Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Foras Feasa ar Éirinn I
Title
Foras Feasa ar Éirinn I
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Comyn, David
Composition Date
1640
Publisher
(Londain: I.T.S., l90l)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Díonbhrollach. ó'n úghdar gus an léaghthóir. I. Cibé duine 'san mbioth chuireas roimhe Seanchus nó Sinnseardhacht críche ar bioth do leanmhain nó do lorgaireacht, is eadh dhligheas cinneadh ar an slíghe is soiléire nochtas fírinne staide na críche, agus dáil na foirne áitigheas í, do chur go soléir síos: agus do bhrígh gur ghabhas rém' ais Foras Feasa ar Éirinn d'fhaisnéis, do mheasas ar dtús cuid d'á leathtrom agus d'á heugcomhlann d'eugnach; agus go háirithe an t-eugcomhthrom atá ag a dhéanamh ar a háitightheoiribh, mar atáid na Sean-Ghaill atá 'na seilbh tuilleadh agus ceithre chéad bliadhan ó ghabháltas Gall i leith, mar aon re Gaedhealaibh atá 'na seilbh (beagnach), re trí mhíle bliadhan. Óir ní fhuil staraidhe ó shoin i leith d'á scríobhann uirre nach ag iarraidh lochta agus toibhéime do thabhairt do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedhealaibh bhíd. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an dteist dobheir Cambrens,
Spenser, Stanihurst, Hanmer, Camden, Barclaí, Morison, Dauis, Campion, agus gach Nua-Ghall eile d'á scríobhann uirre ó shoin amach, ionnus gur b'é nós, beagnach, an phroimpiolláin doghníd, ag scríobhadh ar Éireannchaibh. Is eadh, iomorro, is nós do'n phroimpiollán, an tan thógbhas a cheann i san samhradh, bheith ar foluamhain ag imtheacht, agus gan cromadh ar mhion-scoith d'á mbí 'san machaire, nó ar bhláth d'á mbí i lubhghort, gémadh rós nó líle uile iad, acht bheith ar fuaidreadh go dteagmhann bualtrach bó nó otrach capaill is, go dtéid d'á unfairt féin ionnta. Mar sin do'n droing thuas; ní cromadh ar shubhailcibh nó ar shoibheusaibh na n-uasal do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedhealaibh do bhí ag áitiughadh Éireann re n-a linn do rinneadar, mar atá scríobhadh ar a gcródhacht agus ar a gcrábhadh, ar ar' thógbhadar do mhainistreachaibh, agus ar a dtugadar d'fhearann agus d'fhódaibh re haltóir dhóibh; ar ar' bhronnadar do thearmannaibh d'ollamhnaibh Éireann, agus ar gach cádhas d'á dtugsad do phearsannaibh agus do phreuláidibh eaglaise: ar gach comhall síotha d'á dtugdaois d'á n-ollamhnaibh, agus ar gach cothughadh d'á dtugdaois do bhochtaibh agus do dhílleachtaibh; ar gach bronntanas d'á dtugdaois d'éigsibh agus do lucht iarratais, agus ar mhéid a n-einigh d'aoidheadhaibh, ionnus nach féadtar go fírinneach a rádh go raibhe lucht a sáruighthe i bhféile nó i n-eineach 'san Eoraip riamh do réir a gcumais féin i gcomhaimsir dhóibh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar gach gairm scoile d'á dtugadar uatha (nós ná'r chlos ag aon droing eile 'san Eoraip), ionnus go raibhe an oiread soin d'éigean féile agus einigh i Sean-Ghallaibh agus i nGaedhealaibh Éireann, ná'r lór leo nídh do thabhairt do gach aon d'á dtiocfadh d'iarraidh neith orra,
gan cuireadh coitcheann do thabhairt dóibh d'á dtoghairm re bronnadh seod agus maoine dhóibh. Gidheadh, ní haoin-nídh dhíobh so lorgairthear le croinicibh Nua-Ghall na haimsire seo, acht is eadh doghníd cromadh ar bheusaibh fodhaoine agus cailleach mbeag n-uiríseal, ar dtabhairt maith-ghníomh na n-uasal i ndearmad: agus an mhéid bheanas ris na Sean-Ghaedhealaibh do bhí ag áitiughadh an oiléin seo ria ngabháltas na Sean-Ghall, feuchtar an raibhe dream 'san Eoraip budh chródha ioná iad, re cathughadh re Rómhánchaibh fa iomchosnamh na hAlban: óir tugsad fo-deara ar Bhreatainibh cloidhe do dhéanamh idir Bhreatain agus Albain, do chaomhnadh na Breatan ar iomruagadh na nGaedheal; agus tar cheann go mbídís dá mhíle deug agus dá fhichid míle do shluagh Rómhánach, agus dá chéad ar marcuigheacht ag cosnamh an chloidhe, agus trí mhíle fichead mar aon riu coislighthe, agus trí chéad deug marcach ag cosnamh crioslaigh agus cuan na críche (ar fhoirneart na Scot agus na bPict); thairis sin do lingdís Gaedhil tar an gcloidhe, agus do hairgthí an chríoch leó d'aimhdheoin na mór-shluagh soin, do réir Samuel Daniel 'na chroinic. Adeir fós Cormac mac Chuileannáin i n-a Shaltair go dtáinig d'fhoirneart Gaedheal agus Cruithneach, ré' ráidhtear Picti, ar Bhreatain, go ndearnadar Breathnaigh feall trí huaire ar uachtaránaibh na Rómhánach do bhí ós a gcionn, mar cheannach ar bheith do shíoth re Gaedhealaibh agus re Cruithneachaibh. Tuig fós an cumhgach i n-ar chuirsead Gaedhil Breathnaigh re linn Uortigern do bheith 'na rígh orra, d'á dtáinig é do thabhairt buannachta do Hengist go n-a shluagh Gearmáineach, amhail léaghtar ag
Monomotensis. Léaghtar ag Samuel Daniel go rabhadar ceithre dún-phoirt deug ag Rómhánchaibh re hucht na Scot agus na bPict, agus go rabhadar na Scuit agus na Pict ag combuaidhreadh na Breatan, d'aimhdheoin na Rómhánach ó aimsir Iuil Caesair go haimsir an treas Ualentinian Impir, frí ré cúig céad bliadhan; agus is eadh fá haois do'n Tighearna an tan do thréigsead Rómhánaigh ceannas na Breatan seacht mbliadhna ceathrachad ar cheithre chéad, agus is do'n leith istigh do'n aimsir sin do fhás easaonta idir Teodosius agus Maximus, go dtáinig de sin go rug Maximus foireann mhór do lucht na Breataine leis go hArmorica na Fraince, ré' ráidhtear an Bhreatain bheag, agus iar ndíbirt na foirne do bhí rompa 'san tír tug ar an bhfoirinn do chuaidh leis an chríoch d'áitiughadh, go bhfuil drong d'á sliocht indiu innte. II. Atáid cuid do na sean-úghdaraibh chuireas neithe breugacha i leith na n-Éireannach; mar adeir Strabo, 'san gceathramhadh leabhar, gurab lucht feola daoine d'ithe na hÉireannaigh. Mo fhreagradh ar Strabo, gurab breug dó a rádh gurab lucht feola daoine d'ithe na hÉireannaigh; óir ní léaghtar i san Seanchus go raibhe neach i n-Éirinn riamh ler' cleachtadh feoil daoine d'ithe, acht Eithne Uathach inghean Chriomhthainn mic Eanna Chinnsiolaigh rí Laighean, do bhí ar daltachas ag Déisibh Múmhan: agus do hoileadh riu ar fheoil naoidhean í, i ndóigh go mbadh luathaide do bhiadh ionnuachair é. Óir do tairrngireadh dhóibh féin fearann d'fhagbháil ó'n bhfear le mbiadh sí pósda; agus is le
hAonghus mac Nadfraoich rí Múmhan do pósadh í, amhail adéaram d'á éis so i gcorp na staire. Tuig, a léaghthóir, mar nach sochtaid na seanchadha an nídh déistineach so, do budh masla d'inghin rígh Laighean agus do mhnaoi rígh Múmhan, nach ceilfidís gan a nochtadh ar dhaoinibh budh lúgha ioná iad sin é, dá madh nós (do bhiadh) ar aithidhe i n-Éirinn é: mar sin gurab breugach do Strabo a rádh gurab nós d'Éireannchaibh feoil daoine d'ithe, agus nach déarnadh riamh an nós so aca acht leis an inghin reamhráidhte, agus sin féin re linn na págántachta. Mo fhreagradh fós ar San Ieróm, luaidheas an nídh ceudna so, ag scríobhadh i n-aghaidh Iobhinian, go bhfeudfadh ainteastach breug do reic ris, agus mar sin ná'r dhligh sí dul i bhfiachaibh ar Éireannchaibh. Adeir Solinus, 'san aonmhadh caibidil fichead nach fuilid beich i n-Éirinn; agus adeir gurab do dhéis chlaidhimh fromhthar an chéid-mhír le gein mic i n-Éirinn. Adeir fós go ndéin an t-Éireannach a dhealbh d'ionnlat a fuil a námhad an tan marbhthar leis é. Is follus as an seanchus bhias i san stáir gach nídh dhíobh so do bheith breugach. Adeir Pomponius Mela i san treas leabhar ag labhairt ar Éireannchaibh na briathra so: - "drong ainbhfiosach i sna huile subhailcibh": agus mar sin do mhórán do shean-úghdaraibh eile coigcríche do scríobh go meardhána mítheasta ar Éirinn, ar bhréig-sgeulaibh ainteastach d'á ná'r chóir creideamhain 'na shamhail so do nídh: agus is uime sin adeir Camden, ag cur teastais na muinntire seo síos ar Éirinn, na briathra so: - "Ní fhuil, ar sé, fiadhnaise inchreidte ar
na neithibh seo againn." Is follus gurab breug a rádh nach rabhadar beich i n-Éirinn, do réir an Chamden cheudna, mar a n-abair ag labhairt ar Éirinn: - "Atá an oiread soin do bheacaibh innte, nach eadh amháin i mbeachlannaibh nó i gcorcógaibh, acht i gceapaibh crann agus i gcuasaibh talmhan dogheibhthear iad." III. Cuirfeam síos ann so beagán do bhreugaibh na Nua-Ghall do scríobh ar Éirinn ar lorg Chambrens; agus doghéan tosach ar bhreugnughadh Chambrens féin, mar a n-abair go raibhe cíoscháin ag an rígh Artúr ar Éirinn, agus gurab é am fa'r cheangail an cíos orra i gCathair Leon, an tan fá haois do'n Tighearna cúig céad agus naoidheug, mar chuireas Campion 'na chroinic i san dara caibidil do'n dara leabhar, mar a n-abair gurab é Giolla Már fá rí Éireann an tan soin. Gidheadh tar cheann go luaidheann Policronicon agus Monomotensis agus drong eile do Nua-Ghallaibh an Giolla Már so do bheith 'na rígh Éireann, a shlán fa aon d'á lorgairidhibh go bhfuil laoidh nó litir a seanchus Éireann i n-a bhfuil luadh nó iomrádh ar Ghiolla Már do bheith 'na rígh Éireann riamh: acht munab do Mhuircheartach mór mac Earca fá rí Éireann, agus fá fear comhaimsire do rígh Artúr ghairmid é; agus níor bh'fhéidir Muircheartach do bheith fa chíoscháin ag an rígh Artúr, do bhrígh go raibhe sé féin treun i n-Éirinn agus i n-Albain, agus gurab é do chuir a sheisear dearbhráthar i n-Albain, agus gur fear dhíobh fá
céid-rí do Chineadh Scoit ar Albain, mar atá Fearghus Mór mac Earca, agus fós gurab le Scotaibh agus le Pictibh do thuit Rí Artúr féin. An Fearghus so adubhart do b'é céid-rí Alban do Scotaibh é: óir tar cheann go n-áirmheann Hector Boetius i stáir na hAlban naoi ríogha dheug agus fiche do bheith ar Albain roimhe an bhFearghus so, maiseadh ní raibhe aoin-rí de Chineadh Scoit do réir an tseanchusa ar Albain roimhe: agus mar a n-abair gurab é Fearghus mac Fearchair rí Éireann fá céid rí do Chineadh Scoit ar Albain, ní fíor dó sin, óir ní raibhe aoin-rí ar Éirinn riamh d'ár bh'ainm Fearchar, agus mar sin ní raibhe Fearghus mac Fearchair 'na rígh Alban, amhail adeir Hector Boetius: agus má do bhí gur thoil le Muircheartach mór a dhearbhráthair Fearghus mac Earca do bheith 'na rígh Alban, maiseadh, is é ainm gairthear do Mhuircheartach féin i n-annálaibh Éireann, "Rex Scotorum," d'á chur i gcéill go raibhe árdchor aige ar na Scotaibh i n-Éirinn agus i n-Albain; agus ní hinmheasta an tí do bhí i sna cumhachtaibh seo do bheith fa chíoscháin ag an rígh Artúr. Agus fós adeir Spíd 'na chroinic nach cíoscháin do bhí ag an rígh Artúr ar rígh Éireann, acht comhar cáirdeasa cogaidh, ionnus cibé haca ar a mbiadh leathtrom námhad, go raibhe d'fhiachaibh ar an dara fear congnamh sluagh do thabhairt do'n tí díobh ar a mbiadh leathtrom: agus is é ainm ghaireas Spíd do'n chongnamh so "dligheadh cáirdeasa cogaidh," amhail atá idir rí na Spáinne agus an t-Impir: óir cuiridh gach aon díobh congnamh re linn a riachtanais gus an tí eile, agus ní hiontuigthe as sin go bhfuil cíoscháin ag rígh na Spáinne ar an Impir, nó ag an Impir ar rígh na Spáinne. Mar an gceudna, má tharla
comhmbáidh cogaidh idir an rí Artúr agus Muircheartach mac Earca rí Éireann, ionnus go gcleachtaoi leó a chéile d'fhortacht re linn leathtroim do bheith ar cheachtar díobh, ní hiontuigthe as sin cíoscháin do bheith ag ceachtar díobh ar a chéile. Is móide is iontuigthe fírinne an neith seo an nídh adeir Nubrigiensis i san seiseadh caibidil fichead do'n dara leabhar d'á stáir, mar a labhrann ar Éirinn: - "níor luidh Éire riamh fa chumhachtaibh coigcríche." Tig fós Cambrens féin leis an nídh seo, i san seiseadh caibidil fichead, mar a n-abair: - "do bhí Éire saor ó thús ó iomruagadh an uile chinidh coigcríche." As na briathraibh seo is follus nach raibhe árdchor ag Artúr, nó ag árdfhlaith eile coigcríche ó thús riamh ar Éirinn go gabháltas Gall: agus fós ní hinmheasta go raibhe cor ag Breatainibh ar Éirinn, mar nach fuaradar Rómhánaigh ionnta féin lámh do chur innte, agus ní headh amháin gan cor do bheith ag Rómhánchaibh nó ag eachtrannaibh eile uirre, acht is í Éire fá cúl dídin do na críochaibh eile re n-a gcaomhnadh ar fhoirneart (na) Rómhánach agus eachtrann (eile). Ag so mar thig Camden leis so 'san leabhar d'á ngairthear "Britannia Camdeni," mar a n-abair; - "Ar mbeith do Rómhánchaibh ag foir-leathnughadh a bhflaithis, tangadar gan amhras an iomad ó'n Spáinn, ó'n bhFrainc, agus ó'n mBreatain annso (ag labhairt ar Éirinn), do réidheachadh a muineul féin ó chuing ró-urchóidigh na Rómhánach." As so is iontuigthe nach eadh amháin gan Rómhánaigh do theacht i n-Éirinn, acht fós gurab innte do cumhduighthí lucht na
gcríoch eile ó Rómhánchaibh. Ag so fós mar adeir an Camden ceudna, ag breugnughadh na droinge adeir, do réir baramhla, go raibhe cor ag Rómhánchaibh ar Éirinn: - "Is ar éigin do chreidfinn i'm intinn go raibhe Éire riamh fa chumhacht na Rómhánach." Adeir Cambrens i san naomhadh caibidil, go dtugdaois na fir i n-Éirinn na mná do bhíodh pósta ag a ndearbhráithribh i ndiaidh báis na ndearbhráithreadh soin: agus adeir nach díoltaoi an deachmhaidh i n-Éirinn, agus nach bíodh cion ar phósadh innte, go teacht an cháirdionáil Iohannes Papiron; gidheadh, ní fíor dhó so, amhail chruthócham i gcorp na stáire, agus mar bhus follus as an díonbhrollach so féin go grod i n-ár ndiaidh. Adeir i san seachtmhadh caibidil, mar a dtráchtann ar iongantaibh na hÉireann, go bhfuil tobar 'san Múmhain, doghní duine liath do láthair an tan fhoilceas a fholt nó a fhionnfadh as, agus, mar an gceudna, go bhfuil tobar i n-Ultaibh doghní toirmeasg na léithe. Gidheadh, ní fhuilid samhail na dtobar so i n-Éirinn anois, agus ní shaoilim go raibhe i n-aimsir Chambrens, acht na hiongantais seo do chur síos mar dhathughadh ar a bhreugaibh. Adeir Cambrens i san dara caibidil fichead, an tan bhíd daoine uaisle i n-Éirinn ag tabhairt daingin d'á chéile, do láthair easpoig, go bpógaid an tráth soin taise naoimh, agus go n-íbhid fuil a chéile, agus ann sin go mbíd ullamh re déanamh feille ar a chéile. Mo fhreagradh air ann so, nach fuil laoidh ná litir, seanchuis náid sein-scríbhne iris náid annálaigh ag teacht leis ar an mbréig seo: agus fós is follus go raibhe d'fhiachaibh ar na seanchadhaibh gan a shamhail seo do dhroch-nós do cheilt, agus fós a chur i gcairt
i bpéin a n-ollamhantachta do chaill, dá mbíodh sé ar gnáthughadh i n-Éirinn. Uime sin is follus gur breug do rinne Cambrens ann so. Adeir Cambrens, i san deachmhadh caibidil, gurab cineadh neimhfhial Gaedhil; ag so mar adeir: - "Cineadh, iomorro, neimhfhial an cineadh so," (ar sé). Gidheadh, ní beag liom Stanihurst i n-a stáir ag freagradh dhó i san nídh seo, ag labhairt ar eineach na n-Éireannach; ag so mar adeir: - "Go deimhin (ar sé), is daoine róifhiala iad, agus ní fhuil céim is mó i n-a b'fhéidir leat a mbuidheachas do thuilleamh ioná d'aithidhe do dhéanamh dod' dheoin agus dod' thoil d'á dtighthibh." As so is iontuigthe gurab daoine fiala fír-einigh fa bhiadh iad, gan cead do Chambrens. Adeir Cambrens mar a scríobhann ar Éirinn, gurab í bean rígh Mídhe do chuaidh ar eulódh le Diarmuid na nGall; gidheadh ní fíor dhó sin, acht fá hí bean Thighearnáin Uí-Ruairc rí Breithfne í, agus fá hí inghean Mhurchadha mic Fhloinn mic Mhaoilseachlainn rí Mídhe í, agus Dearbhfhorgaill fá hainm di. Adeir fós gurab a Sliabh Bládhma fhásas Siuir agus Feoir agus Bearbha, gidheadh ní fíor dhó sin; óir is follus gurab a heudan Shléibhe Bládhma do'n leith thoir fhásas an Bhearbha, agus gurab a heudan Shléibhe Aildiuin ris a ráidhtear Sliabh an bhearnáin i n-Uibh-Cairin fhásas Siuir agus Feoir. Adeir arís i san gcúigeadh caibidil fichead do'n leabhar tuarasgbhála tug ar Éirinn, gurab amhlaidh doghníthí rí
Chinéil gConaill, eadhon Ua Domhnaill, cruinniughadh do chur ar lucht a thíre ar chnoc árd i n-a dhúthaigh, láir bhán do mharbhadh, a cur d'á bruith i gcoire mhór ar lár an mhachaire, agus iar n-a bruith, a bheith ag ól a hanbhruith amhail ghadhar nó choin le n-a bheul, agus bheith ag ithe na feola as a lámhaibh gan sgín gan arm d'á gearradh aige, agus go roinneadh an chuid eile do'n fheoil ar an gcomhdháil, agus go bhfothruigeadh é féin as an anbhruith. Is follus gur breugach an nídh seo adeir Cambrens, do réir seanchusa na hÉireann; óir is amhlaidh fhoillsigheas gurab amhlaidh do gairthí Ua Domhnaill, i maille re suidhe dhó i measg uasal agus oireachta a chríche féin, agus taoiseach d'uaislibh a chríche féin do sheasamh i n-a fhiadhnaise, go slait ndírigh mbáin i n-a láimh, agus an tan do dháileadh do rígh Chinéil gConaill í, is eadh adeireadh ris, ceannas a chríche féin do ghabháil, ceart agus comhthrom do chongbháil idir gach dá roinn d'á dhúthaigh; agus gurab uime do horduigheadh an tslat do bheith díreach bán, d'á chur i gcuimhne dhó, gurab eadh do dhlighfeadh bheith díreach i n-a bhreitheamhnas, agus glan ionnraic i n-a ghníomhaibh. Is iongnadh liom Cambrens do luadh na bréige seo, agus measaim gurab le meabhail do chuir síos i n-a chroinic í. Óir is follus gur dhaoine cráibhtheacha caondúthrachtacha iad ó aimsir go haimsir, agus gur thréigeadar mórán díobh an saoghal, agus gur chríochnuighsead a mbeathaidh go rathmhar riaghalta, agus fós go dtáinig iomad do naomhaibh díobh, mar atá Columcille, Baoithín, agus Adhamnán, agus mórán eile (do naomhaibh nach luaidhfeam ann so). Ní hinchreidthe fós go dtiubhradaois uaisle Éireann fulang do rígh Chinéil gConaill an nós barbardha úd luaidheas Cambrens do bheith ar aithidhe aige;
agus an Creideamh Catoileaca ar marthain aca, ó aimsir Phádraig go gabháltas Gall: agus d'á réir sin, measaim gurab breug mheabhlach gan barántas do rinne Cambrensis ann so. IV. Adeir Spenser i n-a chroinic go raibhe cor ag Egfrid, rí Nortumbrorum, ar Éirinn, agus ag Eadgar rí na Breatan, amhail léaghtar 'san treas leathanach deug ar fhichid d'á stáir: gidheadh ní fíor dhó so, do bhrígh go bhfuil seanchus Éireann 'n-a aghaidh sin, agus fós atáid úghdair na Breatan féin ag a admháil ná'r fhágbhadar na Sacsanaigh sein-scríbhne ná seod-chomharthaidhe aca re' mbiadh fios dála na haimsire táinig rés na Sacsanchaibh aca. Óir adeir Gildas, sean-úghdar Breathnach, gur múchadh le Rómhánchaibh agus leis na Sacsanchaibh "monumenta" nó seod-chomharthaidhe na mBreathnach, agus d'á réir sin a seanchus. Tig Samuel Daniel leis an úghdar so ar an nídh gceudna, 'san cheud roinn d'á chroinic, agus Rider 'san bhfoclóir Laidne ro scríobh, mar a dtráchtann ar an bhfocal so Britannia, agus fós adeir nach ó Bhrutus adeirthear Britannia re Breatain, agus dámadh eadh go mbadh Brutia nó Brutica do gairfidhe dhí; agus do budh cosmhail dámadh ó Bhrutus do gairfidhe í, go luaidhfeadh Iul Caesar, Cornelius Tacitus, Diodorus Siculus, nó Béada, nó sean-úghdar éigin eile créad ó' bhfuil an focal so Britannia; agus mar nachar bh'fheas dóibh créad ó bhfuil ainm a gcríche féin, níor bh'iongnadh iad do bheith i n-ainbhfios i n-iomad do dhálaibh seanda na Breatan, agus mar sin, ní hiongnadh Spenser do bheith aineolach ionnta, mar an gceudna. Is iongnadh an nídh do ghabh Spenser ré' ais, seanchus do
leanmhain ar chuid d'uaislibh na hÉireann, agus a rádh gurab Gaill do réir a mbunadhais iad. Luaidhtear, iomorro, seacht sloinnte d'uaislibh Gaedheal leis, mar atá Mac Mathghamhna, Clann tSuibhne, Clann tSíthigh, Clann Mhic-Conmara, Caomhánaigh, Tuathalaigh, agus Branaigh. Adeir gurab ó Ursula, nó FitzUrsula, sloinneadh atá i Sacsaibh, táinig Mac Mathghamhna, agus gurab ionann "Ursula" agus "Beare," agus gurab ionann "Beare" agus mucgamhain nó macgamhain, agus d'á réir sin gurab ó'n tigh thall táinig Mac Mathghamhna Uladh. Mo fhreagradh ar an "reusún" so, ná'r chóra Mac Mathghamhna Oirghiall do theacht ó'n tigh thall mar sin, do réir sanasáin an fhocail, ioná Mac Mathghamhna Tuath-Mhúmhan agus Ua Mathghamhna Cairbreach, agus mar nach ó thigh Fitz Ursula nó Beare i Sacsaibh cách, ní headh Mac Mathghamhna Uladh: acht go fírinneach is do shliocht Cholla Dá-chríoch mic Eachach Doimhléin, (mic Fhiachaidh Sraibhtheine) mic Chairbre Lifeachair do shíol Eireamhóin é. An dara cineadh, Clann tSuibhne, adeir gurab ó thigh i Sacsaibh d'á ngairthear "Suyn" tángadar; gidheadh, ní hionann "Suyn" agus Suibhne, agus d'á réir sin ní ó'n tigh thall táinig Mac Suibhne, acht go fírinneach is do Chlannaibh Néill é: óir is ar shliocht Aodha Athlaimh mic Fhlaithbheartaigh an trostáin atá Mac Suibhne. Adeir fós gurab do Ghallaibh Clann tSíthigh; gidheadh ní fíor dhó sin, óir is follus gurab do shliocht Cholla Uais iad, agus gurab ó Shítheach mac Eachduinn mic Alasdair mic Dhómhnaill, ó' ráidhtear Clann nDómhnaill Éireann agus Alban, tángadar. Adeir arís gurab do
Ghallaibh Clann Mhic Conmara, agus gurab ó'n gcineadh do Ghallaibh ré' ráidhtear "Mortimer" tángadar; gidheadh ní fíor sin, óir is ó dhuine d'ár bh'ainm Cúmara ráidhtear Clann Mhic Conmara riu: agus is é is sloinneadh cinnte dhóibh Síol Aodha, agus is ó Chaisin mac Chais, mic Chonaill eachluaith do shíol Eibhir tángadar, amhail léaghtar i gcraoibh-sgaoileadh Dhál gCais. Adeir, mar an gceudna, gurab ó'n mBreatain Mhóir tángadar na trí sloinnte seo, mar atá Síol mBrain, Tuathalaigh agus Caomhánaigh; agus ní fírinneach an suidheadh dobheir ar an nídh seo, mar go n-abair gurab focail Bhriottáinisi na trí focail úd. Ar dtús adeir gurab ionann "brin" agus coillteach: (fágbham gurab ionann "brin" agus coillteach,) gidheadh, ní ó'n bhfocal so "brin" adeirthear Branaigh, acht ó ainm óglaoigh d'árbh' ainm Bran Múit. An dara nídh adeir gurab ionann "tol" agus cnocach, (agus gurab uaidh sin adeirthear Tuathalaigh): (fágbhaim gurab ionann "tol" agus cnocach); gidheadh ní cosmhail ré' raile "tol" agus Tuathalaigh, óir is ó ainm óglaoigh d'árbh' ainm Tuathal atá: uime sin is breugach baramhail Spenser. Adeir arís gurab ionann "caomhán" agus láidir, agus gurab uaidh adeirthear Caomhánaigh. Mo fhreagradh air, gurab ionann caomhán agus neach caomh nó áluinn, agus gurab uime gairthear Caomhánaigh do Chaomhánchaibh ó Dhómhnall Caomhánach, mac Dhiarmuda na nGall. Is uime do lean an forainm do Dhómhnall féin, a bheith ar n-a oileamhain i gCill Caomháin i n-íochtar Laighean; agus is do Chinnsiolachaibh do réir a sloinnte iad. Gidheadh, is follus do réir fírinne an tseanchusa,
(gurab do Ghaedhealaibh na trí cineadha soin, agus) gurab do shliocht Fhiachaidh Aiceadha mic Chathaoir mhóir rí Éireann na trí sloinnte seo, amhail léaghtar i gcraobhscaoileadh Laighean. Is iongnadh liom cionnus fuair Spenser ann féin lámh do chur i sna neithibh seo do bhí 'na n-ainbhfios air, acht amháin munab ar sgáth bheith 'na fhilidh tug cead cumadóireachta dhó féin; mar fá gnáth leisean agus le n-a shamhail eile, iomad finnsgeul filidheachta do chumadh agus do chórughadh le briathraibh blasda, do bhreugadh an léaghthóra. V. Adeir Stanihurst gurab í an Mhídhe fá cuid ronna do Shláinghe mac Deala mic Lóich; gidheadh ní fíor dó sin. Óir do réir an Leabhair Gabhála, ní raibhe do Mhídhe ann i n-aimsir Shláinghe acht an aon-tuaith fearainn atá láimh re hUisneach, go haimsir Thuathail theachtmhair: agus mar adeir gurab ó Shláinghe adeirthear baile Shláine, agus, d'á réir sin, gurab í an Mhídhe an mhír ronna ráinig ó n-a bhráithribh é, níor chóra a mheas gurab í ráinig mar roinn dó, ioná a mheas gurab í Cúigeadh Laighean ráinig mar roinn chuige, agus gurab uaidh ainmnighthear Innbhear Sláinghe, shnigheas tré lár Laighean go Loch-garman; agus fós gurab uaidh ainmnighthear Dúmha Shláinghe ré' ráidhtear Dionn-ríogh ar bhruach Bearbha, idir Cheatharlach agus Léithghlinn, do'n leith thiar do'n Bhearbha, agus gurab é fá longphort comhnuighthe dhó, agus gurab ann fuair bás.
Ní hiongnadh gan fios an neith seo do bheith ag Stanihurst, agus nach faca seanchus Éireann riamh, as a mbiadh fios a dál aige; agus measaim nach mór an lorg do bhí aige orra, mar go bhfuil sé comh ainbhfiosach sin i ndálaibh Éireann go n-abair gurab i san Múmhain atá Ros-mic-Triuin, agus gurab cúigeadh nó "Proibhinnse" an Mhídhe i n-aghaidh Chambrens féin, nach áirmheann an Mhídhe mar chúigeadh, agus i n-aghaidh Leabhair Gabhála Éireann. Mar roinneas Stanihurst Éire, go ndéin leath d'Fhine Gall ar leith, agus an leath eile d'Éirinn ó sin amach idir Gall agus Gaedheal; agus fós mar adeir nachar bh'fiu leis an gcoilíneach is lúgha i bhFine Gall cleamhnas do dhéanamh leis an nGaedheal budh uaisle i nÉirinn, mar adeir 'na chroinic: - "An tí is ísle do na coilínibh d'á n-áitigheann i san gcúigeadh Gallda, ní thiubhradh a inghean féin pósda do'n "phrionnsa" is mó d'Éireannchaibh." Fiafraighim do Stanihurst cia budh honóraighe, budh huaisle, nó budh dísle do choróin na Sacsan, nó cia budh feárr do bharántaibh re cosnamh na hÉireann do choróin na Sacsan, coilínighe Fhine Gall 'náid na hiarlaidhe uaisle atá i n-Éirinn do Ghallaibh, mar atá iarla Chille-dara, do rinne cleamhnas le Mac Cárrthaigh riabhach, le hUa Néill, agus le droing eile d'uaislibh Gaedheal; iarla Ur-Mhúmhan le hUa Briain, le Mac Giolla-Phádraig, (agus le hUa Cearbhaill); iarla Deas-Mhúmhan le Mac Cárrthaigh mór; agus Iarla Chlainne Riocaird le hUa Ruairc. Ní áirmhim "uícoint" 'náid barúin do bhí comh uasal re haon-choilíneach d'á raibhe i
bhFine Gall riamh, ag ar' pósadh a n-ingheana go minic le huaislibh Gaedheal. Is follus fós gur mionca do chuir coróin na Sacsan cúram cosnaimh agus coiméid na hÉireann ar iocht na n-iarladh do rinne cleamhnas le Gaedhealaibh ioná ar iocht a rabhadar do choilíneachaibh i bhFine Gall riamh. Mar sin ní mheasaim créad as nach doghéanadaois cleamhnas le huaislibh Éireann, acht munab do dhímheas ar a bhfoluigheacht féin, ná'r mheasadar gur bh'fhiu iad comh-uaisle Gaedheal do bheith i n-a gcleamhnas. Measaim ar olcas an teastais dobheir Stanihurst ar Éireannchaibh, gurab ionchuir ó theist é, do bhrígh gurab d'aon-toisg ar fhuráileamh droinge do bhí fuathmhar d'Éireannchaibh do scríobh go maslaightheach orra; agus saoilim gurab é fuath na n-Éireannach ceud-bhallán do tharraing iar ndul i Sacsaibh ar dtús do dhéanamh léighinn dó, agus go raibhe 'na thoirrcheas bronn aige nó gur sgeith le n-a scríbhinn é, ar dtoidheacht i n-Éirinn dó. Ní beag liom do chomhartha fuatha do bheith aige ar Éireannchaibh, mar dogheibh locht ar choilíneachaibh Fhine Gall tré n'ár dhíbirsiod an Ghaedhealg as an tír an tan do ruaigsiod an fhoireann do bhí ag áitiughadh na tíre rómpa. Adeir fós dá fheabhas do theangaidh an Ghaedhealg, an tí do bhlaisfeadh í, go mblaisfeadh maraon ria doibheusa na droinge d'ar theanga í. Créad is iontuigthe as so, acht go raibhe an oiread soin d'fhuath ag Stanihurst d'Éireannchaibh gurbh' olc leis gurab gabháltas Críostamhail do rinneadar Gaill ar Éirinn
agus ar Ghaedhealaibh, agus nach gabháltas pagánta. An tí, iomorro, doghní gabháltas Críostamhail, is lór leis umhlacht agus dísle d'fhaghbháil ó'n bhfoirinn claoidhtear leis, agus foireann nuadh eile do chur uaidh féin d'áitiughadh na tíre ar a dtéid a neart mar aon re lucht na críche sin. An tí fós doghní gabháltas págánta, is eadh is nós dó, léirscrios do thabhairt ar an bhfoirinn claoidhtear leis, agus foireann uaidh féin do chur d'áitiughadh na críche ghabhas le neart. An tí trá doghní gabháltas Críostamhail, ní mhúchann an teanga bhíos roimhe i san gcrích chuireas fa n-a smacht: agus is mar sin do rinne Uilliam "Concor" ar na Sacsaibh. Níor mhúch teanga na Sacsanach, do bhrígh gur fhágaibh foireann na teangadh do choiméad i san gcrích, ionnus go dtáinig de sin an teanga do bheith ar bun ag Sacsanchaibh ó sin i leith. Gidheadh, is gabháltas pagánta do rinne Hengist taoiseach na Sacsanach ar na Breathnachaibh, mar gur scrios sé a hurlár na Breatan iad, agus gur chuir foireann uaidh féin i n-a n-áitibh; agus iar ndíbirt cháich go hiomlán dó, do dhíbir a dteanga leo. Agus an nós ceudna fá mian le Stanihurst do dhéanamh ar Éireannchaibh; óir ní féidir an teanga do dhíbirt, gan an lucht d'ár teanga í do dhíbirt: agus do bhrígh go raibhe mian na teangadh do dhíbirt air, do bhí, mar an gceudna, mian díbeartha na foirne d'ár theanga í air, agus, d'á réir sin, do bhí fuathmhar d'Éireannchaibh; agus mar sin, níor bh'ionghabhtha a theist ar Éireannchaibh.
Dogheibh, mar an gceudna, Stanihurst locht ar bhreitheamhnaibh tuaithe na hÉireann, agus ar a leaghaibh: gidheadh is iongnadh liom mar fuair ann féin locht d'fhaghbháil ionnta, agus nachar thuig ceachtar díobh ná an teanga a raibhe ealadha gach aicme dhíobh, ar mbeith dhó féin aineolach ainbhfiosach i san nGaedheilg fá teanga dóibh-sean, agus i n-a raibhe an breitheamhnas tuaithe agus an leigheas scríobhtha. Óir ní raibhe ar cumas dó-san an breitheamhnas tuaithe nó an leigheas do léigheadh i san teangaidh i n-a rabhadar, agus dá léighthí dó iad, ní raibhe tuigse aige orra. Measaim, d'á réir sin, gurab ionann dáil dó ag díommoladh an dá ealadhan do luaidheamar, agus dáil an daill do dhíommolfadh dath eudaigh seach a chéile: óir mar nach féadann an dall breathnughadh do dhéanamh idir an dá dhath, do bhrígh nach faiceann ceachtar díobh, mar an gceudna, níor bh'fhéidir leisean, breitheamhnas do dhéanamh idir an dá ealadhain reamhráidhte, do bhrígh ná'r thuig riamh na leabhair i n-a rabhadar scríobhtha, agus fós ná'r thuig na hollamhain d'ár bh'ealadhain iad, do bhrígh gurbh' í an Ghaedhealg amháin fá teanga dhíleas dóibh, agus go raibhe seisean tríd agus tríd aineolach innte. Dogheibh fós locht i n-aos seanma na gcláirseach i n-Éirinn, agus adeir nach raibhe ceol ionnta. Is cosmhail nachar bhreitheamh éisean ar cheol 'san mbioth, agus go háirithe ar an gceol nGaedhealach, ar mbeith aineolach i sna riaghlachaibh bheanas ris dó. Saoilim nachar thuig Stanihurst gurab amhlaidh do bhí Éire 'na ríoghacht ar leith léi féin, amhail domhan mbeag, agus na huaisle agus na
hollamhain do bhí innte i n-allód, gur chumadar breitheamhnas, leigheas, filidheacht agus ceol agus riaghlachaibh cinnte riu do bheith ar bun i n-Éirinn: agus mar sin níor chneasda dhó-san breitheamhnas meardhána do dhéanamh (nó do bhreith) ar cheol na hÉireann d'á lochtughadh. Is iongnadh liom nachar léigh Cambrens i san naomhadh caibidil deug, mar a molann ceol na n-Éireannach, acht munab eadh do chuir roimhe céim do bhreith tar Chambrens ag cáineadh na n-Éireannach: óir ní fhuil nídh 'san mbioth is mó i n-a molann Cambrens Éireannaigh ioná i san gceol nGaedhealach. Ag so mar adeir i san gcaibidil cheudna: - "I n-adhbhadhaibh ceoil amháin dogheibhim dícheall an chinidh seo somholta, mar a bhfuil tar an uile chineadh d'á bhfacamar cliste go doimheasta." Ag so mar adeir fós do réir na caibidile ceudna an tuarasgbháil dobheir ar an gceol nGaedhealach, ag a mholadh: - "Doghnidhthear a n-oirfide (ar sé) iomlán oireamhnach le luas taighiuir, le comhthrom eugcosmhail, agus le coimhtheacht ainfhreagarthach ré chéile." As so is iontuigthe, do theist Chambrens, gurab breugach do Stanihurst a rádh nach bí ceol i san oirfide Éireannaigh. Ní fíor dó, mar an gceudna, an nídh adeir gurab dall do bhídís urmhór aosa seanma na hÉireann; óir is follus an tan ro scríobh seisean a stáir, gurab lia neach súileach do bhí re seinm i n-Éirinn ioná duine dall, agus mar sin ó sin i leith, agus anois, bíodh a fhiadhnaise sin ar ár lucht comhaimsire. Tuig, a léaghthóir, go rabhadar trí heasbadha ar Stanihurst re scríobhadh stáire na hÉireann, as ná'r chóir cion stáraidhe do thabhairt air. Ar dtús, do bhí sé
ró-óg, ionnus nach raibhe uain aige ar chuartughadh do dhéanamh ar sheanchus na críche seo ar ar' ghabh do láimh scríobhadh. An dara heasbaidh, do bhí sé dall aineolach i dteangaidh na tíre i n-a raibhe seanchus agus seandála na críche, agus gach foirne d'ár áitigh innte; agus mar sin, níor bh'fhéidir dó a bhfios do bheith aige. An treas easbaidh, do bhí sé uaillmhianach, agus d'á réir sin, do bhí súil aige le meudughadh d'fhaghbháil ó'n droing lér' gríosadh é le scríobhadh go holc ar Éirinn: agus fós, re linn bheith 'na shagart 'na dhiaidh sin dó, do gheall gairm tar ais do dhéanamh ar mhórán do na neithibh maslaightheacha do scríobh ar Éirinn, agus dochluinim go bhfuil sé i gclódh anois re n-a thaisbéanadh i n-Éirinn. Adeir Stanihurst an tan bhíd Éireannaigh ag comhrac, nó ag bualadh a chéile, go n-abraid mar chomhairc do ghuth árd, "Pharo, Pharo," agus saoilidh seisean gurab ó'n bhfocal so "Pharao," fá hainm do rígh Éigipte chleachtaid mar chomhairc é: gidheadh ní fíor dó sin, óir is ionann é agus "faire, faire ó," nó "ó faire," ag a rádh ris an rann eile bheith ar a gcoiméad, amhail adeir an Francach "garda, garda," an tan dochí a chomharsa i nguais. VI. Cuiridh "Doctor Hanmer" i n-a chroinic, gurab é Bartolinus budh taoiseach ar Ghaedhealaibh ag teacht i n-Éirinn dóibh, agus is do Phartholón ghaireas Bartolinus ann so. Gidheadh, do réir seanchuis na hÉireann, do bhádar tuilleadh agus seacht gcéad bliadhan idir theacht Phartholóin
agus teacht Chlainne Mhílidh go hÉirinn. Óir i gcionn trí chéad bliadhan iar ndílinn táinig Partholón, agus i gcionn míle ar cheithre fichid bliadhan i ndiaidh díleann, tángadar mic Mhílidh go hÉirinn. Agus do bhreathnughadh Chamden is córa creideamhain do sheanchus Éireann i san nídh seo ioná do bhriathraibh Hanmer. Ag so mar adeir: - "Tugthar a urraim féin do'n tseanchus i sna neithibh seo" (ar sé); agus má is iontugtha do sheanchus i san mbioth ar son bheith arsaidh, is díol urrama da ríribh seanchus Éireann, do réir an Chamden cheudna, i san leabhar d'á ngairthear "Britannia Camdeni," mar a n-abair, ag labhairt ar Éirinn: - "Ní héigcneasda a dubhradh le Plutarchus Ogigia, eadhon ro-arsaidh, ris an oileán so." Cuiridh Camden "réasún" ris so, agus ag so mar adeir: - "A cuimhne ró-dhuibheacánta seanchusa thairrngid a stáire féin (ag labhairt ar Éireannchaibh), ionnus nach fuil i n-uile sheanchus na n-uile chineadh eile acht nuaidheacht, nó (beagnach) naoidheantacht," láimh re seanchus na hÉireann: agus uime sin, gur córa creideamhain dó ioná do dhochtúir Hanmer, nach faca seanchus Éireann riamh. Adeir an t-úghdar ceudna gurab é rí Lochlonn, d'ár bh'ainm Froto fá rí Éireann an tan rugadh Críost; gidheadh, ní fíor dó sin, óir do réir an tseanchusa, is re linn Chriomhthainn Niadh Náir do bheith i bhflaitheas Éireann rugadh Críost; agus d'á réir sin ní hé Froto rí Lochlonn fá rí
Éireann an tan soin. Is iongnadh liom Hanmer, do bhí 'na Shacsanach nach faca agus nachar thuig seanchus Éireann riamh, cionnus do bhiadh a fhios aige cia an rí do bhí ar Éirinn re linn Chríost do bhreith, agus gan a fhios aige go cinnte cia an rí do bhí ar an mBreatain mhóir féin. Óir atá Samuel Daniel, Gildas, Rider, agus Nennius, agus mórán d'úghdaraibh eile do scríobh stáir na Breatan Móire, ag a admháil gurab neamh-chruinn an seanchus atá aca féin ar dhálaibh seanda na Breatan, do bhrígh go rugadar Rómhánaigh agus Sacsanaigh a seanchus agus a sein-scríbhne uatha; ionnus nach bí aca acht amus nó baramhail do thabhairt do dhálaibh seanda na Breatan rés na Sacsanaibh agus rés na Rómánchaibh: agus, uime sin, adeir Camden foghlamtha féin nach feas dó créad ó'n abharthar Britannia re Breatain, acht a bharamhail do thabhairt mar gach fear. Adeir fós nach feas dó ca ham tángadar na Picti d'áitiughadh na taoibhe tuaithe do'n Bhreatain Mhóir; agus mar go rabhadar mórán do dhálaibh seanda na Breatan Móire i n-a bhfoilcheas air, níor bh'iongnadh a mbeith nídh budh mhó 'na bhfoilcheas ar Hanmer, agus foilcheas budh ro-mhó ioná sin do bheith air i sean-dálaibh Éireann: agus, d'á réir sin, ní baránta inchreidthe é fa rígh Lochlann do bheith 'na rígh Éireann re linn beirthe Chríost. Adeir, mar an gceudna, nach é Pádraic, apstol na hÉireann (lér' síoladh an Creideamh Catoileaca 'san gcrích ar dtús), fuair uaimh (purgadóra) Phádraic i n-oiléan na purgadóra, acht Pádraic eile, abb, do mhair an tan fá haois
do'n Tighearna, ocht gcéad ar chaogaid bliadhan. Gidheadh, ní fíor dó so do réir Caesarius naomhtha, do mhair leath istigh do sé céad bliadhan do Chríost, agus, d'á reir sin, do mhair dhá chéad go leith bliadhan sul do bhí an dara Pádraic so ann. Ag so mar adeir 'san ochtmhadh caibidil deug a's fiche do'n dara leabhar deug ro scríobh ré' ráidhtear "Liber Dialogorum": - "an tí chuireas contabhairt i bPurgadóir, trialladh i n-Éirinn, teidheadh isteach i bpurgadóir Phádraic, agus ní bhiaidh contabhairt aige i bpianaibh purgadóra ó sin amach." As so is iontuigthe nach é an dara Pádraic úd, luaidheas Hanmer, fuair purgadóir Phádraic ar dtús, acht an ceud Phádraic. Óir cionnus budh fhéidir go mbadh é an dara Pádraic doghéabhadh ar dtús í, agus go raibhe dhá chéad go leith bliadhan ó'n am fa'r scríobh Caesarius ar phurgadóir Phádraic go haimsir an dara Pádraic do mharthain; agus fós atá seanchus agus beuloideas Éireann ag a admháil gur b'é Pádraic apstol fuair purgadóir ar dtús i n-Éirinn. Uime sin, is follus gur breug meabhlach do rinne Hanmer ann so, i ndóigh go mbadh lughaide do bhiadh cádhas ag Éireannchaibh ar uaimh purgadóra é. Nídh eile adeir i san gceathramhadh leathanach fichead gurab do Lochlonnaibh ó'n Dania Fionn mac Chúmhaill; gidheadh ní fíor dó so, do réir an tseanchusa, acht is do shliocht Nuadhat Neacht rí Laighean é, táinig ó Eireamhón mac Mhílidh. Adeir fós i san gcúigeadh leathanach fichead, gurab mac do rígh Tuath-Mhúmhan an tí d'á ngairid na húghdair Giolla Már, rí Éireann; gidheadh is lór linn an breugnughadh tugamar ar an nídh seo cheana.
Saoilim gurab tré fhonómhad chuireas Hanmer Cath Fionntrágha síos ag fochuidmheadh go fallsa fa na seanchadhaibh, ionnus go gcuirfeadh i gcéill do'n léaghthóir nach fuil tabhacht i seanchus Éireann acht mar chath Fionntrágha. Gidheadh, is follus nach fuil agus nach raibhe meas stáire fírinnighe ag na seanchadhaibh ar chath Fionntrágha, acht gurab dearbh leo gurab finnsceul filidheachta do cumadh mar chaitheamh aimsire é. An freagradh ceudna dobheirim ar gach sceul eile d'á gcuireann síos ar an bhFéinn. Ní fíor dó fós mar adeir go raibhe Sláinghe mac Deala tríocha bliadhan i bhflaitheas Éireann, óir, do réir an tseanchusa, ní raibhe i bhflaitheas acht aon bhliadhain amháin. Is neimhfhíor dó, mar an gceudna, a rádh go raibhe cor ó aimsir Augustín manach ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar chléir Éireann. Óir is dearbh nach raibhe cor ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar chléir Éireann go haimsir Uilliaim "Concur", agus nach raibhe cor aca an tráth soin féin acht ar chléir Átha-cliath, Locha-garman, Phoirt-lairge, Chorcaighe agus Luimnigh; agus is iad an chliar soin féin tré chomhmbáidh fialasa le lucht na Normandie, ar mbeith dhóibh féin d'iarmhar na Lochlonnach d'á ngairthí Normanni, agus fós tré neamhmbáidh re Gaedhealaibh, tugsad iad féin fa smacht áirdeaspoig Chaintearbuiridh; agus ní mheasaim go raibhe cor aige orra sin féin acht re linn trí n-áirdeaspog d'á raibhe i gCaintearbuiridh, mar atá Radulf, Lanfranc agus Anselm. Mar sin is breugach dhó a rádh go raibhe cor
ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar chléir Éireann ó aimsir Augustín manach. Is breugach adeir, mar an gceudna, go raibhe Murchadh mac Cochlain 'na rígh ar Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna sé bliadhna ar thrí fhichid ar chéad ar mhíle, óir is dearbh gurab é Ruaidhrí Ua Conchubhair do bhí ag gabháil cheannais Éireann re a ais an tan soin, agus gurab cheithre bliadhna ria ngabháltas Gall an uair sin. Adeir arís gurab i san mBreatain Mhóir rugadh Comhghall, abb Bheannchair i n-Áird Uladh: gidheadh ní fíor dó sin, óir léaghtar i n-a bheathaidh gurab i nDál Aruidhe i dtuaisceart Uladh rugadh é, agus gurab do Chineadh Dhál n-Aruidhe dhó. Is uime do mheas Hanmer Breathnach do dhéanamh do Chomhghall, do bhrígh gurab é Comhghall do thógaibh Mainistir Bheannchair i n-Áird Uladh, fá máthair do mhainistreachaibh Eorpa uile, agus gur thógaibh mainistir eile i Sacsaibh, láimh re Uestchester, d'á ngairthear Bangor: agus dá dteagmhadh do Hanmer a chur i gcéill do'n léaghthóir gur Bhreathnach Comhghall, go gcuirfeadh d'á réir sin i gcéill, gach oirdhearcas d'á bhfuil ar mhainistir Bheannchair Uladh do dhul i gclú do Bhreathnachaibh a los Chomhghaill do bheith dhíobh, nó gach clú d'ár thuill Beannchar Uladh go gcuirfidhe i leith na mainistreach atá i Sacsaibh darab ainm Bangor í. Adeir Hamner gur chlann bastáird do rígh Laighean Fursa, Faolán, agus Ultán; gidheadh go fírinneach is clann d'Aodh Beannáin rí Mhúmhan iad, do réir naomh-sheanchusa Éireann. Mar so, do mhórán eile do bhreugaibh Hanmer
ag scríobhadh ar Éirinn, agus léigim díom gan leanmhain orra níos faide, do bhrígh go mbadh liosta re a luadh uile iad. VII. Adeir Seon Barclaí, ag scríobhadh ar Éirinn, na briathra so: - "Lag-bhotháin tógbhaid (ar sé, ag labhairt ar Éireannchaibh), go n-áirde duine, mar a mbíd féin agus a spréidh i n-aoin-tigheas." Measaim ar an gcromadh doghní an fear so ar thuarasgbháil do thabhairt ar airdheanaibh agus ar árusaibh coilíneach agus fodhaoine mbeag ndearóil, nach éigcneasda a choimhmeas re proimpiollán, mar go gcromann ar a nós ar thuarasgbháil do thabhairt ar chróbhothaibh bochtán agus daoine ndearóil, agus nach gabhann ré' ais luadh ná iomrádh do dhéanamh ar phioláidibh palásda prionnsamhla na n-iarladh agus na n-uasal eile atá i n-Éirinn. Measaim fós nach cion stáraidhe dlighthear do thabhairt dó, ná do neach eile do leanfadh a lorg i san gcéim gceudna: agus mar sin, cuirim ó theist d'aon-fhocal Fines Morison, do scríobh go sgigeamhail ar Éirinn; óir, bíodh go raibhe a pheann cliste re scríobhadh i mBeurla, ní shaoilim go raibhe an chiall do bhí aige ar chumas an phinn re fírinne do nochtadh, agus mar sin ní mheasaim gurab fiu é freagradh do thabhairt air. Óir, an stáraidhe chuireas roimhe tuarasgbháil foirne ar bioth d'á mbí i gcrích do chur síos, dleaghair dó a dteist féin go fírinneach do thabhairt orra, idir olc agus maith; agus do bhrígh gurab d'aon-toisg, tré olc agus tré an-chroidhe, (ar fhuráileamh daoine eile, ag a raibhe an rún ceudna d'Éireannchaibh), tug i ndearmad
gan maith na n-Éireannach do mhaoidheamh, do léig de gan an riaghail budh inleanta do stáraidhe do choiméad i n-a stáir, agus, mar sin, ní dleaghair cion stáire do thabhairt ar a scríbhinn. Is iad, iomorro, riaghlacha is ionchoiméadta re scríobhadh stáire, do réir Polidórus, 'san chéid leabhar ro scríobh "de rerum inuentoribus," mar a dtráchtann ar na riaghlachaibh is ionchoiméadta re scríobhadh stáire: ag so an chéid riaghail chuireas síos: - "an chéid riaghail, nach lámhadh aoinnídh breugach do rádh." An dara riaghail: - "go nach lámhadh gan gach fírinne do chur síos": ag so briathra an úghdair: - "ionnus (ar sé) nach biadh amhras cáirdeasa nó mío-cháirdeasa i san scríbhinn." Adeir fós, i san áit cheudna, go ndleaghair do'n stáraidhe beusa agus beatha, comhairleacha, cúisi, briathra, gníomha, agus críochnughadh gach foirne d'á n-áitigheann 'san gcrích ar a'r ghabh do láimh scríobhadh, idir maith agus olc do nochtadh: agus do bhrígh go dtug Fines Morison i ndearmad gan maith na n-Éireannach do chur síos, tug i ndearmad gan coiméad do dhéanamh ar na riaghlachaibh reamhráidhte, agus, d'á réir sin, ní cion stáire dleaghair do thabhairt ar a scríbhinn. Cibé do chuirfeadh roimhe mion-chuartughadh do dhéanamh ar mhí-bheusaibh nó lorgaireacht ar lochtaibh fodhaoine, do b'urusa leabhar do líonadh dhíobh; óir ní bhí dúithche san mbioth gan daosgarshluagh. Feuchtar an-daoine na hAlban, brusgarshluagh na Breatan Móire, fodhaoine Flondruis,
faingidhe na Fraince, spriosáin na Spáinne, aos anuasal na hIotáile, agus daor-aicme gacha dúithche ó sin amach, agus doghéabhthar iomad ndoibheus ndaorchlannda ionnta; gidheadh, ní hioncháinte an chrích go huilidhe ar a son. Mar an gceudna, má táid doibheusa i gcuid do dhaor-chlannaibh Éireann, ní hioncháinte Éireannaigh uile ar a son; agus cibé doghéanadh, ní mheasaim go ndlighthear cion stáraidhe do thabhairt dó; agus ó's mar so do rinne Fines Morison ag scríobhadh ar Éireannchaibh, saoilim nach dleachtach cion stáraidhe do bheith air: - agus mar an gceudna adeirim re Campion. Adeir Camden gurab nós i n-Éirinn na sagairt go n-a gclainn agus go n-a leannánaibh do bheith ag áitiughadh i sna teamplaibh, agus bheith ag ól agus ag fleadhughadh ionnta: agus fós gurab nós innte mac an easpuig, mac an abbadh, mac an phríora agus mac an tsagairt do ghairm do chlainn na gcléireach soin. Mo fhreagradh air ann so gurab é am fa'r thionnsgnadar cliar Éireann an droch-nós soin, i ndiaidh an t-ochtmhadh Henrí do mhalairt a chreidimh, agus, an tan soin féin agus ó sin i leith, ní chleachtadh an droch-nós soin acht an chuid díobh do lean d'á n-ainmhianaibh féin, agus do dhiult do na huachtaránaibh dlightheacha do bhí ós a gcionn. Tig Camden féin leis an bhfreagradh so, mar a n-abair ag labhairt ar Éirinn: - "Cibé drong díobh, (ar sé), dobheir iad féin do riaghaltacht, congbhaid iad féin go míorbhaileach i ngné chruadhdála riaghalta, ag fuireachras, ag guidhe, agus ag trosgadh d'á seargadh féin." Ag so mar adeir Cambrens i san seachtmhadh caibidil fichead, ag
labhairt ar chléir Éireann mar an gceudna: - "Atá (ar sé ag labhairt ar Éirinn) cliar na talmhan so somholta go lór i riaghaltacht, agus i measg gach subhailce eile d'á bhfuil ionnta, do sháruigh a ngeanmnaidheacht na huile shubhailce eile ionnta." As so is iontuigthe go raibhe an gheanmnaidheacht ar marthain ag cléir Éireann i n-aimsir Chambrens: agus fós is iontuigthe as so nach iad gach aon drong do chléir Éireann do chleachtadh an droch-nós úd, acht an drong ainmhianach do bhlódhadh a gcuing amháin, agus do theidheadh go siosmaiticeamhail i n-easumhla ar a n-uachtaránaibh eaglaise. Tig Stanihurst leis an nídh seo i san stáir ro scríobh ar Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna ceithre bliadhna ar cheithre fichid ar chúig céad ar mhíle. Ag so mar adeir: - "bí roichion ag urmhór na n-Éireannach (ar sé), ar chrádhbhadh nó ar riaghaltacht." As so is iontuigthe nach raibhe an droch-nós úd luaidheas Camden coitcheann i n-Éirinn, acht ag an gcléir do chlaon a gcuing amháin, (amhail adubhramar thuas.) Adeir Camden nach mór an coiméad do bhí ar phósadh i n-Éirinn ó bhailtibh móra amach: gidheadh ní fíor dó so, agus dobheir masla mór d'fhíor-uaislibh Éireann do bhrígh gurab ar an tuaith áitighid a n-urmhór, idir Ghall agus Ghaedheal. Gidheadh, ní abraim nach bíd drong díobh ainmhianach, amhail bhíos i ngach uile chrích, nach bíd umhal d'á n-uachtaránaibh eaglaise; agus, d'á réir sin, níor dhlightheach do Chamden an choir nach raibhe coitcheann do chur i leith na n-Éireannach áitigheas i san tuaith mar oilbhéim dóibh. Óir, dá raibhe
duine nó dias nó beagán ainmhianach dhíobh, ní hioncháinte foireann na críche uile chuca-san: agus, d'á réir sin, ní cneasda do Chamden (an nídh) do rádh (gurab annamh bhíos cion ar phósadh ag Éireannchaibh, acht ag lucht bailte mór nó cathrach amháin): agus an drong adeir go mbíodh an pósadh bliadhna ar gnáthughadh i n-Éirinn, is dearbh nachar cleachtadh riamh innte é, acht le daoinibh ainmhianacha nach bíodh umhal d'uachtaránaibh eaglaise, agus, d'á réir sin, ní hiontugtha toibhéim choitcheann d'Éireannchaibh tré bheagán do dhaoinibh domhúinte díochoisge d'á ghnáthughadh. Adeir Campion i san seiseadh caibidil do'n chéid leabhar d'á stáir, go mbíd Éireannaigh chomh soichreidmheach sin, ionnus cibé nídh adéaradh a n-uachtarán, dá doichreidte é, go measaid a bheith 'na fhírinne, (agus) dobheir fuair-sceul fabhaill leis ag a shuidhiughadh so. Mar atá, go raibhe "préaláid" ainmhianach i n-Éirinn, do bhí ineamhail re gach nídh d'á n-aibeoradh do chur 'na luidhe ar a phobul, agus teirce airgid air: agus i ndóigh go bhfuighbheadh fóirithin uatha, nochtais dóibh, go raibhe Pádraic do leith istigh do bheagán bliadhan, agus Peadar ag imreasain ré' raile do thaoibh gallóglaigh Ghaedhealaigh do bhí ag Pádraic ag a chur isteach i bhflaitheas Dé, agus gur ghabh fearg Peadar, agus leis sin gur bhuail d'eochair flaithis Dé Pádraic 'na cheann, gur bhris a bhaitheas, agus adeir Campion go bhfuair an "préaláid" cothughadh tré san sceul so. Mo fhreagradh air annso, gurab cosmhala é re cluithcheoir do bhiadh ag reic sceul sgigeamhail ar scafoll ioná re stáraidhe. Óir,
cionnus budh fhéidir go gcreidfeadh Críostaidhe ar bioth d'á raibhe i n-Éirinn go mbrisfidhe baitheas Phádraic, agus é iar bhfaghbháil báis tuilleadh agus míle bliadhan ó shoin: agus fós gurab dearbh leis gach aon gurab eochair úghdardháis do bhí ag Peadar, agus nach eochair iarainn lé' mbrisfidhe baitheas ar bioth. Uime sin, measaim gurab breug bhaothánta do rinne Campion i san nídh seo do chumadh ar Éireannchaibh; agus do bhrígh go n-admhann féin 'san "epistil" scríobhas i dtús a leabhair, nachar chaith acht deich seachtmhaine re scríobhadh stáire na hÉireann, measaim nach fiu é freagradh do thabhairt ar thuilleadh d'á bhreugaibh. Ag so an teist dobheir "Mr. Good," sagart Sacsanach do bhí ag seoladh scoile i Luimneach, ar Éireannchaibh, an tan fá haois do'n Tighearna, míle, cúig céad, sé bliadhna a's trí fichid: - "Cineadh so (ar sé), atá láidir i gcorp, agus atá lúthmhar, ag a mbí intinn fhoirtill árd, intleacht gheur, bhíos cogthamhail, neamhchoigealtach ar a bheathaidh, ag a mbí fulang saothair, fuachta, agus ocrais, ag a mbí claonadh re déanamh drúise, bhíos rói-cheannsa re haoidheadhaibh, buainseasmhach i ngrádh, doshásuighthe i bhfaltanas, bhíos soichreidmheach, bhíos fonnmhar ar chlú d'faghbháil, bhíos neamhfhoighidneach ar mhasla nó ar eugcóir d'fhulang." Ag so fós an teist dobheir Stanihurst orra: - "dream ró-fhuilngtheach ar shaothraibh, tar an uile chinéal do dhaoinibh, agus is annamh bhíos tláith i nguasachtaibh." Adeir Spenser gurab ó Éireannchaibh fuaradar na
Sacsanaigh aibghidir ar dtús, agus, d'á réir sin, ní raibhe fios liteardhachta ar bioth ag na Sacsanaighibh go bhfuaradar ó Éireannchaibh í. VIII. Dogheibh Seon Dauis locht ar an mbreitheamhnas tuaithe, do bhrígh, dar leis féin, go bhfuilid trí droch-nóis ann. An ceud nós díobh, an tánaiste do theacht ar beulaibh mic tighearna an fhuinn. An dara nós, an roinn do bhí ar an bhfearann idir na comhmbráithribh, d'á ngairid Gaill "gabháil cinidh," mar a ndéantaoi mion-roinn idir na comhmbráithribh ar an bhfearann. An treas nós, éiric do ghabháil a marbhadh duine. Mo fhreagradh ar an nídh so, nach fuil críoch 'san mbioth nach déantar malairt ar reachtaibh agus ar nósaibh innte, do réir mar théid malairt ar stáid na críche. Óir, ní rabhadar na nóis úd orduighthe i san mbreitheamhnas tuaithe, gur lingeadar Éireannaigh ar chogadh agus ar "choinbhliocht" do bheith idir gach dá chrích dhíobh, ionnus go mbídís ag marbhadh, ag argain, agus ag creachadh a chéile: agus mar do connarcas d'uaislibh Éireann, agus d'á n-ollamhnaibh, an dochar do bhí ag teacht do'n easaontaidh do bhíodh idir fhoirinn a gcríche an tan soin, do mheasadar gur bh'oircheas na trí nóis úd d'ordughadh. Ar dtús do thuigeadar gur chneasta an tánaisteacht, ionnus go mbiadh caiptín infheadhma ag déanamh barántais ar shluagh gacha críche d'á raibhe i n-Éirinn, ag cosnamh a gcreach agus a maoine dóibh. Óir, dámadh é an mac i
n-áit an athar do bhiadh ann, dob' fhéidir ar uairibh an mac do bheith 'na mhionaois, agus, mar sin, nach biadh infheadhma re cosnamh a chríche féin, agus go dtiocfadh lot na dúithche as a los sin. Níor bh'fhéidir fós gan an dara nós do bheith ar marthain i n-Éirinn an tan soin, mar atá roinn chomhmbráithreach do bheith ar an bhfearann. Óir, níor bh'fhiu cíos na críche an tuarasdal do rachadh do'n líon buannadh do choiseonadh í: gidheadh, an tan do roinntí an chríoch idir na comhmbráithribh, do bhiadh an bráthair budh lúgha mír dhi coimhéasgaidh re n-a cosnamh fa n-a dhícheall, agus do bhiadh an ceann-feadhna do bhíodh aca. Níor bh'fhéidir, mar an gceudna, gan an éiric do bheith ar bun mu'n am so: Óir, dá marbhadh neach duine an tráth soin, doghéabhadh comairce i san gcrích ba foicsi dhó, agus do bhrígh nach bíodh ar chumas carad an tí do marbhthaoi, cúitiughadh ná eineaclann do bhuain do'n tí doghníodh an marbhadh, do agradaois a ghaol i san gcion, mar smachtughadh ar an marbhthóir; agus do bhrígh nach bíodh rún an mharbhtha ag an ngaol, níor dhlightheach a bhfuil do dhortadh, gidheadh, do cuirthí cáin orra, mar smachtughadh ar an tí doghníodh an marbhadh, agus dochím an nós so ar marthain ag Gallaibh anois, mar go leantar an cion comhgais leó. Is ionann, iomorro, éiric agus cion comhgais; óir is ionann cion agus coir, agus is ionann comhgas nó comhfhogus agus gaol, agus is é chialluigheas an cion comhgais, cáin nó díol do bhuain amach i n-éiric nó i n-eineaclainn an loit nó an dochair doghní neach (gémadh marbhadh nó
míghníomh eile é), d'á charaid nó d'á chineadh; agus dochím go bhfuilid Gaill anois ag coiméad an nóis sin, mar go leantar an cion comhgais leó. d'á bhrígh sin, níor chneasta do Sheon Dauis locht d'fhaghbháil ar an mbreitheamhnas tuaithe thríd; agus an mhéid bheanas ris an dá nós eile, ní raibhe teacht 'na n-éagmais ag Éirinn an tan do horduigheadh iad, agus mar sin, níor bh'inbhéime an breitheamhnas tuaithe tríotha. Óir, gion go bhfuilid oireamhnach d'Éirinn anois, do bhádar éigeantach an tan do horduigheadh iad. Adeir Camden gurab nós d'Éireannchaibh, breitheamhain, leagha, seanchadha, filidh, agus aos teud do bheith ag a n-uaislibh, agus tearmainn do bhronnadh dóibh, agus fós saoirse do bheith ag a bpearsannaibh, ag a bhfearann, agus ag a spréidh. Ag so mar adeir, ag labhairt orra: - "Atá (ar sé), ag na flathaibh seo a ndlightheoiridhe féin, d'á ngairid breitheamhain, a stáirtheoiridhe re scríobhadh a ngníomh, a leagha, a bhfilidh, d'á ngairid báird, agus a lucht seanma, agus fearann cinnte do gach aon díobh so, agus gach aon díobh ag áitiughadh i n-a fhearann féin, agus fós gach aon díobh do threibh chinnte fa seach; mar atáid na breitheamhain do threibh agus do shloinneadh d'áirithe, na seanchadha nó na stáirtheoiridhe do threibh agus do shloinneadh eile, agus mar sin do chách ó sin amach, do sheoladaois a gclann agus a ngaolta, gach aon díobh i n-a chéird féin, agus bíd lucht a leanta i sna healadhnaibh seo díobh féin do shíor."
As na briathraibh seo Chamden, is follus gurab maith an t-ordughadh do chuireadar Éireannaigh síos re coiméad na n-ealadhan so i n-Éirinn ó aimsir go haimsir. Óir tugadar fearann ollamhantachta do gach treibh díobh, ionnus go mbiadh cothughadh aca orra féin, le saothrughadh na n-ealadhan go nach cuirfeadh bochtacht d'á ndruim iad; agus fós is é an tí fá dearsgnaighthe do'n treibh sin, nó do'n treibh eile, dogheibheadh ollamhantacht na flaithe fearainn do bhíodh aige, agus tigeadh de sin gach aon díobh do (dhéanamh díchill ar) bheith rói-eolach i n-a n-ealadhain féin (i ndóigh) re greamughadh na hollamhantachta tar an gcuid eile d'á threibh: agus is mar sin doghníthear do'n leith thall d'fhairrge anois le mórán théid do bhuain cathaoireach amach a los a bhfóghluma. Is móide fós do féadadh na healadhna so do choiméad mar do orduigheadar uaisle Éireann tearmann agus comairce do bheith ag fearann, ag pearsannaibh, agus ag spréidh na n-ollamhan; óir, an tan do bhídís Gaedhil agus Gaill easaontadhach ré' chéile, nach cuirfidís buaidhreadh ná toirmeasg ar na hollamhnaibh ná ar na daltadhaibh fóghluma do bhíodh aca, d'á dtoirmeasg ó shaothrughadh na n-ealadhan. Léaghtar ag Iul Caesar, i san seiseadh leabhar d'á stáir, go raibhe an tearmann ceudna ag na draoithibh táinic ó iarthar Eorpa do sheoladh scol do'n Fhrainc, agus saoilim gurab a hÉirinn rugadar an nós soin leó.
IX. Ní leanta dhúinn do bhreugnughadh na Nua-Ghall so nídh-sa-mhó, bíodh gurab iomdha nídh chuirid síos i n-a stáiribh do féadfaidhe do bhreugnughadh; do bhrígh urmhór a scríobhaid go maslaightheach ar Éirinn, nach fuil d'úghdardhás aca re n-a scríobhadh acht innisin sceul ainteasdach do bhí fuathmhar d'Éirinn, agus aineolach i n-a seanchus: óir is dearbh, na saoithe do bhí re seanchus i n-Éirinn, ná'r fhóbradar solus do thabhairt dóibhsean ann, agus mar sin, ná'r bh'fhéidir dóibh eolas do bheith i seanchus nó i sean-dálaibh Éireann aca. Agus Cambrens, do ghabh ré' ais barántas do dhéanamh ar chách, is cosmhail ris gurab dall nó daoi tug frais-eolas fabhaill dó, mar gur fhágaibh gabháil Tuaithe Dé Danann gan luadh do dhéanamh uirre, agus go rabhadar trí bliadhna teasda do dhá chéad i gceannas Éireann, agus go rabhadar naoi ríogha díobh i bhflaitheas Éireann; agus é iar ngabháil ré' ais ceud ghabhála Éireann do chur síos, gémadh í gabháil Cheasrach í, agus nach gabhaid na seanchadha go cinnte mar ghabháil ria, tar cheann go luaidhtear leó i n-a leabhraibh í. Measaim go fírinneach nach raibhe seadh aige i seanchus Éireann do lorgaireacht, acht gurab é adhbhar fa'r ghabh do láimh scríobhadh uirre le mítheastaibh do thabhairt ar a foirinn re n-a linn féin, agus ar a sinnsearaibh rompa: agus fós is gearr an uain do bhí aige ar chuartughadh seanchusa Éireann, do bhrígh nachar chaith acht bliadhain go leith ris gan dul go Sacsaibh; agus ar mbeith d'á stáir gan
bheith críochnuighthe, do-fhágaibh cuid leith-bhliadhna teasda dhi ar chúram "compáin" dó féin, d'ar bh'ainm Bertram Uerdon. Uime sin, atá dóigh agam cibé léaghthóir comhthrom léighfeas gach breugrughadh d'á ndéinim ar Chambrens, agus ar na Nua-Ghallaibh seo leanas a lorg, gurab mó chreidfeas an breugnughadh doghním ar a mbreugaibh ioná do'n innisin sceul doghnídh cách, óir atáim aosda, agus drong díobh-san óg; do chonnairc mé agus tuigim prímh-leabhair an tseanchusa, agus ní fhacadar-san iad, agus dá bhfeicdís, ní tuigfidhe leó iad. Ní ar fhuath ná ar ghrádh droinge ar bioth seach a chéile, ná ar fhuráileamh aonduine, ná do shúil re sochar d'fhaghbháil uaidh, chuirim rómham stáir na hÉireann do scríobhadh, acht do bhrígh gur mheasas ná'r bh'oircheas comh-onóraighe na hÉireann do chrích, agus comh-uaisle gach foirne d'ár áitigh í, do dhul i mbáthadh, gan luadh ná iomrádh do bheith orra: agus measaim gurab córaide mo theist do ghabháil ar Éireannchaibh ar an tuarasgbháil dobheirim, do bhrígh gurab ar Ghaedhealaibh is ro-mhó thráchtaim. Cibé lé n-ab mór a n-abraim riu, nach inmheasta go mbéarainn breath le báidh ag tabhairt iomad molta tar mar do thuilleadar orra, agus mé féin do Shean-Ghallaibh do réir bunadhasa. Má atá, iomorro, go moltar an fonn leis gach stáraidhe d'á scríobhann ar Éirinn, díommoltar an fhoireann leis gach Nua-Ghall-stáraidhe d'á scríobhann uirre, agus is leis sin do gríosadh mise do chum na stáire seo do scríobhadh ar Éireannchaibh, ar mhéid na truaighe do ghabh mé fa'n eugcóir fhollusaigh doghníthear orra leó. Dá dtugadaois, trá, a bhfír-theist féin ar Éireannchaibh, ní fheadar creud as nach
cuirfidís i gcoimhmeas re haoin-chineadh 'san Éoraip iad i dtrí neithibh, mar atá, i ngaisgeamhlacht, i léigheantacht, agus i n-a mbeith daingean i san gcreideamh Catoileaca: agus an mhéid bheanas re naomhaibh Éireann, ní rachadh d'á mhaoidheamh créad a líonmhaire do bhádar, do bhrígh go bhfuilid úghdair coigcríche na hEorpa ag a admháil, agus go n-abraid gur líonmhaire Éire fa naomhaibh ioná aoin-chríoch i san Eoraip; agus fós go n-admhaid go raibhe árdfhlaitheas na fóghluma i n-Éirinn coimh-líonmhar (agus) sin gur bhrúcht sí foirne fóghlumtha uaithe do'n Fhrainc, do'n Iotáile, do'n Ghearmaine, go Flondrus, go Sacsain, agus go hAlbain, mar is follus as an mbrollach atá ag an leabhar i n-ar' scríobhadh beatha Phádraic, Choluimcille, agus Bhríghde i mBeurla: agus an mhéid bheanas re seanchus Éireann, is inmheasta go raibhe barántamhail, do bhrígh go nglántaoi i bhFeis Teamhrach gach treas bliadhain é, do láthair uaisle, eaglaise, agus ollamhan Éireann; agus ó do ghabhadar Éireannaigh creideamh, do cuireadh ar fhorlamhas préaláideadh eaglaise (é). Bíodh a fhiadhnaise sin ar na prímh-leabhraibh seo síos, atá re a bhfaicsin fós, mar atá Leabhar Árda-Mácha; Saltair Chaisil, do scríobh Cormac naomhtha mac Chuileannáin (rí dá chúigeadh Múmhan agus áirdeaspog Chaisil); Leabhar na hUachongmhála; Leabhar Chluana heidhneach Fionntain i Laoighis; Saltair na Rann, ro scríobh Aonghus Céile Dé; Leabhar Ghlinne-dá-loch; Leabhar na gCeart, ro sgríobh Beinén naomhtha mac Seisgnéin; Uidhir Chiaráin, ro
scríobhadh i gCluain-mhic-nóis; Leabhar Buidhe Moling, agus Leabhar Dubh Molaga. Ag so síos suim na leabhar do bhí scríobhtha ionnta-san, mar atá, an Leabhar Gabhála, Leabhar na gCúigeadh, Réim Ríoghraidhe, Leabhar na n-Aos, Leabhar Comhaimseardhachta, Leabhar Dinnseanchuis, Leabhar Bainseanchuis, an leabhar d'á ngairthí Cóir anmann, an leabhar d'á ngairthí Uraicheapt, ro scríobh Ceannfaolaidh na fóghluma, agus an leabhar d'á ngairthear Amhra Choluimcille ro scríobh Dallán Forgaill go grod i ndiaidh báis Choluimcille. Atáid fós iomad do stáiribh eile ré a bhfaicsin i n-Éirinn, i n-éagmais na bprímh-leabhar do luaidheamar, mar a bhfuil mórán seanchusa ré a fhaisnéis, mar atá Cath Mhuighe Muccraimhe, Forbhais Droma Dámhghaire, Oidhidh na gCuradh, Cath Chrionna, Cath Fionnchoradh, Cath Ruis na Ríogh, Cath Mhuighe Léana, Cath Mhuighe Rath, Cath Mhuighe Tualaing, agus mórán do stáiribh eile nach luaidhfeam ann so. Is móide fós is inmheasta seanchus Éireann do bheith barántamhail, mar do bhí ós cionn dá chéad ollamh re seanchus ag coiméad seanchusa na hÉireann, agus cothughadh ó uaislibh Éireann ag gach aon díobh d'á chionn, agus fromhadh uaisle agus eaglaise Éireann orra ó aimsir go haimsir. Is móide, mar an gceudna, is inchreidte dhó an ársaidheacht atá ann, agus, fós, nach deachaidh béarnadh ná múchadh air le foirneart eachtrann. Óir, tar cheann go rabhadar Lochlonnaigh ag buaidhreadh Éireann seal, do bhí an oiread soin d'ollamhnaibh ag coiméad an tseanchusa, gur caomhnadh suim an tseanchusa leó, bíodh go ráinig iomad do leabhraibh na Lochlonnaigh. Gidheadh, ní mar sin do chríochaibh eile na
hEorpa, do bhrígh gur mhúchadar Rómhánaigh, Galli, Goti, Uandali, Sacsanaigh, Saraceni, Múraigh agus Lochlonnaigh a seanchus i ngach ruathar ríogh d'á dtugadar fútha: gidheadh, ní tháinig d'aon-droing díobh-san Éire d'argain, do réir Chambrens, 'san seiseadh caibidil a's dá fhichid, mar a n-abair, ag labhairt ar Éirinn: - "Do bhí Éire saor ó thús ó ruathar an uile chinidh choigcríche." As so is iontuigthe go raibhe Éire saor ó iomruathar námhad lé' múchfaidhe a seanchus agus a sean-dála; agus ní mar sin d'aoin-chrích eile 'san Eoraip. Uime sin measaim gurab córa creideamhain do sheanchus Éireann ioná do sheanchus aoin-chríche eile 'san Eoraip, agus fós mar do sgagadh le Pádraic, agus le naoimh-chléir Éireann é, ó aimsir go haimsir. Gidheadh, tuig, a léaghthóir, go ndéarna mé malairt ar an áireamh bliadhan innistear do bheith i bhflaitheas beagáin do ríoghaibh págánta na hÉireann seach mar cuirthear síos i san Réim Ríoghraidhe, agus i sna duantaibh atá cumtha orra é; agus is é is fáth dham chuige sin nach faghbhaim ag teacht le háireamh na n-aimsear ó Ádhamh go gein Chríost, do réir úghdair bharántamhail ar bioth coigcríche iad. Adhbhar eile fós atá agam, go bhfaicthear dham go dtugthar áireamh éigcneasda bliadhan do dhroing dhíobh, mar atá Síorna saoghlach, d'á dtugthar trí chaogaid bliadhan, agus go léaghtar linn i sein-leabhar Gabhála go raibhe Síorna céad
bliadhan sul do ghabh flaitheas Éireann, agus dá gcuirinn síos a bheith i bhflaitheas trí chaogaid bliadhan, ní creidfidhe mé. Uime sin, dobheirim bliadhain agus fiche dhó, do réir an rainn atá 'n-a fhlaitheas, nach tugann do Shíorna acht bliadhain agus fiche, mar bhus follus do'n léaghthóir. Dobheirid caoga bliadhan do fhlaitheas do Chobhthach caolmbreágh, gidheadh ní hiontugtha dhó acht tríocha: óir Moirriath inghean Scoirriath, rí Chorca Dhuibhne, tug grádh do Mhaon, d'á ngairthí Labhruidh Loingseach, ar mbeith ar deoraidheacht i dtigh a hathar dhó 'na ógán, agus íse 'na hainnir óig; agus ar dteacht ó n-a dheoraidheacht i n-Éirinn dó, agus iar marbhadh Chobhthaigh, is í do budh bainchéile dhó, agus do chuir sliocht air. Mar sin, dá dtugainn caoga bliadhan flaithis do Chobhthach, do bhiadh sise trí fichid bliadhan, an tan rug clann do Labhruidh Loingseach, agus ó nach féidir so do bheith fírinneach, níor bh'fhéidir Cobhthach do bheith i bhflaitheas caoga bliadhan. Mar sin, ar fháthaibh eile, doghním malairt ar áireamh bliadhan flaithis beagáin do ríoghaibh Éireann ria gcreideamh: acht measaim nach tré ainbhfios na seanchadh táinig an mhalairt áirimh seo do dhéanamh, acht tré ainbhfios na droinge do scríobhadh 'na ndiaidh, do bhí gan ealadhain aca acht scríbhneoireacht amháin do dhéanamh: agus mar do thréigeadar Éireannaigh ó'n tráth fa ráinig forlamhas Éireann do Ghallaibh gan an fromhadh do cleachtaoi leó do dhéanamh gach treas bliadhain ar an seanchus, agus go dtugadar ollamhain an tseanchusa faill i n-a ghlanadh, iar gcaill an tearmainn agus an tsochair do cleachtaoi leó d'fhaghbháil ó Ghaedhealaibh a los an tseanchusa do chongbháil
ar bun; agus fós mar do bhíodh easaonta ghnáthach idir Ghallaibh agus Ghaedhealaibh i n-Éirinn, ré' gcuirthí míoshuaimhneas ar na hollamhnaibh d'á gcur ó fhromhadh, agus ó ghlanadh an tseanchusa ó aimsir go haimsir. Agus dá gcuireadh aoinneach i n-iongantas an neimhtheacht ré' chéile atá ag cuid d'úghdaraibh an tseanchusa 'san áireamh aimsire atá ó Ádhamh go gein Chríost, is neimh-iongnadh é, do bhrígh gur beag d'úghdaraibh barántamhla na hEorpa uile thig ré' chéile ar chomháireamh na haimsire ceudna. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an neimhtheacht ré' chéile doghníd na príomh-úghdair seo síos: - Ar dtús do na húghdaraibh Eabhruidheacha: - Baalsederhelm, 3518: na Talmudisti, 3784: na Nuadh-Rabbidhe, 3760: Rabbi Nahsson, 3740: Rabbi Lébhi, 3786: Rabbi Maoise, 4058: Ioséphus, 4192. Do na húghdaraibh Greugacha: - Metrodorus, 5000: Eusebius, 5190: Teophilus, 5476. Do na húghdaraibh Laidianda: - Sanctus Hieronimus, 3941: Sanctus Augustinus, 5351: Isidóir, 5270: Orosius, 5199: Béda, 3952: Alphonsus, 5984. (Ag so áireamh an dá fhear dheug agus trí fichid ar na ceithre ceud aosaibh do'n domhan, maille ris an áireamh tugsad na daoine feasacha fóghlumtha do lean iad 'san lorg díreach, ar na haosaibh ó chruthughadh an domhain go gein Chríost, ar n-a roinn 'na gcúig rannaibh, .i. ó Ádhamh go dílinn, 2242, ó'n dílinn go hAbraham 942, ó Abraham go Dabhidh, 940, ó Dhabhidh go bruid na Babiolóin, 485, ó'n bhruid go gein Chríost 590: - Summa 5199: is uime do chuireadar na daoine
úghdardha do lean an dá fhear seachtmhoghad an cúigeadh aimsir le n-a n-aimsir féin, do bhrígh gurab amhlaidh coimhlíontar an aimsir seo, 5199, ó chruthughadh Ádhaimh go gein Chríost: agus is do na húghdaraibh leanas an dá fhear seachtmhogad i sna ceithre ceud aimsearaibh, eadhon, Eusebius, áirmheas 'na chroinic ó chruthughadh an domhain go gein Chríost, 5199; Orosius, 'san cheud chaibidil d'á chéid leabhar, adeir go bhfuil ó Ádhamh go hAbraham, 3184, agus ó Abraham go gein Chríost, 2015; agus is í a suim araon, 5199. Adubhairt S. Hieronimus i n-a epistil chum Tituis, ná'r coimhlíonadh sé míle bliadhan d'aois an domhain go gein Chríost. Adeir, (tráth), Augustinus naomhtha i san deachmhadh caibidil do'n dara leabhar deug "de ciuitate Déi," nach áirmhthear sé míle bliadhan ó chruthughadh an domhain go gein Chríost. Cuirthear 'na leith sin araon, go dteagaid leis an lucht áirimh seo, i n-uimhir contais ó chruthughadh an domhain go gein Chríost naoi mbliadhna deug ar cheithre fichid ar chéad ar chúig mhíle. Dearbhadh eile ar an áireamh ceudna, an "Martirologia" Rómhánach, dheimhnigheas iomláine na n-aos so, ó chruthughadh Ádhaimh go gein Chríost, cúige míle, céad, nocha, agus a naoi.) Agus mar nach tigid na príomh-úghdair seo le n-a chéile ar áireamh na haimsire atá ó Ádhamh go gein Chríost, ní hiongnadh neimhtheacht lé' chéile do bheith ag cuid do sheanchadhaibh na hÉireann ar an áireamh gceudna. Gidheadh, ní fuaras eadorra áireamh is mó shaoilim do bheith fírinneach ioná an t-áireamh doghní drong díobh dobheir ceithre míle, caoga, a's dá bhliadhain, do'n aimsir ó Ádhamh go gein Chríost; agus is eadh is mian liom an t-úghdar barántamhail is foigse thig do'n áireamh so do leanmhain i gcomhaimseardhacht na n-árdfhlaitheadh, na n-aos, na bpápadh, agus na
ngcomhairleadh gcoitcheann i ndeireadh an leabhair i n-a n-áitibh cinnte féin. Dá gcuireadh neach i n-iongantas orm, créad as a dtugaim iomad rann mar shuidheamh ar an stáir as an seanchus, mo fhreagradh air gurab é is fáth ris sin dam gur chumadar úghdair an tseanchusa suim iomlán an tseanchusa i nduantaibh, ionnus gurab lughaide doghéantaoi malairt ar an seanchus é, agus fós gurab amhlaidh is mó do cuirthí do mheamhair leis na macaibh fóghluma do bhíodh aca é: óir is tré bheith i méadardhacht dána do gairthí Saltair na Teamhrach do'n phrímhleabhar do bhíodh ar fhorlamhas ollamhan ríogh Éireann féin, agus Saltair Chaisil do chroinic Chormaic mic Chuileannáin, agus Saltair na Rann do chroinic Aonghusa Céile Dé: óir, mar is ionann "salm" agus duan nó dán, is ionann saltair nó "psalterium" agus duanaire, i n-a mbiadh iomad do dhuantaibh nó do dhántaibh; agus do bhrígh gurab i nduantaibh atá cnáimh agus smior an tseanchusa, measaim gurab oircheas dam cinneadh mar úghdardhás air, ag tráchtadh ar an seanchus. Is uime adubhart go minic i gcoinne na n-úghdar do breugnuigheadh linn, go raibhe an seanchus 'na n-aghaidh, do bhrígh gur mheasas gur mhó d'úghdardhás an seanchus do bhí coitcheann, agus do fromhadh go minic, amhail adubhramar, ioná aon úghdar amháin go haonaránach d'á bhfuil 'san seanchus. Cuirid drong i n-iongantas cionnus budh fhéidir seanchus aon duine do bhreith go hÁdhamh. Mo fhreagradh air sin, gur
bh'urus do Ghaedhealaibh iad féin do choiméad go hÁdhamh, do bhrígh, ó aimsir Ghaedhil i leith, go mbídís draoithe aca do choiméadadh a nglúine geinealaigh, agus a ndála i ngach turus d'á dtárla dhóibh go rochtain Éireann, mar is iontuigthe as an stáir síos: agus fós do bhíodh báidh re healadhain aca, do bhrígh gurab i ngiall ar a fhoghluim fuair Niul athair Ghaedhil gach innmhe d'á bhfuair; agus fós a fhad atáid Gaedhil gan a malairt i seilbh aoin-chríche amháin, agus feabhas an orduighthe do chuirsiod síos re coiméad an t-seanchusa, amhail adubhramar. Ag so síos sompla ó úghdar Breathnach, mar a dtabhair geinealach rígh do bhí ar an mBreatain go hÁdhamh, as a measfaidh an léaghthóir gurab fhéidir do Ghaedhealaibh an nídh ceudna do dhéanamh; agus is é ainm an úghdair Asser: ag so ainm an rígh sin - Aelfred, mac Aetelmhuilf, mic Egbeirt, mic Etalmuind, mic Eafa, mic Eomhua, mic Ingild, mic Coenreid, mic Ceolbhaild, mic Cudaim, mic Cutbhuin, mic Cheaulin, mic Cinric, mic Creoda, mic Cerdic, mic Elesa, mic Gebhuis, mic Broind, mic Beild, mic Uodein, mic Fritilbhaild, mic Frealaf, mic Fritilmhuilf, mic Fingodmhuilf, mic Geada, mic Caetua, mic Beabhua, mic Sceldua, mic Eremoid, mic Itermoid, mic Atra, mic hUala, mic Beduig, mic Iafeit, mic Naoi, etc., etc. (Ag so díonbhrollach, nó brollach cosnaimh Forais Feasa ar Éirinn, mar a bhfuil suim seanchusa Éireann go cumair: atá ar n-a thiomsughadh agus ar n-a thionól a prímh-leabhraibh
seanchusa Éireann, agus a hiliomad d'úghdaraibh barántamhla coigcríche le Seathrún Céitinn, sagart agus doctúir diadhachta; mar a bhfuil suim chumair príomh-dhála Éireann ó Pharthalón go Gabháltas Gall: agus cibé thoigeoras scríobhadh go foirleathan líonmhar ar Éirinn d'á éis so, doghéabhaidh i sna sein-leabhraibh ceudna mórán do neithibh inscríobhtha uirre do fágbhadh amuigh d'aon-toisg ann so, d'eagla gurab lughaide do thiocfadh an tsuim seo do chum soluis, iad uile do chur i n-aon obair, ar a mhéid do dhuadh a gcur i n-aon-chairt.) Atá an stáir rannta 'na dá leabhar: an ceud leabhar nochtas dála Éireann ó Ádhamh go teacht Phádraic i n-Éirinn; agus an dara leabhar ó theacht Phádraic go Gabháltas Gall, nó gus an am so. Saoilim nach fuil léaghthóir comhthrom soshásuighthe lé' mbeanann fromhadh do dhéanamh ar sheanchus Éireann, acht neach bhus riarach ó n-a ndubhramar i san díonbhrollach so: agus dá dteagmhadh nach lór leis gach sásadh d'á dtugaim uaim, is tar mo dhícheall-sa do rachadh. Uime sin, gabhaim cead aige, agus gabhadh agam, má thárla dham dul do'n tslighe i n-aoinnídh d'á n-abraim i san leabhar so, óir má atá aoinnídh inbhéime ann, ní ó mhailís acht ó aineolas atá. Bhur mbocht-chara bithdhíleas go bás, Seathrún Céitinn.
FORAS FEASA AR ÉIRINN. Ag so do sheanchus Éireann, agus do gach ainm d'á dtugadh uirre, agus do gach roinn d'á ndéarnadh uirre, agus do gach gabháil d'á ndéarnadh uirre, agus do gach ndroing d'ár ghabh í, agus do gach gníomh tasgamhail d'á ndéarnadh innte re linn gach áirdrígh d'á raibhe ós a cionn, ó thús riamh gus an aimsir seo, an mhéid fuaras re a bhfaisnéis díobh. AN CEUD LEABHAR. An Ceud Alt. Ar dtús, cuirfeam síos gach ainm d'á raibhe ar Éirinn riamh. An ceud ainm tugadh ar Éirinn, Inis na bhfiodhbhadh, eadhon, oiléan na gcoillteadh; agus is é duine do ghair an t-ainm sin di, óglaoch do mhuinntir Nín mic Béil, táinig uaidh do bhraith na hÉireann, agus iar dteacht innte dhó, fuair 'na haon doire coille í, acht Magh n-Ealta amháin. Trí huaire, iomorro, do bhí Éire 'na haon-choill, do réir an tsean-fhocail seo atá 'san seanchus: - "Trí huaire do chuir Éire trí monga agus trí maola dhi."
An dara hainm, Críoch na bhfuineadhach, ó bheith i bhfuineadh, nó i gcrích na dtrí rann do'n domhan do bhí ar faghbháil an tan soin; ionann, iomorro, "fuin" agus críoch, ó'n bhfocal so Laidne "finis." An treas ainm, Inis Ealga, eadhon, oiléan uasal; óir is ionann inis agus oiléan, agus is ionann ealga agus uasal: agus is re linn Fear mBolg fá gnáth an t-ainm sin uirre. An ceathramhadh hainm, Éire, agus adeirthear gurab uime gairthear sin di, do réir úghdair d'áirithe, ó'n bhfocal so Aeria, fá sean-ainm do'n oiléan d'á ngairthear Créta nó Candia anois; agus is uime mheasas an t-úghdar soin sin, do bhrígh gur áitigheadar sliocht Ghaedhil ghlais i san oiléan sin seal aimsire i ndiaidh Shrú mic Easrú mic Ghaedhil d'ionnarbadh as an Éigipt; agus dobheirthear fós Aere d'ainm ar an Éigipt ó'r ghluaiseadar Gaedhil. Gidheadh, is í céadfaidh choitcheann na seanchadh gurab uime gairthear Éire dhi, ó ainm na bainríoghna do Thuathaibh Dé Danann, do bhí 'san gcrích re linn clainne Mhíleadh do theacht innte: Éire, inghean Dealbhaoith fá hainm di, agus is í fá bean do Mhac Gréine d'á ngairthí Ceathúr, fá rí Éireann an tan tángadar mic Mhíleadh innte. An cúigeadh hainm, Fódhla, ó bhainríoghain do Thuathaibh Dé Danann, d'á ngairthí Fódhla: is í fá bean do Mhac Cécht d'ár bh'ainm díleas Teathúr. An seiseadh hainm, Banbha, ó bhainríoghain do Thuathaibh
Dé Danann, do bhí 'san gcrích, d'á ngairthí Banbha: is í fá bean do Mhac Cuill d'ár bh'ainm díleas Eathúr. Na trí ríogha so do bhíodh i bhflaitheas Éireann gach ré mbliadhain; agus is é ainm mná gach fír díobh do bhíodh ar an oiléan an bhliadhain do bhíodh féin 'na rígh. Is uime gairthear Éire do'n oiléan nídh-sa-mhionca ioná Fódhla nó Banbha, do bhrígh gurab é fear na mná d'ár bh'ainm Éire, fá rí an bhliadhain tángadar mic Mhíleadh innte. An seachtmhadh hainm, Inis Fáil, agus is iad Tuatha Dé Danann tug an t-ainm sin uirre, ó chloich tugsad leó innte, d'á ngairthí an Lia Fáil: agus "Saxum fatale," eadhon, Cloch na Cinneamhna, gaireas Hector Boetius di, i stáir na hAlban; agus fá cloch í ar a rabhadar geasa, óir do ghéiseadh sí fa an neach d'ár chóra flaitheas Éireann d'fhaghbháil re linn bhfear n-Éireann do bheith i mórdháil i dTeamhraigh re togha rígh orra. Gidheadh, níor ghéis sí ó aimsir Chonchubhair i leith, óir do balbhuigheadh bréig-dhealbha an domhain an tan rugadh Críost. Ag so rann deismireachta ag a shuidhiughadh gurab ó'n gcloich so gairthear Inis Fáil d'Éirinn (amhail adubhairt Cionaoth file): -
An chloch atá fóm' dhá sháil, uaithe ráidhtear Inis Fáil; Idir dhá thráigh thuile theinn, Magh Fáil uile for Éirinn.
An t-ochtmhadh hainm, Muicinis; agus is iad Clanna Mhíleadh tug an t-ainm sin uirre, sul rangadar i dtír innte. Mar tángadar, iomorro, go bun Innbheir Sláinghe, d'á ngairthear cuan Locha-garman indiu, tionólaid Tuatha Dé Danann go n-a ndraoithibh 'na gcoinne ann, agus imrid
draoidheacht orra, ionnus ná'r léir dhóibh an t-oiléan acht ar chosmhaileas muice, gonadh uime sin tugadar Muicinis for Éirinn. An naomhadh hainm, "Scotia"; agus is iad mic Míleadh tug an t-ainm sin uirre, ó n-a máthair, d'ár bh'ainm Scota, inghean Pharao Nectonibus; nó is uime tugadar Scotia uirre, do bhrígh gurab iad féin Cineadh Scuit ó'n Scitia. An deachmhadh hainm, "Hibernia"; agus is iad mic Míleadh tug an t-ainm sin uirre. Gidheadh, adeirthear gurab ó abhainn atá 'san Spáin d'á ngairthear "Hiberus" tugthar "Hibernia" uirre. Adeirthear fós gurab ó Éibhear mac Míleadh gairthear "Hibernia" dhi; acht cheana, adeir Cormac naomhtha mac Chuileannáin gurab uime adeirthear "Hibernia" ria, ó'n gcomhfhocal Greugach so "hiberoc," .i. "occasus" i Laidin, agus "nyaon," .i. "insula"; ionann sin re a rádh agus "insula occidentalis," eadhon, oiléan iartharach. An t-aonmhadh hainm deug, "Iernia" do réir Ptolomeus, nó "Iuerna" do réir Solínus, nó "Ierna" do réir Claudianus, nó "Uernia", do réir Eustatius. Measaim nach fuil do chéill 'san deithbhir atá idir na húghdaraibh seo do thaoibh an fhocail seo "Hibernia," acht ná'r thuigeadar créad ó dtáinig an focal féin; agus, d'á réir sin, go dtug gach aon fa leith dhíobh, amus uaidh féin air, ionnus gurab de sin táinig an mhalairt seo ar an bhfocal. An dara hainm deug "Irin," do réir Diodorus Siculus. An treas ainm deug "Irlanda"; agus measaim gurab é fáth fa dtugadh an t-ainm sin uirre, do bhrígh gurab é
Ir mac Míleadh ceud duine do hadhnaiceadh fa úir Éireann do chlannaibh Míleadh, agus d'á réir sin do hainmnigheadh an t-oiléan uaidh: ionann, iomorro, "Irlanda" agus fearann Ir, óir is ionann "land" i mBeurla, agus fonn nó fearann i nGaedheilg. Is móide is measta fírinne an neith seo, mar adeir Leabhar Árda Mácha gurab ainm do'n oiléan so, Ireo, eadhon, uaigh Ir, do bhrígh gurab ann atá feart nó uaigh Ir. An ceathramhadh hainm deug "Ogigia" do réir Plutarcus: ionann, trá, "Ogigia" i nGréigis agus "Insula perantiqua", eadhon, oiléan ró-ársaidh; agus is cneasta an t-ainm d'Éirinn sin, do bhrígh gurab cian ó do háitigheadh ar dtús í, agus gurab foirbhthe an fír-eolas atá ag a seanchadhaibh ar dhálaibh a sean ó thús na n-aimsear, diaidh i ndiaidh. An dara halt. Ag so síos gach roinn d'á ndéarnadh ar Éirinn. An cheud roinn: is é Partholón do roinn í 'na ceithre míribh, idir a cheathrar mac, darbh' anmanna Er, Orba, Fearon, agus Feargna. Tug an chéidmhír d'Er, mar atá, a bhfuil ó Oileach Néid i dtuaisceart Uladh go hÁthcliath Laighean. Tug an dara mír do Orba, eadhon, a bhfuil ó Áthcliath go hoiléan Árda Neimheadh, d'á ngairthear Oiléan mór an Bharraigh. Tug an treas mír d'Fhearon, ó'n Oiléan
mór go hÁthcliath Meadhruidhe ag Gaillimh. Tug an ceathramhadh mír d'Fheargna, eadhon, ó Mheadhruidhe go hOileach Néid. An dara roinn: eadhon, roinn Chlainne Neimheadh. Triur taoiseach do chlannaibh Neimheadh do roinn Éire eadorra i n-a trí míribh: - Beothach, Simeon, agus Briotán a n-anmanna. Gabhais Beothach ó Thóirinis go Bhoinn. Gabhais Simeon ó Bhoinn go Bealach Chonglais láimh re Corcaigh. Gabhais Briotán ó Bealach Chonglais go Tóirinis i dtuaisceart Chonnacht. An treas roinn ann so: eadhon, roinn Fear mBolg. Cúig mic Deala, mic Loich, do rannsad Éire i n-a cúig míribh eadorra, agus is díobh sin gairthear na cúig cúigidh: agus is í sin roinn is buaine do rinneadh ar Éirinn riamh, amhail adéaram go grod d'á éis so. Tig Cambrens leis an roinn seo, 'san leabhar ro scríobh do thuarasgbháil na hÉireann, mar a n-abair: - "I gcúig míribh, iomorro, beagnach comhthroma, (ar sé) do ronnadh an chríoch so i n-allód, mar atá, an dá Mhúmhain, Tuath-Mhúmha agus Deas-Mhúmha, Laighin, Ulaidh, agus Connachta." Ag so na cúig taoisigh d'Fhearaibh Bolg do ghabh ceannas na gcúig gcúigeadh soin: Sláinghe, Seangann, Gann, Geanann, agus Rughruidhe. Do ghabh Sláinghe cúigeadh Laighean, ó Dhroichead- Átha go Cumar na dtrí n-uisge; gabhais Gann cúigeadh Eachach Abhradhruaidh, ó Chumar na dtrí n-uisge go Bealach Chonglais; gabhais Seangann cúigeadh Chonraoi mic Dáire,
ó Bhealach Chonglais go Luimneach; gabhais Geanann cúigeadh Chonnacht ó Luimneach go Drobhaois; gabhais Rughruidhe cúigeadh Uladh ó Dhrobhaois go Droichead-átha. Má tá go n-abraid cuid do na seanchadhaibh gurab roinn tréanach do bhí ar Éirinn idir trí macaibh Chearmada milbheoil do Thuathaibh Dé Danann, ní mheasaim gur ronnadar Éire eadorra, acht is í mo cheudfaidh gurab sealaidheacht flaithis gach ré mbliadhain do bhí eadorra, do réir mar adubhramar thuas ag a fhoillsiughadh créad as a dtugthar Éire ar an gcrích seo nídh-sa-mhionca ioná Fódhla nó Banbha. An ceathramhadh roinn: eadhon, roinn Chlainne Míleadh. Is í ceudfaidh droinge re seanchus gurab amhlaidh dó ronnadh Éire idir Éibhear agus Éireamhón: - a bhfuil ó Áthcliath agus ó Ghaillimh budh dheas, agus Eisgir riadha do theorainn eadorra, ag Éibhear; agus a bhfuil as sin budh thuaidh, ag Eireamhón. Gidheadh, ní hí so roinn do rónadh eadorra, amhail chruthócham 'na dhiaidh seo; acht is amhlaidh do rannsad Éire: - dá chúigeadh Mhúmhan ag Éibhear; cúigeadh Chonnacht agus cúigeadh Laighean ag Eireamhón; agus cúigeadh Uladh ag Eibhear mac Ir, eadhon, mac a ndearbhráthar: agus drong do na huaislibh táinig leó, i bhfochair gach aoin díobh i n-a roinn féin do'n chrích. An cúigeadh roinn: eadhon, roinn Chearmna agus Shobhairce. Do roinn, iomorro, Cearmna agus Sobhairce Éire i ndá leith eadorra, eadhon, ó Innbhear Cholptha ag Droichead-átha go Luimneach Múmhan, agus an leath budh thuaith ag Sobhairce, agus do rinne dún ar a leith féin, eadhon, dún Sobhairce.
Gabhais Cearmna an leath budh dheas, agus do rinne dún láimh re fairrge theas, eadhon, Dún Cearmna, ris a ráidhtear Dún mic Pádraic, i gcrích Cúirseach i ndiu. An seiseadh roinn: eadhon, roinn Ugaine mhóir. Rannais Ugaine mór Éire i gcúig rannaibh fichead, idir an gcúigear ar fhichid do chlainn do bhí aige, amhail chuirfeam síos i san Réim ríoghruidhe. An seachtmhadh roinn: eadhon, roinn Chuinn Chéadchathaigh agus Mógha Nuadhat. Do roinn Conn agus Mógh Nuadhat Éire leathach eadorra, mar atá, a bhfuil ó Ghaillimh agus ó Áthcliath budh thuaidh, agus Eisgir riadha do theorainn eadorra, ag Conn; agus is de sin táinig Leath Chuinn do thabhairt ar an taoibh budh thuaidh; agus Leath Mhógha ag Mógh Nuadhat; agus is de sin tugadh Leath Mhógha ar an leith budh dheas. Tar cheann, cheana, gur chuireas na seacht ranna so do rónadh ar Éirinn síos i n-eagar, do réir uird na ngabháltas agus na n-aimsear, fillfead ar an ngnáth-roinn atá ar Éirinn ó aimsir Fear mBolg i leith, ó's í is mó atá ar bun do shíor, eadhon, cúig cúigidh do dhéanamh dhi amhail adubhramar. Agus is ann bhíodh comhroinn na gcúig gcúigeadh so, ag liag atá i n-Uisneach, go dtáinig Tuathal Teachtmhar i bhflaitheas, agus gur bhean mír do gach cúigeadh mar fhearann buird do gach áirdrigh d'á mbiadh i nÉirinn; gurab díobh sin do rinneadh an Mhídhe, amail foillseocham i bhflaitheas Thuathail.
An Treas Alt. Do mhionroinn ar an Mídhe, agus ar na cúigeadhaibh ann so. Doghéan anois mionroinn ar an Mídhe, agus ar na cúigeadhaibh ar cheana; agus dobhéar tosach na ronna so do'n Mhídhe, go bhfaisnéistear a fearainn, do bhrígh gurab í fearann buird rígh Éireann í, do réir na nGaedheal, agus go mbíodh saor gan dligheadh, gan smacht, gan cháin ó neach i n-Éirinn, acht ó rígh Éireann amháin. Ocht dtriocha deug líon a fearainn; triocha baile 'san triocha-chéad díobh; dá sheisrigh deug fearainn i san mbaile, do réir an tseanchusa, agus sé fichid acra 'san tseisrigh. Trí fichid agus trí céad seisreach fearainn i san triocha chéad amhlaidh sin. Ceithre fichid agus ceithre céad agus sé míle seisreach fearainn i san Mídhe uile, do réir an áirimh seo. Is uime gairthear Mídhe dhi, do bhrígh gurab do mhéidhe gach cúigidh do bhean Tuathal Teachtmhar í. Nó is uime gairthear Mídhe dhi, ó Mhídhe mac Bratha, mic Deaghfhatha, príomh-draoi clainne Neimheadh; agus is leis do fadoidheadh an chéid teine i n-Éirinn iar dteacht clainne Neimheadh, agus láimh re hUisneach do fhadoidh í. Do bhronnadar clanna Neimheadh an tuaith fearainn bí ann sin dó, agus ó'n draoi sin gairthear Mídhe dhi. Agus ní raibhe d'fhearann 'san Mídhe, mu'n am soin, acht an aon tuaith reamhráidhte, nó gur chuir Tuathal Teachtmhar méidhe nó muinéal gach cúigidh léi, amhail ro ráidhsiom.
Do theorantacht na Mídhe ann so ris na cúigeadhaibh, amhail do orduigh Tuathal Teachtmhar; .i. mar théid ó'n Sionainn soir go hÁthcliath, ó Áthcliath go habhainn Righe, ó abhainn Righe siar go Cluain Connrach, ó Chluain Connrach go hÁth an Mhuilinn Fhrancaigh, agus go cumar Chluana hIoraird, as sin go Tóchar Cairbre, ó Thóchar Cairbre go Crannaigh Ghéisille, go Druim Cuilinn, go Biorra, gus an abhainn d'á ngairthear Abhainn Chara, gus an Sionainn budh thuaidh, go Loch Ríbh, agus na hoiléin uile is leis an Mídhe iad: agus an tSionann go Loch bó dearg, as sin go Maothail, as sin go hÁth-luain, as sin go Sgairbh uachtaraigh, go Druim leathain, go soiche an Mágh, go cumar Chluana hEois, go Loch-dá-eun, go Mágh Cnoghbha, go Duibhir, go Linn-átha-an-Daill ar Sliabh Fuaid, go Mágh an Chosnamhaigh i gCill-tsléibhe, go Snámh Eugnachair, go Cumar, agus ó Chumar go Life, amhail adeir an seanchaidh: -
Ó Loch bó dearg go Biorra, ó'n Sionainn soir go fairrge, Go cumar Chluana hIoraird, 's go cumar Chluana hairde.
Trí thriocha deug i gcorp na Mídhe féin, agus cúig triocha i mBreaghaibh, amhail adeirthear i sna rannaibh seo síos: -
Trí triocha deug 'san Mídhe, mar adeir gach aoin-fhile; Cúig triocha i mBreaghmhaigh maith - is meamhair é re heolchaibh; Críoch Mhídhe inneosad daoibh, agus críoch Breagh go mór-ghnaoi; Ó Shionainn na ngarrdha nglan, go fairrge - do fheadamar; Fir Theathbha ar imeall budh thuaidh, agus Cairbre go nglan-bhuaidh; Go líon gach saoithe 's gach ndámh, fir Bhreagh go nuige an Casán.
Do ronnadh an Mhídhe d'á éis so, le hAodh Oirdnidhe, rí Éireann, idir dhá mhac Donnchaidh mic Dómhnaill, (fá rí Éireann roimh Aodh Oirdnidhe); Conchubhar agus Oilioll a n-anmanna. Tug an leath iartharach d'fhior díobh, agus an leath oirthearach do'n fhior eile, ionnus gur lean an roinn sin di ó sin i leith; agus is innte atá an Ríoghphort, Teamhair. Do roinn cúigidh Chonnacht ann so. Cúigeadh Chonnacht ó Luimneach go Drobhaois: naoi gcéad baile biadhtaigh atá innte, agus deich dtriocha fichead sin; agus deich mbaile fichead 'san triocha-chéad díobh, agus dá sheisrigh deug fearainn san mbaile. Sé fichid acra san tseisrigh: ocht gcéad agus deich míle seisreach fearainn i gConnachtaibh uile. Is uime gairthear Connachta dhi: iomarbhaidh draoidheachta tárla idir dhá draoi do Thuathaibh Dé Danann, Cithneallach agus Conn a n-anmanna. Do rad Conn sneachta mór timchioll an chúigidh tré draoidheacht, gonadh de ro hainmnigheadh Connachta, eadhon, sneachta Chuinn. Nó is uime gairthear Connachta, .i. Conn-iochta, eadhon, clanna Chuinn, óir is ionann iocht agus clann: agus do bhrígh gurab iad clanna Chuinn do áitigh an cúigeadh, mar atáid sliocht Eochach Moighmheadhóin, gairthear Connachta dhíobh. Rannais Eochaidh Feidhleach cúigeadh Chonnacht i n-a thrí cotchaibh idir
thriar. Tug d'Fhidheach mac Féigh, d'fhearaibh na craoibhe, ó Fhidhic go Luimneach. Tug d'Eochaidh Alath, Iorras Domhnann, ó Ghaillimh go Duibh agus go Drobhaois. Tug do Thinne mac Chonnrach, Magh Sainbh, agus sean-tuatha Taoidhean ó Fhidic go Teamhair Brogha niadh: is í Cruachain a ríoghphort. Do roinn cúigidh Uladh ann so. Cúigeadh Uladh ó Dhrobhaois go hInnbhear Cholptha, cúig triocha deug ar fhichid; nó a sé deug ar fhichid atá ann. Naoi bhfichid agus naoi gcéad baile biadhtaigh ann. Trí fichid naoi gcéad agus dá mhíle deug seisreach fearainn i san gcúigeadh so uile. Is uime gairthear Ulaidh dhíobh, ó'n bhfocal so oll-shaith, .i. mór-ionnmhas, d'á chur i gcéill gur móirionnmhasach Ulaidh do thaoibh éisg agus spréidhe. Dearbhaidh an rann so gurab ionann saith agus ionnmhas: -
Ceudaoin luidh Judas tar órd, ar lorg deamhan díoghalgharg; Ceudaoin ro ghabh saint um shaith; Ceudaoin ro bhraith Íosa árd.
Nó is uime ro gaireadh Ulaidh dhíobh, ó Ollamh Fódhla, mac Fiachaidh fionn-scothaigh, amhail dearbhas an rann so: -
Ollamh Fódhla feochair-ghail, uaidh ro hainmnigheadh Ulaidh, Iar bhfír-fheis Teamhrach na dtreabh, is leis ar dtús ro hoirneadh.
Agus Eamhain Mácha agus Aileach Néid a ríoghphoirt. Do roinn cúigidh Laighean ann so. Cúigeadh Laighean, ó thráigh Innbheir Cholptha go Cumar na dtrí n-uisge, aoin-triocha deug ar fhichid ann. Deich mbaile
fichead agus naoi gcéad baile biadhtaigh sin: trí fichid agus céad agus aoin-mhíle deug seisreach i san gcúigeadh so uile. Is uime gairthear Laighin díobh ó na laighnibh leathan-ghlasa tugsad DubhGhaill leó i n-Éirinn an tan tángadar le Labhraidh Loingseach; ionann, cheana, laighean agus sleagh. Agus do bhrígh go rabhadar na sleagha so go gceannaibh slinn-leathna orra, is uatha ro hainmnigheadh an cúigeadh. Iar marbhadh Chobhthaigh Chaoilmbreágh, rí Éireann i nDionnríogh, ro ghabhsad Laighin ainmniughadh. Is d'fhoillsiughadh gurab ó na sleaghaibh seo ro hainmnigheadh Laighin do rinneadh an rann so: -
Dá céad ar fhichid céad Gall, go laighnibh leathna leó anall; Ó na laighnibh sin, gan oil, díobh ro hainmnigheadh laighin.
Dá phríomhlongphort do bhí i Laighnibh, i n-a gcleachtadaois a ríoghraidh bheith 'na gcomhnuidhe, eadhon, Dionnríogh agus Nás. Do roinn cúigidh Eochaidh Abhradruaidh ann so. Cúigeadh Eochaidh Abhradruaidh, ó Chorcaigh agus ó Luimneach soir go Cumar na dtrí n-Uisge; cúig triocha deug ar fhichid ann. Deich mbaile seacht bhfichid agus naoi gcéad baile biadhtaigh atá innte. Sé céad agus dá mhíle deug seisreach fearainn atá 'san Múmhain thoir. Dá ríoghphort comhnuighthe do bhíodh ag ríoghaibh an chúigidh seo, eadhon, Dún gCrot agus Dún Iasgaigh.
Do roinn cúigidh Chonraoi mic Dáire ann so. Cúigeadh Chonraoi mic Dáire ó Bhealach Chonglais (ag Corcaigh) go Luimneach, agus ó Luimneach siar go hiarthar Éireann. Cúig triocha deug ar fhichid ann: a deich, seacht bhfichid, agus naoi gcéad baile biadhtaigh ann sin. Sé céad agus dhá mhíle deug seisreach fearainn atá 'san Múmhain thiar. Dá ríoghphort comhnuighthe do bhíodh ag ríoghaibh an chúigidh seo i n-allód, mar atá, Dún gCláire agus Dún Eochair Mháighe. Dá shliocht do bhíodh i seilbh an dá chúigeadh so Múmhan, mar atá, sliocht Dáirfhine agus sliocht Deirgthine, go haimsir Oiliolla Óloim, do shliocht Deirgthine, do ghabh ceannas an dá chúigeadh, iar n-ionnarbadh Mic Con a hÉirinn, do bhí do shliocht Dáirfhine. Agus do fhágaibh ceannas an dá chúigeadh ag a shliocht féin ó sin anall; i maille re sealaidheacht, gach re nglún, do bheith ag sliocht Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óloim, agus ag sliocht Chorbmaic Cais, (an dara mac d'Oilioll Óloim), i bhflaitheas dá chúigeadh Múmhan. Na ceithre ríoghphoirt reamhráidhte fá príomh-áruis comhnuighthe do ríoghaibh an dá chúigeadh seo, go haimsir Chuirc mic Luighdheach do bheith i bhflaitheas Múmhan. Óir is re n-a linn frith Caiseal ar dtús; agus is é fá hainm do'n áit re' ráidhtear Carraig Chaisil indiu, Siothdhruim. Do gairthí fós Leac na gCéad agus Druim Fiodhbhuidhe do'n ionad ceudna, óir do bhádar iomad coillteadh timchioll an
droma soin i n-aimsir Chuirc. Tangadar, trá, dá mhucaidhe do bhiathadh a dtorc fa choilltibh an droma so mu'n am soin, mar atá mucaidhe rígh Éile, Ciolarn a ainm, agus mucaidhe rígh Mhusgraidhe-tíre, d'á ngairthear Urmhúmha, Duirdre a ainm-siomh. Do bhádar ag aithidhe na tulcha feadh ráithe, gur taisealbhadh dhóibh dealbh budh comhghlan ris an ngréin, agus budh binne ioná gach ceol d'á gcualadar riamh, agus í ag beannachadh na tulcha agus an bhaile, agus ag tairngire Pádraic do theacht ann. Agus is í dealbh do bhí ann, Uictor, aingeal Phádraic féin. Iar bhfilleadh tar a n-ais d'á dtighthibh do na mucaidhibh, nochtaid an nídh seo d'á dtighearnadhaibh féin. Iar rochtain na sceul so go Corc mac Luighdheach, tig gan fuireach go Síothdhruim, agus do rinne longphort ann, d'a ngairthí Lios na laochraidhe; agus ar mbeith 'na rígh Múmhan dó, is ar an gcarraig d'á ngairthear Carraig Phádraic anois do ghlacadh a chíos ríoghdha. Is aire gairthear Caiseal do'n charraig sin, óir is ionann Caiseal agus Cíosáil: áil, iomorro, ainm do charraig; gonadh aire sin gairthear Caiseal, eadhon, carraig an chíosa, do'n áit sin. Ag so dearbhadh ar an nídh seo, as an duain darab tosach, "Caiseal cathair clann Mhógha," do rinne Ua Dubhagáin: -
Corc mac Luighdeach laochdha an fear, céid-fhear ro shuidh i gCaiseal; Fa mhúich-chiach do bhí an baile, go bhfuair é an dá aodhaire. Muicidhe rígh Mhusgraidhe i n-óir, Duirdre a ainm 's ní heugcóir; 'S Ciolarn tre réidhe ruibh, muicidhe rígh Éile oirdheirc. Is iad fuair fáth an bhaile ar dtús i nDruim Fiodhbhuidhe. Druim Fiodhbhuidhe gan locht libh, ionmhaine le Corc Chaisil.
Do mhionroinn Múmhan ann so. Iar rochtain, iomorro, dá chúigeadh Múmhan do shliocht Oiliolla Óloim, rannaid iad i n-a gcúig rannaibh, ar a dtugthar na Cúig Múmhain. An chéidmhír ar a dtugthar Tuadh-Mhúmha, is é a fad ó Léim Chongculainn go Slighe Dhála, .i. an Bealach mór i n-Osraidhe, agus a tarsna ó Shliabh Eichtghe go Sliabh Eibhlinne. (Agus tar cheann gurab do shean-roinn Chonnacht a bhfuil o Shliabh Eichtghe go Luimneach, maiseadh,) do rinne Lughaidh Meann, mac Aonghusa Tírigh, mic Fir Chuirb, mic Mogha Chuirb, mic Chorbmaic Cais, mic Oiliolla Óloim, fearann claidhimh d'á bhfuil ó Eichtghe go Luimneach agus ó Shionainn siar go Léim Chongculainn, gur chuir leis an Múmhain é: agus is é ainm do gairthí dhe, Gairbh-fhearann Luighdheach, agus do bhíodh sé saor ag Dál gCais gan cíos gan cánaigh ó ríoghaibh Éireann. An dara mír Ur-Mhúmha, is é a fad ó Ghabhran go Cnámhchoill ag Tiobruid Árann, agus a tarsna ó Bhéarnan Éile go hOiléan Uí Bhric. An treas mír, eadhon Meadhon Múmhan, is é a fad ó Chnámhchoill go Luachair Dheaghaidh, agus a tarsna ó Shliabh Eibhlinne go Sliabh Caoin. An ceathramhadh mír, Deas-Múmha, is é a fad ó Shliabh Caoin go fairrge budh dheas. An cúigeadh mír Iar-Mhúmha, is é a fad ó Luachair Dheaghaidh go fairrge siar, agus a tarsna ó Ghleann ua Ruachta go Sionainn.
Do réir Bhreasail Uí Threasaigh, an tan do roinneadh an Mhúmha 'na cúig míribh, do bhíodh cúig aicme 'san mír, agus cúig buidhne 'san aicme, agus cúig céad fear infheadhma 'san mbuidhin. Agus dá meastaoi neart Éireann uile an tan soin, is éigcneasta baramhail na druinge do shaoil go bhféadfadh an Romhánach le "legion" nó le dá "legion," Éire do chur fa ghion gai agus claidhimh (dó féin), agus Éireannaigh do shíor 'na ndaoinibh gaisgeamhla. Is uime gairthear Múmha do'n dá chúigeadh so Múmhan, .i. gurab mó, do bhrígh gurab mó í ioná aon chúigeadh eile d'Éirinn. Óir atáid cúig triocha deug agus fiche i ngach cúigeadh do'n dá chúigeadh so Múmhan, agus gan an oiread soin i n-aon chúigeadh eile i n-Éirinn. Óir, ar son go n-áirmhthear a sé deug agus fiche i gcúigeadh Uladh, ní raibhe acht a trí deug agus fiche innte go h-aimsir na gcúigeadhach. Óir is é Cairbre Nia Fear rí Laighean do léig trí triocha-chéad do Laighnibh, (mar atá ó Loch an chóigidh go fairrge), le cúigeadh Uladh, i gcomaoin inghine Chonchubhair mic Neasa d'faghbháil 'na mnaoi dhó, amhail adéaram d'á éis so i gcorp na stáire. Cúig triocha agus naoi bhfichid triocha céad i n-Éirinn uile: deich mbaile agus dá fhichid, cúig céad agus cúig míle baile biadhtaigh atá innte: sé céad, agus sé míle, agus trí fichid míle seisreach fearainn innte, do réir sean-ronna na nGaedheal. Tuig, a léaghthóir, gurab mó, fa dhó nó fa thrí, acra do thomhas na nGaedheal, ioná acra do roinn Gall anois.
Do shuidhiughadh na hÉireann ann so. Is é suidhiughadh atá ar Éirinn; an Spáin do'n leith thiar- theas di, an Fhrainc do'n leith thoir-theas di, an Bhreatain mhór do'n leith thoir di, Alba do'n leith thoir-thuaidh, agus an t-aigéan do'n leith thiar-thuaidh, agus do'n leith thiar di. Agus ar cuma uighe atá sí dealbhtha, a bonn re hAlbain, soir budh thuaidh, a ceann ris an Spáin, siar budh dheas; agus do réir Mhaginus, ag scríobhadh ar Ptolomeus, is ceithre céime go leith do'n chrios grianda, d'á ngairthear "Zodiacus," atá i n-a leithead; agus adeir an fear ceudna gurab sé huaire deug agus trí ceathramhna bhíos ar fad 'san ló is faide 'san mbliadhain i san leith is sia budh dheas d'Éirinn, agus ocht n-uaire deug 'san ló is faide i san leith budh thuaidh. Fad na hÉireann ó Charn Uí Néid go Cloich an stocáin, agus a tarsna ó'n Innbhear mór go hIorrus Domhnann. Tuig, a léaghthóir, nach tré dhearmad nach luaidhim ann so cuanta, náid cathracha, náid bailte móra Éireann; acht go dtabhair Camden agus na croinicidhe nuadha so a dtuarasgbháil síos go soiléir, agus nach é so áit a gcuirthe síos, acht i dtús gabháltais Gall, lér' horduigheadh iad.
An Ceathramhadh alt. Ag so do chruthughadh an cheud athar ór' fhásamar, eadhon, Ádhamh, agus d'á shliocht go Noe, agus as sin go clainn clainne Noe, go dtugthar linn craobhsgaoileadh gach aicme d'ár ghabh sealbh Éireann go hiomlán go Noe, agus fós gaol gach druinge dhíobh féin ré' chéile. Ar dtús do cruthuigheadh Ádhamh an seiseadh lá d'aois an domhain: an cúigeadh bliadhain deug do ré Ádhaimh rugadh Cáin agus a shiur Calmana: an deachmhadh bliadhain fichead do ré Ádhaimh rugadh Abel agus a shiur Delbora: i gcionn céid agus triochad bliadhan do ré Ádhaimh rugadh Séth, do réir na n-Eabhruidheach, amhail léaghtar ag Policronicon. Ag so d'aois na n-aithreach ó Ádhamh go Noe, agus fad na haimsire ó Ádhamh go dílinn; agus geinealach Noe go hÁdhamh. Noe, mac Laimhiach, mic Matusalem, mic Enoch, mic Iareth, mic Malaleel, mic Cainan, mic Enos, mic Shéith, mic Ádhaimh: óir a maireann d'éis na dílinne is do shliocht Shéith iad uile, agus do báitheadh sliocht Cháin uile fa'n dílinn. Agus is é fad ó chruthughadh Ádhaimh go dílinn, do réir na n-Eabhruidheach, sé bliadhna deug a's dá fhichid ar shé céad ar mhíle; gonadh aire sin do ráidh an seanchaidhe an rann so: -
Ceud aimsear an bheatha bhinn, ó tá Ádhamh go dílinn; Sé bliadhna caogad, rádh nglé, ar shé céadaibh ar mhíle.
Ag so mar thig seanchaidhe eile leis an áireamh gceudna: -
Sé bliadhna agus caoga, agus sé céad, mar rímhim, A's míle, mar áirmhim, ó Ádhamh go dílinn.
Tig fós úghdar eile re seanchus ar an gcomháireamh gceudna: -
Deich gcéad bliadhan, sé-chéad cáin, ar chaogaid, go sé bliadhnaibh, Mar rímhim, is rús gan oil, ó dhílinn go tús domhain.
Ag so ré gach nduine ór' fhás Noe i san líne díreach: - Ádhamh, triocha ar naoi gcéad bliadhan; Séth, dá bhliadhain deug ar naoi gcéad; Enós, cúig bliadhna ar naoi gcéad; Cainan, deich mbliadhna ar naoi g-céad; Malaleel, naoi gcéad acht cúig bliadhna d'á n-easbaidh; Iareth, dá bhliadhain, a's trí fichid ar naoi gcéad; Enoch, cúig bliadhna agus trí fichid ar thrí céad; Matusalem, naoi mbliadhna, trí fichid, ar naoi gcéad; Laimhiach, seacht mbliadhna deug, trí fichid, ar sheacht gcéad; Noe, deich mbliadhna, dá fhichid ar naoi gcéad. Ag so dearbhadh an tseanchaidhe ar ré gach árdathar díobh, amhail léaghtar 'san duain darab tosach: - "Athair cháich choimsigh neimhe," etc.: -
Triocha naoi gcéad bliadhan bán, Saoghal Ádhaimh re a iomrádh; Deich mbliadhna ris sin uile Saoghal a mhná mongbhuidhe: Saoghal Shéith is eol dam sin, A dhó-dheug ar naoi gcéadaibh; Cúig bliadhna naoi gcéad, ro clos, Nó go rug an t-eug Enós: Deich mbliadhna naoi gcéad, gan gráin, Aois mic Enóis, Caináin: Naoi gcéad acht a cúig, go mbloidh, Saoghal Mhalaleel mór-ghloin; Dá bhliadain seasgad naoi gcéad, Do Iareth ré ndul d'eug;
Trí céad, seasga, cúig, ro clos, d'Enoch ré ndul i bParrthas: Naoi mbliadhna seasgad, go mbloidh, Agus naoi gcéad do bhliadhnaibh, Is é sin an saoghal, seang, Tugadh do Mhatusalem; Saoghal Láimhiach, luaidhtear leat, Seacht gcéad, seachtmhogha, 'sa seacht: Saoghal Nóe, niamhghlan a bhloidh, Caoga ar naoi gcéad bliadhan.
Mar do chonnairc Dia, 'iomorro, sliocht Shéith ag dul tar a thiomna féin, mar do aithin díobh gan cumasg ná cleamhnas do dhéanamh re sliocht Cháin cholaigh, agus ná'r choiméad siad an fógradh soin, do chuir dílinn do bháthadh na ndaoine uile, acht Noe agus a bhean d'arbh' ainm Coba, agus a thriar mac, Sem, Cham, agus Iafeth, agus a dtriar ban, Olla, Olibha, agus Olibhana: óir níor chumaisg Noe re sliocht Cháin, agus do bhí sé fíreunta. Iar dtrághadh (na) dílinne, rannais Noe trí ranna an domhain idir a thrí macaibh, amhail adeir an seanchaidhe: -
Sem ro ghabh i n-Asia n-áit; Cham go n-a chlainn 'san Afraic; Iafeth uasal agus a mhic, Is iad ro ghabh an Eoraip.
Do chraobhscaoileadh an triair mac soin ór' geineadh an dá chinéal deug agus trí fichid do bhí ag tógbháil an tuir. Seacht mic fichead ag Sem, um Arfaxat, um Asur, um Persius; agus is d'á shíol sin na hEabhruidhe. Triocha mac ag Cam, agus is díobh sin Cus agus Canaan. A cúig-deug
ó Iafeth, agus is díobh sín Gomer agus Magog. Ag so rann ag dearbhadh na gcinéal úd, do chin ó thrí macaibh Noe: -
Triocha mac mín, monor nglé, Cinsiod ó Cham mac Noe; A seacht fichead fil ó Shem, A cúig deug ó Iafeth.
Ó Iafeth do chinsiod mórán do lucht na hAsia, agus lucht na hEorpa uile. Do shliocht Mhagog mic Iafeth lucht na Scíthia, agus go háirithe na treabha do ghabh Éire iar ndílinn ria macaibh Mhíleadh, amhail foillseocham i ngabhálaibh Éireann iar ndílinn. Gidheadh, cuirfeam síos ann so ar dtús, do ghabhálaibh Éireann ria ndílinn, do réir droinge re seanchus, sul luaidhfeam na fíor-ghabhála do rinneadh uirre d'éis dílinne. An cúigeadh alt. Do ghabhálaibh Éireann ria ndílinn ann so síos. I. Adeirid drong gurab iad teora hingheana Cháin cholaigh do áitigh í ar dtús; gonadh d'á dhearbhadh sin do chuireas rann as an duain darab tosach "fuaras i Saltair Chaisil" ann so síos: -
Trí hingheana Cháin chain, maraon re Seth mac Ádhaimh, Adchonnairc an mBanbha ar dtús: Is meamhair liom a n-iomthús.
Adeir leabhar Droma Sneachta gur bh' Banbha ainm na céid inghine ro ghabh Éire ria ndílinn, agus gurab uaithe gairthear Banbha d'Éirinn. Trí chaoga ban tángadar ann, agus triar fear: Ladhra ainm fir díobh, agus is uaidh ainmnighthear Árd Ladhrann. Dá fhichid bliadhan dóibh 'san inis, go dtárla galar dóibh, gur eugsad uile re haoin-tseachtmhain. Dá chéad bliadhan iar sin Éire fás, folamh, gan aoinneach beo innte, gonadh iar sin táinig an díle. II. Adeirid drong eile gurab triar iascaireadh do seoladh le hanfadh ngaoithe ó'n Easpáin, go haimhdheonach; agus mar do thaithin an t-oiléan riu gur fhillsiod ar cheann a mban do'n Easpáin; agus iar dteacht ar a n-ais dóibh go hÉirinn arís, do fearadh an díle dóibh ag Tuaigh-Innbhir, gur báitheadh iad: Capa, Laighne, agus Luasad, a n-anmanna. Is dóibh ro canadh an rann: -
Capa, Laighne is Luasad grinn, Bhádor bliadhain ria ndílinn, For inis Banbha na mbágh, Bhádor go calma comhlán.
III. Adeirthear, trá, gurab í Ceasair inghean Bheatha mic Noe, táinig innte ria ndílinn, gonadh dó do rónadh an rann: -
Ceasair inghean Bheatha bhuain, Dalta Sabhaill mic Nionuaill, An chéid bhean chalma ro chinn d'inis Banbha ré ndílinn.
Madh áil, iomorro, a fhios d'fhaghbháil creud tug go hÉirinn í: Bioth do chuir teachta go Noe, d'fhios an bhfuighbheadh féin agus a inghean Ceasair ionad i san áirc d'á gcaomhnadh ar dílinn; ráidhis Noe nach fuighbhidís. Fochtais Fionntain an gceudna, agus ro ráidh Noe nach fuighbheadh. Téid Bioth, Fionntain, Ladhra agus an inghean Ceasair i gcómhairle iaramh. "Déantar mo chómhairle-se libh," ar Ceasair. "Do- ghéantar," ar siad. "Maiseadh," ar síse, "tabhraidh láimhdhia chugaibh, agus adhraidh dhó, agus tréigidh Dia Noe." Iar sin tugsad láimhdhia leo, agus adúbhairt (an láimhdhia) riu loingeas do dhéanamh, agus triall ar muir: gidheadh níor bh'fheas dó cá tráth do thiocfadh an díle. Do rinneadh long leo, as a haithle, agus téidhid ar muir. Is é líon do chuadar innte triar fear, eadhon, Bioth, Fionntain, agus Ladhra: - Ceasair, Barrann, agus Balbha, agus caoga inghean i maille riu. Seacht mbliadhna agus ráithe dhóibh ar muir, gur ghabhsad cuan i nDún na mbárc i gcrích Chorca Dhuibhne, an cúigeadh lá deug d'eusga, amhail adeir an seanchaidhe: -
Is ann do ghabhadar port Ag Dún na mbárc, an bantracht, I gCúil Cheasrach i gCrích Chairn, An cúigeadh deug Dia Sathairn.
Agus dá fhichid lá ria ndílinn sin amhail adeirthear: -
Dá fhichit lá ria ndílinn, Táinig Ceasair i n-Éirinn, Fionntain, Bioth, is Ladhra Luinn, Is caoga inghean áluinn.
(Tig file eile leis an nidh gceudna mar a n-abair 'san rann so: -
Do luidh a n-oir Ceasair, Inghean Bheatha an bhean, Go n-a caogaid inghean, Agus go n-a triar fear.) Lucht (aon) loinge do bhádar ar an eachtra soin go Dún na mbárc. Táinig Ceasair, agus líon na loinge sin i dtír ann sin (mar atá caoga ban agus triar fear, .i. Bioth agus Fionntain agus Ladhra, amhail a dubhramar). Fá hé an Ladhra soin ro ráidhsiom ceud mharbh Éireann, do réir na droinge adeir ná'r ghabhsad lucht ar bith Éire ria ndílinn acht Ceasair agus an drong táinig lé; agus is uaidh ainmnighthear Árd Ladhrann. Ó Bioth ainmnighthear Sliabh Beatha, ó Fhionntain ainmnighthear Feart Fionntain ós Tultuinne i nDúthaigh Aradh, láimh re loch Deirgdheirc; ó Cheasair ainmnighthear Carn Ceasrach i gConnachtaibh. Triallaid as sin go Bun Suaimhne, eadhon, Cumar-na-dtrí-n-uisge, áit a bhfuil suaineamh Siuire agus Feorach agus Bearbha. Rannaid ann sin a gcaoga inghean i dtrí rannaibh eatorra. Rug Fionntain Ceasair leis, agus seacht mná deug i maille ria: rug Bioth Barran leis, agus seacht mná deug eile 'na farradh: agus rug Ladhra Balbha, go sé mnáibh deug mar an gceudna leis, go ráinig Árd Ladhrann, go bhfuair bás ann. Fillis Balbha agus a sé mná deug go Ceasair arís. Cuiris Ceasair sceula go Bioth. Tig Bioth d'fhios Fhionntain, gur roinnsiod na sé mná deug soin leathach eatorra. Rug Bioth a chuid féin díobh leis go Sliabh Beatha i dtuaisceart Éireann, agus
níor chian as a haithle gur eugastair ann. Dála na mban so Bheatha, tigid d'fhios Fhionntain iar sin, gidheadh, teithis Fionntain rómpa i Laighnibh, tar Bun Suaimhne, tar Sliabh gCua, i gCeann Feabhrad Sléibhe Caoin, agus láimh chlé re Sionainn soir go Tultuinne, ós loch Deirgdheirc. Téid Ceasair go n-a bantracht go Cúil Ceasrach i gConnachtaibh, gur bhris a croidhe tre bheith i n-iongnais a fir, agus tré eug a hathar agus a bráthar; agus ní raibhe uaithe go dílinn ann sin acht sé láithe. Gonadh d'á dheimhniughadh sin do ráidheadh an rann so: - Is iad sin - iar n-uair bhfeachta - A n-oigheadha, a n-imtheachta; Ní raibhe acht seachtmhain namá, Uatha gus an gceathracha. IV. Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, nach mor stáir fhírinnigh chuirim an gabháil seo síos, ná aon ghábháil d'ár luaidheamar go ró so; acht do bhrígh go bhfuaras scríobhtha i sein-leabhraibh iad. Agus fós ní thuigim cionnus fuaradar na seanchadha sceula na ndrong adeirid do theacht i n-Éirinn ria ndílinn, acht munab iad na deamhain aerdha do bhíodh 'na leannánaibh sídhe aca re linn a mbeith págánta tug dóibh iad: nó munab i leacaibh cloch fuairsiod scríobhtha iad iar dtrághadh na dílinne, dámadh fíor an sceul; óir ní ionráidh gurab é an Fionntain úd do bhaoi rés an dílinn do mhairfeadh d'á héis, do bhrígh go bhfuil an Scrioptúir 'na aghaidh, mar a n-abair
nach deachaidh do'n droing daonna gan báthadh, acht ochtar na háirce amháin, agus is follus ná'r dhíobh sin éisean. Is neimhfhíor an suidhiughadh atá ag droing do seanchadhaibh ar Fhionntain do mharthain re linn dílinne, mar a n-abraid gur mhairsiod ceathrar i gceithre háirdibh an domhain re linn na dílinne, mar atá Fionntain, Fearón, Fors, agus Andóid. Gidheadh, a léaghthóir, ná meas gurab í so ceudfaidh na muinntire is úghdardha 'san seanchus. Uime sin, cuiridh úghdar d'áirithe an nidh so romhainn i laoidh, d'á fhoillsiughadh nach tig sé le fírinne an chreidimh a rádh go mairfeadh Fionntain nó ceachtar do'n triar eile iar ndortadh dílinne, agus roimpe. Ag so an laoidh: - Anmann ceathrair ceart ro chinn, Do fhágaibh Dia fo dhílinn Fionntain, Fearón, Fors caomh cóir, Agus Andóid mac Eathóir. Fors i n-oirthear thoir do dhligh; Fearón re huardha an éididh; Fionntain re fuineadh go beacht, Agus Andóid re deisceart. Gé áirmhid seanchadha sin, Ni áirmheann Canóin cubhuidh, Acht Noe do bhí i n-áirc 's a chlann, 'S a mná fuair caomhna a n-anman. Is tuigthe as sin nach ceudfaidh choitcheann do na seanchadhaibh uile aon díobh so do mharthain d'éis dílinne: gidheadh, dá n-abradh aon tseanchaidhe, mar chaomhna ar chlaonadh an chreidimh, gur báitheadh Fionntain fear mar chách fó'n dílinn,
agus gur haithbheodhuigheadh é le Dia, d'á éis sin, do chaomhna agus do choiméad imtheachta na sean, go n-a sceulaibh, go haimsir Phádraic, agus iar sin go haimsir Fhinnéin Maighe Bile; ní thuigim cionnus budh féidir a choimh-iongantach so do nídh do ceilt ar feadh na hEorpa, agus a mhionca, re linn Fhinnéin, agus ó sin i leith, do chuadar dronga dearsgnuighthe do dhiadhairibh agus d'fheallsamhnaibh, agus mórán do dhaoinibh eolcha eagnuidhe eile a hÉirinn fo chríochaibh oirrdhearca Eorpa do mhúnadh cléire agus coimhtonól, agus do theagasg scol gcoitcheann: agus a rádh nach biadh ar a lorg deisciobal éigin le' bhfúigfidhe laoidh nó litir i n-a mbiadh luadh nó iomradh ar Fhionntain, agus a mhionca do scríobhadar neithe eile atá re n-a bhfaicsin indiu; agus fós nach faicim iomradh air i bprímhleabhraibh barántamhla; agus saolim, d'á réir sin, nach fuil acht finnsceul filidheachta i san stáir d'fhaisnéidhfeadh Fionntain do mharthainn ria ndílinn, agus 'na diaidh. Gidheadh, ní abraim nach raibhe duine críonna cianaosda ann ria dteacht Phádraic go hÉirinn, agus gur mhair sé iomad do chéadaibh bliadhan, agus gach nídh budh cuimhneach leis gur fhaisnéidh do Phádraic é; agus fós gach beuloideas d'á bhfuair ó n-a shinnsearaibh ar na haimsearaibh do chuaidh roimhe: agus measaim go raibhe a shamhail sin do sheanóir ann d'á ngairthí Tuan mac Cairill do réir droinge re seanchus, agus do réir droinge eile Roanus, eadhon Caoilte mac Rónáin, do mhair tuilleadh agus trí chéad bliadhan, agus do nocht mórán
seanchusa do Phádraic, amhail is follus i n-Agallaimh na Seanórach; agus is ar Chaoilte is cóir Roanus, nó Ronánus do thabhairt. Óir ní léaghtar i leabhar ar bioth do sheanchus Éireann, go ngairthí Roanus nó Ronánus d'Fhionntain; acht gidh air do bheir Cambrens, mar gach bréig eile d'á chlaoin- sheanchus, é: agus amhail do chuir-sean "Roanus" síos i n-a chroinic i n-áit "Ronánus," scríobhaidh gach aon do na Nua- Ghallaibh scríobhas ar Éirinn "Roanus" ar lorg Chambrens mar ainm ar Fhionntain, do brígh gurab é, Cambrens, is tarbh tána dhóibh le scríobhadh saoibh-sheanchusa ar Éirinn, ar an adhbhar nach fuil a mhalairt do threoraidhe aca. Is córaide a mheas gurab ar Chaoilte dobheirthear Ronánus, mar chuirid sean-úghdair síos idir oibreachaibh Phádraic gur scríobh sé "Historia Hiberniae ex Roano seu Ronáno": is é, iomorro, sloinneadh an úghdair is gnáth do chur ós cionn gach oibre d'á scríobhann neach, mar is follus do gach léaghthóir chleachtas úghdair do léaghadh. Agus ní fíor do Hanmer i n-a chroinic mar adeir gurab mór an meas atá ag Gaedhealaibh ar sceulaibh Fhionntain, d'á ngaireann seiseann "Roanus," mar adeirid gur folchadh fa dhílinn é, agus gur mhair 'na diaidh tuilleadh agus dá mhíle bliadhan go rug ar Phádraic, agus gur ghabh baisdeadh uaidh, agus gur nocht iomad seanchusa dhó, agus go bhfuair bás i gcionn bliadhna iar dteacht Phádraic i n-Éirinn, agus gur hadhnaiceadh láimh re Loch Ríbh i n-Ur-Mhúmhain é, mar a bhfuil teampoll ar n-a ainmniughadh, nó ar n-a bheannughadh i n-a ainm, agus go bhfuil fós ar n-a ainmnuighadh i measg naomh Éireann. Gidheadh, is follus nach dubhairt seanchaidhe riamh, agus fós nachar fhágaibh scríobhtha an nídh seo adeir Dochtúir Hanmer. Óir atáid triar re a luadh ann so i riocht aon
duine, mar atá Fionntain, d'á ngaireann Cambrens Roanus, .i. Caoilte mac Rónáin do baisdeadh lé Phádraic agus tug iomad seanchusa dhó; agus Ruadhan, d'ár beannuigheadh Lothra i n-Ur-Mhúmhain, láimh re Loch Deirgdheirc, agus ní láimh re Loch Ríbh atá mar adeir Hanmer; agus Tuan mac Cairill. Ní leanfam nídh-sa-mhó do bhreugaibh Hanmer, nó an bharánta atá aige: agus fós measaim gurab i riocht an fhocail seo Ronánus do scríobh Cambrens "Roanus" ar dtús, agus gur fhágaibh gan leasughadh ag a lorgairidhibh ó sin i leith é. An Seiseadh Alt. I. Do'n cheud ghabháil do rinneadh ar Éirinn ann so. Do réir droinge do na seanchadhaibh táinig óglaoch do mhuinntir Nin mic Béil (d'ár bh'ainm Adhna mac Beatha) d'fhios na hÉireann, i dtimchioll seacht bhfichid bliadhan d'éis dílinne, gidheadh ní fada an cómhnuidhe do rinne innte. Luidh ar gcúl d'fhaisnéis an oiléin ad-chonnairc d'á choibhneasaibh, agus páirt nó méid éigin d'fheur na hÉireann leis, amhail léaghtar i san duain darab tosach, "Fuaras i Saltair Chaisil," etc. (ag so mar adeir an duain): -
Adhna mac Beatha go gcéill, Laoch do mhuinntir Nin mic Béil, Táinig i n-Éirinn d'á fiss, Gur bhean fér i bhFidh-inis: Rug leis lán a dhuirn d'á fér, Téid for gcúl d'innisin sgél, Is í sin gabháil ghlan ghrinn, Is girre seal fuair Éirinn.
Gidheadh, ní mheasaim go ndleaghair gabháil do thabhairt ar eachtra an fhir seo, do bhrígh nach déarna sé cómhnuidhe innte: agus uime sin gurab í gabháil Phartholóin ceud ghabháil is córa d'áireamh uirre d'éis dílinne. II. Do'n chéid phríomh-ghabháil do rinneadh ar Éirinn d'éis dílinne, .i. gabháil Phartholóin ann so. Do bhí Éire, iomorro, fás trí chéad bliadhan d'éis dílinne, go dtáinig Partholón mac Sera mic Srú mic Easrú mic Fraimint mic Fáthachta mic Magóg mic Iafeth, d'á gabháil; do réir mar dogheibhthear i san duain darab tosach, "Ádhamh athair sruith ár slógh," etc. (amhail asbeart an file): -
Trí chéad bliadhan iar ndílinn, Is sgél fíre mar rímhim, Ba fás Éire uile ógh, Nó go dtáinig Partholón.
Measaim, d'á réir sin, gurab dá bhliadhain ar fhichid sul rugadh Abraham táinig Partholón i n-Éirinn, agus gurab eadh fá haois do'n domhan d'á réir sin mu'n am so, míle, naoi gcéad, agus trí fichid agus ocht mbliadhna deug; amhail adeir an rann so: -
A hocht seachtmhoghad céim glan, Míle agus naoi gcéad bliadhan, Ó ré Ádhaimh chuanna, chain, Go gein Abráim ár n-Athair.
Gidheadh, ní fírinneach ceudfaidh na muinntire adeir gurab i gcionn dá bhliadhan ar mhíle d'éis dílinne táinig Partholón i n-Éirinn, agus iad ag a admháil gurab i n-aimsir Abraham táinig innte, agus gurab é Abraham an t-ochtmhadh glún
amháin ó Shem mac Noe; agus Sem féin d'áireamh. Óir ní cosmhail go gcaithfídhe tuilleadh agus míle bliadhan re linn seacht nglún d'éis na dílinne: uime sin measaim gurab fírinnighe an cheudfaidh thosaigh ioná an cheudfaidh dhéidheanach, agus, d'á réir sin, is inmheasta gurab i gcionn trí chéad bliadhan (d'éis na dílinne) táinig Partholón i n-Éirinn. As an nGréig mheadhonaigh, .i. Migdonia, ro ghluais Partholón. Is é raon i n-ar' ghabh, tré mhuir dToirrian, do Shisilia, agus láimh dheas ris an Easpáin go ráinig Éire. Dá mhí go leith bhí ar fairrge, gur ghabh cuan i n-Innbhear Sgéine i n-iarthar Mhúmhan, an ceathramhadh lá deug i mís Mai. Is dó do ráidheadh an rann so; (amhail adeir an file): -
An ceathramhadh dég for Mháirt, Do chuireadar a saor-bháirc Isin phurt iath-ghlan ngorm nglé, I n-Innbhear sgiath-ghlan Sgéine.
Ag so an bhuidhean táinig le Partholón go hÉirinn, agus le n-a mhnaoi, Dealgnaid a hainm: a dtriar mac, .i. Rughruidhe, Slángha agus Laighlinne, go n-a mnáibh, agus míle do shluagh i maille riu, do réir Nennius, amhail leaghtar i Saltair Chaisil. Is é ionad i n-ar' áitigh Partholón ar dtús i n-Éirinn, i n-Inis Saimhér láimh re hÉirne. Is aire ro hainmnigheadh Inis Saimhér di; measchú nó coiléan con bhaoi ag Partholón d'ár bh'ainm Saimhér; agus ro marbhasdair í tré eud re n-a mhnaoi, do rinne míghníomh re n-a giolla féin Tódhga; agus
an tráth do choirigh Partholón í, ní taithleachas do rinne, acht adubhairt gur chóra aithbhior na hainbheirte sin do bheith air féin ioná uirrese; agus ro ráidh na briathra so: - "A Phartholóin, ar sí, an saoilir gurab fhéidir bean agus mil do bheith i gcómhghar d'á chéile, leamhnacht agus leanbh, biadh agus fial, feoil agus cat, arm nó oirnéis agus saor, nó fear agus bean i n-uaigneas, gan cumasg ar a chéile dhóibh"; agus ráidhis an rann: -
Mil la mnaoi, leamhnacht la mac, Biadh la fial, carna la cat, Saor istigh agus faobhar, Aon la haon is ró-bhaoghal.
Iar gclos an fhreagartha sin do Phartholón, meuduighthear a eud de, gur bhuaileasdair an measchoin fa lár go ros marbh í; gonadh uaithe ainmnighthear an inis-se. Céid eud Éireann sin d'éis dílinne. Gonadh dó do ráidheadh an rann so: -
Buailis an rí coin na mná, Dia bhois - níor bho béd go mba; Marbh an cú fri séidbéd seang, Ba hé sin céid éd Éireann.
An seachtmhadh bliadhain iar ngabháil Éireann do Phartholón, fuair an céid fhear d'á mhuinntir bás, .i. Feadha mac Tortan, ó ráidhtear Magh Feadha. Is í cúis um a dtáinig Partholón i n-Éirinn, tré mar do mharbh sé a athair agus a mháthair, ag iarraidh righe d'á
bhráthair, go dtáinig ar teitheadh a fhionghaile, go ráinig Éire, gonadh aire sin do chuir Dia pláigh ar a shliocht lé'r marbhadh naoi míle re haoin-sheachtmhain díobh i mBeinn Eadair. Áirmhid cuid do na húghdaraibh gabháil eile ar Éirinn roimhe Partholón, mar atá gabháil Chíocail mic Nil mic Gairbh mic Ughmhóir a Sliabh Ughmhóir, agus Lot Luaimhneach a mháthair. Dá chéad bliadhan dóibh ar iasgach agus ar eunlaith go teacht Phartholóin i n-Éirinn, gur fearadh cath Mhaighe hIotha eatorra; i n-ar' thuit Cíocal, agus i n-ar' díothuigheadh Fomhóraigh le Partholón. I n-Innbhear Domhnann do ghabh Cíocal go n-a mhuinntir cuan i n-Éirinn: sé longa a líon; caoga fear agus caoga ban líon gacha loinge dhíobh. Is dóibh ro ráidhtear: -
Seachtmhadh gabháil ro dus gabh Airior Éireann na n-árd-mhágh, Le Cíocal gcríonchosach gann Uas fhaithchibh Innbhir Domhnann: Trí chéad fear líon an tslóigh Táinig a hiathaibh Ughmhóir, Nó gur scaradh iad iar soin, Ar n-a sleachtadh re seachtmhain.
Seacht locha do bhrúcht i n-Éirinn i n-aimsir Phartholóin, eadhon, Loch Measg i gConnachtaibh, tar Máigh Leargna do mhoidh: i gcionn trí mbliadhan d'éis catha do thabhairt do Chíocal, do bhrúcht Loch Con fa thír, agus Mágh Cró ainm an mháighe tar a dtáinig: Loch Deicheat i gcionn dá bhliadhan deug iar dteacht do Phartholón i n-Éirinn. Bliadhain iar sin fuair an ceathramhadh taoiseach d'á mhuinntir bás, .i.
Slángha, agus is ag Sliabh Slángha do hadhnaiceadh é. I gcionn bliadhna iar sin tomhaidhm Locha Laighlinne i n-Ua mac Uais Breagh, .i. Laighlinne mac Phartholóin: agus an tan do bhí a fheart ag a thógbháil, do mhoidh an loch (fa thír; is de sin goirthear Loch Laighlinne dhi). I gcionn bliadhna iar sin, tomhaidhm Locha hEachtra idir Sliabh Modhairn agus Sliabh Fuaidh i n-Oirghiallaibh. Iar sin tomhaidhm Locha Rudhruighe i n-ar' báitheadh é féin: 'san bhliadhain cheudna tomhaidhm Locha Cuan. Ní fuair Partholón ar a chionn i n-Éirinn acht trí locha agus naoi n-aibhne: anmanna na loch, Loch Luimnigh i nDeas- Mhúmhain, Loch Foirdhreamhain ag Tráigh Lí ag Sliabh Mis 'san Mumhain, agus Fionnloch Ceara i n-Iorrus Domhnan i gConnachtaibh. Is dóibh ro ráidheadh an rann so (amhail adeir an file): -
Trí locha aidhbhle ammais, Agus naoi n-aibhne n-iomhais; Loch Fordhreamhain, Loch Luimnigh, Fionnloch iar n-imlibh Iorrais.
Ag so na haibhne: - Buas, idir Dhál n-Áruidhe agus Dál Riada, eadhon an Rúta; Rurthach, .i. Abhann Life, idir Uibh Néill agus Laighnigh; Laoi, i Múmhain tré Mhuscraidhe go Corcaigh; Sligeach; Samhaoir; Muaidh i gConnachtaibh re
hUibh bhFiachrach an tuaiscirt; Moghorn i dTír Eoghain; Fionn idir Chinéal Eoghain agus Tír Chonaill; agus Banna idir Lé agus Eille: amhail adeirthear i san duain darab tosach, "A chaomha Chláir Chuinn chaoimh-fhinn": -
Muaidh, Sligeach, Samhaoir sloinne, Buas buinne a bladhaoibh beinde, Moghorn, Fionn go ngné ngalla, Banna idir Lé agus Elle.
Nó fós i san duain darab tosach, "Adhamh athair sruith ár slógh": etc. -
Laoi, Buas, Banna, Bearbha bhuan, Samhaoir, Sligeach, Moghorn, Muaidh, Is Life i Laighnibh maille, Ag sin iad na sean-aibhne.
I gcionn cheithre mbliadhan iar dtomhaidhm Murthola, fuair Partholón bás ar Sheanmháigh Ealta Eadair, agus is ann ro hadhnaiceadh é. Is uime gairthear Seanmhágh dhe nach fásadh coill riamh air; agus is uime gairthear Mágh n-Ealta dhe fós, gurab ann tigdís eunlaith Éireann d'á ngrianghoradh. I gcionn triochad bliadhan iar dteacht Phartholóin i n-Éirinn, do eug sé. Adeirid drong re seanchus gurab dá mhíle agus sé chéad agus ocht mbliadhna fichead aois domhain an tan fuair Partholón bás; gidheadh, is eadh mheasaim, do réir gach neith d'á ndúbhramar romhainn, gurab sé bliadhna agus ceithre fichid ar naoi gcéad ar mhíle ó thús
domhain go bás Phartholóin. Adeirid drong eile gurab fiche bliadhan agus cúig chéad ó bhás Phartholóin go támh a mhuinntire; gidheadh, atá ceudfaidh choitcheann na seanchadh 'na aghaidh sin, mar a n-abraid nach raibhe 'na fásach acht deich mbliadhna fichead bhaoi ó bhás muinntire Phartholóin go teacht Neimheadh innte; amhail adeir an (file 'san) rann so: -
Ré triochad bliadhan beachta, Ba fás fri fianaibh feachta, Iar n-eug a sluaigh fri seachtmhain 'Na n-ealtaibh ar Maigh n-Ealta.
Tig Cormac naomhtha mac Cuileannáin leis an nídh gceudna i Saltair Chaisil, mar a n-abair gurab trí chéad bliadhan bhaoi ó theacht Phartholóin i n-Éirinn go támh a mhuinntire. Tig an file Eochaidh Ua Floinn leis, mar an gceudna, do réir an rainn seo: -
Trí céad bliadhan, cia ad féisidh, Ós déisibh diamhra duasaigh, Do'n ghasraidh ghléibhinn gnásaigh For Éirinn fhásaigh, uasail.
As gach nídh dhíobh so, ní hinchreidte an drong adeir go raibhe tuilleadh agus cúig chéad bliadhna nó bhás Phartholóin go támh a mhuinntire; agus ní hinmheasta go mbiadh Éire ar áitiughadh an comhfhad sin, agus gan do dhaoinibh innte acht cúig mhíle fear agus ceithre mhíle ban.
III. Ag so an roinn do rónsad ceithre mic Phartholóin ar Éirinn; agus is í ceud-roinn Éireann í. Er, Orba, Fearón, agus Feargna, a n-anmanna; agus bhádar ceathrar a gcomhanmann so ag macaibh Mhíleadh, amhail chuirfeam síos i n-a ngabháltas féin. Ó Aileach Néid thuaidh go hÁthcliath Laighean, cuid Eir. Ó'n Áthcliath ceudna go hOiléan Árda Neimheadh, d'á ngoirthear Oiléan Mór an Barraigh indiu, cuid Orba. Ó'n Oiléan Mór go Meadhraidhe ag Gaillimh, roinn Fhearóin. Ó Áthcliath Meadhraidhe go hAileach Néid, cuid Fheargna: - amhail adeir Eochaidh Ua Floinn 'sna rannaibh seo; agus fá hé árd-ollamh Éireann re filidheacht é i n-a aimsir: -
Ceathrar mac ba gríobhdha glór, Do phríomh-chlainn ag Partholón; Do ghabh le' chéile fa sheol Treabha Éireann gan aithcheodh. Níor shoirbh do'n ríoghraidh a roinn, Inis Éireann 'na haon-choill, Cnuas gar i ngach lios re a linn; Fuair gach fear fios a chuibhrinn. Er a sinnsear ba saor sódh, Suairc a chuid, cian gan claochlódh; Ó Aileach Néid, iath gan feall, Go hÁthcliath Laighean láin-teann. Ó Áth Cliath Laighean, léim lir, Go hOiléan Árda Neimheadh, Gan doghra, níor thais a threoir, Cuid Orba, d'iath a chineoil.
Ó'n áth a bhfuair Neimheadh níoth Go Meadhraidhe na móir-chríoch, Fáth deagh-shóidh gan aga ann, Cuid Fearóin, fada an fearann. Ó Mheadhraidhe, fada fós, Go hAileach Néid go ndeagh-nós; Tórainn da leanam 's gach eing, Fuair Feargna, fearann fairseing. I n-Éirinn féin, ní fáth fill, Rugadh na tréinfhir tuirbhim, Dream saor, fá bunata bládh, Ba caomh curata an ceathrar.
IV. Do Mhuinntir Phartholóin ann so. Ag so anmanna na dtreabhthach do bhí aige, eadhon, Tóthacht, Trén, Iomhas, Aicheachbhél, Cúl, Dorcha, agus Damh. Anmanna na gceithre ndamh do bhí aca, .i. Liag, Leagmhagh, Iomaire, agus Eitrighe. Beoir ainm an fhir tug foighdhe nó aoidheacht uaidh ar dtús i n-Éirinn. Breagha, mac Seanbhotha, do rinne comhrac aoinfhir ar dtús i n-Éirinn. Samaliliath do rinne an ceud ól corma innte. Fios, Eolas, agus Fochmhorc a thriar druadh. Macha, Mearan, agus Muicneachán a trí tréinfhir. Biobhal agus Beabhal a dhá cheannaidhe. Bádar deich n-ingheana agus deich gcleamhnaidhe ag Partholón. An Seachtmhadh Alt. Do'n dara gabháil do rinneadh ar Éirinn ann so, eadhon, gabháil clainne Neimheadh. Do bhí, iomorro, Éire fás triocha bliadhan d'éis táimh sleachta Phartholóin, go dtáinig Neimheadh mac Agnomain, mic Paimp, mic Tait, mic Seara, mic Srú, mic Easrú,
mic Fraimint, mic Fathachta, mic Magog, mic Iafeth, d'á háitiughadh. Óir is do chlainn Mhagog gach gabháil d'ár' ghabh Éire iar ndílinn. Ag Srú mac Easrú scaras Partholón agus Clanna Neimheadh re' raile; agus ag Seara scaraid Fir bolg, Tuatha Dé Danann, agus mic Míleadh. Agus is Scoitbheurla do bhí ag gach cineadh dhíobh. Is follus sin as an uair táinig Ioth mac Breogáin i n-Éirinn; óir is tré Scoitbheurla do labhair féin agus Tuatha Dé Danann re' raile, agus adubhradar gurab do shliocht Mhagog iad, leath ar leith. Adeir drong eile gurab do shliocht an mhic do fhágaibh Partholón thoir (Adhla a ainm) do Neimheadh. Is é raon i n-ar' ghabh Neimheadh ag teacht i n-Éirinn dó, ó'n Scitia ar an bhfairrge gcaoil atá ag teacht ó'n aigéan d'á ngairthear "Mare Euxinum," is í is teora idir an leath thiar-thuaidh do'n Asia agus an leath thoir-thuaidh do'n Eoraip; agus ar an roinn thiar-thuaidh do'n Asia atáid Sléibhte Riffe, do réir Pomponius Mela, i gcomhroinn na caol-mhara do luaidheamar agus an aigéin tuaisceartaigh. Tug láimh ndeis do Shléibhte Riffe, go ndeachaidh 'san aigéan budh thuaidh; agus láimh chlí do'n Eoraip go ráinig i n-Éirinn. Ceithre longa deug agus fiche líon a chobhlaigh, agus deichneabhar agus fiche i ngach loing díobh. Starn, Iarbhoinel Fáidh, Ainninn, agus Fearghus Leithdhearg, anmanna ceithre mac Neimheadh.
Ceithre loch-mhadhmanna i n-Éirinn i n-aimsir Neimheadh, eadhon, Loch mBreunainn ar Magh n-asail i n-Uibh Nialláin, Loch Muinreamhair ar Magh Sola i Laighnibh: i gcionn deich mbliadhan iar rochtain Éireann do Neimheadh, ro ling Loch Dairbhreach agus Loch Ainninn ar Maigh mór i Mídhe. Óir an tan do clasadh feart Ainninn, is ann do ling Loch Ainninn. Is do dhearbhadh gurab i n-aimsir Neimheadh ro mhuidhsiod na locha so, do rinneadh an rann so: -
Ceithre locha fo linn lóir Do bhrucht tar Fhodhla bhfíor-mhóir: - Loch Dairbhreach, Loch mBreunainn mbinn, Loch Muinreamhair, Loch n-Ainninn.
Is túsga do eug bean Neimheadh i n-Éirinn ioná Ainninn, - Mácha a hainm; agus an dara bliadhain deug iar dteacht i n-Éirinn dóibh, fuair an Mhácha so bás; agus fá híse ceudmharbh Éireann iar dteacht Neimheadh innte. Agus is uaithe ainmnighthear Árd Mácha, óir is ann do hadhnaiceadh í. Do tógbhadh dá ríoghráith le Neimheadh i n-Éirinn, eadhon Ráith Chinneich i n-Uibh Nialláin, agus Ráith Ciombaoth i Seimhne. Ceithre mic Mhadáin Mhuinreamhair d'Fhomhórchaibh do thógaibh Raith Chinneich i n-aon ló, Bog, Robhog, Ruibhne, agus Rodan a n-anmanna: agus do mharbh Neimheadh ar a bhárach iad i san maidin, i nDaire Lighe, d'eagla go gcinnfidís ar thógáil na rátha arís; agus do hadhnaiceadh ann sin iad. Ro sleachtadh dá mhaigh deug a coill le Neimheadh i n-Éirinn, eadhon, Magh Ceara, Magh Neara, Magh Cúile Toladh, Magh Luirg i gConnachtaibh, Magh Tochair i dTír
Eoghain, Leacmhagh 'san Múmhain, Magh mBreasa i Laighnibh, Magh Lughadh i n-Uibh Tuirtre, Magh Seiriodh i dTeathbha, Magh Seimhne i nDál n-Áruidhe, Magh Muirtheimhne i mBreaghaibh, agus Magh Mácha i n-Oirghiallaibh. Do bhris Neimheadh trí catha ar Fhomhórchaibh, eadhon, loingsigh do shliocht Chaim ro thriall ó'n Aifric; táinig ar teitheadh go hoiléanaibh iarthair Eorpa, agus do dhéanamh gabháltais dóibh féin, agus ar teitheadh ré sliocht Seim d'eagla go rachadh aca orra, a los na mallachta do fhágaibh Noe ag Cam ó' dtángadar, ionnus gur mheasadar, ó bheith i n-imchian uatha, iad féin do bheith innill ó smacht sleachta Seim: go dtángadar, uime sin, go hÉirinn, gur briseadh na trí catha reamhráidhte orra; eadhon, cath Sléibhe Bádhna, cath Ruis Fraocháin i gConnachtaibh, i n-ar' thuit Gann agus Geanann, dá thaoiseach na bhFomhórach, agus cath Murbhuilg i nDál Riada, eadhon, an Rúta, áit i n-ar' thuit Starn mac Neimheadh le Conaing mac Faobhair a leithead Lachtmhaighe. Do chuir fós cath Cnámhrois i Laighnibh, mar ar' cuireadh ár bhfear Éireann um Artur mac Neimheadh, eadhon, mac rugadh i n-Éirinn dó; agus um Iobcán mac Stairn mic Neimheadh. Gidheadh, is le Neimheadh ro briseadh na trí catha so for Fhomhórchaibh, amhail dearbhaid na rainn seo síos: -
Do bhris Neimheadh, - niamhdha a neart, - Ro sáitheadh a leacht, dar liom, Gann agus Geanann dia ghreis, Attrochair leis, ceann a gceann.
Geanann re Neimheadh ba sgíth A leacht fríth, ga leacht is mó Le Starn mac Neimheadh anall Torchair Gann, agus ní gó. Cath Murbhuilg, é ró chuir, Go ro-dluigheadh, ro ba dúr; Do mhuidh re Neimheadh na n-arm, Gion go dtáinig Starn ar gcúl. Re cath Cnámhrois, do bhí an-all, Is mór ann do chíorbhadh cnis; Artúr, Iobcán torchair ann Acht gidh ann ar Gann do bhris.
Iar sin fuair Neimheadh bás do thámh i n-Oiléan Árda Neimheadh, i gCrích Liatháin 'san Múmhain, d'á ngoirthear Oiléan Mór an Barraigh: agus dá mhíle do dhaoinibh i maille ris, idir fhear agus mnaoi. Baoi daoirse agus dochraide mór as a haithle sin ar chlainn Neimheadh ag Fomhórchaibh, ag díoghailt na gcath do bhris Neimheadh orra. Morc, iomorro, mac Deileadh, agus Conaing mac Faobhair, ó' ngairthear Tor Conaing i n-imeal Éireann thuaidh, ag a raibhe loingeas, agus iad 'na gcómhnuidhe i dTor Conaing, d'á ngairthear Toirinis, ag tabhach cíosa ar chlannaibh Neimheadh: agus ba hé méid an chíosa soin dá dtrian clainne, eatha, agus bleachta fear n-Éireann do thiodhlacadh dóibh gacha bliadhna Oidhche Samhna go Magh gCéidne idir Drobhaois agus Éirne. Is uime gairthear Magh gCéidne dhe, ar a mhionca do beirthí an cháin gus an Magh gceudna. Do bhí tuilleadh daoirse ag Fomhórchaibh ar chlannaibh Neimheadh, eadhon, trí lán-sluaisde as gach aoin-teallach i
n-Éirinn, d'uachtar bainne, do mhin cruithneachta, agus d'im, do bhreith go Morc agus go Conaing go Toirinis; agus ban-mhaor d'á ngairthí Liagh, ag tabhach na cána soin seachnóin Éireann, gonadh do'n cháin sin do ráidheadh an rann so: -
An cháin sin ro cumadh ann, Trí liacha nocha lán-ghann; Liach uachtair bainne bleachta, Is liach mine cruithneachta, An treas fiach, - linne ba lonn, - Liach ime uaisde d'annlann.
Gabhais, tra, fearg agus loinne fir Éireann tré thruime an chiosa agus na cána soin, ionnus go ndeachsad do chathughadh ris na Fomhórchaibh. Is aire do gairthí Fomhóraigh dhíobh, eadhon, ó n-a mbeith ag déanamh fóghla ar muir: Fomhóraigh .i. fomhuiribh. Badar, tra, trí deagh-laoich ag Clannaibh Neimheadh 'san ionbhuidh seo, eadhon, Beothach, mac Iarbhoineoil fháthaigh mic Neimheadh; Fearghus Leithdhearg mac Neimheadh; agus Easglan mac Beoáin mic Stairn mic Neimheadh, go n-a dhá bhráthair, eadhon, Manntán agus Iarthacht: agus ba hé a líon, triocha míle ar muir, agus an uimhir cheudna ar tír, amhail foillsigheas an rann so: -
Trí fichid míle, - modh nglé, - Ar tír agus ar uisge; Is é líon lodor ó a dtoigh, Clanna Neimheadh do'n toghail.
Ro toghladh an tor ann sin, agus tuitis Conaing go n-a chlainn le clannaibh Neimheadh. Iar sin tug Morc mac Deileadh lucht trí bhfiche long ó'n Afraic go Toirinis, go
dtug cath do chlannaibh Neimheadh, gur comhthuitsiod leath ar leith, agus gur báitheadh gach aon ná'r marbhadh dhíobh, acht Morc agus beagán d'á bhuidhin do ghabh sealbh an oiléin; óir níor mhothuighsiod an fhairrge ag teacht fútha re dúire an chathuighthe, ionnus nach teurna do chlannaibh Neimheadh (an mhéid do bhí 'san gcathughadh so dhíobh) acht lucht aon-bháirce i n-a raibhe triocha tréin-fhear, um triar taoiseach, eadhon, Simeon Breac mac Stairn mic Neimheadh; Iobáth mac Beothaigh mic Iarbhoineoil Fáidh, mic Neimheadh, agus Briotán Maol, mac Fhearghusa Leithdheirg mic Neimheadh, amhail adeir an rann: -
Acht aon-bhárc go n-a lucht lór, Ní theurna dhíobh, líon a slógh, Simeon, agus Iobáth bil, Is Briotán Maol, 'san loing sin.
Iar dteacht ó'n gcoinbhliocht sin dóibh, is í comhairle ar ar' chinnsiod, triall a hÉirinn do theitheadh ré hanbhroid na bhFomhórach. Bhádar seacht mbliadhna ag a n-ullmhughadh re hucht na heachtra so, agus ullmhuighthear loingeas leis gach taoiseach dhíobh, agus téidhid foireann do'n droing táinig le Neimheadh i n-Éirinn, agus d'á shliocht, leis gach fear do na taoiseachaibh reamhráidhte; agus anaid drong díobh d'á n-éis i n-Éirinn, eadhon, deichneabhar laoch do fhágbhadar ag gabháil ceannais an iarmhoir do chlannaibh Neimheadh do fhágsad fa mhóghsaine na bhFomhórach ag a háitiughadh go haimsir Fear mBolg. Téid taoiseach do'n triar thuas (go bhfoirinn leis), mar atá, Simeon Breac mac Stairn, do'n Ghréig, eadhon, go Tracia; is ann bhádar fo dhaoire, agus is uaidh tángadar Fir Bolg, amhail adéaram d'á éis so.
Téid an dara taoiseach, eadhon, Iobáth, mac Beothaigh, i gcríochaibh tuaiscirt na hEorpa; agus adeirid drong re seanchus gurab go "Boetia" do chuaidh: is uaidh do shíolsad Tuatha Dé Danann. Téid an treas taoiseach, eadhon, Briotán Maol go bhfoirinn leis go Dobhar agus go hIardhobhar i dtuaisceart Alban, gur áitigh féin agus a shliocht 'na dhiaidh ann. Is é líon cobhlaigh bhádar na taoisigh seo clanna Neimheadh ar an eachtra so, idir loing, báirc, curachán, agus naomhóig, triocha ar chéad ar mhíle eathar. Acht cheana, do bhí Briotán Maol, mac Fhearghusa Leithdheirg, mic Neimheadh, agus a lorg, ag áitiughadh tuaiscirt na hAlban go ndeachadar Cruithnigh, eadhon "Picti," a hÉirinn d'áitiughadh Alban i n-aimsir Eireamhóin. Adeir Cormac naomhtha mac Cuileannáin i n-a Shaltair, gurab ó Bhriotán gairthear "Britannia" do'n oiléan d'á ngairthear Breatain Mhór indiu; agus atá seanchus Éireann teacht leis air sin, amhail adeir an duain darab tosach "Adhamh athair sruith ár slógh," mar a n-abair: -
Luidh Briotán tar muir, gan mheirg, Mac fial Fhearghusa leith-dheirg; Breathnaigh uile, buaidh go mbloidh, Uaidh, gan ghaoi, ro gheinsiodar.
Tig úghdar eile leis air sin mar a n-abair: -
Briotán Maol, mac na flatha, Saor an sliocht-rámh tar sreatha, Mac an Leithdheirg do'nLeagmhoigh Ó' dtád Breathnaigh an bheatha.
Is córaide a mheas sin do bheith fírinneach, nach inmheasta gurab ó Brutus gairthear í: óir dámadh uaidh, is cosmhail gurab "Brutania" do gairfidhe dhi; agus fós is mó do múchadh a hainm le clainn Brutus, do réir Monomotensis, mar go dtug Laegrus mac Brutus Laegria d'ainm ar an mír ráinig é féin do'n Bhreatain; Camber, an dara mac do Brutus tug Cambria mar ainm ar an mír ráinig é féin di; agus Albanactus an treas mac do Brutus tug Albania d'ainm ar a chuid féin do'n chrích cheudna. Dála an iarmhair do chlannaibh Neimheadh, do fhuirigh ag áitiughadh Éireann d'éis na dtaoiseach soin; bhádar ag a gcomhmbuaidhreadh ag Fomhórchaibh ó aimsir go haimsir, go rochtain do shliocht Shimeoin Bric mic Stairn mic Neimheadh i n-Éirinn ó'n nGréig. Seacht mbliadhna deug ar dhá chéad ó theacht do Neimheadh i n-Éirinn go dteacht Fhear mBolg innte, amhail dearbhas an rann so: -
Seacht mbliadhna deug is dá chéad - Re a n-áireamh, ní hiomairbhrég, - Ó tháinig Neimheadh a n-oir, Tar muir go n-a mhór-mhacaibh Go dtángadar clanna Stairn As an nGréig uathmhair, athghairbh. -
An t-Ochtmhadh Alt. Do ghabháil Fhear mBolg ann so. Iar mbeith do shliocht Simeoin Bric (mic Stairn mic Neimheadh) 'san nGréig, eadhon, Tracia, amhail adubhramar, ro fhásadar gur bho líonmhar an lucht do bhí ann díobh. Gidheadh,
do chuirsiod Greugaigh daoirse agus dochraide mhór orra, eadhon, a mbeith ag tochailt na talmhan, ag tógbháil úire, agus ag a hiomchar i mbolgaibh nó i sacaibh leathair re a gcur ar chreagaibh cloch, go beith 'na húir ionthorthaigh dhi. Ghabh atuirse mór agus miosgais re Greugaibh iad tre san mbroid a rabhadar aca: agus leis sin ro comhairligheadh aca an dochraide sin d'fágbháil. Gabhaid cúig míle le chéile dhíobh iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dóibh, agus doghníd bárca do na bolgaibh, nó do na tiachaibh leathair a mbídís ag tarraing na húire: nó is iad loingeas rígh Greug do ghadsad amhail adeir Cin Droma Sneachta, go dtángadar ar a n-ais go hÉirinn an sliocht so Simeoin Bhric mic Stairn i gcionn seacht mbliadhan ndeug ar dá chéad d'éis Neimheadh do ghabháil Éireann. Ag so na taoisigh bhádar orra an tan soin, eadhon, Sláinghe, Rughruidhe, Gann, Geanann, agus Seanghann, eadhon, cúig mic Deala, mic Lóich, mic Teachta, mic Triobuait, mic Othoirb, mic Goistean, mic Oirtheachta, mic Simeoin, mic Argláin, mic Beoáin, mic Stairn, mic Neimheadh, mic Aghnamain, etc. A gcúigear ban sin, Fuad, Eudar, Anust, Cnucha, agus Liobhra, a n-anmanna: agus is dóibh do ráidheadh: -
Fuad, bean Shláinghe - ní cam libh - Eadar, bean do Ghann go ngail, Anust, bean Sheangháin na sleagh, Cnucha, fa bean Gheanoinn ghloinn Liobhra bean Rughruidhe ar ród, etc.
Cúig míle líon an tslóigh táinig leo; deich longa fichead ar chéad ar mhíle, idir loing, báirc, curachán, agus
naomhóig, áireamh a loingis, amhail foillsighid na rainn seanchusa so i n-ár ndiaidh: -
Deich longa fichead ar chéad, Agus míle - nocha brég - Is é líon táinig a n-oir, Sláinghe maith go n-a slóghaibh Rob iomdha Fir Bholg, gan bhréig, Ag toigheacht dóibh as an nGréig; Maith dream nachar malla amach, Nochar bho cranda an cobhlach. Dia ceudaoin do chuadar siar, Tar muir dtroimleathain dToirrian; Reimhios trí lá ar bhliadhain bháin, Go riachtadar go hEaspáin: As sin dóibh go hÉirinn áin, Seoladh iongar a hEaspáin: Méte ann ó chách gan a chléith, Reimhios trí dtráth for a deich.
Rannaid an cúigear taoiseach so Éire i gcúig rannaibh eadarro, amhail adeir an rann so: -
Cúig taoisigh i dtús an tsluaigh, Rannsad i gcúig Banbha mbuain; Geanann, Rughruidhe, réim glé, Gann, Seanghann, agus Sláinghe.
Do ghabh Sláinghe (ó raídhtear Innbhear Sláinghe ag Lochgarman, sóisear na clainne) cúigeadh Laighean ó Innbhear Colptha ag Droicheadátha go Cumar-na-dtrí-n-uisge, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Gann ó Chumar-na-dtrí-n-uisge go Bealach Chonglais, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Seanghann ó Bealach Chonglais go Luimneach, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Geanann cúigeadh Chonnacht, ó Luimneach go Drobhaois, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Rughruidhe
cúigeadh Uladh, eadhon, ó Drobhaois go Droicheadátha, agus míle líon a shluaigh. Is do na taoiseachaibh seo go n-a bhfoirnibh gairthear Fir Bolg, Fir Domhnann, agus Gaileoin. Fir Bolg, iomorro, ó na bolgaibh leathair do bhíodh aca 'san nGréig, ag iomchar úire d'á cur ar leacaibh loma go ndéandaois mágha míonscothacha fó bhláth dhíobh. Fir Domhnann ó na doimhne do thochlaidís i n-úir re n-a hiomchar d'Fhearaibh Bolg. Gaileoin, tra, ó na gáibh ro hainmnigheadh iad; do bhrígh gurab iad do bhíodh a n-arm ag cosnamh cháich an tan do bhídís ag déanamh a bhfeadhma; agus ó na gáibh nó ó na sleaghaibh fá hairm dhóibh ro hainmnigheadh iad. Tuig, a léaghthóir, gurab aon ghabháil (do rinne an cúigear mac sin Deala), agus gurab i n-aoin sheachtmhain tángadar i n-Éirinn, (mar atá) Sláinghe Dia Sathairn i n-Innbhear Sláinghe, Gann agus Seanghann an Mháirt iar sin i n-Iorrus Domhnann, Geanann agus Rughruidhe an Aoine as a haithle, i dTrácht Rughruidhe. Ar Shláinghe go n-a mhuinntir do beirthear Gaileoin. Ar Ghann agus ar Sheanghann go n-a muinntir do beirthear Fir Bolg; agus ar Gheanann agus ar Rughruidhe do beirthear Fir Domhnann. Agus adeirid cuid do na seanchadhaibh gurab i n-Innbhear Domhnann (i n-iarthuaidh re cúigeadh Chonnacht) tángadar an dias so i dtír go dtrian an tsluaigh, agus gurab uatha gairthear Innbhear Domhnann: gidheadh, gairthear Fir Bolg go coitcheann díobh uile. Sé bliadhna deug ar fhichid fad flaitheasa Fhear mBolg ar Éirinn; agus níor ghabh neach
d'ár' gaireadh ainm áirdrígh i n-inis rómpa; gonadh d'á dhearbhadh sin do rinneadh an rann so i n-ár ndiaidh: -
Sé bliadhna dég is dá dheich, Fir Bolg ós Banbha d'éin-leith, Go toighiocht Tuatha Dé do'n dream, Gor ghabhsad uile Éirinn.
An Naomhadh Alt. Do na céid ríoghaibh ro ghabh flaitheas Éireann; agus do gach righ 'na ndiaidh d'ár ghabh í, do réir oird na n-aimsear agus na ngabháltas, ann so síos. Do ghabh Sláinghe mac Deala mic Lóich flaitheas Éireann bliadhain, go bhfuair bás i nDionn Righ, d'á ngairthear Dumha Sláinghe: agus dob' éisidhe céid rí Éireann riamh; agus fós ba hé ceud mharbh Éireann d'Fhearaibh Bolg é. Do ghabh Rughruidhe mac Deala mic Lóich ríoghacht Éireann dá bhliadhain, gur thuit i san mBrugh ós Bóinn. Do ghabh Gann agus Geanann ríoghacht Éireann ceithre bliadhna, gur eugsad do thámh i bhFréamhainn Mídhe. Do ghabh Seanghann an righe cúig bliadhna, gur thuit le Fiachaidh Ceinnfhionnán. Do ghabh Fiachaidh Ceinnfhionnán mac Stairn mic Rughruidhe mic Deala mic Lóich an ríghe cúig bliadhna, gur thuit le Rionnal mac Geanainn mic Deala mic Lóich. Ceinn-fhionna do bhíodh ar fhearaibh Éireann re n-a linn: is aire ro hainmnigheadh Ceinnfhionnán de. Do ghabh Rionnal ríoghacht Éireann sé bliadhna, gur thuit le Foidhbghein mac Seanghainn mic Deala mic Lóich.
Do ghabh an Foidhbghein seo an righe ceithre bliadhna go dtorchair le hEochaidh mac Eirc i Maigh Muirtheimhne. Do ghabh Eochaidh mac Eirc mic Rionnail mic Geanainn an righe deich mbliadhna. Ní raibhe fearthain ná doinionn re a linn, ná bliadhain gan meas agus toradh. Is i n-a aimsir do cuireadh eugcóir agus aindligheadh Éireann ar gcúl, agus do horduigheadh dlighthe dearbhtha dearsgnaighthe innte. Do thuit an t-Eochaidh seo le trí macaibh Neimheadh mic Badhraoi (Ceasarb, Luamh, agus Luachra a n-anmanna) i gcath Maighe Tuireadh. Is é an t-Eochaidh seo fá rí Fhear mBolg ré dteacht Tuaithe Dé Danann i n-Éirinn. Is í fá ríoghan dó, Taillte inghean Mhadhmóir rí Easpáine, agus i dTailltinn do hadhnaiceadh í, gonadh uaithe ro hainmnigheadh Taillte. Nuadha Airgeadlámh fá rí an tan soin ar Thuathaibh Dé Danann. Is imchian baoi an cath so Maighe Tuireadh ag a chur idir an dá rígh reamhráidhte. Gidheadh do briseadh ar Eochaidh agus ar Fhearaibh Bolg fa dheoidh, gur marbhadh Eochaidh agus go dtorchair céad míle d'á mhuinntir ó Mhaigh Tuireadh go Tráigh Eothuile. I san gcath so do beanadh a lámh do Nuadha Airgeadlámh, go raibhe ag a léigheas seacht mbliadhna, gur cuireadh lámh n-airgid air, gonadh de ro hainmnigheadh Nuadha Airgeadlámh dhe. An beagán d'Fhearaibh Bolg teurna as an gcath so, do chuadar ar teitheadh ré Tuathaibh Dé Danann, gur háitigheadh riu Árainn, Íle, Reachrainn, Inse Gall, agus iomad oiléan ar cheana, agus do chomhnuigh siad ionnta go haimsir na gcúigeadhach do bheith i bhflaitheas Éireann, gur dhíbirsiod na Cruithnigh, eadhon "Picti," as na hoiléanaibh sin iad, go
dtángadar d'fhios Chairbre Niadhfir, rí Laighean, go bhfuairsiod fearann ar ghabháltas uaidh. Gidheadh, baoi do throime a gcíosa go ná'r fhéadsad a fhulang. Tiaghaid as sin d'fhios Meadhbha agus Oiliolla, go dtugadar fearann dóibh, gonadh í sin imirce mac n-Ughmhóir. Aonghus mac Ughmhóir fá flaith orra thoir. Is uatha ainmnighthear na fearainn i n-ár' ghabhsad comhnuidhe i n-Éirinn, mar atá Loch Cime ó Chime ceithircheann, Rinn Thamain i Meadhruidhe, Loch Cútra, Rinn mBeara, Molinn, Dún Aonghusa i n-Árainn, Carn Conaill, i gcrích Aidhne, Magh n-Aghar mic Ughmhóir an fhileadh, Druim n-Asail, Magh Maoin mic Ughmhoir, Loch Uair (ó Uar) mic Ughmhóir. Agus do ghabhsad dúinte (agus inseadha) mar an gceudna i n-Éirinn, gur díbreadh re Coingculainn, re Conall Cearnach, agus re hUltaibh ar cheana iad. Ní háirimhthear rátha do thógbháil, locha do thomhaidhm, náid mágha do bhuain a coilltibh i bhflaitheas bhFear mBolg. Adeirid drong re seanchus gurab díobh na trí haicmeadha so fil i n-Éirinn nach do Gaedhealaibh, eadhon, Gabhraidhe Shuca i gConnachtaibh, Uí Thairsidh i gcrích Ua bhFailghe, agus Gaileoin Laighean. Is iad sin imtheachta Fhear mBolg, do réir an tseanchaidhe, Thanuighe eolaigh Uí Mhaoilchonaire, i san duain darab tosach an rann so:
Fir Bholg bhádar sonna seal, I n-Inis mhóir mac Míleadh; Cúig taoisigh tángadar ann, Atá liom iul a n-anmann.
An Deachmhadh Alt. Do ghabháil Thuaithe Dé Danann ann so. Ar shliocht an treas taoisigh do shliocht Neimheadh do chuaidh ar eachtra a hÉirinn iar dtoghail Thuir Conaing, mar atá Iobáth mac Beothaigh, atáid Tuatha Dé Danann; agus is é áit i n-ar háitigheadh riu do réir droinge re seanchus i "mBoetia" i dtuaisceart Eorpa. Adeirid drong eile gurab i gcrích "Ateniensis," mar a bhfuil cathair na hAithne d'áitigheadar. Tuig, a léaghthóir, gurab san gcrích do'n Ghréig ré' ráidhtear "Achaia" do réir Pomponius Mela atá "Booetia" agus cathair na hAithne; agus gurab ann d'fhoghluim siad a ndraoidheacht agus a gcéarda go beith cliste i ngach céird gheintlidhe dhóibh. Tárla mu'n am soin go dtáinig cobhlach mór ó chrích na Siria, do dhéanamh cogaidh ar lucht críche "Ateniensis" go mbíadh cathughadh laitheamhail eadorra; agus an drong do marbhtaoi do na "hAteniensis" is iad bhíodh ar a bhárach ag cathughadh re lucht na Siria. Tré dhraoidheacht Tuaithe Dé Danann doghníthí an siabhradh soin: óir do chuiridís deamhna is na corpaibh ceudna d'á dtoghluasacht. Agus mar thugadar lucht na Siria sin d'á n-aire, téidhid do dhéanamh comhairle re n-a ndraoi féin. Ráidhis an draoi riu, faire do chur ar láthair nó ar ionad an ármhaigh, agus cuaille do bhior caorthainn do sháthadh tré mheidhe gach mairbh do bhíodh ag aitheirghe
chuca, agus má's deamhna doghníodh a gcoirp do thoghluasacht go gclaochluidhfithí i gcrumhaibh fo cheudóir de sin iad; agus damadh é a n-aithbheodhadh dá ríribh doghníthí, nach géabhdaois na coirp truailleadh ná claochlódh chuca. Tigid lucht na Siria do chur an chatha ar a bhárach, agus maoidhtear rompa, agus sáithid na cleatha caorthainn tré sna marbhaibh amhail ro ráidh an draoi riu, agus do rinneadh crumha dhíobh do láthair; agus lingid lucht na Siria fótha iar sin d'á n-óirleach. Dála Thuaithe Dé Danann, mar do chonncadar lucht na Siria ag buadhughadh ar lucht na críche, triallaid ar a n-eagla d'aon bhuidhin as an gcrích sin, agus ní dhearnadar comhnuidhe go rángadar do chrích Lochlonn, eadhon, Fionn-Lochlonnaigh, mar atá lucht na "Noruegia," mar a bhfuairsiod fáilte ó lucht na críche ar iomad a n-ealadhan agus a n-ilchéard. Is é fá taoiseach orra 'san am soin, Nuadha Airgeadlámh mac Euchtaigh mic Edarláimh do shliocht Neimheadh. Fuaradar, iomorro, ceithre cathracha re bheith ag múnadh aosa óig na críche sin ionnta. Anmanna na gcathrach ann so: Fáilias, Gorias, Finias, agus Murias. Cuirid Tuatha Dé Danann ceithre saoithe do theagasg na n-ealadhan agus na n-ilchéard baoi aca d'ógaibh na tíre i sna cathrachaibh sin: Semias i Murias, agus Arias i bhFinias, agus Úrus i nGorias, agus Morias i bhFáilias. Iar mbeith sealad d'á n-aimsir dóibh i sna cathrachaibh seo, triallaid go tuaisceart Alban, go mbádar seacht mbliadhna ag Dobhor agus ag Iardobhor. Bhádar
ceithre seoid uaisle aca tugsad as na cathrachaibh sin, mar atá, cloch buadha ó Fháilias; is di gairthear an Lia Fáil: (Agus is í do ghéimeadh fa gach rígh Éireann re mbeith ag a thogha dóibh go haimsir Chonchubhair, agus is do'n chloich sin gairthear i Laidin "Saxum fatale." Is uaithe fós gairthear Inis Fáil d'Éirinn; conadh uime sin do rinne seanchaidhe d'áirithe an rann so: -
An chloch atá fám' dhá sháil, Uaithe ráidhtear Inis Fáil; Idir dhá thráigh thuile thinn, Mágh Fáil uile ar Éirinn.)
Ainm eile dhi Cloch na Cinneamhna; óir do bhí i gcinneadh do'n chloich seo, cibé háit i n-a mbeidheadh, gurab duine do Chineadh Scoit, eadhon, do shíol Mhíleadh Easpáine, do bheidheadh i bhflaitheas na críche sin, do réir mar léaghtar ag Hector Boetius i stáir na hAlban. Ag so mar adeir: -
Cineadh Scoit, saor a fine, Mun ba breug an fháisdine, Mar a bhfuighid an Lia Fáil, Dlighid flaitheas do ghabháil.
Iar n-a chlos do Chineadh Scoit an bhuaidh seo do bheith ar an gcloich, iar ngabháil neirt Alban d'Fhearghus mór mac Earca, agus iar n-a chur roimhe rí Alban do ghairm de féin, cuiris fios i ndáil a dhearbhráthar Muircheartach mac Earca (do shíol Eireamhóin) fá rí Éireann an tan soin, d'á iarraidh air an chloch so do chur chuige re suidhe uirre, re hucht "rí Alban" do ghairm de. Cuiris Muircheartach an chloch chuige, agus do gaireadh "rí Alban" de ar an gcloich gceudna, agus fá héisidhe céid rí Alban do Chineadh Scoit: agus bíodh go
dtugthaoi ríogha Alban ar chuid do Chruithneachaibh, eadhon, na "Picti," sul do ríoghadh Fearghus, ní raibhe aon rí iomlán díobh, gan bheith fó chíos agus fó chánaigh ag ríoghaibh Éireann ó aimsir go haimsir: agus go háiridhe ó aimsir Eireamhóin mic Míleadh i leith, ler' cuireadh na "Picti" d' áitiughadh na hAlban as Laighnibh (amhail adéaram i bhflaitheas Eireamhóin) go flaitheas an Fhearghusa so. Dála na cloiche, baoi aca amhlaidh sin sealad aimsire diaidh i ndiaidh go ráinig d'á éis sin go Sacsain, go bhfuil ann anois 'san gcathaoir i n-a ngairthear rí Sacsan, iar n-a tabhairt as Albain go haimhdheonach as mainistir Scón; agus an céid Eadbhard, rí Sacsan tug leis í, ionnus gur fíoradh tairrngire na cloiche sin i san rígh seo againn anois, eadon, an céid rí Séarlus, agus i n-a athair an rí Séamus (táinig do Chineadh Scoit, mar atá, do shliocht Mháine mic Chuirc mic Luighdheach, táinig ó Eibhear mac Míleadh Easpáine), d'ár' ghabhadar gairm ríogh na Sacsan ar an gcloich reamhráidhte. An dara seod tugsad Tuatha Dé Danann i n-Éirinn an tan soin, eadhon, an claidheamh do chleachtadh Lúgh Lámhfhada, agus a Gorias tugadh é. An treas seod, eadhon, an tsleagh do bhíodh ag an Lúgh gceudna re haghaidh comhloinn, agus a Finias tugadh í. An ceathramhadh seod, coire an Dághdha: ní theidheadh dámh diomdhach uaidh, agus a Murias tugadh. Ag so laoidh as Leabhar Gabhála d'áirithe do shuidhiughadh ar na neithibh ceudna ('san duainse i n-ár ndiaidh): -
Tuatha Dé Danann na séd suim, Áit a bhfuaradar foghluim, Rángadar a saoidheacht slán,
A ndraoidheacht, a ndiabhaltán. Iarbhoinél fionn, fáidh go bhfeibh, Mac Neimheadh mic Agnomáin, d'ár' mhac baoth Beothach beartach, Fá laoch leothach láinfeartach; Clanna Beothaigh, beodha a mbládh, Rángadar sluagh niadh neartmhar, Iar sníomh is iar dtuirrsi dtroim, Líon a loingse go Lochlainn. Ceithre cathracha clú ceart, Gabhsad i léim go rói-neart, Do chuirdís comhlonn go cas Ar fhoghluim, ar fhinneolas. Fáilias agus Gorias glan, Finias, Murias na mór-ghal, Do mhaoidheamh madhmann amach, Anmanna na mór-chathrach. Morias agus Euras árd, Arias, Simias síor-gharg - A ngarmann is luadh leasa - Anmann suadh na saoir-leasa. Morias file Fáilias féin, Euras i nGorias, maith méin; Simias i Murias, dionn deas, Arias file fionn Finias. Ceithre haisgeadha leo anall, d'uaislibh Tuaithe Dé Danann: - Claidheamh, cloch, coire cumadh, Sleagh re haghaidh árd-churadh; Lia Fáil a Fáilias anall, Do gheiseadh fó rígh Éireann; Claidheamh lámha Lógha luidh A Gorias, rogha rochruidh; A Finias, tar fairrge i bhfad, Tugadh sleagh Lógha ná'r lag; A Murias, maoin adhbhal, oll, Coire an Daghdha na n-árd-ghlonn.
Rí neimhe, Rí na bhfear bhfann, Rom' aince, Rí na ríghreann, Flaith, 'ga bhfuil fulang na bhfuath, Agus cumhong na gcaomh-thuath.
Iomthusa Thuaithe Dé Danann, iar gcaitheamh seacht mbliadhan dóibh i dtuaisceart Alban, tángadar i n-Éirinn; agus iar dteacht i dtír dóibh, Luan Béaltaine, i dtuaisceart Éireann, loisgid a longa, gonadh, d'á dhearbhadh sin, do rinneadh an rann so: -
Do loisg gach laoch dhíobh a loing Ó do riocht Éire adhmhoill: Do budh gleo trom ag a chor Ceo na long ag a losgadh.
D'á éis sin cuirid ceo draoidheachta i n-a dtimcheall feadh trí lá go ná'r léir d'aon duine d'Fhearaibh Bolg iad, go rángadar Sliabh an Iarainn. Cuirid as sin teachta uatha go hEochaidh mac Eirc agus go maithibh Fhear mBolg d'iarraidh ríoghachta Éireann nó catha tar a ceann. Comhmórthar uime sin cath Mhaighe Tuireadh theas idir Fhearaibh Bolg agus Tuatha Dé Danann, gur briseadh an cath ar Fhearaibh Bolg, agus gur marbhadh céad míle dhíobh do réir mar adubhramar thuas. Deich mbliadhna fichead ó chath Mhaighe Tuireadh theas go cath Mhaighe Tuireadh thuaidh, mar adeir an rann: -
Deich mbliadhna fichead, ro feas, Ó chath Mhoighe Tuireadh theas. Go cath Mhoighe Tuireadh thuaidh. I n-ar thuit Balar an mhór-shluaigh.
Adeirid drong re seanchus gurab ó'n triar mac rug Danann, inghean Dealbhaoith, eadhon, Brian, Iuchar, agus Iucharbha, eadhon, triar do chlainn Dealbhaoith mic Ealathan mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Enna, mic Bathaigh, mic Iobaith, mic Beothaigh, mic Iarbhoineoil Fháidh, mic Neimheadh, gairthear Tuatha Dé Danann, do bhrígh go rabhadar an triar reamhráidhte coimh-dhearsgnaighthe a's sin i gcéardaibh geintlidhe, gur thoil leis na tuathaibh seo ag a rabhadar dée do ghairm díobh, agus iad féin d'ainmniughadh uatha. Ag so rann deismireachta ag a dheimhniughadh gurab iad an triar so na trí dée Danann, amhail adeir an duain darab tosach "Éistigh a eolcha gan on" etc.: -
Brian, Iucharbha, is Iuchar ann, Trí dée Tuaithe Dé Danann; Marbh iad ag Mana os muir meann, Do láimh Lógha, mic Eithneann.
Is ó'n Danann, fá mháthair do'n triar so, gairthear dá chích Dhanann do'n dá chnoc bhfuil i Luachair Dheaghaidh i nDeas Mhúmhain. Adeirid araile gurab uime gairthear Tuatha Dé Danann díobh, do bhrígh gurab i n-a dtrí ndrongaibh do bhádar ar an eachtra so da ndeachsad a hÉirinn. An cheud drong díobh, d'á ngairthear Tuath, do bhíodh ar leirg uaisle agus ceannais féadhna: ionann, iomorro, tuathach agus tighearna, amhail is ionann tuath agus tighearnas. Is córaide sin do chreideamhain, mar do beirthear dá bhantuathaigh ar Bheuchuill
agus ar Dhanainn, do bhí 'na mbaintighearnaibh aca: gonadh d'á chur sin i gcéill atá an rann so: -
Beuchuill agus Danann dil, Fá marbh an dá bhantuathaigh; Feasgor a ndraoidheacht fo dheoigh, Le deamhnaibh odhra aieoir.
An dara drong d'á ngairthí dée, mar atáid a ndraoithe, is uime sin adeirthí na trí dée Danann ris an triar thuas. Is uime do gairthí dée dhíobh ar iongantas a ngníomh ndraoidheachta. An treas drong d'á ngairthí Danann, eadhon, an drong do bhíodh re dánaibh nó re céardaibh, óir is ionann dán agus céard. An t-aonmhadh halt deug. Do ghabhlughadh na droinge fá huaisle do Thuathaibh Dé Danann ann so síos. Eochaidh Ollathar, eadhon, an Daghdha, Oghma, Eallóid, Breas, agus Dealbhaoith, cúig mic Ealathain, mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Enna, mic Báthadh, mic Iobáth, mic Beothaigh, mic Iarbhuineoil Fháidh, mic Neimheadh, mic Aghnomoin. Manannán mac Allóid, mic Ealathan, mic Dealbhaoith. Sé mic Dealbhaoith mic Oghma, Fiachaidh, Ollamh, Iondaoi, Brian, Iuchar, agus Iucharbha. Aonghus, Aodh, Cearmad, agus Mídhir, ceithre mic an Dághdha. Lúgh mac Céin mic Dianchecht mic Easairg mic Néid mic Iondaoi.
Goibhneann (an gabha), Creidhne (an céard), Dianchecht (an liaigh), Luchtaine (an saor), Coirbre an file mac Tara mic Tuirrill. Beigreó mac Coirbre Chaitchinn mic Tabhairn. Fiachaidh mac Dealbhaoith agus Ollamh mac Dealbhaoith. Caichér agus Neachtain dá mhac Namhat mic Eochaidh ghairbh mic Duachdoill. Siodhmall mac Cairbre chruim, mic Ealcmhair, mic Dealbhaoith. Éire agus Fódhla agus Banbha, trí hingheana Fhiachach, mic Dealbhaoith, mic Oghma. (Eirnin inghean Eadarláimh, máthair na mban sin.) Bádhbh, Mácha, agus Móirríoghan a dtrí baindée. Danann agus Beuchuill an da bhantuathaigh, agus Brighit bainfhile. Ag na bantuathaibh seo bhádar an dá ríoghdhámh, eadhon Fé agus Meann a n-anmanna: is uatha ainmnighthear Mágh Feimhin i san Mumhan. Is aca fós baoi Triath-rí-thorc ó ráidhtear Treitheirne Mumhan. (Is Cridhinbhéal, Bruinne, agus Casmhaoil na trí cháinte.) Is iad ro bhris cath Maighe Tuireadh thuaidh ar Fhomhórchaibh, agus (an) cath (roimhe sin i) Maighe Tuireadh theas ar Fhearaibh Bolg. I san gceud chath do beanadh a lámh do Nuadhait, agus a cheann i san gcath ndéidheanach.
An dara halt deug. Do ríoghaibh Tuaithe Dé Danann ann so, agus d'fhad a bhflaithis ar Éirinn. Do ghabh Nuadha Airgeadlámh mac Euchtaig, mic Eadarláimh, mic Ordan, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Euna, mic Iobáth, mic Beothaigh, mic Iarbhuineoil Fháidh, mic Neimheadh, ríoghacht Éireann triocha bliadhan, gur thuit i gcath Mhaighe Tuireadh thuaidh. Do ghabh Breas mac Ealathan, mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, an ríghe seacht mbliadhna. Do ghabh Lúgh Lámhfada mac Céin, mic Diancecht, mic Easairg bhric, mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, ríoghacht Éireann ceathracha bliadhan. Is é an Lúgh so d'orduigh Aonach Taillteann ó thús, mar chuimhniughadh bliadhna ar Thailltinn inghin Madhmóir, eadhon, rí Easpáine, fá bean d'Eochaidh mac Eirc, rí déidheanach Fhear mBolg, agus fá bean iar sin d'Eochaidh garbh mac Duaich doill, taoiseach do Thuathaibh Dé Danann. Is leis an mnaoi seo do hoileadh, agus do leasuigheadh Lúgh Lámhfada go beith ionairm dó; agus is mar chuimhniughadh onóra uirre-se d'orduigh Lúgh cluitheadha Aonaigh Taillteann, cóigdhís ré Lúghnasadh, agus cóigdhís d'á héis, i gcosmhaileacht an chluithe d'á ngairthí "Olimpiades"; agus is ó'n gcuimhne sin doghníodh Lúgh, gairthear Lúghnasadh do'n cheud lá do challuin "August," eadhon, násadh nó cuimhniughadh Lúgha, (ar a bhfuil Féil Geibheann Pheadair indiu: agus do thuit le Mac Coill i gCaondruim).
Do ghabh an Daghdha Mór mac Ealatha, mic Dealbhaoith, mic Néid ríoghacht Éireann deich mbliadhna ar thrí fhichid, (agus do éag 'san Bhrugh do gháibh cró an urchair do theilg Ceithlionn air i gcath Mhaighe Tuireadh. Eochaidh Ollathar ainm díleas an Daghdha). Do ghabh Dealbhaoth mac Oghma Griain Éigis, mic Ealathan, mic Dealbhaoith, mic Néid an ríghe deich mbliadhna, gur thuit le Fiachaidh mac Dealbhaoith. Do ghabh Fiachaidh mac Dealbhaoith, mic Ealathan an ríghe deich mbliadhna, gur thuit le hEoghan i n-Árd mBric. Do ghabhsad trí mic Chearmada Milbheoil mic an Daghdha, eadhon, Mac Cuill, Mac Cécht, agus Mac Gréine a n-anmanna, ríoghacht Eireann triocha mbliadhan; agus adeirid drong re seanchus gurab roinn tréanach do rónsad ar Éirinn, amhail adeirthear i san rann so: -
Gidh Éire iolar míle, Rannaid an tír a dtreidhe; Airigh uill na n-echt n-uaille, Mac Cuill, Mac Cécht, Mac Gréine.
Gidheadh, ní roinn tréanach do bhí eadorra, acht sealuidheacht flaithis, eadhon, gach re mbliadhan ag gach aon díobh ar uainibh, amhail adubhramar thuas i n-anmannaibh na críche seo, (agus is i gcath Thaillteann do thuiteadar a dtriar). Is uime do gaireadh na hanmanna so do'n triar ríogh soin, do bhrígh gurab Coll, Cécht, agus Grian fá dée adartha dhóibh. Coll, iomorro, fá dia do Mhac Cuill, agus Eathúr a ainm díleas, agus Banbha a bhean. Mac Cécht, tra, cécht a dhia, Teathúr a ainm, agus Fódhla a bhean. Mac Gréine, iaramh, Grian a dhia, Ceathúr a ainm, agus Éire a bhean.
Oirbsean ainm díleas Mhanannáin: is uaidh ráidhtear Loch n-Oirbsean. Óir an tan do tochladh a fheart, is ann do mhoidh an loch fó thír. Is d'fhoillsiughadh an neith seo, do rinneadh na roinn seo síos: -
Eathúr árd fo fuair miodh, garg an fear, Coll a dhia, ua an Daghdha 'nar dubh, Banbha a bhean; Teathur teann, trén a throid, gér a ghreith, Fódhla a bhean mór-n-écht ro druidh, Céacht ro chreid; Ceathúr caomh, caomh a lí, fá saor é; Éire a bhean, bean fhial í, Grian a dhé. Manannán mac Lir ó'n loch, ro sír sreath, Oirbsean a ainm, iar gcéd gcloth ég adbath.
Do réir Saltrach Chaisil, is trí bliadhna teasta do dhá chéd, fad flaithis Tuaithe Dé Danann ar Éirinn. Tig an rann so leis sin: -
Seacht mbliadhna nóchad is céd - An t-aireamh sin nocha brég, Do Thuaith Dé Danann go ngus Ar Éirinn i n-árdfhlaitheas.
An treas alt deug. Do bhunadhas Chlainne Míleadh, d'á n-imtheachtaibh, agus d'á ndálaibh, d'á ngeinealaigh, agus do gach toisg d'á dtárla dhóibh ó Fhéinius Farsaidh anuas go gabháil Éireann dóibh, ann so síos. Ionnus, iomorro, go dtiocfadh linn bunadhas cinidh Scoit do lorgaireacht go préimh, eadhon, go Iafeth: an dias mac is oirrdhearca do bhí ag Iafeth, mar atá, Gomer agus Magóg.
Cuiridh Maoise i san deachmhadh caibidil do Ghenesis, mar a ndéin craobhsgaoileadh ar shliocht Iafeth, eadhon, go rabhadar trí mic ag Gomer, mar atá, Ascenez, Riphat agus Togorma: gidheadh, ní ainmnigheann go cinnte clann Mhagóg do réir a n-anmann. Thairis sin, do bhrígh gurab ar sheanchadhaibh cinidh Scoit atá d'fhiachaibh craobhsgaoileadh cinnte na n-uasal do ghein ó Mhagóg do leanmhain, agus go háirithe sleachta Féiniusa Farsaidh, cuirfeam síos ann so craobhsgaoileadh sleachta Mhagóg, do réir an Leabhair Gabhála d'á ngairthear Cin Droma Sneachta, agus sul táinig Pádraic i n-Éirinn do bhí an t-úghdar soin ann. Is eadh adeir, go rabhadar triar mac ag Magóg, mar atá, Báath, Iobáth agus Fáthachta. Ó Bháath táinig Féinius Farsaidh, sinnsear sleachta Ghaedhil: ó Iobáth tángadar Amazones, Bachtriani agus Parti: ó Fháthachta táinig Partholón (do chéad ghabh Éirinn iar ndílinn), agus Neimheadh mac Agnomain, agus, d'á réir sin, Fir Bolg agus Tuatha Dé Danann (amhail adubhramar thuas i sna gabhálaibh). Is ar shliocht an Fháthachta so táinig Attila mór, do chuir Pannonia fa n-a smacht, agus baoi cian d'aimsir ag coimhmeasgadh flaithis na Rómha, do scrios agus do dhíbir Aquileia, agus tug iomad ruathar fó'n nGearmáin. Is ó'n Scitia fós, do shliocht Mhagóg do réir a mbunadhasa, Zeliorbes, rí na "Hunnorum" do bhí i gcogadh ar Iustinian Impir. Is ó'n Scitia, tra, tángadar Longobardi, Hungari agus Goti uile. Is ó'n Scitia, mar an gceudna, Dauni ó raidhtear Daunia 'san Iotáile, agus is é ainm na tíre sin indiu, Apulia. Is ó'n Scitia fós tángadar na Túrcaigh. Cá dtáim ris? adeir Bucananus, lorgaire seandachta
craobhsgaoilidh an domhain ar aithris Epiphanius gur ghabhadar lucht na Scitia árdfhlaitheas go grod i ndiaidh dílinne, agus go raibhe a bhflaitheas ar marthain go hanfhlaitheas na Babilóine. Adeirid na húghdair ceudna gurab ó'n Scitia dogheibhdís na críocha eile reachta agus dlighthe agus orduighthe, agus fós gurab iad céid chineadh do thionsgain bheith onórach d'éis dílinne iad. Adeir Ioannes Boemus 'san naomhadh caibidil do'n dara leabhar ro scríobh do bheusaibh an uile chinidh, ná'r' clódh lucht na Scitia le hárdfhlaitheas ar bioth. Adeir Iosephus gurab Magógai ghairid na Greugaigh do lucht na Scitia. Adeir Ioannes Nauclerus go dtángadar daoine ar shliocht na Scitia lé' ndéarnadh gníomha rómhóra. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Herodotus, 'san gceathramhadh leabhar, mar a n-abair gur dhíbreadar lucht na Scitia Darius rí na Persia as an Scitia go maslaightheach. Bíodh, mar an gceudna, a fhiadhnaise ar Iustin i n-a stáir, mar a nochtann d'árrachtas na ngníomh do rónsad lucht na Scitia; ag so briathra an úghdair seo: - "Do bhádar, ar sé, do ghnáth lucht na Scitia gan cúmhacht coigcríoch do bhuain riu, ná do bhreith a mbuadh: do dhíbirsiod go maslaightheach Darius rí na Persia as an Scitia; do mharbhsad Círus go líon a shluaigh; do léirscriosadh leó Zopiron taoiseach sluaigh Alexander Mhóir go n-a shluagh; do chualadar neart na Rómhánach, agus níor mhothuigh siad riamh é." As na briathraibh seo is iontuigthe gurab mór an chalmacht agus an chródhacht do bhí i bhfoirinn na Scitia go haimsir an úghdair seo. Adeir Policronicon i san seachtmhadh caibidil deug ar fhichid do'n chéid leabhar gurab ó'n bhfocal so "Scitia" gairthear
Scoit do shliocht Ghaedhil Ghlais, agus go bhfios dam ní córa Gaill do thabhairt ar an droing atá ag áitiughadh i n-Éirinn anois, d'á ngairthear Gaill, (ó Ghallia), eadhon, ó'n bhFrainc do réir a mbunadhasa, ioná Scoit do thabhairt ar Ghaedhealaibh ó Scitia ó' dtángadar féin do réir a mbunadhasa: agus is uime sin gairthear Greugaigh Sciti do shliocht Fáthachta mic Magóg do ghabh flaitheas i nGotia, i dTracia agus i n-Achaia, (mar atá Partholón mac Searra go n-a threabhaibh), Neimheadh, mac Agnomain, ó' ráidhtear Clanna Neimheadh, Fir Bolg, agus Tuatha Dé Danann, do bhrígh gurab ó'n Scitia do réir a mbunadhasa iad uile: agus measaim gurab uime gairthear Scoit go cinnte do shliocht Ghaedhil mic Niuil mic Féiniusa Farsaidh d'á ráinig árdfhlaitheas na Scitia, agus d'á shliocht 'na dhiaidh, agus gurab é Niul mac tánaise Féiniusa, agus nach fuair comhroinn críche ar bioth, amhail fuaradar comh-mbráithre Féiniusa críocha as ar' hainmnigheadh iad féin agus a sliocht. Uime sin d'orduigh Niul d'á shliocht, iad féin d'ainmniughadh as an Scitia, agus Scoit do thabhairt (d'ainm) orra do shior, do bhrigh nach raibhe fearann ar bith 'na sheilbh; agus ná'r fhágaibh a athair acht sochar na n-ealadhan agus na n-ilbheurla mar inmhe aige, iar bhfágbháil ríoghachta na Scitia gan roinn ag Neanual, an mac fá sine ioná Niul.
An ceathramhad halt deug. Ag so síos fo leith go cinnte do'n fhíor-bhun ór' fhásadar aicme Ghaedhil, agus d'á n-imtheachtaib go teacht do Mhacaibh Míleadh i n-Éirinn. Adeirid cuid do na húghdaraibh Laidne, gurab mac do Argus nó do Cecrops do ghabh flaitheas "Argivorum" Gaedheal; gidheadh, ní féidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh go n-abair S. Augustin gur b' é am do thionnsgain flaitheas na droinge sin an tan rugadh Iacob, i gcionn dá bhliadhan deug agus fiche ar cheithre chéad d'éis dílinne; agus fós, do réir an úghdair cheudna, nach raibhe flaitheas a shleachta sin ar bun acht cúig bliadhna deug ar dhá chéad, agus d'á réir sin, gurab i gcionn seacht mbliadhan ar trí fichid ar sé céad d'éis dílinne do críochnuigheadh flaitheas na haicme sin. Acht cheana, ní féidir sin do bheith fírinneach agus a rádh gurab ó Argus nó Cecrops do thiocfadh Gaedheal, óir adeir Hector Boetius i stáir na hAlban, agus fós Leabhair Gabhála Éireann uile gurab re linn Mhaoise do bheith 'san Éigipt i gceannas Clainne Israel do bhí Gaedheal 'san Éigipt. Adeirid, iomorro, na Leabhair Gabhála gurab fo'n am soin rug Scota, inghean Pharao Cincris Gaedheal do Niul mac Féiniusa Farsaidh mic Baath mic Magóg; agus is é am fa'r thionnsgain Maoise ceannas feadhna do dhéanamh ar Chlannaibh Israel 'san Éigipt, i gcionn seacht mbliadhan ndeug agus ceithre fichid ar sheacht gcéad, ionnus do réir an áirimh aimsire sin go raibhe tuairim trí chéad bliadhan agus cúig bliadhna agus dá fhichid re a gcois, ó aimsir Argus nó Cecrops go rugadh Gaedheal, agus, d'á réir sin, níor bh'féidir a bheith 'na mhac ag Argus nó ag Cecrops dó.
Cibé adéaradh gurab ó'n nGréig do ghluais Gaedheal do'n Éigipt, agus gurab uime adeirthear gurab ó'n Scitia do chuaidh do'n Éigipt, do bhrígh gurab ó thalamh Cetim (mar shaoileas úghdar d'áirithe) do thriall, agus, d'á réir sin, go n-abair gurab ionann Scitia agus iath na sceach: "iath," iomorro, an tan tuigthear ar son an fhocail seo "fearonn" é, bídh "th" nó "dh" 'na dheireadh, mar atáid iath nó iadh, gidheadh, an tan scríobhthar an focal so, Scitia, ní bhí "c" i n-a lár mar badh cóir 'na shamhail do chomhfhocal, agus fós, ní bhí "th" nó "dh" i n-a dheireadh: agus, d'á réir sin, ní fhuil acht baramhail gan barántas a mheas gurab ionann Scitia, do réir sanasáin Gaedhilge, agus talamh na sceach. Is lag, mar an gceudna, an suidhiughadh ar Ghaedheal do theacht ó'n nGréig do réir a bhunadhasa, a rádh go mbíodh chosmhaileas ag sliocht Ghaedhil, i mbeusaibh, i nósaibh, agus i gcluithidhibh re Greugaibh, agus, uime sin, go n-aibeorthaoi gurab ó Ghreugaibh tángadar. Óir gach gabháltas táinig i n-Éirinn d'éis dílinne, acht Fine Gaedheal agus Clanna Neimheadh amháin, is ó'n nGréig tángadar, (mar atá Partholón ó Mhigdonia, Fir Bolg ó'n Tracia agus Tuatha Dé Danann ó'n Achaia; mar a bhfuil Beotia agus Cathair na hAithne,) do réir mar d'fhoillsigheamar thuas i n-a ngabháltas fo seach ainm gach áite as ar' thriallsad i nGréig.
Ar an adhbhar soin, gion go rabhadar na nóis nó na beusa úd na nGreugach ag Fine Gaedheal ré dteacht i n-Éirinn dóibh, dob' fhéidir leó a bhfóghluim ó iarmhar Fhear mBolg agus Tuatha Dé Danann, do bhí rómpa i n-Éirinn; agus a bhfágbháil ar aithidhe ag a sliocht d'á n-éis, gion go rabhadar féin 'san nGréig riamh, ná Gaedheal, ná neach eile d'á dtáinig rómpa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services