DILEAGRA tréud-threóradhach an Ollamhuin Fhíor-
ionfhomósda, SEAMUS O'DUIL, EASBOG
CHILLE-DARAICH agus LEITHGHLINNE, chum
dhaoínibh easúmla, cheannairceacha a Easbogóid-eachta
féin, le h-órdúghadh do na Sagartaibh a
léughadh agus a chraobhsgaoílidh da bh-faircheallachaibh
áiridhe
Ar na athrúghadh uadh Shacs-bhéulra go Guth-éilge;
agus air na chraobhsgaoílidh re h-aonta, agus fá
thearmoinn a Thighearnais fhíor-áirmhidinic.
LE SEAMAS O'SCURRADH
LITIR TREUDAIDHEACH etc.
A Shaoí Dhearsgnaidhe,
Léigh an dileagradh so leanas, nó an chuid sin
de as oireamhnaíche leat, ag gac aon de na h-aith-
frionnaibh puiblídhe ann do phorráisde, ar Dhia-domhnaich
so chuchainn, má tá cúis ar bith amhrais agad go bh-fuil
éun chuid de 'd thréud coimh cheangailte, nó comh-samhlach
air iad féin a shnadhmúghadh, ann éun chomh-rún-dhacht
neamh-dhlistionach.
Is mé, a Shaoí ionurramdha, do shearbhfóghantaídhe
fhomósach, oiríseal a g-Críost.
SEUMAS O'DUIL
An chéud mhí gheimhre, 1823
A Dhearbhráithre ionmhuine ann ÍOSA CRÍOST
Dileagramaoíd sibh-se go h-áiridhe, a tarraing-eadh
a steach le meabhall, a ccómh-cheangal air bith
neamh-dhlistionnach; acht go mór-mhór, ann san ccealg-chonradh
dhímheasda, malluighthe-sion, air ar fóillsígheadh
go déighionnach a m-Baile-áith-cliaith, agus do leáth nuigh
amach, mar is feasach, a fsaircheadhaibh áiridhe
de'n easbogóideacht-so. Acht sul a n-déanfamaoíd
sin, "Gabhamaoíd mar fhiadhnuise sibh féin a niudh,
go ffuileamaoíd saer-ghlan ó bhur ffuil uile, de
bhrígh nach deachaidh sgíth orrainn air feadh ttrí
m-bliadhan, acht dá bhur tteagasg le deóraibh," sibh
féin do sgaoilidh amach ó gach cómh-cheangal
neam-dhlisteannach de'n t-samhuil-sion, noch do mhéuduigh
riamh roimhe-so oilc bhur ttíre, agus anois a tá
ag triall air mhí-chlú do tharraing air bhur
naémh-eagluis. Gach uáir d'fhiosruígheamair sibh ann bhur
pporáisteadhaibh áiridhe, ní dheachaidh sosadh orruinn,
acht do thabhairt réumhfhógradh dhaoíbh a ttaobh na nidhthe
so. Ann ar n-oideas tréud-stiúruightheach do
cuir-eadh a cclódh, agus do cómh-rainneadh ann bhur measg,
do mhínígheamair go foirleitheadach Náttúir, Amus
nó Triall na n-díol-chomann so - a n-amuidiocht -
a n-éugcóir - a ccontrárdhacht do gach dlígh diadha
agus daondha, dá raibh sé dh'fiachaibh orraibh úmhlúghadh.
Do léur-nochtamair dhaoíbh neimh-dhiadhacht an
leabhar-mhóide-sion do shnaídhm-cheangail iad go clis-chealgach
le a chéile; agus níor sguireadar an chléir ann a
pporáisdeadhaibh áiridhe, dhe bheith ag comh-oibriúghadh
linn ann san naémh-dhualgas-so. Gídheadh ní dhéanfa-maoíd
sibh-se do dhileagradh a tteangain na h-achmhu-sána
- ós cionn gach nídh, a dhearbhráithre mo chroídhe!
Ní dhéanfam sibh uile d'imdheargadh, a ngeall air
chruadh-mhuinéulacht agus air dhreamhnacht chorr-dhaoíne a tá ann
bhur measg: acht mar is sé cusbhóir ar
bh-friothluigh-theóireachta, gan aidhmhille acht slánúghadh; "
"gan na fíor-aéin acht na peacthaich do ghairm chum na
h-aithrídhe." Déanfam aén uair amháin eile, fiú na
corr-dhaoíne-sin féin do chómhairliúghadh, dá choirbtheacht
iad, le dóthchus ann oireamhna an Sbiorad-Naémhtha,
go ngeabhaidís chúcha, a nois féin, ar ccómhairle, agus
go n-déanfaidís ais-fhillidh ó n-a ndroich-shlighthibh.
Táid foroideasa ar ccreidimh, a dhearbhráithre ion-mhuine,
air chusbóir ar ttuath-dhualgais soiléur agus
so-thuigseach; agus tá teagasg ar n-eaghluise dá
ttaébh-san, cómh-aénda ann gach dúithche agus ann gach
aímsir. Do rinne Críost féin, an tráth bhídh sé air
an t-saoghal-so, cánachas d'íoc leis an shtáit, agus
do chuir sé dh'fiachaibh air Pheattar, a phríomh-easbol
agus taisealbhach a eagluise go h-uile, an nídh céadna
do dhéanadh. Na h-Iúdaich 'nar mhair sé ann a measg;
badh seínsear dho, do réir a dhaéndachta, do chaillea-dar
a saoírse; agus do bhídheadar an tráth-sion 'na
n-daoíne claoídhte, fá dhaér-smacht ag na Rómhán-chaibh;
badh é Caesar a rígh, agus dh'órdhuigh sé dhóibh
cíos-cháin dh'íoc leis-sion, gídh go m-badh phágánach é,
agus claoídhteóir a chuir tír dhúthchais Críost féin fá
dhaoírse. An t-é-sin le'r fféidir, mar a dúbhairt
sé féin le a dheisgioblaibh, na mílte cath-sluagh aing-eal
d'fhághail ó n-a Athair do chum é féin do chosnadh
air an arin-bhuídhean do tháinigh dá ghabháil, do bhain
sé an t-arm as lámh a dheisgiobail - do liaigheas sé
an lot do bhuail, sé, agus cheaduigh é féin do threórúghadh
mar bhráigh dhaér-chiontach do láthair Phíoláitt; agus do
dheímhnigh sé ann a fhiadhnuise-sion, gur ab ó Dhia do
fuair sé an cómhacht do bhídh aige. Ní'r bhréugnuigh
sé a riamh a ghnáth-labhairt féin, "Nach raibh a ríogh-acht
de'n t-saoghal-so;" agus "d'fullaing sé náire
chroch-tharcuisneach," ionnus go m-b'féidir leis "a
bheith fhomósach fiú chum báis," ní h-é amháin fomósach
do thoil a Athar, acht mar an ccéadna, do dhlígh a
thíre, gídh gur dhaér sí é go h-éugcórach chum báis.
Peattar dhe a n-deárnaidh sé taisg-chúmhdach a
theagaisg agus a chúmhachda, do lean sé a shómpla;
"An tráth ghnídhthídhe, a ghéir-leanamhuin a g-cathair
do theitheadh se go cathair eile," acht níor labhair sé
riamh aén fhocal do chuirfeadh na daoíne suas a
n-aghaidh na n-uachtarán; acht ar an lámh oile, a dúbhart
sé leó-san, a chreid ann Íosa Críost tré a fheadhmantas
agus a theagasg féin; "Bídhidh úmhal do gach créutúir
daéndha air shon DE; ní amháin do'n Rígh, mar dhuine
ag á ffuil árd-cheannas, acht mar an ccéadna, do na
fó-riaghluightheóireadhaibh, mar dhrong do cuireadh uaidh
chum díoghaltais air luchd na mí-ghníomh; óir is mar
sin is toil le Dia." Pet.i.c.2.14. Agus ann
áit eile a deir sé, "Bíodh eagla Dé, ort, onóruigh
an Righ." Cómh-cheanglann sé an dá dhualgas so le a
chéile, de bhrígh nach féidir re dualgas díobh seasadh
ann éugmais an dualgais oile; "óir má is sé an Rígh
nó an-té-sin d'iomchras an cloídheamh, searbhfóghan-taídhe
Dé, díoghaltóir chum dhíbhfeirge d'imirt air lucht
na míghníomh," Rom.c.13.v.4 cionnus as féidir
Dia d'imeagladh ná riar má tugthair easúmhlacht dá
shearbhfhóghantaídhe? Níor theagasg Naémh Peattar
aén nídh ann sna briathraibh úd, acht mar a chualaidh sé
agá Mhaíghistir, agus mar do chonairc sé aige dá chur
a ngníomh. Isé an teagasg céadna do sheanmhóruigh
Naémh Pól, do dhaoínibh gacha tíre do h-iompoígheadh
leis chum chreidimh CHRÍOST.
Badh é an t-Easbol mór-so, do mhair re linn
Nero bheith ionna Impire 'san Róimh, bhídh ionna
phágá-nach, agus 'na léir-sgriosadóir air eagluis CRÍOST,
air m-beith dho ag sgríobhadh chum a THIMOTEUIS ion-mhuin
féin, a leag amach an fhoirm úrnaighthe-sion,
a deireamaoíd uile chomh minic is bhídheamaoíd do lá-thair,
ag an Aithfrionn, agá thoirbhriúghadh suas ann a
bhri-athraibh-sion; "Air shon an Ríghe agus gach n-duine
a tá ann árd-réim, iondus go ccaithfeamaoís beatha
shítheóilte, naémhtha." Gídheadh ní stadann ann t-abstol
ann so; ann san d-treas-caibidil-déug dá litir chum na
Rómhánach, cuireann sé a b-prataing go sunrádhach
foroideasa agus prímh-riaghlacha fhoir-leathana an
fhomóis is dual do'n ccríoch-smacht; agus déanánn
sé sin, le oiread-sion soiléireachta agus neirt-bhréithre,
iondus nach fféudaim gan a bhriathraibh
d'ath-sgríobhadh ann so. - "Bíodh gach uile anam," a
deir sé, "úmhal do na cúmhachdaibh a tá ós a chionn,
óir ní ffuil cómhacht air bith acht ó Dhia, agus na
cú-mhachda a tá ann, is ó Dhia do h-órduígheadh iad; air an
adhbhair-sion, cia bé air bith do chuireas ann aghaidh an
chúmhachda, cuireann sé a n-aghaidh órdúghadh Dé; agus
an dream do chuireas ann a aghaidh, ceannaíghid dam-núghadh
dhóibh féin; óir ní eagla riaghluightheóireadha
do'n déagh-ghníomh, acht do an droch-ghníomh. An
áill leat a bheith ghan eagla an chomhachda? Déan an
mhaith, agus beidh moladh agaid ó'n ccómhachd ccéadna,
óir isé searbhfóghantaídhe Dé dhuít é ar son maitheasa;
acht má ghnídh tú an t-olc, bíodh eagla ort, óir
ní iomchrann sé an cloídheamh gan ádhbhar; óir isé
searbhfóghantuidhe Dé é, ionn a dhíoghaltóir feirge
air an t-é ghnídheas olch: uime-sin is éigean daoíbh
a bheith úmhal, ní dh'eagla feirge amháin, acht fós air son
coinsiais. Air an adhbhair-sion, tugaidh a n-dualgas do
na h-uile dhaoínibh: cánachas do'n t-é d'ar dual cá-nachas:
cusdom d'on t-é d'ar dual cusdum; eagla
roimh an t-é d'ar cóir eagla; onóir do'n t-é d'ár ab
cóir onóir do thabhairt: ná bíodh fiacha ag aén neach
orraibh; acht amháin sibh féin a ghrádhúghadh a chéile;
óir an t-é ghrádhuígheas a chómharsa do chóimhlíon sé an
dlíghe." Air na h-úghdardháis-so, agus air a samhuil-
so, tá teagasg na h-eagluise Catoilicigh bun-áitighthe,
agus iomthúsaighthe; agus gídh gur thárlaigh
méirleachas agus claén-iompóghadh críoch-smachta a
ttíorthaibh Catoiliceacha, do dhearg-fhuathuigh riamh an
eagluis a samhuil-sion, an tráth thabharfaídhe chum
críche iad le fóirneart, foir-éigean agus fuil-dhortadh.
Tá bhur n-dilmhiann-sa, dh'á réir-sion, do chum
na n-uachtarán do leagann síos, agus chum na
crioch-smachta d'aidhmhillidh agus do dhíothúghadh, a
cuireadh air bun le h-órdúghadh Dé ann san ttír-so,
ann aghaidh léighinn agus eisiompláire chómh-dhealbhaich
ar bh-Fuasglaightheóra n-diadha, agus a Abstol; agus
mar an ccéadna ann aghaidh ghnáith-theagaisg aenda,
chóimh-dhealbhaich na h-eagluise céadna-sin, dá
n-adbháileann sibh féin a creideamh: gídheadh an aímsir
do leagabhair amach, agus an fáth do ghríosuigh sibh
chum an droch-thionsgadail óll-bhaoísich dhíthchéillídhe-sin
do chur ar bun, táid, ní h-é amháin malluighthe, acht mar
an ccéadna, mío-chlúdamhuil dhaoíbh do réir mar is
daoíne agus as críosduighthe sibh.
Agus air ttús - Cread é an t-am a leagabhair amach
chum dealbhthadh an chealg-chonraidh fheall-fhuiltich-so,
ann aghaidh gach nídh a tá air na shuídhiúghadh le toil Dé ann
DUITHCHE budh cheart a bheith níos ceanamhla dhaoíbh
ioná bhur m-beatha? A tá go cínnte, an t-am céadna-
sin a ttáinigh ar Rígh grásmhar d'ar bh-fiosrúghadh
mar ATHAIR choitchionn, chum traéchda chullóide na
n-anmhiann - chun suaimhniúghadh sbioraide na cealg-bhuídhne,
agus na ceanairce - agus chum tréun-sgaoílte
sbioraide na síthe agus na déagh-thoile a
measg gach uile dhrong da fhomósachaibh: an t-am
céadna sin 'na raibh bhur ccomh-thíorthach féin, a tá
árd-chlúdhamhuil a ngeall air ró-mhéid a eagna agus a
cheirt, air na cheapadh chum chríochsmachta na h-Eirean,
d'aon-fhonn, ionnus go raínnfeadh sé na dlighthe go
comh-thromach do na huile dhaoínibh; agus chum liaighis do
thionsgnadh d'fhóirfeadh sinn ó na h-olcaibh iomdha a tá
ag luídhe go trom orrainn: an t-am-sion 'na raibh an
t-é badh adhnaídhe agus budh cosantóir cródha, cómhach-tach
ar cceirt mar Chathoilicigh, ar na áithiúghadh ann ionnad
ar fféidir leis dearcadh, amhuil is mar déarfainn, le n-a
shúilibh féin ar bhur ffiúghantacht agus air bhur ffullaing-thibh
- agus ionnad ann ar fféidir ris árd-fhiaghnuise
dhí-choisgighthe do dhéanadh dhaoíbh do láthair an
reacht-thionóil, go ffuil ceart agus fírinne agaibh re gach
nídh a tá sibh ag iarradh: An t-am sin 'na raibh súile
na h-ímpreachta go h-uile socruighthe orraibh; agus
a h-eagna go dian-ghnódhthach a ttionsgnadh
meódh-an chum bhur staide dh'feabhsúghadh, le bunnúdhas
do chur air bhur n-ithiribh, air bhur mianchaibh, agus air bhur
n-iasgaireacht, agus ag tabhairt iomad gnódhtha le
déanadh 'na ttímchioll-so do mhór-chuid daoíne: An
t-am-sion ionna raibh an chríoch-smacht chéadna-sion,
<a b'féidir ribh-se mheasg-bhuaidhreadh gan cumus a
a léir-sgriosta> ag leagadh amach na mílte pónt a
ffóirighthin riachdanas na m-bocht agus ag solátha-rúgadh
do mhilliún, b'féidir, de bhur n-dearbhrráithribh
- an t-am sin a n-deárnaidh Sagsan le toirbhertas
bhaineas léi féin go h-aénda, faire ós cionn ar
n-aindeise le h-imshníomh agus le cúram croídhe-bhuaidh-eardha
máthar ag déanadh freasdail d'ar n'uireas-badhaibh
as a mór-líonmhaireacht, ag tógbháil suas a
seirc-ghníomha mar sgiath d'ár n-dídeann air phláigh agus
air ghorta - ag éudúghadh na nocht - ag biadhúghadh na
n-ocrach - agus ag cómh-shólásúghadh na mairgneach -
ag déanadh dearmaid d'ár ccoirthibh agus d'ar
mal-luightheacht adhfhuathmhar ann san Deisceart - de'n ffuil
neimh-chiontach-sion do rinne éighmhidh chum na fflaitheas
ag iarradh díoghaltais do dhéanadh orrainn - agus ag
cuímhniúghadh amháin gur daoíne agus críosduighthe
sinn, gídh go bh-fuil mórán dhínn, faraoír! nach d-tuil-leann
an t-ainm sin do ghairm díobh. Ag so an t-am
"ann ar shamhluightheach gur theagbhaigh TROCAIRE
agus FÍRINNE le a chéile; agus gur thugadar an
CEART agus an T-SÍOTHCHAIN póg dá chéile."
Agus ann san am-sin, is eadh tháing séideóg ó namhuid
na huile mhaithiosa eadraibh-se, ionnus go ccuirfeadh
sibh air ccúl gach rathamhnas budh mhiann re Dia
bhronn-adh air bhur n-dúithche; agus go ccuirfeadh sibh
toir-measga nuadha a n-aghaidh fás-raith bur n-dúithce.
An m-beidh Eire, a dhearbhráithre mhearuighthe, mo
chroídhe! go bráth cínnte chum a beith ag fullaing,
agus sin a ngeall air dhailleacht no aingídheacht a
clainne féin? O so suas, cia dhéanfas cómh-fhul-laingeas
agus comh-dhoilgheas léi ann a cruaidh-chinneamhuin?
Feasda, cia dhéanfas a ceart do chos-nadh?
Cia dheánfas subháilceadha a clainne dh'fur-fhógradh?
Má bhídheann cuid aca féin, ní h-é amháin
lán de mhiosgais a n-aghaidh na críochsmachta, acht
dall, mar an ccéadna, dá leas féin; agus má's
féidir cáim do chur 'na leith anois, nach ar fféidir
riamh roimhe-sin, mar a tá, "Gur ab daoíne gan
bhuídheachas gan chomann iad."
Acht cread do b'ádhbhar le sibh a ghníomhúgadh mar
so? - agus fiúdh ainm ómhnach Dé féin d'aithisiúghadh
- agus gairm go dioruisge air chum fiadhnúghadh dhéanadh
air bhur ccealg-rúnaibh malluighthe? Bhur n-aindeise -
bhur n-dearg-fhuath do Orangemen - bhur ngrádh crei-dimh
- bhur ngéile d'fáistineadhaibh - bhur súilídheacht
le bhur n-dúithche d'feicsin séunmhar agus saértha ó
dhaér-smacht. Déanamaoís, a dhearbhráithre mo
chroídhe! cuartúghadh mion-chúiseach, díoth-chlaéntach
air gach nídh dhíobh so fá leith, sul a ttiocfamaoíd chum
mí-réusuntachta agus díthcéille bhur ccealg-rún do
léurnochtadh dhaoíbh, mar, aén ris an neamh-chumas a tá
agaibh air iad do chur a ngníomh.
Agus air ttús, a ttaébh na h-aindeise - A tá an
aindeise atá ann bhur measg comh-choitchionn agus
sár-mhór, agus air mhór-chuid dhi ní féidir le cumas daéndha
fóirighthin; gídheadh is fiúdh a thabhairt fá deara, gídh go
ffeacaidh mé mórán daoíne, agus go ndeárnaidh mé
cómhrádh re cuid díobh-san a bhídh feachtnaén snadh-mhuigthe
ann sna cómh-rúin mhalluighthe úd, ná'r bh'aithne
dhamh aén duine amháin díobh d'ár bh'ádhbhar an aindeise
le é a tharraing a steach ionnta: Cuid de'n luchd-
céirde díomhaoín - bádóireadha - searbhfhóghantuighthe
gan mhuíntir - agus ógánaigh gan fios dhul an t-saogh-ail
aca, a tá a measg lucht oibre agus tuarasdail;
ag so an drong de a n-deárnadh suas bhur d-tionóil;
agus tarraingeadh a steach iad ann bhur measg re
h-eagla rómhaibh, no tré thruaillighteacht a ccroídhe
féin, do calcadh le díthchreideamhacht, re meisge
agus re dubháilceadhaibh oile; acht ní mar gheall air
an aindeise thárlaígheadar ionnta; tá a fhios agaibh
féin, gur ab í so an fhírinne. Agus a nois cead-uíghim
ribh a fhiafruíghe dhíbh, ciannós d'fóirfeas bhur
n-uireasbadhaibh; no ciannós thógfaid bhur n-aindeise
dhibh? An re brise canál; re marbhadh áirnéise; re
losgad tíghte, arbhair, agus, féir agus re fréumhúghadh
réimhis uathbháis trési an n-dúithche go h-iomlán, a tá
sibh chum oibre dh'fághail? An dóich libh, gur ab ris an
ccriadhbhaídhe dhéanadh neamh-chosanta ann a mhaoín, a
chuirfidh sibh dh'fiachaibh air a threabhaireacht agus a
chur-adóireacht do mhéudúghadh? An le dochar do dhéanadh
do chanálaibh agus do bháid, do mhéudóchaidh sibh
tráchdáil? An re dul a ccomh-cheangal re a
chéile a n-aghaidh na n-uasal, do bhéurfas sibh ortha
oibreacha déagh-mhaiseacha dhéanadh ag órnáidiúghadh
a ttíghthe agus a ffionachais? An re sibh a bheith
ann bhur ffáth re arm-shluagh iomadamhuil do leagann air
gach ball de'n n-dúithche le a ccaithfídhear a ttuaras-dal
dh'íoc re sraithibh do bhailiúghadh ó luchd saéthruigh-the
na talamhan, do bhéarfas sibh cumas dóibh air obair
do thabhairt daoíbh? Ní h-eadh air éun-chor - táid bhur
n-imtheachta curtha ann oireamhain amháin do chum a
a thabhairt fá deara air na h-uaislibh teithidh amach as
an n-dúithche-so; a ttalamhaintídhe dh'iompóghadh chum
ingioltais, agus arm-bhuídheann do chur ann bhur measg
ag cosnadh a n-áirnéise; agus dá mbiadh riachdanas
ris do thabhairfidís-san an uile chinéal droch-úsáide
dhaoíbh-se. D'á bhrígh sin, táid bhur ccaingne agus
bhur n-anbheairtuigheacht ceapuighthe, ní chum fóirighthin
air bhur n-aindeise, acht chum a méuduighthe go céud-dhúbalta.
Bhur ffuath do Orangemen - Bíodh go ffuil an
drong daoíne-so gan chiall; cuirim a ccás gur ab
droch-dhaoíne iadh; agus gur ab dearg-namhuid dhaoíbh-
se iad - Acht mhá's daoíne ghan ciall iad-san, d'ar
n-dóich, budh chóir go m-beidheadh truaigh agaibh-se
dhóibh: má's droch-dhaoíne iad, is cóir daoíbh-shi bhur
n-díthchioll do dhéanadh air iad dh'ionntóghadh air dhéagh-staid
le bhur n-úrnaighthibh agus re bhur ffadh-fhoíghide:
má's namhuid dhaoíbh iad, teagasgann bhur bh-Fuasglaigh-theóir
dhaoíbh, ciannós is ceairt daoíbh sibh féin d'iom-chur
ionna ttaébh. "Grádhuíghidh bhur naímhde, déan-aidh
maith dhóibh-san d'fuathuígheas sibh, guídhidh air son
na muíntire a ghéir-leanas agus a chúl-cháineas
sibh." Agus a Absdol, mar an cceadna, lé'r ab
miann, "Gan sibh do dhéanadh oilc air an t-é ghnídheas
olc orraibh, acht buadh bhreith air an olc re maith," do
dhéanadh ionn a aghaidh: "Má bhídheann ocras air do namhuid,"
a deir sé, "tabhair biadh dho; má bhídheann tart air, tabhair
deoch do, mar so cárnnfadh tú gríosach dhearg-lasda air a
cheann;" sé sin, do réir Naoímh Aibhistín, teinidh
na carthannachta do chnaoídhfeas a naímhdeanas.
Gidheadh, na daoíne sin do a ffuil dearg-fhuath agaibh-
se, is iad bhur n-dearbhráithre a g-CRÍOSD iad; tá
sé chomh ceanamhuil ortha, is tá sé air mhogal a shúl; do
baisteadh iad ann a chuid Fola; act má táid na
namhuid agaibh-se, le mí-ágh a tá comh-choitchionn dhaoíbh-
se agus dhóibh-san, is iad dá aimhdheóin-sin, clann
bhur n-Athar a tá air neamh; do fuair Críost bás air a
son; agus budh chóir go d-tabhairfeadh sibh-se ní h-é
amháin maitheamhnas dóibh, acht, mair an ccéadna, go
n-déanfadh sibh a ngrádhúghadh air a shon.
Gídheadh is iad bhur n-droch-chómluadair mhalluighthe-
sa an mheódhain is feárr chum a n-uimhir do mhéud-úgadh,
agus chum a n-oireamhna d'fóirleáthnúghadh.
Do chaill a ccaingean-san a chlú agus a mhór-mheas-dacht;
do ghoin an Rígh é, mar do ghoin an t-Aingeal
sluagh Senacherib, agus gan mhaíll, do tháinigh snuadh
agus claochlódh an bháis air; an drong do thaébhuigh
ris roimhe-sin, is náireach leó, a nois, a adbháil;
do dhaér-chiontuigh baramhail na poiblídheachta é; do
bhídh an bás ag cas-fhásgadh an chroídhe aige; agus
níor fféidir ris fanamhuin beódh bliadhain eile; acht
do shéid sbiorad bhur ccealg-chompluchda-sa a h-anáil
air a chnámhaibh éugtha súd; taíd na féith-lúitheacha
agus an fheóil a rís ag cómh-cheangal leó; eiseír-gheóchas
sé a rís ó'n m-bás, agus tiocfas sé an ath-uair
chum a bheith ineaglaighthe. Acht má goirtíghthear
a rís bhur mothúghadh; má gheíbhid bhur mná pósda
a rís mí-chlú agus droch-úsaid; agus bhur n-ingheana
má truaillighthear iad; ná bíodh milleán agaibh air
na h-Orangemen, acht air bhur slighthibh díthcéillídhe
tubaisteacha, an-bheartamhla féin.
Bhur ngrádh creidmhe - Och! mo dhiombáidh! a
dhearbhráithre mho chróidhe! Cá liachd uair do
tar-cuisníghtheair naémh-ainm an chreidhme; agus cad é
lia coir agus naémh-aithis a cionntuíghthear ann a
ainm. Dá m-b'fhéidir an creideamh do mheádhachann
ann meadh, ní bheídheadh aén uinge amháin creidimh
fíor-ghlain re fághail, a measg na muíntire-so do
cheang-ail suas iad féin go saér-thoilteanach ann bhur
ccómh-rúndacht mhalluighthe. Oir chiannós do b'fhéidir
re Malluightheacht agus re Fíréuntacht: re Solus
agus re Dorchadas, fanamuin a ccomh-thígheas re
a chéile; ná re Críost agus Belial comhnúidhe ann aén
árus amháin? Badh re ceannsacht, re h-uirísleacht,
re foíghide, re fad-fhullang, agus re carthannacht
gan teóradh, do rinne Críost, "úghdar agus críoch-nuightheóir
air ccreidimh," a chreideamh do fhréumhúghadh
agus do shuídhiúghadh: leó-so, agus re a samhuil-sion
de shubháilceadhaibh eile, do síoluígheadh é re a luchd-
leanamhna, amach go leith-imiollaibh an domhain. Badh
re na subháilceadhaibh-so, do rinneadh a shíolúghadh ris
an Easbol naémhdha, Naomh Páttruic dá naémh-tharcuisnígheann
sibh-se a ainm; agus dá d-tugann sibh
ádhbhar re dia-mhasladh do thabhairt do'n ccreideamh-
sion a rinne sé fhréumhúghadh ann san Oileán-so, badh
Oileán Naémh aén uair amháin, acht budh mhiann libh-
se dh'ionntóghadh 'na chuais bitheamhnach. An féidir
re cealg-rúnaibh fóghnadh do'n ccreideamh? An
féidir a shíolúghadh mar shaébh-adhradh Mhahomet re
teinidh agus re cloídheamh? an iarrann sé mar thaca,
cóngnamh na muíntire-sin a bheireas faillíghe ann a
dhualgasaibh go h-uile; do easúmhluígheas agus do
tharcuisnígheas a Aodhaireadha, a sháruígheas aitheanta
na h-eagluise, agus a chiontaígheas ann a h-ainm na
huile-dhubháilceadha-so a dhiomollann sí? Nach múineann
bhur tteagasg ccríosduídhe dhaoíbh, go ffuil an chuid
as bith-bhríoghmhaire dhe bhur ccreideamh cuímsighthe ann
san dá aithne mhór-so na Carthannachta - "Dia
ghrádhúghadh ós cionn gach uile nídh, agus do chomharsa
mar thú féin, ar son ghrádh Dé." Agus a rís, gur ab
é chialluígheas an focal, "Cómharsa," "An chineadh-
dhaéndha go h-iomlán," ar namhaid chomh maith re ar
ccáirdibh; "agus fiúdh an mhuíntir nach bh-fuil air aén
chreideamh linn." Acht a deir sibh-se, go bh-fuil
an creidheamh cóir agaibh féin, agus air an ádhbhair-
sion, measaim go ttuigeann sibh, go ffuil se
ceadmhach agaibh, fuath do bheith dho'n n-drong nach
ffuil air aén chreideamh ribh. "Taisbeáin-se dhamh-
sa d'oibreacha," a deir an t-Easbol, "agus
inneósad-sa dhuit-si do chreideamh," Agus arís
a deir sé. "Gur ab marbh creideamh gan oibrea-chaibh."
Ní h-é sin amháin, acht dá m-biadh creid-eamh
agad, ionnus go n-áthróchfá sléibhte, acht tu bheith
gan carthannacht níor ffiúdh dada dhuit é; óir isé an
creideamh-sion amháin, "noch d'oibrígheas re car-thannacht,"
a dhéanas taithneamhach sinn do Dhia: agus
ní féidir re éun duine bé creideamh a bhídheas aige,
seilbh na beatha síorruídhe dh'fághail, muna ccoimhéud-faidh
sé an chéud aithne sin, is mó dhe na h-aithean-taibh
uile, a chuireas dh'fiachaibh air, a chómhursa ghrádh-úghadh
mar é féin, gídh bé air bith creidiomh atá ag an
ccómhursa-sean. As dearbhtha, a dhearbhráithre mo
chroídhe" nach lúgha an aithis a bheirid na peacadha
atá a n-aghaidh na Carthannachta dho Dhia, ioná na
pea-caídhe a tá a n-aghaidh an Chreidimh: Agus má's leór,
do réir Naoímh Póil, fanamhuin go toilteannach cruadh-mhuinéulach
ann seachrán Creidimh, chum daoíne ghear-radh
amach ó Ríoghacht fhlaitheamhnais; a deir sé, mar
an ccéadna, go ttuíllte ar Ithfrionn ris na peacadhaibh
oile-so, mar a tá; "sdriapachas, neamh-ghlaineacht,
neimh-gheanmnaídheacht, drúis, piseóga, naímhdeanas,
fearg, ciapáil, ceanairc, iomthnúth, dúnmharbhadh, agus
meisge." Gal.5.Caib.. Créud fáth dhá réir sin, a
ffuil bhur tteas-dhúthracht go h-uile dírighthe an n-aghaidh
aén dubháilce amháin, agus sibh féin, ann san am
ccéadna, ag tabhairt saér-ligeinn daoibh féin ann sna
dubháilceadhaibh eile. Och! a dhearbhráithre, a tá sibh
neamh-fhullaingeasach, agus neamh-charthanach ann san
ccás-so: gídheadh ní h-é bhur ccreidiomh is cionfáthach
re sibh do bheith amhlaidh, acht bhur réumh-chlaénadh agus
bhur n-anmhianna.
Ní dho gach aén duine dhíobh-san, nach ffuil air aén
chreideamh libh, budh cheart daoíbh gairm ghráineamhuil,
"eiricigh" do thabhairt. Ní eiriceacht a bheith air
seachrán creidimh, acht fanamhuin go toilteanach,
ceann tréun an-cheangailte ann san t-seachrán-sion.
Air an ádhbhair-sion, a deir Naémh Aibhistín; "As
féidir riom do bheith air mearúghadh, gídheadh ní beidh me
an Eiriceach." Sgríobhann sé, mar an ccéadna, ann
a 162. litir, "Nach cóir, air éun-chor, na daoíne-sin
a loirgios go dáirfhíreach an fhírinne, agus bhídheas
ullamh air na fághail dóibh, chum a seachráin do leasughadh,
do chóimhriomh a measg eiriceach." Ag so sbiorad bhur
n-eagluise, noch air m-beith dhi tionólta re a
h-aédh-aireadhaibh a d-TRENT, an tan do rinne
coinneall-bháthadh agus eas-chomaoíniúghadh air eiriceachtaibh na
h-aimsire-sin; is mar so labhrann sí ann a 13 Ses. air
an n-drong do ghéill dóibh: "An Naémh-chómhairle,
mar Mháthair chaénrusach, a chneadas agus gheineas,
is áill agus is mianh léi, gan siosma do bheith a
measg na muíntire-so ag á ffuil gairm críostuighthe,
acht do réir mar a chreidid ann san n-Dia ccéadna,
agus ann san t-Slánuightheóir ccéadna, go m-biadh,
mar an ccéadna, an creidiomh céadna, an teagasg
céadna, agus an tuigsi chéadna aca uile; ag cur
muiníghne a ttrócaire Dé, tá dóthchus ag an ccómh-airle,
go n-déanfaid fillidh a n-dóthchus agus a
ccarthannacht chum aéndachta naémhdha, anam-shlán-uighthíche
an chreidimh." Cad é chomh neamh-chomhsamhail
re a chéile, a dhearbhráithre mhúirneacha, an sbiorad
sin a dheachtaidh an naémh-theagasg úd, agus an
sbioraid a chómhairlígheas sibh-se ann bhur ttionólaibh
neamh-naémhdha? Acht cuirim a ccás, nach ffuil an
drong-so go h-uile, nach ffhuil air aén chreideamh libh-se
do reir na tuaireasgbhála úd a thug Naémh Aibhisdín
uaidh th-suas; cread fáth nach ccuireann sibh dóthchus a
n-Dia, agus nach nguídheann sibh chuige, fá go n-déan-fad
sé, air leabadh a m-báis, ann san mion-am-sin
ionna m-beídhid ag sgaramhuin ó'n t-saéghal-so,
dearc-adh air na daoínibh nochduighthe air ar chuireadar éadach; -
agus air na daoínibh ocracha do ar thugadar biadh; - air
an arán a bhriseadar chum na n-díleacd; - air an
n-deóir a nígheadar ó ghruadh na baintreabhaíche;
agus air son na n-déagh-oibreach-so, go ffoíllseóchadh
sé dhóibh solus na fírinne; go lasfadh sé a ccroídhthe
re aithmhéala agus díoltuirse; go líonfadh sé iad re
a charthannacht; agus go ccuirfeadh sé coróinn ortha re
a thrócaire! A dhearbhráithre mo chroídhe! greamhuighidh
go daingionn, diongmhálta, seasamhach, bhur ccreideamh
féin; agus guídhidh air son na n-daoíne nach ffuil
air aén chreideamh ribh! Tugaidh de bhur n-aire,
briathra an absdoil, a deir, "Cia thusa a bheireas
breath air shearbhfóghantaídhe dhuine oile, d'á mhaíghisdir
féin a dhéanas sé seasadh nó tuitim; acht seasóchas
sé, óir tá Dia leór-chómhachtach chum é thógbháil suas."
Ann san n-dúithche-so, tá ní h-é amháin, cead ar
ccreidimh aguinn; acht tá sé, mar an ccéadna, ar na
chosnadh re dlígh na ríoghachtha; tá bhur n-eaglais
bocht; acht is sí an bhochtaineacht an cliabhán ann ar
h-aileadh an chríosdamhlacht; agus do bhídh saídhbhreas
riamh mar nimh mharbhthach dhi. Tá cuíbheamhlachd ag
bhur ccléir chum maireachdain, socruíghthe cómh-fhada
ó'n m-bochtaineacht agus ó'n rachtmus; agus sin ag
tígheacht chúcha ó bún-thús a bheireas urraídheacht dhaoíbh-
se go ndéanfaid sgeídhm díbh-se; agus bheireas tear-moinn
do ionracas a m-beatha féin. "Ní iarraid, ní
shantuíghid níosa mhó." As soiléur air an ádhbhar-sion,
nach ffuil fáth air bith agaibh-se a ttaébh
bhur ccreidimh, re dul a ccealg-rúnaibh a n-aghaidh na
críochsmachta; agus is sé aingeal an dorchadais do
chruth-athruígheas é féin a cclódh aingil soluis, ionnus
go d-tarraingfeadh sé sibh chum sáruighthe na carthann-achta-sion
a chómhairlígheas an sghríbhinn dhiadha dhúinn,
fa bhréag-riocht teas-dhúthraicht creidmhe.
Bhur ngéile dho fháistineadhaibh - Ag so, a dhearbh-ráithre
mo chroídhe, cusbóir air ar deacair labhairt
chomh tromdha agus chomh dáirfhíreach is budh chóir;
agus fós, do shilleadar na h-oilc is gleódhaíche air bith,
ó chreidbháil d'á leithéidíghe-sin. Do fuair mhé sgéula
in-chreidthe, an tan go ghéill mórán agaibh d'ar
ccómhairle féin agus do chómhairleachaibh ar ccléire, ar
feadh na bliadhna-so ghabh tharruinn, re sibh féin do
chúl-tharraing ó na caingnibh droich-bheartacha-so,
gur rugadh buadh orraibh fillidh ortha arís, a ngeall
air sgéultaibh mhí-réusúnta, gan áird, de a ngair-thear
Fáistineadha no Tarngaireacht, a sióluígheadh
ann bhur measg re an-bheartóireadhaibh malluighthe.
Do chonairceamair féin daoíne a thug faillíghe ann a
ngnódhthaibh, agus tharraing mí-rath agus uireas-badh
ortha féin agus air a muíntir, ag súilídheacht
go h-óll-bhaoíseach go d-tiocfadh nidhthe chum críche a
roimh-ghealladh re cuid de na bréug-fháistineadhaibh
úd; mar a tá, "Go raibh aistrighthe móra re teacht
go luath air an t-saoghal." Do rinneadh a réumh-aithris
leath-chéud bliadhain ó shoin, nach ccuirfídhe coróinn, air
an cceathramhadh Seóirse; agus gídh go ffacabhair féin
é, ann so eadraibh, bhídh bhur mealladh chómh mór agus sin,
ionnus nach ar ffurus ribh a chreidbháil, gur coróinneadh
é. Tá sibh chomh so-chreidmheach-sion, agus chomh tugtha
air ghéile do thabhairt, do sgéultaibh cailleachamhla, gan
áird a bréugnuígheadh na mílte uair iondus gur ab
áiteamh léan-dúbhach é air bhur n-ollamhacht chum
géille thabhairt do ráidhteachas gach chlodhaire le'r mhiann
sibh do mhealladh. Ní mhollann an eagluis, a dhear-bhráithre
mo chroídhe! éun fháistine ná tarngáireacht,
acht amháin, iad-san a tá air buan-chuímhne a
ngraibh-chiollach an Sgriobtúra chanónda: agus ghídh nach
n-deárnaidh tíodhlaice na Faígheadóireachta sosadh
ann san eagluis acd oiread re tíodhlaice na Míor-bhúill,
níor aéntaidh sí riamh a h-ainm, ná a déigh-mheas
do thabhairt mar chómh-neartúghadh air ráidhteachas
gráisgeamhuil, ná air sgéultaibh béul-aithriste. Ní
h-é sin amháin, acht an tan mhollaid cuid d'á h-oll-dhámhaibh,
agus a ghéur-sgrúduíghid taisbeánta fuair
Naoímh áiridhe, mar a tá, taisbeánta Naoímh
Bríghitte ó Sweden, air Pháis Iosa Críost, chum na
ccreidmheach do ghluaiseacht chum a m-beatha do leas-úghadh
- diomollaid d'aén-ghuth, mar nidhthe saébh-adhraigh-theacha
na sgéulta diosgaire-san d'á ngoirthear
"fáistineadha"; nach ffóghnann acht chum buaidhrimh
íntinne; agus ann nach ffuil brígh na oireamhain chum
na n-daoíne tharraing air leas a n-anmann.
Achd déarfaidh sibh riom nach fáistineadha dhe'n
t-samhail-sion atá agaibh féin, acht fáistineadha
tarraingeadh as an Sgríbhinn n-diadha, do réir mair
a táid mínighthe ann leabhar Phastorini, d'á ngairthear
"Stair na h-Eagluise Críosdaídhe."
Acht, a dhearbhráithre mo chroídhe! do h-ionntoígheadh
bun-ós-cionn an leabhar-sion chum críoch
fíor-neamhchomhsamhail leó-san, budh mhiann ris an úghdar
g-cráibhtheach. Tá urmhór an leabhair-so 'na eidir-mhíniúghadh,
nó budh chóra rádh, 'na shaoílsin nó na
bharamhuil, air leabhar taisbeánta Naoímh Eóin Soí-sgéulaídhe.
An leabhar so d'á ngairthear Apocalypsis,
as foíllsiúghadh nó aisling é, mar a chialluígheas a
ainm, fuair Eóin naémhdha ann oileán Phatmos, ann
ar díbreadh é ann réimheas Domitian an t-ímpire dhe'n
ainm-sin. Budh aisling dhe'n náttúir budh dhiamhaire
air bith í-sin; agus tá an tuarasgbháil do bheir an
t-eásbol dhúinn uirthi chomh dorcha, do-thuigsiona-sion,
ionnus gur ab fíor-bheagán an Naémh-aithreachaibh na
h-eagluise do ghabh a láimh a míniúghadh; agus an
chuid díobh do glac ortha féin sin do dhéanadh, do'b
éigean dóibh tabhairt suas. Naémh Jerome féin, dhó
nach raibh éun chuid eile dhe'n sgríbhinn dhiadha dorcha,
diamhair, ná do-thuigsiona, agus dh'onóruígheas an
eagluis, mar an t-é is mó d'á Dochtúireadhaibh, agus
do thóg DIA féin suas chum mínighthe an Sgroip-tiúra,
fíudh é sin féin, do tug sé suas leabhair thais-beánta
Naoímh Eóin, mar nídh bhídh go h-iomlán os
cionn a thuigsiona, ag rádh, "go raibh, ní h-é amháin,
gach rann de, acht mhar an ccéadna, gach focal de,
fóir-líonta re rúindiamharaibh." As ann san leabhar-so a
shaoíl Luther go ffuar sé amach gur bhadh é an Pápa
Antichrist - Mar an ccéadna, do mheas an t-Easbog
Walmesly, d'ár ab gnáth-ainm Pastorini, agus
úghdar ró-cheanamhuil bhur d-tarngaireachta ionmhuine-
sa, a eagluis féin do chosnadh re cúl-chasadh, agus
ais-fhillidh air Luther - ag rádh, gur bhadh é Luther an
Réult air a ttráchdthar ann leabhar thaisbeánta Naoímh
Eóin, noch iar m-beith dhi ar lasadh ar talamh iar ttuitim
dhi ó neamh, air feadh ttrí ccéud m-bliadhan, a dhéan-faídhe
ann sin do mhúchadh - 'sé sin rea rádh, go m-biadh
teagasg Luther air marthainn air feadh na h-aím-sire-sin,
agus ann sin go m-biadh crích air. As an
méid-so is iontuigthe dhaoíbh, gur mhiann ris an dá
aíghneasóir lasánta-so, a chur ann iúil dhúinn, gur
sháruígheadar féin uile-eagna phríomh-aímsiorach na
heagluise; agus nach ar fféidir séulaídhe an leabhair
rúin-diamharaich-sin, a fágbhadh gan fosgladh gus a
n-aímsiorach-so araén, a réubadh act dóibh féin
amháin; ionnus gur mheas duine dhíobh ann a dhíbhfeirg,
gur bhad é easbog ceannsa na Rómha, Antichrist;
agus an duine eile ann a shímplídheacht, go rabhadar
na réulta chum teinidh agus ruibh d'fhearadh a n-shuas
ó neamh orruinn. Cuiridh air siúbhail uaibh, a
dhear-bhráithre mo chroídhe! a leithéid-sin de dhíth-céille
iomar-cach! Ceaduíghidh do na diadhaireadhaibh a bheith ag
conspóidiúghadh re a chéile; mórán díobh, gídh go
ffuilid eagnaídhe, chídhmíd "nach ffuilid eagnaídhe
chum measardhachta." Agus ná tugaidh géille dho
theagasg air bith, acht do theagasg bhur n-eagluise,
do réir mar a mhúineas bhur n-aédhaireadha dhaoíbh é,
chum bhur m-bheatha do stiúrúghadh dh'á réir. Níor
bhain an eagluis riamh an brat dorcha a tá ós cionn
an taisbeánaidh úd dhe; agus mar a deir Solamh a
ttaébh Rún na Náttúra, - do réir chomhsamhlaichd,
go ffuil sé air na thabhairt suas d'aíghneasaibh na
cineadh-daéndha re Dia. Bíodh gur réumh-chómharthuígheadh
amach Luther ris an Réult úd, agus a theagasg ris
an ccaér-lasair a bhídh ag spréachadh as an réult;
ciannós a bhaineann sin ribh-se? Do bhídh Luther 'na
chómhnuídhe ann san nGearmáinn, a chreidiomh-sion, a tá
comhsamhuil re bhur ccreidiomh-sa ann mórán ponncaibh,
agus a tá neamh-chomhsamhuil ris an ccreidiomh Sag-sanach
ann iomad ponncaibh eile, níor glacadh riamh
ris, agus níor h-adbháileadh é an Eirinn ná a Sagsain.
Do chum sómpladh thabhairt dhaoíbh air so, a deirid na
Lúitearánaich cinéal aithfrinn, deallrach re ar
n-aith-frionn-ne; téidhid chum faoisidin; creidid go ffuil
Críost láithreach go fírinneach ann Naémh-Sháchramuint
na h-altóra; acht ní fhuil éun easbog aca. Air an
láimh oile, tá easboig Protestantaídhe Shac-soin;
ní fhuil aithfrionn aca ann aén chlódh ná dealbh;
creidid gídh go ffuil Críost do láthair ann san
t-Sácramuint go fírinneach, nach go corpardha acht go
sbioraideálta bhídheas sé láithreach ann. As so is
iontuigthe dhaoíbh, dá mbiadh crích féin rea bheith air
chreidiomh Luther, nach leanann as sin, go m-biadh
crích air an ccreidiomh do fhréumhuigh dlígh an Ríoghachta
ann san n-dúithche-so. Gídheadh má's éun t-sólás
daoíbh, a fhios do bheith agaibh, go n-déanfaídhe creid-iomh
Luther do dhíoláithriughadh, agus go ccómhlíon-faídhe
bhur ttarngaireacht, is féidir riom-sa sgéula
thabhairt daoíbh, as leabhar a tá anois leagtha a'm
fhiadh-nuise, do sgríobhadh re Aircheannach Gearmáinneach,
<oifig an eagluis na Gearmáinne a chómh-fhreagras
d'oific easboig ann ar n-eaglais-ne> gur ab tearc
duine a nois re fághail, trés an nGearmáinn go
h-iomlán a chreideas ná dh'adbháileas an creidiomh-
sion a theaghasg Luther. Ní gábhaidh dhaoíbh-se, air an
adhbhar-sion do bheith ag fanamhuin ris an am a leag
Pastorini a mach chum léir-mhúichte na Réilte úd,
mar ta teagasg Luther cheana féin múchda.
Ach ann sin, fiafróchaidh sibh dhíom, an iompoígheadar
na Lúitearánaich go h-uile ionna ccatoilicigh Rómhán-dha?
d'iompoigh mór-chuid díobh, go deimhin; agus
faraoír! nach ar iompoigh an chuid eile dhíobh, mar
an ccéadna! Do rainneadar iad féin 'na n-uimhir
dho-áirmhthe creidmheadha codarsna, ag creidbháil do
theagasgaibh coímhightheacha air nach ccualthas tráchtadh
riamh roimhe-sin - agus mór-chuid eile dhíobh, do
dhiúl-taígheadar a muich-sa-mach dho'n ccríostamhlachd, agus
d'iomphoígheadar 'na n-díth-chreidmheachaibh.
Ná bídhidh, a dhearbhráithre mo chroídhe, chomh leamh
ná chómh suarach-sion, is go measfadh sibh, dá ngeabh-adh
an drong-so nach ffuil air aén chreidiomh ribh,
malairt creidmhe chúcha, gur ab air aén chreidiomh
ribh-se dh'iompóigheadaoís: - as fada uaidh do gheabh-aidís
- dh'ionntócadh a n-ur-mhór 'na n-An-chríosduigh-thibh,
no dhéanfadaoís creideamh nuadh do dhealbhadh
dhóibh féin. A tá sé a n-aghaidh náttura an duine, agus
árdréimhis choitchinne Dé, go n-déanfadh drong daoíne
mar ar n-dearbhráithre easaéntacha, a tá chómh
cian-dhealuighthe-sion ris an Eagluis; agus gach n-duine
aca chomh gnáith-chleachtach-sion air a bharamhuil agus air
a thuigsi féin do leanamhuin ann gach uile nídh Diadha
agus daéndha, go n-déanfaidís a rís, iad féin do
chur fá chuing úghdardháis na h-eagluise, agus, "A
d-tuigsi do cheangal suas do fhómós an chreidimh."
Do b'féidir go ndéanfadh daoíne áiridhe amhlaidh:
b'féidir go n-iompóigheadh lán dronga; acht níor
fféidir re chómhacht na Riaghluightheóireadha; 'ná re
neart na dlíghe; 'ná re eagla báis féin; - níor fféi-dir
re aén nídh níosa lúgha ioná míorbhúille níos mó
ioná mar do ríneadh riamh air an t-saéghal, Sacsain
agus Eire dh'iompóghadh air aén chreideamh amháin.
Cuiridh uaibh, a dhearbhráithre mo chroídhe! bhur leabhra
Fáistineadha, agus léughaidh na leabhra-soin a mhín-eóchas
daoíbh aitheanta Dé agus bhur n-dualgas a
d-taébh a chéile. Cuiridh uaibh Pastorini, (focal Io-ttáileach,
a chialluígheas "Aedhaire-beag," nó ann aén-fhocal,
"Aodhairín") agus glacaidh cómhairle bhur
n-aodhaireadha féin, a chuir Dia ós bhur ccionn. "Agus
a ghnídheas fare, mar dhaoíne a tá le cúndas do thabhairt air
son bhur n-anamann." Léigidh do na dochtúireadhaibh
Luther agus Walmsly do bheith ag aighneas trés an
Apocalypsis; acht tugaidh-se dhe bhur n-aire teagasg
Naoímh Eóin, úghdar an taisbeánaidh-sion, noch do
sgriobh, do sheanmhóruigh, agus do shíor-labhair sé go
h-uair a bháis - "Grádhuíghid féin a chéile." Fágbhaidh
na fáistineadha re a míniughadh aca-san ag á bh-fuil
tuigsi orra; acht bídhidh-se dian, díthchiollach ann
bhur ngnódhthaibh, agus ann obair na Siothchána. Tá a
ghairm áiridhe féin ag gach aén duine ó Dhia; agus budh
cheart do gach aén-neach fanamhuin ann a ghairm féin.
Dá leanfadh an dlightheamhnóir nó an Liagh dhe threabhadh,
dhe shíolchur nó dhe buain ann áit leanamhna dá ngnódhthaibh
féin; dar n-dóich dhéanfadh sibh gáire tré na meardhan-acht,
no bheídheadh truaigh agaibh dóibh tré a n-díthcéille:
maiseadh ag so bhur ccas-sa, an tan do bhídheann sibh
an-ghnódhthach a ttímchioll fáistineadha nach ttuigeann
sibh: "Creudh fáth a ttug" Dia dh'á eagluis, "drong
áiridhe 'na n-abstolaibh; drong oile 'na n-aédhairea-dhaibh;
agus drong oile 'na luchd-teagaisg," acht
amháin chum grínn-mheabhrúghadh do dhéanadh air an n-dlígh -
do chum stiúraighthe agus riaghluighthe na ccríostuidh-eadha?
Agus dá amhdheóin-sin, is sé is miann ribh-se
fóir-sheilbh do thógbháil air a n-áit-siod, agus
cumasg-bhuaidhirt do tharraing a steach ann san Eagluis,
"noch is Corp do Chríost." Bídheann sibh ag fonómh-adadh
air an n-drong t-saébh-adhradhach, m-breig-fheasac-
sion a léughas agus mhínígheas an Sgriobtúir do réir
chlaén-thuigsionna a ccloigcinn mhearuighthe féin; agus,
na dhiaidh-sin agus uile, bídheann sibh féin ag eidir-míniúghadh
faístineadha, an chuid is dorcha, is diamhaire
agus is dothuigsiona dhe'n Sgríbhinn-dhiadha go h-iom-lán;
mar-so, "Ann san nídh a d-tugann sibh breath air
neach oile, daérann sibh sibh-féin." Taid leabhar-lanna
a dhearbhraithre ionmhúine! ann bhur Sépéalaibh ionn a
ffuilid leabhra a thráchtas air chrábhaidh agus a mhínígh-eas
an dhlíghe - léughaidh agus doímhinn-mheabhruíghidh
iad-san, agus múinfid eólus bhur slánuighthe dhaoíbh.
Acht is sé is cusbóir daoíbh, Séun agus Saoírse
do thabhairt do bhur n-Dúithche - Ní dhéanfamaoíd tagradh
ribh air an ffáth fá'r mhiann ribh sin do dhéanadh; fiúdh
dá m-budh nídh in-mholta é, níor fféidir a leithsgéul
do ghabhail, tré úsáid do dhéanadh dhe mheódhanaibh
neimh-dhlisdionnacha chum na chríche-sin; - "Mar nach cóir
olc do dhéanadh," mar a deir an t-abstol, "ionnus go
ttiocfadh maith as." Gidheadh déanfamaoíd léir-mheas,
air feadh tamaill bhig, air bhur ffóir-dhealbh
ínnte féin; agus air an n-drong daoíne a tá agaibh
chum a curtha a ngníomh; ionnus go ccuirfeamaoís
a ccéill go follus daoíbh, a h-amuidiocht, mar aén re
a malluightheacht chómh maith agus is féidir linn. Agus
air d-tús - cia iad an drong daoíne so, le'r mhiann
dlighthe agus nós-tíre na duithche-so do dhian-sgriosadh
agus do léir-mhillidh? A tá daoíne gan airgiott;
gan fhoglaim; gan arm; gan chómhairle ná rún; gan
smacht ná riaghail; gan cheannféadhna ná taoíseach;
a tá air na ccómh-cheangal re leabharmhóide malluighthe,
a tá d'ualach ortha a bhrisidh, agus go m-budh chuir a
choimhéud. Daoíne gan chreidiomh, a tá tugtha do na
h-an-mhiannaibh as critheaglaíche air bith; ag á bh-suil
dia-mhasladh ann a mbéil agus a lámha líonta re
creach agus go h-an-mhintigh re fuil. An féidir re
daoínibh chomh h-olc tréighthe leó-so, dúithche d'aith-dhealbhadh,
ná séun, ná saoírse do thabhairt chúichi?
Ní féidir, a dhearbhráithre mo chroídhe! Dá m-budh
leó féin Eire, do marbhóchaidís féin a chéile; acht
dá m-beidís ann san machaire a g-cuinne airm an
ríghe do sgaipeadaoís ó a cheile, mar thréud caéireach
air mhullach sléibhe an tan do sgannróchadh stoirm
tóirníche iad. As cuimhneach ribh uile an bhliadhain
1798. Ag an am ghleódhach chruadh-chinneamhnach-sion
do bhíodar Protestantaídhe agus Catoilicígh, agus
an uile ghné easaéntuightheóireádha, dhe gach cóige agus
cathair, dhe gach céim agus teasdas, dhe gach rannca
agus gairm; go fiúdh an dream a bhídh ann san arm
ag cómh-cheangal re a chéile chum na críochsmachta
do dhian-sgriosadh - as fiadhanuise sibh féin nach ar
eírghidh leó, agus airígheann mór-chuid agaibh féin na
h-oilc gleódhacha a shil as an easarguin-sin. Má's
mar sin do chríochnuigh Méirleachas chomh fóir-leith-eadach
ris súd, a chongbhaigh, agus a shnadhmuigh ann
féin dronga dhe gach uile ghné creidimh, saídhbhris
agus rachtmais; lucht eóluis; cóimh-cheangailte a muich
ceart-dhealbhtha ann san m-baile; agus eírighthe
amach ann am a raibh Sbiorad cealg-rúin agus claén-iompoighthe
críochsmachta ag comh-ghluaiseacht tré
cheart-lár thíortha na h-Eóraipe: agus an tan 'na
raibh an chríochsmacht d'á raibh sé dírighthe 'na h-aghaidh
a ccoga, beagnach gan cóngnamh ó neach air bith,
ris an Námhuid badh ineaglaíche a bhídh riamh ag
Sagsan; ciannós budh dhóich libh go n-eirgheóchadh le
lán-dhíthchioll agus le h-amusaibh na h-easarguine, dios-gaire,
dímheasda-so air a ccluineamaoíd anois trách-tadh.
Cómhbhuaidhreadh a tionsgnadh ann aímsir Síothchána
is ró-chiúine; an t-am a bh-fuil an chríochsmacht fréumh-uighthe
ann léir-annsacht gach aén-neach le'r ab miann a
thír dúthchais do bheith séanmhar: an t-am a n-déanfadh
gach uile Phrotestant agus Catoiliceach ag a ffuil
déagh-chlú, árd-chéim nó ínnmhe preab-bhailiúghadh, agus
cómh-chruinniúghadh a ttímchioll na Ríogh-Chathaoíreach,
amhuil gur bhudh aén-duine-amháin íad uile, d'á cosnadh
air fhealltóireadhaibh na síothchána puibhlídhe. An
féidir ribh aén duine amháin d'ainmniúghadh dhamh, acht
amháin an drong d'áirmheas féin air d-túis daoíbh,
a rinne riamh cómhcheangal ribh ann bhur ffeall-mhiann-aibh
malluighthe? Nach n-deárnaidh an chléir go h-uile
d'aén-ghuth idir Easbog águs Shagart, sibh do dhaéradh,
"An ceaduigheadh dho aén Duine agaibh riamh
Sácramuint air bith do glacadh ann ar n-Eagluis, gan
diúltadh air ttús do na Cómhluadaraibh-so." An raibh
riamh aén ghabháltaídhe saídhbhir, ná tráchtálaídhe
racht-musach, ionraic re fághail ann bhur measg? A
n-deárnaidh aén cheárdaídhe macánta, measardha,
díthchiollach, salátharach cómh-cheangal ribh, muna
n-deárnaidh sé a n-aghaidh a thoile? Nach ffuilid na
cínn-treóruidheadha a tá orraibh, gan leathamuich, 'na
n-daoíne coirbhthe, díoghblásacha, an-shrianta; dhe
dhroch-chlaéntaibh dhubháilceacha, dhíthchreidmheacha;
daoíne, mar a deir Jude Easbol, "A chuireas uach-daránacht
a ttarcuisne, agus a ghnídheas an-chaint
air an luchd ag a ffuil árd-cheannas." Nach é so
fíor-thuarasgbháil bhur ttuargnach catha? An iad
so, no a leithéidíghe-so, a dhearbhráithre mo chroídhe!
do gheabhadh Saoírse agus Séun do thabhairt chum bhur
u-Dúithche? Agus muna raibh sin air a ccumas, cread
fá'r cheaduígheabháir dóibh riamh sibh do mhealladh re
briolláinibh do dhéanadh dhaoíbh d'á miosgais, agus
cómh-rannadóireadha ann a g-coirthibh.
Acht chum críche do-chur air mo dhileagra, a dhear-bhráithre
mo chroídhe! ceaduíghidh dhamh a chur a ccuímhne
dhaoíbh, go ffuilid foírne gach n-dúithche, 'na n-aén-chorp,
comhsamhuil, ann módh áiridhe, re corp gach
n-duine againn fá leith. Táid na h-uachtaráin agus
na h-íochdaráin, na daoíne saídhbhre agus bochda,
gach céim agus gairm dhe a ffuil corp na tíre déan-ta
suas, air na n-órdúghadh re Dia, ionnus go ccói-mhéudfadh
sé an t-iomlán a ccómh-eagar. Dá m-biadh
aén-chuid aca so ag iarradh fóir-sheilbhe do thógbháil
air áit na coda oile, do bhiadh amhréighteach no im-threas
eadartha dh'á chion-sion. Dá m-budh nídh nach
siubhalfadh do chosa, air mbheith dho'd lámhaibh díomhaoín
- dá ngeabhadh do lámha ortha féin, gnódhtha do cheínn
do dhéanadh, cad é chomh mí-chúmtha agus chomh mí-réusúnta
as shamhlóchadh sin. Amhlaidh-sion ann san
Stát, dá m-beídheadh an lucht-oibre, do ar cheap
Dia an oific-sin, ag iarradh na staide-sin do
thréughbháil, agus iad féin do chur ann áit na n-uach-darán
- dá m-biadh na daoíne ambhfiosacha ann áit na
n-eagnach - an saíghtteóir ann áit an oireamhain -
an ceárdaídhe ann áit an ghiústís-síothchána - an maígh-isdir-scoile
ann áit an easboig, no an bhreitheam-ain,
ciannós do b'féidir cómh-rochdacht ná cómhluadar,
ceart ná cómhthrom do bheith idir na daoíne air aén-
chor? Fós is uirthi sin, agus air a samhuil oile sin
d'iar-leanamhuin a tá bhur ffeall-mhiannaibh, agus bhur
n-an-bheartuígheacht ag triall. Fillidh, air an ádhbhar-
sion, a dhearbhráithre m'anama! chum slíghé na
Síothchána! Fágbhaidh taébh ris na h-uacdaránaibh
tóruígheacht do dhéanadh air na meódhanaibh-so do
dhéanfas a ngaoís do thionsgnadh chum Fás-raith
bhur n-dúithche. Tugaidh buídheachas do'n ccríoch-smacht
agus do na daoínibh a tá ann árd-cheannas trés
an imshníomh a thaisbeánaid a g-cosnadh seilbh-dhilse,
agus ann soláthrúghadh dho riachdanasaibh na n-daoíne.
Fágbhaidh bhur n-eagluis a m-buan-sheilbh na saoírse
a tá aici - guídhidh ar son na n-daoíne nach ffuil air
aén-chreidiomh ribh - Déanaidh bhur n-díthchioll air bhreis
carthannathta, agus air níos lúgha teas-dhúthraicht
creidmhe do bheith agaibh
- ná líonaidh re searbhas
saéghal bhur n-athaireach
agus bhur máthaireach,
agus ná tugaidh a cceínn
liatha re brón chum na
h-uaigh! Déanaidh leór-ghníomh,
a dhearbhráithre
mo chroídhe! re gach uile
mheódhan a tá ann bhur
ccómhacht, ann gach uile
dhíoghbháil dá n-deárnabhar
do bhur ccómhursain, do
bhur n-dúithche, agus do
bhur n-Dia. Níghídh chum
siúbhail re bhur ndéigh-iomchur
síothchánta ó so
suas, an mí-chlú gráin-eamhuil
a theilg bhur mí-iomchur
cheana féin a
ffóir-leithiod áiridhe air
bhur n-ealguis!! O cheart-lár
ar ccroídhe agus ar
n-anamann iarramaoíd
síothcháin agus beannacht
daoíbh, ann ainm an Athar
uile-chómhachtaich, agus a
Mheic IOSA, ar d-Tígh-earna
agus ar bh-Fuas-glaightheóir
tré ghrásaibh
an Sbioraid Dhiadha a
thigeas uatha araén. -
Amen.
S. O'DUGHAILL, etc.