Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pastoral Letter
Title
Pastoral Letter
Author(s)
Ó Scoireadh, Séamas,
Composition Date
1825
Publisher
(B.Á.C.: Thomas Courtney, 1825)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L077} {L 3} {B 1825 19T} {G L} {U 0442} {C Prós} {M 8} DILEAGRA tréud-threóradhach an Ollamhuin Fhíor- ionfhomósda, SEAMUS O'DUIL, EASBOG CHILLE-DARAICH agus LEITHGHLINNE, chum dhaoínibh easúmla, cheannairceacha a Easbogóid-eachta féin, le h-órdúghadh do na Sagartaibh a léughadh agus a chraobhsgaoílidh da bh-faircheallachaibh áiridhe Ar na athrúghadh uadh Shacs-bhéulra go Guth-éilge; agus air na chraobhsgaoílidh re h-aonta, agus fá thearmoinn a Thighearnais fhíor-áirmhidinic. LE SEAMAS O'SCURRADH
LITIR TREUDAIDHEACH etc. A Shaoí Dhearsgnaidhe, Léigh an dileagradh so leanas, nó an chuid sin de as oireamhnaíche leat, ag gac aon de na h-aith- frionnaibh puiblídhe ann do phorráisde, ar Dhia-domhnaich so chuchainn, má tá cúis ar bith amhrais agad go bh-fuil éun chuid de 'd thréud coimh cheangailte, nó comh-samhlach air iad féin a shnadhmúghadh, ann éun chomh-rún-dhacht neamh-dhlistionach. Is mé, a Shaoí ionurramdha, do shearbhfóghantaídhe fhomósach, oiríseal a g-Críost. SEUMAS O'DUIL An chéud mhí gheimhre, 1823 A Dhearbhráithre ionmhuine ann ÍOSA CRÍOST Dileagramaoíd sibh-se go h-áiridhe, a tarraing-eadh a steach le meabhall, a ccómh-cheangal air bith neamh-dhlistionnach; acht go mór-mhór, ann san ccealg-chonradh dhímheasda, malluighthe-sion, air ar fóillsígheadh go déighionnach a m-Baile-áith-cliaith, agus do leáth nuigh amach, mar is feasach, a fsaircheadhaibh áiridhe de'n easbogóideacht-so. Acht sul a n-déanfamaoíd sin, "Gabhamaoíd mar fhiadhnuise sibh féin a niudh, go ffuileamaoíd saer-ghlan ó bhur ffuil uile, de bhrígh nach deachaidh sgíth orrainn air feadh ttrí m-bliadhan, acht dá bhur tteagasg le deóraibh," sibh féin do sgaoilidh amach ó gach cómh-cheangal neam-dhlisteannach de'n t-samhuil-sion, noch do mhéuduigh
riamh roimhe-so oilc bhur ttíre, agus anois a tá ag triall air mhí-chlú do tharraing air bhur naémh-eagluis. Gach uáir d'fhiosruígheamair sibh ann bhur pporáisteadhaibh áiridhe, ní dheachaidh sosadh orruinn, acht do thabhairt réumhfhógradh dhaoíbh a ttaobh na nidhthe so. Ann ar n-oideas tréud-stiúruightheach do cuir-eadh a cclódh, agus do cómh-rainneadh ann bhur measg, do mhínígheamair go foirleitheadach Náttúir, Amus nó Triall na n-díol-chomann so - a n-amuidiocht - a n-éugcóir - a ccontrárdhacht do gach dlígh diadha agus daondha, dá raibh sé dh'fiachaibh orraibh úmhlúghadh. Do léur-nochtamair dhaoíbh neimh-dhiadhacht an leabhar-mhóide-sion do shnaídhm-cheangail iad go clis-chealgach le a chéile; agus níor sguireadar an chléir ann a pporáisdeadhaibh áiridhe, dhe bheith ag comh-oibriúghadh linn ann san naémh-dhualgas-so. Gídheadh ní dhéanfa-maoíd sibh-se do dhileagradh a tteangain na h-achmhu-sána - ós cionn gach nídh, a dhearbhráithre mo chroídhe! Ní dhéanfam sibh uile d'imdheargadh, a ngeall air chruadh-mhuinéulacht agus air dhreamhnacht chorr-dhaoíne a tá ann bhur measg: acht mar is sé cusbhóir ar bh-friothluigh-theóireachta, gan aidhmhille acht slánúghadh; " "gan na fíor-aéin acht na peacthaich do ghairm chum na h-aithrídhe." Déanfam aén uair amháin eile, fiú na corr-dhaoíne-sin féin do chómhairliúghadh, dá choirbtheacht iad, le dóthchus ann oireamhna an Sbiorad-Naémhtha, go ngeabhaidís chúcha, a nois féin, ar ccómhairle, agus go n-déanfaidís ais-fhillidh ó n-a ndroich-shlighthibh. Táid foroideasa ar ccreidimh, a dhearbhráithre ion-mhuine, air chusbóir ar ttuath-dhualgais soiléur agus so-thuigseach; agus tá teagasg ar n-eaghluise dá ttaébh-san, cómh-aénda ann gach dúithche agus ann gach aímsir. Do rinne Críost féin, an tráth bhídh sé air an t-saoghal-so, cánachas d'íoc leis an shtáit, agus do chuir sé dh'fiachaibh air Pheattar, a phríomh-easbol agus taisealbhach a eagluise go h-uile, an nídh céadna do dhéanadh. Na h-Iúdaich 'nar mhair sé ann a measg; badh seínsear dho, do réir a dhaéndachta, do chaillea-dar a saoírse; agus do bhídheadar an tráth-sion 'na n-daoíne claoídhte, fá dhaér-smacht ag na Rómhán-chaibh;
badh é Caesar a rígh, agus dh'órdhuigh sé dhóibh cíos-cháin dh'íoc leis-sion, gídh go m-badh phágánach é, agus claoídhteóir a chuir tír dhúthchais Críost féin fá dhaoírse. An t-é-sin le'r fféidir, mar a dúbhairt sé féin le a dheisgioblaibh, na mílte cath-sluagh aing-eal d'fhághail ó n-a Athair do chum é féin do chosnadh air an arin-bhuídhean do tháinigh dá ghabháil, do bhain sé an t-arm as lámh a dheisgiobail - do liaigheas sé an lot do bhuail, sé, agus cheaduigh é féin do threórúghadh mar bhráigh dhaér-chiontach do láthair Phíoláitt; agus do dheímhnigh sé ann a fhiadhnuise-sion, gur ab ó Dhia do fuair sé an cómhacht do bhídh aige. Ní'r bhréugnuigh sé a riamh a ghnáth-labhairt féin, "Nach raibh a ríogh-acht de'n t-saoghal-so;" agus "d'fullaing sé náire chroch-tharcuisneach," ionnus go m-b'féidir leis "a bheith fhomósach fiú chum báis," ní h-é amháin fomósach do thoil a Athar, acht mar an ccéadna, do dhlígh a thíre, gídh gur dhaér sí é go h-éugcórach chum báis. Peattar dhe a n-deárnaidh sé taisg-chúmhdach a theagaisg agus a chúmhachda, do lean sé a shómpla; "An tráth ghnídhthídhe, a ghéir-leanamhuin a g-cathair do theitheadh se go cathair eile," acht níor labhair sé riamh aén fhocal do chuirfeadh na daoíne suas a n-aghaidh na n-uachtarán; acht ar an lámh oile, a dúbhart sé leó-san, a chreid ann Íosa Críost tré a fheadhmantas agus a theagasg féin; "Bídhidh úmhal do gach créutúir daéndha air shon DE; ní amháin do'n Rígh, mar dhuine ag á ffuil árd-cheannas, acht mar an ccéadna, do na fó-riaghluightheóireadhaibh, mar dhrong do cuireadh uaidh chum díoghaltais air luchd na mí-ghníomh; óir is mar sin is toil le Dia." Pet.i.c.2.14. Agus ann áit eile a deir sé, "Bíodh eagla Dé, ort, onóruigh an Righ." Cómh-cheanglann sé an dá dhualgas so le a chéile, de bhrígh nach féidir re dualgas díobh seasadh ann éugmais an dualgais oile; "óir má is sé an Rígh nó an-té-sin d'iomchras an cloídheamh, searbhfóghan-taídhe Dé, díoghaltóir chum dhíbhfeirge d'imirt air lucht na míghníomh," Rom.c.13.v.4 cionnus as féidir Dia d'imeagladh ná riar má tugthair easúmhlacht dá shearbhfhóghantaídhe? Níor theagasg Naémh Peattar aén nídh ann sna briathraibh úd, acht mar a chualaidh sé
agá Mhaíghistir, agus mar do chonairc sé aige dá chur a ngníomh. Isé an teagasg céadna do sheanmhóruigh Naémh Pól, do dhaoínibh gacha tíre do h-iompoígheadh leis chum chreidimh CHRÍOST. Badh é an t-Easbol mór-so, do mhair re linn Nero bheith ionna Impire 'san Róimh, bhídh ionna phágá-nach, agus 'na léir-sgriosadóir air eagluis CRÍOST, air m-beith dho ag sgríobhadh chum a THIMOTEUIS ion-mhuin féin, a leag amach an fhoirm úrnaighthe-sion, a deireamaoíd uile chomh minic is bhídheamaoíd do lá-thair, ag an Aithfrionn, agá thoirbhriúghadh suas ann a bhri-athraibh-sion; "Air shon an Ríghe agus gach n-duine a tá ann árd-réim, iondus go ccaithfeamaoís beatha shítheóilte, naémhtha." Gídheadh ní stadann ann t-abstol ann so; ann san d-treas-caibidil-déug dá litir chum na Rómhánach, cuireann sé a b-prataing go sunrádhach foroideasa agus prímh-riaghlacha fhoir-leathana an fhomóis is dual do'n ccríoch-smacht; agus déanánn sé sin, le oiread-sion soiléireachta agus neirt-bhréithre, iondus nach fféudaim gan a bhriathraibh d'ath-sgríobhadh ann so. - "Bíodh gach uile anam," a deir sé, "úmhal do na cúmhachdaibh a tá ós a chionn, óir ní ffuil cómhacht air bith acht ó Dhia, agus na cú-mhachda a tá ann, is ó Dhia do h-órduígheadh iad; air an adhbhair-sion, cia bé air bith do chuireas ann aghaidh an chúmhachda, cuireann sé a n-aghaidh órdúghadh Dé; agus an dream do chuireas ann a aghaidh, ceannaíghid dam-núghadh dhóibh féin; óir ní eagla riaghluightheóireadha do'n déagh-ghníomh, acht do an droch-ghníomh. An áill leat a bheith ghan eagla an chomhachda? Déan an mhaith, agus beidh moladh agaid ó'n ccómhachd ccéadna, óir isé searbhfóghantaídhe Dé dhuít é ar son maitheasa; acht má ghnídh tú an t-olc, bíodh eagla ort, óir ní iomchrann sé an cloídheamh gan ádhbhar; óir isé searbhfóghantuidhe Dé é, ionn a dhíoghaltóir feirge air an t-é ghnídheas olch: uime-sin is éigean daoíbh a bheith úmhal, ní dh'eagla feirge amháin, acht fós air son coinsiais. Air an adhbhair-sion, tugaidh a n-dualgas do na h-uile dhaoínibh: cánachas do'n t-é d'ar dual cá-nachas: cusdom d'on t-é d'ar dual cusdum; eagla
roimh an t-é d'ar cóir eagla; onóir do'n t-é d'ár ab cóir onóir do thabhairt: ná bíodh fiacha ag aén neach orraibh; acht amháin sibh féin a ghrádhúghadh a chéile; óir an t-é ghrádhuígheas a chómharsa do chóimhlíon sé an dlíghe." Air na h-úghdardháis-so, agus air a samhuil- so, tá teagasg na h-eagluise Catoilicigh bun-áitighthe, agus iomthúsaighthe; agus gídh gur thárlaigh méirleachas agus claén-iompóghadh críoch-smachta a ttíorthaibh Catoiliceacha, do dhearg-fhuathuigh riamh an eagluis a samhuil-sion, an tráth thabharfaídhe chum críche iad le fóirneart, foir-éigean agus fuil-dhortadh. Tá bhur n-dilmhiann-sa, dh'á réir-sion, do chum na n-uachtarán do leagann síos, agus chum na crioch-smachta d'aidhmhillidh agus do dhíothúghadh, a cuireadh air bun le h-órdúghadh Dé ann san ttír-so, ann aghaidh léighinn agus eisiompláire chómh-dhealbhaich ar bh-Fuasglaightheóra n-diadha, agus a Abstol; agus mar an ccéadna ann aghaidh ghnáith-theagaisg aenda, chóimh-dhealbhaich na h-eagluise céadna-sin, dá n-adbháileann sibh féin a creideamh: gídheadh an aímsir do leagabhair amach, agus an fáth do ghríosuigh sibh chum an droch-thionsgadail óll-bhaoísich dhíthchéillídhe-sin do chur ar bun, táid, ní h-é amháin malluighthe, acht mar an ccéadna, mío-chlúdamhuil dhaoíbh do réir mar is daoíne agus as críosduighthe sibh. Agus air ttús - Cread é an t-am a leagabhair amach chum dealbhthadh an chealg-chonraidh fheall-fhuiltich-so, ann aghaidh gach nídh a tá air na shuídhiúghadh le toil Dé ann DUITHCHE budh cheart a bheith níos ceanamhla dhaoíbh ioná bhur m-beatha? A tá go cínnte, an t-am céadna- sin a ttáinigh ar Rígh grásmhar d'ar bh-fiosrúghadh mar ATHAIR choitchionn, chum traéchda chullóide na n-anmhiann - chun suaimhniúghadh sbioraide na cealg-bhuídhne, agus na ceanairce - agus chum tréun-sgaoílte sbioraide na síthe agus na déagh-thoile a measg gach uile dhrong da fhomósachaibh: an t-am céadna sin 'na raibh bhur ccomh-thíorthach féin, a tá árd-chlúdhamhuil a ngeall air ró-mhéid a eagna agus a cheirt, air na cheapadh chum chríochsmachta na h-Eirean, d'aon-fhonn, ionnus go raínnfeadh sé na dlighthe go
comh-thromach do na huile dhaoínibh; agus chum liaighis do thionsgnadh d'fhóirfeadh sinn ó na h-olcaibh iomdha a tá ag luídhe go trom orrainn: an t-am-sion 'na raibh an t-é badh adhnaídhe agus budh cosantóir cródha, cómhach-tach ar cceirt mar Chathoilicigh, ar na áithiúghadh ann ionnad ar fféidir leis dearcadh, amhuil is mar déarfainn, le n-a shúilibh féin ar bhur ffiúghantacht agus air bhur ffullaing-thibh - agus ionnad ann ar fféidir ris árd-fhiaghnuise dhí-choisgighthe do dhéanadh dhaoíbh do láthair an reacht-thionóil, go ffuil ceart agus fírinne agaibh re gach nídh a tá sibh ag iarradh: An t-am sin 'na raibh súile na h-ímpreachta go h-uile socruighthe orraibh; agus a h-eagna go dian-ghnódhthach a ttionsgnadh meódh-an chum bhur staide dh'feabhsúghadh, le bunnúdhas do chur air bhur n-ithiribh, air bhur mianchaibh, agus air bhur n-iasgaireacht, agus ag tabhairt iomad gnódhtha le déanadh 'na ttímchioll-so do mhór-chuid daoíne: An t-am-sion ionna raibh an chríoch-smacht chéadna-sion,
ag leagadh amach na mílte pónt a ffóirighthin riachdanas na m-bocht agus ag solátha-rúgadh do mhilliún, b'féidir, de bhur n-dearbhrráithribh - an t-am sin a n-deárnaidh Sagsan le toirbhertas bhaineas léi féin go h-aénda, faire ós cionn ar n-aindeise le h-imshníomh agus le cúram croídhe-bhuaidh-eardha máthar ag déanadh freasdail d'ar n'uireas-badhaibh as a mór-líonmhaireacht, ag tógbháil suas a seirc-ghníomha mar sgiath d'ár n-dídeann air phláigh agus air ghorta - ag éudúghadh na nocht - ag biadhúghadh na n-ocrach - agus ag cómh-shólásúghadh na mairgneach - ag déanadh dearmaid d'ár ccoirthibh agus d'ar mal-luightheacht adhfhuathmhar ann san Deisceart - de'n ffuil neimh-chiontach-sion do rinne éighmhidh chum na fflaitheas ag iarradh díoghaltais do dhéanadh orrainn - agus ag cuímhniúghadh amháin gur daoíne agus críosduighthe sinn, gídh go bh-fuil mórán dhínn, faraoír! nach d-tuil-leann an t-ainm sin do ghairm díobh. Ag so an t-am "ann ar shamhluightheach gur theagbhaigh TROCAIRE agus FÍRINNE le a chéile; agus gur thugadar an CEART agus an T-SÍOTHCHAIN póg dá chéile."
Agus ann san am-sin, is eadh tháing séideóg ó namhuid na huile mhaithiosa eadraibh-se, ionnus go ccuirfeadh sibh air ccúl gach rathamhnas budh mhiann re Dia bhronn-adh air bhur n-dúithche; agus go ccuirfeadh sibh toir-measga nuadha a n-aghaidh fás-raith bur n-dúithce. An m-beidh Eire, a dhearbhráithre mhearuighthe, mo chroídhe! go bráth cínnte chum a beith ag fullaing, agus sin a ngeall air dhailleacht no aingídheacht a clainne féin? O so suas, cia dhéanfas cómh-fhul-laingeas agus comh-dhoilgheas léi ann a cruaidh-chinneamhuin? Feasda, cia dhéanfas a ceart do chos-nadh? Cia dheánfas subháilceadha a clainne dh'fur-fhógradh? Má bhídheann cuid aca féin, ní h-é amháin lán de mhiosgais a n-aghaidh na críochsmachta, acht dall, mar an ccéadna, dá leas féin; agus má's féidir cáim do chur 'na leith anois, nach ar fféidir riamh roimhe-sin, mar a tá, "Gur ab daoíne gan bhuídheachas gan chomann iad." Acht cread do b'ádhbhar le sibh a ghníomhúgadh mar so? - agus fiúdh ainm ómhnach Dé féin d'aithisiúghadh - agus gairm go dioruisge air chum fiadhnúghadh dhéanadh air bhur ccealg-rúnaibh malluighthe? Bhur n-aindeise - bhur n-dearg-fhuath do Orangemen - bhur ngrádh crei-dimh - bhur ngéile d'fáistineadhaibh - bhur súilídheacht le bhur n-dúithche d'feicsin séunmhar agus saértha ó dhaér-smacht. Déanamaoís, a dhearbhráithre mo chroídhe! cuartúghadh mion-chúiseach, díoth-chlaéntach air gach nídh dhíobh so fá leith, sul a ttiocfamaoíd chum mí-réusuntachta agus díthcéille bhur ccealg-rún do léurnochtadh dhaoíbh, mar, aén ris an neamh-chumas a tá agaibh air iad do chur a ngníomh. Agus air ttús, a ttaébh na h-aindeise - A tá an aindeise atá ann bhur measg comh-choitchionn agus sár-mhór, agus air mhór-chuid dhi ní féidir le cumas daéndha fóirighthin; gídheadh is fiúdh a thabhairt fá deara, gídh go ffeacaidh mé mórán daoíne, agus go ndeárnaidh mé cómhrádh re cuid díobh-san a bhídh feachtnaén snadh-mhuigthe ann sna cómh-rúin mhalluighthe úd, ná'r bh'aithne dhamh aén duine amháin díobh d'ár bh'ádhbhar an aindeise le é a tharraing a steach ionnta: Cuid de'n luchd-
céirde díomhaoín - bádóireadha - searbhfhóghantuighthe gan mhuíntir - agus ógánaigh gan fios dhul an t-saogh-ail aca, a tá a measg lucht oibre agus tuarasdail; ag so an drong de a n-deárnadh suas bhur d-tionóil; agus tarraingeadh a steach iad ann bhur measg re h-eagla rómhaibh, no tré thruaillighteacht a ccroídhe féin, do calcadh le díthchreideamhacht, re meisge agus re dubháilceadhaibh oile; acht ní mar gheall air an aindeise thárlaígheadar ionnta; tá a fhios agaibh féin, gur ab í so an fhírinne. Agus a nois cead-uíghim ribh a fhiafruíghe dhíbh, ciannós d'fóirfeas bhur n-uireasbadhaibh; no ciannós thógfaid bhur n-aindeise dhibh? An re brise canál; re marbhadh áirnéise; re losgad tíghte, arbhair, agus, féir agus re fréumhúghadh réimhis uathbháis trési an n-dúithche go h-iomlán, a tá sibh chum oibre dh'fághail? An dóich libh, gur ab ris an ccriadhbhaídhe dhéanadh neamh-chosanta ann a mhaoín, a chuirfidh sibh dh'fiachaibh air a threabhaireacht agus a chur-adóireacht do mhéudúghadh? An le dochar do dhéanadh do chanálaibh agus do bháid, do mhéudóchaidh sibh tráchdáil? An re dul a ccomh-cheangal re a chéile a n-aghaidh na n-uasal, do bhéurfas sibh ortha oibreacha déagh-mhaiseacha dhéanadh ag órnáidiúghadh a ttíghthe agus a ffionachais? An re sibh a bheith ann bhur ffáth re arm-shluagh iomadamhuil do leagann air gach ball de'n n-dúithche le a ccaithfídhear a ttuaras-dal dh'íoc re sraithibh do bhailiúghadh ó luchd saéthruigh-the na talamhan, do bhéarfas sibh cumas dóibh air obair do thabhairt daoíbh? Ní h-eadh air éun-chor - táid bhur n-imtheachta curtha ann oireamhain amháin do chum a a thabhairt fá deara air na h-uaislibh teithidh amach as an n-dúithche-so; a ttalamhaintídhe dh'iompóghadh chum ingioltais, agus arm-bhuídheann do chur ann bhur measg ag cosnadh a n-áirnéise; agus dá mbiadh riachdanas ris do thabhairfidís-san an uile chinéal droch-úsáide dhaoíbh-se. D'á bhrígh sin, táid bhur ccaingne agus bhur n-anbheairtuigheacht ceapuighthe, ní chum fóirighthin air bhur n-aindeise, acht chum a méuduighthe go céud-dhúbalta.
Bhur ffuath do Orangemen - Bíodh go ffuil an drong daoíne-so gan chiall; cuirim a ccás gur ab droch-dhaoíne iadh; agus gur ab dearg-namhuid dhaoíbh- se iad - Acht mhá's daoíne ghan ciall iad-san, d'ar n-dóich, budh chóir go m-beidheadh truaigh agaibh-se dhóibh: má's droch-dhaoíne iad, is cóir daoíbh-shi bhur n-díthchioll do dhéanadh air iad dh'ionntóghadh air dhéagh-staid le bhur n-úrnaighthibh agus re bhur ffadh-fhoíghide: má's namhuid dhaoíbh iad, teagasgann bhur bh-Fuasglaigh-theóir dhaoíbh, ciannós is ceairt daoíbh sibh féin d'iom-chur ionna ttaébh. "Grádhuíghidh bhur naímhde, déan-aidh maith dhóibh-san d'fuathuígheas sibh, guídhidh air son na muíntire a ghéir-leanas agus a chúl-cháineas sibh." Agus a Absdol, mar an cceadna, lé'r ab miann, "Gan sibh do dhéanadh oilc air an t-é ghnídheas olc orraibh, acht buadh bhreith air an olc re maith," do dhéanadh ionn a aghaidh: "Má bhídheann ocras air do namhuid," a deir sé, "tabhair biadh dho; má bhídheann tart air, tabhair deoch do, mar so cárnnfadh tú gríosach dhearg-lasda air a cheann;" sé sin, do réir Naoímh Aibhistín, teinidh na carthannachta do chnaoídhfeas a naímhdeanas. Gidheadh, na daoíne sin do a ffuil dearg-fhuath agaibh- se, is iad bhur n-dearbhráithre a g-CRÍOSD iad; tá sé chomh ceanamhuil ortha, is tá sé air mhogal a shúl; do baisteadh iad ann a chuid Fola; act má táid na namhuid agaibh-se, le mí-ágh a tá comh-choitchionn dhaoíbh- se agus dhóibh-san, is iad dá aimhdheóin-sin, clann bhur n-Athar a tá air neamh; do fuair Críost bás air a son; agus budh chóir go d-tabhairfeadh sibh-se ní h-é amháin maitheamhnas dóibh, acht, mair an ccéadna, go n-déanfadh sibh a ngrádhúghadh air a shon. Gídheadh is iad bhur n-droch-chómluadair mhalluighthe- sa an mheódhain is feárr chum a n-uimhir do mhéud-úgadh, agus chum a n-oireamhna d'fóirleáthnúghadh. Do chaill a ccaingean-san a chlú agus a mhór-mheas-dacht; do ghoin an Rígh é, mar do ghoin an t-Aingeal sluagh Senacherib, agus gan mhaíll, do tháinigh snuadh agus claochlódh an bháis air; an drong do thaébhuigh ris roimhe-sin, is náireach leó, a nois, a adbháil; do dhaér-chiontuigh baramhail na poiblídheachta é; do
bhídh an bás ag cas-fhásgadh an chroídhe aige; agus níor fféidir ris fanamhuin beódh bliadhain eile; acht do shéid sbiorad bhur ccealg-chompluchda-sa a h-anáil air a chnámhaibh éugtha súd; taíd na féith-lúitheacha agus an fheóil a rís ag cómh-cheangal leó; eiseír-gheóchas sé a rís ó'n m-bás, agus tiocfas sé an ath-uair chum a bheith ineaglaighthe. Acht má goirtíghthear a rís bhur mothúghadh; má gheíbhid bhur mná pósda a rís mí-chlú agus droch-úsaid; agus bhur n-ingheana má truaillighthear iad; ná bíodh milleán agaibh air na h-Orangemen, acht air bhur slighthibh díthcéillídhe tubaisteacha, an-bheartamhla féin. Bhur ngrádh creidmhe - Och! mo dhiombáidh! a dhearbhráithre mho chróidhe! Cá liachd uair do tar-cuisníghtheair naémh-ainm an chreidhme; agus cad é lia coir agus naémh-aithis a cionntuíghthear ann a ainm. Dá m-b'fhéidir an creideamh do mheádhachann ann meadh, ní bheídheadh aén uinge amháin creidimh fíor-ghlain re fághail, a measg na muíntire-so do cheang-ail suas iad féin go saér-thoilteanach ann bhur ccómh-rúndacht mhalluighthe. Oir chiannós do b'fhéidir re Malluightheacht agus re Fíréuntacht: re Solus agus re Dorchadas, fanamuin a ccomh-thígheas re a chéile; ná re Críost agus Belial comhnúidhe ann aén árus amháin? Badh re ceannsacht, re h-uirísleacht, re foíghide, re fad-fhullang, agus re carthannacht gan teóradh, do rinne Críost, "úghdar agus críoch-nuightheóir air ccreidimh," a chreideamh do fhréumhúghadh agus do shuídhiúghadh: leó-so, agus re a samhuil-sion de shubháilceadhaibh eile, do síoluígheadh é re a luchd- leanamhna, amach go leith-imiollaibh an domhain. Badh re na subháilceadhaibh-so, do rinneadh a shíolúghadh ris an Easbol naémhdha, Naomh Páttruic dá naémh-tharcuisnígheann sibh-se a ainm; agus dá d-tugann sibh ádhbhar re dia-mhasladh do thabhairt do'n ccreideamh- sion a rinne sé fhréumhúghadh ann san Oileán-so, badh Oileán Naémh aén uair amháin, acht budh mhiann libh- se dh'ionntóghadh 'na chuais bitheamhnach. An féidir re cealg-rúnaibh fóghnadh do'n ccreideamh? An
féidir a shíolúghadh mar shaébh-adhradh Mhahomet re teinidh agus re cloídheamh? an iarrann sé mar thaca, cóngnamh na muíntire-sin a bheireas faillíghe ann a dhualgasaibh go h-uile; do easúmhluígheas agus do tharcuisnígheas a Aodhaireadha, a sháruígheas aitheanta na h-eagluise, agus a chiontaígheas ann a h-ainm na huile-dhubháilceadha-so a dhiomollann sí? Nach múineann bhur tteagasg ccríosduídhe dhaoíbh, go ffuil an chuid as bith-bhríoghmhaire dhe bhur ccreideamh cuímsighthe ann san dá aithne mhór-so na Carthannachta - "Dia ghrádhúghadh ós cionn gach uile nídh, agus do chomharsa mar thú féin, ar son ghrádh Dé." Agus a rís, gur ab é chialluígheas an focal, "Cómharsa," "An chineadh- dhaéndha go h-iomlán," ar namhaid chomh maith re ar ccáirdibh; "agus fiúdh an mhuíntir nach bh-fuil air aén chreideamh linn." Acht a deir sibh-se, go bh-fuil an creidheamh cóir agaibh féin, agus air an ádhbhair- sion, measaim go ttuigeann sibh, go ffuil se ceadmhach agaibh, fuath do bheith dho'n n-drong nach ffuil air aén chreideamh ribh. "Taisbeáin-se dhamh- sa d'oibreacha," a deir an t-Easbol, "agus inneósad-sa dhuit-si do chreideamh," Agus arís a deir sé. "Gur ab marbh creideamh gan oibrea-chaibh." Ní h-é sin amháin, acht dá m-biadh creid-eamh agad, ionnus go n-áthróchfá sléibhte, acht tu bheith gan carthannacht níor ffiúdh dada dhuit é; óir isé an creideamh-sion amháin, "noch d'oibrígheas re car-thannacht," a dhéanas taithneamhach sinn do Dhia: agus ní féidir re éun duine bé creideamh a bhídheas aige, seilbh na beatha síorruídhe dh'fághail, muna ccoimhéud-faidh sé an chéud aithne sin, is mó dhe na h-aithean-taibh uile, a chuireas dh'fiachaibh air, a chómhursa ghrádh-úghadh mar é féin, gídh bé air bith creidiomh atá ag an ccómhursa-sean. As dearbhtha, a dhearbhráithre mo chroídhe" nach lúgha an aithis a bheirid na peacadha atá a n-aghaidh na Carthannachta dho Dhia, ioná na pea-caídhe a tá a n-aghaidh an Chreidimh: Agus má's leór, do réir Naoímh Póil, fanamhuin go toilteannach cruadh-mhuinéulach ann seachrán Creidimh, chum daoíne ghear-radh amach ó Ríoghacht fhlaitheamhnais; a deir sé, mar an ccéadna, go ttuíllte ar Ithfrionn ris na peacadhaibh
oile-so, mar a tá; "sdriapachas, neamh-ghlaineacht, neimh-gheanmnaídheacht, drúis, piseóga, naímhdeanas, fearg, ciapáil, ceanairc, iomthnúth, dúnmharbhadh, agus meisge." Gal.5.Caib.. Créud fáth dhá réir sin, a ffuil bhur tteas-dhúthracht go h-uile dírighthe an n-aghaidh aén dubháilce amháin, agus sibh féin, ann san am ccéadna, ag tabhairt saér-ligeinn daoibh féin ann sna dubháilceadhaibh eile. Och! a dhearbhráithre, a tá sibh neamh-fhullaingeasach, agus neamh-charthanach ann san ccás-so: gídheadh ní h-é bhur ccreidiomh is cionfáthach re sibh do bheith amhlaidh, acht bhur réumh-chlaénadh agus bhur n-anmhianna. Ní dho gach aén duine dhíobh-san, nach ffuil air aén chreideamh libh, budh cheart daoíbh gairm ghráineamhuil, "eiricigh" do thabhairt. Ní eiriceacht a bheith air seachrán creidimh, acht fanamhuin go toilteanach, ceann tréun an-cheangailte ann san t-seachrán-sion. Air an ádhbhair-sion, a deir Naémh Aibhistín; "As féidir riom do bheith air mearúghadh, gídheadh ní beidh me an Eiriceach." Sgríobhann sé, mar an ccéadna, ann a 162. litir, "Nach cóir, air éun-chor, na daoíne-sin a loirgios go dáirfhíreach an fhírinne, agus bhídheas ullamh air na fághail dóibh, chum a seachráin do leasughadh, do chóimhriomh a measg eiriceach." Ag so sbiorad bhur n-eagluise, noch air m-beith dhi tionólta re a h-aédh-aireadhaibh a d-TRENT, an tan do rinne coinneall-bháthadh agus eas-chomaoíniúghadh air eiriceachtaibh na h-aimsire-sin; is mar so labhrann sí ann a 13 Ses. air an n-drong do ghéill dóibh: "An Naémh-chómhairle, mar Mháthair chaénrusach, a chneadas agus gheineas, is áill agus is mianh léi, gan siosma do bheith a measg na muíntire-so ag á ffuil gairm críostuighthe, acht do réir mar a chreidid ann san n-Dia ccéadna, agus ann san t-Slánuightheóir ccéadna, go m-biadh, mar an ccéadna, an creidiomh céadna, an teagasg céadna, agus an tuigsi chéadna aca uile; ag cur muiníghne a ttrócaire Dé, tá dóthchus ag an ccómh-airle, go n-déanfaid fillidh a n-dóthchus agus a ccarthannacht chum aéndachta naémhdha, anam-shlán-uighthíche an chreidimh." Cad é chomh neamh-chomhsamhail
re a chéile, a dhearbhráithre mhúirneacha, an sbiorad sin a dheachtaidh an naémh-theagasg úd, agus an sbioraid a chómhairlígheas sibh-se ann bhur ttionólaibh neamh-naémhdha? Acht cuirim a ccás, nach ffuil an drong-so go h-uile, nach ffhuil air aén chreideamh libh-se do reir na tuaireasgbhála úd a thug Naémh Aibhisdín uaidh th-suas; cread fáth nach ccuireann sibh dóthchus a n-Dia, agus nach nguídheann sibh chuige, fá go n-déan-fad sé, air leabadh a m-báis, ann san mion-am-sin ionna m-beídhid ag sgaramhuin ó'n t-saéghal-so, dearc-adh air na daoínibh nochduighthe air ar chuireadar éadach; - agus air na daoínibh ocracha do ar thugadar biadh; - air an arán a bhriseadar chum na n-díleacd; - air an n-deóir a nígheadar ó ghruadh na baintreabhaíche; agus air son na n-déagh-oibreach-so, go ffoíllseóchadh sé dhóibh solus na fírinne; go lasfadh sé a ccroídhthe re aithmhéala agus díoltuirse; go líonfadh sé iad re a charthannacht; agus go ccuirfeadh sé coróinn ortha re a thrócaire! A dhearbhráithre mo chroídhe! greamhuighidh go daingionn, diongmhálta, seasamhach, bhur ccreideamh féin; agus guídhidh air son na n-daoíne nach ffuil air aén chreideamh ribh! Tugaidh de bhur n-aire, briathra an absdoil, a deir, "Cia thusa a bheireas breath air shearbhfóghantaídhe dhuine oile, d'á mhaíghisdir féin a dhéanas sé seasadh nó tuitim; acht seasóchas sé, óir tá Dia leór-chómhachtach chum é thógbháil suas." Ann san n-dúithche-so, tá ní h-é amháin, cead ar ccreidimh aguinn; acht tá sé, mar an ccéadna, ar na chosnadh re dlígh na ríoghachtha; tá bhur n-eaglais bocht; acht is sí an bhochtaineacht an cliabhán ann ar h-aileadh an chríosdamhlacht; agus do bhídh saídhbhreas riamh mar nimh mharbhthach dhi. Tá cuíbheamhlachd ag bhur ccléir chum maireachdain, socruíghthe cómh-fhada ó'n m-bochtaineacht agus ó'n rachtmus; agus sin ag tígheacht chúcha ó bún-thús a bheireas urraídheacht dhaoíbh- se go ndéanfaid sgeídhm díbh-se; agus bheireas tear-moinn do ionracas a m-beatha féin. "Ní iarraid, ní shantuíghid níosa mhó." As soiléur air an ádhbhar-sion, nach ffuil fáth air bith agaibh-se a ttaébh bhur ccreidimh, re dul a ccealg-rúnaibh a n-aghaidh na críochsmachta; agus is sé aingeal an dorchadais do
chruth-athruígheas é féin a cclódh aingil soluis, ionnus go d-tarraingfeadh sé sibh chum sáruighthe na carthann-achta-sion a chómhairlígheas an sghríbhinn dhiadha dhúinn, fa bhréag-riocht teas-dhúthraicht creidmhe. Bhur ngéile dho fháistineadhaibh - Ag so, a dhearbh-ráithre mo chroídhe, cusbóir air ar deacair labhairt chomh tromdha agus chomh dáirfhíreach is budh chóir; agus fós, do shilleadar na h-oilc is gleódhaíche air bith, ó chreidbháil d'á leithéidíghe-sin. Do fuair mhé sgéula in-chreidthe, an tan go ghéill mórán agaibh d'ar ccómhairle féin agus do chómhairleachaibh ar ccléire, ar feadh na bliadhna-so ghabh tharruinn, re sibh féin do chúl-tharraing ó na caingnibh droich-bheartacha-so, gur rugadh buadh orraibh fillidh ortha arís, a ngeall air sgéultaibh mhí-réusúnta, gan áird, de a ngair-thear Fáistineadha no Tarngaireacht, a sióluígheadh ann bhur measg re an-bheartóireadhaibh malluighthe. Do chonairceamair féin daoíne a thug faillíghe ann a ngnódhthaibh, agus tharraing mí-rath agus uireas-badh ortha féin agus air a muíntir, ag súilídheacht go h-óll-bhaoíseach go d-tiocfadh nidhthe chum críche a roimh-ghealladh re cuid de na bréug-fháistineadhaibh úd; mar a tá, "Go raibh aistrighthe móra re teacht go luath air an t-saoghal." Do rinneadh a réumh-aithris leath-chéud bliadhain ó shoin, nach ccuirfídhe coróinn, air an cceathramhadh Seóirse; agus gídh go ffacabhair féin é, ann so eadraibh, bhídh bhur mealladh chómh mór agus sin, ionnus nach ar ffurus ribh a chreidbháil, gur coróinneadh é. Tá sibh chomh so-chreidmheach-sion, agus chomh tugtha air ghéile do thabhairt, do sgéultaibh cailleachamhla, gan áird a bréugnuígheadh na mílte uair iondus gur ab áiteamh léan-dúbhach é air bhur n-ollamhacht chum géille thabhairt do ráidhteachas gach chlodhaire le'r mhiann sibh do mhealladh. Ní mhollann an eagluis, a dhear-bhráithre mo chroídhe! éun fháistine ná tarngáireacht, acht amháin, iad-san a tá air buan-chuímhne a ngraibh-chiollach an Sgriobtúra chanónda: agus ghídh nach n-deárnaidh tíodhlaice na Faígheadóireachta sosadh ann san eagluis acd oiread re tíodhlaice na Míor-bhúill, níor aéntaidh sí riamh a h-ainm, ná a déigh-mheas do thabhairt mar chómh-neartúghadh air ráidhteachas
gráisgeamhuil, ná air sgéultaibh béul-aithriste. Ní h-é sin amháin, acht an tan mhollaid cuid d'á h-oll-dhámhaibh, agus a ghéur-sgrúduíghid taisbeánta fuair Naoímh áiridhe, mar a tá, taisbeánta Naoímh Bríghitte ó Sweden, air Pháis Iosa Críost, chum na ccreidmheach do ghluaiseacht chum a m-beatha do leas-úghadh - diomollaid d'aén-ghuth, mar nidhthe saébh-adhraigh-theacha na sgéulta diosgaire-san d'á ngoirthear "fáistineadha"; nach ffóghnann acht chum buaidhrimh íntinne; agus ann nach ffuil brígh na oireamhain chum na n-daoíne tharraing air leas a n-anmann. Achd déarfaidh sibh riom nach fáistineadha dhe'n t-samhail-sion atá agaibh féin, acht fáistineadha tarraingeadh as an Sgríbhinn n-diadha, do réir mair a táid mínighthe ann leabhar Phastorini, d'á ngairthear "Stair na h-Eagluise Críosdaídhe." Acht, a dhearbhráithre mo chroídhe! do h-ionntoígheadh bun-ós-cionn an leabhar-sion chum críoch fíor-neamhchomhsamhail leó-san, budh mhiann ris an úghdar g-cráibhtheach. Tá urmhór an leabhair-so 'na eidir-mhíniúghadh, nó budh chóra rádh, 'na shaoílsin nó na bharamhuil, air leabhar taisbeánta Naoímh Eóin Soí-sgéulaídhe. An leabhar so d'á ngairthear Apocalypsis, as foíllsiúghadh nó aisling é, mar a chialluígheas a ainm, fuair Eóin naémhdha ann oileán Phatmos, ann ar díbreadh é ann réimheas Domitian an t-ímpire dhe'n ainm-sin. Budh aisling dhe'n náttúir budh dhiamhaire air bith í-sin; agus tá an tuarasgbháil do bheir an t-eásbol dhúinn uirthi chomh dorcha, do-thuigsiona-sion, ionnus gur ab fíor-bheagán an Naémh-aithreachaibh na h-eagluise do ghabh a láimh a míniúghadh; agus an chuid díobh do glac ortha féin sin do dhéanadh, do'b éigean dóibh tabhairt suas. Naémh Jerome féin, dhó nach raibh éun chuid eile dhe'n sgríbhinn dhiadha dorcha, diamhair, ná do-thuigsiona, agus dh'onóruígheas an eagluis, mar an t-é is mó d'á Dochtúireadhaibh, agus do thóg DIA féin suas chum mínighthe an Sgroip-tiúra, fíudh é sin féin, do tug sé suas leabhair thais-beánta Naoímh Eóin, mar nídh bhídh go h-iomlán os cionn a thuigsiona, ag rádh, "go raibh, ní h-é amháin, gach rann de, acht mhar an ccéadna, gach focal de,
fóir-líonta re rúindiamharaibh." As ann san leabhar-so a shaoíl Luther go ffuar sé amach gur bhadh é an Pápa Antichrist - Mar an ccéadna, do mheas an t-Easbog Walmesly, d'ár ab gnáth-ainm Pastorini, agus úghdar ró-cheanamhuil bhur d-tarngaireachta ionmhuine- sa, a eagluis féin do chosnadh re cúl-chasadh, agus ais-fhillidh air Luther - ag rádh, gur bhadh é Luther an Réult air a ttráchdthar ann leabhar thaisbeánta Naoímh Eóin, noch iar m-beith dhi ar lasadh ar talamh iar ttuitim dhi ó neamh, air feadh ttrí ccéud m-bliadhan, a dhéan-faídhe ann sin do mhúchadh - 'sé sin rea rádh, go m-biadh teagasg Luther air marthainn air feadh na h-aím-sire-sin, agus ann sin go m-biadh crích air. As an méid-so is iontuigthe dhaoíbh, gur mhiann ris an dá aíghneasóir lasánta-so, a chur ann iúil dhúinn, gur sháruígheadar féin uile-eagna phríomh-aímsiorach na heagluise; agus nach ar fféidir séulaídhe an leabhair rúin-diamharaich-sin, a fágbhadh gan fosgladh gus a n-aímsiorach-so araén, a réubadh act dóibh féin amháin; ionnus gur mheas duine dhíobh ann a dhíbhfeirg, gur bhad é easbog ceannsa na Rómha, Antichrist; agus an duine eile ann a shímplídheacht, go rabhadar na réulta chum teinidh agus ruibh d'fhearadh a n-shuas ó neamh orruinn. Cuiridh air siúbhail uaibh, a dhear-bhráithre mo chroídhe! a leithéid-sin de dhíth-céille iomar-cach! Ceaduíghidh do na diadhaireadhaibh a bheith ag conspóidiúghadh re a chéile; mórán díobh, gídh go ffuilid eagnaídhe, chídhmíd "nach ffuilid eagnaídhe chum measardhachta." Agus ná tugaidh géille dho theagasg air bith, acht do theagasg bhur n-eagluise, do réir mar a mhúineas bhur n-aédhaireadha dhaoíbh é, chum bhur m-bheatha do stiúrúghadh dh'á réir. Níor bhain an eagluis riamh an brat dorcha a tá ós cionn an taisbeánaidh úd dhe; agus mar a deir Solamh a ttaébh Rún na Náttúra, - do réir chomhsamhlaichd, go ffuil sé air na thabhairt suas d'aíghneasaibh na cineadh-daéndha re Dia. Bíodh gur réumh-chómharthuígheadh amach Luther ris an Réult úd, agus a theagasg ris an ccaér-lasair a bhídh ag spréachadh as an réult; ciannós a bhaineann sin ribh-se? Do bhídh Luther 'na
chómhnuídhe ann san nGearmáinn, a chreidiomh-sion, a tá comhsamhuil re bhur ccreidiomh-sa ann mórán ponncaibh, agus a tá neamh-chomhsamhuil ris an ccreidiomh Sag-sanach ann iomad ponncaibh eile, níor glacadh riamh ris, agus níor h-adbháileadh é an Eirinn ná a Sagsain. Do chum sómpladh thabhairt dhaoíbh air so, a deirid na Lúitearánaich cinéal aithfrinn, deallrach re ar n-aith-frionn-ne; téidhid chum faoisidin; creidid go ffuil Críost láithreach go fírinneach ann Naémh-Sháchramuint na h-altóra; acht ní fhuil éun easbog aca. Air an láimh oile, tá easboig Protestantaídhe Shac-soin; ní fhuil aithfrionn aca ann aén chlódh ná dealbh; creidid gídh go ffuil Críost do láthair ann san t-Sácramuint go fírinneach, nach go corpardha acht go sbioraideálta bhídheas sé láithreach ann. As so is iontuigthe dhaoíbh, dá mbiadh crích féin rea bheith air chreidiomh Luther, nach leanann as sin, go m-biadh crích air an ccreidiomh do fhréumhuigh dlígh an Ríoghachta ann san n-dúithche-so. Gídheadh má's éun t-sólás daoíbh, a fhios do bheith agaibh, go n-déanfaídhe creid-iomh Luther do dhíoláithriughadh, agus go ccómhlíon-faídhe bhur ttarngaireacht, is féidir riom-sa sgéula thabhairt daoíbh, as leabhar a tá anois leagtha a'm fhiadh-nuise, do sgríobhadh re Aircheannach Gearmáinneach,
gur ab tearc duine a nois re fághail, trés an nGearmáinn go h-iomlán a chreideas ná dh'adbháileas an creidiomh- sion a theaghasg Luther. Ní gábhaidh dhaoíbh-se, air an adhbhar-sion do bheith ag fanamhuin ris an am a leag Pastorini a mach chum léir-mhúichte na Réilte úd, mar ta teagasg Luther cheana féin múchda. Ach ann sin, fiafróchaidh sibh dhíom, an iompoígheadar na Lúitearánaich go h-uile ionna ccatoilicigh Rómhán-dha? d'iompoigh mór-chuid díobh, go deimhin; agus faraoír! nach ar iompoigh an chuid eile dhíobh, mar an ccéadna! Do rainneadar iad féin 'na n-uimhir dho-áirmhthe creidmheadha codarsna, ag creidbháil do theagasgaibh coímhightheacha air nach ccualthas tráchtadh riamh roimhe-sin - agus mór-chuid eile dhíobh, do
dhiúl-taígheadar a muich-sa-mach dho'n ccríostamhlachd, agus d'iomphoígheadar 'na n-díth-chreidmheachaibh. Ná bídhidh, a dhearbhráithre mo chroídhe, chomh leamh ná chómh suarach-sion, is go measfadh sibh, dá ngeabh-adh an drong-so nach ffuil air aén chreidiomh ribh, malairt creidmhe chúcha, gur ab air aén chreidiomh ribh-se dh'iompóigheadaoís: - as fada uaidh do gheabh-aidís - dh'ionntócadh a n-ur-mhór 'na n-An-chríosduigh-thibh, no dhéanfadaoís creideamh nuadh do dhealbhadh dhóibh féin. A tá sé a n-aghaidh náttura an duine, agus árdréimhis choitchinne Dé, go n-déanfadh drong daoíne mar ar n-dearbhráithre easaéntacha, a tá chómh cian-dhealuighthe-sion ris an Eagluis; agus gach n-duine aca chomh gnáith-chleachtach-sion air a bharamhuil agus air a thuigsi féin do leanamhuin ann gach uile nídh Diadha agus daéndha, go n-déanfaidís a rís, iad féin do chur fá chuing úghdardháis na h-eagluise, agus, "A d-tuigsi do cheangal suas do fhómós an chreidimh." Do b'féidir go ndéanfadh daoíne áiridhe amhlaidh: b'féidir go n-iompóigheadh lán dronga; acht níor fféidir re chómhacht na Riaghluightheóireadha; 'ná re neart na dlíghe; 'ná re eagla báis féin; - níor fféi-dir re aén nídh níosa lúgha ioná míorbhúille níos mó ioná mar do ríneadh riamh air an t-saéghal, Sacsain agus Eire dh'iompóghadh air aén chreideamh amháin. Cuiridh uaibh, a dhearbhráithre mo chroídhe! bhur leabhra Fáistineadha, agus léughaidh na leabhra-soin a mhín-eóchas daoíbh aitheanta Dé agus bhur n-dualgas a d-taébh a chéile. Cuiridh uaibh Pastorini, (focal Io-ttáileach, a chialluígheas "Aedhaire-beag," nó ann aén-fhocal, "Aodhairín") agus glacaidh cómhairle bhur n-aodhaireadha féin, a chuir Dia ós bhur ccionn. "Agus a ghnídheas fare, mar dhaoíne a tá le cúndas do thabhairt air son bhur n-anamann." Léigidh do na dochtúireadhaibh Luther agus Walmsly do bheith ag aighneas trés an Apocalypsis; acht tugaidh-se dhe bhur n-aire teagasg Naoímh Eóin, úghdar an taisbeánaidh-sion, noch do sgriobh, do sheanmhóruigh, agus do shíor-labhair sé go h-uair a bháis - "Grádhuíghid féin a chéile." Fágbhaidh na fáistineadha re a míniughadh aca-san ag á bh-fuil
tuigsi orra; acht bídhidh-se dian, díthchiollach ann bhur ngnódhthaibh, agus ann obair na Siothchána. Tá a ghairm áiridhe féin ag gach aén duine ó Dhia; agus budh cheart do gach aén-neach fanamhuin ann a ghairm féin. Dá leanfadh an dlightheamhnóir nó an Liagh dhe threabhadh, dhe shíolchur nó dhe buain ann áit leanamhna dá ngnódhthaibh féin; dar n-dóich dhéanfadh sibh gáire tré na meardhan-acht, no bheídheadh truaigh agaibh dóibh tré a n-díthcéille: maiseadh ag so bhur ccas-sa, an tan do bhídheann sibh an-ghnódhthach a ttímchioll fáistineadha nach ttuigeann sibh: "Creudh fáth a ttug" Dia dh'á eagluis, "drong áiridhe 'na n-abstolaibh; drong oile 'na n-aédhairea-dhaibh; agus drong oile 'na luchd-teagaisg," acht amháin chum grínn-mheabhrúghadh do dhéanadh air an n-dlígh - do chum stiúraighthe agus riaghluighthe na ccríostuidh-eadha? Agus dá amhdheóin-sin, is sé is miann ribh-se fóir-sheilbh do thógbháil air a n-áit-siod, agus cumasg-bhuaidhirt do tharraing a steach ann san Eagluis, "noch is Corp do Chríost." Bídheann sibh ag fonómh-adadh air an n-drong t-saébh-adhradhach, m-breig-fheasac- sion a léughas agus mhínígheas an Sgriobtúir do réir chlaén-thuigsionna a ccloigcinn mhearuighthe féin; agus, na dhiaidh-sin agus uile, bídheann sibh féin ag eidir-míniúghadh faístineadha, an chuid is dorcha, is diamhaire agus is dothuigsiona dhe'n Sgríbhinn-dhiadha go h-iom-lán; mar-so, "Ann san nídh a d-tugann sibh breath air neach oile, daérann sibh sibh-féin." Taid leabhar-lanna a dhearbhraithre ionmhúine! ann bhur Sépéalaibh ionn a ffuilid leabhra a thráchtas air chrábhaidh agus a mhínígh-eas an dhlíghe - léughaidh agus doímhinn-mheabhruíghidh iad-san, agus múinfid eólus bhur slánuighthe dhaoíbh. Acht is sé is cusbóir daoíbh, Séun agus Saoírse do thabhairt do bhur n-Dúithche - Ní dhéanfamaoíd tagradh ribh air an ffáth fá'r mhiann ribh sin do dhéanadh; fiúdh dá m-budh nídh in-mholta é, níor fféidir a leithsgéul do ghabhail, tré úsáid do dhéanadh dhe mheódhanaibh neimh-dhlisdionnacha chum na chríche-sin; - "Mar nach cóir olc do dhéanadh," mar a deir an t-abstol, "ionnus go ttiocfadh maith as." Gidheadh déanfamaoíd léir-mheas, air feadh tamaill bhig, air bhur ffóir-dhealbh
ínnte féin; agus air an n-drong daoíne a tá agaibh chum a curtha a ngníomh; ionnus go ccuirfeamaoís a ccéill go follus daoíbh, a h-amuidiocht, mar aén re a malluightheacht chómh maith agus is féidir linn. Agus air d-tús - cia iad an drong daoíne so, le'r mhiann dlighthe agus nós-tíre na duithche-so do dhian-sgriosadh agus do léir-mhillidh? A tá daoíne gan airgiott; gan fhoglaim; gan arm; gan chómhairle ná rún; gan smacht ná riaghail; gan cheannféadhna ná taoíseach; a tá air na ccómh-cheangal re leabharmhóide malluighthe, a tá d'ualach ortha a bhrisidh, agus go m-budh chuir a choimhéud. Daoíne gan chreidiomh, a tá tugtha do na h-an-mhiannaibh as critheaglaíche air bith; ag á bh-suil dia-mhasladh ann a mbéil agus a lámha líonta re creach agus go h-an-mhintigh re fuil. An féidir re daoínibh chomh h-olc tréighthe leó-so, dúithche d'aith-dhealbhadh, ná séun, ná saoírse do thabhairt chúichi? Ní féidir, a dhearbhráithre mo chroídhe! Dá m-budh leó féin Eire, do marbhóchaidís féin a chéile; acht dá m-beidís ann san machaire a g-cuinne airm an ríghe do sgaipeadaoís ó a cheile, mar thréud caéireach air mhullach sléibhe an tan do sgannróchadh stoirm tóirníche iad. As cuimhneach ribh uile an bhliadhain 1798. Ag an am ghleódhach chruadh-chinneamhnach-sion do bhíodar Protestantaídhe agus Catoilicígh, agus an uile ghné easaéntuightheóireádha, dhe gach cóige agus cathair, dhe gach céim agus teasdas, dhe gach rannca agus gairm; go fiúdh an dream a bhídh ann san arm ag cómh-cheangal re a chéile chum na críochsmachta do dhian-sgriosadh - as fiadhanuise sibh féin nach ar eírghidh leó, agus airígheann mór-chuid agaibh féin na h-oilc gleódhacha a shil as an easarguin-sin. Má's mar sin do chríochnuigh Méirleachas chomh fóir-leith-eadach ris súd, a chongbhaigh, agus a shnadhmuigh ann féin dronga dhe gach uile ghné creidimh, saídhbhris agus rachtmais; lucht eóluis; cóimh-cheangailte a muich ceart-dhealbhtha ann san m-baile; agus eírighthe amach ann am a raibh Sbiorad cealg-rúin agus claén-iompoighthe críochsmachta ag comh-ghluaiseacht tré cheart-lár thíortha na h-Eóraipe: agus an tan 'na
raibh an chríochsmacht d'á raibh sé dírighthe 'na h-aghaidh a ccoga, beagnach gan cóngnamh ó neach air bith, ris an Námhuid badh ineaglaíche a bhídh riamh ag Sagsan; ciannós budh dhóich libh go n-eirgheóchadh le lán-dhíthchioll agus le h-amusaibh na h-easarguine, dios-gaire, dímheasda-so air a ccluineamaoíd anois trách-tadh. Cómhbhuaidhreadh a tionsgnadh ann aímsir Síothchána is ró-chiúine; an t-am a bh-fuil an chríochsmacht fréumh-uighthe ann léir-annsacht gach aén-neach le'r ab miann a thír dúthchais do bheith séanmhar: an t-am a n-déanfadh gach uile Phrotestant agus Catoiliceach ag a ffuil déagh-chlú, árd-chéim nó ínnmhe preab-bhailiúghadh, agus cómh-chruinniúghadh a ttímchioll na Ríogh-Chathaoíreach, amhuil gur bhudh aén-duine-amháin íad uile, d'á cosnadh air fhealltóireadhaibh na síothchána puibhlídhe. An féidir ribh aén duine amháin d'ainmniúghadh dhamh, acht amháin an drong d'áirmheas féin air d-túis daoíbh, a rinne riamh cómhcheangal ribh ann bhur ffeall-mhiann-aibh malluighthe? Nach n-deárnaidh an chléir go h-uile d'aén-ghuth idir Easbog águs Shagart, sibh do dhaéradh, "An ceaduigheadh dho aén Duine agaibh riamh Sácramuint air bith do glacadh ann ar n-Eagluis, gan diúltadh air ttús do na Cómhluadaraibh-so." An raibh riamh aén ghabháltaídhe saídhbhir, ná tráchtálaídhe racht-musach, ionraic re fághail ann bhur measg? A n-deárnaidh aén cheárdaídhe macánta, measardha, díthchiollach, salátharach cómh-cheangal ribh, muna n-deárnaidh sé a n-aghaidh a thoile? Nach ffuilid na cínn-treóruidheadha a tá orraibh, gan leathamuich, 'na n-daoíne coirbhthe, díoghblásacha, an-shrianta; dhe dhroch-chlaéntaibh dhubháilceacha, dhíthchreidmheacha; daoíne, mar a deir Jude Easbol, "A chuireas uach-daránacht a ttarcuisne, agus a ghnídheas an-chaint air an luchd ag a ffuil árd-cheannas." Nach é so fíor-thuarasgbháil bhur ttuargnach catha? An iad so, no a leithéidíghe-so, a dhearbhráithre mo chroídhe! do gheabhadh Saoírse agus Séun do thabhairt chum bhur u-Dúithche? Agus muna raibh sin air a ccumas, cread fá'r cheaduígheabháir dóibh riamh sibh do mhealladh re briolláinibh do dhéanadh dhaoíbh d'á miosgais, agus cómh-rannadóireadha ann a g-coirthibh.
Acht chum críche do-chur air mo dhileagra, a dhear-bhráithre mo chroídhe! ceaduíghidh dhamh a chur a ccuímhne dhaoíbh, go ffuilid foírne gach n-dúithche, 'na n-aén-chorp, comhsamhuil, ann módh áiridhe, re corp gach n-duine againn fá leith. Táid na h-uachtaráin agus na h-íochdaráin, na daoíne saídhbhre agus bochda, gach céim agus gairm dhe a ffuil corp na tíre déan-ta suas, air na n-órdúghadh re Dia, ionnus go ccói-mhéudfadh sé an t-iomlán a ccómh-eagar. Dá m-biadh aén-chuid aca so ag iarradh fóir-sheilbhe do thógbháil air áit na coda oile, do bhiadh amhréighteach no im-threas eadartha dh'á chion-sion. Dá m-budh nídh nach siubhalfadh do chosa, air mbheith dho'd lámhaibh díomhaoín - dá ngeabhadh do lámha ortha féin, gnódhtha do cheínn do dhéanadh, cad é chomh mí-chúmtha agus chomh mí-réusúnta as shamhlóchadh sin. Amhlaidh-sion ann san Stát, dá m-beídheadh an lucht-oibre, do ar cheap Dia an oific-sin, ag iarradh na staide-sin do thréughbháil, agus iad féin do chur ann áit na n-uach-darán - dá m-biadh na daoíne ambhfiosacha ann áit na n-eagnach - an saíghtteóir ann áit an oireamhain - an ceárdaídhe ann áit an ghiústís-síothchána - an maígh-isdir-scoile ann áit an easboig, no an bhreitheam-ain, ciannós do b'féidir cómh-rochdacht ná cómhluadar, ceart ná cómhthrom do bheith idir na daoíne air aén- chor? Fós is uirthi sin, agus air a samhuil oile sin d'iar-leanamhuin a tá bhur ffeall-mhiannaibh, agus bhur n-an-bheartuígheacht ag triall. Fillidh, air an ádhbhar- sion, a dhearbhráithre m'anama! chum slíghé na Síothchána! Fágbhaidh taébh ris na h-uacdaránaibh tóruígheacht do dhéanadh air na meódhanaibh-so do dhéanfas a ngaoís do thionsgnadh chum Fás-raith bhur n-dúithche. Tugaidh buídheachas do'n ccríoch-smacht agus do na daoínibh a tá ann árd-cheannas trés an imshníomh a thaisbeánaid a g-cosnadh seilbh-dhilse, agus ann soláthrúghadh dho riachdanasaibh na n-daoíne. Fágbhaidh bhur n-eagluis a m-buan-sheilbh na saoírse a tá aici - guídhidh ar son na n-daoíne nach ffuil air aén-chreidiomh ribh - Déanaidh bhur n-díthchioll air bhreis carthannathta, agus air níos lúgha teas-dhúthraicht
creidmhe do bheith agaibh - ná líonaidh re searbhas saéghal bhur n-athaireach agus bhur máthaireach, agus ná tugaidh a cceínn liatha re brón chum na h-uaigh! Déanaidh leór-ghníomh, a dhearbhráithre mo chroídhe! re gach uile mheódhan a tá ann bhur ccómhacht, ann gach uile dhíoghbháil dá n-deárnabhar do bhur ccómhursain, do bhur n-dúithche, agus do bhur n-Dia. Níghídh chum siúbhail re bhur ndéigh-iomchur síothchánta ó so suas, an mí-chlú gráin-eamhuil a theilg bhur mí-iomchur cheana féin a ffóir-leithiod áiridhe air bhur n-ealguis!! O cheart-lár ar ccroídhe agus ar n-anamann iarramaoíd síothcháin agus beannacht daoíbh, ann ainm an Athar uile-chómhachtaich, agus a Mheic IOSA, ar d-Tígh-earna agus ar bh-Fuas-glaightheóir tré ghrásaibh an Sbioraid Dhiadha a thigeas uatha araén. - Amen. S. O'DUGHAILL, etc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services