile bhríathra do labhair
mé riot ann a leabhar.


L. Ir30:3


Oír féuch, tiucfaid na laéthe,
adeir an Tighearna, a ttiubhra misi ar
ais braighdeanus mo phobail Israel a-gus
Iúdah, adeir an Tighearna, agus
dobhéra mé orra filleadh don tír thug mé
dá naithribh, agus sealbhochuid síad í.


L. Ir30:4


Agus asíad so na bríathra do
labhair an Tighearna a ttaobh Israel, a-gus
a ttáobh Iúdah.


L. Ir30:5


Oír is marso adeir an Tighear-na,
dochúalamar guth criothnuighthe;
is eagla agus ní síothcháin é.


L. Ir30:6


Fíafruidhsi anois, agus féuchuidh,
an mbí fear ré niodhnuibh? cred fa bhfai-cim
gach áonduine, agus a lámha air a
leasrach mar dobíadh bean ré niodhnuibh,
agus a gur filleadh na huile aighthe a
mbáinlithe.


L. Ir30:7


Mo thruáighe, óir is mór an
lasin, iondus nach bhfuil áon cosmhuil
ris: sí uáir chinte bhuáidheartha Iacob í,
acht tárthochtar aiste é.


L. Ir30:8


Oír tiucfuidh a ccrích annsa ló sin,
adeir Tighearna na slógh, go mbrisfe
misi a chuing ód bhrághaid, agus go mbrisfe
mé do chuibhrighe, agus ní fóigheo-nuid
coimhthighidh dhóibh féin nías mó dá
tháobh.


L. Ir30:9


Acht foigheonuid don Tighearna a
Ndía, agus do Dháibhi a Rígh, noch
thóigfeas misi súas dóibh.


L. Ir30:10


Uimesin ná bíodh eagla ortsa,
mo sheirbhíseach Iácob, adeir an Tighear-na,
agus ná mímhisnigh, a Israel: óir
féuch, tárthocha misi thú a himchéin a-gus
do shliochd ó thír a ndaóirse, agus
fillfidh Iácob agus biáidh a suaimhneas
agus a socamhul, agus ní chuirfe aóin-each
eagla air.


L. Ir30:11


Oír atáimse maille leachd, adeir
an Tighearna, dot shábháil: má tá go
ccuirfe mé deireadh iomlán ris na huile
chineadhachaibh mar ar spréigh mé thú, ghi-dheadh
ní dhéna mé críochnuighadh iomlán dí-otsa:
acht smaichteocha mé thú a mea-sardhacht,
agus ní gheárrfa mé thríd a-mach
thú.


L. Ir30:12


Oír is marso adeir an Tighear-na,
is dóileighis do bhrughadh, agus is
doiligh do chneadh.


L. Ir30:13


Ní bhfuil aon thagras do chúis
chum sláinte: ní bhfuilid leighis ar bith
sláinte agad.


L. Ir30:14


Do dhearmadar háos grádha uile
thú, ní íarruid síad thú: óir do loit
misi thú le lot do námhad, lé smacht
éttrócairigh, ar son iomaid héigceart,
do bhrígh gur mhéduigheadar do phea-cuidhe.


L. Ir30:15


Cred fa néighionn tú ar son
haindeise? atá do dhóbrón dóileighis,
do bhrígh iomaid héigceirt: do bhrígh
gur mhéduigheadar do pheacuidhe dorinne
mé na neithesi riot.


L. Ir30:16


Uimesin gach a sluigionn
thusa biáid sluigthe, agus rachaid
do naimhde uile a ndaóirsine, a-gus
gach áon dá ccreachann thú
biáid féin na ccreich, agus gach
áon dá nairgionn tú, dobhéara mi-si
mar arguin íad.


L. Ir30:17


Oír aiseoga mé sláinte dhuit-
si, agus leigheosa mé thú ód chnea-dhaibh,
adeir an Tighearna, do
bhrígh gur ghoireadar díbearthach
dhíot (gha rádh) isí so Sion nach
lorgann duine ar bith na diáigh.


L. Ir30:18


Is marso adeir an Tighearna,
féuch dobhéara mé ar ais braighdionas
phailliúin Iácob, agus dodhéna mé trócaire air a
áitibh comhnuidhe: agus cuirfighear
an chathair súas air a cárn féin,
agus fanfaidh an pálás do réir a
ghnátha féin.


L. Ir30:19


Agus tiucfuidh asda amach
buidheachus, agus guth na druin-ge
doní gáirdeachus, agus foir-líonfa
mé íad, agus ní bhéid ua-thadh;
dodhéana mé fós glór-mhar
íad, agus ní laighdeachar
íad.


L. Ir30:20


Béid a cclann fós mar anallód,
agus daingneochar a ccomh-chruinniughadh
dom lathairsi agus
píanfa mé anuile dhuine noch shár-uighios
íad.


L. Ir30:21


Agus budh díobh féin a
nuaisle, agus biáidh a núachtar-án
as a lár féin, agus dobhéa-ra
misi air teachd a ngar, agus
tiucfa sé láimh ríomsa: óir cía
hé so do chuir a chroidhe a ngeall
chum teacht láimh riomsa, adeir an
Tighearna.


L. Ir30:22


Agus budh sibhsi mo pho-balsa,
agus budh misi bhur Ndía-
sa.


L. Ir30:23


Féuch, téid gáoth ghuáir-dein
an Tighearna amach lé dibh-fheirg,
tuitfidh gáoth ghuáirdeain shí-othbhúan
maille ré péin air cheann an
chiontuigh.


L. Ir30:24


Ní fhillfidh fearg bhorb an Ti-ghearna,
nó go ndérna sé é, agus nó go
ccoimhlíonuidh sé toil a chroidhe: ann-sna
láethibh deighionacha measfuighesi
é.



Caib.31.


L. Ir31:1


Annsanam sin féin, adeir an
Tighearna, bhías misi am Dhía
mhuintearadh Israel uile, agus
budh íadsan mo phobalsa.


L. Ir31:2


Is marso adeir an Tighearna,
fúaradar na daóine dochuáidh as an
ccloidheamh grása annsa bhfásach, anuáir
dochuáidh misi do thabhairt air Isra-el
bheith suaimhneach.


L. Ir31:3


Do taibhreadh an Tighearna dhamhsa
cían ó shin, gha rádh, do ghrádhuigh mé
thú lé grádh síorruidhe: uimesin le ci-neal
grádhach do tharruing mé thú.


L. Ir31:4


Cuirfe mé arís súas thú, agus
cuirfighear súas thú, a mhaighdion Isra-el,
biáidh tú arís ar do scíamhughadh
lé tiompanuibh, agus racha tú amach
a ndamhsaibh na druinge doní súgradh.


L. Ir31:5


Plainndeocha tú fós fíneamhna
ar shléibhtibh Shamária, plainndeochuid na
planndóiridhe, agus íosuid íad mar nei-thibh
coitchionna.


L. Ir31:6


Oír biáidh lá go bhfuáigeoruid an
luchd faire ar shlíabh Ephraim, éirghidh, a-gus
dénam súas go Sion chum an Tighear-na
ar Ndía féin.


L. Ir31:7


Oír is marso adeir an Tighear-na,
canaidh maille re lúathgháir ar son
Iácob, agus gáiridh a measc rogha na
na ccineadhach: fúagruidhsi, moluidhsi, a-gus
abraidh, a Thighearna, tártuigh do
phobal, fuighioll Israel.


L. Ir31:8


Féuch, dobhéra mé íad ón ttír
thuáigh, agus cruinneocha mé íad ó im-libh
na talmhan, agus maille ríu an dall,
agus an bacach, an bhean thorrach, a-gus
an bhean re niodhnuibh anaoinfheacht;
fillfidh cuideachda mhór annsin.


L. Ir31:9


Tiucfuid síad maille re gul, a-gus
maille re gearánuibh thréorochus mé
íad: dobhéra mé orra siubhal re taóibh
na srothann uisceadh a slighe dhírigh anáit
nach bhfuighid síad tuisleadh: óir atáim
am athair ag Israel, agus sé Ephraim
mo chéidgin.


L. Ir31:10


Eistigh bríathar an Tighearna,
sibhsi a chineadhacha, agus innisigh é annsna
hoilénuibh imchíana, agus abruidh, an té
do dhíothscaóil Israel, cruinneochuidh sé
é, agus cuimhdeochuidh é amhuil mar do
ní an táodhaire a thréd.


L. Ir31:11


Oír dfúascail an Tighearna Iá-cob,
agus dfúascail sé é as láimh an
tí dobhí ní budh láidre ná é.


L. Ir31:12


Uimesin tiucfuid síad, agus
canfuid a mullach Shion, agus tuileo-chuid
anaóinfheacht chum maitheasa an Ti-ghearna
ar son cruithneacht, agus ar son
fíona nuáidh, agus ar son ola, agus
ar son óg an tréda, agus na hairghe:
agus biáidh a nanam amhuil gáirdín arna
fhliuchadh, agus ní chaóidhfid nísa mhó ar
áonchor.


L. Ir31:13


Annsin gháirdeochus an mhaighdi-on
annsa damhsa, na daóine óga araon
agus na seanóiridhe: óir fillfidh misi a
ngubha a ngáirdeachus, agus coibhreocha
mé íad, agus dobhéra mé orra sólá-sughadh
óna ndólás.


L. Ir31:14


Agus sáiseocha mé anam na
sagart lé méuthus, agus béid mo dhaóine
sáitheach lé maitheas, adeir an Tighearna.


L. Ir31:15


Is marso adeir an Tighearna,
do chlos guth ann Rámah cáoi, agus gul géur:
Rachel ag caóineadh a cloinne, do dhiúlt
si comhfortacht ar son a cloinne, do
brígh nach bhfuilid ann.


L. Ir31:16


Is marso adeir an Tighearna,
connaimh do ghuth ó chaói, agus do shúile
ó dheóruibh: óir cúiteochthar hobair, adeir
an Tighearna, agus tiucfaid síad arís
ó thír na námhad.


L. Ir31:17


Agus atá dóthchus ann do chrích,
adeir an Tighearna, go ttiucfaid do
chlann arís dá tteoruinn.


L. Ir31:18


Go deimhin dochúala mé Ephraim
gha chaoineadh féin marso, do smachtuigh tú
mé, agus dobhí mé smachtuighthe amhuil damh nar
chleachd an chuing: fillse mé, agus fillfi-ghear
mé, óir is tú an Tighearna mo Dhía.


L. Ir31:19


Go deimhin tar éis mfillte do
bhí aithreachus orum, agus tar éis mo
theagaisthe do bhuáil mé ar mo cheathramhuin;
dobhí mé náireach, aseadh fós dobhí mé
claóidhthe, do bhrígh gur iomchuir mé masla
móige.


L. Ir31:20


An é Ephraim mo mhac díleas?
an leanabh sólásach é: óir ónuáir far
labhair misi na adhuigh cuimnighim do dúth-rachtach
air a ccomhnuidhe: uimesin atáid
minnidhe buáidheartha ar a shon, go deimhin
dodhéna mé trócaire air, adeir an Ti-ghearna.


L. Ir31:21


Cuir súas duit féin comhartha-dha
sligheadh, déna dhuit cáirn árda, cuir
do chroidhe leath ris an tslighe mhóir, ea-dhon
an tslighe ann ar imthigh tú: fill arís,
a mhaighdion Israel, fill arís
chuca so, do chaithreachasa.


L. Ir31:22


Ga fad bhías tú ag dul
fáccuairt, a inghean neimhdhiongmhalta?
óir do chruthaigh an Tighearna ní nuadh air
an ttalamh, timchiollfuidh bean fear.


L. Ir31:23


Is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel, fós gnáitheochuid sí-ad
an chaintsi a ttír Iúdah, agus iona
caithreachaibhsin, anuáir dobhérus misi
a mbraighdionas arís; go mbeannuigh an
Tighearna thusa, a áitreabh an cheirt, a-gus
a shlíabh na náomhthachda.


L. Ir31:24


Agus aitreobhuidh ann Iúdah féin
agus iona caithreachaibh anaóinfheacht,
fir thighe agus an drong théid amach leis
na tréduibh.


L. Ir31:25


Oír do shásuidh misi an tanam
coirthe, agus do líon mé gach anam
doilghiosach.


L. Ir31:26


Air so do mhúscail mé, agus
dochonnairc mé: agus dobhí mo chodladh
milis damh.


L. Ir31:27


Féuch, tiucfuid na láethe, adeir
an Tighearna, go síolchuirfe mé tigh
Israel agus tigh Iúdah lé síol an duine
agus lé síol an bheathuigh.


L. Ir31:28


Agus tiucfa a ccrích amhuil
agus mar dobhí mé ag faire ós a ccionn
do thárrang aníos, agus do bhriseadh síos,
agus do sgrios, agus do phíanadh, is
marsin choimhéadfas mé ós a ccionnsan
dfoirghneamh agus do phlanndughadh, adeir
an Tighearna.


L. Ir31:29


Annsna láethibhsin ní aibéoruid
síad níso mhó, a dúadar na haithre
cáor shearbh, agus bí déistion ar fía-claibh
na cloinne.


L. Ir31:30


Acht éugfuidh gach uile dhuine
ar son a éigceirt féin, biáidh déistion ar
fhíaclaibh guch duine ithios an cháor
shearbh.


L. Ir31:31


Féuch, atáid na laéthe ag
teacht, adeir an tighearna, go ndéna
mé cunnradh nuádh ré tigh Israel agus
re tigh Iúdah.


L. Ir31:32


Ní do réir an chunnartha dorinne
mé rená naithribh annsa ló ar ghlac mé
ar láimh íad, da ttabhairt amach as chrích
na Hégipte: do bhrígh gur bhrisiodar
mo chunradh ma tá go raibh mé am fhear
tighe dhóibh, adeir an Tighearna.


L. Ir31:33


Acht budh é so an cunnradh dhé-nas
mé ré tigh Israel; tar éis na
laetheadhsin, adeir an Tighearna; chuir-fidh
mé mo dhligheadh annsa chuid astigh
dhíobh, agus scriobhtha mé iona ccroidhe,
agus biáidh mé am Dhía aca, agus
béidsion na bpobal agamsa.


L. Ir31:34


Agus ní mhúinfid síad nísa mhó
gach áonduine a chomharsa, agus gach
aonduine a dhearbhráthair gha rádh, bhíodh
fios an Tighearna agaibh: óir biáidh
mfios aca uile ón té is lugha dhíobh gus
an té is mó dhíobh, adeir an Tighearna:
óir maithfidh mé a négceart, agus ní
chuimhneocha mé a bpeacadh ni is mhó.


L. Ir31:35


Is marso adeir an tighearna,
noch dobheir an ghrían mar sholus san
ló, agus órduighthe na gealuidhe, agus na rél-tan
mar sholus san noidhche, an té roinn-eas
anfairge anuair bhéicid a tonna,
Tighearna na slógh isé a ainm.


L. Ir31:36


Má imthighid na hórduigthe sin
ó bheith am fhiagnuise, adeir an Tighearna,
annsin cuirfiod síolradh Israel mar an
ccédna ó bheith na ccineadh am fhíaghnuise
ga brách.


L. Ir31:37


Is marso adeir an Tighearna,
más féidir neamh shúas do thomus, agus
bunáite na talmhan shíos do spíonadh
telgfe mé dhíom fós síol Israel ar
son gach a ndeárnadar, adeir an Ti-ghearna.


L. Ir31:38


Féuch, tiucfuid na laéthe, adeir
an Tighearna, go ccuirfighear an cha-thair
súas don Tighearna ó thor Hananeel
go geatha an choirnéil?


L. Ir31:39


Agus racaidh dóruba an to-mhuis
fós amach thairis as a choinne anonn
ar chnoc Gareb, agus compásfuigh
faccuáirt go Goat.


L. Ir31:40


Agus gleann na ccorp marbh go
hiomlán, agus an luáithridh, agus na
machairidhe uile go sruth Cídron go cor-nél
gheata na neach don leat shoir, béid ná-omhtha
don Tighearna, ní thairreongthar
aníos íad, ní theilfighear síos íad nísa
mhó go bhráth.



Caib.32.


L. Ir32:1


An bhríathar tháinic go Iere-miah
ón TTighearna annsa
deachmhadh blíadhain do Shede-ciah
rígh Iúdah, nocharbí
an tochtmadh blíadhain
dégh do Nabuchadressar.


L. Ir32:2


Oír is annsin do shuigheadar slúagh
Rígh na Babilóine um Ierusalem, a-gus
do híadhadh súas Ieremiah an fáidh
a ccúirt an phríosúinn, noch dobhí a ttigh
Rígh Iúdah.


L. Ir32:3


Oír do íadh Sedeciah Rígh Iúdah
súas é, gha rádh, Cred as a ttairr-ghireann
tú, agus a nabhair tú, is marso
adeir an Tighearna, féuch dobhéra
mé an chathairsi a láimh Rígh na Babilóine
agus gébhuidh sé í.


L. Ir32:4


Agus ní rachuidh Sedeciah Rígh
Iúdah as láimh na CCaldeánach, acht
go deimhin bhérthar a láimh Rígh na
Babilóine é, agus laibheoruidh sé ris
béul air bhéul, agus dochífid a shúile a
shúilesion.


L. Ir32:5


Agus treórochuidh sé Sedeciah
don Bhabilóin, agus biáidh annsin go
ttí misi ar ccuáirt chuige, adeir an
Tighearna: má tá go ttroidfihe
ris na Caldeánachaibh, ní bhérthaói
buáidh.


L. Ir32:6


Agus adubhairt Ieremiah, thái-nic
bríathar an Tighearna chugamsa,
gha rádh,


L. Ir32:7


Féuch, tiucfuidh Hanameel mhac
Sallum dearbhráthair hathar chugad, gha
rádh, ceannuidh dhuit féin mo mhachaire a-tá
ann Anatot: óir is leachd ceart
a fhúascailte do cheannach.


L. Ir32:8


Marsin tháinic Hanameel mac
dearbhrathar mo athar chugamsa a
ccúirt an phríosúin do réir bhréithre an
Tighearna, agus adubhairt sé riom,
guidhim thú, ceannaigh mo mhachaire noch a-tá
ann Anatot, noch atá a ttír Bhen-iamin;
óir is leachd ceart a oighreachta,
agus is leachd a fhuascladh, ceannuigh
dhuit féin é: annsin daithin mé gurbí
sin bríathar an Tighearna.


L. Ir32:9


Agus do cheannuigh mé an machaire
ó Hanameel mac dearbhrathar mo athar,
noch dobhí ann Anatot, agus do tho-mhais
mé an tairgiod chuige, eadhon seacht
Secal dég airgid.


L. Ir32:10


Agus do scríobh mé sin a
leabhar, agus do thomhais mé an tairgiod
chuigesion annsa meadh.


L. Ir32:11


Marsin do ghlac mé scríbhinn
na ceannuigheachda, arna shéladh do réir
an dlighe agus an ghnátha, agus
sgríbhinn oscailte.


L. Ir32:12


Agus thug mé scríbhinn na ceann-uigheachda
do bharuch mhac Neriah, mhic
Maaseiah a radharc Hanameel mac
dearbhrathar mo athar, agus a lathair
na bhfíaghan do scríobh a leabhar na
ceannuigheachda, a lathair na Níuduigheadh uile
do shuigh a ccúirt an phríosúin.


L. Ir32:13


Agus do chuir mé dfíachuibh ar
bharuch dá lathair sin, gha rádh,


L. Ir32:14


Is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel, glac na scríbhnesi,
an scríbhinnsi na ceannuigheachda noch atá
séuluighthe, agus an scríbhinnsi atá
oscuilte, agus cuir a soitheach chriáidh
íad, iondus go mairfid mórán do láe-thibh.


L. Ir32:15


Oír is marso adeir Tighearna
na slógh Día Israel, sealbhóchthar tigh-the,
agus fíneamhna annsa tírso arís.


L. Ir32:16


Anois anuáir thug mé scrí-bhinn
na ceannuigheachta do bharuth mhac
Neriah, do ghuidh mé an Tighearna, gha
rádh,


L. Ir32:17


Ah a Thighearna Día féuch
dorinne tú neamh agus talamh, le do
chumhachtaibh móra, agus le righ sínte
amach, agus ní bhfuil aoinní rochruáidh
dhuitsi.


L. Ir32:18


Taisbénuidh tú cinéul grá-dhach
do mhíltibh, agus cúitighidh tú
éigceart na naithreadh anucht na cloinne
na ndiáigh: an Día mór cumhachdach, Ti-ghearna
na slógh isé a ainm.


L. Ir32:19


Mór a ccomhairle, agus cu-mhachtach
a ngníomh (óir atáid do
shúile oscuilte ar uile shlighthibh mhac
na ndaóine do thabhairt do gach áonduine
do réir a shlightheach, agus do réir
thoruidh a ngníomh)


L. Ir32:20


Noch do shuighidh comharthadha, a-gus
ionganta a ccrích na Hégip-te
gus aniugh, agus a Nisrael a
measc dhaóine oile, agus dorinne ainm
dhuit féin mar atá aniugh.


L. Ir32:21


Agus thug amach do phobal
Israel as crích na Hégipte lé comhar-thuibh,
agus lé hiongantaibh, agus lé
láimh láidir, agus le ruigh sínte a-mach,
agus le húathbhás mór.


L. Ir32:22


Agus thugais an fearannso dhóibh
noch do mhionnuigh tú dá naithribh do tha-bhairt
dóibh, fearann ag líonadh do bhainne
agus do mhil.


L. Ir32:23


Agus thangadar ann, agus do
shealbhuigheadar é, achd níor umhluigheadar
dot ghuthsa, ní mó do shiubhluigheadar ann
do dhligheadh: ní dhérnadar aoinní donuile
ní dar aithin tú dhíobh do dhénamh: uime-
sin thug tú fa deara an tolcsa uile do
theacht orra.


L. Ir32:24


Feuch, thangadar na mótuidh
chum na caithreach dá gabháil, agus tu-gadh
an chathair a láimh na CCaldeánach,
noch throideas na haghaidh do bhrígh an
chloidhimh, agus na gorta, agus na
plágha, agus an ní adubhairt tú thái-nic
sé a gcrích, agus féuch dochídh tú
é.


L. Ir32:25


Agus adubhairt tú riomsa,
a Thighearna Día, ceannuigh dhuit féin an
fearann air airgiod, agus glac fíadhuin;
óir tugadh an cathair a láimh na CCal-deánach.


L. Ir32:26


Annsin tháinic bríathar an Ti-ghearna
go Ieremiah, gha rádh,


L. Ir32:27


Féuch, is misi an Tighear-na
Día na nuile fhéola, an bhfuil ní
ar bith rochruáidh orum?


L. Ir32:28


Uimesin is marso adeir an
Tighearna, féuch dobhéra mé an ca-thairsi
a láimh na CCaldénach, agus
a láimh Nebuchadnessar Rígh na Babi-lóine,
agus gébhuidh sé í.


L. Ir32:29


Agus tiucfuid na Caldénuigh
throideas anaghaidh na caithreachso, a-gus
cuirfid an chathairsi tré theine, a-gus
loiscfid í, maille ris na tighthibh
a mullach ar ofráladar túis do bha-al,
agus ar dhóirteadar amach ofrá-la
dighe do dhéibh oile, dom bhrostú-ghadhsa
chum feirge.


L. Ir32:30


Oír dorinne clann Israel a-gus
clann Iúdah olc amháin ann mfiadh-nuise
óna nóige: óir do bhrostuighea-dar
clann Israel amháin mé chum feir-ge
lé hoibreachaibh a lámh, adeir an
Tighearna.


L. Ir32:31


Oír dobhí an chathairsi dhamhsa na
brostughadh feirge, agus úathbáis,
ón ló fa ndérnadar í gus aniugh,
chor go náthrochuinn í ó bheith ar ma-ghaidh.


L. Ir32:32


Do bhrígh uile olc chloinne Is-rael,
agus chloinne Iúdah dorinneadar
dom bhrostughadhsa chum feirge, íad
féin, a Righthe, a bprionnsuidhe, a
sagairt, agus a bhfáighe, agus fir
Iúdah, agus áitreabhthacha Ierusa-lem.


L. Ir32:33


Agus diompóigheadar a ccúl
riomsa, agus ní hé a naghaidh, má-
tá gur theagaisc mé íad ag éirghe
go moch, agus dá múnadh, gidheadh níor
umhluigheadar do ghabháil teagaisg.


L. Ir32:34


Acht do chuireadar a ng-ráineamhlacht
annsa tigh, noch goirthear
am ainmsi, da thruáilleadh.


L. Ir32:35


Agus dorinneadar áite árda
Bhaal, noch atá a ngleann mhic Hinnom
do thabhairt air a macaibh, agus air a
ningheanuibh dul thríd an tteine do
Mholoch, noch nar aithin misi dhíobh, ní
mó tháinic sé ann minntinn go ndénaidís
an ghráineamhlachtso do thabhairt ar Iú-dah
peacughadh.


L. Ir32:36


Agus anois uimesin is mar-
so adeir an Tighearna Día Israel
a ttaobh na caithreachso, ré a nabar-thaóise
go seachodthar í láimh Rígh na
Babilóine leis an ccloidheamh, agus
leis an ngorta, agus leis an bp-láigh.


L. Ir32:37


Féuch, cruinneocha mé íad a-mach
as na huile thíortha, ann ar dhíbir
mé íad ann mfeirg, agus ann mainteas,
agus a ndioghaltas mór, agus dobhéara
mé arís don náitsi íad, agus
dobhéra mé orra comhnuidhe go suáimh-neach.


L. Ir32:38


Agus béid síad na bpobal
agamsa, agus biáidh misi am Dhía
acasan.


L. Ir32:39


Agus dobhéra mé áon chroidhe
amháin dóibh, agus aóintslighe amháin,
chor go mbía meaglasa orra go bráth
ar mhaithibh ríu, agus rena ccloinn
na ndiáigh.


L. Ir32:40


Agus dodhéna mé cunnradh
síothbhúan ríu, nach iompócha mé uatha,
do dhénamh maitheasa dhóibh; acht cuir-fe
mé meagla iona ccroidhthibh, nach
deileochuid síad riom.


L. Ir32:41


Aseadh, gáirdeocha mé ós a
ccionn do dhénamh maitheasa dhóibh, a-gus
plainndeocha mé annsa dúthaigh íad
go deimhin maille rém uile chroidhe, a-gus
rem uile anam.


L. Ir32:42


Oír is marso adeir an Ti-ghearna,
amhuil mar thug mé an tolc
mórso uile ar na bpobalso, marsin
dobhéra mé orra anuile mhaith dar
gheall mé dhóibh.


L. Ir32:43


Agus ceinneochthar machairidhe
annsa tírse ré a nabartháoise, atá
sí uáigneach gan duine gan bheathach,
tugadh a láimh na CCaldénach í.


L. Ir32:44


Ceinneochuid daóine machaireadha ar
airgiod, agus scríobhthuid leabhar, a-gus
cuirfid séla, agus glacfuid fí-adhna
a ttír Bheniamin, agus annsna
háitibh tímcioll Ierusalem, agus a
ccaithreachaibh Iúdah, agus a ccaith-reachaibh
na slíabh, agus a ccaith-reachaibh
an ghleanna, agus a ccaithrea-chaibh
an deisceirt: óir dobhéra misi air
a mbraighdionus filleadh, adeir an Ti-ghearna.



Caib.33.


L. Ir33:1


Tuilleamh oile, tháinic bríathar
an Tighearna chum Ieremiah
an dara huair an feadh do
bhí sé fós íadhta a ccúirt
an príosúin, gha rádh,


L. Ir33:2


Is marso adeir an Tighearna
a dhéntóir, an Tighearna do chum é da
dhaingníughadh, isé an Tighearna a
ainm.


L. Ir33:3


Goir orumsa, agus freagora
mé thú, agus taisbénfa mé neithe mó-ra
agus cumhachtacha duit, noch nach
feas duit.


L. Ir33:4


Oír is marso adeir an Tigh-earna
Día Israel a ttaobh thightheadh na
caithreachso, agus a ttaobh thightheadh
Ríogh Iúdah, noch atá arna tteilgion
síos leis na mótaibh, agus leis an
ccloidheamh.


L. Ir33:5


Tigid síad do throid ris na Cal-dénachaibh,
acht is dá líonadh féin lé cor-puibh
marbha daóine, noch do mharbh misi
ann mfeirg, agus ann mainteas, agus
noch ar son anuile olc dfoluigh mé
maghaidh ón ccathruighsi.


L. Ir33:6


Féuch, dobhéra mé sláinte a-gus
leighios chuice, agus leigheosuidh
mé íad, foillseocha mé dhóibh líonmhaireacht
na síothchána agus na fírinne.


L. Ir33:7


Agus dobhéra mé ar dhaóirsine
na Niúduigheadh, agus air dhaóirsine Is-rael
filleadh ar ais, agus cuirfidh mé
súas íad mar an ccéduáir.


L. Ir33:8


Agus glanfa mé íad óna nuile
égceart ler chionntuigheadar am adhuigsi,
agus maithfidh mé anuile éiccearta
ler pheacuigheadar agus ler sháruighea-dar
am adhuigh.


L. Ir33:9


Agus biáidh sé dhamhsa na ainm
sóláis, molta, agus onóra a lathair,
a bhfuil do chineadhachaibh air an ttalamho
noch chluinfios anuile mhaith atáim ds
dhénamh dhóibh: agus biáidh eagla agu
úamhan orra ar son na huile mhaithea-sa,
agus ar son an deighbhisigh ghlés-uim
dhó.


L. Ir33:10


Marso adeir an Tighearna,
cluinfighear arís annsanáitsi (noch adearthaóise
bhías uáigneach gan duine
agus gan bheathach, eadhon a ccaithreachaibh Iú-dah,
agus a sráidibh Ierusalem, atá
áonránach gan duine, agus gan áit-reabhthach,
agus gan bheathach.)


L. Ir33:11


Guth na lúathgháire, agus
guth an gháirdeachuis, guth anfir
núadhphósta, agus guth na mná núadh-phósta,
guth na druinge adérus, mol-uidh
Tighearna na slógh, óir is maith
an Tighearna, óir mairidh a thrócaire go
bráth, agus na druinge dobheir íodh-buirt
mholta go tigh an Tighearna;
óir dobhéra misi fa deara braighdio-nas
na tíre diompógh mar dobhí ó
thús, adeir an Tighearna.


L. Ir33:12


Is marso adeir Tighearna na
slógh, biáidh annsanáitsi atá uáigneach
gan duine agus gan bheathach, agus
iona caithreachaibh uile, áodhaireadh cáorach
ag tabhairt air a ttréduibh luighe síos.


L. Ir33:13


A ccaithreachaibh na slíabh, a
ccaithreachaibh an ghleanna, a ccaithrea-chaibh
an deisceirt, agus a bhférann
Bheniamin, agus annsna háitibh tim-chioll
Ierusalem, agus a ccaithreachaibh
Iúdah, imeochuid na tréda arís
fá lámhuibh an té ionráinios íad, adeir
an Tighearna.


L. Ir33:14


Féuch, tiucfuid na láethe, adeir
an Tighearna, go ccoimhlíonfa mi-si
na neithe maithe do gheall mé do thigh
Israel, agus do thigh Iúdah.


L. Ir33:15


Annsna láethibh sin, agus annsanamsin
cuirfe misi dfíachaibh air bhean-gán
na fíréntachda fás súas do
Dháibhi, agus dodhéna sé breitheamh-nus,
agus fírinne annsa tír.


L. Ir33:16


Tárthochar Iúdah annsna láethibh
sin, agus coimhneochuidh Ierusalem go
daingean, agus isé so an tainm lé
ngoirfíghear í, an tighearna ar bhfírén-tachd.


L. Ir33:17


Oír is marso adeir an Ti-ghearna,
ní fhailleochuidh ó Dháibhi choidhche
duine shuighfios ar chathaóir ríogha Is-rael.


L. Ir33:18


Ní mó bhías easbhuigh duine ar na
sagartuibh na Lebhítigh dom lathairsi
dofráil ofrála loisge, agus do los-gadh
ofrála bídh, agus do dhénamh íodh-bartha
a ccomhnuidhe.


L. Ir33:19


Agus tháinic bríathar an Ti-ghearna
go Ieremiah, gha rádh,


L. Ir33:20


Is marso adeir an Tighearna,
má fhédann tú mo chunnradh laóise do bhri-seadh,
agus mo chunnradh oidhche, agus
nach beith lá nó oidhche iona am féin:


L. Ir33:21


Annsin fós fédthar mo chunnradh
ré Dáibhi mo sheirbhíseach do bhriseadh, nach
bíath mac aige do ríoghadh iona chathaóir,
agus ris na Lebhítibh na sagairt mo
sheirbhísigh.


L. Ir33:22


Mar nach féidir slúagh neimhe
dáireamh, nó gaineamh na fairge do thomhus:
mairsin fóirlíonfuidh misi sliochd Dháibhi
mo sheirbhíseach, agus na Lebhítigh mhinios-trálas
damh.


L. Ir33:23


Tuilleamh oile, tháinic bríathar an
Tighearna go Ieremiah, gha rádh,


L. Ir33:24


Nach measann tusa ciodh adu-bhradar
an pobalso, gha rádh, an dá
mhuintir do thogh an Tighearna, do theilg
sé úadha íad? marso do tharcuisnighea-dar
mo mhuintir, chor nach beidís nísa
mhó na ccineadh dá lathair.


L. Ir33:25


Is marso adeir an Tighearna,
muna bhfuil mo chunradh ris an lá, agus
ris anoidhche, agus muna ar chinn mé
órduighthe neimhe agus talmhan:


L. Ir33:26


Annsin teilgfidh mé uáim sliocht
Iácob, agus Dáibhi mo sheirbhí-seach,
iondus nach gébha mé dhá shliochd do
bheith na núachdaránuibh ós cionn shíl Abra-ham,
Isaac, agus Iácob: óir dobhé-ra
mé a mbraighdionas air ais, agus dodhéna
mé trócaire orra.



Caib.34.


L. Ir34:1


An bhríathar tháinic go Iere-miah
ón TTighearna anuair
do throid Nebuchadnes-sar
Rígh na Babilóine, a-gus
a shlúagh uile, agus
rioghachta an domhuin uile dha thighearnus,
agus anuile phobal anaghaidh Ierusa-lem,
agus anaghaidh a huile chaithreacha,
gha rádh,


L. Ir34:2


Is marso adeir an Tighearna Día
Israel, imthigh, agus labhair ré Sedeci-ah
Rígh Iúdah, agus innis dó, is mar-
so adeir an Tighearna, féuch dobhéra
mé an chathairsi a láimh Rígh na Babilóine,
agus loiscfidh sé í lé teine.


L. Ir34:3


Agus ní imeocha tusa as a láimh,
acht gébhthar thú go deimhin, agus
toirbheorthar ann a láimh thú, agus dochífid
do shúile súile Rígh na Babilóine,
agus laibheora sé riot béul ar bhéul:
agus racuidh tú don Bhabilóin.


L. Ir34:4


Thairis sin éist bríathar an Tigh-earna,
a Shedeciah a Rígh Iúdah: is
marso adeir an Tighearna dot thaóibh,
ní muirfighear leis an ccloidheamh thú.


L. Ir34:5


Acht éugfa tú a síothcháin, a-gus
lé loisgighe haithreadh na Ríghthe
roimhe noch dobhí romhad, mar sin loisg-fid
síad thusa, agus caóinfid síad thú
(dha rádh) ah a thighearna: óir adubhairt
misi an focal, adeir an Tighearna.


L. Ir34:6


Annsin do labhair Ieremiah an fáigh
na bríathraso uile re Sedeciah Rígh Iú-dah
ann Ierusalem.


L. Ir34:7


Anuáir do throid slúagh Rígh na
Babilóine anaghaidh Ierusalem, agus
anaghaidh uile chaithreacha Iúdah dar mhair
anadhuigh Lachis agus anaghaidh Ase-cah;
óir do mhaireadar na caithreacha
daingnesi do chaithreachaibh Iúdah.


L. Ir34:8


Así so an bhríathar tháinic chum Iere-miah
ón Dtighearna tar éis an Rígh Sede-ciah
do dhénamh cunnartha ris an bpobal
uile, noch dobhí ann Ierusalem, dfógra
saóirse do bheith aca;


L. Ir34:9


Go léigfeadh gach uile dhuine a óg-lach
uadh, agus gach uile dhuine a bhanó-glach
sáor, mas eabhrach nó air beineabhrach,
iondus nach cconngmhadh duine air bith iona
sheirbhís íad, do Iúduighe a dhearbhrathair.


L. Ir34:10


Annois anuáir dochúaluidh na
prionnsadha uile agus an pobal uile dochuáidh
san chunnradh, go léigfeadh gach
áonduine a óglach dimtheacht uadh sáor,
nach bhfoigheonadh áonduine é féin díobh nísa
mhó, annsin dumhluigheadar, agus do léi-geadar
dhíobh imtheacht.


L. Ir34:11


Acht na dhiáigh sin dfilleadar,
agus thugadar air na hóglachuibh, agus
ar na banóglachaibh filleadh, noch do léi-geadar
uatha sáor, agus thugadar fa
chuing íad dá mbeith no nóglachaibh, agus
na mbanóglachaibh.


L. Ir34:12


Uimesin tháinic briathar an Ti-ghearna
go Ieremiah ón TTighearna, dha
rádh,


L. Ir34:13


Is marso deir an Tighearna Día
Israel, dorinne mé cunnradh re bhur nai-thribh
an lá thug mé amach íad as chrích na
Hégipte, agus as tigh na ndaoine ndá-or,
gha rádh,


L. Ir34:14


A ccionn sheacht mblíadhan, léi-geadh
gach áon aguibh, a dhearbhrathair eabhruidhe
dimtheacht, noch do reacadh ribh: agus anuáir
fhoigheonus sé dhuit sé blíadhna,
léigfidh tú dhó imtheachd sáor uáit, acht
níor éistiodar bhur naithre liom, ní mó
chláonadar a cclúas.


L. Ir34:15


Agus do filleadh sibhsi anois,
agus dorinneabhair ceart ann mo radharcsa
a bhfógra saóirse gach áonduine dá
chomharsoin, agus dorinneabhair cunnradh
dom lathairsi annsa tigh noch goirthear ann
mainm.


L. Ir34:16


Acht dfilleabhair, agus do thru-áilleabhair
mainm, agus thug gach áonduine
aguibh ar a óglach agus air a bhanóglach
filleadh, noch do léigeabhair sáor uáibh ar a
ttoil féin, agus thugabhair fa dhaóirse
íad, dá mbeith aguibh na seirbhíseachaibh a-gus
na mbanóglachaibh.


L. Ir34:17


Uimesin is marso adeir an
Tighearna, níor éisteabhair riomsa a bhfó-gra
saóirse, gach áonduine dá dhear-bhrathair,
agus gach áonduine dá chomhar-suin:
féuchuidh, fúagruimsi saoirse
dhíbh, adeir an Tighearna, chum an chloi-dhimh
chum na pláighe, agus chum na
gorta, agus dobhéra mé fa deara bhur
nátharrughadh do na huile rioghachta
san domhan.


L. Ir34:18


Agus dobhéara mé na daóine
do bhris mo chunnradh, nachar chomhaill brí-athar
an chunnartha dorinneadar dom la-thairsi,
anuáir do ghearradar an láogh a
ndá chuid, agus dimthigheadar edir
a chodchuibhsin.


L. Ir34:19


Prionnsadha Iúdah, agus pri-onnsodha
Ierusalem, na séomradóiridhe,
agus na sagairt, agus uile phobal na
tíre, noch dochuáidh thríd chodchaibh an
laóigh,


L. Ir34:20


Dobhéara misi íadsan a láimh a
námhad, agus a láimh na druinge íar-rus
a mbás, agus biáidh a ccuirp mhar-bha
mar bhíadh ag énlaith anaiéir, agus
ag beathachaibh na talmhan.


L. Ir34:21


Agus dobhéra mé Sedeciah
Rígh Iúdah agus a phrionnsadha a láimh a
námhad, agus a láimh na druinge íar-rus
a mbás, agus a láimh shlóigh
Rígh na Babilóine, noch dochuaidh súas
uáibh.


L. Ir34:22


Féuch, fuaigéora misi, adeir
an Tighearna, agus dobhéara mé orra
filleadh don chathruighsi, agus troidfid
na haghaidh agus gébhuid í, agus
loisgfid í le teine, agus dodhéna mé
caithreacha Iúdah uile na bhfásach, gan
áitreabhthach ar bith.



Caib.35.


L. Ir35:1


An focal tháinic go Ieremiah
ón TTighearna a laéthibh Ie-hoiacim
mhic Iosiah Rígh
Iúdah, gha rádh,


L. Ir35:2


Imthigh go tigh na Rechabíteach, a-gus
labhair ríu, agus tabhair go tigh an
Tighearna íad go háon do na seomradhuibh,
agus tabhair fíon dóibh re a ól.


L. Ir35:3


Annsin rug misi Iaasaniah mhac
Ieremiah mhic Habasiniah, agus a dhear-bhráithre,
agus a mhic uile, agus uile
thigh na Rechabíteach liom:


L. Ir35:4


Agus thug mé go tigh an Tighear-na
íad go séomra mhac Hanan mhic Ig-daliah,
óglach Dé, dobhí láimh re se-ómra
na bprionnsadha, noch dobhí ós ci-onn
sheómra Maaseiah mhic Sallum coimhéd-uighe
an doruis.


L. Ir35:5


Agus do chuir mé as coinne mhac
tighe na Rechabíteach potadha lán dfíon,
agus cupáin, agus adubhairt mé ríu,
ibhidh fíon.


L. Ir35:6


Acht adubhradarsan, ní iobhuim-
ne fíon: óir daithin Ionadab mhac Re-chab
ar nathair dínn, gha rádh, ní iobhfuidhe-
si fíon ar bith, sibh féin, nó bhur mic go
bráth.


L. Ir35:7


Ní mó dodhéntaoi tigh, agus ní
chuirfidhe síol, agus ni phlainndeochuidhe fí-neamhuin,
agus ní bhiáidh áoinfhíneamhuin a-guibh:
acht áitreochthaoi ar feadh bur láe-the
a bpáillíunuibh, ionduis go mairfidhe
mórán do láethibh annsa dúthaigh, mar a
mbithí bhur ccoimhthigheachaibh.


L. Ir35:8


Marso dumhluigheamairne do ghuth
Ionadab mhic Rechab ar nathair annsanuile
ní dar aithin sé dhínn, gan fíon dól ar
feadh ar mbeatha, sinn féin, ar mná, ar mic,
nó ar ningheana;


L. Ir35:9


Ná tighthe do dhénamh dhúinn do chomh-nuidhe
ionta: ní mó atá fíneamhuin aguinn,
nó machaireadha, nó síol.


L. Ir35:10


Acht do áitreabhamar a bpáill-íunuibh,
agus dumhluigheamar agus dorinneamar
do réir anuile ní dár aithin
Ionadab ar nathair dínn.


L. Ir35:11


Acht tárla anuair tháinic Ne-buchadnessár
Rígh na Babilóine súas
chum na tíre go ndubhramairne, tigidh
dénam suas go Hierusalem ar eagla
shlóigh na Ccaldénach, agus air eagla
shlóigh na Sírianach: mar sin dáitrea-bhamar
ann Ierusalem.


L. Ir35:12


Annsin tháinic focal an Tighear-na
go Ieremiah, gha rádh.


L. Ir35:13


Is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel, imthigh agus innis do
mhuintir Iúdah agus dáitreabhthachaibh
Ierusalem, nach gébhthaói teagasg ag éi-steachd
rem bhriathraibhsi, adeir an Ti-ghearna?


L. Ir35:14


Do coimhlíonadh bhríathra Iona-dab
mhic Rechab, ler aithin sé dá mha-caibh
gan fíon dól: óir go ttígh aniugh
níor iobhadar aoindeór, acht umhluigid
daithne a nathar: thairis sin do labhair
misi ribhse ag éirghe go moch, agus
ag labhairt, acht níor éisteabhair riom.


L. Ir35:15


Do chuir mé fós chugaibh muile
sheirbhísigh na fáidhe, ag éirghe go moch
ar maidin, agus dá ccur uáim, gha
rádh; fillidh anois gach áonduine aguibh
óna dhroichshlighe, agus leasuighidh bhur
ngníomha, agus ná himthíghidh a ndiáigh
dée oile dá nadhradh, agus áitreoch-thaói
annsa bhfearann, noch thug misi dhíbh
féin agus da bhur naithribh; acht níor
chláonabhair bhur cclúas, agus níor éisteabhair
riom.


L. Ir35:16


Do bhrígh gur choimhlíonadar mic
Ionadab mhic Rechab aithne a nathar,
noch daithin sé dhíobh, acht níor éist an
pobalso riomsa:


L. Ir35:17


Uimesin is marso adeir Ti-ghearna
na slógh Día Israel, féuch, dobhéra
misi ar Iúdah, agus air áitreabhthá-chaibh
Ierusalem uile anuile olc dar fú-gair
mé na naghaidh: do bhrígh gur labhair mé
ríu, acht ní chúaladar, agus do ghoir
mé orra, agus níor fhreagradar.


L. Ir35:18


Agus adubhairt Ieremiah ré tigh
na Rechabíteach, is marso adeir Tighear-na
na slógh Día Israel, do bhrígh gur
umhluigheabhair daithne Ionadab bhur nathair, a-gus
gur choimhédabhair a uile aitheanta, a-gus
go ndearnabhair do réir anuile ní
dar aithin sé dhíbh.


L. Ir35:19


Uimesin is marso adeir Ti-ghearna
na slógh Día Israel, ní bhiáidh
easbhuidh duine air Ionadab mhac Rechab do
seasamh am lathairse go bráth.



Caib.36.


L. Ir36:1


Agus tárla annsa cceathramhadh
blíadhain do Iehoiacim mhac
Iosiah Rígh Iúdah, go ttái-nic
an bhríatharso chum Ie-remiah
ón TTighearna, gha rádh,


L. Ir36:2


Glac thusa rola leabhair, agus
scríobh ann na huile bhríathra dar labhair
misi riot anaghaidh Israel, agus anaghaidh
Iúdah, agus anaghaidh na nuile
chineadh ón ló far labhair mé riot ó laéthibh
Iosiah gus aniugh.


L. Ir36:3


Fédfuidhe go ccluinfeadh tigh Iú-dah
anuile olc dar thionnscuin misi do
dhénamh dhóibh, chor go bhfillfidís gach uile
dhuine óna dhroichshlighe; chor go maith-finnsi
a néigceart, agus a bpeacadh.


L. Ir36:4


Ansin do ghóir Ieremiah Ba-ruch
mhac Neriah, agus do scríobh Ba-ruch
ó bhéul Ieremiah bríathra an Ti-ghearna
uile, noch do labhair sé ris, a rola
leabhair.


L. Ir36:5


Agus daithin Ieremiah do Bha-ruch,
gha rádh, atáimsi íadhta súas,
ní fhéduim dul go tigh an Tighearna.


L. Ir36:6


Ar anadhbharsin imthigh thusa, a-gus
léigh annsa rola, noch do scríobh thú
óm bhéulsa, bríathra an Tighearna a
cclúasaibh an phobail a ttigh an Tighear-na,
lá an troisgthe: agus mar an ccéd-na
léighfidh thú íad a cclúasaibh Iúdah
uile noch thig amach as a ccaithrea-caibh.


L. Ir36:7


Dobféidir go ccuirfidís a ngea-rán
a bhfíaghnuise an Tighearna, agus
go bhfillfeadh gach áonduine dhíobh óna
dhroichshlighe: óir is mór anfearg agus
an tainteas dfoillsigh an Tighearna ana-ghaidh
an phobailsi.


L. Ir36:8


Agus dorinne Baruch mhac Neri-ah
do réir anuile ní dar aithin an fáigh
Ieremiah dhe, ag léghadh annsa leabhar
bríathra an Tighearna a ttigh an
Tighearna.


L. Ir36:9


Agus tárla annsa chúigeadh blía-dhain
do Iehoiacim mhac Iosiah Rígh Iú-dah
annsa náomhadh mí gur fhúagradar
trosgadh a bhfíaghnuise an Tighearna don
phobal uile ann Ierusalem, agus donuile
phobal tháinic ó chaithreachaibh Iúdah
go Hierusalem.


L. Ir36:10


Annsin do léigh Baruch annsa
leabhar bríathra Ieremiah a ttigh an Ti-ghearna,
a seomra Ghemariah mhic Sa-phan
an scribhneóir annsa chúirt dob áirde,
ag dul asteach an gheata nuáidh thighe
an Tighearna, a cclúasaibh an pho-bail
uile.


L. Ir36:11


Anuáir dochúaluidh Michaiah
mhac Gemariah mhic Saphan amach as an
leabhar bríathra an Tighearna uile,


L. Ir36:12


Annsin dochuáidh sé síos go tigh
an Rígh go seomra an scríobhuidhe, agus
féuch do shuigheadar na prionnsadha uile
annsin, eadhon Elisama an scríobuidhe, a-gus
Gemariah mhac Saphan, agus Se-deciah
mhac Hananiah, agus na prionn-sadha
uile.


L. Ir36:13


Annsin dfoillsigh Michaiah dhóibh
na huile bhríathra dá ccúala sé, anuáir
do léigh Baruch an leabhar a cclúasaib
an phobail.


L. Ir36:14


Uimesin do chuireadar na prionn-sadha
Iehúdi mhac Netaniah mhic Selemi-ah
mhic Cusi go Baruch gha rádh, glac
ann do láimh an rola ionar léigh tú a
cclúasaibh an phobhail, agus tárr:
marsin do ghlac Baruch mhac Neriah
an rola iona láimh, agus tháinic chuca.


L. Ir36:15


Agus adubhradar ris, suigh
síos anois, agus léigh ionar cclúa-saibhne
é: annsin do léigh Baruch iona
ccluasaibh é.


L. Ir36:16


Anois tárla anuáir dochuala-dar
na bríathra uile, dobhí eagla air
gach fear ré chéile, agus adubhradar
ré Baruch, go deimhin inneosuimne na
bríathraso uile don Rígh.


L. Ir36:17


Agus dfíafruigheadar do Bha-ruch,
gha rádh, innis dúinn annois cion-dus
do scríobh tú na bríathraso uile
as a bhéul.


L. Ir36:18


Annsin do fhreagair Baruch íad,
do labhair sé na bríathraso uile riom réna
bhéul, agus do scríobh misi lé dubh
íad ann a leabhar.


L. Ir36:19


Annsin adubhradar na prionnsa-dha
ré Baruch, imthigh foluigh thú féin
agus Ieremiah, agus ná bíodh a fhios
aig áoinneach cáit a mbeithí.


L. Ir36:20


Agus dochuadar asteach gus
an Rígh annsa chúirt, acht do chuireadar
an rola a ttaiscidh a seomra Elisama
an scríobuidhe, agus dinnsiodar
na bríathra uile a cclúasaibh an
Rígh.


L. Ir36:21


Annsin do chuir an Rígh Iehudi do
thabhairt an rola leis, agus thug sé leis
é, ó sheómra Elisáma an scríobuidhe,
agus do léigh Iehúdi a cclúasiabh an
Rígh agus a cclúasaibh na bprionnsadh
uile, noch do sheas láimh ris an Rígh.


L. Ir36:22


Anois do shuigh an Rígh annsa
tigh geimhridh annsa náomadh mí, agus do
bhí teine air an tteallach ar lasadh na
fhiadhnuise.


L. Ir36:23


Agus tárla an tan do léigh
Iehúdi a trí nó a ceathair do dhuilleógaibh
gur gheárr sé é leis an scín phinn, agus
do theilg sé annsa teine dobhí air anur-lár
é: nó gur loisgeadh an rola uile ann-sa
teine dobhí air an tteallach.


L. Ir36:24


Thairis sin ní raibh eagla or-ra,
níor bhriseadar a néduighe, an Rígh
nó aonduine dá mhuintir dá ccúala na
bríathraso.


L. Ir36:25


Gidheadh dorinne Elnatan, agus
Delaiah, agus Gemariah eadarghuidhe
chum an Rígh go nach loisgfeadh sé an
rola: acht níor éist sé riú.


L. Ir36:26


Acht daithin an Rígh do Ierah-meel
mhac Hammelech, agus Seraiah
mhac Asriel, agus Selemiah mhac Ab-diel,
Báruch an scríobhuidhe do ghabháil,
agus an fáigh Ieremiah, acht dfoluigh
an Tighearna íad.


L. Ir36:27


Annsin tháinic bríathar an Ti-ghearna
go Ieremiah (tar éis an Rígh
do losgadh an rola, agus na bríathra
do scríobh Báruch as béul Ieremiah)
gha rádh,


L. Ir36:28


Glac chugad arís rola oile,
agus scríobh ann na huile fhocal chédna
dobhí annsa chéd rola do loisc Iehoia-cim
Rígh Iúdah.


L. Ir36:29


Agus adhéra tú ré Iehoiacim
Rígh Iúdah, is marso adeir an Ti-ghearna,
do loisc tú an rola so, gha
rádh, cred as ar scríobh tú ann; gha rádh,
tiucfuidh Rígh na Babilóine go deimhin, agus
sgriosfuidh sé an tírsi, agus dobhéra
sé fa deara ar an nduine, agus ar an
bheathach díobhaghadh innte?


L. Ir36:30


Uimesin is marso adeir an
Tighearna a ttáobh Iehoiacim Rígh Iúdah,
ní bhiaidh duine ar bith aige do shuighe ar
chathaóir ríogha Dháibhi, agus teilfíghear
a chorp marbh amach chum an teasbhuidh san
ló, agus chum an tseaca san noidhche.


L. Ir36:31


Agus smaichdeocha misi é féin
agus a mhuintir ar son a néigceirt,
agus dobhéra mé orra, agus air áitreabh-thachaibh
Ierusalem, agus air mhuintir Iu-dah
anuile olc dár fhúagair mé na na-ghaidh:
acht níor éisteadarsion.


L. Ir36:32


Annsin do ghlac Ieremiah rola
oile, agus thug é do bharuch mhac
Neriah, an scríobuidhe, noch do scrí-obh
annsin as béul Ieremiah uile bhríathra
an leabhair, noch do loisg Iehoiacim Rígh
Iúdah annsa teine, agus do cuireadh
na gcionn mórán dá leitheid do bhría-thruibh.



Caib.37.


L. Ir37:1


Agus do ríoghuidh an Rígh
Sedeciah mhac Iosiah anáit
Choniah mhic Iehoiacim,
noch dá ndéarnuidh Nebuchad-ressar
Rígh na Babilóine Rígh a ttír
Iúdah.


L. Ir37:2


Acht níor éist sé féin nó a mhuin-tir,
nó pobal na tíre ré bríathruibh an
Tighearna, noch do labhair sé treas an
bhfáigh Ieremiah.


L. Ir37:3


Agus do chuir Sedeciah an Rígh
Iehucal mhac Selemiah, agus Sepha-niah
mhac Maaseiah an sagart chum
anfáigh Ieremiah gha rádh, guidh
anois chum an Tighearna ar Ndía air ar
son.


L. Ir37:4


Anois tháinic Ieremiah asteach,
agus dochuáidh sé amach a measc an pho-bail;
óir níor chuireadar a bpríosún é.


L. Ir37:5


Annsin tháinic slúagh Pharao a-mach
as aNégipt, agus anuáir dochualadar
na Caldénuigh do shuigh um
Ierusalem túarusgbháil orra, dimthi-gheadar
ó Ierusalem.


L. Ir37:6


Annsin tháinic bríathar an
Tighearna chum anfáidh Ieremiah,
gha rádh,


L. Ir37:7


Is marso adeir an Tighearna
Día Israel, is marso adearthaoi ré
Rígh Iúdah do chuir chugamsa sibh do
cheasnughadh riom, féuch, fillfidh slúagh
Phárao noch tháinic amach do bhur cco-bhraghadh
don Négipt dá ttír féin.


L. Ir37:8


Agus tiucfuid na Caldeánuigh
arís, agus troidfid anaghaidh na cai-threachso,
agus gébhuid í, agus loisgfid
í lé teine.


L. Ir37:9


Is marso adeir an Tighearna,
ná mealluidh sibh féin gha rádh, imeochuid na
Caldeánuidh go deimhin uáinn: óir ní im-eochuid
síad.


L. Ir37:10


Oír dá mbeith go mbuáilfeadh sibh
slúagh na Ccaldénach uile throidios
ann bhur naghaidh, agus nach mairfeadh achd
duine loitigh iona measc, thairis sin déir-eochaidís
gach uile dhuine dhíobh ann a pháill-íun,
agus do loisgfidís an chathairsi le
teine.


L. Ir37:11


Agus tárla anuáir do bhris
slúagh na Ccaldéanach súas ó Ieru-salem
ar eagla shluáigh Phárao,


L. Ir37:12


Annsin dochuáidh Ieremiah amach
as Ierusalem do dhul go tír Bhenia-min
dá dhealughadh féin annsin as measc an
phobail.


L. Ir37:13


Agus an tan dobhí sé a ngea-ta
Bheníamin dobhí Caiptín an ghárda
annsinn, dár budh ainm Iriiah mhac Sele-miah,
mhic Hananiah, agus do ghlac
sé an fáigh Ieremiah gha rádh, atá tú
ag dul do thaóibh na Ccaldeanach.


L. Ir37:14


Annsin adubhairt Ieremiah, ní
fíor sin, ní bhfuilimsi ag dul air tháobh na
Caldeánach; achd níor éist sé rís: ann-
sin do ghlac Iriiah Ieremiah, agus
thug sé chum na bprionnsadh é.


L. Ir37:15


Uimesin dobhádar na prionnsa-dha
feargach re Ieremiah, agus do bhu-áileadar
é, agus do chuireadar a bprío-sún
é, a ttigh Ionatan an scríobuidhe:
óir dorinneadar príosún de.


L. Ir37:16


Anuáir dochuaidh Ieremiah don
phríosún, do na soiléruibh íochdaracha, agus
dobhí Ieremiah annsin mórán do láethib:


L. Ir37:17


Annsin do chuir Sedeciah an
Rígh uadh, agus rug amach é, agus dfía-fruigh
an Rígh dhe go seircréideach ann
a thigh, agus adubhairt, an bhfuil focal
ar bith ón TTighearna? agus adubhairt
Ieremiah, atá; óir ar seision, dobhéarthar
thusa a láimh Rígh na Babi-lóine.


L. Ir37:18


Tuilleamh oile, adubhairt Ieremi-ah
ris an Rígh Sedeciah, cred dorinne
misi ad agaidhsi, nó anaghaidh do sheir-bhíseach,
nó anaghaidh an phobailsi, as
ar chuireadar a bpríosún mé?


L. Ir37:19


Cáit a bhfuilid anois bhur bhfái-ghe
do thairrghir dhíbhsi, gha rádh, ní thiuc-fuidh
Rígh na Babilóine bhur naghaidhse
ná anaghaidh na tíresi.


L. Ir37:20


Uimesin éist anois, íarruim
dathchuinge ort, mo thighearna an Rígh,
glacthar mo ghearán, íarruim ort, dot
lathair; go nach ccuirfe tú dfíachaibh
orum filleadh go tigh Ionatain an scrí-obhuidhe,
deagla go bhfuighinn bás annsin.


L. Ir37:21


Annsin daithin Sedeciah an Rígh
go ccuirfedís Ieremiah a láimh a ccúirt
an phríosúin, agus go ttugaidís dhó
go láetheamhuil cuid aráin as sráid an bhái-céir,
nó go ccaithtí arán na caithreach
uile: marso dfan Ieremiah a ccúirt
an phríosúin.



Caib.38.


L. Ir38:1


Ansin dochúaluidh Sephatiah
mhac Mattan, agus Ge-daliah
mhac Passur, a-gus
Iucal mhac Selemiah, agus
Passur mhac Malchiah na
bríathra do labhair Ieremiah ris an bpo-bal
uile, dha rádh,


L. Ir38:2


Is marso adeir an Tighearna,
an té anfas annsa chathruighsi éugfuidh
sé leis an ccloidhimh, leis an ngor-ta,
agus leis an bpláigh; acht an té
rachus amach chum na Ccaldénach, mair-fidh
sé; óir dogheabhuidh a bheatha mar
eadáil, agus mairfidh sé.


L. Ir38:3


Is marso adeir an Tighearna,
go deimhin dobhérthar an chathairsi a láimh
slóigh Rígh na Babilóine, noch ghébhus
í.


L. Ir38:4


Uimesin adubhradar na prionn-sadha
ris an Rígh, íarramaoid dath-chuinge
ort, cuirthear an té so chum
báis: óir is marso laguighios sé
lámha lucht cogaidh na caithreachso, a-gus
lámha an phobuil uile ag labhairt a
leitheide so do bhríathruibh ríu: óir ní
hé leas na ndaóinese íarrus an fear-
so, acht a naimhleas.


L. Ir38:5


Annsin adubhairt an Rígh Sede-ciah,
féuch, atá sé ann bhur lámhuibh-
si, óir ní hé an Rígh fhédas aóinní do
dhénamh bhur nagaidh.


L. Ir38:6


Annsin do ghlacadar Ieremiah,
agus do theilgiodar a ccarcair Mhal-chiah
mhic Hammelech é, noch dobhí a
ccúirt an phríosúin: agus do léigio-dar
Ieremiah síos lé córduibh. A-gus
ní raibh uisce ar bith annsa ccar-cuir
achd lábán; marsin dochuáidh Ie-remiah
faói annsa lábán.


L. Ir38:7


Anois anuáir dochúaluidh E-bed-melech
an Tetíopeach, áon do na
seomradóiribh dobhí a ttigh an Rígh,
gur chuireadar Ieremiah annsa charcair
(an Rígh na shuighe an tan sin a
ngeata Bheniamin)


L. Ir38:8


Dochuáidh Ebed-melech amach as
tigh an Rígh, agus do labhair ris an
Rígh, gha rádh,


L. Ir38:9


Mo thighearna an Rígh, dorinne
an muintirse uile olc ann gach ní
dá ndérnadar ris an bhfáigh Iere-miah,
noch do theilgiodar annsa char-cair:
gheabha sé bás ré ocras annsanáit
a bhfuil sé: óir ní bhfuil nísa mhó da-rán
annsa chathruigh.


L. Ir38:10


Annsin dfúagair an Rígh do
Ebed-melech an Tetíopeach, gha rádh,
beir leachd as so tríochad fear, agus
tóig súas Ieremiah as an ccarcair suil
dogheabha sé bás.


L. Ir38:11


Mar sin rug Ebed-melech na
daóine leis, agus dochuáidh sé go
tigh an Rígh faói thigh na séd, a-gus
rug sé leis as sin seinghio-bail
agus seincheirteacha lobhtha, a-gus
do léig sé síos lé córduighibh
íad don charcair chum Ieremiah.


L. Ir38:12


Agus adubhairt Ebed-melech
an Tetíopeach re Ieremiah, cuir anois
na seincheirteacha so agus na sein-ghiobuil
lobhtha ann hasgalluibh faói na
córduibh; agus dorinne Ieremiah
sin.


L. Ir38:13


Marsin do thairngiodar aní-os
Ieremiah re córduibh, agus thu-gadar
súas as an ccarcuir é, a-gus
dfan Ieremiah a ccúirt an
phríosúin.


L. Ir38:14


Annsin do chuir Sedeciah an
Rígh fios, agus rug sé an fáigh
Ieremiah chuige don treas dul asteach
atá a ttigh an Tighearna, agus adubhairt
an Rígh ré Ieremiah; fíaf-rocha
mé ní dhíot, ná ceil aoinní orum.


L. Ir38:15


Annsin adubhairt Ieremiah
re Sedeciah, má foillsighim dhuit, nach
ccuirfe tú go deimhin chum báis mé?
agus má bheirim comhairle dhuit, anéist-fe
tú riom.


L. Ir38:16


Mar sin do mhionnuigh Sedeciah an
Rígh go seicréideach do Ieremiah gha rádh,
mar mhairios an Tighearna dorinne an
tanamso dhúinn, ní chuirfidh mé chum báis
thú, agus ní bhéra mé thú a láimh na
ndaóinesi íarrus do bhás.


L. Ir38:17


Annsin adubhairt Ieremiah re
Sedeciah, is marso adeir an Ti-ghearna
Día na slógh Día Israel, má
théid tú amach go dearbhtha chum prionnsadh
Rígh na Babilóine, annsin mairfidh hanam,
agus ní loisgfighear an chathairse le teine,
agus mairfidh tú féin, agus do tigh.


L. Ir38:18


Acht muna ndeacha tú go pri-onnsadhuibh
Rígh na Babilóine, annsin bhér-thar
an chathairsi a láimh na CCaldé-nach,
agus loisgfid í lé teine, a-gus
ní racha tusa as óna lámh-uibh.


L. Ir38:19


Agus adubhairt an Rígh Sede-ciah
re Ieremiah, atá eagla na Níud-uigheadh
orum do theith chum na CCaldé-nach,
deagla go ttiubhraidís iona
lámhuibh mé, agus go mbeidís ag ma-gadh
orum.


L. Ir38:20


Acht adubhairt Ieremiah, ní
sheachóduid síad thú: umhluigh, íarruim
dathchuinge ort, do ghuth an Tighear-na
noch labhruimsi riot: mairsin bhías sé
go maith agadsa, agus mairfidh hanam.


L. Ir38:21


Acht má dhiúltann tú dul a-mach,
sé so an focal do thaisbéin
an Tighearna dhamhsa.


L. Ir38:22


Agus féuch bérthar anuile bhean
dar fágbhadh a ttígh Rígh Iúdah amach
go prionnsadhuibh Rígh na Babilóine, a-gus
adéruid na mná sin, do bhros-tuigheadar
do cháirde thú, agus ru-gadar
buáidh ort: do sluigeadh do cho-sa
annsa lathaigh, agus dfilleadar
síar tar a nais.


L. Ir38:23


Marsin dobhéruid síad amach
do mhná uile, agus do chlann chum na
CCaldénach, agus ní racha tusa as
óna láimh, acht gébhthar thú lé láimh
Rígh na Babilóine: agus dobhéra
tú fa deara an chathairsi do losgadh lé
teine.


L. Ir38:24


Annsin adubhairt Sedeciah ré
Ieremiah, ná bíodh fios na mbriathar-
so ag duine ar bith, agus ní muir-fighear
thú.


L. Ir38:25


Acht má chluinid na prionnsa-dha
gur labhair misi riot, agus go ttiuc-fuid
chugad, agus go naibeoruid riot,
innis dúinn anois cred adubhairt
tú ris an Rígh, ná ceil oruinn é,
agus ní chuirfeam chum báis thú; mar
an ccédna cred adubhairt an Rígh
riot?


L. Ir38:26


Annsin déra tú ríu, do chuir
mé mo ghearán a lathair an Rígh, chor
nach bhfillfeadh sé mé go tigh Ionatan
dfagháil bháis ann.


L. Ir38:27


Annsin thangadar na prionn-sadha
uile go Ieremiah, agus dfíaf-ruigheadar
dhe, agus dinnis sé dhóibh, do
réir na mbriatharso uile daithin an Rígh;
annsin do scuireadar do chomhrádh ris:
óir níor mothuigeadh an chúis.


L. Ir38:28


Mar sin dfan Ieremiah a ccúirt
an phríosúin go ttáinic an lá fár ga-bhadh
Ierusalem, agus dobhí sé annsin
an tan do gabhadh Ierusalem.



Caib.39.


L. Ir39:1


Ansa naomhadh blíadhain do
Shedeciah Rígh Iúdah annsa
deachmhadh mí tháinic Nebu-chadressar
Rígh na Babi-lóine,
agus a shlúagh uile anaghaidh
Ierusalem, agus do shuigheadar
na timcioll uirre.


L. Ir39:2


Agus annsanáonmadh blíadhuin
dég do Shedeciah annsa cceathramhadh
mí, air an náomhadh lá don mhí, do briseadh
síos an chathair.


L. Ir39:3


Agus thangadar uile phrionnsa-dha
Rígh na Babilóine asteach, agus do
shuigheadar annsa gheata meadhónach, eadhon
Nergal-Sareser, Samgar-Nebo, Sar-sechim,
Rabsaris, Nergal-Sareser,
Rabmah, maille ris an ccuid oile uile
do phrionnsadhuibh Rígh na Babilóine.


L. Ir39:4


Agus tárla an tan dochonnairc Se-deciah
Rígh Iúdah íad, agus na fir cho-gaidh
uile, gur theitheadar, agus go
ndeachadar amach as an ccathruigh san
noidhche a slighe gháirdin an Rígh annsa
gheata idir an dá bhalla, agus dochuáidh
seision amach a slighe an réitigh.


L. Ir39:5


Acht do lean slúagh na Ccaldé-nach
íad, agus rugadar ar Shedeci-ah
a réitibh Iericho: agus an tan ru-gadar
air, thugadar súas go Nebuchad-nessar
Rígh na Babilóine é, go Rib-lah
a ttír Hámat, áit a rug sé brei-theamhnus
air.


L. Ir39:6


Annsin do mharbh Rígh na Babi-lóine
mic Shedeciah ann Riblah as coinne
a shúl, do mharbh Rígh na Babilóine fós
uáisle Iúdah uile.


L. Ir39:7


Tuilleamh oile, do chuir sé súile
Shedeciah amach, agus do cheangail
sé le slabhradhuibh é dá breith don Bha-bilóin.


L. Ir39:8


Agus do loisgeadar na Caldé-nuigh
tigh an Rígh, agus tighthe an pho-bail
uile le teine, agus do briseadar
síos balladha Ierusalem.


L. Ir39:9


Annsin rug Nebusaradan Caiptín
an Ghárda a mbraighdionas leis don
Bhabilóin fuighioll na ndaóine do fág-bhadh
annsa chathruigh, agus an dream do
theith chuige maille ris an ccuid oile
don phobal do mhair.


L. Ir39:10


Acht dfág Nebusaradan
Caiptín an ghárda do bochtaibh an pho-bail
ag nach raibh aoinní a ttír Iúdah,
agus thug sé fíneamhna, agus machairea-dha
dhóibh an lásin.


L. Ir39:11


Anois thug Nebuchadnessar
Rígh na Babilóine cúram do Nebusa-radan
Caiptín an ghárda a ttaóibh Ie-remiah,
gha rádh,


L. Ir39:12


Glac é, agus féuch dhó go
maith, agus ná dén dochar ar bith dhó,
acht dén dhó ionnan agus mar adéra sé
riot.


L. Ir39:13


Marsin do chuir Nebusaradan
Caiptín an ghárda uadh, agus Nebu-sasban,
Rabsaris, agus Nergal-sa-reser,
agus Rabmag, agus uile
phrionnsadha Rígh na Babilóine:


L. Ir39:14


Do chuireadarsan, agus ruga-dar
Ieremiah amach as cúirt an phrío-súin,
agus thugadar go Gedaliah mhac
Ahicam mhic Saphan é, dá bhreith don
bhaile: annsin dáitreibh sé a measc an
phobail.


L. Ir39:15


Anois tháinic bríathar an Ti-ghearna
go Ieremiah, an fad dobhí sé
íadta súas a ccúirt an phríosúin, ga
rádh,


L. Ir39:16


Eírigh, agus labhair re E-bedmelech
an Tetíopeach, gha rádh,
is marso adeir Tighearna na slógh,
Día Israel, féuch, dobhéra mé mfocal
air an ccathruighse ar olc, agus ní ar
mhaith, agus béid annsa ló sin ad fhíagh-nuise
si.


L. Ir39:17


Acht sáorfuidh mé thusa san
lósin, adeir an Tighearna, agus ní
thiubharthar thú a láimh na ndaóine re a
bhfuil eagla agad.


L. Ir39:18


Oír go deimhin sáorfa misi thú,
agus ní tuitfidh tú leis an ccloidheamh,
achd biáidh hanam mar édáil agad, do
bhrígh gur chuir tú do dhóthcus ionnamsa,
adeir an Tighearna.



Caib.40.


L. Ir40:1


An bhríathar tháinic go Ieremi-ah
ón TTighearna, tar éis
Nebusaradan Caiptín an
ghárda do léigion do imtheacht
as Ramah, anuáir do ghabh sé é, ar
mbeith dhó ceangailte a slabhradhuibh a
measc gach a rugadh a láimh ó Ierusa-lem,
agus ó Iúdah, noch rugadh a láimh
don Bhabiloin.


L. Ir40:2


Agus do ghlac Caiptín an ghár-da
Ieremiah, agus adubhairt sé ris,
isé an Tighearna do Dhía dfúagair an
tolcso air anáitsi.


L. Ir40:3


Anois thug an Tighearna, agus
dorinne sé do réir mar adubhairt sé:
do bhrígh gur pheacuigheabhair anaghaidh an
Tighearna, agus nár umhluigheabhair dá ghuth,
uimesin tháinic an níse oruibh.


L. Ir40:4


Agus anois, féuch, scaóilimse
thú aniugh ó na slabhradhuibh, noch dobhí
air do láimh: má chítear dhuit féin teacht li-om
don Bhabilóin, tárr, agus féuchfa
misi go maith dhuit: achd muna bhfaicthear
dhuit teachd don Bhabilóin, fan: féuch, atá an
tír uile romhad, gidhbe áit is férr a-gus
is iomchubhaigh iona bhfaicfighear dhuit
dul, éirigh ann.


L. Ir40:5


Anois an fad nar imthigh sé ar
ais, adubhairt sé, éirigh ar hais go Ge-daliah
mhac Ahicam mhic Saphan, noch
dá ndeárna Rígh na Babilóine úachta-rán
ós cionn uile chaithreach Iúdah, agus
dén comhnuidhe iona fhocair a measc an pho-bail:
nó imthigh mar a bhfaicthear dhuit
iomchubhiadh dul. Marsin thug Caiptín
an ghárda biádh agus luáigheacht dó, a-gus
do léig sé dhó imtheacht.


L. Ir40:6


Annsin dochuáidh Ieremiah go
Gedaliah mhac Ahicam go Mispah, agus
do comhnuidh sé iona fhochair a measc na
ndaóine do fágbhadh annsa tír.


L. Ir40:7


Anois an tan dochúaladar uile
Chaiptíne na slógh, noch dobhí annsna
machairighibh, íad féin agus a muintir,
go ndérna Rígh na Babilóine úachta-rán
do Ghedaliah mhac Ahicam annsa
tír, agus go ttug sé dhó fir, agus
mna, agus leinibh, agus do bhochtaibh na tíre don
mhéid nach rugadh a láimh don Bhabilóin.


L. Ir40:8


Annsin thangadar go Gedaliah
go Mispah, eadhon Ismael mhac Neta-niah,
agus Iohanan, agus Ionatan
mhac Careah, agus Seraiah mhac
Tanumet, agus mic Ephai an Neto-phatiteach,
agus Iesaniah mac Maa-chatitigh,
íad féin agus a muintir.


L. Ir40:9


Agus do mhionnuigh Gedaliah mhac
Ahicam mic Saphan dóibh féin agus dá
muintir, ghá rádh, na bíodh eagla oruibh
foghnamh do na Caldénachaibh, dénuidh
comhnuighe annsa tír, agus dénaidh seir-bhís
do Rígh na Babilóine, agus ra-caidh
sé go maith dhíbh.


L. Ir40:10


Ar mo shonsa, féuch áitreo-chuidh
mé a Mispah dfhoghnamh do na Cal-deánachaibh,
noch thiucfas chugainn: acht
cruinnighidhsi fíon, agus tóirthe samhraidh,
agus ola, agus cuiridh ann bhur soithi-ghibh
íad, agus comhnuighidh ann bhur ccai-threachaibh,
noch do ghabhabhair.


L. Ir40:11


Mar an ccédna anuáir dochúa-ladar
na Iúduighe uile dobhí ann Moab, a-gus
a measc na Nammoníteach, agus ann
Edom, agus an drong dobhí annsna huile
thíorthuibh, gur fhág Rígh na Babilóine
fuighioll do Iúdah, agus gur chuir sé
Gedaliah mhac Ahicam mhic Saphan ós
a ccionn;


L. Ir40:12


Dfill na huile Iúduighe as na
húile áitibh ar díbreadh íad, agus than-gadar
go tír Iúdah go Gedaliah go
Mispah, agus do chruinnigheadar fíon a-gus
mórán tóirthe samhraidh.


L. Ir40:13


Tuilleamh oile, tháinic Iohanan
mhac Careah, agus uile chaiptíne na
slógh dobhí annsna machairighibh, go Geda-liah
go Mispah,


L. Ir40:14


Agus adubhradar ris: ann
bhfidir tusa go dearbhtha, gur chuir Baalis
Rígh no Nammoníteach Ismael mhac Ne-taniah
dod mharbhadh? acht níor chreid
Gedaliah mhac Ahicam íad.


L. Ir40:15


Annsin do labhair Iohanan mhac
Kareh re Gedaliah ann Mispah go
seircréideach, gha rádh, léig dhamhsa im-theachd,
íarruim dathchuinge ort, agus
muirfidh mé Ismael mhac Netaniah, agus
ní bhiáidh a fhios ag áonduine; chred fá
muirfeadh sé thusa, chor go scaóilfidhe na
huile Iúduighe dar chruinnigh chugad, agus
go mbáiseochthaói a mairionn ann Iúdah.


L. Ir40:16


Acht adubhairt Gedaliah mhac
Ahicam re Iohanan mhac Careah, ní dhé-na
tú an ní se, óir is brég labhrus tú
ar Ismael.



Caib.41.


L. Ir41:1


Anois tárla annsa seachtmhadh
mí go ttáinic Ismael mhac
Netaniah mhic Elisamah
don tsíol ríogha, agus pri-onnsadha
an Rígh, eadhon deithneamhar fear
leis, go Gedaliah mhac Ahicam go
Mispah, agus annsin a dúadar arán
a bhfochair a chéile ann Mispah.


L. Ir41:2


Annsin déirigh Ismael mhac Meta-niah
agus an deithneamhar fear dobhí io-na
fhochair, agus do bhuáileadar Gedali-ah
mhac Ahicam mhic Saphan leis an
ccloidheamh, agus do mharbhadar é, noch
dá ndérna Rígh na Babilóine úachta-rán
ós cionn na tíre.


L. Ir41:3


Do mharbh fós Ismael na Iúduighidh
uile dobhí iona fhochair, eadhon a bhfarradh
Ghedaliah ann Mispah, agus na Cal-deánuigh
noch dofríth ann, agus na
fir chogaidh.


L. Ir41:4


Agus tárla an dara lá tar
éis Gedaliah do mharbhadh dhó, agus nach
raibh a fhios ag duine ar bith,


L. Ir41:5


Go ttáinic daóine áirigh
ó Shechem, ó Shíloh, agus ó Sha-mária,
eadhon ceithre fithchidh fear a-gá
rabhadar a bhfésóga beárrtha, agus
arna ngearradh féin maille re hofráluibh
agus túis iona lámhuibh dá ttabhairt go
tigh an Tighearna.


L. Ir41:6


Agus dochuáidh Ismael mhac Ne-taniah
amach as Mispah na ccoinne, ag
gul ar fad ag imtheacht dó, agus tár-la
mar do theagmhuidh dhóibh, go ndubhairt
sé ríu, tigidh go Gedaliah mhac Ahi-cam.


L. Ir41:7


Agus is amhluidh bhí anuáir than-gadar
go lár na ccaithreach, gur mharbh
Ismael mhac Netaniah íad a lár an
luig, é féin agus an mhuintir dobhí iona fho-chair.


L. Ir41:8


Acht dofríth deithneamhar fear
iona measc adubhairt re Ismael, ná marbh
sinne: óir atá ionnmhus aguinn ansa
machaire, do chruithneachd, agus déor-na,
agus dola, agus do mhil: annsin
do choisc sé, agus níor mharbh sé íad a
measc a ndearbhráithreach.


L. Ir41:9


Annois dobé an log, ar theilg
Ismael cuirp mharbha na ndaóine (noch
do mharbh sé a ttaobh Ghedaliah) dorinne
Asa an Rígh ar eagla bhaasa Rígh
Israel, agus do líon Ismael mhac Ne-taniah
é leis an ndruing do mar-bhadh.


L. Ir41:10


Annsin rug Ismael leis a láimh
an chuid oile don phobal uile dobhí ann
Mispah, eadhon ingheana an Rígh, agus
na daoine uile dfan ann Mispah, noch
do tháobhuigh Nebusaradan caiptín an
ghárda re Gedaliah mhac Ahicam agus
rug Ismael mhac Netaniah leis íad,
agus dimthigh sé chum dul anonn gus na
Hammoníteachaibh.


L. Ir41:11


Acht anuáir dochúaluidh Ioha-nan
mhac Careah, agus uile Chaiptíne
na slógh dobhí iona fhochair, anuile olc
dá ndeárnuidh Ismael mhac Netaniah,


L. Ir41:12


Annsin rugadar léo na daóine
uile, agus dochúadar do throid re
Hismael mhac Netaniah, agus fúara-dar
é láimh ris na huisceadhuibh móra atá
a Ngibéon.


L. Ir41:13


Annois tárla anuáir dochonn-airc
a raibh do dhaóinibh a bhfochair Ismael
Iohanan mhach Careah, agus uile Chaip-tíne
na slógh dobhí iona fhochair, annsin
dobhádar lúathgháireach.


L. Ir41:14


Marsin thainic an phobal uile
rug Ismael a láimh ó Mhispah faccu-áirt,
agus diompóigheadar, agus dochúadar
go Iohanan mhac Careah.


L. Ir41:15


Acht dochuaidh Ismael mhac Ne-taniah
as ó Iohanan maille re ochdar
fear, agus dochuaidh sé gus na Hammoní-teachaibh.


L. Ir41:16


Annsin rug Iohanan mhac Careah
agus uile Chaiptínighe na slógh dobhí
iona fhochair fuighioll na ndaóine uile, noch
do bhean sé do Ismaeal mhac Netaniah ó
Mhispah (tar éis Gedaliah mhac Ahi-cam
do mharbhadh dhó) eadon fir láidre cho-gaidh,
agus na mná, agus na leanba, agus na seom-radóirighe,
noch thug sé arís ó Ghibeon.


L. Ir41:17


Agus do ghluáisiodar, agus
dáitreabhadar anáitreabh Chimcham, noch
atá láimh ré betlehem, do dhul asteach
don Négipt,


L. Ir41:18


Do bhrígh na CCaldeánach: óir
dobhádar eaglach rompa, do bhrígh gur
mharbh Ismael mhac Netaniah, Gedaliah
mhac Ahicam, noch dá ndeárna Rígh na
Babilóine úachdarán annsa tír.



Caib.42.


L. Ir42:1


Annsin thangadar Caiptíne
uile na slógh a bhfogus, a-gus
Iohanan mhac Careah
agus Iesaniah mhac Hosa-iah,
agus an pobal uile
ó bheag go mór.


L. Ir42:2


Agus adubhradar ris an bhfáigh
Ieremiah, guidhmid thú, tuiteadh ar ngearán
ad lathair, agus guidh air ar son chum an
Tighearna do Dhía, eadhon ar son anfui-ghillsi
uile: (óir níor fágbhadh aguinn achd
beagán do mhórán, mar dochíd do shúile
sinn)


L. Ir42:3


Chor go ttaisbheanfá an Tighear-na
do Dhía dhúinn, an tslighe iona bhféd-fam
siubhal, agus an ní fhédfam do dhé-namh.


L. Ir42:4


Annsin adubhairt Ieremiah an
fáigh riú, dochúala mé sibh: féuch, guidh-fidh
mé chum an Tighearna bhur Ndía do
réir bhur mbríathar, agus tiucfuidh a
ccrích gidhbé ar bith ní fhreagorus an
Tighearna dhíbhsi, go bhfoillseocha mé dhíbh é:
ní choinneochad aóinní ar ccúl uáibh:


L. Ir42:5


Annsin adubhradar ré Ieremiah,
bíodh an Tighearna na fhíadhuin fhírinnigh dhí-righ
eadruinn, muna ndearnam do réir na
nuile neithe ar son a ccuirfidh an Ti-ghearna
do Dhía chuguinn thú.


L. Ir42:6


Mas maith nó mas olc é, uimhleo-cham
do ghlór an Tighearna ar Ndía, chum
a ccuirmíd thusa; chor go mbeithior go
maith aguinn an tan uimhleocham do ghuth
an Tighearna ar Ndía.


L. Ir42:7


Agus tárla déis dheich lá go
ttáinic bríathar an Tighearna go Iere-miah.


L. Ir42:8


Annsin do ghoir sé Iohanan mhac
Careah agus uile Chaiptíne na slógh
noch dobhí iona fhochair, agus an pobal
uile ó bheag go mór,


L. Ir42:9


Agus adubairt sé ríu, is mar-
so adeir an Tighearna Día Israel, chum
ar chuireabhair misi dfoillsiughadh bhur ngea-ráin
dó,


L. Ir42:10


Má fhantaói a ccomhnuighe annsa
tírse, annsin cuirfidh misi súas sibh, a-gus
ní shraóilfe mé síos sibh, agus
plainndeocha mé sibh, agus ní thairreonga
mé aníos sibh: óir is aithreach liom an
tolc dorinne mé oruibh.


L. Ir42:11


Ná bíodh eagla Rígh na Babilóine
oruibh re a bhfuil eagla aguibh: ná himea-gluighe
roimhe, adeir an Tighearna, óir
atáimsi libh dá bhur sáoradh, agus dá
bhur ttártháil as a láimh.


L. Ir42:12


Agus taisbénfa mé grása dhíbh,
chor go mbía truáighe aigesion díbh,
agus go ttuga sé oruibh filleadh dá bhur
ndúthaigh féin.


L. Ir42:13


Acht má dearthaói, ní choimhneo-cam
annsa tírsi, agus gan umhlughadh
do ghuth an Tighearna bhur Ndía,


L. Ir42:14


Gha rádh, ní headh, acht racham go
crích na Hégipte, mar nach bhfaicfiom
cogadh ar bith, agus nach ccluinfiom
fuáim an stuic, agus nach bhfuighiom o-cras
aráin, agus coimhneocham annsin:


L. Ir42:15


Agus anois uimesin éistigh fo-cal
an Tighearna, sibhsi a fhuighioll Iúdah,
is marso adeir Tighearna na slógh Día
Israel, má churthaóise bhur naighthe go
hiomlán ar dhul don Négipt, agus im-theacht
agus dul do chomhnuighe ann.


L. Ir42:16


Annsin tiucfuidh a ccrích, an
cloidheamh roimhe a raibh bhur neagla go mbé-ra
sé oruibh a ttír na Hégipte, agus
an ghorta re a bhfuil eagla oruibh go lean-fuidh
sé go lúath sibh don Négipt, agus
éugfuidhe annsin.


L. Ir42:17


Marsin bhías ag anuile dhuine
chuirfios a aghaidh ar dhul ar chuairt don
Négipt: éugfuid leis an ccloidheamh,
leis an ngorta, agus leis an bpláigh:
agus ní mhairfidh áonduine aca, agus ní
rachaidh as ónolc dobhéra misi orra.


L. Ir42:18


Oír is marso adeir Tighearna
na slógh Día Israel, mar do dhóirteadh
mfearg agus mo chuthach amach ar áitrea-thachaibh
Ierusalem, is marsin dóirt-fighear
mfearg amach oruibhsi, an tan rachd-aoi
don Négipt: agus beithí mar mhallughadh,
agus mar úathbhas, agus mar mhallacht,
agus mar mhasla, agus ní fhaicfidhe
anáitsi nísa mhó.


L. Ir42:19


Adubhairt an Tighearna dá bhur
ttáobh, a fhuighioll Iúdah, ná héirgidhe
don Négipt: bíodh a fhios aguibh go
deimhin gur chomhairligh misi sibh aniugh.


L. Ir42:20


Oír do léigeabhair oruibh ann bhur ccro-idhthibh
anuáir do chuireabhair misi chum an
Tighearna bhur Ndía gha rádh, guidh air
ar soinne chum an Tighearna ar Ndía,
agus do réir anuile ní déras an
Tighearna ar Ndía, mairsin inis dúinn, a-gus
dodhénamne é.


L. Ir42:21


Agus anois dfoillsigh mé dhíbh
é niugh, acht níor umhluigheabhair do ghuth an
Tighearna bhur Ndía, nó daóinní ar son
ar chuir sé misi chugaibh.


L. Ir42:22


Anois uimesin bíodh a fhios
aguibh go dearbhtha go néugfuidhe leis
an ccloidheamh, leis an ngorta, agus
leis an bpláigh, ansanáit ar mían libh
dul, agus comhnuighe do dhénamh ann.



Caib.43.


L. Ir43:1


Agus tárla an tan do chríoch-nuigh
Ieremiah labhairt ris an
bpobal uile bhríathra an Ti-ghearna
a Ndía, ar son ar
chuir an Tighearna a Ndía chuca é,
eadhon na bríathrasa uile,


L. Ir43:2


Annsin do labhair Asariah mhac
Hosaiah, agus Iohanan mhac Careah,
agus na daóine uáibhreacha uile, ga
rádh re Ieremiah, labhraidh tú bréug:
ní hé an Tighearna ar Ndía do chuir
thú dha rádh, ná héirigh don Négipt do
chomhnuidhe annsin.


L. Ir43:3


Acht asé Baruch mhac Neriah
do bhrostuigh thú ar naghuidhne dar tta-bhairt
a láimh na CCaldénach, ionnus
go ccuirdís chum báis sinn, agus go
mbeirdís sinn a láimh don Bhabilóin.


L. Ir43:4


Marsin níor umhluigh Ionatan
mhac Careah, agus uile chaiptíne na
slógh, agus an pobal uile do ghlór
an Tighearna, do chomhnuidh a ttír Iúdah.


L. Ir43:5


Acht rug Iohanan mhac Careah,
agus uile chaiptíne na slógh léo fui-ghioll
Iudah uile dfill ó gach uile
chrích ann ar díbreadh íad do chomhnuidhe
a ttír Iúdah.


L. Ir43:6


Eadhon fir, agus mná, agus
leanba, agus ingheana an Rígh, agus
gach áon dar fhág Nebusaradan caip-tín
an ghárda ag Gedaliah mhac A-hicam
mhic Saphan, agus Ieremiah an
fáigh, agus Baruch mhac Neriah.


L. Ir43:7


Marsin thangadar go chrích na
Hégipte: óir níor umhluigheadar do ghuth
an Tighearna; marso thangadar go
Tahpanches.


L. Ir43:8


Annsin tháinic focal an Tighear-na
go Ieremiah ann Tahpanches, gha
gádh,


L. Ir43:9


Glac clocha móra ann do láimh,
agus foluigh íad annsa chríaidh a sorn
na mbríceadh, noch atá ag dul asteach
tighe Phárao ann Tahpanches a ra-dharc
muintire Iúdah;


L. Ir43:10


Agus abair ríu, marso adeir
Tighearna na slógh Día Israel, féuch
cuirfe mé, glacfa mé Nebuchadres-sar
mo sheirbhíseach Rígh na Babi-lóine,
agus cuirfidh mé a chathaóir ar
na clochaibhsi dfoluigh mé, agus leath-nochuidh
sé a pháillíun ríoghamhuil ós a
ccionn.


L. Ir43:11


Agus an tan thiucfas sé,
buáilfidh sé tír na Hégipte, an mhéid
atá chum báis, don bhás; agus an mhéid
atá chum daoirsine, don dáoirsine;
agus an mhéid atá chum an chloidhim,
don chloidheamh.


L. Ir43:12


Agus lasfuidh sé teine a ttigh-thibh
dhée na Hégipte, agus loisg-fidh
sé íad, agus béra leis a láimh
íad; agus éideochuidh é féin lé dúthaigh
na Hégipte, mar chuirios tréduighe na
ccáorach a chulaidh uime, agus imeochuidh
sé amach as sin a síothcháin.


L. Ir43:13


Brisfidh sé fós íomháighe Bhet-semes
atá a ccrích na Hégipte, agus
loisgfighear tighthe dhée na Négip-teach
lé teine.



Caib.44.


L. Ir44:1


An focal tháinic go Ieremi-ah
a ttaobh na nuile Iúd-uigheadh,
noch chomhnuighios a
ccrích na Hégipte, noch
áitreabhas ag Migdal, agus ag Tah-panches,
agus ag Noph, agus a ttír
Phatros, gha rádh,


L. Ir44:2


Is marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel, dochoncabhair anuile
olc thug misi ar Ierusalem, a-gus
ar chaithreachaibh Iúdah uile; a-gus
féuchuidh, aniugh atáid síad na
bhfásach, agus ní áitreabhann duine ar
bith ionta.


L. Ir44:3


Do bhrígh anuilc dorinneadar
dom bhrostughadh chum feirge, an
tionad a ndeachadar do losgadh túi-se,
agus dfoghnamh do dhéeibh oile,
nacharbhaithne dhóibh, dhóibh féin, dhibh-
si, ná dá bhur naithribh.


L. Ir44:4


Matá gur chuir misi chugaibh
mo sheirbhísigh na fáighe, ag éirghe go
moch, agus agá ccur uáim, gha rádh,
oh ná dénuidh an ní adhfuathmharso noch
fhúathuighimsi.


L. Ir44:5


Acht níor éisteadarsan, ní mó
do chláonadar a cclúas dfilleadh óna
nolc, gan túis air bith do loscadh
do dhéibh oile.


L. Ir44:6


Uimesin do dóirteadh amach mo
ainteas, agus mfearg, agus do la-sadh
í a ccaithreachaibh Iúdah, agus a
sráidibh Ierusalem, agus atáid na
bhfásach, agus uáigneach do réir an
laé aniugh.


L. Ir44:7


Uimesin anois is marso adeir
an Tighearna Día na slógh, Día Is-rael,
cred fá ndéintí an tolc mór-
so anaghaidh bhur nanmann, do ghear-radh
uaibh amach fear agus ban, leanabh
agus naoidhean amach as Iúdah,
go nach bhfágfuidh fuighioll agaibh re
marthuinn:


L. Ir44:8


An tionad ar bhrostuigheabhair
misi chuim feirge lé hoibreachaibh bhur
lámh, ag losgadh túise do dhéibh oile
a ccrích na Hégipte mar a ndeacha-bhair
do chomhnuidhe, chor go ngérrfaidh
sibh amach, agus go mbeith sibh mar
mhallughadh, agus mar scannail a measc
uile chineadhach an domhuin.


L. Ir44:9


Nar dhearmadabhair uilc bhur naith-readh,
agus uilc Ríghtheadh Iúdah, agus
uilc a mban, agus bhur nuilc féin,
agus uilc bhur mban, noch dorinneadar
a ttír Iúdah, agus a sráidibh Ie-rusalem?


L. Ir44:10


Níor humhluigheadh íad gus aniugh,
ní mó do úamhnuigheadar nó do
shiubhluigheadar ann mo dhligheadhsa, nó ann mo
statúidibh, do chuir mé romhuibh, agus
roimhe bhur naithribh.


L. Ir44:11


Uimesin is marso adeir Ti-ghearna
na slógh Día Israel, féuch,
cuirfe misi maghaidh bhur naghadhsi chum
uilc, agus do ghearradh amach Iúdah
uile.


L. Ir44:12


Agus glacfa mé fuighioll Iú-dah
do chur a naighthe do dhul go
crích na Hégipte ar cuáirt annsin,
agus scriosfuighior uile íad, agus
tuitfid a ccrích na Hégipte: eadhon
muirfighear íad leis an cloidheamh, agus
leis an ngorta, agus éugfuid síad
ó bheag go mór leis an ccloidheam, a-gus
leis an ngorta, agus béid na
mallughadh, agus na núathbhás, a-gus
na mallachd, agus na scannail.


L. Ir44:13


Oír smaichdeochuigh misi an drong
áitreabhas a ccrích na Hégipte mar
do smachduigh mé Ierusalem leis an
ccloidheamh, leis an ngorta, agus leis
an bpláigh.


L. Ir44:14


Iondus nach rachaidh as, agus
nach mairfidh aoinneach dfuighioll Iúdah dá
ndeachaidh go crích na Hégirte do chomh-nuidhe
annsin, lé bhfillfidís go tír Iú-dah
mar a bhfuil fonn orra an mhéid
rachus as.


L. Ir44:15


Annsin do fhreagair anuile dhuine
dá raibh a fhios gur loisgeadar a mná
túis do dhéeibh oile, agus na huile mhná
dar sheas na bhfochair a ccoimhthionól mhór,
eadhon an pobal uile dáitreibh a ccrích
na Hégipte, ann Patros, do Ieremiah,
gha rádh,


L. Ir44:16


Ar son anfocail do labhair tú
rinne anainm an Tighearna, ní éistfiom
riot:


L. Ir44:17


Achd dodhénam go deimhin gach
uile ní dá ttéid amach as ar mbéul
féin do losgadh túise do bhainrío-ghain
neimhe, agus do dhórthadh ofrá-la
dighe dhi, mar dorinneamar féin, a-gus
ar naithre, ar Ríghthe, agus ar
bprionnsadha a ccaithreachaibh Iúdah, a-gus
a sráidibh Ierusalem: óir annsin
dobhí fairsinge bhídh aguinn, agus dobhá-mar
go maith, agus ní fhacamar olc
ar bith.


L. Ir44:18


Acht ónuair fár sguireamar do
loscadh túise do bhainríoghain neimhe,
agus ofráil díghe do dhórtadh amach
dhi, dobhí easbhuidh anuile néithe maithe
oruinn, agus do marbhadh sinn leis an
ccloidheamh, agus leis an ngorta:


L. Ir44:19


Agus an tan do loisgeamar
túis do bhainríoghan neimhe, agus do
dhóirteamar amach ofrála dighe dhi, a
ndérnamar cácadha dhi dá hadhradh, a-gus
do dhórtadh ofrála dighe dhi a
a bhfégmhuis ar bhfear?


L. Ir44:20


Annsin adubhairt Ieremiah ris
an bpobal uile, ris na fearuibh, agus
ris na mnáibh, agus ris an bpobal
uile thug an fhreagra sin air, gha rádh,


L. Ir44:21


Nachar chuimhnidh an Tighearna
an túis do loisgeabhair a gcaithreachaibh
Iúdah, agus a sráidibh Ierusalem, sibh
féin, agus bhur naithre, bhur Ríghthe a-gus
bhur bprionnsadha, agus daóine na
tíre, agus nach ttáinic sé ann a
inntinn?


L. Ir44:22


Iondus nar fhéd an Tighearna
iomchar ní budh faide, do bhrígh uilc bhur
ngníomhsa, agus do bhrígh na ngráineamh-leachd
dorinneabhair: uimesin atá bhur ttír
na fásach, agus na húathbhás, agus
na mallughadh gan áitreabhthach, mar a-tá
aniugh.


L. Ir44:23


Do bhrígh gur loisgeabhair túis,
agus do bhrígh gur pheacuigheabhair ana-ghaidh
an Tighearna, agus nar umhluighea-bhair
do ghuth an Tighearna, agus nár
shiubhluigheabhair iona dhligheadh, nó iona reacht-uibh,
nó ann a fhíaghnuisibh; uimesin thái-nic
an tolcso oruibh, mar atá aniugh.


L. Ir44:24


Tuilleamh oile, adubhairt Ieremi-ah
ris an bpobal uile, agus ris na
mnáibh uile, éistigh bríathar an Tighear-na,
a Iúdah uile atá a ccrích na Hé-gipte.


L. Ir44:25


Marso adeir Tighearna na
slógh Día Israel, gha rádh, do labh-rabhair
féin, agus bhúr mná aráon lé
bhúr mbéul féin, agus do chríochnuighea-bhair
le bhur lámhuibh, gha rádh, coimhlíon-fam
go deimhin ar móide thugamar do
losgadh túise do bhainríoghain neimhe, a-gus
do dhórtadh ofrála dighe dhi; dain-gneochtháoi
go deimhin bhur móide, agus
coimhlíonfuidhe go deimhin bhur móide.


L. Ir44:26


Ar anadhbharsin éistigh bría-thar
an Tighearna, a Iúdah uile chomh-nuighios
a ccrích na Hégipte, féuchuidh,
thug misi mionna fám ainm mór, adeir
an Tighearna, nach ainmneochar mainm nísa
mhó a mbéul áonduine ar bith do
Iúdah anuile chrích na Hégipte, gha
rádh, mairidh an Tighearna Día.


L. Ir44:27


Féuch, bía misi ag faire ós a
ccionn chum uilc, agus ní har mhaith; a-gus
muirfighear anuile dhuine do Iúdah
bhías annsaNégipt leis an ccloidheamh,
agus leis an ngorta, nó go raibh
deireadh aca.


L. Ir44:28


Gidheadh an nuibhir bheag rachas
as ón ccloidheamh, fillfid síad ó chrích
na Hégipte go tír Iúdah: agus fhuighi-oll
Iúdah uile dochuaidh go crích
na Hégipte ar cuáirt, aitheonuid cía
híad na focail sheasfas, mfocailse nó
a bhfocailsion.


L. Ir44:29


Agus biáidh so mar chomhartha
agaibh, adeir an Tighearna, go smaich-teocha
misi sibh annsanáitsi, chor go
naitheontaói go seasfuidh mfocailsi go
deimhin ann bhur naghaidh ar olc.


L. Ir44:30


Is marso adeir an Tighearna,
féuch, dobhéra mé Pharao-hopra
Rígh na Hégipte a láimh a námhad, a-gus
a láimh na druinge íarras a bhás,
mar thug mé Sedeciah Rígh Iúdah a
láimh Nebuchadnesar Rígh na Babilóine
a námhaid, agus díarr a bhás.



Caib.45.


L. Ir45:1


An focal do labhair Ieremiah
an fáidh ré Baruch mhac
Neriah, anuair do scríobh
sé na bríathrasa a leabhar ó
bhéul Ieremiah, annsa ceathramhadh blía-dhain
do Iehoiacim mhic Iosiah Rígh
Iúdah, gha rádh,


L. Ir45:2


Is marso adeir an Tighearna Día
Israel riotsa, a Bharuch,


L. Ir45:3


Adubairt tú, a mhairg dhamhsa anois,
óir do chuir an Tighearna doil-ghios
a ccionn mo dhóbróin, danbhfainnigh
mé ann mosnadhuibh, agus ní fhaghuim
suáimhneas ar bith.


L. Ir45:4


Is marso adéra tú ris, adubhairt
an Tighearna marso, féuch,
brisfidh mé síos an ní do chuir mé
súas, agus an ní do phlannduigh mé
tairreonga mé aníos, eadhon an tírse go
hiomlán.


L. Ir45:5


Agus aníarrann tusa neithe
móra dhuit féin? ná híarr; óir féuch
dobhéra misi olc air anuile fheóil, adeir
an Tighearna: acht dobhéra mé
hanum dhuitse mar édáil annsanuile
bhall a racha tú.



Caib.46.


L. Ir46:1


Bríathar an Tighearna noch thái-nic
go Ieremiah an fáidh anaghaidh
na ngeinteadh.


L. Ir46:2


Anaghaidh na Hégipte,
anaghaidh shlóigh Phárao Necho Rígh
na Hégipte, noch dobhí láimh ré habh-uinn
Euphrátes ann Carchemis, noch
do bhuáil Nebuchadnessar Rígh na
Babilóine annsa cceathramhadh blíadhain
do Iehoiacim mhac Iosiah Rígh Iúdah.


L. Ir46:3


Gléusuidhse an buicléir, agus
an sgíath, agus tigidh a bhfogus
don chath.


L. Ir46:4


Ughamuigh na heich, agus éirghi-dhe
súas, a mharcshlúagh, agus cui-ridh
oruibh an téideadh.


L. Ir46:5


Créd fa bhfaca mé ag ainbhfai-nneadh
íad, agus ag filleadh ar a
ccúl, agus a ndaóine neartmhara
buáilte síos, agus ar tteitheamh go
lúath, agus gan féuchuin na ndiáigh?
óir dobhí eagla timchioll faccuáirt,
adeir an Tighearna.


L. Ir46:6


Ní theithfidh an duine lúath,
agus ní léigfighear an duine neartmhar
do dhul as; dogheabhuid síad tuisleadh,
agus tuitfid do thaóibh an tuáis-ceirt,
láimh ré habhuinn Euphrátes.


L. Ir46:7


Cía hé so thig súas amhuil
tuile agá bhfuilid a uisgeadha ag cor-rughadh
mar na srotha?


L. Ir46:8


Eíreochuidh a Négipt súas a-mhuil
tuile, agus corrochthar a huis-geadha
súas amhuil aibhne, agus adeir
sé, racha mé súas, agus foil-eocha
mé an talamh; scriosfa mé an
chathair, agus a háitreabhthacha.


L. Ir46:9


Tigidh súas, a eachraidh, agus
iomrúaghuidh a charbada, agus tighe-dis
na daóine neartmhara amach, na
Hetíopigh, agus na Líbianuigh ghla-cus
an scíath, agus na Lídianuigh
ghlacus agus cromas an bogha.


L. Ir46:10


Oír isé so lá an Tighearna
Día na slógh, lá an dioghaltais, chor
go ndigheoluidh sé é féin air a námhuid:
agus sluigfidh an cloidheamh, agus
sáiseochtar é, agus cuirfighear ar
meisce é léna bhfuilsion: óir atá
íodhbruit ag an TTighearna Día na
slógh annsa tír thuáigh láimh ré habhuinn
Euphrátes.


L. Ir46:11


Eíridh súas go Gilead, agus
glac íce, a mhaighdion a inghean
na Hégipte: is go díomhaóin ghlacus
tú mórán leighis; óir ní leigheostar
thú.


L. Ir46:12


Dochúala na cineadhacha do náire,
do líon do chomhairc an tír: óir do
thuisligh an duine neartmhar anaghaidh
an chumhachdaigh, agus do thuiteadar
aráon anaóinfheacht.


L. Ir46:13


An focal do labhair an Tigh-earna
ré Ieremiah an fáidh, mar thiuc-fadh
Nebuchadnessar Rígh na Babi-lóine,
agus go mbuáilfeadh sé críoch
na Hégipte.


L. Ir46:14


Foillsighidhse san Négipt, a-gus
fúagruidh ann Migdol, agus inn-sidh
an Noph, agus an Tahpanches
abruidh: seas go daingion, agus ullmh-uigh
thú féin; óir muirfidh an cloi-dheamh
faccuáirt ad thimchioll.


L. Ir46:15


Cred as ar sgúabadh do dhaóine
neartmara uait? níor sheasadar, do
bhrígh gur dhíochuir an Tighearna íad.


L. Ir46:16


Thug sé air mhórán tuitiom, a-seadh,
do thuit aón ar a chéile, a-gus
adubhradar, éirgidh, agus dé-nam
arís chum ar ndaóine féin, a-gus
go tír ar ndúthchuis ó chloidheam
na díbhfheirge.


L. Ir46:17


Déighmhiodar annsin, ní bhfuil
acht tormán ann Phárao Rígh na
Hégipte, do sháruigh sé anuáir chinn-te.


L. Ir46:18


Mar mhairimsi, deir an Rígh
darab ainm Tighearna na slógh, go dei-mhin
mar atá Tabor a measg na slíabh
agus amhuil atá Carmel láimh ris an
bhfairge, is marsin thiucfas sé.


L. Ir46:19


A inghean áitreabhus annsaNé-gipt,
dén soithighe dhuit féin chum
dul a mbraighdionas; óir biáidh Noph
na fásach, agus uáigneach gan áit-reabhthach.


L. Ir46:20


Is cosmhuil a Négipt ré coll-uid
bhréghdha, acht thig an taidhmhilleadh:
thig sé ón ttuáisceart.


L. Ir46:21


Atáid fós búannuighe iona mea-dhón
amhuil láogha bíadhta: óir atáid-
sion fós arna bhfilleadh ar a nais, a-gus
do theithiodar anaoinfheachd; níor
sheasadar do bhrígh go ttáinic lá a
naindesi orra, agus aimsir a ccúar-tuighthe.


L. Ir46:22


Rachaidh a ghuth sin amach a-mhuil
naithir nimhe; óir rachaid air a
naighaidh ré slúagh, agus tiuc-fuid
na hadhuigh lé túaghuibh, mar
bhúanadha chonnaigh.


L. Ir46:23


Gearrfuid síad síos a fora-ois,
adeir an Tighearna, má tá nach
féidir a spíonadh, do bhrígh gur lía
íad ná an dréollán teasbhuidh, agus
nach féidir a náireamh.


L. Ir46:24


Náireochthar inghean na Hégip-te,
dobhérthar a láimh mhuintire an
tuáisceirt í.


L. Ir46:25


Adeir Tighearna na slógh Día
Israel, féuch, smaichteocha misi
sluagh No, agus Pharao, agus a Négipt
maille lena ndéibh, agus réna
Ríghthibh, eadhon Phárao, agus anuile
dhuine dhóthchusuighios ann.


L. Ir46:26


Agus seochóda mé íad a láimh
na druinge íarrus a mbás, agus a
láimh Nebuchadressar Rígh na Ba-bilóine,
agus a láimh a sheirbhíseach:
agus na dhiáigh sin áitreochthar í,
mar is na láethibh anallód, adeir an
Tighearna.


L. Ir46:27


Acht ná heagluighse, ó mo
sheirbhíseach Iácob, agus ná bí an-bhfann
a Israel; óir féuch, cuimh-deocha
misi thú ó imchéin, agus
do shliochd ó thír a ndaoirsine: a-gus
fillfidh Iácob, agus biáidh sé
a suáimhneas agus a socamhul, agus
ní chuirfidh duine ar bith eagla
air.


L. Ir46:28


Ná bíodh eagla ort, a Iácob
mo sheirbhíseach, adeir an Tigh-earna,
óir atáimsi maille riot; dodhéana
mé críochnughadh iomlán donuile
chineadh, chum ar theilg mé
thú, acht ní chuirfidh mé deireadh
iomlán leachdsa, acht smaichteocha
mé thú a measardhacht, gidh eadh
ní fhúigfidh mé thú go hiomlán gan
smachtughadh.



Caib.47.


L. Ir47:1


Bríathar an Tighearna tháinic
go Ieremiah an fáidh ana-gaidh
na BhPhilistineach, suil
do bhuáil Pharao Gasa.


L. Ir47:2


Is marso adeir an Tighearna,
féuch, éireochuid uisgeadha súas ón
ttuaisceart, agus biáid na ttuile tar
bhruach, agus báithfid an tír, agus anuile
ní dá bhfuil ann, an chathair, agus
an drong áitreabhus innte: annsin comhairc-fid
na daóine, agus núallfuid uile
áitreabhthacha na tíre.


L. Ir47:3


Lé fuáim chlóichbhéimnigh bhonn a each
láidir, agus le roithrem a charbad, a-gus
lé toirbhlésgadh a roithlén, ní fhéuch-fuid
na haithre síar ar an ccloinn tre
laige lámh.


L. Ir47:4


Do bhrígh an láe thig do mhilleadh
na Bhpilistineach uile, agus do ghearradh
ó Thíor agus ó Shídon anuile chuidigh-theach
dá maireann; óir creachfuidh an Tighear-na
na Philistinigh, fuighioll tíre Chaph-tor.


L. Ir47:5


Tháinic maóile ar Ghasa: do
gearradh amach Ascelon maille re fuighi-oll
a ngleanna: cá fad ghearrfas tú thú
féin?


L. Ir47:6


O a chloidhimh an Tighearna, gá
fad nó go mbía tú suáimhneach? cuir
asteach thú féin ann do dhúbla, bí cíúin,
agus suáimhnigh.


L. Ir47:7


Ciondus is féidir dhó bheith suáimh-neach,
ó thug an Tighearna aithne dhó ana-dhaigh
Ascelon, agus anaghaidh thráighe
na fairge? annsin dorduigh sé é.



Caib.48.


L. Ir48:1


Anaghaidh Mhoab is marso adeir
Tighearna na slógh Día
Israel, a mhairg do Nebo,
óir atá sí airgthe: do nái-righeadh
Ciriataim, agus do gabhadh í:
atá Misgab arna náiríughadh, agus
atá sí anbhfann.


L. Ir48:2


Ní bhiáidh níosa mhó do mholadh ar
Mhoab, do thionnscnadar olc na haghaidh
ann Hesbon; dénam: gearram amach í
ó bheith na cineadh: gérrfuighear fós síos
thú, a Mhadmen, leanfuidh an cloidheamh
thú.


L. Ir48:3


Biáidh guth anéighimh ó Horonaim,
creachadh agus aidhmhilleadh mhór.


L. Ir48:4


Atá Moab arna scrios, thug
haóin bheaga fa deara comhairc do chluin-sion.


L. Ir48:5


Oír a ndul súas Luhit rachaidh
gul gnáthach súas; óir a ndul síos
Horonaim dochúaluidh an námhuid guth anaidhmhillte.


L. Ir48:6


Teithidh, sábháluigh bhur nanmanna,
agus bíthí cosmhuil ris an bhfráoch ann
sa bhfásach.


L. Ir48:7


Oír do bhrígh gur chreid tú ann
hoibreachaibh, agus ann hionnmhusaibh, géubh-thar
thusa fós, agus racha Chemos a-mach
a mbraighdionas, maille rena
sagarthaibh, agus rena phrionnsadhuibh anaóinfheacht.


L. Ir48:8


Agus tiucfuidh an creachadóir ar
gach uile chathruigh, agus ní rachaidh ca-thair
ar bith as: millfighear fós an gleann
agus scriosfuighear an réighteach, mar
do labhair an Tighearna.


L. Ir48:9


Tugaidh sciatháin do Mhoab, chor
go tteithfidh sé agus go nimeochaidh sé
roimhe, óir béid a chaithreacha uaigneach
gan áitreabhach air bhith ionta.


L. Ir48:10


Gomadh malluighthe an té doní
oibreacha an Tighearna go meabhlach, a-gus
gomadh malluighthe an té choinneo-chus
a chloidheamh ar ais ó fhuil.


L. Ir48:11


Dobhí Moab a suáimhneas óna
óige; agus do shuighidh sé air a mhoirtibh,
agus nior folmhiugheadh é ó shoitheach go
soitheach: ní mó dochuáidh a mbraighdionas:
uimesin mairidh a bhlas ann féin, agus
níor háthruigheadh a bholadh.


L. Ir48:12


Uimesin, féuch, tiucfuid na
láethe, adeir an Tighearna, go ccuir-fidh
misi rúagaireadha chuige, chuirfios dfía-chaibh
air seachrán do dhénamh, agus fhoilmheo-chus
a shoitheadha, agus bhrisfios a mbui-déil.


L. Ir48:13


Agus biáidh náire ar Mhoab fa
Chemos, mar dobhí tigh Israel náireach
fa Bhetel a ndóthchus.


L. Ir48:14


Ciondus adearthaóise, atá-maóidne
ar bhfearuibh cumhachtacha, agus
neartmhara chum an cogaidh?


L. Ir48:15


Do creachadh Moab, agus dochuáidh
sé súas as a chaithreachaibh, dochuáidh
togha a dhaóine óga síos chum anáir,
adeir an Rígh, darbainm
Tighearna na slógh.


L. Ir48:16


Is fogus daindeis Mhoab
teacht, agus dethfrighidh a hamhgar
go lúath.


L. Ir48:17


Gach a bhfuiltí na timchioll,
guilidh air a son, agus shibhsi uile darbaithnid
a ainm, abruidh, ciondus do
bhriseadh an bata láidir, agus an tslat
sgíamach?


L. Ir48:18


Thusa a inghean áitreabhus ann
Díbon, tárr anúas ód ghlóir agus suidh
a ttart: óir tiucfaidh creachaire Mhoab
ort, agus scriosfuidh sé do dhaingnea-cha
láidre.


L. Ir48:19


O a áitreabhthuigh Aroer, seas ann-
sa tslighe agus fuirfheith, fíafruigh
don ti theithios agus don mnaói théid
as, agus abair, cred dorinneadh?


L. Ir48:20


Do claóidheadh Móab, óir do
briseadh síos é, núalluigh, agus éi-ghidh,
innisidhsi ann Arnon gur creachadh
Móab,


L. Ir48:21


Agus go ttáinic breitheamhnus
air an ttír réidh, ar Holon, agus ar
Iahasah, agus air Mhephaat,


L. Ir48:22


Agus air Dhíbon, agus ar Nebo,
agus ar bhet-diblataim,


L. Ir48:23


Agus ar Chiriataim, agus
ar Bhet-gamul, agus ar Bhet-meon.


L. Ir48:24


Agus ar Cheriot, agus air
bhosrah, agus air uile chaithreachaibh
thíre Moab a ccéin nó a bhfogus.


L. Ir48:25


Do gearradh adharc Mhoab a-mach
dhe, agus do briseadh a ruigh, adeir
an Tighearna.


L. Ir48:26


Cuiridhsi ar meisce é, óir do
mhóruigh sé é féin anaghaidh an Tighearna:
unfuirtfigh Móab é féin mar an ccédna
íona sceathruigh, agus biáidh sé fós na
sgige.


L. Ir48:27


Oír nach raibh Israel na mha-gadh
aguibhsi? ar fríth é a measg ghadhuigh-the?
óir ónam far labhair tú air, do ling
tú le lúathgháir.


L. Ir48:28


O sibhsi áitreabhus ann Móab, fág-bhuidh
na caithreacha, agus comhnuighidh
ansna cairgibh, agus bíthí cosmhuil ris
an ccolum doní a nead a mbéul an
phoill.


L. Ir48:29


Dochualamar úabhar Mhó-ab,
atá sé rouaibhreach, a mhórdhacht, a-gus
a úabhar, agus a rímhiadh, agus
áirde a chroidhe.


L. Ir48:30


Is aithnid damhsa a fhearg, adeir
an Tighearna, acht ní bhía sin mair-
sin, ní chuideochuid a bhréga díomh-aóin
leis.


L. Ir48:31


Ar anadhbharsin nuallfuidh misi
ar son Mhoab, agus goirfidh mé na
comhairc ar son Mhoab uile, osnadhfuidh
mo chroidhe ar son fhear Shir-he-res.


L. Ir48:32


O a fhíneamhuin Shibmah guilfidh
mé ar do shon maille re gul Iaser; dochuáidh
do phlanndadha thar fairge, roichid
go fairge Iaser, do thuit an crea-chadóir
ar do thóirthe samhraidh, agus
ar thoradh thfíneamhan.


L. Ir48:33


Agus rugadh gáirdeachus, a-gus
lúathgháir ón machaire thóirtheamhuil,
agus ó thir Mhóab: agus thug mé fa
deara fíon dfailliughadh óna nomaruibh fí-ona,
ní shailteoruidh duine ar bith maille
re gáir, ní budh éngháir a ngáir.


L. Ir48:34


O éighiom Hesbon, eadhon go
Heleáleh, agus go Iahas do ghoireadar
an chomhairc, ó Shoar go Horo-naim,
amhuil colpach thrí mblíadhan daóis:
óir béid fós uisgeadha Nimrim uáig-neach.


L. Ir48:35


Tuilleamh oile, dobhéra mé fa
deara do chosg ann Móab, adeir an Ti-ghearna,
an té ofrálus annsna háitibh
árda, agus an té loisgios túis dá dhéibh.


L. Ir48:36


Uimesin fuáimneochuidh mo chroidhe
amhuil píoba ar son Mhóab, agus
fuaimneochuidh mo chroidhe amhuil píoba ar
son fhear Chir-heres: do bhrígh go ndea-chaidh
an saidhbhrios fuáir sé seachad.


L. Ir48:37


Oír biáidh anuile cheann máol, a-gus
gach uile fheasóg beártha: biaid
geárrtha air na huile lámhuibh, agus sai-cédach
air na leasrachaibh.


L. Ir48:38


Biáidh cumhaidh go coitcheann ar
mhulladhuibh theagh Móab agus iona shrái-dibh:
óir do bhris mé Móab amhuil soi-theach
ann nach bídh taitneamh ar bith, adeir
an Tighearna.


L. Ir48:39


Núallfuid síad, (ag rádh) ci-ondus
do brisead síos é? ciondus di-ompóigh
Moab a chúl tré náire? mar sin
bhías Móab na mhagadh, agus na úamhan
dá bhfuil ar gach taóibh dhe uile.


L. Ir48:40


Oír is marso adeir an Ti-ghearna,
féuch, eitillfidh sé amhuil io-lar,
agus leathnochuidh a sciatháin ós
cionn Mhóab.


L. Ir48:41


Do gabhadh na caithreacha, agus
do gabhadh na daingne láidre, agus bi-áid
croidhthe na bhfear nárrachta ann Mó-ab
san ló sin amhuil croidhe mná iona
doighthibh.


L. Ir48:42


Agus scriosfuighear Móab ó
bheith na phobal, do bhrígh gur mhéduigh sé
é féin anaghaidh an Tighearna.


L. Ir48:43


Bíaidh eagla, agus uáigh, a-gus
paintér ort, a áitreabhthuigh Mhó-ab,
adeir an Tighearna.


L. Ir48:44


An té theithios óneagla tuit-fidh
sé annsanuáigh, agus an té thi-ucfas
aníos as an bpoll, gébhthar san
phaintér é: óir dobhéra misi air, eadhon air
Mhoab, blíadhuin a ccúartuighthe, adeir
an Tighearna.


L. Ir48:45


Do sheasadar fa dhíon Hesbon,
an drong do theith tre ainneart: acht
tiucfuidh teine amach as Hesbon, agus
lasair as lár Sihon, agus loisgfidh sí
cuáinne Mhóab agus coróin chinn na nda-óine
cceannairgeach.


L. Ir48:46


A mhairg dhuit a Mhóab, atá
pobal Chemos arna milleadh: óir do
gabhadh do mhic a mbraighdionas, agus
hingheana a láimhdeachus.


L. Ir48:47


Gidheadh fillfe misi braighdeanas
Mhóab annsna laéthibh deighionacha, adeir
an Tighearna. Breitheamhnus Mhoab
go nuige so.



Caib.49.


L. Ir49:1


A ttaobh na Nammoníteach, is
marso adeir an Tighearna;
an bhfuilid mic ar bith ag Is-rael?
nach bhfuil oighreadha
ar bith aige? cred maiseadh as a bhfuil
a Rígh na oighre ar Ghad, agus anáitreabhann
a mhuintir iona chaithrea-chaibh?


L. Ir49:2


Uimesin féuch tiucfaid na láe-the,
adeir an Tighearna, iona ttiubhra
misi fa deara caismirt chogaidh do chluin-sion
ann Rabbah na Nammoníteach, agus
biáidh sí na cárn dhólásach, agus loi-sgfighear
a hingheana le teine: annsin
biáidh Israel na oighre air an lucht dobhí
na noighríghibh airsion, adeir an Ti-ghearna.


L. Ir49:3


Núall, a Hesbon, óir do crea-chadh
Ai: éighidh a ingheana Rabbah, ga-bhaidh
sibh féin a saicédach: cáoidhigh, a-gus
riothuidh síos súas láimh ris na fál-tuibh:
óir rachaidh a Rígh a mbraighdio-nas,
agus a phrionnsadha anaóinfeacht.


L. Ir49:4


Cred fa ngáirdighion tú annsa
ghleann, ann do ghleann tuileamhuil? a inghean
mhíochoinghiollach do dhóthchusuigh iona saidh-bhrios,
ag rádh, cía thiucfas chugamsa?


L. Ir49:5


Féuch, dobéra mé eagla ort, adeir
an Tighearna Día na slógh, ónuile
dhuine dá bhfuil ad thimchioll, agus dí-beorthar
sibh anuile dhuine amach go dí-reach,
agus ní chruinneochuidh duine ar bith
an té sheachránas.


L. Ir49:6


Agus na dhiáigh sin, dobhéra mé
liom arís braighde chloinne Ammon, adeir
an Tighearna.


L. Ir49:7


A ttáobh Edom, is marso adeir
Tighearna na slógh, an bhfuil críonn-acht
ó so amach ann Teman? nar im-thigh
comhairle seachad ón ghlic? a ndeachuidh
aneagna ar neimhní?


L. Ir49:8


Téighidhsi, fillidh ar bhur nais;
áitreabhuigh go domhuin, a áitreabhthacha
Dédan: óir dobhéra misi aindeisi E-sau
air, anuáir thiucfas mé dha fhéuchuin.


L. Ir49:9


Má thigid lucht cnuasta cáor
chugad, ní fhúigfid caora díoghloma: má
thigid gaduighthe san noidhche, sladfuid
síad nó go raibh go lór aca.


L. Ir49:10


Acht dorinne misi Esau lom, do
nocht mé a áite secréideacha, agus ní
fhédfa sé é féin do cheilt: do creachadh a
shíol, agus a dhearbhráithre, agus a cho-mharsanna,
agus ní bhfuil sé féin ann.


L. Ir49:11


Fág do dhílleachtaigh, cuimhdeocha
misi beó íad, agus bíodh dóthchus aig do
bhaintreabhachaibh ionnam.


L. Ir49:12


Oír is marso adeir an Ti-ghearna,
féuch, an drong nach raibh a
mbreath ibhe don chupán, dibhiodar go dei-mhin,
agus an tusa an té rachus go hiomlán
gan choiriughadh? ní reacha tú gan choiriu-ghadh,
acht go deimhin iobha tú dhe.


L. Ir49:13


Oír do mhionnuigh misi thríom
féin, adeir an Tighearna, go mbia Bos-rah
na fásach, na scannail, na húaig-nios,
agus na mallughadh, agus go
mbéid a ccaithreacha uile na bhfásach
shíorruidhe.


L. Ir49:14


Dochúala mé iomrádh ón
TTighearna, agus do cuireadh teachta chum
na ngeinteadh, cruinnighidh sibh féin a
bhfochair a chéile, agus tigidh na
haghaidh, agus éirghide suas chum an
chatha.


L. Ir49:15


Oír féuch, dodhéna misi beag thú
a measc na ngeinteadh, agus tarcuis-neach
a measc daoine.


L. Ir49:16


Do mheall húathbhás thú, agus úa-bhar
do chroidhe, thusa chomhnuighios a
scealpuibh na ccarrac, chongmhus áirde
an chnoic: bíodh go ndéntá do nead comh-
árd ris aniolar, dobhéra misi anúas
as sin thú adeir an Tighearna.


L. Ir49:17


Biáidh Edom fós na fhásach:
biáidh úathbhás air gach áon dá ngébha réna
taobh, agus dodhénaid scige fa na
plághaibh.


L. Ir49:18


Amhuil mar dobhí a scrios Sho-dom,
agus Ghomorrah, agus iona ccaithreachaibh
comharsann sion, adeir an Tighearna,
ní fhanfa duine annsin, ní mó áitreobhus
mac duine ann.


L. Ir49:19


Féuch, tiucfa sé amhuil leo-mhan
aníos ó árd Iordan gus anái-treabh
neartmhar: acht dobhéra misi air
rioth go hobann uáithe, agus cía an
duine toghtha óirdeochus mé ós a cionn?
óir cía is cosmhuil riom, agus cía
chinnfios a naimhsir dhamh, a-gus
cía an tréduighe sheasfas as mo
choinne?


L. Ir49:20


Uimesin éistigh comhairle an Ti-ghearna
dorinne sé anaghaidh Edom, a-gus
na tionnscanta do thionnscain sé anaghaidh
áitreabhthacha Téman: go dei-mhin
díbeoruidh ann té as lugha don tréd
amach íad; go deimhin dodhéna sé a
ttighthe fáon folamh maille ríu.


L. Ir49:21


Do chorruigh an talamh lé torann
a ttuitmhe; do chlos comhairc a ngotha
san muir ruáidh.


L. Ir49:22


Féuch, tiucfa sé aníos, agus
eitillfidh sé amhuil iolar, agus leathneo-chuidh
sé a scíatháin ós cionn Bhosrah: a-gus
annsa ló sin biáidh croidhe dhaóine
árrachta Edom amhuil croidhe mná iona
doighthibh.


L. Ir49:23


A ttaobh Dhamascus, do
claóidheadh Hamat agus Arpad; óir
dochúaladar droichsgéla, atáid lag-chroidhtheach,
atá gruáim air an bhfairge, ní
fhédan sí bheith ciúin.


L. Ir49:24


Atá Damascus lag, agus
dfillsí í féin do theithiomh, agus do ghlac
eagla greim uirre: do ghab dobrón agus
doilghios í, mar mhnaói ré niodhnuibh.


L. Ir49:25


Ciondus nach bhfágthar cathair an
mholta, cathair mo shóláis?


L. Ir49:26


Ar anadhbharsin tuitfid a
daoine óga iona sráidibh, agus gérr-fuighear
amach anuile fhear cogaidh annsa
lósin: adeir Tighearna na slógh.


L. Ir49:27


Agus lasfuidh mé teine a mballa
Dhamascus, agus loisgfidh sé fá-láis
Bhenhadad.


L. Ir49:28


A ttáobh Cedar, agus a ttáobh
rioghachta Hasor, noch bhuáilfios Ne-buchadressar
Rígh na Babilóine, is
marso adeir an Tighearna, éirghidhe,
imthighidh súas go Cedar, agus creach-uidh
daóine anoirthir.


L. Ir49:29


Glacfuid a bpáillíuin agus
a ttréda, béruid síad chuca féin
a ccúirtínighe agus a soithidhe uile,
agus a ccámhuill; agus fuáigeoruid
síad dóibh eagla do bheith air gach uile
thaóibh.


L. Ir49:30


Teithidh, imthighidh a bhfad, áit-reabhuigh
go domhuin, a áitreabhthacha Ha-sor,
adeir an Tighearna: óir do
ghlac Nebuchadressar Rígh na Babi-lóine
comhairle bhur naghaidh, agus do
chinn sé tionnscnamh bhur naghaidh.


L. Ir49:31


Eírghidhe, imthighidh súas gus
an ccineadh shaidhbhir chomhnuighios gan
chúram, adeir an Tighearna, ag nach
bhfuilid geatadha nó barradha, noch
áitreabhus na náonar.


L. Ir49:32


Agus béid a ccámhuill na nédáil,
agus iomad a náirnéise na ccreich,
agus sgaóilfead annsna huile gháo-thaibh
an dream atá annsna coirnéluibh
imchíana, agus dobhéra mé anaindei-si
ó gach uile thaóibh dhe, adeir an
Tighearna.


L. Ir49:33


Agus biáidh Hasor na áitreabh
dragún, agus na fhásach go bráth;
ní fhanfa duine ar bith ann, ní áitreobh-uidh
mac duine ar bith ann.


L. Ir49:34


Bríathar an Tighearna tháinic
gus an bhfáidh Ieremiah anaghaidh E-lam,
a ttosach rioghacht Shedeciah
Rígh Iúdah, gha rádh,


L. Ir49:35


Is marso adeir Tighearna na
slógh, féuch, brisfe mé bogha Elam,
ceann a neirt.


L. Ir49:36


Agus dobhéra mé ar Elam
na ceithre gáotha ó cheithre háirdibh
neimhe, agus sgaóilfidh mé íad leath
ris na gáothaibh sin uile, agus ní biáidh
cineadh ar bith nach ttuicfaidh díbér-thuigh
Elam chuca.


L. Ir49:37


Oír dobhéra mé ar Elam an-bhfainniughadh
a lathair a námhad, agus
a lathair na druinge íarrus a mbás:
agus dobhéra mé olc orra, eadhon,
mfearg bhorb, adeir an Tighearna, a-gus
cuirfidh mé an cloidheamh na ndiáigh,
nó go ccuiridh mé deireadh léo.


L. Ir49:38


Agus suidheocha mé mo chathaóir
ríogha ann Elam, agus muirfidh mé as
sin an Rígh, agus na prionnsadha, adeir
an Tighearna.


L. Ir49:39


Acht tiucfuidh a ccrích anns-
na láethibh deighionacha, go ttiubhra
misi ar a nais arís braighde Elam,
adeir an Tighearna.



Caib.50.


L. Ir50:1


An bhríathar do labhair an Ti-ghearna
anaghaidh na Babi-lón,
agus anaghaidh tíre
na Ccaldénach tré Iere-miah an fáidh.


L. Ir50:2


Foillsighidhsi a measc na ngein-teadh,
agus fúagruidh, agus cuiridh, bratach súas,
fúagruidh ós áird agus ná ceilidh: abruidh; do
gabhadh an Bhabilóin, do claóidheadh
bél, do briseadh Merodach na bhlodh-uibh,
do milleadh a hiodhuil, do briseadh
a hiomháighe na mblodhuibh:


L. Ir50:3


Oír tiucfuidh cineadh amach na
hagaidh as an ttuáisceart, noch dhé-nas
a tír na fásach, agus ní áit-reobhuidh
duine ar bith ann: áthrochuid
síad, imeochuid idir dhuine agus bhea-thach.


L. Ir50:4


Annsna láethibhsin, agus annsanamsin,
adeir an Tighearna, tiucfaidh
clann Israel, íad féin, agus clann
Iúdah anaóinfheacht, ag imtheacht, a-gus
ag gul: imeochuid síad, agus
íarrfuid an Tighearna a Ndía féin.


L. Ir50:5


Iarrfuid síad an tslighe go
Sion maille rena naighthe don taoibh
sin, ag rádh, tigidh agus ceanglam
sinn féin don Tighearna a ccunnradh síoth-bhúan,
nach dearmodthar.


L. Ir50:6


bá caóiridh ar ndul amugha
mo phobalsa: do chuireadar a náodhairea-dha
ar seachrán íad, dfilleadar seachad
íad ar na sléibhtibh; dochúadar ó
shlíabh go chnoc, do dhearmadar áit a
suáimhnis.


L. Ir50:7


Duáidh anuile dhuine dá rug
orra íad, agus adubhradar a neas-ccáirde,
ní chiontuighemíd do bhrígh gur
pheacuigheadar anagaidh an Tighearna,
áitreabh an cheirt, eadhon an Tighearna,
dóthchus a naithreadh.


L. Ir50:8


Athruighidh amach as lár na
babilóine, agus éirghidhe amach as
crích na Ccaldénach, agus bíthi mar
na gabhruibh firionna roimhe na tréd-uibh.


L. Ir50:9


Oír féuch, tóigfe misi súas
agus dobhéra mé fa deara ar choimh-thionól
mhorán cineadhach teacht súas anaghaidh
na babilóin ón tír thuáigh, a-gus
cuirfid íad féin anórdughadh
na hadhuigh; bérthar as sin í, béid a
soighide amhuil budh ó dhuine ghasta
neartmhar, ní fhillfidh soighead ar bith go
díomhaóin.


L. Ir50:10


Agus biáidh Caldeá na creich:
gach a ccreachfuigh í biáid sáitheach, adeir
an Tighearna.


L. Ir50:11


Do bhríg go rabhabhair lúath-gháireach,
do chionn gur gháirdigheabhair,
a chreacadóireadha moighreachtasa, do
bhrígh go raibh sibh méith amhuil an chol-pach
ar an bhféur, agus ag géimnigh
mar na tairbh:


L. Ir50:12


Claóidhfighear bhur mathair go hi-omarcach,
biáidh an bhean rug sibh náir-each:
féuch, biáidh deireadh na ngein-teadh
na bhfásach, na bhfearann thirim,
agus na ndíothramh.


L. Ir50:13


Ní biáidh sé áitreabhtha, do bhrígh
feirge an Tighearna, acht biáidh na
fhásach go hiomlán: biáidh uamhan ar anuile
dhuine ghébhus láimh ré Babilóin,
agus sgigfid fa na huile phlághaibh.


L. Ir50:14


Cuiridh sibh féin anórdughadh
anaghaidh na Babilóin timchioll
faccuáirt: sibhse uile shineas an bogha,
caithidh ría, ná coiglidh soighde, óir do
pheacuigh sí anaghaidh an Tighearna.


L. Ir50:15


Eíghidh na haghaidh timchioll
faccuáirt: thug sí a lámh: do thuiteadar
a bunáite, do teilgeadh síos a bal-ladha,
óir isé sin díoghaltas Dé:
dén dioghaltas uirre, dén ría mar
dorinne sí.


L. Ir50:16


Gérr amach an síoladóir ón
bhabilóin, agus an té ghlacus an
corrán anaimsir anfoghmhair: deag-la
an chloidhimh mhilltigh, fillfidh gach
uile dhuine chum a dhaoine, agus teith-fidh
gach uile dhuine dá dúthaigh féin.


L. Ir50:17


Is caoirígh spréidhte Israel,
do dhíbreadar na leomhuin seachad é; ar
ttús a duaigh Rígh na Hassíria é,
agus fa dheireadh do bhris Nebuchad-nessar
Rígh na Babilóine a chnámha.


L. Ir50:18


Uimesin is marso adeir Ti-ghearna
na slógh, Día Israel, féuch,
smaichteocha misi Rígh na babilóine,
agus a thír, mar do smachduigh mé Rígh
na Hassíria.


L. Ir50:19


Agus dobhéra mé Israel arís
dá áitreabh, agus bíathfuidh sé ar
Charmel, agus ar Bhasan, agus
biáidh a anam sáitheach ar shlíabh Eph-raimh,
agus Ghilead.


L. Ir50:20


Annsna láethibhsin, agus fanam-
sin, adeir an Tighearna, loirgeor-thar
éigceart Israel, agus ní bhiáidh
sé ann; agus peacuidhe Iúdah, agus
ní biáid re fhagháil: óir maithfidh mi-si
don mhéid do choimhéd mé.


L. Ir50:21


Eírghidh súas anaghaidh thí-re
Merataim, agus anaghaidh áit-reabhthach
Pecod: fásaigh, agus marbh
go hiomlán na ndiáigh, adeir an
Tighearna, agus dén do réir anuile ní
dar aithin misi dhíot.


L. Ir50:22


Atá torann catha annsa tír,
agus aidhmhilleadh mór.


L. Ir50:23


Ciondus do gearradh ó chéile, a-gus
do briseadh órd buáilte na tal-mhan
uile? agus ciondus tháinic ba-bilón
chum bheith na fásach a measc na
gcineadhach?


L. Ir50:24


Do chuir misi paintér fád cho-mhair
agus fós do gabhadh thú, a bha-bilón,
agus ní raibh tú air do choimh-éd:
dofríth thú, agus fós do gabhadh
thú, do bhrígh gur throid tú ana-ghaidh
an Tighearna.


L. Ir50:25


Dfoscail an Tighearna a airm-thigh,
agus thug sé amach airm a dhio-ghaltais:
óir isí so obair an Tighear-na
Día na slógh a ccrích na Cal-dénach.


L. Ir50:26


Tigidh na haghaidh ón ttéor-uinn
is faide amach, foscluidh a hionn-mhuis:
teilgidh súas í amhuil cárn, a-gus
scriosuidh thríd amách í: ná fág-thar
éinní dhi.


L. Ir50:27


Marbhuidh a bulóga uile: ti-gidís
síos uile chum anáir; a mhairg
dhóibh, óir tháinic a lá, aimsir a ccu-arta.


L. Ir50:28


Guth na droinge theithios, a-gus
rachus as ó chrích na Babilóine
dfoillsiughadh ann Sion dioghaltas
an Tighearna ar Ndía, dioghaltas a
theampuill.


L. Ir50:29


Goiridh a cceann a chéile na soigh-deóirigh
anaghaidh Bhabilón: sibh-
si uile shíneas an bogha, suighidh na ha-ghaidh
timchioll faccuáirt, agus ná
bíodh dul as aice: cúitigh ría do réir
a sáothair, do réir anuile neithe dá
ndérna sí, dénuidhsi ría; óir dobhí sí
uáibhreach anaghaidh an Tighearna, ana-ghaidh
aóin náomhtha Israel.


L. Ir50:30


Uimesin tuitfid a daóine óga
annsna sráidibh, agus gérrfuighear a-mach
a fir chogaidh uile san ló sin,
adeir an Tighearna.


L. Ir50:31


Féuch, atáim ad aghaidh, a uaibh-reach,
adeir an Tighearna Día na
slógh: óir tháinic do lá, aimsir do
chúarta dhamhsa.


L. Ir50:32


Agus tuislighfidh, agus tuit-fidh
an tuáibhreach, agus ní thógfuidh
duine ar bith súas é: agus lasfuidh
mé teine iona chaithreachaibh, agus loisg-fidh
mé anuile ní iona thimchioll
faccuáirt.


L. Ir50:33


Is marso adeir Tighearna na
slógh, do sáruigheadh chlann Israel, a-gus
clann Iúdah anaóinfheachd: agus
anuile dhuine dar ghabh a láimh íad, do
chongmhadar íad go daingion, do dhíulta-dar
léigean dóibh imtheacht.


L. Ir50:34


Is láidir a bhfúascaltóir, Ti-ghearna
na slógh isé a ainm, taigeor-uidh
sé a ccúis thríd amach, lé a ttiubh-ra
sé socamhal don tír, agus go
mbuaidhrigh sé muintir na Babilóine.


L. Ir50:35


Atá cloidheamh ar na Caldéna-chaibh,
adeir an Tighearna, agus air áit-reabhthachaibh
na Babilóine, agus air a
prionnsadhuibh, agus air a daóinibh gli-oca.


L. Ir50:36


Atá cloidheamh air na daóinibh
brégacha, agus éigcíallfuid; atá
cloidheamh air a daóinibh cumhachtacha, a-gus
biáidh úamhan orra.


L. Ir50:37


Atá cloidheamh air a neachaibh, agus
air a ccarbaduibh, agus air an bpobal
ccumuiscthe uile atá iona lár, agus
béid amhuil mná: atá cloidheamh air a
hionnmhusaibh, agus sladfuighear íad.


L. Ir50:38


Agus atá tiormach air a huis-geadhuibh,
agus tiormochthar súas íad;
óir isí tír na níomháigheach ngreanta í,
agus atáid ar buile ar a niodhaluibh.


L. Ir50:39


Uimesin áitreobhuid beathuigh áll-ta
an díothraimh maille re ainmhintibh
állta na noilén innte, agus áitreobh-uid
na hulchabhcáin ann: agus ní bhiáidh
nísa mhó ar suighiughadh go bráth, ní
mó choimhneochtar innte ó ghinealach go gin-ealach.


L. Ir50:40


Amhuil do scrios Día So-dom
agus Gomorrah, agus a ccaith-reacha
comharsan, adeir an Tighearna,
marsin ní fhanfuidh duine ar bith annsin,
ní mó choimhneochus mac duine ar bith ann.


L. Ir50:41


Féuch, tiucfuid daóine ón
ttuáisceart, agus cineadh mór, agus
tóigfighear súas móran Ríghthe ó imlibh
na talmhan.


L. Ir50:42


Glacfuid an bogha, agus an
gath: atáid síad fuilteach, agus ní
thaisbeanfuid síad trócaire ar bith:
gáirfidh a nguth cosmhuil ris an
bhfairge, agus dodhénuid marcuigheachd
ar eachaibh, gach duine arna chur
anórd amhuil fir chum catha ad
aghaidhsi, a inghean na Babilóine.


L. Ir50:43


Dochúaluidh Rígh na Babilóine
a ttuarusgbháil agus dfásadar
a lámha lag: rug doilghios greim air,
agus doighthe mar mhnaói re niodh-nuibh.


L. Ir50:44


Féuch, tiucfaidh sé aníos,
amhuil leomhan ó at Iordan go háit-reabh
an neartmhair; acht dobhéra misi
orra rioth go hobann uáithe: agus
cía an duine toghtha oirdeochus mé ós
a ccionn? óir cía is cosmhuil riom?
agus cía chinnfios anaimsir dhamh?
agus cía an tréduighe sheasfas as
mo choinne?


L. Ir50:45


Ar anadhbharsin éistighsi
comhairle an Tighearna, noch do ghlac sé
anaghaidh na babilóine, agus a thionn-scanta
do thionnscain sé anaghaidh
dhúthaighe na Ccaldénach: go deimhin
díbeoruidh an té is lugha do na
tréduibh amach íad: go dearbhtha
dodhéna sé anáitreabh uáigneach
maille ríu.


L. Ir50:46


Lé torann gabhtha na babi-lóine
do chorruidh an talamh, agus do
chlos an chomhairc a measc na ccineadhach.



Caib.51.


L. Ir51:1


Is marso adeir an Tighearna,
féuch, tóigfe mé súas anaghaidh
bhabilón, agus anaghaidh
an luchta áitreabhus
iona lár, noch éirghios súas am aghaidh,
gáoth aidhmhillteach.


L. Ir51:2


Agus cuirfidh mé lucht cáithte
don bhabilóin, noch cháithfios í, agus
fhoilmheochus a dúthaidh: óir a ló na
buáidheartha béid síad na timchioll
faccuáirt.


L. Ir51:3


Anaghaidh an té chromas feacadh
an soighdeóir a bhogha, agus anaghaidh
an té thógbhus é féin súas ann a ucht-éideadh:
agus ná coiglighidh a daóine
óga, marbhuidh thríd amach a slúagh
uile.


L. Ir51:4


Marso tuitfid na mairbh a ccrích
na Ccaldénach, agus an drong sháith-fighear
tríotha iona sráidibh.


L. Ir51:5


Oír níor tréigeadh Israel ná Iú-dah
óna Ndía, ó Thighearna na slógh;
bíodh gur líonadh a ndúthaidh do pheacadh
anaghaidh aóin náomhtha Isra-el.


L. Ir51:6


Teithidh amach as lár na ba-bilóine,
agus sáoradh anuile dhuine
a anam: ná gérrthar amach sibh ann a
hégceart; óir isí anois uáir dhioghal-tais
an Tighearna: cúiteocha sé luáigheachd lé.


L. Ir51:7


Dobhí an bhabilóin na cupán
órdha a láimh an Tighearna, dorinne an
talamh uile ar meisce: diobhadhar na
geinte dá fíon, uimesin atáid na
geinte ar buile.


L. Ir51:8


Do thuit an bhabilóin go hobann,
agus do milleadh í: núalluigh ar a son,
glacaidh íce ar a heasláinte, madh
féidir mar sin a leighios.


L. Ir51:9


Do leigheosamaóis an bhabi-lóin,
acht ní bhfuil sí leigheasta:
tréigidh í, agus éirghiom gach uile
dhuine aguinn dá thír féin: óir roith-chidh
a breitheamhnus go neamh, agus do
tógbhadh súas é gus na spéirigh.


L. Ir51:10


Thug an Tighearna ar bhfírén-tachdne
amach: tigidh, agus foillsi-ghiom
ann Sion obair an Tighearna ar Ndía.


L. Ir51:11


Dénuidh na soighde loinnreach,
cruinnighidh na scíatha: do thóig an Ti-ghearna
spiorad Rígh na Médianach; óir
is anaghaidh na babilóine atá a thrí-all
dá milleadh, do bhrígh gurbé dioghal-tas
an Tighearna é, dioghaltas a theam-puill.


L. Ir51:12


Cuiridh súas an bhratach ar
bhalladhuibh na babilóine: neartuighidh
anfaire; cuiridh súas an fear faire:
gléusuidh na luidheacháin; óir do thríall
an Tighearna ar áon, agus dorinne
an ní sin do labhair sé anaghaidh áit-reabhthach
na babilóine.


L. Ir51:13


O thusa áitreabhus ar mhórán
uisgeadh, saidhbhir anionnmhusaibh, thái-nic
do chríoch, agus miosúr do
shainte.


L. Ir51:14


Do mhionnuigh Tighearna na slógh
trena anam féin, ag rádh, go deimhin
líonfa mé thú lé daóinibh, mar budh lé
catirpiléuruibh, agus tógfuid síad
gáir súas ad aghaidhsi.


L. Ir51:15


Dorinne sé an talamh léna
chumhacht, do dhaingnigh sé an domhan
léna ghliocus, agus do shín sé amach
na flaithis lena thuicsin.


L. Ir51:16


An tan léigios sé amach a ghuth,
bíd iomad uisceadh annsa neamhuibh, agus
dobheir sé ar na deathuighibh dul súas ó
imlibh na talmhan: doní sé tinnteach mail-le
re fearthuinn, agus dobheir sé amach a
gháotha as a stórúsaibh.


L. Ir51:17


Atá gach uile dhuine brúidea-mhuil
lena éolus, atá gach uile fhear
ceirde millte lé híomhaigh ghreanta; óir
is neimhfhírinne a íomháighe leaghtha, agus
ní bhfuil anál ar bioth ionta.


L. Ir51:18


Is díomhaóineas íad, obair shea-chráin,
dioghbháighfid anaimsir a ccú-arta.


L. Ir51:19


Ní cosmhuil roinn Iácobh ríu;
óir isé sin cumadóir anuile neithe, a-gus
sé Israel slat a oighreachta: sé
Tighearna na slógh a ainm.


L. Ir51:20


Is tú mo thúadh chatha, agus mo
arm cogaidh; óir is maille riot mhill-fios
mé rioghachta.


L. Ir51:21


Agus is maille riot bhrisfios
mé na mblodhuibh an teach agus a mhar-cach,
agus is maille riot bhrisfeas
mé na mblodhuibh an carbad agus a mhar-cach.


L. Ir51:22


Is maille riot fós bhrisfios mé na
mblodhuibh fear agus bean, agus is maille riot
bhrisfios mé na mblodhuibh sean agus óg,
agus is maille riot bhrisfios mé na
gcotchaibh an tógánach agus an cai-lín.


L. Ir51:23


Brisfidh mé marsin maille riot
an táodhaire agus a thréud, agus is
maille riot bhrisfios mé an fear tighe,
agus a chúpla damh, agus is maille riot
bhrisfios mé na ccodchaibh, caiptí-nighe
agus uachtaráin.


L. Ir51:24


Agus cúiteocha mé ris an Mba-bilóin,
agus ré uile áitreabhthachaibh na
Caldea anuile olc dá ndeárnadar ann
Sion ad radharcsa, adeir an Tighearna.


L. Ir51:25


Féuch, atáim ad aghaidh, a
shléibh mhilltigh, adeir an Tighearna, noch
aidhmhillios an talamh uile, agus sínfe
mé mo lámh amach ort, agus iomáinfidh
mé anúas thú as na cairgibh, agus dodhéna
mé ad shlíabh loisge tú.


L. Ir51:26


Agus ni ghlacfuid síad dhíot
cloch mar chuáinne, nó cloch mar dhur-thach,
acht biáidh tú uáigneach go bráth,
adeir an Tighearna.


L. Ir51:27


Cuiridhsi bratach súas annsa tír,
séidigh an stoc a measc na ccineadhach,
ullmhuighidh na críocha na haghaidh; goiridh
a ccionn a chéile na haghaidh rioghachta A-rarat,
Minni agus Aschénas, órduighidh
Caiptín na haghaidh, tugaidh air a hea-chaibh
teacht súas amhuil catirpileáruibh
garbha.


L. Ir51:28


Glésuidh na hadhuigh na geinte
maille re Ríghthibh na Média, agus
a caiptíne, agus a huachdaráin uile, a-gus
tíortha a tighearnuis uile.


L. Ir51:29


Agus criothnochuidh agus caóidh-fidh
an tír uile: óir coimhlíonfuighear
uile thionnscnamh an Tighearna anadhuigh
na Babilóine, do dhénamh crích na
Babilóine na fásach gan áitreabh-thach.


L. Ir51:30


Do léigiodar daoine árrachta
na Babilóine dhíobh troid, dfanadar
iona ndaingneachaibh, dfaillidh a neart,
atáid amhuil mná: do loisgeadar a
háite comhnuidhe, do briseadh a bar-radha.


L. Ir51:31


Riothfuidh posta do theagmháil re ar
oile, agus teachtaire do theagmháil ré ar
oile, dá fhoillsiughadh do Rígh
na babilóine gur gabhadh an chathair
fa dheireadh,


L. Ir51:32


Agus go bhfuilid na slighthe
arna ndrud, agus gur loisgeadh an ghio-cach
le teine, agus go bhfuilid na fir
chogaidh imeaglach.


L. Ir51:33


Oír is marso adeir Tighearna
na slógh Día Israel, is cosmhuil inghean
na babilóine ré hurlár buáilte, is
mithid a búaladh: gidheadh tamall
beag, agus tiucfaidh aimsir a fogh-mhair.


L. Ir51:34


A duaidh Nebuchadressar Rígh
na Babilóine misi, do bhrúighidh sé mé,
dorinne sé soitheach folamh dhíom, do
shluig sé súas mé amhuil dragún, do
líon sé a bholg dom neithibh sóbhlasta,
do theilg sé amach mé.


L. Ir51:35


Bíodh an foiréigion dorinneadh
orumsa agus ar mfeóil, air an Mbabi-lóin,
adéraidh áitreabhach Shion, agus
mfuilsi ar mhuintír Chaldeá, adéraidh
Ierusalem.


L. Ir51:36


Uimesin is marso adeir an
Tighearna, féuch, taigeora misi do chúis,
agus dodhéna mé dioghaltas ar do shon,
agus tiormocha mé suas a fairge, agus
dodhéna mé a fíoruisgeadha tirim.


L. Ir51:37


Agus biáidh an Bhabilóin na
cárnuibh, na háit chomhnuidhe do dhragú-naibh,
agus na húathbhás, agus na
sgige gan áitreabhach.


L. Ir51:38


Núallfuid lé chéile do nós
leomhan, criochonfuid amhuil coiléin leo-mhain.


L. Ir51:39


Iona tteas dodhéna misi a bhféu-sta,
agus cuirfe mé ar meisce íad,
chor go ngáirdeochuid, agus go ccoid-eoluid
codladh síothbhúan, agus nach
múisgeoluid síad, adeir an Tighear-na.


L. Ir51:40


Dobhéra mé anuas íad amhuil
uáin chum a marbhtha, cosmhuil ré reithi-dhibh
maille re pocaibh.


L. Ir51:41


Ciondus do gabhadh Sesach?
agus ciondus do hionnradh moladh na
talmhan uile? ciondus dobhí an Bhabi-lón
ná húathbhás a measc na ccinea-dhach?


L. Ir51:42


Tháinic anfairge aníos ar
Bhabilón, do foluigheadh í lé hiomad a
tonna.


L. Ir51:43


Atáid a ccaithreacha na bhfásach,
na bhfearann thirim, agus na ndíothramh,
fearann ann nach ccomhnuighionn duine ar bith,
ní mó ghabhus mac duine ar bith láimh
ris.


L. Ir51:44


Agus smaichteocha misi Bel ann-
sa Bhabilóin, agus dobhéra mé amach
as a bhéul an ní shluig sé súas, agus
ní líonfuid na cineadhacha a ccionn a chéile
chuige níso mhó, tuitfidh fós balla na
Babilóine.


L. Ir51:45


Mo phobal, éirghidh amach as a
lár, agus sáoradh gach nduine agaibh
a anam féin ó fheirg dhíscir an Tighear-na.


L. Ir51:46


Deagla go laigeochadh bhur
ccroidhe, agus go neaglochadh sibh leis
an sgéul dochluinfidhe annsa tír; ti-ucfa
iomrádh a mblíadhuin, agus na dhi-áighsin
a mblíadhuin oile tiucfa iomrádh,
agus foiréigion annsa tír, úachtarán
anaghaidh úachdaráin.


L. Ir51:47


Uimesin féuch, tiucfaid na
láethe go ndéna misi breitheamhnas ar ío-mháighibh
greanta na Babilóine, agus
scriosfuighear a dúthaigh uile, agus
tuitfid a mairbh uile iona lár.


L. Ir51:48


Annsin gáirdeochuidh neamh agus
talamh, agus anuile ní dá bhfuil ionnta
ar son na Babilóine; óir tiucfuid na
creachadóiridh chuice ón tuáisceart,
adeir an Tighearna.


L. Ir51:49


Mar thug Babilon ar mharbhuibh
Israel tuitim; marsin tuitfid san
Bhabilóin uile mhairbh na talmhan.


L. Ir51:50


Imthighidh romhuibh, sibhse dochu-áidh
as ón ccloidheamh, ná fanuidh bhur sea-samh:
cuimhnighidh an Tighearna anim-chéin,
agus tigeadh Ierusalem ann bhur
ninntinn.


L. Ir51:51


Do náirigheadh sinn, do bhrígh
go ccúalamar scannail, dfoluigh náire
ar naighthe: óir thangadar coimhthighidh
go sanctóra thighe an Tighearna.


L. Ir51:52


Uimesin féuch tiucfuid na láe-the,
adeir an Tighearna, go ndéna misi
breitheamhnus air a híomháighibh greanta, a-gus
uchbhadhfuidh an créchtach ar feadh a
dúthaidhe uile.


L. Ir51:53


Dá mbeith go ndéireocadh an
Bhabilón súas go neamh, agus dá mbeith
go neartochadh mullach a neirt, thairis-
sin tiucfuidh creachadóiridh uáimsi chuice,
adeir an Tighearna.


L. Ir51:54


Thig fuáim éighmhe ón Bhabi-lóin,
agus dioghbháil mhór ó thír na
Ccaldeánach.


L. Ir51:55


Do bhrígh gur chreach an Tighearna
an Bhabilon, agus gur scrios aiste
amach an guth mór: an tan bhéicid a to-nna
amhuil uisceadha móra, foillsighear
fuáim a ngotha.


L. Ir51:56


Do bhrígh go ttáinic an creacha-dóir
uirre, eadhon ar Bhabilón, agus gur do
gabhadh a daoine cumhachdacha, do briseadh
a mboghadh uile: óir go deimhin cúiteo-chuidh
an Tighearna Día na luáigheachtadh.


L. Ir51:57


Agus cuirfe mé a prionnsadha
ar meisce, agus a daoine críonna, a
Caiptíne agus a huachtaráin, agus a
daoine cumhachdacha: agus coideoluid
codladh síorruidhe, agus ní mhúisceoluid,
adeir an Rígh darab ainm Tighearna na
slógh.


L. Ir51:58


Is marso adeir Tighearna na
slógh, brisfíghear thríd amach balladha
leathna na Babilóine, agus loisgfíghear
lé teine a geatadha árda, agus saói-threochuid
na daóine go díomhaóin, agus
na cineadhacha san teine, agus béid coirthe.


L. Ir51:59


An bhríathar daithin Ieremiah
an fáidh do Sheraiah mhac Neriah mhic
Maaseiah an tan dochuaidh sé lé Sede-ciah
Rígh Iúdah don Bhabilóin, annsa
cceathramhadh bhlíadhain dá Ríghe agus dobudh
prionnsa ceannsuigh an Seraiahsa.


L. Ir51:60


Marsin do scríobh Ieremiah a
leabhar anuile olc dá ttiucfadh air an
Mbabilón: eadhon na huile bhríathraso
atá scríobhtha anaghaidh na Babilóine.


L. Ir51:61


Agus adubhairt Ieremiah re Se-raiah,
an tan thiucfhas tú don Bhabi-lóin,
agus chídhfios tú, agus léighfios
tú na bríathraso uile;


L. Ir51:62


Annsin adéra tú, a Thighearna,
do labhair tú anaghaidh na háitesi, da
gearradh amach, iondus noch bhfanfadh áon
innte, do dhuine nó do bheathach, acht go
mbía sí na fásach go bráth.


L. Ir51:63


Agus is amhluidh bhías anuáir
chríochnochus tú an leabhairso do léghadh,
go cceingeola tú cloch dhe, agus go tteilg-fe
tú a lár Euphrátes é.


L. Ir51:64


Agus adéra tú, is marso
rachus an Bhabilóin aníochtar, agus
ní éireocha sí ónolc dobhéra misi uirre:
agus béid síad coirthe. An chomhfhadsa
atáid bríathra Ieremiah.



Caib.52.


L. Ir52:1


Dobhí Sedeciah blíadhuin a-gus
fithche daóis an tan do
thosuigh sé a rioghacht, agus
do ríoghuidh sé aóinbhlíadhuin
dég an Ierusalem: agus dobé ainm
a mhathar Hamutal inghean Ieremiah ó
Libnah.


L. Ir52:2


Agus dorinne sé an ní dob olc
a súilibh an Tighearna, do réir anuile
ní dá ndérna Iehoiacim.


L. Ir52:3


Oír tre fheirg an Tighearna tár-la
ann Ierusalem agus ann Iúdah, gur
theilg sé amach íad as a fhiadhnuisi: a-gus
go ndeachaidh Sedeciah aneasumhlacht
anaghaidh Rígh na Babilóine.


L. Ir52:4


Agus tárla annsa naomhadh
blíadhain dá rioghacht, annsa deachmhadh mí,
san deachmhadh lá don mhí, go ttáinic Ne-buchadressar
Rígh na Babilóine, é
féin agus a shlúagh uile, anaghaidh Ie-rusalem,
agus gur shuighidh sé na ha-ghaidh,
agus go ndérna puirt na haghaidh
timcioll faccuáirt.


L. Ir52:5


Marsin do cuireadh slúagh na
shuighe ar an ccathruigh go nuige an tá-onmhadh
blíadhain dég don Rígh Sedeciah.


L. Ir52:6


Annsa cheatramhadh mí, annsa nao-mhadh
lá don mhí dobhí an ghorta trom
annsa ccathruigh, iondus nach raibh arán
ar bioth ag muintir na tíre.


L. Ir52:7


Annsin do briseadh súas an cha-thair,
agus do theitheadar na fir chogaidh
uile, agus dochúadar amach as an
ccathruigh san noidhche a slighe an gheata
idír an dá bhalla, noch dobhí ag gáir-dín
an Rígh (anois dobhádar na Caldé-nuigh
láimh ris an ccathruigh timcioll
faccuáirt) agus dochúadar a slighe an
réitigh.


L. Ir52:8


Acht do lean slúagh na Ccaldé-nach
a ndiáigh an Rígh, agus rugadar
ar Shedeciah a réiteach Ierico, agus do
bhí a shlúagh uile arna shráonadh úadh.


L. Ir52:9


Annsin do ghabhadar an Rígh, a-gus
rugadar súas é chum Rígh na Ba-bilóine
go Riblah a bhfearann Hamat,
mar a rug sé breitheamhnus air.


L. Ir52:10


Agus do mharbh Rígh na Babi-lóine
mic Shedeciah a bhfíaghnuisi a shúl,
do mharbh sé fós uile phrionnsadha Iúdah
ann Riblah.


L. Ir52:11


Annsin do chuir sé súile Shede-ciah
amach, agus do cheangail Rígh na
babilóine a slabhradhuibh é, agus rug
don bhabilóin é, agus do chuireadar a
bpríosún é go ló a bháis.


L. Ir52:12


Annois annsa chúigeadh mí annsa
deachmhadh lá don mhí, dobé sin an náomhadh
blíadhain dég do Nebuchadressar Rígh
na Babilóine tháinic Nebusaradan
caiptín an ghárda, noch do fhriothóil do
Rígh na Babilóine, go Hierusalem.


L. Ir52:13


Agus do loisg sé tigh an Ti-ghearna,
agus tigh an Rígh, agus uile
thighthe Ierusalem, agus tighthe na
ndaóine móra uile do loisg sé lé teine.


L. Ir52:14


Agus do bhris slúagh na Ccal-dénach,
noch dobhí ag caiptín an ghár-da,
uile bhalladha Ierusalem síos tim-cioll
faccuáirt.


L. Ir52:15


Annsin rug Nebusaradan caip-tín
an ghárda leis a mbraighdionus
uibhir áirigh do bhochtaibh an phobail, agus
don phobal an chuid oile dfan annsa chath-ruigh,
agus an mhuintir dimthigh rompa
chum Rígh na babilóine, agus an chuid
oile don phobal.


L. Ir52:16


Acht dfág Nebusaradan caip-tín
an ghárda cuid do bhochtuibh na tíre
mar sháothrachaibh fíneamhna, agus mar
lucht oibre.


L. Ir52:17


Mar an ccédna do bhriseadar
na Caldénuigh na piléir phráis dobhí a
ttigh an Tighearna, agus rugadar an
prás uile don bhabilóin.


L. Ir52:18


Na hoighne fós, agus na sluá-iste,
agus na glantóiridhe, agus na
scáladha, agus na líacha, agus na
huile shoithighe práis lé miniostralaidís,
rugadar léo íad.


L. Ir52:19


Agus na báisínighe, agus na
hoighne teineadh, agus na bulladha, a-gus
na fuirnísi, agus na coinnleóirigh,
agus na líacha, agus na cupáin: an ní
dobhí dór, anór; agus an ní dobhí dair-giod,
anairgiod, rug caiptín an ghár-da
leis.


L. Ir52:20


An dá philér, aonfhairge, agus
dhá tharbh dhég phráis dobhí fáoi na fulan-guibh,
noch dorinne an Rígh Solamh a ttigh
an Tighearna; níorbhféidir prás na
soitheachso uile do chomhthromadh.


L. Ir52:21


Agus a ttáobh na bpiléur,
dobé áirde gach aóinphiléir dhíobh, ocht
ccubhaid dég, agus do chompásuidh snái-the
dhá chubhad dég é, agus dobudh ceith-re
horluighe a ttíghe; agus dobhí sé
tollta.


L. Ir52:22


Agus dobhí ceann práis air, agus
dobudh cúig cubhaid áirde gach aoinchinn
maille ré hobair líonruidh, agus pom-granait
air na ceannaibh timchioll
faccuáirt, do phrás uile: budh cosmhuil
ríu so an dara pilér agus na pomgra-naid.


L. Ir52:23


Agus dobhádar nóchad agus
sé pomgranait ar áontaóibh, agus ba
céd na pomgranait uile ar an líonobair
timchioll faccuáirt.


L. Ir52:24


Agus do ghabh caiptín an ghár-da
Seraiah an tárdshagart, agus
Sephaniah an dara sagart, agus
tríur coimhéduighe an doruis.


L. Ir52:25


Rug sé fós leis seomradóir
agá raibh cúram fhear an chogaidh, agus
móirsheisior don lucht dobhí a bhfogus
do phearsuinn an Rígh, noch dofríth annsa
chathruigh, agus scribhneóir prinnsiopal-ta
an tslóigh, noch do áirmheadh daóine na
tíre, agus trí fithchid duine do mhuin-tir
na tíre dofríth a lár na caith-reach.


L. Ir52:26


Marsin do ghabh Nebusaradan
caiptín an ghárda íad, agus thug leis
íad go Rígh na babilóine go Riblah.


L. Ir52:27


Agus do bhuail Rígh na babi-lóine
íad, agus do chuir chum báis
íad ann Riblah a bhfearann Hamat: mar-
so rugadh Iúdah a láimh as a thír féin.


L. Ir52:28


Isé so an pobal rug Nebu-chadressar
leis a láimh annsa seachtmhadh
blíadhain, trí mhíle Iúduighe, agus tríur
ar fhithchid.


L. Ir52:29


Annsan ochtmhadh blíadhain dég do
Nebuchadressar rug sé leis a láimh
as Ierusalem ocht ccéd anam tríochad
agus a dó.


L. Ir52:30


Annsa treas blíadhain fithchiod do
Nebuchadressar rug Nebusaradan
caiptín an ghárda leis a láimh do na
Iúduighibh seacht ccéd ceathrachad agus
cúigear: dobudh ceithre mhíle, agus
sé chéd na pearsanna uile.


L. Ir52:31


Agus tárla san seachdmhadh blía-dhain
ar thríochad do dhaoirsine Iehoia-cim
Rígh Iúdah annsa dara mí dég, ann-
sa chúigeadh lá fithchiod don mí, gur thóg
Ebhilmeródach Righ na babilóine súas
an chéid bhlíadhuin dá ríghe ceann Iehoiacim
Rígh Iúdah, agus thug amach as prío-sún
é.


L. Ir52:32


Agus do labhair go cinealta ris,
agus do chuir sé a chathaóir ós cionn cha-thaóireach
na Ríogh dobhí iona fhochair
san bhabilóin.


L. Ir52:33


Agus do mhalairt sé a chulaidh
phríosúnta, agus a duáigh sé arán a
ccomhnuidhe as a choinne uile láethe a bhea-tha.


L. Ir52:34


Agus ar son a bhídh dobhearthaoi
bíadh go cinnte dhó ó Rígh na babilóine,
cuid ronna gach aon lá go lá a bháis ar
fédh láethe a bheatha.


L. Ti



TRIABHUIN IEREMIAH.



Caib.1.


L. Ti1:1


Ciondus shuighios an chathair go
huáigneach dobhí lán do dha-óinibh?
ciondus atá sí cos-mhuil
re baintreabhuigh? Ise
noch dobhí mór a measc na ccineadhach,
agus na bainphrionnsa a measc na bpro-bhinnseadh,
ciondus thainic sé fa dhuibh-chíos.


L. Ti1:2


Guilidh sí go gér annsanoidh-che,
agus atá a deóra air a grúadhuibh
a measc a háos grádha uile, ní bhfuil áon
aice chomhfhurtuighios í; dorinneadar a
cáirde uile feall uirre, atáid síad na
námhaid aice.


L. Ti1:3


Dochuáidh Iúdah a mbraighdionus
do bhrígh aindeise, agus do bhrígh daóir-sine
móire: áitreabhuigh sí a measc na
ngeinteadh, ní fhaghann sí suáimhinos ar
bith, rugadar a hinghreamuigh uile uirre
a measc na ccumhgach.


L. Ti1:4


Caóinid slighthe Shion do bhrígh
nach ttig duine ar bith chum anféusta
shollamonta: atáid a huile gheatadha
uáigneach, osnuighid a sagairt uile, atáid
a maighdiona píanta, agus atá sí
féin a searbhus.


L. Ti1:5


Asíad a naimhde a húachta-ráin,
rug a naimhde biseach; óir do
choirigh an Tighearna í: do bhrígh iomad
a hégceirt, dochúadar a clann a
mbraighdionas roimhe a námhaid.


L. Ti1:6


Agus dimthigh a sgíamh uile ó in-ghin
Shion: atáid a prionnsadha amhuil
cairrfhiadha nach bhfaghann ingheilt ar
bith, agus dimthigheadar gan neart roimhe
an tingreamthach.


L. Ti1:7


Do chuimnigh Ierusalem a láethibh
a haindeise agus a bochtuine, ar a
huile neithibh sólásacha dobhí aice ann-sna
láethibh anallód, an tan do
thuiteadar a daoine a láimh a námhad, a-gus
nar chuidigh duine ar bith ría; dochonncadar
a naimhde í, agus dorinneadar
magadh fa na Sábóidibh.


L. Ti1:8


Do pheacaidh Ierusalem go hiomar-cach,
uimesin atá sí arna háthrughadh:
an mhéid do onóruig í, tarcuisnighid í, do
bhrígh go bhfacus a náire: aseadh, osnagh-uidh
sí, agus fillidh síar ar a hais.


L. Ti1:9


Atá a salchar iona scriortuighibh,
ní chuimhnighionn sí a críoch dheiridh: ui-mesin
tháinic sí síos go hiongantach, ní
raibh cobharthach ar bith aice: a Thi-ghearna,
féuch maindeise: óir do mhéd-uidh
an námhuid é féin.


L. Ti1:10


Do leathnuigh an námhaid a lámh
amach ar a huile neithibh sólásacha: óir
dochonnairc sí go ndeachadar na geinte
asteach dá sanctóra, noch dár aithin
tú nach ttiucfaidís asteach ann do
chomhchruinniughadh.


L. Ti1:11


Osnaghuid a daoine uile, íarr-uid
síad arán, thugadar a neithe tait-neamhacha
ar bhíadh, dfurtacht a nanma:
féuch a Thighearna, agus meas, óir a-táimsi
beagluaigh.


L. Ti1:12


An ní gan suim dhíbh é, an mhéid
agaibhsi uile ghabhus láimh riom? féuch-uidh,
agus faicidh an bhfuil dobrón ar
bioth mar mo dhóbrónsa, noch dorinneadh
orum, ler smachtaigh an Tighearna mé
a ló a fheirge buirbe.


L. Ti1:13


Onáird anúas do chuir sé teine
ann mo chnámhuibh, agus beirigh sí buáidh na
naghaidh: do leathnuigh sé líon roimhe mo
chosaibh, dfill sé ar mais mé, dorinne
sé áonránach mé, agus lag ar feadh
an laói.


L. Ti1:14


Do cheangail a lámha cuibhreach
méigceirt; do sníomhadh sé íad, agus
thangadar súas fám mhuinél: thug sé
ar mo neart tuitim, do sheachuid an Ti-ghearna
iona lámhuibh mé, go nach bhféduim
éirghe súas.


L. Ti1:15


Do shaltair an Tighearna síos mó
dhaoine cumhachtacha uile ann mo lár: do
ghoir sé oireachtus am aghaidh, do brui-gheadh
mo dhaóine óga: do bhrúigh an Ti-ghearna
an mhaighdion inghean Iúdah amhuil
budh anumar fíona.


L. Ti1:16


Ar son na neitheannso caóidhim-
si, silidh mo shúil síos lé huisce,
do bhrígh go bhfuil an cabharthach noch dobhéradh
cabhair dom anam a bhfad uáim: a-táid
mo chlann uáigneach do bhrígh go rug an
námhaid buáidh.


L. Ti1:17


Sínidh Sion amach a lámha, agus
ní bhfuil duine ar bioth chabhruighios í:
thug an Tighearna aithne a ttáobh Iácob
go mbía a naimhde fáccuáirt iona thim-chioll:
atá Ierusalem mar mhnaói úath-bhásaigh
iona measc.


L. Ti1:18


Atá an Tighearna ceart; óir
do chathruigh misi anadhuigh a aitheantadh:
éistigh, íarruim dathchuinge oruibh, a
phobal uile, agus féuchuidh mo dhóbrón:
dochúadar mo mhaighdiona agus mo dha-óine
óga a mbraighdionus.


L. Ti1:19


Do ghoir mé ar maosgrádha,
acht do mhealladar mé: déugadar mo
shagairt, agus mo shinsir annsa chathruigh,
an feadh díarradar a mbíadh dfurtachd a
nanmann.


L. Ti1:20


Féuch, a Thighearna, óir a-táimsi
anaindeise, atáid minnidhe a
mbuáidhirt; diompoigh mo chroidhe io-nnam
astigh: óir dochuáidh mé aneasumh-lachd
go hiomarcach: marbhuidh an cloi-dheamh
amuigh, an bás astigh.


L. Ti1:21


Dochúaladar go nosnaghuimsi,
ní bhfuil duine ar bith dom chomhfhur-tacht;
dochúaladar mo naimhde uile
mo thrioblóid, atá lúathgháir orra do
bhrígh do ndérna tú sin; dobhéra tú an
lá noch dfuagair tú, agus béid síadsan
cosmhuil riomsa.


L. Ti1:22


Tigeadh a néigceart uile dot la-thair,
agus dén ríu mar dorinne tú ri-omsa,
ar son mégceart uile: óir is
iomadamhuil mosnadha, agus lag mo
chroidhe.



Caib.2.


L. Ti2:1


Ciondus dfoluigh an Tighearna
inghean Shion lé néull iona
fheirg, agus do theilg sí-os
ó neamh go talamh sgíamh
Israel, agus nar chuimhnigh
a chostól a ló a fheirge?


L. Ti2:2


Do shluig an Tighearna súas uile
áitreabhthacha Iácob, ní dhérna sé truáighe:
do theilg sé síos iona fheirg daingneacha
láidre inghine Iúdah: thug sé síos go
talámh íad, do thruailligh sé an rioghacht
agus a prionnsadha.


L. Ti2:3


Do Geárr sé amach iona dhíbhfheirg
adharc Israel uile: do tharruing sé ar a
hais a láimh dheas ó roimhe a námhuid, a-gus
do las sé anaghaidh Iácob, cosmhuil
sé teine lasamhuil, noch loisgeas timchi-oll
faccuáirt.


L. Ti2:4


Do cham sé a bhogha mar dodhénadh
námhuid; do sheas sé léna láimh dheis mar
easccaruid, agus do mharbh sé gach a raibh
taitneamhach leis an tsúil a ttigh inghine
Sion: do dhóirt sé amach a dhíbhfhearg a-mhuil
teine.


L. Ti2:5


Dobhí an Tighearna mar námhuid: do
shluig sé súas Israel, do shluig sé sú-as
a páláis uile: do scrios sé a da-ingneacha
láidre agus do mhéduigh sé aninghin
Iúdah dóbrón agus cumha.


L. Ti2:6


Agus rug sé as go hégiontach
a thigh mar dobhíath amhuil gáirdín, do
sgrios sé a áite oireachtais: thug an
Tighearna fa deara na féustuigh solla-monta,
agus an tsaóire do dhearmad a Si-on,
agus do tharcuisnigh sé a ccuthach
a fheirge, an sagart agus an Rígh.


L. Ti2:7


Do theilg an Tighearna seachad a
altóir, agus dfúathaigh sé a shanctóir:
do sheachaid sé súas a láimh na námhad
balladha a pháláis: dorinneadar gáir a
ttigh an Tighearna amhuil a ló féusta
sollamonta.


L. Ti2:8


Do thríall an Tighearna balladha
inghine Sion do mhilleadh: do shín sé dórubha
amach, níor chonnaimh sé a lámh ó aidhmhilleadh:
uimesin thug sé air an dídean, agus air an mballa
caói, dochuadar anégcrúas lé chéile.


L. Ti2:9


Do sluigeadh a geatadha annsa ta-lamh,
do aidhmhill sé agus do bhris sé a
barradha: agus atá a Rígh agus a
prionnsadha a measc na ngeinteadh, ní bhfuil
dligheadh ann nísa mhó, ní fhaicid a fáighe
fós fis ar bith ón TTighearna.


L. Ti2:10


Suighid sinnsir inghine Sion air an
ttalamh, agus bíd na ttochd; do theil-giodar
luáithreadh air a cceannaibh, agus
do chriosluigheadar íad féin lé saicédach;
cromaid maighdiona Ierusalem a ccinn
síos gus an ttalamh.


L. Ti2:11


Dfailligheadar mo shúile le déo-ruibh,
atáid minnighe buáidheartha; do
dóirteadh maéghe air an ttalamh ar son
aidhmhillte inghine mo dhaóine, do bhrígh go
nanbhfainnighid an chlann, agus na naóidhin
a sráidibh na caithreach.


L. Ti2:12


Adeirid síad rena máithribh,
cáit a bhfuil arbhar agus fíon? an tan
thuitid amhuil daóine gonta a sráidibh
na caithreach, anuáir do dóirteadh a
nanam amach anucht amathar.


L. Ti2:13


Cred an ní ghébhus mé dfiadhnui-si
ar do shon? cred an ní shaimhleachus mé
riot, a inghean Ierusalem? cred chomh-mórad
riot, chor go ccomhfhurtuighinn
thú, a mhaighdion inghean Sion? óir is
mór mar anfairge do bhriseadh, cía fhédas
do leighios?


L. Ti2:14


Dochoncadar thfáighe neithe
diomhaóine leamha dhuit, agus níor fhoill-sigheadar
hégceart, dfilleadh do dhaóir-sine:
acht dochonncadar úaluidhe neimh-fírinneacha
dhuit, agus cúise díbeartha.


L. Ti2:15


An mhéid ghabhus thort, buáilid
síad a lámha as do choinnesi: doníd si-ad
magadh, agus croithid a ccinn air in-ghin
Ierusalem, ag rádh, an í so an cha-thair
dá ngoirdís daóine, iomláine
sgéimhe, agus sólás an domhuin uile?


L. Ti2:16


Dfoscladar do naimhde uile a
mbéul ad aghaidh: siosarnuid síad, a-gus
gíosanuid a bhfíacla: adeirid sí-ad,
do shluigeamar súas í, go deimhin
asé so an lá lé raibh ar súil: fuara-mar
é, agus dochonncamar é.


L. Ti2:17


Dorinne an Tighearna an ní do
thionncsain sé; do chomhlíon sé a bhría-thar,
noch daithin sé annsna laéthibh anallód;
do theilg sé síos, agus níor
ghabh truáighe é: agus thug sé air do ná-mhuid
gáirdiughad ós do chionn, do chuir
sé adharc hesccarad súas.


L. Ti2:18


Déigh a ccroidhe chum an Ti-ghearna:
ó a bhalla inghine Sion, sile-dís
déra síos amhuil sruth a ló agus anoidhche;
ná tabhair suáimhneas ar bith dhuit
féin, ná coisgeadh rinn do ruisg.


L. Ti2:19


Eírigh, goir na comhairc san noidh-che,
a ttús na faire, dóirt amach do chroi-dhe
amhuil uisge a bhfiadhnuisi aighthe an
Tighearna: tóig súas do lámha chuige-
sion, ar son bheatha do leanabh óg, noch an-bhfainnighios
docras a cceann gach aonts-ráide.


L. Ti2:20


Féuch, a thighearna, agus meas cía dá
ndérna tú so: aníosuid na mná a
ttoradh, agus naóidhin a bfad réise?
an muirfighear an sagart agus an fáigh
a sanctóir an Tighearna?


L. Ti2:21


Luighid na ndaóine óga agus se-na
air an ttalamh ansnna sráidibh, do
thuiteadar mo mhaighdiona, agus mo dha-óine
óga leis an ccloidheamh; do mharbh
tú íad a ló thfeirge, do mharbh tú agus
níor choigil tú íad.


L. Ti2:22


Do ghoir tú mar budh a ló féu-sta
mo chritheagla timchioll faccuáirt:
iondus nach deachaidh duine ar bith as, agus
nar mhair áon a ló feirge an Tighearna:
do dhíobháigh mo námhuid an drong do oil
mé, agus thug mé suas.



Caib.3.


L. Ti3:1


Is misi an duine dochonnairc
aindeise le slait a fheir-ge.


L. Ti3:2


Do thréoruigh sé misi,
agus rug sé a ndorchadas
mé, acht ní chum soluis.


L. Ti3:3


Go deimhin diompóigh sé am a-ghaidh,
fillidh sé a lámh am aghaidh air feadh
an láe.


L. Ti3:4


Dorinne sé mfeóil, agus mo
chroiceann foirfe, do bhris sé mo chnámha.


L. Ti3:5


Do shuidh sé am aghaidh, agus do
thimchill sé mé lé dumblas, agus lé
hastar.


L. Ti3:6


Do shuighidh sé mé anáitibh dor-cha,
mar na daoinibh fuáir bás fada
ó shin.


L. Ti3:7


Do chuir sé fál am thimchioll
fáccuáirt, go nach bhféduim teacht a-mach:
dorinne sé mo shlabhradha trom.


L. Ti3:8


Mar an ccédna, anuair chomhair-cim,
agus gháirim, congmhuidh sé mur-naigh
amach.


L. Ti3:9


Do iáidh sé astigh mo shlighthe
lé clochaibh snoighte: dorinne sé mo
chasáin cam.


L. Ti3:10


Dobhí sé dhamhsa amhuil beithir
a luidheachán, agus amhuil leomhan anáitibh
uáigneacha.


L. Ti3:11


Dfill sé mo shlighthe do leath-
taóibh, do tharruing sé am chotchannuibh
mé: dorinne sé áonránach mé.


L. Ti3:12


Do cham sé a bhogha, agus do
shuighidh sé misi mar chomhartha dha
shoighid.


L. Ti3:13


Thug sé ar shoighdibh a bhol-gáin
dul asteach ann mo dhubhánuibh.


L. Ti3:14


Dobhí mé am mhagadh dom
dhaóinibh uile, agus am abhrán ar feadh
an láe.


L. Ti3:15


Do líon sé mé lé searbhus; do
chuir sé ar meisce mé lé murmónta.


L. Ti3:16


Do bhris sé fós mfíacla lé
clochaibh gainmhéin; dfoluigh sé mé lé
luáith.


L. Ti3:17


Agus dathruigh tú manam a
bhfad ó shíothcháin, do dhearmuid mé so-nas.


L. Ti3:18


Agus adubhairt mé, atá mo
neart agus mo dhóthchus arna mughadh
ón TTighearna,


L. Ti3:19


Ag cuimhniughadh maindeise a-gus
mo bhochtuine, an murmónta a-gus
an dumblas.


L. Ti3:20


Atáid síad a ccuimhne do ghnáth
ag manam, agus do humhluigheadh io-nnam
é.


L. Ti3:21


Goirim so arís chum minntinne,
uimesin atá dóthchus agam.


L. Ti3:22


Is do thrócaire an Tighearna nach
bhfuilmíd aidhmhillte, do bhrígh nach bhfail-líghid
a ghrása.


L. Ti3:23


Atáid núadh gach aon mhaidin:
is mór thfíréntachtsa.


L. Ti3:24


Isé an Tighearna mo chuid
ronna, adeir manum, uimesin is ann
bhías mo dhóigh.


L. Ti3:25


Is maith an Tighearna don mhéid
fheithfios air, donanam íarras é.


L. Ti3:26


Is maith go ccuirfeadh duine a
dhóigh aráon, agus go bhfeithfeadh go
ceannsa air shlánughadh an Tighearna.


L. Ti3:27


Is maith do dhuine an chuing diom-char
iona óige.


L. Ti3:28


Suighidh sé na áonar, agus bídh
sé na thochd, do bhrígh gur ghabh sé air
féin é.


L. Ti3:29


Cuiridh sé a bhéul annsa luáith-readh,
dá madh éidir dóthchus do bheith
annsin.


L. Ti3:30


Dobheir sé a ghruáidh don té
bhuáileas é, atá sé arna líonadh lán
do sgannail.


L. Ti3:31


Oír ní theilgfidh an Tighearna
dhe go bráth.


L. Ti3:32


Acht má tá go noibríghionn sé
doilghios, ghidheadh biáidh truaighe aige do
réir iomaid a thrócaireadh.


L. Ti3:33


Oír ní phíanann sé go toil-eamhuil,
ní mó ghortuighionn sé clann na
ndaóine.


L. Ti3:34


Do bhrughadh príosúnach na
talmhan uile fana chosaibh,


L. Ti3:35


Diompógh ceart duine do leath-
taoibh as coinne aighthe an tí is roáirde,


L. Ti3:36


Do chlaóidh duine iona chúis, ní
dhearbhann an Tighearna.


L. Ti3:37


Cía hé an té adeir, agus
go dtiucfa a ccrích anuáir nach
aithnighionn an Tighearna é?


L. Ti3:38


Ané nach ttig maith agus
olc as béul an té is roáirde?


L. Ti3:39


Uimesin cred fa ngearánan
duine béo, duine ar son pionóis a
pheacaidh?


L. Ti3:40


Spíonam, agus dearbham ar sligh-the,
agus filleamh arís chum an Ti-ghearna.


L. Ti3:41


Tógbham súas ar ccroidhthe
maille re ar lámhuibh chum Dé annsna
neamhuibh.


L. Ti3:42


Do chionntuigheamar, agus dorinneamar
cogadh, agus níor mhaith
tusa.


L. Ti3:43


Dfoluigh tú lé feirg agus do
ainlean tú sinn: do mharbh tú, ní raibh
truáighe agad.


L. Ti3:44


Dfoluigh tú thú féin lé néull,
iondus nach rachaidís ar nurnaighthe
thríd.


L. Ti3:45


Dorinne tú sinne amhuil sal-char,
agus droichmheasta a measg an
phobail.


L. Ti3:46


Dfoscladar ar naimhde uile a
mbéul ar naghaidh.


L. Ti3:47


Tháinic eagla agus pain-tér
oruinn, áonránacht agus aidhmhil-leadh.


L. Ti3:48


Silid mo shúile síos lé srothaibh
uisge, do bhrígh aidhmhillte inghine mo
dhaóine.


L. Ti3:49


Dóirtidh mo shúil síos, agus
ní scuirionn sí gan chosg ar bith;


L. Ti3:50


Nó go bhféucha an Tighearna anúas,
agus go bhfaicidh ó neamh.


L. Ti3:51


Doilghiosuigh mo shúil mo chroidhe,
do bhrígh uile ingheana mo chaithreach.


L. Ti3:52


Do leanadar mo naimhde mé
go géur, amhuil éun, gan adhbhar.


L. Ti3:53


Do ghearradar amach manam
annsa charcair, agus do theilgeadar clo-cha
orum.


L. Ti3:54


Do thuiligheadar uisgeadha thar
mo cheann: annsin adubhairt mé, do gear-radh
amach mé.


L. Ti3:55


Do ghoir mé ar hainmsi, a Thi-ghearna,
as an ccarcair íochtaruigh.


L. Ti3:56


Dochúala tú mo ghuth, na ceil
do chlúas air manáilsi rem éighiomh.


L. Ti3:57


Tháinic tú a ccomhghar annsa
ló ar ghoir mé ort: adubhairt tú, ná
bíodh eagla ort.


L. Ti3:58


O a Thighearna, do thagair tu-sa
cúise manma, dfúasgail tú ma-nam.


L. Ti3:59


O a Thighearna, dochonnairc tú
mégcóir, beir breath ar mo chúis.


L. Ti3:60


Dochonnairc tú a ndioghaltas
uile, agus a smuaintighthe uile am
aghaidhsi.


L. Ti3:61


Dochúala tú a masla, a
Thighearna, agus a ttionnscanta uile
am aghaidh;


L. Ti3:62


Puisíne na druinge déirigh súas
am aghaidh, agus a ttionnscanta am
aghaidh ar feadh an láe.


L. Ti3:63


Féuch a suighe síos, agus a
néirghe súas, is misi a ccéol.


L. Ti3:64


Cúitigh ríu luáigheacht, a Thi-ghearna,
do réir oibre a lámh.


L. Ti3:65


Tabhair doilghios croidhe dhóibh,
tabhair do mallacht dóibh.


L. Ti3:66


Ainlean agus díobháidh íad a
bhfeirg, go nach béid faói neamhuibh an
Tighearna.



Caib.4.


L. Ti4:1


Ciondus tháinic an tór chum
bheith dorcha? cionndus do
háthruigheadh an tór rofín-ealta?
do teilgeadh amach
clocha na sanctóra a mullach gach
áontsráide.


L. Ti4:2


Mic mhórluaigh Sion, a ccoimhmeas
ré hór fíneulta, ciondus atáid arna
meas amhuil críadh, obair an photadó-ra?


L. Ti4:3


Eadhon tairngid na míolta móra
an chíoch amach, dobheirid cíocha dá
nóguibh: atá inghean mo dhaoinesi ét-trócaireach
cosmhuil ris anostric ann-
sa bhfásach.


L. Ti4:4


Ceangluidh teanga naóidhin na-
ccíoch do charbad a béil lé tart:
íarruid an chlann óg arán, agus ní
bhrisionn duine ar bith chuca é.


L. Ti4:5


An drong dobhíathuidh go só-ghamhuil,
atáid áonránach annsna srái-dibh:
an lucht tugadh súas a scairléd,
grádhuighid síad na cárnáin aóiligh.


L. Ti4:6


Oír is mó péin éigceart inghine
mo dhaóinesi ná péin pheacaidh Shodom,
noch do díothlaithriughadh a móment,
agus nar fhan lámha ar bith uirre.


L. Ti4:7


Dobudh gloine a Nasarítigh
ná sneachda, dobudh gile íad ná bainne,
dobudh deirge a ccuirp Rubínidh,
dobhí a míne mar Shaphir.


L. Ti4:8


Is duibhe a ngnúis ná gúal, ní
haitheantar annsna sráidibh íad: ceangluid
a ccroicionn dá ccnámhuibh, do chríon sé:
is cosmhuil é lé maide.


L. Ti4:9


Is férr an lucht marbhthar leis
an ccloidheamh ná an lucht marbhthar leis
an ngorta: óir seargaid, buáilte
thríotha do dhíth toruidh an mhachaire.


L. Ti4:10


Do bhruith lámha na mban
ttrúaghánta a cclann féin, budh íad
a mbíadh a scrios inghine mo dhaóine-
si.


L. Ti4:11


Do choimhlíon an Tighearna a
dhíbhfhearg, do dhóirt sé amach a fhearg
bhorb, agus do las sé teine ann Si-on,
agus do loisc sí a bunáite
sion.


L. Ti4:12


Ní chreidfidís Ríghthe na tal-mhan,
agus uile áitreabhthacha an domh-uin,
go rachadh a neascara, agus a
námhuid asteach a ngeatadhuibh Ierusa-lem.


L. Ti4:13


Ar son pheacadh a fágh, agus
éigceart a sagart, noch do dhóirt
fuil na bhfíréun iona lár;


L. Ti4:14


Do sheachránadar amhuil daóine
dalla annsna sráidibh, do thruáilleadar
íad féin lé fuil, iondus nar fhédadar
daóine buáin rena néduighibh.


L. Ti4:15


Déighiodar orra, imthighidh-
si, atá sí neamhghlan, imthighidh, im-thighidh,
ná bainidh ríu, anuáir do
theitheadar rompa, agus do sheachrána-dar:
adubhradar a measg na ngein-teadh,
ní choimhneochuid nísa mhó annsin.


L. Ti4:16


Do roinn fearg an Tighearna
íad, ní chuirfidh sé suim nísa mhó ion-ta:
ní raibh meas aca air phearsannuibh
na sagart, ní raibh fabhar aca do na
sinnsioruibh.


L. Ti4:17


Air ar soinne, dfailligheadar
ar súile fós far ccabhair dhíomhaóin:
ann ar bhfaire dfeitheamar air chineadh nar
fhéd ar ttártháil.


L. Ti4:18


Lorgairid ar ccoiscéime, go
nach bhfédmaoid siubhal ann ar srái-dibh:
atá ar ccríoch láimh rinn, do
coimhlíonadh ar láethe: óir tháinic ar
ccríoch.


L. Ti4:19


Is luáithe ar ninghreamuigh
náid iolair neimhe: dainleanadar síad
sinn ar na sléibhtibh, do chuireadar
luigheachán oruinn annsa bhfásach.


L. Ti4:20


Do gabhadh ungthach an Ti-ghearna,
anál ar bpolláireadh, iona
logaibh, noch ré a ndubhramar, faóina
sgáile mhairfiom a measg na ngein-teadh.


L. Ti4:21


Gáirdigh, agus bíodh lúath-gháir
ort, a inghean Edom, noch áit-reabhus
a bhfearann Us; racuidh fós an
cupán thairis chugadsa: biáidh tú ar
meisce, agus dodhéna tú thú féin
tárnochd.


L. Ti4:22


Do coimhlíonadh pionós héig-ceirt,
a inghean Shion, ní bhéra sé
nísa mhó thú a ndaoirsine; cuáir-teocha
sé héigceart, a inghean Edom,
foillseochuidh sé do pheacuidhe.



Caib.5.


L. Ti5:1


Cuimhnigh, a Thighearna, cred
tháinic oruinn; meas, agus
féuch ar masla.


L. Ti5:2


Do hiompoigheadh ar
noighreacht chum coimhthigh-theach,
ar ttighthe chum eachtra-nnadh.


L. Ti5:3


Atámaoid ar ndílleachtaibh agus
gan athair, ar máithre mar bhaintreabhachaibh.


L. Ti5:4


Dibheamhar ar nuisge air airgiod, do
racadh ar ccoill rinn.


L. Ti5:5


Atáid ar muinéil fa inghreim:
sáothruighemuid, agus ní fhaghmuid suáimhneas
ar bith.


L. Ti5:6


Thugamar an lámh do na Hégip-teachaibh,
agus do na Hassírianachaibh,
dar sásadh lé harán.


L. Ti5:7


Do pheacuigheadar ar naithre,
agus ní mhairid, agus diomchramairne a
néigceart.


L. Ti5:8


Dobhádar seirbhísigh na núachta-ránuibh
oruinn, ní bhfuil duine ar bith sha-orus
sinn as a lámhuibh.


L. Ti5:9


Fúaramar ar narán lé guáis ar
nanmann, do bhrígh chloidhimh anfásaigh.


L. Ti5:10


Dobhí ar ccroicionn dubh cos-mhuil
re sorn, do bhrígh na gorta adh-fhúathmhaire.


L. Ti5:11


Déignigheadar na mná a Sion,
agus na maighdiona a ccaithreacaibh
Iúdah.


L. Ti5:12


Do crochadh prionnsadha súas léna
láimh, agus níor honóruigheadh aighthe
na seanóireadh.


L. Ti5:13


Do ghabhadar na hógánuigh chum
meilte, agus do thuitiodar an chlann
faói an cconnadh.


L. Ti5:14


Do scuireadar na seanóiridhe ón
gheata, na hógánuigh óná ccéol.


L. Ti5:15


Do scuir gáirdeachus ar ccroi-dhe;
do hiompoigheadh ar ndamhsa chum
dóbróin.


L. Ti5:16


Do thuit an choróin ó ar cceann:
is trúagh dhúinn do bhrígh gur pheacuigheamar.


L. Ti5:17


Ar a shon so atá ar ccroidhe
anbhfann, do bhrígh na neitheannso atáid ar
súile lagradharcach.


L. Ti5:18


Do bhrígh shléibhe Sion, noch atá
uáigneach, siubhluighid na sionnaigh air.


L. Ti5:19


Thusa a Thighearna, mairidh tú
go síorruidhe, do chathaóir ó ghinealach
go ginealach.


L. Ti5:20


Cred fá ndearmaduigheann tú sinne
go bráth, agus fa ttréigion tú sinn an
comhfhadsa daimsir.


L. Ti5:21


Iompoighse sinne chugad, a
Thighearna, agus biaim ar niompóghadh: ath-núadhaidh
ar láethe amhuil anallód.


L. Ti5:22


Acht do theilg tú dhíot sinn
thríd amach; atá tú rofheargach ar na-ghaidh.




L. El


LEABHAR ANFAIGH ESECHIEL.


L. El1:1


Anois tháinig a ccrích annsa
tríochadmhadh bhlíadhain, ann-
sa cheathramhadh mí, an cúig-
eadh lá don mhí, mar dobhí
misi a measg na mbrághad
láimh ré habuinn Chebar, gur hosg-
ladh na neamha, agus go bhfaca mé
fis Dé.


L. El1:2


Annsa chúigeadh lá don mhí (noch
dobhí annsa chúigeadh blíadhain do dhaoir-
sine an Rígh Iehoiacim)


L. El1:3


Tháinic bríathar an Tighearna
go follus go Hesechiel an sagart,
mac Busi, a ccrích na Ccaldénach,
láimh ré habhuinn Chebar, agus dobhí
lámh an Tighearna air annsin.


L. El1:4


Agus damhairc mé, agus féuch,
tháinic gáoth ghuairdeáin as an ttuáis-
cceart, néull mór, agus teine agá
casadh féin, agus dobí lonnradh na
thimchioll, agus sa a lár amach mar dhath
omra, amach as lár na teineadh.


L. El1:5


Mar an ccédna tháinic as a
lár amach cosmamhlacht cheithre mbeathach:
agus dobé so a ttaisbeanadh, dobí
cosamhlachd duine orra.


L. El1:6


Agus dobhádar ceithre haighthe
ag gach aon díobh, agus dobhí ceithre
sciatháin ag gach aon díobh.


L. El1:7


Agus dobudh cosa díreacha a
ccosa, agus dobudh cosmhuil bonn a
ccos ré bonnuibh chos gamhna, agus do
dhrithleadar cosmhuil ré dath práis lí-
omhtha.


L. El1:8


Agus dobhádar lámha duine a-
ca faói na sciathánuibh ar a cceithre
taobhuibh, agus dobhí ag an cceathrar
a naighthe agus a sciatháin.


L. El1:9


Dobhádar a sciatháin ceangailte
gach áon dar oile; níor iompoigheadar
an tan do ghluáisiodar, dochuáidh gach
aon aca go díreach ar a naghaidh.


L. El1:10


Ar son chosamhlachd a naighthe, do
bhí aca na cceathrar aghaidh dhuine agus
aghaidh leomhuin ar an ttáobh ndeas, a-
gus dobhí gnúis dhaimh aca na cceath-
rar air an ttaóibh cclé, dobhí fós aca
na cceathrar gnúis iolair.


L. El1:11


Is marso dobhádar a naighthe:
agus dobhádar a sciatháin sínnte
súas, dhá sciathán gach aóin cean-
gailte dhá chéile, agus dhá sciathán
ag folach a ccorp.


L. El1:12


Agus dochuáidh gach áon díobh
go díreach ar a naghaidh mar a raibh
an spiorad ar tí dhul, dochúadar, a-
gus níor fhilleadar, anuáir do imthigheadar.


L. El1:13


Ar son chosamhlachda na mbea-
thach, dobhí a ttaisbénadh cosmhuil ré
sméróidighibh dearga teineadh, agus cos-
mhuil re taisbeanadh lóchrann: dochuáidh
sé síos agus súas a measg na mbea-
thach, agus dobhí an teine lasamhuil,
agus dochuáidh tinnteach amach as an
tteine


L. El1:14


Agus do rithiodar na beathuighe,
agus dfilleadar amhuil taisbénta
lasrach tinntighe.


L. El1:15


Anois an tan do fheit mé air
na beathuighibh, féuch, áon roithlén air an
ttalamh ris na beathuighibh, gun a
cheithre haighthaibh


L. El1:16


Dobudh cosmhuil taisbeanadh
na rothadh, agus anobair ré dath be-
rill: agus dobudh áonchosamhlacht dobhí
aca na cceathrar, agus dobhí a ttais-
bénadh agus anobair mar rotha a lár
rotha.


L. El1:17


An tan do ghluáisdís do ghlu-
áisdís air a cceithre táobhuibh, agus ní
fhilldís anuáir do imthighdís.


L. El1:18


Ar son a bhfáinneadh, dobhádar
an comhárdsin go rabhadar úathbhásach,
agus dobhádar a bhfáinneadha lán do shúi-
libh faccuáirt timchioll an cheathrairsin.


L. El1:19


Agus an tan do ghluáisdís na
beathuighe, do ghluáisdís na roithleáin leó:
agus anuair do tógtháoi súas na beathui-
ghe ón ttalamh, do tógtháoi na roi-
thleáin súas.


L. El1:20


Gidhbé áit a mbíodh an spiorad
ar tí dhul, dothéighdís ann, annsin do
bhí a spioradsan chum dul; agus do tóg-
thaoi na rothadha súas go díreach ós a
ccionn: óir dobhí spíorad beathuigh ann-
sna rothuibh.


L. El1:21


Anuáir do ghluáisdís sin, do
ghluáisdís so: agus anuáir do sheasai-
dís sin, do sheasaidís so: anuair do
tógthaói sin súas ón ttalamh, do tóg-
thaoi na roithleáin súas ós a ccoinne:
óir dobhí spiorad beathuigh annsna roith-
lénuibh.


L. El1:22


Agus dobhí cosamhlacht na
spéire air cheannaibh an beathuigh, amhuil
dath an chriostail úathbhásaigh, sínte
amach ós a cceann shuas.


L. El1:23


Agus faói an spéir dobhádar
a sciatháin go díreach, gach áon, noch
dfoluigh don taóibhsi, agus dobhí a dó
ag gach áon noch do folchadh don taoibhsin
a ccuirp.


L. El1:24


Agus an tan dimthigheadar, do
chúala mé tormán a sciathán amhuil tor-
mán uisgeadh móra, amhuil guth anuile-
chumhachtaigh, guth cainte amhuil tor-
mán sluáigh; an tan do sheasadar
do léigeadar a sciatháin síos.


L. El1:25


Agus dobhí guth ón spéire do
bhí ós cionn a cceanna an tan do sheasa-
dar, agus do léigeadar síos a scia-
tháin.


L. El1:26


Agus dobhí ós chionn na spéire
dobhí ós cionn a cceanna cosamhlacht ca-
thaóire ríogha, amhuil taisbénadh chloiche
Saphir, agus dobhí ar chosamhlacht na
cathaoire samhlachus amhuil taisbeanadh
duine air shuas.


L. El1:27


Agus dochonairc mé mar dhath
omra, mar thaisbeanadh teineadh na thim-
chioll fáccuáirt astigh ann: ó thais-
bénadh a leasruigh agus ós a chionn, a-
gus ó thaisbeanadh a leasruigh agus faói,
dochonnairc mé mar do bheith taisbea-
nadh teineadh, agus dobhí loinnir ann tim-
chioll faccuáirt.


L. El1:28


Mar thaisbénadh an bhogha atá
san néull a ló na fearthanna, marsin do
bhí taisbeanadh an déllruigh timchioll
faccuáirt. Dobé so taisbénadh chosamh-
lachta ghlóire an Tighearna, agus a
nuáir dochonnairc mé, do thuit mé ar ma-
ghaidh, agus dochúala mé guth aóin do
labhair.


L. El2:1


Agus adubhairt sé riomsa, a
mhic, an duine seas ar do
chosuibh, agus laibheora misi
riot.


L. El2:2


Agus dochuáidh an spi-
rad asteach ionnam, an tan do labhair sé
riom, agus do chuir sé air mo chosaibh mé,
iondus go ccúala mé an té do labhair
riom.


L. El2:3


Agus adubhairt sé riom, a mhic
an duine, cuirim thú go cloinn Israel,
go cineadh easumhal dochuáidh aneasaónta
am aghaidhsi; do chiontuigheadar féin
agus a naithre am agaidh gus an ló a
niugh.


L. El2:4


Oír is clann mhíonáireach íad agus
crúadhchroidheach: cuirim thusa chuca, agus
adéra tú ríu, is marso adeir an
Tighearna Día.


L. El2:5


Agus má éistid síad, nó má
choisgid (óir is tigh easumhal íad) thairis
sin biáidh a fhios aca go raibh fáidh iona
measg.


L. El2:6


Agus thusa a mhic an duine, ná
bíodh eagla ort rompa, agus ná bíodh
eagla a mbríathar ort, matá go mbéid
dreasa agus dosáin maille riot, agus go naí-
teocha tú a measc naithreach nimhe: ná bíodh
eagla ort rena mbríathraibh, agus ná
bí anbhuáineach fána naighthibh, bíodh go
bhfuilid na ttigh easumhal.


L. El2:7


Agus laibheora tú mo bhríathrasa
ríu, má éistid, nó má sguirid, óir
atáid ró easumhal.


L. El2:8


Acht, thusa a mhic an duine,
cluin cred adéra misi riot, ná bídh ea-
sumhal cosmhuil ris an ttigh esumhal
sin: foscuil do bhéul, agus ith an
ní bhéras misi dhuit.


L. El2:9


Agus anuair damhairc mé, féuch,
do cuireadh lámh chugam, agus féuch
dobhí rola leabhair inte.


L. El2:10


Agus do leathnuigh sé ós mo
choinne é, agus dobhí sé scríobhtha
astigh agus amuigh, agus dobhí scrí-
obhtha ann caoineadh, osnadha, agus mairgneach.


L. El3:1


Tuilleamh oile adubhairt sé
riomsa, a mhic an duine,
ith an ní dogheibh tú, ith an
rolaso, agus éirigh, la-
bhair sé tigh Israel.


L. El3:2


Ansin dfoscail mé mo bhéul, a-
gus thug sé orum an rola dithe.


L. El3:3


Agus adubhairt sé riom, a mhic
an duine, tabhair air do bholg ithe, agus
líon do mhionach leis an rolaso bheirimsi
dhuit, annsin a duaig mé é, agus do
bhí sé ann mho bhéul mar mhil ar mhillsi.


L. El3:4


Agus adubhairt sé riom, a mhic
an duine, imthigh, éirigh go tigh Isra-
el, agus labhair rem bhríathruibhsi ríu.


L. El3:5


Oír ní curthar thú a ccionn da-
óine do ghlór choimhthigheach, agus do
theanga chruáidh, acht chum tighe Israel:


L. El3:6


Ní chum móráin daóine do ghlór
choimhthigheach, agus do theanga chruáidh,
nach féidir dhuit a mbríathra do thuicsin:
go deimhin dá ccuirinn chuca sin thú,
déistfidís riot.


L. El3:7


Acht ní éistfidh tigh Israel ri-
ot; óir ní éistfid síad riomsa: óir
atá tigh Israel uile míonáireach, agus
crúadhchroidheach.


L. El3:8


Féuch, dorinne mé haghaidh lái-
dir anaghaidh a ngúise, agus hédan
láidir anaghaidh a nédansan.


L. El3:9


Amhuil adamant is cruáidhe ná
cloch thineadh dorinne mé hédan; ná him-
eagluidh íad, agus ná hanbhfainnigh lena
bhféuchanaibh, mátá go bhfuilid na
ttigh easumhal.


L. El3:10


Tuilleamh oile, adubhairt sé ri-
om, a mhic an duine, gabh ann do chroidhe
mo bhriathrasa uile, noch laibheorus mé
riot, agus cluin lé do chluasaibh.


L. El3:11


Agus éirigh, imthigh mar bhfui-
lid lucht na bruide, chum do dhaóine féin,
agus labhair ríu, agus innis dóibh, is mar-
so adeir an Tighearna Día, má éistid,
nó má sguirid.


L. El3:12


Annsin do thóg an spiorad sú-
as mé, agus dochúala mé am dhiáigh
guth tormáin mhóir (ag rádh) go madh
beannuighthe glóir an Tighearna óna áit.


L. El3:13


Dochúalaidh mé fós fuáim scia-
thán na mbeathach do bhean re chéile, agus
tormán na rothadh ós a ccuinne thall agus
tormán fuáime móire.


L. El3:14


Annsin do thóg an spiorad
súas mé, agus rug sé leis mé, agus
do ghluáis mé a searbhus, a tteas mo
spioraide, acht dobhí lámh an Tighearna
láidir orum.


L. El3:15


Annsin tháinic mé gus na bráigh-
dibh go Telabib, noch do chomhnuigh
láimh ré habhuinn Chebar, agus do
shuidh mé mar ar shuigheadarsan, agus
dfan mé annsin uathbásach na measg seacht lá.


L. El3:16


Agus tárla a ccionn na seacht
lá, go ttáinic bríathar an Tighearna
chugam, ag rádh,


L. El3:17


A mhic an duine, dorinne mé
fear faire dhíot do thigh Israel: uimesin
éist an bhríathar óm bhéul, agus tabhair
rabhadh dhóibh uáimsi.


L. El3:18


An tan adéra misi ris an
cciontach, dogheabha tú go deimhin bás,
agus nach ttiubhra tusa rabhadh dhó, a-
gus nach laibheora tú do thabhairt rabhaidh
don chiontach fána dhroichshlighe dó shá-
bháil a anma, éugfuidh an drochdhuinesin
iona éigceart féin: acht íarrfa misi
a fhuil as do láimhsi.


L. El3:19


Gidheadh má thugann tusa rabhadh
don chiontach, agus nach bhfillfidh
óna chiontuibh, nó ó na dhroichshlighe,
éugfa sé iona éigceart, acht do
shaór tusa hanam féin.


L. El3:20


Arís anuáir fhillfios duine
fíréunta ó na fhíréntachd, agus do
dhéna sé peacadh, agus chuirfeas misi
ceap tuisligh roimhe, dogheabha sé bás,
do bhrígh nach ttug tusa rabhadh
dhó, gheabha sé bhás iona pheacadh, a-
gus ní cuimhneochthar a fhíréntacht
noch dorinne sé; acht íarrfa mé a fhuil
as do láimhse.


L. El3:21


Gidheadh má bheir tú rabhadh
don duine fhíreunta, ionnas nach bpeaco-
chuidh an fíréun, agus nach déna sé
peacadh; go deimhin mairfidh sé do bhrígh
go bhfuáir sé rabhadh; mar an ccédna do
shaór tusa hanam féin.


L. El3:22


Agus dobhí lámh an Tighearna
annsin orum, agus adubhairt sé riom,
éirigh, imthigh amach annsa réiteach, a-
gus laibheora misi riot annsin.


L. El3:23


Annsin déirigh misi, agus féuch
do sheas glóir an Tighearna annsin, mar
an nglóir dochonnairc mé ag sruth
Chebar, agus do thuit misi ar ma-
ghaidh.


L. El3:24


Annsin dachuáidh an spiorad io-
nnam, agus do shuighidh sé ar mo
chosaibh mé, agus do labhair sé
riom, agus adubhairt riom, eirigh,
druid thú féin astigh ann do
thigh.


L. El3:25


Acht thusa a mhic an duine,
cuirfid síad cuibhreach ort, agus
ceangoluid síad thú maille ríu agus
ní racha tú amach iona measg.


L. El3:26


Agus dobhéra misi air do thean-
gaidh ceangal do charbad do bhéil, chor
go mbía tú balbh, agus nach biáidh tú
ad fhear imdheargtha; óir is tigh easumhal
íad.


L. El3:27


Acht an tan laibhéorus mi-
si riot, foisceola mé do bhéul, agus
adéra tú ríu, is marso adeir an
Tighearna Día, an té chluineas cluineadh sé:
agus an té sguirios, sguireadh sé:
óir is tigh easumhal íad.


L. El4:1


Thusa mar an ccédna a mhic
an duine, glac chugad sclá-
ta, agus leag romhad í, a-
gus tarruing uirre an cha-
thair Ierusalem.


L. El4:2


Agus cuir foslongphort na ha-
ghaidh, agus cuir balla súas na ha-
gaidh: suighidh fós an campa as a
coinne, agus cuir reitheadha gha bhua-
ladh timchioll faccuáirt.


L. El4:3


Tuilleamh oile, gabh chugad
oigheann íaruinn, agus suighidh é mar
bhalla íaruinn eadrad agus an cha-
thair, agus cuir haghaidh leath
ris, agus ionnsuigheochthar é, agus cuir-
fidh tú armáil na haghaidh: biáidh
so mar chomhartha do thigh Isra-
el.


L. El4:4


Luidhsi fós air do tháobh clé, agus
léig éigceart tighe Israel air: do réir ui-
bhre na láetheadh luidhfios tú air, iomchoruidh
tú a néigceart.


L. El4:5


Oír do leag misi ortsa blí-
adhna anéigceairt do réir uibh-
re na láétheadh, trí chéad agus
nóchad lá; marsin iomchórus tú éig-
ceart tighe Israel.


L. El4:6


Agus an tan choimhlíonfus tú
íad, luidh arís air do thaobh deas, agus
iomchóra tú éigceart tighe Iúdah ceath-
rachad lá; dórduigh misi dhuit gach
áon lá ar son blíadhna.


L. El4:7


Uimesin cuirfidh tú haghaidh
leath ré campa Ierusalem, agus biáidh
do lámh nochtuidh, agus tairghirfidh tú
na haghaidh.


L. El4:8


Agus féuch, cuirfe misi cuibh-
reach ort, agus ní iompocha tú thú
féin ón ttaóibh go chéile, nó go ccrí-
ochnuighidh tú láethe do champa.


L. El4:9


Glac chugad fós cruithneacht,
agus éorna, agus pónar, agus lentilis,
agus millet, agus pisfhináin, agus cuir
anáontsoitheach íad, agus dén arán
dhuit díobh, do réir uibhre na láetheadh
luighfios tú air do tháobh, trí céd a-
gus nóchad lá íosas tú dhíobhsin.


L. El4:10


Agus budh comhthrom fhithchid
Secel do bhíadh íosas tú san ló: ó am
go ham íosas tú é.


L. El4:11


Iobha tú mar an ccédna uis-
ge le miosúr, an seiseadh cuid do hin,
ó am go ham iobhas tú é.


L. El4:12


Agus íosaidh tú é amhuil bair-
gheana éorna, agus bruithfidh tú é leis
anaóileach thig amach as duine, ann a
radharc.


L. El4:13


Agus adubhairt an Tighearna,
is marso fós íosfuid clann Israel a
narán salach a measc na ngeinteadh, mar
a ndíbeora misi íad.


L. El4:14


Annsin adubhairt misi, ah a Thi-
ghearna, féuch, níor truáilleadh manam:
óir ó maóis óig súas gus anois
níor ith mé do ní éugus úadha féin,
nó rébtha na bhlodhuibh, ní mó tháinic
feóil adhfuathmhar am bhéul.


L. El4:15


Annsin adubhairt seision riom,
féuch, thug mé dhuit otrach bó ar son
otraigh duine, agus uillmheocha tú ha-
rán leis.


L. El4:16


Tuilleamh oile, adubhairt sé riom,
a mhic an duine, féuch, brisfidh mé maide
anaráin ann Ierusalem, agus íosuid
síad arán lé tomhas agus lé cúram,
agus iobhuid uisge lé miosúr agus lé
huathbhás.


L. El4:17


Chor go raibh uireasbhuigh aráin
agus uisge orra, agus go mbéid
úathbhásach ann a chéile, agus go ccnaói-
ghid ar son a néigceirt.


L. El5:1


Agus thusa a mhic an duine,
glac chugad scían ghéur,
glac chugad scían bhértha
bhearbóir, agus tabhair uirre siu-
bhal air do cheann, agus air thfé-
sóig: annsin glac meadha an tomhais,
agus roinn an ghrúag.


L. El5:2


Loiscfidh tú lé teine an treas
cuid a lár na caithreach, an tan choimh-
líontar láethe an champa; agus glac-
fa tú an treas cuid, agus buáil io-
na thimchioll lé scín; agus sreathno-
cha tú trían leis an gaóith, agus
tairreonga misi cloidheamh amach na
ndíaighsin.


L. El5:3


Glacfa tú mar an cédna bea-
gán díobh a nuibhir, agus ceangola tú
íad ann do sciortuighibh.


L. El5:4


Annsin glac dhíobh sin arís, a-
gus teilg a lár na teineadh iad, agus
loisg íad annsa teine: óir is assin
thiucfas teine amach go tigh Israel
uile.


L. El5:5


Is marso adeir an Tighearna
Día, sí so Ierusalem, do shuighidh mé
í a meadhón na ccineadhach, agus na
ttíorthann atá na timchioll faccuáirt.


L. El5:6


Agus dáthruigh sí mo bhreitheamh-
nus anúrchóid nísa mhó náid na
cineadhacha, agus mo reachta nísa mhó
náid na tíortha atá na tímchioll:
óir do dhíultadar mo bhreitheamhnuis a-
gus mo reachda, níor shiubhluigheadar ionn-
ta.


L. El5:7


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, do bhrígh gur mhéaduigheabhairsi
nías mó náid na cineadhacha atá bur
ttimchioll, agus nar imthigheabhair ann mo
reachtuibh, agus nar chumhduigheabhair mo
bhreitheamhnuis, nach mó dorinneabhair do
réir breitheamhnus na ccineadhach atá
bhur ttimchioll faccuáirt:


L. El5:8


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, féuch, misi, misi féin
ad aghaidh, agus dobhéra mé breath ann do
lár a radharc na ccineadhach.


L. El5:9


Agus dodhéna mé ionnad an ní
nach dérna mé, agus nach déna mé a
leithéid nísa mhó, do bhrígh huile ghráin-
eamhlachtsa.


L. El5:10


Ar anadhbharsin íosfuid na
haithre na mic ann do lár, agus íos-
fuid na mic na haithre; agus béra mé
breatha ionnad, agus spréidhfidh mé iom-
lán thfuighill annsna huile gháothaibh.


L. El5:11


Uimesin fa mar mhairim, adeir
an Tighearna Día, go deimhin do bhrígh
gur shaluigh tú mó shanctóir led uile
neithibh adhfhúathmhara, agus led uile
ghráineamhlachtaibh, ar anadhbharsin laigh-
deocha misi thú mar an ccédna, agus
ní choigeola mo shúil, agus ní bhiáidh
truáighe air bith agam.


L. El5:12


Eúgfuidh trían díot leis an
bpláigh, agus le gorta muirfighear íad
ann do lár; agus tuitfidh trían leis
an ccloidheamh ad thimchioll faccuáirt;
agus sgaóilfe mé trían annsna huile
gháothaibh, agus tairreonga mé cloidheamh
amach na ndiáigh.


L. El5:13


Is marso coimhlíonfuighear mfearg,
agus dobhéra mé air mo chuthach fui-
reach orra, agus biáidh sólás agam:
agus biáidh a fhios aca gur misi an
Tighearna do labhair é ann mo éud, an
tan choimhlíonfas mé mo dhíbhfhearg ionta
san.


L. El5:14


Tuilleamh oile dodhéna mé ad
fhásach thú, agus ad mhasla a measc
na ccineadhach atá ad thimchioll
faccuáirt, a radharc gach a ngabhann
thort.


L. El5:15


Marsin biáidh sé na sca-
nnail agus na mhagadh, na theagasc
agus na úathbhás do na cineadhachaibh
atá ad thimchioll faccuáirt, anuair
dodhénad breitheamhnus ionnad a bhfeirg
agus a ccuthach, agus a niomaith-
bhioruibh fíochmhara: misi an Tighearna
adubhairt é.


L. El5:16


Anuáir chuirfeas mé orra
drochshoighde na gorta, noch bhías na
sgrios, noch chuirfios mé dá bhur mil-
leadh: agus méideocha mé an ghorta
oruibh, agus brisfe mé bhur maide
aráin.


L. El5:17


Marsin cuirfe mé gorta
oruibh, agus dróichbheathuigh, agus do
dhénaid uireasbhach thú; agus rachfuidh
pláigh, agus fuil thríod, agus do
bhéra misi an cloidheamh ort; misi an
Tighearna do labhair é.


L. El6:1


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El6:2


A mhic an duine, sui-
ghidh haghaidh leath ré sléibh-
thibh Israel agus tairrghir na na-
ghaidh.


L. El6:3


Agus abair, sibhsi a shléibhte Is-
rael, éistigh bríathar an Tighearna
Día, is marso adeir an Tighearna
Día ris na sléibhtibh, agus ris na
cnocaibh, ris na srothaibh, agus ris
na gleantuibh, féuch dobhéra misi, mi-
si féin cloidheamh oruibh, agus millfidh
mé bhur náite árda.


L. El6:4


Agus béid bhur naltóra áonra-
nach, agus béid bhur níomháighthe bris-
te, agus teilgfidh mé síos bhur mairbh
as coinne bhur niodhal.


L. El6:5


Agus leagfuidh mé cuirp mharbha
chloinne Israel a bhfíadhnuise a niodhal;
agus díosgáoilfe mé bhur ccnámha ó
chéile timchioll bhur naltórach.


L. El6:6


Ann bhur nuile áitibh comhnuidhe do
dhéntar na caithreacha na bhfásach, a-
gus béid na háite árda uáigneach,
iondus go mbéid bhur naltóracha na
bhfásach, agus uáigneach, agus go
mbrisfighear bhur niodhail agus go scuir-
fid, agus go ngearrfuighear síos bhur
níomháighthe, agus go ccuirfighear ar
ccúl bhur noibreacha.


L. El6:7


Agus tuitfid na mairbh ann bhur
lár, agus biáidh a fhios agaibh gur
misi an Tighearna.


L. El6:8


Thairis sin fúigfidh mé fuighioll,
chor go mbiáidh cuid agaibh rachus ón
ccloidheamh a measg na ccineadhach, an
tan dhioscaoilfighear sibh a measg na
ttíorthann.


L. El6:9


Agus cuimhneochuid an mhéid ra-
chus as díbh misi a measc na ccinea-
dhach, mar a mbérthar a láimh íad, do
bhrígh gur briseadh mé lena ccroidhe
stríopamhuil noch do dhealuigh riomsa,
agus léna súilibh noch théid do strí-
opachus a ndíaigh a niodhal: agus
gráinfid íad féin do bhrígh na nolc do
rinneadar iona nuile ghráineamhlachdaibh.


L. El6:10


Agus aitheonuid gur misi an
Tighearna, agus nach go díomhaóin a
dubhairt mé, go ndénuinn an tolcso dhóibh.


L. El6:11


Is marso adeir an Tighear-
na a Ndía, buáil lé do láimh, agus
preabh led chois, agus abair: mo thruái-
ghe ar son uile dhroichgráineamhlachta
thighe Israel: óir tuitfid ris an
ccloidheamh, leis an ngorta, agus leis
an bpláigh.


L. El6:12


An té atá animchéin éug-
fuidh sé don phláigh, agus an té a-
tá a bfogus tuitfidh sé leis an ccloi-
dheamh, agus an té mhairfios agus ionn-
suigheochthar, éugfa sé leis an ngor-
ta: marso choimhlíonfus mé mo dhíbhfhearg
orra.


L. El6:13


Annsin aitheontaói gur misi
an Tighearna an tan bhéid a ndaoine
marbha a measc a niodhal timchioll
faccuáirt a naltórach, air gach aon
chnoc árd a mulluighibh na slíabh uile,
agus faói gach crann glas, agus faói
gach daruigh dhuilleabhairigh, agus anáit
ar ofráladar boladh cumhra dá niodhal-
uibh uile.


L. El6:14


Marsin shínfios misi mo lámh
amach orra, agus dodhéna mé an
fearann na fhásach, aseadh, níis uáig-
nidhe ná fásach Dhiblat, iona
náitreabhthachaibh uile agus aitheonuid sí-
ad gur misi an Tighearna.


L. El7:1


Tuilleamh oile, tháinic bríathar
an Tighearna chugamsa, ag
rádh,


L. El7:2


A mhic an duine fós,
is marso adeir an Tighearna Día ré
tír Israel, tháinic deireadh, deireadh air
cheithre coirnéuluibh na tíre.


L. El7:3


Anois tháinic an críochnughadh
ortsa, agus cuirfidh misi mfearg
ort, agus dobhérad breath ort do
réir do shlightheach, agus cuirfidh mé
luáigheacht do ghráineamhlachta uile ort.


L. El7:4


Agus ní choigeola mo shúil tú,
ní mó bhías truáighe agum: acht cúit-
eocha mé do shlighthe riot, agus béid
do ghráineamhlachda ann do lár, agus
biáidh a fhios aguibh gur misi an Tighearna.


L. El7:5


Is marso adeir an Tighearna
Día, olc, féuch, tháinic aónolc amháin.


L. El7:6


Tháinic an chríoch, tháinic an
chríoch, atá sé dot fhaire, féuch, thái-
nic sé.


L. El7:7


Tháinic an mhaidin ort, thusa
áitreabhus annsa tír: tháinic an tam,
atá lá na buáidheartha a ngar, agus
ní hé fuáim na slíabh arís.


L. El7:8


Anois go goirid dóirtfe mé mo
dhíbhfhearg ortsa, agus choimhlíonfa mé
mfearg ort: agus dodhéna mé breith-
eamhnus ort do réir do shlightheach, agus
cúiteocha mé riot ar son hadhfhúathmair-
eacht uile.


L. El7:9


Agus ní choigeoluid mo shúile, ní
mó bhías truáighe agum: cúiteocha mé
riot do réir do shlightheach agus
do ghráineamhlachta atá ann do lár, a-
gus aitheontaói gur misi an Tighear-
na, noch bhuáilios (sibh).


L. El7:10


Féuch, an lá, féuch tháinic sé,
dochuáidh an mhaidin amach, tháinic
bláth air an tslait, do ghin an túa-
bhar.


L. El7:11


Déirigh an foiréigion súas
go slait anuilc: ní mhairfidh áon díobh,
nó dá niomadamhlacht, nó dá ccomh-
dháil, ní mo bhías cumha ar a
son.


L. El7:12


Tháinic an tam, atáid na láe-
the ag teacht a bhfogus, ná gáirdi-
gheadh an ceannuighe, ná caóigheadh an ra-
caire: óir atá fearg air a iomadamhlacht
uile.


L. El7:13


Oír ní fhillfidh an racaire ar na
ní racthar, giodh go mbeidís fós béo:
óir is a ttaobh aniomuid uile nach
bfillfidh atá anfis: ní mó nearto-
chus duine ar bith é féin anéigceart
a bheatha.


L. El7:14


Do shéidedar an stoc, eadhon
do dhénamh anuile ní réidh, acht ní théid
duine ar bith chum an chatha: óir
atá mfeargsa air aniomlán uile.


L. El7:15


Atá an cloidheamh amuigh, a-
gus an phláigh agus an ghorta a
stigh: agus éugfuidh an té bhías ann-
sa machaire leis an ccloidheamh, agus
muirfidh gorta agus pláigh an té a-
tá san ccathruigh.


L. El7:16


Acht an mhéid rachus as díobh,
rachaid as, agus béid ar na sléibh-
tibh amhuil coluim na ngleann, íad uile
ag caoi, gach áon ar son a phea-
caidh.


L. El7:17


Biáidh anuile lámh lag, agus
anuile ghlún anbhfann amhuil uisge.


L. El7:18


Crioslochuid íad féin lé saicé-
dach, agus foileochuidh úathbhás íad,
agus biáidh náire air na huile aighthibh,
agus maóile air a cceannuibh.


L. El7:19


Teilgfid síad a nairgiod annsna
sráidibh, agus áthrochar a nór:
ní fhédfuidh a nairgiod nó a nór a sáo-
radh a ló fheirge an Tighearna: ní
sháiseochuid síad a nanmanna, ní líon-
fuid a nionathar: do bhrígh gurbé ceap
tuisligh anéigceart é.


L. El7:20


Ar son bhréghdhacht a chóirighthe,
do shuighidh sé a neithe adhfhúathmhara ion-
ta: uimesin do chuir misi é a bhfad
úatha.


L. El7:21


Agus dobhéra mé é a lámhuibh
na ccoimhigtheach mar chreich, do chion-
tachaibh na talmhan mar édáil, agus
saileochuid síad é.


L. El7:22


Fillfe mé fós maghaidh úatha,
agus saileochuid síad máit sheicréi-
deach; óir rachfuid na sladmhóiridhe
ann asteach, agus saileochuid é.


L. El7:23


Déna slabhradh; óir atá an
tír lán do choirthibh fuilteacha, atá an
chathair lán dfoiréigion.


L. El7:24


Uimesin dobhéra misi díogha
na ngeinteadh, agus sealbhochuid síad a
ttighthe: dobhéra mé fós air phoimp na
neartmhar scur, agus truáillfighear
a náite náomhtha.


L. El7:25


Tiucfuidh an taidhmhilleadh, agus
íarrfuid síad síothcháin, agus ní bhía
sí ar fágháil.


L. El7:26


Tiucfuidh urchóid ar urchóid,
agus biáidh iomrádh air iomrádh: annsin
íarrfuid síad fios air an bhfáigh, acht
mughochuidh an dligheadh ón tsagart, a-
gus comhairle ó na sinnsioruibh.


L. El7:27


Caóifidh an Rígh, agus biáidh
an prionnsa arna édughadh lé háon-
ránacht, agus buáidheorthar lámha
dhaóine na tíre: dodhéna mé ríu do
réir a slighe, agus do réir a ttuill-
mhe dodhéna mé breitheamhnas orra, a-
gus aitheonuid gur misi an Tighear-
na.


L. El8:1


Agus tárla annsa seiseadh
blíadhain, annsa seiseadh mí,
an cúigeadh lá don mhí, mar
do shuigh mé ann mo thigh, a-
gus do shuigheadar sinnsir
Iúdah as mo choinne, gur thuit lámh an
Tighearna Día annsin orum.


L. El8:2


Annsin damhairc mé, agus féuch
cosamhlacht amhuil taisbeanadh teineadh:
eadhon ó thaisbeanadh a leasruigh síos,
teine; agus ó na leasrach súas,
amhuil taisbeanadh délruithghe mar dhath
ómhra.


L. El8:3


Agus do chuir sé cuma láimhe
amach, agus do ghlac misi ar dhlaói
dom ghruáig, agus do thóig an spio-
rad súas mé idir thalamh agus neamh, a-
gus thug leis mé a bhfisibh Dé go Hieru-
salem, go dorus an gheata as faide a
steach, noch fhéuchus leath ris an ttuáis-
cceart, mar a raibh áit íomháighe anéu-
da, noch bhrostuighios chum éuda.


L. El8:4


Agus féuch, dobhí glóir Dé Is-
rael annsin, do réir na fise dochonn-
airc mé annsa réiteach.


L. El8:5


Annsin adubhairt sé riom, a mhic
an duine, tóig súas do shúile anois
leath ris an ttuáisceart: marsin do
thóig mé súas mo shúile leath ré slighe an
tuáisceirt, agus féuch, don leath thuáigh
ag geata na haltóra, aniomháighse a
néuda annsa dul asteach.


L. El8:6


Adubhairt sé riom tuilleamh oile,
a mhic a duine, an bhfaicionn tú cred do
níd síad, eadhon na gráineamhlachda móra
doníd tigh Israel annsanáitsi go ndea-
chuinsi a bhfad óm shanctóra? acht fill
fós arís, agus dochífidh tú gráineamh-
lachda is mó.


L. El8:7


Agus thug sé go dorus na cúirte
mé, agus an tan dochonnairc mé, féuch,
poll annsa bhalla.


L. El8:8


Annsin adubhairt sé riom, a mhic
an duine, tochuil anois annsa bhalla: a-
gus anuáir do thochuil mé annsa bhalla,
féuch, dorus.


L. El8:9


Agus adubhairt sé riom, imthigh
asteach, agus féuch na droch
ghráineamhlachda doníd síad annso.


L. El8:10


Marsin dochuáidh mé asteach
agus dféuch mé, agus dochonnairc mé
cuma gach uile neithe shnáidhios, agus
bheathach nadhfuathmhar, agus uile iodhail
thighe Israel, arna ttarruing air an
mballa timchioll faccuáirt.


L. El8:11


Agus do sheasadar as a ccoinne
seachtmhoghad fear do shinnsioruibh thighe Is-
rael, agus iona lár do sheas Iaasani-
ah mhac Saphan, gach aonduine maille re
túiseóir ann a láimh, agus dochuáidh
neúll thiugh túise súas.


L. El8:12


Annsin adubhairt sé riom, a mhic
an duine, an bhfaca tú cred doníd sinn-
sir thighe Israel annsa dorchadus, gach
uile dhuine a seómra a íomháigheadh féin?
óir adeirid síad, ní fhaicionn an Ti-
ghearna sinn, do thréig an Tighearna an
talamh.


L. El8:13


Adubhairt sé riom mar an ccéd-
na, fill thort fós arís, agus dochí-
fidh tú gráineamhlachta is mó ná íadso do
níd síad.


L. El8:14


Annsin thug sé mé go dorus
gheata thighe an Tighearna, noch dobhí leath
ris an ttuáisceart, agus féuch do
shuigheadar mná annsin an gul ar son
Tammuis.


L. El8:15


Annsin adubhairt sé riom, a mhic
an duine, an bhfaca thú so, iompóigh
thort fós arís, agus dochífidh tú
gráineamhlachda is mó ná íadso.


L. El8:16


Agus thug sé asteach mé don
chúirt is faide asteach do thigh an Ti-
ghearna, agus féuch dobhádar timchioll
cúigir ar fhithcid ag dorus theampuill an
Tighearna, idir an bpóirsi agus anal-
tóir, guna ndromannuibh leath ré team-
pall an Tighearna, agus a naighthe don
táobh shoir, agus dadhradar an ghrían
leath ris anoirthear.


L. El8:17


Annsin adubhairt sé riom, an
bhfaca tú so, a mhic an duine? an ní
éttrom ag ttigh Iúdah, na gráineamh-
lachta do dhénamh, noch doníd annso? óir
do líonadar an tír dfoiréigion, agus
dfilleadar dom bhrostughadhsa chum feir-
ge; agus féuch, do chuireadar an chrá-
obh chum a sróna.


L. El8:18


Uimesin dodhéna misi mar an
ccédna ann mfeirg: ní choigeola mo
shúil, ní mó bhías truaighe agum: agus
bíodh go néighfid am chlúasaibh lé
guth árd, thairis rin ní chluinfidh mé
íad.


L. El9:1


Deígh sé fós ann mo chluasaibh
lé guth árd, ag rádh, ta-
bhair air uachdaránuibh na cai-
threach teacht a ngar, gach ui-
le dhuine gona arm leadartha iona láimh.


L. El9:2


Agus féuch, thangadar seisior
fear ó shlighe an gheata is áirde, noch a-
tá leath ris an ttuáisceart, agus arm
léirsgris ag gach aón iona láimh: agus
dobhí aónduine iona measg arna édughadh a
línédach maille re hadhairc dhuibh scribhnéo-
ra air a tháobh, agus dochúadar asteach,
agus do sheasadar ré taóibh na haltó-
ra práis.


L. El9:3


Agus dochuáidh glóir Dé Isra-
el súas ón Cherub air a raibh sé go tair-
seach an tighe, agus do ghoir sé air an tí
bhi anédach lín, agá raibh adharc dhuibh
scribhneora air a tháobh;


L. El9:4


Agus adubhairt an Tighearna ris,
imthigh tré lár na caithreach, tré lár Ie-
rusalem, agus cuir comhartha air
édanuibh na ndaóine uchbhadhas, agus
éighios ar son na nuile ghráineamhlachta
dá ndéntar iona lár.


L. El9:5


Agus adubhairt sé léosan ann
méisteachtsa, imthighidhsi na dhiáigh thríd
an ccathruigh, agus buáilidh: ná coigli-
dís bhur súile, agus ná bíodh truáighe
oruibh.


L. El9:6


Marbhuidh thríd amach sean agus
óg, idir chailínigh agus leanba óga, a-
gus mhnáibh: acht ná tigidh a bhfogus
dáonduine ar a mbía an comhartha, agus
tosuighidh ag mo shanctóirse: annsin
do thosguigheadar ris na daóinibh seana
dobhí as coinne an tighe.


L. El9:7


Agus adubhairt sé ríu, salui-
ghidh an tigh, agus líonuidh na cúirte leis
na marbhuibh, éirghidhsi amach: agus
dochúadar amach, agus do mharbhadar ann-
sa chathruigh.


L. El9:8


Agus tárla an feadh dobhádar
dá marbadh, agus do fágbhadh misi, gur
thuit mé ar magaidh, agus gur éig mé,
agus go ndubhairt mé, ah, a Thighearna
Día, an muirfidh tú ar fágbhadh Disra-
el a ndórtadh amach do dhíbhfheirge ar
Ierusalem?


L. El9:9


Annsin adubhairt sé riom, is an-
mhór éigceart thighe Israel agus Iúdah,
atá an talamh lán dfuil, agus an cha-
thair lán durchóid: óir adeirid síad, do
thréig an Tighearna an talamh, agus
ní fhaicionn an Tighearna.


L. El9:10


Agus air mo shonsa fós, ní
choigéola mo shúil, ní mó bhías tru-
áighe agam, acht cúiteocha mé a slighe
air a cceannuibh.


L. El9:11


Agus féuch, an fear dobhí a
línédach, agá raibh anadharc dhuibh
air a tháobh, dinnis sé an chúis, ag rádh,
dorinne mé amhuil do aithin tú
dhíom.


L. El10:1


Ansin damhairc mé, agus féuch,
annsa spéir dobhí ós cionn
cheann na Cherubine, do tais-
bheanadh ós a ccionn mar do
bhíath cloch Shaphir amhail tais-
beanadh cosamhlachda cathaóire río-
gha.


L. El10:2


Agus do labhair sé ris an bhfear ar
a raibh an línéadach, agus adu-
bhairt sé, imthigh asteach idir na
rothaibh, eadhon faói an Cherub, agus
líon do lámh lé gúal teineadh idir na
Cherubínigh, agus cráobhsgaóil íad ós
an ccathruigh: agus dimthigh sé ann mo
radharc.


L. El10:3


Annois do sheasadar na Che-
rubínigh ar thaobh deas an tighe, an tan
dochuáidh an duine asteach, agus do
líon an néull an chúirt dobfhaide a
steach.


L. El10:4


Annsin dochuáidh glóir an
Tighearna súas ón Cherub, agus do
sheas ós cionn thairsidhe an tighe, agus do
bhí an tigh líonta do néull, agus dobhí
an chúirt líonta do dhélradh glóire an
Tighearna.


L. El10:5


Agus do chlos fuáim sciathán
na Cherubhíneadh annsa chúirt dobfhaide
mach, mar ghuth Dé uilechumhachduigh an
tan labhras sé.


L. El10:6


Agus tárla an tan dfúagair sé
donóglach agá raibh an línédach uime,
ag rádh, glac teine ó idir na rothaibh
idir na Cherubínighe; annsin dochuáidh
sé asteach, agus do sheas sé láimh ris na
rothaibh.


L. El10:7


Agus do shín áon Chérub a lámh
amach ó idir na Cherubínighe gus an
tteine dobhí idir na Cherubínibh, agus
do ghlac dhe, agus do chuir sé a lámhuibh
an tí air a ráibh an línédach: noch do ghlac
e, agus dochuáidh amach.


L. El10:8


Agus doconncas annsna Cherubí-
nibh cuma láimhe duine faói na sciathánuibh.


L. El10:9


Agus an tan damhairc misi, féuch
na ceithre roithleáin ag na Cherubínibh,
aón roithlén ag an Cherub, agus roith-
lén oile ag Chérub oile, agus dobhí
taisbeanadh na roithlén amhuil dath cloiche
berill.


L. El10:10


Agus ar son a ttaisbeantadh,
dobhí aón chosamhlachd aca na cceathrar, a-
mhuil dobhíath roithlén a lár roíthleáin.


L. El10:11


An tan do ghluáisiodar, dimthi-
gheadar air a cceithre táobhuibh; níor iom-
póigheadar ag imtheacht, achd chum na háite
air ar fhéuch an ceann, do leasadarsan
ann, níor iompoigheadar mar dimthigheadar.


L. El10:12


Agus dobhí a ccorp go hiom-
lán, agus a ndromanna, agus a lámha,
agus a sciatháin, agus na roithleáin
lán do shúilibh timchioll faccuairt, ea-
dhon na roithlén, dobhí aca na cceathrar.


L. El10:13


Ar son na roithlén, do fúa-
gradh dhóibh ann méisteachda, a rotha.


L. El10:14


Agus dobhádar ceithre haigh-
the ag gach aón, dobudh aghaidh Chérub,
an chéd aghaidh, agus dobudh aghaidh duine
an dara haghuidh, agus an treas na a-
ghuidh leomhuin, agus an ceathramhadh na
aghuidh iolair.


L. El10:15


Agus do tógbhadh súas na Che-
rubínighe; sé so an beathach dochonnairc
misi ag sruth Chebar.


L. El10:16


Agus an tan do ghluásio-
dar na Cheruibinigh, dimthigheadar na
roithleáin láimh ríu: agus an tan do
thógbhadar na Cherubínigh a sciatháin
súas, déirghe súas ón ttalamh, níor iom-
poigheadar na roithleáin chédnasin ó bheith
na bhfochair.


L. El10:17


An tan do sheasadar, do sheasa-
darso; agus anuáir do tógbhadh sú-
as íad, do thógbhadarso íad féin súas
mar an ccédna; óir dobhí spiorad an
bheathuigh ionnta.


L. El10:18


Annsin dimthigh glóir an Tighear-
na ó thairsigh an tighe, agus do sheas ós
cionn na Cherubínighe.


L. El10:19


Agus do thógbhadar na Che-
rubínigh súas a sciatháin, agus dochúadar
súas ann mo radharcsa; an tan
dochúadar amach, dobhádar na roith-
leáin láimh ríu mar an ccédna, agus
do sheas gach áon ag dorus an gheata
shoir do thigh an Tighearna, a-gus
dobhí glóir Dé Israel ós a ccionn
shúas.


L. El10:20


Asé so an beathach dochonnairc
misi faói Dhía Israel láimh ré sruth
Chebar, agus dobhí a fhios agam gur
biad sin na Cherubínigh.


L. El10:21


Dobhádar ceithre haighthe ag
gach áon fa leith, agus ceithre scia-
táin ag gach aón, agus dobhí cosamhlacht
láimhe duine faói ná sciathánuibh.


L. El10:22


Agus dobé cosamhlacht a naigh-
the na haighthe chédna dochonnairc misi ag
sruth Chebar, a ttaisbénta agus
íad féin: dochuaidh gach aón aca air a a-
ghaidh go díreach.


L. El11:1


Tuilleamh oile, do thóig an spi-
orad misi súas, agus thug
sé mé go nuige an geata
shoir do thigh an Tighearna
noch fhéuchus soir: agus féuch
ag dorus an theata cúigear ar fhithchid
fear, a measc a bhfaca mé Iaasaniah
mhac Asur, agus Pelatiah mhac Bena-
iah, prionnsadha an phobail.


L. El11:2


Annsin adubhairt sé riom, a mhic
an duine, a síad so na daóine chumas a
nurchóid, agus dobheir drochchomhairle
don chathruighsi.


L. El11:3


Noch adeir, ní bhfuil sé a
ngar, dénam tighthe: isí an chathairsi an
coire, agus a sinne anfeóil.


L. El11:4


Ar anadhbharsin tairghir na na-
ghaidh, tairghir, a mhic an duine:


L. El11:5


Agus do thuit spiorad an Ti-
ghearna orumsa, agus adubhairt riom, la-
bhair, is marso adeir an Tighearna, is
marso adubhrabhairsi, a thigh Israel:
óir is aithnid dhamhsa na neithe thig ann
bhur meanmuin, gach uile ní dhíobh.


L. El11:6


Do mhéaduigheabhair bhur mairbh annsa cha-
thruighse, agus do líonabhair a sráide lé
marbhuibh.


L. El11:7


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, bhur mairbh noch do leagabhair
iona lár is íadsin anfeóil, agus isí an
chathairsi an coire: acht dobhéra misi
thusa amach as a lár.


L. El11:8


Dobhí eagla an chloidhimh oruibh, a-
gus dobhéra misi cloidheamh oruibh, adeir
an Tighearna Día.


L. El11:9


Agus dobhérad amach as a lár
sibh, agus seachoduigh mé a láimh choimhthi-
gheach sibh, agus dobhéra mé brétha ann
bhur measg.


L. El11:10


Tuitfidhe leis an ccloidheamh, do
béra mé breitheamhnus oruibh a mbruach
Israel, agus biáidh a fhios aguibh gur
misi an Tighearna.


L. El11:11


Ni budh í an chathairsi bhur noi-
gheannsa, ní mó bhus sibhsi anfeóil iona
lár: acht dodhéna misi breitheamhnus oruibh
a mbruach Israel.


L. El11:12


Agus biáidh a fhios aguibh gur
misi an Tighearna: óir níor shiubhlui-
gheabhair ann mo reachtaibh, ní mó dorinneabhair
mo bhreitheamhnuis, acht dorinneabhair do réir
bhéus na ngeinteadh atá faccuáirt bhur
ttimchioll.


L. El11:13


Agus tárla, an tan do thairr-
ghir misi, gur éug Pelatiah mhac Be-
naiah: annsin do thuit mé síos ar ma-
ghaidh, agus déigh mé lé guth árd a-
gus adubhart, ah a Thighearna Día,
an ccuirfidh tú deireadh iomlán le fui-
ghioll Israel?


L. El11:14


Arís tháinic focal an Tighearna
chugam, ag rádh,


L. El11:15


A mhic an duine, a síad do
dhearbhráithre, do dhearbhráithre, fir do
chinidh, agus do thigh Israel uile go hi-
omlán, ré a ndubhairt áitreabhthuigh Ieru-
salem, imthigidh a bhfad ón TTighearna:
is dúinne tughadh an dúthaighsi a seilbh.


L. El11:16


Uimesin abair, is marso adeir an
Tighearna Día, mátá gur theilg mé a bhfad
uáim íad a measc na ngeinteadh, agus
bíodh gur spréigh mé íad a measc na cci-
neadhach, gidheadh biáidh mé dhóibh am shanc-
tóir bhigh annsa tír iona rachaid.


L. El11:17


Uimesin abair, is marso adeir
an Tighearna Día, cruinneocha mé sibh.
fós ó na puibhleachuibh, agus cuirfe mé
a ccionn a chéile sibh annsna tíorthaibh io-
nar spréigheadh sibh, agus dobhéra mé
fearann Israel díbh.


L. El11:18


Agus tiucfuid síad annsin, a-
gus áthrochuid a huile neithe adh-
fhúathmhara, agus a gráineamhlachda uile
aiste.


L. El11:19


Agus dobhéra mé áon chroidhe
amháin dóibh, agus cuirfidh mé spiorad
núadh ionnuibh astigh; agus beanfa mé
an chroidhe clochach as a bhfeóil, agus
dobéra mé croidhe féola dhóibh:


L. El11:20


Chor go siubholuid síad ann mo
reachtaibh, agus go ccoimhédfuid mór-
duighthe, agus go ndénuid íad, agus béid na bpo-
bal agamsa, agus budh misi a Ndíasan.


L. El11:21


Acht a ttáobh na druinge a siu-
bhluighionn a ccroidhe do réir chroidhe
a neitheann nadhfhúathmhar, agus a ngráin-
eamhlacht; coireocha misi a slighe air a
cceannuibh féin, adeir an Tighearna
Día.


L. El11:22


Annsin do thógbhadar na Che-
rubínigh súas a sciatháin, agus na
roithleáin réna ttáobh, agus dobhí
glóir Dé Israel ós a ccionn shúas.


L. El11:23


Agus dochuáidh glóir an Ti-
ghearna súas ó lár na caithreach, a-
gus do sheas sí ar a tslíabh, noch a-
tá air an ttaóibh shoir don chathruigh.


L. El11:24


Na dhiáighsin, do thóig an spi-
orad misi súas, agus rug mé a bhfis
maille re spioraid Dé go Caldea
go lucht na daóirsine: marsin do
chuaidh anfis dochonnairc mé súas
uáim.


L. El11:25


Annsin do labhair mé ré muintir
na daóirsine, na huile neithe dar
thaisbéin an Tighearna dhamh.


L. El12:1


Tháinic bríathar an Tighear-
na mar an ccédna chugam-
sa, ag rádh,


L. El12:2


A mhic an duine, áit-
reabhthuigh tú a lár thighe
easurranuigh, agá bhfuilid súile dfaic-
sin, agus nach bhfaicionn, atáid clua-
sa aca déisdeacht, agus ní chluinid
síad: óir is tigh easumhal íad.


L. El12:3


Uimesin, a mhic an duine, gléus
soithighe chum áthruighthe, agus áthruigh
annsa ló iona radharcsan, agus áth-
rocha tú ód áit féin go háit oile
iona radharc: dobféidir go measfai-
dís, bíodh go bhfuilid na ttigh easu-
mhal.


L. El12:4


Annsin dobhéra tú amach do
shoithigh ó ló iona radharc, amhuil soi-
thighe chum áthruighthe, agus racha tú
amach um nóin iona radharc, amhuil an
drong noch théid amach a mbraighdio-
nas.


L. El12:5


Tochuil thusa thríd an mballa
iona radharc, agus beir amach ann-
sin.


L. El12:6


Ann a radharcsan bhéras tú leachd
é air do ghuáillibh, agus iomchóra tú
amach é annsa tráthnóna; foileocha tú
haghaidh, chor nach bhfaicfe tú an ta-
lamh, óir do chuir misi mar chomhartha
do thigh Israel thú.


L. El12:7


Agus dorinne misi mar do
haithnigheadh dhíom; thug mé amach mo
shoithighe san ló amhuil soithighe áth-
ruighthe, agus tráthnóna do thocháil
mé thríd an mballa lem láimh; thug mé
amach é annsa dorchadus, agus diom-
chras ar mo ghúaluinn é iona radharc-
san.


L. El12:8


Agus ar maidin tháinic bríathar
an Tighearna chugam, ag rádh,


L. El12:9


A mhic an duine, nach dubhairt tigh
Israel, an tigh easumhal riotsa, cred do
ní tú?


L. El12:10


Abair, is misi bhur ccomhartha:
amhuil mar dorinne misi, is mairsin do
dhéntar ríusan, áthrochuid síadsan,
agus rachfuid a mbraighdionas.


L. El12:12


Agus an prionnsa atá iona
measc, iomchoruigh sé air a ghúaluinn ann-
sa dorchadus, agus rachfuidh sé amach;
toicheoluid síad thríd an mballa do
bhreith thríd amach; foileocha sé a a-
ghaidh, chor nach bhfaicfe sé an talamh
léna shúilibh.


L. El12:13


Leathnochadsa fós mo líon air,
agus gébhthar ann mo dhul é; go crích na
Ccaldénach: thairis sin ní fhaicfidh sé
é, bíodh go bhfuighe sé bás annsin.


L. El12:14


Agus scaóilfe mé leath re
gach aon ghaoith anuile dhuine dhá bhfuil
na thimchioll do chongnamh leis, agus
a shlúagh uile, agus tairreonga mé an
cloidheamh amach na ndiáigh.


L. El12:15


Agus aitheonuid síad gur
mé an Tighearna an tan spréighfios
mé íad a measc na ngeinteadh, agus
sgaóilfios mé íad idir na tíor-
thaibh.


L. El12:16


Acht fúigfidh mé beagán do
dhaóinibh aca ón ccloidheamh, ón ngorta,
agus ón bpláigh, chor go bhfoillseoch-
uid a nuile ghráineamhlacht a measc na
ccineadhach mar a ttiucfuid síad, agus
aitheonuid gur misi an Tighearna.


L. El12:17


Tuilleamh oile, tháinic bríathar
an Tighearna chugamsa, agh rádh,


L. El12:18


A mhic an duine, ith harán lé
crioth, agus ibh huisge lé créthaibh, a-
gus lé cúram.


L. El12:19


Agus abair ré pobal na tíre,
is marso adeir an Tighearna Día a
ttaobh áitreabhthach Ierusalem agus
tíre Israel, íosaid a narán lé cú-
ram, agus iobhuid a nuisce ré húath-
bhás, chor go mbía an dúthaigh na fá-
sach ó gach a bhfuil innte, do bhrígh
foiréigin na druinge áithreabhus innte.


L. El12:20


Agus fúicfíghear folamh na caith-
reacha atá áitreabhtha, agus biáidh an
fearann fásuighthe, agus biáidh a fhios
aguibh gur misi an Tighearna.


L. El12:21


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El12:22


A mhic an duine, cred an sean-
fhocalsin atá aghuibh a ttír Israel,
ag rádh, do faduigheadh na láethe, agus
faillighidh anuile fhis?


L. El12:23


Innis dóibh ar anadhbharsin, is
marso adeir an Tighearna Día, dobhé-
ra misi air an seanrádhso scur, agus
ní bhiáidh aca nísa mhó mar sheanfhocal
a Nisrael: acht abair ríu, atáid na
láethe do lathair, agus bríathar gach
uile fhise.


L. El12:24


Oír ní bhiáidh fis ar bioth dío-
mhaóin nísa mhó, nó tairghire splea-
dhach astigh a ttigh Israel.


L. El12:25


Oír is misi an Tighearna: lai-
bheora mé, agus tiucfuidh an focal
laibheorus mé a ccrích: ní bhiáidh cáir-
de nísa mhó air; óir ann bhur láethibhsi,
a thigh easumhal, adéra misi an focal,
agus coimhlíonfa mé é, adeir an Ti-
ghearna Día.


L. El12:26


Arís tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugam, ag rádh,


L. El12:27


A mhic an duine, féuch, adeirid
muintir tighe Israel, atá anfis do
chídh sé ré teacht mórán láetheadh
uainn fós, agus tairghiridh sé air na
haimsearuibh atá a bhfad uáinn.


L. El12:28


Uimesin abair ríu, is marso a
deir an Tighearna Día; ní cuirfighear
cáirde ar aonchuid dom bhríathruibhsi
nísa mhó, acht dodhéntar an focal do
labhair mé, adeir an Tighearna Día.


L. El13:1


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El13:2


A mhic an duine, tairr-
ghir anaghuidh fhágh Israel,
noch thairrghirios, agus a-
bairsi ris a ndroing thairrghirios as a
ccroidhthibh féin, éistighsi bríathar an
Tighearna.


L. El13:3


Is marso adeir an Tighearna
Día: a mhairg do na fáighibh leamha, lea-
nus a spiorad féin, agus nach bhfa-
caidh aoinní.


L. El13:4


O a Israel, is cosmhuil thfáighe
ré sionnchaibh annsna díothramh.


L. El13:5


Ní dheachabhair súas annsna bérnuibh,
ní mó dorinneabhair súas an fál do thigh
israel, do sheasamh annsa chath a ló an
Tighearna.


L. El13:6


Dochonncadar díomhaóineas, a-
gus tairrghire bhrégach, ag rádh; a-
deir an Tighearna, agus ní hé an Ti-
ghearna do chuir uadha íad: agus thu-
gadar air dhaóinibh oile dóthchusúghadh go
ndaingneochaidís an focal.


L. El13:7


Nach bhfacabhair fis díomhaóin, a-
gus nachar labhrabhair tairrghire bhrégach
an tionad a nabarthaói, adubhairt an
Tighearna é, bíodh nar labhair mé?


L. El13:8


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, do bhrígh gur labhrabhair
díomaóineas, agus go bhfacabhair bréga,
ar anadhbharsin, féuchuidh, atáimsi
bhur naghaidh, adeir an Tighearna Día.


L. El13:9


Agus biáidh mo lámh air na fáighibh
dochí díomhaóineas, agus chumas bré-
ga: ní bhéid síad anoireachtas mo pho-
bail, ní mó scríobhthar íad a scríbhinn
thighe Israel, ní mó rachaid síad a
steach a ndúthaigh Israel, agus aith-
eontaói gur misi an Tighearna Día.


L. El13:10


Do bhrígh, agus do bhrígh gur
thairngeabhair mo dhaóine as an tslíghe,
ag rádh, síothcháin, agus nach raibh
síothcháin ar bith: agus féuch do dhóibeala-
dar daóine oile é lé moirtéul gan
tsúathadh.


L. El13:11


Abair ris an muintir dhóibea-
las é lé moirtéul gan tsúathadh, go
ttuitfidh sé: biáidh tuile cheatha, agus
tuitfidh sibhse, a chlocha móra cloich-
shneachda, agus brisfidh gáoth stoir-
meamhuil é.


L. El13:12


Féuch, an tan thuitfios an bal-
la, nach aibeorthar ribhsi, cáit a bhfuil
an dóib ler dhóibealadar é?


L. El13:13


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, réubfa mé é fós lé
gaóith stoirmeamhuil ann mo dhíbhfheirg:
agus biáidh tuile cheatha an mfeirg, a-
gus clocha móra cloichsneachda ann mo
cheannairg dá aidhmhilleadh.


L. El13:14


Marsin bhrisfios mé síos an
balla do dhóibealadar lé moirtéul gan
tsúathadh, agus dobhéra mé síos go
talamh é, iondus go léigfhighear ris a
bhunáite, agus tuitfidh sé, agus
muirfighear sibhsi iona lár: agus aith-
eontaói gur misi an Tighearna.


L. El13:15


Marso choimhlíonfas mé mfearg
air an mballa, agus air an lucht do
dhóbáil é lé moirtéul gan tsúathadh,
agus adérad ribh; ní bhiáidh an bal-
la ann níso mhó, nó an drong do dhó-
báil é.


L. El13:16


Tairrghirid fáighe Israel a ttaobh
Ierusalem, agus dochíd aislinge
síothchána dhi, agus gan síothcháin ar
bioth ann, adeir an Tighearna Día.


L. El13:17


Mar an ccédna, thusa a mhic
an duine, cuir haghaidh anaghaidh inghio-
na do phobail, noch thairrghirios as a
ccroidhe féin, agus tairghirsi na na-
ghaidhsion,


L. El13:18


Agus abair, is marso adeir
an Tighearna Día, a mhairg do na
(mnáibh) fhuáighidhios piléur ar na
huile uilleannuibh, agus doní ciarsúir
air cheann gach aóin státuir dfíadhach
anmann: an mbeithí ag fíadhach anmann
mo phobailsi, agus an ccuimhdeochthaói
béo anmanna na druinge thig chugaibh?


L. El13:19


Agus an ttruáilleochthaói mi-
si a measc mo phobail féin air dhornán-
uibh éorna, agus air chotchaibh aráin, do
mharbhadh na nanmann nach éugfadh, a-
gus do chumhdach na nanmann mbéo nach
mairfeadh, le bhur ndénamh brég rem
mhuintirsi noch chluinios bhur mbréga.


L. El13:20


Uimesin, is marso adeir an
Tighearna Dia, féuch atáimsi anaghaidh
bhur bpiléur leis a ndéntaói fíadhach
annsin ar na hanmannuib dá ccur a
tteitheamh, agus brisfe mé ó bhur nas-
calluibh íad, agus léigfe mé na ha-
nmanna dimtheacht, eadhon na hanmanna ar a
mbeithíse ag fíadhach dá ccur a tteitheamh.


L. El13:21


Brisfe mé bhur ccíarsúirídhe
mar an ccédna, agus sáorfa mé mo
dhaóine as bhur láimhsi, agus ní bhéid
nísa mhó ann bhur láimh dá bhfíadhach; a-
gus aitheontaói gur misi an Tighearna.


L. El13:22


Do bhrígh go ndérnabhair croidhe
na bhfíréun dubhach lé brégaibh, nach
dérna misi dubhach; agus gur neartui-
gheabhair lámha an chiontuigh, go nach bhfill-
feadh sé óna dhroichshlighe, lé geallamhuin
a anma dhó:


L. El13:23


Uimesin ní fhaicfidhe díomhaói-
neas nísa mhó, agus ní dhéntaói fáistine;
óir tárthocha misi mo phobal as bhur láimh,
agus aitheontaói gur misi an Tighearna.


L. El14:1


Ansin thangadar dream do shinn-
searuibh Israel chugam, agus
do shuigheadar as mo choinne r,


L. El14:2


Agus tháinic bríathar
an Tighearna chugam, ag rádh,


L. El14:3


A mhic an duine, do chuireadar an
mhuintirso a niodhal súas iona ccroidhe,
agus do chuireadar ceap tuisligh a
neigceart as coinne a naighthe: aníarr-
fuighear misi air aonchor?


L. El14:4


Uimesin, labhair ríu, agus abair
ríu, is marso adeir an Tighearna
Día, gach uile dhuine do thigh Israel
chuirios súas iodhala iona chroidhe, a-
gus chuirios ceap tuisligh a éigceirt
as coinne a aighthe, agus thig chum a
nfáigh, freagora misi an Tighearna é do
réir iomadamhlachd a iodhal,


L. El14:5


Chor go ngabha mé tigh Israel
iona ccroidhe féin, do bhrígh go bhfui-
lid uile coimhightheach dhamh do bhrígh a
niodhal.


L. El14:6


Uimesin abair ré tigh Israel, is
marso adeir an Tighearna Día, dén-
uigh aithrighe, agus iompóighidh sibh féin
ó bhur niodhaluibh, agus fillidh bhur naigh-
the ó bhur nuile ghráineamhlachtaibh.


L. El14:7


Oír gach uile dhuine do thigh Is-
rael, nó don choimhthigheach bhíos ar cuáirt
ann Israel, noch dhealuigheas é féin ó bheith
am dhiáighsi, agus chuirios a iodhala
súas iona chroidhe, agus chuirios an
ceap tuisligh a éicceart as coinne a aigh-
the, agus thiucfas a ccionn fáighe do
cheastnughadh ris dom thaobhsa; misi an
Tighearna freagorad é maille riom
féin.


L. El14:8


Agus suigheocha mé maghaidh
anaghaidh an duinesin, agus dodhéna
mé comhartha agus seanfhocal de, a-
gus gérrfa mé amach as lár mo
dhaóine é: agus aitheontaói gur misi
an Tighearna.


L. El14:9


Agus má bhíonn an fáigh meallta an
tan laibheora sé an ní, is misi an Ti-
ghearna do mheall an fáighsin, agus
sínfe mé mo lámh amach air, agus scrios-
fa mé é as lár mo phobail Israel.


L. El14:10


Agus iomchóruid síad pionós anéigceirt:
budh ionann pionós anfáigh,
agus pionós an tí íarrus air:


L. El14:11


Iondus nach rachaidh tigh Israel
nísa mhó ar seachrán uáimsi, nach mó bhéid
síad nías mó arna ttruáilleadh lena
sáruighthibhsin uile: acht go bfédfuid
bheith na bpobal agamsa, agus go mbía mi-
si am Dhía acasan, adeir an Tighearna
Día.


L. El14:12


Tháinic bríathar an Tighearna
chugamsa arís, ag rádh,


L. El14:13


A mhic an duine, an tan pheaco-
chas an dúthaigh am aghaidhsi le ciontu-
ghadh go hanmhór, annsin sínfidh mé mo
lámh amach air, agus brisfidh me maide
anaráin, agus cuirfidh mé gorta air, a-
gus gearrfa mé amach an duine agus
an beathach úadha:


L. El14:14


Da mbeith go mbeidís an tríur
fearso ann, Noah, Daniel, agus Iób, ní
sháorfaidís achd a nanmanna féin léna
bhfíréntacht, adeir an Tighearna Día.


L. El14:15


Má bheirim air bheathuighibh urchóideacha
dul thríd an dúthaigh, agus go millfid
síad í, iondus go mbía sí na díothramh,
iondus nach féidir lé haóinneach dul
thríthe do bhrígh na mbeathach:


L. El14:16


Dá mbeith go mbeidís an tríur
fearso innte, fa mar mhairim, adeir an
Tighearna Día, ní sháorfuid síad mic nó
ingheana; saorfhuighear íad féin amháin,
acht biáidh an fearann na fhásach.


L. El14:17


Nó má bheirim cloidheamh air an
ndúthaighsin, agus a rádh, a chloidhimh
imthigh thríd an ttír, iondus go ngérr-
fa mé an duine agus an beathach uadha:


L. El14:18


Da mbeith go mbeidís an tríur
fearso innte, fa mar mhairim, adeir an
Tighearna Día, ní sháorfuid síad mic nó
ingheana, acht sáorfuighear íad féin a-
mháin.


L. El14:19


Nó má chuirim pláigh annsa bhfea-
rannsin, agus go ndóirtfidh mé mfearg
a bhfuil amach air, do ghearradh duine a-
gus bheathuighe úadha:


L. El14:20


Bíodh go mbeith Noah, Daniel,
agus Iób annsin, fa mar mhairim, adeir
an Tighearna Día, ní shaorfuid síad mac
nó inghean: ní sháorfuid síad acht a nan-
manna féin lená bhfíréntacht.


L. El14:21


Oír is marso adeir an Ti-
ghearna Día, cá mhéd nísa mhó ná sin
an tan chuirfios mé mo cheithre breith-
eamhnuis nimhneacha air Ierusalem; an
cloidheamh, an ghorta, an beathach
urchóideach, agus an phláigh, do
ghearradh duine agus bheathuigh úadha
amach.


L. El14:22


Thairissin, féuch, fúigfighear fui-
ghioll annsin, noch dobhértar amach,
mic agus ingheana: agus féuch, tiuc-
fuid síad amach chugaibh, agus dochífidhe
a slighe, agus a ngníomha: agus do
gheabhthaói comhfhurtacht a ttaobh anuilc
thug misi air Ierusalem, eadhon a ttáobh
anuile ní dá ttug mé uirre.


L. El14:23


Agus comhfhurtachtfuid sibhsi
an tan dochídhfidhe a slíghthe, agus a
ngníomha, agus aitheontaói nach gan
adhbhar dorinne mé anuile ní dá ndér-
nas ann, adeir an Tighearna Día.


L. El15:1


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El15:2


Amhic an duine, cred é
an crann fíneamhna tar chrann
ar bith oile, beangán dá bhfuil a measc
chrann na foraóisi?


L. El15:3


An mbeantar adhmad desin do
dhénamh oibre ar bith, nó an mbeanfuid
daoine tairnge dhe do chrochadh soithigh ar
bith air?


L. El15:4


Féuch, teilgthear annsa teine é
mar chonnadh: loiscidh an teine a dhá
cheann, agus loisgthear a lár: an bhfogh-
nann sé chum oibre?


L. El15:5


Féuch, an tan dobhí sé iomlán
níor fhóghuin sé dobair ar bith: ca lúgha
ná sin fhoghnas sé dobair ar bith anuair
chnaóidhios an teine é, agus bhíos sé
loisge?


L. El15:6


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día; mar atá crann na fíneamhna
a measc chrann na foraóise, noch thug
misi don teine mar chonnadh, marsin do
bhéra mé áitreabhthacha Ierusalem.


L. El15:7


Agus suigheocha mé maghaidh na na-
ghaidh; rachaid síad amach ó theine,
agus sluicfidh teine oile íad: agus
aitheontaóise gur misi an Tighearna, a
nuáir chuirfios mé maghaidh na na-
ghaidh.


L. El15:8


Agus dodhéna mé an dúthaidh
áonránach, do bhrígh go ndeárnadar
sárughadh, adeir an Tighearna Día.


L. El16:1


Tháinic focal an Tighearna a
rís chugamsa, ag rádh,


L. El16:2


A mhic an duine, tabhair
ar Ierusalem a gráineamh-
lachta daithniughadh.


L. El16:3


Agus abair, is marso adeir
an Tighearna Día re Hierusalem; is do
thír Chanaan do bhreith, agus do dhúth-
chus, dobudh Amoríteach hathair, agus
Hítiteach do mhathair.


L. El16:4


Agus ar son do dhúthchuis annsa
ló a rughadh thú, níor gearradh himleacán,
ní mó do nigheadh thú a nuisge dot mháothu-
ghadh: níor sailleadh thú ar aónchor, ní
mó do ceangladh thú ar aonchor.


L. El16:5


Ní dhérna súil ar bioth truáighe
dhuit, do dhénamh aóinneithe dhíobhso dhuit,
ag dénamh trócaire ort; acht do teilgeadh
amach thú annsa machaire fhoscuilte, do
ghráin ar hanum ann sa ló a rugadh thú.


L. El16:6


Agus an tan do ghabh misi láimh
riot, agus dochonnairc mé salach thú ann
thfuil féin, adubhairt mé ríot, ann thfuil
féin mair; fós adubairt mé riot, ann thfuil
féin mair.


L. El16:7


Thug mé ort fhoirlíonadh mar
ghineamhuin an mhagha, agus do mhéduigh
tú, agus dfás tú mór, agus tháinic tú
chum culaidheach oirdhearca: do cumadh do
chíche, agus dfás do ghrúag anáit
a raibh tú tárnocht agus lomh.


L. El16:8


Anois an tan do ghabh mé láimh
riot, agus damhairc mé, féuch, dobé haim-
sir aimsir ghrádha, agus do leathnuigh mé
mo sciorta thort, agus dfoluigh mé do
thárnochtuigh: fós thug mé mionna dhuit,
agus dochuáidh mé a ccunnradh riot, adeir
an Tighearna Día, agus dobudh liomsa
thú.


L. El16:9


Annsin do nigh mé thú le huisge;
do nigh mé fós thfuil uait go hiomlán,
agus dungaidh mé lé hola thú.


L. El16:10


Déduigh mé thú fós le hobair
bhróidneireachta, agus do chuir mé bró-
ga do chroicionn bruic ort, agus do
chriosluigh mé thú fáccuáirt lé línédach,
agus dfoluigh mé thú lé síoda.


L. El16:11


Do sgíamhuigh mé thú mar an
ccédna lé culadhuibh, agus do chuir mé
bráisléid air do lámuibh, agus slabhradh
fád bhrághaid.


L. El16:12


Agus do chuir mé séud oirdheirc
air hédan, agus clúasfháinneadha ann do
chlúasaibh, agus coróin bhrégha ar do
cheann.


L. El16:13


Marso do hóirneadh thú lé hór
agus lé hairgiod, agus dobhí hédach
do líon mhín agus do síoda agus dobair
bhróidneireachda: a duáigh tú plúr
mín, agus mil, agus ola: agus do
bhí tú rosgíamhach, agus ráinic tú
bheith ad rioghacht.


L. El16:14


Agus dochuáidh do chlú amach a
measg na ngeinteadh air do sgéimh: óir do
bhí sé iomlán tré mo sgéimhsi, noch do
chuir mé ort, adeir an Tighearna
Día.


L. El16:15


Acht do dhóthchusaigh tú ann do
sgéimh féin, agus dorinne tú meir-
dreachus do bhrígh do mhórchlú, agus do
dhóirt tú amach do dhrúis ar gach aón dar
ghabh red thaoibh; dobudh leissin é.


L. El16:16


Agus do ghlac tú dot chuladh-
uibh, agus do chóirigh tú háite árda lé
dathaibh égsamhla, agus dorinne tú
meirdreacus air: ní thiucfa a leitheidsin
do neithibh, ní mó bhías sin marsin.


L. El16:17


Do ghlac tú fós do shéóid bhreá-
gha dom órsa, agus dom airgiod, noch
thug mé dhuit, agus dorinne tú dhuit ío-
mháighe daóine, agus dorinne tú strío-
pachus ríu.


L. El16:18


Agus do ghlac tú hédach
bróidnéireachda, agus dfoluigh tú íad:
agus do shuighidh tú mo olasa, agus
mo thúis ós a ccoinne.


L. El16:19


Mo bhíadh mar an ccédna thug
mé dhuit, plúr mín agus ola, agus
mil leir bheathaigh mé thú, do shuighidh tusa
iona bhfíadhnuisi é mar bholadh chumhra:
agus is marso dobhí, adeir an Ti-
ghearna Día.


L. El16:20


Tuilleamh fós, do ghlac tú do
mhic, agus hingheana rug tú dhamhsa, a-
gus díodhbair tú íadso dhóibh dá slugadh:
an cúis bheagso dot stríopachasuibh,


L. El16:21


Gur mharbh tú mo chlann, agus
gur sheachuid tú íad do ghabháil thríd an
tteine ar a sonsan?


L. El16:22


Agus níor chuimhnigh tú láethe
hóige ann do uile ghráineamhlachtaibh, a-
gus stríopachasaibh, an tan dobí tú
tárnocht agus lom, agus dobhí tú ar
do thruáilleadh an thfuil.


L. El16:23


Agus tárla a ndiáigh huile olc
(a mhairg, a mhairg dhuit, adeir an Tighear-
na Día.)


L. El16:24


Gur chuir tú fós súas duit
féin áit oirdheirc, agus go ndéarna
tú áit árd dhuit ann gach aon tsráid.


L. El16:25


Do chuir tú súas háit árd air
gach aóin cheann don tslighe, agus thug
tú fa deara do sgíamh dfúathughadh, a-
gus dfoscail tú do chosa do gach aon
dar ghabh thort, agus do mhéduig tú do
stríopacus.


L. El16:26


Dorinne tú fós drúis ris na
Hégiptibh do chomharsana, atá mór a
bhfeóil, agus do mhéduigh tú do strío-
pachus dom bhrostughadhsa chum feirge.


L. El16:27


Féuch uimesin do shín mé mo
lámh amach ós do chionn, agus do lagh-
duigh mé do bhiadh láetheamhuil, agus thug
mé thú ar thoil na ndaóine dfúathaigh thú,
ingheana na BhPhilistíneach, air a bhfuil
náire fad shlighe úallaigh.


L. El16:28


Dorinne tú mar an ccédna
stríopachus ris na Hassírianachaibh do
bhrígh go raibh tú dóríartha: dorinne
tú fós méirdreachus ríu, agus fós ní-
orbh féidir do shásadh.


L. El16:29


Do mhéduigh tú fós do dhrúis a
ttír Chaanan gus an Ccaldeá, agus
risso fós ní raibh tú sásta.


L. El16:30


Cred laige do chroidhe, adeir
an Tighearna Día, ó ní thú na neitheso
uile, obair mhná stríopuigh thighearna-
mhuil.


L. El16:31


An tionad a ndén tú háit oir-
dheirc a ccionn gach sligheadh, agus go
ndén tú háit árd ann gach aón tsráid, a-
gus nach raibh tú amhuil meirdreach,
iondus go ttarcuisnighionn tú túarus-
tal;


L. El16:32


Acht mar mhnaói doní adhaltra-
nnas, noch ghlachus coimhthighidh anáit a
fir féin.


L. El16:33


Dobheirid bronta do na huile
stríopachaibh, acht dobheir tusa do
thiodhlaicthe dot háos grádha uile, agus
fostuighidh tú íad, chor go ttiucfaidhís
chugad gach uile tháobh ar son do strío-
pachuis.


L. El16:34


Agus atá contrardhachd ionadsa
ó mhnáibh oile ann do stríopachus, an
tionad nach leanan aóinneach dhíoth do dhénamh
stríopachuis, agus an tionad a ttug
tú luáigheacht uáit, agus nach ttugthar
luáigheacht ar bith dhuit: uimesin atá tú
contrardha.


L. El16:35


Uimesin a mheirdreach, éist brí-
athar an Tighearna.


L. El16:36


Is marso adeir an Tighearna
Día, do bhrígh gur dóirteadh do shalchar
amach, agus gur foillsigheadh do thárnochd-
uighthe do bhrígh do stríopachuis led háos
grádha, agus re huile iodhaluibh do
gráineamhlachda, agus le fuil do chloinne
noch thug tú dhóibhsion;


L. El16:37


Feuch uimesin, cruinneocha mi-
si huile áosgrádha iona bhfuáir tú só-
lás, agus gach ar ghrádhuigh tú, ma-
ille ris an ndroing dá ttugais fúath,
eadhon cruinneocha mé ad thimchioll
faccuairt íad ad aghaidh, agus taisbeanfa
mé do thárnochtuigh dóibh, lé bhfaicfid do
thárnochtuighe uile.


L. El16:38


Agus dobhéra mé breitheamhnus
ort mar bhérthar breath ar mhnáibh bhris-
ios cuing phósta, agus dhóirteas fuil,
agus dobhéra mé fuil dhuit a bhfeirg a-
gus anéud.


L. El16:39


Agus fós dobhéra mé thusa
iona láimh, agus teilgfid síad síos
háit oirdheirc, agus brisfid síad sí-
os háite árda: nochtfuid síad thú fós
as hédach, agus béruid leó do sheóid,
agus fúigfid tárnochtuigh agus lom
thú.


L. El16:40


Dobéruid fós cuideachta súas
ad adhaigh, agus clochfuid thú lé clochaibh
agus saithfid thríod lena ccloidhmh-
the.


L. El16:41


Agus loisgfid síad do thigh
le teine, agus bhéruid síad breath ort
a radharc mhóráin ban: agus dobhéara
misi ort sgur do dhénamh meirdreachuis,
agus ní thiubhra coibhthe uáit níis
mhó.


L. El16:42


Marsin dobhéara mé air mo
dhíbhfheirg ad agaidh ciúnughadh, agus im-
eochuidh méud uait, agus biáidh mé suaimh-
neach, agus ní bhiáidh fearg orum nísa mhó.


L. El16:43


Do bhrígh nar chuimhnigh tusa laé-
the hóige, acht gur fhearguidh tú misi
annsna neithibhsi uile, féuch, ar anadh-
bharsin cúiteocha misi do shlighe air do
cheann, adeir an Tighearna Día: agus
ní dhéana tú an túallachusso, tar
huile ghráineamhlachtaibh.


L. El16:44


Feuch, anuile dhuine dá ngná-
thuighionn seanráidhte adéaruigh sé an sean-
fhocalso ad aghaidhsi, ag rádh, mar
bhíos an mháthair, is marsin bhíos a
ninghean.


L. El16:45


Is tusa inghean do mhathar, noch
fhúathuighios a fear agus a clann, agus
is tú deirbhshíur do dheirbhsheathrach do
fhúathuigh a bhfir agus a cclann: dobudh
Hitíteach bhur mathair, agus bhur nathair
na Amoríteach.


L. El16:46


Agus isí Samária an deirbh-
shíur as sine agad, í féin agus a
hingheana noch áitreabhus ar do láimh chlé:
agus do dheirbhshíur is óige noch áitrea-
bhus ar do láimh deis, isí Sodom a-
gus a hingheana.


L. El16:47


Gidheadh níor imthigh tusa do réir
a slightheachsan, ní mó dorinne tú do
réir a ngráineamhlachda: acht mar budh
robheag sin, do truáilleadh thú
nías mó na íadsan ann huile shligh-
thibh.


L. El16:48


Fa mar mhairim, adeir an Ti-
ghearna Día, ní dhérna Sodom do dheirbh-
shíur, í féin nó a hingheana, mar dorinne
tusa, thú féin agus hingheana.


L. El16:49


Féuch, dobé so éigceart do
dheirbhsheathar Sodom, uabhar, líonmhair-
eacht aráin, agus iomad díomhaóinis, do
bhí innte féin agus iona hingheanuibh, ní
mó do neartuigh sí lámh an bhoicht nó an
ríachtanuigh.


L. El16:50


Agus dobhádar árdaigeantach,
agus dorinneadar gráineamhlachta am
fhíadhnuisise: uimesin rug mé liom
íad mar dochoncas dhamh.


L. El16:51


Ní mó dorinne Samária leath
do pheacuidhesi: acht dfoirlíon tusa do
ghráineamhlachda nísa mhó ná íadsan, a-
gus dorinne tú do dheirbhsheathracha ceart
ann huile ghráineamhlachdaibh noch dorinne
thú.


L. El16:52


Thusa fós rug breath air do
dheirbhsheathrachaibh, iomchair do náire féin
ar son do pheacaidh dorinne tú nías adh-
fhúathmhaire ná íadsan: is roionnraca
íad ná thusa: aseadh náirighthear thusa
fhós, agus iomchair do náire, do bhrígh
gur fhíréunuigh tú do dheirbhsheathra-
cha.


L. El16:53


An tan dobhéras misi ar ais arís
a mbraighdionas, braighdionas
Shodom agus a hinghean, agus braigh-
dionas Shamária agus a hinghean, ann
sin dobhéra mé liom arís braighdionas
do bhrághadsa iona lár.


L. El16:54


Iondus go niomchóra tú do
náire féin, agus go cclaóidhtear thú
annsanuile ní dá ndérna thú, an tionad
a bhfuil tú ad cobharthach aca.


L. El16:55


An tan fhillfios do dheirbhshea-
thracha Sodom agus a hingheana chum a
ccéd staide, agus fhillfios Samária a-
gus a hingheana chum a ccéd staide;
annsin fillfidh tusa agus hingheana chum
bhur ccéd staide féin.


L. El16:56


Oír níor luáigheadh do dheir-
bhshíur Sodom ann do bhéul a ló a hua-
bhair.


L. El16:57


Suil do foillsigheadh holc, amhuil
anam mhasla inghean na Síria, agus a
nuile dhuine dá bhfuil na ttimchioll
faccuáirt, ingheana na BhPhilistíneach
noch tharchuisnighios thusa timcioll
faccuairt;


L. El16:58


Diomhchuir tú húallachus agus
do gráineamhlachta, adeir an Ti-
ghearna.


L. El16:59


Oír is marso adeir an Tighear-
na Día: dodhéna mé go deimin riot
mar dorinne tú, noch do tharcuisnigh
an mionna a mbriseadh an chunnartha.


L. El16:60


Thairissin cuimhneocha mé mo
chunnradh riotsa a láethibh hóige, agus
daingneocha mé cunnradh síorruidhe
riot.


L. El16:61


Annsin cuimhneocha tú do shlighthe,
agus biáidh náire ort, an tan ghlac-
fus tú do dheirbhsheathracha chugad, do
(dheirbhshíur) is sine agus is óige: a-
gus dobhéra mé dhuit íad mar inghea-
naibh, acht ní maille red chunradhsa.


L. El16:62


Agus daingneocha mé mo chunn-
radh riot, agus biáidh a fhios agad gur
misi an Tighearna.


L. El16:63


iondus go ccuimhneocha tú, a-
gus go mbía náire ort, agus nach
bfoisceola tú do bhéul gu bráth nías
mó do bhrígh do náire, an tan bhías
mé síothchánta riot, ar son anuile ní
dá ndeárna tú, adeir an Tighear-
na Día.


L. El17:1


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El17:2


A mhic an duine cuir amach
ceist, agus labhair co-
samhlacht ré tigh Israel.


L. El17:3


Agus abair, is marso adeir an
Tighearna Día, tháinic iolar mór go
sciathánuibh móra, faidsciathánach,
lán do chlúmhach iona raibh datha égsamhla
go Lebanon, agus rug air an mbeangán
dobáirde don Cedar.


L. El17:4


Do gheárr sé dhe bárr a bheangán
óg, agus rug leis é go tír cheann-
aigheachta, do shuighidh sé a ccathruigh
cheannuighe é.


L. El17:5


Do ghlac sé fós do shiol na tíre,
agus do chuir sé a machaire thóirtheach é;
dáitigh sé é láimh ré huisceadhuibh móra,
agus do chuir sé é amhuil crann soi-
leach.


L. El17:6


Agus dfás sé, agus tháinic
sé chum bheith na fhíneamhuin leathain dáirde
ísil, ar fhilleadar a gheága leath ris
féin agus a rabhadar a fréamha faói:
marsin dfás sé na fhíneamhuin, agus a
thug sé géaga uadh, agus do chuir
sé amach a mhaótháin.


L. El17:7


Agus dobhí fós iolar mór oile
ann go sciathánuibh móra, agus móran
clúmhuigh, agus féuch do chláon anfí-
neamhuinsi a fréumha leath ris, agus
do chuir a géaga amach leath ris,
chor go bhfliuchfadh sé í lé heitríghibh
a plannduighthe.


L. El17:8


Do plannduigheadh í a bhfearann mhaith
láimh ré huisgeadhuibh móra, chor go
ngeinfeadh amach beangáin, agus go
ttiubhradh toradh, ionnus go mbeith
sí na fíneamhuin mhaith.


L. El17:9


Abairsi, is marso adeir an Tighear-
na Día, an mbéara sí biseach? nach
ttairreonga se a fréamha súas, a-
gus nach geárrfa sé amach a to-
radh, le ccríonfa sí? críonfudh sí
ann uile dhuille a gineamhna, eadhon gan
neart mór, nó mórán daóine dá tarr-
uing aníos as a fréamhuibh.


L. El17:10


Agus féuch, ar na planndu-
ghadh an mbéra sí biseach? nach ccríon-
fa sí thríd amach an tan bheanfas an
gháoth noir ría? críonfuidh sí annsna
heitrighibh ann ar fhás sí.


L. El17:11


Tuilleamh oile, tháinic bríathar
an Tighearna chugamsa, ag rádh,


L. El17:12


Abair anois ris an ttigh easu-
mhal, nach feas díbhsi cred is cíall do
na neithibhsi? innis dóibh, féuch, thái-
nic Rígh na Babilóine go Hierusalem,
agus do ghabh sé a Rígh, agus a
prionnsadha, agus do thréoruidh sé leis
íad don Bhabilóin.


L. El17:13


Agus do ghlac sé do shíol an Rígh,
agus dorinne sé cunnradh ris, agus do bhean sé
mionna dhe: do ghabh sé fós cumhacht-
aighe na tíre:


L. El17:14


Chor go mbiath an rioghacht uirí-
siol, iondus nach ttóigfeadh sí í féin
súas: acht go bhféadfadh sí seasamh
maille re comhall a cunnartha.


L. El17:15


Acht do chathuigh sé iona aghaidh-
sion ag cur a theachdadh don Négipt, chor
go ttugaidís eich, agus mórán da-
óine dhó: an rachuidh go maith dhó? an
rachuidh an té doní na neithesi as? nó
an mbrisfidh sé an cunradh, agus
bheith sáor?


L. El17:16


Mar mhairim adeir an Tighearna
Día, go deimhin annsanáit a ccomhnuighi-
onn an Rígh dorinne Rígh dhe, ar tharcui-
snigh sé a mhionna, agus ar bris sé a chunnradh,
aigesion a lár na Babilóine éugfuidh sé.


L. El17:17


Ní mó dhéanas Phárao ar a shon
lena shlúagh neartmhar, agus lena chui-
deachtuin mhóir annsa chogadh le teilgion
mótadh súas agus lé dénamh daingnidh, do
mharbhadh móráin pearsann.


L. El17:18


O tharcuisnigh sé na mionna, ag
briseadh an chunnartha (anuáir féuch thug
sé a lámh úadha) agus dorinne sé na nei-
thesi uile, ní rachaidh sé as?


L. El17:19


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, mar mhairimsi go deimhin coir-
eocha mé air a cheann féin mo mhionna do thar-
cuisnigh sé, agus mo chunnradh do bhris sé.


L. El17:20


Agus leathnocha mé mo líon air, a-
gus géabhthar ann mo phaintéur é, agus
béara mé don Bhabilóin é, agus tai-
geara mé ris annsin fána shárughadh noch
do sháruigh sé am agaidh.


L. El17:21


Agus tuitfidh a theithmhigh uile
gona slúagh leis an ccloidheamh, agus
scarfuighear ó chéile leath re gach uile
ghaóith an mhéid mhairfios díobh: agus aith-
eontaoi gur misi an Tighearna do labhair é.


L. El17:22


Is marso adeir an Tighearna
Día, glacfa mé fós don ghéig is áir-
de don Cédar árd, agus cuirfidh mé
é, agus geárrfa mé do bhárr a bhean-
gán óg, géug mháoth, agus plainndeocha mé
í a slíabh árd oirdheirc:


L. El17:23


Plainndeocha mé í a slíabh áirde
Israel, agus ginfe sí géuga, agus do
bhéra sí toradh, agus biáidh na Cédar
bhreádha, agus áitreobhuidh na huile éun-
laith gach sciatháin faói: áitreochuid
síad air scáth a géug.


L. El17:24


Agus aitheonuid crainn an mha-
chaire uile gur misi an Tighearna do leag
síos an crann árd, dárduigh an crann ísi-
ol; do chríon an crann glas, agus thug
air an ccrann ccríon bláthughadh: misi an
Tighearna do labhair é, agus dorinne é.


L. El18:1


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugam arís, ag rádh,


L. El18:2


Cred is cíall díbh as
a ngnáthuighthi an seanrádhso
a ttaobh thíre Israel, ag rádh, a duadar
na haithre cáora searbha, agus do
cuireadh déistion air fhíacluibh na cloinne?


L. El18:3


Mar mhairimsi, adeir an Tighear-
na Día, ní bhiáidh cúis agaibh an sean
focalso do ghnáthughadh a Nísrael.


L. El18:4


Féuch, is liomsa anuile anam,
mar anam anathar marsin is liom anam
an mhic; éugfuidh an tanam pheacochus.


L. El18:5


Acht má bhíonn duine ceart, agus
go ndénuidh sé an ní is dlistionach agus
is ceart,


L. El18:6


Agus nach duáigh sé ar na sléibh-
tibh, nach mó do thóg a shúile súas chum
iodhal thighe Israel, nach mó do shaluidh
bean a chomharsan, nach mó tháinic láimh ré
mnaói fhola míos,


L. El18:7


Agus nar choimhéignidh duine ar
bith, acht daisig don fheichtheamhnach a
gheall, nar chreach áonduine lé foiréigi-
on, thug arán donocrach, agus
dfoluigh an tárnocht lé hédach,


L. El18:8


An té nach ttug amach air úsúir-
eatht, nach mó do ghabh biseach ar bith,
do tharruing a lámh ó éigceart, dorinne
breitheamhnus ceart idir dhuine agus dhuine,


L. El18:9


Do shiubhail ann mo reachtaibhse,
agus do choimhéd mo bhreitheamhnuis do
dhénamh go fírinneach: atá sé ceart, mair-
fidh sé go deimhin, adeir an Tighearna
Día.


L. El18:10


Má ghineann sé mac bhías na sla-
duighe, na dhóirteach fola, agus doní
aóinní dhíobhso,


L. El18:11


Agus dhénas íad so uile, acht
go nduáigh sé ar na sléibhtibh, agus
gur thruáilligh sé bean a chomharsan,


L. El18:12


Gur bhrúigh sé an bocht, agus
an ríachtanach, gur shlad sé maille
re foiréigion, nar aisig sé a ngeall,
agus gur thóig sé a shúile súas chum
na niodhal, go ndérna sé gráineamlacht,


L. El18:13


Go ttug sé amach air úsúireacht,
agus gur ghlac sé biseach; maiseadh an
mairfidh sé? ní mhairfidh: dorinne sé na
gránachaso uile, éugfuidh sé go dei-
mhin, biáidh a fhuil air féin.


L. El18:14


Anois féuch, má ghineann sé
mac noch dochídh uile pheacuidhe
a athar, noch dorinne sé, agus
mheasfas, agus nach déan a leitheidsin,


L. El18:15


Nach duáigh bíadh ar na sléibh-
tibh, nach mó do thóg a shúile súas chum
iodhal thighe Israel, nar thruáill bean
a chomharsan,


L. El18:16


Nach mó do sháruigh duine ar
bith, nar connaimh an geall, nach mó do
chreach le foiréigion, acht thug arán don
nocrach, agus dfoluigh an tárnochd lé
héadach,


L. El18:17


Noch do thóg a lámh do na bhoch-
taibh, nar ghlac úsúireacht nó biseach,
dorinne mo bhreitheamhnusa, do shiubhail
ann mo reachtaibh; ní éugfa sé ar son
éigceart a athar, go deimhin mairfidh
sé.


L. El18:18


Ar son a athar, do bhrígh gur
sháruigh sé go hédtrócaireach, gur
chreach sé a dhearbhráthair lé fóirneart,
agus go ndéarnuidh sé an ní nar mhaith
a measc a dhaóine, éugfuidh seision iona
eigceart.


L. El18:19


Gidheadh abruidhse, ciodhsin?
nach iomchrann an mac éigceart anathar?
anuáir doní an mac an ní is dlisdio-
nach agus is ceart, chumhduighios
mo reachtasa uile, agus go ndén sé íad,
mairfidh sé gan amharus.


L. El18:20


Eúgfuidh an tanam pheacuighios,
ní iomchóra an mac éigceart ana-
thar, ní mó iomchórus an tathair
éigceart an mhic, biáidh fíréntacht a
nfiréin air féin, agus olc an chionntuigh
air féin.


L. El18:21


Acht má fhillionn an ciontach
ó na pheacuighibh, uile dorinne sé, agus
go ccoimhédfa sé mo reachtasa uile, a-
gus go ndéna an ní is dlisdionach
agus is ceart, mairfidh sé gan amharus,
ní bhfuighe sé bás.


L. El18:22


Ní laibheorthar ris air a uile
sháruighthibh dá ndérna sé: ann a fhír-
éuntacht dorinne sé, mairfidh sé.


L. El18:23


An bhfuil sólás ar bith dhamhsa
an ciontach dfagháil bháis, adeir
an Tighearna Día? agus nach go bhfill-
feadh sé ó na shlighthibh, agus go mair-
feadh sé?


L. El18:24


Acht an tan fhillios an fí-
réun óna fhíréuntacht, agus doní
égceart do réir na nuile ghráineamh-
lacht, noch doní an droch dhuine, an
mairfidh sé sin? ní luáighfíghear a uile
fhíréntacht dá ndérna sé; iona sháru-
ghadh ar sháruigh sé, agus iona phea-
cadh ar pheacaidh sé, dogheabha sé bás
iontasin.


L. El18:25


Thairissin adearthaóise, ní comhthrom
slighe an Tighearna: éist anois, a thigh
Israel; nach bhfuil mo shlighesi
comhthrom? nach bhfuilid bhur slighthese míochomhthrom?


L. El18:26


Anuair iompóighios an fírén óna
fhíréntacht, agus doní éigceart,
agus dogheibh bás ionta: ar son a
éigceart dorinne sé, éugfuidh sé.


L. El18:27


Arís an tan iompoighios an
drochdhuine óna chiontuibh dorinne sé,
agus doní an ní is dlisteanach a-
gus is ceart, sáorfuidh sé a anam
béo.


L. El18:28


Do bhrígh go measann sé, agus
go bhfilleann óna uile pheacuidhibh dá ndér-
na sé, gan amharus mairfidh sé, ní
bhfuighe sé bás.


L. El18:29


Thairissin adeir tigh Israel,
ní comhthrom slighe an Tighearna: a thigh
Israel, nach comthrom mo shlighthese?
nach bhfuilid bhur slighthese miochomh-
throm?


L. El18:30


Ar anadhbharsin dobhéra misi
breath oruibh, a thigh Israel, gach uile
dhuine do réir a shlightheach, adeir an
Tighearna Día; dénuidh aithrigh, agus
fillidh sibh féin ó bhur cciontubh uile;
marsin nach biáidh éicceart na scrios
aguibh.


L. El18:31


Teilgidh seachad uáibh bhur nuile
choirthe, ler chiontuigheabhair, agus dé-
nuidh dhíbh féin croidhe núadh, agus
spiorad núadh: óir cred as a néug-
fuidhe, a thigh Israel?


L. El18:32


Oír ní bhfuil sólás ar bith dhamhsa
a mbás an tí éugus, adeir an Ti-
ghearna Día: ar anadhbharsin iompoighidh
sibh féin, agus mairidh.


L. El19:1


Tuilleam oile, tóig súas gol-
gháir ar son phrionnsadh Is-
rael,


L. El19:2


Agus abair, cred is
mathair dhuit? leomhan bainionn: do luigh
sí síos a measc na leomhan, doil sí a
coilén a measc leomhan óg.


L. El19:3


Agus thug sí súas áon dá
coilénuibh; dfás sé na leomhan óg, a-
gus dfoghluim sé breith air an ccreich,
do shluig sé daóine.


L. El19:4


Dochualadar na geinte fós dá
tháobh, do gabhadh ann a bpoll é, agus
rugadar lé slabhradhuibh go tír na
Hégipte é.


L. El19:5


Annois an tan dochonnairc sí gur
fheith sí, agus go ndeachuidh a dóigh
amugha uirre, annsin do ghlac sí aón
oile dá cuilénuibh, agus dorinne sí
leomhan óg dhe.


L. El19:6


Agus dimthigh sé súas agus sí-
os a measc na leomhan, dorinneadh leo-
mhan óg dhe, agus dfoghluim sé breith
ar an ccreich, agus do shluig sé
daóine.


L. El19:7


Agus dobhí fios a bpálás áon-
ránach aige, agus dorinne sé a
ccaithreacha bán, agus dobhí a ndúthaigh
uáigneach, agus a lionmhuire sin lé fuáim
a núallghola.


L. El19:8


Annsin do shuigheadar na cineadha-
cha iona aghaidh ann gach uile thaobh ó
na probhinnsibh, agus do leathnuigheadar
a líon air: do gabhadh iona bpoll é.


L. El19:9


Agus do chuireadar a bpríosún
é a slabhraduibh, agus rugadar go
Rígh na Babilóine é, rugadar a ndaing-
nibh é, iondus nach ccluinfidhe a ghuth
nísa mhó air shléibhtibh Israel.


L. El19:10


Is cosmhuil do mhathair lé fíneamh-
uin ann thfuilsi, plannduighthe láimh ré
huisceadhuibh, dobhí sí tóirtheach, agus
lán do bheangánuibh do bhrígh iomad uis-
geadh.


L. El19:11


Agus dobhádar slata láidre
aice mar shlataibh ríaghla don druing
agá mbí úachtaránacht, agus do hár-
duigheadh a hárrachtas a measc na ccraobh
ttiugh, agus do thaisbéin sí iona
háirde maille re hiomadamhlacht a
beangán.


L. El19:12


Acht do táirngiodh as a
fréimh í a ndíbhfheirg: do teilgeadh sí-
os go talamh í, agus do thiormaigh
an gháoth anoir a toradh: do briseadh,
agus do críonadh a slata láidre, do
dhóith an teine íad.


L. El19:13


Agus anois do plannduigheadh
annsa bhfásach í a bhfearann thirim thart-
mhar.


L. El19:14


Agus dochuáidh teine amach as
slait da beangánuibh, noch do loisg
a toradh, iondus nach bhfuil slat
láidir air bith aice dobhíath na slait
ríaghla: is caóineadh so, agus biáidh
sé mar chaóineadh.


L. El20:1


Agus tárla annsa seachtmhadh
blíadhain annsa chúigeadh mí, an
deachmhadh lá don mhí go ttái-
nic drong áirigh do shinnsior-
uibh Israel do cheastnughadh
ris an TTighearna, agus do shuigheadar
dom lathairsi.


L. El20:2


Annsin tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El20:3


A mhic an duine, labhair ré sinnsior-
uibh Israel, agus abair ríu, is marso
adeir an Tighearna Día, an tta-
ngabhairsi dfíafruighe sgéul díomhsa?
mar mhairim, adeir an Tighearna Día,
ní cheistneochthar misi maille ribh.


L. El20:4


An ttaigeora tusa air a son,
a mhic an duine? an mbéra tú breith-
eamhnus orra? tabhair orra gráineamh-
lacht a naithreadh daithniughadh:


L. El20:5


Agus abair ríu, is marso adeir
an Tighearna Día, annsa ló ar thogh
misi Israel, agus ar thóig mé mo lámh
súas chum sleachta thighe Iácob, agus
a ndérna mé mé féin aitheanta dhóibh a
ccrích na Hégipte, anuáir do thóig
mé mo lámh súas chuca, ag rádh, is
misi an tighearna bhur Ndía,


L. El20:6


Annsa ló ar thóig mé súas mo
lámh chuca dá ttabhairt as crích na Hé-
gipte go dúthaigh do bhraith mé dhóibh,
ag tuiliughadh do bhainne agus do mhil,
noch asé glóir na nuile fhearann:


L. El20:7


Annsin adubhairt mé ríu, teilgidh
uáibh gach áon aguibh adhfhúathmhaireachta a
shúl, agus ná truáilligh sibh féin
le hiodhaluibh na Hégipte: is misi an
Tighearna bhur Ndía.


L. El20:8


Acht do chathuigheadarsan am
aghaidh, agus níor éistiordar riom:
níor theilg gach áon aca úadh gráin-
eamhlachta a shúl, ní mó do thréigiodar
iodhail na Hégipte; annsin adubhairt
misi, dóirtfe mé anúas mo dhíbhfhearg
orra, do choimhlíonadh mfeirge na na-
ghaidhsion a meadhon chríche na Hégipte.


L. El20:9


Acht doibrigh misi ar son
manma féin, iondus nach ttruáilleoch-
thaoi a lathair na ngeinteadh é, a measc
a rabhadar, a radharc a ndérnas mé
féin aitheanta dhóibh, ghá ttabhairt a-
mach as crích na Hégipte.


L. El20:10


Uimesin thug mé orra dul a
amach as crích na Hégipte, agus thug
mé don nfásach íad.


L. El20:11


Agus thug mé mo reachta dhóibh,
agus do thaisbéin mé mo bhreitheamhnuis
dóibh, noch má ní duine, mairfidh sé ion-
ta.


L. El20:12


Tuilleamh oile fós, thug mé mo
shaóire dhóibh do bheith mar chomhartha
eadrum féin agus íad, go naitheonai-
dís gur misi an tighearna náomhus
íad.


L. El20:13


Acht do chathuigh tigh Israel
am aghaidhsi annsa bhfásach; níor shiubh-
luigheadar ann mo reachtuibh, agus do
tharcuisnígheadar mo bhreitheamhnusa, noch
dá ndérnaidh duine mairfidh sé ionta;
agus do thruáilligheadar mo shábóide
go mór: annsin adubhairt mé, go
ndóirtfinn amach mo dhioghaltas orra
annsa bhfásach da scrios.


L. El20:14


Acht doibrigh mé ar son man-
ma féin; chor nach ttruaillfidhe é a
lathair na ngeinteadh, a radharc a ttug
mé amach íad.


L. El20:15


Acht fós do thóig mé súas
mo lámh dhóibh annsa bhfásach, go nach
ttugainn íad don tír thug mé dhóibh
ag tuiliughadh do bhainne agus do mhil,
noch isé glóir na nuile fhearann.


L. El20:16


Do bhrígh gur dhísbeagadar mo
bhreitheamhnuis, agus nar shiubluigheadar
ann mo reachtaibh, acht gur thruáillea-
dar mo shaóire: óir dochuáidh a
ccroidhthe a ndiáigh a niodhal.


L. El20:17


Thairissin do choigil mo shúil
íad ó na scrios, ní mó dorinne mé
críochnughadh dhóibh annsa bhfásach,


L. El20:18


Achd adubhairt mé rena ccloinn an-
sa bhfásach ná siubhluighidhsi a reachtaibh bhur
naithreadh, agus ná cumhduighthí a mbreitheamhnuis,
agus ná salchuidh sibh féin lena niodh-
aluibh.


L. El20:19


Is misi an Tighearna bhur Ndía,
siubhluighidh ann mo reachtaibh, agus
coimhéduigh mo bhreitheamhnuis, agus dén-
uidh íad.


L. El20:20


Agus náomhuidh mo shabóidigh;
agus béid síad mar chomhartha eadrum
agus sibh, chor go mbía a fhios agaibh
gur misi an Tighearna bhur Ndía.


L. El20:21


Thairissin, do chathuigheadar an
chlann am aghaidh, níor shiubhluigheadar ann
mo reachduibh, ní mó do choimhédadar mo
bhreitheamhnuis dá ndénamh, noch dá ndér-
na duine mairfidh sé ionta; do thruáil-
leadar mo shaóire: annsin adubhairt mé
go ndóirtfinn amach mo dhioghaltas
orra, do choimhlíonadh mfeirge na na-
gaidh annsa bhfásach.


L. El20:22


Thairissin do chonnaimh mé mo
lámh, agus doibrigh mé ar son man-
ma féin, iondus nach ttruáillfidhe
é a radharc na ngeinteadh, a radharc
a ttug mé amach íad.


L. El20:23


Do thóig mé súas mo lámh chu-
ca annsa bfásach, chor go scaóilfinn
ar fud na ngeinteadh íad, agus go
ccráobhsgaóilinn íad thríd na tíor-
tha;


L. El20:24


Do bhrígh nach dérnadar mo
bhreitheamhnuis, acht gur dhísbeagadar mo
reachta, agus gur thruáilliodar mo
shaóire, agus go rabhadar a súile a
ndiaigh iodhal a naithreadh.


L. El20:25


Uimesin thug mé dhóibh reachta
nach raibh go maith, agus breitheamh-
nuis le nach mairfedís.


L. El20:26


Agus do thruáilligh mé íad io-
na mbronntaibh féin, anáit a ttuga-
dar fa deara ar gach a bhfosclann
an bhrú dul thríd an tteine, ion-
dus go ndénuinn áonránach íad, chor go
naitheonaidís gur misi an Tighearna.


L. El20:27


Uimesin, a mhic an duine, la-
bhair ré tigh Israel, agus abair ríu, is
marso adeir an Tighearna Día, thairissin
annsa níso do mhasluigheadar bhur
naithre mé annsanáit ar chionntuigheadar
am aghaidh.


L. El20:28


An tan thug mé íad don tír
ar son ar thóigh mé súas mo lámh dá
thabhairt dóibh, annsin dochonncadar gach
uile chnoc árd, agus na huile chranna
tíugha, agus díodhbradar annsin a níodh-
bartha, agus annsin thugadar a mbo-
ladh cúmhra, agus do dhóirteadar amach
annsin a nofrála dighe.


L. El20:29


Annsin adubhairt mé ríu, cred
í anáit árd chum a ttéighthí? agus
goirthear Bamah dainm dhi gus aniugh.


L. El20:30


Uimesin abair ré tigh Israel,
is marso adeir an Tighearna Día, an
bhfuiltíse truáillighthe do réir ghnátha
bhur naithreadh? agus a ndéantaói strí-
opacus do réir a ngráineamhlachta-
san?


L. El20:31


Oír anuáir thairgthí bhur mbron-
ta, an tan dobhearthaoi air bhur ccloinn
dul thríd an tteine, truáillidhe sibh féin
ré bhur nuile iodhaluibh gus an lá aniugh:
agus an bhfíafrochthar misi libhsi,
a thigh Israel? mar mhairim, a
deir an Tighearna Día, ní cheistneoch-
thar misi maille ribh.


L. El20:32


Agus an ní thiucfas ann bhur
meanmuin, ní bhiáidh marsin ar énchor,
mar adearthaóise, bíamne mar na
geintibh, amhuil muinteara na ttíorthann
dfoghnamh do chrannuibh agus do clochuibh.


L. El20:33


Mar mhairim, adeir an tighearna
Día, go deimhin is lé láimh láidir, a-
gus lé ruigh sínte amach, agus lé
feirg dóirte amach, riaghlochus mé
ós bhur ccionn.


L. El20:34


Agus dobhéra mé amach sibh
as na tíorthuibh mar a ccráobhscaóiltear
sibh le láimh láidir, agus lé ruigh sínte
amach, agus lé feirg dóirte a-
mach.


L. El20:35


Agus dobhéra mé sibh go fá-
sach na ndaóine, agus taigeora mé
ribh annsin aghuidh air aghuidh.


L. El20:36


Amhuil mar do thagair mé ré bhur
naithribh a bhfásach chrích na Hé-
giphte, marsin thaigeorus mé ribhsi,
adeir an Tighearna Día.


L. El20:37


Agus dobhéra mé oruibh siu-
bhal fám shlait, agus dobhérad sibh
a ccuibhreach an chunnartha.


L. El20:38


Agus scagfa mé amach as
bhur measc na ceannairgthigh, agus an
dream sháruighios am aghuidh: dobhé-
ra mé amach as an ttír íad mar a
mbéid ar cuáirt, agus ní rachfuid a
steach a ttír Israel, agus aitheon-
taoi gur misi an Tighearna.


L. El20:39


Ar bhur sonsa, a thigh Is-
rael, is marso adeir an Tighear-
na Día, imthighidh, foghnuidh gach
uile dhuine agaibh dá iodhaluibh féin,
agus na dhiáighsin mar an ccédna,
muna néistighe riomsa: acht ná
truáillidhe mainm naomhtha nías
mó lé bhur mbrontuibh, agus le bhur
niodhaluibh.


L. El20:40


Oír ann mo shlíabh náomhtha a
slíabh áirde Israel, adeir an Ti-
ghearna Día, is annsin fhoigheonuid tigh
Israel uile dhamhsa annsa tír: annsin
ghébhus mé chugam íad, agus annsin íarr-
fas mé bhur nofrálacha, agus primi-
dil bhur níodhbarthadh maille ré bhur
nuile ní náomhtha.


L. El20:41


Gébha mé chugam sibh maille
re bhur mboladh cumhra, an tan bhé-
ras mé amach ón bpobal sibh, agus
chruinneochus mé sibh as na tíorthaibh
ionar díosgaóileadh sibh, agus náomh-
thochthar misi ionnuibh a bhfíaghnuise na
ngeinteadh.


L. El20:42


Agus aitheontaói gur misi
an Tighearna, an tan dobhéras mé go
tír Israel sibh, don tír ar son ar
thóig mé mo lámh súas dá thabhairt dá
bhur naithribh.


L. El20:43


Agus is annsin chuimhneochthaói-
si bhur slighthe, agus bhur ngníomha
uile ionar truáilleadh sibh, agus fúath-
ochuidh sibh féin ann bhur radharc féin,
ar son bhur nuile olc dá ndéarna-
bhair.


L. El20:44


Agus aitheontaói gur misi
an Tighearna, an tan oibreachus mé libh
ar son manma féin, ní do réir bhur
ndroichshlightheachsa, nó do réir bhur
ngníomh ttruáillidhthe, a thigh Is-
rael, adeir an Tighearna Día.


L. El20:45


Tuilleamh oile, tháinic focal
an Tighearna chugam, ag rádh,


L. El20:46


A mhic an duine, suighidh haghaidh
leath ris an deisceart, agus sil do bhrí-
athar leath ris an deisceart, agus tairrghir
anaghaidh fhoraoise an mhachaire budh
dheas.


L. El20:47


Agus abair ré foraois an deis-
ceirt, éist bríathar an Tighearna, is
marso adeir an Tighearna Día, féuch,
lasfuidh mé teine ionnad, agus loisc-
fidh sí gach uile chrann glas ionnad, a-
gus gach áon chrann críon: ní múch-
fuighear an teine lasardha, agus loisg-
fighear innte na huile aighthe ón deis-
ceart gus an ttuáisceart.


L. El20:48


Agus dochífidh anuile fheóil
gur misi an Tighearna do las í; ní
múchfuighear í.


L. El20:49


Annsin adubhairt misi, ah a thi-
ghearna Día, adéuruid síad dom
tháobhsa, ané nach neithe dorcha labhras
sé?


L. El21:1


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El21:2


A mhic an duine, suighidh
haghaidh leath ré Ierusalem,
agus sil do bhríathar leath ris anáit
náomhtha, agus tairrghir anaghaidh thíre
Israel.


L. El21:3


Agus abair ré tír Israel, is
marso adeir an Tighearna, féuch,
atáim ad aghaidh, agus tairreonga mé
mo chloidheamh amach.


L. El21:4


Do bhrígh go ngérrfa mé amach
uáit an fírén agus an ciontach, uimesin
rachfuidh mo chloidheamh amach as a
thruáill anaghaidh anuile fhéola ón
deisceart gus an ttúaisceart.


L. El21:5


Chor go naitheonuidh anuile
fheóil gur misi an Tighearna do tharr-
uing amach mo chloidheamh as a thruáill:
ní fhillfidh sé nísa mhó asteach.


L. El21:6


Osnuidhse, a mhic an duine, uimesin
maille ré briseadh do leasruigh,
agus maille ré searbhus osnuidh as
coinne a súlsan.


L. El21:7


Agus biáidh ann anuáir adér-
uid síad riot, cred as a nuchbha-
dhann tú? go bhfreagora tú, ar son
na scéul, do bhrígh go ttig sé: a-
gus leighfidh anuile chroidhe, agus
biáid na huile lámha lag, agus anbh-
fainneochuidh gach uile spiorad, agus
biáid na huile ghlúine lag amhuil uisge;
féuch, atá sé ag teacht, agus do
bhérthar a ccrích é, adeir an Ti-
ghearna Día.


L. El21:8


Arís tháinic bríathar an Tigh-
earna chugam, ag rádh,


L. El21:9


A mhic an duine, tairrghir agus
abair, is marso adeir an Tighearna, a-
bair, atá cloidheamh, cloidheamh arna ghéru-
ghadh, agus arna líomhadh mar an ccédna.


L. El21:10


Atá sé arna ghérughadh do
dhénamh áir dhoiligh: atá sé arna lío-
mhadh, chor go loinnreochadh sé; a ndén-
maóisne maiseadh sólás? dísbeaguidh sé
slat mo mhicse amhuil anuile chrann.


L. El21:11


Agus thug sé gha líomhadh
é, iondus go nglacfuidhe é: do gér-
uigheadh an cloidheamh, agus atá sé
arna líomhadh dá thabhairt a láimh an mhar-
bhthuigh.


L. El21:12


Eígh agus núalluidh, a mhic
an duine; óir biáidh sé air mo dhaoinibh-
si: biáidh uamhan do bhrígh an chloidhim air
mo phobalsa; uimesin buáil air do
shlíasuid.


L. El21:13


Do bhrígh gur teasdughadh é, gi-
dheadh má dhísbeagann an cloidheamh eadhon an
tslat, ní bhiáidh ann nísa mhó, adeir
an Tighearna Día.


L. El21:14


Tairrghirsi ar anadhbharsin, a
mhic an duine, agus buáil do lámha
air a chéile, agus bíodh an cloidheamh
dúbalta an treas uáir, cloidheamh na
marbh, isé sin cloidheamh na ndaóine móra
tá marbh, noch théid asteach ann a seom-
radhuibh díamhra.


L. El21:15


Do shuighidh mé bairrdheis an chloi-
dhimh anaghaidh a ngeatadh uile, chor
go meirtneochadh a ccroidhe, agus go
méideochthar anaidhmhillte: ah, dorinneadh
loinnreach é, do filleadh súas chum anáir é.


L. El21:16


Imthighse a slighe éigin ceachtar
dhíobh, don láimh dheis, nó chlé, gidhbé
ar bith taobh a mbía hadhuigh.


L. El21:17


Buailfidh misi fós mo lámha fá
chéile, agus dobhéra mé air mo dhíbhfheirg
cíunughadh: misi an Tighearna, adubhairt
é.


L. El21:18


Tháinic focal an Tighearna chu-
gam arís, ag rádh,


L. El21:19


Mar an ccédna a mhic an duine,
cinn dhá shlighe dhuit féin, chor go ttiuc-
fa cloidheamh Rígh na Babilóine:
tiucfuidh aráon cúpla amach as an ttír,
agus toghsa áit, togh í ag ceann na sli-
gheadh chum na caithreach.


L. El21:20


Cinn slighe chum go ttiucfa an
cloidheamh go Rabbat na Nammoníteach,
agus go Hierusalem, an chathair dhain-
gion.


L. El21:21


Oír do sheas Rígh na Babilóine
a ndealughadh na sligheadh, ag ceann an dá
shligeadh do dhéanamh fáistine: dorinne
sé a shoighde déallruightheach, do chomhair-
ligh sé lé híomháighibh, dféuch sé annsna
háeghibh.


L. El21:22


Ar a láimh dheis dobhí fáistine
do Ierusalem dórdúghadh caiptíneadh,
doscladh an bhéil annsanár, do thóg-
báil an ghotha súas maille ré gháir,
dórdughadh reitheadh tolta anaghaidh
na ngeatadh, do theilgion mótadh,
agus do chur daingnigh súas.


L. El21:23


Agus biáidh sé dhóibhsion amhuil
fáistine bhréige íona radharc, don
druing thug mionna; agus goirfidh sé
chum cuimhne a néicceart, iondus go ngébh-
thar íad.


L. El21:24


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, do bhrígh go ttugabhair
fa deara bhur néigceart do chuimhniughadh,
an tan do foillsigheadh bhur sáruighthe,
iondus go ttaisbéntar bhur bpeacuidh
ann bhur ngníomhuibh uile: do bhrígh go
ttangabhair chum cuimhne, géabhthar sibh
leis an láimh.


L. El21:25


Agus thusa a phrionnsa neimhdhía-
dha chiontuigh Israel, noch dá ttáinic do
lá, an tan chríochnochthar an téigceart;


L. El21:26


Is marso adeir an Tighearna
Día, áthruigh ann banna ríoghamhuil, a-
gus bean díot an choróin: ní budh hí so
an ccéanda, árduigh an té is ísiol, a-
gus ísligh an té is árd.


L. El21:27


Iompócha mé é bunóscionn, bunós-
cionn, bunóscionn, agus ní bhiáidh sé
ann níis mó, nó go ttí an té dar ceart
é, agus dobhéra mé dhósan é.


L. El21:28


Agus, thusa a mhic an duine,
tairrghir agus abair, is marso adeir
an Tighearna Día, a ttáobh na Nammo-
níteach, agus a ttáobh a masla, eadhon
abair thusa, atá an cloidheamh, an cloidheamh
ttairrngthe, líomhthar é chum aná
ir do dhíothúghadh do bhrígh an déalruighthe.


L. El21:29


An feadh dochífid díomhaóineas
duitse, an feadh fháistinighid bréga dhuit,
dot thabhairt air mhuinéuluibh na druinge
marbhthar leis na ciontachaibh, noch dá
ttáinic a lá an tan chríochnochtar a néi-
gceart.


L. El21:30


An ttiubhra misi air filleadh io-
na thruáill? dobhéara mé breitheamhnus
ortsa annsanáit ar cruthuigheadh thú,
an do thír dhúthaigh.


L. El21:31


Agus dóirtfidh mé amach m-
fearg ort, séidfidh mé ad aghaid a tteine
mo dhíoghaltais, agus dobhéara mé thú
a láimh dhaóine brúideamhla agus éolach
air aidhmhilleadh.


L. El21:32


Biáidh tú mar chonnadh don teine,
biáidh thfuil a meadhon na tíre, ní cuimh-
neochthar thú nísa mhó: óir is misi an
Tighearna do labhair é.


L. El22:1


Tuilleamh fós, tháinic briathar
an Tighearna chugamsa, ag
rádh.


L. El22:2


Anois a mhic an duine,
an mbéra tú breath: an mbéra tú brei-
theamhnus air an ccathruigh fhuiltig? aseadh
taisbénfa tú a huile ghráineamhlachta
dhi.


L. El22:3


Annsin abairse, is marso adeir
an Tighearna Día, dóirtidh an cha-
thair fuil iona lár, iondus go ttiucfadh
a ham, agus doní sí iodhail na haghaidh
féin dá truailleadh féin.


L. El22:4


Atá tú ciontach ann thfuil, noch
do dhóirt tú, agus do saluigh tú thú
féin ann hiodhaluibh, noch dorinne tú, agus
thug tú ar do laétibh tarraing a ngar,
agus tháinic tú go hiomlan chum do bhlía-
dhan: uimesin dorinne misi scannail díot
do na geintibh, agus magadh do na
huile chríochuibh.


L. El22:5


Dodhéanuid an mhéid atá a bhfo-
gus, agus an mhéid atá a bhfad uáit ma-
gadh fúd, noch atá míochlúiteach, agus
ar do bhuaidhreadh go mór.


L. El22:6


Féuch, prionnsadha Israel, dobhí
gach áon aca ionnadsa do réir a ccu-
mhacht do dhórtadh fola.


L. El22:7


Ionnadsa do tharcuisnigheadar a-
thair agus máthair: ann do lár dorinneadar
go cealgach ris an ccoimhthigheach: io-
nnadsa dorinneadar foiréigion air an
ndílleachta, agus air an mbaintreabhuigh.


L. El22:8


Do tharcuisnigh tú mo neithe ná-
omhthasa, agus do bhris tú mo shaóire.


L. El22:9


Atáid daóine ionnadsa iomchras
scéula do dhórtadh fola: agus ionnad-
sa ithid síad ar na sléibhtibh: doníd
síad úallachus ann do lársa.


L. El22:10


Do thaisbénadar ionnadsa
tárnocht a naithreadh: ionnadsa dumhlui-
gheadar an bhean do cuireadh a leathtaoibh
do bhrígh a neamhghloine.


L. El22:11


Agus dorinne neach gráineamh-
lacht ré mnaói a chomharsan, agus
do thruáillidh neach oile inghean a mhná,
agus dumhluigh neach oile ionnadsa a
dheirbhshíur inghean a athar.


L. El22:12


Ionnadsa do ghabhadar cumha chum
fola do dhórtadh: do ghlac tú úsúireacht
agus biseach, agus do gnodhuigh tú go
sanntach ód chomharsanuibh lé fóirneart, a-
gus do dhearmuid tú misi, adeir an Ti-
ghearna Día.


L. El22:13


Féuch uimesin, do bhuáil mi-
si mo lámh air do ghnodhughadh neimhionnruic,
noch dorinne tú, agus ar thfuil noch
dobhí ann do lár.


L. El22:14


An bhfédann do chroidhe a fhulang,
nó ann bhféduid do lámha bheith láidir
annsna láethibh a ngébha misi do láimh thú?
misi an Tighearna adubhairt é, agus dodhénad é.


L. El22:15


Agus díosgaóilfidh mé thú a
measc na ngeinteadh, agus scabfuidh mé
thú a measg na ttíorthann, agus díogh-
báighfidh mé do shalchar asad amach.


L. El22:16


Agus gébha tú hoighreacht ionnad
féin a radharc na ngeinteadh, agus ai-
theonuidh tú gur misi an Tighearna.


L. El22:17


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El22:18


A mhic an duine, atá tigh Isra-
el dhamhsa amhuil sal, atáid uile na
bprás, na stán, agus na níarann, a-
gus na luáighe a meadhón na fuirníse, ní
bhfuil ionnta acht sal airgid.


L. El22:19


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, do bhrígh go bhfuiltí uile bhur
sal, féuch, uimesin cruinneocha mé sibh
asteach a meadhón Ierusalem.


L. El22:20


Mar chruinnighid síad airgiod, a-
gus prás, agus íarann, agus luáighe,
agus stán a meadhón na fhuirníse, do
shéideadh na teineadh air dá leaghadh:
marsin cruinneóchus misi sibhsi ann
mfeirg agus ann mainteas, agus
fúigfidh mé annsin sibh, agus leagh-
fuidh mé sibh.


L. El22:21


Fós cruinneócha mé sibh, agus
séidfidh mé fúibh a tteine mfeirge, a-
gus leaghfuighear sibh iona lár.


L. El22:22


Amhail leaghthar airgiod a mea-
dhón na fuirníse, marsin bheithíse leaghtha
iona lársan, agus aitheontaói gur
misi an Tighearna do dhóirt amach mfearg
oruibh.


L. El22:23


Agus tháinic focal an Tighear-
na chugam, ag rádh;


L. El22:24


A mhic an duine, abair ría, is
tú an tír nach bhfuil glanta, nach
mó do fearadh fearthuinn uirre a ló
na ccúarta.


L. El22:25


Atá feall agá fáighibh ann a lár
amhuil leomhan buile, cíocrach ar chreich;
do shluigiodar anmanna: do ghlaca-
dar na hionnmhuis, agus na neithe mór-
luáigh: dorinneadar mórán baintreabhach
dhi iona lár.


L. El22:26


Do bhriseadar a sagairt mo dhli-
gheadh, agus do tharcuisnigheadar mo nei-
the náomhtha: ní dheárnadar eidirdhealu-
ghadh idir an naomhtha agus an neamhnáomhtha,
ní mó do thaisbeanadar eidirdhealúghadh idir
an nglan agus an neamhglann,
agus dfoluigheadar a súile óm
shaóire, agus atáim ar mo thruáilleadh ea-
ttorra.


L. El22:27


Is cosmhuil a prionnsadha iona
lár ré madradhuibh állta cíocrach chum
chreiche, do dhórtadh fola, agus do mhar-
bhadh anmann, dfagháil tarbha neimhionnraca.


L. El22:28


Agus do dhóibiodar a fáighe íad
féin lé moirtéur gan tsúathadh ag
faicsin díomhaóinis, agus ag fáistine
bréug dhóibh, ag rádh, is marso a
deir an Tighearna Día, an tan nar la-
bhair an Tighearna.


L. El22:29


Do ghnáthuigheadar daóine na tíre
éccóir, agus do chleachtadar slad, a-
gus do cráidheadar an bocht agus an
ríachtanach, do bhruigheadar fós an táonrá-
nach go héccóir.


L. El22:30


Agus díarr misi duine iona
measc dodhénadh an fál súas, agus do
sheasfadh annsa mbeirn romham ar son
na tíre, iondus nach millfinn í, acht ní
fhuarus duine ar bith.


L. El22:31


Uimesin do dhóirt mé amach
mfearg orra, do loisg mé íad lé teine
mfeirge: do chúitigh mé a slighe féin air
a cceannuibh, adeir an Tighearna Día.


L. El23:1


Tháinic bríathar an Tighearna
chugam arís, ag rádh,


L. El23:2


A mhic an duine, dobhá-
dar días ban, ingheana áon-
mháthar amháin.


L. El23:3


Agus rinneadar stríopachus ann
saNégipt, dorinneadar stríopachus
iona nóige: annsin do brúigheadh a
gcíche, agus annsin do bhrúigheadar cío-
cha a maigdionuis.


L. El23:4


Agus dobé a nanmanna, Aho-
lah fa sine, agus Aholibah a deirbh-
shíur: bá liomsa íad, agus rugadar
mic agus ingheana: is marso dobhí a nan-
manna: sí Aholah Samária, agus sí
Aholibah Ierusalem.


L. El23:5


Agus dorinne Aholah meirdrea-
chus anuair bá liomsa í, agus dobhí sí
roghrádhach air a háos grádha, air na Síria-
náchaibh a comharsana,


L. El23:6


Noch dobhí arna nédughadh a
ngorm, na ccaiptínibh agus na ría-
glóiríghibh, íad uile na nógánachaibh toi-
leamhla, na marcshlúagh ag marcuigheacht
air eachaibh.


L. El23:7


Marso dorinne sí a stríopachus
ríu, leis an méid dobí na bhfearuibh togh-
tha san Nassíria, agus leis anuile
ar raibh a mearghrádh, do truáilligh sí
í féin lena niodhaluibh uile.


L. El23:8


Ní mó dfág sí a stríopachus ón
Négipt: óir do luigheadar lé iona
haóis óig, agus do bhrúigheadar cíche
a maighdionuis, agus do dhóirtiodar a
stríopachus uirre.


L. El23:9


Uimesin thug misi a láimh a háos
grádh í, a láimh na Nassírianach air a
raibh a cion.


L. El23:10


Do léigiodar so a tárnocht-
uighe leis, do ghabhadar a mic agus a
hingheana, agus do mharbhadar í leis an
ccloidheamh: agus dfás sí na hainm do
mhnáibh, óir rugadar breitheamhnus uirre.


L. El23:11


Agus an tan dochonnairc a deirbh-
shíur Aholibah so, dobhí sí nísa thruáil-
lighthe iona grádh ainmheasardha ná ise;
agus iona stríopachus nísa mhó ná a
deirbhshíur iona stríopachus.


L. El23:12


Do antoiligh sí ar na Hassí-
riánachaibh a comharsana, caiptíne a-
gus úachtaráin éaduighthe go ro
oirnélta, marcshlúagh ag marcuigheacht
ar eachaibh, íad uile na nógánachaibh
iontoile.


L. El23:13


Annsin dochonnairc misi go raibh sí
arna truáilleadh, gur ghabhadar aráon
aóintslighe.


L. El23:14


Agus gur mhéduigh sí a stríopa-
chus: óir an tan dochonnairc sí fir arna
bpinndeáil air an mballa, íomháighe na
Ccaldéanach tairngthe re bhearmilion,


L. El23:15


Criosluighthe maille re crea-
saibh air a leasrach, ag breith bhárr
go hiomarcach a ndéaduighibh daite
air a cceannaibh, íad uile na bprionnsadhuibh
re féuchuin, do réir mhodha Bha-
bilóineach na Caldeá, tír a mbeir-
the:


L. El23:16


Agus comhlúath go bhfaca sí
íad lena súilibh, do mhíchíalluigh sé dhá
ttaóibh, agus do chuir sí teachta chugtha
don Chaldeá.


L. El23:17


Agus thangadar Babilóinigh
chuice go leabuidh an ghrádha, agus do
thruáillighiodar í le na stríopachus, a-
gus do truáilleadh léo í, agus dobhí a
hinntinn arna dhénamh choimhightheach úatha.


L. El23:18


Marsin do léig sí a strío-
pachus leis, agus do thaisbéin sí a
tárnochtuighe: annsin do choimhthíghidh
minntinnsi uaithe, amhuil dáthruigh minntinn
óna deirbhshiáir.


L. El23:19


Gidheadh do mhéduigh sisi a strío-
pachus a ngairm láethe a hóige chum cuimh-
ne, an a ndérna si meirdreachus ccrích
na Hegipte.


L. El23:20


Oír do antoiligh sí cosmhuil rena
mnáibh luidhesion: do brígh go bhfuil
a bhfeoil amhuil feóil assail, agá bhfuil
a sliocht amhuil síol each.


L. El23:21


Marso thug tú ad chuimhne úal-
luidhe hóige a mbrúghadh do chíoch leis na
Hégiptibh ar son chíoch hóige.


L. El23:22


Uimesin, a Aholibah, is marso
adeir an Tighearna Día, féuch, dúiseo-
cha misi súas háosgrádha ad aghaidh ó
bhfuil hinntinn anaithnidh, agus dobhéra mé
ad aghaidh íad air gach áontaoibh;


L. El23:23


Na Babilónigh, agus na
Caldeánuigh uile, Pecod, agus Soa,
agus Coa, na Hassiriánuigh uile maille
ríu: íad uile na ndaóinibh óga iondúile,
na ccaiptínibh agus na núachtharánuibh,
tighearnadha móra, agus clúiteach, íad
uile ag marcuigheacht air eachaibh.


L. El23:24


Agus tiucfuid síad uile ad a-
ghaidh lé carbaduibh, le cóistighibh, agus
le rothaibh, agus le cruinniughadh daóine
noch chuirfios buicléir agus scíath a-
gus clogad ad adhaigh a ttimchioll
faccuáirt: agus cuirfidh misi breithea-
mhnus rompa, agus dobhéraid síad breitheamh-
nus ortsa do réir a mbreitheamhnuis féin.


L. El23:25


Agus suidheocha mé mo éud ad
aghaidh, agus dodhénuid síad go han-
bhorb riot: béruid síad léo do shrón, a-
gus do chlúasa, agus tuitfidh thfui-
ghioll leis an ccloidheamh: gébhuid síad
do mhic agus hinghiona, agus dóithfighear
a tteine a bhfúigfighear dhíot.


L. El23:26


Nochtfuid síad thú fhós as héa-
dach, agus bhéaruid do sheóid breádha
léo.


L. El23:27


Marso dobheára mé air húalla-
chus cosg, agus air do stríopachus ó
chrích na Hégipte: iondus nach ttóig-
fe tú do shúile súas chuca, agus nach
ccuimhneocha tú an Négipt nísa mhó.


L. El23:28


Oír is marso adeir an Tighear-
na Día, féuch dobhéra misi thú a
láimh na druinge noch fhúathuighios thú, a
láimh an luchta ar árthuigh do mheanma úa-
tha.


L. El23:29


Agus dodhénuid síad go fúath-
mhar riot, agus béruid do sháothar
uile léo, agus fúigfid tárrnocht a-
gus lom thú, agus foillseochthar tárr-
nochduighe do stríopachuis, húallachus a-
ráon agus do stríopachus.


L. El23:30


Dodhéna mé na neithesi riot, do
bhrígh gur imthigh tú lé stríopachus a
ndiáigh na ngeinteadh, agus do
bhrígh gur truáilleadh thú lena nio-
dhaluibh.


L. El23:31


Dimthigh tú a slighe do dheirbhshea-
thar, uimesin dobéra mé a cupán ann do
láimh.


L. El23:32


Is marso adeir an Tighearna
Día, iobha tú as cupán do dheirbhsheathar
go domhain leathan; dodhéntar gáire tar-
cuisneach iomad, agus biádh tú ad mha-
gadh; is mór thuillios ann.


L. El23:33


Líonfuigear lé meisce, agus lé
doilghios thú, lé cupán úathbháis agus dóláis,
agus lé cupán do dheirbhsheathrach Samária.


L. El23:34


Eadhon iobha tú, agus súighfidh
tú é uile, agus brisfidh tú a bhruáigh,
agus tairreonga tú do chíche féin asad:
óir adubhairt misi é, adeir an Tighearna.


L. El23:35


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, do bhrígh gur dhearmuid tú
misi, agus gur theilg tú táobh síar
dhíot mé; uimesin iomchuir thusa hualla-
chus féin, agus do stríopachus.


L. El23:36


Ar anadhbarsin adubhairt an
Tighearna riomsa, a mhic an duine, an
mbéra tú breath air Aholah, agus air Aholibah?
aseadh, foillsigh dhóibh a ngráineamhlachta.


L. El23:37


Go ndérnadar adhaltrannas, a-
gus go bhfuil fuil iona lámhuibh, agus go
ndérnadar adhaltrannas lena niodhal-
uibh, agus go ttugadar fós air a
macaibh noch rugadar dhamhsa imtheacht
thríd an tteine dá losgadh.


L. El23:38


Tuilleamh fós, is marso do
rinneadar liomsa: do thruáilliodar mo
shanctóir annsa ló chédna, agus do neimh-
nigheadar mo shábóide.


L. El23:39


Oír an tan do mharbhadar a
cclann dá niodhaluibh, annsin thangadar
san ló chédna dom shancthóirse dá
truáilleadh; agus féuch, is marso
dorinneadar a meadhón mo thighe.


L. El23:40


Agus tuilleamh fós, do chuirea-
dar fios air dhaóinibh teacht a bfad, a
ccionn ar cuireadh teachta, agus féuch,
thangadar, ar son ar nigh tusa thú
féin, ar phinndeáil tú do shúile, agus
ar chóirigh tú thú féin lé culadhuibh,


L. El23:41


Agus ar shuigh tú air leabuigh
státamhuil, agus bórd glésta as a
choinne, air ar shuigh tú mo thúis agus
mola.


L. El23:42


Agus dobhí guth mhóráin a
socamhal iona fochair, agus maille ris
na daóinibh coitchionn tugadh Sabéanuigh
ón bhfásach, noch do chuir bráisléd air a
lámhuibh, agus córona breágha air a cceann-
uibh.


L. El23:43


Annsin adubairt misi ría, do
bhí seannda a nadhaltranasuibh, a ndénuid
anois adhaltrannus ría, agus ise ríu-
san?


L. El23:44


Thairissin dochúadar iona
gnáis amhuil dorachaidís chum mná do
ní meirdreachus; is marsin dochúadar
a ngnás Aholah agus Aholibah, na
mná úallacha.


L. El23:45


Agus béruid na daóine fírén-
ta breath orra, do réir modha adhalt-
rannach, agus do réir mhodha na mban
dhóirtios fuil; do bhrígh go bhfuilid na
nadhaltrannachaibh, agus go bhfuil fuil
iona lámhuibh.


L. El23:46


Oír is marso adeir an Tighear-
na Día, bhéara mé cuideachta aníos
orra, agus seachoduigh mé dá náthar-
rach; agus da milleadh íad.


L. El23:47


Agus clochfuid an chuideachta íad
lé clochaibh, agus muirfid íad lena
ccloidhmhthibh; muirfid síad a mic a-
gus a ningheana, agus loisgfid súas
a ttighthe lé teine.


L. El23:48


Marso dobhéara mé air úalla-
chus cosg as an ttír, le múinfighear
do na huile mhnáibh gan déanamh do
réir bhur leimhesi.


L. El23:49


Agus cúiteochuid síad bhur
leimhe ribh, agus iomchorthaói peacuidhe
bhur niodhal, agus aitheontaói gur mi-
si an Tighearna Día.


L. El24:1


ARís, annsa náomhadh blia-
dhain, annsa deachmhadh mhí, air
an deachmhadh lá don mhí, thái-
nic bríathar an Tighearna
chugamsa, ag rádh,


L. El24:2


A mhic an duine, scríobh dhuit
ainm an laói, eadhon an laói chéadna-
sa; do suighidh Rígh na Babilóine é
féin anaghuidh Ierusalem san ló chéd-
nasa.


L. El24:3


Agus labhair cosamhlacht ris an
ttigh chogthach, agus abair ríu, is
marso adeir an Tighearna Día, Cuir
síos pota, cuir síos é, agus fós
dóirt uisge ann.


L. El24:4


Cruinnigh a píosadhasin ann, eadhon
gach áonchuid mhaith, an tslíasad, a-
gus an slinnéun, líon é lé togha na
ccnámh.


L. El24:5


Glac togha an tréada, agus
loisg fós na cnámha faói, agus ta-
bhair air fiuchadh go maith, agus fiu-
chadh sé a chnámhasin ann.


L. El24:6


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, a mhairg don chathruigh fhuil-
tigh, don phota agá bhfuil an scim ann,
agus nach deachaidh a scim as amach;
tabhair amach é píosa air phíosa, ná tui-
teadh crannchair ar bhith air.


L. El24:7


Oír atá a fuil iona lár: do
shuighidh sí é ar mhullach cairge, níor
dhóirt sí air an ttalamh é dhá folach lé
luáithreadh:


L. El24:8


Chor go ttiubhradh sé fa deara
fearg do teacht aníos do dhénamh diogh-
altais; do shuighidh misi a fuil air
mhullach cairge, chor nach bhfédfuidhe a
fholach.


L. El24:9


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, a mhairg don chathruigh fhuil-
tigh, dodhéna misi an teine mór.


L. El24:10


Crúach connadh uirre, las an
teine, díothaigh anfeóil, agus spíos-
ruidh go maith í, agus loisgthear na
cnámha.


L. El24:11


Annsin cuir folamh é air a smé-
róidibh, nó go raibh a phrás te, agus
go leaghthar a shalchar ann lé loisgfighear
a scim.


L. El24:12


Do thuirsigh sí í féin lé bréug-
uibh, agus ní dheachuidh a scim mhór aisde
amach; biáidh a scim annsa teine.


L. El24:13


Atá úallachus ann do shalchar:
do bhrígh gur ghlan misi thú, agus nach
raibh tú glan, ní glanfuighear ód shal-
char thú nísa mhó, nó go ttuga mi-
si air mo dhioghaltas socrughadh ort.


L. El24:14


Misi an Tighearna do labhair é,
tiucfa sé a ccrích, dodhéna mé é,
ní racha mé ar ccúl, ní mó choigeolus
mé, ní mó bhías aithreachus orum; do
réir do shlightheach, agus do réir do
ghníomh béruid síad breath ort, adeir
an Tighearna Día.


L. El24:15


Mar an ccédna tháinic bría-
thar an Tighearna chugamsa, gha rádh,


L. El24:16


A mhic an duine, féuch, beirim
uáit mían do shúl le buille, gidheadh
ní dhéna tú doilghios, ní chaóidhfe tú,
ní mó riothfuid do dhéra síos.


L. El24:17


Léig dhíot éighiomh, ná dén cu-
mha ar son na marbh, ceangail trea-
lamh do chinn ort, agus cuir do bhróga
air do chosaibh, agus ná foluigh do phui-
sínighe, agus ná hith arán na ndaóine.


L. El24:18


Marsin do labhair mé ris na
daóinibh air maidin, agus déug mo bhean
tráthnóna, agus dorinne mé air maidin
mar do haithnigheadh dhíom.


L. El24:19


Agus adubhairt an pobal riom,
nach inneosa tú dhúinne cred atá dhúinn
ris na neithibhse doní thú marso?


L. El24:20


Annsin do fhreagair misi íad, thái-
nic bríathar an Tighearna chugamsa, ag
rádh,


L. El24:21


Labhair re tigh Israel, is mar-
so adeir an Tighearna Día, féuch,
truáilleocha misi mo shanctóir, oirdhear-
cus bhur neirtesi, fonn bhur súl, agus
an ní is trúagh lé bhur ccroidhe: agus
bhur mhic agus bhur ningheana noch do
fhágabhair, tuitfid leis an ccloidheam.


L. El24:22


Agus dodhéntaoi mar dorinne
misi, ní fhoileochuidhe bhur bpuisínidhe, ní
mó íostaói arán na ndaóine.


L. El24:23


Agus biáidh bhur ttrealamh air bhur
cceannaibh, agus bhur mbróga air bhur
ccosaibh: ní dhéntaoi ghul nó gearán,
acht beithí cnaóidhte ar son bhur néig-
ceart, agus caóidhfidhe gach aon a-
gaibh ar aghaidh a chéile.


L. El24:24


Marso atá Esechiel na chomhar-
tha dhíbh do réir na nuile neithe dá ndér-
na sé, is marsin dodhéntaóise; agus
an tan thiucfas so, aitheontaói gur
misi an Tighearna Día.


L. El24:25


Mar an ccédna, a mhic an
duine, nach eadh bhías annsa ló a mbé-
ra misi a neart úatha, gáirdeachus a
nglóire, mían a súl, agus an ní air
ar shuigheadar a ninntin, a mic, agus
a ningheana;


L. El24:26


Iondus go ttiucfadh an té ra-
chus as san lósin chugadsa da tha-
bairt ort a chluinsion led chlúasaibh?


L. El24:27


Annsa lósin foisceoltar do
bhéul don tí rachus as, laibheora tú,
agus ní biáidh tú bhalbh nísa mhó, a-
gus biáidh tú ad chomhartha dhóibh,
agus aitheonuid gur misi an Tigh-
earna.


L. El25:1


Tháinic bríathar an Tighear-
na chugamsa, ag rádh,


L. El25:2


A mhic an duine, sui-
ghidh haghaidh air na Hammo-
nítibh, agus tairghir na naghaidh;


L. El25:3


Agus abair ris na Hammoníteachaibh,
éistigh bríathar an Tighearna Día, is
marso adeir an Tighearna, do bhrígh
go ndubhairt tú, aha, anaghaidh mo
shanctora an tan do truáilleadh í, a-
gus anaghaidh thíre Israel, anuáir do
bhí sí aonránach, agus anaghaidh thighe
Iúdah, an tan dochúadar a ndaoir-
sine;


L. El25:4


Féuch, air anadhbharsin, seachoduigh
mé thú do chlannaibh anoirthir mar
sheilbh, agus suigheochuid a bpáláis io-
nnad, agus dodhénuid a náitreabha io-
nnad: íosuid síad do thoradh, agus
iobhuid síad do bhainne.


L. El25:5


Agus dodhéna mé stábla cá-
mhall do Rabbah, agus do na Ham-
monítibh áite luidhe do thréduibh, agus
aitheontaói gur misi an Tighearna.


L. El25:6


Oír is marso adeir an Tigh-
earna Día, do bhrígh gur bhuáil tú do
lámha, agus gur phreab tú led cho-
saibh, agus gur gháirdigh tú a ccroidhe
maille re haingidheacht anaghaidh thíre
Israel;


L. El25:7


Féuch uimesin, sínfidh misi mo
lámh amach ort, agus seachoduigh mé
mar édáil do na geintibh thú, agus
gérrfa mé amach as an bpobal thú,
agus dobhéara mé ort dioghbhadh a-
mach as na tíorthaibh: agus scrios-
fuidh mé thú, agus aitheona tú gur
misi an Tighearna.


L. El25:8


Is marso adeir an Tighearna
Día, do bhrígh go nabair Moab, agus
Seir, féuch, atá tigh Iúdah cosmhuil
ris na geintibh uile:


L. El25:9


Uimesin féuch, foisceola mé
táobh Mhóab ó na calthearchaibh, ó na
chaithreachaibh atá ar a imeal, glóir thíre
Bhet-Iesimot, Bhaalmeon, agus Chí-
riataim,


L. El25:10


Dfhearuibh anoirthir anaghaidh
chloinne Ammon, agus dobhéara mé a
seilbh íad, chor nach ccuimhneochthar na
Hammonítigh a measc na ccineadhach.


L. El25:11


Agus dobhéara mé breath air
Mhóab, agus aitheonuid gur misi an
Tighearna,


L. El25:12


Is marso adeir an Tighearna
Día, do bhrígh go ndéarnuidh Edom
anadhuigh thighe Iúdah do ghlacadh dhio-
ghaltais, agus gur chiontuigh go mór,
agus gur dhioghail é féin orra.


L. El25:13


Ar anadhbharsin is marso a
deir an Tighearna Día, sínfidh misi
fós mo lámh amach ar Edom, agus
géarrfa mé aiste amach idir dhuine,
agus bheathach, agus dodhéana mé
áonránach í ó Théman, agus tuitfid
leis an ccloidheamh go Dédan.


L. El25:14


Agus cuirfidh mé mo dhioghal-
tas ar Edom lé láimh mo phobail Is-
rael, agus dodhéanuid síad ann E-
dom do réir mfeirgesi, agus do réir
mo chutaigh agus biáidh fios mo dhiogh-
altais aca, adeir an Tighearna
Día.


L. El25:15


Is marso adeir an Tighearna
Día, do bhrígh go ndéarnadar na
Philistiníg dioghaltas, agus gur
dhioghladar maille ré croidhe aingidhe,
dá scrios maille re fúath síothbhúan:


L. El25:16


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, féuch sínfidh mé mo lámh
amach air na Philistinibh, agus gérrfa
mé na Cheretimigh, agus scrios-
fa mé fuighioll chuáin na fairge.


L. El25:17


Agus dodhéana mé dioghaltas
mór orra maille ré iomaithbhearuibh cu-
thaigh, agus aitheonuid gur misi an Tighearna,
an tan leagfas mé mo dhioghail orra.


L. El26:1


Agus tárla annsa náomhadh
blíadhain dég, an chéd lá
don mhí, go ttáinic bría-
thar an Tighearna chugamsa,
ag rádh,


L. El26:2


A mhic an duine, do bhrígh go
ndubhairt Tírus anaghaidh Ierusalem,
aha, atá geata na ndaóine briste,
dfill sí chugamsa, líonfuighear misi
anois ó fágbhadh áonránach ise.


L. El26:3


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, féuch atáimsi ad a-
ghaidhsi, a Thírus, agus dobhéra mé
air mhórán cineadhach teacht súas ad a-
ghaidhsi, mar dobheir anfairge air a
tonnaibh teacht súas.


L. El26:4


Agus scriosfuid síad balladha
Thírus, agus brisfid síos a tuir:
tairreonga mé fós a luáithreadh uáithe,
agus dodhéna mé cosmhuil ré mullach
cairge í.


L. El26:5


Biáidh sí na leathnughadh líon a
meadhon na fairge: óir adubhairt misi é,
adeir an Tighearna Día, agus biáidh
sí na hédáil ag na cineadhachaibh.


L. El26:6


Agus muirfighear a hingheana a-
tá annsa machaire leis an ccloidheamh,
agus aitheonuid gur misi an Tighear-
na.


L. El26:7


Oír is marso adeir an Tighear-
na Día, féuch, dobhéra mé air Thírus
Nebuchadressar Rígh na Babiloine, Rígh
na Ríogh, ón tuaisceart maille re hea-
chaibh, agus re carbaduibh, agus re marc-
shlúagh, agus le coimhthionól, agus le
mórán daóine.


L. El26:8


Muirfidh sé hinghiona leis an
ccloidheamh, agus dodhéna sé pórt ad
aghaidh, agus teilgfidh sé móta ad
adhaigh, agus tóigfe sé súas an buic-
léir ad aghaidh.


L. El26:9


Suigheochuidh sé bratacha cogaidh
anaghaidh do bhalladh, agus lena
thúaghaibh brisfidh sé síos do
thuir.


L. El26:10


Do bhrígh iomad a each, foileoch-
uidh a luáithreadh thusa, criothnochuid
do bhalladha lé tormán an mharcshluáigh,
agus na rothadh, agus na ccarbad,
an tan thiucfas sé asteach ann
do gheatuighibh, mar thíaghuid
daóine a ccathruigh air a ndéntar bri-
seadh.


L. El26:11


Lé hingnibh a each sailteoruidh
sé síos do shráide uile; muirfidh sé
do dhaóine leis an ccloidhiomh, agus ra-
chuid do gharisuin láidre síos go talamh.


L. El26:12


Agus dodhénuid édáil dot
shaidhbhrios, agus dodhénuid creach dot
cheannuigheacht, agus brisfid síad síos
do bhalladha, agus sgriosfuid síad
do thighthe breághdha, agus leagfuid
síad do chlocha, agus hadhmad, agus
do luáithreadh a lár anuisce.


L. El26:13


Agus dobhéra misi ar fhuáim
habhrán cosg, agus ní cluinfighear fuáim
do chláirseach nísa mhó.


L. El26:14


Agus dodhéna mé thú cosmhuil
re mullach cairge; biáidh tú ad áit
líon do leathnughadh air: ní cuirfighear
súas nísa mhó thú: óir is misi an
Tighearna do labhair é, adeir an Ti-
ghearna Día.


L. El26:15


Is marso adeir an Tighearna
Día ré Tírus, nach ccriothnochuid na
hioleáin lé tormán do thuitme, an
tan éighfid na créchtuidh, anuáir do
dhéntar an tár ann do lár?


L. El26:16


Annsin tiucfuid uile phrionnsa-
dha na fairge anúas as a ccathaói-
ribh, agus cuirfid a róbadha dhíobh,
agus cuirfid díobh a cculadha brói-
dinealta: éideochuid síad íad féin lé
creathaibh, suidhfid air an ttalamh, agus
béid air crioth lé gach áon mhóment, a-
gus biáidh úathbhás orra dot tháobh-
sa.


L. El26:17


Agus tóigfid súas gol-
gháir ar do shonsa, agus adéruid
riot, ciondus atá tú sgriosta do
bhí áitreabhtha lé lucht na fairge, an
chathair iomráidhteach dobhí láidir san
bhfairge, í féin agus a háitreabhth-
uigh, noch do chuir a neagla air anuile
dhuine dár thathuigh í?


L. El26:18


Annois criothnochuid na hioleáin
a ló do leagthasa, aseadh na hoileáin
atá air an bhfairge béid buáidheartha fad
imtheachtsa.


L. El26:19


Oír is marso adeir an Ti-
ghearna Día, an tan dodhéna misi ca-
thair uáigneach dhíotsa, cosmhuil ris na
caithreachaibh ann nach bhfuil áitreabhadh,
an tan dobhéara mé an taigéun
súas ort, agus fhoileochuid uisgeadha
móra thú;


L. El26:20


An tan dobhéara mé síos
thú maille ris an ndroing théid san
log, lé daóinibh na seanaimsire, agus
shuidheochas mé thú anáitibh íochtaracha
na talmhan, anáitibh uáigneacha ó
anallod, maille ris an ndruing théid
síos san pholl, iondus nach biáidh tú
áitreabhtha, agus shuidheochas mé glóir
a ttír na mbeó:


L. El26:21


Dodhéana mé úathbhás díot,
agus ní bhiáidh tú ann nísa mhó: bíodh
go níarrfuighear thú, gidheadh ní bhfuigh-
thear arís choidhche thú, adeir an Ti-
ghearna Día.


L. El27:1


Tháinic bríathar an Tighearna
chugam arís, ag rádh,


L. El27:2


Annois thusa a mhic
an duine, tóig súas gol-
gháir ar son Tírus;


L. El27:3


Agus abair ré Tírus; thusa
atá suighidhthe a ndul asteach na
fairge, noch atá ad cheannuighe an phobuil
do mhórán oiléun, is marso adeir
an Tighearna Día, a Thírus adu-
bhairt tusa, atáim rosgíamhach.


L. El27:4


Atáid himil a lár na fairge,
do iomlánadar do shaóir do sgíamh.


L. El27:5


Dorinneadar huile chlára do chrann-
uibh giumhuis Senir: thugadar Cedair
ó Lebanon do dhéanamh crann seóil duit.


L. El27:6


Dorinneadar do rámhadh do dhairibh
Basan: dorinne cuideachta
na Nasuríteach do thaóbháin dibhori as oilean-
uibh Chittim.


L. El27:7


Dobudh línéadach mín maille ré
hobair bhróidnéireachda óNégipt do
leathnuigh tú amach do bheith na sheól
agad; an ní dfoluigh thú ba gorm a-
gus dearg é ó oiléanuibh Elisah.


L. El27:8


Dob íad áitreabhthuigh Sídon, agus
Arbhad do mháirneuluigh, dob íad do
dhaóine críonna dobhí ionnad a Thírus,
do loingseoiridhe.


L. El27:9


Dob íad sinnsir Ghebal, agus
a daoine glioca dobhí ionnad, lucht
do neartuighthe, dobhádar loingios na
fairge uile maille rena máirneulachaibh
ionnad do dhénamh do cheannuigheachda.


L. El27:10


Dob íad muinntir na Persia, a-
gus Lud, agus Phut, ann do shluagh,
do lucht cogaidh: do chrochaidís an
sgíath agus an chinnbheart ionnad, do
chuiredís do bhreádhacht ós áird.


L. El27:11


Dobhí fir Arbhad maille red
shlúaghsa air do bhalladhuibh timchioll
faccuáirt, agus do chrochaidís a scíath
air do bhalladhuibh timchioll faccuáirt,
dorinneadar do sciamh iomlán.


L. El27:12


Dobí Tarsis do cheannuige, do
bhrígh iomadamhlachd anuile shórt saidh-
bhrios maille re hairgiod, íarann, stán,
agus luáidhe do iomlataidís ann háon-
uighibh.


L. El27:13


Dob íad do cheannuighthe Iabhan, Tu-
bal, agus Mesech; do reacaidís pear-
sanna daóine, agus soighthighe práis
air do mharguighibh.


L. El27:14


Do mhalartaidís muintir Tho-
garmah ann háonuighibh lé heachaibh, agus
lé marcshlúagh, agus lé múilli-
dhibh.


L. El27:15


Dobhádar fir Dédan na cceann-
uighibh agad, dobhí morán oilean na
cceannuigheadh fád láimh: dobheirdís chu-
gad mar bhronta adharca ibhori agus
ebeni.


L. El27:16


Dobí Síria do cheannuighe do
bhrígh iomuid earradh dot dhénamhsa; do
ghnáthuighedís ann do mharguidhibh
lé heméralduibh, purpair, agus obair
bhróidnéireachda, agus línédach breádha
agus croibheal agus Agat.


L. El27:17


Dob íad do cheannuighthe Iúdah, a-
gus tír Israel: do reacaidís air do
mhargadh chruithneacht Mhinit, agus Pa-
nnag, agus mil, agus ola, agus íce.


L. El27:18


Dobhí Damascus na ceannuighe a-
gad aniomad na nearradh donitheá, do
bhrígh iomadamhlacht donuile shaidhbhri-
os: a bhfíon Helbon, agus noluinn bháin.


L. El27:19


Dobhí Dan fós agus Iabhán ag
teacht agus ag imtheacht, gnothuigheach ann
háonuighibh: dobhí íarrán loinnreach, cas-
sia agus calamus ann do mhargadh.


L. El27:20


Dobhí Dedan na cheannuighe agad
fa éuduighibh mórluáighe chum car-
bad.


L. El27:21


Do mhalartigheadar Arábia a-
gus uile phrionnsuidhe Cedar leachd a núa-
nuibh, agus a reithighibh agus a ngabh-
ruibh: ionntaso dobhádar do cheannuigh-
the.


L. El27:22


Dobhádar ceannuighthe Shébah, a-
gus Ramah na cceannuighibh agad: do
mhargaladar ann háonuighibh maille ré
togha na nuile spíosradh agus maille
ris anuile chloich mhórluáich agus re
hór.


L. El27:23


Dob íad do cheannuighthesi Haran,
agus Canneh, agus Eden, ceannuighe Shé-
bah, Asur, agus Chilmad.


L. El27:24


Dob íadso do cheannuighthe ann gach
uile sórt anédach ghorm, agus ano-
bair bhróidnéireachda, agus a ccófradhuibh
chuladh ccostusach, arna cceangal lé
córduibh agus dénta do Cedar a measc
do cheannuigheachda.


L. El27:25


Do chanadar longa Tharsis
dot tháobhsa ann do mhargadh, agus do
fóirlíonad thú, agus dorinneadh roghlór-
mhar thú a meadhon na bhfairgeadh.


L. El27:26


Thugadar do rámhuighthe thú annsna
huisgeadhuibh móra: do bhrisiodar
gáotha anoirthir thú a lár na fairge.


L. El27:27


Tuitfidh do shaidhbhrios, agus
háonuighe, do cheannuigheacht, do mháirneul-
uigh, agus do loingseóiridhe, agus lucht do
nertuighthe, agus lucht cleachta do cheann-
uigheachta, agus huile lucht cogaidh atá
ionnad, agus ann do chomhlúadar uile,
noch atá ann do lár, a meadhón na fairge
a ló do scriosta.


L. El27:28


Criothnochuid do bhailte amuigh
lé fuáim chomharc do mháirnealach.


L. El27:29


Agus tiocfuidh anuile dhuine
ghlacus na rámhadh, ná máirneuluigh, a-
gus uile loingseóirighe na fairge, a
núas as a longuibh, seasfuid síad air an
ttalamh.


L. El27:30


Agus cluinfighear a nguth ad
aghaidhsi, agus comhaircfid go géur, a-
gus teilgfid súas luáithreadh air a cceann-
uibh, unfartuid íad féin annsa luáithreadh.


L. El27:31


Agus dodhénuid síad íad féin
uile máol ar do shonsa, agus crioslo-
chuid íad féin a saicédach, agus guil-
fid ar do shon maille re doilghios croi-
dhe, agus lé núallghubha searbha.


L. El27:32


Agus iona núallghubha tóigfid
golgháir súas ar do shonsa, agus caóidhfid
ós do chion, gha rádh, cía bhí cosmhuil re
Tírus arna sgrios marso a lár na
fairge.


L. El27:33


An tan dochúadar hearradha
amach as na fairgidhibh do líon tú mórán
pobal, do shaidhbhriosuidh tú Ríghthe na
talmhan le hiomad do shaidhbhris, agus
do cheannuigheachda.


L. El27:34


Annsanam a mbía tú briste
leis na fairgidhibh a ndoimhne na nuisgeadh,
tuitfidh do cheannuigheacht, agus do chuidea-
chta uile ann do lár.


L. El27:35


Bíaidh uile áitreabhthacha na noi-
léun anbhuáineach iomadsa, agus biáidh a
Ríghthe roeaglach, béid síad buáidheartha
iona ngnúisibh.


L. El27:36


Biáid na ceannuighthe a measc an
phobail ag fonomhad fúd, biáidh tú ad
úathbhás, agus ní bhiáidh tú ann choidhche
nísa mhó.


L. El28:1


Tháinic bríathar an Tighearna
chugam arís, ag rádh,


L. El28:2


A mhic an duine abair ré
prionnsa Thírus, is marso
adeir an Tighearna Día; do bhrígh
gur tógbadh súas do chroidhe, agus
go ndubhairt tú, is Día misi, suighim
anionad Dé a lár na bhfairgeadh: gidheadh is
duine thú, agus ní Día, giodh go sui-
ghionn tú do chroidhe amhuil croidhe Dé.


L. El28:3


Féuch, is glioca thú ná Daniel:
ní bhfuil secréid fhéduid do cheilt
ort.


L. El28:4


Led ghliocus, agus led thuicsin
fuáir tú do saidhbhrios, agus fuáir
tú ór agus airgiod ann hionnmhu-
saibh.


L. El28:5


Led égna mhóir, agus led cheannui-
gheacht do mhéduigh tú do shaidhbhrios, a-
gus atá do chroidhe arna tóghbháil súas
do bhrígh do shaidhbhriosa.


L. El28:6


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, do bhrígh gur shuighidh tú do
chroidhe mar chroidhe Dé;


L. El28:7


Féuch, ar anadhbharsin, dobhéra
misi coimhthigidh ort, an drong is úath-
bhásuidhe do na cineadhachaibh, agus tair-
reonguid an cloidheamh anaghaidh sgéimhe
do ghliocuis, agus saileochuid síad do
dhélradh.


L. El28:8


Dobhéruid síad síos chum na huái-
ghe thú, agus éugfa tú bás na druinge
atá marbh a lár na bhfairgeadh.


L. El28:9


Anaibeóra tú fós a lathair an té
mharbhus thú, is mé Día? acht biáidh tú
ad dhuine, agus ní Día ar bith thú a
láimh an té mharbhus thú.


L. El28:10


Eugfa tú bás na neimhthimchill-
gheárrtha lé láimh an choimhthighidh: óir
do labhair misi é, adeir an Tighearna Día.


L. El28:11


Tuilleamh fós, tháinic bhríathar
an Tighearna chugamsa, ag rádh,


L. El28:12


A mhic an duine tóig súas gol-
ghair air Rígh Tírus, agus abhair ris,
is marso adeir an Tighearna Día, sé-
luigh tú súas an tiomlán, lán do ghlio-
cus, agus iomlán a sgéimh.


L. El28:13


Dobhí tú ann Eden gáirdín Dé,
budh é thfolach gach uile chloch mhórluáigh,
an sardius, an topas, agus an dia-
mond, an bheril, an tonix, agus an
iasper, an saphir, anemerald, agus
an carbuncail, agus an tór: do glé-
sadh ceardacht do thiompán agus do
phíob ionnad, annsa lá ar cruthuigheadh
thú.


L. El28:14


Is tú an Cherub ungtha fholcas;
agus do shuighidh misi marsin thú; do
bhí tú air shliabh náomhtha Dé, do shiubhail
tú a meadhon na leac tteineadh.


L. El28:15


Dobhí tú iomlán ann do shlighthibh
ón ló far cruthaigheadh thú nó gur
fríth éigceart ionnad.


L. El28:16


Maille le hiomad do cheanuigheach-
ta do líonadar do lár lé foiréigion, a-
gus do pheacuidh tú: uimesin teilgfidh
misi thú amhuil neimhdhíadha amach as slíabh
Dé: agus scriosfa mé thú a Cherub
fholuigh, ó lár na leac tteineadh.


L. El28:17


Do tógbhadh súas do chroidhe do
bhrígh do sgéimhe, do thruailligh tú heag-
na do bhrígh do dhélruighthe, teilgfidh mi-
si chum talmhan thú a bhfíadhnuise Ríogh,
chor go bhféucfuid ort.


L. El28:18


do shaluigh tú do shanctóir lé
hiomadamhlacht héigceart, lé héigceart
do cheannuigheachta: uimesin dobhéra misi
teine amach as do lár, loisgfidh sí thú,
agus dobhéra mé ad luaithreadh thú chum
na talmhan a radharc anuile dhuine dochí
thú.


L. El28:19


Biáidh úathbhás aig anuile dhuine
dá naithnighionn thú a measc na ndaóine
ionnad; biáidh tú ad úamhan, ní mó bhías
tú ann go brath nísa mhó.


L. El28:20


Arís tháinic bríathar an Tighear-
na chugam, ag rádh,


L. El28:21


A mhic an duine, cuir haghuidh
anaghaidh Sídon, agus tairrghir na
haghuidh,


L. El28:22


Agus abhair, is marso adeir an
Tighearna Día, féuch atáimse ad a-
ghaidhsi, a Shídon, agus biaidh mé ar
mo ghlórughadh ann do lár: agus aithe-
onuid gur mé an Tighearna, an tan bhé-
rus mé breatha innte, agus bhías mé ar
mo naómhughadh innte.


L. El28:23


Oír cuirfe mé pláigh inte, a-
gus fuil iona sráidibh, agus bérthar
breitheamhnus air an ccréchtach iona lár
leis an ccloidheamh uirre air gach aontaóibh,
agus aitheonúid gur misi an Tighear-
na.


L. El28:24


Agus ní bhía dreas deilgne ann
nísa mhó do thigh Israel, nó dosán ar
bith gortuightheach do na huile dhaóinibh na
ttimchioll tharcuisnighíos íad, agus
biáidh a fhios aca gur misi an Tighearna
Día.


L. El28:25


Is marso adeir an Tighearna
Día, an tan chruinneochus mé tigh Israel
as na daóinibh a measc a bhfuilid sreathnui-
ghthe, agus bhías mé ar mo náomhad ion-
ta a radharc na ngeinteadh, annsin áitre-
obhuid síad iona ndúthaigh thug mé dom
sheirbhíseach Iácob.


L. El28:26


Agus dodhénuid síad comh-
nuidhe dhaingion inte, agus dodhénuid
tigthe, agus plainndeochuid gárradha
fíneamhna: aseadh fós áiteochuid maille
ré dánacht, an tan bhéarus misi
breitheamhnus orrasan tharcuisnighios íad
faccuáirt na ttimchioll, agus aitheo-
nuid gur misi an Tighearna a Ndía.


L. El29:1


Annsa deachmadh blíadhain, annsa
deachmhadh mí, an dara lá déug
don mhí, tháinic bríathar an
Tighearna chugamsa, ag rádh,


L. El29:2


A mhic an duine, suighidh haghaidh
anadhuigh Phárao Righ na Hégipte, a-
gus tairrghir na aghaidhsion agus ana-
ghaidh na Hégipte uile.


L. El29:3


Labhair agus abair, is marso a
deir an Tighearna Día, féuch, atáimsi
ad aghaidh, a Phárao, a Rígh na Hé-
gipte, an dragún mór luighios a lár
a aibhneadh, noch adubhairt, is liom féin
mo shruth, agus dorinne mé dhamh
féin é.


L. El29:4


Acht cuirfe misi dubháin ann do
ghíalluibh, agus dobhéra mé air íasc hai-
bhneadh seasamh air do lannuibh, agus do
bhéra mé aníos thú as lár haibhneadh, a-
gus greamochuid uile íasc haibhneadh dot
lannuibh.


L. El29:5


Agus fúigfe mé thú annsa
bhfásach, thú féin agus uile íasc haibh-
neadh: tuitfidh tú air na machairighibh
loma, ní thiubharthar a ccionn a chéile,
agus ní cruinneochthar thú: thug mé thú
mar bhíadh do bheathachaibh an mhachaire, a-
gus déunlaith neimhe.


L. El29:6


Agus aitheonuid uile áitreabthuigh
na Hégipte gur misi an Tighearna, do
bhrígh go rabhadar na maide giol-
cuidhe do thigh Israel.


L. El29:7


Anuair rugadar greim ortsa
ar láimh, do bhris tú, agus do réub
tú a ngúala uile, agus an tan do lui-
gheadar ort, do bhris tú, agus thug tú
ar a leasrachuibh uile seasamh.


L. El29:8


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, féuch, dobhéra misi cloi-
dhiomh ort, agus gérrfa mé amach i-
dir dhuine agus bheathach asad.


L. El29:9


Agus biáidh críoch na Hégipte
áonránach agus bán, agus aitheonuid
gur misi an tighearna; do bhrígh go ndu-
bhairt sé, is liomsa anabhuinn, agus is
mé dorinne í.


L. El29:10


Féuch uimesin, atáimsi ad a-
ghaidh sí, agus anaghaidh do shrotha, a-
gus dodhéna mé talamh na hégipte
thríd amach na fhásach, agus úaigneach
ó thor Siene go himiol na Hetiópia.


L. El29:11


Ní ghébha cos duine ar bith thríd,
ní mó rachus cos bheatuidh thríd, ní mó bhí-
as áitreabhtha go ceann cheathrachad blía-
dhan.


L. El29:12


Agus dodhéna mé talamh na
Hégipte úaigneach a lár na ttíor-
thann atá fásfholamh, agus a ccaithrea-
cha a measc na ccaithreach atá na bhfá-
sach: beid áonránach ceathrachad bhliadhan:
agus cráobhsgaóilfidh mé na Hé-
giptigh a measc na ccineadhach, agus
scabfa mé íad thríd na tíorthaibh.


L. El29:13


Thairissin is marso adeir an
Tighearna Día, a ccionn cheathrachad blia-
dhan cruinneocha mé na Hégiptigh ón bpo-
bal ann ar shreathnuidh mé íad.


L. El29:14


Agus dobhéra mé liom arís
braighdionas na Hégipte, agus dobhéra
mé orra filleadh go fearann Patros,
go dúthaigh a náitreibhe, agus biáid
annsin na rioghacht uirísil.


L. El29:15


Así bhus uirísle do na riogha-
chtaibh, ní mó áirdeochus sí í féin nísa
mhó ós cionn na ccineadhach: óir laighdeo-
cha misi íad, iondus nach ríaghlochuid ní
sa mhó ós cionn na gcineadhach.


L. El29:16


Agus ní biáidh nísa mhó na dóth-
chus ag tigh Israel, noch dobheir anéig-
ceart chum cuimhne, an tan fhéuchfuid iona
ndiaigh: acht aitheonuid gur misi an Ti-
ghearna.


L. El29:17


Agus tárla annsa seachtmadh
bliadhain fithchiod annsa chéidmhí, an chéd
lá don mhí, go ttáinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El29:18


A mhic an duine, thug Nebu-
chadnessar Rígh na Babilóine air a shlúagh
seirbhís mhór do dhénamh anaghaidh Tírus:
dorinneadh anuile cheann maól, agus do
lomadh gach uile ghúala: gidheadh ní
bhfuáir sé túarustal ar bith nó a shlu-
agh ar son Tírus, ar son na seirbhíse
dorinne sé na haghaidh.


L. El29:19


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, féuch dobhéra misi
críoch na Hégipte do Nebuchadnessar
Rígh na Babílóine, agus gébhuidh sé a
hiomaid, agus gébhuidh sé a hédáil, a-
gus glacfa sé a creach, agus biáidh sin
na thúarastal agá shlúagh.


L. El29:20


Thug mé dhó críoch na Hégipte
arson a sháothair ler oibrigh sé na ha-
ghaidh, do bhrigh gur oibrigheadar ar mo
shonsa, adeir an Tighearna Día.


L. El29:21


Annsa lósin dobhéra mé air a-
dhairc thighe Israel scinneadh amach, agus
dobhéra mé dhuitsi oscla, an bhéil ann a
lár, agus aitheonuid gur misi an Ti-
ghearna.


L. El30:1


Tháinic bríathar an Tighearna
chugam arís, ag rádh,


L. El30:2


A mhic an duine tairrghir
agus abhair, is marso adeir
an Tighearna Día, núalluighsi, a mhairgh
don lá.


L. El30:3


Oír is fogus an lá, eadhon atá
lá an Tighearna a ccomhfhogus, lá néul-
lach, budh í sin uáir na ngeinteadh.


L. El30:4


Agus tiucfuidh an cloidheamh air a Négipt,
agus biáidh pían mhór san Ne-
tíopia, an tan thuitfid na mairbh san Né-
gipt, agus bhéruid léo a hiomadamhlacht,
agus bhrisfighear síos a bunáite.


L. El30:5


Agus tuitfidh a Netíopia, agus
Líbia, agus Lídia, agus an pobal cu-
maisce uile, agus Chub agus daóine
thíre an chunnartha, léosan leis an ccloi-
dhiomh.


L. El30:6


Is marso adeir an Tighearna Día,
tuitfidh fós an drong chonngmhus súas
an Négipt, tiucfuidh úabhar a cumhacht
anúas: tuitfid síad innte leis an
ccloidheamh ó thor Siene, adeir an Ti-
ghearna Día.


L. El30:7


Agus béid síad áonránach a lár
na ttíorthann atá uáigneach, agus biáidh
a caithreacha a meadhon na ccaithreach atá
na bhfásach.


L. El30:8


Agus aitheonuid gur misi an Ti-
ghearna, an tan chuirfios mé teine san
Négipt, agus anuáir scriosfuighear a
huile lucht cuidighthe.


L. El30:9


Annsa lósin rachaid teachta uáimsi
amach a longaibh, do chur eagla air na
Hetiópibh, agus tiucfa pían mhór orra,
amhail a lo na Hégipte: óir féuch a-
tá sé ag teacht.


L. El30:10


Is marso adeir an Tighearna
Día, dobéra mé air iomadamhlachd na Hé-
gipte cosg le láimh Nebuchadressar
Righ na Babiloine.


L. El30:11


É féin agus a dhaóine maille ris,
bérthar an drong is úathbhásuighe do na
cineadhachaibh do scrios na tíre: agus
tairreonguid a ccloidhmhthe anaghaidh na
Hégipte, agus líonfuidh an talamh do
mharbhuibh.


L. El30:12


Agus dodhéana misi a naibh-
ne tirm, agus reacfad an fearann a
láimh na cciontach, agus dodhéana mé
an tír na fásach, agus gach a bhfuil
ann lé láimh na ccoimhthigheach; misi an
Tighearna do labhair é.


L. El30:13


Is marso adeir an Tighearna
Día, scriosfa mé fós na hiodhail,
agus dobhéara mé air a níomháighibh
cosg amach as Noph; agus ní bhiáidh
feasda prionnsa air thalamh na Hégipte,
agus cuirfidh mé eagla a ccrích na
Hégipte.


L. El30:14


Agus dodhéana mé Patros
uáigneach, agus cuirfe mé teine ann
Soan, agus dobhéara mé breatha ann
No.


L. El30:15


Agus dóirtfidh mé mo dhioghal-
tas ar Sin, neart na Hégipte, agus
géarrfa mé amach iomadamhlacht No.


L. El30:16


Agus cuirfe mé teine san
Négipt, doghéabha Sin pían mór,
agus sgaóilfíghear No ó chéile, agus
biáidh donus air Noph go laétheamhuil.


L. El30:17


Tuitfid daóine óga Abhen a-
gus Phibeset leis an ccloidheamh: a-
gus rachfuid na caithreachaso a mbraigh-
dionas.


L. El30:18


Dorchochthar fós an lá ann Te-
haphnehes, an tan bhrisfios mé annsin
cungalach na Hégipte, agus
stadfas poimp a neirt innte: ar a
sonsa, foileocha néull í, agus rach-
fuid a hingheana a mbraighdionas.


L. El30:19


Marso dodhéana mé breitheamh-
nuis annsaNégipt, agus aitheonuid
gur mé an Tighearna.


L. El30:20


Agus tárla san náonmhadh
blíadhain déag, annsa chéid mhí, annsa
seachtmhadh lá don mhí, go ttáinic focal
an Tighearna chugam, ag rádh.


L. El30:21


A mhic an duine, do bhris mé
lámh Phárao Rígh na Hégipte; agus
féuch, ní ceangoltar súas í dá lei-
ghios, do chur creasa uirre dá ceangal,
dá déanamh láidir, do chongmháil an
chloidhimh.


L. El30:22


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, féuch, atáim anaghaidh
Phárao Rígh na Hégipte, agus bris-
fidh mé a ruightheach, noch dobhí lai-
dir, agus do briseadh; agus dobhé-
ra mé air an ccloidheamh tuitim as a
láimh.


L. El30:23


Agus scaóilfidh mé na Hégip-
tigh a measc na ccineadhach, agus cráobh-
scaóilfidh mé íad ar feadh na ttíor-
thann.


L. El30:24


Agus neirtheocha mé lámha Rígh
na Babilóine, agus cuirfe mé mo
chloidhiomh iona láimhsion: acht brisfidh
mé ruightheach Phárao, agus dodhénuidh
sé osnadh da lathair lé hosnadhuibh marbh-
thuigh duine chneadhuigh.


L. El30:25


Acht neirteocha mé ruightheach
Rígh na Babilóine, agus tuitfid lámha
Phárao síos; agus aitheonuid gur
misi an Tighearna, an tan chuirfios
mé mo chloidheamh a láimh Rígh na Babi-
lóine, agus sinfidh sé amach é ar chrích
na Hégipte.


L. El30:26


Agus díothsgaóilfidh mé na
Hégiptigh a measc na ccineadhach, agus
scabfa mé íad a measc na ttíorthann,
agus aitheonuid gur mé an Tighear-
na.


L. El31:1


Agus tárla san náonmhadh
blíadhain dég, annsa treas
mí, an chéd lá don mhí, go
ttáinic focal an Tighearna
chugamsa, ag rádh,


L. El31:2


A mhic an duine, labhair re Phá-
rao Rígh na Hégipte, agus rena
iomadamhlacht, cía ré ar cosmhuil thu-
sa ann do mhórdhacht?


L. El31:3


Féuch, dobhí an Tassírianach
na Cedar ann Lebanon maille ré áirde
mhóir, agus dobhí a bhárr a measc na
mbeangán ttiugh.


L. El31:4


Dorinneadar na huisgeadha mór é,
doil an taigén súas go hárd é tréna
srothuibh ag rioth timchioll a phlann-
dadh, agus do chuir a haibhne beaga
amach chum na nuile chrann annsa ma-
chaire.


L. El31:5


Uimesin do hárduigheadh a áirde
ós cionn uile chrann an mhagha, agus do
líonadar a bheangáin, agus dfásadar
a ghéga go fada, do bhrígh iomaid
na nuisgeadh, an tan do chuir sé a-
mach íad.


L. El31:6


Do neadadar uile éunlaith
neimhe iona ghéguibh, agus faói na
chraobhuibh rug uile bheathuigh an macaire
a nóga, agus faói na scáile dáit-
reabhadar na huile chineadhaca móra.


L. El31:7


Marso dobhí sé breágha iona
mhórdhacht, a bhfad a bheangán: óir do
bhí a fhrémh láimh ré huisgeadhuibh móra.


L. El31:8


Níor fhédadar na Cedair a
ngáirdín Dé a cheilt, níor chosmhuil
na crainn ghiumhuis léna ghéguibh, níor
chosmhuil crainn na ccastáinnigh lena
bheangánuibh, níor chosmhuil crann ar bioth
a ngáirdín Dé leis iona scéimh.


L. El31:9


Dorinne misi breágha é lé hio-
mad a ghég, iondus gur thnúthuighea-
dar uile chrainn Eden dá raibh a ngáir-
dín Dé ris.


L. El31:10


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, do bhrígh gur thóig tú
súas thú féin anáirde, agus gur
chuir sé súas a mhullach a measg na
ngéug dtiugh agus gur thóig a
chroidhe súas ann a áirde;


L. El31:11


Do sheachuid misi uimesin é a
láimh anaóin chumhachtaigh na ngein-
teadh: go deimhin dodhéna sé ris mar
do thuill sé, do dhíbir mé amach é ar
son a chionta.


L. El31:12


Agus coimhthighidh, an drong
is úathbhásuighe do na cineadhachaibh, do
ghearradar amach é, agus dfágbhadar é:
annsna sléibhtibh, agus annsna huile ghleann-
taibh, do thuitiodar a bheangáin, agus
do briseadh a chráobha lé huile shro-
thaibh na tíre, agus dimthigheadar uile
dhaóine na talmhan síos ó na scáile,
agus dfágbhadar é.


L. El31:13


Aitréobhuid uile éunlaith neimhe
air a scrios, agus biáidh uile bheath-
uighe an mhaga air a bheangánuibh.


L. El31:14


Iondus nach áirdeochadh crann
ar bioth do chrannuibh na nuisgeadh
íad féin ar son a náirde, nach mó do
theilgfeidís súas a mullach a measc
na mbeangán ttiugh, nach mó sheasfui-
dís a ccrainn súas iona náirde, gach
a nibhionn uisge: óir do seachadadh
uile chum báis íad do rannaibh íochtair
na talmhan, a lár chloinne na ndaóine,
maille ris an ndroing théid síos annsa
log.


L. El31:15


Is marso adeir an Tighear-
na Día, thug mé golgháir annsa ló a
ndeachuidh sé síos annsanuáigh, dfoluigh
mé an taigéun dósan, agus do
thoirmisc mé a thuilte, agus do sto-
padh na huisgeadha móra, agus thug
mé air Lebanon cumha do dhénamh ar a
shon, agus do anbhfainngheadar uile chrainn
an magha thríd.


L. El31:16


Thug mé air na cineadhachaibh
crioth lé fuaimh a leagtha, an tan do
theilg mé shíos é go hiffrionn maille
ris an lucht théid síos annsa pholl:
agus comhfhurtachtfuighear uile chrainn
Eden, togha agus rogha Lebanon,
gach a nibhionn uisge a rannaibh íochtair
na talmhan.


L. El31:17


Dochúadar síos mar an ccéd-
na go hifrionn maille ris an ndroing
atá marbh leis an ccloidheamh, agus a
ruigh, agus dorinneadar comhnuidhe
fana dhíon a meadhón na ccineadhach.


L. El31:18


Cía ré ar cosmhuil thusa marso
a nglóir, agus a mórdhacht a
measc chrann Eden? gidheadh dobérthar
síos thú maille ré crannuibh Eden go
háitibh íochtaracha na talmhan: luighfidh
tú a meadhón na neimhthimchillghérrtha a
bhfochair an luchta marbhthar leis an
ccloidheamh: isé so Phárao, agus a uile
iomadamhlacht, adeir an Tighearna Día.


L. El32:1


Agus tárla annsa dara blia-
dhain dég, annsa dara mí
dég, an chéd lá don mhí,
go ttáinic bríathar an Ti-
ghearna chugam, ag rádh,


L. El32:2


A mhic an duine, tóig súas núall-
ghubha ar son Phárao Rígh na Hé-
gipte, agus abair ris, is cosmhuil
thú ré leomhan óg do na cineadhachaibh,
agus atá tú mar mhíol mhór annsna
fairgidhibh: agus tháinic tú amach led
shrothaibh, agus do bhuáidhir tú na
huisgeadha led chosaibh, agus do shaluigh
tú a naibhne.


L. El32:3


Is marso adeir an Tighearna:
leathnocha misi amach ar anadhbhar-
sin mo líon ós do chionn lé comhluadar
mhóráin daóine, agus dobhéruid a
níos ann mo líon thú.


L. El32:4


Annsin fúigfidh mé air an ttalamh
thú, teilgfidh mé amach annsa machaire
oscuilte thú, agus dobhéra mé air
uile éunuibh neimhe comhnuidhe do dhénamh
ort, agus líonfa mé beathuighe na talmhan
uile dhíot.


L. El32:5


Agus leagfa mé thfeóil air na
sléibhtibh, agus líonfa mé na gleanta
led áirde.


L. El32:6


Fliuchfa mé fós led fhuil an
talamh iona snáidhionn tú, nó go rabh-
uid na sléibhte agus na gleanta líon-
ta dhíot.


L. El32:7


Agus an tan chuirfios mé thu-
sa amach, foileocha mé flaitheamhnus,
agus dodhéna mé a réulta dorcha:
foileocha mé an ghrían lé néull, agus
ní thiubhruidh an ghealach a solas uaithe.


L. El32:8


Dodhéna mé uile sholus loinnreach
neimhe dorcha ós do chionn, agus cuir-
fidh mé dorchadus air an ttalamh, adeir
an Tighearna.


L. El32:9


Broisteocha mé marsin croidhthe
mhóráin daóine, an tan dobhéra mé
haidhmhilleadhsa a measc na ccineadhach
annsna tíorthaibh narbhaithnid duit.


L. El32:10


Aseadh, dodhéna mé mórán daóine
iongantach dot tháobh, agus béid a
Ríghthe eaglach go hiomarcach ar do
shonsa, an tan dhéllrochus mé mo chloidhiom
da lathair, agus criothnochuid uile a mói-
ment gach duine ar son a bheatha féin, a
ló do leagthasa.


L. El32:11


Oír is marso adeir an Ti-
ghearna Día, tiucfa cloidheamh Rígh na
Babilóine ort.


L. El32:12


Lé cloidhmhthibh na ccumhachtach
dobhéra mé air do shlúaghaibh tuitim, leis
an ndroing is úathbhásuidhe do na cin-
eadhachaibh uile; agus millfid síad poimp
na Hégipte, scriosfuighear a huile hio-
madamhlacht.


L. El32:13


Scriosfa mé fós a uile bhea-
thach ó tháobhuibh na nuisgeadh mór, ní mó
chuirfios cos duine buaidhreadh orra níis mhó,
nó ingne beathach buáidhreadh orra.


L. El32:14


Annsin dodhéna mé a nuisgeadha
domhuin, agus dobhéara mé air a naibnibh
rioth amhuil ola, adeir an Tighearna
Día.


L. El32:15


An tan dodhéna mé críoch na
Hégipte na fásach, agus bhías an
tír uáigneach, an ní dá raibh sé líonta,
an tan bhuáilfios misi gach a náitreabh-
ann innte, aitheonuid gur misi an Ti-
ghearna.


L. El32:16


Así so an chumha lé ccaóinfid
í, caóinfid ingheana na ccineadhach í, caóidh-
fid síad ar a son, eadhon ar son na Hé-
gipte, agus airson a slúagh uile, a
deir an Tighearna Día.


L. El32:17


Tárla mar an ccédna annsa
dara blíadhain déug, an cúigeadh lá
dég don mhí, go ttáinic focal an Ti-
ghearna chugam, ag rádh,


L. El32:18


A mhic an duine, gearáin ar son
iomaid sluáigh na Hégipte, agus teilg
síos íad, í féin agus ingheana na
ccríoch iomráidhteach go háitibh imhíochtair
na talmhan leis an lucht théid síos
annsa pholl.


L. El32:19


Cía sháruighios thusa a scéimh?
imthigh síos, agus luigh a bhfochair na
neimhthimchillghérrtha.


L. El32:20


Tuitfid síad alár na druinge
atá marbh leis an ccloidheamh, do seacha-
dadh don chloidheamh í féin agus a hio-
madamhlacht uile.


L. El32:21


Laibheoruidh an duine láidir a
measc na ccumhachtach ris amach as
lár ifrinn maille ris an ndruing chuidighios
leis: dochúadar síos, luighid síad
neimhthimchillghérrtha arna marbhadh ris
an ccloidheamh.


L. El32:22


Atá Asur annsin, agus a
comhlúadar uile: atáid uáighe na
thimchioll: atáid uile marbh íar ttui-
tim leis an ccloidheamh.


L. El32:23


A bhfuilid a nuáighe arna
suighiughadh a ttáobhuibh an luig, agus
a cuideachta fáccuáirt timchioll a
huáighe; íad uile arna marbhadh, ar
ttuitim leis an ccloidheamh, noch thug
fa deara anbhuáin do bheith a ttír na
mbéo.


L. El32:24


Atá Elam annsin gona huile
iomadamhlacht timchioll faccuáirt a
huáighe, íad uile arna marbhadh, ar
ttuitim leis an ccloidheamh, noch
dochuáidh síos gan timchillghearradh,
anáitibh imíochtaracha na talmhan, noch
thug fa deara anbhuáin do bheith a ttír
na mbéo, thairissin diomchradar a náire
maille ris an lucht théid síos annsa
pholl.


L. El32:25


Do chóirigheadar leaba dhi a
meadhón na marbh gona huile iomadamh-
lacht, atáid a huáighe air gach táobh dhi,
atáid uile gan timchillghearradh marbh
ris an ccloidhiomh: bíodh gur chuirea-
dar criothnughadh a ttír na mbéo,
gidheadh fúaradar náire maille ris an
ndruing dochuáidh síos annsa pholl;
do cuireadh é a lár na muintire atá
marbh.


L. El32:26


Atá Mesech annsin, Tubal,
agus a hiomadamhlacht uile: atáid
a huáighe iona timchioll faccuáirt,
atáid síad uile gan timchillghearradh
marbh leis an ccloidheam, bíodh gur
chuireadar a neagla a ttír na
mbéo.


L. El32:27


Agus ní luighfid a bhfochair na
ccumhachtach do thuit don lucht gan
timchillghearradh, noch dochuáidh síos
go hifrionn maille rena narmuibh co-
gaidh: agus do chuireadar a ccloidhmhthe
faói na cceannuibh, agus biáid a ccionta
air a ccnámhuibh, bíodh gurbíad úamhan
an chumhachduigh a ttír na mbéo.


L. El32:28


Biáidh tusa fós briste a lár
na druinge gan timchillghearradh, agus
luighfidh tú a bhfochair an luchta atá
marbh leis an ccloidhiomh.


L. El32:29


Atá Edom annsin, a Rígh a-
gus a prionnsadha uile, noch lé neart
atá na luidhe a bhfochair na druinge do
marbhadh leis an ccloidheamh: luidhfid a
bhfochair an luchta atá gan timchillghear-
radh, agus a bhfochair na druinge théid
síos san log.


L. El32:30


Atáid annsin uile phrionnsadha
an tuáisceirt, agus na Sidónianuigh
uile, noch dochuáidh síos leis na marbh-
uibh, maille rena neagla fa na ccumh-
achtaibh, agus luighid gan timchillghear-
radh a bhfochair na druinge do marbhadh
leis an ccloidheamh, agus fúaradar
náire maille ris an lucht téid síos
annsa log.


L. El32:31


Dochífidh Phárao íad, a-
gus comhfhurtachdfuighthear é ós
cionn a iomadamhlacht uile, eadhon
Phárao agus a shlúagh uile ar na
marbhadh leis an ccloidheamh, adeir an
Tighearna Día.


L. El32:32


Oír thug misi meagla a
ttír na mbéo, agus cuirfighear ei-
sion a lár na neimhthimchillghear-
rtha maille ris an lucht do mar-
bhadh leis an ccloidheamh, eadhon
Phárao agus a iomadamhlacht uile, a
deir an Tighearna Día.


L. El33:1


Arís tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El33:2


A mhic an duine, labhair
ré clainn do dhaóine, agus a-
bhair ríu, an tan dobhéra misi an cloi-
dheamh air thír, má ghlacuid lucht na tíre
duine da ttír féin, agus a chur na fhear
faire dhóibh.


L. El33:3


Má shéidionn sé an stoc an tan
dochífe sé an cloidheamh ag teachd air an
ttír, agus an pobal do chur ar a ccoimhéd:


L. El33:4


Annsin gidhbé chluinfios guth an
stuic, agus nach gébha rabhadh, má tíg
cloidheamh, agus a bhreith leis, biáidh a
fhuil air a cheann féin.


L. El33:5


Dochúaluidh sé guth an stuic, a-
gus níor ghabh rabhadh, biáidh a fhuil air
féin: achd an té ghéubhas rabhadh, sáor-
fuidh sé a anum.


L. El33:6


Acht má chí an fear faire an cloi-
dheamh ag teacht agus nach séidfidh sé an
stoc, agus nach ttiubharthar rabhadh
don phobal, má thigh an cloidheamh, agus
go mbéra pearsa ar bith leis as a measc,
dorugadh ar siubhal é iona éicceart, acht
íarrfa mé a fhuil as láimh anfir faire.


L. El33:7


Marsin thusa, a mhic an duine,
do chuir mé thú mar fhear faire chuim tighe
Israel; uimesin éistfidh tú an bhría-
thar ó mo bhéulsa, agus tabhair fúa-
gra dhóibh uáimsi.


L. El33:8


An tan déras mé ris an ccion-
tach, a dhroch dhuine, dogheabha tú bás go
deimhin, muna labhra tusa do toirmi-
osg an chionntuigh ó na shlighe, dogheabha
an ciontachsin bás iona éigceart, acht
íarrfa misi a fhuil as do láimhsi.


L. El33:9


Thairissin ma thoirmisgionn tu-
sa an ciontach óna shlighe dá fhilleadh
uáithe, muna bhfillidh sé óna shlighe,
dogheabha sé bás iona choir féin; acht
do sháor tusa hanam.


L. El33:10


Uimesin thusa, a mhic a duine,
labhair ré tigh Israel, is marso labhar-
thaoi, ag rádh, má bhíd ar sáruighthe a-
gus ar bpeacuighe oruinne, agus go néug-
fam ionta, ciondus dobheithmís beó
marsin?


L. El33:11


Abair ríu, mar mhairim adeir
an Tighearna Día, ní bhfuil sólás ar bith
agamsa a mbás an chionntuigh, acht go
bhfilleadh an ciontach ó na shlighe, agus
go mairidh sé: fillidhse, fillidhse ó bhur
ndroichshlighthibh, óir cred as a néug-
fadh sibh, a thigh Israel?


L. El33:12


Uimesin abairsi, a mhic an duine,
ré cloinn do dhaóine, ní sháorfuidh fí-
réntacht anfíréin é a ló a pheacaidh: ar
son uilc an chiontuigh, ní tuitfidh sé leis
san ló iompochus sé óna chiontaibh, ní
mó fhédfas an fíréun marthuin ar son a
fhíréntachd an lá pheacochus sé.


L. El33:13


An tan adéra misi ris an
bhfíréun go mairfidh sé go deimhin, má
thaobhann sé rena fhíréuntacht féin a-
gus cionta do dhénamh, ní cuimhneochthar
a uile ionnracus, acht dogheabha sé
bás ar son an pheachuidh dorinne sé.


L. El33:14


Arís an tan adhéra mé ris an
cciontach, éugfa tú go deimhin, má
fhillionn sé ó na pheacadh, agus go ndén
an ní is dlightheach, agus is ceart;


L. El33:15


Má aisigionn an ciontach an
geall, agus go ttiubhruidh úadh an ní
do shlad sé, agus go siubholuidh sé a
reachtuibh na beatha gan dénamh uilc, mair-
fidh sé go deimhin, ní éugfa sé.


L. El33:16


Ní cuimhneochthar peacadh ar bith
dá ndérna sé dhó: dorinne sé an ní is
dlistionach, agus is ceart; mairfidh
sé go deimhin.


L. El33:17


Gidheadh adeirid clann do dhaóine,
ní comhthrom slighe an Tighearna: acht ar
a sonsan, ní comhthrom a slighe.


L. El33:18


An tan iompochus an fíréun ó
na ionracus, agus pheacochus sé, do
gheabha sé bás dá bhríghsin.


L. El33:19


acht má fhillionn an ciontach
ó na pheacuighibh, agus an ní is dlisti-
onach agus is ceart do dhénamh, mair-
fidh sé thríd.


L. El33:20


Gidheadh adearthaóise, ní comh-
throm slighe an Tighearna: sibhsi a thigh
Israel, dobhéra misi breath oruibh,
air gach uile dhuine do réir a shlightheach.


L. El33:21


Agus tárla annsa dara bhlía-
dhain dég dar ndaoirsine, annsa deach-
mhadh mí, an cúigeadh lá don mhí, go ttái-
nic áon dochuáidh as amach as Ierusa-
lem chugamsa, ag rádh, do buáileadh
an chathair.


L. El33:22


Anois dobhí lámh an Tighearna
orum tráthnóna suil thainic an tésin
dochuáidh as, agus dfoscail sí mo bhéul
nó go ttáinic sé chugam ar maidin, a-
gus do hoscladh mo bhéul, agus ní
rabhus balbh nísa mhó.


L. El33:23


Annsin tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El33:24


A mhic an duine, labhruidh an
drong áitreabhas na háite fásuighsi thí-
re Israel, ag rádh, dobhí Abraham
na aonar, agus do ghabh sé oighreacht
na dúithche; acht atámáoidne mórán,
tugadh an tír dhúinn mar oighreacht.


L. El33:25


Uimesin abair ríu, is marso
adeir an Tighearna Día, ithidhsi ma-
ille ris an bhfuil, agus tógtháoi
bhur súile súas chum bhur niodhal, agus
dóirtighe fuil, agus an sealbhochuidhesi
an fearann?


L. El33:26


Seastaoi ar bhur ccloidheamh, doníthí
gráineamhlachd, agus truáillidhe gach
áon duine aguibh bean a chomharsan, agus
an sealbhochthaóise an tír?


L. El33:27


Abairsi ríu marso, is marso a
deir an Tighearna Día, mar mhairim, go
deimhin tuitfid an lucht atá san bhfá-
sach leis an ccloidheamh, agus
dobhéra mé an té atá annsa machaire lom
do bheathachaibh rena ithe: agus
éugfuid an drong bhías annsna daing-
nibh agus annsna húamhuibh don
phláigh.


L. El33:28


Oír fúigfidh mé an fearann roáonránach,
agus coisgfidh poimp a neirt;
agus biáidh sléibhthe Israel
uáigneach, iondus nach rachaid duine
ar bith thríothadh.


L. El33:29


Annsin aitheonuid gur misi an
Tighearna an tan fhúigfios mé an tír ro
aónránach, do bhrígh anuile ghráineamhlacht
dá ndeárnadar.


L. El33:30


Mar an ccédna thusa, a mhic
an duine, atáid clann do dhaóine a ccomh-
nuidhe ag caint ort láimh ris na balla-
dhuibh agus a ndóirsibh na ttightheadh, la-
bhruid gach áon ré chéile, gach áon réna
dhearbhrathair, ag rádh, tárr íarruim dath-
chuinge ort, agus éist cred an bhría-
thar thig ón TTighearna.


L. El33:31


Agus tigid síad chugad mar
thigid an pobal, agus suighid dot la-
thair mar mo dhaóinesi, agus cluinid do
bhríathra, acht ní háill léo a ndéanamh:
óir tasibéanuid síad mórán grádha lena
mbéul, agus téid a ccroidhe do
réir a sainte.


L. El33:32


Agus féuch, atá tusa dhóibh a-
mhuil abhrán rothaitneamhach dhuine agá
mbí guth binn, agus shinnios go maith ar
adhbhuidh chiúil; óir éistid do bhríathra,
acht ní dhéanuid íad.


L. El33:33


Agus an tan thiucfas so a
ccrích (féuch, tiucfa sé) annsin aitheo-
nuid síad go raibh fáigh iona measc.



Tá deireadh El3:16 curtha isteach ó leagan 1690


L. El34:1


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El34:2


A mhic an duine, tairr-
ghir anaghaidh áodhaireadha Is-
rael, tairrghir agus abair ríu, is
marso adeir an Tighearna Día ris na
háodhairighibh, a mhairg dáodhairighibh Israel bhea-
thuighios íad féin, nach ar chóir do na há-
odhairighibh an tréud do bheathughadh?


L. El34:3


Ithí féin an méuthus, agus éaduigh-
thí sibh féin leis anoluinn, marbhthaoi an
mhéid bíatthar: acht ní bheathuighthí an
tréud.


L. El34:4


Níor neartuigheabhair an tteaslán,
ní mó do leighisiobhair an tinn, ní mó do
cheanglabhair súas an ní dobhí briste, ní
mó thugabhair thar ais an ní do cuireadh as
a shlighe, ní mó díarrabhair an ní dochu-
áidh amugha, achd lé héigion, a-
gus lé héattrócaire do ríaghlabhair
íad.


L. El34:5


Agus do sreathnuigheadh íad do dhíth
aodhaire, agus dobhádar na mbía ag uile
bheathachaibh an mhachaire an tan do cráobh-
scaóileadh íad.


L. El34:6


Do sheachránadar mo chaoirigh
thríd na huile shléibhtibh agus air anuile
chnoc árd; do scáinreadh fós mo thréd
ar ghnúis na talmhan uile, agus níor
lorgair, agus níor íarr duine ar bith
na ndiáidh.


L. El34:7


Uimesin, a aódhaireadha, éistigh
bhríathar an Tighearna.


L. El34:8


Mar mhairim, adeir an Ti-
ghearna Día, go deimhin do brígh go bhfuil
mo thréud na chreich, agus go ndéarnadh
bíadh dom thréud duile bheathachaibh an
mhagha, do bhrígh nach raibh áo-
dhaire ar bith ann, ní mó do chu-
artuigheadar mo áodhaireadha díarr-
uidh mo thréuda, acht do bhíathadar
na háodhaireadha íad féin, agus níor
bhíathadar mo thréadaso.


L. El34:9


Uimesin, a áodhaireadha, éistigh
bhríathar an Tighearna.


L. El34:10


Is marso adeir an Tighearna
Día, féuch atáimse anadhuigh na
náodhaireadh, agus íarrfa mé mo thréud
as a láimh, agus bhéara mé orra cosg
do bhíathadh an tréada, ní mó bhiathfuid
na háodhaireadha íad féin nísa mhó, óir
táirtheocha misi mo thréud as a m-
béul, iondus nach béid na mbíadh dóibh.


L. El34:11


Oír is marso adeir an Tighear-
na Día, féuch misi, misi féin, loirgeo-
ruidh mé fós mo chaóirigh, agus íarrfad
íad.


L. El34:12


Amhuil lórgairios áodhaire a thréud
annsa ló a mbí sé a measc a chaorach
théid ar seachrán: marsin lóirgeoradsa
mo chaóirigh, agus sáorfa mé íad as
na huile áitibh ionar scánnruigheadh íad
annsa ló néullach dhorcha.


L. El34:13


Agus dobhéara mé amach ó na
daóinibh íad, agus cruinneocha mé íad as
na críocháibh, agus dobhéra mé da ndú-
thaigh féin íad, agus beathocha mé íad ar
shléibhtibh Israel láimh ris na haibhnibh agus
anuile áitibh aitrighthe na tíre.


L. El34:14


Beathocha mé íad aninbhior mhaith, agus
biáidh a máinreach air shléibhtibh árda Isra-
el annsin béid síad a mánruigh mhaith, agus
ar innbhear mhéuth biadhfuid síad ar shléibh-
tibh Israel.


L. El34:15


Beathocha mé mo thréud, agus dobhéra
mé orra luighe síos, adeir an Tighearna
Día.


L. El34:16


Iarrfa mé an ní dochuáidh amu-
gha, agus dobhéra mé liom arís an ní do dí-
breadh, agus ceangola mé súas an ní do bri-
seadh, agus neartocha mé an ní dobhí tinn: acht
scriosfa mé an méuth agus an láidir, bhea-
theochad íad le breitheamhnus.


L. El34:17


Agus air bhur sonsa, mo thréud,
is marso adeir an Tighearna Día, féuch
dobheirim breath idir áirnéis agus áirnéis,
idir na reithighibh, agus na gabhair fhirionna.


L. El34:18


An ní beag dar libhsi an tinnbhior
maith dithe súas, acht caithfidhe an chuid
oile dá bhur ninnbhearuibh do shaltairt síos
lé bhur ccosaibh? agus ibhe do na huis-
ceaduibh doimhne, acht gur mían libh
an chuid eile do shalchadh le bhur
ccosuibh?


L. El34:19


Agus ar son mo thrédasa, ithid
an ní do shaltrabhairsi fa bhur ccosaibh,
agus ibhid an ní do shalchabhair fa bhur ccosaibh.


L. El34:20


Uimesin, is marso adeir an
Tighearna Día ríu, féuch misi, misi féin
dobhéra mé breath idir anáirneis mhéith,
agus náirneis thrúaigh.


L. El34:21


Do bhrígh gur shaitheabhair le táobh
agus lé slinnéun, agus gur chnagabhair na
heasláin uile lé bhur nadharcaibh, nó gur
scáinnreabhair ó chéile amach íad:


L. El34:22


Uimesin dídéonuigh misi mo
thréud, agus ní bhéid na ccreich nísa
mhó, agus dobhéra mé breath idir áirneis
agus áirnéis.


L. El34:23


Agus cuirfe mé súas áon áo-
dhaire amháin ós a ccionn, agus beathocha
sé íad, eadhon mo shearbhfhoghantuigh Dái-
bhi; beathocha sé íad, agus biáidh na aó-
dhaire aca.


L. El34:24


Agus biáidh misi an Tighearna am
Dhía aca, agus biáidh mo sheirbhíseach
Dáibhi na phrionnsa aca, misi an Tighear-
na do labhair é.


L. El34:25


Agus dodhéana mé cunnradh síoth-
chána riú, agus dobhéra mé air na droich-
bheathuighibh cosc as an ttír, agus ái-
treobhuid go daingion annsa bhfásach,
agus coideoluid annsna coilltibh.


L. El34:26


Agus dodhéna mé beannughadh
dhíobhsan agus do na háitibh timchioll
faccuáirt mo chnuic; agus dobhéra
mé ar an ccioth teacht anúas iona
am: biáidh ceatha beannachda ann.


L. El34:27


Agus dobhéra chrann an mha-
chaire a thoradh, agus dobhéara an
talamh a bhiseach, agus béid daingean
iona ndúthaigh, agus aitheonuid gur
misi an Tighearna, an tan bhrisfios
mé cuibhrighe a ccuinge, agus tháir-
theochus mé íad as láimh na druinge
do bhain a sheirbhís féin asta.


L. El34:28


Agus ní bhéid níis mó na
ccreich ag na geintibh, ní mó shluig-
fid beathuighe an mhagha íad, achd coimh-
neochuid gan fhaitchios, agus ní chuir-
fidh duine ar bioth eagla orra.


L. El34:29


Agus tóigfe mé súas dóibh
plannda clúiteach, agus ní muirfighear
níis mhó íad lé gorta annsa tír, ní
mó iomchoruid náire na ngeinteadh níis faide.


L. El34:30


Marso aitheonuid síad go bhfuil-
limsi, an Tighearna a Ndía maille ríu,
agus gurob íadsan, eadhon tigh Is-
rael mo phobal, adeir an Tighearna
Día.


L. El34:31


Agus sibhsi mo thréud, eadhon
tréud minnbhir, is daóine sibh, agus
misi bhur Ndía, adeir an Tighearna
Día.


L. El35:1


Tuilleamh oile, tháinic bríathar
an Tighearna chugam, ag
rádh,


L. El35:2


A mhic an duine, sui-
ghidh haghaidh anaghaidh
shléibhe Séir, agus tairrghir na aghaidh.


L. El35:3


Agus abair ris, is marso adeir
an Tighearna Día, féuch a shleibh Seir,
misi ad adhuigh, agus sínfidh mé mo
lámh amach ad aghaidh, agus dodhéna
mé ro aonránach thú.


L. El35:4


Leagfa mé do chaithreacha na bhfá-
sach, agus biáidh tú uáigneach, agus
biáidh a fhios agad gur misi an Ti-
ghearna.


L. El35:5


Do bhrígh go raibh fúath síorruidhe
agad, agus gur dhóirt tú fuil chloinne
Israel lé neart an chloidhimh anaimsir
a naindeise, annsanam a raibh deireadh
agá néigceart.


L. El35:6


Uimesin, mar mhairim, adeir an Ti-
ghearna Día, uillmheocha mé thusa chum
fola, agus leanfuidh fuil thú: ó nár
fhuathuidh tú fuil leanfuidh fuil thú.


L. El35:7


Marso dodhéna mé slíabh Seir
roáonránach, agus gérrfa mé uadha
an té ghabhus amach, agus an té iom-
poighios.


L. El35:8


Agus líonfa mé a shléibhte lena
dhaóinibh marbha: ann do chnocaibh,
agus ann do ghleanntaibh, agus ann haibh-
nibh tuitfid uile an drong marbhthar
leis an ccloidheamh.


L. El35:9


Dodhéna mé uáigneas síorruidhe
dhíot, agus ní fhillfid do chaithreacha,
agus biáidh a fhios agaibh gur misi
an Tighearna.


L. El35:10


Do bhrígh go ndubhairt tú, budh
liomsa an dá chineadhsa, agus an dá
thírse, agus sealbhocham íad, gidh go
raibh an Tighearna annsin.


L. El35:11


Uimesin mar mhairim, adeir an
Tighearna Día, dodhéna misi do réir
thfeirge, agus do réir haingidheachta,
noch dorinne tú a hucht fúatha iona
nadhuigh, agus dodhéna mé mé féin aith-
nid iona measc; an tan bhéras mé breath
ortsa.


L. El35:12


Agus aitheonuidh tusa gur mé
an Tighearna, agus go ccúala mé gach
uile scannlacha dar labhair tú anaghaidh
shlíabh Israel, ag rádh, do fágbhadh
uáigneach íad, tugadh dhúinne íad dá
slugadh.


L. El35:13


Marso lé bhur mbéul dorinnea-
bhair uaibhreachus am aghaidhsi, agus dfoir-
líonabhair bhur mbríathra am aghaidh: do
chúaluidh misi íad.


L. El35:14


Is marso adeir an Tighear-
na Día, an tan lúathgháirfios an ta-
lamh uile, dodhéna mé thusa áonrá-
nach.


L. El35:15


Amhuil do gháirdigh tú lé
hoighreachd thighe Israel, do bhrígh go raibh
sé áonranach, marsin dodhéna mi-
si riotsa: biáidh tú uáigneach, a
chnoc Séir, agus Idumea uile go
hiomlán, agus aitheonuid síad gur
misi an Tighearna.


L. El36:1


Mar an ccédna, thusa a mic
an duine, tairrghir do shléibh-
tibh Israel, agus abair,
éistighsi a shléibhte Is-
rael bríathar an Tighearna.


L. El36:2


Is marso adeir an Tighearna
Día, do bhrígh go ndubhairt an námh-
uid bhar naghaidhsi, aha, linne na sea-
náithe árda a seilbh.


L. El36:3


Uimesin tairrghir agus abair, is
marso adeir an Tighearna Día, do
bhrígh go ndérnadar uáigneach sibh, a-
gus gur shuigiodar súas sibh air gach
áontaóibh, iondus go mbeithí bur
seilbh ag fuighíoll na ngeinteadh, a-
gus gur tógbhadh súas sibh a mbéul-
uibh na nithiomráidhteach, agus go bhf-
uiltí míochlúiteach ag an bpobal:


L. El36:4


Uimesin a shléibhte Israel, éis-
tigh bríathar an Tighearna Día, is
marso adeir an Tighearna Día ris na
sléibhtibh agus ris na cnocaibh,
ris na haibhnibh agus ris na glean-
taibh, ris na fásuighibh uáigneacha, a-
gus ris na caithreachaibh do tréigeadh,
noch dobhí na ccreich, agus na ma-
gadh don chuid oile do na geintibh,
noch atá iona ttimchioll faccuáirt:


L. El36:5


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, go deimhin a tteine
méuda do labhair misi anaghaidh ar mhair
do na geintibh, agus anaghaidh Idu-
mea uile, noch dórduigh mo dhúthaigh
na seilbh maille ré gáirdeachus anuile
chroidhe, maille ré hinntin aingidhe dá
theilgion amach mar chreich.


L. El36:6


Ar anadhbharsin tairrghir a
ttaobh thíre Israel, agus abair ris
na sléibhtibh agus ris na cnocaibh,
ris na haibhnibh, agus ris na glean-
tuibh, is marso adeir an Tighear-
na Día, féuch, do labhair mé ann méud
agus ann mo chuthach, do bhrígh
gur iomchrabhair náire na ngein-
teadh.


L. El36:7


Uimesin is marso adeir an Ti-
ghearna Día, do thóig mé súas mo lámh
ag mionnugudh go deimhin, iomchóruid
na geinte atá air gach taóibh dhíbh a
náire féin.


L. El36:8


acht sibhsi a shléibhte Israel,
cuirfidhe amach bhur ngéga, agus do
bhérthaói bhur ttoradh dom phobal Is-
rael: óir atáid do lathair ag
teacht.


L. El36:9


Oír féuch, atáimsi ar bhur
son, agus fillfidh mé chugaibh, agus
treabhochthar, agus síolfuighthear sibh.


L. El36:10


Agus méideocha mé daóine or-
uibh, tigh Israel uile go hiomlán, a-
gus áiteochthar na caithreacha, agus
cuirfigher na báinseacha súas.


L. El36:11


Agus líonfa mé duine agus
beathach oruibh, agus fásfuid, agus
dobhéruid toradh, agus dodhéna mé
níis férr sibh ná ann bhur ttosuighibh,
agus aitheontaói gur misi an Tighearna.


L. El36:12


Dobhéra mé fós air dhaóinibh
siubhal oruibh, eadhon mo phobal Israel,
agus sealbhóchuid síad thú, agus biáidh
tú ad oighreacht aca, agus ní scoith-
fidh tú as a ndaóinibh íad níis mó
ó so amach.


L. El36:13


is marso adeir an Tighearna
Día, do bhrígh go nabruid síad ribh,
thusa a fhearuinn do shluig tú súas
daóine, agus do scoith tú do chineadhacha.


L. El36:14


Uimesin ní shluigfidh tú daóine
nísa mhó, ní mó bhéras tú air do chineadha-
chaibh tuitim níis mhó, adeir an Tighear-
na Día.


L. El36:15


Ní mó bhéras misi air dhaóinibh
náire na ngeinteadh do chluinsion io-
nnad níis mhó, ní mó bhéaras
tusa air na cindheachaibh tuitim níis mó,
adeir an Tighearna Día.


L. El36:16


Tuilleamh oile, tháinic bríathar
an Tighearna chugamsa, ag rádh,


L. El36:17


A mhic an duine, an tan do chómh-
nuigh tigh Israel ann a ndúthaigh féin, do
shalchadar é léna slighe féin, agus lena
ngníomhuibh: dobhí a slighe dom la-
thairsi amhuil neamhghloine mhná áthruighthe.


L. El36:18


Ar anadhbharsin do dhóirt misi
mo dhioghaltas orra ar son na fola do
dhóirteadar air an bhfearann, agus ar son
a niodhal ler thruáilleadar é.


L. El36:19


Agus deidearscar mé íad a
measc na ngeinteadh, agus dobhádar
cráobhscaóilte air feadh na ttíorthann, a-
gus do réir a sligheadh agus do réir a
ngníomhartha dorug misi breath orra.


L. El36:20


Agus an tan dochúadar asteach
chum na ngeinteadh mar a ndeacha-
dar, do mhíomhodhadar mainm náomhtha,
an tan adubhradar ríu, isíadso po-
bal an Tighearna, agus dochúadar a-
mach as a dhúthaigh.


L. El36:21


Acht dorinne misi truáighe
dhóibh ar son manma náomhtha, noch do
tharcuisnigh tigh Israel a measg na
ngeinteadh, mar a ndeachadar.


L. El36:22


Uimesin, abair re tigh Israel, is
marso adeir an Tighearna Día, ní ar
bhur sonsa doním so, a thigh Israel,
acht ar son manma náomhtha féin, noch do
thruáilleabhairsi a measc na ngeinteadh mar
a ndeachabhair.


L. El36:23


Agus náomhthocha mé mainm mór
féin, noch do heasonóruigheadh a measg na
ngeintairdh, noch do thruailleabhairsi iona
lársan, agus aitheonuid na geinte gur
misi an Tighearna, adeir an Tighearna
Día, an tan náomhthachthar misi ionnuibhsi
as coinne a súl.


L. El36:24


Oír dobhéra mé as measc na
ngeinteadh sibh, agus crúinneocha mé ó
nuile thír sibh, agus dobhéra mé dá
bhur ttír féin sibh.


L. El36:25


Annsin croithfidh mé uisge glan
oruibh, agus beithí glan: ó bhur nuile
shalchar, agus ó bhur nuile iodhaluibh
sgagfa mé sibh.


L. El36:26


Dobhéra mé fós croidhe nú-
adh dhibh, cuirfidh mé spiorad núadh astigh
ionnuibh, agus beanfa mé an croidhe
clochamhail amach as bhur bhfeóil, agus
dobhéra mé croidhe féola dhíbh.


L. El36:27


Agus cuirfe mé mo spíorad
ionnuibh astigh, agus dobéra mé oruibh
siubhal ann mo reachtaibh, agus coimhéd-
fuidhe mo reachta, agus dodhéntaoi
íad.


L. El36:28


Agus áitreochthaói annsa bhfea-
rann thug mé da bhur naithribh, agus bhudh
sibhsi mo phobalsa, agus budh misi bhur
Ndíasa.


L. El36:29


Fós táirtheocha mé sibh ó bhur
nuile shalchar, agus goirfidh mé air a
narbhar, agus méideocha mé é, agus ní
chuirfiod gorta ar bioth oruibh.


L. El36:30


Agus méideocha mé toradh an
chroinn, agus biseach an mhachaire, chor
nach bhfaghthai níis mó do mhasla gorta
a measg na ngeinteadh.


L. El36:31


Annsin cuimhneochthaói bur ndroich-
slighthe féin, agus bhur ngníomhartha nar
mhaith, agus fúathochuidh sibh féin ion bhur
radharc féin, do bhrígh bhur néigceart, a-
gus do bhrigh bhur ngráineamhlachda.


L. El36:32


Ní ar bhur sonsa doním so,
adeir an Tighearna Día, biodh a fios a-
gaibh: bíthí náireach agus claóidhte ar
son bhur slightheach féin, a thigh
Israel.


L. El36:33


Is marso adeir an Tighearna
Día, annsa ló a sgagfa mé sibh ó bhur
nuile pheacadh, dobhéra mé oruibh fós
comhnuighe annsna caithreachaibh, agus cuir-
fighear na báinseacha súas.


L. El36:34


Agus treabhochthar an fea-
rann fásuigh, anáit ar luigh sé uáigneach
a radharch gach ar ghabh láimh
ris.


L. El36:35


Agus adéruid síad, atá an
dúthaighsi dobhí bán, amhuil gáirdín
Eden, agus atáid na caithreacha fhás-
uigh agus aonránach agus scriosta,
dangion agus áitreibhthe.


L. El36:36


Annsin aitheonuid na geinte do
fágbhadh air gach taóibh dhíbh faccuáirt
gur misi an Tighearna, chuirios
súas na háite scriosta, agus phlann-
das anáit dobhí uáigneach: misi an
Tighearna do labhair é, agus dodhénad é.


L. El36:37


Is marso adeir an Tighearna
Día, ceistneochthar riom fós ar a shon
so le tigh Israel, do dhénamh air a son:
méideocha mé íad lé daóinibh amhuil
tréud.


L. El36:38


Amhuil an tréd náomhtha, amhuil
tréud Ierusalem iona féustuibh solla-
monta; marsin líonfuighear na caithrea-
cha fásuigh lé tréduibh daóine, agus
biáidh a fhios aca gur misi an Ti-
ghearna.


L. El37:1


Dobhí lámh an Tighearna orumsa,
agus thug sé amach mé a
spíoraid an Tighearna, agus
do shuighidh sé síos mé a lár an
ghleanna noch dobhí lán do chnámhuibh.


L. El37:2


Agus thug sé orum gabháil rena
ttáobh timchioll faccuáirt, agus
féuch, dobhí romhórán annsa machaire lom,
agus féuch, dobhádar rothi-
rim.


L. El37:3


Agus adubhairt sé riom, a mhic
an duine, an bhféduid na cnámhaso bheith
béo? agus do fhreagair misi, a
Thighearna Día, is agadsa atá a
fhios.


L. El37:4


Adubhairt sé riom arís, tairrghirsi
air na cnámhaibhsi, agus abair riú, sibhsi
a cnámha tiorma, éistigh bríathar an
Tighearna.


L. El37:5


Is marso adeir an Tighearna
Día ris na cnámhuibhsi, féuch, cuirfe
mé anál ionnuibh, agus mairfidhe.


L. El37:6


Agus cuirfe mé féitheach oruibh,
agus dobhéra mé feóil súas oruibh, a-
gus foileocha mé sibh lé croicionn, a-
gus cuirfe mé anál ionnuibh, agus bei-
thí béo, agus biaidh a fhios aguibh gur
misi an Tighearna.


L. El37:7


Marsin do thairrghir misi mar do
haithnigheadh dhíom, agus mar do thairrghir
mé, dobhí tormán ann, agus féuch crioth,
agus thangadar na cnámha chum a chéile,
cnáimh chum a chnámha.


L. El37:8


Agus an tan damhairc mé, féuch,
thangadar na féitheach, agus anfeóil
súas orra, agus dfoluigh an croici-
onn íad ós a ccionn; acht ní raibh anál
ionta.


L. El37:9


Annsin adubhairt seision riomsa,
tairghir chum na gaóithe, tairghir a
mhic an duine, agus abair ris an
ngaóith, is marso adeir an Tighearna
Día: tárr ó na ceithre gáothaibh, a
anál, agus séid ar na marbhuibhsi,
chor go mbéid beó.


L. El37:10


Marsin do thairrghir mé mar do
aithin sé dhíom, agus tháinic a nanál
ionta, agus dobhádar beó, agus do
sheasadar ar a ccosaibh, slúagh róadh-
bhulmhór.


L. El37:11


Annsin adubairt sé riomsa, a
mhic an duine, isíad na cnámhaso tigh
Israel go hiomlán: féuch, adeirid
síad: do tiormuigheadh ar ccnámha, agus
do chailleadh ar ndóthchus, air ar soinne do
gearradh amach sinn.


L. El37:12


Uimesin tairrghir, agus abair
ríu, is marso adeir ar Tighearna Día,
féuch, mo phobal, foisceola misi bhur
nuáighe, agus dobhéra mé oruibh teacht
aníos as bhur nuáighibh, agus dobhéra
mé sibh go tír Israel.


L. El37:13


Agus aitheontaói gur misi an
Tighearna, an tan fhoisceolus mé bhur
nuáighe, mo phobal, agus bhérus mé a
níos as bhur nuáighibh sibh,


L. El37:14


Agus chuirfios mé mo spiorad
ionnuibh, agus bheithí beó, agus shuigheo-
chas mé ion bhur ndúthaigh féin sibh;
annsin aitheontaói gur misi an Tighearna
do labhair é, agus do choimhlíon é, adeir
an Tighearna.


L. El37:15


Tháinic focal an Tighearna chu-
gam arís, ag rádh,


L. El37:16


Tuilleamh fós, thusa a mhic
an duine, glac chugad aonmhaide, a-
gus scríobh air, ar son Iúdah, agus
ar son chloinne Israel a chompánacha:
annsin glac maide oile, agus scríobh
air, ar son Ióseph maide Ephraim, a-
gus ar son uile thighe Israel a chom-
pánacha.


L. El37:17


Agus ceangail dá chéile íad
anaónmhaide, agus biáid na naon
(mhaide) ann do láimh.


L. El37:18


Agus an tan laibheoruid clann
do dhaóine leachd ag rádh; nach ttais-
bénfa tú dhúin cred is cíall duit ann-
so?


L. El37:19


Abairsi ríu, is marso adeir an
Tighearna Día, féuch, glacfa mé mai-
de Ióseph, noch atá a láimh Ephraim,
agus treabha Israel, a chompánacha,
agus cuirfidh mé íadsan maille ris, ea-
dhon lé maide Iúdah, agus dodhéa-
na mé aónmhaide dhíobh, agus béid na
naón (mhaide) ann mo láimh.


L. El37:20


Agus biáidh na maideadha
air a scríobhann tú ann do láimh as
coinne a súl.


L. El37:21


Agus abair riú, is marso
adeir an Tighearna Día, féuch,
dobhéara mé clann Israel ó bheith a
measc na ngeinteadh mar a ndeacha-
dar, agus cruinneocha mé air gach
áontaóibh íad, agus dobhéra mé dá
ttír féin íad.


L. El37:22


Agus dodhéna mé áoinchi-
neadh amháin díobh annsa dúthaigh ar
shleibhtibh Israel, agus budh aóin-
rígh amháin bhus Rígh orra uile, agus
ní bhiáid na ndá chineadh níis mó, ní
mó rannfuighear an ndá rioghachd íad níis
mhó air aonchor.


L. El37:23


Ní mó shaileochuid íad féin lena
niodhaluibh nísa mhó, nó lena neithibh
gráineamhla, nó lé coir ar bioth dá
ccoirthibh: acht táirtheocha misi íad as
a nuile áitibh comhnuidhe ann ar pheacuighea-
dar, agus glanfa mé íad: marsin
budh íadsan mo phobalsa, agus misi a
Ndíasan.


L. El37:24


Agus biáidh Dáibhi mo sheir-
bhíseach na Rígh ós a ccionn, agus biáidh
aontréduighe aca uile: siubholuid fós
ann mo bhreitheamhnusaibhse, agus coimhéd-
fuid mo státúide, agus dodhénuid
íad.


L. El37:25


Agus áitreobhuid annsa bhfea-
rann, noch thug mé do Iácob mo sheirbhí-
seach, mar ar chomhnuigheadar bhur naithre,
agus áiteochuid annsin, íad féin agus a cclann, agus
clann a ccloinne go bráth, agus budh é mo
sheirbhíseach Dáibhi a bpionnsa go bhráth.


L. El37:26


Tuilleamh oile, dodhéna mé cunn-
radh síothchána ríu, biáidh sé na chunnradh
shíorruidhe aca: agus áiteocha mé íad,
agus foirlíonfa mé íad, agus suigheocha mé
mo shanctóir iona lár go bráth.


L. El37:27


Biáidh fós mé thabernacuil ma-
ille ríu, fós budh misi a Ndía, agus
budh íadsan mo phobalsa.


L. El37:28


Agus biáidh a fhios aig na gein-
tibh gur misi an Tighearna naómhas Is-
rael, an tan bhías mo shanctóir iona
lár go bráth.


L. El38:1


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh,


L. El38:2


A mhic an duine, suighidh
do ghnúis anaghaidh Ghog,
tír Mhagog, áirdphrionnsa Mesech agus Tú-
bal, agus tairrghir iona aghaidh.


L. El38:3


Agus abair, is marso adeir an
Tighearna Día, féuch, atáimsi ad a-
ghaidh, a Ghog, áirdphrionnsa Mhesech
agus Túbal.


L. El38:4


Agus fillfidh misi ar hais thú, a-
gus cuirfe mé dubhán ann do ghíalluibh,
agus dobhéra mé amach thú féin agus
do shlúagh uile, eich agus marcshlúagh,
íad uile éidighthe maille ris anuile ghné
airm, cuideachta mhór fós ré buicléruibh agus
re scíathaibh, íad uile ag glacadh cloidhmh-
the.


L. El38:5


Persia, Etiópia, agus Líbia maille
ríu, íad uile guna sciataibh agus a
ccinnbheirt.


L. El38:6


Gomer agus a nuile bhannadha, tigh
Thogarmah do na háirdibh bhudh thuáigh,
agus a bhannadha uile, agus mórán da-
óine maille riot.


L. El38:7


Bídh si réidh, agus gléus ar do
shon féin, thú féin agus do chuideachta
uile do chruinnigh chugad, agus bí ad
ghárda aca.


L. El38:8


A ndiáigh mhóráin láetheadh ionn-
sochthar thú, annsna bliadhnuibh déighno-
cha tiucfa tú don tír tugadh ar ais
ón ccloidheamh, agus do cruinnigheadh
as mórán daóine anaghaidh shlíabh Is-
rael, noch dobhí a ccomhnuidhe na bhfá-
sach: acht tugadh amach as na
cineadhachaibh é, agus áitreochuid síad
uile go daingion.


L. El38:9


Eíreocha tú súas, agus biáidh
tú cosmhuil ré hanfa, biáidh tú cos-
mhuil ré néull dfolach na tíre, thusa
agus do bhannadha uile, agus mórán
daóine maille riot.


L. El38:10


Is marso adeir an Tighearna
Día, tiucfuidh a ccrích mar an ccéd-
na annsanamsin féin go ttiucfuid
neithe ann hinntinn, agus go smuáineo-
cha tú drochsmuáineadh.


L. El38:11


Agus adéra tú, racha mé
súas go tír na mbailteadh gan bhalla-
dha, racha mé gus an muintir atá na
ccomhnuidhe, áitreabhas go socair, íad
uile ag áitreabhadh gan bhalladha, agus
gan bharradha nó geatadha aca.


L. El38:12


Do dhénamh édála, agus do
ghlacadh creiche, chum do láimhe diom-
pógh ar na háitibh fásuigh, atá anois
arna náitreabh, agus air na daóinibh
do cruinnigheadh as na cineadhachaibh a-
mach, noch fuáir áirnéis agus
maóin, noch áitreabhus a lár na tí-
re.


L. El38:13


Adéruid Chéba, agus Dédan,
agus ceannuighthe Tharsis maille réna
nuile leomhanuibh óga riot, an ttáinic
tú do ghlacadh édála? nar chruinnigh tú
do chuideachta do dhénamh creiche? do bhreith
óir agus airgid leachd, do bhreith áir-
néise agus maóine do ghlacadh édala móire?


L. El38:14


Uimesin, a mhic an duine, tairr-
ghir, agus abair ré Gog, is marso a
deir an Tighearna Día, annsa lósin
an tan áitreobhuid mo phobal Israel
go daingion, nach biáidh a fhiossin a-
gadsa?


L. El38:15


Agus tiucfa tú as háit
féin, as na háirdibh budh thuáigh, thú
féin agus mórán daóine leachd, íad
uile ag marcuigheacht air eachaibh, cuideach-
ta mhór, agus slúagh neartmhar.


L. El38:16


Agus tiucfa tú aníos ana-
ghaidh mo phobail Israel amhuil néull
dfolach na talmhan: annsna láethibh
deighniocha bhías sé, agus dobhéra mi-
si thú anaghaidh mo dhúithche, chor go
mbía a fhios ag na geintibh, an tan
naomhthochthar ionnadsa mé, a Ghog, as
coinne a súl.


L. El38:17


Is marso adeir an Tighear-
na Día, an tusa an té air ar labhair mé
san tseanaimsir tre mo sheirbhísibh,
fáighe Israel, noch do thairrghir annsna
láethibhsin mórán blíadhan go ttiubhr-
uinn thusa na naghaidh?


L. El38:18


Agus tiucfuidh a gcrích annsanam
chédna, an tan thiucfas Gog
anaghaidh thíre Israel, adeir an Ti-
ghearna Día, go ttiucfa mo dhioghal-
tas súas ann médan.


L. El38:19


Oír is ann méud, agus a ttinne
mfeirge do labhair mé: go deimhin biáidh
crioth mór a ttír Israel san lósin:


L. El38:20


Iondus go ccrithfid éisc na
fairge, agus éunlaith neimhe, agus
beathuighe an mhachaire; agus na huile
neithe snáidheacha shnaidhios air an tta-
lamh, agus na huile dhaóine da bhfuil
ar ghnúis na talmhan rem radharcsa,
agus teilgfighear na sléibhte, agus
tuitfid na háite árda, agus tuit-
fidh anuile bhalla go talamh.


L. El38:21


Agus goirfidh mé air chloidheamh
na aghaidh air feadh mo chineadhach uile, a
deir an Tighearna Día: biáidh cloidheamh
gach aóin anaghaidh a dhearbhrathar.


L. El38:22


Agus taigeora mé na aghaidh;
maille re pláigh agus lé fuil, agus
fearfa mé air, agus air a bhannadhuibh, agus
air aniomad daóine atá aige, fearthuinn
anfach, agus cloichshneachta móra, teine
agus ruibh.


L. El38:23


Marso mórdhálfad mé féin,
agus naomhthochad mé féin, agus aitheon-
tar mé a radharc mhóráin cineadhach, a-
gus biáidh a fhios aca gur mé an Tigh-
earna.


L. El39:1


Uimesin thusa, a mhic an duine,
thairrghir anaghaidh Ghog,
agus abair, is marso adeir
an Thighearna Día, féuch,
atáimsi ad aghaidhsi, a Ghog, a áird-
phrionnsa Mesech agus Túbal.


L. El39:2


Agus fillfidh mé ar hais thú,
agus ní fhúigfidh mé acht an seiseadh
cuid díot, agus dobhéra mé ort teacht
aníos ó na háirdibh budh thuáigh, agus
dobhérad ar shléibhtibh Israel thú.


L. El39:3


Agus buáilfidh mé do bhogha as
do láimh chlé, agus dobhéra mé air do
shoighdibh tuitim as do láimh dheis.


L. El39:4


Tuitfidh tú ar shléibhtibh Israel,
thú féin agus do bhannadha uile, agus
na daóine atá leat: dobhéra mé déun-
uibh cíocracha donuile shórt, agus do
bheathachaibh an mhachaire dot shlugadh thú.


L. El39:5


Tuitfidh tú air an machaire lom, óir
do labhair misi é, adeir an Tighearna
Día.


L. El39:6


Agus cuirfidh mé teine ar Mha-
gog, agus a measc na ndáoine chomh-
nuighios go neamhchúramach annsna hoi-
lénuibh, agus aitheonuid síad gur misi
an Tighearna.


L. El39:7


Marsin dodhéna mé mainm náomh-
tha aithnid a lár mo phobail Israel,
agus ní léigfidh mé dhóibh mainm náomh-
tha do thruáilleadh nías mó, agus
aitheonuid na geinte gur misi an Ti-
ghearna, áon naomhtha Israel.


L. El39:8


Féuch, tháinic sé, agus do
rinneadh é, adeir an Tighearna Día; asé
so an lá air ar labhair mé.


L. El39:9


Agus rachfuidh an drong chomh-
nuighios a ccaithreachaibh Israel amach,
agus cuirfid tré theine, agus loisg-
fid na hairm, na scíatha ar aon, agus
na buicléir, na bogha, agus na soigh-
de, agus na lámhmhaideadha, agus na
gáethe, agus loisgfid lé teine íad
seacht mblíadhna.


L. El39:10


Iondus nach béruid síad coill
ar bioth as an machaire, nach mó ghérr-
fuid crann ar bioth as na foraoi-
sibh; loisgfid na hairm lé teine, a-
gus creachfuid síad an lucht do chreach
íad, agus sladfuid an drong do shlad
íad, adeir an Tighearna Día.


L. El39:11


Agus tiucfuidh a ccrích annsa
lósin go ttiubhra mé do Ghog io-
nad annsin chum uaigheadh a Nísrael,
gleann an luchd siubhail don taóibh shoir
donfairge: agus stopfuidh sin sróna
na druinge ghabhus thairis, agus adh-
laicfid Gog annsin, agus a shluagh
uile, agus goirfid síad de gleann
Hamon-Gog.


L. El39:12


Agus biáidh tigh Israel da
nadhlacadh seacht mí, chor go nglan-
fuid an fearann.


L. El39:13


Aseadh adhlaicfid uile dhaóine na
tíre íad, agus biáidh na chlú dhóibh
annsa ló a nglóirfighear misi, adeir
an Tighearna Día.


L. El39:14


Agus deileochuid síad amach
daóine bhías do ghnáth gnothuigheach ag
dul thríd an ttír ag adhlacadh leis
an luchd siubhail an drong nar hadhla-
cadh air aghaidh na talmhan chum a ghlan-
ta: spíonfuid síad íar ccríochnughadh
seacht míos.


L. El39:15


Agus an luchd siubhail imthighios
thríd an ttír, an tan dochífidh duine
ar bioth cnáimh duine, annsin cuirfidh
sé comhartha súas láimh ris, chor go
nadhlaicid an lucht adhluicthe é a ngleann
Hamon-Gog.


L. El39:16


Agus fós isé bhus ainm don
chathruigh Hamonah; marso ghlanfuid
síad an fearann.


L. El39:17


Agus thusa, a mhic an duine,
is marso adeir an Tighearna Día,
labhair ris anuile éun sciathanach, a-
gus ré huile bheathach an mhachaire,
cruinnighidh sibh féin, agus tigidh, crui-
nnighidh sibh air gach uile thaobh chum mo
íodhbharthasa doním dofráil air bhur
son, eadhon íodhbairt mhór ar shléibhtibh
Israel, iondus go níostaói feóil, a-
gus go niobhthaói fuil.


L. El39:18


Iostaói feóil na neartmhar, a-
gus iobhthaói fuil phrionnsadh na talmhan,
reitheadh, úan, agus ghabhar, agus bhu-
lóg, íad uile arna mbíathadh a Mba-
san.


L. El39:19


Agus íostaói méuthas nó go
rabhthaói lán, agus iobhthaói fuil nó
go rabhthaói ar meisce dom íodhbar-
thaibhsi, noch do íodhbair mé ar bhur son.


L. El39:20


Marso líonfuighear sibh ar mo
bhórdsa lé heachaibh agus lé carbaduibh,
lé daoinibh cumhachtacha, agus leis
na huile fhearuibh cogaidh, adeir an
Tighearna Día.


L. El39:21


Agus suidheocha mé mo ghlóir
a measc na ngeinteadh, agus dochífid
na geinte uile mo bhreitheamhnus rug
mé, agus mo lámh do leag mé orra.


L. El39:22


Marsin biáidh a fhios aig tigh
Israel gur misi an Tighearna Día ón
lásin, agus ósin amach.


L. El39:23


Agus aitheonuid na geinte
gurob ar son a néigceart dochuáidh
tigh Israel a ndaóirsine, do bhrígh
gur chiontuigheadar am aghaidhsi, uimesin
dfoluigh mé maghaidh úatha, agus
thug mé a láimh a námhad íad; marsin
do thuitiodar uile leis an ccloi-
dheamh.


L. El39:24


Do réir a neamhghloine, agus
do réir a bpeacadh dorinne mé ríu,
agus dfoluigh mé mo ghnúis úatha.


L. El39:25


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, anois dobhéra mé liom
arís braighdionas Iácob, agus do
dhéna mé trócaire air thigh Israel go hi-
omlán, agus biáidh éud orum ar son
manma naomhtha:


L. El39:26


Tar éis a náire diomchar dhóibh,
agus a ccionta uile lér chiontuighea-
dar am aghaidhsi, an tan do comh-
nuigheadar daingean iona ndúthaigh, a-
gus nár chuir duine ar bioth eagla or-
ra.


L. El39:27


An tan bhéras mé ó na cinea-
dhachuibh arís íad, agus chruinneochus
mé íad as tíorthaibh a námhad, agus
bhías mé náomhtha ionta a radharc mhó-
ráin cineadhach:


L. El39:28


Annsin, aitheonuid síad gur
misi an Tighearna a Ndía, noch thug fa
deara a mbreith a láimh a measc na ngéin-
teadh: acht do chruinnigh mé dá ttír
féin íad, agus níor fhág mé áon díobh
nías mó annsin.


L. El39:29


Ní mó cheilfios mé maghaidh
orra níis mó: óir do dhóirt mé amach
mo spiorad air thigh Israel, adeir
an Tighearna Día.


L. El40:1


Annsa chúigeadh blíadhain fithchiod
dar ndaóirsine, a ttosach
na blíadhna, an deachmhadh lá
don mhí, annsa cheathramhadh
blíadhain dég tar éis na cai-
threacha do bhualadh, annsa ló chédnasin
dobhí lámh an Tighearna orum, agus
rug annsin mé.


L. El40:2


A bhfisibh Dé rug sé leis mé go
tír Israel, agus do shuighidh sé mé
air shlíabh roárd, láimh lé a raibh amhuil
cuma chaithreach budh dheas.


L. El40:3


Agus thug sé annsin mé, agus
féuch, dobhí duine ann ag ar chosmuil
a thaisbénadh ré taisbénadh práis, go
ndorubha lín iona láimh, agus slat
thomhais, agus do sheas sé annsa gheata.


L. El40:4


Agus adubhairt an duine riomsa,
a mhic an duine, faic lead shúilibh, agus
cluin led chlúasaibh, agus suighidh do
chroidhe air anuile ní thaisbénfas misi
dhuit; óir is chum go ttaisbeanfuinn duit
íad, tugadh annso thú: foillsigh do thigh
Israel anuile ní dochídh tú.


L. El40:5


Agus féuch, balla don taóibh
amuigh don tigh timchioll faccuáirt,
agus a láimh an duine slat thomhais sé
cubhaid ar fad, leis an ccnámhruigheadh,
agus leithead bais: marsin do tho-
mhais sé leithne an tighe, aon tslat, a-
gus a áirde áon tslat.


L. El40:6


Annsin tháinic sé chum an gheata,
noch fhéuchus don leath soir, agus do
chuáidh sé súas iona staighrighibh, a-
gus do thomhais sé tairseach an gheata,
áon tslat ar leithead, agus an
tairseach oile dhe áon thslat ar
leithead.


L. El40:7


Agus gach séomra beag áon
tslat ar fad, agus áon tslat ar
leithead, agus cúig cubhaid idir na
seomradhuibh beaga, agus budh áon
tslat tairseach an gheata ag póirse an
gheata táobh astigh.


L. El40:8


Do thomhais sé fós póirse an
gheata astigh áontslat.


L. El40:9


Annsin do thomhais sé póirse an
gheata, ocht ccubhaid, agus a phos-
tadha dhá chubhad, agus dobhí póirse
an gheata taóibh astigh.


L. El40:10


Agus seomradha beaga an ghea-
ta shoir bá trí íad don taoibhsi, a-
gus a trí don taóibh oile; dobhádar
na ttríur daoinmhiosúr, agus bo bhí
áon mhiosúr ag na postadhuibh don
taóibhsi, agus don taóibh oile.


L. El40:11


Agus do thomhais sé leithead
dhula asteach an gheata, deich ccu-
bhaid, agus dob é fad an gheata trí
cubhaid dég.


L. El40:12


Dobudh aon chubhad an spás
dobhí idir na seomradhuibh beaga, a-
gus an spás don taóibh oile áon chu-
bhad, agus na seomradha beaga sé cu-
bhaid don ttaóibhsi, agus sé cubhaid
don taoibh oile.


L. El40:13


Do thomhais sé annsin an geata
ó mhullach aóintseomra bhig go mul-
lach seomra oile: dobudh cúig
cubhaid fhithchiod a leithead, dorus ar a-
ghaidh dhoruis.


L. El40:14


Dorinne sé fós postadha
thrí bhfithchid cubhad, eadhon go posta na
cúirte timchioll faccuáirt an gheata.


L. El40:15


Agus dobhí cáogad cubhad ó
aghaidh gheata an dula asteach go
haghaidh phóirse an gheata astigh.


L. El40:16


Agus dobhádar fuinnéoga
cumhga ris na seomradhuibh beaga, a-
gus réna bpostuighibh táobh astigh
don gheata timchioll faccuairt, agus
mar ann ccédna ris na háirsighibh:
agus dobhádar fuinnéoga timchioll
faccuairt táobh astigh: agus ar gach áon
phosta dobhí crann pailme.


L. El40:17


Annsin rug sé mé don chúirt a-
muigh, agus féuch, dobhádar seomra-
dha, agus pábháil déunta don chúirt
timchioll faccuáirt, agus dobhí trío-
chad seomra air an bhpábháil.


L. El40:18


Agus an phábháil ré taóibh na
ngeatadh thall as coinne leithne na
ngeatadh, dobí sin an phábháil íochta-
rach.


L. El40:19


Annsin, do thomhais sé a leithead
ó aghaidh thosaigh an gheata íochtair go
nuighe aghaidh thosaígh na cúirte dob fhai-
de asteach taobh amuigh, céd cubhad
leath shoir, agus leath thuáigh.


L. El40:20


Agus do thomhais sé geata na
cúirte amuigh, noch fhéchus leath thuaigh, a
fhad, agus a leithead.


L. El40:21


Agus dobudh a trí, a sheomra-
dha beaga air an ttaóibhsi, agus air an
ttaóibh oile, agus dobhí a phosta-
dha, agus a áirseadha do réir thomhais
an chéidgheata; dobé a fhad cáogad
cubhad, agus a leithead cúig cubhaid fhithchiod.


L. El40:22


Agus dobhádar a bhfuinnéo-
ga, agus a náirsiodha, agus a ccrainn
pailme do réir thomhais an gheata, noch
fhéuchus leath soir, agus dochúadar
súas chuige lé seacht ccoiscéime, agus
dobhádar a áirsidhe as a ccoinne.


L. El40:23


Agus dobhí geata na cúirte
astigh thall as coinne an gheata atá leath
thuáigh agus leath shoir, agus do thomhais
sé ó gheata go geata céd cubhad.


L. El40:24


Tar éissin thug sé mé don
leath theas, agus féuch, geata leath theas,
agus do thomhais sé a phostadha, agus
a áirsighe do réir na ttomhasso.


L. El40:25


Agus dobhádar fuinnéoga ann,
agus iona áirsighibh timchioll faccuairt,
cosmhuil ris na fuinnéogaibhsin; budh
cáogad cubhad a bhfad, agus a
leithead cúig cubhaid fhithchiod.


L. El40:26


Agus dobhádar seacht ccois-
céime do dhul súas chuige, agus do
bhádar a airsighe as a ccoinnesin,
agus dobhádar crainn phailme ann,
áon air an ttáoibhsi, agus áon air an
ttaoibh oile air a phostadhuibh.


L. El40:27


Agus dobhí geata annsa chúirt
astigh leath ris an ttaóibh theas,
agus do thomhais sé ó gheata go geata
leath theas céud cubhad.


L. El40:28


Agus thug sé misi don chúirt
astigh leath ris an ngeata theas, agus do
thomhais sé an geata theas do réir na
ttomhasso.


L. El40:29


Agus a sheomradha beagasan, a-
gus a phostadha, agus a áirsighe do
réir na ttomhasso, agus dobhádar
fuinneóga ann, agus iona áirsighibh tim-
chioll faccuáirt: caógad cubhad air
fad, agus cúig cubhaid fhithchiod air leithead.


L. El40:30


Agus dobhádar na háirseadha
timchioll faccuáirt cúig cubhaid fhith-
chiod ar fad, agus cúig cubhaid ar lei-
thead.


L. El40:31


Agus dobhádar a áirsighe leath
ris an ccúirt amuigh, agus crainn phai-
lme air a phostadhaibh, agus ocht ccois-
céime iona dhul súas.


L. El40:32


Agus thug sé mé gus an ccúirt
dob fhaide asteach leath shoir, agus do
thomhais sé an geata do réir na ttomh-
asso.


L. El40:33


Agus dobhádar a seomradha
beaga, agus a postadha, agus a háir-
sighe do réir na ttomhasso; agus do
bhádar fuinneóga ann agus iona áirsighibh
timchioll faccuáirt: cáogad cubhad a
fhad, agus cúig cubhaid fhithchiod a leithead.


L. El40:34


Agus dobhádar a áirsighe leath
ris an ccúirt amuigh, agus crainn phail-
me air a phostadhuibh, air an ttaoibhsi, a-
gus air an ttaoibh oile, agus ocht
ccoiscéime iona dhul súas.


L. El40:35


Agus thug sé don gheata thúaigh
mé, agus do thomhais sé é do réir na
ttomhasso.


L. El40:36


Agus a sheomradha beaga, a phos-
tadha, agus a áirsighe, agus na fuinn-
eóga ris timchioll faccuairt: caógad
cubhad air fhad, agus cúig cubhaid fhithciod
air leithead.


L. El40:37


Agus dobhádar a phostadha
leath ris an ccúirt amuigh, agus crainn
phailme air a phostadhuibh air an ttaóibhsi a-
gus air an ttaoibh oile, agus ocht ccois-
céime ag a dhul súas.


L. El40:38


Agus dobhádar a sheomradha,
agus a dhula asteach a láimh ré posta-
dhaibh na ngeatadh, ann ar níghiodar a
nofráil loisge.


L. El40:39


Agus dobhí a bpóirse an gheata
dha chlár don taóibhse, agus dha chlár don
taóibh oile, do mharbhadh na hofrála lois-
ge orra, agus na hofrála peacuidh,
agus na hofrála sáruighthe.


L. El40:40


Agus ag an ttaobh amuigh, mar
théid duine súas ag dul asteach an ghea-
ta thuaigh, dobádar dhá bhórd; agus
ar an ttaóibh oile, noch dobhí ag póir-
se an gheata, dha bhórd.


L. El40:41


Dobhádar ceithre buird air an
ttáobhsi, agus ceithre buird don taoibh
oile lé taóibh an gheata: ocht mbuird air
a mbarbhaidís a níodhbartha.


L. El40:42


Agus do chlochaibh snoighte na
ceithre buird chum na hofrala loisge,
cubhad go leith ar fad, agus cubhad go
leith air leithead íad, agus aón chubhad air
áirde: air a leagaidís mar an ccédna
na hionstrumente le marbhaidís a nof-
ráil agus a níodhbhairt loisge.


L. El40:43


Agus dobhádar chrúcaidh íar-
uinn do leithead baise taóibh astigh arna
ndaingniughadh timchioll faccuáirt: a-
gus dobhí feóil na hofrála air na bórduibh.


L. El40:44


Agus taóibh amuigh don gheata
astigh, dobhádar séomradha an luchd
ceóil annsa chúirt dob fhaide asteach,
noch dobhí ré taóibh an gheata thuáigh: a-
gus dobhí a radharc leath ris an deis-
ceart; aón ar tháobh an gheata shoir, a-
gus dobhí radharc budh thuáigh.


L. El40:45


Agus adubhairt sé riom, an se-
omraso a bhfuil a radharc leath ris an
deiscert, is leis na sagartaibh é,
lucht coimhéda chúraim an tighe.


L. El40:46


Agus is leis na sagartaibh an
séomra a bhfuil a radharc leath ris an
ttuáisceart, lucht coimhéda chúraim na
haltóra: isíad sin mic Shadoc a measc
mhac Lébhi, noch thig a ngar don Tighearna
do mhiniostralacht dó.


L. El40:47


Marsin do thomhais sé an chúirt
céd cubhad air fad, agus céd cubhad ar
leithead ceathairbheannach, agus analtóir as
coinne an tighe.


L. El40:48


Agus thug sé misi go póirsi
an tighe, agus do thomais sé gach
posta don phóirsi cúig cubhaid air an ttaóibhsi,
agus cúig cubhaid air an ttaóibh oile, a-
gus dobé leithead an gheata trí cubhaid
don taóibhsi, agus trí cubhaid don táoibh
oile.


L. El40:49


Budh é fad an phóirse fithche cu-
bhad, agus a leithead aón chubhad dég, a-
gus thug sé misi gus na coiscéimibh,
iona ndeachadar súas chuige, agus do
bhádar piléir ag na postuibh aón don
táobhsi, agus aón don taoibh oile.


L. El41:1


Na dhiáighsin thug sé mé chum
an teampuill, agus do
thomhais sé na postadha;
sé cubhaid ar leithead air an
ttaóibh se, sé cubhaid ar leithead don ta-
oibh oile, noch dob é leithead an tabeir-
nacuil.


L. El41:2


Agus dobé leithead an doruis
deich ccubhaid, agus dob íad taóibh an
doruis cúig cubhaid ar aóntaóibh, agus
cúig cubhaid don taóibh oile: agus do
thomhais sé a fhad ceathrachad cubhad, a-
gus a leithead fithche cubhad.


L. El41:3


Annsin dochuáidh sé asteach a-
gus do thomhais sé posta an doruis dhá
chubhad, agus an dorus sé cubhaid,
agus dobe leithead an doruis seacht
ccubhaid.


L. El41:4


Marsin do thomais sé a fhad
fithce cubhad, agus a leithead fithche
cubhad as coinne an teampuill; agus
adubhairt sé riomsa, isé so an tionad
ronáomhtha.


L. El41:5


Na dhiáighsin do thomhais sé bal-
la an tighe sé cubhaid, agus dobé
leithead gach seomra taóibh ceithre cu-
bhaid timchioll faccuáirt an tighe air
gach taóibh.


L. El41:6


Agus dobudh a trí na seomra-
dha taóibh, ós cionn a chéile, agus trío-
chad anórd, agus dochuadar asteach
annsa bhalla noch dobhí don tigh do na
seomradhuibh taóibh timchioll faccu-
áirt, chor go ngreamuidís, acht ní raibh
greim air bioth aca a mballa an ti-
ghe.


L. El41:7


Agus dobí foirleithne, agus
casadh faccuáirt a ccomhnuidhe chum na
seomradha taóibh, óir dochuáidh ca-
sadh timchioll an tighe súas a ccomhnui-
ghe: agus marsin dobhí leithead an tighe
shúas, do mhéuduigh sé ón tseomra íoch-
tair gus an tseomra dob áirde ag
an lár.


L. El41:8


Dochonnairc mé fós áirde an tighe
timchioll faccuáirt: dobé bunáit na
seomradha ttaóibh slat iomlán shé ccú-
bhad móra.


L. El41:9


Dobudh cúig cubaid tiuighe an
bhalla, noch dobhí don tseomra taóibh
amuigh, agus dobé ionad na seomradha
ttaóibh noch dobhí astigh an chuid do
fágbhadh.


L. El41:10


Agus dobhí fairsinge fhithchiod cu-
bhad idir na seomradhaibh timchioll
faccuairt an tighe air gach ta-
oibh.


L. El41:11


Agus dobhí doirsi na seom-
radha ttaoibh leath ris anáit do fág-
bhadh, aóndorus don leith thuáigh, agus
dorus oile don taóibh theas, agus dobé
leithead na háite do fágbhad cúig cu-
bhaid timchioll faccuáirt.


L. El41:12


Anois dobhí an teaghais dobhí as
coinne na háite ar leith annsa chionn leath
shíar seachtmhoghad cubhad ar leithead, a-
gus dobhí cúig cubhaid ar thiuighe a
mballa na teaghaise timchioll
faccuáirt, agus dobé a fhad nóchad
cubad.


L. El41:13


Marsin do thomhais sé an tigh
céd cubhad ar fad, agus anáit ar
leith agus an teagais gun a bhalladhuibh
céud cubhad air fad.


L. El41:14


Mar an ccédna dobé leithead
aighthe an tighe agus na háite ar
leith don taóibh shoir, céud cu-
bhad.


L. El41:15


Agus do thomhais sé fad na
teaghaise thall as coinne, na haite
ar leith don taóibh shoir, céud cu-
bhad.


L. El41:15


Agus do thomais sé fad na
teaghaise thall as coinne, na háite ar
leith, noch dobhí taóibh shíar dhi, agus a
cúinnidhe céud cubhad air thaóibh agus air
an ttaóibh oile, maille ris an tteam-
pall astigh, agus póirseadh na cúirte.


L. El41:16


Dobhí postadha an doruis, a-
gus na fuinnéoga cumhga, agus na hio-
naid spaisteoireachda timchioll
faccuáirt air a ttrí lofta thall as coinne
an doruis foluighthe le hadhmad timchioll
faccuáirt, agus air an ttalamh súas
gus na fuinneógaibh, agus dobhádar na
fuinneóga arna bhfolach.


L. El41:17


Agus an náit ós cionn an do-
ruis, eadhon gus an dtigh dob fhaide
asteach, agus amuigh, agus ris an m-
balla uile timchioll faccuairt táobh
astigh agus amuigh, maille ré tomhas.


L. El41:18


Agus dorinneadh é le Cherubí-
nibh agus le crannuibh pailme, iondus
go raibh crann pailme idir cherub agus
cherub, agus dobhí dhá aghaidh air gach
aóin cherub.


L. El41:19


Iondus go raibh aghaidh dhuine
leath ris an ccrann pailme daóintaóibh,
agus aghaidh leomhuin óig leath ris an
ccrann pailme don taóibh oile; dobhí sé
dénta air feadh an tighe timchioll faccu-
áirt.


L. El41:20


Dobhí cherubínigh arna ndénamh a-
gus crainn phailme ón ttalamh go hós
cionn an doruis, agus air bhalla an
teamhpuill.


L. El41:21


Dobhádar postadha an teampuill
ceathairbheannach, agus adhaigh na sanctó-
ra: a ttaisbénadh ionann re chéile.


L. El41:22


Dobhí analtóir mhaide trí cu-
bhaid ar áirde, agus dhá chubhadh ar fad,
agus dobhí a beanna, agus a fad, a-
gus a balladha dadhmad: agus adu-
bhairt sé riom, isé so an bórd atá a
bhfíaghnuise an Tighearna.


L. El41:23


Agus dobhí dhá dhorus air an
tteampall, agus air án tsanctóir.


L. El41:24


Agus dobhí dhá dhuilleóig aig
gach dorus don dá dhorus; dhá dhuilleo-
ig fillte, dhá dhúilleóig dáondorus, a-
gus dhá dhuilleóig don dorus oile.


L. El41:25


Agus dobhí déunta orra, ea-
dhon air dhoirsibh an teampuill, cherubinigh
agus crainn phailme, amhail dorinneadh air
an mballa, agus dobhádar cláruigh
tiugha air aghaidh an phóirse amuigh.


L. El41:26


Agus dobhádar fuinnéoga
cumhga, agus crainn phailme air an tta-
óibhsi, agus air an ttaóibh oile air thao-
bhuibh an phóirsi agus air sheomradhuibh
taóibh an tighe, agus cláruigh tiugha.


L. El42:1


Annsin thug sé amach mé gus an
ccúirt amuigh an tslighe
leath ris an ttuáisceirt, a-
gus thug sé asteach do na
seomradhuibh mé dobhí thall
as ccoinne na háite ar leith, agus do
bhí ós coinne an tighe leath ris an leith
thuáigh.


L. El42:2


As coinne fhad chéd cubhad dobhí an
dorus attuáigh, agus a leithead caó-
gad cubhad.


L. El42:3


Thall as coinne na bhfithchiod chu-
bhad, noch dobhí don chúirt astigh, agus
thall as coinne na pábhála dobhí don
chúirt amuigh, dobhí áit spaisdéorachda
ar aghaidh áite spaisdeorachda a ttrí
teaghaisibh.


L. El42:4


Agus dobhí as coinne an tseomra
áit spaisdeóireachta deich ccubhaid ar
leithead taobh astigh, slighe aón chubhaid
agus a ndoirsi leath ris an ttuáisceart


L. El42:5


Agus dobudh giorra na seom-
radha úachdair: óir dob áirde na hio-
naid spaisteóireachda ná íadso, náid na
híochtaruigh, agus ná lár an tighe.


L. El42:6


Oír dobhádar a ttrí staighrighibh,
acht ní rabhadar piléir aca amhuil piléir
na ccúirteann: uimesin do cumhgaidheadh a
nobair níis mó ná an tíochtar, agus ná
an meadhon ón ttalamh.


L. El42:7


Agus dobhí caógad cubhad a
bhfad an bhalla dobhí amhuigh thall as
coinne na seomradh leath ris an
ccúirt amuigh air aghaidh thosuigh na seom-
radh.


L. El42:8


Oír dobé fad na seomradha,
noch dobhí annsa chúirt amuigh, cáogad
cubhad: agus féuch, as coinne an
teampuill dobhádar céad cubhad.


L. El42:9


Agus faói na seomradhuibhsi
dobhí dul asteach don taóibh
shoir mar théid áon chuca ón chúirt
amuigh.


L. El42:10


Dobhádar na seomradha a tti-
gheadas bhalla na cúirte leath ris anoir-
thear thall as coinne na háite ar leith,
agus thall as coinne na hoibre.


L. El42:11


Agus dobhí an tslighe as a
ccoinne a ccosamhlachd thaisbénta na
seomradh, noch dobhí leath ris an ttuáis-
cceart ccomfhad ríu, agus coimhlea-
than ríu, agus dobhí a nimtheachta a-
mach uile aráon do réir a nimdhéanta, a-
gus do réir a ndoruis.


L. El42:12


Agus do réir dhoruis na seom-
radh dobhí leath ris an ndeisceart dobhí
dorus a ccionn na sligheadh, an tslighe
go díreach as coinne an bhalla leath ris
anoirthear, mar théid aón asteach ionta.


L. El42:13


Annsin adubhairt seision riomsa
na seomradha budh thuaigh agus na seomradha
budh dheas atá as coinne na háite ar
leith, is seomradha naomhtha íad, mar a
níosuid na sagairt thig a ngar don Ti-
ghearna na neithe ronaomhtha: annsin cuir-
fid síad na neithe ronaomhtha, agus a
nofráil bídh, agus anofráil pheacaidh,
agus anofráil sháruighthe: óir is
náomhtha anáit.


L. El42:14


An tan rachaid na sagairt ion-
ta asteach, annsin ní rachaid síad a-
mach as anáit náomhtha don chúirt a-
muigh, acht leagfuid a néduighe annsin io-
na miniostraluid: óir atáid náomhtha,
agus cuirfid a néduighe eile orra, a-
gus tiucfaid a ngar do na neithibhsi,
noch bheanas ris an bpobal.


L. El42:15


Anois an tan do chríochnuigh sé
tomhas an tighe astigh, thug sé amach
mé leath ris an ngeata a bhfuil a radharc
leath soir, agus do thomhais faccuáirt é.


L. El42:16


Do thomhais sé an táobh shoir
leis an tslat thomhais, cúig chéd slat
leis an tslait thomhais timchioll
faccuáirt.


L. El42:17


Do thomhais sé an taóibh thuáigh
cúig chéd slat leis an tslait thomhais
timchioll faccuáirt.


L. El42:18


Do thomhais sé an taóibh theas,
cúig chéd slat leis an tslait thomhais.


L. El42:19


Dfill sé faccuáirt gus an
ttaóibh shíar, agus do thomhais sé
cúig chéd slat leis an tslait thomhais.


L. El42:23


Do thomhais sé é air na ceithre
táobhuibh; dobhí balla aige timchioll
faccuáirt cúig chéd slat air fad, agus
cúig chéd ar leithead, do dhénamh dealuighthe
eidir an tsanctóir agus anáit neamh-
náomhtha.


L. El43:1


Na dhiáighsin thug sé chum an
gheata mé, an geata fhéuchus
leath soir.


L. El43:2


Agus féuch, tháinic
glóir Dé Israel as an
tslighe anoir, agus dobhí a fhuáim a-
mhuil fuáim mhóráin uisceadh, agus do
loinnrigh an talamh lena ghlóir.


L. El43:3


Agus dobhí do réir thaisbén-
ta na fise dochonnairc mé, eadhon do réir
na fise dochonairc mé an tan tháinic
mé do scrios na caithreach: agus bá
cosmhuil na fise ris an bhfis dochonnairc
mé ag sruth Chebar: agus do thuit mé
air maghaidh.


L. El43:4


Agus tháinic glóir an Tighearna
don tigh a slighe an gheata a bfuil a ra-
dharc don leath shoir.


L. El43:5


Marsin do thóig an spiorad su-
as mé, agus thug don chúirt dob faide
asteach mé: agus féuch, do líon glóir
an Tighearna an tigh.


L. El43:6


Agus dochúalaidh mé é labhairt
riom amach as an ttigh, agus do sheas
an duine láimh riom.


L. El43:7


Agus adubhairt sé riom, a mhic
an duine, áit mó chathaóire ríogha, agus
áit bhonn mo chos iona náitreocha mé a
lár chloinne Israel go bráth, agus
ní shaileochuidh tigh Israel mainm
naómhtha nías mó, neachtar dhíobh íad
féin nó a Ríghthe le na stríopachus,
nó le conblachaibh a Ríogh iona nái-
tibh árda.


L. El43:8


A suighiughadh a ttairseach ag
mo tháirseachaibhsi, agus a bpostadh
ag mo phostadhuibhsi, agus an bhalla
eadrum féin agus íad, do thru-
áilliodar cheana mainm náomhtha lena
ngráineamhlachtaibh dorinneadar: uimesin
do dhíothlaithrigh mé íad ann mfeirg.


L. El43:9


Anois cuirdís úatha a stríopa-
chus, agus conablacha a Riogh a bhfad
uáim, agus dodhéna mé comhnuighe
iona lár go bráth.


L. El43:10


A mhic an duine, taisbéin an
tigh do thigh Israel, iondus go mbía
náire a bpeacadh orra, toimhsidís an
sompla.


L. El43:11


Agus má bhíd náireach fanuile
ní da ndérnadar, taisbéin cuma an
tighe dhóibh, agus a ghléus, agus a
dhul amach, agus a theacht asteach,
agus a uile fhoirm, agus a uile órd-
uighthe, agus a uile chuma, agus a
uile dhlighthe: agus scríobh iona ra-
dharc é, chor go ccoimhédfuid síad a
uile fhoirm, agus a órduighthe uile,
agus go ndénuid síad íad.


L. El43:12


Isé so dligheadh an tighe: air
mhullach an tsléibhe biáidh a théoruinn
iomlán faccuáirt ronáomhtha: féuch,
isé so dligheadh an tighe:


L. El43:13


Agus síad so tomhais na hal-
tóra do réir na ccubhad; is
cubhad agus leithiod, baise an cu-
bhad; eadhon budh cubhad a íochtar, agus
a leithne cubhad, agus budh réise a
imeal agá bhrúachaibh timchioll faccuáirt,
agus budh í so cuid is áirde donal-
tóir.


L. El43:14


Agus biáidh dhá chubhad óníoch-
tar ar an ttalamh go nuige an sui-
ghiughadh íochtarach, agus aonchubhad
a leithne; agus ón tsuighiughadh is lu-
gha gus an suighiughadh is mó, ceith-
re cubhaid, agus a leithne áonchu-
bhad.


L. El43:15


Marsin budh ceithre cubhaid a
naltóir, agus ónaltóir, agus ós
a chionn biaidh ceithre beanna.


L. El43:16


Biáidh analtóir dhá cubhad dég
air fad, a dó dhég ar leithne ceathair-
bheannach iona ceithre ceathramhnuibh.


L. El43:17


Agus biáidh an suigheachadh ceith-
re cubhaid dég air fad, agus a cea-
thairdég air leithead ann a choirneuluibh,
agus budh leath chubhad a hiomal
faccuairt, agus budh cubhad faccuairt
a hiochtar, agus féuchfuid a staigh-
redha leath soir.


L. El43:18


Agus adubhairt sé riomsa, a
mhic an duine, is mharso adeir an
tighearna Día, isíadso órduighthe na
haltóra annsa ló a ndénuid í, dof-
ráil íodhbartha loisge uirre, agus do
chrothadh fola uirre.


L. El43:19


Agus dobhéra tú do na
sagartaibh na Lebítigh bhíos do shíol
Shadoc, noch thig a ngar dhamhsa do
mhiniostralacht damh, adeir an Ti-
ghearna Día, bulóg óg mar ofráil
pheacaidh.


L. El43:20


Agus glacfuidh tú dhá fhuil
sin, agus cuirfe tú air a cheithre beann-
uibh, agus air cheithre coirnéuluibh an tsui-
dheachadh, agus air animiol timchioll
faccuáirt: is marso ghlanfas tú, a-
gus scagfas tú é.


L. El43:21


Glacfa tú fós bulóg na
hofrála peacaidh, agus loisgfidh tú
annsanáit órduighthe é don tigh táobh
amuigh don tsanctóir.


L. El43:22


Agus air an dara lá ofráil-
fidh tú meannán do na gabhruibh gan
cháidhe mar ofráil pheacaidh, agus glan-
fuid analtóir, mar do ghlanadar í
leis an mbulóig.


L. El43:23


An tan chríochnochus tú a gla-
nadh: ofráilfidh tú bulóg óg gan
cháidhe, agus reithe as an ttréd, gan
toibhéim.


L. El43:24


Agus ofráilfidh tú íad a
lathair an Tighearna, agus teilgfid na
sagairt salann orra, agus ofrálfuid
súas íad mar ofráil loisge don Ti-
ghearna.


L. El43:25


Seacht lá ghléusfas tú gach
aon lá gabhar mar ofráil pheacaidh:
glésfuid síadsan fós bulóg óg,
agus reithe as an ttréud gan chái-
dhe.


L. El43:26


Glanfuid síad analtóir seacht
lá, agus fírníamhfuid í, agus beinneoch-
uid íad féin.


L. El43:27


Agus an tan chríochnochthar nna
láethesi, aseadh bhías air anochtmhadh
lá, agus marsin súas go ndénuid
na sagairt bhur nofrála loisge air a
naltóir, agus bhur nofrála síothchá-
na; agus gébha misi sibhsi, adeir an
Tighearna Día.


L. El44:1


Ansin thug sé mé ar mais
a slighe gheata na sanctó-
ra amhuigh, noch fhéuchus leath
ris an ttaóibh shoir, agus
dobhí sé druite.


L. El44:2


Annsin adubhairt an Tighearna
riom, biáidh an geataso druite, ní
hoisceoltar é, agus ní rachuidh duine
ar bith asteach ann; do bhrígh go
ndeachuidh an Tighearna Día Israel a
steach ann, uimesin druidfighear é.


L. El44:3


Is don phrionsa atá sé; suidh-
fidh an prionnsa ann dithe aráin as
coinne an Tighearna: rachaidh sé asteach
a slíghe phóirse an gheatasin, agus
rachaidh amach a slíghe an gheata chéd-
na.


L. El44:4


Annsin thug sé mé a slighe an
gheata thuáigh as coinne an tighe, a-
gus damhairc mé, agus féuch do líon
glóir an Tighearna tigh an Tighearna,
agus do thuit misi air maghaidh.


L. El44:5


Agus adubhairt an Tighearna
riom, a mhic an duine, comhartuigh go maith,
agus féuch led shúilibh, agus cluin
led chlúasaibh anuile ní adéra misi
riot a ttaobh órduighthe thighe an Ti-
ghearna, agus a dhlighthe uile, agus
comharthuigh go maith dul asteach an
tighe maille re dul amach na sanc-
tóra.


L. El44:6


Agus adéra tú ris an ndruing
chogthuigh, eadhon re tigh Israel, is
marso adeir an Tighearna Día, ó
sibhsi a thigh Israel, go madh lór libh a
ndérnabhair da bhur nuile ghráineamhlach-
taibh,


L. El44:7


Anáit a ttugabhair coimhthighidh
gan timchillghearradh iona ccroidhe, a-
gus gan timchillghearradh iona bhfeóil do
bheith ann mo shanctóirse dá thruáilleadh,
eadhon mo thigh, an tan ofráilthi ma-
rán, an méuthus agus anfuil,
agus do bhrisiodar mo chunnradh, do
bhrígh bhur nuile ghráineamhlachtasa.


L. El44:8


Agus nár choimhédabhair cúram mo
neithe náomhtha; acht do chuireabhair
coimhéuduigthe mo chúruim ann mo shanc-
tóir ar bhur son féin.


L. El44:9


Is marso adeir an Tighearna
Día, ní rachuidh coimhthigheach ar bith
neimhthimchillghérrtha a gcroidhe, nó
neimhthimchillghérrtha a bhfeóil asteach
ann mo shanctóirse, do choimhightheach
ar bioth dá bhfuil a measc chloinne Israel.


L. El44:10


Agus na Lebhítigh dimthigh a bhfad
uáim an tan dochuáidh Israel ar
seachrán, noch dochuáidh ar seachrán a
ndiáigh a niodhal, iomchoruid síad a
néigceart féin.


L. El44:11


Gidheadh béid síad na seirbhíseach-
uibh ann mo shanctóir arna mbeith a ccú-
ram ag geatadhuibh an tighe, agus ag mini-
ostralacht annsa tigh: muirfid síad á
nofráil loisge, agus a níodhbairt don
phobal, agus seasfuid as a ccoinne
do mhiniostrálacht dóibh.


L. El44:12


Do bhrígh gur mhiniostraladar
dhóibh a bhfíaghnuise a niodhal, agus
go ttugadar air thigh Israel tuitim
anéigceart: uimesin do thóig misi súas
mo lámh na naghaidh, adeir an Tigh-
earna Día, agus iomchóruid síad a néigceart.


L. El44:13


Agus ní thiucfuid síad am
gharsa, do dhénamh oifige sagairt dhamh,
nó do theacht a ngar éinneithe dom
neithibh náomhtha annsanáit ronáomh-
tha: acht iomchoruid a náire, agus
a ngráneamhlachta dorinneadar.


L. El44:14


Acht dodhéna misi coimhéud-
uighthe cúruim mo thighe dhíobh chum a
uile sheirbhíse, agus chum anuile ní
dá ndéntar ann.


L. El44:15


Acht tiucfuid na sagairt, na
Lebhítibh mic Shadoc noch do choiméd cú-
ram mo shanctóra, an tan dochuá-
dhar clann Israel ar sheachrán uaim,
am ghar do mhiniostralacht damh, agus
seasfuid am fhiadhnuise dofráil an
mhéuthuis, agus na fola dhamh, adeir
an Tighearna Día.


L. El44:16


Rachfuid ann mo shanctóir, a-
gus tiucfuid anaice mo bhuird do
fhriotholamh dhamh, agus cuimhdeochuid mo chúram.


L. El44:17


Agus tiucfuidh a ccrích an
tan rachfuid asteach a ngeata na
cúirte astigh, éideochar íad lé hé-
dach lín, agus ní bhiáidh olann ar bioth
orra, an feadh bhéid ag miniostralacht
a ngeatadh na cúirte is faide asteach,
agus táobh astigh.


L. El44:18


Biáidh buinéid lín air a cceannaibh,
agus biáidh brístighe lín aca air a leas-
rachuibh: ní chrioslochuid íad féin le héinní dá
ttiubhra allus.


L. El44:19


Agus an tan rachuid síad a-
mach don chúirt amhuigh, eadhon don
chúirt is faide amach chum an pho-
bail, cuirfid síad díobh a néduighe ann
ar mhiniostraladar, agus leagfuid
íad annsna seomradhuibh náomhtha, agus
cuirfid édach oile umpa, agus ní náomh-
tochuid síad an pobal lena nédach.


L. El44:20


Ní mó bhérrfuid a ccinn, nó
fhuileonguid a locadha dfás fada, bean-
fuid a ngrúag amháin díobh.


L. El44:21


Ní mó ibhios sagart ar bioth
fíon an tan rachaid don chúirt is faide
asteach.


L. El44:22


Ní mo ghlacfuid baintreabhthuigh
mar mhnáibh, nó an bhean chuirfighear ar
siubhal, acht dobhéruid maighdiona do
shíol thighe Israel, nó baintreabhthach
agá raibh sagart roimhe,


L. El44:23


Agus teagóscuid dom phobal an
difir idir an náomhtha agus an neamh-
náomhtha, agus dobhéruid air dhaóinibh
eidirdhealughadh idir an nglan agus an
neamhghlan.


L. El44:24


Agus animreasain seasfuid a
mbreitheamhnus, agus dobhéruid breath
air do réir mo bhreitheamhnuisi: agus
coimhédfuid mo dhligheadh, agus mo reach-
ta ann muile chruinnighthibh, agus naomh-
thochuid mo shaóire.


L. El44:25


Agus ní thiucfuid anaice
chuirp mhairbh ar bioth dhá ttruáilleadh féin:
acht ar son athar, nó mathar, nó ar
son mic nó inghine, ar son dearbhra-
thar no deirbhsheathar ag nach raibh fear,
is féidir léo íad féin do shalchadh.


L. El44:26


Agus tar éis a ghlanta, áir-
eomhuidh sé seacht lá dhó féin.


L. El44:27


Agus annsa ló a rachuidh sé a
steach san tsanctóir don chúirt a
stigh do mhiniostralacht annsa tsanc-
tóir, ofráilfhidh sé a ofráil pheacaidh, a
deir an Tighearna Día.


L. El44:28


Agus biáidh sé aca na oighreacht,
is misi a noighreacht: agus ní thiu-
bharthaoi sealbh ar bhith dhóibh a Nísrael:
is misi a sealbh.


L. El44:29


Iosfuid síad anofráil bhídh,
agus anofráil pheacaidh, agus anof-
ráil sháruighthe, agus budh léosan
anuile ní íodhbartha a Nisrael.


L. El44:30


Agus budh leis na sagartaibh
tosach chéad thoruidh anuile neithe, a-
gus anuile ofráil donuile shórt dá
bhur níodhbarthaibh: dobhérthaói fós don
tsagart tosach bhur ttáos, chor go
ttiubhra sé air an mbeannughadh comhnuidhe
ann do thigh.


L. El44:31


Ní íosfuid na sagairt déinní
éugfas úadh féin, nó réubtha, mar éun
é no beathach.


L. El45:1


Tulleamh oile, an tan roinnfidhe
le crannchar an tír mar
oighreacht, ofráilfidhe ofráil
don Tighearna, roinn naomh-
tha donfearann: budh é a fhad cúig
mhíle fhithchiod slat, agus budh é a lei-
thead deich míle, agus biáidh so náomh-
tha iona uile theorannuibh timchioll
faccuáirt.


L. El45:2


Biáidh dhe so cúig chéd ar fad,
maille re cúig chéd ar leithiod, ceth-
ramhnach timchioll faccuairt, agus
cáogad cubhad timchioll faccuáirt a
cuimínibh.


L. El45:3


Agus don tomhasso toimheos-
uidh tú fad chúig míle fhithchiod ar fad,
agus deich míle ar leithead: agus ann-
sin bhías an tsanctóir, agus anáit
ronáomhtha.


L. El45:4


Biáidh cuid náomhtha anfearuinn
aig na sagartaibh seirbhísigh na
sanctóra, noch thiucfas a ngar do
mhiniostralacht don Tighearna, agus
biáidh na háit agá ttighthibh, agus
na háit náomhtha don tsanctóir.


L. El45:5


Agus fós na cúig mhíle fhithchiod
ar fad, agus na deich míle ar leithiod,
biáid ag na Lebhítibh seirbhísigh an tighe
dhóibh féin, mar sheilbh do fhithchid seomra.


L. El45:6


Agus óirdeocha sibh seilbh na
caithreach cúig mhíle ar leithiod, agus
cúig mhíle fhithchiod ar fad thall as
coinne ofrála an phoirsiúin náomhtha:
biáidh sé ag tigh Israel uile.


L. El45:7


Agus biáidh poirsún ag an
bprionnsa air aontaóibh, agus air an
ttaoibh oile dofráil an phoirsiúin náomh-
tha, agus do sheilbh na caithreach as
coinne ofrála an phorsiúin náomhtha, a-
gus as coinne sheilbh na caithreach ónáird
shíar, agus ón ttaoibh shoir leath soir,
agus biáidh an fad thall as coinne aóin
do na poirsiunuibh ónimiol shíar gus a
nimiol shoir.


L. El45:8


Annsa bhfearann bhías a shealbh a Nis-
rael, agus ní sháireochuid mo phrionsa-
dha nísa mhó mo dhaóine, agus dobhéruid
an chuid oile don dúthaigh do thigh Israel
do réir a ttreabh.


L. El45:9


Is marso adeir an tighearna
Día, go madh lór libh, a phrionnsadha
Israel: Athruighidh (uaibh) foiréigion
agus millteachus, agus dénuidh breith-
eamhnus agus ceart: agus beiridh libh
bhur bhfóirneart óm phobal, adeir an
Tighearna Día.


L. El45:10


Biáidh aguibh meadha comhthroma,
agus Ephah comhthrom, agus bát comhthrom.


L. El45:11


Biáidh an tephah, agus an
bat daóinmhiosúr, chor go ccoinneochadh
an bat an deachmhadh cuid do homer, a-
gus an tephah an deachmhad cuid do ho-
mer; biáidh a miosúrsin do réir an ho-
mer.


L. El45:12


Agus budh fithche Gerah an
Secel: budh fithche Secel, cúig Secel fith-
chiod, agus cúig Secel dég bhur Maneh.


L. El45:13


Isí so anofráil ofráilfidhe, an
seiseadh chuid do Ephah do homer chruith-
neachta, agus bhearthaói an seiseadh cuid do
ephah do homer éorna.


L. El45:14


A ttáobh órduighthe na hola,
an bat ola, ofráilfidhe an deachmhadh
cuid do bhat ón chor, noch is homer dheich
mbat; óir is deich mbat an homer.


L. El45:15


Agus áon úan ar an ttréud
as dhá chéd, ar innbhior mhéuth Israel, mar
ofráil bhídh, agus ofráil loisge, a-
gus mar ofráil shíothchána, do dhénamh
athcháirdis dhóibh, adeir an tighearna Día.


L. El45:16


Dobhéruid uile dhaóine na tíre a
nofráil ar son an phrionnsa a Nísrael.


L. El45:17


Agus budh é cuid an phrionsa
ofrála loisge, agus ofrála bhídh, agus
ofrála dighe do thabhairt úatha annsna
féustuibh, agus annsna reéibh núadha,
agus annsna Sabóidibh, ann uile sholla-
mantacht thighe Israel: gléusfuidh sei-
sion anofráil pheacaidh, agus anof-
ráil bhídh, agus anofráil loisge, a-
gus na hofrála síothchána do dhénamh
athcháirdis do thigh Israel.


L. El45:18


Is marso adeir an Tighearna
Día, annsa chéidmhí, annsa chédlá don
mhí, glacfa tú bulóg óg gan cháidhe,
agus glanfuidh tú an tsanctóir.


L. El45:19


Agus glacfuidh an sagart
dfuil na hofrála peacaidh, agus cuir-
fidh air phostadhuibh an tíghe í, agus ar
cheithre coirnéluibh shuidhighe na hal-
tóra, agus air phostadhuibh gheata na cúir-
te is faide asteach.


L. El45:20


Agus is marsin dodhéna tú an
seachtmhadh lá don mhí ar son gach aóin-
duine dá cciontuighionn, agus ar son an
té bhíos simplige; marsin siothchán-
fhuidhe an tigh.


L. El45:21


Annsa chéidmhí, annsa cheathramhadh
la dég don mhí, biáidh an Cháisg aguibh,
féusta sheacht lá, arán gan loibhin íos-
tar.


L. El45:22


Agus annsa lósin gléusfuidh
an prionnsa dhó féin, agus duile phobal
na tíghe, bulóg mar ofráil pheacaidh.


L. El45:23


Agus seacht lá donféusta
uillmheocha sé ofráil loisge an Tighear-
na, seacht mbulóga, agus seacht reithe
gan cháidhe go láetheamhuil na seacht lá,
agus meannán do na ghabhruibh go láetheamh-
uil mar ofráil pheacaidh.


L. El45:24


Agus gléusfa sé ofráil bhídh,
eadhon ephah do gach bulóig, agus
ephah don reithe, agus hin ola don
ephah.


L. El45:25


Annsa seachtmhadh mí, annsa chúi-
geadh la dég don mhí dodhéna sé a lei-
théidsin a bhfésta na seacht lá do
réir na hofrála peacaidh, do réir na
hofrála loisge, agus do réir na hof-
rála bídh, agus do réir na hola.


L. El46:1


Is marso adeir an Tighearna
Día, druidfighear geata na
cúirte is faide asteach
fhéuchus leath shoir, na sé lá
oibre: acht oisceoltar é ann-
sa tsábóid, agus a ló na rée nuáidhe
biaidh sé oscuilte.


L. El46:2


Agus rachaidh an prionnsa asteach
a slighe phóirse an gheata táobh amuig,
agús seasfuidh sé ag posta an gheata,
agus uillmheochuidh an sagart a ofráil
loisge agus a ofráil shíodhchána, agus
dodhéna sé adhra ag tairsigh an gheata:
annsin racha sé amach, acht ní druidfighear
an geata go nóin.


L. El46:3


Mar an ccédna adhoruidh muin-
tir na tíre go dorus an gheata
so a bhfíaghnuise an Tighearna, ann-
sna sábóidibh, agus annsna réeib
núadh.


L. El46:4


Agus budh í ofráil loisge of-
fálas an prionnsa don Tighearna a ló
na sábóide sé huáin gan cháidhe, agus
reithe gan toibheim.


L. El46:5


Agus budh ephah anofráil bhídh
do reithe, agus anofráil bídh do na
húanuibh, mar is féidir leis do thabhairt
úadh, agus hin ola leis an ephah.


L. El46:6


Agus a ló na gealuidhe nuáidhe
bulóg óg gan toibhéim, agus sé hu-
áin, agus reithe: béid síad gan chái-
dhe.


L. El46:7


Agus uillmheocha ré ofráil bhídh,
ephah do gach bulóig, agus ephah
do gach reithe: agus do na húanaibh a-
mhuil roitheachus a lámh chuige, agus hin
ola leis an ephah.


L. El46:8


Agus an tan rachus an príonnsa
asteach, rachaidh sé asteach a slighe
phóirse an gheata, agus rachaidh sé a-
mach iona shlighesion.


L. El46:9


Acht anuáir thiucfuid muintir na
tíre a láthair an Tighearna annsa féus-
tuibh sollamanta, an té rachus asteach
san tslighe thuáigh san gheata da-
dhradh, rachaidh sé amach a slighe an
gheata theas: agus an té rachus a
steach a slighe an gheata theas, ra-
chuidh sé amach a slighe an gheata thuáigh:
ní fhillfe sé a slighe an gheata a ttáinic
sé asteach, acht rachaidh sé amach annsa
gheata as a choinne.


L. El46:10


Agus an prionnsa iona meadhon,
anuáir rachuid síad asteach, rachuidh
seision asteach, agus an tan rachuid
síad amach rachuidh seision a-
mach.


L. El46:11


Agus annsna féustuibh, agus
annsna sollamontaib budh Ephah a
nofráil bhídh leis an mbulóig, agus e-
pha leis an reithe, agus hin ola
leis an ephah.


L. El46:12


Anois an tan uillmheochus an
prionnsa ofráil loisge thoileamhuil nó of-
ráil shíothchána go toileamhuil don Ti-
ghearna, oisceoluidh áon annsin dó an
geata fhéuchus don leath shoir, agus glés-
fa sé a ofráil loisge, agus a ofrá-
la síothchána amhuil dorinne sé a ló na
sábóide: annsin imeochuidh sé roimhe, a-
gus tar éis a dhula amach, druidfidh
duine an geata.


L. El46:13


Gléusfuidh tú go láetheamhuil of-
ráil loisce don tighearna, dúan don
chéidbhlíadhuin gan cháidhe; gléusfa tú
é gach aonmhaidin.


L. El46:14


Agus gléusfa tú ofráil bhídh
do gach aonmhaidin, an seiseadh cuid do
ephah, agus an treas cuid do hin ola
do chumasc leis an bplúr mín; ofráil
bhídh a ccomhnuidhe maille re hórdughadh
síorruidhe don Tighearna.


L. El46:15


Marso ghléusfuid síad an
túan, agus anofráil bhídh, agus ano-
la gach aónmhaidin mar ofráil gnáthuidh
loisge.


L. El46:16


Is marso adeir an Tighearna
Día, má bheir an prionnsa bronnadh ar
bith daon da mhacaibh, biáidh a oighreacht
sin agá mhacaibh: budh é sin a sealbh ré
hoighreacht.


L. El46:17


Acht má bheir sé tiodhlacadh daón
dá sheibhíseachaibh dhá oighreacht, annsin budh
leis é go blíadhuin na saóirse: na dhi-
áighsin acht biáidh a oighreact da mhachaibh
dhóibh féin.


L. El46:18


Tuilleamh oile, ní bheanfa an pri-
onnsa cuid doighreacht na ndaóine dhíobh
re héigion da ndíbirt amach as a
seilbh; acht dobhéra sé oighreacht dá
mhacaibh as a sheilbh féin, ionnus nach dí-
othsgaoiltear mo phobal, gach aónduine
as a sheilbh féin.


L. El46:19


Na dhiáighsin thug se thríd an
dul asteach mé, noch dobhi aig taóibh an
gheata go sheomradhuibh náomhtha na sa-
gart, noch dféuch leath thuáigh: agus
féuch, dobhí áit annsin air an da thaóibh
leath shíar.


L. El46:20


Ansin adubhairt seision riomsa;
sí so anáit a mbruithfid na sa-
gairt ofráil an tsáruighthe, agus a
nofráil pheacaidh, iona mbácalfuid a
nofráil bhídh: iondus nach béuruid síad
amach íad do náomhadh an phobail.


L. El46:21


Annsin thug sé amach mé don
chúirt dob fhaide amach, agus thug sé
orum gabháil láimh re ceithre corruibh na
cúirte, agus féuch, dobhí cúirt ann
gachh coirnél don chúirt.


L. El46:22


Dobhádar cúirte a cceithre
coirnéuluibh na cúirte ceangailte dhi, do
cheathrachad cubhad ar fad, agus trío-
chad ar leithead: dobhádar na ceithre
coirnéilse daoinmhiosúr.


L. El46:23


Agus dobhí obair núadh timchioll
fáccuáirt ionta, timchioll faccuáirt
an cheathrairsin, agus dorinneadh é go nái-
tibh bruithe faoi na péirsighibh timchioll
faccuáirt.


L. El46:24


Annsin adubhairt sé riom; isíad
so áite na druinge bhruithios, mar
a mbruithfid seirbhísigh an tighe íodh-
buirt an phobail.


L. El47:1


Na dhiáighsin thug sé arís mé
go dorus an tighe, agus
féuch, thangadar uisceadha
amach ó faói tháirsigh an
tighe leath shoir: óir do sheas édan tos-
uigh an tighe leath shoir: agus thanga-
dar na huisceadh anúas ó thaobh deas an
tighe don taóibh ó dheas donaltóir.


L. El47:2


Annsin thug sé me as slighe an
gheata budh thuáidh, agus rug sé leis mé
annsa tslighe amuigh gus an ngeata
amuigh, annsa tslíghe fhéuchus leath soir,
leath soir, agus féuch, do riothadar
uisgeadha air an ttaóibh deas amach.


L. El47:3


Agus an tan dochuáidh an té agá
raibh an dorubha iona láimh amach
leath soir, do thomhais sé míle cubhad,
agus thug sé misi thríd na huisgeadhuibh;
dobhádar na huisgeadha go nuige na mu-
gharláin damh.


L. El47:4


Arís do thomhais sé míle cubhad,
agus thug sé misi thríd na huisgeadhuibh;
dobhádar na huisgeacha gus na glúinibh:
arís do thomhais sé míle, agus thug
sé misi thríd: dobhádar na huisgeadha
gus na leasrachaibh.


L. El47:5


Na dhiáighsin do thomhais sé míle,
agus dobhí na shruth nach ar fhéud mé dul
thairis: óir déirgheadar na huisgeadha,
do shnámh ionta, abhuinn nárbhféidir dul
thairse.


L. El47:6


Agus adubhairt sé riom, a mhic an
duine, an bhfaca tú so? annsin rug sé
leis mé, agus thug sé orum filleadh
go brúach na habhann.


L. El47:7


Anois an tan dfill mé féuch
dobhádar so mhórán crann air bhrúach na
habhann air an ttaóibhsi, agus air an tta-
óibh oile.


L. El47:8


Annsin adubhairt seision riomsa,
silid na huisgeadhaso amach leith ris an
ttír shoir, agus téid síos annsa dío-
thramh, agus téid gus an bhfairge: airna
ttabhairt amach chum na fairge, léigheo-
star na huisgeadha.


L. El47:9


Agus tiucfuidh a ccrích go mairfidh
gach aoinní beó dá ccorruighionn giodhbé
ar biodh táobh a riothuid na huisgeadha;
agus biáidh iomad romhór éisg ionta,
do bhrígh go ttiucfuid na huisgeadha ann-
sin: óir béid slán, agus mairfidh gach
uile ní mar a ttiucfa an sruth.


L. El47:10


Agus tiucfa a ccrích go seas-
fuid na híascairídhe air, ó En-gedi go
Heneglaim: béid na náit leathnuighthe
líon amach, béid a néisg do réir a
ccinéil amhuil éisc na fairge móire, ro
iomadamhuil.


L. El47:11


Acht ní leigheostar a áite lá-
báinsin, agus a áite uisgeamhla, do
bhérthar do dhénamh shalainn íad.


L. El47:12


Agus fásfuidh láimh ris ana-
bhuinn, air a bruach air an ttáoibhsi agus air
an ttaoibh oile, anuile chrann chum bídh
nach ccríonfa a dhuille, nó nach ccaith-
fighear a thoradh: dobhéra amach toradh
núadh do réir a mhíos, do bhrígh gur
gheiniodar a nuisgeadha amach ón tsanc-
tóir, agus biáidh a thoradh mar bhíadh a-
gus a dhuille chum leighis.


L. El47:13


Is marso adeir an Tighearna
Día, budh í so an teóra lé ngébhthaói oi-
ghreact na tíre do réir dha threabh dhég
Israel: dogheabha Ióseph dha chuid ronna.


L. El47:14


Agus gheabhthaóise a oighreacht,
áon comhmaith ré chéile: noch ar thóg
misi mo lámh súas da thaóbh dá thabhairt
da bhur naithribhse, agus tuitfidh an
ferann oruibh mar oighreacht.


L. El47:15


Agus budh í so teóra anfearuinn
leathris an ttáobh thuáigh ón bhfairge móir
a slighe Hetlon, mar théid daoine go
Sédad:


L. El47:16


Hamat, Berotah, Sibraim,
noch atá idir théoruinn Damascus, a-
gus teóra Hamat: Hasar-hatticon,
noch atá láimh ré cósta Habhran.


L. El47:17


Agus budh í an téora ón bhfair-
ge Hasarenan, téora Dhamascus,
agus an tuáisceart budh thuáigh, agus
téora Hamat agus isi so an taoibh
ó thuáigh.


L. El47:18


Agus toimheostaói an thaóbh
shoir ó Habhrann, ó Dhamascus, agus
ó Ghílead, agus ó thír Israel láimh ré
Iordan ón tteóruinn gus an bhfairge
shoir: agus isí so an táobh shoir.


L. El47:19


Agus an taóibh ó dheas budh dheas
ó Thamar go huisgeadhuibh na ceannairge, a
Ccades, an sruth gus an bhfairge mhóir;
agus isí so an táobh ó dheas budh dheas.


L. El47:20


An táobh shíar mar an ccédna
budh í anfairge mhór ón ttéoruinn nó go
ttí duine anall as coinne Hamat: isí
so an táobh shíar.


L. El47:21


Marsin roinnfidhe an fearann
so dhíbh féin do réir threabh Israel.


L. El47:22


Agus ttiucfa a ccrích, go
roinnfidhe é le crannchair mar oi-
ghreacht díbh féin agus do na
coimhightheachaibh bhíos ar cu-
áirt bhur measc, noch dá mbérthar
clann ann bhur measg: agus béid daóibhsi
mar dhaóinibh bhearthar annsa tír a
measg chloinne Israel, dogheabhuid síad
oighreacht aguibh a measg threabh Israel.


L. El47:23


Agus tiucfuig a ccrích, gidhbé
treabh iona ccoimhneochuibh an coimhthigh-
each, gurob annsin dobhérthaoi oighreacht
dó, adeir an Tighearna Día.


L. El48:1


Anois isiad so anmanna na
ttreabh ón chionn thuaigh go
cósda shlighe Hetlon, mar
théid duine go Hamat, Ha-
sarenan, téora Dhamas-
cus don leath thuáigh, go cósda Ha-
mat (óir is íad so a tháobha soir a-
gus síar) cuid ronna do Dhan.


L. El48:2


Agus láimh ré téoruinn Dan ón
taóibh shoir, eadhon go nuige an ttaoibh
shíar (cuid ronna) do Aser.


L. El48:3


Agus láimh ré téoruinn Aser
ón taoibh shoir, eadhon go nuige an taoibh
shíar (cuid ronna) do Naphtali.


L. El48:4


Agus láimh ré téoruinn Naphta-li
ón táoibh shoir gus an dtaóibh shíar:
(cuid ronna) do Mhanasseh.


L. El48:5


Agus láimh ré téoruinn Mha-nasseh,
ón taóibh shoir gus an taóibh
shíar (cuid ronna) do Epraim.


L. El48:6


Agus láimh ré téoruinn Ephraim
ón taóibh shoir, gus an ttaóibh shíar:
(cuid ronna) do Reuben.


L. El48:7


Agus láimh ré téoruinn Reuben
ón ttaóibh shoir gus an ttaóibh shíar
(cuid ronna) do Iúdah.


L. El48:8


Agus láimh ré téoruinn Iúdah
ón ttaóibh shoir gus an ttaóibh shíar
budh í sin anofráil noch ofráilfidhe don
chúig mhíle fhithchiod slat ar leithead, a-
gus air fad amhuil cuid do na cod-
chaibh oile, ón taóibh shoir gus an
ttaóibh shíar, agus biáidh an tsanc-
tóir iona lár.


L. El48:9


Biáidh anofráil dobhérthaoi don
Tighearna cúig mhíle fhithchiod ar fad, a-
gus deich míle ar leithiod.


L. El48:10


Agus is dóibhsin eadhon do na
sagartaibh bhías anofráil naomhtha-
so don leith thuáigh cúig mhíle fhithchiod
ar fad, augs don leith shíar deich míle
ar leithiod, agus don leith soir deich míle
air leithiod, agus don leith theas cúig mhíle
fhithchiod ar fad, agus biáidh sanctóir
an Tighearna iona lársin.


L. El48:11


Budh leis na sagartaibh é atá
náomhtha do mhacaibh Sádoc, noch do
choimhéd mórduighthesi, nach deachuidh ar
seachrán an tan dochúadar clann Is-
rael ar seachrán, mar dochúadar na
Lebhítigh ar seachrán.


L. El48:12


Agus budh ní ronaomhtha
dhóibhsion ofráil anfearuinnsi dobér-
thar amach láimh ré téoruinn na Lebhi-
teach.


L. El48:13


Agus biáidh ag na Lebhítibh thall
as coinne na sagart, cúig mhíle fhithchiod,
air fad, agus a leithiod deich míle.


L. El48:14


Agus ní reacfuid síad é, agus
ní mhalartfuid, ní mó bhéuruid úatha
féin primidil anfearuinn: óir atá sé
náomhtha don Tighearna.


L. El48:15


Agus biaid na cúig mhíle do
fágbhad annsa leithead thall as coinne na
ccúig míle fhithchiod, na áit neamhnáomhtha
don chathruigh, chum áitreibhthe, agus
mar chuimínibh, agus biáidh an chathair io-
na lár.


L. El48:16


Agus budh íadso a ttomhais
sin, an taóibh thuáigh ceithre mhíle agus
cúig chéd, agus don taóibh theas ceith-
re mhíle agus cúig chéd, agus don
taóibh shoir ceithre mhíle agus cúig
chéd, agus don taóibh shíar ceithre
mhíle agus cúig chéd.


L. El48:17


Agus biáidh cuimínidhe na caith-
reach don leith thuáigh, dha chéd agus
cáogad, agus leath ris anoirthear dhá
chéd agus cáogad, agus don leath shíar dha
chéd agus cáogad.


L. El48:18


Agus an chuid oile ar leithne
thall as choinne ofrála na ronna náomh-
tha, biáidh deich míle don leith shoir,
agus deich mhíle don leith shíar: agus
biáidh sé thall as coinne ofrála na coda
náomtha, agus biáidh a bhiseachsin mar
beatha don druing fhritheolas don cathruigh.


L. El48:19


Agus an mhéid fritheolas don
cathruigh, foigheonuid dí as uile threabhuibh
Israel.


L. El48:20


Budh cúig mhíle fhithchiod anof-
ráil uile, le cúig mhíle fhithchiod: ofráil-
fidhe anofráil naomhtha, ceathairbheannach
maille ré seilbh na caithreach.


L. El48:21


Agus biáidh an fuighioll ag an
bprionnsa air áontaóibh agus air an
ttaóibh oile donofráil náomtha, a-
gus do sheilbh na caithreach thall as
coinne na ccúig mhíle fhithchiod, donof-
ráil leath ris an ttéoruinn shoir, agus
leath shíar thall as coinne na ccúig míle
fhithchiod leath ris an ttéoruinn shíar thall
as coinne chuid ronna an phrionnsa, agus
budh í sin anofráil náomhtha, agus biáidh
sanctóir an thighe iona lársin.


L. El48:22


Tuilleamh oile, budh leis an
bprionnsa ó sheilbh na Lebhíteach, agus ó
sheilbh na caithreach ar mbeith a lár an
neithe is leis an bprionnsa, idir théor-
uinn Iúdah, agus théoruinn Bheniamin.


L. El48:23


Ar son na coda oile do na
treabhuibh ón taóibh shoir gus an taóibh
shíar, biáidh (roinn) ag Beniamin.


L. El48:24


Agus ag téoruinn Bheniamin ón
taóibh shoir gus an taóibh shíar dogheabh-
uidh Simeon (roinn).


L. El48:25


Agus ag téoruinn Shimeon ón
taóibh shoir gus an taóibh shíar do ghea-
bha Isachar (roinn).


L. El48:26


Agus ag téoruinn Isachar ón
taóibh shoir gus an taóibh shíar do ghea-
bha Sebulun (cuid ronna).


L. El48:27


Agus ag téoruinn Shebulun ón
taóibh shoir gus an taóibh shíar biáidh
(cuid ronna) ag Gad.


L. El48:28


Agus ag téoruinn Ghad don
taóibh theas leath ris an deisceart, biáidh
an téora eadhon ó Thamar gus na sro-
thaibh imreasuin ann Cades, agus gus
anabhuinn leat ris an bhfairge mhóir.


L. El48:29


Isé so an fearann roinnfidhesi lé
crannchar do threabhuibh Israel mar oigh-
reacht, agus siad so na ronna, adeir an
Tighearna Día.


L. El48:30


Agus síad so dula amach na
caithreach don taóibh thuáigh, ceithre
mhíle, agus cúig chéd miosúr.


L. El48:31


Agus biáid geatadha na caith-
reach do réir anmann threabh Israel, trí
gheata thuáigh; aoin gheata do Reuben,
aóingheata do Iúdah, aoingheata do Lébhi.


L. El48:32


Agus don taóibh shoir ceithre
mhíle, agus cúig chéd, agus trí geata;
agus aon gheata do Ióseph, aon geata
do Bheniamin, áon gheata do Dhan.


L. El48:33


Agus don taoibh theas ceithre
mhíle, agus cúig chéd miosúr, agus
trí gheata; aoingheata do Shimeon, aóin
gheata do Isachar, aóingheata do She-
bulun.


L. El48:34


Don taóibh shíar ceithre mhíle,
agus cúig chéd maille ré na ttrí gheat-
uibh, aongheata do Ghad, aóingheata do
Aser, aóingheata do Naphtali.


L. El48:35


Dobhí sé timchioll faccuáirt
ocht míle dhég miosúr: agus budh é
ainm na caithreach ón ló sin atá, an
tighearna annsin.


L. Dn



LEABHAR ANFAIGH DANIEL.


L. Dn1:1


Annsa threas bliadhain do riogh-
acht Iehoiacim Rígh Iúdah,
tháinic Nebuchadnessar
Rígh na Babilóine go Hieru-salem,
agus do chuir campa iona tim-
chioll.


L. Dn1:2


Agus thug an Tighearna Iehoia-cim
rígh Iúdah iona láimh, maille le cuid
do shoithighibh thighe Dé, noch rug sé go tír
Shinar, go tigh a dhé féin, agus rug
sé na soightihghe go tigh ionnmhuis a
dhé.


L. Dn1:3


Agus do labair an Rígh re As-penas,
maighistir a chailteanach, chor
go ttugadh sé leis cuid do chlainn Isra-el,
agus do shliocht an Rígh, agus do
na prionnsadhuibh.


L. Dn1:4


Clann ann nach raibh aineamh ar
bioth, acht íad sgíamhach agus glic ann-
sonuile eagna, agus gérchúiseach san
nuile éolus, agus ealadhuin thuigsionuigh,
agus drong agá raibh cumas ionta
chum seasta a bpálás an Rígh agus da
múinfedís foghluim agus teanga na Ccaldeá-
nach.


L. Dn1:5


Agus dórduigh an Rígh dhóibh bea-
tha láetheamhuil do bhíadh an Rígh, agus
donfíon dar ibh sé: mar sin agá noi-
leamhuin trí blíadhna, go madh féidir leó
a ccionn na haimsire sin seasamh a la-
thair an Rígh.


L. Dn1:6


Anois dobhí iona measg so do
chloinn Iúdah, Daniel, Hananiah, Ni-srael,
agus Asariah:


L. Dn1:7


Dá ttug prionnsa na ccalteanach
anmanna; óir thug sé ar Dhániel
Bel-tesassar; agus air Hananiah,
Sa-drach; agus air Mhisael, Mesach;
agus air Asariah, Abednego.


L. Dn1:8


Acht do thríall Dániel iona chroi-
dhe nach saileochadh sé é féin lé cuid
bhídh an Rígh, nó leis an bhfíon do ibheadh
sé: uimesin díarr sé ar phrionnsa na
ccalteanach nach salchadh sé é féin.


L. Dn1:9


Anois thug Día Dániel a bhfa-
bhar agus a ngrádh dhúthrachtach phrionnsa
na ccaltenach.


L. Dn1:10


Agus adubairt prionnsa na ccal-
teanach ré Dániel, is eagal liom an ti-
ghearna mo Rígh, noch dórduigh bhur mbííadh,
agus bhur ndeoch: óir cred as a
bhfaicfeadh sé bhur naigthesi nísa measa
a ccruth ná an chlann atá dá bhur sórt?
annsin cuirfighe misi a nguáis mo chinn ag
an Rígh.


L. Dn1:11


Annsin adubhairt Dániel re Mel-
sar, noch do chuir prionnsa na ccaltea-
nach ós cionn Dhániel, Hananiah, Mi-
sael, agus Asariah.


L. Dn1:12


Dearbh do sheirbhisigh, íarruim dath-
chuinge ort, ar feadh dheich lá, agus tu-
gaidís dóibh piseanach re ithe, agus
uisge ré ól.


L. Dn1:13


Annsin féuchthar air ar ngnúisibh
dot lathairsi, agus ar ghnúisibh na
cloinne ithios do chuid ronna bhídh an Rígh:
agus amhuil dochífios tú, déna re do
sheirbíseachaibh.


L. Dn1:14


Marsin dáontuigh sé rís annsa
chúissi, agus do indearbh sé íad ar feadh
dheich lá.


L. Dn1:15


Agus a ccionn dheich lá dochonn-
cas a ngnúise níis breághdha agus níis
reimhe a bhfeóil ná an chlann uile, noch a
duáigh do chuid ronna bhídh an Rígh.


L. Dn1:16


Marso dorug Melsar leis
cuid ronna a mbídh, agus an fíon do ibhe-
dís, agus thug sé piseanach dhóibh.


L. Dn1:17


Ar son an cheathrair leanabh so, thug
Día éolus agus gliocus dóibh annsanuile
fhogluim agus egna, agus dobhí tuigsi ag
Dániel annsna huile fhisibh agus aislingibh.


L. Dn1:18


Anois a ccionn na láetheadh a
ndubhairt an Rígh go ttiubhradh sé asteach
íad, annsin thug prionnsa na ccailteanach
asteach íad a lathair Nebuchadnessar.


L. Dn1:19


Agus do comhráidh an Rígh ríu,
agus níor fríth áon iona mesg uile cos-
mhuil ré Dániel, Hananiah, Misael, a-
gus re Hasariah: uimesin do seasadar
a lathair an Rígh.


L. Dn1:20


Agus fuáir an Rígh íad níbudh
férr deich nuáire náid na draóithe uile,
agus na hastroluighthe uile da raibh ann
a rioghachtaibh uile, annsna huile chúisibh eag-
na agus tuisciona dar fhíafruigh sé dhíobh.


L. Dn1:21


Agus do chomhnuidh Dániel gus an
ccéidbhlíadhuin do rioghacht an Rígh Círus.


L. Dn2:1


Agus annsa dara blíadhain do
rioghacht Nebuchadnessar,
dochonnairc Nebuchadnessar ais-
lingthe, ler buáidhreadh a spio-
rad, agus dimthigh a chodladh uadh.


L. Dn2:2


Annsin dfúagair an Rígh na dra-
óithe do ghairm, agus na hastroluighthe,
agus na fáistinigh, agus na Caldeá-
nuigh chum a aislingeadh do thaisbeanadh don
Rígh: annsin thangadar, agus do
sheasadar a bhfíaghnuisi an Rígh.


L. Dn2:3


Agus adubhairt an Rígh ríu, dochonnairc
mé aisling, agus dobhí mo spi-
orad buáidheartha dfagháil feasa na hais-
linge.


L. Dn2:4


Annsin do labhair na Caldeánuigh ris
an Rígh a Síriac, a Rígh mair go bráth:
innis dot sheirbhíseachuibh anaisling, agus
foillseochaimne an chíall duit.


L. Dn2:5


Do fhreagair an Rígh, agus adu-
bhairt sé ris na Caldeánachaibh, dimthigh an
ní uáimsi: muna ttugthaóise fios na
haislinge maille rena céill, gérrfui-
ghear a bpíosuibh sibh, agus dodhéntar
cárn aóiligh dá bhur ttighthibh.


L. Dn2:6


Acht má thaisbeantaói anaisling
agus a cíall, dogheabhthaói bronta uáim-
si, agus luaigheachta, agus onóir mhór: uimesin
foillsighidh anaisling dhamh agus a chíall.


L. Dn2:7


Do fhreagradar arís, agus adu-
bradar, inniseadh an Rígh da sheirbhíseachaibh
anaisling, agus taisbeanfuim a chíall dó.


L. Dn2:8


Do fhreagair an Rígh agus adubhairt,
atá a fhios agam go deimhin go mbéra
sibh anaimsir libh, do bhrígh go bhfaicthi
go ndeachaidh an ní uáimsi.


L. Dn2:9


Acht muna ttugthaói fios na
haislinge dhamhsa, ní bhfuil acht aoin-
bhreath amháin oruibh: óir dullmuigheabhair
bréga, agus bríathra salcha da labhairt
dom lathairsi, nó go náthruighthear anaim-
sir: uimesin innisidh dhamhsa anaisling,
agus aitheonuidh mé gur féidir libh a chí-
all do thaisbeanadh dhamh.


L. Dn2:10


Do fhreagradar na Caldeánuigh
a lathair an Rígh, agus adubhradar, ní bhfuil
duine air an ttalamh fhédas cúis an Rígh
dfoillsiughadh: uimesin ní bhfuil Rígh nó
thighearna ná úachtarán íarrus aleithéid
sin doní ar dhraói, nó air astroluighe,
nó ar Chaldeánach.


L. Dn2:11


Agus is ní annamh íarrus an
Rígh, agus ní bhfuil áon ar bioth oile
fhédas a fhoillsiugadh a lathair an Rígh acht
na déé nach dén a ccomhnuidhe a bhfeóil.


L. Dn2:12


Ar son na cúisisi, dobhí an Rígh
feargach, agus rofhíochmhar, agus dfú-
agair sé daoine críonna na Babilóine uile
do scrios.


L. Dn2:13


Agus dochuáidh anaithne amach,
go muirfidh na daóine críonna, agus
díarradar Dániel, agus a chompanuigh
gé a marbhadh.


L. Dn2:14


Annsin do fhreagair Dániel maille
ré comhairle, agus re heagna do Arioch
caiptín ghárda an Righ, noch dochuáidh a-
mach do mharbadh dhaóine glioca na Ba-
bilóine.


L. Dn2:15


Do fhreagair sé, agus adubhairt re Arioch
caiptín an Rígh, cred fa bhfuil anfú-
agra comhdheithniosachsin ón Rígh? Annsin
dfoillsigh Arioch an chúis do Dhániel.


L. Dn2:16


Annsin dochuáid Dániel asteach,
agus díarr sé air an Rígh aim-
sir do thabhairt dó féin, agus go
míneosach sé don Rígh cíall na (hais-
lingthe.)


L. Dn2:17


Annsin dochuáidh Dániel dha
thigh, agus dinnis an ní do Hananiah,
Misael, agus Asariah, a chompán-
uigh:


L. Dn2:18


Go níarradaois grása ar
Dhía neimhe a ttaobh na secréidesi;
chor nach bháiseochaidh Dániel, nó a
chompánuigh maille ris an ccuid oile
do dhaóinibh glioca na Babilóine.


L. Dn2:19


Annsin do foillsigheadh an tseic-
réid do Dhániel a bhfis oidhche: annsin
do bheannuigh Dániel, día nei
mhe.


L. Dn2:20


Do fhreagair Dániel, agus adu-
bhairt, go madh beannuighthe bhías ainm
dé go sáoghal na sáoghal: óir is
aige atá eagna agus cumhacht.


L. Dn2:21


Agus áthruighidh sé na haim-
seara, agus na huáine: áthruighidh
sé Ríghthe, agus cuiridh sé Ríghthe
súas: dobheir sé eagna do na daói-
nibh glioca, agus sólus don mhéid
aithnigios tuigsi.


L. Dn2:22


Foillsighidh sé na neithe doimh-
ne, agus seicréideacha: atá fios an
neithe bhíos san dorchadus aige, a-
gus comhnuighidh an solus iona fhochair.


L. Dn2:23


Buidheachus uaim dhuit, agus mol-
uim thú, a Dhé maithreadh, noch thug
eagna agus cumhachta dhamh, agus dfoill-
sigh dhamh anois an ní díarramar ort:
óir anois dfoillsigh tú dhúinn cúis an
Rígh.


L. Dn2:24


Uimesin dochuáidh Dániel asteach
a ccionn Arioch, noch dórduigh
an Rígh chum daóine glioca na Babi-lóine
do scrios: dochuaidh sé, agus
adubhairt ris marso, ná marbh daóine
glioca na Babilóine: beir misi asteach
a lathair an Rígh, agus foillseocha mé
dhon Rígh an chíall.


L. Dn2:25


Annsin rug Arioch Dániel a
bhfíaghnuise an Rígh maille ré deith-
nios, agus adubhairt ris marso,
fuáir mé duine do bhraighdibh Iúdah
inneosas don Rígh an chíall.


L. Dn2:26


Do fhreagair an Rígh, agus adubhairt
ré Dániel, darbhainm Beltesassar,
an bhfédann tusa anaisling
noch dochonnairc mé, agus a cíall dfoill-
siughadh dhamhsa?


L. Dn2:27


Do fhreagair Dániel a bhfíaghnuise
an Rígh, agus adubhairt; an tseic-
réid noch dfíafruigh an Rígh ní fhéduid
na draóithe, na daóine glioca, na
hastroluighthe, agus na fáisdinigh a
hinnisin don Rígh;


L. Dn2:28


Acht atá Día ar neamh, fhoill-
sigheas secréide, agus dobheir a fhios
do Nebuchadnesar an Rígh cred bhías
annsna láethibh deighionacha. Isiad so
haislingthe, agus fise do chinn air do
leabuidh.


L. Dn2:29


Ar do shonso, a Rígh, than-
gadar do smuaintighthe ann hinntinn air
do leabuidh, cred dothiucfadh a ccrích
na dhiaighso: agus an té fhoillsighios
na secréide do thaisbéin sé, dhuitsi
cred thiucfas ann.


L. Dn2:30


Acht ar mo shonsa, ní damhsa
do foillsigeadh an tseicréidsi, ar son
gliocuis ar bith dá raibh ionnam níis
mó ná áonduine béo, acht air son na
druinge fhoillseochus an chíall don Rígh,
agus chor go mbía fios smuaineadh
do chroidhe féin agadsa.


L. Dn2:31


Dochonnairc tusa, a Rígh, a-
gus dféuchuis air íomháigh mhóir: do sheas
aníomháigh mhór so, nocharbhoirdheirc a dél-
radh, as do choinne, agus dob imeaglach
a dealbh.


L. Dn2:32


Dobudh dór fhíre ceann na hío-
mháighe, a hucht agus a lámha dair-
giod, a bolg agus leasnacha do phrás,


L. Dn2:33


A cosa díarann, a troighthe cuid
na niarann, agus cuid na ccríaidh.


L. Dn2:34


Dféuch tú nó gur gearradh cloch
amach gan lámha, noch ler buáileadh
aníomháigh air a cosaibh dobhí díarann
agus do chriáidh, agus do bhris na mblodhuibh íad.


L. Dn2:35


Annsin do briseadh an tíarann,
an chré, an prás, an tairgiod, agus an
tór, na ccodchuibh anaóinfheacht, agus
dorinneadh dhíobh amhuil cáith urláir bhuáil-
te san samhradh, agus rug an gháoth
lé íad, nach fríth áit ar bioth dhóibh: a-
gus dorinneadh slíabh mór don chloich
do bhuáil aníomháigh, agus do líon sé
an talamh uile.


L. Dn2:36


Así so anaisling; agus
inneosam a cíall a lathair an Ríg.


L. Dn2:37


Thusa a Rígh, ataói ad Rígh
ós Ríoguibh: óir thug Día neimhe dhuit
rioghacht, cumhacht, agus neart, agus glóir.


L. Dn2:38


Agus giodhbé áit anait-
righid clann na ndaóine, beathuigh na
talmhan, agus éunlaith neimhe, thug sé ad
láimhsi íad, agus dorinne se úachtarán
díot ós a ccionn uile: is tú an ceann óirsi.


L. Dn2:39


Agus ad dhiaighsi éireochuidh
rioghacht oile is lugha ná thusa, agus
an treas rioghacht oile do phrás, noch
bhérus úachtarancaht ós cionn na talmhan
uile.


L. Dn2:40


Agus biáidh an ceathramhadh riogh-
acht láidir amhuil íarann; óir brisidh an
tíarann, agus claóidhidh anuile ní: a-
gus amhuil bhrisios an tíarann íad so
uile, brisfidh fós agus brúidhfidh é.


L. Dn2:41


Agus amhuil dochonnairc tú na co-
sa, agus na méir cuid do chriáidh an
photadóra, agus cuid díarann; roinn-
fighior an rioghacht, acht bhiáidh inte do
neart aníaruinn, an tionad iona bhfa-
ca tú an tíarann cumaisce lé criáidh
fhuáite.


L. Dn2:42


Agus mar dobhádar méir na
ccos cuid díarann, agus cuid do chriáidh;
marsin bhías an rioghacht, biáidh cuid dhi
láidir, agus cuid briste.


L. Dn2:43


Agus an tionad a bhfaca tú
an tíarann cumaiscthe lé criaidhláibe,
cumaiscfid síad íad féin lé sliocht
daóine nach greamachuidh aon díobh dhá
chéile, amhuil doní an tíarann cumaisce
lé criáidh.


L. Dn2:44


Agus a láethibh na Ríogh so
cuirfidh Día neimhe rioghacht súas nach
scriosfuighear go bráth: agus ní fúig-
fighear an rioghacht ag daóinibh oile acht
brisfidh sí iona codchuibh, agus díbeoruidh
na rioghachta uile, agus seasfuidh sí go bráth.


L. Dn2:45


An tionad a bfaca tú gur
gearradh chloch as a thslíabh, amach gan
lámha, agus gur bhris sí an tíarann na bhlodh-
uibh, an prás, an chré, an tairgiod, agus an
tór: dorad Día mór a fhios don Rígh
cred thiucfas a ccrích na dhiaighso: agus a-
tá anaisling dearbtha, agus a cíall daingi-
on.


L. Dn2:46


Annsin do thuit an Rígh Nebu-chadnessar
air a aghaidh, agus dumhl-
uigh sé do Dhániel, agus daithin sé
go nofralaidís íodhbairt, agus boladh cumhra
dhó.


L. Dn2:47


Do fhreagair an Rígh do Dhániel,
agus adubhairt, is dearbh gur Día na
ndée bhur Ndíasa agus Thighearna ar Ríogh-
uibh, agus foillsitheach seicréideadh, ó dféud
tusa an tseicréidse dfoillsiughadh.


L. Dn2:48


Annsin dorinne an Ríg duine
mór do Dhániel, agus thug sé iomad
tiodhlaiceadh dhó, agus dorinne sé úachta-
rán de ós cionn uile phrobhinnse na Babilóine,
agus úachtarán ós cionn uile
dhaóine glioca na Babilóine.


L. Dn2:49


Annsin díarr Daniel air an Rígh,
agus do chuir sé Sadrach, Mesach, a-
gus Abednego ós cionn ghnothuigheadh
phroibhinnse na Babilóine: acht do shuigh
Dániel a ngeata an Rígh.


L. Dn3:1


Dorinne Nebuchadnessar an
Rígh íomháigh óir, iona raibh
trí fithchid cubhad ar áirde
inte, agus sé cubhaid ar
leithead, agus do chuir sé súas í a
réiteach Dúra a bproibhinnse na Babilóine.


L. Dn3:2


Annsin do chuir Nebuchadnessar
an Rígh cruinniughadh a bhfochair a chéile air
na prionnsadhuibh, air na húachtaránuibh,
air na caiptínibh, air na breitheamhnuibh, air
na treisineribh, air na comhairleachuibh, air na
Siorriaim, agus lucht ríaghluidh na
bprobhinneadh uile teacht chum coisreachtha
na híomháighe, noch do chuir Nebuchadnes-sar
an Rígh súas.


L. Dn3:3


Annsin do cruinnigheadh a bhfochair a
chéile na prionnsadha, na huacharáin,
na caiptínigh, na breitheamhuin, na treisi-
nere, na comhairligh, na Siorraim, agus
uile ríaghlóirighe na bprobhinnseadh, chum
coisreactha na híomháighe, do chuir
Nebuchadnessar an Rígh súas; agus do
sheasadar as coinne na híomháighe do chuir
Nebuchhadnessar an Rígh súas.


L. Dn3:4


Annsin dfúagair an bollsaire go
hárd, do haithnigheadh dhíbhsi a dhaóine, a
thíortha, agus a theangtha,


L. Dn3:5


Gidhbé ar bioth uáir dochluinfidhe
an buabhall dá shéideadh, an flúit, an
chláirseach, sacbut, psaltair, dulci-
mer, agus anuile shórt ceóil, go
nuimhleochthaói síos, agus go nadhar-
thaói aníomháigh órda do chuir
Nebuchadnessar an Rígh súas.


L. Dn3:6


Agus gidhbé nach léigfe é féin
síos, agus adhradh, tteilgfíghear
anuáirsin féin é a lár fhúirneise la-
samhla.


L. Dn3:7


Uimesin an tan dochúaluidh an
pobal uile fuáim an bhuabhuill, na fli-
úte, na cláirsighe, na psaltracha, sac-
but, agus anuile shórt ceóil, do léig
na huile dhaoine, críocha agus teangtha
síos íad, agus do adhradar aníomháigh
órdha do chuir Nebuchadnessar an Rígh
súas.


L. Dn3:8


Ar anadhbharsin thangadar
dream do na Caldeánachaibh an tan sin a
lathair, agus déilighiodar na Iúduighe.


L. Dn3:9


Do labhradar, agus adubhra-
dar ris an Rígh Nebuchadnessar, a Rígh,
mair go brath.


L. Dn3:10


Thug tusa, a Rígh, fúagra
gach uile dhuine dá ccluinfeadh fuáim na
hadhairce, na fliúite, cláirsighe, sac-
but, psaltracha, dulcimer, agus anuile
shórt ceóil, go léigfidís síos íad, a-
gus go naidheoraidís aníomháigh ór-
dha.


L. Dn3:11


Agus giodhbé ar bioth nach léig-
feach é féin síos, agus nach adhradh,
go tteilgfidhe a lár fuirníse loisg-
níghe lasamhla é.


L. Dn3:12


Atáid drong áirigh do Iúdui-
ghibh, noch do chuir tú ós cionn ghnothuigheadh
phrobhinnsi na Babilóine Sadrach, Mesach,
agus Abednego: ní thugadar
na daóinesi, a Rígh, meas ortsa, ní
fhoghnuid dot dhéeibh, ní mó adhruid anío-
mháigh órdha do chuir tú súas.


L. Dn3:13


Annsin daithin Nebuchadnessar
iona bhuile agus iona fheirg Sadrach,
Mesach, agus Abednego do thabhairt
chuige; annsin thugadar na daóinesi a
lathair an Rígh.


L. Dn3:14


Do labhair Nebuchadnessar, agus
adubhairt se riú; an fíor a Shadrach,
Mhesach, agus Abednego? nach bhfo-
ghantaoi dom dhéibhsi, agus nach adhar-
thaoi aníomháigh órdha chuir mé suas.


L. Dn3:15


Annois má bhithí réidh giodhbé ar
bioth uáir chluinnfidhe fuáim an bhúabhuill,
na flúite, cláirsighe, sacbut, psal-
trach, agus dulcimer, agus anuile
shórt ceóil go nuimhleochthaoi síos, agus
go naidheorthaoi aníomháigh noch dorinne
misi, (is maith é): acht muna nadharthaoi,
teilgfighear anuairsin féin sibh a lár fuir-
níse lasardha: agus cía hé ann Día
sin sháorfas as mo láimhse sibh?


L. Dn3:16


Do fhregair Sadrach, Mesach,
agus Abednego, agus adubhradar
ris an Rígh; o a Nebuchadnessar, ní
bhfuil suim aguinn freagra do thabhairt duit
annsa chúisi.


L. Dn3:17


Mas amhluidh atá, is féidir leir
Ndía féin dá bhfoghnamaoid ar saoradh
ónfuirnís lasardha loisgnidh, agus
sáorfa sé sinn as do láimhsi, a Righ.


L. Dn3:18


Acht muna ndérna, bíodh a fhios
agadsa, a Rígh, nach dénam seirbhís dot
dheéibhsi, ní mó aidheoram aníomháigh
órdha do chuir tú súas.


L. Dn3:19


Annsin dobhí Nebuchadnessar
lán do chuthach, agus dathruigh dealbh a
aighthe anaghuid Shadrach, Mhesach,
agus Abednego: uimesin do labhair sé,
agus do aithin sé anfuirnis do théghadh
seachtnuaire níis mó ná mar clechtaoi a té-
ghadh.


L. Dn3:20


Agus do aithin sé do na daói-
nibh budh neartmhuire dobhí iona shlúagh
Sadrach, Mesach, agus Abednego,
do cheangal, agus a tteilgion ansa
bhfuirnís looisgnigh theineadh.


L. Dn3:21


Annsin do ceangladh na daóinesi io-
na ccótadhuibh, iona ttriusaibh, agus io-
na mbirréduibh, agus iona néduighibh eile,
agus do teilgiodh a lár na fúirnise
loisgnighe lasardha íad.


L. Dn3:22


Ar anadhbharsin do bhrígh go
raibh aithne an Rígh éigiontach, agus
anfuirnís te go hiomarcach, do mharbh
lasair na teineadh an drong do thóig súas
Sadrach, Mesach, agus Abednego.


L. Dn3:23


Agus do thuiteadar an tríur
fearso, eadhon Sadrach, Mesach, agus
Abednego ceangailte a lár na fuirníse
loisgnighe teineadh.


L. Dn3:24


Annsin dobhí an Rígh Nebuchadnessar
lán dúamhan, agus déirigh
sé súas go deithniosach, agus do la-
bhair, agus adubairt re na chomhairleachaibh,
nach tríur fear do theilgeamar ceangailte
a lár na teineadh? do freagradarsan,
agus adubradar ris an Rígh, is fíor
a Rígh.


L. Dn3:25


Do fhreagair seision agus adu-
bhairt sé, féuch dochímse ceathrar sgaóil-
te ag siubhal a lár na teineadh, agus ní bfuil
dochar ar bioth orra: agus is cosmhuil gnúis
an cheathramhadh duine re mac Dé.


L. Dn3:26


Annsin tháinic Nebuchadnessar
láimh re béul na fuirnísi loisgnigh tei-
neadh, agus do labhair sé, agus adu-
bhairt, a Shadrach, a Mhesach, agus Abedne-
go, sibhsi a sheirbhísigh an Dé is roáirde,
tigidh amach, agus tighidh annso.
Annsin tháinic Sadrach, Mesach, agus
Abednego amach as lár na teineadh.


L. Dn3:27


Agus íar ccruinniughadh do na
prionsadhaibh, na ríaghlóiríghibh, agus na
caiptinibh, agus comhairleachaibh an Rígh
a bhfochair a chéile, dochoncadar na daói-
nesi, agus nach raibh cumhachta air bioth ag
an tteine air a ccospuibh, ní raibh ruibe
dá cceann loisge, ní mó do háthruigheadh a
ccótadha, ní mó do bheann boladh na tei-
neadh ríu.


L. Dn3:28


Annsin do labhair Nebuchadnessar,
agus adubhairt sé, go madh beannuighthe Día
Shadrach, Mhesach, agus Abednego, noch
do chuir a aingeal úadh, agus do sháor a
sheirbhísigh, do chuir a ndóthchus ann, agus
do tharcuisnigh bríathar an Rígh, agus daon-
tuigh a ccorp go nach bhfoigheonaidís agus
nach aidheoraidhís dée ar bioth acht aNdía
féin.


L. Dn3:29


Uime sin donímse órdughadh na
huile dhaóine, chineadhacha, agus teangtha,
noch labhrus aóinní nach cóir anaghaidh Dé
Shadrach, Mhesach, agus Abednego
do ghearradh na bpíosuibh, agus cárn a-
óiligh do dhénamh dá ttighthibh; do bhrígh
nach bhfuil Día ar bioth oile fhéudus
tártháil air an modhso.


L. Dn3:30


Annsin dárduigh an Rígh Sadrach,
Mesach, agus Abednego a bprobhinnse
na Babilóine.


L. Dn4:1


Nebuchadnessar an Rígh chum
anuile phobal, cineadhacha, a-
gus teangtha áithreabhus air an
ttalamh uile, go méduighthear
síothcháin díbh.


L. Dn4:2


Do mheas mé gur maith ré thais-
beanadh na comarthadha, agus na hion-
ganta dfoillsiughadh, doibrigh an táird
Dhía leath riomsa.


L. Dn4:3


Cread méd a chomharthadha, agus
créd chumhachtuigh a iongantadh; is riogh-
acht shíorruidhe a rioghacht, agus atá
a thighearnus ó ghinealach go ginealach.


L. Dn4:4


Dobhí misi Nebuchadnessar a
suáimhneas ann mo thigh, agus ag oirdhear-
cadh ann mo phálás.


L. Dn4:5


Dochonnairc mé aisling do chuir ea-
gla orum, agus do bhuáidhir smuáin-
tighthe air mo leabuidh mé, agus fise mo
chinn.


L. Dn4:6


Uimesin dorinne mé órdughadh
daóine glioca na Babilóine uile do tha-
bhairt asteach dom lathair, chor go ttiu-
bhraidís dhamh fios céille na haislinge.


L. Dn4:7


Annsin thangadar na draóithe, na
hastroluighe, na Caldeánuigh, agus
na fáisdinigh asteach, agus dinnis mé
anaisling da lathair: acht níor fhoillsighio-
dar dhamh a cíall.


L. Dn4:8


Acht fa dheireadh tháinic Dániel asteach
dom lathair (darbainm Beltesassar,
do réir anma mo dhe, agus iona
bhfuil spiorad na ndée náomhtha) agus
dinnis mé anaisling da lathair, ag
rádh,


L. Dn4:9


O a Bheltesassar a mhaighis-
tir na ndrúagh, do bhrígh go bhfuil a
fhios agam spiorad na ndée náomhtha do
bheith ionnad, agus nach buáidhreann se-
créid ar bioth thú, innis damhsa fise
maislinge doconnairc mé agus a cíall.


L. Dn4:10


Marso dobhádar fise mo chinn
ar mo leabuidh: dochonnairc mé, agus
féuch, crann a lár na talmhan, agus budh
mór a áirde.


L. Dn4:11


Dfás an crann, agus dobhí sé
láidir, agus ráinic a áirde go neamh,
agus a radharc go foircheann na talmhan
uile.


L. Dn4:12


Dobudh breádha a dhuille, agus
budh iomdha a thoradh, agus dobhí bi-
áidh ann doniomlán; dobhí scáile ag bea-
thachaibh an mhachaire faói, agus dáitrea-
bhadar éunlaith neimhe iona ghégaibh, agus
do bheathuigheadh anuile fheóil de.


L. Dn4:13


Dochonnairc mé a bhfisibh mo chinn
air mo leabuidh, agus féuch, tháinic fear
faire agus áon náomhtha anúas ó
neamh.


L. Dn4:14


Dfúagair seision go hárd, agus adubhairt
sé marso, gearruidh síos an crann,
agus gearruidh a bheangáin de, croithidh
a dhuille dhe, agus díoscaóilidh a tho-
radh; imthighdís na beathuighe ó bheith
faói, agus anéunlaith óna bheangánuibh.


L. Dn4:15


Thairissin fágbhuidh bun a fhréimhe
annsa talamh, eadhon lé cuibhreach íarrinn, agus
práis a bhféur mhín an mhagha, agus fli-
uchtar é lé drúcht neimhe, agus bíodh a
chuid ronna maille ris na beathuighibh a bhféur
na talmhan.


L. Dn4:16


Athruighthear a chroidhe gan bheith
na chroidhe duine, agus tugthar
croidhe beathuigh dhó, agus tigdís seacht
naimsiora thairis.


L. Dn4:17


Is lé hórdughadh na bhfear faire atá
an chúis si, agus an tíarratus lé
bréithir na náon náomhtha: chor go
mbía fhios aig an mbeó go ríaghluighionn
an té is ro áirde a rioghacht na nda-
óine, agus go ttabhair í don té is áill leis,
agus go ccuirionn súas ós a cionn
an té is uirísle do na daóinibh.


L. Dn4:18


Dochonnairc misi Nebuchadnessar
anaislingse: anois thusa a Bheltesassar,
foillsigh a cíall, mar nach
bhfédhuid uile dhaóine glioca mo rioghachta
a cíall dfoillsiughadh: acht féduigh tusa
é, óir atá spiorad na ndée náomhtha
ionnad.


L. Dn4:19


Annsin dobhí Dániel (darbainm
Beltesassar) arna chriothnughadh ar
feadh uáire, agus do bhuáidhriodar a smuáin-
tighthe é: do labhair an Rígh, agus adu-
bhairt sé ré Beltesassar, ná buáidhreadh
anaisling nó a cíall thú. Do fhreagair
Beltesassar, agus adubhairt, a thighearna,
bíodh anaisling don druing fhúathuighios
thú, agus a cíall dot naimhdibh.


L. Dn4:20


An crann dochonnairc tú, noch dfás
agus dobhí láidir, a ráinic a áirde go neamh,
agus a radharc don thalamh uile;


L. Dn4:21


Agá raibh a dhuille breágha, agus a
thoradh iomadamhuil, agus dobhí na bhíadh
donuile, faoi ar chomhnuigheadar beathuighe an
mhagha, agus air a ghégaibh a raibhái-
treabh aig éunlaith neimhe:


L. Dn4:22


Is tusa é, a Rígh, dfás, agus
tháinic chum bheith láidir: óir dfás do
mhéid, agus ráinic go neamh, agus do
thighearnas go crích na talmhan.


L. Dn4:23


Agus an tionad a bhfaca an Rígh
forfhaireach agus áon náomhtha ag teacht anúas
ó neamh, agus ghá rádh, gearruidh síos an crann agus
scriosuidh é; thairis sin fágbhaidh bun na
bhfrémh annsa talamh, eadhon lé cuirbhreach
íarruinn agus práis a bhféur mhín an
mhagha, agus fliuchtar é lé drúcht neimhe, agus
bíodh a chuid ronna maille re beathuighibh an
mhachaire, go ndeachuid seacht naimsiora thairis.


L. Dn4:24


Isí so an chíall, a Rígh, agus isé
so órdughadh an tí is ro áirde, noch thái-
nic air mo thighéarna an Rígh:


L. Dn4:25


Go ndíbeóruid thusa ó dhaói-
nibh, agus go mbiáidh do chomhnuidhe a
bhfochair bheathach na talmhan, agus bhéruid
ort féur dithe amhuil daimh, agus fli-
uchfuid seacht naimsiora thort, nó go
naithnighidh tú gurbé an té is ro áirde
ríaghlas a rioghacht na ndaóine, agus
dobheir í don té is áill leis.


L. Dn4:26


Agus an tionad ar aithnighio-
dar bun fhrémh an chrainn dfágbháil, biáidh
do rioghacht daingion agadsa tar éis
thú dhá aithniughadh go riaghluid na nea-
mha.


L. Dn4:27


Ar anadhbarsin, a Rígh, gabh
mo chomhairlesi, agus bris díot do pheac-
uidhe lé fíréuntas, agus héigceart lé
foillsiughadh trócaire do na bochtaibh;
más fadughadh ar do shíothcháin é.


L. Dn4:28


Tháinicso uile air an Rígh Nebuchadnessar.


L. Dn4:29


A ccionn dá mhíos dég dobhí sé
ag spaisdeóireacht a bpálás rioghachta
na Babilóine.


L. Dn4:30


Do labhair an Rígh, agus adu-
bhairt sé, nach í so an Bhabilóin mhór
dfoirgnidh misi mar thigh na rioghachta,
re neart mo chumhacht, agus donóir dom
mhórdhacht féin?


L. Dn4:31


An feadh dobhí an focal a mbéul
an Rígh, do thuit guth ó neamh (ag rádh)
a Rígh Nebuchadnessar, is riotsa
labharthar; do dhealuigh an rioghacht ri-
ot.


L. Dn4:32


Agus díbeoruid síad ó dhaoinibh
thú, agus biáidh háitreabh a bhfochair
bheathach an mhachaire: dobhéuruid ort
féur dithe amhuil daimh, agus rachuid
seacht naimsiora thort, nó go raibh a
fhios agad gurbé an té is roáir-
de ríaghlus a rioghacht na ndaóine, a-
gus go ttugann í don té da tto-
grann féin.


L. Dn4:33


Air anuáirsin féin do coimh-
líonadh an ní air Nebuchadnessar, agus
do díocuireadh ó dhaóinibh é, agus a
duáigh sé féur amhuil daimh, agus do
bhí a chorp fliuch lé drúcht neimhe,
nó gur fhás a ghrúag amhuil (cleiteach)
iolair, agus a ingne amhuil crobhuibh
éun.


L. Dn4:34


Agus a ccionn na láetheadhsin
misi Nebuchadnessar, do thóig mé
súas mo shúile chum neimhe, agus dfill
mo thuighsi chugam, agus do bheannuidh
mé an té is roáirde, agus do mhol
mé, agus donóruighios an té mhairios
go bráth, noch ar tighearnus síorr-
uighe a thighearnus, agus agá bhfuil a
rioghacht ó ghinealach go ginealach.


L. Dn4:35


Agus meastar uile áitreabthuigh
na talmhan amhuil neimhní: agus do
ní seision do réir a thola féin ar
shlúagh neimhe, agus a measc áitreabh-
thach na talmhan: agus ní fhédann duine
ar bioth a lámh do chosg, nó a rádh ris,
cred doní tú?


L. Dn4:36


Annsanamsin féin dfill mo
chíall chugam, agus air son ghlóire mo
rioghachta dfill monóir, agus mo dhél-
radh chugam: agus díarradar mo
chomhairligh, agus mo thighearnadha mé,
agus do daingnigheadh ann mo rioghacht
mé, agus tugadh tuilleamh mórdhacht
oirdhearca dhamh.


L. Dn4:37


Anios, misi Nebuchadnessar
moluim, agus árduighim, agus onór-
uighim Rígh neimhe, ar fírinne a oibreacha
uile, agus gur breitheamhnus a shlighthe,
agus an drong dhiubhluighios anuabhar
féuduigh sé anísliughadh.


L. Dn5:1


Dorinne an Rígh Belsassar
féusta mór do mhíle dhá thigh-
ernadhuibh, agus dibh sé fíon
as coinne an mhíle sin.


L. Dn5:2


Daithin Belsassar an fad do
bhí sé ag blasadh anfíona, na soigh-
thighe óir agus airgid do thabhairt chuige,
noch thug a athair Nebuchadnessar as
an tteampall ó Ierusalem, chor go
niobhadh an Rígh agus a phrionnsadha,
a mhná agus a leannáin, deoch asda.


L. Dn5:3


Annsin thugadar leó na soigh-
thighe óir rugadh as an tteampall ó
thigh Dé, noch dobhí ann Ierusalem, a-
gus dibh an Rígh agus a phrionnsadha,
a mhná agus a leannáin deoch asta.


L. Dn5:4


Dibhiodar fíon, agus do mhola-
dar na dée óir, agus airgid, agus
práis, agus íaruinn, agus crainn, a-
gus cloiche.


L. Dn5:5


Fanamsin féin tháinic amach
méur láimhe duine, agus do scríobh
thall as coinne an choinnléora, ar phlás-
tráil bhalla pháláis an Rígh; agus dochonnairc
an Rígh an chuid don láimh do
scríobh.


L. Dn5:6


Annsin dáthruigh gnúis an Rígh,
agus do bhuáidhreadar a smuaintigh-
the é, iondus go rabhadar ailt a leas-
ruigh scaóilte, agus gur bhuáiliodar
a ghlúine anaghaidh a chéile.


L. Dn5:7


Dfúagair an Rígh go hárd na has-
troluighthe, na Caldéanuigh, agus an
lucht fáisdine do thabhairt asteach:
agus do labhair an Rígh, agus adu-
bhairt sé daóinibh eagnuighe na Babilóine,
Gidhbé ar bioth léighfios an
scríbhinnsi agus thaisbeanfus a cíall
damhsa, éideochar é lé scáirléd, a-
gus dogheabhuidh sé slabhradh óir tim-
chioll a bhrághad, agus biáidh sé na
threas úachtarán san rioghacht.


L. Dn5:8


Annsin thángadar uile dhaóine
críonna an Rígh asteach, agus níor
fhédadar an scríbhinn do léghadh, nó a
cíall dinnisin don Rígh.


L. Dn5:9


Annsin dobhí an Rígh Belsassar
arna bhuaidhreadh go mór, agus
dathruigh a chruth uime; agus dobhá-
dar a thighearnadha míoshuáimhneach


L. Dn5:10


Anois tháinic an bhainríoghan
do bhrígh bhríathar an Rígh, agus a
thighearnadh go tigh na fleidhe; agus
do labhair an bhainríoghan, agus adu-
bhairt, a Rígh, mair go bráth: ná buáidh-
readh do smuáintighthe thú, agus ná
háthruigheadh do ghnúis.


L. Dn5:11


Atá duine ann do rioghacht
iona bhfuil spiorad na ndée naomh,
agus a láethibh hathar fríth solus,
agus tuisce, agus eagna ann, cos-
mhuil ré heagna na ndée: noch dá
ndérna an Rígh Nebuchadnessar ha-
thair, an Rígh, adeirim, hathair, maighis-
tir arna draóitibh, air na hastrol-
uighthibh, air na Caldeánachaibh, agus air
na fáistineachaibh.


L. Dn5:12


Do bhrígh gur fríth spiorad
oirdheirc, agus éolus, agus tuigsi,
cíallughadh aislingtheadh, agus tais-
beanadh ccestann cruáidh, agus fúas-
cladh cuntabhart annsa Dániel sin, dá
ngoireach an Rígh Beltesassar;
anois goirthear Dániel, agus foill-
seochuidh sé an chíall.


L. Dn5:13


Annsin rugadh Dániel asteach
a lathair an Rígh, agus do labhair an
rígh, agus adubhairt ré Dániel, an
tusa an Dániel úd, noch atá do chlainn
daóirsine Iúdah, noch thug an Rígh
mo athair as tír Iúduighe?


L. Dn5:14


Dochualaidh misi iomrádh dot
thaóibh, go bhfuil spiorad na ndée
ionnad, agus gur fríth solus, agus
tuicsi, agus eagna oirdheirc ionnad.


L. Dn5:15


Agus anois tugadh na daóine
glioca, agus na hastroluighthe asteach
domo lathairse, iondus go léigh-
dis an scríbhinnse, agus a cíall dfoill-
siughadh dhamh: acht níor fhédadar
cíall an neithe dfoillsiughadh.


L. Dn5:16


Agus dochúala mé dot thaoibhsi,
go bhféudann tú cíallughadh, agus
fúascladh ceastann; anois má fhédann
tú an scríbhinnsi do léghadh, agus a
cíall dinnisin damhsa, éideochar lé scáir-
léd thú, agus biáidh slabhradh óir fád
bhrághaid, agus biáidh tú ad threas
úachtarán annsa rioghacht.


L. Dn5:17


Annsin do fhreagair Dániel, a-
gus adubhairt a lathair an Rígh, bídís
do bhronta agad féin, agus tabhair do
luáigheacht do neach oile, gidheadh léigh-
fiodsa an scríbhinn don Rígh, agus
foillseocha mé a cíall dó.


L. Dn5:18


Thusa a Rígh, thug an Día is
ro áirde dot athair Nebuchadnessar
rioghacht, agus mórdhacht, agus glóir,
agus onóir.


L. Dn5:19


Agus do bhrígh na mórdhachta
thug sé dhó, do chriothnuighiodar
anuile phobal, cineadhacha, agus teangtha,
agus dobhí eagla orra roimhe: do
mharbhadh sé an té do thogradh sé féin,
do chongmhadh sé beo an tí do thogradh
sé, agus do chuireadh sé súas an tí
thogradh, agus do chuireadh síos an ti
dobáill leis.


L. Dn5:20


Acht an tan do tógbhadh a
chroidhe súas, agus do chruáidh a inntin
anúabhar, do cuireadh as a chathaóir
ríogha é, agus do bheanadar a ghlóir
dhe.


L. Dn5:21


Agus do díothchuireadh é ó mha-
chaibh na ndaóine, agus dorinneadh a
chroidhe cosmhuil ris na beathachaibh, agus
dobhí a chomhnuidhe a bhfochair na nassal
bhfíadhta: do bhíathadar é lé féur, amh-
uil daimh, agus dobhí a chorp fliuch lé
drúcht neimhe, nó gur thuig sé gurbé
an Día is ro áirde ríaghlas a rio-
ghacht na ndaóine, agus go nórdui-
ghionn sé ós a ccionn an té is áill leis.


L. Dn5:22


Agus thusa a mhacsan a Bhelsassar,
níor umhluigh tú do chroidhe,
gidh gurbhfeas duit so uile.


L. Dn5:23


Acht dárduighis thú féin anaghaidh
Thighearna neimhe, agus thu-
gadar soighthighe a thighe ann thfí-
aghnuisi, agus dibh tusa agus do
thighearnadha, do mhná agus do leannáin,
fíon asda, agus do mhol tú na dée
airgid agus óir, práis, íaruinn, crainn, a-
gus cloiche, nach bhfaicionn, nach ccluin,
agus nach feasach: agus ní thug tú
glóir do Dhía, a láimh a bhfuil hanál,
agus gur leis huile shlighthe.


L. Dn5:24


Annsin do cuireadh an chuid don
láimh uadha, agus do scríobhadh an
scríbhinnsi.


L. Dn5:25


Agus sí so an scríbhinn do
scríobhadh, Mene, Mene, Tecel Uphar-
sin.


L. Dn5:26


Isí so cíall na bhfocal, Mene,
dáirimh Fía do rioghacht, agus do
chríochnuigh sé í.


L. Dn5:27


Tecel, do toimhseadh thú annsa meadh,
agus dofríth easbhuidheach thú.


L. Dn5:28


Peres, do roinneadh do rioghacht,
agus tugadh do na Medianachaibh agus
do na Persianachaibh í.


L. Dn5:29


Annsin dfúagair Belsassar, a-
gus déduigheadar Dániel le scáir-
léd, agus lé slabhradh óir fána bhrá-
ghaid, agus thugadar fógrra dha thaóibh
go mbíadh sé na threas úachtarán san rio-
ghacht.


L. Dn5:30


Anoidhchesin do marbhadh
Belsassar Rígh na Ccaldeánach.


L. Dn5:31


Agus do ghlac Dárius an Mé-
dianach an rioghacht, ar mbeith dhó tim-
chioll thrí bhfithchid agus dá bhlíadhan daóis.


L. Dn6:1


Dobudh toil lé Darius céd
agus fithche prionnsa do
chur ós cionn na rioghachta,
noch dobhíadh ós cionn na rio-
ghachta uile.


L. Dn6:2


Agus ós a ccion so trí huachta-
ráin (arbhé Dáinel an chéidfhear dhíobh) lé
ttiubhraidís na prionsadha a ccuntas
dóibh, agus nach bíadh damaiste air an Rígh.


L. Dn6:3


Anois do toghadh an Dániel
se ós cionn na nuachtarán, agus na
brrionnsadh, do bhrígh go raibh spiorad
oirdheirc ann, agus do bhreathnuigh an
Rígh a chur ós cionn na rioghachta uile.


L. Dn6:4


Annsin do smúaineadar na huachta-
ráin, agus na prionsadha cúis dfa-
gháil anaghaidh Dhániel a ttaobh na
rioghachta, acht níor fhédadar cúis ar
bioth nó locht dfagháil ann: do bhrígh go
raibh sé fírinneach, ní mó fríth earráid
ná locht ann.


L. Dn6:5


Annsin adubhradar an mhuintirse,
ní bhfuigheam cúis ar bioth anaghaidh an
Danielsi, muna bhfaghan í na aghaidh
a ttaobh dhlighe a Dhé.


L. Dn6:6


Annsin do chruinnigheadar na hua-
chtaráinsi agus na prionsadha a ccionn a
chéile a lathair an Rígh, agus adubhradar
marso ris, a Rígh Dárius, mair go bráth.


L. Dn6:7


Do chomhairlighiodar uile úachtaráin
na rioghachta, na riaghlóirigh, na prionn-
sadha, na comhairligh, agus na caiptínigh
lé chéile, statúid ríoghamhuil do dhain-
gniuighadh, agus órdughadh daingion do dhé-
namh, gidhbé íarrfas athchuinge ar bioth
air dhía air bith nó air dhuine, air feadh tríochad
lá, acht ortsa, a Rígh, a theilgion
anuaimh na leomhan.


L. Dn6:8


Anois, a Rígh, daingnidh an tór-
dughadh, agus séuluidh an scríbhinn, ion-
dus nach áthruighthior é do réir dhlighe
na Médianach agus na Bpersianach
nach áthruighionn.


L. Dn6:9


Uimesin do shéuluidh an Rígh Dárius
an scríbhinn, agus an dligheadh.


L. Dn6:10


Anois an tan do thuig Dániel
gur séuladh an scríbhinn, dochuaidh sé
dhá thigh, agus ar mbeith da fhuinneóig os-
cuilte iona sheomra leath ré Ierusalem,
do léig sé síos air a ghlúinibh é, trí
huáire sanló, agus do ghuidh sé, agus
rug buidheachus a bhfíaghnuise a Dhé, mar
doníodh sé san naimsir roimhe.


L. Dn6:11


Annsin do chruinnigheadar na da-
áoinesi, agus fúaradar Dániel ag ur-
naighthe, agus ag dénamh gearáin a la-
thair a Dhé.


L. Dn6:12


Annsin thangadar a bhfogus,
agus do labhradar a bhfíaghnuisi an
Rígh, a ttaobh fhúagartha an Rígh,
nach ar shéluidh tusa dligheadh, gach uile
dhuine dá níarrfadh athchuinge ar dhía
ar bith nó air dhuine, táobh astigh do
thríochad lá, acht ortsa, a Rígh, go
tteilgfidhe anuáimh na leomhan é? do
fhreagra an Rígh, agus adubhairt sé, is
fíor an ní do réir dhlighe na Médianach,
agus na Bpersianach, nach áthruighionn.


L. Dn6:13


Annsin do fhreagradarsan, a-
gus adubhradar a lathair an Rígh, ní
bhfuil suim ag Dániel, noch atá do dha-
óirsine chloinne Iúdah ionnadsa, a Rígh,
nó annsa dligheadh do shéluidh tú, acht doní
sé íarratas trí huaire san ló.


L. Dn6:14


Ansin an tan dochualuidh an
rígh na bríathraso, dobhí sé ro fhear-
gach ris féin, agus do shuighidh sé a
chroidhe ar Dhániel dá sháoradh: agus
doibrigh sé go dul gréine faói dá sháo-
radh.


L. Dn6:15


Annsin do chruinnigheadar an mhuin-
tirse chum an Rígh, agus adubhradar
ris an Rígh, bíodh a fhios agad, a Rígh,
gurbé dligheadh na Médianach agus na
Bpersianach, gan dligheadh ar bioth nó reacht
dá ndaingneocha an Rígh dáthrughadh.


L. Dn6:16


Annsin daithin an Rígh, agus
thugadar Dániel léo, agus do theilgio-
dar é anuáimh na leomhan: anois do
labhair an Rígh, agus adubhairt sé ré Dániel,
saorfuidh do Dhía thú dá bhfognann
tú a ccomhnuidhe.


L. Dn6:17


Agus tugadh cloch agus do lea-
gadh ar bhéul na huamha í, agus do shé-
luidh an rígh léna shignead féin í, agus
lé signéd a thighearnadha, iondus nach
háthrochuidh an tionnsgnamh a ttáobh
Dhániel.


L. Dn6:18


Annsin dochuáidh an Rígh da phá-
lás, agus do chaith sé anoidhche na thros-
gadh: ní mó tugadh adhbha chiúil da lathair,
agus dochuáidh a chodladh uadh.


L. Dn6:19


Annsin déirigh an Rígh go rómhoch
ar maidin, agus dochuáidh sé go deithnio-
sach go huáimh na leomhan.


L. Dn6:20


Agus an tan tháinic sé chum na
húamha, do ghoir sé maille re guth trú-
aghanta ar Dhániel, agus do labhair an
rígh, agus adubhairt re Dániel; a
Dhániel a sherbhisigh Dé bhí, an féidir
le do Dhía dar fhoghain tú a ccomhnuidhe,
do sháoradh ó na leomhanuibh?


L. Dn6:21


Annsin adubhairt Dániel ris an
Rígh, a Rígh mair go bráth.


L. Dn6:22


Do chuir mo Dhía a aingiol, a-
gus do dhruid sé béil na leomhan, iondus
nar ghortuigheadar mé: do bhrígh gur
fríth neimhchionta ionnam dá lathair: agus
fós ad fhiaghnuisisi, a Rígh, ní dhérna
mé urchóid ar bith.


L. Dn6:23


Annsin dobhí an Rígh rolúath-
gháireach dá thaoibh, agus daithin sé go
ttugaidís Dániel súas as anuámhuigh:
marsin rugadh Dániel súas as anúa-
mhuigh, agus níor fríth gné ar bioth dho
dhchair air, do bhrígh gur chreid sé iona Dhía
féin.


L. Dn6:24


Agus daithin an Rígh, agus
thugadar leó an drong sin dorinne ca-
saóid ar Dhániel, agus do theilgiodar
anuaimh na leomhan íad féin agus a mná
agus a cclann: agus rugadr na leo-
mhuin buáidh orra, agug do bhrisiodar
na ccotchaibh a ccnámha suil rangadar
íochtar na húamha.


L. Dn6:25


Annsin do scríobh an Rígh Dárius
chum anuile phobal, chineadhacha, agus
teangtha, áitreabhus annsa talamh uile,
go méduighthear síothcháin díbh.


L. Dn6:26


Donímsiórdughadh ann gach uile
thighearnas dom rioghacht, go mbiáidh crioth,
agus uamhan air anuile roimhe Dhía
Dhániel: óir isé an Día béo é, agus
daingion go bráth, agus isí a rioghacht
nach sgriosfuighear choidhche, agus biáidh
a thighearnas go deireadh.


L. Dn6:27


Sáoruidh sé, agus tárthuighidh
sé, agus oibrighidh sé comharthadha
agus ionganta a bhflaiteamnus, agus
annsa talamh, noch do sháor Dániel ó
chumhacht na leomhan.


L. Dn6:28


Marsin dochuaidh an Dániel sé
air a aghaidh a ríghe Dhárius a-
gus a ríghe Chírus an Persi-
anach.


L. Dn7:1


Annsa chéd blíadhuin do Bhelsassar
Rígh na Babilóine,
dochonnairc Dániel ais-
ling agus fise a chinn air
a leabuidh: annsin do scríobh sé a
anaisling, agus dinnis sé suim na
mbríathar.


L. Dn7:2


Do labhair Dániel, agus adubhairt,
dochonnairc mé ann maisling
san noidhche, agus féuch do
throideadar ceithre gáotha neimhe air an
bhfairge mhóir.


L. Dn7:3


Agus thangadar ceithre beathuigh
móra súas as an bhfairge, égsamhuil gach
áon ó ar oile.


L. Dn7:4


Dobhí an céidbheathach a-
mhuil leomhan, agus dobhádar scia-
tháin iolair air: do tógbhadh súas ón
ttalámh é, agus tugadh air seasamh air na
cosaibh amhuil duine, agus tugadh
croidhe duine dhó.


L. Dn7:5


Agus féuch, beathach oile,
an dara, amhail beithir, agus do
thóg súas é féin ar tháobh, agus do
bhí trí asna iona bhéul idir a fhía-
claibh: agus adubhradar marso ris,
éirigh sluig móran feóla.


L. Dn7:6


Na diháighso dochonnairc mé,
agus féuch, aon oile amhuil lio-
pard, agá raibh ceithre sciatháin
éin air a dhruim, ceithre cinn fós
air an mbeathach, agus tugadh ti-
ghearnas dó.


L. Dn7:7


Na dhiáigh so dochonnairc
mé anaislingthibh na hoidhche, a-
gus féuch an ceathramhadh beath-
ach úamhnach agus imeaglach, agus
roneartmhar, agus dobhádar fía-
cla móra íaruinn aige: do shluig sé,
agus do bhris a mblodhuibh an chuid
oile lena chosaibh; agus dob ég-
samhuil é donuile bheathach tháinic roimhe, a-
gus dobhádar deich nadharca air.


L. Dn7:8


Do mheas mé na hadharca, a-
gus féuch, tháinic súas iona measg
adharc bheag oile, roimhe a raibh a
trí do na hadharchaibh oile tairng-
the suas as a bhfréumhuibh: agus
féuch, annsanadhaircsi dobhádar súile
cosmhuil ré súilibh duine, agus béul
ag labhairt neithe móra.


L. Dn7:9


Dféuch mé nó gur teilgeadh
na cathaoire ríogha síos; agus
do shuigh sinsior na laétheadh, a-
gá ráibh a chulaidh coimhgheal lé
sneachda, agus grúag a chinn amhuil
olann mhín: budh cosmhuil a chathaóir
ríogha lé lasair theineadh, agus a roith-
leáin amhuil teine loisnigh.


L. Dn7:10


Tháinic sruth tinntighe a-
mach, agus tháinic amach as a
choinne: dobhí míle do mhíltibh ag
miniostrálachd dó, agus deich míle
uáir deich míle do sheas as a choinne:
do suigheadh an breitheamhnus, agus
do hoscladh na leabhair.


L. Dn7:11


Dféuch mé annsin do bhrígh ghotha
na mbríathar mór do labhair ana-
dharc: dféuch mé, nó gur marbhadh
an beathach, agus gur milleadh a
chorp, agus gur tugadh don lasair
thintighe é.


L. Dn7:12


A ttaobh na coda oile do na
beathachaibh, do beanadh a ttighear-
nus díobh: gidheadh do faduigheadh a
mbeatha, air feadh tamuill agus aimsire.


L. Dn7:13


Dochonnairc mé a bhfisibh
na hoidhche, agus féuch, tháinic
áon cosmhuil re mac duine lé neull-
uibh neimhe, agus tháinic sé chum
sinsir na láetheadh, agus thugadar
a bhfogus dá lathair é.


L. Dn7:14


Agus tugadh tighearnas, a-
gus glóir dhó, agus rioghacht, chor
go bhfoghnadh anuile phobal, cineadh,
agus teangtha dhó: is tighearnas
síorruidhe a thighearnas, nach nimeo-
chaidh thort, agus sí a rioghacht nach
díoghbháighfighear.


L. Dn7:15


Dobhí misi Dániel doilghio-
sach an mo spioraid a lar mo chuirp,
agus do bhuáidhriodar fise mo chinn
mé.


L. Dn7:16


Tháinic mé a bhfogus dáon
díobh do sheas a ccomghar, agus dfíaf-
ruigh mé a fírinne so uile dhe: annsin di-
nnis sé dhamh, agus thug orum fios
céille na neithionn do bheith agam.


L. Dn7:17


Is ceithre Ríghthe na ceith-
re beathuigh mhórasa, noch éireochus
as an ttalamh.


L. Dn7:18


Acht gébhuid naóimh an té
is roáirde an rioghacht, agus seal-
bhochuid an rioghacht go bráth, go sáo-
ghal na sáoghal.


L. Dn7:19


Annsin budh mían liom fios fírinne an cheathramhadh bheathuigh
dfagháil, noch dob égsamhuil ón ccuid
oile uile, ro úathbhásach, a rabha-
dar a fhíacla díarann, agus a ingne
do phrás, noch do shluig, do bhris a
mhblodhuibh, agus do bhrúigh an chuid
oile lena chosaibh,


L. Dn7:20


Agus na ndeich nadharc, do
bhí ar a cheann, agus anaóin oile tháinic
súas, agus roimhe ar thuitiodar
tríur, eadhon na hadhairce agá rabhadar
súile, agus béul do labhair neithe ro
mhóra, a raibh a fhéuchuin niosa ró
árrthachta náid a chompanuigh.


L. Dn7:21


Dochonnairc mé, agus dorinne
anadharc chédnaso cogadh ris na
náomhuibh, agus dorug buaidh orra;


L. Dn7:22


Nó go ttáinic sinsior na
laétheadh, agus tugadh breitheamhnus do
náomhuibh an té is ro áirde: agus
tháinic an tam gur shealbhuigheadar na
naóimh an rioghacht.


L. Dn7:23


Is marso adubhairt sé, budh
é an ceathramadh beathach an ceathramadh
rioghacht air an ttalamh, noch bhías ég-
samhuil ónuile rioghacht, agus slui-
fidh sé an talamh go hiomlán, agus
sailteoruidh sé síos é, agus brisfidh
a mblodhuibh é.


L. Dn7:24


Agus is deich Ríghthe na
deich nadharca éireochus as an riogh-
acht so: agus éireochuidh Rígh oile na
ndiaigh, agus budh éccosmhuil ón chéid
Rígh é, agus claóidhfidh sé trí Rígh-
the.


L. Dn7:25


Agus laibheora sé bríathra
móra anaghaidh an té is roáirde,
agus caithfidh amach naóimh an té is
róáirde, agus sáoilfidh aimsiora
agus dlighthe dáthrughadh: dobhérthar
iona laimh íad go haimsir, agus go
haimsioruibh, agus go roinn aimsi-
re.


L. Dn7:26


Acht suighfidh an breitheamhnus,
agus béruid a thighearnus úadha, da
dhíothlaithriughadh, agus da scrios go
deireadh.


L. Dn7:27


Agus bérthar an rioghacht,
agus an tighearnas, agus mórdhacht na
rioghachta faói neamh go hiomlán do
mhuintir náomh an té is ro áirde, noch
ar rioghacht síorruidhe a rioghacht, a-
gus foigheonuid, agus uimhleochuid
anuile thighearnas dó.


L. Dn7:28


Go nuige so atá críoch anadh-
bhair. Ar mo shonsa Dániel, do bhuáidhre-
dar mo smuaintighthe go mór mé, a-
gus dáthruigh mo dhealbh ionnam: acht
do choimhéd mé an búis ann mo chroidhe.


L. Dn8:1


Ansa treas blíadhain do rio-
ghacht Bhelsassar, doconn-
cas aisling dhamhsa,
dhamhsa Dániel, tar éis an
neithe dochonnairc mé a
chéaduáir.


L. Dn8:2


Agus dochonairc mé ann anais-
ling (agus tháinic a ccrích anuáir
dochonnairc mé, go raibh mé ann Susan
annsa phálás, noch atá a bprobhinnsi
Elam) agus dochonnairc mé ann anais-
ling, agus dobhí mé ag abhuinn Ulai.


L. Dn8:3


Annsin do thóig mé súas mo
shúile, agus dochonnairc mé, agus féuch,
do sheas as coinne na habhann reithe air
a rabhadar dhá adhairc, agus dob árd
an dá adhairc: acht budh áirde áon ná an
dara hadharc, agus tháinic anadharc
budh áirde súas fa dheireadh.


L. Dn8:4


Dochonnairc mé an reithe ag ga-
bháil dá adharcaibh síar, agus budh
thuaigh, agus budh dheas; ionnus nach
seasfaidís beathuigh ar bith ris, nó aón do
fhédfadh do sháoradh as a láimh, acht dorinne
do réir a thola féin, agus dfás
sé mór.


L. Dn8:5


Agus mar dobhí mé ag meas,
féuch, tháinic gabhar firionn ónáird
shíar, ar adhuigh na talmhan uile, agus
níor bhean ris an ttalamh, agus dobhí
adharc oirdheirc eidir a shúilibh;


L. Dn8:6


Agus tháinic gus an reithe, agá
raibh an dá adhairc, noch dochonnairc mé na
sheasamh ag anabhuinn, agus do rioth
sé chuige a ccuthach a neirt.


L. Dn8:7


Agus dochonnairc mé é ag teacht a
bhfogus don reithe, agus dobhí sé
lán dfíoch na aghaidh, agus do bhuáil sé
an reithe, agus do bhris a dhá adhairc,
agus ní raibh cumhachta aig an reithe sea-
samh ris, acht do theilg sé síos chum na
talmhan é, agus do shaltair air: agus ní
raibh aon do fhéd an reithe do sháo-
radh as a láim.


L. Dn8:8


Uimesin dfás an poc romhór, a-
gus an tan dobhí sé láidir do briseadh
anadharc mhór, agus tháinic iona háit
ceithre hadharca móirmheasta leath ré
ceithre gáothaibh neimhe.


L. Dn8:9


Agus tháinic adharc bheag amach,
noch dfás go hanmhór do leath theas, a-
gus do leath shoir, agus leath ris an
ndúghaith aóibhinn.


L. Dn8:10


Agus dfás sé mór eadhon go
sluagh neimhe, agus do theilg síos cuid
don tsluagh, agus do na réultuibh gus
an ttalamh, agus do shaltair sé orra.


L. Dn8:11


Aseadh, do mhóruigh sé é féin eadhon
go prionsa an tsluáigh, agus is leis
rugadh as aniodhbairt láetheamhuil, agus
do teilgiodh síos áit a shanctóra.


L. Dn8:12


Agus tugadh slúagh dhó ana-
ghaidh na híodhbartha láetheamhla do bhrígh
sáruighthe, agus do theilg síos anfírinne
gus an ttalamh, agus do
ghnáthuigh sé, agus tháinic air a a-
ghaidh.


L. Dn8:13


Annsin dochúala mé áon náomh
ag labhairt, agus adubhairt náomh oile ris
a náomh áirighsin do labhair, ga fad
bhías anaisling a ttaobh na híodh-
bartha láetheamhla, agus sáruighthe
na haonránachta, do thabhairt aráon
na sanctóra, agus an tsluáigh do
shaltairt faói chois?


L. Dn8:14


Agus adubhairt seision
riomsa, go dá mhíle, agus trí
chéud lá; annsin glanfuighear an
tsanctóir.


L. Dn8:15


Agus tárla an tan docho-
nnairc misi, misi Dániel, anfis, a-
gus do lorgair mé a cíall, annsin
féuch do sheas as mo choinne mar thais-
beanadh duine.


L. Dn8:16


Agus dochuala mé guth duine
edir bhrúachaibh Ulai, noch do ghoir,
agus adubhairt, a Ghabriel
tabhair ar an bhfearso an nfis do
thuigsin.


L. Dn8:17


Annsin tháinic sé a bhfogus
donáit ar sheas mé, agus anuáir
tháinic sé, dobhí mé eaglach, agus
do thuit mé air maghaidh: acht
adubhairt seision riom, tuig a mhic
an duine; óir isa ndeireadh na haimsire
bhías anaisling.


L. Dn8:18


Anois mar dobhí sé ag la-
bhairt riom, dobhí mé a ccodladh
throm ar maghaidh leith ris an
ttalamh: acht do bhean seision ri-
om, agus do chuir sé súas go dí-
reach mé.


L. Dn8:19


Agus adubhairt sé, féuch,
dobhéara misi ort a fhios do bheith
agad cread bhías annsa chrích dhei-
ghionuigh an doighaltais; óir biáidh an
deireadh san nam chinte.


L. Dn8:20


An reithe dochonnairc tú
agá raibh dhá adhairc, isíad sin
Ríghthe Média agus Persia.


L. Dn8:21


Agus isé an gabhar garbh
Rígh na Gréige, agus isé an chéid
Rígh anadharc mhór atá eidir a
shúilibh.


L. Dn8:22


Arna bhriseadh sin, anáit
ar sheasadar ceathrar súas air
a shon, seasfuid ceithre rioghach-
ta súas ar an ccineadh: acht ní io-
na cumhachtaibhsion.


L. Dn8:23


Agus san naimsir dheighio-
nuigh a rioghachta, an tan coimhlí-
onfuighear lucht an néigceirt, seas-
fuidh súas Rígh gnúise buirbe, agus
ráidhteadh ndorcha do thuicsin.


L. Dn8:24


Agus budh cumhachtach a
neart; acht ní lena chumhachdaibh
féin: agus scriosfuidh sé go hi-
ongantach, agus rachaidh sé air a
aghaidh, agus sáireochuidh agus
scriosfuidh sé na cumhachdaigh, a-
gus na daóine náomhtha.


L. Dn8:25


Agus fós tréna ghliocas
dobhéara sé biseach air cheilg
iona láimh, agus mórfuidh é féin
iona chroidhe, agus lé síothcháin
scriosfaidh sé iomad: seasfuidh sé
fós súas anaghaidh phrionnsa na
bprionnsadh, acht brisfighear é
anégmhuis láimhe.


L. Dn8:26


Agus is fíor fis an tráth-
nóna, agus na maidne noch do hinni-
seadh; uimesin íadhsa súas anfis:
óir is a ccionn mhóráin laétheadh bhías
sí.


L. Dn8:27


Agus danbhfainnigh misi Daniel,
agus dobhádhas tinn láethe áirigh;
na dhiáighsin déirigh mé súas, agus
dorinne mé gnothuighe an Rígh, agus dobhí
úathbhás orum fa anaisling; acht níor
thuig duine ar bioth í.


L. Dn9:1


Annsa chéid blíadhuin do Dhárius
mhac Ahasuerus do shí-
ol na Médianach, noch dá
ndérnadh Rígh ós cionn riogh-
acht na Ccaldeánach;


L. Dn9:2


Ann sa chéidbhlíadhuin dá rioghacht
do thuig misi Dániel lé leabhruibh uibhir
na mblíadhan, do tháobh a ttáinic bría-
thar an Tighearna go Ieremiah an fáidh,
iondus go ccoimhlíonadh sé seachtmhoghad
blíadhan a bhfásughadh Ierusalem.


L. Dn9:3


Agus do chuir mé maghaidh air an
tighearna Día dá íarruidh le hurnuigh,
agus lé gearánuibh maille re trosgadh,
agus le saicédach, agus lé luáithreadh.


L. Dn9:4


Agus do ghuidh mé chum an Ti-
ghearna mo Dhía, agus dorinne mé mo
fhaóisidin, agus adubhras, a Thighear-
na an Día mór báoghlach, ag comhall
an chunnartha agus trócaire don druing
ghrádhuighios é, agus don drong choimhé-
dar a aitheanta.


L. Dn9:5


Do pheacuigheamairne, agus dorinn-
eamar éigceart, agus dorinneamar go
holc, agus do chogamar eadhon le dealu-
ghadh ód theagasgaibhsi, agus ód bhrei-
theamhnusaibh.


L. Dn9:6


Ní mó déisdeamar le do seirbhí-
seachaibh na fáidhe, noch do labhair ann hainm-
si lé ar naithribh, agus ré huile pho-
bal na tíre.


L. Dn9:7


O a Thighearna, fíreuntacht dhli-
ghios tusa, acht sinne náire aightheachh a-
mhuil atá aníugh: do mhuintir Iúdah,
agus do áitreabhthachaibh Ierusalem, a-
gus do Israel uile atá a bhfogus, a-
gus animchéin air feadh na nuile thíorthann,
ionar dhíothchuir tusa íad, do bhrígh a
bhpeacuidh, noch do pheacuigheadar ad a-
ghaidhsi.


L. Dn9:8


O a Thighearna dlighmidne
náire aighthe, ar Ríghthe, ar bprionnsadha,
agus ar naithre do bhrígh gur pheacuighe-
mar ad aghuidhsi.


L. Dn9:9


Re ar TTighearna Día bheanas tró-
caire agus maitheamnus, bíodh gur chathuighe-
mairne na aghaidh.


L. Dn9:10


Ní mó dumhluigheamar do ghuth an
tighearna ar Ndía, do shiubhal iona dhligh-
thibh, noch do chuir sé romhuinn lena sheirbhí-
seachaibh na fáighe.


L. Dn9:11


Do sháruigh fós Israel uile do
dhligheadh, agus sin le filleadh air ais, chor
nach éisdedís red ghuthsa; uimesin do
dóirteadh an mallughadh oruinn, agus an
mionn atá scríobhtha a ndligheadh Mhaóise
seirbhiseach Dé, do bhrígh gur pheacui-
gheamar na aghaidh.


L. Dn9:12


Agus do choimhlíon sé a bhríathra,
noch do labhair se ar naghaidh agus ar mbhrei-
theamhan thug breitheamhnus oruinn lé ta-
bhairt uilc mhóir oruinn: óir ní dérnadh
fhaói neamh go hiomlán amhuil dorinneadh air
Ierusalem.


L. Dn9:13


Amhuil atá scríobhtha a ndli-
gheadh Mhaoise; tháinic an tolcso uile
oruinn: thairis sin ní dheárnamairne ar ngui-
dhe a bhfíaghnuisi an Tighearna ar Ndía,
ionnus go bfhillfimís ó ar nolc, agus
go ttuigfemís thfírinnesi.


L. Dn9:14


Uimesin do fhorfhairigh Día ar
anolc, agus thug sé oruinne é, óir a
tá ar TTighearna ar Ndía fíréan-
ta ann uile oibeachuibh doní sé:
óir níor umhluigheamairne dá ghuth.


L. Dn9:15


Agus anois, a Thighear-
na ar Ndía, noch thug do pho-
bal amach as crích na Hégipte
le láimh láidir, agus fuáir clú dhuit
féin amhuil atá aniugh; do pheacui-
gheamairne, dorinneamar go holc.


L. Dn9:16


O a Thighearna, do réir
huile fhíréantachd, íarruim dath-
chuirghe ort, filltear ar ais thfearg,
agus thfíochmhaireachd ó do cha-
thruigh Ierusalem, do slíabh ná-
omhtha: do brígh gurob ar son
ar bpeacuighne, agus ar son éig-
ceart ar naithreadh atá Ierusalem,
agus do phobal na scannail donuile
dá bhfuil gacha táobha dhínn.


L. Dn9:17


Annois ar anadhbarsin ó ar
Ndía, éisd guidhe do seirbhísigh
agus a ghearáin, agus tabhair air
haghaidh déallrughadh air do shanctóir
atá áonránach ar son an Tighear-
na.


L. Dn9:18


O mo Dhía, cláon do chlúas,
agus cluin; oscuil do shúile, agus
féuch ar náonránacht, agus an
chathair noch goirthear ar hainm:
óir ní chuirmidne ar nguidhe dot la-
thair ar son ar nionracuis, acht ar son
do mhórthrócaireadh féin.


L. Dn9:19


O a Thighearna, éisd, a Thi-
ghearna maith, a Thighearna cluinn, agus
dén, ná mainnigh ar do shon féin, ó mo
Dhía: óir is as hainm goirthear do cha-
thair.


L. Dn9:20


Agus an feadh dobhí mé ag la-
bhairt, agus ag guidhe, agus ag admháil
mo pheacuigh, agus peacadh mo phobail
Israel, agus ag cur mo ghearáin a lathair
an Tighearna mo Dhía ar son shléibhe ná-
omhtha mo Dhé:


L. Dn9:21


Fós an feadh dobhí mé ag labhairt
anúrnaigh, do bhean riom an fear cédna
Gábriel, noch dochonnairc mé annsa bhfis
ar tús, air ar tugadh eitiol do dhénamh
go deithniosach, do bhean sé riom a dtim-
chioll aimsire íodhbartha an tráthnóna.


L. Dn9:22


Agus do theagaisg sé dhamh, a-
gus do comhráidh sé riom, agus adu-
bhairt sé riom, a Dhániel, thainic misi
anois amach do thabhairt gliocuis agus
tuicsiona dhuitsi.


L. Dn9:23


A ttosach híarratuis thái-
nic anaithne amach, agus atáimsi
ar tteachd dá tháisbeanadh dhuitsi:
óir atá tú ar do ghrádhughadh
go ro mhór: uimesin tuig an tadhbhar,
agus meas anfis,


L. Dn9:24


Seachtmhoghad seachtmhuin do
cinneadh air do phobal, agus air do cha-
thruigh náomhtha do chur críche
air a tsárughadh, agus críoch do
chur air pheacadhuibh, agus do dhé-
namh síothchána ar son éigceirt, a-
gus do thabhairt fíréntachta síorruidhe
asteach, agus do shéuladh na fise súas, agus na
tairrghire, agus dungadh an té is ro náomhtha.


L. Dn9:25


Bíodh a fhios agad air anadhbharsin
agus tuig, go mbía ó dhul
amach na haithne Ierusalem daisiog, agus
do chur súas gus an Messiah an pri-
onsa, seacht seachtmhuine; agus trí fith-
chid, agus dá sheachhtmhuin, cuirfighear
an tsráid súas arís, agus an bal-
la eadhon anaimsioruibh buáidheartha.


L. Dn9:26


Agus tar éis dá sheachtmhuin,
agus trí fithchid gérrfuighear amach
Messiah, acht ní ar a shon féin: a-
gus scriosfuidh pobal an phrionnsa
thiucfas an chathair, agus an tsanc-
tóir, agus biáidh a ccríoch sin lé
tuile, agus go deireadh an chogaidh
do cinneadh anaonranacht.


L. Dn9:27


Agus daingneocha sé an
cunradh ré mórán air feadh aoin tseacht-
mhuine: agus a lár na seachtmhuine dobhéra
sé air anofráil, agus air aníodh-
bairt scur, agus do bhrígh foirleithne
ghráineamhlachta dodhéna sé áonránach
í, eadhon go nuige an ccríochnughadh, a-
gus sin ar ccinneadh, dóirtfighear é air
anuáignios.


L. Dn10:1


Ansa treas bliadhain do Chírus
Rígh na Persia do
foillsigheadh ní do Dhániel
(darbainm Beltesassar),
agus dobfhíor an ní, acht
dob fhada an tam cinte, agus do thuig sé
an ní, agus fúair sé tuigse na fisi.


L. Dn10:2


Annsna laéthibhsin dobhí misi
Dániel ag doilghios trí seachtmhuine iom-
lána.


L. Dn10:3


Níor ith mé bíadh blasda ar
bioth, ní mó tháinic feóil nó fíon an
mo bhéul, ní mó do fhothruighios mé
féin ar áonchor, nó gur coimhlíonadh
trí seachtmhuine iomlána.


L. Dn10:4


Agus annsa cheathramhadh lá fith-
chiod don chéid mhí, mar dobhí mé ré
táobhna habhann móire, Hiddecel:


L. Dn10:5


Annsin do thóig mé mo shúile súas,
agus dochonnairc mé, agus féuch duine
áirigh anédach lín, agá rabhadar a
leasrach criosluighthe lé hór fínealta
Uphas.


L. Dn10:6


Dobudh cosmhuil a chorp mar an
ccédna lé berill, agus a ghnúis amhuil
taisbeanadh tinntighe, agus a shúile mar
lampadha teineadh, agus a lámha agus
a chosa cosmhuil a ndath ré prás líomh-
tha, agus fuáim a bhríathar cosmhuil
ré guth mhóráin.


L. Dn10:7


Agus misi Dániel amháin docho-
nnairc anfis; óir ní fhacadar an mhuin-
tir dobhí am fhochair anfis, acht do
thuit crioth mór orra, iondus gur
gheitheadar dá bhfolach féin.


L. Dn10:8


Uimesin do fágbhadh misi am
áonar, agus dochonairc mé anaisling
mhórso, agus níor fhan spracadh ar
bioth ionnam; óir diompóigh mo mhai-
se ar mhíomhaise ionnam, agus níor
chonnaimh mé neart ar bioth.


L. Dn10:9


Thairis sin dochúala mé guth a
bhríathar: annsin dobhí mé a ccodladh
throm air maghaidh, agus médan leath ris
an ttalamh.


L. Dn10:10


Agus féuch, do bhean láimh riom,
noch do chuir air mo ghlúinibh mé, agus air
chláruibh mo dhearnann.


L. Dn10:11


Agus adubhairt sé riom, a
Dhániel, a dhuine air a bhfuil grádh mór,
tuig na bríathra adéra misi riot, a-
gus seas súas go díreach: óir is chu-
gad do cuireadh mé anois. Agus an
tan do labhair sé na bríathraso riom,
do sheas mé ar crioth.


L. Dn10:12


Annsin adubhairt sé riom, ná
heagluidh, a Dhániel: óir ón chéd lá
fár shuighidh tú do chroidhe ar thuicsi,
agus ar umhluighis thú féin a bhfíagh-
nuisi do Dhé, do chlos do bhríathra,
agus tháinic misi ar son do bhría-
thar.


L. Dn10:13


Acht do sheas prionsa riogha-
chta na Persia riom lá agus fithche:
acht féuch, tháinic Michael aon do
na háird phrionnsadhuibh dom chabhair, agus
do chomhnuigh mé annsin ag Ríghthibh na
Persia.


L. Dn10:14


Anois tháinic mé do thabhairt
ortsa a thuicsin cred theigeomhus dot
dhaóinibh annsna láethibh deighionacha; óir
atá anfis fós ar feadh mhóráin láe-
theadh.


L. Dn10:15


Agus an tan do labhair sé a
leithéid sin do bhríathruibh, do chuir mé
maghaidh air an ttalamh, agus dobhí
mé balbh.


L. Dn10:16


Agus féuch do bhean áon cos-
mhuil re samhuil mhac na ndáoine rem
pusuibh: annsin dfoscuil mé mo bhéul,
agus dolabhair mé, agus adubhairt mé
ris an té do sheas am fhiadhnuisi, ó mo
thighearna, dfilliodar mo dhoilghiosa
orum leis an bhfis, agus níor cho-
nnaimh mé neart ar bioth.


L. Dn10:17


Óir ciondus do fhédfadh seir-
bhísech mo thighearna labhairt ris so mo
thighearna: óir ar mo shonsa ar ball
níor fhan brígh ar bioth ionnam, ní mó
do fágbhadh anál ionnam.


L. Dn10:18


Annsin tháinic arís, agus do
bhean riom áon cosmhuil ré taisbeanadh
duine, agus do neartuigh sé mé,


L. Dn10:19


Agus adubhairt, a dhuine air
a bhfuil roghrádh, ná bíodh eagla ort, síoth-
cháin maille riot, bí láidir, fós bí lái-
dir. Agus anuáir do labhair sé riom,
do neartuigheadh mé, agus adubhairt mé,
labhradh mo thighearna: óir do neartuigh
tú mé.


L. Dn10:20


Annsin adubhairt sé, an bhfeadair
tú cred fá ttáinic misi chugad?
agus anois fillfidh mé do throid
ré prionsa na Persia: agus an
tan rachfus mé amach, féuch tiuc-
fuidh prionnsa na Gréige.


L. Dn10:21


Acht taisbeanfa mé dhuit
an ní atá aithnid a scriopotúir
na fírinne, agus ní bhfuil áon chung-
nas liom annsna neithibhse, acht
Michael do phrionnsasa.


L. Dn11:1


Agus annsa chéidbhlíadhuin do
Dhárius an Médianach, do
sheas misi, eadhon misi dá
dhaingniughadh, agus dá neartughadh.


L. Dn11:2


Agus anois taisbeanfuidh mé
dhuitsi anfírinne; féuch, seasfuid súas
fós trí Ríghthe san Phersia, agus
budh saidhbre an ceathramhadh Rígh ná
íad uile go ro mhór, agus lena neart
tréna saidhbhrios corrochuidh sé súas
anuile (dhuine) anaghaidh rioghachta na
Gréige.


L. Dn11:3


Agus seasfuidh Rígh cumhachtach
súas thighearnfus maille re cumhachtaibh
móra, agus dodhéna sé do réir a tho-
la féin.


L. Dn11:4


Agus anuáir éireochus sé súas
brisfighear a rioghacht, agus roinnfi-
dhear í leath ré ceithre gáothaibh neimhe;
agus ní dá shliocht féin, nó do réir a
thighearnuis noch do ríaghluidh sé: óir
tarrongthar súas a rioghacht, eadhon
do dhaoinibh oile táobh amuigh dhíobhsan.


L. Dn11:5


Agus biáidh Rígh an deisceirt
láidir, agus áon da phrionnsadhuibh, a-
gus biáidh sé láidir ós a chionnsan, a-
gus biáidh sé a ttighearnus: budh
tighearnus mór a thighearnus.


L. Dn11:6


Agus a ccionn bhliadhan cein-
geoluid féin dá chéile; óir tiucfa
inghean Rígh an deisceirt chum Rígh an
tuáisceirt do dhénamh réitigh: acht
ní choinneocha sí cumhacht na láimhe, ní
mo sheasfas seision, ná a lámh, acht
seachodthar ise súas, agus an drong
thug leó í, agus an té dá rugadh í,
agus an té do neartuigh í, annsna
haimsearuibhsi.


L. Dn11:7


Acht ar beangán dá fréimh, seas-
fuidh áon súas iona staid, noch thiuc-
fas lé slúagh, agus rachfus asteach
a ndaingion Rígh an tuáisgeirt, agus
chuirfios na naghaidh, agus bhérus buáidh.


L. Dn11:8


Agus bhérus mar an ccédna braigh-
de don Négipt maille lena ndeéibh, ma-
ille rena bprionnsadhuibh gona soithighibh
mórluáigh airgidh agus óir, agus béruidh sé
nísa mhó do bhlíadhnuibh ná Rígh an tuáis-
ceirt.


L. Dn11:9


Marsin tiucfa Rígh an deisceirt
chum a rioghachta, agus fillfidh sé chum a
dhúithche féin.


L. Dn11:10


Agus coirreochthar a mhic súas,
agus cruinneochuid iomad slóigh; agus
tiucfa aon go deimhin, agus tuileo-
chuidh thairis, agus rachuidh thríd: annsin
fillfidh sé, agus corrochthar súas é dá
dhaingionn.


L. Dn11:11


Agus corrochthar Rígh an deis-
ceirt le feirg, agus tiucfa amach, a-
gus troidfidh ris, eadhon lé Rígh an tu-
áisceirt: agus cuirfidh sé slúagh mór
amach, acht dobhérthar an slúagh iona
láimh.


L. Dn11:12


Agus anúair scríosfas sé an
slúagh, agus tóigfighear a chroidhe súas, a-
gus teilgfe sé síos iomad do dheich míl-
tibh: acht ní neirteochar le sin é.


L. Dn11:13


óir fillfidh Rígh an tuáisceirt,
agus cuirfidh sé slúagh mór amach is mó
ná an chédshlúagh, agus tiucfa go dei-
mhin (tar éis bhliadhan áirigh) go shlúagh
mór, agus saidhbhrios mór.


L. Dn11:14


Agus ann sanaimsin seasfuid
mórán súas anaghaidh Rígh an deis-
ceirt: mar an ccédna áirdeochuid slad-
mhóire do dhaóinesi íad féin, do chruthu-
ghadh na fise, acht tuitfid síad.


L. Dn11:15


Annsin tiucfa Rígh an túais-
ceirt, agus teilgfidh móta súas, agus
gébhuidh sé na caithreacha is ró láidre, a-
gus ní sheasfuid lámha an deisceirt, nó
a dhaóine toghtha, ní mó bhías neart air
bioth ré seasamh na naghaidh.


L. Dn11:16


Acht an té thig na adhuigh, dodhéana
sé do réir a thola féin, agus ní
sheasfa duine ar bioth ris: agus seasfuidh
sé annsa tír ghlórmhair noch scriostar
lena láimh.


L. Dn11:17


Suidheocha sé a aghaidh fós do
dhul asteach maille re neart a rioghachta
uile, agus iomad do dhaóinibh fíréunta
maille ris: dodhéana sé so, agus
dobhéra dhó inghean na mban da truáilleadh,
acht ní sheasfa sí, agus ní mó bhías sí
dá thaoibhsin.


L. Dn11:18


Na dhiáigh so, fillfidh sí a a-
ghaidh air na hoileanuibh, agus gébha sé
mórán díobh: acht dobhéra prionsa air
a shon féin fa deara an mhasla thug sé
uadh do scur: gan scannail dó féin
dobhéra sé air iompogh airsion.


L. Dn11:19


Annsin fillfidh sé a aghaidh leath
re daingion a thíre féin: acht dogheabha
sé tuisleadh, agus tuitfidh sé, agus ní
bhfuighthear é.


L. Dn11:20


Annsin seasfuidh súas iona io-
nad suighe fear tógbhálach gérrthadh a
nglóir na rioghachta: acht táobh astigh
do bheagán laétheadh muirbhfighear é ní a
bhfeirg, nó a ccath.


L. Dn11:21


Agus éireochuidh súas iona áit
pearsa uirísiol da nach ttiubhruid síad
onóir na rioghachta: acht tiucfa sé
asteach go síothchánta, agus gnodhachuidh
sé an ríoghacht le mealltóireacht.


L. Dn11:22


Agus lé lámhuibh tuile báithfi-
ghear íad ó bheith roimhe, agus biáid
briste; fós mar an ccédna prionnsa
an chunnartha.


L. Dn11:23


Agus tar éis na síodhchána do
dhénamh ris, oibreacha sé go cealgach:
óir tiucfa sé súas, agus fásfuidh sé
láidir lé beagán daóine.


L. Dn11:24


Rachuidh sé asteach go síothchánta
air na háitibh is férr annsa bprobhinnsi,
agus dodhéna sé an ní nach deárnadar
a aithre, nó aithre a aithreadh, sga-
óilfe sé iona measc an chreach agus
anéadáil, agus an saidhbhrios: fós
teilgfidh sé roimhe láimh a thionsganta
anaghaidh na ndaingion láidir, eadhon ar
feadh aimsire.


L. Dn11:25


Agus corrocha sé súas a chumh-
achta, agus a mheanma anaghaidh Rígh an
deisceirt maille ré slúagh mór, agus
corrochthar súas Rígh an deisceirt chum
catha maille re slúagh ro mhór neartmhar;
acht ní sheasfuidh sé, óir gléusfuid ti-
onnscanta na aghaidh.


L. Dn11:26


Aseadh, an lucht bhíathas ar a chuid
bídh féin, muirfid é, agus tuileocha a shlúagh:
agus tuitfidh mórán síos marbh.


L. Dn11:27


Agus biáidh croidhe an dá Ríogh-
so ré dénamh uilc, agus laibheoruid bréga air
áonbhord; acht ní béra sin buaidh: óir
biáidh an chríoch fós annsanam chin-
te.


L. Dn11:28


Annsin fillfidh sé dhá dhúthaigh
féin maille ré sáidhbhrios mór, agus
a chroidhe anaghaidh an chunnartha
náomhtha, agus dodhéna sé ní mór,
agus fillfidh sé dhá thír féin.


L. Dn11:29


Ann sanam chinnte fillfe sé,
agus tiucfa sé leath ris an ndeisceart,
acht ní bhiáidh sin mar an ccéidní, nó
mar an ní dheighionach.


L. Dn11:30


Oír tiucfuid longa Chittim
na aghaidh: uimesin biáidh sé doilghio-
sach, agus fillfidh sé, agus biáidh
fearg air anaghaidh an chunnartha náom-
tha: marsin féin dodhéna sé, eadhon
fillfidh sé, agus dogheabha sé sgéla
maille ris an ndruing thréigios an
cunnradh naomhtha.


L. Dn11:31


Agus seasfuid lámha air a thaobh,
agus thruáilleochuid sanctóir an neirt,
agus béruid léo aníodhbuirt láetheamh-
uil, agus suidheochuid an ghráineamhlacht
doní fásach.


L. Dn11:32


Agus an lucht doní go holc
anaghaidh an chunnartha, truáilleochar
lé spleadhuibh íad: acht na daóine agá
bhfuil fios a Ndé, béid láidir, agus
dodhénuid gníomha gaisgeamhla.


L. Dn11:33


Agus múinfidh an lucht atá
tuigsionach a measc na ndaóine mórán;
gidheadh tuitfid síad leis an ccloidheamh,
agus leis an lasair, lé daóirsine, a-
gus le millteachus, mórán do láethibh.


L. Dn11:34


Anois an tan thuitfid síad,
cuideochar léo re beagán cuidigh: acht
druidfid mórán ríu maille ré spleadh-
uibh.


L. Dn11:35


Agus tuitfidh cuid don druing
thuigsionaigh dá ndearbhadh, dá nglanadh,
agus dá ndénamh geal, eadhon go haim-
sir an deiridh: do bhrígh go bhfuil sin
fós chum aimsire cinte.


L. Dn11:36


Agus dodhéna an Rígh do réir
a thola féin, agus áirdeochuidh sé é féin,
agus méideochuidh sé é féin ós cionn
gach uile dhée, agus laibheoruidh sé neithe
iongantacha anaghaidh Dhé na Ndía,
agus béruidh sé buáidh, nó go ccríoch-
nuighthior an nfearg: do bhrígh gurbé
an ní do cinneadh dodhéntar.


L. Dn11:37


Ní mó bhías suim aige a ndía a
athar, nó a ttoil bhan, ní mó uimhleo-
chus sé daóindía: óir méideochuidh sé
é féin ós cionn anuile.


L. Dn11:38


Acht iona áit onórfuidh sé
día na ndaingneach, agus día
narbhaithnid dá aithribh, onórfuidh sé lé hór,
agus lé hairgiod, agus lé clochaibh
búadha, agus lé neithibh breághdha.


L. Dn11:39


Marso dodhéna sé annsna dain-
gnibh láidre lé día coimhightheach, noch
aideomhas sé, agus mhéideochus lé glóir:
agus dobhéra orra ríaghlughadh ós
cionn mhóráin, agus roinnfidh sé a ndú-
thaigh ar lúach.


L. Dn11:40


Agus anaimsir an deiridh cnag-
fuidh Rígh an deisceirt é, agus tiucfa
Rígh an tuáisceirt iona aghaidh amhuil
gáothghuáirdéin le carbaduibh, agus le
marcshlúagh, agus le mórán long, a-
gus rachuidh sé asteach annsna tíorthaibh
agus dobhéra sé an tonn thársa agus rachuidh
thairis anonn.


L. Dn11:41


Rachuidh sé mar ann ccédna asteach
don dúthaigh ghlórmhair, agus
claoidhfighear mórán; acht rachaid so
as ó na láimh, Edom, agus Moab, agus
togha chloinne Ammon.


L. Dn11:42


Sínfidh sé fós a lámh amach air na
tíorthaibh, agus ní rachuidh dúthaigh na
Hégipte as.


L. Dn11:43


Acht biáidh cumhacht aige ós
cionn na nionnmhus óir agus airgid, agus
ós cionn uile neithe mórluaigh na Hégip-
te: agus béid na Líbianuigh, agus na
Hétíopigh air a ccoiscéimibh.


L. Dn11:44


Acht buáidhreochuidh sgéulta
amach as anoirthear é, agus as an
ttuáisceart: uime sin rachuidh sé amach
ré cuthach mór daidhmhilleadh agus
do scrios mhórán thríd amach.


L. Dn11:45


Agus suidheocha sé pailliúin a
pháláis eidir na fairgibh annsa tslíabh
ghlórmar náomhtha; thairis sin tiucfa
sé chum a chríche, agus ní chuideochuidh
duine ar bioth ris.


L. Dn12:1


Agus annsanamsin seasfuidh
Michael súas, an prionnsa
mór sheasas air son chloinne do
phobailsi, agus biáidh am buáidhear-
tha ann, a leithéid noch raibh a ríamh, eadhon
go nuige an tamsin: agus annsanamsin
sáorfhuighear do phobalsa, anuile dhuine
dá bhfuighthear scríobhtha annsa leabhar.


L. Dn12:2


Agus múisceoluidh mórán don
druing chodlas a luaithreadh na talmhan,
cuid chum beatha síorruidhe, agus cuid chum
náire agus tarcuisne síorruidhe.


L. Dn12:3


Agus déllrochuid an drong thea-
gasgas amhuil loinnir na spéire, agus an
drong iompoighios mórán chum fíréntach-
da amhuil na réulta go saóghal na shaóghal


L. Dn12:4


Acht thusa a Dhániel, iáidh súas
na bríathra, agus séuluidh an leabhar,
eadhon go ham an deirigh: riothfuid mó-
rán síos súas, agus méideochuid an téo-
lus.


L. Dn12:5


Annsin damhairc misi Dániel, agus
féuch do sheasadar días oile, áon don
taóibhse do bhrúach na habhann, agus áon oile
don taoibh úd do chrúach na habhann.


L. Dn12:6


Agus adubhairt (áon) ris an
bhfear anédach lín, noch dobhí air uiscea-
dhuibh na habhann; gá fad bhíos go chrích na
niongnadhsa?


L. Dn12:7


Agus dochúala misi an fear arna
édughadh le líon, noch dobhí air uisgea-
dhuibh na habhann, anuair do chonnaimh sé sú-
as a lámh dheas, agus a lámh chlé go neamh,
agus thug a mhionna fan té mhairios go
bráth, go mbiáidh sé go haimsir, agus
go haimsearuibh, agus go leath aimsire:
agus anuáir chríochnóchus sé scaói-
leadh cumhacht na náomh, go ccríochnochar na
neithesi uile.


L. Dn12:8


Agus dochúala mé, acht níor
thuig mé: annsin adubhairt mé, a Thi-
ghearna, cred bhías do chrích na ccúiseann
so?


L. Dn12:9


Agus adubhairt seision, imthigh
romhad, a Dhániel; óir atáid na bría-
thra séuluighthe súas, agus druite nó
go ttí am na críche.


L. Dn12:10


Glanfuighear mórán, agus dodhéntar
geal íad, agus deirbheochthar íad:
acht dodhénuid na drochdhaoine go holc,
agus ní thuicfid áon do na ciontachaibh,
acht tuicfid na heagnuidhe.


L. Dn12:11


Agus ónuáir a ccuirfighear
aníodhbuirt laétheamhuil ar ccúl agus an
ghráineamhlacht doní fásach arna cur sú-
as, biáidh míle dhá chéd agus nóchad lá.


L. Dn12:12


Is beannuigh an té fheithios, agus
thig gus an míle lá trí chéd tríochad
agus a cúig.


L. Dn12:13


Acht air do shonsa, imthigh romhad
nó go raibh an deireadh: óir suáimhneocha
tú, agus seasfa tú annsa chranncair go
deireadh na láetheadh.


L. Hs



LEABHAR HOSEA


L. Hs1:1


Bríathar an Tighearna, noch
tháinic go Hosea mhac Beeri
a láethibh Ussiah, Iotam,
Ahas, Heseciah Ríghthe Iúdah,
agus láethibh Ieroboam mhic Ioas
Rígh Israel.


L. Hs1:2


Tosach bhréithre an Tighearna
tre Hosea: agus adubhairt an Tigh-
earna ré Hosea, imthigh gabh chugad
bean stríopachuis, agus clann strío-
pachuis; óir dorinne an tír stríopa-
chus mór ag deaghail ris an TTighearna.


L. Hs1:3


Marsin dimthigh sé, agus thug
sé Gomer inghean Dhiblaim, noch do
toirrcheadh, agus rug mac dhó.


L. Hs1:4


Agus adubhairt an Tighearna
ris, goir Iesreel dainm dhe; óir fós
air feadh uáine bige, agus digheola mi-
si fuil Iesreel air thigh Iehu, agus
dobhéra mé air rioghacht thighe Israel cosg.


L. Hs1:5


Agus tiucfuidh a ccrích annsa
lósin go mbrisfidh mé Israel a ngleann
Iesreel.


L. Hs1:6


Agus do toirrcheadh arís í, a-
gus rug sí inghean, agus adubhairt
Día ris, goir Loruhamah dainm dhi: óir
ní biáidh truáighe agam nísa mhó do
thigh Israel, acht cuirfidh mé amugha
thríd amach íad.


L. Hs1:7


Acht biáidh truáighe agum do
thigh Iúdah, agus tárrthocha mé íad
maille ris an TTighearna a Ndía, a-
gus ní lé bogha, nó lé cath, nó lé hea-
chaibh, nó lé marcshlúagh.


L. Hs1:8


Anois anuair do choisc sí Lo-ruhamah,
do toirrchiodh í, agus rug
sí mac.


L. Hs1:9


Annsin adubhairt Día, goir Loammi
dainmh dhe: óir ní sibh mo phobalsa,
agus ní budh mé bhur Ndía.


L. Hs1:10


Gidheadh biáidh uibhir chlainne Israel
amhuil gaineamh na fairge, nach
féidir do thomhas nó dáireamh; agus
tiucfa a ccrích annsanáit a ndubh-
radh ríu, ní sibhsi mo dhaóinesi, ann-
sin adérthair ríu, is sibhsi mic an
Dé bhí.


L. Hs1:11


Annsin cruinneochthar clann Iú-
dah, agus clann Israel anaóinfheacht,
agus cinnfid aóinchionn dóibh féin, agus
tiucfuid súas as an ttír: óir budh
mór lá Iesreel.


L. Hs2:1


Abraidhsi ré bhur ndearbhráithribh
Ammi, agus ré bhur ndeirbh-
sheathrachaibh, Ruhamah:


L. Hs2:2


Tagraidh ré bhur mathair,
tagraidh: óir ní hí mo
bheansa í: ní mó is misi a fearsa; ar
anadhbarsin cuireadh sí uáithe a strío-
pachus as a radharc amach, agus a ha-
dhaltrannas ó idir a cíochuibh.


L. Hs2:3


Deagla go nochtfuinnsi tárnocht
í, agus go ccuirfinn í do nós an
laói a rugadh í, go ndénuinn amhuil
fásach í, agus go ndénuinn amhuil fea-
rann tirim í, agus go muirfinn lé tart í.


L. Hs2:4


Agus ní bhiáidh truáighe agum
dá cloinn: óir isíad clann an stríopa-
chuis.


L. Hs2:5


Oír dorinne a mathair meirdre-
chus, an bhean do ghein íadsan dorinne sí
ní gráineamhuil: óir adubhairt sí,
leanfa mé a ndiáigh máosgrádh dobheir
dhamh marán agus muisge, molann agus
mo líon, mola agus mo dheoch.


L. Hs2:6


Uime sin féuch fálfa mé súas
do shlighe lé droighionuibh, agus dodhé-
na mé balla go nach bhfuighe sí a ca-
sáin.


L. Hs2:7


Agus leanfa sí a ndiáigh a háos-
grádh, acht ní bhéra sí orra: agus
íarrfuidh sí íad, acht ní bhfuighe sí íad:
annsin adéra sí, imeocha mé, agus fill-
fidh mé chum mo chéidfhir, óir dobfeárr
dobhádhas agham anuair sin ná anois.


L. Hs2:8


Oír ní raibh a fhios aice go ttug
mé dhi arbhar agus fíon, agus o-
la, agus gur fhoirlíon mé a hór, a-
gus a hairgiod, noch do ghlésadarsan
do Bháal.


L. Hs2:9


Uimesin fillfidh mé, agus dobhéra
mé marbhar liom iona am féin, agus
mhfhíon iona am féin, agus bhéra mé
liom molann agus mo líon (tugadh) dfo-
lach a tárrnochtuigh.


L. Hs2:10


Agus anois foillseocha mé a
húallachus a radharc a háos grádha,
agus ní sháorfuidh duine ar bioth as mo
láimh.


L. Hs2:11


Dobhéra mé fós air a sólás uile
sgur, a laéthe féusta, a rée núadha,
agus a sábóide, agus a féusdadh sol-
lamonta uile.


L. Hs2:12


Agus millfe mé a fíneamhna a-
gus a cráinn fíge, dá ndubhairt sí, isíad so
mo choibhthesi thugadar máos grádha dhamh:
agus dodhéna mé foraóis síobh, agus
íosuid beathuigh an mhachaire íad.


L. Hs2:13


Agus aigeora mé láethe Bháa-lim
uirre, ionar loisg sí túis dóibh, a-
gus ann ar dheaghmhaisigh si í féin lena
clúasfháinnibh, agus lena séuduibh, agus
dochuáidh sí a ndiáigh a háosgrádha, a-
gus do dhearmuid sí misi, adeir an Ti-
ghearna.


L. Hs2:14


Uime sin féuch, bréugfa mé í, a-
gus dobhéra mé donfásach í, agus laibheóra
mé go muinteardha ría.


L. Hs2:15


Agus dobhéra mé gárradha a
fíneamhna dhí as sin, agus gleann Achor
mar dhorus dóthchuis, agus dodhéna sí
céol annsin mar a láethibh a hóige, agus
amhuil an lá tháinic sí súas amach as
crích na Hégipte.


L. Hs2:16


Agus is amhluidh bhías annas ló
sin, adeir an Tighearna, go ngoirfidh
tú mfear dhíomsa, agus nach goirfidh tú
Bahali níis mo dhíom.


L. Hs2:17


Oír dobhéra mé anmanna Bhaa-lim
amach as a béul, agus ní cuimhneoch-
thar as anainm níis mó íad.


L. Hs2:18


Agus annsa ló sin dodhéna mé
cunnradh dhóibh ré beathachaibh an mhachaire, a-
gus ré héunlaith neimhe, agus ré neithibh
snáidheach na talmhan: agus brisfe mé
an bogha, agus an cloidheamh, agus an
cath as an ttalamh amach, agus dobhéra
mé orra luighe síos go suáimhneach.


L. Hs2:19


Agus pósfa mé thusa riom
féin go bráth, fós pósfa mé riom féin
thú anionnrachus, a mbreitheamhnus, agus
a ccinéul ghrádhach, agus a ngrásaibh.


L. Hs2:20


Cengola mé fós riom thú ani-
onnracus, agus aitheonuidh tú an Ti-
ghearna.


L. Hs2:21


Agus tiucfa a ccrích annsa
ló sin, go ccluinfe misi, adeir an Ti-
ghearna, cluinfidh mé na neamha, agus cluin-
fid sin an talamh,


L. Hs2:22


Agus cluinfidh an talamh an
tarbhar agus an fíon, agus anola, agus
cluinfidh síadsan Iesreel.


L. Hs2:23


Agus síolchuirfidh mé riom ansa
talamh í, agus dodhéna mé grása uirre,
nach bhfuáir grása, agus adéra mé ris an
ndruing nach raibh mo phobal, is tú mo
phobal; agus adéruid síadsan, is tú
mo Dhía.


L. Hs3:1


Annsin adubhairt an Tighearna ri-
omsa, imthigh fós grádhuigh
bean ghrádhach agá caruid,
gidheadh na hadhaltrannuigh, do
réir ghrádha an Tighearna do chloinn Isra-el,
noch fhéchus do dhéeibh oile, agus ghrá-
dhuighios flagúin fhíona.


L. Hs3:2


Annsin do ceannuigh mé dham féin í,
air chúig phíosa dhéag airgid, agus
air hómer éorna, agus air leath hómer
éorna.


L. Hs3:3


Agus adubhairt mó ría, anfa
tú riom mórán doláethibh, ní dhéna tú
meirdreachus, agus ní bhía tú aig fear
oile, marsin biáidh misi mar an ccédna
agadsa.


L. Hs3:4


Oír biáidh clann Israel mórán
do laéthibh gan Rígh agus gan phrionn-
sa, agus gan íodhbairt, agus gan ío-
mháigh, agus gan Ephod, agus gan Teraphim.


L. Hs3:5


Na dhiáigh sin fillfid clann Israel,
agus íarrfuid an Tighearna a
Ndía, agus Dáibhi a Rígh, agus
biáidh eagla an Tighearna orra, agus a
mhaitheasa annsna laéthibh deighionacha.


L. Hs4:1


Eistigh bríathar an Tighearna,
sibhsi a chlann Israel; óir
atá imreasan aig an TTi-
ghearna ré lucht áitreibhe na
tíre, do bhrígh nach bhfuil fírinne nó tró-
caire, nó éolus Dé annsa tír.


L. Hs4:2


Brisid síad amach lé mionnuibh, lé
bréguibh, le marbhadh, lé goid, lé dénamh
adhaltranais, agus beanuidh fuil re fuil.


L. Hs4:3


Uimesin caóidhidh an dúthaigh, agus
anbhfainfigh gach uile dhuine dá ccomhnui-
ghionn inte, maille re beathachaibh an mhagha
agus énlaith neimhe, fós bérthar as mar an
ccédna uile éisc na fairge.


L. Hs4:4


Gidheadh ná ceanairgeadh duine ar bith, a-
gus ná hiomaithbhireadh sé neach oile: óir
atá an pobalso amhuil an drong chrion-
cánas ris a tsagart.


L. Hs4:5


Uimesin tuitfidh tú annsa ló, a-
gus tuitfidh an fáidh maille leacht san
noidhche, agus scriosfuidh mé do mhathair.


L. Hs4:6


Do scriosadh mo dhaoine do dhíth
éoluis: do bhrígh gur tharcuisnigh tú éo-
lus, tarcuisneocha misi thusa mar an
ccéadna, chor nach biáidh tú ad shagart
agum: ó dhearmuid tú dligheadh do Dhé, dear-
modfa misi mar an ccédna do chlannsa.


L. Hs4:7


Amhuil do mhéduigheadar, is marsin
do pheacuigheadar am aghaidhsi: uimesin
dobhéra mé a nglóir ar náire.


L. Hs4:8


Ithid síad súas peacadh mo dhaóine,
agus cuirid a ccroidhe air anéigceart.


L. Hs4:9


Agus amhuil an pobal, is mar sin
bhías an sagart; agus smaichteocha
misi íad ar son a slighteach, agus
dobhéra mé luáideacht a ngniomh dhóibh.


L. Hs4:10


Oír íosuid síad, agus ní bhiáidh
go lór aca: dodhenuid stríopachus, agus
ní fhoirlíonfuid síad: do bhrígh gur léi-
geadar dhíobh aire do beith aca air an Tti-
ghearna.


L. Hs4:11


Beiridh stríopachus, agus fíon,
agus fíon núadh an chroidhe leis.


L. Hs4:12


Iarruid mo dhaóine comhairle air a
smotánuigh, agus foillsighidh a mbata dhóibh:
óir thug spiorad an stríopachuis orra
dul air seachrán, agus dochúadar do
stríopachus ó bheith fáoina Ndía.


L. Hs4:13


Iodhbruid síad air mhulluighibh na
slíabh, agus loisgidh túis air na cnocaibh faói
dhairghibh, agus phoblar agus shleamhán, do bhrígh gur
mhaith a scáithsin: uimesin dodhénuid bhur
ninghiona stríopachus, agus dodhénuid
bhur mná pósta adhaltranas.


L. Hs4:14


Ní smaichteocha misi bhur ninghio-
na, anuáir dodhénuid stríopachus, nó
bhur mná pósda an tan dodhéanuid adhal-
trannas: óir atáid féin dealuighthe re
stríopachaibh, agus íodhbhruid re meirdrea-
chaibh: uimesin tuitfid na daóine nach
ttuigeann.


L. Hs4:15


Má atá go ndéana tusa, a
Israel, stríopachus, thairis sin ná ci-
ontuigheadh Iúdah; agus ná tigidhse
go Gilgal, narab mó rachtaói súas
go Bet-abhen, agus ná mionnuighidh,
mairidh an Tighearna.


L. Hs4:16


Oír sleamhnuighidh Israel ar ais, a-
mhuil seachbhuidh shleamhnuighios air a hais;
anois biáidhfidh an Tighearna íad amhuil
úan anáit fhairsing.


L. Hs4:17


Do ceangladh Ephraim lé hiodh-
aluibh: léig dhó féin.


L. Hs4:18


Atá a ndeoch searbh: dorinnea-
dar stríopachus a ccomhnuidhe: grádh-
uighid a húachtaráin maille ré náire,
tugaidh uáibh.


L. Hs4:19


Do cheangail an gháoth súas í,
iona scíathnuibh, agus biáidh náire or-
ra do bhrígh a níodhbartha.


L. Hs5:1


Cluinigh so, a shagarta, agus
tugaidh aire, a thigh Israel;
agus éisdigh a thigh an Rígh:
óir atá bhreitheamhnus chu-
gaibh, do bhrígh go rabhabhair bhur líon air
Mhispah, agus bhur bpaintéur leag-
tha air Thábor.


L. Hs5:2


Agus atáid na heasurrumuigh
ro fhonmhar chum áir do dhénamh, bíodh
go raibh misi aithbhiorach orra uile.


L. Hs5:3


Atá fios Ephraim agum, agus
ní bhfuil Israel a bhfolach orum: óir
anois, a Ephraim, dorinne tú strío-
pachus, agus atá Israel airna thruáil-
leadh.


L. Hs5:4


Ní chumfuid síad a ngníomha dfil-
leadh chum a Ndé: óir atá spiorad an
stríopachus iona lár, agus níorbhaith-
nid dhóibh an Tighearna.


L. Hs5:5


Agus fíadhnuighidh úabhar Israel
a cclár a édain: uimesin tuitfidh Is-rael,
Ephraim iona néigceart: tuit-
fidh fós Iúdah maille ríu.


L. Hs5:6


Iméochuid síad lena ttréduibh,
agus lena nealbhuibh díarruidh an Ti-
ghearna: acht ní bhfuighid síad é, do
tharruing sé é féin úatha.


L. Hs5:7


Dorinneadar go fealltach ana-
ghaidh an Tighearna: óir do ghineadar
clann choimhthightheach: anois sluigfidh misi
íad maille réna ccuid ronna.


L. Hs5:8


Séidighse an búabhall ann Gibeah,
agus an stoc ann Rámah; comh-
aircidhe ós áird a Mbet-abhen: ad
dhiaighsi, a Bheniamin.


L. Hs5:9


Biaidh Ephraim áonránach a ló
aniomáithbhir: ameasc threabh Israel
dinnis mé an ní bhías ann go deimhin.


L. Hs5:10


Dobudh cosmhuil prionnsadha
Iúdah ris an ndruing áitreabhus an
téora: dóirtfidh mé amach mfearg
orra amhuil uisge.


L. Hs5:11


Do brúigheadh Ephraim, agus
atá sé briste a mbreitheamhnus: do
bhrígh gur shiubhail sé go toileamhuil do
réir na haithne.


L. Hs5:12


Uimesin biáidh misi do Eph-raim
amhuil Lémann, agus do thigh
Iúdah amhuil neithe lobtha.


L. Hs5:13


An tan dochonnairc Ephraim a
thinneas, agus Iúdah, a chneadh: annsin
dochuáidh Ephraim gus aNassíria-
nach, agus do chuir fios gus an
Rígh Iáreb; gidheadh níor fhéd sé sibhsi
do thártháil nó bhur leighios ó bhur ccneidh.


L. Hs5:14


Oír biaidh misi do Ephraim
amhuil leomhan, agus do thigh Iúdah
mar leomhan óg: rébfa misi, eadhon
misi féin, agus imeochadh romham:
dobhéra mé liom é, agus ní fhuaideoch-
uidh duine ar bioth é.


L. Hs5:15


Imeocha mé, agus fillfidh mé
chum máite féin, nó go nadhmaid síad
a ccoir, agus go níarruid síad ma-
ghaidh: íarrfuid síad gomoch mé iona
mbuáidhreadh.


L. Hs6:1


Deánam, agus filleam chum an
Tighearna: óir isé do bhris, agus
leighiosuidh sé sinn; isé do
bhuáil, agus ceinteóla sé súas
sinn.


L. Hs6:2


A ccionn dá lá aithbheógha sé sinn,
annsa treas lá tóigfe sé súas sinn, a-
gus mairfhiom iona radharc.


L. Hs6:3


Annsin aitheonam ma théighmid air
ar naghaidh daithniughadh an Tighearna; atá
dhul amach ullamh mar an maidin, agus
tiucfa sé chugainn mar anfearthuinn; mar
anfearthuinn deighionuigh, agus thosuigh
chum na talmhan.


L. Hs6:4


O a Ephraim cred dodhéna mé
riot? o a Iúdah créd dodhéna mé ri-
otsa: óir atá bhur maith amhuil néull
maidne, agus imthighidh roimhe mar an
ndrúcht mhoch.


L. Hs6:5


Uime sin do gheárr mé iad leis na
fáighibh: do mharbh mé íad lé bhríathruibh mo
bhéil, agus atáid do bhreitheamhnuis mar
an solus théid amach.


L. Hs6:6


Oír do dhúiligh mé trócaire, agus
ní híodhbuirt; agus éolus Dé nísa mhó
ná ofráil loisge.


L. Hs6:7


Acht do sháruigheadarsan mar
dhaóinibh an chunradh: annsin dorinneadar
go fealltach am aghaidhse.


L. Hs6:8


Is catha Gílead don druing oibri-
ghios éigceart; agus atá sí arna
truáilleadh le fuil.


L. Hs6:9


Agus amhuil fheithios cuideachta shlad-
mhóireadh air dhuine, amhluidh sin marbhuid
cuideachta shagart annsa tslighe dáontoil:
óir doníd síad úallachus.


L. Hs6:10


Doconnairc mé ní gráineamhuil a
ttigh Israel: atá stríopachus Ephraim
annsin, do truáilleadh Israel.


L. Hs6:11


Mar an ccédna, a Iúdah, do
shuighidh sé fóghmhar dhuitsi, anuáir do
iompoigh misi daóirsine mo phobail.


L. Hs7:1


Anuáir budhmían liom Israel
do leighios, annsin do foill-
sigheadh éigceart Ephraim, agus
urchóid Shamária: óir doníd síad
bréga, agus thig an gaduighe
asteach, agus millidh an chomhláimh shlad-
mhóireadha amuigh.


L. Hs7:2


Agus ní mheasuid síad iona ccroid-
thibh go ccuimhnighimsi anuile olc: anois
do shuigh a ngníomha féin iona ttimchioll,
atáid as coinne maighthe.


L. Hs7:3


Cuirid síad lúathghair air an Rígh
lena cciontaibh, agus air na prionnsa-
dhuibh lena mbréuguibh.


L. Hs7:4


Atáid uile na nadhaltrannachaibh
amhuil uáimh te ón bháicéir, noch scuirios
do thógbháil tair éis an taóis doshúathadh,
nó go raibh na loibhín.


L. Hs7:5


A ló ar Rígh dorinneadar na
prionnsadha tinn é le buidealuibh fíona, sí-
nidh sé a lámh amach le habhlóiribh.


L. Hs7:6


Oír dorinneadar a ccroidhe ullamh
amhuil uáimh the an feadh luighid a luigheachán;
codluidh a mbáicéir feadh na hoidhche, ar
maidin loiscidh sé mar theine lasamhuil.


L. Hs7:7


Atáid uile te amhuil bácús, a-
gus do shluigeadar a mbreitheamhuin: do
thuiteadar a Ríghthe uile, ní bhfuil áon na
measg ghoirios orumsa.


L. Hs7:8


Do chumaise Ephraim é féin a
measc an phobail, atá Ephraim na bhairghín
nach ar hiompoigheadh.


L. Hs7:9


Do shluigeadar coimhthighidh a neart,
agus ní bhfuil a fhios aige: fós atá
grúag líath air annso agus annsúd, gi-
dheadh ní bhfuil a fhios aige.


L. Hs7:10


Agus fiadhnuighidh úabhar Is-rael
a cclár a édain, agus ni fhillid
chum an Tighearna a Ndía, agus ní íar-
ruid é, thairis so uile.


L. Hs7:11


Is cosmhuil Ephraim mar an ccéd-
na re colum súarrach gan chroidhe: goi-
rid ar an Négipt, tíaghuid doNassí-
ria.


L. Hs7:12


Anuáir imeochuid síad, leith-
neocha misi mo líon orra, dobhéra mé
síos íad amhuil éunlaith neimhe, smaichteocha
mé íad, amhuil dochúaluidh a ccoimhthio-
nól.


L. Hs7:13


A mhairg dhóibhsion: óir do theithi-
dar uáimse: donas orra, do bhrígh
gur chiontuigheadar am aghaidh: bíodh
gur fhúascail mé íad, gidheadh do la-
bhradar bréga am aghaidh.


L. Hs7:14


Agus níor ghoireadar orum lena ccroidhe,
an tan do núalladar o-
rum iona leabuidh: do chruinnigheadar íad
féin chum arbha agus fíona, agus doníd
cogadh am aghaidhsi.


L. Hs7:15


Matá gur cheangail mé agus
gur neartuigh mé a lámha, thairisin tion-
scnuid síad urchóid am aghaidh.


L. Hs7:16


Fillid síad, acht ní chum an té is
roáirde, is comshuil re bogha mealtach
íad: tuitfid a bprionsadha leis an
ccloidheamh, do bhrígh díbhfheirge a ttean-
gadh: budh é so a magadh a ccrích
na Hégípte.


L. Hs8:1


Cuir an stoc chum do bhéil:
tiucfuidh sé amhuil iolar
anaghaidh thighe an Tighearna,
do bhrígh gur sháruigheadar mo
chunnradh, agus gur chiontuigheaddr
anaghaidh mo dhlighe.


L. Hs8:2


Goirfidh Israel chugam, mo Dhía,
aithnighmid thú.


L. Hs8:3


Do theilg Israel úadh an ní is
maith, inghreamochuidh an námhuid eision.


L. Hs8:4


Do chuireadar Ríghthe súas, acht
ní maille riomsa, dorinneadar prionnsa-
dha, agur ní raibh a fhios agamsa:
dorinneadar iodhal dóibh féin dá nairgiod,
agus dá nór, chor go ngeárrfuidhe amach
íad.


L. Hs8:5


Do theilg do laógh úadh thusa, a
Shamária; atá mfearg ar lasadh na
naghaidh: gá fad bhías suil roitheochuid
go neimhchiontachus?


L. Hs8:6


Oír is ó Israel dobhí mar an
ccédna, dorinne an fear oibre é, uime-
sin ní Día é: acht brisfighear laógh
Shamária a mblodhuibh.


L. Hs8:7


Oír do shíoladar an gháoth, a-
gus beanfuid an gháoth ghuáirdeain: ní
bhiáidh connlach aige, ní thiubhra an coin-
lín min uadha: má bheir isé an coimhthi-
geach shluigfios súas í.


L. Hs8:8


Do sluigeadh Israel súas: anois
béid síad a measg na ngeinteadh mar
shoightheach gan dúil ar bioth ann.


L. Hs8:9


Oír dochúadar súas doNassí-ria,
assal fíadhta na áonar leis féin:
dfostoigh Ephraim aósgrádh.


L. Hs8:10


Aseadh, bíodh gur fhostadar a
measc na ccineadhach, anois cruinneocha mi-
si íad, agus dodhénuidh beagán doilghis
ar son úaluigh Rígh na bprionnsadh.


L. Hs8:11


Do bhrígh go ndeárna Ephraim
mórán altórach do pheacughadh, béid altó-
ra aige chum peacaidh.


L. Hs8:12


Do scríobh misi chuige neithe
móra mo dhlighe, acht do measadh mar ní
coimhthigheach íad.


L. Hs8:13


Ofráluid síad feóil ar son íodh-
barthach mofrálachsa, agus ithid í:
acht ní ghlacann an Tighearna íad: anois
cuimhneocha sé anéigceart, agus fios-
rochuidh sé a bpeacadh: fillfid síad don
Négipt.


L. Hs8:14


Oír do dhearmuid Israel a chru-
thaightheóir, agus cuiridh sé teampuill
súas; agus dfoirlíon Iúdah caithreacha
daingne: acht cuirfidh misi teine air a
chaithreachaibh, agus loisgfe sí a páláis sin.


L. Hs9:1


Ná gáirdigh, a Israel tré shó-
lás amhuil daóine oile: óir
dochuáidh tú lé stríopachus
ód Dhía: do ghrádhuigh tú
luáigheacht air gach uile urlár arbha.


L. Hs9:2


Ní bheathochuidh an lár, agus da-
bhach anfíona íad, agus failleochuidh an
fíon núadh inte.


L. Hs9:3


Ní áitreochuid síad a ndúghaigh
an Tighearna, acht fillfidh Ephraim don
Négipt, agus íosfuid neithe neamhghlana
san Nassíria.


L. Hs9:4


Ní ofráilfid síad ofráil fhíona
don Tighearna: ní mó bhéid dúileamhuil
dósan: biáidh a níodhbartha dhóibh féin
amhail arán na ngubhthach, biáidh an
mhéid íosas de sin salach: óir ní thiucfuidh
a narán ar son a nanma go tigh an Ti-
ghearna.


L. Hs9:5


Cred dodhéntaói san ló sholla-
manta, agus a ló fhéusta an Tighearna?


L. Hs9:6


Oír féuch, dimthigheadar, do bhrígh a
naidhmhillte: cruinneochuidh an Négipt
súas íad, adhlochuidh Memphis íad: na
háite taitneamhacha dá nairgiod, sealbho-
chuid neanntóga íad: béid droighne io-
na ttighthibh.


L. Hs9:7


Thangadar láethe an choirighthe,
thangadar láethe an luáigheachta, aitheo-
nuidh Israel é: is amadán an fáidh, atá
an duine spioradalta ar buile, ar son
iomuid héigceart, agus anadhfhúatha mhóir.


L. Hs9:8


Dobhí fear faire Ephraim a bhfochair mo
Dhé: acht is paintér seabhcóra an fáidh
iona uile shlighthibh, agus is fúath a ttigh a
Dhé é.


L. Hs9:9


Do thruailleadar íad féin
go domhain amhuil a láethibh Ghibeáh:
uimesin cuimhneocha sé anéigceart, coi-
reocha sé a bpeacadh.


L. Hs9:10


Fuáir mé Israel amhuil grápui-
dhe annsa bhfásach: dochonnairc mé bhur nai-
thre amhuil an chéd abuidh annsa chrann fíge
iona chéd aimsir: acht dochúadar go
Bhallpeor, agus do dhealchadar íad
féin chum na náire sin, agus dobhádar
a ngráineamhlachta amhuil mar do ghrádh-
uigheadar.


L. Hs9:11


Ar son Ephraim, eitilfidh a
nglóir úatha; amhuil éun ón bhreith, agus
ón bhroinn, agus ón gheineamhuin.


L. Hs9:12


Bíodh go ttiubhraidís a cclann
súas, thairis sin, scoithfidh misi íad, ion-
dus nach bhfágthar duine ar bioth dhíobh:
aseadh fós a mhairg dhóibh an tan dheileochus
misi riú.


L. Hs9:13


Atá Ephraim amhail dochonnairc
mé, Tírus arna phlanndughadh anáit
aoibhinn: acht dobhéruidh Ephraim a clann
don mharbhthóir.


L. Hs9:14


Tabhair dhóibh, a Thighearna: cred
dobhéra tú dhóibh? tabhair dhóibh brú chaill-
te, agus cíche seasga.


L. Hs9:15


Atáid a ccionta uile a Ngil-gal:
óir is annsin do fhúathaigh mé íad:
ar son uilc a ngníomh díbeora mé as mo
thigh íad, ní ghráidheocha mé íad nísa mhó,
atáid a bprionnsadha uile easurramach.


L. Hs9:16


Do buáileadh Ephraim, do tior-
muisgheadh súas a fhréumh, ní thiubhraidh sé
toradh ar bioth úadh; aseadh, mátá go
nginfeadhar úatha, muirfidh misi toradh
grádhach a mbrón:


L. Hs9:17


Teilgfidh mo Dhía seachad íad, do
bhrígh nar éisdiodar ris: agus béid na
seachránachaibh a measc na gcineadhach.


L. Hs10:1


Is fíneamhuin gan toradh Israel,
dobheir sé amach toradh dhó
féin: do réir iomuid a tho-
ruidh do mhéduigh sé na hal-
tóra; do réir maitheasa a fhearuinn dori-
nnédar íomháighe breága.


L. Hs10:2


Atá a ccroidhe roinnte: anois do
gheabhthar ciontach íad, brisfidh sé síos
a naltóra, millfidh sé a níomháighe.


L. Hs10:3


Oír adéruid síad anois, ní bhfuil
Rígh ar bioth aguinn, do bhírgh nach raibh
eagla an Tighearna oruinn? maiseadh,
cred dodhénadh Rígh dhúinn?


L. Hs10:4


Do labhradar focuil ag tabhairt
anéithigh a ndénadh cunnartha: marso
fhásas breitheamhnus súas amhuil
muinmhear aneitrighibh an mhachaire.


L. Hs10:5


Eaglochuidh lucht áitreabha Sha-mária,
do bhrígh laógh Bhet-abhen: óir
caóidhfid a daoine ós a cionn, agus
a sagairt do gháirdigh ría do bhrígh
a glóire, do chionn gur imthigh uáidhe.


L. Hs10:6


Dobhérthar fós doNassíria
é mar thabhartas go Rígh Iareb:
dogheabha Ephraim náire, agus biáidh
náire air Israel trena chomhairle féin.


L. Hs10:7


Ar son Shamária, do gearradh
a Rígh amach mar an ccubhar air
anuisce.


L. Hs10:8


Aíte árda Abhen mar an gcéd-
na, scriosfuighear peacadh Israel:
tiucfuidh an droighion, agus an fogh-
bhannán súas ar a naltórachaibh, a-
gus déruid ris na sléibhtibh, folch-
uidh sinn; agus ris na cnocaibh, tuitigh
oruinn.


L. Hs10:9


O a Israel, do pheacuidh tú ó
láethibh Ghibeáh: annsin do sheasadar:
ní rug an cath a Ngibeáh anaghaidh
chloinne anéigceirt orra.


L. Hs10:10


Atá dfonn orum a smachtu-
ghadh: agus cruinneochthar an pobal na
naghaidh, an tan cheangoluid íad féin
a ndá eitríghe.


L. Hs10:11


Agus is láogh do múineadh
Ephraim, agus grádhuighidh sé an tarbhar
do shaltairt síos: acht dimthigh misi
tair a muineal breágha: dobhéra mé air
Ephraim marcuigheacht dodhénamh, treabhochuidh
Iúdah agus brisfidh Iácob a fhóide.


L. Hs10:12


Síolchuiridh dhíbh féin a nionra-
cus, beanuidh a ttrócaire, brisidh súas
bhur bhférainn branair; óir is mithid
an Tighearna díarruidh mó go ttí sé,
agus go bhfearuidh fíréuntacht oruibh:


L. Hs10:13


Do threabhabhair urchóid, do bheana-
bhair éicceart, ditheabhair toradh na mbréug:
do bhrígh gur dhóthchusaigh tú ann do
shlighe, aniomadamhlacht do dhaóine
cumhachtach.


L. Hs10:14


Uimesin éireochuidh ceannairg eidir
do dhaóinibh, agus millfighear do dhain-
gin uile, mar do mhill Salman Bet-arbel
a ló an chatha: do réubadh an
mhathair na blodhuibh air muin a cloinne.


L. Hs10:15


Marso dodhéna Betel ribhsi,
do bhrígh mhéid bhur nurchóide: ann a
maidin gérrfuighear Rígh Israel
thríd amach.


L. Hs11:1


An tan dobhí Isreal na lea-
namh, annsin dob ionmhuin
liom é, agus do ghoir mé mo
mhac amach as an Né-
gipt.


L. Hs11:2


Mar do ghoireadar íad, is mar-
sin dimthigheadar uatha: díodhbradar
do Bhaalim, agus do loisgeadar túis
díomháighibh greanta.


L. Hs11:3


Do mhúin mé fós siubhal do Eph-raim
dá nglacadh ar lámhuibh: acht
ní raibh a fhios aca gur leighis mi-
si íad.


L. Hs11:4


Do tharruing mé íad le córduibh
duine, lé cuibhreach grádh, agus do
bhí mé dhóibh mar an ndroing thógbhas
an chuing air a ngíalluibh, agus do chuir
mé bíadh fútha.


L. Hs11:5


Ní fhillfidh sé go crích na Hégipte,
acht budh é an Sírianach a Rígh,
do bhrígh gur dhíultadar filleadh?


L. Hs11:6


Agus coimhneochuidh an cloidheamh
air a ccaithreachaibh, agus brisfidh sé a
bheangáin, agus sluigfidh íad, do bhrígh
a ccomhairleach féin.


L. Hs11:7


Agus atá mo phobal cláon chum
sleamhnuighthe síar uáimse: bíodh gur
ghoireadar íad chum an té is roáirde,
ní áirdeochuidh duine ar bioth é.


L. Hs11:8


Ciondus bhéras mé súas thú,
a Ephraim? ciondus sheachodas mé
thú, a Israel? ciondus dodhénas
mé thú amhuil Admah? ciondus shuigh-
eochus mé thú amhuil Seboim: do
hiompoigheadh mo chroidhe ionnam, do la-
sadar maithreachuis anéinfheacht.


L. Hs11:9


Ní chríochnocha mé buirbhe mfeirge,
ní iompocha mé do mhilleadh Ephraim;
óir is Día mé, agus ní duine, an táon
náomhtha ann do lár, agus ní rachuidh
mé asteach annsa chathruigh.


L. Hs11:10


Siubholuid síad a ndiáigh an Ti-
ghearna; núallfuidh sé amhuil leomhan:
an tan núallfas sé, annsin criothnoch-
uid an chlann óníarthar.


L. Hs11:11


Criothnochuid síad amhuil éun as
an Négipt, agus amhuil colum as tír
na Hassíria: agus suidheocha misi io-
na ttighthibh íad, adeir an Tighearna.


L. Hs11:12


Compasuigh ephraim mé
faccuáirt lé bréguibh, agus tigh Israel
le ceilg: acht ríaghluidh Iúdah
fós maille ré Día, agus atá sé ionruic
maille leis na náomhuibh.


L. Hs12:1


Beathuighthear Ephraim lé
gaóith, agus leanuigh sé a
ndiáigh na gaóithe anoir:
méduighidh sé bréga go
láetheamhuil, agus áonránacht, agus
doníd cunradh ris na Hassírianachuibh,
agus beirthir ola don Négipt.


L. Hs12:2


Atá imreasan ag an Ttighearna
ré Iúdah, agus smaichteocha sé Ia-cob
do réir a shlightheach, do réir a
gníomh dobhéra sé luáighéacht dó.


L. Hs12:3


Do ghlac sé a dhearbhrathair ar sháil
annsa mbroinn, agus lena neart dobhí
cumhacht aige ag Día.


L. Hs12:4


Aseadh, dobhí cumhacht aige ós
cionn anaingil, agus rug sé buáidh:
do chaói sé, agus dorinne sé guidhe
chuige: fuáir sé é san Bhetel, agus
annsin do labhair sé rinne.


L. Hs12:5


Eadhon an Tighearna Día na slógh,
isé an Tighearna a chuimhneachadh.


L. Hs12:6


Ar anadhbharsin fillse chum do
dhé; coimhéd trócaire, agus breitheamh-
nus, agus feith air do Dhía do ghnáth.


L. Hs12:7


Is ceannuighe é, atáid meadha na
mealltóireachta iona láimh: grádhuigh sé
foiréigion do dhénamh.


L. Hs12:8


Agus adubhairt Ephraim, gidh-
eadh tháinic mé chum bheith saidhbhir, fuáir
mé substaint: ann mo sháothruibh uile
ní bhfuighid síad éigceart air bioth io-
nnam, dobhí na pheacadh.


L. Hs12:9


Agus misi an Tighearna
do Dhía, ó chrích na Hégipte dobéra
mé ortsa fós áitreabhadh a bpáil-
liúnuibh amhuil a láethibh anfésta shol-
lamonta.


L. Hs12:10


Do labhair misi fós ris na fái-
ghibh, agus do mhéduigh mé fise, agus
do ghnáthuigh mé cosamhlachta tré mhi-
niostralacht na bhfáigheadh.


L. Hs12:11


An bhfuil éigceart ann Gílead?
go deimhin is díomhaóineas íodhbarthuid
síad bulóga a Ngilgal; atá fós
a naltóra mar chárnuibh aneitrighibh
an mhachaire.


L. Hs12:12


Agus do theith Iácob don
Nassíria, agus dorinne Israel ser-
bhís ar son mná, agus ar shon mná
do choimhéd sé (caóirigh).


L. Hs12:13


Agus le fáidh do thr-
éoruigh Día Israel amach as an
Négipt, agus lé fáidh do sábá-
ladh é.


L. Hs12:14


Do bhrostuigh Ephraim é
chuim feirge go doirbh: ar anadh-
bharsin fúigfidh sé a fhuil air: agus
fillfidh a Thighearna a scannail chuige
féin.


L. Hs13:1


An tan to labhair Ephraim, ar
crioth, dárduigh sé é féin aN
israel: acht an tan do
pheacuidh sé a Mbaal, fuáir
sé bás.


L. Hs13:2


Agus anois peacuighid síad níis
mó, agus níis mó, agus dorinneadar
íomháighe leaghtha dá nairgiod, agus io-
dhail do réir a ttuicsiona féin, íad
uile oibreacha na bhfear ceirde: adei-
rid dá ttáobhsan, na ndaóine iodh-
bras, pógaidís na laóigh.


L. Hs13:3


Uimesin béid síad amhuil néull
maidne, agus amhuil an mochdhrúcht,
noch imthighios seachad, mar an ccáith dí-
bearthar leis an ngaóith ghuáirdeáin as
anurlár, agus amhuil an deatach as
an tsimné.


L. Hs13:4


Thairis sin is misi an Tighearna
do Dhía ó chrích na Hégipte, agus
ní bhiáidh fios día ar bith agad acht
misi: óir ní bhfuil slánaightheóir táobh
amuigh dhíomsa.


L. Hs13:5


Dob aithne dhamh thú annsa bhfásach,
a ndúthaigh an tarta mhóir.


L. Hs13:6


Do réir a ninbhir, is marsin do
líonadh íad: do líonadh íad, agus do
bhí a ccroidhe airna árdughadh:
uimesin do dhearmadar misi.


L. Hs13:7


Uimesin biáidh misi dhóibhsion a-
mhuil leomhan, mar leopard annsa tslighe
bhéra mé dom aire íad.


L. Hs13:8


Teigeomha mé ríu amhuil beithir
dá mbeantar (a cuiléin), agus brisfe
mé scairt a ccroidhe: agus annsin sluic-
fidh mé íad amhuil leomhan, réubfuidh an
beathach álta íad.


L. Hs13:9


O a Israel, úaid féin atá do
scrios, acht is ionnamsa atá do cha-
bhair.


L. Hs13:10


Biáidh misi am rígh agad: cáit
a bhfuil duine ar bioth oile fédas do
shábháil ann do chaithreachaibh uile? agus
do bhreitheamhuin, do thaoibh a ndubhairt tú,
tabhair dhamhsa Rígh agus prionnsadha?


L. Hs13:11


Thug mé Rígh dhuit ann mfeirg,
agus rug mé liom é ann mo dhíbhfheirt.


L. Hs13:12


Atá éigceart Ephraim cean-
gailte súas: do folchadh a pheacadh.


L. Hs13:13


Tiucfuid doilghiosa re niodh-
nuibh air, is mac éigcríonna é, óir níor
chóir dhó seasamh a bhfad anáit bhriste
amach na cloinne.


L. Hs13:14


Fuáisceola mé íad ó chumha-
chtaibh na huáighe: fuáisceola mé íad ón
mbás: oh a bháis biáidh misi am phláigh
dhuit; oh a uáigh, biáidh mé am scrios
duit: foileochthar aithreachus óm shúilib.


L. Hs13:15


Má tá go bhfuil sé tarbhach a
measg a dhearbhráitreach, tiucfa gáoth
anoir, tiucfa gáoth an Tighearna
súas ón bhfásach, agus tiormochuidh
sí a thobar, agus tiormochthar súas
a thiubruid: millfe sé ionnmhus gach
uile shoitheach taitneamhach.


L. Hs13:16


Biáidh Samária áonránach, óir
dorinne sí cogadh anaghaidh a Dé:
tuitfid síad ris an ccloidheamh, réub-
far a naóidhin na mblodhuibh, agus
sgoiltfighear a mná torrcha.


L. Hs14:1


Oh a Israel, fill chum an Ti-
ghearna do Dhía; óir thuit
tú led éigceart.


L. Hs14:2


Glac chugad bríathra,
agus fill chum an Tighearna; abair ris,
beir uáinn anuile éicceart, agus gabh
chugad go grásamhuil sinn: marsin
dobéram uáin laóigh ar a bpuisíneadh.


L. Hs14:3


Ní cháomhnochaidh Asur sinn, ní dhé-
nam márcuigheacht air eachaibh, ní mó
adéram níis mó lé hobair ar lámh, is
sibhsi ar ndéne; óir is ionnadsa do
gheibh an dílleachta trócaire.


L. Hs14:4


Sláineocha mé a sleamhnuighthe
síar, biáidh grádh agum orra go toileamh-
uil; óir dfill mfeart úadha.


L. Hs14:5


Biáidh mé mar an ndrúcht Dís-rael;
fásfuidh sé mar an lile, agus
cuirfidh sé a fhrémha amach amhuil Lebanon.


L. Hs14:6


Leathnochuid a bheangáin, agus biáidh
a sgíamh amhuil crann ola, agus a bho-
ladh amhuil Lebanon.


L. Hs14:7


Fillfidh an drong áitreabhus faoi
na scáile, aithbheochuid amhuil an tar-
bhar, agus fásfuid mar an bhfíneamhuin:
biáidh a bholadh amhuil fíon Lebanon.


L. Hs14:8


(Adéra) Ephraim, créd atá
agam ré a dhénamh níis mó ré hiodh-
aluibh? dochúalaidh mé, agus dairigh mé
é: is cosmhuil mé ré crann glas giu-
mhais, is uáimse fríth do thoradhsa.


L. Hs14:9


Cía is críonna, agus tuigfe sé
na neithese? glic, agus aitheona sé
íad? óir is díreach sligthe an Tighear-
na, agus siubholuid na fíréin ionta:
acht tuitfid na ciontuigh ionta.



<L Ió>
IOEL.



<L Ió1:1>
Briathar an Tighearna tháinic
chum Ioel mac Petuel.



<L Ió1:2>
Cluinidh so, a dhaóine
foirfe, agus tugaidh éis-
deacht uáibh, sibhsi uile dhúthchusaigh na
tíre: an raibh so ann bhur laéthibhsi,
nó a láethibh bhur naithreadh?



<L Ió1:3>
Innisidh dá bhur ccloinn é, agus
innisiodh bhur cclannsa dá ccloinn féin,
agus a cclannsan do ghinealach oile.



<L Ió1:4>
Dith an lócust an ní dfág an
phíast palmer: agus an ní dfág an
lócust, a duáigh an phéist chancair; a-
gus an ní dfág an phéist chancair, a
duáigh an caterpiler é.



<L Ió1:5>
Múscluidh a lucht na meisce,
agus guilidh, agus nualluidh a uile
lucht óla fíona, do bhrígh anfíona
nuáidh; óir do gearradh ó bhur mbéul
é.



<L Ió1:6>
Oír tháinic cineadh aníos ar
mfearann atá láidir agus gan áireamh,
a bhfuilid a fíacla amhuil fíacla leom-
uin, agus atáid fíacla carbaid
leomhuin mhóir aige.



<L Ió1:7>
Dorinne sé mfíneamhuin na fá-
sach, agus do bhean an chairt dom chrann
fíge: dorinne sé lom go hiomlán é,
agus do theilg úadha é, dorinneadh
a ghéga geal.



<L Ió1:8>
Caóidh do nós maighdine ar na
gabháil a saicédach ar son chéile a
hóige.



<L Ió1:9>
Do gearradh anofráil bhídh, a-
gus anofráil dhighe ó thigh an Tigh-
earna; caóinid na sagairt seirbhísigh
an Tighearna.



<L Ió1:10>
Atá an machaire na fhásach,
doní an talamh doilghios: óir do
hanchaitheadh an tarbhar, do thiormaigh
an fíon núadh, atá anola ag cnaói.



<L Ió1:11>
Bíodh náire oruibhsi, a fheara
tighe: núalluigh a lucht deasuighthe
na fíneamhna, ar son na cruithneachta,
agus ar son na héorna: do bhrígh
gur mheath fóghmhar an mhachaire.



<L Ió1:12>
Do thiormaigh anfíneamhuin súas,
agus searguidh an crann fíge, an crann
pomgranat, an crann pailme fós a-
gus a nabhall, eadhon do chríonadar
uile chrainn an mhachaire: do bhrígh gur
chríon gáirdeachus ó mhacaibh na
ndaóine.



<L Ió1:13>
Criosluighidh sibh féin, agus
caóidhigh a shagarta, núalluidhsi a
sheirbhísigh na haltóra: tigidh, luighidh
ar feadh na hoidhche a saicédach, sibhsi
sheirbhísigh mo Dhé: óir do cont-
mhadh anofráil bhídh; agus anof-
ráil dighe ó thigh bhur Ndé.



<L Ió1:14>
Náomhuidhse troscadh, goiridh
coimhthionól sollamonta, cruinnighidh
na sinnsir, agus éighidh chum an Ti-
ghearna.



<L Ió1:15>
Mo thruáighe ar son an laói:
óir atá lá an Tighearna do lathair, a-
gus tiucfa sé amuil scrios ónuile-
chumhachtach.



<L Ió1:16>
Nachar gearradh amach an biádh
as coinne bhur súl, gáirdeochus, fós
agus lúathgháir ó thigh ar Ndé?



<L Ió1:17>
Do lobh an síol faói na fóduibh,
do fágbhadh na gairneil folamh, do
briseadh síos na sciobóil: óir do chríon
an tarbhar.



<L Ió1:18>
Ciondus osnadhuid na beathuigh?
atáid na healbhadha áirnéise buáidhear-
tha, do bhrígh nach bhfuil beatha ar bioth
aca, fós do fágbhadh na tréuda
cáorach áonránach.



<L Ió1:19>
O a Thighearna, is chugadsa
éigfios misi: óir do dhóith an teine
inbheara anfásuigh, agus do loisc an
lasair uile chrainn an mhachaire.



<L Ió1:20>
Comhaircid fós beathaigh an mha-
chaire chugad: óir do tiormuigheadh súas
aibhne na nuisgeadh, agus do dhóith an
teine inbheara anfásaigh.



<L Ió2:1>
Séidigh an stoc a Sion, agus
fuáimnigh gáir ann mo shlíabh
náomhtha: criothnuighedís
lucht áithreabhtha na tíre:
óir tig lá an Tighearna;
óir atá sé a bhfogus;



<L Ió2:2>
Lá dorchachta, agus grúama-
chta, lá néull agus dorchadais thiugh,
mar do leathnuigh an mhaidin air na sléibh-
tibh: pobal mór láidir nach bhfacus
a leithéid, agus nach biáidh nísa mhó
ná na dhiáigh, eadhon go blíadhuin mhóráin
ginealach.



<L Ió2:3>
Sluigidh teine rompa agus na
ndiáigh, loisgidh lasair; atá an tír
amhuil gáirdin Eden rompa, agus na
fásach uaigneach, aseadh ní reacha aoinní
as uatha.



<L Ió2:4>
Atáid a ttaisbénta amhuil tais-
beanta each, agus amhuil marcshluagh is
mar sin riothfuid síad.



<L Ió2:5>
Cosmhuil lé fuáim charbad ar mhull-
uighibh na slíabh lingfid síad amhuil
toruinn lasrach teineadh loisgios an conn-
lach, amhuil dáoine láidre anórdu-
ghadh catha.



<L Ió2:6>
As coinne a naighthe béid na
daóine lán do phéin, cruinneocuid na huile
ghnúise dubhachas.



<L Ió2:7>
Riothfuid síad do nós daóine cu-
masach, dodhénaid dreapaireacht an
bhalla amhuil lucht cogaidh, agus ra-
chaidh ar a naghaidh gach áon iona sligh-
thibh, agus ní bhrisfid a nórdughadh.



<L Ió2:8>
Ní mo bhrúighfios neach ar a chéile,
siubholuidh gach duine aca iona chasán
féin, agus an tan thuitfid air an ccloi-
dheamh ní loitfíghear íad.



<L Ió2:9>
Riothfuid síad chuige agus úadha
annsa chathruigh, riothfuid air an mballa:
dodhénuid dreapaireacht súas air na tigh-
thibh.



<L Ió2:10>
Criothnochuidh an talamh rom-
pa, coimhchreathfuid na neamha, biáidh an
ghrían agus an ghealach dorcha, agus
coinneochuid na réulta air a ndélradh.



<L Ió2:11>
Agus laibheoruidh an Tighearna a
ghuth as coinne a shlúagh; óir is romhór
a fhoslongphort: óir is láidir an
té chríochnuighios a fhocal: óir is mór
lá an Tighearna, agus roúathbhásach,
agus cía fhédas a fhulang?



<L Ió2:12>
Uimesin anois adeir an Ti-
ghearna, fillidhsi chugamsa maille re
bhur nuile chroidhe, agus le trosgadh,
agus lé gul, agus lé dóbrón.



<L Ió2:13>
Agus rébuidh bhur ccroidhthe,
agus naraib íad bhur néuduighe, agus
fillidh chum an Tighearna bur Ndía:
óir atá sé grásamhuil, agus tró-
caireach, mall chum feirge, agus lán
do chíneul, agus atá aithreachus air um
anolc.



<L Ió2:14>
Cía agá bhfuil a fhios má fhil-
leann sé, agus má ní sé aithrighe, agus
beannacht dfágbháil na dhiáigh, eadhon of-
ráil bhídh, agus ofráil dhíghe don Tighear-
na bhur Ndía?



<L Ió2:15>
Séidigh an stoc a Sion, náomh-
uigh troscadh, goiridh coimhthionól
sollamonta.



<L Ió2:16>
Cruinnighidh an pobal: náomhuigh
an chlann, agus an mhéid ibhios an
chíoch: éirghiodh an fear núadhphósta
amach as a sheomra, agus an bean núadh-
phósda amach as a cúil.



<L Ió2:17>
Guiledís na sagairt seirbhísigh
an Tighearna eidir an bpóirse, agus
analtóir, agus abraidís; coigil do
phobal a Thighearna, agus ná tabhair
hoighreacht chum masla, iondus go riagh-
lochaidís na geinte ós a ccionn: cred
as a naibeoraidís a measc an phobail,
cáit a bhfuil a Ndía?



<L Ió2:18>
Annsin biáidh an Tighearna
édmhar ar son a dhúithche, agus dodhé-
na sé truáighe dá phobal.



<L Ió2:19>
Fós freagóruidh an Tighearna,
agus déruidh sé rena phobal, féuch,
cuirfe mé arbhar, agus fíon, agus
ola chugaibh, agus beithí sáitheach leis:
agus ní dhéna mé masla dhíbh nísa
mhó a measg na ngeinteadh.



<L Ió2:20>
Acht áithrocha mé a bhfad
uaibh (slúagh) an tuáisceirt, agus
taireonga mé é go tír fholuimh fhás-
uigh, guna aghaidh leath ris an bhfairge
shoir, agus a chuid síar dhe leath ris
an bhfairge is faide amach; agus tiuc-
fuidh a bhréuntas súas, agus tiucfuidh a dhroch-
bholadh súas, do bhrígh go ndérnuidh sé
neithe móra.



<L Ió2:21>
Ná heagluidh, a thír, bíthí gáir-
deach, agus lúathgháirighidh: óir dodhéna
an Tighearna neithe móra.



<L Ió2:22>
Ná bíodh eagla oruibh, sibhsi a
bheathuigh an mhagha: óir atáid inbheara
anfásuigh ag fás; óir dobeir an crann
a thoradh, dobheir an crann fíge agus
anfíneamhuin a neart.



<L Ió2:23>
Bíthí meanmnach maseadh, a
chlann Sion, agus lúathghairighidh annsa
Tighearna bhur Ndía; óir thug sé an
cheidfhearthuinn díbh go measardha, agus
dobhéra sé air an bhfearthuinn teacht anúas
chugaibh, an cheidfhearthuinn agus anfearth-
uinn dheighionach annsa chéidmhí.



<L Ió2:24>
Agus béid na hurláir lán do
chruithneacht, agus rachuid na dabhcha thair-
is lé fion, agus le hola.



<L Ió2:25>
Agus aireoga mé dhíbh na blíadh-
na a duáigh an lócust, an phéist chan-
cair, agus an catirpiler, agus an
phéist palmer, mo shlúagh mór noch do
chuir mé bhur measc.



<L Ió2:26>
Agus íostaói go lór, agus
béithí sáitheach, agus molfuidhe ainm an
Tighearna bhur Ndia do roinn go hion
gantach ribh, agus ní náireochthar mo
phobal choidhche.



<L Ió2:27>
Agus aitheontaói go bhfuilimsi
a lár Israel, agus gur misi an Ti-
ghearna bhur Ndía, agus nach áon ar bioth
oile, agus ní náireochthar mo phobalsa
choidhche.



<L Ió2:28>
Agus tiucfa a ccrích na dhiáigh
sin, go ndóirtfidh mé mo spiorad air
anuile fheóil, agus to ttairghirfid bhur
mic, agus bhur ningheana; dochífid bhur
seandaoine aislinge, dochífid bhur nó-
ganuigh taibhrighthe.



<L Ió2:29>
Agus fós dóirtfidh mé amach
ar móglachuibh, agus ar mo bhanóglachaibh
mo spiorad annsna láethibhsin.



<L Ió2:30>
Agus foillseocha mé ionganta
annsna neamuibh, agus annsna talamh, fuil,
agus teine agus piléir deatuighe.



<L Ió2:31>
Fillfighear an ghrían a ndor-
chadas, agus an ghealach a bhfuil roimhe an lá
mór, agus úathbhásach an Tighearna do theacht.



<L Ió2:32>
Agus tiucfa a ccrích gidhbé
ar bioth ghoirfios air ainm an Tighearna,
go sáorfuighear é: óir a slíabh Sion, a-
gus ann Ierusalem biáidh sáoradh mór,
mar adeir an Tighearna, agus annsa
bhfuighilleach noch ghoirfios an Tighearna.



<L Ió3:1>
Oir féuch annsna láethibh sin,
agus annsanamsin an tan
dobérus misi ar ais braigh-
dionus Iúdah, agus Ieru-salem,



<L Ió3:2>
Cruinneocha mé fós anuile chinéul,
agus dobhéra mé síos íad go gleann
Iehosaphat, agus taigeora mé ríu ann-
sin ar son mo phobail, agus ar son
moighreachta Israel, noch do scáinreadar
a measg na ccineadhach, agus ar roinnea-
dar mo dhúthaigh.



<L Ió3:3>
Agus do theilgiodar crannchair air
mo phobal, agus thugadar búachuill ar
mheirdrigh, agus do reacadar óigbhean ar
fhíon, chor go nibhedís.



<L Ió3:4>
Tuilleamh oile, cred bhur nimtheachtsa
orumsa, a Thíor agus a Shídon, a-
gus uile chóstadha Phalestín? an
ccúiteochthaói luáidheacht riom? agus má
leasuighionn sibh riom, fillfidh mé go lúath
agus go tapuidh bhur ccúitiughadh
air bhur ccionn féin.



<L Ió3:5>
Do bhrígh gur ghlacabhair mairgiod,
agus mór, agus go rugabhair da bhur tteampall-
uibh mo neithe maithe taitneamhacha.



<L Ió3:6>
Do reachabair fós clann Iúdah, a-
gus clann Ierusalem ris na grégachaibh,
chor go náithreachadh sibh íad a bhfad óna
tteóruinn féin.



<L Ió3:7>
Féuch, tóigfe mé íad as anáit a
reacabhair íad, agus fillfidh mé bhur ccúi-
tiughadh air bhur cceann féin.



<L Ió3:8>
Agus reacfa mé bhur mic agus
bhur ningheana a lámhuibh chloinne Iúdah, a-
gus seasfuid íad ris na Sabeánachaibh,
ré daoinibh animchéin; óir adubhairt
an Tighearna é.



<L Ió3:9>
Fúagruidhsi so a measc na ngein-
teadh; glésuidh cogadh, déunuidh súas
daóine neartmhara, tigeadh na huile lucht
cogaidh a bhfogus, tigedís aníos.



<L Ió3:10>
Dénuidh cloidhmhthe dá bhur níar-
nach seisrighe,, agus gáethe dá bhur ccor-
ánuibh glanta; abradh an lag, atáim lái-
dir.



<L Ió3:11>
Cruinnighidh sibh féin, agus tigidh-
se a gheinte uile, agus cruinnighidh sibh
féin a bhfóchair a chéile timchioll faccu-
áirt: tabhair air do dhaóinibh neartmhara
teacht síos annsin, a Thighearna.



<L Ió3:12>
Múscaltar na geinte, agus
tigdís aníos go gleann Iehosaphat: óir
is annsin shuighfios misi do dhénamh brei-
theamhnuis na ngeinteadh uile thimchioll
fáccuáirt.



<L Ió3:13>
Cuiridh ann an corrán, óir is
abuidh an fóghmar; tigidhh, éirgidhe sí-
os; óir atá an tomar chum brúighte,
atáid na dabhcha ag cur thársa; óir is
mór anurchóid.



<L Ió3:14>
Slúagh mór, slúagh mór a ngleann
na ceanairge: óir atá lá an Tighearna a
ccomhfhogus a ngleann na ceannairge.



<L Ió3:15>
Dorchochthar an ghrían agus an
ghealach agus coinneochuid na réulta air ais a
ndellradh.



<L Ió3:16>
Núallfuidh an Tighearna fós a-
mach as Sion, agus cuirfidh a ghuth amach as
Ierusalem, agus biáidh neamh agus talamh ar
crioth; acht budh é an Tighearna dóthchus
a dhaóine, agus neart chloinne Israel.



<L Ió3:17>
Marsin aitheontaói gur misi
an Tighearna bhur Ndía ag áitreabh an Si-on
mo shlíabh náomhtha; annsin biáidh Ieru-salem
náomhtha, agus ní rachfuidh coimhigh-
theach ar bioth thríthe níis mó.



<L Ió3:18>
Agus tiucfuidh a ccrích annsa
ló sin go silfid na sléibhthe fíon núadh
anúas, agus líonfuid na cnoic le bainne, agus
tuileochuid uile shrotha Iúdah le huisgea-
dhuibh, agus tiucfuidh tobhar amach
as tigh an Tighearna, agus fliucfuidh
sé gleann Shittim.



<L Ió3:19>
Biáidh a Négipt na fásach, agus
biáidh Edom na fásach áonránach, do
bhrígh foiréigin anaghaidh chloinne Iudah,
do bhrígh gur dhóiteadar fuil neimhchi-
ontach ann a ndúthaigh.



<L Ió3:20>
Acht áitreobhuidh Iúdah go bráth,
agus Ierusalem ó ghinealach go ginealach.



<L Ió3:21>
Oir glanfa misi a bhfuilsion,
nachar ghlan mé: óir áitreabhuidh an Ti-
ghearna ann Sion.


L. Am



AMOS.


L. Am1:1


Bríathra Amos dobhí a measc
áodhaireadh Thecoa, noch
dochonnairc sé a ttáobh Israel
a laéthibh Ussiah Rígh Iúdah,
agus a laéthibh Ieroboam mhic
Ioas Rígh Israel, dhá bhlíadhuin
roimhe an ccríoth talmhan.


L. Am1:2


Agus adubhairt sé, núallfuidh
an Tighearna ó Shion, agus foillseo-
chaidh sé a ghuth ó Ierusalem, agus
guilfid áitreabha na náodhaireadh, agus
mullach Charmel.


L. Am1:3


Is marso adeir an Tighearna: ar
son thrí sáruighthe Dhamascus agus
ar son a ceathair, ní choigeola mé íad, do
bhrígh gur bhuáileadar Tíleád lé súistighibh
íaruinn.


L. Am1:4


Acht cuirfidh mé teine go tigh Ha-
sael, noch dhóichfios áite Bhenhadad.


L. Am1:5


Brisfidh mé mar an ccédna bar-
ra Dhamascus, agus gérrfa mé amach
an táitreabhthach ó réiteach Abhen, agus
an té chongmhas an tslat ríogha ó thigh
Eden: agus rachfuid daóine na Síria a
ndaóirsine go Cir, adeir an Tighear-
na.


L. Am1:6


Mar so adeir an Tighearna, ar
son thrí sáruighthe Gása, agus ar
son a ceathair ní choigeola me íad: do
bhrígh go rugadar leó a láimh na braigh-
de go hiomlán, dá seachadadh do Edom.


L. Am1:7


Acht cuirfe misi teine air bhalla
Gása, noch dhóichfios a páláis.


L. Am1:8


Agus gérrfa mé amach an tái-
treabhthach ó Asdod, agus an té chong-
mhas an tslat ríogha ó Ascelon, agus
iompocha mé mo lámh anaghaidh Ecron,
agus imeochuidh fuighilleach na Bhphilisti-
neach seachad, adeir an Tíghearna Día.


L. Am1:9


Marso adeir an Tighearna, ar
son thrí sáruighthe Tírus, agus ar son
a ceathair ní choigeola mé íad: do bhrígh
gur sheachadar súas na braighde uile do
Edom, agus nar chuimhnighiodar an cun-
radh dearbhráithreamhuil.


L. Am1:10


Acht cuirfidh mé theine ar bhalla
Tírus, noch loisgfios a páláis.


L. Am1:11


Marso adeir an Tighearna, ar
son thrí sáruighthe Edom agus ar son a
ceathair, ní choigeola mé íad: do bhrígh gur
ainlean sé a dhearbhrathair leis an ccloi-
dheamh, agus gur theilg úadh gach uile thrú-
áighe, aguis gur réub a fhearg go sí-
orruidhe, agus gur chonnaimh a fhearg go
síorruighe.


L. Am1:12


Acht cuirfidh mé teine air Théman,
noch loisgfios páláis Bhosrah.


L. Am1:13


Marso adeir an tighearna, ar
son thrí sáruighthe chloinne Ammon, agus
ar son a ceathair ní choigeola mé íad: do
bhrígh gur scoiltiodar súas mná torr-
cha Ghíleád, chor go bhfaiseongaidís a
ttéora féin.


L. Am1:14


Acht lasfa mé teine a mballa
Rabbah, agus loisgfidh sí a páláis sin,
le gáir a ló an chatha, maille re stoirm
a ló na gaóithe guáirdeáin.


L. Am1:15


Agus rachfuidh a Rígh a mbraigh-
dionas, é féin, agus a phrionnsadha
anéinfheacht, adeir an Tighearna.


L. Am2:1


Marso adeir an Tighearna:
ar son thrí sáruighthe Mhóab,
agus ar son a ceathair,
ní choigeola mé é: do
bhrígh gur loisc sé cná-
mha Rígh Edom anáol.


L. Am2:2


Acht cuirfidh mé teine air Mhóab,
agus dóighfidh sí páláis Ciriot, agus
éugfuidh Moab le heasargain, lé gáir,
agus le fuáim an stuic.


L. Am2:3


Agus geárrfa mé amach an
breitheamh as a lár, agus muirfiod a
uile phrionnsadha maille ris, adeir an
Tighearna.


L. Am2:4


Marso adeir an Tighearna: ar
son thrí sáruighthe Iúdah, agus ar son
a ceathair ní choigeola mé é: do bhrígh gur
dhísbeagadar dligheadh an Tighearna, agus
nár choimédadar a aitheanta, agus thug
a mbréuga orra seachrán do dhénamh, a
ndiaigh ar shiubluigheadar a naithre.


L. Am2:5


Acht cuirfe mé teine ar Iúdah,
agus loiscfe sí páláis Ierusalem.


L. Am2:6


Marso adeir an Tighearna: ar
son thrí sáruighthe Israel, agus ar son
a ceathair ní choigeola mé é: do bhrígh
gur reacadar an fíréun air airgiod, a-
gus an bocht ar phéire bróg.


L. Am2:7


Noch shéideanas déis luáithrigh na
talmhan air cheann an bhoicht, agus iompoighi-
os slighe an cheannsuigh do leath taoibh: agus
rachuidh duine, agus a athair chum na maighdine,
do mhaslughadh manma náomhthasa.


L. Am2:8


Agus leagfuid íad féin síos air
éduighibh cuirthior a ngeall, ag anuile al-
tóir, agus ibhid fíon an damnaighthe a
ttigh a Ndé.


L. Am2:9


Gidheadh do scrios misi an Ta-
moríteach rompa, a raibh a áirde cos-
mhuil se háirde Cedair, agus dobhí lái-
dir amhuil na dairghibh, ghidheadh do scrios mé
a thoradh anúas, agus a fhrémha faoi.


L. Am2:10


Thug mé sibhsi fós súas as
crích na Hégipte, agus do thréoruigh
mé sibh ceathrachad blíadhan thríd an bhfá-
sach do shealbhughadh dúithche an Amorítigh.


L. Am2:11


Agus do thóg mé súas cuid
dá bhur macaibh na bhfáighibh, agus dá
bhur ndaóinibh óga mar Nasarítibh: nach
marso atáid, a chlann Israel? adeir an
Tighearna.


L. Am2:12


Acht thugabhair fíon do na Nasa-
rítibh re a ól, agus do aithnigheabhair do
na fáighibh ag rádh, ná dénuidh fáighea-
dóireacht.


L. Am2:13


Féuchuidh, atáimse ar mo bhrú-
ghadh fúibh, amhuil brúightear cairt bhíos lán
do phunnannuibh.


L. Am2:14


Uimesin meithfidh an teitheadh ón
lúath, agus ní neartochuidh an neartmhar
a láidreacht, ní mó sháorfas an cu-
mhachtach é féin.


L. Am2:15


Ní mó sheasfas an té ghlacus
an bogha, agus an té bhíos lúath a ccoi-
sigheacht ní tháirtheochuidh é féin, ní mó
sháorfas an té doní an teach do mharcui-
gheacht, é féin.


L. Am2:16


Agus an té is beógha a measg
na ccumhachtach, teithfidh sé as tárnocht
san ló sin, adeir an Tighearna.


L. Am3:1


Eistigh an focalso do labhair an
Tighearna bhur naghaidh, a
chlann Israel, anaghaidh na
muintire go hiomlán noch thug
mé aníos as crích na Hégipte, ag rádh,


L. Am3:2


Sibhsi amháin daithin mé duile mhuin-
tearuibh na talmhan: uimesin smaichteocha
mé sibh ar son bhur nuile éigceart.


L. Am3:3


An féidir días do shiubhal lé chéile,
mun bhéid síad réidh?


L. Am3:4


An mbúirfidh an leomhan annsa
bhforaois anuair nach bhfaghann fíadhach ar
bioth? anéighfe an leomhan óg as a
uaimh munar ghlac sé ní ar bioth?


L. Am3:5


An bhfedann éun tuitim a bpain-
tér air an ttalamh, áit nach bí gaiste ar
bioth air? an ttóigfe duine paintér sú-
as ón ttalamh, agus gan aóinní ar bi-
oth do thógbháil.


L. Am3:6


An séidfighear stoc annsa cha-
thruigh, agus gan eagla do bheith air an
bpobal? an mbiáidh olc annsa chathruigh,
agus nach é an Tighearna dorinne é?


L. Am3:7


Go deimhin ní dhéna an Tighearna
Día éinní gan taisbeanadh a shecréide dá
sherbhíseachaibh na fáighe.


L. Am3:8


Do bhéic an leomhan, cía air nach
biáidh eagla? do labhair an Tighearna Día,
cía nach déna tairrghire?


L. Am3:9


Fúagair ós áird a bpálásaibh As-dod,
agus a bpálasaibh chríche na Hégipte,
agus abair; cruinnighidh sibh féin air
shléibhtibh Shamária: agus féuchuidh an
crioncán mór iona lársin, agus an
drong anróidhteach iona lársin.


L. Am3:10


Oír ní fear dóibh ceart do dhé-
namh, adeir an Tighearna: noch chruinni-
ghios fóiréigion, agus sladmhóireacht iona
bpálásaibh.


L. Am3:11


Uimesin is marso adeir an
Tighearna Día, biáidh eascara timchioll
faccuáirt na tíre, agus béruidh sé do
neart síos uáit, agus sladfuighthear do
pháláis.


L. Am3:12


Marso adeir an Tighearna
Día, mar bheanas an ttáodhaire as béul
an leomhuin dhá chois nó cuid do chluáis;
is marsin beanfuighear clann Israel amach,
chomhnuidheas a Samária, a ccoirnéul leab-
tha, agus an Damascus a ccúil leabtha.


L. Am3:13


Eistighse, agus fíadhnuighidh a
ttigh Iácob, adeir an Tighearna Día,
Día na slógh.


L. Am3:14


Annsa ló a naigeóra mé sáru-
ghabh Israel air, aigeora mé fós altóra
Bhetel, agus gérrfuighear adharca na
haltóra dhi, agus tuitfid chum na talmhan.


L. Am3:15


Agus buáilfidh mé an tigh geimh-
ridh leis an ttigh samhruigh, agus imeo-
chuid na tighthe dfíaclaibh Elephant seachad,
agus biáidh críoch aig na tighthibh móra,
adeir an Tighearna.


L. Am4:1


Eistighsi an focalso a bhath
Básan, atá a slíabh Shamária,
noch sháruighios an
bocht, noch chrapadar an ría-
chtanach, noch adeir rena mha-
ighistribh, tabhruigh agus ibheam.


L. Am4:2


Do mhionnuigh an Tighearna Día fana
náomhthacht, féuch, go ttiucfuid na la-
éthe oruibh go mbéra sé leis sibh le crú-
cadhuibh, agus bhur sliocht le dubhánuibh íascui-
reachta.


L. Am4:3


Agus rachthaoi amach air na bérnuibh
gach áon bhó air an ní bhías roimpe, agus teilg-
fidhe íad annsa phálás, adeir an Tighearna.


L. Am4:4


Tigidh go Betel agus sáruighidh, ann
Gilgal oirlíonuidh peacadh, agus thugaidh bhur
níodhbartha libh gach maidin, agus bhur ndeach-
mhadha tar éis thrí mblíadhan.


L. Am4:5


Agus ofráluidh íodhbuirt bhuidheachuis
maille re loibhín, agus fúagruidh agus foill-
sighidh na hoffrála toileamhla: óir tait-
nigh so ribhsi, a chlann Israel, adeir an
Tighearna Día.


L. Am4:6


Agus thug misi fós gloine fhíacal
díbh ann bhur ccaithreachaibh uile, agus easbhuidh a-
ráin ann bhur bpálásaibh; acht cheana níor
filleabhair chugamsa, adeir an Tighearna.


L. Am4:7


Agus marsin do chonnaimh mé anfear-
thuinn uaibh anuair dobhádar fós trí mhí
gus an bhfóghmhar, agus thug mé air fearthuinn air
áonchathruigh, agus thug mé air gan fearthuinn air
chathruigh oile: do fearadh air chuid amháin,
agus an chuid air nar fearadh do chríon sé.


L. Am4:8


Marsin do sheachránadar a dó nó a
trí do chaithreachaibh go háonchathruigh dól
uisge; acht níor sásadh íad: gidheadh níor
fhilleabhair chugamsa, adeir an Tighearna.


L. Am4:9


Do bhuáil mé sibh le loscadh gaói-
the, agus le milcéo; an tan dfásadar bhur
ngáirdíne, agus bhur bhfíneamhna, agus bhur ccroinn
fíge, agus bhur ccroinn ola, do mhill an
phéisd palmer íad: gidheadh níor fhilleabhair
chugamsa, adeir an Tighearna.


L. Am4:10


Do chuir mé an phláigh bhur
measg do réir ghnátha na Hégipte:
do mharbh mé bhur ndaóine óga ris an
ccloidheamh, agus rug mé bhur neich uáibh,
agus thug mé air bhréntas bhur bhfos-
longphort teacht súas chum bhur bpol-
láireadh: gidheadh níor fhilleabhair chugam,
adeir an Tighearna.


L. Am4:11


Do scrios mé oruid díbh amhuil
do scrios Día Sodom agus Gomorrah,
agus dobhádhbhair amhuil aithinne
arna tharruing amach as an los-
gadh: thairis sin níor fhilleabhair chugamsa,
adeir an Tighearna.


L. Am4:12


Ar anadhbharsin is marso dodhéna
mé riot, a Israel: agus do bhrígh
go ndéna mhé so riot, ullmhaigh do
theagmháil ré do Dhía, a Israel.


L. Am4:13


Oír féuch, an té chumas na
sléibhte, agus chruthuighios an gháoth,
agus fhoillsighios don duine cred is
smuáineamh dhó, doní dorchadas don
mhaidin, agus shaltras anáitibh árda
na talmhan, isé a ainm an Tighearna Día
na slógh.


L. Am5:1


Eistighse an bhríatharso noch
thógbhuimsi súas bhur na-
ghaidh, eadhon caóineadh, a thigh
Israel.


L. Am5:2


Do thuit maighdion Israel, ní
éireocha sí níis mó: do tréigeadh í
air a dúthaigh, ní bhfuil duine ar bioth dá
tógbháil súas.


L. Am5:3


Oír is marso adeir an Tighear-
na Día, an chathair dochuáidh amach na
míle, fúigfidh sí céud; agus an cha-
thair dochuáidh amach na céd, fúigfidh sí
deichneamhar ag tigh Israel.


L. Am5:4


Oír is marso adeir an Tighear-
na ré tigh Israel, íarruidhsi misi, a-
gus mairfidhe.


L. Am5:5


Acht ná híarruidh Betel, a-
gus ná héirghidh asteach go Gilgal,
agus ná gluáisigh go Beerseba: óir
rachfuidh Gilgal go deimhin a mbraigh-
dionas, agus rachfuidh Betel a neimhní.


L. Am5:6


Iarruidh an Tighearna, agus mair-
fidhe, deagla go mbrisfeadh sé amach
amhuil teine a ttig Ióseph, agus go
loisgfiodh sé é, agus nach bíath duine
air bioth a Mbetel do mhúchfad é.


L. Am5:7


Sibhse iompoighios breitheamhnus a
murmónta, agus léigios díbh fírén-
tacht annsa talamh,


L. Am5:8


Iarruidh an té doní na seacht
réulta, agus Orion, agus iompoighi-
os scáile an bháis a maidin, agus do
doní an lá dorcha ris anoidhche: noch
ghoirios air uisceadhuibh na fairge, agus
dhóirtios amach íad ar ghnúis na tal-
mhan, isé an Tighearna a ainm:


L. Am5:9


Noch neartuighios an (te bhíos)
creachta anaghaidh an neartmhair; iondus
go ttiucfaidh (an drong) chreachta
anaghaidh an daingin.


L. Am5:10


Fúathuighid síad an té aithbhi-
rios annsa gheata, agus gráinid ris an
té labhras go díreach.


L. Am5:11


Ar anadhbharsin do bhrígh gu-
rob air an mbocht shaltras sibh, agus
go mbearthaói úaluighe cruithneachta úadha,
dorinneabhair tighthe do chlochaibh snoigh-
te, acht ní áitreochthaói ionta: do
phlannduigheabhair fíneamhna taitneamhacha, acht
ní iobhthaói fíon díobh.


L. Am5:12


Oír is aithnid damhsa bhur nio-
mad ciontadh, agus bhur bpeacuidhe
anmhóra: céusuid an fíréun, glacuid
cumhaidh, agus fillid an bocht do leath-
taoibh annsa gheata.


L. Am5:13


Uimesin tochtfuidh an duine crío-
nna san namsin; óir is drochaimsir í.


L. Am5:14


Iarruidh maith, agus narab olc,
chor go mairfidhe: agus marsin go
mbiáidh an Tighearna Día na slógh libh
mar do labhrabhair.


L. Am5:15


Fuathuighidh an tolc, agus
grádhuighidh an mhaith, agus suighidh
breitheamhnus annsa gheata, dob éidir
go mbíath an Tighearna Día na slógh
grásamhuil ré híarsma Ióseph.


L. Am5:16


Uimesin an Tighearna Día na
slógh is marso adeir an Tighearna,
biáidh caói annsna huile shráidibh, agus
adéruid annsna huile shlighthibh móra,
mo thruáighe, mo thruaighe: agus goirfidh an
fear oibre chum cumha, agus an lucht bhíos
éolach a ccaóineadh chum caóinte.


L. Am5:17


Agus biáidh caóineadh ann gach
uile ghárradha fíneamhna: óir gébha misi
thríd, adeir an Tighearna.


L. Am5:18


A mhairg dhíbhsi air a bhfuil fonn laói
an Tighearna: cred é do shíbhse? is dor-
chadus lá an tighearna, agus ní solus?


L. Am5:19


Amhuil dá tteitheadh duine roimhe
leomhan, agus go tteigeomhadh bethir
air, agus go rachadh asteach annsa tigh,
agus a lámh do léigion air an mballa,
agus aithir nimhe do bhreith air.


L. Am5:20


Nach budh dorchadus lá an Ti-
ghearna, agus ní solus? eadhon rodhor-
cha agus gan soillsi ar bioth ann.


L. Am5:21


Fúathuighim, dísbeaguim bhur
laéthe sollamonta, agus ní bhoiltneo-
cha mé ann bhur ccoimhthionóluibh sollamon-
ta.


L. Am5:22


Bíodh go nofráluidhe dhamhsa of-
ráil loisge, agus bhur nofrála bídh,
ní ghébha misi íad: ní mó chuirfios mé
suim anofrála síodhchána bhur mbeathach
méith.


L. Am5:23


Beir thusa uáim fuáim do chain-
tic: óir ní éistfe mé ceól hadh-
bhuidh.


L. Am5:24


Acht riothadh breitheamhnus síos
amhuil uisgeadha, agus fíréntacht amhuil
sruth láidir.


L. Am5:25


Nar ofrálabhair dhamhsa íodh-
bartha, agus ofrála annsa bhfásach
ceathrachad bliadhan, a thigh Israel?


L. Am5:26


Acht diomchrabhair Tabernacuil
bhur Moloch agus Chiun bhur níomháighe,
réult bhur ndé noch dorinneabhair dhíbh
féin.


L. Am5:27


Uimesin dobhéra misi oruibhsi
dul a ndaóirsine taobh thall do
Dha-mascus, adeir an Tighearna, darab
ainm Día na slógh.


L. Am6:1


A mhairg don mhuintir atá a
socamhal ann Sion, agus
chuirios a ndóigh a sliabh
Shamária, noch dá ngoir-
thear togha na ccineadhach,
chum a ttáinic tigh Israel.


L. Am6:2


Imtighidh sibhsi go Calneh, agus
féuchuidh; agus éirghidhe as sin go
Hemat mór: annsin imthighidh síos go
Gát na Bhphilistineach: an férr íad
náid na rioghachtasa? nó an mó a
tteórainn ná bhur tteóruinnsi?


L. Am6:3


Sibhsi chuirios a bhfad uáibh an
droch lá, agus dobheir cathaóir
anéigin do theacht a bhfogus;


L. Am6:4


Noch luighios ar leabthachaibh dfía-
claibh Elephant, agus shínios íad féin
air a leabhthachaibh, agus ithios na huáin
amach as an ttréd, agus na gamhna as
lár an stalla;


L. Am6:5


Noch chanas le fuáim an bhíol,
agus glésas dóibh féin adhbhadha ciúil
cosmhuil re Dáibhi;


L. Am6:6


Noch ibhios fíon a mbulladhuibh,
agus ungas íad féin leis na holuighibh
is toghtha: acht ní bhfuil doilghios or-
ra ar son anshógh Ióseph.


L. Am6:7


Anois uimesin, rachfuid síad a
mbraighdionas leis an ccéddroing rach-
fus a láimh, agus áithreochtar fleadh na
droinge do shín íad féin.


L. Am6:8


Dothug an Tighearna Día é féin
mar mhionnuibh, adeir an Tighearna Día
na slógh, fúathuighim oirdhearcus Iácob,
agus fúathuighim a pháláis: uimesin
seachóduigh mé súas an chathair guna bhfuil
innte uile.


L. Am6:9


Agus tiucfuidh a ccrích, má cha-
nann deichneamhar fear anéintigh go bhfui-
ghid síad bás.


L. Am6:10


Agus tóigfe dearbhrathair a a-
thar súas é, agus an té loisgios é
do thabhairt a chnám amach as an ttigh,
agus adéra sé ris an té bhías ag
táobhuidh an tighe; an bhfuil duine ar bioth
agad? agus adéra seision, ní
bhfuil. Annsin adéra seision, coisg
do theanga: óir ní fhédmaoidne teacht
thar ainm an Tighearna.


L. Am6:11


Oír féuch, daithin an Tighearna,
agus buáilfidh sé an tigh mór le bris-
tibh, agus an tigh beag le scoil-
tibh.


L. Am6:12


An riothfuid eich air an ccar-
ruic? an ttreabhochtha aon le damhuibh?
óir dfillebhair breitheamhnus chum dom-
blais, agus toradh anionrachuis a muin-
mhear.


L. Am6:13


Sibhsi noch shólásuighios an ní
gan tadhbhacht, noch adeir, nachar
ghabhamar chugainn adharca le ar neart
féin?


L. Am6:14


Acht féuch, tóigfe misi su-
as cineadh bhur naghaidh, a thigh Israel,
adeir an Tighearna, Día na slógh, agus
buáidheoruid síad sibh ó dhul asteach
Hemat go habhuinn anfásuigh.


L. Am7:1


Marso do thaisbéin an Ti-
ghearna Día dhamhsa, agus
féuch do chum sé lócuis-
tigh a ttús theacht amach
an dara fáis; agus
féuch, dobé sin an fás deighionach
déis spealadóireachta an Rígh.


L. Am7:2


Agus tárla anuáir do chríoch-
nuigheadar ithe féir na tíre, annsin
adubhairt misi, a Thighearna Día, maith,
íarruim dathchuinge ort: cía le néir-
eochuidh Iácob? óir is beag é.


L. Am7:3


Do ghabh aithreachus an Tighearna
uimeso; ní bhiáidh, adeir an Tighear-
na.


L. Am7:4


Is marso do thaisbéin an Tighear-
na Día dhamhsa, agus féuch, do ghoir
an Tighearna Día ceannairg le teine, agus
do loisg sé an taigéan mór, a duáigh
fúas cuid (dí).


L. Am7:5


Annsin adubhairt misi, a Thighear-
na Día coisg, íarruim dathchuinge
ort; cía le néireocuidh Iácob? óir
is beag é.


L. Am7:6


Do ghabh aithreachus an tighearna
uimeso: ní bhiaidh, adeir an Tighearna
Día.


L. Am7:7


Is marso do thaisbéin sé dhamh,
agus féuch, do sheas an Tighearna air
bhalla dénta le dorubha, maille re do-
rubha iona láimh.


L. Am7:8


Agus adubhairt an Tighearna ri-
om, a Amóis cred dochí tú? agus
adubhairt misi, dorubha; annsin adu-
bhairt an Tighearna, féuch, cuirfidh misi
dorubha a measc mo phobail Israel, ní
ghéba mé láimh ríu nísa mhó.


L. Am7:9


Agus béid áite árda Isaac
uáigneach, agus leagfuigear Israel na
bhfásach, agus éireochuidh mé anaghaidh
thighe Ieorobam leis an ccloidheamh.


L. Am7:10


Annsin do chuir Amasiah sa-
gart Bhétel fios go Ieroboam Rígh
Israel ag rádh, dfeall Amos ad adhuigh
a lár thighe Israel; ní héidir leis an
ttír a bhriathra uile diomchar.


L. Am7:11


Oír is marso adeir Amos,
éugfuidh Ieroboam leis an ccloidheamh, a-
gus bérthar Israel go deimhin a láimh as
a ttír féin.


L. Am7:12


Fós adubhairt Amasiah re Hamos,
thusa a fhir fise, imthigh, teith
romhad go tír Iúdah, agus ith arán
annsin, agus tairghir ann.


L. Am7:13


Acht ná tairghir arís níis mó
a Mbétel: óir isé sépel an Rígh é, a-
gus isí cúirt an Rígh í.


L. Am7:14


Annsin do fhreagair Amos, agus
adubhairt sé re Hamasiah, ní fáigh mi-
si, nó mac fáighe mé; acht dob áodhaire
mé, agus dobudh cruinneochthóir toruidh
fígheadh fíadháin mé.


L. Am7:15


Agus do ghlac an Tighearna mé,
mar do lean mé an tréud, agus adu-
bhairt an Tighearna riom, imthigh tairghir
dom phobal Israel.


L. Am7:16


Anois uimesin éist thusa brí-
athra an Tighearna; adeir tú; ná tairr-
ghir anaghaidh Israel, agus ná sil
do bhríathra anaghaidh thighe Isaac.


L. Am7:17


Uimesin is marso adeir an
Tighearna, biáidh do bhean na meirdrigh
annsa chathruigh, agus tuitfid do mhic
agus hingheana leis an ccloidheamh, agus
roinnfighear thfearann le dorubha: agus
doghebha tú bás a bhfearán thruáillighthe,
agus rachaidh Israel go deimhin a nda-
oirsine as a ndúithche.


L. Am8:1


Is marso do thaisbéin an Ti-
ghearna Día dhamhsa, agus
féuch, clíabh do thoradh samh-
ruigh.


L. Am8:2


Agus adubhairt sé, a
Amois cred dochí tú? agus adubhairt
misi, clíabh do thoradh samhruigh: annsin
adubhairt an Tighearna riomsa, tháinic an
deireadh air mo phobal Israel, ní ghébha mé
láimh ríu níis mó.


L. Am8:3


Agus budh núallfhurtach cainti-
cidh na tteampall san ló sin, adeir an
Tighearna Día: biáidh mórán do chorpuibh
marbha ann gach áonáit, teilgfid síad
amach íad le cíunas.


L. Am8:4


Eistigh so a lucht shluigios súas
na ríachtanuig, eadhon do thabhairt ar bhoch-
taibh anfearuinn meath,


L. Am8:5


Ag rádh, cá huáir rachus an
ghealach núadh uáinn, chor go reacfam ar-
bhar? agus an tsábóid, le ccuirfemís
cruithneacht amach, ag dénamh an Ephah
beag, agus an tsecel mór, agus ag
fallsughadh na ccomhthrom le mealltoi-
reacht?


L. Am8:6


Chor go cceinneochamaóis an bocht
le hairgiod, agus an teasbhadhach air
phéire bróg; fós go reacam salchar
na cruithneachta?


L. Am8:7


Do mhionnuigh an Tighearna tre oir-
dhearcus Iácob, go deimhin ní dhearmoda
mé go bráth aóinni dá noibreachaibh.


L. Am8:8


Nach ccriothnochuidh an talamh
uimeso, agus nach ccaóidhfidh gach duine
dá ccomhnuighionn ann? agus éireochuidh
súas go hiomlán amhuil tuile, agus
teilgfighear amach, agus bháidhfighear é,
amhuil le tuile na Hégipte.


L. Am8:9


Agus tiucfa a ccrích annsa ló sin,
adeir an tighearna Día, go ttiu-
bhra misi air an ngréin dul faói san
meadhon laói, agus dodhéna mé an ta-
lamh dorcha san ló ghlan.


L. Am8:10


Agus iompocha mé bhur bhféusta-
dha a ndóbrón, agus bhur nabhráin uile
a ccumhaidh, agus dobhéra mé saicédach
súas air anuile leasrach, agus maóile
air gach uile cheann: agus dodhéna mé é a-
mhuil mar budh cumhaidh ar son aóinmhic,
agus a chríochsin amhuil deireadh laói
sheirbh.


L. Am8:11


Féuch, tiucfuid na laéthe, adeir
an Tighearna Día, go ccuirfe misi
gorta annsa tír; ní gorta aráin, nó
tart uisge, acht (gorta) éisteacht a bhréi-
thre an Tighearna.


L. Am8:12


Agus seachránfuid ó fhairge go
fairge, agus ón ttuáisceart gus an déis-
ceart riothfuid síad síos súas díar-
ruidh bréithre an Tighearna, acht ní bhfui-
ghid síad í.


L. Am8:13


Annsna laéthibhsin anbhfainnfid
na maighdiona breághdha, agus na daóine
óga lé tart.


L. Am8:14


An drong mhionnuighios fa pheacadh
Shamária, agus adeir, a Dhan, mairidh
do Dhía se, agus mairidh modh Bheerseba,
eadhon tuitfid síadsin, agus ní
éireochuid súas arís go bráth.


L. Am9:1


Dochonnairc mé an tighearna na
sheasamh air analtóir, agus
adubhairt sé, buáil an fár-
dorus, chor go ccroithid na
postadha: agus géarr annsa chionn íad
uile, agus muirfidh misi an deighionach
dhíobh leis an ccloidheamh: an té theithfios
díobh ní rachfuidh sé as, agus an té rach-
fus as ní sáorfuighear é.


L. Am9:2


Dá mbeith go ttocholaidís go hi-
frionn, dobhéra mo lámhsa as íad: dá
mbeith go ndéndaois dreapaireacht suas go
neamh dobhéra mé liom as sin anúas
íad.


L. Am9:3


Agus dá mbeith go bhfoileochai-
dís íad féin a mullach Charmel spíonfa
misi, agus dobhéra mé as sin íad; a-
gus dá mbeith go mbeidís a bhfolach óm
radharc aníochtar na fairge, annsin
aitheonuidh mé don naithir nimhe, agus
beanfuidh sí greim asta.


L. Am9:4


Agus má atá go rachaidís a
ndaóirsine roimhe a naimhde, áitheonuidh
mé don chloidheamh as sin, agus muirfidh
sé íad, agus cuirfidh mé mo shúile
orra le holc, agus ní lé maith.


L. Am9:5


Agus isé an Tighearna Día na
slógh bheanfas ris an bhfearann, agus
leaghfuidh sé, agus caóidhfidh anuile
dhuine áitreabhus ann, agus éireochuidh
súas go hiomlán amhuil tuile, agus bi-
áidh báidhthe mar thuile na Hégipte.


L. Am9:6


Asé doní a sheomradha annsna
neamhuibh, agus do shuidhigh a shlúagh annsa
talamh, an té ghoirios air uisceadhuibh na
fairge, agus dhóirtios amach íad air adhaigh
na talmhan: isé an Tighearna a ainm.


L. Am9:7


Nach bhfuiltí mar chloinn na Netío-
peach dhamhsa, a chlann Israel, adeir an
Tighearna? nach ttug mé Israel amach as
crích na Hégipte? agus na Philisti-
nigh as Caphtor, agus na Siríanuigh ó Chir?


L. Am9:8


Féuch, atáid súile an Tighearna
Día air an rioghacht pheacuigh, agus scriosfa
misi í ó ghnúis na talmhan, amháinnach
millfe mé tigh Iácob thríd amach,
adeir an Tighearna.


L. Am9:9


Oír fuáigeoruidh misi, agus cáithfidh
mé tigh Israel a measc na nuile chineadhach,
amhuil chorruighthior arbhar a ccríathar,
gidheadh ní thuitfidh an gráinne is lugha air an
ttalamh dhe.


L. Am9:10


Eugfuid uile lucht peacuidh mo pho-
bailsi leis an ccloidheamh, noch adeir,
ní béra an tolc oruinn, agus ní thoir-
meoscuidh sinn.


L. Am9:11


Annsa ló sin tóigfe mé súas
tabernacuil Dháibhi do thuit, agus
druidfidh mé suas a bheárnadha, agus
cóireacha mé ar thuit de, agus cuirfe mé
súas é mar annsna laéthibh anallód:


L. Am9:12


Chor go sealbhochuid íarsma Edom,
agus na ngeinteadh uile noch goirthear am
ainmsi, adeir an Tighearna doní so.


L. Am9:13


Féuch, tiucfuid na laéthe, adeir
an tighearna, go mbéruidh an toi-
reamh air an mbúanuighe, agus fear bhúirte
na ccáor air an té chuirios an síol, a-
gus leighfid na huile chnoic.


L. Am9:14


Agus dobhéra mé arís ar a-
nais braighde mo phobail Israel, agus
cuirfid súas na caithreacha fásuidh, agus
áiteochuid íad, agus plainndeochuid fíneamhna,
agus iobhuid a fíon sin, dodhénuid fós
gáirdínighe, agus íosuid dá ttoradh.


L. Am9:15


Agus plainndeocha misi ann a
ndúthaigh íad, agus ní thárrongthar íad nísa
mó aníos as a ndúthaigh, noch thug mé
dhóibh, adeir an Tighearna a Ndía san.


L. Ob


OBADIAH.


L. Ob1:1


Fis Obadiah: is marso
adeir an Tighearna Día a
ttáobh Edom, dochuala-
mar aithris ón Ttighear-
na, agus do cuireadh teachta a measc
na ngeinteadh, éirghidhse, agus eirghi-
om súas na haghaidh a ccath.


L. Ob1:2


Féuch, dorinne mé beag thú a measc
na ngeinteadh, is mór do tarcuisnigheadh
thú.


L. Ob1:3


Do mheall úabar do chroidhe thú:
thusa chomhnuighios a scealpuibh na car-
rag, arbhárd hionadh comhnuidhe, noch
adeir iona chroidhe, cía bhéras misi sí-
os chum na talmhan?


L. Ob1:4


Má atá go náirdeocha tusa
thú féin mar an niolar, agus má atá
go ccuirfe tú do nead a measc a rél-
tann, dobhéra misi as sin anuas thú,
adeir an Tighearna.


L. Ob1:5


Má thangadar gaduighthe chu-
gad, má thigid sladmhóiridh san noidhche
(ciondus do gearradh amach thú) nach
goidfidís nó go mbeith go lór aca?
dá ttigedís lucht cnúasuigh na ccáor
chugad, nach bhfúigfidís cuid do na cáo-
ruibh?


L. Ob1:6


Ciondus do spíonadh amach nei-
the Esau, ciondus do híarradh súas a
neithe foluightheacha?


L. Ob1:7


Thugadar uile dhaóine do chumainn
chum na teórann thú, do mhealladar na
daóine dobhí síothchánta riot tú, a-
gus rugadar buáidh ort: thug an lucht
ithios harán cneadh fúd, ní bhfuil tuicse
ar bioth annsan.


L. Ob1:8


Nach scriosfa misi annsa ló
sin, adeir an Tighearna, daóine glio-
ca amach as Edom, agus tuicsi as sli-
abh Esau?


L. Ob1:9


Agus claóidhfighear do daóine
cumhachtachasa, a Théman, chor go ngérr-
fuighear amach le hár anuile dhuine do
shlíabh Esau.


L. Ob1:10


Ar son thfoiréigin anaghaidh
do bhrathar Iácob, foileochuidh náire thú,
agus gérrfuighear amach thú go bráth.


L. Ob1:11


Annsa ló ar sheas tú don taóibh
oile, annsa ló a rugadar coimhthighidh
a shluáigh a láimh, agus a ndeachadar each-
tarannuigh asteach iona gheata, agus ar
teilgiodh cranncair air Ierusalem, dobhí
tusa mar aon díobh.


L. Ob1:12


Acht níor chóir dhuit féuchuin air
lá do dhearbhrathar annsa ló a ndérnadh
coimhthigheach dhe, ní mó budh dénta dhuit
gáirdheachus ós cloinn Iúdah a ló
anaidhmhillte, ní mó budh labhartha dhuit go
huáibhreach a ló na haindeise.


L. Ob1:13


Níor dhulta dhuit asteach go
geata mo phobail a ló a naindeise; fós
níor bhféuchta dhuit a naindeise a ló a
mbuáidheartha; nó lámh do chur ar a maóin
a ló a namhgair.


L. Ob1:14


Ní mó budh seasta dhuit annsa
tslighe chrosaigh, do ghearradh amach
an lucht dochuáidh as díobh da mhuintir:
ní mó budh seachadtha dhuit an mhéid dá
mhuintir do fhan a ló na díbhfheirge.


L. Ob1:15


Oír atá lá an Tighearna a bhfo-
gus air na geintibh uile, mar dorinne
tusa do bhéntar amhluidh riot: iom-
pocha do luáidheacht air do chionn féin.


L. Ob1:16


Oír amhuil do ibheabhair air mo shlíabh
naomhthasa; marsin iobhuid na geinte
uile a ccomhnuidhe, aseadh, iobhuid síad,
agus sluicfid síad síos, agus béid sí-
ad amhuil is nach beithdís.


L. Ob1:17


Acht ar shlíabh Sion biáidh tár-
tháil, agus biáidh náomhthacht annsin, agus
sealbhochuidh tigh Iácob a sealbh féin.


L. Ob1:18


Agus biáidh tigh Iácob na theine,
agus tigh Ióseph na lasair, agus tigh
Esau na chonnlach, agus lasfuid ionta,
agus dóichfid íad, agus ní fhanfa áon
do thigh Esau: óir adubhairt an Tighear-
na é.


L. Ob1:19


Agus an drong ó dheas sealbho-
chuid sliabh Esau, (agus sealbhochuid)
lucht an réitigh na Philistinigh, agus
sealbhochuid síad magha Ephraim, agus
magha Shamária, agus sealbhochuidh
Beniamin Gilead.


L. Ob1:20


Agus (sealbhochuid) braighde an
tsluáighse chloinne Israel fearann na
Gcananíteach eadhon go Sarephat, agus
sealbhochuid braighde Ierusalem, noch a-
tá ann Sepharad caithreacha an deisceirt.


L. Ob1:21


Agus tiucfuid cobharthuigh
súas air shlíabh Sion do dhénamh breitheamh-
nuis air shliabh Esau, agus budh leis an
TTighearna an rioghacht.


L. In


IONAH.


L. In1:1


Anois tháinic bríathar an Ti-
ghearna chum Iónah mhic Ami-
tai, ag rádh,


L. In1:2


Eirigh imthigh go Ninebheh
an chathair mhór sin, agus
déna comhairc na haghaidh: óir tháinic a
ccionta súas dom lathairsi.


L. In1:3


Acht deirigh Iónah súas do thei-
theamh go Tarsis ó lathair an tighearna, a-
gus dochuáidh síos go Ioppa; agus
fuáir long ag dul go Tarsis: marsin
do dhíol sé ar son a beirthe thairis,
agus dochuáidhinte síos do dhul leó
go Tarsis ó lathair an Tighearna.


L. In1:4


Acht do chuir an Tighearna gáoth
mhór amach air an bhfairge, agus dobí an-
fa ro mhór air an bhfairge, iondus gur
shaóil an long bheith briste.


L. In1:5


Annsin dobhádar na máirnealuigh
eaglach, agus déigh gach áon air a dhía,
agus do theilgeadar a nearradh dobhí
san loing annsa bhfairge dá nédtromadh
féin: acht dochuáidh Iónah síos ar tha-
obhuibh na luinge, agus doluidh, agus
dobhí sé na chodladh go trom.


L. In1:6


Annsin tháinic maighistir na luin-
ge chuige, agus adubhairt sé ris, cred is
cíall duitsi, a chodaltaigh? éirigh
goir air do Dhía, a ndóigh go smuain-
teochadh Día oruinne nach báidhtí sinn.


L. In1:7


Agus adubhairt gach áon aca rena
chompánach, dénamh, agus teilgiom
crainn, chor go náitheonam cía ar son
a ttig an tolcso oruinn: annsin do
theilgiodar na crainn, agus do thuit an
chrannchar air Iónah.


L. In1:8


Annsin adubhradarsan ris, innis
dúinn, íarrmaoid dathchuinge ort, cía
ar son a ttig an tolcso oruinn? cred
is ceird duit? agus cáit as a ttig
tú? cía is tír dhuit? agus cía na
daóine dár díobh thú?


L. In1:9


Agus adubhairt seision riú, Ea-
bhradhach mé, agus atá eagla an Tighear-
na dia neimhe orum, noch dorinne anfair-
ge agus an talamh tirim.


L. In1:10


Annsin dobhádar na daóine ea-
glach go hanmhór, agus adubhradar
ris, cred um a ndérna tusa so? (óir
do thuigiodar na daoine gur theith sé
roimhe ghnúis an Tighearna, do bhrígh gur
innis sé féin dóibh é.)


L. In1:11


Annsin adubhradar ris, cred
dodhénam riot, chor go mbía anfairge
ciúin? (óir doibrigh anfairge, agus
dobhí sí anfadhach.)


L. In1:12


Agus adubhairt seision ríu,
tógbhuidh súas mé agus teilgidh amach
san bhfairge mé; marsin biáidh anfairge,
ciúin aguibh: óir atá a fhios agum gu-
rob air mo shon féin atá an tanfa mór-
so oruibh.


L. In1:13


Thairis sin, diomramhadar na fir
go láidir dá thabhairt a ttír, acht ní-
or fhédadar: óir doibrigh anfairge
agus dobhí sí anfadhach na na-
ghaidh.


L. In1:14


Uimesin déigheadar, air an Tti-
ghearna, agus adubhradar, íarrmaoid
dathchuinge ort, a Thighearna, iarr-
maoid ort, ná scriostar sinn ar son
bheatha an té so, agus ná léig fuil neimh-
chiontach oruinne: óir dorinne tusa, a
Thighearna, amhuil fa toil leat féin.


L. In1:15


Marsin do thógbhadar Iónah
súas, agus do theilgeadar amach san
bhfairge é, agus do scuir anfairge do
confadh.


L. In1:16


Ansin dobhí eagla an tighearna
go hiomarcach air na daóinibh, agus dof-
ráladar íodhbuirt don Tighearna, agus
thugadar móide.


L. In1:17


Anois dórduigh an Tighearna íasg
mór do shlugadh Iónah súas: agus
dobhí Iónah a mbroinn anéisg trí lá,
agus trí hoidhche.


L. In2:1


Annsin do ghuid Iónah an Tighear-
na a Dhía as broinn anéisg.


L. In2:2


Agus adubhairt sé,
déigh mé do bhrígh maindei-
se chum an Tighearna, agus dochúaluidh
sé mé: as broinn na huáighe déigh mé,
agus dochúala tú mo guth.


L. In2:3


Oír do theilg tú annsanaigéun
mé a lár na bhfairgeadh, agus thanga-
dar na tuilte am thimchioll, dochúa-
dar do threathain agus do thonna thorum.


L. In2:4


Annsin adubhairt mé, atáim teilg-
the as do radharcsa, gidheadh féuchfaidh
mé arís leath red theampall náomhtha.


L. In2:5


Thangadar na huisceadha um
thimchioll, eadhon go nuige an tanam; do
dhruid an taigén umam timchioll
faccuáirt, do chrap anfeamnach timchioll
mo chinn.


L. In2:6


Dochuáidh mé síos go híochtar na
sléibhteadh, dobhí an talamh gona bharra-
dhuibh am thimchioll go bráth: gidheadh thug
tusa manam súas ó thruailleadh, a Thi-
ghearna mo Dhía.


L. In2:7


An tan do anbhfainnigh manam io-
nnam astigh, do chuimhnigh mé air an Tti-
ghearna, agus tháinic murnuigh chugad
asteach dot theampall náomhtha.


L. In2:8


An drong choimhédas díomhaóinis
bhrégacha, tréigid síad a ttrócaire
féin.


L. In2:9


Acht íodhboruidh misi dhuitsi ma-
ille re guth buidheachuis, díolfa mé an
ní noch do mhóidigh mé: is ón TTighearna
atá slánughadh.


L. In2:10


Agus do labhair an Tighearna ris
aníasg, agus do sceith sé Iónah
amach air an ttalamh ttirim.


L. In3:1


Agus tháinic briathar an Ti-
ghearna go Iónah an dara
huáir, ag rádh,


L. In3:2


Eirigh, imthigh go Ninebheh
an chathair mhórsin, agus seanmóir dhi
an tseanmóir adéra misi riot.


L. In3:3


Annsin déirigh Iónah, agus
dochuáidh go Ninebheh do réir bhréithre an
Tighearna: (anois dobhí Ninebheh na cha-
thruigh ro mhóir uidhe thrí lá daistior).


L. In3:4


Agus do thosuigh Iónah ar dhul
asteach don chathruigh aistior laói, a-
gus dfúagair, agus adubhairt, go fóill
ceathrachad lá agus scriosfuighior Ninebheh.


L. In3:5


Mair sin do chreidiodar daóine Ninebheh
a Ndía, agus dfuagradar
trosgadh, agus do chuireadar saicédach
umpa, eadhon ón té is mó gus an té is
lugha.


L. In3:6


Oir tháinic focal chum Rígh Ninebheh,
agus déirigh sé as a chathaoir, a-
gus do chuir a róba úadh: agus dfol-
uigh é féin lé saicédach, agus do shuigh a
luaithreadh.


L. In3:7


Agus thug fa deara a fhuagra,
agus fhoillsiughadh air feadh Ninebheh
ille re hórdughadh an Rígh agus a úasal ag
rádh, duine nó beathach, airge nó tréd,
ná blaisedís éinní, ná hinghiltedís, a-
gus ná hibhedís uisge.


L. In3:8


Acht folchthar an duine agus an
beatach le saicéudach, agus éighedís go
hárd chum Dé: aseadh, filleadh gach áon
díobh óna dhroichshlighe, agus ónéigion
atá iona lámhuibh.


L. In3:9


Cía agá bhfuil a fhios nach iom-
pochadh Día, agus go madh aithreach é,
agus go bhfillfeadh sé óna fheirg fíoch-
mhuir, iondus nach imthighiom seachad?


L. In3:10


Agus dochonnairc Día a noibreacha
gur iompoigheadar óna ndroich shlighe,
agus do ghabh aithreachus Día fan nolc
adubhairt sé dodhénadh dhóibh, agus ní dér-
nuigh sé é.


L. In4:1


Acht do mhíothaitin sin re
Iónah go hiomarcach, agus
dobhí sé rofheargach.


L. In4:2


Agus do ghuidh sé chum
an Tighearna, agus adubhairt sé, guidhim
thú a Thighearna, nach arbhé so mo
rádhsa, an tan dobhádhas fós ann mo thír?
uimesin do teith mé roimhe go Tarsis:
;oir dobhí a fhios agam gur Día grá-
samhuil thusa, agus trócaireach, mall chum
feirge, agus móircinéulta, agus go
mbí aithreachus uilc ort.


L. In4:3


Ar anadhbarsin anois, a Thighear-
na, beir manam uáim, íarruim dathchuin-
ge ort; óir is feárr dhamh bás ná beatha.


L. In4:4


Annsin adubhairt an tighearna, an
maith doní tú fearg do bheith ort?


L. In4:5


Annsin dochuáidh Iónah amach as
an ccathruigh, agus do dhuigh sé air an ttaóibh
shoir don chathruigh, agus dorinne sé both dhó
ann, agus do shuigh fúithe annsa scáth, ion-
dus go bhfaiceadh cred dothiucfadh don
chathruigh.


L. In4:6


Agus do ghlés an Tighearna Día
pailmscáth, agus thug sé air teacht ós
cionn Iónah súas, chor go mbeith na
scáth ós cionn a chinn, dá sháoradh ar a
dhoilghios: annsin dobhí Iónah rolúath-
gháireach mun scáth.


L. In4:7


Acht do ghléus an tighearna
péist anuáir doéirigh an mhaidin arna
mhárach, agus do bhuáil sé an scáth,
iondus gur chríon sé.


L. In4:8


Agus tárla anuáir do éirigh an
ghrían gur ghléus Día gáoth dheanacht
anoir, agus do bhuáil ar cheann Iónah, ion-
dus gur anbhfuinnigh sé, agus dórduigh
sé ann féin bás dfagháil, agus adubhairt,
is feárr dhamh bás ná beatha.


L. In4:9


Agus adubhairt Día ré Iónah, an
maith doní tusa fearg do bheith ort mun
scáth? agus adubhairt seision, is maith
doním bheith feargach, eadhon go nuige
an mbás.


L. In4:10


Annsin adubhairt an Tighearna: do
bhí truáighe agad don scáth, nach tú
do shaothruigh ná thug air fás. noch thái-
nic aníos anoidhche, agus dimthigh
seachad anoidhche.


L. In4:11


Agus cread nach ccoigeoluinnsi
Ninebheh an chathair mhór sin iona bhfuil nísa
mhó ná sé fithchid míle pearsa nach eid-
dir dhealuighionn eidir a láimh dheis agus a
láimh chlé, agus fós iomad áirnéise?


L. Mc


MICAH


L. Mc1:1


Briathar an Tighearna tháinic
go Micah an Morastiteach
a laéthibh Iotam, Ahas, agus
Heseciah Ríghthe, Iúdah noch
dochonnairc sé a ttaobh Shamária agus
Ierusalem.


L. Mc1:2


Eístigh a phobal uile, cluin a
thaluimh, anuile ní dá bhfuil ann, agus
bíodh an Tighearna Día na fhíadhnuise bhur
naghaidhsi, an Tighearna óna theampall
náomhtha.


L. Mc1:3


Oír féuch tiucfuidh an Tighearna
as a áit, agus tiucfuidh anúas, agus
sailteora sé air áitibh árda na tal-
mhan.


L. Mc1:4


Agus leaghfuighear na sléibhtte
faói, agus scoiltfighear na gleanta a-
mhuil céir as coinne na teineadh, agus
amhuil na huisgeadha dóirtior síos re
fánuigh.


L. Mc1:5


Ar son sáruighthe Iácob atá so
uile, agus ar son pheacadh thighe Israel:
cred é sárughadh Iácob? nach í Samária?
agus cred íad áite árda Iúdah?
nach í Ierusalem?


L. Mc1:6


Uimesin dodhéna misi Samária
mar chárn don mhachaire, agus mar phlann-
dughadh fíneamhna; agus dóirtfidh mé a
clocha síos annsa ghleann, agus léigfe
mé a duthrach ris.


L. Mc1:7


Agus brisfighear a híomháighe grean-
ta uile a mbloghuibh, agus loisgfighear
le teine a tuillmhigh uile, agus leagfa
mé a hiodhail uile áonránach: óir do
chruinnigh sí íad do thuilleamh meirdrighe, agus
fillfid chum tuillmhe meirdrighe.


L. Mc1:8


Uimesin caóidhfidh mé, agus nú-
allfuidh mé, imeocha mé tárnocht, agus
lomnocht: dodhéna mé gearán mar na
dragúin, agus cumha mar na hulchabh-
chanuibh.


L. Mc1:9


Oir is doilghios a cneadh, óir
tháinic sé go Iúdah: tháinic sé go geata
mo phobail, eadhon go Hierusalem.


L. Mc1:10


Ná foillsigh é ann Gát, ná gui-
lidh ar áonchor: a ttigh Aphrah iom-
poidh thú féin annsa luáithreadh.


L. Mc1:11


Imthighidh romhad, a áitreabhthach
Saphir, ar mbeith dod náire leis; ní
tháinic Saanan amach a ngolgháir Bhetesel,
glacfuidh sé a sheasamh uáibhsi.


L. Mc1:12


Oír do fheith áitreabhthach Márot
go furachair ar mhaith; acht tháinic olc
anúas ón Ttighearna go geata Ierusalem.


L. Mc1:13


O thusa a dhúthchusaigh Lachis, cean-
gail an carbad don bheathach lúath: isí
is tosach peacaidh dinghin Sion: óir do
fríth sáruighthe Israel ionnadsa.


L. Mc1:14


Uimesin dobhéra tú tiodhlaicea-
dha do Mhoreset Gát: biáidh tighthe
Abrib na mbréig do Ríghthibh Israel:


L. Mc1:15


Thairis sin dobhéra mé oighre
chugad, a áitreabhthach Maresah: tiuc-
fuidh sé go Adullam, glóir Israel.


L. Mc1:16


Déna maól thú, agus beárr thú féin
air son do chloinne breághdha, fairsingidh do
mhaóile mar aniolar; óir dochúadar
uáit a mbraighdionas.


L. Mc2:1


A mhairg don druing thionnsc-
nas éigceart, agus oibri-
gios olc air a leabuidh; an tan
is solus an mhaidin cuirid a
ngnáth é, do bhrígh go bhfuil
sé a ccumhacht a lámh.


L. Mc2:2


Agus santuighid síad fearuinn,
agus beanuid amach íad lé foiréigion;
agus tighthe, agus beirid leó íad: marsin
sáruighidh duine guna thigh, eadhon
duine, agus a oighreacht.


L. Mc2:3


Ar anadhbharsin is marso adeir
an Tighearna, féuch anaghaidh na muin-
tirese tionscnuim loc ó nach áthrochuidh
sibh bhur muinéil, ní mó imtheochthaói go
ceannasach: oir is olc anaimsirsi.


L. Mc2:4


Annsa lósin tóigfe duine co-
shamhlacht bhur naghaidh, agus caoidhfid
maille re caói thruáighmhéile, agus
adéruid, atámaoid millte go hiomlán:
do mhalairt sé comhroinn mo phobail: ci-
ondus do áthruigh sé uáimse é? do
roinn sé ar machaireadha uáinn, noch do shaói-
leamar haiseogaidh dhúinn féin.


L. Mc2:5


Uimesin ní bhiáidh duine ar bioth a-
gad theilgfios córda lé crannchair a
ccomhchruinniughadh an Tighearna.


L. Mc2:6


Ná tairghiridh sibhsi (adeirid ris
an ndruing) thairghirios: ní dhénaid fái-
gheadoireacht dóibhsin, chor nach bhfuighid
náire.


L. Mc2:7


O thusa darbainm tigh Iácob,
nar gearruigheadh spiorad an Tighearna?
aníadso a ghníomha? nach dénuid mo
bhríathrasa maith don té shiubhluighios go
hionruic?


L. Mc2:8


Eadhon le tamall ó shin atá mo
phobal ag éirghe súas amhuil námhuid:
beantaói an róba amach maille ris an
cculaidh don droing ghabhus láimh ribh go
suáimhneach, amhuil daóine suáimhneach ó cho-
gadh.


L. Mc2:9


Do theilgeabair amach mná mo dhaóine
óna ttighthibh taitneamhacha, rugabhair
mo ghlóir ó na ccloinn go bráth.


L. Mc2:10


Eirghidh sibhsi agus imthighidh,
óir ní hé so bhur ccomhnuighe: do bhrígh
go bhfuuil sé arna shalcadh, millfe sé
sibhsi ré millteachus mór.


L. Mc2:11


Má deir neach bréug ag siubhal
annsa spioraid agus a neimhfhírinne (ag
rádh) tairrghirfidh misi dhuit ar fhíon, a-
gus air dhigh láidir, budh é sin féin fáigh an
phobailsi.


L. Mc2:12


Cruinneocha mé thú go deimhin, a
Iácob uile: cruinneocha mé go deimhin
íardhraói Israel, cuirfe mé a bhfochair a
chéile iád mar cháorchaibh Bosrah, mar
an ttréud a lár a mainrighe; dodhé-
nad fothrum mór do bhrígh (iomuid) na
ndaóine.


L. Mc2:13


Tháinic an bristeóir súas rom-
pa: do bhriseadar súas agus do gha-
bhadar thríd an ngeata, agus dochúa-
dar amach ann, agus rachuidh a Rígh rom-
pa agus an Tighearna iona ccionn.


L. Mc3:1


Agus adubhairt misi, éistigh,
íarruim dathchuinge oruibh, a
cheanna Iácob, agus sibhsi a phrionnsadha thighe Israel:
nach cóir dhaóibhse fios breitheamhnuis do
bheith aguibh?


L. Mc3:2


Noch fhúathuighios an mhaith, agus
ghrádhuighios an tolc, noch thairngios a
ccroicionn díobh, agus a bhfeóil dá ccná-
mhuibh.


L. Mc3:3


Noch fós ithios feóil mo dhaóine,
agus fheannus a ccroicionn díobh, agus
brisid a ccnámha, agus gearruid na
ccodchaibh íad mar budh chum an phota,
agus mar fheóil annsa choire.


L. Mc3:4


Annsin éighfid síad chum an Tighear-
na, acht ní éistfidh sé ríu, eadhon foileoch-
uidh sé a aghaidh úatha san namsin mar do
iomchradar íad féin go holc iona ngní-
omhuibh.


L. Mc3:5


Is marso adeir an Tighearna a
ttáobh na bfágh bheir air mo phobal
earráid do dhénamh, noch bheirios greim
rena bhfíaclaibh, agus fhúagrus,
síothcháin: agus ullmhuighid cogadh
anaghaidh an té nach ccuirionn ann a
mbéul.


L. Mc3:6


Uimesin biáidh anoidhche dhíbh ion-
dus nach bhfaicfidhe fis, agus biáidh
dorcha dhíbh iondus nach bhfáistinfighe,
agus rachuidh an ghrían faói ós cionn
na bhfágh, agus biáidh an lá dorcha ós
a ccionn.


L. Mc3:7


Annsin bhías náire ar na feithmhe-
óiribh, agus buáidhearthar na fáistinigh,
fós foileochuid uile a mbéil: óir ní bhfuil
freagra air bioth ó Dhía.


L. Mc3:8


Acht go deimhin atáim lán do
chumhachtaibh maille ré spiorad an Ti-
ghearna, agus do bhreitheamhnus, agus
do chumas do thaisbeanadh a sháruighthe
do Iácob, agus do Israel a pheacadh.


L. Mc3:9


Eistigh so, íarruim dathchuinge
oruibh, sibhsi cinn thighe Iácob, agus
prionnsadha thighe Israel, ghráineas re
bhreitheamhnus, agus chuirios anuile
cheart bun ós cionn.


L. Mc3:10


Cuirid síad súas Sion le fuil,
agus Ierusalem le héigceart.


L. Mc3:11


Doní a ccinnsin breitheamhnus air
luáigheacht, agus teagasguid a sagairt
ar thúarustal, agus fáistinighid a
bhfáighe ar airgiod: gidheadh luighfid air an
Ttighearna, agus adéruid síad, nach
bhfuil an Tighearna ar measg? ní fhédann
olc ar bith teacht oruinn.


L. Mc3:12


Uimesin treabhochthar Sion ar
bhur sonsa amhuil machaire, agus biáidh
Ierusalem na cárnuibh, agus slíabh an
tighe mar áitibh árda na foraóise.


L. Mc4:1


Acht annsna laéthibh deigheana-
cha tiucfa a ccrích go ndain-
gneochthar slíabh thighe an
Tighearna a mullach na slí-
abh, agus áirdéochthar é ós cionn na
ccnoc, agus líonfuid daóine chuige.


L. Mc4:2


Agus tiucfuid mórán cineadhach
agus adéruid síad, tigidh dénam sú-
as go slíabh an Tighearna, agus go
tigh Dé Iácob, agus múinfidh sé a
shlighthe dhúinn, agus siubholum iona
chasánuibh: óir rachuidh an dligheadh
amach as Sion, agus briathar an Ti-
ghearna ó Ierusalem.


L. Mc4:3


Agus béruidh sé breitheamhnus a
measg mhóráin daóine, agus iomaithbhir-
fidh sé cineadhacha neartmhara a bhfad ua-
tha, agus buáilfid a ccloidhmhthe
aníarnach seirigh, agus a ngaéthe a gcor-
ránuibh cnuaiscthe: ní thóigfe cineadh
cloidheamh anaghadh cinidh, ní mó fhogh-
lomfuid cogadh níis mó.


L. Mc4:4


Acht suighfidh gach uile dhuine faóina
fhíneamhun agus faóina chrann fíge
féin, agus ní chuirfe duine ar bioth ea-
gla orra: óir isé béul an tighearna
Día dubhairt é.


L. Mc4:5


Oír siubholuidh anuile phobal,
gach uile dhuine dhíobh anainm a dhé, agus
siubholuimne anainm an Tighearna ar
Ndía, go sáoghal na sáoghal.


L. Mc4:6


Annsa lósin, adeir an Tighear-
na, cruinneocha mé an bhean atá bacach,
agus cruinneocha mé an bhean do díbreadh
amach, agus isi do ghortuigh mé;


L. Mc4:7


Agus dodhéna mé íarsma don
mhnaoi dobhí bhacach; agus cineadh
láidir dhise do teilgeadh a bhfad; agus
ríaghlochthaigh an Tighearna ós a ccionn
a slíabh Sion ó so amach go brách agus
choidhche.


L. Mc4:8


Agus chugadsa athuir an tré-
da, caislén daingion inghine Sion, thi-
ucfas an céidthighearnus, tiucfaidh
an rioghacht chum inghine Ierusalem.


L. Mc4:9


Anois cred fá néighion tú go
hárd? an bhfuil Rígh ar bioth ionnad?
ar imthigh do chomhairleach seachad? óir
do ghabhadar doighthe thú amhuil bean
re niodhnuibh.


L. Mc4:10


Bídh a mbruid, agus sáothruigh
breith, a inghean Sion, cosmhuil re mnaói
re niodhnuibh: óir anois rachaidh tú
amach as an ccathruigh, agus coimh-
neocha tú annsa machaire, agus racha tú
don Bhabilóin, annsin sáorfuighear thú:
annsin fhuáisceolus an Tighearna thú ó
láimh do námhad.


L. Mc4:11


Anois fós atáid mórán cinea-
dhach ar néirghe ad aghaidh, noch
adeir, truáillthear í, agus féuchadh ar
súilne air Shion.


L. Mc4:12


Acht ní fear dóibh smuáintigh-
the an Tighearna, ní mó thuigid a chomhairle:
óir cruinneocha sé íad mar na puinna-
nnaibh asteach chum anurláir.


L. Mc4:13


Eirigh agus buáil, a inghean
Shion: óir dodhéna misi íarann dot a-
dhairc, agus dodhéna mé hingne na bprás,
agus buáilfidh tú na ccodchaibh mó-
rán daóine: agus naomhthocha misi a
ttarbha don Tighearna, agus a ttadh-
bhacht do Thighearna na talmhan uile.


L. Mc5:1


Anois cruinnigh thú féin a slú-
ghaibh, a inghean na slúagh:
do chuir sé foslongphort re
ar naghaidh: buáilfid síad
breitheamh Israel le slait air an ngruáidh.


L. Mc5:2


Acht thusa, a Bhet-lehem
Ephrátah, bíodh gur beag thú a measg
mhílteadh Iúdah, gidheadh tiucfaidh asad
amach chugamsa úachtarán bhías ar Israel,
a raibh a dhul amach ó anallód,
ó laéthibh ná síorruidheachta.


L. Mc5:3


Uimesin seachoduigh sé súas íad
nó go ttígh an tam a mbéra an bhean
thorrach: annsin fillfidh fuighioll a
dhearbhráithreach go cloinn Israel.


L. Mc5:4


Agus seasfuidh sé, agus bíath-
fuidh sé a neart an Tighearna, a módhacht
anma an Tighearna a Dhía, agus fanfuid sí-
adsan; óir anois biáidh sé mór go
foircheann na talmhan.


L. Mc5:5


Agus budh é an fearso an tsíodh-
cáin an tan thiucfas an Tassírianach
dar ttír: agus an tan shailteorus
ann ar bpálásaibh, annsin tóigfeam
móirsheisior áodhaireadh na aghaidh,
agus ochtar do dhaóinibh prinnsiopal-
ta.


L. Mc5:6


Agus fáiseochuid síad tír na
Hassíria, leis an ccloidheamh, agus
talamh Nemrod iona dhula asteach:
marso tháirtheochthar sinn óNassiríanach,
an tan thiucfas sé dar ttír, agus
anuáir shailteorus sé taobh astig dar
tteórannuibh.


L. Mc5:7


Agus biáidh íarsma Iácob a
measc mhóráin daóine amhuil drúcht ón
Ttighearna, amhuil ceathair air an bhféur nach
bhfanann re duine, agus nach bhfeithionn air
mhachaibh na ndaóine.


L. Mc5:8


Agus biáidh íardhraói Iácob a
measg na ngeinteadh a lár mhóráin daóine
amhuil leomhan a measc bheathach na foraó-
ise, amhuil óg leomhan a measg na ttréud
ccáorach: noch má théid sé thríd, sail-
teoruidh sé síos agus fós stíallfuidh
sé na mblodhuibh, agus ní fhédfuidh
duine ar bioth sin do thártáil.


L. Mc5:9


Tóigfighear do lámh súas ar do
naimhdibh, agus geárrfuighear amach do
naimhde uile.


L. Mc5:10


Agus tiucfuidh a ccrích annsa
ló sin, adeir an Tighearna, go ngérr-
fa misi heachruigh amach as do lár, agus
go millfidh mé do charbuid.


L. Mc5:11


Agus geárrfa mé amach cai-
threacha do dhúthaigh, agus theilgfiod sí-
os do dhaóine láidre.


L. Mc5:12


Agus geárrfa mé piseóga
amach as do láimh, agus ní bhiáidh fái-
stinigh agad níis mó.


L. Mc5:13


Geárrfa mé fós híomháighe
grábhálta, agus híomháighe seasta,
amach as do lár: agus ní aidheora
tú níis mó obair do lámh.


L. Mc5:14


Agus tairreonga mé aníos
do gharráin as do lár: marsin scri-
osfa mé do chaithreacha.


L. Mc5:15


Agus dodhéna mé dioghaltas a
bhfeirg agus a ndíbhfheirg air na geintibh,
a leithéid nach ccualadar aríamh.


L. Mc6:1


Eístighsi anois an ní adeir
an Tighearna, éirigh, ca-
thaigh anois as coinne na
slíabh, agus cluindís na
cnuic do ghuth.


L. Mc6:2


Eístighsi, a shléibhte, imreasan
an Tighearna, agus sibhsi a bhunáite
láidre na talmhan: óir atá imreasan
aig an Ttighearna rena dhaóinibh, agus
taigeoruidh sé ré Hísrael.


L. Mc6:3


O mo phobal, cred dorinne mi-
si oruibh, agus cread ann a ndérna mé
toirseach sibh? fiaghnuighidh (féin) am
aghaidh.


L. Mc6:4


Oír thug mé súas sibh as crích
na Hégipte, agus dfúascail mé sibh
as tigh na seirbhíseach, agus do chuir mé
romhuibh Maóise, Aáron, agus Míriam.


L. Mc6:5


O mo phobal, cuimhnighidh anois
cred do chomhairligh Bálac Rígh Móab,
agus cred do fhreagair Bálaam mac Be-
or dhó ó Shittim go Gilgal, chor go
naitheontaóise fíréntacht an Tighearna.


L. Mc6:6


Ciod le ttiucfa mé a bhfíadh-
nuise an Tighearna, agus lé ccláonfad
mé féin a lathair an Dé áird? an ttiuc-
fa mé dá lathair le hofráluibh loisge, le
gamhnuibh do bhlíadhain daóis?


L. Mc6:7


An mbiáidh an tighearna toileamhuil
air mhíltibh do reithighibh, nó lé deich míle do
shrothaibh ola? an ttiubhra mé mo chéid-
ghin ar son mo chiontadh, toradh mo chuirp
ar son pheacaidh manma?


L. Mc6:8


Do thaisbéin sé dhuit, a dhuine,
cred is maith: agus créd íarrus an
Tighearna ort, acht ceart do dhénamh, a-
gus trócaire do ghrádhugadh, agus siu-
bhal go humhal le do Dhía?


L. Mc6:9


Eíghidh guth an Tighearna air an
ccathruigh, agus dochífidh fear na heag-
na hainm: éistighsi an tslat, agus
an té dórduigh í.


L. Mc6:10


An bhfuilid fós ionnmhuis anuilc
a ttigh an chiontuigh, agus an miosúr
gann atá adhfhúathmhar?


L. Mc6:11


An measfa mé glan íad leis na
drochchomhthromuibh, agus le mála chomh-
throm meallta.


L. Mc6:12


Oír atáid a ndaóine saidhbre
sin lán dfoiréigion, agus do labhra-
dar anáitreabhthuigh bréuga, agus is
cealgach a tteanga iona mbéul.


L. Mc6:13


Uimesin mar an ccédna dodhé-
na misi tinn thú lé do bhúaladh, dot dhé-
namh áonránach do bhrígh do pheacadh.


L. Mc6:14


Iosuidh tú, acht ní bhiáidh tú sái-
theach, agus biáidh do theilgion síos ann
do lár, agus bhéruidh tú greim, acht ní
sháorfa thú: agus dobhéra misi an ní
sháorfas tú don chloidheamh.


L. Mc6:15


Cuirfe tú (síol) agus ní tú
bheanfas: brúighfidh tú toradh crainn ola,
acht ní ungtha tú thú féin lé hola; agus
fíon milis, acht ní iobhtha thú fíon.


L. Mc6:16


Oír atá reacht Omri arna
choimhéd, agus uile oibreacha thighe Ahab,
agus siubholuigh sibhsi iona ccomhair-
leachaibh, chor go ndénuinnsi fásach dhíot,
agus magadh dá dhúthchusaibh: uimesin
iomchorthaói náire mo pobail.


L. Mc7:1


Mo thruáighe misi, óir a-
táim amhail an tan do
chruinnigheadar na tórtha
samhruigh, mar dhioghluim
cáor aimsire cnúasuigh na ttarpán
uile: ní bhfuil tarpán air bioth réithe: a-
tá manam ag íarruigh an chédthoruigh
abuidh.


L. Mc7:2


Dimthigh an deaghdhuine seachad as
an ttalamh, agus ní bhfuil áon ionruic a
measg na ndaóine: luighid uile a luighea-
chán air fhuil: donídh gach uile dhuine fía-
dhach air a dhearbhrathair le líon.


L. Mc7:3


Chor go ndénuid olc leis an dá
láimh go dithchiollach, íarruidh an prionn-
sa agus an breithiomh tiodhlachadh: a-
gus foillsighidh an duine mór a thoil
urchóideach, marsin fillid súas é.


L. Mc7:4


Atá an té is férr aca mar
dhreis; is géire an té is fíréunta
ná fáldhos: atá lá thfear faire, agus do
chúarta ag teacht; anois bhías a mbuai-
dhreadh.


L. Mc7:5


Ná dóthchusaigh a ccaruid, ná
cuiridh dóthchus anéoluidhe: coimhéd doir-
si do bhéil ón mhnaói luighios ann hucht.


L. Mc7:6


Oír easónoruigh an mac an ta-
thair: éirghidh aninghean súas anaghaidh a
mathar: bean an mhic anaghaidh a bain-
chleamhna, agus asíad naimhde duine lucht
a thighe féin:


L. Mc7:7


Uimesin féuchfa misi chum an Ti-
ghearna, feithmhidh mé air Dhía mo shlánuigh-
the, cluinfidh mo Dhía mé.


L. Mc7:8


Ná gáirdigh am aghaidh, ó mo ná-
mhuid: anuáir thuitfios mé, éireocha
mé; an tan shuighfios mé a ndorchadus,
bhiáidh an Tighearna na sholus damh.


L. Mc7:9


Iomchoruidh mé díbhfhearg an Tighear-
na, do bhrígh gur pheacaidh mé na aghaidh,
nó go ttagra sé mo chúis, agus go
mbéra breath ar mo shon: dobhéra sé a-
mach chum an tsoluis mé, agus dochífidh
mé a dhioghrus.


L. Mc7:10


Annsin dochífidh an bhean is námha
damh é, agus foileochuidh náire ise, noch
adubhairt riom, cáit a bhfuil an Ti-
ghearna do Dhía: dochífid mo shúile í,
anois sailteorthar síos í mar laithigh
na sráideann.


L. Mc7:11


Annsa ló a mbéid do bhalladha
dá ccur súas, annsa ló sin áthrochthar go
fada an tórdughadh.


L. Mc7:12


Annsa ló sin fós tiucfa sé chu-
gadh ón Nassíria, agus ó na caithrea-
chaibh daingne, agus ón chaislén gus
anabhuinn, agus ó fhairge go fairge, agus
ó shlíabh go slíabh.


L. Mc7:13


Thairis sin biáidh an talamh na
fhásach, do bhrígh na muintire áitrea-
bus innte, arson thoruidh a ngníomh.


L. Mc7:14


Beathuigh do mhuintir le do shlait,
tréud hoighreachta noch chomhnuighios go
háonránach annsa choill a lár Charmel;
bíathaidís ann Básan agus an Gilead
mar annsna laéthibh anallód.


L. Mc7:15


Do réir na laétheadh a ttáinic
tú amach as crích na Hégipte thaisbean-
fas misi neithe iongantacha dhó.


L. Mc7:16


Dochífid na cineadhacha, agus
béid claóidhte tar anuile neart; cuirfid
a lámh air mbéul, béid a cclúas a bodhar.


L. Mc7:17


Lighfid an luáithreadh amhuil nai-
thir nimhe, corrochuid amach as a
bpolluibh amhuil péiste na talmhan; biáidh
eagla an Tighearna ar Ndía orra, agus
biáidh eagla orra air do shonsa.


L. Mc7:18


Cía an Día atá cosmhuil riotsa,
mhaitheas éigceart, agus léigios thairis sá-
rughadh íarsma a oighreachta? ní chongmhann
sé a fhearg choidhche, do bhrígh go ndúilghi-
onn sé a ttrócaire.


L. Mc7:19


Fillfidh sé arís, biáidh truáighe ai-
ge dhúinn: claóidhfidh sé ar néigceart: agus
teilgfidh tú a ccionta uile a ndubhai-
gén na fairge.


L. Mc7:20


Coimheoluidh tú anfírinne do Iácob,
agus an trócaire do Abraham, noch
do mhionnuigh tú dar naithribh ó na laé-
thibh anallód.


L. Na


NAHUM


L. Na1:1


Dalach Ninebheh: leabhar fi-
se Nahum, an Telcosi-
teach.


L. Na1:2


Ata Día éudmhar,
agus doní an Tighearna dioghaltas:
atá an Tighearna dioghaltach, agus
fíochmhar; dodhénuigh an tighearna dio-
ghaltas ar a naimhdibh, agus taiscidh
sé gérsmacht dá easccáirdibh.


L. Na1:3


Atá an Tighearna mall chum
feirge, agus mór a ccumhachtaibh, agus
ní sháorfa sé ar aonchor an droch
dhuine: atá a shlighe aig an Ttighearna
annsa ghaóith ghuáirdeáin agus annsa
stoirim, agus asíad na néulla luái-
threadh a chos.


L. Na1:4


Imdheargaidh sé anfairge, agus
doní tirim í, agus tiormuighidh sé su-
as na srotha uile: anbhfainnigh Básan
agus Carmel, agus críonuidh bláth Lebanon.


L. Na1:5


Creathuid na sléibhte roimhe, a-
gus leaghaid na cnuic, agus loiscthear
an talamh rena radharc, aseadh, an
domhan, agus anuile ní áitreabhus ann.


L. Na1:6


Cía fhédas seasamh as coinne a
fheirge? agus cía fhédas fuireach re
buirbe a fheirge? do dóirteadh a dhíbh-
fhearg amach mar theine, agus do teil-
giodh síos na cairge leis.


L. Na1:7


Is maith an Tighearna, caisléan
daingion a ló na buáidheartha, agus
aithnigh sé an drong dóthchusuighios ann.


L. Na1:8


Acht cuirfidh sé deireadh iomlán
léna áit le tuile rabhartha, agus lean-
fuidh dorchadus a naimhde.


L. Na1:9


Cred smuáintighidh anaghaidh an
tighearna? dodhénuidh sé críochnughadh
iomlán: ní éireochuidh buáidhreadh súas an
dara huáir.


L. Na1:10


Oír an feadh bhéid fillte air a chéile
mar droighne, agus an feadh bhéid ar
meisce amhuil lucht meisce, loiscfighear
íad amhuil connlach láinthirim.


L. Na1:11


Atá áon tháinic asad amach,
smuáineas olc anaghaidh an Tighearna:
drochchomhairleach.


L. Na1:12


Is marso adeir an Tighearna,
má tá go bhfuilid suáimhneach agus fós
iomadamhuil, gidheadh is marso chuirfighear
síos íad an tan rachus sé thríd: mátá
gur phían mé thú, ní phíanfa mé thú nísa mhó.


L. Na1:13


Oír anois brisfidh mé a chuing
dhíot, agus brismimne do chuibhreach ó
chéile.


L. Na1:14


Agus thug an Tighearna fúagra
dot taóibh, chor go nach síolcuirfidh ní
is mó dot ainm: geárrfa mé amach
as tigh do dhée an níomháigh ghreannta, agus
an níomháigh leaghtha, dodhéna me huáigh,
óir atá tú beagluáigh.


L. Na1:15


Féuch air na sléibhtibh cosa an
té dobheir nuáidheachta maithe leis, fhua-
gras síodhcháin: a Iúdah, coimhéd do
fhéstadha sollamonta, comhaill do mhói-
de: óir ní ghébhuidh an drochdhuine nísa
mó thríod, do gearradh amach go hiom-
lán é.


L. Na2:1


An té bhrisios a mblodhuibh thái-
nic sé as coinne haighthe:
taisgidh an stór, coimhéd
an tslighe: déna do leasrach
láidir, neartuigh do chumhachta
go láidir.


L. Na2:2


Oír do chuir an Tighearna oirdhear-
cus Iácob ar ccúl mar oirdhearcus Israel:
óir do fholmhuigheadar lucht anfol-
mhuighthe íad, agus do mhilleadar a mbean-
gáin fíneamhna.


L. Na2:3


Dorinneadh scíath a dhaoineadh neart-
mhara dearg, atáid na fir churata a
scairléd daite: biáid na carbuid maille
ré tóirsighibh lasamhla a ló a ullmhuighthe,
agus béid na crainn ghiumhuis ar crioth
go húathbhásach.


L. Na2:4


Béid na carbuid ar buile annsna
sráidibh, gleicfidh gach carbad díobh ré
ar oile annsna slighthibh leathna: taisbean-
fuid amhuil tóirsibh, riothfuid cosmhuil
ré teine.


L. Na2:5


Aithmheasfuidh sé a dhaóine onóra-
cha, dogheabhuid síad tuisleadh iona siu-
bhal: dodhénuid deithnios chum a bhalla-
sin, agus glésguighear a dhaingean


L. Na2:6


Oisceoltar geatadha na sroth-
ann, agus scaóilfigear an pálás.


L. Na2:7


Agus bérthar Hurab ar siu-
bhal a láim, dobhérthar súas í, agus
tréorochuid a cailínigh í amhuil budh le
guth colum ag búaladh a nochta.


L. Na2:8


Acht atá Ninebheh ónallód cos-
mhuil ré lochán uisce: gidheadh teithfid
rompa. Seas, seas, (éighfid síad:) acht
ni fhéuchfuidh énduine na dhiáigh.


L. Na2:9


Glacaidh sibhsi anédáil airgid, gla-
caidh anédáil óir; óir ní bhfuil críoch air
an stór, agus glóir amach as an
ttrealamh mbreádha.


L. Na2:10


Atá sí folamh, agus fáon, a-
gus na fásach, agus leaghoidh an
croidhe: agus buailid na glúine a chéile,
agus atá iomad péine ann anuile leas-
rachuibh, agus cruinnighidh a naighthe uile duibhe.


L. Na2:11


Cáit a bhfuil comhnuighe na leo-
mhan, agus ionad beatha na leomhan óg?
mar a siubhluighionn leomhan, eadhon an
seinleomhan, agus cuiléin na leomhan, agus
ni chuirionn duine ar bioth eagla orra.


L. Na2:12


Dfúaduigh an leomhan go lór
da chuilénuibh, agus do theacht sé dá leo-
mhanuibh buinionna, agus do líon sé a
úamha lé creich, agus a phruchlais lé
fúadach.


L. Na2:13


Féuch, atáimsi ad aghaidh, adeir
tighearna na slógh, agus leisc-
fídh mé a carbuid annsa teine, agus
sluigfidh an cloidheamha leomhuin óga, a-
gus gérrfa mé do chreach ón ttalamh, a-
gus ni cluinfighear guth do theachtadh níis
mó.


L. Na3:1


A mhairg don chathruigh
fhuil-tigh, atá sí uile lán do bhré-
gaibh, agus do shladmhóireacht,
ní scuirionn an tinchreachadh.


L. Na3:2


Torann scíursa, agus fú-
aim thormáin na rothadh. agus iomrúagadh na
neach, agus na ccarbad ttuslógach.


L. Na3:3


Tógbhuidh an marcach súas araón
an cloidheamh loinnreach agus an gath tonnach,
agus atá iomad do dhaóinibh marbha, a-
gus uibhir mhór chorp, agus ní bhfuil críoch air
a ttaisighbh: tuislíghid air a ccorpuibh.


L. Na3:4


Do bhrígh iomuid stríopachuis na
meirdrigh sciamhuigh, maigistrés na
bpiséog, reacus cinedhacha tre na strí-
opachasuibh agus muinteara tré na piséogaibh.


L. Na3:5


Féuch, atáim ad aghaidh, adeir
Tighearna na slógh, agus léigfidh mé do
sciortadha leis as coinne haighthe, agus
taisbeanfa mé do thruáilleadh do na crí-
ochaibh, agus do náire do na rioghachtaibh.


L. Na3:6


Agus teilgfidh mé salchar adhfhúa-
thmhar ort, agus dodhéna mé beagluáigh
thú, agus suidheocha mé thú amhuil aóileach.


L. Na3:7


Agus tiucfuidh a ccrích, an mhéid
fhéuchfas ort, go tteithfid síad romhad,
agus go naibeoruid, do leagadh Ninebheh na
fásach, cía chaóinfios í? cía as a ní-
arrfa misi cobhartuigh dhuit?


L. Na3:8


An féarr thusa ná Nó daoineach,
noch do suigheadh a measg na srothann, a-
gá raibh na huisceadha na timchioll fa
cuáirt, ar bhí anfairge a cothughadh, agus
dobhí a balla ón bhfairge?


L. Na3:9


Budh í a neartsin a Netíopia, agus
a Négipt, agus do budh neamhchuimseach sin,
budh íad do chobharthaigh Put agus Lubim.


L. Na3:10


Thairis so rugadh ar siubhal í, dochuáidh
sí a mbraighdionas, dorinneadh
fós sligreach da ccloinn óig a mullach na
sráideann uile, agus do theilgiodar cranchar
air a daóinibh onóracha, agus do ceangladh
a daoine móra uile a ngéibhionuibh.


L. Na3:11


Biaidh tusa fós ar meisce:
foileochthar thú, íarrfa tú mar an ccéd-
na neart do bhrígh na námhad.


L. Na3:12


Biáidh huile dhaingneacha láidre
amhuil crainn fíge leis na céidfhígibh a-
buidh; má croithtear íad, tuitid síad ea-
dhon a mbéul an té itheas.


L. Na3:13


Féuch, is mná do dhaóine ann do
lár: oischeoltar súas geatadha do thí-
re dod naimhdibh, sluigfidh an teine do
bharradha.


L. Na3:14


Tarruing na huisceadha chum an
champa, neartuigh do dhaigne láidre:
éirigh annsa chriáidh, agus saltair an mor-
téul, déna áit na mbríceadh láidir.


L. Na3:15


Annsin sluigfidh an teine thú:
gérrfuidh an cloidheamh thú: íosuidh sé
súas thú mar phéist an chancair: déna
dhuit féin mórán mar phéist an chanchair,
déana dhuit mórán mar na lócustaibh.


L. Na3:16


Dfoirlíon tú do cheannuighthe ós
cionn réltann neimhe: millidh an phéist
chancair, agus teithigh sí roimpe.


L. Na3:17


Atáid do choróntaigh mar na
lócuiste, agus do chaiptínighe mar na
dreóllánuibh teasbhuidh móra, noch chomhnui-
ghios annsna fáltaibh annsa lá fhúar:
acht an tan éirghios an ghrían teithid
síad rompa, agus ní haithnighthear anáit a mbíd.


L. Na3:18


Néullfartaighid háodhaireadha, a
Rígh na Hassíria: béid huaisle na
ttocht; do scabadh do dhaóine air na sléibh-
tibh, agus ní chruinnighionn duine ar bioth íad.


L. Na3:19


Ní bhfuil leighios ar do lot,
is nimhneach do chneadh: buáilfidh gach
uile dhuine chluinfios do thásg a mbasa
ós do chionn; óir cía air nar shiubhuil
holc do ghnáth?


L. Hb


HABACUC.


L. Hb1:1


An túalach dochonnairc Habacuc
an fáigh.


L. Hb1:2


O a Thighearna, ga fad
bhías mé ag éigiomh, agus
nach ccluin tú? eadhon ag éi-
ghiomh chugad air fhoiréigion, agus nach
áill leacht tártháil?


L. Hb1:3


Créd fá ttaisbeanann tú éigceart
dhamh, agus a thabhairt orum doilgios
dfaicsin? óir atá cneadh agus foiréi-
gean as mo choinne: agus atá drong ann
thógbhus súas ceannairg agus imreasan


L. Hb1:4


Uimesin do failligeadh an dligheadh,
agus ní théid breitheamhnus choidhche amach:
óir íadhuid na ciontuigh a ttimchioll na
bhfírén: uime sin théid breitheamhnus éig
cóir an adhaigh.


L. Hb1:5


Féuchuidh sibhsi a measg na ngein-
teadh, agus measuigh, agus iongantaigh go hion-
gantach: óir oibreocha misi obair an bhur
laéthibh, noch nach ccreidfidhe dá mbeith go
ninneastaói dháoibh é.


L. Hb1:6


Oír féuch, tógbhuim súas na Cal-
deánuigh, an cineadh searbh deithneasach
sion, noch imthighios tre leithead na tíre,
do shealbhughadh na náiteach ccomhnuidhe nach
leó féin.


L. Hb1:7


Atáid síad úathbhásach agus gúa-
rachtach: gluáisfidh a mbreitheamhnus,
agus anoirdhearcus úatha féin.


L. Hb1:8


Is luáithe fós aneich ná liopaird,
agus is buirbe íad ná coin állta an trá-
thnóna, agus leathnochuid a marcshlúagh íad
féin, agus tiucfuid a marcshlúagh ó imchéin,
eitilfid mar an niolar dheithfrigheas di-
the (bídh).


L. Hb1:9


Tiucfuid uile chum éigin: súigh-
fid a naighthe súas mar an ngaoith anoir,
agus cruinneochuid an braighdionas
mar an ngaineamh.


L. Hb1:10


Agus dodhénuid sgige fá na
riogaibh, agus béid na prionnsadha na ccúis
mhagaidh aca: dhisbeagfuid gach uile dhan-
gion láidir: óir crúachfuid luáithreadh,
agus gébhuid é.


L. Hb1:11


Annsin áthrochus a inntinn, agus rach-
fuidh sé thairis anonn, agus cinteochuidh sé, (ag
cur) a chumhachta a leith a dhé féin.


L. Hb1:12


Nach bhfuil tusa ó shíorruighiocht,
a Thighearna mo Dhía, maón naomhtha? ní
éugfuimne: a Thighearna, dórduigh tú íad
do bhreitheamhnus, agus a Dhé chumhachtaigh, do
dhaingnidh tú íad do smachtughadh.


L. Hb1:13


Is fíorghlaine do shúile na chum
uilc damharc, agus ní fhédann tú féuchuin air
éicceart: cred fa bhféuchann tú air an
droing doní go fealltach, agus bhíos tú ad
thocht an tan shluigios an drochdhuine an
duine is fíréunta ná é féin?


L. Hb1:14


Agus doní tú daóine mar íasg
na fairge, amhuil na neithe snáidheacha nach
bhfuil ríaghlaightheóir ós a ccionn.


L. Hb1:15


Tógbhuid íad uile súas leis an
ndubhán, gabhuid íad iona líon, agus cruinni-
ghid íad iona líon tairngthe: uimesin gáir-
dighid agus bíd lúathgháireach.


L. Hb1:16


Ar anadhbharsin íodhbruid síad
dá líon, agus loiscid túis dá bpaintéur:
do bhrígh go mbí a ccomhroinn méith leó
sin, agus a mbaidh fairsing.


L. Hb1:17


An bhfoilmheochuid síad a líon
uimesin; agus gan choigill do ghnáth
cineadhacha do mharbhadh?


L. Hb2:1


Seasdfuidh mé ar mo choimhéd,
agus rachfa mé air an ttor,
air aireocha mé dféchuin cred
adéara sé riom, agus
cred fhregoras mé an tan
aithbeorthar mé.


L. Hb2:2


Agus do fhreagair an Tighearna mé,
agus adubhairt, scríobh anfis, agus
déana soilléir í air chláruibh, iondus go
riothadh an té léighios.


L. Hb2:3


Oír atá anfis fós chum uáire
cinte; acht fa dheóigh laibheoruidh sí, agus
ní dhéna sí bréag: má atá go madh
mall í, feith uirre, do bhrígh go ttiucfa
sí go deimhin, ní anfa sí.


L. Hb2:4


Féuch, an té ar tógbadh súas
a anam, ní bhfuil go díreach ann féin:
acht mairfidh an fíréun tre chrei-
diomh.


L. Hb2:5


Fós mar an ccéadna do bhrígh go
ccíontuighionn sé le fíon is duine
úaibhreach é, ní mó fhanas sé annsa bhaile,
noch fhoirleathnuighios a mhían mar ifri-
onn, agus go bhfuil mar an mbás, agus
nach fhéidir a shásadh; acht go ccruinn-
ighionn sé chuige gach uile chineadh, agus go
ccárnann sé anuile phobal chuige.


L. Hb2:6



L. Hb2:7


Nach éireochuid an drong ghoir-
teachus tú súas go lúath? agus nach
múisceoluidh an ni thú bhuáidhirfios tu? agus
biáidh tú mar éadáil aca


L. Hb2:8


Do brígh gur mhill tú iomad ci-
neadhach, millfidh uile íarsma na ndaóine
thusa: ar son fola daóine, agus ar
son éigne na tíre, na caithreacha, agus
anuile dhuine chomhnuighios inte.


L. Hb2:9


A mhairg don té shantuighios
drochshaint da thigh, iondus go suigh-
eocha sé a nead go hárd, chor go
sáorfuidhe é ó chumhacht anuilc.


L. Hb2:10


Do chomhairligh tú náire dot
thigh le gearradh mhóraín dáoine, do
pheacuigh tú anaghaidh hanma féin.


L. Hb2:11


Oír comhaircfid na clocha as
an mballa, agus freigeoruidh an tsail
as anadhmad í.


L. Hb2:12


A mhairg don té doní baile
le fuil, agus shuighios cathair le
héigceart.


L. Hb2:13


Féuch, nach ó Thighearna na slógh
atá go sáothrachuid na daóine annsa
teine feín, agus coirfid na daoine íad
féin ar son díomháoims?


L. Hb2:14


Oír líonfuighior an talamh
le heólus ghlóire an Tighearna, mar
fhoiluighid na huisceadha anfairge.


L. Hb2:15


A mhairg don tí dobheir deoch dá
chomharsoin: chuirios do bhuideal chuige,
agus fós chuirios ar eisge é: chor go
bféuchfa air a lomnochtuigh.


L. Hb2:16


Atá tú líonta do náire anaít
glóire: ibhse fós, agus bíodh do
réimhchroicionn leis: iompochthar cupán
láimhe deise an Tighearna chuigadsa,
agus biaidh sceathrach náireach air do ghlóir.


L. Hb2:17


Oír foileochuidh éigion Lebanon
thú: agus creach bheathach noch do chuir
eagla orra, ar son fola daóine agus
ar son éighne na tíre, na caithracha,
agus anuile dhuine aitrighios ínte.


L. Hb2:18


Cred tharbhuighios aníomháigh
ghreanta ar ghrean fear a hullmhuighthe í;
aníomháigh leaghtha, agus teagasgóir
bréug as a ndóthchusuighionn fear déan-
ta a oibhre féin ann, do dhénamh iodhal
mbalbh?


L. Hb2:19


A mhairg don tí adeir ris an
maide, múscail: ris an ccloich mbailbh,
éirigh; teagoscuidh sí: féuch, do córu-
ghadh í air fad dór agus dairgiod, agus
ní bhfuil ánal ar áonchor iona lár.


L. Hb2:20


Acht atá an Tighearna iona
theampall náomhtha: bíodh an talamh uile
na thocht dá lathair.


L. Hb3:1


Urnaigh Habacuc an fáigh
air Sigionot.


L. Hb3:2


O a Thighearna, dochu-
ala mé do ghlór, agus do
bhí eagla orum: a Thighir-
na, aithbheodhuigh hobair a meadhón na
mblíadhan, foillsigh a lár na mblíadhan:
a bhfeirg cuimhnigh trócaire.


L. Hb3:3


Tháinig Día ó Théman, agus
an taón naómhtha ó shlíabh Páran, dfo-
luigh a ghlóir na flaithis, agus do
bhí an talamh lán dá mholadh.


L. Hb3:4


Agus dobhí a dhélradh mar an
solus, dobhádar adharca as a láimh,
agus annsin dobhí folach a chumhacht.


L. Hb3:5


Dochuáidh an phláigh roimhe, a-
gus chuáidh gúal dearg amach óna
chosaibh.


L. Hb3:6


Do sheas sé, agus do thomhais sé
an talamh: dféuch sé, agus do scaóil
sé ó chéile na cineadhacha, agus do
spréidh sé na sléibhte síothbhuana, do
chromadar na cnuic shíorruidhe: atáid
a shlighthe gan fhoircheann.


L. Hb3:7


Dochonnairc mé páilliúin Chusan
anaindeise: agus do chriothnuigh cúir-
tíne thíre Mídian.


L. Hb3:8


An raibh an Tighearna feargach
anaghaidh na nabhann? an raibh thfearg
anaghaidh na nabhann? an raibh thfearg
anaghaidh na fairge, as a ndearna tú
marcuigheacht air heachaibh, agus air charba-
duibh do slánuighthe?


L. Hb3:9


Dorinneadh do bhodha lomnocht go
huilidhe do réir mhionna na ttreabh, thfo-
cal Selah; do scoilt tú an talamh
ré srothaibh.


L. Hb3:10


Dochoncadar na sléibhte thú,
agus do chriothnuigheadar, dochuáidh
tuile bhárr anuirse thairis: dfoillsigh
an taigéun a ghuth, agus do thóig a
lámha súas go hárd.


L. Hb3:11


Dfan an ghrían agus an ghea-
lach na seasamh iona náit féin: dim-
thigheadar fa sholus do shoighead, agus
fa loinnir do gath tonnaigh.


L. Hb3:12


Dimthigh tú thríd an ttír a
bhfeirg, do bhuáil tú na geinte a
ndíbhfheirg.


L. Hb3:13


Dochuáidh tú amach ar son
tárthála do dhaóine, eadhon ar son
slánuighthe re hungthach: do loit tú
an ceann as tigh an chiontuigh, le foill-
siughadh na bunáite gus an muineal,
Selah.


L. Hb3:14


Do bhuáil tú thríd amach léna
mhaideadhuibh ceann na mbailteadh: thanga-
dar amach mar gháoith ghuáirdeáin dom
scainreadhsa: budh é a ngaírdeachas an
bocht do shlugadh go seicréideach.


L. Hb3:15


Dimthigh tú thríd an bhfairge lé
heachuibh tré chruinniughadh na nuisgeadh
mór.


L. Hb3:16


An tan dochúaluidh mé, do
chriothnuigh mo bholg, dúasnadar mo
phuisíne ris an ngut: dochuáidh lobhadh
asteach ann mo chnámhuibh; agus do crith
me ionnam féin, iondus go súaimhnea-
chuinn a ló na buaidheartha: an tan thig
sé súas chum na ndaóine, ionnsochuidh sé
íad lena shlúaghuibh.


L. Hb3:17


Má atá nach bláthann an crann
fíge, agus nach mó bhías toradh annsa
bhfíneamhuin: failleachuidh saóthar crainn na
hola, agus ní thiubhruid na machaireadha
bíadh ar bioth úatha, gearrfuighear an
tréud amach ón máinrigh, agus ní bhi-
áid ealbha ar bioth annsna stalladhuib.


L. Hb3:18


Thairis sin gáirdeocha misi ansa
Tighearna: sólásfuidh mé a nDía mo
shlánuighthe.


L. Hb3:19


Isé an Tighearna Día mo neart,
agus dodhéna sé mo chosa cosmhuil re
cosaibh eilite agus dobhéra sé orum
siubhal ar máitibh árda. Don phrímhfhear
ceóil ar madhbhadhuibh sreangacha.


L. Sf


SEPHANIAH.


L. Sf1:1


Briathar an Tighearna noch thái-
nig go Sephaniah mhac Cusi,
mhic Gedaliah, mhic Amari-
ah, mhic Hisciah, a laéthibh
Iósiah mhic Amon Rígh Iúdah.


L. Sf1:2


Scriosfa mé thríd amach anuile
ní ón talamh, adeir an Tighearna.


L. Sf1:3


Díoghbháighfidh mé an duine agus
an beathach, scriosfa mé énlaith anai-
éir, agus éisc na fairge, agus na cip
thuisligh maille ris na ciontachaibh, agus
geárrfa mé amach an duine ón ttalamh,
adeir an Tighearna.


L. Sf1:4


Sínfidh mé mar an ccédna mo
lámh amach air Iúdah, agus air uile áitrea-
thach Ierusalem, agus gérrfa mé a-
mach íarsma Bhaal as anáitsi, agus
ainm na Chemariteach maille ris na
sagartaibh.


L. Sf1:5


Agus an drong adhras slúagh
neimhe air mhulluighibh na ttightheadh, agus
an drong adhras, agus mhionnuighios fán
Ttighearna, agus mhionnuighios fa Mhalcham.


L. Sf1:6


Agus an lucht dfill ar a nais ón
Ttighearna, agus an drong nar íarr
an Tighearna, agus nar cheasnuigh ris.


L. Sf1:7


Bí ad thocht lé faicsin an Tighearna
Día: óir atá lá an Tighearna do lathair;
óir do ghlés an Tighearna íodhbuirt, dfúa-
gair sé dá lucht cuiridh.


L. Sf1:8


Agus tiucfa a ccrích a ló íodh-
bortha an Tighearna, go ccoireocha
misi air na prionsadhuibh, agus air chlannaibh na
Ríogh, agus air na huile dhaóinibh atá airna
nédughadh lé culadhuibh coimhightheacha.


L. Sf1:9


Annsa ló chédnasin smaichteocha
mé anuile dhuine lingios air an ttáirsigh,
noch líonas tighthe a maighistreach le
héigean agus lé clúanuigh.


L. Sf1:10


Agus tiucfa a ccrích san ló
sin, adeir an Tighearna, go mbiáidh
guth anéigin ó gheata anéisg, núall-
fartach ón dara geata, agus tor-
mán mór ó na cnocaibh.


L. Sf1:11


Núalluighse a áitreabhthacha
Mactes: óir atháid na ceannuighthe uile
arna ngearradh síos: do gearradh
amach anuile dhuine iomchras airgiod.


L. Sf1:12


Agus tiucfuidh a ccrích san
namsin go spíonfa misi Ierusalem lé
coinlibh, agus píanfa mé an drong a-
tá go socair air a ndeascaigh, noch adeir
iona ccroidhe, ní dhéna an Tighearna
maith; ní mó dhéna sé olc.


L. Sf1:13


Uimesin dodhéntar édáil dá
maóin, agus fásach dá ttighthibh; cuir-
fid fós tighthe súas, acht ní áitreochuid
ionta, agus plainndeochuid fíneamhna,
acht ní iobhuid a fíon sin.


L. Sf1:14


Atá lá mór an Tighearna a bhfo-
gus, atá sé a ngar, agus deithfhrighidh
sé go mór, eadhon guth laoin an Tighearna:
comhaircfidh an duine cumhachtach annsin go
haidhmhéil.


L. Sf1:15


Is lá díbhfheirge an lá sin, lá
buáidheartha agus amhgair, lá fásuighthe agus aón-
ranachta, lá dorchachta agus duáibhsighthe,
lá néull agus dorchadais thiugh,


L. Sf1:16


Lá stoc agus fúagartha anaghaidh na
ccaithreach ndaingean, agus anaghaidh na ttor
nárd.


L. Sf1:17


Agus dobhéra mé amhghar air
dhaóinibh, iondus go siubholuid amhuil daói-
ne dalla, do bhrígh gur pheacuigheadar ana-
ghaidh an Tighearna: agus dóirtfighear a
bhfuil amach amhuil luáithreadh, agus a bhfeóil
mar anaóileach.


L. Sf1:18


Ní mó fheádfas a nairgiod nó
a nór a sáoradh a ló fheirge an Tighear-
na; acht sluigfighear an talamh uile
lé teine a éuda: óir cuirfidh sé dei-
readh deithneasach leis anuile dhuine dá
náitreabhann san tír.


L. Sf2:1


Cruinnighidh sibh féin a bhfochair a
chéile, aseadh, cruinnighidh a
ccionn a chéile, a chineadh neamh-
dhúileamhuil.


L. Sf2:2


Suil bhéras anfuagra amach,
suil imeachus an lá mar an ccáithleach,
suil thiucfas fearg bhorb an Tighearna
oruibh, suil thiucfas lá feirge an Tighear-
na oruibh.


L. Sf2:3


Iarruidh an Tighearna, sibhsi a uile
dhrong ceannsa na talmhan, noch doibrigh
a bhreitheamhnus, íarrudh fíréantacht, iar-
ruigh macántacht: dobfeídir go bhfoi-
leochtháoi síbh a ló fheirge an tigh-
earna.


L. Sf2:4


Oír tréigfighear Gása agus
(biáidh) Ascélon na díamhaireacht: díbeo-
ruid Asdod amach san meadhón laói, agus
tochalthar Ecron as a freimh,


L. Sf2:5


A mhairg do lucht áitrighthe chós-
ta na fairge cíneadh na Cheretíteach: atá
focal an Tighearna bhur naghaidh: a Chanaan,
a dhúthaigh na Bhphilistinéach, scri-
osfa mé thusa go dearbhtha, iondus nach
biáidh áitreabthach ar bioth (ionnad).


L. Sf2:6


Agus béid cóstadha na fairge
na náitibh comhnuighe, agus na mbodhaibh
ag áodhairibh, agus na máinreachaibh ag
tréuduibh.


L. Sf2:7


Agus bíaidh an cósta aig fuighi-
oll thighe Iudah, biathfuid air, a ttighthibh
Ascélon luighfid síad síos tráthnóna:
óir cúairteachuidh an Tighearna a Ndía íad,
agus fillfidh sé a ndáoirsne úatha.


L. Sf2:8


Dochuala mé masla Mhóab, agus
cáintéoireas chloinne Ammon, lé ar mhas-
luigheadar mo dháoine, agus lé ar mhór-
uigeadar íad feín anaghaidh a tteórann.


L. Sf2:9


Uimesin fa mar mhairim, adeir
Tighearna na slógh Día Israel, go dei-
mhin biaidh Móab mar Shodom, agus clann
Ammon mar Ghomorrah, eadhon na ma-
thair neantóg agus na poll saluinn,
agus na háonranacht shíorruidhe; mill-
fidh íardhráoi mo dhaóine íad, agus
sealbochuid íarsma mo dhaóine íad.


L. Sf2:10


Isé so dogheabhuid ar son a núa-
bhair, do bhrígh gur mhasluigheadar agus
gur mhóradar íad fein, anaghaidh dhaóine
Thighearna na slógh.


L. Sf2:11


Bíaidh an tighearna úathbhásach dhóibh,
óir cuirfidh sé uile dheé na talmhan do
ghorta, agus aidheoruid dáoine eision
gach áonduine as a ionad féin, eadhon uile
oilén na ngeinteadh.


L. Sf2:12


Sibhsi a Etíopianuigh mar an
ccéadna muirfighear sibh le mo chloi-
dheamhsa.


L. Sf2:13


Agus sínfidh sé a lámh amach
anagaidh an tuáiscert, agus scrios-
fuidh sé a Nassíria, agus dodhéanuidh
Ninebheh na híonránacht, agus tirim mar
fhásach.


L. Sf2:14


Agus luighfid tréuda iona lár,
uile bheathacha na ccineadhach: coideoluigh
an fíachfairge aráon agus an bunn-
án léana iona lindéribh úachtaracha:
canfa a nguth annsna fuinneógaibh, biáidh
áonránacht annsna taisighibh: oir nochtfuidh
sé anobair cédair.


L. Sf2:15


Isí so an chathair lúathgháireach,
do chomhnuigh neamhchúramach, adubhairt iona
croidhe, atáimse, agus ní bhfuil ann
acht mé: cionnus dorinneadh fásach dhi,
na haít aig beathachaibh chum luighe síos
innte, gach uile dhuine ghabhus láimh ría,
dhéna sé feadalach agus croithfidh a
lámh.


L. Sf3:1


A mhairg dhise atá salach, agus
truáillighthe, do chathruigh
na héccóra.


L. Sf3:2


Níor umhluigh sí don
ghuth, níor ghabh sí smacht: níor dhóthchu-
shaigh sí annsa Tighearna, ní tháinic sí a
ngar do Dhía.


L. Sf3:3


Atáid a prionsadha inte astigh
na leomhanuibh buile; atáid a breithea-
mhuin na cconaibh állta nóna, ní chrei-
mid síad na cnámha gus an maidin.


L. Sf3:4


Is éttrom fealltach a fáidhe: do
shalcadar a sagairt an tsanctóir,
dorinneadar éigion air an ndligheadh.


L. Sf3:5


Atá an Tighearna ceart iona lár sin,
ní dhéna sé éccóir: dobheir sé a
bhreitheamhnus chum soluis gach áon mhai-
din, ní fhaillighion sé: acht ní bhfuil fios
náire aig na daóinibh éiccearta.


L. Sf3:6


Do gheárr mé amach na cineadha-
cha, atáid a ttuir uaigneach, dorinne
mé a sráide na bhfásach, iondus nach
gabhann duine ar bioth (ionta), iondus
nach bhfuil áitreabhthach ar bioth.


L. Sf3:7


Adubhairt mé, go deimhin biáidh mea-
gla ort: gébha tú teagasg, iondus nach
gérrfuidhe amach anáit chomhnuighe, gidh
gur smachtuigh mé íad: acht déirghiodarsan
go moch, agus do thruáilleadar a
ngníomha uile.


L. Sf3:8


Uimesin feithidh sibhsi orumsa,
adeir an Tighearna, nó go ttígh an lá a
néireocha misi súas chum na creiche: óir
isé is mían damh na cineadhacha do chruinni-
ughadh, ionnus go ttoitheastluigh mé na
rioghachta do dhórtadh mo dhioghla orra,
eadhon mfearg bhorb uile: óir loisgfighear
an talamh uile lé téine méda.


L. Sf3:9


Oír annsin iompocha mé chum na
ndaóine teanga ghlan, chor go ngoirfid
uile ar ainm an Tighearna, dfoghnamh dhó
maille re háontoil.


L. Sf3:10


On taóibh thall daibhnibh na Hétiópia
máos gearáin, eadhon inghean mo dhaóine
seachránach, bhéruid mofráil leó.


L. Sf3:11


Annsa ló sin ní bhiáidh náire ort
ar son huile gníomh, ionar sháruigh tú am
aghuidhsi; óir annsin dobhéra mé a-
mach as do lár an mhéid gháirighios ann
húabhar, agus ní bhiáidh tú uáibhreach niis
mó, do bhrígh mo shléibhte náomhthasa.


L. Sf3:12


Fúigfidh mé fós ann do lársa
daóine buáidheartha agus bochta; agus cuir-
fid a ndóigh anainm an tighearna.


L. Sf3:13


Ní dhéna íarsma Israel éicceart
ar bioth, ní mó laibheoruid bréga: ní
mó gheabhthar teanga chealgach iona
mbéul: óir doghebhuid beatha, agus luigh-
fid síos, agus ní chuirfe duine ar bioth
eagla orra.


L. Sf3:14


Can a inghean Shíon: gáir a
Israel: bídh lúathgháireach, agus gái-
ridh maille red uile chroidhe, a inghean
Ierusalem.


L. Sf3:15


Do thóig an Tighearna do breithea-
mhnus díot, do theilg sé amach do ná-
mhuid: atá Rígh Israel eadhon an Ti-
ghearna ann do lár: ní fhaicfidh tú olc níis
mó.


L. Sf3:16


Annsa ló sin adérthar re Hie-
rusalem, ná bíodh eagla ort; agus re
Sion, ná bídís do lámha lag.


L. Sf3:17


Is cumhachtach an Tighearna do
Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáir-
deocha sé ós do chionnsa lé lúathgháir:
coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha
sé ós do chionn le caintic.


L. Sf3:18


Cruinneocha mé an drong atá
dóbrónach ar son an choimhthionóil shol-
lamonta, noch atá dhíotsa, dá raibh a
mhasla na úalach.


L. Sf3:19


Féuch, millfidh mé annsanamsin
anuile dhuine bhuáidhreas sibh, agus
tárthocha mé isi atá bacach, agus cruinn-
eochad an bhean do díbreadh amach, agus do
gheabha mé moladh agus clú dhóibh ann gach
aóintír ionar cuireadh náire orra.


L. Sf3:20


Annsanamsin dobhéra mé ar bhur
nais sibh, eadhon annsanam a ccruinneocha
mé sibh: óir dodhéna mé ainm agus mo-
ladh dhíbh eidir uile dhaóinibh na talmhan,
an tan iompochus mé ar ais bhur ndaóir-
sine as coinne bhur súl, adeir an Ti-
ghearna.


L. Hg


HAGGAI.


L. Hg1:1


Annsa dara blíadhain do
Dhárius an Rígh, annsa
seiseadh mí, annsa chéd lá
don mhí, tháinic bríathar an
Tighearna le Haggai an
fáigh go Serubbabel mhac Seáltiel, úa-
chtarán Iúdah, agus go Iosua mhac Io-
sedech an tárdshagart, ag rádh,


L. Hg1:2


Is marso labhrus Tighearna na
slógh, ag rádh, adeirid na daóinesi,
ní tháinic an tam fós, an tam ionar
chóir tigh an Tighearna do chur súas.


L. Hg1:3


Annsin tháinic bríathar an Ti-
ghearna lé Haggai an fáigh, ag rádh;


L. Hg1:4


An mithid díbhse comhnuighe do dhé-
namh ann bhur ttighthibh díona, agus an
tighse na luidhe na fhásach?


L. Hg1:5


Annois uimesin is marso adeir
Tighearna na slógh: measuigh féin bhur
slighthe.


L. Hg1:6


Do chuireabhair mórán, agus is
beag bhearthaoi asteach: ithí, acht ní bhfuil
go lór aguibh: ibhthí, acht ní bhfuiltí lí-
onta do dhigh: éduighthí sibh, achd ní
bhfuil áonduine aguibh seasgair: agus an
té thuillios túarustal, tuilligh sé túa-
rastal dá chur a mbála bhrisde.


L. Hg1:7


Is marso adeir Tighearna na
slógh, measuigh bhur slighthe.


L. Hg1:8


Eirghidhe súas air a tslíabh, agus
tugaidh adhmad libh, agus cuiridh an tigh
súas, agus biáidh dúil agamsa ann, a-
gus biáidh mé ar mo ghlórughadh, adeir
an Tighearna.


L. Hg1:9


Dobhi súil agaibh ré mórán, agus
féuch tháinic sin chum beagáin; agus an
tan thugabhair don bhaile é, do shéid misi
air cred uime, adeir Tighearna na
slógh? do bhrígh mo thighe atá na fhá-
sach, agus riothuigh gach duine aguibhsi
dhá thigh féin.


L. Hg1:10


Uimesin do congmhadh an taiér
ós bhur ccionn ó dhrúcht, agus do cong-
mhadh an talamh óna thoradh.


L. Hg1:11


Agus do ghoir misi air thiormach
air an ttalamh, agus air na sléibhtibh, a-
gus air anarbhar, agus air an bhfíon núadh,
agus air anola, agus air an nísin noch
dobheir an talamh amach, agus air
dhaóinibh, agus air áirnéis, agus air ui-
le sháothar na lámh.


L. Hg1:12


Annsin dumhluigh Serubbabel
mhac Seáltiel, agus Iosiah mhac Iosedech
an tárdshagart, maille re huile
íarsma an phobail do ghuth an Tighearna
a Ndía, agus do bhríathra Haggai an
fáigh (mar do chuir an Tighearna a Ndía
úadh é) agus dobhí eagla air an bpobal roimhe
an TTighearna.


L. Hg1:13


Annsin do labhair Haggai teach-
taire an Tighearna a tteachtaireacht an Ti-
ghearna ris an bpobal ag rádh, atáimsi
maille ribh, adeir an Tighearna.


L. Hg1:14


Agus do chorruigh an Tighearna
súas spiorad Sherubbabel mhic Seáltiel,
úachtarán Iúdah, agus spiorad Iosu-
ab mhic Iosedech an tárdhsagart, agus
spiorad íarsma an phobail uile, agus
thangadar, agus doibrigheadar a ttigh
Thighearna na slógh a Ndía:


L. Hg1:15


Annsa cheathramhadh lá fithchiod don
tseiseadh mí, annsa dara blíadhuin do
Dhárius an Rígh.


L. Hg2:1


Annsa seachtmhadh mí,
annsanáonmhadh lá fithchiod don
mhí, tháinic bríathar an Ti-
ghearna leis an bhfáigh Haggai, ag rádh,


L. Hg2:2


Labhair anois re Serubbabel mhac
Seáltiel, úachtarán Iúdah, agus re
Iosuah mhac Iosedech an tárdsha-
gart, agus ris an ccuid oile don pho-
bal, ag rádh,


L. Hg2:3


Cía do fágbhadh ann bhur measg-
sa dochonairc an tighse iona
chéadghlóir? agus ciondus dochítí
anois é? nach bhfuil sé ann bhur súi-
libh a ccompráid dó amhuil neimh-
ní?


L. Hg2:4


Gidheadh cheana anois bídh lái-
dir, a Sherubbabel, adeir an Ti-
ghearna, agus bí láidir, a Iosuah mhic
Iosedech an tárdshagart, agus bí-
thí láidir a uile phobal na tíre, adeir
an Tighearna, agus oibrighidh: (óir a-
táimsi maille libh), adeir Tighearna
na slógh.


L. Hg2:5


Do réir anfocail do cheangail
mé ribh, anuáir thangabhair as a Négipt,
marsin do chomhnuigh mo spiorad
eadruibh: ná bíodh eagla oruibh.


L. Hg2:6


Oír is marso adeir Tighearna
na slógh, tamall bheag fós, agus
croithfidh mé na neamha, agus an ta-
lamh, agus anfairge, agus an talamh
tirim.


L. Hg2:7


Agus criothfidh mé na huile chi-
neadhacha, agus tiucfuidh fonn na nuile
chineadh, agus líonfa mé an tighse le
glóir, adeir Tighearna na slógh.


L. Hg2:8


Is liomsa an tairgiod, agus is
liom an tór, adeir tighearna na slógh.


L. Hg2:9


Budh mo glóir an tighe dheighionaighsi
ná an chéid tighe, adeir Tighearna
na slógh: agus dobhéra misi síoth-
cháin annsanáitsi, adeir Tighearna na
slógh.


L. Hg2:10


Annsa ceathramhadh lá fithchiod don
náomhadh mí, annsa dara blíadhain do
Dhárius, tháinic bríathar an Tighearna
le Haggai an fáigh, ag rádh,


L. Hg2:11


Is marso adeir Tighearna na
slógh fíafruigh anois do na sagartaibh
do thaóibh an dlighe, ag rádh,


L. Hg2:12


Má iomchrann duine feóil náomh-
tha a sciorta a éduigh, agus go mbean-
fa a sciorta re harán, nó ré fíon, nó
ré hola, nó ré báadh ar bioth, an mbi-
áidh sin náomhtha? aagus do fhreagradar
na sagairt, agus adubhradar ní bhi-
áidh.


L. Hg2:13


Annsin adubhairt Haggai, má
bheanann duine bhíos neamhghlan ó mharbh re
háonchuid díobhso, an mbiáidh sé neamh-
ghlan? agus do fhreagradar na sa-
gairt, agus adubhrradar, biáidh sé
neamhghlan.


L. Hg2:14


Annsin do fhreagair Haggai, a-
gus adubhairt sé, is marsin atá an po-
balso, agus is marsin atá an cineadh-
so dom lathairsi, adeir an tighearna;
agus is marsin atá uile obair a lámh, a-
gus an ní ofráluid annsin is neamhghlan é.


L. Hg2:15


Agus anois íarruim dathchuin-
ge oruibh, measuidh ón ló aniugh agus
súas, ó roimhe chloich ar bioth do chur
ar chloich a tteampall an Tighearna.


L. Hg2:16


O dobhádar na láethesin, an
tan tháinic áon go cárn fhíchthiod (mio-
súr), ní raibh acht deich miosúir ann:
anuáir tháinic áon gus anumar brúite
anfíona do tharruing cháoghad soigh-
theach amach ón numar, ní raibh ann acht fith-
che soitheach.


L. Hg2:17


Do bhuáil misi sibh re gáoth-
ruáidh, agus lé milcheó, agus lé cloich-
shneachta, ann uile shaothruibh bhur lámh: gi-
dheadh níor fhilleabhair chugam, adeir an
Tighearna.


L. Hg2:18


Measuidh anois ón ló aniugh
agus súas, ón cheathramhadh lá fithchi-
od don náomhadh mí, eadhon ón ló far
leagadh bunáit theampuill an tighearna,
measuidh é.


L. Hg2:19


An bhfuil an síol fós annsa
sciobhól? aseadh fós ní thug anfínea-
mhuinn, agus an crann fíge, agus an
pomagranat, agus an crann ola a tho-
radh: ón ló so amach beinneocha mé sibh.


L. Hg2:20


Agus arís tháinic bríathar an
Tighearna go Haggai annsa ceathramhadh
lá fithchiod don mí, ag rádh,


L. Hg2:21


Labhair re Serubbabel, úachta-
rán Iúdah, ag rádh, croithfidh mé na
neamha, agus an talamh,


L. Hg2:22


Agus scriosfa mé cathaóir
rioghachtadh, agus scriosfa mé neart
rioghachtadh na ngeinteadh, agus teilg-
fidh mé seachad na carbuid agus an
drong doní marcuigheacht ionta, agus
tiucfuid na heich agus marcshluagh anúas,
gach áonduine le cloidheamh a dhear-
bhrathar.


L. Hg2:23


Annsa ló sin, adeir Tighearna
na slógh glacfa mé thusa, a Sherubbabel
mo shearbhfhoghantuigh, mac Seáltiel,
adeir an Tighearna, agus dodhéna mé
thú mar chomhartha: óir do thogh mé thú,
adeir Tighearna na slógh.


L. Sc


SECHARIAH.


L. Sc1:1


Annsanochtmhadh mí, annsa
dara blíadhain do Dhári-us,
tháiníg briathar an Tigh-
earna go Sechariah mhac
Ba-rachiah, mhic Iddo an fáigh,
ag rádh,


L. Sc1:2


Dobhí an Tighearna ro fheargach ré
bhur nathribhsi.


L. Sc1:3


Uimesin abairsi riú, is marso
adeir Tighearna na slógh, fillidhsi chu-
gamsa, agus fillfe mhisi chugaibhsi,
adeir Tighearna na slógh.


L. Sc1:4


Ná bíthíse amhuil bhur naithre
dar fhúagradar na cédfháighe, ag rádh,
is marso adeir Tighearna na slógh,
fillidh anois ó bhur ndroichshlighthibh, agus
ó bhur ndroichghníomhuibh: acht níor éi-
stiodar, agus ní thugadar aire dhamhsa,
adeir an Tighearna.


L. Sc1:5


Bhur naithre, cáit a bhfuilid? agus
na fáighe, an mairid choidhche?


L. Sc1:6


Acht nachar ghlacadar mo bhrí-
athrasa agus mo reachta, noch daithin mé
dom shearbhfhoghantuibh na faíghe, greim da
bhur naithribhse? agus dfilleadar, agus
adhubhradar, amhuil mar do bhreathnuigh
Tighearna na slógh do dhéanamh rinne,
do reír ar slighthe, agus do réir ar
ngniómh, is mar sin dorinne sé rinn.


L. Sc1:7


Ar an cceathramhadh lá fithchiod
don náonmhadh mí déag, noch ar bhí mí
Sebat, annsa dara blíadhain do Dhárius,
tháinic briathar an tighearna go Sechari-ah
mhac Barachiah, mhic Iddo an fáigh,
ag rádh,


L. Sc1:8


Dochonnairc mé san noidhche, agus
féuch duine ag marcuigheacht air each rúadh,
agus do sheas sé a measc na ccrann
Miortail noch dobhí san ghleann, agus
dobhádar na dhiáigh eich dhearga, bhalla-
cha, agus bhána.


L. Sc1:9


Annsin adubhairt misi, oh mo thigh-
earna, cred íad so? agus adubhairt an
taingiol do comráidh riom, taisbeanfa
mé dhuit, cred íad so.


L. Sc1:10


Agus do fhreagair an duine do
sheas a measc na ccrann Mhiortail, agus
adhubhairt, ísiád so an drong do chuir
an Tighearna do shiubhal síos súas air
fud na talmhan.


L. Sc1:11


Agus do fhreagradarsan ain-
geal an Tighearna do sheas a measg na
ccrann Miortail, agus adubhradar,
do shiubhluigheamar síos súas air feadh na
thalmhan; agus féuch, atá an talamh uile
suáimhneach, agus atá sé síothchánta.


L. Sc1:12


Annsin do fhreaghair aingeal an
Tighearna, agus adubhairt, a Thighearna
na slógh, ga fad nach déna tú grása
air Ierusalem, agus air chaithreachaibh Iúdah,
anaghaidh a raibh thfearg na deich
mblíadhna agus trí fithchidsi?


L. Sc1:13


Agus do fhreagair an Tighearna
an taingiol do chomhráidh riomsa re
bríathruibh maithe, agus le bríathruibh
comhfhurtachta.


L. Sc1:14


Marsin adubhairt an taingiol
do chomhráidh riomsa, éighsi ag rádh;
is marso adeir Tighearna na slógh,
atáimsi éadmhar fa Ierusalem, agus
ar son Shion maille re héud mór.


L. Sc1:15


Agus atáim ró fheargach ris
na geintibh atá go súaimhneach, oir ní
raibh acht fearg bheag orum, agus do chuidighead-
arsan anaindeisi dho dhul ar a hagaidh


L. Sc1:16


Ar anadhbharsin is marso adeir
an Tighearna, dfill misi go Hierusalem
maille re trócaire: cuirfighe-
ar mo thigh súas inte, adeir Tighear-
na na slógh, agus sínfidhthear dorubha
amach air Israel.


L. Sc1:17


Fúagair fós ag rádh, is marso
adeir Tighearna na slógh, leithneochthar
fós tré shonus mo chaithreacha, agus fós
fuirteachuidh an Tighearna Sion, agus toigh-
fidh fós Ierusalem.


L. Sc1:18


Annsin do thóig mé súas mo
shúile, agus damhairc mé, agus féuch,
ceithre hadharca.


L. Sc1:19


Agus adubhairt mé ris anain-
giol do chomhráidh riom; cred íadso? agus
do fhreagair seision mé, Isiád so na
hadharca do scánruigh Iúdah, Israel,
agus Ierusalem.


L. Sc1:20


Agus do thaisbéin an Tighear-
na dhamh ceathrar sáor.


L. Sc1:21


Annsin adubhairt misi, ciod a
ttangadar so dhá dhéanamh? agus do
labhair seision ag rádh, siad so na hadh-
arca do scáoil ó chéile Iúdah, iondus
nar thóg duine ar bioth a cheann súas: acht
thangadar so do chur eagla orra, do
theilgion adharca na ngeinteadh amach, noch
do thóg súas a nadharca ós cionn tíre
Iúdah dá scánnradh.


L. Sc2:1


Do thóig mé mo shúile súas aris,
agus damhairc mé, agus
feúch, duine go ndorugha
tomhais iona láimh.


L. Sc2:2


Annsin adubhairt mé, cáit a racha
tusa? agus adubairt seision riom,
do thomhas Ierusalem, agus dféachuin
cred a leithne, agus cred a fad.


L. Sc2:3


Agus féuch, dochuáidh an tain-
giol do labair riomsa amach, agus
dochuáidh aingiol oile amach na choinne.


L. Sc2:4


Agus adubhairt sé ris, rioth, la-
bhair ris an nógánachsa, ag rádh, áiteach-
thar Ierusalem mar bhailte gan bhalla-
dha, ar iomad na ndaóine agus na háir-
néisi bhías innte.


L. Sc2:5


Oír bíaidh misi, adeir an Tigh-
earna, am bhalla teineadh dhi timchioll
faccuáirt, agus bhiáidh mé am ghloír iona lár.


L. Sc2:6


Ho ho, tigidh amach, agus teith-
idh ón ttír thúaigh, adeir an Tighearna:
óir do leathnuigh misi amach thú mar chei-
thre gaotha neimhe, adeir an Tigearna.


L. Sc2:7


Tárthuigh thú féin, a Shion, chomh-
nuighios maille re hinghin na Babilóine.


L. Sc2:8


Oír is marso adeir Tighearna na
slógh, a ndiáigh na glóire do chuir sé
misi chum na ccineadhach do chreach sibhsi:
óir an té bheanas ribhsi, beanuidh sé ré
mogal a shúlsan.


L. Sc2:9


Oír féuch croithfidh misi mo lámh
orra, agus béid na néadáil dá sheir-
bhíseachaibh, agus aitheontáoi gurbé Tig-
hearna na slógh do chuir úadh mé.


L. Sc2:10


Can agus gáirdigh, a inghean
Shion: óir féuch, tháinic misi, agus
coimhneocha mé ann do lár, adeir an
Tighearna.


L. Sc2:11


Agus ceangoluid mórán cineadh-
ach ris an Tighearna annsa lósin, agus
béid na bpobal agumsa: agus áitreacha
misi ann do lársa, agus aitheonuidh tú
gurbé Tighearna na slógh do chuir chugad
mé.


L. Sc2:12


Agus sealbhochuidh an Tighearna
Iúdah a chomhroinn annsa talamh náo-
mhtha, agus béaruidh Ierusalem do ro-
ghuin arís.


L. Sc2:13


Bíthí bhur ttocht a uile fhéoil a
lathair an Tighearna: óir atá sé
arna thógbháil súas as a áitreabh
náomtha.


L. Sc3:1


Agus do thaisbéin sé dhamh Iosuah
an tárdshagart na shea-
samh as coinne aingil an Ti-
ghearna, agus Sátan na sheas-
amh dhá láimh dheis chum cur na aghaidh.


L. Sc3:2


Agus adubhairt an Tighearna ré
Sátan, go naithbhridh an Tighearna thú
a Shátan, eadhon an Tighearna do thogh
Ierusalem go nimdhearga sé thú: nach
aithinne so arna tharruing as an
tteine?


L. Sc3:3


Anois dobhí Iosuah éuduighthe
le hédach salach agus do sheas sé as
coinne anaingil.


L. Sc3:4


Agus do fhreagair sé, agus do la-
bhair ris an ndroing do sheas as a choinne,
ag rádh, beiridh libh na héduighe salcha
úadh: agus adubhairt sé rision, féuch,
thug mé air héigceart imtheacht uáit, agus
éideocha mé thú lé malairt culaidh.


L. Sc3:5


Agus adubhairt misi, cuirdís
bairrín breádha air a cheann: annsin do chuirea-
dar bairrín breádha air a cheann, agus do é-
duigheadar é lé culadhuibh, agus do sheas
aingiol an tighearna aca.


L. Sc3:6


Agus do dhearbh aingiol an Ti-
ghearna do Iosuah, ag rádh,


L. Sc3:7


Is marso adeir Tighearna na slógh,
má shiubhluighionn tú ann mo shlighthibhse, a-
gus má choimhédann tú mo chúram, annsin
dodhéna tú breitheamhnus air mo thigh, agus
cuimhdeocha tú fós mo chúirtionna, agus
dobhéra mé áite dhuit do shiubhal na
meascso noch sheasas láimh riot.


L. Sc3:8


Eisd anois a Iosuah, a árdsha-
gairt, thú féin agus do chompánuigh
shuighios as do choinne: óir is daóine da
ndéntar iongnadh íad; óir féuch, dobhéra
misi amach mo sheirbhíseach, an
BEANGAN.


L. Sc3:9


Oír féuch, an chloch do chuir mé
roimhe Iosuah, béid seacht súile air áon-
chloich: féuch, greanfa mé a ghreanta-
san, adeir Tighearna na slógh, agus
áthrocha mé éicceart na dúichthe sin
anáonló.


L. Sc3:10


Annsa ló sin, adeir Tighearna
na slógh, goirfidhe gach uile dhuine aguibh
a chomharsa faói an bhfíneamhuin, agus
faói an ccrann fíge.


L. Sc4:1


Agus tháinic an taingiol do
chomhráidh riom arís, agus
do dhúisigh sé mé amhuil duine
dúisighear as a chodladh,


L. Sc4:2


Agus adubhairt sé riom, cred
dochí tú? agus adubhairt misi, damhairc
mé, agus féuch cuinnleóir uile dór go
scála air a mhullach, agus seacht ttóir-
si air, agus seacht bpíopa chum na seacht
lampuibh, noch dobhí air a mhullach.


L. Sc4:3


Agus dhá chrann ola láimh ris: áon
aca air an ttaóibh deas don scála, agus
an dara crann don taóibh chlé dhe.


L. Sc4:4


Marsin do fhreagair mé, agus do
labhrus ris anaingiol do chomhráidh ri-
om, ag rádh, cred íadso, a thighear-
na?


L. Sc4:5


Annsin do fhreagair an taingiol
do comhráidh riom, agus adubhairt sé
riom, nach bhfeadair tusa cred íad
so? agus dubhairt misi, ní fheadar, a
thighearna.


L. Sc4:6


Annsin do fhreaghair seision, agus
do labhair sé riomsa, ag rádh, isé so
bríathar an Tighearna re Serubbabel,
ag rádh, ní lé slúagh, nó lé cumhachtaibh,
acht le mo spioraidse, adeir Tighearna
na slógh.


L. Sc4:7


Cía thusa, a shléibh mhóir? dodhéntar
réiteach dhíotsa roimhe Sherubbabel,
agus dobhéra sé amach a cheannchloch
sin lé gárrthuibh ag gláodhuigh, grá-
sa chuige.


L. Sc4:8


Tuilleamh fós, tháinic bríathar an
Tighearna chugam ag rádh,


L. Sc4:9


Asíad lámha Sherubbabel do
chuir bhunáit faói an tighso, isiad fós a
lámha chríochnochus é, agus aitheonuigh
tú gurbé Tighearna na slógh do chuir
misi chugad.


L. Sc4:10


Oír cía do tharcuisnigh lá na
nitheann mbeag? óir gáirdeochuid, agus
dochífid an dorubha a láimh Sherubbabel
maille ris an móirsheisior sin; isíad
súile an Tighearna, noch riothios síos
súas air feadh na talmhan uile.


L. Sc4:11


Annsin do fhreagair misi, agus
adubhairt mé ris, cred íad an dá chrann
olasa air an ttaoibh ndeas don choinnleóir,
agus air an ttaóib chlé dhe?


L. Sc4:12


Agus do fhreagair mé arís, a-
gus adubhairt mé ris, cred íad an dá
bheangán chrann olaso, noch folmhuighios
anola órdha thríd an dá phíopa órdha as-
ta féin?


L. Sc4:13


Agus do fhreagair seision mé, agus
adubhairt; nach bhfuil a fhios agadsa cred
íad so? agus adubhairt misi, ní fheadar,
a thighearna.


L. Sc4:14


Annsin adubhairt seision isiad
so an dá ungthach sheasas láimh ré Ti-
ghearna na talmhan uile.


L. Sc5:1


Annsin dfill mé, agus do
thóig mé mo shúile súas, a-
gus damhairc mé, agus féuch
rola ag eitiolluigh.


L. Sc5:2


Agus adubhairt sé riom, cred
dochí tú? agus do fhreagair misi,
dochím rola ag eitiolluigh, fithche cubhad
iona fhad, agus deich ccubhaid iona lei-
thiod.


L. Sc5:3


Annsin adubhairt seision riom, isé
so an mallughadh théid amach thair aghaidh
na talmhan uile: óir gérfuighear amach
gachuile dhuine ghadus, mar budh eadh don
taóibhsi, dhá réir; agus gérrfuighear amach
gach uile dhuine dobheir mionna, mar bhudh
eadh don taóibh oile, dhá réir.


L. Sc5:4


Dobhéra mé amach é, adeir Ti-
ghearna na slógh, agus rachuidh asteach
go tigh an ghaduighe, agus go tigh an
té dobheir mionna bréige fam ainmsi,
agus anfa a lár a thighe, agus cnaóidh-
fidh é, maille rena adhmad, agus guna chlochaibh.


L. Sc5:5


Ansin dochuáidh an taingiol do
labhair riom amach, agus adubhairt sé ri-
om, tóig súas anois do shúile, agus
féuch cred é an ní so théid amach.


L. Sc5:6


Agus adubhairt misi, cred é? a-
gus adubhairt seision, is éphah so théid
amach: adubhairt sé fós, isé so a cco-
samhlacht air feadh na talmhan uile.


L. Sc5:7


Agus féuch, do tógbhadh súas
tallann luáighe, agus is bean so na shuidhe
a lár anéphah.


L. Sc5:8


Agus adubhairt sé, isé so an
tolc, agus do theilg sé a lár anéphah
é, agus do theilg sé an comhthrom luáighe
air a bhéul.


L. Sc5:9


Annsin do thóig mé mo shúile sú-
as, agus damhairc mé, agus féuch thái-
nic días ban amach, agus dobhí an ghá-
óth iona sciathánuibh (óir dobhádar scia-
tháin orra amhuil sciatháin cuirre
glaise) agus do thógbhadar súas an
téphah idir an ttalamh agus neamh.


L. Sc5:10


Annsin adubhairt misi ris annain-
giol dho chomhráidh riom, cáit a mbéruid
so an téphah.


L. Sc5:11


Agus adubhairt seision riom, do
dhénamh tighe dhó a ttír Shinar; agus
daingneochthar é, agus suigheochthar ann
shin air a bhunáit féin é.


L. Sc6:1


Agus diompoigh mé, agus do thóig
mé mo shúile suas, agus da-
mhairc mé, agus féuch, thangadar
ceithre carbuid amach ó idir
dhá shlíabh, agus dobudh sléibhte
práis na sléibhte sin.


L. Sc6:2


Annsa chédcharbad dobhádar eich
dherga, agus annsa dara carbad eich dhubha,


L. Sc6:3


Agus annsa treas carbadh eich bhá-
na, agus annsa cheathramhadh carbad eich
ríabhacha agus dhonna.


L. Sc6:4


Annsin do fhreagair misi, agus adubhairt
mé ris an naingeal do chomhráidh riom,
cred íadso, a thighearna?


L. Sc6:5


Agus do fhreagair an taingiol,
agus adubhairt sé riom, isíadso ceithre
spioraid neimhe, noch théid amach ó seas-
amh a bhfíadhnuisi Thighearna na talmhan
uile.


L. Sc6:6


Téid na-heich dhubha atá ann amach
don tír thuáigh, agus téid na heich bhá-
na amach na ndiáigh, agus na heich ría-
bhacha leith ris an ttír theas.


L. Sc6:7


Agus dochúadar na heich dhonna
amach, agus do thairgiodar imtheact, ion-
dus go siubholaidís síos agus súas air
feadh na talmhan: agus adubhairt seisi-
on, éirighsi as so, siubhluigh síos a-
gus súas air feadh na talmhan; marsin
do shiubhluigheadar síos agus súas air
feadh na talmhan.


L. Sc6:8


Annsin dfúagair sé orumsa, agus
do labhair sé riom, ag rádh, féuch an drontso
théid dontaóibh thuáigh do chiúnuighea-
dar mo spiorad annsa tír thuáigh.


L. Sc6:9


Agus tháinic bríathar an Ti-
ghearna chugamsa, ag rádh.


L. Sc6:10


Glac úathaso don bhruid, eadhon ó
Heldai, ó Thobiah, agus ó Iedaiah,
noch tháinic ón Bhabilóin, agus tárr-
sa an lá cédnasin, agus éirigh go tigh
Iosiah mhic Sephaniah.


L. Sc6:11


Annsin glac airgiod agus ór,
agus déna coróine, agus cuir íad ar
cheann Iosuah mhic Iosedech an tárdhsha-
gart.


L. Sc6:12


Agus labair ris ag rádh, is marso adeir Tighearna na slógh, ag rádh,
féuch an duine darab ainm an BEAN-
GAN, agus fásfuidh sé súas as a
áit, agus cuirfe sé súas teampall
an Tighearna.


L. Sc6:13


Oír cuirfidh sé súas teampall
an Tighearna, agus iomchora sé an ghlóir,
agus suidhfidh sé, agus ríaghlochuidh air a chathaóir
ríogha, agus biáidh na shagart air a chathaoir
ríogha, agus biáidh comhairle na síothchána ea-
torra araon.


L. Sc6:14


Agus béid na coróine ag Helem,
agus ag Tobiiah, agus ag Iedaiah,
agus ag Hen mhac Sephaniah, mar chuimhne a
tteampall an Tighearna.


L. Sc6:15


Agus tiucfaidh an drong atá
a bhfad uáit, agus cuirfid súas a tteam-
pall an Tighearna, agus aitheontaói gurbé
Tighearna na slógh do chuir misi chugaibh: agus
tiucfa so a ccrich, má umhluighthaói go
dúthractach do ghuth an Tighearna bhur
Ndía.


L. Sc7:1


Agus tárla annsa cceathramhadh
blíadhain do ríghe Dhárius
go ttáinic bríathar an Ti-
ghearna go Sechariah annsa
ceathramhadh lá don náomhadh mí, eadhon ann
Chisleu.


L. Sc7:2


Anuáir do chuireadar go tigh Dé
Sereser, agus Regem-melech, agus a ndaóine
do ghuidhe a lathair an Tighearna.


L. Sc7:3


Agus do labhairt ris na sagartaibh,
noch dobhí a ttigh Thighearna na slógh,
agus ris na fáighib, ag rádh, nar choir dhamhsa
gul do dhénamh annsa chúigeadh mí, don
dhealughadh féin, mar dorinne mé an mórán
blíadhansa?


L. Sc7:4


Annsin tháinic briathar Thighear-
na na slógh cugamsa, ag rádh,


L. Sc7:5


Labhair ré huile phobal na tíre, agus
ris na sagartaibh, ag rádh, anuair do
throisgeabhair, agus do chaóidheabhair annsa chúi-
geadh agus annsa seachtmhach (mí) eadhon air feadh na
seachtmhoghad blíadhansin, a ndérnabair én-
troscadh ar mo shonsa?


L. Sc7:6


Agus an tan do itheabhair, agus an tan
do ibheabhair, nachar itheabhair, agus nachar ibheabhair
agus bhur son féin.


L. Sc7:7


Nachar chóir dhíbh na bhríathra déis-
deacht, noch do fhúagair an Tighearna ris na
cédfháighibh, an tan dobhí Ierusalem ái-
treibhthe, agus a sonus, agus a caithreacha na tim-
chioll faccuairt, anuáir do áitreabha-
dar daóine annsa deisceart agus annsa réi-
teach?


L. Sc7:8


Agus tháinic bríathar an tighear-
na go Sechariah, ag rádh,


L. Sc7:9


Is marso labhrus Tighearna na
slógh, ag rádh, dénuigh breitheamhnus ceart,
agus foillsighidh trócaire agus truáighe, gach
aón dá dhearbhrathair.


L. Sc7:10


Agus ná brúighidh an bhain-
treabhthach nó an dílleachta, an coimhightheach
nó an bocht, agus ná smuáineadh aóinneach
agaibh olc ann bhur ccroidhe anaghaidh a
dhearbhrathair.


L. Sc7:11


Acht do dhíultadar éisdeacht,
agus dothangiodar a slinéun (ón
ccuing), agus do stopadar a cclúasa, ion-
dus nach ccluinfidís.


L. Sc7:12


Dorinneadar fós a ccroidhthe mar
chloich adamant, deagla go ccluinfidís
an dligheadh, agus na bríathra do chuir Tighear-
na na slógh iona spioraid leis na fái-
ghibh roimhe: uimesin tháinic fearg mhór ó
Thighearna na slógh.


L. Sc7:13


Ar anadhbharsin tháinic a ccrích
amhuil do fhúagair sé, agus narbháill leó éis-
deacht; marsin do eighiodarsan agus níorbháill
liomsa cluinsion, adeir Tigearna
na slógh.


L. Sc7:14


Acht do scánruidh mé iád le
gaóith ghuáirdeáin a measg na nuile chi-
neadhach narbhaithnid dhóibh: marso dobhí
an tír áonránach na ndiaigh, iondus nach
gabhadh duine ar bioth thríthe, nó air a ais:
óir dfágbhadar a ndúthaigh thaitneamach
na fásach.


L. Sc8:1


Tháinic bríathar Thighearna na
slógh chugamsa arís, ag
rádh,


L. Sc8:2


Is mar so adeir Tighearna
na slógh, dobhí mé éudmhur fa Shion
maille re héud mór, agus dobhí éud o-
rum go díbhfheirgeach uimpe.


L. Sc8:3


Is marso adeir an tighearna, dfill
mé chum Sion, agus áitreocha mé a mea-
dhón Ierusalem, agus goirfighear cathair
na fírinne do Ierusalem, agus slíabh Thi-
ghearna na slógh don tslíabh náomhtha.


L. Sc8:4


Is marso adeir Tighearna na slógh,
áitreachuid fós seandaoine agus mná áosda
a sráidibh Ierusalem, agus anuile dhuine
guna bhata iona láimh tre iomad laétheadh.


L. Sc8:5


Agus biáid sráide na caithrea-
cha lán do bhúachaillibh, agus do chailínibh
ag súgradh iona sráidibh.


L. Sc8:6


Is marso adeir Tighearna na
slogh, mas iongantach é a súilibh íarsma
an phobailsi annsa laethibhse, an mbía fós
íongantach ann mo shúilibhsi, adeir Tigh-
earna na slógh.


L. Sc8:7


Is marso adeir Tighearna na
slógh, féuch tárthocha mé mo dhaóine ón
ttír shoir agus ón ttír shíar.


L. Sc8:8


Agus dobhéara mé liom íad, agus ái-
treachuid síad a lár Ierusalem, agus béid
na bpobal agumsa, agus biáidh misi am
Dhía acasan a bhfírinne agus a cceart.


L. Sc8:9


Is marso adeir Tighearna na slógh,
bídís bhur lámha láidir, a dhrong do
chluin annsna laéthibhsi na bríathraso lé
béal na bhfágh, noch dobhí annsa ló ar shui-
gheadar bunáit thighe Thighearna na slógh,
chor go ccuirfidhe an teampal súas.


L. Sc8:10


Oír roimhe na láéthibsi, ní raibh
túarusdal ar bioth do dhuine, nó tú-
arusdal ar bioth do bheathach, ní mó do
bhí siothchaín ag an tí dorachadh amach nó
thigead asteach, do bhrígh an bhuáideartha:
óir do chuir misi gach uile dhuine anaghaidh
a chomharsan.


L. Sc8:11


Acht anois ní bhiáidh mé díarsma
na ndaóinesi do nós na láetheadh roimhe.


L. Sc8:12


Oir biáidh an síol conáidh, dobhéara
anfíneamhuin a toradh, agus dobhéara
an talamh a bhiseach, agus dobhéa-
ruid na neamha a ndrúcht, agus dobhéara
mé air íarsma an phobailsi íadso uile do
shealbhughadh.


L. Sc8:13


Agus tiucfa a ccrích mar do
bhadhbhair bhur mallughadh a measg na ngein-
teadh, a thigh Iúdah, agus a thigh Israel;
marsin coibhreocha misi sibh, agus béithi bhur
mbeannughadh: acht bídís bur lámha láidir.


L. Sc8:14


Oír is marso adeir Tighearna
na slógh, mar do mheas mé bhur smachtu-
ghadh, an tan do bhrostuigheadar bhur naithre
mé chum feirge, adeir Tighearna na
slógh, agus narbhaithreach liom é;


L. Sc8:15


Marsin fós arís do mheas mé
annsna láethibhsi a dhéanamh go maith do
Ierusalem, agus do thigh Iúdah: ná
bíodh eagla oruibh.


L. Sc8:16


Isíad so na neithe do dhéan-
táoi, labhradh gach áon aguibh anfí-
rinne rena chomharsoin, déanuidh brei-
theamhnus fírinne agus síodhchána ann bhur
ngeatadhuibh.


L. Sc8:17


Agus ná smuaineadh duine ar
bioth aguibh olc ann buir ccroidhtihbh
anaghaidh a chomharsan, agus ná grádhui-
ghidh mionna bréige: oír is neithe íadso
uile fhuathuighimsi, adeir an Tigh-
earna.


L. Sc8:18


Agus tháinic bríathar Thighear-
na na slógh chugamsa, ag rádh.


L. Sc8:19


Is marso adeir Tighearna na
slógh, biáidh troscadh an cheathramhadh mí,
agus troscadh an chúigeadh, agus tros-
cadh an seachtmadh, agus troscadh an dea-
chmhah, (mí) na gháirdeachus, agus na lúathg-
háir agus na bhfeustuighibh subhacha do
thigh Iúdah: ar anadhbharsin ngádhuigh-
idh fírinne agus síothcháin.


L. Sc8:20


Is marso adeir Tighearna na
slógh, biáidh fós aimsir go ttiucfa
iomad daoine, agus áitreabhthuigh mhó-
rán caithreach.


L. Sc8:21


Agus rachuid áitreabhthuigh gach
aon chaithreach go chéile, ag rádh, dea-
nam tráth do ghuidhe a lathair an Tig-
hearna, agus díarruigh Thighearna na
slógh: rachaidh misi mar an ccéadna
annsin.


L. Sc8:22


Aseadh fós tiucfuidmórann da-
óine, agus cineadhacha láidre díarruidh
Thighearna na slógh ann Ierusalem, agus-
do ghuidhe a bhfíaghnuisi an Tighearna.


L. Sc8:23


Is marso adheir Tighearna na
slógh, annsna laéthibh sin béaruid deithneamh-
ar fear greim as uile theangaidh na ccin-
eadhach, eadhon béaruid siád greim air sci-
orta an tí bías na Iúduighe, ag rádh, ra-
chuimne leacht; óir dochúalamar go bhfuil
Día maille ribh.


L. Sc9:1


Umach bhréithre an Tighearna a
ttír Hadrad agus budh
é Damascus a suaimhneas
sin: anuáir bías súile an
duine mar bhiáid súile uile
threabh Israel leath ris an Tighearna.


L. Sc9:2


Agus trórannfuidh Hamat mar an
ccéadna láimh ris; Tírus agus Sídon;
máta go bhfuil rochríonna.


L. Sc9:3


Agus dorinne Tírus daingean
láidir dhi féin, agus do chruach sí air-
giod súas amhuil luáithreadh, agus ór
glan amhuil láib na sráideann.


L. Sc9:4


Féuch, teilgfidh an Tighearna amach
í, agus búailfidh sé a ccumhacht annsa
bhfairge, agus dóighfighear lé teine í.


L. Sc9:5


Dochífidh Ascélon é, agus biáidh
eagla air; dochífidh Gása fós é, agus
biaidh rodhubhach, agus Ecron: óir náir-
eochthar a dóthchus, agus díoghbháighfidh
an Rígh ó Ghasa, agus ní biáidh Ascélon áitrebthe.


L. Sc9:6


Agus coimhneochuidh basdard ann
Asdod, agus gheárrfa misi amach úa-
bhar na Bhphilistineach.


L. Sc9:7


Agus bhéara mé a fhuil as a bhéul
agus a ghráineamhlacht ó idir a fhíaclaibh;
acht an té mhairfios, biáidh seision ar
son ar Ndéine agus biáidh sé amhuil
úachtarán ann Iúdah, agus Ecron amh-
uil Iebusíteach.


L. Sc9:8


Agus suighfe mé a ttimchioll mo
thighe do bhrígh na harmála, do bhrígh
an té fhillios; agus ni ghébuid lucht sá-
ruighthe ar bioth tríotha níis mó: óir
anois dochonnairc mé lem shúilibh.


L. Sc9:9


Urghaírdigh go mór, a inghean
Shion; gáir a inghean Ierusalem: feúch,
atá do Rígh ag teacht chugad: atá sé
ceart, agus slánughadh aige, go hui-
risíol ag marcuigheacht air assal, agus air
bhromach, searrach assail


L. Sc9:10


Agus gérrfa mé an carbad ó
Ephraim, agus an teach ó Ierusalem:
agus gearrfuighear amach bogha an
chatha, agus laibheoruidh se síothchaín
ris na geintibh, agus biáidh a rioghacht
ó mhuir go muir, agus ónabhuin go
críochuibh na talmhan.


L. Sc9:11


Ar do shonsa fós, le fuil do
chunnartha do chuir mé amach do phríosú-
naigh as an log ann nach bhfuil uisce.


L. Sc9:12


Fillidhse chum an chaisléin lá-
idir, sibhse a phríosúnacha an dóthchuis,
eadhon aniugh fhoillsighim go ndíolfa
mé dúbhalta ribh.


L. Sc9:13


Anuáir do chláon mé Iúdah
dhamh féin, do líon mé an bogha air
Ephraim, agus do thoíg mé súas do
mhic, a Shion, anaghaidh do mhacsa a
Ghréag, agus dorinne mé thú amhuil
cloidheamh dhuine neartmhuir.


L. Sc9:14


Agus dochífighear an tighearna
ós a ccionn, agus rachuidh a shoighead a-
mach mar aithinne teineadh: agus séid-
fidh an Tighearna Día an stoc, agus
imeochuidh le gáothaibh guáirdeana an
túaisceirt.


L. Sc9:15


Cuimhdeachuidh Tighearna na slógh
íad, agus sluigfid síad, agus cla-
óidhfid síad lé clochaibh tadhbuill, agus
iobhthuid, aghus dodhéanuid giorac amhuil
tré fhión, agus béid líonta mar scá-
luibh, agus mar chorruibh na hal-
tóra.


L. Sc9:16


Agus tárrthocha an Tighearna
a Ndía íad san ló sin amhuil tréad a
phobail; (óir béid) mar chlochaibh co-
róine, arna ttógbháil súas mar bhra-
tuigh air a dhuthaigh.


L. Sc9:17


Oír cred é méud a mhaitheasa air
cred é méud a sgéimhe? dodhéana arbhar
na daóine óga súgach, agus fíon núadh
na maighdiona.


L. Sc10:1


Iarruidhsi air an Tighearna fear-
thuinn anam na fearthanna dei-
ghionuigh, mar sin dodhéana
an Tighearna néulla soill-
seach, agus dobhéara sé dhóibh ceatha fearthanna,
féur do gach aon annsa machaire.


L. Sc10:2


Oír do labhradar na hiodhail dí-
omhaóineas, agus dochonncadar na fáistinigh
bréug, agus dinnsiodar aislingthe neimhfhírinn-
each; comhfhurtachtuighid siád go díomháoin:
uimesin dimthigheadar rompa amhuil tréud,
dobhádar buáidheartha do bhrígh nach raibh
áodhaire ar bioth (aca).


L. Sc10:3


Do hadhnadh mfeargsa anadhuigh
na náodhaireadh, agus thug mé pionús do
na gabhruibh; óir dfiosruigh Tighearna na
slógh a thréud tigh Iúdah, agus dorinne
sé íad mar each maiseach san ccath.


L. Sc10:4


As amach tháinic an coirnéul,
as amach tháinic an tairnge, as amach
an bogha catha, as amach anuile fhear
sáruighthe anaóinfheacht.


L. Sc10:5


Agus béid síad mar dhaóinibh cu-
mhachtacha, noch shaltras síos (a naimhde)
a lathuigh na sráideann annsa chath, agus
troidfid síad do bhrígh go bhfuil an Ti-
ghearna maille riú, agus náireochthar an
drong doní marcuigheacht air eachaibh.


L. Sc10:6


Agus nerteacha misi tigh Iúdah, agus
sáorfa mé tigh Ióseph, agus dobhéara
mé liom íad da suighiudh; óir atá tru-
áighe agam dhóibh, agus béid amhuil nach
tteilgfinn uáim íad: óir is misi an
Tighearna a Ndía, agus éistfidh mé íad.


L. Sc10:7


Agus biáidh Ephraim amhuil duine
cumasach, agus gáirdeachuidh a ccroidhe
amhuil budh tré fhíon; fós dochífid a
cclann é, agus béid lúathgháireach,
agus gáirdeochuidh a ccroidhe annsa
Tighearna.


L. Sc10:8


Dodhéana mé sméideadh orra, agus
cruinneocha mé íad; óir dfúascail mé
íad: agus méideochuid mar do mhéaduigh-
eadar.


L. Sc10:9


Agus síolchuirfe mé íad a measc
an phobail, agus cuimhneochuid orum a
ttíorthaibh imchíana, agus mairfid guna
ccloinn, agus fillfid arís.


L. Sc10:10


Dobhéara mé arís íad as
crích na Hégipte, agus cruinneacha mé as
a Nassíria íad, agus dobhéara mé
íad go fearann Gílead agus Lebanon, agus
ní bhfuighthear ionad dóibh.


L. Sc10:11


Agus racha sé thríd an bhfairge
le haindeisi, agus búailfidh sé na tonna
annsa bhfairge, agus tiormochuid uile ai-
géin na srothann súas: agus béarthar
úabhar na Hassíria síos, agus rachaidh
an tslat ríoga óNégipt.


L. Sc10:12


Agus nerteocha misi íad annsa
Tighearna, agus siubholuid síos súas
iona ainm, adeir an Tighearna.


L. Sc11:1


Oscuil do dhoirsi, a Lebanon,
chor go loisgfidh an teine do
cheadair.


L. Sc11:2


Nualluigh a chrann giu-
mhuis, óir do thuit ann cédar: do bhrígh
gur creachadh na cumhachtuigh uile, núal-
luigh, a dhairghe Básan: óir thainíc foraóis
na fineamhna síor.


L. Sc11:3


Guth núallfartuigh na náodhaireadh;
oír do milleadh a nglóir: guth buile na
leomhan óg, óir do milleadh úabhar Iordan.


L. Sc11:4


Is marso adeir an tighearna mo
Dhía, beathuigh tréud anármhuigh.


L. Sc11:5


Noch ar mharbhadar a sealbhuidhe
íad, agus sháoilid íad féin do bheith neimh-
chiontach: agus adeir an drong reacus
íad, go madh beannuighthe an Tighearna: óir
ataim sáidhbhir; agus ni bhí truáighe
aga náodhairibh féin dóibh.


L. Sc11:6


Oír ní bhiáidh truáighe agamsa níis
mó dáitreabthachaib na tíre, adeir an
Tighearna: acht féuch, seachoduigh mé na
daóine gach aon fa leith a láimh a chomh-
arsan, agus a láimh a rígh, agus buailfid
síad an tír, agus ní shaórfa mé as a láimh íad.


L. Sc11:7


Agus beathocha mé tréud anáir,
eadhon sibhsi a bhochta an treúda: agus
do ghabh mé chugam dhá bhata; do ghoir mé
sgeimh daón díobh, agus don dara (bata)
cuibhrech, agus do beathuigh mé an tréud.


L. Sc11:8


Do geárr mé mar an ccédna a-
mach triúr áodhaireadh anaoinmhí, agus do
ghráin manam riú, agus dfúathuigh a nanamsan misi.


L. Sc11:9


Annsin adubhairt mé, ní bheathocha
mé sibh; éugadh an ní éugas: an ní is
cóir a ghearradh amach, geárthar amach é;
agus ithidís an chuid oile gach áon díobh
feóil a chéile.


L. Sc11:10


Agus do ghlac misi mo bhata, eadhon
an scíamh, agus do gheárr mé ó cheile é,
chor go mbrisinn mo chunnradh, noch dorinne
mé ris an bpobal uile.


L. Sc11:11


Agus do briseadh san ló sin é:
agus marsin do thuig boicht an tréuda
do fheith orumsa, gurbhé sin bríathar an
Tighearna.


L. Sc11:12


Agus adubhairt mé ríu, madh áill
libh féin tugaidh dhamhsa mo lúach, agus
mun budh áill léigidh dhó: marsin do
chomhthromadar ar son mo luacha trío-
chad (píosa) airgid.


L. Sc11:13


Agus adubhairt an Tighearna ri-
om, teilg chum an photadóra é; lúach
maith do measadh dhamhsa leó: agus do
glach mé an tríocad píosa airgid, agus
do theilg mé chum an photadóra íad a
ttigh an Tighearna.


L. Sc11:14


Annsin do gheárr mé o chéile mo bha-
ta oile, eadhon an cuibhreach, chor go mbrisinn
a ndearbhráithreachas idir Iúdah agus Israel.


L. Sc11:15


Agus adubhairt an Tighearna ri-
om, glac chugad fós instrument áodh-
aire amadánuigh.


L. Sc11:16


Oír féuch, tóigfe misi áodhaire
súas annsa tír, nach bhféuchfa air an lucht
atá geárrtha amach, nach mó íarrfas
sé an tóg, nach leigheasuigh an ní bhías
briste, nach beathochuidh an ní sheasann,
acht íosuigh sé feóil na mbeathach méith, agus
réubfa sé a ccrúba na mblodhuibh.


L. Sc11:17


A mhairg dáodhaire aniodhail fhág-
bhus an tréad: biáidh an cloidheamh air a
láimh, agus air a shúil dheis: tiormochuidh a
lámh uile súas, agus dallfhuighear a shúil
dheas thríd amach.


L. Sc12:1


Dalach bhréithre an Tighearna do
Israel, adeir an tighear-
na, noch shíneas na flaithis
amach, agus shuighios bu-
náit na talmhan, agus chumas spio-
rad an duine ann astigh.


L. Sc12:2


Féuch, dodhéna mé cupán meisge
do Ierusalem don phobal uile timchioll
faccuáirt, anuáir bhéid síad annsa
champa araon anaghaidh Iúdah, agus
anaghaidh Ierusalem.


L. Sc12:3


Agus annsa ló sin dodhéna mé
Ierusalem na cloich anúaluigh donuile
phobal: gérrfuighear na ccodchaibh gach a
núaluighionn íad féin leis, bíodh go ccrui-
nneochaidís daóine na talmhan a ccionn a
chéile na haghaidh.


L. Sc12:4


Annsa ló sin, adeir an Tighear-
na, buáilfidh mé anuile each lé hanbhfhainne,
agus a marcach lé buile, agus oisceo-
luidh mé mo shúile air thigh Iúdah, agus
buáilfe mé each gach aóin do na daói-
nibh lé daille.


L. Sc12:5


Agus adéruid úachtaráin Iú-
dah iona ccroidhe, budh íad dúthchusaigh
Ierusalem mo neartsa a Ttighearna na
slógh a Ndía.


L. Sc12:6


Annsa ló sin dodhéna mé uachta-
rán Iúdah cosmhuil re teallach na tei-
neadh a measc an chonnaidh, agus amhuil
tóirsi teineadh a bpunainn, agus loisc-
fidh na daóine uile timchioll faccuáirt
air an láimh dheis, agus air an láimh chlé,
agus áiteochthar Ierusalem arís iona
háit féin, eadhon ann Ierusalem.


L. Sc12:7


Sáorfuidh an Tighearna fós lóistí-
nigh Iúdah ar ttús, iondus nach móradh
glóir thighe Dháibhi, nó glóir áitreabhthach
Ierusalem íad féin anaghaidh Iúdah.


L. Sc12:8


Annsa lósin cuimhdeochuuidh an Ti-
ghearna áitreabhthuigh Ierusalem, agus bi-
áidh an té bhías lag iona measc anlá
sin mar Dháibhi, agus biáidh tigh Dháibhi
mar Dhía, amhuil aingeal an Tighearna
rompa.


L. Sc12:9


Agus tiucfhaidh a ccrích annsa ló
sin go ttríallfa misi anuile chineadh a
scrios noch thig anaghaidh Ierusalem.


L. Sc12:10


Agus dóirtfidh mé air thigh Dháibhi
agus ar áitreabhthachaibh Ierusalem
spiorad na ngrás, agus na neadargh-
uidheadh, agus féuchfuid orumsa noch
do tholladar, agus caóidhfid air a shonsan,
mar chaóidhios duine ar son a aoin-
mhic, agus béid siad a ndoilghios air a shon
amhuil mar bhíos duine a ndoilghios ar
son a chéidghine.


L. Sc12:11


Annsa ló sin biáidh cumha mhór ann
Ierusalem, amhuil cumha Hadadrim-mon
a ngleann Mhegiddon.


L. Sc12:12


Agus caóidhfidh an tír, gach
áon mhuintir ar leith, muintir ghighe
Dháibhi ar leith, agus a mná ar leith: muin-
tir thighe Nátan ar leith, agus a mná
ar leith:


L. Sc12:13


Muintir thighe Lébhi ar leith, a-
gus a mná ar leith: muintir Shimei ar
leith, agus a mná ar leith.


L. Sc12:14


Na huile mhuinteara dá maireann,
gach áon mhuintir ar leith, agus a mná ar
leith.


L. Sc13:1


Annsa ló sin oisceoltar to-
bar do thigh Dháibhi, agus
dáitreabhthachaibh Ierusalem
ar son peacaidh, agus ar
son neamhghloine.


L. Sc13:2


Agus tiucfuidh a ccrich annsa ló-
sin, adeir Tighearna na slógh, go
ngérrfa mé anmanna na niodhal as an
dtalamh, agus ní chuimhneochthar níis mó
íad, agus fós dobhéra mé air na fáighibh,
agus air na spioraduibh neamhghlana im-
theacht amach as an ttír.


L. Sc13:3


Agus tiucfaidh a ccrích, an tan
dodhéna duine ar bioth fáigheadóireacht,
annsin adéra a athair agus a mhathair do ghin
é ris, ní mhairfidh tú; óir labhra tú bréga
anainm an tighearna: agus sáith-
fidh a athair agus a mhathair do ghin é, thríd
anuair thairghirios sé.


L. Sc13:4


Agus tiucfuidh a ccrích annsa
lósin, go mbiáidh náire air na fáighibh gach
uile dhuine aca tréna fhis, an tan thairr-
ghirios sé: ní mó chuirfid umpa culadha
garbha do dhénamh mealltóireachta.


L. Sc13:5


Acht adéra sé, ní fáigh ar bioth
misi, treabhairtheach mé: óir do mhúin duine
dhamh áirnéis do choimhéd as móige.


L. Sc13:6


Agus adéra aón ris, cred na
cneadhasa ann do lámhuibh? annsin freigeo-
ra seision, na neithe lé ar loiteadh mé a
ttigh mo charad.


L. Sc13:7


Múscail, a chloidhimh, anadhuigh
máodhaire, agus anaghaidh an duine arbé
mo chompanach, adeir Tighearna na
slógh: buáil an táodhaire, agus scán-
ruigh na caóirigh; agus fillfe mé mo
lámh air na húanuibh beaga.


L. Sc13:8


Agus tiucfaidh a ccrích annsa ta-
lamh uile, adeir an Tighearna, go ngeárr-
fuighear amach dhá chuid, agus go négfuid,
acht fúigfighear trían ann.


L. Sc13:9


Agus dobhéra mé an treas cuid
thríd an tteine, agus athghlanfa mé
íad, mar athglantar an tairgiod, a-
gus dearbhocha mé íad mar dhearbhthar an
tór: goirfid síad ar mainm, agus
éistfidh mé riú: déra mé, is íadsan mo
phobal; adéruid síadsan, isé an Ti-
ghearna mo Dhía.


L. Sc14:1


Féuch, atá lá an Tighearna
ag teacht, agus roinnfi-
ghear hédáil astigh ann do
lár.


L. Sc14:2


Oír cruinneocha misi na huile chinea-
dhacha anaghaidh Ierusalem chum catha,
agus gébhthar an chathair, agus sladfui-
ghear na tighthe, agus béid na mná éig-
níghthe, agus rachaidh leath na caithreach
a mbroid, agus ní greáfuighear an chuid
oile don phobal ón ccathruigh.


L. Sc14:3


Annsin rachus an Tighearna amach,
agus troidfidh sé anaghaidh na ccinea-
dhachso, amhuil do throid sé a ló an cha-
tha.


L. Sc14:4


Agus seasfuid a chosa annsa ló-
sin ar shlíabh na noluigheadh, noch atá as
coinne Ierusalem san noirthear, agus
scoiltfidh slíabh na noluigheadh iona lár
don leath shoir, agus don leath shíar, na
ghleann romór; agus áthrochuid leath an tsléibhe
don taóibh ó thuaigh, agus a leath oile don
taoibh ó dheas.


L. Sc14:5


Agus teithfidh sibhsi go gleann na
slíabh; óir roitheochuidh gleann na slíabh
go Hasal: aseadh fós, teithfidhe amhuil
mar do theitheamhair roimhe an ccrioth
ttalmhan, a laéthibh Ussiah Rígh Iúdah:
agus tiucfuidh an Tighearna mo Dhía, a-
gus na naóimh uile leacht.


L. Sc14:6


Agus tiucfuidh a ccrích annsa ló
sin nach biáidh an solus glan nó dorcha.


L. Sc14:7


Acht biáidh na aon lá, a mbiaidh
a fhios ag an Ttighearna, nach ló nó oidh-
che: acht tiucfuidh a ccrích tráthnóna go
mbía solus.


L. Sc14:8


Agus biáidh annsa ló sin go
rachaid uisceadha beódha amach as Ierusalem:
leath dhíobh gus an bhfairge shoir,
agus leath dhíobh gus an bhfairge shíar: bi-
áidh sé annsa tsamhradh, agus annsa
ngeimhreadh.


L. Sc14:9


Agus biáidh an Tighearna na Rígh
ós an ttalamh uile: annsa ló sin bhías
aoinTighearna amháin, agus budh áon a ainm.


L. Sc14:10


Iompochthar an fearann uile a-
mhuil réiteach ó Ghéba go Rimmon, budh
dheas ó Ierusalem: agus tóigfighear sú-
as í, agus áiteochthar iona háit: ó gheata
Bheniamin go háit an chéid gheata go
geata an chornéil, agus ó thor Hananiel
go fíon-uar-brúighte an Rígh.


L. Sc14:11


Agus áitreochuid daóine inte,
agus ní bhiáidh scrios nísa mhó thríd amach:
acht áiteochthar Ierusalem go socair.


L. Sc14:12


Agus budh í so an phlaigh le a
mbuáilfidh an Tighearna na daóine uile
do throid anaghaidh Ierusalem: cnaóidh-
fidh a bhfeóil díobh an feadh sheasfuid air a
ccosaibh, agus leaghfhuid a súile uatha
iona bpollaibh, agus cnáoidhfidhear a
tteanga iona mbéul.


L. Sc14:13


Agus tiucfa a ccrích annsa lósin
go mbiáidh buáidhreadh mór ón Ttighear-
na iona measc, agus glacfuidh gach aón
díobh greim do láimh a chomharsan, agus
éireochuidh a lámh súas anaghaidh a cho-
mharsan.


L. Sc14:14


Agus troidfidh Iúdah fós ag
Ierusalem, agus cruinneochthar uile
mhaóin na ngeinteadh timchioll faccuáirt
a ccionn a chéile, ór, agus airgiod, a-
gus édach aniomadamhlacht mhóir.


L. Sc14:15


Agus is marsin bhías pláigh aneich,
an mhúille, an chámhuill, agus anas-
sail, agus na nuile bheathach bhías annsa
lóistínibhse, mar an bpláighsi.


L. Sc14:16


Agus tiucfa a ccrích go ra-
caidh anuile dhuine súas do fágbhadh do na
cineadhachaibh tháinic anaghaidh Ierusalem,
eadhon ó bhliadhuin go blíadhuin dadhradh an
Rígh, Tighearna na slógh, agus do choi-
mhéd féustadh na ttabernacul.


L. Sc14:17


Agus is amhluidh bhías, gidhbé
nach ttiucfa marsin súas duile mhuin-
teara na talmhan go Hierusalem dadhradh
an Rígh Tighearna na slógh, orra sin ní
bhíaid fearthuinn ar bioth.


L. Sc14:18


Agus muna ndeachuid muintir na
Hégipte súas, agus nach ttiucfuid, air
nach bí (fearthuinn): biáidh an phláigh annsin,
lé a mbuáilfidh an Tighearna na geinte,
nach ttáinic súas do choimhéd fésta na
ttabernacul.


L. Sc14:19


Budh é so pionús na Hégipte,
agus pionús na nuile chineadhach, nach tti-
ucfa súas do choimhéd féusta na tta-
bernacul.


L. Sc14:20


Annsa ló sin biáidh air shríanuibh na neach,
NAOMHTHACHT DON TIGEAR-
NA, agus béid potadha thighe an Tighearna a-
mhuil na scáladha as coinne na haltóra.


L. Sc14:21


Fós biáidh anuile phota ann Ierusalem
agus ann Iúdah na náomhthacht do
Thighearna na slógh: tiucfaidh anuile
dhrong íodhbras, agus glacfuid díobh, agus bruith-
fid ionnta; annsa ló sin ní bhiáidh Canaaní-
teach níis mó a ttigh Thighearna na slógh.


L. Ml


MALACHI.


L. Ml1:1


Uálach bhréithre an Tighearna do
Israel, tré Mhalachi.


L. Ml1:2


Do ghrádhuigh mé sibh, adeir
an Tighearna: gidheadh
adearthaói, ciodh ionar ghrá-
dhuigh tú sinn? nach arbhé Esau dearbhrathair
Iácob? adeir an Tighearna: gidheadh
do ghrádhuigh misi Iácob,


L. Ml1:3


Agus do fhúathuigh mé Esau, agus
dfág mé a shléibhte, agus a oighreacht na
bhfásach do dhragúnuibh anfásaigh.


L. Ml1:4


An tionad a nabair Edom, do boch-
tuigheadh sinn, acht fillfiom agus cuir-
fiom na háite fáis suas: is marso
adeir Tighearna na slógh, cuirfid síad
súas, acht teilgfidh misi siós;
agus goirfid síad díobh, teórann na
hurchóide, agus na daóine anaghaidh
a bhfuil dioghaltas an Tighearna a
ccomhnuighe.


L. Ml1:5


Agus dochífid bhur súile agus
adéarthaói; mórochthar an tighearna ó
theóruinn Israel.


L. Ml1:6


Onóruigh mac a athair, agus onó-
rugh serbhíseach a mhaighistir: maiseadh más
athair misi, caidhe monóir? agus más
maighistir mé, caidhe meagla? adeir
Tighearna na slógh ribhsi, a shagarta, dhí-
measas mainm, agus adearthaói, cred
ionar dhísbeagamairne hainm?


L. Ml1:7


Iodhbarthaói arán trúaillighthe air
maltóir, agus adearthaói, cred
ionar thrúailleamar thú? annso go
nabarthaói, is tarcuisneach bórd an tigh-
hearna.


L. Ml1:8


Agus má ofralthaói an ní dall
mar íodhbairt, ané nach olc sin? agus
má ofralthaói ní bacach no easlán, ané
nach olc sin? ofrál anois é dot uách-
tarán, an mbiáidh sé réidh riot, nó an
nglacfa sé do phearsa, adeir tighearna
na slógh?


L. Ml1:9


Anois íarruim dathchuinge oruibh,
guidhidh Día, íondus go mbía sé grá-
samhuil dúinn: is dá bhur ttáobhsi thá-
inicso: an mbiáidh suim aige ann bhur bpear-
sannuibh, adeir Tighearna na slógh.


L. Ml1:10


Cía atá bhur measc do dhruidfeadh
na doirsi, agus nach lastaói teine air
maltóirse gan adhbar? ní bhfuil eamh
ar bioth agum ionnuibh, adeir Tighearna
na slógh, ní mó ghébhus mé ofráil as
bhur láimh.


L. Ml1:11


Oír ó éirghe tréine eadhon go
dul síos an ccéadna biáidh mainm mór
a measc na ngeinteadh, agus ofrálfui-
ghear túis dom ainm ann gach uile áit, agus
ofráil fhiórghlan: óir budh mór mainm
a measc na ngeinteadh, adeir Tighearna
na slógh.


L. Ml1:12


Acht dorinneabhairse truáillighthe
é, anaít a nabarthaói; is truáillighthe
bórd an Tighearna aghus a thoradh, eadhon
is tarcuisneach a bhiádh.


L. Ml1:13


Adubhrabhair fós féuch an sáothar,
agus do shéideabhair uáibh é, adeir Tigh-
earna na slógh: agus thugabhair libh a
ní dobhí réubtha agus an teaslán; mar-
so thugabhair ofráil libh: an ngéabhuinnsi
so ar bhur lámhuibh? adeir an Tighearna.



Acht go madh malluigh bhías an
mealltóir, agá bhfuil firionnach iona
thréud, agus mhóideas agus íodhbras
don Tighearna ní truáillighthe: óir
is Rígh mór misi, adeir Tighearna
na slógh, agus is báoghlach mainm a
measc na ngeinteadh.


L. Ml2:1


Agus anois, a shhagarta, is
díbsi atá anaithnese.


L. Ml2:2


Muna néistighe, agus
muna ccurthaói an bhur ccroi-
dhe é, do thabhairt glóire dom ainmse,
adeir Tighearna na slógh; cuirfe misi go
deimhin mallughadh oruibh, agus mail-
leocha mé bhur mbeannughadh: fós do mhal-
uigh mé cheana íad, do bhrígh nach ccur-
thaoi ann bhur ccroidhe é.


L. Ml2:3


Féuch, truaillfidh mé bhur síol,
agus leathnocha mé aóileach air bhur naigh-
thibh, eadhon aóileach bhur bhféustagh sol-
lamonta, agus dobhéara sin leis sibh
maille ris.


L. Ml2:4


Agus aitheontaói gur chuir misi
anaithnesi chugaibh, chor go mbíath mo
chunradh le Lébhi, adeir Tighearna na
slógh.


L. Ml2:5


Dobhí mo chunradh ris ar sháoghal
agus air shíothchaín, agus thug mé dhó íad
air son na heagla lé raibh eagla aige romh-
am, agus dobhí eagla air roimhe mainm.


L. Ml2:6


Dobhí dligheadh na fírinne íona bhéul,
agus níor fríth éicceart íona phuisínibh: do
shiubhuil sé liomsa a síothchaín agus a
ceart, agus dfill móran leis ó éiccheart.


L. Ml2:7


Oír do bdhu choír do phuisínibh an
tsagairt eólus do choiméad, agus dobudh
coír dhoíbhsion dligheadh díarruigh
as a bhéul: óir isé sin teachtaire Thigh-
earna na slógh.


L. Ml2:8


Acht dochúabhairsi as a tslighe;
thugabair air mhórán tuisleadh ar an ndligh-
eadh: do bhriseabhair cunradh Lébhi, adeir
Tighearna na slógh.


L. Ml2:9


Uime sin fós dorinne mé sibhsi
tarcuisneach, agus dímeasta as coinne anuile
phobal, do réir mar nár choimhéad-
abhair mo shlighthe, acht go rabhabhair leathra-
nnach annsa dligheadh.


L. Ml2:10


Nach áonathair atá aguinn uile? nach
aóindía do chruthaigh sinn? cred fa
ndéanmaóid go fealltach, gach nduine
anaghaidh a dhearbhrathar, ag truáill-
eadh cunnartha ar naithreadh.


L. Ml2:11


Dorinne Iúdah go fealltach, agus
dorinneadh gráineamhlacht ann Israel, agus
ann Ierusalem: óir do dhíomaóinigh
Iúdah náomhthacht an Tighearna, noch do
ghrádhuigh sé, agus do phós sé inghean
dé choimthighidh.


L. Ml2:12


Geárrfa an Tighearna amach
an duine doní so, an maighistir agus an
scoláir amach as tabernacluibh Iácob,
agus an té thairgios ofráil do Thighear-
na slógh.


L. Ml2:13


Agus dorinneabhair so arís ag
folach altóra an Tighearna lé deóruibh,
lé gul, agus lé héighiomh árd, iondus
nach bhfuil suim aige annsanofráil nías
mó nó a glacadh lé toil mhaith as bhur
laimhsi.


L. Ml2:14


Thairis sin adearthaói, cred
uime? do bhrígh go raibh an Tighearna
dfíadhnuisi eadrad agus bean hoíge,
anaghaidh a ndérna tusa go míochoin-
ghiollach; gidheadh is isí do chompánach agus
bean do chunnartha.


L. Ml2:15


Agus nach deárna seision áon?
gidheadh dobí fuighioll don spiorad ai-
ge: agus cred uime áon? as a níarr-
fadh sé síolta náomhtha; uimesin tabhair
aire dot spioraid, agus ná déanadh
duine ar bhioth go fealltach anaghaidh
mhná a óige.


L. Ml2:16


Oír adeir an Tighearna Día
Israel, gur fuáth leis cur air siubhal:
óir foluighidh aon foireígion lena éa-
dach, adeir Tighearna na slógh: uime
sin tugaidh aire dá bhur spioraid, iondus
nach déantaói go míochoinghiollach.


L. Ml2:17


Do choireabhair an Tighearna
bhur mbríathruibh: thairis sin adearthaoi;
ciodh lé ar chuireamar é?
an tan adearthaói, anuile dhuine dá ndén
olc, is maith é a radharc an Tigearna, agus do
bhí dúil aige ionta; nó, cáit a bhfuil Día
an bhreitheamhnuis?


L. Ml3:1


Féuch, cuirfidh mé mo theachtaire,
agus uillmheocha sé an tsli-
ge romham, agus tiuchfa an
Tighearna noch íarthaói go ho-
bann da theampall: eadhon teachtaire an
chunnartha iona bhfuil bhur ndúil: féuch, tiuc-
fa sé, adeir Tighearna na slógh.


L. Ml3:2


Acht cía fhéadas lá a theachta dfu-
lang: agus cía sheasfas an tan thais-
beanfas sé é féin? óir is cosmhuil é re
teine an cheárda, agus re Sóp fhir
ghealta éaduigh.


L. Ml3:3


Agus suighfidh sé amhuil ceárd,
agus glantóir airgid, agus glanfa sé
mic Lébhi, agús sciúrfa sé íad amhuil
ór agus airgiod, chor go nofráluid don
Tighearna ofráil a bhfíréntacht.


L. Ml3:4


Annsin biáid ofrala Iúdah agus
Ierusalem taitneamhach aig an Tighearna
mar annsna láethibh anallód, agus amh-
uil annsna blíadhnuibh roimhe.


L. Ml3:5


Agus tiucfa mé láimh ribh chum
breitheamhnuis, agus biáidh mé am fhíadh-
nuisi luáith anaghaidh na bpiseógach, agus
anaghaidh na nadhaltrannach, agus anaghaidh
na néitheach, agus anaghaidh
mhealltach na seirbhíseach iona dtúarusdal,
na baintreabhthuighe, agus an dílleachta, agus
iompoighios do leath taóibh an coimhthi-
gheach, agus nach eagluidhionn romhamsa,
adeir Tighearna na slógh.


L. Ml3:6


Oír is misi an Tigherna, ní áthrui-
ghim: uimesin a mhaca Iácob, ní bhfuiltíse
scriosta.


L. Ml3:7


Eadhon ó láethibh bhur naithreadh do
imthigheabhair óm órduighthibhsi, agus níor
chumhduigheabhair íad; fillidhsi chugamsa, agus
fillfidh misi chugaibhsi, adeir Tighearna
na slógh: acht adubhrabhairsi, cred iona
bhfillfiom?


L. Ml3:8


An sladfa duine Día? gidheadh do
shladabhairsi misi; acht adeartháoi, cred
ionar shladamar thú? a ndeachmhadhuibh, agus
anofraluibh.


L. Ml3:9


Atáthaói malluighthe le mallacht
óir do shladabhair misi, édhon an cineadhso
uile.


L. Ml3:10


Tugaidh an deachmhadh uile go tigh
anionmhuis le mbí biádh ann mo thighse, agus
dearbhuidh anois le so mé, adeir Tighear-
na slógh, muna noscla mé fuinneó-
ga neimhe dhíbh, agus beannughadh do dhór-
tughadh chugaibh amach, iondus nach bía
áit go lór.


L. Ml3:11


Agus imaithbheorad an millteach
ar bhur sonsa, agus ní mhillfidh sé toradh
bhur ttalmhan, ní mó theilgfear bhur bhfi-
neamhain a toradh roimhe anam san mach-
aire, adeir Tighearna na slógh.


L. Ml3:12


Agus goirfid na huile chineadh-
acha beannuigh dhíbh: óir béithí bhur ttalamh
thaitneamhach, adeir Tighearna na slógh.


L. Ml3:13


Dobhádar bhur mbríathra borb
am agaidhse, adeir an Tighearna: gi-
dheadh adearthaóise, cred do labhramar
ad aghaidh?


L. Ml3:14


Adubhrabhair, is ní díomhaóin fogh-
namh do Dhia: agus cred a tharbha gur
choimhéadamar a órdugadh, agus gur
shiubhluigheamar go dóbrónach a lathair
Thighearna na slógh?


L. Ml3:15


Agus anois goirmid (neach) so-
na don núaibhreach: aseadh, atá an lucht
oibrighios urchóid arna ccur súas;
fós atá an lucht chuirios cathugadh ar
Dhía, atáid cheana arna saóradh.


L. Ml3:16


Annsin do labhair an drong do
imeaghluidh an Tighearna, gach áon díobh ré
chéile go minic, agus déisd an Tighear-
na, agus dochúaluidh, agus dobhí leabhar
cuimhne scríobhtha iona fhíaghnuise, don
mhuintir do imeagluigh an tighearna agus
do smúain air a ainm.


L. Ml3:17


Agus budh liomsa íad, adeir
Tighearna na slógh, annsa ló a ndéa-
na mé mo shéada súas, agus coigea-
luidh mé íad mar choigleas duine a mhac
féin noch foghnas dó.


L. Ml3:18


Annsin iompochthaói agus edirdhei-
leochthaói idir an bhfíréun agus an cion-
tach, idir an té fhoghnas do Dhía, agus an
té nach bhfoghnann dó.


L. Ml4:1


Oír féuch tiucfa an lá loisc-
fios amhuil bacús, agus na
huaibhrigh uile, fós anuile
dhuine doní urchóid, béid na
cconnlach, agus loiscfidh an lá thiucfas
íad súas, adeir Tighearna na slógh, ion-
dus nach bhfágfa fréumh, nó beangán díobh.


L. Ml4:2


Acht díbhse air a bhfuil eagla manmasa,
éireochuidh grían anionracuis
maille ré leighios iona sciathánuibh, a-
gus rachfuidh sé amach, agus fásfuidh
súas mar ghamhnuibh an stalla.


L. Ml4:3


Agus sailteorthaói síos na ci-
ontaigh: óir béid na luáithreadh fáoi
bhonnaibh bhur ccos, annsa ló a ndéna mi-
si so, adeir Tighearna na slógh.


L. Ml4:4


Cuimhnighidhsi dligheadh Mhaóise mo
sheirbhíseach, noch do aithin mé dhó ann Hóreb
arson Israel uile maille re reach-
taibh, agus maille re breathaibh.


L. Ml4:5


Féuch, cuirfe mé Eliiah an fáigh
chugaibh, suil thiucfas lá mór baoghlach
an Tighearna.


L. Ml4:6


Agus iompocha sé croidhe na
naithreadh chum na cloinne, agus croidhe
na cloinne chum a naithreadh, deagla go
ttiucfuinnsi, agus go mbuáilfinn an ta-
lamh lé mallughadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services